ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 65

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
22 Feabhra 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 65/01

Rátaí malairte an euro — 21 Feabhra 2023

1

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

2023/C 65/02

Achoimre ar an Tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECShttps://edps.europa.eu)

2


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 65/03

Cinneadh an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil a dhúnadh tar éis don Bhallstát a fhógra a tharraingt siar — Státchabhair — An Pholainn (Airteagail 107 go 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) — Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 108(2) den CFAE – tarraingt siar an fhógra — SA.46981 2018/C (ex 2016/N) – An Pholainn - Ráta comhréidh cánach láimhdeachais san earnáil longthógála ( 1 )

4

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 65/04

Foilsiú iarratais i gcomhréir le hAirteagal 26, mír 2, de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

5

2023/C 65/05

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

12


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

22.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 65/1


Rátaí malairte an euro (1)

21 Feabhra 2023

(2023/C 65/01)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0664

JPY

yen na Seapáine

143,76

DKK

krone na Danmhairge

7,4456

GBP

punt steirling

0,87925

SEK

krona na Sualainne

11,0098

CHF

franc na hEilvéise

0,9853

ISK

króna na hÍoslainne

154,10

NOK

krone na hIorua

10,9468

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,730

HUF

forint na hUngáire

382,19

PLN

zloty na Polainne

4,7478

RON

leu na Rómáine

4,9188

TRY

lira na Tuirce

20,1223

AUD

dollar na hAstráile

1,5517

CAD

dollar Cheanada

1,4351

HKD

dollar Hong Cong

8,3645

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7092

SGD

dollar Shingeapór

1,4272

KRW

won na Cóiré Theas

1 387,03

ZAR

rand na hAfraice Theas

19,4579

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,3372

IDR

rupiah na hIndinéise

16 194,81

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7268

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,684

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,897

BRL

real na Brasaíle

5,5110

MXN

peso Mheicsiceo

19,6085

INR

rúipí na hIndia

88,2835


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

22.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 65/2


Achoimre ar an Tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM

(2023/C 65/02)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECShttps://edps.europa.eu)

An 7 Nollaig 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach an Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM (1).

Is é is aidhm don Togra comhchuibhiú íosta a bhaint amach ar dhlíthe náisiúnta maidir le struchtúir ilvótaí scaireanna cuideachtaí a liostaíonn ar mhargaí fáis cuideachtaí beaga agus meánmhéide, agus ag an am céanna solúbthacht leordhóthanach a fhágáil faoi na Ballstáit chun é a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tá an Togra mar chuid de phacáiste an Ghnímh um Liostú, ina bhfuil sraith beart chun margaí caipitil poiblí a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí AE agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú do FBManna.

Maidir le foilsiú sonraí pearsanta dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Togra, meabhraíonn MECS gur cheart go gcomhlíonfadh aon cheanglas sonraí pearsanta a fhoilsiú, chomh maith le soláthar a dhéanamh le dlí, na ceanglais eile a eascraíonn as an gCairt agus as RGCS (2), agus go háirithe nach mór dó cuspóir a bhaineann le leas an phobail a bhaint amach agus a bheith i gcomhréir leis an aidhm dhlisteanach atá á saothrú.

Ceistíonn MECS an bhfuil fíorghá le céannacht sealbhóirí scaireanna ilvótaí nó na ndaoine atá i dteideal cearta vótála a fheidhmiú thar a gceann nó céannacht sealbhóirí urrús a bhfuil cearta rialaithe speisialta acu a chur ar fáil don phobal i gcoitinne chun muinín infheisteoirí a neartú agus chun cinnteoireacht infheistíochta eolasach a éascú. In aon chás, measann MECS gur cheart cuspóir/cuspóirí a bhaineann le leas an phobail lena dtabharfaí údar maith le hinrochtaineacht phoiblí na sonraí sin a leagan amach go soiléir i dtéarmaí achtacháin an Togra. Ina theannta sin, molann MECS machnamh a dhéanamh ar shásra a chur ar fáil lena gceadófaí rochtain do pháirtithe atá in ann leas dlisteanach atá nasctha le cuspóirí an Togra a léiriú, mar chosaint chun a áirithiú go mbeadh rochtain ar na sonraí sin teoranta do chuspóirí a bhaineann le hinfheistíocht.

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 7 Nollaig 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach an Togra le haghaidh “Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM” (“an Togra”).

2.

Is é is cuspóir don Togra comhchuibhiú íosta a bhaint amach ar dhlíthe náisiúnta maidir le struchtúir ilvótaí scaireanna cuideachtaí a liostaíonn ar mhargaí fáis cuideachtaí beaga agus meánmhéide (“FBManna”), agus ag an am céanna dóthain solúbthachta a fhágáil faoi na Ballstáit chun é a chur chun feidhme.

3.

Tá an Togra mar chuid de phacáiste an Ghnímh um Liostáil, ina bhfuil sraith beart chun margaí caipitil poiblí a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí AE agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú do FBManna (3). Tá sé mar aidhm ag pacáiste an Ghnímh um Liostáil: (i) an t-ualach rialála a laghdú i gcás ina meastar go bhfuil sé iomarcach (i.e. i gcás ina bhféadfadh rialáil rannchuidiú le cosaint infheisteoirí/sláine margaidh ar bhealach níos costéifeachtúla do gheallsealbhóirí); agus (ii) an tsolúbthacht a thugtar faoi dhlí na gcuideachtaí do bhunaitheoirí/scairshealbhóirí rialaithe cuideachtaí a mhéadú chun rogha a dhéanamh conas cearta vótála a dháileadh tar éis scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála (4).

4.

Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 14 Nollaig 2022, de bhun Airteagal 42(1) de RCSAE (5). Is díol sásaimh do MECS an tagairt don chomhairliúchán seo in aithris 17 den Togra.

4.   CONCLÚIDÍ

16.

I bhfianaise an mhéid thuasluaite, déanann MECS na moltaí seo a leanas:

(1)

aithris a chur isteach lena ndeimhnítear infheidhmeacht RGCS maidir le próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar i gcomhthéacs an Togra;

(2)

an tagairt do “úinéireacht deiridh” in aithris 13 den Togra a scriosadh, ós rud é nach léirítear é sin leis an gcuspóir agus le hinneachar na faisnéise atá le soláthar;

(3)

an cuspóir/na cuspóirí a bhaineann le leas an phobail atá á saothrú a shonrú go soiléir, ar cuspóir nó cuspóirí iad a bheadh ina mbonn cirt le sonraí pearsanta a fhoilsiú agus rochtain phoiblí a thabhairt orthu i dtéarmaí achtacháin an Togra sa cháil sin;

(4)

féachaint an bhféadfaí foráil a dhéanamh maidir le sásra lena gceadófaí rochtain do pháirtithe atá in ann leas dlisteanach a léiriú atá nasctha le cuspóirí an Togra mar chosaint chun a áirithiú go mbeadh rochtain ar na sonraí sin teoranta do na cuspóirí a bhaineann le hinfheistíocht.

An Bhruiséil, 6 Feabhra 2023.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM (2022) 761 final.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(3)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/ip_22_7348.

(4)  COM (2022) 761 final, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

22.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 65/4


CINNEADH AN NÓS IMEACHTA IMSCRÚDAITHE FOIRMIÚIL A DHÚNADH TAR ÉIS DON BHALLSTÁT A FHÓGRA A THARRAINGT SIAR

Státchabhair — An Pholainn

(Airteagail 107 go 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh)

Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 108(2) den CFAE – tarraingt siar an fhógra

SA.46981 2018/C (ex 2016/N) – An Pholainn - Ráta comhréidh cánach láimhdeachais san earnáil longthógála

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 65/03)

Chinn an Coimisiún an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil faoi Airteagal 108(2) den CFAE, nós imeachta a tionscnaíodh an 15 Eanáir 2018 (1) i leith an bhirt thuasluaite, a dhúnadh, agus rinne sé é a thaifeadadh gur tharraing an Pholainn siar a fógra an 23 Márta 2021 agus nach saothróidh sí an tionscadal cabhrach sin a thuilleadh.


(1)  IO C 80, 2.32018, lch. 9.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

22.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 65/5


Foilsiú iarratais i gcomhréir le hAirteagal 26, mír 2, de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

(2023/C 65/04)

Leis an bhfoilseachán sin, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

DOICIMÉAD AONAIR

“CUBA”

PGI-CU-2768

Dáta cur i bhfeidhm: 8.4.2021

1.   Ainm nó ainmneacha atá le clárú:

Cuba

2.   An tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann an limistéar geografach:

Poblacht Chúba

3.   Cineál an Táisc Gheografaigh:

Tásc Geografach

4.   Catagóir nó catagóirí na dí biotáillí:

Rum [Catagóir 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/787]

5.   Tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí:

Deoch alcóil a tháirgtear as driogáití a fhaightear ó mholás a bhaintear as cána siúcra a fhástar agus a phróiseáiltear i gCúba agus meascáin driogáití den sórt sin a aosaítear i mbairillí darach báine. Tá cion ABV atá níos lú ná 96 % ag na driogáití a fuarthas.

Saintréithe príomha fisiciceimiceacha

Saintréithe

Íosmhéid

Uasmhéid

Eatánól, arna shloinneadh i % toirt ar 20 C.

37,5

41,0

Aigéadacht iomlán, arna sloinneadh i ngraim d’áigéad aicéiteach in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte.

2

100

Aildéid, arna sloinneadh i ngraim d’aicéataildéad in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte.

-

30

Eistir, arna sloinneadh i ngraim d’aicéatáit eitile in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte.

1

90

Ardalcóil, arna sloinneadh i ngraim d’ardalcóil in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte.

8

400

Meatánól, arna sloinneadh i ngraim d’aicéataildéad in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte.

-

10

Dath, arna shloinneadh in aonaid de dhlús optúil. Féadfar samplaí caighdeánacha a úsáid don tomhas seo.

-

1,3

I bhfianaise na saintréithe maidir lena ndearadh teicneolaíochta agus i bhfianaise go n-úsáidtear na boinn aosaithe go háirithe, is féidir le rumanna sa chatagóir “Breise” dul thar na huasmhéideanna a leagtar síos sna sonraíochtaí le laincis ar an uasmhéid meatánóil mar eisceacht.

Saintréithe orgánaileipteacha príomha

Cuma: Deoch thrédhearcach lonrach thathagach gan cáithníní ar fuaidreamh ar bith. Tá an réimse dath ó an-ghealómra go dtí dubhómra ag brath ar an tréimhse aosaithe.

Dea-bholadh: Dea-bholadh le déine alcóil íseal. Is iad na buaiceanna an coimpléasc torthaíoch agus an chothromaíocht sna dea-bholaithe atá i láthair sna chéad diográití agus na nótaí a fuarthas sa phróiseas aosaithe; Níl na dea-bholaithe adhmaid neamhfhorbartha na cinn is mó agus coinnítear ar bun an phróifíl chéadfach chomhtháite. Tá an chothromaíocht aramatach seo níos gaire do na chéad driogáití atá níos úire, luibheach agus beagán torthaíoch, sna rumaí bána, le nótaí aosaithe sna rumaí dorcha, fanaile torthaí triomaithe, cócó agus tobac.

Blas: Braistint phléisiúrtha sa bhéal. Osclaítear agus formhéadaítear na blasanna sa bhéal agus tar éis slogtha. Sa bhéal, ag brath ar más rum dorcha nó bán é, forbraíonn na blasanna, rud a thugann chun cuimhne blas meala, torthaí, caifé, cócó, tobac agus spíosraí triomaithe. Músclaítear an bhiotáille bhunaidh leis an éifeacht i gcúl na sróine gan a bheith ionsaitheach, géar, searbh, géar nó leis na dea-bholaithe adhmadacha arb iad na cinn is mó.

Rangaítear na rumanna a chumhdaítear le tásc geografach “Cuba” i gcomhréir leis na hainmneacha agus phróifílí céadfacha seo a leanas:

Rum bán aosaithe: Dath lonrach trédhearcach agus an-ghealómra. Sa tsrón, tá nótaí éadroma d'aosú nádúrtha atá á gcothromú leis na nótaí milse luibheacha den bhiotáille bhunaidh. Ag baint úsáid as an teicníc “copa seca” ina n-úsáidtear gloine fholmhaithe le déanaí chun na dea-bholaithe a análú, tá nótaí inbhraite den phróiseas aosaithe a mhaireann ar feadh tamaill. Sa bhéal, tá blas tipiciúil de rum bán, beagán spíosrach le comhchuibheacht mhaith idir na dea-bholaithe dea-fhorbartha de bharr driogtha agus aosaithe; Nótaí cothroma idir mhilis agus searbh; le tathag éadrom agus iarbhlas as a neart, bog agus te sa sceadamán nuair a shlogtar é.

Rum le lipéad bán nó aosaithe a bhfuil dath ómra air: Lonrach, trédhearcach agus a bhfuil dath gealómra air. Sa tsrón, tá an dea-bholadh dian agus cothrom idir na nótaí luibheacha agus na fordhathanna soiléire fanaile. Ag baint úsáid as an teicníc “copa seca”, tá nótaí inbhraite den phróiseas aosaithe nádúrtha a mhaireann ar feadh tamaill. Sa bhéal, tá blas tipiciúil de rum bán, le blas spíosrach idir beag agus measartha agus dea-bholaithe dea-fhorbartha de bharr driogtha agus aosaithe; Tá na nótaí atá beagán milis-torthaíoch inbhraite i dteannta na nótaí citris, dea-chothromaithe le nótaí measartha searbhais; Le tathag maith agus iarbhlas as a neart a líonann an carball agus a théann an sceadamán nuair a shlogtar é.

Rum le lipéad órga: Lonrach, trédhearcach agus a bhfuil dath gealómra air. Sa tsrón, tá an dea-bholadh dian agus comhchuí, le nótaí atá beagán milis-torthaíoch a bhfuil an toradh an dea-bholadh is mó iontu agus aosú dea-fhorbartha, measartha. Ag baint úsáid as an teicníc “copa seca”, tá dea-bholadh marthanach d’aosú nádúrtha le haistriú tapa ó chomhdhúile adhmaid go dtí comhdhúile feanólacha a chríochnaíonn le nótaí milse almóinne nuair atá an gloine go hiomlán tirim. Bíonn réimse blasanna sa bhéal le blas spíosrach idir beag agus measartha, le milseacht bheag cothromaithe le searbhas beag, dea-bholaithe dea-fhorbartha de bhar driogtha agus aosaithe, tathag a líonann an carball agus mothúchán de theas séimh sa sceadamán nuair a shlogtar é, i dteannta le hiarbhlas glan agus nóta searbh atá beagán marthanach.

Rum aosaithe “reserva”: Lonrach, trédhearcach agus a bhfuil dath ómra air. Sa tsrón, tá an dea-bholadh láidir le cothromaíocht chomhchuí idir nótaí measartha aosaithe agus nótaí dea-fhorbartha atá beagán torthaíoch; Ag baint úsáid as an teicníc “copa seca”, tá dea-bholadh marthanach a aistríonn ó chomhdhúile adhmaid go dtí comhdhúile feanólacha agus a chríochnaíonn le nóta milis almóinne. Bíonn réimse blasanna sa bhéal le blas spíosrach idir beag agus measartha, le milseacht bheag cothromaithe le searbhas measartha, agus nótaí dea-fhorbartha measartha de bharr aosaithe, tathag a líonann an carball agus mothúchán de theas séimh sa sceadamán nuair a shlogtar é, i dteannta le hiarbhlas glan, fada le nótaí milse de bharr an phróisis aosaithe.

Rum aosaithe: Lonrach, trédhearcach agus a bhfuil dath ómra air. Sa tsrón, tá an dea-bholadh láidir agus tirim le nótaí láidre aosaithe agus le himireacha fanaile-cnó cócó arb iad na himireacha is mó. Ag baint úsáid as an teicníc “copa seca”, tá nótaí suntasacha den phróiseas aosaithe nádúrtha a mhaireann agus a aistríonn ó chomhdhúile adhmaid go dtí comhdhúile feanólacha, a chríochnaíonn le nótaí milse almóinne. Sa bhéal, tá blas beag spíosrach le milseacht bheag atá dea-chothromaithe le searbhas measartha a mhaireann agus nótaí láidre dea-fhorbartha de bharr aosaithe; Le tathag láidir a líonann an charball le déine inbhraite agus mothúchán de theas séimh ( gan ghreannú) sa sceadamán nuair a shlogtar é; I dteannta le hiarbhlas fada a líonann an carball le nótaí milse-searbha.

Rum ríthirim: Rum lonrach, trédhearcach agus a bhfuil dath gealómra air, uaireanta le himireacha gealghlasa. Sa tsrón, tá an dea-bholadh cumhachtach agus tirim le nótaí soiléire a chuireann molás cána siúcra i gcuimhne cothromaithe le nótaí torthaíocha agus a chríochnaíonn le nótaí láidre de bharr an phróisis aosaithe. Ag baint úsáid as an teicníc “copa seca” tá nótaí láidre dea-fhorbartha ón phróiseas aosaithe nádúrtha, idir nótaí adhmadacha agus braistintí tirimeachta. Sa bhéal, tá blas beag spíosrach agus tá an tathag láidir agus blasanna de bhiotáille aosaithe; Nótaí adhmadacha arb iad na nótaí is mó, cothromaithe le nótaí torthaí milse. Teas séimh sa sceadamán nuair a shlogtar é, le hiarbhlas glan fada le nótaí aosaithe a mhaireann agus beagán searbhais a líonann an carball ina iomlán.

Rum breis-aosaithe: Rum lonrach, trédhearcach agus a bhfuil dath ómra dorcha air. Sa tsrón, tá dea-bholadh láidir agus fada de bharr an phróisis aosaithe a sholáthraíonn nótaí coimpléascacha fanaile-cnó cócó / milse-siúcra dóite. Ag baint úsáid as an teicníc “copa seca”, tá na nótaí de bharr aosaithe fada agus an-soiléir le tréith láidir agus a aistríonn go tapa go dtí comhdhúile feanólacha le nótaí suntasacha agus marthanacha almóinne ina dhiaidh sin. Sa bhéal, tá blas spíosrach beag ar dtús le blas tathagach a líonann an carball ina iomlán lena láidreacht agus lena mhilseacht bheag cothromaithe le searbhas measartha marthanach agus dea-bholaithe dea-fhorbartha de bharr driogtha agus aosaithe, le cothromaíocht fhabhrach nótaí ón aosú, le nótaí fanaile agus seacláide, le tréith láidir agus marthanacht inbhraite. Teas séimh (gan ghreannú) sa sceadamán nuair a shlogtar é, le hiarbhlas glan, fada le nóta searbhais de bharr an phróisis aosaithe a mhaireann agus a líonann an carball ina iomlán.

6.   Sainiú an limistéir gheografaigh

Is é Críoch Phoblacht Chúba an limistéar geografach lena mbaineann san oileánra Aintillí atá lonnaithe ag domhanleithead de 23.2-19.9o T agus domhanfhad de 84.8-74.2o I.

7.   An modh táirgthe

Tá na céimeanna seo leanas sa mhodh táirgthe agus ní mór gach céim a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe:

Saothrú cána siúcra

Tá cineálacha éagsúla (a dtugtar “clones” orthu go háitiúil) den phlanda a chuirtear in ithir thorthúil i gCúba atá go ginearálta ag airde arb ionann é agus nó atá cóngarach do leibhéal na mara. Faightear na cineálacha a úsáidtear i gCúba amháin i mbeagnach gach cás.

Molás a bhaint ón gcána siúcra.

Coipeadh

Tá dhá fhachtóir phríomha a bhaineann le coipeadh moláis chun na biotáillí a thairgeadh a úsáidtear chun rum a dhéanamh:

1)

Tá cáilíochtaí sonracha a bhaineann le molás, agus tá tiúchan íseal-aigéid tairbhiúil le haghaidh cháilíocht an choipthe agus le haghaidh cháilíocht an rum. Dá bhrí sin, sa mholás a úsáidtear chun rum “Cuba” a dhéanamh, níl comhdhúile sulfair ar bith sna tiúchain a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le comhdhúile neamh-inmhianaithe a fhoirmiú.

2)

Ní mór do na saintréithe sonracha de ghiosta a úsáidtear le linn an phróisis coipthe chun biotáillí cána úra a fháil le haghaidh rum “Cuba” a bheith i gcomhar le tiúchan na salann cothaitheach a úsáidtear agus an chéim de choipeadh tánaisteach, níl an tiúchan alcóil iseamile riamh 2.5 uair níos airde ná suim na tiúchan alcóil iseabúitile agus n-próipile.

Tá an t-am coipthe réasúnta gearr (idir 24 agus 26 huaire).

Driogadh

Driogtar na biotáillí le próiseas sonrach atá difriúil leis na próisis a úsáidtear i dtíortha eile, leis na heilimintí teicniúla saintréitheacha seo a leanas:

Treoluas dromchla maidir le gala sa cholún driogtha.

An t-am a luíonn an t-uisce ar gach tráidire sa limistéar saibhriú.

Ní mór don cholún driogtha an teagmháil is gá idir na gala agus an copar a ráthú.

Coibhneas sonrach toirte maidir le leacht i dteagmháil le dromchla copair.

Tráidirí driogtha a dearadh go sonrach chun teochtaí arda a chosc san athchoire agus ar an gcaoi sin cuirtear cosc ar na biotáillí a dhó.

Comhdhlúthú codánach a úsáidtear chun na sruthanna a roghnú agus ag deireadh na dála a bheidh mar dhéantús na mbiotáillí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil cóimheas sonrach comhdhlúthaithe maidir le dromchlaí i ngach comhdhlúthadán agus go bhfuil próifíl chéadfach an mheascáin a nglactar leis mar bhiotáillí traidisiúnta rum “Cuba” faoi réir síor-uasdátaithe agus rialuithe.

Ní mór do bhiotáillí a eascraíonn as an driogadh a chruthú le meascáin pháirt-chomhdhlútháin agus ABV idir 74 % agus 76 % acu agus ní féidir iad a fháil ach ón driogadh díreach agus leanúnach d’úrfhíon ó mholás cána coipthe.

An t-aosú

Tá gá le dhá chéim aosaithe ar a laghad. Comhfhreagraíonn an chéad cheann leis na bunbhiotáillí. Comhfhreagraíonn an dara ceann leis an “bonn-rum” a bhfuil meascán biotáillí aosaithe le driogáit le haghaidh rum (a driogadh trí charbón gníomhachtaithe, araon) agus uisce íonaithe nó uisce íonaithe leis féin ann. Sa chás sonrach maidir le rum breis-aosaithe, is gá cion áirithe den “bonn-rum” a úsáid a théann tríd an tríú céim aosaithe. Maidir le breis-chéimeanna aosaithe a chuimsiú, tá sé roghnach agus fágtar faoi dhiscréid mháistrí rum Cuba é.

Tá an próiseas aosaithe nádúrtha i.e. arb iad na driogáití ag teacht i dteagmháil leis na bairillí adhmaid is cúis leis, agus ní mór dóibh a bheith déanta as dair bhán i ngach cás.

Meascadh

Meascadh is ea ealaíon mheascadh na mbiotáillí agus na gcineálacha áirithe bonn-rum a tháirgtear i ngach céim de na trí chéim aosaithe i mbealach neamhdhifreálach do gach táirge agus gach branda, rud a fhágfadh rumanna nó meascáin chríochnaithe a rachaidh ar aghaidh chuig tríú céim nó céimeanna eile ina diaidh sin. Féadfar driogáit le haghaidh rum a chur leis chun éadroime a mhéadú.

Sna saoráidí aosaithe le haghaidh rum “Cuba” tá rumanna iontu atá an-éagsúil ó thaobh aoiseanna agus céimeanna próiseála de. Mar gheall ar an gcleachtas go n-aosaítear cuid de roinnt táirgí críochnaithe ina dhiaidh sin, tá rumanna iontu a rinne glúine difriúla mháistrí rum Cuba agus creideann na máistrí gur fíor-chartlann rum Chúba iad.

Scagachán

Is ceadmhach cineálacha áirithe scagacháin: Le fearas meicniúil, scagachán carbóin ghníomhachtaithe agus scagachán pláta( ar a dtugtar “páipéar” freisin).

Baintear an chloch shilice agus an gaineamh a úsáidtear mar mhodhanna le haghaidh an charbóin ghníomhachtaithe sna scagacháin a úsáidtear chun rum “Cuba” a thairgeadh as mianaigh Chúbacha.

8.   Rialacha sonracha maidir le pacáistíocht:

9.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú:

10.   Tuairisc ar an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a tionscnamh geografach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, eilimintí sonracha na tuairisce ar an táirge nó an mhodha táirgthe lena dtugtar bonn cirt leis an nasc sin:

Tá an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a hoidhreacht gheografach bunaithe ar cháil an ainm “Cuba” agus ar shaintréithe sonracha áirithe atá go bunúsach mar gheall ar thosca nádúrtha agus daonna araon a fhaightear sa limistéar.

Tréith shonrach

Tá aeráid Chúba difriúil le codanna eile de Réigiún Mhuir Chairib agus Meiriceá Láir a dtáirgtear rum iontu. Sa gheimhreadh, tá na teochtaí i gCúba níos ísle agus tá níos lú báistí ná mar atá sa chuid eile den limistéar. Mar gheall orthu sin, cruthaítear coinníollacha atá an-fhabhrach le haghaidh cána siúcra a fhás go hairithe chun tiúchain siúcróis a ardú le linn shéasúr an fhómhair.

Os a choinne sin, sa samhradh (an t-am den bhliain a bhfuil an cána siúcra ag fás agus ag forbairt) le tionchar níos lú ó fhrithchioclón an Atlantaigh tá an bháisteach níos flúirsí agus níos leanúnaí.

Tá na cineálacha cána siúcra a phlandú ar fad beagnach ar fáil ó Chúba agus iad mar chuid d'oidhreacht ghéiniteach uathúil.

Fabhraíonn molás na tosca nádúrtha seo leis na saintréithe sonracha seo leanas a mbíonn éifeacht acu ar shaintréith shonrach an táirge deiridh:

Fabhraíonn slaodacht íseal agus aigéadacht an próiseas coipthe agus i ndeireadh na dála cáilíocht dhea-bholadh an rum, toisc nach bhfuil an tiúchan sulfair ard go leor sa mholás chun bolaithe neamh-inmhianaithe a dhéanamh le linn coipthe nó driogtha.

Méid siúcra ard agus cóimheas iontach idir siúcraí coiptheacha agus neamh-choiptheacha, a chuireann le coipeadh gearr éifeachtúil, rud a fhágann gur féidir an chothromaíocht thipiciúil a choinneáil ar bun maidir le dea-bholadh na biotáille.

Tá micreaflora nádúrtha freisin - darb ainm micreaflora neamhdhíobhálach nádúrtha, a dhéantar as miocrorgánaigh mheisifileacha agus theirmilifeacha, lena n-áirítear baictéir, giostaí agus fungas - agus tá ról acu i dtaca le dea-bholadh a dhéanamh maidir leis an táirge deiridh le linn na céime coipthe freisin.

Tiúchan leordhóthanach de chomhdhúile nítrigine go háirithe aimíonaigéid a fhabhraíonn foirmiú alcól ard, comhdhúile atá ina gcomhpháirteanna riachtanacha de ghnáthphróifíl chéadfach na biotáille agus sa deireadh a aistrítear go dtí an rum.

Ar deireadh, tá sé tábhachtach a thabhairt chun suntais go ligean comhshaol Chúba do na driogáití agus do na meascáin a dhul in aois i dteocht nádúrtha agus i dtosca taise don bhliain ar fad. Ráthaíonn an méid sin go ndéanfar an próiseas mar is ceart gan míchothromaíochtaí ar bith a mhéid a bhaineann le foirmiú na gcomhdhúile le linn an phróisis fhada aosaithe.

Maidir leis an modh tairgthe rannchuidíonn úsáid de shaothrán giosta sonraigh leis an bpróiseas coipthe, a bhfuil tionchar cinntitheach aige freisin ar an bpróiseas driogtha agus comhdhlúthaithe a dhéantar tar éis coipthe, leis an modh táirgthe de rum “Cuba” a dhéanamh uathúil agus áirithítear go bhfuil próifíl shonrach dea-bholaithe ag an driogáit a fhaightear.

Céim thábhachtach eile sa phróiseas tairgthe is ea driogadh na mbiotáillí aosaithe agus na ndriogáití le haghaidh rum trí charbón gníomhachtaithe chun saintréithe tipiciúla céadfacha a bhaint amach nuair atá na bonn-rumanna á dtáirgeadh a théann trí aosú ina dhiaidh sin agus cuireann sé sin go cinntitheach leis an bpróifíl chéadfach de na rumanna críochnaithe.

Ar deireadh ní fhéadfar rum “Cuba” a thuiscint gan máistrí rum Chúba. Is gné dhaonna riachtanach é seo agus is príomhghné é maidir le saineolas táirgthe rum, na caolchúisí aosaithe agus léiriú a mheascán. Tá freagracht ag máistrí rum Chúba a áirithiú go gcuirtear ar aghaidh luachanna, féiniúlacht agus saintréithe Cúbacha. Tá siad i gceannas freisin chun a áirithiú nuair a thugtar anuas a gcuid oibre ó ghlúin go glúin, go bhfuil sé dílis, barántúil agus go gcuireann sí leanúnachas stairiúil ar fáil.

Tá saineolas mháistrí rum Chúba, ráthóirí na próifíle aramataí atá go sonrach do rum “Cuba” i láthair le linn an phróisis táirgthe agus go háirithe le linn na gcéimeanna aosaithe agus measctha:

Le linn na céime aosaithe den phróiseas, tugann máistrí rum Chúba aird speisialta ar luach céadfach na biotáille a úsáidtear, toisc gur eol dóibh gur gné chinntitheach é chun próifíl chéadfach a chinneadh do rum sa todhchaí. I measc gnéithe eile, caithfidh siad saintréithe an bhairille a roghnú (dair bhán, tomhas, fad a úsáidtear é) a úsáidtear do gach céim den phróiseas aosaithe (dhá chéim ar a laghad) chun an phróifíl chéadfach thipiciúil is gá a bhaint amach i ngach céim.

Tá cumaisc na mbiotáillí agus bonn-rumanna éagsúla a úsáidtear i ngach céim den phróiseas aosaithe, a dhéantar faoi threoir an mháistir, cinntitheach chun rum críochnaithe atá aosaithe go dtí aibíocht a bhaint amach gan adhmad nó a fhabhtanna ag teacht i dtreis agus lena dhea-bholaithe saintréitheacha cothromaithe.

Cáil

Tá an cháil gan amhras a dtairbhíonn rum “Cuba” dá barr nasctha lena bunadh geografach. Cé nach de bhunadh Chúba é rum mar tháirge ginearálta, glactar leis go comónta gurb í Cúba an áit ar tosaíodh an coincheap agus na blasanna a bhaineann le rum éadrom, lena n-áirítear a mhíne agus a dhea-bholaithe fíneálta. Is í Cúba a rinne an táirge cáiliúil don chuid eile den domhan.

Tá stair fhada maidir le táirgeadh biotáille i gCúba. Léiríonn tagairtí go raibh stileanna ag feidhmiú go luath sa 16ú haois agus go raibh biotáillí cána á ndéanamh i beagnach gach saoráid phróiseála cána.

Bhí sé san 19ú haois inar tosaíodh den chéad uair tairgeadh rum ar ard-chaighdeán mar atá a fhios againn sa lá atá inniu ann i gCúba, i gcomhthráth le méadú easpórtálacha.

Faoi 1862, bhí ardcháilíocht rum á dhéanamh in Santiago de Cuba: Táirge, éadrom agus trédhearcach saor ó bholaithe neamh-inmhianaithe. Faoi 1873, bhí rum ríthirim á bhaint ó na bairille, a nglaofar “Rum le Lipéad Bán” níos déanaí air. Cé nach eol dá dhéantóirí ag an am gur chruthaigh siad bunrum Chúba den chéad uair.

Faoi 1876, bhí earnáil rum Chúba chomh dea-forbartha sin gur ghlac sí páirt in taispeántas idirnáisiúnta den chéad uair: Taispeántas Chomóradh Céad Bliain in Philadelphia. I gclár an taispeántais, áirítear tuairisc ar cheithre rum agus trí bhiotáille, ceann amháin a mbronnadh “bonn onóra” air. Bliain ina dhiaidh sin bronnadh bonn óir ag an taispeántas domhanda [sic] i Maidrid. Chuaigh rumanna Chúba ar aghaidh chun boinn a bhuachan i dtaispeántas Domhanda in Barcelona (1888) agus taispeántas idirnáisiúnta na Bruiséile (1888) agus taispeántas idirnáisiúnta Pháras (1889) agus Mórthaispeántas Domhanda na Colóime a reáchtáladh in Chicago, Illinois in 1893; Ag taispeántas fíona Bordeaux na Fraince (1895); Ag taispeántas idirnáisiúnta na Bruiséile, sa Bheilg (1897); Ag taispeántas Pháras (1898); Ag Mórthaispeántas Universelle Pháras (1900); Ag an Mórthaispeántas Pan-Mheiriceánach in Buffalo (1901); Ag Mórthaispeántas Charleston in South Carolina (1902), etc.

Ó shin lean rum Chúba ar aghaidh agus bhuaigh sé duaiseanna sna comórtais idirnáisiúnta is tábhachtaí. Seo a leanas cuid de na duaiseanna is déanaí: Bonn ór a bhuaigh “Ron Eminente Reserva” i Mí an Mheithimh 2021 ag an gcomórtas fíona agus biotáillí is mó le rá sa tSín, Gradaim W&S na Síne; Dhá réalta a bhronn an Institiúid Bhlais agus Cháilíochta idirnáisiúnta (ITQI) ar “Ron Cubay 1870” sa Bhruiséil i Mí an Mheithimh 2021; Bonn máistir a bronnadh ar “Havana Club Tributo 2021” agus roinnt bonn Ór a bronnadh ar bhranda rum “Havana Club” eile in eagrán 2021 de Thástáil Chaoch an Fhómhair SB&DB; Trí bhonn Ór a bronnadh ar bhranda rumanna “Havana Club” in eagrán 2021 de Dhúshlán Idirnáisiúnta na mBiotáillí; Boinn Master agus Master agus Taste Master a bronnadh ar “Havana Club Professinal Edition C” agus “Havana Extra Añejo” in eagrán 2021 de Mháistrí Rum; etc.

Tá cáil gan amhras ag an táirge atá nasctha leis an mbunadh geografach go dtí an pointe go bhfuil nasc dofhuascailte idir Cúba agus rum i measc an phobail i gcoitinn. Tá tagairtí do rum “Cuba” i dtreoirleabhair thaistil agus foilseacháin ghinearálta eile faoin tír; Roinnt samplaí, na hirisí seo a leanas Cuba Plus, Excelencias, Buen Viaje, Lugares de América, Travel Trade Center, Guía de Turismo Nacional nó the Lonely Planet Cuba guidebook. Fuair an leabhar El Sabor Líquido de lo Cubano a tá go hiomlán faoi mhanglaim a dhéantar as rum Chúba an 4ú duais sa chatagóir maidir le deochanna biotáilleacha sa Gourmand Best Cookbook Awards atá amhail na hOscair den earnáil bhia.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://mega.nz/file/ChtRnajR#UdugXESNVEo7DaAPZXaUwgVB2UpfWrSSe_t9LKZYQPo


(1)  (IO L 130, 17.5.2019, lch. 1).


22.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 65/12


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 65/05)

Leis an bhfoilseachán seo tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Çağlayancerit Cevizi”

Uimh. AE: PDO-TR-02608 – 18.5.2020

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Çağlayancerit Cevizi”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An Tuirc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is gallchnó meánmhéide é Çağlayancerit Cevizi, 16 g in aghaidh an phíosa, agus tá iomláine thart ar 99 % ann. Tá an cóimheas idir meáchan na heithne agus meáchan an toraidh sa raon 53-54 %. Tá leithead thart ar 33-35 mm sa ghallchnó, tá fad idir 40-44 mm sa ghallchnó agus tá idir 1-1.10 mm i dtiús na blaoisce. Bristear an bhlaosc go héasca agus is féidir eithne an ghallchnó a bhaint go héasca ina hiomláine. Díoltar é i bhfoirm thriomaithe ina bhlaosc nó gan bhlaosc.

Saintréithe fisiceacha

Meáchan an Toraidh Scilligthe: 16 g

Meáchan na hEithne: 8-9 g

Ráta na hEithne: 53-54 %

Tiús na Blaoisce: 1,00-1,10 mm

Dath na hEithne: Buí Éadrom (bán)

Fad: Bíonn an barr cothrom nuair a fhorbraíonn sé agus is féidir 15-20 mm a bheith ina imlíne.

Comparáid le cineálacha dúchasacha agus eachtracha gallchnó:

Cineálacha Áitiúla Gallchnó

Saintréithe an Ghallchnó

Çağlayancerit Cevizi

Yalova-1

Kaman-1

Bilecik

Şebin

Sütyemez-1

Meáchan an Toraidh Scilligthe (g)

16

15,20

12

10,40

11,40

25,80

Meáchan na hEithne (g)

8 -9

7,60

6,30

5,20

7,20

12,94

Ráta na hEithne (%)

53 -54

50,30

54

50

63

50,15


Cineálacha Eachtracha Gallchnó

Saintréithe an Ghallchnó

Çağlayancerit Cevizi

Franquette

Pedro

Chandler

Meáchan an Toraidh Scilligthe (g)

16,00

10,75

15,06

13,26

Meáchan na hEithne (g)

8 -9

4,78

6,88

6,50

Ráta na hEithne (%)

53 -54

44,46

43,68

49,02

Saintréithe ceimiceacha:

Comhdhéanamh 100 gram d’eithne Çağlayancerit Cevizi:

Paraiméadair

Aonaid

An Luach Meánach

An Luach Íosta

An Luach Úasta

Iomlán na saille

%

62,33

52,00

72,00

Aigéid shailleacha sháithithe

%

5,86

5,00

7,00

Aigéid shailleacha neamhsháithithe

%

56,47

49,00

65,00

Próitéin

%

13,99

11,00

15,00

Taisleach

%

3,09

2,50

3,50

Iomlán na Luatha

%

1,95

1,50

2,20

Carbaihiodráit

%

18,63

11,00

27,00

Fuinneamh

kcal

691,55

620,00

750,00

Fuinneamh

kj

2 891,72

2 590,00

3 150,00


Comhdhéanamh na nAigéad Sailleach

An Luach Meánach

An Luach Íosta

An Luach Uasta

C14:0 Aigéad Míristeach

0,02

0,00

0,05

C16:0 Aigéad Pailmíteach

6,40

5,00

7,00

C16:1 Aigéad Pailmítoiléach

0,07

0,03

0,10

C17:0 Aigéad Heiptideacánóch

0,05

0,03

0,08

C17:1 Aigéad Cis-10-Heiptideacánóch

0,02

0,00

0,05

C18:0 Aigéad Stéarach

2,88

2,50

3,30

C18:1n9c Aigéad Oiléach

23,68

20,00

29,00

C18:2n6c Aigéad Líonoiléach

55,65

50,00

60,00

C20:0 Aigéad Araicise

0,08

0,03

0,10

C18:3n6 Aigéad Y-Líonóiléineach

0,04

0,00

0,07

C20:1c11 Aigéad Iciseanóch

0,16

0,10

0,20

C18:3n3 Aigéad Líonóiléineach

10,92

9,00

12,00

C20:2 Aigéad Cis-11-14-Icisidhé-Éanóch

0,02

0,00

0,03

C22:0 Aigéad Behéineach

0,02

0,00

0,03

Saintréithe orgánaileipteacha

Tá Çağlayancerit Cevizi tathagach, tá screamh gheal, cruth siméadrach ubhchruthach agus dath éadrom buí air, tá cnag meánach ina eithne, agus tá tiús meánach ina pheillicín. Tá seirbhe an-íseal agus binneas meánach sa bhlas, agus dea-bholadh láidir olúil ón mblas.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Gníomhartha sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór gach gníomh sna próisis táirgthe a dhéanamh laistigh den limistéar geografach sainithe a shonraítear i bpointe 4.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is iad Lárcheantar Çağlayancerit, Sráidbhaile Boylu, Sráidbhaile Bölükdamlar, Sráidbhaile Emiruşağı, Sráidbhaile Kale, Sráidbhaile Küçükcerit, Sráidbhaile Soğukpınar, Sráidbhaile Oruçpınar, Sráidbhaile Zeynep Uşağı, Sráidbhaile Küçükünült, Bozlar agus Baile Helete teorainneacha geografacha táirgthe Çağlayancerit Cevizi.

Is iad seo a leanas na comhordanáidí domhanfhaid domhanleithid le haghaidh Çağlayancerit: 37°45’0.5904”T, 37°17’35.5524”O.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tosca nádúrtha agus daonna:

Tosca nádúrtha:

Ní thaitníonn an ghrian ar an réigiún seo go díreach sa gheimhreadh, ach d’fhéadfadh an ghrian taitneamh air san earrach ó mhí Aibreáin ar aghaidh. Ligeann sé sin do na gallchnónna múscailt go déanach agus sioc déanach an earraigh a sheachaint. Ina theannta sin, mar gheall ar an uisciú agus an fhionnuaire nádúrtha níl aon dorchú sna gallchnónna. Cé gur féidir le gallchnónna teocht síos le -20 °C a sheasamh i rith shéasúr an gheimhridh, is leor go bhfanfadh sé faoi bhun + 7 °C ar feadh 2-3 seachtaine, agus sa samhradh ní gá go n-éireodh sé os cionn 35 °C, agus is ann do na coinníollacha sin i gceantar Çağlayancerit. Ní thagann laghdú géar agus tobann ar na luachanna teochta aeir, agus tá an timpeallacht an-oiriúnach dá bhrí sin.

Tá Çağlayancerit an-oiriúnach d’fhorbairt gallchnónna, lena leibhéal screamhuisce nach mó ná 2,5-3 mhéadar nach gcoimeádann mórán uisce, agus le struchtúr a ithreach atá scaoilte glárach, agus an struchtúr ithreach atá tais domhain bog inar féidir le fréamhacha crann gallchnó fás go domhain. Ag brath ar an airde, is é 95 % an ráta beangaithe i gceantar Çağlayancerit. Is é 1 150 méadar airde lárnach an cheantair. Ní féidir gallchnónna a fhás i gceantair thaise ná ní éiríonn gallchnónna dorcha in áiteanna ar airde 1 000-1 500 m. Mar gheall ar an ngaoth fhionnuar thirim a shéideann aniar feadh an ghleanna tá cothromaíocht taise an réigiúin oiriúnach do ghallchnónna. Mar gheall ar choinníollacha geografacha, aeráid, airde agus saintréithe uisciúcháin Çağlayancerit, ní fhaightear galair a fheictear i speicis eile gallchnó in Çağlayancerit Cevizi agus tá frithsheasmhacht an-ard ann in aghaidh antracnóise agus péisteanna inmheánacha. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar mór ag gníomhaíochtaí beachaireachta forleathana sa cheantar ar chaighdeán pailnithe an ghallchnó le linn thréimhse an bhláthaithe.

Mhéadaigh oiriúnú Çağlayancerit Cevizi don réigiún a fhrithsheasmhacht in aghaidh galar agus lotnaidí agus is é is cúis lena fhás gan lotnaidicídí ceimiceacha.

Tosca daonna:

Baineann traidisiún tábhachtach le saothrú gallchnónna agus cultúr an ghallchnó in Çağlayancerit anois. Siombail is ea Çağlayancerit Cevizi in Kahramanmaraş leis na blianta. Is iad na crainn gallchnó atá idir 400-500 bliain d’aois an táscaire is mó a léiríonn tábhacht stairiúil agus méid reatha an táirgthe gallchnónna sa réigiún.

I gceantar Çağlayancerit, ón am atá caite go dtí an lá atá inniu ann, fásann gach teaghlach gallchnónna go príomha chun freastal ar a riachtanais féin. Is traidisiún é táirgeadh gallchnónna a tháinig aniar ó ghlúin go glúin. Anois, is é an gallchnó slí bheatha 80 faoin gcéad de na daoine atá ina gcónaí i gceantar Çağlayancerit.

Eagraítear féilte agus ceardlanna gallchnó in Çağlayancerit chun an gallchnó a chur chun cinn. Go háitiúil, tugtar Koz ar an ngallchnó. Is téarma áitiúil é Koz atá comhchiallach leis an bhfocal “gallchnó”. Mar sin féin, is é Cevizi Çağlayancerit an gallchnó a fhástar sa réigiún. Roimh 1930, fásadh na crainn gallchnó seo freisin trí shíológa a tháirgeadh nó síolta a chur óna síolta féin nár beangaíodh. Ba é an líon ard crann a fásadh ó shíolta sa cheantar ba chúis leis an réigiún a bheith ina ionad pórúcháin gallchnónna. Mar gheall air sin, tá tábhacht straitéiseach leis an ngallchnó i saol eacnamaíoch mhuintir Çağlayancerit. I bhfómhar na bliana, baineann obair ar fad mhuintir Çağlayancerit leis an ngallchnó, arb é a bpríomhfhoinse ioncaim. Le blianta fada tá Çağlayancerit Cevizi á dhíol agus é fós ar an gcraobh sula stóráiltear é, rud a nochtann a cháilíocht. Baintear úsáid as modhanna dúchasacha chun gallchnónna a bhuaint sa cheantar agus úsáid á baint as bataí atá 4-5 mhéadar ar fhad. Gach bliain, le linn fhómhar na ngallchnónna, buaileann fir an tí i ngach teaghlach na gallchnónna ón gcrann le bataí; bailíonn mná agus leanaí gallchnónna ó íochtar na gcrann. Tar éis 3-5 lá, déanann an teaghlach blaoscanna glasa na ngallchnónna a scamhadh de láimh agus fágtar iad le triomú. Tar éis iad a choinneáil i málaí ar feadh 3-5 lá leis na blaoscanna glasa, déanann an teaghlach ar fad an craiceann glas a scamhadh ina cheann agus ina cheann le scian. Níl aon mhodh ceimiceach a úsáidtear le haghaidh an scafa ná an triomaithe. Déanann teaghlaigh a bhíonn méideanna móra á dtrádáil acu scamhadh meicniúil anois freisin. Ach is é an scamhadh de láimh is folláine. Mar gheall ar scamhadh meicniúil, bíonn beagán uisce ann mar gheall ar bhrú na blaoisce, agus d’fhéadfadh sé sin tionchar diúltach a imirt ar chaighdeán inmheánach an ghallchnó. D’fhéadfaí na torthaí a bhriseadh agus taise a bheith iontu. Téann an fios gnó maidir le cur, is é sin go mbíonn fad níos leithne idir plandaí ná mar a bhíonn le cineálacha eile, chun tairbhe na gcrann sa mhéid nach mbíonn siad faoi strus, agus tairbhíonn sé do cháilíocht na dtorthaí agus do laghdú ar ghalair agus lotnaidí, agus soláthraítear buntáiste mar gheall air ar chineálacha eile gallchnó. A bhuíochas leis an teicníc táirgthe agus ullmhúcháin a aistríodh ó ghlúin go glúin, tá aistriú traidisiúnta taithí ann. Sa réigiún, is iad na goirt gallchnónna agus an t-eispéireas táirgthe an oidhreacht is mó a fhágtar ón seanathair go dtí an garmhac.

Cé nár bunaíodh institiúid go hoifigiúil sna 1900í, rinneadh trádáil tríd an gcóras malairte le comhaontuithe bliantúla idir feirmeoirí agus ceardaithe i gcúigí eile. Is é İbrahim KÖŞKER an duine a raibh an ról is mó aige in iomadú an táirgthe fhiáin. In 1930, d’iomadaigh sé gallchnó Çağlayancerit trína bheangú agus scaip sé é chuig na sráidbhailte. Ghlac muintir uile na sráidbhailte leis an modh sin. Glacadh le Çağlayancerit Cevizi go hoifigiúil mar “chomhartha geografach” in 2012 agus cláraíodh é le Cumann Talmhaíochta Çağlayancerit lena chosaint. Thug Comharchumann Forbartha Talmhaíochta Çağlayancerit Cevizcilik, a bunaíodh go hoifigiúil in 2019, 1500 feirmeoir agus gach táirgeoir le chéile. Gheobhaidh feirmeoirí níos mó deiseanna forbartha de bharr na Saoráide Próiseála agus Pacáistithe Gallchnónna in Çağlayancerit, ar cuireadh tús leis in 2019 agus atá beagnach críochnaithe.

De ghnáth, itheann teaghlaigh an gallchnó seo in éineacht le tarhana, táirge áitiúil, mar shneaic sa gheimhreadh. Is cultúr sa cheantar é an bealach sin le gallchnónna a thomhailt. Úsáidtear gallchnónna freisin i dtáirgeadh na dtáirgí áitiúla samsa agus sucuk. Tá “ealaín na snoíodóireachta adhmaid” ar cheann de na healaíona is sine in Kahramanmaraş. Is é an crann gallchnó an t-amhábhar is tábhachtaí sa tsnoíodóireacht. Gallchnónna atá in 80 % de na míreanna snoíodóireachta a tháirgtear. Déantar margú ar fud na tíre ar tháirgí arna ndéanamh as adhmad gallchnó, amhail cófraí spré, boscaí seodra criptithe, cásanna gloine, cathaoireacha, foireann troscáin le haghaidh caife, agus tráidirí.

Sainiúlacht an Táirge

Tá réigiún Çağlayancerit ina ghairdín nádúrtha gallchnónna ina bhfuil meascán de go leor gnéithe le haghaidh saothrú gallchnónna. Cé go dtáirgtear gallchnónna thart ar Kahramanmaraş go ginearálta, is é Çağlayancerit Cevizi an ceann is fearr ó thaobh dea-bholaidh, méide agus cáilíochta de mar gheall ar shuíomh Çağlayancerit agus is in Çağlayancerit a tháirgtear an méid is mó.

Tá leithead thart ar 33-35 mm sa ghallchnó, tá fad idir 40-44 mm sa ghallchnó agus tá idir 1-1,10 mm i dtiús na blaoisce. Bristear an bhlaosc go héasca agus is féidir eithne an ghallchnó a bhaint go héasca ina hiomláine. Tá seirbhe an-íseal agus binneas meánach ann, agus dea-bholadh láidir olúil uaidh. Tá Çağlayancerit Cevizi tathagach, tá screamh gheal, cruth siméadrach ubhchruthach agus dath éadrom buí air, tá cnag meánach ina eithne, agus tá tiús meánach ina pheillicín.

Nasc Cúisíoch

Gairdín gallchnónna de chuid na cathrach is ea dúiche Çağlayancerit, ina bhfuil coinníollacha oiriúnacha chun gallchnónna a shaothrú mar gheall ar a shuíomh, a aeráid, a struchtúr geografach agus an fios gnó atá ag a mhuintir, ar rudaí iad is bunús lena cháilíocht agus lena cháil.

Sna staidéir a rinne ár stiúrthóireacht chúigeach talmhaíochta, tugadh faoi deara go mbíonn tiús níos tibhe ina mblaosc ghlas ag gallchnónna a fhástar ag airdí arda ná mar a bhíonn ag gallchnónna a fhástar ag airdí ísle. Tugadh faoi deara go ndéanann tiús na blaoisce glaise i dtoradh an ghallchnó difear do dhath inmheánach an toraidh agus do bhlas an toraidh. Mar gheall ar an mblaosc ghlas a bheith níos tibhe faigheann an toradh níos mó cothaithe agus déanann sí níos olúla, níos iomláine agus níos aramataí é. Táirgeacht ard torthaí agus táirgeacht inmheánach Çağlayancerit Cevizi ba chúis le blaosc sheachtrach an ghallchnó a bheith níos tanaí. Tanú an tiúis i mblaosc inmheánach an ghallchnó, chabhraigh sé leis an toradh scaradh leis an mblaosc agus sin é an fáth a roghnaíonn daoine é thar ghallchnónna eile.

Tá Çağlayancerit Cevizi níos fearr ná gallchnónna a tháirgtear i réigiúin eile i dtéarmaí bháine a bhlaoisce, líonadh a eithne, a bhlais olúil agus dhéine a bhlais. Ceann de na gnéithe is tábhachtaí de Çağlayancerit Cevizi is ea go bhfuiltear in ann an toradh a bhaint as ina iomláine nó ina dhá phíosa.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.