ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 45

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
6 Feabhra 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2023/C 45/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2023/C 45/02

Cás C-144/22: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato — an Iodáil) — Società EFriday Raimondo Bufarini S.r.l. — Servizi Ambientali v Ministero dell’Interno, Ministero della Transizione Ecologica, Comitato tecnico regionale delle Marche, Coordinamento per l’applicazione sul territorio nazionale di cui all’art. 11 del D.Lgs. 105/2015 (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53 agus 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Airteagal 267 CFAE – Raon feidhme na hoibleagáide atá ar chúirteanna náisiúnta a bhreithníonn ag an gcéim dheiridh tarchur a dhéanamh – Eisceachtaí ón oibleagáid sin – Critéir – Cásanna ina bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais Eorpaigh chomh soiléir sin nach bhfágann sé aon amhras réasúnta – Coinníoll chun go sásóidh an chúirt náisiúnta atá ag breithniú ag an gcéim dheiridh go mbeadh sé chomh soiléir céanna do na cúirteanna den chéim dheiridh de chuid na mBallstát agus don Chúirt Bhreithiúnais)

2

2023/C 45/03

Cás C-236/22 P: Achomharc arna thabhairt an 4 Aibreán 2022 ag Beata Sołowicz i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a tugadh an 28 Eanáir 2022 i gCás T 725/21, Sołowicz v an Coimisiún

3

2023/C 45/04

Cás C-315/22 P: Achomharc arna thabhairt an 9 Bealtaine 2022 ag Ahmad Aziz i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a fógraíodh an 5 Bealtaine 2022 i gCás T-789/21, Aziz v SEGS

3

2023/C 45/05

Cás C-317/22 P: Achomharc arna thabhairt an 9 Bealtaine 2022 ag Ahmad Aziz i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a fógraíodh an 5 Bealtaine 2022 i gCás T-808/21, Aziz v SEGS

3

2023/C 45/06

Cás C-357/22 P: Achomharc arna thabhairt an 2 Meitheamh 2022 ag Ahmad Aziz i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a fógraíodh an 31 Bealtaine 2022 i gCás T-128/22, Aziz v MECS

4

2023/C 45/07

Cás C-419/22 P: Achomharc arna thabhairt an 22 Meitheamh 2022 ag Group Nivelles i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 27 Aibreán 2022 i gCás T-327/20, Group Nivelles v EUIPO

4

2023/C 45/08

Cás C-550/22 P: Achomharc arna thabhairt an 18 Lúnasa 2022 ag Compass Tex Ltd i gcoinne an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta (an Deichiú Dlísheomra) an 28 Meitheamh 2022 i gCás T-704/21, Compass Tex Ltd v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

4

2023/C 45/09

Cás C-636/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte d’appello di Lecce (an Iodáil) a taisceadh an 12 Deireadh Fómhair 2022 — Imeachtaí coiriúla in aghaidh PY

5

2023/C 45/10

Cás C-653/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 18 Deireadh Fómhair 2022 — P. Mali Kerékpárgyártó és Forgalmazó Kft. v Nemzeti Adó— és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

5

2023/C 45/11

Cás C-672/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Koblenz (an Ghearmáin) a taisceadh an 27 Deireadh Fómhair 2022 – BZ v DKV Deutsche Krankenversicherung AG

6

2023/C 45/12

Cás C-674/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Gelderland (an Ísiltír) a taisceadh an 31 Deireadh Fómhair 2022 – Gemeente Dinkelland v Ontvanger van de Belastingdienst/Grote ondernemingen, kantoor Zwolle

7

2023/C 45/13

Cás C-676/22: Iarratas ar réamhrialú ón Nejvyšším správním soudem (Poblacht na Seice) a taisceadh an 2 Samhain 2022 – B2 Energy s.r.o. v. Odvolací finanční ředitelství

7

2023/C 45/14

Cás C-679/22: Caingean arna tabhairt an 4 Samhain 2022 – An Coimisiún Eorpach v Éire

8

2023/C 45/15

Cás C-700/22: Iarratas ar réamhrialú ó Nejvyšším soudem (Poblacht na Seice) a taisceadh an 15 Samhain 2022 – RegioJet a. s., STUDENT AGENCY k.s. v. České dráhy a.s., Správa železnic, státní organizace, Česká republika, Ministerstvo dopravy

9

2023/C 45/16

Cás C-711/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 18 Samhain 2022 – Advance Pharma sp. z o.o. v Skarb Państwa – Główny Inspektor Farmaceutyczny

9

2023/C 45/17

Cás C-713/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) arna taisceadh an 21 Samhain 2022 — LivaNova plc v Ministero dell’Economia e delle Finanze agus páirtithe eile

10

2023/C 45/18

Cás C-715/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Ravensburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Samhain 2022 – QR v Mercedes-Benz Bank AG

10

2023/C 45/19

Cás C-717/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Rayonen sad Svilengrad (an Bhulgáir) a taisceadh an 23 Samhain 2022 – SISTEM LUX OOD v Teritorialna direktsia Mitnitsa Burgas

11

2023/C 45/20

Cás C-718/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Erfurt (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Samhain 2022 – HK v Debeka Lebensversicherungsverein a. G.

12

2023/C 45/21

Cás C-722/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 24 Samhain 2022 – imeachtaí coiriúla

13

2023/C 45/22

Cás C-749/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 7 Nollaig 2022 – I GmbH v J R

14

2023/C 45/23

Cás C-764/22 P: Achomharc arna thabhairt an 15 Nollaig 2022 ag Airoldi Metalli SpA i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 5 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-1/22, Airoldi Metalli SpA v an Coimisiún

14

 

Chúirt Ghinearálta

2023/C 45/24

Cás T-611/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – ADS L. Kowalik, B. Włodarczyk v EUIPO – ESSAtech (Gabhálas le haghaidh cianrialtán gan sreang) (Dearadh Comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear gabhálas le haghaidh cianrialtán gan sreang – Foras neamhbhailíochta – Gnéithe den chuma atá ar tháirge de réir a fheidhm theicniúil amháin – Airteagal 8(1) agus Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 – Fíricí nó fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc – Airteagal 63(2) de Rialachán Uimh. 6/2002 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha)

16

2023/C 45/25

Cás T-579/22: Caingean arna tabhairt an 17 Meán Fómhair 2022 – ClientEarth v an Coimisiún

16

2023/C 45/26

Cás T-667/22: Caingean arna tabhairt an 31 Deireadh Fómhair 2022 – SBM Développement v an Coimisiún

17

2023/C 45/27

Cás T-750/22: Caingean arna tabhairt an 28 Samhain 2022 — UniSystems Luxembourg agus Unisystems systimata pliroforikis v ESMA

18

2023/C 45/28

Cás T-761/22: Caingean arna tabhairt an 7 Nollaig 2022 — Sboarina v an Pharlaimint

19

2023/C 45/29

Cás T-765/22: Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2022 – Azalee Cosmetics v EUIPO – L’Oréal (UK) (LA CRÈME LIBRE)

21

2023/C 45/30

Cás T-766/22: Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2022 – Canel Ferreiro v an Chomhairle

22

2023/C 45/31

Cás T-772/22: Caingean arna tabhairt an 10 Nollaig 2022 – Fibrecycle v EUIPO (BACK-2-NATURE)

23

2023/C 45/32

Cás T-773/22: Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 — Contorno Textil v EUIPO — Harmont & Blaine (GILBERT TECKEL)

24

2023/C 45/33

Cás T-776/22: Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 — TP v an Coimisiún

24

2023/C 45/34

Cás T-778/22: Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 – Desimo v EUIPO – Red Bull (EL TORO ROJO)

26

2023/C 45/35

Cás T-779/22: Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Transport Werk v EUIPO – Haus & Grund Deutschland (Haus & Grund)

26

2023/C 45/36

Cás T-780/22: Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – TUI Holding v EUIPO – inCruises International (INCRUISES)

28

2023/C 45/37

Cás T-781/22: Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Madre Querida agus páirtithe eile v an Coimisiún

28

2023/C 45/38

Cás T-785/22: Caingean arna tabhairt an 16 Nollaig 2022 – an Fhrainc v an Coimisiún

29

2023/C 45/39

Cás T-789/22: Caingean arna tabhairt an 16 Nollaig 2022 — PB v BRA

30

2023/C 45/40

Cás T-792/22: Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2022 – Quatrotec Electrónica v EUIPO – Woxter Technology (WOXTER)

31

2023/C 45/41

Cás T-793/22: Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2022 – TU v an Pharlaimint

31

2023/C 45/42

Cásanna T-790/16 agus T-861/16: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – C & J Clark International v an Coimisiún

33

2023/C 45/43

Cás T-154/17: Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Deichmann v an Coimisiún

33

2023/C 45/44

Cás T-155/17: Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Van Haren Schoenen v an Coimisiún

33

2023/C 45/45

Cás T-347/17: Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – FLA Europe v an Coimisiún

33

2023/C 45/46

Cás T-351/17: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Nike European Operations Netherlands agus páirtithe eile v an Coimisiún

33

2023/C 45/47

Cás T-360/17: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Jana shoes agus páirtithe eile v an Coimisiún

34

2023/C 45/48

Cás T-24/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – adidas International Trading agus páirtithe eile v an Coimisiún

34

2023/C 45/49

Cás T-124/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Wendel agus páirtithe eile v an Coimisiún

34

2023/C 45/50

Cás T-126/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Van Haren Schoenen v an Coimisiún

34

2023/C 45/51

Cás T-127/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Cortina agus FLA Europe v an Coimisiún

34

2023/C 45/52

Cás T-130/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – adidas International Trading agus páirtithe eile v an Coimisiún

35

2023/C 45/53

Cás T-131/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Deichmann v an Coimisiún

35

2023/C 45/54

Cás T-141/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Deichmann-Shoes UK v an Coimisiún

35

2023/C 45/55

Cás T-142/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Buffalo – Boots v an Coimisiún

35

2023/C 45/56

Cás T-157/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Caprice Schuhproduktion v an Coimisiún

35

2023/C 45/57

Cás T-471/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Nollaig 2022 – Eland Oil & Gas v an Coimisiún

36

2023/C 45/58

Cás T-758/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Nollaig 2022 – W.S. Atkins International v an Coimisiún

36

2023/C 45/59

Cás T-771/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Nollaig 2022 – Experian Finance 2012 v an Coimisiún

36

2023/C 45/60

Cás T-781/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 15 Nollaig 2022 – Rigid Plastic Containers Finance agus RPC Pisces Holdings v an Coimisiún

36

2023/C 45/61

Cás T-782/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Nollaig 2022 – St Schrader Holding Company v an Coimisiún

36

2023/C 45/62

Cás T-614/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – KPMG Advisory v an Coimisiún

37

2023/C 45/63

Cás T-806/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 12 Nollaig 2022 – NT v EMA

37


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2023/C 45/01)

Foilseachán deiridh

IO C 35, 30.1.2023

Foilseacháin stairiúla

IO C 24, 23.1.2023

IO C 15, 16.1.2023

IO C 7, 9.1.2023

IO C 482, 19.12.2022

IO C 472, 12.12.2022

IO C 463, 5.12.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/2


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 15 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato — an Iodáil) — Società EFriday Raimondo Bufarini S.r.l. — Servizi Ambientali v Ministero dell’Interno, Ministero della Transizione Ecologica, Comitato tecnico regionale delle Marche, Coordinamento per l’applicazione sul territorio nazionale di cui all’art. 11 del D.Lgs. 105/2015

(Cás C-144/22) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53 agus 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 267 CFAE - Raon feidhme na hoibleagáide atá ar chúirteanna náisiúnta a bhreithníonn ag an gcéim dheiridh tarchur a dhéanamh - Eisceachtaí ón oibleagáid sin - Critéir - Cásanna ina bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais Eorpaigh chomh soiléir sin nach bhfágann sé aon amhras réasúnta - Coinníoll chun go sásóidh an chúirt náisiúnta atá ag breithniú ag an gcéim dheiridh go mbeadh sé chomh soiléir céanna do na cúirteanna den chéim dheiridh de chuid na mBallstát agus don Chúirt Bhreithiúnais)

(2023/C 45/02)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe

Iarratasóir: Società Eredi Raimondo Bufarini S.r.l. – Servizi Ambientali

Cosantóirí: Ministero dell'Interno, Ministero della Transizione Ecologica, Comitato tecnico regionale delle Marche, Coordinamento per l’uniforme applicazione sul territorio nazionale di cui all’art. 11 del D.Lgs. 105/2015

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 267 CFAE a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh cúirt náisiúnta nach bhfuil a cinntí faoi réir athbhreithniú breithiúnach faoin dlí baile staonadh ó cheist maidir le léiriú ar dhlí an Aontais a chur faoi bhráid na Cúirte agus í a réiteach ar a freagracht féin i gcás ina bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais chomh soiléir sin nach bhfágtar aon amhras réasúnta. Ní mór measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht sin a bheith ann i bhfianaise shaintréithe sonracha dhlí an Aontais Eorpaigh, na ndeacrachtaí ar leith a bhaineann lena léiriú agus an riosca go mbeadh éagsúlachtaí sa chásdlí laistigh den Aontas Eorpach.

Ní cheanglaítear ar an gcúirt náisiúnta sin a chruthú go mion go ndéanfadh cúirteanna eile na rogha deiridh de chuid na mBallstát agus an Chúirt an léiriú céanna, ach ní mór, ar bhonn measúnaithe ina gcuirtear na tosca sin san áireamh, tagtha ar an gcreideamh go mbeadh sé chomh soiléir céanna do na cúirteanna náisiúnta eile sin agus don Chúirt Bhreithiúnais.


(1)  Dáta comhdaithe: 28.02.2022


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/3


Achomharc arna thabhairt an 4 Aibreán 2022 ag Beata Sołowicz i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a tugadh an 28 Eanáir 2022 i gCás T 725/21, Sołowicz v an Coimisiún

(Cás C-236/22 P)

(2023/C 45/03)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Achomharcóir: Beata Sołowicz (ionadaí: M. Korpalski, radca prawny)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

Le hordú an 23 Samhain 2022, dhíbh an Chúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) don achomharc toisc é a bheith doghlactha go follasach agus d’ordaigh sí do Beata Sołowicz a costais féin a íoc.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/3


Achomharc arna thabhairt an 9 Bealtaine 2022 ag Ahmad Aziz i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a fógraíodh an 5 Bealtaine 2022 i gCás T-789/21, Aziz v SEGS

(Cás C-315/22 P)

(2023/C 45/04)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Ahmad Aziz (ionadaí: L. Cuschieri, avukat)

Páirtí eile sna himeachtaí: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Le hordú an 19 Nollaig 2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) don achomharc toisc é a bheith do-ghlactha go follasach i bpáirt agus a bheith gan bhunús go follasach i bpáirt agus d’ordaigh an Chúirt do Ahmad Aziz a chostais féin a íoc.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/3


Achomharc arna thabhairt an 9 Bealtaine 2022 ag Ahmad Aziz i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a fógraíodh an 5 Bealtaine 2022 i gCás T-808/21, Aziz v SEGS

(Cás C-317/22 P)

(2023/C 45/05)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Ahmad Aziz (ionadaí: L. Cuschieri, avukat)

Páirtí eile sna himeachtaí: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Le hordú an 19 Nollaig 2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) don achomharc toisc é a bheith do-ghlactha go follasach i bpáirt agus a bheith gan bhunús go follasach i bpáirt agus d’ordaigh an Chúirt do Ahmad Aziz a chostais féin a íoc.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/4


Achomharc arna thabhairt an 2 Meitheamh 2022 ag Ahmad Aziz i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a fógraíodh an 31 Bealtaine 2022 i gCás T-128/22, Aziz v MECS

(Cás C-357/22 P)

(2023/C 45/06)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Ahmad Aziz (ionadaí: L. Cuschieri, avukat)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Le hordú an 19 Nollaig 2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) don achomharc toisc é a bheith do-ghlactha go follasach i bpáirt agus a bheith gan bhunús go follasach i bpáirt agus d’ordaigh an Chúirt do Ahmad Aziz a chostais féin a íoc.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/4


Achomharc arna thabhairt an 22 Meitheamh 2022 ag Group Nivelles i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 27 Aibreán 2022 i gCás T-327/20, Group Nivelles v EUIPO

(Cás C-419/22 P)

(2023/C 45/07)

Teanga an cháis: an Ollainis

Páirtithe

Achomharcóir: Group Nivelles NV (ionadaí: J.A.M. Jonkhout, Advocaat)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Easy Sanitary Solutions BV

Le hordú an 16 Nollaig 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do Group Nivelles NV a chostais féin a íoc.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/4


Achomharc arna thabhairt an 18 Lúnasa 2022 ag Compass Tex Ltd i gcoinne an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta (an Deichiú Dlísheomra) an 28 Meitheamh 2022 i gCás T-704/21, Compass Tex Ltd v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

(Cás C-550/22 P)

(2023/C 45/08)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Compass Tex Ltd (ionadaí: M. Gail, Rechtsanwalt)

Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Le hordú an 7 Nollaig 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/5


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte d’appello di Lecce (an Iodáil) a taisceadh an 12 Deireadh Fómhair 2022 — Imeachtaí coiriúla in aghaidh PY

(Cás C-636/22)

(2023/C 45/09)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte d’appello di Lecce

Imeachtaí coiriúla in aghaidh:

PY

Na ceisteanna a tharchuirtear

a)

An gcuirtear cosc le hAirteagal 5(3) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mBarántas Gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir Ballstáit (1), arna léiriú i bhfianaise Airteagal 1(3) den Chinneadh Réime sin agus Airteagal 7 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), ar reachtaíocht, amhail reachtaíocht na hIodáile, – i gcomhthéacs nós imeachta an Bharántais Gabhála Eorpaigh chun gníomhartha pionóis a fhorghníomhú – go iomlán agus go huathoibríoch ar na húdaráis bhreithiúnacha fhorghníomhaitheacha diúltú do náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht nó ina gcónaí ina chríoch a thabhairt suas, beag beann ar a naisc leis an gcríoch sin?

b)

I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist cad iad na critéir agus na toimhdí a mheastar a bheith suntasach go leor chun ceangal a chur ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach tabhairt suas a dhiúltú?


(1)  IO 2002 L 190, lch. 1.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/5


Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) an 18 Deireadh Fómhair 2022 — P. Mali Kerékpárgyártó és Forgalmazó Kft. v Nemzeti Adó— és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-653/22)

(2023/C 45/10)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Fővárosi Törvényszék

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: J. P. Mali Kerékpárgyártó és Forgalmazó Kft.

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1) (“an Cód Custaim”) a léiriú sa chaoi go bhfuil Airteagal 84(8) den az uniós vámjog végrehajtásáról szóló 2017. évi CLII. törvény (Dlí CLII de 2017, maidir le cur i bhfeidhm dlí custaim an Aontais; “an Dlí custaim”) ar comhréir leis an gceanglas comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 42(1) de, nach gceadaítear leis, i gcás na fíneála riaracháin custam nach mór a fhorchur mar gheall ar easnamh custam a tharla mar thoradh ar chion maidir le cruinneas na faisnéise sa dearbhú custam, do na húdaráis custaim measúnú a dhéanamh ar imthosca uile an cháis ná ar iompar an oibreora a thaisc an dearbhú custam, ach lena n-ordaítear, mar riail shainordaitheach, go ngearrfar fíneáil riaracháin custam atá comhionann le 50 % den easnamh custam a tharla, gan beann ar thromchúis an chiona a rinneadh agus ar an scrúdú agus measúnú ar an dliteanas ar féidir a chur i leith an oibreora sin?


(1)  IO 2013 L 269, lch. 1.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/6


Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Koblenz (an Ghearmáin) a taisceadh an 27 Deireadh Fómhair 2022 – BZ v DKV Deutsche Krankenversicherung AG

(Cás C-672/22)

(2023/C 45/11)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Koblenz

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: BZ

Cosantóir: DKV Deutsche Krankenversicherung AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear an chéad abairt d’Airteagal 15(3) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 12(5) de, a léiriú sa chaoi go bhfuil ar an rialaitheoir (sa chás seo, an t-árachóir) cóip dá shonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an rialaitheoir a thabhairt saor in aisce don ábhar sonraí (sa chás seo, an sealbhóir polasaí) den chéad uair freisin i gcás nach n-iarrann an t-ábhar sonraí an chóip sin chun na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad abairt d’aithris 63 de RGCS a shaothrú, eadhon, chun a fháil amach faoin bpróiseáil dá shonraí pearsanta agus a bheith in ann dleathacht na próiseála sin a fhíorú, ach chun cuspóir eile (sa chás seo, chun éifeachtacht méaduithe i bpréimheanna árachais sláinte phríobháidigh a fhíorú) – nach mbaineann le cosaint sonraí ach atá dlisteanach – a shaothrú, agus an sin mar atá i gcás ina n-iarrtar faisnéis atá curtha in iúl i litir don árachaí cheana faoin nós imeachta chun préimheanna a mhéadú faoi Mhír 203 den Versicherungsvertragsgesetz (Gníomh maidir le conarthaí árachais, “VVG”)?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: An mbaineann na faisnéisí a leanas le sonraí pearsanta de réir bhrí Airteagal 4, pointe 1, agus na chéad abairte d’Airteagal 15(3) de RGCS:

(a)

Faisnéis a bhaineann le coigeartuithe préimheanna atá déanta ag árachóir sláinte príobháideach maidir leis an bpolasaí atá ag árachaí, go háirithe maidir le méid an choigeartaithe atá déanta agus na rátaí árachais lena mbaineann; agus

(b)

Foclaíocht na gcúiseanna leis na coigeartuithe préimheanna (Mír 203(5) de VVG).

3.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1 agus freagra dearfach, go hiomlán nó go páirteach, ar Cheist 2 freisin: An gcumhdaítear leis an gceart atá ag sealbhóir polasaí i leith árachais sláinte phríobháidigh chun cóip de na sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag an árachóir a fháil ceart chun cóip a fháil de na haguisíní leis an bpolasaí árachais a chuir an t-árachóir chuig an sealbhóir polasaí agus méadú préimhe á chur in iúl aige dó, chomh maith leis na litreacha mínithe agus leathanaigh bhreise ag gabháil leis sin, nó an é nach mbaineann sé ach le cóip de shonraí pearsanta amháin an tsealbhóra polasaí, agus gur féidir leis an árachóir a phróiseálann na sonraí a chinneadh conas a chuirfeadh sé na sonraí le chéile don sealbhóir polasaí lena mbaineann?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/7


Iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Gelderland (an Ísiltír) a taisceadh an 31 Deireadh Fómhair 2022 – Gemeente Dinkelland v Ontvanger van de Belastingdienst/Grote ondernemingen, kantoor Zwolle

(Cás C-674/22)

(2023/C 45/12)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Gelderland

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Gemeente Dinkelland

Cosantóir: Ontvanger van de Belastingdienst/Grote ondernemingen, kantoor Zwolle

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear an prionsabal dlí nach mór ús mainneachtana a íoc toisc go bhfuil ceart ann go ndéanfar cánacha arna dtobhach de shárú ar dhlí an Aontais a aisíoc a léiriú sa chaoi, i gcás ina ndeonaítear aisíocaíocht de cháin láimhdeachais don duine inchánach, nach mór ús mainneachtana a íoc dó chomh maith sna cásanna seo:

a.

Is toradh ar earráidí riaracháin de pháirt an duine inchánach, mar a luadh san ordú seo, an aisíocaíocht, nach bhfuil an cigire cánach freagrach astu in aon chor;

b.

Is toradh ar ríomh nua den scála leithroinnte chun cáin láimhdeachais a asbhaint ó na costais ginearálta an aisíocaíocht, de réir na n-imthosca dá dtagraítear san ordú seo?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: Cathain a bhíonn tús leis an gceart sna cásanna sin go ndéanfar ús mainneachtana a íoc?


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/7


Iarratas ar réamhrialú ón Nejvyšším správním soudem (Poblacht na Seice) a taisceadh an 2 Samhain 2022 – B2 Energy s.r.o. v. Odvolací finanční ředitelství

(Cás C-676/22)

(2023/C 45/13)

Teanga an cháis: An tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: B2 Energy s.r.o.

Cosantóir: Odvolací finanční ředitelství

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfidh Airteagal 138(1) de Threoir 2006/112/CE (1) ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, a léirmhíniú i gcomhréir leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 9 Nollaig 2021 i gCás C-154/20, Kemwater ProChemie, EU:C:2021:989, ionas nach mór éileamh ar dhíolúine ó cháin bhreisluacha (CBL) ar sholáthar earraí do Bhallstát eile de chuid an Aontais a dhiúltú, gan gá go ndéanfaidh na húdaráis chánach a chruthú go raibh baint ag soláthraí na n-earraí le calaois CBL, más rud é gur mhainnigh an soláthraí soláthar earraí d’fhaighteoir ar leith a shonraítear sna doiciméid chánach a chruthú agus go bhfuil stádas duine inchánach aige sa Bhallstát eile, cé go bhfuil sonraí ar fáil chun a fhíorú, i bhfianaise fhíorais an cháis agus na faisnéise a chuir an duine inchánach ar fáil, go raibh an stádas sin ag an bhfaighteoir iarbhír sa Bhallstát eile de chuid an Aontais Eorpaigh?


(1)  IO 2006, L 347, lch. 1.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/8


Caingean arna tabhairt an 4 Samhain 2022 – An Coimisiún Eorpach v Éire

(Cás C-679/22)

(2023/C 45/14)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: U. Małecka, L. Malferrari, E. Manhaeve, L. Armati, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Éire

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

a dhearbhú, trí mhainneachtain na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin (go léir) is gá a ghlacadh chun an Treoir (AE) 2018/1808 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE (2) maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) a chomhlíonadh i bhfianaise athruithe ar an margadh; nó, in aon chás, trí mhainneachtain iad a chur in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh Éire a hoibleagáidí faoi Airteagal 2 den Treoir a chomhlíonadh;

a ordú d’Éirinn cnapshuim a íoc leis an gCoimisiún bunaithe ar mhéid laethúil EUR 5 544,9 in aghaidh an lae le cnapshuim íosta EUR 1 376 000.

más rud é go leanann an mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1 go dtí dáta seachadta an bhreithiúnais sna himeachtaí seo, a ordú d’Éirinn íocaíocht phionósach EUR 33 257,2 in aghaidh an lae a íoc leis an gCoimisiún ó dháta an bhreithiúnais sna himeachtaí seo go dtí an dáta a gcomhlíontar a hoibleagáidí faoin Treoir; agus

a ordú d’Éirinn na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Le Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018, leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh. Le Treoracha 2010 agus 2018, comhchuibhítear an reachtaíocht náisiúnta maidir leis na meáin chlosamhairc craoltaí traidisiúnta teilifíse agus seirbhísí ar éileamh. Foráiltear le Treoir 2018 rialacha chun forbairtí teicneolaíochta a mhúnlú agus cruthaítear cothrom na féinne do na meáin chlosamhairc atá ag teacht chun cinn.

Le litir an 20 Samhain 2020, dhírigh an Coimisiún ar litir fógra foirmiúil in imthosca nach bhfuair an Coimisiún aon fhógra ó Éirinn maidir le glacadh na bhforálacha riachtanacha chun an Treoir a chomhlíonadh. Le litir an 23 Meán Fómhair 2021, in éagmais aon fhógra eile maidir le trasuí na Treorach, chuir an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuig Éirinn. Mar sin féin, níl na bearta trasuímh glactha fós ag Éirinn agus, in aon chás, níor cuireadh in iúl don Choimisiún iad.


(1)  IO 2018 L 303, lch. 69.

(2)  Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc) (IO 2010 L 95, lch. 1).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/9


Iarratas ar réamhrialú ó Nejvyšším soudem (Poblacht na Seice) a taisceadh an 15 Samhain 2022 – RegioJet a. s., STUDENT AGENCY k.s. v. České dráhy a.s., Správa železnic, státní organizace, Česká republika, Ministerstvo dopravy

(Cás C-700/22)

(2023/C 45/15)

Teanga an cháis: An tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: RegioJet a. s., STUDENT AGENCY k.s.

Cosantóirí: České dráhy a.s., Správa železnic, státní organizace, Česká republika, Ministerstvo dopravy

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfidh an abairt dheireanach d’Airteagal 108(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú sa chaoi nach mór do chúirt náisiúnta, in imeachtaí arna dtionscnamh ar iarratas ó thríú páirtí (iomaitheoir), ordú a thabhairt don fhaighteoir an chabhair a cuireadh ar fáil dóibh de shárú ar an bhforáil sin a chur ar ais cé (ar dháta chinneadh na cúirte náisiúnta) go mbeidh an tréimhse teorann do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) 2015/1589 (1) ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh imithe in éag, ar dá bharr a mheastar, de bhun Airteagal 1(b)(iv) agus Airteagal 17(3) den Rialachán, gurb ionann an chabhair a cuireadh ar fáil dá bharr, agus cabhair atá ann cheana?


(1)  IO 2015 L 248, lch. 9.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/9


Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Najwyższy (an Pholainn) a taisceadh an 18 Samhain 2022 – Advance Pharma sp. z o.o. v Skarb Państwa – Główny Inspektor Farmaceutyczny

(Cás C-711/22)

(2023/C 45/16)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Advance Pharma sp. z o.o.

Cosantóir: Skarb Państwa – Główny Inspektor Farmaceutyczny

An cheist a tharchuirtear

I bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(1) agus (2) CAE, an ionann leigheas dlí dá bhforáiltear i ndlíchórais áirithe de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i bhfoirm na féidearthachta athbhreithniú ar imeachtaí inar tugadh breithiúnas críochnaitheach a fháil, tar éis breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine inar rialaíodh go ndearnadh sárú ar fhorálacha an Choinbhinsiúin, agus gné bhunriachtanach den cheart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí in ábhair shibhialta i gcás ina bhforáiltear do leigheas dlí eile i ndlíchóras Ballstáit ar mhaithe le cosaint bhreithiúnach do chearta páirtí in imeachtaí inar tugadh breithiúnas críochnaitheach?


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/10


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) arna taisceadh an 21 Samhain 2022 — LivaNova plc v Ministero dell’Economia e delle Finanze agus páirtithe eile

(Cás C-713/22)

(2023/C 45/17)

Teanga an chais: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LivaNova plc

Cosantóirí: Ministero dell’Economia e delle Finanze, Ministero dell’Ambiente e della Tutela del Territorio e del Mare, Presidenza del Consiglio dei ministri

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 3 den Séú Treoir [82/891/CEE], (1) a bhfuil feidhm aige freisin (faoi Airteagal 22 de) maidir le deighilt trí chuideachtaí nua a fhoirmiú, a mhéid a fhoráiltear leis seo (a) “[i] gcás nach gcionroinntear dliteanas faoi na dréacht-téarmaí deighilte agus i gcás nach bhféadfar cinneadh a dhéanamh maidir lena cionroinnt le léiriú ar na téarmaí sin, beidh gach ceann de na cuideachtaí is faighteoir faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach”, agus (b) “[f]éadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh an dliteanas i gcomhpháirt agus leithleach sin teoranta do na sócmhainní arna gcionroinnt ar gach cuideachta”, léiriú ar fhoráil an dlí náisiúnta in Airteagal 2506-bis, an tríú mír de Chód an Nós Imeachta Shibhialta an Iodáil, sa chiall go bhféadfar an tairbhí a choinneáil faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach, mar “eilimint na ndliteanas” nach bhfuil curtha síos ag an tionscadal, de bhreis ar dhliteanais de chineál atá bunaithe cheana féin, lena n-áirítear (i) na hiarmhairtí díobhálacha is féidir a shainaithint, a thagann chun cinn tar éis na deighilte, iompair (trí ghníomh nó neamhghníomh) a tharla roimh an deighilt, nó (ii) an t-iompar ina dhiaidh sin a d’fhorbair, de chineál neamhdhleathaigh leanúnach, as a n-eascraíonn damáiste don chomhshaol, nach féidir a éifeachtaí a fhoirceannadh go hiomlán fós tráth na deighilte?


(1)  Séú Treoir 82/891/CEE ón gComhairle an 17 Nollaig 1982, arna fothú ar Airteagal 54(3)(g) den Chonradh, maidir le cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta a dheighilt (IO 1982 L 378, lch. 47).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/10


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Ravensburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Samhain 2022 – QR v Mercedes-Benz Bank AG

(Cás C-715/22)

(2023/C 45/18)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Ravensburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: QR

Cosantóir: Mercedes-Benz Bank AG

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais más rud é, de bhun an dlí náisiúnta, i gcás ina bhfuil conradh creidmheasa ceangailte le conradh díolacháin agus gur fheidhmigh an tomhaltóir go héifeachtach a cheart chun tarraingt siar de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48/CE (1),

(a)

nach mbeidh éileamh ag an tomhaltóir i gcoinne an chreidiúnaí le haghaidh thráthchodanna na hiasachta a aisíoc go dtí go dtugann an tomhaltóir ar ais, óna thaobhsa de, an ní a ceannaíodh don chreidiúnaí nó go gcuireann sé fianaise ar fáil gur sheol sé chuig an gcreidiúnaí é?

(b)

i gcomhréir leis an gcéad abairt de Mhír 358(4), arna léamh i gcomhar leis an gcéad abairt, an chéad rogha, de Mhír 357(4) den Bürgerliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta na Gearmáine, “BGB”), go gceanglaítear ar an tomhaltóir an fheithicil a thabhairt ar ais don chreidiúnaí ag ionad gnó an chreidiúnaí?

(c)

nach meastar nár ghlac an creidiúnaí leis an bhfeithicil má tá sé sásta an fheithicil a fháil trína thabhairt ar ais roimh ré ach go maíonn sé nach gcomhlíontar na coinníollacha substainteacha maidir le tarraingt siar?

(d)

go gcaithfear diúltú do chaingean an tomhaltóra maidir le haisíocaíocht na dtráthchodanna a d’íoc an tomhaltóir tar éis dó an fheithicil mhaoinithe a thabhairt ar ais mar chaingean nach bhfuil bunús léi faoi láthair murar chuir an creidiúnaí moill mhíchuí ar ghlacadh leis an ní a ceannaíodh?

2.

An leanann sé ó dhlí an Aontais, i gcás nach féidir na rialacha agus na prionsabail dlí a ndéantar cur síos orthu i gCeist 1(a) go (d) a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, nach féidir iad a chur i bhfeidhm?

3.

I gcás ina bhféadfaí a mheas go raibh sé míchuí don tomhaltóir a cheart chun tarraingt siar de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2008/48 a fheidhmiú, fiú i gcás nach raibh ceann de na sonraí éigeantacha dá bhforáiltear in Airteagal 10(2) de Threoir 2008/48/CE curtha in iúl dó sa chomhaontú creidmheasa nó ina dhiaidh sin,

an féidir an measúnú maidir le mí-úsáid ceart a bheith ann a bhunú ar na fachtóirí seo, go sonrach?

(a)

leanann an tomhaltóir den fheithicil mhaoinithe a úsáid go dtí go dtugann na cúirteanna breith ar bhailíocht na tarraingthe siar.

(b)

diúltaíonn an tomhaltóir do chúiteamh a íoc as úsáid na feithicle.

(c)

nuair a dhearbhaítear an tarraingt siar, tá deireadh tagtha leis an gcomhaontú go luath nó trí imeacht ama cheana, agus tharscaoil an banc na ráthaíochtaí.


(1)  Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/11


Iarraidh ar réamhrialú ó Rayonen sad Svilengrad (an Bhulgáir) a taisceadh an 23 Samhain 2022 – “SISTEM LUX” OOD v Teritorialna direktsia “Mitnitsa Burgas”

(Cás C-717/22)

(2023/C 45/19)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Rayonen sad Svilengrad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“SISTEM LUX” OOD

Údarás Riaracháin Coiriúil: Teritorialna direktsia “Mitnitsa Burgas”

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, lena sainítear go críochnaitheach na cineálacha pionós riaracháin a d’fhéadfaí a fhorchur i leith sáruithe ar na forálacha custaim, arna léamh i gcomhar le Airteagal 17(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi nach gceadaítear foráil náisiúnta amhail Airteagal 233(6) den Zakon za mitnizite (Cód Custaim), lena bhforáiltear do choigistiú ábhar an tsáraithe (urghabháil na réadmhaoine i bhfábhar an Stáit) mar phionóis riaracháin bhreise? An gceadaítear urghabháil ábhar an tsáraithe i gcásanna inar le duine eile nach an ciontóir é an mhaoin a gabhadh?

2.

An gcaithfear Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49(3) den Chairt, a léiriú sa chaoi nach gceadaítear foráil náisiúnta amhail Airteagal 233(6) den Zakon za mitnitsite, lena bhforáiltear do choigistiú ábhar an tsáraithe (urghabháil na réadmhaoine i bhfábhar an Stáit) mar phionós breise in éineacht leis an bpionós “fíneáil” mar shárú neamhréireach ó thaobh pionós de ar dhlí na réadmhaoine nach bhfuil ag teacht leis na cuspóirí dlisteanacha arna saothrú sna cásanna seo a leanas: mar riail ghinearálta, sna cásanna inar leis an gciontóir an mhaoin a gabhadh, arb ábhar an tsáraithe í; sna cásanna inar le triú páirtí, nach é an ciontóir, í; agus, go háirithe, sna cásanna nach ndearna an ciontóir an sárú d’aon ghnó ach le faillí?

3.

An gcaithfear a fortiori na forálacha in Airteagal 2(1) de Chinneadh Réime 2005/[212] (2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17(1) den Chairt agus ag féachaint do bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 14 [Eanáir] 2021 i gCás C-393/19 (3) mar argóint, a léiriú sa chaoi go mbaineann siad freisin le gach cás nach coir coiriúil an beart ach sárú ar an dlí riaracháin, i gcás ina bhfuil an difríocht idir an dá cheann acu bunaithe ar an gcritear “ar mhórscála” amháin, i gcomhréir le luach barúlach ábhar an chontrabhanna de réir cásdlí[?] Sa chás sin, an gcaithfear an ceathrú fleasc d’Airteagal 1 de Chinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú agus Airteagal 2(4) de Threoir 2014/42/AE (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ó choireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach a léiriú sa chaoi go dtagraítear go háirithe, leis an téarma “coigistiú”, do phionóis nó beart a fhorordaíonn cúirt agus nach bhféadfadh údarás riaracháin a ordú agus, sa chaoi sin, an é nach gceadaítear foráil náisiúnta amhail Airteagal 233(6) i gcomhréir le hAirteagal 231 de Zakon za mitnitsite[?]


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO 2013 L 269, lch. 1).

(2)  Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú (IO 2005 L 68, lch. 49).

(3)  ECLI:EU:C:2021:8.

(4)  Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí agus fáltais ó choireacht a chalcadh agus a choigistiú san Aontas Eorpach (IO 2014 L 127, lch. 39).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/12


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Erfurt (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Samhain 2022 – HK v Debeka Lebensversicherungsverein a. G.

(Cás C-718/22)

(2023/C 45/20)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Erfurt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HK

Cosantóir: Debeka Lebensversicherungsverein a. G.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 31 den Tríú Treoir maidir le hÁrachas Saoil (1) agus Airteagal 15(1) den Dara Treoir maidir le hÁrachas Saoil (2), arna léamh, más iomchuí, i gcomhar le hAirteagal 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar fhoráil náisiúnta ar dá réir nach ndéantar faisnéis tomhaltóra iomlán a chur in iúl ach i ndiaidh don tomhaltóir iarratas a dhéanamh, is é sin le rá, ach amháin leis an bpolasaí árachais (“an múnla polasaí”)? Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin: An bhfuil ceart chun agóid a dhéanamh ag an tomhaltóir mar gheall air sin amháin, eadhon, ceart chun an conradh árachais a chealú? An bhféadfaí cur i gcoinne ceart den sórt sin le pléadáil dlí maidir le forghéilleadh nó mí-úsáid ceart?

2.

Maidir le hárachóir nár thug aon fhaisnéis nó nár thug ach faisnéis mhíchruinn don tomhaltóir maidir lena cheart chun agóid a dhéanamh, an bhfuil cosc air forghéilleadh nó mí-úsáid ceart a mhaíomh i gcoinne na gceart atá ag an tomhaltóir dá bharr sin, lena n-áirítear, go háirithe, an ceart chun agóid a dhéanamh?

3.

Maidir le hárachóir nár chuir aon fhaisnéis tomhaltóra ar fáil don tomhaltóir nó nár chuir ach faisnéis tomhaltóra neamhiomlán nó mhíchruinn ar fáil dó, an bhfuil cosc air forghéilleadh nó mí-úsáid ceart a mhaíomh i gcoinne na gceart atá ag an tomhaltóir dá bharr sin, lena n-áirítear, go háirithe, an ceart chun agóid a dhéanamh?

4.

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 15(1) den Dara Treoir maidir le hÁrachas Saoil, Airteagal 31 den Triú Treoir maidir le hÁrachas Saoil agus Airteagal 35(1) de Threoir 2002/83 (3), arna léamh, más iomchuí, i gcomhar le hAirteagal 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar fhoráil náisiúnta nó cásdlí ar dá réir atá an dualgas cruthúnais agus fianaise ar an árachaí – tar éis dó a cheart chun agóid a dhéanamh a fheidhmiú go dlisteanach – maidir leis na buntáistí a bhí ann don árachóir a ríomh? An gceanglaítear faoi dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na héifeachtachta, má cheadaítear go bhforchuirfí an dualgas cruthúnais agus fianaise ar an gcaoi sin, go mbeadh ceart chun faisnéise nó leasanna eile dá bharr ag an árachaí i leith an árachóra chun ligean dó a chearta a fheidhmiú?


(1)  Treoir 92/96/CEE ón gComhairle an 10 Samhain 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach (árachas saoil) agus lena leasaítear Treoracha 79/267/CEE agus 90/619/CEE (Tríú Treoir maidir le hÁrachas Saoil) (IO 1992 L 360, lch. 1).

(2)  Dara Treoir 90/619/CEE ón gComhairle an 8 Samhain 1990 maidir le comhordú dlíthe rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach (árachas saoil) agus lena leagtar síos forálacha chun feidhmiú éifeachtúil saoirse chun seirbhísí a sholáthar a éascú agus lena leasaítear Treoir 79/267/CEE (IO 1990 L 330, lch. 50).

(3)  Treoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil (IO 2002 L 345, lch. 1).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/13


Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 24 Samhain 2022 – imeachtaí coiriúla

(Cás C-722/22)

(2023/C 45/21)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagal 2 de Chinneadh Réime 2005/212, (1) arna léamh i gcomhar leis an tríú fleasc d’Airteagal 1 de, dlí náisiúnta a léiriú sa chaoi nár chóir feithicil earraí troma (aonad tarracóra agus leantóra) ar úsáid baill de ghrúpa coireachta eagraithe chun mórmhéideanna earraí máil (toitíní) a choimeád agus a iompar gan marcáil chánach a choigistiú mar ionstraimeacht?


(1)  Cinneadh Réime 2005/212/CGB ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le Fáltais, Ionstraimeachtaí agus Maoin a bhaineann le Coireacht a Choigistiú (IO 2005 L 68, lch. 49).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/14


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 7 Nollaig 2022 – I GmbH v J R

(Cás C-749/22)

(2023/C 45/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesarbeitsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: I GmbH

Freagróir: J R

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE (1) agus Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta ar dá réir nach gá saoire bhliantúil íoctha, a chuir an fostaí isteach uirthi agus a cheadaigh an fostóir agus a fhorluíonn, ó thaobh ama de, le coraintín baile arna ordú, tar éis na saoire sin a bheith ceadaithe, ag na húdaráis inniúla mar gheall ar amhras maidir le hionfhabhtú, a dheonú go cúlghabhálach, cé nach bhfuil sé dodhéanta don fhostaí obair le linn an choraintín mar gheall ar bhreoiteacht?


(1)  Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 i dtaobh gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO 2003 L 299, lch. 9).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/14


Achomharc arna thabhairt an 15 Nollaig 2022 ag Airoldi Metalli SpA i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a fógraíodh an 5 Deireadh Fómhair 2022 i gCás T-1/22, Airoldi Metalli SpA v an Coimisiún

(Cás C-764/22 P)

(2023/C 45/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Airoldi Metalli SpA (ionadaithe: M. Campa, avvocato, D. Rovetta, avocat, P. Gjørtler, advokat, V. Villante, avvocato)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú go bhfuil an t-achomharc seo inghlactha;

Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Deireadh Fómhair 2022, i gCás T-1/22, Airoldi Metalli Spa vs. an Coimisiún Eorpach a chur ar ceal agus a dhearbhú go bhfuil an chaingean arna tabhairt ag Airoldi Metalli Spa inghlactha;

an cás a chur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar shubstaint chaingean Airoldi Metalli Spa;

a ordú don Choimisiún Eorpach costas dlíthiúil an achomhairc reatha agus an nós imeachta ag an gcéad chéim a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

San achomharc seo, maíonn an t-achomharcóir dhá fhoras achomhairc:

An chéad fhoras achomhairc: earráid dlí maidir le léiriú na habairte deireanaí d’Airteagal 263(4) CFAE agus cheanglas agus choincheap an ghnímh rialúcháin nach bhfuil bearta cur chun feidhme i gceist leis. — Cáiliú mícheart ar na fíorais agus saobhadh fianaise.

An dara foras achomhairc: Earráid dlí in Airteagal 263(4) CFAE a léiriú, agus go háirithe an ceanglas maidir le “cúram díreach agus leithleach”. — Cáiliú mícheart ar na fíorais.


Chúirt Ghinearálta

6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/16


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – ADS L. Kowalik, B. Włodarczyk v EUIPO – ESSAtech (Gabhálas le haghaidh cianrialtán gan sreang)

(Cás T-611/21) (1)

(Dearadh Comhphobail - Imeachtaí neamhbhailíochta - Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear gabhálas le haghaidh cianrialtán gan sreang - Foras neamhbhailíochta - Gnéithe den chuma atá ar tháirge de réir a fheidhm theicniúil amháin - Airteagal 8(1) agus Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 - Fíricí nó fianaise a cuireadh isteach den chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc - Airteagal 63(2) de Rialachán Uimh. 6/2002 - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha)

(2023/C 45/24)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: ADS L. Kowalik, B. Włodarczyk s.c. (Sosnowiec, an Pholainn) (ionadaí: M. Oleksyn, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Chylińska and J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: ESSAtech (Přistoupim, Poblacht na Seice)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfar an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 5 Iúil 2021 (Cás R 1070/2020-3), a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 5 Iúil 2021 (Cás R 1070/2020-3), a chur ar neamhní;

2.

Ordaítear do EUIPO na costais arna dtabhú sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO agus os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.


(1)  IO C 502, 13.12.2021.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/16


Caingean arna tabhairt an 17 Meán Fómhair 2022 – ClientEarth v an Coimisiún

(Cás T-579/22)

(2023/C 45/25)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: ClientEarth AISBL (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: T. Johnston, Barrister)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh ón gCoimisiún a leagtar amach i litir an 6 Iúil 2022 (“an Cinneadh atá faoi chonspóid”) trínar dhiúltaigh an Coimisiún don iarratas dar dáta an 3 Feabhra 2022 arna thabhairt ag an iarratasóir de bhun Airteagal 10 de Rialachán Aarhus (1) ar athbhreithniú inmheánach ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2021 (2) arna ghlacadh ar bhonn Rialachán (AE) 2020/852 (3) (“an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht”), a chur ar neamhní; agus,

a ordú don chosantóir costais an iarratasóra sna himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear roinnt earráidí dlí sa Chinneadh atá faoi chonspóid maidir le raon feidhme inniúlacht an Choimisiúin, a mhéid a thug an Coimisiún neamhaird ar roinnt gnéithe riachtanacha den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus an Rialachán Tarmligthe á ghlacadh.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear dhá earráid fhollasacha measúnaithe sa Chinneadh atá faoi chonspóid maidir leis an bhfianaise eolaíoch a bhaineann le dóchán bithmhaise foraoise le haghaidh táirgeadh fuinnimh.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear roinnt earráidí dlí sa Chinneadh atá faoi chonspóid maidir le ceimiceáin orgánacha i mbulc a tháirgeadh.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear roinnt earráidí dlí sa Chinneadh atá faoi chonspóid maidir le bithphlaisteach a mhonarú.


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO L 264, lch. 13) (“Rialachán Aarhus”).

(2)  Rialachán Tarmligthe an 4 Meitheamh 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile (IO 2021 L 442, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO 2020 L 198, lch. 13).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/17


Caingean arna tabhairt an 31 Deireadh Fómhair 2022 – SBM Développement v an Coimisiún

(Cás T-667/22)

(2023/C 45/26)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: SBM Développement SAS (Ecully, an Fhrainc) (ionadaithe: B. Arash agus H. Lindström, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an t-iarratas inghlactha agus dea-bhunaithe;

Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiúin (AE) 2022/1388 an 23 Meitheamh 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe a mhéid a bhaineann leis na téarmaí agus coinníollacha i ndáil le húdarú an táirge bhithicídigh Pat’Appât Souricide Canadien Foudroyant arna dtarchur ag an Fhrainc agus ag an tSualainn i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2022, L 208, lch. 7) a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar riail dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagal 48 agus sárú ar Airteagail 1(1) agus 32 de Rialachán (AE) 528/2012, (“BPR”). (1)

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 33, 35 agus 36 de BPR.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar riail dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm na gConarthaí – prionsabail na cinnteachta dlíthiúla agus na n-ionchas dlisteanach.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 19 de BPR agus earráid fhollasach i measúnú.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú cumhachta agus sárú ar riail dlí a bhaineann le cur i bhfeidhm na gConarthaí – prionsabail na cinnteachta dlíthiúla, cosaint na n-ionchas dlisteanach, comhréireacht agus Airteagal 16 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


(1)  Rialachán (AE) Uimh 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithcidal a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid IO 2012, L 167, lch. 1.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/18


Caingean arna tabhairt an 28 Samhain 2022 — UniSystems Luxembourg agus Unisystems systimata pliroforikis v ESMA

(Cás T-750/22)

(2023/C 45/27)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: UniSystems Luxembourg Sàrl (Bertrange, Lucsamburg), Unisystems systimata pliroforikis Monoprosopi anonymi Emporiki Etairia (Kallithea, an Ghréig) (ionadaí: N. Korogiannakis, Dlíodóir)

Cosantóir: An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an ESMA chun tairiscint na n-iarratasóirí a roghnú sa dara háit sa chás san iarratas oscailte ar thairiscintí le haghaidh Comhairliúcháin TFC – PROC/2021/12 “Soláthar Seachtrach Seirbhísí TF”, agus an chéad chonradh cascáide a dhámhachtain ag an iarratas céanna ar thairiscintí ar an gcéad chuibhreannas cascáide, arna chur in iúl do na hiarratasóirí le litir ón ESMA dar dáta an 17 Meán Fómhair 2022 a chur ar neamhní;

ina theannta sin, a ordú don ESMA na damáistí a bhain don iarratasóir as an gcaillteanas conartha de mhéid EUR 3 500 000 a íoc don chéad dá bhliain tar éis an conradh a chur i gcrích. Má dhéantar an conradh a fhadú tuilleadh, dá bhforáiltear go sonrach, iarrann na hiarratasóirí an méid breise a chomhfhreagraíonn d’fhad iomlán an chonartha, bunaithe ar mhéid bliantúil de EUR 1 750 000, asbhaint a dhéanfar ar aon mhéid a chomhfhreagraíonn sa deireadh d’ollchorrlach conarthaí sonracha a dhéanfadh na hiarratasóirí a fhorghníomhú ina gcáilíocht mar dhara conraitheoir cascáide, na suimeanna thuasluaite go léir a bhfuil ús ag baint leo;

mar mhalairt air sin, má chinneann an Chúirt Ghinearálta nach bhfuil na hiarratasóirí i dteideal cúiteamh a fháil ar mhéid iomlán na ndamáistí arna dtabhú mar gheall ar chinntí ionsaithe mídhleathacha an ESMA, iarrann na hiarratasóirí damáistí de bharr an chaillteanais de EUR 400 000, móide ús;

a ordú don ESMA táillí dlí na n-iarratasóirí agus costais agus speansais eile a thabhaítear i ndáil leis an iarratas seo a íoc, fiú má dhiúltaítear don iarratas reatha.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an Rialachán Airgeadais (1) agus na sonraíochtaí tairisceana: Tá an praghas a thairgeann an chéad chonraitheoir cascáide thar a bheith íseal/sonrach ós rud é go bhfuil próifílí praghsanna níos ísle ná an t-íostuarastal dlíthiúil sa Ghearmáin agus sa Ghréig. Ar na cúiseanna céanna, áitíonn na hiarratasóirí go ndearnadh sárú ar shonraíochtaí na tairisceana, agus ar phrionsabail na trédhearcachta agus an dea-riaracháin.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú, ar an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil agus ar cheanglas nós imeachta riachtanach.

An chéad chuid den dara saincheist ar neamhniú: Sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú, spreagadh neamhleor;

An dara cuid den dara saincheist ar neamhniú: Sárú ar phrionsabal an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil agus sárú ar cheanglas riachtanach nós imeachta.


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/19


Caingean arna tabhairt an 7 Nollaig 2022 — Sboarina v an Pharlaimint

(Cás T-761/22)

(2023/C 45/28)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Gabriele Sboarina (Verona, an Iodáil) (ionadaí: M. Paniz, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh “Modhnú ar chearta pinsin scoir iar-Fheisire Iodálach de Pharlaimint na hEorpa” a neamhniú a cuireadh in iúl le litir dar dáta an 21 Meán Fómhair 2022, a fuarthas an 28 Deireadh Fómhair 2022, ag Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais Pharlaimint na hEorpa, maidir le “Athráiteas ar chearta pinsin chun deireadh a chur le gníomhaíocht i ndiaidh Chinneadh Uimh. 150 an 3 Márta 2022 ó Ufficio di Presidenza della Camera dei deputati” (Biúró Theach Teachtaí na hIodáile), ar tugadh fógra don iarratasóir ina leith, agus, in aon chás, an t-athshainiú agus an t-athríomh ar an liúntas pinsin a d’íoc Parlaimint na hEorpa leis an iarratasóir a neamhniú, chomh maith le haon ghníomh eile roimhe sin agus/nó ina dhiaidh sin;

a dhearbhú agus a aithint go bhfuil ceart ag an iarratasóir an pinsean a d’íoc Parlaimint na hEorpa a chothabháil, a mhéid a bheidh fabhraithe agus a d’fhabhraigh tráth na chéad íocaíochta,

a ordú do Pharlaimint na hEorpa féin na suimeanna go léir a coinníodh siar go míchuí a íoc léi trí athluacháil airgeadaíochta agus ús reachtúil ón dáta a coinníodh siar an t-iarmhéid;

agus a ordú do Pharlaimint na hEorpa ionradhagus athshlánú iomlán láithreach mhéid bunaidh na blianachta saoil a chur chun feidhme.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar fhorchoimeád inniúlachta atá ag Biúró Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 25 Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa).

Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an beart a chonspóidtear neamhdhleathach a mhéid a ghlac Ceann Aonaid um Thuarastal agus Theidil Shóisialta na bhFeisirí é in éagmais na rannpháirtíochta is gá ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa, arb é sealbhóir iarbhír na gcinntí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin a bhaineann le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa de réir bhrí Airteagal 25 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 296(2) CFAE agus ar Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt); (1) nár leor an ráiteas ar chúiseanna na mbeart a chonspóidtear.

Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an beart a chonspóidtear neamhdhleathach toisc nach bhfuil sé réasúnaithe go leor, de shárú ar Airteagal 296(2) CFAE agus Airteagal 41 CFAE.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur glacadh an beart a chonspóidtear in éagmais bunús dlí bailí; cur i bhfeidhm mícheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialacha PEAM (2) agus Airteagail 74-75 MAS. (3)

Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an beart a chonspóidtear neamhdhleathach sa mhéid is gur glacadh é in éagmais bunús dlí bailí, ós rud é gur aisghaireadh Airteagal 2(1) d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann le PEAM tar éis theacht i bhfeidhm Reacht na bhFeisirí (Airteagail 74-75 MAS).

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear míthuiscint ar Airteagal 75 de na Bearta Cur Chun Feidhme agus Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialacha PEAM. Sárú ar Airteagal 28 de Reacht na bhFeisirí agus ar cheart an iarratasóra chun pinsin a fháil.

Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil an beart a chonspóidtear neamhdhleathach a mhéid is go ndearna Parlaimint na hEorpa míthuiscint agus gur chuir sí Airteagal 75 MAS agus Airteagal 2(1) d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann le PEAM i bhfeidhm. Measann an t-iarratasóir nach mór na forálacha sin a léiriú sa chiall nach mór an tagairt d’Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann le Rialachán PEAM in Airteagal 75 MAS, agus go háirithe Airteagal 2(1) d’Iarscríbhinn III, a thuiscint mar thagairt don láimhseáil is infheidhme fad a bhí Iarscríbhinn III i bhfeidhm. Os a choinne sin, ceadaítear le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm na rialacha sin ag an bParlaimint pinsean an iarratasóra a athrú i líon na gcásanna, i sárú oscailte ar Airteagal 28 de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus ar phrionsabail an ionchais dhlisteanaigh agus na deimhneachta dlíthiúla.

Ar deireadh, fiú dá mbeadh léirmhíniú Pharlaimint na hEorpa le roinnt, tá Airteagal 2 d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann le PEAM teoranta ag dlí an Aontais agus, ar aon chuma, ní bhaineann sé ach le méid agus modh íocaíochta an phinsin, ach ní féidir leis difear a dhéanamh don cheart chun an phinsin féin. Sa chás seo, ní hamháin gur athraigh an beart a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an iarratasóir mar thoradh ar thrasuí uathoibríoch Chinneadh 150/2022 ceart an iarratasóra ar phinsean, a raibh tionchar aige ar a choinníollacha a chomhdhéanann é, ach is léir go bhfuil sé ar neamhréir le dlí an Aontais.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabail na n-ionchas dlisteanach, an deimhneacht dhlíthiúil, cosaint na gceart faighte agus prionsabal an chomhionannais.

Cuireann an t-iarratasóir in iúl go bhfuil an beart a chonspóidtear neamhdhleathach a mhéid a sháraigh Parlaimint na hEorpa prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, lena gcuirtear cosc ar shárú na gceart faighte, i gcomhréir, ina theannta sin, le meon agus cuspóir Airteagal 28 de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 75 de na bearta cur chun feidhme, agus prionsabal na cosanta maidir le hionchais dhlisteanacha, rud a fhágann nach féidir cóir pinsin a chosc agus/nó cóireáil pinsin a athrú. Thairis sin, trí difear a dhéanamh d’iar-Fheisirí de chuid na hIodáile amháin, arb iad na faighteoirí amháin iad de bheart a athríomhann go haisghníomhach é trí bhíthin íocaíochtaí pinsin ranníocacha a fuarthas nuair nach raibh an modh ranníocaíochta tugtha isteach san Iodáil fós, is léir go bhfuil an t-athríomh sin ag teacht salach ar phrionsabal an chomhionannais, rud a chruthaíonn idirdhealú neamhdhleathach i gcomparáid le hiar-FPEanna ó Bhallstáit eile, chomh maith le Feisirí a toghadh tar éis 2009 agus gach saoránach eile i gcoitinne, nach bhfulaingíonn aon chóir shimplíoch den sórt sin.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 17 den Chairt. Sárú ar Airteagal 1 de Phrótacal 1 de ECHR. Neamh-chomhréireacht an íobairt a fhorchuirtear.

Tá an t-iarratasóir den tuairim go bhfuil tionchar díreach ag an gcinneadh a chonspóidtear, trí mhéid a phinsin do phost Feisire de Pharlaimint na hEorpa a raibh teideal aige chuige i dtosach, a athríomh ar a cheart chun maoine. Measann sé freisin gur forchuireadh an cur isteach sin in éagmais ráiteas ar na cúiseanna iarbhír agus go raibh íobairt dhíréireach agus mhíréasúnta ina dhíobháil mar thoradh air.

7.

An seachtú saincheist dlí, lena líomhnaítear gur sáraíodh Airteagail 21 agus Airteagal 25 den Chairt, Airteagal 10 CFAE agus Airteagal 15 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Tá an t-iarratasóir den tuairim, trí bhíthin an bhirt a chonspóidtear, gur sáraigh Parlaimint na hEorpa Airteagail 21 agus 25 den Chairt, Airteagal 10 CFAE agus Airteagal 15 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Treoir 2000/78/CE (4) tar éis di beart maidir le pinsin a athríomh a bhfuil tionchar níos mó aige ar dhaoine scothaosta mar gheall ar na modhanna inar cruthaíodh é.


(1)  IO 2016 C 202, lch. 389.

(2)  Cinneadh arna leathnú ón mBiúró an 4 Samhain 1981; Cinneadh ón mBiúró an 24 agus an 25 Bealtaine 1982, arna leasú an 13 Meán Fómhair 1995 agus an 6 Meitheamh 2005.

(3)  Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO 2009 C 159, lch. 1).

(4)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000, L 303, lch. 16).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/21


Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2022 – Azalee Cosmetics v EUIPO – L’Oréal (UK) (LA CRÈME LIBRE)

(Cás T-765/22)

(2023/C 45/29)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Azalee Cosmetics (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: I. Tribouillet, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: L’Oréal (UK) Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh LA CREME LIBRE – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 252 904

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 7 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 229/2022-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc na costais a íoc agus na costais uile arna dtabhú ag an iarratasóir chun críocha imeachtaí freasúra agus achomhairc a íoc, lena n-áirítear costais an achomhairc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/22


Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2022 – Canel Ferreiro v an Chomhairle

(Cás T-766/22)

(2023/C 45/30)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Maria Canel Ferreiro (Overijse, an Bheilg) (ionadaí: N. Maes, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an chaingean seo a cheadú;

a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

cinneadh ó Údarás Ceapacháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 25/11/2021 lena bhforchuirtear pionós araíonachta iomardaithe ar an iarratasóir a neamhniú;

cinneadh ó Údarás Ceapacháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 01/09/2022 lena ndiúltaítear Gearán an iarratasóra uimh. 2022_009 faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne a neamhniú;

an t-imscrúdú riaracháin EN-2101 agus an tuarascáil imscrúdaithe an 28 Bealtaine 2021 ó Aonad na gComhairleoirí Dlíthiúla um Riarachán na hArd-Stiúrthóireachta um Fhorbairt Eagraíochtúil agus Seirbhísí – Acmhainní Daonna Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis an iarratasóir a neamhniú;

a ordú don chosantóir na costais arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre saincheisteanna dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht an imscrúdaithe riaracháin. De réir an iarratasóra, sháraigh na himscrúdaitheoirí creat fíorasach agus ama an tsainordaithe a thug an t-údarás ceapacháin dóibh.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear neamhdhleathacht an chinnidh lena ndiúltaítear don ghearán. Áitíonn an t-iarratasóir, ina leith sin, nár urramaíodh prionsabal an dea-riaracháin, a chumhdaítear in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus nach raibh ceart ag an iarratasóir cóireáil neamhchlaonta a fháil ar a comhad.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain cearta na cosanta a urramú. Áitíonn an t-iarratasóir nach bhfuil aon díotáil nithiúil ann maidir leis an méid a ghearrtar ar an iarratasóir.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear easpa fianaise. De réir an iarratasóra, níl sáruithe ar Airteagail 12 agus 21 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh cruthaithe go dtí an caighdeán dlí is gá, agus mar thoradh air sin nach féidir iad a chur ar an iarratasóir chun bonn cirt a thabhairt leis an bpionós araíonachta iomardaithe.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/23


Caingean arna tabhairt an 10 Nollaig 2022 – Fibrecycle v EUIPO (BACK-2-NATURE)

(Cás T-772/22)

(2023/C 45/31)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Fibrecycle Pty Ltd (Helensvale, an Astráil) (ionadaí: T. Stein, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an trádmharc BACK-2-NATURE – Iarratas ar chlárú Uimh. 1 485 655

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 1699/2020-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/24


Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 — Contorno Textil v EUIPO — Harmont & Blaine (GILBERT TECKEL)

(Cás T-773/22)

(2023/C 45/32)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Contorno Textil, SL (Almedinilla, an Spáinn) (ionadaithe: E. Sugrañes Coca agus C. Sotomayor Garcia, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: HARMONT & Blaine SpA (Caivano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmharc faoi cheist: An t-iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh GILBERT TECKEL — Iarratas ar chlárú Uimh. 18 148 635

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 372/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá á chonspóid a athrú trína shonrú nach mór iarratas ar chlárú uimh.18 148 635 a dheonú i gcás na n-earraí go léir in aicme 25 mar gheall ar an easpa dóchúlachta go mbeadh mearbhall ann idir na trádmharcanna atá á gcur i gcomparáid, tar éis aird chuí a thabhairt ar na difríochtaí idir na comharthaí;

a ordú go n-íocfaidh EUIPO na costais; nó, mar mhalairt air sin,

an cinneadh atá á chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus na deimhneachta dlíthiúla.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/24


Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 — TP v an Coimisiún

(Cás T-776/22)

(2023/C 45/33)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TP (ionadaí: T. Faber, F. Bonke agus I. Sauvagnac, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh arna eisiúint ag oifigeach údarúcháin an Choimisiúin trí tharmligean, Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Athchóiriú, maidir lena eisiamh ó bheith rannpháirteach i nósanna imeachta dámhachtana arna rialú ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (1) ó bheith roghnaithe as cistí de chuid an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme agus ó bheith rannpháirteach i nósanna imeachta dámhachtana arna rialú ag Rialachán (AE) 2018/1877 (2) ón gComhairle, a glacadh an 1 Deireadh Fómhair 2022 agus arna chur in iúl don iarratasóir an 3 Deireadh Fómhair 2022 (“an Cinneadh atá faoi chonspóid”);

mar mhalairt air sin, pionós measartha airgeadais i gcomhréir le rannpháirtíocht theoranta an iarratasóra i gcur i gcrích an Tionscadail a chur in ionad an Chinnidh atá faoi chonspóid;

a ordú don Choimisiún Eorpach cúiteamh a íoc leis an iarratasóir as an gcaillteanas a fulaingíodh mar gheall ar an gCinneadh atá faoi chonspóid; agus

in aon chás, a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn an Cinneadh atá faoi chonspóid Airteagal 136(1) de Rialachán 2018/1046 trí mhainneachtain na fíorais ábhartha a bhunú is gá chun cinneadh eisiaimh a eisiúint i gcoinne an iarratasóra, go háirithe trí mhainneachtain a shuíomh go mbeadh easnaimh shuntasacha déanta ag an iarratasóir – ar bhonna aonair – maidir le comhlíonadh na bpríomhoibleagáidí i gcur chun feidhme an chonartha, conradh arna dtabhairt i gcrích idir an cuibhreannas a raibh an t-iarratasóir mar chuid de agus an Coimisiún, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 136(1) de Rialachán 2018/1046.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn an Cinneadh atá faoi chonspóid Airteagal 136(3) de Rialachán 2018/1046 agus prionsabal ginearálta na comhréireachta, sa mhéid seo a leanas:

ní bhaineann an smachtbhanna eisiaimh i gcoinne an iarratasóra amach cuspóir an Chórais Luathbhraite agus Luatheisiaimh dá bhforáiltear i Rialachán 2018/1046,

ní thugann an smachtbhanna eisiaimh i gcoinne an iarratasóra aird ar an bhfo-ról atá aige i gcur i gcrích an tionscadail chun líonraí dáileacháin séarachais agus uisce a thógáil i gcathair Famagusta (an Chipir).

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraíonn an Cinneadh atá faoi chonspóid prionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla trí sheasamh go cúlghabhálach le pionós eisiaimh faoi Rialachán 2018/1046, atá níos déine ná an pionós airgeadais a sheasfadh an t-oifigeach údarúcháin thuasluaite faoi Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (3)


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018, L 193, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO 2018 L 307, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO 2012). L 298, lch 1).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/26


Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 – Desimo v EUIPO – Red Bull (EL TORO ROJO)

(Cás T-778/22)

(2023/C 45/34)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Desimo, Lda (Liospóin, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Estima Martins, J. Mioludo agus D. Simões, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Red Bull GmbH (Fuschl am See, an Ostair)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “EL TORO ROJO” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 026 515

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 29 Meán Fómhair 2022 i gCás R 326/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú agus na himeachtaí freasúra Uimh B003089768 a dhíbhe go hiomlán;

clárú an trádmhairc atá faoi cheist a dheonú maidir leis na hearraí agus na seirbhísí go léir lena mbaineann;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/26


Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Transport Werk v EUIPO – Haus & Grund Deutschland (Haus & Grund)

(Cás T-779/22)

(2023/C 45/35)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Transport Werk GmbH (Offenbach am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: D. Donath, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Haus & Grund Deutschland Zentralverband der Deutschen Haus-, Wohnungs- und Grundeigentümer e.V. (Beirlín, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Trádmharc an Aontais Eorpaigh Haus & Grund – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 161 052

Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 84/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 161 052 “Haus & Grund” a chealú ó chlár trádmharcanna an Aontais Eorpaigh le haghaidh gach earra agus seirbhíse in Aicmí 9, 16, 35, 36, 38, 42, 45, eadhon:

Aicme 9: meáin stórála sonraí; bogearraí ríomhaire le haghaidh foirgnimh, saoráidí agus bunaíochtaí a fháil, a dhiúscairt, a riaradh, a léasú, a thógáil agus a bhainistiú;

Aicme 16: Ábhar priontáilte;

Aicme 35: Fógraíocht; bainistíocht ghnó; riarachán gnó; comhairliúchán gnó; feidhmeanna oifige; taighde a dhéanamh ar an nuacht, nuacht a bhailiú agus achoimriú córasach a dhéanamh ar an nuacht, lena n-áirítear breithiúnais agus breitheanna breithiúnacha agus aon chineál rialacháin;

Aicme 36: Cúrsaí eastáit réadaigh; tuairimí comhairleacha i réimse an árachais; cúrsaí airgeadais, cúrsaí eastáit réadaigh agus cúrsaí airgeadaíochta;

Aicme 38: Seirbhísí nuachta, lena n-áirítear breithiúnais agus breitheanna breithiúnacha agus aon chineál rialacháin;

Aicme 42: Tuairimí comhairleacha teicniúla; comhairliúchán teicniúil; bogearraí ríomhaire a chruthú le haghaidh foirgnimh, saoráidí agus bunaíochtaí a fháil, a dhiúscairt, a riaradh, a léasú, a thógáil agus a bhainistiú; bogearraí ríomhaire a chruthú chun barrfheabhsú a dhéanamh ar oibriú, ar fheidhmíocht eacnamaíoch, ar úsáid, ar mhargaíocht agus coinneáil luacha eastáit réadaigh agus bunaíochtaí.

Aicme 45: Seirbhísí dlí;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/28


Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – TUI Holding v EUIPO – inCruises International (INCRUISES)

(Cás T-780/22)

(2023/C 45/36)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: TUI Holding Spain, SLU (Palma de Mallorca, an Spáinn) (ionadaí: H. Fangmann, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: inCruises International LLC (San Juan, Puerto Rico, na Stáit Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “INCRUISES” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 034 630

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí an freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair 2022 i gCás R 1081/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 33(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/28


Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Madre Querida agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-781/22)

(2023/C 45/37)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóirí: Madre Querida, SL (Burela, an Spáinn), Hermanos Galdo, SL (Burela), Pesqueras Breogan, SL (Burela), Breso Pesca, SL (Burela), Casariego 99, SL (Ribadeo, an Spáinn), Pesquerías Mapa, SL (Gozon, an Spáinn), Virgen de Pastoriza, SL (Burela), Pesca Norte Breogan, SL (Burela), Basanta Frá Hnos, CB (Burela), Armapesca Burela, SL (Burela), Deycon Pesca, SL (Viveiro, an Spáinn), Larrabaste, SLU (Cariño, an Spáinn), Pesqueras Canoura, SL (Burela), Pesqueras Luarquesa, SL (Navia, an Spáinn), Pastor Nauta, CB (Cervo, an Spáinn), Villaselan 99, SL (Tapia de Casariego, an Spáinn), Organización de Productores Pesqueros del Puerto de Burela (LUGO) (Burela) (ionadaithe: Á. Givaja Sanz, A. Lamadrid de Pablo agus V. Romero Algarra, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfear ar neamhní Airteagal 2 agus Iarscríbhinn II de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1614 (1) ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana agus lena mbunaítear liosta limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu;

mar mhalairt rogha, agus go teagmhasach, go ndearbhófar go bhfuil Airteagal 9(6) agus (9) de Rialachán (AE) 2016/2336 an 14 Nollaig 2016 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (Bunrialachán) neamhbhailí, i gcomhréir le hAirteagal 277 CFAE, agus;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena gcaingean, maíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndéantar sárú le hAirteagal 2 agus le hIarscríbhinn II den Rialachán Cur Chun Feidhme ar phrionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais, is iad sin, go sonrach, prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus prionsabal na comhréireachta, a mhéid, leis na forálacha sin: – go sáraítear prionsabal an neamh-idirdhealaithe trí dheileáil ar bhealach comhionann le trealaimh dhifriúla, chomh maith le deileáil le huiscí an Altantaigh Thoir Thuaidh ar bhealach nach bhfuil aonfhoirmeach; – go sáraítear prionsabal na comhréireachta trí dhul thar na teorainneacha den mhéid atá iomchuí agus riachtanach chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach.

2.

An dara saincheist dlí, mar mhalairt rogha ar an gcéad saincheist dlí, lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta maidir le hAirteagal 9(6) agus (9) den Bhunrialachán, a mhéid atá na forálacha sin ar neamhréir le prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais Eorpaigh ós rud é go sáraítear Airteagal 291 CFAE leo, chomh maith le prionsabal na comhréireachta.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1614 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana agus lena mbunaítear liosta limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu (IO 2022 L 242, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2016/2336 an 14 Nollaig 2016 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (IO 2016 L 354, lch. 1).


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/29


Caingean arna tabhairt an 16 Nollaig 2022 – an Fhrainc v an Coimisiún

(Cás T-785/22)

(2023/C 45/38)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stéhelin, B. Fodda agus E. Leclerc, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Fógra comórtais oscailte EPSO/AST/154/22 – Cúntóirí (AST 3) sna réimsí seo a leanas: bainistiú airgeadais, cuntasaíocht agus státchiste, soláthar poiblí, dearadh grafach agus táirgeadh ábhair amhairc, na meáin shóisialta agus na meáin dhigiteacha agus stiúrthóir gréasáin, a foilsíodh an 22 Meán Fómhair 2022 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa chás T-555/22, an Fhrainc v an Coimisiún.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/30


Caingean arna tabhairt an 16 Nollaig 2022 — PB v BRA

(Cás T-789/22)

(2023/C 45/39)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: PB (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an 15 Feabhra 2022 a chur ar neamhní;

cinneadh an 6 Meán Fómhair 2022 lena ndiúltaítear dá gearán a chur ar neamhní, a mhéid is gá;

a ordú don chosantóir méid EUR 50 000 a chúiteamh don iarratasóir as an dochar a tharla de bharr sárú ar a cheart éisteachta agus ar a chearta cosanta;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne chinneadh an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) diúltú dá iarraidh ar chúnamh, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh cearta cosanta an iarratasóra agus lochtanna nós imeachta. Sa chéad chuid, líomhnaíonn an t-iarratasóir gur sáraíodh prionsabal na trédhearcachta, nach féidir a chreidiúint i neamhspleáchas an údaráis a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích agus gur diúltaíodh rochtain ar an bhfaisnéis agus ar eilimintí bunriachtanacha an chomhaid. Sa dara cuid, líomhnaíonn an t-iarratasóir gur sáraíodh prionsabal na rúndachta le linn dó a iarraidh ar chúnamh a láimhseáil, mainneachtain ráthaíochtaí nós imeachta a urramú, mainneachtain nós imeachta atá cóir agus oibiachtúil a chur chun feidhme agus, ar deireadh, gur sáraíodh Airteagal 4.2 agus Airteagal 4.3 de. na forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le ciapadh a chosc. Sa tríú cuid, déanann an t-iarratasóir gearán nach raibh aon neamhchlaontacht oibiachtúil agus suibiachtúil ann agus go raibh coinbhleachtaí leasa ann a chuir cosc ar scrúdú a iarratas ar chúnamh. Sa cheathrú cuid, líomhnaíonn an t-iarratasóir sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil ón údarás a bhfuil sé de chumhacht aige conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 24 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”), sárú ar an dualgas cúnamh a sholáthar agus an dualgas aird a thabhairt ar leas oifigeach agus ar leas na n-oifigeach agus drochriarachán.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha measúnaithe agus sárú ar Airteagal 12a de na Rialacháin Foirne.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/31


Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2022 – Quatrotec Electrónica v EUIPO – Woxter Technology (WOXTER)

(Cás T-792/22)

(2023/C 45/40)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Quatrotec Electrónica, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: I. Valdelomar Serrano, J. Rodríguez-Fuensalida y Carnicero, P. Ramells Higueras, A. Figuerola Moure agus P. Muñoz Moreno, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Woxter Technology Co. Ltd (Causeway Bay, Hong Cong, an tSín)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha WOXTER – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 217 031

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 28 Meán Fómhair 2022 i gCás R 0323/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cur i bhfeidhm earráideach Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sa chinneadh atá faoi chonspóid a aithint;

a dhearbhú go bhfuil trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 3 217 031 WOXTER (marc fíortha) dulta i léig i leith na n-earraí agus seirbhísí uile in aicmí 9, 37 agus 39;

a ordú don chosantóir na costais a íoc, lena n-áirítear speansais ionadaíochta an iarratasóra a bhaineann leis na himeachtaí seo.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/31


Caingean arna tabhairt an 21 Nollaig 2022 – TU v an Pharlaimint

(Cás T-793/22)

(2023/C 45/41)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: TU (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ó [rúnda(1) gan a chonradh mar chúntóir parlaiminte creidiúnaithe a athnuachan a chur ar neamhní;

an diúltú intuigthe, a rinneadh ar an [faoi rún] agus, mar mhalairt rogha, ar a laghad ar an [faoi rún], dá iarraidh a cuireadh isteach go foirmiúil ar an [faoi rún] chun aitheantas a fháil dá stádas mar fhaisnéiseoir agus cosaint a fháil faoi Airteagail 22a, 22b agus 22c de na Rialacháin Foirne, a chur ar neamhní;

an cinneadh ag diúltú dá ghearán, a cuireadh in iúl dó ar an [faoi rún], a chur ar neamhní a mhéid is gá;

a dhearbhú go bhfuil an Pharlaimint ciontach as sárú ar na rialacha is infheidhme maidir leis an gcosaint agus as an gcosaint a thugtar le stádas an fhaisnéiseora;

a ordú don chosantóir suim EUR 200 000 a íoc leis an iarratasóir as an damáiste a rinneadh mar thoradh ar neamhchomhlíonadh Airteagail 22a go 22c de na Rialacháin Foirne agus na rialacha inmheánacha is infheidhme;

a ordú don chosantóir na costais a íoc;

mar mhalairt rogha agus, má dhiúltaítear do chaingean an iarratasóra maidir leis an tsubstaint, a ordú don chosantóir costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain Airteagal 22c de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) a chomhlíonadh le linn an nós imeachta réamhdlíthíochta.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na rialacha cosanta a ghabhann lena stádas mar fhaisnéiseoir, ar Airteagal 22c de na Rialacháin Foirne, sárú ar Airteagal 3 de na rialacha inmheánacha a chuireann an t-Airteagal sin chun feidhme agus sárú ar an dualgas comhairle agus cúnamh a thabhairt do sceithirí.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 4 de na rialacha inmheánacha a chuireann Airteagal 22c chun feidhme agus, mar mhalairt rogha, neamhdhleathacht an léirithe ar na rialacha sin ag an bParlaimint nó ganntanas agus neamhdhóthanacht na rialacha sin.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar rúndacht agus ar chosaint chéannacht an faisnéiseora.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, idirdhealú dearfach neamhdhleathach idir cúntóirí parlaiminte creidiúnaithe agus idirdhealú diúltach neamhdhleathach idir faisnéiseoirí eile, sárú ar an gcosaint a thugtar d’fhaisnéiseoirí, sárú ar Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne agus ar na dualgais chúnaimh agus chúraim, agus sárú an chirt chun tairbhe a bhaint as nós imeachta a bhfuil, ar a laghad, cuma na hoibiachtúlachta air.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear mí-úsáid nós imeachta ag an riarachán d’fhonn seachaint a dhéanamh ar an oibleagáid atá air chun a chinntiú nach bhfulaingíonn an t-iarratasóir aon damáiste i ndáiríre mar thoradh ar tharchur na faisnéise de réir Airteagal 22b de na Rialacháin Foirne.


(1)  Sonraí rúnda fágtha ar lár.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/33


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – C & J Clark International v an Coimisiún

(Cásanna T-790/16 agus T-861/16) (1)

(2023/C 45/42)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 14, 16.1.2017.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/33


Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Deichmann v an Coimisiún

(Cás T-154/17) (1)

(2023/C 45/43)

Teanga an cháis: an Ollainnis

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 129, 24.4.2017.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/33


Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Van Haren Schoenen v an Coimisiún

(Cás T-155/17) (1)

(2023/C 45/44)

Teanga an cháis: an Ollainnis

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 129, 24.4.2017.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/33


Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – FLA Europe v an Coimisiún

(Cás T-347/17) (1)

(2023/C 45/45)

Teanga an cháis: an Ollainnis

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 249, 31.7.2017.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/33


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Nike European Operations Netherlands agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-351/17) (1)

(2023/C 45/46)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 249, 31.7.2017.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/34


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Jana shoes agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-360/17) (1)

(2023/C 45/47)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 249, 31.7.2017.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/34


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – adidas International Trading agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-24/18) (1)

(2023/C 45/48)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 94, 12.3.2018.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/34


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Wendel agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-124/18) (1)

(2023/C 45/49)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 152, 30.4.2018.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/34


Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Van Haren Schoenen v an Coimisiún

(Cás T-126/18) (1)

(2023/C 45/50)

Teanga an cháis: an Ollainnis

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 142, 23.4.2018.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/34


Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Cortina agus FLA Europe v an Coimisiún

(Cás T-127/18) (1)

(2023/C 45/51)

Teanga an cháis: an Ollainnis

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 142, 23.4.2018.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/35


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – adidas International Trading agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-130/18) (1)

(2023/C 45/52)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 152, 30.4.2018.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/35


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Deichmann v an Coimisiún

(Cás T-131/18) (1)

(2023/C 45/53)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 152, 30.4.2018.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/35


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Deichmann-Shoes UK v an Coimisiún

(Cás T-141/18) (1)

(2023/C 45/54)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 152, 30.4.2018.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/35


Ordú na Cúirte Ginearálta an 30 Samhain 2022 – Buffalo – Boots v an Coimisiún

(Cás T-142/18) (1)

(2023/C 45/55)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 152, 30.4.2018.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/35


Ordú na Cúirte Ginearálta an 28 Samhain 2022 – Caprice Schuhproduktion v an Coimisiún

(Cás T-157/18) (1)

(2023/C 45/56)

Teanga an cháis: an Ollainnis

D’ordaigh Uachtarán an Séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 142, 23.4.2018.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/36


Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Nollaig 2022 – Eland Oil & Gas v an Coimisiún

(Cás T-471/19) (1)

(2023/C 45/57)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 312, 16.9.2019.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/36


Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Nollaig 2022 – W.S. Atkins International v an Coimisiún

(Cás T-758/19) (1)

(2023/C 45/58)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 27, 27.1.2020.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/36


Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Nollaig 2022 – Experian Finance 2012 v an Coimisiún

(Cás T-771/19) (1)

(2023/C 45/59)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 45, 10.2.2020.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/36


Ordú na Cúirte Ginearálta an 15 Nollaig 2022 – Rigid Plastic Containers Finance agus RPC Pisces Holdings v an Coimisiún

(Cás T-781/19) (1)

(2023/C 45/60)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 45, 10.2.2020.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/36


Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Nollaig 2022 – St Schrader Holding Company v an Coimisiún

(Cás T-782/19) (1)

(2023/C 45/61)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 45, 10.2.2020.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/37


Ordú na Cúirte Ginearálta an 14 Nollaig 2022 – KPMG Advisory v an Coimisiún

(Cás T-614/21) (1)

(2023/C 45/62)

Teanga an cháis: an Iodáilis

D’ordaigh Uachtarán an Chéad Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 481, 29.11.2021.


6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/37


Ordú na Cúirte Ginearálta an 12 Nollaig 2022 – NT v EMA

(Cás T-806/21) (1)

(2023/C 45/63)

Teanga an cháis: an Fhraincis

D’ordaigh Uachtarán an Naoú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 73, 14.2.2022.