ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 32

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
27 Eanáir 2023


Clár

Leathanach

 

 

PARLAIMINT NA hEORPA
SEISIÚN 2022-2023
Suíonna ón 22 go dtí an 23 Meitheamh 2022
TÉACSANNA ATÁ GLACTHA

1


 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Parlaimint na hEorpa

 

Déardaoin 23. Meitheamh 2022

2023/C 32/01

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an stádas mar iarrthóir don Úcráin, do Phoblacht na Moldóive agus don tSeoirsia (2022/2716(RSP))

2

2023/C 32/02

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an dréacht-Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena n-údaraítear táirgí a chur ar an margadh ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 × MON 810 × MIR604 × NK603 MON 87427 × MON 89034 × MIR162 × MON 87411 agus arbhar Indiach géinmhodhnaithe ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na teagmhais aonair DP4114, MON 810, MIR604 agus NK603MON 87427, MON 89034, MIR162 agus MON 87411, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (D081155/01 – 2022/2694(RSP))

6

2023/C 32/03

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/797 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear táirgí a bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe NK603 × T25 × DAS-40278-9 agus a fho-chumasc T25 × DAS-40278-9 a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (D080148/03 – 2022/2713(RSP))

7

2023/C 32/04

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le Lománaíocht neamhdhleathach san Aontas (2022/2523(RSP))

8

2023/C 32/05

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar chur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbuanaithe (SDGanna) (2022/2002(INI))

9

2023/C 32/06

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (2021/2251(INI))

23

2023/C 32/07

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme beart cuimsithe laistigh de Erasmus+ 2014-2020 (2021/2009(INI))

39

2023/C 32/08

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (2021/2247(INI))

44

2023/C 32/09

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí an chaidrimh trádála idir AE agus an Afraic (2021/2178(INI))

55

2023/C 32/10

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí bheartas infheistíochta idirnáisiúnta an Aontais (2021/2176(INI))

77


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Parlaimint na hEorpa

 

Dé Céadaoin 22. Meitheamh 2022

2023/C 32/11

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 22 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757(COM(2021)0551 – C9-0318/2021 – 2021/0211(COD))

89

2023/C 32/12

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 22 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (COM(2021)0568 – C9-0324/2021 – 2021/0206(COD))

231

2023/C 32/13

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 22 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha (COM(2021)0564 – C9-0328/2021 – 2021/0214(COD))

301

 

Déardaoin 23. Meitheamh 2022

2023/C 32/14

P9_TA(2022)0250
Tacaíocht eisceachtúil shealadach faoi CETFT mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin (COM(2022)0242 – C9-0185/2022 – 2022/0166(COD))
P9_TC1-COD(2022)0166
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

380

2023/C 32/15

P9_TA(2022)0251
Stóráil gáis ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha (COM(2022)0135 – C9-0126/2022 – 2022/0090(COD))
P9_TC1-COD(2022)0090
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis

381

2023/C 32/16

P9_TA(2022)0252
Deimhniú Digiteach COVID AE – Saoránaigh an Aontais ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (COM(2022)0050 – C9-0031/2022 – 2022/0031(COD))
P9_TC1-COD(2022)0031
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19

382

2023/C 32/17

P9_TA(2022)0253
Deimhniú Digiteach COVID-19 AE – náisiúnaigh tríú tír ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/954 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID an Aontais) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó ina gcónaí go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 (COM(2022)0055 – C9-0032/2022 – 2022/0030(COD))
P9_TC1-COD(2022)0030
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/954 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo

383

2023/C 32/18

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar sheasamh na Comhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2022 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 – costais ghlactha daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a mhaoiniú (09095/2022 – C9-0182/2022 – 2022/0126(BUD))

384

2023/C 32/19

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón bhFrainc – EGF/2022/001 FR/Air France (COM(2022)0201 – C9-0170/2022 – 2022/0143(BUD))

386

2023/C 32/20

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón nGréig – EGF/2021/008 EL/Attica electrical equipment manufacturing (COM(2022)0248 – C9-0190/2022 – 2022/0170(BUD))

390

2023/C 32/21

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le hainmniú Stephanus Abraham Blok mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0150/2022 – 2022/0805(NLE))

395

2023/C 32/22

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (14207/2021 – C9-0478/2021 – 2021/0336(NLE))

396

2023/C 32/23

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú (13494/2021 – C9-0465/2021 – 2021/0208(NLE))

397


Eochair do na siombailí a úsáidtear

*

An nós imeachta comhairliúcháin

***

Nós imeachta an toilithe

***I

An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh

***II

An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh

***III

An gnáthnós imeachta reachtach: an tríú léamh

(Braitheann an cineál nós imeachta ar an mbunús dlí a mholtar sa dréachtghníomh.)

Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa:

Léirítear téacs nua le cló trom iodálach . Léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌ nó cuirtear líne tríd an téacs. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile tríd an téacs nua a aibhsiú le cló trom iodálach agus tríd an téacs atá á ionadú a scriosadh nó trí líne a chur tríd.

GA

 


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/1


PARLAIMINT NA hEORPA

SEISIÚN 2022-2023

Suíonna ón 22 go dtí an 23 Meitheamh 2022

TÉACSANNA ATÁ GLACTHA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Parlaimint na hEorpa

Déardaoin 23. Meitheamh 2022

27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/2


P9_TA(2022)0249

Stádas tír is Iarrthóir na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an stádas mar iarrthóir don Úcráin, do Phoblacht na Moldóive agus don tSeoirsia (2022/2716(RSP))

(2023/C 32/01)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le stádas mar iarrthóir don Úcráin, do Phoblacht na Moldóive agus don tSeoirsia,

ag féachaint d’Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

ag féachaint do na hiarratais ar bhallraíocht AE a rinne an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 30 Bealtaine 2022 maidir leis an Úcráin,

ag féachaint do Dhearbhú Versailles an 10 agus 11 Márta 2022,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2022 maidir le hiarratais ar bhallraíocht AE a thíolaic an Úcráin (COM(2022)0407), Poblacht na Moldóive (COM(2022)0406) agus an tSeoirsia (COM(2022)0405),

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ó cheannairí na nGrúpaí Polaitiúla chuig na Ceannairí Stáit agus Rialtais i bhfianaise chruinniú na Comhairle Eorpaí an 23 agus 24 Meitheamh 2022,

ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.

de bhrí go bhfuil cogadh ionsaithe gan chúis, gan údar, neamhdhleathach á dhéanamh ag Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 i leith; de bhrí go ndearna an Úcráin iarratas ar aontachas leis an Aontas Eorpach an 28 Feabhra 2022, agus go ndearna Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia amhlaidh an 3 Márta 2022;

B.

de bhrí go dtagann na hiarratais i gcomhthéacs ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, atá ar bun ar scála nach bhfacthas riamh roimhe i stair Eorpach na linne seo agus go bhfuil coireanna cogaidh á ndéanamh arb ionann iad agus cinedhíothú i gcoinne phobal na hÚcráine, chomh maith le forghabháil leanúnach codanna de chríocha na Seoirsia agus na Moldóive; de bhrí go bhfuil an Úcráin ag cosaint ord slándála agus prionsabail na hEorpa ar ar tógadh í amhail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus Cairt Pháras d’Eoraip Nua;

C.

de bhrí, de réir Airteagal 49 CAE, go “bhféadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus atá tiomanta iad a chur chun cinn go comhpháirteach iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht leis an Aontas”;

D.

de bhrí nach bhfuil aon “mhear-rian” ann i dtaca le ballraíocht AE agus le haontachas, agus de bhrí gur próiseas é atá bunaithe ar fhiúntas agus atá struchtúrtha agus a éilíonn go gcomhlíonfar critéir bhallraíochta AE agus atá ag brath ar chur chun feidhme éifeachtach na n-athchóirithe agus ar thrasuí an acquis;

E.

de bhrí gur iarr an Chomhairle, go heisceachtúil, go ndéanfadh an Coimisiún a thuairimí faoi iarratais bhallraíochta AE ón Úcráin, ó Phoblacht na Moldóive agus ón tSeoirsia a thíolacadh;

F.

de bhrí gur luadh i nDearbhú Versailles an 10 agus an 11 Márta 2022 gur admhaigh an Chomhairle Eorpach go raibh uaillmhianta Eorpacha agus rogha Eorpach na hÚcráine á n-aithint aici;

G.

de bhrí go bhfuil tacaíocht bhuanseasmhach curtha in iúl go comhsheasmhach ag muintir na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia do threochúrsa Eorpach a dtíortha, lena nglactar prionsabail agus luachanna Eorpacha; de bhrí go gcuireann tromlach mhuintir na Bealarúise atá i gcoinne réimeas Lukashenko – réimeas a bhfuil tacaíocht na Rúise aige – in iúl go bhfuil uaillmhianta den chineál céanna acu a bheith ag maireachtáil i dtír shaor, cheannasach agus dhaonlathach;

H.

de bhrí gur léirigh forbairtí san am atá thart go mbaineann costas mór straitéiseach leis an neamh-mhéadú agus gur féidir leis an bonn a bhaint ón tslándáil agus ón gcobhsaíocht ar an mór-roinn seo againne;

I.

de bhrí go bhfuil caidreamh AE leis an Úcráin, le Poblacht na Moldóive agus leis an tSeoirsia bunaithe ar chomhaontuithe comhlachais uaillmhianacha agus ar limistéir dhoimhne chuimsitheacha shaorthrádála (CC/DCFTAanna), lena gcruthaítear timpeallacht fhabhrach don chomhlachas polaitiúil, don chomhfhogasú reachtach agus don chomhtháthú eacnamaíoch, ar gnéithe ríthábhachtacha iad de phróiseas aontachais amach anseo; de bhrí nach mór cur chun feidhme iomlán an CC/DCFTAanna a bhaint amach go fóill;

J.

de bhrí gur thíolaic an Úcráin, Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia an dá cheistneoir aontachais AE go mion minic, rud a léiríonn ní hamháin a dtiomantas mór do luachanna AE, ach freisin a sárchumas na cuspóirí sin a bhaint amach;

K.

de bhrí gur fhoilsigh an Coimisiún tuairimí an 17 Meitheamh 2022 maidir leis na trí iarratas, inar moladh go ndéanfadh an Chomhairle dearcthaí na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia maidir le bheith ina mBallstáit den Aontas Eorpach a dheimhniú;

L.

de bhrí gur mhol an Coimisiún, ina thuairimí, stádas mar iarrthóir a thabhairt don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive ar an tuiscint go ndéanfaí bearta áirithe athchóirithe, amhail i réimsí an smachta reachta agus an chomhraic i gcoinne na héillitheachta; de bhrí gur mhol an Coimisiún, i gcás na Seoirsia, an stádas mar iarrthóir a thabhairt a luaithe a thugtar aghaidh ar na tosaíochtaí a sonraíodh;

M.

de bhrí go mbeadh sé ina theachtaireacht láidir dóchais agus dlúthpháirtíochta do shaoránaigh na dtrí thír stádas mar iarrthóir a dheonú agus go léireodh sé go bhfuil an tAontas Eorpach meáite ar aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus ar an bhfís a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh;

1.

á chur in iúl gur geal léi iarratais bhallraíochta na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia mar léiriú ar uaillmhianta Eorpacha na ndaoine agus ar a mian maireachtáil go síochánta agus go sábháilte i dtíortha saora, daonlathacha agus rathúla a bhfuil caidreamh maith comharsanachta acu le tíortha uile na hEorpa agus a ghlacann le comhar níos dlúithe le Ballstáit AE;

2.

á chur in iúl gur geal léi moltaí foirmiúla an Choimisiúin stádas mar iarrthóir AE a bhronnadh ar an Úcráin agus ar Phoblacht na Moldóive agus peirspictíocht Eorpach a bhronnadh ar an tSeoirsia;

3.

á iarraidh ar na Ceannairí Stáit agus Rialtais a thiocfaidh le chéile mar Chomhairle Eorpach an 23 agus an 24 Meitheamh 2022 stádas mar iarrthóir AE a thabhairt don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive gan mhoill, agus an stádas céanna a thabhairt don tSeoirsia a luaithe a bheidh na tosaíochtaí sonraithe sa tuairim ón gCoimisiún comhlíonta ag a rialtas; á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh na Ceannairí Stáit agus Rialtais a bhfreagracht stairiúil a chomhlíonadh agus go gcaithfidh siad comharthaí soiléire polaitiúla a thabhairt;

4.

á chur i bhfios go láidir go mbeidh stádas mar iarrthóir á thabhairt ag an Aontas Eorpach chun ceannaireacht, diongbháilteacht agus fís a léiriú i gcomhthéacs chogadh brúidiúil ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus in iarracht ar an timpeallacht gheopholaitiúil a athshainiú agus á chur in iúl gur mian léi teachtaireacht pholaitiúil shoiléir a fhógairt gur i gcás na dtíortha sin i gceist, tá roghnaithe acu conair Eorpach ar bhealach do-athraithe, ar ghlac a gcomhpháirtithe Eorpacha léi, agus nár cheart a bheith faoi réir cur isteach ó aon tríú páirtí; á mheabhrú di nach mór don Aontas leanúint de bheith ina chomhpháirtí iontaofa agus ina ghníomhaí geopholaitiúil inchreidte a mbeidh a phrionsabail agus a luachanna féin á saothrú aige, trí dhlúthpháirtíocht a léiriú leo siúd a sheasfaidh do na hidéil chéanna;

5.

á iarraidh ar na Ballstáit brú a chur ar an toil pholaitiúil próiseas an mhéadaithe a athneartú agus na gealltanais a thug siad a chomhlíonadh le céimeanna dearfacha nithiúla i bpróisis aontachais na dtíortha sin atá ag iarraidh teacht isteach san Aontas agus ar cheart dóibh a bheith mar chuid de theaghlach na hEorpa; ag tathant, dá bhrí sin, go ndéanfaí, ag cruinniú Chinn Stáit agus Rialtais an Aontais an 23 agus an 24 Meitheamh 2022, próiseas méadaithe na mBalcán Thiar a cheadú, rud atá blocáilte faoi láthair;

6.

á mheabhrú, chun creidiúnacht phróiseas méadaithe an Aontais a choinneáil agus a chumhacht claochlaitheach a scaoileadh, nach mór an gealltanas seanbhunaithe i leith thíortha na mBalcán Thiar a choinneáil agus nach mór go gcloífear lena ndul chun cinn ar rian comhthreomhar le tuilleadh fuinniúlachta agus ar bhonn tuillteanais, ailíniú polaitiúil, dlúthpháirtíocht i gcúrsaí idirnáisiúnta agus gealltanais chomhaontaithe;

7.

á chur i bhfios go láidir nach mór aontachas le AE a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 49 CAE, bunaithe ar na nósanna imeachta ábhartha a urramú agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir atá leagtha síos, go háirithe critéir Chóbanhávan maidir le ballraíocht AE, agus gur próiseas é atá bunaithe ar fhiúntas lena gceanglaítear athchóirithe ábhartha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, go háirithe i réimsí an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine, gheilleagar an mhargaidh agus chur chun feidhme acquis AE;

8.

á iarraidh ar údaráis na hÚcráine, ar Phoblacht na Moldóive agus ar an tSeoirsia a dtiomantas polaitiúil a léiriú gan athbhrí maidir le huaillmhianta Eorpacha a bpobal a chur chun feidhme trí fheabhas suntasach a chur ar an dul chun cinn a dhéantar le hathchóirithe substaintiúla chun na critéir do bhallraíocht AE a chomhlíonadh go héifeachtach a luaithe is féidir;

9.

á chur i bhfáth gur gá leas a bhaint as taithí na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia le cur chun feidhme CC/CDCS faoi seach mar bhonn don phróiseas aontachais atá ar na bacáin, agus ar an gcaoi sin ligean do na trí thír lánpháirtiú de réir a chéile laistigh de mhargadh aonair AE agus feabhas a chur ar an gcomhar earnálach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit struchtúir inmheánacha a ullmhú agus acmhainní breise a sholáthar, chomh maith le tuilleadh cúnamh teicniúil agus tacaíocht pholaitiúil;

10.

ag aithint gur thacaigh muintir na hÚcráine, na Moldóive agus na Seoirsia i gcónaí le treoshuíomh ar son na hEorpa ina dtíortha agus gur cheart dóibh maireachtáil i dtíortha saora, daonlathacha agus rathúla, atá bródúil agus tiomanta do bhaill de theaghlach na hEorpa; á mheas gur féidir leis an gComhairle Eorpach atá le teacht an chéad chéim thábhachtach a ghlacadh chun mianta dlisteanacha mhuintir na dtrí thír a chomhlíonadh;

11.

ag athdhearbhú thiomantas an Aontais do cheannasacht, do shláine críche agus do neamhspleáchas polaitiúil na hÚcráine, Phoblacht na Moldóive agus na Seoirsia laistigh dá dteorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus ag tacú lena n-iarrachtaí na prionsabail sin a fhorfheidhmiú go hiomlán; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá aontacht agus dlúthpháirtíocht na mBallstát ina leith sin;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh sé ina ionstraim chlaochlaitheach fhónta i gcomhthéacs reatha chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar ionstraim í lena gcuirtear slándáil thíortha comharsanachta na hÚcráine i mbaol agus lena ndéanfar difear do chobhsaíocht sa réigiún ina iomláine; ag athdhearbhú go bhfuil gá le comhar réigiúnach idir tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;

13.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle idirphlé polaitiúil feabhsaithe agus struchtúrtha a bhunú le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha chun tuilleadh comhtháthú eacnamaíoch agus comhchuibhiú reachtach a chur chun cinn mar aon le cuimsiú de réir a chéile, i gcás inarb iomchuí, in obair agus in imeachtaí institiúidí AE;

14.

á iarraidh an athuair ar institiúidí an Aontais dlús a chur leis na céimeanna is gá chun cinnteoireacht an Aontais a dhéanamh níos éifeachtúla;

15.

ag athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta don mhéadú, nach bhfuil aon rogha eile ann ina leith agus atá níos mó ná riamh ina hinfheistíocht gheostraitéiseach in Eoraip chobhsaí, láidir agus aontaithe; á chreidiúint go láidir go bhfuil ionchas ballraíochta iomláine in AE do na tíortha atá ag iarraidh a bheith ina mBallstáit den Aontas ina leasanna polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála féin ag an Aontas;

16.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Uachtaráin, Rialtais agus Parlaimintí na hÚcráine, chuig Poblacht na Moldóive, chuig an tSeoirsia agus chuig tíortha na mBalcán Thiar.

27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/6


P9_TA(2022)0257

Arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 × MON 810 × MIR604 × NK603 agus arbhar Indiach géinmhodhnaithe ina gcomhcheanglaítear dhá cheann nó trí cinn de na teagmhais aonair DP4114, MON 810, MIR604 agus NK603

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an dréacht-Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena n-údaraítear táirgí a chur ar an margadh ina bhfuil, arb é atá iontu, nó a tháirgtear as arbhar Indiach géinmhodhnaithe DP4114 × MON 810 × MIR604 × NK603 MON 87427 × MON 89034 × MIR162 × MON 87411 agus arbhar Indiach géinmhodhnaithe ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na teagmhais aonair DP4114, MON 810, MIR604 agus NK603MON 87427, MON 89034, MIR162 agus MON 87411, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (D081155/01 – 2022/2694(RSP))

(2023/C 32/02)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/7


P9_TA(2022)0258

Arbhar Indiach géinmhodhnaithe NK603 × T25 × DAS-40278-9 agus a fho-chumasc T25 × DAS-40278-9

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/797 ón gCoimisiún an 19 Bealtaine 2022 lena n-údaraítear táirgí a bhfuil arbhar Indiach géinmhodhnaithe NK603 × T25 × DAS-40278-9 agus a fho-chumasc T25 × DAS-40278-9 a chur ar an margadh, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (D080148/03 – 2022/2713(RSP))

(2023/C 32/03)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/8


P9_TA(2022)0262

Lománaíocht neamhdhleathach san Aontas

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le Lománaíocht neamhdhleathach san Aontas (2022/2523(RSP))

(2023/C 32/04)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/9


P9_TA(2022)0263

Cur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbuanaithe

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar chur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbuanaithe (SDGanna) (2022/2002(INI))

(2023/C 32/05)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don rún ó na Náisiúin Aontaithe dar teideal “I mbun athraithe – Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, a glacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForbairt Inbhuanaithe an 25 Meán Fómhair 2015 i Nua-Eabhrac (Clár Oibre 2030),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 18 Samhain 2020 dar teideal Delivering on the United’s Sustainable Development Goals – A comprehensive approach [Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach – Cur chuige cuimsitheach] (SWD(2020)0400),

ag féachaint d’fhoilseachán Roinn Gnóthaí Eacnamaíocha agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe in 2022 dar teideal SDG Good Practices – A compilation of success stories and lessons in SDG implementation – Second Edition [Dea-chleachtais maidir le SDGanna – Bailiúchán scéalta ratha agus ceachtanna i gcur chun feidhme SDGanna – an Dara hEagrán],

ag féachaint do Thuarascáil Forbartha Domhanda Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe ó 2019,

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 17 Feabhra 2021 maidir le rannchuidiú AE le hiltaobhachas riailbhunaithe a neartú (JOIN(2021)0003),

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, na Parlaiminte agus an Choimisiúin an 30 Meitheamh 2017 maidir leis an gComhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – “Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí” (1),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2019 dar teideal 2019 EU report on Policy Coherence for Development [Tuarascáil 2019 AE maidir le Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt] (SWD(2019)0020),

ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus ar an mBithéagsúlacht,

ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint d’aighneacht na Laitvia agus an Choimisiúin, thar ceann AE agus a chuid Ballstát, chuig UNFCCC an 6 Márta 2015, rannchuidiú atá beartaithe ag an AE agus a chuid Ballstát arna chinneadh go náisiúnta a chur faoi bhráid UNFCCC,

ag féachaint d’aighneacht na Gearmáine agus an Choimisiúin, thar ceann AE agus a Bhallstát, an 17 Nollaig 2020 chuig UNFCCC maidir le nuashonrú rannchuidiú AE agus a Bhallstát arna chinneadh go náisiúnta,

ag féachaint don Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta a tionóladh in Addis Ababa an 13 go dtí an 16 Iúil 2015,

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, na Parlaiminte agus an Choimisiúin an 30 Meitheamh 2017 maidir leis an gComhdhearcadh Eorpach Nua maidir le Forbairt – “Ár ndomhan, ár ndínit, ár dtodhchaí” (2),

ag féachaint do chláir oibre an Choimisiúin ó 2020 (COM(2020)0037), 2021 (COM(2020)0690) agus 2022 (COM(2021)0645), agus do na tagairtí a dhéantar iontu do SDGanna,

ag féachaint do chomhtháthú SDGanna sa chreat um Rialáil Níos Fearr, lena n-áirítear an teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 dar teideal Better regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil níos fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh] (COM(2021)0219), doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 3 Samhain 2021 dar teideal Better Regulation Guidelines [Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr] (SWD(2021)0305), agus bosca uirlisí mhí na Samhna 2021 de, lena n-áirítear uirlis nua Uimh. 19 maidir le SDGanna,

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe ó 2022 dar teideal New threats to human security in the Anthropocene Demanding greater solidarity [Bagairtí nua ar shlándáil an duine san Antrapaicéineach ag éileamh níos mó dlúthpháirtíochta],

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 2019 ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis an Aigéan agus an Crióisféar in Aeráid atá ag Athrú,

ag féachaint don séú tuarascáil mheasúnachta ó IPCC an 28 Feabhra 2022 dar teideal Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht],

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (3),

ag féachaint do Chreat Sendai 2015-2030 um Laghdú Rioscaí Tubaistí, a ghlac Ballstáit na Náisiún Aontaithe ag an Tríú Comhdháil Dhomhanda de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le Laghdú Rioscaí Tubaistí an 18 Márta 2015,

ag féachaint do rún uaithi an 24 Márta 2022 maidir leis an ngá atá le plean gníomhaíochta práinneach AE chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú laistigh den Aontas agus lasmuigh de i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin (4),

ag féachaint do thuarascáil Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe dar teideal Our Common Agenda [Ár gComhchlár Oibre], a cuireadh faoi bhráid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, agus ar tugadh sainordú ina leith le Rún 76/6 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 15 Samhain 2021,

ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime (5),

ag féachaint don rún uaithi an 14 Márta 2019 ar an tuarascáil bhliantúil straitéiseach maidir le cur chun feidhme agus seachadadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) (6),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2014 maidir le AE agus an creat forbartha domhanda ó 2015 i leith (7),

ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 dar teideal Building a sustainable Europe by 2030 – Progress thus far and next steps [Eoraip inbhuanaithe a thógáil faoi 2030 – An dul chun cinn go dtí seo agus na chéad chéimeanna eile],

ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2018,

ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2017 dar teideal A sustainable European future: The EU response to the 2030 Agenda for Sustainable Development [Todhchaí inbhuanaithe don Eoraip: Freagairt AE do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe],

ag féachaint dá rún an 6 Iúil 2017 maidir le gníomhaíocht AE i leith na hinbhuanaitheachta (8),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (9),

ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 9 Aibreán 2019 dar teideal Towards an ever more sustainable Union by 2030 [I dtreo Aontas níos inbhuanaithe faoi 2030],

ag féachaint do rún uaithi an 12 Bealtaine 2016 maidir leis an obair leantach agus an t-athbhreithniú ar Chlár Oibre 2030 (10),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2019 maidir leis an meastóireacht ar an 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (COM(2019)0233),

ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (COM(2020)0652),

ag féachaint do thuarascáil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil ó 2019 dar teideal The European environment – state and outlook 2020: Knowledge for transition to a sustainable Europe [Comhshaol na hEorpa – staid agus forbhreathnú 2020: eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe],

ag féachaint do thuarascáil faireacháin Eurostat 2021 maidir leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe i gcomhthéacs AE,

ag féachaint don rún uaithi an 11 Márta 2021 maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú na mbeartas eacnamaíoch: Annual Sustainable Growth Strategy 2021 [Straitéis Bhliantúil 2021 um Fhás Inbhuanaithe] (11),

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018 dar teideal “Táscairí níos oiriúnaí chun meastóireacht a dhéanamh ar SDGanna – rannchuidiú na sochaí sibhialta” (12),

ag féachaint do Thuarascáil Forbartha Inbhuanaithe 2021 an 14 Meitheamh 2021, dar teideal The Decade of Action for the Sustainable Development Goals [An Deich mBliana Gníomhaíochta do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe],

ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 22 Meitheamh 2021 dar teideal A comprehensive approach to accelerate the implementation of the UN 2030 Agenda for sustainable development – Building back better from the COVID-19 crisis [Cur chuige cuimsitheach chun dlús a chur le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe – Atógáil ar bhealach níos fearr tar éis ghéarchéim COVID-19],

ag féachaint do thuarascáil speisialta Uimh. 26/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal Marine environment: EU protection is wide but not deep [An mhuirthimpeallacht: cosaint an Aontais fairsing gan bheith domhain],

ag féachaint don pháipéar machnaimh ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2019 dar teideal 'I dtreo Eoraip Inbhuanaithe faoi 2030' (COM(2019)0022), go háirithe Iarscríbhinn III dar teideal “Achoimre ar rannchuidiú Ardán Il-gheallsealbhóirí SFI leis an bPáipéar Machnaimh ‘I dtreo Eoraip inbhuanaithe faoi 2030’” de,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Fhorbairt agus an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0174/2022),

A.

de bhrí, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, nach mbeidh ceartas aeráide ann gan forbairt atá inbhuanaithe agus cuimsitheach ó thaobh an chomhshaoil, na sochaí agus an gheilleagair de; de bhrí gur réamhriachtanas bunriachtanach é, dá bhrí sin, na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach chun aistriú cóir agus cothrom a bhaint amach faoi Chomhaontú Pháras agus faoin gComhaontú Glas don Eoraip;

B.

de bhrí nach bhfuiltear go hiomlán ar an eolas fós faoi thionchar phaindéim COVID-19, ach gur eascair leibhéal suntasach de chúlú ar SDGanna aisti cheana féin, go háirithe i dtíortha an Domhain Theas a bhfuil córais cúraim sláinte laga acu agus ina bhfuil rátaí vacsaínithe an-íseal, agus go raibh tuilleadh neamhionannais agus bochtaineachta mar thoradh air sin; de bhrí, de réir Thuarascáil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir le Maoiniú don Fhorbairt Inbhuanaithe, go bhféadfadh “caillteanas deich mbliana” don fhorbairt inbhuanaithe eascairt as paindéim COVID-19; de bhrí gur buaileadh na tíortha is lú forbairt (TLFanna) go dona mar gheall ar a leochaileacht i leith suaití seachtracha; de bhrí gurb ionann timpeallacht shláintiúil agus colún bunúsach don fhorbairt inbhuanaithe; de bhrí go meastar go raibh an tInnéacs um Fhorbairt Dhaonna thíos le “laghdú géar gan fasach” in 2020 den chéad uair le 30 bliain ó ríomhadh an beart; de bhrí gur tháinig ardú ar ráta na fíorbhochtaineachta in 2020 den chéad uair le 20 bliain; de bhrí, ar an lámh eile, gur deis shuntasach é an toradh a bheidh ar phaindéim COVID-19 chun ár sochaithe a athchruthú ar mhaithe leis na mianta a ghabhann le SDGanna a chomhlíonadh; de bhrí, roimh phaindéim COVID-19, go raibh bearna mheasta maoinithe domhanda de USD 2,5 trilliún idir maoiniú agus an méid a bhí ag teastáil chun SDGanna a bhaint amach; de bhrí, de réir aon mheastacháin amháin, ó thús na bliana 2021, gur tháinig méadú 50 % go USD 3,7 trilliún ar an mbearna sin mar thoradh ar an éiginnteacht eacnamaíoch agus agus ar an easnamh caiteachais téarnaimh a bhaineann leis an bpaindéim i dtíortha i mbéal forbartha; de bhrí go bhféadfadh le Coiste Speisialta nua na Parlaiminte maidir le paindéim COVID-19, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí don todhchaí, imscrúdú a dhéanamh ar thionchar na paindéime ar SDGanna;

C.

de bhrí, de réir Thuarascáil na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Dhomhanda Inbhuanaithe a eisíodh in 2019 agus Innéacs SDG 2020 ó Líonra Réitigh na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (SDSN), nach bhfuil aon tír, lena n-áirítear aon tír Eorpach, ar an mbóthar ceart chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe uile a bhaint amach faoi 2030; de bhrí, de réir Thuarascáil 2021 maidir le Forbairt Inbhuanaithe na hEorpa, den chéad uair ó glacadh SDGanna, nár tháinig méadú ar mheánscór an Innéacs SDG in 2020; de bhrí nach bhfuil an Eoraip ar an mbóthar ach chun 26 de na 169 gcuspóir, nó 15 % díobh, a chomhlíonadh de réir Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip; de bhrí, de réir Innéacs SDG SDSN 2021, gurb iad tíortha ECFE is gaire do spriocanna Chlár Oibre 2030 a bhaint amach, ach gurb iadsan a ghineann na hiarmhairtí diúltacha is mó, rud a bhaineann an bonn ó chumas tíortha eile a spriocanna a bhaint amach;

D.

de bhrí go bhfuil tionchar ollmhór ag na réaltachtaí nua geopholaitiúla agus daonnúla atá á bhforchur ag ionradh neamhdhleathach na Rúise agus ag an gcogadh san Úcráin ar bhaint amach SDGanna ar fud an domhain, go háirithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne neamhionannas, na bochtaineachta agus an ocrais, agus go bhféadfaidís bac a chur ar an amlíne chun iad a chur i gcrích faoi 2030; de bhrí go bhfuil géarghá le spreagadh polaitiúil athnuaite chun SDGanna a bhaint amach d’fhonn tionchar COVID-19 agus iarmhairtí domhanda ionradh na Rúise ar an Úcráin a chur san áireamh; de bhrí gur gá, sa chomhthéacs sin, foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhaoiniú chun ailíniú le cuspóirí Chlár Oibre 2030 a áirithiú agus chun brú airgeadais domhanda amach anseo in earnáil an fhuinnimh a sheachaint;

E.

de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar AE cuspóirí maidir le comhar um fhorbairt a ionchorprú i ngach beartas inmheánach nó sheachtrach ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha i mbéal forbartha, mar a leagtar amach in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach ailíniú a bhaint amach i mbeartais uile AE chun SDGanna a bhaint amach ar fud an domhain; de bhrí gur cur chuige é comhtháthú beartas don fhorbairt inbhuanaithe chun gnéithe éagsúla na forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú go iomlánaíoch ag gach céim den cheapadh beartas agus gur príomhghné é d’iarracht AE Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme; de bhrí gur gheall an Coimisiún, ina dhoiciméad inmheánach oibre an 18 Samhain 2021 dar teideal Delivering on the UN’s Sustainable Development Goals – A comprehensive approach [Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe – Cur chuige cuimsitheach a bhaint amach], cur chuige uile-rialtais a ghlacadh i leith cur chun feidhme na SDGanna, arna chomhordú ag an Uachtarán von der Leyen; de bhrí go n-éilíonn an t-aistriú chuig geilleagar folláine a thugann níos mó ar ais don phláinéid ná mar a thógann sé uaidh, atá leabaithe san ochtú clár gníomhaíochta don chomhshaol de chuid AE agus a chumhdaítear ina chuspóirí tosaíochta do 2030 agus 2050, go mbeidh ar AE cur chuige níos iomlánaíche a fhorbairt i leith ceapadh beartas;

F.

de bhrí gur iarr an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Chomhairle Eorpach, arís agus arís eile ó glacadh Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe in 2015, ar an gCoimisiún straitéis uileghabhálach a ghlacadh chun SDGanna a chur chun feidhme ina n-iomláine;

G.

de bhrí go bhfuil idirspleáchas láidir idir géarchéimeanna sláinte, géarchéimeanna comhshaoil agus géarchéimeanna aeráide; de bhrí go dtiocfaidh méadú ar na géarchéimeanna sin sna blianta amach romhainn, go háirithe mar thoradh ar an athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta;

H.

de bhrí go bhfuil teorainn leis an gcumas sonraí a aisghabháil chun na táscairí SDG a líonadh isteach i roinnt tíortha i mbéal forbartha, rud a d’fhéadfadh bac tromchúiseach a chur ar mheasúnú an dul chun cinn;

I.

de bhrí go bhfuil méadú leanúnach ar an mbearna idir na daoine agus na tíortha is saibhre agus is boichte; de bhrí go bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint le héagothromaíochtaí a laghdú (SDG 10) agus gur cheart go mbeadh sé sin ag croílár na n-iarrachtaí coiteanna chun Clár Oibre 2030 a bhaint amach;

J.

de bhrí go gcumhdaítear le SDGanna na saincheisteanna móra uile atá os comhair na daonnachta agus nach bhfuil baint acu le beartais forbartha amháin, ach freisin le beartais phoiblí níos leithne ar an leibhéal Eorpach;

K.

de bhrí gur aithin AE, agus gealltanas á thabhairt aige Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach, gur den bhunriachtanas é dínit an duine aonair agus gur cheart spriocanna agus cuspóirí an chláir oibre a bhaint amach do gach náisiún, do gach duine agus do gach cuid den tsochaí;

L.

de bhrí go bhfuil freagracht ar Pharlaimint na hEorpa agus ar na parlaimintí náisiúnta freisin a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt inbhuanaithe a phríomhshruthú laistigh dá nósanna imeachta, chun fáil réidh le bacainní;

M.

de bhrí go bhfuil aghaidh á tabhairt le SDGanna ar neamhionannais atá ag dul i méid, ar an athrú aeráide, ar chailliúint na bithéagsúlachta agus ar an méadú ar tháirgeadh dramhaíola; de bhrí go bhfuil na nithe sin go léir díobhálach do dhálaí beatha daoine;

N.

de bhrí gur bunaíodh ardán ardleibhéil AE maidir le cur chun feidhme SDGanna, a mhair ó 2017 go 2019, chun tacú leis an gCoimisiún agus chun comhairle a chur air agus gur fóram a bhí ann chun taithí agus dea-chleachtais a mhalartú ar fud earnálacha agus ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí gheallsealbhóirí ón tsochaí shibhialta, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ó na hearnálacha príobháideacha agus corparáideacha a thabhairt le chéile;

O.

de bhrí, agus an méid thuas á chur san áireamh, go bhféadfaí cur le hailíniú agus éifeachtúlacht beartas poiblí dá mbeadh straitéis rialachais Eorpach ann ina ndéanfaí SDGanna a chomhtháthú i gcur chuige idirdhisciplíneach; de bhrí, mar shampla, gur cheart SDG 14 (saol faoi uisce), ina n-éilítear caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n-aigéan, na bhfarraigí agus na n-acmhainní muirí le haghaidh forbairt inbhuanaithe, a chur chun feidhme mar chuid de bheartas muirí comhtháite;

P.

de bhrí nach dtuigtear dul chun cinn domhanda SDGanna mar gheall ar easpa acmhainneachtaí faireacháin, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha;

Q.

de bhrí gur chuir paindéim COVID-19 go mór leis na fadhbanna fiachais a bhí ann cheana i dtíortha i mbéal forbartha, rud a chuir a n-iarrachtaí chun acmhainní leordhóthanacha a shlógadh chun SDGanna a bhaint amach i mbaol tuilleadh; de bhrí, dá réir sin, go bhfuil géarghá le hiarrachtaí breise maidir le faoiseamh ó fhiachas chun mainneachtain fhorleathan i dtíortha i mbéal forbartha a sheachaint agus chun infheistíochtaí sa téarnamh agus i mbaint amach SDGanna a éascú;

R.

de bhrí, de réir an séú tuarascáil de chuid IPCC in 2022, go bhfuil laghdú tagtha ar shlándáil an tsoláthair bia agus an uisce mar gheall ar an athrú aeráide, rud a chuir bac ar na hiarrachtaí chun SDGanna a bhaint amach;

S.

de bhrí go bhfuil gné fhonáisiúnta agus áitiúil ag baint le SDGanna;

T.

de bhrí gur taiscumair ollmhóra bhithéagsúlachta agus príomhrialtán na haeráide domhanda iad na haigéin; de bhrí go bhfuil a gcaomhnú criticiúil don fhorbairt inbhuanaithe, go rannchuidíonn sé le díothú na bochtaineachta agus go gcuireann sé slite beatha inbhuanaithe agus slándáil bia ar fáil do na billiúin duine;

U.

de bhrí gurb uilíoch agus gur doroinnte iad SDGanna; de bhrí go bhfuil siad i gcoiteann ag na gníomhaithe go léir agus infheidhme maidir leo go léir, lena n-áirítear an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta;

V.

de bhrí gurb iad na 17 SDG, a 169 gcuspóir faoi seach agus na táscairí a ghabhann leo, an t-aon chreat do bheartais atá bunaithe ar fhianaise, arna roinnt ar fud an domhain agus arna chomhaontú go polaitiúil;

Réamhrá

1.

ag athdhearbhú a tiomantais do Chlár Oibre 2030, do na 17 SDG a ghabhann leis agus don ghealltanas gan aon duine nó aon áit a fhágáil ar lár; á chur i bhfáth, i bhfianaise na bpaindéimí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo mar aon le toradh an chogaidh san Úcráin, go gcuirtear bealach ar leith ar fáil le Clár Oibre 2030 chun geilleagar folláine a athógáil ar bhealach níos fearr chun domhan atá níos cothroime, níos córa, níos cuimsithí, níos inbhuanaithe agus níos athléimní a fhorbairt; á aithint gur cúis bhuartha don chine daonna iad SDGanna; ag spreagadh an Choimisiúin chun gníomhú ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus cearta an duine, an ceart chun sláinte, pobail áitiúla, dídeanaithe agus imircigh, leanaí, grúpaí mionlaigh, daoine i staideanna leochaileacha, an ceart chun forbartha, comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus cothromas idirghlúine a urramú agus a chur chun cinn;

2.

á mheabhrú go bhfuil níos lú ná 8 mbliana fágtha chun spriocanna Chlár Oibre 2030 don fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach agus gur dearbhaíodh gurb ionann na 2020idí agus Deich mBliana Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe;

3.

á chur i bhfios go láidir go rannchuideoidh comhlíonadh Chlár Oibre 2030 le haistriú cothrom, cuimsitheach, glas agus digiteach a bhaint amach, i gcomhréir le huaillmhianta agus gníomhaíochtaí an Aontais a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i gCompás Digiteach 2030;

Rialachas

4.

á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas Uachtarán an Choimisiúin cur chuige “iomlán an rialtais” a shaothrú maidir le cur chun feidhme spriocanna forbartha inbhuanaithe an Aontais agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe a phríomhshruthú i bpunann gach Coimisinéara; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar a Uachtarán a thaispeáint tuilleadh conas atá an cur chuige “uile-rialtais” i leith SDGanna á chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais; á dhearbhú, áfach, nach féidir le cur chuige den sórt sin a bheith éifeachtach ach amháin le ceannaireacht ar an leibhéal is airde agus le plean nithiúil chun gníomhaíocht chuimsitheach a áirithiú ar fud an Choimisiúin; á chur in iúl gurb oth léi nach raibh aon Choimisinéir amháin freagrach as cur chun feidhme inmheánach agus seachtrach SDGanna agus as a gcomhordú ó 2019 i leith, rud a raibh cur chuige ilroinnte mar thoradh air, atá contrártha do phrionsabal an chomhtháthaithe beartais don fhorbairt inbhuanaithe; ag moladh, sa bhreis air sin, go n-ainmneodh an Coimisiún Toscaire Speisialta do SDGanna, a bheadh freagrach don Choimisinéir freagrach, chun gníomhaíocht chomhsheasmhach maidir le SDGanna a chur chun cinn ar fud an domhain trí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais;

5.

á athdhearbhú go bhfuil leibhéal láidir dlisteanachta sochaíocha agus fíor-athshocrú polaitiúil ag teastáil chun SDGanna a bhaint amach agus nach bhféadfar é a bhaint amach ach amháin má fhéachtar ar SDGanna mar dheis do shaoránaigh; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann leis na meáin i ndáil leis an méid sin; á mheabhrú go bhfuil an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht struchtúrtha geallsealbhóirí agus le comhpháirtíochtaí il-gheallsealbhóra i gcroílár SDGanna; á chur in iúl gurb oth léi nár athnuadh sainordú an ardáin il-gheallsealbhóra in 2019 agus á iarraidh go ndéanfaí é a athbhunú go práinneach nó go mbunófaí sásra nua do rannpháirtíocht struchtúrtha, le hionadaíocht chothrom, éagsúlaithe agus dhaonlathach lena gcumhdaítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí pobalbhunaithe, an earnáil phríobháideach (lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus eagraíochtaí atá faoi stiúir táirgeoirí), ceardchumainn, comharchumainn, institiúidí acadúla agus taighde, rialtais réigiúnacha agus áitiúla agus grúpaí imeallaithe; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag na geallsealbhóirí sin uile, toisc go ndéanann siad dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme SDGanna ag rialtais agus go rannchuidíonn siad go díreach leis an bhforbairt inbhuanaithe; á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht agus comhairliúchán níos láidre ann leis na grúpaí sin; á chur i bhfáth gur cheart don ardán il-gheallsealbhóra idirchaidreamh córasach a dhéanamh leis an Meitheal maidir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe chun fíor-rannpháirtíocht na mBallstát a áirithiú;

6.

á aithint go bhfuil an-drochthionchar ag easpa cuntasachta, trédhearcachta agus dea-rialachais ar chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 i dtíortha forbartha agus i dtíortha i mbéal forbartha araon agus á chur i bhfáth gur gá frith-éilliú agus sláine a chur chun cinn chun dlús a chur le cur chun feidhme SDGanna agus chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn;

7.

á chur i bhfáth gur cheart go rachadh na hiarrachtaí chun SDGanna a phríomhshruthú i mbeartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais níos faide ná cleachtadh mapála; á mheabhrú go gcuireann go leor beartais inmheánacha de chuid an Aontais ní hamháin le cur chun feidhme SDGanna ach go bhfuil tionchar éiceolaíoch, sochaíoch agus eacnamaíoch an-ard acu ar thíortha i mbéal forbartha agus ar ghrúpaí agus pobail leochaileacha; ag áitiú, dá bhrí sin, nach mór gníomhaíocht inmheánach agus sheachtrach AE a chomhordú tuilleadh d’fhonn tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar an leibhéal domhanda; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cur chuige comhtháite, a dteastódh réitigh shistéamacha chuige; ag aithint an dul chun cinn a rinneadh maidir le fothú acmhainneachta, ach á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar ailíniú agus comhordú gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta ar fud an Aontais;

8.

ag moladh go mbeadh comhtháthú beartais níos fearr ann ar mhaithe le forbairt sa phacáiste stairiúil reachtach “Oiriúnach do 55” (13), sa chomhbheartas talmhaíochta, sa chomhbheartas iascaigh, sa chomhbheartas tráchtála agus in obair an Choimisiúin i gcoitinne; á chur in iúl, ós rud é nach bhfuil straitéis cur chun feidhme SDGanna ann, go bhfuil sé níos dúshlánaí comhleanúnachas beartais a bhaint amach, mar gheall ar an easpa cuspóirí soiléire, intomhaiste uile-Aontais faoi cheangal ama atá ann a bhféadfaí tuairisciú a dhéanamh orthu i gcás gach SDG; á iarraidh go dtabharfaí tús áite don fhorbairt inbhuanaithe agus go ndéanfaí í a phríomhshruthú feadh an timthrialla beartais (dearadh, cur chun feidhme agus meastóireacht), agus go ndéanfaí gnéithe uile na forbartha a mheas go córasach i measúnuithe tionchair, i nochtadh faisnéise agus i gceanglais tuairiscithe sheachtraigh; ag moladh go ndéanfadh an Coimisiún iniúchadh inmheánach chun ailíniú a áirithiú idir beartais inmheánacha agus sheachtracha AE; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh SDGanna mar chnámh droma ag beartais phoiblí na hEorpa;

9.

á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis nua ardleibhéil um chur chun feidhme Chlár Oibre 2030 an Aontais a ghlacadh, mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach i mí Dheireadh Fómhair 2018, ag tógáil ar rúin ón Aontas agus ar threoracha beartais atá dírithe ar SDGanna a bhaint amach, ós rud é go bhfuil níos lú ná 8 mbliana fágtha chun Clár Oibre 2030 a bhaint amach agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le cur chun feidhme práinneach, i gcomhréir leis na Deich mBliana Gníomhaíochta chun na Spriocanna Domhanda a bhaint amach; á chreidiúint gur cheart go saineofaí na nithe seo a leanas, ar a laghad, le straitéis den sórt sin:

(a)

creat nua rialachais, arna threorú ag Coimisinéir ardleibhéil amháin atá freagrach as SDGanna a chur chun feidhme i ngach punann agus a rachaidh i gcomhairle go córasach leis an ardán nua il-gheallsealbhóra;

(b)

sraith athbhreithnithe de chuspóirí nithiúla, intomhaiste, uile-Aontais faoi cheangal ama chun uaillmhian AE agus bearta nithiúla chun iad a bhaint amach a threisiú;

(c)

córas faireacháin agus táscairí nuashonraithe, agus tionchar inmheánach agus seachtrach AE ar dhul chun cinn domhanda SDGanna á chur san áireamh;

(d)

plean airgeadais aonair chun cuspóirí SDG an Aontais a bhaint amach, agus é nasctha leis na cuspóirí thuas;

(e)

plean do thaidhleoireacht agus comhar idirnáisiúnta an Aontais a mhéid a bhaineann le SDGanna, faoi stiúir Toscaire Speisialta do SDGanna, chun a áirithiú go roinnfear an t-ualach go cothrom agus go mbeidh cothrom na Féinne ann;

á iarraidh ar Uachtarán na Parlaiminte, ar Uachtarán an Choimisiúin agus ar Uachtarán na Comhairle ráiteas idirinstitiúideach a chur leis an straitéis sin, ar ráiteas é lena ndéanfar tiomantas AE do Chlár Oibre 2030 a athnuachan; á chur i bhfáth gur cheart an straitéis sin a fhoilsiú faoi mhí an Mheithimh 2023 ar a dhéanaí, chun go mbeidh ról ceannasach ag an Aontas maidir le Clár Oibre 2030 a athbheochan ag Cruinniú Mullaigh SDG i mí Mheán Fómhair 2023; á chur i bhfáth gur cheart an straitéis a athbhreithniú go rialta agus gur cheart bearta ceartaitheacha a bheith ag gabháil léi i réimsí ina meastar an dul chun cinn a bheith stoptha nó neamhleor;

10.

á chur i bhfios gur den réamhriachtanas é go mbeadh comhordú ann laistigh d’institiúidí an Aontais agus eatarthu chun éifeachtacht ghníomhaíochtaí an Aontais a mhéadú; á iarraidh go gcruthófaí tascfhórsa idirinstitiúideach chun idirphlé struchtúrtha a éascú maidir leis na SDGanna, ar a mbeadh ionadaithe ón bParlaimint, ón gCoimisiún agus ón gComhairle; á mheas gur cheart don tascfhórsa sin, ar cheart dó teacht le chéile gach ráithe, an fhreagracht a ghlacadh air féin iarrachtaí an Aontais a chomhordú chun na SDGanna a chur i gcrích go hinmheánach agus ar fud an domhain; á chur in iúl go bhfuil sí muiníneach go dtabharfaidh an Coimisiún an t-eolas is déanaí do na comhreachtóirí go rialta maidir leis na forbairtí beartais agus na bearta a gabhadh de láimh chun na SDGanna a chur chun feidhme;

11.

á chur in iúl gur geal léi comhtháthú na SDGanna in athbhreithniú 2021 ar an mbosca uirlisí maidir le Rialáil Níos Fearr, lena n-áirítear an teachtaireacht, na treoirlínte agus an bosca uirlisí féin, go háirithe an uirlis thiomnaithe maidir le cur chun feidhme na SDGanna agus táscairí ábhartha SDG a léiriú maidir leis na cineálacha éagsúla tionchair;

12.

á chur in iúl gurb é a tuairim gur cheart go mbeadh glacadh na straitéise cuimsithí nua cur chun feidhme bunaithe ar chur chuige ó bhun aníos, tar éis mapáil a dhéanamh ar na SDGanna agus tar éis próiseas comhairliúcháin rannpháirtíochta poiblí a bheadh leathan, struchtúrtha, cuimsitheach agus fóinteach, in éineacht le plean d’fhor-rochtain shuntasach agus rannpháirtíocht na saoránach, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, ionadaithe ábhartha tionscail agus, ar bhonn níos leithne, an earnáil phríobháideach, ceardchumainn, lucht léinn, rialtais réigiúnacha agus áitiúla, mionlaigh agus grúpaí leochaileacha;

13.

á iarraidh ar an gCoimisiún réamhullmhúchán a dhéanamh le haghaidh chlár oibre na Náisiún Aontaithe tar éis 2030 le treochlár spriocanna agus beart chun na chéad spriocanna eile maidir le forbairtí inbhuanaithe a phleanáil;

Faireachán

14.

á iarraidh ar an bParlaimint buanrapóirtéir a cheapadh maidir le cur chun feidhme na SDGanna chun oibriú leis an mBiúró agus le gach coiste, agus leis an ardán ilgheallsealbhóra chomh maith; á mholadh, thairis sin, gur cheart do gach coiste Feisire a cheapadh a bheidh freagrach as na SDGanna a chomhlíonadh agus gur cheart do na Feisirí freagracha sin teacht le chéile ina measc féin agus leis an mbuanrapóirtéir ar bhonn ráithiúil chun an t-ailíniú a áirithiú;

15.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról le himirt ag Parlaimint na hEorpa agus ag na parlaimintí náisiúnta freisin maidir lena áirithiú go ndéantar an fhorbairt inbhuanaithe a phríomhshruthú sna nósanna imeachta agus go sárófar na bacainní; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tábhacht ag baint le rannpháirtíocht agus rannchuidiú na Parlaiminte san Fhóram Ardleibhéil Polaitíochta bliantúil um Fhorbairt Inbhuanaithe (HLPF), agus ag an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme na SDGanna i ndáil leis an méid sin;

16.

á dhearbhú nach féidir tuiscint níos fearr a fháil ar fhíorthionchar an Aontais ar dhul chun cinn na SDGanna san Aontas agus ar fud an domhain ach trí aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sna sonraí atá ann cheana, lena n-áirítear an easpa sonraí imdhealaithe agus laigí sna córais faisnéise, trí neartú a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as na sonraí staidrimh atá ann cheana ó fhoinsí éagsúla agus trí ghlacadh le sonraí teorann agus intleacht shaorga, i gcomhréir le rialacháin agus rialacha maidir le cosaint sonraí; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le gach ceann de na 169 gcuspóir fo-sprice; á iarraidh ar AE dlús suntasach a chur leis an gcomhar teicniúil le tíortha atá i mbéal forbartha chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna sonraí domhanda a chruthaítear de bharr easpa acmhainní faireacháin agus modheolaíochtaí neamhréireacha;

17.

á chur in iúl gur geal léi na tuarascálacha faireacháin bliantúla ó Eurostat maidir leis na SDGanna; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú bliantúil ar thacar táscairí SDG ó Eurostat agus go mbeadh rialtais réigiúnacha agus áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach go córasach san athbhreithniú bliantúil sin, i gcomhréir le hathbhreithniú 2021; á chur in iúl go láidir gur gné thrasteorann agus thrasearnála í an fhorbairt inbhuanaithe; á dhearbhú go bhfuil sí toilteanach aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí diúltacha iarmharta atá ag cur chun feidhme na SDGanna ar réigiúin eile; á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta ag Eurostat chuige sin agus an chéad iarracht éifeachtaí iarmharta den sórt sin a chainníochtú go páirteach, ach á chur i bhfáth gur gá an mhodheolaíocht sin a fhorbairt tuilleadh chun go dtabharfar aird leordhóthanach ar lorg domhanda an Aontais (14); á iarraidh go ndéanfaí táscairí a shocrú do gach sprioc thar a uasteorainn de shé cinn chun gníomhaíocht sheachtrach AE, slabhraí soláthair agus luachshlabhraí Eorpacha agus iarmhairtí iarmharta thomhaltas AE a chur san áireamh;

18.

á chur i bhfáth go bhfuil gá leis na Conclúidí ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le geilleagar na dea-bhaile a chur chun feidhme agus á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis an méid sin, an deais agus an táscaire “Thar OTI” a chur i bhfeidhm gan mhoill, mar a leagtar síos san ochtú clár gníomhaíochta comhshaoil de chuid an Aontais, lena gcuirtear daoine agus a bhfolláine i gcroílár dhearadh an bheartais; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhearta malartacha a chur chun feidhme maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na SDGanna, amhail an tInnéacs maidir leis an Dul Chun Cinn Sóisialta;

19.

á chur i bhfáth gur cheart leibhéal íosta sonraí agus imdhealaithe staidrimh, a bheadh ailínithe le creat domhanda faireacháin na SDGanna agus maidir le gach SFI san Aontas, a bhunú, lena gcumhdófaí, i gcás inarb iomchuí, suíomh geografach, inscne, gnéaschlaonadh, ioncam, leibhéal oideachais, aois, cine, eitneachas, stádas imirce, lagú agus tréithe eile, agus gur cheart prionsabail an chur chuige maidir le sonraí atá bunaithe ar chearta an duine a chur san áireamh; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún marcóirí a bhunú chun neamhionannas a thomhas i ndáil leis sin; á iarraidh ar Eurostat tabhairt faoin obair ullmhúcháin ar fad a theastaíonn chun an leibhéal imdhealaithe sin a chur san áireamh sna tuarascálacha faireacháin atá ar na bacáin, i gcomhréir leis na treoirlínte agus na tosaíochtaí a leagann an Idirghníomhaireacht agus an Sainghrúpa um Tháscairí SDGanna síos agus atá curtha in oiriúint do chomhthéacs AE;

20.

á mheabhrú gurb iad na hathbhreithnithe deonacha náisiúnta an phríomhuirlis chuntasachta i gClár Oibre 2030; á mheabhrú a thábhachtaí atá athbhreithnithe náisiúnta mar bhealach chun teannas agus comhbhabhtáil idir SDGanna a shainaithint agus chun próiseas atriallach a ghiniúint maidir le beartais a choigeartú i bhfianaise an dul chun cinn i dtreo spriocanna; á mholadh do na Ballstáit páirt a ghlacadh sna hathbhreithnithe deonacha náisiúnta agus na moltaí a rinneadh an uair seo a chur san áireamh agus a chur chun feidhme ar bhealach fóinteach; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú deonach AE a chur i láthair ag HLPF 2023 agus gach bliain ina dhiaidh sin, agus a iarraidh go ndéanfaí caighdeánú breise ar na hathbhreithnithe deonacha náisiúnta, lena ndíreofar ar inniúlachtaí eisiacha comhroinnte an Aontais, ach ina mbeadh measúnú freisin ar thionchar foriomlán dearfach agus diúltach an Aontais agus na mBallstát ar dhul chun cinn domhanda SDGanna; á mheas gur cheart an t-athbhreithniú sin a bheith bunaithe ar tháscaire athbhreithnithe SDG agus gur cheart go gcumhdófaí leis tosaíochtaí inmheánacha, taidhleoireacht, agus gníomhaíocht idirnáisiúnta chun na nithe comónta domhanda a athbhunú agus a chosaint agus chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí idirnáisiúnta bheartais inmheánacha an Aontais, mar aon le gnéithe dearfacha agus diúltacha ghníomhaíocht an Aontais;

21.

ag aithint a thábhachtaí atá athbhreithnithe deonacha áitiúla agus athbhreithnithe deonacha fonáisiúnta maidir leis gach SDG a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis an bParlaimint agus í a chur ar an eolas faoi athbhreithniú deonach AE roimh Chruinniú Mullaigh 2023 maidir le SDGanna; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hathbhreithniú rialta a fhorbairt ar chur chun feidhme na SDGanna ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil san Aontas; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, obair Chlár na Náisiún Aontaithe um Lonnaíochtaí don Duine; á mholadh go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar thionscnamh na Náisiún Aontaithe um “Logánú na SDGanna” chun dlús a chur leis na hiarrachtaí chun na SDGanna a ghnóthú faoi 2030 agus chun na hiarrachtaí sin a mhéadú; ag moladh an obair a rinne an tAirmheán Comhpháirteach Taighde maidir le logánú Chlár Oibre 2030 agus maidir leis an Lámhleabhar Eorpach um Athbhreithnithe Áitiúla Deonacha SDG, lena gcuirtear táscairí oifigiúla agus turgnamhacha úsáideacha ar fáil chun córas éifeachtach faireacháin áitiúil SDG a bhunú atá dírithe go sonrach ar chathracha Eorpacha; á chur in iúl gur geal léi an treoirthionscadal “Faireachán a dhéanamh ar SDGanna i réigiúin an Aontais – na bearnaí sonraí a líonadh”, a thionscain Parlaimint na hEorpa, lena saineofar agus lena dtástáilfear tacar comhchuibhithe táscairí do réigiúin an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar ghnóthú na SDGanna agus lena réiteofar an bealach do phróiseas córasach athbhreithnithe i réigiúin an Aontais;

22.

á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh agus ar thorthaí na tuarascála bliantúla ó Eurostat maidir le faireachán ar SDGanna gach bliain le linn an aithisc ar Staid an Aontais Eorpaigh; ag dréim leis go n-áireofar i gclár oibre bliantúil an Choimisiúin na SDGanna mar thosaíocht bhliantúil, lena n-áirítear tograí nithiúla le haghaidh tionscnaimh reachtacha nó neamhreachtacha a bhfuil sé mar aidhm leo rannchuidiú le gnóthú na SDGanna agus go ndéanfar na SDGanna a phríomhshruthú go hiomlán i gclár oibre bliantúil an Choimisiúin;

23.

ag aithint a thábhachtaí atá tuairisciú na hearnála príobháidí do chur chun feidhme na SDGanna; á thabhairt chun suntais gur féidir le tuairisciú ar inbhuanaitheacht chorparáideach agus dícheall cuí, nuair a thagann siad faoi réir iniúchtaí ábhartha, a bheith ina chreat tábhachtach chun cuntasacht níos fearr a spreagadh san earnáil phríobháideach i ndáil leis an tionchar sóisialta agus comhshaoil a bhíonn ag cuideachtaí agus i ndáil leis an méid a rannchuidíonn siad le SDGanna a bhaint amach; á mholadh do na gníomhaithe uile ar fud na sochaí, lena n-áirítear eintitis phríobháideacha, páirt a ghlacadh i dtuairisciú deonach rialta ar chur chun feidhme na SDGanna;

24.

á iarraidh ar an gCoimisiún fóram ar líne a bhunú chun dea-chleachtais a chomhroinnt le haghaidh na dtionscnamh ar an leibhéal áitiúil chun SDGanna a ghnóthú, fóram arna eagrú ag SDG; á mholadh go ndéanfaí an fóram sin a chur chun cinn mar chuid de ghníomhaíocht sheachtrach agus inmheánach AE maidir le gnóthú na SDGanna;

Buiséad agus maoiniú

25.

á chur i bhfios go láidir gur uirlis ríthábhachtach é buiséad an Aontais chun na SDGanna a chur chun feidhme, mar gheall ar a méid comhcheangailte de EUR 1,8 trilliún, mar gheall ar a réimse fadtéarmach agus mar gheall ar a ngné ilnáisiúnta (15);

26.

ag tabhairt dá haire go raibh an féichiúnas poiblí sa Domhan Theas ar leibhéil nach bhfacthas riamh cheana roimh COVID-19, rud ar cúis imní di é, a d“fhág go raibh sciar méadaitheach de bhuiséid phoiblí á n-úsáid chun fónamh d”fhiacha seachtracha, rud a rinne difear do chumas na rialtas maoiniú leordhóthanach a dhéanamh ar sheirbhísí bunúsacha poiblí agus iad a sholáthar; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur chuir an ghéarchéim atá ann faoi láthair leis na leochaileachtaí fiachais sin a bhí ann cheana; á iarraidh go gcruthófaí sásra iltaobhach láimhseála fiachais, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim fiachais i dtíortha atá i mbéal forbartha agus ar riachtanais mhaoinithe Chlár Oibre 2030;

27.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an méid a chuireann an tAontas leis na SDGanna a thomhas ar bhealach beacht agus cuimsitheach, ós rud é gur coinníoll bunriachtanach é sin chun comhtháthú beartais a ghnóthú don fhorbairt inbhuanaithe; á chur in iúl gur geal léi spriocanna an Choimisiúin don chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) i ndáil le spriocanna sonracha SDG agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige caiteachas bhuiséad an Aontais ar an aeráid, ar an mbithéagsúlacht, ar an aer glan, ar an imirce agus ar chomhionannas inscne a rianú (16); á chur in iúl gur geal léi go bhfuil córais á gcur ar bun, i raon beartas, chun tuairisciú a dhéanamh maidir le SDGanna, lena n-áirítear sa chomhar um fhorbairt; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, in ainneoin ghealltanas an Choimisiúin i mí na Samhna 2020, nach leor an dul chun cinn atá déanta chun acmhainní agus caiteachas a bhaineann le SDGanna a rianú ina n-iomláine – seachas réimse na gníomhaíochta seachtraí, mar a leagtar amach in athbhreithniú 2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa – agus chun neamhréireachtaí a rianú i measc na gcaiteachas, rud a chuireann bac ar chumas AE agus tríú tíortha na SDGanna a ghnóthú, go háirithe i réimse na talmhaíochta; á áitiú, dá bhrí sin, go bhfuil gá le rianú cuimsitheach caiteachais SDG trí mhodheolaíochtaí tiomnaithe a úsáid, mar shampla, agus tagairt á déanamh do neamhionannais (SDG 10) agus don tábhacht straitéiseach a bhaineann leo chun na SDGanna uile a chur chun feidhme; á athdhearbhú go mbeidh i gceist leis sin dul níos faide ná an cleachtadh mapála atá ann cheana agus a tharlaíonn sa tuarascáil bhliantúil bhainistíochta agus feidhmíochta do bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú le roinnt blianta anuas de réir a chéile ar an leibhéal lamháltais ODA do thíortha i mbéal forbartha, go ginearálta, agus do na tíortha is lú forbairt, go háirithe, rud ar cúis imní di é, agus á iarraidh ar AE a sprioc a bhaint amach maidir le 20 % ar a laghad de ODA a leithdháileadh ar fhorbairt dhaonna mar uirlis riachtanach chun na SDGanna a ghnóthú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le go ndéanfadh deontóirí tús áite a thabhairt do mhaoiniú deontas-bhunaithe, go háirithe do na tíortha is lú forbairt, i bhfianaise a n-ualaí fiachais neamh-inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún borradh a chur faoi na huirlisí maoinithe atá ann faoi láthair chun glan-astaíochtaí nialasacha a ghnóthú in oibríochtaí agus slabhraí soláthair na hEorpa faoi 2030;

28.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le hoiliúint a mhaoiniú chun acmhainneacht a fhothú do FBManna chun a fháil amach conas na SDGanna a chur chun feidhme ina ngníomhaíochtaí laethúla;

29.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinneadh chun na SDGanna a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach ar bhealach cuimsitheach, lena n-áirítear trí na Suirbhéanna Bliantúla ar Fhás Inbhuanaithe agus trí fhaireachán bliantúil Eurostat ar SDGanna a chomhtháthú mar chuid de phacáiste earraigh an tSeimeastair Eorpaigh; ag athdhearbhú go dtacaíonn sí le táscairí bithéagsúlachta a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach; ag tathant ar na Ballstáit cur le leibhéal uaillmhéine a bhfreagairtí náisiúnta maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030; á chur in iúl gur geal léi lárnacht na SDGanna i bpacáiste an fhómhair, go háirithe an moladh go bhfuil straitéis “a théann thar OTI” á saothrú ag na Ballstáit chun na SDGanna a leabú ina bhfreagairtí náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den athchóiriú ar an Seimeastar Eorpach chun cothromaíocht a bhaint amach idir tosaíochtaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, ionas go gcuirfidh sé athrú fadtéarmach sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch chun cinn agus go gcuirfidh sé feabhas ar chomhtháthú Chlár Oibre 2030, Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar gach leibhéal, ina mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lánpháirteach agus lena gcomhlánófar athchóirithe agus infheistíochtaí sna Ballstáit; á mheas gur cheart a áirithiú leis an athchóiriú sin nach n-eascróidh próiseas beartais atá comhthreomhar leis an Seimeastar Eorpach as comhordú beartais SDG Eorpach, ach gur cur chuige comhtháite comhleanúnach a bheidh ann bunaithe ar chomhaontú nua don fhorbairt inbhuanaithe; ag dréim leis go gcuirfidh próiseas an tSeimeastair feabhas ar inniúlachtaí na mBallstát maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na SDGanna;

30.

Ag tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á iarraidh go mbeadh tuiscint níos fearr ann ar ról sineirgisteach na SDGanna maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus ag leagan béim, sa chomhthéacs sin, ar fhóntas na spriocanna forbartha inbhuanaithe, go háirithe SDG 13, agus ar an deis chun obair a dhéanamh ar chomhbhabhtáil agus ar chomhleanúnachas beartais laistigh de chreat SDG;

31.

á iarraidh go ndéanfaí mapáil chuimsitheach ar na himchlúdaigh airgeadais de bheartais, de chláir agus de chistí de chuid an Aontais, ar athneartaíodh iad le cistí breise NextGenerationEU, chun Eoraip a bheidh níos glaise, níos digití agus níos athléimní a chruthú, lena n-áirítear mapáil a dhéanamh chun a fháil amach an bhfuil na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe struchtúracha a saothraítear faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ag teacht le cuspóirí Chlár Oibre 2030 agus iad a chur chun cinn tuilleadh; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme ina n-iomláine an mhodheolaíocht chun an t-athrú aeráide a rianú agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, chomh maith leis na tosaíochtaí sóisialta agus déimeagrafacha a leagtar síos leis na SDGanna agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;

32.

á chur i bhfios go láidir nach mór maoiniú poiblí agus príobháideach a ailíniú leis na SDGanna; ag tathant ar an gCoimisiún Clár Oibre 2030 a neadú i mbeartais eacnamaíocha agus airgeadais agus i reachtaíocht eacnamaíoch agus airgeadais; á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit, i gcomhthéacs ina bhfuil ODA fós gann, oibríochtaí measctha a dhíriú ar na réimsí sin inar féidir leo breisluach a chur leis an ngeilleagar áitiúil; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht níos leithne a thabhairt do chomhpháirtíochtaí le fiontair intíre na dtíortha is lú forbairt a shaothraíonn samhlacha gnó atá inbhuanaithe agus cuimsitheach;

33.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair le chéile chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus a mhaoiniú; á chur i bhfáth a riachtanaí atá institiúidí airgeadais chun straitéisí agus spriocanna a shainiú agus a ghlacadh chun punanna airgeadais a ailíniú leis na SDGanna agus chun tuairisc a thabhairt go rialta ar dhul chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí dianphlé leis an earnáil phríobháideach agus go mbeifí i dteagmháil léi chun maoiniú príobháideach a spreagadh agus chun feabhas a chur ar chruthú treoirlínte oibre maidir le SDGanna bliantúla do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, don saol acadúil agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit, go háirithe i ngeall ar ábhair imní maidir le hinbhuanaitheacht fiachais, cur chuige stuama a ghlacadh maidir le maoiniú cumaiscthe agus a áirithiú go gcomhlíonfaidh an maoiniú ar fad a shlógtar trí mheán an chumaisc éifeachtacht na forbartha, inbhuanaitheacht agus prionsabail an airgeadais chumaiscthe de chuid Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE;

34.

ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon phlean ainmnithe fós ag an Aontas chun na SDGanna a mhaoiniú; ag tathant ar an gCoimisiún plean den chineál sin a ullmhú mar ábhar práinne, agus aird á tabhairt ar an mbearna mheasta bhliantúil de USD 3,7 trilliún i maoiniú SDG tar éis COVID-19 (17); á chur i bhfios go láidir, in éagmais plean den chineál sin, lena n-áirítear spriocanna inchainníochtaithe atá sainithe go soiléir, go gcuirtear cosc ar rianú cuimsitheach caiteachais na SDGanna faoi bhuiséad an Aontais;

35.

á iarraidh ar AE na gealltanais a chomhlíonadh maidir le SDGanna chun infheistíocht a dhéanamh in oideachas agus oiliúint dídeanaithe agus imirceach chun a áirithiú go mbeidh siad in ann barr a gcumais a bhaint amach laistigh de phobail agus de gheilleagair na n-óstnáisiún;

36.

ag tabhairt dá haire go bhfuil athruithe déanta ar ollstruchtúr airgeadais na hEorpa don fhorbairt (EFAD), mar a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 a chur i gcroílár an ollstruchtúir airgeadais (EFAD) nua chun go mbeidh sé níos éifeachtaí, níos éifeachtúla, níos comhordaithe agus níos cuimsithí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht ag baint le EFAD lánfheidhmiúil chun an bhearna dhomhanda maoinithe SDG a líonadh; á iarraidh go mbeadh comhar agus ailíniú níos mó ann idir an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, bainc náisiúnta forbartha agus gníomhaithe airgeadais beaga agus meánmhéide eile, agus béim ar leith á leagan ar thionscadail infheistíochta faoi luach EUR 5 mhilliún, chun tionchar níos mó a imirt ar na SDGanna; á iarraidh ar an gCoimisiún creat coiteann agus treoir a fhorbairt maidir le maoiniú AE a dhíonadh go hiomlán ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, agus déanamh de réir chur chuige Fhoireann na hEorpa chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht a áirithiú i mbeartais forbartha na hEorpa; á iarraidh go mbainfear leas as cur chuige Fhoireann na hEorpa chun dlúth-chomhordú a áirithiú idir an tAontas agus na Ballstáit chun Clár Oibre 2030 a ghnóthú; á iarraidh ar AE a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le leas a bhaint as acmhainní airgeadais leordhóthanacha ó thíortha forbartha chun tacú le claochlú na SDGanna agus an géarghá atá le hoiriúnú don athrú aeráide sna tíortha is leochailí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go saothrófar leis an EFAD nua an sprioc an Córas Iltaobhach Airgeadais Oifigiúil (MSOF) a athbhunú, chun deireadh a chur le hiasachtú neamh-inbhuanaithe roinnt tíortha nach bhfuil in MSOF;

37.

á chur i bhfáth go bhfuil práinn le huaillmhian agus gníomhaíocht a mhéadú maidir le maolú, oiriúnú agus maoiniú sna deich mbliana ríthábhachtacha seo chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí idir na Ballstáit maidir le saincheisteanna comhshaoil;

38.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint leis na hiarrachtaí chun na SDGanna a ghnóthú agus ag athdhearbhú go bhfuil an t-oideachas fós ina cheart bunúsach agus ina infheistíocht ríthábhachtach chun na SDGanna uile a bhaint amach agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas trí chúnamh daonnúil agus trí chomhpháirtíochtaí níos láidre le codanna éagsúla den domhan, lena n-áirítear an Afraic;

39.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag an oideachas, an cultúr, an spórt, agus cláir AE faoi seach maidir leis na SDGanna a ghnóthú agus á iarraidh go neartófar an ghné idirnáisiúnta díobh agus go n-aithneofar ag an am céanna cumhacht na taidhleoireachta idir daoine;

40.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá SFI 4.1, arb é is aidhm di timthriall oideachais iomlán ardchaighdeáin bunscoile agus meánscoile 12 bhliain a chur ar fáil saor in aisce do chách; á mheabhrú nach bhfuil leibhéil reatha an chaiteachais rialtais i dtíortha íseal-ioncaim agus íseal-mheánioncaim chomh hard leis na leibhéil is gá chun na SDGanna a ghnóthú; á mheabhrú go bhfuil maoiniú seachtrach ríthábhachtach chun tacú le deiseanna oideachais na ndaoine is boichte ar domhan; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit dlús a chur leis an gcúnamh um fhorbairt chun an cuspóir maidir le rochtain uilíoch ar oideachas a bhaint amach trí thacaíocht bhuiséadach AE, rud a bhfuil a éifeachtúlacht léirithe aige i réimse an oideachais;

41.

á mholadh do cheannairí an domhain nascacht agus rochtain ar bhonneagair dhigiteacha, amhail rochtain ar líonra inacmhainne ardchaighdeáin, a mheas mar cheart a dhíorthaítear ón gceart bunúsach chun oideachais;

42.

á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú agus tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit maidir le moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith agus malartú dea-chleachtas chun cáilíocht agus cuimsitheacht a gcóras oideachais a fheabhsú agus chun bearnaí inscne agus socheacnamaíocha a dhúnadh a mhéid a bhaineann le sealbhú scileanna bunúsacha agus glacadh na heolaíochta, na teicneolaíochta, na healaíne, na hinnealtóireachta agus na matamaitice i gcomhréir le fís an Limistéir Eorpaigh Oideachais, le haistriú glas agus aistriú digiteach AE agus le SDG 4;

43.

á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as GreenComp, an creat Eorpach um inniúlachtaí inbhuanaitheachta, chun cur chuige córasach a fhorbairt i dtreo meon inbhuanaitheachta a fhorbairt do gach aois agus leibhéal oideachais, lena ndéantar ábharthacht do réaltachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a chomhcheangal le cur chuige comhsheasmhach laistigh den Limistéar Eorpach Oideachais; á iarraidh an athuair ar na Ballstáit an Limistéar Eorpach Oideachais a chur i gcrích faoi 2025, mar chéim idirmheánach bunriachtanach chun na spriocanna a leagtar amach faoi SDG 4 a bhaint amach;

44.

ag moladh líonrú idir na hearnálacha neamhfhoirmiúla agus foirmiúla oideachais chun pobail ghairmiúla foghlama a chruthú lena dtacófar le múinteoirí agus iad ag nuáil cleachtais oideolaíocha, lena gcothófar iliomad inniúlachtaí, lena n-éascófar úinéireacht daltaí agus lena gcothófar a n-intleacht mhothúchánach agus a n-athléimneacht i leith eagla agus neamhchinnteachtaí; ag tarraingt aird ar an taithí atá ag cumainn chultúir agus spóirt an phobail i ndáil leis sin;

45.

ag áitiú go ndéanfadh na húdaráis oideachais infheistíocht i bhfeabhsú cháilíocht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna le bonneagar úrscothach, próisis digitithe agus naisc chuig an triantán eolais, lena ndéanfaí an earnáil a ailíniú le spriocanna inbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta agus lena gcuirfí ar a cumas bealaí eile d’fhorbairt scileanna a chur ar fáil lena rannchuideofaí le cur chun feidhme na SDGanna;

46.

á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an oideachas luath-óige maidir le dearcthaí agus luachanna a chothú i leanaí óga, ar dearcthaí agus luachanna iad lena gcuidítear le meonta inbhuanaitheachta a fhorbairt agus lena dteaghlaigh a spreagadh chun bealaí a mheas inar féidir leo cur leis an inbhuanaitheacht, mar dhaoine aonair agus mar chomhphobal araon;

47.

ag spreagadh na fiontraíochta i measc na hóige mar shásra chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach laistigh de AE agus lasmuigh de le huirlisí Eorpacha amhail Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga agus an clár oideachais agus múscailte feasachta maidir le forbairt, i bhfianaise na hacmhainneachta chun rátaí fostaíochta a fheabhsú, slite beatha cuibhiúla a chinntiú do ghrúpaí leochaileacha agus réitigh nuálacha a fhorbairt;

48.

á chur in iúl gurb oth léi nár chomhlíon AE trí cinn de na ceithre sprioc de SDG 14 (saol faoi uisce) do 2020; á chur in iúl gurb oth léi, ina theannta sin, gur chinn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in 2020, cé go raibh creat i bhfeidhm chun an comhshaol muirí a chosaint, nár athbhunaíodh stádas maith comhshaoil na bhfarraigí, ná leibhéil inbhuanaithe na hiascaireachta sna farraigí uile, le gníomhaíochtaí AE; á iarraidh ar an gCoimisiún torthaí agus moltaí na tuarascála sin a chur chun feidhme ina phlean gníomhaíochta atá ar na bacáin chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint, chomh maith i ngníomhaíochtaí atá ar na bacáin faoin straitéis bhithéagsúlachta;

49.

á mheabhrú go bhfuil na géarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta fite fuaite ina chéile agus gur gá aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach comhleanúnach agus le chéile; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le spriocanna athchóirithe dúlra atá ceangailteach ó thaobh dlí chun aghaidh a thabhairt ar an meath ollmhór atá tagtha ar bhithéagsúlacht in AE agus chun SDGanna 14 agus 15 a bhaint amach chun cabhrú leis an ngéarchéim aeráide a mhaolú agus chun athléimneacht a chothú; á chur in iúl gurb oth léi, ina leith sin, gur cuireadh moill ar an togra le haghaidh dlí AE maidir le hathchóiriú dúlra agus á iarraidh go bhfoilseofar go pras é;

50.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá SDG 17 (comhpháirtíochtaí le haghaidh na spriocanna); ag tabhairt dá haire, faoi chuimsiú na gcomhpháirtíochtaí domhanda agus an fhothaithe acmhainneachta, go bhfuil ról nuálach ag tionscnaimh foinse oscailte, amhail tionscnamh na Spriocanna Forbartha Inmheánacha, arb é is aidhm dóibh oideachas a chur ar dhaoine, daoine a spreagadh agus daoine a chumhachtú le bheith ina bhfórsa dearfach don athrú sa tsochaí, agus ar an gcaoi sin dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo na SDGanna a bhaint amach;

Comhoibriú Iltaobhach

51.

ag áitiú go mbeidh gá le rannpháirtíocht pholaitiúil dhomhanda athnuaite agus comhar iltaobhach treisithe chun go ndéanfaidh AE agus a chomhpháirtithe dul chun cinn fónta sna hocht mbliana amach romhainn; á iarraidh go dtabharfaí gealltanais lena ndíreofaí ar ghníomhaíocht i dtreo na SDGanna a bhaint amach faoi Chruinniú Mullaigh SDG 2023, lena léireofar lárphointe thréimhse cur chun feidhme Chlár Oibre 2030; á mheabhrú, mar an tionscadal comhtháthaithe is rathúla ar domhan, a bhfuil cuntas teiste aige go bhfuil an t-iltaobhachas á chur chun cinn go rathúil aige, agus mar bhunaitheoir domhanda caighdeán, go bhfuil sé ar chumas AE dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le SDG 17 (comhpháirtíochtaí do na spriocanna); á iarraidh, dá bhrí sin, ar AE ról ceannaireachta a ghlacadh ag HLPF 2022 agus ag Cruinniú Mullaigh SDG 2023 chun an t-athshocrú polaitiúil sin a shainiú; ag moladh go mbeadh Uachtarán an Choimisiúin rannpháirteach go gníomhach i ngach HLPF;

52.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di go ndéanfaidh cailliúint na bithéagsúlachta agus na seirbhísí éiceachórais an bonn a bhaint den dul chun cinn i dtuairim is 80 % de na spriocanna measúnaithe le haghaidh na SDGanna; á mheabhrú go bhfuil athchóiriú éiceolaíoch ríthábhachtach chun an cur chuige “Aon Sláinte Amháin” a chur chun feidhme; á iarraidh ar AE aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna chailliúint na bithéagsúlachta agus oibleagáidí maidir le caomhnú, athchóiriú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní a phríomhshruthú isteach i mbeartais forbartha níos leithne;

53.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil forbairt tagtha ar an dlí idirnáisiúnta chun glacadh le coincheapa nua amhail “oidhreacht chomhchoiteann an chine dhaonna”, “forbairt inbhuanaithe” agus “na glúnta atá le teacht”, ach á chur i bhfáth nach bhfuil buansásra idirnáisiúnta ann chun faireachán a dhéanamh ar dhamáiste agus scrios don chomhshaol, ná chun aghaidh a thabhairt orthu, a athraíonn na hacmhainní uilechoiteanna domhanda nó na seirbhísí éiceachórais;

54.

ag leagan béim ar na dúshláin is mó atá os comhair na hEorpa maidir le SDGanna i réimsí na gcóras inbhuanaithe bia, an fhuinnimh inacmhainne agus ghlain, na talmhaíochta, na haeráide agus na bithéagsúlachta (SDGanna 2, 12, 13, 14 agus 15); á iarraidh ar an gCoimisiún anailís chomparáideach láidir a fhorbairt ar SDG 6 (uisce glan agus sláintíocht) agus ar SDG 14 (saol faoi uisce), go háirithe i bhfianaise Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis na hAigéin i Liospóin i mí an Mheitheamh 2022 agus HLPF i mí Iúil 2022, mar nach féidir treochtaí a ríomh mar gheall ar shonraí inchomparáide neamhleora le cúig bliana anuas; á iarraidh ar an gCoimisiún béim a leagan ar an ngá atá le táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe, go háirithe maidir leis an tuiscint atá ag tomhaltóirí ar an tionchar atá ag a n-iompar tomhaltais ar na SDGanna; á chur i bhfáth gur féidir le comhroinnt dea-chleachtais le tíortha comhpháirtíochta eolas suntasach a chur ar fáil do AE agus dá Bhallstáit maidir le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí aonair is féidir a dhéanamh chun spriocanna “Oiriúnach do 55” a bhaint amach, agus gur féidir le AE a thaithí agus a dhea-chleachtais a chomhroinnt le tíortha comhpháirtíochta freisin; ag creidiúint, mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an tionchar atá aici ar, inter alia, earnáil an bhia, go bhféadfaí ní hamháin moill a chur ar dhul chun cinn maidir le roinnt de na SDGanna, go háirithe SDGanna 1, 2 agus 10, ach go bhféadfaí iad a aisiompú, laistigh de AE agus ar fud an domhain araon; á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe go bhfuil méadú ag teacht ar phraghsanna bia, an tionchar atá acu ar na tíortha is lú forbairt agus, mar thoradh air sin, an méadú ar an mbochtaineacht, ar neamhshlándáil an tsoláthair bia, ar an míchothú agus ar an ocras;

55.

á mheabhrú go gcuirfidh an t-athrú aeráide brú de réir a chéile ar tháirgeadh bia agus ar rochtain ar bhia, go háirithe i réigiúin leochaileacha, rud a bhainfidh an bonn de shlándáil an tsoláthair bia agus den chothú; ag cur sonrú sna conclúidí ó thuarascáil 2022 IPCC, ar dá réir a lagófar sláinte ithreach agus seirbhísí éiceachórais de réir a chéile leis an téamh domhanda, rud a bhainfidh an bonn de tháirgiúlacht bia in a lán réigiún ar talamh agus sna haigéin; ag tathant ar AE agus a Bhallstáit fanacht go hiomlán tiomanta dá rannpháirtíocht agus dá n-oibleagáidí idirnáisiúnta maidir leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht agus maidir leis an gComhaontú Glas, lena n-áirítear an straitéis bhithéagsúlachta agus an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”, go háirithe i gcomhthéacs inar léiríodh le géarchéim na paindéime agus leis an gcogadh san Úcráin cé chomh leochaileach is atá tíortha i mbéal forbartha maidir le míshocracht i margadh domhanda an bhia;

56.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme chun éifeachtaí iarmhartacha dearfacha a bhaint amach, go háirithe sa Domhan Theas, agus dul i mbun fáinne ór i gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an ghné sheachtrach, ós rud é gurb ionann AE agus 19 % d’fheidhmíocht eacnamaíoch dhomhanda agus 5,6 % de dhaonra an domhain, agus sin amháin, agus go bhfuil laghdú ag teacht ar an dá sciar sin; á chur i bhfios gurb é SDG 10 an luamhán straitéiseach a thabharfaidh cumhacht dár gcomhpháirtithe iad féin a chur ar bhealach na forbartha inbhuanaithe;

57.

á chur i bhfáth go gceanglófar ar 85 % ar a laghad den ghníomhaíocht sheachtrach nua ar fad a chuirtear chun feidhme tríd an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda inscne a ionchorprú mar chuspóir suntasach nó mar phríomhchuspóir, mar a shainítear le marcóir beartais um chomhionannas inscne Choiste Cúnaimh Forbartha ECFE, agus gur cheart go mbeadh comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní mar phríomhchuspóir ag 5 % ar a laghad de na gníomhaíochtaí sin; á athdhearbhú gur cheart don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus do na Ballstáit sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo a mheas mar thosaíocht i bpróiseas clársceidealaithe AE, lena n-áirítear sa chlársceidealú comhpháirteach; ag áitiú go gcuirfí chun feidhme go pras agus go hiomlán an ceanglas atá i gclár gníomhaíochta comhshaoil AE go dtí 2030 go ndéanfaí inscne a phríomhshruthú sna beartais aeráide agus chomhshaoil, lena n-áirítear trí ghné na hinscne a ionchorprú ag gach céim den phróiseas ceaptha beartais;

58.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar na Ballstáit, de réir mar is iomchuí, na torthaí ábhartha a baineadh amach maidir le cur chun feidhme na gcúig SDG tosaíochta a thíolacadh ag HLPF 2022 a bheidh ann go luath, eadhon SDGanna 4 (oideachas ardchaighdeáin), 5 (comhionannas inscne), 14 (saol faoi uisce), 15 (beathra ar talamh), agus 17 (comhpháirtíochtaí le haghaidh na spriocanna); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ghníomhach na Parlaiminte in HLPF agus gur cheart go mbeadh sé mar chuid lárnach de thoscaireacht AE; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil sí ag dréim leis go mbeidh cead ag Feisirí na Parlaiminte freastal ar chruinnithe comhordaithe AE agus go ráthófar rochtain ar dhoiciméid dóibh le linn an chruinnithe mullaigh;

o

o o

59.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus chuig na Náisiúin Aontaithe.

(1)  IO C 210, 30.6.2017, lch. 1.

(2)  IO C 210, 30.6.2017, lch. 1.

(3)  IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0099.

(5)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 191.

(6)  IO C 23, 21.1.2021, lch. 130.

(7)  IO C 289, 9.8.2016, lch. 5.

(8)  IO C 334, 19.9.2018, lch. 151.

(9)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.

(10)  IO C 76, 28.2.2018, lch. 45.

(11)  IO C 474, 24.11.2021, lch. 91.

(12)  IO C 440, 6.12.2018, lch. 14.

(13)  COM(2021)0550.

(14)  Eurostat, an Coimisiún Eorpach, 'EU SDG Indicator set 2021 – Result of the review in preparation of the 2021 edition of the EU SDG monitoring report’ [Sraith tháscairí SDGanna an Aontais Eorpaigh – Torthaí an athbhreithnithe mar ullmhúchán d’eagrán 2021 de thuarascáil faireacháin SDGanna an Aontais Eorpaigh, 2021].

(15)  An Roinn Beartais um Ghnóthaí Buiséadacha, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, don Choiste um Rialú Buiséadach, “Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i mbuiséad an Aontais”, 2021.

(16)  An Roinn Beartais um Ghnóthaí Buiséadacha, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, don Choiste um Rialú Buiséadach, “Budgetary control of the Sustainable Development Goals in the EU budget – What measures are in place to ensure effective implementation?” [Rialú buiséadach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i mbuiséad AE – Cad iad na bearta atá i bhfeidhm chun cur chun feidhme éifeachtach a áirithiú?], 2021.

(17)  ECFE, “Global Outlook on Financing for Sustainable Development 2021 – A New Way to Invest for People and Planet”, Páras, 2020.


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/23


P9_TA(2022)0264

Cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (2021/2251(INI))

(2023/C 32/06)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (1) (Rialachán RRF),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (2) (an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 ar cheart faisnéise na Parlaiminte maidir le measúnú leanúnach ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (3),

ag féachaint do rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 ar thuairimí na Parlaiminte maidir leis an measúnú reatha ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle ar phleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (4),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 24-25 Márta 2022, lena n-áirítear na forbairtí is déanaí sa chogadh i gcoinne na hÚcráine agus smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise agus a gcur chun feidhme (5), agus an 19 Bealtaine 2022 maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha atá ag cogadh na Rúise san Úcráin – ag treisiú chumas an Aontais gníomhú (6),

ag féachaint dá rún an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an smacht reachta agus d’fhormheas ionchasach phlean téarnaimh náisiúnta na Polainne (RRF) (7)

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2106 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí tháscairí coiteanna agus gnéithe mionsonraithe an scórchláir téarnaimh agus athléimneachta a leagan amach (8),

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2105 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnamh agus Athléimneachta trí mhodheolaíocht a shainiú chun caiteachas sóisialta a thuairisciú (9),

ag féachaint do thuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Straitéis Bhliantúil 2021 don Fhás Inbhuanaithe (10),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 dar teideal Annual Sustainable Growth Survey 2022 [Suirbhé Bliantúil don Fhás Inbhuanaithe, 2021] (COM(2021)0740),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 dar teideal “Dréachtphleananna buiséadacha 2022: Measúnú Foriomlán” (COM(2021)0900),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 24 Samhain 2021 dar teideal Analysis of the euro area economy [Anailís ar gheilleagar an limistéir euro], a ghabhann leis an doiciméad “Moladh le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro” (SWD(2021)0362),

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 1 Nollaig 2021 maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (11),

ag féachaint do chéad tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (COM(2022)0075), a foilsíodh an 1 Márta 2022,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 dar teideal “RepowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh atá níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe” (COM(2022)0108),

ag féachaint don anailís chomhpháirteach ó Choiste Eorpach na Réigiún agus ó Chomhairle Bhardais agus Réigiúin na hEorpa (CEMR) maidir le rannpháirtíocht bardas, cathracha agus réigiún in ullmhú na bPleananna Náisiúnta don Téarnamh agus don Athléimneacht, agus torthaí a gcomhairliúchán spriocdhírithe an 27 Aibreán 2022 dar teideal “Cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta: Dearcadh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach”,

ag féachaint do rúin uaithi an 10 Márta 2022 maidir leis an smacht reachta agus iarmhairtí an rialaithe ó CBAE (12), agus do rún uaithi an 5 Bealtaine 2022 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) maidir leis an bPolainn agus leis an Ungáir (13),

ag féachaint don scórchlár téarnaimh agus athléimneachta agus dá anailísí téamacha chomh maith leis an gcur i láthair don Pharlaimint (14),

ag féachaint d’Fhógra ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021 dar teideal “Treoir theicniúil maidir le cur i bhfeidhm ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta” (C(2021)1054),

ag féachaint d’anailísí agus d’fhaisnéisiú a seirbhísí taighde maidir le RRF (15),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0171/2022),

A.

de bhrí gurb í an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht (RRF) an príomhbhloc tógála de phacáiste spreagtha NextGenerationEU (NGEU);

B.

de bhrí go bhfuil EUR 672,5 billiún de dheontais agus d’iasachtaí á gcur ar fáil chun bearta náisiúnta a mhaoiniú atá ceaptha chun iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 (dá ngairtear “an phaindéim” anseo feasta) a mhaolú; de bhrí gur thacaigh an Pharlaimint ar dtús le sciar níos airde de dheontais sa RRF;

C.

de bhrí go dtacaíonn maoiniú RRF le príomhréimsí beartais amhail an t-aistriú glas, an claochlú digiteach, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, athléimneacht institiúideach agus ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, chomh maith le leanaí agus an óige, lena n-áirítear oideachas agus scileanna;

D.

de bhrí gur fhág ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 go ndearna AE smachtbhannaí eacnamaíocha nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe a fhorchur; de bhrí, mar gheall ar an gcoinbhleacht a chruthaigh an Rúis, go bhfuil líon mór saoránach Úcránach chun an Úcráin a fhágáil agus chun taisteal chuig AE agus chun cur fúthu ann; de bhrí go mbeidh iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ag an ionradh míleata ar fud mhór-roinn na hEorpa, go háirithe i dtíortha in oirthear na hEorpa, lena n-áirítear i ndáil leis an ngá práinneach atá ann spleáchas fuinnimh ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú;

E.

de bhrí go bhfuil AE ag fulaingt deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar amhábhair chriticiúla áirithe agus go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ann do chur chun feidhme RRF;

F.

de bhrí go raibh tionchar tubaisteach ag an bpaindéim ar staid eacnamaíoch agus shóisialta na ndaoine agus na ngnólachtaí san Eoraip; de bhrí gur tharla crapadh suntasach i ngeilleagar AE le linn na paindéime; de bhrí go raibh tionchar ag an bpaindéim ar ghnólachtaí AE, agus go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus go raibh iarmhairtí diúltacha aige sin d’fhás agus d’iomaíochas AE agus dá dtáirgiúlacht agus dá gcumas poist a chruthú; de bhrí gurb é margadh aonair AE an príomhspreagadh fáis in AE agus gur cheart é a neartú agus a chosaint ó éifeachtaí diúltacha na paindéime, agus gur cheart ag an am céanna infheistíochtaí sa taighde agus sa nuálaíocht a chur chun cinn; de bhrí go raibh ardú os cionn an mheáin ag roinnt tíortha arís le linn na paindéime; de bhrí go bhfuil mná, daoine óga, daoine aosta, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh mhóra níos mó i mbaol mar gheall ar an bhforbairt sin; de bhrí gur cuireadh brú ar earnáil sláinte AE go dtí an dóbair le linn na paindéime agus go ndearnadh tástáil ghéar ar a hathléimneacht agus go ndearnadh difear mór di; de bhrí go bhfuil an ráta dífhostaíochta i measc na n-óg fós níos airde ná an ráta foriomlán dífhostaíochta; de bhrí go bhfuil riosca níos airde bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta ag daoine óga, chomh maith le riosca suntasach maidir le rochtain a bheith acu ar phoist ardcháilíochta;

G.

de bhrí go bhfuil forbairt leanúnach scileanna digiteacha, chomh maith le forbairt scileanna lena mbaineann acmhainneacht eacnamaíoch amhail scileanna glasa nó fiontraíochta ríthábhachtach chun go mbeidh margadh saothair Eorpach iomaíoch, sláintiúil, cuimsitheach agus dírithe ar an todhchaí agus ba cheart go gcruthódh sé rochtain agus deiseanna do gach Eorpach ar phoist ardchaighdeáin; de bhrí gurb amhlaidh don ghairmoideachas, do scileanna trádála agus scileanna saoil; de bhrí gur gá do AE aon neamhréir scileanna a shárú chun úsáid éifeachtach a bhaint as a chaipiteal daonna; de bhrí gur cheart rochtain ar bhonneagar digiteach ceart agus ar oiliúint ar scileanna digiteacha a bheith ar fáil do chách chun nach leathnófar an bhearna idir daoine maidir leis an litearthacht dhigiteach agus go n-áiritheofaí comhdheiseanna do chách sa chóras oideachais agus sa mhargadh saothair;

H.

de bhrí, chun bheith incháilithe do mhaoiniú, ní mór go n-áireofaí sna Pleananna Náisiúnta don Téarnamh agus don Athléimneacht (NRRPanna) athchóirithe agus infheistíochtaí a thagann faoi raon feidhme sé cholún Rialachán RRF, agus a urramaíonn a chuspóirí ginearálta agus sonracha, prionsabail chothrománacha agus an 11 chritéar mheasúnaithe a leagtar amach i Rialachán RRF;

I.

de bhrí go bhfuil an t-idirphlé agus an trédhearcacht idir institiúidí AE agus na Ballstáit ríthábhachtach chun RRF a chur chun feidhme ar an mbealach is fearr;

J.

de bhrí nach mór don Choimisiún, atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme RRF, an Pharlaimint a chur ar an eolas go tráthrialta faoi stádas mheasúnú na NRRPanna, agus faoin gcaoi a bhfuil na spriocanna agus na garspriocanna curtha chun feidhme ag na Ballstáit, lena n-áirítear a gcion chun na spriocanna glasa agus digiteacha a bhaint amach; de bhrí go bhfuil sé de cheangal ar an gCoimisiún tuairimí na Parlaiminte a chur i gcuntas;

K.

de bhrí nach mór do na Ballstáit córais láidre rialaithe a chur ar bun agus a chothabháil agus na hiniúchtaí is gá a dhéanamh chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú le linn shaolré iomlán RRF;

L.

de bhrí go bhfónann tuarascálacha bliantúla an Choimisiúin maidir leis an smacht reachta chun dúshláin an smachta reachta a shainaithint agus chun cabhrú leis na Ballstáit teacht ar réitigh le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit eile;

M.

de bhrí go bhforáiltear leis an Rialachán go bhféadfadh Ballstát iarraidh réasúnaithe a dhéanamh chun a NRRP a leasú laistigh den tréimhse cur chun feidhme, i gcás ina bhfuil údar cuí le beart den sórt sin i ngeall ar imthosca oibiachtúla;

N.

de bhrí nach féidir rialú daonlathach agus grinnscrúdú parlaiminteach a dhéanamh ar chur chun feidhme RRF ach amháin le rannpháirtíocht iomlán na Parlaiminte agus le breithniú a dhéanamh ar a moltaí go léir ag gach céim, agus de bhrí go leanfaidh an Pharlaimint de scrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme RRF;

O.

de bhrí go ndéanfaidh an Coimisiún tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme na Saoráide agus Athhléímneachta a chur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle faoin 31 Iúil 2022;

Tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na géarchéime a mhaolú;

1.

á thabhairt chun suntais gur ionstraim dlúthpháirtíochta gan fasach é an RRF agus gur bunchloch é den ionstraim NGEU, ag críochnú in 2026, mar phríomhuirlis i bhfreagairt an Aontais ar phaindéim COVID-19 chun geilleagair an Aontais a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua;

2.

á mheabhrú gur cinneadh, comhordaithe, cuimsitheach, tráthúil agus bunaithe ar an dlúthpháirtíocht freagairt an Aontais ar an bpaindéim, agus gur baineadh úsáid fhorleathan as na hionstraimí atá ann cheana agus go mbaintear leas as ionstraimí breise maoiniúcháin dá bharr; á mheabhrú, thairis sin, go bhfuil bearta fioscacha suntasacha glactha ag na Ballstáit mar fhreagairt ar an bpaindéim agus chun tacú leis an téarnamh (5,2 % den olltáirgeacht intíre (OTI) in 2021 agus 2,8 % de OTI in 2022);

3.

ag cur béim ar éifeacht chobhsaíochta RRF do na Ballstáit tráth a bhfuil éiginnteacht mhór eacnamaíoch ann, ina bhfuil an ghéarchéim agus ina maolaítear na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann léi agus ag tacú le rialtais leibhéil infheistíochta a choimeád agus freagairt á tabhairt ar an mbrú ollmhór ar na buiséid náisiúnta;

4.

ag cur béim, thairis sin, ar ról ríthábhachtach RRF maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú, ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a chosc agus dibhéirseachtaí maicreacnamaíocha a dhoimhniú;

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh di cé nach féidir éifeachtaí eacnamaíocha RRF a scaradh go hiomlán le forbairtí eile, gur cosúil go bhfuil sé cóir teacht ar an tátal go raibh tionchar dearfach ag RRF ar OTI go dtí seo agus go mbeidh a chur chun feidhme éifeachtach ríthábhachtach d’fhás eacnamaíoch AE; ag leagan béim ar ról RRF maidir le spás fioscach na mBallstát a chosaint ó shuaitheadh eacnamaíoch suntasach na paindéime; á aithint, cé go bhfuiltear ag súil go mbeidh an príomhthionchar ar fhás OTI ann thar na blianta atá le teacht, gur chabhraigh RRF cheana féin le geilleagair AE agus saoránaigh AE a mhaolú ó na tionchair is géire a bheadh ag an bpaindéim agus go bhfuil sé ag cur go dearfach le téarnamh agus le hathléimneacht AE, lena n-áirítear comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, poist, táirgiúlacht, iomaíochas, taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil ina bhfuil FBManna láidre; á chur i bhfáth go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha i measc na mBallstát maidir le hathléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach, a bhfuil tionchar acu ar dhinimic an téarnaimh mhíchothroim; á chur i bhfáth go spreagann RRF na haistrithe glasa agus digiteacha agus go bhfuil ról fíorthábhachtach aige maidir leis an aistriú inbhuanaithe agus folláine na ndaoine a fheabhsú ar mhaithe le geilleagar athléimneach, cothrom, cuimsitheach, iomaíoch agus slán i bhfad na haimsire a bhaint amach i ndáil le hathchóirithe agus infheistíochtaí uaillmhianacha a chur chun feidhme;

6.

ag tabhairt aird chuí ar thionchar suntasach ionstraim NGEU faoi mar a mheas an Coimisiún, BCE agus CAI é, go háirithe le méadú ar OTI suas le 1,5 pointe céatadáin níos airde ná mar a bheadh gan infheistíocht ó NGEU, nuair a chuirtear chun feidhme go héifeachtach é;

7.

ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go dtuarann an Coimisiún go ndéanfar 24 % de na bearta tacaíochta téarnaimh iomlána a mhaoiniú le deontais RRF in 2022; ag leagan béim ar na héifeachtaí dearfacha iarmharta maicreacnamaíocha agus ar an acmhainneacht a bhaineann le hathchóirithe agus le hinfheistíocht atá dírithe go maith; á chur i bhfios go leanfaidh deontais RRF de thacaíocht shuntasach fhioscach a chur ar fáil do na Ballstáit agus, ar an gcaoi sin, gur féidir leo cur ar a gcumas athchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí a bhfuil éifeachtaí fadtéarmacha acu ar théarnamh agus ar athléimneacht a ngeilleagar agus a sochaithe a shaothrú; á iarraidh ar na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an deis sin;

8.

á chur i bhfios go gcabhródh cur chun feidhme rathúil agus trédhearcach RRF le geilleagair agus sochaithe AE a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos athléimní, níos iomaíche san fhadtéarma, níos uathrialaithí ó thaobh straitéise de agus níos ullmhaithe do dhúshláin atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfáth go gcothóidh cur chun feidhme rathúil na gClár Náisiúnta um Athchóiriú cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta agus comhtháthú críochach, agus go laghdófar éagothromaíochtaí sóisialta;

9.

á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a comhaontaíodh a chur chun feidhme go críochnúil agus go tráthúil chun go mbainfidh RRF a chuid cuspóirí ginearálta amach agus go dtacóidh sé le AE droim láimhe a thabhairt don ghéarchéim, agus chun an tionchar fadtéarmach ar gheilleagar agus ar shochaí AE a uasmhéadú; á athdhearbhú gur sásra feidhmíochtbhunaithe é an RRF, sásra nach ndéantar cistiú a íoc tríd ach amháin nuair a chuirtear garspriocanna agus spriocanna gaolmhara a bhaineann le bearta i gcrích; á mheabhrú go bhfuil rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta agus na n-údarás sin atá freagrach as na beartais sin a fhorbairt ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar RRF, mar a luaitear in Airteagal 28 de Rialachán RRF;

10.

ag tabhairt rabhadh nach maolóidh RRF tionchar sóisialta agus eacnamaíoch na géarchéime ach amháin má ionsúitear agus má chaitear cistí go héifeachtach, ionas go sroichfidh siad an fíorgheilleagar agus daoine; á iarraidh ar na Ballstáit na cinntí iomchuí a dhéanamh maidir le struchtúir riaracháin agus acmhainní daonna atá tiomnaithe do chaiteachas tráthúil chistí RRF a áirithiú;

11.

á chur i bhfios go láidir gur leagadh béim leis an bpaindéim ar an ngá atá le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a mhéadú i bpríomhshlabhraí soláthair agus i bpríomhbhonneagair agus i seirbhísí ríthábhachtacha; ag tabhairt dá haire gur cheart go gcuideodh infheistíochtaí RRF san aistriú glas agus sa chlaochlú digiteach le huathriail straitéiseach agus neamhspleáchas straitéiseach AE a mhéadú, go háirithe chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag súil, de réir an Choimisiúin, go gcuirfidh RRF borradh mór faoi chur chun feidhme straitéis tionsclaíochta AE agus ar an gcaoi sin go ndéanfar tuilleadh forbartha ar thionscail AE;

12.

ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go nginfí breisluach AE leis na pacáistí d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí, go háirithe na cinn a chuireann leis an bhfás faoi RRF; ag tabhairt dá haire, dar leis an gCoimisiún, go bhfuil éifeachtaí OTI ar fud an Aontais thart ar aon trian níos mó nuair a thugtar cuntas sainráite ar éifeachtaí iarmharta ó bhearta tíre aonair; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, leis na pacáistí d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí faoi RRF, cur le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus tosaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Chláir Oibre Dhigitigh, agus le cur chun cinn agus príomhshruthú an chomhionannais inscne agus comhdheiseanna do chách;

13.

á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas arbh ann do dhúbláil neamhriachtanach d’infheistíochtaí sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú sna Ballstáit chomharsanachta agus cúnamh a thabhairt do na Ballstáit forluí neamhriachtanach a sheachaint;

14.

á chur in iúl gur saoth léi gurb iad mná (16), leanaí (17), daoine óga, daoine scothaosta agus grúpaí leochaileacha is mó a bhí buailte ag géarchéim COVID-19; á mheabhrú gur gá cuimsitheacht a áirithiú ionas nach bhfágfaidh an AE aon duine ar gcúl, agus go rachaidh sé i ngleic le hiarmhairtí socheacnamaíocha inscne-shonracha ar a chonair i dtreo an téarnaimh, agus nach bhfuil aghaidh á tabhairt ag na NRRPanna ar roinnt iarmhairtí inscne-shonracha na géarchéime; á chur in iúl gur díol sásaimh di feabhas a chur ar inrochtaineacht agus ar cháilíocht na saoráidí cúraim, ach ag cáineadh go bhfuil siad rótheoranta i gcónaí;

15.

á athdhearbhú a thábhachtaí atá na sé cholún chun struchtúr a chur ar fáil do na Ballstáit chun athchóirithe agus infheistíochtaí a mholadh agus a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na haistrithe glasa agus digiteacha, ar an ngeilleagar, ar tháirgiúlacht agus iomaíochas, ar chomhtháthú sóisialta agus críochach, ar shláinte agus ar athléimneacht institiúideach, agus ar bhearta do leanaí agus do dhaoine óga; á thabhairt chun suntais go gceanglaítear ar na Ballstáit uile le Rialachán RRF bearta lena dtugtar aghaidh ar na colúin uile a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta; á chur in iúl gur saoth léi nár roghnaigh na Ballstáit uile struchtúr na gcolún a urramú, struchtúr a cheadódh faireachán níos éasca a dhéanamh air;

Gnéithe maoiniúcháin RRF

16.

ag tabhairt dá haire gur iarr na Ballstáit EUR 331,7 billiún ar an iomlán de dheontais as an EUR 338 mbilliún atá ar fáil sna 26 NRRP a cuireadh isteach go dtí seo; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár iarr na Ballstáit uile, ina gcuid NRRPanna reatha, méid iomlán na ndeontas atá ar fáil dóibh amhail dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán RRF;

17.

á chur in iúl gur ábhar imní di, áfach, nár iarr ach seacht mBallstát iasachtaí arb ionann iad agus EUR 166 bhilliún ar an iomlán as an EUR 385,8 billiún atá ar fáil le haghaidh iasachtaí, rud a fhágann go bhfuil méid suntasach ar fáil i gcás ina mbeadh iasachtaí de dhíth ar na Ballstáit ag céim níos déanaí; á chur in iúl go bhfuil sí an-ghafa leis an bhfíoras go bhféadfadh deiseanna caillte a bheith mar thoradh ar ús teoranta i gcomhpháirt na hiasachta agus cosc a chur ar RRF a lánacmhainneacht a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir, i gcás inar mian leis na Ballstáit sin ar formheasadh a NRRPanna cheana iasachtaí a iarraidh, go n-éileoidh sé NRRP lena mbaineann a leasú, i gcás inarb ábhartha, leis an tsraith bhreise d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí, de gharspriocanna agus de spriocanna, gan bearta a chur ar ais atá curtha chun feidhme cheana; ag spreagadh na mBallstát leas iomlán a bhaint as acmhainneacht RRF, lena n-áirítear iasachtaí, chun dul i ngleic le héifeachtaí na paindéime agus leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn;

18.

á chur de chúram ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na cúiseanna nár iarr na Ballstáit iasachtaí a fhreagraíonn dá leithdháileadh iomlán, rud a d’fhéadfadh cosc a chur ar RRF a lánacmhainneacht a bhaint amach; á mheabhrú go bhféadfaidh Ballstát tacaíocht iasachta a iarraidh tráth tíolactha plean téarnaimh agus athléimneachta nó tráth eile go dtí an 31 Lúnasa 2023, de réir Rialachán RRF atá i bhfeidhm;

19.

á mheabhrú go gcuireann cúinsí oibiachtúla, faoi Airteagal 21 den Rialachán RRF, ar chumas Ballstáit iarraidh réasúnaithe a dhéanamh ar an gCoimisiún togra a dhéanamh chun an plean formheasta a leasú nó plean eile a chur ina ionad; á mheabhrú, má mheasann an Coimisiún go dtugann na cúiseanna atá curtha chun cinn ag an mBallstát údar maith le leasú ar an gClár Náisiúnta um Athchóiriú, go ndéanfaidh sé measúnú ar an gClár Náisiúnta um Athchóiriú leasaithe i gcomhréir le hAirteagal 19 agus go gcuirfidh sé togra ar aghaidh le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 20 den Rialachán; á mheabhrú go n-áirítear leis an iarraidh sin ar leasú nós imeachta measúnaithe agus formheasa atá comhionann leis an gcéad nós imeachta measúnaithe agus formheasa, á iarraidh ar na Ballstáit a chur san áireamh go cúramach go bhfuil baol ann go gcuirfí moill ar chur chun feidhme na NRRPanna ina n-iomláine; á thabhairt dá haire nár iarr aon Bhallstát go dtí seo an plean formheasta a leasú ná ionad an phlean fhormheasta a chur ina ionad; ag spreagadh na mBallstát leas a bhaint as Airteagal 21 i Rialachán RRF, agus ag tabhairt dá haire go bhféadfadh iarrataí na mBallstát NRRPanna a thabhairt cothrom le dáta mar thoradh ar an méadú féideartha ar chostais na NRRPanna de bharr an bhoilscithe shuntasaigh;

20.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tuartha faoi láthair go mbeidh forbairt OTI na mBallstát éagsúil le réamhaisnéis fhómhar 2020 an Choimisiúin, rud a fhágfaidh go mbeidh na hathruithe a bhfuiltear ag súil leo sna méideanna deontais a bheidh ar fáil do na Ballstáit don dara fuinneog cistiúcháin 30 % de RRF; á chur i bhfios go bhféadfadh sé go mbeadh gá le leasuithe ar NRRPanna de bharr athruithe suntasacha i sciar an deontais leithdháilte;

21.

á chur i bhfios go n-urramófar leis an tacaíocht ón RRF prionsabal na breisíochta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán RRF; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le sonraí níos mionsonraithe agus níos imdhealaithe lena bhféadfar tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair bhreiseachta a bheidh ag RRF; ag tathant ar na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe, thrédhearcach agus thráthúil a chur ar fáil don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfar tuairisciú éifeachtach ar thionchar RRF; á dhearbhú a thábhachtaí atá an Scórchlár don Téarnamh agus don Athléimneacht maidir le faisnéis bhunúsach a sholáthar do shaoránaigh maidir leis an dul chun cinn foriomlán i gcur chun feidhme na RRPanna; á iarraidh ar an gCoimisiún an leibhéal trédhearcachta agus léirshamhlaithe sonraí sa Scórchlár a mhéadú, agus tuairisciú níos mionsonraithe a dhéanamh, ag díriú ar tháscairí toraidh agus tionchair seachas ar aschur, chomh maith le hanailís cháilíochtúil ar na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí atá beartaithe a áirithiú;

22.

á thabhairt dá haire nár síníodh ach 12 cheann de shocruithe oibríochtúla idir an Coimisiún agus na Ballstáit faoi lár mhí an Mheithimh 2022; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit socruithe oibríochtúla a shíniú a luaithe is féidir agus á iarraidh ar an gCoimisiún na socruithe sin a chur in iúl don Pharlaimint; ag tathant, sa bhreis air sin, ar na Ballstáit uile a gcuid socruithe oibríochtúla, a gcomhaontuithe maoinithe agus a gcomhaontuithe iasachta a fhoilsiú go tráthúil, chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú agus cuntasacht a atreisiú;

23.

ag tabhairt faoi deara go bhfuair 21 Bhallstát réamh-mhaoiniú suas le 13 % dá leithdháileadh iomlán, nár iarr Ballstát amháin réamh-mhaoiniú agus gur iarr 7 mBallstát go dtí seo céadíocaíochtaí ó RRF, fad is gur iarr Ballstát amháin an dara híocaíocht;

24.

á athdhearbhú nár cheart go gcuirfeadh moilleanna ar chur chun feidhme na Saoráide agus na NRRPanna moill ar an bpróiseas téarnaimh tar éis na paindéime ná nár cheart go laghdófaí athléimneacht an Aontais;

25.

á mheabhrú go bhforáiltear le Rialachán RRF go bhféadfaí bearta a chur san áireamh sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú a tosaíodh ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh agus gur bhain roinnt Ballstát leas as an bhféidearthacht sin;

26.

á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé luath idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus iarrataí ar íocaíocht á n-ullmhú agus go bhfuil an Coimisiún ullamh measúnú a dhéanamh ar iarratais ar íocaíocht; á spreagadh leanúint de mheasúnú críochnúil a dhéanamh féachaint an gcomhlíontar garspriocanna agus spriocanna, ar bhealach tráthúil, chun dul i gcomhairle le saineolaithe ábhartha i gcás inar gá; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go n-úsáidfear íocaíochtaí go gasta agus go ndéanfar dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí;

27.

á mheabhrú gur gá dul ar aghaidh go pras le bascaed d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach chun aisíocaíocht ionstraim NGEU agus go háirithe RRF a chumhdach ina iomláine, faoi 2058 ar a dhéanaí, i gcomhréir leis an treochlár a leagtar amach sa chomhaontú idirinstitiúideach a thug an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún chun críche i mí na Nollag 2020; ag cur sonrú in eisiúint “Bannaí Glasa Eorpacha” chun an sciar den chaiteachas is ábhartha don aeráid sa RRF a mhaoiniú; á thabhairt dá haire go ndearnadh na chéad tairiscintí de bhannaí glasa ón gCoimisiún a ró-shuibscríobh den chuid is mó;

Ról RRF maidir le hiarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin a mhaolú

28.

ag leagan béim ar an ngá atá ann feabhas a chur ar rannchuidiú ionstraimí cistiúcháin AE, go háirithe an RRF, chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair, lena n-áirítear na dúshláin sin arb iad ionsaí míleata agus ionradh na hÚcráine nach bhfuil údar leo is cúis leo;

29.

á chur in iúl gur cúis imní di an t-ionsaí sin i gcoinne na hÚcráine agus na smachtbhannaí a bhfuil bonn cirt leo atá glactha ag AE mar fhreagairt i gcoinne na Rúise agus go mbeidh tionchar tromchúiseach ag an mBealarúis ar straitéis téarnaimh agus athléimneachta eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar ilchineálach acu ar na Ballstáit; á chur in iúl gur cúis imní di éifeachtaí míchothroma ar gheilleagar AE, na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann leis sin agus fiú an neamhionannas sóisialta atá ag méadú tuilleadh, go háirithe mar gheall ar phraghsanna méadaithe fuinnimh agus bia; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh athrú diúltach a bheith mar thoradh ar an mboilsciú maidir leis an toradh a bhfuiltear ag dréim leis ar RRF agus costais mheasta NRRPanna na mBallstát; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go leanfar de dhiongbháilteacht, d’aontacht agus de luas fhreagairt AE ar an ngéarchéim nua seo;

30.

á chur i bhfáth, uair amháin eile, gur iarr sí tuilleadh smachtbhannaí lena n-áirítear trádbhac iomlán agus láithreach ar allmhairí fuinnimh éagsúla de chuid na Rúise agus tréigean an bhonneagair lena mbaineann i gcomhréir le rún uaithi an 7 Aibreán 2022, agus plean chun leanúint de shlándáil sholáthar fuinnimh AE a áirithiú, lena n-éileofar inter alia athchalabrú ar bheartas fuinnimh na hEorpa, agus aird á tabhairt ar leibhéil éagsúla spleáchais fuinnimh ar allmhairí breosla iontaise na Rúise ar fud na mBallstát;

31.

á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil tionchar mór ag an staid reatha san Úcráin ar phraghsanna fuinnimh agus ag cur béim ar an bhfíoras gur gá neamhspleáchas agus slándáil fuinnimh a neartú, foinsí fuinnimh a éagsúlú, lena n-áirítear trí fhoinsí fuinnimh AE, agus dlús a chur leis an aistriú fuinnimh; ag leagan béim ar an ról atá ag RRF i gcur i bhfeidhm RePowerEU agus á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí na hiasachtaí atá ar fáil faoi RRF a úsáid cuid mhaith chun tionscnamh RePowerEU a fhorlíonadh agus chun infheistíochtaí san aistriú fuinnimh a chur chun cinn, lena n-áirítear fuinneamh glan a fhorbairt; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis go gcuirfidh RRF go mór, dá bhrí sin, le ceannasacht fuinnimh AE trí éifeachtúlacht fuinnimh, trí éagsúlú agus trí infheistíochtaí san aistriú cóir agus glas;

32.

á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na bearta éagsúla sna NRRPanna arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar an aistriú fuinnimh agus ar an tslándáil fuinnimh agus bearta lena bhfeabhsaítear neamhspleáchas straitéiseach, spleáchas na mBallstát ar fhuinneamh breosla iontaise allmhairithe a laghdú, agus dlús a chur le héagsúlú foinsí fuinnimh, le héifeachtúlacht fuinnimh agus le fuinneamh glan a fhorbairt; á thabhairt chun suntais gur cheart tionscadail trasteorann, feabhsú idirnascadh na ngréasán fuinnimh Eorpach agus sioncrónú iomlán na n-eangach cumhachta ar fud an Aontais a chur chun cinn chun sineirgí agus comhar idir tíortha an Aontais a fheabhsú agus chun ábhair imní agus tosaíochtaí coiteanna a léiriú;

33.

ag cur sonrú sa togra ón gCoimisiún chun Rialachán RRF a leasú i gcomhthéacs thionscnamh REPowerEU agus á chur in iúl a thiomanta atá sé a sheasamh maidir leis an togra a ghlacadh gan mhoill; ag tathant ar na Ballstáit, i gcás nach bhfuil sé ar intinn acu leas a bhaint as méid iomlán leithdháileadh uasta a n-iasachtaí RRF, an Coimisiún a chur ar an eolas go hoifigiúil; á chur in iúl gur díol sásaimh di, sa chomhthéacs seo, an togra chun dreasacht a thabhairt don úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hiasachtaí atá ar fáil faoi RRF, lena n-áirítear trína mholadh go ndéanfaí iasachtaí a leithdháileadh ar Bhallstáit eile a bhfuil dúshláin bhreise rompu mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus trí cheadú do na Ballstáit iasachtaí níos airde ná 6,8 % dá n-ollioncam náisiúnta (OIN) a iarraidh ar Bhallstáit eile a bhfuil dúshláin bhreise rompu mar thoradh ar ionradh na Rúise agus iarmhairtí sriantacha an Aontais i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise a mhaolú;

34.

ag aithint an ghá atá le bearta chun cabhrú le dídeanaithe ón Úcráin, go háirithe maidir le cóiríocht, cúram sóisialta agus cúram leanaí, oideachas, cúram sláinte agus tithíocht, lena gcabhrófar lena staid shocheacnamaíoch a mhaolú; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nach mór leibhéal méadaithe infheistíochta a áirithiú i ndáil leis an méid sin;

Pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta (NRRPanna)

35.

á chur in iúl gur geal léi gur formheasadh 24 NRRP agus á thabhairt faoi deara, amhail ó mhí an Mheithimh 2022, nár chuir Ballstát amháin a NRRP ar aghaidh; á thabhairt faoi deara, thairis sin, go bhfuil NRRP amháin ar feitheamh measúnú ón gCoimisiún. ag tathant ar an tír ag a bhfuil NRRP páirt a ghlacadh i bplé cuiditheach leis an gCoimisiún chun go mbeidh an plean réidh lena fhormheas gan a thuilleadh moille; á iarraidh ar an gCoimisiún Rialachán RRF a chur i bhfeidhm go dícheallach chun a áirithiú go gcomhlíonfar an 11 chritéar measúnaithe a leagtar amach sa Rialachán, agus measúnú á dhéanamh ar na pleananna atá fágtha;

36.

ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid i measúnuithe an Choimisiúin go dtugtar aghaidh sna NRRPanna formheasta go léir ar na sé cholún den RRF agus go gcomhlíontar leo go sásúil na critéir mheasúnaithe uile a leagtar amach i Rialachán RRF agus gur pacáiste cothromaithe athchóirithe agus infheistíochtaí atá ann; á mheas go bhféadfadh na Ballstáit a NRRPanna a ailíniú níos fearr le sé cholún RRF agus le ceanglais Rialachán RRF;

37.

ag meabhrú don Choimisiún gur réamhriachtanais iad comhlíonadh an smachta reachta agus Airteagal 2 CFAE chun rochtain a fháil ar an gciste agus go bhfuil sásra coinníollachta an smachta reachta infheidhme go hiomlán maidir le RRF; á iarraidh ar an gCoimisiún staonadh ó dhréacht-NRRP na hUngáire a fhormheas a fhad is a mhairfidh imní maidir leis an smacht reachta a urramú, neamhspleáchas na mbreithiúna agus maidir le calaois, coinbhleachtaí leasa agus éilliú a chosc, a bhrath agus a chomhrac; á áitiú gur réamhchoinníollacha iad na garspriocanna agus na spriocanna a bhaineann le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, córas rialaithe leordhóthanach a bhunú, neamhspleáchas na mbreithiúna agus calaois, coinbhleachtaí leasa agus éilliú a chosc agus a bhrath agus an comhrac ina coinne agus nach mór iad a chomhlíonadh sula dtíolacfar an chéad iarraidh íocaíochta agus á mheabhrú nach féidir aon íocaíocht faoi RRF a dhéanamh sula gcomhlíonfar iad; á mheabhrú do na Ballstáit go ndéantar difear tromchúiseach do chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach dul i ngleic ar bhealach leordhóthanach le tionchar na paindéime ar a bpobail, ar a ngnólachtaí agus ar a saoránaigh mar gheall ar mhainneachtain forálacha Rialachán RRF a chomhlíonadh go hiomlán mar aon leis na moilleanna ina dhiaidh sin i bhformheas na NRRPanna agus go bhféadfadh sé go dtiocfadh meath fadtéarmach ar an staid eacnamaíoch áitiúil agus réigiúnach mar thoradh air sin; á chur in iúl gur saoth léi, de bharr ghníomhaíochtaí rialtais na Polainne agus na hUngáire, nár shroich cistiú RRF muintir agus réigiúin na Polainne agus na hUngáire go fóill;

38.

á mheabhrú nár cheart aon tionscadal a mhaoiniú faoi RRF má tá sé ag teacht salach ar luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 den CAE; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán an-chúramach a dhéanamh ar na rioscaí do leasanna airgeadais AE agus RRF á chur chun feidhme agus ar aon sárú nó ar aon sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar phrionsabail an smachta reachta agus beart a dhéanamh láithreach dá bhféadfaí dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais AE; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, a bheith an-dian ar na Ballstáit maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais a chomhlíonadh, mar a chumhdaítear in Airteagal 22 den Rialachán sin;

39.

á mheabhrú, ina theannta sin, go ndéanfar meastóireacht leanúnach ar urramú an smachta reachta agus ar bhainistíocht fhónta airgeadais chistí AE ar feadh shaolré RRF agus nach mór don Choimisiún staonadh ó chistiú a eisíoc agus, i gcás inarb infheidhme, cistí a ghnóthú, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin a thuilleadh;

40.

ag tabhairt dá haire go luaitear sa mheasúnú ón gCoimisiún go bhfuiltear ag súil maidir le gach NRRP formheasta go mbainfear amach sprioc ghlas 37 % ar a laghad a leagtar amach i Rialachán RRF agus go sroichfidh caiteachas foriomlán aeráide na NRRPanna formheasta beagnach 50 % nó EUR 220 billiún; á chur i bhfios, áfach, go n-aithnítear le hathbhreithnithe seachtracha ar an gcaiteachas figiúirí níos ísle maidir le caiteachas glas; á thabhairt chun suntais, maidir leis sin, gur cheart na garspriocanna agus na spriocanna a bhaineann le bearta a bhaineann leis an aeráid a shainiú ar bhealach lena n-áiritheofar go mbeidh na bearta a chuirfear chun feidhme mar thacaíocht don aeráid mar a fógraíodh; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuideodh na NRRPanna leis an aistriú glas, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht; ag cur sonrú sna hábhair imní atá ann faoi láthair i dtaobh an gcuireann na bearta ábhartha uile go héifeachtach leis na cuspóirí a bhaint amach;

41.

á mheabhrú gur gá do NRRPanna a bheith comhsheasmhach leis na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna) agus leis na nuashonruithe orthu faoi Rialachán (AE) 2018/1999 (18); á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na n-infheistíochtaí atá curtha i leataobh don aistriú glas faoi na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú chun na spriocanna nua aeráide agus fuinnimh do 2030 a leagtar amach sna NECPanna athbhreithnithe faoi seach a bhaint amach;

42.

á mheabhrú gur cheart do RRF cur le príomhshruthú ghníomhaíocht na bithéagsúlachta i mbeartais an Aontais; ag tabhairt dá haire go gcuireann roinnt NRRPanna leis an mbithéagsúlacht ach go n-áitíonn sígo bhféadfadh na Ballstáit leas níos mó a bhaint as RRF chun an bhithéagsúlacht a fheabhsú;

43.

ag tabhairt rabhadh i gcoinne an bhaoil a bhaineann le “glas-snas” i gcur chun feidhme NRRPanna, go háirithe i ndáil le roinnt beart a bhfuil clib orthu mar rannchuidiú le ceanglais caiteachais ghlais, lena n-áirítear na bearta sin maidir le hathchóiriú foirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh;

44.

ag tabhairt dá haire go bhfuil súil maidir le gach NRRP formheasta go mbainfear amach sprioc dhigiteach 20 % ar a laghad a leagtar amach i Rialachán RRF, cé go bhfuil níos mó ná leath dá gcistí RRF leithdháilte ag roinnt Ballstát ar bhearta a cháilíonn don sprioc digiteach, agus go sroichfidh caiteachas digiteach foriomlán na NRRPanna beagnach 29 % nó EUR 130 billiún; á chur in iúl gur geal léi go ndírítear go láidir in NRRPanna ar thacú le FBManna agus digitiú na seirbhísí poiblí, lena n-áirítear earnáil na sláinte, agus scileanna digiteacha, digitiú gnó, nascacht, taighde agus forbairt dhigiteach agus ardteicneolaíochtaí; ag tabhairt dá haire gur áirigh dhá thrian de na Ballstáit féinmheasúnú slándála le haghaidh infheistíochtaí in acmhainní digiteacha agus nascacht ina gcuid NRRPanna;

45.

ag meabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit gur cheart, de réir Rialachán RRF, go n-urramódh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí digiteacha prionsabail na hidir-inoibritheachta, na héifeachtúlachta fuinnimh agus na cosanta sonraí pearsanta, gur cheart go mbeadh FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta in ann a bheith rannpháirteach, agus gur cheart dóibh úsáid réiteach foinse oscailte a chur chun cinn; á chur i bhfáth nach mór glaonna soláthair dhigitigh a dhearadh go cúramach, go háirithe chun rochtain ar infheistíocht phoiblí ábhartha a áirithiú do FBManna;

46.

ag tabhairt dá haire go bhfuil tograí infheistíochta i roinnt NRRPanna do nascacht 5G; á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú maidir le nascacht 5G, leathanbhanda soghluaiste agus bonneagar soghluaiste a imlonnú i ngach réimse ionas nach bhfágfar aon duine ar gcúl;

47.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go dtiomnófar sna NRRPanna beagnach 50 % den chaiteachas iomlán nó EUR 203 bhilliún do bhearta chun tairbhe dhea-fheidhmiú an mhargaidh aonair, chun feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus chun infheistíochtaí príobháideacha a chur chun cinn; á athdhearbhú a thábhachtaí atá an earnáil phríobháideach i gcur chun feidhme rathúil RRF; ag tathant ar na Ballstáit infheistíochtaí príobháideacha a éascú i ndáil le tionscadail arna gcistiú ag RRF trí na bacainní uile nach bhfuil gá leo a chuirfeadh cosc ar FBManna rochtain a fháil ar chistiú ábhartha RRF a bhaint, agus chuige sin, á iarraidh ar an gCoimisiún anailís mhionsonraithe a chur ar fáil maidir leis an rochtain atá ag an earnáil phríobháideach ar chistiú RRF; á iarraidh ar na Ballstáit na NRRPanna a chur chun feidhme de réir sceidil thrédhearcach chun go mbeidh an earnáil phríobháideach in ann a ngníomhaíochtaí agus a dtionscadail a phleanáil i gcomhréir leis na bearta ábhartha;

48.

ag tabhairt dá haire go measann an Coimisiún go bhfuil thart ar 20 % de na deontais agus na hiasachtaí atá á n-iarraidh i gcaiteachas sóisialta sna NRRPanna; ag tabhairt faoi deara go ndíríonn an caiteachas sin ar dhreasachtaí fostaíochta do ghrúpaí sonracha faoi mhíbhuntáiste, ar athchóirithe ar reachtaíocht maidir le cosaint fostaíochta agus ar rialáil conarthaí saothair; á mheabhrú go raibh iarmhairtí sóisialta na paindéime i bhfad níos mó agus go raibh ualach míchothrom agus díréireach orthu ar ioncam níos ísle agus ar ghrúpaí leochaileacha agus ag an am céanna an gá atá le seirbhísí poiblí a threisiú; á chur in iúl gur oth léi go raibh na bearta infheistíochta sóisialta teoranta go leor don bhonneagar sóisialta agus nach bhfuil bearta chun seirbhísí cúraim chuí agus bearta tacaíochta sealadacha a fhorbairt ach i gcuid de na NRRPanna;

49.

ag tacú le haidhm an Choimisiúin, trí RRF, margadh saothair níos athléimní agus níos cuimsithí a thógáil, agus í á thabhairt dá haire gur cheart go gcuirfeadh bearta ábhartha fostaíocht ar ardchaighdeán chun cinn;

50.

á chur i bhfios fios go dtugann na NRRPanna formheasta uile aghaidh go dtí seo ar dhúshláin shóisialta agus fostaíochta, lena n-áirítear trí bhearta chun rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a fheabhsú, uasoiliúint agus athoiliúint a chur chun cinn, agus institiúidí agus seirbhísí mhargadh an tsaothair a nuachóiriú, chomh maith le córais cosanta sóisialta agus cúraim sláinte; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil roinnt Ballstát chun deiridh maidir leis an ngné shóisialta dá gcuid pleananna a neartú;

51.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá athchóirithe agus infheistíochtaí i sláinte, athléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus institiúideach chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus cumas freagartha géarchéime a mhéadú, arb ionann iad agus níos mó ná 17 % de leithdháiltí iomlána NRRP, arb é atá ann EUR 76 bhilliún; á thabhairt chun suntais, de réir an Choimisiúin, faoi cholún RRF sin, nach mór do na Ballstáit 789 mbeart a chur chun feidhme a bhaineann le 1,900 garsprioc agus sprioc; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé léirithe ag COVID-19 a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar athléimneacht na n-institiúidí poiblí i gcoinne suaití;

52.

ag tabhairt dá haire go mbeartaítear le NRRPanna formheasta caiteachas EUR 37 bhilliún ar bhearta a bhaineann le cúram sláinte, arb ionann é agus 8 % de chaiteachas iomlán an Chláir Náisiúnta um Athchóiriú; á thabhairt faoi deara go bhfuil an rannchuidiú is airde curtha i leataobh chun an bonneagar ospidéil a athchóiriú agus a mhéadú, agus go neartófar ina dhiaidh sin, an cúram príomhúil agus an cosc, an t-aistriú digiteach i gcúram sláinte agus sa chúram fadtéarmach. ag dréim leis go gcuirfidh na bearta sin a bhaineann le cúram sláinte le hacmhainneacht agus le hathléimneacht na gcóras cúraim sláinte agus lena n-ullmhacht do ghéarchéimeanna amach anseo; á chur in iúl gur ábhar imní di nár chuir go leor Ballstát bearta leordhóthanacha san áireamh chun cúram sláinte meabhrach a dhéanamh inrochtana agus inacmhainne do gach aoisghrúpa, agus á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an mheabhairshláinte ina dlúthchuid de théarnamh socheacnamaíoch an Aontais ón bpaindéim agus ó thosaíocht sláinte ceirde; á chur in iúl gur cúis imní di nach raibh bearta leordhóthanacha san áireamh i roinnt Ballstát chun dul i ngleic le dúshláin atá ann le fada a bhaineann le cúram sláinte poiblí;

53.

ag tabhairt dá haire gur cuid shuntasach de mhórchuid NRRPanna atá i nuachóiriú an riaracháin phoiblí, agus go bhfuiltear ag dréim le hinfheistíocht de thart ar EUR 1,8 billiún chun an riarachán poiblí a fheabhsú; á chur i bhfáth go bhféadfadh NRRPanna cur le cumas na riarachán poiblí cistí Eorpacha a bhainistiú go héifeachtach ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; á chur i bhfios go láidir go dtéann tairbhí na n-athchóirithe thar na costais a bhaineann leo, rud ba cheart a bheith ina chúis le dea-thionchar nithiúil do na saoránaigh;

54.

ag tabhairt dá haire go mbeartaítear le NRRPanna formheasta caiteachas atá tiomnaithe do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, dífhostaíocht i measc na hóige agus scileanna, ar caiteachas é arb ionann é agus thart ar 11,5 % den chaiteachas iomlán ar NRRPanna; ag tabhairt dá haire gurb ionann an tsuim agus an chéad chéim chun a áirithiú go mbeidh bearta comhordaithe atá tiomnaithe don chéad ghlúin eile á gcur chun feidhme i ngach ceann de na 27 mBallstát; á chur in iúl gur ábhar imní di nach léiríonn go leor NRRPanna na huaillmhianta atá leagtha síos ag an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus nach léiríonn siad ach go páirteach iad siúd atá sa Ráthaíocht atreisithe don Aos Óg; á chur in iúl gur saoth léi gur roghnaigh dhá Bhallstát gan bearta atá dírithe go sonrach ar leanaí agus ar an óige a áireamh ina bpleananna ach gur fearr leo bearta a chur i láthair lena gcothófar scileanna agus scileanna digiteacha do gach saoránach;

55.

á thabhairt faoi deara go bhfuil infheistíocht san oideachas digiteach i mbeagnach gach NRRP formheasta, arb ionann é agus thart ar 30 % den chaiteachas iomlán ar an oideachas; á chur in iúl gur geal léi an fócas ar nuachóiriú an bhonneagair oideachais agus an trealaimh oideachais sna Ballstáit;

56.

á thabhairt dá haire, de réir an Scórchláir Téarnaimh agus Athléimneachta, gur chuir na Ballstáit 228 mbeart san iomlán chun tosaigh a dhíríonn ar thacaíocht a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga; ag tabhairt dá haire go ndíríonn 74 % de na bearta ar acmhainneacht ghinearálta, ghairmoideachais agus ardoideachais agus oiliúna, chomh maith le hinrochtaineacht, inacmhainneacht, cáilíocht agus cuimsitheacht, lena n-áirítear digitiú agus bonneagar; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéileálann 14 % de na bearta le hoideachas agus cúram luath-óige, le luathfhágáil scoile agus le bochtaineacht leanaí; ag tabhairt dá haire go ndíríonn 12 % de na bearta ar dhul i ngleic le dífhostaíocht i measc na hóige trí phoist a chruthú, trí fhostú, trí dhreasachtaí i ndáil le haistriú post agus trí thacaíocht don fhéinfhostaíocht; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an Pharlaimint agus na hearnálacha lena mbaineann tar éis a iarraidh arís agus arís eile ar na Ballstáit 2 % ar a laghad de bhuiséad gach plean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a thiomnú don chultúr agus 10 % don oideachas; ag tabhairt dá haire gur chuir 16 Bhallstát bearta a bhaineann le cultúr san áireamh ina gcuid NRRPanna; á chreidiúint go bhféadfadh na Ballstáit RRF a úsáid níos mó chun tacú leis na hearnálacha sin;

57.

á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na sé cholún agus a áirithiú go gcuirfear gráinneacht sonraí ar fáil i scórchlár RRF; á iarraidh ar an gCoimisiún níos mó modhanna réigiúnacha a éascú chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme tríd an scórchlár agus á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh faireacháin ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta lena gcuirtear feabhas ar an bhfaireachán a dhéantar ar chur chun feidhme RRF; á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go gcuireann roinnt Ballstát sonraí ar fáil ar an leibhéal réigiúnach agus á iarraidh ar na Ballstáit eile sonraí a chur ar fáil ar an leibhéal réigiúnach;

58.

á chur i bhfios go láidir nach ceadmhach leas a bhaint as RRF chun caiteachas buiséadach náisiúnta athfhillteach a ionadú, ach amháin má tá údar cuí leis; ag tabhairt dá haire nár fhormheas an Coimisiún ach NRRPanna chun go gcumhdófaí na costais tosaigh a bhaineann le hathchóirithe a chur ar bun agus a sheoladh; ag meabhrú do na Ballstáit nach mór RRF a chur chun feidhme ar bhealach nach mbaintear an bonn óna bhfreagracht féin as bainistiú an airgeadais phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún mionsonraí a chur ar fáil maidir leis an measúnú ar chomhlíonadh an phrionsabail chothrománaigh sin agus maidir le haon bhonn cirt a bhaineann leis;

59.

ag tabhairt le fios go ndearna an Coimisiún meastóireacht ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” do gach beart i gcomhréir lena threoir theicniúil; á chur i bhfáth nach mór do chur i bhfeidhm na gcritéar “gan dochar suntasach a dhéanamh” mar a forbraíodh sa nóta treorach ón gCoimisiún bearta atá díobhálach don chomhshaol a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún na measúnuithe a tíolacadh “gan dochar suntasach a dhéanamh” a nochtadh agus á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún scrúdú agus faireachán a dhéanamh go cúramach ar urramú iomlán an phrionsabail sin le linn na céime cur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go raibh ar roinnt Ballstát bearta áirithe a fheabhsú chun an prionsabal a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire go raibh neamhréireachtaí breise i gceist le comhlíonadh an phrionsabail idir ceanglais an Choimisiúin agus ceanglais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta i gcás na dtíortha a sholáthair a n-imchlúdaigh InvestEU le cistí RRF, rud a d’fhéadfadh moill a chur ar an bpróiseas cur chun feidhme;

60.

ag tabhairt faoi deara go n-áirítear i bhformhór mór na gClár Náisiúnta um Athchóiriú Roinn ar leith ina mínítear conas a thugtar aghaidh sa phlean ar ábhair imní agus ar dhúshláin a bhaineann le hinscne; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta sna NRRPanna lena ndírítear ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus ar an mbearna phá idir na hinscní a laghdú, ach á chur in iúl go bhfuil díomá orthu nach bhfuil míniú tiomnaithe ar an gcaoi a dtugtar aghaidh sa phlean ar ábhair imní agus ar dhúshláin a bhaineann le hinscne; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá seirbhísí cúraim phoiblí ar ardchaighdeán chun an t-ualach a bhaineann le hobair chúraim gan phá a mhaolú, arb obair í a chlúdaíonn mná den chuid is mó faoi láthair, rud a bhfuil iarmhairtí diúltacha aige ar OTI; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a chur ar fáil lena sheiceáil a mhéid a rannchuidíonn RRF le poist a chruthú in earnálacha ina bhfuil inscne amháin á léiriú den chuid is mó agus go gcuireann na bearta tionlacain go leordhóthanach le láithreacht na hinscne is lú ionadaíocht sna hearnálacha sin a mhéadú;

61.

ag tabhairt dá haire go ndéanann 20 Ballstát foráil do thionscadail trasteorann ina gcuid NRRPanna, lena ndírítear den chuid is mó ar bhonneagar, amhail naisc iarnróid nó leictreachais, hidrigin, teicneolaíocht chandamach, nascacht 5G, cumais néalríomhaireachta agus moil nuálaíochta; á chur in iúl gur cúis díomá di nár áiríodh líon níos airde tionscadal trasteorann sna NRRPanna chun éifeachtaí iarmhairte a fheabhsú agus chun cur le breisluach AE; ag tabhairt dá haire go ndéanann 20 Ballstát foráil do thionscadail trasteorann amhail Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gcoitinne ina gCláir Náisiúnta um Athchóiriú lena ndírítear ar an mbonneagar den chuid is mó; á iarraidh ar na Ballstáit ról na ngeallsealbhóirí ábhartha a shoiléiriú maidir le feidhmiú céimneach agus cur chun feidhme na dtionscadal ilnáisiúnta, i gcás inarb ábhartha; á chreidiúint gur cheart bearta breise trasteorann a bheith curtha san áireamh sna NRRPanna chun éifeacht iarmharta na gClár Náisiúnta um Athchóiriú a fheabhsú agus chun a bhreisluach AE a mhéadú;

62.

ag tabhairt dá haire, go háirithe, a thábhachtaí atá tionscadail trasteorann a bhaineann le tarchur fuinnimh ar fud na mBallstát; á chreidiúint, sa chomhthéacs reatha, go mbainfeadh na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú níos mó tairbhe as tuilleadh tionscadal trasteorann, go háirithe i réimse an fhuinnimh; á chur i bhfátha go bhfuil na hinfheistíochtaí sin ríthábhachtach chun ceannasacht fuinnimh agus an t-aistriú glas a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go léirítear leis an staid reatha a thábhachtaí atá sé foinsí fuinnimh an AE a éagsúlú agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas idir na Ballstáit; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar idirnascadh na ngréasán fuinnimh Eorpach agus go ndéanfaí sioncrónú iomlán ar na heangacha cumhachta ar fud AE; á chur i bhfáth, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé cur leis na hiarrachtaí chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú chun teorainn a chur leis an bhfás a bhfuiltear ag súil leis ar éileamh leictreachais;

63.

á thabhairt faoi deara nár mhol aon Bhallstát cistí struchtúracha a aistriú chuig a NRRP, nach bhfuil sé beartaithe ach ag dhá Bhallstát a n-imchlúdaigh InvestEU a sholáthar le cistí RRF agus nach bhfuil sé beartaithe ach ag ceithre Bhallstát costais na tacaíochta teicniúla a ionchorprú ina gcuid Clár Náisiúnta um Athchóiriú; á chur in iúl gur oth léi nár baineadh leas iomlán as an bhforáil maidir le cistí RRF a aistriú chuig urranna náisiúnta InvestEU; á mheabhrú go bhfuil sineirgí i measc cistí éagsúla de chuid an Aontais riachtanach chun téarnamh ceart agus teacht aniar comhdhlúite an Aontais a bhaint amach agus á mheabhrú do na Ballstáit go gcuidíonn úsáid na forála sin le sineirgí a fheabhsú;

64.

á mheabhrú, de réir Rialachán RRF, nach mór na pleananna téarnaimh agus athléimneachta a bheith comhsheasmhach freisin leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit san áireamh ina gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus ina gcláir oibríochtúla faoi chistí an Aontais; á athdhearbhú go bhfuil an fhoráil sin tábhachtach ní hamháin chun cistiú dúbailte nó forluí cuspóirí a sheachaint, ach freisin chun cur chuige comhordaithe a áirithiú agus tairbhí chistiú an Aontais a uasmhéadú; á iarraidh go gcuirfidh an Coimisiún anailís ar fáil ar an gcaoi a n-áirithítear an comhordú sin; ag tabhairt dá haire gur cuireadh moill ar ghlacadh na gComhaontuithe Comhpháirtíochta mar thoradh ar ghlacadh na gClár Náisiúnta um Athchóiriú i gcásanna áirithe agus gur cúis imní di iarmhairtí na moilleanna sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tuilleadh moilleanna a sheachaint agus Comhaontuithe Comhpháirtíochta á n-ullmhú agus á nglacadh agus á iarraidh go dtabharfaí aghaidh go pras ar na moilleanna sin;

65.

á thabhairt chun suntais go bhfuil sineirgí agus comhleanúnachas idir RRF agus cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais ríthábhachtach chun téarnamh cuí agus athléimneacht chomhdhlúite an Aontais a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sineirgí a chothú idir NRRPanna agus cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, go háirithe Comhaontuithe Comhpháirtíochta; ag ceistiú conas a spreag an Coimisiún na Ballstáit chun sineirgí a chothú le NRRPanna na mBallstát eile;

66.

á mheabhrú do na Ballstáit go bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideoidh an plean téarnaimh agus athléimneachta go héifeachtach le haghaidh a thabhairt ar gach dúshlán nó ar fhothacar mór acu arna sainaithint sna moltaí tírshonracha ábhartha, lena n-áirítear gnéithe fioscacha díobh agus moltaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 (19) i gcás inarb iomchuí, arna ndíriú ar an mBallstát lena mbaineann nó dúshláin arna sainaithint i ndoiciméid ábhartha eile arna nglacadh go hoifigiúil ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh; ag cur sonrú sa mheasúnú ón gCoimisiún go dtugann na Cláir Náisiúnta um Athchóiriú aghaidh ar fho-thacar suntasach de dhúshláin ar a laghad a sainaithníodh sna moltaí ábhartha maidir leis an Seimeastar Eorpach ach nach dtugtar aghaidh ar na dúshláin uile;

67.

ag aithint an tionchair dhearfaigh a bhíonn ag na hathchóirithe cánach is gá sna Ballstáit a áirítear i bpleananna náisiúnta áirithe, agus cáineadh á dhéanamh nár thug aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann moltaí tírshonracha (CSR) i ndáil le pleanáil ionsaitheach chánach, seachaint cánach, imghabháil cánach agus sciúradh airgid aghaidh ar na dúshláin sin ina NRRPanna;

68.

á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht leormhaith a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna uile, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le CSRanna sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú i gcéim eisíocaíochta na Saoráide agus íocaíochtaí comhréireacha a laghdú, bunaithe ar thábhacht na ngarspriocanna agus na spriocanna, i dtaobh nach bhfuil garspriocanna agus spriocanna comhaontaithe á gcomhlíonadh go sásúil, lena n-áirítear gan iad a rolladh siar ar gharspriocanna agus ar spriocanna a baineadh amach roimhe sin; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún, más gá, leas a bhaint as forálacha Rialachán na Saoráide, agus á chur ar a chumas deontais a ghnóthú nó a iarraidh go n-aisíocfaí iasachtaí go luath i gcás ina sárófar oibleagáidí na mBallstát faoi na comhaontuithe maoiniúcháin;

69.

ag tabhairt dá haire go bhfuair na Ballstáit uile, de réir mheasúnú an Choimisiúin, rátáil A do bheagnach gach critéar dá bhforáiltear i Rialachán RRF; á mheabhrú go bhfuair na Ballstáit uile, de réir mheasúnú an Choimisiúin, rátáil B do na critéir lena meastar an bhfuil costais iomlána mheasta na gClár Náisiúnta um Athchóiriú réasúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil na costais inchreidte agus go bhfuil anailís chostais chuí á déanamh chun dul i ngleic leis an gcalaois agus leis an éilliú; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna sula nglacfar le hiarrataí ar íocaíocht, agus a áirithiú nach ndearnadh garspriocanna ná spriocanna a baineadh amach roimhe sin a aisiompú;

Sásraí trédhearcachta, faireacháin agus rialaithe

70.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá trédhearcacht agus bainistiú fónta nós imeachta ar fud na bpróiseas soláthair agus na gcleachtas soláthair; á iarraidh, ina leith sin, ar na Ballstáit comhionannas agus cothroime a áirithiú, agus go háirithe rochtain do chách, lena n-áirítear micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, sa phróiseas soláthair;

71.

ag tathant ar na Ballstáit soláthar poiblí a sheoladh chun bearta a chur chun feidhme go tráthúil chun a áirithiú go gcuirfear i gcrích iad i gcomhréir le féilire na ngarspriocanna agus na spriocanna;

72.

á chur i bhfáth go bhfuil trédhearcacht ríthábhachtach chun go mbeadh córas láidir faireacháin ar na NRRPanna lena bhféadfaí rannpháirtíocht fhóinteach a bheith ag an bpobal; á athdhearbhú gur oth lé gur dhiúltaigh an Chomhairle ardán ar líne a chruthú, le tacaíocht ón bParlaimint agus ón gCoimisiún, ina bpoibleofaí na tairbhithe deiridh; ag tabhairt faoi deara, i ngeall ar chineál na n-ionstraimí a úsáidtear, go ndírítear leis an rialú ar thorthaí agus aschuir a bhaint amach seachas ar chostais a fhíorú; ag tabhairt faoi deara go bhféadfar an cur chun feidhme a shimpliú leis an gcur chuige sin agus go bhféadfar cur leis an toradh inmhianaithe a bhaint amach; ag tabhairt rabhadh, gan faireachán cuí a dhéanamh, go bhféadfadh sé go mbeadh sé níos deacra mí-úsáid chistí AE a bhrath; ag tathant ar an gCoimisiún, mar sin féin, na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar mí-úsáid chistí AE a bhrath go luath; á iarraidh air faireachán dian a dhéanamh ar aon chistiú dúbailte a d’fhéadfadh tarlú agus, má dheimhnítear na tarluithe sin, leanúint ar aghaidh le haisghabháil na gcistí gan mhoill;

73.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas maidir le húsáid na gcóras TF a bhunaigh an Coimisiún chun go dtuairisceoidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme na NRRPanna;

74.

ag tathant ar na Ballstáit sonraí maidir le faighteoirí agus tairbhithe deiridh chistiú an Aontais a bhailiú agus a thaifeadadh i bhformáid chaighdeánaithe leictreonach agus idir-inoibritheach agus go mbainfidís úsáid as an uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca a sholáthraíonn an Coimisiún; ag tathant ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as an gcóras faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach lena n-áirítear uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca (ARACHNE) do gach caiteachas RRF, agus a áirithiú go mbeidh ARACHNE idir-inoibritheach leis na bogearraí agus na tacair sonraí ábhartha go léir chun go mbeidh an t-ualach riaracháin chomh híseal agus is féidir; á athdhearbhú, thairis sin, a thábhachtaí atá sé digitiú a dhéanamh ar gach tuairisciú, faireachán agus iniúchadh;

75.

á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit rochtain ar shonraí maidir le húinéir tairbhiúil/úinéirí tairbhiúla na gcistí agus tairbhithe an chláir a bhailiú agus a áirithiú agus ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé trédhearcacht na dtairbhithe deiridh a áirithiú, gan ualach breise a chur ar an tuairisciú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí atá cothrom le dáta go tréimhsiúil a fhoilsiú maidir leis na tairbhithe deiridh agus maidir le cistí aistrithe, ar mhaithe le hiontaoibh phoiblí agus le trédhearcacht; á iarraidh ar an gCoimisiún córas comhtháite, idir-inoibritheach atá éasca le húsáid a bhunú ina mbeidh faisnéis maidir le tionscadail chómhaoinithe, tairbhithe agus úinéirí tairbhiúla, conraitheoirí agus fochonraitheoirí uile an Aontais, agus lena bhféadfar comhiomlánú a dhéanamh ar na suimeanna uile arna bhfáil ag an tairbhí nó ag an úinéir tairbhiúil céanna;

76.

á mheabhrú don Choimisiún, maidir le meastóireacht a dhéanamh ar NRRPanna agus ar éilimh íocaíochta, gur féidir leis cúnamh a fháil ó shaineolaithe agus á iarraidh air leas iomlán a bhaint as an bhforáil sin, i gcás inarb ábhartha, go háirithe mura bhfuil sé d’acmhainn aige grinnscrúdú a dhéanamh ar na pleananna nó ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna; ag ardú amhrais maidir le cumas leordhóthanach na Comhairle anailís a dhéanamh ar éilimh NRRPanna agus ar ghlaonna chun a áirithiú go ndéanfar measúnú leormhaith orthu;

77.

ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go mbunófar an mheastóireacht ar na garspriocanna agus ar na spriocanna a bhain na Ballstáit amach mar chuid dá gClár Náisiúnta um Athchóiriú ar bhonn measúnú cuimsitheach agus trédhearcach ar na garspriocanna agus na spriocanna ina ngnéithe uile, go háirithe ar cháilíocht na ngarspriocanna agus na spriocanna sin;

78.

á mheabhrú go gceanglaítear ar na Ballstáit córas rialaithe agus iniúchóireachta láidir a chur ar bun chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a ráthú agus chun calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus dul i ngleic leo agus trédhearcacht a áirithiú, agus go bhfuil an Coimisiún freagrach as a áirithiú go mbeidh na córais sin i bhfeidhm sula ndéanfar na chéad íocaíochtaí a fhormheas; á mheabhrú go n-eisíocfar íocaíochtaí nuair a bhainfear amach garspriocanna agus spriocanna;

79.

ag tabhairt dá haire go mbraitheann an Coimisiún den chuid is mó ar na Ballstáit iniúchadh críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme na NRRPanna; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán, iniúchadh agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú maidir le cur chun feidhme iomlán na gceanglas sin agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach aon bheart den sórt sin trí shaolré iomlán RRF; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra láidir a áirithiú chun iniúchadh rialta a dhéanamh ar chórais rialaithe na mBallstát;

80.

ag athdhearbhú an róil thábhachtaigh atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise, ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil agus ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais maidir le tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint le linn chur chun feidhme NGEU, agus á iarraidh ar na hinstitiúidí agus ar na comhlachtaí sin lánúsáid a bhaint as a sainchumais faoi Rialachán RRF agus as reachtaíocht ábhartha eile chun calaois a chosc, a bhrath agus a imscrúdú go hiomlán; á mheabhrú gur cheart go mbeadh acmhainní leormhaithe ag na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais chun a gcúraimí a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú leis na hinstitiúidí agus leis na comhlachtaí sin agus a áirithiú go bhfuil acmhainní rialaithe leormhaithe i bhfeidhm agus go dtabharfaidh na Ballstáit rochtain iomlán dóibh ar gach faisnéis ábhartha chun a sainchumais a fheidhmiú;

81.

á chur in iúl gur geal léi Fóram Forfheidhmithe Dlí NGEU, chomh maith le hOibríocht Sentinel, a chabhróidh ar bhealach comhoibritheach le bagairtí i gcoinne chistí NGEU a chosc agus a chomhrac agus, ar bhonn is leithne, i gcoinne dhea-bhail airgeadais an Aontais, agus leochaileachtaí sna córais náisiúnta leithdháilte a mhapáil;

82.

á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go dtabharfadh an Coimisiún faoi fhaireachán leanúnach, lena n-áirítear ex-post, ar chaiteachas RRF, sonraí cur chun feidhme agus bainistithe, lena n-áirithítear trédhearcacht iomlán in éineacht leis na Ballstáit chun anailís a dhéanamh ar thorthaí RRF, agus aon laigí i ndáil leis sin a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu;

83.

á athdhearbhú, faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 319 CFAE, go mbeidh an tSaoráid faoi réir tuairisciú faoin tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta dá dtagraítear in Airteagal 247 den Rialachán Airgeadais, agus go háirithe, tuairisciú ar leithligh sa Tuarascáil Bhliantúil Bhainistíochta agus Feidhmíochta.

Rialachas, trédhearcacht agus infheictheacht chur chun feidhme RRF

84.

ag athdhearbhú ról na Parlaiminte maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme RRF, go háirithe trí chúig dhíospóireacht iomlánacha a tionóladh in 2021, dhá rún a glacadh, ceithre Idirphlé maidir le Téarnamh agus Athléimneacht a tionóladh leis an gCoimisiún in 2021, 20 cruinniú den mheitheal thiomnaithe maidir le grinnscrúdú an RRF, ceisteanna parlaiminteacha, agus sreabhadh rialta faisnéise agus iarrataí ad hoc ar fhaisnéis ón gCoimisiún; á mheabhrú go n-iarrtar le hAirteagal 25 de Rialachán RRF go ndéanfadh an Coimisiún doiciméid ábhartha agus faisnéis ábhartha a tharchur chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle araon ag an am céanna agus ar théarmaí comhionanna; ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús mall leis an bpróiseas cuí maidir le sreabhadh doiciméad agus na deacrachtaí a bhí ag an bParlaimint maidir le rochtain ar fhaisnéis a fuair an Coimisiún agus a tharchuir na Ballstáit; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh nósanna imeachta cumarsáide níos fearr i bhfeidhm ó shin agus á iarraidh go ndéanfaí an sreabhadh faisnéise sin a choinneáil;

85.

á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige oscailte, trédhearcach agus cuiditheach a leanúint le linn an Idirphlé maidir le Téarnamh agus Athléimneacht agus breathnú ar fhoráil Airteagal 26(1) de Rialachán RRF maidir le hidirghníomhaíochtaí rialta leis an bParlaimint; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an comhar idirinstitiúideach a bunaíodh trí RRF ina íoschaighdeán i ngach clár cistiúcháin;

86.

á iarraidh ar na parlaimintí náisiúnta agus ar na geallsealbhóirí ábhartha, i gcomhréir leis na creataí dlíthiúla náisiúnta, sampla na Parlaiminte a leanúint agus grinnscrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme a gcuid clár náisiúnta um athchóiriú ar bhealach oscailte, trédhearcach agus daonlathach;

87.

á chur in iúl gur oth léi nach raibh baint leordhóthanach ag gach Ballstát, ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ag comhpháirtithe sóisialta, ag an lucht léinn ná ag geallsealbhóirí ábhartha eile, le dearadh agus le cur chun feidhme na NRRPanna, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta, agus á iarraidh go mbeadh baint acu, bunaithe ar phrionsabail shoiléire thrédhearcacha, i gcur chun feidhme NRRPanna a mhéid is féidir faoin reachtaíocht náisiúnta;

88.

á mheabhrú go bhfuil údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus na geallsealbhóirí ábhartha eile ar thús cadhnaíochta i gcur chun feidhme áitiúil na NRRPanna agus á chur i gcuimhne don Choimisiún agus do na Ballstáit go bhfuil rannpháirtíocht agus comhordú cuí le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, le comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile cinntitheach chun na pleananna a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu chun go mbeidh rath ar théarnamh san Aontas agus go bhfuil sé bunriachtanach le go mbeidh éifeachtacht agus úinéireacht leathan ar NRRPanna; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun idirphlé a bhunú le hionadaithe ar leibhéal AE maidir le geallsealbhóirí ábhartha RRF;

89.

á iarraidh ar na Ballstáit soiléireacht a áirithiú maidir le dáileadh na bhfreagrachtaí agus maidir le córais bhainistíochta leormhaithe chistí RRF chun riachtanais shonracha na saoránach ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil a chur san áireamh, agus prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne á n-urramú; á mheabhrú go n-urramófar na dlíthe ábhartha uile le cur chun feidhme bhearta na NRRPanna i gcomhréir leis na creataí dlíthiúla náisiúnta;

90.

á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis an tuarascáil athbhreithnithe maidir le cur chun feidhme RRF a d’ullmhaigh an Coimisiún chun go gcuirfear ar fáil sonraí agus anailís fhairsing maidir leis an méid a chuireann NRRPanna le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear tionchar inscne na NRRPanna agus an méid éifeachtach a chuireann siad leis an gcomhionannas inscne, mar aon leis an tacaíocht a thugann siad do FBManna agus dá neamhspleáchas straitéiseach;

91.

á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an dócha go mbainfear amach na spriocanna caiteachais a shonraítear de réir dlí, arb ionann iad agus 37 % den chaiteachas glas agus 20 % den chaiteachas digiteach, mar a beartaíodh le linn chéim chur chun feidhme RRF agus iarrann sí ar na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na bearta a ghlacadh a mheastar is gá chun na spriocanna sin a bhaint amach i gcás ina a bhfuil siad ag súil go gcaillfear iad, le tacaíocht ón gCoimisiún i gcás inar gá;

92.

á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis an tuarascáil athbhreithnithe ar chur chun feidhme RRF a d’ullmhaigh an Coimisiún chun faisnéis a chur ar fáil maidir leis na baic, i gcás inarb ábhartha, lena gcuirfear cosc ar chur chun feidhme leormhaith na NRRPanna;

93.

á chur in iúl gur geal léi gur seoladh an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta i mí na Nollag 2021, rud a chuirfidh ar chumas gach saoránaigh faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an RRF; ag tabhairt dá haire, i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe maidir le táscairí coiteanna, nach mór do na Ballstáit tuairisciú ar roinnt táscairí, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus FBManna a fhaigheann tacaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún inniúlachtaí an scórchláir a fheabhsú agus a fheabhsú chun ardleibhéal infheictheachta agus cuntasachta a áirithiú do RRF; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de le haghaidh táscairí arna sloinneadh le líon na ndaoine sa scórchlár;

94.

ag tathant ar an gCoimisiún an fhoráil a fhorfheidhmiú gur cheart do na Ballstáit na sonraí is gá a chur ar fáil chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn i ndáil le sé cholún Rialachán RRF agus, ar an gcaoi sin, cur ar chumas gach saoránaigh faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme RRF; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, go raibh drogall ar na Ballstáit níos mó gráinneachta sonraí a sholáthar chun cur leis an scórchlár téarnaimh agus athléimneachta; ag tabhairt dá haire, le níos mó gráinneachta sonraí, go mbeadh saoránaigh in ann a rialtas féin a choinneáil cuntasach ar bhealach níos fearr;

95.

á chur in iúl gur ceann d’aidhmeanna Rialachán RRF rannchuidiú le cuspóirí sóisialta AE a bhaint amach agus cur béim ar a thábhachtaí atá sé modheolaíochtaí a bheith i bhfeidhm chun an dul chun cinn maidir lena chur chun feidhme a thaispeáint agus conas a chuireann sé sin le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach leor an gníomh tarmligthe maidir le caiteachas sóisialta agus maidir leis an scórchlár athléimneachta chun gnéithe sóisialta agus inscne RRF agus na tionchair ina leith a rianú agus tuairisciú a dhéanamh orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún léiriú níos fearr a thabhairt ar chur chun feidhme an 20 prionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta trí tháscairí sóisialta agus inscne comhlántacha a áirítear san anailís théamach ar an scórchlár;

96.

á iarraidh ar an gCoimisiún na táscairí comhlántacha a áirítear san anailís théamach ar an scórchlár a thíolacadh chun feidhmíocht na mBallstát maidir le bithéagsúlacht agus maidir le comhtháthú agus iomaíochas a rianú;

97.

á mheabhrú, de réir Rialachán RRF, nach mór don Choimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an tSaoráid a chur chun feidhme; ag spreagadh an Choimisiúin, trína oifigí ionadaíochta sna Ballstáit agus i gcomhar le hOifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit, imeachtaí a sheoladh sna Ballstáit a chuireann an scórchlár chun cinn agus a chuireann i láthair na hanailísí éagsúla a dhéanann an Coimisiún, lena n-áirítear maidir leis na sé cholún; ag moladh don Choimisiún anailís mhionsonraithe ar éifeachtaí dearfacha RRF a fhoilsiú trí bhéim a leagan ar dhea-chleachtais i gcur chun feidhme na NRRPanna agus moltaí chun constaicí cur chun feidhme a shárú agus úsáid éifeachtach na gcistí a fheabhsú;

98.

á chur i bhfios go bhfuil dúshlán mór roimh riaracháin phoiblí náisiúnta maidir le cistiú RRF ar fad a ionsú in achar ama chomh gearr sin; ag tathant ar an gCoimisiún tacú go gníomhach leis na Ballstáit chun na cistí sin a ionsú, ionas go n-íocfar cistí RRF go rathúil ar fud an Aontais;

99.

á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta i gcónaí do leas iomlán a bhaint as an raon féidearthachtaí a thairgtear le Rialachán RRF chun an RRF a mheasúnú, a ghrinnscrúdú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí imeachtaí agus gníomhaíochtaí lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta;

100.

á chur in iúl gur geal léi tionscnamh ombudsman AE prionsabail dea-chleachtais a ullmhú do thrédhearcacht rialtais maidir le cistí aisghabhála a úsáid;

101.

ag tabhairt dá haire go ndéanann NRRPanna na mBallstát tuairisciú maidir lena straitéisí cumarsáide; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, go mbeartaítear go mbeidh feachtais chumarsáide den sórt sin an-difriúil, gan caighdeán soiléir, agus ar an gcaoi sin go gcuirfear teorainn le hinfheictheacht an RRF agus le cistiú foriomlán AE; á chur in iúl gur geal léi gur lean an chuid is mó de na Ballstáit na moltaí ón gCoimisiún trí shuíomhanna gréasáin sonracha a dhearadh ina dtaispeántar faisnéis a bhaineann le RRF, ach á chur in iúl gur oth léi go bhfuil difríochtaí móra i mionsonraí na faisnéise atá ar fáil go poiblí orthu;

102.

á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh comhchuibhithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil do shaoránaigh maidir le cur chun feidhme náisiúnta agus maidir le straitéisí cumarsáide a bhaineann le RRF chun trédhearcacht agus cuntasacht a chothú, agus ar an gcaoi sin úinéireacht an chur chun feidhme a atreisiú; á iarraidh an gCoimisiún cur chuige comhchuibhithe agus caighdeán comhchuibhithe a mholadh chun faisnéis a thaispeáint maidir le cur chun feidhme RRF ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, agus á iarraidh ar na Ballstáit cloí leis an gcaighdeán sin nó a n-dialltaí uaidh a mhíniú;

Ceachtanna a foghlaimíodh ón RRF go nuige seo

103.

á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh na Ballstáit cur chun feidhme rathúil ar RRF chun an tionchar fadtéarmach ar gheilleagar agus ar shochaí AE a áirithiú; á thabhairt chun suntais go mbeidh deis ann, leis an athbhreithniú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais, ceachtanna a fhoghlaim ón méid atá bainte amach agus ó na heasnaimh a bhaineann le RFF; ag tathant ar an gCoimisiún féachaint ar chásanna éagsúla agus iad a chur i láthair maidir leis an gcaoi a bhféadfaí, leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó dhearadh agus cur chun feidhme RRF, an t-athbhreithniú ar chreat rialachais mhaicreacnamaíoch AE a spreagadh, go háirithe maidir le tuilleadh trédhearcachta, daonlathais, rannpháirtíochta, comhordaithe agus maoirseachta a bhaint amach;

104.

á chur i bhfios go láidir gur léirigh RRF a thábhachtaí atá rannpháirtíocht láidir Pharlaimint na hEorpa, i gcomhar leis an gComhairle, maidir leis an bhfreagairt ar na dúshláin nua agus dearadh na dtreoirlínte polaitiúla bunúsacha agus na sásraí rialachais, chomh maith le grinnscrúdú a dhéanamh ar an gcur chun feidhme le haghaidh úinéireacht láidir Eorpach; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh an Pharlaimint ar comhchéim leis an gComhairle agus grinnscrúdú á dhéanamh aici ar chur chun feidhme na Saoráide agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfí cóir chomhionann i bhfeidhm don dá institiúid i dtionscnaimh AE amach anseo; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá gníomhartha tarmligthe chun cuntasacht dhaonlathach agus dlisteanacht an phróisis a fheabhsú;

105.

á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go raibh ról lárnach ag an tacaíocht ón Aontas, a tugadh d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí i bhfoirm pacáistí in éineacht le dreasachtaí, maidir le húinéireacht náisiúnta RRF agus an tSeimeastair Eorpaigh a threisiú bunaithe ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil idirphlé sóisialta agus críochach fónta ina bhfuil ardleibhéal rannpháirtíochta ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ag comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, laistigh den chreat dlíthiúil náisiúnta, bunriachtanach don úinéireacht náisiúnta, don chur chun feidhme rathúil agus don chuntasacht dhaonlathach agus gur cheart iad sin a neartú agus a chur i bhfeidhm ar bhealach níos dícheallaí agus go bhféadfaí tionscnaimh agus sásraí a bheidh ann amach anseo a spreagadh san Aontas agus sna Ballstáit;

106.

ag aithint, bunaithe ar dhea-shampla RRF, mar chuid de NGEU, an bhreisluacha láidir a bhaineann le freagairt choiteann, nua-aimseartha agus éifeachtach ón Aontas a d’fhéadfaí a úsáid go tapa chun dul i ngleic le géarchéimeanna agus le dúshláin nua;

107.

á iarraidh ar an gCoimisiún tuairimí na Parlaiminte a chur san áireamh go hiomlán sa tuarascáil athbhreithnithe atá le teacht maidir le cur chun feidhme RRF, ar tuarascáil í a chuirfidh an Coimisiún faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle faoin 31 Iúil 2022; á iarraidh ar an gCoimisiún ionchur na ngeallsealbhóirí ábhartha uile sa tuarascáil sin a chur san áireamh;

o

o o

108.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát;

(1)  IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.

(2)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.

(3)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 184.

(4)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 90.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0121.

(6)  Téacsanna arna nglacadh P9_TA(2022)0219.

(7)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0240.

(8)  IO L 429, 1.12.2021, lch. 83.

(9)  IO L 429, 1.12.2021, lch. 79.

(10)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 45.

(11)  IO C 97, 28.2.2022, lch. 21.

(12)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0074.

(13)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0204.

(14)  https://ec.europa.eu/economy_finance/recovery-and-resilience-scoreboard/

(15)  https://www.europarl.europa.eu/thinktank/ga/research/advanced-search?textualSearch=RRF&startDate=01%2F07%2F2019&endDate=&firstCameToPage=false

(16)  Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht na mBeartas Inmheánach, an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus Gnóthaí Bunreachtúla, COVID-19 and its economic impact on women and women’s poverty – Insights from 5 European Countries, Bealtaine 2021 [agus a thionchar eacnamaíoch ar mhná agus ar bhochtaineacht na mban – Léargais ó 5 Thír Eorpacha, Bealtaine 2021. https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/693183/IPOL_STU(2021)693183_GA.pdf

(17)  Eurochild, Growing up in lockdown: Europe’s children in the age of COVID-19, 17 November 2020. [Ag fás sa dianghlasáil: Leanaí na hEorpa i ré COVID-19, 17 Samhain 2020. https://www.eurochild.org/resource/growing-up-in-lockdown-europes-children-in-the-age-of-covid-19/

(18)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25).


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/39


P9_TA(2022)0265

Bearta maidir le cuimsiú laistigh d’Erasmus+ 2014-2020

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme beart cuimsithe laistigh de Erasmus+ 2014-2020 (2021/2009(INI))

(2023/C 32/07)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 6, 10, 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (2),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2018 dar teideal “Measúnú lár-théarma ar chlár Erasmus+ (2014-2020)” (COM(2018)0050),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2017 dar teideal “Féiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr – Rannchuidiú an Choimisiúin Eorpaigh do chruinniú na gCeannairí in Göteborg, an 17 Samhain 2017” (COM(2017)0673),

ag féachaint don Fhorógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (3),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal “Aontas an Chomhionannais: Straitéis um Chomhionannas LADTIA 2020-2025” (COM(2020)0698), atá ag tógáil ar na Conclúidí ón gComhairle an 16 Meitheamh 2016 maidir le comhionannas LADTIA,

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Aontas an Chomhionannais: Plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020-2025 (COM(2020)0565), a fhéachann le nuashonrú a dhéanamh ar Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine, gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach (4) (an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’ (5),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d”Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Achainíocha,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0158/2022),

A.

de bhrí gur cuid fhíorthábhachtach den fhoghlaim dhigiteach agus den fhoghlaim i bpearsa í an tsoghluaisteacht; de bhrí gur gné dhílis de bhunluachanna an Aontais é deiseanna comhionanna agus cuimsitheacha a chur ar fáil do chách, agus go gcaithfidh sé leanúint ar aghaidh mar sin, agus de bhrí go gcaithfidh daoine ó gach cúlra agus gach aicme den tsochaí a bheith in ann tairbhe iomlán agus chomhionann a bhaint as Erasmus+; ag tabhairt chun suntais nach é amháin go dtéann Erasmus+ chun tairbhe dá rannpháirtithe, ach go dtéann sé chun tairbhe freisin do phobail agus sochaithe iomlána agus go ndéanann sé Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 na Náisiún Aontaithe a chomhall; á thabhairt dá haire gur sochaithe atá níos daonlathaí, níos láidre agus níos comhtháite a leanann as sin, mar aon le sochaithe a bhfuil teacht aniar níos fearr iontu;

B.

de bhrí go gcuirtear béim i Rialachán Erasmus+ 2014-2020 ar chuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus ar rannpháirtíocht daoine ag a bhfuil riachtanais speisialta nó daoine ar lú na deiseanna atá acu, de réir mar a shainmhínítear é sin i “Straitéis um Chuimsiú agus Éagsúlacht Erasmus+”, lena gcuimsítear daoine a mbíonn orthu dul i ngleic le míchumais, le fadhbanna sláinte, le deacrachtaí oideachasúla, le difríochtaí cultúrtha, agus le constaicí eacnamaíocha, geografacha agus sóisialta; á chur i bhfios go láidir go dtéann clár Erasmus+ (2021-2027) lámh ar láimh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

C.

de bhrí go raibh tionchar ollmhór ag paindéim COVID-19 ar an earnáil oideachais ina hiomláine, rud a chuir go mór leis na héagothromaíochtaí a bhí ann cheana féin ó thaobh oideachas a rochtain agus rud a tharraing aird ar an ngá atá ann bearta a bhaineann le cuimsiú a choimeád in Erasmus+ agus aon fheabhsúcháin is gá a dhéanamh;

D.

de bhrí nach ndearnadh aon straitéis um chuimsiú, atá comhchuibhithe agus éigeantach, a leagan síos ar an leibhéal Eorpach do chlár Erasmus+ le haghaidh 2014-2020, agus gur easnamh é sin a chuir teorainn leis an tionchar a bhí ag bearta a bhaineann le cuimsiú laistigh den chlár;

E.

de bhrí go gcuireann soghluaisteacht fhisiciúil ar chumas daoine iad féin a thumadh i gcultúir eile agus go dtugann sí an deis dóibh an t-idirghníomhú is fearr le cultúir eile a bhlaiseadh, agus de bhrí go gcuireann malartuithe fíorúla agus foghlaim fhíorúil go mór le soghluaisteacht fhisiciúil, ach fós nach bhfuil an cháilíocht chéanna ó thaobh éispéiris de ná ó thaobh sochar de le fáil acu as sin;

F.

de bhrí gur chuir an phaindéim dlús leis an aistriú digiteach agus gur tharraing sé aird ar an tábhacht atá le dea-scileanna digiteacha a bheith ag daoine; á chur i bhfios go láidir gur féidir le Erasmus+ rannchuidiú go suntasach le huas-sciliú agus ath-sciliú digiteach;

G.

de bhrí gur féidir le heispéaras na soghluaisteachta a éiríonn as Erasmus+ athrú as cuimse a thabhairt isteach i saol na rannpháirtithe, agus gur féidir leis an eispéaras sin tionchar dearfach a imirt ar a scileanna cumarsáide, ar a bhféinmhuinín, ar a suáilceas, ar a smaointeoireacht chriticiúil, ar a bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil, ar a n-infhostaitheacht, ar a ndea-bhail agus ar a dtuiscint ar na tairbhí a bhaineann le hEoraip aontaithe trí dheiseanna foghlama cuimsitheacha a sholáthar ina ndéantar a saol a shaibhriú agus a ligeann dóibh blaiseadh den oidhreacht teanga agus chultúrtha san Eoraip a fháil le linn dóibh eolas a ghnóthú a seasfaidh dóibh ar feadh a saoil;

H.

de bhrí go ndearna an measúnú mheántéarma ar chlár Erasmus+ do thréimhse 2014-2020, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún in 2018, béim a chur ar an ngá le teagmháil a dhéanamh le níos mó daoine ar lú na deiseanna atá acu agus le heagraíochtaí beaga sna réigiúin go léir;

1.

á thabhairt dá haire le sástacht go bhfuil dearcadh dearfach ar an iomlán ann faoin gcaoi a ndearnadh bearta a bhaineann le cuimsiú a fhorbairt i gcaitheamh chlárthréimhse Erasmus+ 2014-2020;

2.

á thabhairt chun suntais gur cheart do Erasmus+ tacú leis na pleananna idirnáisiúnaithe atá ag geallsealbhóirí agus ag rannpháirtithe an chláir atá ag rannchuidiú le deireadh a chur le bacainní fisiciúla, síceolaíocha, sóisialta, socheacnamaíocha, teanga agus digiteacha, mar aon le bacainní eile, ar shoghluaisteacht foghlama agus ar thionscadail Eorpacha, ar pleananna iad sin a thugann faisnéis shoiléir agus mhionsonraithe, mar aon le tacaíocht cháilíochtúil, do rannpháirtithe ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht nó ag a bhfuil riachtanais shonracha;

3.

á chur i bhfáth go bhfuil gá fíor-riachtanach ann le haghaidh cistiú agus deontais sainoiriúnaithe, amhail réamh-mhaoiniú, deontais bhreise, íocaíochtaí roimh ré agus cnapshuimeanna, chun go méadófar a mhéid atá daoine ar lú na deiseanna atá acu nó daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste rannpháirteach sa chlár, mar go bhfuil bacainní airgeadais fós ar cheann de na constaicí is mó atá ar dhaoine ó thaobh páirt a ghlacadh in Erasmus+; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur gá rialacha solúbtha a chur i bhfeidhm chun suim airgeadais leordhóthanach a sholáthar a chlúdóidh a gcuid riachtanas, go háirithe a gcostais mhaireachtála;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar uirlisí maoinithe Erasmus+ agus sineirgí le cláir eile a bhunú;

5.

á chur i bhfáth go bhfuil an méid airgid a íoctar amach trí dheontais soghluaisteachta fós neamhdhóthanach i gcásanna áirithe, agus gur féidir leis sin a bheith ina chúis le heisiamh sóisialta do na mic léinn agus teaghlaigh sin nach bhfuil sé ar a n-acmhainn costais na soghluaisteachta a sheasamh; á iarraidh go mbeadh méadú i mbuiséad 2023 chun go bhféadfar bearta a bhaineann le cuimsiú in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach a chur chun feidhme go hiomlán;

6.

ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go mbíonn na huirlisí digiteacha atá cheana ann ag obair go cuí agus go hiomlán, agus ag tathant freisin air dul i ngleic gan mhoill leis na saincheisteanna tromchúiseacha atá fós ann a bhaineann le huirlisí TF Erasmus+, a bhfuil siad sin ag cur bac suntasach ar a mhéid a bhíonn eagraíochtaí beaga, daoine ar lú na deiseanna atá acu, rannpháirtithe scothaosta agus daoine den fhoireann a chuidíonn le páipéarachas riaracháin ag glacadh páirt sa chlár, ach freisin go bhfuil siad ag cur bac ar an uile chineál tairbhí a bheith páirteach ann; á iarraidh ar an gCoimisiún an próiseas a ghabhann le huirlisí TF a thugtar isteach as an nua a dhéanamh níos éasca agus inrochtana do na grúpaí go léir, agus iad a thástáil ar scála sách mór sula gcuirtear chun feidhme iad;

7.

á thabhairt dá haire go stopann na bacainní riaracháin go leor foghlaimeoirí féideartha ó pháirt a ghlacadh sa chlár; ag tathant ar an gCoimisiún an maorlathas a laghdú agus na nósanna imeachta le haghaidh rochtain ar chistiú a shimpliú d’fhonn sruthlíniú a dhéanamh ar an bpróiseas, agus an próiseas sin a dhéanamh níos éasca le tuiscint agus níos inrochtana; á chur i bhfios go láidir gur bacainn ar rochtain do chách atá san ualach riaracháin agus gur mó a dhéanann sé sin difear do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu nó do dhaoine ag a bhfuil riachtanais speisialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh na nósanna imeachta chun cur isteach ar Erasmus ar fáil i ngach ceann de na teangacha Eorpacha;

8.

ag moladh an róil atá ag múinteoirí, oibrithe óige agus sóisialta, eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, cumainn agus an fhoireann oideachais mar threallús d’institiúidí rannpháirteacha ó thaobh feasacht ar an gclár a mhúscailt, trí fhoghlaimeoirí a bheidh ann amach anseo a chur ar an eolas, agus tacaíocht a thabhairt dóibh, agus trí dhaoine ar lú na deiseanna atá acu a shainaithint; á thabhairt dá haire nach mbeadh formhór na rannpháirtithe, go háirithe daoine ar lú na deiseanna atá acu, in ann páirt a ghlacadh in Erasmus+ dá n-uireasa; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta meas a bheith acu ar an obair a dhéanann siad sin, a dhéantar ar bhonn deonach go minic, agus aitheantas a thabhairt don obair sin, agus tacú leo trína soghluaisteacht féin a éascú agus maoiniú agus tacaíocht leormhaith a chur ar fáil dóibh nuair a bhíonn siad i dtionlacan rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu agus nuair a bhíonn oiliúint shainiúil atá oiriúnaithe dá riachtanais á tairiscint acu do na rannpháirtithe sin; ag tabhairt dá haire an tábhacht atá le nuashonrú a dhéanamh ar uirlisí éagsúla a úsáideann siad chun rannpháirtithe féideartha a shainaithint agus an tábhacht atá le heispéaras Erasmus+ a shainoiriúnú níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag gach rannpháirtí aonair;

9.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé oiliúint agus tacaíocht iomchuí a thabhairt do theagascóirí faoin gcaoi le déileáil go héifeachtach le dúshláin agus deiseanna, agus faoin gcaoi le dea-chleachtais phraiticiúla a mhalartú le chéile;

10.

ag tathant ar na Ballstáit agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta níos mó seimineár oideachais a éascú d’fhoireann Erasmus+ ó thaobh tionscadail a chur i gcrích, modhanna a bhaineann le cuimsiú a fhorbairt agus breathnú isteach i mbealaí nua chun rochtain a fháil ar thairbhithe an chláir amach anseo;

11.

á chur i bhfáth go gcaithfidh an Coimisiún, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí náisiúnta tacaíocht níos fearr a sholáthar d’eagraíochtaí pobail i ngach limistéar, lena n-áirítear eagraíochtaí faoi threoir an phobail agus eagraíochtaí beaga, go háirithe sna réigiúin i forimeallaí, in oileáin agus i limistéir iargúlta, sléibhtiúla, tuaithe agus ísealrochtana, agus chun a áirithiú go ndéantar acmhainní agus tionscadail a leithdháileadh go cothrom i ngach Ballstát;

12.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacaíocht leormhaith airgeadais agus ábhair a sholáthar don fhoireann, sa bhreis ar bhreisoiliúint agus saineolas breise, ionas gur féidir leo a bheith gníomhach le rannpháirtithe, lena dteaghlaigh agus le tairbhithe agus gur féidir leo feabhas a chur ar rochtain agus borradh a chur faoi rath agus tionchar na dtionscadal, agus fós a áirithiú go dtarlaíonn an tsoghluaisteacht agus na tionscadail ar bhonn rianúil; á thabhairt dá haire gur féidir leis na gníomhaireachtaí náisiúnta sna Ballstáit cúnamh suntasach a thabhairt trí riachtanais eagraíochtaí agus institiúidí ar an gceist seo a shainaithint agus tríd an tacaíocht is gá a sholáthar;

13.

ag tabhairt dá haire go bhfuil éifeacht dhearfach ag soghluaisteacht ghearrthéarmach ar leanaí scoile ó thaobh bacainní meabhracha agus síceasóisialta a chur díobh, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí náisiúnta tionscadail soghluaisteachta atá dírithe ar leanaí agus ar dhéagóirí a chothú;

14.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais faisnéise spriocdhírithe a eagrú, ar mhodh ar líne chomh maith lena dhéanamh ar mhodh den líne, chun feasacht agus for-rochtain i measc na saoránach maidir le tairbhí Erasmus+ a mhéadú trí chomhar leis na meáin agus leis na meáin shóisialta i saoráidí foghlama poiblí amhail leabharlanna, scoileanna agus ollscoileanna;

15.

á iarraidh ar na gníomhaireachtaí náisiúnta go léir daoine a cheapadh le bheith ina n-oifigigh um chuimsiú agus éagsúlacht, agus iad a bheith tiomnaithe go hiomlán don ról sin, chun teagmháil a dhéanamh go díreach le foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta agus/nó foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh, ina leith seo, ar na heagraíochtaí sin a roghnaíodh chun gníomhaíochtaí Erasmus+ a chur chun feidhme daoine teagmhála a ainmniú a bheidh tiomnaithe go hiomlán don ról teagmháil a choinneáil le daoine ar lú na deiseanna atá acu, agus ag meabhrú go gcaithfidh faisnéis i dtaobh seirbhísí tacaíochta do dhaoine ag a bhfuil riachtanais speisialta a bheith soiléir, cothrom le dáta, iomlán agus éasca le rochtain;

16.

á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na treoirlínte do bheartais náisiúnta a chumasóidh rannpháirtíocht fheabhsaithe foghlaimeoirí a chaitheann dul i ngleic le fadhbanna sláinte, le difríochtaí cultúrtha agus le bacainní eacnamaíocha, geografacha agus sóisialta, agus á iarraidh freisin air cur chun feidhme na mbeartas náisiúnta sin a ghrinnscrúdú agus tuairisciú orthu;

17.

ag tacú le gach uile thionscnaimh AE atá dírithe ar shoghluaisteacht mac léinn a éascú, amhail aip mhóibíleach Erasmus+, “Erasmus gan pháipéar” agus an Cárta Mic Léinn Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún a fhiosrú an féidir Erasmus+ a nascadh níos dlúithe le cláir eile agus comhar treas-earnálach, lena n-áirítear Interrail, a chothú ionas go bhféadfar níos mó cuimsitheachta agus comhionannais a chothú ar mhaithe le feabhas a chur ar rochtain ar roghanna soghluaisteachta atá níos fearr agus níos glaise, go háirithe do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh DiscoverEU a dhéanamh níos cuimsithí, rud a ligfeadh do níos mó daoine páirt a ghlacadh ann;

18.

á chur i bhfáth gur cheart fócas speisialta a bheith ar inniúlachtaí teanga, go háirithe do rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh tacaíocht spriocdhírithe agus grúpshonrach ann d’foghlaim teanga mar ullmhúchán don tsoghluaisteacht agus á áitiú nár cheart go mbeadh an tacaíocht sin teoranta do chúrsaí ar líne;

19.

ag aithint go bhfuil ról tábhachtach ag an ionad acmhainní um chuimsiú agus éagsúlacht atá ag SALTO (Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna) ó thaobh bearta a bhaineann le cuimsiú a chur chun feidhme don snáithe “An Óige” faoi Erasmus+, agus á thabhairt dá haire nach mór súil ghéar a choinneáil ar an gcaoi a ndéantar straitéisí um chuimsiú a leathnú amach go dtí an snáithe “Oideachas & Oiliúint” sa chlárthréimhse reatha, mar go bhfuil difríocht idir na spriocghrúpaí; á chur bhfáth gur gá do ghníomhaireachtaí náisiúnta oibriú níos dlúithe le gníomhaireachtaí fostaíochta agus le geallsealbhóirí eile i réimse an oideachais aosaigh ionas go n-éascófar an próiseas chun foghlaimeoirí i réimse an oideachais aosaigh a chuimsiú i gclár Erasmus+ do thréimhse 2021-2027;

20.

á chur in iúl gur oth léi an easpa sonraí iontaofa atá ann – idir shonraí chainníochtúla agus sonraí cáilíochtúla – maidir le rannpháirtíocht daoine ar lú na deiseanna atá acu i gclár Erasmus+, amhail sonraí a d’fhéadfaí a úsáid chun a shainaithint cad iad grúpaí ar cheart bearta a bhaineann le cuimsiú a spriocdhíriú orthu; á chur i bhfios go láidir gur gá scéimeanna meastóireachta a fhorbairt chun staitisticí soiléire a tháirgeadh agus gur gá measúnú iomchuí a dhéanamh ar fhadhbanna eile chun uirlis bhainistíochta agus stiúrtha a chruthú do bhearta a bhaineann le cuimsiú, ag úsáid modhanna a léiríonn urraim iomlán do rialacháin cosanta príobháideachais agus sonraí agus nach gcuireann ualaí riaracháin míchuí ar eagraíochtaí agus ar rannpháirtithe; ag athdhearbhú go bhfuil gá le forbairt acmhainneachta níos mó do dhaoine den fhoireann i ndáil le táscairí agus córais faireacháin don chuimsiú;

21.

ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí taighde agus staidéir uile-Eorpacha maidir le cuimsiú a mhaoiniú sa chlárthréimhse reatha chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag na bearta atá déanta ag gníomhaireachtaí náisiúnta agus ag geallsealbhóirí ó thaobh a bheith páirteach le heagraíochtaí agus le daoine ar lú na deiseanna atá acu; á chur in iúl go láidir go bhfuil tábhacht le taifid agus staitisticí a choimeád a d’fhéadfadh fónamh mar bhonn do chomhairliúcháin ar chláir amach anseo;

22.

á iarraidh go gcuirfí riachtanais shainiúla daoine faoi mhíchumas san áireamh chun a rannpháirtíocht sa chlár a éascú trí shoghluaisteacht hibrideach a thairiscint dóibh trí bhíthin ullmhúchán a dhéanamh don tréimhse shoghluaisteachta, tríd an deis a thabhairt dóibh duine a bheith in éineacht leo, agus trí chóiríocht oiriúnach agus inrochtana mar aon le seirbhísí tacaíochta speisialta a sholáthar dóibh bunaithe ar a gcuid riachtanas; á chur i bhfáth go bhfuil gá le haiseolas a bhailiú uathu tar éis na tréimhse soghluaisteachta chun rannpháirtíocht tairbhithe sa todhchaí a fheabhsú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht, treoraíocht agus uirlisí sonracha a ligeann do dhaoine faoi mhíchumas clárú do chlár Erasmus+ agus páirt a ghlacadh ann; á mheabhrú gur cheart go mbeadh rochtain ar chistí agus deontais ag daoine tionlacain ionas go bhféadfaidh siadsan páirt a ghlacadh sa chlár soghluaisteachta;

23.

á chur i bhfáth cé chomh tábhachtach atá clár Erasmus+ ó thaobh luachanna na caoinfhulaingthe agus na hilghnéitheachta a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí a bhunú idir plean gníomhaíochta an Aontais in aghaidh an chiníochais agus Erasmus+ chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha agus chun an ciníochas a chomhrac is cuma cén chaoi a dtagann sé chun cinn;

24.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an fhorbairt atá déanta ar thionscadail Erasmus+ atá ag baint le agus ag díriú isteach ar fheabhas a chur ar chomhionannas inscne agus mná a chuimsiú i ngach earnáil den oideachas, go háirithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, sna healaíona agus sa mhatamaitic (STEAM), agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint d’infheictheacht a thabhairt don chomhionannas inscne ina gcuid beartas agus gníomhaíochtaí;

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscadail a dhéanann éagsúlacht ghnéasach a chur chun cinn, agus feasacht air sin a mhúscailt, agus a spreagann meas ar dhaoine LADTIA+, agus á iarraidh ar an gCoimisiún fíornaisc a chruthú idir Straitéis Chomhionannais LADTIA an Aontais agus clár Erasmus+;

26.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le réitigh spriocdhírithe mar aon le cur chuige bunaithe ar riachtanais i leith deiseanna soghluaisteachta a bhaineann leis an bhfoghlaim do daoine ó ghrúpaí imeallaithe chun a rannpháirtíocht sa chlár a fheabhsú agus chun a áirithiú go bhfaigheann siad tacaíocht leormhaith, á mheabhrú go bhfuil bacainní airgeadais agus institiúideacha fós ar cheann de na constaicí is mó dá rannpháirtíocht;

27.

á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar fad a bhaineann le Erasmus+ inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe trí uirlisí ar líne atá oiriúnaithe agus saor ó bhac a bheith ar fáil i ngach teanga Eorpach; á mheabhrú gur cheart go mbeadh próisis phleanála agus meastóireachta saor ó bhac; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bunaíodh “Laethanta Erasmus” agus á chur i bhfáth cé chomh tábhachtach atá ról iar-rannpháirtithe Erasmus+ agus líonraí d’iar-mhic léinn chun an clár a chur chun cinn go forleitheadach agus a bheith ag fónamh mar ionad ilfhreastail do gach duine a bheidh ina bhfoghlaimeoirí amach anseo;

28.

á iarraidh ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar a gcuid beartas reatha, agus cláir agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe a ghlacadh le haghaidh foghlaimeoirí ar lú na deiseanna atá acu agus foghlaimeoirí ag a bhfuil riachtanais speisialta, ó gach aoisghrúpa agus ó gach cúlra, chun rannpháirtíocht in Erasmus+ a mhéadú, go háirithe ó thaobh na soghluaisteachta de, agus chun malartú ar dhea-chleachtais phraiticiúla a chothú; á thabhairt dá haire go bhfuil ról lárnach ag gníomhaireachtaí náisiúnta agus ag eagraíochtaí deonacha in éascú an phróisis sin;

29.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar dearfach chlár Erasmus+ i dtríú tíortha ina thoisc do phróiseas lánpháirtithe na hEorpa agus do neartú infheictheacht an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhpháirtíochtaí níos fearr agus cuimsitheacht mhéadaithe i dtionscadail Erasmus+ i dtíortha comhlachaithe agus i dtíortha incháilithe eile, go sonrach sna Balcáin Thiar agus i gComharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt; á iarraidh ar an gCoimisiún comhairliúchán idirnáisiúnta a éascú – go digiteach agus freisin i bpearsa – idir gníomhaireachtaí náisiúnta sna Ballstáit agus i dtíortha rannpháirteacha d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú; á thabhairt dá haire go neartóidh sé seo tuilleadh an comhar eatarthu agus go ligfidh sé dóibh réitigh nua, smaointe agus ceachtanna atá foghlamtha go praiticiúil a chur chun feidhme, rud a mhéadóidh an líon rannpháirtithe i gclár Erasmus+;

30.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le níos mó solúbthachta i leith chlár Erasmus+ i gcás géarchéime, mar a chonacthas ó thús an chogaidh san Úcráin; á chur in iúl gur díol sásaimh di na bearta atá fógartha ag an gCoimisiún a ligeann do mhic léinn agus do dhaoine den fhoireann oideachais ón Úcráin a bhfuil tionchar imeartha ag an gcogadh orthu leanúint dá n-oideachas agus dá ngníomhaíochtaí gairmiúla san Úcráin agus in aon cheann de na Ballstáit; á iarraidh go dtabharfaí níos mó cúnaimh do mhic léinn na hÚcráine agus go ndéanfaí tacaíocht bhreise a sholáthar chun institiúidí ardoideachais agus pobal acadúil na hÚcráine a chothú;

31.

á chur in iúl gur oth léi cinneadh Rialtas na Ríochta Aontaithe gan páirt a ghlacadh in Erasmus+ don chlárthréimhse reatha tar éis di imeacht as an Aontas Eorpach, arb ionann é sin agus caillteannas deiseanna do dhaoine óga san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe araon;

32.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé soghluaisteacht a chothú do mhic léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga ó gach cúlra, agus á thabhairt dá haire le sástacht gur cruthaíodh níos mó deiseanna dá soghluaisteacht ar bhonn fhadtéarmach le linn chlárthréimhse 2014-2020;

33.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid a bhaint as Bliain Eorpach na hÓige agus as imeachtaí gaolmhara chun na deiseanna a éiríonn as clár Erasmus+ a chur chun cinn go héifeachtach, go háirithe do dhaoine ar lú na deiseanna atá acu agus do dhaoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, d’fhonn a áirithiú go bhfuil tionchar éifeachtach ag Bliain Eorpach na hÓige, go háirithe maidir le dálaí maireachtála, deiseanna oideachais agus rannpháirtíocht dhaonlathach daoine óga; á chur in iúl gur oth léi nach leor an buiséad atá leithdháilte ar Bhliain Eorpach na hÓige chun riachtanais an tionscnaimh a shásamh;

34.

á mheabhrú go bhfuil tábhacht as cuimse ag baint lena áirithiú go dtugtar aitheantas go huathoibríoch do cháilíochtaí agus do thréimhsí foghlama i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Oideachais mar uirlis chomhlántach chun éifeacht iomlán a thabhairt do bhearta a bhaineann le cuimsiú laistigh de Erasmus+ agus den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach;

35.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ghlac an Coimisiún le déanaí creat de bhearta le haghaidh thréimhse 2021-2027 atá dírithe ar éagsúlacht agus cuimsiú a mhéadú i gclár Erasmus+ agus i gclár an Chóir Eorpaigh Dlúthpháirtíochta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán dlúth a dhéanamh ar chur chun feidhme náisiúnta an chreata sin sa todhchaí agus á iarraidh freisin air an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas ar bhonn bliantúil; á chur i bhfios go láidir gur féidir le cur chun feidhme iomlán an chreata tiomnaithe de bhearta a bhaineann le cuimsiú fónamh mar thaithí úsáideach agus mar thagairt úsáideach do chláir eile de chuid an Aontais a bhfuil tionchar díreach acu ar shaol na saoránach, amhail Eoraip na Cruthaitheachta agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna;

36.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO L 347, 20.2.2013, lch. 50.

(2)  IO L 189, 28.5.2021, lch. 1.

(3)  IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.

(4)  IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.

(5)  IO C 385, 22.9.2021, lch. 2.


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/44


P9_TA(2022)0266

Tuarascáil 2021 maidir le Montainéagró

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (2021/2247(INI))

(2023/C 32/08)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht Mhontainéagró, den pháirt eile (1), a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2010,

ag féachaint d’iarratas Mhontainéagró an 15 Nollaig 2008 ar bhallraíocht san Aontas Eorpach,

ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún an 9 Samhain 2010 maidir le hiarratas Mhontainéagró ar bhallraíocht san Aontas Eorpach (COM(2010)0670), agus don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 16-17 Nollaig 2010 chun stádas iarrthóra a dheonú do Mhontainéagró agus don chinneadh ón gComhairle Eorpach an 29 Meitheamh 2012 tús a chur le hidirbheartaíocht aontachais an Aontais le Montainéagró,

ag féachaint d’aontachas Mhontainéagró le ECAT an 5 Meitheamh 2017,

ag féachaint do chonclúidí na hUachtaránachta ó chruinniú na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki an 19-20 Meitheamh 2003,

ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do Chlár Oibre Tosaíochtaí Shóifia,

ag féachaint do Dhearbhú Shágrab ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Bealtaine 2020,

ag féachaint do Dharbhú Brdo ón gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Balcáin Thiar an 6 Deireadh Fómhair 2021,

ag féachaint do Chruinniú Mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020, do Dhearbhú Cheannairí na mBalcán Thiar maidir le Cómhargadh Réigiúnach an 9 Samhain 2020 agus do Dhearbhú Shóifia maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar an 10 Samhain 2020,

ag féachaint do Phróiseas Bheirlín a seoladh an 28 Lúnasa 2014,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal “Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans” [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar] (COM(2020)0057),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Economic and Investment plan for the Western Balkans [“Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar”] (COM(2020)0641),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (2),

ag féachaint do thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal “2021 Communication on EU Enlargement Policy” [Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas AE um Méadú] (COM(2021)0644), lena ngabhann doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal Montenegro 2021 Report [Tuarascáil 2020 maidir le Montainéagró] (SWD(2021)0293),

ag féachaint d’Forbhreathnú agus Measúnú Tíre an Choimisiúin ar Chlár Athchóirithe Eacnamaíoch Mhontainéagró, mí Iúil 2021,

ag féachaint do na conclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir an tAontas agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc, a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2021,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal “Support to the Western Balkans in tackling COVID-19 and the post-pandemic recovery” [Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iar-phaindéimeach] (COM(2020)0315),

ag féachaint don chúigiú cruinniú den Chomhdháil Aontachais le Montainéagró ar leibhéal na n-ionadaithe an 30 Meitheamh 2020 sa Bhruiséil, áit inar cuireadh tús le hidirbheartaíocht maidir leis an gcaibidil is déanaí a scagadh, Caibidil 8 (beartas iomaíochta),

ag féachaint do Chomhdháil Aontachais idir-rialtasach AE-Montainéagró an 22 Meitheamh 2021 agus an 13 Nollaig 2021,

ag féachaint do thuairimí Choimisiún Veinéis ó mhí an Mhárta agus mí Bhealtaine 2021 maidir leis na dréachleasuithe athbhreithnithe ar an dlí maidir le Seirbhís Ionchúisimh an Stáit agus dá thuairimí roimhe sin,

ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020 (3),

ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an tír,

ag féachaint don dearbhú agus do na moltaí a glacadh ag an 20ú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-Mhontainéagró (SAPC), a reáchtáladh an 2 Nollaig 2021,

ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Dhara Cruinniú Mullaigh Pharlaimint na hEorpa – Spéicéirí na mBalcán Thiar an 28 Meitheamh 2021, a thionóil Uachtarán Pharlaimint na hEorpa leis na ceannairí ó pharlaimintí na mBalcán Thiar,

ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le Tuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (4),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar (5),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0151/2022),

A.

de bhrí go ndéantar gach tír atá sa phróiseas méadaithe a mheas ar a fiúntas féin, agus gurb é cur chun feidhme na n-athchóirithe riachtanacha, go háirithe i réimse an smachta reatha, a chinntíonn tráthchlár agus dul chun cinn an aontachais;

B.

de bhrí gurb é Montainéagró an tír is faide chun cinn ina phróiseas caibidlíochta i measc na dtíortha is iarrthóirí, agus gach ceann de na 33 chaibidil scagtha d’acquis an Aontais oscailte aige, agus trí cinn acu dúnta go sealadach;

C.

de bhrí go dtacaíonn 80 % dá chuid saoránach leis an tír a bheith ina ball de AE amach anseo;

D.

de bhrí go raibh deighilt mhór le sonrú sa tréimhse i ndiaidh thoghcháin 2020 idir an tromlach i gceannas agus an freasúra, agus laistigh den tromlach i gceannas chomh maith; de bhrí gur chuir baghchait agus easpa fíor-rannpháirtíochta na ngeallsealbhóirí parlaiminteacha as do chinnteoireacht na Parlaiminte;

E.

de bhrí gur ghlac Montainéagró, le linn na Comhdhála Idir-Rialtasaí an 22 Meitheamh 2021, leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú atá bunaithe ar bhraislí caibidlí téamacha agus ar chéimniú isteach bheartais agus chláir aonair AE;

F.

de bhrí gurb é an tAontas Eorpach an comhpháirtí trádála is mó de chuid Mhontainéagró, lena ndearnadh 38 % de na honnmhairí go léir agus 44 % de na hallmhairí go léir in 2020; de bhrí gurb é AE an soláthraí a thugann an méid is mó cúnaimh airgeadais do Mhontainéagró agus de bhrí go mbaineann Montainéagró tairbhe as cúnamh réamhaontachais faoi IPA, agus EUR 504,9 milliún faighte aige ar an iomlán idir 2007 agus 2020;

G.

de bhrí gur léirigh AE a thiomantas go leanúnach maidir le peirspictíocht Eorpach thíortha na mBalcán Thiar agus go ndearna sé EUR 3,3 billiún a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte atá ann faoi láthair agus chun iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú;

H.

de bhrí go bhfuil an cúnamh faoi IPA III bunaithe ar choinníollacht dhocht agus go ndéantar foráil ann do mhodhnú agus cur ar fionraí cúnaimh má tharlaíonn aon tarraingt siar ón daonlathas, ó chearta an duine agus ón smacht reachta;

I.

de bhrí go bhfuil Montainéagró i mbaol maidir le cur isteach eachtrach agus feachtais bhréagaisnéise de bhunadh na Rúise agus tíortha eile;

Tiomantas do mhéadú

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas leanúnach Mhontainéagró do lánpháirtiú na hEorpa agus tacaíocht bhuanseasmhach a chuid saoránach do bhallraíocht AE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dul chun cinn sa chaibidlíocht fós ag brath ar thagarmharcanna eatramhacha an smachta reachta a bhaint amach;

2.

ag tabhairt dá haire gur osclaíodh na 33 chaibidil scagtha, ach gur oth léi nár dúnadh aon cheann díobh ó 2017, ag cur moill ar thaifead teiste dearfach Mhontainéagró agus ar a stádás mar an tír a bhfuil an méid is mó dul chun cinn déanta aici chun aontachas AE a bhaint amach; á chur in iúl gur díol sásaimh di glacadh Mhontainéagró leis an modheolaíocht athbhreithnithe um méadú; á mholadh do Mhontainéagró coinneáil air agus díriú go sonrach ar chomhlíonadh na dtagarmharcanna eatramhacha atá fós le comhlíonadh i gCaibidilí 23 agus 24 agus ina dhiaidh sin díriú ar na caibidlí deiridh;

3.

á athdhearbhú go bhfuil gá le tiomantas polaitiúil traspháirtí agus daonlathas parlaiminteach feidhmiúil maidir le hathchóirithe a bhaineann le AE agus ag iarraidh idirphlé polaitiúil cuiditheach agus cuimsitheach agus tiomantas na bpáirtithe parlaiminteacha go léir chun an timpleallacht pholaitiúíl dheighilte atá ann faoi láthair a shárú agus chun feidhmiú na n-institiúidí stáit agus comhoibriú eatarthu a neartú chun cobhsaíocht pholaitiúil a bhaint amach agus chun leanúint leis an dul chun cinn suntasach maidir le príomh-athchóirithe a bhaineann le AE a bhaint amach, go háirithe athchóirithe breithiúnacha agus toghcháin agus an comhrac i gcoinne coireacht eagraithe agus éillithe;

4.

ag tabhairt dá haire an vóta mímhuiníne sa rialtas an 4 Feabhra 2022 agus dífhostú chainteoir na Parlaiminte agus dífhostú Chomh-chathaoirleacht an Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-Mhontainéagró ina dhiaidh sin; ag tabhairt dá haire go raibh ceannaire pháirtí URA ceaptha ag Uachtarán Mhontainéagró mar phríomh-aire ainmnithe chun rialtas a dhéanamh;

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh an rialtas mionlach nua comhdhéanta de pháirtithe atá i bhfabhar na hEorpa, rud ar fíordhíol sásaimh é i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin le déanaí agus i bhfianaise tionchar leanúnach sa tír ó pháirtithe polaitiúla agus insintí atá i bhfabhar na Rúise; á chur in iúl gur díol sásaimh toghadh cainteora nua, agus ag iarraidh go gceapfaí Comh-chathaoirleacht don Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais AE-Mhontainéagró chomh luath agus is féidir; á chreidiúint go bhféadfadh diongbháilteacht pholaitiúil an rialtais nua cabhrú le dlús a chur faoin bpróiseas athchóirithe a bhfuil géarghá leis, ag léiriú obair Mhontainéagró maidir le luachanna Eorpacha agus toil fhormhór mór shaoránaigh Mhontainéagró a bheith ina bhall den Aontas Eorpach araon;

6.

ag iarraidh go gcuirfear tús an athuair le hidirphlé chuimsitheach i measc gach páirtí parlaiminteach agus geallsealbhóirí lena mbaineann d’fhonn ardán daonlathach atá go láidir i bhfabhar na hEorpa a thógáil a bheidh in ann an chobhsaíocht is gá a áirithiú agus deighlilt pholaitiúil agus radacú a laghdú i gcomhréir leis an mbunreacht, le haird ar phróisis, gnásanna agus caighdeáin dhaonlathacha agus leis an mian atá ag formhór mór shaoránaigh Mhontainéagró a bheith páirteach san Eoraip;

7.

ag tabhairt dá haire na léirsithe i gcoinne rialtas mionlach a dhéanamh a bhí eagraithe ag Democratic Front and Democratic Montenegro; á iarraidh ar gach páirtí polaitiúil a thuairimí a chur in iúl laistigh de nósanna daonlathacha institiúidithe agus á iarraidh orthu gan cur leis an teannas;

8.

ag cáineadh go láidir an tacaíocht do Chónaidhm na Rúise a chuir agadóirí agus roinnt ceannairí polaitiúla in iúl ar an lá a cuireadh tús le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ach ag tabhairt dá haire mionscála na léirsithe sin; á mheabhrú go bhfuil an Rúis go seasmhach agus go leanúnach ag iarraidh an tír agus réigiún na mBalacán Thiar ina iomláine a dhíchobhsú agus é a chur ar mhalairt slí ó shlí na hEorpa trí bhréagaisnéis slítheánta a scaipeadh agus trí thionchar a imirt ar ghníomhaithe stáit agus ar ghníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad;

9.

ag tabhairt dá haire go bhfuil géarú tagtha ar an obair i ndiaidh na n-ainmniúchán chuig struchtúir riaracháin i réimse an smachta reachta a thabhairt chun críche, ar ainmniúcháin iad a rabhathas ag fanacht go fada leo; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil na príomhróil sna struchtúir chaibidlíochta fágtha gan líonadh le fada; ag tabhairt dá haire go ndearnadh iarrachtaí in 2021 an struchtúr chaibidlíochta a chomhdhlúthú agus a uasghrádú; ag tathant ar na húdaráis struchtúr caibidlíochta lánfheidhmiúil a athbhunú a luaithe is féidir; ag tabhairt dá haire nach mór céimeanna eile a ghlacadh ionas go gcoinneofar an próiseas aontachais ina thosaíocht pholaitiúil i ndiaidh cheapachán na bpíomhidirbheartaithe agus ceannaírí grúpaí oibre ar cuireadh moill orthu;

10.

á chur in iúl gur díol sásaimh di ailíniú leanúnach agus iomlán Mhontainéagró le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála AE, lena n-áirítear a cháineadh géar in aghaidh ionramh na Rúise ar an Úcráin agus a thacaíocht iomlán do na smachtbhannaí AE is déanaí in aghaidh na Rúise, lena n-áirítear an cosc ar eitiltí Rúiseacha eitilt thar a aerspás nó a gcuid aerfort a úsáid, an cosc ar idirbhearta a dhéanamh le Banc Ceannais na Rúise agus an cosc ar Russia Today agus Sputnik; ar ionaid meán iad chun bolscaireacht Rúiseach a scaipeadh; á mholadh don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar chúnamh eacnamaíoch agus airgeadais AE a thabhairt do thíortha na mBalcán Thiar atá tar éis smachbhannaí AE in aghaidh na Rúise a chur i bhfeidhm, d’fhonn iarmhairtí na géarchéime amach anseo a mhaolú;

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh di glacadh Mhontainéagró le sásraí cosanta sealadacha dá chuid féin do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin, ag tabhairt cead dóibh fanacht sa tír ar feadh bliana, agus is díol sásaimh di ranníocaíocht Mhontainéagró maidir le cabhair dhaonnúil a thabhairt don Úcráin;

12.

ag iarraidh go ngabhfar acmhainní na ndaoine ar ghearr údaráis Mhontainéagró smachtbhannaí orthu agus go n-áiritheofar nach mbeidh an tír ina áit shábháilte chun acmhainní olagarcaí Rúiseacha a bhfuil smachtbhannaí idirnáisiúnta á mbagairt orthu a chur i bhfolach; á mholadh don rialtas coinneáil leis ag tógáil na gcéimeanna is gá chun na húdaráis náisiúnta inniúla a chumasú le gur féidir leo na cinntí is gá a dhéanamh chun na smachtbhannaí aran nglacadh a chur i bhfeidhm;

13.

á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht ghníomach Mhontainéagró i misin agus oibríochtaí faoi Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála AE, agus i misin idirnáisiúnta eile chomh maith; á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le comhghuaillíocht straitéiseach Mhontainéagró le AE agus le ECAT; ag cáineadh go géar iarrachtaí sna hearnálacha rialtais, slándála agus míleata chun amhras a chaitheamh ar a sheasamh straitéiseach; á mholadh d’údaráis Mhontainéagró comhoibriú a dhéanamh le AE agus le ECAT araon maidir le cibearshlándáil agus maidir le seasmhacht in aghaidh tionchar eachtrach agus bréagaisnéis eachtrach shlítheánta;

14.

á mholadh do Mhontainéagró an leas is fearr is féidir a bhaint as maoiniú AE atá ar fáil faoi IPA III agus faoi Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta na mBalcán Thiar chun tógáil instiúidí a neartú agus chun forbairt eacnamaíoch agus dhaonlathach a chothú, go háirithe i réimsí an smachta reachta, saoirsí bunúsacha agus folláine a chuid saoránach; á chur i bhfáth nach foláir go mbeadh aon infheistíocht i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le spriocanna dícharbónaithe AE; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán géar a dhéanamh ar fheidhmiú agus measúnú córasach a dhéanamh ar thionchar an chistithe ó AE;

Daonlathas agus an smacht reachta

15.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di an teannas leanúnach polaitiúil idir agus laistigh de na cumhachtaí feidhmiúcháin agus reachtacha, agus an bac a cuireadh le déanaí ar sheisiúin pharlaiminteacha, a d’imir tionchar díreach ar luas agus dul chun cinn athchóirithe Mhontainéagró a bhaineann le AE agus a leanann de mhoill a chur ar phróiseas aontachais AE; á mheabhrú gurb é an t-aon bhealach chun tionchar a imirt ar an bpróiseas cinnteoireachta thar ceann toghthóirí ná páirt a ghlacadh i bpróisis pholaitiúla; á iarraidh ar na húdaráis reachtacha agus feidhimiúcháin comhordú a fheabhsú agus tús áite a thabhairt do thosaíochtaí reachtacha chun athchóirithe AE a chur i bhfeidhm; á athdhearbhú go bhfuil tábhacht le toil pholaitiúil, idirphlé traspháirtí leathan agus tacaíocht pharlaiminteach fheidhmiúil, chomh maith le feidhmiú mar is ceart institiúidí daonlathacha, maidir le dul chun cinn Mhontainéagró sna hidirbheartaíochtaí aontachais;

16.

á chur in iúl gur díol sásaimh di na ceapacháin a rinneadh le déanaí sa Chúirt Uachtarach agus sa Chúirt Achomhairc, agus ceapadh na mball nua ar an gComhairle Ionchúiseach, ball amháin ó ionadaithe eagraíochtaí neamhrialtasacha ina measc; á chur in iúl gur cúis imní di an easpa dul chun cinn maidir le hathchóiriú breithiúnach, lena n-áirítear maidir leis na ceapacháin chuig príomhinstitiúidí neamhspleácha agus na ceapacháin breithiúna atá fós ar feitheamh, ceapadh breithiúna nua chuig an gCúirt Bhunreachta san áireamh; á mholadh d’údaráis Mhontainéagró céimeanna eile a ghlacadh chun neamhspleáchas agus feidhmiú na mbreithiúna agus gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí eile a fheabhsú, agus chun moltaí Choimisiún Veinéis maidir leis na rioscaí a bhaineann le polaitiú na Comhairle Ionchúisí a chur i bhfeidhm ina n-iomláine; á mholadh go ndéanfaí leanúint ar mholtaí a bhaineann leis na breithiúna a rinne Grúpa Stát i gCoinne na hÉillitheachta de chuid Chomhairle na hEorpa (GRECO);

17.

ag tathant ar an gCoimisiún fíor-aird a thabhairt ar thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus a cuid moltaí a chur i bhfeidhm, rud a chiallódh go mbeadh air a chuid infheistíochtaí a bhaineann leis an smacht reachta sna Balcáin Thiar a chur in oiriúint, infheistíochtaí i Montainéagró san áireamh; á iarraidh ar AE agus ar thíortha na mBalcán Thiar creat chun comhoibriú rathúil idir Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus tíortha na mBalcán Thiar a bhunú chun a áirithiú gur féidir le OIPE a hinniúlachtaí i réimse cistí AE a fheidhmiú go héifeachtach;

18.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ghlac Parlaimint Mhontainéagró leis an Dlí leasaithe maidir le Féin-Rialtas Áitiúil, lena bhforáiltear go reachtálfar toghcháin sa 14 bhardas ar an dáta céanna; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an cinneadh a tógadh le déanaí toghcháin i 12 bhardas a reáchtáil ar dháta difriúil; á iarraidh, uair amháin eile, ar Mhontainéagró toghcháin áitiúla a reáchtáil ag an am céanna ar fud na tíre chun tuilleadh cobhsaíochta a thabhairt dá dhaonlathas, chun síorfheachtasaíocht a sheachaint agus chun teannas na timpeallachta polaitiúla a mhaolú;

19.

ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun an toghchreat dlíthiúil a chomhoiriúniú agus chun gnéithe tábhachtacha toghchán a rialú trí phróiseas cuimsitheach, i bhfad roimh an gcéad toghchán eile; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil obair an Choiste um Athchóiriú ar thoghreachtaíocht ag dul ar aghaidh in ainneoinn briseadh isteach ag an tús, agus go bhfuiltear ag súil go leanófar leis an obair dhíograiseach chun athchóiriú fiúntach a bhaint amach; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ionstraim Idirphlé Jean Monnet a bheith cabhrach i Montainéagró chun an comhthoil is gá a thógáil le cultúr parlaiminteach daonlathach a chothú;

20.

is cúis imní di an éillitheacht fhorleathan sa tír agus moltar do Mhontainéagró an fhreagairt dlí coiriúil ar éillitheacht ardleibhéal a neartú agus coinníollacha d’fheidhmiú éifeachtach agus neamhspleách institiúidí breithiúnacha agus gníomhaireachtaí neamhspleácha a bhíonn ag ple le héillitheacht a chruthú, an Ghníomhaireacht Fhrithéillitheachta agus Oifig an Ionchúisitheora Speisialta san áireamh, le gur féidir leo feidhmiú go héifeachtach saor ó thionchar polaitiúil, i gcomhréir le moltaí GRECO; á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró imscrúduithe cuimsitheacha a chur ar bun maidir le haon rud as bealach a tháinig chun solais sna Pandora Papers;

21.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus maidir le comhoibriú póilíneachta idirnáisiúnta, go háirithe trí rochtain níos fearr ar bhunachair shonraí thábhachtacha a thabhairt do ghníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus tríd an líon imscrúdaitheoirí agus saineolaithe a mhéadú, agus tríd an méadú ar líon na gcásanna coireachta eagraithe arna n-imscrúdú agus arna n-ionchúiseamh; ag moladh d’údaráis Mhontainéagró leanúint orthu ag dul i ngleic leis an easpa acmhainní atá ann faoi láthair le linn do chásanna coireachta eagraithe a láimhseáil agus le linn d’acmhainní coireachta a ghabháil agus a choigistiú;

22.

á chur in iúl gur díol sásaimh di comhoibriú dearfach Mhontainéagró le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí AE, amhail an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), Europol agus Eurojust, a chabhraíonn le Montainéagró i mbainistiú teorann agus sa chomharc i gcoinne coireacht thrasteorann, lena n-áirítear gáinneáil ar airm, drugaí, daoine agus an troid i gcoinne seimhlitheoireachta agus antoisceachais; ag tabhairt dá haire gur sampla dearfach idirghabháil na bpóilíní in Mojkovac chun dul i ngleic le gáinneáil ar thoitíní i Montainéagró agus ag athdhearbhú go bhfuil gá le tuilleadh beart chun dul i ngleic le smugláil drugaí agus toitíní sa tír, go háirithe i Saorlimistéar Chalafort Bar;

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh leis an Straitéis maidir le hImirce agus Ath-lánpháirtiú Teifeach Fillte i Montainéagró don tréimhse 2021 – 2025; ag tabhairt dá haire gur síníodh an treochlár maidir le comhoibriú idir Montainéagró agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EASO) i mí na Nollag 2021;

24.

á chur in iúl gur oth léi an dul chun cinn teoranta a rinneadh maidir le cur i bhfeidhm athchóirithe sa riarachán poiblí agus ag iarraidh go mbeidh an próiseas deartha don Straitéis nua um Athchóiriú an Riaracháin Phoiblí cuimsitheach agus trédhearcach; á chur in iúl gur cúis imní di athruithe ar an Dlí maidir le Státseirbhísigh agus Fostaithe Stáit, lenar laghdaíodh earcú fiúntas-bhunaithe agus neamhspleáchas státseirbhíseach, agus lenar cuireadh i mbaol achmainn Mhontainéagró baill foirne a bhfuil taithí acu i bpróiseas aontachais AE a choinneáil; ag leagan béim ar an ngá le córas earcaithe fiúntas-bhunaithe do státseirbhísigh agus ar an tábhacht leis an tseirbhís phoiblí a dhípholaitiú;

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh di ról dearfach an tsochaí shibhialta i Montainéagró agus ag moladh go neartófar a fíor-lánpháirtíocht in athchóiriú agus ag áirithiú go mbeidh sásraí comhairliúcháin agus comhoibrithe feidhmiúla ann trí chreataí dlí agus institiúideach na tíre a fheabhsú, chomh maith le rannpháirtíocht saineolaithe neamhspleácha, an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí áitiúla i reachtaíocht thábhachtach a ráthú;

26.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an chéad Tionól Saoránach a d’eagraigh Parlaimint Mhontainéagró an 4 Samhain 2021 i gcomhar le Parlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur díol sásaimh di rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach agus a dtiomantas maidir le bearta frithéillitheachta a dhearadh; ag iarraidh ar údaráis Mhontainéagró leanúint ar chonclúidí an Chomhthionóil maidir leis an troid i gcoinne éillitheachta agus iad a chur i bhfeidhm, agus ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann leis an gcleachtas rathúil sin a choinneáil ag imeacht amach anseo;

Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine a urramú

27.

ag tabhairt dá haire an dul chun cinn teoranta maidir le saoirse cainte; á mholadh do Mhontainéagró dlús a chur lena iarrachtaí an bhréagaisnéis, an fhuathchaint, an ciapadh ar líne, tuairisciú atá claonta go polaitiúil agus tionchar eachtrach sna meáin i Montainéagró a chomhrac; á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le dea-chleachtais a mhalartú le Ballstáit AE agus le ECAT, chomh maith le tús a chur le hidirphlé le sochaí shibhialta na mBalcán Thiar agus a hearnáil phríobháideach chun forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ina n-údair imní a aithint ag céim luath agus chun frithbhearta iomchuí leordhóthanacha a fhorbairt in aghaidh scaipeadh bréagaisnéise slítheánta as tríú tíortha, agus ag leagan béim ar thaighde agus ar anailís agus ar na dea-chleachtais is fearr sa réigiún a chur san áireamh;

28.

á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an infreastructúr is gá a bheidh ag teastáil chun freagairtí ar bhagairtí bréagaisnéise sna Balcáin Thiar a chur ar fáil a bheidh bunaithe ar thaighde: á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) seasamh níos réamhghníomhaí a ghlacadh, trí dhíriú ar chur le hinchreidteacht AE sa réigiún, agus trí fhaireachán StratCom a leathnú chun díriú ar bhagairtí bréagaisnéise trasteorann a thagann as tíortha na mBalcán Thiar agus as a gcomharsana; á iarraidh ar Mhontainéagró gníomhaíochtaí cinntitheacha agus córasacha a ghlacadh chun na monarchana bréagaisnéise a shainaithint agus chun deireadh a chur leo; á iarraidh ar pholaiteoirí agus ar dhaoine atá i mbéal an phobail cáineadh láidir a dhéanamh ar aon teachtaireachtaí lena ndéantar iarracht an tsochaí a dheighilt agus an bonn a bhaint ó mhuinín sna meáin agus ó croíluachanna daonlathacha;

29.

ag tabhairt dá haire go bhfuil bailiú sonraí dhí-chomhiomlánaithe maidir leis an gciníochas agus le fuathchaint homa/trasfóbach fo-optamach i gcónaí; ag meabhrú chonclúidí 2020 ón tuarascáil faireacháin a rinne an Coimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe de chuid Chomhairle na hEorpa (ECRI), inar luadh nár cuireadh moltaí a rinneadh roimhe sin i bhfeidhm (6); ag meabhrú an seasamh a ghlac an Pharlaimint ina rún deireanach maidir le Montainéagró, inar iarradh go ndéanfaí an beart seo, agus moltar do na húdaráis é a chur i bhfeidhm (7);

30.

á chur in iúl gur cúis imní di leibhéal ard na deighilte i réimse na meán, go háirithe an méadú atá ag teacht ar líon na bhfeachtas bréagaisnéise, cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha eachtracha agus baile, lena n-áirítear as an Rúis agus as an tSín, lena scaiptear insintí eitneannáisiúnacha a mbíonn tionchar diúltach acu ar phróisis dhaonlathacha sa tír agus a chuireann dearcadh Eorpach na tíre i mbaol dá bharr sin; is cúis imní di an méadú atá tagtha ar fhiachas poiblí Mhontainéagró i leith institiúidí airgeadais eachtracha agus comhlachtaí as tíortha forlámhacha nach ballstáit AE iad; ag athdhearbhú an tacaíocht atá aici d’ullmhacht an rialtais chun smachtbhannaí AE a chur i bhfeidhm i gcoinne ionaid bholscaireachta Rúiseacha;

31.

á chur i bhfios go bhfuil saoirse agus neamhspleáchas na meán, tuairisceoireacht d’ardchaighdeán agus inniúlacht ar na meáin a fheabhsú ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne bréagaisnéis shlítheánta; á iarraidh ar Mhontainéagró, na Ballstáit, SEGS agus Toscaireacht AE i Montainéagró leanúint orthu ag tabhairt faoi fheachtais chumarsáide agus fheiceálachta níos gníomhaí agus níos éifeachtaí chun béim a leagan ar ról agus tábhacht chúnamh AE i Montainéagró agus chun troid i gcoinne bréagaisnéise frithAE; lena n-áirítear trí ionad cumarsáide straitéiseach réigiúnach a bhunú sna Balcáin Thiar; á chur in iúl gur díol sásaimh di an suim atá léirithe ag Montainéagró comhoibriú a dhéanamh le AE tríd an Democracy Action Plan (EDAP) [Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas] agus obair thábhachtach Thascfhórsa um Chumarsáid Straitéiseach na mBalcán Thair de chuid SEGS;

32.

á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró bearta nithiúla a dhéanamh chun athléimneacht agus cibearshlándáil a thógáil, agus an brú atá á chur air ó thríú tíortha ag dul i méid; ar thíortha iad a dhéanann iarracht an bonn a bhaint dá státacht agus dá chlaonadh i dtreo an Iarthair, i ndlúthchomhar le cláir agus tionscnaimh iomchuí de chuid AE agus ECAT; á chur in iúl gur díol sásaimh di Straitéis Chibearshlándála Mhontainéagró 2022-2026 agus ag iarraidh go ndéanfar dul chun cinn gan mhoill leis an bpróiseas reachtach chun an Ghníomhaireacht um Chibearshlándáil a bhunú;

33.

ag cáineadh go láidir ionsaithe agus ciapadh i gcoinne iriseoirí agus ag iarraidh go ndéanfaí na hionsaithe agus an ciapadh sin a imscrúdú, go ngearrfaí pionós maidir leo agus go ndéanfaí bearta leantacha breithiúnacha éifeachtacha ina leith; á chur in iúl gur díol sásaimh di píonóis níos géire arna dtabhairt isteach maidir le bagairtí nó ionsaithe i gcoinne iriseoirí trí leasuithe ar an gCód Coiriúil arna nglacadh; á iarraidh ar gach páirtí poilitiúil níos mó a dhéanamh chun na coinníollacha maidir le meáin neamhspleách saor a áirithiú, lena n-áirítear tacaíocht a thabhairt do thuairisciú maidir le leas an phobail, cistiú trédhearcach, caighdeáin rialaithe comónta agus timpeallacht oibre shábháilte atá saor ó ionsaithe agus bagairtí;

34.

á chur in iúl gur díol sásaimh di roinnt céimeanna dearfacha, amhail coimisiún ad hoc chun faireachán a dhéanamh ar an bhforéigean in aghaidh na meán, neartú an chreata dhlíthiúil chun iriseoirí agus oibrithe meán eile a chosaint go héifeachtach, athbhreithniú ar dhlíthe maidir leis na meáin agus maidir le beartas eagarthóireachta an chraoltóra phoiblí RTCG, a rinneadh níos iolraíche, agus comhairliúcháin phoiblí maidir le straitéis meán 2021-2025; á chur i bhfios an tábhacht a bhaineann le neamhspleáchas rialaitheoirí na meán agus an chraoltóra seirbhíse poiblí i Montainéagró, agus á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun RTCG a iompú ina fíorsheirbhís phoiblí agus go ndéanfaí rochtain ar fhaisnéis a fheabsú go ginearálta;

35.

ag cáineadh na ngníomhartha foréigneacha uile le linn na léirsithe in Cetinje a raibh baint acu le hinsealbhú Easpag líonra cathrach Mhontainéagró agus Ceann Eaglais Cheartchreidmheach na Seirbia; ag cáineadh na trasnaíochta ag an tSeirbia ina leith sin; ag iarraidh caoinfhulaingt reiligiúnach i gcomhréir le bunreacht Mhontainéagró agus le luachanna agus prionsabail Eorpacha;

36.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar eachtrach tarlú mar gheall ar fheidhmiú institiúidí reiligiúnacha; ag cáineadh iarrachtaí na Rúise leas a bhaint as teannas eitneach sna Balcáin Thiar chun coinbhleachtaí a ghéarú, comhphobail a roinnt, agus bréagaisnéis shlítheánta a scaipeadh, a bhféadfadh díchobhsú an réigiúin ina iomláine a bheith mar thoradh orthu;

37.

ag tabhairt dá haire moill eile maidir leis an áireamh daonra agus tithíochta i Montainéagró, agus táthar ag súil go dtarlóidh sé le linn na bliana seo i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus AE, i mbealach oscailte trédhearcach, saor ó aon bhaol imeaglaithe i gcás na mionlach náisiúnta aitheanta; á iarraidh ar na húdaráis aon pholaitiú sa phróiseas a sheachaint;

38.

á chur in iúl gur díol sásaimh di féiniúlacht il-eitneach na tíre agus á iarraidh go ndéanfar níos mó chun í a chur chun cinn agus meas a bheith uirthi ag gach leibhéal, lena n-áirítear na teangacha atá in úsáid, oidhreacht chultúrtha agus traidisiúin na gcomhphobal áitiúil, chomh maith le níos mó a dhéanamh chun a gcearta polaitiúla a chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cearta polaitiúla uile na mionlach náisiúnta a chosaint, go háirithe ós rud é nach bhfuil ionadaithe ag páirtithe mionlacha a thuilleadh i bParlaimint Mhontainéagró ag roinnt acu;

39.

ag cáineadh go láidir ionsaithe fisiciúla agus ó bhéal agus imeaglú ar aon mhionlach, mionlaigh náisiúnta san áireamh; á chur in iúl gur oth léi go mbíonn leithcheal á imirt i gcónaí ar ghrúpaí leochaileacha, Romaigh agus Éigiptigh san áireamh, agus go mbíonn deacrachtaí i gcónaí acu a gcearta a fheidhmiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di glacadh na straitéise maidir le cuimsiú na Romach agus na n-Éigipteach 2021-2025, ina ndírítear go mór ar fhrith-ghiofógachas agus ina spreagtar na húdaráis chun níos mó a dhéanamh le dul i ngleic leis an leithcheal, rochtain cothrom ar oideachas, ceartas, tithíocht, cúram sláinte agus ar an margadh fostaíochta a áirithiú, agus chun bearta éifeachtacha in aghaidh fuathchainte a ghlacadh;

40.

á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró traidisiún agus oidhreacht chultúrtha an chomhphobail Chrótaigh i gcuan il-eitneach Kotor a aithint; ag tabhairt dá haire, agus é mar chúis imní di, fógra díshealbhaithe an 15 Aibreán 2022 a fuair Tionól Náisiúnta na Cróite in Tivat;

41.

ág tabhairt dá haire gur cúis mhór imní i gcónaí iad foréigean i gcoinne leanaí agus foréigean ar bhonn inscne, agus go ndeachaigh rudaí in olcas le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh go bhfeabhsófar sainseirbísí tacaíochta do mhná, grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus íospartaigh a bhfuil foréigean sa bhaile á fulaingt acu, agus ag iarraidh ar Mhontainéagró cistiú leordhóthanach a chur ar fáil chuige sin, lena n-áirítear chuig eagraíochtaí sochaí sibhialta a chuireann tacaíocht den chineál sin; á chur in iúl gur díol sásaimh di an moladh go dtabharfaí isteach pionóis níos déine maidir le foréigean in aghaidh na mban agus leanaí;

42.

á mholadh d’údaráis Mhontainéagró caighdeáin Choinbhinsiún Iostanbúl a chur chun feidhme go críochnúil, feachtais mhúscailte feasachta poiblí a sheoladh, tuairisciú maidir le foréigean sa bhaile a spreagadh faoi choinníollacha sábháilte, agus méadú a dhéanamh ar líon na n-oifigeach forfheidhmithe dlí agus líon na mbreithiúna dea-oilte inscne-íogair chun imscrúdú agus ionchúiseamh cuí coireanna den chineál sin a áirithiú; á mholadh d’údaráis Mhontainéagró bearta éifeachtacha i gcoinne ciapadh gnéasach a chur chun feidhme, lena n-áirítear san ionad oibre; á chur in iúl gur cúis imní i gcónaí di an fhuathchaint agus gnéasachas i gcoinne na mban a tharlaíonn go minic sa pholaitíocht agus sa saol poiblí agus ag iarraidh go nglacfaí bearta dlíthiúla agus beartais chun rannpháirtíocht pholaitiúil na mban a chur chun cinn;

43.

á chur in iúl gur díol sásaimh di bunú Chomhairle um Chearta an Linbh; ag leagan béim ar an ngá le tuilleadh feabhais a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear le leanaí le linn imeachtaí sibhialta agus ceartas atá fabhrach do leanaí; á chur in iúl gur cás léi cosaint easnamhach íospartach, go háirithe mná agus leanaí le linn agus i ndiaidh imeachtaí cúirte maidir le caomhnóireacht; á iarraidh ar gach comhlacht stáit dul i ngleic leis an gceist seo go córasach ar bhonn na gcaighdeán tacaíochta agus cosanta is fearr agus dea-chleachtais Eorpacha;

44.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn a rinneadh maidir le cearta LGBTIQ a chosaint agus a chur chun cinn agus an chéad pháirtnéireacht chomhghnéis arna clárú i mí Iúil 2021, agus eagrú síochánta Bhród in 2021; á iarraidh ar Mhontainéagró leanúint le dlíthe agus fodhlíthe eile a chomhchúibhiú agus a leasú, go háirithe maidir le sochair shóisialta agus cónaí, chun an dlí maidir le páirtnéireacht cláraithe a chur chun feidhme ina iomláine; ag iarraidh tuilleadh beart i gcoinne fuathchainte, eisiamh sóisialta agus idirdhealaithe i gcoinne chomhphobal LGBTIQ, agus rochtain níos fearr ar cheartas, fostaíocht, tithíocht agus cúram sláinte a chur ar fáil dóibh, trí inter alia rochtain ar theiripe hormón do dhaoine trasinscneacha a áirithiú, agus a n-iomláine meabhrach agus fisiceach a urramú;

45.

á iarraidh ar Mhontainéagró rannpháirtíocht shochaí sibhialta LGBTIQ a áirithiú in obair an ghrúpa oibre nua maidir le haitheantas dlíthiúil inscne, ar cheart dó a bheith ag obair i dtreo aitheantas dlíthiúil inscne bunaithe ar fhéinchinntiúchán;

46.

á chur in iúl gur oth léi go mbíonn ar dhaoine faoi mhíchumas aghaidh a thabhairt ar idirdhealú de chineálacha éagsúla i gcónaí, rud a rinneadh níos measa mar gheall ar phaindéim COVID-19, agus is cás léi easpa ailínithe na reachtaíochta náisiúnta le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil athchóiriú ar an gCóras Náisiúnta um Dheimhniú Míchumais ar bun agus ag iarraidh cur chun feidhme éifeachtach straitéisí chun dul i ngleic le bearnaí maidir le cearta daoine faoi mhíchumas a dhearbhú thar earnálacha agus bearta, lena n-áirítear cúram sláinte, an margadh fostaíochta agus in imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin; ag leagan béim ar an ngá práinneach le straitéis um dhí-institiúidiú;

Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta

47.

ag moladh ról cuiditheach Mhontainéagró sa chomhar réigiúnach agus á chur in iúl gur díol sásaimh di cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoi Chomhmhargadh Réigiúnach na mBalcán Thiar; ag iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht nithiúil chun réiteach deimhneach agus ceangailteach a fháil agus a chur chun feidhme maidir le haighnis dhéthaobhacha atá ar siúl le fada an lá ar bhealach cuiditheach cáirdiúil, lena n-áirtítear aighneas faoi chúrsaí teorann le tíortha máguaird agus lena n-áirítear ceisteanna a bhaineann le líniú teorann leis an gCróit agus an tSeirbia;

48.

ag cur béim ar an bhfíoras go mba cheart go mbeadh aon chomhar eacnmaíoch réigiúnach sna Balcáin Thiar ionchuimsitheach agus inghlactha ag na sé thír go léir, comhar ar chomhchéim a chur ar bun, agus tuilleadh ailínithe le caighdeáin AE agus an acquis a neartú ag an am céanna; ag cur in iúl, sa chomhthéacs seo, an dearcadh faichilleach atá aici maidir le Tionscnamh na mBalcán Oscailte, nach gcuimsíonn na sé thír go léir, agus ag cur in iúl a tuairim go mba cheart go mbeadh sé bunaithe ar rialacha AE agus nach mbeadh ach tionchar dearfach aige ar phróiseas lánpháirtithe AE;

49.

á chur in iúl gur díol sásaimh di cealú táillí fánaíochta idir Montainéagró agus cúig stát eile na mBalcán Thiar ó 1 Iúil 2021; ag moladh don rialtas agus don Choimisiún plean a shocrú a mbeadh deireadh gan mhoill le táillí fánaíochta idir Montainéagró agus Ballstáit AE mar thoradh air;

50.

ag tabhairt dá haire go leanann Montainéagró de bheith i mbun comhar leanúnach faoi Phróiseas Dearbhú Sairéavó; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh rún maidir le Srebrenica an 17 Meitheamh 2021; á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh Aire Eachtrach Mhontainéagró i láthair den chéad uair riamh ag an gcóchomóradh ar íospartaigh champa Morinj; ag tabhairt dá haire, ó 2006, nach ndearnadh ach ocht gcinn de thrialacha coireachta cogaidh a reáchtáil agus nach ndearnadh ach déantóirí íseal-leibhéil coire a chur faoi thriail; á chur i bhfios go láidir nár cheart glacadh ar chor ar bith le séanadh cinedhíothaithe, le reitric ghríosaitheach ná le glóiriú coirpeach cogaidh;

51.

ag moladh do Mhontainéagró níos mó a dhéanamh chun tosaíocht a thabhairt do choireanna cogaidh agus glóiriú maidir leo, agus chun iad a phionósú, agus chun an scéal maidir le daoine atá ar iarraidh a shoiléiriú, agus a bheith gníomhach chuige sin; ag meabhrú an gá le cartlann rúnseirbhís na hiar-Iúgslaive a oscailt agus leis na nósanna imeachta dlíthiúla a leanúint chun comhaid ábhartha a aistriú chuig státchartlann Mhontainéagró;

52.

á iarraidh ar údaráis Mhontainéagró na forálacha maidir le haontachas Iar-Phoblacht Chónaidhme Shóisialach na hIúgslaive a chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe a mhéid a bhaineann le sócmhainní míleata;

An geilleagar

53.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di ardleibhéal leanúnach na dífhostaíochta, go háirithe i measc na mban agus daoine óga, agus ag iarraidh ar na húdaráis níos mó a dhéanamh chun rochtain níos fearr ar an margadh fostaíochta a chur ar fáil dóibh agus chun dul i ngleic le himirce daoine oilte, an bhearna phá agus fostaíochta idir na fir agus na mná, agus cúram leanaí inacmhainne a chur ar fáil; á athdhearbhú gur gá an córas oideachais a ailíniú níos fearr leis an margadh saothair; ag tabhairt dá haire téarnamh an mhargaidh fostaíochta agus á chur in iúl gur díol sásaimh di na céimeanna arna nglacadh chun Clár Ráthaíochta don Aos Óg a chur chun feidhme;

54.

ag tabhairt dá haire an fógra maidir le tionscnamh “Europe Now” [An Eoraip Anois], a bhfuil sé mar aidhm aige caighdeáin mhaireachtála níos airde agus geilleagar níos iomaíche a bhaint amach trí shamhlach fáis eacnamaíoch níos inbhuanaithe agus níos cuimsithí;

55.

á chur in iúl gur cúis imní di cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch inbhuanaithe agus leochaileacht Mhontainéagró, leochaileacht atá ag méadú de bharr méadú ar a fhiachas poiblí, go háirithe don tSín, agus mar gheall ar an iasacht nua EUR 750 milliún a ghlac an rialtas air féin gan dul i gcomhairle le Parlaimint; á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí a rinneadh chun na leochaileachtaí fioscacha sin a laghdú, iad siúd a bhaineann leis an tSín san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún cúrsaí maicreacnamaíocha agus leochailteacht a fhiosrú sa chéad tuarascáil eile de réir tíre; ag tabhairt dá haire go bhfuil an baol ann go bhféadfaidh infheistíochtaí ag tríú tíortha agus ag comhlachtaí eachtrannacha in earnálacha straitéiseacha spleáchais eacnamaíocha gan údar a chruthú;

56.

ag tabhairt dá haire, agus é mar chúis imní di, go bhfuil tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar gheilleagar Mhontainéagró; ag tabhairt dá haire na comharthaí spreagúla maidir le téarnamh eacnamaíoch Mhontainéagró in 2021 i ndiaidh an chúlaithe eacnamaíochta in 2020, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di fás láidir eacnamaíoch Mhontainéagró atá á thuar; ag iarraidh pleanáil eacnamaíoch agus airgeadais níos inbhuanaithe chomh maith le freagairt níos tráthúla agus níos dearfaí chun an damáiste a laghdú a tharla mar gheall ar an bpaindéim i measc grúpaí sóisialta sna cúinsí is leochailí; ag iarraidh ar an rialtas fíor-idirphlé shóisialta a eagrú mar chuid den phróiseas téarnaimh iarphaindéimeach;

57.

á chur in iúl gur díol sásaimh di eisíocaíocht EUR 60 milliún ó Phacáiste um Chúnamh Macrairgeadais COVID-19 atá dírithe ar thionchar eacnamaíoch na paindéime a mhaolú agus ar cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a chaomnú, chomh maith le heisíocaíocht EUR 14,2 billiún faoi IPA III chun tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtithe na mBalcán Thiar leis na ceanglais chun ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach;

58.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur fógraíodh digitiú na seirbhísí poiblí agus gur forbraíodh seirbhísí leictreonacha rialtais idirbheartaíochta chun an téarnamh eacnamaíoch a fheabhsú; á iarraidh ar rialtas Mhontainéagró cuimsiú digiteach na ngrúpaí sóisialta go léir a chur chun cinn, agus ag moladh go ndéanfar forbairt ar bhearta coisctheacha spriocdhírithe agus ar spreagthaí chun gnóthaí agus fostaithe neamhfhoirmealta a dhlisteanú, ós rud é go bhfuil earnáil mhór neamhfhoirmeálta ag cur bac i gcónaí ar an fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta i Montainéagró;

59.

á chur in iúl gur díol sásaimh di síniú an Chomhaontaithe Comhlachais don chlár Fhís Eorpach (2021-2027);

60.

ag cáineadh go láidir an scéim um phasanna óir, mar a tugadh air, agus ag cur in iúl gur oth léi gur cuireadh síneadh leis go dtí mhí na Nollag 2022 in ainneoin fógraí a rinneadh roimhe seo go gcuirfí deireadh leis an scéim de réir a chéile agus gan aon chomhairliúchán ar bhonn níos leithne le hinstitiúidí ábartha; ag moladh do Mhontainéagró níos mó a dhéanamh chun cosc a chur le sciúradh airgid; á chur i dtreis go bhfuil rioscaí slándála agus acmhainneacht maidir le héilliú, sciúradh airgid agus imghabháil cánach ag gabháil leis an tsaoránacht trí infheistíocht; ag iarraidh ar Mhontainéagró deireadh a chur leis an scéim láithreach bonn; ag tabhairt dá haire, agus é mar chúis imní di, gur deonaíodh saoránacht ar bheagnach 200 náisiúnach Rúiseacha idir Nollaig 2020 agus 2022;

An comhshaol, fuinneamh agus iompar

61.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh plean náisiúnta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus á mholadh do Mhontainéagró dlús a chur faoi athchóirithe i gcomhréir le creat beartais 2030 an Aontais maidir le haeráid agus fuinneamh agus a nósanna imeachta forfheidhme a neartú; ag iarraidh ar na húdaráis an úsáid is fearr is féidir a dhéanamh as cúnamh réamhaontachais AE chuige seo chun dul níos faide i dtreo thagarmharcanna Chaibidil 27 (comhshaol agus athrú aeráide) a bhaint amach;

62.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an pacáiste maidir le fuinneamh glan arna ghlacadh i mí na Samhna 2021; ag moladh do na húdaráis dul chun cinn a dhéanamh chun a gcuid plean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a dhréachtadh, ag díriú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite inbhuanaithe agus ag seachaint infeistíochtaí nua in infreastructúr atá bunaithe ar ghual agus ar bhreosla iontaise agus é a chur faoi bhráid Rúnaíocht an Chomhphobail Fuinnimh a cuid moltaí a fháil; ag iarraidh ar Mhontainéagró níos mó a dhéanamh chun gearradh siar a dhéanamh ar chaillteanas óna líonra dáileacháin leitreachais, chun éagsúlú a dhéanamh ar fhoinsí in-athnuaite agus chun a spleáchas ar ghiniúint hidreachumhachta atá leochaileach ó thaobh aeráide de a laghdú; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cuireadh ar fionraí na comhaontuithe lámhaltais le haghaidh stáisiúin hidreachumhachta beaga agus ag iarraidh go dtabharfadh gach tionscadal nua aird ar chomhshaol AE, státchabhair agus caighdeáin lámhaltais; ag moladh do na húdaráis faireachán níos fearr a dhéanamh ar bhearta caighdeáin aeir i limitéir thruallaithe agus iad a chur chun feidhme;

63.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil stáisiún cumhachta guail Pljevlja fós ag feidhmiú tar éis dó líon na n-uaireanta oibriúcháin a shárú agus ag athdhearbú go práinneach ar údaráis Mhontainéagró é a shocrú in oiriúint le Conradh an Chomhpobail Fuinnimh láithreach bonn; ag tabhairt dá haire, go faichilleach, an méadú EUR 15 milliún ar an gcostas chun an stáisiún a ath-thógáil i gcomhréir le caighdeáin chomhshaoil, nár cuireadh tús leis go fóill; ag iarraidh ar na húdaráis an staidéar féidearthachta agus torthaí an imscrúdaithe arna dhéanamh ag an ionchúisitheoir poiblí maidir leis an bpróiseas tairisceana a fhoilsiú, agus machnamh a dhéanamh ar phlean aistrithe cuimsitheach d’fhonn dúnadh beartaithe an stáisiúin a dhéanamh;

64.

á iarraidh an athuair ar Mhontainéagró bearta práinneacha a dhéanamh chun limistéir faoi chosaint a chaomhnú ar bhealach éifeachtach, agus ag moladh di leanúint de láithreáin fhéideartha Natura 2000 a shainaithint; á chur in iúl gur díol sásaimh di forógra thrí limistéar muirí faoi chosaint (Platamuni, Katič agus Stari Ulcinj) agus ainmniú coillte feá Pháirc Náisiúnta Biogradska Gora le bheith ainmnithe ar liosta oidhreachta domhanda UNESCO; ag cur in iúl gur cúis imní di an damáiste arna déanamh ar limistéar uisce in aice le tionscadail infreastructúir, lena n-áirítear lochanna Skadar, Sinjajevina, Komarnica agus eile; ag cur in iúl gur oth léi nach bhfuarthas réiteach fós ar cheist Sinjajevina, in ainneoin dul chun cinn a rinneadh ag an tús; ag leagan béim ar an ngá le measúnú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Gnáthóga ón Aontas Eorpach agus an Chreat-treoir Uisce, agus iad a chomhlíonadh; ag moladh d’údaráis Mhontainéagró pionóis chuí, neamh-áititheacha, éifeachtacha a fhorfheidhmiú i gcás gach coir comhshaoil agus deireadh a chur le héilliú san earnáil sin;

65.

ag cur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn maidir le hathchóirithe earnála tábhachtacha i mbeartas iompair; ag iarraidh ar Mhontainéagró níos mó a dhéanamh chun a Straitéis um Fhorbairt Iompair a chur chun feidhme agus chun acmhainneachtaí riaracháin maidir le cur chun feidhme líonraí tras-Eorpacha a neartú; á chur i bhfios go bhfuil an earnáil tógála sna Balcáin Thiar i measc na n-earnálacha is mó is leochailí i leith na coireachta eagraithe agus an éillithe; á chur i bhfios gur gá go mbeadh infheistíochtaí infreastructúir i gcomhréir le caighdeáin AE maidir le measúnacht tionchair timpeallachta agus anailísí costais is tairbhe agus rialacha AE maidir le tógáil i seilbh poiblí agus cúnamh Stáit á n-urramú ag an am céanna;

66.

ag tabhairt dá haire an spéis níos mó atá ag an tSín in infheistíocht a dhéanamh sna Balcáin Thiar agus i dtionscadail infreastructúir iompair i Montainéagró mar chuid dá Thionscnamh Creasa agus Bóthar; á chur in iúl gur díol sásaimh di an Plean Eacnamaíocht agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar agus EU Global Gateway Initiative [Tionscnamh Tairsí Domhanda AE] mar roghanna níos glaise, níos trédhearcaí chun airgead a chur ar fáil do thionscadail infreastructúir;

67.

ag tabhairt dá haire, agus is oth léi, an damáiste a rinneadh ag Tearmann Bithsféir Abhantrach Tara agus ag an suíomh oidhreachta UNESCO, Páirc Náisiúnta Durmitor, mar gheall ar thógáil mhórbhealach Bar-Boljare; á iarraidh ar Mhontainéagró bearta chun leaba abhann a athbheochan a chur chun feidhme agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag tógáil bonneagair iompair ar an gcomhshaol; ag cur in iúl gur cúis imní di go raibh costas mhórbhealach Bar-Boljare níos mó ná mar a measadh den chuid is mó, agus nach ndearnadh aon ghníomhaíocht in ainneoinn doiléireachta nósanna imeachta maidir le soláthar poiblí, easpa cáipéisíochta pleanála agus imní éiceolaíocha; ag tabhairt dá haire go bhfuil iarratas Mhontainéagró ar chomhaoiniú ó Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar ar feitheamh;

68.

ag iarraidh ar Mhontainéagró aghaidh a thabhairt ar dhiúscairt dramhaíola neamhdhleathaí agus tuilleadh céimeanna a ghlacadh chun nósanna imeachta maidir le háiseanna fuíolluisce a fheabhsú d’fhonn dlús a chur faoi iad a thógáil; ag tabhairt dá haire an easpa dul chun cinn agus an méadú ar chostaisí maidir le hionaid cóireála fuíolluisce riachtanacha a thógáil chun cosc a chur le truailliú séarachais i seacht mbardasacht;

69.

ag moladh do Mhontainéagró níos mó a dhéanamh maidir le hathchóirithe institiúideacha agus reachtacha ar shealgaireacht agus iascaireacht, agus aird ar leith a dhíriú ar limistéir agus speicis faoi chosaint;

o

o o

70.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán Chomhairle na hEorpa, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Mhontainéagró.

(1)  IO L 108, 29.4.2010, lch. 1.

(2)  IO L 330, 20.9.2021, lch. 1.

(3)  IO C 362, 8.9.2021, lch. 129.

(4)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 100.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0506.

(6)  Conclúidí ó ECRI maidir le cur chun feidhme na moltaí i leith Mhontainéagró faoi réir obair leantach eatramhach, 2 Meitheamh 2020, https://rm.coe.int/ecri-conclusions-on-the-implementation-of-the-recommendations-in-respe/16809e8273.

(7)  Rún an 19 Bealtaine 2021 maidir le Tuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún maidir le Montainéagró (IO C 15, 12.1.2022, lch. 100).


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/55


P9_TA(2022)0267

Todhchaí an chaidrimh trádála idir AE agus an Afraic

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí an chaidrimh trádála idir AE agus an Afraic (2021/2178(INI))

(2023/C 32/09)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe,

ag féachaint do Chomhaontú Pháras,

Ag féachaint don ráiteas comhpháirteach tar éis an Séú Cruinniú Mullaigh den Aontas Eorpach – Aontas Afracach (AA), an 17-18 Feabhra 2022 dar teideal “Fís Chomhpháirteach do 2030”,

ag féachaint do theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiún dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 9 Márta 2020 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal Towards a comprehensive Strategy with Africa [I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic](JOIN(2020)0004),

ag féachaint dá rún an 25 Márta 2021 dar teideal “Straitéis nua idir AE agus an Afraic – comhpháirtíocht don fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach” (1),

ag féachaint do “Clár Oibre 2063 AA: An Afraic atá uainn”,

ag féachaint do na tionscnaimh AA a lainseáladh chun Clár Oibre 2063 a bhaint amach, lena n-áirítear Accelerated Industrial Development for Africa, Programme for Infrastructure Development for Africa, Boosting Intra-African Trade agus Africa Mining Vision,

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus comhaltaí Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, den pháirt eile,

ag féachaint do theachtaireacht an 18 Feabhra 2021 ón gCoimisiún dar teideal Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach] (COM(2021)0066),

ag féachaint do na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCE), a tugadh i gcrích agus atá faoi chaibidil, idir AE agus 14 thír agus réigiún san Afraic Fho-Shahárach, agus comhaontuithe saorthrádála eile AE le tíortha i dtuaisceart na hAfraice,

ag féachaint do chinneadh Chomhthionól Cheann Stáit agus Rialtas AA an 2 Iúil 2018 maidir leis an Limistéar Saorthrádála Mór-roinne (AfCFTA) (2),

ag féachaint do Chinneadh Kigali Chomhthionól Cheann Stáit agus Rialtas AA mhí Iúil 2016 maidir le toradh chúlú Chomhthionól an Aontais Afracaigh, go háirithe mír 5 maidir le maoiniú an Aontais (3),

ag féachaint do theachtaireacht an 12 Meán Fómhair 2018 ón gCoimisiún dar teideal A new Africa-Europe Alliance for Sustainable Investment and Jobs: Taking our partnership for investment and jobs to the next level (COM(2018)0643) [Comhghuaillíocht nua idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht agus Poist Inbhuanaithe: ár gcomhpháirtíocht le haghaidh infheistíochta agus post a thabhairt chuig an gcéad leibhéal eile],

ag féachaint do rún an 13 Márta 2018 uaithi maidir le comhionannas inscne i gcomhaontuithe trádála AE (4),

ag féachaint do Ráiteas an 25 Meán Fómhair 2020 ó Airí Airgeadais G7 maidir le Tionscnamh chun Seirbhísiú Fiachais a chur ar Fionraí agus maidir le faoiseamh fiachais do Thíortha Leochaileacha,

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 1 Nollaig 2021 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an Tairseach Dhomhanda (JOIN(2021)0030),

ag féachaint do thogra an 14 Iúil 2021 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha (COM(2021)0564),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 25 Samhain 2020 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal EU Gender Action Plan (GAP) III: an ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in EU external action, [Plean Gníomhaíochta Inscne AE (GAP) III: clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais] (JOIN(2020)0017),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 9 Feabhra 2021 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Renewed partnership with the Southern Neighbourhood: A new Agenda for the Mediterranean [Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt: Clár Oibre nua don Mheánmhuir] (JOIN(2021)0002) agus don doiciméad inmheánach oibre comhpháirteach a ghabhann léi (SWD(2021)0023),

ag féachaint do rún an 10 Márta 2022 uaithi i ndáil le Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (5),

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach (6) agus do na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonaí gaolmhara idir AE agus tíortha comhpháirtíochta,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 17 Samhain 2021 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tráchtearraí agus táirgí áirithe atá bainteach leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais agus a onnmhairiú ón Aontas mar aon leis sin (COM(2021)0706),

ag féachaint do rún an 10 Márta 2021 uaithi lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le dícheall cuí corparáideach agus cuntasacht chorparáideach (7),

ag féachaint do Phróiseas Kimberley agus do rún an 16 Nollaig 2021 uaithi maidir le Scéim Deimhniúcháin Phróiseas Kimberley a chur chun feidhme (8),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d’allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (9),

ag féachaint do thogra an 22 Meán Fómhair 2021 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim ghinearálaithe um fhabhair tharaife (COM(2021)0579),

ag féachaint do rún an 10 Feabhra 2021 uaithi maidir leis an bPlean Nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (10),

ag féachaint do rún an 20 Deireadh Fómhair 2021 uaithi maidir le Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (11),

ag féachaint do rún an 25 Samhain 2021 uaithi le moltaí don Choimisiún maidir le beartas agus dlí na himirce dleathaí (12),

ag féachaint do dhearbhú an 15 Feabhra 2022 ó Fhóram Rialtais Áitiúla agus Réigiúnacha na hAfraice-na hEorpa,

ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach an 14 Feabhra 2022 ó eagraíochtaí gnó Sheachtú Fóram Gnó AE-na hAfraice,

ag féachaint do dhoiciméad deiridh Fhóram CSO Sheachtain na hAfraice-na hEorpa dar teideal “No decision about us without us!”,

ag féachaint do chomhthorthaí raon na hóige de Sheachtain na hAfraice-na hEorpa mhí Feabhra 2022,

ag féachaint do Thuarascáil 2021 um Fhorbairt Eacnamaíoch san Afraic ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD), dar teideal Reaping the potential benefits of the African Continental Free Trade Area for inclusive growth [Tairbhí ionchasacha a bhaint as Limistéar Saorthrádála Mór-roinne na hAfraice le haghaidh fás cuimsitheach],

ag féachaint don Comhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht agus Poist Inbhuanaithe,

ag féachaint do na moltaí sa tuarascáil deiridh ó Phainéal Comhairleach Uachtarán na hAfraice Theas maidir le hAthriar Talúntais agus Talmhaíochta an 4 Bealtaine 2019,

ag féachaint do thuarascáil Thascfhórsa Gheilleagar Digiteach AA-AE an 13 Meitheamh 2019 dar teidealNew Africa-Europe Digital Economy Partnership: Accelerating the Achievement of the Sustainable Development Goals [Comhpháirtíocht nua Gheilleagair Dhigitigh idir an Afraic agus an Eoraip: Luas a chur faoina bhfuil bainte amach ag na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe],

ag féachaint do Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn 2021 maidir le Cabhair AE le haghaidh na Trádála,

ag féachaint d’idirphlé il-gheallsealbhóra AE maidir le cócó inbhuanaithe lena ndírítear ar earnáil an chócó in dhá phríomhthír táirgthe, an Cósta Eabhair agus Gána,

ag féachaint d’aitheasc Nana Akufo-Addo, Uachtarán Ghána, an 12 Nollaig 2021 le Parlaimint na hEorpa in Strasbourg,

ag féachaint do rún an 2 Márta 2022 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir leis an ionsaí ar an Úcráin,

ag féachaint do theachtaireacht an 23 Márta 2022 ón gCoimisiún maidir le slándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a athneartú (COM(2022)0133),

ag féachaint do chonclúidí an 16 Nollaig 2021 ón gComhairle Eorpach,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0169/2022),

A.

de bhrí go bhfuil caidreamh tábhachtach polaitiúil, eacnamaíoch agus cúltúrtha ag an Aontas Eorpach (AE) leis an Afraic le fada, de bhrí go raibh comhaontú maidir le “Fís Chomhpháirteach do 2030” mar thoradh ar an Séú Cruinniú Mullaigh idir AE agus an tAontas Afracach (AA) in 2022, ar comhstraitéis nua é a théann chun tairbhe don dá pháirtí, a neartaíonn na ceangail idir an dá aontas agus a thabharfaidh deis le haghaidh comhar níos dlúithe maidir le ceisteanna a bhaineann le cóineasú frithpháirteach i réimsí na trádála, na slándála agus an dea-rialachais; de bhrí go bhfuil sé dírithe ar ár dtosaíochtaí coiteanna a thiomáint ar aghaidh trí chomhchaomhnú ár leasanna agus ár n-earraí poiblí coiteanna, slándáil agus rathúnas ár saoránach, cosaint chearta an duine don uile dhuine, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban i ngach sféar den saol, urraim do phrionsabail dhaonlathacha agus don smacht reachta, gníomhartha chun an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú, fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus ionchuimsitheach, an comhrac in aghaidh éagothromachtaí, tacaíocht le haghaidh cearta leanaí agus le haghaidh ionchuimsiú daoine óga agus iadsan is mó atá faoi mhíbhuntáiste; de bhrí go n-aithníonn an dá Aontas a thábhachtaí atá slándáil bia agus cothú; de bhrí go mbunófar an chomhpháirtíocht athnuaite seo ar an tíreolaíocht, ar aitheantas don stair, ceangail dhaonna, urraim don cheannasacht, lánurraim agus cuntasacht fhrithpháirteach, luachanna i bpáirt, comhionannas idir na comhpháirtithe agus tiomantais fhrithpháirteacha; de bhrí gur thug AE agus AA geallúint a gcomhpháirtíocht straitéiseach a neartú chun aghaidh a thabhairt le chéile ar dhúshláin nua, amhail an t-athrú aeráide, an téarnamh iarphaindéime agus athléimneacht a thógáil i gcoinne suaití amach anseo;

B.

de bhrí go bhfuil síocháin ina réamhchoinníoll le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus le haghaidh timpeallacht chobhsaí trádála agus infheistíochta; de bhrí gur bhain athrú suntasach don chomhthéacs geopholaitiúil domhanda ó rinne Cónaidhm na Rúise ionradh mídhleathach, gan chúis agus gan údar ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, agus don chaidreamh idir AE agus an Afraic freisin; de bhrí gur cháin Comhthionól Ginearálta NA ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine le tromlach ollmhór ina rún an 2 Márta 2022, le tacaíocht ó AA san áireamh, óir thacaigh 28 dá bhallstáit leis an rún; de bhrí gur staon 16 dá bhallstáit agus gur chinn naoi gcinn gan vóta a chaitheamh; de bhrí go bhfuil iarmhairtí millteanacha ann do shlabhraí luacha agus soláthair domhanda agus go háirithe don rochtain ar chruithneacht agus tráchtearraí eile mar gheall ar ionradh na Rúise agus iarmhairtí an chogaidh, agus go bhfuil ganntanais bhia ag bagairt ar na milliúin duine dá bharr; de bhrí go bhfuil difear uafásach á dhéanamh don tslándáil bia ar mhór-roinn na hAfraice ach go háirithe; de bhrí go n-allmhairíonn an Afraic Thuaidh 60 % dá cruithneacht agus barra bia eile ón Úcráin agus ón Rúis, agus go bhfuil ganntanais maidir le hallmhairí leasacháin ag bagairt ar roinnt tíortha san Afraic; de bhrí go bhféadfadh círéibeacha bia agus corraíl shóisialta a bheith mar thoradh ar bhriseadh na slabhraí soláthair de bharr chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine;

C.

de bhrí nach mór gurb é baint amach na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) faoi 2030 an phríomh-threoirlíne agus tagarmharc ratha don chomhar idir AE agus an Afraic, lena n-áirítear mar a rannchuideoidh caidreamh trádála agus infheistíochta chun an bhochtaineacht a chomhrac;

D.

de bhrí go bhfuil an imirce ina chuid de SDG 10.7, a bhfuil mar aidhm aige éascaíocht a dhéanamh ar imirce dhleathach, shábháilte, rialta agus fhreagrach agus soghluaisteacht daoine;

E.

de bhrí go n-aithnítear in Athbhreithniú AE ar an mBeartas Trádála an tábhacht straitéiseach a bhaineann le doimhniú na rannpháirtíochta le mór-roinn na hAfraice agus stáit Afracacha trí snáitheanna gníomhaíochta éagsúla a mholadh chun na ceangail trádála agus eacnamaíocha idir AE agus an Afraic a neartú; de bhrí gur mór-ranna comharsanacha iad an Eoraip agus an Afraic a bhfuil a rathúnas agus a gcobhsaíocht idirnasctha go dlúth agus tacaíocht ó chomhtháthú eacnamaíoch níos dlúithe agus níos cothroime ag teastáil;

F.

de bhrí gurb iad AE agus a Bhallstáit na soláthraithe trádchúnaimh (AfT) is mó ar domhan, agus 38 % den chion domhanda á sholáthar acu; de bhrí gurb í an Afraic a bhí ag fáil an sciar is mó i gcónaí de na gealltanais AfT; de bhrí go bhfuil faoin Aontas Eorpach an sciar de AfT AE a leithdháiltear ar na tíortha is lú forbairt (LDCanna) a mhéadú chun cabhrú leo a sciar de na honnmhairí domhanda a dhúbailt, óir bhí sciar na dtíortha is lú forbairt de na honnmhairí domhanda fós ag 1 % in 2020 agus a sciar d’onnmhairí chuig AE fós ag 2 %;

G.

de bhrí gur cheart don Aontas cur chuige “Foireann na hEorpa” a shaothrú maidir lena chomhar leis an Afraic, lena n-áirítear comhordú breise idir ard-stiúrthóireachtaí difriúla an Choimisiúin, institiúidí maoinithe forbraíochta Eorpacha, gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin Eorpacha, bainc thráchtála agus Ballstáit AE;

H.

de bhrí gurb iad AE agus a Bhallstáit an comhpháirtí trádála is tábhachtaí ag an Afraic, agus de bhrí gur mhéadaigh luach na trádála in 2021 go EUR 288 mbilliún ó luach íseal EUR 225 bhilliún in 2020 mar thoradh ar phaindéim COVID-19; de bhrí gur laghdaigh an bhearna trádála i bhfábhar AE ó EUR 24 bhilliún in 2020 go EUR 4 bhilliún in 2021; de bhrí go mbíonn rochtain saor ó dhleacht agus saor ó chuóta ar mhargadh aonair AE ag 90 % d’onnmhairí na hAfraice faoi na comhaontuithe trádála reatha agus fabhar trádála aontaobhach AE le tíortha i mbéal forbartha; de bhrí gur earraí príomhúla iad, amhail bia agus deoch, amhábhair agus fuinneamh, os cionn 65 % de na hearraí a allmhairíodh isteach in AE ón Afraic in 2021, agus de bhrí gur earraí monaraithe iad beagnach 68 % de na hearraí a onnmhairíodh ó AE go dtí an Afraic in 2021; de bhrí go léiríonn an struchtúr trádála sin míchothromaíocht struchtúrach agus idirspleáchas na ngeilleagar atá i gceist, rud a choinníonn mór-roinn na hAfraice ag ceann íseal-luacha na slabhraí luacha domhanda; de bhrí gurb iad AE agus a Bhallstáit an fhoinse is mó atá ag an Afraic le fada maidir le hinfheistíocht, cúnamh oifigiúil um fhorbairt, cúnamh daonnúil agus cistiú slándála;

I.

de bhrí go ndearna na Stáit Aontaithe trádáil in earraí leis an Afraic in 2021 arb fhiú thart ar USD 26,7 billiún í maidir le honnmhairí de agus USD 37,5 billiún maidir le hallmhairí de, agus gurbh fhiú USD 64,2 billiún í ar an iomlán; de bhrí nach bhfuil aon bhorradh faoi thrádáil SAM leis an Afraic Fho-Shahárach ainneoin an tionscnamh Propser Africa arna lainseáil ag rialtas SAM roimhe seo, agus nach bhfuil sa trádáil sin ach níos lú ná 1 % de thrádáil uile SAM in earraí;

J.

de bhrí go bhfuil sciar na hAfraice den trádáil dhomhanda ag meath go seasta le 50 bliain anuas agus gurb ionann é agus 2,9 % den trádáil dhomhanda de réir UNCTAD de bhrí go mbraitheann an mhór-roinn go mór ar allmhairí agus ar onnmhairí tráchtearraí atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha; de bhrí nach bhfuil sa trádáil idir-réigiúnach ach 14,4 % de thrádáil uile na hlchríche;

K.

de bhrí go measann Banc Forbartha na hAfraice gurb é USD 120 billiún sa bhliain costas eacnamaíoch na trádála neamhdhleathaí in acmhainní nádúrtha, luach arb ionann agus 5 % d’olltáirgeadh intíre (OTI) na hAfraice (13);

L.

de bhrí go bhfuil leibhéal na trádála laistigh dde mhór-roinn na hAfraice i bhfad níos lú ná a hacmhainneacht, agus gur den riachtanas é a neartú chun go mbeidh claochlú struchtúrtha eacnamaíoch na hilchríche inbhuanaithe; de bhrí gur comhspéis le hearnálacha príobháideacha na hAfraice agus na hEorpa cur chun feidhme rathúil agus éifeachtach AfCFTA, go háirithe maidir leis an bhfás eacnamaíoch agus na deiseanna fostaíochta a bhfuil súil leo; de bhrí go ndearna teacht i bhfeidhm AfCFTA ar an 30 Bealtaine 2019 agus lainseáil trádála faoina fabhair ar an 1 Eanáir 2021, mar thionscnamh suaitheanta den Chéad Phlean Cur Chun Feidhme Deich mBliana (2014-2023) faoi Chlár Oibre AA 2063, fuinneamh úr a chur sna deiseanna trádála agus infheistíochta uile-Afracach agus gur cuireadh le nascacht na hEora-Afraice;

M.

de bhrí go mbeidh AfCFTA ar an limistéar saorthrádála is mó ar domhan ó thaobh tíortha rannpháirteacha – beidh 54 as 55 bhallstát AA ann agus cruthófar margadh de 1,2 billiún duine, lena n-áirítear meánaicme atá ag dul i meid go tapa, chun gurb é an t-ochtú bloc trádála is mó ar domhan a bhfuil OTI comhcheangailte de USD 3 thrilliún aige, OTI a mheastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó, nó níos mó, air faoi 2050; de bhrí, de réir an Bhainc Dhomhanda, go bhféadfadh méadú 1 % teacht ar OTI na hAfraice gach bliain, méadú 1,2 % ar a fostaíocht iomlán agus méadú 33 % ar an trádáil laistigh den Afraic; de bhrí gurb ionann cruthú AfCFTA agus deis mhór don Aontas Eorpach, ach chun go n-éireoidh leis go mbeifear ag brath cuid mhór ar a chumas infheistíochtaí a shlógadh agus malartuithe trádála a chothú mar aon le láithreacht chorparáideach san Afraic;

N.

de bhrí go bhfuil deireadh le cur laistigh de AfCFTA le taraifí ar 90 % de na línte taraife, agus gur thug na tíortha nach iad na tíortha is lú forbairt iad gealltanas taraifí a léirscaoileadh ar earraí neamh-íogaire thar thréimhse cúig bliana agus gur thug na tíortha is lú forbairt gealltanas é a dhéanamh thar thréimhse 10 mbliana; de bhrí gur ar earraí íogaire atá 7 % de na línte taraife agus go ndéanfaidh na tíortha nach LDCanna iad taraifí a léirscaoileadh ar earraí íogaire thar thréimhse deich mbliana agus go ndéanfaidh LDCanna é thar thréimhse trí bliana déag; de bhrí go bhféadfar 3 % de na línte taraife a eisiamh ón léirscaoileadh; de bhrí gur céim thábhachtach é AfCFTA chun deireadh a chur leis an múnla reatha maidir le trádáil fhoirmiúil san Afraic, múnla arb iad na saintréithe a bhaineann leis tréimhsí fada chun teorainn a thrasnú, ceanglais rialála chuimsitheacha agus cánacha arda;

O.

de bhrí, chomh maith le bheith ina ionstraim léirscaoilte trádála, go bhfuil AfCFTA dírithe ar a bheith ina chumasóir le haghaidh fás cuimsitheach agus forbairt inbhuanaithe i gcomhréir le Clár Oibre 2063; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach AfCFTA a chur chun feidhme go héifeachtach agus go comhordaithe mar chóras mór-roinne chun feabhas a chur ar an trádáil laistigh den Afraic, agus gur dúshlán mór a bheidh sa mhéid sin, agus sraitheanna difriúla agus gealltanais dhifriúla ag éirí as comhaontuithe trádála, pobail eacnamaiocha agus aontais custam réigiúnacha a mbeidh bearta cuimsitheacha ag teastáil uathu chun bonneagar iompair trasteorann a fhorbairt agus éascaíocht trádála fheabhsaithe chun gurbh fhearr a chumasófar slabhraí luacha trasteorann; de bhrí gur den riachtanas iad seo a leanas chun mianaidhmeanna AA a bhaint amach agus córas éifeachtach agus intuartha a dheanamh de AfCFTA: athchóirithe rialachais a dhíríonn ar éascú na trádála, bacainní neamhtharaife ar thrádáil, gnáthchaighdeáin theicniúla agus sláinte i leith táirgí agus dlí an tsaothair, leigheasanna agus coimircí trádála; de bhrí, amhail gach comhaontú trádála, go gcruthóidh AfCFTA éifeachtaí dearfacha agus diúltacha agus gur den riachtanas bearta tacaíochta iomchuí a bheith curtha ar bun chun aon éifeachtaí díobhálacha a mhaolú agus chun a áirithiú go mbeidh ar chumas AfCFTA rannchuidiú le cur chun cinn fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus go háirithe chun a áirithiú go mbeidh ar chumas cuideachtaí faoi stiúir ban agus daoine óga tairbhiú de dheiseanna nua;

P.

de bhrí, maidir le trádáil agus go háirithe rialacha tionscnaimh agus carnadh réigiúnach, gur ilroinnt mhór-roinn na hAfraice atá mar thoradh ar shocruithe ilchineálacha AE le tíortha Afracacha, rud a chruthaíonn bacainní a bhaineann le taraifí agus a chuireann bac ar shlabhraí luacha trasteorann a thógáil laistigh de AfCFTA;

Q.

de bhrí nach bhfuil stáit Afracacha aonchineálach; de bhrí go mbíonn mór-doinn na hAfraice an-íogair i leith “suaití” seachtracha, i bhfianaise a ráta ard spleáchais, ní ar acmhainní seachtracha airgeadais agus ioncaim amháin, amhail seoltáin choigríche, infheistíocht dhíreach choigríche, turasóireacht agus cúnamh seachtrach, ach ar allmhairí d’earraí monaraithe freisin;

R.

de bhrí go bhfuil an Afraic ina hilchríoch dóchais agus deiseanna, agus gurb shin dearcadh líon mór dá daoine óga, líon atá ag dul i méid; de bhrí gurb í an Afraic an ilchríoch is óige ar domhan, ina bhfuil aois airmheánach 19,8 bliain agus 60 % den daonra faoi bhun 25 bliana d’aois; de bhrí go mbeidh daonra na hAfraice tar éis dúbailt faoi 2050, ó thart ar 1,2 billiún go dtí thart ar 2,4 billiún, agus de bhrí, faoin mbliain chéanna, gur san Afraic a bheidh 50 % den daonra domhanda faoi 25 bliana d’aois, rud a bheidh ina dhúshlán suntasach do gheilleagair agus rialachas daonlathach thíortha na hAfraice agus tionchar aige ar an ngeopholaitíocht, ar an trádáil dhomhanda agus ar an imirce; de bhrí go bhfuil breis is a ceithre oiread leanaí ina gcónaí san Afraic sa lá inniu is atá ina gcónaí san Eoraip agus de bhrí go bhfuil 70 % de dhaonra na hAfraice Fo-Shaháraí faoi bhun 30; de bhrí go mbeidh gá le méadú comhréireach ó thaobh soláthair bia de mar gheall ar mhéadú an daonra agus na meánaicme, agus ar an ábhar sin gur cheart go soláthródh an earnáil agraibhia deiseanna eacnamaíocha agus fostaíochta d’Afracaigh óga, a mbeidh a rannpháirtíocht san earnáil sin ríthábhachtach chomh maith chun athsholáthar glúine a áirithiú agus chun an córas agraibhia a athnuachan; de bhrí go bhfuil oideachas, fostaíocht agus deiseanna gnó ar ardchaighdeán ag teastáil ón óige san Afraic chun go mbeidh ar a gcumas rannchuidiú le fás agus forbairt inbhuanaithe a dtíortha; de bhrí go bhfuil daonra na hEorpa ag dul in aois agus go bhfuil ganntanais lucht saothair cáilithe agus fadhbanna maidir le printísigh a aimsiú á dtuairisciú in an-chuid earnálacha cheana féin; de bhrí go rannchuidíonn cumhachtú eacnamaíoch mná agus daoine óga leis an bhfás eacnamaíoch agus lena stádas a chur chun cinn sa tsochaí;

S.

de bhrí gurb é is aidhm do SDG díothú an ocrais deireadh a chur leis an ocras faoi 2030 agus slándáil bia agus cothú feabhsaithe a bhaint amach; de bhrí gur cuireadh moill ar an dul chun cinn maidir leis an sprioc sin le blianta beaga anuas agus go bhfuil breis is 800 milliún duine ar ár bpláinéad i gcónaí a théann a luí istoíche agus ocras orthu; de bhrí gur thuar an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) go dtiocfaidh ardú suntasach, ó 280 go 300 milliún, ar an líon daoine ar an ocras san Afraic, agus go mbeidh sí ar na réigiúin leis an líon is airde daoine ar ghannchothú faoi 2030, ar aon leibhéal leis an Áise; de bhrí go bhfuil an easlándáil bia imithe in olcas sa mhór-roinn agus go raibh easpa cothaithe ar 21 % den daonra in 2020; de bhrí gur dheimhnigh Cruinniú Mullaigh NA faoi Chórais Bia in 2021 gurb iad seo a leanas atá taobh thiar de na treochtaí sin nach dteastaíonn: méadú ar mhinicíocht agus déine coinbhleachtaí, éagsúlachtaí agus foircneachtaí aeráide, moillithe ar an ngeilleagar agus sleabhcthaí eacnamaíocha, agus ardleibhéil neamhionannais a raibh na sleabhcthaí eacnamíocha in 2020 ag cur leis, sleabhcthaí arb iad bearta imshrianta ar fud an domhain de bharr COVID-19 ba chúis leo den chuid is mó;

T.

de bhrí gur bagairtí eiseacha iad an t-athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil don Afraic, do AE agus don domhan ar fad, agus go n-éilítear leo freagrúlacht chomhpháirteach agus infheistíochtaí substainteacha in athléimneacht; de bhrí nár mhór ról ríthábhachtach a bheith ag an gcaidreamh trádála idir AE agus an Afraic chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú aeráide agus iarrachtaí comhchoiteanna a chothú chun fás inbhuanaithe, forbairt eacnamaíoch ionchuimsitheach agus rochtain ar earraí poiblí a bhaint amach, go háirithe trí shlabhraí soláthair inbhuanaithe agus éagsúlú trádála a chur chun cinn san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin; de bhrí gur gheall AE go mbeadh sé ar an gcéad mhór-roinn ar neodracht aeráide faoi 2050 agus go ndéanfadh sé a fhás eacnamaíoch a dhíchúpláil ón úsáid acmhainní; de bhrí nár chuir tíortha na hAfraice mórán leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa go dtí seo agus gurb amhlaidh atá i gcónaí, is cuma a ndéantar iad a thomhas ar bhonn astaíochtaí stairiúla, reatha nó ionchais agus i dtéamaí iomlána nó per capita, ach go rannchuidíonn an táirgeadh, nósanna stíl mhaireachtála agus tomhaltais san Aontas Eorpach leis an athrú aeráide; de bhrí go mbeidh iarsmaí tubaisteacha ar an athrú aeráide, d’an-chuid stát san Afraic go háirithe agus cuid díobh sin ar na háiteanna is measa a bhuailfear; de bhrí go meastar gurb é USD 30-50 billiún sa bhliain as seo go ceann deich mbliana, nó 2-3 % de OTN réigiúnach, na costais oiriúnaithe san Afraic Fho-Shahárach chun costais níos airde fós ar fhaoiseamh breise a sheachaint i gcás tubaistí; de bhrí gur san Éigipt, stát Afracach, a bheidh an 27ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP27) in 2022; de bhrí nach mór gur aistriú cóir agus cothromasach a bheidh san aistriú chuig saol dhícharbónaithe; de bhrí gur mhol AE go mbeadh rochtain ar fhuinneamh ar phríomhcholúin an chomhair leis an Afraic faoin gComhaontú Glas don Eoraip;

U.

de bhrí gur fhógair AE agus AA pacáiste infheistíochta EUR 150 billiún idir an Afraic agus an Eoraip thar thréimhse sé bliana, EUR 25 bhilliún sa bhliain ar meán, lena dtacófar le huaillmhianta comhchoiteanna do Chlár Oibre 2030 agus do Chlár Oibre 2063 an Aontais Afracaigh, agus a mbeidh comhchodanna infheistíochta, sláinte agus oideachais ann; de bhrí nár cheart go gcuirfeadh na hinfheistíochtaí sin le hualach fiachais thíortha na hAfraice;

V.

de bhrí go maireann thart ar 34 % de theaghlaigh na hAfraice laistíos den líne idirnáisiúnta bochtaineachta, USD 1,90 sa lá, agus gur le 0,0001 % de dhaonra na mór-roinne thart ar 40 % dá rachmas iomlán; de bhrí go bhfuil neamhréireachtaí móra ann i gcónaí i bhforbairt thíortha na hAfraice; de bhrí, i bhfianaise an borradh daonra a bhfuiltear ag dréim leis san Afraic, go bhfuil sé níos ríthábhachtaí ná ariamh a áirithiú go mbeidh forbairt inbhuanaithe, oideachas ar ardchaighdeán agus cruthú post cuibhiúil ag gabháil leis;

W.

de bhrí nach bhfuil ach thart ar thír amháin as trí thír san Afraic a bhfuil cláir tíre le haghaidh obair chuibhiúil aici, ar cláir iad ar deimhníodh gurb iad an príomhbhealach iad chun tacaíocht ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a sholáthar agus an tacaíocht sin in oiriúint do thosaíochtaí agus torthaí gach tíre ar leith;

X.

de bhrí gur lainseáil an Coimisiún an Tionscnamh um Chócó Inbhuanaithe, faoi chomhstiúir Ard-Stiúrthóireacht na Trádála agus INTPA, atá dírithe ar Ghána agus an Cósta Eabhair, agus Camarún ina bhreathnóir, agus gurb iad príomhchuspóirí an tionscnaimh ioncam maireachtála inbhuanaithe a áirithiú le haghaidh feirmeoirí, deireadh a chur leis an saothar leanaí sa slabhra soláthair cócó agus deireadh a chur leis an dífhoraoisiú a dhéantar chun críocha plandálacha cócó a chruthú;

Y.

de bhrí go léirítear i dtuarascáil 2021 UNICEF/ILO ar shaothar leanaí go bhfuil méadú ag teacht ar an saothar leanaí san Afraic Fho-Shahárach ó 2012 i leith agus go leanfaidh an treocht méadaitheach sin de bharr iarsmaí forleathana na paindéime;

Z.

de bhrí, le paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhain léi, gur cuireadh an fás siar ar fud na hAfraice in 2020, agus go bhféadfadh sé go bhfuil 30 milliún duine breise i mbochtaineacht agus gur cuireadh le leitheadúlacht an tsaothair leanaí dá bharr; de bhrí go léirítear athrú ollmhór ar an gcomhdhearcadh maidir le beartas sna pacáisí téarnaimh iarphaindéime; de bhrí go bhfuil acmhainn na gcistí poiblí chun tacaíocht a thabhairt don téarnamh éagsúil ar fud na réigiún, agus gar-riosca ann go gcuirfear leis na neamhionannais; de bhrí nach raibh an ráta le haghaidh vacsaíniú iomlán níos airde ná 15 % san Afraic amhail ó Mhárta 2022 (i gcomparáid le 73 % san Aontas Eorpach); de bhrí gurb éigean na milliúin vacsaíní a scriosadh sula mbíonn deis ann leas a bhaint astu sna tíortha bochta mar go bhfuil an dáta éaga ag druidim; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag AE agus ag AA go dtacóidh siad le ceannasacht sláinte lánfheidhme na hAfraice, chun a chur ar chumas na hilchríche freagairt d’éigeandálaí sláinte poiblí amach anseo, agus go bhfuil gealltanas tugtha acu go dtacóidh siad, chuige sin, le clár oibre comhchoiteann do mhonarú vacsaíní, leigheasanna, diagnóisice, teiripice agus táirgí sláinte san Afraic, lena n-áirítear trí infheistíocht a dhéanamh in acmhainní táirgthe, aistrithe deonacha teicneolaíochta chomh maith leis an gcreat rialála a neartú chun rochtain chothromasach ar vacsaíní, ar dhiagnóisic agus ar theiripic a chumasú; de bhrí gur geal leis an bParlaimint na bearta uile a thacaíonn le córas sláinte na hAfraice agus le hacmhainneachtaí sláinte na mór-roinne;

AA.

de bhrí go n-éileoidh téarnamh inbhuanaithe agus ionchuimsitheach ó COVID-19 san Afraic USD 1 trilliún sa bhliain, de bhreis ar an mbearna bhliantúil USD 2,5 billiún san airgeadas le haghaidh na SDGanna a bhí ann roimh an ngéarchéim; de bhrí gurb ionann an iarracht sin agus deis thábhachtach infheistíochta; de bhrí gur chuir an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) dlús lena iarrachtaí chun cabhrú le comhpháirtithe san Afraic freagairt do ghéarchéim sláinte agus eacnamaíoch COVID-19 trí EUR 5 bhilliún a sholáthar chun tacú le breis is EUR 12 bhilliún d’infheistíocht chlaochlaitheach phríobháideach agus phoiblí ar fud na hAfraice in 2020;

AB.

de bhrí gur leag an Séú Cruinniú Mullaigh AE-AA béim ar a phráinní atá rannchuidiú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) le comhrac na paindéime agus le téarnamh an gheilleagair dhomhanda, agus gur gheall sé go n-oibreodh na páirtithe go tógachaíoch i dtreo comhaontú maidir le freagairt chuimsitheach ó EDT ar an bpaindéim, lena n-áirítear gnéithe a bhaineann le trádáil agus le maoin intleachtúil; de bhrí gur tháinig an Coimisiún Eorpach agus rialtais na Stát Aontaithe, na hIndia agus na hAfraice Theas ar thogra comhréitigh san Eagraíocht Domhanda Trádála atá le tíolacadh do bhallstáit EDT faoina n-éascófaí tarscaoileadh rialacha maoine intleachtúla áirithe, go háirithe critéir áirithe d’fhorálacha éigeantacha ceadúnúcháin faoi Chomhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a Bhaineann le Trádáil (TRIPS), cé nach gcuimsítear ann fós forálacha maidir le huirlisí diagnóisice, sásraí agus cóireálacha amhail a bhí á éileamh ag stáit Afracacha; de bhrí go bhfuil plé níos leithne in EDT le tionscnamh fós;

AC.

de bhrí go luaitear sa phreaseisiúint leis an tuarascáil ón gceardlann maidir leis an mBithéagsúlacht agus Paindéimí a bhí ag an Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais go bhféadfar an riosca paindéime a ísliú trí laghdú ar na gníomhaíochtaí daonna lena spreagtar caillteanas na bithéagsúlachta, trína thuilleadh caomhnaithe a dhéanamh ar limistéir faoi chosaint, agus trí bhearta lena laghdaítear ar shaothrú neamh-inbhuanaithe réigiúin ar ardleibhéal bithéagsúlachta;

AD.

de bhrí, de réir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, go bhfuil thart ar 60 % de thíortha ísealioncaim i mbaol mór ó thaobh anacair fiachais de nó go bhfuil siad in anacair fiachais cheana féin, mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, agus go raibh an figiúr sin faoi bhun 30 % in 2015; de bhrí gur deacair do rialtais tíortha san Eoraip agus san Afraic a bhfuil ardleibhéal fiachais acu infheistíocht fhíor-riachtanach a shlógadh sna réamhchoinníollacha le haghaidh forbairt eacnamaíoch, amhail fórsa saothair cáilithe agus bonneagar nua-aimseartha;

AE.

de bhrí go bhfuil Ciste Coigeartaithe AfCFTA de USD 1 bhilliún bunaithe ag Rúnaíocht AfCFTA, arna mhaoiniú ag Banc Onnmhairiúcháin-Allmhairiúcháin na hAfraice (Afreximbank), lena ndírítear ar thacaíocht a thabhairt do thíortha a d’fhulaingeodh caillteanais ioncaim sa ghearrthéarma mar thoradh ar a dtaraifí a laghdú nó a dhíothú; de bhrí go measann rúnaíocht AfCFTA gur gá thart ar USD 7 mbilliún a bheith ann i ndáiríre;

AF.

de bhrí gurb é AE an t-allmhaireoir agus an t-onnmhaireoir táirgí agraibhia is mó ar domhan; de bhrí, ainneoin gur san Afraic atá an talamh is arúla ar domhan, gur glanallmhaireoirí bia iad tíortha AA, go mbíonn feirmeoirí ag táirgeadh faoi bhun a n-acmhainne, mar thoradh i bpáirt ar éifeachtaí beartais agus cleachtais intíre áirithe de chuid na hEorpa ar na praghsanna a bhíonn le fáil ag feirmeoirí Afracacha ar a dtáirgí sna margaí áitúla, ach mar go méadaítear iad de bharr taraifí go bhfágtar onnmhairí bia próiseáilte ón Afraic neamhiomaíoch; de bhrí gur mhéadaigh ar onnmhairí púdair bhainne chuig an Afraic Thiar, onnmhairí a bhfuil tacaíocht ón gcomhbheartas talmhaíochta acu, agus de bhrí go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ar go leor aoirí agus feirmeoirí áitiúla nach féidir lena bpraghsanna ar bhainne dul san iomaíocht leis na praghsanna fíorísle ar phúdar bainne mar gheall ar an méadú faoi thrí ar onnmhairí ó AE tar éis d’AE deireadh a chur leis na cuótaí bainne in 2015; de bhrí gur cheart go mbeadh urraim do dhálaí córa sa trádáil i dtáirgí talmhaiochta idir AE agus AA ina bonnlíne le haghaidh onnmhairí agus allmhairí bia agus táirgí talmhaíochta eile ón Aontas Eorpach agus ón Afraic, de bhreis ar an ngá chun a áirithiú nach mbeidh onnmhairí talmhaíochta ag cur i gcoinne na sprice chun earnáil bia níos athléimní a bhunú san Afraic; de bhrí, chun talmhaíocht inbhuanaithe a chur ar aghaidh sa dá mhór-roinn, gur cheart spás a fhágáil le haghaidh múnlaí athchóirithe talmhaíochta san Afraic agus san Eoraip a thairgeann dínit d’fheirmeoirí, a neartaíonn an athléimneacht intíre agus réigiúnach agus a mbeadh ar a gcumas acmhainneacht an dá mhór-roinn a oscailt chun a áirithiú go mbeidh flúirse cothaithe ann, go mbeidh siad féin-inbhuanaithe maidir le bia, agus ina rannchuidithe le slándáil bia i réigiúin eile den domhan; de bhrí go soláthraíonn an fheirmeoireacht teaghlaigh suas le 70 % den soláthar bia, a itheann Afracaigh, ar an mór-roinn, seachas bia a dhéantar a tháirgeadh chun críche onnmhairiúcháin; de bhrí, de réir Thuarascáil 2016 ar an bhForbairt Dhaonna de chuid Chlár Forbartha NA, go bhfuil an Afraic Fho-Shahárach ag cailliúint 6 % de OTI an réigiúin de bharr neamhionannas inscne, agus go bhfuil iarrachtaí na mór-roinne chun forbairt dhaonna ionchuimsitheach agus fás eacnamaíoch a bhaint amach á gcur i mbaol; de bhrí go bhféadfaí, trí rochtain chothrom a bheith ag mná ar ionchuir na talmhaíochta, ardú suas le 19 % a chur ar an táirgeadh barr talmhaíochta, borradh a chur faoi OTI ón talmhaíocht agus i gcoitinne agus na mílte daoine a shaoradh ón mbochtaineacht (14);

AG.

de bhrí, in 2020, go raibh méadú beagnach 40 % ar an líon daoine a ndearna easlándáil bia difear dóibh, i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; de bhrí go léiríonn an cogadh san Úcráin a idirnasctha atá an tslándáil bia agus an margadh domhanda, agus leibhéal spleáchais roinnt tíortha san Afraic ar allmhairí bia ó líon beag tíortha nó réigiúin onnmhairíochta; de bhrí go bhféadfadh tíortha a bheith leochaileach do shuaití seachtracha de bharr róspleáchais; de bhrí gur tíolacadh tionscnamh Mhisean Athléimneachta FAO ag cruinniú mullaigh G7 ar an 24 Márta 2022, agus bearta nithiúla ann chun slándáil bia a áirithiú ar bhonn domhanda, agus go háirithe sna tíortha san Afraic is mó atá buailte ag an mbriseadh sa táirgeadh bia mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin; de bhrí go bhfuair suirbhéanna ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ar theaghlaigh go bhfuil sé indéanta talmhaíocht atá cliste i leith aeráide a chumasú tríd an rochtain ar chórais luathrabhaidh agus ar fhaisnéis maidir le praghsanna bia agus cúrsaí aimsire a leathnú, le teachtaireacht théacs nó ghutha fiú, chun feirmeoirí a chur ar an eolas faoin uair le barra a chur, nó a uisciú nó le leasú a chur orthu, agus go bhféadfaí an baol easlándála bia a laghdú de 30 pointe céatadáin;

AH.

de bhrí go bhfulaingíonn micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim ar fud na hAfraice, i dtéarmaí thrádáil laistigh den Afraic de bharr na nithe seo a leanas: costais shuntasacha ar idirbhearta agus moilleanna ar caidreamh trasteorann teoranta idir na bainc is cúis leo, infhaighteacht airgeadra coigríche, costais seirbhíse arda le haghaidh idirghabhálaithe agus de bharr go mbíonn díol agus ceannach airgeadraí le rátáil i gcoinne dollar SAM; de bhrí go bhféadfaí an fhadhb sin a réiteach trí fhorbairtí teicneolaíocha agus comhar idir na bainc cheannais, faoin gCóras Íocaíochtaí agus Réitigh Pan-Afracach, mar shampla;

AI.

de bhrí go bhfuil caibidlíocht ar siúl san AfCFTA maidir leis an léirscaoileadh seirbhísí atá ebartaithe, ag tosú le cúig earnáil tosaíochta arna sainaithint ag AA, eadhon, iompar, turasóireacht, cumarsáid, seirbhísí airgeadais agus gnó; de bhrí gurb ionann seirbhísí agus 54 % de OTI na hAfraice agus 75 % den infheistíocht dhíreach choigríche;

AJ.

de bhrí, le Straitéis AA maidir le Claochlú Digiteach don Afraic (2020-2030), go mbeartaítear margadh aonair digiteach slán don Afraic faoi 2030 ina n-áiritheofar soghluaisteacht daoine, seirbhísí agus caipitil agus ina bhféadfaidh daoine aonair agus gnólachtaí rochtain rianúil a fháil ar ghníomhaíochtaí ar líne agus a bheith ag plé leo i gcomhréir le AfCFTA; de bhrí go dtairgeann an geilleagar digiteach san Afraic féidearthachtaí maidir leis an gcruthú fostaíochta a mhéadú, i gcás FBManna go háirithe, arb iad a sholáthraíonn thart ar 80 % de na poist ar fud na mór-roinne agus atá ina gcnámh droma de gheilleagar na hAfraice; de bhrí go mbaineann acmhainn shuntasach le digiteáil na trádála agus cothú na gcóras gan pháipéar chun tacaíocht a thabhairt do thrádálaithe beaga, lena n-áirítear fiontair ar mná agus fiontraithe óga atá i gceannas orthu; de bhrí go mbeidh infheistíocht shubstainteach i mbonneagar idirlín ag teastáil chun rannpháirtíocht dhigiteach phobal na hAfraice a éascú, agus gan rochtain idirlín ach ag 33 % den phobal sin in 2021; de bhrí go bhfuil cúnamh AE á lorg go gníomhach ag ár gcomhpháirtithe san Afraic freiisn chun feabhas a chur ar bhonneagar digiteach na hAfraice agus chun nascacht agus rochtain idirlín iomchuí a áirithiú ar fud na mór-roinne; de bhrí go bhfuil an Afraic chun deiridh go mór ar SAM agus an tSín, agus ar an Eoraip freisin, go pointe, maidir le forbairtí sa teicneolaíocht dhigiteach; de bhrí, de réir UNCTAD, go soláthraíonn an Afraic níos lú ná 1 % de na honnmhairí domhanda de sheirbhísí atá insoláthraithe go digiteach;

1.

ag dearbhú go bhfuil an caidreamh trádála agus infheistíochta idir AE agus an Afraic mar chuid dár gcomhiarracht chun SDGanna na Náisiún Aontaithe a bhaint amach faoi 2030 agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil an Afraic ina príomhthosaíocht gheografach i straitéis nua trádála AE, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá idirphlé níos stóinsithe idir AE agus an Afraic; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis sin, gur cheart do AE a thuilleadh a dhéanamh chun an chomhpháirtíochta thabhairt níos faide ná an caidreamh traidisiúnta “deontóir-faighteoir”; á chur i bhfáth go bhfuil ar chumas nuachóiriú chaidreamh trádála agus infheistíochta AE-AA sochair iontacha a thabhairt i dtéarmaí fás eacnamaíoch a spreagadh, comhtháthú réigiúnach, laghdú ar an mbochtaineacht agus cruthú fostaíochta, go bhfuil ar a chumas rannchuidiú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus leis an aistriú glas agus digiteach i dtíortha in AE agus AA araon, agus i measc ár gcomhpháirtithe trádála domhanda, agus nach mór go gcloífidh sé le prionsabal an chomhleanúnachais beartais atá cumhdaithe in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an chóineasacht gheografach agus na ceangail stairiúla agus chultúrtha a théann i bhfad siar á dtreisiú a thuilleadh ag malairtí trádála atá ag dul i méid; á chur i bhfáth nach mór rannpháirtíocht eagraíochtaí sochaí sibhialta a bheith ina cloch choirnéil de straitéis AE-AA chun SDGanna NA a bhaint amach;

2.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a chomhar lenár gcomhpháirtithe Afracacha a dhoimhniú agus a struchtúrú níos fearr agus idirphlé rialta beartais ar ardleibhéal a bhunú dá réir, a mbeadh gné pharlaiminteach ag baint leis a mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach inti freisin; á iarraidh go gcomhlánófar an t-idirphlé sin le malartú ar leibhéal na ngrúpálacha réigiúnacha, agus ar leibhéal na stát indibhidiúil freisin, agus le hidirphlé comhthreomhar le geallsealbhóirí na sochaí sibhialta san Afraic agus in AE mar ghnéithe ríthábhachtacha i gcur ar aghaidh chomhpháirtíocht chomhionann AE leis an Afraic;

3.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bonneagar agus bonn tionsclaíoch athléimneach, iomaíoch agus láidir a chruthú san Afraic, mar a leagtar síos i gClár Oibre 2063 AU, lena ndírítear ar shlabhraí luacha athléimneacha a fhorbairt agus ar phróiseáil ard-bhreisluacha amhábhar san Afraic mar bhealach mór chun poist ar ardchaighdeán a chruthú; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar fhiontair agus infheisteoirí Eorpacha, lena n-áirítear BEI, teicneolaíochtaí nua-aimseartha, inbhuanaithe agus, a mhéid is féidir, aeráidneodracha, a chur i bhfeidhm i dtionscadail tionsclaíochta san Afraic; á áitiú go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach i ngach céim de chur chun cinn na tionsclaíochta; á chur i bhfáth i ndáil leis seo a riachtanaí atá sé tacaíocht a thabhairt don Afraic chun a beartais neamhspleácha, mhaicreacnamaíocha, fhioscacha, airgeadaíochta agus trádála féin a shaincheapadh, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún a chur ar chumas thíortha Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin a naíthionscail a chosaint, lena n-áirítear trí thacaíocht theicniúil agus airgeadais, agus foráil don cheart reachtú faoi seach; á chur i bhfáth gur cheart iarrachtaí chun an comhshaol a chosaint a chur i gceartlár na mbeartas comhair agus i gceartlár na gclár a thugann tacaíocht don tionsclaíocht agus do chruthú post cuibhiúil san Afraic, a bheidh le bunú agus le cur chun feidhme ag na geallsealbhóirí freagracha uile ón dá mhór-roinn;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn chun bogadh i dtreo geilleagar atá saor ó charbón, i gcomhréir leis an ngealltanas a tugadh i gComhaontú Aeráide Ghlaschú, agus ag an am céanna a áirithiú go ndéanfar acmhainní nádúrtha agus amhábhair a fhoinsiú agus a bhainistiú ar bhealach freagrach agus inbhuanaithe, agus go ndéanfar bainistiú inbhuanaithe ar dhramhaíl i gcomhréir lena chuspóirí faoin gComhaontú Glas;

5.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról an-bhunúsach ag institiúidí, údaráis agus bonneagar feidhmiúil stáit, agus á mheas gur bac mór ar an trádáil iad a behith in easnamh; á chur i bhfáth, i ndáil leis seo, nach mór do thíortha uile na hAfraice an chinnteacht dhlíthiúil a fheabhsú, óir tá ríthábhacht leis chun go bhforbróidh trádáil d’aon chineál; ag iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthpháirtíocht lena chontrapháirtithe san Afraic chun timpeallacht ghnó a ráthú a bheidh fabhrach don infheistíocht;

6.

á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé na tograí eacnamaíocha agus trádála ón gClár Oibre nua don Mheánmhuir, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 9 Feabhra 2021, a oiriúnú don staid éigeandála reatha; á iarraidh go ndéanfar na tionscadail faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta a bhfuil gné thrádála ag baint leo a chur chun feidhme go rianúil a luaithe is féidir

7.

á chur i bhfios go láidir gur bonn nua ar fad atá ag teastáil ón Aontas Eorpach dá chomhpháirtíocht eacnamaíoch leis an Afraic, bonn ar comhchéim atá bunaithe ar an gcomhionannas, ar urraim fhrithpháirteach agus tuiscint dá chéile, lena n-áirítear ar na dúshláin roimh na comhpháirtithe Afracacha i gcomhthéacs caidrimh trádála agus infheistíochta, agus dinimic atá ag athrú á chur san áireamh, agus aghaidh á tabhairt ar mhíchothromaíochtaí agus easnaimh leanúnacha; den tuairim gur deis uathúil é seo chun an caidreamh trádála idir an dá mhór-roinn a athbheochan, agus gur bhunaigh an cruinniú mullaigh conair chun go bhféadfaidh AE agus AA dul i mbun comhpháirtíocht athnuaite, a bheidh tairbheach go frithpháirteach, inbhuanaithe agus bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus comhar, agus an caidreamh eacnamaíoch, tráchtála agus trádála a athmhúnlú d’fhonn an Afraic a chumhachtú, lena n-áirítear trína áirithiú go mbeidh caidreamh cóir agus eiticiúil ann a fhabhraíonn do chomhtháthú mhór-roinn na hAfraice; á chur i bhfios go láidir gur cheart, faoin gcaidreamh trádála idir AE agus an Afraic, go ndéanfaí cearta an duine, cearta lucht saothair, dea-rialachas, an smacht reachta agus comhionannas inscne a chur chun cinn, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún na gnéithe sin a chur chun cinn laistigh de chomhthéacs caidrimh trádála idir AE agus an Afraic;

8.

ag tathant ar an gCoimisiún cabhrú chun deireadh a chur le ról na náisiún Afracach faoina mbeidís “ag líonadh agus ag críochnú”, trí thacaíocht a thabhairt do chóras il-gheallsealbhóra a thabharfaidh deis do náisiúin AA a vacsaínithe féin a tháirgeadh, cumas a léiríodh cheana le linn vacsaíní VEID a bheith á dtáirgeadh, a osclóidh spáis le haghaidh acmhainneacht eolaíoch a fhorbairt agus a laghdóidh an spleáchas ar dhornán corparáidí ar fud an domhain;

9.

á chur i bhfáth gur tharla briseadh sa chaidreamh idir AE agus an Afraic mar thoradh ar fhreagairt AE ar iarrachtaí domhanda maidir le vacsaíniú chun paindéim COVID-19 a mhaolú; á chur i bhfios go láidir nár mhór torthaí an Séú Cruinniú Mullaigh AE-AA a bheith ina bpointe tosaigh nua chun an caidreamh idir AE agus an Afraic a chur ar aghaidh; ag iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht dhéthaobhach agus struchtúrtha a bhunú le comhpháirtithe Afracacha agus rannpháirtíocht réigiúnach agus iltaobhach a shaothrú chun caidreamh AE-na hAfraice a chur ar aghaidh; ag iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht a bhunú leis an bParlaimint maidir le plé a dhéanamh ar an gcomhréiteach maidir le tarscaoileadh TRIPS arna chaibidil idir an “ceathrar”: AE, SAM, an India agus an Afraic Theas; ag iarraidh ar an gCoimisiún a bheith solúbtha agus réadúil i gcónaí sna pléití san Eagraíocht Dhomhanda Trádála atá dírithe ar chomhréiteach a aimsiú le baill eile EDT maidir le tarscaoileadh TRIPS a bheidh spriocdhírithe agus sealadach, chun go bhféadfar bogadh i dtreo conclúide agus torthaí fónta maidir le gnéithe trádála agus sláinte faoin 12ú Comhdháil Airí;

10.

á athdhearbhú go bhfuil tábhacht le síocháin, ar mhaithe le forbairt dhearfach shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch; ag tabhairt dá haire go raibh easpa tacaíochta i measc cuid mhaith rialtas san Afraic do rún Chomhthionól Ginearálta NA inar cáineadh an t-ionsaí in aghaidh na hÚcráine, agus nach bhféadfar talamh slán a dhéanamh de thacaíocht ón Afraic le haghaidh seasamh AE; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí na cúiseanna éagsúla leis an sceipteachas a chíoradh, agus méadú ar na hiarrachtaí taidhleoireachta chun seasaimh chomhchoiteanna a thógáil in aghaidh ionsaithe míleata ar an dá mhór-roinn;

11.

ag tacú le cuspóirí agus toilmhianta AfCFTA mar a luaitear sa bhrollach; ag tacú freisin le toilmhianta Chlár Oibre 2063 faoina gcruthófar margadh ilchríche ina mbeidh saorghluaiseacht daoine, caipitil, earraí agus seirbhísí, chun comhtháthú eacnamaíoch mhór-roinn na hAfraice a dhoimhniú; á mheas gur tionscnamh comhtháthaithe eacnamaíoch uaillmhianach é AfCFTA a thugann an-deis do thíortha Afracacha borradh a chur faoin bhfás cuimsitheach, forbairt inbhuanaithe a chumasú, laghdú ar an mbochtaineacht agus feabhas a chur ar chaighdeáin mhaireachtála, líon ard post cuibhiúil a chruthú, cur le hiomaíochas tíortha Afracacha, teicneolaíocht agus fuinneamh glas a chur chun cinn, cur le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí, an t-éilliú a chomhrac agus an dea-rialachas a chur chun cinn, agus claochluithe struchtúracha a bhaint amach sna stáit rannpháirteacha; á iarraidh go dtabharfaidh AE tacaíocht ghníomhach do AfCFTA; á chur i bhfáth gur cheart táscairí chun rath eacnamaíoch san Afraic agus AE a fheabhsú agus a éagsúlú, de bhreis ar fhás ar an OTI, agus á mholadh go ndéanfaí tagairt freisin do tháscairí amhail comhéifeacht Gini, an Táscaire maidir le Dul Chun Cinn Dílis, an tInnéacs um Fhorbairt Dhaonna, innéacs Theil chun éagsúlú allmhairí a thomhas, táscairí a bhaineann le hidirdhealú ar bhonn gnéis, agus go háirithe na tuarascálacha dul chun cinn maidir le SDGanna;

12.

á mheabhrú go ndearna AE, idir 2014 agus 2020, cistiúchán breis is EUR 74 mhilliún a leithdháileadh chun AfCFTA a bhunú trína Chlár Pan-Afracach, agus gur baineadh leas as an gcistiú le haghaidh fothú acmhainneachta le linn chaibidil, dhaingniú agus chur chun feidhme Chomhaontú AfCFTA; á iarraidh go leanfaidh AE agus a Bhallstáit dá dtacaíocht airgeadais agus theicniúil do chur chun feidhme AfCFTA; ag tabhairt dá haire chun go bhféadfaidh AfCFTA beart a dhéanamh de réir a bhriathair agus dul níos faide ná léirscaoileadh trádála amháin chun daoine a ardú as an mbochtaineacht, go mbeidh spás beartais ag teastáil ó thíortha san Afraic chun beartais a ghlacadh a chuireann feabhas ar an gcomhsheasmhacht idir bearta trádála, cuspóirí éagsúlúcháin, freagairt ar riachtanais an daonra, inbhuanaitheacht agus fás ionchuisitheach;

13.

á iarraidh ar choimisiúin AA agus AE forbairt slabhraí luacha réigiúnacha agus bonneagar réigiúnach níos fearr san Afraic a éascú; á chur i bhfáth go mbeidh gá le hinfheistíochtaí comhsheasmhacha agus maoirseacht phoiblí le linn bonneagar inbhuanaithe ginearálta agus trasteorann a bheith á fhorbairt; á chur i bhfios nár mhór infheistíocht shuntasach a dhéanamh i mbonneagar iompair, sa nascacht agus sa digiteáil chun éascaíocht a dhéanamh ar an trádáil réigiúnach agus dá réir sin ar éagsúlú agus athléimneacht slabhraí luacha áitiúla, réigiúnacha agus ilchríche; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí fás na slabhraí luacha réigiúnacha a éascú trí bhacainní ar an trádáil laistigh den Afraic a bhaint, agus sa tslí sin modhanna idirnáisiúnaithe a éascú do chuideachtaí Afracacha, FBManna go háirithe; á chur i bhfáth gur cheart go rannchuideodh an Tairseach Dhomhanda le bonneagar a fhorbairt chun an trádáil laistigh den Afraic a mhéadú, agus á iarraidh ar chomhpháirtithe AA uile freagairt do thograí Fhoireann na hEorpa le haghaidh comhthionscadail bhonneagair; ag iarraidh ar chomhpháirtithe AE agus AA na tionscadail tosaíochta arna sainaithint i gcomhpháirt a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille, agus deiseanna brabúis a bhaineann le tionscadail a chruthú le haghaidh cuideachtaí áitiúla mar aon le deiseanna fostaíochta don phobal áitiúil, agus cloí go dlúth le hardchaighdeáin chomhshaoil agus saothair agus le Comhaontú Pháras; á chur i bhfios go láidir gur gá forbairt bhreise a dhéanamh ar bhonneagar le haghaidh na limistéar tuaithe, agus á chur i bhfios maidir le príomhbhianna a dhéantar a iompar san Afraic Fho-Shahárach go meastar go bhfuil thart ar 40 % díobh nach gcuirtear ar an margadh de bharr bonneagar lag agus easpa saoráidí fuaraithe agus stórála; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus AA mapáil a dhéanamh ar na slabhraí luacha réigiúnacha idir AE agus an Afraic, slabhraí luacha a bhfuil níos mó ná sreafaí trádála déthaobhacha i gceist iontu, agus anailís SWOT a dhéanamh, go háirithe d’fhonn conairí le haghaidh garbhunú thar lear agus réimsí comhoibrithe a shainaithint amhail an geilleagar ciorclach agus glasú slabhraí soláthair; á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheidh sé forbairt bhreise a dhéanamh ar an mbonneagar agus na ceangail idir an Afraic Fho-Shahárach agus an Afraic Thuaidh, agus idir an Afraic Thoir agus an Afraic Thiar;

14.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go ndéantar comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chuimsiú sa chaidreamh trádála idir AE agus an Afraic mar chomhpháirt bhunriachtanach chun fás ionchuimsitheach agus inbhuanaithe a chothú; á chur i bhfáth go bhfuil d’acmhainn ag caidreamh trádála agus infheistíochta an comhionannas inscne a chur chun cinn agus rannchuidiú le cumhachtú eacnamaíoch agus sóisialta na mban agus le geilleagair agus sochaithe níos cothroime agus níos athléimní; á mheas go mba cheart go dtabharfadh an chomhpháirtíocht idir AE agus an Afraic tacaíocht go háirithe d’fhiontraíocht na hóige agus na mban i limistéir thuaithe agus uirbeacha, lena n-áirítear trí eagraíochtaí miontáirgeoirí, agus go bhfuil sé ríthábhachtach chuige sin tacú le rochtain chothrom ar acmhainní eacnamaíocha agus táirgeachta amhail seirbhísí airgeadais, agus ar mhargaí, agus cearta talún a chosaint; á chur in iúl gur geal léi obair an Choimisiúin maidir le bailiú sonraí agus anailís sonraí ar mhaithe le tuiscint níos fearr ar thionchar an bheartais trádála ar mhná; ag iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht a bhunú le comhpháirtithe Afracacha chun an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn sa chaidreamh trádála idir AE agus an Afraic; ag iarraidh ar an gCoimisiún áit lárnach a thabhairt don phríomhshruthú inscne sa chaidreamh trádála agus infheistíochta idir AE agus an Afraic; ag iarraidh ar an gCoimisiún caibidlí neamhspleácha faoi cheisteanna inscne a chuimsiú sna CCEnna; ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag mná na tuaithe sna geilleagair thalmhaíochta agus thuaithe ar fud mhór-roinn na hAfraice, go háirithe maidir leis an tslándáil bia; á mheabhrú gurb iad na mná a dhéanann leath na hoibre talmhaíochta san Afraic; á iarraidh go ndéanfaí malartuithe idir fiontraithe ar mná iad san Afraic agus in AE a fhorbairt trí bhíthin ardáin lena n-éascaítear líonrú, comhroinnt taithí agus reáchtáil tionscadal i gcomhpháirt; ag moladh go gcuirfí cearta oidhreachta do mhná agus cailíní chun cinn agus á iarraidh go dtacóidh AE le tíortha comhpháirtíochta, go háirithe maidir lena n-aitheantas ar theidlíocht iomlán na mban i leith cearta talún;

15.

á chur i bhfios go láidir gur gá idirphlé tógachaíoch poiblí-príobháideach a bhunú agus cultúir a chumasú chun éabhlóidiú d’fhonn líonra cliste éiceachóras a fhorbairt, agus na sféir phoiblí agus phríobháideacha a hibridiú ar deireadh thiar; á chur i bhfáth, ós mar sin atá, nach mór do AE leanúint de bheith ag obair le tíortha Afracacha maidir le hinfheistíocht phríobháideach sa mhór-roinn a éascú agus a chur chun cinn, mar nach leor infheistíocht phoiblí aisti féin; á iarraidh go ndéanfar comhpháirtíochtaí tríthaobhacha poiblí agus príobháideacha a mhéadú a thuilleadh chun naisc trádála nua a fhorbairt in earnálacha comhspéise amhail fuinneamh, tionsclaíocht, iompar;

16.

á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag Plean Infheistíochta Seachtraí an Aontais, agus go háirithe ag an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe mar chéad cholún de, maidir le beartas trádála agus infheistíochta an Aontais i leith na hAfraice a mhúnlú, i gcomhthráth leis na CCEnna; á mheabhrú gur leag sí béim ar fheabhas a chur ar an timpeallacht infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta; á chur i bhfáth, i dtaca le gealltanas an Aontais maidir le borradh a chur faoin infheistíocht ón earnáil phríobháideach chun na SDGanna a bhaint amach, nach mór gurbh ionann é sin agus oibleagáidí éigeantacha a bhunú maidir le cearta an duine, cearta sóisialta agus dícheall cuí comhshaoil, bunaithe ar Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, ar cheart feidhm a bheith acu maidir leis an slabhra luacha ina iomláine agus ar cheart forálacha maidir le rochtain ar an gceartas a áireamh leo;

17.

á iarraidh ar choimisiúin AA agus AE araon cabhrú chun na coinníollacha a chruthú agus a éascú atá ag teastáil chun go bhféadfaidh tíortha Afracacha athrúa dhéanamh ar nádúr a lánpháirtíochta sa gheilleagar domhanda, ó bheith ina bhfoinsí tráchtearraí príomhúla, chun a bheith ina n-onnmhaireoirí táirgí idirmheánacha agus deiridh, agus spás beartais á choinneáil ag an am céanna chun naíthionscail a choimirciú; á mholadh go go gcuirfear feabhas ar an gcomhar le hollscoileanna agus saoráidí taighde eile san Afraic chun ardán a bhunú le haghaidh malartú teicneolaíochta agus eolais; á chur i bhfios, sa chomhthéacs seo, an deis a bhaineann le margaí éiritheacha a fhorbairt agus infheistíocht a dhéanamh iontu don dá mhór-roinn, go háirithe sa tionscal déantúsaíochta; á chur i bhfáth thairis sin, a thábhachtaí atá sé naisc idir gnólachtaí AE agus san Afraic a neartú i ndáil leis sin, mar chabhair chun luach a chruthú agus caighdeáin a ardú agus sa tslí feabhas a chur ar an iomaíochas;

18.

á chur i bhfáth maidir le hiarrachtaí chun na slabhraí soláthair a éagsúlú go gcruthaíonn siad deiseanna don dá mhór-roinn, agus í den tuairim gur cheart do AE agus AA oibriú as lámh a chéile chun na coinníollacha agus na dreasachtaí a chruthú a bheidh ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt d’éagsúlú infheistíochtaí agus don táirgeadh ó chuideachtaí AE agus Afracacha;

19.

á athdhearbhú go bhfuil leas comhchoiteann ag AE agus AA i gcóras trádála iltaobhach a bheidh cobhsaí agus bunaithe ar rialacha, agus a rannchuideoidh chun an fás eacnamaíoch in AE agus ar mhór-roinn na hAfraice a chur ar aghaidh; ag cur béim ar an bhfíoras gur réimse tábhachtach comhair idir AE agus AA é athchóiriú agus nuachóiriú EDT agus leabhar rialacha EDT agus ag iarraidh ar na comhpháirtithe oibriú as lámh a chéile chun ailtireacht dhomhanda trádála agus airgeadais a bheidh cóir agus cothromasach a chruthú trí EDT a athbheochan, lena n-áirítear Babhta Doha a thabhairt i gcrích chun gur fearr a dhéanfar leasanna an leath theas den chruinne a chur san áireamh, amhail atá comhaontaithe ag ballraíocht EDT;

20.

á thabhairt chun suntais go ndíríonn an tionscnamh “Cúnamh don Trádáil” faoi cheannas EDT ar chabhrú leis na tíortha is lú forbairt, go háirithe chun cuidiú le hacmhainneacht ar thaobh an tsoláthair agus bonneagar a bhaineann le trádáil a fhorbairt, ar riachtanais dóibh iad chun comhaontuithe EDT a chur chun feidhme agus tairbhiú díobh agus, go ginearálta, chun a dtrádáil a leathnú; den tuairim, sa chiall sin, go bhfuil an tionscnamh seo ina chomhpháirt ríthábhachtach den chaidreamh trádála leis an Afraic, go háirithe tar éis ghéarchéim COVID-19;

21.

á thabhairt le fios gur cheart go mbeadh ról ag an gclár oibre “Cúnamh don trádáil” maidir le hacmhainní a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar shrianta a bhaineann le trádáil, chun riachtanais bonneagair a mhaoiniú agus chun cuidiú le hacmhainneacht tíortha Afracacha a fhorbairt chun struchtúir rialála iomchuí a bhunú;

22.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhoibriú a neartú idir an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe agus comhlachtaí eile de chuid na Náisiún Aontaithe chun an fhís iltaobhach a choinneáil beo trí chomhchlár oibre a chur chun cinn ar mhaithe le rathúnas comhroinnte, agus i gcomhréir leis an gcomhleanúnachas beartais maidir le forbairt;

23.

á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag comhlachtaí parlaiminteacha i rialachas domhanda atá cuntasach agus trédhearcach, mar gur féidir le parlaiminteoirí atá tofa go díreach feidhmiú mar nasc ríthábhachtach idir na saoránaigh agus an córas iltaobhach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an-tábhacht le hobair an Chomhthionóil Pharlaimintigh maidir le EDT, arna eagrú ag Parlaimint na hEorpa agus an Aontas Idirpharlaiminteach i gcomhpháirt, agus á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí breise chun rannpháirtíocht pharlaiminteoirí ón Afraic, agus ón bParlaimint Phan-Afracach go háirithe, a mhéadú á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh rochtain níos fearr ag parlaiminteoirí ar chaibidlíocht trádála agus go mbeidh siad rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta agus athbhreithnithe EDT. á iarraidh go ndéanfar ról Pharlaimint na hEorpa agus na Parlaiminte Pan-Afracaí, araon, a neartú, agus ról pharlaimintí náisiúnta bhallstáit uile EDT freisin sa chéim shainordaitheach den chaibidlíocht idirnáisiúnta trádála agus infheistíochta

24.

á chur i bhfáth gur cheart leasanna comhroinnte an dá ilchríoch a bheith i gcroílár an chaidrimh athnuaite idir AE agus an Afraic agus gur cheart tógáil ar chomhpháirtíocht láidir; tagtha ar an tátal gur freagairt iomchuí ar iomaitheoirí domhanda í comhpháirtíocht de pháirtithe comhionanna, bunaithe ar chomhar iomlán idir AA agus AE suite de, sa chás gur críochadóireacht ó chumhachtaí domhanda eile amháin atá taobh thiar d’iomaíocht gheopholaitiuil AE, go leanfaidh beartas tradisiúnta an tionchair de bheith ag seasamh sa bhealach ar chomhar tairbheach frithpháirteach; á chur i bhfios nach bhfuil iomaíocht chothrom leasanna naimhdeach le geilleagair mhargaidh agus go gcoimeádann comhpháirtithe Afracacha an ceart tairbhiú de staid éilimh atá fabhrach dóibh;

25.

suite de gur trí chomhpháirtíocht nua de pháirtithe comhionanna is fearr a shaothrófar leasanna AE amhail rochtain ar amhábhair, an caidreamh eacnamaíoch a mhúnlú chun geilleagar AE a chur chun cinn, agus an imirce a bhainistiú, i.e. trí dhul i ngleic leis na bunchúiseanna; suite de go bhféadfar, trí comhpháirtíocht nua de pháirtithe comhionanna, a chur ar chumas AE a neamhspleáchas straitéiseach a neartú go héifeachtach

26.

á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh AE i bhfabhar rannpháirtíocht thógachaíoch maidir leis an uile ghné den imirce, easáitiú éigeantach agus soghluaisteacht, agus é ag obair chun a áirithiú gur ar bhealach sábháilte agus dea-rialaithe a dhéantar imirce; á mheas gur bunriachtanas é straitéis fhadtéarmach, chomhchoiteann a thógáil chun beartais trádála, forbartha agus imirce, amhail a bunaíodh i gconclúidí éagsúla ón gComhairle Eorpach, a nascadh, na conclúidí sin a glacadh an 16 Nollaig 2021 go háriithe, óir d’fhéadfadh straitéis den sórt sin príomhról a imirt sa chomhrac in aghaidh smugláil daoine agus conairí imirce mídhleathacha ó thíortha san Afraic chuig AE;

27.

á chur i bhfios go láidir go mbeidh cúrsaí soghluaisteachta agus imirce le tabhairt chun rialtachta ar mhór-roinn na hAfraice chun feabhas a chur ar cháilíocht na trádála idir an dá mhór-roinn; á áitiú – cé go bhféadfadh beartas trádála, i gcúinsí áirithe, an imirce éigeantach a íoslaghdú trí phoist a chruthú – nár cheart beartas trádála AE ná an cúnamh forbartha a ghabhann leis a ghiaráil chun comhar tíortha neamh-AE a áirithiú maidir le ceist na himirce, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó phrionsabail agus luachanna AE agus ón bpríomhchuspóir, mar atá, an bhochtaineacht a laghdú; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, nach féidir an imirce éigeantach a réiteach ach amháin trí bhealaí dleathacha a chruthú, feabhas a chur ar an gcosaint idirnáisiúnta agus aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna forbartha, polaitiúla, aeráide agus daonnúla níos leithne as a n-eascraíonn easáitiú éigeantach;

28.

ag cur sonrú i dtionchar COVID-19 ar shlabhraí soláthair; á áitiú gur den tábhacht slabhraí soláthair níos athléimní a thógáil in AE agus AA araon i saol seo na hiarphaindéime, tríd an neamhspleáchas straitéiseach a neartú, cleithiúnais a shainaithint, a bheith níos fearr i mbun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí agus suaití soláthair, an táirgeadh a éagsúlú agus infheistiú a thuilleadh i bhfiontair chlaochlaitheacha a bhfuil cuspóirí sóisialta, comhshaoil agus sláinte á gcomhtháthú acu ina múnlaí gnó; á mheabhrú go bhfuil an Pharlaimint tiomanta don Chomhaontú Glas don Eoraip agus do thionscnaimh trádála atá dírithe ar a chuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta dóibh seo a leanas: an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, an togra reachtaíochta maidir le dícheall cuí éigeantach, agus an togra maidir le táirgí gan dífhoraoisiú; á áitiú nach mór don Choimisiún faireachán cúramach a dhéanamh ar thionchar na dtionscnamh sin ar thrádáil AE-na hAfraice agus bearta tionlacain a thíolacadh chun aon suaitheadh gearrthéarmach a mhaolú; suite de gur slabhraí luacha domhanda níos athléimní agus níos inbhuanaithe a bheidh mar thoradh ar na tionscnaimh reachtaíochta sin san fhadtéarma, rud a rachaidh chun tairbhe do shaoránaigh agus gnólachtaí san Aontas Eorpach agus san Afraic araon;

29.

á chur in iúl gurb oth léi mar a chuaigh ionradh Chónaidm na Rúise ar an Úcráin, ionradh gan chúis agus gan údar, i bhfeidhm ar na praghsanna méadaithe ar fhuinneamh, breoslaí, amhábhair agus táirgí talmhaíochta, atá ina gcúis le hardú dian ar chostais táirgthe, rud a chuireann leanúnachas táirgeachta i mbaol agus a bhféadfadh suaitheadh sna slabhraí soláthair a bheith mar thoradh air; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht atreisithe ar an leibhéal idirnáisiúnta chun a áirithiú go mbeidh slándáil an tsoláthair bia i gcroílár na cinnteoireachta beartais, chun ganntanas a sheachaint agus slándáil chothaitheach a áirithiú sna tíortha is leochailí, ar mhór-roinn na hAfraice go háirithe, agus aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bia le modhanna trádála agus bacainní ar thrádáil idirnáisiúnta i mbia agus amhábhair a chosc;

30.

den tuairim gur féidir leis an Aontas cabhrú chun spleáchas reatha na hAfraice ar allmhairí bia, síolta, leasacháin agus lotnaidicídí a laghdú go suntasach, trí thacaíocht theicniúil agus airgeadais, idirphlé beartais, malartú eolais agus teicneolaíochtaí nua agus trí nuálaíocht ón Afraic a chur chun cinn;

31.

á iarraidh go ndéanfaidh an Eoraip agus an Afraic feachtas infheistíochta a sholáthróidh dreasachtaí le haghaidh méadú suntasach ar an infheistíocht phríobháideach i stáit Afracacha agus a chumasóidh infheistíocht phoiblí chuimsitheach i mbonneagar agus chun an t-athrú aeráide a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs seo, an gealltanas a tugadh ag an Séú Cruinniú Mullaigh AA-AE EUR 150 billiún a shlógadh mar chuid den Tairseach Dhomhanda; á iarraidh go ndéanfar an tionscnamh infheistíochta sin a mhéadú go mór, i gcomhar le Ballstáit AE;

32.

á iarraidh go ndíreofar an feachtas infheistíochta go príomha ar thionscnaimh chun fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus a leathnú, soláthairtí uisce agus bearta oiriúnaithe don aeráid a áirithiú agus bonneagar poiblí a thógáil; ag dréim leis go mbeidh cuideachtaí comhpháirtíochta Afracacha rannpháirteach sna tionscadail infheistíochta uile a fhéachfaidh le fostaíocht áitiúil a chruthú agus slabhraí luacha Afracacha a dhoimhniú; ag iarraidh ar an gCoimisiún tionscadail infheistíochta iomchuí a shainaithint i gcomhar le comhpháirtithe áitiúla, réigiúnacha agus stáit san Afraic agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad;

33.

á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit gealltanas a thabhairt go dtacóidh siad le tíortha Afracacha chun gníomhaíocht uaillmhianach agus chóir ar son na haeráide a chur chun feidhme; á chur i bhfáth nach mór maoiniú ón Aontais faoin Ionstraim nua um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta a úsáid chun tacú le cur chuige a bhunófar ar chearta an duine, lena mbeadh pobail áitiúla agus pobail dhúchasacha lárnach in iarrachtaí aeráide, comhshaoil agus forbartha, ag tosú le comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta agus leis an bpobal;

34.

ag tabhairt dá haire nár éirigh le sásraí maoinithe cumaiscthe a bhí ann cheana infheistíocht phríobháideach leordhóthanach a spreagadh; á iarraidh, ar an ábhar sin, go mbeadh FBManna áitiúla san áireamh sa tionscnamh infheistíochta, óir is cabhair ar leith iad chun an geilleagar a éagsúlú agus fostaíocht a chruthú;

35.

á chur i bhfáth gur cheart don Aontas Eorpach a chaidreamh eacnamaíoch agus trádála leis an Afraic a dhoimhniú trí infheistíochtaí lena gcruthaítear poist chuibhiúla agus lena ndéantar cearta an duine, cearta lucht saothair agus cearta comhshaoil a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil neamhréireacht sa rochtain ar mhaoiniú laistigh de réigiúin agus tíortha Afracacha, ar chúiseanna éagsúla; á chur i bhfios go láidir gur cheart béim a leagan ar infheistíochtaí i mbonneagar nua, amhail bonneagar digiteach agus glas, agus sa táirgeadh fuinnimh inathnuaite; á chur in iúl gur geal léi an Creatchomhaontú Comhair Tionscadail a síníodh i mí Dheireadh Fómhair 2021 idir BEI agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF); á chur in iúl gur geal léi an Meabhrán Tuisceana a síníodh in 2021 idir BEAF agus Banc Forbartha na hAfraice chun forbairt inbhuanaithe san earnáil phríobháideach a chur chun cinn san Afraic; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht ar mhór-roinn na hAfraice a chothú trí bhíthin ionstraimí airgeadais nuálacha chun sreafaí caipitil a mhéadú agus rioscaí a laghdú; ag spreagadh AE agus tíortha san Afraic chun iniúchadh a dhéanamh ar chaibidlíocht comhaontuithe lena n-éascaítear infheistíocht inbhuanaithe, amhail a fógraíodh san Athbhreithniú ar Bheartas Trádála AE (15), ar comhaontuithe iad a chuireann feabhas ar chumas rialtas rialáil ar son an leasa phoiblí agus a aimsíonn cothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí infheisteoirí agus pobal agus ábhair imní chomhshaoil; á mheabhrú a ríthábhachtaí atá sé infheistíocht chomhsheasmhach a dhéanamh i seirbhísí poiblí, in acmhainneachtaí taighde agus i gcur chun cinn earnálacha eacnamaíocha a mbeadh buntáiste comparáideach iontu do thíortha nó réigiúin; á mholadh go gcuirfí borradh faoi dheiseanna infheistíochta san Afraic, go háirithe trína thuilleadh caipitil riosca a chur ar fáil mar aon le ráthaíochtaí a mbeadh mar aidhm leo infheistíochtaí a éascú; á chur in iúl gur geal léi an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) trína gceadaítar d’institiúidí maoinithe forbraíochta breis riosca a ghlacadh ina gcláir infheistíochta; á mheabhrú gur léiríodh i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa maidir le maoiniú le haghaidh forbartha gur gá níos mó acmhainní intíre a úsáid chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach;

36.

á mholadh do thíortha Afracacha, tráth a dtuairiscíonn UNICA go bhfuil go leor de na conarthaí infheistíochta a tugadh i gcrích sna 1990idí agus go luath sna 2000idí imithe in éag le déanaí nó ar tí dul in éag, a gconarthaí infheistíochta agus cánachais dhúbailte a athbhreithniú agus a athchóiriú de réir a riachtanas forbartha; á chreidiúint go dtugann AfCFTA agus na hiarrachtaí leanúnacha maidir le lánpháirtíocht réigiúnach deis mhaith chun an córas idirnáisiúnta infheistíochta a athchothromú ionas go mbeidh sé freagrach, cothrom agus fabhrach i leith na forbartha inbhuanaithe;

37.

á thabhairt chun suntais maidir leis an gcomhaontú idir AE agus Eagraíocht na Stát ACC ar cuireadh inisealacha leis go bhfuil sásraí a dhéanfadh forfheidhmiú ar dhícheall cuí maidir le caighdeáin chomhshaoil, cearta an duine agus an prionsabal go ndéanfaí saorthoiliú feasach a chur in iúl roimh ré in easnamh air, ar sásraí iad a bhfuil tábhacht níos mó arís ag baint leo i bhfianaise na ngealltanas sa chomhaontú chun comhaontuithe infheistíochta idirnáisiúnta a éascú; á chur i bhfáth go mba cheart don Aontas na leibhéil éagsúla forbartha a chur san áireamh agus go mba cheart dó a áirithiú go bhfuil a chuid comhaontuithe trádála i gcomhréir le tosaíochtaí na gcomhpháirtithe maidir le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach;

38.

ag tathant ar an gCoimisiún agus BEI, foras iasachtaithe AE, scéim micreachreidmhasa éifeachtach agus sorochtana a ullmhú agus, sa chomhthéacs sin, a chumais a neartú chun tacaíocht a thabhairt don fhorbairt san earnáil phríobháideach san Afraic; ag iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta, i ndáil leis sin, cistí breise a thiomnú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide trí bhíthin bhuiséad cumaiscthe CEFI+; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs seo, go bhfuil ardacmhainn sa mhicreamhaoiniú chun FBManna agus feirmeoirí áitiúla a chumasú a thuilleadh; á mholadh go mbunófar scéimeanna micriasachta a thairgfeadh rochtain ar chreidmheas gan comhthaobhacht nó ráthaíochtaí airgeadais de shórt eile a bheith ag teastáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheadh scéim den sórt sin chun mná agus daoine óga a chumasú, daoine nár mhór a rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú go suntasach; á iarraidh, i ndáil leis seo, go mbeadh bearta tionlacain iomchuí ann, amhail cúnamh agus comhairleoireacht theicniúil agus dlí, agus comhaontais le comhpháirtithe áitúla ar an láthair, chun go mbeadh rochtain iarbhír ar mhicriasachtaí den sórt sin; á mheas go gcabhróidh tacaíocht don gheilleagar sóisialta agus do chomharchumainn, mar aon le scéimeanna micrichreidmheasa, chun an geilleagar neamhfhoirmiúil a chur ar bhonn foirmiúil, rud atá ag teastáil go géar, trí bhíthin straitéisí soiléire a bhunaítear ar Mholadh 204 EIS;

39.

á iarraidh go gcuirfidh AE lena thacaíocht do thíortha san Afraic agus AA chun sreafaí airgeadais aindleathacha agus imghabháil cánach ag cuideachtaí a chomhrac, agus á iarraidh go mbeidh tionscnaimh ann chun a áirithiú nach mbeidh corparáidí ag rannchuidiú le sreafaí caipitiúla den sórt sin amach as tíortha Afracacha; á mheabhrú go gcailleann an Afraic thart ar USD 88,6 billiún i dteitheadh caipitil aindleathach gach bliain, coibhéis 3,7 % de OTI na hilchríche; á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí comhpháirteacha chun a áirithiú go n-íoctar cánacha mar a gcruthaítear brabúis agus fíorluach eacnamaíoch, chun stop a chur le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis, atá ar siúl i gcónaí; á iarraidh go mbunófar comhar breise idir AA agus AE agus a mballstáit maidir le cur chun cinn idirnáisiúnta a dhéanamh ar bhearta a dhíríonn ar shaincheisteanna a bhaineann le trédhearcacht i gcomhthéacs cáin chorparáideach, lena n-áirítear comhar feabhsaithe i ndáil le Treoir AE maidir le Faisnéis Neamhairgeadais (16); ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ina chuid scéimeanna AfT freisin ar shreafaí airgeadais aindleathacha agus imghabháil cánach agus trí bhíthin caibidlí faoi seach a chuimsiú le linn nuachóiriú CCEnna a bheith á chaibidil;

40.

á chur i bhfáth gur spéis leis na tíortha is lú forbairt córais trádála riailbhunaithe iltaobhacha agus go dtacaíonn said go láidir leo, agus gur cheart a gcomhtháthú sa chóras trádála idirnáisiúnta a fheabhsú; á chur in iúl gur feasach di gur bunphrionsabal den Eagraíocht Dhomhanda Trádála é an chóir speisialta agus dhifreáilte; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh ar chumas tíortha i mbéal forbartha a gcearta a fheidhmiú go huile faoi fhorálacha EDT maidir le cóir speisialta agus dhifreáilte, go háirithe a slándáil bia a áirithiú; den tuairim go bhféadfar tíortha a fhágáil i mbaol ó shuaití eachtracha de bharr róspleáchas ar aon tír amháin nó aon réigiún geografach amháin le haghaidh aon táirge ar leith, rud a d’fhéadfadh an-díobháil a dhéanamh do shlándáil bia tíortha i mbéal forbartha; den tuairim, ar an ábhar sin, gur cheart don Choimisiún tacaíocht a thabhairt dár gcomhpháirtithe Afracacha maidir lena sreafaí trádála a éagsúlú chun go mbeidh siad níos athléimní; á iarraidh go go ndéanfar comhiarrachtaí in éineacht le comhpháirtithe Afracacha AE ar leibhéal EDT chun réitigh iltaobhacha a aimsiú ar easaontais mhóra maidir le saincheisteanna domhanda beartais talmhaíochta, amhail a pléadh i gCoiste Talmhaíochta EDT;

41.

á chur i bhfáth go bhfuil rialacha trádála iltaobhacha ag teastáil a bheidh ag tacú le talmhaíocht shubstainteach agus inbhuanaithe atá bunaithe ar athriar cuimsitheach talúntais i stáit éagsúla san Afraic, athriar a bheidh le déanamh chun slándáil bia a ráthú ar fud na hilchríche; á chur i bhfáth, i ndáil leis seo, a thábhachtaí atá sé cosaint a dhéanamh ar cheart na bpobal áitiúil chun rochtain a fháil ar acmhainní nádúrtha amhail talamh agus uisce agus iad a rialú, agus an ceart sin a chur chun cinn; á chur in iúl gur saoth léi a choitianta atá an ghrabáil talún san Afraic; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an scála ar a bhfuil infheisteoirí ón iasacht ag fáil talún san Afraic, rud atá ag tarlú den chuid is mó sna tíortha ina bhfuil na structúir rialachais is laige agus a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt ar an tslándáil bia agus ar an rochtain ar thalamh agus uisce; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé próiseas ionchuimsitheach a sheoladh d’fhonn a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na pobail áitiúla rannpháirteach go héifeachtach i bhforbairt agus cur chun feidhme na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an ngrabáil talún agus san fhaireachán a dhéantar orthu; á iarraidh go gcloífear leis na Treoirlínte Deonacha maidir leis an Rialachas Freagrach ar Thionacht Talún i ngach tionscadal lena gcuirtear cosaint na gceart talún chun cinn, lena n-áirítear i gcúrsaí trádála, agus go n-áiritheofar le bearta freisin nach bhfuil cearta talún na bhfeirmeoirí beaga, cearta talún na mban go háirithe, á gcur i mbaol ag na tionscadail; ag tathant, ina theannta sin, ar AE agus ar an Afraic aitheantas a thabhairt do chearta na ndaoine dúchasacha maidir le húinéireacht dúchais agus rialú a dtailte agus a n-acmhainní nádúrtha faoi Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach agus i gCoinbhinsiún EIS 169, agus an prionsabal go gcuirfí saorthoiliú feasach in iúl roimh ré a chomhlíonadh;

42.

á chur i bhfáth nach mór go ndéanfaidh an chomhpháirtíocht trádála idir AE agus an Afraic ceart na dtíortha Afracacha ar cheannasacht bia a choimirciú, a áirithiú go gcloífear le prionsabail na hinbhuanaitheachta agus nach mbainfear riamh ón tslándáil bia, ón tsábháilteacht bia ná ó cháilíocht an bhia agus nach mbeadh sé ina údar le dífhoraoisiú nó le díghrádú an chomhshaoil; á chur i bhfáth go mbeidh geallúintí níos mó ar an dá mhór-roinn ag teastáil leis an méid sin agus borradh a chur faoi chórais agraibhia shábháilte, athléimneach agus inbhuanaithe chun dlús a chur leis na hiarrachtaí SDG díothú an ocrais a bhaint amach in 2030 agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht chomhpháirteach chun an t-athrú aeráide a mhaolú; á shainaithint nach mór slabhraí luacha a athstruchtúrú ionas gur sna tíortha foinseacha a dhéantar níos mó den phróiseáil agus de na páirteanna den táirgeadh a chuireann lena luach; á athdhearbhú a thábhachtaí atá meas ar tháirgí a bhfuil a sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcabhróidh ionstraimí infheistíochta amhail an Tairseach Dhomhanda agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta chun earnáil talmhaíochta inbhuanaithe a fhorbairt san Afraic i gcomhréir leis na SDGanna, agus go dtacóidh siad le cur chun feidhme AfCFTA le haghaidh trádáil thalmhaíochta laistigh den Afraic; ag iarraidh ar an gCoimisiún oideachas agus oiliúint a éascú chun cleachtais inbhuanaithe thalmhaíochta, amhail agra-eiceolaíocht, a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn san Afraic agus tionscnaimh reatha a chur ar aghaidh san Afraic; á mheabhrú gur tugadh aitheantas d’acmhainneacht na hagra-éiceolaíochta na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta den inbhuanaitheacht a réiteach i dtuarascálacha cinniúnacha, go háirithe ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES), ón mBanc Domhanda agus ón Measúnú Idirnáisiúnta ar Eolaíocht agus Teicneolaíocht Talmhaíochta don Fhorbairt faoi stiúir EBT; á iarraidh ar AE agus ar an Afraic ról ceannasach a imirt maidir le comhaontú uaillmhianach domhanda a thabhairt chun críche ag an 15ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs seo, go bhféadfadh an talmhaíocht inbhuanaithe agus cothú níos inbhuanaithe san Eoraip cabhrú chun slándáil bia i dtíortha san Afraic a áirithiú;

43.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil spleáchas aisiméadrach ar allmhairí talmhaíochta ar mhaithe leis an tslándáil bia ag baint le tíortha áirithe san Afraic; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin maidir leis an soláthar táirgí bia talmhaíochta áirithe, gránbharra go príomha, ós rud é go bhfuil go leor de na stáit ag brath go mór ar na hallmhairí sin, agus go bhfuil suaitheadh sna slabhraí soláthair domhanda agus méaduithe ar phraghsanna, rud a thabharfaidh easlándáil dhomhanda bia, ar mhór-roinn na hAfraice go háirithe; á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin tionchar chogadh na Rúise-na hÚcráine ar allmhairí gránbharr agus ar an tslándáil bia a mheas, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú go luath chun géarchéimeanna daonnúla féideartha a sheachaint; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, an chaoi ina bhfuil an choinbhleacht armáilte ag cur isteach ar onnmhairiú táirgí áirithe, amhail torthaí citris, caife agus tae, ón Afraic chuig an Rúis; ag iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ag obair le tíortha san Afraic chun rochtain ar tháirgí talmhaíochta a áirithiú, leas a bhaint as an mbosca uirlisí reatha chun díriú ar an rochtain ar tháirgí talmhaíochta dár gcomhpháirtithe Afracacha agus an rochtain sin a éascú, agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun borradh a chur faoina dtáirgeadh talmhaíochta ar mhaithe le feabhas a chur ar a n-athléimneacht bia;

44.

á mheabhrú, ós rud é gur EUR 17,6 billiún an luach a bhí ar onnmhairí agraibhia an Aontais chun na hAfraice agus gur EUR 16,5 billiún an luach a bhí ar allmhairí ón Afraic in 2020, gur cinn scríbe thábhachtacha iad tíortha na hAfraice d’onnmhairí an Aontais agus gurb é an tAontas an margadh onnmhairíochta is mó i gcónaí le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia ón Afraic; ag tarraingt aird ar a riachtanaí atá sé go gcomhlíonfaidh allmhairí ón Afraic, agus táirgí agraibhia go háirithe, caighdeáin sláinte, sábháilteachta agus cáilíochta an Aontais, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hormóin, antaibheathaigh agus orgánaigh ghéinmhodhnaithe a úsáid; á thabhairt chun suntais gur cheart tacaíocht theicniúil agus oiliúint a thairiscint chun a áirithiú go mbeidh an deis agus an t-eolas ag táirgeoirí san Afraic chun na caighdeáin sin a bhaint amach; suite de gur cheart don Aontas Eorpach, mar mhórimreoir domhanda in earnáil an agraibhia, comhoibriú le tíortha Afracacha chun na tagarmharcanna agus na caighdeáin idirnáisiúnta le haghaidh córais bhia inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh, bunaithe ar mheas ar chearta an duine agus ar chearta lucht saothair, iomaíocht chóir, an prionsabal athchomhairleach, cosaint an chomhshaoil agus leas ainmhithe, i gcomhréir le rialacha EDT; á chur i bhfios go bhfuil AE tiomanta do thacaíocht a thabhairt don aistriú domhanda chuig córais agraibhia inbhuanaithe agus don aistriú a chur chun cinn i gcomhar lena chomhpháirtithe uile, i gcomhréir le cuspóirí na straitéise ón bhfeirm go dtí an forc agus na SDGanna; a chur i bhfios go bhfuil an aidhm céanna ag AE agus ag an Afraic maidir leis an mbealach ina dtáirgtear, ina ndáiltear, agus ina gcaitear ár mbia a athrú ó bhonn; á chur i bhfios, dá bharr, nach mór an comhoibriú idir AE agus a chomhpháirtithe san Afraic a dhíriú ar cheist lárnach an tsoláthair bia, trí shainchláir comhair idir feirmeoirí agus FBManna in AE agus san Afraic, infheistíochtaí spriocdhírithe i bhforbairt talmhaíochta inbhuanaithe, líonraí iompair nua-aimseartha agus bonneagar stórála iomchuí lena gcuirfear ar chumas feimeoirí Afracacha feirmeoireacht a dhéanamh atá in ann dul i ngleic le dúshláin aeráide;

45.

á mholadh go mbeidh comhleanúnachas beartais níos láidre ann ar leibhéal AE i gcomhthéacs na trádála agraibhia, i bhfianaise impleachtaí domhanda an chomhbheartais talmhaíochta agus na trádála talmhaíochta i dtreo na SDGanna a bhaint amach; á iarraidh ar AE na conclúidí ón Tascfhórsa don Afraic Thuaithe a chur san áireamh maidir leis an ngá le hinfheistíocht i slabhraí bia san Afraic, agus béim a leagan ar thráchtearraí breisluacha; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit oibriú go gníomhach i gcomhar le comhpháirtithe san Afraic chun sineirgí a chruthú idir straitéis AE-na hAfraice agus an Comhaontú Glas don Eoraip, go háirithe sa ghné sheachtrach den straitéis ón bhfeirm go dtí an forc;

46.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an taighde agus an nuálaíocht chun feirmeoirí a spreagadh chun cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe agus agrai-éiceachórais agus córais bhia tháirgiúla ar thalamh tirim a ghlacadh; á iarraidh, i ndáil leis an méid seo, go mbraithfí níos mó ar rannchuidithe leis an aistriú cóir ó eolas traidisiúnta na hAfraice, i dtaca le cleachtais talmhaíochta, cosaint iascach agus foraoisí go háirithe, agus muintir na hAfraice agus na pobail áitiúla a chumasú dá réir;

47.

á chur in iúl gurb oth léi an easpa aitheantais a thugtar do thábhacht straitéiseach na dtailte féaraigh, a chumhdaíonn thart ar 43 % de dhromchla na talún san Afraic agus ar linnte carbóin tábhachtacha iad dá réir; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le feirmeacha beaga agus le tréadachas agus córais thraidisiúnta/ áitiúla bhia eile chun an teacht aniar atá iontu a neartú agus borradh a chur faoin méid a rannchuidíonn siad leis an tslándáil bia, le bainistiú inbhuanaithe acmhainní agus le caomhnú na bithéagsúlachta; á thabhairt faoi deara, mar shampla, gur cearta talamhúsáide traidisiúnta iad cearta féaraigh agus féaraigh phobail atá bunaithe ar an dlí coiteann seachas ar chearta maoine urrúsaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt, i gcomhar leis na pobail áitiúla agus na geallsealbhóirí áitiúla, chun a n-acmhainneacht a bharrfheabhsú trí bhainistiú inbhuanaithe féaraigh, mar a dhéanann tréadaithe, mar shampla; á iarraidh go dtabharfar aghaidh ar an teannas sóisialta atá ann idir pobail shocraithe talmhaíochta agus pobail thréadacha fánaíochta, go háirithe i réigiúin ina bhfuil coinbhleachtaí eitni-reiligiúnacha forluiteacha;

48.

á mholadh go ndéantar an treocht faoina bhfuil líon daoine atá ag dul i méid ag fulaingt easlándáil bia san Afraic, treocht nach bhfuil ag teastáil, a chasadh timpeall trí bheartais dhaonnúla, forbartha agus chomhdhlúthú síochana i limistéir choinbhleachta a chomhtháthú, tríd an athléimneacht aeráide ar fud córais bhia a fheabhsú, trí athléimneacht na ndaoine is mó atá i mbaol ó anacair eacnamaioch a neartú, trí idirghabháil a dhéanamh feadh na slabhraí soláthair bia chun costas bianna cothaitheacha a laghdú agus luach cothaitheach táirgí bia a mhéadú, trí dhul i ngleic leis an mbochtaineacht agus le héagothromaíochtaí struchtúracha, trína áirithiú gur ar mhaithe le daoine bochta a dhéantar idirghabhálacha agus gur idirghabhálacha ionchuimsitheacha iad, agus trí thimpeallachtaí bia a neartú agus iompraíocht tomhaltóirí a athrú chun patrúin aistir bia a chur chun cinn, lena n-áirítear trí bhíthin bearta trádála, a mbeidh tionchair dhearfacha acu ar shláinte daoine agus ar an gcomhshaol; á chur i bhfios go láidir a riachtanaí atá beartais inbhuanaithe agus nuálacha lena gcuirfear ar chumas stáit Afracacha teicneolaíochtaí agus cleachtais talmhaíochta atá níos sine agus níos truaillithí a chur ar leataobh agus é mar sprioc aistriú éiceolaíoch agus sóisialta chuig cleachtais agraibhia inbhuanaithe a bhaint amach; á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag na hearnálacha bia agus talmhaíochta i ngeilleagar na hAfraice agus maidir le deiseanna ar fhostaíocht chuibhiúil agus inbuanaithe a sholáthar ar an iliomad gabháltas beag agus feirmeacha teaghlaigh faoin tuath, trí bhearta chun an athléimneacht a fheabhsú, nuachóiriú inbhuanaithe a dhéanamh ar chleachtais talmhaíochta, cáilíocht táirgí a fheabhsú agus trí éagsúlú táirgí; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí talmhaíochta áitiúla agus cur le hacmhainneacht feirmeacha beaga agus teaghlaigh dul in iomaíocht le feirmeacha corparáideacha mórscála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di leathnú leanúnach na bhfeirmeacha ardtionsclaithe sin atá bunaithe ar mhonashaothrú, rud a chuireann le héagothromaíochtaí sóisialta, leis an gcreimeadh ithreach agus le caillteanas leanúnach na bithéagsúlacha; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an-tábhacht le feirmeoirí chun geilleagair chiorclacha sna réigiúin éagsúla den Afraic a neartú; á chur in iúl gur geal léi an togra ón Tascfhórsa don Afraic Thuaithe maidir le nascadh AE-na hAfraice a bhunú a chruthódh naisc idir forais talmhaíochta Bhallstát AE agus iad siúd i dtíortha comhpháirtíochta san Afraic trína bhféadfadh comhpháirtithe tiomanta agus inchomparáide dea-chleachtais agus eolas a chomhroinnt;

49.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh úsáid lotnaidicídí i ndiantalmhaíocht san Afraic tionchar a imirt ar shláinte oibrithe ar beag rochtain atá acu ar oiliúint maidir le cosaint plandaí agus ar chúram sláinte, anuas ar dhamáiste a dhéanamh don chomhshaol; á iarraidh go gcuirfear oideachas agus oiliúint ar fáil maidir le cuir chuige cosanta plandaí agus roghanna malartacha ar lotnaidicídí agus go ndéanfar nochtadh do shubstaintí guaiseacha a íoslaghdú; ag séanadh na gcaighdeán dúbailte maidir le lotnaidicídí a chuir AE i bhfeidhm trí chead a thabhairt substaintí guaiseacha, a bhfuil toirmeasc orthu in AE, a onnmhairiú go dtí tíortha san Afraic agus go dtí tríú tíortha eile; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar rialacha reatha AE a leasú chun deireadh a chur leis an neamhleanúnachas dlíthiúil sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún Rotterdam 1998 agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

50.

á chur i bhfáth nach mór cabhrú le tíortha san Afraic úsáid lotnaidicidí a bhfuil toirmeasc orthu in AE a laghdú, trí chórais eile a fhorbairt chun lotnaidí a rialú; á thabhairt chun suntais a neamh-chomhsheasmhaí atá an tAontas sa mhéid go gceadaítear lotnaidicidí a onnmhairiú chuig tíortha Afracacha agus tíortha eile neamh-AE ar lotnaidicidí iad nach gceadaítear i margadh aonair an Aontais; á iarraidh go gcuirfear deireadh pras leis an neamhréir sin, ós rud é go bhfuil sé glan i gcoinne spiorad Chomhaontú Glas don Eoraip;

51.

á chur i bhfios, i gcomparáid le réigiúin eile ar domhan, go bhfuil dáileadh an bhreisluacha sna slabhraí luacha talmhaíochta neamhfhabhrach d’fheirmeoirí beaga san Afraic den chuid is mó, rud is léir ó éifeachtaí an chomhchruinnithe sa mhargadh ar fheirmeoirí agus tíortha a tháirgeann cócó; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh Ghána agus an Chósta Eabhair difreáil ioncaim maireachtála a chur ar bun le haghaidh cócó; á chur in iúl gur geal léi Tionscnamh AE maidir le Cócó Inbhuanaithe agus ag iarraidh ar an gCoimisiún gealltanais a spreagadh ar fud na hearnála príobháidí chun praghsanna córa a íoc le feirmeoirí cócó a chuirfidh ar a gcumas táirgeadh inbhuanaithe a dhéanamh, gan leas a bhaint as saothar leanaí; á mheabhrú, maidir le tionscnaimh agáus caidrimh thrádála idir AE agus an Afraic, amhail an tionscnamh maidir le cócó, nach mór go mbeifí ag brath ar fhaireachán agus cuntasacht atá trédhearcach agus iontaofa; á iarraidh go n-áiritheofaí an cur chuige il-gheallsealbhóra trí bhíthin sásraí sonracha chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a fháil maidir le forbairt straitéisí agus beartais earnálacha; ag aontú leis na tuairimí atá curtha in iúl ag Comhghuaillíocht an Chócó gur cheart go mbeadh sé mar aidhm le reachtaíocht AE maidir le dícheall cuí, atá a ullmhú, lena n-áirítear an rialachán maidir le dífhoraoisiú, ioncaim mhaireachtála a sholáthar d’fheirmeoirí cócó mar chéim bhunriachtanach chun earnáil an chócó a dhéanamh inbhuanaithe;

52.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil beartas trádála AE i leith na hAfraice an-ilroinnte; á athdhearbhú gur cheart go gcabhródh na CCEnna éagsúla chun comhtháthú laistigh den Afraic a fhorbairt mar aon le samhail trádála chóir agus inbhuanaithe, agus chun an bhochtaineacht a laghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil tuairimí difriúla ann maidir leis an meastóireacht ar cé chomh maith is atá ag éirí leis na CCEnna, go bhfuil daoine in AE agus san Afraic a áitíonn maidir leis na CCEnna a tugadh i gcrích nó a caibidlíodh le deich mbliana anuas nach sásaíonn siad ceanglais comhpháirtíochta nua go leordhóthanach agus gur díríodh iad ar fhorfheidhmiú leasanna AE go príomha, a thugann dá n-aire go ndearna onnmhairí AE chuig stáit CCE dochar don táirgeadh áitiúil, d’earnáil na talmhaíochta go háirithe, gurb oth leo go bhfuil spriocanna tábhachtacha CCE nar baineadh amach, spriocanna amhail slabhraí luacha a éagsúlú agus comhtháthú réigiúnach a chur chun cinn san Afraic agus gur táirgí talmhaíochta agus amhábhair na príomhonnmhairí i gcónaí, agus á mheas thairis sin gur cúis amháin é le cáineadh rialta a dhéanamh ar na CCEnna nó diúltú dóibh fiú i lion suntasach stát san Afraic, agus go n-áitíonn daoine eile in AE agus AA go rannchuidíonn CCEnna leis an bhforbairt inbhuanaithe agus lena cur chun cinn, i gcomhréir leis na SDGanna agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, go ndéanann siad an bhochtaineacht a laghdú, sreafaí trádála laistigh den Afraic a chothú agus comhtháthú réigiúnach a fheabhsú, go rannchuidíonn siad le héascú na trádála agus le bacainní neamhriachtanacha ar an trádáil a bhaint, go gcuireann siad le rochtain gnólachtaí ar mhargaí AE agus na hAfraice, i gcás FBManna go háirithe, go ndéanann siad infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, agus dea-chleachtais inbhuanaithe talmhaíochta a chur chun cinn san Afraic, agus go gcothaíonn siad caidreamh trádála idir AE agus an Afraic, agus torthaí chruinniú mullaigh AE-AA á gcur san áireamh, agus cé go bhfuil siad den tuairim freisin chun an ról sin a bheith á imirt go huile agus a bheith fabhrach do chomhtháthú slabhraí luacha AE agus Afracacha, nár mhór na CCEnna a chur chun feidhme agus a nuachóiriú chun go mbeadh forálacha iontu a thugann tacaíocht do shlabhraí luacha trasteorann, lena n-áirítear réimsí breise amhail an trádáil i seirbhísí, infheistíocht, cearta maoine intleachtúla agus iomaíocht, rud a chuirfeadh gnólachtaí agus infheisteoirí ar a suaimhneas maidir leis an timpeallacht ghnó sna tíortha sin;

53.

á mheas gur cheart go gcuirfeadh CCEnna le cumas tíortha san Afraic deiseanna trádála a shaothrú sna réimsí seo: slándáia bia, cúram sláinte agus laghdú na bochtaineachta;

54.

á mheabhrú go bhfuil an iarraidh ón Aontas cosc a chur ar dhleachtanna onnmhairiúcháin ar amhábhair ina bac ar an bpróiseas caibidlíochta maidir le CCEnna le fada; á chur i bhfáth, i gcás na ngeilleagar sin a bhfuil a n-ioncam bunaithe go huile, beagnach, ar shaothrú acmhainní nádúrtha, go bhféadfaí iad a fhágáil ag brath ar chúnamh agus go gcuirfí bac ar a n-éagsúlú eacnamaíoch ag an am céanna dá gcuirfí cosc ar dhleachtanna den sórt sin,; á chur i bhfáth go bhfuil sé de cheart ag tíortha Afracacha amhábhair a rialú ar mhaithe lena leas poiblí, agus á iarraidh ar AE staonadh ó bheartas trádála a ghlacadh lena dtoirmeasctar ar thíortha Afracacha, mar riail ghinearálta, dleachtanna onnmhairiúcháin a thobhach ar amhábhair, a mhéid atá sé i gcomhréir le rialacha EDT;

55.

á athdhearbhú go bhfuil sí ag iarraidh go ndéanfar mionanailís ar thionchar CCEnna ar gheilleagair áitiúla, ar an gcomhtháthú réigiúnach, éagsúlú eacnamaíoch agus na SDGanna sula ndéantar CCEnna nua a chaibidil; á iarraidh go ndéanfar CCEnna a nuachóiriú trí chaibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a bheidh láidir, ceangailteach, infhorfheidhmithe agus ailínithe le Comhaontú Pháras a chur leo; ag iarraidh ar an gCoimisiún sa chomhthéacs sin oibriú lenár gcomhpháirtithe Afracacha chun trádáil chóir agus inbhuanaithe a chur ar aghaidh, go háirithe trí bhíthin caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe sna CCEnna, agus oibriú lenár gcomhpháirtithe maidir leis an athbhreithniú ar thrádáil agus forbairt inbhuanaithe a dhéanfar go luath; á chur i bhfáth, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé an sprioc maidir le dul i ngleic le saothar éignithe agus saothar leanaí a chuimsiú i gcaibidlí faoi thrádáil agus forbairt inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála AE, i bhfianaise a choitianta atá saothar den sórt sin in earnáil na talmhaíochta; á iarraidh go ndéanfaidh na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear sochaí shibhialta agus pobail Aontais agus na hAfraice, mar aon lena n-údaráis áitiúla agus a bparlaimintí náisiúnta, faireachán córasach, trédhearcach agus fianaise-bhunaithe ar chur chun feidhme chomhaontuithe trádála idir an tAontas Eorpach agus an Afraic agus ar chomhlíonadh phrionsabail an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt agus an chomhtháthaithe beartais ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe; á iarraidh go ndéanfar mionanailís ar thionchar CCEnna agus comhaontuithe trádála reatha ar thíortha Afracacha chun a bhunú a oiread atá siad comhoiriúnach le hiarrachtaí chun tacaíocht a thabhairt do phróiseas AfCFTA agus don chomhtháthú ilchríche san Afraic agus a riachtanaí atá sé go mbeidís comhsheasmhach leis na SDGanna agus Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; á iarraidh go saothrófaí coigeartú ar fhorálacha CCE, ag brath ar na torthaí; ag iarraidh ar an gCoimisiún, nuair a dhéantar CCEnna a athbhreithniú, aghaidh a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, ar aon éifeacht fhéideartha a d’fhéadfadh cur isteach ar chuspóirí fhorbairt an mhargaidh laistigh den Afraic agus aon éifeacht den sórt sin a mhaolú agus a sheachaint, agus an méid sin a dhéanamh i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe Afracacha; ag cur béim ar an bhfíoras nár mhór go mbeadh na CCEnna ag tacú le forbairt bhreise AfCFTA; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh CCEnna ina mbonn chun an caidreamh eacnamaíoch idir na comhpháirtithe a neartú ar bhealach a théann chun tairbhe don dá pháirtí, agus a leibheil forbartha faoi seach á gcur san áireamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar FBManna, agus tacaíocht i bhfoirm cúnaimh theicniúil a thabhairt do FBManna Afracacha a onnmhairionn chuig AE; á thabhairt dá haire nach mór nithe breise a chumhdach faoi na comhaontuithe chun go mbeidh CCEnna níos tarraingtí, nithe amhail fothú acmhainneachta, mná a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa gheilleagar, talmhaíocht san áireamh, agus infheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna do dhaoine óga i dtíortha na hAfraice;

56.

á mheabhrú nach mór fothú acmhainneachta trí chúnamh forbartha AE agus trí infheistíochtaí eile a bheith ag gabháil i gcomhthráth le cur chun feidhme caibidlí inbhuanaitheachta chun cabhrú le tíortha comhpháirtíochta a ngealltanais a chomhlíonadh (17), agus gur cheart go mbeadh geallsealbhóirí na sochaí sibhialta rannpháirteach san fhaireachán (18);

57.

á chur in iúl gur geal léi athchóiriú Rialachán Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (19) agus a ról maidir le deiseanna trádála a mhéadú, éascaíocht a dhéanamh ar éagsúlú onnmhairí le haghaidh tíortha i mbéal forbartha, an fhorbairt inbhuanaithe a chur ar aghaidh agus urraim a áirithiú do chearta an duine, cearta saothair, cosaint an chomhshaoil, forbairt inbhuanaithe, dea-rialachas agus comhionannas inscne; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt tíortha Afracacha a fhágfaidh a stádas mar thíortha is lú forbairt ina ndiaidh go luath agus á chur i bhfios nach mór tacú leo ar a n-aistriú rianúil chuig stádas GSP; den tuairim go dtairbheodh na tíortha sin de stádas GSP+ agus á spreagadh chun smaoineamh ar chur isteach air, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún an scéal a bhogadh go gníomhach leis na hiarrthóirí féideartha sin agus tacaíocht a thairiscint dóibh san obair i dtreo na critéir a chomhlíonadh, agus aistriú rianúil ó stádas tíre is lú forbairt go dtí stádas tíre comhpháirtíochta GSP+ a áirithiú; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an GSP comhlántach le tionscnaimh beartais trádála eile ar mhór-roinn na hAfraice; á iarraidh ar na tíortha sa réigiún a thairbhíonn de scéimeanna GSP agus Gach Ní seachas Airm oibriú chun cur chun feidhme éifeachtach a dtiomantas idirnáisiúnta a neartú;

58.

á iarraidh go ndéanfar infheistíocht níos mó sa taighde agus forbairt a bhaineann le hearraí agus teicneolaíochtaí glasa; ag iarraidh ar an gCoimisiún na bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go spreagfar caidreamh foinsithe agus cleachtais cheannaigh níos fearr san fhadtéarma de réir mar a dhéantar rialacha inbhuanaitheachta corparáidí AE amach anseo maidir le dícheall cuí agus gan dífhoraoisiú a chur chun feidhme, chun a áirithiú go mbeidh tuarastal maireachtála ann d’oibrithe agus ioncam maireachtála d’fheirmeoirí beaga agus urraim don chomhshaol a áirithiú agus rannpháirtíocht fhónta ó gheallsealbhóirí, lena n-áirítear ó shealbhóirí ceart, i mbearta uile an phróisis díchill chuí; á athdhearbhú go bhfuil bithéagsúlacht eisceachtúil san Afraic; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an róshaothrú a dhéantar ar acmhainní nádúrtha agus tionchar laghdú na bithéagsúlachta ar leibhéil athléimneachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe go bhfuil ag méadú ar an ráta dífhoraoisithe san Afraic, go háirithe in abhantrach an Chongó, agus gan ach áit amháin, an Bhrasaíl, chun tosaigh uirthi sa bhliain 2020 ó thaobh caillteanas foraoise príomúla de, agus i gCamarún, agus gur cúis bhuartha di chomh maith speicis ainmhithe neamhchoitianta a bheith á smugláil; á chur i bhfios gur caillteanas linnte carbóin agus bithéagsúlachta do-athraithe a bhíonn mar thoradh ar léirscrios na foraoise báistí san Afraic, agus go gcailltear tithe agus modhanna maireachtála na bpobal dúchasach freisin; á mheabhrú go gcuireann foraoisí go mór le spriocanna aeráide a bhaint amach, le cosaint na biththéagsúlachta agus le fairsingiú fásaigh agus creimeadh foircneach ithreach a chosc; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag an uisce mar bhunchloch thábhachtach don athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch, go háirithe i gcomhthéacs slándáil bia agus cothaitheach, agus go bhfuil an baol ann gur acmhainn ghann í uisce amach anseo; den tuairim, ar an ábhar sin, gur cheart breis tábhachta a thabhairt don soláthar uisce; á chur i bhfáth gur chuir fairsingiú fásaigh agus saithí lócaistí go mór le drochstaid na slándála bia san Afraic, a bhí go dona cheana féin, agus gur thug paindéim COVID-19, agus na fadhbanna eacnamaíochta agus lóistíochta a lean í, léargas ar achmainneacht fhéideartha na margaí áitiúla agus réigiúnacha chun dul i ngleic le leochaileachtaí agus laigí sa chóras bia domhanda; á mheas nach mór comhpháirtíocht trádála a bheith bunaithe ar shamhlacha agus teicneolaíochtaí atá dea-oiriúnaithe do shamhlacha talmhaíochta thíortha na hAfraice, dá ngeilleagair agus dá mbarra, agus ar an gcomhoibriú, go háirithe trí oiliúint agus malartú eolais trína dtugtar úinéireacht, neamhspleáchas, agus ceart tionscnaimh d’fheirmeoirí;

59.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cathracha agus bailte chun spiorad na cóirthrádála a chur chun cinn; ag moladh an Choimisiúin as an nGradam do chathracha an Aontais Eorpaigh as Trádáil Chóir agus Eiticiúil a lainseáil; ag moladh Valdis Dombrovskis, Leas-Uachtarán agus Coimisinéir um Thrádáil, as a ghealltanas leanúint den tionscnamh tábhachtach sin; ag iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú a iarraidh le Coimisiún AA chun feabhas a chur ar an gcomhar díreach idir cathracha agus bailte sa dá mhór-doinn, chun caidreamh trádála cóir agus eiticiúil a chur chun cinn agus chun infheictheacht an iliomad tionscnamh faoi seach na gcomhairlí cathrach a mhéadú;

60.

á chreidiúint gur cheart, anois níos mó ná riamh tar éis phaindéim COVID-19, cuir chuige nua a ghlacadh ar leibhéal domhanda agus i dtaca leis an Afraic go háirithe, le haghaidh caidreamh eacnamaíoch, tráchtála agus trádála bunaithe ar thrádáil chóir agus eiticiúil agus ar phrionsabail na dlúthpháirtíochta agus an chomhair;

61.

á chur in iúl gur geal léi an dearbhú a comhaontaíodh ag cruinniú an 15 Feabhra 2022 de cheannairí rialtais áitiúla agus réigiúnacha bhallstáit AA agus AE sa Bhruiséil, inar cuireadh béim ar an bhfíoras inter alia go bhfuil 65 % de na 169 sprioc atá ina mbonn taca leis na SDGanna nach mbainfear murach rannpháirtíocht na rialtas áitiúil agus réigiúnach;

62.

á chur in iúl gur díol sásaimh di comhaontú Chomhairle Airí AfCFTA maidir le rialacha comhchoiteanna tionscnaimh don bhloc le haghaidh 87,7 % d’earraí nó 3 800 líne taraife arna gcumhdach faoi AfCFTA; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na rialacha tionscnaimh a chomhchuibhiú agus togra maidir le rialacha tionscnaimh aontaithe a fhorbairt le haghaidh trádáil leis na tíortha Afracacha uile, bunaithe ar na rialacha a comhaontaíodh le deireanas laistigh de AfCFTA, le cur in ionad na breacachana rialacha tionscnaimh i gcomhaontuithe agus socruithe trádála éagsúla AE le réigiúin agus tíortha san Afraic; suite de go rachadh an méid sin chun sochair do chuideachtaí agus údaráis chustaim AE freisin; ag iarraidh ar an gCoimisiún féidearthachtaí agus bearta breise a iniúchadh a chuirfeadh feabhas ar na naisc agus sineirgí idir socruithe trádála éagsúla AE le tíortha san Afraic agus AfCFTA; á chur in iúl gur geal léi sprioc AfCFTA, mar atá, an difreáil réigiúnach a fheabhsú agus na córais bhonneagair a leathnú agus a idirnascadh; ag iarraidh ar AE rannpháirtíocht a bhunú le rúnaíocht AfCFTA chun an fothú acmhainneachta agus tacaíocht theicniúil a chur ar aghaidh ar mhaithe le AfCFTA a chur chun feidhme;

63.

á chur in iúl gur geal léi gur oscail BEI a chéad mhol san Afraic, in Nairobi, príomhchathair na Céinia, mí na Samhna 2021;

64.

á chur in iúl gur mór aici an tionscnamh ón gComhairle agus ón gCoimisiún chun an chéad Seachtain na hAfraice agus na hEorpa a eagrú, a tionóladh i mí Feabhra 2022 sa Bhruiséil; á chur in iúl gur geal léi obair thorthúil roinnt mílte ionadaithe ó eagraíochtaí óige, eagraíochtaí sochaí sibhialta, údaráis áitiúla, an earnáil cultúir agus an earnáil gnó; á chur i bhfáth go bhféadfaí caidreamh idir AE agus an Afraic a fheabhsú go struchtúrtha san fhadtéarma le rannpháirtíocht níos fearr ón Aontas le hAfracaigh óga agus leis an diaspóra Afracach san Aontas Eorpach; á chur in iúl gurb oth léi, sa chomhthéacs sin, nach raibh Parlaimint na hEorpa níos rannpháirtí agus gur le linn sheachtain iomlánach na Parlaiminte in Strasbourg a tharla na hócáidí, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhar níos mó i measc na ngeallsealbhóirí uile, lena n-áirítear eagraíochtaí gnó, a chur chun cinn, sula dtarlóidh na tionscnaimh atá beartaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún Seachtain na hAfraice-na hEorpa a eagrú ar bhonn bliantúil, agus daoine óga, mná agus cailíní go háirithe, a chuimsiú sna pléití a eagraítear le linn Sheachtain na hAfraice na hEorpa;

65.

ag iarraidh ar an gCoimisiún leaganacha den Chruinniú Mullaigh Gnó idir AE agus an Afraic amach anseo a dhíriú ar an acmhainneacht a d’fhéadfadh a bheith á imirt ag roghanna malartacha táirgthe inbhuanaithe agus eacnamaíocha áitiúla, amhail tairgí orgánacha agus cóirthrádála, comharchumainn feirmeoirí beaga agus geallsealbhóirí an gheilleagair shóisialta chun comhpháirtíocht trádála níos inbhuanaithe agus níos cothroime a fhothú idir an Afraic agus AE;

66.

á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé rannpháirtíocht geallsealbhóirí a mhéadú, go háirithe comhlachais ghnó FBManna ó áiteanna ar fud ilchríoch na hAfraice agus eagraíochtaí sochaí sibhialta a bhfuil breis tábhachta leo ó AE agus AA araon, sna díospóireachtaí lena mbunaítear gné nua na trádála, na hinfheistíochta agus an chomhair eacnamaíoch, atá dírithe ar chaidreamh cóir agus eiticiúil;

67.

ag tabhairt dá haire gur cumasóirí ríthábhachtacha trádála agus geilleagar rathúil iad gréasáin iompair; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé limistéir thuaithe agus uirbeacha Afracacha a nascadh ar bhealach níos fearr chun breis idirnascachta a áirithiú laistigh de thíortha Afracacha agus d’ilchríoch na hAfraice; á chur i bhfáth nár mhór moltaí Fhoireann na hEorpa chun tionscadail bhonneagair a réadú a bheith ag fothú ar na riachtanais arna sainaithint ag AA sa Chlár maidir le Forbairt Bonneagair don Afraic; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh geallsealbhóirí áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach sa phróiseas cinnteoireachta maidir le nádúr agus méid na dtionscadal bonneagair; á mheabhrú go bhfuil thart ar 53 % de na bóithre san Afraic gan phábháil agus iad scoite ó na moil thrádála, agus go mbíonn rochtain ar bhóithre a fheidhmíonn i gcaitheamh na bliana ag níos lú ná leath an daonra sna limistéir thuaithe, léiriú ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail seachas tionscadail shuaitheanta amháin; á iarraidh freisin go ndéanfar infheistíochtaí sa lóistíocht slabhra fuar agus i saoráidí stórála nua-aimseartha agus i lóistíocht fheabhsaithe i gcoitinne idir láithreacha táirgthe agus tomhaltais trína gcumasaítear d’fheirmeoirí a dtáirgí talmhaíochta a sheachadadh feadh achair áirithe, agus i bhfianaise uirbiú gasta na hAfraice freisin, rud a chuidíonn chun deireadh a chur leis an easlándail bia; ag tabhairt dá haire go gcabhródh líonra iompair feidhmiúil agus infheistíochtaí i dtionscadail bhonneagair chun geilleagair na hAfraice a fhorbairt; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach infheistíocht i dtionscadail bhonneagair san Afraic a éascú trína ionstraimí trádála agus infheistíochta don Afraic;

68.

ag spreagadh díospóireacht fhorleathan agus é mar aidhm aici athmheastóireacht a dhéanamh ar shamhlacha agus pleananna chun bonneagar a fhorbairt agus samhlacha soghluaisteachta malartacha agus réitigh shoghluaisteachta nua-aimseartha ón 21ú haois a shainaithint don uile dhuine laistigh de na réigiúin agus ar fud na mór-roinne, agus an méid sin bunaithe ar cheachtanna a foghlaimíodh san Aontas Eorpach agus i dtíortha tionsclaithe eile, chun na botúin a rinneadh ansin a sheachaint;

69.

á chur i bhfáth gur príomhthosca san fhorbairt iad oideachas agus oiliúint ghairmiúil a dhéanann na scileanna a theastaíonn sa mhargadh saothair a chur ar fáil do dhaoine; den tuairim, sa chomhthéacs sin, nach mór comhar idir ollscoileanna, institiúidí taighde agus cláir ghairmoideachais agus ghairmoiliúna ón dá mhór-roinn a neartú; den tuairim gur cheart tacaíocht a thabhairt, i ndáil leis sin, do thionscnaimh ghairmoideachais agus ghairmoiliúna ón earnáil phríobháideach agus d’fhiontraíocht san Afraic agus comhordú níos fearr a dhéanamh ar an méid sin, óir chuir an phaindéim i bhfios go láidir a thábhachtaí atá scileanna digiteacha agus modhanna foghlama digiteacha araon

70.

á chur in iúl go bhfuil an fhís fhadtéarmach chéanna aici comhaontú cuimsitheach trádála agus comhair a chruthú idir an tAontas agus an Afraic, ó ilchríoch go hilchríoch, ar comhaontú é a chuirfidh le AfCFTA; á chur i bhfios go láidir nach mór forbairt fhónta ar mhargadh stóinsithe agus athléimneach laistigh den Afraic a bheith ann ar dtús sula ndéantar comhaontú trádála agus comhair ó mhór-roinn go mór-roinn; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go bhfuil ról ag rannpháirtíocht bheartas trádála AE leis an Afraic maidir le forbairt margaidh laistigh den Afraic; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an Pharlaimint a uasdátú go rialta maidir le cuspóir fadtéarmach comhaontú trádála agus comhair ó mhór-roinn go mór-roinn, go háirithe trí na hionstraimí beartais éagsúla a bhaineann leis an Afraic;

71.

á iarraidh go ndéanfar na tiomantais maidir le trádáil agus infheistíocht a comhaontaíodh ag Cruinniú Mullaigh AE-AA 2022 a chur chun feidhme go freagrúil agus go gasta, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tuairisciú go struchtúrach don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme na dtiomantas maidir le trádáil agus infheistíocht ag na coistí ábhartha;

72.

á chur in iúl gur díol sásaimh di Tionscnamh AE um Fhuinneamh Glas idir an Afraic agus AE agus an tacaíocht leanúnach a thugann AE do Mhargadh Aonair Leictreachais na hAfraice; á chur i bhfáth nach mór rochtain ar fhuinneamh a ráthú ar phraghas réasúnta do chách mar earra coiteann agus ceart bunúsach; agus gur saincheisteanna iad rochtain ar fhuinneamh agus an t-éileamh ar fhuinneamh sa todhchaí ar cheart do AE agus an Afraic aghaidh a thabhairt orthu i dteannta a chéile; ag tabhairt dá haire nár mhór an acmhainneacht fuinnimh inbhuanaithe agus ísealcharbóin nua san Afraic a ghiaráil agus infheistíocht a dhéanamh in earnálacha a mbeidh breisluach níos airde acu, amhail cruach ghlas agus hidrigin ghlas, go hairithe tríd an gcomhar teicneolaíochta a fheabhsú agus onnmhairí fuinnimh ghlain a mhéadú; á chur i bhfios go bhfuil cúnamh teicniúil ag teastáil maidir le reachtaíocht do mhargadh fuinnimh agus gur cheart é a chur ar fáil trí bhíthin comhar idir an tAontas agus an Afraic, agus trí chaighdeáin chomhchoiteanna a fhorbairt; á chur i bhfios gur cheart go mbeadh comhar maidir le fuinneamh inbhuanaithe ar na príomhghnéithe den Tairseach Dhomhanda i ndáil leis an Afraic; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas faoin Tairseach Dhomhanda faoina ndéanfar EUR 2,4 billiúm i ndeontais a shlógadh ar mhaithe leis an Afraic Fho-Shahárach agus EUR 1,08 billiún ar mhaithe leis an Afraic Thuaidh chun tacú le fuinneamh inathnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, an t-aistriú cóir agus glasú na slabhraí luacha áitiúla; á iarraidh go gcruthófar cur chuige cliste maidir le hinscne san earnáil fuinnimh a dhéanfadh mná a chumhachtú mar cheannairí fuinnimh, mar oibrithe fuinnimh agus mar thomhaltóirí fuinnimh;

73.

á áitiú go bhfuil tábhacht le fothú comhpháirtíochtaí chun inbhuanaitheacht slabhraí luacha amhábhair a fheabhsú, tógáil ar an bplean gnímh maidir le hamhábhair chriticiúla agus leas a bhaint as ionstraimí beartais sheachtracha AE uile;

74.

Á iarraidh go gcuirfear an nasc idir an tsláinte phoiblí agus an hbithéagsúlacht san áireamh, i gcomhréir leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin, cur chuige de chuid NA, agus á chur in iúl gur geal léi an fógra ón tionscnamh NaturAfrica, a bhfuil mar aidhm aige fiadhúlra agus éiceachórais san Afraic a chosaint, agus aan t-thbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra; ag tabhairt dá haire go luaitear sa litrríocht acadúil gur aimsíodh roinnt teospotaí domhanda maidir le galair zónóiseacha éiritheacha san Afraic; á mholadh go ndéanfar measúnuithe tionchair ar an riosca don tsláinte ó phaindéimí agus galair éiritheacha a fhorbairt agus a ionchorprú i mórthionscadail forbartha agus talamhúsáide arna n-éascú ag an gcomhpháirtíocht athnuaite idir AE agus AA, agus go ndéanfar cúnamh airgeadais don talamhúsáid a athchóiriú chun na sochair agus rioscaí don bhithéagsúlacht agus don tsláinte a aithint agus spriocdhíriú go sainráite orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go n-eiseofaí treoraíocht le haghaidh cuideachtaí agus infheisteoirí AE atá gníomhach san Afraic i ndáil leis an treoir amach anseo maidir le dícheall cuí corparáideach inbhuanaithe (20); ag iarraidh ar AE agus AA a bheith ag brú ar son comhpháirtíocht sláinte agus trádála idir-rialtasach nua a bheidh dírithe ar rioscaí galar zónóiseach a laghdú sa trádáil idirnáisiúnta ar fhiadhúlra; á chur i bhfáth gur cheart tionscnamh NaturAfrica a fhorbairt i gcomhairle leis na geallsealbhóirí uile, agus aird ar leith á tabhairt ar chearta na bpobal áitiúil, na bpobal dúchasach agus na mban; á chur i bhfios go láidir gur cheart tacú le rialtais na hAfraice agus le pobail áitiúla chun dul i ngleic, ar bhealach iomlánaíoch agus córasach, leis na nithe is cúis le cailliúint na bithéagsúlachta agus le díghrádú comhshaoil, lena n-áirítear trí thacaíocht a thairiscint i gcás líonraí dea-bhainistithe limistéar faoi chosaint; á iarraidh go gcuimseofar forálacha uaillmhianacha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht faoi anáil chur chuige na hAon Sláinte Amháin nuair a dhéantar Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche a nuachóiriú; á mheas go mba cheart don Aontas rannchuidiú le réadú an Bhalla Mhóir Ghlais i réigiún na Saiheile, a chabhróidh go mór chun stop a chur lena thuilleadh fairsingiú fásaigh, agus a thabharfaidh cosaint dá réir d’ioncaim ón talmhaíocht;

75.

á chur i bhfios go láidir nach mór cearta an duine agus comhionannas inscne a bheith i gceartlár an chomhair atreisithe idir AE agus AA, agus fócas ar leith ar thionchar na dteicneolaíochtaí éiritheacha agus nuálacha ar chearta an duine agus ar mhná a bheith á gcuimsiú sa gheilleagar; á chur i bhfáth go mbaineann an-fhéidearthacht leis an trádáil dhigiteach chun éascú na trádála san Afraic a fheabhsú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainneachtaí digiteacha a chur ar aghaidh chun cur chun feidhme CCEnna a éascú agus chun AfCFTA a chur chun feidhme; ag iarraidh ar an gCoimisiún clár oibre digiteach AE-AA a mheas agus é i mbun plé lena chomhpháirtithe straitéiseacha domhanda;

76.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh comhroinnt eolais agus forbairt scileanna laistigh den Afraic rannchuidiú le caidreamh trádála inbhuanaithe a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir go bhfuil féidearthachtaí sa bhonneagar digiteach chun geilleagar na hAfraice a spreagadh agus chun an nuálaíocht ar an mór-roinn a spreagadh; á iarraidh go ndéanfaí comhar treisithe maidir le cláir oibre dhigiteacha AE-AA bunaithe ar phrionsabail an rialachais dhaonlathaigh, rialacha iltaobhacha tacaíochta maidir leis an ríomhthráchtáil, sásraí rialála éifeachtacha ar fud an réimse dhigitigh agus sásraí rialachais ón leibhéal domhanda go dtí an leibhéal áitiúil le haghaidh bonneagar sonraí agus digiteach a chuireann gcuirtear forbairt atá dírithe ar dhaoine ina gcroílár; ag cur sonrú i gcruthú Thascfhórsa AE-AA um an nGeilleagar Digiteach, á chur i bhfáth gur cheart, trí bhíthin caidreamh digiteach AE-AA, go ndéanfaí feachtas na hAfraice chun claochlú digiteach a dhéanamh a chur chun cinn agus go ndéanfaí urramú ar chearta rialtas úinéireacht a sonraí a choinneáil agus a ngeilleagar digiteach a rialáil de réir a riachtanas forbraíochta agus d’fhonn saol digiteach níos cothroime a bhaint amach; ag iarraidh ar AE tacú le huas-scálú digiteach tíortha Afracacha le cabhair ó ardáin UNCTAD a cruthaíodh chun gnóthachain forbartha inbhuanaithe ón gclaochlú digiteach a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór claochlú digiteach a bheith comhsheasmhach le prionsabail na cosanta sonraí;

77.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Aontas Afracach, chuig rialtais agus parlaimintí bhallstáit an Aontais Afracaigh, agus chuig Ard-Rúnaí AfCFTA.

(1)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 80.

(2)  (Assembly/AU /Dec.692(XXXI)).

(3)  Kigali Decision (Assembly/AU/Dec.605 (XXVII)).

(4)  IO C 162, 10.5.2019, lch. 9.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0073.

(6)  IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

(7)  IO C 474, 24.11.2021, lch. 11.

(8)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0516.

(9)  IO L 130, 19.5.2017, lch. 1.

(10)  IO C 465, 17.11.2021, lch. 11.

(11)  IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.

(12)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0472.

(13)  Alt le FAO an 11 Feabhra 2019 dar teideal “FAO calls for urgent action to curb corruption, illicit exploitation of forests”, a rinneadh rochtain air an 1 Meitheamh 2022. Ar fáil ag: https://www.fao.org/africa/news/detail-news/en/c/1180700/

(14)  Alt le Clár Forbartha NA san Aetóip, dar dáta 13 Deireadh Fómhair 2016 agus dar teideal “Gender gap costs sub-Saharan Africa $US95 billion a year: UND”, arna rochtain an 3 Meitheamh 2022. Ar fáil ag:

https://www.undp.org/ethiopia/press-releases/gender-gap-costs-sub-saharan-africa-us95-billion-year-new-undp-report.html

(15)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2021 dar teideal Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy (COM(2021)0066.[Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach].

(16)  Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le nochtadh faisnéise neamhairgeadais agus éagsúlachta ag gnóthais agus grúpaí móra áirithe, IO L 330, 15.11.2014, lch. 1.

(17)  Plépháipéar ó Institiúid Forbraíochta na Gearmáine, Eanáir 2016 dar teideal “Can Rules of Origin in Sub-Saharan Africa be Harmonized? A Political Economy Exploration” [An féidir na Rialacha Tionscnaimh san Afraic Fho-Shahárach a chomhchuibhiú? Geilleagar Polaitiúil a Iniúchadh].

(18)  Plépháipéar ó Institiúid Forbraíochta na Gearmáine, Eanáir 2016 dar teideal “Can Rules of Origin in Sub-Saharan Africa be Harmonized? A Political Economy Exploration” [An féidir na Rialacha Tionscnaimh san Afraic Fho-Shahárach a chomhchuibhiú? Geilleagar Polaitiúil a Iniúchadh].

(19)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1).

(20)  Togra ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2022 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dícheall cuí inbhuanaitheachta corparáidí agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022)0071).


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/77


P9_TA(2022)0268

Todhchaí bheartas infheistíochta idirnáisiúnta an Aontais

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le todhchaí bheartas infheistíochta idirnáisiúnta an Aontais (2021/2176(INI))

(2023/C 32/10)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 912/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat chun freagracht airgeadais a bhainistiú atá nasctha le binsí socraithe díospóidí idir infheisteoir agus stát arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach (2),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (3),

ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go háirithe tuairim 2/15 uaithi an 16 Bealtaine 2017 maidir leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shingeapór, breithiúnas uaithi an 6 Márta 2018 i gcás C-284/16 (réamhrialú maidir le Poblacht na SlóvaiceAchmea BV), tuairim 1/17 uaithi an 30 Aibreán 2019 maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir Ceanada agus an tAontas agus a Bhallstáit, breithiúnas uaithi an 2 Meán Fómhair 2021 i gcás C-741/19 (réamhrialú maidir le Poblacht na MoldóiveKomstroy LLC), agus breithiúnas uaithi an 26 Deireadh Fómhair 2021 i gcás C-109/20 (réamhrialú maidir le Poblacht na PolainnePL Holdings Sàrl),

ag féachaint do rún an 6 Aibreán 2011 uaithi maidir leis an mbeartas infheistíochta idirnáisiúnta Eorpach amach anseo (4),

ag féachaint do rún an 13 Nollaig 2011 uaithi maidir le bacainní trádála agus infheistíochta (5),

ag féachaint do rún an 7 Iúil 2015 uaithi maidir le tionchar seachtrach bheartas trádála agus infheistíochta AE ar thionscnaimh phoiblí-príobháideacha i dtíortha lasmuigh de AE (6),

ag féachaint do rún an 5 Iúil 2016 uaithi maidir le stráitéis nuálach agus réamhbhreathnaitheach nua le haghaidh trádáil agus infheistíocht amach anseo (7),

ag féachaint do theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiun maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

ag féachaint do thuarascáil an 6 Aibreán 2020 ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha (COM(2020)0134),

ag féachaint do theachtaireacht an 18 Feabhra 2021 ón gCoimisiún dar teideal Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála atá Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach] (COM(2021)0066),

ag féachaint do theachtaireacht an 14 Deireadh Fómhair 2015 ón gCoimisiún dar teideal Trade for all – Towards a more responsible trade and investment policy [Trádáil do chách – I dtreo beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí a chothú] (COM(2015)0497),

ag féachaint do theachtaireacht an 26 Samhain 2014 ón gCoimisiún dar teideal An Investment Plan for Europe [Plean infheistíochta don Eoraip] (COM(2014)0903),

ag féachaint do thuarascáil an 12 Samhain 2020 ón gCoimisiún maidir le Comhaontuithe Trádála an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme: 1 Eanáir 2019 – 31 Nollaig 2019 (COM(2020)0705),

ag féachaint do Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, a glacadh an 12 Nollaig 2015,

ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (8), a tháinig i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, agus go háirithe Teideal II de a bhaineann le seirbhísí agus infheistíocht,

ag féachaint do Choinbhinsiún 2014 na Náisiún Aontaithe maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradhbhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit, a tháinig i bhfeidhm an 18 Deireadh Fómhair 2017 (Coinbhinsiún Oileán Mhuirís),

ag féachaint do na comhaontuithe trádála agus infheistíochta arna dtabhairt i gcrích ag AE, go háirithe na comhaontuithe “dara glúin” le tíortha amhail Ceanada, Singeapór, Vítneam agus an tSeapáin,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a glacadh in 2015, go háirithe na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a ghabhann leis,

ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, mar a d’fhormhuinigh Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine in 2011,

ag féachaint do Bharúil Ginearálta Uimh. 24 an 10 Lúnasa 2017 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha maidir le hoibleagáidí stáit faoin gCúnant Idirnáisiúnta maidir le Cearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha i gcomhthéacs gníomhaíochtaí gnó,

ag féachaint do thuarascálacha 2019, 2020 agus 2021 maidir le hinfheistíocht dhomhanda ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD),

ag féachaint do Chreat Beartais Infheistíochta UNCTAD 2015 don Fhorbairt Inbhuanaithe,

ag féachaint do nótaí éisiúna chomhaontú infheistíochta idirnáisiúnta UNCTAD, nótaí eisiúna maidir le cásanna réitigh díospóidí idir infheisteoirí agus an stát: fíricí agus figiúirí do 2019 agus 2020,

ag féachaint do pháipéar oibre 2018 ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) maidir le hinfheistíocht idirnáisiúnta dar teideal Societal benefits and costs of International Investment Agreements: a critical review of aspects and available empirical evidence, [Tairbhí agus costais na gComhaontuithe Infheistíochta Idirnáisiúnta: athbhreithniú criticiúil ar ghnéithe agus ar fhianaise eimpíreach atá ar fáil],

ag féachaint do pháipéar oibre 2014 ón OECD maidir le hinfheistíocht idirnáisiúnta dar teideal Investment Treaties and Shareholder Claims for Reflective Loss: Insights from Advanced Systems of Corporate Law [Conarthaí Infheistíochta agus Éilimh Scairshealbhóirí ar Chaillteanas Aisbhreathnaitheach: Léargais ó Ardchórais an Dlí Chorparáidigh],

ag féachaint don sainordú a tugadh do Mheitheal III de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL) in 2017 chun obair a dhéanamh ar athchóiriú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar réiteach díospóidí idir infheisteoir agus an stát,

ag féachaint do na treoracha caibidlíochta a d’eisigh an Chomhairle in 2018 lena n-údaraítear don Choimisiún, thar ceann an Aontais agus faoi chuimsiú UNCITRAL, coinbhinsiún a chaibidil lena mbunaítear cúirt iltaobhach infheistíochta chun díospóidí infheistíochta a réiteach, agus don togra ina dhiaidh sin ón Aontas ina thaobh,

ag féachaint do phróiseas nuachóirithe an Chonartha um Chairt Fuinnimh, a tionscnaíodh in 2017, agus do théacs an togra ón Aontas ina thaobh,

ag féachaint do chinneadh na hIodáile tarraingt siar as an gConradh um Chairt Fuinnimh amhail ón 1 Eanáir 2015,

ag féachaint don Chomhaontú chun Conarthaí Déthaobhacha Infheistíochta idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a fhoirceannadh (9),

ag féachaint do Dhearbhú Rialtais na mBallstát an 15 Eanáir 2019 maidir le hiarmhairtí dlíthiúla an bhreithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais in Achmea agus maidir le cosaint infheistíochta san Aontas Eorpach,

ag féachaint don Chomhaontú idir na Stáit Aontaithe, Meicsiceo agus Ceanada a tháinig i bhfeidhm an 1 Iúil 2020, agus go háirithe caibidil 14 de maidir le hinfheistíocht,

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Eacnamaíoch Réigiúnach de chuid Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022, agus go háirithe Caibidil 10 de maidir le hinfheistíocht,

ag féachaint don tuarascáil ó Mheitheal na Náisiún Aontaithe um Shaincheist Chearta an Duine agus Corparáidí Trasnáisiúnta agus Fiontair Eile Gnó a cuireadh faoi bhráid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 27 Iúil 2021 dar teideal Human rights-compatible international investment agreements [Comhaontuithe idirnáisiúnta infheistíochta atá comhoiriúnach le cearta an duine],

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0166/2022),

A.

de bhrí, ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, gur inniúlacht eisiach de chuid an Aontais Eorpaigh i gcónaí í an infheistíocht dhíreach choigríche, mar a chumhdaítear in Airteagal 3(1)(e), Airteagal 206 agus Airteagal 207 CFAE; de bhrí gurbh fhearr conair athchóirithe bheartas infheistíochta idirnáisiúnta AE a luasú agus a atreisiú a thuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair;

B.

de bhrí gurb é an tAontas an ceann scríbe agus an fhoinse is mó ar domhan d’infheistíochtaí idirnáisiúnta isteach agus amach; de bhrí go rannchuidíonn siad le fás eacnamaíoch inbhuanaithe AE agus chun fostaíocht a chruthú, cé nach léir ón bhfianaise eimpíreach atá ar fáil go ndéantar comhaontuithe idirnáisiunta infheistíochta go díreach mar thoradh ar infheistíocht dhíreach choigríche a bheith á mealladh;

C.

de bhrí go raibh na sreafaí d’infheistíocht dhíreach choigríche ag meath cheana féin ó 2015 i leith, agus go raibh titim shuntasach orthu in 2020 (-38 %) (10) de bharr ghéarchéim COVID-19; de bhrí go bhfuil méadú ar an infheistíocht dhíreach choigríche amach agus isteach ina phríomhghné den chonair i dtreo téarnaimh i gcónaí, don Aontas agus an-chuid geilleagar eile;

D.

de bhrí, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, gur inniúlacht chomhroinnte de chuid an Aontais agus na mBallstát iad codanna áirithe de bheartas infheistíochta idirnáisiúnta AE, eadhon infheistíochtaí coigríche neamhdhíreacha (“infheistíochtaí punainne”) agus an córas lena rialaítear réiteach díospóidí idir infheisteoirí agus stáit;

E.

de bhrí go bhfuil thart ar 1 500 conradh déthaobhach infheistíochta a dhaingnigh na Ballstáit roimh Chonradh Liospóin i bhfeidhm go fóill, conarthaí ina bhfuil an seanmhúnla réitigh díospóidí idir infheisteoir agus stát, múnla atá sa Chonradh um Chairt Fuinnimh freisin; de bhrí nach bhfuil aon cheann de na IIAnna a bhí á gcaibidil ag AE ó Chonradh Liospóin i leith tagtha i bhfeidhm;

F.

de bhrí go ndíríonn an Comhaontú Glas don Eoraip ar fhreagairt do na dúshláin a ghabhann leis an athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil; de bhrí nach mór do bheartais uile AE, lena n-áirítear beartas infheistíochta, rannchuidiú leis na spriocanna sin; de bhrí go bhfuil gá le hinfheistíochtaí substaintiúla ar fud an domhain chun aidhmeanna Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh, agus téarnamh ó phaindéim COVID-19; de bhrí go bhfuil siad seo a leanas san áireamh sna sé thosaíocht (11) atá ag an Aontas don tréimhse 2019 -2024: gníomhú in aghaidh an athraithe aeráide agus dhíghrádú an chomhshaoil agus dálaí infheistíochta níos tarraingtí a chruthú agus tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí;

G.

de bhrí gur cheart go mbeadh príomhról ag an infheistíocht dhíreach choigríche agus beartas infheistíochta AE chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach freisin: neamhspleáchas straitéiseach oscailte, slabhraí soláthair a éagsúlú agus a bheith rannpháirteach i bhfás eacnamaioch inbhuanaithe, fostaíocht a chruthú agus slabhraí luacha domhanda a chomhtháthú, agus féachaint le coinníollacha a chur chun cinn le haghaidh infheisteoirí Aontais thar lear ina léirítear an leibhéal oscailteachta atá ann d’infheisteoirí eachtracha san Aontas, agus leibhéil forbartha i dtríú tíortha agus a riachtanaí a bheidh sé foráil do chóir dhifreáilte á gcur san áireamh freisin;

H.

de bhrí gur bearna USD 2,5 trilliún i maoiniú bliantúil a bhíonn roimh thíortha i mbéal forbartha chun na SDGanna a bhaint amach faoi 2030; de bhrí gur ionstraim í an infheistíocht dhíreach choigríche chun Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, agus na SDGanna comhfhreagracha, a mhaoiniú; de bhrí go bhféadfadh caipiteal den sórt sin tacaíocht a thabhairt don chruthú fostaíochta agus d’fheabhsuithe sóisialta agus comhshaoil amhail a leagtar amach sna SDGanna; de bhrí, maidir leis an aidhm infheistíocht a mhealladh agus an admháil, i gcomhthéacs IIAnna, go bhféachfadh na páirtithe sna comhaontuithe sin lena leibhéil cosanta comhshaoil nó lucht saothair a fheabhsú seachas iad a lagú nó a laghdú, gur cheart go mbeadh an aidhm agus an admháil sin ann i dteannta a chéile;

I.

de bhrí go ndíríonn tacsanamaíocht an Aontais Eorpaigh ar éascaíocht a dhéanamh ar infheistíochtaí a aistriú ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha nach bhfuil inbhuanaithe chucu siúd atá ag teastáil chun inbhuanaitheacht comhshaoil, agus ba cheart a rá, aeráidneodracht a bhaint amach as seo go ceann 30 bliain;

J.

de bhrí go n-áirítear sa bheartas infheistíochta bearta amhail bacainní míchuí ar infheistíocht a bhaint, faireachán a dhéanamh ar thionchar na hinfheistíochta coigríche ar neamhspleáchas straitéiseach, slándáil náisiúnta agus an fíorgheilleagar, agus uirlisí eile a cheapadh chun infheistíocht dhíreach sna hearnálacha agus áiteanna is mó a bhfuil gá léi a spreagadh agus a éascú; de bhrí go ndíríonn formhór na IIAnna ar chosaint infheistíochta, le breithniú idir infheisteoirí agus an stát nó gan é;

K.

de bhrí go bhfuil líon na gcásanna maidir le réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát (ISDS) ag dul i méid gach bliain, lena n-áirítear i gcoinne na mBallstát; de bhrí gur díospóidí laistigh den Aontas a bhí i dtuairim is 15 % de na cásanna arbh eol gur tionscnaíodh iad i gcoinne na mBallstát in 2020;

L.

de bhrí nach sonraítear i bhformhór na gconarthaí infheistíochta mar a dhéanfar na nóisin “cúiteamh iomlán” agus “margadhluach cóir” infheistíochta a chinneadh. de bhrí le deich mbliana anuas gur le teicnící luachála “réamhbhreathnaitheacha” arna mbunú ar mhodhanna an tsreabhaidh airgid lascainithe is mó a bhí nóisin den sórt sin á léirmhíniú ag painéil, rud a thug orthu go minic rialú a thabhairt ar leibhéil cúitimh cuid mhaith níos airde ná na méideanna comhiomlána caiteachais a thabhaigh infheisteoirí go hiarbhír sna tíortha óstacha;

M.

de bhrí gur ceannaire domhanda é an tAontas Eorpach maidir le hathchóiriú beartas infheistíochta; de bhrí go ndearnadh athchóiriú suntasach ar an mbeartas infheistíochta ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal idirnáisiúnta ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, arna áitiú ag an bParlaimint agus le tacaíocht uaithi; de bhrí go ndearna an tAontas comhaontuithe infheistíochta idirnáisiúnta le tíortha comhpháirtíochta a lainseáil agus a thabhairt i gcrích, gur athchóirigh sé na forálacha maidir le cosaint d’infheistíochtaí, gur chuir sé córas na cúirte infheistíochta (ICS) in áit réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát (ISDS), gur lainseáil sé caibidlíocht iltaobhach le haghaidh cúirt infheistíochta, gur mhol sé reachtaíocht chun fóirdheontais eachtracha a rialú, agus gur ghlac sé reachtaíocht chun an infheistíocht dhíreach choigríche isteach a scagadh; de bhrí gur céimeanna suntasacha sa treo ceart le haghaidh beartas infheistíochta nuachóirithe agus inbhuanaithe atá sna hathruithe sin; de bhrí go bhfuil neart le déanamh fós chun an clár oibre sin don athchóiriú a chur ar aghaidh;

N.

de bhrí de bharr iontaoibh bhreise ag infheisteoirí i dtríú páirtithe chun a ndlíthíocht a mhaoiniú mar mhalairt ar thoradh nó leas airgeadais eile i dtorthaí díospóide (cistiú tríú páirtí) go bhfuiltear ag géarú ar na míchothromaíochtaí a chuireann taca faoi chleachtais cúitimh sa dlíthíocht, trí na rioscaí d’infheisteoirí a mbíonn éileamh á shaothrú acu a laghdú a thuilleadh, agus dá réir cur leis na dreasuithe chun líon na n-éileamh a mhéadú; de bhrí go bhféadfadh cistiú ó thríú páirtithe cur le cumhacht margála éilitheoirí, rud a théann chun dochair do stáit nach bhfuil ach acmhainní teoranta agus creata rialála níos laige acu;

1.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh dea-thionchar a bheith ag an infheistíocht ar an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe, ar chruthú fostaíochta agus ar an bhforbairt inbhuanaithe, agus go cheart go mbeadh, agus go bhféadfadh sí rannchuidiú leis na SDGanna; á chur i bhfáth, ar an ábhar sin, a thábhachtaí atá sí do chlaochlú gheilleagar AE; á chur i bhfios go mbraitheann an dea-thionchar sin ar acmhainn rialtas infheistíochtaí coigríche a rialú; á chur i bhfios nach mór riachtanais an fhíorgheilleagair a bheith á gcomhlíonadh ag infheistíochtaí isteach agus amach; ag iarraidh ar an gCoimisiún beartas infheistíochta AE a athbhreithniú chun a áirithiú go mbeidh sé comhsheasmhach leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus na SDGanna agus le luachanna AE, lena n-áirítear urraim do chearta an duine agus do na caighdeáin shóisialta arna sainiú ag Colún Eorpach na gCeart Sóisialta;

2.

den tuairim nach mór do bheartas infheistíochta an Aontais ionchais na n-infheisteoirí agus na stát is tairbhí a chomhlíonadh, mar aon le leasanna eacnamaíocha níos leithne agus cuspóirí beartais sheachtraigh an Aontais; á mheabhrú gur iarr sí creat beartais comhtháthaithe agus comhsheasmhach, lnea gcothaítear infheistíochtaí ardchaighdeáin agus inbhuanaithe; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún ó 2010 i leith chun beartas infheistíochta an Aontais sa treo sin a athchóiriú; á mheas gur gá beartas infheistíochta idirnáisiúnta an Aontais a athchóiriú a thuilleadh chun gur fearr a dhíreofar ar dhúshláin éagsúla agus chun leanúint den chlaochlú ina chreat beartais comhtháite comhleanúnach;

3.

á mheas gur cheart do chomhaontuithe infheistíochta idirnáisiúnta infheistíochtaí inbhuanaithe glasa, inscne-íogair agus ionchuimsitheacha a éascú, cosaint a dhóthain a thabhairt d’infheisteoirí, rannchuidiú le hathléimneacht an mhargaidh aonair agus spás beartais sna stáit óstacha a choimirciú freisin, agus malartú dea-chleachtas, scileanna agus cur chuige a spreagadh, i gcomhreir le Treoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) le haghaidh fiontair ilnáisiúnta maidir leis an bhfreagracht shóisialta chorparáideach;

4.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir an OECD, go raibh gannchion USD 1,7 trillliún roimh thíortha i mbéal forbartha in 2020 de dheasca ghéarchéim COVID-19, de bhreis ar an mbearna USD 2,5 trilliún sa chistiúchán reatha; á chur i bhfáth gur cheart beartas infheistíochta AE a bheith ag cabhrú le tíortha i mbéal forbartha, go háirithe tíortha san Afraic, chun infheistíocht dhíreach choigríche a mhealladh agus an bhearna chistiúcháin a laghdú chun na SDGanna a bhaint amach;

5.

á mheas go bhfuil cosaint imleor ag teastáil ó chuideachtaí AE dá n-infheistíochtaí thar lear; á chur i bhfios maidir le hinfheistíochtaí cosanta, amhail a códaíodh in IIAnna AE, nár cheart go gcuimseoidís infheistíochtaí amhantracha, nó ionstraimí airgeadais nó infheistíochtaí punainne a d’fhéadfaí a shealbhú chun críocha amhantraíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar na IIAnna (12) is déanaí agus ionstraimí fiachais a eisiamh óna raon feidhme; á mheas nach bhfuil cosaint ag teastáil ó ionstraimí airgeadais a fhéadfar a aistarraingt am ar bith; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá dhícheall a dhéanamh chun an sainmhíniú d’infheistíochtaí cosanta a fheabhsú d’fhonn a áirithiú nach mbíonn á gcosaint ag IIAnna ach infheistíochtaí a dhéanann gealltanas substainteach caipitil nó acmhainní eile ar feadh líon íosta blianta, agus toimhde riosca agus ionchas brabúis ag baint leo; den tuairim gur cheart go mbeadh infheistíochtaí cosanta ag rannchuidiú go héifeachtach le forbairt na tíre óstaí; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit an critéar sin a mheas amhail mar a shainmhínítear sa dlí idirnáisiúnta é sa sainmhíniú d’infheistíochtaí cosanta maidir le comhaontuithe amach anseo;

Rochtain ar an Margadh

6.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil fócas dearfach ag comhaontuithe infheistíochta le deireanas maidir le rochtain ar an margadh agus léirscaoileadh infheistíochtaí agus go bhfuil siad ag iarraidh deireadh a chur le bacainní ar bhunú agus oibriú infheisteoirí AE i margaí eachtracha;

7.

ag iarraidh ar an gCoimisiún coinníollacha a lorg le haghaidh infheisteoirí AE thar lear a léiríonn an leibhéal oscailteachta a bhíonn ag infheisteoirí eachtracha san Aontas, agus leibhéal forbartha tríú tíortha á chur san áireamh agus a riachtanaí a bheidh sé foráil do chóir dhifreáilte; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé go ndéanfadh IIAnna cumas stát a choimirciú chun infheistíochtaí coigríche a rialáil ina ndlínse; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na bacainní ar infheisteoirí Aontais maidir le bunú agus oibriú i margaí eachtracha, lena n-áirítear cleachtais idirdhealaitheacha; á chur in iúl gur geal léi fócas an Choimisiúin ar na gealltanais atá ann cheana a fhorfheidhmiú agus á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh feidhm aige maidir le gealltanais a bhaineann le hinfheistíochtaí freisin;

8.

ag tathant ar an gCoimisiún spáis bheartais AE agus na mBallstát a chosaint go daingean nuair a dhéantar infheistíochtaí a léirscaoileadh, go háirithe maidir le fuinneamh, talmhaíocht, iascaigh, closamharc, teileachumarsáid agus saincheisteanna digiteacha, mar aon le seirbhísí poiblí; á chur i bhfáth gur cheart léirscaoileadh infheistíochtaí agus coimircí chun nach ndéanfar an éagobhsaíocht eacnamaíoch níos measa a bheith ar siúl i dteannta a chéile, sna tíortha i mbéal forbartha go háirithe;

9.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na clásail sna comhaontuithe infheistíochta uile lena dtoirmeasctar ísliú caighdeán a choinneáil, a neartú agus a chur chun feidhme, óir tá ríthábhacht leo chun sodar go grinneall a sheachaint i dtíortha atá ag díriú ar infheistíocht choigríche a mhealladh; á iarraidh ar an gCoimisiún a thuilleadh anailíse a dhéanamh ar a éifeachtaí atá clásail den sórt sin, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, chun a áirithiú go ndéanfar an beartas cánach agus an maoiniú forbartha a ailíniú chun a áirithiú go dtugtar tacaíocht do “shodar go barr”;

Infheistíocht a éascú

10.

á chur i bhfios go bhféadfadh éascú na hinfheistíochta rannchuidiú chun deiseanna infheistíochta a chur ar fáil sna tíortha i mbéal forbartha, go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus chun na SDGanna a bhaint amach trína bheith ag cabhrú chun leibhéil níos airde infheistíochta a shlógadh ar mhaithe le fás ionchuimsitheach agus inbhuanaithe agus laghdú bochtanais a chur chun cinn, óir tacaíonn sé chun infheisteoirí coigríche a choinneáil níos faide sa gheilleagar óstach agus feabhsaíonn sé nascachtaí idir infheisteoirí coigríche agus cuideachtaí áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha chun na dálaí infheistíochta ina ndlínse a fheabhsú, trí uirlisí comhair forbartha agus trí chomhaontuithe déthaobhacha araon; den tuairim go bhfuil éascú na hinfheistíochta ina uirlis fhónta freisin chun iomaíochas agus fás eacnamaíoch AE a fheabhsú;

11.

á chur i bhfáth i gcás comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le héascú na hinfheistíochta, gur cheart tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí a dhéanann an fhorbairt inbhuanaithe a chur ar aghaidh agus infheistíochtaí den sórt sin a spreagadh, agus fanacht amach ó infheistíochtaí a dhéanann dochar don chomhshaol, don aeráid nó don tsochaí; ag tabhairt dá haire go bhfuil ioncaim chánach ríthábhachtach do thíortha i mbéal forbartha chun bunseirbhísí poiblí a chur ar fáil; ag tathant ar an gCoimisiún a bheith ag obair ar leibhéal iltaobhach chun éascú infheistíochta inbhuanaithe nach saothraítear trí bhuntáistí cánach iomaíocha a chur chun cinn; á chur i bhfios go go bhféadfar rannchuidiú chun na SDGanna a bhaint amach trí bhearta nuálacha a thionscnamh lena n-éascaítear an infheistíocht mar is cabhair é chun leibhéil níos airde infheistíochta a shlógadh chun fás cuimsitheach agus inbhuanaithe agus laghdú bochtanais a chur chun cinn, óir tacaíonn sé chun infheisteoirí coigríche a choinneáil níos faide sa gheilleagar óstach agus chun nascachtaí níos fearr a fhorbairt idir infheisteoirí coigríche agus cuideachtaí áitiúla;

12.

á aithint gur ghlac an tAontas Eorpach ról i gcaibidlíocht na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir leis an Tionscnamh Comhpháirteach chun Infheistíocht don Fhorbairt a Éascú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil breis is dhá thrian de bhaill EDT rannpháirteach sa chaibidlíocht sin; den tuairim nár mhór a bheith san airdeall ag cur san áireamh go bhfuil raon feidhme an-leathan ag baint leis an gcomhaontú atá faoi chaibidil; ag cur béim ar an bhfíoras nár mhór a áirithiú go gcloífear sa chaibidlíocht le rialacha Chomhaontú Marrakech lena mbunaítear EDT, faoina n-éilítear comhdhearcadh agus trédhearcacht i gcoitinne;

13.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cur chuige ginearálta Aontais maidir le hinfheistíocht a éascú ar an leibhéal déthaobhach agus iltaobhach araon, agus fócas uileghabhálach ar an gcomhar, lena n-áirítear fothú acmhainneachta agus cúnamh teicniúil, go háirithe a mhéid a bhaineann le tacaíocht don digiteáil sna tíortha i mbéal forbartha; á chur in iúl gur geal léi obair an Choimisiúin ar chomhaontuithe neamhspleácha nua chun infheistíochtaí a éascú, a dhíríonn ar thacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí inbhuanaithe agus cuimsitheacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, caibidlíocht a shaothrú le comhpháirtithe san Afraic, caibidlíocht nach gcruthóidh ualaí riaracháin le haghaidh tíortha i mbéal forbartha, agus sonrú a dhéanamh ar an sórt infheistíochtaí inbhuanaithe a éascófar; ag tabhairt dá haire go bhfuil forálacha cosúla chun infheistíochtaí a éascú faoi chaibidil i bPrótacal Infheistíochta an Limistéir Saorthrádála Mór-roinne, protacal a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá thacaíocht don chaibidlíocht sin;

14.

ag tacú leis an gCoimisiún ina chur chuige, ar leibhéal EDT, chun a áirithiú, trí bhíthin balla dóiteáin láidir, nach bhféadfar disciplíní chun infheistíocht a éascú a allmhairiú isteach i ndíospóidí idir infheisteoir agus stát; den tuairim maidir le díospóidí a thagann chun cinn faoin Tionscnamh Comhpháirteach chun Infheistíocht don Fhorbairt a Éascú gur cheart iad a réiteach trí bhíthin idirghabhála agus comhair;

15.

á chur i bhfios go láidir gur cheart forálacha chun infheistíocht a éascú ar an leibhéal déthaobhach agus ar leibhéal EDT araon a bheith á ndíriú ní hamháin ar oibleagáidí a chruthú le haghaidh údaráis phoiblí i dtíortha óstacha, ach gur cheart oibleagáidí na dtíortha baile agus a n-infheisteoirí náisiunta a shoiléiriú freisin maidir lena n-infheistíochtaí thar lear; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis sin, gur den riachtanas é forálacha infhorfheidhmithe a chomhtháthú i dtaca le freagracht shóisialta chorparáideach, cearta an duine agus dícheall cuí comhshaoil, chomh maith le coimircí frithéillithe maidir le creata chun infheistíocht a éascú; ag iarraidh ar an gCoimisiún caibidil infhorfheidhmithe maidir le forbairt inbhuanaithe a chuimsiú sna comhaontuithe uile chun infheistíocht a éascú a dhéantar le tríú tíortha, mar aon le sásraí faireacháin maidir le gníomhaíochtaí a dtacaítear leo le sreafaí infheistíochta dírí coigríche;

16.

á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le huirlis a théann i ngleic le saofaí de bharr fóirdheontais eachtracha a chruthaíonn infheistíocht éagórach, agus á iarraidh go nglacfar é gan mhoill; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta ar leibhéal EDT d’fhonn dul i ngleic le saofaí iomaíochta, go háirithe i réimse na bhfóirdheontas tionsclaíochta;

Feabhas a chur ar an scagadh a dhéantar ar an infheistíocht dhíreach choigríche in AE

17.

á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm an Rialacháin um Scagadh ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche in 2019; á chur i bhfios go bhfuil an sásra seo um scagadh dírithe ar chomhar a bhunú agus teorainn fhéideartha a chur le hinfheistíochtaí coigríche in earnálacha straitéiseacha chun an tAontas agus na Ballstáit a chosaint, agus chun anailís agus scagadh a dhéanamh ar chásanna ina bhféadfar riosca slándála nó oird phoiblí san Aontas Eorpach a chruthú trí sheilbh a fháil ar chuideachta, bonneagar nó teicneolaíocht ar leith nó trína rialú;

18.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an sásra sin mar chéim i dtreo faireachán níos fearr a dhéanamh ar rannchuidiú na hinfheistíochta dírí coigríche le leasanna straitéiseacha na hEorpa; ag iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs a phróisis athbhreithnithe atá le teacht, sonraí níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir le cé acu a dtugtar tacaíocht do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe agus infheistíochtaí i láithreáin úrnua le sreafaí infheistíochta dírí coigríche isteach, measúnú a dhéanamh ar roghanna éagsúla chun faireachán a dhéanamh ar na gníomhaiochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh trí shreafaí amach, agus measúnú a dhéanamh féachaint an bhféadfaí a shonrú freisin ar cheart earnálacha eile a áireamh ina n-earnálacha straitéiseacha; ag iarraidh ar an gCoimisiún freisin féachaint an bhféadfaí sásra AE um scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche a neartú chun an chumhacht a thabhairt dó, le comhaontú ó na Ballstáit, infheistíocht a chruthódh riosca don tslándáil agus don ord poiblí a bhlocáil;

19.

ag iarraidh ar na Ballstáit sin nach bhfuil ceann acu go fóill, sásra náisiúnta um scagadh ar infheistíocht dhíreach choigríche a chur ar bun chun a áirithiú go mbeidh an comhar Eorpach éifeachtach;

Comhoiriúnacht IIAnna le tosaíochtaí an Aontais

20.

ag tabhairt dá haire gur ag dul i méid atá líon na n-imeachtaí dlíthiúla a dhíríonn ar bhearta comhshaoil agus atá os comhair binsí infheistíochta; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil tíortha éagsúla, lena n-áirítear na Ballstáit, á n-agairt i ndáil le beartais maidir leis an aeráid, le céimniú amach breoslaí iontaise, nó leis an aistriú cóir;

21.

á chur i bhfáth maidir le hiarrachtaí domhanda chun an t-athrú aeráide a chomhrac go n-éileoidh siad aistriú sciobtha chuig fuinneamh inathnuaite agus gníomhaíocht thapa ó rialtais chun laghdú ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise; ag tathant ar an gCoimisiún agus na Ballstáit comhsheasmhacht a áirithiú idir IIAnna agus an Comhaontú Glas don Eoraip, beartais chomhshaoil, cearta lucht saothair agus cearta an duine, trí infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise nó aon ghníomhaíochtaí eile a chruthaíonn díobháil shuntasach don chomhshaol agus do chearta an duine a eisiamh ó chosaint chomhaontuithe, agus forálacha a chuidíonn le comhlíonadh Chomhaontú Pháras, conarthaí idirnáisiúnta maidir le lucht saothair agus comhionannas inscne, agus forálacha a dhíríonn ar an gcreat intíre lena rialaítear infheistíocht choigríche a chuimsiú sna caibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe;

22.

á thabhairt dá haire, agus is cúis imní di, an neamhshiméadracht atá idir IIAnna áirithe, lenar féidir le hinfheisteoirí coigríche cásanna infheistíochta a shaothrú i gcoinne stát, cé nach bhfuil rialtais, oibrithe agus pobail lena mbaineann in ann corparáidí trasnáisiúnta a leanúint chun eadrána, ar corparáidí iad nach n-urramaíonn cearta an duine, sláinte phoiblí nó dlíthe saothair agus comhshaoil; á chur i bhfáth ar an gcaoi chéanna nár ceapadh an Chúirt Iltaobhach Infheistíochta ach chun breithiúnas a thabhairt i gcásnna ina dtugann infheisteoirí coigríche cás in éadan stát;

23.

á chur i bhfios, fiú amháin in éagmais imeachtaí dlíthiúla, go bhféadfaidh an bhagairt fhollasach nó intuigthe go rachfaí i muinín cásanna dlí infheistíochta feabhas a chur ar sheasamh na n-infheisteoirí sa chaibidlíocht le stáit (an “éifeacht athchomhairleach”); á chur i bhfáth i ndáil leis seo go leagtar síos in IIAnna le deireanas an prionsabal go bhfuil de cheart ag rialtais rialáil ar mhaithe le cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí (13), lena n-áirítear ar bhealach a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh d’oibriú infheistíochta nó d’ionchas infheisteora le brabúis; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach saortar stáit leis an gceart sin ó oibleagáidí a bhunaítear in IIAnna a chomhlíonadh, agus nach gcoisctear éilimh nó damáistí infheistíochta leis ag eirí as an gceart sin a fheidhmiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfaí moill a chur ar an gcinnteoireacht beartais dá réir nó go ndéanfaí cinntí a mhaolú;

24.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh, dá bharr sin, cistí poiblí breise a bheith á gcaitheamh chun earnáil na mbreoslaí iontaise a chúiteamh ná a chaithfí murarbh ann do bhagairt dlíthíochta infheistíochta, go gcuirtear leis na costais agus leis na deacrachtaí, dá réir, ar stáit bearta san aistriú fuinnimh a dhéanamh, rud arb ionann agus fóirdheontas ginearálta arna chur ar fáil ag cáiníocóirí d’earnáil na mbreoslaí iontaise;

25.

ag tabhairt dá haire in an-chuid cásanna eadrána idir infheisteoirí agus an stát, gur thug gnólachtaí dúshlán gníomhaíochtaí a bhí stáit á mhaíomh gur ghlac siad chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna buartha áitiúla nó míshuaimhneas áitiúil maidir le tionchar tionscadail; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ceart seasaimh le haghaidh tríú páirtithe a ndéantar difear dóibh a chuimsiú in IIAnna amach anseo; den tuairim gur cheart do bhinsí fiosrúcháin dul de réir chásdlí na Cúirte Idirnáisiunta Breithiúnais agus a mheas go bhfuil cásanna do-ghlactha dá bhféadfadh cinntí fíorais nó dlí dochar a dhéanamh do phobail áitiúla nó dúchais a ndéantar difear dóibh agus nach páirtí iad sna himeachtaí infheistíochta; á iarraidh, maidir le IIAnna a bheith faoi chaibidil agus á gcur chun feidhme, go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit trédhearcacht a áirithiú agus go dtabharfaidh siad tacaíocht do rannpháirtíocht pobal íogair áitiúil, agus pobal dúchais go háirithe, a mbíonn iarmhairtí ag gníomhaíochtaí eastóscacha nó lománaíochta orthu, óir d’fhéadfadh tionchar forleathan a bheith ag infheistíochtaí coigríche ar phobail áitiúla;

Cur chuige athchóirithe

26.

á chur in iúl gur geal léi an múnla le haghaidh comhaontú cosanta infheistíochta arna dhréachtadh ag an gCoimisiún in 2015, agus gur céim sa treo ceart é; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, nach ndearnadh aon chomhaontú ina bhfuil sé a chur i bhfeidhm go fóill; ag meabhrú a seasaimh nár cheart do AE ná a Bhallstáit conarthaí nua maidir le cosaint infheistíochta ina n-áirítear an sásra ISDS a shíniú ná a dhaingniú; a chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé athchóirithe nós imeachta a dhéanamh ar réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát; á chur in iúl gur geal léi go gcuimsítear i gcóras na Cúirte Infheistíochta (ICS) liosta cinnte eadránaithe a chruthú, sásra achomhairc, cód iompair le haghaidh eadránaithe agus trédhearcacht fheabhsaithe in imeachtaí eadrána; ag tabhairt dá haire gurb ionann ICS i gcónaí agus eadráin idirnáisiúnta agus á chur i bhfáth go mbeadh de dhiscréid ag eadránaithe ar uainchlár ICS, ní hionann agus sna cúirteanna náisiúnta, gan dlíthe ábhartha leas an phobail a chur san áireamh i gcónaí agus léirmhíniú a dhéanamh acu ar na forálacha substainteacha atá cumhdaithe in IIAnna; á chur in iúl gurb oth léi gur ar bhonn cás ar chás a d’íocfaí na headránaithe i gcónaí;

27.

ag tathant ar an gCoimisiún tacaíocht iomlán a thabhairt do chaibidlíocht chun oibleagáidí infheisteoirí agus forfheidhmiú na n-oibleagáidí sin a leathnú agus an chaibidlíocht a luasú; den tuairim, ní hamháin gur cheart oibleagáidí infheisteora a chuimsiú in IIAnna, ach gur cheart feidhm a bheith leo trí bhíthin ionstraimí idirnáisiúnta ar leith a bheidh ceangailteach agus infhorfheidhmithe agus trí bhíthin creata stóinsithe intíre le haghaidh chearta an duine agus dícheall cuí comhshaoil; ag tabhairt dá haire gur cheart go n-áiritheodh dul chun cinn sna réimsí sin, agus forálacha IIA AE a bheith á neartú i gcónaí, go ndéanfaidh infheisteoirí AE i dtíortha neamh-AE, i dtíortha i mbéal forbartha go háirithe, a straitéisí chun rannchuidiú go gníomhach le SDGanna agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach a léiriú go trédhearcach, agus go mbeidh siad faoi réir sásraí cuntasachta, go háirithe trí rochtain ar cheartas a chur ar fáil le haghaidh íospartach sna tíortha sin;

28.

á chur in iúl gur geal léi na forálacha in IIAnna maidir le hoibleagáidí comhshaoil, saothair agus freagrachta corparáidí le haghaidh stát agus infheisteoirí, agus na clásail lena sonraítear an prionsabal cothrománach nár cheart caighdeáin a ísliú chun infheistíocht a mhealladh; á chur in iúl gurb oth léi áfach nár choinnigh athchóiriú oibleagáidí infheisteoirí céim ar chéim le hathchóiriú ISDS;

29.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do theacht i bhfeidhm na hionstraime maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair ghnó eile i ndáil le cearta an duine (14), atá á dréachtadh faoi láthair ag an gComhairle um Chearta an Duine agus atá dírithe ar ghníomhaíochtaí cuideachtaí agus gnólachtaí trasnáisiúnta a rialáil;

30.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil foclaíocht níos beaichte le haghaidh caighdeáin áirithe maidir le cosaint, agus ceart rialála, in IIAnna AE ó 2016 i leith, ina bhful clásail maidir le cosaint d’infheistíochtaí; á chur i bhfios go láidir nár cheart raon leathan caighdeán maidir le cosaint a úsáid faoi IIAnna AE chun beartais phoiblí dhlisteanacha a agóid; á mheas gur cheart caighdeáin maidir le cosaint a bheith dírithe go sonrach ar chothrom iomaíochta idir infheisteoirí choigríche agus intíre a chruthú, ag féachaint le sásamh a chosc agus a thairiscint i gcásanna ina ndéantar infheisteoirí Aontais i dtíortha neamh-Aontais a idirdhealú, ina ndéantar rochtain ar cheartas a dhiúltú dóibh nó ina gcailleann siad tairbhiú a n-infheistíochta go huile le leas an stáit óstaigh, lena n-áirítear tráth cogaidh, agus go cómhalartach le haghaidh infheisteoirí neamh-Aontais san Aontas Eorpach; á iarraidh go ndéanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún téarmaíocht dhébhríoch a sheachaint i gclásail shubstainteacha, agus go leanfaidh siad de na caighdeáin um chosaint a athbhreithniú ar bhonn na fianaise atá ar fáil;

31.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil clásail éagtha fós in IIAnna AE a caibidlíodh tar éis 2009 lena gcuirtear cosc ar fhoirceannadh éasca; ag tabhairt dá haire go ndearnadh caibidlíocht le deireanas inar chomhaontaigh na páirtithe clásal éagtha cúig bliana a bhféadfaí síneadh cúig bliana breise a chur leis mura n-aimseofaí clásal ionaid; ag iarraidh ar na Ballstáit agus páirtithe conarthacha eile clásail éagtha a neodrú i gcomhaontuithe reatha, agus clásail éagtha a ghiorrú go suntasach i gcomhaontuithe infheistíochta nua;

32.

ag cur béim ar an bhfíoras go gceanglaítear ar dhaoine aonair, faoi dhlí idirnáisiúnta an ghnáis agus faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine araon, sásamh a lorg os comhair cúirteanna intíre sula dtionscnaíonn siad imeachtaí idirnáisiúnta i gcoinne an stáit i leith gníomhartha éagóracha; á chur in iúl gurb oth léi nach n-éilítear leigheasanna intíre a ídiú faoin dlí infheistíochta idirnáisiúnta de ghnáth, áfach; den tuairim gur cheart do IIAnna a cheangal nach mór dul ar iontaoibh chórais cheartais intíre sular féidir le hinfheisteoirí coigríche dul i muinín binse eadrána, mar is amhlaidh i gcás an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine; á chur i bhfáth gur cheart go bhféadfadh infheisteoirí coigríche réiteach díospóide idirnáisiúnta a lorg go díreach i gcás olldiúltú ceartais sna cúirteanna intíre;

IIA a dhaingniú

33.

á chur i bhfios go gcuireann moill maidir le IIAnna AE a bheith á ndaingniú ag na Ballstáit moill ar athionadú conarthaí infheistíochta déthaobhacha le forálacha níos trédhearcaí agus níos nua-aimseartha a thugann cosaint chomhionann do na hinfheisteoirí Aontais uile i dtríú tíortha; ag iarraidh ar na Ballstáit na comhaontuithe infheistíochta Aontais a tugadh i gcrích a dhaingniú; á iarraidh go n-oibreoidh an tAontas i gcomhpháirt le tíortha comhpháirtíochta chun leanúint dá IIAnna a athbhreithniú agus a fheabhsú, a luaithe a thagann siad i bhfeidhm, amhail mar atá á fhorbairt sa tuarascáil seo; ag súil go n-áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na IIAnna comhsheasmhach le luachanna agus cuspóirí AE;

Cúiteamh

34.

á chur i bhfios maidir le modheolaíochtaí DCF, a úsáidtear de ghnáth chun cúiteamh a ríomh in IIAnna, nach modh luachála iontaofa iad le haghaidh tionscadail infheistíochta atá ag céim luath nó a mbaineann sruthanna éiginnte ioncaim todhchaí leo; á chur i bhfios go láidir gurb ionann modhanna den sórt sin a bheith in úsáid ag painéil eadrána agus imeacht suntasach ó phrionsabail agus cleachtais chúitimh sheanbhunaithe i gcórais dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta taobh amuigh de IIAnna, ina bhforáiltear do chorrlaigh discréide atá go suntasch níos teoranta maidir le breithniú; á chur i bhfios go láidir gur chuir na damáistí suntasacha arna ndhmhachtain ag binsí infheistíochta ualach suntasach airgeadais, atá ag dul i meid, ar stáit freagartha; á chur i bhfios go bhfuil na modhanna luachála a úsáideann breithneoirí de ghnáth thar a bheith conspóideach mar gheall ar an gcorrlach leathan lánroghnach atá acu agus toisc go mbraitheann siad ar thoimhdí atá an-chasta agus amhantrach go bunúsach; á iarraidh ar an gCoimisiún grinnmheasúnú a dhéanamh agus foráil do rialacha agus coimircí ceartaitheacha atá dírithe ar an trédhearcacht i ndáil leis na forálacha lena rialaítear cúiteamh in IIAnna AE, lena n-áirítear leas a bhaint as clásail níos láidre chun nach mbainfear leas as damáistí pionósacha; á iarraidh go gcaidhpeálfar an cúiteamh ar leibhéal an chostais bháite, léiriú ar mhéid an chaiteachais incháilithe arna thabhú go hiarbhír ag na hinfheisteoirí; á chur i bhfios go láidir gur le cuir chuige chomhardaithe, de réir mar is iomchuí, a dhéanfaí leibhéil chúitimh faoi bhun na caidhpe sin a chinneadh, agus go ndéanfaí gnéithe comhthéacsacha amhail oibleagáidí nó gealltanais dhlíthiúla nó chonarthacha gnóthas nár comhlíonadh a chur san áireamh;

35.

á chur i bhfáth go bhfuil an méadú ar líon na n-infheisteoirí atá ag dul ar iontaoibh tríú páirtithe chun a ndlíthíocht a mhaoiniú (maoiniú tríú páirtí), mar mhalairt ar sciar den chúiteamh i gcás dámhachtana, ina spreagadh chun líon na n-éileamh a mhéadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh chun maoiniú tríú páirtí a dhéanamh níos trédhearcaí i gcás díospóidí idir infheisteoir agus stát; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí i ndáil leis atá á ndéanamh ag an gCoimisiun maidir le IIAnna AE le deireanas; ag iarraidh ar an gCoimisiún tacú le forálacha breise lena rialaítear maoiniú tríú páirtí le haghaidh díospóidí idir infheisteoir agus an stát i gcomhthéacs chaibidlíocht idirnáisiúnta, chun teorainn dhocht a chur leis an gcleachtas sin, lena spreagtar dámhachtainí a bhíonn i bhfad rómhór;

Conarthaí infheistíochta déthaobhacha

36.

ag tarraingt aird ar na mílte conarthaí déthaobhacha infheistíochta (BITanna) reatha atá ag na Ballstáit a thugann cosaint fós d’infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise, a bhfuil forálacha as dáta iontu atá contrártha le cuspóirí agus luachaanna AE, lena n-áirítear caighdeáin chosanta róleathan, ceanglais laga maidir le trédhearcacht agus ISDS, agus gan iad i gcomhréir leis an togra ón Aontas maidir le Cúirt Iltaobhach Infheistíochta ag iarraidh ar na Ballstáit ar an ábhar sin a gcuid BITanna a fhoirceannadh nó a nuachóiriú chun go mbeidh siad i gcomhréir le múnla athchóirithe de IIAnna AE, agus i gcomhréir leis an tuarascáil seo;

37.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go luífidh BITanna uile na mBallstát go hiomlán le dlí AE agus go mbeidh siad comhsheasmhach le cuspóirí agus luachanna AE; ag tacú leis an gCoimisiún maidir le dianfheidhmiú na gcoinníollacha lena n-údaraítear go ndéanfaidh na Ballstáit comhaontuithe nua a chaibidil, a shíniú agus a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le beartas nuachóirithe infheistíochta Aontais agus breitheanna ón gCúirt Bhreithiúnais; á mheabhrú go bhfuil d’oibleagáid ar na Ballstáit a BITanna a leasú i gcomhréir le hAirteagal 351 CFAE; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin, agus an dul chun cinn atá déanta a chur in iúl don Pharlaimint go rialta; ag spreagadh an Choimisiúin chun nósanna imeachta um shárú a oscailt i gcás inar gá chun a áirithiú go mbeidh dlí AE á chomhlíonadh ag BITanna na mBallstát;

38.

ag tacú leis an gCoimisiún agus treoirlínte léirmhínithe á bhforbairt aige a bheidh le leanúint ag na Ballstáit, ar nós na n-athchóirithe substainteacha agus nós imeachta dá dtagraítear sa tuarascáil seo, chun léirmhíniú aontaithe ar bheartas nuachóirithe infheistíochta AE a áirithiú agus comhlíonadh iomlán chuspóirí Chomhaontú Glas don Eoraip a ráthú; ag iarraidh ar an gCoimisiún an múnla uasdátaithe sin a úsáid mar bhonn maidir le BITanna Ballstát nua a údarú;

An Conradh um Chairt Fuinnimh (ECT)

39.

á chur in iúl gurb é ECT an comhaontú infheistíochta is mó dlíthíocht ar domhan sa lá inniu; ag tacú leis na hiarrachtaí chun ECT agus seasamh an Aontais a nuachóiriú chun cosaint fhormhór na n-infheistíochtaí i ndáil le breoslaí iontaise a eisiamh; den tuairim, áfach, nár cheart go ndeonódh seasamh AE cosaint d’infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a mheastar de réir dhlí AE a bheith “go sonrach díobhálach”, agus gur cheart ciorrú suntasach a dhéanamh ar an amscála faoina ndéantar cosaint infheistíochtaí reatha i mbreoslaí iontaise a chéimniú amach, chun nach mbainfear ó chuspóirí aeráide AE a chur i gcrích; á éileamh go gcuirfear deireadh leis an réiteach díospóidí idir infheisteoirí agus an stát sa Chonradh um Chairt Fuinnimh; á chur i bhfios go láidir chun gur féidir ECT a leasú go bhfuil gá le haontoilíocht na bpáirtithe conarthacha uile a vótálann ag an gcomhdháil bhliantúil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil an leibhéal céanna rochtana ag an bParlaimint ar théacsanna na caibidlíochta maidir leis an gcaibidlíocht chun ECT a nuachóiriú is a bhí aici le linn conarthaí eile a bheith á gcaibidil;

40.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur cosúil nach bhfuil an uaillmhian chéanna ag go leor de na páirtithe conarthacha i réimse mhaolú an athraithe aeráide, fhorbairt inbhuanaithe agus aistriú fuinnimh is atá ag an Aontas Eorpach ainneoin gur shínigh siadsan uile Comhaontú Pháras freisin; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar ECT a ailíniú le Comhaontú Pháras agus le cuspóirí Chomhaontú Glas don Eoraip, agus go gcaomhnófar cumas AE bearta beartais phoiblí a fhorbairt a bheidh comhsheasmhach lena thiomantas a bheith ar an gcéad mhór-roinn neodrachta aeráide faoi 2050;

41.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Iodáil a cinneadh tarraingt siar ó ECT amhail ón 1 Eanáir 2015 a chur in iúl; ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh tíortha a dhaingnigh ECT nó a d’aontaigh dó a mballraíocht a fhoirceannadh 12 mhí tar éis dóibh fógra a thabhairt go bhfuil siad ag tarraingt siar; á chur in iúl gurb oth léi go mbeidh infheistíochtaí a cuireadh i gcrích roimh an dáta imeachta á gcosaint go ceann 20 bliain i gcónaí, ach á chur in iúl gur geal léi go bhfuil deireadh láithreach leis an gcosaint i gcás na n-infheistíochtaí nua uile;

42.

ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú faoi ECT athbhreithnithe go gcosnófar ceart na stát chun rialáil, go mbeidh ECT athbhreithnithe i gcomhréir le dlí AE agus le beartas infheistíochta AE, go gcuirfidh sé cosc láithreach ar infheisteoirí i mbreoslaí iontaise an dlí a chur ar pháirtithe conarthacha as beartais a shaothrú chun breoslaí iontaise a chéimniú amach i gcomhréir lena ngealltanais faoi Chomhaontú Pháras, agus gur d’fhíorinfheisteoirí amháin a dheonaítear cosaint infheistíochta seachas dúibh siúd nach bhfuil iontu ach infheisteoirí airgeadais nó infheisteoirí amhantracha; ag iarraidh ar an gCoimisiún a staidéar dlí a fhoilsiú, staidéar ina gcíortar na héifeachtaí féideartha a bhainfeadh le tarraingt siar; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit tús a chur leis an ullmhúchán chun ECT a scor go comhordaithe, agus ar chomhaontú ina n-eisiatar feidhmiú an chlásail éaga idir páirtithe conarthacha toilteanacha d’fhonn é a chur faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte go foirmiúil i gcás nach mbainfear amach na cuspóirí caibidlíochta thuasluaite faoi mhí an Mheithimh 2022;

43.

á chur in iúl gur geal léi an soiléiriú ón gCúirt Bhreithiúnais sa rialú Komstroy uaithi nach bhfuil na forálacha maidir le réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát sa Chonradh um Chairt Fuinnimh infheidhme i gcás díospóidí laistigh de AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil 73 chás laistigh de AE ar siúl faoi láthair, lena n-áirítear breis is 40 cás laistigh de AE ar cásanna eadrána infheistíochta ECT-bhunaithe iad; á thabhairt dá haire, agus is ábhar mórimní di, nach raibh rialú Achmea ina dhíspreagadh do bhinsí eadrána leanúint de dhíospóidí infheistíochta laistigh den Aontas a éisteacht; ag tathant ar an gCoimisiún tréaniarracht a dhéanamh na breithiúnais sin a dhearbhú sna himeachtaí eadrána atá ar siúl laistigh de AE; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, ar an ábhar sin, comhaontú inter se a ghlacadh maidir le neamh-infheidhmeacht ECT i gcás díospóidí laistigh de AE; ag tacú leis an iarraidh ó Bhallstáit éagsúla le haghaidh rialú nua ón gCúirt Bhreithiúnais, agus á mheas gur cheart soiléiriú cinntitheach maidir leis an gceist a thairiscint ann, chun cosc a chur ar aon eadráin laistigh de AE amach anseo a bheith incheadaithe faoi ECT;

44.

á chur i bhfios, cé go mbeidh sé deacair aon dámhachtainí féideartha i gcásanna laistigh de AE a fhorghníomhú i gcúirteanna AE, ach go bhféadfar cásanna faoi rialacha an Lárionaid Idirnáisiúnta chun Díospóidí Infheistíochtaí a Shocrú a fhorghníomhú i gcúirteanna tríú tíortha i gcónaí; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh na cúirteanna sin ordú a dhéanamh chun sócmhainní stáit (15) de chuid AE nó a Bhallstát a urghabháil;

45.

á chur i bhfios go láidir gur cheart urraim do rialuithe ó chúirteanna AE agus ón gCúirt Bhreithiúnais go háirithe a chur san áireamh sa phróiseas chun eadránaithe a roghnú le haghaidh uainchláir eadránaithe ICS amach anseo;

Iarrachtaí iltaobhacha chun cosaint infheistíochtaí (an Chúirt Iltaobhach Infheistíochta) a athchóiriú

46.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Meitheal III de chuid UNCITRAL i mbun plé ó 2017 maidir le hathchóiriú iltaobhach a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ISDS; á thabhairt dá haire gur chomhaontaigh 60 stát de chomhthoil nach mór d’obair UNCITRAL aghaidh a thabhairt ar na roghanna maidir le hathchóiriú struchtúrach; ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint go tógachaíoch dá rannpháirtíocht i bpléití UNCITRAL agus caibidlíocht maidir le topaicí amhail athchomhairle rialála, ídiú leigheasanna, cearta tríú páirtithe agus damáistí a spreagadh, ar topaicí iad nár tugadh ach aird theoranta orthu, agus iad a chur san áireamh in IIAnna amach anseo; ag iarraidh ar an gCoimisiún a chuid oibre in UNCITRAL a neartú chun cumas an stáit rialáil a chosaint, agus trédhearcacht iomlán a áirithiú;

47.

ag tacú leis an gcaibidlíocht atá ar siúl i Meitheal III UNCITRAL ina bhfuil an tAontas agus a chuid Ballstát i mbun buansásra a bhunú chun díospóidí infheistíochta a réiteach: an chúirt iltaobhach infheistíochta (MIC); á chur in iúl gur geal léi an cheannaireacht dhomhanda a thugann AE sa chaibidlíocht sin; á chur i bhfáth, áfach, nach gcumhdaítear leis an togra seo nuachóiriú na gcaighdeán maidir le cosaint shubstainteach; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, maidir leis an gcorpas dlí a bhíonn á fheidhmiú ag breithiúna MIC, go n-aimsítear cothromaíocht idir léirmhíniú na bhforálacha substainteacha agus na gceart substainteach atá cumhdaithe in IIAnna agus dlíthe leasa phoiblí intíre a achtaíodh go daonlathach; á iarraidh go n-áiritheoidh an Coimisiún nach ar bhonn cás ar chás a íocfar breithiúna; ag iarraidh ar an gCoimisiún athchóiriú agus nuachóiriú na gcaighdeán sin a chur chun cinn i bhfóraim idirnáisiúnta iomchuí;

48.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, sa chaibidlíocht maidir le MIC, rialacha a thionscnamh ann, ina leagtar amach go trédhearcach an cúiteamh a bheidh le híoc ag stáit, agus sa chaibidlíocht atá ar siúl maidir le hathchóiriú UNCITRAL, cur ar son dianmhodhanna luachála nach gceadóidh cúiteamh ach ar chostas báite amháin;

49.

á cháineadh go láidir go bhfuil moill shuntasach ar Choinbhinsiún Oileán Mhuirís a dhaingniú agus cur chun feidhme; á iarraidh ar na Ballstáit go nglacfaidís gan mhoill an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle i dtaca lena thabhairt i gcrích thar ceann AE; á chur i bhfios maidir le rialuithe ón gCúirt Bhreithiúnais le deireanas i dtaca le hinniúlachtaí eisiacha agus comhchoiteanna maidir le conarthaí idirnáisiúnta a dhaingniú, go bhféadfadh treoir a bheith iontu maidir le daingniú na Comhdhála sin a dhíbhlocáil;

Beartas infheistíochta de chuid an Aontais seachas breithniú idir infheisteoir agus stát

50.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh níos mó conarthaí infheistíochta a fhoirceannú ar scála domhanda in 2017, 2019 agus 2020, ná IIAnna nua a thabhairt i gcrích; á chur i bhfios go láidir i gcás IIAnna meigea-réigiúnacha a tugadh i gcrích le déanaí go n-úsáidtear cur chuige níos airí sa chuid is mó díobh maidir le breithniú idir infheisteoir agus stát;

51.

á iarraidh go dtabharfaidh AE tacaíocht chun na córais dlí intíre agus an smacht reachta a neartú i dtíortha comhpháirtíochta trí bhíthin cúnamh teicniúil ar leibhéal an Aontais, rud a d’áiritheodh timpeallacht fhabhrach don infheistíocht choigríche agus a dhíreodh ag an am céanna ar theipeanna sistéamacha a mbíonn tionchar diúltach acu ar an bhforbairt inbhuanaithe sna tíortha sin;

52.

ag tathant ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt maidir leis an infheistíocht choigríche chun infheistíochtaí inbhuanaithe, ina ngnéithe uile, a dhreasachtú agus a chosaint, gan a bheith ag brath ach ar bhreithniú idir infheisteoir agus stát, agus a mhúnla maidir le cosaint infheistíochtaí a glacadh in 2015 a nuachóiriú i gcomhréir leis na hiarrataí sa rún seo, chun go bhfeidhmeodh sé mar threoir le linn comhaontuithe nua nó nuachóirithe Aontais a bheith á gcaibidil;

o

o o

53.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1)  IO L 351, 20.12.2012, lch. 40.

(2)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 121.

(3)  IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.

(4)  IO C 296 E, 2.10.2012, lch. 34.

(5)  IO C 168 E, 14.6.2013, lch. 1.

(6)  IO C 265, 11.8.2017, lch. 17.

(7)  IO C 101, 16.3.2018, lch. 30.

(8)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(9)  IO L 169, 29.5.2020, lch. 1.

(10)  An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, “FDI in Figures”, – Aibreán 2021.

(11)  Comhaontú Glas don Eoraip; Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach; geilleagar a oibríonn do na daoine; Eoraip níos láidre sa domhan mór; ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn; ugach nua do dhaonlathas na hEorpa.

(12)  Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála AE-Ceanada, mar shampla (in Iarscríbhinn 8b, mír 4, sainmhínítear fiachas poiblí mar ionstraim fiachais ar aon leibhéal rialtais ceann de na Páirtithe), nó CPTPP agus BLEU 2009 (Aontas Eacnamaíoch na Beilge-Lucsamburg) -BIT na Colóime.

(13)  Lena n-áirítear maidir le sláinte phoiblí, seirbhísí sóisialta, oideachas poiblí, sábháilteacht, moráltacht comhshaoil nó phoiblí, cosaintí sóisialta nó tomhaltóirí, cosaint phríobháideachais agus sonraí, nó cur chun cinn na hilchineálachta cultúrtha agus a cosaint.

(14)  Ionstraim a bheidh ceangailteach de réir dlí chun an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, gníomhaíochtaí corparáidí trasnáisiúnta agus fiontar gnó eile a rialáil https://www.ohchr.org/en/hr-bodies/hrc/wg-trans-corp/igwg-on-tnc.

(15)  An Coinbhinsiún maidir le Dámhachtainí Eadrána Coigríche a Aithint agus a Fhorfheidhmiú, ar a dtugtar “Coinbhinsiún Nua-Eabhrac” freisin.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Parlaimint na hEorpa

Dé Céadaoin 22. Meitheamh 2022

27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/89


P9_TA(2022)0246

Athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 22 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas, Cinneadh (AE) 2015/1814 i ndáil le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a fheidhmiú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus Rialachán (AE) 2015/757(COM(2021)0551 – C9-0318/2021 – 2021/0211(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 32/11)

Leasú 406

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”) (3). D’aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(1)

Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”) (3). D’aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Trí Chomhaontú Aeráide Ghlaschú a ghlacadh, d’aithin na Páirtithe i gComhaontú Pháras go laghdófaí go mór rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide dá dteorannófaí an méadú ar an meánteocht dhomhanda go 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus gheall siad go neartófaí a spriocanna do 2030 faoi dheireadh 2022 chun an bhearna uaillmhéine a dhúnadh, i gcomhréir le torthaí an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC). Ba cheart é sin a dhéanamh ar bhealach atá cothrom agus lena n-urramaítear prionsabal na bhfreagrachtaí agus na gcumas faoi seach atá coiteann ach difreáilte, i bhfianaise imthosca náisiúnta éagsúla. Deis ar leith is ea an t-athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (CTA AE), lena n-áirítear ar an gcúlchiste cobhsaíochta margaidh a ghabhann leis.

Leasú 407

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)

Tá a phráinní atá sé go gcoinneofaí sprioc Chomhaontú Pháras de 1,5  oC beo níos suntasaí anois mar thoradh ar thorthaí IPCC ina thuarascáil an 7 Lúnasa 2021 dar teideal “Climate Change 2021: The Physical Science Basis” [Athrú Aeráide 2021: An Bunús Eolaíochta Fisicí]. Fuair IPCC amach go sroichfidh nó go sáróidh an teocht dhomhanda marc 1,5  oC níos luaithe ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo, eadhon sna 20 bliain amach romhainn. Fuarthas amach freisin, mura mbeidh laghduithe láithreacha uaillmhianacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, nach mbeifear in ann an téamh domhanda a theorannú a thuilleadh gar do 1,5  oC nó fiú 2 oC. Ina theannta sin, i dtuarascáil an 28 Feabhra 2022 uaidh dar teideal “Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability”[Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht], dúirt IPCC, le muinín an-ard, gur bagairt é an t-athrú aeráide ar fholláine an duine agus ar shláinte an phláinéid. Má chuirtear moill bhreise ar ghníomhaíocht dhomhanda chomhbheartaithe atá réamhbheartaithe maidir le hoiriúnú agus maolú, caillfear an deis chun todhchaí inbhuanaithe ar féidir linn maireachtáil inti a chinntiú do chách, ar deis ghairid í atá á dúnadh go gasta.

Leasú 408

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1b)

Treisítear an gá le gníomhaíocht phráinneach tríd an méadú ar mhinicíocht agus ar dhéine na ndálaí adhaimsire mar thoradh díreach ar an athrú aeráide. De réir Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, go bhfuil beagnach méadú faoi dhó tagtha ar líon na dtubaistí ar fud an domhain a taifeadadh agus ar scála na gcaillteanas eacnamaíoch domhanda le 20 bliain anuas, agus gur tháinig ardú suntasach ar líon na dtubaistí a bhaineann leis an aeráid mar gheall ar an méid sin.

Leasú 409

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1c)

Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar an bpráinn sin trí dhlús a chur lena iarrachtaí agus trí é féin a bhunú mar cheannaire idirnáisiúnta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus prionsabail an chothromais agus freagrachtaí agus inniúlachtaí comhchoiteanna ach difreáilte, mar a leagtar síos in Airteagal 2(2) de Chomhaontú Pháras, á léiriú ag an am céanna.

Leasú 410

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1d)

Ina rún an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus comhshaoil  (1a) , d’áitigh Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún gníomhú láithreach agus uaillmhianach chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5  oC agus chun caillteanas ollmhór bithéagsúlachta a sheachaint, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí i mbeartais reatha de chuid an Aontais maidir le héigeandálaí aeráide agus comhshaoil agus trína áirithiú go mbeidh gach togra reachtach agus buiséadach is ábhartha don todhchaí ailínithe go hiomlán leis an gcuspóir an téamh domhanda a theorannú go 1,5  oC agus nach gcuirfidh siad le cailliúint na bithéagsúlachta.

Leasú 411

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an “gComhaontú Glas don Eoraip”, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 (4).

(2)

Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta , dá bhrí sin, maidir leis an “gComhaontú Glas don Eoraip”, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 (4).

Leasú 412

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Nasctar leis an gComhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní , agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní . Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil cúlra cine mionlaigh nó eitnigh mionlaigh acu. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach , gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

(3)

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an túsphointe do chuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus don aidhm maidir le hastaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) . Leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di an tAontas a iompú ina shochaí chothrom agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, éifeachtúil ó thaobh acmhainní agus iomaíoch de, agus gan aon duine a fhágáil ar lár in aistriú cóir a dhíreoidh ar bhochtaineacht fuinnimh freisin . Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Déanann an t-aistriú seo difear leis an aistriú sin d’oibrithe ó earnálacha éagsúla agus ó gach inscne ar leith bíonn tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus atá leochaileach , amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad agus daoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil ioncam íseal nó ioncam íseal acu. Ina theannta sin, cuireann sé dúshláin níos mó roimh réigiúin áirithe, go háirithe réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste struchtúrach agus ar réigiúin fhorimeallacha, agus oileáin chomh maith . Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach.

Leasú 413

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

Is bunchloch i mbeartas aeráide an Aontais é CTA AE agus is é an phríomhuirlis atá aige chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar bhealach costéifeachtach. I gcomhréir leis na gealltanais a tugadh in COP26 i nGlaschú go ndéanfaí athbhreithniú ar na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta ar bhonn bliantúil, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta chun cuntas a thabhairt i leith na n-earnálacha uile arna n-áireamh in CTA AE le linn an athbhreithnithe sin ar Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) .

Leasú 414

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise tionchar tromchúiseach phaindéim COVID-19 ar shláinte, ar dhálaí maireachtála agus oibre, agus ar fholláine shaoránaigh an Aontais, a léiríonn gur gá dár sochaí agus dár ngeilleagar a bheith níos athléimní in aghaidh suaití seachtracha agus gníomhú go luath chun iad a chosc nó a mhaolú. Leanann saoránaigh Eorpacha de thuairimí láidre a chur in iúl go mbaineann sé sin go háirithe leis an athrú aeráide (5).

(4)

Tá fás tagtha ar riachtanas agus ar luach Comhaontaithe Ghlais don Eoraip atá curtha chun feidhme go maith , ach níor tharla sin ach i bhfianaise tionchar tromchúiseach phaindéim COVID-19 ar shláinte, ar dhálaí maireachtála agus oibre, agus ar fholláine shaoránaigh an Aontais, a léiríonn gur gá dár sochaí agus dár ngeilleagar bheith níos athléimní in aghaidh suaití seachtracha agus gníomhú go luath chun iad a chosc nó a mhaolú ar bhealach atá cóir agus a fhágann nach bhfágfar aon duine ar lár, lena n-áirítear iad siúd atá i mbaol bochtaineachta fuinnimh . Leanann saoránaigh Eorpacha de thuairimí láidre a chur in iúl go mbaineann sé sin go háirithe leis an athrú aeráide (5).

Leasú 415

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)

Má dhéantar beart de réir briathair maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ba cheart go gcinnteofaí cruthú post ar ardchaighdeán agus dul chun cinn sóisialta do chách. Chun go mbeadh sí inghlactha go sóisialta, ba cheart go gcuirfí leis an uaillmhian aeráide a bheartaítear sa Rialachán seo, uaillmhian shóisialta atá coibhéiseach, i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart go mbeadh oibre an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ina dheis chun poist ar ardchaighdeán a choinneáil agus a chruthú, obair chuibhiúil a chur chun cinn, caighdeáin saothair a ardú, idirphlé sóisialta agus cómhargáil a neartú, dul i ngleic leis an idirdhealú ag an obair agus comhionannas inscne a chur chun cinn. D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart go mbeadh na sásraí um Aistriú cóir ina gcomhlánú ar na gníomhaíochtaí go léir atá beartaithe faoi chuimsiú an Chomhaontú Glas don Eoraip agus an phacáiste “Oiriúnach do 55”.

Leasú 416

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)

Ós rud é gur gá an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a chur le chéile le hiomaíochas na hEorpa a chaomhnú agus poist a chruthú, tá sé ríthábhachtach ionas go n-éireoidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip nach mbeidh ualach rómhór ar an margadh aonair le costais bhreise ar chuideachtaí iad féin a chur in oiriúint do thimpeallacht nua rialála.

Leasú 417

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (7) cumhdaíonn an tAontas sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 sa reachtaíocht . Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach aeráide an Aontais maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

(6)

I Rialachán (AE) 2021/1119 tá sprioc aeráidneodracht ar fud an gheilleagair cumhdaithe sa reachtaíocht ag an Aontas faoi 2050 , ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin . Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach aeráide an Aontais maidir le laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (an líon astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

Leasú 418

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Is gá do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE), arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (8), chun glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach atá costéifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a mhéadú ar bhealach atá i gcomhréir leis an sprioc chun glanlaghdú a bhaint amach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair faoi 2030.

(7)

Is gá do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun na laghduithe astaíochtaí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart uaillmhian Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE), arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de, a mhéadú ar bhealach atá i gcomhréir leis an gcuspóir sin maidir le laghdú ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair do 2030 , le cuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide atá le baint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus leis an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 .

Leasú 419

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Ba cheart do CTA AE táirgeadh ó shuiteálacha a laghdaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa go páirteach nó go hiomlán a dhreasú. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú atá ar roinnt catagóirí gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a leasú lena áirithiú go láimhseáiltear suiteálacha go cothrom sna hearnálacha lena mbaineann. Thairis sin, ba cheart leithdháileadh saor in aisce chun táirge a tháirgeadh a bheith neamhspleách ó chineál an phróisis táirgthe. Ní mór an sainmhíniú ar na táirgí agus ar na próisis agus na hastaíochtaí a chumhdaítear le haghaidh roinnt tagarmharcanna a mhodhnú dá bhrí sin chun cothroime iomaíochta idir teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí reatha a áirithiú. Ní mór freisin an nuashonrú ar na luachanna tagarmhairc le haghaidh na scaglann agus na hidrigine a dhíchúpláil chun an tábhacht a bhaineann le hidrigin a tháirgeadh lasmuigh d’earnáil na scaglann a léiriú.

(8)

Ba cheart do CTA AE táirgeadh ó shuiteálacha a laghdaíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa go páirteach nó go hiomlán a dhreasú. Dá bhrí sin, ba cheart an sainmhíniú atá ar roinnt catagóirí gníomhaíochtaí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE a leasú lena áirithiú go láimhseáiltear suiteálacha go cothrom sna hearnálacha lena mbaineann. Thairis sin, ba cheart leithdháileadh saor in aisce chun táirge a tháirgeadh a bheith neamhspleách ó chineál an phróisis táirgthe. Ní mór an sainmhíniú ar na táirgí agus ar na próisis agus na hastaíochtaí a chumhdaítear le haghaidh roinnt tagarmharcanna a mhodhnú dá bhrí sin chun cothroime iomaíochta idir teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí reatha a áirithiú. Ní mór freisin an nuashonrú ar na luachanna tagarmhairc le haghaidh na scaglann agus na hidrigine a dhíchúpláil chun an tábhacht a bhaineann le hidrigin ghlas a tháirgeadh lasmuigh d’earnáil na scaglann a léiriú.

Leasú 420

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a)

Agus na prionsabail chun tagarmharcanna ex-ante a shocrú in earnálacha agus i bhfo-earnálacha aonair á sainiú aige, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear sna hearnálacha agus sna fo-earnálacha lena mbaineann, le hionadaithe na sochaí sibhialta agus leis an mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119.

Leasú 421

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Faoi CTA AE, ba cheart go measfaí gurb ionann astaíochtaí agus gáis ceaptha teasa nach scaoiltear go díreach san atmaisféar agus ba cheart lamháltais a thabhairt suas le haghaidh na n-astaíochtaí sin ach amháin má stóráiltear i láithreán stórála iad i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), nó má tá siad ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na coinníollacha a measfar go bhfuil gáis ceaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan iontu i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid, lena n-áirítear, teastas aistrithe dé-ocsaíde carbóin a fháil, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise forbairtí rialaitheacha maidir le haistrithe dé-ocsaíde carbóin a dheimhniú.

(13)

Faoi CTA AE, ba cheart go measfaí gurb ionann astaíochtaí agus gáis ceaptha teasa nach scaoiltear go díreach san atmaisféar agus ba cheart lamháltais a thabhairt suas le haghaidh na n-astaíochtaí sin ach amháin má stóráiltear i láithreán stórála iad i gcomhréir le Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), nó má tá siad ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid agus sa ghnáthdhiúscairt. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena sonrófar na coinníollacha a measfar go bhfuil gáis ceaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan iontu i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid agus sa ghnáthdhiúscairt , lena n-áirítear, teastas aistrithe dé-ocsaíde carbóin a fháil, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise forbairtí rialaitheacha maidir le haistrithe dé-ocsaíde carbóin a dheimhniú.

Leasú 422

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a)

Ba cheart do CTA AE, a mhéid is féidir, díolúintí míchuí agus bearta saobhacha a sheachaint. San fhadtéarma, ba cheart ról a bheith ag gach earnáil maidir le rannchuidiú leis an aeráidneodracht a bhaint amach laistigh den Aontas faoi 2050 agus ba cheart na hastaíochtaí uile CO2 a chumhdach le hionstraimí beartais iomchuí an Aontais. Dá n-áireofaí suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach in CTA AE, rannchuideofaí leis an ngeilleagar ciorclach trí athchúrsáil, athúsáid agus deisiú táirgí a spreagadh, agus rannchuideofaí le dícharbónú ar fud an gheilleagair ag an am céanna. Ós rud é go gcumhdaítear gníomhaíochtaí athchúrsála agus athghiniúna cheana faoi CTA AE, dá n-áireofaí suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach, atreiseofaí dreasachtaí le haghaidh bainistiú inbhuanaithe dramhaíola i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola. Chomhlánódh sé gnéithe eile de reachtaíocht dramhaíola an Aontais. Ina theannta sin, dá ndéanfaí loscadh dramhaíola a chomhtháthú in CTA AE, chruthófaí cothrom iomaíochta idir na réigiúin inar áiríodh loscadh dramhaíola cathrach faoin raon feidhme, rud a laghdódh an baol go mbeadh iomaíocht chánach idir réigiúin. Mar sin féin, chun nach ndéanfaí dramhaíola a atreorú ó shuiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach chuig líonadh talún san Aontas, ar líonadh talún é lena gcruthaítear astaíochtaí meatáin, agus chun onnmhairí dramhaíola chuig tríú tíortha a sheachaint, a bhféadfadh tionchar guaiseach a bheith acu ar an gcomhshaol, ba cheart go ndéanfaí measúnú tionchair roimh 31 Nollaig 2024 sular ndéanfar suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach a áireamh ón 1 Eanáir 2026 laistigh de raon feidhme Threoir 2003/87/CE, agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart togra reachtach a bheith ag gabháil leis sin chun atreorú dramhaíola den sórt sin agus onnmhairí den sórt sin a chosc.

Leasú 423

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13b)

Ba cheart cuntas a thabhairt ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fad arna ngabháil agus arna n-aistriú lena n-úsáid trí ghabháil agus úsáid carbóin (“CCU”) nach bhfuil ceangailte go ceimiceach agus go buan i dtáirge ar bhealach a fhágann nach dtéann siad isteach san atmaisféar sa ghnáthúsáid agus sa ghnáthdhiúscairt. Muna ndéanfaí gach céim den phróiseas, go háirithe astaíochtaí ó shuiteálacha loiscthe dramhaíola, a chumhdach le praghsáil carbóin, is é a bheadh mar thoradh ar bheith ag brath ar chuntas a thabhairt ar astaíochtaí ag an bpointe a scaoiltear isteach san atmaisféar iad ná go ndéanfaí astaíochtaí a ríomh faoina luach. Chun gabháil carbóin a rialáil ar bhealach lena laghdaítear glanastaíochtaí, lena n-áirithítear go dtabharfar cuntas ar na hastaíochtaí go léir agus go seachnófar an ríomh dúbailte sin, agus dreasachtaí eacnamaíocha á gcruthú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar conas cuntas a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar a bheith gafa agus úsáidte chun bheith ceangailte go ceimiceach i dtáirge, bunaithe ar mheasúnú saolré ar an táirge, mar shampla, i gcás ina n-úsáidtear iad sin chun táirge a mhonarú nó i gcás ina rannchuidíonn laghdú comhréireach den sórt sin le beartais náisiúnta nuálacha arna bhformheas ag an údarás inniúil sa Bhallstát lena mbaineann chun comhar idir earnálacha a áirithiú agus a dhreasú, agus ba cheart, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun modheolaíocht thrédhearcach, inchomparáide agus iontaofa a áireamh.

Leasú 424

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13c)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart tosaíocht a thabhairt do laghduithe díreacha ar astaíochtaí ar gá iad a chomhlánú le haistrithe méadaithe CO2 ar mhaithe leis an aeráidneodracht a bhaint amach. Sa mheántéarma, d’fhéadfadh aistrithe CO2 cabhrú cheana leis an uaillmhian a mhéadú os cionn sprioc aeráide 2030 an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir cuntas a thabhairt ar astaíochtaí diúltacha a eascraíonn ó gháis ceaptha teasa a bhaintear as an atmaisféar agus a stóráiltear go sábháilte agus go buan, mar shampla trí aer a ghabháil go díreach, agus scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir na hastaíochtaí diúltacha sin a dhreasú i dtrádáil astaíochtaí, lena n-áirítear trí raon feidhme soiléir agus critéir dhochta agus coimircí dochta a mholadh chun a áirithiú nach ndéanfar laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí a fhritháireamh leis na haistrithe sin ach gur fíoraistrithe atá iontu agus iad buan.

Leasú 425

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13d)

De réir na teachtaireachta ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh chun astaíochtaí meatáin a laghdú, is ó dhramhaíl a thagann 26 % d’astaíochtaí meatáin na mór-roinne. Ar fud an domhain, táthar ag tuar, faoi 2025, go mbeidh idir 8 agus 10 % d’astaíochtaí gáis ceaptha teasa antrapaigineacha ag teacht ó líonadh talún agus ó láithreáin dhumpála. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas laghdú suntasach a dhéanamh ar líonadh talún san Aontas agus, i gcás ar bith, ba cheart dó áireamh loiscthe dramhaíola in CTA AE amach anseo a sheachaint, áireamh a chruthóidh míchothrom iomaíochta agus a mbeadh méadú ar líonadh talún mar thoradh air. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh freisin arbh fhéidir agus arbh indéanta gach próiseas bainistithe dramhaíola, amhail líonadh talún, coipeadh, múiríniú agus cóireáil bhitheolaíoch mheicniúil, a áireamh in CTA AE.

Leasú 426

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Is é gníomhaíocht mhuiriompair idirnáisiúnta, a bhfuil muiraistir idir calafoirt faoi dhlínse dhá Bhallstát difriúil nó idir calafort faoi dhlínse Ballstáit agus calafort lasmuigh de dhlínse aon Bhallstát mar chuid di, an t-aon mhodh iompair nach n-áirítear le gealltanais an Aontais roimhe seo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá méadú de thart ar 36 % ó 1990 tagtha ar na hastaíochtaí ó bhreosla a dhíoltar san Aontas le haghaidh aistear a imíonn ó Bhallstát amháin agus a thagann isteach i mBallstát difriúil nó i dtríú tír. Is ionann na hastaíochtaí sin agus gar do 90 % d’astaíochtaí loingseoireachta uile an Aontais mar tháinig laghdú de 26 % ó 1990 ar astaíochtaí ó bhreosla a dhíoltar san Aontas le haghaidh aistear a imíonn ó Bhallstát agus a thagann isteach sa Bhallstát céanna. Sa chás “gnó mar is gnách”, táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú de thart ar 14 % idir 2015 agus 2030 agus de 34 % idir 2015 agus 2050 ar astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair idirnáisiúnta. Má thagann méadú ar thionchar an athraithe aeráide ar na gníomhaíochtaí muiriompair mar atáthar ag tuar, dhéanfaí dochar suntasach do laghduithe arna ndéanamh ag earnálacha eile chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.

(14)

Is é gníomhaíocht mhuiriompair idirnáisiúnta, a bhfuil muiraistir idir calafoirt faoi dhlínse dhá Bhallstát difriúil nó idir calafort faoi dhlínse Ballstáit agus calafort lasmuigh de dhlínse aon Bhallstát mar chuid di, an t-aon mhodh iompair nach n-áirítear le gealltanais an Aontais roimhe seo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Tá méadú de thart ar 36 % ó 1990 tagtha ar na hastaíochtaí ó bhreosla a dhíoltar san Aontas le haghaidh aistear a imíonn ó Bhallstát amháin agus a thagann isteach i mBallstát difriúil nó i dtríú tír. Is ionann na hastaíochtaí sin agus gar do 90 % d’astaíochtaí loingseoireachta uile an Aontais mar tháinig laghdú de 26 % ó 1990 ar astaíochtaí ó bhreosla a dhíoltar san Aontas le haghaidh aistear a imíonn ó Bhallstát agus a thagann isteach sa Bhallstát céanna. Sa chás “gnó mar is gnách”, táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú de thart ar 14 % idir 2015 agus 2030 agus de 34 % idir 2015 agus 2050 ar astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair idirnáisiúnta. Má thagann méadú ar thionchar an athraithe aeráide ar na gníomhaíochtaí muiriompair mar atáthar ag tuar, dhéanfaí dochar suntasach do laghduithe arna ndéanamh ag earnálacha eile chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus, dá bhrí sin, chun go mbainfear amach sprioc glanlaghdaithe gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair do 2030, cuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide faoi 2050, ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus sprioc Chomhaontú Pháras .

Leasú 427

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)

Is é muiriompar idirnáisiúnta an t-aon mhodh iompair nach bhfuil ar áireamh i ngealltanas an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, in ainneoin gur iarr Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile ar gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú leis an iarracht chomhpháirteach an t-aistriú chuig astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a thabhairt chun críche a luaithe is féidir agus faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras. Is é CO2 an phríomhchúis i gcónaí le tionchar aeráide an mhuiriompair nuair a ríomhtar é ar bhonn na féidearthachta téimh dhomhanda thar 100 bliain, arb ionann é agus 98 %, nó, má chuirtear carbón dubh ar áireamh, 91 %, de na hastaíochtaí iomlána idirnáisiúnta gás ceaptha teasa i gcoibhéisí CO2. Mar sin féin, de réir tuarascála dar teideal “Fourth IMO Greenhouse Gas Study” [An Ceathrú Staidéar maidir le Gás Ceaptha Teasa de chuid IMO], de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), a foilsíodh in 2020, tháinig méadú 87 % ar mheatán (CH4) thar an tréimhse ó 2012 go 2018. Dá bhrí sin, agus i gcomhréir leis na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757, chun aird iomchuí a thabhairt ar an gcóras domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí maidir le hídiú ola breosla long, ba cheart astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí CH4 araon, chomh maith le hocsaídí nítriúla (N2O), a áireamh sa leathnú ar CTA AE i leith gníomhaíochtaí muiriompair. Dá bhrí sin, ba cheart d’údarás riaracháin a áirithiú go ndéanfaidh cuideachtaí loingseoireachta faireachán agus tuairisciú ar shonraí comhiomlánaithe maidir le hastaíochtaí, lena n-áirítear scaoileadh CO2, CH4 agus N2O chun comhsheasmhacht le Rialachán (AE)…/… [FuelEU Maritime] a áirithiú. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 31 Nollaig 2024, measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an aeráid dhomhanda atá ag astaíochtaí gás ceaptha teasa seachas CO2, N2O agus CH4 agus ag cáithníní a d’fhéadfadh cur leis an téamh domhanda, agus tuarascáil ina leith sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh maidir leis na hastaíochtaí agus na cáithníní sin ó ghníomhaíochtaí muiriompair a áireamh i raon feidhme CTA AE.

Leasú 428

Togra le haghaidh treorach

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

In 2013, ghlac an Coimisiún straitéis chun astaíochtaí muirí a chomhtháthú de réir a chéile i mbeartas an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Mar chéad chéim sa chur chuige seo, bhunaigh an tAontas córas chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí ón muiriompar i Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus leagfar spriocanna laghdaithe síos don earnáil mhuirí agus cuirfear beart i bhfeidhm atá bunaithe ar an margadh ina dhiaidh sin. I gcomhréir le gealltanas na gcomhreachtóirí, arna léiriú i dTreoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ba cheart tús a chur le gníomhaíocht ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) nó ón Aontas ó 2023 ar aghaidh, lena n-áirítear an réamhobair maidir le glacadh agus le cur chun feidhme birt lena n-áirithítear go rannchuidíonn an earnáil go hiomchuí leis na hiarrachtaí is gá chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus aird chuí á tabhairt ag na páiritithe leasmhara uile.

(15)

In 2013, ghlac an Coimisiún straitéis chun astaíochtaí muirí a chomhtháthú de réir a chéile i mbeartas an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Mar chéad chéim sa chur chuige seo, bhunaigh an tAontas córas chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí ón muiriompar i Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), agus leagfar spriocanna laghdaithe síos don earnáil mhuirí agus cuirfear beart i bhfeidhm atá bunaithe ar an margadh ina dhiaidh sin. I gcomhréir le gealltanas na gcomhreachtóirí, arna léiriú i dTreoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), ba cheart tús a chur le gníomhaíocht ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) nó ón Aontas ó 2023 ar aghaidh, lena n-áirítear an réamhobair maidir le glacadh agus le cur chun feidhme birt lena n-áirithítear go rannchuidíonn an earnáil go hiomchuí leis na hiarrachtaí is gá chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach agus aird chuí á tabhairt ag na páiritithe leasmhara uile. Chun éifeachtacht comhshaoil bhearta an Aontais a mhéadú agus iomaíocht éagórach agus dreasachtaí d’imchéimniú a sheachaint, ba cheart raon feidhme Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun longa a bhfuil olltonnáiste 400 agus os a chionn sin iontu a chumhdach ón 1 Eanáir 2024. Chun a áirithiú go mbeidh ualach riaracháin comhréireach ann, i gcás longa a bhfuil olltonnáiste faoi bhun 5 000 iontu, níor cheart go gceanglófaí ar oibreoirí ach an fhaisnéis a thuairisciú atá ábhartha maidir leis na longa sin a áireamh ón 1 Eanáir 2027 sin laistigh de raon feidhme CTA AE, go háirithe an cineál breosla, an fachtóir carbóin agus an dlús fuinnimh.

Leasú 429

Togra le haghaidh treorach

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

De bhun Threoir (AE) 2018/410, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin dul chun cinn atá déanta in IMO maidir le cuspóir uaillmhianach i ndáil le hastaíochtaí a laghdú agus maidir le bearta tionlacain chun a áirithiú go gcuireann an earnáil mhuiriompair go cuí leis na hiarrachtaí a bhfuil gá leo chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí domhanda muirí a theorannú trí IMO agus ba cheart na hiarrachtaí sin a spreagadh. Mar sin féin, cé gur cúis sásaimh é an dul chun cinn a rinneadh trí IMO le déanaí, ní bheidh na bearta sin leordhóthanach chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

(16)

De bhun Threoir (AE) 2018/410, ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin dul chun cinn atá déanta in IMO maidir le cuspóir uaillmhianach i ndáil le hastaíochtaí a laghdú agus maidir le bearta tionlacain chun a áirithiú go gcuireann an earnáil mhuiriompair go cuí leis na hiarrachtaí a bhfuil gá leo chun na cuspóirí a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí domhanda muirí a theorannú trí IMO agus ba cheart na hiarrachtaí sin a spreagadh. Mar sin féin, níl an méid a tharla faoi chreat IMO le déanaí leordhóthanach chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach. I bhfianaise cineál idirnáisiúnta na loingseoireachta, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, dlús breise a chur leis na hiarrachtaí taidhleoireachta chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a fhorbairt ar leibhéal IMO.

Leasú 430

Togra le haghaidh treorach

Aithris 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a)

Dá dtabharfaí cuairteanna seachanta ar chalafoirt i dtíortha comharsanachta neamh-AE, d’fhéadfaí éifeacht CTA AE a chur go mór i mbaol i ndáil le muiriompar, ós rud é nach laghdófaí na hastaíochtaí iomlána ón loingseoireacht. D’fhéadfadh sé, fiú amháin, go dtiocfadh méadú ar astaíochtaí foriomlána mar thoradh ar na cuairteanna seachanta sin ar chalafoirt, go háirithe i gcás ina bhfágfadh an imghabháil sin go ndéanfaí muiraistir níos faide go dtí tríú tíortha agus ó thríú tíortha a bhfuil caighdeáin chomhshaoil níos ísle acu. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh, agus tuairisciú a dhéanamh gach re bliain ón… [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo] maidir le cur chun feidhme na Caibidle i dtaca le muiriompar agus treochtaí féideartha i ndáil le cuideachtaí atá ag iarraidh gan bheith faoi cheangal ag ceanglais na treorach seo agus ba cheart dó, i gcás inarb infheidhme, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar aon fhianaise ar chuairteanna seachanta ar chalafoirt.

Leasú 431

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé i gceist aige bearta breise a dhéanamh chun dul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil mhuiriompair trí réimse beart a chuirfidh ar chumas an Aontais a chuspóirí laghdaithe astaíochtaí a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú chun an earnáil mhuiriompair in CTA AE a chur san áireamh chun a áirithiú go gcuirfidh an earnáil seo le cuspóirí méadaithe aeráide an Aontais chomh maith le cuspóirí Chomhaontú Pháras, lena gcuirtear ceangal ar thíortha forbartha ceannaireacht a ghlacadh trí thabhairt faoi chuspóirí laghdaithe astaíochtaí ar fud an gheilleagair, fad agus a spreagtar tíortha i mbéal forbartha am a chur ar fáil do chuspóirí laghdaithe nó teorannaithe astaíochtaí ar fud an gheilleagair (16). Toisc gur cheart uasteorainn a chur le hastaíochtaí ó eitlíocht idirnáisiúnta lasmuigh den Eoraip ó mhí Eanáir 2021 ar aghaidh trí ghníomh domhanda atá bunaithe ar an margadh fad agus nach bhfuil aon ghníomh i bhfeidhm a chuireann uasteorainn le hastaíochtaí muiriompair nó a chuireann praghas orthu, is iomchuí go gcumhdóidh CTA AE sciar de na hastaíochtaí ó aistir idir calafort faoi dhlínse Ballstáit agus calafort faoi dhlínse tríú tíre, agus go mbeadh an tríú tír in ann gníomh iomchuí a chinneadh maidir le sciar eile na n-astaíochtaí. Ba cheart do shíneadh CTA AE leis an earnáil mhuiriompair na hastaíochtaí a leanas a chur san áireamh dá réir sin: leath de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, leath de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit , astaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit, agus astaíochtaí i mbeart i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit. Tá sé tugtha faoi deara gur bealach praiticiúil é an cur chuige sin chun réiteach a fháil ar an tsaincheist maidir le Freagrachtaí agus Inniúlachtaí Coiteanna ach Difreáilte, ar dúshlán é a bhí ann le fada i gcomhthéacs UNFCCC. Le cumhdach sciar de na hastaíochtaí ó aistir isteach agus amach araon idir an tAontas agus tríú tíortha , déantar éifeachtacht CTA AE a áirithiú, go háirithe trí thionchar comhshaoil an bhirt a mhéadú i gcomparáid le raon feidhme geografach atá teoranta d’aistir laistigh den Aontas, agus an baol le cuairteanna ar chalafort chun críocha éalaitheacha agus an baol le dí-chomhchruinniú gníomhaíochtaí athlastála lasmuigh den Aontas a theorannú. Chun cuimsiú rianúil na hearnála in CTA AE a áirithiú, ba cheart an líon lamháltas a thabharfaidh cuideachtaí loingseoireachta suas a mhéadú de réir a chéile maidir le hastaíochtaí fíoraithe a tuairiscíodh don tréimhse 2023 go dtí 2025. Chun sláine comhshaoil an chórais a chosaint, sa mhéid a thugtar lamháltais níos lú suas i ndáil le hastaíochtaí fíoraithe le haghaidh muiriompair sna blianta sin, nuair a bheidh an difríocht idir na hastaíochtaí fíoraithe agus na lamháltais arna dtabhairt suas bunaithe gach bliain, ba cheart líon comhfhreagrach lamháltas a chur ar ceal. Ó 2026 ar aghaidh, ba cheart do chuideachtaí loingseoireachta an líon lamháltas a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí fíoraithe a tuairiscíodh sa bhliain roimhe sin a thabhairt suas.

(17)

Is ionann astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil mhuirí agus thart ar 2,5  % d’astaíochtaí an Aontais. I ngeall ar an easpa gníomhaíochta cinntithí laistigh de chreat IMO, cuireadh moill ar nuálaíocht agus tugadh isteach bearta riachtanacha chun astaíochtaí a laghdú san earnáil. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, chuir an Coimisiún in iúl go raibh sé i gceist aige bearta breise a dhéanamh chun dul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil mhuiriompair trí réimse beart a chuirfidh ar chumas an Aontais a chuspóirí laghdaithe astaíochtaí a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú chun an earnáil mhuiriompair in CTA AE a chur san áireamh chun a áirithiú go gcuirfidh an earnáil seo a cion féin le cuspóirí méadaithe aeráide an Aontais chomh maith le cuspóirí Chomhaontú Pháras, lena gcuirtear ceangal ar thíortha forbartha ceannaireacht a ghlacadh trí thabhairt faoi chuspóirí laghdaithe astaíochtaí ar fud an gheilleagair, fad agus a spreagtar tíortha i mbéal forbartha am a chur ar fáil do chuspóirí laghdaithe nó teorannaithe astaíochtaí ar fud an gheilleagair (16). Ba cheart tabhairt suas liúntas ag cuideachtaí loingseoireachta liúntais a chur chun feidhme go hiomlán ó 2024 agus ba cheart do chuideachtaí loingseoireachta líon na liúntas a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn dá n-astaíochtaí fíoraithe uile a tuairiscíodh sa bhliain roimhe sin. Toisc gur cheart uasteorainn a chur le hastaíochtaí ó eitlíocht idirnáisiúnta lasmuigh den Eoraip ó mhí Eanáir 2021 ar aghaidh trí ghníomh domhanda atá bunaithe ar an margadh fad agus nach bhfuil aon ghníomh i bhfeidhm a chuireann uasteorainn le hastaíochtaí muiriompair nó a chuireann praghas orthu, is iomchuí go gcumhdóidh CTA AE na hastaíochtaí sórt sin, agus foráil á déanamh do mhaoluithe faoi choinníollacha dochta má ghlacann tríú tíortha freagrach orthu féin as na hastaíochtaí sin nó má tá beart de chuid IMO, bunaithe ar an margadh, i bhfeidhm chun go gcumhdófar sciar de na hastaíochtaí ó aistir idir calafort faoi dhlínse Ballstáit agus calafort faoi dhlínse tríú tíre, agus go mbeadh an tríú tír in ann gníomh iomchuí a chinneadh maidir le sciar eile na n-astaíochtaí. Ó 2027 ar aghaidh, ba cheart, le leathnú CTA AE go dtí an earnáil mhuiriompair, na hastaíochtaí a leanas a chur san áireamh dá réir sin: astaíochtaí ó mhuiraistir chuig tríú tíortha agus uathu, agus foráil á déanamh do mhaoluithe i ndáil le leath de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, leath de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit faoi choinníollacha dochta, go háirithe i gcás ina bhfuil sásra praghsála carbóin i bhfeidhm ag tríú tír, nó i gcás ina bhfuil, trí chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach, sásra praghsála carbóin atá nasctha le CTA AE bunaithe ag tríú tír idir an tAontas agus tríú tír amháin nó níos mó, de bhun Airteagal 25 de Threoir 2003/87/CE, chun astaíochtaí a uasteorannú agus a laghdú go dtí leibhéal atá coibhéiseach ar a laghad le CTA AE, is é sin sásra atá ceangailteach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a uasteorannú agus a laghdú agus chun praghas a chur orthu, agus, mar thoradh air sin, dearbhlaghdú a dhéanamh ar astaíochtaí a bheidh coibhéiseach, ar a laghad, leis an gcás ina mbeadh 100 % de na hastaíochtaí sin faoi réir CTA AE nó leis an gcás ina bhfuil tríú tír ina Tír is Lú Forbairt nó ina Stát Oileánach Beaga i mBéal Forbartha, ar tír í ina bhfuil OTI per capita nach bhfuil cothrom le meán an Aontais nó níos mó ná sin agus ina n-áirítear na hastaíochtaí sin faoina rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras.

Leasú 432

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a)

Déanann tionchair dhíobhálacha an athraithe aeráide difear don urraim do chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun bia, chun uisce, chun sláintíochta, chun sláinte, chun tithíocht chuibhiúil agus chun na beatha. Le Comhaontú Pháras leagadh síos mar thríú colún na gníomhaíochta aeráide an dochar agus an caillteanas lena ndéantar difear díréireach do dhaoine atá ag maireachtáil i ndálaí leochaileachta, do phobail dhúchasacha, do mhná, do leanaí, agus do dhaoine faoi mhíchumas. Is iad na tíortha ísealioncaim, na tíortha íseal-mheánioncaim agus na tíortha is lú forbairt na tíortha is leochailí i leith thionchar an athraithe aeráide. Cé go bhfuil a rannchuidithe le gáis ceaptha teasa san atmaisféar fíorbheag nó diomaibhseach fiú, is minic a bhíonn siad i bhfad níos neamhchosanta ar thionchair an athraithe aeráide, go háirithe i bhfianaise staid a mbonneagair agus dhálaí maireachtála a bpobal. Tá na tíortha sin i staid thubaisteach anois mar gheall ar éifeacht chomhcheangailte na teipe domhanda srian a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, lena ndéantar méadú níos mó ar a riachtanais oiriúnaithe agus ar a gcostais, agus ghéarchéimeanna an airgeadais phoiblí arbh iad paindéim COVID-19 agus “paindéim an fhiachais” a bhaineann léi ba chúis leo.

Leasú 433

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17b)

Ba cheart don Choimisiún, don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa oibriú le tríú tíortha chun glacadh fhorálacha Threoir 2003/87/CE maidir le gníomhaíochtaí muiriompair a éascú agus chun comhar idirnáisiúnta sa réimse sin a neartú. Ag an am céanna, ba cheart don Choimisiún, don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa oibriú chun bearta domhanda a neartú trí IMO.

Leasú 434

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17c)

Tá gá le hacmhainní suntasacha airgeadais chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus tá an tAontas fós tiomanta do rannchuidiú le sprioc na dtíortha forbartha USD 100 billiún ó fhoinsí éagsúla a shlógadh go comhpháirteach gach bliain ag tosú ó 2020 chun tacú le tíortha atá i mbéal forbartha. Is céim sa treo ceart é an cinneadh a rinneadh ag COP24 maidir le sprioc níos uaillmhéine a bheith ann ó 2025 ar aghaidh, a rachaidh níos faide ná an gealltanas atá ann faoi láthair, ach ní leor na gealltanais iarbhír ó thíortha atá i mbéal forbartha chun an sprioc chomhchoiteann a bhaint amach, agus ba cheart an bhearna atá ann mar thoradh air sin a líonadh. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí maoiniú idirnáisiúnta um an athrú aeráide a shlógadh do thíortha atá i mbéal forbartha agus treochlár idirnáisiúnta a fhorbairt ina leagfar amach sciar cothrom gach tíre forbartha den ghealltanas airgeadais USD 100 billiún agus na sásraí chun a áirithiú go ndéanfar na gealltanais a iompú ina ngníomhaíochtaí. Ba cheart do na geilleagair atá ag teacht chun cinn ranníocaíocht a dhéanamh, ó 2025 ar aghaidh, leis an méid níos airde den mhaoiniú idirnáisiúnta aeráide amach anseo.

Leasú 435

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17d)

Ba cheart don Choimisiún cabhrú le tíortha i mbéal forbartha agus dlús a chur lena thacaíocht do na tíortha sin, lena n-áirítear trí CTA AE, chun a gcumas chun oiriúnú agus a n-athléimneacht i leith an athraithe aeráide a neartú. Dá dtabharfadh an tAontas gealltanas comhchoiteann go dtacóidh sé le gníomhaíocht ar son na haeráide i dtíortha atá i mbéal forbartha, chuirfí lena thionchar i gcaibidlíochtaí UNFCCC, agus dá ndéanfadh sé ranníocaíocht tríd an gCiste Glas don Aeráid, spreagfaí tíortha eile cuid den ioncam óna scéimeanna praghsála carbóin féin a ranníoc leis an gciste sin. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ina ndéanann sé scrúdú ar na riachtanais dícharbónaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha trí mheasúnú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnálacha a chomhfhreagraíonn do na hearnálacha a chumhdaítear faoi CTA AE agus faoin Sásra um Choigeartú Carbóin ar Theorainneacha.

Leasú 436

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17e)

Is iad an tAontas agus a Bhallstáit a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú poiblí don aeráid ar fáil. Tá sé ríthábhachtach gníomhaíocht ar son na haeráide a mhaoiniú, toisc go bhfuil rannchuidithe coinníollacha arna gcinneadh go náisiúnta ag go leor tíortha atá i mbéal forbartha, a bhfuil a mbaint amach ag brath ar thacaíocht airgeadais. Ba cheart don Choimisiún tacú le tíortha atá i mbéal forbartha maidir le dícharbónú a dtionscal, go háirithe sna hearnálacha sin a chomhfhreagraíonn do na hearnálacha a chumhdaítear faoi CTA AE agus faoin Sásra um Choigeartú Carbóin ar Theorainneacha, chun a chur ar a gcumas spriocanna laghdaithe astaíochtaí ar fud an gheilleagair a bhaint amach i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Ba cheart tosaíocht ar leith a thabhairt d’aghaidh a thabhairt ar riachtanais na dtíortha is lú forbairt trí úsáid lamháltais CTA AE chun gníomhaíocht ar son na haeráide a mhaoiniú, go háirithe oiriúnú do thionchair an athraithe aeráide.

Leasú 437

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17 f (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17f)

Beidh am agus tacaíocht airgeadais ag teastáil chun cabhlaigh long den aicme oighir a athnuachan agus teicneolaíocht nuálach a fhorbairt a laghdóidh astaíochtaí ó na longa sin agus iad ag seoltóireacht i ndálaí geimhridh. Faoi láthair, mar thoradh ar an dearadh lenar féidir longa den aicme oighir seoladh faoi dhálaí oighir, tagann níos mó astaíochtaí ó longa den sórt sin, in uisce oscailte agus nuair a bhíonn siad ag seoltóireacht i ndálaí oighir, i gcomparáid leis na hastaíochtaí a thagann ó longa de mhéid chomhchosúil atá deartha le haghaidh seoltóireacht in uisce oscailte araon. Ar an meán, ídíonn longa d’aicme oighir, agus iad ag seoltóireacht in uisce oscailte, thart ar 2 % go 5 % níos mó breosla ná longa de mhéid chomhchosúi atá deartha le haghaidh seoltóireacht in uisce oscailte amháin. Dá bhrí sin, ba cheart go gcuirfí chun feidhme faoin Treoir seo modh atá neodrach ó thaobh na brataí de chun dálaí oighir i dtuaisceart an Aontais a chur san áireamh, á cheadú do chuideachtaí loingseoireachta laghdú lamháltas a thabhairt suas ar bhonn aicme oighir a gcuid long, nó ar bhonn loingseoireacht faoi dhálaí oighir, nó an dá bhonn, go dtí an 31 Nollaig 2029. Mar thoradh air sin, ó 2030 ar aghaidh, ba cheart go mbeadh cuideachtaí loingseoireachta faoi dhliteanas liúntais a thabhairt suas arb ionann iad agus céad faoin gcéad (100 %) d’astaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear do gach bliain faoi seach d’ainneoin aicme oighir agus loingseoireacht a gcuid long i ndálaí oighir. Ba cheart tacaíocht shonrach a bheith ann freisin don nuálaíocht maidir le dícharbónú long d’aicme oighir trí Chiste Aigéin.

Leasú 438

Togra le haghaidh treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Ba cheart forálacha Threoir 2003/87/CE maidir le gníomhaíochtaí muiriompair a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí arna ndéanamh amach anseo chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear an dara athbhreithniú domhanda in 2028, agus an t-athbhreithniú a dhéanfar gach 5 bliana ina dhiaidh sin, a bheidh mar bhonn do rannchuidithe comhleanúnacha arna gcinneadh go náisiúnta. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún an dul chun cinn sna cainteanna IMO a bhaineann le beart domhanda margadhbhunaithe a thuairisciú aon am roimh an dara athbhreithniú domhanda in 2028 – agus tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2028, dá bhrí sin – do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ina thuarascáil, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar ionstraimí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta agus, measúnú a dhéanamh, de réir mar is ábhartha, ar na bealaí inar féidir na hionstraimí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí Threoir 2003/87/CE a athbhreithniú. Ina thuarascáil , ba cheart don Choimisiún tograí a chur san áireamh de réir mar is iomchuí .

(18)

Ba cheart forálacha Threoir 2003/87/CE maidir le gníomhaíochtaí muiriompair a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus iarrachtaí arna ndéanamh amach anseo chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, lena n-áirítear an dara athbhreithniú domhanda in 2028, agus an t-athbhreithniú a dhéanfar gach 5 bliana ina dhiaidh sin, a bheidh mar bhonn do rannchuidithe comhleanúnacha arna gcinneadh go náisiúnta. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún an dul chun cinn sna cainteanna IMO a bhaineann le beart domhanda margadhbhunaithe a thuairisciú aon am roimh an dara athbhreithniú domhanda in 2028 – agus tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2028, dá bhrí sin – do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ina thuarascáil, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar ionstraimí na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta agus, measúnú a dhéanamh, de réir mar is ábhartha, ar na bealaí inar féidir na hionstraimí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí Threoir 2003/87/CE a athbhreithniú. I  gcás inar ghlacadh beart a bhí bunaithe ar an margadh domhanda ar leibhéal IMO as ar eascair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus atá inchomparáide ar a laghad leis na laghduithe a eascraíonn as bearta an Aontais, ba cheart don Choimisiún breathnú ar laghdú comhréireach a dhéanamh ar raon feidhme chur i bhfeidhm bhearta an Aontais chun cruthú ualaigh dhúbailte a sheachaint, agus caoga faoin gcéad (50 %) ar a laghad de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit, agus caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit á gcoinneáil faoi raon feidhme CTA AE, agus ceannasacht an Aontais á haithint maidir lena sciar d’astaíochtaí ó mhuiraistir idirnáisiúnta loingseoireachta a rialú i gcomhréir le hoibleagáidí Chomhaontú Pháras Mar sin féin, i gcás nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach ar leibhéal IMO nó inar glacadh bearta domhanda ar leibhéal IMO nach bhfuil i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus inchomparáide ar a laghad leis na bearta sin a eascraíonn as bearta an Aontais, ba cheart don Choimisiún bearta an Aontais a choinneáil chun go gcumhdófaí céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus atá a thagann isteach i gcalafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit trí leasú a dhéanamh ar Threoir 2003/87/CE.

Leasú 439

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

Ba cheart don Choimisiún feidhmiú Threoir 2003/87/CE a athbhreithniú maidir le gníomhaíochtaí muiriompair i bhfianaise taithí ar a cur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cleachtais a bhféadfadh cleachtais éalaitheacha a bheith iontu, agus ba cheart dó bearta a mholadh ansin chun a héifeachtacht a áirithiú.

(19)

Ba cheart don Choimisiún feidhmiú Threoir 2003/87/CE a athbhreithniú maidir le gníomhaíochtaí muiriompair i bhfianaise taithí ar a cur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le cleachtais a bhféadfadh cleachtais éalaitheacha a bheith iontu, agus ba cheart dó bearta a mholadh ansin chun a héifeachtacht a áirithiú , agus iad ailínithe le cuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis sin astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus i gcuspóirí Chomhaontú Pháras.

Leasú 440

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)

Maidir leis an gcuideachta loingseoireachta, a shainmhínítear mar an longúinéir nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht as oibriú na loinge ón longúinéir; agus a chomhaontaigh, ar ghlacadh na freagrachta sin, dul i gceann na ndualgas agus na bhfreagrachtaí go léir arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, ba cheart í a bheith ar an duine nó an eagraíocht atá freagrach as CTA AE a chomhlíonadh. Tá an sainmhíniú seo bunaithe ar an sainmhíniú ar “chuideachta” in Airteagal 3, pointe (d) de Rialachán (AE) 2015/757, agus i gcomhréir leis an gcóras bailithe sonraí domhanda arna bhunú ag IMO in 2016. I gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as , d’fhéadfadh an chuideachta, trí bhíthin socraithe chonarthaigh, an t-eintiteas atá freagrach go díreach as na cinntí a dhéanann difear d’astaíochtaí CO2 na loinge a choinneáil cuntasach maidir leis na costais chomhlíonta faoin Treoir seo. Is iondúil gurbh é an t-eintiteas seo an t-eintiteas a bheadh freagrach as rogha breosla , bealach agus luas na loinge.

(20)

Maidir leis an gcuideachta loingseoireachta, a shainmhínítear mar an longúinéir nó aon eagraíocht nó duine eile, amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht as oibriú na loinge ón longúinéir; agus a chomhaontaigh, ar ghlacadh na freagrachta sin, dul i gceann na ndualgas agus na bhfreagrachtaí go léir arna bhforchur leis an gCód Idirnáisiúnta um Bainistíocht Sábháilteachta, ba cheart í a bheith ar an duine nó an eagraíocht atá freagrach as CTA AE a chomhlíonadh. Tá an sainmhíniú seo bunaithe ar an sainmhíniú ar “chuideachta” in Airteagal 3, pointe (d) de Rialachán (AE) 2015/757, agus i gcomhréir leis an gcóras bailithe sonraí domhanda arna bhunú ag IMO in 2016. Ní bhíonn an chuideachta loingseoireachta freagrach i gcónaí, áfach, as an mbreosla a cheannach ná as cinntí oibríochtúla a dhéanamh a dhéanann difear d’astaíochtaí gas ceaptha teasa na loinge. Is féidir le heintiteas seachas an chuideachta loingseoireachta na freagrachtaí sin a ghlacadh chuige féin faoi shocrú conarthach. Sa chás sin, chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus chun glacadh beart éifeachtúlachta agus breoslaí níos glaine a spreagadh, ba cheart clásal ceangailteach a áireamh sna socruithe sin chun críche na costais a chur ar aghaidh ionas go mbeidh an t-eintiteas atá freagrach ar deireadh as na cinntí a dhéanann difear d’astaíochtaí gas ceaptha teasa na loinge cuntasach as na costais chomhlíonta arna n-íoc ag an gcuideachta loingseoireachta faoin Treoir seo a chumhdach. Is iondúil gurbh é an t-eintiteas sin an t-eintiteas a bheadh freagrach as rogha agus ceannach an bhreosla a úsáideann an long , nó as oibriú na loinge, mar shampla, maidir leis an lastas atá á iompar ag an long a roghnú nó bealach agus luas na loinge a roghnú.

Leasú 441

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20a)

Chomh fada agus a bhaineann le haistriú rathúil go loingseoireacht astaíochtaí nialasacha, tá gá le cur chuige comhtháite agus timpeallacht iomchuí chumasúcháin chun nuálaíocht a spreagadh, i ndáil le longa agus i gcalafoirt araon. Baineann an timpeallacht chumasúcháin sin le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach i dtaighde agus nuálaíocht, bearta teicneolaíochta agus oibriúcháin chun éifeachtúlacht fuinnimh long agus calafort a fheabhsú, agus breoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia, a tháirgtear as foinsí fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear trí chonarthaí difríochta carbóin (“CCDanna”), agus teicneolaíochtaí tiomána gan astaíochta a úsáid, lena n-áirítear an bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe is gá i gcalafoirt. Ba cheart Ciste Aigéin a bhunú ó ioncaim a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair faoi CTA AE chun éifeachtúlacht fuinnimh long a fheabhsú agus chun tacú le hinfheistíocht atá dírithe ar dhícharbónú muiriompair a éascú, lena n-áirítear maidir le loingseoireacht ghearrthurais agus calafoirt, agus oiliúint agus athoiliúint an lucht saothair. Ina theannta sin, ba cheart na hioncaim a ghintear ó phionóis arna bhforchur faoi Rialachán (AE) …/… [FuelEU Maritime] a leithdháileadh ar an gCiste Aigéin mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) agus Airteagal 3gab(1) de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar thacú le tionscadail nuálacha a rannchuidíonn le himscaradh agus le cur chun feidhme Rialachán (AE) …/… [Breosla Muirí AE] chomh maith le tionscadail a bhfuil éifeacht dhearfach acu ar an mbithéagsúlacht agus a chuidíonn le laghdú a dhéanamh ar an riosca torainn, truaillithe aeir agus mhuirí.

Leasú 442

Togra le haghaidh treorach

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Chun an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta a laghdú, ba cheart do Bhallstát amháin a bheith freagrach as gach cuideachta loingseoireachta. Ba cheart don Choimisiún an chéad liosta de chuideachtaí loingseoireachta a rinne gníomhaíocht mhuirí a thagann faoi raon feidhme CTA AE a fhoilsiú, ina sonrófar an t-údarás riaracháin i leith gach cuideachta loingseoireachta. Ba cheart an liosta a thabhairt cothrom le dáta gach 2 bhliain ar a laghad chun cuideachtaí loingseoireachta a athleagan ar údarás riaracháin eile, de réir mar is ábhartha. I gcás cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát, ba cheart gurbh é an Ballstát sin a bheadh ina údarás riaracháin. I gcás cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i dtríú tír, ba cheart gurbh é an Ballstát lena mbaineann an líon measta is mó cuairteanna ar chalafort le linn aistear ag an gcuideachta loingseoireachta a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE le 2 bhliain faireacháin anuas a bheadh ina údarás riaracháin. I gcás cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i dtríú tír agus nach ndearna aon aistear a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE le 2 bhliain faireacháin anuas, ba cheart gurbh é an Ballstát ónar thosaigh an chuideachta loingseoireachta a chéad aistear a thagann faoin raon feidhme na treorach sin a bheadh ina údarás riaracháin. Ba cheart don Choimisiún liosta cuideachtaí loingseoireachta a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn débhliantúil ina sonrófar an t-údarás riaracháin le haghaidh gach cuideachta loingseoireachta. Chun a áirithiú go láimhseáiltear cuideachtaí loingseoireachta go cothrom, ba cheart do Bhallstáit rialacha comhoiriúnaithe maidir le riaradh cuideachtaí loingseoireachta a bhfuil siad freagrach astu a leanúint, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe atá le bunú ag an gCoimisiún.

(21)

Chun an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí loingseoireachta a laghdú, ba cheart do Bhallstát amháin a bheith freagrach as gach cuideachta loingseoireachta. Ba cheart don Choimisiún an chéad liosta de chuideachtaí loingseoireachta a rinne gníomhaíocht mhuirí a thagann faoi raon feidhme CTA AE a fhoilsiú, ina sonrófar an t-údarás riaracháin i leith gach cuideachta loingseoireachta. Ba cheart an liosta a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus gach bliain ar a laghad chun cuideachtaí loingseoireachta a athleagan ar údarás riaracháin eile, de réir mar is ábhartha. I gcás cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i mBallstát, ba cheart gurbh é an Ballstát sin a bheadh ina údarás riaracháin. I gcás cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i dtríú tír, ba cheart gurbh é an Ballstát lena mbaineann an líon measta is mó cuairteanna ar chalafort le linn aistear ag an gcuideachta loingseoireachta a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE le 2 bhliain faireacháin anuas a bheadh ina údarás riaracháin. I gcás cuideachtaí loingseoireachta atá cláraithe i dtríú tír agus nach ndearna aon aistear a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE le 2 bhliain faireacháin anuas, ba cheart gurbh é an Ballstát ónar thosaigh an chuideachta loingseoireachta a chéad aistear a thagann faoin raon feidhme na treorach sin a bheadh ina údarás riaracháin. Ba cheart don Choimisiún liosta cuideachtaí loingseoireachta a thagann faoi raon feidhme Threoir 2003/87/CE a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil ina sonrófar an t-údarás riaracháin le haghaidh gach cuideachta loingseoireachta. Chun a áirithiú go láimhseáiltear cuideachtaí loingseoireachta go cothrom, ba cheart do Bhallstáit rialacha comhoiriúnaithe maidir le riaradh cuideachtaí loingseoireachta a bhfuil siad freagrach astu a leanúint, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe atá le bunú ag an gCoimisiún.

Leasú 443

Togra le haghaidh treorach

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

Bunaithe ar thaithí ar chúraimí cosúil leo a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) nó d’eagraíocht ábhartha eile, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena sainordú, cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na húdaráis riaracháin i leith chur chun feidhme Threoir 2003/87/CE. De bharr a thaithí maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/757 agus a uirlisí TF, d’fhéadfadh ESMA cúnamh a thabhairt do na húdaráis riaracháin go háirithe maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí a ghintear le gníomhaíochtaí muiriompair a thagann faoi raon feidhme na treorach seo trí mar shampla an malartú faisnéise a éascú nó trí threoirlínte agus critéir a fhorbairt.

(24)

Bunaithe ar thaithí ar chúraimí cosúil leo a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) nó d’eagraíocht ábhartha eile, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena sainordú, cúnamh a thabhairt don Choimisiún agus do na húdaráis riaracháin i leith chur chun feidhme Threoir 2003/87/CE. De bharr a thaithí maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2015/757 agus a uirlisí TF, ba cheart do ESMA cúnamh a thabhairt do na húdaráis riaracháin go háirithe maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí a ghintear le gníomhaíochtaí muiriompair a thagann faoi raon feidhme na treorach seo trí mar shampla an malartú faisnéise a éascú nó trí threoirlínte agus critéir a fhorbairt.

Leasú 444

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)

Ní mór do laghdú 61 % i gcomparáid le 2005 teacht ar astaíochtaí na n-earnálacha atá cumhdaithe ag CTA AE chun cuspóir laghdaithe astaíochtaí an Aontais le haghaidh 2030 a bhaint amach. Ní mór cainníocht lamháltas CTA AE ar fud an Aontais a laghdú chun an comhartha fadtéarmach faoi phraghas an charbóin is gá a chruthú agus chun an leibhéal seo dícharbónaithe a thiomáint. Chuige sin, ba cheart an fachtóir laghdaithe línigh a mhéadú, agus cuimsiú astaíochtaí ó mhuiriompar á chur san áireamh freisin. Ba cheart an comhartha fadtéarmach faoi phraghas an charbóin a dhíorthú ó na hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair a tuairiscíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757 le haghaidh 2018 agus 2019 san Aontas, arna choigeartú, ón mbliain 2021 ar aghaidh, de réir an fhachtóra laghdaithe línigh.

(26)

Chun sprioc laghdaithe astaíochtaí an Aontais do 2030 a bhaint amach, agus, ag an am céanna, sprioc Chomhaontú Pháras an téamh domhanda a theorannú go 1,5  oC a shaothrú, éileofar laghdú suntasach ar astaíochtaí na n-earnálacha a chumhdaítear le CTA AE. Ní mór cainníocht lamháltas CTA AE ar fud an Aontais a laghdú chun an comhartha fadtéarmach faoi phraghas an charbóin is gá a chruthú agus chun an leibhéal seo dícharbónaithe a thiomáint. Chuige sin, ba cheart an fachtóir laghdaithe bliantúil a mhéadú, agus cuimsiú astaíochtaí ó mhuiriompar á chur san áireamh freisin. Ba cheart an comhartha fadtéarmach faoi phraghas an charbóin a dhíorthú ó na hastaíochtaí ó ghníomhaíochtaí muiriompair a tuairiscíodh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757 le haghaidh 2018 agus 2019 san Aontas, arna choigeartú, ón mbliain 2021 ar aghaidh, de réir an fhachtóra laghdaithe línigh.

Leasú 445

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)

Ag cur san áireamh go leasaítear Treoir 2003/87/CE leis an Treoir seo i leith tréimhse chur chun feidhme atá tosaithe an 1 Eanáir 2021 cheana féin, ar son cúiseanna intuarthachta, éifeachtachta comhshaoil agus simplíochta, ba cheart do chonair laghdaithe línigh níos géire CTA AE a bheith ina líne dhíreach ó 2021 go dtí 2030, chun laghduithe astaíochtaí in CTA AE de 61 % a bhaint amach faoi 2030, mar an chéim iomchuí, idirmheánach chun aeráidneodracht ar fud gheilleagar an Aontais in 2050 a bhaint amach. Toisc nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag an bhfachtóir laghdaithe línigh ach ón mbliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na treorach seo, ba cheart laghdú aonuaire ar chainníocht na lamháltas an chainníocht iomlán lamháltas a laghdú ionas go mbeidh sí i gcomhréir leis an leibhéal laghdaithe bhliantúil seo arna ndéanamh ó 2021 ar aghaidh.

(27)

Agus é á chur san áireamh go leasaítear Treoir 2003/87/CE leis an Treoir seo i ndáil le tréimhse cur chun feidhme a thosaigh cheana an 1 Eanáir 2021, ar chúiseanna a bhaineann le hintuarthacht, éifeachtacht chomhshaoil agus simplíocht, ba cheart go ndéanfaí treoir shoiléir a sholáthar sa chonair ghéarlaghdaithe atá ag CTA AE chun sprioc Chomhaontú Pháras agus neodracht aeráide uile-gheilleagair an Aontais a bhaint amach in 2050 ar a dhéanaí. Toisc nach bhféadfaidh feidhm a bheith ag an bhfachtóir laghdaithe ach ón mbliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na treorach seo, ba cheart laghdú aonuaire ar chainníocht na lamháltas an chainníocht iomlán lamháltas a laghdú ionas go mbeidh sí i gcomhréir leis an leibhéal laghdaithe bhliantúil seo arna ndéanamh ó 2021 ar aghaidh.

Leasú 446

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)

Chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, beidh gá le hacmhainní poiblí substaintiúla san Aontas chomh maith le buiséid náisiúnta a thiomnú don aistriú aeráide. Chun caiteachas substaintiúil a bhaineann leis an aeráid a chomhlánú agus a dhaingniú i mbuiséad an Aontais, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid. Áirítear leis sin úsáid na tacaíochta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam trí chánacha saofa a laghdú. De bhreis air sin, chun dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe i mBallstáit ar ioncam íseal, ba cheart méid breise 2,5  % den chainníocht lamháltas ar fud an Aontais ó [bliain theacht i bhfeidhm na treorach] go dtí 2030 a úsáid chun aistriú fuinnimh na mBallstát sin arb ísle a n-olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ná 65 % de mheán an Aontais in 2016-2018 a chistiú tríd an gCiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE.

(28)

Chun an uaillmhian mhéadaithe aeráide a bhaint amach, beidh gá le hacmhainní poiblí agus príobháideacha substaintiúla san Aontas chomh maith le buiséid náisiúnta a thiomnú don aistriú aeráide. Chun caiteachas substaintiúil a bhaineann leis an aeráid a chomhlánú agus a dhaingniú i mbuiséad an Aontais, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais i bhfoirm acmhainní dílse, a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid, agus ag an am céanna aistriú cothrom agus sláine chomhshaoil na ngníomhaíochtaí a rinneadh a áirithiú. Áirítear leis sin úsáid na tacaíochta airgeadais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam trí chánacha saofa a laghdú. Chun comhlíonadh agus grinnscrúdú poiblí a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit pleananna ex-ante a ghlacadh maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu úsáid a bhaint as ioncaim CTA AE i gcomhréir lena spriocanna aeráide agus fuinnimh faoi seach, agus ba cheart dóibh tuairisciú bliantúil a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as ioncaim cheantála i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1a). De bhreis air sin, chun dul i ngleic le héifeachtaí dáileacháin agus sóisialta an aistrithe sna críocha is mó atá buailte leis, ba cheart méid breise 2,5  % den chainníocht lamháltas ar fud an Aontais ó [bliain theacht i bhfeidhm na treorach] go dtí 2030 a úsáid chun aistriú fuinnimh na mBallstát sin arb ísle a n-olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ná 65 % de mheán an Aontais in 2016-2018 a chistiú tríd an gCiste don Nuachóiriú dá dtagraítear in Airteagal 10d de Threoir 2003/87/CE.

Leasú 447

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a)

Ó 2013 i leith, tá sé d’oibleagáid ar tháirgeoirí leictreachais na lamháltais ar fad atá de dhíth orthu chun leictreachas a ghiniúint a cheannach. Mar sin féin, choinneáil roinnt Ballstát an rogha a bheith in ann leanúint de leithdháileadh idirthréimhseach saor in aisce a sholáthar chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú sna tréimhsí ó 2013 go 2020 agus ó 2021 go 2030. Don tréimhse ó 2021 go 2030, ní bheidh an rogha sin ach ag trí Bhallstát. Mar sin féin, ina Tuarascáil Speisialta 18/2020 dar teideal “The EU”s Emissions Trading System: free allocation of allowances needed better targeting’ [Córas AE i ndáil le trádáil astaíochtaí: bhí gá le spriocdhíriú níos fearr ar leithdháileadh lamháltas saor in aisce], chinn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa nár rannchuidigh leithdháileadh idirthréimhseach saor in aisce le déine carbóin a laghdú san earnáil fuinnimh do thíortha is incháilithe do leithdháileadh saor in aisce sin sa tréimhse ó 2013 go 2020. I bhfianaise an ghá atá le dícharbónú tapa, go háirithe san earnáil fuinnimh, agus éifeachtacht theoranta an leithdháilte idirthréimhsigh saor in aisce sin, is cosúil nach bhfuil an rogha maidir le leithdháileadh idirthréimhseach saor in aisce do nuachóiriú na hearnála fuinnimh oiriúnach don fheidhm a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart an rogha sin a scor de bheith ar fáil agus ba cheart aon lamháltais a eascraíonn as feidhmiú na rogha sin nach ndéantar a leithdháileadh ar oibreoirí sna Ballstáit lena mbaineann faoin 31 Nollaig 2023 a chur le cainníocht iomlán na lamháltas a fhaigheann an Ballstát lena mbaineann le haghaidh ceantála, nó ba cheart iad a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí laistigh de chreat an Chiste don Nuachóiriú.

Leasú 448

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28b)

Ba cheart sciar dea-shainithe den ioncam ceantála faoin CTA AE athchóirithe agus leathnaithe a úsáid mar acmhainn dhílis chun buiséad an Aontais a mhaoiniú mar ioncam ginearálta, i gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020  (1a) maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus atá ceangailteach ó thaobh dlí, agus ina bhfuil treochlár chun ciseán d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, lena n-áirítear, inter alia, acmhainní dílse bunaithe ar CTA AE agus bunaithe ar an Sásra um Choigeartú Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) agus Colún a hAon de Chomhaontú OECD/G20. Faoin gComhaontú sin, tá sé beartaithe na hacmhainní dílse nua sin a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023. Nascfadh acmhainní dílse nua buiséad an Aontais le tosaíochtaí beartais an Aontais amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus rannchuidiú an Aontais leis an gcánachas cothrom, agus sa tslí sin cuirfear luach leo agus cuirfear leis na cuspóirí um phríomhshruthú aeráide, le haisíoc fhiacha Ionstraim Théarnaimh an AE agus athléimneacht bhuiséad an Aontais mar uirlis le haghaidh infheistíochtaí agus ráthaíochtaí lena n-urramaítear an prionsabal “gan dochar suntasach” agus na luachanna bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Leasú 449

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28c)

I gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) , tá sé de cheangal dlíthiúil ar an Aontas go n-aisíocfaí na dliteanais uile arna dtabhú ag an gcumhachtú eisceachtúil agus sealadach maidir le cistí a fháil ar iasacht faoi Next Generation EU faoin 31 Nollaig 2058 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, chun gur féidir cloí leis an gComhaontú Idirinstitiúideach atá ceangailteach agus leis an treochlár maidir le ciseán d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach a bhfuil beartaithe leo fiachas an Aontais a aisíoc, ba cheart sciar d’ioncam CTA AE a fhabhrú chuig buiséad an Aontais chun cuidiú leis na costais iasachtaíochta a chumhdach mar a chumhdaítear iad i [Cinneadh ón gComhairle …/… lena leasaítear Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh] agus chun cosc a chur ar laghduithe suntasacha a dhéanfadh dochar do chláir an Aontais sna Creataí Airgeadais Ilbhliantúla a bheidh ann amach anseo.

Leasú 450

Togra le haghaidh treorach

Aithris 28 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28d)

Ba cheart na méideanna móra ioncaim a ghintear le CTA AE athneartaithe, a choinníonn na Ballstáit, cé is moite den sciar a leithdháiltear ar bhuiséad an Aontais, a úsáid chun críocha an aistrithe aeráide. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh dochair d’aontacht, d’éifeachtacht, do shláine agus do rialú daonlathach bhuiséad an Aontais, as raon feidhme níos leithne an chur i bhfeidhm ná as raon níos éagsúla idirghabhálacha.

Leasú 451

Togra le haghaidh treorach

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)

Ba cheart dreasachtaí breise a sholáthar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ach teicnící costéifeachtacha a úsáid. Chuige sin, ba cheart leithdháileadh lamháltas astaíochtaí saor in aisce do shuiteálacha do-aistrithe ó 2026 ar aghaidh a chur de choinníoll ar infheistíochtaí a dhéanamh i dteicnící chun cur leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus chun astaíochtaí a laghdú. Trína áirithiú go ndírítear é seo ar úsáideoirí fuinnimh níos mó thiocfadh laghdú substaintiúil ar an ualach atá ar ghnólachtaí a úsáideann níos lú fuinnimh, a bhféadfaí gur le fiontair bheaga agus mheánmhéide nó le micrifhiontair iad. [Tá an tagairt le deimhniú leis an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh athbhreithnithe]. Ba cheart na gníomhartha tarmligthe ábhartha a choigeartú dá réir sin.

(29)

Ba cheart dreasachtaí breise a sholáthar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ach teicnící costéifeachtacha a úsáid. Chuige sin, ba cheart córas bonus-malus a thabhairt isteach chun sciar an leithdháilte saor in aisce a chinneadh. Maidir le suiteálacha a bhfuil a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa os cionn na luachanna tagarmhairc ábhartha, ba cheart méid an leithdháilte lamháltas astaíochtaí saor in aisce ó 2026 ar aghaidh a bheith éagsúil i gcomhréir le cur chun feidhme plean bunaithe go cuí maidir leis an dícharbónú. Os a choinne sin, maidir le suiteálacha a bhfuil a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi na luachanna tagarmhairc ábhartha, ba cheart go bhfaigheadh siad dreasacht i bhfoirm leithdháileadh saor in aisce sa bhreis.

Leasú 676

Togra le haghaidh treorach

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)

Is éard atá i gceist le Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT), arna bhunú faoi Rialachán (AE) […./..] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51), sásra malartach in ionad leithdháileadh saor in aisce chun dul i ngleic le riosca sceite carbóin. A mhéid atá earnálacha agus fo-earnálacha cumhdaithe faoin mbeart sin, níor cheart dóibh leithdháileadh saor in aisce a fháil. Is gá deireadh idirthréimhseach a chur le lamháltais saor in aisce céim ar chéim, áfach, chun ligean do tháirgeoirí, allmhaireoirí agus trádálaithe dul i dtaithí ar an gcóras nua. Ba cheart laghdú an leithdháilte saor in aisce a chur chun feidhme trí fhachtóir a chur i bhfeidhm sa leithdháileadh saor in aisce le haghaidh earnálacha SCCT, de réir mar a chéimneofar SCCT isteach. Ba cheart don chéatadán sin (an fachtóir SCCT) a bheith cothrom le 100 % le linn na hidirthréimhse idir teacht i bhfeidhm [Rialachán SCCT] agus 2025, 90 % in 2026 agus ba cheart é a laghdú faoi 10 bpointe céatadáin in aghaidh na bliana chun go mbainfidh sé 0 % amach agus deireadh a chur le leithdháileadh saor in aisce faoin deichiú bliain ar an mbealach sin. Ba cheart na gníomhartha tarmligthe ábhartha maidir le leithdháileadh saor in aisce a choigeartú dá réir sin le haghaidh na n-earnálacha agus na bhfo-earnálacha atá cumhdaithe ag SCCT. Ní mór an leithdháileadh saor in aisce nach soláthraítear d’earnálacha SCCT a thuilleadh bunaithe ar an ríomh seo (éileamh SCCT) a chur ar ceant agus fabhrófar na hioncaim chuig an gCiste don Nuálaíocht, d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, gabháil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (“CCU”), gabháil agus stóráil gheolaíoch carbóin (“CCS”), fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leisan athrú aeráide a mhaolú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail in earnálacha SCCT. Chun cloí leis an sciar den leithdháileadh saor in aisce atá ar fáil le haghaidh earnálacha nach n-áirítear le SCCT, ba cheart an méid deiridh atá le baint ón leithdháileadh saor in aisce agus atá le cur ar ceant a ríomh bunaithe ar an sciar a léirítear le héileamh SCCT i leith riachtanais maidir le leithdháileadh saor in aisce gach earnála a fhaigheann leithdháileadh saor in aisce.

(30)

Is éard atá i gceist le Sásra Coigeartaithe Teorann Carbóin (SCCT), arna bhunú faoi Rialachán (AE) […./..] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (51) , sásra malartach a thairiscint de réir a chéile in ionad leithdháileadh saor in aisce chun dul i ngleic le riosca sceite carbóin gan an bonn a bhaint d’iomaíochas an Aontais. A mhéid atá earnálacha agus fo-earnálacha cumhdaithe faoin mbeart sin, níor cheart dóibh leithdháileadh saor in aisce a fháil. Is gá deireadh idirthréimhseach a chur le lamháltais saor in aisce céim ar chéim, áfach, chun ligean do tháirgeoirí, allmhaireoirí agus trádálaithe dul i dtaithí ar an gcóras nua. Ba cheart laghdú an leithdháilte saor in aisce a chur chun feidhme trí fhachtóir a chur i bhfeidhm sa leithdháileadh saor in aisce le haghaidh earnálacha SCCT, de réir mar a chéimneofar SCCT isteach. Ba cheart an céatadán sin (fachtóir SCCT) a bheith cothrom le 100 % le linn na hidirthréimhse idir teacht i bhfeidhm [Rialachán SCCT] agus deireadh 2026, agus, ag brath ar chur i bhfeidhm Airteagal 36(3), pointe (d), de Rialachán (AE)…/… [Rialachán SCCT], ba cheart é a laghdú 7 bpointe céatadáin in 2027, 9 bpointe céatadáin in 2028, 15 phointe céatadáin in 2029, 19 bpointe céatadáin in 2030, 25 phointe céatadáin in 2031 agus 25 phointe céatadáin in 2032, rud a fhágann gur cuireadh deireadh le saor-leithdháileadh faoi 2032. Chun iomaíochas onnmhairí an Aontais a chosaint, ba cheart leanúint de leithdháileadh saor in aisce a fháil i dtáirgeadh na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán [SCCT] san Aontas, ar choinníoll go dtáirgtear na táirgí sin lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha gan sásraí praghsála carbóin atá cosúil le CTA AE. Faoi cheann [bliainamháin roimh dheireadh na hidirthréimhse mar a leagtar amach i Rialachán [SCCT]], ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thíolacadh ina ndéanfar measúnú ar éifeachtaí CTA AE agus SCCT ar tháirgeadh táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán [SCCT] a tháirgtear le haghaidh onnmhairiú chuig tríú tíortha agus maidir le forbairt astaíochtaí domhanda, chomh maith le measúnú ar chomhoiriúnacht an mhaolaithe le haghaidh onnmhairithe san Aontas ar tháirgí iad a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán [SCCT] a tháirgtear le haghaidh gléasraí a d“fhéadfadh a bheith á n-onnmhairiú chuig tríú tíortha agus ar fhorbairt astaíochtaí domhanda, agus measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le honnmhairithe, sásraí coigeartaithe onnmhairiúcháin a d”fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha a bhaineann leis an 10 % de thograí ón gCoimisiún agus bearta oiriúnacha CO2 a chur isteach i gcás na tríú tíortha atá éagsúil le chéile. Ba cheart na gníomhartha tarmligthe ábhartha maidir le leithdháileadh saor in aisce a choigeartú dá réir sin le haghaidh na n-earnálacha agus na bhfo-earnálacha atá cumhdaithe ag SCCT. Ní mór an leithdháileadh saor in aisce nach soláthraítear d’earnálacha SCCT a thuilleadh bunaithe ar an ríomh seo (éileamh SCCT) a chur ar ceant agus fabhrófar na hioncaim chuig an gCiste Infheistíochta Aeráide, d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, gabháil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (“CCU”), gabháil agus stóráil gheolaíoch carbóin (“CCS”), fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thionscadail in earnálacha SCCT. Chun cloí leis an sciar den leithdháileadh saor in aisce atá ar fáil le haghaidh earnálacha nach n-áirítear le SCCT, ba cheart an méid deiridh atá le baint ón leithdháileadh saor in aisce agus atá le cur ar ceant a ríomh bunaithe ar an sciar a léirítear le héileamh SCCT i leith riachtanais maidir le leithdháileadh saor in aisce gach earnála a fhaigheann leithdháileadh saor in aisce.

Leasú 454

Togra le haghaidh treorach

Aithris 30 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30a)

Is sásra é an Sásra um Choigeartú Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) a thugann aghaidh ar an riosca sceitheadh carbóin trí phraghas aonfhoirmeach a chur i bhfeidhm ar astaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Maidir le hearraí a tháirgtear san Aontas agus atá beartaithe le honnmhairiú go tríú tíortha, ba cheart go ndéanfaí faireachán ar an riosca, go ndéanfaí é a chosc agus aghaidh a thabhairt air i gcás earraí atá níos déine ó thaobh carbóin de a bheith curtha ar an margadh domhanda ina n-ionad. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán agus measúnú leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht SCCT i bhfianaise an riosca sceite carbóin ar mhargaí onnmhairithe, lena n-áirítear forbairt onnmhairí an Aontais in earnálacha SCCT agus na forbairtí maidir le sreafaí trádála agus astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin ar an margadh domhanda. I gcás ina mbraitear riosca sceite carbóin, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceitheadh carbóin sin ar mhargaí onnmhairithe ar bhealach a chomhlíonann rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas “cumann carbóin” idirnáisiúnta a bhunú go gníomhach agus ba cheart dó dul i mbun comhair idirnáisiúnta go leanúnach maidir le sásraí praghsála carbóin a thabhairt isteach. Ó thaobh an domhain mhóir de, tá sé ríthábhachtach go n-éireoidh le margadh carbóin na hEorpa agus spreagfar níos mó tíortha le praghsáil charbóin atá bunaithe ar an margadh a thabhairt isteach. Ba cheart don Choimisiún tuilleadh anailíse a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí naisc a bhunú le margaí carbóin eile agus a áirithiú ag an am céanna go mbainfear amach sprioc aeráide an Aontais féin ar fud an gheilleagair.

Leasú 455

Togra le haghaidh treorachtreorach

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)

Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar dhul chun cinn teicneolaíochta agus chun na luachanna tagarmhairc comhfhreagracha a choigeartú ar an tréimhse ábhartha leithdháilte fad agus atá dreasachtaí laghdaithe astaíochtaí á n-áirithiú agus cúiteamh ceart á thabhairt don nuálaíocht, ba cheart uaschoigeartú na luachanna tagarmhairc a mhéadú ó 1,6  % go dtí 2,5  % in aghaidh na bliana. Don tréimhse ó 2026 go 2030, ba cheart na luachanna tagarmhairc a choigeartú laistigh de réimse 4 % go dtí 50 % dá réir sin i gcomparáid leis an luach is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020.

(31)

Chun léiriú níos fearr a thabhairt ar dhul chun cinn teicneolaíochta agus chun na luachanna tagarmhairc comhfhreagracha a choigeartú ar an tréimhse ábhartha leithdháilte fad agus atá dreasachtaí laghdaithe astaíochtaí á n-áirithiú agus cúiteamh ceart á thabhairt don nuálaíocht, ba cheart uaschoigeartú na luachanna tagarmhairc a mhéadú ó 1,6  % go dtí 2,5  % in aghaidh na bliana. Don tréimhse ó 2026 go 2030, ba cheart na luachanna tagarmhairc a choigeartú laistigh de réimse 8 % go dtí 50 % dá réir sin i gcomparáid leis an luach is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020. Ba cheart na luachanna coigeartaithe tagarmhairc a fhoilsiú a luaithe a bheidh an fhaisnéis is gá ar fáil, agus tráth nach déanaí ná… [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo] ionas go mbeidh na luachanna coigeartaithe tagarmhairc sin infheidhme ó 2026.

Leasú 456

Togra le haghaidh treorach

Aithris 31 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31a)

Na costais shuntasacha indíreacha a thabhaítear as costais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thugtar ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais, bíonn siad ina gcúis le riosca sceitheadh carbóin in earnálacha áirithe. Chun an riosca sin a mhaolú, ba cheart do na Ballstáit bearta airgeadais a ghlacadh maidir le cúiteamh ar chostais indíreacha. Ba cheart do na bearta sin a bheith i gcomhréir leis na rialacha maidir leis an Státchabhair, agus níor cheart go mbeidís ina gcúis le saobhadh míchuí ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach.

Leasú 457

Togra le haghaidh treorach

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)

Tá cur chuige cuimsitheach i leith na nuálaíochta riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tacaítear leis na hiarrachtaí taighde agus nuálaíochta is gá, i measc nithe eile, trí Fhís Eorpach, ina n-áirítear cistiú suntasach agus ionstraimí nua do na hearnálacha a thagann faoi ETS. Ba cheart go n-áiritheodh Ballstáit nach gcuireann na forálacha náisiúnta trasuímh bac ar nuálaíochtaí agus go bhfuil siad neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

(32)

Tá cur chuige cuimsitheach i leith na nuálaíochta riachtanach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, tacaítear leis na hiarrachtaí taighde agus nuálaíochta is gá, i measc nithe eile, trí Fhís Eorpach, ina n-áirítear cistiú suntasach agus ionstraimí nua do na hearnálacha a thagann faoi ETS. Dá bhrí sin, ba cheart don Chiste Infheistíochta don Aeráid sineirgí a lorg le Fís Eorpach agus, i gcás inarb ábhartha, le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais. Ba cheart go n-áiritheodh Ballstáit nach gcuireann na forálacha náisiúnta trasuímh bac ar nuálaíochta, go n-éascaíonn siad torthaí eolaíochta a chur i gcrích, agus go bhfuil siad neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, agus san am céanna ba cheart don Choimisiún infhaighteacht agus éifeachtúlacht an chúnaimh theicniúil agus chomhairligh is gá a áirithiú.

Leasú 458

Togra le haghaidh treorach

Aithris 32 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(32a)

Chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119, ní mór don Aontas bearna shuntasach infheistíochta a dhúnadh dá bhforáiltear sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 dar teideal “Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú”. D’fhonn ár gcuspóir maidir le dícharbónú a bhaint amach, tá gá le nuálaíocht cheannródaíoch, teicneolaíochtaí ábhartha atá ann cheana a uas-scálú agus le haistriú deimhnithe carbóin nádúrtha. Chun tacú le dícharbónú ar fud an gheilleagair san Aontas, ba cheart aghaidh a thabhairt ar gach ceann de na trí cholún sin sa Chiste Nuálaíochta, ar cheart é a athainmniú mar an Ciste Infheistíochta Aeráide.

Leasú 459

Togra le haghaidh treorach

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33)

Ba cheart síneadh a chur le raon feidhme an Chiste don Nuálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE chun tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin a bhaineann le breoslaí a úsáidtear in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthair. Thairis sin, ba cheart don Chiste don Nuálaíocht tacú le hinfheistíochtaí chun earnáil an mhuiriompair a dhícharbónú, lena n-áirítear infheistíochtaí a dhéanamh i mbreoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia a tháirgtear ó athnuaiteáin, chomh maith le teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha ar nós teicneolaíochtaí gaoithe. Toisc go leithdháiltear ioncaim a ghintear ó phionóis a ardaítear i Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime] (19) ar an gCiste don Nuálaíocht mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go dtugtar aird chuí do thacaíocht le haghaidh tionscnamh nuálach atá ceaptha chun luas a chur faoi fhorbairt agus faoi chur chun feidhme breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin san earnáil mhuirí, mar a shonraítear in Airteagal 21(1) de Rialachán xxxx/xxxx [FuelEU Maritime]. Chun a áirithiú go bhfuil cistiú leordhóthanach ar fáil le haghaidh nuálaíochta laistigh den raon feidhme sínithe seo, ba cheart an Ciste don Nuálaíocht a fhorlíonadh le 50 milliún lamháltas, a eascraíonn go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a chur ar ceant ar shlí eile, agus go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce, i gcomhréir le sciar reatha an chistithe a sholáthraítear ó gach foinse don Chiste don Nuálaíocht.

(33)

Ba cheart síneadh a chur le raon feidhme an Chiste Infheistíochta Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) de Threoir 2003/87/CE chun tacú le suiteáil teicneolaíochtaí neamhcheannródaíocha i bpróisis thionsclaíocha a bhfuil acmhainneacht mhór choigiltis GCT acu ach nach bhfuil réidh don mhargadh mar aon leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin a bhaineann le breoslaí a úsáidtear in earnalácha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar, lena n-áirítear cineálacha coiteanna iompair. Ba cheart go bhféadfaí an Ciste Infheistíochta Aeráide úsáid freisin chun tacú le teicneolaíochtaí nuálacha ceannródaíocha in earnáil na dramhaíola. Chun a áirithiú go bhfuil cistiú leordhóthanach ar fáil le haghaidh nuálaíochta laistigh den raon feidhme sínithe seo, ba cheart an Ciste Infheistíochta Aeráide a fhorlíonadh le 50 milliún lamháltas, a eascraíonn go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a chur ar ceant ar shlí eile, agus go páirteach ó na lamháltais a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce, i gcomhréir le sciar reatha an chistithe a sholáthraítear ó gach foinse don Chiste Infheistíochta Aeráide. Chun an nuálaíocht a chothú i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha a luaithe is féidir, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar sciar den mhaoiniú a chuirtear ar fáil tríd an gCiste Infheistíochta Aeráide a “thús-ualú” le linn na chéad bhlianta de chur chun feidhme na treorach seo.

Leasú 460

Togra le haghaidh treorach

Aithris 33 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33a)

Tá ról tábhachtach ag dlús a chur le feidhmiú céimneach foinsí fuinnimh in-athnuaite intíre inbhuanaithe i bplean an Aontais a bheith neamhspleách ar bhreoslaí iontaise na Rúise i bhfad roimh 2030. Ina theannta sin, is gá cainníochtaí móra fuinnimh in-athnuaite inbhuanaithe a bheith ar fáil chun a áirithiú go laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa i bpróisis thionsclaíocha agus sa gheilleagar iomlán. Tá gá le méadú suntasach a dhéanamh ar sprioc an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite do 2030 agus ar na rannchuidithe náisiúnta coibhneasta. Dá bhrí sin, ba cheart 12 % ar a laghad de na lamháltais a chuirtear ar fáil don Chiste Infheistíochta don Aeráid a úsáid chun foinsí fuinnimh in-athnuaite inbhuanaithe a fhorbairt agus a imlonnú a thuilleadh san Aontas, i gcomhréir leis an gcéad phrionsabal maidir le héifeachtúlacht fuinnimh. Ba cheart tosaíocht a thabhairt d’fhéintáirgeadh, stóráil agus roinnt áitiúil a fhorbairt, go háirithe trí na comhphobail fuinnimh inathnuaite.

Leasú 461

Togra le haghaidh treorach

Aithris 33 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(33b)

Trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail trí mhaoiniú poiblí, chuirfeadh an Ciste Infheistíochta Aeráide buntáistí móra ar fáil do chuideachtaí chun a dtáirgí nó a seirbhísí a fhorbairt. Dá bhrí sin, ba cheart do thionscadail arna gcistiú ag an gCiste Infheistíochta Aeráide eolas a roinnt le tionscadail ábhartha eile agus le taighdeoirí atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil leas dlisteanach acu.

Leasú 462

Togra le haghaidh treorach

Aithris 35

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35)

Is gné thábhachtach iad Conarthaí Difríochta Carbóin (CCD) chun laghduithe astaíochtaí i dtionscal a spreagadh, agus iad ag cur deis ar fáil praghas a ghealladh d’infheisteoirí teicneolaíochtaí nuálacha atá neamhdhíobhálach don aeráid a chúitíonn laghduithe astaíochtaí CO2 atá níos airde ná na cinn sin a spreagtar leis na leibhéil phraghsanna faoi láthair in CTA AE. Ba cheart síneadh a chur leis an réimse beart a bhféadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacaíocht a thabhairt dó d’fhonn tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail trí thairiscintí atá iomaíoch ó thaobh praghais de, amhail Conarthaí Difríochta Carbóin. Ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar na rialacha beachta don chineál seo tacaíochta.

(35)

Is gné thábhachtach iad Conarthaí Difríochta Carbóin (CCD) chun laghduithe astaíochtaí i dtionscal a spreagadh trí nuatheicneolaíochtaí a uas-scálú, ag cur deis ar fáil praghas a ghealladh d’infheisteoirí teicneolaíochtaí nuálacha atá neamhdhíobhálach don aeráid a chúitíonn laghduithe astaíochtaí CO2 atá níos airde ná na cinn sin a spreagtar leis na leibhéil praghsanna faoi láthair in CTA AE. Ba cheart go ndéanfaí an raon beart ar féidir leis an gCiste Infheistíochta Aeráide tacú leo a leathnú chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail trí thairiscintí atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus ó thaobh praghsanna de, amhail CCDanna, agus ba cheart go n-urramófaí leo prionsabal na cothromaíochta geografaí. Sásra tábhachtach a bheadh i CCDanna chun tacú le teicneolaíochtaí dícharbónaithe a fhorbairt, amhail CCS agus CCU, agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil. Thabharfadh CCDanna cinnteacht freisin d’infheisteoirí i dteicneolaíochtaí, amhail teicneolaíochtaí gabhála carbóin. Ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh, ag díriú go háirithe ar na roghanna maidir le tacaíocht a sholáthar trí thairiscintí iomaíocha, lena n-áirítear ar na leibhéil chistiúcháin a chuirtear ar fáil. Bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe sin, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar na rialacha beachta don chineál seo tacaíochta.

Leasú 463

Togra le haghaidh treorach

Aithris 38

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(38)

Ba cheart raon feidhme an Chiste don Nuachóiriú a ailíniú le cuspóirí aeráide is déanaí an Aontais trína éileamh go bhfuil infheistíochtaí comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Rialachán (AE) 2021/1119, agus trí dheireadh a chur leis an tacaíocht d’aon infheistíocht a bhaineann le breoslaí iontaise. Thairis sin, ba cheart an céatadán den Chiste don Nuachóiriú nach mór a dhíriú ar infheistíochtaí tosaíochta a mhéadú go dtí 80 %; ba cheart díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh mar réimse tosaíochta ar thaobh an éilimh; agus ba cheart tacaíocht le haghaidh teaghlach chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear i gceantair tuaithe agus iargúlta, a chur san áireamh laistigh de raon feidhme na n-infheistíochtaí tosaíochta.

(38)

Ba cheart raon feidhme an Chiste don Nuachóiriú a ailíniú le cuspóirí aeráide is déanaí an Aontais trína éileamh go bhfuil infheistíochtaí comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus le Rialachán (AE) 2021/1119, agus trí dheireadh a chur leis an tacaíocht d’aon infheistíocht a bhaineann le breoslaí iontaise. Níor cheart tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú a dheonú ach amháin do Bhallstáit a bhfuil spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí glactha acu chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, chomh maith le bearta chun na breoslaí iontaise go léir a chéimniú amach laistigh de thréimhse a bheidh ag teacht leis na spriocanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119. Chun úsáid éifeachtúil chistí an Aontais a ráthú, ba cheart rochtain ar an gCiste don Nuachóiriú a bheith coinníollach ar urramú an smachta reachta. Thairis sin, ba cheart an céatadán den Chiste don Nuachóiriú nach mór a dhíriú ar infheistíochtaí tosaíochta a mhéadú go dtí 100 % ; ba cheart díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh mar réimse tosaíochta ar thaobh an éilimh; agus ba cheart tacaíocht le haghaidh teaghlach chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear i gceantair tuaithe agus iargúlta, a chur san áireamh laistigh de raon feidhme na n-infheistíochtaí tosaíochta.

Leasú 464

Togra le haghaidh treorach

Aithris 38 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(38a)

Leis an méadú ar phraghsanna CTA AE, tá méadú suntasach tagtha ar ioncaim ó CTA AE do na Ballstáit agus don Aontas. Ba cheart lipéad CTA AE a thabhairt isteach d’fhonn rannchuidiú ioncam CTA AE le haistriú thionscal an Aontais a aithint agus d’fhonn tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine leochaileacha san Aontas ionas go mbeidh siad in ann aistriú chuig roghanna eile nach bhfuil díobhálach don chomhshaol. Ba cheart go n-áiritheodh na Ballstáit agus an Coimisiún go léireofar go soiléir go dtagann an cistiú ó ioncaim CTA AE trí lipéad iomchuí a thaispeáint do na tionscadail agus na gníomhaíochtaí go léir a dtacaítear leo ar an leibhéal náisiúnta nó trí chistí an Aontais.

Leasú 465

Togra le haghaidh treorach

Aithris 39

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(39)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 (21) ón gCoimisiún leagtar íos rialacha maidir le faireachán ar astaíochtaí ó bhithmhais atá comhsheasmhach leis na rialacha maidir le húsáid bithmhaise a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite. De réir mar a éireoidh an reachtaíocht níos casta maidir leis na critéir inbhuanaitheachta i gcomhair bithmhaise leis na rialacha is deireanaí arna mbunú le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) , ba cheart bronnadh na gcumhachtaí cur chun feidhme in Airteagal 14(1) de Threoir 2003/87/CE a leathnú go dtí glacadh na gcoigeartuithe is gá chun critéir inbhuanaitheachta le haghaidh bithmhaise, lena n-áirítear bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a chur i bhfeidhm in CTA AE. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun a shonrú conas an stóráil ar astaíochtaí ó mheascáin de bhithmhais atá nialas-rátaithe agus de bhithmhais nach dtagann ó fhoinsí nialas-rátaithe a chur san áireamh.

(39)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 (21) ón gCoimisiún leagtar íos rialacha maidir le faireachán ar astaíochtaí ó bhithmhais atá comhsheasmhach leis na rialacha maidir le húsáid bithmhaise a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite. De réir mar a éireoidh an reachtaíocht níos casta maidir leis na critéir inbhuanaitheachta i gcomhair bithmhaise leis na rialacha is deireanaí arna mbunú le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) , ba cheart bronnadh na gcumhachtaí cur chun feidhme in Airteagal 14(1) de Threoir 2003/87/CE a leathnú go dtí glacadh na gcoigeartuithe is gá chun critéir inbhuanaitheachta le haghaidh bithmhaise, lena n-áirítear bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a chur i bhfeidhm in CTA AE. Ina theannta sin, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun a shonrú conas an stóráil ar astaíochtaí ó mheascáin de bhithmhais atá nialas-rátaithe agus de bhithmhais nach dtagann ó fhoinsí nialas-rátaithe a chur san áireamh.

Leasú 466

Togra le haghaidh treorach

Aithris 40

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40)

Féadann breoslaí in-athnuaite leachta agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a bheith tábhachtach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnálacha atá deacair a dhícharbónú. I gcás ina dtáirgtear breoslaí carbóin athchúrsáilte agus breoslaí in-athnuaite leachta agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch ó dhé-ocsaíd charbóin ghafa faoi ghníomhaíocht a chumhdaítear leis an Treoir seo, ba cheart na hastaíochtaí a chur san áireamh faoin ngníomhaíocht sin. D’fhonn a áirithiú go rannchuidíonn breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun comhaireamh dúbailte na mbreoslaí a rannchuidíonn le laghduithe a sheachaint, is iomchuí an cumhachtú in Airteagal 14(1) a leathnú go sainráite chuig glacadh na ngníomhartha cur chun feidhme ag an gCoimisiún lena leagtar síos na coigeartuithe is gá ar conas scaoileadh dé-ocsaíde carbóin faoi dheireadh a chur san áireamh agus ar conas comhaireamh dúbailte a sheachaint d’fhonn a áirithiú go bhfuil dreasachtaí iomchuí i bhfeidhm, agus láimhseáil na mbreoslaí sin á gcur san áireamh freisin faoi Threoir (AE) 2018/2001.

(40)

Féadann breoslaí in-athnuaite leachta agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a bheith tábhachtach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú in earnálacha atá deacair a dhícharbónú. D’fhonn a áirithiú go rannchuidíonn breoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun comhaireamh dúbailte na mbreoslaí a rannchuidíonn le laghduithe a sheachaint, is iomchuí an cumhachtú in Airteagal 14(1) a leathnú go sainráite chuig glacadh na ngníomhartha tarmligthe ag an gCoimisiún lena leagtar síos na coigeartuithe is gá ar conas scaoileadh dé-ocsaíde carbóin faoi dheireadh a chur san áireamh, ar bhealach lena n-áirithítear go gcuirfear na hastaíochtaí go léir san áireamh, lena n-áirítear i gcás ina dtáirgtear breoslaí den sórt sin ó dhé-ocsaíd charbóin lasmuigh den Aontas agus go n-úsáidfear iad i ngníomhaíocht a chumhdaítear leis an Treoir seo, agus ar conas comhaireamh dúbailte a sheachaint d’fhonn a áirithiú go bhfuil dreasachtaí iomchuí i bhfeidhm chun astaíochtaí a ghabháil, agus láimhseáil na mbreoslaí sin á gcur san áireamh freisin faoi Threoir (AE) 2018/2001.

Leasú 467

Togra le haghaidh treorach

Aithris 42

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42)

Mar thoradh ar eisiamh suiteálacha ina mbaintear úsáid eisiach as bithmhais ó CTA AE, tá cásanna ann ina bhfuil brabúis amhantair faighte ag suiteálacha a dhéanann sciar mór de bhithmhais a dhó trí lamháltais saor in aisce a fháil a sháraíonn go mór astaíochtaí iarbhír. Dá bhrí sin, ba cheart luach tairsí le haghaidh dóchán bithmhaise nialas-rátaithe a thabhairt isteach agus suiteálacha atá os cionn an luacha sin a eisiamh ó CTA AE. Tá an luach tairsí de 95 % ag teacht leis an bparaiméadar éiginnteachta atá leagtha amach in Airteagal 2(16) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún  (23) .

scriosta

Leasú 468

Togra le haghaidh treorach

Aithris 42 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(42a)

Is mórábhar imní do shaoránaigh, go háirithe do theaghlaigh ar ioncam íseal, agus do ghnólachtaí, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”) na praghsanna fuinnimh atá ag dul i méid. Is é an phríomhchúis leis an ardú ar phraghsanna fuinnimh ná ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na spleáchais sin a laghdú leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” (“Fit for 55”) agus iarracht a dhéanamh na spleáchais sin a laghdú, lena n-áirítear trí dhearadh CTA AE a fheabhsú. Tá ról freisin le himirt i sláine agus trédhearcacht an mhargaidh a neartú, chun luaineacht phraghsanna margaidh CTA AE a theorannú.

Leasú 469

Togra le haghaidh treorach

Aithris 42 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(42b)

D’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) a thuarascáil deiridh maidir le lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh ghaolmhara ar an 28 Márta 2022. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí agus a luaithe is féidir, togra reachtach a thíolacadh chun obair leantach a dhéanamh ar na moltaí atá sa tuarascáil sin chun feabhas a chur ar an leibhéal trédhearcachta, faireacháin agus tuairiscithe ar na margaí Eorpacha lamháltas astaíochtaí agus ar mhargaí díorthach gaolmhara. Chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar shláine agus trédhearcacht an mhargaidh, chun mífhaisnéis a sheachaint agus chun aon ghníomhaíocht mhear a d’fhéadfadh a bheith ann a threorú, áfach, ba cheart do ESMA tuarascáil a fhoilsiú go rialta maidir le sláine agus trédhearcacht na margaí sin agus, i gcás inarb ábhartha, moltaí breise a eisiúint maidir le feabhsuithe spriocdhírithe. Ba cheart don ESMA scrúdú a dhéanamh go háirithe ar fheidhmiú na margaí i bhfianaise aon luaineacht agus aon éabhlóid praghsanna, ar fheidhmiú na gceantanna agus na n-oibríochtaí trádála ar na margaí, ar leachtacht agus ar na méideanna a thrádáiltear, agus ar chatagóirí agus iompraíocht trádála rannpháirtithe sa mhargadh. D’fhéadfadh, mar shampla, go n-áireofaí le feabhsuithe spriocdhírithe bearta chun an fhaisnéis atá ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal i gcoitinne a fheabhsú maidir le feidhmiú na margaí lamháltas astaíochtaí agus na margaí díorthach gaolmhara, feabhas a chur ar thuairisciú rialála agus faireachán margaidh i margaí lamháltas astaíochtaí agus margaí díorthach gaolmhara, lena n-áirítear trí idirbhearta aonair a chur ar fáil don phobal, a cheangal ar gach rannpháirtí sa mhargadh a shealúchais agus a shuímh a nochtadh go poiblí arna miondealú de réir inspreagadh agus tréimhse ama, cosc agus brath drochúsáide margaidh a chur chun cinn agus cuidiú le margaí ordúla a chothabháil le haghaidh lamháltas astaíochtaí agus margaí díorthach gaolmhara, mar shampla trí phionós luaineach bunaithe ar mheánphraghas ceant na bliana roimhe sin, liúntais a choinneáil siar, cainníocht na gceantanna ina dhiaidh sin a choigeartú, nó teaglaim díobh sin. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar mholtaí ÚEUM laistigh de shé mhí tar éis fhoilsiú na tuarascála ó ÚEUM agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin.

Leasú 470

Togra le haghaidh treorach

Aithris 42 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(42c)

Maidir le luaineacht mhargaidh gan choinne nó rúscadh iomarcad ar phraghsanna ar mhargadh carbóin an Aontais, mar shampla, mar thoradh ar athruithe tobanna in iompraíocht an mhargaidh nó ar amhantraíocht iomarcach, bíonn tionchar diúltach acu ar intuarthacht an mhargaidh agus ar thimpeallacht na hinfheistíochta cobhsaí, rud atá riachtanach chun dícharbónú agus infheistíochtaí nuálaíochta a phleanáil. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta a bhfuil feidhm acu i gcás luaineachtaí iomarcacha ar phraghsanna a neartú ar bhealach cúramach chun feabhas a chur ar an measúnú ar athruithe praghsanna gan údar agus ar an bhfhreagairt a thugtar orthu. Le feabhsuithe spriocdhírithe den sórt sin, ba cheart feidhmiú cuí an mhargaidh carbóin a áirithiú, lena n-áirítear ról na n-idirghabhálaithe agus na ngníomhaithe airgeadais maidir le leachtacht a chur ar fáil don mhargadh agus rochtain ar an margadh a chur ar fáil do ghníomhaithe comhlíonta, go háirithe FBManna, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar luaineacht neamhbhearaithe nó thobann nó suaitheadh praghsanna nach mbaineann le bunchoincheapa an mhargaidh.

Leasú 471

Togra le haghaidh treorach

Aithris 43 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(43a)

Chun a áirithiú gur ann do mhachaire comhréidh agus chun aon bhearnaí atá fágtha idir CAT AE atá ann cheana agus an córas nua trádála astaíochtaí a dhúnadh, ba cheart go gcumhdófaí freisin leis an gcóras nua trádála astaíochtaí breoslaí eile a scaoiltear lena dtomhailt, amhail na breoslaí sin a úsáidtear le haghaidh téamh tionsclaíoch i ngníomhaíochta nach bhfuil cumhdaithe faoi Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE agus aon chomhaireamh dúbailte a sheachaint nó aghaidh a thabhairt air ag an am céanna. Ina theannta sin, dhéanfadh cur chuige den sórt sin cur chun feidhme, faireachán, tuairisciú agus fíorú an chórais nua trádála astaíochtaí d’eintitis rialáilte a shimpliú.

Leasú 472

Togra le haghaidh treorach

Aithris 44

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(44)

D’fhonn an creat cur chun feidhme is gá a bhunú agus chun tráthchlár réasúnta a thabhairt chun sprioc 2030 a bhaint amach, ba cheart go dtosódh trádáil astaíochtaí sa dá earnáil nua in 2025. Le linn na céad bliana, ba cheart a cheangal ar na heintitis rialáilte ceadúnas astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith acu agus a n-astaíochtaí a thuairisciú le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025. Ba cheart go mbeadh eisiúint lamháltas agus oibleagáidí comhlíontachta le haghaidh na n-eintiteas sin infheidhme amhail ó 2026. Fágfaidh an seicheamhú sin go mbeifear in ann tús a chur le trádáil astaíochtaí sna hearnálacha ar bhealach ordúil agus éifeachtúil. D’fhágfadh sé freisin sé go mbeadh bearta maoinithe an Aontais agus Ballstát i bhfeidhm d’fhonn a áirithiú go dtugtar isteach trádáil astaíochtaí an Aontais sa dá earnáil go cóir agus go cothrom ó thaobh na sochaí de chun tionchar an phraghais charbóin ar theaghlaigh agus úsáideoirí iompair leochaileacha a mhaolú.

(44)

D’fhonn an creat cur chun feidhme is gá a bhunú agus chun tráthchlár réasúnta a thabhairt chun sprioc 2030 a bhaint amach, ba cheart go dtosódh trádáil astaíochtaí sna hearnálacha nua in 2025. Le linn na céad bliana, ba cheart a cheangal ar na heintitis rialáilte ceadúnas astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith acu agus a n-astaíochtaí a thuairisciú le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024. Maidir le heisiúint lamháltas agus oibleagáidí comhlíonta do na heintitis sin, ba cheart go mbeadh siad infheidhme ó 2025 i ndáil le breoslaí a scaoiltear lena dtomhailt i bhfeidhmeanna tráchtála agus i mbreoslaí eile, amhail maidir le téamh tionsclaíoch nach gcumhdaítear le CTA AE atá ann cheana. Faoi réir measúnaithe faoin 1 Eanáir 2026 agus i gcás inarb iomchuí na coinníollacha, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an gCoimisiún é sin a leathnú go breoslaí a scaoiltear lena dtomhailt in iompar príobháideach de bhóthar agus le foirgnimh chónaithe a théamh agus a fhuarú go príobháideach ón 1 Eanáir 2029 ar aghaidh agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú spriocdhírithe a thíolacadh chuige sin. Fágfaidh an seicheamhú sin go mbeifear in ann tús a chur le trádáil astaíochtaí sna hearnálacha ar bhealach ordúil agus éifeachtúil. D’fhágfadh sé freisin sé go mbeadh bearta maoinithe an Aontais agus Ballstát i bhfeidhm d’fhonn a áirithiú go dtugtar isteach trádáil astaíochtaí an Aontais sa dá earnáil go cóir agus go cothrom ó thaobh na sochaí de chun tionchar an phraghais charbóin ar theaghlaigh agus úsáideoirí iompair leochaileacha a mhaolú.

Leasú 473

Togra le haghaidh treorach

Aithris 46

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(46)

Ba cheart na heintitis rialáilte sa dá earnáil nua agus an pointe rialaithe a shainiú ar aon dul leis an gcóras dleachta máil arna bhunú le Treoir (AE) 2020/262 (25) ón gComhairle, leis na hoiriúnaithe is gá, ionas go socraítear leis an Treoir sin cheana córas láidir rialaithe i gcomhair na gcainníochtaí breosla uile a scaoiltear lena dtomhailt chun críocha dleachta máil a íoc. Níor cheart d’úsáideoirí deiridh breoslaí sna hearnálacha sin a bheith faoi réir oibleagáidí faoi Threoir 2003/87/CE.

(46)

Ba cheart na heintitis rialáilte sna hearnálacha nua agus an pointe rialaithe a shainiú ar aon dul leis an gcóras dleachta máil arna bhunú le Treoir (AE) 2020/262  (25) ón gComhairle, leis na hoiriúnaithe is gá, ionas go socraítear leis an Treoir sin cheana córas láidir rialaithe i gcomhair na gcainníochtaí breosla uile a scaoiltear lena dtomhailt chun críocha dleachta máil a íoc. Níor cheart d’úsáideoirí deiridh breoslaí sna hearnálacha sin a bheith faoi réir oibleagáidí faoi Threoir 2003/87/CE.

Leasú 474

Togra le haghaidh treorach

Aithris 47

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47)

Ba cheart do na heintitis rialáilte a thagann faoi raon feidhme na trádála astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a bheith faoi réir ceanglas maidir le cead astaíochtaí gás ceaptha teasa atá cosúil leis na ceanglais i gcomhair oibreoirí suiteálacha do-aistrithe. Is gá rialacha a bhunú i ndáil le hiarratais ar cheadanna, coinníollacha i gcomhair eisiúint, inneachar, agus athbhreithniú ceadanna, agus aon athrú a bhaineann leis an eintiteas rialáilte. Ionas go dtosóidh an córas nua go hordúil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cead bailí ag eintitis rialáilte a thagann laistigh de raon feidhme na trádála astaíochtaí nua amhail tús an chórais in 2025.

(47)

Ba cheart do na heintitis rialáilte a thagann faoi raon feidhme na trádála astaíochtaí in earnálacha nua a bheith faoi réir ceanglas maidir le cead astaíochtaí gás ceaptha teasa atá cosúil leis na ceanglais i gcomhair oibreoirí suiteálacha do-aistrithe. Is gá rialacha a bhunú i ndáil le hiarratais ar cheadanna, coinníollacha i gcomhair eisiúint, inneachar, agus athbhreithniú ceadanna, agus aon athrú a bhaineann leis an eintiteas rialáilte. Ionas go dtosóidh an córas nua go hordúil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cead bailí ag eintitis rialáilte a thagann laistigh de raon feidhme na trádála astaíochtaí nua amhail tús an chórais in 2024.

Leasú 475

Togra le haghaidh treorach

Aithris 48

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(48)

Ba cheart do chainníocht iomlán na lamháltas don trádáil nua astaíochtaí conair líneach a leanúint chun an sprioc maidir le laghdú astaíochtaí 2030 a bhaint amach, ag cur rannchuidiú costéifeachtach foirgneamh agus an iompair de bhóthar san áireamh mar atá laghdú 43 % ar astaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas a shocrú den chéad uair in 2026 , chun conair a leanúint a thosóidh in 2024 ó luach theorainneacha astaíochtaí 2024 (1 109 304 000 CO2t), arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) ar bhonn na n-astaíochtaí tagartha le haghaidh na n-earnálacha sin le haghaidh na tréimhse ó 2016 go 2018. Dá réir sin, ba cheart an fachtóir laghdaithe línigh a shocrú ag 5,15  %. Amhail 2028, ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas a shocrú ar bhonn na meánastaíochtaí tuairiscithe le haghaidh na mblianta 2024, 2025 agus 2026, agus ba cheart í a laghdú ag an laghdú bliantúil absalóideach céanna mar atá socraithe ó 2024, a chomhfhreagraíonn d’fhachtóir laghdaithe línigh de 5,43  % i gcomparáid le luach inchomparáide 2025 don chonair atá sainithe thuas. Má tá na hastaíochtaí sin i bhfad níos airde ná an luach conaire sin agus mura n-eascraíonn an éagsúlacht sin ó dhifríochtaí mionscála idir modheolaíochtaí chun astaíochtaí a thomhas, ba cheart an fachtóir laghdaithe línigh a choigeartú chun an laghdú riachtanach ar astaíochtaí a bhaint amach in 2030.

(48)

Ba cheart do chainníocht iomlán na lamháltas don trádáil nua astaíochtaí conair líneach a leanúint chun an sprioc maidir le laghdú astaíochtaí 2030 a bhaint amach, ag cur rannchuidiú costéifeachtach foirgneamh agus an iompair de bhóthar san áireamh mar atá laghdú 43 % ar astaíochtaí faoi 2030 i gcomparáid le 2005. Ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas a shocrú den chéad uair in 2025 , chun conair a leanúint a thosóidh in 2024 ó luach theorainneacha astaíochtaí 2024 (1 109 304 000 CO2t), arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26) ar bhonn na n-astaíochtaí tagartha le haghaidh na n-earnálacha sin le haghaidh na tréimhse ó 2016 go 2018. Dá réir sin, ba cheart an fachtóir laghdaithe línigh a shocrú ag 5,15  %. Amhail 2028, ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas a shocrú ar bhonn na meánastaíochtaí tuairiscithe le haghaidh na mblianta 2024, 2025 agus 2026, agus ba cheart í a laghdú ag an laghdú bliantúil absalóideach céanna mar atá socraithe ó 2024, a chomhfhreagraíonn d’fhachtóir laghdaithe línigh de 5,43  % i gcomparáid le luach inchomparáide 2025 don chonair atá sainithe thuas. Má tá na hastaíochtaí sin i bhfad níos airde ná an luach conaire sin agus mura n-eascraíonn an éagsúlacht sin ó dhifríochtaí mionscála idir modheolaíochtaí chun astaíochtaí a thomhas, ba cheart an fachtóir laghdaithe línigh a choigeartú chun an laghdú riachtanach ar astaíochtaí a bhaint amach in 2030.

Leasú 476

Togra le haghaidh treorach

Aithris 50

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(50)

Chun a áirithiú go gcuirfear tús réidh leis an trádáil astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar agus ag cur san áireamh an gá atá ag na heintitis rialáilte le lamháltais a fhalú nó a cheannach roimh ré chun a riosca praghais agus leachtachta a mhaolú, ba cheart méid níos airde lamháltas a chur ar ceant go luath. In 2026 , ba cheart mar sin do na méideanna ceantála a bheith 30 % níos airde ná cainníocht iomlán na lamháltas le haghaidh 2026 . Ba leor an méid sin chun leachtacht a sholáthar, má théann astaíochtaí i laghad ar aon dul le riachtanais laghdaithe, agus sa chás nach dtagann laghduithe ar astaíochtaí chun cinn ach de réir a chéile. Tá na rialacha mionsonraithe don ualú tosaigh sin ar mhéid ceantála le socrú i ngníomh tarmligthe i ndáil le ceantáil, arna ghlacadh de bhun Airteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE.

(50)

Chun a áirithiú go gcuirfear tús réidh leis an trádáil astaíochtaí sna hearnálacha nua agus ag cur san áireamh an gá atá ag na heintitis rialáilte le lamháltais a fhalú nó a cheannach roimh ré chun a riosca praghais agus leachtachta a mhaolú, ba cheart méid níos airde lamháltas a chur ar ceant go luath. In 2025 , ba cheart mar sin do na méideanna ceantála a bheith 30 % níos airde ná cainníocht iomlán na lamháltas le haghaidh 2025 . Ba leor an méid sin chun leachtacht a sholáthar, má théann astaíochtaí i laghad ar aon dul le riachtanais laghdaithe, agus sa chás nach dtagann laghduithe ar astaíochtaí chun cinn ach de réir a chéile. Tá na rialacha mionsonraithe don ualú tosaigh sin ar mhéid ceantála le socrú i ngníomh tarmligthe i ndáil le ceantáil, arna ghlacadh de bhun Airteagal 10(4) de Threoir 2003/87/CE.

Leasú 477

Togra le haghaidh treorach

Aithris 52

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52)

Ba cheart cúiteamh sóisialta éifeachtach a bheith i gceist nuair atá praghas carbóin á thabhairt isteach i ndáil le hiompar de bhóthar agus foirgnimh, go háirithe i bhfianaise na leibhéil bochtaineachta fuinnimh atá ann cheana. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 milliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9  % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019 (27). Chun cúiteamh sóisialta agus dáileacháin éifeachtach a bhaint amach, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit na hioncaim cheantála a chaitheamh ar na cuspóirí a bhaineann le haeráid agus fuinneamh atá sonraithe cheana don trádáil reatha astaíochtaí, ach freisin le haghaidh beart arna thabhairt isteach go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ghaolmhara na n-earnálacha nua mar atá earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh lena n áirítear gníomhaíochtaí beartais gaolmhara faoi Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). Ba cheart ioncaim ceantála a úsáid le dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den trádáil astaíochtaí le haghaidh na n earnálacha nua agus béim faoi leith ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair. Chuige sin, cuirfidh Ciste Aeráide Sóisialta nua cistiú tiomnaithe ar fáil do Bhallstáit chun tacú leis na saoránaigh Eorpacha is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta nó i mbaol aici. Cuirfidh an Ciste cothroime agus dlúthpháirtíocht chun cinn idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus baol na bochtaineachta fuinnimh agus soghluaisteachta á maolú fad is atá an t-aistriú ar siúl.Cuirfidh sé le sásraí dlúthpháirtíochta atá ann cheana agus comhlánóidh sé iad. Comhfhreagróidh acmhainní an Chiste nua i bprionsabal do 25 % de na hioncaim ionchasacha ón trádáil astaíochtaí nua i gcaitheamh na tréimhse 2026-2032, agus cuirfear chun feidhme iad ar bhonn na bPleananna Aeráide Sóisialta ar cheart do Bhallstáit iad a chur ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 20…/nn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29).. Ina theannta sin, ba cheart do gach Ballstát a gcuid ioncam ceantála a úsáid inter alia chun cuid de chostais a bPleananna Aeráide Sóisialta a mhaoiniú.

(52)

Ba cheart cúiteamh sóisialta éifeachtach a bheith i gceist nuair atá praghas carbóin á thabhairt isteach i ndáil le hiompar de bhóthar agus foirgnimh, go háirithe i bhfianaise na leibhéil bochtaineachta fuinnimh atá ann cheana. Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 milliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9  % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019 (27). Chun cúiteamh sóisialta agus dáileacháin éifeachtach a bhaint amach, ba cheart ceangal a chur ar na Ballstáit na hioncaim cheantála a chaitheamh ar na cuspóirí a bhaineann le haeráid agus fuinneamh atá sonraithe cheana don trádáil reatha astaíochtaí, ach freisin le haghaidh beart arna thabhairt isteach go sonrach chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní ghaolmhara na n-earnálacha nua mar atá earnáil an iompair de bhóthar agus na bhfoirgneamh lena n áirítear gníomhaíochtaí beartais gaolmhara faoi Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28). Ba cheart ioncaim ceantála a úsáid le dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den trádáil astaíochtaí le haghaidh na n earnálacha nua agus béim faoi leith ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair. Chuige sin, cuirfidh Ciste Aeráide Sóisialta nua cistiú tiomnaithe ar fáil do Bhallstáit chun tacú leis na saoránaigh Eorpacha is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta nó i mbaol aici. Ba cheart an Ciste Aeráide Sóisialta a bheith ina dhlúthchuid de bhuiséad an Aontais chun aontacht an bhuiséid agus comhchuibhneas le beartais an Aontais a chaomhnú, agus chun a áirithiú go ndéanfaidhan t-údarás buiséadach, atá comhdhéanta de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle, rialú éifeachtach. Cuirfidh an Ciste cothroime agus dlúthpháirtíocht chun cinn idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus baol na bochtaineachta fuinnimh agus soghluaisteachta á maolú fad is atá an t-aistriú ar siúl. Cuirfidh sé le sásraí dlúthpháirtíochta atá ann cheana agus comhlánóidh sé iad. Comhfhreagróidh acmhainní an Chiste nua i bprionsabal do 25 % de na hioncaim ionchasacha ón trádáil astaíochtaí nua i gcaitheamh na tréimhse 2026-2032, agus cuirfear chun feidhme iad ar bhonn na bPleananna Aeráide Sóisialta ar cheart do Bhallstáit iad a chur ar aghaidh faoi Rialachán (AE) 20…/nn ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29). Ba cheart an leithdháileadh bonnlíne cláraithe i mbuiséad an Aontais a mhéadú gach bliain trí athneartú forlíontach i gcás méadú ar phraghas carbóin chuig leibhéal níos airde ná an bharúil tosaigh, mar go méadófaí an t-ualach ar theaghlaigh leochaileacha agus ar úsáideoirí tráchta leochaileacha. Chun a áirithiú go ndéantar tionchar na méaduithe ar phraghsanna carbóin ar na daoine is leochailí a mhaolú go leormhaith agus go cothrom, ba cheart go gcuimseofaí na hathneartuithe bliantúla sin laistigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil trí bhíthin coigeartú uathoibríoch luaineachta i bpraghsanna carbóin ar uasteorainn Cheannteideal 3 agus ar an uasteorainn íocaíochta, an sásra dá ndéanfar foráil sa Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil i gcomhréir le hAirteagal 312 CFAE. Ina theannta sin, ba cheart do gach Ballstát a gcuid ioncam ceantála a úsáid inter alia chun cuid de chostais a bPleananna Aeráide Sóisialta a mhaoiniú.

Leasú 478

Togra le haghaidh treorach

Aithris 52 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52a)

Ós rud é gurb í earnáil an iompair an t-aon earnáil amháin ar theip uirthi aon laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, tá gá le leibhéal suntasach infheistíochta a dhéanamh i roghanna iompair inbhuanaithe chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach agus chun tacú le haistriú módach chuig cineálacha iompair atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart 10 % ar a laghad den ioncam a bhfuiltear ag súil leis ó thrádáil mhéadaithe na n-astaíochtaí a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar leathnú raon feidhme CTA AE agus tabhairt isteach CTA AE nua do théamh, d’iompar agus do bhreoslaí eile de bhun na treorach seo, lena n-áirítear 10 % den ioncam náisiúnta a bheidh le leithdháileadh ag na Ballstáit mar aon le 10 % de na hioncaim faoin gCiste Infheistíochta Aeráide, a leithdháileadh ar chun an t-iompar poiblí a fhorbairt tuilleadh, go háirithe córais iarnróid agus bus atá neamhdhíobhálach don aeráid.

Leasú 479

Togra le haghaidh treorach

Aithris 52 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52b)

Chun comhleanúnachas agus éifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach i mbainistiú agus in úsáid chistí agus acmhainní an Aontais, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh maidir leis an gCiste Infheistíochta Aeráide agus an Ciste don Nuachóiriú a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais, a d’fhéadfaí a thíolacadh i gcomhthéacs na dtograí don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.

Leasú 480

Togra le haghaidh treorach

Aithris 54

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(54)

Tá an nuálaíocht agus forbairt teicneolaíochtaí nua ísealcharbóin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfaidh na hearnálacha sin rannchuidiú costéifeachtach leis na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo. Dá bharr sin, ba cheart 150 milliún lamháltas ó thrádáil astaíochtaí in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a chur ar fáil don Chiste Nuálaíochta chun an laghdú costéifeachtach ar astaíochtaí a spreagadh.

(54)

Ba cheart 150 milliún lamháltas ó thrádáil astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh agus in earnáil an iompair de bhóthar a chur ar fáil freisin don Chiste Sóisialta don Aeráid chun tacú le bearta aeráide sóisialta.

Leasú 481

Togra le haghaidh treorach

Aithris 55

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55)

Ba cheart d’eintitis rialáilte atá cumhdaithe leis an trádáil astaíochtaí l e haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar lamháltais i gcomhair a gcuid astaíochtaí fíoraithe a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do mhéideanna na mbreoslaí atá scaoilte acu lena dtomhailt. Ba cheart dóibh lamháltais a thabhairt suas den chéad uair le haghaidh a gcuid astaíochtaí fíoraithe in 2026. D’fhonn an t-ualach riaracháin a íoslaghdú, ba cheart roinnt rialacha is infheidhme maidir leis an gcóras reatha um thrádáil astaíochtaí le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus eitlíochta, a chur i bhfeidhm maidir le trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar , leis na hoiriúnuithe is gá. Áirítear leis sin, go háirithe, rialacha maidir le haistriú, tabhairt suas agus cur ar ceal lamháltas, chomh maith leis na rialacha maidir le bailíocht lamháltas, pionóis, údaráis inniúla agus oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát.

(55)

Ba cheart d’eintitis rialáilte atá cumhdaithe leis an trádáil astaíochtaí nua lamháltais i gcomhair a gcuid astaíochtaí fíoraithe a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do mhéideanna na mbreoslaí atá scaoilte acu lena dtomhailt. Ba cheart dóibh lamháltais a thabhairt suas den chéad uair le haghaidh a gcuid astaíochtaí fíoraithe in 2025. Chun an t-ualach riaracháin a íoslaghdú, ba cheart roinnt rialacha is infheidhme maidir leis an gcóras reatha um thrádáil astaíochtaí le haghaidh suiteálacha do-aistrithe agus eitlíochta a chur i bhfeidhm maidir leis an trádáil astaíochtaí nua, leis na hoiriúnuithe is gá. Áirítear leis sin, go háirithe, rialacha maidir le haistriú, tabhairt suas agus cur ar ceal lamháltas, chomh maith leis na rialacha maidir le bailíocht lamháltas, pionóis, údaráis inniúla agus oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát.

Leasú 482

Togra le haghaidh treorach

Aithris 59 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(59a)

Chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo agus faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais a bhaint amach, go háirithe na cuspóirí i Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit leas a bhaint as an fhianaise eolaíochta is déanaí agus beartais á gcur chun feidhme acu. Dá bhrí sin, ba cheart an chomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide a chur san áireamh agus an Treoir seo á cur chun feidhme. Thairis sin, ba cheart don Bhord Comhairleach Eolaíoch Eorpach ar an Athrú Aeráide a bheith in ann, ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a thabhairt i ndáil leis an Treoir seo chun a áirithiú go bhfuil beartais ailínithe le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus Chomhaontú Pháras.

Leasú 483

Togra le haghaidh treorach

Aithris 59 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(59b)

Chun fís fhadtéarmach a leagan síos, ba cheart don Choimisiún, le tacaíocht ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach ar an Athrú Aeráide, treochláir tháscacha a ullmhú do na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo chun cuspóir an Aontais maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Ba cheart na treochláir a ullmhú ar bhealach trédhearcach i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí amhail daoine aonair, an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, an saol acadúil, lucht tionscail agus lucht ceaptha beartas. Is uirlis bhunriachtanach na treochláir chun léargas fadtéarmach agus cobhsaíocht a chur ar fáil do gheallsealbhóirí agus chun leasanna coiteanna, neamhréireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus coinbhleachtaí i bhforbairt beartais a shainaithint. Ba cheart na treochláir a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana chun na forbairtí eolaíocha is déanaí a chur san áireamh, i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí.

Leasú 484

Togra le haghaidh treorach

Aithris 61

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(61)

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh CTA AE dea-fheidhmiúil athchóirithe ann, ina mbeidh ionstraim lena ndéanfar an margadh a chobhsú, chun go mbainfidh an tAontas an sprioc a comhaontaíodh do 2030 amach agus chun go gcomhlíonfaidh sé na gealltanais faoi Chomhaontú Pháras. Féachtar le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh. Foráiltear le hAirteagal 3 de Chinneadh (AE) 2015/1814 le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcúlchiste 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus aird faoi leith tugtha ar an bhfigiúr céatadáin chun líon na lamháltas atá le cur i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a shocrú, chomh maith leis an tairseach le haghaidh líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht (TNAC) agus líon na lamháltas atá le scaoileadh ón gcúlchiste.

(61)

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh CTA AE dea-fheidhmiúil athchóirithe ann, ina mbeidh ionstraim lena ndéanfar an margadh a chobhsú, chun go mbainfidh an tAontas an sprioc a comhaontaíodh do 2030 amach, g o mbainfidh sé amach a chuspóir maidir leis an aeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí, agus go gcomhlíonfaidh sé an aidhm maidir le hastaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus na ceanglais faoi Chomhaontú Pháras. Féachtar le Cúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh aghaidh a thabhairt ar an éagothroime atá ann faoi láthair idir soláthar agus éileamh lamháltas sa mhargadh. Foráiltear le hAirteagal 3 de Chinneadh (AE) 2015/1814 le hathbhreithniú a dhéanamh ar an gcúlchiste 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus aird faoi leith tugtha ar an bhfigiúr céatadáin chun líon na lamháltas atá le cur i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh a shocrú, chomh maith leis an tairseach le haghaidh líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht (TNAC) agus líon na lamháltas atá le scaoileadh ón gcúlchiste.

Leasú 485

Togra le haghaidh treorach

Aithris 62

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(62)

I bhfianaise an ghá atá le comhartha infheistíochta níos láidre a léiriú maidir le hastaíochtaí a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus d’fhonn CTA AE a neartú, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/1814 a leasú chun go méadófar an ráta céatadáin lena gcinntear líon na lamháltas atá le cur i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh gach bliain. Ina theannta sin, le haghaidh leibhéal níos ísle de TNAC, ba cheart go mbeadh an iontógáil comhionann leis an difríocht idir TNAC agus an tairseach lena gcinntear an iontógáil lamháltas. Sheachnófaí leis sin, an éiginnteacht shuntasach maidir leis na méideanna ceantála a leanann nuair atá an TNAC gar don tairseach, agus ag an am céanna d’áiritheodh sé go mbainfeadh an barrachas amach an bandaleithead méide ar laistigh de a mheastar go bhfuil an margadh carbóin ag feidhmiú ar bhealach cothrom.

(62)

I bhfianaise an ghá atá le comhartha infheistíochta níos láidre a léiriú maidir le hastaíochtaí a laghdú ar bhealach costéifeachtach agus d’fhonn CTA AE a neartú, ba cheart Cinneadh (AE) 2015/1814 a leasú chun go méadófar an ráta céatadáin lena gcinntear líon na lamháltas atá le cur i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh gach bliain. Ina theannta sin, le haghaidh leibhéal níos ísle de TNAC, ba cheart go mbeadh an iontógáil comhionann leis an difríocht idir TNAC agus an tairseach lena gcinntear an iontógáil lamháltas. Sheachnófaí leis sin, an éiginnteacht shuntasach maidir leis na méideanna ceantála a leanann nuair atá an TNAC gar don tairseach, agus ag an am céanna d’áiritheodh sé go mbainfeadh an barrachas amach an bandaleithead méide ar laistigh de a mheastar go bhfuil an margadh carbóin ag feidhmiú ar bhealach cothrom. Ba cheart coigeartú den sórt sin a dhéanamh gan aon uaillmhian laghdaithe a bheith mar thoradh air i gcomparáid le cúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh atá ann faoi láthair.

Leasú 486

Togra le haghaidh treorach

Aithris 66 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(66a)

Chun a áirithiú go bhfuil intuarthacht ann d’oibreoirí agus chun dídhreasú na ngníomhaithe is fearr agus na nuálaíochta a sheachaint mar thoradh ar chostais bhreise agus gan choinne, tá sé ríthábhachtach cur i bhfeidhm an fhachtóra ceartúcháin trasearnála a sheachaint dóibhsean atá chun tosaigh.

Leasú 487

Togra le haghaidh treorach

Aithris 67

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(67)

Is gá Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun cuimsiú na hearnála muiriompair in CTA AE a chur san áireamh. Ba cheart Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun é a chur de dhualgas ar chuideachtaí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí a thuairisciú ar leibhéal cuideachta agus a gcuid pleananna fíoraithe um faireachán agus a gcuid sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh lena bhfaomhadh. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh leis na modhanna faireacháin ar astaíochtaí CO2 a leasú i dteannta leis na rialacha maidir le faireachán, chomh maith le haon fhaisnéis eile is ábhartha atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2015/757, d’fhonn feidhmiú éifeachtach CTA AE ar leibhéal riaracháin a áirithiú agus chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2015/757 leis na rialacha um fhaomhadh pleananna faireacháin agus na hathruithe orthu ag údaráis riaracháin, leis na rialacha maidir le faireachán, tuairisciú ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí agus maidir lena gcur isteach ar leibhéal cuideachta agus leis na rialacha maidir le fíorú ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta agus maidir le tuarascáil fhíoraithe a eisiúint i ndáil leis na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta. D’fhéadfaí na sonraí a ndéantar faireachán, tuairisciú agus fíorú orthu faoi Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid chun críche comhlíontacht le dlí eile de chuid an Aontais lena gceanglaítear faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar an bhfaisnéis chéanna loinge.

(67)

Is gá Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun cuimsiú na hearnála muiriompair in CTA AE a chur san áireamh. Ba cheart Rialachán (AE) 2015/757 a leasú chun ceangal a chur ar chuideachtaí sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí a thuairisciú ar leibhéal na cuideachta agus a gcuid pleananna fíoraithe um faireachán agus a gcuid sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal na cuideachta a chur faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh lena bhfaomhadh. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na modhanna faireacháin ar astaíochtaí CO2 , CH4 and N2O agus na rialacha maidir le faireachán a leasú, chomh maith le haon fhaisnéis eile is ábhartha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/757, chun feidhmiú éifeachtach CTA AE ar leibhéal riaracháin a áirithiú agus chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2015/757 leis na rialacha um fhaomhadh pleananna faireacháin agus na hathruithe orthu ag údaráis riaracháin, leis na rialacha maidir le faireachán, tuairisciú ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí agus maidir lena gcur isteach ar leibhéal cuideachta agus leis na rialacha maidir le fíorú ar na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta agus maidir le tuarascáil fhíoraithe a eisiúint i ndáil leis na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta. D’fhéadfaí na sonraí a ndéantar faireachán, tuairisciú agus fíorú orthu faoi Rialachán (AE) 2015/757 a úsáid chun críche comhlíontacht le dlí eile de chuid an Aontais lena gceanglaítear faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar an bhfaisnéis chéanna loinge.

Leasú 488

Togra le haghaidh treorach

Aithris 67 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(67a)

De bhreis ar phraghsáil éifeachtach carbóin bunaithe ar CTA AE a fheidhmíonn go maith, tá trédhearcacht mhargaidh ríthábhachtach chun laghduithe tapa agus cost-éifeachtúla ar astaíochtaí a chumasú i ngach earnáil den gheilleagar. Chun go mbeidh tomhaltóirí agus gach gníomhaí feadh an tslabhra soláthair in ann roghanna eolasacha a dhéanamh maidir leis na hastaíochtaí atá leabaithe i dtáirgí, ba cheart córas Eorpach a fhorbairt chun lipéadú láidir a dhéanamh ar tháirgí maidir lena lorg carbóin.

Leasú 489

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe - 1 (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 1 – mír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

Foráiltear leis an Treoir seo freisin go méadófar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun cur leis na leibhéil laghduithe a mheastar a bheith riachtanach ó thaobh na heolaíochta de chun athrú aeráide contúirteach a sheachaint.

“Leis an Treoir seo, foráiltear freisin maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa chun rannchuidiú leis na leibhéil laghduithe a mheastar a bheith riachtanach go heolaíoch chun athrú aeráide contúirteach a sheachaint, chun cuspóir an Aontais a bhaint amach maidir le neodracht aeráide a ghnóthú faoi 2050 ar a dhéanaí agus chun an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*1) , agus chun gealltanais an Aontais agus a Bhallstát faoi Chomhaontú Pháras a ghnóthú, de réir phrionsabail an chothromais agus na bhfreagrachtaí comhchoiteanna ach difreáilte agus de réir chumais na náisiún faoi seach .

Leasú 490

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 2 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Beidh Feidhm ag an Treoir seo maidir leis na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinní I agus III, agus maidir leis na gáis cheaptha teasa atá liostaithe in Iarscríbhinn II. I gcás, maidir le suiteáil atá cuimsithe i raon feidhme CTA AE de thoradh aonaid dócháin a oibriú lena ngabhann ionchur teirmeach rátáilte iomlán a sháraíonn 20 MW, go n-athraíonn sí a cuid próiseas táirgthe chun a hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus nach sroicheann sí an tairseach sin a thuilleadh, fanfaidh sí faoi raon feidhme CTA AE go dtí deireadh na tréimhse 5 bliana is ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír, tar éis athrú a dhéanamh ar a próiseas táirgthe.

1.   Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinní I agus III, agus maidir leis na gáis cheaptha teasa atá liostaithe in Iarscríbhinn II. I gcás, maidir le suiteáil atá cuimsithe i raon feidhme CTA AE de thoradh aonaid dócháin a oibriú lena ngabhann ionchur teirmeach rátáilte iomlán a sháraíonn 20 MW, go n-athraíonn sí a cuid próiseas táirgthe chun a hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus nach sroicheann sí an tairseach sin a thuilleadh nó nach n-astaíonn sí gáis ceaptha teasa a thuilleadh, féadfaidh oibreoir na suiteála si n a chinneadh go bhfanfaidh sí faoi raon feidhme CTA AE go dtí deireadh n a chéad tréimhse 5 bliana eile dá dtagraítear in Airteagal 11(1), an dara fomhír, tar éis athrú a dhéanamh ar a próiseas táirgthe.

 

Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar shuiteálacha a bhfuil ionchur iomlán teirmeach rátáilte faoi bhun 20 MW acu a áireamh i raon feidhme CTA AE sa chéad tréimhse eile agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leith. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, chun suiteálacha den sórt sin a áireamh.

Leasú 491

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe d

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3 – mír 1 – pointe v a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(va)

ciallaíonn “turas” turas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*2) ;

Leasú 492

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2 – pointe d

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3 – mír 1 – pointe w a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(wa)

ciallaíonn “calafort trasloingsithe nach cuid de AE é” calafort trasloingsithe i dtír chomharsanachta nach bhfuil in AE atá níos lú ná 300 muirmhíle ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit, i gcás inar mó gluaiseacht aon chineál amháin lasta trí bhíthin oibríochtaí trasloingsithe ná 60 % de thrácht iomlán an chalafoirt sin;

Leasú 493

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2 – pointe d

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3 – mír 1 – pointe w b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(wb)

ciallaíonn “oibríocht trasloingsithe” oibríocht ina ndíluchtaítear aon lasta, aon choimeádán nó aon earra ó long go dtí an calafort chun é a luchtú ar long eile, agus chun na cuspóra sin amháin;

Leasú 494

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2 – pointe d

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3 – mír 1 – pointe w c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(wc)

ciallaíonn “calafort cuarda” an calafort ina stopann long chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil; dá bhrí sin, maidir le stopanna a dhéantar chun críocha athbhreoslaithe, soláthairtí a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul i nduga tirim nó obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an long nó ar a cuid trealaimh, agus chun na gcríoch sin amháin, stopanna i gcalafort toisc go dteastaíonn cabhair ón long nó toisc í a bheith i nguais, aistrithe long-go-long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt, agus stopanna chun críche foscadh a fháil ón doineann nó ar gá iad mar gheall ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin, déantar iad a eisiamh ón sainmhíniú seo;

Leasú 495

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2 – pointe d

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3 – mír 1 – pointe y

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(y)

chun críocha Chaibidil IVa, ciallóidh “breosla” aon bhreosla a liostaítear i dTábla A agus Tábla C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/96/CE, chomh maith le haon táirge eile arna thairiscint le díol mar bhreosla nó mar bhreosla téimh mar a shonraítear in Airteagal 2(3) den Treoir sin;

(y)

chun críocha Chaibidil IVa, ciallóidh “breosla” aon bhreosla a liostaítear i dTábla A agus Tábla C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/96/CE, chomh maith le haon táirge eile arna bheartú lena úsáid , arna thairiscint le díol nó arna úsáid mar bhreosla mótair nó mar bhreosla téimh mar a shonraítear in Airteagal 2(3) den Treoir sin;

Leasú 496

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal - 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal - 3a

Déanfaidh an Coimisiún, in éineacht le Coiste Feidhmiúcháin Shásra Idirnáisiúnta Vársá do Chaillteanas agus Damáiste agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, measúnú ar bhearta cúitimh a d’fhéadfadh an tAontas ina iomláine a chur chun feidhme do thíortha leochaileacha agus do thíortha atá i mbéal forbartha agus tabharfaidh sé tuairisc maidir leis an measúnú sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi dheireadh 2022.”

;

Leasú 497

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3 a – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag Airteagail 3b go 3f maidir le leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i ndáil leis na gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I. Beidh feidhm ag Airteagal 3 g go hAirteagal 3ge maidir leis na gníomhaíochtaí muiriompair a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Beidh feidhm ag Airteagail 3b go 3f maidir le leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i ndáil leis na gníomhaíochtaí eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I. Beidh feidhm ag Airteagal 3g go 3geb maidir le leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i ndáil leis na gníomhaíochtaí muiriompair atá liostaithe in Iarscríbhinn I  arna ndéanamh ag longa ag a bhfuil olltonnáiste de 5 000 agus os a chionn.

Amhail ón 1 Eanáir 2027, beidh feidhm ag Airteagal 3 go 3geb maidir le leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i ndáil leis na gníomhaíochtaí muirimopair atá liostaithe in Iarscríbhinn I arna ndéanamh ag longa ag a bhfuil olltonnáiste de 400 agus os a chionn. Faoin dáta sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcothrom iomaíochta le haghaidh na long uile agus seachnófar éifeachtaí díobhálacha nach bhfuil ag teastaíl agus a d’fhéadfadh a bheith ag ann ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar gheall ar ionadú féideartha long d’olltonnáiste 5 000 agus os cionn le roinnt long a bhfuil olltonnáiste níos ísle ná an tairseach sin acu in éagmais an tairseach a ísliú. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an measúnú sin chun an Treoir seo a leasú.

Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach ar an Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, measúnú agus cuirfidh sé tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an tionchar ar aeráid dhomhanda astaíochtaí gás ceaptha teasa seachas CO2, CH4 agus N2O agus cáithníní a bhfuil poitéinseal téimh dhomhanda iontu, ó longa a thagann isteach i gcalafoirt, atá laistigh de chalafoirt nó a imíonn ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar an gceist conas déileáil le hastaíochtaí agus cáithníní den sórt sin.

Leasú 498

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3g – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair i leith caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit, caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit, céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa atá feistithe le balla i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

1.   Beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus ag cur i bhfeidhm ceanglas maidir le géilleadh i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair i leith céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a dhéanann turais a imíonn ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus maidir le céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa atá i mbeart i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

Go dtí an 31 Nollaig 2026, beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair i ndáil le caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, agus caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit.

Ón 1 Eanáir 2027 agus faoi réir na maoluithe a leagtar amach in Airteagal 3gaa, beidh feidhm ag leithdháileadh na lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas tabhairt suas i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair i ndáil le céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, agus céad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit .

Leasú 499

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3ga

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 3ga

Airteagal 3ga

Céimniú isteach na gceanglas maidir le muiriompar

Ceanglais maidir le muiriompar

Beidh cuideachtaí loingseoireachta faoi dhliteanas lamháltais a thabhairt suas de réir an sceidil seo a leanas:

Ón 1 Eanáir 2024 agus gach bliain ina dhiaidh sin, beidh ar chuideachtaí loingseoireachta lamháltais a chomhfhreagraíonn do chéad faoin gcéad (100 %) de na hastaíochtaí fíoraithe a tuairiscíodh do gach bliain faoi seach a thabhairt suas.

(a)

20 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2023;

 

(b)

45 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2024;

 

(c)

70 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2025;

 

(d)

100 % de na hastaíochtaí fíoraithe a thuairiscítear le haghaidh 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin.

 

A mhéid a thugtar suas níos lú lamháltas i gcomparáid leis na hastaíochtaí fíoraithe ón muiriompar le haghaidh 2023, 2024 agus 2025, nuair a bheidh an difríocht idir na hastaíochtaí fíoraithe agus na lamháltais arna dtabhairt suas bunaithe i leith gach bliana, cuirfear cainníocht chomhfhreagrach lamháltas ar ceal seachas ar ceant de bhun Airteagal 10.

 

Leasú 500

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3ga a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 3gaa

 

Maoluithe atá coinníollach ar bhearta a bheith á nglacadh ag tríú tíortha agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar an aeráid atá ag muiriompar

 

1.     Rachaidh an Coimisiún i mbun oibre le tríú tíortha agus é mar aidhm aige comhaontuithe déthaobhacha nó iltaobhacha a bhunú maidir le gníomhaíochtaí agus bearta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a laghdú i gcomhréir leis an sprioc an t-ardú teochta domhanda a choimeád laistigh de 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi aon fhorbairtí i ndáil leis sin.

 

2.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí laghdú comhréireach ar raon feidhme chur i bhfeidhm bhearta an Aontais a thabhairt isteach, fad is a choinnítear faoi raon feidhme CTA AE caoga faoin gcéad ar a laghad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit, agus caoga faoin gcéad (50 %) de na hastaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort lasmuigh de dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort faoi dhlínse Ballstáit, sna cásanna seo a leanas:

 

(a)

go bhfuil sásra praghsála carbóin i bhfeidhm ag tríú tír chun uasteorainn a chur le hastaíochtaí atá ar a laghad coibhéiseach le hastaíochtaí CTA AE agus iad a laghdú;

 

(b)

gur bunaíodh sásra praghsála carbóin chun uasteorainn a chur le hastaíochtaí atá ar a laghad coibhéiseach le hastaíochtaí CTA AE agus iad a laghdú trí chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach idir an tAontas agus tríú tír amháin nó níos mó agus gur cinneadh é a nascadh le CTA AE de bhun Airteagal 25; nó

 

(c)

go bhfuil tríú tír ina Tír is Lú Forbairt nó ina Stát Oileánach Beag i mBéal Forbartha ag a bhfuil OTI per capita nach bhfuil cothrom le meán an Aontais nó níos mó ná é agus ina n-áirítear astaíochtaí faoina rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras.

Leasú 501

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3ga b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 3gab

 

An Ciste Aigéin

 

1.     Bunófar ciste (“an Ciste Aigéin”) chun tacú leis na tionscadail agus leis na hinfheistíochtaí dá dtagraítear i mír 4. Úsáidfear 75 % de na hioncaim arna nginiúint trí na lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 3g a chur ar ceant tríd an gCiste Aigéin. Ina theannta sin, leithdháilfear aon ioncaim shannta sheachtracha dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) …/… [FuelEU Maritime] ar an gCiste Aigéin agus úsáidfear iad i gcomhréir le mír 4.

 

2.     Féadfaidh cuideachtaí muiriompair ranníocaíocht bhliantúil bhallraíochta a íoc leis an gCiste Aigéin i gcomhréir lena n-astaíochtaí iomlána a tuairiscíodh don bhliain féilire roimhe sin faoi Rialachán (AE) 2015/757 chun an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí muirimpair a theorannú, lena n-áirítear cuideachtaí beaga agus meánmhéide agus cuideachtaí nach mbíonn gníomhach go minic faoi raon feidhme na treorach seo. Leis an gCiste Aigéin, tabharfar suas lamháltais i dteannta a chéile thar ceann cuideachtaí iompair loingseoireachta ar comhaltaí den Chiste Aigéin iad. Socrófar leis an gCiste Aigéin an ranníocaíocht bhallraíochta in aghaidh an tona d’astaíochtaí faoin 28 Feabhra gach bliain, ach beidh sí cothrom ar a laghad leis an bpraghas socraíochta margaidh príomhúil nó tánaisteach is airde a taifeadadh do lamháltais an bhliain roimhe sin.

 

3.     Déanfar an Ciste Aigéin a bhainistiú go lárnach trí chomhlacht de chuid an Aontais. Beidh struchtúr rialachais an Chiste Aigéin comhchosúil le struchtúr rialachais an Chiste Infheistíochta Aeráide a bunaíodh faoi Airteagal 10a(8) agus áiritheoidh sé sineirgíocht léi, lena gcuirtear i bhfeidhm, i gcás inarb ábhartha, na rialacha maidir le rialachas agus tacaíocht mar a leagtar síos san Airteagal sin iad. Beidh struchtúr rialachais agus próiséas cinnteoireachta an Chiste Aigéin trédhearcach agus cuimsitheach, go háirithe maidir le socrú réimsí tosaíochta, critéar agus nósanna imeachta leithdháilte deontas. Beidh ról comhairliúcháin iomchuí ag geallsealbhóirí ábhartha. Déanfar an fhaisnéis ar fad maidir leis na tionscadail agus na hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Aigéin agus gach faisnéis ábhartha eile maidir le feidhmiú an Chiste Aigéin a chur ar fáil don phobal.

 

4.     Leis na cistí a chuirtear ar fáil faoin gCiste Aigéin, tacófar leis an aistriú chuig earnáil mhuirí de chuid an Aontais a bheidh éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de agus athléimneach ó thaobh na haeráide de agus úsáidfear iad chun tacú le tionscadail agus infheistíochtaí maidir leis an méid seo a leanas:

 

(a)

éifeachtúlacht fuinnimh long agus calafort a fheabhsú;

 

(b)

teicneolaíochtaí nuálacha agus bonneagar nuálach chun earnáil an mhuiriompair a dhícharbonú, lena n-áirítear maidir le loingseoireacht ghearrthurais agus calafoirt, lena n-áirítear naisc le heangacha leictreachais i gcalafoirt;

 

(c)

úsáid breoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin, ríomhbhreoslaí agus amóinia, a tháirgtear ó fhuinneamh in-athnuaite, lena n-áirítear trí chonarthaí difríochta carbóin (CCDanna);

 

(d)

teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí gaoithe;

 

(e)

taighde agus forbairt agus an chéad chur i bhfeidhm tionsclaíoch teicneolaíochtaí agus dearaí lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa, lena n-áirítear teicneolaíochtaí agus breoslaí nuálacha le haghaidh long d’aicme oighir agus loingseoireacht gheimhridh i limistéir reoite;

 

(f)

tabharfar tosaíocht do thionscadail a chuireann nuálaíocht san earnáil chun cinn, amhail teicneolaíochtaí as a dtagann dícharbónú, ní hamháin ach, inter alia, a laghdaíonn an baol truaillithe torainn, aeir agus muirí;

 

(g)

rannchuidiú le haistriú cothrom san earnáil mhuirí trí oiliúint, uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar an lucht saothair atá ann cheana agus trí ullmhúchán na chéad ghlúine eile den lucht saothair muirí.

 

Úsáidfear 15 % den Chiste Aigéin chun rannchuidiú le héiceachórais mhuirí a bhfuil tionchar ag téamh domhanda orthu a chosaint, a athbhunú agus a bhainistiú níos fearr, amhail limistéir mhuirí faoi chosaint, agus chun geilleagar gorm trasearnálach a chur chun cinn, amhail fuinneamh muirí in-athnuaite.

 

Déanfar gach infheistíocht arna tacú ag an Ciste Aigéin a phoibliú agus beidh sí comhsheasmhach le haidhmeanna na treorach seo.

 

5.     Déanfar an cistiú go léir arna sholáthar faoin gciste Aigéin a dhéanamh i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

 

(a)

na critéir “gan dochar suntasach a dhéanamh” mar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*) ;

 

(b)

coimircí íosta mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2020/852.

 

6.     Rachaidh an Coimisiún i mbun plé le tríú tíortha maidir le féachaint ar roghanna i dtaobh conas a d’fhéadfadh siad leas a bhaint as an gCiste Aigéin freisin. Cuirfear sciar comhfhreagrach den Chiste Aigéin ar fáil do na tíortha sin lasmuigh den Aontas, go háirithe do na tíortha is lú forbairt agus do na stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha a bhfuil a n-aistir ó chalafort nó chuig calafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit cumhdaithe céad faoin gcéad (100 %) trí bhearta lena ndírítear ar oiriúnú don athrú aeráide agus lena laghdaítear a n-astaíochtaí san earnáil mhuirí.

 

7.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme. Agus an Ciste Aigéin á chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (**) chun a áirithiú go gcosnófar cistí i ndáil le bearta agus infheistíochtaí arna dtacú ag an gCiste Aigéin, i gcás nach n-urramaítear an smacht reachta sna Ballstáit . Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil agus déanfaidh sé méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil.

 

Leasú 502

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3gd a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 3gda

Socruithe conarthacha

I gcás ina nglacfaidh eintiteas seachas an chuideachta loingseoireachta an fhreagracht deiridh, de bhun socrú conarthach, as ceannach breosla nó oibriú na loinge, beidh an t-eintiteas sin freagrach, faoin socrú conarthach, as na costais a thiocfaidh as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Treoir seo a sheasamh.

Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “oibriú na loinge” an lastas atá á iompar ag an long nó bealach agus luas na loinge a chinneadh.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh modhanna iomchuí agus éifeachtacha ag an gcuideachta loingseoireachta chun na costais dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo a aisghabháil i gcomhréir le hAirteagal 16.

Leasú 503

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3ge – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Breithneoidh an Coimisiún leasuithe féideartha i ndáil le glacadh birt dhomhanda margadhbhunaithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar a laghdú. I gcás ina nglacfar le beart den sórt sin, agus in aon chás roimh athbhreithniú domhanda 2028 agus tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé scrúdú ar aon bheart den sórt sin. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndiaidh na tuarascála chun an Treoir seo a leasú de réir mar is iomchuí.

1.   Breithneoidh an Coimisiún leasuithe féideartha i ndáil le glacadh birt dhomhanda mhargadhbhunaithe ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón muiriompar a laghdú. I gcás ina nglacfar le beart den sórt sin, agus in aon chás roimh athbhreithniú domhanda 2028 agus tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé scrúdú ar aon bheart den sórt sin. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i ndiaidh na tuarascála chun an Treoir seo a leasú de réir mar is iomchuí.

 

Laistigh de 12 mhí ó ghlacadh an bhirt sin agus sula mbeidh an beart sin ag feidhmiú, agus in aon chás roimh athbhreithniú domhanda 2028 agus tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2028, cuirfidh an Coimisiún, le tacaíocht ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé scrúdú ar aon bheart den sórt sin.

 

Sa tuarascáil sin, scrúdófar uaillmhian agus sláine fhoriomlán chomhshaoil na mbeart arna gcinneadh ag IMO, lena n-áirítear a n-uaillmhian ghinearálta i ndáil le cuspóir Chomhaontú Pháras a bhaint amach maidir leis an méadú sa mheánteocht dhomhanda a uasteorannú ag 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, maidir le sprioc uile-Aontais um laghdú gás ceaptha teasta faoi 2030 agus maidir leis an sprioc aeráidneodrachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus déanfar comparáid ann idir sláine chomhshaoil fhoriomlán na mbeart sin agus sláine chomhshaoil fhoriomlán chur i bhfeidhm CTA AE i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Treoir sin.

 

Cuirfear san áireamh sa tuarascáil leibhéal na rannpháirtíochta sna bearta domhanda sin, a n-in-fhorfheidhmitheacht, a dtrédhearcacht, pionóis i leith neamhchomhlíonadh, na próisis maidir le hionchur poiblí, faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí, clárlanna agus cuntasachta.

 

Déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar thionchair dhíobhálacha maidir le, inter alia, méaduithe féideartha ar chostais iompair, saobhadh margaidh agus athruithe ar thrácht calafoirt, amhail seachaint calafoirt agus aistrithe mol trasloingsithe, iomaíochas foriomlán na hearnála muirí sna Ballstáit, agus go háirithe na drochthionchair ar na seirbhísí loingseoireachta sin a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha “leanúnachais críche”.

 

I gcás ina nglacfar beart domhanda margadhbhunaithe den sórt sin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a laghdú i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus ar leibhéal atá inchomparáide, ar a laghad, leis an leibhéal a thagann as bearta an Aontais a dhéantar faoin Treoir seo, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil chun an Treoir seo a leasú agus í a ailíniú leis na bearta arna nglacadh ar an leibhéal domhanda agus fós ceannasacht an Aontais a aithint chun a sciar d’astaíochtaí ó mhuiraistir idirnáisiúnta loingseoireachta a rialú i gcomhréir le hoibleagáidí Chomhaontú Pháras.

Leasú 504

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3ge – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na Caibidle seo agus ar threochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le cuideachtaí a fhéachann gan a bheith faoi cheangal cheanglais na treorach seo. Más iomchuí, molfaidh an Coimisiún bearta chun seachaint den sórt sin a chosc.’;

2.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán, agus tuairisceoidh sé go débhliantúil ón …[an bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo], ar chur chun feidhme na Caibidle seo agus ar threochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le cuideachtaí a fhéachann gan a bheith faoi cheangal cheanglais na treorach seo. Déanfaidh an Coimisiún faireachán freisin ar thionchair dhíobhálacha maidir le, inter alia, méaduithe féideartha ar chostais iompair, saobhadh margaidh agus athruithe ar thrácht calafoirt amhail seachaint calafoirt agus aistrithe mol trasloingsithe, iomaíochas foriomlán na hearnála muirí sna Ballstáit, agus go háirithe na drochthionchair ar na seirbhísí loingseoireachta sin a chuireann seirbhísí riachtanacha leanúnachais críche ar fáil. Más iomchuí, molfaidh an Coimisiún bearta chun drochthionchair a d’fhéadfadh a bheith ar cheanglais na treorach seo nó chun dul timpeall orthu a chosc .

Leasú 505

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3ge a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 3gea

De mhaolú ar Airteagal 3g(1), i gcás ina bhfuil an t-achar atá idir calafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus calafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit níos lú ná 300 muirmhíle, beidh feidhm ag leithdháileadh lamháltas agus cur i bhfeidhm na gceanglas maidir le tabhairt suas i leith gníomhaíochtaí muiriompair i leith céad faoin gcéad (100 %) d’astaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit agus a thagann isteach i gcalafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit, lena n-áirítear calafoirt trasloingsithe, agus céad faoin gcéad (100 %) d’astaíochtaí ó longa a thugann faoi mhuiraistir a imíonn ó chalafort atá lasmuigh de dhlínse Ballstáit, lena n-áirítear calafoirt trasloingsithe, agus a thagann isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

Leasú 506/rev

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 3h

Airteagal 3h

Raon feidhme

Raon feidhme

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i ndáil le gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I seachas gníomhaíochtaí eitlíochta agus muiriompair.

1.    Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i ndáil le gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I seachas gníomhaíochtaí eitlíochta agus muiriompair.

 

1a.     Gan dochar do na forálacha a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, ón 1 Eanáir 2026, beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le ceadanna astaíochtaí gás ceaptha teasa agus leithdháileadh agus eisiúint lamháltas i ndáil le suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach.

 

1b.     Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdóidh sé na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag cuimsiú suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach in CTA AE, ar dhiúscairt dramhaíola trí líonadh talún san Aontas agus ar onnmhairiú dramhaíola chuig tríú tíortha.

 

Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an bhféidearthacht próisis eile bainistithe dramhaíola a áireamh in CTA AE, go háirithe líonadh talún lena gcruthaítear meatán agus astaíochtaí ocsaíde nítriúla san Aontas.

 

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ann ón gCoimisiún, a bheidh ag gabháil leis an tuarascáil sin, go háirithe i gcás ina bhfuil an acmhainneacht gann, chun na tionchair dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chosc agus chun na próisis dá dtagraítear sa dara fomhír a áireamh in CTA AE.

Leasú 677

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 9 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

In [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an leasaithe seo], laghdófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi [-- milliún lamháltas (le cinneadh ag brath ar an mbliain theacht i bhfeidhm)]. Sa bhliain chéanna, méadófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi 79 milliún lamháltas le haghaidh an mhuiriompair. Ag tosú in [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an leasaithe seo], is é 4,2  % a bheidh mar fhachtóir líneach. Foilseoidh an Coimisiún cainníocht na lamháltas uile-Aontais laistigh de 3 mhí ó [dháta theacht i bhfeidhm an leasaithe seo le cur isteach].;

In [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm an leasaithe seo], laghdófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi 70 milliún lamháltas. In 2026, laghdófar cainníocht na lamháltas uile-Aontais faoi 50 milliún lamháltas. In [an bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an leasaithe seo], méadófar cainníocht uile-Aontais na lamháltas faoi [uimhir na lamháltas a chomhfhreagraíonn do raon feidhme chur i bhfeidhm CTA AE maidir le gníomhaíochtaí muiriompair mar a leagtar amach in Airteagal 3g] milliún lamháltas le haghaidh muiriompair. Ag tosú in 2024, is é 4,4  % a bheidh mar fhachtóir líneach go dtí deireadh 2025. Ag tosú in 2026, is é 4,5  % a bheidh mar fhachtóir líneach. Ag tosú in 2029, is é 4,6  % a bheidh mar fhachtóir líneach. Foilseoidh an Coimisiún cainníocht na lamháltas uile-Aontais laistigh de 3 mhí ó [dháta theacht i bhfeidhm an leasaithe seo le cur isteach].;

Leasú 508

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 9 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Ón 1 Eanáir 2026, méadófar cainníocht uile-Aontais na lamháltas chun cuimsiú suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach in CTA AE a chur san áireamh. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach méid an mhéadaithe ar chainníocht uile-Aontais na lamháltas chun cuimsiú suiteálacha loiscthe dramhaíola cathrach in CTA AE a chur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

Leasú 509

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe a

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 3 a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Thairis sin, cuirfear 2,5  % de chainníocht iomlán na lamháltas idir [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na treorach] agus 2030 ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú. Is iad na Ballstáit is tairbhithe le haghaidh na cionranna sin lamháltas na mBallstát sin a bhfuil OTI per capita acu de réir margadhphraghsanna faoi bhun 65 % de mheán an Aontais sa tréimhse 2016 go 2018. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don chainníocht sin lamháltas i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn IIb.

Thairis sin, cuirfear 2,5  % de chainníocht iomlán na lamháltas idir 2024 agus 2030 ar ceant le haghaidh an Chiste don Nuachóiriú. Is iad na Ballstáit is tairbhithe don mhéid sin lamháltas na Ballstáit sin ag a raibh OTI per capita ag margadhphraghsanna faoi bhun 65 % de mheán an Aontais le linn na tréimhse 2016 go 2018. Leithdháilfear na cistí a chomhfhreagraíonn don chainníocht lamháltas sin i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn IIb. Déanfar an chainníocht bhreise lamháltas dá dtagraítear san fhomhír seo a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun tionscadail trasteorann leis na Ballstáit is tairbhithe agus na réigiúin ísealfháis chóngaracha a chistiú.

 

Thairis sin, cuirfear 0,5  % de chainníocht iomlán na lamháltas idir … [an bhliain i ndiaidh theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo] agus 2030 a chur ar fáil don Chiste Infheistíochta Aeráide arna bhunú faoi Airteagal 10a(8).

Leasú 510

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus a iontráiltear i mbuiséad an Aontais. Úsáidfidh Ballstáit a n-ioncaim a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 2, seachas na hioncaim a úsáidtear chun costais charbóin indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 10a(6) a chúiteamh, le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas;

3.   Cinnfidh Ballstáit úsáid ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas, seachas le haghaidh na n-ioncam bunaithe mar acmhainní féin i gcomhréir le hAirteagal 311(3) de CFAE agus a iontráiltear i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta . Urramóidh an t-ioncam a fhabhróidh chuig buiséad an Aontais prionsabal na huilíochta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle  (*3). Úsáidfidh Ballstáit a n-ioncaim a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 2[, seachas na hioncaim a úsáidtear chun costais charbóin indíreacha dá dtagraítear in Airteagal 10a(6)], a chúiteamh, le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

Leasú 511

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe b a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 1 – pointe b go pointe f

An téacs atá ann

Leasú

 

(ba)

i mír 3, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) go (f):

(b)

chun fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt d'fhonn gealltanas an Aontais i ndáil le fuinnimh in-athnuaite a chomhlíonadh, agus chun teicneolaíochtaí eile a fhorbairt lena gcuirtear leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin slán inbhuanaithe, agus chun cabhrú chun gealltanas an Aontais an éifeachtúlacht fuinnimh a ardú, ag na leibhéil a comhaontaíodh i ngníomhartha reachtacha ábhartha, a chomhlíonadh

“(b)

chun fuinnimh in-athnuaite agus eangacha do tharchur leictreachais a fhorbairt d’fhonn gealltanas an Aontais i ndáil le fuinnimh in-athnuaite agus spriocanna an Aontais maidir le hidirnascacht a chomhlíonadh, agus chun teicneolaíochtaí eile a fhorbairt lena gcuirtear leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin slán inbhuanaithe, agus chun cabhrú chun gealltanas an Aontais an éifeachtúlacht fuinnimh a ardú, ag na leibhéil a comhaontaíodh i ngníomhartha reachtacha ábhartha, a chomhlíonadh , lena n-áirítear leictreachas a tháirgeadh ó fhéintomhaltóirí fuinnimh in-athnuaite agus ó chomhphobail fuinnimh in-athnuaite;

 

(ba)

tacú le hathchóiriú domhain agus céimneach a dhéanamh ar fhoirgnimh i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (19) agus pointe (20) de Threoir (AE)…/… [Athmhúnlú le EPBD], ag tosú le hathchóiriú na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla;

(c)

bearta lena ndéantar an dífhoraoisiú a sheachaint, agus an foraoisiú agus an t-athfhoraoisiú a mhéadú i dtíortha i mbéal forbartha a bhfuil an comhaontú idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide daingnithe acu, chun teicneolaíochtaí a aistriú agus éascaíocht a dhéanamh ar an oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide sna tíortha sin;

(c)

bearta lena ndéantar an dífhoraoisiú a sheachaint agus tacú le cosaint agus le hathbhunú portaigh, foraoisí agus eiceachórais eile talún nó mara, agus an foraoisiú agus an t-athfhoraoisiú atá fabhrach don bhithéagsúlacht a mhéadú i dtíortha i mbéal forbartha a bhfuil an comhaontú idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide daingnithe acu, chun teicneolaíochtaí a aistriú agus éascaíocht a dhéanamh ar an oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide sna tíortha sin;

(d)

gás ceaptha teasa a cheapadh san Aontas trí mheán na foraoiseachta;

(d)

gás ceaptha teasa a cheapadh san Aontas trí mheán na foraoiseachta agus na hithreach ;

 

(da)

oiriúnú don athrú aeráide san Aontas;

(e)

gabháil agus stóráil gheolaíoch CO2 ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe CO2 ó stáisiúin cumhachta breosla iontaise sholadaigh agus ó raon earnálacha agus fo-earnálacha tionsclaíochta, lena n-áirítear i dtríú tíortha;

(e)

gabháil agus stóráil gheolaíoch CO2 ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe CO2 ó stáisiúin cumhachta breosla iontaise sholadaigh agus ó raon earnálacha agus fo-earnálacha tionsclaíochta, lena n-áirítear i dtríú tíortha , agus modhanna nuálacha chun carbón a bhaint, amhail Gabháil Dhíreach ón Aer (‘DAC’) agus é a stóráil ;

(f)

aistriú a spreagadh chuig modhanna iompair íseal-astaíochtaí agus modhanna iompair poiblí;

(f)

infheistíocht a dhéanamh agus dlús a chur leis an aistriú chuig modhanna iompair a rannchuidíonn go suntasach le dícharbónú na hearnála, lena n-áirítear iompar paisinéirí agus iompar lasta d’iarnród agus seirbhísí bus agus teicneolaíochtaí a fhorbairt atá neamhdhíobhálach don aeráid, agus bearta a mhaoiniú chun tacú le dícharbónú aerfort i gcomhréir le Rialachán (AE)…/… [imscaradh bonneagar breoslaí malartacha], agus Rialachán (AE)…/… [cothrom iomaíochta a áirithiú le haghaidh aeriompar inbhuanaithe];”

Leasú 512

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe c

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 1 – pointe h

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h)

bearta atá ceaptha an éifeachtúlacht fuinnimh, córais téimh cheantair agus insliú a fheabhsú, nó tacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam, lena n-áirítear trí chánacha saofa a laghdú;

(h)

bearta atá ceaptha an éifeachtúlacht fuinnimh, córais téimh cheantair agus insliú a fheabhsú , córas téimh agus fuaraithe éifeachtúla agus in-athnuaite, nó tacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó ar mheánioncam, lena n-áirítear trí chánacha, dleachtanna agus muirir ar leictreachas in-athnuaite a laghdú go háirithe ;

Leasú 513

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe c a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 1 – pointe h a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca)

i mír 3, an chéad fhomhír, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

“(ha)

scéimeanna náisiúnta díbhinní aeráide a mhaoiniú a bhfuil tionchar dearfach cruthaithe acu mar atá doiciméadaithe sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*4) ;

Leasú 514

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe c b (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 1 – pointe k

An téacs atá ann

Leasú

 

(cb)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre, pointe (k):

(k)

chun foirmiú scileanna agus athdháileadh an lucht saothair a chur chun cinn d’fhonn cur le haistriú cóir chuig geilleagar ísealcharbóin , go háirithe sna réigiúin is mó atá thíos le haistriú post, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta.

“(k)

chun foirmiú scileanna agus athdháileadh an lucht saothair a chur chun cinn d’fhonn cur le haistriú cóir chuig geilleagar aeráidneodrach, go háirithe sna réigiúin is mó atá thíos le haistriú post, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus infheistíocht a dhéanamh in uas-sciliú agus in athoiliúint oibrithe a bhféadfadh an t-aistriú difear a dhéanamh dóibh.”

Leasú 515

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe c c (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 1 a (nua) agus fomhír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cc)

i mír 3, cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach tar éis na chéad fhomhíre:

 

“De mhaolú ar an gcéad fhomhír, úsáidfidh na Ballstáit ar a laghad 10 % de na hioncaim a ghintear ó cheantáil lamháltas le haghaidh forbairt iompair phoiblí, go háirithe iompar paisinéirí agus iompair lasta d’iarnród agus seirbhísí bus agus teicneolaíochtaí atá neamhdhíobhálach don aeráid, dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, úsáidfidh na Ballstáit ar a laghad 10 % den ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas chun gníomhaíochtaí breise aeráide i dtríú tíortha leochaileacha a mhaoiniú, dá dtagraítear i bpointe (j) den chéad fhomhír.”

Leasú 516

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe c d (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 3 – fomhír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(cd)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais curtha i bhfeidhm acu agus á gcur chun feidhme acu, lena n-áirítear go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, nó beartais rialaitheacha intíre, a dhéanann tacaíocht airgeadais a ghiaráil, a bhunaítear chun na críocha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus arb ionann a luach agus 50 % de na hioncaim a ghintear ó cheantáil na lamháltas dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear na hioncaim uile ón gceantáil dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) agus (c). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid ioncaim agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo ina dtuarascálacha a thíolaic siad faoi Chinneadh Uimh. 280/2004/CE.

“Measfar forálacha na míre seo a bheith comhlíonta ag na Ballstáit má tá beartais fhioscacha nó tacaíochta airgeadais curtha i bhfeidhm acu agus á gcur chun feidhme acu, lena n-áirítear go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, nó beartais rialaitheacha intíre, a dhéanann tacaíocht airgeadais a ghiaráil, a bhunaítear chun na críocha a leagtar amach sa chéad fhomhír agus arb ionann a luach agus 100 % de na hioncaim a ghintear ó cheantáil na lamháltas dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear na hioncaim uile ón gceantáil dá dtagraítear i mír 2, pointí (b) agus (c). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le húsáid ioncaim agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo ina dtuarascálacha a thíolaic siad faoi Chinneadh Uimh. 280/2004/CE.”

Leasú 517

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe c e (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 3 a (nua) agus mír 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ce)

cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

 

3a.     Cuirfidh na Ballstáit plean faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húsáid ioncaim in éineacht le gach nuashonrú ar an bplean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1999. I gcomhréir le hAirteagal 19(2) den Rialachán sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin freisin maidir le húsáid ioncaim agus na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun mhír 3 den Airteagal seo. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis atá iomlán, d’ardchaighdeán agus comhsheasmhach a chur isteach. Go háirithe, saineoidh siad ina dtuarascálacha an bhrí atá leis na méideanna “gheallta” agus “eisíoctha”, agus cuirfidh siad isteach faisnéis airgeadais chríochnúil. Más gá chun comhlíonadh na n-oibleagáidí tuairiscithe sin a áirithiú, cuirfidh na Ballstáit ioncam i leataobh ina mbuiséid náisiúnta.

 

Áiritheoidh na Ballstáit go gcaithfear ioncaim CTA AE ar bhealach a bheidh comhsheasmhach leis na hoibleagáidí a leagtar síos i mír 3 agus go gcoimeádfar inrianaitheacht na n-ioncam sin, agus áiritheoidh siad go mbeidh siad sa bhreis ar an gcaiteachas náisiúnta ar an aeráid. Déanfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun a áirithiú go n-urramóidh na Ballstáit a n-oibleagáidí tuairiscithe faoin mír seo.

 

3b.     Úsáidfidh na Ballstáit an t-ioncam a ghintear ó lamháltais a chur ar ceant, agus nach n-úsáidtear mar acmhainní dílse, dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

 

(a)

na critéir “gan dochar suntasach a dhéanamh” mar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;

 

(b)

coimircí íosta mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2020/852; agus

 

(c)

plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit arna chur isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 agus, más ábhartha, an plean críochach um aistriú cóir arna ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*5) .

Leasú 518

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe d a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 5

An téacs atá ann

Leasú

 

(da)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú mhargadh carbóin na hEorpa. Gach bliain, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin agus faoi aon bheartas ábhartha eile aeráide ná fuinnimh, lena n-áirítear oibriú na gceantanna, an leachtacht agus na méideanna arna dtrádáil, agus ina ndéanfar achoimre ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit maidir leis na bearta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10a(6). Más gá, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear aon fhaisnéis ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin dhá mhí ar a laghad sula nglacfaidh an Coimisiún an tuarascáil.

“5.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú mhargadh carbóin na hEorpa. Gach bliain, cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin agus faoi aon bheartas ábhartha eile aeráide ná fuinnimh, lena n-áirítear oibriú na gceantanna, ról agus tionchar na n-oibreoirí neamhchomhlíontachta amhail infheisteoirí airgeadais sa mhargadh, an leachtacht agus na méideanna arna dtrádáil, agus ina ndéanfar achoimre ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit maidir leis na bearta airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 10a(6). Más gá, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear aon fhaisnéis ábhartha faoi bhráid an Choimisiúin dhá mhí ar a laghad sula nglacfaidh an Coimisiún an tuarascáil.”;

Leasú 519

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe d b (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“5a.     Tar éis thuarascáil deiridh an 28 Márta 2022 ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) maidir le lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh ghaolmhara, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach faoin… [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na treorach seo] chun obair leantach a dhéanamh ar na moltaí sa tuarascáil sin, chun feabhas a chur ar leibhéal na trédhearcachta, an fhaireacháin agus an tuairiscithe ar na margaí Eorpacha lamháltas astaíochtaí agus ar mhargaí díorthach gaolmhara, agus nádúr uile-Aontais na margaí sin á chur san áireamh.”

Leasú 520

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe d c (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10 – mír 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(dc)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“5b.     Déanfaidh ESMA faireachán go tráthrialta ar shláine agus ar thrédhearcacht na margaí lamháltas astaíochtaí Eorpacha chomh maith leis na margaí díorthach gaolmhara. Foilseoidh sé ar bhonn rialta tuarascáil maidir le sláine agus trédhearcacht na margaí sin, agus leas á bhaint aige, de réir mar is gá, as sonraí chlárlann an Aontais agus ar na sonraí arna dtuairisciú nó arna gcur ar fáil do na húdaráis inniúla. Sa tuarascáil sin, déanfaidh ESMA scrúdú go háirithe ar fheidhmiú na margaí i bhfianaise aon luaineacht sa mhargadh agus aon éabhlóid praghsanna, ar fheidhmiú na gceantanna agus na n-oibríochtaí trádála ar na margaí, ar leachtacht agus ar na méideanna a thrádáiltear, agus ar chatagóirí agus iompraíocht trádála rannpháirtithe sa mhargadh. Áireofar sa tuarascáil sin, i gcás inarb ábhartha, moltaí chun sláine an mhargaidh a neartú agus trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú. Déanfar breithniú sna moltaí sin, go háirithe, ar bhearta chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis atá ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal i gcoitinne maidir le feidhmiú na margaí lamháltas astaíochtaí agus na margaí díorthach a bhaineann leo, feabhas a chur ar thuairisciú rialála agus ar an bhfaireachán ar an margadh i margaí lamháltas astaíochtaí agus i margaí na ndíorthach lena mbaineann, cosc ar dhrochúsáid mhargaidh a chur chun cinn agus a bhrath, agus cuidiú le margaí ordúla a chothabháil le haghaidh lamháltas astaíochtaí agus díorthach gaolmhar.

 

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na moltaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo sa chéad tuarascáil eile a thíolacfar de bhun mhír 5 tar éis fhoilsiú na tuarascála ó ESMA. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin chun trédhearcacht agus sláine na margaí lamháltas astaíochtaí agus na margaí díorthach gaolmhara a fheabhsú, agus cineál uile-Aontais na margaí sin á chur san áireamh.”

Leasú 521

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe a – pointe -i (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 1 – fomhír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(-i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a mhéid is féidir, cinnfear tagarmharcanna ex-ante uile-Aontais chun a áirithiú go ndéanfar an leithdháileadh ar bhealach a sholáthróidh dreasachtaí le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar theicnící atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, trí na teicnící is éifeachtúla, ionadacha, próisis táirgthe mhalartacha, comhghiniúint ardéifeachtúlachta, aisghabháil éifeachtúil fuinnimh gás dramhaíola, úsáid bithmhaise agus gabháil agus stóráil CO2 a chur san áireamh, i gcás ina mbeidh saoráidí den sórt sin ar fáil, agus ní chuirfidh siad dreasachtaí ar fáil chun astaíochtaí a mhéadú. Ní dhéanfar aon leithdháileadh saor i ndáil le haon táirgeadh leictreachais, ach amháin i gcásanna a thagann faoi Airteagal 10c agus leictreachas arna tháirgeadh ó dhramhgháis.

“Leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a mhéid is féidir, cinnfear tagarmharcanna ex-ante uile-Aontais chun a áirithiú go ndéanfar an leithdháileadh ar bhealach a sholáthróidh dreasachtaí le haghaidh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar theicnící atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, trí na teicnící is éifeachtúla, ionadacha, próisis táirgthe mhalartacha, comhghiniúint ardéifeachtúlachta, aisghabháil éifeachtúil fuinnimh gás dramhaíola, úsáid bithmhaise agus gabháil agus stóráil CO2 a chur san áireamh, i gcás ina mbeidh saoráidí den sórt sin ar fáil, agus ní chuirfidh siad dreasachtaí ar fáil chun astaíochtaí a mhéadú. Ní dhéanfar aon leithdháileadh saor a chur ar fáil i ndáil le haon táirgeadh leictreachais.”

Leasú 522

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe a – pointe i

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 1 – fomhír 2a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás suiteálacha a chumhdaítear leis an oibleagáid iniúchadh fuinnimh a dhéanamh faoi Airteagal 8(4) de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) [tá an tagairt don Airteagal le tabhairt cothrom le dáta leis an Treoir athbhreithnithe], ní dheonófar leithdháileadh saor in aisce ina iomláine ach amháin má chuirtear moltaí na tuarascála iniúchóra chun feidhme, a mhéid nach mó ná 5 bliana an tréimhse aisghabhála le haghaidh na n-infheistíochtaí ábhartha agus go bhfuil costais na n-infheistíochtaí sin comhréireach. Thairis sin, laghdófar méid an leithdháilte saor in aisce faoi 25 % . Ní laghdófar méid an leithdháilte saor in aisce má léiríonn oibreoir go bhfuil bearta eile curtha chun feidhme aige a bhfuil mar thoradh orthu laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá coibhéiseach leo siúd a mholtar sa tuarascáil iniúchóra. Déanfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a choigeartú dá réir sin.

I gcás suiteálacha a chumhdaítear leis an oibleagáid iniúchadh fuinnimh a dhéanamh nó corás bainistíochta fuinnimh deimhnithe a chur chun feidhme faoi Airteagal 8(4) de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*) [tá an tagairt don Airteagal le tabhairt cothrom le dáta leis an Treoir athbhreithnithe], ní dheonófar leithdháileadh saor in aisce ina iomláine ach amháin má chuirtear moltaí na tuarascála iniúchóra nó an chórais bainistíochta fuinnimh deimhnithe chun feidhme, a mhéid nach mó ná 8 mbliana an tréimhse aisghabhála le haghaidh na n-infheistíochtaí ábhartha agus go bhfuil costais na n-infheistíochtaí sin comhréireach. Thairis sin, laghdófar méid an leithdháilte saor in aisce i gcomhréir leis an naoú fomhír agus an deichiú fomhír den mhír seo . Ní laghdófar méid an leithdháilte saor in aisce má léiríonn oibreoir go bhfuil bearta eile curtha chun feidhme aige a bhfuil mar thoradh orthu laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá coibhéiseach leo siúd a mholtar sa tuarascáil iniúchóra don suiteáil lena mbaineann . Déanfar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a choigeartú dá réir sin.

 

De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo, faoin 1 Iúil 2025, déanfaidh oibreoirí in earnálacha nó fo-earnálacha atá incháilithe le haghaidh saor-leithdháileadh lamháltas de bhun Airteagal 10a agus Airteagal 10b plean dícharbónaithe a bhunú do gach ceann dá suiteálacha dá gcuid gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir seo. Beidh an plean sin comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus le haon treochláir earnála ábhartha arna n-ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán sin agus leagfar amach an méid seo a leanas:

 

(a)

bearta agus pleananna gaolmhara airgeadais agus infheistíochta do gach suiteáil chun na laghduithe astaíochtaí is gá a bhaint amach i gcomhréir leis an gcuspóir neodracht aeráide a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus aon treochláir earnála ábhartha arna n-ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán sin ar leibhéal na suiteála, cé is moite d’úsáid creidmheasanna fritháirithe carbóin;

 

(b)

spriocanna idirmheánacha agus garspriocanna le tomhas, faoin 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Nollaig gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2050, an dul chun cinn a rinneadh i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach mar a leagtar amach i bpointe (a);

 

(c)

meastachán ar thionchar gach ceann de na bearta agus pleananna airgeadais agus infheistíochta gaolmhara dá dtagraítear i bpointe (a) maidir leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na spriocanna agus garspriocanna dá dtagraítear i bpointe (b);

 

(d)

bearta chun aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí atá ann don lucht saothair a athoiliúint agus a uas-sciliú, lena n-áirítear trí idirphlé sóisialta, i gcomhréir leis an dlí agus leis an gcleachtas náisiúnta, d’fhonn aistriú cóir a áirithiú.

 

Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht airgeadais a thabhairt d’oibreoirí chun a bpleananna dícharbónaithe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír a chur chun feidhme. Ní mheasfar gur Státchabhair neamhdhleathach í tacaíocht den sórt sin.

 

Fíorófar gnóthú na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear i bpointe (b) den cheathrú fomhír faoin 31 Nollaig 2025 agus faoin 31 Nollaig gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin go dtí 2050, i gcomhréir leis na nósanna imeachta maidir le fíorú agus creidiúnú dá bhforáiltear in Airteagal 15.

 

Mura bhfuil aon phlean dícharbónaithe bunaithe i gcomhréir leis an gceathrú fomhír nó mura bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna sa phlean sin bainte amach, déanfar méid an leithdháilte shaoir a laghdú i gcomhréir leis an naoú fomhír agus leis an deichiú fomhír.

 

Tugtar de chumhacht don Choimisiún, le tacaíocht ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí íosmhéid inneachair agus formáide na bpleananna dícharbónaithe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír den mhír seo a leagan amach, go háirithe maidir leis na tagarmharcanna le haghaidh na spriocanna agus na ngarspriocanna dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin. Beidh na geallsealbhóirí ábhartha go léir bainteach leis na gníomhartha tarmligthe a bhunú agus a ghlacadh.

 

I gcás nár comhlíonadh na ceanglais sa tríú fomhír nó sa cheathrú fomhír, déanfar an leithdháileadh saor a laghdú mar seo a leanas:

 

(a)

50 % maidir leis na suiteálacha ar mó a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa ná an meán don 10 % de na suiteálacha is lú éifeachtúlacht in earnáil nó i bhfo-earnáil san Aontas le haghaidh tagarmharcanna ábhartha táirgí;

 

(b)

30 % maidir le suiteálacha ar lú a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa ná meán an 10 % de na suiteálacha is lú éifeachtúlacht in earnáil nó i bhfo-earnáil san Aontas le haghaidh tagarmharcanna táirgí ábhartha agus os cionn mheán na 50 % de na suiteálacha is éifeachtúla san earnáil nó san fho-earnáil sin;

 

(c)

25 % i gcás suiteálacha ar mó a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa ná meán an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in earnáil nó i bhfo-earnáil san Aontas le haghaidh tagarmharcanna táirgí ábhartha agus faoi bhun mheán an 50 % de na suiteálacha is éifeachtúla san earnáil nó san fho-earnáil sin.

 

I gcás nár comhlíonadh na ceanglais sa tríú fomhír ná sa cheathrú fomhír, déanfar na céatadáin a leagtar amach sa naoú fomhír, pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), a dhúbailt.

 

Tabharfar leithdháileadh saor breise 10 % den luach tagarmhairc is infheidhme do shuiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun an mheán 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in earnáil nó fo-earnáil san Aontas do na dtagarmharcanna táirgí ábhartha, ar choinníoll go bhfuil lamháltais ar fáil i gcomhréir leis an dara fomhír déag.

 

Chun críche an leithdháilte shaoir bhreise dá dtagraítear san aonú fomhír déag, úsáidfear aon liúntais nach leithdháiltear de bharr laghdú ar leithdháileadh saor de réir an naoú fomhír agus an deichiú fomhír.

Leasú 523

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe a – pointe ii

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 1 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun tuilleadh dreasachtaí a sholáthar chun astaíochtaí gáis ceaptha teasa a laghdú agus feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh, déanfar athbhreithniú ar na tagarmharcanna ex ante uile-Aontais a cinneadh roimh gach tréimhse ó 2026 go 2030 i bhfianaise an modhnú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shainmhínithe agus teorainneacha córas na dtagarmharcanna táirge reatha.

Chun dreasachtaí breise a sholáthar le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, déanfar athbhreithniú ar na tagarmharcanna ex-ante uile-Aontais a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí na … [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na treorach leasaithí seo] i bhfianaise na féidearthachta go ndéanfaí sainmhínithe, raon feidhme agus teorainneacha córais tagarmharcanna táirgí atá ann cheana a mhodhnú, agus d’fhéadfaí a bheith san áireamh leithdháileadh saor do tháirgeadh táirge neamhspleách ar an mbunábhar nó ar an gcineál próisis táirgthe, i gcásanna ina mbeidh an cuspóir céanna ag na próisis táirgthe, agus gurb ionann é sin agus acmhainneacht úsáide ciorclach na n-ábhar, nó go seachnófar leo suiteálacha lena mbaineann próisis atá dícharbónaithe go páirteach nó go hiomlán lena dtáirgtear táirgí le saintréithe comhchosúla nó comhionanna le gnáthshuiteálacha sa tagarmharc a bheith á n-eisiamh ó na tagarmharcanna nó á gcoinneáil amach ó bheith rannpháirteach sna córais tagarmharcanna. Ba cheart na luachanna tagarmhairc ón athbhreithniú sin a fhoilsiú a luaithe a bheidh an fhaisnéis is gá ar fáil, ionas go mbeidh na luachanna tagarmhairc sin infheidhme ó 2026.

Leasú 678

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 1a – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

De mhaolú ar an bhfomhír roimhe seo , le haghaidh na chéad bhlianta tar éis fheidhmiú Rialachán [SCCT], tairbheoidh táirgeadh na dtáirgí seo ón leithdháileadh saor in aisce i méideanna laghdaithe. Cuirfear fachtóir lena laghdófar an leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na dtáirgí sin i bhfeidhm (an fachtóir SCCT). Beidh an fachtóir SCCT cothrom le 100 % le haghaidh na tréimhse le linn theacht i bhfeidhm [rialachán SCCT] agus deireadh 2025, 90 % in 2026 agus laghdófar é faoi dheich bpointe céatadáin in aghaidh na bliana chun go mbainfidh sé 0 % amach faoin deichiú bliain.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, le haghaidh na chéad bhlianta tar éis fheidhmiú Rialachán [SCCT], tairbheoidh táirgeadh na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán sin ón leithdháileadh saor in aisce i méideanna laghdaithe. Cuirfear fachtóir lena laghdófar an leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na dtáirgí sin i bhfeidhm (an fachtóir SCCT). Beidh fachtóir SCCT cothrom le 100 % don tréimhse idir… [ dáta theacht i bhfeidhm [rialachán SCCT]] agus deireadh 2026 , agus, ag brath ar chur i bhfeidhm Airteagal 36(3), pointe (d), de Rialachán (AE)…/… [Rialachán SCCT], 93 % in 2027, 84 % in 2028, 69 % in 2029, 50 % in 2030, agus 25 % in 2031, chun 0 % in 2032 a bhaint amach.

Leasú 679

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 1a – fomhír 2 a (nua) agus fomhír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

D’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú, de mhaolú ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, leanfar de shaor-leithdháileadh a thabhairt do tháirgeadh táirgí san Aontas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán [SCCT], ar choinníoll go bhfuil na táirgí sin táirgthe lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha gan sásraí praghsála carbóin cosúil le CTA AE.

 

Faoi… [bliain amháin roimh dheireadh na hidirthréimhse mar a leagtar amach i Rialachán [SCCT]], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina soláthróidh sé measúnú mionsonraithe ar éifeachtaí CTA AE agus SCCT ar tháirgeadh táirgí san Aontas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán [SCCT], ar táirgí iad atá táirgthe lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha agus ar fhorbairt astaíochtaí domhanda, chomh maith le measúnú ar chomhoiriúnacht EDT maidir leis an maolú a leagtar síos san fhomhír roimhe seo, lena ndéantar measúnú go háirithe ar shásraí coigeartaithe onnmhairiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha a bhaineann leis an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla a leagtar síos san Airteagal seo, i bhfianaise chomhoiriúnacht na hEagraíochta Domhanda Trádála nó aon tograí eile a mheasann an Coimisiún is iomchuí. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin lena bhforáiltear do chosaint i gcoinne an riosca sceite carbóin a chomhionannaíonn praghsáil carbóin chun táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán [SCCT] a tháirgeadh san Aontas, ar táirgí iad a tháirgtear lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha gan sásraí praghsála carbóin atá cosúil le CTA AE ar bhealach atá comhoiriúnach le EDT faoin… [deireadh na hidirthréimhse mar a leagtar amach i Rialachán [SCCT]].

Leasú 529

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 1a – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfear leithdháiltí a leanann as an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce ar fáil chun tacú leis an nuálaíocht i gcomhréir le hAirteagal 10a(8).

Cuirfear leithdháiltí a leanann as an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce ar fáil don Chiste Infheistíochta Aeráide i gcomhréir le hAirteagal 10a(8).

Leasú 530

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe b a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 1 a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“1aa.     Gach bliain ó 2025, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 10(5), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (‘SCCT’) maidir le haghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin d’earraí a tháirgtear san Aontas chun onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE nó sásra comhchosúil praghsála carbóin i bhfeidhm. Déanfar measúnú sa tuarascáil go háirithe ar fhorbairt onnmhairí an Aontais in earnálacha SCCT agus ar na forbairtí maidir le sreafaí trádála agus astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin ar an margadh domhanda. I gcás inarb é conclúid na tuarascála go bhfuil riosca sceite carbóin ann d’earraí a tháirgtear san Aontas chun onnmhairiú chuig na tríú tíortha sin nach gcuireann CTA AE nó sásra praghsála carbóin den chineál céanna i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach a chomhlíonann rialacha EDT agus a gcuireann dícharbónú suiteálacha san Aontas san áireamh.”

Leasú 531

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe c – pointe ii

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 2 – fomhír 3 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

Le linn na tréimhse ó 2026 go 2030, cinnfear na luachanna tagarmhairc ar an mbealach céanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (d) ar bhonn faisnéis a thíolacfar de bhun Airteagal 11 le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022 agus ar bhonn an ráta bliantúil maidir le laghdú a chur i bhfeidhm i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.’;

(c)

Le linn na tréimhse ó 2026 go 2030, cinnfear na luachanna tagarmhairc ar an mbealach céanna a leagtar amach i bpointí (a) agus (d) ar bhonn faisnéis a thíolacfar de bhun Airteagal 11 le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022, lena n-eisiafar ó chinneadh na luachanna tagarmhairc sonraí maidir le trí suiteáil ar a laghad a tháirgeann a lán astaíochtaí a thosaigh ag oibriú in 2017 nó a fuair leithdháileadh saor in aisce bunaithe ar thagarmharc eile, agus ar bhonn an ráta bliantúil maidir le laghdú a chur i bhfeidhm i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.;

Leasú 532

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe c – pointe ii

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 2 – fomhír 3 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

I gcás inar mó ná 2,5  % an ráta bliantúil maidir le laghdú nó i gcás inar lú ná 0,2  % é, is iad na luachanna tagarmhairc don tréimhse ó 2026 go 2030 na luachanna tagarmhairc is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020 agus iad laghdaithe de cibé ceann den dá ráta is ábhartha i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.

(d)

I gcás inar mó ná 2,5  % an ráta bliantúil maidir le laghdú nó i gcás inar lú ná 0,4  % é, is iad na luachanna tagarmhairc don tréimhse ó 2026 go 2030 na luachanna tagarmhairc is infheidhme sa tréimhse ó 2013 go 2020 agus iad laghdaithe de cibé ceann den dá ráta is ábhartha i leith gach bliana idir 2008 agus 2028.

Leasú 533

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe d a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

5.   D’fhonn cloí leis an sciar cheantála a leagtar amach in Airteagal 10, déanfar, i gcás gach bliana nach sroicheann suim na saor-leithdháiltí an t-uasmhéid lena n-urramaítear an sciar cheantála, na lamháltais atá fágtha suas go dtí an méid sin a úsáid chun laghdú na saor-leithdháiltí a chosc nó a theorannú d'fhonn an sciar cheantála a urramú sna blianta atá le teacht. Mar sin féin, i gcás ina sroichtear an t-uasmhéid, déanfar saor-leithdháiltí a choigeartú dá réir sin. Déanfar aon choigeartú den sórt sin ar bhealach aonfhoirmeach.

“5.   D’fhonn cloí leis an sciar cheantála a leagtar amach in Airteagal 10, déanfar, i gcás gach bliana nach sroicheann suim na saor-leithdháiltí an t-uasmhéid lena n-urramaítear an sciar cheantála, na lamháltais atá fágtha suas go dtí an méid sin a úsáid chun laghdú na saor-leithdháiltí a chosc nó a theorannú d'fhonn an sciar cheantála a urramú sna blianta atá le teacht. Mar sin féin, i gcás ina sroichtear an t-uasmhéid, déanfar saor-leithdháiltí a choigeartú dá réir sin. Déanfar aon choigeartú den sórt sin ar bhealach aonfhoirmeach. Mar sin féin, suiteálacha a bhfuil a leibhéil astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi bhun mheán an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla in earnáil nó i bhfo-earnáil san Aontas le haghaidh na dtagarmharcanna ábhartha i mbliain nuair atá feidhm ag an gcoigeartú, díolmhófar ón gcoigeartú iad.”

Leasú 534

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar 365  milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 85  milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10, chomh maith leis na lamháltais a leanann as an leithdháileadh saor in aisce a laghdú dá dtagraítear in Airteagal 10a(1a), a chur ar fáil do Chiste leis an gcuspóir tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí agus próisis ísealcharbóin agus chun rannchuidiú le cuspóirí maidir le truailliú nialasach (an Ciste don Nuálaíocht”). Lamháltais nach n-eisítear chuig oibreoirí aerárthaigh mar gheall ar dhúnadh oibreoirí aerárthaigh agus nach bhfuil gá leo chun aon easnamh i dtabhairt suas ag na hoibreoirí sin a chumhdach, úsáidfear iad chomh maith le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Déanfar 390  milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a leithdháileadh ar shlí eile saor in aisce de bhun an Airteagail seo, agus 110  milliún lamháltas, ón méid a d’fhéadfaí a chur ar ceant de bhun Airteagal 10, chomh maith leis na lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an cúigiú fomhír, ar fáil do Chiste (an “Ciste Infheistíochta Aeráide”). Ina theannta sin, déanfar aon lamháltais a leanann as an leithdháileadh saor a laghdú, dá dtagraítear in Airteagal 10a(1a), a chur ar fáil freisin don Chiste Infheistíochta Aeráide . Beidh sé de chuspóir ag an gCiste Infheistíochta Aeráide tacú leis an nuálaíocht i dteicnící, i bpróisis agus i dteicneolaíochtaí a rannchuidíonn go suntasach le dícharbónú na n-earnálacha a chumhdaítear leis an Treoir seo agus a rannchuidíonn le cuspóirí neamh-thruaillithe agus ciorclaithe , chomh maith le méadú a dhéanamh ar theicnící, próisis agus teicneolaíochtaí a fhéadfar a mheas nach bhfuil nuálach a thuilleadh, ach, mar sin féin, a bhfuil acmhainneacht acu astaíochtaí suntasacha gás ceaptha teasa a laghdú agus a rannchuidíonn le laghdú fuinnimh agus acmhainní i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030. Chun an nuálaíocht a chothú i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha a luaithe is féidir, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar an maoiniú a chuirtear ar fáil tríd an gCiste Infheistíochta Aeráide a “thús-ualú” le linn na tréimhse ó … go … [na chéad chúig bliana de chur chun feidhme na treorach seo]. Lamháltais nach n-eisítear chuig oibreoirí aerárthaigh mar gheall ar dhúnadh oibreoirí aerárthaigh agus nach bhfuil gá leo chun aon easnamh i dtabhairt suas ag na hoibreoirí sin a chumhdach, úsáidfear iad chomh maith le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Leasú 535

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Sa bhreis air sin, le 50 milliún lamháltas neamh-leithdháilte ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, forlíonfar aon ioncam a bheidh fágtha ón 300 milliún lamháltas atá ar fáil sa tréimhse ó 2013 go 2020 faoi Chinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún (*) agus úsáidfear iad ar bhealach tráthúil le haghaidh tacaíocht nuálaíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Ina theannta sin, leithdháilfear na hioncaim shannta sheachtracha dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) [FuelEU Maritime] chuig an gCiste don Nuálaíocht agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an mír seo.

Sa bhreis air sin, le 50 milliún lamháltas neamh-leithdháilte ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh, forlíonfar aon ioncam a bheidh fágtha ón 300 milliún lamháltas atá ar fáil sa tréimhse ó 2013 go 2020 faoi Chinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún (*) agus úsáidfear iad ar bhealach tráthúil le haghaidh tacaíocht do nuálaíocht agus do dhícharbónú dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Ina theannta sin, leithdháilfear na hioncaim shannta sheachtracha dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (**) chuig an gCiste Aigéin arna bhunú le hAirteagal 3gab agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis an mír seo.

Leasú 536

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cumhdóidh an Ciste don Nuálaíocht na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I gus Iarscríbhinn III , lena n-áirítear gabháil agus úsáid dé-ocsaíde carbóin (“CCU”) atá sábháilte don chomhshaol agus a rannchuidíonn go suntasach le tionchair an athraithe aeráide a mhaolú , chomh maith le táirgí a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de a tháirgtear sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus chun cabhrú le spreagadh a thabhairt chun tionscadail a thógáil agus a oibriú arb é is aidhm dóibh CO2 a ghabháil agus a stóráil (“CCS”) go geolaíoch ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, agus spreagadh a thabhairt freisin do theicneolaíochtaí nuálacha a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh ; in áiteanna atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de. Féadfaidh an Ciste don Nuálaíocht tacú freisin le teicneolaíochtaí nuálacha agus bonneagar nuálach ceannródaíoch chun an earnáil mhuirí a dhícharbónú agus chun breoslaí ísealcharbóin nó breoslaí saor ó charbóna tháirgeadh le haghaidh na heitlíochta, an iarnróid agus an iompair de bhóthar. Tabharfar aird ar leith ar thionscadail in earnálacha a chumhdaítear faoin [rialachán SCCT] d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin , CCU, CCS, fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú.

Cumhdóidh an Ciste Infheistíochta Aeráide na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I gus Iarscríbhinn III , amhail fuinneamh in-athnuaite nuálach agus teicneolaíochtaí stórála fuinnimh, chomh maith le táirgí agus próisis a úsáidtear in ionad cinn atá dian ó thaobh úsáid carbóin de a tháirgtear sna hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus chun cabhrú le spreagadh a thabhairt chun tionscadail nuálacha a thógáil agus a oibriú atá dírithe ar ghabháil agus úsáid carbóin (“CCU”) ar bhealach atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de a chuideoidh go mór leis an athrú aeráide a mhaolú, go háirithe i gcás astaíochtaí próisis thionsclaíocha dho-sheachanta, gabháil, iompar agus buanstóráil CO2 go geolaíoch (“CCS”) ar dhóigh atá sábháilte don chomhshaol, agus gabháil dhíreach CO2 ón atmaisféar le buanstóráil sábháilte agus inbhuanaithe (“DACS”). Féadfar infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí in-athnuaite hidrigine a spreagadh freisin, i gcás inarb iomchuí. Tacóidh an Ciste Infheistíochta don Aeráid freisin le teicneolaíochtaí nuálacha agus bonneagar nuálach ceannródaíoch chun an iarnróid agus an iompair de bhóthar a dhícharbónú , lena n-áirítear foirmeacha comhchoiteanna iompair amhail iompar poiblí agus seirbhísí ócáideacha cóiste, agus sineirgí á lorg ag an am céanna le Fís Eorpach, go háirithe le comhpháirtíochtaí Eorpacha agus, i gcás inarb ábhartha, le cláir eile de chuid an Aontais. Tabharfar aird ar leith ar thionscadail , lena n-áirítear le haghaidh onnmhairí, in earnálacha a chumhdaítear faoin [rialachán SCCT] d’fhonn tacú leis an nuálaíocht i  dteicnící agus i dteicnící a chur chun feidhme a rannchuidíonn go suntasach le dícharbónú na n-earnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán sin, CCU, CCS, iompar CO2 , fuinneamh in-athnuaite agus stóráil fuinnimh, ar bhealach a rannchuidíonn leis an athrú aeráide a mhaolú i gcomhréir leis na spriocanna agus na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 le haghaidh 2030 agus 2050, agus aistriú cothrom a dhéanamh agus an tairbhe is imeallaí a bhaint amach i dtéarmaí laghduithe astaíochtaí in aghaidh na tacaíochta arna soláthar . Leis an gCiste Infheistíochta Aeráide, féadfar tacú freisin le teicneolaíochtaí nuálacha ceannródaíocha atá dírithe ar astaíochtaí a laghdú san earnáil dramhaíola.

Leasú 537

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Úsáidfear 12 % ar a laghad de na lamháltais a chuirfear ar fáil don Chiste Infheistíochta Aeráide chun foinsí fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus a imlonnú tuilleadh san Aontas i gcomhréir le Treoir (AE) …/… [RED athbhreithnithe].

Leasú 538

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Féadfaidh an Ciste Infheistíochta Aeráide tacú le CCDanna chun tacú le teicneolaíochtaí dícharbónaithe a bhféadfadh sé nach dreasacht leordhóthanach é praghas carbóin dóibh. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh i ndáil leis na rialacha maidir le hoibriú CCDanna faoin 31 Nollaig 2023.

 

Beidh tacaíocht airgeadais ón gCiste Infheistíochta Aeráide comhréireach leis na cuspóirí beartais a leagtar amach san Airteagal seo agus ní bheidh saobhadh míchuí ar an margadh inmheánach mar thoradh uirthi. Chuige sin, ní dheonófar cistí ach amháin chun costais bhreise nó rioscaí infheistíochta a chumhdach nach féidir le hinfheisteoirí a íoc faoi ghnáthdhálaí margaidh. Dá réir sin, ní bheidh mar thoradh ar chabhair ón gCiste Infheistíochta Aeráide idirdhealú éagórach maidir le táirgí allmhairithe iomaíocha, mar a cheanglaítear faoi rialacha EDT.

 

I gcás ina mbeidh praghas CTA AE níos airde ná an praghas ceangail ar ar bronnadh an tionscadal, aisíocfaidh an tairbhí an difríocht leis an gCiste Infheistíochta Aeráide.

Leasú 539

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh tionscadail i gcríoch gach Ballstáit, tionscadail ar mhionscála san áireamh, incháilithe. Teicneolaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht, beidh siad nuálach agus ní bheidh siad ar fáil ó thaobh tráchtála go fóill ar scála comhchosúil gan tacaíocht, ach beidh siad ina réitigh cheannródaíocha nó beidh siad aibí a ndóthain chun iad a chur i bhfeidhm ar scála réamhthráchtála .

Beidh tionscadail i gcríoch gach Ballstáit, lena n-áirítear tionscadail ar mheánscála agus ar mhionscála, incháilithe. Teicneolaíochtaí a gheobhaidh tacaíocht, beidh siad nuálach , léireoidh siad acmhainneacht maidir le laghdú gás ceaptha teasa ar mhórscála , agus ní bheidh siad ar fáil ó thaobh tráchtála go fóill ar scála comhchosúil gan tacaíocht, ach beidh siad ina réitigh cheannródaíocha , nó nach féidir a chur chun feidhme go fóill, nó beidh siad aibí a ndóthain ó thaobh na teicneolaíochta de chun iad a chur i bhfeidhm ar scála (réamh)thráchtála, nó rannchuideoidh siad go mór leis an gcuspóir maidir le neodracht aeráide agus ní fhéadfar iad a úsáid ar mhórscála gan tacaíocht .

Leasú 540

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá dírithe ar an gCiste don Nuálaíocht ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na módúlachtaí a leagtar síos in Airteagal 10(4). Ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna fáltais ón gceantáil. Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le bearta ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear na lamháltais atá dírithe ar an gCiste Infheistíocha Aeráide ar ceant i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na módúlachtaí a leagtar síos in Airteagal 10(4). Ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna fáltais ón gceantáil. Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le bearta ar faide ná aon bhliain airgeadais amháin iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Leasú 541

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Roghnófar tionscadail ar bhonn critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, agus aird á tabhairt, i gcás inarb ábhartha, ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach go mór faoi bhun na dtagarmharcanna dá dtagraítear i mír 2. Beidh d’acmhainneacht ag tionscadail go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm go forleathan nó costais a laghdú i leith aistriú chuig geilleagair ísealcharbóin sna hearnálacha lena mbaineann. Le tionscadail lena mbaineann CCU, léireofar glanlaghdú in astaíochtaí agus áiritheofar go ndéanfar CO2 a sheachaint nó a stóráil go buan. I gcás deontais a chuirtear ar fáil trí ghlao ar thograí, féadfar tacú le suas le 60 % de chostais ábhartha na dtionscadal agus as a measc sin ní gá suas le 40 % a bheith ag brath ar sheachaint astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fíoraithe, ar choinníoll go ndéanfar garspriocanna réamhshocraithe, agus an teicneolaíocht atá in úsáid á cur san áireamh, a bhaint amach. I gcás tacaíocht a chuirtear ar fáil trí thairiscint iomaíoch agus i gcás tacaíocht cúnaimh teicniúil, féadfar tacú le suas le 100 % de chostais ábhartha na dtionscadal.

Roghnófar tionscadail trí nós imeachta roghnúcháin trédhearcach, ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de i gcomhréir le cuspóirí an Chiste Infheistíochta Aeráide mar a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo agus ar bhonn critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, agus aird á tabhairt , ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail go suntasach le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais agus, san am céanna, rannchuidiú leis na cuspóirí nialasacha truaillithe agus ciorclaíochta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, chomh maith leis an ngá atá le dáileadh cothrom geografach tionscadal a áirithiú i gcomhréir le fomhír 6a den mhír seo, i gcás inarb ábhartha, ar a mhéid a rannchuidíonn tionscadail le laghduithe ar astaíochtaí a bhaint amach go mór faoi bhun na dtagarmharcanna dá dtagraítear i mír 2. Beidh d’acmhainneacht ag tionscadail go bhféadfar iad a chur i bhfeidhm go forleathan nó costais a laghdú i leith aistriú chuig geilleagair aeráidneodrach sna hearnálacha lena mbaineann . Tabharfar tosaíocht do theicneolaíochtaí agus do phróisis lena dtugtar aghaidh ar thionchair iomadúla ar an gcomhshaol. Le tionscadail lena mbaineann CCU, léireofar glanlaghdú in astaíochtaí agus áiritheofar go ndéanfar CO2 a sheachaint nó a stóráil go buan. I gcás deontais a chuirtear ar fáil trí ghlao ar thograí, féadfar tacú le suas le 60 % de chostais ábhartha na dtionscadal agus as a measc sin ní gá suas le 40 % a bheith ag brath ar sheachaint astaíochtaí gás ceaptha teasa atá fíoraithe, ar choinníoll go ndéanfar garspriocanna réamhshocraithe, agus an teicneolaíocht atá in úsáid á cur san áireamh, a bhaint amach. I gcás tacaíocht a chuirtear ar fáil trí thairiscint iomaíoch agus i gcás tacaíocht cúnaimh teicniúil, féadfar tacú le suas le 100 % de chostais ábhartha na dtionscadal. Tionscadail a rachaidh chun tairbhe do dhícharbónú gníomhaithe eile i limistéir gheografacha in aice láimhe le hastaíochtaí a laghdú, tabharfar cóir fhabhrach dóibh sna critéir arna n-úsáid chun tionscadail a roghnú.

 

Tionscadail arna gcistiú ag an gCiste Infheistíochta Aeráide, cuirfear de cheangal orthu eolas a chomhroinnt le tionscadail ábhartha eile agus le taighdeoirí atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil leas dlisteanach acu. Déanfaidh an Coimisiún téarmaí na comhroinnte eolais a shainiú i nglaonna ar thograí.

 

Beidh na glaonna ar thogra oscailte agus trédhearcach agus leagfar amach go soiléir na cineálacha teicneolaíochtaí ar féidir tacú leo. Agus na glaonna ar thogra á n-ullmhú aige, áiritheoidh an Coimisiún go gcumhdófar gach earnáil go cuí. Déanfaidh an Coimisiún bearta chun a áirithiú go gcuirfear na glaonna in iúl chomh forleathan agus is féidir, agus go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (“FBManna”).

Leasú 542

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh sé d’aidhm ag an gCiste Infheistíochta Aeráide tacaíocht chothrom gheografach a thabhairt, do thacaíocht arna soláthar i bhfoirm CCDanna, agus do thionscadail a bhaineann le méadú, agus san am céanna an cháilíocht is airde is féidir a áirithiú maidir leis na tionscadail agus seasamh leis na critéir roghnúcháin dá dtagraítear sa séú fomhír den mhír seo, agus cúinsí sonracha earnálacha agus riachtanais infheistíochta, go háirithe sna hearnálacha a chumhdaítear le hAirteagal 3g agus Caibidil IVa, á gcur san áireamh.

Leasú 543

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le hoibriú an Chiste don Nuálaíocht , lena n-áirítear an nós imeachta agus na critéir roghnúcháin, agus na hearnálacha incháilithe agus ceanglais teicneolaíocha le haghaidh na gcineálacha éagsúla tacaíochta.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir le hoibriú an Chiste Infheistíochta Aeráide , lena n-áirítear an nós imeachta agus na critéir roghnúcháin , rannpháirtíocht na FMBanna , agus na hearnálacha incháilithe agus ceanglais teicneolaíocha le haghaidh na gcineálacha éagsúla tacaíochta. Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún amchlár ag tús-ualaithe na tacaíochta ón gCiste Infheistíochta Aeráide go dtí tús na tréimhse a leagan amach. Agus an Ciste Infheistíochta Aeráide á chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 chun a áirithiú go gcosnófar cistí i ndáil le bearta agus infheistíochtaí arna dtacú ag an gCiste Infheistíochta Aeráide, i gcás nach n-urramaítear an smacht reachta sna Ballstáit. Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil agus déanfaidh sé méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil.

 

Chun aistriú cothrom agus cóir a áirithiú, cuirfear san áireamh sna critéir roghnúcháin coimircí comhshaoil agus sóisialta. Bainfear úsáid as na hacmhainní airgeadais go léir ón gCiste Infheistíochta Aeráide i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

 

(a)

na critéir “gan dochar suntasach a dhéanamh” mar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;

 

(b)

coimircí íosta mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2020/852.

 

I gcás tacaíocht trí CCDanna, ceadófar leis na gníomhartha tarmligthe sin tairiscint atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus iomaíoch ó thaobh praghais de i gcomhréir le cuspóirí an Chiste Infheistíochta Aeráide mar a leagtar amach sa chéad fhomhír iad.

Leasú 544

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe g

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Gach dhá bhliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leagfar amach comhsheasmhacht na dtionscadal arna gcistiú tríd an gCiste Infheistíochta Aeráide agus cuspóir na haeráidneodrachta a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, an dul chun cinn a rinneadh i dtreo úsáid na n-infheistíochtaí a bhfuil tuairisc orthu sna pleananna dícharbónaithe tionsclaíocha, agus a phlean gníomhaíochta don chéad tréimhse dhá bhliain eile.

Leasú 545

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

in Airteagal 10c, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:

(13)

scriostar Airteagal 10c;

“Ceanglóidh na Ballstáit ar shuiteálacha giniúna leictreachais agus ar oibreoirí líonra is tairbhithe tuarascáil a thabhairt, faoin 28 Feabhra gach bliain, maidir le cur chun feidhme a n-infheistíochtaí roghnaithe, lena n-áirítear iarmhéid an leithdháilte saor in aisce agus an chaiteachais infheistíochta a tabhaíodh agus na cineálacha infheistíochtaí a dtacaítear leo. Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis sin, agus cuirfidh an Coimisiún na tuarascálacha sin ar fáil don phobal.”;

 

Leasú 546

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 10ca

Leithdháileadh saor idirthréimhseach chun an earnáil fuinnimh a nuachóiriú

Aon lamháltais le haghaidh leithdháileadh saor in aisce idirthréimhseach do nuachóiriú na hearnála fuinnimh nár leithdháileadh ar oibreoirí sna Ballstáit lena mbaineann faoin 31 Nollaig 2023, cuirfear iad le cainníocht iomlán na lamháltas a fhaigheann an Ballstát lena mbaineann lena gcur ar ceant de bhun Airteagal 10(2), pointe (a). Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit na lamháltais sin a úsáid, nó cuid de na lamháltais sin, i gcomhréir le hAirteagal 10d chun tacú le hinfheistíochtaí faoi chuimsiú an Chiste don Nuachóiriú.”

Leasú 547

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe a

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 1 – fomhír 1 a (nua) agus fomhír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Ní dheonófar tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ach amháin do Bhallstáit a bhfuil spriocanna atá ceangailteach ó thaobh dlí glactha acu chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, chomh maith le bearta chun na breoslaí iontaise go léir a chéimniú amach laistigh de thréimhse a bheidh ag teacht leis na spriocanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119.

 

Ina theannta sin, ní dhéanfar aon tacaíocht faoin gCiste don Nuachóiriú a sholáthar chun tacú le hinfheistíochtaí arna moladh ag Ballstát is tairbhí a bhfuil an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ar siúl ina leith nó ar ghlac an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme maidir le bearta iomchuí ina leith de bhun an Airteagail sin.

Leasú 548

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe a

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ag teacht le haidhmeanna na treorach seo, chomh maith le cuspóirí na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (*) agus Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (**) agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Ní chuirfear aon tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ar fáil do shaoráidí giniúna fuinnimh a úsáideann breoslaí iontaise.

Beidh na hinfheistíochtaí sin a fhaigheann tacaíocht ag teacht le haidhmeanna na treorach seo, chomh maith le cuspóirí na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (*) agus Rialachán (AE) 2021/1119 agus leis na cuspóirí fadtéarmacha a leagtar síos i gComhaontú Pháras. Ní chuirfear aon tacaíocht ón gCiste don Nuachóiriú ar fáil do ghníomhaíochtaí a bhaineann le fuinneamh a úsáideann breoslaí iontaise.

Leasú 549

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d –mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Úsáidfear 80 % ar a laghad de na hacmhainní airgeadais ón gCiste don Nuachóiriú d’fhonn tacú le hinfheistíochtaí sna réimsí seo a leanas:

2.   Úsáidfear 100 % de na hacmhainní airgeadais ón gCiste don Nuachóiriú d’fhonn tacú le hinfheistíochtaí sna réimsí seo a leanas:

Leasú 550

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 2 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

giniúint fuinnimh ag gineadóirí hidrigine;

Leasú 551

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh ar thaobh an éilimh, lena n-áirítear san iompar, i bhfoirgnimh, sa talmhaíocht agus i gcúrsaí dramhaíola;

(c)

an úsáid fhoriomlán fuinnimh a laghdú trí bhainistiú ar thaobh an éilimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear san iompar, i bhfoirgnimh, sa talmhaíocht agus i gcúrsaí dramhaíola, agus an gá leictrithe a bhaineann leis an aistriú aeráide agus an t-éileamh méadaithe gaolmhar ar leictreachas in-athnuaite á chur san áireamh;

Leasú 552

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun a gcórais téimh a nuachóiriú ; agus

(e)

tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta, chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun nuachóiriú a dhéanamh ar a gcórais téimh agus fuaraithe agus a n-iarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh d’úsáid chónaithe agus tráchtála araon;

Leasú 553

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 2 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

aistriú cóir i réigiúin, sna Ballstáit is tairbhí, a bhíonn ag brath ar an gcarbón, chun tacú le hath-imlonnú, le hathoiliúint agus le breisoiliúint oibrithe, leis an oideachas, le tionscnaimh cuardaithe poist agus le gnólachtaí nuathionscanta, agus an t-agallamh ar bun leis na comhpháirtithe sóisialta.;

(f)

aistriú cóir i réigiúin, sna Ballstáit is tairbhí, a bhíonn ag brath ar an gcarbón, chun tacú le hath-imlonnú, le hathoiliúint agus le breisoiliúint oibrithe, leis an oideachas, le tionscnaimh cuardaithe poist agus le gnólachtaí nuathionscanta, agus in idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir leis na gníomhaíochtaí ábhartha arna n-áireamh ag na Ballstáit ina bpleananna críochacha um aistriú cóir i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2021/1056, i gcás inarb ábhartha ; agus

Leasú 554

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 2 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)

infheistíochtaí in imscaradh bonneagar breoslaí malartacha.

Leasú 555

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“2a.    Bainfear úsáid as na hacmhainní airgeadais go léir ón gCiste don Nuachóiriú i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)

na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ mar a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;

(b)

coimircí íosta mar a leagtar amach in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2020/852.”

Leasú 556

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b b (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 5 – fomhír 2 a (nua)

An téacs atá ann

Leasú

 

(bb)

i mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

 

“Iarrfaidh an coiste infheistíochta comhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide chun a áirithiú go mbeidh cinntí infheistíochta ag luí leis na critéir a leagtar amach san Airteagal seo agus chun tacú leis na cuspóirí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach.”

Leasú 557

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b c (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 6

An téacs atá ann

Leasú

 

(bc)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

6.   Sula gcinneann Ballstát tairbhíoch infheistíocht a mhaoiniú óna sciar féin den Chiste don Nuachóiriú, cuirfidh sé an tionscadal infheistíochta faoi bhráid an choiste infheistíochta agus faoi bhráid BEI. I gcás ina ndeimhneoidh BEI go dtagann an infheistíocht faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, féadfaidh an Ballstát dul ar aghaidh chun an tionscadal infheistíochta a mhaoiniú óna sciar féin.

6.   Sula gcinneann Ballstát tairbhíoch infheistíocht a mhaoiniú óna sciar féin den Chiste don Nuachóiriú, cuirfidh sé an tionscadal infheistíochta faoi bhráid an choiste infheistíochta agus faoi bhráid BEI.

I gcás nach dtagann infheistíocht i nuachóiriú na gcóras fuinnimh, a bhfuil sé beartaithe í a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú, faoi na réimsí a liostaítear i mír 2, déanfaidh an coiste infheistíochta inmharthanacht theicniúil agus airgeadais na hinfheistíochta sin a mheas, lena n-áirítear an laghdú ar astaíochtaí a bhaintear amach léi, agus eiseoidh sé moladh maidir leis an infheistíocht a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú. Áiritheoidh an coiste infheistíochta go mbainfear amach feabhas suntasach ar éifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le laghdú ar astaíochtaí le haon infheistíocht a bhaineann le téamh ceantair.

Déanfaidh an coiste infheistíochta inmharthanacht theicniúil agus airgeadais na hinfheistíochta sin a mheasúnú, lena n-áirítear na laghduithe ar astaíochtaí a bhaintear amach léi, agus eiseoidh sé moladh maidir leis an infheistíocht a mhaoiniú ón gCiste don Nuachóiriú. Áiritheoidh an coiste infheistíochta go mbainfear amach feabhas suntasach ar éifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le laghdú ar astaíochtaí le haon infheistíocht a bhaineann le téamh ceantair.

Féadfar moltaí maidir le hionstraimí iomchuí maoiniúcháin a áireamh ar an moladh sin. Féadfar suas le 70 % de chostais ábhartha infheistíochta nach dtagann faoi na réimsí a liostaítear i mír 2 a thacú le hacmhainní ón gCiste don Nuachóiriú ar choinníoll go ndéanann eintitis dhlíthiúla phríobháideacha na costais atá fágtha a mhaoiniú.

Féadfar moltaí maidir le hionstraimí iomchuí maoiniúcháin a áireamh ar an moladh sin.

Leasú 558

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 – pointe b d (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10d – mír 11

An téacs atá ann

Leasú

 

(bd)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

11.   Tuairisceoidh an coiste infheistíochta ar bhonn bliantúil don Choimisiún ar an taithí a fuarthas agus infheistíochtaí á measúnú aige. Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na réimsí a bhaineann leis na tionscadail dá dtagraítear i mír 2, agus fionnachtana an choiste infheistíochta á gcur san áireamh aige, agus déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar an mbunús atá le moltaí an choiste infheistíochta.

“11.   Tuairisceoidh an coiste infheistíochta ar bhonn bliantúil don Choimisiún , don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa maidir leis an taithí a fuarthas agus infheistíochtaí á measúnú aige. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na réimsí a bhaineann leis na tionscadail dá dtagraítear i mír 2, agus fionnachtana an choiste infheistíochta á gcur san áireamh aige, agus déanfaidh sé athbhreithniú freisin ar an mbunús atá le moltaí an choiste infheistíochta.”

Leasú 559

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe -a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 1

An téacs atá ann

Leasú

 

(-a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir lamháltais a aistriú idir:

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir lamháltais a aistriú idir:

(a)

daoine laistigh den Chomhphobal;

(a)

eintitis rialáilte laistigh den Aontas;

(b)

daoine laistigh den Aontas agus daoine i dtríú tíortha, i gcás ina n-aithnítear na lamháltais sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25 gan srianta seachas iad sin atá sa Treoir seo nó a glacadh de bhun na treorach seo.

(b)

eintitis rialáilte laistigh den Aontas agus daoine i dtríú tíortha, i gcás ina n-aithnítear na lamháltais sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25 gan srianta seachas iad sin atá sa Treoir seo, nó a glacadh de bhun na treorach seo.

 

Féadfaidh eintitis rialáilte sainordú a thabhairt do dhuine nádúrtha nó d’eintiteas dlíthiúil cuntais chlárlainne ar leis an t-eintiteas rialáilte iad a oibriú agus gach cineál idirbheart a bhfuil an cuntas sin ina dteideal a sheoladh thar ceann an eintitis rialáilte. Fanfaidh freagracht an chomhlíonta leis an eintiteas rialáilte. Agus sainordú á thabhairt don duine nádúrtha nó don eintiteas dlíthiúil, áiritheoidh an t-eintiteas rialáilte nach mbeidh aon choinbhleacht leasa idir an duine nó an t-eintiteas sainordaithe agus na húdaráis inniúla, riarthóirí náisiúnta, fíoraitheoirí nó comhlachtaí eile atá faoi réir na treorach seo.

Leasú 560

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe -a a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 1a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-aa)

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“1aa.     Faoin 1 Iúil 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé measúnú ar conas a dhéanfadh srian ar rochtain ar na margaí Eorpacha lamháltas astaíochtaí carbóin d’eintitis rialaithe agus d’idirghabhálaithe airgeadais a ghníomhaíonn thar a gceann, tionchar a imirt ar shláine agus ar fheidhmiú éifeachtach na margaí lamháltas astaíochtaí carbóin agus ar bhaint amach spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 agus 2050 an Aontais. I gcás ina mbeidh an measúnú diúltach, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun na forálacha ábhartha in Airteagal 12(1) agus in Airteagal 19(2) a choigeartú.”

Leasú 561

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe c

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 3 – fomhír 1 a (nua) agus fomhír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (c), go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh cuideachtaí loingseoireachta níos lú lamháltas a thabhairt suas ar bhonn aicme oighir a long nó ar bhonn an fhíorais go mbíonn a gcuid long i mbun loingseoireacht faoi dhálaí oighir, nó iad araon, i gcomhréir le hIarscríbhinn Va.

 

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (c), go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh cuideachtaí loingseoireachta 55 % níos lú lamháltas a thabhairt suas i leith astaíochtaí a tharlaíonn go dtí 2030 ó mhuiraistir idir calafort atá suite i réigiún is forimeallaí de Bhallstáit agus calafort atá suite sa Bhallstát céanna, lena n-áirítear idir dhá chalafort éagsúla atá suite i réigiúin is forimeallaí éagsúla sa Bhallstát céanna. Faoin 31 Nollaig 2027, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an tionchar a bheidh ag deireadh a chur leis an maolú seo don mhuiriompar chuig na réigiúin is forimeallaí agus uathu, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an tionchar sin.

Leasú 562

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 15 – pointe e

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 3b – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní thiocfaidh oibleagáid chun cinn i dtaobh lamháltais a thabhairt suas i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar gur gabhadh nó gur úsáideadh iad le bheith ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar faoin ngnáthúsáid a bhaintear astu.

Ní thiocfaidh oibleagáid chun cinn i dtaobh lamháltais a thabhairt suas i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheastar gur gabhadh nó gur úsáideadh iad le bheith ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach dtéann siad isteach san atmaisféar faoin ngnáthúsáid a bhaintear astu agus faoin ngnáth-dhiúscairt a dhéantar orthu .

Leasú 563

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 15 – pointe e

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 3b – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na ceanglais chun a mheas go bhfuil gáis cheaptha teasa ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach rachaidh siad isteach san atmaisféar faoin ngnáthúsáid a bhaintear astu.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na ceanglais a leagan amach chun a mheas go bhfuil gáis cheaptha ceangailte go ceimiceach go buan i dtáirge ionas nach rachaidh siad isteach san atmaisféar faoin ngnáthúsáid a bhaintear astu agus faoin ngnáth-dhiúscairt a dhéantar orthu dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo .

Leasú 564

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 15 – pointe e

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 3b – fomhír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

scriosta

Leasú 565

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe e a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 3b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“3ba.     Faoin 1 Eanáir 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdófar an chaoi ina dtabharfar cuntas ar astaíochtaí diúltacha a eascraíonn ó gháis cheaptha teasa a aistrítear as an atmaisféar agus a stóráiltear go buan agus ar conas is féidir na hastaíochtaí diúltacha sin a chumhdach le trádáil astaíochtaí, agus ina molfaidh sé raon feidhme soiléir agus critéir dhochta agus coimircí dochta chun a áirithiú nach mbeidh na laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí á bhfritháireamh ag na haistrithe sin i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, chun astaíochtaí diúltacha a chumhdach”.

Leasú 566

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe e b (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 3b b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb)

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“3bb.     Faoin 31 Nollaig 2029, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdófar an ndéantar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile ó na gníomhaíochtaí éagsúla a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur i gcuntas go héifeachtach, ag cén chéim den phróiseas ina gcuirtear i gcuntas na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin, agus i dtaobh an ndearnadh áireamh dúbailte a sheachaint, go háirithe agus na céimeanna iartheachtacha á gcur i gcuntas, lena n-áirítear diúscairt agus loscadh dramhaíola, agus onnmhairiú, agus déanfar measúnú inti ar an aeráid chomparáideach agus ar na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann leis na hastaíochtaí ó gach gníomhaíocht a chur i gcuntas ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun an Treoir seo a leasú a chur leis an tuarascáil sin chun a áirithiú go gcuirfear na hastaíochtaí uile i gcuntas ag an gcéim is éifeachtaí agus go ndéanfar áireamh dúbailte a sheachaint.”

Leasú 567

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe e c (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 3b c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ec)

Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“3bc.     Faoin 1 Eanáir 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdófar modheolaíocht thrédhearcach, inchomparáide agus iontaofa maidir leis an gcaoi ar féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur i gcuntas, ar astaíochtaí iad a mheastar a gabhadh agus a úsáideadh le bheith ceangailte go ceimiceach i dtáirge ar bhealach seachas an bealach dá dtagraítear i mír 3b, bunaithe ar mheasúnú saolré an táirge. Cuirfear san áireamh leis an mhodheolaíocht le haghaidh mheasúnú saolré an táirge, ról déach na ngás ceaptha teasa mar astaíochtaí agus mar bhunábhar, lena n-áirítear na hastaíochtaí a ghabhtar i monarú an táirge, na hastaíochtaí a tháirgtear mar chuid de phróiseas na gabhála agus na húsáide, na hastaíochtaí a úsáidtear i monarú an táirge, agus líon na mblianta ina bhfuil an carbón a gabhadh ó na hastaíochtaí ceangailte sa táirge. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur leis an tuarascáil sin chun leasú a dhéanamh ar an Treoir seo chun go n-áireofar an cur chuige sin i leith measúnú saolré.”

Leasú 568/rev

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe e d (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 4

An téacs atá ann

Leasú

 

(ed)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear na lamháltais ar ceal tráth ar bith arna iarraidh sin don duine a bhfuil siad ina sheilbh aige. I gcás ina ndúntar acmhainn giniúna leictreachais ina gcríoch féin mar gheall ar bhearta náisiúnta eile, féadfaidh Ballstáit lamháltais a chealú ó chainníocht iomlán na lamháltas a bheidh le cur ar ceant acu dá dtagraítear in Airteagal 10(2) suas go méid a chomhfhreagraíonn do mheán-astaíochtaí fíoraithe na suiteála lena mbaineann thar thréimhse 5 bliana roimh an dúnadh. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoin gcealú atá beartaithe i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 10(4).

“4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear na lamháltais ar ceal tráth ar bith arna iarraidh sin don duine a bhfuil siad ina sheilbh aige. I gcás ina ndúntar acmhainneacht giniúna leictreachais ina gcríoch féin i ngeall ar bhearta náisiúnta eile, féadfaidh Ballstáit lamháltais a chealú ó chainníocht iomlán na lamháltas a bheidh le cur ar ceant acu dá dtagraítear in Airteagal 10(2) suas go méid lena gcomhfhreagraítear do mheánastaíochtaí fíoraithe na suiteála lena mbaineann thar thréimhse 5 bliana roimh an dúnadh. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoin gcealú atá beartaithe i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 10(4).”

Leasú 569

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 14 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

in Airteagal  14(1), an chéad fhomhír, cuirtear isteach an abairt seo a leanas:

(16)

In Airteagal  14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 :

“1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar shonraí gníomhaíochta, ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí tona-ciliméadair chun críche iarratais faoi Airteagal 3e nó Airteagal 3f, agus an t-iarratas sin bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin acmhainneacht téite domhanda gach gáis ceaptha teasa a shainiú freisin sna riachtanais a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí don ghás sin. Cuirfidh na gníomhartha cur chun feidhme sin i bhfeidhm na critéir inbhuanaitheachta agus laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bithmhaise a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), leis na coigeartuithe is gá le haghaidh cur i bhfeidhm faoin Treoir seo, chun go mbeidh an bhithmhais seo nialas-rátaithe. Sonrófar iontu an chaoi le stóráil astaíochtaí ó mheascán d’fhoinsí atá nialas-rátaithe agus ó fhoinsí nach bhfuil nialas-rátaithe a chur san áireamh. Sonrófar iontu freisin an chaoi le hastaíochtaí ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh, chun a áirithiú go gcuirfear na hastaíochtaí sin san áireamh agus go ndéanfar áireamh dúbailte a sheachaint.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

“1.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh a mhéid a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar shonraí gníomhaíochta, ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí tona-ciliméadair chun críche iarratas a dhéanamh faoi Airteagal 3e nó Airteagal 3f, agus beidh an t-iarratas sin bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Sonrófar sna gníomhartha tarmligthe sin freisin acmhainneacht téite domhanda gach gáis ceaptha teasa sna ceanglais le haghaidh faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí i gcás an gháis sin agus beidh measúnú tionchair mionsonraithe ag gabháil leo, agus an eolaíocht is déanaí atá ar fáil á cur i gcuntas . Cuirfear i bhfeidhm leis na gníomhartha tarmligthe sin na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i gcomhair na húsáide a bhainfear as bithmhais le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*), le haon coigeartuithe is gá lena gcur i bhfeidhm faoin Treoir seo, chun go mbeidh an bhithmhais seo nialas-rátaithe. Sonrófar iontu an chaoi le stóráil astaíochtaí ó mheascán d’fhoinsí atá nialas-rátaithe agus ó fhoinsí nach bhfuil nialas-rátaithe a chur san áireamh. Sonrófar iontu freisin an chaoi le hastaíochtaí ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh, chun a áirithiú go gcuirfear na hastaíochtaí sin san áireamh agus go ndéanfar áireamh dúbailte a sheachaint.

Leasú 570

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 19 – mír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(19a)

in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.   Féadfaidh aon duine lamháltais a bheith ina sheilbh aige. Beidh rochtain ag an bpobal ar an gclárlann agus beidh cuntais ar leithligh ann chun taifead a dhéanamh ar na lamháltais a shealbhaíonn gach duine a n-eisítear lamháltais chuige agus óna n-aistrítear lamháltais.

“2.    Gan dochar d’Airteagal 12(1aa), seachas na cuntais riaracháin láirnaigh agus náisiúnta, ní fhéadfaidh lamháltais a bheith ina seilbh ach amháin ag eintitis rialáilte ag a raibh oibleagáidí comhlíonta CTA AE san am atá caite, ag a bhfuil sa lá atá inniu ann nó ag a mbeidh sa todhchaí intuartha . Beidh rochtain ag an bpobal ar an gclárlann agus beidh cuntais ar leithligh ann chun taifead a dhéanamh ar na lamháltais a shealbhaíonn gach eintiteas rialáilte a n-eisítear lamháltais chuige agus óna n-aistrítear lamháltais.”

Leasú 571

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 b (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 23 – mír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(19b)

in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail  3d(3), 10(4), 10a(1) agus (8), 10b(5), 19(3), Airteagal 22, Airteagal 24(3), Airteagal 24a(1), Airteagal 25a(1) agus Airteagal 28c a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 8 Aibreán 2018.

“2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal  3d(3), Airteagal 3gaa(2), Airteagal 3gab(7), Airteagal 3gea, an dara mír, Airteagal  10(4), Airteagal  10a(1) agus (8), Airteagal  10b(5) , Airteagal 12(3b), Airteagal 14(1) , Airteagal  19(3), Airteagal 22, Airteagal  24(3), Airteagal  24a(1), Airteagal  25a(1), Airteagal 28c , Airteagal 30c(2a) agus Airteagal 30f(4a) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinnte ón 8 Aibreán 2018.”

Leasú 572

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 c (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 29a

An téacs atá ann

Leasú

 

(19c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 29a:

Airteagal 29a

Airteagal 29a

Bearta i gcás ardú iomarcach ar phraghsanna

Bearta i gcás ardú iomarcach ar phraghsanna

1.   Más rud é, ar feadh níos mó ná 6 mhí as a chéile, gur mó an praghas lamháltais ná trí oiread mheánphraghas na liúntas le linn an 2 bhliain roimhe sin ar mhargadh carbóin na hEorpa, comórfaidh an Coimisiún cruinniú den Choiste láithreach arna bhunú le hAirteagal 9 de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE.

1.   Más rud é, ar feadh níos mó ná 6 mhí as a chéile, gur mó an meán phraghas lamháltais ná dhá oiread mheánphraghas na lamháltas le linn an 2 bhliain roimhe sin ar mhargadh carbóin na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún cruinniú den Choiste arna bhunú le hAirteagal 9 de Chinneadh Uimh. 280/2004/CE a chomóradh láithreach , agus tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an phointe ama sin, chun a mheas an gcomhfhreagraíonn an t-athrú ar phraghsanna dá dtagraítear sa mhír seo do bhunphrionsabail athraitheacha an mhargaidh .

2.   Mura gcomhfhreagraíonn éabhlóid na bpraghsanna dá dtagraítear i mír 1 do bhunphrionsabail athraitheacha an mhargaidh, féadfar ceann de na bearta seo a leanas a ghlacadh , agus méid éabhlóid na bpraghsanna á chur san áireamh:

2.   Mura gcomhfhreagraíonn éabhlóid na bpraghsanna dá dtagraítear i mír 1 do bhunphrionsabail athraitheacha an mhargaidh, féadfar aon cheann de na bearta seo a leanas a ghlacadh, mar ábhar práinne, agus méid éabhlóid na bpraghsanna á chur san áireamh:

 

(-a)

scaoileadh 100 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ón gcúlchiste cobhsaíochta margaidh i gcomhréir le hAirteagal 1(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814, a bheidh le dáileadh go cothrom laistigh de cheantanna ar feadh thréimhse 6 mhí;

(a)

beart lena lamháiltear do na Ballstáit ceantáil cuid den chainníocht atá le cur ar ceant a thabhairt ar aghaidh;

(a)

beart lena lamháiltear do na Ballstáit ceantáil cuid den chainníocht a bheidh le cur ar ceant i mbliain féilire ina dhiaidh sin a thabhairt ar aghaidh;

(b)

beart lena lamháiltear do na Ballstáit suas le 25 % de na lamháltais atá fágtha sa chúlchiste iontrálaithe nua a chur ar ceant.

(b)

beart lena lamháiltear do na Ballstáit suas le 25 % de na lamháltais atá fágtha sa chúlchiste iontrálaithe nua a chur ar ceant.

Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 23(4).

Glacfar na bearta sin i gcomhréir leis an nós imeachta bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 23(4).

3.   Le haon bheart, tabharfar lánaird ar na tuarascálacha arna dtíolacadh ag an gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 29, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile arna soláthar ag na Ballstáit.

3.   Le haon bheart, tabharfar lánaird ar na tuarascálacha arna dtíolacadh ag an gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 29, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile arna soláthar ag na Ballstáit.

4.   Leagfar síos na socruithe chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 10(4).

4.   Leagfar síos na socruithe chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm sna gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 10(4). “

Leasú 573

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 d (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 29 a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19d)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 29aa

 

1.     Beidh an rochtain ar mhargadh CTA AE teoranta d’eintitis ar suiteálacha, oibreoirí eitlíochta agus muirí iad a bhfuil oibleagáidí comhlíonta acu faoi CTA AE.

 

2.     De mhaolú ar an gcéad mhír, beidh rochtain ar mhargadh CTA AE ag idirghabhálaithe airgeadais a cheannaíonn liúntais do chuntas na suiteála seachas dá gcuntas féin.

 

3.     Déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil Airteagal 6(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010  (1a) comhoiriúnach le forálacha an Airteagail seo, agus, i gcás inar gá, tíolacfaidh sé togra reachtach chun an Rialachán sin a leasú.

Leasú 574

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 e (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30 – mír 1

An téacs atá ann

Leasú

 

(19e)

in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.   Coinneofar an Treoir seo faoi athbhreithniú i bhfianaise imeachtaí idirnáisiúnta agus i bhfianaise an mhéid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

“1.   Coinneofar an Treoir seo faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí idirnáisiúnta agus n-iarrachtaí a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach , lena n-áirítear an gealltanas a tugadh ag an 26ú Comhdháil de chuid Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26) chun an méadú teochta a theorannú go 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.”

Leasú 575

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30 – mír 3

An téacs atá ann

Leasú

 

(20a)

in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

3.   Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhthéacs gach athbhreithnithe dhomhanda a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras, go háirithe i dtaca leis an ngá atá le breis beartas agus beart ón Aontas i bhfianaise na laghduithe ar gháis cheaptha teasa nach foláir don Aontas agus do na Ballstát a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil leis an bhfachtóir líneach dá dtagraítear in Airteagal 9. Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Treoir seo a leasú i gcás inarb iomchuí.

“3.   Tuairisceoidh an Coimisiún , tar éis dó comhairle a lorg ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle i gcomhthéacs gach athbhreithnithe dhomhanda a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá atá le breis beartas agus beart ón Aontas i bhfianaise na laghduithe ar gháis cheaptha teasa nach foláir don Aontas agus do na Ballstát a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil leis an bhfachtóir líneach dá dtagraítear in Airteagal 9. Féadfaidh an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun an Treoir seo a leasú i gcás inarb iomchuí. Ina chuid tograí, áiritheoidh an Coimisiún go gcomhlíonfar an cuspóir aeráidneodrachta a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119, spriocanna aeráide an Aontais mar a leagtar síos in Airteagal 4 den Rialachán sin, agus buiséad táscach an Aontais maidir le gás ceaptha teasa don tréimhse 2030-2050 dá dtagraítear in Airteagal 4(4) den Rialachán sin. Léireofar sna tograí an dul chun cinn a rinneadh le himeacht ama, agus léireofar iontu an uaillmhian is airde is féidir a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Chomhaontú Pháras.”

Leasú 576

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 b (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30 – mír 4 a (nua)

An téacs atá ann

Leasú

 

(20b)

in Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“4a.     Agus athbhreithniú á dhéanamh ar an Treoir seo, i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an gcaoi ar féidir naisc idir CTA AE agus margaí carbóin eile a chur ar bun, gan bac a chur ar an gcuspóir aeráidneodrachta agus ar spriocanna aeráide an Aontais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach.

Leasú 577

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Caibidil IVa – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

CÓRAS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ LE hAGHAIDH FOIRGNEAMH AGUS IOMPAR DE BHÓTHAR

CÓRAS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ LE hAGHAIDH FOIRGNEAMH, IOMPAR DE BHÓTHAR AGUS BREOSLAÍ EILE

Leasú 578

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30 a – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo i leith scaoileadh breoslaí lena dtomhailt, breoslaí a mbaintear úsáid astu le haghaidh dóchán in iompar príobháideach de bhóthar agus i dtéamh agus fuarú príobháideach foirgneamh cónaithe amháin ón 1 Eanáir 2029 faoi réir an mheasúnaithe dá bhforáiltear i mír 1b.

Leasú 579

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30 a – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.     Má bhíonn na coinníollacha cóiriúil, beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún an Chaibidil seo a leathnú chuig astaíochtaí ó iompar príobháideach de bhóthar agus ó théamh agus fuarú príobháideach foirgneamh cónaithe ón 1 Eanáir 2029.

 

Faoin 1 Eanáir 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfaidh sé measúnú ar leathnú na Caibidle seo chuig astaíochtaí ó iompar príobháideach de bhóthar agus ó théamh agus fuarú príobháideach foirgneamh cónaithe ón 1 Eanáir 2029 ar bhealach nach bhfágfar aon duine chun deiridh. Go háirithe, áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

 

(a)

measúnú mionsonraithe ar éabhlóid na bochtaineachta fuinnimh agus soghluaisteachta san Aontas agus i ngach Ballstát mar a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 23(1) de Rialachán (AE) …/… [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta];

 

(b)

measúnú mionsonraithe ar thorthaí na mbeart agus na n-infheistíochtaí a áirítear i bPleananna Aeráide Sóisialta na mBallstát, go háirithe maidir le líon na ndaoine a tugadh slán ón mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta mar thoradh ar na bearta agus na hinfheistíochtaí sin, agus ar infheistíochtaí eile ó chistí eile an Aontais;

 

(c)

anailís mhionsonraithe agus cainníochtú ar an laghdú breise ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a d’fhéadfaí a bhaint amach tríd an síneadh sin, mar aon le dul chun cinn na mBallstát i dtreo ghnóthú na spriocanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/842;

 

(d)

measúnú ar indéantacht agus ar mhódúlachtaí an tsásra tuairiscithe agus teorannaithe maidir le costais a thabhairt ar aghaidh a leagtar amach in Airteagal 30f(2a).

 

Bunaithe ar thorthaí na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, athbhreithniú spriocdhírithe ar an Treoir seo agus ar Rialachán (AE) …/… [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta] chun an Chaibidil seo a leathnú chuig astaíochtaí ó iompar príobháideach de bhóthar agus ó théamh agus fuarú príobháideach foirgneamh cónaithe ón 1 Eanáir 2029.

Leasú 580

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30 a – mír 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1c.     Féadfaidh Ballstát a chinneadh nach mbeidh feidhm ar a chríoch ag an maolú i leith breoslaí a mbaintear úsáid astu chun críocha dócháin in iompar príobháideach de bhóthar agus i dtéamh agus i bhfuarú príobháideach foirgneamh cónaithe dá dtagraítear i mír 1a, ar choinníoll go bhfuil cláir leordhóthanacha i bhfeidhm chun tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal agus chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta agus faoi réir fhormheas an Choimisiúin. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas má tá sé ar intinn aige cinneadh den sórt sin a ghlacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú i dtaobh an bhfuil cláir leordhóthanacha i bhfeidhm ag an mBallstát chun na gcríoch sin agus cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoina chinneadh.

Leasú 581

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30 a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 30aa

1.     I gcás, sna 6 mhí as a chéile roimh an mbliain ina gcuirfear tús le ceantáil lamháltas i gcás breoslaí a mbaintear úsáid astu le haghaidh dóchán in iompar príobháideach de bhóthar agus i dtéamh agus fuarú príobháideach foirgneamh cónaithe i gcomhréir le hAirteagal 30a(1a), ina mbeidh meánphraghas na mbreoslaí le haghaidh tomhaltas sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gCaibidil seo níos mó ná meánphraghas na mbreoslaí sin i mí an Mhárta 2022, déanfar an spriocdháta le haghaidh lamháltais a thabhairt suas i leith breoslaí a mbaintear úsáid astu in iompar príobháideach de bhóthar agus i dtéamh agus i bhfuarú príobháideach foirgneamh cónaithe, dá dtagraítear in Airteagal 30d(1), a fhadú go dtí go dtitfidh an praghas faoi bhun na tairsí sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás nár cuireadh tús le feidhmiú an Chiste Aeráide Sóisialta a bunaíodh le Rialachán (AE) …/… [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta], nó go raibh sé ag feidhmiú ar feadh tréimhse níos lú ná 3 bliana, cuirfear moill ar an gceantáil lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo go dtí go mbeidh an Ciste Aeráide Sóisialta ag feidhmiú ar feadh 3 bliana ar a laghad.

2.     Más infheidhme, foilseoidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh sula gcuirfear tús leis na ceantanna faoin gCaibidil seo.

Leasú 582

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30b – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir  2025 , nach ndéanfaidh aon eintiteas rialáilte an ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn III mura rud é go bhfuil cead arna eisiúint ag údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 i seilbh an eintitis rialáilte sin.

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, ón 1 Eanáir  2024 , nach ndéanfaidh aon eintiteas rialáilte an ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn III mura rud é go bhfuil cead arna eisiúint ag údarás inniúil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 i seilbh an eintitis rialáilte sin.

Leasú 583

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30c – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Laghdófar cainníocht uile-Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo gach bliain ó 2026 ar bhealach líneach ag tosú in 2024. Saineofar luach 2024 mar theorainneacha astaíochtaí 2024, arna ríomh ar bhonn na n-astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*) le haghaidh na n-earnálacha a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an chonair laghdaithe línigh á cur i bhfeidhm le haghaidh na n-astaíochtaí uile laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin. Laghdófar an chainníocht gach bliain i ndiaidh 2024 faoi chonair laghdaithe línigh de 5,15  %. Faoin 1 Eanáir 2024, foilseoidh an Coimisiún cainníocht uile-Aontais na lamháltas don bhliain  2026 .

1.   Laghdófar cainníocht uile-Aontais na lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo gach bliain ó  2025 ar bhealach líneach ag tosú in 2024. Saineofar luach 2024 mar theorainneacha astaíochtaí 2024, arna ríomh ar bhonn na n-astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na n-earnálacha a chumhdaítear leis an gCaibidil seo agus an chonair laghdaithe línigh á cur i bhfeidhm le haghaidh na n-astaíochtaí uile laistigh de raon feidhme an Rialacháin sin. Laghdófar an chainníocht gach bliain i ndiaidh 2024 faoi chonair laghdaithe línigh de 5,15  %. Faoin 1 Eanáir 2024, foilseoidh an Coimisiún cainníocht uile-Aontais na lamháltas don bhliain 2025 .

Leasú 584

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30c – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhéid breise lamháltas a leagan amach a bheidh le heisiúint le haghaidh gach bliana ó 2025 ar aghaidh chun cúiteamh a dhéanamh ar lamháltais arna dtabhairt suas i gcásanna ina ndearnadh astaíochtaí a áireamh faoi dhó d’ainneoin rialacha chun an t-áireamh dúbailte sin dá dtagraítear in Airteagal 30f(4) a sheachaint. Beidh méid breise na lamháltas arna socrú ag an gCoimisiún ag comhfhreagairt do mhéid iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a dtugtar cúiteamh ina leith sa bhliain tuairiscithe ábhartha de bhun na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 30f(4a).

Leasú 585

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30d – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ó 2026 , cuirfear lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant, mura ndéanfar iad a chur i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhagaidh, a bunaíodh le Treoir (AE) 2015/1814. Cuirfear na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant ar leithligh ó na lamháltais a chumhdaítear le Caibidlí II, IIa agus III.

1.   Ó 2025 , cuirfear lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant, mura ndéanfar iad a chur i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhagaidh, a bunaíodh le Treoir (AE) 2015/1814. Cuirfear na lamháltais a chumhdaítear leis an gCaibidil seo ar ceant ar leithligh ó na lamháltais a chumhdaítear le Caibidlí II, IIa agus III.

Leasú 586

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30d – mír 2 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfear tús le ceantáil na lamháltas faoin gCaibidil seo in 2026 le méid a chomhfhreagraíonn do 130 % de na méideanna ceantála le haghaidh 2026 a leagtar síos ar bhonn chainníocht uile-Aontais na lamháltas le haghaidh na bliana sin agus na sciartha agus méideanna ceantála faoi seach de bhun mhíreanna 3, 5 agus 6. Ní bhainfear úsáid as na méideanna breise atá le cur ar ceant ach amháin chun lamháltais a thabhairt suas de bhun Airteagal 30e(2) agus déanfar iad a bhaint as na méideanna ceantála le haghaidh na tréimhse ó 2028 go 2030. Socrófar na coinníollacha le haghaidh na gceantanna luatha sin i gcomhréir le mír 7 agus le hAirteagal 10(4).

Cuirfear tús le ceantáil na lamháltas faoin gCaibidil seo in 2025 le méid a chomhfhreagraíonn do 130 % de na méideanna ceantála le haghaidh 2025 a leagtar síos ar bhonn chainníocht uile-Aontais na lamháltas le haghaidh na bliana sin agus na sciartha agus méideanna ceantála faoi seach de bhun mhíreanna 3, 5 agus 6. Ní bhainfear úsáid na méideanna breise atá le cur ar ceant ach amháin chun lamháltais a thabhairt suas de bhun Airteagal 30e(2) agus déanfar iad a bhaint as na méideanna ceantála le haghaidh na tréimhse ó 2028 go 2030. Socrófar na coinníollacha le haghaidh na gceantanna luatha sin i gcomhréir le mír 7 agus Airteagal 10(4).

Leasú 587

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30d – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

In 2026 , cruthófar 600 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo mar shealúchais i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh de bhun Airteagal 1a(3) de Threoir (AE) 2015/1814.

In 2025 , cruthófar 600 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo mar shealúchais i gCúlchiste Cobhsaíochta an Mhargaidh de bhun Airteagal 1a(3) de Threoir (AE) 2015/1814.

Leasú 588

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30d – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Cuirfear 150 milliún lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo ar ceant agus cuirfear an t-ioncam uile ó na ceantanna sin ar fáil le haghaidh an Chiste don Nuálaíocht a bhunaítear faoi Airteagal 10a(8) . Beidh feidhm ag Airteagal  10a(8) maidir leis na lamháltais dá dtagraítear sa mhír seo .

3.   Cuirfear 150 milliún lamháltas a eisítear faoin gCaibidil seo ar ceant agus cuirfear an t-ioncam uile ó na ceantanna sin ar fáil le haghaidh an Chiste Aeráide Sóisialta a bhunaítear faoi Rialachán (AE) …/… [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta] mar ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*) , agus bainfear úsáid as i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme i leith an Chiste Aeráide Sóisialta .

Leasú 589

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30d – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Chun a áirithiú gur féidir na leithreasuithe atá ar fáil le haghaidh an Ciste Aeráide Sóisialta i mbuiséad an Aontais a fhorbairt i ndlúth-ailíniú le praghas an charbóin agus, dá bhrí sin, leis an ualach ar theaghlaigh leochaileacha agus ar úsáideoirí tráchta leochaileacha, déanfar treisiúcháin bhliantúla a chumasú le Sásra Coigeartaithe maidir le Luaineacht Praghsanna Carbóin. Déanfar foráil do na forálacha mionsonraithe i Rialachán an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil, lena n-áiritheofar, i gcomhréir le hAirteagal 312 CFAE, go ndéanfar na huasteorainneacha caiteachais ábhartha a choigeartú go huathoibríoch gach bliain de réir ráta athraithe an phraghais carbóin faoi CTA AE i gcás foirgneamh agus iompar de bhóthar. Déanfar tionchar buiséadach an choigeartaithe bhliantúil a bhuiséadú.

Leasú 590

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30d – mír 5 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Cinnfidh na Ballstáit an úsáid a bhainfear as ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 4, seachas i gcás na n-ioncam a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311(3) CFAE agus a iontráiltear i mbuiséad an Aontais. Bainfidh na Ballstáit úsáid as a n-ioncaim le haghaidh ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal  10(3) nó le haghaidh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas :

5.   Cinnfidh na Ballstáit an úsáid a bhainfear as ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas dá dtagraítear i mír 4, seachas le haghaidh na n-ioncam a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311(3) CFAE agus a iontráiltear i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta . Bainfidh na Ballstáit úsáid as a n-ioncam ar dtús le haghaidh cómhaoiniú náisiúnta a bPleananna Aeráide Sóisialta agus, i gcás aon ioncam a bheidh fágtha, le haghaidh bearta aeráide sóisialta agus infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal  6 de Rialachán (AE) … [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta] :

Leasú 591

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 6 – mír 5 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

bearta atá beartaithe rannchuidiú le téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú nó le riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú , lena n-áirítear fuinnimh in-athnuaite agus bearta gaolmhara a chomhtháthú de réir Airteagail 7(11), 12 agus 20 de Rialachán 2012/27/AE [tagairtí le tabhairt cothrom le dáta leis an Treoir athbhreithnithe], mar aon le bearta chun tacaíocht airgeadais a sholáthar do theaghlaigh ar ioncam íseal sna foirgnimh is measa feidhmíocht;

(a)

bearta atá beartaithe rannchuidiú le haeráidneodracht théamh agus fuarú na bhfoirgneamh nó leis an laghdú ar riachtanais fuinnimh foirgneamh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta];

Leasú 592

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30d – mír 5 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

bearta atá beartaithe dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe iomlán idir-inoibritheach le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme nó bearta chun athrú chuig modhanna iompair phoiblí a spreagadh agus feabhas a chur ar an ilmhódúlacht , nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sóisialta a bhaineann le húsáideoirí iompair ar ioncaim ísle agus ar mheánioncaim.

(b)

bearta atá beartaithe dlús a chur le glacadh na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha nó chun tacaíocht airgeadais a sholáthar chun bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe iomlán idir-inoibritheach le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun feidhme nó bearta chun athrú chuig modhanna iompair phoiblí a spreagadh agus feabhas a chur ar an ilmhódúlacht i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) …/… [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta].

Leasú 593

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30e – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Ón 1 Eanáir  2027 ar aghaidh, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 30 Aibreán gach bliain, go ndéanfaidh an t-eintiteas rialáilte líon áirithe lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a thabhairt suas, arb ionann iad agus na hastaíochtaí iomlána, a chomhfhreagraíonn do chainníocht na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III, sa bhliain féilire roimhe sin amhail a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 30f, agus go ndéanfar na lamháltais sin a chur ar ceal ina dhiaidh sin.

2.   Ón 1 Eanáir  2026 ar aghaidh, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 30 Aibreán gach bliain, go ndéanfaidh an t-eintiteas rialáilte líon áirithe lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a thabhairt suas, arb ionann iad agus na hastaíochtaí iomlána, a chomhfhreagraíonn do chainníocht na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III, sa bhliain féilire roimhe sin amhail a fhíoraítear i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 30f, agus go ndéanfar na lamháltais sin a chur ar ceal ina dhiaidh sin.

Leasú 594

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30f – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach eintiteas rialáilte, le haghaidh gach bliana féilire ó 2025 ar aghaidh, faireachán ar na hastaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chainníochtaí na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III. Áiritheoidh siad freisin go dtabharfaidh gach eintiteas rialáilte tuairisc i leith na n-astaíochtaí sin don údarás inniúil sa bhliain dár gcionn, ag tosú in 2026 , i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gach eintiteas rialáilte, le haghaidh gach bliana féilire ó 2024 ar aghaidh, faireachán ar na hastaíochtaí a chomhfhreagraíonn do chainníochtaí na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III. Áiritheoidh siad freisin go dtabharfaidh gach eintiteas rialáilte tuairisc i leith na n-astaíochtaí sin don údarás inniúil sa bhliain dár gcionn, ag tosú in 2025 , i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

Leasú 595

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30f – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Faoi réir an mheasúnaithe atá i bpointe (d) den dara fomhír d’Airteagal 30ú(1b), ó … [bhliain amháin roimh dháta chur i bhfeidhm na Caibidle seo i leith breoslaí a mbaintear úsáid astu le haghaidh dóchán in iompar príobháideach de bhóthar agus i dtéamh agus fuarú príobháideach foirgneamh cónaithe] agus gach mí ina dhiaidh sin, tuairisceoidh eintitis rialáilte don Choimisiún ar mhiondealú na gcostas a bhaineann le praghas miondíola na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III, lena n-áirítear go háirithe an sciar de chánacha agus táillí agus costais náisiúnta a bhaineann le lamháltais a thabhairt suas sa phraghas miondíola, mar aon le céatadán na gcostas a bhaineann le lamháltais a thabhairt suas a chuirtear ar aghaidh chuig an tomhaltóir. I gcás ina dtiocfaidh athrú níos mó ná 5 % ar an gcéatadán sin i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe deiridh, tabharfar míniú air sin.

 

Faoi … [dháta theacht i bhfeidhm na Caibidle seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach na catagóirí tuairiscithe agus an fhormáid a úsáidfear le haghaidh tuairisciú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

 

Amhail ó … [dháta chur i bhfeidhm na Caibidle seo i leith breoslaí a mbaintear úsáid astu le haghaidh dóchán in iompar príobháideach de bhóthar agus téamh príobháideach agus fuarú foirgneamh cónaithe] nó, má chinn Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 30a(1c) nach bhfuil feidhm ag an maolú dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal sin, ó … [dháta theacht i bhfeidhm na Caibidle seo], ní dhéanfaidh eintitis rialáilte níos mó ná 50 % de na costais a bhaineann le lamháltais a thabhairt suas don tomhaltóir deiridh le haghaidh breoslaí a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III.

 

I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil sciar níos airde ná 50 % de na costais curtha ar aghaidh ag eintiteas rialáilte, íocfaidh an t-eintiteas sin pionós i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir seo. Déanfar méid an phionóis a ríomh ar bhonn chainníocht na lamháltas a bheidh coibhéiseach leis an mbarraíocht a cuireadh ar aghaidh i gcomhréir leis an mír seo, arna iolrú faoin bpraghas socraíochta margaidh príomhúil nó tánaisteach is airde a taifeadadh le haghaidh lamháltais faoin gCaibidil seo sa bhliain roimhe sin. Faoin 28 Feabhra gach bliain, cuirfidh an Coimisiún in iúl phraghas an phionóis i gcás na barraíochta a chuirtear ar aghaidh. Leithdháilfear an t-ioncam a ghintear ó na pionóis dá dtagraítear san fhomhír seo ar an gCiste Aeráide Sóisialta dá dtagraítear i Rialachán (AE) .. /… [Rialachán an Chiste Aeráide Sóisialta].

Leasú 596

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30f – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na heintitis rialáilte in ann cineál an bhreosla, cainníochtaí beachta an bhreosla a scaoiltear lena dtomhailt a mbaintear úsáid astu le haghaidh dóchán in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar mar a shainaithnítear in Iarscríbhinn III, agus úsáid deiridh na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt ag na heintitis rialáilte a shainaithint agus a dhoiciméadú go hiontaofa. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aon riosca go ndéanfar astaíochtaí a chumhdaítear faoin gCaibidil seo agus na hastaíochtaí faoi Chaibidlí II, IIa agus III a áireamh faoi dhó a sheachaint. Glacfar rialacha mionsonraithe chun an t-áireamh dúbailte a sheachaint i gcomhréir le hAirteagal 14(1).

4.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na heintitis rialáilte in ann cineál an bhreosla, cainníochtaí beachta an bhreosla a scaoiltear lena dtomhailt de bhun Iarscríbhinn III, agus úsáid deiridh na mbreoslaí a scaoiltear lena dtomhailt ag na heintitis rialáilte a shainaithint agus a dhoiciméadú go hiontaofa. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aon riosca go ndéanfar astaíochtaí a chumhdaítear faoin gCaibidil seo agus na hastaíochtaí faoi Chaibidlí II, IIa agus III a áireamh faoi dhó a sheachaint. Glacfar rialacha mionsonraithe agus comhchuibhithe chun an t-áireamh dúbailte a sheachaint i gcomhréir le hAirteagal 14(1).

 

(Tá feidhm tríd an téacs ag an leasú seo maidir le “breosla a scaoiltear le haghaidh tomhaltais agus a úsáidtear le haghaidh dóchán sna hearnálacha foirgneamh agus iompair de bhóthar mar a shainaithnítear in Iarscríbhinn III”. Má ghlactar leis, beidh gá le hathruithe comhfhreagracha a dhéanamh tríd síos.)

Leasú 597

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30f – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí rialacha uile-Aontais atá comhchuibhithe go hiomlán a leagan amach maidir le cúiteamh ar chostais a eascraíonn as áireamh dúbailte d’oibreoirí suiteálacha de bhun Airteagal 3e a thabhaítear ó chostais a cuireadh ar aghaidh i bpraghsanna breosla a bhaineann le hastaíochtaí ó dhóchán breosla, agus ar choinníoll go dtuairisceoidh an t-oibreoir na hastaíochtaí sin de bhun Airteagal 14 mar aon leis an eintiteas rialáilte de bhun an Airteagail seo, agus nach seachnófar áireamh dúbailte de bhun mhír 4 den Airteagal seo. Beidh ríomh mhéid an chúitimh bunaithe ar mheánphraghas na lamháltas a chuirtear ar ceant de bhun Airteagal 30d(4) sa bhliain tuairiscithe lena mbaineann de bhun an Airteagail seo. Déanfar an t-ioncam a ghintear ó lamháltais a chuirtear ar ceant a chumhdaítear leis an gCaibidil seo, a mhéid is gá agus suas go dtí leibhéal lena gcomhfhreagraítear don áireamh dúbailte sa bhliain tuairiscithe de bhun an Airteagail seo, a úsáid le haghaidh mhéid an chúitimh;

Leasú 598

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30h – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     I gcás ina rachaidh meánphraghas na lamháltas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, roimh an 1 Eanáir 2030, thar uasteorainn praghais de EUR 50, déanfaidh an Coimisiún, mar ábhar práinne, cinneadh a ghlacadh chun 10 milliún lamháltas a chumhdaítear leis an gCaibidil seo a scaoileadh ó chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 1a(7) de Chinneadh (AE) 2015/1814.).

 

I gcás ina rachaidh meánphraghas na lamháltas dá dtagraítear i mír 1, roimh an 1 Eanáir 2030, thar EUR 45, déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, mar ábhar práinne, bearta breise a chur i gcrích chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin chun nach sroichfear an uasteorainn dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

 

I gcás chur i bhfeidhm mhír 1 nó mhír 2, cuirfear cur i bhfeidhm na míre seo ar fionraí le linn na tréimhse sin.

Leasú 599

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30i – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Caibidle seo maidir lena n-éifeachtacht, a riarachán agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoi Threoir (AE) 2015/1814 agus úsáid lamháltais na Caibidle seo chun oibleagáidí comhlíonta na n-eintiteas comhlíonta a chumhdaítear le Caibidlí II, IIa agus III a chomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra in éineacht leis an tuairisciú sin chun an Chaibidil seo a leasú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2031, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an indéantacht i dtaobh comhtháthú a dhéanamh ar na hearnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III sa Chóras Trádála Astaíochtaí lena gcumhdaítear na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Threoir 2003/87/CE.

Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme fhorálacha na Caibidle seo maidir lena n-éifeachtacht, a riarachán agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm na rialacha faoi Threoir (AE) 2015/1814 agus úsáid lamháltais na Caibidle seo chun oibleagáidí comhlíonta na n-eintiteas comhlíonta a chumhdaítear le Caibidlí II, IIa agus III a chomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra in éineacht leis an tuairisciú sin chun an Chaibidil seo a leasú faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Faoin 1 Eanáir 2029, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú i dtaobh an raibh an uasteorainn ar phraghas dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 30h(2a) éifeachtach agus i dtaobh ar cheart leanúint de sin. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur in éineacht leis an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle chun an Treoir seo a leasú chun an uasteorainn sin a choigeartú, in am trátha ionas go mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2030. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2031, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an indéantacht i dtaobh comhtháthú a dhéanamh ar na hearnálacha a chumhdaítear le hIarscríbhinn III sa Chóras Trádála Astaíochtaí lena gcumhdaítear na hearnálacha a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Threoir 2003/87/CE.

Leasú 600

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30i – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Breithneoidh an Coimisiún leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Treoir seo a mhéid a bhaineann le simpliú rialála. Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis inniúla oiriúnú leanúnach don dea-chleachtas i nósanna imeachta riaracháin agus déanfaidh siad gach beart chun forfheidhmiú na treorach seo a shimpliú, agus na hualaí riaracháin á gcoinneáil chomh híseal agus is féidir.

Leasú 601

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21a)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

 

‘Airteagal 30ia

 

Treochláir earnála

 

1.     Faoin 1 Eanáir 2025, foilseoidh an Coimisiún, le tacaíocht ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, treochláir tháscacha le haghaidh na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo i dtreo chuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119.

 

2.     Rachaidh an Coimisiún i mbun dlúthrannpháirtíocht le geallsealbhóirí, lena n-áirítear daoine aonair, an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta, an lucht acadúil, lucht ceaptha beartas agus earnálacha agus fo-earnálacha a ndéantar difear dóibh leis an Treoir seo, agus na treochláir dá bhforáiltear i mír 1 á n-ullmhú aige.

 

3.     Gach 4 bliana tar éis na treochláir dá bhforáiltear i mír 1 a fhoilsiú, déanfaidh an Coimisiún na treochláir sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an eolas eolaíoch is déanaí, agus rachaidh sé i dteagmháil go dlúth leis na geallsealbhóirí dá dtagraítear i mír 2.

 

4.     Déanfar na sonraí uile a mbainfear úsáid astu chun na treochláir earnálacha dá bhforáiltear i mír 1 a sholáthar, agus chun iad a nuashonrú de bhun mhír 3, a chur ar fáil don phobal i bhfoirm a bheidh inrochtana go héasca.

Leasú 602

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21 b (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30i b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21b)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 30ib

Comhairle eolaíoch maidir leis na hearnálacha CTA AE

Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a sholáthar agus tuarascálacha maidir leis an Treoir seo a eisiúint, agus maidir lena chomhsheasmhacht le cuspóirí aeráide Rialachán (AE) 2021/1119 agus Chomhaontú Pháras, go háirithe d’fhonn aistriú cothrom a bhaint amach agus eolas a thabhairt faoi aon athbhreithniú a dhéanfar ar an Treoir seo ina dhiaidh sin. Déanfar an chomhairle ar fad a chuirfidh an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide i láthair de bhun an Airteagail seo a phoibliú, i bhfoirm a bheidh inrochtana go héasca. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar chomhairle an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch maidir leis an Athrú Aeráide nó tabharfaidh sé údar maith ar bhonn poiblí maidir leis na cúiseanna le neamhaird a thabhairt uirthi.”;

Leasú 603

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21 c (nua)

Treoir 2003/87/CE

Caibidil IVa a (nua) – Airteagail 30i c (nua) agus 30i d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21c)

cuirtear an Chaibidil seo a leanas isteach i ndiaidh Airteagal 30ib:

 

“CAIBIDIL IVaa

 

Infheictheacht na tacaíochta airgeadais ó ioncaim CTA AE

 

Airteagal 30ic

 

Infheictheacht na tacaíochta airgeadais ó ioncaim náisiúnta CTA AE

 

1.     Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cistiú ó ioncam CTA AE infheicthe sna hoibríochtaí uile dá dtagraítear in Airteagal 10(3), Airteagal 10a(6) agus Airteagal 30d(5).

 

2.     Áiritheoidh na Ballstáit infheictheacht na tacaíochta airgeadais do na tairbhithe deiridh agus don phobal tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

(a)

lipéad iomchuí a thaispeáint ar a mbeidh na focail ‘arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach (Córas an Aontais Eorpaigh maidir le Trádáil Astaíochtaí)’, mar aon le feathal an Aontais agus méid an mhaoinithe, ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta atá beartaithe do na tairbhithe deiridh nó don phobal agus, i gcás oibríochtaí lena mbaineann infheistíocht fhisiciúil nó trealamh fisiciúil, plaiceanna nó cláir fógraí atá infheicthe go soiléir agus marthanach;

 

(b)

cur síos gairid ar an oibríocht, lena n-áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin oifigiúil agus ar a láithreáin meán sóisialta, i gcás inarb ann do láithreáin den sórt sin, agus béim á leagan ar an tacaíocht airgeadais ó ioncaim CTA AE.

 

3.     Glacfaidh an Coimisiún na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha faoi mhíreanna 1 agus 2 chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

 

Airteagal 30id

 

Infheictheacht na tacaíochta airgeadais ó ioncaim náisiúnta CTA AE

 

1.     Áiritheoidh an Coimisiún infheictheacht an chistithe ó ioncaim CTA AE sna hoibríochtaí uile dá dtagraítear in Airteagal 10a(8) (an Ciste Infheistíochta Aeráide), Airteagal 10d (an Ciste don Nuachóiriú) agus Airteagal 3gab (an Ciste Aigéin) den Treoir seo agus i Rialachán (AE) …/… [an Rialachán maidir leis an gCiste Sóisialta Aeráide].

 

2.     Aithneoidh na tairbhithe tacaíocht airgeadais ó na cistí dá dtagraítear i mír 1 agus tionscnamh na gcistí sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

(a)

lipéad iomchuí a thaispeáint ar a mbeidh na focail ‘arna mhaoiniú ag an Aontas Eorpach (Córas an Aontais Eorpaigh maidir le Trádáil Astaíochtaí – [ciste ábhartha])’, mar aon le feathal an Aontais agus méid an mhaoinithe, ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta atá beartaithe do na tairbhithe deiridh nó don phobal agus, i gcás oibríochtaí lena mbaineann infheistíocht fhisiciúil nó trealamh fisiciúil, plaiceanna nó cláir fógraí atá infheicthe go soiléir agus marthanach;

 

(b)

cur síos gairid ar an oibríocht, lena n-áirítear a haidhmeanna agus a torthaí, a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin oifigiúil agus ar a láithreáin meán sóisialta, i gcás inarb ann do láithreáin den sórt sin, agus béim á leagan ar an tacaíocht airgeadais ón gciste ábhartha agus ó ioncaim CTA AE.

 

3.     Glacfaidh an Coimisiún na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha faoi mhíreanna 1 agus 2 chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.”

Leasú 604

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21 b (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30i e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21d)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 30ie

 

Tuarascáil maidir le riachtanais dícharbónaithe na dtíortha atá i mbéal forbartha

 

Faoin 31 Nollaig 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir le riachtanais dícharbónaithe na dtíortha atá i mbéal forbartha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an méid seo a leanas sa tuarascáil:

 

(a)

measúnú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na dtíortha atá i mbéal forbartha de réir tíre;

 

(b)

léiriú ar phríomhfhoinsí astaíochtaí de réir tíre, lena sonraítear, i gcás inar féidir, sciar na n-astaíochtaí arb iad earnálacha CTA AE agus earnálacha neamh-CTA AE is cúis leo;

 

(c)

léiriú ar na bealaí féideartha dícharbónaithe i gcás gach tíre;

 

(d)

rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta gach tíre faoi Chomhaontú Pháras.”;

Leasú 605

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe c

Cinneadh (AE) 2015/1814

Airteagal 1 – mír 5 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

In aon bhliain ar leith, má tá líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht idir 833 milliún agus 1 096  milliún, bainfear líon lamháltas atá comhionann leis an difríocht idir líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht, mar a leagtar amach san fhoilseachán is déanaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, agus 833 milliún, ó mhéid na lamháltas atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus cuirfear sa chúlchiste iad thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin. Má tá líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht os cionn 1 096  milliún lamháltas, beidh líon na lamháltas atá le baint ó mhéid na lamháltas atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus le cur sa chúlchiste thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin, beidh an líon sin comhionann le 12 % de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht. De mhaolú ar an abairt dheiridh, déanfar an céatadán a dhúbailt go dtí an 31 Nollaig 2030.

In aon bhliain ar leith, má tá líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht idir 700 milliún agus 921 milliún, bainfear líon lamháltas atá comhionann leis an difríocht idir líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht, mar a leagtar amach san fhoilseachán is déanaí dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, agus 700 milliún, ó mhéid na lamháltas atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus cuirfear sa chúlchiste iad thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin. Má tá líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht os cionn 921 milliún lamháltas, beidh líon na lamháltas atá le baint ó mhéid na lamháltas atá le cur ar ceant ag na Ballstáit faoi Airteagal 10(2) de Threoir 2003/87/CE agus le cur sa chúlchiste thar thréimhse 12 mhí ag tosú an 1 Meán Fómhair den bhliain sin, beidh an líon sin comhionann le 12 % de líon iomlán na lamháltas atá i gcúrsaíocht. De mhaolú ar an abairt dheiridh, déanfar an céatadán a dhúbailt go dtí an 31 Nollaig 2030. Amhail ó 2025, déanfar na tairseacha dá dtagraítear san fhomhír seo a laghdú i gcomhréir leis an laghdú ar chainníocht uile-Aontais na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE sa bhliain chéanna.

Leasú 606

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Cinneadh (AE) 2015/1814

Airteagal 3 – mír 1

An téacs atá ann

Leasú

 

(2a)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú an chúlchiste i gcomhthéacs na tuarascála dá bhforáiltear in Airteagal 10(5) de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart go mbreithneofaí sa tuarascáil sin na héifeachtaí ábhartha ar iomaíochas, go háirithe san earnáil thionsclaíoch, lena n-áirítear i ndáil le OTI, táscairí fostaíochta agus infheistíochta. Laistigh de thrí bliana ó thús oibriú an chúlchiste agus ag eatraimh cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn anailíse ar fheidhmiú ordúil an mhargaidh carbóin Eorpaigh, athbhreithniú ar an gcúlchiste agus cuirfidh sé togra, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Le gach athbhreithniú, tabharfar aird ar leith ar an bhfigiúr céatadáin chun líon na lamháltas a chuirfear sa chúlchiste de bhun Airteagal 1(5) den Chinneadh seo a chinneadh, mar aon le luach uimhriúil na tairsí do líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht agus líon na lamháltas a bheidh le scaoileadh ón gcúlchiste de bhun Airteagal 1(6) nó (7) den Chinneadh seo. Ina athbhreithniú, féachfaidh an Coimisiún freisin ar an tionchar a bheidh ag an gcúlchiste ar fhás, ar phoist, ar iomaíochas tionsclaíoch an Aontais agus ar an mbaol sceite carbóin.

“Déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach um an Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, faireachán ar fheidhmiú an chúlchiste i gcomhthéacs na tuarascála dá bhforáiltear in Airteagal 10(5) de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart a mheas sa tuarascáil sin éifeachtaí ábhartha ar bhaint amach an chuspóra maidir leis an aeráidneodracht agus spriocanna aeráide an Aontais mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 agus ar chomhlíonadh oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát faoi Chomhaontú Pháras, ar an iomaíochas, go háirithe san earnáil thionsclaíoch, lena n-áirítear i ndáil le OTI, le fostaíocht, le táscairí infheistíochta agus leis an gcuspóir maidir le haistriú cóir a bhaint amach nach bhfágfadh aon duine ar lár. Laistigh de thrí bliana ó thús oibriú an chúlchiste agus ag eatraimh cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn anailíse ar fheidhmiú ordúil an mhargaidh carbóin Eorpaigh, athbhreithniú ar an gcúlchiste agus cuirfidh sé togra, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Le gach athbhreithniú, tabharfar aird ar leith ar an bhfigiúr céatadáin chun líon na lamháltas a chuirfear sa chúlchiste de bhun Airteagal 1(5) den Chinneadh seo a chinneadh, mar aon le luach uimhriúil na tairsí do líon iomlán na lamháltas i gcúrsaíocht, líon na lamháltas a bheidh le scaoileadh ón gcúlchiste de bhun Airteagal 1(6) nó (7) den Chinneadh seo agus roghanna ábhartha eile forbartha do chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh agus roghanna ábhartha eile forbartha le haghaidh chúlchiste cobhsaíochta an mhargaidh. Ina athbhreithniú, féachfaidh an Coimisiún agus an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide freisin ar thionchar an chúlchiste ar fhás, ar phoist, ar iomaíochas tionsclaíoch an Aontais agus ar an riosca sceite carbóin.”

Leasú 607

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe - 1 (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Teideal

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

“Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE.”

Leasú 608

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe - 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1a)

ar fud an Rialacháin, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, cuirtear “gás ceaptha teasa” in ionad an téarma “CO2” agus déantar aon athruithe gramadaí is gá;

Leasú 609

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe - 1 b (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 1

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1b)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

Airteagal 1

“Airteagal 1

Ábhar

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú cruinn a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus ar fhaisnéis ábhartha eile ó longa a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu, d'fhonn laghdú na n-astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar ar bhealach costéifeachtach a chur chun cinn.

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú beacht a dhéanamh ar astaíochtaí gás cheaptha teasa agus maidir le faisnéis eile is ábhartha maidir leis an aeráid ó longa a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu chun laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ó mhuiriompar a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtúil.”

 

(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar leis, beidh gá le hathruithe comhfhreagracha a dhéanamh tríd síos.)

Leasú 610

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe - 1 c (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 2 – mír 1

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1c)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa atá os cionn olltonnáiste 5 000 tona i ndáil le hastaíochtaí CO2 a sceitear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, chomh maith le muiraistir laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa ag a bhfuil olltonnáiste 5 000 tona agus os a chionn i leith astaíochtaí GCT a sceitear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, mar aon le laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.

 

1a.     Ón 1 Eanáir 2024, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa ag a bhfuil olltonnáiste 400 tona agus níos mó i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, chomh maith le muiraistir laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit. Ní cheanglófar ar longa a bhfuil olltonnáiste 400 tona agus os a chionn ach níos lú ná olltonnáiste 5 000 tona acu, áfach, tuarascáil a dhéanamh ar an bhfaisnéis is ábhartha chun longa den sórt sin a chur san áireamh laistigh de raon feidhme CTA AE ón 1 Eanáir 2027 amach. "

Leasú 611

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe - 1 b (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 2 – mír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1d)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, longa cúntacha cabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, ná longa rialtais a úsáidtear chun críocha neamhthráchtála.

“2.   Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa cogaidh, longa cúntacha cabhlaigh, longa gabhála éisc ná longa próiseála éisc, longa adhmaid de thógáil bhunúsach, longa nach dtiomáintear le fearas meicniúil, longa rialtais a úsáidtear chun críocha neamhthráchtála ná longa chun críocha cosanta sibhialta agus cuardaigh agus tarrthála.”

Leasú 612

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe - 1 e (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 3 – mír 1 – pointe a

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1e)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

(a)

ciallaíonn “astaíochtaí CO2” CO2 a bheith á scaoileadh isteach san atmaisféar ag longa;

“(a)

ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa’ dé-ocsaíd charbóin (CO2), meatán (CH4) agus ocsaídí nítriúla (N2O) a scaoiltear isteach san atmaisféar;”

Leasú 613

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe - 1 f (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 3 – mír 1 – pointe b

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1f)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

(b)

ciallaíonn “calafort cuarda” an calafort ina stopann long chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil; dá bhrí sin, déantar stopanna a dhéantar chun críocha athbhreoslaithe, soláthairtí úra a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul i nduga tirim nó obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an long agus/nó a cuid trealaimh, agus chun na gcríoch sin amháin, stopanna i gcalafort toisc go dteastaíonn cabhair ón long nó toisc í a bheith i nguais, aistrithe long-go-long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt, agus stopanna chun críche foscadh a fháil ón doineann nó ar gá iad mar gheall ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh;

“(b)

ciallaíonn ‘calafort cuarda’ an calafort ina stopann long chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil; dá bhrí sin, déantar stopanna a dhéantar chun críocha athbhreoslaithe, soláthairtí úra a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul i nduga tirim nó obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an long agus/nó a cuid trealaimh, agus chun na gcríoch sin amháin, stopanna i gcalafort toisc go dteastaíonn cabhair ón long nó toisc í a bheith i nguais, aistrithe long-go-long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt, agus stopanna chun críche foscadh a fháil ón doineann nó ar gá iad mar gheall ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh ón sainmhíniú seo;”

Leasú 614

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe - 1 g (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 3 – mír 1 – pointe c

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1g)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

(c)

ciallaíonn “muiraistear” aon ghluaiseacht de chuid loinge a thosaíonn ó chalafort cuarda nó a chríochnaíonn i gcalafort cuarda agus arb é is feidhm léi paisinéirí nó lastas a iompar chun críocha tráchtála;

“(c)

ciallaíonn ‘muiraistear’ aon ghluaiseacht de chuid loinge a thosaíonn nó a chríochnaíonn ó chalafort cuarda nó ó struchtúr atá suite ar scairbh ilchríochach Ballstáit, amhail seirbhísí soláthair amach ón gcósta, agus arb é is feidhm léi paisinéirí nó lastas a iompar chun críocha tráchtála nó chun gníomhaíochtaí seirbhíse a dhéanamh do shuiteálacha amach ón gcósta;”

Leasú 615

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 5 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“2a.     Faoin 1 Iúil 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na modhanna a shonrú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa seachas CO2 a chinneadh agus a thuairisciú. Beidh na modhanna sin bunaithe ar na prionsabail chéanna leis na modhanna chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 a leagtar amach in Iarscríbhinn I, leis na coigeartuithe is gá i ngeall ar chineál na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ábhartha.”

Leasú 616

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 4 – pointe -a (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 6 – mír 4

An téacs atá ann

Leasú

 

(-a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.   Leis an bplean faireacháin, féadfar a faisnéis áireamh freisin i ndáil le haicme oighir na loinge agus/nó na nósanna imeachta, freagrachtaí, foirmlí agus foinsí sonraí chun an t-achar a taistealadh agus an t-am a caitheadh ar muir nuair a bhíothas ag loingseoireacht trí oighear a chinneadh agus a thaifeadeadh.

“4.   I gcás cuideachtaí loingseoireachta ar mian leo níos lú lamháltas astaíochtaí a thabhairt suas ar bhonn aicme oighir nó loingseoireachta a long i ndálaí oighir nó an dá rud faoi Threoir 2003/87/CE, áireofar sa phlean faireacháin freisin faisnéis i ndáil le haicme oighir na loinge agus/nó na nósanna imeachta, freagrachtaí, foirmlí agus foinsí sonraí chun an t-achar a taistealaíodh agus an t-am a caitheadh ar muir nuair a bhíothas ag loingseoireacht trí oighear a chinneadh agus a thaifeadeadh.”

Leasú 617

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(5a)

in Airteagal 9(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a bhaineann le haicme oighir na loinge agus, más iomchuí, le loingseoireacht tríd an oighear.

“Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh freisin ar fhaisnéis a bhaineann le haicme oighir na loinge agus le loingseoireacht i ndálaí oighir, i gcás inarb infheidhme. I gcás cuideachtaí loingseoireachta ar mian leo níos lú lamháltas astaíochtaí a thabhairt suas ar bhonn aicme oighir nó loingseoireachta a long i ndálaí oighir nó an dá rud faoi Threoir 2003/87/CE, áireofar san fhaireachán faisnéis maidir le an raibh loingseoireacht i ndálaí oighir i gceist sa mhuiraistear, lena n-áirítear faisnéis faoi dháta, am agus suíomh na loingseoireachta i ndálaí oighir, an modh a úsáidtear chun ídiú ola breosla, ídiú breosla agus fachtóir astaíochtaí an bhreosla a thomhas le haghaidh gach cineál breosla agus é ag loingseoireacht i ndálaí oighir, agus an t-achar a thaistealaítear nuair a bhítear ag loingseoireacht i ndálaí oighir. Cuirfear faisnéis ar fáil freisin i dtaobh an dtarlaíonn an t-aistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, an n-imíonn sé ó chalafort atá faoi dhlínse Ballstáit nó an dtagann sé isteach i gcalafort atá faoi dhlínse Ballstáit.

Leasú 618

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 10 – mír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(6a)

in Airteagal 10, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le haicme oighir na loinge agus, más iomchuí, le loingseoireacht tríd an oighear.

“Féadfaidh cuideachtaí faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le haicme oighir na loinge agus, más iomchuí, le loingseoireacht tríd an oighear. I gcás cuideachtaí loingseoireachta ar mian leo níos lú lamháltas astaíochtaí a thabhairt suas ar bhonn aicme oighir nó loingseoireachta a long i ndálaí oighir, nó an dá rud, faoi Threoir 2003/87/CE, áireofar leis an bhfaireachán astaíochtaí comhiomlánaithe gás ceaptha teasa ó gach muiraistear a bhfuil i gceist leo dul i mbun loingseoireachta i ndálaí oighir agus an fad iomlán a taistealaíodh le linn muiraistear a raibh loingseoireacht i ndálaí oighir i gceist leo.”

Leasú 619

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 14 – pointe a

Rialachán (AE) 2015/757

Airteagal 23 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), a mhéid a bhaineann le feidhmiú CTA AE a áirithiú, agus in Airteagail 6(8), 7(5), 11a(4), 13(6) agus 15(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó theacht i bhfeidhm [Rialachán athbhreithnithe MRV].”;

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), a mhéid a bhaineann le feidhmiú CTA AE a áirithiú, agus in Airteagail 6(8), 7(5), 11a(4), 13(6) agus 15(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm [Rialachán athbhreithnithe MRV]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’;

Leasú 620

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 4 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     De mhaolú ar mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointe (15)(-a) den Treoir seo a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Leasú 621

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe a

Treoir 2003/87/CE

Iarscríbhinn I – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.

Leis an Treoir seo, ní chumhdaítear suiteálacha ná codanna de shuiteálacha a úsáidtear chun táirgí agus próisis nua a thaighde, a fhorbairt agus a thástáil, agus ní chumhdaítear suiteálacha ina gcuireann astaíochtaí ó dhóchán bithmhaise a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach de bhun Airteagal 14 le níos mó ná 95 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile leis an Treoir seo.

1.

Leis an Treoir seo, ní chumhdaítear suiteálacha ná codanna de shuiteálacha a úsáidtear chun táirgí agus próisis nua a thaighde, a fhorbairt agus a thástáil, agus ní chumhdaítear suiteálacha a úsáideann bithmhais go heisiach.

Leasú 622

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe a a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Iarscríbhinn I – pointe 5

An téacs atá ann

Leasú

 

(aa)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 5:

5.

I gcás ina bhfaighfear amach go sáraítear tairseach acmhainne aon ghníomhaíochta san Iarscríbhinn seo i suiteáil, déanfar na haonaid ar fad ina ndéantar breoslaí a dhó, seachas aonaid chun dramhaíl ghuaiseach nó bhardasach a loscadh, a áireamh sa chead astaíochtaí gás ceaptha teasa.

“5.

I gcás ina bhfaighfear amach go sáraítear tairseach acmhainne aon ghníomhaíochta san Iarscríbhinn seo i suiteáil, déanfar na haonaid ar fad ina ndéantar breoslaí a dhó, seachas aonaid chun dramhaíl ghuaiseach a loscadh, a áireamh sa chead astaíochtaí gás ceaptha teasa.”

Leasú 623

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe b – pointe – i (nua)

Treoir 2003/87/CE

Iarscríbhinn I – tábla – sraith 1

An téacs atá ann

Dóchán breoslaí i suiteáil ar mó a hionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20MW (seachas i suiteálacha chun dramhaíl ghuaiseach nó dramhaíl chathrach a loscadh)

Dé-ocsaíd charbóin

Leasú

(-i)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chéad ró:

Dóchán breoslaí i suiteálacha ar mó a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW (seachas i suiteálacha chun dramhaíl ghuaiseach a loscadh) lena n-áirítear, ón 1 Eanáir 2026, dóchán breoslaí i suiteálacha chun dramhaíl chathrach a loscadh

Dé-ocsaíd charbóin

Leasú 624

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c – pointe v

Treoir 2003/87/CE

Iarscríbhinn I – tábla – sraith 24 – colún 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Hidrigin (H2) agus gás sintéise a tháirgeadh ag a bhfuil acmhainn táirgeachta a sháraíonn 25 tona in aghaidh an lae

Hidrigin (H2) agus gás sintéise a tháirgeadh ag a bhfuil acmhainn táirgeachta a sháraíonn 25 tona in aghaidh an lae agus hidrigin (H2) agus gás sintéise a tháirgeadh i gcás ina ndíorthaítear an cion fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite ag a bhfuil toilleadh táirgeachta níos mó ná 5 thona in aghaidh an lae

Leasú 625

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe c – pointe vii

Treoir 2003/87/CE

Iarscríbhinn I – tábla – sraith 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

“Iompar muirí

Gáis ceaptha teasa a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/757”;

Gníomhaíochtaí muiriompair long a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhéanann aistir ar mhaithe le paisinéirí nó lastas a iompar chun críocha tráchtála

 

Leasú

“Iompar muirí

Dé-ocsaíd charbóin (CO2), ocsaídí nítriúla (N2O) agus meatán (CH4 ) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/757”

Gníomhaíochtaí muiriompair long a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a dhéanann aistir ar mhaithe le paisinéirí nó lastas a iompar chun críocha tráchtála agus, ó 2024 ar aghaidh, gníomhaíochtaí seirbhíse a dhéanamh do shuiteálacha amach ón gcósta

 

Ní áireofar leis na gníomhaíochtaí sin:

 

(a)

muiraistir a dhéantar faoi chuimsiú conradh seirbhíse poiblí nó atá faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 3577/92;

 

(b)

turais daonnúla;

 

(c)

turais chuardaigh agus tarrthála nó codanna de ghnáth-thurais ag longa inar ghá gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh;

 

(d)

force majeure don mhuiraistear iomlán nó do chuid den mhuiraistear;

 

Leasú 626

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2

Treoir 2003/87/CE

Iarscríbhinn III – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Gníomhaíocht:

Gáis ceaptha teasa

1.

Scaoileadh breoslaí lena dtomhailt a úsáidtear le haghaidh dócháin in earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar.

Dé-ocsaíd charbóin (CO2)

Ní áireofar leis an ngníomhaíocht sin:

 

(a)

scaoileadh breoslaí lena dtomhailt a úsáidtear sna gníomhaíochtaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I leis an Treoir seo, ach amháin má úsáidtear iad i gcomhair dócháin agus gáis ceaptha teasa á n-iompar le haghaidh stóráil gheolaíoch (ró gníomhaíochta fiche a seacht);

 

(b)

breoslaí a scaoileadh lena dtomhailt arb é nialas an fachtóir astaíochtaí lena n-aghaidh.

 

2.

Comhfhreagróidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar do na foinsí astaíochtaí seo a leanas, atá sainithe i dTreoirlínte 2006 IPCC d’Fhardail Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa, agus na leasuithe is gá déanta ar na sainmhínithe sin mar seo a leanas:

 

(a)

Comhghiniúint Cumhachta agus Teasa (CHP) (cód catagóire foinse 1A1a ii) agus Gléasraí Teasa (cód catagóire foinse 1A1a iii), sa mhéid go dtáirgeann siad teas le haghaidh catagóirí faoi (c) agus (d) den phointe seo, go díreach nó trí líonraí téimh ceantair;

 

(b)

Iompar de Bhóthar (cód catagóire foinse 1A3b), seachas feithiclí talmhaíochta a úsáid ar bhóithre pábháilte;

 

(c)

Tráchtáil / Institiúideach (cód catagóire foinse 1A4a);

 

(d)

Cónaitheach (cód catagóire foinse 1A4b).

 

Leasú

Gníomhaíocht:

Gáis ceaptha teasa

Scaoileadh breoslaí i gcomhair tomhaltais a úsáidtear le haghaidh dócháin.

Dé-ocsaíd charbóin (CO2)

Ní áireofar leis an ngníomhaíocht sin:

 

(a)

scaoileadh breoslaí lena dtomhailt a úsáidtear sna gníomhaíochtaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I leis an Treoir seo, ach amháin má úsáidtear iad i gcomhair dócháin agus gáis ceaptha teasa á n-iompar le haghaidh stóráil gheolaíoch (ró gníomhaíochta fiche a seacht);

 

(b)

breoslaí a scaoileadh lena dtomhailt arb é nialas an fachtóir astaíochtaí lena n-aghaidh.

 

(c)

scaoileadh breoslaí lena dtomhailt a úsáidtear sa talmhaíocht;

 

(d)

scaoileadh breoslaí lena dtomhailt a úsáidtear i longa nó i ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2015/757;

 

(e)

scaoileadh breoslaí lena dtomhailt a úsáidtear sa ghníomhaíocht “Eitlíocht” dá dtagraítear in Iarscríbhinn I;

 

(f)

scaoileadh breoslaí lena dtomhailt a úsáidtear in iompar príobháideach de bhóthar agus i dtéamh agus fuarú príobháideach foirgneamh cónaithe go dtí an 1 Eanáir 2029, faoi réir an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 30a(1b).

 

Leasú 627

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – pointe 3 – pointe a – pointe i

Treoir 2003/87/CE

Iarscríbhinn IV – Cuid A – Ríomh – fomhír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Nialas a bheidh san fhachtóir astaíochta i gcomhair bithmhaise a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhair úsáid na bithmhaise a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001, agus beidh aon choigeartú is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme, mar atá leagtha amach sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 14.’;

Nialas a bheidh san fhachtóir astaíochta i gcomhair bithmhaise a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhair úsáid na bithmhaise a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001, agus beidh aon choigeartú is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme, mar atá leagtha amach sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 14;

Leasú 628

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I – pointe 4 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Iarscríbhinn V a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)

cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas le Treoir 2003/87/CE:

 

Iarscríbhinn Va

 

Rogha chun méid athchóirithe lamháltas le haghaidh longa d’aicme oighir a thabhairt suas

 

Beidh méid athchoigeartaithe na lamháltas astaíochtaí a bheidh le tabhairt suas do longa d’aicme oighir ag freagairt do mhéid athchoigeartaithe astaíochtaí a ríomhtar bunaithe ar an bhfoirmle arna cur i láthair san Iarscríbhinn seo. Leis an méid athchoigeartaithe astaíochtaí, cuirfear san áireamh na saintréithe teicniúla a mhéadaíonn astaíochtaí ó longa a bhaineann le haicme oighir IA nó IA Super Fionlannach-Sualannach nó le haicme oighir choibhéiseach le linn loingseoireachta i gcónaí agus an méadú breise ar astaíochtaí i ngeall ar loingseoireacht i ndálaí oighir.

 

Ciallaíonn méid athchoigeartaithe na lamháltas astaíochtaí atá le tabhairt suas go bliantúil an méid athchoigeartaithe d’astaíochtaí CO2 R.

 

Déantar an t-iomlán astaíochtaí bliantúla CO2 T laistigh de raon feidhme CTA AE a ríomh ar bhonn tuairiscithe faoi Rialachán (AE) 2015/757 mar seo a leanas:

 

CO2 T = CO2 T voyages between MS + CO2 B + 0,5 ×(CO2 voyages from MS +CO2 voyages to MS) (1),

 

is amhlaidh a sheasann CO2 T voyages between MS do na hastaíochtaí comhiomlánaithe CO2 ó gach muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, CO2 B do na hastaíochtaí a tharla laistigh de chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit i mbeart, CO2eq voyages from MS do na hastaíochtaí comhiomlánaithe CO2 ó gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit agus CO2 voyages to MS do na hastaíochtaí comhiomlánaithe CO2 ó gach muiraistear go calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit.

 

Ar an gcaoi chéanna, déantar astaíochtaí iomlána bliantúla loinge d’aicme oighir agus í ag loingseoireacht i ndálaí oighir laistigh de raon feidhme CTA AE CO2eI a ríomh ar bhonn an tuairiscithe faoi Rialachán (AE) 2015/757 mar seo a leanas:

 

CO2 eI = CO2 eq I voyages between MS + 0,5 ×(CO2 eq I voyages from MS +CO2 eq I voyages to MS) (2),

 

is amhlaidh a sheasann CO2eq I voyages between MS do na hastaíochtaí comhiomlánaithe CO2 loinge d’aicme oighir agus í ag loingseoireacht i ndálaí oighir idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, CO2eq I voyages from MS do na hastaíochtaí loinge d’aicme oighir agus í ag loingseoireacht i ndálaí oighir ó gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit agus CO2eq I voyages from MS do na hastaíochtaí loinge d’aicme oighir agus í ag loingseoireacht i ndálaí oighir ó gach muiraistear go calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit.

 

Déantar an fad iomlán bliantúil arna thaisteal laistigh de raon feidhme CTA AE a ríomh mar seo a leanas:

 

DT = DT voyages between MS + 0,5 ×(DT voyages from MS +DT voyages to MS) (3),

 

is amhlaidh a sheasann DT voyages between MS d’achar comhiomlánaithe gach muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, DT voyages between MS d’achar comhiomlánaithe gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit agus DT voyages between MS d’achar comhiomlánaithe gach muiraistear go calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit.

 

Is mar seo a leanas a ríomhtar an fad comhiomlánaithe arna thaisteal ag loingseoireacht i ndálaí oighir laistigh de raon feidhme CTA AE:

 

DI= DI voyages between MS + 0,5 ×(DI voyages from MS +DI voyages to MS) (4),

 

is amhlaidh a sheasann DI voyages between MS don achar comhiomlánaithe arna sheoladh i ndálaí oighir ó gach muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, DI voyages between MS don achar comhiomlánaithe arna sheoladh i ndálaí oighir ó gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, agus DI voyages between MS don achar iomlánaithe arna sheoladh i ndálaí oighir ó gach muiraistear chuig calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit.

 

Déantar méid athchoigeartaithe na n-astaíochtaí bliantúla CO2eq R a ríomh mar seo a leanas:

 

CO2 R = CO2 T – CO2 TF - CO2 NI (5),

 

is amhlaidh a sheasann CO2 TF do mhéadú ar astaíochtaí bliantúla de bharr saintréithe teicniúla long d’aicme oighir IA nó IA Super Fionlannach-Sualannach nó d’aicme oighir choibhéiseach agus CO2 NI don mhéadú ar astaíochtaí bliantúla loinge d’aicme oighir i ngeall ar loingseoireacht i ndálaí oighir.

 

Is mar a leanas a ríomhfar an méadú ar astaíochtaí bliantúla i ngeall ar shaintréithe teicniúla long d’aicme oighir IA nó IA Super Fionlannach-Sualannach nó aicme oighir choibhéiseach CO2 TF:

 

CO2 TF = 0,05 ×(CO2 T – CO2 B  – CO2 NI ) (6) Déantar an méadú ar astaíochtaí bliantúla i ngeall ar loingseoireacht i ndálaí oighir a ríomh mar a leanas:

 

CO2 NI = CO2 I – CO2 RI (7)

 

is mar seo a leanas na hastaíochtaí bliantúla athchoigeartaithe chun dul i mbun loingseoireachta i ndálaí oighir CO2 RI :

 

CO2 RI = DI × (CO2eq/D)open water, (8)

 

is amhlaidh a sheasann (CO2eq/D)ow do na hastaíochtaí le haghaidh muiraistear in aghaidh an fhaid arna thaisteal in uisce oscailte. Sainítear é sin mar a leanas:

 

(CO2eq/D)ow = (CO2 T – CO2 B – CO2 I)/(DT – DI) (9)

 

Liosta de na siombailí uile:

 

CO2 T astaíochtaí iomlána bliantúla laistigh de raon feidhme geografach CTA AE

 

CO2 T voyages between MS astaíochtaí comhiomlánaithe CO2 ó gach muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit

 

CO2 B astaíochtaí a tharla laistigh de chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit i mbeart

 

CO2 eq voyages from MS astaíochtaí comhiomlánaithe CO2 ó gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit

 

CO2 voyages to MS astaíochtaí comhiomlánaithe CO2 ó gach muiraistear go calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit

 

DT achar iomlán bliantúil arna thaisteal laistigh de raon feidhme geografach CTA AE

 

DT voyages between MS achar comhiomlánaithe gach muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit

 

DT voyages from MS achar comhiomlánaithe gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit

 

DT voyages to MS achar comhiomlánaithe gach muiraistear a d’imigh go calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit

 

DI achar comhiomlánaithe arna thaisteal le linn a bheith ag loingsiú i ndálaí oighir laistigh de raon feidhme geografach CTA AE

 

DI voyages between MS achar comhiomlánaithe arna sheoladh i ndálaí oighir maidir le gach muiraistear idir calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit

 

DI voyages from MS achar comhiomlánaithe arna sheoladh i ndálaí oighir maidir le gach muiraistear a d’imigh ó chalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit

 

DI voyages from MS achar comhiomlánaithe arna sheoladh i ndálaí oighir maidir le gach muiraistear go calafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit

 

CO2 I astaíochtaí bliantúla loinge d’aicme oighir agus í i mbun loingseoireacht i ndálaí oighir

 

CO2 NI méadú ar astaíochtaí bliantúla loinge d'aicme oighir i ngeall ar loingseoireacht i ndálaí oighir

 

CO2 R astaíochtaí bliantúla athchoigeartaithe

 

CO2 RI astaíochtaí bliantúla athchoigeartaithe maidir le loingseoireacht i ndálaí oighir

 

CO2 TF astaíochtaí bliantúla de bharr saintréithe teicniúla loinge ag a bhfuil aicme oighir IA nó IA Super Fionlannach-Sualannach nó aicme oighir choibhéiseach ar an meán, i gcomparáid le longa arna ndearadh chun seoladh in uisce oscailte amháin

 

(CO2eq/D)ow meán bliantúil na n-astaíochtaí in aghaidh an achair arna thaisteal in uisce oscailte amháin.


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0162/2022).

(3)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(3)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(1a)   IO C 232, 16.6.2021, lch. 28

(4)  COM(2019)0640.

(4)  COM(2019)0640.

(1a)   Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(1a)   Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(5)  Eorabharaiméadar Speisialta 513 maidir leis an Athrú Aeráide, 2021 (https://ec.europa.eu/clima/citizens/support_ga).

(5)  Eorabharaiméadar Speisialta 513 maidir leis an Athrú Aeráide, 2021 (https://ec.europa.eu/clima/citizens/support_ga).

(7)   Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(8)   Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(13)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(13)  Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).

(14)  Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55);

(15)  Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).

(14)  Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55);

(15)  Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814 (IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).

(16)  Comhaontú Pháras, Airteagal 4(4).

(16)  Comhaontú Pháras, Airteagal 4(4).

(1a)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(1a)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(1a)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(1a)   Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(51)  [cuir isteach tagairt IO iomlán, le do thoil]

(51)  [cuir isteach tagairt IO iomlán, le do thoil]

(19)   [cuir tagairt don Rialachán FuelEU Maritime isteach anseo].

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(22)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(21)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2066 an 19 Nollaig 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 601/2012 ón gCoimisiún (IO L 334, 31.12.2018, lch. 1).

(22)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(23)   Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/331 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena gcinntear rialacha idirthréimhseacha uile-Aontais le haghaidh leithdháileadh saor in aisce comhchuibhithe liúntais astaíochtaí de bhun Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 59, 27.2.2019, lch. 8).

(25)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4.)

(25)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4.)

(26)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(26)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(27)  Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01]).

(28)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).’;

(29)  [Cuir tagairt isteach don Rialachán lena mbunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta].

(27)  Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01]).

(28)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).’;

(29)  [Cuir tagairt isteach don Rialachán lena mbunaítear an Ciste Aeráide Sóisialta].

(*1)   Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).”;

(*2)   Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55);

(*)   Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(**)   Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

(*3)   Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(*4)   Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).”

(*5)   Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(*)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(*)  Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).

(*)  Cinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún an 3 Samhain 2010 lena leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú tionscadal taispeántais tráchtála atá ceaptha CO2 a ghabháil ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch chomh maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite faoin scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 290, 6.11.2010, lch. 39).

(*)  Cinneadh 2010/670/AE ón gCoimisiún an 3 Samhain 2010 lena leagtar síos na critéir agus na bearta maidir le maoiniú tionscadal taispeántais tráchtála atá ceaptha CO2 a ghabháil ar bhealach sábháilte ó thaobh an chomhshaoil agus a stóráil go geolaíoch chomh maith le tionscadail taispeántais de theicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh in-athnuaite faoin scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas arna bunú le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 290, 6.11.2010, lch. 39).

(**)   Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(*)  COM(2019)0640.

(**)   Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(*)  COM(2019)0640.

(*)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).”

(*)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).”

(1a)   Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón gCoimisiún an 12 Samhain 2010 maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 302, 18.11.2010, lch. 1).”

(*)   Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(*)   Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/231


P9_TA(2022)0247

Ciste Aeráide Sóisialta ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 22 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta (COM(2021)0568 – C9-0324/2021 – 2021/0206(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 32/12)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Tá an tAontas agus a Bhallstáit ina bPáirtithe i gComhaontú Pháras, a síníodh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (“Comhaontú Pháras”) (28), agus a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2016. De réir an Chomhaontaithe sin, tá siad faoi cheangal an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5   oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(1)

Tá an tAontas agus a Bhallstáit ina bPáirtithe i gComhaontú Pháras, a síníodh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) (“Comhaontú Pháras”) (28), agus a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2016. De réir an Chomhaontaithe sin, tá siad faoi cheangal an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Trí Chomhaontú Aeráide Ghlaschú a ghlacadh, d’aithin na Páirtithe i gComhaontú Pháras go laghdófaí go mór rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide dá dteorannófaí an méadú ar an meánteocht dhomhanda go 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus gheall siad go neartófaí a spriocanna do 2030 faoi dheireadh 2022 chun an bhearna uaillmhéine a dhúnadh, i gcomhréir le torthaí an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC). Ba cheart é sin a dhéanamh ar bhealach atá cothrom agus lena n-urramaítear prionsabal na bhfreagrachtaí agus na gcumas faoi seach atá coiteann ach difreáilte, i bhfianaise imthosca náisiúnta éagsúla.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (29) leagtar amach straitéis nua fáis arb é an aidhm atá leis sochaí níos inbhuanaithe, níos cothroime agus níos rathúla a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, atá tíosach ar acmhainní, áit nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050 , agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní . Molann an Coimisiún caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol freisin. Ar deireadh, measann an Coimisiún gur cheart an t-aistriú seo a bheith cóir agus ionchuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

(2)

Leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (29) leagtar amach straitéis nua fáis arb é an aidhm atá leis sochaí níos inbhuanaithe, comhionann, níos cothroime agus níos rathúla a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, atá tíosach ar acmhainní, áit nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050 ar a dhéanaí . Molann an Coimisiún caipiteal nádúrtha an Aontais a  athbhúnú, a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol freisin. Ar deireadh, measann an Coimisiún gur cheart an t-aistriú seo a bheith cóir agus ionchuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) cumhdaítear sa dlí an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050. Bunaítear leis an Rialachán sin gealltanas ceangailteach ó thaobh an Aontais chun astaíochtaí a laghdú. Faoi 2030, ba cheart don Aontas a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tar éis aistrithe astaíochtaí gas ceaptha teasa a asbhaint, le 55 % i gcomparáid leis an leibhéal in 1990. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach.

(3)

Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) cumhdaítear sa dlí an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí . Bunaítear leis an Rialachán sin gealltanas ceangailteach ó thaobh an Aontais chun astaíochtaí a laghdú. Faoi 2030, ba cheart don Aontas a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tar éis aistrithe astaíochtaí gas ceaptha teasa a asbhaint, le 55 % i gcomparáid leis an leibhéal in 1990. Ba cheart do gach earnáil den gheilleagar a cion a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

D’athdheimhnigh Dearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021 gealltanas na Comhairle chun oibriú i dtreo Eoraip shóisialta a bhaint amach, mar aon lena díograis chun leanúint le cur chun feidhme neartaithe Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus náisiúnta, agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta.

(6)

Leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta  (1a) ar an ngá cearta sóisialta agus an ghné shóisialta Eorpach a neartú i mbeartais uile an Aontais mar a chumhdaítear sna Conarthaí iad, go háirithe in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). D’athdheimhnigh Dearbhú Porto an 8 Bealtaine 2021 gealltanas na Comhairle chun oibriú i dtreo Eoraip shóisialta a bhaint amach, agus aistriú cóir á áirithiú, mar aon lena díograis chun leanúint le cur chun feidhme nithiúil neartaithe Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus náisiúnta, agus aird chuí á tabhairt ar inniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta .

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

Ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí agus faighteoirí a urramaíonn dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cearta sóisialta agus saothair, pá agus dálaí oibre, inter alia, lena n-áirítear comhaontuithe comhchoiteanna, agus lena gcuirtear poist inbhuanaithe agus ardcháilíochta chun cinn, agus leis na gníomhaíochtaí agus na faighteoirí sin amháin.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Chun gealltanais i leith aeráidneodrachta a chur chun feidhme, rinneadh athbhreithniú ar reachtaíocht aeráide agus fuinnimh an Aontais agus leasaíodh í d’fhonn dlús a chur faoi laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa.

( 7 )

Chun gealltanais i leith aeráidneodrachta a chur chun feidhme, rinneadh athbhreithniú ar reachtaíocht aeráide agus fuinnimh an Aontais agus leasaíodh í d’fhonn dlús a chur faoi laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ciallaíonn aistriú cothrom, ar prionsabal é a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta ar fud an Aontais. Chun é sin a chur chun cinn , ba cheart go rannchuideodh Ciste nua Aeráide Sóisialta le cosaint agus cumhachtú na dteaghlach is leochailí. Ní mór aird ar leith a thabhairt chun a áirithiú go mbainfidh na teaghlaigh sin tairbhe iarbhír as cur chun feidhme ionstraimí cistiúcháin éagsúla, eadhon na hionstraimí sin atá ar fáil do na Ballstáit agus lena n-áirítear na Cistí Comhtháthaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus ioncaim arna nginiúint ag CTA AE faoi láthair. Ba cheart na cistí atá ar fáil do na Ballstáit a úsáid chun infheistíocht a dhéanamh in athchóiriú foirgneamh, poist ghlasa ardcháilíochta agus shábháilte a chruthú, chomh maith leis na scileanna is gá a fhorbairt a bheadh oiriúnach don aistriú glas agus digiteach, dícharbónú na hearnála iompair, agus rochtain níos fearr ar shoghluaisteacht bhog chomhroinnte phoiblí.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Beidh tionchair eacnamaíocha agus shóisialta éagsúla ag na leasuithe sin ar earnálacha éagsúla an gheilleagair, ar na saoránaigh agus ar na Ballstáit. Go háirithe, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar á gcur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), ba cheart spreagadh eacnamaíoch breise a sholáthar chun infheistiú in ídiú breoslaí iontaise a laghdú agus dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí gas ceaptha teasa dá réir sin. Agus é sin á chur chun feidhme in éineacht le bearta eile, ba cheart costais le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar a laghdú agus deiseanna nua a chur ar fáil chun poist a chruthú agus le haghaidh infheistíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma .

(8)

Beidh tionchair eacnamaíocha agus shóisialta éagsúla ag na leasuithe sin ar earnálacha éagsúla an gheilleagair, ar na saoránaigh agus ar na Ballstáit. Go háirithe, le haon leathnú ar raon feidhme Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), ba cheart spreagadh eacnamaíoch breise a sholáthar chun infheistiú in ídiú breoslaí iontaise a laghdú agus dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí gas ceaptha teasa dá réir sin. Agus é sin á chur chun feidhme in éineacht le bearta eile, ba cheart go rannchuideodh sé leis an mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a dhíothú, agus deiseanna nua a chur ar fáil chun poist ardcháilíochta a chruthú agus le haghaidh infheistíochta inbhuanaithe, go hiomlán i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ba cheart don Choimisiún sonraí a bhailiú maidir le tionchar sóisialta na mbeart tionlacain agus maidir leis an gcaoi a ndéanann na bearta sin difear do na Ballstáit, do na réigiúin agus do na grúpaí leochaileacha éagsúla chun cur chuige coisctheach a áirithiú chun éagothromaíochtaí sa rochtain ar fhuinneamh agus ar shoghluaisteacht inbhuanaithe agus inacmhainne a laghdú . Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus ar theaghlaigh atá thíos le soghluaisteacht nó bochtaineacht fuinnimh, ionas go mbainfidh siad tairbhe as cur chun feidhme na n-ionstraimí cistiúcháin sin agus nach bhfágfar aon duine ar lár.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Mar sin féin, teastaíonn acmhainní chun na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú. Thairis sin, sula ndéanfar na hinfheistíochtaí sin, is dócha go n-ardófar na costais a íocann teaghlaigh agus úsáideoirí iompair le haghaidh téimh, fuaraithe agus cócaireachta, chomh maith le costais le haghaidh iompar de bhóthar, de réir mar a chuireann na soláthróirí breosla atá faoi réir na n-oibleagáidí faoin trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar na costais ar charbón ar aghaidh chuig na tomhaltóirí .

(9)

Mar sin féin, teastaíonn acmhainní chun infheistíochtaí leordhóthanacha, cobhsaí agus cothromasacha a mhaoiniú. Thairis sin, sula ndéanfar na hinfheistíochtaí sin, is dócha go n-ardófar na costais a íocann teaghlaigh agus úsáideoirí iompair le haghaidh téimh, fuaraithe agus cócaireachta, chomh maith le costais le haghaidh iompar de bhóthar, agus ina theannta sin, i bhfianaise chogadh ionsaitheach na Rúise, á thabhairt san áireamh spleáchas na mBallstát ar bhreoslaí iontaise allmhairithe .

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)

Nochtadh arís eile spleáchas AE ar ghás iontaise arna iompórtáil dá thionscail agus dá theaghlaigh, go háirithe i measc na dteaghlach is boichte, mar thoradh ar phraghasanna an gháis iontaise i mBallstáit áirithe i rith shéasúr téimh 2021/2022, ar phraghasanna iad ar chuir spleáchas an Aontais ar allmhairí agus teannas geopholaitiúil leo. Dá bhrí sin, is iad an modh is éifeachtachaí ó thaobh costais infheistíochtaí i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh, chomh maith le córais téimh atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite, lena n-áirítear teaschaidéil leictreacha, téamh agus fuarú ar leibhéal ceantair agus rannpháirtíocht i bpobail fuinnimh inathnuaite, chun spleáchas ar allmhairí agus astaíochtaí a laghdú agus athléimneacht an Aontais a mhéadú ag an am céanna. Tá gá le scéimeanna maoinithe tríú páirtí, go háirithe i gcás na dteaghlach is boichte, chun comhlíonadh na bprionsabal sin a áirithiú.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9b)

Ós rud é go mbeidh tionchar eacnamaíoch agus sóisialta ag an aistriú chuig an Eoraip níos glaine a bhfuil sé deacair measúnú ex-ante a dhéanamh air, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hinfheistíocht bhreise agus, dá réir sin, acmhainní airgeadais chun an tiomantas i leith neodracht aeráide a bhaint amach, agus an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach á chaomhnú ag an am céanna.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9c)

Is féidir na costais arna gcur ar aghaidh ag sholáthróirí breosla chuig na tomhaltóirí deiridh a bheith éagsúil i gcás gach cuideachta, i gcás gach réigiúin nó i gcás gach Ballstáit. Ba cheart go mbaileodh an Coimisiún, dá bhrí sin, sonraí faoi sciar na gcostas arna seasamh ag soláthróirí breosla agus faoi sciar na gcostas arna chur ar aghaidh chuig na tomhaltóirí deiridh agus ba cheart dó a thorthaí a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa go bliantúil.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9d)

San earnáil tógála, dá ndéanfaí athchóiriú iomlánaíoch ar struchtúr na bhfoirgneamh, bheadh níos lú éilimh ar fhuinneamh, agus mar gheall air sin bheifí in ann daoine atá i mbaol eisiaimh a chur san áireamh ar bhealach níos éifeachtúla, eadhon na daoine is mó a bhíonn ag fulaingt de dheasca bochtaineacht fuinnimh san Aontas. Chuirfeadh sé i gcoinne threocht na dteaghlach a bhíonn ag bogadh idir ceantair thuaithe, pheirea-uirbeacha, uirbeacha agus ceantair inar tearc an daonra, rud a chuirfeadh cosc orthu praghsanna tithíochta níos airde a thabhú agus a chuirfeadh cosc ar astú leanúnach gás ceaptha teasa mar thoradh ar úsáid mhéadaithe an iompair phríobháidigh.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar díréireach ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí leochaileacha iompair a chaitheann cuid níos mó dá gcuid ioncaim ar fhuinneamh agus iompar agus, i  gcás réigiún áirithe, nach mbíonn rochtain acu ar réitigh mhalartacha, inacmhainne um shoghluaisteacht agus iompar agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an cumas maoinithe acu le hinfheistiú chun a n-ídiú breosla iontaise a laghdú .

(10)

Táthar ag súil leis go mbeidh tionchar díréireach ag an aistriú chuig an aeráidneodracht, lena n-áirítear trí phraghsáil carbóin, ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí leochaileacha iompair a chaitheann cuid mhór dá gcuid ioncaim ar fhuinneamh agus ar iompar agus, i  réigiúin áirithe, lena n-áirítear i limistéir thuaithe, i limistéir oileánacha, i limistéir shléibhtiúla, i limistéir iargúlta nó i limistéir nach bhfuil rochtain mhaith orthu nó i réigiúin nó críocha lagfhorbartha, lena n-áirítear limistéir pheirea-uirbeacha lagfhorbartha, nach mbíonn rochtain acu ar réitigh mhalartacha, inacmhainne i gcomhair soghluaisteachta agus iompair agus a bhféadfadh sé nach mbeadh an cumas maoinithe acu infheistíocht a dhéanamh sa laghdú ar an ídiú breosla iontaise.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart cuid den ioncam a ghintear trí fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as iad a chur san áireamh, ionas go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart cuid den ioncam a ghintear trí fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE a úsáid mar acmhainn dhílis chun buiséad an Aontais mhaoiniú mar ioncam ginearálta, i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 atá ceangailteach ó thaobh dlí  (1a) , (an “Comhaontú Idirinstitiúideach”) ina leagtar amach treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, lena gcuirfear ar fáil do bhuiséad an Aontais na modhanna chun rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a eascraíonn as iad a chur san áireamh, ionas go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. Faoin gComhaontú Idirinstitiúideach, tá sé beartaithe ciseán d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023. Is modhanna iad hacmhainní dílse glasa chun buiséad an Aontais a ailíniú le tosaíochtaí beartais an Aontais agus, dá bhrí sin, soláthrófar breisluach don Aontas, agus ba cheart iad a úsáid chun rannchuidiú le cuspóirí maidir le príomhshruthú aeráide, fiachais Next Generation EU a aisíoc agus athléimneacht bhuiséad an Aontais maidir lena fheidhmiú mar uirlis infheistíochta agus ráthaíochtaí.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a)

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta fioscacha nó spreagtha breise chun tacú le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha, fiontair bheaga leochaileacha nó úsáideoirí iompair leochaileacha.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Tá sé sin níos ábhartha fiú i bhfianaise na leibhéal bochtaineachta fuinnimh atá ann faoi láthair. Is éard atá i gceist leis an mbochtaineacht fuinnimh cás a fhágann nach féidir le teaghlaigh rochtain a fháil ar sheirbhísí fuinnimh fíor-riachtanacha, amhail fuarú de réir mar a théann teochtaí in airde , agus téamh . Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 mhilliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9  % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019  (32). Ar an iomlán, measann an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh go bhfuil níos mó ná 50 milliún teaghlach san Aontas Eorpach a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh. Dá bhrí sin, is dúshlán mór í an bhochtaineacht fuinnimh don Aontas. Cé gur féidir le taraifí sóisialta nó tacaíocht dhíreach ioncaim faoiseamh láithreach a sholáthar do theaghlaigh a bhfuil orthu dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh, ní féidir ach bearta struchtúraithe dírithe, go háirithe athchóirithe fuinnimh, réitigh bhuana a sholáthar.

(12)

Tá sé sin níos ábhartha fiú i bhfianaise na leibhéal bochtaineachta fuinnimh atá ann faoi láthair. Is éard atá i gceist leis an mbochtaineacht fuinnimh cás a fhágann nach bhfuil rochtain ag teaghlaigh ar sheirbhísí fuinnimh bunriachtanacha is bunús le caighdeán cuibhiúil maireachtála agus leis an tsláinte, lena n-áirítear teas leormhaith, fuarú leormhaith agus soilsiú leormhaith , agus fuinneamh leormhaith chun gairis a chumhachtú, agus sa bheartas sóisialta ábhartha atá ann cheana agus i mbeartais ábhartha eile, go minic toisc sciar ard caiteachais fuinnimh le seasamh acu mar chuid dá n-ioncam indiúscartha mar thoradh ar theaglaim tosca, lena n-áirítear ioncam íseal, praghsanna arda ar fhuinneamh agus stoc tithíochta atá ar chaighdeán íseal a bhfuil drochfheidhmíocht ag baint leis . Tuairiscítear nach raibh sé de chumas ag thart ar 34 mhilliún Eorpach a dtithe a choinneáil te go leor in 2018, agus dúirt 6,9  % de dhaonra an Aontais nach raibh sé d’acmhainn acu a dteach a théamh go leordhóthanach i suirbhé a rinneadh ar fud an Aontais in 2019  (32). Ar an iomlán, measann an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh go bhfuil níos mó ná 50 milliún teaghlach san Aontas Eorpach a ndéanann bochtaineacht fuinnimh difear dóibh. Dá bhrí sin, is dúshlán mór í an bhochtaineacht fuinnimh don Aontas. Ainneoin go bhfuil tábhacht an dúshláin sin á haithint ar leibhéal an Aontais le breis agus deich mbliana trí thionscnaimh, reachtaíocht agus treoirlínte éagsúla, ní ann fós, ar leibhéal an Aontais, d’aon sainmhíniú caighdeánach ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ní dhearna ach aon trian de na Ballstáit sainmhíniú náisiúnta ar an mbochtaineacht fuinnimh a leagan síos. Mar thoradh air sin, níl aon sonraí trédhearcacha agus inchomparáide ar bhochtaineacht fuinnimh san Aontas ar fáil, rud a chuireann srian ar an acmhainneacht chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar leibhéal na bochtaineachta fuinnimh. Dá bhrí sin, ba cheart sainmhíniú ar leibhéal an Aontais a bhunú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun an dul chun cinn sna Ballstáit uile a thomhas. Cé gur féidir le taraifí sóisialta nó tacaíocht dhíreach ioncaim faoiseamh láithreach a sholáthar do theaghlaigh a bhfuil orthu dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh, ní féidir ach bearta struchtúraithe dírithe, cur i bhfeidhm bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, foinsí fuinnimh inathnuaite breise a shuiteáil, lena n-áirítear trí thionscadail faoi stiúir an phobail, chomh maith le bearta faisnéise agus múscailte feasachta atá dírithe ar theaghlaigh, go háirithe ranníocaíochtaí athchóirithe fuinnimh a rannchuidíonn leis an gceanglas athchóirithe a bunaíodh le Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) , réitigh bhuana a sholáthar agus cabhrú go héifeachtach chun an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac .

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a)

Maidir le hearnáil na bhfoirgneamh, dá ndéanfaí athchóiriú iomlánaíoch ar fhoirgnimh, a bheadh bunaithe ar ghníomhaíochtaí atá dírithe ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú trí dhíriú ar na gnéithe ar fad atá i bhfoirgneamh, laghdófaí tomhaltas fuinnimh do gach teaghlach, agus bheadh sé infheicthe san airgead a shábhálfaí agus, mar thoradh air sin, bheadh sé ina bhealach chun an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac. San athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, leagfaí síos an dúshraith do na cuspóirí sin atá le baint amach agus dá bhrí sin ba cheart iad a chur san áireamh agus an Ciste á chur chun feidhme.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12b)

Ní mór aird ar leith a thabhairt ar thionóntaí sa mhargadh cíosa príobháideach. Áirítear ar na tionóntaí sin teaghlaigh leochaileacha faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh, lena n-áirítear teaghlaigh íseal-mheánioncaim, dá ndéanann na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr costais mhéadaithe téimh nó ag praghsanna cíosa arda i ndiaidh athchóirithe difear, ach nach bhfuil in ann an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú. Mar chuid dá bPleananna Aeráide Sóisialta, ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin tithíocht ghlas shóisialta atá tíosach ar fhuinneamh, bearta sonracha agus infheistíochtaí sonracha a fhorbairt, i gcomhairle le tiarnaí talún, leis an earnáil phríobháideach, agus leis na húdaráis áitiúla ábhartha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun tacú le tionóntaí leochaileacha ar an margadh cíosa príobháideach, mar shampla trí scéimeanna náisiúnta nó scéimeanna dearbhán atá dírithe ar thionóntaí tithíochta sa mhargadh cíosa príobháideach a bhreithniú, trí bhearta athchóirithe a dhéanamh agus trí rannchuidiú le spriocanna aeráide an Aontais. Mar chuid den tuairisciú agus an mheastóireacht dhébhliantúil ar na bearta agus na hinfheistíochtaí arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a dtionchar agus ar a n-éifeachtacht maidir le tacú le tionóntaí leochaileacha sa mhargadh cíosa príobháideach. In éagmais torthaí dearfacha, ba cheart tionscnamh ón gCoimisiún a bheith ag gabháil leis an measúnú sin i gcás inarb iomchuí, i gcomhairle leis na Ballstáit, ionadaithe ar an margadh cíosa príobháideach agus údaráis áitiúla ábhartha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus údaráis áitiú, chun aghaidh a thabhairt ar chás na dtionóntaí leochaileacha sa mhargadh cíosa príobháideach.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12c)

Is ró-íseal a nochtadh an bhochtaineacht soghluaisteachta agus níl aon sainmhínithe soiléire ar fáil ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal náisiúnta. Is fadhb é, áfach, a bhfuil sé ag éirí níos práinní aghaidh a thabhairt uirthi mar thoradh ar na ceanglais céimnithe amach mhéadaitheacha i gcomhair feithiclí innill dócháin, praghsanna arda breosla, agus spleáchas ard ar infhaighteacht iompair, inrochtaineacht agus costais chun dul chun na hoibre nó i gcomhair riachtanais soghluaisteachta laethúla do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe, oileánacha, forimeallacha, shléibhtiúla, iargúlta agus i réigiúin agus críocha nach bhfuil rochtain mhaith orthu, lena n-áirítear ceantair pheirea-uirbeacha lagfhorbartha agus na réigiúin is forimeallaí.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Ba cheart ciste Aeráide Sóisialta (“an Ciste”) a bhunú dá bhrí sin chun cistí a chur ar fáil do na Ballstáit le tacú lena mbeartais chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bheidh ag an trádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha. Ba cheart é sin a bhaint amach go háirithe trí thacaíocht ioncaim shealadach a chur ar fáil agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh i bhfoirgnimh, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle chun leasa teaghlach leochaileach, micrifhiontar leochaileach agus úsáideoirí iompair leochaileacha.

(13)

Ba cheart Ciste Aeráide Sóisialta (“an Ciste”) a bhunú dá bhrí sin chun cistí a chur ar fáil do na Ballstáit le tacú lena mbeartais chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bheidh ag an aistriú chuig an aeráidneodracht, lena n-áirítear praghsáil carbóin, ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha, agus úsáideoirí iompair leochaileacha. Ba cheart é sin a bhaint amach go háirithe trí thacaíocht ioncaim shealadach a chur ar fáil agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí éifeachtúlacht mhéadaithe fuinnimh i bhfoirgnimh, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chomhtháthú, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle inacmhainne agus éifeachtúil chun leasa teaghlach leochaileach, micrifhiontar leochaileach, agus úsáideoirí iompair leochaileacha.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

( 13a)

Ós rud é go mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil ó theaghlaigh leochaileacha , ó mhicrifhiontair leochaileacha agus ó úsáideoirí leochaileacha iompair leis an aistriú glas, ba cheart cúnamh airgeadais comhréireach, leordhóthanach a leithdháileadh ar gach Ballstát.

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Chun na críche sin, ba cheart do gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (“an Plean”) a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Pleananna sin dhá chuspóir a shaothrú. I dtosach báire, ba cheart dóibh na hacmhainní is gá a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha , micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú téimh agus fuaraithe, i bhfeithiclí agus soghluaiseacht astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhaoiniú agus a dhéanamh. Ar an dara dul síos, ba cheart dóibh an tionchar a bheidh ag an méadú i gcostas breoslaí iontaise ar na daoine is leochailí a mhaolú agus dá bhrí sin an bhochtaineacht fuinnimh agus iompair le linn na tréimhse aistrithe a chosc go dtí go gcuirfear infheistíochtaí den sórt sin chun feidhme. Ba cheart do na Pleananna comhpháirt infheistíochta a bheith acu ina gcuirtear réiteach fadtéarmach chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a  laghdú chun cinn agus d’fhéadfaidís bearta eile a bheartú, lena n-áirítear tacaíocht dhíreach ioncaim chun éifeachtaí díobhálacha ioncaim a mhaolú sa ghearrthéarma.

(14)

Chun na críche sin, ba cheart do gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (“an Plean”) a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Pleananna rannchuidiú le cur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus a áirithiú ag an am céanna nach bhfágfar aon duine ar lár agus dhá chuspóir a shaothrú. I dtosach báire, ba cheart dóibh in éineacht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha , comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shóisialta teaghlaigh leochaileacha a shainaithint agus a mhapáil, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha a chur san áireamh mar thairbhithe chun na hacmhainní is gá chun infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, dícharbónú téimh agus fuaraithe, i bhfeithiclí agus soghluaiseacht astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhaoiniú agus a dhéanamh. Ba cheart do na Ballstáit anailís mhionsonraithe a sholáthar, ar anailís í a dhéanfar i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta, ar phríomhchúiseanna na bochtaineachta fuinnimh agus soghluaisteachta ina gcríocha faoi seach. Ba cheart go socrófaí sna Pleananna freisin spriocanna agus cuspóirí chun líon na ndaoine atá faoi bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta, na dteaghlagh leochaileach, micrifhiontar leochaileacha, agus úsáideoirí iompair leochaileacha a laghdú. Ar an dara dul síos, ba cheart dóibh an tionchar a bheidh ag an méadú i gcostas breoslaí iontaise ar na daoine is leochailí a mhaolú agus dá bhrí sin an bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta le linn na tréimhse aistrithe a chosc go dtí go gcuirfear infheistíochtaí den sórt sin chun feidhme. Ba cheart do na Pleananna comhpháirt infheistíochta a bheith acu ina gcuirtear chun cinn réiteach fadtéarmach chun spleáchas ar bhreoslaí iontaise a  chéimniú amach, comhlánaithe le tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach chun éifeachtaí díobhálacha ioncaim a mhaolú sa ghearrthéarma. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na Pleananna sin freisin go gcuirfear gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme cheana ar an leibhéal náisiúnta san áireamh.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)

Tá oibrithe sna hearnálacha tógála agus athchóirithe go háirithe i mbaol a bheith neamhchosanta ar aispeist. Dá bhrí sin, tá gá le ceanglais maidir scagadh, clárú agus baint aispeiste agus substaintí contúirteacha eile sula gcuirfear tús le haon oibreacha athchóirithe. Ba cheart athchóiriú fuinnimh a bheith ina dheis chun aispeist a bhaint go sábháilte ó fhoirgnimh.

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14b)

Ba cheart a áireamh sna Pleananna a thíolacfaidh na Ballstáit bearta chun tacaíocht faisnéise, fothú acmhainneachta agus oiliúint is gá a sholáthar ionas go gcuirfí chun feidhme na hinfheistíochtaí agus na bearta a bhfuil sé i gceist leo an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú trí éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe foirgneamh agus trí rochtain mhéadaithe ar fhuinneamh inathnuaite do théamh agus fuarú foirgneamh, agus rochtain níos fearr ar shoghluaisteacht inbhuanaithe agus ar sheirbhísí iompair a dheonú, lena n-áirítear an bonneagar is gá agus imscaradh stáisiún luchtaithe d’fheithiclí leictreacha. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh sna Pleananna freisin ar an easpa lucht saothair a bhfuil gá leis do gach céim den aistriú glas, go háirithe i bpoist a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh agus an comhtháthú fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite chomh maith le hobair idir piaraí agus obair don phobal chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht soghluaisteachta.

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

Is iad Ballstáit, agus iad ag dul i gcomhairle le húdaráis ar an leibhéal réigiúnach, is fearr chun Pleananna a dhearadh agus a chur chun feidhme agus na Pleananna sin oiriúnaithe agus dírithe ar a n-imthosca réigiúnacha agus náisiúnta ós rud é go bhfuil beartais acu cheana féin sna réimsí ábhartha agus go gcaithfidh siad úsáid cistí ábhartha eile an Aontais a phleanáil. Ar an dóigh sin, is féidir an urraim is fearr a thabhairt d’éagsúlacht leathan cásanna, saineolas sonrach rialtas áitiúil agus réigiúnach, taighde agus nuálaíocht agus caidreamh tionsclaíoch agus struchtúir idirphlé sóisialta, chomh maith le traidisiúin náisiúnta, agus rannchuidiú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na tacaíochta foriomláine do dhaoine leochaileacha.

(15)

Tá na Ballstáit, agus iad ag dul i gcomhairle fhiúntach le húdaráis ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, san áit is fearr chun Pleananna a dhearadh agus a chur chun feidhme agus na Pleananna sin oiriúnaithe agus dírithe ar a n-imthosca áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ós rud é go bhfuil beartais acu cheana féin sna réimsí ábhartha agus go gcaithfidh siad úsáid cistí ábhartha eile an Aontais a phleanáil. Ar an dóigh sin, is féidir an urraim is fearr a thabhairt d’éagsúlacht leathan cásanna, saineolas sonrach rialtas áitiúil agus réigiúnach, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta agus taighde agus nuálaíocht agus caidreamh tionsclaíoch agus struchtúir idirphlé sóisialta, chomh maith le traidisiúin náisiúnta, agus rannchuidiú le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na tacaíochta foriomláine do dhaoine leochaileacha agus le tionscadail arna bhforbairt ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, ag comhpháirtithe sóisialta agus ag gníomhaithe socheacnamaíocha a mhéadú .

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a)

Ba cheart na Pleananna a cheapadh ar bhealach cuimsitheach agus, san am céanna, cosc a chur ar ualaí riaracháin iomarcacha. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a bheith cuimsitheach agus na Pleananna á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu mar a thuairiscítear agus, san am céanna, aon chastacht nach bhfuil gá léi a sheachaint.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndírítear na bearta agus na hinfheistíochtaí go háirithe ar theaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach. Ba cheart do bhearta tacaíochta chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa cuidiú le Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a  eascraíonn as trádáil astaíochtaí le haghaidh earnáil na bhfoirgneamh agus earnáil an iompair de bhóthar .

(16)

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndírítear na bearta agus na hinfheistíochtaí go háirithe ar theaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach. Ba cheart do bhearta tacaíochta chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa cuidiú le Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a  bhaineann leis an aistriú chuig an aeráidneodracht, lena n-áirítear na tionchair shóisialta ó phraghsáil carbóin .

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Ar feitheamh thionchar na n-infheistíochtaí sin ar chostais agus astaíochtaí a laghdú, chuideodh tacaíocht dea-dhírithe d’ioncam díreach le haghaidh na ndaoine is leochailí leis an aistriú cóir. Ba cheart tacaíocht den sórt sin a thuiscint mar bheart sealadach a ghabhann le dícharbónú na hearnála tithíochta agus iompair. Ní bheadh an tacaíocht buan toisc nach dtugann sí aghaidh ar na príomhchúiseanna atá le bochtaineacht fuinnimh agus iompair . Níor cheart ach tionchair dhíreacha a bhaineann le foirgnimh agus iompar de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme Theoir 2003/87/CE a chumhdach leis an tacaíocht sin, agus ní costais leictreachais nó teasa a bhaineann le táirgeadh cumhachta agus téimh a chur san áireamh i raon feidhme na Treorach sin. Ba cheart don incháilitheacht le haghaidh tacaíochta ioncaim dhírigh den sórt sin a bheith teoranta ó thaobh ama .

(17)

Cuideoidh tacaíocht ioncaim dhírigh nuair a dhéanfar bearta fadtéarmacha infheistíochta atá dírithe ar na tairbhithe céanna a chur le chéile le cuspóirí an Chiste a bhaint amach. Ar feitheamh thionchar na n-infheistíochtaí sin ar chostais agus astaíochtaí a laghdú, d’féadfadh tacaíocht dea-dhírithe sealadach do theaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta rannchuidiú le costais fuinnimh agus soghluaisteachta a laghdú agus tacú leis an aistriú cóir , ar feitheamh go ndéanfar níos mó infheistíochtaí struchtúracha . Ba cheart tacaíocht den sórt sin a thuiscint mar bheart sealadach a ghabhann le dícharbónú na hearnála tithíochta agus iompair. Ní bheadh an tacaíocht buan toisc nach dtugann sí aghaidh ar na príomhchúiseanna atá le bochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta . Ba cheart tacaíocht ioncaim dhírigh den sórt sin a bheith teoranta go suas le 40 % de chostas iomlán measta gach Plean don tréimhse 2024-2027 agus ba cheart í a shocrú don tréimhse 2028-2032 i gcomhréir le measúnú de réir tíre arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar éifeachtúlacht, breisluach, ábharthacht leanúnach agus leibhéal riachtanach na tacaíochta ioncaim dhírigh i bhfianaise dhul chun cinn agus éifeacht chur chun feidhme na n-infheistíochtaí struchtúracha agus na mbeart, d’fhonn deireadh a chur le tacaíocht den sórt sin faoi dheireadh 2032 .

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a)

Ba cheart teaghlaigh leochaileacha, úsáideoirí leochaileacha iompair agus micrifhiontair leochaileacha a chur ar an eolas faoi thacaíocht faoin gCiste, conas rochtain a fháil ar an tacaíocht sin agus tairbhe a bhaint aisti. Dá bhrí sin, ba cheart faisnéis, oideachas, feasacht agus comhairle a bheidh spriocdhírithe, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar maidir le bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha agus maidir le tacaíocht atá ar fáil a chur ar fáil.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17b)

Ba cheart don Chiste a bheith comhsheasmhach le hoibleagáid an Aontais faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus níor cheart go dtacódh sé le haon bheart nó infheistíocht a rannchuidíonn le leithscaradh nó le heisiamh sóisialta.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Ag cur san áireamh a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais Chomhaontú Pháras, agus an gealltanas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo cur leis an sprioc nach mór 30 % den chaiteachas uile faoin gcreat ilbhliantúil 2021-2027 a chaitheamh ar phríomhshruthú na gcuspóirí aeráide a  bhaint amach, agus rannchuidiú leis an uaillmhian de 10 % de chaiteachas bliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, a fhad agus a chuirtear an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta san áireamh freisin. Chun na críche sin, ba cheart an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) a úsáid chun caiteachais an Chiste a chlibeáil. Ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófar go hiomlán caighdeáin agus tosaíochtaí an Aontais ó thaobh na haeráide agus an chomhshaoil de agus an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” a chomhlíonadh de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34). Níor cheart ach bearta agus infheistíochtaí den sórt sin a chur san áireamh sna Pleananna. Ba cheart bearta tacaíochta ioncaim dhírigh a mheas, mar riail ghinearálta, mar rudaí ag a bhfuil tionchar intuartha ar chuspóirí comhshaoil, agus dá bhrí sin ba cheart iad a mheas mar a bheith i gcomhréir leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”. Beartaíonn an Coimisiún treoraíocht theicniúil a eisiúint do na Ballstáit i bhfad sula n-ullmhófar na Pleananna. Míneofar sa treoraíocht an bealach nach mór do na bearta agus na hinfheistíochtaí an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” a chomhlíonadh de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún togra a thíolacadh in 2021 le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le conas dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den aistriú glas.

(18)

Ag cur san áireamh a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais Chomhaontú Pháras, gealltanas Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an gealltanas do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo rannchuidiú le baint amach na sprice go gcaithfí 30 % ar a laghad de mhéid iomlán bhuiséad an Aontais faoi Chlár Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus caiteachas Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun cuspóirí aeráide a  phríomhshruthú agus ba cheart dóibh rannchuidiú leis an uaillmhian 7,5   % den chaiteachas bliantúil faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2024 agus 10 % den chaiteachas bhliantúil a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta in 2026 agus 2027, a fhad agus a chuirtear an forluí atá ann idir spriocanna aeráide agus bithéagsúlachta san áireamh freisin. Chun na críche sin, ba cheart an mhodheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) a úsáid chun caiteachais an Chiste a chlibeáil. Ba cheart don Chiste tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramófar go hiomlán na critéir scagtha theicniúla arna leagan síos ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34). Níor cheart ach bearta agus infheistíochtaí den sórt sin a chur san áireamh sna Pleananna. Ba cheart bearta tacaíochta ioncaim dhírigh a mheas, mar riail ghinearálta, mar rudaí ag a bhfuil tionchar intuartha ar chuspóirí comhshaoil, agus dá bhrí sin ba cheart iad a mheas mar a bheith i gcomhréir leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”. Thíolaic an Coimisiún togra in 2021 le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le conas dul i ngleic leis na gnéithe sóisialta den aistriú glas.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

tionchar ag praghsáil carbóin ar mhná go háirithe mar gheall gur mná iad 85 % de na teaghlaigh aontuismitheora. Baineann riosca ard bochtaineachta leanaí le teaghlaigh aontuismitheora go háirithe . Ba cheart comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách, agus príomhshruthú na gcuspóirí sin, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le hinrochtaineacht le haghaidh daoine faoi mhíchumas a  chur san áireamh agus a chur chun cinn agus na Pleananna á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

(19)

Bíonn tionchar díréireach ag an mbochtaineacht fuinnimh agus ag an mbochtaineacht soghluaisteachta ar mhná, go háirithe máithreacha aonair, arb ionann iad agus 85 % de theaghlaigh aontuismitheora, mar aon le mná aonair, mná faoi mhíchumas, nó mná scothaosta atá ina gcónaí ina n-aonar. Ina theannta sin, bíonn patrúin soghluaisteachta éagsúla agus níos casta ag mná. Bíonn riosca bochtaineachta leanaí thar a bheith ard i gceist le teaghlaigh aontuismitheora a bhfuil leanaí cleithiúnacha acu . Ba cheart comhionannas inscne agus comhionannas deiseanna do chách, agus príomhshruthú na gcuspóirí sin, mar son le cearta inrochtaineachta daoine faoi mhíchumas a  urramú agus a chur chun cinn le linn cheapadh, ullmhú agus chur chun feidhme na bPleananna chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a)

Is féidir le pobail fuinnimh inathnuaite agus le pobail fuinnimh na saoránach cuidiú leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach trí chur chuige ó bhun aníos arna thionscnamh ag na saoránaigh, ós rud é go gcumhachtaíonn na pobail sin tomhaltóirí agus go dtugann siad páirt dóibh, agus go gcuireann siad ar a gcumas do ghrúpaí áirithe custaiméirí teaghlaigh, a bhfuil cónaí orthu i limistéir uirbeacha, i limistéir tuaithe, i limistéir oileánacha, i limistéir shléibhtiúla, i limistéir iargúlta, i limistéir nach bhfuil rochtain mhaith orthu nó i réigiúin nó críocha lagfhorbartha, lena n-áirítear limistéir pheirea-uirbeacha lagfhorbartha, páirt a ghlacadh i dtionscadail agus gníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, tacú le húsáid fuinnimh inathnuaite ag teaghlaigh agus ag an am céanna, rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit an ról atá ag pobail fuinnimh inathnuaite agus ag pobail fuinnimh na saoránach a chur chun cinn agus ba cheart dóibh iad a mheas mar thairbhithe incháilithe den Chiste.

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)

Ba cheart do Bhallstáit a bPleananna a chur isteach in éineacht leis an nuashonrú ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35). Ba cheart na bearta atá le maoiniú, an costas measta a bhaineann leo agus an ranníocaíocht náisiúnta a chuimsiú sna Pleananna. Ba cheart príomh-gharspriocanna agus príomhspriocanna a bheith iontu freisin chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart.

(20)

Ba cheart do Bhallstáit a bPleananna a chur isteach in éineacht leis an nuashonrú ar a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) agus Cód Iompair Eorpach maidir le Comhpháirtíocht mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh . 240/2014  (35a) . Ba cheart na bearta atá le maoiniú, an costas measta a bhaineann leo agus an ranníocaíocht náisiúnta a chuimsiú sna Pleananna. Ba cheart príomh-gharspriocanna agus príomhspriocanna a bheith iontu freisin chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeart.

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20a)

Beidh feidhmiú na mbeart atá san áireamh sna Pleananna ag brath ar leibhéal leordhóthanach luchta saothair, lena n-áirítear ceardaithe chomh maith le saineolaithe ardoilte teicneolaíochta glasa, eolaithe feidhmeacha agus nuálaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na Pleananna a chomhlánú trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí agus cláir eile ábhartha Aontais chun foráil a dhéanamh d’athsciliú agus uas-sciliú oibrithe chun deiseanna níos fearr a bhunú do cheardaithe speisialaithe agus do shaineolaithe ardoilte, go háirithe i bpoist a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh, insliú agus suiteáil teaschaidéal, agus imscaradh bonneagair breoslaí malartacha, amhail stáisiúin luchtaithe d’fheithiclí leictreacha a imscaradh.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Ba cheart don Chiste agus do na Pleananna a bheith comhleanúnach agus leagtha amach leis na hathchóirithe agus na tiomantais a bheartaíonn na Ballstáit faoina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, faoi Threoir [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Togra le haghaidh athmhúnlú Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh] (36), Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (37), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (38), na Pleananna um Aistriú Cóir de bhun Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (39) agus straitéisí fadtéarmacha athchóirithe foirgneamh de bhun Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40). D’fhonn éifeachtúlacht riaracháin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, ba cheart don fhaisnéis atá sna Pleananna a bheith comhsheasmhach leis an reachtaíocht agus na pleananna a liostaítear thuas.

(21)

Ba cheart don Chiste agus do na Pleananna a bheith comhleanúnach agus leagtha amach leis na hathchóirithe agus na tiomantais a bheartaíonn na Ballstáit faoina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, faoi Threoir [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Togra le haghaidh athmhúnlú Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh] (36), Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (37), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) (38) , an Ciste don Nuachóiriú, na cláir oibríochtúla um beartas comhtháthaithe faoi Rialachán (AE) 2021/1058, na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/241 , na Pleananna um Aistriú Cóir  (39) agus straitéisí fadtéarmacha athchóirithe foirgneamh de bhun Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (40). D’fhonn éifeachtúlacht riaracháin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, ba cheart don fhaisnéis atá sna Pleananna a bheith comhsheasmhach leis an reachtaíocht agus na pleananna a liostaítear thuas.

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(21a)

Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh an Ciste comhsheasmhach le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus le cláir bheartais chomhtháthaithe a bhfuil tosaíochtaí comhchosúla acu, chun aon fhorluí nó dúbláil iarrachtaí a chosc. Ina theannta sin, tá gá le comhordú éifeachtach agus le clársceidealú straitéiseach sna Ballstáit idir an Ciste, beartas comhtháthaithe 2021-2027 agus cistí eile de chuid an Aontais, go háirithe an Ciste Cóir don Aistriú agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus.

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

Ba cheart don Aontas tacú le Ballstáit a bPleananna a chur chun feidhme trí bhíthin acmhainní airgeadais ón gCiste Aeráide Sóisialta. Ba cheart íocaíochtaí ón gCiste Aeráide Sóisialta a dhéanamh coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna atá mar chuid de na Pleananna a bhaint amach. Ceadóidh sé sin coinníollacha agus tosaíochtaí náisiúnta a chur san áireamh a fhad agus a dhéanfar a chomhtháthú le cláir chaiteachais náisiúnta eile a mhaoiniú agus a éascú agus tionchar agus sláine chaiteachas an Aontais á ráthú.

( 22 )

Ba cheart don Aontas tacú le Ballstáit a bPleananna a  chur chun feidhme trí bhíthin acmhainní airgeadais leordhóthanacha , i gcomhréir leis na Ballstáit, á dtabhairt san áireamh a ndálaí geografacha agus déimeagrafacha, maille le tacaíocht theicniúil ón gCiste Aeráide Sóisialta. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar dhúshláin uathúla agus shonracha réigiún nó críoch tuaithe, oileánach, imeallach, sléibhtiúil, iargúlta agus nach bhfuil chomh inrochtana, ar réigiúin nó críocha iad a bhfuil orthu déileáil le tionchar socheacnamaíoch méadaithe ag an aistriú aeráide. D’fhonn éifeachtacht beart agus infheistíochtaí a áirithiú do na réigiúin sin, ba cheart íos-leithdháileadh airgeadais sonrach a bhunú do réigiúin is infheidhme . Chun a  áirithiú go mbainfear an úsáid is éifeachtúla is féidir as cistí an Aontais , ba cheart íocaíochtaí ón gCiste Aeráide Sóisialta a dhéanamh coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna atá mar chuid de na Pleananna a bhaint amach agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis na costais a léirítear chun na garspriocanna agus na spriocanna sin a bhaint amach agus ba cheart a áirithiú leo nach gcuirfidh siad fad le spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus go seachnófar gaibhniú carbóin leo. Ceadóidh sé sin coinníollacha agus tosaíochtaí náisiúnta a chur san áireamh a fhad agus a dhéanfar a chomhtháthú le cláir chaiteachais náisiúnta eile a mhaoiniú agus a éascú agus tionchar agus sláine chaiteachas an Aontais á ráthú .

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22a)

Ceanglas Conartha faoi Airteagal 310(1) CFAE is ea prionsabal aontachta bhuiséad an Aontais, trína ndéantar gach mír ioncaim agus chaiteachais de chuid an Aontais a thaispeáint sa bhuiséad. Dá bhrí sin, tá an Ciste le comhtháthú go hiomlán i mbuiséad an Aontais chun, inter alia, an modh Comhphobail a urramú, cuntasacht, maoirseacht agus rialú daonlathach parlaiminteach a urramú, intuarthacht an chistithe agus an chlársceidealaithe ilbhliantúil a áirithiú, agus trédhearcacht na gcinntí buiséadacha a dhéantar ar leibhéal an Aontais a choimirciú.

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Ba cheart d’ imchlúdach airgeadais an Chiste a  bheith ag teacht, i bprionsabal le méideanna atá comhréireach le 25 % d’ioncaim ionchasacha ó chuimsiú foirgneamh agus iompar de bhóthar i  raon feidhme Threoir 2003/87/CE le linn na tréimhse 2026-2032 . De bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (41), ba cheart do Bhallstáit na hioncaim sin a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais mar acmhainní dílse. Maoineoidh Ballstáit 50 % de chostais fhoriomlána a bPlean iad féin . Chun na críche sin, agus chun críche infheistíochta agus beart chun dlús a chur faoin aistriú is gá do shaoránaigh dá ndéantar difear go diúltach, agus an tionchar diúltach sin a mhaolú, ba cheart do Bhallstáit inter alia a n-ioncaim ionchasacha ó thrádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar faoi Threoir 2003/87/CE a úsáid chun na críche sin.

( 23 )

Tá imchlúdach airgeadais an Chiste socraithe ar bhonn measúnú ar an méid mheastar a ghinfear trí 25 % d’ioncaim ionchasacha a leithdháileadh ar bhuiséad an Aontais, ar ioncam é a bhaineann le hiompar trachtála de bhóthar , foirgnimh tráchtála agus breoslaí eile a chumhdaítear le Caibidil IVa [Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí] sa chéad tréimhse. Ba cheart an méid sin a chomhlánú leis an ioncam ón 150 milliún lamháltas a chuirtear ar ceant gcomhréir le hAirteagal 30d(3) de Threoir 2003/87/CE. Ag glacadh leis go mbeadh praghas carbóin EUR 35 in aghaidh an tona ann, bheadh 5,25 billiún euro breise ar fáil le linn na tréimhse trí bliana . In éineacht leis an imchlúdach airgeadais, bheadh EUR 16,39 billiún ann don tréimhse sin. Bheadh gá le togra ón gCoimisiún chun an méid don Chiste Aeráide Sóisialta don dara tréimhse 2028-2032 a bhunú, i bhfianaise na chéad chaibidlíochta eile maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) agus i bhfianaise earnálacha na bhfoirgneamh príobháideach agus an iompair phríobháidigh de bhóthar a chur san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE faoin 1 Eanáir 2029 i gcomhréir le hAirteagal [XX] de Threoir 2003/87/CE. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh EUR 72 billiún a bheith ag an gCiste thar an tréimhse iomlán [dáta teacht i bhfeidhm]-2032. De bhun Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (41), ba cheart do Bhallstáit na hioncaim sin a chur ar fáil do bhuiséad an Aontais mar acmhainní dílse. Tá na Ballstáit féin le sciar suntasach de chostais iomlána a bPleananna a  mhaoiniú , ar comhréir le 60 % ar a laghad i gcás tacaíocht dhíreach shealadach ioncaim agus le 50 % ar a laghad i gcás bearta agus infheistíochtaí struchtúracha spriocdhírithe . De mhaolú air sin, ba cheart go bhféadfaí an sciar cómhaoinithe náisiúnta do bhearta agus infheistíochtaí struchtúracha spriocdhírithe a theorannú do 40 % i gcás na mBallstát atá incháilithe do bhreisiú ón gCiste don Nuachóiriú . Chun na críche sin, agus chun críche infheistíochta agus beart chun dlús a chur faoin aistriú is gá do shaoránaigh dá ndéantar difear go diúltach, agus an tionchar diúltach sin a mhaolú, i dtús báire, ba cheart do Bhallstáit a n-ioncaim ionchasacha ó thrádáil astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar faoi Threoir 2003/87/CE a úsáid chun na críche sin. Níor cheart go mbeadh maoiniú an Chiste ar chostas clár agus beartas eile de chuid an Aontais.

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a)

I gcás praghas carbóin níos airde a bheith ann, ba cheart leithdháiltí breise a chur ar fáil don Chiste chun a áirithiú go dtiocfaidh méadú ar na leithreasuithe atá ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta i mbuiséad an Aontais i gcomhréir leis an bpraghas carbóin, chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do theaghlaigh agus d’úsáideoirí leochaileacha iompair san aistriú i dtreo neodracht aeráide. Ba cheart na hathneartuithe bliantúla sin a chur san áireamh laistigh de CAI trí bhíthin coigeartú uathoibríoch luaineachta i bpraghsanna carbóin ar uasteorainn Cheannteideal 3 agus ar an uasteorainn íocaíochta, dá bhfuil an sásra lena mbaineann le fóráil i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle de bhun Airteagal 312 CFAE.

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

Ba cheart don Chiste tacú le bearta a thugann urraim do phrionsabal na breisíochta maidir le cistiú ón Aontas. Níor cheart don Chiste a bheith mar ionadaí ar chaiteachais náisiúnta athfhillteacha, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

(24)

Ba cheart don Chiste tacú le bearta a thugann urraim do phrionsabal na breisíochta maidir le cistiú ón Aontas. Níor cheart don Chiste a bheith mar ionadaí ar chaiteachais náisiúnta athfhillteacha.

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)

Chun leithdháileadh éifeachtúil agus comhleanúnach cistí a áirithiú agus chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a urramú, ba cheart do na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach leis na cláir leanúnacha de chuid an Aontais agus go mbeidís mar chomhlánú orthu, agus san am céanna, ba cheart cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais le haghaidh an chaiteachais chéanna a sheachaint . Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus don Bhallstát comhordú éifeachtach a áirithiú, ag gach céim den phróiseas, chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirgíocht i measc foinsí cistiúcháin a choimirciú. Chuige sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha maidir le maoiniú reatha nó beartaithe an Aontais a  chur ar fáil agus a bpleananna á gcur faoi bhráid an Choimisiúin acu. Ba cheart do thacaíocht airgeadais faoin gCiste a bheith sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Ba cheart go mbeadh bearta agus infheistíochta arna maoiniú faoin gCiste in ann maoiniú a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin na costais chéanna.

(25)

Chun leithdháileadh éifeachtúil , trédhearcach agus comhleanúnach cistí a áirithiú agus chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a urramú, ba cheart na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin Rialachán seo a bheith comhsheasmhach le cláir leanúnacha de chuid an Aontais , le cláir náisiúnta leanúnacha agus , i gcás inarb iomchuí, le cláir réigiúnacha leanúnacha, agus freisin le hionstraimí agus cistí, agus ina gcomhlánú orthu, agus fós a sheachaint go dtiocfaidh an Ciste in ionad chláir, infheistíochtaí agus cistí eile an Aontais don chaiteachas céanna . Go háirithe, ba cheart don Choimisiún agus don Bhallstát comhordú éifeachtach a áirithiú, ag gach céim den phróiseas, chun comhsheasmhacht, comhleanúnachas, comhlántacht agus sineirgíocht i measc foinsí cistiúcháin a choimirciú agus ceapadh beartas fianaise-bhunaithe agus nuálaíocht shóisialta a chur chun cinn i gcomhpháirtíocht leis na comhpháirtithe sóisialta agus le comhlachtaí poiblí agus príobháideacha . Chuige sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha maidir le maoiniú reatha nó beartaithe an Aontais a  thabhairt ar aird agus a bpleananna á gcur faoi bhráid an Choimisiúin acu. Ba cheart tacaíocht airgeadais faoin gCiste a bheith sa bhreis ar thacaíocht arna soláthar faoi chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Ba cheart go mbeadh bearta agus infheistíochta arna maoiniú faoin gCiste in ann maoiniú a fháil ó chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin na costais chéanna.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(25a)

Chun a áirithiú gur féidir tacaíocht faoi na Pleananna a chur chun feidhme go héifeachtach ó bhlianta tosaigh … [dáta theacht i bhfeidhm an Chiste Aeráide Shóisialta], ba cheart go bhféadfaí méid nach mó ná 13 % de ranníocaíocht airgeadais na mBallstát a íoc agus an íocaíocht sin ina híocaíocht réamh-mhaoinithe arna déanamh ag an gCoimisiún, tar éis iarraidh a fháil ón mBallstát curtha isteach in éineacht leis an bPlean Aeráide Sóisialta.

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27)

Chun rialacha trédhearcacha maidir le faireachán agus meastóireacht a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na táscairí comhchoiteanna le haghaidh tuairiscithe agus dul chun cinn agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na bPleananna. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(27)

D’fhonn ullmhúchán na bPleananna Aeráide Sóisialta a éascú agus chun rialacha trédhearcacha maidir le faireachán agus meastóireacht a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an teimpléad a leagan amach, ar a bhonn a ullmhóidh na Ballstáit a bPleananna Aeráide Sóisialta agus na táscairí comhchoiteanna le haghaidh tuairiscithe agus dul chun cinn agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na bPleananna. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chód Iompair Eorpach maidir le Comhpháirtíochtaí . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)

Ba cheart cur chun feidhme an Chiste a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirítear calaois a chosc agus a ionchúiseamh go héifeachtach, lena n-áirítear calaois chánach, imghabháil cánach, éilliú agus coinbhleachtaí leasa.

(28)

Ba cheart cur chun feidhme an Chiste a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirítear buiséad an Aontais a chosaint i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, calaois, calaois chánach, imghabháil cánach, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a ionchúiseamh go héifeachtach .

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a)

Le comhtháthú an Chiste i mbuiséad an Aontais, cuirtear coimircí láidre ar fáil maidir le cur chun feidhme an Chiste, i bhfianaise na cosanta a thugtar le reachtaíocht airgeadais an Aontais agus leis na rialacha earnáilsonracha agus airgeadais is infheidhme araon i gcás neamhrialtachtaí nó easnaimh thromchúiseacha i gcórais bhainistithe agus rialaithe agus leis na bearta a leagtar amach faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) maidir le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh, chuige sin, do chóras rialaithe inmheánaigh atá éifeachtach agus éifeachtúil agus do mhéideanna a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus ba cheart dó na bearta riachtanacha a dhéanamh, a bhféadfaí a áireamh orthu, inter alia, íocaíochtaí a chur ar fionraí, an gealltanas dlíthiúil a fhoirceannadh de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1b) , toirmeasc a chur ar na gealltanais dhlíthiúla sin a thabhairt, nó íocaíocht amach tráthchodanna a chur ar fionraí.

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)

Chun críche na bainistíochta fónta airgeadais, agus cineál feidhmíocht-bhunaithe an Chiste á urramú ag an am céanna, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i dtaca le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, fionraí, agus cistí a ghnóthú mar aon le comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh. Maidir leis an úsáid a bhainfear as cistí i ndáil le bearta a dtacaíonn an Ciste leo, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme. Ní mór do Bhallstáit a áirithiú go dtugtar tacaíocht den sórt sin i gcomhréir le rialacha cúnaimh Stát AE, i gcás inarb infheidhme, go háirithe, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus go ndéanfar cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint. I gcás nach gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Plean chun feidhme ar bhealach sásúil, nó i gcás neamhrialtachtaí tromchúiseacha, a chiallaíonn calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa maidir leis na bearta a dtacaíonn an Ciste leo, nó i gcás ina ndéantar sárú tromchúiseach ar oibleagáid faoi na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais, ba cheart go bhféadfaí comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh chomh maith leis an leithdháileadh airgeadais a laghdú agus a aisghabháil. Ba cheart nósanna imeachta bréagnaitheacha iomchuí a bhunú lena áirithiú go n-urramófar, leis an gcinneadh ón gCoimisiún i ndáil leis na méideanna a  íocadh a chur ar fionraí agus a aisghabháil chomh maith leis na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh, an ceart atá ag na Ballstáit barúlacha a thíolacadh.

(29)

Chun críche na bainistíochta fónta airgeadais, agus cineál feidhmíocht-bhunaithe an Chiste á urramú ag an am céanna, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i dtaca le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, fionraí, agus cistí a ghnóthú mar aon le comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar, leis an úsáid a bhainfear as cistí i ndáil le bearta a dtacaíonn an Ciste leo, dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh . Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndeonófar an tacaíocht sin i gcomhréir le rialacha AE maidir le Státchabhair , i gcás inarb infheidhme. Go háirithe, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú, agus go ndéanfar cistiú dúbailte ón gCiste agus ó chláir eile de chuid an Aontais a sheachaint. I gcás nach gcuireann an Ballstát lena mbaineann an Plean chun feidhme ar bhealach sásúil, nó i gcás neamhrialtachtaí tromchúiseacha, a chiallaíonn calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa maidir leis na bearta a dtacaíonn an Ciste leo, nó i gcás ina ndéantar sárú tromchúiseach ar oibleagáid faoi na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais, ba cheart go bhféadfaí comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh chomh maith leis an leithdháileadh airgeadais a laghdú agus a aisghabháil. I gcás ina bhfoirceanntar comhaontú a bhaineann le tacaíocht airgeadais nó leis an laghdú ar leithdháileadh airgeadais nó aisghabháil leithdháilte airgeadais, ba cheart na méideanna sin a leithdháileadh go comhréireach ar na Ballstáit eile. Ba cheart nósanna imeachta bréagnaitheacha iomchuí a bhunú lena áirithiú go n-urramófar, leis an gcinneadh ón gCoimisiún i ndáil leis na méideanna arna n-íoc a chur ar fionraí agus a aisghabháil chomh maith leis na comhaontuithe a bhaineann le tacaíocht airgeadais a fhoirceannadh, an ceart atá ag na Ballstáit barúlacha a thíolacadh.

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(29a)

Tá oibleagáid ar na Ballstáit uile a thairbhíonn den Chiste Aeráide Sóisialta na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a urramú. Tá urraim don smacht reachta ina réamhchoinníoll bunriachtanach chun prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais a chumhdaítear in Airteagal 317 CFAE a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún cur chun feidhme éifeachtach na rialacha cothrománacha maidir le cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) . I gcás ina suífear go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear do bhainistiú fónta airgeadais an Chiste Aeráide Sóisialta nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach sách díreach nó i gcás ina bhfuil riosca tromchúiseach ann go ndéanfaidh na sáruithe sin difear do bhainistiú fónta airgeadais an Chiste Aeráide Sóisialta nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach sách díreach, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh, a bhféadfaí a áireamh orthu, inter alia, íocaíochtaí a chur ar fionraí, an gealltanas dlíthiúil a fhoirceannadh de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1b) , toirmeasc a chur ar na gealltanais dhlíthiúla sin a thabhairt, nó íocaíocht amach tráthchodanna a chur ar fionraí. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don Choimisiún gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú nach bhfulaingeoidh tairbhithe beartaithe an Chiste, agus go leanfaidh sé de rochtain a bheith acu ar chúnamh ón Aontas, más gá, lena n-áiritheofar eisíocaíocht trí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, trí eagraíochtaí neamhrialtasacha nó trí eintitis eile a bhfuil cumas cruthaithe acu bainistiú fónta airgeadais an Chiste a áirithiú.

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30a)

Ba cheart urraim do chearta bunúsacha agus comhlíonadh Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a áirithiú i rith ullmhú, mheastóireacht, chur chun feidhme agus fhaireachán na dtionscadal incháilithe faoin gCiste. Ba cheart don Chiste rannchuidiú le neamhionannais a dhíothú, comhionannas inscne a chur chun cinn agus gné na hinscne a chomhtháthú, chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar inscne, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chomhrac mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, Airteagal 10 CFAE agus Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, bainfidh teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair, atá leochaileach agus a ndéanann cuimsiú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear dóibh go háirithe leas astu , go háirithe teaghlaigh atá ag fulaingt ó bhochtaineacht fuinnimh agus saoránaigh nach bhfuil aon rogha mhalartach iompair phoiblí acu taobh amuigh de charranna aonair ( i limistéir iargúlta agus tuaithe) .

Maidir leis na bearta agus na hinfheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste leo, bainfidh teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí iompair, atá leochaileach agus a ndéanann agus a bhfuil tionchar ar leith orthu ar thionchar an aistrithe i dtreo neodracht aeráide , lena n-áirítear trí phraghsáil carbóin, go háirithe teaghlaigh atá ag fulaingt ó bhochtaineacht fuinnimh agus saoránaigh atá i mbochtaineacht soghluaisteachta, agus aird ar leith á tabhairt orthu siúd atá ina gcónaí i limistéir thuaithe, oileánacha, imeallacha, sléibhtiúla, iargúlta agus nach bhfuil chomh inrochtana, nó réigiúin nó i gcríocha atá tearcfhorbartha, lena n-áirítear limistéir pheirea-uirbeacha, bheagfhorbartha, na réigiúin is forimeallaí, agus réigiúin ina bhfuil ráta ard dífhostaíochta .

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is é cuspóir ginearálta an Chiste rannchuidiú leis an aistriú i dtreo aeráidneodrachta trí aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Is é cuspóir shonrach an Chiste tacú le teaghlaigh leochaileacha, mionfhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha trí thacaíocht ioncaim dhíreach shealadach agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a mhéadú, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú, agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle a mhéadú .

Is é cuspóir ginearálta an Chiste rannchuidiú le haistriú i dtreo aeráidneodrachta atá cothrom ó thaobh na sochaí de, agus nach bhfágfar aon duine ar lár ann, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh agus ón iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE. Is é cuspóir sonrach an Chiste tacú le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha, úsáideoirí iompair leochaileacha , go háirithe daoine atá i mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta trí thacaíocht dhíreach shealadach ioncaim agus trí bhearta agus infheistíochtaí lena mbeartaítear éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh a mhéadú, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chomhtháthú agus a stóráil , agus rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar éifeachtúil inacmhainne i gcomhréir le hAirteagal 6, agus é mar chuspóir spleáchas ar bhreoslaí iontaise a chéimniú amach de réir a chéile agus gan spleáchas ar bhreoslaí iontaise a fhadú agus gaibhniú carbóin a sheachaint .

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

ciallaíonn “athchóiriú foirgneamh” gach cineál athchóirithe foirgneamh a  bhaineann le fuinneamh , lena n-áirítear imchlúdach an fhoirgnimh a insliú, is é sin, ballaí, díon, urlár, fuinneoga nua a chur isteach, fearais téimh, fuaraithe agus cócaireachta nua a chur isteach, agus táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ar an láthair a shuiteáil;

(1)

ciallaíonn “athchóiriú foirgneamh” aon chineál athchóirithe foirgneamh agus bearta sábháilte ghabhann leis , lena n-áirítear rannchuidiú leis na ceanglais athchóirithe a bhunaítear sa Treoir …/… [maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (arna hathmhúnlú)] [2021/0426(COD)], agus é mar aidhm tomhaltas fuinnimh an fhoirgnimh a laghdú, lena n-áirítear: imchlúdach an fhoirgnimh a insliú, is é sin, ballaí, díon, urlár, fuinneoga nua a chur isteach ; aeráil éighníomhach; suiteáil teaschaidéal agus córas fuaraithe; fearais téimh, fuaraithe agus cócaireachta nua a chur isteach ; uasghrádú suiteálacha leictreacha agus táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite ar an láthair , córais athshuite teasa nó an nasc le córais in aice láimhe úsáideann fuinneamh agus stóráil ó fhoinsí inathnuaite a shuiteáil;

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” an bhochtaineacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe [(49) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (50) ;

(2)

ciallaíonn “bochtaineacht fuinnimh” an bhochtaineacht a dhéanann difear do theaghlaigh sna deicilí ioncaim is ísle, lena n-áirítear daoine íseal-mheánioncaim a bhfuil sciar suntasach den chaiteachas fuinnimh acu ar ioncam indiúscartha, lena n-áirítear mar thoradh ar thithíocht ar cháilíocht íseal, riaráistí ar bhillí fóntais i ngeall ar dheacrachtaí airgeadais, nó rochtain theoranta ar sheirbhísí fuinnimh riachtanacha agus inacmhainne a thacaíonn le caighdeán maith maireachtála agus sláinte, lena n-áirítear teas leordhóthanach, fuarú, soilsiú agus fuinneamh d’fhearais chumhachta;

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 9 – pointe 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

ciallaíonn “bochtaineacht soghluaisteachta” bochtaineacht a dhéanann difear do theaghlaigh an bhochtaineacht a dhéanann difear do theaghlaigh sna deicilí ioncaim is ísle, lena n-áirítear daoine íseal-mheánioncaim, ag a bhfuil sciar ard caiteachais soghluaisteachta i leith an ioncaim indiúscartha nó rochtain theoranta ar mhodhanna iompair poiblí nó malartacha inacmhainne is gá chun freastal ar riachtanais shocheacnamaíocha bhunriachtanacha, agus béim ar leith á leagan ar theaghlaigh i gceantair thuaithe, i gceantair oileánacha, i gceantair fhorimeallacha, i gceantair shléibhtiúla, i gceantair iargúlta agus i gceantair nach bhfuil rochtain mhaith orthu nó i réigiúin nó críocha lagfhorbartha, lena n-áirítear ceantair pheirea-uirbeacha lagfhorbartha agus na réigiúin is forimeallaí, mar gheall ar thoisc amháin de na tosca seo a leanas, nó mar gheall ar mheascán de na tosca seo a leanas a bhraitheann ar sainiúlachtaí náisiúnta nó áitiúla: Ioncam íseal, caiteachas ard ar bhreosla, céimniú amach carranna innill dócháin inmheánaigh, costais arda nó easpa modhanna iompair poiblí nó malartacha inacmhainne nó ar fáil;

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

ciallaíonn “teaghlaigh leochaileacha” teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, dá ndéanann na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr foirgnimh a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú;

(11)

ciallaíonn “teaghlaigh leochaileacha” teaghlaigh faoi bhochtaineacht fuinnimh nó i mbaol na bochtaineachta fuinnimh nó teaghlaigh, lena n-áirítear teaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, dá ndéantar difear suntasach ag tionchar an aistrithe i dtreo na haeráidneodrachta , lena n-áirítear praghsáil carbóin , agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú;

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

ciallaíonn “micrifhiontair leochaileacha” micrifhiontair dá ndéanann tionchair phraghsanna foirgnimh a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú;

(12)

ciallaíonn “micrifhiontair leochaileacha” micrifhiontair dá ndéanann na tionchair a  bhíonn ag praghsanna de bharr astaíochtaí gáis cheaptha teasa ó fhoirgnimh agus iompar de bhóthar a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE , mar chuid den aistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta, nach bhfágfar aon duine ar lár mar chuid de, difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu an foirgneamh atá á áitiú acu a athchóiriú nó na feithiclí bóthair ar a mbíonn siad ag brath agus iad i mbun gnó a uasghrádú ;

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

ciallaíonn “úsáideoirí iompair leochaileacha” úsáideoirí iompair, lena n-áirítear úsáideoirí ó theaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, dá ndéanann na tionchair a bhíonn ag praghsanna de bharr iompar de bhóthar a áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE difear suntasach agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a cheannach nó aistriú chuig modhanna iompair mhalartacha inbhuanaithe , lena n-áirítear iompar poiblí, go háirithe i limistéir thuaithe agus iargúlta .

(13)

ciallaíonn “úsáideoirí iompair leochaileacha” úsáideoirí iompair, lena n-áirítear úsáideoirí ó theaghlaigh íseal-mheánioncaim, sna deicilí ioncaim is ísle, lena n-áirítear daoine íseal-mheánioncaim, atá i mbaol bochtaineachta soghluaisteachta agus a bhfuil tionchar suntasach ag an aistriú i dtreo neodracht aeráide orthu, lena n-áirítear trí phraghsáil carbóin .

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Cuirfidh gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (“an Plean”) faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht leis an nuashonrú ar an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir leis an nós imeachta agus an amlíne a leagtar síos san Airteagal sin. Beidh sraith chomhleanúnach beart agus infheistíochtaí sa Phlean chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na praghsála carbóin ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun téamh, fuarú agus soghluaiseacht inacmhainne a áirithiú agus na bearta is gá ag gabháil leo agus dlús á chur leo chun spriocanna aeráide an Aontais a chomhlíonadh.

1.   Cuirfidh gach Ballstát Plean Aeráide Sóisialta (“an Plean”) faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht leis an nuashonrú ar an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999 i gcomhréir leis an nós imeachta agus an amlíne a leagtar síos san Airteagal sin , agus tar éis dó dul i gcomhairle fhiúntach leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta . Beidh sraith chomhleanúnach beart agus infheistíochtaí sa Phlean chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar an mbonchtaineacht soghluaisteachta, go háirithe tionchar an aistrithe i dtreo na haeráidneodrachta, lena n-áirítear tionchar na praghsála carbóin ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha , ar FBManna leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha chun téamh, fuarú agus soghluaiseacht inacmhainne agus inbhuanaithe a áirithiú agus na bearta is gá ag gabháil leo agus dlús á chur leo chun spriocanna aeráide an Aontais a chomhlíonadh.

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Féadfaidh bearta náisiúnta a sholáthraíonn tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh ar úsáideoirí iompair leochaileacha iad a bheith mar chuid den Phlean chun an tionchar a bheidh ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise mar thoradh ar foirgnimh agus iompar de bhóthar a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE .

2.   Féadfaidh bearta náisiúnta , nó, i gcás inarb infheidhme, réigiúnacha a sholáthraíonn tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh ar úsáideoirí iompair leochaileacha iad a bheith mar chuid den Phlean chun an tionchar a bheidh ag an méadú ar phraghas breoslaí iontaise mar thoradh ar an aistriú i dtreo na haeráidneodrachta, lena n-áirítear praghsáil carbóin, a laghdú .

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Beidh tionscadail náisiúnta mar chuid den Phlean chun:

3.   Beidh tionscadail náisiúnta , réigiúnacha nó áitiúla mar chuid den Phlean chun:

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, chun bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme, chun athchóiriú foirgneamh a dhéanamh, agus chun téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a chomhtháthú;

(a)

bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, chun bearta feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme, chun athchóiriú foirgneamh agus bearta sábháilteachta ghabhann leis a dhéanamh, nuair is iomchuí in éineacht le feabhasuithe i gcomhréir le caighdeáin sábháilteachta dóiteáin agus seismeach, agus chun téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú, lena n-áirítear táirgeadh fuinnimh agus stóráil fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a chomhtháthú i gcomhréir le hAirteagal 6 ;

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun an glacadh atá le soghluaiseacht agus iompar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a mhéadú .

(b)

bearta agus infheistíochtaí a mhaoiniú chun an glacadh atá le soghluaiseacht agus iompar , lena n-áirítear trí bhearta agus infheistíochtaí a dhíriú i dtreo aistriú modha ó phríobháideach go poiblí, chomhroinnte agus ghníomhach, i gcomhréir le hAirteagal 6 .

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe -a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a)

faisnéis chainníochtúil mhionsonraithe maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh agus maidir leis an mbochtaineacht soghluaisteachta i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(i)

an sainmhíniú, i dtéarmaí beachta, ar an mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a chuirtear i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, ar bhonn na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2;

(ii)

mapáil ar líon na dteaghlach leochaileach, na micrifhiontar leochaileach, agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha arna sainaithint ag tús an Phlean, ar bhonn na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2, d’fhonn tairbhithe féideartha an phlean a shainaithint;

(iii)

spriocanna agus cuspóirí náisiúnta chun líon na dteaghlach leochaileach, na micrifhiontar leochaileach, agus na n-úsáideoirí iompair leochaileacha a laghdú i gcaitheamh an Phlean;

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

bearta agus infheistíochtaí coincréiteacha i gcomhréir le hAirteagal 3 chun na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin mar aon le míniú ar an gcaoi a gcuirfeadh siad go héifeachtúil leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach laistigh de leagan amach foriomlán bheartais ábhartha an Bhallstáit;

(a)

bearta agus infheistíochtaí coincréiteacha i gcomhréir le hAirteagal 3 agus Airteagal 6 chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír sin mar aon le míniú ar an gcaoi a gcuirfeadh siad go héifeachtúil leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach laistigh de leagan amach foriomlán bheartais ábhartha an Bhallstáit;

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 –mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

comhleanúnachas agus athneartú frithpháirteach na mbeart tionlacain chun na héifeachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) a laghdú;

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

meastachán maidir leis na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an méadú sin ar phraghsanna ar theaghlaigh , ar ráta tarlaithe na bochtaineachta fuinnimh, ar mhicrifhiontair agus ar úsáideoirí iompair, agus ina gcuimseofar go háirithe meastachán maidir le teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha agus sainaithneofar na teaghlaigh, micrifhiontair agus úsáideoirí sin ; déanfar anailísiú ar na tionchair sin le leibhéal leordhóthanach dí-chomhiomlánaithe, ag cur gnéithe amhail rochtain ar iompar poiblí agus seirbhísí bunúsacha san áireamh agus na limistéir is mó dá ndéantar difear, go háirithe críocha atá iargúlta agus limistéir thuaithe, a  shainaithint ;

(c)

meastachán maidir leis na héifeachtaí is dócha a bheidh ag méadú praghais ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar an mbochtaineacht soghluaisteachta, ar theaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha, agus úsáideoirí iompair leochaileacha; déanfar anailísiú ar na tionchair sin le leibhéal leordhóthanach dí-chomhiomlánaithe, ag cur sainiúlachtaí náisiúnta agus gnéithe amhail rochtain ar iompar poiblí agus seirbhísí bunúsacha san áireamh agus na limistéir is mó dá ndéantar difear a shainaithint , go háirithe críocha atá ina limistéir thuaithe, oileánacha, pheirea-uirbeacha, shléibhtiúla, iargúlta agus nach bhfuil chomh inrochtana nó ina réigiúin nó ina gcríocha lagfhorbartha, lena n-áirítear limistéir pheirea-uirbeacha lagfhorbartha agus na réigiúin fhorimeallacha mbeidh aird agus tacaíocht ar leith ag teastáil uathu don aistriú i dtreo na haeráidneodrachta ;

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

i gcás ina bhfuil foráil sa Phlean maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), na critéir chun faighteoirí deiridh incháilithe a shainaithint, léiriú ar an teorainn ama a shamhlaítear le haghaidh na mbeart i gceist agus an t-údar atá leo ar bhonn meastacháin chainníochtúil agus mínithe cháilíochtúil ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil go laghdóidh na bearta sa Phlean bochtaineacht fuinnimh agus iompair agus leochaileacht teaghlach, micrifhiontar agus úsáideoirí iompair do mhéadú ar phraghsanna iompair bóthair agus breoslaí téimh;

(d)

i gcás ina bhfuil foráil sa Phlean maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 3(2), na critéir chun faighteoirí deiridh incháilithe a shainaithint, léiriú ar an teorainn ama a shamhlaítear le haghaidh na mbeart i gceist agus an t-údar atá leo ar bhonn meastacháin chainníochtúil agus mínithe cháilíochtúil ar an gcaoi a bhfuiltear ag súil go laghdóidh na bearta sa Phlean bochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta agus leochaileacht teaghlach, micrifhiontar agus úsáideoirí iompair do mhéadú ar phraghsanna iompair bóthair agus breoslaí téimh; mar aon le bonn cirt leis an gcaoi a gcomhlánaíonn na bearta sin gníomhaíochtaí reatha na mBallstát chuige sin;

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

na garspriocanna, na spriocanna agus an t-amchlár táscach atá beartaithe chun na bearta a chur chun feidhme, agus infheistíochtaí a bheidh le tabhairt i gcrích faoin 31 Iúil 2032;

(e)

na garspriocanna, na spriocanna agus amchlár táscach atá beartaithe chun na bearta agus na hinfheistíochtaí a bheidh le tabhairt i gcrích faoi dháta foilsithe gach tuarascála débhliantúla comhtháite náisiúnta ar an dul chun cinn i leith an fhuinnimh agus na haeráide de bhun Airteagal 23 agus faoin 31 Iúil 2032;

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

clár ama táscach, i gcás inarb infheidhme, maidir leis an tacaíocht d’fheithiclí i gcomhréir le hAirteagal 6(2), pointe (d);

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe e b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb)

an chaoi a gcuireann na bearta agus na hinfheistíochtaí, i gcás inarb ábhartha, poist inbhuanaithe ar ardchaighdeán chun cinn;

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

na socruithe don Bhallstáit lena mbaineann chun faireacháin éifeachtach a dhéanamh ar an bPlean agus é a chur chun feidhme go héifeachtach, go háirithe faireachán agus cur chun feidhme na ngarspriocanna agus na spriocanna, lena n-áirítear táscairí chun bearta agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus is iad na táscairí sin, i gcás inarb ábhartha, iad sin a bheidh ar fáil le hOifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh agus an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh mar a shainaithnítear i Moladh (AE) 2020/1563 (54) ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh;

(i)

na socruithe don Bhallstáit lena mbaineann chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an bPlean, agus chun é a chur chun feidhme go héifeachtach, a bheidh le déanamh i ndlúthchomhar leis na leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le cleachtais náisiúnta, go háirithe faireachán agus ar na garspriocanna agus na spriocanna agus a gcur chun feidhme , lena n-áirítear táscairí chun bearta agus infheistíochtaí a chur chun feidhme, agus is iad na táscairí sin, i gcás inarb ábhartha, iad sin a bheidh ar fáil ó Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh agus an Fhaireachlann um Bochtaineacht Fuinnimh mar a shainaithnítear i Moladh (AE) 2020/1563 (54) ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh;

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe j

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j)

chun an Plean a ullmhú agus, i gcás ina mbeidh fáil air, ar mhaithe leis an bPlean a chur chun feidhme, achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, arna déanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis an gcreat dlíthiúil náisiúnta d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha , comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus an chaoi a léirítear ionchur na bpáirtithe leasmhara sa Phlean;

(j)

i gcás ullmhú agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil , do chur chun feidhme an Phlean , achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus le creat dlíthiúil náisiúnta na n-údarás áitiúil agus réigiúnach , comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sochaí sibhialta, eagraíochtaí don óige, agus geallsealbhóirí ábhartha eile, agus an chaoi a léirítear ionchur na ngeallsealbhóirí sa Phlean mar aon lena róil shonracha maidir leis an dearadh, cur chun feidhme agus faireachán ;

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe k a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ka)

an cion den chiste a chuirtear ar leataobh do thionscadail áitiúla i ndáil leis an aistriú aeráide faoi stiúir an phobail.

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Cumhachtaítear don Choimisiún, laistigh de …[cuir isteach an dáta trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí theimpléad a leagan amach ar a ndéanfaidh na Ballstáit a bPlean a ullmhú.

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Beidh íocaíocht na tacaíochta coinníollach ar na garspriocanna agus na spriocanna le haghaidh beart agus infheistíochtaí a leagtar amach sna Pleananna a bhaint amach . Beidh na garspriocanna agus na spriocanna sin comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais agus cumhdóidh siad cumhdófar leo go háirithe:

2.    Déanfar íocaíocht na tacaíochta i gcomhréir leis na costais a léirítear chun na garspriocanna agus na spriocanna a bhaint amach le haghaidh beart agus infheistíochtaí a leagtar amach sna Pleananna i gcomhréir le hAirteagal 6 . Beidh na garspriocanna agus na spriocanna sin comhoiriúnach le spriocanna aeráide an Aontais , i gcomhréir le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus cumhdófar leo go háirithe:

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

athchóiriú foirgneamh;

(b)

athchóiriú foirgneamh , lena n-áirítear trí rannchuidiú leis na ceanglais athchóirithe a bhunaítear i dTreoir …/… [maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) [2021/0426(COD)] a bhaint amach ;

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

soghluaiseacht agus iompar astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha ;

(c)

soghluaiseacht agus iompar i gcomhréir le hAirteagal 6 ;

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa;

(d)

laghduithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa , leis an gcuspóir deireadh a chur de réir a chéile agus gan síneadh a chur le spleáchas ar bhreoslaí iontaise agus gaibhniú carbóin a sheachaint, i ndáil le bearta agus infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 6 ;

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

laghduithe ar an líon teaghlach leochaileach, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha, lena n-áirítear i limistéir thuaithe agus iargúlta.

(e)

laghduithe ar an líon teaghlach leochaileach, i.e. teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh nó i mbaol na bochtaineachta fuinnimh , micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha, lena n-áirítear i limistéir thuaithe , oileánacha, peirea-uirbeacha, sléibhtiúla, iargúlta agus nach bhfuil chomh inrochtana, nó i réigiúin nó i gcríocha atá tearcfhorbartha, lena n-áirítear limistéir pheirea-uirbeacha bheagfhorbartha agus na réigiúin is forimeallaí a mbeidh aird ar leith ag teastáil uathu agus tacaíocht don aistriú i dtreo na haeráidneodrachta;

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 – pointe e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea)

rannchuidiú, i gcás inarb ábhartha, le poist inbhuanaithe agus ardcháilíochta;

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Ní chuirfidh an Ciste tacaíocht ar fáil ach do bhearta agus infheistíochtaí a thugann urraim don phrionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 .

3.   Ní chuirfidh an Ciste tacaíocht ar fáil ach do bhearta agus infheistíochtaí atá comhsheasmhach leis na critéir theicniúla arna mbunú faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2020/852 agus a thugann urraim don phrionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán sin .

 

Urramóidh faighteoirí an Chiste dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cearta sóisialta agus saothair.

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Féadfaidh Ballstáit na costais a bhaineann leis na bearta lena soláthraítear tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh leochaileacha ar úsáideoirí iompair iad a áireamh d’fhonn an méadú ar phraghsanna iompair de bhóthar agus breoslaí téimh a iompar. Laghdófar tacaíocht den sórt sin le himeacht aimsire agus beidh sí teoranta don tionchar díreach a bheidh ag trádáil astaíochtaí d’ fhoirgnimh agus d’ iompar de bhóthar. Cuirfear deireadh leis an incháilitheacht ar thacaíocht ioncaim dhírigh den sórt sin laistigh de na teorainneacha ama a shainaithnítear faoi Airteagal 4(1), pointe (d) .

1.   Féadfaidh Ballstáit na costais a bhaineann leis na bearta lena soláthraítear tacaíocht dhíreach ioncaim shealadach , lena n-áirítear laghdú ar chánacha agus ar tháillí leictreachais, mar bheart idirthréimhseach do theaghlaigh leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha bhfuil éifeacht ag an mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta orthu, a áireamh chun an méadú ar phraghsanna iompair de bhóthar agus breoslaí téimh a iompar. Is éard a bheidh i dtacaíocht den sórt sin tacaíocht idirmheánach do na teaghlaigh leochaileacha sin, a bheidh ag laghdú le himeacht aimsire, faoi réir bearta struchtúracha nó infheistíochtaí a bhfuil iarmhairtí fadtéarmacha acu a chur chun feidhme chun na tairbhithe sin a bhaint go héifeachtach as bochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta. Beidh tacaíocht den sórt sin teoranta d’ uasmhéid 40 % de chostas iomlán measta gach Plean don tréimhse 2024-2027 agus socrófar í don tréimhse 2028-2032 i gcomhréir leis an measúnú arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 24(3), d’ fhonn deireadh a chur de réir a chéile leis an tacaíocht sin faoi dheireadh 2032 .

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Féadfaidh Ballstáit na costais a bhaineann leis na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas a chur san áireamh i  g costais mheasta iomlána na bPleananna, ar choinníoll go mbaineann teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha nó úsáideoirí iompair leochaileacha go príomha tairbhe astu agus go bhfuil siad beartaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

2.   Féadfaidh Ballstáit na costais a bhaineann leis na bearta agus na hinfheistíochtaí seo a leanas, a  bhfuil iarmhairtí fadtéarmacha acu, a chur san áireamh i  gcostais mheasta iomlána na bPleananna, ar choinníoll go mbaineann teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha, nó úsáideoirí iompair leochaileacha go príomha tairbhe astu agus go bhfuil siad beartaithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

tacú le hathchóirithe foirgneamh, go háirithe dóibh siúd atá ag áitiú na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla, lena n-áirítear i bhfoirm tacaíochta airgeadais nó dreasachtaí fioscacha amhail cead chun na costais athchóirithe a  bhaint ón gcíos, beag beann ar úinéireacht na bhfoirgneamh lena mbaineann;

(a)

tacú le hathchóirithe foirgneamh ar ardcháilíocht , agus atá costéifeachtach agus fuinneamhéifeachtúil, go háirithe chun rannchuidiú leis na ceanglais athchóirithe arna mbunú i dTreoir …/… [maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (arna hathmhúnlú) [2021/0426(COD)]] a bhaint amach agus dóibh siúd atá ag áitiú na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla, agus aird speisialta á tabhairt ar thionóntaí agus ar thithíocht shóisialta, lena n-áirítear i bhfoirm tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha amhail costais athchóirithe a  asbhaint ón gcíos nó tacaíocht shonrach d’athchóiriú tithíochta sóisialta a athchóiriú d’fhonn rochtain ar thithíocht fhuinneamhéifeachtúil inacmhainne a éascú , go neamhspleách ar úinéireacht na bhfoirgneamh lena mbaineann;

Leasú 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

rochtain ar thithíocht inacmhainne atá fuinneamhéifeachtúil a áirithiú, lena n-áirítear trí stoc tithíochta leordhóthanach atá fuinneamhéifeachtúil agus inacmhainne a sholáthar, lena n-áirítear tithíocht shóisialta;

Leasú 87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

rannchuidiú le dícharbónú, lena n-áirítear leictriú, téimh agus fuaraithe foirgneamh agus cócaireacht i bhfoirgnimh agus comhtháthú fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a rannchuidíonn le fuinneamh a choigilt;

(b)

rannchuidiú le dícharbónú costéifeachtach , lena n-áirítear leictriú, téimh agus fuaraithe foirgneamh agus cócaireacht i bhfoirgnimh trí rochtain ar chórais fhuinneamhéifeachtúla inacmhainne a áirithiú, agus comhtháthú agus stóráil fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, lena n-áirítear trí phobail fuinnimh saoránach agus trí chomhroinnt fuinnimh piara go piara, go cumhacht agus éileamh iarmharach, suiteálacha leictreachais inmheánacha cliste nó costais nasctha le heangacha cliste chumhdach nó aon bhearta eile a rannchuidíonn go soiléir le fuinneamh a choigilt , agus le nascadh le líonraí le haghaidh téamh ceantair amhail dearbháin, fóirdheontais nó iasachtaí ar ús nialasach chun infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí agus i seirbhísí chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhéadú nó chun foinsí fuinnimh inathnuaite a chomhtháthú i bhfoirgnimh ;

Leasú 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

faisnéis, oideachas, feasacht agus comhairle a bheidh spriocdhírithe, inrochtana agus inacmhainne a sholáthar maidir le bearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha agus maidir le tacaíocht atá ar fáil d’athchóiriú foirgneamh agus d’éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith le soghluaisteacht agus roghanna malartacha iompair inbhuanaithe agus inacmhainne, lena n-áirítear trí iniúchtaí fuinnimh ar fhoirgnimh, comhairliúcháin fuinnimh spriocdhírithe nó seirbhísí bainistíochta soghluaisteachta saincheaptha;

Leasú 89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha chun réitigh athchóirithe inacmhainne don éifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt agus a  chur ar fáil agus ionstraimí maoinithe iomchuí i gcomhréir le spriocanna sóisialta an Chiste;

(c)

tacú le heintitis phoiblí agus phríobháideacha , lena n-áirítear soláthraithe tithíochta sóisialta, go háirithe an comhar poiblí príobháideach, i ndáil le réitigh athchóirithe sábháilte agus inacmhainne don éifeachtúlacht fuinnimh , mar aon le hionstraimí cistithe iomchuí, a fhorbairt agus a  sholáthar i gcomhréir le spriocanna sóisialta an Chiste , lena n-áirítear réitigh maidir le heangacha cliste ;

Leasú 90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

rochtain ar fheithiclí agus ar rothair astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur ar fáil , lena n-áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach agus le haghaidh bhonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, lena n-áirítear le haghaidh athluchtú agus athbhreoslú; maidir le tacaíocht i  dtaca le feithiclí astaíochtaí ísle, cuirfear tráthchlár ar fáil chun an tacaíocht a laghdú de réir a chéile;

(d)

tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha a sholáthar chun feabhas a chur ar rochtain ar fheithiclí agus astaíochtaí nialasacha, agus neodracht theicneolaíoch a choinneáil ag an am céanna, agus ar rothair , lena n-áirítear rochtain ar mhargadh feithiclí astaíochtaí nialasacha dara ré a dhreasú agus a fhorbairt tuilleadh , lena n-áirítear tacaíocht airgeadais nó dreasachtaí fioscacha chun iad a cheannach, le haghaidh bhonneagar poiblí agus príobháideach iomchuí, lena n-áirítear le haghaidh athluchtú agus athbhreoslú maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha a cheannach; beidh an tacaíocht teoranta d’fheithiclí atá ar fáil ar mheánphraghas margaidh na bhfeithiclí sin mBallstát in aon bhliain ar leith nó faoina bhun; Ní mheasfar bearta chun tacú le feithiclí astaíochtaí ísle go príomha ach amháin i gcás nach bhfuil rochtain ar shoghluaisteacht astaíochtaí nialasacha indéanta , go háirithe i gcás ceantair thuaithe, iargúlta agus ceantair nach bhfuil chomh inrochtana céanna. Cuirfidh na Ballstáit tráthchlár ar fáil chun an tacaíocht a laghdú de réir a chéile , i gcomhréir leis na critéir theicniúla arna mbunú ag an gCoimisiún faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún ;

Leasú 91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

saor-rochtain ar iompar poiblí a dheonú nó taraifí oiriúnaithe le haghaidh rochtain ar iompar poiblí , chomh maith le soghluaisteacht inbhuanaithe ar éileamh agus seirbhísí comhroinnte soghluaisteachta;

(e)

úsáid iompair phoiblí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle atá inacmhainne agus inrochtana a dhreasú , chomh maith le tacaíocht a thabhairt d’eintitis phríobháideacha agus phoiblí, lena n-áirítear comharchumainn, chun soghluaisteacht inbhuanaithe a fhorbairt agus a sholáthar ar éileamh, seirbhísí comhroinnte soghluaisteachta agus roghanna tarraingteacha soghluaisteachta gníomhacha, go háirithe i limistéir thuaithe, oileánacha, shléibhtiúla, iargúlta agus nach bhfuil rochtain orthu, i réigiúin nó i gcríocha lagfhorbartha, lena n-áirítear na limistéir pheirea-uirbeacha lagfhorbartha agus na réigiúin is forimeallaí ;

Leasú 92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Cuirfidh na Ballstáit poist inbhuanaithe agus ardcháilíochta chun cinn, i gcás inarb ábhartha, nuair a bheidh na bearta agus na hinfheistíochtaí á gcur chun feidhme acu i gcomhréir le mír 2.

Leasú 93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     Faoin 31 Iúil 2023, soláthróidh an Coimisiún treoir faoi bhearta agus infheistíochtaí costéifeachtacha i gcomhthéacs mhír 2. Faoin 31 Iúil 2026 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chost-éifeachtacht na mbeart agus na n-infheistíochtaí arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit mar chuid dá bPleananna ar bhonn na tuarascála débhliantúla débhliantúla ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 23. Tuairisceoidh an Coimisiún ar dhea-chleachtais agus déanfaidh sé an treoir a choigeartú dá réir.

Leasú 94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Ní thabharfaidh an Ciste tacaíocht leith, agus ní áireofar le costais mheasta iomlána Pleananna bearta i bhfoirm tacaíocht dhíreach ioncaim de bhun Airteagal 3(2) den Rialachán seo, do theaghlaigh a bhaineann tairbhe cheana féin as :

1.   Ní dhéanfar ionadú leis an gCiste ar bhearta i bhfoirm tacaíocht ioncaim dhíreach de bhun Airteagal 3(2) den Rialachán seo a mhéid atá siad sa bhreis agus ina gcomhlánú ar an tacaíocht arna soláthar do theaghlaigh atá ag tairbhiú de sin cheana:

Leasú 95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

idirghabháil phoiblí ó thaobh leibhéal praghsanna na mbreoslaí a  chumhdaítear le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE ;

(a)

idirghabháil phoiblí ó thaobh leibhéal praghsanna na mbreoslaí a  úsáidtear do dhóchán i dtéamh agus i bhfuarú foirgneamh nó in iompar de bhóthar ;

Leasú 96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I gcás ina gcruthaíonn an Ballstát áirithe ina phlean nach ndéanann na hidirghabhálacha poiblí dá dtagraítear i mír 1 an méadú ar an bpraghas leanann as na hearnálacha foirgneamh agus iompair de bhóthar a chuimsiú i raon feidhme Threoir 2003/87/CE a fhritháireamh go hiomlán, féadfar tacaíocht dhíreach ioncaim a chur san áireamh sna costais mheasta iomlána i dteorainneacha an ardú praghsanna nach bhfuil fritháirithe go hiomlán.

2.   I gcás ina gcruthaíonn an Ballstát áirithe ina phlean nach ndéanann na hidirghabhálacha poiblí dá dtagraítear i mír 1 an méadú praghais a fhritháireamh go hiomlán, féadfar tacaíocht dhíreach ioncaim a chur san áireamh sna costais mheasta iomlána i dteorainneacha an ardú praghsanna nach bhfuil fritháirithe go hiomlán.

Leasú 97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh Ballstáit tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil d’eintitis phoiblí nó phríobháideacha seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha a chur san áireamh sna costais mheasta iomlána, i gcás ina ndéanann na heintitis sin bearta agus infheistíochtaí a bhíonn chun leasa theaghlaigh leochaileacha, mhicrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha ar deireadh.

Féadfaidh Ballstáit tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil d’eintitis phoiblí nó phríobháideacha , lena n-eisiatar idirghabhálacha airgeadais, seachas teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha agus úsáideoirí iompair leochaileacha atá i mbochtaineacht fuinnimh nó soghluaisteachta, a chur san áireamh sna costais mheasta iomlána, i gcás ina ndéanann na heintitis sin bearta agus infheistíochtaí thar gceann agus a bhíonn chun leas díreach na dteaghlach leochaileach sin, agus úsáideoirí iompair leochaileacha ar deireadh , ar choinníoll go gcomhlíonann na heintitis sin na coimircí sóisialta agus comhshaoil dtagraítear in Airteagal 5 .

Leasú 98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh Ballstát foráil maidir leis na cosaintí reachtúla agus conarthacha is gá lena áirithiú go gcuirtear an leas ar fad ar aghaidh chuig na teaghlaigh, na micrifhiontair agus na húsáideoirí iompair.

Déanfaidh Ballstát foráil maidir leis na cosaintí reachtúla agus conarthacha is gá lena áirithiú go gcuirtear an leas ar fad ar aghaidh chuig na teaghlaigh, na micrifhiontair, agus na húsáideoirí iompair. Comhlíonfaidh na heintitis sin na ceanglais maidir le hinfheictheacht a leagtar amach in Airteagal 22a.

 

Eiseoidh an Coimisiún treoir maidir le prionsabail íosta agus coimircí íosta agus cuirfidh sé dea-chleachtais chun cinn.

Leasú 99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Is EUR 23 700 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Ciste a chur chun feidhme don tréimhse 2025-2027 .

1.   Is EUR 11 140 000 000 ar a laghad i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Ciste a chur chun feidhme don tréimhse [dáta theacht i bhfeidhm]-2027 . Comhlánófar an Ciste le hioncam a bheidh mar thoradh ar 150 milliún lamháltas a chur ar ceant i gcomhréir le hAirteagal 30ú(3) de [Treoir CTA] [5 250 000 000 méid táscach] don tréimhse sin. Cuirfear chun feidhme an cistiú sin i gcomhréir leis an Rialachán seo.

Leasú 100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Is EUR 48 500 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais chun an Ciste a chur chun feidhme don tréimhse 2028-2032, faoi réir ag infhaighteacht na méideanna faoi uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE.

2.    Bunófar an t-imchlúdach airgeadais chun an Ciste a chur chun feidhme don tréimhse 2028-2032 tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo , faoi réir ag infhaighteacht na méideanna faoi uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE agus an mheasúnaithe agus, i gcás inarb iomchuí agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha, athbhreithniú spriocdhírithe i gcomhréir le [hAirteagal 30a(1a)] de Threoir 2003/87/CE .

Leasú 101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Cuirfear leithdháiltí breise ar fáil faoi réir an choigeartaithe theicniúil shonraigh bunaithe ar an luaineacht praghsanna carbóin dá bhforáiltear in Airteagal 4b de … [Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle  (1a) arna leasú] lena áirithiú go dtiocfaidh méadú ar na leithreasuithe atá ar fáil don Chiste Aeráide Sóisialta i mbuiséad an Aontais i gcomhréir leis an méadú ar phraghas an charbóin. Breathnófar an coigeartú teicniúil sonrach sin a fhadú bunaithe ar luaineachta praghsanna carbóin i gcomhthéacs na caibidlíochta maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil is infheidhme.

Leasú 102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 9 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     I gcomhréir le [hAirteagal 30d(5)] de Threoir 2003/87/CE, úsáidfidh na Ballstáit ioncaim ó na liúntais a chuirtear ar ceant i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE ar dtús le haghaidh cómhaoiniú náisiúnta a bPleananna agus, maidir le haon ioncam a bheidh fágtha, le haghaidh beart aeráide sóisialta agus infheistíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo, cé is moite den ioncam a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311(3) CFAE agus a iontráladh i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta.

Leasú 103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 10a

Dúshláin shonracha os comhair na mBallstát oileánach, na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí

Agus a bpleananna aeráide sóisialta á n-ullmhú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 3, cuirfidh siad staid na mBallstát oileánach, na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí san áireamh go háirithe. Tá dúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha ag Ballstáit oileánacha, oileáin agus na réigiúin is forimeallaí, dúshláin a eascraíonn as an aistriú glas i dtreo neodracht aeráide agus glanastaíochtaí neodracha, ag féachaint dá riachtanais shonracha agus dá dtionchar sóisialta. Leithdháilfear íosmhéid leordhóthanach cistí ar na críocha sin maille leis an mbonn cirt comhfhreagrach, agus dúshláin ar leith na gcríoch sin á gcur san áireamh.

Leasú 104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Beidh tacaíocht faoin gCiste sa bhreis ar thacaíocht arna cur ar fáil faoi chistí, chláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. Féadfaidh bearta agus infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste tacaíocht a fháil ó chistí, ó chláir agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.

1.   Beidh tacaíocht faoin gCiste sa bhreis ar an tacaíocht arna cur ar fáil faoi chistí, cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais , faoi chistí, cláir agus ionstraimí náisiúnta eile agus, i gcás inarb iomchuí, faoi chistí, cláir agus ionstraimí réigiúnacha eile, go háirithe an Ciste don Nuachóiriú, an Clár InvestEU, an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060, agus úsáidfear í i sineirgíocht, i gcomhlántacht, i gcomhleanúnachas agus i gcomhsheasmhacht léi . Féadfaidh bearta agus infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste tacaíocht a fháil ó chistí, ó chláir agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.

Leasú 105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfar an leithdháileadh airgeadais uasta a ríomh le haghaidh gach Ballstáit aonair mar a shonraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.

1.    Gan dochar d’Airteagal 9(1a), déanfar an leithdháileadh airgeadais uasta a ríomh le haghaidh gach Ballstáit aonair mar a shonraítear in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II.

Leasú 106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Féadfaidh gach Ballstát iarraidh a chur isteach suas go dtí a leithdháileadh uasta airgeadais chun a Phlean a chur chun feidhme agus suas go dtí uasmhéid a sciar den leithdháileadh breise arna chur ar fáil de bhun Airteagal 9(1a) mar a shonraítear in Iarscríbhinn II agus bunaithe ar an modheolaíocht don ríomh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I.

Leasú 107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 13a

Réamh-mhaoiniú

1.     Faoi réir an Coimisiún an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 16(1) den Rialachán sin a ghlacadh, i gcás ina n-iarrann Ballstát réamh-mhaoiniú in éineacht le tíolacadh an Phlean, déanfaidh an Coimisiún íocaíocht réamh-mhaoinithe de mhéid nach mó ná 13 % den ranníocaíocht airgeadais dá dtagraítear in Airteagal [] den Rialachán sin. De mhaolú ar Airteagal 116(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, déanfaidh an Coimisiún an íocaíocht chomhfhreagrach laistigh, a mhéid is féidir, de 2 mhí tar éis don Choimisiún an gealltanas dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 18 den Rialachán seo a thabhairt i gcrích.

2.     I gcásanna réamh-mhaoinithe faoi mhír 1 den Airteagal seo, déanfar na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal [] a choigeartú go comhréireach.

Leasú 108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, déanfaidh Ballstáit 60 % ar a laghad de chostais mheasta iomlána na mbeart agus na n-infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) ina bPleananna a ranníoc. Beidh ranníocaíocht na mBallstát ag a bhfuil olltáirgeacht intíre (OTI) per capita ag praghsanna margaidh faoi bhun 65 % de mheán an Aontais le linn na tréimhse 2016 go 2018 teoranta d’uasmhéid 40 % de chostais mheasta iomlána na mbeart agus na n-infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) ina bPleananna.

Leasú 109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Bainfidh Ballstáit úsáid as , inter alia, ioncam óna lamháltais a chur ar ceant, i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, dá ranníocaíocht náisiúnta le costais mheasta iomlána a bPleananna.

2.   Bainfidh Ballstáit úsáid as aon ioncam óna lamháltais a chur ar ceant ar dtús , i gcomhréir le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, dá ranníocaíocht náisiúnta le costais mheasta iomlána a bPleananna.

Leasú 110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe a – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

cibé an ionann nó nach ionann an Plean agus freagairt ar an tionchar sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha agus ar na dúshláin atá rompu sa Bhallstát lena mbaineann, mar thoradh ar bhunú an chórais trádála astaíochtaí d’fhoirgnimh agus d’iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE , go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, agus aird chuí ar na dúshláin a shainaithnítear i measúnuithe an Choimisiúin ar an nuashonrú ar phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus ar a dhul chun cinn de bhun Airteagal 9(3), agus Airteagail 13 agus 29 i Rialachán (AE) 2018/1999, chomh maith le i moltaí an Choimisiúin do Bhallstáit a eisítear de bhun Airteagal 34 i Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise an chuspóra fhadtéarmaigh d’aeráidneodracht san Aontas faoi 2050. Cuirfear san áireamh leis sin dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

(i)

cibé an ionann nó nach ionann an Plean agus freagairt leordhóthanach agus éifeachtach ar an tionchar sóisialta ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha, agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha agus ar na dúshláin atá rompu sa Bhallstát lena mbaineann de bharr iarmhairtí a eascraíonn as an aistriú chuig neodracht aeráide , lena n-áirítear praghasáil carbóin , go háirithe ag teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta , agus aird chuí ar na dúshláin a shainaithnítear i measúnuithe an Choimisiúin ar an nuashonrú ar phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit lena mbaineann agus ar a dhul chun cinn de bhun Airteagal 9(3), agus Airteagail 13 agus 29 i Rialachán (AE) 2018/1999, chomh maith le i moltaí an Choimisiúin do Bhallstáit a eisítear de bhun Airteagal 34 i Rialachán (AE) 2018/1999 i bhfianaise chuspóirí aeráide agus fuinnimh 2030 an Aontais agus an chuspóra fhadtéarmaigh d’aeráidneodracht san Aontas faoi 2050. Cuirfear san áireamh leis sin dúshláin shonracha agus leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit lena mbaineann.

Leasú 111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe a – pointe i a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia)

ar forbraíodh an Plean le comhairliúchán fóinteach, le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, le comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta i gcomhréir le prionsabail an chóid iompair Eorpaigh maidir le comhpháirtíochtaí arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún;

Leasú 112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe a – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)

cibé an meastar go n-áirithítear leis an bplean nach ndéanann aon infheistíocht ná beart atá mar chuid den Phlean díobháil shuntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;

(ii)

cibé an meastar go n-áirithítear leis an bplean nach ndéanann aon bhearta ná infheistíochtaí atá mar chuid den Phlean díobháil shuntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852;

Leasú 113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe a – pointe ii a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iia)

an urramaíonn faighteoirí an Chiste dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cearta sóisialta agus saothair;

Leasú 114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe a – pointe iii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta agus infheistíochtaí sa Phlean a chuireann leis an aistriú glas, lena n-áirítear le dul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn as agus go háirithe a chuireann le gnóthú chuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus garspriocanna 2030 na Straitéise um an tSoghluaisteacht.

(iii)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil bearta nuálacha agus bearta atá ann cheana agus infheistíochtaí éifeachtacha sa Phlean i réitigh a chuireann leis an aistriú glas, lena n-áirítear le dul i ngleic leis na dúshláin a eascraíonn as , aghaidh a thabhairt ar na tionchair shóisialta, agus go háirithe a chuireann le gnóthú chuspóirí aeráide agus fuinnimh an Aontais do 2030 agus 2050 agus garspriocanna 2030 na Straitéise um an tSoghluaisteacht.

Leasú 115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe b – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

cibé an meastar go mbeidh tionchar buan ag an bPlean ar na dúshláin a dtugann an Plean sin aghaidh orthu agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh, sa Bhallstát lena mbaineann;

(i)

cibé an meastar go mbeidh tionchar buan ag an bPlean ar sprioc 2030 an Aontais, ar aeráidneodracht agus ar na dúshláin a dtugann an Plean sin aghaidh orthu agus go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar mhicrifhiontair leochaileacha, agus ar úsáideoirí iompair leochaileacha, go háirithe teaghlaigh atá faoi bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht soghluaisteachta , sa Bhallstát lena mbaineann;

Leasú 116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe b – pointe iii a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iiia)

cibé an bhfuil na bearta agus na hinfheistíochtaí arna moladh ag an mBallstát lena mbaineann comhleanúnach go hinmheánach agus an bhfuil comhlántacht, sineirgíocht, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le hionstraimí agus cláir eile de chuid an Aontais á gcothú acu;

Leasú 117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe b – pointe iii b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iiib)

cibé an cuireann an Plean, i gcás inarb ábhartha, le poist inbhuanaithe ar ardchaighdeán chun cinn;

Leasú 118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 2 – pointe c – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil an réasúnú arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais mheasta iomlána an Phlean réasúnta agus inchreidte agus cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta;

(i)

cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil an réasúnú arna sholáthar ag an mBallstát maidir le méid chostais mheasta iomlána an Phlean réasúnta agus inchreidte agus cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na cost-éifeachtúlachta agus i gcomhréir leis an tionchar ionchasach náisiúnta eacnamaíoch agus sóisialta , agus sonraíochtaí náisiúnta á gcur san áireamh ag an am céanna a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na costais dá bhforáiltear sa Phlean ;

Leasú 119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ar bhonn an mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 15, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi Phlean Ballstáit, trí ghníomh cur chun feidhme, laistigh de shé mhí ón dáta a tíolacadh an Plean sin de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

Ar bhonn an mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 15, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoi Phlean Ballstáit, trí ghníomh cur chun feidhme, laistigh de thrí mhí ón dáta a tíolacadh an Plean sin de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

Leasú 120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

an leithdháileadh airgeadais ón Aontas arna leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán seo atá le híoc i dtráthchodanna nuair a bheidh na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an Phlean, a bheidh faoi réir, don tréimhse 2028-2032, ag infhaighteacht na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo faoi uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE, comhlíonta go sásúil ag an mBallstát;

(b)

an leithdháileadh airgeadais ón Aontas arna leithdháileadh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus le hAirteagal 13a den Rialachán seo atá le híoc i  réamh-mhaoiniú agus i dtráthchodanna nuair a bheidh na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha arna sainaithint maidir le cur chun feidhme an Phlean, a bheidh faoi réir, don tréimhse 2028-2032, ag infhaighteacht na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2) den Rialachán seo faoi uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 312 CFAE, comhlíonta go sásúil ag an mBallstát;

Leasú 121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Féadfaidh Ballstát tús a chur le bearta cur chun feidhme agus le hinfheistíochtaí a leagtar amach ina Phlean amhail ón… [cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], sula dtabharfaidh an Coimisiún cinneadh dearfach faoi mhír 1. Beidh an méid sin gan dochar do thoradh mheasúnú an Choimisiúin faoi Airteagal 15 ná dá chumhacht an Plean a fhormheas nó a dhiúltú. Beidh leithdháileadh airgeadais an Aontais maidir le bearta agus infheistíochtaí leanúnacha den sórt sin ag brath ar an bPlean a fhormheas trí bhíthin an chinnidh ón gCoimisiún agus ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha ag Ballstát den sórt sin. I gcás ina dtabharfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar an bPlean, áireofar ina chinneadh dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb ábhartha, bearta agus infheistíochtaí leanúnacha den sórt sin agus cuirfear san áireamh go bhfuil siad á gcur chun feidhme cheana féin.

Leasú 122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   I gcás nach bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann Plean Aeráide Sóisialta, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go hiomlán nó go páirteach, ar bhonn cúinsí oibiachtúla, go háirithe mar gheall ar fhíorthionchair dhíreacha an chórais trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE , féadfaidh an Ballstát lena mbaineann leasú ar a Phlean, chun na hathruithe is gá agus a bhfuil údar cuí leo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh chun go n-ullmhófaí iarraidh den sórt sin.

1.   I gcás nach bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann Plean Aeráide Sóisialta, lena n-áirítear garspriocanna agus spriocanna ábhartha, a bhaint amach a thuilleadh, go hiomlán nó go páirteach, ar bhonn cúinsí oibiachtúla, tar éis dul i gcomhairle fhiúntach leis na geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir le prionsabail an chóid iompair Eorpaigh maidir le comhpháirtíochtaí arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún , féadfaidh an Ballstát lena mbaineann leasú ar a Phlean, chun na hathruithe is gá agus a bhfuil údar cuí leo, a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht theicniúil a iarraidh chun go n-ullmhófaí iarraidh den sórt sin.

Leasú 123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     I gcás ina gcuirfear leithdháiltí breise ar fáil de bhun Airteagal 9(1a), féadfaidh an Ballstát lena mbaineann leasú spriocdhírithe ar a Phlean a thíolacadh chuig an gCoimisiúin d’fhonn:

 

(a)

líon tairbhithe birt nó infheistíochta, nó na costais atá ag baint le beart nó infheistíocht, atá leagtha amach ina Phlean a mhéadú;

 

(b)

bearta nó infheistíochtaí a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 6.

Leasú 124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   I gcás go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar an bPlean leasaithe, glacfaidh sé cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16(1), laistigh de 3 mhí ó thíolacadh oifigiúil an Phlean leasaithe ag an mBallstát, ina leagfar amach na cúiseanna lena mheasúnú dearfach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.

3.   I gcás go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú dearfach ar an bPlean leasaithe, glacfaidh sé cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16(1), laistigh de 3 mhí ó thíolacadh oifigiúil an Phlean leasaithe ag an mBallstát, ina leagfar amach na cúiseanna lena mheasúnú dearfach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. I gcás ina leasaítear plean mar a leagtar amach i mír 1a, pointe (a), laghdófar an tréimhse sin go 6 seachtaine.

Leasú 125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Faoin 15 Márta 2027 déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann measúnú ar oiriúnacht a bPleananna i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bheadh ag córas trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/087/CE . Déanfar na measúnuithe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de na tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

5.   Faoin 15 Márta 2027 déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann measúnú ar oiriúnacht a bPleananna i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bheadh ag tionchar an aistrithe i dtreo na haeráidneodrachta, lena n-áirítear trí phraghsáil carbóin . Déanfar na measúnuithe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de na tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999.

Leasú 126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   I ndiaidh don Choimisiún cinneadh a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16, déanfaidh sé comhaontú in am trátha leis an mBallstát lena mbaineann ina mbeidh gealltanas dlíthiúil aonair de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chumhdaíonn an tréimhse 2025-2027 . Féadfar an comhaontú sin a chur i gcrích ar a luaithe bliain amháin roimh an mbliain ina gcuirtear tús leis na ceantanna faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE.

1.   I ndiaidh don Choimisiún cinneadh a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16, déanfaidh sé comhaontú in am trátha leis an mBallstát lena mbaineann ina mbeidh gealltanas dlíthiúil aonair de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chumhdaíonn an tréimhse ó . .. [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] go dtí 2027.

Leasú 127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Más rud é, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear i  mír 3 , go ndeimhníonn an Coimisiún nár cuireadh chun feidhme go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 16, cuirfear íocaíocht an leithdháilte airgeadais ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chuid barúlacha a thíolacadh laistigh de mhí amháin ó mheasúnú an Choimisiúin a bheith curtha in iúl.

Más rud é, mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear i  mír 2 , go ndeimhníonn an Coimisiún nár comhlíonadh go sásúil na garspriocanna agus na spriocanna a leagtar amach sa chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 16, cuirfear íocaíocht an leithdháilte airgeadais ar fionraí, go hiomlán nó go páirteach. Beidh méid an leithdháilte airgeadais a cuireadh ar fionraí i gcomhréir le costais na mbeart nár comhlíonadh na garspriocanna ná na spriocanna go sásúil ina leith. Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chuid barúlacha a thíolacadh laistigh de mhí amháin ó mheasúnú an Choimisiúin a bheith curtha in iúl.

Leasú 128

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     I gcás ina suíonn an Coimisiún nár thug an Ballstát lena mbaineann faoin Airteagal seo i bhfeidhm an dlí, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun Treoir (AE) [bbbb/nnn] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Caibidil IVa de Threoir…/…/CE [(COD)2021/0211] a chomhlíonadh, cuirfear íocaíocht an leithdháilte airgeadais ar fionraí. Ní chuirfear an fhionraí i leataobh ach amháin i gcás inar thug an Ballstát lena mbaineann na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin sin i bhfeidhm.

Leasú 129

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Más rud é, laistigh de 12 mhí ón dáta ar cuireadh comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18 i gcrích, nach bhfuil aon dul chun cinn inbhraite déanta ag an mBallstát lena mbaineann maidir le ceann ar bith de na garspriocanna agus de na spriocanna ábhartha, déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18 a fhoirceannadh agus méid an leithdháilte airgeadais a tharraingt siar. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le foirceannadh comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 18 i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí i ndiaidh don Choimisiún a mheasúnú a chur in iúl ar cé acu a rinneadh aon dul chun cinn inbhraite nó nach ndearnadh.

7.   Más rud é, laistigh de 12 mhí ón dáta ar cuireadh comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18 i gcrích, nach bhfuil aon dul chun cinn inbhraite déanta ag an mBallstát lena mbaineann maidir le ceann ar bith de na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha, déanfaidh an Coimisiún na comhaontuithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 18 a fhoirceannadh agus méid an leithdháilte airgeadais a tharraingt siar. Déanfar aon réamh-mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal [13a] a aisghabháil ina iomláine. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le foirceannadh comhaontuithe dá dtagraítear in Airteagal 18 i ndiaidh dó deis a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann a chuid barúlacha a chur i láthair laistigh de thréimhse 2 mhí i ndiaidh don Choimisiún a mheasúnú ar cé acu a rinneadh aon dul chun cinn inbhraite nó nach ndearnadh a chur in iúl . Déanfar aon mhéideanna arna saoradh a leithdháileadh go comhréireach ar Bhallstáit eile.

Leasú 130

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Agus an Ciste á chur chun feidhme acu, déanfaidh na Ballstáit, mar thairbhithe cistí faoin gCiste, na bearta uile is gá a dhéanamh chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme á chomhlíonadh agus na cistí i ndáil le bearta agus le hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste á n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn III agus déanfaidh siad méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. Féadfaidh na Ballstáit brath ar a gcórais rialta bainistithe buiséid náisiúnta.

1.   Agus an Ciste á chur chun feidhme acu, déanfaidh na Ballstáit, mar thairbhithe cistí faoin gCiste, na luachanna bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an smacht reachta, a urramú. Déanfaidh siad na bearta uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus chun a áirithiú go mbeidh dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme á chomhlíonadh agus na cistí i ndáil le bearta agus le hinfheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gCiste á n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta, agus calaois, éilliú agus coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú. Chuige sin, soláthróidh na Ballstáit córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil, mar a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn III agus déanfaidh siad méideanna a íocadh go míchuí nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil. Féadfaidh na Ballstáit brath ar a gcórais rialta bainistithe buiséid náisiúnta.

Leasú 131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Agus an Ciste á chur chun feidhme aige, déanfaidh an Coimisiún na bearta uile is iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 chun a áirithiú go gcosnófar cistí i ndáil le bearta agus infheistíochtaí a dtacaíonn an Ciste don Nuálaíocht leo i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta sna Ballstáit. Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún córas rialaithe inmheánaigh a bheidh éifeachtach agus éifeachtúil agus déanfaidh sé méideanna arna n-íoc go míchuí nó arna n-úsáid go mícheart a aisghabháil.

Leasú 132

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     I gcás ina suífear go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear do bhainistiú fónta airgeadais an Chiste nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais nó go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo, déanfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 lena bhféadfaí a áireamh, inter alia, íocaíochtaí leis na húdaráis náisiúnta lena mbaineann a chur ar fionraí. I gcásanna den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún gach beart is gá chun a áirithiú go leanfaidh tairbhithe deiridh beartaithe an Chiste de rochtain a bheith acu ar chúnamh ón Aontas, lena n-áiritheofar eisíocaíocht trí údaráis áitiúla agus réigiúnacha, trí eagraíochtaí neamhrialtasacha nó trí eintitis eile a bhfuil cumas cruthaithe acu bainistiú fónta airgeadais an Chiste a áirithiú.

Leasú 133

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, ar bhealach a bheidh i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an Ciste agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Clár InvestEU, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann, ar bhealach a bheidh i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach a áirithiú idir an Ciste agus cláir agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste don Nuálaíocht, an Clár InvestEU, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus na Cistí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060. Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

Leasú 134

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

a áirithiú go bhfuil comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

(a)

a áirithiú go bhfuil comhlántacht, sineirge, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

Leasú 135

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

dlúthchomhar a áirithiú idir iad siúd atá freagrach as an gcur chun feidhme agus an rialú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun cuspóirí an Chiste a ghnóthú.

(c)

dlúthchomhar a áirithiú idir iad siúd atá freagrach as an gcur chun feidhme agus an rialú ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach , lena n-áirítear na geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir le prionsabail an chóid iompair Eorpaigh maidir le comhpháirtíochtaí arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún, chun cuspóirí an Chiste a ghnóthú.

Leasú 136

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.     Tabharfaidh faighteoirí cistiúcháin ón Aontas aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistiúcháin ón Aontas, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

scriosta

Leasú 137

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 22a

 

Infheictheacht an chistithe ón Aontas

 

1.     Áiritheoidh gach Ballstát:

 

(a)

infheictheacht eintiteas idirmheánach agus tairbhithe deiridh a fhaigheann tacaíocht ón Aontas sna gníomhaíochtaí uile a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste, lena n-áirítear trí fheathal an Aontais a thaispeáint; agus

 

(b)

go gcuirfear saoránaigh an Aontais ar an eolas faoi ról na gCistí agus faoina mbeidh bainte amach tríothu trí thairseach aonair suímh gréasáin lena dtabharfar rochtain ar na cláir uile a bhfuil baint ag an mBallstát sin leo.

 

2.     Aithneoidh na Ballstáit, agus i gcás inarb infheidhme, áiritheoidh siad go n-aithneoidh eintitis idirmheánacha, tacaíocht ón gCiste agus bunús an chistithe sin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

(a)

infheictheacht chistiú an Aontais do na tairbhithe deiridh agus don phobal a áirithiú, lena n-áirítear trí shuaitheantas an Aontais agus ráiteas cistiúcháin iomchuí ina léifear “arna chistiú / arna cistiú / arna gcistiú ag an Aontas Eorpach – an Ciste Aeráide Sóisialta” a thaispeáint ar dhoiciméid agus ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta atá beartaithe do na tairbhithe deiridh nó don phobal;

 

(b)

tuairisc ghairid ar an oibríocht, i gcomhréir leis an leibhéal tacaíochta, a sholáthar ar a suíomh gréasáin oifigiúil, i gcás inarb ann don suíomh sin, agus ar shuíomhanna na meán sóisialta, lena n-áirítear a cuid aidhmeanna agus torthaí, agus an tacaíocht airgeadais ón Aontas a thabhairt chun suntais; agus

 

(c)

i gcás oibríochtaí lena mbaineann ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear i gcás tacaíocht ioncaim dhíreach shealadach i gcomhréir le hAirteagal 6(1), méid na tacaíochta ón gCiste a chur in iúl do na faighteoirí deiridh.

 

3.     I gcás nach gcomhlíonfaidh Ballstát na hoibleagáidí faoi mhíreanna 1 agus 2, agus i gcás nach mbeidh gníomhaíochtaí feabhais curtha i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún bearta i bhfeidhm, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, lena gcealófar suas le 5 % den tacaíocht ón gCiste don Bhallstát lena mbaineann in aghaidh na bliana.

Leasú 138

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Tuairisceoidh gach Ballstát lena mbaineann, ar bhonn débhliantúil, chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme a Phlean mar chuid dá thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán sin. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas san áireamh ina dtuarascáil ar an dul chun cinn:

1.   Tuairisceoidh gach Ballstát lena mbaineann, ar bhonn débhliantúil, chuig an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme a Phlean mar chuid dá thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán sin , agus i gcomhairle fhóinteach leis na geallsealbhóirí ábhartha i gcomhréir le prionsabail an chóid iompair Eorpaigh maidir le comhpháirtíochtaí arna bhunú le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh . 240/2014 ón gCoimisiún; Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas san áireamh ina dtuarascáil ar an dul chun cinn:

Leasú 139

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

faisnéis chainníochtúil mhionsonraithe maidir le líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh;

(a)

faisnéis chainníochtúil mhionsonraithe maidir líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh agus faoi bhochtaineacht soghluaisteachta, go háirithe teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha, agus úsáideoirí iompair leochaileacha ;

Leasú 140

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

faisnéis mhionsonraithe maidir leis na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 2(2) agus (2a) ar bhonn critéar nithiúil intomhaiste;

Leasú 141

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

i gcás inarb infheidhme, faisnéis mhionsonraithe maidir le dul chun cinn i dtreo an chuspóra náisiúnta tháscaigh i dtaca le líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh a laghdú;

(b)

faisnéis mhionsonraithe maidir le dul chun cinn i dtreo na spriocanna agus na gcuspóirí náisiúnta táscacha líon na dteaghlach atá faoi bhochtaineacht fuinnimh agus bochtaineacht soghluaisteachta a laghdú , go háirithe teaghlaigh leochaileacha, micrifhiontair leochaileacha, agus úsáideoirí iompair leochaileacha.

Leasú 142

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

faisnéis mhionsonraithe maidir le torthaí na mbeart agus na n-infheistíochtaí atá san áireamh ina bPlean;

(c)

faisnéis mhionsonraithe maidir le torthaí na mbeart agus na n-infheistíochtaí , go háirithe maidir leis an laghdú ar astaíochtaí a baineadh amach agus líon na ndaoine a thairbhíonn de na bearta atá san áireamh ina bPlean;

Leasú 143

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca)

míniú ar an gcaoi a bhfuiltear ag dréim leis go rannchuideoidh na bearta sa phlean le comhionannas inscne agus comhdheiseanna do chách agus le príomhshruthú na gcuspóirí sin, i gcomhréir le prionsabail 2 agus 3 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus le prionsabal 5 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe NA agus, i gcás inarb ábhartha, leis an straitéis náisiúnta maidir le comhionannas inscne;

Leasú 144

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1 – pointe c b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cb)

faisnéis mhionsonraithe maidir leis an sciar de thacaíocht dhíreach ioncaim agus spriocdhíriú ar thacaíocht dhíreach ioncaim atá san áireamh ina bPlean;

Leasú 145

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

in 2027, measúnú ar oiriúnacht an Phlean dá dtagraítear in Airteagal 17(5) i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bheadh ag córas trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar arna bhunú de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE.

(f)

in 2027, measúnú ar oiriúnacht an Phlean dá dtagraítear in Airteagal 17(5) i bhfianaise na bhfíorthionchar díreach a bheadh ag córas trádála astaíochtaí arna bhunú de bhun Threoir 2003/87/CE.

Leasú 146

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar sciar na gcostas a bhaineann le tabhairt suas na lamháltas faoi Chaibidil IVa de Threoir …/…/CE[(COD)2021/0211] arna gcomhghabháil ag soláthróirí breosla agus arna gcur ar aghaidh chuig na tomhaltóirí deiridh. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa ar a thorthaí.

Leasú 147

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na táscairí comhchoiteanna a leagan amach a bheidh le húsáid chun dul chun cinn a thuairisciú agus chun críche faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste i dtreo bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1.

4.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 25 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na táscairí comhchoiteanna a leagan amach a bheidh le húsáid chun dul chun cinn a thuairisciú agus chun críche faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gCiste i dtreo bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 , lena n-áirítear teimpléad bunaithe ar na Ballstáit nach mór dóibh tuarascáil a thabhairt . Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh tráth nach déanaí ná an … [3 mhí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Leasú 148

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 23 a

 

Trédhearcacht

 

1.     Déanfaidh an Coimisiún na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit, mar aon leis na cinntí a chuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal, a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle gan moill mhíchuí agus ar théarmaí comhionanna.

 

2.     Déanfar faisnéis arna tarchur ag an gCoimisiún chuig an gComhairle nó chuig aon cheann dá comhlachtaí ullmhúcháin i gcomhthéacs an Rialacháin seo nó a chur chun feidhme a chur ar fáil go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa, faoi réir socruithe rúndachta más gá.

 

3.     Tabharfaidh an Coimisiún forléargas do choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa ar na réamhthorthaí atá aige a bhaineann le comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna ábhartha a áirítear sna pleananna arna dtíolachadh ag na mBallstáit.

 

4.     Féadfaidh coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a sholáthar maidir le staid na himeartha mheasúnú an Choimisiúin ar na Pleananna.

Leasú 149

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 23b

 

Idirphlé Aeráide Sóisialta

 

1.     Chun an t-idirphlé idir institiúidí an Aontais a fheabhsú, go háirithe idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus chun tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú, féadfaidh coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún dhá uair sa bhliain na hábhair seo a leanas a phlé:

 

(a)

na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

 

(b)

measúnú an Choimisiúin ar na Pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

 

(c)

stádas an chomhlíonta i ndáil le garspriocanna agus spriocanna na pleananna arna dtíolacadh ag na Ballstáit;

 

(d)

nósanna imeachta maidir le híocaíocht, fionraí agus foirceannadh, lena n-áirítear aon bhreathnú arna thíolacadh agus bearta feabhais arna ndéanamh ag Ballstáit chun comhlíonadh sásúil na gcloch míle agus na spriocanna a áirithiú;

 

(e)

aon fhaisnéis agus doiciméadacht ábhartha eile arna soláthar ag an gCoimisiún chuig coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa i ndáil le cur chun feidhme an Chistithe.

 

2.     Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a bharúlacha a chur in iúl i rúin, i ndáil leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.

 

3.     Déanfaidh an Coimisiún aird a thabhairt ar aon ghnéithe a eascraíonn as na tuairimí a cuireadh in iúl tríd an idirphlé aeráide sóisialta, lena n-áirítear na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, má sholáthraítear iad.

Leasú 150

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Faoin 1 Iúil 2028 , déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Chiste.

1.   Faoin 1 Iúil 2026 , déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú an Chiste , go dtí an dáta sin, á dtabhairt san áireamh go háirithe thorthaí na chéad tuarascálacha arna dtíolachadh ag Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 23 .

Leasú 151

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     I gcás gach bliana a mbíonn an Ciste gníomhach, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún maidir leis an laghdú ar CO2 a eascraíonn as na hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a thógáil, as fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chomhtháthú agus as rochtain níos fearr a thabhairt ar shoghluaisteacht agus iompar astaíochtaí nialasacha agus ísle.

Leasú 152

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar measúnú, go háirithe, ar a  mhéid a gnóthaíodh cuspóirí an Chiste a leagtar amach in Airteagal 1, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus ar an mbreisluach AE. Breithneofar ann ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile a leagtar amach in Airteagal 6 i bhfianaise an tionchar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE agus ó na bearta náisiúnta a dhéanann Ballstáit chun na laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (63) . Breithneofar ann freisin ábharthacht leanúnach imchlúdach airgeadais an Chiste i ndáil le forbairtí féideartha maidir le lamháltais a chur ar ceant faoin gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar de bhun Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE agus breithnithe ábhartha eile.

3.   Sa tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1 , díreofar go háirithe ar na nithe seo leanas:

 

(a)

ar a mhéid a gnóthaíodh cuspóirí an Chiste a leagtar amach in Airteagal 1, ar éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní agus ar an mbreisluach AE;

 

(b)

ar bhonn tír ar thír, an dul chun cinn agus an éifeacht a bhaineann le cur chun feidhme na n-infheistíochtaí struchtúracha agus na mbeart agus úsáid na tacaíochta ioncaim dhírigh i bhfianaise na garspriocanna agus na spriocanna sna Pleananna a bhaint amach, agus an gá a bheidh le tacaíocht ioncaim dhírigh ina dhiaidh sin agus leibhéal riachtanach na tacaíochta ioncaim dhírigh sa chomhthéacs sin, de bhun na rialacha a leagtar amach in Airteagal 6(1) don tréimhse 2028-2032;

 

(c)

cur i bhfeidhm na sainmhínithe ar bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta arna dtuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 23(1)(aa) agus an bhféadfadh sé go mbeadh gá le cur chuige níos mionsonraithe amach anseo agus, i gcás inarb iomchuí, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle;

 

Breithneofar ann ábharthacht leanúnach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí uile a leagtar amach in Airteagal 6 i bhfianaise an tionchar ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón gcóras trádála astaíochtaí le haghaidh foirgneamh agus iompar de bhóthar de bhun Threoir 2003/87/CE agus ó na bearta náisiúnta a dhéanann Ballstáit chun na laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (63) . Breithneofar ann freisin ábharthacht leanúnach imchlúdach airgeadais an Chiste i ndáil le forbairtí féideartha maidir le lamháltais a chur ar ceant faoin gcóras trádála astaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE agus breithnithe ábhartha eile. Mar chuid den tuarascáil mheastóireachta dá dtagraítear i mír 1, breithneoidh an Coimisiún an coigeartú teicniúil sonrach sin a fhadú bunaithe ar luaineacht praghsanna carbóin dá dtagraítear in Airteagal 9 i gcomhthéacs na caibidlíochta maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil eile.

Leasú 153

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 23 (4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 ( 2a) agus Airteagal 23( 4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

Leasú 154

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 23(4) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá i ndiaidh fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2a) agus Airteagal 23(4) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá i ndiaidh fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

Leasú 155

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh sé i bhfeidhm ón dáta faoina dtabharfaidh na Ballstáit i bhfeidhm na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Treoir (AE) [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (64) lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann le Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE, a chomhlíonadh.

scriosta

Leasú 156

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás na mBallstát ag a bhfuil ONI per capita faoi bhun 90 % de luach AE-27, ní fhéadfaidh a bheith níos ísle ná an sciar d’astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na n-earnálacha a chumhdaítear le [Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE] le haghaidh mheán na tréimhse 2016-2018. Déantar na mBallstát ag a bhfuil OIN per capita os cionn luach AE-27 a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim gach agus 100 %.

I gcás gach Ballstáit, ní fhéadfaidh αi a bheith níos lú ná 0,07  % de shuim na n-imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus (2). I gcás na mBallstát ag a bhfuil ONI per capita faoi bhun 90 % de luach AE-27, ní fhéadfaidh αi a bheith níos ísle ná an sciar d’astaíochtaí tagartha faoi Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/842 le haghaidh na n-earnálacha a chumhdaítear le [Caibidil IVa de Threoir 2003/87/CE] le haghaidh mheán na tréimhse 2016-2018. Déantar αi na mBallstát ag a bhfuil OIN per capita os cionn luach AE-27 a choigeartú go comhréireach chun a áirithiú gurb ionann suim na αi ar fad agus 100 %.

Leasú 157

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – pointe 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

 

Leasú

Déanfar leithdháiltí breise a bhaineann le hAirteagal 9(1a) a leithdháileadh ar na Ballstáit ar bhonn an sciar seo a leanas.

An leithdháileadh uasta airgeadais in aghaidh an Bhallstáit de chuid AE

Ballstát

Sciar mar % den iomlán

IOMLÁN

[dáta theacht i bhfeidhm]-2032

(in EUR, praghsanna reatha)

Méid le haghaidh

[dáta theacht i bhfeidhm]-2027

(in EUR, praghsanna reatha)

Méid le haghaidh

2028-2032

(in EUR, praghsanna reatha)

An Bheilg

2,56

[1 844 737 639 ]

[605 544 073 ]

[1 239 193 566 ]

An Bhulgáir

3,85

[2 778 104 958 ]

[911 926 420 ]

[1 866 178 538 ]

An tSeicia

2,40

[1 735 707 679 ]

[569 754 460 ]

[1 165 953 219 ]

An Danmhairg

0,50

[361 244 536 ]

[118 580 270 ]

[242 664 266 ]

An Ghearmáin

8,19

[5 910 983 488 ]

[1 940 308 984 ]

[3 970 674 504 ]

An Eastóin

0,29

[207 004 992 ]

[67 950 392 ]

[139 054 600 ]

Éire

1,02

[737 392 966 ]

[242 052 816 ]

[495 340 150 ]

An Ghréig

5,52

[3 986 664 037 ]

[1 308 641 796 ]

[2 678 022 241 ]

An Spáinn

10,53

[7 599 982 898 ]

[2 494 731 228 ]

[5 105 251 670 ]

An Fhrainc

11,20

[8 087 962 701 ]

[2 654 912 964 ]

[5 433 049 737 ]

An Chróit

1,94

[1 403 864 753 ]

[460 825 411 ]

[943 039 343 ]

An Iodáil

10,81

[7 806 923 117 ]

[2 562 660 358 ]

[5 244 262 759 ]

An Chipir

0,20

[145 738 994 ]

[47 839 531 ]

[97 899 463 ]

An Laitvia

0,71

[515 361 901 ]

[169 170 042 ]

[346 191 859 ]

An Liotuáin

1,02

[738 205 618 ]

[242 319 573 ]

[495 886 046 ]

Lucsamburg

0,10

[73 476 421 ]

[24 118 991 ]

[49 357 430 ]

An Ungáir

4,33

[3 129 860 199 ]

[1 027 391 783 ]

[2 102 468 416 ]

Málta

0,01

[5 112 942 ]

[1 678 348 ]

[3 434 594 ]

An Ísiltír

1,11

[800 832 270 ]

[262 877 075 ]

[537 955 195 ]

An Ostair

0,89

[643 517 259 ]

[211 237 660 ]

[432 279 599 ]

An Pholainn

17,61

[12 714 118 688 ]

[4 173 471 093 ]

[8 540 647 595 ]

An Phortaingéil

1,88

[1 359 497 281 ]

[446 261 573 ]

[913 235 708 ]

An Rómáin

9,26

[6 682 901 998 ]

[2 193 694 977 ]

[4 489 207 021 ]

An tSlóivéin

0,55

[397 623 987 ]

[130 522 001 ]

[267 101 985 ]

An tSlóvaic

2,36

[1 701 161 680 ]

[558 414 568 ]

[1 142 747 112 ]

An Fhionlainn

0,54

[386 966 933 ]

[127 023 772 ]

[259 943 161 ]

An tSualainn

0,62

[445 050 067 ]

[146 089 842 ]

[298 960 225 ]

AE27

100 %

[72 200 000 000 ]

[23 700 000 000 ]

[48 500 000 000 ]


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0157/2022).

(28)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(28)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(29)  COM(2019)0640.

(29)  COM(2019)0640.

(30)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(30)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(1a)   Arna fhormhuiniú ag an gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Meitheamh 2021.

(31)   Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(31)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(1a)   Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28).

(32)  Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01]).

(32)  Sonraí ó 2018. Eurostat, SILC [ilc_mdes01]).

(33)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(34)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(33)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(34)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(35)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(35)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(35a)   Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 maidir leis an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 74, 14.3.2014, lch. 1).

(36)  [Cuir tagairt isteach]

(37)  Arna fhormhuiniú ag an gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Meitheamh 2021.

(38)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(39)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(40)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ( IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(36)  [Cuir tagairt isteach]

(37)  Arna fhormhuiniú ag an gComhairle Eorpach an 24 agus an 25 Meitheamh 2021.

(38)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

(39)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).

(40)  Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh ( IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(41)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(41)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).

(1a)   Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

(1b)   Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(1a)   Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

(1b)   Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(50)   [Treoir ( AE) [bbbb/uuu] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C […], […], lch. […]).] [Togra le haghaidh athmhúnlú Threoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh]

(54)  IO L 357, 27.10.2020, lch. 35.

(54)  IO L 357, 27.10.2020, lch. 35.

(1a)   Airteagal 21 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(63)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(63)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(64)   [Treoir (AE) bbbb/uuu ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle… (IO …..).] [Treoir lena leasaítear Treoir 2003/87/CE]


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/301


P9_TA(2022)0248

Sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 22 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an sásra um choigeartú carbóin ar theorainneacha (COM(2021)0564 – C9-0328/2021 – 2021/0214(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 32/13)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Leag an Coimisiún amach, ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (31), straitéis nua fáis a bhfuil d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí (líon na n-astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (“astaíochtaí GCT”) ann in 2050, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch inti ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhachta AE: “I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú” (32) go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” mar a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) agus dá réir sin chun céimniú amach an “truaillithe saor in aisce” a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

(1)

Leag an Coimisiún amach, ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (31), straitéis nua fáis a bhfuil d’aidhm aici an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir rathúil, ag a mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní, nach mbeidh aon ghlanastaíochtaí (líon na n-astaíochtaí lúide na haistrithe) gás ceaptha teasa (“astaíochtaí GCT”) ann in 2050 ar a dhéanaí, agus nach mbeidh an fás eacnamaíoch inti ceangailte a thuilleadh le húsáid acmhainní. Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. San am céanna, ní mór an claochlú sin a bheith cóir agus cuimsitheach, gan duine ar bith a fhágáil ar lár. D’fhógair an Coimisiún freisin ina Phlean Gníomhachta AE: I dtreo Uisce, Aer agus Ithir Saor ó Thruailliú (32) go gcuirfí chun cinn ionstraimí agus dreasachtaí ábhartha chun feabhas a chur ar chur chun feidhme an phrionsabail “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as” mar a leagtar amach in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”) agus dá réir sin chun céimniú amach an “truaillithe saor in aisce” a thabhairt chun críche d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí idir an dícharbónú agus an uaillmhian maidir le truailliú nialasach.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Tháinig Comhaontú Pháras (33), a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016. Tá aontaithe ag na Páirtithe i gComhaontú Pháras, in Airteagal 2 den Chomhaontú, an méadú ar an mheánteocht dhomhanda a choimeád roinnt mhaith níos ísle ná 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1,5  C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(2)

Tháinig Comhaontú Pháras (33), a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (“UNFCCC”) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016. Tá aontaithe ag na Páirtithe i gComhaontú Pháras, in Airteagal 2 den Chomhaontú, an méadú ar an mheánteocht dhomhanda a choimeád roinnt mhaith níos ísle ná 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1,5  C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Faoi Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú, a glacadh an 13 Samhain 2021, d’aithin na Páirtithe freisin go laghdófaí go mór rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide dá dteorannófaí an méadú ar an meánteocht dhomhanda 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus gur gheall siad spriocanna 2030 a neartú faoi dheireadh 2022 chun an bhearna uaillmhéine a dhúnadh.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) cumhdaítear sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear freisin leis an Rialachán seo gealltanas atá ceangailteach ar an Aontas astaíochtaí GCT a laghdú 55 faoin gcéad ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

(5)

Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35) cumhdaítear sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 ar a dhéanaí . Bunaítear freisin leis an Rialachán seo gealltanas atá ceangailteach ar an Aontas astaíochtaí GCT a laghdú 55 faoin gcéad ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Leis an Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis na tionchair a ghabhann le méaduithe teochta domhanda 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochta GCT domhanda atá gaolmhar leis sin (36), cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti gur gá dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Deimhnítear sa tuarascáil sin go bhfuil géarghá le hastaíochtaí GCT a laghdú chun an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais adhaimsire a laghdú , agus gur gá an t-athrú aeráide a theorannú go méadú teochta domhanda 1,5  oC .

(6)

Leis an Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis na tionchair a ghabhann le méaduithe teochta domhanda 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochta GCT domhanda atá gaolmhar leis sin (36), cuirtear bunús láidir eolaíoch ar fáil chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus léirítear inti gur gá dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide. Dearbhaítear sa tuarascáil sin go mbeidh tionchair dhiúltacha an athraithe aeráide agus an gá atá le bearta oiriúnaithe i bhfad níos airde má tá an méadú ar an meánteocht dhomhanda os cionn 1,5  oC, agus go bhfuil géarghá le hastaíochtaí GCT a laghdú chun an dóchúlacht go dtarlódh teagmhais adhaimsire a laghdú.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)

Baineann thart ar 27 % de na hastaíochtaí CO2 domhanda ó dhóchán breosla faoi láthair le hearraí arna dtrádáil go hidirnáisiúnta agus, cé gur laghdaigh an tAontas a chuid astaíochtaí intíre GCT go suntasach, tá na hastaíochtaí GCT atá leabaithe in allmhairí isteach san Aontas ag dul i méid i gcónaí, rud a bhaineann an bonn ó iarrachtaí an Aontais a lorg domhanda GCT a laghdú. Tá freagracht ar an Aontas leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta sa ghníomhú domhanda ar son na haeráide, i gcomhar le geilleagair uile eile an domhain, ós rud é nach féidir leis na páirtithe uile na cuspóirí a leagtar amach i gComhaontú Pháras a bhaint amach ach amháin trí ghníomhaíochtaí de chuid na bpáirtithe uile.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Fad agus atá éagsúlacht cur chuige beartais ag líon mór comhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais agus éagsúlacht dá réir sin maidir leis an leibhéal uaillmhéine aeráide a bhíonn mar thoradh ar a gcur chuige, tá riosca sceite carbóin ann. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin, rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(8)

Fad agus a bhaineann líon mór chomhpháirtithe idirnáisiúnta de chuid an Aontais an leibhéal céanna uaillmhéine aeráide amach, agus de réir mar a mhéadaíonn an tAontas a uaillmhian aeráide, d’fhéadfadh riosca sceite carbóin a bheith ann. An sceitheadh carbóin, is rud é a tharlaíonn má dhéanann gnólachtaí in earnálacha nó i bhfo-earnálacha áirithe, ar chúiseanna costais a bhaineann le beartais aeráide, oibríochtaí táirgthe a athlonnú go tíortha eile, nó má ghlacann allmhairí ó na tíortha sin ionad earraí atá coibhéiseach ach atá níos éadroime ó thaobh astaíochtaí GCT de. D’fhéadfadh méadú domhanda ar astaíochtaí iomlána na ngnólachtaí sin a bheith mar thoradh air sin , agus, ag an am céanna, d’fhéadfaí an bonn a bhaint d’éifeachtúlacht bheartais laghdaithe astaíochtaí an Aontais , rud a chuirfeadh laghdú na n-astaíochtaí GCT i gcontúirt, laghdú a bhfuil géarghá leis má tá an domhan chun an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (“SCCT”) tá sé ina chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55”. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí aghaidh a thabhairt ar rioscaí sceite carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais.

(9)

An tionscnamh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (“SCCT”) tá sé ina chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55”. Beidh an sásra sin ina eilimint riachtanach de bhosca uirlisí an Aontais chun an cuspóir maidir le hAontas aeráidneodrach faoi 2050 ar a dhéanaí a chomhlíonadh i gcomhréir le Comhaontú Pháras trí chosc a chur leis an sceiteadh carbóin mar thoradh ar uaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais. Féadfaidh sé rannchuidiú freisin le cothrom iomaíochta a bhunú i gcomhair costas dícharbónaithe, leis an éileamh ar tháirgí agus ar phróisis ísealcharbóin a mhéadú, agus le saobhadh iomaíochta a sheachaint agus trádáil chóir a chur chun cinn.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, cuireann sé isteach ar dhreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i laghdú breise ar astaíochtaí.

(10)

Na sásraí atá ann cheana lena dtugtar aghaidh ar an riosca sceite carbóin in earnálacha agus i bhfo-earnálacha ina bhfuil riosca sceite carbóin, is éard atá iontu sásraí lena ndéantar lamháltais CTA AE a leithdháileadh saor in aisce go hidirthréimhseach agus bearta airgeadais chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais astaíochta indírí a thabhaítear ó chostais astaíochta GCT a chuirtear ar aghaidh i bpraghsanna leictreachais a leagtar síos in Airteagail 10a(6) agus 10b faoi seach de Threoir 2003/87/CE. Is ionstraim beartais é leithdháileadh saor in aisce ar leibhéal na dtíortha is fearr d’earnálacha tionsclaíocha áirithe chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin in éagmais cothroime iomaíochta. Mar sin féin, le leithdháileadh saor in aisce faoi CTA AE agus le cúiteamh ar chostais astaíochtaí indíreacha, lagaítear an praghaschomhartha a thugann an córas do shuiteálacha a fhaigheann an leithdháileadh nó an cúiteamh, i gcomparáid leis an gceantáil iomlán agus, dá réir sin, déantar na dreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i  laghdú breise ar astaíochtaí a laghdú leo.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a)

Tá ar shuiteálacha faoi CTA AE aghaidh a thabhairt ar phraghas carbóin atá ag ardú agus tá gá ag cuideachtaí le léiriú fadtéarmach, intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil chun a gcinntí infheistíochta a dhéanamh. Ba cheart, dá bhrí sin, bealach soiléir a bhunú chun na hearnálacha agus na fo-earnálacha atá fós i mbaol sceitheadh carbóin a chuimsiú de réir a chéile. Leis sin, neartófar an creat dlíthiúil nua chun sceitheadh carbóin a chomhrac, tabharfar an t-am is gá chun a áirithiú go gcuirfear SCCT chun feidhme go rianúil agus beidh suiteálacha agus cuideachtaí in ann na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh i ndícharbónú próiseas tionsclaíoch i gcomhthéacs dlí atá cobhsaí agus intuartha.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir.

(12)

Cé gurb é is cuspóir don sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca sceite carbóin a chosc, leis an Rialachán seo, thabharfaí spreagadh do tháirgeoirí ó thríú tíortha freisin teicneolaíocht a úsáid atá níos tíosaí ar astaíochtaí GCT, ionas go nginfí níos lú astaíochtaí in aghaidh an aonaid aschuir. Ar an ábhar sin, d’fhéadfadh SCCT a bheith ina bheart éifeachtach chun astaíochtaí a laghdú i dtríú tíortha agus cothrom iomaíochta a áirithiú do thionscal an Aontais ag an am céanna.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin. Is beart aeráide é SCCT agus leis sin, ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc agus tacú le huaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, mar aon le comhoiriúint do EDT a áirithiú san am céanna.

(13)

Leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, mar ionstraim chun sceitheadh carbóin a chosc agus astaíochtaí GCT a laghdú, ba cheart a áirithiú go bhfuil earraí a allmhairítear faoi réir córas rialála lena gcuirtear i bhfeidhm costais charbóin atá coibhéiseach leis na costais a bheadh le híoc faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh murach sin , rud a mbeadh praghsáil choibhéiseach carbóin ar allmhairí agus ar tháirgí intíre agus cothrom iomaíochta mar thoradh air . Is beart aeráide é SCCT ar cheart dó a bheith ina thacú le hastaíochtaí san Aontas a laghdú i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Rialachán (AE) 2021/1119, agus ba cheart an riosca sceite carbóin a chosc leis agus, san am céanna, comhoiriúnacht le rialacha EDT a áirithiú.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a)

Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na costais riaracháin arna dtabhú ag SCCT agus a áirithiú, san am céanna, go gcuirfear oiliúint leormhaith ar an bhfoireann oiliúint chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

I dtaca le tríú tíortha nó tríú críocha a dhéanfaí a chomhtháthú go hiomlán, nó a nascadh, de bharr aon chomhaontuithe a dhéanfaí amach anseo, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, chun na tríú tíortha nó na tríú críocha sin a eisiamh ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtíortha in Iarscríbhinn II a leasú. Os a choinne sin, ba cheart na tríú tíortha agus na tríú críocha sin a eisiamh ón liosta in Iarscríbhinn II agus iad a bheith faoi réir SCCT ionas nach muirearaíonn siad an praghas CTA iarbhír ar earraí a onnmhairítear chuig an Aontas.

(15)

I dtaca le tríú tíortha nó tríú críocha a dhéanfaí a chomhtháthú go hiomlán, nó a nascadh, de bharr aon chomhaontuithe a dhéanfaí amach anseo, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais, chun na tríú tíortha nó na tríú críocha sin a eisiamh ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith liosta na dtíortha in Iarscríbhinn II a leasú. Os a choinne sin, ba cheart na tríú tíortha agus na tríú críocha sin a eisiamh ón liosta in Iarscríbhinn II agus iad a bheith faoi réir SCCT ionas nach muirearaíonn siad an praghas CTA iarbhír ar earraí a onnmhairítear chuig an Aontas. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cleachtais a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le himchéimniú i dtríú tíortha agus tabharfaidh sé aghaidh orthu.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta ag gabháil leis an aistriú éiceolaíoch sna réigiúin is forimeallaí, ba cheart measúnú tionchair a dhéanamh roimh dheireadh na hidirthréimhse ar na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta a d’fhéadfadh a bheith acu atá sonrach do na réigiúin sin. Ba cheart don Choimisiún comhlíonadh Airteagal 349 CFAE a áirithiú agus bearta iomchuí a mholadh do na réigiúin is forimeallaí agus SCCT á chur chun feidhme acu, go háirithe mar gheall ar na socruithe sonracha custaim agus cánach a bhfuil feidhm acu maidir leis na réigiúin is forimeallaí.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Ba cheart na hastaíochtaí GCT atá le rialú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul leis na hastaíochtaí GCT sin a chumhdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dTreoir 2003/87/CE, eadhon dé-ocsaíd charbóin (“CO2”) mar aon le, i gcás inarb ábhartha, ocsaíd nítriúil (“N2O”) agus sárfhluaracarbóin (“PFCanna”). Ba cheart feidhm a bheith ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hastaíochtaí díreacha ó na GCTanna sin ó tháirgeadh earraí go dtí tráth an allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais ar dtús, agus tar éis idirthréimhse agus tar éis measúnú breise a dhéanamh, feidhm a bheith aige maidir le hastaíochtaí indíreacha, amhail raon feidhme Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

(17)

Ba cheart na hastaíochtaí GCT atá le rialú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul leis na hastaíochtaí GCT sin a chumhdaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh i dTreoir 2003/87/CE, eadhon dé-ocsaíd charbóin (“CO2”) mar aon le, i gcás inarb ábhartha, ocsaíd nítriúil (“N2O”) agus sárfhluaracarbóin (“PFCanna”). Ba cheart go léireodh SCCT athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar CTA AE i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa rialáilte . Ba cheart feidhm a bheith ag SCCT maidir le hastaíochtaí díreacha ó na GCTanna sin ó tháirgeadh earraí go dtí tráth an allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, agus freisin maidir le hastaíochtaí indíreacha, faoi mar atá faoi raon feidhme CTA AE. Tá comhleanúnachas idir SCCT agus CTA AE bunriachtanach chun prionsabail EDT a urramú.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

Mar sin féin, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, cé go gcuirtear dearbhtheorainn ar na hastaíochtaí GCT ó na gníomhaíochtaí atá faoina raon feidhme agus go gceadaítear lamháltais a thrádáil (dá ngairtear “córas teorannaithe agus trádála astaíochtaí”), níor cheart teorainn chainníochtúil ar allmhairí a bhunú leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha, chun a áirithiú nach ndéanfar sreafaí trádála a shrianadh. Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le suiteálacha atá bunaithe san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

(19)

Mar sin féin, cé go gcuirtear dearbhtheorainn ar astaíochtaí GCT ó na gníomhaíochtaí atá faoina raon feidhme le CTA AE, agus go gceadaítear lamháltais a thrádáil (“córas teorannaithe agus trádála” mar a thugtar air), níor cheart teorainn chainníochtúil ar allmhairí a bhunú le SCCT, chun a áirithiú nach ndéanfar sreabha trádála a shrianadh nó a shuaitheadh . Thairis sin, cé go bhfuil feidhm ag Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le suiteálacha atá bunaithe san Aontas, ba cheart feidhm a bheith ag sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hearraí áirithe a allmhairítear isteach i gcríoch chustaim an Aontais chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus chun an riosca sceite carbóin a chosc agus chun comhoiriúnacht le rialacha EDT a áirithiú ag an am céanna .

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)

Tá gnéithe sonracha ag an gcóras SCCT i gcomparáid le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear gnéithe maidir le praghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh, maidir leis an deis deimhnithe a thrádáil agus maidir le bailíocht na ndeimhnithe le himeacht ama. Tá na gnéithe sonracha sin ann de bharr an ghá le héifeachtacht an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin a chosc le himeacht ama agus chun a áirithiú nach mbeidh ualach rómhór ag baint le bainistíocht an chórais maidir le hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na hoibreoirí agus maidir le hacmhainní le haghaidh an rialtais, agus, san am céanna, leibhéal coibhéiseach solúbthachta atá ar fáil d’oibreoirí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chaomhnú.

(20)

Tá gnéithe sonracha ag an gcóras SCCT i gcomparáid le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear gnéithe maidir le praghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh, maidir leis an deis deimhnithe a thrádáil agus maidir le bailíocht na ndeimhnithe le himeacht ama. Tá na gnéithe sonracha sin ann de bharr an ghá le héifeachtacht an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chaomhnú mar bheart chun sceitheadh carbóin a chosc le himeacht ama agus chun a áirithiú nach mbeidh ualach rómhór ag baint le bainistíocht an chórais maidir le hoibleagáidí a fhorchuirtear ar na hoibreoirí , go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna ), agus maidir le hacmhainní le haghaidh an rialtais, agus, san am céanna, leibhéal coibhéiseach solúbthachta atá ar fáil d’oibreoirí faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chaomhnú.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

D’fhonn a éifeachtacht mar bheart sceite carbóin a chaomhnú, ní mór an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ar aon dul le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh ó thaobh praghais de. Cé go ndéantar praghas na lamháltas a chinneadh trí cheantanna ar mhagadh CTA AE, ba cheart praghas na ndeimhnithe SCCT a bheith ina léiriú measartha ar phraghas ceantanna den sórt sin trí mheánphraghsanna arna ríomh ar bhonn seachtainiúil. Léirítear go mion le meánphraghsanna seachtainiúla den sórt sin na luaineachtaí i bpraghas Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus fágann sé go mbeadh corrlach réasúnta ag allmhaireoirí chun leas a bhaint as athruithe ar phraghas CTA AE agus, san am céanna, áirithítear go mbeidh na húdaráis riaracháin in ann an córas a bhainistiú.

(21)

Chun a éifeachtacht mar bheart sceite carbóin a chaomhnú agus chun comhoiriúnacht le rialacha EDT a áirithiú, ní mór do SCCT a bheith ina mhionléiriú ar CTA AE ó thaobh praghais de. Cé go ndéantar praghas na lamháltas a chinneadh trí cheantanna ar mhagadh CTA AE, ba cheart praghas na ndeimhnithe SCCT a bheith ina léiriú measartha ar phraghas ceantanna den sórt sin trí mheánphraghsanna arna ríomh ar bhonn seachtainiúil. Léirítear go mion le meánphraghsanna seachtainiúla den sórt sin na luaineachtaí i bpraghas Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus fágann sé go mbeadh corrlach réasúnta ag allmhaireoirí chun leas a bhaint as athruithe ar phraghas CTA AE agus, san am céanna, áirithítear go mbeidh na húdaráis riaracháin in ann an córas a bhainistiú.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hallmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, seachas maidir le suiteálacha, ba ghá freisin feidhm a bheith ag oiriúnuithe agus simplithe áirithe sa chóras SCCT. Is é ba cheart a bheith i gceann de na simplithe sin córas dearbhaitheach inar cheart d’allmhaireoirí na hastaíochtaí iomlána fíoraithe GCT atá leabaithe in earraí a allmhairítear i mbliain féilire ar leith a thuairisciú. Ba cheart uainiú atá difriúil i gcomparáid le timthrialla comhlíontachta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm chun aon bhac a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar oibleagáidí ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe faoin Rialachán seo agus faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

(23)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha maidir le hallmhairí earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais, seachas maidir le suiteálacha, ba ghá freisin feidhm a bheith ag oiriúnuithe agus simplithe áirithe sa chóras SCCT. Is é ba cheart a bheith i gceann de na simplithe sin córas simplí agus inrochtana dearbhaitheach inar cheart d’allmhaireoirí na hastaíochtaí iomlána fíoraithe GCT atá leabaithe in earraí a allmhairítear i mbliain féilire ar leith a thuairisciú. Ba cheart uainiú atá difriúil i gcomparáid le timthrialla comhlíontachta Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm chun aon bhac a sheachaint a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar oibleagáidí ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe faoin Rialachán seo agus faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a)

I bhfianaise chineál uathúil an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus an gá atá le dlúthchomhar ar leibhéal an Aontais, ba cheart údarás SCCT a bhunú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gceart agus faireachán ceart a dhéanamh air.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

I dtaca le smachtbhannaí , ba cheart do na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart méid na bpionós sin a bheith comhionann le méid na bpionóis atá i bhfeidhm faoi láthair laistigh den Aontas i gcás ina sáraítear Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh de réir Airteagal  16(3) agus (4) de Threoir 2003/87/CE .

(24)

Ba cheart d’údarás SCCT agus d’údaráis chustaim, inter alia, SCCT a dhearadh agus a mhaoirsiú go cúramach chun aon chineál cleachtas imchéimniúcháin a chosc, a shainaithint agus pionós a ghearradh ina leith, lena n-áirítear mí-úsáid nó calaois. Ba cheart d’údarás SCCT agus do na Ballstáit , i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, pionóis riaracháin nó choiriúla a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ba cheart go mbeadh méid na bpionós do dhearbhóirí údaraithe nach dtugann suas, faoin 31 Bealtaine gach bliain, roinnt deimhnithe SCCT a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana roimhe sin nó a chuireann faisnéis bhréagach a bhaineann le hastaíochtaí leabaithe chuig údarás SCCT d’fhonn cóireáil fhabhrach aonair a fháil, ba cheart go mbeadh sé comhionann le trí oiread mheánphraghas na ndeimhnithe SCCT sa bhliain roimhe sin do gach deimhniú SCCT nár thug an dearbhóir údaraithe suas i gcomhréir le hAirteagal 22 . Fiú amháin agus go n-íocfadh an dearbhóir údaraithe an pionós, ní scaoilfidh sé sin é ón oibleagáid cibé líon deimhnithe SCCT a bheidh fós gan tabhairt suas a thabhairt suas d’údarás SCCT .

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)

Ba cheart cumhdach táirgí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ina léiriú ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh arae tá an scéim sin bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla atá nasctha le cuspóir comhshaoil Threoir 2003/87/CE agus toisc gurb é an córas rialála astaíochtaí GCT is cuimsithí dá bhfuil san Aontas é.

(26)

Ba cheart cumhdach táirgí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheith ina léiriú ar na gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh arae tá an scéim sin bunaithe ar chritéir chainníochtúla agus cháilíochtúla atá nasctha le cuspóir comhshaoil Threoir 2003/87/CE agus toisc gurb é an córas rialála astaíochtaí GCT is cuimsithí dá bhfuil san Aontas é. Ba cheart don Choimisiún amlíne a bhunú chun na hearraí go léir a chuimsiú de réir a chéile faoi na hearnálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE faoin 1 Eanáir 2030. Ba cheart tús áite a thabhairt do na hearraí is mó a nochtar do sceitheadh carbóin agus arb iad is déine ó thaobh carbóin de.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29)

Ba cheart na hearraí faoin Rialachán seo a roghnú tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar a n-ábharthacht i dtéarmaí astaíochtaí GCT carntha agus i dtéarmaí riosca sceite carbóin sna hearnálacha CTA AE comhfhreagracha agus, san am céanna, castacht agus an t-ualach riaracháin a theorannú. Go háirithe, ba cheart bunábhair agus buntáirgí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh sa roghnúchán iarbhír, agus é mar chuspóir leis sin a áirithiú go mbeidh allmhairiú táirgí dianfhuinnimh isteach san Aontas ar comhchéim le táirgí AE i dtéarmaí praghsála carbóin CTA AE, agus chun rioscaí sceite carbóin a mhaolú. Seo a leanas critéir ábhartha eile ba cheart a bheith ann chun an roghnúchán a chaolú: ar an gcéad dul síos, ábharthacht na n-earnálacha i dtéarmaí astaíochtaí, is é sin cé acu atá nó nach bhfuil an earnáil ar cheann de na hastaírí astaíochtaí comhiomlána GCT is mó; ar an dara dul síos, neamhchosaint na hearnála ar riosca suntasach sceite carbóin, mar a shainmhínítear de bhun Threoir 2003/87/CE; ar an tríú dul síos, an gá atá le cothromaíocht a bheith ann idir cumhdach leathan i dtéarmaí astaíochtaí GCT agus, san am céanna, an chastacht agus an iarracht riaracháin a theorannú.

(29)

Ba cheart na hearraí faoin Rialachán seo a roghnú tar éis anailís chúramach a dhéanamh ar a n-ábharthacht i dtéarmaí astaíochtaí GCT carntha agus i dtéarmaí riosca sceite carbóin sna hearnálacha CTA AE comhfhreagracha agus castacht agus an t-ualach riaracháin do thionscal an Aontais, do chuideachtaí agus do FBManna a theorannú ag an am céanna. Go háirithe, ba cheart bunábhair agus buntáirgí a chumhdaítear le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh sa roghnúchán iarbhír, agus é mar chuspóir leis sin a áirithiú go mbeidh allmhairiú táirgí dianfhuinnimh isteach san Aontas ar comhchéim le táirgí AE i dtéarmaí praghsála carbóin CTA AE, agus chun rioscaí sceite carbóin a mhaolú. Seo a leanas critéir ábhartha eile ba cheart a bheith ann chun an roghnúchán a chaolú: ar an gcéad dul síos, ábharthacht na n-earnálacha i dtéarmaí astaíochtaí, is é sin cé acu atá nó nach bhfuil an earnáil ar cheann de na hastaírí astaíochtaí comhiomlána GCT is mó; ar an dara dul síos, neamhchosaint na hearnála ar riosca suntasach sceite carbóin, mar a shainmhínítear de bhun Threoir 2003/87/CE; ar an tríú dul síos, an gá atá le cothromaíocht a bheith ann idir cumhdach leathan i dtéarmaí astaíochtaí GCT agus, san am céanna, an chastacht agus an iarracht riaracháin a theorannú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin chun aon riosca a sheachaint de shaobhadh margaidh idir na hearnálacha éagsúla a chumhdaítear leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha.

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30)

Le húsáid an chéad chritéir, ceadaítear na hearnálacha seo a leanas a liostú i dtéarmaí astaíochtaí carntha: iarann agus cruach, scaglanna, stroighin, ceimiceáin bhunúsacha orgánacha, agus leasacháin.

(30)

Le húsáid an chéad chritéir, ceadaítear na hearnálacha seo a leanas a liostú i dtéarmaí astaíochtaí carntha: iarann agus cruach, scaglanna, stroighin, alúmanam , ceimiceáin bhunúsacha orgánacha, hidrigin, polaiméirí, agus leasacháin.

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)

Go háirithe, ní áirítear ceimiceáin orgánacha i raon feidhme an Rialacháin seo i ngeall ar shrianta teicniúla a fhágann nach féidir astaíochtaí leabaithe earraí allmhairithe a shainiú go soiléir. I gcás na n-earraí sin, is bunpharaiméadar é an tagarmharc is infheidhme faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann nach féidir astaíochtaí atá leabaithe in earraí allmhairithe aonair a leithdháileadh ar mhodh cinnte. Teastaíonn tuilleadh sonraí agus anailíse chun leithdháileadh lamháltas níos spriocdhírithe a chur i bhfeidhm maidir le ceimiceáin orgánacha.

scriosta

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33)

Tá feidhm ag srianta teicniúla comhchosúla maidir le táirgí scaglainne, óir is é mar atá i gcás na dtáirgí sin nach féidir astaíochtaí GCT a shannadh ar mhodh cinnte do na táirgí aschuir aonair. An tráth céanna, ní le táirgí sonracha, amhail peitreal, díosal nó ceirisín, atá baint dhíreach ag an tagarmharc ábhartha i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, ach leis an aschur scaglainne ina iomláine.

(33)

Tá feidhm ag roinnt srianta teicniúla comhchosúla maidir le táirgí scaglainne, óir is é mar atá i gcás na dtáirgí sin nach féidir astaíochtaí GCT a shannadh ar mhodh cinnte do na táirgí aschuir aonair. An tráth céanna, ní le táirgí sonracha, amhail peitreal, díosal nó ceirisín, atá baint dhíreach ag an tagarmharc ábhartha i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, ach leis an aschur scaglainne ina iomláine. Chun raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú go tráthúil, ba cheart don Choimisiún modheolaíocht chóir a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe ó tháirgí scaglainne a ríomh roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34)

Mar sin féin , ba cheart táirgí alúmanaim a chuimsiú sa sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha toisc gur mó an neamhchosaint atá acu ar sceitheadh carbóin. Thairis sin, i roinnt feidhmeanna tionsclaíocha tá táirgí alúmanaim in iomaíocht dhíreach le táirgí cruach i ngeall ar shaintréithe atá an-chosúil le saintréithe na dtáirgí cruach. Cuimsiú an alúmanaim, rud é atá ábhartha freisin toisc go bhféadfadh sé go leathnófaí raon feidhme an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha sa todhchaí chun astaíochtaí indíreacha a chumhdach freisin.

(34)

Ba cheart táirgí alúmanaim a chumhdach in SCCT toisc gur mó an neamhchosaint atá acu ar sceitheadh carbóin. Thairis sin, i roinnt feidhmeanna tionsclaíocha tá táirgí alúmanaim in iomaíocht dhíreach le táirgí cruach i ngeall ar shaintréithe atá an-chosúil le saintréithe na dtáirgí cruach. Tá áireamh alúmanaim ábhartha freisin toisc go gcumhdaítear astaíochtaí indíreacha freisin faoi raon feidhme SCCT.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36)

Os a choinne sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le táirgí áirithe nach bhfuil astaíochtaí suntasacha i gceist lena dtáirgeadh amhail dramh feiriúil (faoi chód AC 7204), fearó-chóimhiotal (cód AC 7202) agus leasacháin áirithe (faoi chód AC 3105 60 00).

(36)

Os a choinne sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ag an gcéad chéim maidir le táirgí áirithe nach bhfuil astaíochtaí suntasacha i gceist lena dtáirgeadh amhail dramh feiriúil (faoi chód AC 7204), fearó-chóimhiotal (cód AC 7202) agus leasacháin áirithe (faoi chód AC 3105 60 00).

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40)

Ba cheart dearbhóir údaraithe a bheith in ann laghdú a éileamh ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas, laghdú a chomhfhreagraíonn don phraghas carbóin a íocadh i leith na n-astaíochtaí sin i ndlínsí eile cheana.

(40)

Ba cheart dearbhóir údaraithe a bheith in ann laghdú a éileamh ar líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas, laghdú a chomhfhreagraíonn don phraghas carbóin sainráite a íocadh i leith na n-astaíochtaí sin i ndlínsí eile cheana.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 45

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45)

Tá údar le dearadh atá beagán difriúil le haghaidh an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha i ngeall ar shaintréithe fisiceacha an leictreachais mar tháirge, go háirithe toisc nach indéanta sreabhadh iarbhír na leictreon a leanúint. Ba cheart luachanna réamhshocraithe a úsáid mar chur chuige caighdeánach agus ba cheart é a bheith d’fhéidearthacht ag dearbhóirí údaraithe a éileamh go ríomhfaí a n-oibleagáidí SCCT ar bhonn a gcuid astaíochtaí iarbhír. Tá difríocht idir trádáil an leictreachais agus trádáil earraí eile, go háirithe toisc go ndéantar an trádáil trí eangacha leictreachais idirnasctha, a bhaineann úsáid as malartáin chumhachta agus as cineálacha sonracha trádála. An mhargadhchúpláil, foirm trádála leictreachais is ea í a ndéantar rialáil dhlúth uirthi agus inar féidir tairiscintí agus ofrálacha a chomhiomlánú ar fud an Aontais.

(45)

Tá údar le dearadh atá beagán difriúil le haghaidh an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha i ngeall ar shaintréithe fisiceacha an leictreachais mar tháirge, go háirithe toisc nach indéanta sreabhadh iarbhír na leictreon a leanúint. Ba cheart é a bheith d’fhéidearthacht ag dearbhóirí údaraithe a éileamh go ríomhfaí a n-oibleagáidí SCCT ar bhonn a gcuid astaíochtaí fíoraithe iarbhír. Níor cheart luachanna réamhshocraithe a úsáid ach amháin mura bhfuil sonraí ar na hastaíochtaí iarbhír ar fáil . Tá difríocht idir trádáil an leictreachais agus trádáil earraí eile, go háirithe toisc go ndéantar an trádáil trí eangacha leictreachais idirnasctha, a bhaineann úsáid as malartáin chumhachta agus as cineálacha sonracha trádála. An mhargadhchúpláil, foirm trádála leictreachais is ea í a ndéantar rialáil dhlúth uirthi agus inar féidir tairiscintí agus ofrálacha a chomhiomlánú ar fud an Aontais.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 46 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(46a)

Chun laghdú a dhéanamh ar an riosca maidir le sceitheadh carbóin agus chun cothrom na Féinne a áirithiú do thionscal an Aontais, ba cheart toirmeasc a chur ar gach cleachtas imchéimniúcháin. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le cleachtais inchéimniúcháin i ngach earnáil a áirítear in Iarscríbhinn I, go háirithe an dóchúlacht go ndéanfar trasloingsiú, patrúin trádála mhodhnaithe i leith táirgí iartheachtacha, chomh maith le hathdháileadh acmhainní, costáil ionsú, ionramháil sonraí astaíochtaí, lipéadú éagórach earraí agus mionathruithe ar an táirge chun táirge a allmhairiú faoi chód ainmníochta comhcheangailte (“AC”) difriúil. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcás inarb iomchuí, chun bearta frith-imchéimniúcháin a neartú.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 49

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(49)

Nuair a bheidh tríú tíortha comhtháite go dlúth isteach i margadh leictreachais an Aontais tríd an margadhchúpláil, ba cheart teacht ar réitigh theicniúla chun cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a áirithiú maidir le leictreachas a onnmhairítear ó na tíortha sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Mura féidir teacht ar réitigh theicniúla, ba cheart díolúine a thabhairt do thríú tíortha atá margadhchúpláilte, díolúine a mbeadh teorainn ama léi, ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha go dtí 2030 ar a dhéanaí, agus an díolúine sin a bheith ag baint le honnmhairiú an leictreachais agus leis sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Mar sin féin, ba cheart do na tríú tíortha sin treochlár a fhorbairt agus geallúint go gcuirfidh siad sásra praghsála carbóin chun feidhme lena ndéanfar foráil le haghaidh praghas a bheidh coibhéiseach le CTA AE, agus ba cheart dóibh gealltanas a thabhairt go mbainfidh siad aeráidneodracht amach faoi 2050 agus chun ailíniú le reachtaíocht an Aontais i réimsí an chomhshaoil, na haeráide, na hiomaíochta agus an fhuinnimh. Ba cheart an díolúine sin a aistarraingt tráth ar bith má bhíonn cúiseanna ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann an tír atá i gceist a gealltanais nó nach bhfuil CTA glactha aici faoi 2030 atá coibhéiseach le CTA AE.

(49)

Nuair a bheidh tríú tíortha comhtháite go dlúth isteach i margadh leictreachais an Aontais tríd an margadhchúpláil, ba cheart teacht ar réitigh theicniúla chun cur i bhfeidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a áirithiú maidir le leictreachas a onnmhairítear ó na tíortha sin isteach i gcríoch chustaim an Aontais. Mura féidir teacht ar réitigh theicniúla, ba cheart díolúine a thabhairt do thríú tíortha atá margadhchúpláilte, díolúine a mbeadh teorainn ama léi, ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha go dtí 2030 ar a dhéanaí, agus an díolúine sin a bheith ag baint le honnmhairiú an leictreachais agus leis sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Mar sin féin, ba cheart do na tríú tíortha sin treochlár a fhorbairt agus geallúint go gcuirfidh siad sásra praghsála carbóin sainráite chun feidhme lena ndéanfar foráil le haghaidh praghas a bheidh coibhéiseach le CTA AE, agus ba cheart dóibh gealltanas a thabhairt go mbainfidh siad aeráidneodracht amach faoi 2050 ar a dhéanaí chun ailíniú le reachtaíocht an Aontais i réimsí an chomhshaoil, na haeráide, na hiomaíochta agus an fhuinnimh. Ba cheart an díolúine sin a aistarraingt tráth ar bith má bhíonn cúiseanna ann lena chreidiúint nach gcomhlíonann an tír atá i gceist a gealltanais nó nach bhfuil CTA glactha aici faoi 2030 atá coibhéiseach le CTA AE.

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(51)

Chun feidhmiú cuí an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a éascú agus a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis inniúla atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir lena n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

scriosta

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 51 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(51a)

Is gá a áirithiú go mbeidh rochtain ag na páirtithe a ndéanann cinntí arna ndéanamh ag údarás SCCT difear dóibh ar na réitigh is gá. Dá bhrí sin, ba cheart sásra oiriúnach achomhairc a bhunú le go bhféadfaidh cinntí údarás SCCT a bheith faoi réir achomharc chuig Bord Achomhairc, bord a bhféadfaidh a chuid cinntí a bheith faoi réir caingean os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le CFAE.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(52)

Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo roimh dheireadh na hidirthréimhse agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú i  dtuarascáil an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe sin a bhaint amach, is é sin an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun an raon feidhme a leathnú, más féidir, ionas go gcumhdófaí astaíochtaí indíreacha mar aon le hearraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil (47).

(52)

Ba cheart don Choimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ba cheart díriú i  dtuarascálacha an Choimisiúin ar fhéidearthachtaí maidir le feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí ar son na haeráide i dtaca leis an gcuspóir áirithe sin a bhaint amach, is é sin an tAontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Ba cheart don Choimisiún, mar chuid den chéad mheasúnú sin, tús a chur le heolas a bhailiú a bheidh ag teastáil chun raon feidhme Iarscríbhinn I a leathnú tuilleadh , más féidir, ionas go gcumhdófaí earraí agus seirbhísí eile a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo, amhail táirgí iartheachtacha, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar na modhanna tomhais táirge maidir le lorg comhshaoil (47). Ba cheart don Choimisiún a chuid measúnuithe ina dhiaidh sin a dhíriú ar an tionchar ar iomaíochas thionscal an Aontais agus ar thionscal iartheachtach, ar an tionchar ar FBManna, ar an ualach díréireach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann, ar chleachtais inchéimniúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann, ar shaobhadh i bpatrúin trádála agus ar dheiseanna chun gníomhaíochtaí ar son na haeráide a fheabhsú i dtreo Aontas a bheidh aeráidneodrach faoi 2050 agus a ghabhfaidh leis na measúnuithe sin, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha;

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 52 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(52a)

Chun go bhféadfar freagairt thapa agus éifeachtach a thabhairt ar imthosca neamh-intuartha, eisceachtúla agus gan chúis a mbeidh iarmhairtí scriosacha acu ar bhonneagar eacnamaíoch agus tionsclaíoch tríú tír amháin nó níos mó atá faoi réir SCCT, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh, de réir mar is iomchuí, lena leasófar an Rialachán seo. Ba cheart go leagfaí amach i dtogra reachtach den sórt sin na bearta is iomchuí i bhfianaise na gcúinsí atá ag an tríú tír nó na tríú tíortha, agus cuspóirí an Rialacháin seo á gcaomhnú ag an am céanna. Ba cheart go mbeadh teorainn ama leis na bearta sin.

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 53 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(53a)

Mar aon le hidirphlé le tríú tíortha, ba cheart don Choimisiún, ag gach céim tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara uile na n-earnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear ionadaithe tionscail, ceardchumainn agus an tsochaí shibhialta.

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 54 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(54a)

Ba cheart go saothródh an Coimisiún, ar bhonn gníomhach, “club carbóin” idirnáisiúnta a bhunú chun malartú leanúnach de mheon macánta le comhpháirtithe trádála an Aontais a áirithiú. Ba cheart go mbeadh sé sin ina fhóram idirnáisiúnta neamheisiach oscailte, a d’fhéadfadh feidhmiú faoi eagraíocht iltaobhach iomchuí amhail EDT nó comhlacht ábhartha agus oscailte ECFE mar shampla. Ba cheart é a bheith mar chuspóir aige go bhféadfaí comparáid a dhéanamh idir bearta praghsála carbóin agus bearta praghsála neamh-charbóin ag a mbíonn tionchar ar laghdú astaíochtaí, agus comhordú a dhéanamh orthu. Ina theannta sin, ba cheart go dtacódh an club carbóin le hinchomparáideacht na mbeart aeráide trí cháilíocht an fhaireacháin, an tuairiscithe agus an fhíoraithe ar an aeráid a áirithiú i measc a chomhaltaí. Ba cheart go mbeadh ballraíocht an chlub neamhfhoirmiúil, oscailte agus ar bhonn deonach do thíortha a bhfuil arduaillmhian i leith na haeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras mar sprioc acu. Ós rud é gur beart ceannródaíoch é SCCT, atá ceaptha le bheith ina uirlis chomhair a dearadh chun sceitheadh carbóin a chomhrac, cuireann club carbóin den sórt sin deis ar fáil le haghaidh comhair agus trédhearcachta idir an tAontas agus a chomhpháirtithe trádála.

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 55

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(55)

Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú. Thairis sin, ba cheart don Aontas tacú le tíortha is lú forbairt leis an gcúnamh teicniúil is gá chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí nua a bhunaítear leis an rialachán seo a éascú.

(55)

Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha próisis táirgthe atá níos glaine a spreagadh, tá an tAontas réidh chun oibriú le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú. Thairis sin, ba cheart don Aontas tacú le tíortha is lú forbairt leis an gcúnamh teicniúil is gá chun a n-oiriúnú do na hoibleagáidí nua a bhunaítear leis an rialachán seo a éascú. Cé go ndéanfar an t-ioncam arna ghiniúint as deimhnithe SCCT a dhíol a chur isteach i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta agus nár cheart iad a shannadh d’aon chaiteachas sonrach ar bhuiséad an Aontais, i bhfianaise phrionsabal na huilíochta lena rialaítear buiséad an Aontais, ba cheart don Aontas iarrachtaí na dtíortha is lú forbairt a mhaoiniú i dtreo dhícharbónú a dtionscal monaraíochta a mbeidh méid bliantúil ag gabháil leis a chomhfhreagraíonn ar a laghad do leibhéal an ioncaim a ghintear le deimhnithe SCCT a dhíol. Ba cheart cistiú den sórt sin a chur ar fáil tríd an tacaíocht airgeadais a chuireann an tAontas ar fáil don mhaoiniú idirnáisiúnta don aeráid agus do na cláir gheografacha ábhartha agus tríd an gclár téamach An Ionstraim um Dhúshláin Dhomhanda maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) . Ba cheart na coigeartuithe is gá ar leithreasú buiséadach na hIonstraime sin a dhéanamh trí nós imeachta buiséadach bliantúil an Aontais go dtí 2027 agus ba cheart iad a áireamh ansin sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile.

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 57 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(57a)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar aon athruithe ar na sreabha trádála ó na tíortha is lú forbairt atá inchurtha i leith SCCT chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear a rannchuidiú le sceitheadh carbóin a chosc agus a thionchar ar shreabha trádála idir an tAontas agus na tíortha is lú forbairt. Ba cheart don Choimisiún faireachán rialta a dhéanamh ar an gcúnamh teicniúil a chuirtear ar fáil do na tíortha is lú forbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht ó thaobh rannchuidiú leis an bpróiseas dícharbónaithe sna tíortha sin de.

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 59

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(59)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe , agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (51). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(59)

Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúchán iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe ábhartha agus na n-earnálacha tionsclaíocha ábhartha , agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (51). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 61

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(61)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.

(61)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh. De réir Europol, tá caillteanas de níos mó ná EUR 5 billiún d’ioncam poiblí mar thoradh ar chalaois creidmheasa carbóin. Dá bhrí sin, ba cheart do SCCT sásraí iomchuí agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun caillteanais ioncaim phoiblí a sheachaint.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 61 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(61a)

Ba cheart údarás SCCT a chistiú ar bhealach chun a fheidhmiú inmharthana a ráthú agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a chumasú. Ba cheart gur ar ioncam ginearálta bhuiséad an Aontais a thitfeadh aon chostais a bhaineann le bunú agus oibriú an údaráis.

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (“SCCT”) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun an riosca sceite carbóin a chosc .

1.   Bunaítear leis an Rialachán seo sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (“SCCT”) chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leabaithe sna hearraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, tráth a n-allmhairithe isteach i gcríoch chustaim an Aontais, chun astaíochtaí carbóin domhanda a laghdú agus chun tacú le cur chun feidhme spriocanna Chomhaontú Pháras trí aon riosca sceite carbóin ón Aontas a chosc agus trí laghdú astaíochtaí i dtríú tíortha a dhreasú. Chun na críche sin, tá sé mar aidhm ag SCCT praghsáil charbóin a chothromú le haghaidh allmhairí agus táirgí intíre atá laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   De réir a chéile éireoidh an sásra sin ina rogha mhalartach ar na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE chun an riosca sceite carbóin a chosc, go háirithe an leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a den Treoir sin.

3.   Beartaítear go gcuirfear an sásra in ionad na sásraí a bunaíodh faoi Threoir 2003/87/CE de réir a chéile chun an riosca sceite carbóin a chosc, go háirithe an leithdháileadh lamháltas saor in aisce i gcomhréir le hAirteagal 10a den Treoir sin.

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Faoin 1 Eanáir 2030, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hearnálacha uile a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE.

 

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí amlíne a bhunú chun na hearraí uile faoi na hearnálacha a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE a chur san áireamh de réir a chéile. Tabharfaidh an Coimisiún sa ghníomh tarmligthe sin tús áite do na hearraí is mó atá neamhchosanta ar sceitheadh carbóin agus arb iad is déine ó thaobh carbóin de. Glacfar an gníomh tarmligthe sin faoin 30 Meitheamh 2025.

 

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar Iarscríbhinn I trí na hearraí uile faoi na hearnálacha a chumhdaítear in CTA AE a chur leis.

 

Faoin… [3 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar Iarscríbhinn I trí tháirgí iartheachtacha na n-earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur leis. Beidh sciar suntasach de cheann amháin ar a laghad de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I sna táirgí iartheachtacha sin.

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na coinníollacha a chinneadh maidir leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a chur i bhfeidhm i leith earraí dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha a leagan amach i ndáil le SCCT a chur i bhfeidhm maidir leis na hearraí dá dtagraítear i mír 2.

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

cuirtear chun feidhme leis an dlí náisiúnta sa tríú tír sin nó sa tríú críoch sin príomhfhorálacha reachtaíocht mhargadh leictreachais an Aontais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh agus le cúpláil margaí leictreachais;

(b)

cuirtear chun feidhme leis an dlí náisiúnta sa tríú tír sin nó sa tríú críoch sin príomhfhorálacha reachtaíocht mhargadh leictreachais an Aontais, lena n-áirítear an reachtaíocht maidir le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, le cúpláil margaí leictreachais , agus cuirtear chun feidhme leis acquis aeráide, comhshaoil agus iomaíochta an Aontais, agus na spriocdhátaí a comhaontaíodh á n-urramú go hiomlán ;

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 7 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

agus an treochlár á chur chun feidhme aici de bhun phointe (c), tá dul chun cinn substaintiúil i dtreo ailíniú na reachtaíochta intíre le dlí an Aontais i réimse na gníomhaíochta ar son na haeráide léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ar bhonn an treochláir sin, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo praghsála carbóin ar leibhéal coibhéiseach leis an Aontas a mhéid a bhaineann le giniúint leictreachais ar a laghad. Maidir le córas trádála astaíochtaí le haghaidh leictreachais a chur chun feidhme, a bhfuil praghas coibhéiseach aige le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, tabharfar chun críche é faoin 1 Eanáir  2030 ;

(e)

agus an treochlár á chur chun feidhme aici de bhun phointe (c), tá dul chun cinn substaintiúil i dtreo ailíniú na reachtaíochta intíre le dlí an Aontais i réimse na gníomhaíochta ar son na haeráide léirithe ag an tríú tír nó ag an tríú críoch, ar bhonn an treochláir sin, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo praghsála carbóin ar leibhéal coibhéiseach leis an Aontas a mhéid a bhaineann le giniúint leictreachais ar a laghad. Maidir le córas trádála astaíochtaí le haghaidh leictreachais a chur chun feidhme, a bhfuil praghas coibhéiseach aige le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh, tabharfar chun críche é faoin 1 Eanáir  2028 ;

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Déanfar tríú tír nó tríú críoch a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 7, pointí (a) go (f), a liostú in Iarscríbhinn II, Roinn B, den Rialachán seo, agus cuirfidh sí isteach dhá thuarascáil maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha de bhun mhír 7, pointí (a) go (f), ceann amháin roimh an 1 Iúil  2025 agus an ceann eile roimh an 1 Iúil 2029. Faoin 31 Nollaig  2025 agus faoin 31 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, go háirithe ar bhonn an treochláir de bhun mhír 7, pointe (c), agus ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas ón tríú tír nó ón tríú críoch, cé acu atá an tríú tír nó an tríú críoch sin fós ag urramú na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7 nó nach bhfuil.

8.   Déanfar tríú tír nó tríú críoch a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 7, pointí (a) go (f), a liostú in Iarscríbhinn II, Roinn B, den Rialachán seo, agus cuirfidh sí isteach trí thuarascáil chuimsitheacha maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha de bhun mhír 7, pointí (a) go (f), ceann amháin roimh an 1 Iúil  2024 , ceann roimh an 1 Iúil 2027 agus an ceann eile roimh an 1 Iúil 2029. Faoin 31 Nollaig  2024 , faoin 31 Nollaig 2027 agus faoin 31 Nollaig 2029, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú, go háirithe ar bhonn an treochláir de bhun mhír 7, pointe (c), agus ar bhonn na dtuarascálacha a fuarthas ón tríú tír nó ón tríú críoch, cé acu atá an tríú tír nó an tríú críoch sin fós ag urramú na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7 nó nach bhfuil.

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 9 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

má tá fianaise ag an gCoimisiún go bhfuil méadú tagtha ar na hastaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais sa tír nó sa chríoch mar thoradh ar onnmhairí leictreachais chuig an Aontas.

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

12.   Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Airteagal 9.

12.   Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le tríú tíortha d’fhonn sásraí praghsála carbóin sna tíortha sin a chur san áireamh i gcur i bhfeidhm Airteagal 9. Ní bheidh mar thoradh ar chomhaontuithe den sórt sin cóir fhabhrach mhíchuí allmhairí ó na tríú tíortha i ndáil le deimhnithe SCCT atá le tabhairt suas agus cuirfear san áireamh leo aon mheicníochtaí praghsála carbóin a mheastar a bheith ina gcleachtais imchéimniúcháin de réir bhrí Airteagal 27(2).

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

ciallaíonn “údarás inniúil” an t-údarás, arna ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo;

(11)

ciallaíonn “údarás SCCT ” an t-údarás arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán seo;

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

ciallaíonn “astaíochtaí díreacha” astaíochtaí ó na próisis táirgthe earraí a bhfuil rialú díreach ag an táirgeoir orthu;

(15)

ciallaíonn “astaíochtaí díreacha” astaíochtaí ó phróisis táirgthe na n-earraí a bhfuil rialú díreach ag an táirgeoir orthu, lena n-áirítear astaíochtaí ó tháirgeadh téimh agus fuaraithe a ídítear le linn na bpróiseas táirgthe ;

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

ciallaíonn “astaíochtaí leabaithe” astaíochtaí díreacha a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí, agus a ríomhtar de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

(16)

ciallaíonn “astaíochtaí leabaithe” astaíochtaí díreacha agus indíreacha a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí agus an leictreachas a ídítear le linn phróisis táirgthe na n-earraí, agus a ríomhtar de bhun na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

ciallaíonn “deimhniú SCCT” deimhniú i bhformáid leictreonach a fhreagraíonn do thona amháin astaíochtaí leabaithe in earraí;

(18)

ciallaíonn “deimhniú SCCT” deimhniú atá i gcoiteann ag na Ballstáit go léir agus atá i bhformáid leictreonach a fhreagraíonn do thona amháin astaíochtaí leabaithe in earraí;

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

ciallaíonn “astaíochtaí iarbhír” na hastaíochtaí a ríomhtar bunaithe ar shonraí príomhúla ó na próisis táirgthe earraí;

(22)

ciallaíonn “astaíochtaí iarbhír” na hastaíochtaí a ríomhtar agus a fhíoraítear bunaithe ar shonraí príomhúla ó na próisis táirgthe earraí agus ó tháirgeadh leictreachais a ídítear le linn phróisis táirgthe na n-earraí ;

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

ciallaíonn “praghas carbóin” an tsuim airgid a íoctar i dtríú tír i bhfoirm cánach nó lamháltas astaíochtaí faoi chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa, a ríomhtar de réir gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an mbeart sin agus a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí;

(23)

ciallaíonn “praghas carbóin” an tsuim airgid a íoctar i dtríú tír i bhfoirm cánach , táille nó lamháltas astaíochtaí faoi chóras trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa, a ríomhtar de réir gáis ceaptha teasa a chumhdaítear leis an mbeart sin agus a scaoiltear le linn tháirgeadh na n-earraí;

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)

ciallaíonn “astaíochtaí indíreacha” astaíochtaí ó tháirgeadh leictreachais, téimh agus fuaraithe, a úsáidtear le linn phróisis táirgthe na n-earraí.

(28)

ciallaíonn “astaíochtaí indíreacha” astaíochtaí gás ceaptha teasa ó phróisis táirgthe an leictreachais a ídítear le linn phróisis táirgthe na n-earraí;

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28a)

ciallaíonn “tír is lú forbairt” tír atá ar áireamh sa liosta de thíortha den sórt sin arna bhunú ag Comhairle Eacnamaíoch agus Sóisialta na Náisiún Aontaithe;

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28b)

ciallaíonn “fachtóir SCCT” fachtóir lena laghdaítear leithdháileadh lamháltas saor in aisce le haghaidh na suiteálacha a tháirgeann na hearraí a chumhdaítear in Iarscríbhinn I;

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 28 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(28c)

ciallaíonn “táirgí iartheachtacha” táirgí a tháirgtear trí úsáid a bhaint as earraí mar a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní dhéanfaidh ach dearbhóir atá údaraithe ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 17 (“dearbhóir údaraithe”) earraí a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

Ní dhéanfaidh ach dearbhóir atá údaraithe ag údarás SCCT i gcomhréir le hAirteagal 17 (“dearbhóir údaraithe”) earraí a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

 

(Tá feidhm ag an ainmniú “údarás SCCT” ar fud an téacs. Má ghlactar é, beidh gá le hathruithe comhfhreagracha tríd síos)

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Sula ndéanfaidh aon dearbhóir earraí dá dtagraítear in Airteagal 2 a allmhairiú, déanfaidh sé iarratas ar údarú chuig an údarás áitiúil ag an áit a bhfuil sé bunaithe chun na hearraí sin a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

1.   Sula ndéanfaidh aon dearbhóir earraí dá dtagraítear in Airteagal 2 a allmhairiú, déanfaidh sé iarratas ar údarú chuig údarás SCCT ag an áit a bhfuil sé bunaithe chun na hearraí sin a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais.

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

dearbhú ar onóir nach raibh an dearbhóir páirteach in aon sárú tromchúiseach ná in aon sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh le linn na 5 bliana roimh bhliain an iarratais, lena n-áirítear gan aon taifead a bheith aige maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann lena ghníomhaíocht eacnamaíoch;

(e)

dearbhú ar onóir nach raibh an dearbhóir ná, i gcás inarb infheidhme, comhalta boird den dearbhóir páirteach in aon sárú tromchúiseach ná in aon sraith sáraithe ar reachtaíocht chustaim, ar rialacha cánachais nó ar rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh le linn na 5 bliana roimh bhliain an iarratais, lena n-áirítear gan aon taifead a bheith aige maidir le cionta coiriúla tromchúiseacha a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch an dearbhóra ;

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 3 – pointe f

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f)

an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an dearbhóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann an t-údarás inniúil ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;

(f)

an fhaisnéis uile is gá lena thaispeáint go bhfuil an acmhainn airgeadais agus an acmhainn oibríochtúil ag an dearbhóir chun a oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus, má chinneann údarás SCCT ar bhonn measúnú riosca gur gá sin, doiciméid tacaíochta lena ndeimhnítear an fhaisnéis sin, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais agus an clár comhardaithe le haghaidh suas le 3 cinn de na blianta airgeadais ba dhéanaí dár dúnadh na cuntais;

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Féadfaidh an t-iarratasóir a iarratas a tharraingt siar tráth ar bith.

4.   Féadfaidh an t-iarratasóir a iarratas a mhodhnú nó a tharraingt siar tráth ar bith.

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Cuirfidh an dearbhóir údaraithe an t-údarás inniúil ar an eolas gan mhoill mar gheall ar aon athrú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh faoi mhír 3, a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh don chinneadh a bheith déanta, agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar an gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17 nó ar ábhar an údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 17.

5.   Cuirfidh an dearbhóir údaraithe údarás SCCT ar an eolas gan mhoill mar gheall ar aon athrú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh faoi mhír 3, a thiocfaidh chun cinn i ndiaidh don chinneadh a bheith déanta, agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar an gcinneadh a glacadh de bhun Airteagal 17 nó ar ábhar an údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 17.

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, a bhaineann le formáid chaighdeánach an iarratais agus leis na moilleanna agus leis an nós imeachta is inleanta ag an údarás inniúil agus iarratais ar údarú á bpróiseáil aige i gcomhréir le mír 1 agus na rialacha maidir le sainaithint ag an údarás inniúil na ndearbhóirí chun leictreachas a allmhairiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, a bhaineann le formáid chaighdeánach an iarratais agus leis na moilleanna agus leis an nós imeachta is inleanta ag údarás SCCT agus iarratais ar údarú á bpróiseáil aige i gcomhréir le mír 1 agus na rialacha maidir le sainaithint ag údarás SCCT na ndearbhóirí chun leictreachas a allmhairiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Faoin 31 Bealtaine gach bliain, cuirfidh gach dearbhóir údaraithe dearbhú (“dearbhú SCCT”), le haghaidh na bliana féilire roimh an dearbhú, faoi bhráid an údaráis inniúil .

1.   Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh gach dearbhóir údaraithe dearbhú (“dearbhú SCCT”), le haghaidh na bliana féilire roimh an dearbhú, a thíolacadh d’údarás SCCT .

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca)

cóip den tuarascáil fíorúcháin a d’eisigh an fíoraitheoir creidiúnaithe faoi Airteagal 8 agus Iarscríbhinn V.

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear tuarascáil an fhíoraitheora, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh isteach an dearbhú SCCT nó ba cheart an dearbhú SCCT a chur isteach.

5.   Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4, lena n-áirítear tuarascáil an fhíoraitheora, go dtí deireadh an cheathrú bliain i ndiaidh na bliana a cuireadh isteach an dearbhú SCCT nó ba cheart an dearbhú SCCT a chur isteach. Beidh na taifid sin mionsonraithe a ndóthain chun cur ar a gcumas do na fíoraitheoirí creidiúnaithe na hastaíochtaí leabaithe a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 8 agus chun cur ar a chumas d’údarás SCCT athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú SCCT i gcomhréir le hAirteagal 19(1). Coinneoidh an dearbhóir údaraithe na taifid sin ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 19(1) ina bhféadfaidh údarás SCCT athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú SCCT.

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le gnéithe de na modhanna ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais próiseas táirgthe, fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha astaíochtaí iarbhír agus luachanna réamhshocraithe agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, ar sonraí iad a gcinnfear na luachanna réamhshocraithe ar a mbonn, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí. I gcás inar gá, forálfar leis na gníomhartha sin gur féidir na luachanna réamhshocraithe a oiriúnú do limistéir, do réigiúin nó do thíortha ar leith chun tosca sonracha oibiachtúla a chur san áireamh, mar shampla tíreolaíocht. acmhainní nádúrtha, dálaí margaidh, gnáthfhoinsí fuinnimh, nó próisis thionsclaíocha. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, tógfar ar reachtaíocht atá ann cheana chun fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí agus gníomhaíochta i gcás suiteálacha atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/87/CE, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le gnéithe de na modhanna ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais próiseas táirgthe, fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha astaíochtaí iarbhír agus luachanna réamhshocraithe agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, ar sonraí iad a gcinnfear na luachanna réamhshocraithe ar a mbonn, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí. I gcás inar gá, forálfar leis na gníomhartha sin gur féidir na luachanna réamhshocraithe a oiriúnú do limistéir, do réigiúin nó do thíortha ar leith chun tosca sonracha oibiachtúla a chur san áireamh, mar shampla tíreolaíocht, acmhainní nádúrtha, dálaí margaidh, gnáthfhoinsí fuinnimh, nó próisis thionsclaíocha. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, tógfar ar reachtaíocht atá ann cheana chun fíorú a dhéanamh ar shonraí astaíochtaí agus gníomhaíochta i gcás suiteálacha atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/87/CE, go háirithe Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir le sainmhíniú ar mhodh chun astaíochtaí indíreacha leabaithe a ríomh le haghaidh táirgí simplí agus casta agus luachanna réamhshocraithe ábhartha, chomh maith le modh chun praghas SCCT ar astaíochtaí leabaithe indíreacha a chinneadh.

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go ndéanfaidh fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 iomlán na n-astaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh sa dearbhú SCCT agus a cuireadh isteach de bhun Airteagal 6 a fhíorú, bunaithe ar na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

1.   Áiritheoidh dearbhóir údaraithe SCCT go ndéanfaidh fíoraitheoir atá creidiúnaithe de bhun Airteagal 18 iomlán na n-astaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh sa dearbhú SCCT agus a cuireadh isteach de bhun Airteagail 6 agus 35, chomh maith leis an modheolaíocht, agus na sonraí agus na doiciméid tacaíochta a fhíorú, bunaithe ar na prionsabail fíorúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Údaraítear údarás SCCT cruinneas na faisnéise arna soláthar i ndearbhú SCCT a fhíorú de bhun an Airteagail seo.

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht tarscaoileadh a dhéanamh ar an oibleagáid go dtabharfadh an fíoraitheoir cuairt ar an tsuiteáil ina ndéantar na hearraí ábhartha a tháirgeadh agus ar an oibleagáid tairseacha a shocrú chun cinneadh a dhéanamh cé acu atá míráitis nó neamh-chomhréireachtaí ábhartha nó nach bhfuil agus a bhaineann leis an doiciméadacht tacaíochta atá riachtanach le haghaidh na tuarascála fíorúcháin.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo, a bhaineann leis na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an bhféidearthacht tarscaoileadh a dhéanamh ar an oibleagáid go dtabharfadh an fíoraitheoir cuairt ar an tsuiteáil ina ndéantar earraí ábhartha a tháirgeadh agus ar an oibleagáid tairseacha a shocrú chun cinneadh a dhéanamh cé acu atá míráitis nó neamh-chomhréireachtaí ábharach nó nach bhfuil, agus a bhaineann leis an doiciméadacht tacaíochta atá riachtanach le haghaidh na tuarascála fíorúcháin. Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an bhféidearthacht an oibleagáid ar an bhfíoraitheoir creidiúnaithe cuairt a thabhairt ar an tsuiteáil nuair a tháirgtear earraí ábhartha a úsáid ach amháin i gcúinsí a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil próifíl chaighdeánach aitheanta ag an tsuiteáil maidir le táirgeadh agus teicneolaíocht, lena bhféadfar meastachán iontaofa a dhéanamh ar astaíochtaí leabaithe. Leanfaidh údarás SCCT de bheith údaraithe chun cruinneas na faisnéise a sholáthraítear i ndearbhú SCCT a fhíorú i ngach cás. Beidh na forálacha a leagtar síos i ngníomhartha tarmligthe den sórt sin coibhéiseach leis na forálacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

scriosta

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Praghas carbóin a íocadh i dtír thionscnaimh

Praghas carbóin sainráite a íocadh i dtír thionscnaimh

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Féadfaidh dearbhóir údaraithe éileamh a dhéanamh ina dhearbhú SCCT ar laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas chun go gcuirfí san áireamh an praghas carbóin a íocadh sa tír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe údaraithe.

1.   Féadfaidh dearbhóir údaraithe éileamh a dhéanamh ina dhearbhú SCCT ar laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas chun go gcuirfí san áireamh an praghas carbóin sainráite a íocadh sa tír thionscnaimh le haghaidh na n-astaíochtaí leabaithe údaraithe. Féadfaidh an laghdú sin a bheith cothrom le 100 % freisin má tá an praghas carbóin a íocfar sa tír thionscnaimh coibhéiseach le praghas carbóin an Aontais nó níos airde ná é.

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid den doiciméadacht, arna deimhniú ag duine neamhspleách , atá de dhíth chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin i dtír thionscnaimh na n-earraí agus coimeádfaidh sé fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh de chineál ar bith eile ar onnmhairiú.

2.   Coimeádfaidh an dearbhóir údaraithe taifid ar an doiciméadacht, arna deimhniú ag fíoraitheoir creidiúnaithe , atá de dhíth chun a léiriú go raibh na hastaíochtaí leabaithe dearbhaithe faoi réir praghas carbóin sainráite i dtír thionscnaimh na n-earraí agus coimeádfaidh sé fianaise de chruthúnas na híocaíochta iarbhír don phraghas carbóin sin nár cheart a bheith faoi réir lacáiste onnmhairiúcháin ná cúiteamh díreach nó indíreach de chineál ar bith eile ar onnmhairiú. Beidh ainm agus sonraí teagmhála an fhíoraitheora chreidiúnaithe le feiceáil ar an doiciméadacht. Déanfaidh an dearbhóir údaraithe an doiciméadacht sin a tharchur chuig údarás SCCT.

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun an laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas a ríomh, maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach a chomhshó go euro ag meánráta malairte bliantúil i gcomhréir le mír 1, agus maidir le cáilíochtaí an duine neamhspleách a dheimhníonn an fhaisnéis chomh maith le míreanna cruthúnais maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh agus an easpa lacáistí onnmhairiúcháin nó cineálacha eile cúitimh ar onnmhairiú a chur i fheidhm dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

4.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an mhodheolaíocht chun an laghdú i líon na ndeimhnithe SCCT atá le tabhairt suas a ríomh, maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach a chomhshó go euro ag meánráta malairte bliantúil i gcomhréir le mír 1, agus maidir le cáilíochtaí an fhíoraitheora chreidiúnaithe a dheimhníonn an fhaisnéis chomh maith le míreanna cruthúnais maidir leis an bpraghas carbóin a íocadh agus an easpa lacáistí onnmhairiúcháin nó cineálacha eile cúitimh dhírigh agus indírigh ar onnmhairiú a chur i fheidhm dá dtagraítear i mír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i mbunachar sonraí lárnach dá dtagraítear in Airteagal  14(4) .

1.   Arna iarraidh sin d’oibreoir suiteála atá lonnaithe i dtríú tír, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis faoin oibreoir sin agus faoina shuiteáil a chlárú i  gclárlann SCCT dá dtagraítear in Airteagal  14 .

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c) mionsonraithe a ndóthain chun an fíorú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointe (b), agus chun cur ar a chumas d’aon údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ar an dearbhú SCCT a rinne dearbhóir údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 8.

6.   Beidh na taifid dá dtagraítear i mír 5, pointe (c), mionsonraithe a ndóthain chun an fíorú a dhéanamh i gcomhréir le mír 5, pointe (b), agus chun cur ar a chumas d’údarás SCCT athbhreithniú agus fíorú a dhéanamh , i gcomhréir le hAirteagal 19(1), ar an dearbhú SCCT a rinne dearbhóir údaraithe ar nochtadh an fhaisnéis ábhartha dó i gcomhréir le mír 8.

Leasú 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.    Féadfaidh oibreoir an fhaisnéis mar gheall ar fhíorú astaíochtaí leabaithe dá dtagraítear i mír 5 a nochtadh do dhearbhóir údaraithe . Beidh an dearbhóir údaraithe i dteideal leas a bhaint as an bhfaisnéis nochta chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.

7.    Beidh rochtain ag an bpobal ar an bhfaisnéis maidir le hastaíochtaí leabaithe fíoraithe dá dtagraítear i mír 5 trí chlárlann SCCT . Beidh an dearbhóir údaraithe i dteideal leas a bhaint as an bhfaisnéis chun an oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 8 a chomhlíonadh.

Leasú 87

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil III – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Údaráis inniúla

Údarás SCCT

Leasú 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Údaráis inniúla

Údarás SCCT

Leasú 89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin .

Bunóidh an Coimisiún údarás SCCT chun na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh .

Leasú 90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh an Coimisiún liosta de na húdaráis inniúla go léir ar fáil do na Ballstáit agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

scriosta

Leasú 91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.     Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar údaráis inniúla aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha maidir le feidhmiú a bhfeidhmeanna agus a ndualgas a mhalartú.

scriosta

Leasú 92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 12

scriosta

Coimisiún

 

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do na húdaráis inniúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí a chomhordú.

 

Leasú 93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 12a

 

Cinntí údarás SCCT

 

1.     Déanfaidh údarás SCCT, gan mhoill, cinntí chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

 

2.     Gabhfaidh éifeacht le cinneadh arna dhéanamh ag údarás SCCT ón dáta a thabharfar fógra faoin gcinneadh sin don seolaí.

 

3.     Más amhlaidh go measann údarás SCCT nach bhfuil an fhaisnéis ar fad is gá aige chun cinneadh a dhéanamh, rachaidh sé i dteagmháil le seolaí an chinnidh agus sonróidh sé an fhaisnéis bhreise atá de dhíth. Sa chás sin, déanfaidh seolaí an chinnidh, gan mhoill, an fhaisnéis is gá a thíolacadh d’údarás SCCT.

 

4.     Cuirfidh seolaí an chinnidh údarás SCCT ar an eolas gan mhoill faoi aon athruithe a thiocfaidh ar an bhfaisnéis a soláthraíodh tar éis don chinneadh a bheith déanta. Sa chás sin, déanfaidh údarás SCCT athmheasúnú ar a chinneadh i bhfianaise na faisnéise sin agus déanfaidh sé an cinneadh sin a dhearbhú nó a mhodhnú.

 

5.     I gcás ina mbeartóidh údarás SCCT cinneadh a dhéanamh lena ndéanfar dochar do sheolaí an chinnidh, leagfaidh sé amach na forais ar a bhfuil an cinneadh beartaithe bunaithe agus áireoidh sé sa chinneadh tagairt don cheart achomhairc dá bhforáiltear in Airteagal 27a. Sula ndéanfar an cinneadh sin, tabharfaidh údarás SCCT an deis do sheolaí an chinnidh a thuairim a chur in iúl dó laistigh de thréimhse shocraithe ama. Ar dhul in éag don tréimhse sin, tabharfaidh údarás SCCT fógra faoin gcinneadh don seolaí.

 

6.     Féadfaidh údarás SCCT, tráth ar bith, a chinneadh a neamhniú, a chúlghairm nó a leasú tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó sheolaí an chinnidh nó ar a thionscnamh féin, más iomchuí.

 

7.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thuilleadh socruithe mionsonraithe agus rialacha nós imeachta a bhaineann leis an Airteagal seo a shonrú. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28.

Leasú 94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Gach faisnéis a fhaigheann an t-údarás inniúil agus a dhualgais á chomhlíonadh aige, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh an t-údarás inniúil faisnéis den sórt sin gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í. Féadfar í a roinnt le húdaráis chustaim, leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

Gach faisnéis a fhaigheann údarás SCCT agus a dhualgais á chomhlíonadh aige, ar faisnéis rúnda í de bharr a cineáil nó ar faisnéis í a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda, beidh sí faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla. Ní nochtfaidh údarás SCCT faisnéis den sórt sin gan cead sainráite an duine nó an údaráis a sholáthair í. Féadfar í a roinnt le húdaráis chustaim, leis an gCoimisiún agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

Leasú 95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 14

scriosta

Clárlanna náisiúnta agus bunachar sonraí lárnach

 

1.     Bunóidh údarás inniúil gach Ballstáit clárlann náisiúnta dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin i bhfoirm bunachar sonraí leictreonach caighdeánaithe ina bhfuil na sonraí maidir le deimhnithe SCCT na ndearbhóirí sin, agus chun foráil a dhéanamh maidir le rúndacht i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 13.

 

2.     Beidh sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 1 cuntais le faisnéis mar gheall ar gach dearbhóir údaraithe, go háirithe:

 

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an dearbhóra údaraithe;

 

(b)

uimhir EORI an dearbhóra údaraithe;

 

(c)

an uimhir chuntais SCCT;

 

(d)

líon, praghas díola, dáta ceannaithe, dáta tugtha suas, nó dáta athcheannaigh, nó an dáta a chuir an t-údarás inniúil ar ceal dheimhnithe SCCT gach dearbhóra údaraithe.

 

3.     Is faoi rún a bheidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2.

 

4.     Bunóidh an Coimisiún bunachar sonraí lárnach a mbeidh fáil ag an bpobal air ina mbeidh ainmneacha, seoltaí agus sonraí teagmhála na n-oibreoirí agus suíomh na suiteálacha i dtríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 10 (2). Féadfaidh oibreoir rogha a dhéanamh gan a ainm, a sheoladh agus a shonraí teagmhála a bheith ar fáil don phobal.

 

Leasú 96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 14a

 

Clárlann SCCT

 

1.     Déanfaidh údarás SCCT clárlann SCCT a chur ar bun, i gcomhréir le hAirteagail 20, 21 agus 22, chun próisis a bhaineann le deimhnithe SCCT a fhorghníomhú.

 

2.     I gclárlann SCCT beidh bunachar sonraí leictreonach ina mbeidh faisnéis faoi gach dearbhóir údaraithe, go háirithe:

 

(a)

Ainm agus sonraí teagmhála;

 

(b)

uimhir EORI

 

(c)

uimhir chuntais SCCT;

 

(d)

líon, praghas agus dáta ceannaigh na ndeimhnithe SCCT arna sealbhú.

 

3.     Beidh i gclárlann SCCT freisin, i roinn ar leithligh den bhunachar sonraí, ainmneacha agus mionsonraí breise na n-oibreoirí agus na suiteálacha i dtríú tíortha, arna gclárú i gcomhréir le hAirteagal 10. Beidh sa roinn sin den bhunachar sonraí go háirithe, i gcás inarb infheidhme, astaíochtaí fíoraithe na suiteála.

 

4.     Beidh an fhaisnéis sa bhunachar sonraí faoi rún, seachas ainmneacha na ndearbhóirí agus na n-oibreoirí údaraithe, suíomh agus, i gcás inarb iomchuí, ainm na suiteálacha i dtríú tíortha agus a n-astaíochtaí fíoraithe, a mbeidh rochtain ag an bpobal orthu i bhformáid idir-inoibritheach.

 

5.     Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le bonneagar agus próisis shonracha chlárlann SCCT agus na bunachair sonraí leictreonacha ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú 97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 15

scriosta

Riarthóir lárnach

 

1.     Gníomhóidh an Coimisiún mar riarthóir lárnach chun loga idirbheartaíochta neamhspleách a choinneáil ar bun ina gcoimeádfar taifead de cheannach deimhnithe SCCT, dá sealbhaíocht, dá dtabhairt suas, dá n-athcheannach agus dá gcur ar ceal, agus áiritheoidh sé comhordú na gclárlann náisiúnta.

 

2.     Déanfaidh an riarthóir lárnach rialuithe rioscabhunaithe ar idirbhearta a gcoimeádtar taifead orthu i gclárlanna náisiúnta trí loga idirbheartaíochta neamhspleách chun a áirithiú nach bhfuil aon neamhrialtachtaí ann i gceannach, sealbhaíocht, tabhairt suas, athcheannach agus cur ar ceal deimhnithe SCCT.

 

3.     Má dhéantar neamhrialtachtaí a shainaithint de thoradh na rialuithe a dhéantar faoi mhír 2, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas le haghaidh imscrúdú breise chun na neamhrialtachtaí a sainaithníodh a cheartú.

 

Leasú 98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuntais sna clárlanna náisiúnta

Cuntais i  gclárlann SCCT

Leasú 99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Sannfaidh an t-údarás inniúil uimhir chuntais SCCT uathúil do gach dearbhóir údaraithe.

1.   Sannfaidh údarás SCCT uimhir chuntais SCCT uathúil do gach dearbhóir údaraithe.

Leasú 100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tabharfar rochtain do gach dearbhóir údaraithe ar a chuntas sa chlárlann.

2.   Tabharfar rochtain do gach dearbhóir údaraithe ar a chuntas i gclárlann SCCT .

Leasú 101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil an cuntas ar bun a luaithe a bhronnfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe faoi sin.

3.   Cuirfidh údarás SCCT an cuntas ar bun a luaithe a bhronnfar an t-údarú dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe faoi sin.

Leasú 102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Má tá an dearbhóir údaraithe i ndiaidh stad dá ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó má rinneadh a údarú a chúlghairm, dúnfaidh an t-údarás inniúil cuntas an dearbhóra sin.

4.   Má tá an dearbhóir údaraithe i ndiaidh stad dá ghníomhaíocht eacnamaíoch, nó má rinneadh a údarú a chúlghairm, dúnfaidh údarás SCCT cuntas an dearbhóra sin.

Leasú 103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Dearbhóir a chuirfidh iarratas ar údarú isteach i gcomhréir le hAirteagal 5(1), údaróidh an t-údarás inniúil é má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

1.   Dearbhóir a thíolacfaidh iarratas ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 5(1), údaróidh údarás SCCT é má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

Leasú 104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear i mír 1, nó i gcás inar theip ar an iarratasóir an fhaisnéis a sholáthar a liostaítear in Airteagal 5(3), diúltófar an dearbhóir a údarú.

2.   I gcás ina gcinnfidh údarás SCCT nár comhlíonadh na coinníollacha a liostaítear i mír 1, nó i gcás inar theip ar an iarratasóir an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 5(3) a sholáthar, diúltófar an dearbhóir a údarú.

Leasú 105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Má dhiúltaíonn an t-údarás inniúil dearbhóir a údarú, féadfaidh an dearbhóir a bhfuil an t-údarú á iarraidh aige agóid a chur faoi bhráid an údaráis ábhartha faoin dlí náisiúnta, sula ndéanfar achomharc, agus tabharfaidh an t-údarás ábhartha sin treoir don riarthóir náisiúnta an cuntas a oscailt nó seasfaidh sé leis an diúltú i gcinneadh réasúnaithe, faoi réir cheanglais an dlí náisiúnta lena saothraítear cuspóir dlisteanach atá ag luí leis an Rialachán seo agus ar ceanglais iad atá comhréireach.

scriosta

Leasú 106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 4 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas i gcinneadh an údaráis inniúil lena n-údaraítear dearbhóir

4.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas i gcinneadh údarás SCCT lena n-údaraítear dearbhóir:

Leasú 107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 6 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Éileoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar ráthaíocht a sholáthar chun dearbhóir a údarú i gcomhréir le mír 1, mura raibh an dearbhóir bunaithe i rith an dá bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

Éileoidh údarás SCCT go ndéanfar ráthaíocht a sholáthar chun dearbhóir a údarú i gcomhréir le mír 1, mura raibh an dearbhóir bunaithe i rith an dá bhliain airgeadais roimh an mbliain a cuireadh isteach an t-iarratas i gcomhréir le hAirteagal 5(1).

Leasú 108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 6 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Socróidh an t-údarás inniúil méid na ráthaíochta sin ag uasmhéid luach na ndeimhnithe SCCT a chaithfidh an dearbhóir údaraithe a thabhairt suas, agus an uasmhéid sin de réir mheastachán an údaráis inniúil , i gcomhréir le hAirteagal 22.

Socróidh údarás SCCT méid na ráthaíochta sin ag uasmhéid luach na ndeimhnithe SCCT a chaithfidh an dearbhóir údaraithe a thabhairt suas, agus an t-uasmhéid sin de réir mheastachán údarás SCCT , i gcomhréir le hAirteagal 22.

Leasú 109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Soláthrófar an ráthaíocht mar ráthaíocht bainc, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach. I gcás ina suíonn an t-údarás inniúil nach n-áirithítear leis an ráthaíocht a soláthraíodh méid na n-oibleagáidí SCCT, nó nach deimhin nó leor an ráthaíocht a soláthraíodh chun méid na n-oibleagáidí SCCT a áirithiú, cuirfidh sé de cheangal ar an dearbhóir údaraithe ráthaíocht bhreise a sholáthar, nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta tosaigh, de réir mar a roghnóidh sé féin.

7.   Soláthrófar an ráthaíocht mar ráthaíocht bainc, atá iníoctha ar an gcéad éileamh, ag institiúid airgeadais a oibríonn san Aontas nó trí aon fhoirm eile ráthaíochta lena soláthraítear dearbhú coibhéiseach. I gcás ina suíonn údarás SCCT nach n-áirithítear leis an ráthaíocht a soláthraíodh méid oibleagáidí SCCT, nó nach deimhin ná leor an ráthaíocht a soláthraíodh chun méid oibleagáidí SCCT a áirithiú, cuirfidh sé de cheangal ar an dearbhóir údaraithe ráthaíocht bhreise a sholáthar, nó ráthaíocht nua a chur in ionad na ráthaíochta tosaigh, de réir mar a roghnóidh sé féin.

Leasú 110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8.   Scaoilfidh an t-údarás inniúil an ráthaíocht díreach tar éis an 31 Bealtaine den dara bliain inar thug an dearbhóir údaraithe suas deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22.

8.   Scaoilfidh údarás SCCT an ráthaíocht díreach tar éis an 31 Bealtaine den dara bliain inar thug an dearbhóir údaraithe suas deimhnithe SCCT i gcomhréir le hAirteagal 22.

Leasú 111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8a.     Féadfaidh údarás SCCT cruinneas agus iomláine na faisnéise arna tabhairt ag an iarratasóir i gcomhréir le hAirteagal 5(3) a fhíorú mar aon le marthain, barántúlacht, cruinneas agus bailíocht aon doiciméid tacaíochta. Féadfaidh údarás SCCT na rialuithe sin a dhéanamh ag áitreabh an iarratasóra.

Leasú 112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9.   Déanfaidh an t-údarás inniúil údarú dearbhóra a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, nó mura bhfuil sé ag comhoibriú leis an údarás sin.

9.   Déanfaidh údarás SCCT údarú dearbhóra a chúlghairm mura bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh aige a thuilleadh, nó mura bhfuil sé ag comhoibriú leis an údarás sin , nó má fhaightear amach go ndearna sé sárú arís agus arís eile nó sárú tromchúiseach ar an Rialachán seo .

Leasú 113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9a.     Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socraithe praiticiúla chun na critéir dá dtagraítear i mír 1 agus na ráthaíochtaí dá dtagraítear i mír 6 a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú 114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Measfar gur fíoraitheoir creidiúnaithe faoin Rialachán seo é duine ar bith a creidiúnaíodh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

1.   Measfar gur fíoraitheoir creidiúnaithe faoin Rialachán seo é duine dlítheanach ar bith a creidiúnaíodh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2067.

Leasú 115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.     De bhreis ar mhír 1, féadfaidh comhlacht creidiúnaithe náisiúnta, arna iarraidh sin dó, duine a chreidiúnú mar fhíoraitheoir faoin Rialachán seo tar éis an doiciméadacht a sheiceáil lena bhfianaítear a inniúlacht na prionsabail fíorúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a chur i bhfeidhm chun oibleagáidí rialúcháin na n-astaíochtaí leabaithe a bhunaítear in Airteagail 8, 10 agus 38 a chomhlíonadh.

scriosta

Leasú 116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 le haghaidh an chreidiúnaithe dá dtagraítear i mír  2 , lena sonraítear coinníollacha maidir le rialú agus formhaoirsiú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, maidir le creidiúnú a tharraingt siar agus maidir le haitheantas frithpháirteach agus meastóireacht piaraí na gcomhlachtaí creidiúnúcháin.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 le haghaidh an chreidiúnaithe dá dtagraítear i mír  1 , lena sonraítear coinníollacha maidir le rialú agus formhaoirsiú a dhéanamh ar fhíoraitheoirí creidiúnaithe, maidir le creidiúnú a tharraingt siar agus maidir le haitheantas frithpháirteach agus meastóireacht piaraí na gcomhlachtaí creidiúnúcháin.

Leasú 117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Féadfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú a dhéanamh ar an dearbhú SCCT laistigh den tréimhse dar críoch an ceathrú bliain i ndiaidh na bliana ba cheart an dearbhú a chur isteach. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh sa dearbhú SCCT ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis chustaim in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchta a mheastar a bhfuil gá leis, lena n-áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra údaraithe.

1.   Féadfaidh údarás SCCT athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú SCCT laistigh den tréimhse dar críoch an ceathrú bliain i ndiaidh na bliana inar cheart an dearbhú a thíolacadh. D’fhéadfadh sé gurb é a bheadh san athbhreithniú fíorú ar an bhfaisnéis a soláthraíodh sa dearbhú SCCT ar bhonn na faisnéise a chuir na húdaráis chustaim in iúl i gcomhréir le hAirteagal 25(2) agus aon fhaisnéis ábhartha eile, agus ar bhonn aon iniúchta a mheastar a bhfuil gá leis, lena n-áirítear iniúchadh ag áitreabh an dearbhóra údaraithe.

Leasú 118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   I gcás ina bhfuil sé suite ag an údarás inniúil go bhfuil an líon dearbhaithe de dheimhnithe SCCT atá le tabhairt suas mícheart, nó nár cuireadh isteach aon dearbhú SCCT de bhun mhír 2, déanfaidh sé coigeartú ar an líon deimhnithe SCCT atá dlite ag an dearbhóir údaraithe. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don dearbhóir údaraithe faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an dearbhóir údaraithe suas na deimhnithe SCCT breise laistigh de thréimhse aon mhí amháin.

3.   I gcás ina bhfuil sé suite ag údarás SCCT go bhfuil an líon dearbhaithe de dheimhnithe SCCT atá le tabhairt suas mícheart, nó nár cuireadh isteach aon dearbhú SCCT de bhun mhír 2, déanfaidh sé coigeartú ar an líon deimhnithe SCCT atá dlite ag an dearbhóir údaraithe. Tabharfaidh údarás SCCT fógra don dearbhóir údaraithe faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go ndéanfaidh an dearbhóir údaraithe deimhnithe SCCT breise a thabhairt suas laistigh de thréimhse aon mhí amháin.

Leasú 119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.     Féadfaidh faighteoir an fhógra dá dtagraítear i mír 3 achomharc ar an bhfógra a thaisceadh. Soláthrófar d’fhaighteoir an fhógra faisnéis maidir leis an nós imeachta is inleanta i gcás achomhairc.

scriosta

Leasú 120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   I gcás inar tugadh suas níos mó deimhnithe SCCT ná an líon dlite, déanfaidh an t-údarás inniúil luach na ndeimhnithe SCCT breise a tugadh suas, arna ríomh ag an meánphraghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe as deimhnithe SCCT le linn na bliana allmhairiúcháin , a aisíoc gan mhoill leis an dearbhóir údaraithe.

5.   I gcás inar tugadh suas níos mó deimhnithe SCCT ná an líon dlite, déanfaidh údarás SCCT luach na ndeimhnithe SCCT breise a tugadh suas, arna ríomh ag an meánphraghas a d’íoc an dearbhóir údaraithe as na deimhnithe SCCT sin tráth an cheannaigh, a aisíoc gan mhoill leis an dearbhóir údaraithe.

Leasú 121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Díolfaidh údarás inniúil gach Ballstáit deimhnithe SCCT le dearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin ag an bpraghas a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 21.

1.   Díolfaidh údarás SCCT deimhnithe SCCT le dearbhóirí údaraithe ar an bpraghas a ríomhfar i gcomhréir le hAirteagal 21.

Leasú 122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Áiritheoidh an t-údarás inniúil go sannfar cód céannachta aonaid uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é agus cláróidh sé an uimhir chéannachta aonaid uathúil, an praghas agus dáta díola an deimhnithe sa chlárlann náisiúnta i gcuntas an dearbhóra údaraithe atá á cheannach.

2.   Áiritheoidh údarás SCCT go sannfar cód céannachta aonaid uathúil do gach deimhniú SCCT nuair a chruthófar é agus cláróidh sé an uimhir chéannachta aonaid uathúil, an praghas agus dáta díola an deimhnithe i gclárlann SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe atá á cheannach.

Leasú 123

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar an modheolaíocht chun meánphraghas na ndeimhnithe SCCT a ríomh agus ar shocruithe praiticiúla chun an praghas sin a fhoilsiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an mhodheolaíocht dá bhforáiltear i mír 1 a chur chun feidhme, chun meánphraghas dheimhnithe SCCT a ríomh agus chun na socruithe praiticiúla maidir le foilsiú an phraghais sin a leagan amach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

Leasú 124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh an dearbhóir údaraithe líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas don údarás inniúil , líon a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(c) agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 don bhliain féilire roimh an tabhairt suas

1.   Faoin 31 Bealtaine gach bliain, déanfaidh an dearbhóir údaraithe líon na ndeimhnithe SCCT a thabhairt suas d’údarás SCCT , líon a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe a ríomhadh i gcomhréir le hIarscríbhinn IIIa agus a dearbhaíodh i gcomhréir le hAirteagal 6(2)(c) agus a fíoraíodh i gcomhréir le hAirteagal 8 don bhliain féilire roimh an tabhairt suas.

Leasú 125

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfuil an líon deimhnithe SCCT is gá ar fáil ar a chuntas sa chlárlann náisiúnta . Thairis sin, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfreagraíonn an líon deimhnithe SCCT ar a chuntas sa chlárlann náisiúnta ag deireadh gach ráithe le 80 faoin gcéad ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sna hearraí ar fad atá allmhairithe aige ó bhí tús na bliana féilire ann.

2.   Chun críocha mhír 1, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfuil líon na ndeimhnithe SCCT is gá ar fáil ar a chuntas i gclárlann SCCT . Thairis sin, áiritheoidh an dearbhóir údaraithe go bhfreagraíonn líon na ndeimhnithe SCCT ar a chuntas i gclárlann SCCT ag deireadh gach ráithe le 80 faoin gcéad ar a laghad de na hastaíochtaí leabaithe, arna gcinneadh faoi threoir luachanna réamhshocraithe i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach in Iarscríbhinn III, sna hearraí ar fad a d’allmhairigh sé ó bhí tús na bliana féilire ann.

Leasú 126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nach bhfuil an líon deimhnithe SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe i gcomhréir leis na hoibleagáidí de bhun mhír 2, an dara habairt, tabharfaidh an t-údarás sin fógra faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go dtabharfaidh an dearbhóir údaraithe suas na deimhnithe SCCT breise laistigh de mhí amháin.

3.   I gcás ina gcinneann údarás SCCT nach bhfuil an líon deimhnithe SCCT i gcuntas an dearbhóra údaraithe i gcomhréir leis na hoibleagáidí de bhun an dara habairt de mhír 2, tabharfaidh an t-údarás sin fógra faoin gcoigeartú agus iarrfaidh sé go ndéanfaidh an dearbhóir údaraithe na deimhnithe SCCT breise a thabhairt suas laistigh d’aon mhí amháin.

Leasú 127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 22 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.     Féadfaidh faighteoir an fhógra dá dtagraítear i mír 3 achomharc ar an bhfógra a thaisceadh. Soláthrófar d’fhaighteoir an fhógra faisnéis maidir leis an nós imeachta is inleanta i gcás achomhairc.

scriosta

Leasú 128

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 23 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Athcheannóidh údarás inniúil gach Ballstáit , arna iarraidh sin do dhearbhóir údaraithe sa Bhallstát sin , an farasbarr de dheimhnithe SCCT a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra sa chlárlann náisiúnta tar éis thabhairt suas na ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear isteach an iarraidh ar athcheannach faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dtugtar suas deimhnithe SCCT.

1.   Athcheannóidh údarás SCCT , arna iarraidh sin do dhearbhóir údaraithe, deimhnithe SCCT iomarcacha a bheidh fágtha ar chuntas an dearbhóra i gclárlann SCCT tar éis thabhairt suas na ndeimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear isteach an iarraidh ar athcheannach faoin 30 Meitheamh gach bliain ina dtugtar suas deimhnithe SCCT.

Leasú 129

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh údarás inniúil gach Ballstáit ar ceal aon deimhniú SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a bhí fágtha i gcuntais clárlainne náisiúnta na ndearbhóirí atá údaraithe sa Bhallstát sin .

Faoin 30 Meitheamh gach bliain, déanfaidh údarás SCCT aon deimhnithe SCCT a ceannaíodh le linn na bliana roimh an mbliain féilire roimhe sin agus a d’fhan i gcuntais na ndearbhóirí údaraithe i gclárlann SCCT agus cuirfidh sé na dearbhóirí údaraithe lena mbaineann ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí .

Leasú 130

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 24a

 

Ioncam a ghinfear trí dheimhnithe SCCT a dhíol

 

1.     Ní ioncam sannta a bheidh san ioncam a ghinfear trí dheimhnithe SCCT a dhíol. Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar ioncam a ghinfear trí dheimhnithe SCCT a dhíol a shainmhíniú mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311 CFAE agus a iontráil i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta.

 

2.     Lena áirithiú go gcomhlíonann SCCT an aidhm atá aige chun astaíochtaí carbóin domhanda a laghdú agus cabhrú le cuspóirí aeráide agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear Comhaontú Pháras, cuirtear tacaíocht airgeadais an Aontais ar fáil chun tacú le maolú agus oiriúnú aeráide sna tíortha is lú forbairt, lena n-áirítear a n-iarrachtaí chun a dtionscail déantúsaíochta a dhícharbónú agus a athrú ó bhonn, gan dochar do mhír 1. Cuirtear cistiú den sórt sin ar fáil trí bhuiséad an Aontais chun rannchuidiú leis an maoiniú idirnáisiúnta don aeráid trí éascú a dhéanamh ar oiriúnú na dtionscal lena mbaineann do na hoibleagáidí nua arna mbunú leis an Rialachán seo agus arna gcomhlánú le cúnamh teicniúil, faoi réir cur chun feidhme agus forfheidhmiú iomlán ceart saothair agus ceart sóisialta a aithnítear go hidirnáisiúnta amhail chroíchaighdeáin saothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair sa tír is faighteoir.

 

Ba cheart an tacaíocht airgeadais nua ó bhuiséad an Aontais a chur ar fáil faoi chlár geografach agus téamach ábhartha na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/947 agus ba cheart méid na tacaíochta airgeadais sin a chinneadh ar bhonn bliantúil, ar cheart di a bheith ag teacht, ar a laghad, le leibhéal an ioncaim a ghintear ó dheimhnithe SCCT a dhíol .

 

3.     Chun trédhearcacht a áirithiú agus úsáid á baint as an ioncam a ghintear ó dheimhnithe SCCT a dhíol, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle gach bliain faoin gcaoi ar baineadh úsáid as méid coibhéiseach luach airgeadais an ioncaim sin ón mbliain roimhe sin agus faoin gcaoi a raibh sé sin ina rannchuidiú le dícharbónú an tionscail déantúsaíochta sna tíortha is lú forbairt.

Leasú 131

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 25

scriosta

Nósanna imeachta ag an teorainn nuair a dhéantar earraí a allmhairiú

 

1.     Ní cheadóidh na húdaráis chustaim earraí a allmhairiú mura bhfuil an dearbhóir údaraithe ag údarás inniúil tráth a scaoiltear na hearraí i saorchúrsaíocht ar a dhéanaí.

 

2.     Cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl go tréimhsiúil, d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe, faisnéis faoi na hearraí a dhearbhaítear le haghaidh allmhairithe, lena n-áirítear uimhir EORI agus uimhir chuntais SCCT an dearbhóra, cód AC 8 ndigit na n-earraí, an líon, an tír thionscnaimh, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim.

 

3.     Déanfaidh na húdaráis chustaim rialuithe ar na hearraí i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, lena n-áirítear cód AC 8 ndigit, líon agus tír thionscnaimh na n-earraí allmhairithe. Cuirfidh an Coimisiún na rioscaí a bhaineann le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha san áireamh i ndearadh na gcritéar riosca comhchoiteann agus na gcaighdeán comhchoiteann de bhun de bhun Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

 

4.     Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda a fuair na húdaráis chustaim agus a ndualgas á chomhlíonadh acu nó a chuirtear ar fáil ar bhonn rúnda a chur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe. Déileálfaidh údaráis inniúla na mBallstát leis an bhfaisnéis seo agus malartóidh siad í i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle.

 

5.     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sainítear an fhaisnéis, an t-uainiú agus an modh chun an fhaisnéis a chur in iúl de bhun mhír 2. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

 

Leasú 132

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 25a

 

Nósanna imeachta ag an teorainn nuair a dhéantar earraí a allmhairiú

 

1.     Áiritheoidh na húdaráis chustaim go mbeidh dearbhóir na n-earraí cláraithe le húdarás SCCT tráth a dhearbhófar na hearraí chun a n-allmhairithe agus, ar a dhéanaí, tráth a scaoilfear na hearraí i saorchúrsaíocht.

 

2.     Déanfaidh na húdaráis chustaim faisnéis shonrach maidir leis na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I agus a dhearbhaítear chun a n-allmhairithe a chur in iúl go tráthrialta d’údarás SCCT. Áireofar san fhaisnéis sin méid, tír thionscnaimh agus dearbhóir na n-earraí, ar a laghad. Féadfaidh na húdaráis chustaim faisnéis rúnda dá dtagraítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a chur in iúl d’údarás SCCT chun críche an Rialacháin seo.

 

3.     Measfar gur earraí de thionscnamh tríú tíortha iad earraí allmhairithe i gcomhréir leis na rialacha tionscnaimh neamhfhabhair earraí dá dtagraítear in Airteagal 59 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

 

4.     Déanfaidh an Coimisiún an tréimhsiúlacht agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

 

5.     Amhail ó dháta tionscnaimh gníomhaíochta faoi Airteagal 26a nó faoi Airteagal 27, agus tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas in am trátha, féadfaidh an Coimisiún treoir a thabhairt do na húdaráis chustaim na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí a chlárú ionas go bhféadfar bearta a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin ar na hallmhairí sin ón dáta clárúcháin sin ar aghaidh. Féadfaidh an Coimisiún allmhairí a chur faoi réir clárúcháin tar éis iarraidh a fháil ón tionscal de chuid an Aontais ina bhfuil go leor fianaise chun údar a thabhairt chuige sin nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin. Is le cinneadh ón gCoimisiún a thabharfar clárú isteach agus sonrófar ann cuspóir na gníomhaíochta agus, más iomchuí, meastachán ar mhéid an dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Ní bheidh an tréimhse ina gcuirfear allmhairí faoi réir clárúcháin níos faide ná 9 mí.

Leasú 133

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 26

scriosta

Pionóis

 

1.     Dearbhóir údaraithe a dteipeann air, faoin 31 Bealtaine gach bliain, líon deimhnithe SCCT a thabhairt suas a fhreagraíonn do na hastaíochtaí leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana roimhe sin, dlífear pionós a chur air atá comhionann leis an bpionós i leith astaíochtaí iomarcacha a leagtar amach in Airteagal 16(3) de Threoir 2003/87/CE, agus a ardaíodh de bhun Airteagal 16(4) den Treoir sin, sa bhliain a allmhairíodh na hearraí, i gcás gach deimhniú SCCT ba cheart a bheith tugtha suas ag an dearbhóir údaraithe.

 

2.     Aon duine seachas dearbhóir údaraithe a thabharfaidh earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan deimhnithe SCCT a thabhairt suas de réir an Rialacháin seo, dlífear an pionós dá dtagraítear i mír 1 a chur air sa bhliain a tugadh isteach na hearraí, i gcás gach deimhniú SCCT ba cheart a bheith tugtha suas ag an duine.

 

3.     I gcás ar bith, ní fhágfaidh íoc an phionóis go scaoilfear an dearbhóir údaraithe ón oibleagáid an líon deimhnithe SCCT gan íoc i mbliain ar leith a thabhairt suas d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an dearbhóir údaraithe.

 

4.     Má chinneann an t-údarás inniúil gur theip ar an dearbhóir údaraithe an oibleagáid a chomhlíonadh deimhnithe SCCT a thabhairt suas mar a shonraítear i mír 1, nó gur thug duine earraí isteach i gcríoch chustaim an Aontais mar a shonraítear i mír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe nó, sa chás faoi mhír 2, don duine mar a leanas:

 

(a)

go bhfuil an t-údarás inniúil tagtha ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir údaraithe nó ar an duine an oibleagáid a chomhlíonadh deimhnithe SCCT a thabhairt suas i gcás bliain ar leith;

 

(b)

na cúiseanna atá lena chonclúid;

 

(c)

méid an phionóis atá á fhorchur ar an dearbhóir údaraithe nó ar an duine;

 

(d)

an dáta óna mbeidh an pionós dlite;

 

(e)

an gníomh a mheasann an t-údarás inniúil ba cheart don dearbhóir údaraithe nó don duine a dhéanamh chun a oibleagáid faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus

 

(f)

go bhfuil sé de cheart ag an dearbhóir údaraithe nó ag an duine achomharc a dhéanamh faoi rialacha náisiúnta.

 

5.     Féadfaidh na Ballstáit smachtbhannaí riaracháin nó smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm as mainneachtain an reachtaíocht SCCT a chomhlíonadh i gcomhréir lena rialacha náisiúnta i dteannta pionóis dá dtagraítear i mír 2. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

 

Leasú 134

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 26a

 

Pionóis

 

1.     Dearbhóir údaraithe a mhainníonn, faoin 31 Bealtaine gach bliain, líon na ndeimhnithe SCCT a thabhairt suas a chomhfhreagraíonn do na hastaíochtaí atá leabaithe in earraí a allmhairíodh le linn na bliana roimhe sin nó a chuireann faisnéis bhréagach, a bhaineann le hastaíochtaí iarbhír, faoi bhráid an údaráis d’fhonn cóir fhabhrach a fháil dó féin, beidh sé faoi dhliteanas pionós a íoc.

 

2.     Beidh méid an phionóis comhionann le trí oiread an mheánphraghais ar dheimhnithe SCCT sa bhliain roimhe sin i gcás gach deimhniú SCCT nár thug an dearbhóir údaraithe suas i gcomhréir le hAirteagal 22. Fiú amháin agus go n-íocfadh an dearbhóir údaraithe an pionós, ní scaoilfidh sé sin é ón oibleagáid cibé líon deimhnithe SCCT a bheidh fós gan tabhairt suas a thabhairt suas d’údarás SCCT.

 

3.     I gcás ina ndéantar cionta arís agus arís eile, féadfaidh údarás SCCT cinneadh a dhéanamh cuntas SCCT an dearbhóra údaraithe a chur ar fionraí.

 

4.     Sa bhreis ar na bpionós dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh na Ballstáit pionóis riaracháin nó choiriúla i bhfeidhm as mainneachtain SCCT a chomhlíonadh i gcomhréir lena ndlí náisiúnta. Beidh pionóis den sórt sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

 

5.     Má chinneann údarás SCCT nár chomhlíon dearbhóir údaraithe an oibleagáid maidir le deimhnithe SCCT a thabhairt suas nó gur chuir sé faisnéis bhréagach faoi bhráid an údaráis, déanfaidh údarás SCCT an pionós dá dtagraítear i mír 2 a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir údaraithe mar a leanas:

 

(a)

go bhfuil údarás SCCT tagtha ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir údaraithe an oibleagáid a chomhlíonadh deimhnithe SCCT a thabhairt suas i gcás bliain ar leith i gcomhréir le hAirteagal 22 nó gur chuir sé faisnéis bhréagach faoi bhráid an údaráis;

 

(b)

na cúiseanna atá lena chonclúid;

 

(c)

méid an phionóis atá á fhorchur ar an dearbhóir udaruithe;

 

(d)

an dáta óna mbeidh an pionós dlite;

 

(e)

an ghníomhaíocht a mheasann an t-údarás inniúil gur cheart don dearbhóir údaraithe a dhéanamh chun a oibleagáidí faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus

 

(f)

go bhfuil sé de cheart ag an dearbhóir údaraithe achomharc a dhéanamh faoin dlí náisiúnta.

Leasú 135

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Áirítear ar na cleachtais imchéimniúcháin cásanna nach bhfuil cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach le hathrú sa phatrún trádála i ndáil le hearraí a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo ach gurb é is cúis leis an athrú oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint agus is éard a bhíonn sna cleachtais sin táirgí atá modhnaithe de bheagán, nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I ach a bhaineann le hearnáil a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, a chur in ionad na n-earraí sin .

2.    Is éard a bheidh i gcleachtais imchéimniúcháin ná aon bhearta arb é is cuspóir leo aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint . Is éard a bheidh sna cásanna sin ná cásanna a eascraíonn as cleachtas, as próiseas nó as obair gan cúis chuí leordhóthanach ná bonn cirt eacnamaíoch seachas oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a sheachaint nó a mhaolú agus d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leo, ach gan a bheith teoranta dóibh :

Leasú 136

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(a)

fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha, amhail socruithe fabhracha cánach, praghsáil fuinnimh, lacáistí onnmhairiúcháin nó cúiteamh de chineálacha eile ar onnmhairiú, le haghaidh earraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo chun codanna nó iomlán na gcostas a bhaineann le praghas CO2 arna íoc sa tríú tír a ionsú;

Leasú 137

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b)

praghas CO2 arna íoc i dtríú tír nach gcuirtear ach ar earraí atá le honnmhairiú chuig an Aontas;

Leasú 138

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(c)

táirgí atá modhnaithe de bheagán, nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I ach a bhaineann le hearnáil a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo, a chur in ionad na n-earraí sin;

Leasú 139

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(d)

seachfhoinsiú ar tháirgeadh táirgí iartheachtacha ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I d’fhonn íocaíocht an phraghais CO2 san Aontas a sheachaint;

Leasú 140

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(e)

loingsiú an táirge lena mbaineann trí na tríú tíortha nach bhfuil feidhm ag oibleagáidí nó oibleagáidí níos fabhraí maidir leo; nó

Leasú 141

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2 – pointe f (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(f)

atheagrú ag onnmhaireoirí nó táirgeoirí ar a bpatrúin agus bealaí díolacháin agus táirgthe, nó aon chineálacha eile dé-chleachtais táirgthe agus díolacháin.

Leasú 142

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann na cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic, thar thréimhse dhá mhí i gcomparáid leis an tréimhse chéanna sa bhliain roimhe sin, le laghdú mór ar an méid earraí allmhairithe a áirítear i raon feidhme an Rialacháin seo agus le méadú ar an méid allmhairí táirgí atá modhnaithe de bheagán nach n-áirítear sa liosta earraí in Iarscríbhinn I . Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar aon athrú mór patrúin i dtrádáil earraí agus táirgí atá modhnaithe de bheagán ar leibhéal an Aontais .

3.   Ballstát nó aon pháirtí a ndéanann aon cheann de na cásanna a dtugtar tuairisc orthu i mír 2 difear dó, nó a dtéann na cásanna sin chun sochair dó, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Choimisiún má bhíonn air dul i ngleic le cleachtais inchéimniucháin . Maidir le páirtithe leasmhara nach páirtithe dá ndéantar difear díreach iad, amhail eagraíochtaí comhshaoil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, a aimsíonn fianaise nithiúil maidir le himchéimniú an Rialacháin seo , féadfaidh siad fógra a thabhairt don Choimisiún freisin . Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach d’fhonn cleachtais imchéimniúcháin a shainaithint, lena n-áirítear trí fhaireachas margaidh nó ar bhonn aon fhoinse ábhartha faisnéise, amhail aighneachtaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus tuairisciú uathu .

Leasú 143

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Luafar san fhógra dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna is bun leis agus áireofar ann sonraí agus staidreamh ábhartha maidir leis na hearraí agus na táirgí dá dtagraítear i mír  2 .

4.   Luafar san fhógra dá dtagraítear i mír 3 na cúiseanna is bun leis agus áireofar ann sonraí agus staidreamh ábhartha lena dtugtar bunús leis an líomhain maidir le himchéimniú an Rialacháin seo . Cuirfidh an Coimisiún tús le himscrúdú ar líomhain den chineál sin a leagtar amach i bhfógra ó Bhallstát, ó pháirtí dá ndéantar difear nó ó pháirtí leasmhar, ar choinníoll go gcomhlíonann an fógra na ceanglais dá dtagraítear sa mhír seo, nó i gcás ina gcinneann an Coimisiún féin go bhfuil gá leis an imscrúdú sin. Agus an t-imscrúdú á dhéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis chustaim cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Cuirfidh an Coimisiún an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 9 mí ó dháta an fhógra. I gcás ina dtionscnaítear imscrúdú, tabharfaidh an Coimisiún fógra do na húdaráis inniúla go léir.

Leasú 144

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a sholáthair údaráis chustaim na mBallstát, gur ann do na himthosca dá dtagraítear i mír  3 i mBallstát amháin nó níos mó, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a fhorlíonadh chun táirgí atá modhnaithe de bheagán a chur san áireamh chun críocha frith-imchéimnithe.

5.   I gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an gCoimisiún lena chreidiúint, agus na sonraí, na tuarascálacha agus an staidreamh ábhartha á gcur san áireamh, lena n-áirítear iad siúd a sholáthair údaráis chustaim na mBallstát, gur ann do na himthosca dá dtagraítear i mír  2 i mBallstát amháin nó níos mó, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28, d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a fhorlíonadh chun táirgí atá modhnaithe de bheagán nó táirgí iartheachtacha a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I os cionn na tairsí íosta iontu a chur san áireamh chun críocha frith-imchéimnithe.

Leasú 145

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Foilseoidh an Coimisiún i dtuarascáil bhliantúil gach cás ina bhfuil imscrúduithe maidir le himchéimniú agus torthaí na n-imscrúduithe sin. Beidh ar áireamh sa tuarascáil freisin faisnéis maidir le stádas na nósanna imeachta achomhairc atá ar siúl i gcoinne pionós agus faisnéis chomhiomlánaithe maidir le déine astaíochtaí in aghaidh na tíre tionscnaimh i gcás na n-earraí éagsúla a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Leasú 146

Togra le haghaidh rialacháin

Caibidil VI a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Caibidil VIa

 

Achomhairc

Leasú 147

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 27a

 

Achomhairc i gcoinne cinntí arna ndéanamh ag údarás SCCT

 

1.     Féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí arna ndéanamh ag Údarás SCCT. Beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne chinntí údarás SCCT a théann chun dochair d’aon duine leasmhar, lena n-áirítear cinntí maidir le pionóis, imchéimniú agus luachanna astaíochta iarbhír. Ní bheidh éifeacht ag na cinntí sin ach ó dháta dhul in éag thréimhse 2 mhí an achomhairc.

 

2.     Beidh éifeacht fionraíochta ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 1.

 

3.     Beidh na táirgí lena mbaineann achomharc faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 25a(5).

 

4.     Féadfaidh aon pháirtí in imeachtaí a dtéann cinneadh chun dochair dó achomharc a dhéanamh. Beidh aon pháirtithe eile sna himeachtaí ina bpáirtithe sna himeachtaí achomharc ipso jure.

 

5.     Bunófar an Bord Achomhairc agus beidh triúr lánchomhaltaí air, cathaoirleach agus beirt chomhaltaí mhalartacha. Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún comhalta an ceann. Is í an Chomhairle a cheapfaidh an cathaoirleach. Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle comhalta malartach breise an ceann.

 

6.     Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo chun comhdhéanamh, ceapadh agus rialacha nós imeachta an Bhoird Achomhairc a bhunú, d’fhonn neamhspleáchas a chomhaltaí a áirithiú, lena n-áirítear le linn na hidirthréimhse. Is ag an gCoimisiún a bheidh feidhmeanna an Bhoird Achomhairc le linn na hidirthréimhse.

Leasú 148

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 27b

 

Scrúdú ar achomhairc

 

1.     Scrúdóidh an Bord Achomhairc an bhfuil achomharc inghlactha.

 

2.     Le linn dó scrúdú a dhéanamh ar achomharc, tabharfaidh an Bord Achomhairc cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 27a(4) barúlacha a chomhdú, laistigh de thréimhse a shocróidh an Bord Achomhairc, i dtaca le haighneachtaí arna ndéanamh ag na páirtithe eile san achomharc nó i dtaca le cumarsáidí arna n-eisiúint ag an mBord Achomhairc.

 

3.     Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar a inghlactha atá achomharc, déanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh maidir leis an achomharc. Féadfaidh an Bord Achomhairc aon chumhacht atá faoi inniúlacht údarás SCCT a fheidhmiú nó an cás a tharchur chuig an údarás sin chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.

 

4.     Más rud é go ndéanann an Bord Achomhairc an cás a tharchur chuig údarás SCCT chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh, beidh an t-údarás sin faoi cheangal ag conclúidí an Bhoird Achomhairc, a mhéid gurb ionann na fíorais.

 

5.     Ní bheidh éifeacht ag cinneadh ón mBord Achomhairc ach ón dáta a rachaidh tréimhse 2 mhí in éag tar éis don chinneadh a bheith curtha in iúl nó, más rud é go bhfuil caingean tugtha os comhair na Cúirte Ginearálta laistigh den tréimhse sin, ón dáta a dhíbhfear an caingean sin nó ó dháta aon achomhairc a dhéanfar leis an gCúirt Bhreithiúnais i gcoinne an chinnidh ón gCúirt Ghinearálta.

Leasú 149

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 27c

 

Caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais

 

1.     Féadfar caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta nó os comhair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE, lena gconspóidfear cinneadh a rinne an Bord Achomhairc.

 

2.     Mura ndéanfaidh an Bord Achomhairc cinneadh, féadfaidh imeachtaí de bharr neamhghnímh a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE.

 

3.     Ceanglófar ar údarás SCCT gach beart is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Ginearálta nó, i gcás achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais, a chomhlíonadh.

Leasú 150

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) a ghlacadh don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama.

2.   Is go ceann tréimhse neamhchinntithe ama a thabharfar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail  2(1a), 2(6), 2(10), 2(11), 7(7a), 8(3), 12a(7), 18(3), 27(5), 27a(6), 31(2) agus 35(6) .

Leasú 151

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) a chúlghairm aon tráth.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2(1a), 2(6), 2(10), 2(11), 7(7a), 8(3), 12a(7), 18(3), 27(5), 27a(6), 31(2) agus 35(6) a chúlghairm tráth ar bith.

Leasú 152

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(10), Airteagal 2(11), Airteagal 18(3) agus Airteagal 27(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

7.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 2(1a), 2(6), 2(10), 2(11), 7(7a), 8(3), 12 a(7) 18(3), 27(5), 27a(6), 31(2) agus 35(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a bheith tugtha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Leasú 153

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Baileoidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá d’fhonn raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun astaíochtaí indíreacha agus earraí seachas na cinn sin a liostaítear in Iarscríbhinn I a chumhdach, agus forbróidh sé modhanna chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna tomhais maidir le lorg comhshaoil.

1.   Baileoidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, an fhaisnéis is gá chun an raon feidhme a leathnú chuig earnálacha eile agus chuig táirgí iartheachtacha a leagtar síos in Airteagal 2(1a) den Rialachán seo, agus chun modhanna a fhorbairt chun astaíochtaí leabaithe a ríomh bunaithe ar mhodhanna maidir le lorg comhshaoil.

Leasú 260

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Roimh dheireadh na hidirthréimhse, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Cuimseofar sa tuarascáil, go háirithe, measúnú ar na féidearthachtaí raon feidhme astaíochtaí leabaithe a leathnú a thuilleadh chun astaíochtaí indíreacha agus earraí eile a mbaineann riosca sceite carbóin leo seachas na cinn sin atá cumhdaithe faoin Rialachán seo cheana a chumhdach, chomh maith le measúnú ar an gcóras rialachais . Cuimseofar ann freisin measúnú ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú tuilleadh chun astaíochtaí leabaithe seirbhísí iompair a chumhdach chomh maith le hearraí níos faide síos an slabhra luacha agus seirbhísí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir an riosca sceite carbóin amach anseo.

2.   Roimh dheireadh na hidirthréimhse, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Díreofar sa chéad tuarascáil, go háirithe, ar na féidearthachtaí chun an Rialachán seo a fheabhsú i dtreo an chuspóra Aontas a bheith aeráidneodrach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus déanfar measúnú inti ar an bhféidearthacht an raon feidhme a leathnú tuilleadh chun astaíochtaí leabaithe ó sheirbhísí iompair a chumhdach. Ina theannta sin, déanfaidh sé meastóireacht ar na sainiúlachtaí teicniúla a bhaineann le hastaíochtaí leabaithe a ríomh le haghaidh ceimiceán agus polaiméirí orgánacha, a gcuid slabhraí luacha agus an acmhainn atá sa sásra aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar an riosca sceite carbóin do na hearnálacha sin. Bunaithe ar an tuarascáil sin, féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach a chur ar aghaidh chun fachtóir SCCT dá dtagraítear in Airteagal 31 a choigeartú nó chun teacht i bhfeidhm Airteagal 36(3), pointe (d), maidir leis na hearraí sin a chur siar.

Leasú 157

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.    Más iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún.

3.    Tar éis 2028, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar fheidhmiú SCCT agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 2 bhliain maidir le feidhmiú SCCT, bunaithe ar na gnéithe a leagtar síos i mír 2a .

Leasú 158

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 30 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     I gcás inar tharla imeacht gan choinne, eisceachtúil agus gan chúis nach bhfuil smacht ag tríú tír amháin nó níos mó atá faoi réir SCCT air, agus a bhfuil iarmhairtí scriosacha ag an imeacht sin ar bhonneagar eacnamaíoch agus tionsclaíoch na dtíortha lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an staid agus cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, de réir mar is iomchuí, lena leasaítear an Rialachán seo, chun na bearta sealadacha is gá a leagan amach chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla sin.

Leasú 261

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     Ní dhéanfar aon leithdháileadh saor in aisce i dtaca le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a tháirgeadh laistigh den Aontas amhail ó dháta chur i bhfeidhm SCCT, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 36(3).

 

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, go dtí 2032, tairbheoidh táirgeadh na dtáirgí sin de leithdháileadh saor in aisce i méideanna laghdaithe. Déanfar fachtóir SCCT lena laghdófar an leithdháileadh le haghaidh tháirgeadh na dtáirgí sin a chur i bhfeidhm. Beidh fachtóir SCCT cothrom le 100 % don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2026 agus ag brath ar chur i bhfeidhm Airteagal 36(3), pointe (d) den Rialachán seo, 93 % in 2027, 84 % in 2028, 69 % in 2029, 50 % in 2030, 25 % in 2031, agus sroichfidh sé 0 % in 2032.

 

Beidh fachtóir SCCT maidir le hearraí a áirítear sa Rialachán seo tar éis…[dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], i gcomhréir leis an amlíne a leagtar amach faoi Airteagal 2(1a) comhionann le 100 % an chéad bhliain, 93 % an dara bliain, 84 % an tríú bliain, 69 % an ceathrú bliain, 50 % an cúigiú bliain, 25 % an séú bliain, agus sroichfidh sé 0 % tar éis 6 bliana.

 

Déanfar an laghdú ar leithdháileadh saor in aisce a ríomh gach bliain mar an meánsciar den éileamh ar leithdháileadh saor in aisce le haghaidh tháirgeadh na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I i gcomparáid leis an éileamh iomlán ar leithdháileadh saor in aisce a ríomhtar le haghaidh na suiteálacha ar fad, don tréimhse ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 11(1) de Threoir 2003/87/CE, agus cuirfear fachtóir SCCT i bhfeidhm.

Leasú 262

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b.     D’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú, de mhaolú mhír 1 (a), ar an gcéad fhomhír agus ar an dara fomhír, leanfar de shaor-leithdháileadh a thabhairt do tháirgeadh táirgí san Aontas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, ar choinníoll go bhfuil na táirgí sin táirgthe lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha gan sásraí praghsála carbóin cosúil le EU ETS.

 

Faoi 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina soláthróidh sé measúnú mionsonraithe ar éifeachtaí EU ETS agus SCCT ar tháirgeadh táirgí san Aontas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, ar táirgí iad atá táirgthe lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha agus ar fhorbairt astaíochtaí domhanda, chomh maith le measúnú ar chomhoiriúnacht an mhaolaithe arna leagan síos sa chéad fhomhír leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

 

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a ghabháil leis an tuarascáil sin lena ndéanfar foráil maidir le cosaint i gcoinne riosca sceitheadh carbóin a chomhionannaíonn praghsáil charbóin chun táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a tháirgeadh san Aontas, ar táirgí iad a tháirgtear lena n-onnmhairiú chuig tríú tíortha nach bhfuil sásraí praghsála carbóin acu atá comhchosúil le CTA AE ar bhealach atá comhoiriúnach don Eagraíocht Dhomhanda Trádála faoin 31 Nollaig 2026, lena ndéanfar measúnú go háirithe ar shásraí coigeartaithe onnmhairiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann do shuiteálacha a bhaineann leis an 10 % de na suiteálacha is éifeachtúla a leagtar síos in Airteagal 10a de Threoir 2003/87/CE, i bhfianaise tograí ón gCoimisiún i bhfianaise comhoiriúnachta iomchuí ar bith de chuid an EDT.

Leasú 160

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos modheolaíocht ríofa i ndáil leis an laghdú dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 29(2).

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhodheolaíocht ríofa a leagan síos don laghdú dá dtagraítear i mír 1.

Leasú 161

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Gach bliain ó 2025, mar chuid dá thuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle de bhun Airteagal 10(5) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht SCCT maidir le haghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin d’earraí a tháirgtear san Aontas chun onnmhairiú chuig tríú tíortha nach gcuireann CTA AE nó sásra comhchosúil praghsála carbóin i bhfeidhm. Déanfar measúnú sa tuarascáil go háirithe ar fhorbairt onnmhairí an Aontais in earnálacha SCCT agus ar na forbairtí maidir le sreafaí trádála agus astaíochtaí leabaithe na n-earraí sin ar an margadh domhanda. I gcás inarb é conclúid na tuarascála go bhfuil riosca sceite carbóin ann d’earraí a tháirgtear san Aontas chun onnmhairiú chuig na tríú tíortha sin nach gcuireann CTA AE nó sásra praghsála carbóin den chineál céanna i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sceite carbóin ar bhealach a chomhlíonann rialacha EDT agus a gcuireann dícharbónú suiteálacha san Aontas san áireamh.

Leasú 162

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, cuirfidh na húdaráis chustaim in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin faisnéis mar gheall ar earraí allmhairithe, lena n-áirítear táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin uimhir EORI an dearbhóra, cód AC 8 ndigit, líon, tír thionscnaimh agus dearbhóir na n-earraí, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim.

3.   Trí bhíthin an tsásra faireachais a bunaíodh de bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, cuirfidh na húdaráis chustaim faisnéis in iúl d’údarás SCCT maidir le hearraí allmhairithe, lena n-áirítear táirgí próiseáilte ar toradh iad ar an nós imeachta próiseála amach. Áireofar i bhfaisnéis den sórt sin uimhir EORI an dearbhóra, cód AC 8 ndigit, líon, tír thionscnaimh agus dearbhóir na n-earraí, dáta an dearbhaithe agus an nós imeachta custaim.

Leasú 163

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Cuirfidh gach dearbhóir, le haghaidh gach ráithe de bhliain féilire, tuarascáil (“tuarascáil SCCT”) ina bhfuil faisnéis faoi na hearraí a allmhairíodh le linn na ráithe sin faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin nó, sa chás gur allmhairíodh na hearraí go dtí níos mó ná Ballstát amháin, faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit a roghnóidh an dearbhóir, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dheireadh gach ráithe.

1.   Déanfaidh gach dearbhóir, le haghaidh gach ráithe de bhliain féilire, tuarascáil (“tuarascáil SCCT”) ina mbeidh faisnéis faoi na hearraí a allmhairíodh le linn na ráithe sin a thíolacadh d’údarás SCCT, tráth nach déanaí ná mí amháin tar éis dheireadh gach ráithe.

Leasú 164

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

iomlán na n-astaíochtaí indíreacha leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh an tona de gach cineál earraí seachas leictreachas, arna ríomh i gcomhréir le modh a leagtar amach i ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6;

(c)

iomlán na n-astaíochtaí indíreacha leabaithe iarbhír, arna shloinneadh i dtonaí d’astaíochtaí coibhéise CO2 in aghaidh an tona de gach cineál earraí seachas leictreachas, arna ríomh i gcomhréir le modh a leagtar amach i ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 6;

Leasú 165

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Cuirfidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh na ráithe a chumhdaítear le tuarascáil.

3.   Cuirfidh údarás SCCT an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 in iúl don Choimisiún dhá mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh na ráithe a chumhdaítear le tuarascáil.

Leasú 166

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.   Déanfaidh an t-údarás inniúil pionós comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhearbhóirí nach gcuirfidh isteach tuarascáil SCCT.

4.   Déanfaidh údarás SCCT pionós comhréireach agus athchomhairleach a fhorchur ar dhearbhóirí nach dtíolacann tuarascáil SCCT.

Leasú 167

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 5 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Má chinneann an t-údarás inniúil nár chomhlíon dearbhóir an oibleagáid tuarascáil SCCT a chur isteach mar a shonraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil an pionós a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir mar a leanas:

5.   Má chinneann údarás SCCT nár chomhlíon dearbhóir an oibleagáid tuarascáil SCCT a thíolacadh mar a shonraítear i mír 1, déanfaidh údarás SCCT an pionós a fhorchur agus tabharfaidh sé fógra don dearbhóir mar a leanas:

Leasú 168

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 5 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

go bhfuil an t-údarás inniúil tagtha ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir an oibleagáid a chomhlíonadh tuarascáil a chur isteach do ráithe ar leith;

(a)

gur tháinig údarás SCCT ar an gconclúid go bhfuil ag teip ar an dearbhóir an oibleagáid a chomhlíonadh tuarascáil a thíolacadh do ráithe ar leith;

Leasú 169

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 5 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

an gníomh a mheasann an t-údarás inniúil gur cheart don dearbhóir a dhéanamh chun a oibleagáid faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus

(e)

an ghníomhaíocht a mheasann údarás SCCT gur cheart don dearbhóir a dhéanamh chun a oibleagáid faoi phointe (a) a chomhlíonadh, ag brath ar na fíorais agus ar na himthosca a bhaineann leis an gcás; agus

Leasú 170

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú, leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl agus le comhshó an phraghais carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach go euro ag meánráta malairte bliantúil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar na gnéithe is gá den mhodh ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n-astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí sin. Tugtar de chumhacht bhreise don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun modh a fhorbairt chun na hastaíochtaí indíreacha atá leabaithe in earraí allmhairithe a ríomh.

6.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú, leis na nósanna imeachta chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a chur in iúl agus le comhshó an phraghais carbóin a íocadh in airgeadra eachtrach go euro ag meánráta malairte bliantúil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun sainiú breise a dhéanamh ar na gnéithe is gá den mhodh ríofa a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear teorainneacha córais na bpróiseas táirgthe, na fachtóirí astaíochta, luachanna suiteáil-sonracha na n-astaíochtaí iarbhír agus a gcur i bhfeidhm faoi seach ar earraí aonair a chinneadh chomh maith le modhanna a leagan síos chun iontaofacht na sonraí a áirithiú, lena n-áirítear an leibhéal mionsonra agus fíorú na sonraí sin. Tugtar de chumhacht bhreise don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 lena bhforlíontar an Rialachán seo chun modh a fhorbairt chun na hastaíochtaí indíreacha atá leabaithe in earraí allmhairithe a ríomh.

Leasuithe 198, 216 agus 263

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

Beidh feidhm ag Airteagail 32 go 34 go dtí an 31 Nollaig  2025 .

(a)

Beidh feidhm ag Airteagail 32 go 34 go dtí an 31 Nollaig 2026 .

Leasuithe 199 agus 217

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

Beidh feidhm ag Airteagal 35 go dtí an 28 Feabhra  2026 .

(b)

Beidh feidhm ag Airteagail 35 go dtí an 28 Feabhra 2027 .

Leasú 264

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

Beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 17 ón 1 Meán Fómhair  2025 .

(c)

Beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 17 ón 1 Meán Fómhair  2026 .

Leasuithe 200, 218 agus 265

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 36 – mír 3 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

Beidh feidhm ag Airteagail 4, 6, 7, 8, 9, 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 agus 31 ón 1 Eanáir  2026 .

(d)

Beidh feidhm ag Airteagail 4, 6, 7, 8, 9, 14, 15, 16, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27 agus 31 ón 1 Eanáir 2027 .

Leasú 175

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Liosta na n-earraí agus na ngás ceaptha teasa

1.

Chun earraí a shainaithint, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a liostaítear sna hearnálacha seo a leanas a thagann faoi láthair faoi na cóid ainmníochta comhcheangailte (“AC”) a liostaítear thíos, agus is éard a bheidh iontu na cóid atá i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1).

2.

Chun críocha an Rialacháin seo, na gáis cheaptha teasa a bhaineann le hearraí atá sna hearnálacha a liostaítear thíos, is éard a bheidh sna gáis sin na cinn a liostaítear thíos le haghaidh gach cineál earraí.

Stroighin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2523 10 00  – Clincir stroighne

Dé-ocsaíd charbóin

2523 21 00  – Stroighin bhán Portland, bíodh sí daite go saorga nó ná bíodh

Dé-ocsaíd charbóin

2523 29 00  – Cineálacha eile stroighne Portland

Dé-ocsaíd charbóin

2523 90 00  – Stroighneacha hiodrálacha eile

Dé-ocsaíd charbóin

Leictreachas

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2716 00 00  – Fuinneamh leictreach

Dé-ocsaíd charbóin

Leasacháin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2808 00 00  – Aigéad nítreach; aigéid shulfainítreacha

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

2814  – Amóinia, í ainhidriúil nó i dtuaslagán uiscí

Dé-ocsaíd charbóin

2834 21 00  – Níotráití potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3102  – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha, iad nítrigineach

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3105  – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na dúile leasacháin nítrigin, fosfar agus potaisiam; leasacháin eile; earraí faoin gcaibidil seo i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan

Cé is moite de: 3105 60 00  – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasacháin fosfar agus potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

Iarann agus Cruach

Cód AC

Gás ceaptha teasa

72 – Iarann agus cruach

Cé is moite de:

7202  – Fearó-chóimhiotail

7204  – Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; tinní dramhiarainn agus cruach lena n-athleá

Dé-ocsaíd charbóin

7301  – Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte nó pollta, bíodh sí déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, agus táthú déanta orthu, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7302  – Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh na n-iarnród nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile i gcomhair na trasnála, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, plátaí leaba, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú

Dé-ocsaíd charbóin

7303 00  –Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, déanta as iarann teilgthe

Dé-ocsaíd charbóin

7304  – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe)

Dé-ocsaíd charbóin

7305  – Feadáin agus píobáin eile (iad táite, mar shampla, sin nó iad seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin), trasghearradh ciorclach iontu, iad níos mó ná 406,4  mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7306  – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile (cinn séama oscailte nó cinn atá dúnta le táthú, seamú nó ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7307  – Feistis feadáin nó píobáin (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7308  – Foirgnimh (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna d’fhoirgnimh (droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i bhfoirgnimh, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7309  – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin eile den chineál sin le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh is mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7310  – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin eile den chineál céanna, le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh iontu nach mó ná 300 l, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7311  – Coimeádáin le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

Alúmanam

Cód AC

Gás ceaptha teasa

7601  – alúmanam neamhshaoirsithe

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7603  – Púdair agus calóga alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7604  – Barra, slata agus próifílí alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7605  – Sreang alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7606  – Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2  mm ar tiús

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7607  – Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2  mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7608  – Feadáin agus píobáin alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7609 00 00  – Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

Leasú

Liosta na n-earraí agus na ngás ceaptha teasa

1.

Chun earraí a shainaithint, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí a liostaítear sna hearnálacha seo a leanas a thagann faoi láthair faoi na cóid ainmníochta comhcheangailte (“AC”) a liostaítear thíos, agus is éard a bheidh iontu na cóid atá i Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1).

2.

Chun críocha an Rialacháin seo, na gáis cheaptha teasa a bhaineann le hearraí atá sna hearnálacha a liostaítear thíos, is éard a bheidh sna gáis sin na cinn a liostaítear thíos le haghaidh gach cineál earraí.

Stroighin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2523 30 00  – Stroighin alúmanach

Dé-ocsaíd charbóin

2523 10 00  – Clincir stroighne

Dé-ocsaíd charbóin

2523 21 00  – Stroighin bhán Portland, bíodh sí daite go saorga nó ná bíodh

Dé-ocsaíd charbóin

2523 29 00  – Cineálacha eile stroighne Portland

Dé-ocsaíd charbóin

2523 90 00  – Stroighneacha hiodrálacha eile

Dé-ocsaíd charbóin

Leictreachas

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2716 00 00  – Fuinneamh leictreach

Dé-ocsaíd charbóin

Leasacháin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

2808 00 00  – Aigéad nítreach; aigéid shulfainítreacha

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

2814  – Amóinia, í ainhidriúil nó i dtuaslagán uiscí

Dé-ocsaíd charbóin

2834 21 00  – Níotráití potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3102  – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha, iad nítrigineach

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

3105  – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil dhá cheann nó trí cinn de na dúile leasacháin nítrigin, fosfar agus potaisiam; leasacháin eile; earraí faoin gcaibidil seo i dtáibléid nó i bhfoirmeacha comhchosúla nó i bpacáistí nach mó ná 10 kg a n-ollmheáchan

Cé is moite de: 3105 60 00  – Leasacháin mhianracha nó cheimiceacha ina bhfuil an dá dhúil leasacháin fosfar agus potaisiam

Dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

Iarann agus Cruach

Cód AC

Gás ceaptha teasa

72 – Iarann agus cruach

Cé is moite de:

7202  – Fearó-chóimhiotail

7204  – Fuíollábhar iarainn agus dramhiarann; tinní dramhiarainn agus cruach lena n-athleá

Dé-ocsaíd charbóin

7301  – Bratphíleáil iarainn nó cruach, bíodh sí druileáilte nó pollta, bíodh sí déanta as nithe cóimeáilte nó ná bíodh; uillinneacha, cruthanna agus cónaisc, agus táthú déanta orthu, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7302  – Ábhar tógála iarainn nó cruach le haghaidh na n-iarnród nó le haghaidh trambhealaí, lena n-áirítear: ráillí, ráillí cosanta agus ráillí mantacha, lanna aistrithe treo, froganna trasnála, slata pointe agus píosaí eile i gcomhair na trasnála, trasnáin (trascheangail), lioscáin, teangacha ladhróige, dingeacha teanga ladhróige, bonnphlátaí (bunphlátaí), fáiscíní ráille, plátaí leaba, ceangail agus ábhar speisialaithe eile chun ráillí a cheangal nó a dheisiú

Dé-ocsaíd charbóin

7303 00  –Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, déanta as iarann teilgthe

Dé-ocsaíd charbóin

7304  – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla, gan uaim, iad déanta as cruach nó as iarann (seachas iarann teilgthe)

Dé-ocsaíd charbóin

7305  – Feadáin agus píobáin eile (iad táite, mar shampla, sin nó iad seamaithe nó dúnta ar bhealach eile den chineál sin), trasghearradh ciorclach iontu, iad níos mó ná 406,4  mm ar an trastomhas seachtrach, agus iad déanta as iarann nó cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7306  – Feadáin, píobáin agus próifílí tolla eile (cinn séama oscailte nó cinn atá dúnta le táthú, seamú nó ar bhealach eile den chineál sin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7307  – Feistis feadáin nó píobáin (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7308  – Foirgnimh (gan foirgnimh réamhdhéanta atá faoi cheannteideal 9406 a áireamh) agus codanna d’fhoirgnimh (droichid agus codanna droichid, geataí loic, túir, crainn laitíse, díonta, creatlacha dín, doirse agus fuinneoga agus a bhfrámaí mar aon le tairseacha doirse, comhlaí, balastráidí, piléir, colúin, mar shampla), iad déanta as iarann nó as cruach; plátaí, slata, uillinneacha, cruthanna, cónaisc, feadáin agus a leithéidí, arna n-ullmhú lena n-úsáid i bhfoirgnimh, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

7309  – Taiscumair, umair, dabhcha agus taisceadáin eile den chineál sin le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh is mó ná 300 l iontu, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7310  – Umair, bairillí, drumaí, cannaí, boscaí agus taisceadáin eile den chineál céanna, le haghaidh aon ábhair (cé is moite de ghás comhbhrúite nó leachtaithe), iad déanta as iarann nó as cruach, a bhfuil toilleadh iontu nach mó ná 300 l, bídís línithe nó inslithe in aghaidh teasa nó ná bíodh, ach nach bhfuil trealamh meicniúil ná teirmeach feistithe orthu

Dé-ocsaíd charbóin

7311  – Coimeádáin le haghaidh gás comhbhrúite nó leachtaithe, iad déanta as iarann nó as cruach

Dé-ocsaíd charbóin

Alúmanam

Cód AC

Gás ceaptha teasa

7601  – alúmanam neamhshaoirsithe

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7603  – Púdair agus calóga alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7604  – Barra, slata agus próifílí alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7605  – Sreang alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7606  – Plátaí, leatháin agus stiallacha alúmanaim, atá níos mó ná 0,2  mm ar tiús

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7607  – Scragall alúmanaim (bíodh sé priontáilte nó bíodh páipéar, cairtchlár, plaistigh nó ábhar taca comhchosúil ar a chúl nó ná bíodh), nach bhfuil níos mó ná 0,2  mm ar tiús (gan aon ábhar taca a áireamh)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7608  – Feadáin agus píobáin alúmanaim

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

7609 00 00  – Feistis feadáin nó píobáin alúmanaim (cúplálacha, uillinneacha, muinchillí, mar shampla)

Dé-ocsaíd charbóin agus sárfhluaracarbóin

Ceimiceáin

Cód AC

Gás ceaptha teasa

Ceimiceáin Orgánacha

Dé-ocsaíd charbóin

280410000  – Hidrigin

Dé-ocsaíd charbóin

281410000  – Aimóinia ainhidriúil

Dé-ocsaíd charbóin

2814 20 00  – Amóinia i dtuaslagán uiscí

Dé-ocsaíd charbóin

Polaiméirí

Cód AC

Gás ceaptha teasa

39 – Plaistigh agus earraí díobh

dé-ocsaíd charbóin agus ocsaíd nítriúil

Leasú 176

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 2 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.

Na hastaíochtaí leabaithe díreacha iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí

2.

Na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí

Leasú 177

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí a tháirgtear i suiteáil ar leith, ní thabharfar sa chuntas ach na hastaíochtaí díreacha. Chun na críche sin, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:

Chun na sainastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí simplí a tháirgtear i suiteáil ar leith, déanfar na hastaíochtaí díreacha agus na hastaíochtaí indíreacha araon a thabhairt sa chuntas. Chun na críche sin, tá an chothromóid seo a leanas le cur i bhfeidhm:

Leasú 178

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 2 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

ciallaíonn “astaíochtaí sannta” an chuid d’astaíochtaí díreacha na suiteála le linn na tréimhse tuairiscithe arb é próiseas táirgthe earraí g is cúis léi, agus é sin arna bhunú ar chur i bhfeidhm theorainneacha córais an phróisis a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(6). Is í an chothromóid seo a leanas a úsáidfear chun na hastaíochtaí sannta a ríomh:

AttrEmg = DirEm

ciallaíonn “astaíochtaí sannta” an chuid d’astaíochtaí díreacha na suiteála le linn na tréimhse tuairiscithe arb é próiseas táirgthe earraí g is cúis léi, agus é sin arna bhunú ar chur i bhfeidhm theorainneacha córais an phróisis a shainítear sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 7(6). Is í an chothromóid seo a leanas a úsáidfear chun na hastaíochtaí sannta a ríomh:

Attrg = DirEm + Emel–Emel, exp

Leasú 179

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 3 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.

Na hastaíochtaí leabaithe díreacha iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí coimpléascacha

3.

Na hastaíochtaí leabaithe iarbhír a chinneadh le haghaidh earraí coimpléascacha

Leasú 180

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun críche luachanna réamhshocraithe a chinneadh, ní úsáidfear ach luachanna iarbhír chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh. In éagmais sonraí iarbhír, féadfar luachanna litríochta a úsáid. Foilseoidh an Coimisiún treoir maidir leis an gcur chuige chun ceartú a dhéanamh i ndáil le gáis cheaptha teasa nó dramhgháis a úsáidtear mar ionchur próisis, sula mbaileofar na sonraí is gá chun na luachanna réamhshocraithe ábhartha a chinneadh le haghaidh gach cineál earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I. Agus na luachanna réamhshocraithe á gcinneadh bainfear úsáid as na sonraí is fearr atá ar fáil. Athbhreithneofar iad go tréimhsiúil trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag tríú tír nó ag grúpa de thríú tíortha.

Chun críche luachanna réamhshocraithe a chinneadh, ní úsáidfear ach luachanna iarbhír ón tír inar tharla na hastaíochtaí, chun astaíochtaí leabaithe a chinneadh. In éagmais sonraí iarbhír nó más rud é go dtiocfadh luachanna réamhshocraithe ísle a chuirfeadh iompar saorthairbhithe chun cinn as úsáid sonraí iarbhír, féadfar luachanna litríochta a úsáid. Foilseoidh an Coimisiún treoir maidir leis an gcur chuige chun ceartú a dhéanamh i ndáil le gáis cheaptha teasa nó dramhgháis a úsáidtear mar ionchur próisis, sula mbaileofar na sonraí is gá chun na luachanna réamhshocraithe ábhartha a chinneadh le haghaidh gach cineál earraí a liostaítear in Iarscríbhinn I. Agus na luachanna réamhshocraithe á gcinneadh bainfear úsáid as na sonraí is fearr atá ar fáil. Beidh na sonraí atá ar fáil bunaithe, a mhéid is féidir, ar fhaisnéis iontaofa agus atá ar fáil go poiblí maidir leis an gcineál teicneolaíochta agus próiseas a mbaintear úsáid as, dearadh plandaí, tionscnamh na n-ábhar ionchuir agus na n-earraí simplí a úsáidtear sa phróiseas táirgthe, foinse fuinnimh agus sonraí eile. Déanfar luachanna réamhshocraithe a athbhreithniú go tréimhsiúil trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(6) a bheidh bunaithe ar an bhfaisnéis is cothroime le dáta agus is iontaofa, lena n-áirítear ar bhonn faisnéise arna soláthar ag tríú tír nó ag grúpa de thríú tíortha.

Leasú 181

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 4 – pointe 4.1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás nach féidir leis an dearbhóir údaraithe na hastaíochtaí iarbhír a chinneadh ar mhodh leormhaith, úsáidfear luachanna réamhshocraithe. Socrófar na luachanna sin ag meándéine astaíochta gach tíre onnmhairiúcháin agus le haghaidh gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I cé is moite de leictreachas, agus iad arna méadú trí chorrlach a chur leo, corrlach a chinnfear i ngníomhartha cur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás nach féidir sonraí iontaofa maidir leis an tír onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm i gcás cineál áirithe earraí, bunófar na luachanna réamhshocraithe ar mheándéine astaíochtaí an 10 faoi gcéad is measa feidhmíocht de na suiteálacha AE le haghaidh an chineáil sin earraí.

I gcás nach féidir leis an dearbhóir údaraithe na hastaíochtaí iarbhír a chinneadh ar mhodh leormhaith, úsáidfear luachanna réamhshocraithe. Socrófar na luachanna sin ag meándéine astaíochta an 10 % de shuiteálacha is measa feidhmíocht i ngach tír onnmhairiúcháin agus le haghaidh gach ceann de na hearraí a liostaítear in Iarscríbhinn I cé is moite de leictreachas, agus iad arna méadú trí chorrlach a chur leo, corrlach a chinnfear i ngníomhartha cur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás nach féidir sonraí iontaofa maidir leis an tír onnmhairiúcháin a chur i bhfeidhm i gcás cineál áirithe earraí, bunófar na luachanna réamhshocraithe ar mheándéine astaíochtaí an 5 faoin gcéad is measa feidhmíocht de na suiteálacha AE le haghaidh an chineáil sin earraí. Ní bheidh na luachanna réamhshocraithe níos ísle i gcás ar bith ná na hastaíochtaí is dóchúla atá leabaithe agus ní bhainfidh an t-onnmhaireoir leas as mainneachtain sonraí iontaofa a chur ar fáil maidir le hastaíochtaí iarbhír ionas go mbainfear úsáid as luachanna réamhshocraithe.

Leasú 182

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III – pointe 4 – pointe 4.2 – pointe 4.2.1. – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bunófar na luachanna réamhshocraithe sonracha ar na sonraí is fearr atá le fáil ag an gCoimisiún agus lena gcinntear meán an fhachtóra astaíochta CO2 i dtonaí CO2 ina aghaidh na meigeavatuaire ó fhoinsí a shocraíonn na praghsanna sa tríú tír, sa ghrúpa de thríú tíortha nó sa réigiún laistigh de thríú tír.

Bunófar na luachanna réamhshocraithe sonracha ar an 10 % de shuiteálacha is measa feidhmíocht a tháirgeann leictreachas sa tríú tír, sa ghrúpa de thríú tíortha nó sa réigiún laistigh de thríú tír.

Leasú 183

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

 

Leasú

Iarscríbhinn IIIa

Modheolaíocht chun an laghdú ar dheimhnithe SCCT a ríomh de bharr leithdháileadh saor in aisce faoi CTA AE

Image 1C0322023GA38010120220623GA0015.000138023801P9_TC1-COD(2022)0166Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1033.)C0322023GA38110120220623GA0016.000138123811P9_TC1-COD(2022)0090Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1032.)C0322023GA38210120220623GA0017.000138223821P9_TC1-COD(2022)0031Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1034.)C0322023GA38310120220623GA0018.000138323831P9_TC1-COD(2022)0030Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/954 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1035.)

Leasú 184

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn V – Cuid 1 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

beidh sé éigeantach go dtabharfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an tsuiteáil ach amháin i gcás ina dtarscaoiltear ón éigeantas sin é trí bhíthin critéir shonracha a chomhlíonadh;

(c)

beidh sé éigeantach go dtabharfaidh an fíoraitheoir cuairteanna ar an tsuiteáil ach amháin i gcás ina dtarscaoiltear ón éigeantas sin é trí bhíthin na critéir shonracha faoi Airteagal 8(3) a chomhlíonadh;


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0160/2022).

(31)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640).

(32)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách (COM(2021)0400).

(31)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640).

(32)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 maidir le Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách (COM(2021)0400).

(33)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(33)  IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.

(35)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(35)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus(AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(36)  an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide, 2018: Téamh Domhanda 1,5 oC. Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1,5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda atá gaolmhar leis sin, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].

(36)  an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide, 2018: Téamh Domhanda 1,5 oC. Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide maidir le tionchair an téimh dhomhanda 1,5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus na conairí astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda atá gaolmhar leis sin, i gcomhthéacs an fhreagairt dhomhanda a neartú ar an mbagairt a bhaineann leis an athrú aeráide, ar an bhforbairt inbhuanaithe agus ar iarrachtaí an bhochtaineacht a dhíothú [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, H.-O. Pörtner, D. Roberts, J. Skea, P.R. Shukla, A. Pirani, W. Moufouma-Okia, C. Péan, R. Pidcock, S. Connors, J.B.R. Matthews, Y. Chen, X. Zhou, M.I. Gomis, E. Lonnoy, T. Maycock, M. Tignor, agus T. Waterfield (eagarthóirí)].

(47)  Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

(47)  Moladh ón gCoimisiún 2013/179/AE an 9 Aibreán 2013 maidir le modhanna coiteanna a úsáid chun feidhmíocht chomhshaoil saolré táirgí agus eagraíochtaí a thomhas agus a chur in iúl (IO L 124, 4.5.2013, lch. 1).

(1a)   Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(51)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(51)  Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

(1)  Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).


Déardaoin 23. Meitheamh 2022

27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/380


P9_TA(2022)0250

Tacaíocht eisceachtúil shealadach faoi CETFT mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin (COM(2022)0242 – C9-0185/2022 – 2022/0166(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 32/14)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0242),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 42 agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0185/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Meitheamh 2022 (1),

ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 17 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


P9_TC1-COD(2022)0166

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1033.)


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/381


P9_TA(2022)0251

Stóráil gáis ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha (COM(2022)0135 – C9-0126/2022 – 2022/0090(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 32/15)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0135),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0126/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Bealtaine 2022 (1),

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Bealtaine 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


P9_TC1-COD(2022)0090

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1032.)


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/382


P9_TA(2022)0252

Deimhniú Digiteach COVID AE – Saoránaigh an Aontais ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19 (COM(2022)0050 – C9-0031/2022 – 2022/0031(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 32/16)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0050),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 21(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0031/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0138/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2022)0031

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/953 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID AE) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo, chun an tsaorghluaiseacht a éascú le linn phaindéim COVID-19

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1034.)


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/383


P9_TA(2022)0253

Deimhniú Digiteach COVID-19 AE – náisiúnaigh tríú tír ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/954 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID an Aontais) a eisiúint agus a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó ina gcónaí go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 (COM(2022)0055 – C9-0032/2022 – 2022/0030(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2023/C 32/17)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0055),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0032/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Meitheamh 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0137/2022),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2022)0030

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/954 maidir le creat chun deimhnithe idir-inoibritheacha COVID-19 i ndáil le vacsaíniú, tástáil agus téarnamh (Deimhniú Digiteach COVID-19 AE) a eisiúint maidir le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go dleathach nó a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríocha na mBallstát le linn phaindéim COVID-19 agus chun iad a fhíorú, agus chun go nglacfaí leo

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1035.)


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/384


P9_TA(2022)0254

Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2022: costais ghlactha daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a mhaoiniú

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar sheasamh na Comhairle maidir le dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2022 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 – costais ghlactha daoine atá ag teitheadh ón Úcráin a mhaoiniú (09095/2022 – C9-0182/2022 – 2022/0126(BUD))

(2023/C 32/18)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 44 de,

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, mar a glacadh go cinntitheach é an 24 Samhain 2021 (2),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (3) (“Rialachán CAI”),

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (4),

ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (5),

ag féachaint do dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2022, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 22 Aibreán 2022 (COM(2022)0262),

ag féachaint don seasamh ar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2022, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 16 Bealtaine 2022 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an lá céanna, (09095/2022 – C9-0182/2022),

ag féachaint do Rialacha 94 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0181/2022),

A.

de bhrí go molann an Coimisiún go gcuirfí EUR 400 milliún ar an iomlán le buiséad an Aontais faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus faoin Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) chun maoiniú a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis an gcéad ghlacadh agus le clárú na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin, mar thoradh ar an gcogadh ionsaitheach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar atá á dhéanamh ag Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022 i leith;

B.

de bhrí go bhfuil dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2022 ar cheann de na gnéithe atá á n-úsáid chun an EUR 400 milliún atá beartaithe a bhaint amach, mar aon le leasuithe ar chláir oibre na Saoráide Téamaí AMIF agus IBTV don tréimhse 2021-2022 lena gcuirtear suim EUR 124 mhilliún ar fáil i bhfoirm cúnamh éigeandála faoi gach clár, agus leis an togra le haghaidh aistriú údaráis bhuiséadaigh (DEC 11/2022) chun AMIF a threisiú EUR 52,2 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus EUR 74 mhilliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí;

C.

de bhrí gurb ionann glantionchar dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2022 ar chaiteachas agus méadú EUR 99,8 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do AMIF, agus méadú EUR 176 mhilliún ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí arb éard atá ann EUR 76 mhilliún le haghaidh AMIF agus EUR 100 milliún le haghaidh IBTV;

1.

á chur in iúl gur geal léi dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2022 mar a thíolaic an Coimisiún;

2.

á mheabhrú go bhfuil Parlaimint na hEorpa tiomanta ionstraimí buiséadacha uile an Aontais atá ar fáil a ghníomhachtú chun leanúint den tacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais is láidre is féidir a sholáthar don Úcráin agus do na daoine atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin; á athdhearbhú go bhfuil gá le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus le bearta comhchoiteanna mar fhreagairt ar shreabhadh na milliún dídeanaí atá ag teitheadh ón Úcráin, lena n-áirítear dídeanaithe a ath-leithdháileadh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúint de thacaíocht a thabhairt do Phoblacht na Moldóive chun daoine a aistriú chuig na Ballstáit i gcomhthéacs an Ardáin Dlúthpháirtíochta; ag tathant go háirithe ar an gCoimisiún cistí atá dírithe ar chláir um chomhar trasteorann idir an Úcráin agus na Ballstáit a chlársceidealú agus a úsáid don tréimhse 2021-2027 chun athléimneacht na bpobal atá ina gcónaí ag an teorainn a mhéadú i bhfianaise ghéarchéim na ndídeanaithe atá fós ar siúl;

3.

á mheabhrú go raibh atreisiú EUR 1 bhilliún ar IBTV i gcaibidlíocht CAI faighte ag Parlaimint na hEorpa chun go mbeifear in ann cuspóirí an chláir bhaint amach go hiomlán; á chur in iúl gur cúis mhór áiféala di gur roghnaigh an Coimisiún imchlúdach IMVI a laghdú chun atreisiú ar an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí a fhritháireamh le EUR 63 mhilliún agus Europol a fhritháireamh le EUR 185 mhilliún le linn CAI reatha; ag seasamh leis an seasamh atá aici go bhfuil acmhainní nua de dhíth ar chúraimí nua le haghaidh gníomhaireachtaí agus nár cheart go mbeadh na cláir ná na gníomhaireachtaí atá ann cheana thíos leis;

4.

á chur i bhfios go láidir nach leor Ciste NGEU, comhpháirt an Chiste don Téarnamh agus don Athléimneacht de Chiste NGEU, ná an tsolúbthacht faoi CAI reatha chun na riachtanais airgeadais a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin a chumhdach ina n-iomláine; ag dréim leis, thairis sin, go dtiocfaidh meath breise ar an staid eacnamaíoch agus shóisialta san Aontas sna míonna atá romhainn agus á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún na sásraí riachtanacha dlúthpháirtíochta agus cúitimh a bhunú go práinneach;

5.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil CAI imithe go dtí an dóbair cheana féin agus nach bhfuil sé oiriúnach chun leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an iliomad géarchéimeanna inmheánacha agus seachtracha ar bhealach inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais, go háirithe, gur gá uasteorainn Cheannteideal 4 a mhéadú chun na riachtanais airgeadais iarbhír maidir le bainistiú imirce agus teorainneacha an Aontais a léiriú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú domhain a dhéanamh ar fheidhmiú CAI reatha agus leanúint ar aghaidh le togra reachtach le haghaidh athbhreithniú cuimsitheach ar CAI a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an chéad ráithe de 2023; ag dréim leis go gcuirfear san áireamh, leis an athbhreithniú sin, impleachtaí fadtéarmacha an chogaidh san Úcráin agus na bearta éigeandála a dhéantar;

6.

ag formheas an tseasaimh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2022;

7.

á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 2/2022 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

8.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(2)  IO L 45, 24.2.2022, lch. 1.

(3)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(4)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(5)  IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/386


P9_TA(2022)0255

Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú: iarratas EGF/2022/001 FR/Air France – an Fhrainc

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón bhFrainc – EGF/2022/001 FR/Air France (COM(2022)0201 – C9-0170/2022 – 2022/0143(BUD))

(2023/C 32/19)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0201 – C9-0170/2022),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1) (“Rialachán CED”),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (2) (“Rialachán CAI”), agus go háirithe Airteagal 8 de,

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua (3) a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 9 de,

ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0183/2022),

A.

de bhrí gur bhunaigh an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe a bhfuil an domhandú agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil tar éis difear a dhéanamh dóibh, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú ionsar gheilleagar ísealcharbóin agus an tsoghluaisteacht á dhéanamh inrochtana do chách, nó mar thoradh ar dhigitiú nó uathoibriú;

B.

de bhrí gur leathnaigh an tAontas raon feidhme an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) chun tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcás aon mhórtheagmhais athstruchtúraithe, agus lena gcumhdaítear, ar an gcaoi sin, éifeachtaí eacnamaíocha ghéarchéim an choróinvíris;

C.

de bhrí gur chuir an Fhrainc iarratas EGF/2022/001 FR/Air France isteach le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis 282 oibrí a bheith curtha ar iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 33 (Deisiú agus suiteáil innealra agus trealamh) agus 51 (Aer iompar) i 12 réigiún NUTS 2 ar mhór-roinn na Fraince den chuid is mó (4) agus ceithre réigiún NUTS 2 thar lear (5), laistigh de thréimhse thagartha le haghaidh an iarratais ón 1 Iúil 2021 go dtí an 1 Samhain 2021;

D.

de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 282 oibrí iomarcacha ar tháinig a ngníomhaíocht i gcuideachta Air France agus péire dá fochuideachtaí (6) chun deiridh le linn na tréimhse tagartha, agus gur cuireadh 1 298 n-oibrí ar iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh mar thoradh ar na teagmhais chéanna a spreag deireadh le gníomhaíocht na n-oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht le linn na tréimhse tagartha agus go measfar, dá bhrí sin, gur tairbhithe incháilithe iad na 1 580 oibrí uile;

E.

de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (a), den Rialachán maidir le CED, lena gceanglaítear scor na gníomhaíochta ag 200 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht thar thréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a bhí ag soláthraithe agus ag táirgeoirí iartheachtacha agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;

F.

de bhrí go raibh tionchar mór ag géarchéim COVID-19 ar Air France, a bhí ina cúis le titim ghéar ar ioncam agus ar thrácht;

G.

de bhrí go raibh athstruchtúrú fhochuideachtaí réigiúnacha Air France isteach in Hop ina ábhair imní shóisialta fiú sular cuireadh tús le géarchéim COVID-19, agus le linn na paindéime, chinn Air France acmhainn Hop a laghdú go mór i dtéarmaí foirne agus aerárthaí araon;

H.

de bhrí go bhfuil bearta éagsúla curtha chun feidhme ag údaráis na Fraince, amhail iasachtaí atá ráthaithe ag an Stát, chun tacú le Air France, ach go raibh ar an gcuideachta fós bearta breise a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim, lena n-áirítear oibríochtaí méide a laghdú, an líonra intíre a athshainiú, agus feidhmeanna tacaíochta a shimpliú, rud ba chúis le laghduithe ar an bhfoireann;

I.

de bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar an ngéarchéim shláinte, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED mar uirlis éigeandála (7);

J.

de bhrí go bhfuil fadhbanna móra agus dúshláin mhóra le sárú ag cuideachtaí aerlínte san Eoraip mar gheall ar iomaíocht dhomhanda agus de bhrí go bhfuil gá le bearta chun cosaint chearta oibrithe aerlínte ar leibhéal an Aontais a neartú agus chun a áirithiú go mbeidh an earnáil thábhachtach seo iomaíoch i gcónaí agus go gcoinneofar áiteanna oibre cuibhiúla laistigh den Aontas;

K.

de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán CAI;

L.

de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas maidir leis an dlúthpháirtíocht is gá a sholáthar trí bhíthin ranníocaíochtaí airgeadais ón CED, arb é is aidhm leo tairbhithe a athimeascadh go mear i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe laistigh nó lasmuigh den chéad earnáil ina raibh siad gníomhach, agus iad a ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;

1.

ag aontú leis an gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a) de Rialachán CED agus go bhfuil an Fhrainc i dteideal ranníocaíocht airgeadais de EUR 17 742 607 faoin Rialachán sin, arb ionann é agus 85 % den chostas iomlán de EUR 20 873 656, a chuimsíonn caiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe amháin;

2.

ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Fraince an t-iarratas isteach an 21 Eanáir 2022, agus gur thug an Coimisiún a mheasúnú chun críche an 10 Bealtaine 2022 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;

3.

ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 1 580 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Fhrainc ag dréim leis go nglacfaidh na tairbhithe incháilithe go léir páirt sna bearta (“tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu”);

4.

á mheabhrú go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh tionchar sóisialta na n-iomarcaíochtaí tábhachtach don Fhrainc, go háirithe i réigiún Île-de-France, áit inar tharla 57 % de na hiomarcaíochtaí; ag tabhairt dá haire gur shonraigh riarachán saothair na Fraince go ndearna athstruchtúrú Air France difear don chóimheá fostaíochta sna críocha lenar bhain; á chur in iúl go láidir go bhfuil freagairt chomhtháite choiteann Eorpach de dhíth ó réigiúin agus ó earnálacha eacnamaíocha a bhfuil deacrachtaí acu chun tacú le teacht aniar na réigiún agus na n-earnálacha sin;

5.

ag tabhairt le fios gur mná iad 56 % de na hoibrithe iomarcacha agus go bhfuil 30,8 % os cionn 54 bliana d’aois; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil 96 de na hoibrithe iomarcacha faoi mhíchumas;

6.

ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Fhrainc ar sheirbhísí pearsantaithe a chur ar fáil do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 1 Feabhra 2021 agus dá réir sin go mairfidh tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Feabhra 2021 go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin teacht i bhfeidhm;

7.

á mheabhrú gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe: seirbhísí comhairleacha agus gairmthreoir, oiliúint, lena n-áirítear inniúlachtaí cothrománacha, athoiliúint, uas-sciliú, intéirneachtaí agus gairmoiliúint, rannchuidiú le gnó a chruthú, sochair fruilithe, liúntas athfhostaíochta tapa, breisithe tuarastail agus dianchúnamh chun post a chuardach; ag cur i bhfios a thábhachtaí atá sé deiseanna fostaíochta a chur ar fáil go tapa san Aontas d’oibrithe cáilithe a briseadh as a bpost;

8.

á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur cheart ról tábhachtach a bheith ag an Aontas maidir leis na cáilíochtaí is gá a chur ar fáil don aistriú cóir agus digiteach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le mórspriocanna beartas eile Eorpach; ag tacú go láidir go leanfaidh CED de dhlúthpháirtíocht a léiriú le daoine a ndéantar difear dóibh agus go gcoimeádfaidh sé an fócas ar thionchar an athstruchtúraithe ar oibrithe sa chuid eile de thréimhse reatha an CAI; á iarraidh go ndéanfaí iarratais amach anseo chun comhleanúnachas beartais a uasmhéadú;

9.

á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Fhrainc an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le hionadaithe foirne agus ceardchumainn (8);

10.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil pacáiste cuimsitheach de bhearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair curtha ar bun ag Air France, i gcomhréir lena oibleagáid dhlíthiúil, arb é is aidhm dó cúnamh a thabhairt do na hoibrithe a leagadh as a bpost;

11.

ag cur in iúl go gcuireann Air France oiliúint ar fáil go rialta dá fhoireann ina dtugtar aird ar scileanna digiteacha agus ar scileanna digiteacha atá de dhíth i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainní, mar chuid dá “Phlean Forbartha Scileanna” agus is díol sásaimh di go bhfuil na hoiliúint sin ar fáil do na hoibrithe iomarcacha fad a bheidh siad rannpháirteach i mbearta CED; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé oibrithe a ullmhú do gheilleagar Aontais glas agus digiteach agus, dá bhrí sin, na haistrithe dúbailte a dhaingniú;

12.

ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar ag an gclaochlú digiteach agus glas ar mhargadh an tsaothair, go háirithe in earnáil na heitlíochta; ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an oideachas cáilithe, lena n-áirítear an ghairmoiliúint agus an córas déphrintíseachta mar a thugtar air a chur chun cinn, ar córas é a bhfuil sé léirithe go bhfuil sé éifeachtach i roinnt Ballstát;

13.

á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Fraince nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais;

14.

á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú;

15.

ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

16.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

17.

á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1)  IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.

(2)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11

(3)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(4)  Île de France (FR10), Nord Pas de Calais (FRE1), Alsace (FRF1), Pays de la Loire (FRG0), Bretagne (FRH0), Aquitaine (FRI1), Languedoc Roussillon (FRJ1), Midi Pyrénées (FRJ2), Auvergne (FRK1), Rhône Alpes (FRK2), Provence Alpes Côte d’Azur (FRL0) agus Corse (FRM0).

(5)  Guadeloupe (FRY1), Martinique (FRY2), Guyane (FRY3) agus La Réunion (FRY4).

(6)  Hop agus Oiliúint Hop.

(7)  COM(2020)0442.

(8)  SNPNC, UNAC, UNSA-PNC, CFDT, FO, agus CFE/CGC.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón bhFrainc

(EGF/2022/001 FR/Air France)

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/1164.)


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/390


P9_TA(2022)0256

Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú: iarratas EGF/2021/008 EL/Attica electrical equipment manufacturing – an Ghréig

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón nGréig – EGF/2021/008 EL/Attica electrical equipment manufacturing (COM(2022)0248 – C9-0190/2022 – 2022/0170(BUD))

(2023/C 32/20)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0248 – C9-0190/2022),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (1) (“Rialachán CED”),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (2) (“Rialachán CAI”), agus go háirithe Airteagal 8 de,

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (3), agus go háirithe pointe 9 de,

ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0185/2022),

A.

de bhrí gur bhunaigh an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe a bhfuil an domhandú agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil tar éis difear a dhéanamh dóibh, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú ionsar gheilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar dhigitiú nó uathoibriú;

B.

de bhrí gur leathnaigh an tAontas raon feidhme an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) chun tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcás aon mhórtheagmhas athstruchtúraithe, agus lena gcumhdaítear, ar an gcaoi sin, éifeachtaí eacnamaíocha ghéarchéim an choróinvíris;

C.

de bhrí gur thíolaic an Ghréig iarratas EGF/2021/008 EL/Attica electrical equipment manufacturing ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis do 206 oibrí a bheith curtha ar iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 27 (Monarú trealaimh leighis) in Ataic (EL30) na Gréige, réigiún atá ar leibhéal 2 NUTS, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 1 Aibreán 2021 go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2021;

D.

de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 206 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíochtaí i sé chuideachta (4) le linn na tréimhse tagartha, agus a measfar iad go léir a bheith ina dtairbhithe incháilithe; de bhrí gur fir iad 180 de na hoibrithe iomarcacha (87,4 %) agus gur mná iad 26 díobh; de bhrí go bhfuil 26 de na hoibrithe iomarcacha faoi bhun 30 (12,6 %), 137 díobh idir 30 agus 54 bliana d’aois (66,5 %) agus 43 os cionn 54 (20,9 %); de bhrí go bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú (81,1 %) ag 167 de na hoibrithe iomarcacha, go bhfuil oideachas meánscoile uachtaraí nó iar-mheánscoile ag 6 (2,9 %) díobh agus go bhfuil oideachas tríú leibhéal (16,0 %) ag 33 díobh;

E.

de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (b), de Rialachán CED, faoina gceanglaítear scor gníomhaíochta de 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 6 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú ag rannán NACE Athbhreithniú 2 agus atá lonnaithe i réigiún amháin nó dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2 i mBallstát;

F.

de bhrí go raibh tionchar mór ar dtús ag an ngéarchéim eacnamaíoch sna blianta ó 2008 go 2016 ar an gcaiteachas d’fhearais nua tí sa Ghréig (laghdú 35 %) agus ag paindéim COVID-19 ar an dara dul síos (laghdú 50 % idir 2019 agus 2020), tar éis téarnamh 9,5 % idir 2017 agus 2019;

G.

de bhrí go bhfuil bunscileanna digiteacha dhaonra na Gréige fós tearcfhorbartha agus go bhfuil siad chun deiridh ar mheán an Aontais, rud a fhágann go bhfuil riosca ard ann go mbeidh titim ar gcúl ann i dtaobh teicneolaíochta agus go mbeidh neamhlitearthacht dhigiteach ann. de bhrí, de réir Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) 2021 ón gCoimisiún (5), go raibh an Ghréig ar an 22ú ceann de 27 mBallstát AE maidir le teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí gnó agus nach bhfuil ach 23 % de dhaoine aonair a bhfuil níos mó ná bunscileanna digiteacha acu, i gcomparáid le meán AE de 31 %;

H.

de bhrí, sa chomhthéacs sin, go gcailltear iomaíochas ghléasra táirgthe Pitsos mar gheall ar mheascán tosca, amhail easpa uathoibrithe agus ardmhonaraíochta, na costais arda táirgthe a bhaineann le fearais leictreacha tí, ganntanas i soláthar intíre comhpháirteanna leictreacha, cinneadh bainistíochta an BSH-Pitsos gan tacú leis na hinfheistíochtaí caipitil is gá chun saoráid táirgthe an ghléasra a bharrfheabhsú agus an cinneadh chun táirgeadh a bhogadh go dtí an Tuirc le haghaidh costais táirgthe níos ísle (cé gur dúnadh an branda, an roinn díolacháin agus an roinn seirbhíse sa Ghréig) mar thoradh ar an bpróiseas táirgthe i mí Mheán Fómhair 2017; de bhrí gur cuireadh síneadh leis an táirgeadh go dtí tús 2021, agus gur dífhostaíodh 166 oibrí in 2021;

I.

de bhrí gur dífhostaíodh 40 oibrí i gcúig fhiontar eile, a raibh orthu dul i ngleic leis na dúshláin a bhain le dul in oiriúint don gheilleagar digiteach atá ag athrú go tapa;

J.

de bhrí, cé go bhfuil an ráta dífhostaíochta sa Ghréig ag laghdú de réir a chéile ó bhí 2013 ann, tráth a shroich sí an buaic is airde 27,5 %, rátaí dífhostaíochta an-ard fós ag an nGréig; de bhrí, in 2021, go raibh an ráta dífhostaíochta sa Ghréig ar an dara ráta ab airde san Aontas ag 14,7 %, i gcomparáid le meán an Aontais ag 7,0 % (6);

K.

de bhrí nach sáróidh CED uasmhéid bliantúil de EUR 186 mhilliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán CAI;

L.

de bhrí gur cheart na ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe arb é is aidhm leo tairbhithe a athimeascadh go mear i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe laistigh nó lasmuigh den chéad earnáil ina raibh siad gníomhach, agus iad a ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;

1.

ag aontú leis an gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 4(2) de Rialachán CED agus go bhfuil an Ghréig i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 1 495 830 faoin Rialachán sin, arb ionann é agus 85 % de chostas iomlán EUR 1 759 800, a chuimsíonn caiteachas EUR 1 689 800 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 70 000 as CED a chur chun feidhme (7);

2.

ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Gréige an t-iarratas isteach an 21 Nollaig 2021, agus gur thug an Coimisiún a mheasúnú chun críche an 30 Bealtaine 2022 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna; á mheas gur cheart an tréimhse mheasúnaithe a laghdú ionas go bhfaighidh na tairbhithe a ndírítear orthu an chabhair is gá le níos lú moille;

3.

ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 206 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht agus a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Ghréig ag dréim leis go nglacfaidh na tairbhithe incháilithe go léir páirt sna bearta (“tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu”);

4.

á mheabhrú go meastar go mbeidh tionchar sóisialta suntasach ag na hiomarcaíochtaí do réigiún Ataic na Gréige, a raibh an líon is mó daoine dífhostaithe sa Ghréig ann i mí na Nollag 2021 (342 744, arb ionann iad agus 31 % de na daoine atá dífhostaithe sa Ghréig), agus ina bhfuil 24,1 % den daonra i mbaol na bochtaineachta agus an eisiata shóisialta (8);

5.

á thabhairt le fios go bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí nó níos lú ag 81,1 % de na hoibrithe a dífhostaíodh agus go mbeidh deacrachtaí acu deiseanna athfhostaíochta a aimsiú;

6.

á thabhairt dá haire go dtosóidh an Ghréig ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu a luaithe a ghlacfaidh na húdaráis bhuiséadacha an cinneadh maidir le slógadh agus, dá bhrí sin, go mbeidh an caiteachas ar na bearta incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón dáta a thosóidh an Ghréig ar na seirbhísí pearsantaithe a sholáthar go dtí 24 mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an Cinneadh Maoiniúcháin i bhfeidhm (9);

7.

á mheabhrú gurb iad na gníomhaíochtaí seo a leanas atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe: comhairleoireacht ghairmiúil, oiliúint i scileanna digiteacha, gairmoiliúint agus gairmoideachas, ardoideachas, ranníocaíocht le gnólachtaí nuathionscanta, agus liúntais éagsúla;

8.

á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur cheart ról tábhachtach a bheith ag an Aontas maidir leis na cáilíochtaí is gá a chur ar fáil don aistriú cóir i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; ag tacú go láidir le CED in 2021-2027 agus, le linn na tréimhse sin, go leanfaidh sé de dhlúthpháirtíocht a léiriú le daoine a ndearnadh difear dóibh agus go gcoinneoidh sé an fócas ar an tionchar atá ag athstruchtúrú ar oibrithe agus á iarraidh go ndéanfar comhleanúnachas beartais a uasmhéadú sna hiarratais a dhéanfar sa todhchaí;

9.

á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Ghréig an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le hionadaithe oibrithe agus le roinnt iarfhostaithe;

10.

á chur in iúl gur geal léi gur áiríodh oiliúint i scileanna digiteacha mar ghné chothrománach i ndearadh na ngníomhaíochtaí beartaithe, a chuirfidh le scaipeadh na scileanna cothrománacha atá ag teastáil sa ré dhigiteach agus i ngeilleagar atá tíosach ar acmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) den Rialachán maidir le CED;

11.

ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghréig ar chaiteachas a thabhú chun CED a chur chun feidhme an 1 Márta 2022, agus go mbeidh an caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe dá bhrí sin le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Márta 2022 go ceann 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún go laghdófaí an t-am is gá chun measúnú a dhéanamh ar iarrataí ar chúnamh CED agus chun CED a shlógadh ar bhealach níos gasta, chun an brú ar chórais náisiúnta slándála sóisialta na réigiúin a bhí buailte a laghdú;

13.

á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Gréige nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais;

14.

á athdhearbhú, chun breisíocht iomlán a áirithiú maidir leis an leithdháileadh, nár cheart cúnamh ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí ná aon liúntas nó cearta de chuid na n-oibrithe iomarcacha a bhfuil freagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna ina leith, chomh maith le gníomhaíochtaí a éilítear ó na Ballstáit chun iomaíochas cuideachtaí, go háirithe FBManna, a fheabhsú agus a gcumas chun oiriúnú don gheilleagar digiteach atá ag athrú go tapa, gníomhaíochtaí chun scileanna digiteacha oibrithe a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le titim ar gcúl ó thaobh na teicneolaíochta agus le neamhlitearthacht dhigiteach, bearta chun cumhacht cheannaigh an daonra a fheabhsú, mar aon le tuilleadh spriocdhírithe ar bheartais ghníomhacha fostaíochta chun an dífhostaíocht a chomhrac agus chun go n-éascófaí ath-imeascadh oibrithe iomarcacha i margadh an tsaothair;

15.

ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

16.

á iarraidh go n-eiseofaí ranníocaíocht airgeadais CED EUR 1 495 830 go pras leis an nGréig;

17.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

18.

á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.

(2)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(3)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(4)  Bsh Oikiakes Syskeves Anon. Viom. Etairia [Bsh-Pitsos], Seller Hellas Avee, Nexans HellasMonoprosopi Ave, Kampourakis Georgios – G.E.M.A., Sammler V. Michalopoulos Aeve, Mavilek Avee

(5)  https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/desi-greece

(6)   https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/tps00203/default/table?lang=ga

(7)  I gcomhréir leis an gcúigiú mír d’Airteagal 7 de Rialachán CED.

(8)  De réir Eurostat.

(9)  Cé is moite de staidéir fhoirmiúla a mhaireann níos faide ná dhá bhliain, a bheidh incháilithe go dtí an spriocdháta chun an tuarascáil deiridh a chur isteach.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón nGréig – EGF/2021/008 EL/Attica electrical equipment manufacturing

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/1163.)


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/395


P9_TA(2022)0259

Ainmniú Comhalta den Chúirt Iniúchóirí– ainmní NL

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir le hainmniú Stephanus Abraham Blok mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0150/2022 – 2022/0805(NLE))

(Comhairliúchán)

(2023/C 32/21)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0150/2022),

ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0180/2022),

A.

de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 8 Aibreán 2022, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Stephanus Abraham Blok a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.

de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir Stephanus Abraham Blok, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ó Stephanus Abraham Blok chomh maith lena chuid freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C.

de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht le Stephanus Abraham Blok ina dhiaidh sin an 15 Meitheamh 2022, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.

ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Stephanus Abraham Blok ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar eolas, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.

27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/396


P9_TA(2022)0260

Athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíoch agus teicneolaíoch idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle ***

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (14207/2021 – C9-0478/2021 – 2021/0336(NLE))

(Toiliú)

(2023/C 32/22)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14207/2021),

ag féachaint do Chinneadh 2005/781/CE ón gComhairle an 6 Meitheamh 2005 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (1),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 186 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0478/2021),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0176/2022),

1.

ag tabhairt a toilithe d’athnuachan an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle.

(1)  IO L 295, 11.11.2005, lch. 37.


27.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 32/397


P9_TA(2022)0261

An Coinbhinsiún maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála: aontachas an Aontais Eorpaigh ***

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Meitheamh 2022 maidir leis an dréachtmholadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú (13494/2021 – C9-0465/2021 – 2021/0208(NLE))

(Toiliú)

(2023/C 32/23)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13494/2021),

ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais Eachtracha in Ábhair Shibhialta nó Thráchtála a Aithint agus a Fhorfheidhmiú (13494/2021 ADD 1),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 81(2), pointe (a), agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0465/2021),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0177/2022),

1.

ag tabhairt a toilithe d’aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.