ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 68A

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
24 Feabhra 2023


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Parlaimint na hEorpa

2023/C 68 A/01

Fógra Earcaíochta PE/281/S/FINS — Anailísithe Gnó — SAP (AD 6 agus AD 9)

1


GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Parlaimint na hEorpa

24.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 68/1


FÓGRA EARCAÍOCHTA PE/281/S/FINS

Anailísithe Gnó — SAP (AD 6 agus AD 9)

(2023/C 68 A/01)

Sula ndéanfaidh tú iarratas a chur isteach, ní mór duit an Treoir d’iarrthóirí atá ag gabháil leis an bhfógra earcaíochta seo a léamh go cúramach.

Is cuid dhílis den fhógra earcaíochta í an Treoir agus cabhróidh sí leat tuiscint a fháil ar na rialacha lena rialaítear nósanna imeachta roghnúcháin agus conas iarratas a dhéanamh.

CLÁR ÁBHAIR

A.

Sainchuntas poist agus incháilitheacht

B.

An nós imeachta

C.

Iarratais

Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa

Dearbhú

A.   SAINCHUNTAS POIST AGUS INCHÁILITHEACHT

1.   Barúlacha ginearálta

Tá cinneadh déanta ag Parlaimint na hEorpa, ar bhonn Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1) agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (na Rialacháin Foirne), nós imeachta roghnúcháin a eagrú chun oifigigh a earcú in Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais (AS FINS).

Tá gairmithe an-eolach agus an-chumasach á lorg ag AS FINS chun cuidiú le hardán SAP S4HANA de chuid Pharlaimint na hEorpa a bhainistiú agus a chothabháil faoi fhreagracht na hArd-Stiúrthóireachta. Tá sé mar phríomhaidhm leis an nós imeachta roghnúcháin folúntais san Aonad um Lárionad Inniúlachta FMS i Lucsamburg a líonadh.

Is ar ghráid AD 6 agus AD 9 a dhéanfar an earcaíocht.

Tá sé mar aidhm leis an nós imeachta roghnúcháin liosta a tharraingt suas de dheichniúr iarrthóirí rathúla in aghaidh an ghráid.

Is é EUR 8 786,88 in aghaidh na míosa an buntuarastal le haghaidh ghrád AD 9, an chéad chéim.

Is é EUR 6 066,59 in aghaidh na míosa an buntuarastal le haghaidh ghrád AD 6, an chéad chéim.

Tá an tuarastal sin faoi réir cháin an Aontais agus asbhaintí eile dá bhforáiltear leis na Rialacháin Foirne. Tá sé díolmhaithe ó cháin náisiúnta. Féadfar an chéim ar a gceapfar na hiarrthóirí rathúla a oiriúnú i gcomhréir lena dtaithí ghairmiúil. Ina theannta sin, íocfar liúntais sa bhreis ar an mbuntuarastal faoi choinníollacha áirithe.

Cumhdaítear dhá ghrád leis an bhfógra seo (AD 6 agus AD 9). Ní fhéadfaidh iarrthóirí iarratas a chur isteach ach ar ghrád amháin. Dá bhrí sin, amhail dá dtagraítear i Roinn B.1 den fhógra earcaíochta, ní mór dóibh grád a roghnú agus iad ag cur iarratas isteach ar líne, agus ní fhéadfaidh siad a rogha a athrú tar éis dóibh a n-iarratas ar líne a bhailíochtú.

Faoi réir coinníollacha áirithe, áfach, féadfaidh an bord roghnúcháin iarratais ar ghrád AD 9 a athshannadh do ghrád AD 6. Leagtar amach na coinníollacha maidir le hathshannadh i Roinn B.1. den fhógra earcaíochta.

Is fostóir comhdheiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

2.   Sainchuntas poist

2.1.   An tAonad um Lárionad Inniúlachta FMS

Is é croímhisean Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais (AS FINS) ná Parlaimint na hEorpa a chumhachtú chun buiséad an Aontais Eorpaigh agus buiséad féin na Parlaiminte a bhainistiú ar bhealach freagrach.

Chuige sin, áirithíonn AS FINS an méid seo a leanas:

dea-bhainistíocht airgeadais a dhéanamh ar an mbuiséad a chuirtear ar fáil don Aontas Eorpach agus do Pharlaimint na hEorpa;

trédhearcacht maidir le húsáid an bhuiséid sin;

tacaíocht do ghníomhaithe polaitiúla na Parlaiminte i mbainistíocht airgeadais.

Déanann AS FINS timpeallacht oibre shimplithe a fhorbairt do na geallsealbhóirí airgeadais uile chun gnóthú a gcúraimí airgeadais a éascú. Sa chomhthéacs sin, tá freagracht glactha ag an Aonad um Lárionad Inniúlachta FMS maidir le Córas lárnach Bainistíochta Airgeadais (FMS) de chuid Pharlaimint na hEorpa a chur chun feidhme agus a chothabháil.

Tá FMS ina chuid de struchtúr feidhmchláir airgeadais Pharlaimint na hEorpa ó mhí Eanáir 2020 i leith. Comhtháthaítear ann forghníomhú buiséid, cuntasaíocht airgeadais, bainistiú conarthaí, bainistíocht fardal agus cuntasaíocht chostála in aon uirlis amháin.

Mar thoradh ar an aistriú chuig FMS, cuireadh ar chumas Pharlaimint na hEorpa an méid seo a leanas a dhéanamh:

príomhphróisis bhuiséadacha agus airgeadais a chuíchóiriú, a chaighdeánú agus a uathoibriú;

feabhas a chur ar infheictheacht agus infhaighteacht faisnéise atá criticiúil ó thaobh na cinnteoireachta de ar mhaithe leis an mbainistíocht shinseareach agus an mheánbhainistíocht;

rialú níos fearr a fheidhmiú ar acmhainní atá ar fáil (acmhainní daonna, TF agus airgeadais).

Tá forbairt tagtha ar raon feidhme FMS le déanaí chun réimsí nua a áireamh, lena gcumhdaítear próisis eile amhail ríomh luach saothair, liúntais agus phinsin na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa agus cruthú tuarascálacha bainistíochta airgeadais nua.

2.2.   Cúraimí

Is é an tAonad um Lárionad Inniúlachta FMS an príomhaonad inar féidir iarrthóirí rathúla a earcú. Oibreoidh na hAnailísithe Gnó a earcófar trí mheán an Bhéarla agus beifear ag súil leis go gcuirfidh siad roinnt de na cúraimí seo a leanas i gcrích, chun córais SAP arna mbainistiú ag an aonad a chur chun feidhme nó a chothabháil:

réitigh próisis in S4HANA (Airgeadas agus Soláthar) a shainmhíniú agus a chur chun feidhme. Bheadh eolas ar uirlisí S4HANA HCM agus BW4HANA, arna n-úsáid ag Parlaimint na hEorpa freisin, ina bhuntáiste;

riachtanais ghnó a bhailiú agus iad a aistriú ina réitigh fheidhmiúla;

próisis SAP a chuíchóiriú agus iad a ailíniú le riachtanais ghnó;

comhtháthuithe SAP a dhearadh in éineacht le feidhmchláir oidhreachta na gcustaiméirí;

na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun feidhmchláir SAP a chothabháil (nuashonruithe, feabhsuithe, ceartúcháin, etc.);

tástáil fheidhmiúil a dhéanamh; tástáil inghlacthachta úsáideora deiridh a bhainistiú;

tacaíocht d’úsáideoirí a sholáthar, lena n-áirítear oiliúint ghairmiúil;

páirt a ghlacadh i gcomhordú agus faireachán ar an obair arna soláthar ag soláthraithe seachtracha;

rannchuidiú le forghníomhú tionscadal atá ag teastáil chun pleananna straitéiseacha na hArd-Stiúrthóireachta a chur i gcrích, go háirithe an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as néalréitigh amach anseo, agus táirgí nua SAP a chomhtháthú go héifeachtúil.

2.3.   Scileanna atá á lorg

Beidh ar na hiarrthóirí rathúla na scileanna agus na hinniúlachtaí seo a leanas a léiriú agus na cúraimí a shonraítear thuas á gcur i gcrích acu:

an cumas cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus go beacht as Béarla, ó bhéal agus i scríbhinn araon;

an cumas fíricí criticiúla i saincheisteanna casta a shainaithint agus réitigh chruthaitheacha agus phraiticiúla a fhorbairt;

an cumas comhoibriú i bhfoirne, cuspóirí comhroinnte agus malartú eolais le comhghleacaithe eile a spreagadh;

an cumas oiliúint a chur ar úsáideoirí deiridh agus eolas a roinnt leo ar bhealach éifeachtúil;

an cumas tosaíocht a thabhairt do na cúraimí is tábhachtaí agus ualaí oibre a bhainistiú go héifeachtúil;

an cumas oibriú go héifeachtúil faoi bhrú agus an tsolúbthacht oiriúnú do thimpeallacht oibre a bhíonn ag athrú;

an treallús obair ar ardcháilíocht a sholáthar as a stuaim féin;

díriú go soiléir ar an gcustaiméir (go hinmheánach agus go seachtrach).

3.   Incháilitheacht

Ar an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach, ní mór na coinníollacha ginearálta agus sonracha incháilitheachta seo a leanas a bheith comhlíonta ag na hiarrthóirí:

(a)

Coinníollacha ginearálta

I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

a bheith i do náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

lánchearta mar shaoránach a theachtadh;

aon oibleagáidí arna bhforchur ort leis na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat;

a bheith in ann teistiméireachtaí carachtair iomchuí a sholáthar lena bhfianaítear d’oiriúnacht chun na cúraimí atá i gceist a chur i gcrích.

(b)

Critéir incháilitheachta shonracha

(i)

Na cáilíochtaí is gá

Le haghaidh ghrád AD 6:

Ní mór leibhéal oideachais a bheith agat arb ionann é agus cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad a bheith críochnaithe, arna fhianú le dioplóma a aithnítear go hoifigiúil i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Le haghaidh ghrád AD 9:

Ní mór leibhéal oideachais a bheith agat arb ionann é agus cúrsa ollscoile ceithre bliana ar a laghad a bheith críochnaithe, arna fhianú le dioplóma a aithnítear go hoifigiúil i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad a bheith críochnaithe, arna fhianú le dioplóma a aithnítear go hoifigiúil i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, mar aon le bliain amháin ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha i réimse an nós imeachta roghnúcháin.

Maidir le dioplómaí, cibé acu i mBallstát nó i dtír nach bhfuil san Aontas a bhronntar iad, ní mór iad a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil Ballstáit den Aontas Eorpach, amhail an Aireacht Oideachais.

Ní mór d’iarrthóirí a bhfuil dioplómaí acu a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas í coibhéis-AE a sholáthar dá gcuid dioplómaí, mar chuid dá n-iarratas. Tá tuilleadh eolais faoi cháilíochtaí neamh-AE a aithint ar fáil i líonraí ENIC-NARIC (https://www.enic-naric.net/).

Tabharfaidh an bord roghnúcháin aird ar na córais dhifriúla oideachais.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir d’iarrthóirí i nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa.

(ii)

An taithí ghairmiúil is gá

Tar éis na cáilíochtaí a fháil lena dtugtar rochtain ar an bpróiseas roghnúcháin (féach pointe (i) thuas), ní mór taithí ghairmiúil agus eolas teicniúil in SAP a bheith faighte ag na hiarrthóirí.

Le haghaidh ghrád AD 6: taithí ghairmiúil dhá bhliain ar a laghad i dtaca leis na cúraimí thuasluaite (roinn 2.2) i módúil SAP maidir le hairgeadas nó soláthar.

Le haghaidh ghrád AD 9: taithí ghairmiúil deich mbliana ar a laghad i dtaca leis na cúraimí thuasluaite (roinn 2.2) i módúil SAP maidir le hairgeadas nó soláthar. Ní mór freisin go mbeadh taithí trí bliana ar a laghad ag iarrthóirí a bhaineann le hardán S4HANA i modúil airgeadais nó soláthair (taithí a d’fhéadfaí a áireamh san íoscheanglas deich mbliana, a luaitear thuas).

(iii)

Eolas ar theangacha

Ní mór d’iarrthóirí sáreolas (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1): an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis nó an Ungáiris,

agus

eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) ar an mBéarla (teanga 2). Ní mór do Theanga 2 a bheith éagsúil le Teanga 1. Más rud é gurb é Béarla teanga 1 an iarrthóra, ní mór gurb í aon teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh a bheadh i dteanga 2 (leibhéal B2 ar a laghad).

Tabhair do d’aire go mbaineann na híosleibhéil thuasluaite le gach réimse inniúlachta teanga (labhairt, scríobh, léamh, éisteacht) dá dtagraítear ar an bhfoirm iarratais. Comhfhreagraíonn na cumais sin do na cumais atá sonraithe sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (https://europa.eu/europass/common-european-framework-reference-language-skills).

Leagadh síos na roghanna teanga don nós imeachta roghnúcháin seo ar mhaithe le leasanna na seirbhíse. De bhua na gcúraimí lena mbaineann, éilítear cumais shonracha le post an Anailísí Gnó SAP, mar a leagtar amach i roinn A.2 den fhógra earcaíochta seo. Déantar beagnach obair uile an Aonaid um Lárionad Inniúlachta FMS as Béarla. Is é an Béarla an teanga a úsáidtear sa chumarsáid le hArd-Stiúrthóireachtaí eile de chuid na Parlaiminte, le comhlachtaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa agus le soláthraithe seachtracha chórais SAP freisin. Chomh maith leis sin, is é an Béarla an teanga a úsáidtear le haghaidh cruinnithe agus chun doiciméid fheidhmiúla agus theicniúla a sholáthar. Dá réir sin, chun go mbeidh na daoine a earcófar in ann a gcuid cúraimí a chur i gcrích agus dea-fheidhmiú na seirbhíse a áirithiú, ní mór dóibh a bheith in ann oibriú agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach as Béarla.

B.   AN NÓS IMEACHTA

Tá an nós imeachta bunaithe ar thrialacha.

1.   Cead isteach sa chomórtas

Déanfaidh an bord roghnúcháin d’iarratas a mheasúnú i bhfianaise na gcritéar sonrach incháilitheachta (roinn A.3). Má chomhlíonann tú na critéir shonracha incháilitheachta, ligfidh an bord roghnúcháin isteach thú chuig an nós imeachta réamhroghnúcháin. Bunóidh an bord a chinntí ar an bhfaisnéis a thugtar san fhoirm iarratais, agus ar an bhfaisnéis sin amháin, a dtugann doiciméid tacaíochta bunús léi.

Tabhair do d’aire: Agus iarratas ar líne á dhéanamh acu, ní mór do na hiarrthóirí an fhoirm dearbhaithe atá i gceangal leis an bhfógra comórtais a chomhlánú agus an grád a bhfuil iarratas á dhéanamh acu air (AD 6 nó AD 9) a shonrú. Ní mór do na hiarrthóirí uile a bhfoirm dearbhaithe atá comhlánaithe go cuí a uaslódail ar roinn ábhartha an iarratais. Mura gcuireann iarrthóirí atá ag déanamh iarratas ar ghrád AD 9 aon dearbhú isteach nó má tá an dearbhú neamhiomlán, beidh a n-iarratas neamh-inghlactha.

Maidir le hiarratais ar ghrád AD 9: Agus incháilitheacht á fíorú, féadfaidh an bord roghnucháin iarratas a athshannadh do ghrád AD 6 sna cásanna seo a leanas:

gur léir ó na sonraí a thugtar san iarratas nach gcomhlíonann an t-iarrthóir na critéir incháilitheachta le haghaidh ghrád AD 9, ach go gcomhlíonann sé iad le haghaidh ghrád AD 6;

agus

gur thoiligh an t-iarrthóir, sa dearbhú, le hathshannadh do ghrád AD 6. Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás nach gcuirtear aon dearbhú isteach, nach féidir na hiarrthóirí nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta do ghrád AD 9 a athshannadh do ghrád AD 6 agus, dá bhrí sin, nach ligfear isteach sa chomórtas iad.

2.   Trialacha

(a)

Triail réamhroghnúcháin ceisteanna ilroghanna ríomhaire-bhunaithe (MCQ)

Má chinneann an bord roghnúcháin thú a ligean isteach sa nós imeachta roghnúcháin, iarrfar ort triail réamhroghnúcháin a dhéanamh i bhfoirm ceisteanna ilroghanna ríomhaire-bhunaithe (MCQ), ar choinníoll go bhfuil do chomhad iarratais curtha isteach agat:

i gcomhréir leis na socruithe a shonraítear i roinn C, agus

faoin sprioc-am a shonraítear i roinn C.

Is i mBéarla a bheidh an triail MCQ.

Is éard a bheidh sa triail MCQ uasmhéid de 30 ceist atá ceaptha chun measúnú a dhéanamh ar do chumas faisnéis a bhaineann leis an sainchuntas poist a shainaithint (roinn A.2.). 50 % a bheidh sa phasmharc.

Ní mhairfidh an triail níos faide ná 45 nóiméad agus is ar líne a eagrófar í.

(b)

Triail scríofa

Eagrófar an triail scríofa as Béarla agus beidh sé ceaptha chun measúnú a dhéanamh ar d’oiriúnacht i dtaca leis na cúraimí a shonraítear sa sainchuntas poist thuas (roinn A.2.).

Ní dhéanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar na freagraí ar an scrúdú scríofa ó thaobh teicniúil de amháin, ach déanfaidh sé meastóireacht freisin ar do scileanna dréachtaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar do chumas cumarsáid a dhéanamh ar bhealach strúchtúrtha, loighciúil agus soiléir.

Beidh an scrúdú scríofa ar siúl díreach tar éis an scrúdaithe réamhroghnúcháin MCQ. Mura n-éiríonn leat an pasmharc ar a laghad a fháil sa scrúdú réamhroghnúcháin MCQ, ní dhéanfar do scrúdú scríofa a mharcáil.

Mairfidh an scrúdú scríofa 120 nóiméad, ar a mhéad.

Marcáil: 0 go 60 pointe (pasmharc: 30 pointe).

Is ar líne a eagrófar an triail.

Iarrfar ar an 20 iarrthóir, in aghaidh gach gráid den nós imeachta roghnúcháin, ag a mbeidh na marcanna is airde sa triail scríofa, freastal ar an triail chainte, ar choinníoll go mbeidh an pasmharc bainte amach acu sa triail chainte. Iarrfaidh an bord roghnúcháin ar aon iarrthóirí a bhfuil marcanna comhionanna acu don áit cháilíochta dheireanach freastal ar an triail chainte, i gcás gach gráid.

(c)

Triail chainte

Agallamh leis an mbord roghnúcháin as Béarla chun measúnú a dhéanamh ar d’oiriúnacht chun na cúraimí a dhéanamh, agus ar do scileanna agus d’inniúlachtaí faoi mar a leagtar amach i roinn A.2 (Sainchuntas poist), agus aird chuí á tabhairt ar an bhfaisnéis uile atá i do chomhad iarratais. Déanfaidh an bord roghnúcháin scrúdú ar theanga 1 na n-iarrthóirí uile a dheimhnigh gurb é an Béarla teanga 2 acu, agus déanfaidh siad scrúdú freisin ar theanga eile na n-iarrthóirí a dhearbhaigh gurb é Béarla teanga 1 acu.

Uasfhad ama: 45 nóiméad.

Marcáil: 0 go 40 pointe (pasmharc: 20 pointe)

D’fhéadfadh sé go n-eagrófaí an triail chainte go cianda.

Gheobhaidh tú treoracha maidir leis na trialacha scríofa agus cainte in am trátha. Beidh na trialacha ar siúl ag am sonrach agus ar dháta sonrach. Mura dtugann tú freagra ar chuireadh, mura féidir teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost, nó mura bhfreastalaíonn tú ar thriail, tá an baol ann go ndícháileofar thú. Ní mór duit cloí go huile agus go hiomlán leis na treoracha a thugtar. Mura gcloíonn tú leis na treoracha nó má dhéanann tú aon bhearta nach bhfuil comhsheasmhach leis na treoracha, dícháileofar thú láithreach.

3.   Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás gach gráid den nós imeachta roghnúcháin, liosta a tharraingt suas de dheichniúr iarrthóirí oiriúnacha, ar a mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí incháilithe a bhfuil na marcanna is airde san iomlán acu. Is éard a bheidh sna marcanna foriomlána sin líon iomlán na bpointí a fuair na hiarrthóirí sa triail scríofa agus sa triail chainte, ar choinníoll gur éirigh leo an pasmharc a bhaint amach i ngach ceann de na trialacha scríofa agus cainte. Áireofar ainmneacha na n-iarrthóirí rathúla de réir ord aibítre ar an liosta in aghaidh gach gráid. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar an liosta aon iarrthóirí a bhfuil marcanna comhionanna acu don áit dheireanach i gcás gach gráid.

Beidh an liosta bailí go dtí an 31 Nollaig 2026. Féadfar síneadh a chur le bailíocht an liosta trí chinneadh ón údarás ceapacháin. Má chuirtear síneadh leis, déanfar na hiarrthóirí a bhfuil a n-ainmneacha ar an liosta a chur ar an eolas in am trátha.

Cuirfear na hiarrthóirí rathúla ar an eolas go leithleach faoina dtorthaí, agus foilseofar liosta na n-iarrthóirí oiriúnacha ar shuíomh gréasáin oifigiúil Pharlaimint na hEorpa.

Má thairgtear post duit, beidh ort na doiciméid bhunaidh de na doiciméid riachtanacha go léir a chur isteach, lena n-áirítear dioplómaí agus deimhniúcháin fostaithe, lena bhfíorú.

Ní ceart ná ráthaíocht earcaíochta é a bheith ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

C.   IARRATAIS

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór duit iarratas a dhéanamh tríd an ardán Apply4EP:

https://apply4ep.gestmax.eu/search/index/lang/ga_GA

Ba cheart duit an Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais agus nósanna imeachta roghnúcháin a eagraíonn Parlaimint na hEorpa a léamh go cúramach sula ndéanfaidh tú do chomhad iarratais a chomhlánú agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a sholáthar.

Dáta deiridh le haghaidh iarratas

Is é an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach ná

an 13 Aibreán 2023 ar 17:00, am Lucsamburg

Seolfar admháil fála chugat go huathoibríoch a luaithe a bheidh do chomhad iarratais bailíochtaithe.

NÁ CUIR GLAOCH ar Pharlaimint na hEorpa chun ceist a chur faoin nós imeachta roghnúcháin seo.


(1)  IO 45, 14.6.1962, lch. 1385 /62. Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20230101


Treoir d’iarrthóirí i gcomórtais/nósanna imeachta roghnúcháin eagraithe ag Parlaimint na hEorpa

Chun críocha an doiciméid seo, tagraíonn an téarma “fógra” do “fógra comórtais” i gcomhthéacs comórtais agus do “fógra earcaíochta” i gcomhthéacs nós imeachta roghnúcháin.

1.   RÉAMHRÁ

Cad atá i gceist le comórtas/nós imeachta roghnúcháin?

Sraith céimeanna atá i gcomórtas/nós imeachta roghnúcháin ina dtéann na hiarrthóirí in iomaíocht lena chéile. Bíonn an comórtas ar oscailt do gach saoránach den Aontas Eorpach a chomhlíonann, ar an dáta deiridh atá socraithe chun iarratais a chur isteach, na coinníollacha incháilitheachta, agus tugann sé deis chothrom do na hiarrthóirí go léir a n-inniúlachtaí a léiriú agus tugann sé an deis roghnú a dhéanamh bunaithe ar thuillteanas, agus prionsabal na córa comhionainne á urramú.

Déantar na hiarrthóirí a n-éiríonn leo sa chomórtas/nós imeachta roghnúcháin a chur ar liosta d’iarrthóirí oiriúnacha as a roghnaíonn Parlaimint na hEorpa daoine do na poist a luaitear san fhógra comórtais de réir mar is gá agus nuair is gá.

Déantar bord roghnúcháin (1) a cheapadh i gcás gach comórtais/nós imeachta roghnúcháin. Ainmníonn a fhoireann riaracháin agus an Coiste Foirne comhaltaí an bhoird roghnúcháin. Is ar mhodh rúin a dhéantar obair an bhoird roghnúcháin agus cuirtear an obair sin i gcrích i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2).

Déanann an bord roghnúcháin na coinníollacha incháilitheachta don chomórtas, arna leagan síos san fhógra, a chur i bhfeidhm go docht le linn dóibh cinneadh a dhéanamh maidir le gach iarrthóir i dtaobh glacadh nó gan glacadh lena n-iarratas. Má glacadh le hiarrthóir i gcomórtas nó i nós imeachta roghnúcháin roimhe seo, ní hionann sin agus a rá go bhfuil siad incháilithe go huathoibríoch don nós imeachta seo.

Chun go ndéanfar na hiarrthóirí is fearr a roghnú, déanfaidh an bord roghnúcháin comparáid idir feidhmíocht na n-iarrthóirí chun breithniú a dhéanamh ar a gcumas na cúraimí a bhfuil tuairisc orthu san fhógra a chomhall. Dá bhrí sin, ní hamháin go bhfuil ar an mbord an leibhéal eolais a mheas ach ní foláir dó freisin na daoine is fearr atá cáilithe don phost a shainaithint, bunaithe ar thuillteanas na n-iarrthóirí.

Tabhair do d’aire, le do thoil, go dtógann sé idir 6 agus 12 mhí de ghnáth comórtas/nós imeachta roghnúcháin a thabhairt chun críche, ag brath ar an líon iarrthóirí.

2.   CÉIMEANNA COMÓRTAIS/NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

Seo a leanas na céimeanna a bhíonn i gcomórtas/nós imeachta roghnúcháin:

glacadh le comhaid iarratais,

scrúdú ar choinníollacha incháilitheachta,

measúnú ar cháilíochtaí (bunaithe ar an bhfógra);

trialacha,

liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

2.1.   Glacadh le comhaid iarratais

Caithfear clárú ar ardán ar líne Apply4EP agus ar an ardán sin amháin, agus na céimeanna uile a leanúint go dílis go dtí an chéim dheiridh ina ndéantar bailíochtú go leictreonach ar d’iarratas (féach pointe 3 den treoir seo). Maidir leis na doiciméid tacaíochta ábhartha go léir atá ag teastáil chun a chruthú go gcomhlíonann tú na coinníollacha atá luaite san fhógra, beidh ort iad sin a chur i gceangal agus is fearr é má bhíonn na doiciméid sin i bhformáid PDF. Cuireann na doiciméid sin ar chumas an bhoird roghnúcháin cruinneas na faisnéise. a sheiceáil. Is fútsa atá sé doiciméid inléite a chur ar fáil.

Tabhair do d’aire go ligeann ardán Apply4EP duit doiciméid a uaslódáil (uasmhéid 5 MB in aghaidh an doiciméid, i bhformáid DOC, DOCX, GIF, JPG, TXT, PDF, PNG agus RTF) lena dtugtar cruthúnas den taithí ghairmiúil, de chéimeanna/dhioplómaí agus, i gcás inarb ábhartha, den eolas ar theangacha atá luaite sa chomhad iarratais.

2.2.   Scrúdú ar choinníollacha incháilitheachta,

Cuirfidh an tÚdarás Ceapacháin liosta le chéile d’iarrthóirí a chuir isteach a gcomhad iarratais ar an modh ceart agus faoin dáta deiridh i gcomhair iarratais, agus ansin cuirfidh sé an liosta sin ar aghaidh chuig an mbord roghnúcháin in éineacht leis na hiarratais.

Scrúdóidh an bord roghnúcháin na comhaid iarratais agus tarraingeoidh sé suas liosta iarrthóirí a chomhlíonann na critéir incháilitheachta atá leagtha amach san fhógra. Bunóidh sé a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta bonn cirt di.

Ní foláir mionsonraí iomlána maidir le cúrsaí léinn, le hoiliúint, le taithí ghairmiúil agus le heolas ar theangacha a bheith tugtha san fhoirm iarratais, eadhon:

i gcás cúrsaí léinn: dátaí tosaigh agus deiridh, chomh maith le cineál an dioplóma/na ndioplómaí agus na n-ábhar a ndearnadh staidéar orthu;

i gcás na taithí gairmiúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist: an dáta tosaigh agus an dáta deiridh do gach tréimhse iomchuí agus tuairisc bheacht ar chineál na gcúraimí a bhí le comhall. Ba cheart an t-am oibre nó an líon uaireanta an chloig oibre in aghaidh an lae/na seachtaine/na míosa a shonrú freisin.

Má tá staidéir, ailt, tuarascálacha nó téacsanna eile foilsithe agat a bhaineann leis na dualgais a bhfuil cur síos orthu san fhógra, ní mór duit é sin a lua ar an bhfoirm iarratais.

Ní chuirfear san áireamh gach tréimhse ar leith de thaithí ghairmiúil ach aon uair amháin. Ba cheart don taithí ghairmiúil a bheith ábhartha i leith na ndualgas riachtanach, agus ba cheart gur fíor-obair agus obair éifeachtach a bhí inti agus go bhfuarthas luach saothair ina leith. Déanfar cásanna áirithe de thaithí ghairmiúil, áfach, a chur san áireamh mar seo a leanas:

taithí ghairmiúil mar oibrí deonach: más rud é go raibh an taithí sin faoi rialú ag conradh nó ag comhaontú foirmiúil coibhéiseach agus más rud é gur mhair sí cúig mhí lánaimseartha ar a laghad. Ní rachaidh an creidmheas iomlán le haghaidh taithí mar oibrí deonach thar aon bhliain amháin.

sealanna oiliúna íoctha nó neamhíoctha: mura raibh siad mar chuid de chúrsa staidéir agus murar mhair siad níos lú ná cúig mhí lánaimseartha. Ní rachaidh an creidmheas iomlán do shealanna oiliúna thar aon bhliain amháin. Ní mheasfar gur taithí ghairmiúil ábhartha seal oiliúna ach amháin i gcás inar mhair sé ar feadh na tréimhse íosta is gá chun rochtain a fháil ar ghairm, agus ar choinníoll gur bhain an té lena mbaineann amach go hiarbhír an ceart chun an ghairm i dtrácht a chleachtadh agus ar an gcoinníoll sin amháin.

seirbhís mhíleata nó shibhialta éigeantach: tugtar creidmheas ina leith don fhad ama a rinneadh go hiarbhír sa tseirbhís. Sa chás áirithe sin, cuirfear an taithí san áireamh gan beann ar an dáta a fuarthas an dioplóma lena dtugtar rochtain ar an ngrúpa feidhme ábhartha agus ar an ngrád ábhartha.

saoire mháithreachais/atharthachta/uchtála/thuismitheoireachta/theaghlaigh: má tá sí cumhdaithe ag conradh fostaíochta; meastar gur obair 100 faoin gcéad í gan beann ar an tsaoire sin a bheith tógtha ar bhonn lánaimseartha nó leathaimseartha.

dochtúireacht: ar feadh trí bliana ar a mhéid, ar choinníoll gur baineadh amach go hiarbhír an dochtúireacht.

obair pháirtaimseartha; ríofa ar bhonn pro rata bunaithe ar an líon uaireanta an chloig a oibríodh (e.g. mheasfaí gur 4 mhí a oibríodh i gcás dhá lá oibre i seachtain oibre cúig lá, ar feadh tréimhse 10 mí). Mar sin féin, is féidir leis an mbord roghnúcháin, a bhfuil a chumhacht lánroghnach á fheidhmiú aige, cinneadh a dhéanamh taithí oibre a mheas mar thaithí lánaimseartha a chuimsíonn taithí leathaimseartha ar a laghad. Ciallaíonn sé sin gur féidir taithí oibre de 50 faoin gcéad den ghnáth-am oibre nó níos mó i gcomparáid le hobair lánaimseartha a ríomh mar thaithí oibre lánaimseartha (i.e. ag 100 faoin gcéad).

Ag an gcéim seo, maidir le hiarrthóirí nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta a leagtar amach san fhógra, iarrthóirí nach leor a gcuid doiciméad tacaíochta agus/nó nach dtacaíonn a gcuid doiciméad tacaíochta go beacht leis an bhfaisnéis a soláthraíodh ar an bhfoirm iarratais agus iarrthóirí nach gcuireann a gcuid doiciméad tacaíochta ar chumas an bhoird roghnúcháin a fhíorú go gcomhlíonann siad na critéir incháilitheachta atá leagtha amach san fhógra, ní ghlacfar lena n-iarratas.

Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas trí ríomhphost faoi chinneadh an bhoird roghnúcháin cé acu cuireadh chun na trialacha a thabhairt don iarrthóir nó gan cuireadh a thabhairt dóíbh.

2.3.   Measúnú ar cháilíochtaí

Má luaitear sin san fhógra, déanfaidh an bord roghnúcháin measúnú ar cháilíochtaí na n-iarrthóirí ar éirigh leo chun na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na dtrialacha dóibh a roghnú. Bunóidh an coiste a chinntí go huile agus go hiomlán ar an bhfaisnéis atá tugtha san fhoirm iarratais agus a dtugann na doiciméid tacaíochta ábhartha atá i gceangal leis an iarratas bonn cirt di, agus is fearr é má bhíonn na doiciméid tacaíochta sin i bhformáid PDF. Déanfaidh an bord roghnúcháin a chinntí bunaithe ar na critéir a leag sé síos roimh ré, agus na cáilíochtaí atá leagtha amach san fhógra á gcur san áireamh.

Cuirfear gach iarrthóir ar an eolas trí ríomhphost faoi chinneadh an bhoird roghnúcháin cé acu cuireadh chun na trialacha a thabhairt don iarrthóir nó gan cuireadh a thabhairt dóíbh.

2.4.   Trialacha

Má chomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta agus má dhéantar tú a rangú i measc na n-iarrthóirí is fearr sa mheasúnú ar cháilíochtaí (más ann dóibh), tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh. Tá na trialacha go léir éigeantach agus tá feidhm dhíbeartha ag roinnt leo. Tá an líon uasta d’iarrthóirí a nglacfar leo i gcomhair na dtrialacha leagtha síos san fhógra. Tá tuairisc ar na trialacha agus ar an gcóras marcála ar fáil san fhógra.

Sonraíochtaí teicniúla — Trialacha ar líne (tástáil MCQ agus triail scríofa)

Maidir le scrúduithe a eagraítear ar líne, úsáideann Parlaimint na hEorpa soláthraí seirbhísí.

Beidh ríomhaire (deisce nó glúine) ag teastáil uait le:

córas oibriúcháin Microsoft Windows 10 nó leaganacha níos déanaí nó Apple OS X 10.13 nó leaganacha níos déanaí i gcás MAC,;

acmhainneacht 1 GB de spás saor ar an diosca crua,

ceamara éadain ceangailte nó ceamara éadain ar cuid de do ríomhaire é,

nasc idirlín,

4 GB RAM.

Cuirfear ar an eolas thú roimh na trialacha maidir le haon athruithe ar na híoscheanglais theicniúla a thiocfaidh as nuashonrú ar na bogearraí.

Ní oibreoidh na córais oibriúcháin XP, Vista ná cinn níos sine, Windows 10 S, Windows ARM (RT), MacOS níos sine ná 10.11, IOS (Ipad, Iphone), Android, Chromebook, Meaisín fíorúil, Linux (Debian, Ubuntu, …) agus OS 32-ghiotán.

Ina theannta sin, ní mór duit cearta riarthóra a bheith agat don ríomhaire deisce nó glúine chun bac a chur ar rochtain ar fheidhmchláir (doiciméid, bogearraí eile, suíomhanna gréasáin, etc.) cé is moite d’fheidhmchlár an tsoláthraí seirbhísí, agus an triail ar siúl.

Ní mór duit a chinntiú go bhfuil do ríomhaire ar an dáta agus am ceart agus go bhfuil taifeach do scáileáin ceart.

Ní mór duit an feidhmchlár a íoslódáil, a shuiteáil, a sheiceáil agus a thástáil a luaithe agus is féidir (seachtain amháin roimh an triail ar a laghad). Chun go mbeidh tú in ann an feidhmchlár a thástáil tar éis a shuiteála, iarrfar ort tástáil theicniúil réamhriachtanais a dhéanamh nuair a gheobhaidh tú rochtain air. Caithfear an tástáil sin ar réamhriachtanais theicniúla a dhéanamh agus ní mór í a dhéanamh ar an ríomhaire a úsáidfear ar lá na trialach. Ní chuirfear an tástáil ar réamhriachtanais theicniúla san áireamh sa tástáil. Cuirfidh sé ar do chumas cur amach a fháil ar an bhfeidhmchlár agus ar conas é a úsáid.

Ní mór gach bogearra frithvíreas ar an ríomhaire deisce nó glúine a bheith díghníomhachtaithe le linn na trialach.

Má bhíonn fadhb theicniúil agat ag céim ar bith den chomórtas/nós imeachta roghnúcháin, cuir an tAonad um Roghnú Tallainne ar an eolas trí do chuntas Apply4EP, agus sonraigh go soiléir uimhir agus teideal an chomórtais/an nós imeachta agus an fhadhb a bhí ann, chun go mbeimid in ann an tsaincheist a fhiosrú agus bearta ceartaitheacha a dhéanamh más gá.

Lá na trialach: Le linn na trialach, déan gach beart is gá chun nach mbeidh ort do ríomhaire a fhágáil. Tá tuilleadh eolais faoin gcaoi a ndéanfar an triail agus faoina bhfuil le déanamh le linn na trialach le fáil san eolas a sheolfar chugat in éineacht leis an litir chuiridh chun na trialach.

Má tharlaíonn fadhb le linn na trialach, déan teagmháil láithreach leis an soláthraí seirbhísí ar an teileafón ag + 33 176411488 ionas gur féidir an fhadhb a réiteach agus leanúint ar aghaidh le do thriail.

Más rud é nach ndéantar na trialacha go léir, ní mharcálfar iad.

Ní féidir an triail scríofa (nó an tástáil MCQ) ar líne a dhéanamh ach amháin ar an dáta agus am a bheidh sonraithe sa chuireadh chun na dtrialacha. Mura bhfuil tú in ann triail a dhéanamh, ní bheidh deis eile agat í a dhéanamh.

Fiú má tá na trialacha ar siúl ar an lá céanna, ar chúiseanna eagrúcháin, marcálfar na trialacha sin san ord ina luaitear iad san fhógra. Mura mbaineann iarrthóir amach an marc íosta atá riachtanach i gceann de na tástálacha/na trialacha, ní mharcálfaidh an bord roghnúcháin an triail ina dhiaidh sin.

2.5.   Liosta d’iarrthóirí oiriúnacha

Poibleofar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha ar a mbeidh ainmneacha na n-iarrthóirí a roghnaíodh.

Is ionann ainm iarrthóra a bheith ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha agus go bhféadfaidh ceann de sheirbhísí na hinstitiúide cuireadh chun agallaimh a thabhairt don duine sin, ach ní hionann é sin agus ceart ná ráthaíocht go ndéanfaidh an institiúid an t-iarrthóir sin a earcú.

3.   CONAS IARRATAS A DHÉANAMH?

3.1.   Forálacha ginearálta

Sula ndéanfaidh tú iarratas, ní mór duit a sheiceáil go cúramach go gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta go léir, trí aird a thabhairt ar an bhfógra agus ar an treoir seo agus trí ghlacadh leis na téarmaí.

Cuireann Parlaimint na hEorpa ardán ar líne, Apply4EP, ar fáil ar féidir cur isteach ar a comórtais/nósanna imeachta roghnúcháin air. Is féidir rochtain a fháil ar an ardán ag an seoladh seo a leanas: https://apply4ep.gestmax.eu. Chun cuntas a chruthú ar Apply4EP, cliceáil ar an táb “Déan iarratas ar líne” atá le fáil ag deireadh an fhógra a dteastaíonn uait iarratas a dhéanamh ina leith agus lean na treoracha.

Ní féidir leat ach aon chuntas uathúil amháin a chruthú. Is féidir leat, áfach, na sonraí pearsanta atá cláraithe agat a mhodhnú chun an fhaisnéis a bhaineann leat a thabhairt cothrom le dáta.

Nóta tábhachtach: Má fhágann tú an leathanach gan é a shábháil agus gan d’fhoirm iarratais a bheith tugtha chun críche agat, nó má théann do sheisiún Apply4EP in éag (am uasta 120 nóiméad), caillfidh tú an fhaisnéis ar fad atá curtha suas agat agus beidh ort gach rud a dhéanamh arís. Bíodh na doiciméid tacaíochta go léir atá le cur i gceangal le do chomhad iarratais ullmhaithe agat roimh ré.

Beidh ort an fhoirm iarratais a chomhlánú ar líne agus gach doiciméad tacaíochta a éilítear a chur i gceangal leis an iarratas, agus is fearr é má bhíonn na doiciméid tacaíochta sin i bhformáid PDF. Beidh ort a chruthú go gcomhlíonann tú na coinníollacha ar fad atá leagtha amach san fhógra, rud a chuirfidh ar chumas an bhoird roghnúcháin cruinneas na sonraí a sheiceáil. Is fútsa atá sé doiciméid inléite a chur ar fáil.

Ní bheidh sé indéanta a thuilleadh iarratas a dhéanamh i ndiaidh an dáta agus am deiridh don chomórtas a leagtar síos san fhógra. Moltar go láidir gan fanacht go dtí an lá deireanach sula gcuirtear iarratas isteach. Ní fhéadfar Parlaimint na hEorpa a chur faoi dhliteanas i gcás fadhbanna teicniúla ag an nóiméad deireanach a d’fhéadfadh tarlú de dheasca ró-ualú ar an gcóras.

Ní ghlacfaidh an tAonad um Roghnú Tallainne le hiarratais a chur isteach trí lámhsheachadadh.

Má tá tú faoi mhíchumas nó i gcúinsí ar leith a d’fhágfadh go bhféadfadh deacrachtaí a bheith agat le linn na dtrialacha (e.g. a bheith torrach nó leanbh agat atá fós á chothú ar an gcíoch, nó mar gheall go bhfuil fadhbanna sláinte agat nó go bhfuil tú faoi chóir dochtúra, etc.), ní foláir duit an méid sin a thabhairt le fios san fhoirm iarratais agus aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar ionas go mbeidh an fhoireann riaracháin in ann, más féidir, bearta a ghlacadh a mhéid a mheastar a bheith réasúnach. Más amhlaidh an cás, ba cheart duit aon socruithe speisialta a mheasann tú a bheith riachtanach chun do rannpháirtíocht sna trialacha a éascú a lua san fhoirm iarratais. Tabhair do d’aire, chun go gcuirfear d’éileamh ar shocruithe speisialta san áireamh, go n-iarrtar ort deimhniú ó d’údarás náisiúnta nó teastas leighis a sheoladh le d’iarratas. Déanfar na doiciméid tacaíochta a scrúdú ionas go bhféadfar socruithe réasúnacha a dhéanamh chun freastal ar do riachtanais.

3.2.   Cén chaoi ar cheart comhad iarratais comhlánaithe a chur isteach?

(1)

Déan iarratas ar líne trí dhul chuig an nasc san fhógra agus comhlánaigh na céimeanna uile go cruinn cúramach. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit cuntas AMHÁIN a bheith agat ar ardán Apply4EP, ar féidir leat é a chruthú trí chliceáil ar “Déan iarratas ar líne”.

(2)

Déan na doiciméid tacaíochta riachtanacha go léir a chur i gceangal leis an iarratas, agus is fearr iad a bheith tiontaithe go dtí formáid PDF. Is fútsa atá sé doiciméid inléite a chur ar fáil. Ceadaítear doiciméid a uaslódáil chuig ardán APPLY4EP ar uasmhéid de 5 MB in aghaidh an doiciméid.

(3)

Déan d’iarratas a bhailíochtú trí na treoracha san fheidhmchlár a leanúint, agus bíodh sé sin déanta agat faoin dáta deiridh atá leagtha síos san fhógra. Déan deimhin de go mbeidh an comhad iarratais comhlánaithe go cuí agat agus go mbeidh na doiciméid tacaíochta riachtanacha ar fad ag gabháil leis sula gcuirfidh tú isteach é. A luaithe a bheidh sé bailíochtaithe, ní bheidh tú in ann aon athruithe a dhéanamh ar an gcomhad iarratais ná ní bheidh tú in ann aon doiciméad eile a chur leis.

3.3.   Cad iad na doiciméid tacaíochta nach mór a chur i gceangal leis an iarratas?

3.3.1.   Forálacha ginearálta

Ní gá gur cóipeanna deimhnithe a bheadh sna doiciméid a uaslódálfaidh tú le d’iarratas ar líne, agus is fearr é má bhíonn na doiciméid sin i bhformáid PDF.

Ní doiciméid tacaíochta bhailí iad tagairtí do shuíomhanna gréasáin ná do na cuntais shóisialta.

Ní mheasfar gur deimhniúcháin iad asphriontaí de leathanaigh as suíomhanna gréasáin, ach féadfar iad a chur i gceangal mar fhaisnéis bhreise agus chun na críche sin amháin.

Ní mheastar gurb ionann curriculum vitae agus doiciméad tacaíochta le haghaidh taithí ghairmiúil, céim/céimeanna nó dioplómaí nó, i gcás inarb ábhartha, eolas ar theangacha.

Agus tú ag tiomsú do chomhaid iarratais, ní fhéadfaidh tú tagairt a dhéanamh do dhoiciméid, do chomhaid iarratais ná do dhoiciméid eile a uaslódáladh mar chuid d’iarratas a rinneadh roimhe seo.

3.3.2.   Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha ginearálta á gcomhlíonadh

Ní iarrtar doiciméad ar bith ag an bpointe seo chun a chruthú:

go bhfuil tú i do náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh,

go bhfuil do lánchearta mar shaoránach á dteachtadh agat;

go bhfuil do dhualgais comhlíonta agat i ndáil leis na hoibleagáidí seirbhíse míleata is infheidhme de réir dlí;

go bhfuil na teistiméireachtaí carachtair agat is iomchuí chun na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh;

go bhfuil an t-eolas ar theangacha agat atá luaite sa chomhad iarratais, seachas sna cásanna sonracha a luaitear go sainráite san fhógra.

Ní mór duit tic a chur sa bhosca “Dearbhú ar onóir”. Leis sin, dearbhaíonn tú ar d’onóir go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh agat agus go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agat fíor agus iomlán. Iarrfar ort na doiciméid sin a chur ar fáil nuair a dhéanfar tú a earcú.

3.3.3.   Doiciméid tacaíochta a chruthaíonn go bhfuil na coinníollacha ginearálta á gcomhlíonadh

Tá ort an fhaisnéis go léir agus na doiciméid uile a sholáthar don bhord roghnúcháin a chuirfidh ar chumas an bhoird sin beachtas na faisnéise atá tugtha sa chomhad iarratais a dheimhniú.

Dioplómaí/céimeanna agus/nó teastais lena ndeimhnítear gur bhain na hiarrthóirí cáilíocht amach i gcúrsa léinn

Ní foláir duit cóip de na dioplómaí nó teastais oideachais meánscoile, dioplómaí/céimeanna ollscoile nó teastais atá agat lena ndeimhnítear gur bhain tú cáilíocht amach i gcúrsa léinn ar an leibhéal a éilítear san fhógra a chur ar fáil le d’iarratas ar líne agus is fearr é má bhíonn na doiciméid sin i bhformáid PDF. Is fútsa atá sé doiciméid inléite a chur ar fáil.

Tabharfaidh an bord roghnúcháin aird, i ndáil leis sin, ar chórais dhifriúla oideachais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II den treoir seo). Má fuair tú dioplóma/céim i dtríú tír, ní mór go mbeadh dearbhú coibhéise ag gabháil leis/léi, ar dearbhú é arna sholáthar ag údarás inniúil i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh.

Maidir le dioplómaí/céimeanna tríú leibhéal, ní foláir an fhaisnéis is mionsonraithe agus is féidir a chur ar fáil, go háirithe maidir leis na hábhair a ndearnadh staidéar orthu agus an tréimhse a mhair na cúrsaí, ionas go mbeidh ar chumas an bhoird roghnúcháin a mheas cé chomh hábhartha do chúraimí an phoist atá na dioplómaí/céimeanna sin.

Maidir le hoiliúint theicniúil nó ghairmiúil, cúrsaí breisoideachais nó speisialtóireachta, ní foláir duit a chur in iúl an cúrsaí lánaimseartha, cúrsaí páirtaimseartha nó ranganna oíche a bhí i gceist leo, agus na hábhair a rinneadh, mar aon le fad oifigiúil na gcúrsaí. Iarrtar ort an fhaisnéis sin ar fad a uaslódáil in aon doiciméad amháin agus is fearr é má bhíonn sé i bhformáid PDF.

Taithí ghairmiúil

Más rud é go n-éilítear taithí ghairmiúil san fhógra folúntais, ní chuirfear san áireamh ach amháin an taithí ghairmiúil atá faighte ag an iarrthóir i ndiaidh dó nó di an chéim/dioplóma nó an cháilíocht léinn is gá a bhaint amach. Ní foláir cruthúnas a bheith sna doiciméid tacaíochta de thréimhse agus leibhéal na taithí gairmiúla agus ní mór an cineál cúraimí a cuireadh i gcrích a thabhairt chomh mionsonraithe agus is féidir ionas go mbeidh ar chumas an choiste roghnúcháin a mheas cé chomh hábhartha do chúraimí an phoist atá an taithí ghairmiúil sin. Má tá níos mó ná doiciméad amháin agat don taithí ghairmiúil chéanna, beidh ort iad sin a uaslódáil mar aon doiciméad amháin. Ceadaítear doiciméid a uaslódáil chuig ardán APPLY4EP ar uasmhéid de 5 MB in aghaidh an doiciméid.

Ní foláir go mbeadh doiciméad tacaíochta ann le aghaidh gach tréimhse d’obair ghairmiúil lena mbaineann, mar shampla:

deimhniúcháin ó iarfhostóirí agus ón bhfostóir reatha lena ndeimhnítear an taithí ghairmiúil a éilítear chun cur isteach ar an gcomórtas/nós imeachta roghnúcháin;

más rud é, ar chúiseanna rúndachta, nach féidir leis na hiarrthóirí na deimhniúcháin sin a chur i gceangal leis an iarratas, tá sé ríthábhachtach, ina n-ionad sin, go ndéantar fótachóip den chonradh oibre nó den litir earcaíochta agus den chéad duillín pá agus den duillín pá deiridh agus go ndéantar leagan leictreonach den fhótachóip sin a chur i gceangal leis an iarratas;

i gcás nach thar ceann fostóra a rinneadh an obair ghairmiúil (duine féinfhostaithe, duine a ghabhann le saorghairmeacha etc.), glacfar mar chruthúnas le sonraisc ina dtugtar mionsonraí faoi na seirbhísí a soláthraíodh nó le haon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile atá ábhartha.

Eolas ar theangacha

I gcás phróifíl na dteangeolaithe, agus má éilítear é san fhógra, beidh ort cruthúnas a chur ar fáil maidir leis an tríú teanga agus an ceathrú teanga, atá ar cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus leibhéal an eolais ar an teanga á shonrú agat.

Foirm Dhearbhúcháin

Más gá duit dearbhú a líonadh isteach san fhógra, ní mór é a íoslódáil, agus é comhlánaithe go cuí, sa réimse “Dearbhú” a chuirtear ar fáil chun na críche sin agus an fhoirm iarratais ar líne á cur isteach, i gcomhréir leis an bhfógra. Tabhair do d’aire go bhfágann easpa dearbhaithe den sórt sin, nó dearbhú neamhiomlán a bheith curtha isteach, nach bhfuil an t-iarratas inghlactha.

4.   DÍCHÁILIÚ

Tá an baol ann go ndícháileofar thú ag céim ar bith de chomórtas/nós imeachta roghnúcháin más rud é:

gur chruthaigh tú níos mó ná aon chuntas amháin,

go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhuithe gan doiciméid tacaíochta iomchuí a bheith ann dóibh,

nár fhreastail tú ar cheann amháin nó níos mó de na trialacha,

go ndearna tú séitéireacht le linn na dtrialacha,

go ndearna tú iarracht dul i dteagmháil le comhalta den bhord comórtais ar bhealach neamh-údaraithe,

go ndearna do shíniú nó marc suaithinseach a chur ar na trialacha scríofa nó praiticiúla a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo,

nár chloígh tú leis na treoracha a tugadh maidir leis na trialacha ar líne.

Ní mór do gach iarrthóir i gcomórtas ardleibhéal iontaofachta a léiriú. Déanfar pionóis a fhorchur i dtaca le haon chalaois nó iarracht ar chalaois.

5.   CUMARSÁID

I bhfianaise na freagrachta atá ort, ní foláir duit gach cúram a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil an clárú ar líne comhlánaithe go cuí, go bhfuil gach doiciméad tacaíochta a éilítear curtha i gceangal leis an iarratas agus go bhfuil an t-iarratas bailíochtaithe in Apply4EP roimh an dáta deiridh chun iarratas a dhéanamh faoi mar a leagtar síos san fhógra.

Tabharfar deimhniú ar gach iarratas a dhéantar trí Apply4EP trí theachtaireacht ríomhphoist ina luafar go bhfuil an clárú déanta. Seiceáil d’fhillteán turscair, le do thoil.

Ní bhreithneofar ach na hiarratais a chuirtear isteach ar Apply4EP. Dá réir sin, is saothar in aisce é iarratas a chur isteach tríd an bpost, bíodh an litir sin cláraithe nó ná bíodh. Ní ghlacfaidh an tAonad um Roghnú Tallainne le hiarratais a chuirfear isteach trí lámhsheachadadh.

Is ar an Aonad um Roghnú Tallainne atá an cúram déileáil le gach comhfhreagras leis na hiarrthóirí go dtí go mbeidh an comórtas/an nós imeachta roghnúcháin críochnaithe.

Déanfar an comhfhreagras go léir ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcomórtas/nós imeachta roghnúcháin, lena n-áirítear cuireadh chun na dtrialacha agus cur in iúl na dtorthaí, a sheoladh le ríomhphost chuig na hiarrthóirí ag an seoladh a thugtar sa chomhad iarratais ar líne ar Apply4EP. Is faoi na hiarrthóirí atá sé seiceáil rialta a dhéanamh ar a ríomhphoist agus a sonraí pearsanta ar a gcuntas Apply4EP a choimeád cothrom le dáta.

Iarrtar ar na hiarrthóirí gan glaoch a chur ar an Aonad um Roghnú Tallainne agus a gceisteanna a sheoladh trí fhreagra a thabhairt ar an ríomhphost deimhniúcháin a seoladh nuair a chuireann siad iarratas isteach ar líne.

Iarrthóirí nach bhfuil cuntas Apply4EP acu go fóill nó a bhfuil fadhbanna teicniúla acu, iarrtar orthu scríobh chuig: PERS-APPLY4EPContacts@europarl.europa.eu.

Chun a áirithiú go mbeidh an bord roghnúcháin neamhspleách, tá toirmeasc ar na hiarrthóirí i gcúinse ar bith aon teagmháil a dhéanamh leis, go díreach nó go hindíreach, agus má dhéanann siad é sin d’fhéadfaí iad a dhícháiliú.

6.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

6.1.   Comhionannas deiseanna

Glacann Parlaimint na hEorpa fíorchúram chun gach cineál idirdhealaithe a sheachaint le linn an nós imeachta roghnúcháin.

Is fostóir comhionannais deiseanna í agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath craicinn, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith i do dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.

6.2.   Iarrataí ó iarrthóirí ar fhaisnéis a bhaineann leo a rochtain

I gcomhthéacs comórtas agus nósanna imeachta roghnúcháin, tá ceart sonrach ag na hiarrthóirí faisnéis áirithe a bhaineann leo go díreach agus go leithleach a rochtain, faoi réir na gcoinníollacha a dtugtar tuairisc anseo thíos orthu. De bhua an chirt sin, féadfaidh Parlaimint na hEorpa an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar d’iarrthóirí arna iarraidh sin dóibh:

(a)

má dhéantar foráil maidir le triail QCM ar ríomhaire san fhógr, féadfaidh iarrthóirí nár éirigh leo sa tástáil MCQ tábla ina bhfuil a gcuid freagraí chomh maith le tábla ina bhfuil na freagraí cearta a fháil. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a seoladh an teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra don iarrthóir faoin gcinneadh tríd an gcuntas Apply4EP.

(b)

má dhéantar foráil san fhógra maidir le céim measúnaithe ar cháilíochtaí, beidh na hiarrthóirí nár glacadh leo chun na dtrialacha in ann cóip a fháil dá mbileog measúnaithe ar a gcáilíochtaí. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a seoladh an teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra don iarrthóir faoin gcinneadh tríd an gcuntas Apply4EP.

(c)

má dhéantar foráil maidir le triail nó trialacha scríofa san fhógra, iarrthóirí nach bhfuair pas sa triail scríofa nó sna trialacha scríofa nó nár tugadh cuireadh dóibh na trialacha cainte a dhéanamh, féadfaidh siad cóip gan mharcáil den triail scríofa nó de na trialacha scríofa a fháil mar aon le cóip dá mbileog nó dá mbileoga measúnaithe aonair, agus, i gcás inarb iomchuí, de réir an nós imeachta, na marcanna a bronnadh orthu in aghaidh na ceiste i roinn na meastóireachta tallainne (Scagaire Tallainne)/de réir chritéir an mheasúnaithe ar cháilíochtaí. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh d’aon mhí amháin ón dáta a seoladh an teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra don iarrthóir faoin gcinneadh tríd an gcuntas Apply4EP.

(d)

i gcás iarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na dtrialacha cainte dóibh agus nár cuireadh a n-ainm ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, ní chuirfear na marcanna a fuair siad sna trialacha éagsúla in iúl dóibh go dtí go mbeidh an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha tarraingthe suas ag ag an mbord roghnúcháin. Arna iarraidh sin dóibh, beidh siad in ann cóip gan mharcáil a fháil dá dtriail scríofa nó dá dtrialacha scríofa, agus, i gcás gach ceann de na trialacha, bíodh sí ina triail scríofa nó cainte, cóip dá mbileoga measúnaithe aonair agus, i gcás inarb iomchuí, de réir an nós imeachta, na pointí a bronnadh orthu in aghaidh na ceiste i roinn na meastóireachta tallainne (Scagaire Tallainne)/de réir chritéir an mheasúnaithe ar cháilíochtaí. Ní foláir aon iarraidh a dhéanamh laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a seoladh teachtaireacht ríomhphoist ag tabhairt fógra d’iarrthóirí faoin gcinneadh gan iad a chur ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha tríd an gcuntas Apply4EP.

(e)

i gcás iarrthóirí a bheidh ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha, cuirfear in iúl dóibh gur iarrthóirí iad ar éirigh leo sa chomórtas/nós imeachta roghnúcháin. Mar sin féin, féadfaidh na hiarrthóirí sin iarraidh ar rochtain a chur isteach i gcomhréir le pointí a), b), c) agus d) thuas.

Ní mór próiseáil iarrataí den sórt sin a réiteach le rúndacht obair an bhoird roghnúcháin amhail dá bhforáiltear i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (Iarscríbhinn III, Airteagal 6), lena gcuirtear bac ar thuairimí an bhoird roghnúcháin a nochtadh ná ar aon fhaisnéis a bhaineann le meastóireachtaí ar iarrthóirí aonair nó le meastóireachtaí ina gcuirtear iarrthóirí i gcomparáid lena chéile a nochtadh. Déantar iarrataí den sórt sin a phróiseáil freisin i gcomhréir leis na rialacha maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. Féachfaidh an Pharlaimint, le freagairt d’iarrataí ar rochtain laistigh de 1 mhí amháin ón iarraidh a fháil.

6.3.   Cosaint sonraí pearsanta

Déanann Parlaimint na hEorpa, ina cáil mar an comhlacht atá freagrach as eagrú nósanna imeachta roghnúcháin, a áirithiú go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarrthóirí i ndlúthchomhlíonadh Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), go sonrach a mhéid a bhaineann le rúndacht agus slándáil na sonraí sin.

6.4.   Speansais taistil agus chothaithe i gcás trialacha a eagraítear i bpearsa

Déanfar ranníocaíocht i dtreo speansais taistil agus chothaithe na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh chun na dtrialacha dóibh i gcás trialacha a eagraítear i bpearsa. Déanfar mionsonraí faoin gcomórtas agus na rátaí is infheidhme a thabhairt sa teachtaireacht lena dtugtar cuireadh don iarrthóir chun na dtrialacha.

Glacfar leis gurb é an seoladh a thabharfaidh an t-iarrthóir san fhoirm iarratais an áit óna bhfágfaidh an t-iarrthóir le dul chuig an áit ina n-iarrfar air nó uirthi na trialacha a dhéanamh. I ndáil leis sin, ní fhéadfar aird a thabhairt ar athrú ar an seoladh a chuirfidh an t-iarrthóir in iúl tar éis do Pharlaimint na hEorpa cuirí chun na dtrialacha a sheoladh, ach amháin sa chás go measann an Pharlaimint go bhfuil force majeure i gceist nó gur cás é atá go hiomlán eisceachtúil.

7.   IARRATAÍ AR ATHBHREITHNIÚ — GEARÁIN AGUS ACHOMHAIRC – GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH

Tá faisnéis maidir le hiarrataí ar athbhreithniú, achomhairc agus gearáin chuig an Ombudsman Eorpach in Iarscríbhinn III den treoir seo.


(1)  Chun críocha an doiciméid seo, tagraíonn an téarma “bord roghnúcháin” d’aon chineál coiste roghnúcháin agus do gach cineál giúiré. I gcomhthéacs comórtais, is giúiré é. I gcomhthéacs nós imeachta roghnúcháin„ is bord roghnúcháin é.

(2)  IO 45, 14.6.1962, lch. 1385 /62. Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20230101

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

IARSCRÍBHINN I

Treoir tháscach de cháilíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh lenar féidir cur isteach ar chomórtais don Fheidhmghrúpa AD (1) (arna meas ar bhonn cás ar chás)

TÍR

Cúrsa ollscoile a mhaireann ceithre bliana ar a laghad

Cúrsa ollscoile a mhaireann trí bliana ar a laghad

Belgique – België – Belgien

Licence/Licentiaat/Diplôme d’études approfondies (DEA)/Diplôme d’études spécialisées (DES)/Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS)/Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)/Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)/Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation de l’enseignement secondaire supérieur (AESS)/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrïeel ingenieur/Master — 60/120 ECTS/Master complémentaire — 60 ECTS ou plus

Agrégation de l’enseignement secondaire supérieur (AESS) — 30 ECTS

Doctorat/Doctoraal Diploma

Bachelor académique (dit “de transition”) – 180 ECTS

Academisch gerichte Bachelor – 180 ECTS

България

Диплома за висше образование Бакалавър — 240 ECTS/Магистър — 300 ECTS/Доктор

Магистър след Бакалавър — 60 ECTS/Магистър след Професионален бакалавър по … — 120 ECTS

 

Česká republika

Diplom o ukončení vysokoškolského studia/Magistr/Doktor

Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář)

Danmark

Kandidatgrad/Candidatus/Master/Magistergrad (Mag.Art)/Licenciatgrad/Ph.d.-grad

Bachelorgrad (B.A or B. Sc)/Professionsbachelorgrad/Diplomingeniør

Deutschland

Master (alle Hochschulen)/Diplom (Univ.)/Magister/Staatsexamen/Doktorgrad

Bachelor/Fachhochschulabschluss (FH)

Staatsexamen (Regelstudienzeit 3 Jahre)

Eesti

Rakenduskõrghariduse diplom Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)/Magistrikraad/Arstikraad/Hambaarstikraad/Loomaarstikraad/Filosoofiadoktor/Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)/Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Céim Onórach Bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS) Honours Bachelor Degree (4 years/240 ECTS)/Céim Ollscoile University Degree/

Céim Mháistir (60-120 ECTS) Masters Degree (60-120 ECTS)/Céim Dochtúra Doctorate

Céim Onórach Bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B. Eng) Honours Bachelor Degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B. Eng)

Ελλάδα

Πτυχίο (ΑΕΙ πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ υποχρεωτικής τετραετούς φοίτησης) 4 χρόνια (1ος κύκλος)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

 

España

Licenciado/Ingeniero/Arquitecto/Graduado/Máster Universitario/Doctor

Diplomado/Ingeniero técnico

Arquitecto técnico/Maestro

France

Maîtrise/MST (maîtrise des sciences et techniques)/MSG (maîtrise des sciences de gestion)

DEST (diplôme d’études supérieures techniques)/DRT (diplôme de recherche technologique)

DESS (diplôme d’études supérieures spécialisées)/DEA (diplôme d’études approfondies)

Master 1/Master 2 professionnel/Master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles/Diplôme d’ingénieur/Doctorat

Licence

Italia

Diploma di Laurea (DL) — da 4 a 6 anni/Laurea specialistica (LS)/Laurea magistrale (LM)/Master universitario di primo livello/Master universitario di secondo livello/Diploma di Specializzazione (DS)/Dottorato di ricerca (DR)

Diploma universitario (3 anni)/Diploma di Scuola diretta a fini speciali (3 anni)/Laurea — L180 crediti

Κύπρος

Πανεπιστημιακό Πτυχíο/Bachelor

Master/Doctorat

 

Latvija

Bakalaura diploms (160 kredīti)/Profesionālā bakalaura diploms/Maģistra diploms/Profesionālā maģistra diploms/Doktora grāds

Bakalaura diploms (min. 120 kredīti)

Lietuva

Aukštojo mokslo diplomas/Bakalauro diplomas/Magistro diplomas/Daktaro diplomas/Meno licenciato diplomas

Profesinio bakalauro diplomas Aukštojo mokslo diplomas

Luxembourg

Master/Diplôme d’ingénieur industriel/DESS en droit européen

Bachelor/Diplôme d’ingénieur technicien

Magyarország

Egyetemi oklevél/Alapfokozat – 240 kredit/Mesterfokozat/Doktori fokozat

Főiskolai oklevél/Alapfokozat – 180 kredit vagy annál több

Malta

Bachelor’s degree/Master of Arts/Doctorate

Bachelor’s degree

Nederland

HBO Bachelor degree

HBO/WO Master’s degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Bachelor (WO)

Österreich

Master Magister/Magistra

Magister/Magistra (FH)

Diplom-Ingenieur/in

Diplom-Ingenieur/in (FH)

Doktor/in

PhD

Bachelor

Bakkalaureus/Bakkalaurea

Bakkalaureus/Bakkalaurea (FH)

Polska

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Licencjat/Inżynier

Portugal

Licenciado/Mestre/Doutor

Bacharel/Licenciado

Republika Hrvatska

Baccalaureus/Baccalaurea (Sveučilišni Prvostupnik/Prvostupnica)

Stručni Specijalist

Master degree (magistar struke) 300 kredit min

magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing).

Doktor struke/Doktor umjetnosti

Baccalaureus/Baccalaurea (Sveučilišni Prvostupnik/Prvostupnica)

România

Diplomă de Licenţă/Diplomă de inginer/Diplomă de urbanist/Diplomă de Master/Diplomă de Studii Aprofundate/Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)/Diplomă de doctor

Diplomă de Licență

Slovenija

Univerzitetna diploma/Magisterij/Specializacija/Doktorat

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Slovensko

diplom o ukončení vysokoškolského štúdia/bakalár (Bc.)/magister magister/inžinier/ArtD

diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (bakalár)

Suomi/

Finland

Maisterin tutkinto — Magister-examen

Ammattikorkeakoulututkinto — Yrkeshögskoleexamen (min 160 opintoviikkoa — studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen — antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen/Lisensiaatti/Licentiat

Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto -

Yrkeshögskoleexamen (min 120 opintoviikkoa — studieveckor)

Sverige

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)/Licentiatexamen/Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå: Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng/Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå: Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng/Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå:

Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

United Kingdom

Honours Bachelor degree/Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)/Doctorate

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

 

NOTE:

UK diplomas awarded in 2020 (until 31 December 2020) are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State.


(1)  Déantar daoine a fhostú ar ghráid 7 go 16 de ghrúpa feidhme AD faoin gcoinníoll breise go bhfuil taithí ghairmiúil iomchuí de bhliain amháin ar a laghad acu.

IARSCRÍBHINN II

Treoir tháscach de cháilíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh lenar féidir cur isteach ar chomórtais don Fheidhmghrúpa AST (1) (arna meas ar bhonn cás ar chás)

TÍR

Leibhéal iar-bhunoideachais (lena dtugtar rochtain ar oideachas tríú leibhéal)

Leibhéal ardoideachais (leibhéal breisoideachais neamh-ollscolaíochta nó cúrsa gearr ollscoile a mhaireann dhá bhliain ar a laghad)

Belgique – België – Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs/Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs/Diplôme d’enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature – Kandidaat

Graduat – Gegradueerde

Bachelier (dit “professionnalisant” ou de “type court”)/Professioneel gerichte Bachelor — 180 ECTS

България

Диплома за средно образование/Свидетелство за зрелост/Диплома/Диплома за завършено средно образование/Диплома за средно специално образование

Специалист по …

Česká republika

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Danmark

Bevis for: Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)/Højere Handelseksamen (HHX)/Højere Afgangseksamen (HA)/Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser = Bevis for = Eksamensbevis som (erhversakademiuddannelse AK)

Deutschland

Allgemeine Hochschulreife/Abitur/Fachgebundene Hochschulreife/Fachhochschulreife/Hochschulzugang für beruflich Qualifizierte

 

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht Grád D3 i 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects/Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta/National Certificate/

Céim Bhaitsiléara/Ordinary Bachelor Degree Dioplóma Náisiúnta (ND, Dip.)/National Diploma (ND, Dip.)/Dámhachtain Ardteastas Ardoideachais (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS)

Ελλάδα

α) Απολυτήριο Γενικού Λυκείου

β) Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

γ) Απολυτήριο Τεχνικού — Επαγγελματικού Λυκείου

δ) Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου/Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου/Απολυτήριο Γενικού Λυκείου/Απολυτήριο Επαγγελματικού Λυκείου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ)

España

Bachillerato Unificado y Polivalente (BUP) + Curso de Orientación Universitaria (COU)/Bachillerato

Técnico superior/Técnico especialista

France

Baccalauréat/Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU)/Brevet de technicien

Diplôme d’études universitaires générales (DEUG)/Brevet de technicien supérieur (BTS)/Diplôme universitaire de technologie (DUT)/Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Italia

Diploma di scuola secondaria superiore (diploma di maturità o esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore)

Certificato di specializzazione tecnica superiore/attestato di competenza (4 semestri) Diploma di istruzione e formazione tecnica superiore (IFTS)/Diploma di istruzione tecnica superiore (ITS) Diploma universitario (2 anni)

Diploma di Scuola diretta a fini speciali (2 anni)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)/Higher Diploma

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

Brevet de technicien supérieur (BTS)/Brevet de maîtrise/Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)/Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány/Szakközép-iskolai érettségiképesítő bizonyítvány/Érettségi bizonyítvány

Bizonyítvány felsőfokú szakképesítésről

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)/Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including systems of knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5/

2 A Levels (passes A-E) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Nederland

Diploma VWO/Diploma staatsexamen (2 diploma’s)/Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO)/Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife-und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom

Akademiediplom

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Portugal

Diploma de Ensino Secundário/Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Republika Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o zavrsnom ispitu

Associate degree

Graduate specialist

Stručni Pristupnik/Pristupnica

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire (Colegiu universitar) învățamânt preuniversitar

Slovenija

Maturitetno spričevalo (Spričevalo o poklicni maturi) (Spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Slovensko

vysvedčenie o maturitnej skúške

absolventský diplom

Suomi/

Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning (Betyg över avlagd yrkesexamen på andra stadiet)

Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto — Yrkesexamen på institutnivå

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1– 3 år

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, A level (VCE A level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ) and Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

 

NOTE:

UK diplomas awarded in 2020 (until 31 December 2020) are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State.


(1)  Déantar daoine a fhostú ar ghrúpa feidhme AST faoin gcoinníoll breise go bhfuil taithí ghairmiúil iomchuí de thrí bliana ar a laghad acu.

IARSCRÍBHINN III

Iarrataí ar athbhreithniú — Gearáin agus Achomhairc – Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

A.   Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh tú a iarraidh ar an mbord roghnúcháin athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí seo a leanas:

gan cead isteach a fháil sa chomórtas/nós imeachta roghnúcháin;

gan cuireadh a thabhairt duit chun trialach (scríofa nó cainte),

Ní féidir a iarraidh ar an mbord roghnúcháin athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh gan ainm iarrthóra a chur ar an liosta d’iarrthóirí oiriúnacha.

Ní mór iarrataí ar athbhreithniú a sheoladh trí do chuntas Apply4EP laistigh de 10 lá féilire ón dáta a seoladh an teachtaireacht ríomhphoist inar tugadh fógra i dtaobh chinneadh an bhoird roghnúcháin. Seolfar freagra chuig an duine lena mbaineann a luaithe agus is féidir.

Gabhfaidh cinneadh a ghlacfar tar éis iarraidh ar athbhreithniú ionad an chinnidh bunaidh. Dá bhrí sin, má chinneann iarrthóirí athbhreithniú ar chinneadh ón mbord roghnúcháin a thaisceadh, iarrtar orthu fanacht ar fhreagra an bhoird roghnúcháin sula ndéanfaidh siad, más gá, gearán nó achomharc breithiúnach a thaisceadh in aghaidh an chinnidh ar ábhar agóide dóibh é.

B.   Gearáin agus achomhairc bhreithiúnacha

Má mheasann tú gur cúis agóide duit cinneadh ón mbord roghnúcháin nó ón údarás ceapacháin, féadfaidh tú gearán a dhéanamh ag aon chéim den chomórtas/den nós imeachta roghnúcháin de bhun Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (1).

Ba cheart an gearán a sheoladh chuig:

An tArd-Rúnaí

Parlaimint na hEorpa

Foirgneamh Adenauer

L-2929 Lucsamburg

LUCSAMBURG

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhféadfaidh an tÚdarás Ceapacháin cinntí na mbord roghnúcháin i gcomórtais/nósanna imeachta roghnúcháin a leasú nó a neamhniú. Má theastaíonn uait cinneadh a dhéanann bord roghnúcháin a agóid, is féidir achomharc a thaisceadh go díreach le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh fiú amháin mura mbíonn gearán taiscthe cheana féin faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

Nuair a dhéanann tú agóid in aghaidh cinneadh de chuid an Údaráis Ceapacháin, ní féidir achomharc a thaisceadh le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh go dtí go mbeidh gearán curtha isteach agat.

Ní mór iarraidh ar achomharc breithiúnach a sheoladh chuig:

Tribunal de l’Union européenne

L-2925 Lucsamburg

LUCSAMBURG,

bunaithe ar Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

Ní fhéadfar achomharc chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach amháin trí dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte i mBallstát den Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Tosaíonn na tréimhsí ama a leagtar síos in Airteagail 90 agus 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a bhfuil feidhm acu maidir leis an dá chineál achomhairc, ón dáta a tugadh fógra den chinneadh bunaidh a bhfuil éifeacht dhíobhálach aige nó, sa chás gur iarraidh ar athbhreithniú atá i gceist, ón dáta a tugadh fógra i dtaobh chinneadh an choiste roghnúcháin tar éis an athbhreithnithe.

C.   Gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh

Féadfaidh iarrthóirí, mar shaoránaigh nó cónaitheoirí de chuid an Aontais Eorpaigh, gearán a chur faoi bhráid:

An tOmbudsman Eorpach

1 avenue du Président Robert Schuman

67001 STRASBOURG CEDEX

AN FHRAINC

faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa (2).

Tugtar dá n-aire do na hiarrthóirí nach bhfuil aon éifeacht fhionraitheach ag gearáin a dhéantar leis an Ombudsman ar an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne maidir le hachomhairc a thaisceadh le Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 228(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní fhiosraíonn an tOmbudsman gearáin i gcás ina bhfuil nó ina raibh na fíorais a líomhnaítear faoi réir imeachtaí dlíthiúla.

Ní dhéanfaidh iarraidh ar athbhreithniú, gearán, achomhairc ná gearán chuig an Ombudsman Eorpach aon chur isteach ar obair an bhoird roghnúcháin.


(1)  IO 45, 14.6.1962, lch. 1385 /62. Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20230101

(2)  Cinneadh 94/262/CEGC, EC, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994, lch. 15).


FOIRM DHEARBHÚCHÁIN

PE/281/S/FINS

Céadainm:

 

Sloinne:

 

Táim ag cur isteach ar an ngrád seo:

AD 9

AD 6

Toilím go bhféadfaí athshannadh a dhéanamh go dtí grád AD 6 i gcás nach gcomhlíonaim na critéir incháilitheachta do ghrád AD 9, ach go gcomhlíonaim na critéir incháilitheachta do ghrád AD 6.

Toilím

Ní thoilím

Táim ag cur isteach ar ghrád AD 6 agus tuigim nach bhfuil athshannadh chuig grád AD 9 indéanta, i gcomhréir leis an bhfógra comórtais.