ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 115

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
30 Márta 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 115/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11052 — MACQUARIE GROUP / WPD / LUWEI WIND POWER / CHUNGWEI WIND POWER / TONGWEI WIND POWER / CHINFENG WIND POWER / ANWEI WIND POWER) ( 1 )

1

2023/C 115/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11004 — ITOCHU / AMCI / FITZROY QLD RESOURCES) ( 1 )

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 115/03

Rátaí malairte an euro — 29 Márta 2023

3

 

An Chúirt Iniúchóirí

2023/C 115/04

Tuarascáil speisialta 08/2023 — Iompar lastais idirmhódúil – Tá an tAontas fós i bhfad ó lastas a bhaint den bhóthar

4


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 115/05

Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí teireataláite poileitléine (TPE) de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne

5

2023/C 115/06

Fógra maidir le Cuótaí Rátaí Taraife áirithe a chruthú faoin mbeart coimirce cruach i ndáil leis an leasú ar Rialachán (AE) 2020/2170

18

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 115/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11008 — CDC GROUP / EDF / ENGIE / IN GROUPE / ARCHIPELS) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

23

2023/C 115/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10917 — SCHÜCO / METALLINVEST / RSFB / AWB) ( 1 )

25


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

30.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11052 — MACQUARIE GROUP / WPD / LUWEI WIND POWER / CHUNGWEI WIND POWER / TONGWEI WIND POWER / CHINFENG WIND POWER / ANWEI WIND POWER)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 115/01)

An 20 Márta 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11052. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


30.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11004 — ITOCHU / AMCI / FITZROY QLD RESOURCES)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 115/02)

An 22 Márta 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11004. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

30.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/3


Rátaí malairte an euro (1)

29 Márta 2023

(2023/C 115/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0847

JPY

yen na Seapáine

143,58

DKK

krone na Danmhairge

7,4495

GBP

punt steirling

0,87988

SEK

krona na Sualainne

11,2955

CHF

franc na hEilvéise

0,9973

ISK

króna na hÍoslainne

148,70

NOK

krone na hIorua

11,3005

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,631

HUF

forint na hUngáire

379,80

PLN

zloty na Polainne

4,6870

RON

leu na Rómáine

4,9500

TRY

lira na Tuirce

20,7500

AUD

dollar na hAstráile

1,6252

CAD

dollar Cheanada

1,4739

HKD

dollar Hong Cong

8,5147

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7405

SGD

dollar Shingeapór

1,4425

KRW

won na Cóiré Theas

1 411,29

ZAR

rand na hAfraice Theas

19,6494

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,4679

IDR

rupiah na hIndinéise

16 335,17

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7927

PHP

peso na nOileán Filipíneach

59,007

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,086

BRL

real na Brasaíle

5,5958

MXN

peso Mheicsiceo

19,7327

INR

rúipí na hIndia

89,2985


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Chúirt Iniúchóirí

30.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/4


Tuarascáil speisialta 08/2023

“Iompar lastais idirmhódúil – Tá an tAontas fós i bhfad ó lastas a bhaint den bhóthar”

(2023/C 115/04)

D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a tuarascáil speisialta 08/2023: “Iompar lastais idirmhódúil – Tá an tAontas fós i bhfad ó lastas a bhaint den bhóthar”.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=63659


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

30.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/5


Fógra tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí teireataláite poileitléine (“TPE”) de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne

(2023/C 115/05)

Fuair an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) gearán de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), ina líomhnaítear go bhfuil allmhairí teireataláite poileitléine (“TPE”) de thionscnamh na Síne á ndumpáil agus go bhfuil siad ag déanamh díobháil (2) do thionscal an Aontais dá bhrí sin.

1.   An Gearán

Ba é PET Europe (“an gearánach”) a chuir an gearán isteach an 14 Feabhra 2023. Rinneadh an gearán thar ceann thionscal PTE an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán.

Tá leagan oscailte den ghearán mar aon le hanailís ar a mhéid a thacaíonn táirgeoirí de chuid an Aontais leis an ngearán ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. I roinn 5.6 den Fhógra seo, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar an gcomhad le haghaidh páirtithe leasmhara.

2.   An táirge faoi imscrúdú

Is é teireataláit phoileitléine (“PTE”), ag a bhfuil slaodacht 78 ml/g nó níos airde, de réir Chaighdeán ISO 1628-5, an táirge atá faoi réir an imscrúdaithe seo (“an táirge faoi imscrúdú”).

Gach páirtí leasmhar ar mian leis faisnéis a chur isteach maidir leis an raon táirge, ní mór dó é sin a dhéanamh laistigh de 10 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo (3).

3.   Líomhain maidir le dumpáil

An táirge a líomhnaítear go bhfuil sé á dhumpáil, is é an táirge faoi imscrúdú é, is de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (“an tSín” nó “an tír lena mbaineann”) é agus tá sé aicmithe faoi chód AC 3907 61 00 faoi láthair. Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar an cód AC agus tá sin gan dochar don fhéidearthacht iad a leasú ag céimeanna eile de na himeachtaí amach anseo. Tá raon feidhme an imscrúdaithe seo faoi réir shainmhíniú an táirge faoi imscrúdú, sainmhíniú atá i Roinn 2.

Mhaígh an gearánach nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid, i ngeall gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Chun bunús a thabhairt leis na líomhaintí maidir le saobhadh suntasach, bhí an gearánach ag brath ar an bhfaisnéis a bhí sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála (4). Go háirithe, mhaígh an gearánach gur cosúil go mbeadh tionchar ag fachtóirí áirithe ar tháirgeadh agus ar dhíol an táirge faoi imscrúdú, is iad sin, inter alia, na fachtóirí a luaitear sna caibidlí den tuarascáil maidir le talamh, fuinneamh, caipiteal, amhábhair, saothar agus an earnáil ceimiceán. Ina theannta sin, chuaigh an gearánach i muinín na faisnéise a bhí ar fáil go poiblí, go háirithe an Achoimre ar an 13ú Plean Cúig Bliana de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta, an Achoimre ar an 14ú Plean Cúig Bliana de chuid Dhaon-Phoblacht na Síne le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Shóisialta Náisiúnta agus na Cuspóirí Fadtéarmacha le haghaidh 2035, mar aon leis na torthaí ón gCoimisiún in imscrúduithe frithdhumpála le déanaí maidir le saobhadh a bheith ann sa mhargadh saothair (5).

Dá bhrí sin, i bhfianaise Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, an líomhain go bhfuiltear ag dumpáil, tá sí bunaithe ar chomparáid idir gnáthluach ríofa ar bhonn costais táirgthe agus díolachán a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa, agus praghas onnmhairiúcháin an táirge faoi imscrúdú (ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha) ón tír nuair a dhíoltar é lena onnmhairiú chuig an Aontas.

Na corrlaigh dumpála arna ríomh ar bhonn na comparáide sin, is corrlaigh mhóra iad i gcás na tíre lena mbaineann.

Tá an tuarascáil tíre ar fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (6).

4.   Líomhain maidir le bagairt díobhála agus an nasc cúisíoch

Chuir an gearánach fianaise ar fáil gur tháinig méadú foriomlán, i ndearbhthéarmaí agus ó thaobh sciar den mhargadh de, ar allmhairí an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann agus gur ráta mór a bhí sa mhéadú sin, rud a léiríonn gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí.

Thairis sin, chuir an gearánach fianaise ar fáil go bhfuil acmhainneacht leordhóthanach atá indiúscartha go héasca sa tSín agus go bhfuil an acmhainneacht sin ar tí méadú go substaintiúil, rud a léiríonn an dóchúlacht go dtiocfadh méadú substaintiúil ar allmhairí dumpáilte a bheadh ina gcúis le díobháil.

An fhianaise a chuir an gearánach ar fáil, léirigh sí freisin go raibh tionchar diúltach, i measc iarmhairtí eile, ag praghsanna an táirge allmhairithe atá faoi imscrúdú ar na méideanna a dhíol tionscal an Aontais, rud a d’fhág gur bhain éifeachtaí substaintiúla diúltacha d’fheidhmíocht fhoriomlán thionscal an Aontais. Léirigh an fhianaise freisin nach bhfuil tionscal an Aontais in ann praghsanna a mhéadú i gcomhréir leis an méadú ar chostais amhábhar agus leis na praghsanna fuinnimh atá ag dul in airde ar fud an domhain. D’ainneoin na treochta domhanda sin a bhfuil tionchar aici ar allmhairí de thionscnaimh eile freisin, bhí an tír lena mbaineann in ann praghsanna ísle a choinneáil ar bun don táirge atá faoi imscrúdú, rud a fhágann go bhfuil brú mór ar dhíolacháin an Aontais.

Ar deireadh, chuir an gearánach fianaise ar fáil freisin a léiríonn méadú ar fhardail.

5.   Nós imeachta

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, gur chuir tionscal an Aontais an gearán isteach, nó gur cuireadh isteach thar ceann thionscal an Aontais é, agus gur leor an fhianaise atá ann chun údar cuí a thabhairt le himeachtaí a thionscnamh, tá an Coimisiún, leis seo, ag cur tús le imscrúdú de bhun Airteagal 5 den bhun-Rialachán.

Is éard a chinnfear leis an imscrúdú an bhfuil dumpáil á déanamh i gcás an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh na tíre lena mbaineann agus ar bhain díobháil do thionscal an Aontais i ngeall ar na hallmhairí dumpáilte.

Más deimhneach na conclúidí, scrúdófar san imscrúdú an mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais dá bhforchuirfí bearta faoi Airteagal 21 den bhun-Rialachán.

Tarraingíonn an Coimisiún aird na bpáirtithe ar an bhFógra (7) a foilsíodh maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 i dtaca le himscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, iarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith infheidhme maidir leis na himeachtaí seo.

5.1.    An tréimhse imscrúdúcháin agus an tréimhse faoi bhreathnú

Leis an imscrúdú ar dhumpáil agus díobháil, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022 (“an tréimhse imscrúdúcháin”). Leis an scrúdú ar threochtaí atá ábhartha maidir le measúnú na díobhála, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí deireadh na tréimhse imscrúdúcháin (“an tréimhse faoi bhreathnú”).

5.2.    Barúlacha maidir leis an ngearán agus tionscnamh an imscrúdaithe

Gach páirtí leasmhar ar mian leis barúil a thabhairt maidir leis an ngearán (lena n-áirítear ábhair a bhaineann le díobháil agus cúisíocht) nó maidir le haon ghé a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe (lena n-áirítear a mhéid a thacaítear leis an ngearán), ní mór dó déanamh amhlaidh laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fógra seo.

Aon iarraidh ar éisteacht maidir le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór í a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

5.3.    Nós imeachta um dhumpáil a chinneadh

Táirgeoirí onnmhairiúcháin (8) an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

5.3.1.   Imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin

(a)   Sampláil

Ó tharla go bhféadfadh líon mór táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tír lena mbaineann a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn teorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon tairgeoirí a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar ar na tairgeoirí onnmhairiúcháin uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, faisnéis faoina gcuideachta(í) a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi (“TRON”) ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD693_SAMPLING_FORM_FOR_EXPORTING_PRODUCER. I ranna 5.6 agus 5.8 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, rinne sé teagmháil le húdaráis na tíre lena mbaineann freisin agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaidh sé teagmháil le haon comhlachas aitheanta de tháirgeoirí.

Má tá gá le sampla, féadfar na tairgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó d'allmhairí chuig an Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil. Gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta, údaráis na tíre lena mbaineann, agus comhlachais táirgeoirí onnmhairiúcháin, tabharfaidh an Coimisiún fógra dóibh, trí údaráis na tíre lena mbaineann más iomchuí, faoi na cuideachtaí a roghnaíodh le bheith sa sampla.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla de na táirgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh iad a roghnú nó gan iad a roghnú le bheith sa sampla. Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de thrí lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála:

https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2661

Cuirfear an ceistneoir ar fáil freisin d’aon chomhlachas aitheanta de tháirgeoirí onnmhairiúcháin, agus d’údaráis na tíre sin.

Gan dochar do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 18 den bhun-Rialachán, na táirgeoirí onnmhairiúcháin a bhí toilteanach a bheith sa sampla ach nár roghnaíodh iad le bheith ann, measfar gur táirgeoirí comhoibríocha atá iontu (“táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte”). Gan dochar do mhír 5.3.1(b) thíos, an dleacht frithdhumpála a fhéadfar a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte, ní sháróidh sí an meánchorrlach ualaithe dumpála a ríomhadh le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa sampla (9).

(b)   An corrlach dumpála aonair le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin nach bhfuil sa sampla

De bhun Airteagal 17(3) den bhun-Rialachán, féadfaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte a iarraidh ar an gCoimisiún a gcorrlaigh dumpála aonair a shuí. Táirgeoirí onnmhairiúcháin ar mian leo corrlach dumpála aonair a éileamh, ní mór dóibh ceistneoir a líonadh isteach go cuí agus a chur ar ais laistigh de 30 lá ón lá a tugadh fógra faoi roghnú an tsampla, mura sonraítear a mhalairt. Tá cóip den cheistneoir le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin ar fáil sa chomhad atá le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2661. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú chun a chinneadh cé acu is féidir nó nach féidir dleacht aonair a dheonú do tháirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte i gcomhréir le hAirteagal 9(5) den bhun-Rialachán.

I gcás táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte atá ag éileamh corrlach dumpála aonair, áfach, ba cheart a fhios a bheith acu go bhféadfadh sé go mbeartóidh an Coimisiún mar sin féin gan a gcorrlach dumpála aonair a chinneadh, más amhlaidh, cuir i gcás, go bhfuil líon na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha neamhshampláilte chomh mór sin go mbeadh ualach míchuí ag baint leis an gcinneadh sin agus go gcuirfeadh sé bac ar thabhairt i gcrích tráthúil an imscrúdaithe.

5.3.2.   Nós imeachta breise maidir leis an tír lena mbaineann atá faoi réir saobhadh suntasach

I bhfianaise na faisnéise atá ar fáil, measann an Coimisiún gur leor an fhianaise atá ann de bhun Airteagal 5(9) den bhun-Rialachán a léiríonn nach iomchuí na praghsanna agus na costais náisiúnta sa tír lena mbaineann a úsáid i ngeall ar shaobhadh suntasach a dhéanann difear do phraghsanna agus do chostais, agus, ó tharla sin amhlaidh, go bhfuil údar le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Faoi réir fhorálacha an Fhógra seo, iarrtar ar gach páirtí leasmhar a chuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Go háirithe, iarrann an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a dtuairim a chur in iúl maidir leis na hionchuir agus maidir le cóid an Chórais Chomhchuibhithe (HS) a sholáthraítear sa ghearán, tír ionadaíoch nó tíortha ionadaíocha iomchuí a mholadh agus céannacht tháirgeoirí an táirge faoi imscrúdú sna tíortha sin a chur ar fáil. Ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

De bhun Airteagal 2(6a), pointe (e) den bhun-Rialachán, go gairid tar éis a thionscanta, cuirfidh an Coimisiún páirtithe san imscrúdú ar an eolas faoi na foinsí ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, roghnú tríú tír ionadaíoch iomchuí a bhfuil sé beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh de bhun Airteagal 2(6a) trí bhíthin nóta a bheidh ag gabháil leis an gcomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Tabharfar 10 lá do na páirtithe san imscrúdú a mbarúlacha thabhairt maidir leis an nóta, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a), pointe (e).

D’fhonn an tríú tír ionadaíoch iomchuí a roghnú ar deireadh, scrúdóidh an Coimisiún an bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche ag na tríú tíortha sin atá cosúil le leibhéal forbartha eacnamaíche na tíre lena mbaineann, an bhfuil táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú iontu agus an bhfuil sonraí ábhartha ar fáil go héasca iontu. I gcás ina bhfuil níos mó ná rogha amháin ann i ndáil le tríú tír ionadaíoch, tabharfar tús áite, i gcás inarb iomchuí, do thíortha inar leordhóthanach leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil atá iontu. De réir na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, tríú tír ionadaíoch iomchuí a d’fhéadfadh a bheith ann is ea an Tuirc.

I gcomhthéacs an phróisis sin, iarrann an Coimisiún ar tháirgeoirí uile na tíre lena mbaineann faisnéis a chur ar fáil maidir leis na hábhair (amh agus próiseáilte) agus an fuinneamh a úsáidtear chun an táirge faoi imscrúdú a tháirgeadh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Ní mór an fhaisnéis sin a chur ar fáil trí TRON.tdi ag an seoladh seo a leanas:

https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/tdi/form/AD693_INFO_ON_INPUTS_FOR_EXPORTING_PRODUCER_FORM. I ranna 5.6 agus 5.8 thíos, tá faisnéis le fáil faoi rochtain ar TRON.

Thairis sin, ní mór aon fhaisnéis fhíorasach a chuirtear isteach chun luach a chur ar chostais agus ar phraghsanna de bhun Airteagal 2(6a), pointe (a) den bhun-Rialachán a chomhdú laistigh de 65 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. Is ó fhoinsí poiblí atá ar fáil go héasca ba cheart an fhaisnéis fhíorasach sin a thógáil, agus ó na foinsí sin amháin.

5.3.3.   Imscrúdú a dhéanamh ar allmhaireoirí neamhghaolmhara (10) (11)

Allmhairí neamhghaolmhara a allmhairíonn an táirge faoi imscrúdú ón tír lena mbaineann chuig an Aontas, iarrtar orthu a bheith rannpháirteach san imscrúdú seo.

Ó tharla go bhféadfadh líon mór allmhaireoirí neamhghaolmhara a bheith bainteach leis na himeachtaí seo, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur leis an líon allmhaireoirí neamhghaolmhara a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas sin freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéanfar an tsampláil.

Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chinneadh an bhfuil gá le sampláil agus, má tá, chun sampla a roghnú, iarrtar leis seo ar na hallmhaireoirí neamhghaolmhara uile, nó ar na hionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, an fhaisnéis faoina gcuideachta(í) arna hiarraidh san Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach chun sampla na dtáirgeoirí a roghnú, chun an fhaisnéis sin a fháil, is féidir go ndéanfaidh sé teagmháil le haon chomhlachas aitheanta d’allmhaireoirí.

Má tá gá le sampla, féadfar na tairgeoirí onnmhairiúcháin a roghnú ar bhonn an mhéid ionadaíoch is mó de dhíolacháin an táirge faoi imscrúdú san Aontais ar féidir imscrúdú a dhéanamh air go réasúnta le linn an ama atá ar fáil.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun sampla a roghnú, cuirfidh sé na páirtithe lena mbaineann ar an eolas faoina chinneadh maidir le sampla na n-onnmhaireoirí. Cuirfidh an Coimisiún nóta a léiríonn roghnú an tsampla leis an gcomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Aon bharúil maidir le roghnú an tsampla, ní mór í a bheith faighte laistigh de thrí lá ón dáta a fógraíodh an cinneadh faoin sampla.

An fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe, chun an fhaisnéis sin a fháil, cuirfidh sé ceistneoirí ar fáil do na hallmhaireoirí neamhghaolmhara sampláilte. Ní mór do na páirtithe sin ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra faoin sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh allmhaireoirí ar fáil sa chomhad iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2661

5.4.    Nós imeachta um dhíobháil a chinneadh agus um imscrúdú a dhéanamh ar tháirgeoirí Aontais

Is ar fhianaise dheimhneach a bhunaítear cinneadh i leith díobhála, agus cuimsíonn sé imscrúdú oibiachtúil ar mhéid na n-allmhairí dumpáilte, ar a n-éifeacht ar phraghsanna ar mhargadh an Aontais agus ar thionchar na n-allmhairí sin ar thionscal an Aontais ina dhiaidh sin. Chun a shuí ar bhain díobháil do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3.9 den bhun-Rialachán, iarrtar ar tháirgeoirí de chuid an Aontais a tháirgeann an táirge faoi imscrúdú a bheith rannpháirteach in imscrúdú an Choimisiúin.

I bhfianaise an líon mór táirgeoirí de chuid an Aontais lena mbaineann, agus chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche le linn na dteorainneacha ama reachtúla, chinn an Coimisiún teorainn a chur leis an líon táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanfar imscrúdú orthu, trí shampla a roghnú, chun go mbeidh líon réasúnta ann (tugtar “sampláil” ar an bpróiseas seo freisin). Is i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán a dhéantar an tsampláil.

Roghnaigh an Coimisiún sampláil táirgeoirí de chuid an Aontais go sealadach. Is féidir na sonraí a fháil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara. Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt ar an sampla sealadach. Sa bhreis air sin, táirgeoirí eile den Aontais, nó ionadaithe atá ag gníomhú thar a gceann, a mheasann gurb ann do chúiseanna ar cheart dóibh a chuimsiú sa tsampláil, ní mór dóibh teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún laistigh de 7 lá ó lá foilsithe an Fhógra seo. Ní mór na barúlacha uile maidir leis an sampla sealadach a fháil laistigh de 7 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do gach táirgeoir aitheanta de chuid an Aontais agus/nó do gach comhlachas aitheanta de tháirgeoirí de chuid an Aontais faoi na cuideachtaí a roghnaíodh ar deireadh le bheith sa sampla.

Beidh ar na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid an Aontais ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh fógra dóibh faoin gcinneadh iad a roghnú le bheith sa sampla, mura sonraítear a mhalairt.

Tá cóip den cheistneoir le haghaidh tháirgeoirí an Aontais ar fáil sa chomhad le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2661

5.5.    Nós imeachta um measúnú a dhéanamh ar leas an Aontais

Má shuitear gurb ann do dhumpáil agus do dhíobháil, déanfar cinneadh, de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais nó nach mbeadh dá bhforchuirfí bearta frith-dhumpála. Táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachas ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcumainn ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, iarrtar orthu faisnéis a thabhairt don Choimisiún maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais bearta a ghlacadh. Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, beidh ar na heagraíochtaí ionadaíocha tomhaltóirí a léiriú gurb ann do nasc oibiachtúil idir a ngníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Aon fhaisnéis a bhaineann leis an measúnú ar leas an Aontais, ní mór í a sholáthar laistigh de 37 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt. Féadfar an fhaisnéis seo a chur in iúl i bhformáid shaor nó trí cheistneoir arna ullmhú ag an gCoimisiún a líonadh isteach. Tá cóip de na ceistneoirí, lena n-áirítear an ceistneoir le haghaidh úsáideoirí an táirge faoi imscrúdú, ar fáil sa chomhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara agus ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2661 .

Aon fhaisnéis a chuirtear isteach de bhun Airteagal 21 den bhun-Rialachán, ní chuirfear san áireamh í ach amháin má tá fianaise fhíorasach ag teacht léi tráth a chuirtear isteach í

5.6.    Páirtithe leasmhara

Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, ní mór do pháirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chur faisnéis ar fáil i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i ranna 5.3.1, 5.3.3 agus 5.4 thuas, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má bhíonn nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú.

Beidh páirtithe eile in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara ón uair a chuirfidh siad iad féin in aithne agus ón uair sin amháin, ar choinníoll gurb ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi imscrúdú. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar.

Is féidir an comhad lena iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (12).

5.7.    An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin

Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiún.

Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti mar aon le hachoimre ar an méid ar mian leis an bpáirtí leasmhar a phlé le linn na héisteachta. Beidh an éisteacht teoranta do na saincheisteanna arna leagan amach ag na páirtithe leasmhara i scríbhinn roimh ré.

Is mar seo a leanas an creat ama le haghaidh na n-éisteachtaí:

Chun aon éisteacht a reáchtáil roimh an sprioc-am le haghaidh fhorchur na mbeart sealadach, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 15 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 60 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo.

Tar éis chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 5 lá ón dáta a nochtfar na cinntí sealadacha nó an doiciméad faisnéise. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh de 15 lá ó dháta an nochta deiridh nó ó dháta an doiciméid faisnéise.

Ag céim na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iarraidh a dhéanamh laistigh de 3 lá ó dháta an nochta deiridh. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht laistigh den tréimhse a thugtar chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Más ann do nochtadh deiridh breise, ba cheart iarraidh a dhéanamh a luaithe a gheofar an nochtadh deiridh breise sin. De ghnáth, reáchtálfar an éisteacht ansin roimh an sprioc-am i ndáil le barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin.

Tá an creat ama sonraithe gan dochar do cheart sheirbhísí an Choimisiúin glacadh le héisteachtaí lasmuigh den chreat ama i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin diúltú d’éisteachtaí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. I gcás ina ndiúltóidh seirbhísí an Choimisiúin d’iarraidh ar éisteacht, cuirfear na cúiseanna leis an diúltú sin in iúl don pháirtí lena mbaineann.

I bprionsabal, ní úsáidfear éisteachtaí chun faisnéis fhíorasach nach bhfuil sa chomhad go fóill a chur i láthair. Mar sin féin, ar mhaithe le dea-riarachán agus chun gur féidir le seirbhísí an Choimisiúin dul ar aghaidh leis an imscrúdú, féadfar iarraidh ar pháirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua ábhartha a chur ar fáil tar éis na héisteachta.

5.8.    Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipcheart tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch na n-imeachtaí cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gceart chun cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar san fhógra seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad “Íogair” (13) orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh go gcaithfear mar fhaisnéis rúnda í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Íogair” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad “Le hiniúchadh ag na páirtithe leasmhara”. Ba cheart na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta.

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfear léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI) lena n-áirítear iarrataí ar chlárú mar pháirtithe leasmhara, cumhachtaí aturnae agus bileoga deimhniúcháin scanta. Trí TRON.tdi nó ríomhphost a úsáid, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, arna fhoilsiú ar shuíomh gréasáin AS na Trádála: https://europa.eu/!7tHpY3. Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, seachas i gcás a n-iarrfaidh siad na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide go sainráite, nó mura rud é gur gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi nó ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Stiúrthóireacht G

Oifig: CHAR 04/039

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: TRADE-AD693-PET-INJURY@ec.europa.eu

TRADE-AD693-PET-DUMPING@ec.europa.eu

6.   Sceideal an imscrúdaithe

Cuirfear an t-imscrúdú i gcrích, de bhun Airteagal 6(9) den bhun-Rialachán, laistigh de 13 mhí de ghnáth, ach tráth nach faide ná 14 mhí ó dháta foilsithe an Fhógra seo. I gcomhréir le hAirteagal 7(1) den bhun-Rialachán, féadfar bearta sealadacha a fhorchur tráth nach déanaí ná 7 mí de ghnáth, ach in aon chás, tráth nach déanaí ná 8 mí tar éis fhoilsiú an Fhógra seo.

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, soláthróidh an Coimisiún faisnéis faoi fhorchur beartaithe na ndleachtanna sealadacha 4 seachtaine roimh fhorchur na mbeart sealadach. Tabharfar 3 lá oibre do pháirtithe leasmhara chun barúlacha i scríbhinn a thabhairt maidir le cruinneas na ríomhanna.

Sna cásanna ina bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún gan dleachtanna sealadacha a fhorchur ach ina bhfuil sé beartaithe aige dul ar aghaidh leis an imscrúdú, cuirfear in iúl do na páirtithe leasmhara trí bhíthin doiciméad faisnéise nach bhforchuirfear dleachtanna, agus déanfar é sin 4 seachtaine roimh dhul in éag an sprioc-ama faoi Airteagal 7(1) den bhun-Rialachán.

Tabharfar 15 lá do na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, agus tabharfar 10 lá dóibh barúlacha a thabhairt i scríbhinn maidir leis na torthaí críochnaitheacha, mura sonraítear a mhalairt. I gcás inarb infheidhme, sonróidh na nochtaí críochnaitheacha breise an sprioc-am le haghaidh barúlacha i scríbhinn ó na páirtithe leasmhara.

7.   Faisnéis a chur isteach

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creataí ama a shonraítear i ranna 5 agus 6 den Fhógra seo. Chun aon fhaisnéis eile a chur isteach ar faisnéis í nach bhfuil cumhdaithe leis na ranna sin, ba cheart an t-amchlár seo a leanas a urramú:

Aon fhaisnéise le haghaidh chéim na dtorthaí sealadacha, ba cheart í a chur isteach laistigh de 70 lá ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Mura sonraítear a mhalairt, níor cheart do na páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach tar éis an sprioc-ama do bharúlacha maidir le nochtadh na dtorthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise ag céim na dtorthaí sealadacha. Tar éis an sprioc-ama sin, ní fhéadfaidh páirtithe leasmhara faisnéis fhíorasach nua a chur isteach ach amháin más féidir leo a léiriú go bhfuil gá leis an bhfaisnéis fhíorasach nua sin chun líomhaintí fíorasacha a rinne páirtithe leasmhara eile a bhréagnú agus ar choinníoll gur féidir an fhaisnéis fhíorasach nua sin a fhíorú laistigh den am atá ar fáil chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche go tráthúil.

Chun an t-imscrúdú a thabhairt chun críche laistigh de na sprioc-amanna sainordaitheacha, ní ghlacfaidh an Coimisiún le haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach nó, i gcás inarb infheidhme, tar éis an sprioc-ama chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh críochnaitheach breise.

8.   An deis barúlacha a thabhairt maidir le haighneachtaí ó pháirtithe eile

Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt den fhaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú.

Ba cheart na barúlacha sin a dhéanamh de réir an chreata ama seo a leanas:

Aon bharúil maidir le faisnéis a chuirfidh páirtithe leasmhara eile isteach roimh an sprioc-am maidir le forchur na mbeart sealadach, ba cheart í a dhéanamh laistigh de 75 lá ar a dhéanaí ó dháta foilsithe an Fhógra seo, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí sealadacha nó an doiciméid faisnéise, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 7 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí sealadacha nó maidir leis an doiciméad faisnéise, mura sonraítear a mhalairt.

Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh deiridh, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 3 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh críochnaitheach breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh sin, mura sonraítear a mhalairt.

An creat ama arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

9.   Síneadh leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Níor cheart síneadh ar na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní cheadófar é ach amháin má tá údar cuí leis agus cúis mhaith léirithe.

In aon chás, aon síneadh a chuirfear leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, beidh sé teoranta do 3 lá, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá.

Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear san Fhógra Tionscnaimh seo a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gurb ann d’imthosca eisceachtúla.

10.   Neamh-chomhoibriú

I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí sealadacha nó críochnaitheacha, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh dá mbeadh comhoibriú déanta aige.

Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagairt a thíolacadh. Sa chás sin, ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach.

11.   An tOifigeach Éisteachta

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí.

Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí leasmhar/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara cloí leis na tréimhsí ama a leagtar amach i mír 5.7 den Fhógra seo freisin a mhéid a bhaineann le hidirghabhálacha, lena n-áirítear éisteachtaí, a dhéanann an Oifigeach Éisteachta. Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí ar idirghabhálacha, ar chineál na saincheisteanna a ardaíodh agus tionchar na saincheisteanna sin ar chearta cosanta, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en

12.   Próiseáil sonraí pearsanta

Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W


(1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Tagraíonn an téarma ginearálta “díobháil” do dhíobháil ábhartha mar aon le bagairt díobhála ábhartha nó moill ábhartha ar bhunú tionscail mar a leagtar amach in Airteagal 3(1) den bhun-Rialachán.

(3)  Le tagairtí do fhoilsiú an Fhógra seo, is é foilsiú an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh atá i gceist.

(4)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, an 20 Nollaig 2017, SWD(2017) 483 final/2, atá ar fáil ag: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2017/december/tradoc_156474.pdf

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2011 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí cáblaí snáthoptaice de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 410, 17.11.2021, lch. 51); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/191 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2022 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí ceanglóirí áirithe iarainn nó cruach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 36, 16.2.2022, lch. 1).

(6)  Féadfar na doiciméid a luaitear sa tuarascáil tíre a fháil freisin arna iarraidh sin go cuí-réasúnaithe.

(7)  Maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (IO C 86, 16.3.2020, lch. 6).

(8)  Is éard is táirgeoir onnmhairiúcháin ann aon chuideachta sa tír lena mbaineann a tháirgeann agus a onnmhairíonn an táirge faoi imscrúdú go díreach, sin nó trí thríú páirtí, chuig margadh an Aontais, lena n-áirítear aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara a bhfuil baint aici le táirgeadh, díolacháin intíre nó onnmhairí an táirge faoi imscrúdú.

(9)  De bhun Airteagal 9(6) den bhun-Rialachán, aon chorrlach de mhéid nialais nó de minimis a shuitear i gcomhréir leis na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 18 den bhun-Rialachán, tabharfar neamhaird air.

(10)  Sa roinn seo ní chumhdaítear ach na hallmhaireoirí nach bhfuil gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ní mór d’allmhaireoirí atá gaolmhar le táirgeoirí onnmhairiúcháin Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gceistneoir le haghaidh na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sin a líonadh isteach. I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó den stoc vótála gan íoc nó de scaireanna an dá cheann, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch 558). Ní mheasfar gur daoine den teaghlach céanna iad daoine ach amháin má tá ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus duine clainne, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seantuismitheoir agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neach, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(11)  Na sonraí a chuireann allmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, féadfar iad a úsáid i ndáil le gnéithe den imscrúdú seo nach mbaineann le dumpáil a chinneadh.

(12)  I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála trí ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán + 32 22979797.

(13)  Is doiciméad “Íogair” doiciméad a meastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 19 den bhun-Rialachán agus Airteagal 6 de Chomhaontú EDT maidir le cur chun feidhme Airteagal VI de GATT 1994 (An Comhaontú Frithdhumpála). Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(14)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Leagan “Íogair”

Leagan “Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara”

(Cuir tic sa bhosca iomchuí)

IMEACHTAÍ FRITHDHUMPÁLA I NDÁIL LE HALLMHAIRÍ TEIREATALÁITE POILEITLÉINE (“TPE”) DE THIONSCNAMH DHAON-PHOBLACHT NA SÍNE

FAISNÉIS MAIDIR LE ROGHNÚ SHAMPLA NA DTÁIRGEOIRÍ NEAMHGHAOLMHARA

Tá an fhoirm seo ceaptha le cuidiú le hallmhaireoirí neamhghaolmhara agus an iarraidh ar fhaisnéis samplála a rinneadh i bpointe 5.3.3 den Fhógra tionscnamh á freagairt acu.

Ba cheart an leagan “Íogair” agus an leagan “Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara” a chur ar ais chuig an gCoimisiún de réir mar a leagtar amach san Fhógra tionscnaimh.

1.   CÉANNACHT AGUS SONRAÍ TEAGMHÁLA

Tabhair na sonraí seo a leanas faoi do chuideachta:

Ainm na cuideachta

 

Seoladh

 

Duine teagmhála

 

Seoladh ríomhphoist

 

Uimhir theileafóin

 

2.   LÁIMHDEACHAIS AGUS MÉID NA NDÍOLACHÁN

Léirigh in euro (EUR) láimhdeachas iomlán na cuideachta, an luach in euro (EUR) agus an méid i dtonaí le haghaidh allmhairí an táirge faoi imscrúdú de réir mar a shainmhínítear san Fhógra tionscnaimh, agus le haghaidh athdhíolacháin an táirge sin ar mhargadh an Aontais tar éis a allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne, le linn na tréimhse imscrúdúcháin.

 

Tonaí

Luach in euro (EUR)

Láimhdeachas iomlán do chuideachta in euro (EUR)

 

 

Allmhairí an táirge faoi imscrúdú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

 

 

Allmhairí an táirge faoi imscrúdú (de gach tionscnamh)

 

 

Athdhíolacháin an táirge faoi imscrúdú ar mhargadh an Aontais tar éis an allmhairithe ó Dhaon-Phoblacht na Síne

 

 

3.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ DO CHUIDEACHTA AGUS NA GCUIDEACHTAÍ GAOLMHARA (1)

Tabhair sonraí maidir le gníomhaíochtaí beachta na cuideachta agus gach cuideachta gaolmhaire (liostaigh iad agus sonraigh an gaol idir iad agus do chuideachta) atá bainteach le táirgeadh agus/nó díol (onnmhairiúcháin agus/nó intíre) an táirge faoi imscrúdú. D’fhéadfaí a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin ceannach an táirge faoi imscrúdú, é a tháirgeadh faoi shocruithe fochonarthachta, nó é a phróiseáil nó a thrádáil, agus gníomhaíochtaí eile nach iad.

Ainm agus suíomh na cuideachta

Gníomhaíochtaí

Gaol

 

 

 

 

 

 

 

 

 

4.   FAISNÉIS EILE

Tabhair aon fhaisnéis ábhartha eile a mheasann an chuideachta a bheith úsáideach chun cuidiú leis an gCoimisiún an tsampláil a roghnú.

5.   DEIMHNIÚ

Tríd an bhfaisnéis thuas a sholáthar, aontaíonn an chuideachta lena rannpháirtiú féideartha sa sampla. Má roghnaítear an chuideachta le bheith sa sampla, beidh ar an gcuideachta sin ceistneoir a líonadh isteach agus glacadh le cuairt ar a háitreabh chun a freagairt a fhíorú. Má thugann an chuideachta le fios nach mbeadh sí sásta a bheith sa sampla, measfar nár chomhoibrigh sí leis an imscrúdú. Is ar na fíorais atá ar fáil a bhunaíonn an Coimisiún torthaí a imscrúdaithe i gcás allmhaireoirí neamh-chomhoibríocha, agus d’fhéadfadh sé nach mbeidís chomh fabhrach don chuideachta sin agus a bheidís dá mbeadh sí tar éis comhoibriú.

Síniú an oifigigh údaraithe:

Ainm agus teideal an oifigigh údaraithe:

Dáta:


(1)  I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, measfar beirt a bheith gaolmhar sna cásanna seo a leanas: (a) más oifigeach nó stiúrthóir duine acu i ngnólacht an duine eile; (b) más comhpháirtithe gnó iad a bhfuil aitheantas dlíthiúil acu; (c) más fostóir agus fostaí iad; (d) más ag tríú páirtí 5 % nó níos mó den stoc vótála gan íoc nó de scaireanna an dá cheann, nó má rialaíonn nó má choinníonn tríú páirtí iad, go díreach nó go hindíreach; (e) má stiúrann duine acu an duine eile go díreach nó go hindíreach; (f) má tá an bheirt acu faoi stiúradh díreach nó indíreach ag tríú páirtí; (g) má rialaíonn siad tríú duine go díreach nó go hindíreach le chéile; nó (h) más daoine ón teaghlach céanna iad (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558). Ní mheasfar gur daoine den teaghlach céanna iad daoine ach amháin má tá ceann amháin de na gaoil seo a leanas eatarthu: (i) fear céile agus bean chéile, (ii) tuismitheoir agus duine clainne, (iii) deartháir agus deirfiúr (más ionann athair agus máthair dóibh nó más ionann tuismitheoir amháin dóibh), (iv) seantuismitheoir agus garleanbh, (v) uncail nó aintín agus nia nó neach, (vi) tuismitheoir céile agus cliamhain nó banchliamhain, (vii) deartháir céile agus deirfiúr chéile. I gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, ciallaíonn “duine” duine nádúrtha, duine dlítheanach agus aon chumann de dhaoine nach bhfuil ina dhuine dlítheanach ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


30.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/18


Fógra maidir le Cuótaí Rátaí Taraife áirithe a chruthú faoin mbeart coimirce cruach i ndáil leis an leasú ar Rialachán (AE) 2020/2170

(2023/C 115/06)

An 31 Eanáir 2019, d’fhorchuir an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) bearta coimirce cinntitheacha ar tháirgí áirithe cruach (“an Rialachán maidir le Bearta Coimirce Cinntitheach”) (1).

An 27 Feabhra 2023, chuir an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle le haghaidh leasú ar Rialachán (AE) 2020/2170 a mhéid a bhaineann le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm maidir le táirgí áirithe a aistrítear chuig Tuaisceart Éireann (2). De réir an togra, ba cheart táirgí áirithe cruach de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a chuirtear chun bealaigh go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe isteach go Tuaisceart Éireann a bheith ceadaithe tairbhe a bhaint as chuótaí rátaí taraife ábhartha an Aontais nuair a aistrítear go Tuaisceart Éireann iad. I gcás ina nglacfaí an togra seo, ní mór an beart coimirce cruach a leasú trí Chuótaí Rátaí Taraife tiomnaithe a chruthú le haghaidh aistrithe catagóirí áirithe táirgí cruach, mar a chumhdaítear leis an togra, de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a chuirtear chun bealaigh go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe isteach go Tuaisceart Éireann.

1   Raon feidhme an táirge

Ní bhaineann an leasú ar an mbeart coimirce cruach ach le dhá chatagóir táirgí: Plátaí Cuartó Neamh-Chóimhiotail agus Cóimhiotail Eile (3) (catagóir 7) agus Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc déanta as Iarann nó as Cruach Neamh-Chóimhiotail (4) (catagóir 17).

2   Raon feidhme an imeachta

Tá raon feidhme an imeachta seo teoranta do dhá tharaif-chuóta thiomnaithe a chruthú le haghaidh aistrithe chatagóirí 7 agus 17 de thionscnamh na Ríochta Aontaithe agus a chuirtear chun bealaigh go díreach ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe isteach go Tuaisceart Éireann.

3   Modheolaíocht

Measann an Coimisiún gur cheart gurb í seo a leanas an mhodheolaíocht is iomchuí chun méid na dtaraif-chuótaí nua sin a ríomh:

a)

sonraí staidrimh a úsáid atá ar fáil (5) don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2022;

b)

Sonraí a bhliantúlú chun an méid a fháil a bheadh ina chuóta rátaí taraife do bhliain;

c)

Méideanna a leithdháileadh go ráithiúil i gcomhréir le líon na laethanta i ngach ráithe.

I bhfianaise na modheolaíochta thuas, tá méideanna na gcuótaí rátaí taraife a thagann as sin in aghaidh na catagóire táirge agus an tionscnaimh ar bhonn bliantúil in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhFógra seo.

Ní dhéanann an cuóta rátaí taraife atá beartaithe difear ar bhealach ar bith do mhéideanna ná do riar na gcuótaí rátaí taraife domhanda atá ann cheana sa dá chatagóir sin.

3.1    Aighneachtaí i scríbhinn

Iarrann an Coimisiún ar pháirtithe leasmhara barúil a thabhairt go heisiach ar na cuótaí rátaí taraife nua atá beartaithe mar thoradh ar an oiriúnú. Beidh raon feidhme na mbarúlacha teoranta don mhodheolaíocht a chuirfear i bhfeidhm chun na cuótaí rátaí taraife a oiriúnú.

Ní mór aon aighneacht, agus an fhianaise thacaíochta sin, a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 10 lá ó lá foilsithe an Fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.2    Faisnéis a chur isteach agus síneadh a chur leis na teorainneacha ama a shonraítear san Fhógra seo

Go hiondúil, ní fhéadfaidh na páirtithe leasmhara faisnéis a chur isteach ach amháin laistigh de na creata ama a shonraítear san Fhógra seo. Ní féidir aon síneadh maidir leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear san Fhógra seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla, agus ní dhéanfar é a dheonú ach amháin má tá údar cuí leis. I gcás síntí eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo i dtaca leis an sprioc-am le haghaidh aighneachtaí, is gnách nach mbeidh níos mó ná síneadh 3 lá breise i gceist leo.

3.3    Treoracha le haghaidh aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh

Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir aighneachtaí agus láimhseáil agus measúnú tapa na n-aighneachtaí sin, tá teimpléad deartha ag an gCoimisiún nach mór do pháirtithe a úsáid agus iad ag cur isteach a mbarúlacha. Tá an teimpléad ar fáil mar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhFógra seo.

Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche nós imeachta cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú.

Gach aighneacht i scríbhinn arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad “Teoranta” orthu (6). Páirtithe a thíolacann faisnéis le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu cúis a thabhairt lena n-iarraidh go gcóireálfaí faoi rún í.

Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis “Teoranta” achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478 (7) agus Airteagal 5 de Rialachán AE 2015/755 (8). Cuirfear an lipéad “Lena n-iniúchadh ag páirtithe leasmhara” ar na hachoimrí sin. Ba cheart do na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach faoi rún a thuiscint go réasúnta agus ní mór dóibh a bheith faighte ag an gCoimisiún an tráth céanna leis an leagan Teoranta”.

Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis rúnda cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus ar an gcaighdeán a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart.

Iarrtar ar pháirtithe leasmhara gach aighneacht agus iarraidh a dhéanamh trí TRON.tdi (https://webgate.ec.europa.eu/tron/TDI), lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae. Trí úsáid a bhaint as TRON.tdi nó ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad “COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA”, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://trade.ec.europa.eu/doclib/docs/2011/june/tradoc_148003.pdf

Ní mór do na páirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus a seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuirtear ar fáil, seoladh a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí TRON.tdi nó trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí TRON.tdi, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara dá dtagraítear thuas.

Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na Trádála

Direction G, unité G5

Bureau: CHAR 03/66

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

TRON.tdi: https://webgate.ec.europa.eu/tron/tdi

Seoladh ríomhphoist: TRADE-SAFE009-REVIEW@ec.europa.eu

4   Sceideal

Má ghlacann na comhreachtóirí an togra chun an Rialachán maidir le cuótaí rátaí taraife a leasú, tiocfaidh an leasú ar rialachán coimirce cruach an Aontais i bhfeidhm a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

5   An tOifigeach Éisteachta

Gníomhaíonn an tOifigeach Éisteachta mar phointe teagmhála idir na páirtithe leasmhara agus seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, iarrataí ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, iarrataí ar shíneadh teorainneacha ama agus aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta páirtithe leasmhara agus tríú páirtithe faoi mar a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an imeachta.

Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh. I bprionsabal, beidh na hidirghabhálacha sin teoranta do na saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i rith an imeachta seo.

Ba cheart iarraidh ar idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna le hiarrataí, ag féachaint go cuí do leasanna an dea-riaracháin agus do chríochnú tráthúil an imscrúdaithe.

Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála: http://ec.europa.eu/trade/trade-policy-and-you/contacts/hearing-officer/

6   Sonraí pearsanta a phróiseáil

I ndáil le haon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

Tá fógra cosanta sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: http://trade.ec.europa.eu/doclib/html/157639.htm


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce cinntitheacha ar allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(2)  COM(2023) 125 final 2023/0063 (COD), 27.2.2023

(3)  Cóid CN: 7208 51 20, 7208 51 91, 7208 51 98, 7208 52 91, 7208 90 20, 7208 90 80, 7210 90 30, 7225 40 12, 7225 40 40, 7225 40 60, 7225 99 00.

(4)  Cóid CN: 7216 31 10, 7216 31 90, 7216 32 11, 7216 32 19, 7216 32 91, 7216 32 99, 7216 33 10, 7216 33 90.

(5)  Sonraí atá ar fáil ón gcóras leictreonach a bunaíodh ar bhonn Airteagail 55 agus 56 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015

(6)  Is éard is doiciméad “Teoranta” ann doiciméad a mheastar a bheith rúnda de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/478, Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2015/755 agus Airteagal 3.2 de Chomhaontú EDT maidir le Bearta Coimirce. Is doiciméad é freisin atá cosanta de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(7)  IO L 83, 27.3.2015, lch. 16.

(8)  IO L 123, 19.5.2015, lch. 33.

(9)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a dhéanann institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN I

Méideanna na gcuótaí rátaí taraife

Uimhir táirge

Catagóir táirge

Cóid AC

Leithdháileadh de réir tíre (I gCás inarb Infheidhme)

Bliain 6

Ráta dleachta breise

Ón 1.7.2023 go dtí an 30.9.2023

Ón 1.10.2023 go dtí an 31.12.2023

Ón 1.1.2024 go dtí an 31.3.2024

Ón 1.4.2024 go dtí an 30.6.2024

Méid na gcuótaí rátaí taraife (glantonaí)

7

Plátaí Cuartó Neamh-Chóimhiotail agus Cóimhiotail Eile

7208 51 20 , 7208 51 91 , 7208 51 98 , 7208 52 91 , 7208 90 20 , 7208 90 80 , 7210 90 30 , 7225 40 12 , 7225 40 40 , 7225 40 60 , 7225 99 00

An Úcráin (1)

280 051,01

280 051,01

277 006,97

277 006,97

25  %

Tíortha eile

575 178,29

575 178,29

568 926,35

568 926,35

25  %

An Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

5 231,58

5 231,58

5 174,72

5 174,72

25  %

17

Uillinneacha, Cruthanna agus Cónaisc déanta as Iarann nó as Cruach Neamh-Chóimhiotail

7216 31 10 , 7216 31 90 , 7216 32 11 , 7216 32 19 , 7216 32 91 , 7216 32 99 , 7216 33 10 , 7216 33 90

An Úcráin

31 232,21

31 232,21

30 892,73

30 892,73

25  %

Tíortha eile

67 361,21

67 361,21

66 629,03

66 629,03

25  %

An Ríocht Aontaithe (chuig Tuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe)

14 061,23

14 061,23

13 908,39

13 908,39

25  %


(1)  Fiú má tá an Úcráin liostaithe san Iarscríbhinn, níl na cuótaí tírshonracha sin a bhfuil sraithuimhir nasctha leo infheidhme mar thoradh ar Rialachán (AE) 2022/870 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 152, 3.6.2022, lch. 103).


IARSCRÍBHINN II

TEIMPLÉAD D’AIGHNEACHTAÍ

1.   

Má bhíonn aon bharúil agat maidir leis an modheolaíocht a mhínítear i Roinn 3 den Fhógra, mínigh na cúiseanna atá leis sin agus cuir modheolaíocht mhalartach ar fáil, sa Bhosca thíos agus in dhá leathanach ar a mhéad. Más mian leat modheolaíocht mhalartach a chur ar fáil don Choimisiún chun méideanna na gcuótaí rátaí taraife a ríomh, cuir na ríomhanna athbhreithnithe a eascraíonn as sin i gcomhad Excel ar leith.

2.   

☐ Cuirim comhad ríomhanna Excel ar leith i gceangal (cuir tic sa bhosca i gcás inarb iomchuí)

A)

Cúiseanna le modheolaíocht mhalartach:

B)

Modheolaíocht mhalartach:


NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

30.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/23


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11008 — CDC GROUP / EDF / ENGIE / IN GROUPE / ARCHIPELS)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 115/07)

1.   

An 21 Márta 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Caisse des Dépôts et Consignations (“CDC”, an Fhrainc),

Électricité de France S.A. (“EDF”, an Fhrainc),

ENGIE S.A. (“Engie”, an Fhrainc),

Imprimerie Nationale S.A. (“IN”, an Fhrainc),

Archipels S.A.S. (“Archipels”, an Fhrainc).

Gheobhaidh CDC, EDF, Engie agus IN rialú comhpháirteach ar Archipels de réir bhrí Airteagal 3, mír 1, pointe (b), agus Airteagal 3, mír 4, den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna a dhéanfar an comhchruinniú.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

CDC: institiúid ar úinéireacht phoiblí Francach a bhfuil stádas dlíthiúil speisialta aige agus a dhéanann gníomhaíochtaí leasa ghinearálta agus gníomhaíochtaí atá ar oscailt d’iomaíocht sna hearnálacha comhshaoil, eastáit réadaigh, infheistíochta agus caipitil, agus seirbhísí,

EDF: gnóthas atá gníomhach, sa Fhrainc agus ar an gcoigríoch, i dtáirgeadh agus i mórdhíol leictreachais, i dtarchur, i ndáileadh agus i soláthar leictreachais, i soláthar seirbhísí eile a bhaineann le leictreachas agus, ar bhonn níos lú, i dtáirgeadh agus i mórdhíol agus i miondíol gáis,

Engie: gnóthas atá gníomhach ar fud an domhain i seirbhísí gáis nádúrtha, leictreachais agus fuinnimh,

IN: gnóthas atá gníomhach, sa Fhrainc agus ar an gcoigríoch, in earnáil na seirbhísí a bhaineann le céannacht fhisiceach agus seirbhísí digiteacha slána,

Archipels: gnóthas atá gníomhach sa Fhrainc san earnáil a bhaineann le blocshlabhra, doiciméid agus faisnéis a bhaineann leis an duine aonair agus leis an ngnóthas a dhaingniú agus a dheimhniú, agus punanna faisnéise a bhaineann le gnóthas agus faisnéis a bhaineann leis an duine aonair a bhainistiú.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11008 — CDC GROUP / EDF / ENGIE / IN GROUPE / ARCHIPELS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

An Coimisiún Eorpach

Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


30.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 115/25


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10917 — SCHÜCO / METALLINVEST / RSFB / AWB)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 115/08)

1.   

An 22 Márta 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle agus tar éis tarchur de bhun Airteagal 4(5) den Rialachán sin (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Schüco International KG (“Schüco”, Germany), cuid de Otto Fuchs Beteiligungen KG (“Otto Fuchs”, an Ghearmáin),

Metallinvest Holding GmbH (“Metallinvest”, an Ostair),

RSFB Technologie Ges mbH, (“RSFB”, an Ostair),

AWB Aluminiumwerk Berlin GmbH (“AWB”, an Ghearmáin).

Gheobhaidh Schüco, Metallinvest agus RSFB rialú comhpháirteach ar AWB ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Schüco gníomhach i bhforbairt, táirgeadh agus díol córas foirgneamh le haghaidh aghaidheanna foirgneamh déanta d’alúmanam, cruach agus plaisteach,

Faigheann agus bainistíonn Metallinvest sealúchais i gcuideachtaí eile, go háirithe iad siúd sa tionscal miotail,

Feidhmíonn RSFB mar chuideachta sealbhaíochta amháin,

Tá AWB gníomhach in easbhrúnna cóimhiotal bog alúmanaim.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10917 — SCHÜCO / METALLINVEST / RSFB / AWB

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).