ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 112

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
27 Márta 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2023/C 112/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2023/C 112/02

Cás C-342/21: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóvaice (Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Comhshaol – Treoir 2008/50/CE – Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – Airteagal 13(1) agus Iarscríbhinn XI – Sárú córasach agus leanúnach ar theorainnluachanna maidir le micrea-cháithníní (PM10) i gcriosanna áirithe den tSlóvaic – Airteagal 23(1) – Iarscríbhinn XV – An tréimhse ina sáraítear na teorainnluachanna sin chomh gearr is gur féidir – Bearta iomchuí)

2

2023/C 112/03

Cás C-402/21, Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid agus páirtithe eile (Ceart cónaithe oibrí de chuid na Tuirce a a tharraingt siar): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State – an Ísiltír) – Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid v S agus E, C v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Tarchur chun réamhrialú – Comhaontú Comhlachais idir CEE agus an Tuirc – Cinneadh Uimh. 1/80 – Airteagail 6 agus 7 – Náisiúnaigh de chuid na Tuirce atá lánpháirtithe i margadh saothair an Bhallstáit óstaigh agus ag a bhfuil ceart cónaithe coibhéiseach – Cinntí ó na húdaráis náisiúnta lena ndéantar ceart cónaithe náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu sa Bhallstát lena mbaineann le breis is 20 bliain a tharraingt siar ar an bhforas go bhfuil siad ina bhfíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach do leas bunúsach na sochaí – Airteagal 13 – Foráil neamhghníomhaíochta – Airteagal 14 – Réasúnú – Forais beartais phoiblí)

3

2023/C 112/04

Cás C-453/21, X-FAB Dresden: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – X-FAB Dresden GmbH & Co. KG v FC (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 38(3) – an tOifigeach Cosanta Sonraí – Toirmeasc ar é nó í a chur as a phost nó a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh – Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil – Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna córa – Airteagal 38(6) – Coinbhleacht leasa – Critéir)

4

2023/C 112/05

Cás C-482/21, Euler Hermes: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Euler Hermes SA Magyarországi Fióktelepe v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 90 – Bonn cánach – Laghdú – Árachóir a íocann cúiteamh le hárachaithe as fiacha neamhíoctha, lena n-áirítear CBL – Reachtaíocht náisiúnta lena ndiúltaítear don árachóir sin, mar chomharba dlí, laghdú ar an méid inchánach – Prionsabal na neodrachta fioscaí – Prionsabal na héifeachtachta)

4

2023/C 112/06

Cás C-555/21, UniCredit Bank Austria: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – UniCredit Bank Austria AG v Verein für Konsumenteninformation (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 2014/17/AE – Comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe – Airteagal 25(1) – Aisíocaíocht luath – Ceart an tomhaltóra chun laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa ar chomhréir le hús agus costais atá dlite don tréimhse atá fágtha den chomhaontú – Airteagal 4(13) – Coincheap costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir – Costais neamhspleách ar fhad an chomhaontaithe)

5

2023/C 112/07

Cás C-560/21, KISA: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – ZS v Zweckverband Kommunale Informationsverarbeitung Sachsen KISA, Körperschaft des öffentlichen Rechts (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 38(3) – Oifigeach Cosanta Sonraí – Toirmeasc ar oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú as na cúraimí atá air nó uirthi a chomhlíonadh – Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil – Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú in éagmais cúis thromchúiseach)

6

2023/C 112/08

Cás C-635/21, LB GmbH (Air loungers): Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Bremen – an Ghearmáin) – LB GmbH. v Hauptzollamt D (Tarchur chun réamhrialú – Aontas custaim – Comhtharaif Chustaim – Ainmníocht Chomhcheangailte – Aicmiú taraife – Ceannteideal 9401 – Raon feidhme – Toilg inséidte (air loungers))

6

2023/C 112/09

Cás C-668/21, Druvnieks: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) – an Laitvia) – Druvnieks SIA (Tagairt do réamhrialú – Talmhaíocht – Comhbheartas Talmhaíochta – Tacaíocht d’fhorbairt tuaithe – Comhrialacha – Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 – Airteagal 60 – Clásal imchéimniúcháin – Coincheap coinníollacha arna gcruthú go saorga – Diúltú d’iarratas ar chabhair i bhfianaise na staide ina bhfuil gnóthas de chuid an úinéara chéanna leis an ngnóthas a rinne iarratas ar an gcabhair lena mbaineann)

7

2023/C 112/10

Cás C-688/21, Confédération paysanne agus páirtithe eile (Só-ghineas randamach in vitro): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Confédération paysanne agus páirtithe eile v Premier Ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation (Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d'aon ghnó – Treoir 2001/18/CE – Airteagal 3(1) – Iarscríbhinn I B, pointe 1 – Raon feidhme – Eisceachtaí – Teicnící/modhanna géinmhodhnaithe a úsáidtear go traidisiúnta agus a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe le tamall fada – Só-ghineas randamach in vitro)

8

2023/C 112/11

Cás C-708/21 P: Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 – Évariste Boshab v Comhairle an Aontais Eorpaigh (Achomharc – Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó – Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 – Airteagal 2b agus Airteagal 9(2) – Cinneadh 2010/788/CBES – Airteagal 3(2) agus Airteagal 9(2) – Coinneáil chlárú an iarratasóra ar na liostaí de dhaoine agus d’eintitis dá dtagraítear – Cinneadh (CBES) 2019/2109 – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2101)

9

2023/C 112/12

Cás C-713/21, Finanzamt X (Soláthair ag úinéir stábla): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – A v Finanzamt X (Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 2(1)(c) – Coincheap soláthar seirbhísí ar comaoin – Soláthar aonair a chuimsíonn stáblaíocht agus oiliúint capall agus a rannpháirtíocht i gcomórtais – Luach saothair trí shannadh 50 % den éileamh ar airgead do bhuaiteoirí ó dhuaiseanna a fuair capaill i gcomórtais)

9

2023/C 112/13

Cás C-788/21, Gobal Gravity: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Retten i Esbjerg – an Danmhairg) – Skatteministeriet Departementet v Global Gravity ApS (Tarchur chun réamhrialiú – Aontas custaim – Taraif Chustaim Choiteann – Aicmiú earraí – Ainmníocht Chomhcheangailte – Fo-cheannteidil 7616 99 90 agus 8609 00 90 – Tubular Transport Running-system (TubeLock) – Coincheap an choimeádáin)

10

2023/C 112/14

Cás C-53/22, VZ (Iomaitheoir atá eisiata go cinntitheach): Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia – an Iodáil) – VZ v CA (Tarchur chun réamhrialú – Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí – Airteagal 1(3) – Leas i gcaingean a thionscnamh – Rochtain ar imeachtaí athbhreithnithe – Mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a ghabhann le comhaontú frithiomaíoch – Oibreoir eile a eisiadh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair lena mbaineann toisc nár comhlíonadh na híoscheanglais)

11

2023/C 112/15

Cásanna Uamtha C-341/21 P agus C-357/21 P: Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 – An Coimisiún Eorpach (C-341/21 P) v KM, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Comhairle an Aontais Eorpaigh (C-357/21 P) v KM, an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa (Achomharc – Airteagal 182 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Státseirbhís – Pinsean – Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh – Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII – Pinsean marthanóra a dheonú – Céile marthanach d’iar-oifigeach a raibh pinsean scoir á fháil aige nó aici – Oifigeach a phósadh tar éis dó nó di an tseirbhís a fhágáil – Coinníoll gur mhair an pósadh cúig bliana ar a laghad ar dháta bhás an oifigigh – Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII – Oifigeach a phósadh roimh dó nó di an tseirbhís a fhágáil – Coinníoll gur mhair an pósadh bliain amháin ar a laghad – Pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 20 – Prionsabal na córa comhionainne – Airteagal 21(1) – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhun aoise – Airteagal 52(1) – Neamhláithreacht idirdhealú treallach nó idirdhealú atá mí-oiriúnach go follasach i bhfianaise an chuspóra a bhfuil reachtas an Aontais Eorpaigh dírithe air)

12

2023/C 112/16

Cás C-82/22 P: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 – Jean-François Jalkh v Parlaimint na hEorpa (Achomharc – Airteagal 181 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Dlí Institiúideach – Feisire de Pharlaimint na hEorpa – Prótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh – an Tríú mír d’Airteagal 9 – Cinneadh chun díolúine pharlaiminteach a tharscaoileadh – Achomharc atá neamh-inghlactha go follasach ar thaobh amháin agus gan bhunús ar an taobh eile)

13

2023/C 112/17

Cás C-527/22 P: Achomharc arna thabhairt an 6 Lúnasa 2022 ag Equinoccio-Compañía de Comercio Exterior, SL i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a fógraíodh an 9 Meitheamh 2022 i gCás T-493/21, Equinoccio-Compañía de Comercio Exterior v an Coimisiún

13

2023/C 112/18

Cás C-649/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) an 14 Deireadh Fómhair 2022 – XXX v Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros

14

2023/C 112/19

Cás C-673/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social no 1 de Sevilla (an Spáinn) an 27 Deireadh Fómhair 2022 – CCC v Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS), Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

14

2023/C 112/20

Cás C-687/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Provincial de Alicante (an Spáinn) an 7 Samhain 2022 – Julieta, Rogelio v Agencia Estatal de la Administración Tributaria

15

2023/C 112/21

Cás C-704/22 P: Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2022 ag an mBanc Eorpach Infheistíochta i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 7 Meán Fómhair 2022 i gCás T-651/20, KL v BEI

16

2023/C 112/22

Cás C-705/22 P: Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2022 ag an mBanc Eorpach Infheistíochta i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 7 Meán Fómhair 2022 i gCás T-751/20, KL v BEI

16

2023/C 112/23

Cás C-708/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 16 Samhain 2022 – Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne – ASOPROVAC v Administración General del Estado

16

2023/C 112/24

Cás C-726/22 P: Achomharc arna thabhairt an 24 Samhain 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 14 Meán Fómhair 2022 i gCásanna uamtha T-371/20 agus T-554/20, Pollinis France v an Coimisiún

17

2023/C 112/25

Cás C-741/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance de Liège (an Bheilg) a taisceadh an 2 Nollaig 2022 – Casino de Spa SA agus páirtithe eile

18

2023/C 112/26

Cás C-747/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Bergamo (an Iodáil) arna taisceadh an 7 Nollaig 2022 – KH v Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)

20

2023/C 112/27

Cás C-758/22, Bayerische Ärzteversorgung agus páirtithe eile: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Bayerische Ärzteversorgung, Bayerische Architektenversorgung, Bayerische Apothekerversorgung, Bayerische Rechtsanwalts- und Steuerberaterversorgung, Bayerische Ingenieurversorgung-Bau m. Psychotherapeutenversorgung v Deutsche Bundesbank

20

2023/C 112/28

Cás C-759/22, Sächsische Ärzteversorgung: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Sächsische Ärzteversorgung v Deutsche Bundesbank

22

2023/C 112/29

Cás C-763/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal judiciaire de Marseille (an Fhrainc) a taisceadh an 16 Nollaig 2022 – Procureur de la République v OP

23

2023/C 112/30

Cás C-766/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) a taisceadh an 16 Nollaig 2022 – WD v Allane SE

23

2023/C 112/31

Cás C-771/22, HDI Global: Iarraidh ar réamhrialú ó Bezirksgericht für Handelssachen Wien (an Ostair) a taisceadh an 19 Nollaig 2022 – Bundesarbeitskammer v HDI Global SE

24

2023/C 112/32

Cás C-774/22, FTI Touristik: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Nürnberg (an Ghearmáin) a taisceadh an 21 Nollaig 2022 – JX v FTI Touristik GmbH

25

2023/C 112/33

Cás C-778/22, flightright: Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 22 Nollaig 2022 – flightright GmbH v TAP Portugal

25

2023/C 112/34

Cás C-785/22 P: Achomharc arna thabhairt an 27 Nollaig 2022 ag Eulex Kosovo i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a fógraíodh an 19 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-242/17, RENV, SC v Eulex Kosovo

26

2023/C 112/35

Cás C-35/23, Greislzel: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 25 Eanáir 2023 – Athair v Máthair

27

2023/C 112/36

Cás C-44/23 P: Achomharc arna thabhairt an 27 Eanáir 2023 ag Kurdistan Workers’ Party (PKK) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 30 Samhain 2022 i gCásanna Uamtha T-316/14 RENV agus T-148/19, PPK v an Chomhairle

27

2023/C 112/37

Cás C-304/22, PM: Ordú Uachtarán na Cúirte an 28 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Kammergericht Berlin – an Ghearmáin) – PM v Senatsverwaltung für Justiz, Vielfalt und Antidiskriminierung, tríú páirtí: CM

29

 

Chúirt Ghinearálta

2023/C 112/38

Cás T-295/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Aquind agus páirtithe eile v an Coimisiún (Fuinneamh – Bonneagar tras-Eorpach fuinnimh – Rialachán (AE) Uimh 347/2013 – Rialachán Tarmligthe lena leasaítear liosta na dtionscadal leasa choitinn – An dara mír d'Airteagal 172 CFAE – Diúltú ó Bhallstát a cheadú a thabhairt do thionscadal idirnasctha leictreachais d'fhonn stádas tionscadail leasa choitinn a dheonú – Neamh-chuimsiú an tionscadail ag an gCoimisiún ar an liosta leasaithe – Oibleagáid cúiseanna a lua – Prionsabal an dea-riaracháin – Cóir chomhionann – Deimhneacht dhlíthiúil – Ionchais dlisteanacha – Comhréireacht – Airteagal 10 den Chonradh um Chairt Fuinnimh)

30

2023/C 112/39

Cás T-522/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Carpatair v an Coimisiún (Státchabhair – Earnáil na heitlíochta – Bearta curtha i bhfeidhm ag an Rómáin i bhfabhar aerfort Timișoara – Bearta curtha i bhfeidhm ag Aerfort Timișoara i bhfabhar Wizz Air agus aerlínte ag úsáid an t-aerfort sin – Cinneadh lena gcinntear i bpáirt nach raibh aon Státchabhair ann i bhfabhar aerfort Timișoara agus i bhfabhar na haerlínte a úsáideann é – Muirir aerfoirt – Caingean le haghaidh neamhniú – Acht rialála – Cúram aonair – Tionchar substaintiúil ar sheasamh iomaíoch – Cúram díreach – Spéis in imeachtaí a thabhairt – Inghlacthacht – Airteagal 107(1) CFAE – Cineál roghnach – Buntáiste – Tástáil oibreoir príobháideach)

31

2023/C 112/40

Cás T-538/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – PBL agus WA v an Coimisiún (Státchabhair – Cabhair do chlub sacair – Diúltú gearán a chlárú arna thaisceadh ag duine de bhaill club sacair – Stádas páirtí leasmhar)

32

2023/C 112/41

Cás T-787/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – UniSkin v EUIPO – Unicskin (UNISKIN by Dr. Søren Frankild) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh UNISKIN by Dr.Søren Frankild – Marc fíortha náisiúnta roimhe seo UNICSKIN YOUR EFFECTIVE SOLUTION – Forais coibhneasta leis an diúltú – Riosca mearbhaill – Cosúlachta idir earraí agus seirbhísí – Cineál sainiúil an mharc níos luaithe – Cosúlacht na gcomharthaí – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

32

2023/C 112/42

Cás T-24/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Bensoussan v EUIPO – Lulu’s Fashion Lounge (LOULOU STUDIO) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh LOULOU STUDIO – Foclmharc idirnáisiúnta níos luaithe LULU’S – Forais choibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

33

2023/C 112/43

Cás T-141/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Sport1 v EUIPO – SFR (SFR SPORT1) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SFR SPORT 1 – Marcanna fíortha náisiúnta agus idirnáisiúnta níos luaithe sport1 – Forais choibhneasta le diúltú – Easpa baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] – Saincháilíocht a fuarthas trí úsáid – Idirspleáchas na bhfactóirí)

34

2023/C 112/44

Cás T-778/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2023 – Folkertsma v an Coimisiún (Imeachtaí le haghaidh damáistí – Conradh Cúnaimh Theicniúil chun tacú leis an aistriú i Bangsamoro (Subatra) – Iarratas ón gCoimisiún chun duine eile a chur in ionad an t-iarratasóir mar shaineolaí – Deireadh a chur leis an gconradh idir an tairgeoir rathúil agus an t-iarratasóir – Dliteanas neamhchonarthach – Sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair – Cúisíocht – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

34

2023/C 112/45

Cás T-81/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2023 – Euranimi v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Dumpáil – Allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise – Dleacht frithdhumpála chinntitheach – Easpa leas pearsanta – Gníomh rialála lena bhforáiltear do bhearta cur chun feidhme – Do-ghlacthacht)

35

2023/C 112/46

Cás T-117/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta 1 Feabhra 2023 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle (Imeachtaí eatramhacha – An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

36

2023/C 112/47

Cás T-631/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Eanáir 2023 – Beijing Unicorn Technology v EUIPO – WD Plus (Léiriú ar chiorcal ina bhfuil dhá chuid rinneach) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

36

2023/C 112/48

Cás C-36/23: Caingean arna tabhairt an 25 Eanáir 2023 – Stevi agus The New York Times v an Coimisiún

37

2023/C 112/49

Cás T-41/23: Caingean arna tabhairt an 3 Feabhra 2023 – Pollen + Grace v EUIPO – Grace Foods (POLLEN + GRACE)

38

2023/C 112/50

Cás C-46/23: Caingean arna tabhairt an 6 Feabhra 2023 – Kaili v an Pharlaimint agus OIPE

39

2023/C 112/51

Cás T-47/23: Caingean arna tabhairt an 7 Feabhra 2023 – Vinet Miłosz Jeleń v EUIPO – The Animal Store, Food and Accessories (WILD INSPIRED)

40

2023/C 112/52

Cás T-52/23: Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – Olive Line International v EUIPO – Santa Rita Harinas (SANTARRITA)

40

2023/C 112/53

Cás T-53/23: Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – TVR Automotive v EUIPO – TVR Italia (TVR)

41

2023/C 112/54

Cás T-55/23: Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – Tiendanimal v EUIPO – Salvana Tiernahrung (SALVAJE)

42

2023/C 112/55

Cás T-56/23: Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – Laboratorios Ern v EUIPO – Ahlberg-Dollarstore (A’PEAL)

43

2023/C 112/56

Cás T-57/23: Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2023 – Goldair Tourism v EUIPO – Gkolemis Etaireia (Goldair Tourism)

43

2023/C 112/57

Cás T-58/23: Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2023 – Supermac’s v EUIPO – McDonald’s International Property (BIG MAC)

44

2023/C 112/58

Cás T-59/23: Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2023 – DEC Technologies v EUIPO – Tehnoexport (DEC FLEXIBLE TECHNOLOGIES)

45

2023/C 112/59

Cás T-60/23: Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2023 – Ilovepdf v EUIPO (ILOVEPDF)

46

2023/C 112/60

Cás T-61/23: Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2023 – Ona Investigación v EUIPO – Formdiet (BIOPÔLE)

46

2023/C 112/61

Cás T-64/23: Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2023 – Aesculap v EUIPO – Aeneas (AESKUCARE Food Intolerance)

47

2023/C 112/62

Cás T-65/23: Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2023 – Aesculap v EUIPO – Aeneas (AESKUCARE)

48

2023/C 112/63

Cás T-66/23: Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2023 – Aesculap v EUIPO – Aeneas (AESKUCARE Allergy)

48

2023/C 112/64

Cás T-68/23: Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2023 – DEC Technologies v EUIPO – Tehnoexport (Léiriú ar chearnóg le cuara)

49


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2023/C 112/01)

Foilseachán deiridh

IO C 104, 20.3.2023

Foilseacháin stairiúla

IO C 94, 13.3.2023

IO C 83, 6.3.2023

IO C 71, 27.2.2023

IO C 63, 20.2.2023

IO C 54, 13.2.2023

IO C 45, 6.2.2023

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/2


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Slóvaice

(Cás C-342/21) (1)

(Mainneachtain bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Comhshaol - Treoir 2008/50/CE - Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh - Airteagal 13(1) agus Iarscríbhinn XI - Sárú córasach agus leanúnach ar theorainnluachanna maidir le micrea-cháithníní (PM10) i gcriosanna áirithe den tSlóvaic - Airteagal 23(1) - Iarscríbhinn XV - An tréimhse ina sáraítear na teorainnluachanna sin “chomh gearr is gur féidir” - Bearta iomchuí)

(2023/C 112/02)

Teanga an cháis: an tSlóvaicis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: R. Lindenthal agus M. Noll-Ehlers, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Slóvaice (ionadaí: S. Ondrášiková, Gníomhaire)

An chuid oibríochtúil

1)

Mhainnigh Poblacht na Slóvaice:

a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 13(1) de Threoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008, maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir sin, tríd an teorainnluach laethúil is infheidhme maidir le micrea-cháithníní (PM10) a shárú ar bhealach córasach agus leanúnach ó 2005 go 2019, agus an dáta sin san áireamh, cé is moite den bhliain 2016, i limistéar SKBB01, i réigiúin Banská Bystrica, agus, cé is moite de na blianta 2009, 2015 agus 2016, i gceirtleán SKKO01, Kosiče, agus

sa limistéar sin agus sa cheirtleán sin, agus i limistéar SKKO02, i réigiún Kosiče, a cuid oibleagáidí faoin dara fomhír d’Airteagal 23(1) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn XV a ghabhann leis, trí mhainneachtain bearta iomchuí a áireamh ina pleananna maidir le cáilíocht an aeir chun go mbeadh an tréimhse ina sáraítear na teorainnluachanna sin chomh gearr is gur féidir.

2)

Ordaítear do Phoblacht na Slóvaice na costais a íoc.


(1)  IO C 278, 12.7.2021


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/3


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Dara Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State – an Ísiltír) – Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid v S agus E, C v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-402/21 (1), Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid agus páirtithe eile (Ceart cónaithe oibrí de chuid na Tuirce a a tharraingt siar))

(Tarchur chun réamhrialú - Comhaontú Comhlachais idir CEE agus an Tuirc - Cinneadh Uimh. 1/80 - Airteagail 6 agus 7 - Náisiúnaigh de chuid na Tuirce atá lánpháirtithe i margadh saothair an Bhallstáit óstaigh agus ag a bhfuil ceart cónaithe coibhéiseach - Cinntí ó na húdaráis náisiúnta lena ndéantar ceart cónaithe náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu sa Bhallstát lena mbaineann le breis is 20 bliain a tharraingt siar ar an bhforas go bhfuil siad ina bhfíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach do leas bunúsach na sochaí - Airteagal 13 - Foráil neamhghníomhaíochta - Airteagal 14 - Réasúnú - Forais beartais phoiblí)

(2023/C 112/03)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid, E, C

Cosantóir: S, Staatssecretaris van Justitie agus Veiligheid

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 13 de Chinneadh Uimh. 1/80 ón gComhairle Comhlachais an 19 Meán Fómhair 1980 maidir le forbairt an chomhlachais idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Tuirc,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is féidir le náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil ina sealbhóirí ar na cearta dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 7 den Chinneadh sin brath air.

2)

Maidir le hAirteagal 14 de Chinneadh Uimh. 1/80,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfaidh náisiúnaigh de chuid na Tuirce atá, dar le húdaráis náisiúnta inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, ina bhfíorbhagairt láithreach agus leorthromchúiseach ar leas bunúsach na sochaí, brath ar Airteagal 13 den Chinneadh sin d’fhonn cur i gcoinne “srian nua” de réir bhrí na forála sin a bheadh curtha i bhfeidhm orthu lena gcuirtear ar chumas na n-údarás sin deireadh a chur lena gceart cónaithe ar fhorais an bheartais phoiblí. D'fhéadfaí bonn cirt a thabhairt lena leithéid de shrian trí Airteagal 14 den Chinneadh sin a chur i bhfeidhm, más rud é go bhfuil sé iomchuí d’fhonn a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú maidir le cosaint an bheartais phoiblí agus nach rachaidh sé thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach.


(1)  IO C 391, 27.9.2021


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/4


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – X-FAB Dresden GmbH & Co. KG v FC

(Cás C-453/21, (1) X-FAB Dresden)

(Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 38(3) - an tOifigeach Cosanta Sonraí - Toirmeasc ar é nó í a chur as a phost nó a post as na cúraimí atá air nó uirthi a dhéanamh - Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil - Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú in éagmais cúiseanna córa - Airteagal 38(6) - Coinbhleacht leasa - Critéir)

(2023/C 112/04)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesarbeitsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X-FAB Dresden GmbH & Co. KG

Cosantóir: CF

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir leis an dara habairt d’Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh rialaitheoir nó próiseálaí Oifigeach Cosanta Sonraí is comhalta dá fhoireann a dhífhostú ar chúiseanna córa amháin, fiú mura bhfuil baint ag an dífhostú le comhlíonadh cúraimí an oifigigh sin, ar choinníoll nach gcuirfidh reachtaíocht den sórt sin gnóthú chuspóirí an rialacháin sin i mbaol.

2)

Maidir le hAirteagal 38(6) de Rialachán 2016/679,

Ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfadh “coinbhleacht leasa”, dá bhforáiltear san fhoráil sin, a bheith ann i gcás ina gcuirfí cúraimí nó dualgais eile ar Oifigeach Cosanta Sonraí, a mbeadh sé mar thoradh air nó uirthi cinneadh a dhéanamh maidir le cuspóirí agus modhanna próiseála sonraí pearsanta ag an rialaitheoir nó ag a phróiseálaí, ar faoin gcúirt náisiúnta atá sé é seo a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ar bhonn measúnaithe ar na himthosca ábhartha go léir, go háirithe struchtúr eagraíochtúil an rialaitheora nó a phróiseálaí agus i bhfianaise na rialacha uile is infheidhme, lena n-áirítear aon bheartais de chuid an rialaitheora nó a phróiseálaí.


(1)  IO C 490, 6.12.2021


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/4


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék – an Ungáir) – Euler Hermes SA Magyarországi Fióktelepe v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-482/21 (1), Euler Hermes)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 90 - Bonn cánach - Laghdú - Árachóir a íocann cúiteamh le hárachaithe as fiacha neamhíoctha, lena n-áirítear CBL - Reachtaíocht náisiúnta lena ndiúltaítear don árachóir sin, mar chomharba dlí, laghdú ar an méid inchánach - Prionsabal na neodrachta fioscaí - Prionsabal na héifeachtachta)

(2023/C 112/05)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Euler Hermes SA Magyarországi Fióktelepe

Cosantóir: Nemzeti Adó-és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 90(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir 2010/45/AE ón gComhairle an 13 Iúil 2010, agus prionsabal na neodrachta fioscaí,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht de chuid Ballstáit ar dá réir nach gcuirtear i bhfeidhm laghdú an mhéid inchánach i gcás neamhíocaíochta, dá bhforáiltear san fhoráil sin, maidir le hárachóir a d’íoc, faoi chonradh árachais fiach tráchtála, leis an árachaí, mar chúiteamh tar éis neamhíocaíocht féich, cuid de mhéid inchánach an idirbhirt inchánach atá i gceist, lena n-áirítear cáin bhreisluacha, i gcás, de réir an chonartha sin, gur sannadh an chuid sin den éileamh agus gach ceart gaolmhar don árachóir sin.


(1)  IO C 471, 22.11.2021


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/5


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – UniCredit Bank Austria AG v Verein für Konsumenteninformation

(Cás C-555/21 (1), UniCredit Bank Austria)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 2014/17/AE - Comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe - Airteagal 25(1) - Aisíocaíocht luath - Ceart an tomhaltóra chun laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa ar chomhréir le hús agus costais atá dlite don tréimhse atá fágtha den chomhaontú - Airteagal 4(13) - Coincheap “costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir” - Costais neamhspleách ar fhad an chomhaontaithe)

(2023/C 112/06)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: UniCredit Bank Austria AG

Cosantóir: Verein für Konsumenteninformation

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 25(1) de Threoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a i dtaca le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear nach n-áirítear i gceart an tomhaltóra chun laghdú a fháil ar chostas iomlán an chreidmheasa i gcás ina n-aisíocfar an creidmheas go luath ach ús agus costais atá ag brath ar fhad an chreidmheasa.


(1)  IO C 513, 20.12.2021


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/6


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – ZS v Zweckverband “Kommunale Informationsverarbeitung Sachsen” KISA, Körperschaft des öffentlichen Rechts

(Cás C-560/21 (1), KISA)

(Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 38(3) - Oifigeach Cosanta Sonraí - Toirmeasc ar oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú as na cúraimí atá air nó uirthi a chomhlíonadh - Ceanglas maidir le neamhspleáchas feidhmiúil - Rialacháin náisiúnta lena dtoirmisctear oifigeach cosanta sonraí a dhífhostú in éagmais cúis thromchúiseach)

(2023/C 112/07)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesarbeitsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ZS

Cosantóir: Zweckverband “Kommunale Informationsverarbeitung Sachsen” KISA, Körperschaft des öffentlichen Rechts

An chuid oibríochtúil

Maidir leis an dara habairt d’Airteagal 38(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí),

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc léi ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh rialaitheoir nó próiseálaí Oifigeach Cosanta Sonraí is comhalta dá fhoireann a dhífhostú ar chúis thromchúiseach amháin, fiú mura bhfuil baint ag an dífhostú le comhlíonadh chúraimí an oifigigh sin, ar choinníoll nach gcuirfidh reachtaíocht den sórt sin gnóthú chuspóirí an rialacháin sin i mbaol.


(1)  IO C 37, 24.1.2022


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/6


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Bremen – an Ghearmáin) – LB GmbH. v Hauptzollamt D

(Cás C-635/21 (1), LB GmbH (Air loungers))

(Tarchur chun réamhrialú - Aontas custaim - Comhtharaif Chustaim - Ainmníocht Chomhcheangailte - Aicmiú taraife - Ceannteideal 9401 - Raon feidhme - Toilg inséidte (air loungers))

(2023/C 112/08)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a tharchur

Finanzgericht Bremen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Lb GmbH.

Cosantóir: Hauptzollamt D

An chuid oibríochtúil

Maidir le ceannteideal 9401 den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987, maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim, sa leagan a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1821 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2016,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chlúdaítear leis cineál tolg inséidte comhdhéanta de phíopa plaisteach inmheánach agus clúdach seachtrach d’fhabraic teicstíle.


(1)  IO C 64, 7.2.2022


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/7


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) – an Laitvia) – “Druvnieks” SIA

(Cás C-668/21 (1), Druvnieks)

(Tagairt do réamhrialú - Talmhaíocht - Comhbheartas Talmhaíochta - Tacaíocht d’fhorbairt tuaithe - Comhrialacha - Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 - Airteagal 60 - Clásal imchéimniúcháin - Coincheap “coinníollacha arna gcruthú go saorga” - Diúltú d’iarratas ar chabhair i bhfianaise na staide ina bhfuil gnóthas de chuid an úinéara chéanna leis an ngnóthas a rinne iarratas ar an gcabhair lena mbaineann)

(2023/C 112/09)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Augstākā tiesa (Senāts)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“Druvnieks” SIA

Tríú páirtí: Lauku atbalsta dienests

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is féidir le staid ina mbeidh na coinníollacha maidir le diúltú d’iarratas ar chabhair arna chur isteach faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), dá bhforáiltear le rialacháin náisiúnta, á gcomhlíonadh ní ag an t-iarratasóir ar an gcabhair lena mbaineann, ach ag gnóthas eile ar leis an úinéir céanna leis an iarratasóir sin é, ar ghabh an t-iarratasóir a ghníomhaíocht talmhaíochta ar láimh, teacht faoi chuimsiú an choincheapa “coinníollacha arna gcruthú go saorga”, de réir bhrí an Airteagail sin, ar choinníoll, ar thaobh amháin, go n-eascraíonn sé as sraith imthosca oibiachtúla nach bhfuil cuspóir na reachtaíochta earnála talmhaíochta bainte amach, d’ainneoin comhlíonadh foirmiúil na gcoinníollacha dá bhforáiltear leis na rialacháin ábhartha, agus, ar an taobh eile, go suífear go raibh sé ar intinn buntáiste a bhaint as rialacháin an Aontais trí na coinníollacha a leagadh síos chun an buntáiste sin a bhaint amach a chruthú go saorga.

2)

Maidir le hAirteagal 60 de Rialachán Uimh. 1306/2013,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is féidir é a chur i bhfeidhm i gcás nár forchuireadh aon phionós riaracháin ar an iarratasóir ar an gcabhair lena mbaineann nó ar úinéir an iarratasóra sin.


(1)  IO C 37, 24.1.2022


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/8


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Conseil d’État – an Fhrainc) – Confédération paysanne agus páirtithe eile v Premier Ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation

(Cás C-688/21 (1), Confédération paysanne agus páirtithe eile (Só-ghineas randamach in vitro))

(Tarchur chun réamhrialú - Comhshaol - Orgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh d'aon ghnó - Treoir 2001/18/CE - Airteagal 3(1) - Iarscríbhinn I B, pointe 1 - Raon feidhme - Eisceachtaí - Teicnící/modhanna géinmhodhnaithe a úsáidtear go traidisiúnta agus a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe le tamall fada - Só-ghineas randamach in vitro)

(2023/C 112/10)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Conseil d’État

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Confédération paysanne, Réseau Semences Paysannes, Les Amis de la Terre France, Collectif Vigilance OGM et Pesticides 16, Vigilance OG2M, CSFV 49, OGM: dangers, Vigilance OGM 33, Fédération Nature et Progrès

Cosantóirí: Premier ministre, Ministre de l’Agriculture et de l’Alimentation

Páirtí eile sna himeachtaí: Fédération française des producteurs d’oléagineux et de protéagineux

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 3(1) de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe amach sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I B, pointe 1 den Treoir sin agus i bhfianaise aithris 17 di,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

eisiatar orgánaigh a fhaightear trí theicníc/modh só-ghinis atá bunaithe ar na módúlachtaí céanna modhnaithe, ag oibreán só-ghineach, ar ábhar géiniteach an orgánaigh lena mbaineann ná ar theicníc/modh só-ghinis a úsáidtear go traidisiúnta le haghaidh feidhmeanna éagsúla agus a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe le tamall fada, ach atá difriúil ón dara teicníc/modh só-ghinis sin de réir tréithe eile, lena n-áirítear úsáid saothráin in vitro, ón díolúine dá bhforáiltear san fhoráil sin, ach amháin má shuitear gur dócha go mbeidh athruithe éagsúla ar ábhar géiniteach an orgánaigh lena mbaineann mar thoradh ar na saintréithe sin, de réir a nádúir nó ag an ráta ag a dtarlaíonn siad, uathu siúd a eascraíonn as feidhmiú an dara teicníc/modh só-ghinis sin. Mar sin féin, ní thugann éifeachtaí dúchasacha na saothráin in vitro, mar sin, údar le heisiamh ón díolúine sin orgánaigh a fhaightear trí theicníc/modh só-ghinis in vitro a úsáideadh go traidisiúnta le haghaidh feidhmeanna éagsúla, a bhfuil a sábháilteacht cruthaithe le tamall fada maidir leis na modhanna sin.


(1)  IO C 37, 21.1.2022


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/9


Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 – Évariste Boshab v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-708/21 P) (1)

(Achomharc - Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i gcoinne daoine agus eintiteas áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó - Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 - Airteagal 2b agus Airteagal 9(2) - Cinneadh 2010/788/CBES - Airteagal 3(2) agus Airteagal 9(2) - Coinneáil chlárú an iarratasóra ar na liostaí de dhaoine agus d’eintitis dá dtagraítear - Cinneadh (CBES) 2019/2109 - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2101)

(2023/C 112/11)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Évariste Boshab (ionadaithe: T. Bontinck, P. De Wolf, A. Guillerme agus T. Payan, Dlíodóirí)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M.-C. Cadilhac agus S. Lejeune, Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don achomharc;

2.

Ordaítear do Évariste Boshab a chostais féin agus na costais arna dthabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc.


(1)  IO C 51, 31.1.2022


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/9


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – A v Finanzamt X

(Cás C-713/21 (1), Finanzamt X (Soláthair ag úinéir stábla))

(Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 2(1)(c) - Coincheap “soláthar seirbhísí ar comaoin” - Soláthar aonair a chuimsíonn stáblaíocht agus oiliúint capall agus a rannpháirtíocht i gcomórtais - Luach saothair trí shannadh 50 % den éileamh ar airgead do bhuaiteoirí ó dhuaiseanna a fuair capaill i gcomórtais)

(2023/C 112/12)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A

Cosantóir: Finanzamt X

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 2(1)(c) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is éard atá i gceist le soláthar aonair a sholáthraíonn úinéir stábla le haghaidh capaill chomórtais oiliúna, arb éard atá ann stáblaíocht agus oiliúna a thabhairt do chapaill agus iad a bheith rannpháirteach i gcomórtais, ná soláthar seirbhísí lena mbreithniú, de réir bhrí na forála sin, áit a dtugann úinéir na gcapall luach saothair don tseirbhís sin trí 50 % den éileamh ar airgead do na buaiteoirí ó na duaiseanna a shannadh bíonn sé ina shealbhóir i gcás bua nó rangú úsáideach a chuid capall le linn comórtais.


(1)  IO C 119, 14.3.2022


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/10


Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Retten i Esbjerg – an Danmhairg) – Skatteministeriet Departementet v Global Gravity ApS

(Cás C-788/21 (1), Gobal Gravity)

(Tarchur chun réamhrialiú - Aontas custaim - Taraif Chustaim Choiteann - Aicmiú earraí - Ainmníocht Chomhcheangailte - Fo-cheannteidil 7616 99 90 agus 8609 00 90 - Tubular Transport Running-system (TubeLock) - Coincheap an “choimeádáin”)

(2023/C 112/13)

Teanga an cháis: an Danmhairgis

An chúirt a rinne an tarchur

Retten i Esbjerg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Skatteministeriet Departementet

Cosantóir: Global Gravity ApS

An chuid oibríochtúil

Maidir le fo-cheannteideal 8609 00 90 den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leRialachán Uimh 2658/87 (CEE) ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim sa leagan a thagann as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1001/2013 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2013,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní áirítear leis an bhfo-cheannteideal sin gléas iompair píopaí atá comhdhéanta de roinnt péirí trasnán coinneála atá déanta as alúmanam, a leagtar go hingearach idir na píopaí atá á n-iompar, áit a bhfuil na péirí trasnán sin ceangailte le chéile trí bhíthin dhá bharra cóimeála cruach, atá feistithe le súilíní agus ar féidir píopaí eile a leagan in airde orthu ag baint úsáid as an bpróiseas céanna go dtí go socraítear líon na bpíopaí atá le hiompar san ualach, agus an t-ualach á chríochnú tar éis crocháin cruach a chrochadh ar na barraí cóimeála cruach sna ceithre choirnéal den ualach (trí na crocháin cruach a rith trí na súilíní sin), d’fhonn láimhseáil an ualaigh ina iomláine a éascú, ar ábhar é atá le fiosrú ag an gcúirt a rinne an tarchur.


(1)  IO C 109, 7.3.2022.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/11


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 9 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia – an Iodáil) – VZ v CA

(Cás C-53/22 (1), VZ (Iomaitheoir atá eisiata go cinntitheach))

(Tarchur chun réamhrialú - Nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí - Airteagal 1(3) - Leas i gcaingean a thionscnamh - Rochtain ar imeachtaí athbhreithnithe - Mí-iompar gairmiúil tromchúiseach a ghabhann le comhaontú frithiomaíoch - Oibreoir eile a eisiadh go cinntitheach ó rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair lena mbaineann toisc nár comhlíonadh na híoscheanglais)

(2023/C 112/14)

Teanga an cháis: Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per la Lombardia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VZ

Cosantóir: CA

Tríú páirtithe: RT, BO, Regione Lombardia, Regione Liguria

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 1(3) de Threoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin a bhaineann le nósanna imeachta athbhreithnithe a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí, arna leasú le Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar dhlí Ballstáit nach gceadaíonn d’oibreoir a choisctear páirt a ghlacadh i nós imeachta chun conradh poiblí a dhámhachtain ar an bhforas nár chomhlíon sé ceann de na coinníollacha rannpháirtíochta a leagtar síos sa ghlao ar thairiscintí lena mbaineann, agus ar diúltaíodh dá chaingean i gcoinne an coinníoll sin a áireamh, sa ghlao sin ar thairiscintí, le cinneadh a bhfuil feidhm res judicata leis, agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú an údaráis chonarthaigh lena mbaineann an cinneadh lenar dámhadh an conradh poiblí sin a neamhniú tar éis do chinneadh breithiúnach a dheimhniú, go raibh an tairgeoir rathúil agus gach tairgeoir eile rannpháirteach i gcomhaontú ar sárú é ar na rialacha iomaíochta san earnáil chéanna leis an nós imeachta chun an conradh poiblí sin a dhámhachtain.


(1)  IO C 148, 04.04.2022


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/12


Ordú ón gCúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 – An Coimisiún Eorpach (C-341/21 P) v KM, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Comhairle an Aontais Eorpaigh (C-357/21 P) v KM, an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa

(Cásanna Uamtha C-341/21 P agus C-357/21 P) (1)

(Achomharc - Airteagal 182 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Státseirbhís - Pinsean - Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII - Pinsean marthanóra a dheonú - Céile marthanach d’iar-oifigeach a raibh pinsean scoir á fháil aige nó aici - Oifigeach a phósadh tar éis dó nó di an tseirbhís a fhágáil - Coinníoll gur mhair an pósadh cúig bliana ar a laghad ar dháta bhás an oifigigh - Airteagal 18 d’Iarscríbhinn VIII - Oifigeach a phósadh roimh dó nó di an tseirbhís a fhágáil - Coinníoll gur mhair an pósadh bliain amháin ar a laghad - Pléadáil neamhdhleathachta i leith Airteagal 20 d’Iarscríbhinn VIII - An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagal 20 - Prionsabal na córa comhionainne - Airteagal 21(1) - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe de bhun aoise - Airteagal 52(1) - Neamhláithreacht idirdhealú treallach nó idirdhealú atá mí-oiriúnach go follasach i bhfianaise an chuspóra a bhfuil reachtas an Aontais Eorpaigh dírithe air)

(2023/C 112/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

(Cás C-341/21 P)

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. S. Bohr agus B. Mongin, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: KM (ionadaí: M. Müller-Trawinski, Rechtsanwalt), Parlaimint na hEorpa (ionadaí: J. Van Pottelberge, Gníomhaire), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Alver agus M. Bauer, Gníomhairí)

(Cás C-357/21 P)

Iarratasóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Alver agus M. Bauer, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: KM (ionadaí: M. Müller-Trawinski, Rechtsanwalt), An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. S. Bohr agus B. Mongin, Gníomhairí), Parlaimint na hEorpa (ionadaí: J. Van Pottelberge, Gníomhaire)

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 24 Márta 2021, KM v an Coimisiún (T-374/20, nár foilsíodh, EU:T:2021:162) ar neamhní.

2.

Diúltaítear do chaingean KM i gCás T-374/20.

3.

Ordaítear do KM a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Comhairle an Aontais Eorpaigh i gCás T-374/20 agus i gCásanna C-341/21 P agus C-357/21 P araon a íoc.

4.

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa na costais a thabhaítear i gCás T-374/20 a íoc.


(1)  IO C 303, 8.8.2022

IO C 310, 2.8.2021


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/13


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 22 Nollaig 2022 – Jean-François Jalkh v Parlaimint na hEorpa

(Cás C-82/22 P) (1)

(Achomharc - Airteagal 181 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Dlí Institiúideach - Feisire de Pharlaimint na hEorpa - Prótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh - an Tríú mír d’Airteagal 9 - Cinneadh chun díolúine pharlaiminteach a tharscaoileadh - Achomharc atá neamh-inghlactha go follasach ar thaobh amháin agus gan bhunús ar an taobh eile)

(2023/C 112/16)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Jean-François Jalkh (ionadaí: F. Wagner, avocat)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: A. Dumbrăvan agus N. Lorenz, i gcáil Gníomhairí)

Maidir le

1.

Diúltaítear don achomharc as a bheith neamh-inghlactha go follasach ar thaobh amháin agus gan bhunús ar an taobh eile.

2.

Ordaítear do Jean-François Jalkh chomh maith lena costais féin, na costais arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa a iompar.


(1)  IO C 138, 28.03.2022


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/13


Achomharc arna thabhairt an 6 Lúnasa 2022 ag Equinoccio-Compañía de Comercio Exterior, SL i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a fógraíodh an 9 Meitheamh 2022 i gCás T-493/21, Equinoccio-Compañía de Comercio Exterior v an Coimisiún

(Cás C-527/22 P)

(2023/C 112/17)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Equinoccio-Compañía de Comercio Exterior SL (ionadaithe: D. Luff, avocat, agus R. Sciaudone, avvocato)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

Le hordú an 14 Feabhra 2023, dhíbh an Chúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an t-achomharc toisc é a bheith gan bhunús go follasach agus d’ordaigh sí do Equinoccio-Compañía de Comercio Exterior SL a chostais féin a íoc.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia del País Vasco (an Spáinn) an 14 Deireadh Fómhair 2022 – XXX v Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros

(Cás C-649/22)

(2023/C 112/18)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia del País Vasco

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XXX

Cosantóirí: Randstad Empleo SA, Serveo Servicios SA, Axa Seguros Generales SA de Seguros y Reaseguros

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagail 20 agus 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 2 CAE agus Airteagail 3(f) agus 5 de Threoir 2008/104 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar léiriú ón gcásdlí ar reachtaíocht de chuid na Spáinne ar dá réir go n-eisiatar ón gcoincheap “bunchoinníollacha oibre agus fostaíochta” cúiteamh d’oibrí gníomhaireachta sealadach ar foirceannadh a chonradh nuair a dearbhaíodh go raibh buaneasláine ceirde iomlán air mar thoradh ar thionóisc ceirde a tharla ag an ngnóthas a bhí ag baint úsáid as a chuid seirbhísí?


(1)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO 2008 L 327, lch. 9).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de lo Social no 1 de Sevilla (an Spáinn) an 27 Deireadh Fómhair 2022 – CCC v Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS), Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

(Cás C-673/22)

(2023/C 112/19)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Social no1 de Sevilla

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CCC

Cosantóirí: Tesorería General de la Seguridad Social (TGSS), Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

Na ceisteanna a tharchuirtear

Chinn an Juzgado de lo Social número uno de Sevilla,

na hiarrataí le haghaidhréamhrialú seo a leanas, maidir le léiriú Airteagal 5 agus aithris 37 de Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (1) a tharchur go dtí Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi chuimsiú Airteagal 267 CFAE:

i)

An bhfuil an t-easnamh, ag reachtóir na Spáinne, in Airteagal 48(2) den Texto Refundido de la Ley del Estatuto de los Trabajadores (téacs comhdhlúite den dlí ar reacht na n-oibrithe) agus in Airteagail 177, 178 agus 179 den Texto Refundido de la Ley General de la Seguridad Social (téacs comhdhlúite den dlí ginearálta maidir leis an slándáil shóisialta) d’fhorálacha lena gceanglaítear go ndéanfaí measúnú ar riachtanais shonracha an teaghlaigh aontuismitheora i réimse na cothromaíochta oibre agus saoil a bhfuil iarmhairtí ag baint leo don tréimhse ina dtugtar aire do leanbh nuabheirthe, i gcomparáid le leanbh a bheirtear do theaghlach le beirt tuismitheoirí a bhfuil an bheirt acu ag coinne le rochtain a bheith acu ar shaoire íoctha, i gcás ina gcomhlíonann siad beirt na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh Sochair Slándála Sóisialta, i gcomhréir leis an Treoir, lena gceanglaítear go ndéanfaí measúnú sonrach, inter alia, ar bhreith an linbh i dteaghlach aontuismitheora, chun na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh saoire tuismitheora agus na mionsocruithe a bhaineann léi a chinneadh?

ii)

In éagmais foráil reachtach shonrach a bheith leagtha síos ag reachtóir na Spáinne, an gcaithfear na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh saoire ón obair mar gheall ar bhreith linbh, na coinníollacha incháilitheachta le haghaidh sochair eacnamaíoch na Slándála Sóisialta agus an córas incháilitheachta le haghaidh saoire tuismitheora, agus, go háirithe, an síneadh féideartha ar fhad na saoire sin mar gheall ar easpa tuismitheora eile a bheith ann seachas an mháthair bhitheolaíoch chun aire a thabhairt don leanbh, a léiriú ar bhealach solúbtha faoi riail an Aontais?


(1)  IO L 188 an 12.7.2019, lch. 79-93.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/15


Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Provincial de Alicante (an Spáinn) an 7 Samhain 2022 – Julieta, Rogelio v Agencia Estatal de la Administración Tributaria

(Cás C-687/22)

(2023/C 112/20)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Provincial de Alicante

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Julieta, Rogelio

Cosantóir: Agencia Estatal de la Administración Tributaria

Na ceisteanna a tharchuirtear

i)

An bhféadfar an prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i leith Airteagal 23(4) den Treoir (1) i gcás inar tharla na fíorais (amhail sa chás seo, ag féachaint do dháta an iarratais ar an bhfiachas a urscaoileadh) san idirthréimhse idir teacht i bhfeidhm na Treorach agus an spriocdháta chun í a thrasuí sa dlí náisiúnta, agus nach dtrasuitear an Treoir (Dlí 16/22) leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme ([Texto Refundido de la Ley Concursal (téacs comhdhlúite dlí na dócmhainneachta)], TRLC, arna leasú le Real Decreto Legislativo (Foraithne Reachtach Ríoga) 1/20, “RDLeg 1/20”)?

ii)

An bhfuil reachtaíocht náisiúnta, amhail reachtaíocht na Spáinne arna leagan síos in TRLC (arna leasú le RDLeg 1/2020), nach dtugann aon údar le fiacha poiblí a eisiamh ó urscaoileadh fiachais, i gcomhréir le hAirteagal 23(4) den Treoir, agus lena bunphrionsabail maidir le hurscaoileadh fiachais? A mhéid a eisiatar fiacha poiblí ó urscaoileadh fiachais leis an reachtaíocht sin agus nach bhfuil údar maith go ndéanfaí amhlaidh léi, an dtarraingítear amhras ar oibleagáidí na Treorach sin nó an gcuirtear i gcontúirt iad léi?

iii)

An bhfuil liosta uileghabhálach agus críochnúil de chatagóirí d’éilimh gur féidir a eisiamh ó urscaoileadh in Airteagal 23(4) den Treoir, nó, a mhalairt sin, an liosta léiritheach amháin atá ann agus go bhfuil lánrogha ag an reachtóir náisiúnta catagóirí d’éilimh ineisithe a leagan síos mar a mheasann sé a bheith cuí, chomh fada is atá údar cuí leo faoin dlí náisiúnta?


(1)  Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO 2019 L 172, lch. 18).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/16


Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2022 ag an mBanc Eorpach Infheistíochta i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 7 Meán Fómhair 2022 i gCás T-651/20, KL v BEI

(Cás C-704/22 P)

(2023/C 112/21)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: G. Faedo agus I. Zanin, Gníomhairí, le cúnamh ó A. Duron, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: KL

Le hordú an 30 Eanáir 2023, bhain Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Cás C-704/22 P de chlár na Cúirte Breithiúnais agus d’ordaigh sé don achomharcóir a chostais féin a íoc.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/16


Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2022 ag an mBanc Eorpach Infheistíochta i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 7 Meán Fómhair 2022 i gCás T-751/20, KL v BEI

(Cás C-705/22 P)

(2023/C 112/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: G. Faedo agus I. Zanin, Gníomhairí, le cúnamh ó A. Duron, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: KL

Le hordú an 30 Eanáir 2023, bhain Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Cás C-705/22 P de chlár na Cúirte Breithiúnais agus d’ordaigh sé don achomharcóir a chostais féin a íoc.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/16


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 16 Samhain 2022 – Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne – ASOPROVAC v Administración General del Estado

(Cás C-708/22)

(2023/C 112/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Supremo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Asociación Española de Productores de Vacuno de Carne – ASOPROVAC

Cosantóir: Administración General del Estado

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagail 4 agus 32(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 agus Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 41/2021 (Foraithne Ríoga 41/2021) lena bhforáiltear, d’fhonn a sheachaint go gcruthófaí dálaí saorga maidir le féarach buan faoi úinéireacht phoiblí d’úsáid choiteann a dheonú do thairbhithe nach n-úsáideann an féarach sin, nach gceadófar gníomhaíocht na hinnilte ach amháin má dhéantar í le hainmhithe a bhaineann leis an ngabháltas?

2)

An gcaithfear Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, maidir le cruthú dálaí saorga chun cabhair a fháil a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 41/2021, lena mbunaítear toimhde gur cruthaíodh dalaí maidir le rochtain ar chabhair go saorga i gcásanna ina ndéantar gníomhaíocht talamhaíochta na hinnilte ar fhéarach buan faoi úinéireacht phoiblí agus ar thalamh d’úsáid choiteann le hainmhithe nach mbaineann le gabháltas féin an iarratasóra ar an gcabhair?

3)

An gcaithfear Airteagal 4(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 1075/2014 (Foraithne Ríoga 1075/2014) an 19 Nollaig lena bhforáiltear nach féidir innilt ar limistéir talamhaíochta a mheas mar ghníomhaíocht chun na limistéir sin a choinneáil i riocht oiriúnach chun innilte?

4)

An gcaithfear Airteagal 4(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 1075/2014 an 19 Nollaig lena bhforáiltear nach gcuireann daoine, nach bhfuil acu ach ceart innilte neamh-eisiach i leith tailte feirmeoireachta nach leo iad, agus a ghéilleann an ceart sin do thríú páirtí ionas go bhféadfadh an páirtí sin an féarach a úsáid chun a dtréada a chur ag innilt, gníomhaíocht talamhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 4(1)(c)(i) i gcrích?

5)

An gcaithfear Airteagal 4(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an Real Decreto 1075/2014 an 19 Nollaig lena bhforáiltear nach féidir caitheamh le daoine, nach bhfuil ach ceart innilte neamh-eisiach acu i leith tailte feirmeoireachta d’úsáid choiteann nach leo iad, mar riarthóirí an fhéaraigh lena mbaineann an ceart innilte sin, d’fhonn gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun na limistéir talamhaíochta sin a choinneáil i riocht oiriúnach chun innilte?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 637/2008 agus (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/17


Achomharc arna thabhairt an 24 Samhain 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 14 Meán Fómhair 2022 i gCásanna uamtha T-371/20 agus T-554/20, Pollinis France v an Coimisiún

(Cás C-726/22 P)

(2023/C 112/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: S. Delaude, C. Ehrbar, G. Gattinara, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: Pollinis France

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

An breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

A ordú don iarratasóir na costais ó chás T-371/20 agus T-554/20, chomh maith leis na costais ón achomharc seo, a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an Coimisiún Eorpach dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur mhíléirigh an Chúirt Ghinearálta coincheap “ábhar nach bhfuil cinneadh déanta [ag an institiúid] ina leith fós” faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001.

Rinne an Chúirt Ghinearálta coincheap “ábhar nach bhfuil cinneadh déanta [ag an institiúid] ina leith fós” a chur i bhfeidhm go mícheart trí chur i bhfeidhm an chéad fhomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 a theorranú d’ábhar a cuireadh isteach le haghaidh plé laistigh den institiúid nó atá le cur isteach le haghaidh plé go han-gairid.

2.

An dara shaincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í i mbun measúnú “[an] ndéanfaí dochar tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide dá nochtfaí an doiciméad” de réir bhrí an chéad fomhír d’Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001. Tá an dara shaincheist roinnte ina dá chuid.

Ar an gcéad dul síos, chuir an Chúirt Ghinearálta a léiriú féin ar na cinntí atá faoi chonspóid ina ionad agus ghlac sí réasúnaíocht chontrártha.

Ar an dara dul síos, dhiúltaigh an Chúirt go mícheart d’ábharthacht Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún chomh maith le Rialacha Caighdeánacha Nós Imeachta le haghaidh Coistí chun críocha measúnacht “[an] ndéanfaí dochar tromchúiseach do phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide dá nochtfaí an doiciméad”. Thairis sin, níor bhain sí úsáid as na caighdeán dlí ab chuí chun tosca ábhartha a mheas agus mhainnigh sí na tosca ábhartha a mheas mar chuid de chorpas fianaise sheasmhach.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/18


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal de première instance de Liège (an Bheilg) a taisceadh an 2 Nollaig 2022 – Casino de Spa SA agus páirtithe eile

(Cás C-741/22)

(2023/C 112/25)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal de première instance de Liège

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Casino de Spa SA agus páirtithe eile

Cosantóir: Stát na Beilge (SPF Finances)

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

Ní mór d’Airteagal 135(1)(i) de Threoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006, maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus prionsabal na neodrachta a léiriú mar bhac ar Bhallstát caitheamh go héagsúil, fiú más soláthairtí seirbhísí comhchosúla iad, crannchuir ar líne a thairgeann an Crannchur Náisiúnta, bunaíocht phoiblí, atá díolmhaithe ó cháin bhreisluacha, agus cluichí cearrbhachais ar líne eile a thairgeann oibreoirí príobháideacha atá faoi réir cánach breisluacha?

2)

I gcomhthéacs fhreagra na ceiste roimhe seo, d'fhonn a chinneadh an bhfuil dhá chatagóir chomhchosúla ann atá i gcomórtas lena chéile agus a éilíonn an chóireáil chéanna chun críocha cánach breisluacha nó an bhfuil catagóirí ar leithligh ann lena gceadaítear cóireáil dhifreálach, ní mór don Chúirt Náisiúnta aird a thabhairt ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil an dá chineál cearrbhachais i gcomórtas lena chéile ó thaobh an ghnáth-thomhaltóra de, sa chiall go bhfuil soláthairtí seirbhísí cosúil leis an áit a bhfuil airíonna comhchosúla acu agus go gcomhlíonann siad riachtanais chéanna an tomhaltóra, de réir critéar inchomparáide atá in úsáid, agus i gcás nach mbíonn tionchar suntasach ag na difríochtaí atá ann cheana ar chinneadh an ghnáth-thomhaltóra soláthar amháin nó soláthar seirbhísí eile (critéar ionadaíochta) a úsáid nó ní mór dó aird a thabhairt ar chritéir eile amhail discréid a bheith ann ar thaobh an Bhallstáit chun catagóirí áirithe cluichí a dhíolmhú agus daoine eile a chur faoi réir CBL, cibé acu a bhaineann crannchuir le catagóir ar leith cluichí dá dtagraítear in Airteagal 135(1)(i) den Treoir CBL, na creataí dlíthiúla éagsúla a bhaineann leis an gCrannchur Náisiúnta agus cluichí cearrbhachais eile, leis na húdaráis mhaoirseachta éagsúla nó leis na cuspóirí cosanta sochaíocha agus imreoirí atá á saothrú ag an reachtaíocht is infheidhme maidir leis an gCrannchur Náisiúnta?

3)

Ní mór prionsabal an chomhair dhílis atá leagtha síos in Airteagal 4(3) CAE, a léamh i gcomhar le hAirteagal 267 CFAE, forálacha na Treorach CBL agus, nuair is cuí, prionsabal na héifeachtachta, a léiriú mar chead do Chúirt Bhunreachtúil Ballstáit — ar a thionscnamh féin agus gan tagairt do réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE — ar bhonn forála den dlí náisiúnta – sa chás reatha, bhíothas ag brath freisin ar Airteagal 8 de Dhlí Speisialta an 6 Eanáir 1989 ar an gCúirt Bhunreachtúil – an éifeacht a bhí ag forálacha náisiúnta roimhe seo maidir le cáin bhreisluacha a choimeád ar bun, a tionóladh a bheith contrártha don Bhunreacht náisiúnta agus a neamhniú ar an bhforas sin agus a rabhthas ag brath freisin ar neamhfhoirmiúlacht le dlí an Aontais mar thaca leis an gcaingean le haghaidh neamhniú os comhair na cúirte náisiúnta, gan, áfach, go ndearna an dara ceann scrúdú ar an ngearán sin, go ginearálta ar bhonn “deacrachtaí buiséadacha agus riaracháin a d'fhágfadh go n-aisíocfaí cánacha atá íoctha cheana féin”, rud a bhainfeadh daoine inchánach go hiomlán faoi réir CBL an ceart chun aisíocaíocht CBL a bailíodh de shárú ar dhlí an Aontais?

4)

Má thugtar freagra diúltach ar an gceist roimhe seo, tugann na forálacha agus na prionsabail chéanna a léirmhínítear, inter alia, i bhfianaise breithiúnais an 10 Aibreán 2008 i gCás C 309/06 Marks & Spencer, ar dá réir a thugann prionsabail ghinearálta dhlí an Chomhphobail, lena n-áirítear prionsabail na neodrachta fioscacha, d'oibreoir eacnamaíoch a rinne ceart chun na méideanna a éilítear uaidh a aisghabháil trí dhearmad i leith na soláthairtí céanna sin (breithiúnas an 10 Aibreán 2008 i gCás C 309/06 Marks & Spencer), an gceanglaíonn siad ar an mBallstát lena mbaineann aisíocaíocht a dhéanamh le daoine inchánacha CBL a toibhítear de shárú dhlí an Aontais más rud é, mar atá sa chás reatha, go dtagann CBL ina dhiaidh sin, ó bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais ag dearbhú, mar fhreagra ar cheisteanna dá dtagraítear le haghaidh réamhrialú, ar dtús, nach bhfuil sé comhoiriúnach le Treoir 2006/112 ón gComhairle, an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha de na forálacha náisiúnta a cuireadh ar neamhní agus, ar an dara dul síos, an neamh-chomhfhoirmiúlacht le dlí an Aontais maidir le cinneadh na Cúirte Bunreachtúla an éifeacht roimhe seo de na forálacha a neamhníonn sí a choimeád ar bun?

5)

An chóireáil ar leithligh a thug Airteagail 29, 30, 31, 32, 33 agus 34 de Dhlí an Chláir an 1 Iúil 2016, ar neamhní le breithiúnas na Cúirte Bunreachtúla Uimhir 34/2018 an 22 Márta 2018 ach ar coinníodh a n-éifeachtaí tar éis an dáta sin chuig na táillí a íocadh cheana féin don tréimhse ón 1 Iúil 2016 go dtí an 21 Bealtaine 2016, idir chrannchuir, cibé acu talamhbhunaithe nó ar líne, agus cluichí agus gealltóireacht eile ar líne, cruthaíonn sé buntáiste roghnach atá fabhrach d'oibreoirí na gcrannchur sin agus, dá bhrí sin, cabhair a dheonaigh Stát na Beilge nó trí acmhainní Stáit na Beilge a chuireann as a riocht nó a bhagraíonn iomaíocht a chur as a riocht trí fhabhar a thabhairt do ghnóthais áirithe, ar neamhréir leis an margadh inmheánach de réir bhrí Airteagal 107 CFAE?

6)

Má tá freagra na ceiste roimhe seo dearfach, an oibleagáid a fhorchuirtear ar na Ballstáit cearta daoine aonair a bhfuil tionchar acu ar chur i bhfeidhm neamhdhleathach an chúnaimh lena mbaineann mar seo a leanas, inter alia, a chosaint ó bhreithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2006 i gCás C 368/04 Transalpine Ölleitung in Österreich, prionsabal an chomhair dhílis agus prionsabail ghinearálta dhlí an Chomhphobail, lena n-áirítear neodracht fhioscach, a bhronnann ar oibreoir eacnamaíoch a rinne ceart chun na méideanna a éilítear uaidh a aisghabháil trí dhearmad i leith na soláthairtí céanna sin (breithiúnas an 10 Aibreán 2008 i gCás C 309/06 Marks & Spencer), a chumasaíonn do dhaoine inchánach a chuir CBL sonraithe ar bhonn an chabhair Stáit neamhdhleathach coibhéis na cánach a íocadh i bhfoirm damáistí mar chúiteamh as an damáiste a fhulaingítear?


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/20


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale ordinario di Bergamo (an Iodáil) arna taisceadh an 7 Nollaig 2022 – KH v Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)

(Cás C-747/22)

(2023/C 112/26)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale ordinario di Bergamo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: KH

Cosantóir: Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)

An cheist a tharchuirtear

An gá Airteagal 29 agus Airteagal 26 [de] Threoir 2011/95 (1) a léiriú mar chosc ar fhoráil náisiúnta amhail an fhoráil atá in Airteagal 2(1)(a) [de] Dhlí Foraithne 4/2019, lena leagtar síos ceanglas maidir le cónaí ar feadh deich mbliana sa Stát Iodálach, sa bhreis ar an gceanglas go mbeadh dhá bhliain chónaithe ar bhonn leanúnach ann roimh an iarratas chun tairbhe a bhaint as an bhfrithbhochtaineacht agus chun tacú le rochtain ar fhostaíocht agus ar chuimsiú sóisialta, amhail “ioncam saoránachta”?


(1)  Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus inneachar na cosanta a thugtar (athmhúnlú) (IO 2011 L 337, lch. 9).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/20


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Bayerische Ärzteversorgung, Bayerische Architektenversorgung, Bayerische Apothekerversorgung, Bayerische Rechtsanwalts- und Steuerberaterversorgung, Bayerische Ingenieurversorgung-Bau m. Psychotherapeutenversorgung v Deutsche Bundesbank

(Cás C-758/22, Bayerische Ärzteversorgung agus páirtithe eile)

(2023/C 112/27)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Bayerische Ärzteversorgung, Bayerische Architektenversorgung, Bayerische Apothekerversorgung, Bayerische Rechtsanwalts- und Steuerberaterversorgung, Bayerische Ingenieurversorgung-Bau m. Psychotherapeutenversorgung

Cosantóir: Deutsche Bundesbank

Na ceisteanna a tharchuirtear

Ceisteanna maidir leis an léiriú ar Rialacháin (AE) 2018/231 agus (AE) Uimh. 549/2013: (1)

1.

(a)

An gceanglaítear le pointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A de CCE nach mór do na tomhaltóirí uile de na táirgí arna dtairiscint ag an táirgeoir an tsaoirse a bheith acu na táirgí sin a cheannach nó gan iad a cheannach agus rogha a dhéanamh ar bhonn na bpraghsanna a mhuirearaítear?

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gceist sin?

(b)

I gcásanna ina bhfaigheann formhór mór na dtomhaltóirí sin, gan saoirse rogha den sórt sin a bheith acu, ón táirgeoir táirgí arb ionann iad agus níos mó ná leath dá aschur de bhua ballraíocht éigeantach leis an táirgeoir sin agus ina bhfuil orthu ranníocaíochtaí éigeantacha ar mhéid arna shocrú ag an táirgeoir a íoc, an gcomhlíontar ceanglais na forála de bharr go raibh an rogha ag mionlach dul isteach leis an táirgeoir mar chomhaltaí deonacha agus gur fheidhmigh siad an rogha sin d’fhonn na táirgí a fháil mar mhalairt ar ranníocaíochtaí arb iad na cinn chéanna a íocann baill éigeantacha a íoc?

2.

An mbeidh aschur margaidh ar phraghsanna atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de, arna sainmhíniú i míreanna 3.17 go 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, ann i gcónaí má chomhlíontar “critéar an 50 %” arna sainmhíniú sa tríú agus sa cheathrú habairt den tríú fomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE de bhua go gclúdaítear ar a laghad 50 % de na costais trí dhíolacháin thar thréimhse leanúnach ilbhliantúil, nó an gcaithfear an critéar sin a léiriú sa chiall nach coinníoll leordhóthanach (neamhthuilleamaíoch) atá ann ach coinníoll éigeantach a bhfuil feidhm aige in éineacht leis an dá réamhchoinníoll arna leagan síos i bpointí (a) agus (b) den dara habairt den chéad fhomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?

3.

Chun a chinneadh an ionann aonaid institiúideacha agus táirgeoirí margaidh arna sainmhíniú i mír 3.24 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, an gcaithfear tagairt a dhéanamh ní hamháin do mhíreanna 3.17, 3.19 agus 3.26 d’Iarscríbhinn A ach freisin do na ceanglais bhreise arna leagan síos sa dara fomhír de mhír 1.37 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?

4.

(a)

D’fhonn aonad institiúideach a aicmiú faoi fho-earnáil S.129, an gá go gceanglaítear le mír 2.107 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE go soláthrófar a shochair go léir do na rannpháirtithe go léir ar bhonn conradh árachais?

Más amhlaidh sin:

(b)

An gcomhlíontar cheana an ceanglas go soláthrófar na sochair ar bhonn conarthach sa chaoi sin más rud é, cé go bhfuil ballraíocht éigeantach, ranníocaíochtaí éigeantacha agus sochair éigeantacha an aonaid institiúidigh faoi rialáil ag an gcomhlacht poiblí i gcomhréir lena reachtanna, go bhféadfaidh baill éigeantacha éilimh i leith sochair bhreise a chruthú trí ranníocaíochtaí deonacha breise a íoc?

5.

An gcaithfear pointe (f) den tríú habairt d’Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2018/231 a léiriú sa chiall nach n-eisiatar ón gcoincheap “ciste pinsin”, arna sainmhíniú sa chéad abairt den fhoráil sin, ach na haonaid institiúideacha sin a chomhlíonann an dá chritéar arna leagan síos i mír 2.117 d’Iarscríbhinn A de CCE, nó an gcumhdaítear freisin leis an eisceacht sin aonaid institiúideacha eile nach mór glacadh leo mar scéimeanna slándála sóisialta pinsin faoi mhír 17.43 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, fiú mura gcomhlíontar leo na ceanglais go léir arna leagan síos i mír 2.117 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?

6.

(a)

Leis an gcoincheap “rialtas ginearálta” i mír 2.117(b) agus mír 17.43 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, an dtagraítear amháin don phríomhaonad i gceist nó an gcumhdaítear freisin institiúidí pinsin atá neamhspleách go dlíthiúil, atá bunaithe ar bhonn reachtúil, eagraithe ar bhonn ballraíocht éigeantach agus maoinithe ag ranníocaíochtaí agus atá i dteideal féinrialú agus cuntasaíocht leithleach?

Más amhlaidh sin:

(b)

An é atá i gceist leis na ranníocaíochtaí agus na sochair a shocrú nó a fhormheas, dá dtagraítear i mír 2.117(b) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, ná an méid a shocrú nó a fhormheas, nó an leor go bhforáiltear sa dlí do na bunrioscaí le bheith clúdaithe agus don íosleibhéal clúdaigh agus go rialaítear na prionsabail agus na teorainneacha i leith ranníocaíochtaí a bhailiú, ach é a fhágáil faoin institiúid pinsin méid na ranníocaíochtaí agus na sochar a mheas laistigh den chreat sin?

(c)

An áirítear sa choincheap “aonad rialtais”, dá dtagraítear i mír 20.39 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, aonaid institiúideacha amháin a chomhlíonann na ceanglais go léir arna leagan síos i míreanna 20.10 agus 20.12 d’iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?


(1)  Rialachán (AE) 2018/231 ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Eanáir 2018 maidir le ceanglais tuarascála staidrimh le haghaidh cistí pinsin (BCE/2018/2) (IO 2018 L 45, lch. 3) i gcomhar le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO 2013 L 174, lch. 1, “CCE”).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/22


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Sächsische Ärzteversorgung v Deutsche Bundesbank

(Cás C-759/22, Sächsische Ärzteversorgung)

(2023/C 112/28)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Sächsische Ärzteversorgung

Cosantóir: Deutsche Bundesbank

Na ceisteanna a tharchuirtear

Ceisteanna maidir leis an léiriú ar Rialacháin (AE) 2018/231 agus (AE) Uimh. 549/2013: (1)

1.

(a)

An gceanglaítear le pointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A de CCE nach mór do na tomhaltóirí uile de na táirgí arna dtairiscint ag an táirgeoir an tsaoirse a bheith acu na táirgí sin a cheannach nó gan iad a cheannach agus rogha a dhéanamh ar bhonn na bpraghsanna a mhuirearaítear?

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gceist sin?

(b)

I gcásanna ina bhfaigheann formhór mór na dtomhaltóirí sin, gan saoirse rogha den sórt sin a bheith acu, ón táirgeoir táirgí arb ionann iad agus níos mó ná leath dá aschur de bhua ballraíocht éigeantach leis an táirgeoir sin agus ina bhfuil orthu ranníocaíochtaí éigeantacha ar mhéid arna shocrú ag an táirgeoir a íoc, an gcomhlíontar ceanglais na forála de bharr go raibh an rogha ag mionlach dul isteach leis an táirgeoir mar chomhaltaí deonacha agus gur fheidhmigh siad an rogha sin d’fhonn na táirgí a fháil mar mhalairt ar ranníocaíochtaí arb iad na cinn chéanna a íocann baill éigeantacha a íoc?

2.

An mbeidh aschur margaidh ar phraghsanna atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de, arna sainmhíniú i míreanna 3.17 go 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, ann i gcónaí má chomhlíontar “critéar an 50 %” arna sainmhíniú sa tríú agus sa cheathrú habairt den tríú fomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE de bhua go gclúdaítear ar a laghad 50 % de na costais trí dhíolacháin thar thréimhse leanúnach ilbhliantúil, nó an gcaithfear an critéar sin a léiriú sa chiall nach coinníoll leordhóthanach (neamhthuilleamaíoch) atá ann ach coinníoll éigeantach a bhfuil feidhm aige in éineacht leis an dá réamhchoinníoll arna leagan síos i bpointí (a) agus (b) den dara habairt den chéad fhomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?

3.

Chun a chinneadh an ionann aonaid institiúideacha agus táirgeoirí margaidh arna sainmhíniú i mír 3.24 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, an gcaithfear tagairt a dhéanamh ní hamháin do mhíreanna 3.17, 3.19 agus 3.26 d’Iarscríbhinn A ach freisin do na ceanglais bhreise arna leagan síos sa dara fomhír de mhír 1.37 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?

4.

(a)

D’fhonn aonad institiúideach a aicmiú faoi fho-earnáil S.129, an gá go gceanglaítear le mír 2.107 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE go soláthrófar a shochair go léir do na rannpháirtithe go léir ar bhonn conradh árachais?

Más amhlaidh sin:

(b)

An gcomhlíontar cheana an ceanglas go soláthrófar na sochair ar bhonn conarthach sa chaoi sin más rud é, cé go bhfuil ballraíocht éigeantach, ranníocaíochtaí éigeantacha agus sochair éigeantacha an aonaid institiúidigh faoi rialáil ag an gcomhlacht poiblí i gcomhréir lena reachtanna, go bhféadfaidh baill éigeantacha éilimh i leith sochair bhreise a chruthú trí ranníocaíochtaí deonacha breise a íoc?

5.

An gcaithfear pointe (f) den tríú habairt d’Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2018/231 a léiriú sa chiall nach n-eisiatar ón gcoincheap “ciste pinsin”, arna sainmhíniú sa chéad abairt den fhoráil sin, ach na haonaid institiúideacha sin a chomhlíonann an dá chritéar arna leagan síos i mír 2.117 d’Iarscríbhinn A de CCE, nó an gcumhdaítear freisin leis an eisceacht sin aonaid institiúideacha eile nach mór glacadh leo mar scéimeanna slándála sóisialta pinsin faoi mhír 17.43 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, fiú mura gcomhlíontar leo na ceanglais go léir arna leagan síos i mír 2.117 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?

6.

(a)

Leis an gcoincheap “rialtas ginearálta” i mír 2.117(b) agus mír 17.43 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, an dtagraítear amháin don phríomhaonad i gceist nó an gcumhdaítear freisin institiúidí pinsin atá neamhspleách go dlíthiúil, atá bunaithe ar bhonn reachtúil, eagraithe ar bhonn ballraíocht éigeantach agus maoinithe ag ranníocaíochtaí agus atá i dteideal féinrialú agus cuntasaíocht leithleach?

Más amhlaidh sin:

(b)

An é atá i gceist leis na ranníocaíochtaí agus na sochair a shocrú nó a fhormheas, dá dtagraítear i mír 2.117(b) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, ná an méid a shocrú nó a fhormheas, nó an leor go bhforáiltear sa dlí do na bunrioscaí le bheith clúdaithe agus don íosleibhéal clúdaigh agus go rialaítear na prionsabail agus na teorainneacha i leith ranníocaíochtaí a bhailiú, ach é a fhágáil faoin institiúid pinsin méid na ranníocaíochtaí agus na sochar a mheas laistigh den chreat sin?

(c)

An áirítear sa choincheap “aonad rialtais”, dá dtagraítear i mír 20.39 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, aonaid institiúideacha amháin a chomhlíonann na ceanglais go léir arna leagan síos i míreanna 20.10 agus 20.12 d’iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?


(1)  Rialachán (AE) 2018/231 ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Eanáir 2018 maidir le ceanglais tuarascála staidrimh le haghaidh cistí pinsin (BCE/2018/2) (IO 2018 L 45, lch. 3) i gcomhar le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO 2013 L 174, lch. 1, “CCE”).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/23


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal judiciaire de Marseille (an Fhrainc) a taisceadh an 16 Nollaig 2022 – Procureur de la République v OP

(Cás C-763/22)

(2023/C 112/29)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal judiciaire de Marseille

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Procureur de la République

Cosantóir: OP

An cheist a tharchuirtear:

An gcuireann Creat-Chinneadh 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (1) bac ar reachtaíocht Ballstáit inniúlacht a bhronnadh chun cinneadh a dhéanamh cé acu de bharántas gabhála Eorpach agus iarraidh ar eiseachadadh ó thríú Stát atá le forghníomhú ag údarás rialtais, gan an fhéidearthacht achomharc a fháil?


(1)  IO 2002, L 190, lch. 1.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/23


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht München (an Ghearmáin) a taisceadh an 16 Nollaig 2022 – WD v Allane SE

(Cás C-766/22)

(2023/C 112/30)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht München

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: WD

Cosantóir: Allane SE

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An ionann conarthaí léasúcháin bunaithe ar mhíleáiste arna gcur i gcrích le tomhaltóir maidir le mótarfheithicil ar feadh tréimhse de 24 mhí agus seirbhísí “carrchíosa” agus, sa chaoi sin, an dtagann siad faoi raon feidhme na heisceachta i leith an chirt chun tarraingt siar faoin dlí maidir le cianmhargú de bhun Airteagal 16(1) de Threoir 2011/83/AE (1)?

2.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1:

An ionann conarthaí léasúcháin bunaithe ar mhíleáiste arna gcur i gcrích le tomhaltóir maidir le mótarfheithicil agus conarthaí le haghaidh seirbhísí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 2002/65/CE (2), arna ghlacadh ag Airteagal 2, pointe 12, de Threoir 2011/83?


(1)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).

(2)  Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE (IO 2002 L 271, lch. 16).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/24


Iarraidh ar réamhrialú ó Bezirksgericht für Handelssachen Wien (an Ostair) a taisceadh an 19 Nollaig 2022 – Bundesarbeitskammer v HDI Global SE

(Cás C-771/22, HDI Global)

(2023/C 112/31)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bezirksgericht für Handelssachen Wien

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesarbeitskammer

Cosantóir: HDI Global SE

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 17 de Threoir (AE) 2015/2302 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (“An Treoir um thaisteal láneagraithe”) a léiriú sa chiall nach gcumhdaítear íocaíochtaí a rinne an taistealaí leis an eagraí taistil roimh thús an turais ach i gcás nár tharla an turas mar gheall ar dhócmhainneacht an eagraí taistil sin, nó an gcumhdaítear íocaíochtaí leis an eagraí taistil a rinneadh sular cuireadh tús leis na himeachtaí dócmhainneachta má chuir an taistealaí an conradh ar ceal sular tharla an dócmhainneacht mar gheall ar imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 12 de Threoir 2015/2302?

2.

An gcaithfear Airteagal 17 de Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (“An Treoir um thaisteal láneagraithe”) a léiriú sa chiall go gcumhdaítear íocaíochtaí a rinne an taistealaí leis an eagraí taistil roimh thús an turais i gcás inar chuir an taistealaí, fiú sular tharla an dócmhainneacht, an conradh ar ceal mar gheall ar imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 12 den Treoir sin, ach gur tharla an dócmhainneacht le linn thréimhse an turais a bhí curtha in áirithe?

3.

An gcaithfear Airteagal 17 de Threoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (“An Treoir um thaisteal láneagraithe”) a léiriú sa chiall go gcumhdaítear íocaíochtaí a rinne taistealaí leis an eagraí taistil roimh thús an turais i gcás ina cuireann an taistealaí, fiú sular tharla an dócmhainneacht, an conradh ar ceal mar gheall ar imthosca urghnácha de réir bhrí Airteagal 12 den Treoir sin agus tharla dócmhainneacht an eagraí taistil mar gheall ar na himthosca urghnácha sin?


(1)  IO 2015 L 326, lch. 1.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/25


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Nürnberg (an Ghearmáin) a taisceadh an 21 Nollaig 2022 – JX v FTI Touristik GmbH

(Cás C-774/22, FTI Touristik)

(2023/C 112/32)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Nürnberg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: JX

Cosantóir: FTI Touristik GmbH

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a léiriú sa chiall go mbaineann an fhoráil, in éineacht leis an riail maidir le dlínse idirnáisiúnta, le riail nach mór don chúirt a bhfuil na himeachtaí os a comhair a chur san áireamh maidir le dlínse chríche na gcúirteanna náisiúnta in ábhair a bhaineann le conarthaí taistil i gcás ina bhfuil a suíomh sa Bhallstát céanna ag an tomhaltóir is taistealaí agus ag a pháirtí conarthach, an tionscnóir turas[,] ina bhfuil ceann scríbe an turais i dtír eile agus ní sa Bhallstát sin (“cásanna intíre bréagacha”) agus, mar thoradh air sin, ina bhfuil an tomhaltóir in ann éilimh chonarthacha a dhéanamh i gcoinne an tionscnóra turais, agus na forálacha náisiúnta á bhforlíonadh, sa chúirt dá áit chónaithe?


(1)  IO 2012 L 351, lch. 1.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/25


Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Hamburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 22 Nollaig 2022 – flightright GmbH v TAP Portugal

(Cás C-778/22, flightright)

(2023/C 112/33)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Hamburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: flightright GmbH

Cosantóir: TAP Portugal

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 5(3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1) a léiriú sa chiall nach mór d’aeriompróir an t-athródú is luaithe is féidir – aistriú nasctha gan “Check-Through” (seiceáil tríd) – a thairiscint do phaisinéir a chaill nasceitilt mar gheall ar imthosca urghnácha, lena mbaineann na paisinéirí a ceann scríbe amach, i gcomparáid le heitilt dhíreach an lá dar gcionn, 5 uair an chloig agus 15 nóiméad níos luaithe, cé go bhfuil moill de 18 uair an chloig agus 15 nóiméad fós i gceist, agus lena bhfuil orthu, in éineacht leis sin, trí eitilt seachas eitilt dhíreach amháin a thógáil agus, ag na nasc-aerfoirt, a mbagáiste a bhailiú, an limistéar slándála a fhágáil agus iad féin agus a mbagáiste a sheiceáil isteach arís, do gach ceann de na heitiltí nua, dhá uair an chloig roimh an am imeachta beartaithe agus, ina dhiaidh sin, dul tríd na seiceálacha slándála arís, i gcás ina bhfuil dhá cheann de na heitiltí sin á n-oibriú ag aeriompróirí náisiúnta de chuid na Brasaíle, agus is “aerlíne ar chostas íseal” ceann amháin acu sin?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/26


Achomharc arna thabhairt an 27 Nollaig 2022 ag Eulex Kosovo i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a fógraíodh an 19 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-242/17, RENV, SC v Eulex Kosovo

(Cás C-785/22 P)

(2023/C 112/34)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Eulex Kosovo (ionadaithe: L.-G. Wigemark, Gníomhaire, and E. Raoult, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: SC

An t-ordú atá á lorg:

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an t-achomharc a cheadú agus an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal ina iomláine;

an t-éileamh a dhíbhe ina iomláine;

a ordú do SC costais na n-imeachtaí sna cásanna T-242/17, C-730/18, T-242/17 RENV agus na costais a bhaineann leis an achomharc seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir roinnt tacair tuairimí maidir leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc:

tuairimí faoi argóintí na Cúirte Ginearálta maidir le hinghlacthacht éileamh SC;

tuairimí faoi chinntí na Cúirte Ginearálta sa bhreithiúnas mainneachtana maidir le dlínse na Cúirte Ginearálta agus le hinghlacthacht iarratas SC;

agóidí i gcoinne an mheasúnaithe a rinne an Chúirt Ghinearálta ar fhiúntas an éilimh; agus

tuairimí faoi chinntí na Cúirte Ginearálta maidir leis na héilimh ar chúiteamh de chuid SC.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/27


Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 25 Eanáir 2023 – Athair v Máthair

(Cás C-35/23, Greislzel (1))

(2023/C 112/35)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir is achomharcóir: Athair

Cosantóir is freagróir: Máthair

Páirtithe sna himeachtaí: Leanbh L, Dlíodóir (Caomhnóir ad litem)

Na ceisteanna a tharchuirtear

Cé mhéad is atá an tsásra rialála dá bhforáiltear in Airteagal 10 agus Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 (2) (“Rialachán IIa na Bruiséile”) teoranta d’imeachtaí i dtaobh chaidreamh Bhallstáit AE lena chéile?

Go sonrach:

1.

An bhfuil feidhm ag Airteagal 10 de Rialachán IIa na Bruiséile, agus an toradh air sin go bhfuil dlínse leanúnach ag na cúirteanna sa Stát iarchónaithe, i gcás ina raibh a ghnátháit chónaithe ag an leanbh i mBallstát AE (an Ghearmáin) sular aistríodh é agus sular seoladh na himeachtaí um thabhairt ar ais faoi Choinbhinsiún na Háige maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí idir Ballstát (an Pholainn) agus tríú Stát (an Eilvéis) agus inar diúltaíodh, sna himeachtaí sin, an leanbh a thabhairt ar ais?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1:

2.

Cad iad na ceanglais nach mór a fhorchur i gcomhthéacs Airteagal 10(b)(i) de Rialachán IIa na Bruiséile chun a chruthú go bhfuil dlínse leanúnach ann?

3.

An bhfuil feidhm ag Airteagal 11(6) go (8) de Rialachán IIa na Bruiséile freisin maidir le himeachtaí um thabhairt ar ais arna seoladh faoi Choinbhinsiún na Háige maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí i dtaobh an chaidrimh idir tríú Stát agus Ballstát den Aontas mar Stát tearmainn a mhéid is go raibh a ghnátháit chónaithe ag an leanbh i mBallstát eile sula aistríodh é?


(1)  Is le hainm bréige a thagraítear don chás seo, nach gcomhfhreagraíonn le fíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 (IO 2003 L 338, lch. 1).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/27


Achomharc arna thabhairt an 27 Eanáir 2023 ag Kurdistan Workers’ Party (PKK) i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 30 Samhain 2022 i gCásanna Uamtha T-316/14 RENV agus T-148/19, PPK v an Chomhairle

(Cás C-44/23 P)

(2023/C 112/36)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Kurdistan Workers’ Party (PKK) (ionadaithe: A.M. van Eik, T. Buruma, advocates)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Poblacht na Fraince, Ríocht na hÍsiltíre

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 i gCásanna Uamtha T-316/14 RENV agus T-148/19 a chur ar neamhní a mhéid a dhiúltaíonn sé do na caingne le haghaidh neamhniú a tionscnaíodh i gcoinne Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/513 (1) ón gComhairle an 26 Márta 2015, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1325 (2) an 31 Iúil 2015, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2425 (3) ón gComhairle an 21 Nollaig 2015, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1127 (4) ón gComhairle an 12 Iúil 2016, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/150 (5) ón gComhairle an 27 Eanáir 2017, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1420 (6) ón gComhairle an 4 Lúnasa 2017, Cinneadh (CBES) 2019/25 (7) ón gComhairle an 8 Eanáir 2019, agus Cinneadh (CBES) 2019/1341 (8) ón gComhairle an 8 Lúnasa 2019 a mhéid a bhaineann siad le PKK (dá ngairtear freisin KADEK a.k.a. KONGRA-GEL);

breithiúnas críochnaitheach a thabhairt ar na hábhair atá faoi achomharc agus na Rialacháin agus Cinntí Cur Chun Feidhme sin a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann siad le PKK (dá ngairtear freisin KADEK a.k.a. KONGRA-GEL);

a ordú don Chomhairle na costais arna dtabhú ag an t-achomharcóir sna himeachtaí achomhairc seo agus sna cásanna uamtha T-316/14 RENV agus T-148/19 a íoc le hús.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Molann an t-achomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa bhreithiúnas atá faoi chonspóid maidir leis na pointí seo a leanas:

I.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 1(3) de Chomhsheasamh (9) 2001/931 (dá ngairtear “CP 931” anseo feasta) go háirithe maidir leis an léiriú a thugtar ar na “aidhmeanna” inti agus ina feidhm maidir leis an gcás. Chinn an Chúirt Ghinearálta go héagórach nach mór diúltú don phléadáil lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 1(3) CP 931.

II.

Chinn an Chúirt Ghinearálta go héagórach go raibh an Chomhairle in ann brath ar ordú ó Rúnaí Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe an 29 Márta 2001 (dá ngairtear “cinneadh 2001 ón Ríocht Aontaithe” anseo feasta) mar chinneadh de réir bhrí 1(4) CP 931, toisc nach bhfuil sé soiléir an raibh na fíorais a luaitear sna Ráitis Chúiseanna i ndáil le cinneadh 2001 ón Ríocht Aontaithe faoi de bhun chinneadh na Ríochta Aontaithe 2001, ar fíorais iad atá as dáta agus nach dtacaíonn siad leis an gconclúid gur grúpa sceimhlitheoireachta é an t-achomharcóir de réir bhrí an Airteagail sin. Chinn an Chúirt Ghinearálta go héagórach nach mór diúltú don phléadáil lena líomhnaítear sárú ar Airteagail 1(3) agus 1(4) CP 931 a mhéid atá na bearta atá faoi chonspóid bunaithe ar chinneadh na Ríochta Aontaithe 2001.

III.

Chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart gur chomhlíon athbhreithniú na Comhairle na hoibleagáidí faoi Airteagal 1(6) CP 931, go ndearnadh i gceart é agus gur cheart diúltú do phléadáil an achomharcóra lena líomhnaítear go ndearna an Chomhairle sárú ar Airteagal 1(6) i ndáil le bearta 2015 go 2017 agus cinntí 2019.

IV.

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le prionsabal na comhréireachta agus chuir sí i bhfeidhm go mícheart é sa chás seo.

V.

Chinn an Chúirt Ghinearálta go héagórach gur chomhlíon an Chomhairle a hoibleagáid cúiseanna a lua.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/513 ón gComhairle an 26 Márta 2015 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 790/2014 (IO 2015, L 82, lch 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1325 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/513 (IO 2015, L 206, lch. 12).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2425 ón gComhairle an 21 Nollaig 2015 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1325 (IO 2015, L 334, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1127 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2425 (IO 2016, L 188, lch. 1).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/150 ón gComhairle an 27 Eanáir 2017 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1127 (IO 2017, L 23, lch. 3).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1420 ón gComhairle an 4 Lúnasa 2017 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha a dhírítear i gcoinne daoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/150 (IO 2017, L 204, lch. 3).

(7)  Cinneadh (CBES) 2019/25 ón gComhairle an 8 Eanáir 2019 lena ndéantar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES a leasú agus a nuashonrú maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2018/1084 (IO 2019, L 6, lch. 6).

(8)  Cinneadh (CBES) 2019/1341 ón gComhairle an 8 Lúnasa 2019 lena ndéantar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas atá faoi réir Airteagal 2, Airteagal 3 agus Airteagal 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES a leasú agus a nuashonrú maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2019/25 (IO 2019, L 209, lch. 15).

(9)  Comhsheasamh an 27 Nollaig 2001 ón gComhairle maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac (IO 2001, L 344, lch. 93).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/29


Ordú Uachtarán na Cúirte an 28 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Kammergericht Berlin – an Ghearmáin) – PM v Senatsverwaltung für Justiz, Vielfalt und Antidiskriminierung, tríú páirtí: CM

(Cás C-304/22 (1), PM)

(2023/C 112/37)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 318, 22.08.2022


Chúirt Ghinearálta

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/30


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Aquind agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-295/20) (1)

(Fuinneamh - Bonneagar tras-Eorpach fuinnimh - Rialachán (AE) Uimh 347/2013 - Rialachán Tarmligthe lena leasaítear liosta na dtionscadal leasa choitinn - An dara mír d'Airteagal 172 CFAE - Diúltú ó Bhallstát a cheadú a thabhairt do thionscadal idirnasctha leictreachais d'fhonn stádas tionscadail leasa choitinn a dheonú - Neamh-chuimsiú an tionscadail ag an gCoimisiún ar an liosta leasaithe - Oibleagáid cúiseanna a lua - Prionsabal an dea-riaracháin - Cóir chomhionann - Deimhneacht dhlíthiúil - Ionchais dlisteanacha - Comhréireacht - Airteagal 10 den Chonradh um Chairt Fuinnimh)

(2023/C 112/38)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Aquind Ltd (Wallsend, an Ríocht Aontaithe), Aquind SAS (Rouen, an Fhrainc), Aquind Energy Sàrl (Lucsamburg, Lucsamburg) (ionadaithe: S. Goldberg, C. Davis, J. Bille agus E. White, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: O. Beynet agus B. De Meester, Gníomhairí)

Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine (ionadaithe: J. Möller agus S. Costanzo, Gníomhairí), Ríocht na Spáinne (ionadaí: M. Ruiz Sánchez, Gníomhaire), Poblacht na Fraince (ionadaithe: A.-L. Desjonquères, A. Daniel, W. Zemamta agus R. Bénard, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Rialachán Tarmligthe an Choimisiúin (AE) 2020/389 an 31 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le liosta tionscadal leasa choitinn an Aontais (IO 2020 L 74, lch. 1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Aquind Ltd, Aquind SAS agus do Aquind Energy Sàrl na costais a íoc.

3.

Ordaítear do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine, do Ríocht na Spáinne agus do Phoblacht na Fraince a gcuid costais féin a íoc.


(1)  IO C 247, 27.7.2020.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/31


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Carpatair v an Coimisiún

(Cás T-522/20) (1)

(Státchabhair - Earnáil na heitlíochta - Bearta curtha i bhfeidhm ag an Rómáin i bhfabhar aerfort Timișoara - Bearta curtha i bhfeidhm ag Aerfort Timișoara i bhfabhar Wizz Air agus aerlínte ag úsáid an t-aerfort sin - Cinneadh lena gcinntear i bpáirt nach raibh aon Státchabhair ann i bhfabhar aerfort Timișoara agus i bhfabhar na haerlínte a úsáideann é - Muirir aerfoirt - Caingean le haghaidh neamhniú - Acht rialála - Cúram aonair - Tionchar substaintiúil ar sheasamh iomaíoch - Cúram díreach - Spéis in imeachtaí a thabhairt - Inghlacthacht - Airteagal 107(1) CFAE - Cineál roghnach - Buntáiste - Tástáil oibreoir príobháideach)

(2023/C 112/39)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Carpatair SA (Timişoara, an Rómáin) (ionadaithe: J. Rivas Andrés agus A. Manzaneque Valverde, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Tomat agus C. Georgieva, Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) (Búdaipeist, an Ungáir) (ionadaithe: E. Vahida, S. Rátáil agus I.G. Metaxas-Maranghidis, Dlíodóirí), Societăţii Naţionale “Aeroportul Internaţional Timişoara – Traian Vuia” SA (AITTV) (Ghiroda, an Rómáin) (ionadaithe: V. Power agus R. Hourihan, Aturnaetha)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2021/1428 an 24 Feabhra 2020 maidir le Státchabhair SA. 31662 – C/2011 (ex NN/2011) curtha i bhfeidhm ag an Rómáin i bhfabhar Timișoara – Aerfort Idirnáisiúnta Aeir Wizz (IO 2021 L 308, lch. 1), a mhéid a thagann sé ar an gconclúid nach ionann bearta áirithe agus Státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Airteagal 2 de Chinneadh (AE) 2021/1428 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2020 maidir le cúnamh Stáit SA. 31662 – C/2011 (ex NN/2011) curtha i bhfeidhm ag an Rómáin i bhfabhar Aerfort Idirnáisiúnta Timișoara – cuirtear Wizz Air ar neamhní a mhéid a thagann sé ar an gconclúid go bhfuil na muirir aerfoirt atá leagtha amach i bhFoilseachán Faisnéise Aerloingseoireachta 2010 agus na comhaontuithe a tugadh i gcrích idir Societăţii Naţionale “Aeroportul Internaţional Timişoara – Traian Vuia” SA (AITTV) agus Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.) in 2008 (lena n-áirítear comhaontuithe leasaithe 2010) ní hionann iad agus Státchabhair.

2)

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin agus iad siúd a thabhaigh Carpatair SA a íoc.

3)

Ordaítear do Wizz Air Hungary agus AITTV a gcostais féin a íoc.


(1)  IO C 378, 9.11.2020.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/32


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – PBL agus WA v an Coimisiún

(Cás T-538/21) (1)

(Státchabhair - Cabhair do chlub sacair - Diúltú gearán a chlárú arna thaisceadh ag duine de bhaill club sacair - Stádas páirtí leasmhar)

(2023/C 112/40)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Penya Barça Lyon: Plus que des supporters (PBL) (Bron, An Fhrainc) agus WA (ionadaí: J. Branco, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Stromsky agus G. Braga da Cruz, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann na hiarratasóirí go gcuirfí, de pháirt, cinneadh an Choimisiúin COMP/C.4/AH/mdr 2021(092342) an 1 Meán Fómhair 2021 maidir le stádas gearáin faoi chúnamh Stáit líomhnaithe a deonaíodh do chlub sacair Paris Saint-Germain (SA.64489) ar neamhní agus, den pháirt eile, go nglacfaí le roinnt orduithe a seoladh chuig an gCoimisiún Eorpach.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Penya Barça Lyon: Plus que des supporters (PBL) agus WA na costais a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis na himeachtaí le haghaidh bearta eatramhacha.


(1)  IO C 431, 25.10.2021.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/32


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – UniSkin v EUIPO – Unicskin (UNISKIN by Dr. Søren Frankild)

(Cás T-787/21) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Nós imeachta freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “UNISKIN by Dr.Søren Frankild” - Marc fíortha náisiúnta roimhe seo “UNICSKIN YOUR EFFECTIVE SOLUTION” - Forais coibhneasta leis an diúltú - Riosca mearbhaill - Cosúlachta idir earraí agus seirbhísí - Cineál sainiúil an mharc níos luaithe - Cosúlacht na gcomharthaí - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 112/41)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: UniSkin ApS (Silkeborg, an Danmhairg) (ionadaí: M. Hoffgaard Rasmussen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: E. Śliwińska agus T. Frydendahl, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Unicskin, SL (Maidrid, an Spáinn)

Ábhar:

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 771/2021-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do UniSkin ApS na costais a íoc.


(1)  IO C 73, 14.2.2022.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/33


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Bensoussan v EUIPO – Lulu’s Fashion Lounge (LOULOU STUDIO)

(Cás T-24/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh LOULOU STUDIO - Foclmharc idirnáisiúnta níos luaithe LULU’S - Forais choibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 112/42)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ugo Bensoussan (Páras, an Fhrainc) (ionadaithe: V. Bouchara agus A. Maier, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: T. Frydendahl, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Lulu’s Fashion Lounge LLC (Chico, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: C. Bercial Arias, K. Dimidjian-Lecompte agus K. Henry, Dlíodóirí)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 12 Samhain 2021 (Cás R 480/2021-4) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Ugo Bensoussan na costais a íoc.


(1)  IO C 138, 28.3.2022.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/34


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Feabhra 2023 – Sport1 v EUIPO – SFR (SFR SPORT1)

(Cás T-141/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh SFR SPORT 1 - Marcanna fíortha náisiúnta agus idirnáisiúnta níos luaithe sport1 - Forais choibhneasta le diúltú - Easpa baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 207/2009 [Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois] - Saincháilíocht a fuarthas trí úsáid - Idirspleáchas na bhfactóirí)

(2023/C 112/43)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sport1 GmbH (Ismaning, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Krekel agus C. Otto, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Markakis, i gcáil Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Société française du radiotéléphone – SFR (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: M. Pasquier, Dlíodóir)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Nollaig 2021 a chur ar neamhní (Cás R 2329/2020-1).

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Nollaig 2021 (Cás R 2329/2020-1) ar neamhní i bpáirt, a mhéid a dhearbhaigh an Bord Achomhairc nárbh ann d’aon bhaol mearbhaill maidir leis na seirbhísí a chumhdaítear faoin marc a bhfuil iarratas déanta air a ndéantar tagairt dóibh i míreanna 42 go 44 agus 52 go 61 den chinneadh sin.

2.

Diúltaítear don chuid eile don chaingean.

3.

Ordaítear do EUIPO a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Sport1 GmbH, a íoc.

4.

Ordaítear do Société française du radiotéléphone – SFR a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 191, 10.5.2022.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/34


Ordú na Cúirte Ginearálta an 9 Feabhra 2023 – Folkertsma v an Coimisiún

(Cás T-778/21) (1)

(Imeachtaí le haghaidh damáistí - Conradh Cúnaimh Theicniúil chun tacú leis an aistriú i Bangsamoro (Subatra) - Iarratas ón gCoimisiún chun duine eile a chur in ionad an t-iarratasóir mar shaineolaí - Deireadh a chur leis an gconradh idir an tairgeoir rathúil agus an t-iarratasóir - Dliteanas neamhchonarthach - Sárú atá tromchúiseach go leor ar riail dlí a thugann cearta do dhaoine aonair - Cúisíocht - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(2023/C 112/44)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Rommert Folkertsma (Zierikzee, an Ísiltír) (ionadaithe: L. Levi agus P. Baudoux, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: C. Giolito agus T. Van Noyen, Gníomhairí)

Ábhar:

Lena chaingean faoi Airteagal 268 CFAE, lorgaíonn an t-iarratasóir cúiteamh as an damáiste airgeadais agus neamhábhartha a líomhnaítear a d'fhulaing sé mar thoradh ar iarratas an Choimisiúin Eorpaigh teacht ina áit mar shaineolaí i gcomhthéacs tionscadal cúnaimh theicniúil de chuid an Aontais do Phoblacht na nOileán Filipíneach.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Ordaítear do Rommert Folkertsma na costais a íoc.


(1)  IO C 84, 21.2.2022.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/35


Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Feabhra 2023 – Euranimi v an Coimisiún

(Cás T-81/22) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Dumpáil - Allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise - Dleacht frithdhumpála chinntitheach - Easpa leas pearsanta - Gníomh rialála lena bhforáiltear do bhearta cur chun feidhme - Do-ghlacthacht)

(2023/C 112/45)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: European Association of Non-Integrated Metal Importers & Distributors (Euranimi) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: M. Campa, D. Rovetta, P. Gjørtler agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: K. Blanck agus G. Luengo, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar:

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar eagraíocht í a dhéanann ionadaíocht ar son leas allmhaireoirí, dáileoirí, trádálaithe agus próiseálaithe Eorpacha cruach neamh-chomhtháite, cruach dhosmálta, agus táirgí miotal, go gcuirfí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2012 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO 2021 L 410, lch. 153; “an Rialachán atá faoi chonspóid”) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.

2.

Ní gá breith a thabhairt a thuilleadh ar an iarratas ar idiragairt arna dhéanamh ag Cónaidhm Eorpach an Tionscail Iarainn agus Cruach (Eurofer).

3.

Ordaítear do European Association of Non-Integrated Metal Importers & Distributors (Euranimi) na costais a íoc.

4.

Ordaítear do Euranimi, don Choimisiún Eorpach, agus d’Eurofer faoi seach a gcostais féin a bhaineann leis an idiragairt arna chur isteach ag Eurofer a íoc.


(1)  IO C 148, 4.4.2022.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/36


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta 1 Feabhra 2023 – Grodno Azot agus Khimvolokno Plant v an Chomhairle

(Cás T-117/22 R)

(Imeachtaí eatramhacha - An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise na staide sa Bhealarúis - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)

(2023/C 112/46)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Grodno Azot AAT (Grodno, an Bhealarúis), Khimvolokno Plant (Grodno) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Boggio Tomasaz agus A. Antoniadis, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar:

Lena n-iarratas bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí ar fionraí forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2021/2125 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021, lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO 2021 L 430 I, lch. 16) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2124 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO 2021 L 430 I, lch. 1) a mhéid a bhaineann siad leis na hiarratasóirí.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta idirlinne.

2)

Forchoimeádtar na costais.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/36


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Eanáir 2023 – Beijing Unicorn Technology v EUIPO – WD Plus (Léiriú ar chiorcal ina bhfuil dhá chuid rinneach)

(Cás T-631/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2023/C 112/47)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Beijing Unicorn Technology Co. Ltd (Béising, an tSín) (ionadaithe: M. Kinkeldey, S. Brandstätter agus S. Clotten, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: V. Ruzek, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: WD Plus GmbH (Hannover, an Ghearmáin)

Ábhar

Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Iúil 2022 (Cás R 246/2022-2) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Níl gá le breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.

2)

Ordaítear do Beijing Unicorn Technology Co. Ltd a chostais féin agus iad siúd arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.


(1)  IO C 463, 5.12.2022.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/37


Caingean arna tabhairt an 25 Eanáir 2023 – Stevi agus The New York Times v an Coimisiún

(Cás C-36/23)

(2023/C 112/48)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Matina Stevi (an Bhruiséil, an Bheilg), The New York Times Company (Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: B. Kloostra, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

cinneadh daingniúcháin C(2022) 8371 final an 15 Samhain 2022 (“an cinneadh atá faoi chonspóid) a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

(1)

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (1) agus go háirithe ar Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 1049/2001, agus sárú ar Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Tá Rialacháin Uimh. 1049/2001, agus go háirithe Airteagal 3(a) de, curtha ar ceal go neamhdhleathach ag an gCoimisiún trí chur i bhfeidhm argóint seach-dhlíthiúil a bhunaítear ar Airteagal 7(1) de Chinneadh (AE) Uimh. 2021/2121 ón gCoimisiún (2) agus é den tuairim nach ionann teachtaireachtaí téacs neamh-chláraithe agus doiciméid faoi Rialachán Uimh. 1049/2001 agus/nó trí Airteagal 3(a) de Rialachán Uimh. 1049/001 a fhágáil gan feidhm maidir leis an bhfaisnéis arna hiarraidh, agus é de shárú chomh maith ar an gceart bunúsach chun faisnéis a fháil a chosnaítear le hAirteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

(2)

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Rialachán Uimh. 1049/2001 agus go háirithe ar Airteagal 2(3) de.

Tá Airteagal 2(3) de Rialacháin Uimh. 1049/2001 curtha ar ceal go neamhdhleathach ag an gCoimisiún trí chur i bhfeidhm argóint seach-dhlíthiúil a bhunaítear ar Airteagal 7(1) de Chinneadh (AE) Uimh. 2021/2121, agus é den tuairim nach ionann teachtaireachtaí téacs neamh-chláraithe agus doiciméid arna gcoimeád ag an gCoimisiún faoi Rialachán Uimh. 1049/2001 agus/nó trí léiriú a dhéanamh ar Airteagal 2(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001 amhail go dtagtar ar an gconclúid nach mbeadh an fhaisnéis arna hiarraidh á coimeád ag an gCoimisiún.

(3)

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú.

Cinneann an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid, gan aon chúis a thabhairt leis, nach bhfuil an fhaisnéis arna hiarraidh ann, rud atá ag cur i gcoinne Uachtarán an Choimisiúin gan aon bhunús, agus is ionann an méid sin agus drochriarachán.


(1)  Rialachán (EC) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle (IO 2001 L 145, lch. 43).

(2)  Cinneadh (AE) Uimh. 2021/2121 an 6 Iúil 2020 ón gCoimisiún maidir le bainistiú taifead agus cartlanna, (IO 2021 L 430, lch. 30).


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/38


Caingean arna tabhairt an 3 Feabhra 2023 – Pollen + Grace v EUIPO – Grace Foods (POLLEN + GRACE)

(Cás T-41/23)

(2023/C 112/49)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Pollen + Grace Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: P. Johnson, Abhcóide Dlí, agus L. Buckley, Aturnae)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Grace Foods Ltd (Castries, Saint Lucia)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh POLLEN + GRACE – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 099 623

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Nollaig 2022 i gCás R 1815/2021 – 4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a gcostais féin a íoc agus costais an iarratasóra a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/39


Caingean arna tabhairt an 6 Feabhra 2023 – Kaili v an Pharlaimint agus OIPE

(Cás C-46/23)

(2023/C 112/50)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Eva Kaili (Ixelles, an Bheilg) (ionadaí: S. Pappas, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

cinneadh an Phríomh-Ionchúisitheora Eorpaigh an 15 Nollaig 2022, lena n-iarrtar go gcuirtear deireadh le díolúine pharlaiminteach an iarratasóra, a chur ar neamhní;

cinneadh Uachtarán na Parlaiminte an 10 Eanáir 2023 a chur ar neamhní, ar cinneadh é chun an t-iarratas seo a fhógairt i seisiún iomlánach den Pharlaimint agus a tharchur chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla;

a ordú do na cosantóirí a gcostais féin a íoc agus costais an iarratasóra sna himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig saincheist dlí.

(1)

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear nach bhfuil sé d’inniúlacht ag an bPríomh-Ionchúisitheoir Eorpach an gníomh atá faoi chonspóid a eisiúint: de réir na bhforálacha infheidhme d’Airteagal 9 de na Rialacha Nós Imeachta de Pharlaimint na hEorpa, ba iad na Ballstáit, agus iad amháin, a bhí i dteideal a leithéid de chinneadh a eisiúint tráth ar ghlac an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach a cinneadh an 15 Nollaig 2022. Dá bhrí sin, ba go neamhinniúil a glacadh cinneadh an Phríomh-Ionchúisitheora Eorpaigh an 15 Nollaig 2022.

(2)

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar dhá cheanglas fíor-riachtanacha nós imeachta:

Easpa cúiseanna arna sonrú: ní mhíníonn an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach (i) cé acu an bhfuarthas nó nach bhfuarthas an t-iarratasóir i mbun cion a dhéanamh; agus (ii) cé acu an gcuirtear nó nach gcuirtear constaic le pribhléidí agus díolúintí an iarratasóra roimh an imscrúdaithe ar na mírialtachtaí mar a líomhnaíodh;

Sárú ar chearta na cosanta: níor cheadaigh an Príomh-Ionchúisitheoir Eorpach nó Uachtarán na Parlaiminte Eorpaí fáil a bheith ag an iarratasóir ar chóipeanna na ndoiciméad ar a bhunaigh siad a gcinntí. Ina theannta sin, níor éisteadh leis an iarratasóir sular glacadh na gníomhartha atá faoi chonspóid.

(3)

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear nach ndearnadh na cúiseanna a shonrú go leordhóthanach nó go cuí, de shárú ar Airteagal 29(2) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (1), agus/nó sárú ar fhorálacha na Rialacháin sin agus ar phrionsabal na neamh-aisghníomhaíochta.

(4)

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

(5)

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an daonlathais agus ar an gceart chun triail chóir a fháil.


(1)  IO 2017 L 283, lch. 1.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/40


Caingean arna tabhairt an 7 Feabhra 2023 – Vinet Miłosz Jeleń v EUIPO – The Animal Store, Food and Accessories (WILD INSPIRED)

(Cás T-47/23)

(2023/C 112/51)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vinet Miłosz Jeleń (Mszalnica, an Pholainn) (ionadaí: M. Bac-Matuszewska, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: The Animal Store, Food and Accessories, SL (Valencia, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh WILD INSPIRED – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 334 973

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 8 Nollaig 2022 i gCás R 1299/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/40


Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – Olive Line International v EUIPO – Santa Rita Harinas (SANTARRITA)

(Cás T-52/23)

(2023/C 112/52)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Olive Line International, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: K. Guridi Sedlak, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Santa Rita Harinas, SLU (Loranca de Tajuña, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “SANTARRITA” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 236 520

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Nollaig 2022 i gCás R 577/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a dhearbhú nach ann do bhaol mearbhaill idir na trádmharcanna ós rud é nár shuigh an comhchosantóir, dílseánach an trádmhairc freasúra, úsáid íosta agus fírinneach a chomhartha d’earraí oinniún friochta;

mar mhalairt air sin, agus go carnach, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus a dhearbhú nach ann do bhaol mearbhaill idir na trádmharcanna i ndáil leis na hearraí ológ próiseáilte agus oinniún friochta in aicme 29 ós rud é gur earraí difriúla iad;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile, i gcás go bhfuil sé i láthair ag na himeachtaí seo, na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/41


Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – TVR Automotive v EUIPO – TVR Italia (TVR)

(Cás T-53/23)

(2023/C 112/53)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TVR Automotive Ltd (Walliswood, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: A. von Mühlendahl agus H. Hartwig, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: TVR Italia Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fiortha de chuid an Aontais Eorpaigh TVR – Iarratas ar chlárú Uimh. 12 185 922

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 1493/2018-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO, agus TVR Italia S.R.L., má dhéanann sé idiragairt sna himeachtaí seo, na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle maidir leis an trádmharc Comhphobail.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/42


Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – Tiendanimal v EUIPO – Salvana Tiernahrung (“SALVAJE”)

(Cás T-55/23)

(2023/C 112/54)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Tiendanimal Comercio Electronico de Articulos para Mascotas, SL (Malaga, an Spáinn) (ionadaí: S. Correa Rodríguez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Salvana Tiernahrung GmbH (Klein Offenseth-Sparrieshoop, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “SALVAJE” – Iarratas ar chlárú Uimh. 14 882 666

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 7 Samhain 2022 i gCás R 2192/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm mar aon le diúltú d’iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 14 882 666 SALVAJE (agus dearadh) in aicme 31 agus cuid de na seirbhísí in aicme 35; agus

a ordú do EUIPO agus do Salvana Tiernahrung GmbH i gcás ina gcinneann Salvana Tiernahrung GmbH go ndéanfaidh sé idiragairt sna himeachtaí seo, na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/43


Caingean arna tabhairt an 8 Feabhra 2023 – Laboratorios Ern v EUIPO – Ahlberg-Dollarstore (“A’PEAL”)

(Cás T-56/23)

(2023/C 112/55)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Laboratorios Ern, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: R. Guerras Mazón, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ahlberg-Dollarstore AB (Kista, an tSualainn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “A’PEAL” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 337 467

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 15 Samhain 2022 i gCás R 911/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm agus an trádmharc atá faoi cheist a dhiúltú do na hearraí go léir in aicme 3 agus in aicme 5;

a ordú do EUIPO agus do Ahlberg-Dollarstore AB i gcás ina gcinneann Ahlberg-Dollarstore AB go ndéanfaidh sé idiragairt sna himeachtaí seo, na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/43


Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2023 – Goldair Tourism v EUIPO – Gkolemis Etaireia (Goldair Tourism)

(Cás T-57/23)

(2023/C 112/56)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Goldair Tourism Touristikes Epicheiriseis AE (Paiania, an Ghréig) (ionadaí: E. Ventouri, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Gkolemis Etaireia Aeroporikon Exypiretiseon AE (Marousi, an Ghréig)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Goldair Tourism” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 275 928

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 19 Nollaig 2022 i gCás R 1385/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, is é sin le rá, a mhéid a glacadh leis an iarratas ar chealú.

Saincheisteanna dlí arna maoímh

Sárú ar Airteagal 27(4) de Rialachán Tairmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;

Sárú ar Airteagal 60(1)(a) agus Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/44


Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2023 – Supermac’s v EUIPO – McDonald’s International Property (BIG MAC)

(Cás T-58/23)

(2023/C 112/57)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Supermac’s (Holdings) Ltd (Gaillimh, Éire) (ionadaithe: V. von Bomhard agus J. Fuhrmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: McDonald’s International Property Co. Ltd (Chicago, Illinois, na Stáit Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “BIG MAC” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 62 638

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Nollaig 2022 i gCás R 543/2019 – 4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Mír 1 de chuid oibríochtúil an chinnidh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sí le:

“bia a ullmhaítear le táirgí feola agus éineola, ceapairí feola, ceapairí sicín” in Aicme 29 de Chonradh Nice a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha an Chláraithe Marcanna an 15 Meitheamh 1957, mar a athbhreithníodh é agus mar a leasaíodh é;

“ceapairí inite, ceapairí sicín” in Aicme 30;

“seirbhísí a dhéanann, nó a bhaineann le, bialanna gníomhacha nó bunaíochtaí nó áiseanna gníomhacha a bhíonn i mbun soláthair bia agus dí a ullmhaítear lena dtomhailt nó le haghaidh áiseanna tiomáin tríd; ullmhú bia beir leat” in Aicme 42.

an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú sa chiall go ndíbhfí an t-achomharc de chuid McDonald’s le haghaidh na n-earraí agus na seirbhisí go léir, cé is moite de “cheapairí feola” in Aicme 30;

a ordú do EUIPO agus, i gcás ina n-idiragraíonn McDonald’s, do McDonald’s International Property Company, Ltd. costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 51(1)(a) de Rialachán (CE) 207/2009 ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/45


Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2023 – DEC Technologies v EUIPO – Tehnoexport (DEC FLEXIBLE TECHNOLOGIES)

(Cás T-59/23)

(2023/C 112/58)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: DEC Technologies BV (Enschede, an Ísiltír) (ionadaí: R. Brtka, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Tehnoexport d.o.o. (Indjija, an tSeirbia)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “DEC FLEXIBLE TECHNOLOGIES” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 194 573

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 6 Nollaig 2022 i gCás R 2009/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/46


Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2023 – Ilovepdf v EUIPO (ILOVEPDF)

(Cás T-60/23)

(2023/C 112/59)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ilovepdf, SL (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: J. Oriol Asensio, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc “ILOVEPDF” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 142 577

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Samhain 2022 i gCás R 641/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta an cinneadh atá faoi chonspóid (chomh maith leis an gcinneadh atá faoi chonspóid dar dáta an 12 Feabhra 2021) a chur ar neamhní agus cinneadh nua a ghlacadh lena cur in ionad na gcinntí roimhe sin d’fhonn cur le sreabhadh an nós imeachta foilsithe den chomhartha arna iarraidh i bhFeasachán Trádmharcanna an Aontais Eorpaigh, chun an comhartha ILOVEPDF arna iarraidh a bhronnadh, a ordú do EUIPO na costais arna dtabhú a íoc agus na táillí arna n-íoc do EUIPO don achomharc os comhair Bhord Achomhairc EUIPO a aisíoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Mainneachtain rialú a dhéanamh ar réamhcheist nós imeachta thábhachtach maidir le hathbhreithniú ar chinntí agus athrá ina dhiaidh sin ar fhorais le diúltú ar fágadh amach é as cinneadh Bhord Achomhairc EUIPO.

Sárú ar Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/46


Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2023 – Ona Investigación v EUIPO – Formdiet (BIOPÔLE)

(Cás T-61/23)

(2023/C 112/60)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ona Investigación, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: T. Villate Consonni, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Formdiet, SA (Alcarras, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “BIOPÔLE” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 157 716

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 15 Samhain 2022 i gCás R 1097/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta breith a thabhairt lena nglacfar le hargóintí an iarratasóra agus lena ndiúltófar don iarratas ar thrádmharc atá faoi cheist.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/47


Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2023 – Aesculap v EUIPO – Aeneas (AESKUCARE Food Intolerance)

(Cás T-64/23)

(2023/C 112/61)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Aesculap AG (Tuttlingen, an Ghearmáin) (Ionadaí: N. Hebeis, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Aeneas GmbH & Co. KG (Wendelsheim, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an mhairc fhíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “AESKUCARE Food Intolerance” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 918 102

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Samhain 2022 i gCás R 21/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a cuireadh ar neamhní an cinneadh ón Rannán Freasúra de EUIPO an 30 Samhain 2021 agus gur diúltaíodh don fhreasúra i gcoinne na n-earraí agus na seirbhísí a iarradh in Aicmí 5, 42 agus 44;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc agus a ordú don pháirtí eile costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/48


Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2023 – Aesculap v EUIPO – Aeneas (AESKUCARE)

(Cás T-65/23)

(2023/C 112/62)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Aesculap AG (Tuttlingen, an Ghearmáin) (Ionadaí: N. Hebeis, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Aeneas GmbH & Co. KG (Wendelsheim, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an fhocalmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh “AESKUCARE” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 789 025

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 12 Samhain 2022 i gCás R 18/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a cuireadh ar neamhní an cinneadh ón Rannán Freasúra de EUIPO an 30 Samhain 2021 agus gur diúltaíodh don fhreasúra i gcoinne na n-earraí agus na seirbhísí a iarradh in Aicmí 5, 42 agus 44;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc agus a ordú don pháirtí eile costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/48


Caingean arna tabhairt an 13 Feabhra 2023 – Aesculap v EUIPO – Aeneas (AESKUCARE Allergy)

(Cás T-66/23)

(2023/C 112/63)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Aesculap AG (Tuttlingen, an Ghearmáin) (Ionadaí: N. Hebeis, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Aeneas GmbH & Co. KG (Wendelsheim, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an mhairc fhíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “AESKUCARE Allergy” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 917 493

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Samhain 2022 i gCás R 20/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a cuireadh ar neamhní an cinneadh ón Rannán Freasúra de EUIPO an 30 Samhain 2021 agus gur diúltaíodh don fhreasúra i gcoinne na n-earraí agus na seirbhísí a iarradh in Aicmí 5, 42 agus 44;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc agus a ordú don pháirtí eile costais na n-imeachtaí os comhair EUIPO a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 112/49


Caingean arna tabhairt an 10 Feabhra 2023 – DEC Technologies v EUIPO – Tehnoexport (Léiriú ar chearnóg le cuara)

(Cás T-68/23)

(2023/C 112/64)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: DEC Technologies BV (Enschede, an Ísiltír) (ionadaí: R. Brtka, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Tehnoexport d.o.o. (Indjija, an tSeirbia)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (Léiriú ar chearnóg chuartha) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 124 427

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 30 Samhain 2022 i gCás R 2009/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa ón gComhairle.