ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 51 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
Clár |
Leathanach |
|
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 51/01 |
||
2023/C 51/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10995 – INFINITE ELECTRONICS INTERNATIONAL / CABLE CONNECTIVITY GROUP) ( 1 ) |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 51/03 |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 51/04 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.11042 – BLACKROCK / AT&T / GIGAPOWER) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
2023/C 51/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10992 – KAUFLAND / SCP REAL ASSETS) ( 1 ) |
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2023/C 51/06 |
||
2023/C 51/07 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
10.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 51/1 |
Fógra ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh lena ndéantar foráil maidir le carnadh trasnánach idir na Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm (1) sa limistéar Uile-Eora-Mheánmhara (PEM)
(2023/C 51/01)
Chun an carnadh trasnánach tionscnaimh a chur i bhfeidhm idir na Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm, déanfaidh na Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm lena mbaineann fógra a thabhairt dá chéile, tríd an gCoimisiún Eorpach, faoi na rialacha tionscnaimh atá i bhfeidhm leis na Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm eile.
Meabhraítear nach féidir carnadh trasnánach (maidir le hoibriú, próiseáil agus/nó ábhair) a chur i bhfeidhm ach amháin más rud é go bhfuil comhaontuithe saorthrádála, ina bhfuil rialacha tionscnaimh comhionanna, tugtha i gcrích ag Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm an mhonaraithe deiridh agus an cheann scríbe deiridh leis na Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm uile atá rannpháirteach maidir leis an stádas tionscnaimh a fháil.
Is mar tháirgí neamhthionscnaimh a láimhseálfar táirgí de thionscnamh Páirtí Conarthach cur i bhfeidhm nach bhfuil comhaontú tugtha i gcrích aige le Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm an mhonaraithe deiridh agus/nó an cheann scríbe deiridh.
Ar bhonn na bhfógraí a thug na Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm don Choimisiún Eorpach, sonraítear an méid seo a leanas sna táblaí atá i gceangal leis seo:
|
Tábla 1 – forbhreathnú simplithe ar na féidearthachtaí maidir le carnadh an 1 Feabhra 2023. |
|
Tábla 2 – an dáta óna mbeidh an carnadh trasnánach infheidhme. |
I dTábla 1, léiríonn “X” go bhfuil comhaontú saorthrádála ann idir dhá chomhpháirtí, ar comhaontú é ina bhfuil rialacha tionscnaimh lena gceadaítear carnadh atá bunaithe ar na rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh. Chun carnadh trasnánach a úsáid leis an tríú comhpháirtí, ba cheart “X” a bheith i dtrasnú uile an tábla idir na trí chomhpháirtí.
I dTábla 2, tagraíonn na dátaí a luaitear do dháta chur i bhfeidhm an charntha thrasnánaigh ar bhonn Airteagal 8 d’Fhoscríbhinn A a ghabhann le gach prótacal maidir le rialacha tionscnaimh idir na Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm. Sa chás sin, cuirtear “(T)” roimh an dáta.
Tá liosta in Iarscríbhinn I ina gcuimsítear na Páirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm, tar éis dóibh síneadh a chur le cur i bhfeidhm Airteagal 7(3) de na rialacha idirthréimhseacha dá bhforáiltear i bhFoscríbhinn A a ghabhann leis na prótacail dhéthaobhacha maidir le rialacha tionscnaimh ar allmhairiú táirgí a thagann faoi réim Chaibidil 50 go Caibidil 63 go haontaobhach
Tugtar anseo thíos na cóid le haghaidh na bPáirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm a liostaítear sna táblaí.
|
AE |
||
|
|
||
|
IS |
||
|
CH (+ LI) |
||
|
NO |
||
|
FO |
||
|
|||
|
JO |
||
|
PS |
||
|
|||
|
AL |
||
|
BA |
||
|
KO |
||
|
MK |
||
|
RS |
||
|
ME |
||
|
GE |
||
|
MD |
Cuirtear an fógra seo in ionad fhógra 2022/C 405/04 (IO C 405, 21.10.2022, lch. 56).
Tábla 1
Forbhreathnú simplithe ar na féidearthachtaí maidir le carnadh trasnánach faoi na rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh sa limistéar Uile-Eora-Mheánmhara an 1 Feabhra 2023
|
AE |
CH (+LI) |
IS |
NO |
FO |
JO |
PS |
AL |
BA |
KO |
MK |
RS |
ME |
GE |
MD |
AE |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
X |
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
CH (+LI) |
X |
|
X |
X |
|
|
|
X |
|
|
X |
X |
X |
|
|
IS |
X |
X |
|
X |
|
|
|
X |
|
|
X |
X |
X |
|
|
NO |
X |
X |
X |
|
|
|
|
X |
|
|
X |
X |
X |
|
|
FO |
X |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
JO |
X |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
PS |
X |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
AL |
X |
X |
X |
X |
|
|
|
|
X |
X |
X |
X |
X |
|
X |
BA |
|
|
|
|
|
|
|
X |
|
X |
X |
X |
X |
|
X |
KO |
X |
|
|
|
|
|
|
X |
X |
|
X |
X |
X |
|
X |
MK |
X |
X |
X |
X |
|
|
|
X |
X |
X |
|
X |
X |
|
X |
RS |
X |
X |
X |
X |
|
|
|
X |
X |
X |
X |
|
X |
|
X |
ME |
X |
X |
X |
X |
|
|
|
X |
X |
X |
X |
X |
|
|
X |
GE |
X |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
MD |
X |
|
|
|
|
|
|
X |
X |
X |
X |
X |
X |
|
|
Tábla 2
Dáta chur i bhfeidhm na rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh lena ndéantar foráil maidir le carnadh trasnánach sa limistéar Uile-Eora-Mheánmhara
|
AE |
CH (+LI) |
IS |
NO |
FO |
JO |
PS |
AL |
BA |
KO |
MK |
RS |
ME |
GE |
MD |
AE |
|
(T) 1.9.2021 |
(T) 1.9.2021 |
(T) 1.9.2021 |
(T) 1.9.2021 |
(T) 1.9.2021 |
(T) 1.9.2021 |
(T) 1.9.2021 |
|
(T) 15.10.2022 |
(T) 9.9.2021 |
(T) 6.12.2021 |
(T) 9.2.2022 |
(T) 1.9.2021 |
(T) 16.11.2021 |
CH (+LI) |
(T) 1.9.2021 |
|
(T) 1.11.2021 |
(T) 1.11.2021 |
|
|
|
(T) 1.1.2022 |
|
|
(T) 1.4.2022 |
(T) 1.1.2022 |
(T) 1.4.2022 |
|
|
IS |
(T) 1.9.2021 |
(T) 1.11.2021 |
|
(T) 1.11.2021 |
|
|
|
(T) 1.1.2022 |
|
|
(T) 1.4.2022 |
(T) 1.1.2022 |
(T) 1.4.2022 |
|
|
NO |
(T) 1.9.2021 |
(T) 1.11.2021 |
(T) 1.11.2021 |
|
|
|
|
(T) 1.1.2022 |
|
|
(T) 1.4.2022 |
(T) 1.1.2022 |
(T) 1.4.2022 |
|
|
FO |
(T) 1.9.2021 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
JO |
(T) 1.9.2021 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
PS |
(T) 1.9.2021 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
AL |
(T) 1.9.2021 |
(T) 1.1.2022 |
(T) 1.1.2022 |
(T) 1.1.2022 |
|
|
|
|
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
|
(T) 1.2.2023 |
BA |
|
|
|
|
|
|
|
(T) 1.2.2023 |
|
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
|
(T) 1.2.2023 |
KO |
(T) 15.10.2022 |
|
|
|
|
|
|
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
|
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
|
(T) 1.2.2023 |
MK |
(T) 9.9.2021 |
(T) 1.4.2022 |
(T) 1.4.2022 |
(T) 1.4.2022 |
|
|
|
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
|
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
|
(T) 1.2.2023 |
RS |
(T) 6.12.2021 |
(T) 1.1.2022 |
(T) 1.1.2022 |
(T) 1.1.2022 |
|
|
|
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
|
(T) 1.2.2023 |
|
(T) 1.2.2023 |
ME |
(T) 9.2.2022 |
(T) 1.4.2022 |
(T) 1.4.2022 |
(T) 1.4.2022 |
|
|
|
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
|
|
(T) 1.2.2023 |
GE |
(T) 1.9.2021 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
MD |
(T) 16.11.2021 |
|
|
|
|
|
|
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
(T) 1.2.2023 |
|
|
(1) ciallaíonn “Páirtí Conarthach cur i bhfeidhm” Páirtí Conarthach i gCoinbhinsiún PEM a dhéanann na rialacha idirthréimhseacha tionscnaimh PEM a ionchorprú ina gcomhaontuithe déthaobhacha um thrádáil fhabhrach le Páirtí Conarthach eile i gCoinbhinsiún PEM
(2) Tá aontas custaim idir an Eilvéis agus Prionsacht Lichtinstéin.
(3) Ní dhéanfar an t-ainmniú seo a fhorléiriú mar aitheantas gur ann do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát ar an gceist sin
(*1) Ní dochar an t-ainmniú seo do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
IARSCRÍBHINN I
Liosta na bPáirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm tar éis dóibh a roghnú cur i bhfeidhm Airteagal 7(3) a leathnú
A.
Liosta na bPáirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm tar éis dóibh a roghnú cur i bhfeidhm Airteagal 7(3) a leathnú maidir lena gcomhpháirtithe uile a bhfuil na rialacha Idirthréimhseacha á gcur i bhfeidhm acu
— |
An Íoslainn |
— |
An Iorua |
— |
An Eilvéis (Lichtinstéin) |
B.
Liosta na bPáirtithe Conarthacha cur i bhfeidhm tar éis dóibh a roghnú cur i bhfeidhm Airteagal 7(3) a leathnú maidir le líon teoranta dá gcomhpháirtithe a bhfuil na rialacha Idirthréimhseacha á gcur i bhfeidhm acu
— |
An Albáin – maidir le Stáit CSTE |
— |
Montainéagró – maidir le Stáit CSTE |
— |
An Mhacadóin Thuaidh – maidir le Stáit CSTE |
— |
An tSeirbia – maidir le Stáit CSTE |
— |
Na rannpháirtithe i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais agus Poblacht na Moldóive (Páirtithe i gComhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa) – eatarthu féin |
10.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 51/7 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10995 – INFINITE ELECTRONICS INTERNATIONAL / CABLE CONNECTIVITY GROUP)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 51/02)
An 25 Eanáir 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M10995. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
10.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 51/8 |
Rátaí malairte an euro (1)
9 Feabhra 2023
(2023/C 51/03)
1 euro =
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0771 |
JPY |
yen na Seapáine |
140,80 |
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4419 |
GBP |
punt steirling |
0,88515 |
SEK |
krona na Sualainne |
11,1390 |
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9890 |
ISK |
króna na hÍoslainne |
151,10 |
NOK |
krone na hIorua |
10,9123 |
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
23,698 |
HUF |
forint na hUngáire |
385,80 |
PLN |
zloty na Polainne |
4,7388 |
RON |
leu na Rómáine |
4,8935 |
TRY |
lira na Tuirce |
20,2844 |
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5409 |
CAD |
dollar Cheanada |
1,4423 |
HKD |
dollar Hong Cong |
8,4551 |
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6906 |
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4237 |
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 355,38 |
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
19,0134 |
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,2992 |
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 279,95 |
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6488 |
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
58,659 |
RUB |
rúbal na Rúise |
|
THB |
baht na Téalainne |
36,013 |
BRL |
real na Brasaíle |
5,6165 |
MXN |
peso Mheicsiceo |
20,3293 |
INR |
rúipí na hIndia |
88,8905 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
10.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 51/9 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.11042 – BLACKROCK / AT&T / GIGAPOWER)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 51/04)
1.
An 1 Feabhra 2023, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
BlackRock, Inc. (Blackrock, Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
— |
AT&T Inc. (AT&T, Stáit Aontaithe Mheiriceá), |
— |
Gigapower, LLC (Gigapower, Aontaithe Mheiriceá), atá faoi rialú AT&T. |
Gheobhaidh BlackRock agus AT&T rialú comhpháirteach ar Gigapower de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is bainisteoir infheistíochta é BlackRock. BlackRock Alternatives Management, LLC, arb é an fhochuideachta de chuid Blackrock a gheobhaidh rialú comhpháirteach ar Gigapower, rialaíonn agus bainistíonn sé cinntí infheistíochta maidir le ciste a dhíríonn ar infheistíochtaí sa slabhra luacha le haghaidh bonneagar digiteach, iompair, fuinnimh agus cumhachta. |
— |
Is soláthraí seirbhísí cumarsáide agus teicneolaíochta é AT&T. |
3.
Is éard a bheidh i ngníomhaíochtaí gnó Gigapower innealtóireacht a dhéanamh ar líonraí sna Stáit Aontaithe, agus iad a thógáil, úinéireacht a ghlacadh orthu, agus iad a oibriú, agus oibriú mar mórdhíoltóir snáithín do Soláthraithe Seirbhíse Idirlín agus do ghnólachtaí eile sna Stáit Aontaithe.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.11042 – BLACKROCK / AT&T / GIGAPOWER
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
Ríomhphost : COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
10.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 51/11 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10992 – KAUFLAND / SCP REAL ASSETS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 51/05)
1.
An 1 Feabhra 2023 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Kaufland Immobilien GmbH & Co. KG (“Kaufland”, an Ghearmáin), atá faoi rialú SB Kaufland KG (“Kaufland-Gruppe”, an Ghearmáin), ar cuid é de Ghrúpa Schwarz, |
— |
Réadmhaoin in Köln, Staßfurt agus Waiblingen (dá ngairtear “SCP Real Assets”, an Ghearmáin), gach ceann acu faoi rialú SCP Retail Properties A XII s.à r.l., SCP Retail Properties C XII s.à r.l. Agus SCP Retail Properties C XXII s.à r.l., ar cuid iad gach ceann acu de Ghrúpa SCP atá faoi rialú Ms Marjorie Brabet-Friel. |
Gheobhaidh Kaufland rialú, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar SCP Real Assets ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach sócmhainní.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Is i miondíol bia a oibríonn Grúpa Schwarz go príomha, tríd na slabhraí Kaufland agus Lidl. Ina theannta sin, soláthraíonn Grúpa Schwarz deochanna boga, táirgí bácáilte, uachtar reoite, pasta agus caife, agus tá sé gníomhach i mbailiú, dáileadh agus margú ábhar in-athchúrsáilte. Tá Grúpa Schwarz tosaithe le déanaí ar néalseirbhísí a thairiscint freisin, |
— |
Is éard atá in SCP Real Assets réadmhaoin in Köln, Staßfurt agus Waiblingen sa Ghearmáin a úsáidtear mar áitribh le haghaidh ollmhargaí Real. Déanann Grúpa SCP infheistíocht agus/nó comhairliúchán in earnáil na réadmhaoine go príomha, lena n-áirítear áitribh thráchtála sa Ghearmáin a ligean ar cíos agus a bhainistiú. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10992 – KAUFLAND / SCP REAL ASSETS
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
10.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 51/12 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú é ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2023/C 51/06)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
TEACHTAIREACHT MAIDIR LE FORMHEAS LEASÚ CAIGHDEÁNACH
“Savennières”
PDO-FR-A0158-AM02
Dáta teachtaireachta: 14.11.2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Cód geografach oifigiúil
Rinneadh na bardais a chuimsítear sa limistéar geografach agus sa limistéar atá díreach in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an gcód geografach oifigiúil.
Níl aon athrú ar an limistéar geografach críochaithe féin.
Leasaíodh pointí 6 agus 9 den doiciméad aonair.
2. Achar idir fíniúnacha
Laghdaíodh an t-achar íosta idir fíniúnacha ó 1 m go 0,90 m.
Leis sin, is féidir an dlús plandaithe a mhéadú gan an t-achar idir sraitheanna a athrú.
Cuireadh isteach foráil speisialta freisin maidir le fíniúnacha atá suite ar fhánaí, i gcás inar mó ná 10 % an grádán, i gcás inarb é 0,80 m an t-achar íosta údaraithe idir fíniúnacha.
Déantar sin chun cás ar leith na bhfíniúnacha a fhástar ar fhánaí géara a chur san áireamh, áit a gcaithfear plandáil a dhéanamh ar bhealach difriúil (á dhéanamh comhthreomhar leis an bhfána seachas ingearach leis).
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
3. Prúnáil
Comhchuibhíodh na rialacha prúnála le haghaidh shonrúcháin limistéar Anjou Saumur i nGleann an Loire.
Rinneadh sin chun eolas na n-oibreoirí a fheabhsú agus seiceálacha a shimpliú. Cuireann an leasú sin ar chumas na saothróirí fíniúna dul in oiriúint don sioc a tharlaíonn níos déanaí agus níos déanaí.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
4. Saothrú
Sonraítear gur gá na fíonchaora a bhuain de láimh.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
5. Lipéadú
Soiléiríodh an creat rialála lena rialaítear na téarmaí roghnacha.
Leasaíodh pointe 9 doiciméad aonair.
6. Bearta idirthréimhseacha
Scriosadh bearta idirthréimhseacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
7. Athruithe eagarthóireachta
Rinneadh líon áirithe athruithe eagarthóireachta ar an tsonraíocht.
Ní cheanglaítear aon athrú ar an doiciméad aonair leis na leasuithe seo.
8. Tagairt don chomhlacht cigireachta
Cuireadh foclaíocht úr ar an tagairt don chomhlacht cigireachta lena ailíniú leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i sonraíochtaí táirge eile. Níl ann ach athrú eagarthóireachta.
Ní cheanglaítear leis an athrú seo aon athrú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Savennières
2. An cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonnta
1. Saintréithe an táirge
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta geala socra, tirime, leath-thirime, leath-mhilse nó milse atá iontu agus na saintréithe anailíseacha seo a leanas ag baint leo: — Tá neart alcóil nádúrtha íosta 11,5 % de réir toirte ag na fíonta. — Tá neart alcóil nádúrtha íosta 12,5 % de réir toirte ag na fíonta eile. — Tar éis coipeadh, tá an méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) sna fíonta tirime nach mó é ná 4 g in aghaidh an lítir, nó 8 g in aghaidh an lítir i gcás ina sloinntear an aigéadacht iomlán mar ghraim aigéid thartaraigh in aghaidh an lítir nach mó é ná 2 g in aghaidh an lítir faoi bhun an mhéid siúcra choipthigh. Níor cheart neart alcóil iomlán atá níos mó ná 13 % de réir toirte a bheith ag na fíonta tirime tar éis saibhriú. An méid aigéadachta so-ghalaithe, an méid iomlán aigéadachta agus an méid iomlán dé-ocsaíde sulfair, is iad na méideanna a leagtar síos le reachtaíocht an Aontais iad.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
11 |
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid iomlán dé-ocsaíde sulfair (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Tuairisc
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Tá na fíonta geala agus bíonn siad tirim de ghnáth cé go mb’fhéidir go mbeidh siúcraí coiptheacha iontu. Tá réimse dathanna air idir dhath buí éadrom agus dhath buí órga. Go ginearálta, bíonn dea-bholaithe nó mionbhlasanna bláthacha aramatacha mar chuid den bholadh (acáise, bláth líoma, etc.) in éineacht le mionbhlasanna torthaíocha a chuireann piorraí, péitseoga, cainche, almóinní tóstáilte, rísíní nó mil i gcuimhne, agus blas beagán mianrach ag gabháil leo uile. Léirítear castacht aramatach iomlán an fhíona leis an mothúchán lán agus tiubh sa bhéal. Meascán d’úire, blas mianrach agus blasanna searbhais lena dtugtar comhchuibheacht agus cothromaíocht don fhíon atá san iarbhlas. Déanann na fíonta seo a ngealladh iomlán a fhíorú tar éis roinnt blianta sa bhuidéal. Tá inniúlacht aosaithe den scoth ag na fíonta seo ina bhfuil siúcraí is féidir a choipeadh.
5. Cleachtais fíon oireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1.
Cleachtas sonrach fíoneolaíochta
Toirmeasctar úsáid sliseanna adhmaid; níor cheart neart alcóil iomlán atá níos mó ná 13 % de réir toirte a bheith ag na fíonta tirime tar éis saibhriú. Maidir leis na fíonta eile, toirmeasctar saibhriú go hiomlán. Anuas ar na forálacha thuasluaite, ní mór do na cleachtais fíonóireachta uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód um Ghnóthaí Tuaithe agus um Iascaireacht Mhuirí a chomhlíonadh freisin.
Ní mór na fíonta a thabhairt chun cineáil go dtí an 15 Márta den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
2. Dlús plandaithe – Spásáil
An modh saothraithe
Is é an dlús plandaithe íosta 4 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir. Ní fhéadfar sraitheanna fíniúnacha a spásáil níos mó ná 2,50 m ó chéile. Ní mór na fíniúnacha atá i sraitheanna a spásáil 0,90 m ar a laghad ó chéile. Dáileachtaí fíonghort ina bhfuil an t-achar idir fíniúnacha sa tsraith chéanna níos lú ná 0,90 m ach 0,80 m ar a laghad, agus ina bhfuil an grádán níos mó ná 10 %, tá siad i dteideal an sonrúchán tionscnaimh cláraithe a úsáid dá mbuaint. I gcás dáileachtaí fíniúnacha ina bhfuil an dlús plandaithe níos lú ná 4 000 – ach 3 300 ar a laghad – fíniúin in aghaidh an heicteáir, féadfar an sonrúchán tionscnaimh cláraithe a úsáid le haghaidh a mbuainte faoi réir rialacha áirithe maidir le treorú fíniúnacha agus airde duilliúir a leagtar síos sa tsonraíocht táirge a chomhlíonadh. Ar dháileachtaí den sórt sin, ní fhéadfar na sraitheanna a spásáil níos mó ná 3 m ó chéile, agus ní mór spásáil 1 m ar a laghad a bheith idir na fíniúnacha i sraith.
3. Prúnáil agus treorú fíniúnacha
An modh saothraithe
Prúnáiltear na fíniúnacha (prúnáil spoir, prúnáil cána nó prúnáil mheasctha) síos go dtí líon nach mó ná 12 bhachlóg inchomhairthe in aghaidh na fíniúna.
Féadfar dhá bhachlóg inchomhairthe bhreise in aghaidh na fíniúna a bheith acu, ar choinníoll nach mó ná 12 an líon craobh in aghaidh an phlanda ar a dtiocfaidh torthaí sa bhliain, ag an gcéim fheineolaíoch a chomhfhreagraíonn do 11 nó 12 dhuilleog (bachlóga blátha aonair).
Ní mór an duilliúr ar an treilís airde a bhaint amach atá 0,6 oiread an fad, ar a laghad, idir na sraitheanna. Déantar an airde sin a thomhas mar an fad idir teorainn íosta an duilliúir (nach mór a bheith 0,40 m ar a laghad os cionn leibhéal na talún) agus an uasteorainn gearrtha (nach mór a bheith 0,20 m ar a laghad os cionn na sreinge treilíse uachtair).
Dáileachtaí fíonghoirt ina bhfuil an dlús plandaithe níos lú ná 4 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir ach níos mó ná 3 300 fíniúin in aghaidh an heicteáir nó cothrom leis, tá siad faoi réir na rialacha seo a leanas maidir le treilísiú: ní mór na cuaillí treilíse airde 1,90 m ar a laghad os cionn leibhéal na talún a bhaint amach, ní mór ceithre shreang chothrománacha, a bheith ann, agus ní mór don sreang atá ar bharr a bheith 1.85 m ar a laghad os cionn leibhéal na talún.
4. Uisciú
An modh saothraithe
Ní cheadaítear uisciú.
5. Saothrú
An modh saothraithe
Pioctar na fíonchaora ón fhíniúin de láimh go roghnaitheach triopall ar thriopall. Toirmeasctar úsáid a bhaint as buainteoirí fíonchaor.
5.2. Uastáirgeacht
1. |
Fíonta tirime agus meántirime 50 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
2. |
Fíonta eile 35 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Ní mór gach céim den táirgeadh a dhéanamh sa limistéar geografach atá comhdhéanta de chríoch na gcomún seo a leanas i limistéir Maine-et-Loire, bunaithe ar chód geografach oifigiúil 2021: Bouchemaine, La Possonnière agus Savennières.
7. Cineál/cineálacha fíniúna
Chenin B
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1.
a) Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc
Tá an limistéar geografach lonnaithe ar an mbruach deas d’abhainn Loire, thart ar 15 km ó chathair Angers. Raon fánaí a bhfuil a n-aghaidh ó dheas agus soir ó dheas, ag a bhfuil leithead idir 500 m go 1 500 m agus ag síneadh thart ar 6 km feadh an Loire an tréith idirdhealaitheach aige. I dtuaisceart an limistéir gheografaigh luíonn ardchlár mór, níos fuaire agus neamhchosanta ar an ngaoth, a úsáidtear den chuid is mó chun gránaigh a fhás agus beostoc a thógáil.
Tá an bhuncharraig comhdhéanta d’fhoirmíochtaí siosta agus siosta-gaineamhchloiche ón ré Ordaivíseach déanach go dtí na luath-thréimhsí Deavónacha, le síoga logánta cloiche bolcánaí (riailít agus spilít). Luíonn roinnt sil-leagain ghainimh aeólacha Cheathartha ar imeall an ardchláir lena chruthaítear sraith de thiús éagsúil. Ar na cnoic, luíonn an bhuncharraig gar don dromchla de ghnáth.
Síneann an limistéar geografach thar chríoch de thrí chomún: Bouchemaine, La Possonnière agus Savennières.
Tá an aeráid aigéanach. Sa limistéar Mauges atá ar thaobh thiar na bhfíonghort, maolaítear na saintréithe aigéanacha ag éifeacht foehn. Titeann 650 mm báistí ar an meán ann in aghaidh na bliana, rud a léiríonn easpa nochta an limistéir do ghaotha bogthaise, cé gur mó é ná 800 mm ar chnoic Mauges. Is mó fós an neamhréireacht seo i gcaitheamh timthrialla fáis na fíniúna, go háirithe ó mhí an Mheithimh suas go dtí an tréimhse buainte. Bíonn an mheánteocht bhliantúil cuibheasach ard, ag thart ar 12 °C. Bíonn ról tábhachtach freisin ag an Loire trí fheidhmiú mar rialtóir teochta na gcnoc in aice, atá lonnaithe le cóir na ngnáthghaotha dá bhrí sin coinnítear teochtaí arda istoíche. Bíonn ról tábhachtach freisin ag an Loire as a bheith ann mar go gciallaíonn sé gur minic a bhíonn ceocháin maidine – atá fíorthábhachtach d’fhorbairt lobhaidh uasail – tráth buainte.
(b) Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc
Bhí saothrú fíniúna teoranta ar dtús do na tailte in aice abthithe móra Angers, ach de réir a chéile scaip siad ar fud an cheantair máguaird, agus ansin chuig cnoic Pruniers agus Bouchemaine sa 4ú haois. Ag tarraingt ar 1130, chuir manaigh Abbaye Saint-Nicolas d’Angers fíonghort ar chnoc os cionn na Loire, ag tabhairt a ainm dá réir sin do La Roche aux Moines. In 1140 thóg mná rialta Beinidicteacha clochar ar a dtugtar Le Prieuré i mbaile La Possonière. Ag an am sin, bhí achar mór fíonghoirt timpeall ar an bhfoirgneamh. As sin amach, d’éirigh “Savennières” ina rogha fíona don uaisleacht – go háirithe sa 15ú haois, ag tábla “Good King René” (René I of Anjou), a thug, i ndiaidh do gloine fíona a ól ó dháileacht talún ar an taobh thoir den bhaile agus é ag dul tríd an chomún an goutte d’or (braon órga) uirthi. Ó shin i leith, tugtar Clos de la Goutte d’Or ar an dáileacht talún atá i gceist.
Tharla príomhchéim d’fhorbairt na bhfíonghort sa 17ú agus sa 18ú haois. In Traité sur la nature et la culture de la vigne, a foilsíodh in 1749, scríobh Nicolas Bidet agus Henri-Louis Duhamel du Monceau: Is iad na cnoic feadh an Loire, ar an dá thaobh den abhainn, a dhéanann fíonghoirt éagsúla Anjou; tá na cnoic seo leathléig nó ceathrú léige óna chéile, agus ó Angers síneann siad ar feadh 7 nó 8 léig i dtreo na Briotáine. Níl iontu ach carraig, a bhí iomlán seasc tráth, cumhdaithe le scrobarnach, caschoill agus seanchrainn, rud a d’fhág go raibh siad neamh-inrochtana, dothreáite agus ina cuan nádúrtha do bheithígh allta agus ainmhithe nimhe. Tá an talamh, a bhí an-deacair a lománú, saothraithe ina iomláine anois agus fíniúnacha curtha ann, suas go dtí an áit ag a dtosaíonn an cnoc a éirí réidh agus a chasadh ó thuaidh, ag síneadh thar ceathrú léige nó leathléig. Tugann na cnoic ar bhruach deas an Loire ag dul síos i dtreo Nantes a gcuid aghaidheanna ó dheas, agus dá réir sin bíonn an fhíon a dhéantar ansin níos fearr agus níos láidre ná an fhíon ó na cnoic ar chlé ...’ Bhí na cnoic agus dáileachtaí talún in aice baile Savennières cumhdaithe le fíniúnacha, agus bhí roinnt stráicí talún curtha le fíniúnacha ag gach teaghais tuaithe. Tugtar tuairisc ar staid na bhfíonghort ar thaobh an chnoic sna cláir chasaoidí arna dtarraingt suas ag Ginearál na n-Eastát tréimhse ghairid roimh Réabhlóid na Fraince. “Savennières: daonra 2 460, 1/3 curtha le fíniúnacha a bhfuil cru den scoth acu … ní fhaca mé riamh paróiste faoi cháin níos troime ná Savennières,” a scríobh ionadaí paróiste Monsieur Dertrou.
8.2.
I ngeall ar dhul chun cinn suntasach san fhíonóireacht agus i mbainistíocht sláinte plandaí sa 19ú haois bhí claochlú críochnúil ar thionscal an fhíona trí iarrachtaí úinéirí na bhfíonlann amhail Pierre Guillory, a raibh suim mhór acu fíonta ar ardchaighdeán a fháil agus an dea-cháil a bhí ar fhíon “Savennières” a choinneáil. Rinneadh roinnt mhaith turgnamh; áiríodh orthu sin cineálacha fíonchaoire éagsúla (go háirithe Madeiran Verdelho – dar leis an Ollamh Maisonneuve, cuireadh seasca fíniúin ag fíonghort Coulée de Serrant) chomh maith le turgnaimh a bhain le léibheannú agus treilísiú. D’fhan Chenin B mar sin féin ina phríomhchineál fíonchaoire sna fíonghoirt. Scríobh Jules Guyot, le linn cuairt dá chuid ann in 1865, cuntas den scoth ar na modhanna a úsáideadh, lena n-áirítear prúnáil spoir, baint na mbachlóg, agus buaint nuair a bhí “roinnt mhaith de na fíonchaora ró-aibí cheana”.
Aithníodh sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Savennières” le foraithne an 8 Nollaig 1952. Ar dtús, dírigh an foraithne go príomha ar fíonta a raibh siúcraí ar féidir a choipeadh iontu, ach mar gheall ar iarrachtaí cathaoirleach comhleanúnach den syndicat de défense“Savennières”, Michèle Bazin de Jessey san áireamh, tugadh é cothrom le dáta chun fíonta tirime a chumhdach, lena n-áirítear, mar rogha, fíonta a bhfuil siúcraí ar féidir a choipeadh iontu, a léiríonn ar bhealach níos cruinne cleachtas an fhíonghoirt agus saintréithe sonracha an chomhshaoil.
Bhí 34 shaothróir ag feirmeoireacht na bhfíonghort in 2009.
2. Faisnéis maidir le cáilíocht agus saintréithe an táirge
Tá na fíonta geala agus bíonn siad tirim de ghnáth cé go mb’fhéidir go mbeidh siúcraí coiptheacha iontu. Tá réimse dathanna air idir dhath buí éadrom agus dhath buí órga.
Go ginearálta, bíonn dea-bholaithe nó mionbhlasanna bláthacha aramatacha mar chuid den bholadh (acáise, bláth líoma, etc.) in éineacht le mionbhlasanna torthaíocha a chuireann piorraí, péitseoga, cainche, almóinní tóstáilte, rísíní nó mil i gcuimhne, agus blas beagán mianrach ag gabháil leo uile.
Léirítear castacht aramatach iomlán an fhíona leis an mothúchán lán agus tiubh sa bhéal. Meascán d’úire, blas mianrach agus blasanna searbhais lena dtugtar comhchuibheacht agus cothromaíocht don fhíon atá san iarbhlas.
Déanann na fíonta seo a ngealladh iomlán a fhíorú tar éis roinnt blianta sa bhuidéal. Tá inniúlacht aosaithe den scoth ag na fíonta seo ina bhfuil siúcraí is féidir a choipeadh.
3. Idirghníomhaíochtaí cúisíocha
Sna dáileachtaí talún atá críochaithe le haghaidh bhuaint na bhfíonchaor tá dáileachtaí ar chnoic fhoscúla a bhfuil a n-aghaidh ó dheas agus ithreacha an-éadoimhne acu a luíonn ar fhoirmíochtaí siosta agus siosta-gaineamhchloiche na buncharraige foluití, nó ithreacha éadoimhne a luíonn ar ghainimh aeólacha. Tá na hithreacha seo an-ghairbhéalach agus níl siad an-torthúil, agus inniúlacht draenála mhaith acu ach cúltaiscí uisce dona.
Maidir leis an bhfíonóireacht sna dálaí sin ní mór na fíniúnacha agus a n-acmhainneacht táirgthe a bhainistiú ar an mbealach is fearr. Baintear é sin amach trí threorú cúramach fíniúnacha, rialacha diana prúnála agus buaint roghnaitheach na bhfíonchaor triopall ar thriopall, lena n-áirítear le haghaidh fíonta tirime.
Tá saineolas na saothróirí le feiceáil ina rogha leanúnach don chineál fíonchaor Chenin B, cineál crua ar féidir a lánacmhainneacht agus a úrnuacht a bhaint amach sa chomhshaol seo. Rinne siad iad féin a oiriúnú dá cáilíochtaí ar leith agus dá cuid castachta trína modhanna táirgeachta a éagsúlú. Go traidisiúnta athraíodh méid siúcra coiptheach na bhfíonta ag brath ar an suíomh plandála, bainistíocht fíniúna agus an aimsir le linn bliain an fhíona. Nuair a bhíonn an aimsir maith ag deireadh na buainte a bhuí le gníomhaíocht teirmirialaithe an Loire, na gaotha treoraithe ag an abhainn – a chuireann le triomú amach na bhfíonchaor – nó na ceocháin maidine, is féidir fíonta leath-mhilse nó milse a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear i ndiaidh a rísínithe ar an bhfíniúin nó fíonchaora a ndéanann an lobhadh uasal difear dóibh (Botrytis cinerea).
D’oiriúnaigh na saothróirí a gcuid teicnící fíonóireachta go pras chun modhanna a áireamh a chuireann ar a gcumas dóibh na tréithe is fearr sna fíonchaora a tharraingt amach. Tar éis é a choipeadh, tugtar an fíon chun aibíochta i ndabhcha ar feadh tamaill chun go bhféadfadh sé dea-bholaithe casta a fhorbairt. Chuige sin, sonraítear sa tsonraíocht táirge nach mór d’aibíocht den sórt sin maireachtáil go dtí 15 Márta den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Leis an gcomhshaol nádúrtha uathúil den sórt sin, cineál fíonchaoire oiriúnaithe go foirfe dó, agus saothróirí ar an eolas faoin gcaoi le lánúsáid dá phoitéinseal a bhaint, cumasaítear fíonta uathúla, bunaidh a bhfuil cáil stairiúil acu a tháirgeadh. Ní raibh drogall ar André Jullien, in Topographie de tous les vignobles connus (1816), iad a aicmiú i measc na cinn is fearr, ag aithint leis sin a mbunaidh, a gcáilíocht agus a gcáil.
Ainmníodh fíonghoirt “Savennières”, siombail de la douceur angevine, mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO in 2001.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht an Aontais
Cineál an choinníll bhreise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, ina bhféadtar fíonú agus forbairt agus aibiú na bhfíonta a dhéanamh de mhaolú, tá na comúin seo a leanas i roinn Maine-et-Loire, bunaithe ar chód geografach oifigiúil 2021: Angers, Beaulieu-sur-Layon, Bellevigne-en-Layon Blaison-Saint-Sulpice, Brissac Loire Aubance (comúin tharmligthe Les Alleuds, Brissac-Quincé, Charcé-Saint-Ellier-sur-Aubance, Luigné, Saint-Rémy-la-Varenne, Saint-Saturnin-sur-Loire, Saulgé-l’Hôpital agus Vauchrétien amháin), Chalonnes-sur-Loire, Chaudefonds-sur-Layon, Chemillé-en-Anjou (comúin tharmligthe Chanzeaux agus Valanjou amháin), Denée, Doué-en-Anjou (común tarmligthe Brigné amháin), Les Garennes sur Loire, Mauges-sur-Loire (común tarmligthe Saint-Laurent-de-la-Plaine amháin), Mozé-sur-Louet, Mûrs-Erigné, Rochefort-sur-Loire, Sainte-Gemmes-sur-Loire, Saint-Melaine-sur-Aubance, Soulaines-sur-Aubance, Terranjou agus Val-du-Layon.
Lipéadú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll bhreise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Na téarmaí roghnacha, a bhféadfadh a n-úsáid a bheith rialaithe ag na Ballstáit faoi rialacha an Aontais, ní mór iad a phriontáil ar na lipéid i litreacha nach mó iad, ar airde náar leithead, ná dhá oiread mhéid na litreacha lena litrítear an sonrúchán tionscnaimh cláraithe.
Féadfar an sonrúchán tionscnaimh cláraithe a fhorlíonadh leis an ainm geografach “Val de Loire” i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa tsonraíocht táirge. Ní mór an t-ainm geografach “Val de Loire” a phriontáil i litreacha nach mó iad, ar airde ná ar leithead, ná dhá thrian mhéid na litreacha lena litrítear an sonrúchán tionscnaimh cláraithe.
I ndoiciméid thráchtála agus i ndoiciméid loingseoireachta agus ar lipéid, ní mór tuairisc a dhéanamh ar na fíonta mar “meántirime”, “leathmhilse” agus “milse” i gcomhréir leis an méid siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós), mar a shainítear le reachtaíocht an Aontais. Ar lipéid, ní mór na téarmaí sin a bheith sa réimse amhairc céanna leis an sonrúchán tionscnaimh cláraithe.
Féadfaidh ainm aonaid gheografaigh níos lú a bheith ar lipéid fíonta a chumhdaítear leis an sonrúchán tionscnaimh cláraithe, ar choinníoll: — is suíomh cláraithe é; — bíonn sé le feiceáil ar an dearbhú buainte. Ní mór ainm an tsuímh chláraithe a phriontáil i litreacha nach mó iad, ar airde ná ar leithead, ná leath de mhéid na litreacha lena litrítear an sonrúchán tionscnaimh cláraithe.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-7c.8c3cc.9ee0-4faf-aca5-058e37d4206d
10.2.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 51/19 |
Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2023/C 51/07)
Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.
DOICIMÉAD AONAIR
“Suruç Narı”
Uimh. CE: PDO-TR-02850-7.6.2022
TGFC ( ) STFC (X)
1. Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]
“Suruç Narı”’
2. Ballstát nó Tríú Tír
An Tuirc
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. An cineál táirge (a liostaítear in Iarscríbhinn XI)
Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Toradh mór go meánmhéide is ea “Suruç Narı” le fordhathanna dearga agus bándearga ar phríomhchúlra buí mar chraiceann torthaí. Níl “Suruç Narı” go hiomlán cruinn i gcruth, tá sé beagán leacaithe ar an ngas agus ar ais na corónach, agus tá an cóimheas idir trastomhas/fad na dtorthaí os cionn 1. “Suruç Narı”; Is éard atá ann 4 phríomhchuid, is é sin gráin, craiceann, seicin pomagránaite (méiseacarp) agus síol pomagránaite. Tá “Suruç Narı'” bándearg-dearg éadrom, tá gráin bhoga ann, agus tá struchtúr na blaoisce meánmhéide, caol agus leaisteach, ina bhfuil fordhathanna dearga-bándearga ar chúlra buí. Tá gráin mhóra ann agus tá sé éasca iad a ghránú. Is ionann na gráin atá ann agus thart ar 60 % den toradh. Is gnách go gcaitear mar phomagránait tábla é mar gheall ar a blas atá chomh milis le toirtín.
Seo a leanas roinnt gnéithe de “Suruç Narı”.
— |
Cóimheas craicinn; idir 39,4 % agus 40,3 %, |
— |
Cóimheas sú; íoschion 45 %, |
— |
Dlús sú; idir 1 072 agus 1 075 g/cm3, |
— |
Cóimheas solad uiscethuaslagtha; íoschion 15 %, |
— |
Aigéadacht intoirtmheasctha (i gcoibhéisí aigéid chitrigh); níos lú ná 1 % i gcás na gceann milis, 1-2 % i gcás na gceann géar.) |
— |
Cion iomlán siúcra; íoschion 12,8 %, |
— |
Cion luatha; idir 0,52-0,55 %, |
— |
luach PH; idir 2,9 agus 3,3 |
— |
Cion antóiciainine; uasmhéid 110 mg de Cy.3 Gl/L de shú torthaí, |
— |
Cion feanólach iomlán; íosmhéid 1 300 mg d’aigéad gálach/mL de shú, |
— |
Na haigéid orgánacha is mó atá ann; aigéad citreach (meán 10,4± 0,68 g/L), aigéad ascorbach (meán 6,1 ± 2,83 g/L) agus aigéad malach (meán 0,26± 0,16 g/L), |
— |
Na comhdhúile feanólacha is mó atá ann; ceircéatin (52,9±6,6 mg/L), aigéad caiféach (46,2± 9,5 mg/L), agus caitecín (11,3± 3,8 mg/L). |
— |
Tá meáchan an toraidh sa raon de 250-650 gram. |
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
—
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
Ní mór gach céim de shaothrú “Suruç Narı” a dhéanamh laistigh den teorainn gheografach a chinntear. Ar na príomhchéimeanna sin, tá plandú, bearradh, uisciú, toirchiú, saothrú agus rialuithe talmhaíochta.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Sa bhreis ar an bhfaisnéis éigeantach dá bhforáiltear sa reachtaíocht maidir le lipéadú agus cur i láthair earraí bia, ní mór na nithe seo a leanas a bheith ar na lipéid:
— |
Ainm an ainmnithe “Suruç Narı”, |
— |
Trádainm agus seoladh nó ainm gairid agus seoladh nó marc cláraithe an táirgeora, |
— |
Lógó STFC an Aontais Eorpaigh |
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Fástar “Suruç Narı” laistigh de theorainneacha chúige Şanlıurfa. Cruthaíodh machairí Birecik, Suruç, Harran agus Ceylanpınar mar gheall ar thitim theicteonach sa chuid theas den chúige. Tá teorainn na Siria sa deisceart agus Loch Dhamba Atatürk i dtuaisceart an chúige. Tá ardchláir Karacadağ, Siverek agus Viranşehir in oirthear an chúige agus sreabhann Sruthán Cırcıp in oirthear an chúige, agus sreabhann abhainn Fırat (na hEofraite) san iarthar.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Sainiúlacht an limistéir gheografaigh
Is in Şanlıurfa atá an airde is ísle sa Tuirc. An struchtúr dromchla atá aige, lúbann sé aduaidh ó dheas. Tá an airde faoi bhun 500 m sa deisceart, is féidir é a bheith suas le 750 m sa tuaisceart.
Is í an aeráid ilchríochach an aeráid is mó sa réigiún. Bíonn an-chuid triomach sa samhradh agus bíonn sé te; bíonn báisteach ann sa gheimhreadh agus bíonn sé sách séimh. Is dian iad na difríochtaí idir an teocht laethúil agus an teocht bhliantúil sa limistéar. De réir na sonraí meitéareolaíochta, ní thiteann an mheánteocht mhíosúil go 0 °C in aon mhí den bhliain. Is é 5,2 °C an mheánteocht i mí Eanáir, arb í an mhí is fuaire í. Tosaíonn an teocht ag méadú i mí Feabhra ar bhonn míosúil agus téann sí thar 20 °C ó mhí na Bealtaine. Ó mhí an Mheithimh go mí Lúnasa, is minic a ardaíonn an teocht os cionn 40 °C i rith an lae. Ó mhí an Mhárta go deireadh mhí Mheán Fómhair, is é 177 an meánlíon laethanta le meánteocht idir + 20 °C agus + 25 °C. Thart ar 120 lá, sin é an líon laethanta le meánteocht laethúil idir + 25 °C agus os a cionn.
In Şanlıurfa, tagann méadú ar an bhfrasaíocht sa gheimhreadh agus tagann laghdú uirthi sa samhradh. Athraíonn méideanna frasaíochta bliantúla go contrártha leis an teocht, ag méadú i dtreo an tuaiscirt agus ag laghdú i dtreo an deiscirt. Is iondúil go dtiteann an fhrasaíocht in Şanlıurfa i bhfoirm báistí. Is fíorannamh a bhíonn titim sneachta ann, agus ní mhaireann sneachta ar an talamh níos mó ná 1-2 lá. Maidir le bogthaise, léiríonn sé luachanna arda i limistéir uiscithe Şanlıurfa, sa deisceart agus i gcontae Halfeti, tá sé ag luachanna ísle i lár na cathrach agus i gcontae Suruç.
Nuair a dhéantar scrúdú ar chothromaíocht uisce Şanlıurfa, tosaíonn an fhrasaíocht ag carnadh san ithir ag tosú ó mhí na Samhna. I mí Eanáir, bíonn an ithir sáithithe le huisce. Leanann an barrachas uisce go dtí mí Aibreáin. Ó mhí na Bealtaine, athraíonn an staid, agus bíonn níos mó galú uisce ann ná frasaíocht. An easpa frasaíochta i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh, sáraítear í leis an uisce atá carntha san ithir. I dtreo dheireadh mhí na Bealtaine, is gearr nach mbeidh aon uisce carntha fágtha. Ó mhí an Mheithimh, níl aon uisce carntha san ithir a thuilleadh. Leanann an staid sin ar aghaidh go dtí mí na Samhna. Léirigh staidéir hidrigeolaíocha gur ann do dhá uiscíoch faoi thalamh in Suruç. Tá an chéad chiseal den uiscíoch tábhachtach chun cothabháil a dhéanamh ar bhogthaise na hithreach agus tá sé thart ar 50-80 m tiubh ón dromchla. Is é seo an ciseal ina gcarnann an t-uisce dromchla breise sa gheimhreadh agus san earrach agus úsáidtear é nuair a théann dálaí i ndísc.
Ina theannta sin, fágtar neart mianraí sna páirceanna talmhaíochta in Şanlıurfa i ngeall ar na gaotha a shéideann ó Fhásach na Siria agus an deannach a thagann leo.
Tosca daonna
Tá Şanlıurfa ina cuid de chorrán torthúil ar a dtugtar Mesopotamia go stairiúil, áit a ngabhtar don talmhaíocht go forleathan. Creidtear gur tháinig Suruç Narı chuig an réigiún ó ghairdíní na Bablóine. Tá Şanlıurfa ar cheann d’acmhainní géiniteacha na pomagránaite sa Tuirc. Ar an gcúis sin, rinneadh saothrú pomagránaití sa réigiún leis na céadta bliain. Leis na céadta bliain, tá bealach traidisiúnta á leanúint ag feirmeoirí chun “Suruc Narı” a fhás. Tosaíonn an t-uisciú nuair a bhíonn leath de na crainn faoi bhláth. Is míonna criticiúla d’uisciú iad mí Iúil agus mí Lúnasa, uisciú nár cheart faillí a dhéanamh ann ar mhaithe le forbairt torthaí. Déantar an t-am uisciúcháin a chinneadh trí bhreathnú ar dhath na gcrann. Éiríonn na crainn dorcha agus briseann craiceann na torthaí mar gheall ar easpa uisce. Déantar an t-uisciú deiridh trí na crainn a ní chun feithidí agus líonta damháin alla a bhaint seachtain amháin nó dhá sheachtain roimh an mbuaint. Nós imeachta íogair is ea an bhuaint. Buantar na torthaí agus an ghéag a cheanglaíonn iad leis an gcrann ag gabháil leo. Is féidir “Suruc Narı” a stóráil faoin scáth ag teocht chomhthimpeallach ar feadh dhá mhí ar a laghad.
Sainiúlacht an táirge
Bhain “Suruç Narı” cáil amach sa réigiún, go háirithe le hainm chontae Suruç, agus cuireadh tús leis an gclú a bhí air. Táirge talmhaíochta is ea “Suruç Narı” atá éagsúil ó phomagránaití eile a fhástar sa Tuirc mar gheall ar a craiceann thanaí leaisteach, dath scothbhuí an chraicinn, fordhathanna is éasca a ghránú, blas atá milis searbh, agus dea-bholadh. I gcomparáid le cineálacha eile, is ón gcion ard sú in éineacht le comhdhúile feanólacha arda agus ábhar tirim uiscethuaslagtha a thagann uathúlacht “Suruç Narı”. Go háirithe, cuireann cion ard an aigéaid chitrigh, atá thart ar 10x níos airde ná an chuid is mó de na cineálacha sa Tuirc, agus aigéadacht ard intoirtmheasctha (%) lena blas uathúil milis agus searbh.
Fachtóirí ócáideacha
Tá na tréithe póimeolaíochta agus orgánaileipteacha múnlaithe ag an aeráid (an teocht ard, líon ard na laethanta grianmhara, bogthaise choibhneasta atá réasúnta íseal), agus ag cion uisce na hithreach. Le Suruç, agus í ina foinse ghéiniteach den phomagránait seo, léirítear gur táirgeadh í thar na céadta bliain sa réigiún. Tá uisce fíor-riachtanach do Suruç Narı chun a saintréithe sainiúla a fháil, comhlíonann na huiscígh faoi dhromchla na hithreach riachtanas uisce Suruç Narı le linn fhorbairt na dtorthaí i séasúr fada te an tsamhraidh. Mar gheall ar na laethanta grianmhara fada in éineacht le soláthar leanúnach uisce agus bogthaise choibhneasta réasúnta íseal, tugtar blas, dath agus uigeacht craicinn uathúil do Suruç Narı. Leis an taithí thraidisiúnta chun cinneadh a dhéanamh maidir le haga uiscithe agus trí na crainn a ní roimh an mbuaint, cuirtear leis na tréithe sin.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta
—