ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 93 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
Clár |
Leathanach |
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
MOLTAÍ |
|
|
An Banc Ceannais Eorpach |
|
2023/C 93/01 |
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 93/02 |
Fógra ón gCoimisiún — Clár oibre bliantúil 2023 an Aontais um chaighdeánú Eorpach |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 93/03 |
Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta — Cás M.9343 – Hyundai Heavy Industries Holdings / Daewoo Shipbuilding & Marine Engineering ( 1 ) |
|
2023/C 93/04 |
Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún an 13 Eanáir 2022 lena ndearbhaítear comhchruinniú gan a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE (Cás M.9343 - Hyundai Heavy Industries Holdings / Daewoo Shipbuilding & Marine Engineering) (tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2022)63) ( 1 ) |
|
2023/C 93/05 |
Tuairim ón gCoiste Comhairleach maidir le cumaisc ag a cruinniú an 10 Eanáir 2022 maidir le Cinneadh i gcás M.9343 HHIH/DSME Cruinniú trí Ghlao Closchomhdhála – trí Skype for Business — Rapóirtéir: an tSualainn ( 1 ) |
|
2023/C 93/06 |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 93/07 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11031 — HITACHI CONSTRUCTION MACHINERY / KIESEL / EAC) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
MOLTAÍ
An Banc Ceannais Eorpach
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 93/1 |
MOLADH ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH
an 7 Márta 2023
do Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Hrvatska narodna banka
(BCE/2023/4)
(2023/C 93/01)
TÁ COMHLAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 27.1 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Déanann iniúchóirí seachtracha neamhspleácha atá molta ag Comhairle Rialaithe BCE agus a fhormheasann Comhairle an Aontais Eorpaigh iniúchadh ar chuntais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) agus ar chuntais bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu. |
(2) |
Tiocfaidh deireadh le sainordú iniúchóirí seachtracha reatha Hrvatska narodna banka, KPMG Croatia d.o.o., tar éis an iniúchta don bhliain airgeadais 2024. Ón 1 Eanáir 2023 tá Hrvatska narodna banka faoi réir Airteagal 27.1 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Dá bhrí sin, is gá go molfaidh Comhairle Rialaithe BCE na hiniúchóirí seachtracha reatha do na blianta airgeadais 2023 go 2024 agus go bhformheasfaidh an Chomhairle iad, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
Moltar go ndéanfadh KPMG Croatia d.o.o an iniúchóireacht sheachtrach ar Hrvatska narodna banka do na blianta airgeadais 2023 go 2024.
Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 7 Márta 2023.
Uachtarán BCE
Christine LAGARDE
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 93/2 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
Clár oibre bliantúil 2023 an Aontais um chaighdeánú Eorpach
(2023/C 93/02)
Faoi Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 (1) maidir le Caighdeánú Eorpach, ní mór don Choimisiún “clár oibre bliantúil an Aontais um chaighdeánú Eorpach” a ghlacadh.
Sainaithnítear san Fhógra seo ón gCoimisiún na caighdeáin Eorpacha agus na táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún iad a iarraidh le haghaidh 2023, mar aon le cuspóirí agus beartais shonracha maidir leis na caighdeáin agus na táirgí sin (féach an Iarscríbhinn).
Tá gníomhaíocht chaighdeánúcháin seo an Aontais leabaithe i mbeartais an Aontais agus rannchuidíonn sí le neartú ról an Aontais mar bhunaitheoir caighdeán domhanda a áiritheoidh Margadh Aonair digiteach athléimneach glas. Tacaíonn sí le cur chun feidhme tosaíochtaí beartais amhail:
— |
an Comhaontú Glas don Eoraip, |
— |
Deacáid Dhigiteach na hEorpa, |
— |
straitéis nua tionsclaíochta an Choimisiúin, agus |
— |
Eoraip níos láidre sa domhan. |
Tacaíonn na caighdeáin leis na beartais sin chun a áirithiú go mbíonn táirgí agus seirbhísí an Aontais iomaíoch ar fud an domhain, agus go gcuirtear breathnaithe úrscothacha san áireamh agus iad á dtáirgeadh ó thaobh na sábháilteachta, na slándála, na sláinte agus an chomhshaoil de agus ó thaobh bhaint amach spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe de. I bhfianaise an teanntáis mhéadaithigh atá léirithe ag roinnt gníomhaithe sna próisis chaighdeánúcháin idirnáisiúnta, agus i bhfianaise polaitithe mhéadaithigh na gcaighdeán, le clár oibre bliantúil 2023 an Aontais Eorpaigh um chaighdeánú Eorpach leantar de chur chuige níos straitéisí i leagan síos na gcaighdeán, rud a neartaíonn glór an Aontais mar cheannaire sa chaighdeánú domhanda.
San Iarscríbhinn a ghabhann leis an bhFógra seo leagtar amach gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha, nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin, a fhorbairt agus a athbhreithniú, gníomhaíochtaí is gá agus is iomchuí chun tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais agus a neartaíonn, sa chaoi sin, ról ceannasach an Aontais i leagan síos na gcaighdeán domhanda. I gcomhréir le straitéis chaighdeánúcháin (2) an 2 Feabhra 2022, ón mbliain seo ar aghaidh beidh an Coimisiún ag leagan amach liosta tosaíochtaí ina chlár bliantúil AE um chaighdeánú Eorpach chun tacú le beartais chriticiúla ar cuí aird bhreise a thabhairt orthu sa chóras caighdeánúcháin Eorpach. I mbliana, shainaithin an Coimisiún mar thosaíochtaí beartais na gníomhaíochtaí caighdeánúcháin maidir leis an hidrigin, an ghrianchumhacht leictreach, an pas táirge digiteach, na hamhábhair chriticiúla, an chibearshlándáil, na teicneolaíochtaí candamacha, agus cur i bhfeidhm an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta, leanfaidh an Coimisiún den chomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta maidir leis an gcaighdeánú, comhar a léirítear go maith sna comhpháirtíochtaí digiteacha leis an tSeapáin, leis an gCóiré Theas agus le Singeapór, sa Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, agus in G7 (an “Grúpa Seacht”). Tabharfaidh an Coimisiún tuilleadh tacaíochta do phróisis chaighdeánúcháin idirnáisiúnta i gcomhréir le prionsabail na hEagraíochta Domhanda Trádála, amhail an oscailteacht, an trédhearcacht, an neamhchlaontacht, agus an chomhthoil. Ní lú tábhacht ról an chomhair idirnáisiúnta um thaighde agus nuálaíocht chun ról ceannasach an Aontais mar bhunaitheoir caighdeán domhanda a chur chun cinn, rud a sainaithníodh sa Chur Chuige Domhanda i leith an Taighde agus na Nuálaíochta (3).
I gcás gach comhaontaithe shaorthrádála a chaibidlíonn an Coimisiún, cuirfidh sé ar son an caighdeánú a bheith mar chuid bhunúsach den chaibidil i ndáil le bacainní teicniúla ar thrádáil agus leis na dea-chleachtais rialála. Maille leis sin, leanfaidh an Coimisiún den idirphlé le tíortha eile chun réimsí féideartha comhair maidir le dúshláin dhomhanda a fhiosrú.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lgh. 12).
(2) COM(2022) 31.
(3) COM(2021) 252
ARSCRÍBHINN
Forléargas
I gclár oibre bliantúil 2023 an Aontais um chaighdeánú Eorpach tá 84 ghníomhaíocht agus iad roinnte ina gceithre phríomhchatagóir:
— |
An t-aistriú glas |
— |
An t-aistriú digiteach |
— |
Athléimneacht na dtionscal Eorpach |
— |
An margadh inmheánach do tháirgí agus seirbhísí |
Áirítear ar thosaíochtaí straitéiseacha 2023:
1. |
Bonneagar, tacaíocht agus stóráil hidrigine (Gníomhaíochtaí 1, 2) |
2. |
Comhtháthú na grianchumhachta leictrí sa chóras fuinnimh - fótavoltach (Gníomhaíocht 3) |
3. |
Taiscéalaíocht, eastóscadh, scagadh agus athchúrsáil na n-amhábhar criticiúil (Gníomhaíocht 4) |
4. |
Riachtanais chibearshlándála agus inrochtaineachta (Gníomhaíochtaí 5-6) |
5. |
Cur chun úsáide an phas táirge dhigitigh (Gníomhaíocht 7) |
6. |
Teicneolaíochtaí le haghaidh ríomhaireacht ardfheidhmíochta Eorpach agus le haghaidh bonneagar Eorpach cumarsáide candamaí (Gníomhaíocht 8) |
7. |
An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha a chur i bhfeidhm trí mheáin teicneolaíochta (Gníomhaíocht 9) |
8. |
Malartú iontaofa sonraí (Gníomhaíochtaí 10-13) |
9. |
Sábháilteacht na dteaschaidéal (Gníomhaíocht 14) |
Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí maidir leis an aistriú glas tacú leis an méid seo a leanas:
An t-aistriú fuinnimh agus laghdú úsáid an fhuinnimh
— |
Trádáil agus tomhaltas trasteorann bithmheatáin (Gníomhaíocht 15) |
— |
An éicidhearthóireacht agus ceangaltais lipéidithe fuinnimh chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú (Gníomhaíochtaí 16-42) |
— |
Feabhas a chur ar ghlasú agus ar athléimneacht aeráide na bhfoirgneamh agus na n-ábhar tógála (Gníomhaíochtaí 43-46) |
— |
Úsáid na stáisiún luchtaithe leictreach a éascú do dhaoine faoi mhíchumas (Gníomhaíocht 47) |
— |
Luchtairí uilíocha gan sreang le haghaidh gutháin phóca (Gníomhaíocht 48) |
Cáilíocht an chomhshaoil
— |
Feidhmíocht chomhshaoil na gceallraí agus srian ar shubstaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach (Gníomhaíochtaí 49-50) |
— |
Dearadh ciorclach, táirgeadh, athúsáid agus athchúrsáil le haghaidh feithiclí agus a gcomhpháirteanna (Gníomhaíocht 51) |
— |
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh (Gníomhaíochtaí 52-54) |
— |
Laghdú na n-astaíochtaí meatáin (Gníomhaíocht 55) |
— |
Cáilíocht an uisce, cóireáil an fhuíolluisce agus laghdú na micreaphlaisteach a scaoiltear sa chomhshaol (Gníomhaíochtaí 56-58) |
Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí maidir leis an aistriú digiteach tacú leis an méid seo a leanas (1):
Slándáil, sábháilteacht agus inrochtaineacht
— |
Sábháilteacht agus inrochtaineacht na hintleachta saorga (Gníomhaíocht 59) |
— |
Fíorú aoise ar líne (Gníomhaíocht 60) |
Teicneolaíochtaí TFC nua a chur chun úsáide
— |
Idir-inoibritheacht idirlíon na rudaí nithiúla san imeall-ríomhaireacht agus sa ríomhaireacht shaithe (Gníomhaíocht 61) |
— |
Mórleabhair leictreonacha agus an bonneagar Eorpach um sheirbhísí blocshlabhra a chur chun úsáide (Gníomhaíochtaí 62-63) |
— |
Idir-inoibritheacht na spásanna sonraí a úsáidtear i gcathracha cliste an Aontais Eorpaigh – cúplaí digiteacha (Gníomhaíocht 64) |
Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí maidir leis an athléimneacht tacú leis an méid seo a leanas:
Amhábhair chriticiúla
— |
Feidhmeanna agus il-ábhair nua le haghaidh monarú suimitheach (Gníomhaíocht 65) |
— |
Amhábhair chriticiúla le haghaidh ceallraí (Gníomhaíocht 66) |
— |
Infhaighteacht na n-ábhar is gá chun vacsaíní a tháirgeadh (Gníomhaíocht 67) |
Córas satailíte agus bonneagar spáis Eorpach
— |
Córas cumarsáide satailíte slán Eorpach a bhunú (Gníomhaíocht 68) |
— |
An bonneagar spáis Eorpach a chosaint agus roghnú na sonraí spáis agus na seirbhísí spáis ar an margadh a mhéadú (Gníomhaíocht 69) |
Tacaíonn na gníomhaíochtaí maidir leis an margadh inmheánach do tháirgí agus seirbhísí leis an méid seo a leanas:
An cháilíocht, an tsábháilteacht, agus rochtain le haghaidh FBManna
— |
Cáilíocht agus sábháilteacht na bhfeistí leighis (Gníomhaíocht 70) |
— |
Sábháilteacht na mbréagán (Gníomhaíocht 71) |
— |
Sábháilteacht an bhrú-threalaimh a fheabhsú agus rochtain na FBManna air a éascú (Gníomhaíocht 72) |
— |
Rochtain ag FBManna ar mhargadh na n-árthach brú simplí a éascú (Gníomhaíocht 73) |
— |
Sábháilteacht innealra (Gníomhaíocht 74) |
— |
Sábháilteacht na n-ardaitheoirí (Gníomhaíocht 75) |
— |
Sábháilteacht na suiteálacha cábla-bhealaigh (Gníomhaíocht 76) |
— |
Sábháilteacht fearas a dhónn breoslaí gásacha (Gníomhaíocht 77) |
— |
Sábháilteacht na dtáirgí tomhaltais (Gníomhaíocht 78) |
— |
Na riachtanais sábháilteachta le haghaidh trealamh raidió a choinneáil ar bun tar éis nuashonrú bogearra (Gníomhaíocht 79) |
— |
Trealamh atá ceaptha lena úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach (Gníomhaíocht 80) |
— |
Trealamh cosanta pearsanta (Gníomhaíocht 81) |
— |
Caighdeáin chomhchuibhithe a bheidh cuimsitheach agus a bheidh freagrúil ó thaobh inscne de (Gníomhaíocht 82) |
Idir-inoibritheacht agus iontaofacht
— |
Córais tomhais chearta inrianaithe chun an pobal a chosaint ar thomhas mícheart (Gníomhaíocht 83) |
— |
Idir-inoibritheacht an chórais iarnróid (Gníomhaíocht 84) |
— |
Foclóir sonraí le haghaidh seirbhísí airgeadais (Gníomhaíocht 85) |
Seirbhísí agus trádáil trasteorann
— |
Deireadh a chur leis an tástáil bhreise ar choincréit réamhtheilgthe agus ar tháirgí struchtúracha miotalacha (Gníomhaíochtaí 86-87) |
— |
Margadh seirbhísí le haghaidh trealamh oifige (Gníomhaíocht 88) |
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn leis na tosaíochtaí straitéiseacha a fhorbairt agus a athbhreithniú
Tagairt |
Teideal |
Tagairt |
Caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
||||||||||||||
1 |
Teicneolaíochtaí agus comhpháirteanna hidrigine |
COM(2021) 804 final - Proposal for a Regulation on the internal markets for renewable and natural gases and for hydrogen [Togra le haghaidh Rialachán maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus hidrigine] COM(2021) 557 final - Togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt um cháilíocht, teicneolaíocht agus sábháilteacht maidir le monarú agus úsáid hidrigine. |
Feabhas a chur ar fhorbairt agus cothabháil an bhonneagair hidrigine agus comhpháirteanna teicneolaíochta ar an margadh aonair. |
||||||||||||||
2 |
Iompar agus stóráil hidrigine |
Rialachán (AE) 2022/869 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh COM(2021) 803 final - Proposal for a Directive on common rules for the internal markets in renewable and natural gases and in hydrogen [Togra le haghaidh Treoir maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin] |
Caighdeáin Eorpacha atá ann cheana maidir le cáilíocht agus sábháilteacht na hidrigine a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt – rud atá ábhartha maidir le hinstealladh isteach san eangach hidrigine tiomnaithe, agus maidir le húsáidí deiridh, lena n-áirítear breoslaí hidrigin-bhunaithe. |
Uas-scálú na modhanna iompair agus stórála le haghaidh hidrigine a éascú agus a chur chun cinn, rud a éascóidh an t-athrú ó bhreoslaí agus amhábhair iontaise in earnálacha is deacair a dhícharbónú. |
||||||||||||||
3 |
Teicneolaíochtaí srutha dhírigh ísealvóltais |
COM(2022) 221 final - Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh |
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt a thacaíonn le comhtháthú na grianchumhachta leictrí sa chóras fuinnimh. |
Rannchuidiú le cur chun úsáide gasta na dteicneolaíochtaí fótavoltacha agus na dteicneolaíochtaí teirmeacha gréine. |
||||||||||||||
4 |
Amhábhair chriticiúla |
PLAN/2022/1733 An Gníomh Eorpach um Amhábhair Chriticiúla |
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt a thacaíonn le taiscéalaíocht, eastóscadh, scagadh agus athchúrsáil na n-amhábhar criticiúil. |
Is é is aidhm don ghníomhaíocht slabhra luacha amhábhar criticiúil an Aontais a neartú chun tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus athléimneacht an Aontais a fhódú. |
||||||||||||||
5 |
Ceanglais chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu |
COM(2022)454 - Togra le haghaidh Rialachán maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí a bhfuil eilimintí digiteacha acu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (An Gníomh um Chibear-Athléimneachta) |
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt a chomhfhreagraíonn do shonraíochtaí bunriachtanacha cibearshlándála mar a leagtar amach sa Ghníomh um Chibear-Athléimneachta, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
|
Is é an príomhchuspóir dálaí a chruthú ina bhféadfar táirgí slána a bhfuil gnéithe digiteacha acu a fhorbairt trína áirithiú go gcuirtear táirgí bogearraí agus crua-earraí ar an margadh gan an oiread sin leochaileachtaí iontu agus atá iontu faoi láthair agus trína áirithiú go ndéanann monaróirí cúram den tslándáil ar feadh shaolré an táirge. |
||||||||||||||
6 |
Ceanglais inrochtaineachta le haghaidh suímh ghréasáin agus aipeanna móibíleacha |
Treoir (AE) 2019/882 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí, Treoir (AE) 2016/2102 maidir le hinrochtaineacht suíomh gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí |
Caighdeáin EN 301 549 , EN 17210 agus EN 17161 a athbhreithniú mar aon le tuarascálacha teicniúla CEN/CLC/ETSI TR 101551 agus CEN/CLC/ETSI TR 101552. Maille leis sin, trí chaighdeán chomhchuibhithe nua a fhorbairt chun tacú le M/587 — C(2022)6456. Ní mór na forbairtí is déanaí sna réimsí ábhartha a chur san áireamh. |
Inrochtaineacht TFC a mhéadú, lena n-áirítear suímh ghréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha, freagairtí ar na seirbhísí éigeandála (112), faisnéis neamhdhigiteach agus seirbhísí tacaíochta do dhaoine faoi mhíchumas. |
||||||||||||||
7 |
Pas táirge digiteach |
COM(2022) 142 final -Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos |
Caighdeáin le haghaidh chur chun úsáide an phas táirge dhigitigh a fhorbairt nó a athbhreithniú. Bainfidh na tacair sin caighdeán agus prótacal leis na réimsí seo a leanas:
|
Is é is aidhm don ghníomhaíocht cuidiú le tomhaltóirí roghanna feasacha a dhéanamh, ligean do ghníomhaithe eile amhail deisitheoirí nó athchúrsálaithe rochtain a fháil ar fhaisnéis ábhartha, agus a chur ar a gcumas do na húdaráis náisiúnta inniúla a ndualgais a chur i gcrích. Tá sé i gceist an méid sin a dhéanamh trí fhaisnéis faoi tháirgí a chur ar fáil do ghníomhaithe feadh an tslabhra luacha ina iomláine. |
||||||||||||||
8 |
Teicneolaíochtaí candamacha |
COM(2021) 118 final/2 - 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le slabhraí soláthair le haghaidh ailtireachtaí cumarsáide agus ríomhairí candamacha modúlacha, agus le haghaidh na dteicneolaíochtaí a bhaineann leo a chumasaíonn ríomhaireacht ardfheidhmíochta Eorpach agus bonneagar cumarsáide candamaí Eorpach. Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le sábháilteacht, príobháideachas agus cibearshlándáil na teicneolaíochta cumarsáide agus na ríomhaireachta candamaí, nó caighdeáin atá ann cheana maidir leo a athbhreithniú. Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le slabhraí soláthair le haghaidh feistí foinse, bhraite agus mhéadreolaíochta chandamacha. |
Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí:
|
||||||||||||||
9 |
Seirbhísí digiteacha |
COM(2020) 825 final - Togra le haghaidh Rialachán maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) |
Na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a thacaíonn leis na hábhair a liostaítear in Airteagal 34 den Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha a athbhreithniú agus cinn nua a fhorbairt. |
Is é is aidhm don ghníomhaíocht sin cur i bhfeidhm éifeachtach comhsheasmhach a éascú le haghaidh na n-oibleagáidí sa Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha a bhféadfaidh cur chun feidhme teicneolaíoch a bheith ag teastáil dóibh. |
||||||||||||||
10 |
Conarthaí cliste |
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí), COM(2022) 68 final |
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt lena gcomhlíontar ceanglais riachtanacha áirithe maidir le conarthaí cliste, mar a leagtar amach san Ionstraim um Shonraí atá ar na bacáin. |
Is é an phríomhaidhm a áirithiú go mbeidh na conarthaí cliste a úsáidtear le haghaidh comhroinnt sonraí iontaofa agus idir-inoibritheach, ionas gur féidir iad a úsáid chun tacú le malartú agus comhthiomsú sonraí. Sa bhreis air sin, éascóidh na caighdeáin sin soláthar tráchtála agus réamhthráchtála feidhmchlár teicneolaíochta mórleabhar digiteach blocshlabhra. |
||||||||||||||
11 |
Soláthar poiblí |
Treoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le saolré an ríomhsholáthair ó cheann go ceann, chun an idir-inoibritheacht idir formáidí nó próisis theicniúla éagsúla agus cur teachtaireachtaí a áirithiú nó a fheabhsú. |
Is é is aidhm don ghníomhaíocht deireadh a chur le bacainní ar idir-inoibritheacht an ríomhsholáthair, ní amháin laistigh de gach Ballstát ach idir na Ballstáit go háirithe. |
||||||||||||||
12 |
Sonraí a chomhroinnt |
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí), COM(2022) 68 final |
Caighdeáin, sonraíochtaí agus treoirlínte a fhorbairt le haghaidh idir-inoibritheacht sonraí agus comhroinnt sonraí i gcomhréir le cuspóirí na hIonstraime um Shonraí, lena sonraítear sonraíochtaí fíor-riachtanacha le haghaidh idir-inoibritheachta, agus leis an gcaibidil maidir le geilleagar na sonraí sa phlean rollach le haghaidh chaighdeánú TFC. Ba cheart an sruth oibre sin a bheith bunaithe ar an obair maidir le tosaíochtaí a thabhairt do chaighdeán a dhéanann an Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí, mar a shainítear sa Ghníomh um Rialachas Sonraí. Ba cheart breathnú, mar chuid de, ar an obair atá á déanamh chun na spásanna coiteanna sonraí Eorpacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear a spásanna sonraí earnála. |
Is é an príomhchuspóir a áirithiú go bhfeidhmíonn an idir-inoibritheacht maidir le gnéithe éagsúla na sonraí sa chaoi go mbeidh rochtain, comhroinnt agus cónascadh na sonraí rianúil. Is cuspóirí sonracha iad, i gcás nach féidir idir-inoibritheacht leormhaith a bhaint amach faoi na caighdeáin atá ann cheana, caighdeáin, sonraíochtaí agus treoirlínte a fhorbairt maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, cónascadh néal go himeall na n-ardán sonraí, seirbhísí próiseála sonraí agus spásanna sonraí. |
||||||||||||||
13 |
Seirbhís Eorpach ríomhbhailiúcháin dolaí |
Treoir (AE) 2019/520 maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras leictreonach dolaí bóthair agus lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi mhainneachtain dolaí a íoc san Aontas |
Nuashonrú ar na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana maidir le comhéadain leictreonacha lena n-úsáid ag soláthraithe sheirbhís dolaí leictreonacha na hEorpa agus ag muirearóirí dolaí, lena n-áireofar teicneolaíocht uathaitheanta uimhirphlátaí ar na teicneolaíochtaí a úsáidtear chun ríomh-idirbhearta dolaí a dhéanamh. |
Is é an príomhchuspóir idir-inoibritheacht láidir na gcóras leictreonach dolaí bóthair a áirithiú le haghaidh úsáideoirí ar fud an Aontais mar aon le hiomaíocht chomhionann idir na hoibritheoirí eacnamaíocha ábhartha a bhíonn ag plé le muirearú bóithre agus le dolaí leictreonacha, go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide. |
||||||||||||||
14 |
Sábháilteacht na dteaschaidéal |
Treoir 2014/35/AE maidir le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais |
Forbairt caighdeán Eorpach lena gcuirfear feabhas ar shábháilteacht na dteaschaidéal bunaithe ar an eagrán is déanaí a foilsíodh de chaighdeán idirnáisiúnta IEC 60335-2-40. |
Is é is aidhm don ghníomhaíocht dlús a chur le foilsiú caighdeáin chomhchuibhithe nuashonraithe maidir le húsáid shábháilte na dteaschaidéal i raon feidhme Threoir 2014/35/AE chun úsáid mhéadaithe na dteaschaidéal a chur chun cinn. |
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn leis an aistriú glas a fhorbairt agus a athbhreithniú
Tagairt |
Teideal |
Tagairt |
Caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
||||||||||
15 |
Caighdeáin cháilíochta le haghaidh bithmheatáin |
COM(2022) 230 - Plean REPowerEU , SWD(2022) 230 - Implementing the REPowerEU action plan: Investment needs, hydrogen accelerator and achieving the bio-methane targets [Plean gníomhaíochta REPowerEU a chur chun feidhme: Riachtanais infheistíochta, luasaire hidrigine agus na spriocanna bithmheatáin a bhaint amach] COM(2021) 804 final - Proposal for a Regulation on the internal markets for renewable and natural gases and for hydrogen [Togra le haghaidh Rialachán maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus hidrigine] |
Na caighdeáin EN 16726 agus EN 16723 a athbhreithniú chun a áirithiú nach gcruthóidh difríochtaí idir na Ballstáit maidir le lamháltas ocsaigine bacainn ar trádáil thrasteorann bithmheatáin ná ar shreabha trasteorann de. Ba cheart go mbeadh sé fós de shaoirse ag córais tarchuir fhogasacha comhaontú faoi leibhéil cion ocsaigine is airde le haghaidh pointí idirnaisc trasteorann. |
Trádáil trasteorann bithmheatáin a éascú, ós rud é go mbeidh an cion bithmheatáin i líonraí gáis ag méadú go mór sna blianta beaga atá romhainn, go háirithe i dtíortha beaga ina bhfuil cion ard ag an táirgeacht intíre cheana féin sna líonraí gáis nádúrtha nó ina mbeidh cion ard aici iontu faoi 2030. Tacú le tomhaltas toirteanna bithmheatáin méadaitheacha agus Ballstáit an Aontais ag saothrú an chuspóra go dtáirgfear 35 bhilliún méadar ciúbach de bhithmheatán go hintíre faoi 2030, mar a mholtar sa Teachtaireacht maidir le REPowerEU (COM (2022) 108 final) agus sa phlean gníomhaíochta REPowerEU (COM(2022) 230 final). |
||||||||||
16 |
Éicidhearthóireacht i ndáil le caidéil uisce |
Rialachán (AE) Uimh. 547/2012 ón gCoimisiún maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh caidéil uisce |
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta le haghaidh caidéil uisce. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh na gcaidéal uisce a laghdú, agus cur chuige táirgí leathnaithe á mheas, agus d’fhéadfaí gnéithe eile e.g. gnéithe a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach a fhiosrú. |
||||||||||
17 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí |
Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí tí Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh miasniteoirí tí |
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta agus lipéadaithe le haghaidh miasniteoirí tí. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh na miasniteoirí tí a laghdú agus a n-éifeachtúlacht acmhainne a fheabhsú. |
||||||||||
18 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin tráchtála |
Rialachán (AE) 2015/1095 ón gCoimisiún maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh caibinéid chuisniúcháin stórála tráchtála, caibinéid roisreo, aonaid chomhdhlúthúcháin agus fuarthóirí próisis Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1094 ón gCoimisiún maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh caibinéid chuisniúcháin stórála tráchtála |
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta agus lipéadaithe le haghaidh fearais chuisniúcháin tráchtála. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh na bhfearas cuisniúcháin tráchtála a laghdú. |
||||||||||
19 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh aonaid aerála |
Rialachán (AE) Uimh. 1253/2014 ón gCoimisiún maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh aonaid aerála Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1254/2014 ón gCoimisiún maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh aonaid aerála |
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta agus lipéadaithe le haghaidh aonaid aerála. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh na n-aonad aerála a laghdú. |
||||||||||
20 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí |
Rialachán (AE) 2019/2023 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2014 ón gCoimisiún maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí |
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta agus lipéadaithe le haghaidh meaisíní níocháin tí agus meaisíní niteoir-triomadóir tí. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh na meaisíní níocháin tí agus na meaisíní niteoir-triomadóir tí a laghdú agus a n-éifeachtúlacht acmhainne a fheabhsú. |
||||||||||
21 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - ríomhairí |
Rialachán (AE) Uimh. 617/2013 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh ríomhairí agus freastalaithe ríomhairí |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le ríomhairí agus freastalaithe agus caighdeáin nua a fhorbairt, trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirtear san áireamh úrscothacht a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Ídiú fuinnimh ríomhairí agus freastalaithe ríomhairí a laghdú. |
||||||||||
22 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - fearais chócaireachta |
Rialachán (AE) Uimh. 66/2014 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2014 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh oighinn bhaile, iartaí agus cochaill sorn |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le fearais chócaireachta agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
Ídiú fuinnimh na bhfearas cócaireachta a laghdú. |
||||||||||
23 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh - taispeáintí leictreonacha |
Rialachán (AE) 2019/2021 ón gCoimisiún lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh taispeáintí leictreonacha lena bhforlíontar Rialachán (AE)2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh taispeáintí leictreonacha |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le taispeáintí leictreonacha a chumhdaíonn feidhm ionchódaithe ardraoin dhinimiciúil (HDR) agus leibhéil taifigh os cionn 4k (nó HD), agus caighdeáin nua a fhorbairt, lena leagtar síos modh sonrach tástála maidir le hiompraíocht ABC, agus lena n-oiriúnaítear modhanna fíoraithe maidir le hábhar breiseán plaisteach. |
Ídiú fuinnimh na dtaispeáintí leictreonacha a laghdú (teilifíseáin, monatóirí), lena gcumhdaítear HDR agus leibhéil taifigh os cionn 4k (nó HD), trí mhodh sonrach tástála a leagan síos maidir le ABC agus trí mhodhanna fíoraithe a chur in oiriúint d’ábhar breiseán plaisteach. |
||||||||||
24 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais |
Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le foinsí solais agus gléasanna rialaithe ar leithligh de bhun Threoir 2009/125/CE agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2015 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh foinsí solais |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana agus caighdeáin nua a fhorbairt lena gcumhdaítear nósanna imeachta agus modhanna chun na paraiméadair is gá a thomhas maidir leis na nithe seo a leanas:
|
Ídiú fuinnimh foinsí solais a laghdú, lena mbainfear amach thart ar 41.9 TWh de choigilteas fuinnimh deiridh bliantúil in 2030. |
||||||||||
25 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla |
Rialachán (AE) Uimh. 2015/1188 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla agus, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1186 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí spáis áitiúla agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
Ídiú fuinnimh na dtéitheoirí spáis áitiúla a laghdú agus an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a theorannú a thuilleadh. |
||||||||||
26 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla |
Rialachán (AE) 2015/1185 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
Ídiú fuinnimh na dtéitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh a laghdú agus an tionchar atá acu ar an gcomhshaol a theorannú a thuilleadh. |
||||||||||
27 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais) |
Rialachán PLAN/2020/7002 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais) agus Rialachán Tarmligthe PLAN/2020/7007 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais) |
Caighdeáin nua a fhorbairt maidir le táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais), chun tacú le tomhas agus ríomh na bparaiméadar táirgí ábhartha – trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirtear san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Na tionchair a bhíonn ag táirgí fótavoltacha (modúil, inbhéartóirí agus córais) ar an gcomhshaol a laghdú. |
||||||||||
28 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin |
Rialachán (AE) 2019/2019 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 643/2009 ón gCoimisiún |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le fearais chuisniúcháin agus caighdeáin nua a fhorbairt, chun tacú le paraiméadair táirgí ábhartha a thomhas trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Ídiú fuinnimh fearas cuisniúcháin a laghdú, lena mbainfear amach thart ar 10 TWh de choigilteas fuinnimh deiridh bliantúil in 2030. |
||||||||||
29 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu |
Rialachán (AE) 2019/2024 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu de bhun Threoir 2009/125/CE agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2018 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le fearais chuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu, agus caighdeáin nua a fhorbairt, lena gcumhdaítear modhanna agus ríomhanna chun na paraiméadair riachtanacha a thomhas. |
Ídiú fuinnimh fearas cuisniúcháin a bhfuil feidhm díolacháin dhírigh acu a laghdú, lena mbainfear amach thart ar 48 TWh de choigilteas fuinnimh deiridh bliantúil in 2030. |
||||||||||
30 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh fóin chliste agus táibléad |
Rialachán PLAN/2020/9213 ón gCoimisiún lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh fóin chliste agus táibléad agus Rialachán Tarmligthe PLAN/2020/9217 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lipéadú fuinnimh le haghaidh fóin chliste agus táibléad |
Caighdeáin nua a fhorbairt maidir le fóin chliste agus táibléid, chun tacú le tomhas agus ríomh na bparaiméadar táirgí ábhartha trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Na tionchair a bhíonn ag fóin chliste agus táibléid ar an gcomhshaol a laghdú. |
||||||||||
31 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh coirí breosla sholadaigh |
Rialachán (AE) Uimh. 2015/1189 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh coirí breosla sholadaigh Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1187 ón gCoimisiún maidir le lipéadú fuinnimhle haghaidh coirí breosla sholadaigh agus pacáistí coire breosla sholadaigh, téitheoirí forlíontacha, rialuithe teochta agus grianfheistí |
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta agus lipéadaithe le haghaidh coirí breosla sholadaigh. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh na gcoirí breosla sholadaigh a laghdú. |
||||||||||
32 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis |
Rialachán (AE) Uimh. 813/2013 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 ón gCoimisiún maidir le lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí spáis, comhthéitheoirí, pacáistí téitheora spáis, feiste rialaithe teochta agus grianfheiste agus pacáistí comhthéitheora, rialaithe teochta agus grianfheiste. |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí agus caighdeáin nua a fhorbairt, chun tacú le paraiméadair táirgí ábhartha a thomhas trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Ídiú fuinnimh, leibhéal cumhachta na fuaime agus ceanglais astaíochtaí ocsaídí nítrigine a chaighdeánú le haghaidh téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí ar fud an Aontais. Ba cheart go gcuideodh sé sin le feabhas a chur ar oibriú an mhargaidh aonair agus ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí sin. |
||||||||||
33 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh triomadóirí rothlaim |
Rialachán (AE) Uimh. 932/2012 ón gCoimisiún maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh triomadóirí rothlaim |
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta agus lipéadaithe le haghaidh triomadóirí rothlaim. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh na dtriomadóirí rothlaim a laghdú. |
||||||||||
34 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh folúsghlantóirí |
Rialachán (AE) Uimh. 666/2013 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh folúsghlantóirí |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le folúsghlantóirí agus caighdeáin nua a fhorbairt, chun tacú le paraiméadair táirgí ábhartha a thomhas trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Ídiú fuinnimh folúsghlantóirí le linn a gcéim úsáide a laghdú. |
||||||||||
35 |
Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí uisce |
Rialachán (AE) Uimh. 814/2013 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2013 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh téitheoirí uisce agus umair stórála uisce the arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2282 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2016 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2010/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le lipéadú fuinnimh le haghaidh téitheoirí uisce, umair stórála uisce the agus pacáistí téitheora uisce agus grianfheiste. |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le téitheoirí uisce agus umair stórála uisce the agus caighdeáin nua a fhorbairt, chun tacú le paraiméadair táirgí ábhartha a thomhas trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Ídiú fuinnimh, leibhéal cumhachta na fuaime agus sonraíochtaí astaíochtaí ocsaídí nítrigine na dtéitheoirí uisce agus sonraíochtaí maidir le caillteanais sheasta a n-umar stórála uisce the a chaighdeánú ar fud an Aontais. Ba cheart go gcuideodh sé sin le feabhas a chur ar oibriú an mhargaidh aonair agus ar fheidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí sin. |
||||||||||
36 |
Dearadh éicidhearthóireachta na gclaochladán cumhachta beag, meánach agus mór |
Rialachán (AE) 2019/1783 ón gCoimisiún maidir le claochladáin chumhachta bheaga, mheánacha agus mhóra |
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le modhanna tomhais agus ríomha na sonraíochtaí éicidhearthóireachta le haghaidh claochladáin chumhachta bheaga, mheánacha agus mhóra. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh na gclaochladán a laghdú. |
||||||||||
37 |
Éicidhearthóireacht teaschaidéal agus aerchóiritheoirí aer go haer |
Rialachán (AE) Uimh. 206/2012 ón gCoimisiún an 6 Márta 2012 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh aerchóiritheoirí agus gaothráin chompoird arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2282 ón gCoimisiún |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le teaschaidéal agus aerchóiritheoirí aer go haer, agus caighdeáin nua a fhorbairt, trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe lena gcuirfí úrscothacht a bhfuil glacadh ginearálta leo san áireamh. |
Ídiú fuinnimh na dteaschaidéal agus na n-aerchóiritheoirí aer go haer a laghdú le linn a gcéime úsáide, chomh maith lena leibhéal cumhachta fuaime. |
||||||||||
38 |
Éicidhearthóireacht mótar leictreach |
Rialachán (AE) 2019/1781 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 641/2009 i dtaca le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hathfhillteoirí leithleacha gan dlúthaire agus athfhillteoirí leithleacha a comhtháthaíodh i dtáirgí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 640/2009 ón gCoimisiún |
Na caighdeáin atá ann cheana a athbhreithniú agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
|
Modhanna tástála a bheidh in-athdhéanta, in-atáirgthe, cost-éifeachtach agus ábhartha le haghaidh cleachtais a sholáthar chun ídiú fuinnimh na mótar leictreach a thomhas d’fhonn a ráta caillteanais fuinnimh a laghdú sa chaoi go gcuirfear le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh. |
||||||||||
39 |
Éicidhearthóireacht an trealaimh tí agus oifige leictrigh agus leictreonaigh |
Dréacht-togra le haghaidh Rialachán ón gCoimisiún (AE).../... lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hídiú fuinnimh an mhóid mhúchta, an mhóid fuireachais agus an mhóid fuireachais líonra trealaimh tí agus oifige leictrigh agus trealaimh tí agus oifige leictreonaigh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 ón gCoimisiún – PLAN/2016/444 |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le trealamh tí agus oifige leictreach agus leictreonach agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
Ídiú fuinnimh an trealaimh tí agus oifige leictrigh agus leictreonaigh a laghdú le linn don mhód fuireachais, don mhód múchta agus don fhuireachais líonra a bheith i bhfeidhm. |
||||||||||
40 |
Éicidhearthóireacht na soláthairtí seachtracha cumhachta |
Rialachán (AE) 2019/1782 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le soláthairtí seachtracha cumhachta de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 278/2009 ón gCoimisiún |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le soláthairtí seachtracha cumhachta agus caighdeáin nua a fhorbairt, chun tacú le paraiméadair táirgí ábhartha a thomhas trí mhodhanna tomhais iontaofa, cruinne agus in-atáirgthe, lena gcuirfí san áireamh na modhanna tomhais úrscothacha a bhfuil glacadh ginearálta leo. |
Is é an príomhchuspóir ídiú fuinnimh soláthairtí seachtracha cumhachta a chaighdeánú, agus ar an gcaoi sin cur le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh. |
||||||||||
41 |
Éicidhearthóireacht na ngaothrán tionsclaíoch |
Rialachán (AE) Uimh. 327/2011 ón gCoimisiún an 30 Márta 2011 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh gaothráin mhótarthiomáinte ag a bhfuil cumhacht ionchuir leictrigh idir 125 W agus 500 kW |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana agus caighdeáin nua a fhorbairt chun cur chuige táirgí leathnaithe a chumasú, go háirithe trí líon leordhóthanach pointí oibriúcháin a shainaithint mar aon le modh idirshuímh/ríomha agus/nó cuar saintréithe. Modhanna tomhais díreacha a chomhlánú le modhanna iomchuí ríomha/idirshuímh agus a mbailíocht a chainníochtú. Modhanna maidir le gaothráin imshruthaithe agus gaothráin mhóra chompoird agus gaothráin mhóra a bhunú e.g. trí eachtarshuíomh ó shamhlacha scálaithe. |
Modhanna tástála a bheidh in-athdhéanta, in-atáirgthe, cost-éifeachtach agus ábhartha le haghaidh cleachtais a sholáthar chun ídiú fuinnimh na ngaothrán tionsclaíoch a thomhas d’fhonn a ráta caillteanais fuinnimh a laghdú sa chaoi go gcuirfear le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh. |
||||||||||
42 |
Éicidhearthóireacht tiomántán luais inathraithe |
Rialachán (AE) 2019/1781 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta maidir le mótair leictreacha agus tiomántáin luais inathraithe de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 641/2009 i dtaca le ceanglais éicidhearthóireachta maidir le hathfhillteoirí leithleacha gan dlúthaire agus athfhillteoirí leithleacha a comhtháthaíodh i dtáirgí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 640/2009 ón gCoimisiún |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana mar aon leis an méid seo a leanas:
|
Modhanna tástála a bheidh in-athdhéanta, in-atáirgthe, cost-éifeachtach agus ábhartha le haghaidh cleachtais a sholáthar chun ídiú fuinnimh / caillteanais fuinnimh na dtiomántán luais inathraithe a thomhas d’fhonn a ráta caillteanais fuinnimh a laghdú sa chaoi go gcuirfear le feidhmiú an mhargaidh aonair agus le coigilteas fuinnimh. |
||||||||||
43 |
Aistrithe carbóin i dtáirgí foirgníochta |
COM(2021) 572 final - New EU Forest Strategy for 2030 [Straitéis Foraoise Nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030] COM(2021) 800 final - Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe |
Creat caighdeánaithe maidir le measúnú dinimiciúil saolré a fhorbairt chun cuntas níos cruinne a dhéanamh d’aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil carbóin i dtáirgí foirgníochta. |
Is é an príomhchuspóir an dul chun cinn a rinneadh i measúnú dinimiciúil saolré a chur san áireamh chun cuntas níos fearr a dhéanamh do stóráil carbóin i gcaighdeáin maidir le táirgí foirgníochta, go príomha nuair a bhíonn tosca tréithrithe am-spleácha á n-úsáid, ar tosca iad a chuirtear i bhfeidhm maidir le fardal dinimiciúil saolré. |
||||||||||
44 |
Athléimneacht aeráide an bhonneagair |
COM(2021)82 Forging a climate-resilient Europe - the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide] - pointe 2.3.2 |
Athbhreithniú a dhéanamh de réir eolas úrscothach ar réimse níos leithne caighdeán maidir le sócmhainní (lena n-áirítear sócmhainní nach mbaineann le bonneagar), ar sócmhainní iad atá leochaileach do thionchair aeráide, d’fhonn a n-athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú. |
Athléimneacht an stoic bhonneagair atá ann cheana agus mórthionscadail bhonneagair nua in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú. |
||||||||||
45 |
Táirgí foirgníochta |
Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú COM(2020) 662 A Renovation Wave for Europe - greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta athchóirithe don Eoraip: Glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le modhanna agus critéir mheasúnaithe le haghaidh táirgí foirgníochta, go háirithe na modhanna agus critéir sin a thacaíonn le hathchóiriú na bhfoirgneamh agus atá le húsáid mar shonraíochtaí teicniúla caighdeánaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 305/2011. |
A áirithiú go bhfeidhmíonn an margadh aonair le haghaidh táirgí foirgníochta go rianúil agus go ndéantar ár bhfoirgnimh a ghlasú. |
||||||||||
46 |
Inbhuanaitheacht na dtáirgí foirgníochta ó thaobh an chomhshaoil de |
Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le feidhmíocht táirgí foirgníochta ó thaobh an chomhshaoil de a mheasúnú agus a dhearbhú, lena n-áirítear rialacha sonracha maidir le catagóirí táirgí is infheidhme ar thacair áirithe táirgí gaolmhara. |
Is é an príomhchuspóir na rialacha Eorpacha a chomhchuibhiú maidir le feidhmíocht chomhshaoil na dtáirgí foirgníochta a mheasúnú agus a dhearbhú ar an leibhéal Eorpach, bacainní ar an trádáil sa réimse sin a bhaint agus a chosc, agus faisnéis iontaofa a sholáthar le haghaidh measúnuithe ar fhoirgnimh agus ar oibreacha foirgníochta eile, go háirithe measúnuithe saolré foirgneamh lena n-áirítear a n-acmhainneacht téite domhanda. |
||||||||||
47 |
Bonneagar athluchtaithe leictrigh |
COM(2021) 559 final - Togra le haghaidh Rialachán maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla |
Caighdeáin Eorpacha le haghaidh stáisiúin athluchtaithe a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag úsáideoirí faoi mhíchumas orthu. |
Is é is príomhchuspóir do na caighdeáin an idir-inoibritheacht a mhéadú agus an inrochtaineacht a éascú do dhaoine faoi mhíchumas. |
||||||||||
48 |
Luchtú gan sreang le haghaidh fóin phóca agus trealamh raidió atá cosúil leo |
Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt nó a nuashonrú chun an idir-inoibritheacht agus an éifeachtúlacht a áirithiú idir trealamh raidió suas le 240W agus “luchtairí gan sreang”:
|
Is é an príomhchuspóir réiteach coiteann comhchuibhithe luchtaithe “gan sreang” a thabhairt isteach chun tuilleadh feabhais a chur ar an áisiúlacht le haghaidh an tomhaltóra agus ar na tairbhí comhshaoil a eascraíonn as réitigh luchtaithe chomhchuibhithe. |
||||||||||
49 |
Ceallraí agus ceallraí dramhaíola |
COM (2020) 798 final - Togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola |
Caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a fhorbairt maidir le:
|
Is é an príomhchuspóir ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil a áirithiú le haghaidh ceallraí ar fud an Aontais agus sábháilteacht na gcóras stórála fuinnimh i gceallraí suite a áirithiú, sa chaoi go gcuirfear le saorghluaiseacht na gceallraí san Aontas. |
||||||||||
50 |
Substaintí guaiseacha i dtrealamh leictreach agus leictreonach |
Treoir 2011/65/AE maidir le srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach |
Caighdeán EN IEC 63000:2018 a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt lena dtacófar le srianadh ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach. |
Is é príomhchuspóir na gníomhaíochta réitigh theicniúla chomhchuibhithe a bhunú idir na Ballstáit maidir le srianadh ar shubstaintí guaiseacha a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach. |
||||||||||
51 |
Athchúrsáil agus athúsáid ábhar i bhfeithiclí a bhfuil a ré caite |
PLAN/2020/8644 Feithiclí a bhfuil a ré caite – athbhreithniú ar rialacha an Aontais |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt lena bhfeabhsófar na próisis le haghaidh dhearadh ciorclach, tháirgeadh, athúsáid agus athchúrsáil na bhfeithiclí agus a gcomhpháirteanna. Áireofar ar na caighdeáin sin feabhas a chur ar an dearadh le haghaidh páirteanna plaisteacha a athchúrsáil, chomh maith le cóireáil feithiclí a bhfuil a ré caite chun aisghabháil na n-amhábhar criticiúil a mhéadú agus cáilíocht na gconamar cruach agus alúmanaim a fheabhsú, chomh maith le modhanna ríomha agus tomhais maidir le cáilíocht na n-ábhar gluaisteán sórtáilte, athchúrsáilte agus aisghafa. |
Is é is aidhm don ghníomhaíocht athchúrsáil agus athúsáid na n-ábhar a fheabhsú agus giniúint na dramhaíola ó fheithiclí a bhfuil a ré caite a laghdú. |
||||||||||
52 |
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – modhanna tomhais chun faireachán a dhéanamh ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach |
Airteagal 4(1), Airteagal (8) agus Airteagal (13) de Threoir 2004/107/CE maidir le harsanaic, caidmiam, mearcair, nicil agus hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach, agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi |
Caighdeáin a fhorbairt chun tiúchan na hidreacarbón il-timthriallach aramatach san aer comhthimpeallach a thomhas. |
A áirithiú go bhfuil an anailís ar hidreacarbóin il-timthriallacha aramatacha san aer comhthimpeallach beacht, iontaofa agus inchomparáide go leordhóthanach ar fud an Aontais. |
||||||||||
53 |
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – measúnuithe bunaithe ar shamhaltú |
Airteagail 6, 7, 9 agus 10 de Threoir 2008/50/CE maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine le haghaidh na hEorpa, agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi |
Caighdeáin a fhorbairt lena n-áiritheofar go mbeidh measúnuithe bunaithe ar shamhaltú ar cháilíocht an aeir oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide, agus go mbeidh siad de cháilíocht leordhóthanach chun faisnéis iontaofa a ghiniúint maidir le tiúchan na dtruailleán aeir san aer comhthimpeallach. |
A áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a bhailítear maidir le truailliú aeir sách ionadaíoch agus inchomparáide ar fud an Aontais. |
||||||||||
54 |
Cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh – feidhmíocht na gcóras braiteoir-bhunaithe lena dtomhaistear truailliú aeir |
Airteagail 6, 7, 9 agus 10 de Threoir 2008/50/CE maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine le haghaidh na hEorpa, agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi |
Caighdeán bailíochtaithe tástála nó caighdeáin bhailíochtaithe tástála a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na gcóras braiteoir-bhunaithe lena dtomhaistear truailliú aeir. Leis an gcaighdeán, déanfar a mheas an gcomhlíonann na córais bhraiteoir-bhunaithe na cuspóirí cáilíochta sonraí atá i dTreoir 2008/50/CE. |
Measúnuithe ar cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh a fheabhsú trí mheastóireacht a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na córais bhraiteoir-bhunaithe na cuspóirí cáilíochta sonraí atá i dTreoir 2008/50/CE. Le caighdeán nó caighdeáin, beifear in ann úsáid níos forleithne a bhaint as an modh faireacháin sin agus measúnú feabhsaithe ar cháilíocht an aeir a dhéanamh. |
||||||||||
55 |
Astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh |
COM(2021) 805 final Togra le haghaidh Rialachán maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh |
Forbairt caighdeán nua Eorpach agus athbhreithniú ar na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana maidir le cainníochtú astaíochtaí meatáin in oibríochtaí ola, gáis agus guail lena n-áirítear sócmhainní atá neamhghníomhach, líonta, dúnta nó tréigthe. Forbairt caighdeán nua Eorpach agus athbhreithniú ar na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana maidir le suirbhéanna chun sceitheadh meatáin in oibríochtaí ola agus gáis a bhrath agus a dheisiú. Forbairt caighdeán nua Eorpach maidir le trealamh a sheachnaíonn an scaoileadh trína dhearadh. |
Is é an cuspóir tacú le hoibleagáidí ar oibreoirí fuinnimh astaíochtaí meatáin a thomhas agus a mhaolú ar bhealach inchomparáide ar fud an Aontais. Áiritheofar sa chaoi sin cothrom iomaíochta idir oibreoirí, rochtain ar fhaisnéis inchomparáide agus leibhéal éifeachtúlachta comhchuibhithe maidir le hastaíochtaí meatáin a laghdú. |
||||||||||
56 |
Ábhair a bhíonn i dteagmháil le huisce óil |
Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le modhanna anailíseacha chun substaintí a bhíonn ag aistriú ó ábhair a chinneadh agus maidir le modhanna chun ábhair deiridh a thagann i dteagmháil le huisce óil a thástáil. |
Cáilíocht an uisce óil agus an tsláinte phoiblí a chosaint. Na hábhair a thagann i dteagmháil le huisce óil, is féidir tionchar a bheith acu ar cháilíocht an uisce sin (e.g. trí láisteadh substaintí). Ní mór modhanna anailíse agus tástála a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh na hábhair deiridh a thagann i dteagmháil le huisce óil sábháilte. |
||||||||||
57 |
Cóireáil fuíolluisce |
Treoir ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh |
Caighdeán reatha EN 12566 a athbhreithniú: Córais bheaga cóireála fuíolluisce le haghaidh suas le daonra iomlán 50 duine i seacht gcuid. |
Cosaint an chomhshaoil a fheabhsú agus rioscaí sláinte a laghdú. |
||||||||||
58 |
Micreaphlaistigh |
PLAN/2020/8355 Measures aiming to reduce the presence in the environment of unintentionally released microplastics from tyres, textiles and plastic pellets [Bearta chun láithreacht micreaphlaisteach a scaoiltear go neamhbheartaithe ó bhoinn, ó theicstílí agus ó mhillíní plaisteacha a laghdú sa chomhshaol] |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt a thacaíonn le bearta chun dul i ngleic le truailliú ó mhicreaphlaistigh (cáithníní plaisteacha ar lú ná 5 mm a dtrastomhas), glantaigh, péinteanna agus substaintí a scaoiltear go neamhbheartaithe sa chomhshaol (ó bhoinn agus teicstílí sintéiseacha, mar shampla). |
Is é is aidhm don ghníomhaíocht scaoileadh micreaphlaisteach sa chomhshaol a laghdú agus, dá réir sin, an truailliú ar an gcomhshaol agus rioscaí féideartha ar shláinte an duine a ísliú. |
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn leis an aistriú digiteach a fhorbairt agus a athbhreithniú
Tagairt |
Teideal |
Tagairt |
Caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
||||||||
59 |
Córais intleachta saorga atá sábháilte agus iontaofa |
Togra le haghaidh Rialachán lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an Intleacht Shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais COM(2021) 206 final |
Rialacha a leagan síos maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, iad a chur i seirbhís agus a úsáid san Aontas, lena dtugtar aghaidh ar cheanglais a bhaineann lena sábháilteacht agus lena n-iontaofacht, lena n-áirítear bainistiú riosca, cáilíocht sonraí, trédhearcacht, formhaoirseacht dhaonna, cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil. |
A áirithiú go bhféadfaidh córais intleachta saorga a bheith sábháilte agus iontaofa, go ndéanfar faireachán iomchuí orthu feadh a saolré, go n-urramófar na luachanna bunúsacha agus cearta an duine a aithnítear san Aontas agus go neartófar iomaíochas na hEorpa leo. |
||||||||
60 |
Fíorú aoise ar líne |
COM(2022) 212 final - Cumhachtú digiteach: (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne) (BIK+) COM(2021) 281 final - Togra le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt maidir le dearbhú aoise / fíorú aoise ar líne, faoi chuimsiú an togra le haghaidh togra maidir le creat céannachta Eorpach (eID). |
Is é an príomhchuspóir sábháilteacht na leanaí ar líne a fheabhsú trí fhíorú aoise a bheidh slán, deimhnithe agus idir-inoibritheach (córais chun seirbhísí ar líne a rochtain ar fud an Aontais). Is é an aidhm an mhuinín agus an iontaoibh as sásraí fíoraithe aoise a chothú agus, go háirithe, an riosca a íoslaghdú go ndéanfaidh leanaí ar ábhar atá míchuí ó thaobh aoise de a rochtain. |
||||||||
61 |
Idirlíon na rudaí nithiúla |
COM(2020) 66 final - Straitéis Eorpach maidir le sonraí |
Táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais na himeall-ríomhaireachta agus na ríomhaireachta saithe. |
Is é an aidhm idir-inoibritheacht idirlíon na rudaí nithiúla a fheabhsú sa pharaidím nua imeall-néal agus sna coincheapa atá ag teacht chun cinn amhail ríomhaireacht saithe braislí feistí, agus bealach coiteann a chur ar fáil chun sonraí agus aipeanna a rochtain mar aon le malartuithe próisis ó fheiste go feiste. |
||||||||
62 |
Bonneagar seirbhísí blocshlabhra |
COM(2018) 109 final -FinTech Action plan: For a more competitive and innovative European financial sector [Plean Gníomhaíochta FinTech: Le haghaidh earnáil airgeadais Eorpach atá níos iomaíche agus níos nuálaí] Togra le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí – COM(2021) 281 final |
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt a thacóidh le cur chun úsáide seirbhísí digiteacha trasteorann san earnáil phoiblí trí bhonneagar coiteann Eorpach le haghaidh seirbhísí blocshlabhra, bonneagar ag a mbeidh samhail rialachais chomhroinnte. |
Is é an príomhchuspóir feabhas a chur ar an mbonneagar trasteorann agus ar na croísheirbhísí don bhlocshlabhra Eorpach lena gcuirtear chun cinn seirbhísí poiblí chun dintiúir infhíoraithe a mhalartú i gcásanna úsáide na gcreidiúnuithe oideachasúla agus na ndeimhnithe digiteacha slándála sóisialta. |
||||||||
63 |
MÓRLEABHAIR LEICTREONACHA |
Togra le haghaidh Rialachán maidir le creat a bhunú le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach (COM(2021) 281 final) |
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt maidir le próisis forghníomhaithe agus cláraithe tacair sonraí agus maidir le cruthú mórleabhair leictreonaigh cháilithe trína bhféadfar dintiúir chéannachta i bhfoirm leictreonach, amhail deimhnithe leighis, doiciméid slándála sóisialta nó acadúla nó fianuithe maidir le cáilíochtaí gairmiúla, a aithint thar theorainneacha. |
Is é an príomhchuspóir a áirithiú go gcáileofar na mórleabhair leictreonacha i gcomhréir leis an reachtaíocht. Tacóidh na caighdeáin le sonraíochtaí a leagan síos maidir le soláthar seirbhísí agus breithnithe teicniúla agus oibríochtúla le haghaidh oibreoirí nód agus áiritheofar sa chaoi sin go mbeidh muinín ann go dtugann na mórleabhair leictreonacha cháilithe smacht do shaoránaigh Eorpacha ar a sonraí príobháideacha. |
||||||||
64 |
Cúplaí digiteacha áitiúla le haghaidh pobail chliste |
Treoir 2007/2/CE lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) |
Caighdeáin nua de chuid an Aontais a fhorbairt lena bhforbrófar cumais a bheidh íosta agus leordhóthanach araon chun sonraí a chomhroinnt, a úsáid agus a athúsáid thar chórais, lena dtabharfar aghaidh ar dhúshláin chriticiúla a aimsítear nuair a bhunaítear éiceachóras sonraí áitiúil, lena n-úsáidfear samhlacha sonraí cothrománacha agus creataí ailtireachta éagsúla:
|
Is é an príomhchuspóir comhaontú coiteann um idir-inoibritheacht a áirithiú le haghaidh na spásanna sonraí a úsáidtear i gcathracha cliste an Aontais agus in éiceachóras an phobail. |
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn le hathléimneacht an tionscail Eorpaigh a fhorbairt agus a athbhreithniú
Tagairt |
Teideal |
Tagairt |
Caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
||||
65 |
Teicnící monaraithe shuimithigh |
COM(2020) 98 final A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua um an nGeilleagar Ciorclach le go mbeidh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche] |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt a thacóidh leis an monarú suimitheach, lena n-áirítear priontáil 3D/4D agus lena gcumhdófar córais mhonaraithe a bheidh bunaithe ar mhiotail, ar pholaiméir, ar ábhair cheirmeacha, ar ábhair bhitheolaíocha agus ar ábhair eile. |
Is é is aidhm don ghníomhaíocht cur leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus le hiomaíochas earraí nua il-ábhar agus ábhar agus táirgí ilfheidhmeacha nua le haghaidh feidhmeanna éagsúla, lena n-áirítear feidhmeanna bithleighis, sa mhonarú suimitheach. |
||||
66 |
Amhábhair chriticiúla le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha |
Togra le haghaidh Rialachán maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/1020 COM(2020) 798 final |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt le haghaidh mhianadóireacht, scagadh, próiseáil agus athchúrsáil na mianraí agus na n-ábhar a úsáidtear chun ceallraí a tháirgeadh. |
Is é an aidhm slabhra luacha na mianraí agus na n-ábhar a úsáidtear chun ceallraí a tháirgeadh a oiriúnú do chleachtais foinsithe inbhuanaithe agus tacú le feidhmiú éifeachtúil na margaí athchúrsála chun infhaighteacht amhábhar tánaisteach deacháilíochta a mhéadú. |
||||
67 |
Ábhair ionchuir aon úsáide is gá chun vacsaíní COVID-19 a tháirgeadh |
COM(2021)35 final - A united front to beat COVID-19 [Ag seasamh gualainn ar ghualainn chun COVID-19 a chloí] |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le hearraí aon úsáide a bhfuil gá leo chun vacsaíní agus teiripí a tháirgeadh chun idir-inoibritheacht na bpríomh-chomhpháirteanna táirgthe a fheabhsú agus an riosca go gcuirfí isteach ar tháirgeadh i gcás ghanntanas na n-ábhar sin a íoslaghdú. |
Is é an príomhchuspóir a áirithiú go mbeidh méideanna leordhóthanacha de na hábhair is gá chun vacsaíní a tháirgeadh le fáil ag na suímh mhonaraíochta, agus idir-inoibritheacht comhpháirteanna áirithe a áirithiú. |
||||
68 |
Córais cumarsáide satailíte shlána |
COM(2022) 57 final, 2022/0039 (COD), Togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 |
Caighdeáin a fhorbairt lena dtacaítear le comhpháirteanna chlár spáis an Aontais a shaothrú agus a fhorbairt, lena n-áirítear, i measc nithe eile, caighdeáin Eorpacha le haghaidh seirbhísí cumarsáide satailíte. |
Tacú le bunú córais cumarsáide satailíte shláin de chuid an Aontais a sholáthróidh seirbhísí cumarsáide satailíte slána solúbtha athléimneacha ar fud an domhain don Aontas agus d’eintitis rialtais na mBallstát. |
||||
69 |
Bainistiú an spástráchta agus roghnú na sonraí spáis ar an margadh |
Rialachán (AE) 2021/696 lena mbunaítear Clár Spáis an Aontais Eorpaigh agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um an gClár Spáis |
Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt maidir le bainistiú an spástráchta. Caighdeáin Eorpacha a fhorbairt chun tacú le roghnú sonraí agus seirbhísí spáis arna soláthar ag clár spáis an Aontais (Galileo, EGNOS, Copernicus, SSA, GOVSATCOM) i measc úsáideoirí agus sa mhargadh. |
An méid seo a leanas:
|
Gníomhaíochtaí chun caighdeáin Eorpacha nó táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a thacaíonn leis an margadh inmheánach do tháirgí agus seirbhísí a fhorbairt agus a athbhreithniú
Tagairt |
Teideal |
Tagairt |
Caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
Cuspóirí agus beartais shonracha maidir le caighdeáin Eorpacha / táirgí Eorpacha caighdeánúcháin |
||||||||||||
70 |
Feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro |
Rialachán (AE) 2017/745 maidir le feistí leighis Rialachán (AE) 2017/746 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin Eorpacha atá ann cheana agus caighdeáin nua a fhorbairt maidir le dearadh agus monarú na nithe seo a leanas:
Beidh feidhm ag na caighdeáin maidir le dearadh agus monarú, bainistiú riosca agus na hoibleagáidí ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar urraitheoirí – lena n-áirítear na cinn a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
Feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair maidir le feistí leighis a áirithiú, trí ardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta a leagan síos le haghaidh feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro. Ba cheart go ndéileálfaí leis na gnáthcheisteanna sábháilteachta a mhéid a bhaineann leis na táirgí sin, agus ar an gcaoi sin ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta d’othair, d’úsáideoirí agus do dhaoine eile a áirithiú. |
||||||||||||
71 |
Sábháilteacht bréagán |
Treoir 2009/48/CE maidir le sábháilteacht bréagán |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach maidir le sábháilteacht bréagán agus maidir le ceimiceáin i mbréagáin. |
Aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta sa mhargadh bréagán a d’ardaigh saincheisteanna maidir le sábháilteacht agus a chruthaigh níos mó imní do thomhaltóirí. |
||||||||||||
72 |
Brú-threalamh |
Treoir 2014/68/AE an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh |
Athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ann cheana maidir le brú-threalamh nó cóimeálacha brú-threalaimh agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
Sábháilteacht a fheabhsú agus rochtain ar an margadh a éascú do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide. Fágfaidh sé sin go mbeidh cuideachtaí an Aontais níos iomaíche sa mhargadh domhanda. |
||||||||||||
73 |
Árthaí brú simplí |
Treoir 2014/29/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hárthaí brú simplí a chur ar fáil ar an margadh |
Na caighdeáin atá ann cheana sa tsraith EN 286 a athbhreithniú agus caighdeáin nua a fhorbairt. |
Sábháilteacht a fheabhsú agus rochtain ar an margadh a éascú do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide. Fágfaidh sé sin go mbeidh cuideachtaí an Aontais níos iomaíche sa mhargadh domhanda. |
||||||||||||
74 |
Táirgí innealra |
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí innealra, (COM(2021) 202 final) |
Caighdeáin Eorpacha maidir le táirgí innealra a fhorbairt nó a athbhreithniú chun na sonraíochtaí fíor-riachtanacha nua maidir le sábháilteacht agus sláinte sa Rialachán atá beartaithe a chumhdach. |
Is é an príomhchuspóir an tsláinte agus an tsábháilteacht a áirithiú trína áirithiú go gcoinnítear caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha ar bun, caighdeáin atá ar aon dul leis an úrscothacht aitheanta. Caighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a bheith ar fáil, is rud é a éascóidh an rochtain ar an margadh, go háirithe le haghaidh FBManna. Bainfidh úsáideoirí agus úinéirí táirgí innealra tairbhe as an bhfeabhas ar an tsábháilteacht agus is féidir go mbainfidh siad tairbhe as torthaí iarmhartacha amhail úsáid éifeachtúil an fhuinnimh agus rochtain níos éasca ar theicneolaíochtaí nuálacha. Bainfidh oibreoirí eacnamaíocha tairbhe as an deimhneacht dhlíthiúil. |
||||||||||||
75 |
Ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta in ardaitheoirí |
Treoir 2014/33/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí , Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 ón gCoimisiún agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1220 ón gCoimisiún |
Caighdeán nua Eorpacha a fhorbairt agus táirgí caighdeánúcháin atá an cheana a nuashonrú chun caighdeáin thráthúla úrscothacha a sholáthar. |
Ardleibhéal cosanta sláinte agus sábháilteachta agus, i gcás inarb iomchuí, sábháilteacht maoine, a áirithiú, agus iomaíocht chóir a ráthú ar mhargadh an Aontais. |
||||||||||||
76 |
Suiteálacha cábla-bhealaigh |
Rialachán (AE) 2016/424 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh |
Caighdeáin a fhorbairt nó a athbhreithniú chun sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a sholáthar maidir le
|
Feabhas a chur ar shábháilteacht suiteálacha cábla-bhealaigh. |
||||||||||||
77 |
Fearais gháis |
Rialachán (AE) 2016/426 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach i réimse na bhfearas a dhónn breoslaí gásacha. |
Sláinte agus sábháilteacht a áirithiú chomh maith le húsáid réasúnach fuinnimh (éifeachtúlacht fuinnimh) d’fhearais a dhónn breoslaí gásacha. |
||||||||||||
78 |
Sábháilteacht na dtáirgí tomhaltais |
Treoir 2001/95/CE maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí |
Caighdeáin Eorpacha maidir le sábháilteacht táirgí tomhaltais áirithe nach gcumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais (lena n-áirítear táirgí do leanaí nach bréagáin iad) a fhorbairt agus a nuashonrú. |
Ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a chur ar fáil trí shábháilteacht táirgí do leanaí agus táirgí tomhaltais eile nach gcumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a neartú, agus na forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha is déanaí agus sonraíochtaí na reachtaíochta á gcur san áireamh. |
||||||||||||
79 |
Bainistíocht bog-earraí uaslódáilte le haghaidh trealaimh raidió |
PLAN/2018/4283 Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún maidir le Cur i bhFeidhm Airteagal 3(3)(i) agus Airteagal 4 de Threoir 2014/53/AE i ndáil le córais raidió in-athchumraithe |
Caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt chun rialú na mbogearraí a uaslódáiltear go trealamh raidió a áirithiú ionas nach gcuirfear i mbaol na ceanglais fíor-riachtanacha a leagtar síos sa Treoir maidir le Trealamh Raidió. |
Is é is aidhm don ghníomhaíocht seo na sonraíochtaí sábháilteachta a choinneáil ar bun ar feadh shaolré an táirge chun athruithe a dhéanfadh difear do na sonraíochtaí sin trí nuashonrú bogearraí a sheachaint. Maille leis sin, cosnóidh an ghníomhaíocht seo sábháilteacht an úsáideora agus an speictream raidió ar thrasnaíocht dhíobhálach. |
||||||||||||
80 |
Trealamh atá ceaptha lena úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach |
Treoir 2014/34/AE maidir le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach i réimse an trealaimh atá ceaptha lena húsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach. |
An tsláinte agus an tsábháilteacht a áirithiú i dtaca le trealamh atá ceaptha lena úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach. |
||||||||||||
81 |
Trealamh cosanta pearsanta |
Rialachán (AE) 2016/425 maidir le trealamh cosanta pearsanta |
Caighdeáin nua Eorpacha a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach i réimse an trealaimh cosanta pearsanta. |
Is é an príomhchuspóir cosaint shláinte agus shábháilteacht na n-úsáideoirí agus saorghluaiseacht trealaimh cosanta pearsanta sa mhargadh inmheánach a áirithiú. Thairis sin, éascófar an rochtain ar an margadh, go háirithe le haghaidh FBManna, trí chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a bheith ar fáil. |
||||||||||||
82 |
Caighdeáin chomhchuibhithe a bheidh cuimsitheach agus a bheidh freagrúil ó thaobh inscne de |
Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh |
Na caighdeáin a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte a fhorbairt agus a athbhreithniú
Ba cheart tuilleadh toisí corpartha a chur san áireamh sna caighdeáin, i.e. ní an airde amháin ach cruth an dromlaigh agus chnámha an chromáin freisin. Ba cheart caighdeáin a fhorbairt chun difríochtaí inscne a chur san áireamh mar aon leis na difríochtaí a bhíonn ann go ginearálta idir dhaoine. |
Is é an príomhchuspóir go mbeifear ag dul i dtreo raonta a úsáid seachas meáin antrapaiméadracha, sa chaoi go mbeidh táirgí sábháilte le haghaidh gach aon duine cibé toisí corpartha atá aige. Bheadh sábháilteacht na dtáirgí níos cothroime de bhua a leithéid de chaighdeáin a fhorbairt, agus is amhlaidh a chuirfí Dearbhú UNECE maidir le caighdeáin atá freagrúil ó thaobh inscne de chun feidhme freisin. |
||||||||||||
83 |
Uirlisí meáite agus tomhais |
Treoir 2014/31/AE maidir le hUirlisí Neamh-uathoibríocha Meáite Treoir 2014/32/AE maidir le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh |
Caighdeáin Eorpacha nua a fhorbairt nó caighdeáin Eorpacha atá ann cheana a athbhreithniú chun tacú le teicneolaíocht úrscothach i réimse na n-uirlisí meáite agus tomhais. |
|
||||||||||||
84 |
Idir-inoibritheacht an chórais iarnróid |
Treoir(AE) 2016/797 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach |
Caighdeáin nua Eorpacha agus táirgí nua Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt, nó caighdeáin agus táirgí atá ann cheana a athbhreithniú, chun tacú le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2016/797. |
Is é an príomhchuspóir ardleibhéal idir-inoibritheachta a áirithiú le haghaidh an chórais iarnróid agus forbairtí teicneolaíocha (digiteach) agus srianta éiceolaíocha (glas) á gcur san áireamh. |
||||||||||||
85 |
Foclóir sonraí le haghaidh tuairisciú d’údaráis mhaoirseachta san earnáil airgeadais |
COM(2021) 798 — Straitéis maidir le sonraí maoirseachta i seirbhísí airgeadais an Aontais Eorpaigh Rialachán (AE) 2019/876 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas luamhánaithe, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 |
Caighdeán nua Eorpach a fhorbairt le haghaidh na tuairisce ar inneachar agus formáid na sonraí a thuairiscíonn eintitis atá gníomhach san earnáil airgeadais do na húdaráis inniúla chun críoch na maoirseachta airgeadais agus na sonraí a nochtar don phobal faoi chreataí reachtacha éagsúla. Ba cheart a áirithiú leis an gcaighdeán go ndéantar tuairisc struchtúrtha chuimsitheach chomhsheasmhach neamh-dhéchiallach ar na sonraí agus téarmaí a úsáid atá fréamhaithe sa reachtaíocht chun nasc soiléir a bhunú idir ítimí sonraí a bhailítear agus/nó a nochtar agus na sonraíochtaí reachtacha ábhartha. |
Is é an cuspóir fadtéarmach tuairisciú maoirseachta an Aontais a nuachóiriú agus córas a chur i bhfeidhm lena soláthrófar sonraí cruinne comhsheasmhacha tráthúla do na húdaráis mhaoirseachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus an t-ualach tuairiscithe comhiomlán ar na páirtithe ábhartha uile a íoslaghdú ag an am céanna. Le caighdeánú sonraí agus le comhthuiscint ar na sonraí a bhailítear agus a nochtar faoi chreataí reachtacha éagsúla, beidh sé níos éasca teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid agus déanfar tarchur, bailíochtú agus anailís na sonraí a shimpliú. |
||||||||||||
86 |
Táirgí coincréite réamhtheilgthe |
Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 maidir le táirgí foirgníochta |
Na caighdeáin Eorpacha maidir le measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta a fhorbairt agus a nuashonrú. |
Is é an príomhchuspóir an margadh inmheánach a fheabhsú trí fhoráil a dhéanamh maidir le “dearbhú feidhmíochta” coiteann le haghaidh táirgí foirgníochta, rud a chuirfidh deireadh leis an ngá le tástáil bhreise i mBallstáit éagsúla. |
||||||||||||
87 |
Táirgí struchtúracha miotalacha |
Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 maidir le táirgí foirgníochta |
Na caighdeáin Eorpacha maidir le measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na dtáirgí foirgníochta - táirgí struchtúracha miotalacha a fhorbairt agus a nuashonrú. |
Is é an príomhchuspóir an margadh inmheánach a fheabhsú trí fhoráil a dhéanamh maidir le “dearbhú feidhmíochta” coiteann le haghaidh táirgí foirgníochta, rud a chuirfidh deireadh leis an ngá le tástáil bhreise i mBallstáit éagsúla. |
||||||||||||
88 |
Seirbhísí bainistíochta saoráidí le haghaidh troscán |
COM(2020) 98 final A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua um an nGeilleagar Ciorclach le go mbeidh an Eoraip níos glaine agus níos iomaíche] |
Caighdeáin Eorpacha agus táirgí Eorpacha caighdeánúcháin a fhorbairt lena leagfar síos an leibhéal seirbhíse agus na sonraíochtaí cáilíochta le haghaidh soláthraithe seirbhíse a léasaíonn troscáin do ghnólachtaí agus d’institiúidí. |
Is é is aidhm don ghníomhaíocht margadh seirbhíse a fhorbairt don troscán oifige, rud a fhágfaidh ar deireadh go ndéanfaidh monaróirí ábhair troscáin a athúsáid agus a dheisiú. |
(1) Is féidir go mbeidh faisnéis faoi na gníomhaíochtaí caighdeánaithe a phléitear i gcomhthéacs an Ardáin Eorpaigh Il-gheallsealbhóirí um Chaighdeánú TFC sa nasc seo a leanas: https://joinup.ec.europa.eu/collection/rolling-plan-ict-standardisation/rolling-plan-2022
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 93/32 |
Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta (1)
Cás M.9343 – Hyundai Heavy Industries Holdings / Daewoo Shipbuilding & Marine Engineering
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 93/03)
1. REAMHRA
1. |
An 12 Samhain 2019, fuair an Coimisiún fógra faoi chomhchruinniú beartaithe faoina bhfaighfí Hyundai Heavy Industries Holdings (’HHIH’) trína fhochuideachta Korea Shipbuilding & Offshore Engineering, de réir bhrí Airteagal 3(1)( b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (2) ón gComhairle (“an Rialachán um Chumaisc”), urlámhas aonair ar Daewoo Shipbuilding & Marine Engineering Co., Ltd (“DSME”) (an “tIdirbheart Beartaithe”). Chun críche na tuarascála seo, tagraítear do HHIH agus DSME i dteannta a chéile mar “na Páirtithe”. |
2. NOSANNA IMEACHTA
2. |
An 17 Nollaig 2019, ghlac an Coimisiún cinneadh chun imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 6(1)(c) den Rialachán um Chumaisc, toisc gur ardaíodh ábhar amhrais tromchúiseach sa chéad chéim d’imscrúdú an Choimisiúin maidir le comhoiriúnacht an Idirbhirt Bheartaithe leis an margadh inmheánach. |
2.1. Síntí agus fionraíochtaí tosaigh na teorann ama
3. |
An 10 Eanáir 2020, ar iarraidh fhoirmiúil ó HHIH dar dáta 10 Eanáir 2020, chuir an Coimisiún síneadh 20 lá oibre leis an tréimhse ama a socraíodh, de bhun Airteagal 10(3), an chéad fhomhír, den Rialachán um Chumaisc, le haghaidh ghlacadh an chinnidh de bhun Airteagal 8 den Rialachán um Chumaisc i ndáil leis an Idirbheart Beartaithe, mar a iarradh, de bhun Airteagal 10(3), an dara fomhír den Rialachán céanna. |
4. |
Sula ndearnadh aon ráiteas agóidí a ghlacadh, cuireadh an nós imeachta ar fionraí faoi dhó le cinntí ón gCoimisiún a glacadh de bhun Airteagal 11(3) den Rialachán um Chumaisc, toisc nár thug HHIH freagraí iomlána agus tráthúla ar iarrataí ar fhaisnéis ón gCoimisiún. Glacadh an chéad chinneadh an 4 Feabhra 2020, lenar cuireadh na teorainneacha ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(3) den Rialachán um Chumaisc ar fionraí idir an 23 Eanáir agus an 21 Feabhra 2020. Glacadh an dara cinneadh an 1 Aibreán 2020, a chuir na himeachtaí ar fionraí idir an 31 Márta agus an 2 Meitheamh 2020. |
2.2. Ráiteas agóidí
5. |
An 8 Meitheamh 2020, ghlac an Coimisiún ráiteas agóidí a díríodh chuig HHIH. Cuireadh an méid sin in iúl go foirmiúil do HHIH an 9 Meitheamh 2020 (3) agus deonaíodh spriocdháta do HHIH a bharúlacha a chur isteach go dtí an 26 Meitheamh 2020, ar chuir Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta (AS na hIomaíochta) síneadh leis ina dhiaidh sin go dtí an 29 Meitheamh 2020. An 10 Meitheamh 2020, cuireadh DSME ar an eolas freisin maidir le glacadh an ráitis agóide agus tugadh an deis dó leagan neamhrúnda den ráiteas agóidí a iarraidh, dá mbeadh sé ag iarraidh barúlacha (ar leithligh) a chur isteach de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (CE) 802/ gCoimisiún (4). |
6. |
Sa ráiteas agóidí, tháinig an Coimisiún ar an réamh-thuairim gur dócha go mbeadh bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach de réir bhrí Airteagal 2(3) den Rialachán um Chumaisc mar thoradh ar éifeachtaí neamh-chomhordaithe cothrománacha frithiomaíocha, go háirithe trí (i) staid cheannasachta a chruthú agus/nó (ii) deireadh a chur le srianta tábhachtacha iomaíochta a bhí curtha ag na Páirtithe ar a chéile agus laghdú ar bhrú iomaíoch ar na hiomaitheoirí atá fágtha sa mhargadh domhanda tógáil soithí móra a iompraíonn gás nádúrtha leachtaithe (“SMIGNLanna”); agus trí (i) ceannasacht HHI a neartú agus/nó (ii) deireadh a chur le srianta tábhachtacha iomaíochta a bhí curtha ag na Páirtithe ar a chéile agus laghdú ar bhrú iomaíoch na n-iomaitheoirí eile sa mhargadh domhanda maidir le tógáil iompróirí an-mhóra gáis peitriliam (“SAMIGPanna”). |
2.3. Rochtain ar an gcomhad
7. |
An 9 agus an 23 Meitheamh 2020, fuair HHIH rochtain ar na doiciméid inrochtana i gcáschomhad an Choimisiúin. Cuireadh rochtain ina dhiaidh sin ar an gcomhad ar fáil an 21 Deireadh Fómhair 2020, an 30 Aibreán 2021, an 22 Samhain 2021 agus an 20 Nollaig 2021. |
8. |
Ní bhfuair mé aon ghearán ná aon iarraidh ó na Páirtithe maidir le rochtain ar an gcomhad. |
2.4. Tríú daoine leasmhara
9. |
An 15 Meitheamh 2020, ligeadh isteach dhá eintiteas chun éisteacht a fháil mar thríú daoine leasmhara sa chás seo. |
10. |
Soláthraíodh leagan neamhrúnda den ráiteas agóide do na tríú daoine leasmhara araon agus tugadh teorainn ama dóibh faoina gcaithfidís a gcuid barúlacha a chur isteach. Rinne gach ceann de na tríú daoine leasmhara amhlaidh, agus cuireadh leaganacha neamhrúnda dá dtuairimí i scríbhinn ar fáil do na Páirtithe. |
2.5. Freagra ar an ráiteas agóide
11. |
An 29 Meitheamh 2020, d’fhreagair HHIH an ráiteas agóidí. Níor iarr na Páirtithe go dtionólfaí éisteacht fhoirmiúil ó bhéal. |
2.6. An teorainn ama a chur ar fionraí a thuilleadh
12. |
An 14 Iúil 2020, Toisc nár sholáthair HHIH faisnéis iomlán mar fhreagra ar iarraidh ar fhaisnéis, ghlac an Coimisiún an tríú cinneadh de bhun Airteagal 11(3) den Rialachán um Chumaisc. Cuireadh an teorainn ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 10(3) den Rialachán um Chumaisc ar fionraí leis an gcinneadh seo ón 13 Iúil 2020, an lá oibre tar éis an dáta ar cheart do HHIH freagra iomlán a thabhairt ar an iarraidh ar fhaisnéis. Cuireadh HHIH freagra iomlán isteach an 18 Samhain 2021, agus mhair an fhionraí dá réir sin go dtí deireadh an lae sin. |
2.7. Litreacha fíoras
13. |
Labhair an Coimisiún le HHIH dhá litir fíoras, an 28 Aibreán 2021 (“an Chéad Litir Fíoras”) agus an 19 Samhain 2021 (“an Dara Litir Fíoras”), inar luaitear gnéithe fíorasacha breise agus/nó nuashonraithe mar thaca leis na réamhchonclúidí ar thángthas orthu sa ráiteas agóidí, a raibh sé mar chonclúid ag an gCoimisiún ina leith, nuair a rinneadh tuilleadh anailíse ar an gcomhad, go bhféadfaidís a bheith ábhartha chun bunús a thabhairt dá chinneadh críochnaitheach. |
14. |
Chuir HHIH tuairimí i scríbhinn isteach maidir leis an gCéad Litir Fíoras an 2 Meitheamh 2021, agus maidir leis an Dara Litir Fíoras an 29 Samhain 2021. |
15. |
An 3 Nollaig 2021, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagra HHIH ar an Dara Litir Fíoras, sheol AS na hIomaíochta roinnt fíorais bhreise trí ríomhphost, agus chuir sé in iúl go bhféadfadh an Coimisiún brath ar na fíricí sin ina mheasúnú deiridh agus gur theastaigh uaidh aird HHIH a tharraingt orthu. Chuir HHIH tuairimí isteach maidir leis na fíorais bhreise seo trí ríomhphost freagartha an 6 Nollaig 2021 (5). |
2.8. Dréachtchinneadh
16. |
Sa dréachtchinneadh, ní thugann an Coimisiún aghaidh ach ar an margadh domhanda le haghaidh SMIGNLanna a thógáil, agus áitíonn an Coimisiún ina leith sin go gcuirfeadh an tIdirbheart Beartaithe bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach mar thoradh ar shuíomh ceannasach a chruthú i ngeall ar éifeachtaí cothrománacha neamh-chomhordaithe. Ní sheasann an dréachtchinneadh a thuilleadh go n-eascraíonn bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh domhanda le haghaidh SAMIGPanna a thógáil as an Idirbheart Beartaithe. |
17. |
Rinne mé athbhreithniú ar an dréachtchinneadh de bhun Airteagal 16(1) de Chinneadh 2011/695/AE agus bainim de thátal as nach ndéileáiltear ann ach le hagóidí ar tugadh an deis do na Páirtithe a gcuid tuairimí a chur in iúl ina leith. |
3. CONCLUID
18. |
Mar gheall ar an méid thuas, measaim gur urramaíodh feidhmiú éifeachtach na gceart nós imeachta sa chás seo. |
An Bhruiséil, 11 Eanáir 2022.
Dorothe DALHEIMER
(1) De bhun Airteagail 16 agus 17 de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha an oifigigh éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe (IO L 275, 20.10.2011, lch. 29) (“Cinneadh 2011/695/AE”).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).
(3) An 8 Meitheamh 2020, seoladh réamhchóip (neamhfhoirmiúil) faisnéise den ráiteas agóidí agus a litir chumhdaigh chuig dlíodóirí seachtracha HHIH cheana féin.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú, (IO L 133, 30.4.2004, lch.1).
(5) An 6 agus an 7 Nollaig 2021, sheol an Coimisiún tuilleadh ríomhphost chuig HHIH, inar thug sé soiléirithe maidir le sraith an-teoranta fíoras.
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 93/35 |
Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún
an 13 Eanáir 2022
lena ndearbhaítear comhchruinniú gan a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE
(Cás M.9343 - Hyundai Heavy Industries Holdings / Daewoo Shipbuilding & Marine Engineering)
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2022)63)
(Is é an leagan Béarla amháin atá barántúi)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 93/04)
An 13 Eanáir 2022, ghlac an Coimisiún Cinneadh i ndáil le cás cumaisc faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (1) , agus go háirithe Airteagal 8(3) den Rialachán sin. Is féidir leagan neamhrúnda den Chinneadh iomlán, de réir mar a bheidh i bhfoirm leagan sealadach, a aimsiú i dteanga bharántúil an cháis atá ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, ag an seoladh seo: http://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/index.cfm?clear=1&policy_area_id=2
1. NA PÁIRTITHE
(1) |
Is cuideachta shealbhaíochta de chuid na Cóiré Theas é Hyundai Heavy Industries Holdings (’HHIH’ nó an ’Páirtí a thug fógra’) a rialaíonn, trína fochuideachta Korea Shipbuilding & Offshore Engineering (’KSOE’, An Chóiré Theas), Hyundai Heavy Industries Co. Ltd (’HHI’), Hyundai Samho Heavy Industries (’Hyundai Samho’) and Hyundai Mipo Dockyard (’Hyundai Mipo’). Is éard atá i gceist lena ghníomhaíochtaí tógála long ná raon soithí lastais, inneall mara agus saoráidí amach ón gcósta a tháirgeadh. |
(2) |
Is cuideachta de chuid na Cóiré Theas é Daewoo Shipbuilding & Marine Engineering Co., Ltd. (“DSME”) atá gníomhach go príomha i dtógáil long. Táirgeann sé go háirithe réimse soithí lastais agus saoráidí amach ón gcósta, ach ní tháirgeann innill mhuirí. |
2. AN OIBRÍOCHT
(3) |
An 12 Samhain 2019, fuair an Coimisiún fógra faoi chomhchruinniú beartaithe de bhun Airteagal 4 den Rialachán um Chumaisc trína bhfaigheadh HHIH, trína fhochuideachta KSOE, urlámhas aonair ar DSME (an “tIdirbheart”) de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc. |
3. AN NÓS IMEACHTA
(4) |
An 17 Nollaig 2019, ghlac an Coimisiún cinneadh faoi Airteagal 6(1)(c) chun imeachtaí a thionscnamh. D’ardaigh an Coimisiún amhras tromchúiseach maidir le comhoiriúnacht an Idirbhirt leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú chomhaontú LEE i ndáil leis na margaí féideartha ar fud an domhain le haghaidh na nithe seo a leanas a dhéanamh: gás nádúrtha leachtaithe (“GNL”) iompróirí (“IGNLanna”), lena n-áirítear an fo-mhargadh ionchasach do na hAonaid Stórála agus Athghásúcháin ar Snámh (’ASASanna’) agus an fo-mhargadh do na SMIGNLanna (lena n-áirítear an fo-mhargadh ionchasach do na “ASASanna móra”), tancaeir ola lena n-áirítear an fo-mhargadh ionchasach d’iompróirí amha, do ghás peitriliam leachtaithe (“GPL”), d’iompróirí GPL agus do choimeádáin an-mhóra lena n-áirítear an fo-mhargadh féideartha do na coimeádáin mhóra. |
(5) |
An 10 Eanáir 2020, cuireadh síneadh 20 lá oibre le hamlíne na n-imeachtaí arna iarraidh sin ag an bPáirtí a thug Fógra faoi Airteagal 10 (3)2 den Rialachán um Chumaisc. Cuireadh an amlíne ar fionraí le cinntí faoi Airteagal 11(3) den Rialachán um Chumaisc idir an 23 Eanáir 2020 agus an 21 Feabhra 2020 agus idir an 31 Márta 2020 agus an 2 Meitheamh 2020, toisc nár thug an Pháirtí Fógra faisnéis a d’iarr an Coimisiún. |
(6) |
An 8 Meitheamh 2020 d’eisigh an Coimisiún Ráiteas Agóide inar ardaigh sé amhras tromchúiseach maidir le comhoiriúnacht an Idirbhirt leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú chomhaontú LEE. An Páirtí a thug fógra, thug sé freagra i scríbhinn ar an ráiteas agóide ach níor iarr sé éisteacht fhoirmiúil ó bhéal. |
(7) |
Cuireadh amlíne na n-imeachtaí ar fionraí arís le cinneadh faoi Airteagal 11(3) den Rialachán um Chumaisc idir an 13 Iúil 2020 agus an 18 Samhain 2021 toisc nár thug an Pháirtí a thug fógra faisnéis a d’iarr an Coimisiún. |
4. ACHOIMRE
(8) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go gcuirfeadh an tIdirbheart bac nach beag ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach maidir leis an margadh domhanda le haghaidh tógáil soithí móra a iompraíonn GNL. |
(9) |
Níor thíolaic an Páirtí Fógra togra foirmiúil le haghaidh gealltanas chun freastal ar ábhair imní an Choimisiúin. |
(10) |
Dá bhrí sin, dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh an tIdirbheart comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE, de bhun Airteagail 2(3) agus 8 (3) den Rialachán um Chumaisc, agus Airteagal 57 de Chomhaontú LEE (“an Cinneadh”). |
5. MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
5.1. AN MARGADH TÁIRGÍ ÁBHARTHA
(11) |
Is soithí iad IGNLanna atá feistithe le córas coimeádta lasta speisialta a ligeann dóibh GNL a iompar ag teocht gar do lúide 162 céim Celsius. Tagraíonn IGNLanna freisin don fho-ghrúpa ASASanna. Áirítear freisin ar ASASanna an trealamh chun an GNL a athghású agus é a sheoladh chuig an gcladach (tagraíonn gach tagairt do IGNLanna anseo freisin do ASASanna). |
(12) |
Déantar idirdhealú sa Chinneadh idir IGNLanna beaga ar féidir leo suas le 40 000 méadar ciúbach de GNL agus SMIGNLanna ar féidir leo níos mó ná 145 000 méadar ciúbach a iompar. Tá IGNLanna i méid idir 40 000 agus 144 999 méadar ciúbach an-annamh. |
(13) |
Cinntear leis an gCinneadh nach earraí aonchineálacha iad SMIGNLanna ach go bhfuil siad difreáilte de réir roinnt foras amhail úsáid/cineál (seachas gnáth-SMIGNLanna, tá SMIGNLanna bristeora oighir agus ASASanna móra), cineálacha teicneolaíochta umair lasta, cineálacha teicneolaíochta eile agus cáilíocht fhoriomlán an tsoithigh. |
(14) |
Ó thaobh an éilimh de, níl na IGNLanna inionadaithe le haon soitheach lastais eile toisc nach féidir ach le IGNLanna GNL a iompar. Ina theannta sin, ní féidir SMIGNLanna a ionadú le IGNLanna beaga. Úsáidtear SMIGNL, mar shampla, d’iompar mara achair fhada GNL agus úsáidtear iompróirí beaga GNL d’iompar achair ghearr agus ní úsáidtear iad in iompar mara. |
(15) |
Ó thaobh an tsoláthair de, is ionann SMIGNLanna agus an soitheach lasta is sofaisticiúla agus is difreáilte le haghaidh tógála, a éilíonn, i gcomparáid le cineálacha soithí eile nó fiú IGNLanna beaga, saineolas sonrach agus dea-theist shonrach chun córas coimeádta gáis lasta an-sofaisticiúil a thógáil. Dá bhrí sin, níl ach líon an-bheag de thógálaithe long ar fud an domhain in ann SMIGNLanna a thógáil: HHIH, DSME, Samsung Heavy Industries (“SHI”), gach ceann acu ina gcuideachta de chuid na Cóirié Theas agus, go pointe i bhfad níos lú, CSSC (an tSín). |
(16) |
Dá bhrí sin, aimsítear sa Chinneadh gur margadh táirgí ar leith é an tógáil SMIGNLanna. |
5.2. AN MARGADH GEOGRAFACH ÁBHARTHA
(17) |
Tá tógálaithe long SMIGNL lonnaithe sa Chóiré Theas agus sa tSín agus tá na custaiméirí lonnaithe ar fud an domhain. De ghnáth, ní mheasann custaiméirí suíomh an tógálaí long agus orduithe á ndéanamh acu le haghaidh SMIGNLanna. Baintear de thátal as an gCinneadh, dá bhrí sin, gur margadh domhanda atá sa mhargadh do thógáil SMIGNLanna. |
5.3. MEASÚNÚ AR AN IOMAÍOCHT
(18) |
Comhdhlúthacht an mhargaidh agus scaireanna margaidh comhcheangailte ard. Tá an margadh chun SMIGNLanna a thógáil an-dlúth gan ach ceithre thógálaí long atá in ann na soithí seo a thógáil go neamhspleách. Bhainfeadh an t-eintiteas cumaiscthe leas as scaireanna an-ard sa mhargadh, i bhfad os cionn thairseach na toimhdean prima facie maidir le ceannas 50 % agus tá méadú leanúnach déanta air le 10 mbliana anuas. |
(19) |
Dlúithe na hiomaíochta. Léirigh an t-imscrúdú margaidh go bhfuil HHIH agus DSME i ndlúthiomaíocht le chéile, nó fíor-dhlúthiomaíocht go fiú (fágann an tIdirbheart go ndéanfar cónascadh idir dhá cheann as trí dhlúthiomaitheoir – toisc go gcuimseofar SHI) mar chuir custaiméirí in iúl go bhfuil na Páirtithe in iomaíocht go dlúth lena chéile faoi bheagnach na príomhpharaiméadair ar fad a chuireann custaiméirí san áireamh de ghnáth agus iad ag cinneadh cén tógálaí long a gcuirfidh siad ordú isteach leis le haghaidh soithí móra a iompraíonn GNL. Is iad na paraiméadair sin cáilíocht/feidhmíocht an tsoithigh, praghas, infhaighteacht sliotáin/am seachadta, scileanna innealtóireachta/dearadh, teist/teicneolaíocht agus caidreamh stairiúil. Thairis sin, is iad HHIH, DSME agus SHI na trí thógálaí long is mó a luaigh custaiméirí nuair a fiafraíodh díobh cén tógálaí long ar thug siad cuireadh dóibh tairiscintí a dhéanamh ar SMIGNLanna ó 2014 i leith. Go sonrach, is iad HHIH agus DSME an dá thógálaí long a luaigh custaiméirí an chuid is mó mar iad siúd a roghnaíodh i ndeireadh na dála i dtairiscintí SMIGNLanna ó 2014. Dhearbhaigh an anailís a rinne an Coimisiún an mhí seo caite go bhfuil na Páirtithe i ndlúthiomaíocht le chéile, in éineacht le SHI, agus go bhfuil siad i bhfíor-dhlúthiomaíocht le chéile go fiú. Dá bhrí sin, thabharfadh an tIdirbheart le chéile dhá cheann as trí fhíor-dhlúthiomaitheoir. |
(20) |
Srianta Iomaíocha ó iomaitheoirí. Léirigh imscrúdú an Choimisiúin freisin ní hamháin go mbeadh sciar an-mhór den mhargadh ag an eintiteas cumaiscthe tar éis an idirbhirt, ach ba theoranta na srianta teoranta air ó iomaitheoirí maidir lena iompar iarbhír. Níl mórán iomaitheoirí sa mhargadh comhchruinnithe sin, agus rinne an Coimisiún measúnú aonair ar staid na n-iomaitheoirí SHI agus CSSC. Bhreithnigh an Coimisiún freisin ar staid na dtógálaithe long iomaíocha a bunaíodh sa tSeapáin, a raibh SMIGNLanna tógtha acu roimhe seo. |
(21) |
Is é SHI an t-aon iomaitheoir atá fágtha le sciar mór den mhargadh tar éis an idirbhirt. Is cosúil ón imscrúdú margaidh gurb é SHI an t-aon iomaitheoir atá in ann páirt a ghlacadh i dtairiscintí agus cáilíocht táirgí a thairiscint atá inchomparáide le táirgí na bPáirtithe. Tar éis an idirbhirt, áfach, is é an t-aon iomaitheoir den sórt sin a bheadh ann, i margadh an-chomhchruinnithe ina mbeadh sciar suntasach ag an eintiteas cumaiscthe. Tá cumas SHI srian a chur leis na Páirtithe teoranta freisin de bharr nach mbeadh acmhainn leordhóthanach ar fáil do SHI chuige sin. Thacaigh an t-imscrúdú margaidh leis an gcinneadh nach mbeadh ach dreasacht theoranta ag SHI chun an méadú ar phraghsanna ag an eintiteas cumaiscthe iar-idirbhirt a chur ar neamhní. |
(22) |
Is imreoir é CSSC a bhfuil a láithreacht sa mhargadh an-teoranta. Léirigh an t-imscrúdú margaidh freisin nach féidir le CSSC na Páirtithe a mheaitseáil maidir le go leor paraiméadair lena n-áirítear cáilíocht, bonneagar, seachadadh tráthúil, fios gnó, bainistíocht tionscadail agus costas cothabhála. Thairis sin, tá cumas CSSC chun leathnú sa mhargadh seo srianta ag a acmhainn. Ní thacaíonn fócas intíre CSSC leis an tuairim go gcuirfeadh sé srian ar an eintiteas cumaiscthe tar éis an idirbhirt. |
(23) |
Bhreithnigh an Coimisiún staid na dtógálaithe long ón tSeapáin a bhí ag tógáil SMIGNLanna san am a chuaigh thart, agus chinn sé nach srian fónta iomaíochta iad ar na Páirtithe. Taobh amuigh de mhíbhuntáistí i bpraghsanna agus cumas níos teoranta, tá fócas intíre acu. Tá imreoirí den sórt sin gníomhach freisin trí theicneolaíocht umar lasta GNL d’aois nach bhfuil chomh tarraingteach do chustaiméirí agus atá an teicneolaíocht a úsáideann na Páirtithe. Ina theannta sin, chinn an Coimisiún gur scoir an t-imreoir sin go héifeachtach den mhargadh SMIGNL le blianta beaga anuas. |
(24) |
Bacainní ar iontráil. Ní dócha go mbeadh an t-eintiteas cumaiscthe faoi shrian ag iontráil nó athiontráil fhéideartha. Chun dul isteach sa mhargadh, dul isteach arís sa mhargadh agus a bheith mar imreoir féinrialaitheach inchreidte a bheadh in ann srian iomaíochta leordhóthanach a chur i bhfeidhm ar bhealach dóchúil, tráthúil agus leordhóthanach, thógfadh sé an-iarracht agus am mar thógálaí long. Is ard iad na bacainní ar iontráil agus ar mhéadú i gcás soithí móra a iompraíonn GNL, agus teastaíonn am agus iarracht nach beag chun méadú a dhéanamh. Is éard atá i gceist leis na bacainní sin ceadúnais, fios gnó agus bainistíocht tionscadail, teicneolaíocht, teist cháilíochtúil agus chainníochtúil ( sraith de 4-5 shoitheach ar a laghad a bheith seachadta), méid duga, trealamh agus saoráidí speisialta, am seachadta agus sliotáin ché agus tacaíocht airgeadais. Ní mheasfadh custaiméirí go mbeadh tógálaithe long nach raibh gníomhach ar an margadh ar feadh tréimhse fhada ama (10 mbliana nó níos lú) in ann SMIGNLanna a thógáil, lena n-áirítear mar gheall ar fhios gnó atá caillte nó as dáta. |
(25) |
Cumhacht ceannaitheora. Ní bheadh iompar an eintitis chumaiscthe tar éis an idirbhirt srianta ag leibhéal leordhóthanach cumhachta ceannaitheora arna sealbhú ag custaiméirí. Tá an taobh soláthair den mhargadh an-comhchruinnithe fiú roimh an idirbheart, cé go bhfuil an taobh éilimh den mhargadh measartha ilroinnte. Ní bheadh méid leordhóthanach de chumhacht ceannaitheora ag na custaiméirí móra fiú. Thairis sin, tá scaipeadh suntasach praghsanna/corrlaigh ann ar fud custaiméirí agus tionscadal, agus is minic a bhíonn corrlaigh réadaithe agus corrlaigh a bhfuiltear ag súil leo difriúil go hábhartha (i.e., níos airde), ar léiriú iad freisin ar easpa cumhachta ceannaitheora. |
(26) |
Acmhainneacht. In ainneoin go maíonn na Páirtithe go ndéanfadh acmhainn bhreise sa mhargadh srian a chur ar a n-iompar, cinneann an Coimisiún go bhfuil an soláthar agus an t-éileamh sách cothrom faoi láthair agus nach bhfuil an acmhainn idirmhalartach sa mhargadh SMIGNL. Táthar ag súil go leanfaidh an t-éileamh ar SMIGNLanna ag méadú sna 5 bliana amach romhainn (fiú ag tabhairt cuntas ar thionchar COVID -19, féach tuilleadh thíos). Ciallaíonn sé sin nach mbeadh CSSC agus SHI in ann éileamh a ionsú i gcás ina n-ardódh an t-eintiteas cumaiscthe praghsanna tar éis an idirbhirt, rud a fhágann go mbeidh an t-eintiteas cumaiscthe ríthábhachtach i ngach cás sochreidte. |
(27) |
Tionchar COVID-19. Murab ionann agus argóint an Pháirtí a thug Fógra, níor chuir géarchéim COVID -19 isteach go mór ar an éileamh ar SMIGNLanna. Mar is léir ó shonraí agus réamhaisnéisí tríú páirtí, tá éileamh an margadh SMIGNL ag méadú agus leanfaidh sé ag méadú sna blianta amach romhainn. |
6. CONCLÚID
(28) |
Is é an tátal a bhainfear as an gcinneadh, dá bhrí sin, go gcuirfí bac suntasach ar an margadh inmheánach nó ar chuid mhór de mar thoradh ar ian idirbheart. Dá bhrí sin, moltar sa chinneadh a dhearbhú nach bhfuil an tIdirbheart comhoiriúnach leis an Margadh Inmheánach ná le Comhaontú LEE, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus le hAirteagal 8 (3) den Rialachán um Chumaisc agus le hAirteagal 57 de Chomhaontú LEE. |
(29) |
Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil an tIdirbheart comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. |
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 93/39 |
Tuairim ón gCoiste Comhairleach maidir le cumaisc ag a cruinniú an 10 Eanáir 2022 maidir le Cinneadh i gcás M.9343 HHIH/DSME Cruinniú trí Ghlao Closchomhdhála – trí “Skype for Business”
Rapóirtéir: an tSualainn
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 93/05)
Oibriú
1. |
Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 10 Bhallstát) leis an gCoimisiún gur comhchruinniú de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc é an tIdirbheart. |
Gné an Aontais
2. |
Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 10 Bhallstát) leis an gCoimisiún go mbaineann gné Aontais de réir bhrí Airteagal 1(2) den Rialachán um Chumaisc leis an Idirbheart. |
Margaí Táirgí
3. |
Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (10 mBallstát) le sainmhíniú an Choimisiúin ar an margadh táirgí ábhartha chun iompróirí Móra GNL a thógáil (“SMIGNLanna”). |
Margaí geografacha
4. |
Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (10 mBallstát) le sainmhíniú an Choimisiúin ar an margadh ábhartha maidir le SMIGNLanna a thógáil mar mhargadh domhanda. |
Measúnú Iomaíoch
5. |
Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (10 mBallstát) le measúnú an Choimisiúin go gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach an margadh domhanda chun SMIGNLanna a thógáil trí shuíomh ceannasach a chruthú. |
Comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach
6. |
Aontaíonn an Coiste Comhairleach (na 10 Bhallstát) leis an gCoimisiún gur cheart dá bhrí sin an tIdirbheart a dhearbhú mar Idirbheart nach bhfuil comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ná le feidhmiú Chomhaontú LEE i gcomhréir le hAirteagal 2(3) agus Airteagal 8(3) den Rialachán um Chumaisc agus le hAirteagal 57 de Chomhaontú LEE. |
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 93/40 |
Rátaí malairte an euro (1)
10 Márta 2023
(2023/C 93/06)
1 euro =
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0586 |
JPY |
yen na Seapáine |
144,70 |
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4425 |
GBP |
punt steirling |
0,88258 |
SEK |
krona na Sualainne |
11,3915 |
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9824 |
ISK |
króna na hÍoslainne |
150,10 |
NOK |
krone na hIorua |
11,2900 |
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,635 |
HUF |
forint na hUngáire |
383,65 |
PLN |
zloty na Polainne |
4,6815 |
RON |
leu na Rómáine |
4,9143 |
TRY |
lira na Tuirce |
20,0737 |
AUD |
dollar na hAstráile |
1,6064 |
CAD |
dollar Cheanada |
1,4643 |
HKD |
dollar Hong Cong |
8,3095 |
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7292 |
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4349 |
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 398,24 |
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
19,4250 |
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,3594 |
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 402,95 |
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,7849 |
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
58,400 |
RUB |
rúbal na Rúise |
|
THB |
baht na Téalainne |
37,115 |
BRL |
real na Brasaíle |
5,5037 |
MXN |
peso Mheicsiceo |
19,5428 |
INR |
rúipí na hIndia |
86,9375 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
13.3.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 93/41 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11031 — HITACHI CONSTRUCTION MACHINERY / KIESEL / EAC)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 93/07)
1.
An 6 Márta 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Hitachi Construction Machinery Co., Ltd. (“HCM”, an tSeapáin), |
— |
KTEG GmbH (“KTEG”, an Ghearmáin), ar leis an Kiesel Group (an Ghearmáin) é, agus |
— |
EAC European Application Center GmbH (“EAC”, an Ghearmáin), comhfhiontar neamh-lánfheidhme faoi chomhrialú ag HCM agus KTEG. |
Gheobhaidh HCM agus KTEG comhrialú ar chomhfhiontar lánfheidhme, EAC, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is cuideachta Sheapánach í HCM atá gníomhach ar fud an domhain i dtáirgeadh agus i ndáileadh innealra foirgníochta. Ina theannta sin soláthraíonn sé trealamh úsáidte agus páirteanna spártha dá dtáirgí, chomh maith le seirbhísí gaolmhara. |
— |
Is cuideachta Ghearmánach í KTEG a fhorbraíonn agus a dhearann táirgí, páirteanna tochaltóra saincheaptha den chuid is mó, chomh maith le réitigh, amhail saincheapadh innealra foirgníochta. Tá KTEG mar chuid de Kiesel Group, a dháileann innealra nua foirgníochta agus láimhsithe agus innealra úsáidte de chuid brandaí éagsúla ar fud an domhain. Ina theannta sin soláthraíonn Kiesel Group réitigh chórais agus seirbhísí coimhdeacha sna réimsí seo a leanas: airgeadas, léasú agus oiliúint tiománaithe. |
3.
Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag EAC: Soláthróidh EAC innealra foirgníochta astaíochtaí nialasacha agus sainfheidhme. Go háirithe, déanfaidh sé innealra foirgníochta leictreach astaíochtaí nialasacha a fhorbairt, a tháirgeadh agus a dhíol, tochaltóirí den chuid is mó, chomh maith le hinnealra agus trealamh foirgníochta sainfheidhme, lena n-áirítear córais athraithe crainn scóide.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11031 — HITACHI CONSTRUCTION MACHINERY / KIESEL / EAC
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).