ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 113

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
28 Márta 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 113/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11041 — VERDANE CAPITAL 2020 / FSN CAPITAL VI / POLYTECH GROUP) ( 1 )

1

2023/C 113/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10981 — ITOCHU / TOKYO CENTURY / HCM / JV) ( 1 )

2

2023/C 113/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10350 – MONDELEZ / CHIPITA INDUSTRIAL AND COMMERCIAL COMPANY) ( 1 )

3

2023/C 113/04

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11045 — MITSUBISHI CORPORATION / MITSUBISHI HC CAPITAL / JV) ( 1 )

4

2023/C 113/05

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.11066 – BERKSHIRE PARTNERS / GTCR / POINT BROADBAND) ( 1 )

5


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 113/06

Rátaí malairte an euro — 27 Márta 2023

6

2023/C 113/07

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

7

2023/C 113/08

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

10

2023/C 113/09

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 27 Márta 2023 lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

14

 

An tÚdarás Eorpach Saothair

2023/C 113/10

Cinneadh Uimh. 20/2022 an 24 Samhain 2022 maidir le rialacha inmheánacha a bhaineann le srianta ar chearta áirithe dhaoine is ábhar do na sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás Eorpach Saothair

17

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

2023/C 113/11

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an bpacáiste tograí reachtacha maidir le CBL sa Ré Dhigiteach (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECShttps://edps.europa.eu)

26


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 113/12

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10860 — ADVENT / GfK) ( 1 )

29

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 113/13

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

31


 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar Public holidays 2023 ( IO C 39, 1.2.2023 )

37


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11041 — VERDANE CAPITAL 2020 / FSN CAPITAL VI / POLYTECH GROUP)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 113/01)

An 22 Márta 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11041. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10981 — ITOCHU / TOKYO CENTURY / HCM / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 113/02)

An 18 Eanáir 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M10981. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10350 – MONDELEZ / CHIPITA INDUSTRIAL AND COMMERCIAL COMPANY)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 113/03)

An 24 Samhain 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10350. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/4


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11045 — MITSUBISHI CORPORATION / MITSUBISHI HC CAPITAL / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 113/04)

An 20 Márta 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11045. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/5


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.11066 – BERKSHIRE PARTNERS / GTCR / POINT BROADBAND)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 113/05)

An 17 Márta 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M11066. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/6


Rátaí malairte an euro (1)

27 Márta 2023

(2023/C 113/06)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0773

JPY

yen na Seapáine

141,64

DKK

krone na Danmhairge

7,4515

GBP

punt steirling

0,87818

SEK

krona na Sualainne

11,2120

CHF

franc na hEilvéise

0,9875

ISK

króna na hÍoslainne

149,90

NOK

krone na hIorua

11,3380

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,732

HUF

forint na hUngáire

385,30

PLN

zloty na Polainne

4,6855

RON

leu na Rómáine

4,9405

TRY

lira na Tuirce

20,5701

AUD

dollar na hAstráile

1,6204

CAD

dollar Cheanada

1,4769

HKD

dollar Hong Cong

8,4566

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7397

SGD

dollar Shingeapór

1,4351

KRW

won na Cóiré Theas

1 400,23

ZAR

rand na hAfraice Theas

19,7373

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,4131

IDR

rupiah na hIndinéise

16 319,16

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7633

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,347

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,070

BRL

real na Brasaíle

5,6362

MXN

peso Mheicsiceo

19,8128

INR

rúipí na hIndia

88,6672


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/7


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Márta 2023

lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2023/C 113/07)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (2) (“Ionstraim na Ginéive” chairpichet), is comhaontú idirnáisiúnta é faoina gcuireann na Páirtithe Conarthacha córas chun feidhme chun ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint go frithpháirteach.

(2)

Tar éis Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle (3) maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive, rinne an tAontas an ionstraim aontachais le hIonstraim na Ginéive a thaisceadh an 26 Samhain 2019. Tháinig aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020. Ós rud é gurbh é an tAontas an cúigiú Páirtí Conarthach a d’aontaigh d’Ionstraim na Ginéive, tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm an dáta céanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) d’Ionstraim na Ginéive.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, a chláróidh é sa Chlár Idirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, sa deireadh féadfaidh na Páirtithe Conarthacha eile cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad chun an t-ainmniúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin a chosaint laistigh dá gcríoch féin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, chun críoch an Rialacháin sin agus na ngníomhartha a glacadh dá bhun, cumhdaítear sa téarma “tásca geografacha” na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus na tásca geografacha faoi chosaint de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1753, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún, ina cháil mar Údarás Inniúil an Aontais, iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh an Aontais agus tásca geografacha an Aontais leis an mBiúró Idirnáisiúnta tar éis aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive agus, ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta.

(6)

Idir mí Mheán Fómhair agus mí na Samhna 2022, sheol na Ballstáit 12 n-iarratas chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, maidir le clárú sa Chlár Idirnáisiúnta sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(7)

Ainmneacha atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC) agus mar thásca geografacha faoi chosaint (TGFC), ba cheart iad a chomhdú mar iarratais ar chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta mar ainmniúcháin tionscnaimh agus mar thásca geografacha faoi seach.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart liosta de shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC) agus tásca geografacha faoi chosaint (TGFC) a bhunú, é bunaithe ar na hiarrataí a sheol na Ballstáit chuig an gCoimisiún chun iarratais a chomhdú maidir le tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a chlárú go hidirnáisiúnta.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Bunaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta de shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint atá cosanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta ag an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 1.

(2)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 15.

(3)  Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta de na tásca geografacha faoi chosaint san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint) le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753

an Ghearmáin

Nürnberger Lebkuchen (TGFC)

Czechia

České pivo (TGFC)

an Ghréig

Ξηρά Σύκα Ταξιάρχη / Xira Syka Taxiarchi (STFC)

an Fhrainc

Bleu de Gex Haut-Jura / Bleu de Septmoncel (STFC)

Dinde de Bresse (STFC)

Ossau-Iraty (STFC)

Picodon (STFC)

Salers (STFC)

an Spáinn

Miel de Tenerife (STFC)

Queso Majorero (STFC)

Queso Tetilla / Queixo Tetilla (STFC)

Vinagre del Condado de Huelva (STFC)


28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/10


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Márta 2023

lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2023/C 113/08)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (2) (“Ionstraim na Ginéive”chairpichet), is comhaontú idirnáisiúnta é faoina gcuireann na Páirtithe Conarthacha córas chun feidhme chun ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint go frithpháirteach.

(2)

Tar éis Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle (3) maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive, rinne an tAontas an ionstraim aontachais le hIonstraim na Ginéive a thaisceadh an 26 Samhain 2019. Tháinig aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020. Ós rud é gurbh é an tAontas an cúigiú Páirtí Conarthach a d’aontaigh d’Ionstraim na Ginéive, tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm an dáta céanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) d’Ionstraim na Ginéive.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, a chláróidh é sa Chlár Idirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, sa deireadh féadfaidh na Páirtithe Conarthacha eile cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad chun an t-ainmniúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin a chosaint laistigh dá gcríoch féin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, chun críoch an Rialacháin sin agus na ngníomhartha a glacadh dá bhun, cumhdaítear sa téarma “tásca geografacha” na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus na tásca geografacha faoi chosaint de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1753, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún, ina cháil mar Údarás Inniúil an Aontais, iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh an Aontais agus tásca geografacha an Aontais leis an mBiúró Idirnáisiúnta tar éis aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive agus, ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta.

(6)

Idir mí Mheán Fómhair agus mí na Samhna 2022, sheol na Ballstáit 73 n-iarratas chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, maidir le clárú sa Chlár Idirnáisiúnta sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

(7)

Ainmneacha atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 mar shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC) agus mar thásca geografacha faoi chosaint (TGFC), ba cheart iad a chomhdú mar iarratais ar chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta mar ainmniúcháin tionscnaimh agus mar thásca geografacha faoi seach.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart liosta de shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint (STFC) a bhunú, é bunaithe ar na hiarrataí a sheol na Ballstáit chuig an gCoimisiún chun iarratais a chomhdú maidir le tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chlárú go hidirnáisiúnta.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta (Fíon),

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Bunaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta de shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint atá cosanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta ag an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 1.

(2)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 15.

(3)  Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).


IARSCRÍBHINN

Liosta de na tásca geografacha faoi chosaint san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint) le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753

an Spáinn

Tacoronte-Acentejo (PDO)

Abadía Retuerta (PDO)

Abona (PDO)

Dehesa Peñalba (PDO)

El Hierro (PDO)

La Gomera (PDO)

Urueña (PDO)

Valle de Güímar (PDO)

Valle de la Orotava (PDO)

an Fhrainc

Alsace grand cru Altenberg de Bergbieten (PDO)

Alsace grand cru Altenberg de Bergheim (PDO)

Alsace grand cru Altenberg de Wolxheim (PDO)

Alsace grand cru Brand (PDO)

Alsace grand cru Bruderthal (PDO)

Alsace grand cru Eichberg (PDO)

Alsace grand cru Engelberg (PDO)

Alsace grand cru Florimont (PDO)

Alsace grand cru Frankstein (PDO)

Alsace grand cru Froehn (PDO)

Alsace grand cru Furstentum (PDO)

Alsace grand cru Geisberg (PDO)

Alsace grand cru Gloeckelberg (PDO)

Alsace grand cru Goldert (PDO)

Alsace grand cru Hatschbourg (PDO)

Alsace grand cru Hengst (PDO)

Alsace grand cru Kaefferkopf (PDO)

Alsace grand cru Kanzlerberg (PDO)

Alsace grand cru Kessler (PDO)

Alsace grand cru Kastelberg (PDO)

Alsace grand cru Kirchberg de Barr (PDO)

Alsace grand cru Kirchberg de Ribeauvillé (PDO)

Alsace grand cru Kitterlé (PDO)

Alsace grand cru Mambourg (PDO)

Alsace grand cru Mandelberg (PDO)

Alsace grand cru Marckrain (PDO)

Alsace grand cru Moenchberg (PDO)

Alsace grand cru Muenchberg (PDO)

Alsace grand cru Ollwiller (PDO)

Alsace grand cru Osterberg (PDO)

Alsace grand cru Pfersigberg (PDO)

Alsace grand cru Pfingstberg (PDO)

Alsace grand cru Praelatenberg (PDO)

Alsace grand cru Rangen (PDO)

Alsace grand cru Rosacker (PDO)

Alsace grand cru Saering (PDO)

Alsace grand cru Schlossberg (PDO)

Alsace grand cru Schoenenbourg (PDO)

Alsace grand cru Sommerberg (PDO)

Alsace grand cru Sonnenglanz (PDO)

Alsace grand cru Spiegel (PDO)

Alsace grand cru Sporen (PDO)

Alsace grand cru Steinert (PDO)

Alsace grand cru Steingrubler (PDO)

Alsace grand cru Steinklotz (PDO)

Alsace grand cru Vorbourg (PDO)

Alsace grand cru Wiebelsberg (PDO)

Alsace grand cru Wineck-Schlossberg (PDO)

Alsace grand cru Winzenberg (PDO)

Alsace grand cru Zinnkoepflé (PDO)

Alsace grand cru Zotzenberg (PDO)

Coteaux Bourguignons (PDO)

Coteaux Varois en Provence (PDO)

Fronton (PDO)

Irancy (PDO)

Languedoc (PDO)

Luberon (PDO)

Malepère (PDO)

Montlouis-sur-Loire (PDO)

Orléans (PDO)

Saint-Bris (PDO)

Saint-Mont (PDO)

Ventoux (PDO)

an Iodáil

Bolgheri Sassicaia (PDO)


28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/14


CINNEADH CUR CHUN FEIDHMEÓN gCOIMISIÚN

an 27 Márta 2023

lena mbunaítear liosta de thásca geografacha atá faoi chosaint ag Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2023/C 113/09)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (2) (‘Ionstraim na Ginéive’chairpichet), is comhaontú idirnáisiúnta é faoina gcuireann na Páirtithe Conarthacha córas chun feidhme chun ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chosaint go frithpháirteach.

(2)

Tar éis Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle (3) maidir le haontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive, rinne an tAontas an ionstraim aontachais le hIonstraim na Ginéive a thaisceadh an 26 Samhain 2019. Tháinig aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020. Ós rud é gurbh é an tAontas an cúigiú Páirtí Conarthach a d’aontaigh d’Ionstraim na Ginéive, tháinig Ionstraim na Ginéive i bhfeidhm an dáta céanna sin, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) d’Ionstraim na Ginéive.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus (2) d’Ionstraim na Ginéive, féadfaidh Údaráis Inniúla gach Páirtí Chonarthaigh in Ionstraim na Ginéive iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh nó táisc gheografaigh le Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil, a chláróidh é sa Chlár Idirnáisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 9 d’Ionstraim na Ginéive, sa deireadh féadfaidh na Páirtithe Conarthacha eile cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad chun an t-ainmniúchán tionscnaimh nó an tásc geografach sin a chosaint laistigh dá gcríoch féin.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, chun críocha an Rialacháin sin agus na ngníomhartha a glacadh dá bhun, cumhdaítear sa téarma “tásca geografacha” na tásca geografacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2019/1753, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún, ina cháil mar Údarás Inniúil an Aontais, iarratais a chomhdú maidir le clárú idirnáisiúnta ainmniúcháin tionscnaimh an Aontais agus tásca geografacha an Aontais leis an mBiúró Idirnáisiúnta tar éis aontachas an Aontais le hIonstraim na Ginéive agus, ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta.

(6)

I mí na Samhna 2022, sheol na Ballstáit sé iarratas chuig an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2019/1753, maidir le tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787 a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta.

(7)

Ainmneacha atá cosanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787 mar thásca geografacha, ba cheart iad a chomhdú mar iarratais ar chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta mar thásca geografacha.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart liosta de thásca geografacha a bhunú, é bunaithe ar na hiarrataí sin a sheol na Ballstáit chuig an gCoimisiún chun iarratais a chomhdú maidir le tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad agus atá cosanta san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787 a chlárú go hidirnáisiúnta.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Dheochanna Biotáilleacha,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

Bunaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo liosta de thásca geografacha atá cosanta faoi Rialachán (AE) 2019/787 atá le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta ag an gCoimisiún.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Márta 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 1.

(2)  IO L 271, 24.10.2019, lch. 15.

(3)  Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L 271, 24.10.2019, lch. 12).

(4)  Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Liosta de na tásca geografacha faoi chosaint san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/787 (tásca geografacha) le comhdú mar iarratais ar chlárú idirnáisiúnta de bhun Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/1753

an Fhrainc

Fine de Bourgogne (TG)

Marc des Côtes-du-Rhône / Eau-de-vie de marc des Côtes du Rhône (TG)

Marc du Languedoc (TG)

Marc de Provence (TG)

Marc de Savoie (TG)

Italy

Brandy italiano (TG)


An tÚdarás Eorpach Saothair

28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/17


CINNEADH UIMH. 20/2022

an 24 Samhain 2022

maidir le rialacha inmheánacha a bhaineann le srianta ar chearta áirithe dhaoine is ábhar do na sonraí i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an Údarás Eorpach Saothair

(2023/C 113/10)

BORD BAINISTÍOCHTA AN ÚDARÁIS EORPAIGH SAOTHAIR,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1), (“Rialachán (AE) 2018/1725”, agus go háirithe Airteagal 25 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, agus Rialachán (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (2) (“an Rialachán bunaidh”), agus go háirithe Airteagal 36 de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,

De bharr an mhéid a leanas:

(1)

Tugtar de chumhacht don Údarás Eorpach Saothair (dá ngairtear “ELA” anseo feasta) fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí réamharaíonachta, araíonachta agus fionraí a dhéanamh, i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (“Rialacháin Foirne”) (3) agus le Cinneadh Uimh. 22/2021 an 10 Samhain 2021 ó Bhord Bainistíochta ELA maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh imscrúduithe inmheánacha san Údarás Eorpach Saothair i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanfadh dochar do leasanna an Aontais a chosc, lena nglactar le forálacha cur chun feidhme maidir le fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta a dhéanamh. Más gá, cuireann sé cásanna in iúl do OLAF freisin.

(2)

Tugtar de chumhacht do ELA cigireachtaí comhpháirteacha agus comhbheartaithe a chomhordú agus tacú leo sna réimsí a thagann faoi inniúlacht an Údaráis i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 den Rialachán bunaidh.

Féadfaidh an tÚdarás a mholadh ar a thionscnamh féin d’Údaráis na mBallstát lena mbaineann go ndéanfadh siad cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach.

(3)

Tá sé de dhualgas ar bhaill foirne ELA gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a thuairisciú, lena n-áirítear calaois agus éilliú, a dhéanann dochar do leasanna an Aontais. Tá sé d’oibleagáid ar bhaill foirne freisin iompar a thuairisciú a bhaineann le dualgais ghairmiúla a chomhlíonadh a d’fhéadfadh a bheith ina mainneachtain thromchúiseach oibleagáidí oifigigh an Aontais a chomhlíonadh. Rialaítear an méid sin le Cinneadh Uimh. 11/2021 an 25 Bealtaine 2021 ó Bhord Bainistíochta ELA.

(4)

Tá beartas curtha i bhfeidhm ag ELA chun cásanna iarbhír nó féideartha de chiapadh síceolaíoch nó gnéasach san ionad oibre a chosc agus chun déileáil go héifeachtach leo, dá bhforáiltear i gCinneadh Uimh. 6/2022 an 15 Márta 2022 ó Bhord Bainistíochta ELA lena nglactar bearta cur chun feidhme de bhun na Rialachán Foirne.

Bunaítear leis an gCinneadh nós imeachta neamhfhoirmiúil trínar féidir le híospartach líomhnaithe an chiaptha teagmháil a dhéanamh le “comhairleoirí rúnda” ELA.

(5)

Is féidir le ELA imscrúduithe a dhéanamh freisin ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar rialacha slándála le haghaidh faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar Airteagal 38 den Rialachán bunaidh.

(6)

Tá ELA faoi réir iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha araon maidir lena ghníomhaíochtaí.

(7)

I gcomhthéacs na bhfiosrúchán, na n-iniúchtaí agus na n-imscrúduithe riaracháin sin, comhoibríonn ELA le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.

(8)

Is féidir le Eurojust comhoibriú le húdaráis náisiúnta tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, ar iarratas uathu, nó ar a thionscnamh féin. Sa chás áirithe sin ina ndéantar cigireachtaí comhbheartaithe agus/nó cigireachtaí comhpháirteacha, ar iarratas ó Bhallstát amháin nó níos mó nó ar a thionscnamh féin, comhordóidh an tÚdarás cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach agus tacóidh sé leis sna réimsí sin atá faoi inniúlacht an Údaráis chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán bunaidh a bhaint amach agus gan dochar d’inniúlacht na mBallstát agus institiúidí an Aontais.

(9)

Is féidir le ELA comhoibriú freisin le húdaráis phoiblí na mBallstát AE, ar iarratas uathu nó ar a thionscnamh féin. Sa chás áirithe sin ina ndéantar cigireachtaí comhbheartaithe agus/nó cigireachtaí comhpháirteacha, ar iarratas ó Bhallstát amháin nó níos mó nó ar a thionscnamh féin, comhordóidh an tÚdarás cigireacht chomhbheartaithe nó cigireacht chomhpháirteach agus tacóidh sé leis sna réimsí sin atá faoi inniúlacht an Údaráis chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán bunaidh a bhaint amach agus gan dochar d’inniúlacht na mBallstát agus institiúidí an Aontais.

(10)

Tá ELA bainteach le cásanna os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nuair a tharchuireann sé ábhar don Chúirt, nuair a chosnaíonn sé cinneadh a rinne sí agus a ndearnadh agóid ina choinne os comhair na Cúirte, nó nuair a dhéanann idirghabháil sé i gcásanna a bhaineann lena chúraimí. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar ELA rúndacht na sonraí pearsanta atá i ndoiciméid a fhaigheann na páirtithe nó na hidirghabhálaithe a chaomhnú.

(11)

Chun a chúraimí a chomhlíonadh, bailíonn agus próiseálann ELA faisnéis agus roinnt catagóirí de shonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí aitheantais daoine nádúrtha, faisnéis teagmhála, róil agus cúraimí gairmiúla, faisnéis maidir le hiompar agus feidhmíocht phríobháideach agus ghairmiúil, agus sonraí airgeadais. Déanann a Stiúrthóir Feidhmiúcháin ionadaíocht ar ELA, mar an rialaitheoir sonraí, beag beann ar thoscaireachtaí breise ról an rialaitheora laistigh de ELA chun freagrachtaí oibríochtúla maidir le hoibríochtaí sonracha próiseála sonraí pearsanta a léiriú.

(12)

Faoi Rialachán (AE) 2018/1725, tá sé d’oibleagáid ar ELA, dá bhrí sin, faisnéis a sholáthar do dhaoine is ábhar do na sonraí maidir leis na gníomhaíochtaí próiseála sin agus chun a gcearta mar dhaoine is ábhar do na sonraí a urramú.

(13)

D’fhéadfadh sé go mbeadh ar ELA na cearta sin a réiteach le cuspóirí fiosrúchán riaracháin, iniúchtaí, imscrúduithe, cigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirteacha agus imeachtaí cúirte. D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach freisin cearta dhuine is ábhar do na sonraí a chothromú i gcoinne chearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha dhaoine is ábhar do na sonraí eile. Chuige sin, tugann Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 an deis do ELA srian a chur, faoi choinníollacha dochta, ar fheidhmiú Airteagal 14 go 22, 35 agus 36 den Rialachán, chomh maith le hAirteagal 4 de sa mhéid a fhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus do na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20. Mura bhforáiltear do shrianta i ngníomh dlí arna ghlacadh ar bhonn na gConarthaí, is gá rialacha inmheánacha a ghlacadh faoina bhfuil ELA i dteideal srian a chur leis na cearta sin.

(14)

Mar shampla, d’fhéadfadh sé go gcaithfeadh ELA srian a chur leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn sé do dhuine is ábhar do na sonraí faoi phróiseáil a shonraí/a sonraí pearsanta le linn na réamhchéime measúnaithe d’fhiosrúchán riaracháin nó le linn an fhiosrúcháin féin, sula bhféadfaí cás a dhíbhe nó ag an gcéim réamharaíonachta. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé go ndéanfadh soláthar faisnéise den sórt sin difear tromchúiseach do chumas ELA an fiosrúchán a dhéanamh ar bhealach éifeachtach, i gcás mar shampla go bhféadfadh an duine lena mbaineann fianaise a scriosadh nó cur isteach ar fhinnéithe ionchasacha sula gcuirtear faoi agallamh iad. D’fhéadfadh sé freisin go mbeadh ar ELA cearta agus saoirsí finnéithe a chosaint chomh maith le cearta agus saoirsí daoine eile atá bainteach leis.

(15)

B’fhéidir go mbeadh gá ann anaithnideacht finné nó sceithire a d’iarr rúndacht a chosaint. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh ELA cinneadh a dhéanamh srian a chur le rochtain ar chéannacht, ar ráitis agus ar shonraí pearsanta eile na ndaoine sin, chun a gcearta agus a saoirsí a chosaint.

(16)

D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach faisnéis rúnda a chosaint maidir le ball foirne a chuaigh i dteagmháil le “comhairleoirí rúnda” ELA i gcomhthéacs nós imeachta ciaptha. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar ELA srian a chur le rochtain ar chéannacht, ar ráitis agus ar shonraí pearsanta eile an íospartaigh líomhnaithe, an té a ndearnadh líomhain an chiaptha ina éadan/ina héadan agus daoine eile atá bainteach leis, chun cearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann a chosaint.

(17)

Níor cheart do ELA srianta a chur i bhfeidhm ach amháin nuair a urramaíonn siad bunús na gceart bunúsach agus na saoirsí, nuair a bhíonn siad fíor-riachtanach agus nuair a bhíonn siad ina mbeart comhréireach i sochaí dhaonlathach. Ba cheart do ELA cúiseanna a thabhairt ina mínítear an bonn cirt atá leis na srianta sin.

(18)

Agus prionsabal na cuntasachta á chur i bhfeidhm, ba cheart do ELA taifead a choinneáil ar chur i bhfeidhm na srianta.

(19)

Agus sonraí pearsanta a malartaíodh le heagraíochtaí eile á bpróiseáil i gcomhthéacs a chúraimí, ba cheart do ELA agus do na heagraíochtaí sin dul i gcomhairle lena chéile ar fhorais fhéideartha chun srianta a chur i bhfeidhm agus ar riachtanas agus ar chomhréireacht na srianta sin, mura gcuirfeadh sé sin gníomhaíochtaí ELA i mbaol.

(20)

Cuireann Airteagal 25(6) den Rialachán d’oibleagáid ar an rialaitheoir na daoine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoi na príomhchúiseanna a bhfuil cur chun feidhme an tsriain bunaithe orthu agus faoin gceart atá acu gearán a thaisceadh le MECS.

(21)

De bhun Airteagal 25(8) den Rialachán, tá ELA i dteideal faisnéis a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú maidir leis na cúiseanna atá le srian a chur ar an duine is ábhar do na sonraí dá gcuirfeadh sé sin éifeacht an tsriain ar ceal ar bhealach ar bith. Ba cheart do ELA a mheas ar bhonn cás ar chás cibé acu an gcuirfí éifeacht an tsriain ar ceal dá gcuirfí in iúl é.

(22)

Ba cheart do ELA deireadh a chur leis an srian a luaithe nach bhfuil feidhm ag na coinníollacha a thugann údar leis an srian a thuilleadh, agus na coinníollacha sin a mheas ar bhonn rialta.

(23)

Chun an chosaint is fearr a thabhairt do chearta agus do shaoirsí daoine is ábhar do na sonraí agus i gcomhréir le hAirteagal 44(1) den Rialachán, ba cheart dul i gcomhairle le OCS de chuid ELA roimh aon srianta a fhéadfar a chur i bhfeidhm agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an Cinneadh seo.

(24)

Foráiltear le hAirteagal 16(5) agus Airteagal 17(4) den Rialachán d’eisceachtaí ar cheart na n-ábhar sonraí chun faisnéise agus ceart rochtana. Má tá feidhm ag na heisceachtaí sin, ní gá do ELA srian a chur i bhfeidhm faoin gCinneadh seo,

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos sa Chinneadh seo rialacha a bhaineann leis na coinníollacha faoina bhféadfaidh ELA srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagail 4, Airteagal 14 go 22, Airteagal 35 agus 36, de bhun Airteagal 25 den Rialachán.

2.   Is é an Stiúrthóir Riaracháin, mar an rialaitheoir, a dhéanann ionadaíocht ar Eurojust.

Airteagal 2

Srianta

1.   Féadfaidh ELA srian a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 14 go 22, Airteagail 35 agus Airteagail 36, agus Airteagail 4 de a mhéid a fhreagraíonn a fhorálacha do na cearta agus do na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 14 go 20:

(a)

de bhun Airteagal 25(1) (b), (c), (f), (g) agus (h) den Rialachán, agus fiosrúcháin riaracháin, imeachtaí réamharaíonachta, araíonachta nó fionraí á ndéanamh faoi Airteagal 86 agus Iarscríbhinn IX de na Rialacháin Foirne agus faoi Chinneadh Uimh. 22/2021 an 10 Samhain 2021 ó Bhord Bainistíochta ELA maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh imscrúduithe inmheánacha ag an Údarás Eorpach Saothair i ndáil le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanann dochar do leasanna an Aontais a chosc, agus nuair a thugann sé fógra faoi chásanna do OLAF;

(b)

de bhun Airteagal 25(1)(h) den Rialachán, agus á áirithiú go bhféadfaidh baill foirne ELA fíorais a thuairisciú faoi rún i gcás ina gcreideann siad go bhfuil neamhrialtachtaí tromchúiseacha ann, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 11/2021 an 25 Bealtaine 2021 ó Bhord Bainistíochta ELA;

(c)

de bhun Airteagal 25(1)(h) den Rialachán, agus á áirithiú go mbeidh baill foirne ELA in ann tuairisciú do “chomhairleoirí rúnda” a i gcomhthéacs nós imeachta ciaptha, mar a shainmhínítear i gCinneadh Uimh. 6/2022 an 15 Márta 2022 ó Bhord Bainistíochta ELA lena nglactar bearta cur chun feidhme de bhun na Rialachán Foirne;

(d)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus iniúchtaí inmheánacha á ndéanamh aige maidir le gníomhaíochtaí nó ranna ELA, imscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus imscrúduithe slándála (TF) a láimhseáladh go hinmheánach nó le rannpháirtíocht sheachtrach (e.g. CERT-AE);

(e)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (d), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh á sholáthar d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais nó á fháil uathu, nó ag comhoibriú leo i gcomhthéacs gníomhaíochtaí faoi phointí (a) go (d) den mhír seo, go háirithe cigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirteacha agus de bhun comhaontuithe ábhartha ar leibhéal seirbhíse, meabhráin tuisceana, socruithe maidir le cigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirteacha agus comhaontuithe comhair;

(f)

de bhun Airteagal 25(1)(c), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh á sholáthar aige d’údaráis náisiúnta tríú tíortha agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta nó á fháil uathu nó ag comhoibriú leis na húdaráis nó leis na heagraíochtaí sin arna iarraidh sin dóibh nó ar a thionscnamh féin;

(g)

de bhun Airteagal 25(1)(b), (c), (g) agus (h) den Rialachán, agus cúnamh nó comhar á sholáthar d’údaráis phoiblí Bhallstáit AE nó á fháil uathu, cibé acu ar iarratas uathu nó ar a thionscnamh féin, go háirithe maidir le cigireachtaí comhbheartaithe nó comhpháirtithe;

(h)

de bhun Airteagal 25(1)(e) den Rialachán, agus sonraí pearsanta á bpróiseáil i ndoiciméid a fuair na páirtithe nó na hidirghabhálaithe i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

2.   Urramóidh aon srian bunús na gceart agus na saoirsí bunúsacha agus beidh sé riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach.

3.   Déanfar tástáil ar riachtanas agus ar chomhréireacht ar bhonn cás ar chás sula gcuirfear srianta i bhfeidhm. Beidh srianta teoranta don mhéid is gá chun a gcuspóir a bhaint amach.

4.   Chun críocha cuntasachta, dréachtóidh ELA taifead ina ndéanfar cur síos ar na cúiseanna atá le srianta a chuirtear i bhfeidhm, ar na forais a bhfuil feidhm leo i measc na bhforas a liostaítear i mír 1 agus ar thoradh na tástála riachtanais agus comhréireachta. Beidh na taifid sin ina gcuid de chlár a chuirfear ar fáil ar iarratas do MECS. Ullmhóidh ELA tuarascálacha tréimhsiúla maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 25 den Rialachán.

5.   Agus sonraí pearsanta a fhaightear ó eagraíochtaí eile á bpróiseáil i gcomhthéacs a chúraimí, rachaidh ELA i gcomhairle leis na heagraíochtaí sin maidir le forais fhéideartha chun srianta a fhorchur agus le riachtanas agus comhréireacht na srianta lena mbaineann, mura gcuirfeadh sé sin gníomhaíochtaí ELA i mbaol.

Airteagal 3

Rioscaí do chearta agus saoirsí daoine is ábhar do shonraí

1.   Déanfar measúnuithe ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a bhaineann le srianta a fhorchur agus mionsonraí ar thréimhse chur i bhfeidhm na srianta sin a chlárú i dtaifead na ngníomhaíochtaí próiseála arna gcothabháil ag ELA faoi Airteagal 31 den Rialachán. Déanfar iad a thaifeadadh freisin in aon mheasúnuithe tionchair ar chosaint sonraí maidir leis na srianta sin arna ndéanamh faoi Airteagal 39 den Rialachán.

2.   Nuair a dhéanann ELA measúnú ar riachtanas agus comhréireacht sriain, breithneoidh sé na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do shaoirsí an duine is ábhar do na sonraí.

Airteagal 4

Coimircí agus tréimhsí stórála

1.   Cuirfidh ELA coimircí i bhfeidhm chun mí-úsáid agus rochtain neamhdhleathach nó aistriú neamhdhleathach na sonraí pearsanta a chosc a bhfuil feidhm ag srianta ina leith nó a bhféadfaí iad a chur i bhfeidhm. Áireofar leis na coimircí sin bearta teicniúla agus eagraíochtúla agus mionsonraithe de réir mar is gá i gcinntí inmheánacha, nósanna imeachta agus rialacha um chur i bhfeidhm de chuid ELA. Áireofar leis na coimircí sin:

(a)

sainmhíniú soiléir ar róil, freagrachtaí agus céimeanna nós imeachta;

(b)

más infheidhme, timpeallacht leictreonach shlán lena gcoiscfear rochtain neamhdhleathach agus de thaisme nó aistriú sonraí leictreonacha chuig daoine neamhúdaraithe;

(c)

más infheidhme, doiciméid pháipéir a stóráil agus a phróiseáil go daingean;

(d)

monatóireacht chuí ar shrianta agus athbhreithniú tréimhsiúil ar a gcur i bhfeidhm.

Déanfar na hathbhreithnithe dá dtagraítear i bpointe (d) i gceann gach sé mhí ar a laghad.

2.   Cuirfear srianta i leataobh a luaithe is nach mbeidh feidhm a thuilleadh leis na cúinsí a thugann údar leo.

3.   Coinneofar na sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha coinneála is infheidhme, a bheidh le sainiú sna taifid um chosaint sonraí a choimeádtar faoi Airteagal 31 den Rialachán.

Ag deireadh na tréimhse coinneála, scriosfar na sonraí pearsanta, é sin nó déanfar iad a anaithnidiú nó a aistriú chuig cartlanna i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán.

Airteagal 5

Cúraimí an Oifigigh Cosanta Sonraí

1.   Cuirfear OCS de chuid ELA ar an eolas gan moill mhíchuí sula ndéanfar aon chinneadh chun srian a chur le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Tabharfar rochtain do OCS de chuid ELA ar na taifid ghaolmhara agus ar aon doiciméid a bhaineann leis an gcomhthéacs fíorasach nó dlíthiúil.

2.   Féadfaidh OCS de chuid ELA athbhreithniú a iarraidh ar chur chun feidhme sriain. Cuirfidh an rialaitheoir a OCS ar an eolas i scríbhinn maidir le toradh an athbhreithnithe.

3.   Déanfaidh rialaitheoir de chuid ELA rannpháirtíocht an OCS i gcur i bhfeidhm srianta a dhoiciméadú, lena n-áirítear an fhaisnéis a roinntear leis nó léi.

4.   Cuirfidh an rialaitheoir an OCS ar an eolas nuair a chuirfear deireadh leis an srian.

Airteagal 6

An ceart chun faisnéis a fháil

1.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir an ceart faisnéise a shrianadh i gcomhthéacs na n-oibríochtaí próiseála seo a leanas:

a)

feidhmíocht fiosrúchán riaracháin, imeacht réamharaíonachta agus araíonachta;

b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le cásanna de neamhrialtachtaí féideartha a tuairiscíodh do OLAF;

c)

nósanna imeachta sceithireachta;

d)

nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) i gcásanna ciaptha;

e)

gearáin inmheánacha agus seachtracha a phróiseáil;

f)

iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha;

g)

cigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirtheacha, agus cúnamh agus comhar á gcur ar fáil d’údaráis phoiblí Bhallstáit AE nó iad á bhfáil uathu, ar iarratas uathu nó thionscnamh ELA féin.

h)

na himscrúduithe a rinne an tOifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán 2018/1725;

i)

imscrúduithe slándála (TF) arna láimhseáil go hinmheánach nó le rannpháirteacht seachtrach (e.g. CERT-AE);

j)

sonraí pearsanta á bpróiseáil i ndoiciméid a fuair na páirtithe nó na hidirghabhálaithe i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Áireoidh ELA sna fógraí cosanta sonraí, sna ráitis phríobháideachais nó sna taifid i ndáil le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) 2018/1725, a fhoilsítear ar a shuíomh gréasáin agus/nó ar an inlíon ag cur daoine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoina gcearta i gcomhthéacs nóis imeachta ar leith, ar eolas é a bhaineann le srianadh féideartha na gceart sin. Cuimseoidh an t-eolas cad iad na cearta a bhféadfar srian a chur leo, na cúiseanna leis agus an fad a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

2.   Gan dochar do na forálacha i mír 1, cuirfidh ELA, i gcás inarb comhréireach, na daoine is ábhar do na sonraí go léir ar an eolas ina n-aonar, ar daoine iad a mheastar a bheith ina ndaoine lena mbaineann san oibríocht phróiseála shonrach, faoina gcearta maidir le srianta reatha nó srianta amach anseo gan moill mhíchuí agus i scríbhinn.

3.   I gcás ina srianann ELA, go hiomlán nó go páirteach, an ceart faisnéise a sholáthar do na daoine is ábhar do na sonraí dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh sé na cúiseanna atá leis an srian a thaifeadadh, mar aon leis an bhforas dlíthiúil i gcomhréir le hAirteagal 2 den Chinneadh seo, lena n-áirítear measúnú ar riachtanas agus comhréireacht an tsriain.

Déanfar an taifead agus, i gcás inarb infheidhme, na doiciméid ina bhfuil na heilimintí bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla a chlárú. Cuirfear ar fáil iad don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ar iarratas.

4.   Leanfaidh an srian dá dtagraítear i mír 1 d’fheidhm a bheith aige fad is atá na cúiseanna lena dtugtar údar leis fós infheidhme.

I gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna leis an srian, soláthróidh ELA faisnéis don duine is ábhar do na sonraí ar na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm sriain bunaithe. Ag an am céanna, cuirfidh ELA in iúl don duine is ábhar do na sonraí an ceart chun gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith nó réiteach breithiúnach a lorg os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 7

Ceart rochtana ag duine is ábhar do na sonraí

1.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir ceart rochtana an duine is ábhar do na sonraí a shrianadh i gcomhthéacs na n-oibríochtaí próiseála seo a leanas, más gá agus más iomchuí:

a)

fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí smachta a chur i bhfeidhm;

b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le cásanna de neamhrialtachtaí féideartha a tuairiscíodh do OLAF;

c)

nósanna imeachta sceithireachta;

d)

nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) i gcásanna ciaptha;

e)

gearáin inmheánacha agus seachtracha a phróiseáil;

f)

iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha;

g)

cigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirtheacha, agus cúnamh agus comhar á gcur ar fáil d’údaráis phoiblí Bhallstáit AE nó iad á bhfáil uathu, ar iarratas uathu nó thionscnamh ELA féin.

h)

na himscrúduithe a rinne an tOifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán (AE) 2018/1725;

i)

imscrúduithe slándála (TF) arna láimhseáil go hinmheánach nó le rannpháirteacht seachtrach (e.g. CERT-AE);

j)

sonraí pearsanta á bpróiseáil i ndoiciméid a fuair na páirtithe nó na hidirghabhálaithe i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

I gcás ina n-iarrfaidh daoine is ábhar do na sonraí rochtain ar a gcuid sonraí pearsanta a próiseáladh i gcomhthéacs cás sonrach amháin nó níos mó nó d’oibríocht phróiseála ar leith, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725, cuirfidh ELA teorainn lena mheasúnú ar an iarratas ag na sonraí pearsanta sin amháin.

2.   I gcás ina gcuireann ELA srian, go hiomlán nó go páirteach, leis an gceart rochtana, dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh sé na bearta seo a leanas:

(a)

cuirfidh sé an duine is ábhar do na sonraí lena mbaineann ar an eolas, ina fhreagra ar an iarratas, maidir leis an srian a cuireadh i bhfeidhm agus na príomhchúiseanna leis, agus maidir leis an bhféidearthacht gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó réiteach breithiúnach a lorg os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

(b)

déanfaidh sé na cúiseanna atá leis an srian a dhoiciméadú i nóta measúnachta inmheánach, lena n-áirítear measúnacht ar riachtanas agus comhréireacht an tsriain agus ar fhad an tsriain.

Féadfar soláthar faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) a chur siar, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú dá gcuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal i gcomhréir le hAirteagal 25(8) de Rialachán (AE) 2018/1725.

Déanfaidh ELA athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an tsriain gach sé mhí tar éis é a ghlacadh agus ar dhúnadh an fhiosrúcháin ábhartha. Ina dhiaidh sin, déanfaidh an rialaitheoir faireachán ar bhonn bliantúil maidir leis an ngá le haon srian a choinneáil i bhfeidhm.

3.   Déanfar an taifead agus, i gcás inarb infheidhme, na doiciméid ina bhfuil na heilimintí bunúsacha fíorasacha agus dlíthiúla a chlárú. Cuirfear ar fáil iad don Mhaoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí ar iarratas.

Airteagal 8

An ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh agus an ceart go gcuirfí srian le próiseáil

1.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus faoi na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh seo, féadfaidh an rialaitheoir srian a chur ar an gceart go ndéanfaí coigeartú, scriosadh agus srianadh i gcomhthéacs na n-oibríochtaí próiseála seo a leanas, i gcás inar gá agus iomchuí:

a)

fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí smachta a chur i bhfeidhm;

b)

gníomhaíochtaí a bhaineann le cásanna de neamhrialtachtaí féideartha a tuairiscíodh do OLAF;

c)

nósanna imeachta sceithireachta;

d)

nósanna imeachta (foirmiúla agus neamhfhoirmiúla) i gcásanna ciaptha;

e)

gearáin inmheánacha agus seachtracha a phróiseáil;

f)

iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha;

g)

cigireachtaí comhbheartaithe agus comhpháirtheacha, agus cúnamh agus comhar á gcur ar fáil d’údaráis phoiblí Bhallstáit AE nó iad á bhfáil uathu, ar iarratas uathu nó thionscnamh ELA féin.

h)

na himscrúduithe a rinne an tOifigeach Cosanta Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de Rialachán 2018/1725;

i)

imscrúduithe slándála (TF) arna láimhseáil go hinmheánach nó le rannpháirteacht seachtrach (e.g. CERT-AE);

j)

sonraí pearsanta á bpróiseáil i ndoiciméid a fuair na páirtithe nó na hidirghabhálaithe i gcomhthéacs imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

2.   I gcás ina gcuireann ELA srian, go hiomlán nó go páirteach, ar chur i bhfeidhm an chirt go ndéanfaí coigeartú, scriosadh nó srianadh ar phróiseáil dá dtagraítear in Airteagail 18, 19(1) agus 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh sé na bearta a leagtar amach in Airteagal 6(2) den Chinneadh seo agus déanfaidh sé an taifead a chlárú i gcomhréir le hAirteagal 6(3) de.

Airteagal 9

Faisnéis a chur ar fáil do dhaoine is ábhar do na sonraí maidir le srianta ar a gcearta

Féadfaidh ELA soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna atá le srianadh agus an ceart chun gearán a thaisceadh leis an MECS a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a chuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar measúnú ar cibé an mbeadh údar leis sin ar bhonn cás ar chás. A luaithe nach gcuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal a thuilleadh, cuirfidh ELA an fhaisnéis ar fáil don duine is ábhar do na sonraí.

Airteagal 10

Sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí

1.   I gcás ina bhfuil ELA faoi oibleagáid sárú um shonraí a chur in iúl faoi Airteagal 35(1) den Rialachán, féadfaidh sé, in imthosca eisceachtúla, srian a chur leis an gcumarsáid sin go hiomlán nó go páirteach. Déanfaidh sé doiciméadú i nóta ar na cúiseanna atá leis an srianadh, ar an bhforas dlíthiúil atá leis faoi Airteagal 2 agus ar mheasúnú ar a riachtanas agus a chomhréireacht. Cuirfear an nóta in iúl do MECS tráth a dtabharfar fógra faoin sárú ar shonraí pearsanta.

2.   I gcás nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna leis an srianadh, cuirfidh ELA an sárú um shonraí pearsanta in iúl don duine is ábhar do na sonraí lena mbaineann agus é nó í a chur ar an eolas maidir leis na príomhchúiseanna leis an srianadh agus maidir lena cheart/ceart gearán a thaisceadh le MECS.

Airteagal 11

Rúndacht na cumarsáide leictreonaí

1.   In imthosca eisceachtúla, féadfaidh ELA srian a chur leis an gceart chun rúndacht cumarsáide leictreonaí faoi Airteagal 36 den Rialachán. Comhlíonfaidh na srianta sin Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

2.   I gcás ina gcuireann ELA srian leis an gceart chun rúndacht cumarsáide leictreonaí, cuirfidh sé an duine is ábhar do na sonraí lena mbaineann ar an eolas, ina fhreagra ar aon iarratas ón duine is ábhar do na sonraí, maidir leis na príomhchúiseanna ar a bhfuil cur i bhfeidhm an tsriain bunaithe agus ar a cheart/ceart gearán a thaisceadh leis an MECS.

3.   Féadfaidh ELA soláthar faisnéise maidir leis na cúiseanna atá le srianadh agus an ceart chun gearán a thaisceadh leis an MECS a iarchur, a fhágáil ar lár nó a dhiúltú fad a chuirfeadh sé éifeacht an tsriain ar ceal. Déanfar measúnú ar cibé an mbeadh údar leis sin ar bhonn cás ar chás.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhratasláiv, an 24 Samhain 2022.

Thar ceann an Bhoird Bainistíochta

Tom BEVERS

Cathaoirleach ar an mBord Bainistíochta


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 186, 11.7.2019, lch. 21.

(3)  Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle an 29 Feabhra 1968 lena leagtar síos Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach lena dtionscnaítear bearta speisialta is infheidhme ar bhonn sealadach maidir le hoifigigh an Choimisiúin (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1).

(4)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37


An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/26


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an bpacáiste tograí reachtacha maidir le CBL sa Ré Dhigiteach

(2023/C 113/11)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECShttps://edps.europa.eu)

An 8 Nollaig 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach an pacáiste tograí reachtacha maidir le CBL sa Ré Dhigiteach ina bhfuil: Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don ré dhigiteach (1); Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 maidir leis na socruithe comhair riaracháin CBL is gá don ré dhigiteach (2); agus Togra le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise le haghaidh scéimeanna CBL áirithe (3).

Fáiltíonn MECS roimh na cuspóirí a shaothraítear leis na bearta a bhaineann leis an bpacáiste CBL sa Ré Dhigiteach, go háirithe nuachóiriú na n-oibleagáidí tuairiscithe CBL, oiriúnú na rialacha CBL is infheidhme maidir le geilleagar na n-ardán agus Clárúchán CBL Aonair a thabhairt isteach. Ag féachaint do na rialacha nua maidir le tuairisciú digiteach atá beartaithe sa Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle, meabhraíonn MECS nach mór d’aon phróiseáil ar shonraí pearsanta RGCS (4) agus RCSAE (5) a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear prionsabail an teorannaithe de réir cuspóra agus an íoslaghdaithe sonraí. Chun comhlíonadh phrionsabal an teorannaithe de réir cuspóra a áirithiú, molann MECS go sonrófaí go sainráite i dtéarmaí achtúcháin an Togra nach féidir an fhaisnéis a bhailítear a phróiseáil ach amháin chun calaois CBL a chomhrac ag an riarachán cánach inniúil.

Féadfaidh faisnéis atá i sonraisc faisnéis íogair a bhaineann le daoine nádúrtha sonracha a nochtadh, amhail faisnéis a bhaineann le hearraí a ceannaíodh (lena n-áirítear táirgí pearsanta), socruithe taistil nó seirbhísí dlí. Is díol sásaimh do MECS gur sliocht (fothacar sonraithe) den fhaisnéis ón sonrasc í an fhaisnéis atá le cur ar fáil don riarachán cánach faoi na ceanglais tuairiscithe dhigitigh seachas an sonrasc ina iomláine. Is coimirce thábhachtach í sin chun a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabal an íoslaghdaithe sonraí faoi Airteagal 5(1)(c) de RGCS agus faoi Airteagal 4(1)(c) de RCSAE agus chun an tionchar a bhíonn ag an bpróiseáil sonraí pearsanta ar chearta agus ar shaoirsí na n-ábhar sonraí a laghdú. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do MECS go ndéantar ainm agus seoladh an chustaiméara agus an duine inchánach a eisiamh ón bhfaisnéis atá le tarchur sa Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle.

Is díol sásaimh do MECS freisin go ndéantar róil na mBallstát agus an Choimisiúin faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a ainmniú go sainráite sa Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle. Ag an am céanna, meabhraíonn MECS nach mór an t-ainmniú a ailíniú leis na freagrachtaí a shanntar do gach gníomhaí. Thairis sin, ní mór aon sonraíocht bhreise ar fhreagrachtaí na mBallstát agus an Choimisiúin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheith ag teacht go hiomlán leis na róil a bhunaítear leis an ngníomh reachtach.

Ar deireadh, tugann MECS chun suntais gur cheart go leanfadh na coimircí a leagtar síos faoi Chaibidil XV de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (6) (Coinníollacha lena rialaítear malartú faisnéise) d’fheidhm a bheith acu maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta a leagtar síos sa Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle.

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 8 Nollaig 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le rialacha CBL don aois dhigiteach (“an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle”); Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis na socruithe comhair riaracháin CBL is gá don aois dhigiteach (“an Togra le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle”); Togra le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 282/2011 a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise le haghaidh scéimeanna áirithe CBL (“an Togra le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle”). I gcomhthéacs na Tuairime seo, tagraímid do na trí thogra reachtacha mar “an pacáiste CBL sa Ré Dhigiteach”.

2.

Tá an pacáiste CBL sa Ré Dhigiteach mar chuid de Phlean Gníomhaíochta 2020 an Choimisiúin maidir le cánachas cothrom simplí a thacaíonn le téarnamh (7). Tá trí phríomhchuspóir leis (8):

1)

oibleagáidí tuairiscithe CBL a nuachóiriú, trí Cheanglais maidir le Tuairisciú Digiteach a thabhairt isteach lena ndéanfar caighdeánú ar an bhfaisnéis nach mór do dhaoine inchánacha maidir le gach idirbheart a chur faoi bhráid na n-údarás cánach i bhformáid leictreonach agus, ag an am céanna, forchuirfidh sé úsáid ríomhshonraisc le haghaidh idirbhearta trasteorann;

2)

na rialacha CBL is infheidhme maidir le geilleagar na n-ardán a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe trí ról na n-ardán i mbailiú CBL a fheabhsú;

3)

an gá atá le clárúcháin iomadúla CBL san Aontas a sheachaint agus feabhas a chur ar fheidhmiú na huirlise a chuirtear chun feidhme chun an CBL atá dlite ar chiandíolacháin earraí a dhearbhú agus a íoc, trí Chlárúchán CBL Aonair (SVR) a thabhairt isteach, trí chórais reatha an Ionaid Ilfhreastail (OSS)/Ionad Ilfhreastail d’Allmhairí (IOSS) agus an táille aisiompaithe a fheabhsú agus a leathnú chun na cásanna a bhfuil ar dhuine inchánach clárú i mBallstát eile a íoslaghdú.

3.

Ina theannta sin, leis an Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle tugtar isteach sraith leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 904/2010, lena mbunaítear, i measc nithe eile, lárchóras nua ar leibhéal an Aontais chun faisnéis CBL a mhalartú idir riaracháin chánach na mBallstát atá in oiriúint do shainghnéithe na gCeanglas um Thuairisciú Digiteach (“an córas lárnach VIES”) (9).

4.

Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 10 Eanáir 2023, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE. Fáiltíonn MECS roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in aithris 25 den Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle. Tá tagairt don chomhairliúchán sin in easnamh, áfach, in aithrisí an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle agus in aithrisí an Togra le haghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme ón gComhairle. Dá bhrí sin, molann MECS tagairt don chomhairliúchán sin a chur isteach sa dá Thogra.

4.   CONCLÚIDÍ

28.

I bhfianaise an méid thuas, déanann MECS na moltaí seo a leanas:

maidir leis an Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle:

(1)

aithris a chur isteach ag meabhrú go n-áirithítear leis an togra go n-urramófar go hiomlán na cearta bunúsacha chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta a chosaint, chomh maith le hinfheidhmeacht RGCS agus RCSAE maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an togra;

(2)

go sonrófaí go sainráite i dtéarmaí achtúcháin an Togra nach féidir an fhaisnéis a bhailítear a phróiseáil ach amháin chun calaois CBL a chomhrac ag an riarachán cánach inniúil;

maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle:

(3)

na focail “ag iarraidh” a scriosadh in aithris 24 chun a léiriú go soiléir go n-urramaítear go hiomlán leis an Rialachán seo an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint a leagtar síos in Airteagal 8 den Chairt agus chun infheidhmeacht RGCS agus RCSAE maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an togra a mheabhrú go sainráite.

An Bhruiséil, 3 Márta 2023.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM(2022) 701 final.

(2)  COM(2022) 703 final.

(3)  COM(2022) 704 final.

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(6)  IO L 268, 12.10.2010, lch. 1.

(7)  COM(2022) 701 final, lch. 1.

(8)  COM(2022) 701 final, lch. 2.

(9)  COM(2022) 703 final, lch. 3.


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/29


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10860 — ADVENT / GfK)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 113/12)

1.   

An 20 Márta 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

NielsenIQ (“NIQ”, na Stáit Aontaithe), faoi rialú Advent International (“Advent”, na Stáit Aontaithe),

GfK SE (“GfK”, an Ghearmáin).

Gheobhaidh Advent, go hindíreach trí NIQ, rialú aonair ar GfK ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atáthar ag déanamh an chomhchruinnithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá NIQ gníomhach i soláthar seirbhísí taighde margaidh ar fud an domhain. Tá NIQ faoi rialú Advent, infheisteoir cothromais phríobháidigh a bhfuil a cheanncheathrú sna Stáit Aontaithe,

Tá GfK gníomhach i soláthar seirbhísí taighde margaidh ar fud an domhain.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10860 — ADVENT / GfK

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/31


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 113/13)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Sebes-Apold”

PDO-RO-A0371-AM02

Dáta teachtaireachta: 4 Eanáir 2023

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Cineálacha fíniúna nua a thabhairt isteach mar phríomhchineálacha táirgeachta

Leasaíodh an tsonraíocht táirge chun cineálacha fíniúna nua a áireamh ar féidir a úsáid chun na fíonta a tháirgeadh, eadhon le haghaidh na bhfíonta geala, cineálacha Furmint agus Iordan agus fíonta dearga, cineálacha Cabernet Sauvignon, Pinot noir, Fetească neagră, Syrah agus Merlot.

I bhfianaise shaintréithe aeráide an limistéir chríochaithe, agus comhlíonadh a phoitéinsil bhitheolaíoch, is féidir fíonta dearga ar ardchaighdeán a tháirgeadh faoi na dálaí is fearr le haghaidh aibithe, carntha, etc.

Leasaíodh Caibidlí IV, V, VIII, agus XII den tsonraíocht táirge agus pointí 4 agus 7 den doiciméad aonair.

2.   Sonraíochtaí teicniúla breise a chur leis na sonraíochtaí maidir le fíonta dearga a dhéanamh

Agus cineálacha nua fíonchaoire á dtabhairt isteach chun fíon dearg a tháirgeadh éilítear gnéithe teicneolaíochta ábhartha de na cleachtais fíonóireachta a áireamh sa tsonraíocht.

Leasaíodh Caibidlí VIII agus XII den tsonraíocht táirge agus pointí 4 agus 7 den doiciméad aonair.

3.   Táirgeacht fíonchaor agus fíona a leasú chun iad a mhéadú

Mar thoradh ar athruithe ar struchtúir fíonghoirt ar cúiseanna bitheacha (struchtúr clónach, fréamhstoic) agus cúiseanna fíoneolaíochta (teicneolaíochtaí nua fíonóireachta a úsáid), is gá an táirgeacht a mhéadú, agus comhlíontacht na bparaiméadar cáilíochta á háirithiú fós atá sonrach do na fíonta a tháirgtear i limistéar STFC Sebes-Apold.

Mar gheall ar thionscadail um athrú/athstruchtúrú fíonghort athraíodh go mór na dlúis phlandaithe i.e. méadaíodh go mór dlús na bhfíonghort a plandáladh le déanaí (thart ar 4 500 fíniúin/heicteár), agus d’eascair méadú ar tháirgeacht fíonchaor as sin (d’fhéadfadh méid na bhfíonchaor arna tháirgeadh a bheith difriúil ó chineál amháin go cineál eile ag brath ar a spreacadh, ach ní mór na paraiméadair cháilíochta a chomhlíonadh atá sonrach don STFC).

Eascraíonn cuid de na cineálacha a chuirtear (idir cineálacha Rómánacha agus idirnáisiúnta) ó raon leathan clón lena mbaineann an riosca is lú nach bhfásfaidh siad go maith agus atá deartha chun cainníocht agus cáilíocht na bhfíonchaor a bhaint amach a theastaíonn chun an fíon a tháirgeadh. In éineacht leis an bhfréamhstoc agus an dlús plandála iomchuí tá táirgeacht á táirgeadh ag na clóin sin atá 25-35 % níos airde ar a laghad ná na meastacháin tosaigh.

Leasaíodh Caibidlí V agus VI den tsonraíocht táirge agus pointí 5.2 den doiciméad aonair dá réir.

4.   Maolú a chur leis maidir le fíonóireacht

Comhlánaíodh an tsonraíocht le maolú maidir leis an bhfíonóireacht i limistéar STFC Sebes-Apold. Tá gá leis an leasú sin ós rud é nach bhfuil neart áitreabh oiriúnach sa limistéar ina bhfuil na dálaí is fearr le haghaidh na gcéimeanna riachtanacha mar atá gléghlanadh, buidéalú etc. agus chun cáilíocht na bhfíonchaor a chosaint a tháirgtear ag na cineálacha fíonchaor a chuirtear sa limistéar STFC seo (an geata thiar-theas chuig ardchlár na Trasalváin, ceann de na réigiúin fíonsaothraithe is tábhachtaí). Ar na cúiseanna sin, is gá cuid de na céimeanna tar éis táirgthe a dhéanamh i limistéar atá cóngarach don limistéar táirgthe, is é sin i gContae Alba, aonad riaracháin comharsanachta atá ina chuid freisin de limistéar táirgthe STFC Târnave (aonaid riaracháin chóngaracha chun fíonta ar ardchaighdeán a tháirgeadh agus a phróiseáil). Tá níos mó áitreabh ar fáil i gContae Alba chun céimeanna na fíonóireachta a chur i gcrích roimh mhargaíocht, agus cáilíocht shonrach na bhfíonta a fhaightear i limistéar Sebes-Apold á comhlíonadh fós.

Tríd na céimeanna a chur i gcrích tar éis fíon Sebes-Apold a tháirgeadh sa limistéar cóngarach (Contae Alba) agus trí fhógra a thabhairt don údarás rialaithe ábhartha, áirithíonn táirgeoirí leibhéal optamach rialaithe ar tháirgeadh fíona STFC Sebes-Apold, agus áirithítear sainiúlacht an limistéir táirgthe le saintréithe an fhíona a tháirgtear.

Leasaíodh Caibidil IX den tsonraíocht táirge agus pointe 9 den doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Sebes-Apold

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Saintréithe na bhfíonta geala

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Is iad saintréithe na bhfíonta geala torthaíocht, saintréithe fíona, úire thipiciúil mar thoradh ar aigéadacht níos airde, bríomhaire, bolaithe torthaí, meala, muisc, almóinní agus spíonáin, aigéadacht chothrom, a chuireann uaireanta le torthaíocht shainiúil, nó aigéadacht níos airde san fhíon a fhéadann blasanna de thorthaí (seadóga, pomalónna, piobair ghlasa) a thabhairt agus ag a bhfuil dea-bholaithe tánaisteacha ó choipeadh bananaí agus papánna. Mar gheall ar neart alcóil níos airde bíonn siad tathagach, saibhir agus an-oiriúnach d’aosú i mbairillí adhmaid nó sa bhuidéal. Bíonn dath buí amhail tuí mar dhath sonrach orthu de ghnáth, athraíonn an dath sin go dath glas-buí, nó glas-buí le himireacha órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

15.00

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11.00

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4.5 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

200

2.

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíonta dearga – dath dearg an rúibín nó dath dúdhearg an rúibín, agus dea-bholaithe fíneálta cuiríní dubha, fraochán gorm nó miontais, chomh maith le himir fanaile nuair a aosaítear i mbairillí. Tathagach, le dea-bholaithe sútha craobh, sméar dubh, cuiríní dubha, silíní searbha agus prúnaí, agus freisin le blasanna de dheatach nó sillí, uaireanta. Nuair a aosaítear an fíon i mbairillí, tagann imireacha fanaile nó tobac ón dair chun cinn ann. Nuair a bhíonn a n-aigéadacht íseal, is féidir iad a ól mar fhíonta óga; nuair a aibítear ar feadh tréimhse ghearr ama i mbairille iad, athraíonn a ndath go dath glan an rúibín, tagann dea-bholaithe silíní searbha aibí agus torthaí citris orthu, agus bíonn tainniní boga iontu.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

15.00

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

11.00

Íosmhéid aigéadachta iomláine

4.5 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíonóireachta shonracha

1.

Cleachtais fíonóireachta

An modh saothraithe

uisciú: ní cheadaítear ach le linn bhlianta triomaigh agus le fógra ó ONPW (An Oifig Náisiúnta um Fhíniúin agus Fhíon);

déine plandála -3 000 fíniúin/heicteár de ghnáth;

glasbhuaint – líon na dtriopall fíonchaoire a laghdú ag tús an aibithe má sháraíonn an táirgeacht ionchasach na huasteorainneacha atá ceadaithe de réir na sonraíochta maidir le fíonta a bhfuil sonrúchán tionscnaimh cláraithe orthu.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

buaintear ag lánaibíocht, DOC-CMD, cineálacha Fetească regală agus Riesling Italian

14 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.

buaintear ag lánaibíocht DOC-CMD, cineál Iordană

17 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

3.

buaintear ag lánaibíocht, DOC-CMD, cineál Fetească albă

13 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

4.

buaintear ag lánaibíocht, DOC-CMD, cineálacha Sauvignon, Chardonnay, Pinot gris, Riesling de Rhin, Neuburger, agus Furmint

12 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

5.

buaintear ag lánaibíocht, DOC-CMD, cineálacha Muscat Ottonel, Cabernet Sauvignon, Pinot noir, Fetească neagră, Merlot, agus Syrah

12 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.

buaintear ag lánaibíocht, DOC-CMD, cineál Traminer roz

11 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

7.

buaintear ag lánaibíocht, DOC-CMD, cineálacha Fetească regală agus Riesling Italian

94 heictilítear in aghaidh an heicteáir

8.

buaintear ag lánaibíocht DOC-CMD, cineál Iordană

119 heictilítear in aghaidh an heicteáir

9.

buaintear ag lánaibíocht, DOC-CMD, cineál Furmint

87 heictilítear in aghaidh an heicteáir

10.

buaintear ag lánaibíocht, DOC-CMD, cineálacha Sauvignon, Pinot gris, Chardonnay, Riesling de Rhin, Neuburger, Traminer roz, agus Muscat Ottonel

80 heictilítear in aghaidh an heicteáir

11.

buaintear ag lánaibíocht, DOC-CMD, cineálacha Cabernet Sauvignon, Pinot noir, Fetească neagră, Merlot agus Syrah

78 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Contae Alba:

baile Sebeș: ceantair Sebeș agus Rahău;

bardas Daia Română: sráidbhaile Daia Română;

bardas Câlnic: sráidbhailte Câlnic, Cut agus Deal;

bardas Gârbova: sráidbhailte Gârbova, Reciu agus Cărpiniş;

bardas of Şpring: sráidbhailte Vingard agus Şpring;

contae Sibiu:

bardas Miercurea Sibiului: sráidbhailte Miercurea Sibiului, Apoldu de Sus agus Dobârca;

bardas Ludoş: sráidbhailte Ludoş agus Guşu;

bardas Apoldu de Jos: - bardas Apoldu de Jos agus Săngătin;

bardas Cristian: -Sráidbhaile Cristian;

bardas Sălişte: sráidbhailte Aciliu, Amnaş agus Sălişte;

bardas Loamneş: sráidbhailte Loamneş, Alămor, Armeni, Haşag, Mândra agus Sădinca;

bardas Păuca: sráidbhailte Păuca, Bogatu Român, Broşteni agus Presaca.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Cabernet-Sauvignon N - Petit Vidure, Burdeos tinto

Chardonnay B - Gentil blanc, Pinot blanc, Chardonnay

Fetească albă B - Păsărească albă, Poama fetei, Mädchentraube, Leanyka, Leanka

Fetească neagră N - Schwarze Mädchentraube, Poama fetei neagră, Păsărească neagră, Coada rândunicii

Fetească regală B - Königliche Mädchentraube, Königsast, Kiralyleanka, Dănășană, Galbenă de Ardeal

Furmint B - Furmin, Şom szalai, Tokay, Szegszolo

Iordană B - Iordovană, Iordan

Merlot N - Bigney rouge, Plant Medoc

Muscat Ottonel B – Muscat Ottonel blanc

Neuburger B - Neuburg

Pinot Gris G - Affumé, Grauer Burgunder, Grauburgunder, Grauer Mönch, Pinot cendré, Pinot Grigio, Ruländer

Pinot noir N - Blauer Spätburgunder, Blauer Burgunder, Burgund mic, Burgunder roter, Klăvner Morillon Noir

Pinot Noir N - Spätburgunder, Pinot nero

Riesling Italian B - Olasz Riesling, Olaszriesling, Welschriesling

Syrah N - Shiraz, Petit Syrah

Traminer Rose Rs - Rosetraminer, Savagnin Rose, Gewürztraminer

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   Nasc leis an limistéar críochaithe – sonraí an cheantair

Tá na fíonghoirt suite i ndoilíní cnocacha Sebes-Secaş agus Apold, mar a mbuaileann Ardchlár Secaș le Sléibhte Șurian-Cindrel.

Cuimsíonn an topagrafaíocht idirdhromanna cnocacha píodmant, síneadh Chnoic Orăștie agus Gârbova ó thuaidh ag bun Shléibhte Cindrel agus síneadh an ardchláir ó theas agus cnoic Ardchlár Secaș timpeall air.

Tá an tír-raon dealbhaithe bainteach leis an rilíf a tháinig chun cinn diaidh ar ndiaidh feadh na bpríomhghleannta: lochtáin, mánna snaíochair agus tulsnaíochair agus leapacha abhann leithne. Tá an talamh seo an-oiriúnach chun fíonchaora a shaothrú.

Cuirtear na fíonghoirt de ghnáth ar na fánaí theas, thoir theas nó thiar theas, agus sna gleannta idir cnoic, áit a bhféadann na fíniúnacha teas agus solas a aimsiú.

Bíonn an mheánfhrasaíocht thaifeadta 550-600 mm/bliain sna gleannta (550 i gConair Mureș, 569 i Sebeș, 600-650 ar mhullaí na gcnoc agus i nGleann Apold) ag baint uasmhéid amach idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa agus ag baint íosmhéid amach ó Mheán Fómhair go dtí an geimhreadh, nuair a bhíonn sneachta i réim de ghnáth ar feadh idir 30 agus 60 lá ar an meán.

Tá an bhogthaise choibhneasta idir 60 % agus 80 %, rud a chiallaíonn go bhfuil na dálaí is fearr ann chun gur féidir leis na fíniúnacha fás agus toradh a thabhairt.

8.2.   Nasc leis an limistéar críochaithe – sonraí an táirge

Is iad saintréithe na bhfíonta geala torthaíocht, saintréithe fíona, úire thipiciúil mar thoradh ar aigéadacht níos airde, bríomhaire, bolaithe torthaí, meala, muisc, almóinní agus spíonáin, aigéadacht chothrom, a chuireann uaireanta le torthaíocht shainiúil, nó aigéadacht níos airde san fhíon a fhéadann blasanna de thorthaí (seadóga, pomalónna, piobair ghlasa) a thabhairt agus ag a bhfuil dea-bholaithe tánaisteacha ó choipeadh bananaí agus papánna.

Tá siad an-oiriúnach d’aosú i mbairillí adhmaid nó sa bhuidéal. Bíonn dath buí éadrom mar dhath sonrach orthu de ghnáth, athraíonn an dath sin go dath glas-buí, nó glas-buí le himireacha órga.

Fíonta dearga – dath dearg an rúibín nó dath dúdhearg an rúibín, agus dea-bholaithe fíneálta cuiríní dubha nó fraochán gorm chomh maith le himir fanaile nuair a aosaítear i mbairillí. Tathagach, le dea-bholaithe sútha craobh, sméar dubh, cuiríní dubh, silíní searbha agus prúnaí, agus freisin le blasanna de dheatach nó sillí, uaireanta. Nuair a aosaítear an fíon i mbairillí, tagann imireacha fanaile nó tobac ón dair chun cinn ann.

Nuair a aibítear ar feadh tréimhse ghearr ama i mbairille iad, athraíonn a ndath go dath glan an rúibín, tagann dea-bholaithe silíní searbha aibí agus torthaí citris orthu, agus bíonn tainniní boga iontu.

8.3.   Nasc leis an limistéar críochaithe - idirghníomhaíocht chúisíoch

Aeráid mheasartha chaighdeánach atá san aeráid, a bhíonn measartha ilchríochach sna cnoic, le roinnt foirceann ag bun chonairí Mureș agus Sebes-Secaș, agus mar shaintréithe den aeráid sin bíonn geimhrí garbha agus seaca, samhraí réasúnta te, earraigh luatha, agus fómhar te a leanann ar aghaidh go dtí go mbíonn cuid mhaith de mhí Dheireadh Fómhair thart, rud a chothaíonn fás láidir; aibítear na fíonchaora agus carntar na fíonchaora go mall, ar an mbealach sin ligtear do na dea-bholaithe teacht chun cinn agus úire agus bríomhaire shonrach a chaomhnú trí bhíthin na haigéadachta beagán níos airde, go háirithe i gcás na bhfíonta ag a bhfuil dea-bholaithe bláthacha agus torthaíocha sainiúla.

Le linn thréimhse aibithe na bhfíonchaor, bíonn na meánteochtaí lae thart ar 23 oC agus bíonn na meánteochtaí oíche thart ar 12 oC, rud a chuireann le méadú leanúnach ar an ábhar siúcra, agus tagann laghdú ar an aigéadacht, nó fanann sé seasmhach nó beagnach seasmhach.

Tá raon leathan de chineálacha agus fochineálacha ithreach san fhíonghort seo: ithreacha, a chuimsíonn ithreacha cré inláisteacha donna agus podsalacha, a bhfuil bréag-reinsíní ar léibhinn feadh na ngleannta fite fuaite iontu, chomh maith le mollasail seornaiseoim agus ithreacha seornaiseoim cambacha, a bhfuil gléireach i gcodanna díobh. Tá reigeasail agus ithreacha creimthe ag na fánaí atá nochta do chreimeadh níos déine agus na hithreacha neamhchriosacha. Moltar na hithreacha sin don fhíonsaothrú, mar thoradh ar éifeacht fhosaithe ithreach na fíniúna de thoradh fréamhacha doimhne, léibheannaithe agus leasacháin.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Maolú maidir le fíonóireacht

Creat dlíthiúil:

I Reachtaíocht an Aontais

An cineál coinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

De mhaolú, féadtar úrfhíonta agus/nó fíonta atá déanta as fíonchaora a bhuaintear go heisiach i bhfíonghoirt atá suite i limistéar críochaithe STFC Sebes-Apold agus a bheidh clúdaithe ag STFC Sebes-Apold a phróiseáil in áitribh atá suite in aonad riaracháin comharsanach ag a bhfuil an acmhainn riachtanach fíonóireachta (ar an mbealach sin áirithítear go gcaomhnaítear cáilíocht an fhíona a fhaightear i limistéar STFC Sebes-Apold), is é sin Contae Alba, atá ina aonad riaracháin comharsanach agus atá ina chuid freisin de limistéar táirgthe STFC Târnave (aonaid riaracháin chóngaracha chun fíonta ar ardchaighdeán a tháirgeadh agus a phróiseáil).

An fhíonóireacht

Creat dlíthiúil:

I Reachtaíocht an Aontais

An cineál coinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Mar eisceacht, féadfar gléghlanadh agus buidéalú fíona a dhéanamh lasmuigh den limistéar táirgthe fíonchaoire, ar choinníoll go dtugtar fógra don údarás inniúil atá i gceannas ar STFC Sebes-Apold, agus faoi réir fhaomhadh an eagraíocht áitiúil táirgeoirí le haghaidh fíonta ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh cláraithe. Sna cásanna sin, tá sé éigeantach an buidéalaí agus an t-ionad buidéalaithe a chomharthú ar an lipéad.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.onvpv.ro/sites/default/files/caiet_sarcini_doc_sebes-apold_modif_cf_cerere_1155_25.07.2014_si_1475_22.07.2022_no_track_changes_1.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


Ceartúcháin

28.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 113/37


Ceartúchán ar Public holidays 2023

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 39 an 1 Feabhra 2023 )

(2023/C 113/14)

Ar leathanach 20 i sraith 3:

in ionad:

‘Česká republika

1.1, 15.4, 18.4, 1.5, 8.5, 5.7, 6.7, 28.9, 28.10, 17.11, 24.12, 25.12, 26.12’

léitear:

‘Česká republika

1.1, 7.4, 10.4, 1.5, 8.5, 5.7, 6.7, 28.9, 28.10, 17.11, 24.12, 25.12, 26.12’