ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 114

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
29 Márta 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 114/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11040 – PGGM / DIF / EQT / SAUR) ( 1 )

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2023/C 114/02

Conclúidí ón gComhairle maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal Gníomhaíochtaí r-Rialtais spriocdhírithe ar ghnólachtaí – Gníomhaíochtaí an Choimisiúin curtha chun feidhme, ach tá éagsúlachtaí fós ann maidir le fáil ar r-sheirbhísí ar fud an Aontais.

2

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 114/03

Rátaí malairte an euro — 28 Márta 2023

4

 

An Chúirt Iniúchóirí

2023/C 114/04

Tuarascáil speisialta 07/2023: — Dearadh chóras rialaithe an Choimisiúin do RRF– Tá bearna maidir le dearbhú agus cuntasacht ar leibhéal an Aontais fós sa tsamhail nua seachadta in ainneoin obair fhairsing atá á pleanáil

5


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 114/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11076 – TOTALENERGIES / TOTAL EREN) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

6

2023/C 114/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11085 — FRASERS / GO SPORT) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8

2023/C 114/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11064 – MACQUARIE / IVANHOE / RHP PARTNERS MANAGER GP / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

10

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 114/08

Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

12

2023/C 114/09

Teachtaireacht i gcomhréir le hAirteagal 34 (7)(a)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach arna n-eisiúint ag údaráis chustaim na mBallstát i ndáil le haicmiú earraí san ainmníocht chustaim

31


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 114/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11040 – PGGM / DIF / EQT / SAUR)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 114/01)

An 14 Márta 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11040. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 114/2


CONCLÚIDÍ ÓN GCOMHAIRLE

maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa

dar teideal “Gníomhaíochtaí r-Rialtais spriocdhírithe ar ghnólachtaí – Gníomhaíochtaí an Choimisiúin curtha chun feidhme, ach tá éagsúlachtaí fós ann maidir le fáil ar r-sheirbhísí ar fud an Aontais.”

(2023/C 114/02)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Á MHEABHRÚ DI: a conclúidí maidir le feabhas a chur ar an scrúdú a dhéantar ar thuarascálacha speisialta arna ndréachtú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh (1);

TUGANN SÍ DÁ hAIRE Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal: e-Government actions targeting businesses - Commission’s actions implemented, but availability of e-services still varies across the EU [gníomhaíochtaí r-Rialtais atá dírithe ar ghnólachtaí - gníomhaíochtaí an Choimisiúin curtha chun feidhme, ach tá éagsúlacht fós ann ar fud an Aontais maidir le fáil ar ríomhsheirbhísí];

TUGANN SÍ DÁ hAIRE na conclúidí agus na moltaí atá sa Tuarascáil Speisialta;

MEABHRAÍTEAR DI a “Conclúidí maidir le Plean Gníomhaíochta don r-Rialtas 2016-2020: dlús a chur le hathrú digiteach rialtais” (2) lena n-iarrtar spriocanna sonracha, réalaíocha agus intomhaiste sa Phlean Gníomhaíochta agus comhleanúnachas idir na gníomhaíochtaí agus na hionstraimí airgeadais lena mbaineann a d’fhéadfadh cabhrú leis na Ballstáit chun an claochlú digiteach a bhaint amach;

AITHNÍONN SÍ an méid seo a leanas go háirithe:

a)

ní raibh buiséad sannta do Phlean Gníomhaíochta don r-Rialtas 2016-2020 agus, mar a thug CIE faoi deara, bhí cur chun cinn réiteach forbartha teoranta go príomha do na gníomhaíochtaí mar a bhí beartaithe sna gníomhaíochtaí aonair agus do mhalartú dea-chleachtas idir na Ballstáit;

b)

rinne an Coimisiún faireachán ar aschur a ghníomhaíochtaí agus ní dhearna sé faireachán cuimsitheach ar thorthaí ná ar thionchair an phlean gníomhaíochta fhoriomláin sa bhreis ar aschuir na ngníomhaíochtaí aonair;

MEABHRAÍTEAR DI an comhar maith atá idir an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, maidir le r-Rialtas a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le breis is 10 mbliana anuas, go háirithe trí na Pleananna Gníomhaíochta don r-Rialtas, darb aidhm riaracháin phoiblí a athrú trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht dhigiteach;

IS DÍOL SÁSAIMH DI gur ghlac an Coimisiún le moltaí uile na Tuarascála Speisialta;

MEABHRAÍTEAR DI gur tharraing paindéim COVID-19 aird ar a thábhachtaí atá seirbhísí poiblí digiteacha atá idir-inoibritheach agus athléimneach;

IS DÍOL SÁSAIMH DI gur ghlac an Chomhairle, an Pharlaimint agus an Coimisiún an Cinneadh lena mbunaítear Clár Beartais 2030 “Conair i dtreo na Deacáide Digití”;

IARANN SÍ ar na Ballstáit a dtreochláir agus a gconairí náisiúnta a fhorbairt chun an sprioc a bhaint amach gur cheart príomhsheirbhísí poiblí, mar a shainítear iad sa Chlár Beartais don Deacáid Dhigiteach a bheith ar fáil ar líne faoi 2030;

MEABHRAÍTEAR DI tar éis don Choimisiún an dara tuarascáil maidir le “Staid na Deacáide Digití” a fhoilsiú agus í a fhoilsiú gach dara bliain ina dhiaidh sin, go dtíolacfaidh na Ballstáit lena mbaineann coigeartuithe ar a dtreochláir náisiúnta ina mbeidh beartais, bearta agus gníomhaíochtaí a bhfuil sé ar intinn acu iad a dhéanamh chun na spriocanna digiteacha a bhaint amach;

IARRANN SÍ ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach (3) lena leagtar síos bearta chun ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí a bhaint amach ar fud an Aontais agus an Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí (4) a ghlacadh go pras;

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún comhleanúnachas a áirithiú idir na gníomhaíochtaí is gá agus na hionstraimí airgeadais ábhartha a d’fhéadfadh cabhrú leis na Ballstáit claochlú digiteach a seirbhísí poiblí a bhaint amach;

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a fhorbairt chun seirbhísí r-Rialtais a chur chun cinn go héifeachtach a bheidh dírithe ar ghnólachtaí ar fud an Aontais;

IARRANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar chonclúidí agus moltaí na Tuarascála Speisialta agus molann sí dóibh scrúdú cúramach a dhéanamh ar na moltaí sin.


(1)  7515/00 + COR 1.

(2)  11801/16.

(3)  14973/22.

(4)  9471/21.


An Coimisiún Eorpach

29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 114/4


Rátaí malairte an euro (1)

28 Márta 2023

(2023/C 114/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0841

JPY

yen na Seapáine

141,69

DKK

krone na Danmhairge

7,4492

GBP

punt steirling

0,87938

SEK

krona na Sualainne

11,2195

CHF

franc na hEilvéise

0,9947

ISK

króna na hÍoslainne

148,10

NOK

krone na hIorua

11,3240

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,668

HUF

forint na hUngáire

382,95

PLN

zloty na Polainne

4,6815

RON

leu na Rómáine

4,9523

TRY

lira na Tuirce

20,7153

AUD

dollar na hAstráile

1,6219

CAD

dollar Cheanada

1,4803

HKD

dollar Hong Cong

8,5100

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7382

SGD

dollar Shingeapór

1,4394

KRW

won na Cóiré Theas

1 407,94

ZAR

rand na hAfraice Theas

19,7029

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,4554

IDR

rupiah na hIndinéise

16 353,40

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7717

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,951

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,152

BRL

real na Brasaíle

5,6080

MXN

peso Mheicsiceo

19,8389

INR

rúipí na hIndia

89,0640


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Chúirt Iniúchóirí

29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 114/5


Tuarascáil speisialta 07/2023:

“Dearadh chóras rialaithe an Choimisiúin do RRF– Tá bearna maidir le dearbhú agus cuntasacht ar leibhéal an Aontais fós sa tsamhail nua seachadta in ainneoin obair fhairsing atá á pleanáil”

(2023/C 114/04)

D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a tuarascáil speisialta 07/2023: “Tá bearna maidir le – dearbhú agus cuntasacht ar leibhéal an Aontais fós sa tsamhail nua seachadta in ainneoin obair fhairsing atá á pleanáil”.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=63634


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 114/6


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11076 – TOTALENERGIES / TOTAL EREN)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 114/05)

1.   

An 17 Márta 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

TotalEnergies SE (“TotalEnergies”, an Fhrainc),

Total Eren Holding (“Total Eren”, an Fhrainc), atá á rialú go comhpháirteach faoi láthair ag TotalEnergies agus New Eren SA.

Gheobhaidh TotalEnergies rialú, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Total Eren ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta fuinnimh idirnáisiúnta í TotalEnergies atá comhtháite go hingearach agus atá bainteach i ngach earnáil den tionscal ola agus gáis,

Déanann Total Eren gléasraí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, a mhaoiniú, a thógáil agus a oibriú ar fud an domhain.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11076 – TOTALENERGIES / TOTAL EREN

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 114/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11085 — FRASERS / GO SPORT)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 114/06)

1.   

An 21 Márta 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

SPORTSDIRECT.COM France SA (“SPORTSDIRECT.COM France”, an Fhrainc), a bhaineann le Frasers Group na Ríochta Aontaithe,

Groupe GO Sport SAS (“Groupe GO Sport”, an Fhrainc), a bhaineann le GO Sport Group na Fraince,

GO Sport France SAS (“GO Sport France”, an Fhrainc), a bhaineann le GO Sport Group na Fraince.

Gheobhaidh SPORTSDIRECT.COM France rialú aonair ar chodanna de Groupe GO Sport agus GO Sport France de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá SPORTSDIRECT.COM France gníomhach sa mhargadh trádála miondíola na n-earraí spóirt agus oibríonn sí roinnt siopaí Sports Direct sa Fhrainc,

Tá Groupe GO Sport gníomhach i ndáileadh miondíola na n-earraí spóirt lena phríomhoibríochtaí sa Fhrainc,

Tá GO Sport France gníomhach i ndáileadh miondíola na n-earraí spóirt lena phríomhoibríochtaí sa Fhrainc.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11085 FRASERS / GO SPORT

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 114/10


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11064 – MACQUARIE / IVANHOE / RHP PARTNERS MANAGER GP / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 114/07)

1.   

An 21 Márta 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Macquarie Real Estate Investments Holdings (Meiriceá Thuaidh), Inc. (STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ, “Macquarie”), atá ina chuid de Macquarie Group,

RHP Partners-Manager GP, LLC (Stáit Aontaithe Mheiriceá, “RHP”),

IC USA LP (Stáit Aontaithe Mheiriceá, “Ivanhoe”), faoi rialú Caisse des dépôts et placement du Québec (“CDPQ”, Ceanada),

RHP Partners III, LP (Stáit Aontaithe Mheiriceá, “Comhfhiontar”).

Gheobhaidh Macquarie, RHP agus Ivanhoe rialú comhpháirteach ar an gComhfhiontar nuabhunaithe de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin conartha nó aon mhodh eile.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Macquarie gníomhach in infheistíocht eastáit réadaigh i Meiriceá Thuaidh,

Is le RHP pobail tithe réamhdhéanta sna Stáit Aontaithe agus/nó tá pobail den sórt sin á n-oibriú aige,

Tá Ivanhoe gníomhach i bhforbairt réadmhaoine agus tionscadal eastáit réadaigh ar ardchaighdeán i Meiriceá Thuaidh. Is infheisteoir eastáit réadaigh í a mháthairchuideachta, Ivanhoe Cambridge, atá gníomhach ar an leibhéal domhanda.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an gComhfhiontar: úinéireacht agus oibriú pobal tithe réamhdhéanta, agus léasú agus díol tithe réamhdhéanta i bpobail den sórt sin sna Stáit Aontaithe.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11064 – MACQUARIE / IVANHOE / RHP PARTNERS MANAGER GP / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 114/12


Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2023/C 114/08)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 2 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

IARRATAS AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

“ Balaton / Balatoni”

PDO-HU-A1507-AM04

Dáta cur i bhfeidhm: 18.1.2018

1.   Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú

Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh.°1308/2013 – Modhnú nach mion

2.   Tuairisc agus cúiseanna leis an leasú

2.1.   Athaicmiú mar thásc geografach faoi chosaint

I gcomparáid le STFC, níl na heilimintí terroir chomh soiléir i gcáilíocht fhíonta Balaton/Balatoni a dhéantar as fíonchaor de thionscnamh na limistéar geografach críochaithe i Réigiún Fíona Balaton. I gcás fhíonta Balaton, tháinig an nasc leis an limistéar geografach chun cinn go príomha mar gheall ar charachtar foriomlán réigiún Balaton mar réigiún iomlán comhleanúnach ag a bhfuil fréamhacha stairiúla a forbraíodh timpeall Loch Balaton i dtaca leis an turasóireacht, an dúlra, an eacnamaíocht agus an caomhnúchán. Limistéar as cuimse é Réigiún Balaton mar gheall ar a chlú agus cháil go príomha, mar a léirítear leis na féilte fíona, na féilte fómhair nó na seachtainí fíona a eagraítear gach bliain le haghaidh cuairteoirí áitiúla agus eachtracha in ionaid éagsúla i limistéar Balaton (mar fhéile fíona Borbarangolás [Fíon ar Turas] i Badacsony, an Zánkai bornapok [Laethanta Fíona i Zánka] Badacsonyi Borhét [Seachtain Fíona Badacsony] agus Balatonfüredi Borhetek [Seachtainí Fíona Balatonfüred]). Dá bhrí sin táimid den tuairim go bhfuil cáilíocht speisialta fhíonta Balaton nasctha go príomha leis an tionscnamh geografach agus le clú Balaton. Sin an fáth ar chinneamar sonraíocht Balaton a leasú ó STFC go TGFC. Dá réir sin, úsáidfear an téarma traidisiúnta “tájbor” [fíon tuaithe] sna rialacha maidir le táscairí.

Deimhnítear a thuilleadh an t-athaicmiú ag méid agus carachtar ilghnéitheach an réigiúin, agus an críoch an-ilghnéitheach ó thaobh tosca nádúrtha agus daonna araon. Thairis sin, tá ar fhíonta Balaton an clú lena mbeifí ag súil ó TGFC, mar a léirítear go soiléir leis an turasóireacht fíona a dtugtar tuairisc uirthi thuas. Tá an clú nasctha go sonrach leis an limistéar geografach, agus tá cáil ar “fhíon Balaton” ar fud na hUngáire, agus i mBallstáit eile chomh maith.

Ceannteidil na sonraíochta táirge (agus an doiciméid aonair) a ndéantar difear dóibh:

I

Cineál an táisc gheografaigh (Ceannteideal 2 den doiciméad aonair, “Cineál an táisc gheografaigh”)

VII

Nasc leis an limistéar geografach (Ceannteideal 8 den doiciméad aonair, “Tuairisc ar an nasc [na naisc]”)

VIII

Coinníollacha breise (Ceannteideal 9 den doiciméad aonair, Coinníollacha breise fíor-riachtanacha’)

2.2.   Modhnú saintréithe anailíseacha agus orgánaileipteacha

I gcás íosmhéid siúcra na bhfíonchaor, tacaítear le laghdú an pharaiméadair ó 9 % v/v go 8 % v/v leis an méadú ar an éileamh ar fhíonta le neart alcóil níos ísle agus ag buntáiste na buntáiste níos luaithe a bhaintear amach mar gheall ar an modhnú. (Maidir le híosmhéid féideartha alcóil (méid siúcra) a laghdú níl i gceist leis athrú ar íosmhéid alcóil na bhfíonta a dhéantar as. Beidh íosmhéid alcóil na bhfíonta fós ag 9 % de réir toirte.) I dteannta le héileamh, maidir le fíonta ag a bhfuil íosmhéid alcóil níos ísle, ar féidir a chur ar an margadh níos luaithe, cruthaítear soláthar breise, rud a fhéadann iomaíochas a mhéadú freisin. I saintréithe orgánaileipteacha an fhíona ghil, rinneadh an abairt a shoiléiriú ina thagraítear do scáil an datha i ndáil leis na paraiméadair anailíseacha.

Ceannteidil na sonraíochta táirge (agus an doiciméid aonair) a ndéantar difear dóibh:

II

Tuairisc ar an bhfíon [na fíonta] (Ceannteideal 4 den doiciméad aonair, “Tuairisc ar an bhfíon [na fíonta]”)

III

Cleachtais speisialta fíonóireachta (Ceannteideal 5 den doiciméad aonair, “Cleachtais fíonóireachta”)

2.3.   Táirgeacht uasta a mhéadú

Ceadaítear i rialacha na hUngáire i ndáil leis an tásc TGFC a úsáid, an táirgeacht nua le haghaidh fíona nua ar an moirt a shocrú ag 120 hl/ha in áit 100 hl/ha. Déantar luach tháirgeacht na bhfíonchaor i gcileagraim a choigeartú dá réir freisin. I bhfianaise an éilimh mhéadaithe, bealach le cainníochtaí a mhéadú chun iomaíochas a fheabhsú atá i méadú soláthair.

Ceannteidil na sonraíochta táirge (agus an doiciméid aonair) a ndéantar difear dóibh:

V

Uastáirgeacht (Ceannteideal 5.2 den doiciméad aonair, “Uastáirgeacht”)

2.4.   Raon na gcineálacha fíonchaor ceadaithe a mhéadú

Tríd an tásc TGFC a úsáid ceadaítear cineálacha idirspeiceasacha a chur san áireamh i measc na gcineálacha fíonchaor atá ceadaithe. Deimhnítear a thuilleadh ár n-aidhm agus é sin á dhéanamh leis an méadú a bhfuil coinne leis ar mhodhanna orgánacha um tháirgeacht fíonchaor. Faoin leasú, ba mhian linn dá bhrí sin raon na gcineálacha ceadaithe a mhéadú chun cineálacha idirspeiceasacha áirithe a chur san áireamh. Cuimsítear leo sin cineálacha traidisiúnta agus nuaphóraithe, chomh maith le cineálacha idirnáisiúnta atá ag éirí níos saothraithe le 20 bliain anuas. Cineálacha fíonchaoire: Bianca, Korai piros veltelíni, Piros veltelíni, Pölöskei muskotály, Viktória gyöngye, Viognier, Zalagyöngye, Zöld szagos, Alibernet, Alicante Bouschet, Bíborkadarka, Blauer führburgunder, Csókaszőlő, Domina, Dornfelder, Hanburgi muskotály, Menoire, Nero, Rubintos, Sagrantino, Tannat, Turán.

Ceannteidil na sonraíochta táirge (agus an doiciméid aonair) a ndéantar difear dóibh:

VI

Cineálacha údaraithe fíonchaoire (Ceannteideal 7 den doiciméad aonair, “Príomhchineál [príomhchineálacha] fíonchaoire”)

2.5.   Is iad seo a leanas na cineálacha is féidir a úsáid chun iad a fhás

Faoi rialacha an Chomhphobail ar STFC, ní mór do 85 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear chun an táirge a tháirgeadh teacht ón limistéar geografach. Chun clú agus cáilíocht fhíonta Balaton a chosaint, chinneamar gur ceart go dtiocfadh 100 % de na fíonchaora ón limistéar críochaithe fós.

Ceannteidil na sonraíochta táirge (agus an doiciméid aonair) a ndéantar difear dóibh:

IV

Limistéar críochaithe (Ceannteideal 6 den doiciméad aonair “Ceannteideal geografach críochaithe”)

2.6.   Síneadh leis an limistéar críochaithe

Tá na bardais sin ina ndlúthchuid den limistéar táirgthe, áit a bhfuil fíonchaora á bhfás ag saothraithe fíniúna faoi na coinníollacha éiceolaíocha céanna agus i gcomhréir leis na traidisiúin chéanna leis na céadta agus iad ag táirgeadh fíona uathu. (Tá na bardais suite san aonad riaracháin (contae) céanna le bardais an limistéir chríochaithe)

Bardais nua: Balatonszárszó, Csapi, Nagytilaj, Teleki, Tótszentmárton, Balatonszentgyörgy, Balatonújlak, Kapoly, Kékkút, Mernye, Nagyszakácsi, Nikla, Pusztakovácsi, Siójut, Tab, Tapsony, Táska.

(As na bardais sin, níl Tótszentmárton suite díreach in aice le Balaton, ach tá sé i réigiún fíona Zala taobh le cuid de na bardais atá curtha san áireamh sna limistéir táirgthe críochaithe a bhaineann le tásc Balaton, amhail Becsehely. Ós rud é go bhfuil an bardas taobh leis an limistéar críochaithe, tá a chuid saintréithe aeráide agus éiceolaíocha cosúil den chuid is mó leis an limistéar táirgthe críochaithe.)

Ceannteidil na sonraíochta táirge (agus an doiciméid aonair) a ndéantar difear dóibh:

IV

Limistéar críochaithe (Ceannteideal 6 den doiciméad aonair “Ceannteideal geografach críochaithe”)

2.7.   Catagóir táirge an fhíona leathshúilínigh aeraithe a chur san áireamh

Sna foréigiúin fhíonsaothraithe de chuid Réigiún Fíona Balaton, i dteannta le fíon súilíneach TGFC Balaton/Balatoni, is mó i gcónaí méid na siléar atá ag táirgeadh fíonta leathshúilíneacha aeraithe, ar mó riamh an tóir a bhíonn ag an bpobal orthu. Éilíodh go mbeadh na táirgí sin indíolta faoin tásc TGFC Balaton/Balatoni seachas sa chatagóir “gan tásc geografach”. Chun staid mhargaidh fhíonta Balaton a neartú agus a n-iomaíochas a mhéadú, is gá fíonta leathshúilíneacha aeraithe a chur san áireamh sna catagóirí táirge TGFC Balaton/Balatoni.

Ceannteidil na sonraíochta táirge (agus an doiciméid aonair) a ndéantar difear dóibh:

II

Tuairisc ar an bhfíon [na fíonta] (Ceannteideal 3 den doiciméad aonair, “Catagóirí táirgí fíniúna”)

II

Tuairisc ar an bhfíon [na fíonta] (Ceannteideal 4 den doiciméad aonair, “Tuairisc ar an bhfíon [na fíonta]”)

III

Cleachtais speisialta fíonóireachta (Ceannteideal 5.1 den doiciméad aonair, “Cleachtais fíoneolaíochta shonracha”)

V

Uastáirgeacht (Ceannteideal 5.2 den doiciméad aonair, “Uastáirgeacht”)

VI

Cineálacha fíonchaoire údaraithe (Ceannteideal 7 den doiciméad aonair, “Príomhchineál [príomhchineálacha] fíonchaoire”)

VII

Nasc leis an limistéar geografach (Ceannteideal 8 den doiciméad aonair, “Tuairisc ar an nasc [na naisc]”)

VIII

Coinníollacha breise (Ceannteideal 9 den doiciméad aonair, Coinníollacha breise fíor-riachtanacha’)

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Balaton / Balatoni

2.   Cineál táisc gheografaigh

TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1

Fíon

4

Fíon súilíneach

9

Fíon leathshúilíneach aeraithe

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

1.   Fíon – geal

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Tá dath idir glas éadrom agus dath órga éadrom ar na fíonta. Fíon discréideach le láidreacht mheasartha dea-bholaidh le blasanna de bhláthanna bána (bláth troim, hiasaint, lus an chromchinn, bláth teile, líológ agus acáis). I dteannta lena dtorthaíocht, tá aigéid mhaothlacha acu agus tá siad tathagach, agus blas beagáinín searbh orthu a chuireann almóinní i gcuimhne agus atá tipiciúil d’fhíonta Balaton.

*

Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4  g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Fíon – Rosé

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Bíonn idir dath bándearg an bhradáin agus dath dearg éadrom ar fhíonta rosé Balaton de ghnáth. Sna fíonta seo, ar a bhfuil dea-bholadh déine measartha, is minic a bhíonn bolaithe de thorthaí dearga (sméar dubh, sú craobh, fraochán gorm, silín searbh) ag gabháil le mionbhlasanna milse de rós fiáin, de bhláthanna acáise agus luas an bhalla. De ghnáth bíonn blas orthu ina mheasctar aigéid mhaothlacha, cion íseal tainniní agus tathag, agus an críoch leath-shearbh a bhaineann go sonrach le fíonta Balaton.

*

Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4  g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Fíon – dearg

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon a bhfuil dath dearg an rúibín air, b’fhéidir le himreacha corcairdhearga agus corcra. Fíon dearg úr ar a bhfuil dea-bholadh torthaíoch ina bhfuil bolaithe déine measartha de thorthaí boga a bhfuil bia dearg iontu (sméar dubh, sú craobh, spíonáin agus sú talún), le toin beagáinín rósta agus deataithe ar minic a mbíonn bolaithe discréideacha ainmhí iontu. Mar gheall ar an íosneart tainniní agus alcóil, bíonn blas éadrom ar fhíonta dearga Balaton. Bíonn a gcuid aigéad tathagach agus réitíonn siad go maith leis na blasanna torthaíocha (sméar dubh, sú craobh, cuiríní, silín searbh), ar minic a bhíonn críoch orthu mar thoradh air sin a chuireann spíonáin i gcuimhne chomh maith le hiarbhlas ar nós almóinne.

*

Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4  g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   Fíon súilíneach – Geal

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Tá dath idir glas éadrom agus dath órga éadrom ar na fíonta. Bíonn boladh úr ar an bhfíon atá géar agus beagáinín bláthach ar nós bhláthanna úra almóinne, agus pailéad discréideach dea-bholaithe. Tá struchtúr aigéid mhaothlaigh agus bolaithe fíneáilte torthaíocha, amhail citreas agus úll glas, mar shaintréith iontu, a thagann chun cinn ón éagsúlacht cineálacha.

*

Comhfhreagraíonn an t-uasmhéid nirt alcóil iomláin do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4  g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

235

5.   Fíon súilíneach – Rosé

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Bíonn idir dath geal an bhradáin agus dath bándearg éadrom ar fhíonta rosé Balaton. Bíonn torthaíocht déine measartha na dtorthaí dearga boga (silín, silín searbh) mar shaintréith a ndea-bholaidh. Aigéid aibí mhaothlacha atá mar shaintréith de bhlas fhíonta súilíneacha rosé Balaton, chomh maith le críoch leathshearbh, atá tipiciúil don limistéar táirgthe.

*

Comhfhreagraíonn an t-uasmhéid nirt alcóil iomláin do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4  g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

235

6.   Fíon súilíneach – dearg

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Dath dearg an rúibín mar shaintréith díobh, féadann toin chorcairdhearga agus chorcra cur leis an dath sin. Bíonn torthaí a bhfuil bia dearg iontu chun tosaigh i ndea-bholadh an fhíona. Mar gheall ar a gcuid aigéad maothlach agus a n-ábhar measartha tainniní, bíonn blasanna torthaíocha chun cinn i bhfíonta dearga súilíneacha Balaton.

*

Comhfhreagraíonn an t-uasmhéid nirt alcóil iomláin do na teorainnluachanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4  g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

235

7.   Fíon leathshúilíneach aeraithe - Geal

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Tá dath idir glas éadrom agus dath buí órga ar na fíonta. Chomh maith le blasanna bláthacha, tá dea-bholadh ar an bhfíon atá mar shaintréith do bhláthanna bána, a méadaítear a ndéine trí dé-ocsaíd charbóin a chur leis. Tá méid bríomhar agus galánta aigéid san fhíon.

*

Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4  g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

8.   Fíon leathshúilíneach aeraithe, rosé

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Bíonn an dath idir bándearg éadrom agus dearg geal agus dea-bholadh air a mbíonn torthaíocht na dtorthaí sútha dearga (sú talún, silín, sú craobh) mar shaintréith iontu chomh maith le blasanna úra, géara. Tá méid bríomhar agus galánta aigéid san fhíon. Méadaítear déine a dhea-bholaidh trí dhé-ocsaíd charbóin a chur leis.

*

Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4  g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

9.   Fíon leathshúilíneach aeraithe - Dearg

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Bíonn idir dath dearg agus dath dearg an rúibín air. Bíonn aigéid veilbhitiúla mar shaintréith ann, chomh maith le cion measartha tainniní agus dea-bholadh tréan torthaí dearg, agus é méadaithe trí dhé-ocsaíd charbóin a chur leis.

*

Bíonn feidhm ag na teorainneacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir leis an uasmhéid nirt alcóil iomlán agus an t-uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4  g/l arna sloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíon oireachta

a.   Cleachtais fhíon eolaíocha fhíor-riachtanacha

1.   Fíonóireacht

Cleachtas sonrach fíoneolaíochta

Milsiú na bhfíonta: I gcás ina dhéantar milsiú an fhíona lasmuigh den limistéar críochaithe, ní mór an próiseas a thuairisciú don ghiúistís pobail fíona a eisíonn an deimhniú tionscnaimh don fhíon deireanach tráth nach déanaí ná 15 lá sula dtosaítear milsiú. (Féadann cleachtais fíoneolaíochta áirithe, amhail milsiú, tionchar suntasach a imirt ar pharaiméadair cháilíochta an fhíona. Chun go mbeidh na húdaráis in ann na hoibríochtaí sin a sheiceáil, is gá fógra a thabhairt don ghiúistís pobail fíona má tá an oibríocht ar siúl lasmuigh den limistéar críochaithe. Is é an giúistís inniúil pobail fíona nach mór fógra a thabhairt dó sna cásanna sin an duine a d’eisigh an deimhniú tionscnaimh is deireanaí don fhíon ar leith. Eisíonn an giúistís inniúil pobail fíona an deimhniú tionscnaimh le haghaidh na dtáirgí fíona, nuair a tháirgtear fíona nua ar an moirt nó nuair a aistrítear é.)

2.   Saothrú fíniúna (1)

Cleachtas saothraithe

1)

Modh saothraithe fíniúnacha agus spásáil:

a)

I gcás fíonghoirt a cuireadh tar éis an 22 Meán Fómhair 2006:

i.

an modh saothraithe: scáth, Moser, Sylvoz, tródam íseal, tródam measartha ard, tródam ard, Guyot, cuirtín, cuachphrúnáil agus prúnáil cinn

ii.

an líon fíniúnacha plandaithe: íosmhéid 3 300 fíniúin in aghaidh an heicteáir

b)

I gcás na bhfíonghort a cuireadh roimh an 22 Meán Fómhair 2006, táirgí fíonlainne a bhfuil tasc geografach faoi chosaint Balaton acu, féadfar iad a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear ó fhíonghoirt ina bhfuil aon déine plandála agus aon mhodh saothraithe arna n-údarú roimhe sin, ar choinníoll go leantar den táirgeacht san fhíonghort.

2)

Lód bachlóige: 14 bhachlóg/m2

3)

Modh buainte: buaint láimhe agus mheicniúil

4)

Cáilíocht na bhfíonchaor (íosmhéid siúcra agus neart alcóil iomlán na bhfíonchaor):

 

fíon – geal: 134.9 g/l – 8 % de réir toirte

 

fíon – rosé: 134.9 g/l – 8 % de réir toirte

 

fíon – dearg: 134.9 g/l – 8 % de réir toirte

 

fíon súilíneach – geal: 134.9 g/l – 8 % de réir toirte

 

fíon súilíneach – rosé: 134.9 g/l – 8 % de réir toirte

 

fíon súilíneach – dearg: 134.9 g/l – 8 % de réir toirte

 

Fíon leathshúilíneach aeraithe – geal: 134.9 g/l – 8 % de réir toirte

 

Fíon leathshúilíneach aeraithe – rosé: 134.9 g/l – 8 % de réir toirte

 

Fíon leathshúilíneach aeraithe – dearg: 134.9 g/l – 8 % de réir toirte

5)

Dáta na buainte a shocrú: socraithe ag an giúistís pobail fíona, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta don phobal fíona.

b.   Táirgeacht uasta

1.

Geal – Geal, Rosé, Dearg – buaint láimhe

120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Geal – Geal, Rosé, Dearg – buaint láimhe

17 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

3.

Geal – Geal, Rosé, Dearg – buaint mheicniúil

16 300 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

4.

Fíon súilíneach: Geal, Rosé, Dearg – buaint láimhe

120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

5.

Fíon súilíneach: Geal, Rosé, Dearg – buaint láimhe

17 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.

Fíon súilíneach: Geal, Rosé, Dearg – buaint mheicniúil

16 300 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

7.

Fíon leathshúilíneach aeraithe: Geal, Rosé, Dearg – buaint láimhe

120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

8.

Fíon leathshúilíneach aeraithe: Geal, Rosé, Dearg – buaint láimhe

17 000 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

9.

Fíon leathshúilíneach aeraithe: Geal, Rosé, Dearg – buaint mheicniúil

16 300 kg fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an limistéar críochaithe:

Bardais Andocs, Ábrahámhegy, Alsóörs, Aszófő, Badacsonytomaj, Badacsonytördemic, Bak, Balatonakali, Balatonalmádi, Balatonberény, Balatonboglár, Balatoncsicsó, Balatonederics, Balatonendréd, Balatonfőkajár, Balatonfüred, Balatongyörök, Balatonhenye, Balatonkenese, Balatonkeresztúr, Balatonlelle, Balatonőszöd, Balatonrendes, Balatonszabadi, Balatonszárszó, Balatonszemes, Balatonszentgyörgy, Balatonszepezd, Balatonszőlős, Balatonudvari, Balatonújlak, Balatonvilágos, Becsehely, Bérbaltavár, Borgáta, Borszörcsök, Böhönye, Celldömölk, Csabrendek, Csapi, Csáford, Cserszegtomaj, Csoma, Csopak, Csörnyeföld, Csurgó, Dióskál, Doba, Dobri, Dörgicse, Egeraracsa, Eszteregnye, Felsőörs, Galambok, Garabonc, Gyenesdiás, Gyugy, Gyulakeszi, Hegyesd, Hegymagas, Hévíz-Egregy, Hollád, Homokkomárom, Kapoly, Kaposhomok, Kaposkeresztúr, Káptalantóti, Karád, Kemeneskápolna, Kercseliget, Kerkateskánd, Kékkút, Kéthely, Kisapáti, Kissomlyó, Kőröshegy, Kötcse, Kővágóörs, Köveskál, Látrány, Lengyeltóti, Lenti, Lesencefalu, Lesenceistvánd, Lesencetomaj, Letenye, Lovas, Magyarszerdahely, Marcali, Mencshely, Mernye, Mesteri, Miháld, Mindszentkálla, Monostorapáti, Monoszló, Mosdós, Murarátka, Muraszemenye, Nagyberki, Nagykanizsa, Nagyrada, Nagyszakácsi, Nagytilaj, Nemesgulács, Nemesvita, Nikla, Óbudavár, Ordacsehi, Orosztony, Örvényes, Pakod, Paloznak, Pécsely, Pusztakovácsi, Raposka, Révfülöp, Rezi, Rigyác, Salföld, Sármellék, Sáska, Siójut, Somlójenő, Somlószőlős, Somlóvásárhely, Somogysámson, Somogytúr, Somogyzsitfa, Söjtör, Sümeg, Sümegprága, Szabadi, Szécsisziget, Szentantalfa, Szentbékkálla, Szentgyörgyvár, Szentjakabfa, Szigliget, Szólád, Szőlősgyörök, Tab, Tagyon, Tapolca, Tapsony, Táska, Tekenye, Teleki, Tihany, Tormafölde, Tótszentmárton, Uzsa, Valkonya, Várvölgy, Vászoly, Vindornyalak, Vindornyaszőlős, Visz, Vonyarcvashegy, Zajk, Zalabér, Zalahaláp, Zalakaros, Zalaszabar, Zalaszántó, Zalaszentgrót, Zamárdi agus Zánka,

a aicmítear in Aicme I nó Aicme II de réir chadastar an fhíonghoirt.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

alibernet

alicante boushet

bacchus

bianca

blauburger

blauer frühburgunder

blauer silvaner

budai – budai zöld

budai – zöld budai

budai – zöldfehér

budai – zöldszőlő

bíbor kadarka

cabernet franc – cabernet

cabernet franc – carbonet

cabernet franc – carmenet

cabernet franc – gros cabernet

cabernet franc – gros vidur

cabernet franc – kaberne fran

cabernet sauvignon

chardonnay – chardonnay blanc

chardonnay – kereklevelű

chardonnay – morillon blanc

chardonnay – ronci bilé

chasselas – chasselas blanc

chasselas – chasselas dorato

chasselas – chasselas doré

chasselas – chrupka belia

chasselas – fehér fábiánszőlő

chasselas – fehér gyöngyszőlő

chasselas – fendant blanc

chasselas – saszla belaja

chasselas – weisser gutedel

csabagyöngye - péarla csaba

csabagyöngye – perla czabanska

csabagyöngye – perla di csaba

csabagyöngye – perla di csaba

csabagyöngye – perle von csaba

csabagyöngye – vengerskii muskatnii rannüj

csabagyöngye – zsemcsug szaba

cserszegi fűszeres

csomorika - csomor

csomorika – gyüdi fehér

csomorika – szederkényi fehér

csókaszőlő

domina

dornfelder

ezerjó – kolmreifler

ezerjó – korponai

ezerjó – szadocsina

ezerjó – tausendachtgute

ezerjó – tausendgute

ezerjó – trummertraube

furmint - furmint bianco

furmint - moslavac bijeli

furmint - mosler

furmint - posipel

furmint - som

furmint - szigeti

furmint - zapfner

hamburgi muskotály – miszket hamburgszki

hamburgi muskotály – moscato d’Amburgo

hamburgi muskotály – muscat de hambourg

hamburgi muskotály – muscat de hamburg

hamburgi muskotály – muszkat gamburgszkij

hárslevelű – feuilles de tilleul

hárslevelű – garszleveljü

hárslevelű – lindeblättrige

hárslevelű – lipovina

irsai olivér – irsai

irsai olivér – muskat olivér

irsai olivér – zolotis

irsai olivér – zolotisztüj rannüj

juhfark – fehérboros

juhfark – lämmerschwantz

juhfark – mohácsi

juhfark – tarpai

kadarka – csetereska

kadarka – fekete budai

kadarka – gamza

kadarka – jenei fekete

kadarka – kadar

kadarka – kadarka negra

kadarka – negru moale

kadarka – szkadarka

kadarka – törökszőlő

karát

királyleányka – dánosi leányka

királyleányka – erdei sárga

királyleányka – feteasca regale

királyleányka – galbena de ardeal

királyleányka – königliche mädchentraube

királyleányka – königstochter

királyleányka – banphrionsa beag

korai piros veltelini – crvena babovina

korai piros veltelini – eper szőlő

korai piros veltelini – frühroter velteliner

korai piros veltelini – kis veltelini

korai piros veltelini – malvasia rossa

korai piros veltelini – piros malvazia

korai piros veltelini – velteliner rouge précoce

korai piros veltelini – veltlinske cervené skoré

korona

kék bakator

kékfrankos – blauer lemberger

kékfrankos – blauer limberger

kékfrankos – blaufränkisch

kékfrankos – limberger

kékfrankos – moravka

kéknyelű – blaustängler

kékoportó – blauer portugieser

kékoportó – modry portugal

kékoportó – portugais bleu

kékoportó – portugalske modré

kékoportó – portugizer

kövidinka – a dinka crvena

kövidinka – a dinka mala

kövidinka – a dinka rossa

kövidinka – a kamena dinka

kövidinka – a ruzsica

kövidinka – steinschiller

kövérszőlő – grasa

kövérszőlő – grasa de cotnari

leányka – dievcenske hrozno

leányka – feteasca alba

leányka – leányszőlő

leányka – mädchentraube

menoire

merlot

nektár

nero

olasz rizling – grasevina

olasz rizling – nemes rizling

olasz rizling – olaszriesling

olasz rizling – riesling italien

olasz rizling – risling vlassky

olasz rizling – taljanska grasevina

olasz rizling – welschriesling

ottonel muskotály – miszket otonel

ottonel muskotály – muscat ottonel

ottonel muskotály – muskat ottonel

pinot blanc – fehér burgundi

pinot blanc – pinot beluj

pinot blanc – pinot bianco

pinot blanc – weissburgunder

pinot noir – blauer burgunder

pinot noir – kisburgundi kék

pinot noir – kék burgundi

pinot noir – kék rulandi

pinot noir – pignula

pinot noir – pino csernüj

pinot noir – pinot cernii

pinot noir – pinot nero

pinot noir – pinot tinto

pinot noir – rulandski modre

pinot noir – savagnin noir

pinot noir – spätburgunder

pintes

piros veltelini – nagyságos

piros veltelíni – fleischtraube

piros veltelíni – somszőlő

piros veltelíni – velteliner rouge

piros veltelíni – veltlinské cervené

piros veltelíni – veltlinszki rozovij

pátria

pölöskei muskotály

rajnai rizling – johannisberger

rajnai rizling – rheinriesling

rajnai rizling – rhine riesling

rajnai rizling – riesling

rajnai rizling – riesling blanc

rajnai rizling – weisser riesling

rizlingszilváni – müller thurgau

rizlingszilváni – müller thurgau bijeli

rizlingszilváni – müller thurgau blanc

rizlingszilváni – rivaner

rizlingszilváni – rizvanac

rozália

rubintos

rózsakő

sagrantino

sauvignon – sauvignon bianco

sauvignon – sauvignon bijeli

sauvignon – sauvignon blanc

sauvignon – sovinjon

semillon – petit semillon

semillon – semillon bianco

semillon – semillon blanc

semillon – semillon weisser

syrah – blauer syrah

syrah – marsanne noir

syrah – serine noir

syrah – shiraz

syrah – sirac

szürkebarát – auvergans gris

szürkebarát – grauburgunder

szürkebarát – graumönch

szürkebarát – pinot grigio

szürkebarát – pinot gris

szürkebarát – ruländer

sárfehér

sárga muskotály – moscato bianco

sárga muskotály – muscat blanc

sárga muskotály – muscat bélüj

sárga muskotály – muscat de frontignan

sárga muskotály – muscat de lunel

sárga muskotály – muscat lunel

sárga muskotály – muscat sylvaner

sárga muskotály – muscat zlty

sárga muskotály – muskat weisser

sárga muskotály – weiler

sárga muskotály – weisser

tannat

tramini – gewürtztraminer

tramini – roter traminer

tramini – savagnin rose

tramini – tramin cervené

tramini – traminer

tramini – traminer rosso

turán

viktória gyöngye

viognier

vulcanus

zalagyöngye

zefír

zengő

zenit

zeus

zweigelt – blauer zweigeltrebe

zweigelt – rotburger

zweigelt – zweigeltrebe

zöld szagos – decsi szagos

zöld szagos – zöld muskotály

zöld szilváni – grüner sylvaner

zöld szilváni – silvanec zeleni

zöld szilváni – sylvánske zelené

zöld veltelíni – grüner muskateller

zöld veltelíni – grüner veltliner

zöld veltelíni – veltlinské zelené

zöld veltelíni – zöldveltelíni

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   An nasc

Tá an nasc bunaithe ar chlú fhíonta “Balaton/Balatoni”.

8.2.   Tuairisc ar an limistéar críochaithe

Tosca daonna, nádúrtha agus cultúrtha:

Is é a ghaire do Loch Balaton príomhghné nádúrtha choiteann an limistéir chríochaithe a chuimsíonn sé fho-réigiún fíona timpeall Loch Balaton agus lena mbaineann an tásc geografach faoi chosaint, Balaton. Bíonn tionchar suntasach ag láithreacht an locha is mó san Eoraip Láir ar aeráid ilchríochach an réigiúin seo. Mar thoradh ar láithreacht an dobharlaigh mhóir sin, bíonn an samhradh níos fuaire, bíonn an t-aer níos taise agus bíonn an geimhreadh níos séimhe i gcomparáid le limistéir eile san Eoraip atá ar an domhanleithead céanna.

Chomh maith le haeráid níos measartha a bheith cruthaithe ag Loch Balaton, ba cheart a lua go bhfuil a loch-chuach cosanta ar ionradh gaoth fuar ó thuaidh agus aniar ag Cnoic Bakony a ardaíonn achar maith ó bhruach thuaidh an locha, mar thoradh air sin ní sháraíonn an mheánteocht mhíosúil 25 °C, fiú sna míonna is teo, mar a léirítear leis na taifid le 53 bliana anuas. 9-11 °C an mheánteocht bhliantúil, atá níos airde ná an meán, agus bíonn thart ar 1 900 uair an chloig gréine in aghaidh na bliana. Is é 650 mm an mheánfhrasaíocht bhliantúil.

Laistigh den limistéar táirgthe críochaithe “Balaton”, bíonn fíonghoirt suite de ghnáth ar fhánaí theas, thoir theas nó thiar theas na gcnoc agus na sléibhte timpeall Loch Balaton.

Ithir dhonn na foraoise de chineál Rhamann le hinláisteadh cré atá ina hithir thipiciúil i limistéar táirgthe críochaithe “Balaton”.

De réir doiciméad stairiúil, bhíodh fíonchaora agus fíonta á dtáirgeadh ag lucht cónaithe an réigiúin fiú roimh Ré na Rómánach. Tugtar le fios ó uirlisí a bhaineann le saothrú fíonchaor agus blaiseadh fíona a aimsíodh i dtochailtí i gcuach thiar an locha go raibh an fíonsaothrú forbartha go maith ag Loch Balaton, ar tugadh “Pelso” air i ré na Rómánach. Tháinig borradh ar chultúr fíona an réigiúin sa chianaois, mar thoradh ar bhearta a thug an tImpire Probus isteach, nuair a dhéantaí fíonta a onnmhairiú go tíortha Thuaisceart na hEorpa ar an mBóthar Ómra.

Léirítear gradam na bhfíonta as réigiún Balaton in Ungáir na meánaoise sa mhéid gur bronnadh fíonghoirt in aice le Loch Balaton mar onóir ar dhaoine uaisle mar mhalairt ar a ndílseacht don rí. Bhí ról tábhachtach freisin ag eastáit eaglaise agus mainistreacha ó thaobh fíonsaothrú agus saothrú fíonchaor a fhorbairt; a bhuí lena gcuid fíonghort, bhíodh fíonta Balaton mar rogha fíona sacraimintiúil ar feadh tréimhse fada agus iad á n-úsáid in Aifrinn san Ungáir agus ar an gcoigríoch chomh maith. Ba ionann an fíon an fhoinse ba thábhachtaí ioncaim le haghaidh na n-ord rialta sna Meánaoiseanna, rud eile a léiríonn clú fhíonta Balaton.

I gcodarsnacht le réigiúin fíona eile san Ungáir, i gcás daoine ó lasmuigh den limistéar a chuir fúthu timpeall Loch Balaton tar éis fhorghabháil na nOtamánach, lean siad orthu ag fás na gcineálacha dúchasacha fíonchaor ón gceantar áitiúil (e.g. Bakator, Juhfark, Kéknyelű agus Pintes), arbh cineálacha Pontacha iad den chuid is mó. Go dtí gur tharla eipidéim phylloxera, bhí clú fhíonta Balaton i dtíortha Eorpacha in aice bunaithe ar na fíonta sin.

Cé gur scriosadh gnó na saothróirí fíonchaoire i limistéar Balaton mar thoradh ar eipidéim phylloxera, bhain an réigiún fíona amach clú arís laistigh de thréimhse réasúnta gairid. Meastar anois go bhfuil na cineálacha fíonchaoire Olasz rizling agus Szürkebarát, a tugadh isteach sa limistéar ag an am sin, fite fuaite le hainm an réigiúin agus chuir siad le clú fhíonta Balaton/Balatoni. Freisin chuir forbairt na turasóireachta ar an loch le clú fhíonta Balaton le 100 bliain anuas. Maidir le turasóirí a thugann cuairt ar an loch, gnéithe tábhachtacha den tírdhreach iad leicinn na gcnoc, áit a ndéantar saothrú fíniúna, agus bealaí fíona chomh maith le féilte fíona a chuireann lena gclú iontach chomh maith.

8.3.   Fíon- Geal, rosé, dearg: Tuairisc ar na fíonta

I gcaitheamh na mílaoiseanna, d’eascair clú fhíonta Balaton ón úire agus ó na haigéid aibí atá tipiciúil de na fíonta tathagacha sin. Tá tírdhreach Balaton agus stair na bhfánaí cnoic agus sléibhe timpeall air fite fuaite le stair an fhíonsaothraithe agus an saothrú fíonchaor.

Le fiche bliain anuas, d’fhreastail an réigiún fíona go réidh ar ionchais tomhaltóirí trí cineálacha aramatacha nua a tháirgeadh a fhástar san Ungáir agus atá oiriúnaithe do na dálaí éiceolaíocha áitiúla (e.g. Irsai Olivér, Cserszegi fűszeres agus Zeus).

8.4.   Fíon- Geal, rosé, dearg: Cur i láthair agus léiriú an naisc chúisigh

Le haeráid uathúil fho-Mheánmhuirí an réigiúin, cinntítear na dálaí den scoth chun fíonchaora a shaothrú ó cheann ceann na bliana: mar thoradh ar an éifeacht fhuaraithe a bhíonn ag Loch Balaton sa samhradh agus an bhogthaise choibhneasta mhéadaithe mar thoradh ar ghalú, is annamh a tharlaíonn triomaigh atmaisféaracha agus ní tharlaíonn ach líon íseal laethanta triomaigh. Le hithreacha donna foraoise le glárú cré, coinnítear go maith báisteach an gheimhridh agus an earraigh agus cuirtear soláthar leanúnach uisce ar fáil chun fíniúnacha a fhás. Mar gheall ar na dálaí uathúla aeráide agus ithreach sin, cumasaítear forbairt fíonchaoire saor ó bhrú le linn mhíonna ríthábhachtacha an tsamhraidh, agus cuirtear cosc ar bholaidh ghlasraíocha mharbhánta agus aigéid neamhaibí, amha san fhíon.

Mar thoradh ar an éifeacht fhrithchaiteach a bhíonn ag dromchla Loch Balaton, faigheann na fíonghoirt ar fhánaí na gcnoc agus na sléibhte timpeall an locha níos mó solais ná mar a cheapfaí, agus an meánlíon uaireanta gréine á chur san áireamh. Tá sé seo tábhachtach ach go háirithe le linn na bhfómhar fada grianmhar a bhíonn ann de bharr fhrithchioclóin na Meánmhara. Ós rud é gur féidir fiú cineálacha a aibítear go measartha-déanach (e.g. Juhfark, Chardonnay, Rizlingszilváni) agus go déanach (e.g. Olasz rizling, Szürkebarát) atá á bhfás ag táirgeoirí áitiúla leis na céadta a bhuaint nuair a bhíonn na leibhéil siúcra ard, tá fíonta Balaton tathagach agus tá boladh láidir agus blas saibhir orthu.

Bíonn an bhogthaise coibhneasta ard i rith an tsamhraidh, ach déantar an t-aer a athnuachan tráthnóna ag gaotha fuara a thagann ó Chnoic Bakony. Leis an ngluaiseacht shíoraí aeir cuirtear cosc ar scaipeadh galar fungasach agus cinntítear go mbuaintear fíonchaora sláintiúla. Dá thoradh sin, bíonn fíonta Balaton torthaíoch, bíonn aigéid thathagacha aibí iontu agus bíonn tainniní na bhfíonta rosé agus dearga síodúil agus galánta.

Limistéar as cuimse é Réigiún Balaton mar gheall ar a chlú agus cháil go príomha, mar a léirítear leis na féilte fíona, na féilte fómhair nó na seachtainí fíona a eagraítear gach bliain le haghaidh cuairteoirí áitiúla agus eachtracha in ionaid éagsúla i limistéar Balaton (mar fhéile fíona Borbarangolás [Fíon ar Turas] i Badacsony, an Zánkai bornapok [Laethanta Fíona i Zánka] Badacsonyi Borhét [Seachtain Fíona Badacsony] agus Balatonfüredi Borhetek [Seachtainí Fíona Balatonfüred]). Cuireann saineolas aitheanta na dtáirgeoirí áitiúla go mór le carachtar na bhfíonta agus lena gcáil a chothú ar an mbonn sin. Fachtóir tábhachtach eile sa chlú agus sa cháilíocht is ea nach bhféadtar ach fíonchaora ón limistéar táirgthe críochaithe a úsáid chun na táirgí fíona a tháirgeadh. Bíonn meas ag tomhaltóirí air sin agus leis an srian tionscnaimh 100 % freisin coinnítear muinín an tomhaltóra.

8.5.   Fíon súilíneach- Geal, rosé, dearg: Tuairisc ar na fíonta

Is é a chinntíonn cáilíocht fhíonta súilíneacha Balaton go príomha é cáilíocht na bhfíonta cuveé a tháirgtear go háitiúil, ag a bhfuil úire agus struchtúr aigéad aibí agus úr atá fíor-riachtanach chun fíon súilíneach a tháirgeadh. Is é an blas is ceannasaí i bhfíonta súilíneacha Balaton a mblas torthaíoch a fhanann ar an teanga.

Thosaigh scéal na bhfíonta súilíneacha a tháirgtear sa tírdhreach iontach timpeall Loch Balaton seasca bliain ó sin, nuair a infheistíodh i mbonneagar na n-ionad táirgthe don fhíon súilíneach sa réigiún fíona, mar gheall ar rath na hinfheistíochta sin, spreagadh forbairt roinnt fíonlann áitiúil agus cuireadh le clú fhíonta súilíneacha Balaton.

Léirítear clú fhíonta súilíneacha Balaton sa mhéid go bhfuil nach mór aon trian de mhargadh iomlán na bhfíonta súilíneacha san Ungáir déanta suas de na fíonta súilíneacha a tháirgtear sa réigiún seo.

Is é a ráthaíonn caighdeán fhíonta súilíneacha Balaton an chomhchuibheacht speisialta idir na cineálacha iomadúla fíonchaoire. Tá an raon leathan sin de chineálacha á fhorbairt leis na mílte bliain ag daoine a chur fúthu sa réigiún:

cineálacha lena mbaineann tábhacht áitiúil (e.g. Kéknyelű, Bakator, Juhfark agus Pintes), ar féidir a mheas gur tháinig siad chun cinn ó na cineálacha a thug céad lonnaitheoirí na hUngáire isteach (cineálacha Pontacha);

cineálacha an ghrúpa thiar (occidentalis), a tugadh isteach go príomha tar éis eipidéim phylloxera (e.g. Chardonnay, Olasz rizling agus Szürkebarát);

cineálacha a tugadh isteach le tamall anuas a fásadh agus dálaí éiceolaíocha áitiúla curtha san áireamh (cineálacha a fhástar go háitiúil amhail Zeus, Zenit, Csereszegi fűszeres).

Gné thipiciúil de réigiún fíona Balaton is ea na cineálacha sin go léir a bheith ann ag an am céanna.

Cur i láthair agus léiriú an naisc chúisigh:

Mar thoradh ar an éagsúlacht i struchtúr na gcineálacha, tá meascadh comhchuibheach na bhfíonta cuvée a tháirgtear go háitiúil ríthábhachtach do bholadh agus do bhlas torthaíoch fhíonta súilíneacha ardchaighdeáin Balaton, boladh a bhíonn discréideach ach galánta an tráth céanna. Tá pailéid torthaíoch casta agus struchtúr an bholaidh ar fhíonta súilíneacha Balaton inchurtha i leith an raon cineálacha fíonchaoire a fhástar i réigiún Balaton.

Toisc chomhshaoil eile i gcarachtar torthaíoch fhíonta súilíneacha Balaton is ea cé go mbíonn an bhogthaise coibhneasta ard i rith an tsamhraidh, go déantar an t-aer a athnuachan tráthnóna ag gaotha fuara a shéidtear síos ó Chnoic Bakony. Leis an ngluaiseacht shíoraí aeir cuirtear cosc ar scaipeadh galar fungasach agus cinntítear go mbuaintear fíonchaora sláintiúla.

Le haeráid uathúil fho-Mheánmhuirí an réigiúin, cinntítear na dálaí den scoth chun fíonchaora a shaothrú ó cheann ceann na bliana: mar thoradh ar an éifeacht fhuaraithe a bhíonn ag Loch Balaton sa samhradh agus an bhogthaise choibhneasta mhéadaithe mar thoradh ar ghalú, is annamh a tharlaíonn triomaigh atmaisféaracha agus ní tharlaíonn ach líon íseal laethanta triomaigh. Le hithreacha donna foraoise le glárú cré, coinnítear go maith báisteach an gheimhridh agus an earraigh agus cuirtear soláthar leanúnach uisce ar fáil chun fíniúnacha a fhás. Mar thoradh ar na coinníollacha uathúla aeráide agus ithreach sin, fásann fíonchaora go leanúnach agus saor ó thosca struis le linn thréimhse ríthábhachtach an tsamhraidh, agus ar an mbealach sin cuirtear cosc ar fhuarbholaithe agus aigéid amha neamhaibí san fhíon súilíneach.

Mar thoradh ar an éifeacht fhrithchaiteach a bhíonn ag dromchla Loch Balaton, faigheann na fíonghoirt ar fhánaí na gcnoc agus na sléibhte timpeall an locha níos mó solais ná mar a cheapfaí, agus an meánlíon uaireanta gréine á chur san áireamh. Tá an méid sin tábhachtach go háirithe le linn na bhfómhar fada grianmhar a bhíonn ann de bharr fhrithchioclóin na Meánmhara, agus bíonn tathag lán dá bhrí sin i bhfíonta súilíneacha Balaton agus boladh láidir agus blas saibhir orthu.

Limistéar as cuimse é Réigiún Balaton mar gheall ar a chlú go príomha, mar a léirítear leis na féilte fíona, na féilte fómhair nó na seachtainí fíona a eagraítear gach bliain le haghaidh cuairteoirí áitiúla agus eachtracha in ionaid éagsúla i limistéar Balaton (mar fhéile fíona Borbarangolás i Badacsony, an Zánkai bornapok [Laethanta Fíona i Zánka] Badacsonyi Borhét [Seachtain Fíona Badacsony] agus Balatonfüredi Borhetek [Seachtainí Fíona Balatonfüred]). Fachtóir tábhachtach eile sa chlú agus sa cháilíocht is ea nach bhféadtar ach fíonchaora ón limistéar táirgthe críochaithe a úsáid chun na táirgí fíona a tháirgeadh. Bíonn meas ag tomhaltóirí air sin agus leis an srian tionscnaimh 100 % freisin coinnítear muinín an tomhaltóra.

8.6.   Fíon leathshúilíneach aeraithe- Geal, rosé, dearg: Tuairisc ar na fíonta

Tá úire, comhchuibheacht, aigéid bhríomhara agus torthaíocht mar shaintréithe den fhíon leathshúilíneach aeraithe a dhéantar i réigiún fíona Balaton. Feabhsaítear an chomhchuibheacht, an úire agus an torthaíocht ag an dé-ocsaíd charbóin bhreise.

8.7.   Fíon leathshúilíneach aeraithe- Geal, rosé, dearg: Cur i láthair agus léiriú an naisc chúisigh

Mar gheall ar an struchtúr ildaite ar chineálacha Balaton, bíonn boladh discréideach ach torthaíoch ag an am céanna ar fhíonta leathshúilíneacha aeraithe.

Toisc chomhshaoil eile i gcarachtar torthaíoch na bhfíonta leathshúilíneacha aeraithe de chuid Balaton é, cé go mbíonn an bhogthaise choibhneasta ard sa samhradh, go ndéantar an t-aer a athnuachan tráthnóna ag na gaotha fuara a shéidtear síos ó Chnoic Bakony. Leis an ngluaiseacht shíoraí aeir cuirtear cosc ar scaipeadh galar fungasach agus cinntítear go mbuaintear fíonchaora sláintiúla.

Le haeráid uathúil fho-Mheánmhuirí an réigiúin, cinntítear na dálaí den scoth chun fíonchaora a shaothrú ó cheann ceann na bliana: mar thoradh ar an éifeacht fhuaraithe a bhíonn ag Loch Balaton sa samhradh agus an bhogthaise choibhneasta mhéadaithe mar thoradh ar ghalú, is annamh a tharlaíonn triomaigh atmaisféaracha agus ní tharlaíonn ach líon íseal laethanta triomaigh. Le hithreacha donna foraoise le glárú cré, coinnítear go maith báisteach an gheimhridh agus an earraigh agus cuirtear soláthar leanúnach uisce ar fáil chun fíniúnacha a fhás. Mar thoradh ar na coinníollacha uathúla aeráide agus ithreach sin, fásann fíonchaora go leanúnach agus saor ó thosca struis le linn thréimhse ríthábhachtach an tsamhraidh, agus ar an mbealach sin coisctear fuarbholaithe agus aigéid amha neamhaibí san fhíon súilíneach aeraithe.

Limistéar tábhachtach do thurasóirí ach go háirithe é Réigiún Fíona Balaton, agus an turasóireacht fíona ar cheann de na tarraingtí móra (mar fhéile fíona Borbarangolás [Fíon ar Turas] i Badacsony, an Zánkai bornapok [Laethanta Fíona i Zánka] Badacsonyi Borhét [Seachtain Fíona Badacsony] agus Balatonfüredi Borhetek [Seachtainí Fíona Balatonfüred]). Bíonn tóir mhóir sa lá atá inniu ann ar fhíonta leathshúilíneacha aeraithe a tháirgtear i réigiún fíona Balaton. Fachtóir tábhachtach eile sa chlú agus sa cháilíocht is ea nach bhféadtar ach fíonchaora ón limistéar táirgthe críochaithe a úsáid chun na táirgí fíona a tháirgeadh. Bíonn meas ag tomhaltóirí air sin agus leis an srian tionscnaimh 100 % freisin coinnítear muinín an tomhaltóra.

9.   COINNÍOLLACHA FÍOR-RIACHTANACHA BREISE

Rialacha maidir le comharthú – nathanna eile

Creat dlíthiúil: Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise: Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Nathanna eile a bhfuil a n-úsáid srianta, nathanna lena gcomharthaítear an modh táirgthe, agus nathanna eile a bhfuil a n-úsáid rialaithe:

“barrique”, “barrique-ban erjesztett” [coipthe i mbairillí] nó “hordóban erjesztett” [coipthe i gcascaí], “barrique-ban érlelt” [a aosaítear i mbairillí] nó “hordóban érlelt” [a aosaítear i gcascaí]: fíon – dearg, geal

“első szüret” [céad fhómhar] nó fíon nua: fíon – geal, rosé, dearg; fíon leathshúilíneach aeraithe – geal, rosé, dearg

“újbor” [fíon nua] nó “primőr” [primeur]: fíon – geal, rosé, dearg; fíon leathshúilíneach aeraithe – geal, rosé, dearg

szűretlen [neamhscagtha]: fíon – geal, rosé, dearg

“muskotály”: fíon – geal; fíon súilíneach – geal; fíon leathshúilíneach aeraithe – geal

palackban erjesztett [coipthe i mbuidéil]: fíon súilíneach – geal, rosé, dearg

termelői pezsgő [fíon táirgeora]: fíon súilíneach – geal, rosé, dearg

“cuvée” nó “küvé”: fíon – geal, rosé, dearg; fíon súilíneach – geal, rosé, dearg; fíon leathshúilíneach aeraithe – geal, rosé, dearg

Táirgeadh lasmuigh den limistéar táirgthe críochaithe

Creat dlíthiúil: Ón eagraíocht a bhainistíonn STFC/TGFC, i gcás ina leagann na Ballstáit síos é

An cineál coinníll bhreise: Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

a)

Contae Tolna: Aparhant, Bátaapáti, Bikács, Bonyhád, Bonyhádvarasd, Bölcske, Dunaföldvár, Dunaszentgyörgy, Dúzs, Fácánkert, Felsőnyék, Grábóc, Gyönk, Györe, Györköny, Hőgyész, Iregszemcse, Izmény, Kisdorog, Kismányok, Kisszékely, Kisvejke, Kölesd, Lengyel, Madocsa, Magyarkeszi, Mórágy, Mőcsény, Mucsfa, Mucsi, Nagydorog, Nagyszékely, Nagymányok, Nagyszokoly, Ozora, Paks, Pincehely, Regöly, Sárszentlőrinc, Simontornya, Tamási, Tengelic, Tevel, Tolna, Tolnanémedi, Váralja, Závod, Alsónána, Alsónyék, Báta, Bátaszék, Decs, Harc, Kakasd, Kéty, Medina, Őcsény, Sióagárd, Szálka, Szekszárd, Várdomb, Zomba

b)

Contae Fejér: Bicske, Csabdi, Alcsútdoboz, Etyek, Felcsút, Gyúró, Kajászó, Martonvásár, Tordas, Vál, Gárdony, Kápolnásnyék, Nadap, Pákozd, Pázmánd, Sukoró, Velence, Csákberény, Csókakő, Mór, Pusztavám, Söréd, Zámoly, Aba, Igar, Lajoskomárom, Mezőkomárom, Seregélyes, Szabadhidvég

c)

Contae Komárom-Esztergom: Ászár, Bársonyos, Császár, Csép, Ete, Kerékteleki, Kisbér, Nagyigmánd, Vérteskethely, Baj, Bajót, Dunaalmás, Dunaszentmiklós, Esztergom, Kesztölc, Kocs, Lábatlan, Mocsa, Neszmély, Nyergesújfalu, Mogyorósbánya, Süttő, Szomód, Tata, Tát, Tokod, Vértesszőlős

d)

Contae Baranya: Helesfa, Kispeterd, Mozsgó, Nagypeterd, Nyugotszenterzsébet, Szigetvár, Boda, Cserkút, Hosszúhetény, Ivánbattyán, Keszü, Kiskassa, Kővágószőlős, Kővágótőttős, Mecseknádasd, Pécs, Pécsvárad, Szemely, Kisjakabfalva, Babarc, Bár, Bóly, Dunaszekcső, Hásságy, Lánycsók, Máriakéménd, Mohács, Monyoród, Nagynyárád, Olasz, Szajk, Szederkény, Versend,

e)

Contae Zala: Keszthely

A mhéid a bhaineann leis an limistéar táirgthe críochaithe, tá na bardais sin go léir suite laistigh den aonad riaracháin céanna nó laistigh d’aonad riaracháin comharsanachta, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://boraszat.kormany.hu/download/6/8b/f2000/BALATON_termekleiras%20modositas%20v4_kn.pdf


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 114/31


Teachtaireacht i gcomhréir le hAirteagal 34 (7)(a)(iii) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach arna n-eisiúint ag údaráis chustaim na mBallstát i ndáil le haicmiú earraí san ainmníocht chustaim

(2023/C 114/09)

Cúlghairfidh na húdaráis chustaim cinntí a bhaineann le faisnéis cheangailteach ón lá seo má bhíonn siad ar neamhréir le léirmhíniú na hainmníochta custaim mar thoradh ar na bearta taraife idirnáisiúnta seo a leanas:

Cinntí maidir le hAicmiú, Tuairimí maidir le hAicmiú nó leasuithe ar Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Chórais Chomhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí arna nglacadh ag an gComhairle um Chomhar Custaim (doiciméid CCC Uimh. NC2930 - tuarascáil ón 69ú seisiún den Choiste um an gCóras Comhchuibhithe, agus Uimh. NC3014 – tuarascáil ón 70ú seisiún den Choiste um an gCóras Comhchuibhithe):

LEASUITHE AR NA NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN ATÁ LE DÉANAMH FAOI NÓS IMEACHTA AIRTEAGAL 8 DEN CHOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA AR AN gCÓRAS COMHCHUIBHITHE UM THUAIRISCIÚ AGUS UM CHÓDÚ TRÁCHTEARRAÍ AGUS TUAIRIMÍ AGUS CINNTÍ MAIDIR LE hAICMIÚ ARNA gCUR IN EAGAR AG AN gCOISTE UM AN gCÓRAS COMHCHUIBHITHE DE CHUID NA COMHAIRLE UM CHOMHAR CUSTAIM

(69ú SEISIÚN DEN CHOISTE UM AN gCÓRAS COMHCHUIBHITHE – MÁRTA 2022)

DOIC. NC2930

Tuairimí maidir le haicmiú arna bhformheas ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe

3305.10/4-6

P/5 (1)

(70ú SEISIÚN DEN CHOISTE UM AN gCÓRAS COMHCHUIBHITHE – MEÁN FÓMHAIR 2022)

DOIC. NC3014

Leasuithe ar Nótaí Míniúcháin na hAinmníochta atá i gceangal le Coinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí

04.06

O/13

29.09

Q

30.04

Q

33.05

O/1

Caibidil 40

44.14

Q

Q

63.06

O/16

Caibidil 68

Q

70.18

O/8

Roinn XV

Q

83.06

Q

84.38

Q

84.62

85.49

O/10

O/15

87.01

Q

90.27

O/9

Tuairimí maidir le haicmiú arna bhformheas ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe

1704.90/12

O/2

2106.10/3

O/3

2404.19/3

O/12

2933.39/1

P (*1)

3002.49/1

P (*2)

3917.10/1

O/4

4418.91/1

O/5

8432.80/1

O/6

8504.40/3

8539.51/1

O/7

O/14

9032.89/2

O/7

Tuairimí maidir le haicmiú arna scriosadh ag an gCoiste um an gCóras Comhchuibhithe

2106.90/5

O/17

Is féidir faisnéis faoi ábhair na mbeart sin a fháil ó Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim de chuid an Choimisiúin Eorpaigh (rue Joseph II 79, 1000 An Bhruiséil, an Bheilg) nó is féidir í a íoslódáil ó shuíomh idirlín na hArd-Stiúrthóireachta seo:

https://ec.europa.eu/taxation_customs/business/calculation-customs-duties/what-is-common-customs-tariff/harmonized-system-general-information_en


(1)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme 2023/2 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 761/2014 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte (IO L 1, 3.1.2023, lch. 3).