ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 122

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
4 Aibreán 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 122/01

Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin: — 3,50 % an 1 Aibreán 2023 — Rátaí malairte an euro

1

2023/C 122/02

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

2

2023/C 122/03

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

3

2023/C 122/04

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

4

2023/C 122/05

Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

5


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 122/06

Fógra d’oibreoirí eacnamaíocha — Babhta nua d’iarrataí ar na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha ar tháirgí áirithe tionsclaíocha agus talmhaíochta a chur ar fionraí

6


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

4.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 122/1


Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (1):

3,50 % an 1 Aibreán 2023

Rátaí malairte an euro (2)

3 Aibreán 2023

(2023/C 122/01)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0870

JPY

yen na Seapáine

144,51

DKK

krone na Danmhairge

7,4504

GBP

punt steirling

0,87790

SEK

krona na Sualainne

11,2835

CHF

franc na hEilvéise

0,9949

ISK

króna na hÍoslainne

149,70

NOK

krone na hIorua

11,2515

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,440

HUF

forint na hUngáire

378,84

PLN

zloty na Polainne

4,6765

RON

leu na Rómáine

4,9367

TRY

lira na Tuirce

20,8726

AUD

dollar na hAstráile

1,6080

CAD

dollar Cheanada

1,4628

HKD

dollar Hong Cong

8,5328

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7283

SGD

dollar Shingeapór

1,4464

KRW

won na Cóiré Theas

1 429,43

ZAR

rand na hAfraice Theas

19,4208

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,4832

IDR

rupiah na hIndinéise

16 269,13

MYR

ringgit na Malaeisia

4,8035

PHP

peso na nOileán Filipíneach

59,383

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,306

BRL

real na Brasaíle

5,4786

MXN

peso Mheicsiceo

19,5519

INR

rúipí na hIndia

89,4710


(1)  Ráta arna chur i bhfeidhm ar an oibríocht is déanaí a rinneadh roimh an lá léirithe. I gcás tairiscint a mbaineann ráta athraitheach léi, is ionann an ráta úis agus an ráta imeallach.

(2)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


4.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 122/2


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 122/02)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an bhoinn comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Liotuáin

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: An Liotuáin

Ábhar an chomórtha: I gcomhar leis an Úcráin

Tuairisc ar an dearadh: Is dearadh é seo a bhfuil lus gréine stílithe á léiriú ina lár, ar a bhfuil peitil mar a bheadh scáthchruthanna de dhaoine i ngreim láimhe ina chéile, barróg á breith acu ar a chéile agus iad ag cosaint a chéile, íomhá a shamhlófá le haontas, le tacaíocht agus le neart an chur le chéile. Is léiriú ealaíonta é dearadh an lusa gréine ar an nGrian ag éirí, léaró dóchais as tús úrnua, éin, saoirse, dóchas agus crógacht, ar dhaoine a bhfuil an ceann is fearr á fháil acu ar a gcúinsí, nach ngéillfidh d’aon bhrú orthu, ar thagairt dóibh siúd a thug a mbeatha, a bhfuil a n-anamacha ar shlí na fírinne. Thart timpeall ar an dearadh, tá na hinscríbhinní “LIETUVA” (AN LIOTUÁIN), “KARTU SU UKRAINA” (I gCOMHAR LEIS AN ÚCRÁIN), an bhliain eisiúna “2023” agus marc mionta Mhionta na Liotuáine. Eglė Žemaitė an té a dhear an bonn.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 500 000

Dáta eisiúna: An chéad ráithe de 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


4.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 122/3


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 122/03)

Image 2

Aghaidh náisiúnta an bhoinn comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Iodáil

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: An Iodáil

Ábhar an chomórtha: Comóradh 100 bliain an Aerfhórsa

Tuairisc ar an dearadh: Is dearadh é seo ina léirítear macasamhlú an lógó a bhaineann le Comóradh Céad Bliain an Aerfhórsa. An cheannlitir “R” ar thaobh na láimhe clé, tugann sé Mionta na Róimhe le fios; na ceannlitreacha “RI” ag an mbarr, sin an t-acrainm le haghaidh Phoblacht na hIodáile; an inscríbhinn “AERONAUTICA MILITARE”, agus cruth áirse uirthi, a léirítear ag an mbun; ar thaobh na láimhe deise, feicimid “VdS”, inisealacha an dearthóra Valerio De Seta.

Taispeántar na 12 réalta de bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 3 000 000

Dáta eisiúna: Mí Eanáir 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lgh. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lgh. 52).


4.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 122/4


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 122/04)

Image 3

Aghaidh náisiúnta an bhoinn comórtha nua 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag an Iodáil

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéar euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn euro chomórtha a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2 euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2 euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin nó ó thaobh na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: An Iodáil

Ábhar an chomórtha: Comóradh 150 bliain ó cailleadh Alessandro Manzoni

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh portráid leathfhada de Alessandro Manzoni, portráid atá bunaithe ar íomhá an scríbhneora Iodálaigh mar a léirítear é ar an nóta bainc 100 000 lire a eisíodh in 1967. Feicimid ar thaobh na láimhe clé na ceannlitreacha “RI”, ar acrainm é le haghaidh Phoblacht na hIodáile, na blianta “1873-2023”, mar atá, an bhliain a fuair an scríbhneoir bás agus bliain eisiúna an bhoinn, faoi seach, chomh maith leis an inscríbhinn áirsechruthach “ALESSANDRO MANZONI”. An cheannlitir “R” ar thaobh na láimhe deise, tugann sé Mionta na Róimhe le fios, agus feicimid “AV” freisin, inisealacha an dearthóra Antonio Vecchio.

Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

An líon measta bonn atá le heisiúint: 3 000 000

Dáta eisiúna: Mí Eanáir 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lgh. 1 i gcomhair aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lgh. 52).


4.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 122/5


Aghaidh náisiúnta nua na mbonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2023/C 122/05)

Image 4

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag Lucsamburg

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: Lucsamburg

Ábhar an chomórtha: Comóradh 25 bliain de bhallraíocht an Ard-Diúc Henri den Choiste Idirnáisiúnta Oilimpeach

Tuairisc ar an dearadh: Léiríonn an dearadh samhail an Ard-Diúc Henri ag féachaint ar dheis agus ar an bhfigiúr “25”. Taispeántar roinnt picteagram de dhisciplíní Oilimpeacha gar don tsamhail. Faoi bhun na samhla, tá trí chiorcail ag trasnú a chéile, rud a shaibhríonn an dearadh. Ag an mbun ar dheis, léirítear an téacs “MEMBER VUM INTERNATIONALEN OLYMPESCHE KOMMITEE”. Léirítear ainm na tíre “LËTZEBUERG” chomh maith leis an téacs “GROUSSHERZOG HENRI” ar chlé.

Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon measta na mbonn atá le heisiúint: 500 000

Dáta eisiúna: Feabhra 2023


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

4.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 122/6


Fógra d’oibreoirí eacnamaíocha

Babhta nua d’iarrataí ar na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha ar tháirgí áirithe tionsclaíocha agus talmhaíochta a chur ar fionraí

(2023/C 122/06)

Cuirtear in iúl d’oibreoirí eacnamaíocha go bhfuil iarrataí faighte ag an gCoimisiún i gcomhréir leis na socruithe riaracháin dá bhforáiltear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le fionraíochtaí agus taraif-chuótaí uathrialaitheacha (2011/C 363/02) (1) le haghaidh babhta Eanáir 2024.

Tá liosta na dtáirgí a n-iarrtar fionraí dleachta ina leith ar fáil anois ar shuíomh gréasáin téamach (Europa) an Choimisiúin maidir leis an aontas custaim (2).

Cuirtear in iúl d’oibreoirí eacnamaíocha freisin gurb é an 16 Meitheamh 2023 an spriocdháta le haghaidh agóidí i gcoinne iarrataí nua a chur chuig an gCoimisiúin, trí na riaracháin náisiúnta, agus is é sin dáta an dara cruinniú atá beartaithe de chuid Ghrúpa na gCeisteanna Taraife Eacnamaíocha.

Moltar d’oibreoirí leasmhara féachaint ar an liosta go rialta chun a bheith ar an eolas faoi stádas na n-iarrataí.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin nós imeachta maidir leis an taraif-fhionraíocht uathrialaitheach a fháil ar shuíomh gréasáin Europa:

Suspensions (Autonomous Tariff Suspensions) (europa.eu)


(1)  IO C 363, 13.12.2011, lch. 6.

(2)  Suspensions - Home Page (europa.eu)