ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 60

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
17 Feabhra 2023


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

TUAIRIMÍ

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 60/01

Tuairim ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2023 a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as díchóimeáil limistéir oibre imoibreora R1 agus R2 d’Aonad 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina atá lonnaithe sa Liotuáin

1


 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 60/02

Imeachtaí a thionscnamh (Cás M.10807 – VIASAT / INMARSAT) ( 1 )

3


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2023/C 60/03

Cinneadh ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 lena gcuirtear síneadh le téarma oifige Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol

4

2023/C 60/04

Fógra le haghaidh daoine agus eintitis áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

6

2023/C 60/05

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

7

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 60/06

Rátaí malairte an euro — 16 Feabhra 2023

8

2023/C 60/07

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 )  ( 1 )

9

2023/C 60/08

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 )  ( 1 )

10

 

An Chúirt Iniúchóirí

2023/C 60/09

Tuarascáil speisialta 04/2023: — Comhaontas Domhanda um Athrú Aeráide(+) – Níor baineadh amach an méid a beartaíodh

11

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

2023/C 60/10

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 agus Rialachán (AE) 2021/1230 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

12

2023/C 60/11

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cíosa cóiríochta gearrthéarmaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS: https://edps.europa.eu)

14

2023/C 60/12

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

17

2023/C 60/13

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le tuismitheoireacht (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

20

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2023/C 60/14

An liosta calafort i mBallstáit an Aontais Eorpaigh ina gceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ina bhfuil rochtain ag soithí iascaireachta tríú tír ar sheirbhísí calafoirt, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; An liosta calafort i dTuaisceart Éireann ina gceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ina bhfuil rochtain ag soithí iascaireachta tríú tír ar sheirbhísí calafoirt, i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

22


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 60/15

Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Stiúrthóra um Chlaochlú Digiteach (DIGIT.A) in Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (grád AD 14), an Bhruiséil — COM/2023/10425

27

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 60/16

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11002 – BDT CAPITAL PARTNERS / M+W GROUP / EXYTE) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

28

2023/C 60/17

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11026 — PARTNERS GROUP / GHO / STERLING PHARMA) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

30

2023/C 60/18

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11005 – RENAULT / MINTH / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

32

2023/C 60/19

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11011 — EQT / TRESCAL) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

34

2023/C 60/20

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11039 – ERMENEGILDO ZEGNA / THE ESTEE LAUDER COMPANIES / TOM FORD INTERNATIONAL) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

35

2023/C 60/21

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cá M.10998 — MAGNA INTERNATIONAL / MINTH GROUP / HUAINAN MAGNA MINTH EXTERIORS SYSTEMS JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

37

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 60/22

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

39

2023/C 60/23

Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm san earnáil fíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

46

2023/C 60/24

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

62


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

TUAIRIMÍ

An Coimisiún Eorpach

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/1


TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN

an 15 Feabhra 2023

a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí a eascraíonn as díchóimeáil limistéir oibre imoibreora R1 agus R2 d’Aonad 2 de Ghléasra Cumhachta Núicléiche Ignalina atá lonnaithe sa Liotuáin

(Is é an téacs Liotuáinise amháin atá barántúil)

(2023/C 60/01)

Déantar an measúnú thíos faoi fhorálacha Chonradh Euratom, gan dochar d’aon mheasúnú breise atá le déanamh faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ná do na hoibleagáidí a eascraíonn as agus as an reachtaíocht thánaisteach (1).

An 22 Meitheamh 2022, fuair an Coimisiún Eorpach ó Rialtas na Liotuáine, i gcomhréir le hAirteagal 37 de Chonradh Euratom, Sonraí Ginearálta a bhaineann leis an bplean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí (2) a eascraíonn as díchoimisiúnú agus díchóimeáil limistéir oibre imoibreora R1 agus R2 d’Aonad 2 de ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina.

Ar bhonn na sonraí sin agus na faisnéise breise a d’iarr an Coimisiún an 29 Lúnasa 2022 agus an 26 Deireadh Fómhair 2022, agus a chuir údaráis na Liotuáine ar fáil an 3 Deireadh Fómhair 2022 agus an 11 Samhain 2022, agus tar éis dul i gcomhairle leis an nGrúpa Saineolaithe, dhréachtaigh an Coimisiún an tuairim seo a leanas:

1.

Is é 8 km an fad idir an suíomh agus an teorainn is gaire le Ballstát eile, sa chás seo, an Laitvia. Tá an teorainn le Poblacht na Bealarúise, atá ina tír chomharsanach, 5 km uaidh.

2.

Ní bheidh sceitheadh eisilteach radaighníomhach leachtach mar thoradh ar ghnáthoibríochtaí díchóimeála.

Faoi ghnáthoibríochtaí díchóimeála, ní dócha go mbeidh sceitheadh eisilteach radaighníomhach gásach ina chúis nochta don daonra i mBallstát eile nó i dtríú tír a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte de, i leith na dteorainneacha dáileoige a leagtar síos sa Treoir (3) maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.

3.

Aistreofar dramhaíl radaighníomhach sholadach chuig saoráidí cuí cóireála, stórála nó diúscartha atá ar shuíomh Ignalina.

Scaoilfear dramhaíl neamh-radaighníomhach sholadach agus ábhair iarmharacha ó rialú rialála lena ndiúscairt mar ghnáthdhramhaíl nó lena n-athúsáid nó lena n-athchúrsáil i gcomhréir leis na critéir imréitigh a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.

4.

I gcás scaoileadh neamhphleanáilte eisilteach radaighníomhach a d’fhéadfadh tarlú tar éis na dtionóiscí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta, ní bheadh na dáileoga is dócha a gheobhaidh daonra Ballstáit eile nó tríú tír suntasach ó thaobh na sláinte de, i leith na leibhéal tagartha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.

Mar fhocal scoir, i dtaca le cur chun feidhme an phlean maidir le diúscairt dramhaíola radaighníomhaí i cibé foirm, a eascraíonn as díchóimeáil limistéir oibre imoibreora R1 agus R2 d’Aonad 2 de ghléasra cumhachta núicléiche Ignalina atá lonnaithe sa Liotuáin, sa ghnáthoibriú agus i gcás tionóiscí den chineál agus den mhéid a mheastar sna Sonraí Ginearálta araon, tá an Coimisiún den tuairim nach dócha go mbeidh an cur chun feidhme sin ina chúis le héilliú radaighníomhach a bheadh suntasach ó thaobh na sláinte, an uisce, na hithreach nó an aerspáis i mBallstát eile nó i dtríú tír de, i leith na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir maidir le Caighdeáin Bhunúsacha Sábháilteachta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Feabhra 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

Kadri SIMSON

Comhalta den Choimisiún


(1)  Mar shampla, faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart measúnú breise a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil. Mar sin de, ba mhaith leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar fhorálacha Threoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol, arna leasú le Treoir 2014/52/AE; ar Threoir 2001/42/CE maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol, agus ar Threoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú agus ar Threoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce.

(2)  Diúscairt dramhaíola radaighníomhaí de réir bhrí phointe 1 de Mholadh 2010/635/Euratom ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 37 de Chonradh Euratom (IO L 279, 23.10.2010, lch. 36).

(3)  Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos na caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta maidir le cosaint ar na contúirtí a éiríonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/3


Imeachtaí a thionscnamh

(Cás M.10807 – VIASAT / INMARSAT)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 60/02)

An 13 Feabhra 2023, chinn an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh sa chás thuasluaite tar éis dó cinneadh a dhéanamh go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha ann maidir leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi ó thaobh a chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach de. Le tionscnamh na n-imeachtaí cuirtear tús le himscrúdú dara céim i ndáil leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi, agus déantar sin gan dochar don chinneadh críochnaitheach maidir leis an gcás. Tá an cinneadh bunaithe ar Airteagal 6(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Chun go gcuirfear barúlacha san áireamh go hiomlán mar chuid den nós imeachta, ba cheart na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost chuig COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu nó tríd an bpost, agus é sin a dhéanamh faoin tagairt M.10807 – VIASAT / INMARSAT, chuig an seoladh seo a leanas:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/4


CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Feabhra 2023

lena gcuirtear síneadh le téarma oifige Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol

(2023/C 60/03)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB (1) ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin , agus go háirithe Airteagal 54(3) go (5) agus Airteagal 55 de,

Ag gníomhú di mar an t-údarás a bhfuil an chumhacht aige Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Leas Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol a cheapadh,

Ag féachaint don togra ó Bhord Bainistíochta Europol an 14 Deireadh Fómhair 2022,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceapadh Jürgen EBNER mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol le Cinneadh ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 (2). Rachaidh téarma oifige Jürgen EBNER in éag an 31 Deireadh Fómhair 2023.

(2)

Ceaptar Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol ar feadh tréimhse 4 bliana, ar féidir síneadh ama a chur léi uair amháin i gcomhréir le hAirteagal 54(4) de Rialachán (AE) 2016/794.

(3)

Leagtar amach le cinneadh Bhord Bainistíochta Europol an 1 Bealtaine 2017 an nós imeachta maidir le síneadh a chur le téarma oifige Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin Europol.

(4)

Chuir an Bord Bainistíochta in iúl do Pharlaimint na hEorpa go raibh sé ar intinn aige a mholadh don Chomhairle go gcuirfear síneadh le téarma oifige Jürgen EBNER, agus an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) 2016/794 á chur san áireamh.

(5)

Le litir an 24 Eanáir 2023, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl don Chomhairle nach raibh sé ar intinn aici cuireadh a thabhairt do Jürgen EBNER teacht os comhair a coiste inniúil de bhun Airteagal 54(5) de Rialachán (AE) 2016/794.

(6)

Chuir an Bord Bainistíochta tuairim faoi bhráid na Comhairle ina moltar go gcuirfear síneadh le téarma oifige Jürgen EBNER agus go ndéanfar a ghrád a athaicmiú go grád AD15.

(7)

Ar bhonn an mholta a thíolaic an Bord Bainistíochta, ba cheart don Chomhairle síneadh a chur le téarma oifige Jürgen EBNER ina cháil mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol agus ba cheart go ndéanfaí a ghrád a athaicmiú go grád AD15,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear síneadh le téarma oifige Jürgen EBNER ina cháil mar Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol ón 1 Samhain 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027 ag grád AD 15.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh Bhruiséil, 14 Feabhra 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. SVANTESSON


(1)  IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol a cheapadh (IO C 370, 31.10.2019, lch. 4).


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/6


Fógra le haghaidh daoine agus eintitis áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

(2023/C 60/04)

Dírítear aird na ndaoine seo thíos ar an bhfaisnéis seo a leanas: SOLTANI Hodjatoleslam Seyed Mohammad (uimh. 17), JAFARI-DOLATABADI Abbas (uimh. 19), MOHSENI-EJEI Gholam-Hossein (uimh. 21), SALAVATI Abdolghassem (uimh. 25), JAVANI Yadollah (uimh. 43), HAJMOHAM-MADI Aziz (dá ngairtear freisin Aziz Hajmohammadi, Noorollah Azizmohammadi) (uimh. 57), BAGHERI Mohammad-Bagher (uimh. 58), HOSSEINI Dr Seyyed Mohammad (dá ngairtear freisin HOSSEYNI Dr Seyyed Mohammad; Seyed, Sayyed and Sayyid) (uimh. 60), MIRHEJAZI Ali Ashgar (uimh. 66), MORTAZAVI Seyyed Solat (uimh. 69), JAFARI Reza (uimh. 77), MOUSSAVI Seyed Mohammad Bagher (dá ngairtear freisin MOUSAVI Sayed Mohammed Baqir) (uimh. 81), JAFARI Asadollah (uimh. 83), EMADI Hamid Reza (dá ngairtear freisin Hamidreza Emadi) (uimh. 84), ASHTARI Hossein (uimh. 92), VASEGHI Leyla (dá ngairtear freisin VASEQI Layla, VASEGHI Leila, VASEGHI Layla) (uimh. 95), Evin Prison (uimh. 2), Fashafouyeh Prison (dá ngairtear freisin Greater Tehran Central Penitentiary, Hasanabad-e Qom Prison, Greater Tehran Prison) (uimh. 3), Rajaee Shahr Prison (dá ngairtear freisin Rajai Shahr Prison, Rajaishahr, Raja’i Shahr, Reja’i Shahr, Rajayi Shahr, Gorhardasht Prison, Gohar Dasht Prison) (uimh. 4), daoine agus eintitis atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin.

Tá sé ar intinn ag an gComhairle na bearta sriantacha i gcoinne na ndaoine agus na n-eintiteas thuasluaite a choinneáil bunaithe ar ráitis nua ar chúiseanna. Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis sin, leis seo, go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na ráitis ar chúiseanna lena n-ainmniú atá beartaithe a fháil, roimh an 24 Feabhra 2023, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Secrétariat général

RELEX.1 Gnóthaí Domhanda agus Cothrománacha

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Maidir le barúlacha a gheofar roimh an 10 Márta 2023, cuirfear san áireamh iad chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/235/CBES agus le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(2)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/7


Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

(2023/C 60/05)

Dírítear aird Viktor Ivanovych Ratushniak, Vitalii Yuriyovych Zakharchenko agus Serhiy Vitalyovych Kurchenko, daoine atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle (2) maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá faighte ag an gComhairle ó údaráis na hÚcráine an fhaisnéis a bhreithneofar faoi chuimsiú an athbhreithnithe bhliantúil ar na bearta sriantacha. Leis seo, cuirtear in iúl do na daoine thuasluaite go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na heilimintí atá ag an gComhairle ina comhad maidir lena n-ainmniú a fháil, roimh an 22 Feabhra 2023, leis an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

I dtaca leis sin, cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta ar liosta na ndaoine ainmnithe i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle.


(1)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 26.

(2)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.


An Coimisiún Eorpach

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/8


Rátaí malairte an euro (1)

16 Feabhra 2023

(2023/C 60/06)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0700

JPY

yen na Seapáine

143,31

DKK

krone na Danmhairge

7,4490

GBP

punt steirling

0,88883

SEK

krona na Sualainne

11,1420

CHF

franc na hEilvéise

0,9873

ISK

króna na hÍoslainne

154,30

NOK

krone na hIorua

10,9513

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

23,685

HUF

forint na hUngáire

382,65

PLN

zloty na Polainne

4,7765

RON

leu na Rómáine

4,9009

TRY

lira na Tuirce

20,1685

AUD

dollar na hAstráile

1,5500

CAD

dollar Cheanada

1,4334

HKD

dollar Hong Cong

8,3985

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7033

SGD

dollar Shingeapór

1,4287

KRW

won na Cóiré Theas

1 376,52

ZAR

rand na hAfraice Theas

19,4066

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,3351

IDR

rupiah na hIndinéise

16 193,38

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7123

PHP

peso na nOileán Filipíneach

59,011

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,738

BRL

real na Brasaíle

5,6090

MXN

peso Mheicsiceo

19,8720

INR

rúipí na hIndia

88,4574


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/9


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 60/07)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2023) 882

10 Feabhra 2023

Trí-ocsaíd chróimiam

Uimh. CE 215-607-8, Uimh. CAS 1333-82-0

Steel Color S.p.A., Via Per Pieve Terzagni 15, 26033 Pescarolo Ed Uniti (CR), an Iodáil

REACH/23/1/0

Mar dhathán agus mar chruaiteoir le haghaidh plátaí cruach dosmálta a úsáidtear sa tionscal cruach chun miotal leatháin uigeach fuar-rollta ardcháilíochta a mhonarú

an 31 Nollaig 2028

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu)


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/10


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 60/08)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2023) 884

10 Feabhra 2023

Trí-ocsaíd chróimiam

Uimh. CE 215-607-8, Uimh. CAS 1333-82-0

Husqvarna AB, EM-OFPM/ErK, 56182, Huskvarna, an tSualainn

REACH/23/2/0

Úsáid thionsclaíoch meascáin ina bhfuil trí-ocsaíd chróimiam i bplátáil cróim fheidhmiúil lúba gearrtha shlabhra an tsáibh chun na ceanglais maidir le géire agus marthanacht i ndáil le húsáid sábha slabhracha a chomhlíonadh

31 Nollaig 2032

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu)


An Chúirt Iniúchóirí

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/11


Tuarascáil speisialta 04/2023:

“Comhaontas Domhanda um Athrú Aeráide(+) – Níor baineadh amach an méid a beartaíodh”

(2023/C 60/09)

D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a Tuarascáil speisialta 04/2023: “Comhaontas Domhanda um Athrú Aeráide(+) – Níor baineadh amach an méid a beartaíodh”.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=63424


An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/12


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 agus Rialachán (AE) 2021/1230 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro

(2023/C 60/10)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

An 26 Deireadh Fómhair 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 260/2012 agus (AE) 2021/1230 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro (1).

Is é is cuspóir don Togra feabhas a chur ar ghlacadh íseal aistrithe creidmheasa ar an toirt in euro ionas gur féidir na tairbhí a ghabhann leo a bhaint amach, lena n-áirítear gnóthachain éifeachtúlachta do thomhaltóirí, do cheannaithe, d’úsáideoirí corparáideacha, do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus do chuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, agus do riaracháin phoiblí lena n-áirítear údaráis fhioscacha. Is é an dara cuspóir leis na modhanna íocaíochta ag pointí idirghníomhaíochta a leathnú, go háirithe le haghaidh idirbhearta trasteorann. Um dheireadh 2021, ní raibh ach 11 % d’aistrithe creidmheasa in euro a seoladh san Aontas ina n-íocaíochtaí meandracha, cé go bhfuil ollstruchtúr d’íocaíochtaí meandracha in euro ann cheana féin, inter alia, mar chuid de scéim aistrithe creidmheasa ar an toirt an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) de 2017.

De bharr na bhfadhbanna a dtugtar aghaidh orthu sa Togra, tá baint ar leith ag dhá cheann díobh le cosaint sonraí: chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní na n-íocóirí maidir le slándáil íocaíochtaí meandracha, chuirfeadh an Togra d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta a fhíorú an ionann an t-aitheantóir cuntais íocaíochta agus ainm an íocaí arna sholáthar ag an íocóir, sula n-údaródh an t-íocóir an íocaíocht. I gcás nach dtagann siad le chéile, tabharfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta fógra don íocóir faoi aon neamhréitigh a bhraitear agus faoi mhéid aon neamhréireachta den sórt sin. Cuireann MECS fáilte roimh an Togra agus go háirithe roimh an gcomhoiriúnú atá beartaithe lena dtabharfaí deis d’íocóirí a gcuid sonraí a chur i gcomparáid leis an bhfreagra ón gcóras agus cinntí eolasacha a dhéanamh an bhfuil sé sábháilte an íocaíocht a údarú nó nach bhfuil. I gcás nach bhfuil gá leis an ngné slándála sin, tugann an Togra an deis d’íocóirí rogha a dhéanamh gan bheith páirteach, rud a fhágann gur lú an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta.

Faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair, is é is cúis le ráta ard d’íocaíochtaí meandracha diúltaithe daoine a bhfuil baint acu leis an aistriú creidmheasa ar an toirt a shainaithint go mícheart mar dhaoine ar liostaí smachtbhannaí an Aontais. Déantar foráil sa Togra maidir le ceanglas maidir le scagadh smachtbhannaí i bhfoirm seiceáil a dhéanamh go fíormhinic ar chliaint i gcoinne liostaí smachtbhannaí an Aontais, seachas i gcás gach idirbhirt aonair, chun bréagdheimhneacha a sheachaint. Is díol sásaimh do MECS go dtreoródh an Togra an cleachtas chuig modh fíorúcháin tréimhsiúil is féidir a fhorghníomhú leis an dícheall is gá, ionas gur féidir bréagdheimhneachtaí a sheachaint agus ionas nach mbíonn diúltuithe íocaíochta gan údar ann do na hábhair sonraí.

Níl aon bharúlacha ag MECS maidir leis na forálacha eile den Togra.

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 26 Deireadh Fómhair 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 260/2012 agus (AE) 2021/1230 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro.

2.

Is é is cuspóir don Togra feabhas a chur ar ghlacadh íseal aistrithe creidmheasa ar an toirt in euro ionas gur féidir na tairbhí a ghabhann leo a bhaint amach, lena n-áirítear gnóthachain éifeachtúlachta do thomhaltóirí, do cheannaithe, d’úsáideoirí corparáideacha, do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta agus do chuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, agus do riaracháin phoiblí lena n-áirítear údaráis fhioscacha. Is é an dara cuspóir leis na modhanna íocaíochta ag pointí idirghníomhaíochta a leathnú, go háirithe le haghaidh idirbhearta trasteorann.

3.

Tá feidhm cheana féin ag dhá ghníomh dlí de chuid an Aontais i réimse na n-íocaíochtaí, i.e. Treoir maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, 2015 (PSD2) (2) agus an Rialachán maidir le híocaíochtaí trasteorann (3), maidir le híocaíochtaí meandracha agus leanfar leis sin tar éis theacht i bhfeidhm an togra seo. Mar sin féin, roghnaigh an Coimisiún Rialachán SEPA (4) chun na forálacha nua a óstáil toisc go leagtar síos ann ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh gach aistrithe creidmheasa in euro agus is catagóir nua d’aistrithe creidmheasa in euro iad íocaíochtaí meandracha in euro.

4.

Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 27 Deireadh Fómhair 2022, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE (5). Cuireann MECS fáilte roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in Aithris 23 den Togra.

5.   CONCLÚIDÍ

17.

I bhfianaise an méid thuas, is díol sásaimh do MECS na bearta dá bhforáiltear sa Togra chun sonraí íocaí a fhíorú agus chun staonadh ó sheiceáil a dhéanamh ar úsáideoirí seirbhíse íocaíochta le linn aistriú creidmheasa ar an toirt.

18.

Níl aon ábhar imní ag baint leis an bhfíorú cúiteach rialta le liostaí smachtbhannaí an Aontais, beag beann ar idirbheart nithiúil.

An Bhruiséil, 19 Nollaig 2022.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM(2022) 546 final.

(2)  Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach , lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. ) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(3)  Rialachán (AE) 2021/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir le híocaíochtaí trasteorann san Aontas (IO L 274, 30.7.2021, lch. 20).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear ceanglais theicniúla agus ghnó le haghaidh aistrithe creidmheasa agus dochar díreach in euro agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 (IO L 94, 30.3. 2012, lch 22).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/14


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cíosa cóiríochta gearrthéarmaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724

(2023/C 60/11)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS: https://edps.europa.eu)

An 7 Samhain 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cíosa cóiríochta gearrthéarmaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (1).

Tá sé mar aidhm ag an Togra scéimeanna clárúcháin a chomhchuibhiú agus ceanglais trédhearcachta eile maidir le seirbhísí cíosa gearrthéarmaigh (STR), chomh maith lena chumasú, trí phróiseáil sonraí a bhaineann le STRanna, sainmhíniú freagraí beartais iomchuí i gcás aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail tithíocht inacmhainne nó cosaint na timpeallachta uirbí. Meabhraíonn MECS ina leith sin, a mhéid a bhaineann an phróiseáil le sonraí pearsanta, an gá atá le prionsabail an riachtanais agus prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh.

Bunaítear leis an Togra rialacha maidir le clárú soláthraithe STRanna (óstaigh); liostaítear an fhaisnéis nach mór d’óstaigh a sholáthar chun a uimhir chlárúcháin a fháil; leagtar síos an oibleagáid atá ar na húdaráis inniúla an fhaisnéis ar chuir na hóstaigh isteach í a fhíorú, faisnéis bhreise a iarraidh agus bailíocht na huimhreach clárúcháin a chur ar fionraí. Foráiltear rialacha freisin maidir leis an oibleagáid ar ardáin cíosa gearrthéarmaigh ar líne bailíocht chláruithe na n-óstach a áirithiú.

Ina theannta sin, leagtar amach sa Togra an coinníoll faoina bhfaighidh údaráis inniúla faisnéis shonrach faoi ghníomhaíochtaí na n-óstach ó ardáin cíosa gearrthéarmaigh ar líne tríd an bPointe Iontrála Digiteach Aonair (SDEP). Sonraítear sa Togra freisin cé na húdaráis ar féidir leo rochtain a fháil ar na sonraí arna mbailiú agus arna roinnt ag ardáin cíosa gearrthéarmaigh ar líne.

Leis an Tuairim seo, molann MECS Airteagal 2 a leasú chun a shoiléiriú i dtéarmaí achtacháin den Togra go n-eisiatar úsáid sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun an Togra chun críocha forfheidhmithe dlí nó chun críocha cánachais agus custaim.

De réir an Togra níor cheart go gceanglófaí ar ardáin cíosa gearrthéarmaigh ar líne sonraí pearsanta a bhaineann le haíonna a thuairisciú. Go deimhin, ní thagraíonn “Sonraí gníomhaíochta”, mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(11), atá le tarchur trí ardán cíosa gearrthéarmaigh chuig údaráis inniúla, ach do “líon na n-oícheanta a bhfuil aonad ar cíos ina leith agus líon na n-aíonna a d’fhan san aonad in aghaidh na hoíche”. Measann MECS gur príomhghné den Togra é sin ag féachaint don ghá atá le cinntiú go bhfuil próiseáil sonraí pearsanta teoranta don mhéid atá riachtanach agus comhréireach.

Molann MECS freisin go sonrófar na catagóirí sonraí pearsanta le cur faoi bhráid údaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 5(3), agus soiléiriú a dhéanamh ar an bhfoclaíocht a thagraíonn don uastréimhse dá stórálfar sonraí pearsanta.

Maidir leis an bhfíorú ag údaráis inniúla agus ag ardáin cíosa gearrthéarmaigh ar líne den fhaisnéis a thíolacann óstaigh í, is díol sásaimh do MECS é an fhaisnéis atá le cur ar fáil d’óstaigh faoi thoradh an fhíoraithe sin, rud a chuireann ar chumas an óstaigh an fhaisnéis sin a cheistiú nó a cheartú.

Molann MECS freisin go sonrófaí cibé an stórálfaí nó nach stórálfaí sonraí pearsanta ag SDEP.

Ar deireadh, molann MECS go sonrófaí in Airteagal 12(4) go dtagraíonn na forálacha seo do chomhiomlánú na sonraí neamhphearsanta.

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 7 Samhain 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bailiú agus comhroinnt sonraí a bhaineann le seirbhísí cíosa cóiríochta ghearrthéarmaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (“an Togra”).

2.

Is é cuspóir an Togra an creat um bhailiú agus comhroinnt sonraí a chomhchuibhiú agus a fheabhsú maidir le cóiríocht cíosa gearrthéarmach (“STRanna”) ar fud an Aontais Eorpaigh, agus chun feabhas a chur ar thrédhearcacht san earnáil STR (2).

3.

Go sonrach, tá sé mar aidhm ag an Togra:

(i)

cur chuige comhchuibhithe maidir le scéimeanna clárúcháin le haghaidh óstaigh, le hoibleagáid ar údaráis phoiblí scéimeanna den sórt sin a chothabháil chun sonraí a fháil chun críocha ceaptha beartais agus forfheidhmithe (3);

(ii)

oibleagáid ar ardáin ar líne a chur ar chumas na n-óstach uimhreacha clárúcháin a thaispeáint (a áiritheoidh go gcomhlíonfaidh na hóstaigh na ceanglais chlárúcháin) agus chun sonraí gníomhaíochta sonracha faoi óstaigh agus faoina liostaí a roinnt le húdaráis phoiblí;

(iii)

uirlisí agus nósanna imeachta sonracha lena gcinntítear go bhfuil comhroinnt sonraí sábháilte, comhlíontach le RGCS agus cost-éifeachtach, do na gníomhaithe ar fad atá i gceist (4).

4.

Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 7 Samhain 2022, de bhun Airteagal 42(1) de RCSAE (5). Cuireann MECS fáilte roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in aithris 38 den Togra. Maidir leis sin, sonraíonn MECS go dearfach freisin go ndeachthas i gcomhairle leis ar bhonn neamhfhoirmiúil de bhun Aithris 60 den RCSAE.

4.   CONCLÚIDÍ

23.

I bhfianaise an méid thuasluaite, déanann MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:

(1)

Airteagal 2 a leasú chun a shoiléiriú i dtéarmaí achtacháin den Togra go n-eisiatar úsáid sonraí pearsanta arna bpróiseáil de bhun an Togra chun an críocha forfheidhmithe dlí nó chun críocha cánachais agus custaim;

(2)

an abairt dheireanach in aithris 37 a scriosadh;

(3)

na catagóirí sonraí pearsanta a shonrú a fhéadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a cheangal tuilleadh de réir Airteagal 5(3);

(4)

soiléiriú a dhéanamh ar an bhfoclaíocht a thagraíonn don tréimhse teorann stórála in Airteagal 5(5);

(5)

féachaint cibé an bhféadfaí an chéad abairt d’Airteagal 10(4) a leasú i bhfianaise go bhféadfadh an SDEP sonraí pearsanta a stóráil;

(6)

a sonrú in Airteagal 12(4) go dtagraíonn na forálacha seo do chomh-iomlánú na sonraí neamhphearsanta.

An Bhruiséil, 16 Nollaig 2022.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM(2022) 571 final.

(2)  Féach Tuarascáil Mhíniúchán, lch 1.

(3)  Ní mór a thabhairt faoi deara freisin go leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 leis an Togra, faoi Airteagal 17. Mar a shonraítear faoi aithris 32, áirítear sa Togra na nósanna imeachta maidir le clárú ag óstaigh in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1.), lena mbunaítear an tairseach aonair dhigiteach, lena bhforáiltear do rialacha ginearálta maidir le soláthar faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh ar líne atá ábhartha d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(4)  Féach Tuarascáil Mhíniúchán, lch 1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39).


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/17


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach

(2023/C 60/12)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

An 18 Samhain 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta maidir le hardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (1) (“an Togra”). Is é cuspóir an Togra bearta chun idir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a chur chun cinn, ar córais iad a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú san Aontas trí rialacha comhchoiteanna agus creat le haghaidh comhordú maidir le hidir-inoibritheacht earnála poiblí a bhunú, agus chun forbairt bonneagair thras-Eorpaigh seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha a chothú.

Aithníonn MECS na tairbhí is féidir a bhaint as idir-inoibritheacht mhéadaithe san earnáil phoiblí agus is díol sásaimh dó na hiarrachtaí déanta ag an gCoimisiún chun an próiseas a eagrú agus a institiúidiú i dtreo na sprice sin. Meabhraíonn MECS freisin, áfach, go bhfuil tionchar ag idir-inoibritheacht na gcóras gréasán agus faisnéise ar fud earnálacha an riaracháin phoiblí agus ar gach leibhéal den riarachán ar cheann de na prionsabail is bunúsaí maidir le cosaint sonraí, eadhon prionsabal an teorannaithe de réir cuspóra. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfar na rioscaí atá á gcruthú trí dheireadh a chur le bacainní teicniúla ar mhalartú faisnéise a mheas tuilleadh le linn an phróisis. Ar an gcúis sin, cuireann MECS fáilte roimh an bhforáil lena gceanglaítear ar an gCoimisiún dul i gcomhairle le MECS sula n-údaraíonn sé boscaí gainimh rialála a bhunú i gcásanna nach bhfuil aon institiúid, comhlacht ná gníomhaireacht de chuid an Aontais rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála, agus molann sé an fhoclaíocht a athrú leis.

Chruthódh an Togra bunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil i mboscaí gainimh rialála dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 12 den Togra. Dá bhrí sin, díríonn barúlacha MECS ar na forálacha sin.

Molann MECS a mheas an ann do chásanna úsáide a d’fhéadfadh a bheith ann do na boscaí gainimh rialála a chomhlíonann an caighdeán riachtanais, agus mura féidir cásanna úsáide den sórt sin a shainaithint, an bunús dlí do phróiseáil sonraí pearsanta a bhaint den Togra. Ina theannta sin, aithníonn sé forálacha ar cosúil nach bhfuil ábhar rialála iontu, agus molann sé iad a leasú ionas go mbeadh breisluach ag gabháil leo. Ina theannta sin, molann MECS coimirce bhreise a thabhairt isteach chun a áirithiú nach mbeidh sonraí tástála ina sonraí sa timpeallacht táirgthe arís, go háirithe tar éis iad a shaibhriú le sonraí ó rannpháirtithe eile. Molann sé freisin go gcuirfí de cheangal ar rannpháirtithe i mboscaí gainimh rialála an fhaisnéis riachtanach is gá a chur ar fáil chun go ndéanfaidh an t-údarás maoirseachta meastóireacht ar chosaint sonraí, agus go n-iarrfaí ar an gCoimisiún bosca gainimh rialála a bhunú, agus molann sé leasuithe a dhéanamh chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar chásanna ina bhfuil roinnt údarás maoirseachta inniúil chun measúnú a dhéanamh ar phróiseáil bheartaithe i mbosca gainimh rialála.

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 18 Samhain 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (“an Togra”).

2.

Is é cuspóir an Togra bearta chun idir-inoibritheacht trasteorann na gcóras gréasáin agus faisnéise a chur chun cinn, ar córais iad a úsáidtear chun seirbhísí poiblí a sholáthar nó a bhainistiú san Aontas trí rialacha comhchoiteanna agus creat le haghaidh comhordú maidir le hidir-inoibritheacht earnála poiblí a bhunú, agus chun forbairt bonneagair thras-Eorpaigh seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha a chothú. Is é is aidhm dó, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:

cur chuige comhsheasmhach daonlárnach de chuid an Aontais a áirithiú maidir le hidir-inoibritheacht lena n-áirítear ceapadh beartais agus cur chun feidhme beartais;

struchtúr rialachais idir-inoibritheachta a bhunú arna dhearadh chun é a chur ar chumas riaracháin phoiblí ar gach leibhéal agus i ngach earnáil, agus ar gheallsealbhóirí príobháideacha araon, oibriú le chéile – agus sainordú soiléir acu teacht ar chomhaontú maidir le réitigh idir-inoibritheachta chomhroinnte (e.g. creataí, sonraíochtaí oscailte, caighdeáin oscailte, feidhmchláir nó treoirlínte);

éiceachóras réiteach idir-inoibritheachta d’earnáil phoiblí an Aontais a chomhchruthú, ionas gur féidir le húdaráis riaracháin phoiblí ar gach leibhéal den Aontas agus le geallsealbhóirí eile rannchuidiú leis na réitigh sin agus iad a athúsáid, nuáil a dhéanamh le chéile agus luach poiblí a chruthú.

3.

Aithníodh an gá atá le gníomhaíocht níos láidre sa réimse agus fógraíodh gníomhaíocht nithiúil i roinnt teachtaireachtaí ón gCoimisiún, ina measc an Teachtaireacht “Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú” (2), “Straitéis Eorpach maidir le Sonraí” (3), “Bacainní ar an Margadh Aonair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu” (4) agus “Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach – Bosca uirlisí deiseanna” (5). Ina theannta sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach creat idir-inoibritheachta cumhachta ina Teachtaireacht chuig na Toscaireachtaí maidir le Conclúidí an Chruinnithe Speisialta an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020 (6). Cuireadh an tionscnamh sin san áireamh i gclár oibre an Choimisiúin do 2022 (iarscríbhinn REFIT) (7).

4.

Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 18 Samhain 2022, de bhun Airteagal 42(1) de RCSAE (8). Cuireann MECS fáilte roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in aithris 40 den Togra. Maidir leis sin, sonraíonn MECS go dearfach freisin go ndeachthas i gcomhairle leis ar bhonn neamhfhoirmiúil de bhun aithris 60 den RCSAE.

6.   CONCLÚIDÍ

27.

I bhfianaise an méid thuasluaite, déanann MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:

(1)

a mheas an ann do chásanna úsáide a d’fhéadfadh a bheith ann do na boscaí gainimh rialála a chomhlíonann an caighdeán, agus mura féidir cásanna úsáide den sórt sin a shainaithint, chun an bunús dlí le haghaidh próiseáil sonraí pearsanta a bhaint den Togra;

(2)

na cuspóirí ábhartha a bhaineann le leas an phobail a shainiú tuilleadh i gcomhthéacs an Rialacháin a bheidh ann amach anseo agus a bheith níos sonraí ar a bhfuil an cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 23(1) RGCS (9) agus Airteagal 25(1) RCSAE á shaothrú;

(3)

Airteagal 12(6)(f) den Togra a leasú ionas go gceanglófar ar rannpháirtithe an bhosca gainimh rialála foráil a dhéanamh maidir le socruithe teicniúla agus eagraíochtúla éifeachtacha chun cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a chomhlíonadh;

(4)

Airteagal 12(6) a mhodhnú chun aon athrú cuspóra a thoirmeasc ina dhiaidh sin, chun a áirithiú nach ndéanfar sonraí tástála de na sonraí tástála arís i dtimpeallacht táirgeachta, go háirithe tar éis iad a shaibhriú le sonraí ó rannpháirtithe eile;

(5)

chun Airteagal 11(5) a leasú ar bhealach nach mór cuspóir na próiseála, na gníomhaithe lena mbaineann, a róil, na catagóirí sonraí lena mbaineann, a bhfoinse nó a bhfoinsí agus an tréimhse choinneála atá beartaithe a shonrú san iarraidh de réir bhrí Airteagal 11(5) den Togra, agus gur cheart measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh nó a chur i gcrích.

An Bhruiséil, 13 Eanáir 2023

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM(2022) 720 final.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú (COM(2020) 67 final).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, 19 Feabhra 2020 (COM(2020) 66 final).

(4)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Bacainní ar an Margadh Aonair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu (COM(2020) 93 final).

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Digitiú an cheartais san Aontas Eorpach – Bosca uirlisí deiseanna (COM (2020) 710 final).

(6)  Teachtaireacht ó Ardrúnaíocht na Comhairle chuig na Toscaireachtaí maidir le Conclúidí an Chruinnithe Speisialta den Chomhairle Eorpach (1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020) (EUCO 13/20).

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Clár oibre an Choimisiúin 2022 An Eoraip a dhéanamh níos láidre le chéile (COM(2021) 645 final).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/20


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le tuismitheoireacht

(2023/C 60/13)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

Ar an 7 Nollaig 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas do chinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair thuismitheoireachta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismitheoireachta a chruthú.

Is é cuspóir an Togra rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le dlínse agus leis an dlí is infheidhme chun tuismitheoireacht a bhunú i mBallstát i gcásanna trasteorann; rialacha comhchoiteanna maidir le haitheantas nó, de réir mar a bheidh an cás, le glacadh i mBallstát le cinntí cúirte maidir le tuismitheoireachta a thugtar, agus le hionstraimí barántúla maidir le tuismitheoireacht arna dtarraingt suas nó arna gclárú i mBallstát eile; agus Deimhniú Eorpach Tuismitheoireacht a chruthú.

Is díol sásaimh do MECS na tagairtí soiléire a rinneadh do chur i bhfeidhm RGCS (1), RCSAE (2) agus na Treorach maidir le ríomh-Phríobháideachas (3) chomh maith le cinneadh an rialaitheora maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Togra agus an soiléiriú a cuireadh ar fáil maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil.

1.   RÉAMHRÁ

1.

Ar an 7 Nollaig 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas do chinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair thuismitheoireachta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismitheoireachta a chruthú (“an Togra”) (4).

2.

Is é cuspóir an Togra rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le dlínse agus leis an dlí is infheidhme chun tuismitheoireacht a bhunú i mBallstát i gcásanna trasteorann; rialacha comhchoiteanna maidir le haitheantas nó, de réir mar a bheidh an cás, le glacadh i mBallstát le cinntí cúirte maidir le tuismitheoireachta a thugtar, agus le hionstraimí barántúla maidir le tuismitheoireacht arna dtarraingt suas nó arna gclárú i mBallstát eile; agus Deimhniú Eorpach Tuismitheoireacht a chruthú (5).

3.

Sainaithníodh an tionscnamh seo mar phríomhghníomhaíocht i Straitéis AE maidir le cearta an linbh (6) agus i Straitéis Comhionannais LGBTIQ an AE (7).

4.

Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 12 Nollaig 2022, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE. Is díol sásaimh do MECS an tagairt don chomhairliúchán seo in aithris 96 den Togra. Maidir leis sin, sonraíonn MECS go dearfach freisin go ndeachthas i gcomhairle leis ar bhonn neamhfhoirmiúil de bhun Aithris 60 EUDPR.

3.   CONCLÚIDÍ

9.

I bhfianaise an mhéid thuas, níl aon ráitis bhreise ag MECS maidir leis an Togra.

An Bhruiséil, 26 Eanáir 2023.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(3)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

(4)  COM(2022) 695 final.

(5)  Airteagal 1.

(6)  Straitéis AE maidir le cearta an linbh, COM(2021) 142 final.

(7)  Aontas an Chomhionannais: An Straitéis Comhionannais LGBTIQ 2020-2025, COM (2020) 698 final. Féach meabhrán míniúcháin, lch. 2.


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/22


An liosta calafort i mBallstáit an Aontais Eorpaigh ina gceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ina bhfuil rochtain ag soithí iascaireachta tríú tír ar sheirbhísí calafoirt, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle; An liosta calafort i dTuaisceart Éireann ina gceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus ina bhfuil rochtain ag soithí iascaireachta tríú tír ar sheirbhísí calafoirt, i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

(2023/C 60/14)

Tá foilsiú an liosta seo i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle (1).

Ballstát

Calafoirt ainmnithe

 

 

An Bheilg

Oostende

Zeebrugge

 

 

An Bhulgáir

Бургас (Burgas)

Варна (Varna)

 

 

An Danmhairg

Aalborg

Aarhus

Esbjerg

Fredericia

Frederikshavn  ((2)) ,  ((15)) ,  ((16))

Hanstholm

Hirtshals

Hvide Sande  ((2)) ,  ((15)) ,  ((16))

København

Skagen

Strandby  ((2)) ,  ((15)) ,  ((16))

Thyborøn  ((2)) ,  ((15)) ,  ((16))

 

 

An Ghearmáin

Bremerhaven

Cuxhaven

Rostock (ní cheadaítear trasloingsiú)

Sassnitz/Mukran (ní cheadaítear trasloingsiú)

 

 

An Eastóin

Níl aon chalafort faoi láthair

 

 

Éire

Na Cealla Beaga  ((2))

Baile Chaisleáin Bhéarra  ((2))

Ailt an Chorráin  ((8)) ,  ((9))

Ráth Maoláin  ((8)) ,  ((9))

An Caisleán Nua  ((8)) ,  ((9))

Binn Éadair  ((8)) ,  ((10))

Ros An Mhíl  ((8)) ,  ((10))

Bun an Phobail  ((8)) ,  ((11)) ,  ((12)) ,  ((13)) ,  ((14))

Rinn Uí Choigligh  ((8)) ,  ((11)) ,  ((12)) ,  ((13)) ,  ((14))

An Ghréig

Πειραιάς (Piraeus)

Θεσσαλονίκη (Thessaloniki)

 

 

An Spáinn

A Coruña

A Pobra do Caramiñal

Algeciras

Alicante

Almería

Arrecife

Barbate ((2)) (ní cheadaítear trasloingsiú ná tabhairt i dtír)

Barcelona

Bilbao

Burela

Cádiz

Cartagena

Castellón

Celeiro

Gijón

Huelva

Las Palmas de Gran Canaria

Málaga

Marín

Palma de Mallorca ((2))

Pasaia (Pasajes)

Puerto del Rosario

Ribeira

Santa Cruz de Tenerife

Santander

Tarragona

València

Vigo (Área Portuaria)

Vilagarcía de Arousa

 

 

An Fhrainc

An Fhrainc Dhúthach:

Dunkerque

Boulogne

Le Havre

Caen ((2))

Cherbourg en Cotentin ((2))

Barneville-Carteret

Granville ((2))

Saint-Malo

Roscoff ((2))

Brest

Douarnenez ((2))

Concarneau ((2))

Lorient ((2))

Nantes - Saint-Nazaire ((2))

La Rochelle ((2))

Rochefort sur Mer ((2))

Port la Nouvelle ((2))

Sète

Calafort Marseille

Calafoirt Fhrancacha thar lear:

Le Port (La Réunion)

Fort de France (Martinique)  ((2))

Port de Jarry (Guadeloupe)  ((2))

Port du Larivot (Guyane)  ((2))

 

 

An Chróit

Ploče

Rijeka

Zadar – Gaženica

Split – Sjeverna luka

 

 

An Iodáil

Ancona

Brindisi

Civitavecchia

Fiumicino ((2))

Genova

Gioia Tauro

La Spezia

Livorno

Napoli

Olbia

Palermo

Ravenna

Reggio Calabria

Salerno

Taranto

Trapani

Trieste

Venezia

 

 

an Chipir

Λεμεσός (Limassol)

 

 

An Laitvia

Rīga

Ventspils

 

 

An Liotuáin

Klaipėda

 

 

Málta

Vaileite (Deepwater Quay, Laboratory Wharf, Magazine Wharf)

Port Marsaxlokk (MT DIS Malta Freeport Distripark, MT MAR Marsaxlokk)

 

 

An Ísiltír

Vlissingen

Scheveningen ((2))

Ijmuiden

Harlingen

Eemshaven

Den Helder ((2))

Velsen ((6))

Amsterdam ((6))

Rotterdam ((6))

Stellendam ((7))

Den Oever ((7))

Oudeschild ((7))

Urk ((7))

Lauwersoog ((7))

Yerseke ((7))

An Pholainn

Gdańsk

Gdynia

Szczecin

Świnoujście ((2))

 

 

An Phortaingéil

Aveiro [PT AVE 1] ((2))

Caniçal [PT CNL 1]

Horta [PT HOR 1] ((2))

Lisboa [PT LIS 1]

Peniche [PT PEN 1] ((2))

Ponta Delgada [PT PDL 1]

Porto [PT OPO 1]

Setúbal [PT SET 1] ((2))

Sines [PT SIE 1]

Viana do Castelo [PT VDC 1] ((2))

 

 

An Rómáin

Constanța

 

 

An tSlóivéin

Níl aon chalafort faoi láthair

 

 

An Fhionlainn

Heilsincí (ní cheadaítear trasloingsiú)

 

 

An tSualainn

 

 

Ellös ((2)) ,  ((3)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Göteborg ((3)) ,  ((4))

Karlskrona Handelshamnen  ((2)) ,  ((3)) ,  ((4)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Kungshamn ((2)) ,  ((3)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Lysekil ((2)) ,  ((3)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Nogersund ((2)) ,  ((3)) ,  ((4)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Rönnäng ((2)) ,  ((3)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Simrishamn ((2)) ,  ((3)) ,  ((4)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Slite ((2)) ,  ((3)) ,  ((4)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Smögen ((2)) ,  ((3)) ,  ((4)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Strömstad ((2)) ,  ((3)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Trelleborg ((2)) ,  ((3)) ,  ((4)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Träslövsläge ((2)) ,  ((3)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

Västervik ((2)) ,  ((3)) ,  ((4)) ,  ((5)) (ní cheadaítear trasloingsiú)

 

 


An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

Calafoirt ainmnithe

Tuaisceart Éireann

Doire

Cill Chaoil

Port an Bhogaigh

Ard Ghlais

An Pointe

Beannchar (Co. an Dúin)

Béal Feirste


(1)  IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.

((2))  Ní Pointe Rialaithe Teorann de chuid an Aontais é seo

((3))  Ceadaítear gach táirge iascaigh a thabhairt i dtír ó shoithí faoi bhratach na hIorua, na hÍoslainne, Andóra agus Oileáin Fharó

((4))  Ní cheadaítear níos mó ná 10 dtona de scadáin arna ngabháil i limistéir lasmuigh de Mhuir Bhailt, de ronnaigh ná de bholmáin a thabhairt i dtír

((5))  Ní cheadaítear tabhairt i dtír gabhálacha iasc reoite, ach amháin ó shoithí faoi bhratach na hIorua, na hÍoslainne, Andóra agus Oileáin Fharó má tá nóta (3) leo.

((6))  Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach amháin ó shoithí iascaireachta a bhfuil fad níos mó ná 59 m iontu nó tonnáiste íosta 1200 GT

((7))  Ní ghlactar le soithí iascaireachta ón Ríocht Aontaithe ach amháin le haghaidh obair chothabhála agus tar éis formheas a fháil ó NVWA. Ní mór seiceálacha fisiceacha a dhéanamh ar an mbolg aon lá ó Luan go hAoine idir 8:00 agus 17:00 i gcalafort nach bhfuil ainmnithe le (6)(7)

((8))  Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach amháin ó shoithí iascaireachta atá faoi bhratach na Ríochta Aontaithe agus atá cláraithe i dTuaisceart Éireann

((9))  Ní ghlactar le gabhálacha a thabhairt i dtír ach amháin ó shoithí a bhfuil fad níos lú ná 18 m iontu agus ní ghlactar ach le speicis úra nach speicis TAC iad

((10))  Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach amháin ó shoithí a bhfuil fad níos lú ná 26 m iontu ná ní ghlactar ach le speicis ghrinnill (úr agus reoite)

((11))  Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach ó shoithí <18M LOA

((12))  Ní ghlactar ach le tabhairt i dtír gabhálacha speiceas nach bhfuil faoi réir teorainneacha na gabhála iomláine incheadaithe

((13))  Ní ghlactar ach le tabhairt i dtír gabhálacha Moileasc Débhlaoscach Beo atá díolmhaithe ó rialáil AE NNN

((14))  Ní ghlactar le tabhairt i dtír gabhálacha ach ó 14:00 go dtí 20:00 ar an Máirt agus ar an gCéadaoin le linn mhí Feabhra, mhí an Márta, mhí Dheireadh Fómhair, mhí na Samhna agus mhí na Nollag

((15))  Ceadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh úra a thabhairt i dtír agus a thrasloingsiú agus seirbhísí calafoirt

((16))  Ní cheadaítear oibríochtaí maidir le táirgí iascaigh reoite a thabhairt i dtír ná a thrasloingsiú, seachas ó shoithí atá faoi bhratach Oileáin Fharó, na hÍoslainne agus na hIorua


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Coimisiún Eorpach

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/27


Foilsiú folúntais le haghaidh fheidhm an Stiúrthóra um Chlaochlú Digiteach (DIGIT.A) in Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (grád AD 14), an Bhruiséil

COM/2023/10425

(2023/C 60/15)

Tá fógra folúntais (tagairt COM/2023/10425) foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh fheidhm an Stiúrthóra um Chlaochlú Digiteach (DIGIT.A) in Ard-Stiúrthóireacht na Faisnéisíochta (grád AD 14).

Chun téacs an fhógra folúntais a fheiceáil in 24 theanga agus chun d’iarratas a chur isteach, téigh chuig an leathanach gréasáin tiomnaithe seo ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: https://europa.eu/!hD8fNd


NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/28


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11002 – BDT CAPITAL PARTNERS / M+W GROUP / EXYTE)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 60/16)

1.   

An 3 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

BDT Capital Partners, LLC (Stáit Aontaithe Mheiriceá) (“BDT Capital Partners”),

M+W Group GmbH (an Ghearmáin) (“M+W”),

Exyte GmbH (an Ghearmáin) (“Exyte”), atá faoi rialú M+W.

Faigheann BDT Capital Partners agus M+W rialú comhpháirteach ar Exyte de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc. Tá Exyte faoi rialú aonair M+W faoi láthair.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is banc marsantach é BDT Capital Partners a bhfuil ceanncheathrú dó i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Déanann BDT speisialtóireacht in infheistíochtaí i ngnólachtaí atá faoi úinéireacht teaghlaigh agus faoi stiúir bunaitheoirí. Faoi láthair tá 22 chuideachta phunainne rialaithe aige atá gníomhach i níos mó ná 150 tír,

Is cuideachta innealtóireachta agus tógála é m+W atá gníomhach i dtionscadail fuinnimh,

Is cuideachta idirnáisiúnta é Exyte i réimse an dheartha, na hinnealtóireachta, an tsoláthair agus na tógála i dtimpeallachtaí rialaithe. Tá Exyte ag freastal ar chliaint i margaí ar nós leathsheoltóirí, ceallraí, cógaisíocht, biteicneolaíocht, agus ionaid sonraí. Tá Exyte gníomhach i níos mó ná 20 tír ar fud an domhain.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11002 – BDT CAPITAL PARTNERS / M+W GROUP / EXYTE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/30


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11026 — PARTNERS GROUP / GHO / STERLING PHARMA)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 60/17)

1.   

An 6 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Partners Group Holding AG (“Partners Group”, an Eilvéis),

GHO Capital Management Limited (“GHO”, Oileáin Cayman),

Sterling Pharma Solutions Limited (“Sterling Pharma”, an Ríocht Aontaithe), atá faoi rialú GHO.

Gheobhaidh Partners Group agus GHO rialú comhpháirteach ar Sterling Pharma de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta phríobháideach faoi dhliteanas teoranta é GHO a bhainistíonn roinnt cistí cothromais príobháideacha de chuid GHO. Tá ceanncheathrú ag GHO i Londain agus tá thart ar EUR 5 bhilliún de shócmhainní faoina bhainistíocht aige, a bhfuil saineolas aige ar infheistíocht a dhéanamh i gcúram sláinte domhanda,

Is cuideachta bainistíochta domhanda le haghaidh infheistíochta i margaí príobháideacha faoi dhlí na hEilvéise é Partners Group agus atá liostaithe ar SIX Swiss Exchange. Tá os cionn USD 131 billiún sócmhainní ag Partners Group faoina bhainistíocht i réimsí an chothromais phríobháidigh, na réadmhaoine príobháidí, an bhonneagair phríobháidigh agus an fhiachais phríobháidigh,

Soláthraíonn Sterling Pharma seirbhísí forbartha conarthaí agus eagraíochta monaraíochta (“CDMO”) i ndáil le comhábhair ghníomhacha chógaisíochta le haghaidh táirgí cógaisíochta móilíní beaga agus comhchuingigh drugaí antasubstainte.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11026 — PARTNERS GROUP / GHO / STERLING PHARMA

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/32


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11005 – RENAULT / MINTH / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 60/18)

1.   

An 10 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Renault SAS (“Renault”, an Fhrainc),

Minth Group Limited (“Minth”, an tSín).

Gheobhaidh Renault agus Minth rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar chomhfhiontar.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Renault roinnte ina thrí réimse oibríochtúla: (i) monarú agus soláthar feithiclí nua (gluaisteáin paisinéirí, feithiclí tráchtála éadroma agus feithiclí leictreacha); (ii) maoiniú díolachán, léasú, cothabháil agus conarthaí seirbhíse; agus (iii) seirbhísí soghluaisteachta, trí sholáthar réiteach soghluaisteachta agus fuinnimh d’úsáideoirí feithiclí leictreacha,

Bíonn Minth rannpháirteach go príomha i dtaighde agus forbairt, agus táirgeadh agus díol i ndáil le (i) comhpháirteanna mótarfheithiclí agus (ii) trealamh agus múnlaí uirlisithe.

3.   

Is iad gníomhaíochta gnó an chomhfhiontair monarú agus soláthar cásálacha le haghaidh ceallraí feithiclí leictreacha.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11005 – RENAULT / MINTH / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/34


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11011 — EQT / TRESCAL)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 60/19)

1.   

An 9 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

EQT Fund Management S.à r.l. (“EFMS”, Lucsamburg), faoi rialú EQT AB (“EQT”, an tSualainn);

Talbot International SAS (“Trescal”, an Fhrainc).

Gheobhaidh EFMS rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Trescal ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Gníomhaíonn EFMA mar an bainisteoir cistí le haghaidh agus thar ceann ciste áirithe de chuid EQT a rialaíonn agus a dhéanann infheistíocht i ngnólachtaí bonneagair san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh go príomha;

Tá Trescal gníomhach, trína ghrúpa cuideachtaí, i seirbhísí tástála, iniúchta agus deimhniúcháin, seirbhísí calabrúcháin go príomha, do chustaiméirí, inter alia, sna hearnálacha aeraspáis, cosanta, fuinnimh agus tionsclaíochta, mótarfheithiclí agus iompair, eolaíochtaí beatha, leictreonaice, teileachumarsáide agus bia agus deochanna.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11011 — EQT / TRESCAL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/35


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.11039 – ERMENEGILDO ZEGNA / THE ESTEE LAUDER COMPANIES / TOM FORD INTERNATIONAL)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 60/20)

1.   

An 7 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Ermenegildo Zegna N.V. (“Zegna”, an Iodáil), atá faoi rialú Monterubello s.s.,

The Estée Lauder Companies Inc. (“ELC”, Stáit Aontaithe Mheiriceá), atá faoi rialú muintir Lauder,

Tom Ford International LLC (“Tom Ford International”, Stáit Aontaithe Mheiriceá), atá faoi rialú an tUasal Thomas Ford.

Gheobhaidh Zegna agus ELC rialú ar Tom Ford International de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach leasanna ballraíochta (scaireanna).

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Zegna gníomhach i ndearadh, cruthú agus dáileadh só-éadaí fear agus gabhálais faoi bhranda Zegna, chomh maith le héadaí ban, éadaí fear agus gabhálais faoi bhranda Thom Browne. Déanann Zegna fabraicí agus teicstílí a mhonarú agus a dháileadh freisin. Díoltar táirgí Zegna trí níos mó ná 500 siopa in 80 tír ar fud an domhain,

Is monaróir, margóir agus díoltóir cúraim craicinn cáilíochta, smididh, táirgí cumhráin agus táirgí cúraim gruaige é ELC. Díoltar a chuid táirgí i dtuairim is 150 tír agus, ón 30 Meitheamh 2022, tá thart ar 63 000 fostaí ar fud an domhain aige.

Cuireann Tom Ford International bailiúchán iomlán d’éadaí fear, éadaí ban, gabhálais, agus na fo-éadaí is déanaí agus cloig ar fáil. Faoi láthair, tá níos mó ná 100 siopa TOM FORD saorsheasaimh agus siopa-i-siopaí ar fud an domhain.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.11039 – ERMENEGILDO ZEGNA / THE ESTEE LAUDER COMPANIES / TOM FORD INTERNATIONAL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/37


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cá M.10998 — MAGNA INTERNATIONAL / MINTH GROUP / HUAINAN MAGNA MINTH EXTERIORS SYSTEMS JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 60/21)

1.   

An 10 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Magna International Inc. (“Magna”, Ceanada),

Minth Group Limited (“Minth”, Daon-Phoblacht na Síne),

Huainan Magna Minth Exteriors Systems Co., Ltd (an “Comhfhiontar”, Daon-Phoblacht na Síne).

Gheobhaidh Magna agus Minth rialú comhpháirteach ar an gComhfhiontar de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is soláthraí domhanda gluaisteán é Magna, a dhéanann comhpháirteanna, cóimeálacha, córais, fochórais agus modúil le haghaidh na ndéantúsóirí buntrealaimh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a dhearadh, innealtóireacht a dhéanamh orthu agus iad a mhonarú,

Tá Minth ag gabháil go príomha i dhá réim gnó móra, is iad sin an T&F, táirgeadh agus díolacháin páirteanna gluaisteán, agus in uirlisí agus múnlaí.

3.   

Is iad gníomhaíochtaí gnó an Chomhfhiontair dearadh, forbairt, monarú agus díol cóimeála painéal tosaigh/cúil agus geataí ardaitheoirí plaisteacha agus córais ardaitheoirí do chustaiméirí i nDaon-Phoblacht na Síne.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10998 — MAGNA INTERNATIONAL / MINTH GROUP / HUAINAN MAGNA MINTH EXTERIORS SYSTEMS JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/39


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2023/C 60/22)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Côtes du Rhône Villages”

PDO-FR-A0664-AM06

Dáta teachtaireachta: 23.11.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Limistéar díreach in aice láimhe

Leasaítear Caibidil I de shonraíocht STFC “Côtes du Rhône Villages” ag Roinn IV, “Réimsí agus áiteanna ina ndéantar na hoibríochtaí éagsúla”, pointe 3(a), “Limistéar díreach in aice láimhe”, chun bardais a chur léi ionas go gcomhfhreagraíonn an limistéar díreach in aice láimhe leis an limistéar táirgthe le haghaidh STFC “Côtes du Rhône”, an sonrúchán is cineálaí is féidir a úsáid le haghaidh fíonta a tháirgtear faoi struchtúr ordlathach pirimid-chruthach na sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint. Tá sé mar aidhm ag an leasú oibríochtaí a shimpliú agus comhsheasmhacht a áirithiú do tháirgeoirí.

Leasaítear an doiciméad aonair faoin bpointe “Coinníollacha breise – limistéar díreach in aice láimhe”.

2.   Bainistiú fíonghort

Leasaítear Caibidil I na sonraíochta ag Roinn VI, “Bainistíocht fíonghort”, pointe 2, “Modhanna fáis eile”, chun forálacha agra-chomhshaoil a áireamh a bhfuil mar aidhm acu saintréithe an chomhshaoil fhisiciúil agus bhitheolaíoch a chaomhnú. Baineann na forálacha i gceist le cleachtais ghortghlanta, mótaithe phlaistigh agus caomhnaithe ithreach.

Leasaítear an doiciméad aonair faoin bpointe “Cleachtais fíoneolaíocha”.

3.   Ceanglais maidir le dearbhú

Leasaítear Caibidil II de shonraíocht STFC “Côtes du Rhône Villages” ag Roinn I, “Ceanglais maidir le dearbhú”,

pointe 1, “Dearbhú éilimh”, chun an dáta a chuirtear an ráiteas éilimh le haghaidh na dtoirteanna a táirgeadh faoi bhráid an chomhlachta caomhnaithe agus bainistíochta;

pointe 10, “Dearbhú uiscithe”, toisc gur cuid den phlean rialaithe don sonrúchán iad na forálacha seo agus ní gá iad a chur san áireamh sa tsonraíocht.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Côtes du Rhône Villages

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

Fíonta atá dearg, rosé agus bán

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Tá na fíonta socair agus tirim (agus méid siúcra coiptheach nach mó ná 4 g/l acu).

Seasann fíonta dearga agus rosé d’fhormhór an táirgthe (98 %). Tá na fíonta cruinn agus flaithiúil agus tá déine mhaith datha orthu. Tá siad oiriúnach do theacht chun cineál ar feadh tréimhsí ama éagsúla ag brath ar an gcineál ithreach agus ar an gcumasc cineálacha, mar a chinneann na táirgeoirí, bunaithe ar a saineolas. Tá an cineál Grenache N mar chuid de 40 % de na cumaisc ar a laghad, in éineacht le Syrah N agus/nó Mourvèdre N a sheasann, mar phríomhchineálacha, do 25 % den mheascán cineálacha ar a laghad.

Tá na fíonta geala cruinn sa bhéal, agus uaireanta bíonn blasanna spíosraí agus fanaile orthu.

Ní mór do na fíonta neart alcóil nádúrtha de 12 % de réir toirte ar a laghad a bheith acu. Tá cion aigéid mhalaigh níos lú ná 0,4 g/l ag na fíonta dearga. Tá na critéir anailíseacha eile i gcomhréir le rialacha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

14.5

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

16,33

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíon oireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.

Cleachtais fíoneolaíochta

Cleachtas sonrach fíoneolaíochta

Ceadaítear teicnící laghdúcháin chun fíon a shaibhriú i gcás fíonta dearga suas le ráta tiúchana 10 %;

Chun na fíonta rosé a tháirgeadh, ceadaítear do dhéantóirí fíona gualach fíonóireachta a úsáid go heisiach ar úrfhíonta ón bhfáisceán, gan 20 % ar a mhéad iomlán den toirt as a ndéanann an t-oibreoir fíon don bhuaint sin a shárú.

2.

Spásáil idir rónna agus idir plandaí

Modh fáis

Is é 2,50 méadar nó níos lú an fad idir na rónna;

Tá an spás atá ar fáil do gach planda suas le 2,50 m2, arna ríomh tríd an t-achar idir línte agus an spás idir plandaí sa ró céanna a iolrú;

Idir 0,80 m agus 1,25 m atá sa spásáil idir plandaí sa ró céanna.

3.

Prúnáil – Forálacha ginearálta

Modh fáis

Prúnáiltear na fíniúnacha go gearr (ag úsáid an mhodh cuachphrúnála nó Tródam de Royat), gan ach sé spor ar a mhéad in aghaidh an phlanda. Bíonn dhá bhachlóg ar a mhéad ar gach spor;

Tá an tréimhse chun an tródam a bhunú teoranta do 2 bhliain. Le linn na tréimhse sin, ceadaítear prúnáil Guyot aonair nó dhúbailte mar a shainítear le haghaidh an chineáil Viognier B thíos.

4.

Prúnáil – Foráil speisialta

Modh fáis

Féadfar an cineál Viognier B a phrúnáil:

modh Guyot aonair á úsáid agus cána ar a mbíonn ocht mbachlóg ar a mhéad agus spor amháin nó dhá spor ar a mbíonn dhá bhachlóg ar a mhéad ar gach spor;

modh Guyot dúbailte á úsáid agus cána ar a mbíonn sé bhachlóg ar a mhéad agus spor amháin nó dhá spor ar a mbíonn dhá bhachlóg ar a mhéad ar gach spor.

5.

Uisciú

Modh fáis

Féadfar uisciú a cheadú.

6.

Modhanna fáis chun saintréithe an chomhshaoil fhisiciúil agus bhitheolaíoch a chaomhnú

Modh fáis

Chun saintréithe an chomhshaoil fhisiciúil agus bhitheolaíoch a chaomhnú atá mar chuid bhunúsach an limistéir áitiúil:

toirmisctear rialú ceimiceach fiailí ar chinnfhearainn;

toirmisctear rialú ceimiceach fiailí ar níos mó ná 50 % de dhromchla an fhíonghoirt, nach bhfuil cinnfhearainn san áireamh.

Toirmisctear mótú plaisteach;

Ní féidir athruithe substaintiúla a dhéanamh ar chruth agus ar imlínte an tírdhreacha ná ar sheicheamh peideolaíoch na ndáileachtaí atá beartaithe le táirgeadh fíona a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh cláraithe air.

5.2.   Uastáirgeacht

50 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Buaintear na fíonchaora agus déantar agus forbraítear na fíonta sna bardais a leanas:

Roinn Ardèche: Bourg-Saint-Andéol, Saint-Just-d’Ardèche, Saint-Marcel-d’Ardèche, Saint-Martin-d’Ardèche;

Roinn Drôme: Bouchet, Mérindol-les-Oliviers, Mirabel-aux-Baronnies, Mollans-sur-Ouvèze, Montbrison, Nyons, (Le) Pègue, Piégon, Rochegude, Rousset-les-Vignes, Saint-Maurice-sur-Eygues, Saint-Pantaléon-les-Vignes, Suze-la-Rousse, Taulignan, Tulette, Venterol, Vinsobres;

Roinn Le Gard: Aiguèze, Bagnols-sur-Cèze, Castillon-du-Gard, Cavillargues, Chusclan, Codolet, Comps, Cornillon, Domazan, Estézargues, Fournès, Gaujac, Laudun, Montfrin, Orsan, Pont-Saint-Esprit, Pujaut, Rochefort-du-Gard, Sabran, Saint-Alexandre, Saint-Etienne-des-Sorts, Saint-Gervais, Saint-Hilaire-d’Ozilhan, Saint-Marcel-de-Careiret, Saint-Michel-d’Euzet, Saint-Nazaire, Saint-Pons-la-Calm, Saint-Victor-la-Coste, Sauveterre, Saze, Tresques, Valliguières, Vénéjan;

Roinn Vaucluse: Beaumes-de-Venise, Bédarrides, Bollène, Buisson, Cairanne, Camaret-sur-Aigues, Caumont-sur-Durance, Châteauneuf-de-Gadagne, Courthézon, Faucon, Grillon, Jonquières, La Roque-Alric, Lafare, Lagarde-Paréol, Mondragon, Morières-lès-Avignon, Orange, Piolenc, Puyméras, Rasteau, Richerenches, Roaix, Sablet, Saint-Marcellin-lès-Vaison, Saint-Romain-en-Viennois, Saint-Roman-de-Malegarde, Saint-Saturnin-lès-Avignon, Sainte-Cécile-les-Vignes, Séguret, Sérignan-du-Comtat, Sorgues, Suzette, Travaillan, Uchaux, Vaison-la-Romaine, Valréas, Vedène, Villedieu, Violès, Visan.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

 

Clairette B

 

Grenache N

 

Grenache Blanc B

 

Marsanne B

 

Roussanne B

 

Viognier B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

Síneann an limistéar geografach idir Montélimar agus Avignon, trasna ceithre roinn i ndeisceart ghleann an Rhône. Ritheann abhainn an Rhône tríd an limistéar ar fad, ag soláthar ceangail fhíor-riachtanaigh den saol mór.

Le linn na ré Treasaí, b’fhiord Meánmhuirí é gleann an Rhône ag síneadh a fhad agus Vienne. Agus an fharraige ag trá, le linn na ré Ceathartha, fuair an tírdhreach na gnéithe atá ann faoi láthair trí éifeacht chreimthe (báisteach, gaotha, dobharchreimeadh). Dá thoradh sin, is iad na fánaí agus na léibhinn na gnéithe is suntasaí sa tírdhreach. Athraíonn na cineálacha ithreach go mór agus áirítear leo léibhinn abhann, marlaí agus aolchloch bhog chomh maith le hithreacha a chruthaigh creimeadh (marlaí, gaineamh, gaineamhchloch nó molás).

Is aeráid Mheánmhuirí í aeráid ghleann an Rhône theas ina mbíonn samhraí teo, tirime agus báisteach bhliantúil íseal. Cuireann sé báistí san fhómhar go príomha agus go déanach sa gheimhreadh. Tá tionchar mór ag an Mistral ar an aeráid freisin, gaoth aduaidh a bhíonn tirim agus fíochmhar go minic. Séideann an Mistral ar feadh 120 lá in aghaidh na bliana ar an meán, ag glanadh na spéire agus ag áirithiú neart solas na gréine. Cruthaíonn na sléibhte agus na cnoic atá timpeall an ghleanna éifeacht chonaire a threisíonn luasanna na gaoithe (éifeacht Venturi chonaire an Rhône).

Tháinig fíonghoirt ghleann an Rhône in inmhe le linn an 18ú céad, agus tháinig méadú ar fhíonsaothrú feadh bhruach clé na habhann i ndeireadh an 18ú céad agus sa 19ú céad. In 1864 rinne Napoleon III Jules Guyot, agranamaí, a choimisiúnú le tuarascáil a scríobh ar staid agus ar thodhchaí fhíonghoirt na Fraince. Bhain Guyot úsáid as an téarma “Côtes du Rhône” (san uimhir iolra) chun cur síos ar fhíonghoirt a shíneann ó Saint-Gilles go Tournon trí Beaucaire. D’fhág cóngaracht abhainn an Rhône go raibh rochtain mhaith ag na fíonta ar na margaí.

D’éirigh an fíonsaothrú ina phríomhfhoinse ioncaim. De bharr na láidreachta sin aithníodh “Côtes du Rhône” mar shonrúchán tionscnaimh cláraithe ó 1937 amach.

Ina dhiaidh sin, chuir na táirgeoirí a mian in iúl a bheith in ann a gcuid fíonta ab fhearr a chur chun cinn le húsáid ainmneacha geografacha sonracha. Tháinig aitheantas as seo, in 1966, ar an bhféidearthacht sonrúchán tionscnaimh “Côtes du Rhône” a chur le hainmneacha roinnt mhaith bhardas chun tionscnamh na bhfíonchaor a shonrú, ag léiriú an cháil a fuair na bhfíonta. Ansin, in 1967, aithníodh an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Côtes du Rhône Villages”. Spreag na hiarrachtaí sin táirgeadh a eagrú i struchtúr “pirimide” aitheantas aonad geografach chun an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Côtes du Rhône Villages” a chomhlánú.

Táirgeadh thart ar 350 000 heictilítear, lena n-áirítear 5 000 heictilítear d’fhíon geal, in 2010.

Fíonta socra agus tirime atá iontu. Seasann fíonta dearga agus rosé d’fhormhór an táirgthe. Tá na fíonta cruinn agus flaithiúil agus tá déine mhaith datha orthu. Tá siad oiriúnach do theacht chun cineál ar feadh tréimhsí ama éagsúla ag brath ar an gcineál ithreach (tugann ithreacha gainmheacha nó dúrabháin ghainmheacha fíonta níos éadroime agus tugann ithreacha clochacha nó créúla fíonta tainneacha atá níos saibhre) agus ar an gcumasc cineálacha, mar a chinneann na táirgeoirí bunaithe ar a saineolas.

Táirgtear na fíonta trí chineál Grenache N a chumasc le Syrah N nó Mourvèdre N. Déantar 66 % den chumasc ar a laghad ó na trí phríomhchineálacha sin. Tá na fíonta geala (a sheasann do 2 % den táirgeacht) cruinn sa bhéal, agus uaireanta bíonn blasanna spíosraí agus fanaile orthu.

Déantar na fíonta ó fhíonchaora a fhástar ar dháileachtaí a roghnaítear go cúramach i limistéar táirgthe “Côtes du Rhône”. Is fíorléiriú ar leith iad den phoitéinseal nádúrtha agus daonna atá bainteach le fíonta ó ghleann an Rhône.

Is fianaise iad na fíonta a tháirgtear ar an “éagsúlacht uathúil” as a bhí na táirgeoirí in ann tairbhe a bhaint, ag oiriúnú an cumasc cineáil agus ag roghnú na ceapacha is fearr chun leas a bhaint as an aeráid fhabhrach agus as abhainn an Rhône.

Tá aeráid i ngleann an Rhône atá an-oiriúnach do shaothrú fíniúnacha, de bharr éifeacht “ghlanta” an Mistral, an ghaoth atá fíochmhar, fuar agus tirim a chosnaíonn na fíniúnacha ó ghalair chrioptagaim, agus do na dálaí maithe maidir le teacht chun cineál do na fíonchaora, atá ceangailte le gaotha Mistral freisin, de sholas na gréine flúirseach agus díreach an leibhéal ceart agus dlús báistí.

Ón uair a rinne na Gréagaigh coilíniú, sholáthair gleann an Rhône bealach tábhachtach muirí, agus níos déanaí bealach iarnróid agus talún, don trádáil fíona, rud a chuir ar a gcumas do na daoine traidisiún uasal fíonsaothraithe a chaomhnú le breis agus dhá mhílaois.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Ainmneacha geografacha breise

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfaidh ceann amháin de na hainmneacha geografacha comhlántacha a liostaítear thíos teacht i ndiaidh ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe ar choinníoll go gcomhlíonann na fíonta na ceanglais táirgthe a leagtar síos sa tsonraíocht le haghaidh na n-ainmneacha seo:

“Chusclan”

“Gadagne”

“Laudun”

“Massif d’Uchaux”

“Nyons”

“Plan de Dieu”

“Puyméras”

“Roaix”

“Rochegude”

“Rousset-les-Vignes”

“Sablet”

“Saint-Andéol”

“Saint-Gervais”

“Saint-Maurice”

“Saint-Pantaléon-les-Vignes”

“Sainte-Cécile”

“Séguret”

“Signargues”

“Suze-la-Rousse”

“Vaison-la-Romaine”

“Valréas”

“Visan”.

Aonad geografach níos leithne

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar an t-aonad geografach níos mó “Vignobles de la Vallée du Rhône” a shonrú ar lipéid na bhfíonta ag a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Côtes du Rhône Villages”, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú a síníodh idir na comhlachtaí caomhnaithe agus bainistíochta lena mbaineann.

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú le haghaidh tháirgeadh agus fhorbairt na bhfíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas:

Roinn Ardèche: Alboussière, Andance, Ardoix, Arlebosc, Arras-sur-Rhône, Baix, Beauchastel, Bidon, Boffres, Bogy, Champagne, Champis, Charmes-sur-Rhône, Charnas, Châteaubourg, Cheminas, Colombier-le-Cardinal, Cornas, Eclassan, Etables, Félines, Flaviac, Gilhac-et-Bruzac, Glun, Guilherand-Granges, Gras, Labastide-de-Virac, Lemps, Limony, Mauves, Ozon, Peaugres, Peyraud, Plats, Le Pouzin, Quintenas, Rompon, Saint-Barthélemy-le-Plain, Saint-Cierge-la-Serre, Saint-Cyr, Saint Désirat, Saint Etienne de Valoux, Saint-Georges-les-Bains, Saint-Jean-de Muzols, Saint-Julien-en-Saint-Alban, Saint-Laurent-du-Pape, Saint-Montan, Saint-Péray, Saint-Remèze, Saint-Romain-d’Ay, Saint-Romain-de-Lerps, Saint-Symphorien-sous-Chomérac, Saint-Vincent-de-Durfort, Sarras, Savas, Sécheras, Serrières, Soyons, Talencieux, Thorrenc, Toulaud, Tournon-sur-Rhône, Vernosc-les-Annonay, Vinzieux, Vion, La Voulte;

Roinn Drôme: Albon, Aleyrac, Allex, Ambonil, Andancette, Aubres, La Baume-de-Transit, Beaumont-Monteux, Beausemblant, Benivay-Ollon, Bourg-les-Valence, Chamaret, Chanos-Curson, Chantemerle-les-Blés, Chantemerle-les-Grignan, Châteauneuf-de-Bordette, Châteauneuf-sur-Isère, Chavannes, Clansaye, Clérieux, Colonzelle, Condorcet, Crozes-Hermitage, Donzère, Erôme, Etoile-sur-Rhône, La Garde-Adhémar, Gervans, Grane, Granges-les-Beaumont, Les Granges-Gontardes, Grignan, Larnage, La Roche-de-Glun, Laveyron, Livron-sur-Drôme, Loriol-sur-Drôme, Mercurol, Montjoux, Montoison, Montaulieu, Montségur-sur-Lauzon, La Motte-de-Galaure, La Penne-sur-l’Ouvèze, Les Pilles, Pierrelatte, Pierrelongue, Le Poët-Laval, Ponsas, Pont-de-l’Isère, Propiac, Roche-Saint-Secret-Béconne, Roussas, Saint-Barthélemy-de-Vals, Saint-Donat-sur-l’Herbasse, Saint-Gervais-sur-Roubion, Saint-Paul-Trois-Châteaux, Saint-Rambert-d’Albon, Saint-Restitut, Saint-Uze, Saint-Vallier, Salles-sous-Bois, Serves-sur-Rhône, Solérieux, Tain-l’Hermitage, Teyssières, Triors, Valaurie, Valence, Veaunes;

Roinn Le Gard: Les Angles, Argilliers, Aramon, La Bastide-d’Engras, Beaucaire, Bellegarde, La Capelle-et-Masmolène, Carsan, Collias, Connaux, Flaux, Le Garn, Goudargues, Issirac, Jonquières-Saint-Vincent, Laval-Saint-Roman, Le Pin, Lirac, Meynes, Montfaucon, La Roque-sur-Cèze, Pougnadoresse, Pouzilhac, Remoulins, Roquemaure, Saint-André-d’Olérargues, Saint-André-de-Roquepertuis, Saint-Bonnet-du-Gard, Saint-Christol-de-Rodières, Saint-Geniès-de-Comolas, Saint-Julien-de-Peyrolas, Saint-Laurent-de-Carnols, Saint-Laurent-des-Arbres, Saint-Laurent-la-Vernède, Saint-Paul-les-Fonts, Saint-Paulet-de-Caisson, Salazac, Sernhac, Tavel, Théziers, Vallabrix, Verfeuil, Vers-Pont-du-Gard, Villeneuve-lès-Avignon;

Roinn Isère: Chonas-l’Amballan, Les Côtes d’Arey, Le-Péage-de-Roussillon, Reventin-Vaugris, Les Roches-de-Condrieu, Sablons, Saint-Alban-du-Rhône, Saint-Clair-du-Rhône, Saint-Maurice-l’Exil, Salaise-sur-Sanne, Seyssuel, Vienne.

Roinn Loire: Bessey, La Chapelle-Villars, Chavanay, Chuyer, Lupe, Maclas, Malleval, Pélussin, Roisey, Saint-Michel-sur-Rhône, Saint-Pierre-de-Bœuf, Saint Romain-en-Jarez, Vérin;

Roinn Rhône: Ampuis, Condrieu, Les Haies, Loire-sur-Rhône, Longes, Sainte-Colombe, Saint-Cyr-sur-le-Rhône, Saint-Romain-en-Gal, Tupin-et-Semons;

Roinn Vaucluse: Althen-les-Paluds, Aubignan, Avignon, Le Barroux, Beaumont-du-Ventoux, Bédoin, Blauvac, Brantes, Caderousse, Caromb, Carpentras, Cavaillon, Châteauneuf-du-Pape, Le Crestet, Crillon-le-Brave, Entraigues-sur-la-Sorgue, Entrechaux, Flassan, Gigondas, Jonquerettes, Lamotte-du-Rhône, Lapalud, Loriol-du-Comtat, Malaucène, Malemort-du-Comtat, Mazan, Méthamis, Modène, Monteux, Mormoiron, Mornas, Pernes-les-Fontaines, Le Pontet, Saint-Hippolyte-le-Graveyron, Saint-Léger-du-Ventoux, Saint-Pierre-de-Vassols, Savoillan, Sarrians, Le Thor, Vacqueyras, Villes-sur-Auzon.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-d1effa7b-3f3e-42de-b294-aa6e27019ae0


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/46


Foilsiú iarratais ar leasú ar shonraíocht le haghaidh ainm san earnáil fíona dá dtagraítear in Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2023/C 60/23)

Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 98 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de dhá mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

IARRATAS AR LEASÚ AR AN tSONRAÍOCHT TÁIRGE

“Bianco di Castelfranco Emilia”

PGI-IT-A0508-AM04

Dáta an iarratais: 19.10.2017

1.   Rialacha is infheidhme maidir leis an leasú

Airteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh.°1308/2013 – Leasú nach mion

2.   Tuairisc ar an leasú agus na cúiseanna leis an leasú

2.1.   Athrú ar ainm TGFC ó “Bianco di Castelfranco Emilia” go “Castelfranco Emilia”

Is gá an t-ainm a athrú ó “Bianco di Castelfranco Emilia” go “Castelfranco Emilia” chun fíonta bána a chur chun cinn leis na cineálacha fíonchaoire Trebbiano agus Moscato a bheith léirithe ar an lipéad. Níorbh fhéidir na fíonta seo, a tháirgtear go traidisiúnta sa limistéar, a aithint mar chineálacha sonracha toisc go raibh an t-ainm bunaithe ar an gcineál “Bianco” (bán). Mar a thuairiscítear faoi “Naisc ”, bhí clú agus cáil ar cheantar Castelfranco Emilia as fíonsaothrú chomh luath leis an 19ú haois. Bhí an limistéar táirgeachta mar chuid de Chúige Bologna an uair sin, a raibh a traidisiúin áitiúla fíonsaothrúcháin bunaithe ar fhíonchaora bána a shaothrú, ach i gCúige Modena, in aice láimhe, d’fhástaí fíonchaora dearga den chineál Lambrusco den chuid is mó. Mar sin, tá baint ag an ainm “Castelfranco Emilia” le fíonta bána éadroma cumhra le cúpla céad bliain anuas ar a laghad. Cé go bhfuil an limistéar anois mar chuid de Chúige Modena, tá sé fós mar theorainn chruinn idir sean-Stát an Phápa agus Diúcacht Modena, áit a bhfaightear fíonta dearga den chuid is mó agus iad bunaithe ar chineál Lambrusco.

Baineann an leasú le hAirteagail 1-9 den tsonraíocht agus le pointí 1, 4, 5, 6 agus 8 den doiciméad aonair.

2.2.   Cineálacha nua á gcur leis

Cuireadh roinnt cineálacha nua leis a bhfuil an lipéad Moscato agus Trebbiano orthu. Déantar foráil freisin maidir le fíon a tháirgeadh ón dá chineál, agus léirítear ar an lipéad iad in ord méid sa táirge deiridh. Tá gá anois leis na cineálacha nua seo a chur leis le tásc ar an gcineál fíonchaoire chun an tsonraíocht táirge a oiriúnú do na forbairtí gasta ar fhás fíona a tharla le 20 bliain anuas sa limistéar lena mbaineann. De réir mar a rinneadh athnuachan ar phlanduithe fíniúnacha, roghnaigh feirmeoirí fíona cineálacha fíonchaoire a bhíodh á bhfás go traidisiúnta sa cheantar agus a ráthaíonn torthaí den scoth i dtaobh cáilíochta agus sástacht tomhaltóirí de. Tá na cineálacha Trebbiano agus Moscato, a úsáidtí go dtí an chéad seo caite in éineacht leis an gcineál is mó, is é sin, Montù, ag éirí níos tábhachtaí astu féin le fiche bliain anuas agus iad á mbunú féin mar chineálacha ar leith. Lean mórtháirgeoirí fíona sa cheantar an treocht seo freisin trí phraghsanna níos fearr a íoc as fíonchaora na gcineálacha seo, agus ar an gcaoi sin feirmeoirí fíona a spreagadh chun iad a tháirgeadh.

Baineann an leasú seo le hAirteagail 2, 4 agus 6 den tsonraíocht agus le pointí 4, 5 agus 8 den doiciméad aonair.

2.3.   Limistéar táirgeachta fíonchaor – roinnt bardas agus leasú foirmiúil a chur leis de bharr atheagrú riaracháin

Tá na bardais Castelnuovo Rangone, Castelvetro di Modena, Formigine agus Spilamberto, atá lonnaithe i mbunchnoic Modena, curtha leis an limistéar táirgeachta atá ann cheana féin. Léiríonn suirbhéanna ithreach a rinneadh ar thalamh na mbardas seo go bhfuil an cineál céanna ithreach acu agus atá ag an gcríoch bhunaidh. Tríd na bardais seo a chur leis an limistéar táirgeachta is féidir leas níos fearr a bhaint as fíonchaora de chineálacha Trebbiano, Moscato agus Montù a fhástar ansin. Tá tréithe cáilíochta den scoth ag na fíonchaora bána seo, go háirithe neart alcóil nádúrtha ard de réir toirte agus cion maith dea-bholaidh phríomhúil. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go mbaineann iar-bhardais Bazzano agus Crespellano (i gCúige Bologna araon), a bhí mar chuid den limistéar táirgeachta bunaidh, le bardas nua Valsamoggia anois. Dá bhrí sin, rinneadh an tuairisc ar an limistéar críochaithe a leasú agus tá “chomh maith le críoch iomlán Bazzano agus Crespellano i mbardas Valsamoggia” le léamh inti anois in ionad “bardais Bazzano agus Crespellano”.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 3 den tsonraíocht táirge agus le pointe 6 den doiciméad aonair.

2.4.   Táirgeacht do na cineálacha nua Moscato agus Trebbiano

Ó leasaíodh an teaglaim cineálacha trí chineálacha nua atá lipéadaithe le cineál Moscato nó Trebbiano nó leis an dá chineál sin a chur leis, socraíodh an táirgeacht táirgthe ag 26 thona/heicteár i gcás Moscato agus ag 29 dtona/heicteár i gcás Trebbiano. I mblianta maithe, fágann saintréithe ithreach agus aeráide na críche gur féidir fíonta ardcháilíochta a tháirgeadh leis an uastáirgeacht a cuireadh in iúl.

Ina theannta sin, feabhsaíodh an t-earra trí chineálacha úrfhíona fíonchaor leathchoipthe a liostú.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 4 den tsonraíocht táirge agus le pointe 5 den doiciméad aonair.

2.5.   Sainmhíniú ar an limistéar fíonóireachta

Leathnaítear limistéar na fíonóireachta chun críoch riaracháin iomlán réigiún Emilia-Romagna a chuimsiú.

Tá fíonóireacht a cheadú i limistéir chóngaracha laistigh de réigiún Emilia-Romagna i gcomhréir leis an maolú dá bhforáiltear i reachtaíocht ábhartha AE.

Cuirtear san áireamh leis an leasú seo go dtáirgtí fíonta leathshúilíneacha agus úrfhíonta fíonchaor leathchoipthe go traidisiúnta ar fud an réigiúin.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 5 den tsonraíocht táirge agus le pointe 9 den doiciméad aonair (Coinníollacha breise – Maolú ó tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe).

2.6.   Saintréithe maidir le caitheamh na gcineálacha nua arna lipéadú le cineál Moscato nó Trebbiano nó leis an dá chineál sin

Ní mór na saintréithe maidir le caitheamh fíonta agus úrfhíonta leathchoipthe a bheith curtha leis.

Ós rud é gur leasaíodh an teaglaim cineálacha trí chineálacha nua atá lipéadaithe le cineál Moscato nó Trebbiano nó leo araon a chur leis, socraíodh a n-íostréithe ceimiceacha agus orgánaileipteacha nuair a scaoiltear iad lena gcaitheamh. Feabhsaíodh an t-earra freisin trí shaintréithe íosta ceimiceacha agus orgánaileipteacha a leagan síos do gach cineál sna catagóirí fíona, fíona leathshúilínigh agus úrfhíona fíonchaor leathchoipthe. Nuair a scaoiltear iad lena gcaitheamh, ní mór saintréithe tipiciúla na gcineálacha sin a bheith ag fíonta atá lipéadaithe le cineálacha Moscato agus Trebbiano, nó a mhalairt.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 6 den tsonraíocht táirge agus le pointe 4 den doiciméad aonair.

2.7.   Cur síos agus cur i láthair – dhá chineál atá sonraithe ar an lipéad

Sa bhreis ar riail shonrach AE maidir le dhá chineál fíonchaoire atá le feiceáil ar an lipéad, sonraíodh go gcaithfidh fíonchaora ón gcineál a bhfuil an céatadán is ísle acu a bheith ionann le 15 % ar a laghad den iomlán. Tá sé seo i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta ábhartha agus áirithítear leis, i gcás ina léireofar dhá chineál fíonchaoire ar lipéad táirge fíniúna, go rannchuideoidh an cineál ag a bhfuil an chion is lú freisin le saintréith an táirge trí 15 % ar a laghad den chainníocht iomlán a chur leis.

Baineann an leasú le hAirteagal 7 den tsonraíocht táirge agus le pointe 9 den doiciméad aonair (Coinníollacha breise fíor-riachtanacha – forálacha breise um lipéadú).

2.8.   Pacáistiú – úsáid a bhaint as stopalláin muisiriúin

Leagadh síos rialacha maidir le pacáistiú a mhéid a bhaineann le stopallán muisiriúin a úsáid le capsúil nach airde ná 7 cm freisin don chatagóir “úrfhíona fíonchaor leathchoipthe”. Rinneadh foráil cheana féin sa téacs maidir le húsáid na stopallán sin don chatagóir “fíon leathshúilíneach”, agus tá soiléiriú déanta ar na rialacha anois chun an fhéidearthacht a ghlacadh san áireamh go sainráite stopallán den sórt sin a úsáid freisin don chatagóir “úrfhíon fíonchaor leathchoipthe”.

Ba cheart a thabhairt faoi deara gur ceadaíodh stopalláin muisiriúin a úsáid i gcás fíonta leathshúilíneacha agus úrfhíonta fíonchaor leathchoipthe ón am gur formheasadh an tsonraíocht táirge bhunaidh trí Fhoraithne ón Aire an 18 Samhain 1995. Dá bhrí sin, ní riail nua é an leasú, ach soiléiriú, atá iomchuí chun an téacs a dhéanamh níos cruinne.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 8 den tsonraíocht táirge agus le pointe 9 den doiciméad aonair.

2.9.   Coigeartuithe maidir le hainm an TGFC agus a chineálacha éagsúla

Rinneadh roinnt coigeartuithe mar gheall ar an ainm TGFC, lena cineálacha éagsúla, ag athrú ó “Bianco di Castelfranco Emilia” go “Castelfranco Emilia ”.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 9 den tsonraíocht táirge agus le pointe 8 den doiciméad aonair.

2.10.   Tagairt don chomhlacht cigireachta

Tugadh an tagairt don chomhlacht iniúchta cothrom le dáta, agus tugadh le fios gurb é Valoritalia Srl an comhlacht iniúchta a d’údaraigh an Aireacht Talmhaíochta, Bia, Foraoiseachta agus Beartais Turasóireachta.

Baineann an leasú seo le hAirteagal 10 den tsonraíocht táirge. Níl aon athruithe ar an doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Castelfranco Emilia

2.   Cineál an táisc gheografaigh

TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

8.

Fíon leathshúilíneach

11.

Úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

4.   Tuairisc ar an bhfíon/ar na fíonnta

1.   “Castelfranco Emilia” Bianco

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán a dhéantar as fíonchaora den chineál Montù, nach mór 60 % ar a laghad a bheith ann, ach féadfar an 40 % eile a fháil ó chineálacha fíonchaoire bána eile a oireann don saothrú i réigiún Emilia-Romagna. Fíon ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, agus cumhracht láidir bláthanna agus féir uirthi. Ó thaobh an bhlais de, tá sé dea-struchtúrtha agus blasta, cosúil le clóca timpeall ort, comhchuí agus éadrom le ruainnín beag aigéadach agus iarbhlas a mhaireann ar feadh tamaill. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis.

Neart alcóil íosta de réir toirte: 10.5 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra (g/l.): 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   “Castelfranco Emilia” Bianco Frizzante

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán a dhéantar as fíonchaora den chineál Montù, nach mór 60 % ar a laghad a bheith ann, ach féadfar an 40 % eile a fháil ó chineálacha fíonchaoire bána eile a oireann don saothrú i réigiún Emilia-Romagna. Fíon ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, cúr mín gearrshaolach agus cumhracht láidir bláthanna le blasanna úill agus torthaí úra. Ó thaobh an bhlais de, tá sé tathagach, blasta agus comhchuí, éadrom agus aigéadach ar shlí thaitneamhach, le hiarbhlas a mhaireann ar feadh tamaill. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis.

Neart alcóil íosta (mar % den toirt): 10.0 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   “Castelfranco Emilia” Bianco, úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Úrfhíon fíonchaor bán leathchoipthe a dhéantar as fíonchaora den chineál Montù, nach mór 60 % ar a laghad a bheith ann, ach féadfar an 40 % eile a fháil ó chineálacha fíonchaoire bána eile a oireann don saothrú i réigiún Emilia-Romagna. Tá dath buí na tuí air de dhéine éagsúil agus cúr beo gearrshaolach. Tá cumhracht láidir bláthanna air le blasanna torthaí úra. Ó thaobh an bhlais de, tá sé tathagach, blasta agus comhchuí, éadrom agus milis.

Neart alcóil íosta (mar % den toirt): 10.0 %;

Neart alcóil iarbhír de réir toirte: íosmhéid 1 % agus uasmhéid 3/5 den neart alcóil iomlán de réir toirte;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   “Castelfranco Emilia” Moscato

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán a dhéantar as fíonchaora den chineál Moscato Bianco, nach mór 85 % ar a laghad a bheith ann, ach féadfar an 15 % eile a fháil ó chineálacha fíonchaoire bána eile a oireann don saothrú i réigiún Emilia-Romagna. Fíon ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil ar a bhfuil dea-bholadh láidir taitneamhach torthaí le blasanna péitseoige agus banana agus blasanna bláthanna teile, vistéiria agus bláthanna bána a bhaineann leis an gcineál fíonchaoire go tipiciúil. Ó thaobh an bhlais de, tá sé blasta agus éadrom, úr agus taitneamhach agus díreach an aigéadacht cheart ann. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis.

Neart íosta alcóil iomlán de réir toirte: 10.5 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   “Castelfranco Emilia” Moscato Frizzante

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán leathshúilíneach a dhéantar as fíonchaora den chineál Moscato Bianco, nach mór 85 % ar a laghad a bheith ann, ach féadfar an 15 % eile a fháil ó chineálacha fíonchaoire bána eile a oireann don saothrú i réigiún Emilia-Romagna. Fíon ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, le cúr mín gearrshaolach agus dea-bholadh láidir taitneamhach torthaí le blasanna péitseoige agus banana. Tá blasanna bláthanna teile, vistéiria agus bláthanna bána a bhaineann leis an gcineál fíonchaoire go tipiciúil air. Ó thaobh an bhlais de, tá sé blasta agus éadrom, úr agus taitneamhach agus díreach an aigéadacht cheart ann. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis.

Neart íosta alcóil iomlán de réir toirte: 10.0 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

6.   “Castelfranco Emilia” Moscato, úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Úrfhíon fíonchaor bán leathchoipthe a dhéantar as fíonchaora den chineál Moscato Bianco, nach mór 85 % ar a laghad a bheith ann, ach féadfar an 15 % eile a fháil ó chineálacha fíonchaoire bána eile a oireann don saothrú i réigiún Emilia-Romagna. Fíon ar dhath buí na tuí atá ann de dhéine éagsúil, cúr mín gearrshaolach agus dea-bholadh láidir taitneamhach torthaíoch le blasanna péitseoige agus banana. Tá blasanna bláthanna teile, vistéiria agus bláthanna bána a bhaineann leis an gcineál fíonchaoire go tipiciúil air. Ó thaobh an bhlais de, tá sé blasta agus éadrom, úr, taitneamhach, milis agus díreach an aigéadacht cheart ann.

Neart íosta alcóil iomlán de réir toirte: 10 %;

Neart alcóil iarbhír de réir toirte: íosmhéid 1 % agus uasmhéid 3/5 den neart alcóil iomlán de réir toirte;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

7.   “Castelfranco Emilia” Trebbiano

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán a dhéantar as fíonchaora den chineál Trebbiano, nach mór 85 % ar a laghad a bheith ann, ach féadfar an 15 % eile a fháil ó chineálacha fíonchaoire bána neamharamatacha eile a oireann don saothrú i réigiún Emilia-Romagna. Fíon ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, ar a bhfuil cumhrán úr éadrom bláthanna páirce a bhíonn tipiciúil sa chineál fíonchaoire. Ó thaobh an bhlais de, tá sé bog, blasta, éadrom agus comhchuí, díreach leis an aigéadacht cheart ann. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis.

Neart íosta alcóil iomlán de réir toirte: 10.5 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

8.   “Castelfranco Emilia” Trebbiano Frizzante

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán leathshúilíneach a dhéantar as fíonchaora den chineál Trebbiano, nach mór 85 % ar a laghad a bheith ann, ach féadfar an 15 % eile a fháil ó chineálacha fíonchaoire bána neamh-aramatacha eile a oireann don saothrú i réigiún Emilia-Romagna. Fíon ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, ar a bhfuil cumhrán úr éadrom bláthanna páirce a bhíonn tipiciúil sa chineál fíonchaoire. Ó thaobh an bhlais de, tá sé bog, blasta, éadrom agus comhchuí, díreach leis an aigéadacht cheart ann agus le cúr mín gearrshaolach. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis.

Neart alcóil íosta (mar % den toirt): 10 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

9.   Úrfhíon fíonchaor leathchoipthe Castelfranco Emilia’ Trebbiano

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Úrfhíon fíonchaor bán leathchoipthe a dhéantar as fíonchaora den chineál Trebbiano, nach mór 85 % ar a laghad a bheith ann, ach féadfar an 15 % eile a fháil ó chineálacha fíonchaoire bána neamh-aramatacha eile a oireann don saothrú i réigiún Emilia-Romagna. Fíon ar dhath buí na tuí atá ann de dhéine éagsúil, ar a bhfuil cumhrán úr éadrom bláthanna páirce a bhíonn tipiciúil sa chineál fíonchaoire. Ó thaobh an bhlais de, tá sé bog, blasta, éadrom agus milis, díreach leis an aigéadacht cheart ann agus le cúr mín gearrshaolach.

Neart íosta alcóil iomlán de réir toirte: 10.0 %;

Neart alcóil iarbhír de réir toirte: íosmhéid 1 % agus uasmhéid 3/5 den neart alcóil iomlán de réir toirte;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

10.   “Castelfranco Emilia” Moscato-Trebbiano

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, ar a bhfuil dea-bholadh séimh torthaí péitseoige agus banana agus blasanna bláthanna teile agus vistéiria agus bláthanna bána. Ó thaobh an bhlais de, tá sé blasta agus éadrom, úr agus taitneamhach agus díreach an aigéadacht cheart ann. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis. Féadfar an fíon a tháirgeadh tríd na fíonchaora a mheascadh ag céim na fíonóireachta, nó ag céim níos déanaí trí fhíon a fhaightear go heisiach ó na cineálacha fíonchaoire a luaitear a mheascadh. Nuair a scaoiltear lena chaitheamh é, ní mór na saintréithe thuas a bheith ag an bhfíon a fhaightear go tipiciúil sna cineálacha bunaidh fíonchaoire.

Neart alcóil íosta (mar % den toirt): 10.5 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

11.   “Castelfranco Emilia” Moscato-Trebbiano leathshúilíneach

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán leathshúilíneach ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, cúr mín gearrshaolach agus dea-bholadh éadrom torthaíoch péitseoige agus banana. Tá blasanna bláthanna teile agus bláthanna bána ann. Ó thaobh an bhlais de, tá sé blasta agus éadrom, úr agus taitneamhach agus díreach an aigéadacht cheart ann. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis. Féadfar an fíon a tháirgeadh tríd na fíonchaora a mheascadh ag céim na fíonóireachta, nó ag céim níos déanaí trí fhíon a fhaightear go heisiach ó na cineálacha fíonchaoire a luaitear a mheascadh. Nuair a scaoiltear lena chaitheamh é, ní mór na saintréithe thuas a bheith ag an bhfíon a fhaightear go tipiciúil sna cineálacha bunaidh fíonchaoire.

Neart alcóil íosta (mar % den toirt): 10.0 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

12.   “Castelfranco Emilia” Moscato-Trebbiano, úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Úrfhíon fíonchaor bán leathchoipthe ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, cúr mín gearrshaolach agus dea-bholadh éadrom torthaíoch péitseoige agus banana. Tá blasanna bláth teile agus bláthanna bána ann mar aon le blas milis agus díreach an aigéadacht ceart. Féadfar é a tháirgeadh tríd na fíonchaora a mheascadh ag céim na fíonóireachta, nó ag céim níos déanaí trí fhíon a fhaightear go heisiach ó na cineálacha fíonchaoire a luaitear a mheascadh. Nuair a scaoiltear lena chaitheamh é, ní mór na saintréithe thuas a bheith ag an bhfíon a fhaightear go tipiciúil sna cineálacha bunaidh fíonchaoire.

Neart alcóil íosta (mar % den toirt): 10.0 %;

Neart alcóil iarbhír de réir toirte: íosmhéid 1 % agus uasmhéid 3/5 den neart alcóil iomlán de réir toirte;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

13.   “Castelfranco Emilia” Trebbiano-Moscato

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil agus cumhrán éadrom úr bláthanna páirce, bláthanna bána agus teile mar aon le blasanna dea-bholaidh péitseoige agus banana. Ó thaobh an bhlais de, tá sé bog, blasta agus éadrom agus tá díreach an aigéadacht cheart ann. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis. Féadfar an fíon a tháirgeadh tríd na fíonchaora a mheascadh ag céim na fíonóireachta, nó ag céim níos déanaí trí fhíon a fhaightear go heisiach ó na cineálacha fíonchaoire a luaitear a mheascadh. Nuair a scaoiltear lena chaitheamh é, ní mór na saintréithe thuas a bheith aige atá sonraithe thuas agus a fhaightear go tipiciúil sna cineálacha bunaidh fíonchaoire. Neart alcóil íosta (mar % den toirt): 10.5 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

14.   “Castelfranco Emilia” Trebbiano-Moscato Leathshúilíneach

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon bán leathshúilíneach ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, cúr mín gearrshaolach agus cumhrán éadrom úr bláthanna páirce, bláthanna bána agus teile mar aon le blasanna dea-bholaidh péitseoige agus banana. Ó thaobh an bhlais de, tá sé bog, blasta agus éadrom agus tá díreach an aigéadacht cheart ann. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis. Féadfar an fíon a tháirgeadh tríd na fíonchaora a mheascadh ag céim na fíonóireachta, nó ag céim níos déanaí trí fhíon a fhaightear go heisiach ó na cineálacha fíonchaoire a luaitear a mheascadh. Nuair a scaoiltear lena chaitheamh é, ní mór na saintréithe thuas a bheith aige atá sonraithe thuas agus a fhaightear go tipiciúil sna cineálacha bunaidh fíonchaoire. Neart alcóil íosta (mar % den toirt): 10.0 %;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

15.   “Castelfranco Emilia” Trebbiano-Moscato, úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Úrfhíon fíonchaor bán leathchoipthe ar dhath buí na tuí de dhéine éagsúil, cúr mín gearrshaolach agus cumhrán éadrom úr bláthanna páirce, bláthanna bána agus teile mar aon le blasanna dea-bholaidh péitseoige agus banana. Tá blas milis air agus díreach an aigéadacht cheart ann. Féadfar an fíon a tháirgeadh tríd na fíonchaora a mheascadh ag céim na fíonóireachta, nó ag céim níos déanaí trí fhíon a fhaightear go heisiach ó na cineálacha fíonchaoire a luaitear a mheascadh. Nuair a scaoiltear lena chaitheamh é, ní mór na saintréithe thuas a bheith aige atá sonraithe thuas agus a fhaightear go tipiciúil sna cineálacha bunaidh fíonchaoire. Neart alcóil íosta (mar % den toirt): 10.0 %;

Neart alcóil iarbhír de réir toirte: íosmhéid 1 % agus uasmhéid 3/5 den neart alcóil iomlán de réir toirte;

Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 13 g/l.

Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta (% de réir toirte)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (de réir toirt %)

 

Aigéadacht iomlán íosta

4.5 gram in aghaidh an lítir, a shloinntear mar aigéad tartarach

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíon oireachta

a.   Cleachtais fhíor-riachtanacha fhíoneolaíocha

Táirgeadh fíonta leathshúilíneacha agus úrfhíona fíonchaor leathchoipthe

Cleachtas sonrach fíoneolaíoch

Modhanna athchoipthe a úsáidtear sa táirgeadh:

Déantar fíonta sa chatagóir fíona leathshúilínigh a tháirgeadh trí choipeadh tánaisteach, de ghnáth in uathchláibh (próiseas Charmat). Cleachtar athchoipeadh traidisiúnta sa bhuidéal i gcónaí áfach.

Déantar úrfhíonta fíonchaor leathchoipthe ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin ó choipeadh a tháirgeadh trí choipeadh i gcoimeádáin bhrúchóirithe. Táirgtear úrfhíonta ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin ó choipeadh nuair a scaoiltear le haghaidh a gcaitheamh iad in uathchláibh chun go gcoimeádfaidh siad an méid ceart dé-ocsaíde carbóin chun an méid ceart súilíní atá ag teastáil a tháirgeadh sa táirge deiridh.

b.   Uastáirgeacht

1.

“Castelfranco Emilia” Bianco

232 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

“Castelfranco Emilia” Bianco Frizzante

232 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

“Castelfranco Emilia” Bianco, úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

232 heictilítear in aghaidh an heicteáir

4.

“Castelfranco Emilia” Moscato

208 heictilítear in aghaidh an heicteáir

5.

“Castelfranco Emilia” Moscato Frizzante

208 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.

“Castelfranco Emilia” Moscato, úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

208 heictilítear in aghaidh an heicteáir

7.

“Castelfranco Emilia” Trebbiano

232 heictilítear in aghaidh an heicteáir

8.

“Castelfranco Emilia” Trebbiano Frizzante

232 heictilítear in aghaidh an heicteáir

9.

“Castelfranco Emilia” Trebbiano úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

232 heictilítear in aghaidh an heicteáir

10.

“Castelfranco Emilia” Trebbiano-Moscato

228 heictilítear in aghaidh an heicteáir

11.

“Castelfranco Emilia” Trebbiano-Moscato Frizzante

228 heictilítear in aghaidh an heicteáir

12.

“Castelfranco Emilia” Trebbiano-Moscato, úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

228 heictilítear in aghaidh an heicteáir

13.

“Castelfranco Emilia” Moscato-Trebbiano

219 heictilítear in aghaidh an heicteáir

14.

“Castelfranco Emilia” Moscato-Trebbiano leathshúilíneach

219 heictilítear in aghaidh an heicteáir

15.

“Castelfranco Emilia” Moscato-Trebbiano, úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

219 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach línithe

Fíonta agus úrfhíonta fíonchaor leathchoipthe atá incháilithe chun an TGFC “Castelfranco Emilia” a iompar, déantar iad as fíonchaora a fhástar i limistéar táirgeachta ina gcuimsítear:

críoch riaracháin iomlán na mbardas seo a leanas i gCúige Bologna: Anzola dell’Emilia, Argelato, Bologna, Calderara di Reno, Crevalcore, Sala Bolognese, San Giovanni Persiceto, S. Agata Bolognese agus Zola Predosa, chomh maith le críoch iomlán Bazzano agus Crespellano i mbardas Valsamoggia;

críoch riaracháin iomlán na mbardas seo a leanas i gCúige Modena: Castelfranco Emilia, Spilamberto, Castelnuovo Rangone, Castelvetro di Modena, Formigine, Nonantola, Ravarino, San Cesario sul Panaro agus Savignano sul Panaro.

7.   Príomhchineál(acha) fíonchaor

Montù B. – Montuni

Moscato Bianco B. – Moscato

Trebbiano Modenese B. – Trebbiano

Trebbiano Romagnolo B. – Trebbiano

Trebbiano Toscano B. - Trebbiano

8.   Tuairisc ar an nasc/na naisc

8.1.   “Castelfranco Emilia” – gach catagóir: fíon, fíon leathshúilíneach agus úrfhíon fíonchaor leathchoipthe

Fachtóirí ithreach, aeráide agus saothraithe a bhaineann leis an nasc

Síneann limistéar táirgeachta fhíonta “Castelfranco Emilia” trasna machaire Emilia lárnaigh i gCúige Bologna agus i gCúige Modena ar aon. Mar gheall ar a shuíomh ag bun na nAipiníní, bíonn leibhéil teochta agus leibhéil fhrasaíochta ilchríochacha ann de ghnáth. Bíonn na samhraí te agus na geimhrí fuar. Is de bhunaidh glárach atá talamh mhachaire lárnaigh Emilia agus tá fánaí an-réidhe ann. Saintréith de chomhdhéanamh ceimiceach a ithreacha is ea soláthar maith nítrigine (N) iomláine, agus is flúirsí potaisiam (K) i réim ná fhosfar (P). Tá comhdhéanamh fisiceach-meicniúil na hithreach ar bhruach dheis abhainn Panaro de dhlús meánach a théann i dtreo cré. Is minic go mbíonn gairbhéal sna leibhéil dromchlacha agus doimhne mar gheall ar dhríodar abhann a sil-leagadh le linn na mílaoise seo caite. Cinntíonn na haibhneacha Panaro agus Samoggia agus mion-sruthanna eile a ritheann ó na hAipíníní, chomh maith le leibhéil uisce maith fo-ithreach, soláthar uisce leordhóthanach.

Ós rud é go bhfuil coinníollacha ithreach agus aeráide Modena agus Bologna fabhrach d’fhás nádúrtha na fíniúna, tá an modh fáis bunaithe ar chóras treilísí de thródaim bhuana le géagán cromtha atá dírithe ar fhás bríomhar na bplandaí a shrianadh agus a chinntiú go scaipeann na bachlóga go cothrom, go ngabhtar fuinneamh radanta agus go sroicheann go leor aeir agus solais na triopaill.

Tá an ithir, an aeráid agus na dálaí fáis mar an gcéanna ar fud machairí agus bunchnoic Chúigí Bologna agus Modena, áit a n-áirithíonn torthúlacht na talún agus infhaighteacht potaisiam (K), rud atá nasctha le is an bpróiseas carntha siúcra sa toradh mar is eol dúinn, chomh maith leis an gcóras treilísí arna ghlacadh ag na saothraithe fíniúna, an t-aibiú is fearr is féidir ar na fíonchaora.

Fachtóirí daonna agus stairiúla atá ábhartha don nasc

Go stairiúil ba é críoch “Castelfranco Emilia” an teorainn idir dhá chathair iomaíocha, is é sin, Bologna a bhaineann leis na Stáit Phápacha agus Modena mar phríomhchathair Dhiúcacht Modena agus Reggio Emilia, ag a bhfuil naisc le teach ríoga Habsburg-Lorraine. Ag teacht ón iarthar trasna na habhann Panaro ar dhroichead Sant’Ambrogio in aice le Modena, áit a raibh an teorainn idir an Diúcacht Stáit an Phápa suite, d’fheictí fíonghoirt ina bhfásadh fíniúnacha Lambrusco ag géilleadh d’fhíonghoirt ina bhfásadh cineálacha fíonchaoire bána ar nós Montù, Trebbiano agus Albana. In 1929 rinneadh cuid de Chúige Modena de Castelfranco Emilia, a bhí ina bhaile de chuid Bologna go dtí sin.

Deimhnítear traidisiún fíona an cheantair atá ann leis na céadta i bhfoilseacháin luatha faoi chineálacha fhíniúna. Luadh an cineál “Montù ”, arb é a ainm comhchiallach “Montonego”, agus an fíon a rinneadh as, lena n-áirítear cumaisc le cineálacha bána eile fíonchaoire, chomh luath le 1823.

Is iad na tosca daonna a imríonn tionchar gníomhaíochtaí na bhfeirmeoirí agus na saothraithe fíona áitiúla ar éirigh leo, de bharr a gcuid saineolais agranamaíoch agus fhíoneolaíoch, ainm fíonta “Castelfranco Emilia” a chur i mbéal an phobail.

Tá an teicníc fáis bunaithe ar chórais traenála crann ar laitís le tródam buan amháin nó dúbailte d’fhonn fuinneamh na bplandaí a shrianadh agus a chinntiú go nochtar triopaill na bhfíonchaor do sholas na gréine go leordhóthanach chun go sroicheann na fíonchaora an aibíocht is fearr is féidir.

Nuair a bhíonn siad aibí, bíonn cion siúcra maith ag na fíonchaora i dteannta le haigéadacht ard agus le cion maith substaintí aramatacha a bhaineann go sonrach leis na cineálacha a fhástar.

Léirítear é seo i ngnéithe teicniúla an táirgthe maidir le cineálacha fíniúna a chumasc, maidir leis na modhanna oiliúna - lena n–áirithítear táirgeadh cothrom a oireann do shaintréithe na hithreach agus na haeráide áitiúla – agus maidir leis na cleachtais déanta fíona, lena n-áirítear athchoipeadh nádúrtha sa bhuidéal nó sna uathchláibh.

8.2.   “Castelfranco Emilia” – catagóir fíona

Faisnéis maidir le tréithe sonracha táirge is féidir a chur i leith a thionscnaimh gheografaigh, agus nasc cúisíoch leis an limistéar geografach.

Tá dath buí na tuí de dhéine éagsúil ar tháirgí TGFC “Castelfranco Emilia” i gcatagóir an fhíona, le dea-bholaithe bláthanna ar leith a fhaightear sna príomhchineálacha fíonchaoire de ghnáth.

Cuireann a n-úire agus a ndea-bholaithe chumhra le blas breá cothromaithe. Tá na fíonta dea-struchtúrtha agus blasta, tá a neart alcóil measartha agus tá siad ábhairín aigéadach ach gan é seo a bheith ró-láidir. Tá a chion siúcra idir tirim agus milis.

Is fíonta iad atá réidh le n-ól, nach n-oireann don aosú, a oireann go breá do bhéilí pasta agus béilí feola báine nó éisc bháin. Is fearr na fíonta a ól laistigh den bhliain tar éis bhliain a dtáirgthe chun a saintréithe orgánaileipteacha ar leith a thuiscint.

Bíonn tionchar ag dálaí ithreach agus aeráide an limistéir táirgeachta ar shaintréithe cáilíochta na bhfíonta, limistéar a bhfuil aeráid mheasartha, fhionnuar agus ábhairín gaofar aige, mar aon le hithreacha atá draenáilte go maith agus a bhfuil go leor uisce ar fáil acu. De bhreis air seo bíonn an teocht ag athrú go suntasach le linn shéasúr aibithe na bhfíonchaor. Áirithítear leis sin go n-aibíonn na fíonchaora go barrmhaith agus go bhforbraíonn siad cion maith siúcra agus aigéadachta, rud a chónascann leis na saintréithe orgánaileipteacha agus cáilíochta eile a bhaineann leis na cineálacha fíniúna a úsáidtear agus a léirítear ansin sna fíonta a dhéantar astu.

Dá bhrí sin, tá an nasc cúisíoch bunaithe ar thréithe sonracha táirge is féidir a chur i leith a thionscnaimh gheografaigh.

8.3.   “Castelfranco Emilia” – catagóir fíona leathshúilínigh

Faisnéis maidir le tréithe sonracha táirge is féidir a chur i leith a thionscnaimh gheografaigh, agus nasc cúisíoch leis an limistéar geografach.

I réigiún Emilia-Romagna, lena n-áirítear limistéar táirgeachta fhíonta TGFC “Castelfranco Emilia”, is traidisiún seanbhunaithe é fíonta leathshúilíneacha a tháirgeadh. Toisc go bhfuil meas mór ag tomhaltóirí ar fhíonta leathshúilíneacha “Castelfranco Emilia”, tá a dtáirgeadh inmharthana ó thaobh tráchtála de.

Nuair a bhíonn siad aibí, bíonn cion maith siúcra ag na fíonchaora mar aon le haigéadacht ard agus le cion maith substaintí aramatacha a bhaineann go sonrach leis na cineálacha a fhástar, agus, dá bhrí sin, oireann siad go maith do choipeadh tánaisteach chun fíonta sa chatagóir “fíon leathshúilíneach” a tháirgeadh.

Tá táirgeadh fíonta leathshúilíneacha “Castelfranco Emilia” bunaithe ar athchoipeadh in uathchláibh (próiseas Charmat) nó i mbuidéil, lenar féidir fíonta leathshúilíneacha a bhfuil barraíocht brú iontu a fháil mar gheall ar an dé-ocsaíd charbóin a tháirgtear trí choipeadh.

Tá dath buí na tuí ar na fíonta leathshúilíneacha agus tá leibhéil aigéadachta mhaithe agus neart alcóil measartha iontu. Tá an cúr, a fhaightear trí athchoipeadh in uathchláibh nó trí choipeadh i mbuidéal, mín, marthanach agus gearrshaolach agus tugann sé amach blasanna bláthanna agus torthaí aramatacha na bpríomhchineál fíniúna de gach cineál. Tá na fíonta leathshúilíneacha réidh le n-ól agus is fearr iad a ól laistigh den bhliain tar éis bhliain a dtáirgthe.

Imríonn dálaí ithreach agus aeráide an limistéir táirgeachta tionchar ar shaintréithe cáilíochta na bhfíonta leathshúilíneacha, limistéar a bhfuil aeráid mheasartha, fhionnuar agus ábhairín gaofar aige, mar aon le hithreacha atá draenáilte go maith agus a bhfuil go leor uisce ar fáil acu. De bhreis air seo bíonn an teocht ag athrú go suntasach le linn shéasúr aibithe na bhfíonchaor. Áirithítear leis sin go n-aibíonn na fíonchaora go barrmhaith agus go bhforbraíonn siad cion maith siúcra agus aigéadachta, rud a chónascann leis na saintréithe orgánaileipteacha agus cáilíochta eile a bhaineann leis na cineálacha fíniúna a úsáidtear agus a léirítear ansin sna fíonta a dhéantar astu.

Dá bhrí sin, tá an nasc cúisíoch bunaithe ar thréithe sonracha táirge is féidir a chur i leith a thionscnaimh gheografaigh.

8.4.   “Castelfranco Emilia” – catagóir úrfhíona fíonchaor leathchoipthe

Faisnéis maidir le tréithe sonracha táirge is féidir a chur i leith a thionscnaimh gheografaigh, agus nasc cúisíoch leis an limistéar geografach.

Tá táirgeadh táirge mhilis bholgóidigh sa chatagóir úrfhíona fíonchaor leathchoipthe tar éis forbairt i limistéar táirgeachta fhíonta TGFC “Castelfranco Emilia”.

Is é atá i gceist le coinníollacha ithreach an limistéir táirgeachta ná talamh thorthúil de bhunadh glárach, le dlús meánach nó ar nós cré, ithreacha a bhíonn scaoilte agus gairbhéalach uaireanta a dhéanann fíonghoirt táirgiúla.

Tá na teicnící fáis, a ndearnadh scagadh orthu le himeacht ama, bunaithe ar chórais traenála crann ar laitís atá deartha chun fuinneamh na bplandaí a shrianadh agus a chinntiú go bhfuil nochtadh na dtriopall fíonchaor do sholas na gréine leordhóthanach chun go sroichfidh na fíonchaora an aibíocht is fearr.

Agus iad aibí, bíonn cion maith siúcra sna fíonchaora mar aon le haigéadacht ard agus cion maith substaintí aramatacha a bhaineann go sonrach leis na cineálacha a fhástar agus atá níos láidre sna húrfhíonta fíonchaor leathchoipthe, úrfhíonta a bhfuil cúr mín gearrshaolach mar shaintréith acu.

Déantar na cineálacha úrfhíona fíonchaor leathchoipthe a tháirgeadh trí athchoipeadh in uathchláibh úrfhíona fíonchaor nó úrfhíona fíonchaor leathchoipthe agus dá bhrí sin bíonn barraíocht brú nach beag iontu mar gheall ar an dé-ocsaíd charbóin a tháirgtear trí choipeadh.

Tá dath buí na tuí ar na húrfhíonta agus tá leibhéil aigéadachta maithe acu, neart alcóil iarbhír laghdaithe agus leibhéal suntasach siúcra iarmharaigh, mar is gnách d’úrfhíonta leathchoipthe. Tá dea-bholaithe bláthanna agus torthaí ar leith acu a fhaightear go hiondúil sna príomhchineálacha fíniúna de gach cineál. Tá an cúr mín agus gearrshaolach. Arís, tá na táirgí réidh le n-ól agus is fearr iad a ól laistigh den bhliain tar éis bhliain a dtáirgthe.

Imríonn dálaí ithreach agus aeráide an limistéir táirgeachta tionchar ar shaintréithe cáilíochta, limistéar a bhfuil aeráid mheasartha, fhionnuar agus ábhairín gaofar aige, mar aon le hithreacha atá draenáilte go maith agus a bhfuil go leor uisce ar fáil acu. De bhreis air seo bíonn an teocht ag athrú go suntasach le linn shéasúr aibithe na bhfíonchaor. Áirithítear leis sin go n-aibíonn na fíonchaora go barrmhaith agus go bhforbraíonn siad cion maith siúcra agus aigéadachta, rud a chónascann leis na saintréithe orgánaileipteacha agus cáilíochta eile a bhaineann leis na cineálacha fíniúna a úsáidtear agus a léirítear ansin sna fíonta a dhéantar astu.

Dá bhrí sin, tá an nasc cúisíoch bunaithe ar thréithe sonracha táirge is féidir a chur i leith a thionscnaimh gheografaigh.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha

Lipéadú cineálacha a léiríonn dhá chineál ar an lipéad (Trebbiano -Moscato agus a mhalairt)

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

Cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Sa bhreis ar riail shonrach AE maidir le dhá chineál fíonchaoire a bheith ar an lipéad (Airteagal 50(1)(a)(ii) de Rialachán (AE) 2019/33), ní mór gurb ionann an méid fíonchaora den chineál a bhfuil an céatadán is ísle de ann agus 15 % ar a laghad den iomlán. Sa reachtaíocht náisiúnta déantar foráil maidir leis sin in Airteagal 45 de Dhlí 238/2016.

“Castelfranco Emilia” – catagóirí fíona, fíona leathshúilínigh agus úrfhíona fíonchaor leathchoipthe

Creat dlíthiúil:

I reachtaíocht an Aontais

Cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Maidir le táirgí sna catagóirí fíona leathshúilínigh agus úrfhíona fíonchaor leathchoipthe, féadfar “stopalláin muisiriúin” a úsáid ar choinníoll nach mó ná 7 cm aon chapsúl a chlúdaíonn an stopallán.

Is féidir an cineál stopalláin seo a úsáid faoi mhaolú dá bhforáiltear i reachtaíocht an Aontais (Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2019/33).

Limistéar fíonóireachta

Creat dlíthiúil:

I reachtaíocht an Aontais

Cineál coinníll bhreise:

Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Le reachtaíocht ábhartha an Aontais Eorpaigh (Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/33 faoi láthair), ceadaítear an próiseas fíonóireachta, lena n-áirítear coipeadh tánaisteach, chun fíonta leathshúilíneacha agus úrfhíonta fíonchaor leathchoipthe a fháil, a dhéanamh ní hamháin sa limistéar táirgeachta críochaithe do na fíonchaora ach freisin i limistéir chomharsanachta i réigiún Emilia-Romagna.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/15995


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.


17.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 60/62


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2023/C 60/24)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta foilsithe an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Bohusläns blåmusslor”

Uimh. AE: PDO-SE-02616 — 17.6.2020

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Bohusläns blåmusslor”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

An tSualainn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.7: Éisc, moilisc, agus crústaigh úra agus táirgí díorthaithe

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Is é “Bohusläns blåmusslor” an diúilicín (Mytilus edulis) a shaothraítear san oileánra timpeall Bohuslän.

Tá na saintréithe seo a leanas in “Bohusläns blåmusslor”:

Airíonna fisiceacha:

Cuma: Tá sliogán “Bohusläns blåmusslor” tanaí, agus is éard atá ann dhá leathshliogán fhada den chineál céanna agus iad ag caolú as foirceann amháin. Is minic go mbíonn an sliogán beagán níos leithne ag an mbonn agus beagán níos maoile ná mar a fhaightear i limistéir eile uisce. Tá dath donn-dubh orthu, le himireacha gorma. Tá an taobh istigh den sliogán gléineach agus dathlonrach. Tá dath bán péarlach air le himireacha de ghorm éadrom. Líontar na leathshliogáin le cainníochtaí éagsúla eochraí (na cinn bhaineanna) agus lábán (na cinn fhireanna).

Méid: 50 diúilicín in aghaidh an kg ar a mhéad.

Fad: Idir 4,5 agus 10 cm.

Cion feola sna diúilicíní: Feoil an diúilicín atá in 20 % ar a laghad den bheomheáchan.

Saintréithe ceimiceacha:

Uisce: 85 g/100 g sa chuid inite

Próitéin: 10-12 g/100 g sa chuid inite

Saill: 1,4-1,6 g/100 g sa chuid inite

lena n-áirítear

Sáitheáin: 0,25-0,4 g/100 g sa chuid inite

Monai-neamhsháitheáin: 0,3-0,4 g/100 g sa chuid inite

Polai-neamhsháitheáin: 0,4-0,5 g/100 g sa chuid inite

lena n-áirítear

Aigéid shailleacha óimige 3: 0,30-0,35 g/100 g sa chuid inite

Aigéid shailleacha óimige 6: 0,10-0,15 g/100 g sa chuid inite

Saintréithe orgánaileipteacha:

Dath: Tá feoil an diúilicín gléineach, le ton idir buí agus donn éadrom uirthi go bhféadfadh imir bhándearg a bheith ann sna diúilicíní baineanna eochraí le linn an tséasúir sceite.

Dea-bholadh: Boladh úr soiléir farraige agus feamainne, le hiarracht de chnónna agus de chré ann.

Blas: Tá úire shainiúil ann, le hiarracht de umami, de chnónna agus de phortán. Tá na blasanna deireanacha sin níos suntasaí le linn an tséasúir sceite idir mí na Bealtaine agus mí Iúil.

Raimhre: Mín, le huigeacht láidir atá daingean nuair a bhaintear greim as, gan a bheith righin.

Saol stórála: Leanann “Bohusläns blåmusslor” de bheith úr ar feadh 7-11 lá ar choinníoll go mbíonn an slabhra fuar gan bhriseadh.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Faigheann “Bohusläns blåmusslor” beatha trí fhíteaplanctóin a scagadh a bhíonn i láthair go nádúrtha san uisce.

Amhábhair: Is é an diúilicín atá i láthair go nádúrtha sa limistéar táirgthe (Mytilus edulis) an cineál diúilicín a shaothraítear chun “Bohusläns blåmusslor” a tháirgeadh. Fástar “Bohusläns blåmusslor” ar línte agus iad ar fuaidreamh go neamhshrianta, gan teagmháil a bheith acu le grinneall na farraige, ag doimhneacht uasta thart ar 9 méadar.

Baintear “Bohusläns blåmusslor” i rith na bliana ar fad in aois 15 mhí ar a laghad.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Ní mór “Bohusläns blåmusslor” a shaothrú agus a ghlanadh sa limistéar geografach a dtugtar tuairisc air i bpointe 4.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Is éard atá i limistéar táirgthe “Bohusläns blåmusslor” an t-oileánra thart ar Bohuslän, ó theorainn na hIorua sa tuaisceart go hAbhainn an Nordre sa deisceart, chomh maith leis an gcuid sin de chósta Bohuslän atá laistigh de 5 km ón gcósta ag gnáthleibhéal an uisce sna paróistí agus sna ceantair seo a leanas:

Paróistí Hodal, Strömstad agus Tjärnö i gceantar loingseoireachta Vätte;

Paróistí Lur agus Tanum i gceantar loingseoireachta Tanum;

Paróistí Kville, Svenneby agus Bottna i gceantar loingseoireachta Kville;

Paróistí Tossene agus Askum i gceantar loingseoireachta Sotenäs;

Paróistí Bro, Brasäter agus Lyse i gceantar loingseoireachta Stagenäs;

Paróistí Håby agus Foss i gceantar loingseoireachta Tunge;

Paróistí Skredsvik, Herrestad, Högås, Bokenäs, Dragsmark agus Bäve i gceantar loingseoireachta Lane;

Paróistí Forshälla, Resteröd agus Ljung i gceantar loingseoireachta Fräkne;

Paróistí Skaftö, Torp, Myckleby, Långelanda, Stala, Tegneby, Röra agus Morlanda i gceantar loingseoireachta Ordost;

Paróistí Klövedal, Valla agus Stenkyrka i gceantar loingseoireachta Tjörn;

Paróistí Ödsmål, Norum, Jörlanda, Solberg agus Hålta i gceantar loingseoireachta Inlands Nordre;

Paróistí Lycke, Marstrand, Torsby agus Harestad i gceantar loingseoireachta Inlands Söndre.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc idir an limistéar geografach agus saintréithe sonracha “Bohusläns blåmusslor” bunaithe ar dhálaí nádúrtha an limistéir agus ar thosca daonna araon.

Saintréithe speisialta an táirge

Fástar “Bohusläns blåmusslor” ar línte agus iad ar crochadh go neamhshrianta, gan teagmháil a bheith ag na diúilicíní le grinneall na farraige. Mar thoradh air sin, tá “Bohusläns blåmusslor”, murab ionann agus cineálacha eile diúilicíní atá ar an margadh, saor ó ghaineamh agus cré.

Tá sliogán “Bohusläns blåmusslor” tanaí agus tá sé dea-chothaithe (feoil an diúilicín atá in 20 % ar a laghad den bheomheáchan). Is iondúil go mbíonn na leathshliogáin beagán níos maoile agus níos leithne ag an mbonn ná leathshliogáin na ndiúilicíní a fhástar i limistéir eile uisce.

Tá feoil an diúilicín “Bohusläns blåmusslor” gléineach. Bíonn boladh úr na farraige agus na feamainne ó “Bohusläns blåmusslor”, le hiarracht de chnónna, agus bíonn blas úr air le hiarracht shuntasach de umami, de chnónna agus de phortán. Bíonn an uigeacht daingean, rud a chiallaíonn go mbraitheann sé go deas i do bhéal.

Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

Tá limistéar táirgthe “Bohusläns blåmusslor” sa chuid sin de Skagerrak ina bhfuil oileánra Bohuslän. Go bunúsach, níl san oileánra sin ach slabhra nó dhó oileán a scarann an mhórthír leis an mórmhuir, mar a mbíonn staid farraige láidir agus gaotha láidre go minic.

Is iad teocht, salandacht agus dálaí cothaitheacha an uisce, mar aon le larbhaí peiligeacha de chuid an diúilicín a bhíonn ann go nádúrtha (Mytilus edulis), na dálaí nádúrtha ar a bhfuil saothrú “Bohusläns blåmusslor” bunaithe.

Roinnt sruthanna farraige is cúis le dálaí nádúrtha an tsaothraithe. Is é sruth Mhuir Bhailt an ceann is tábhachtaí díobh sin, a iompraíonn uisce atá saibhir ó thaobh cothaitheach de ó inbhear Mhuir Bhailt in Öresund ó thuaidh go dtí an limistéar táirgthe. De réir mar a ghluaiseann sé ó thuaidh feadh chósta thiar na Sualainne, faigheann an sruth Baltach cothaithigh bhreise ó aibhneacha, go príomha aibhneacha an Göta agus an Nordre.

Nuair a shroicheann an sruth Baltach Skagerrak, bíonn cion salainn idir 24 % agus 28 % ann. Mar gheall ar an gcion réasúnta íseal salainn ann bíonn an sruth ina chiseal os cionn uisce Skagerrak a bhíonn i bhfad níos goirte (35-37 %). Fanann uisce dromchla an chisil ag meánteocht 10-11 °C. Níos doimhne sa chiseal, titeann meánteocht an chisil uisce go 8-9 °C.

Athraíonn leibhéil na gcothaitheach, go príomha fosfar agus nítrigin, i limistéar táirgthe “Bohusläns blåmusslor” i rith na bliana, agus bíonn siad níos airde sa gheimhreadh ná sa samhradh mar thoradh ar mhéadú ar rith chun srutha ón talamh. Dá bhrí sin, bíonn éagsúlacht sa chion fosfair agus nítrigine idir 0,4 agus 1,0 μM agus 15 agus 21 μM faoi seach.

Cuidíonn teocht agus cisealú an uisce dromchla scamhardaigh a ritheann os cionn an uisce atá níos goirte sa limistéar táirgthe le fás na bhfíteaplanctón arb iad príomhaiste bhia “Bohusläns blåmusslor” (is é 1,2 go 3,0 μg/lítear an cion fíteaplanctón arna thomhas mar chlóraifill A). Ciallaíonn ard-infhaighteacht na beatha go bhfásann “Bohusläns blåmusslor” go tapa, rud a fhágann go mbíonn sliogán na ndiúilicíní tanaí agus go mbíonn na diúilicíní dea-chothaithe, le feoil sna diúilicíní a mbíonn blas sainiúil uirthi agus dea-bholadh sainiúil uaithi.

Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc

Éilíonn saothrú “Bohusläns blåmusslor” sreabhadh uisce scamhardaigh leis an salandacht agus an teocht cheart chun a áirithiú go mbíonn rochtain mhaith ag na diúilicíní ar bheatha agus go mbíonn soláthar nádúrtha larbhaí na ndiúilicíní ag na feirmeacha.

An tráth céanna, bíonn tionchar diúltach ag gaotha láidre agus ag staideanna farraige láidre ar shaothrú na ndiúilicíní agus ar an bhféidearthacht “Bohusläns blåmusslor” a bhaint san fhómhar agus sa gheimhreadh, nuair a dhéanann stoirmeacha agus droch-ghálaí difear do dhálaí sa limistéar táirgthe go minic.

Agus suíomh láithreáin saothraithe “Bohusläns blåmusslor” á roghnú acu, ní mór do shaothróirí na fachtóirí thuas a chur san áireamh. Roghnaíonn na saothróirí láithreacha oiriúnacha chun “Bohusläns blåmusslor” a shaothrú trí úsáid a bhaint as eolas traidisiúnta ar dhálaí áitiúla i gcodanna éagsúla den limistéar táirgthe (gaotha, treonna gaoithe agus sruthanna) chomh maith le faisnéis faoi shaintréithe na timpeallachta muirí (teocht an uisce, salandacht, dálaí cothaitheach) ó na hanailísí a dhéantar go tráthrialta sa limistéar táirgthe.

Braitheann saintréithe “Bohusläns blåmusslor” freisin ar an mbealach ina láimhseáiltear na diúilicíní tar éis a mbainte. D’fhonn saintréithe na ndiúilicíní atá ag fás a chaomhnú, laistigh de 5 uair an chloig tar éis a mbainte fuaraíonn na saothróirí na diúilicíní nuabhainte le huisce farraige a imshruthaíonn (5-6 °C). I rith an tsamhraidh, idir mí an Mheithimh agus mí Lúnasa, nuair a bhíonn teocht an aeir sách ard, déantar na diúilicíní a fhuarú go díreach ar bord an tsoithigh bainte. Déantar na diúilicíní a bhaintear a fhuarú i mbáisíní uisce nó i málaí móra. Is féidir na diúilicíní nuabhainte a stóráil san uisce fuaraithe ar feadh suas le 7 lá gan difear a dhéanamh do shaintréithe na ndiúilicíní, ar choinníoll go ligtear do na diúilicíní a scíth a ligean le linn a stórála.

Roimh “Bohusläns blåmusslor” a phacáil lena ndíol, scuabtar aon fheamainn agus aon fhás eile díobh. Déantar na diúilicíní a iniúchadh ansin de láimh chun a chinntiú go gcomhlíonann na cinn a dhíoltar riachtanais cháilíochta “Bohusläns blåmusslor”.

Tá saothrú “Bohusläns blåmusslor” bunaithe ar bhainistíocht inbhuanaithe stoc na ndiúilicíní agus ceanglaítear ar shaothróirí go mbeadh eolas acu ar shaolré na ndiúilicíní agus ar na coinníollacha chun diúilicíní a fhás i ndálaí nádúrtha limistéar táirgthe “Bohusläns blåmusslor”.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://www.livsmedelsverket.se/globalassets/foretag-regler-kontroll/livsmedelsinformation-markning-halsopastaenden/skyddade-beteckningar/produktspecifikation_blamusslor_2022_10_12.pdf


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.