ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 24

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
23 Eanáir 2023


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2023/C 24/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2023/C 24/02

Cás C-24/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 – an Coimisiún Eorpach v Comhairle an Aontais Eorpaigh (Caingean le haghaidh neamhniú – Cinneadh (AE) 2019/1754 – Aontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha – Airteagal 3(1) CFAE – Inniúlacht eisiach an Aontais – Airteagal 207 CFAE – Comhbheartas tráchtála – Gnéithe tráchtála de mhaoin intleachtúil – Airteagal 218(6) CFAE – Ceart tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh – Leasú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an togra ón gCoimisiún – Airteagal 293(1) CFAE – Infheidhmeacht – Airteagail 4(3), 13(2) agus 17(2) CAE – Airteagal 2(1) CFAE – Prionsabail na tabhartha cumhachtaí, na cothromaíochta institiúidí agus an chomhair dhílis)

2

2023/C 24/03

Cásanna uamtha C-37/20 agus C-601/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal d’arrondissement de Luxembourg – Lucsamburg) – WM (C-37/20), Sovim SA (C-601/20) v Luxembourg Business Registers (Tarchur chun réamhrialú – Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 – Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin – Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla – Bailíocht – Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint sonraí pearsanta)

3

2023/C 24/04

Cás C-638/20: Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Överklagandenämnden för studiestöd – an tSualainn) – MCM v Centrala studiestödsnämnden (Tarchur chun réamhrialú – Saorghluaiseacht daoine – Airteagal 45 CFAE – Cóir chomhionann – Buntáistí sóisialta – Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 – Airteagal 7(2) – Cúnamh airgeadais do staidéir ardoideachais i mBallstát eile – Ceanglas cónaithe – Ceanglas malartach an chomhtháthaithe shóisialta do mhic léinn neamhchónaitheacha – Staid mic léinn atá ina náisiúnach de chuid an Stáit a dheonaíonn an cabhair, a bhfuil cónaí air nó uirthi ó rugadh é nó í sa Stát staidéir)

4

2023/C 24/05

Cás C-69/21: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, an Ísiltír) – X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Airteagail 4, 7 agus 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach – Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh – Cosaint i gcás aistriú, díbeartha nó eiseachadadh – Ceart cónaithe ar fhorais leighis – Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh – Treoir 2008/115/CE – Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach – Cóir leighis chun an phian a mhaolú – Cóireáil nach bhfuil ar fáil sa tír thionscnaimh – Coinníollacha faoina bhfuil an t-aistriú le cur siar)

4

2023/C 24/06

Cás C-90/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – Vincent Thunus agus páirtithe eile v an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) (Achomharc – Seirbhís shibhialta – Foireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) – Luach saothair – Coigeartú tuarastail bliantúil – Caingean le haghaidh neamhniú agus damáistí)

6

2023/C 24/07

Cás C-91/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – Vincent Thunus agus páirtithe eile v an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) (Achomharc – Seribhís shibhialta – Foireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) – Luach saothair – Coigeartú tuarastail bliantúil – Caingean le haghaidh neamhniú agus damáistí)

6

2023/C 24/08

Cás C-166/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne (Mainneachtain Bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Dleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha – Treoir 92/83/CEE – Díolúine ón dleacht máil comhchuibhithe – Alcól eitile a úsáidtear chun cógais a tháirgeadh – Airteagal 27(1)(d) – Díolúine atá coinníollach maidir leis an alcól a chur faoi shocrú fionraí dleachta – Níl aon áis acu lena bhféadfaí aisíoc a fháil ar an dleacht mháil a íocadh – Prionsabal na comhréireachta)

7

2023/C 24/09

Cás C-259/21: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – Parlaimint na hEorpa v Comhairle an Aontais Eorpaigh (Caingean le haghaidh neamhniú – Comhbheartas iascaigh – Rialachán (AE) 2021/92 – Socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad – Acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla – Airteagail 15 go 17 agus 20 agus an dara mír d'Airteagal 59 – Airteagal 43(3) CFAE – Mí-úsáid cumhachtaí – Prionsabal an chomhair dhílis)

7

2023/C 24/10

Cás C-289/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad – an Bhulgáir) – IG v Varhoven administrativen sad (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Cosaint dlí éifeachtach – Riail nós imeachta náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil caingean chun díospóid a dhéanamh maidir le comhoiriúnacht forála náisiúnta le dlí an Aontais Eorpaigh gan chuspóir i gcás inar aisghaireadh an fhoráil le linn imeachtaí)

8

2023/C 24/11

Cás C-296/21: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlann) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag A (Tarchur chun réamhrialú – Fáil agus Seilbh ar Airm Thine a rialú – Treoir 91/477/CEE – Cuid III d’Iarscríbhinn I – Caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe – Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 – Fíorúchán agus deimhniúchán a dhéanamh ar dhíghníomhachtú arm tine – Airteagal 3 – Eintiteas fíoraithe arna fhormheas ag údarás náisiúnta – Deimhniú díghníomhachtaithe a eisiúint – Eintiteas nach bhfuil san áireamh ar an liosta a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach – Airm thine dhíghníomhachtaithe a aistriú laistigh den Aontas Eorpach – Airteagal 7 – Aitheantas frithpháirteach)

8

2023/C 24/12

Cás C-302/21: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia no 4 de Castelló de la Plana – an Spáinn) – Casilda v Banco Cetelem SA (Tarchur chun réamhrialú – Díospóid sna príomhimeachtaí nach bhfuil cuspóir aici a thuilleadh – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

9

2023/C 24/13

Cás C-358/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Bheilg) – Tilman SA v Unilever Supply Chain Company AG (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála – Coinbhinsiún Lugano II – Clásal maidir le rogha cúirte – Ceanglais fhoirmiúla – Clásal a áirítear sna téarmaí agus coinníollacha ginearálta – Téarmaí agus coinníollacha ginearálta a d'fhéadfaí breathnú orthu agus a phriontáil ó nasc hipirtéacs a luaitear i gconradh arna thabhairt i gcrích i scríbhinn – Comhthoil na bpáirtithe)

10

2023/C 24/14

Cás C-458/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Kúria – an Ungáir) – CIG Pannónia Életbiztosító Nyrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 132(1)(c) – Díolúintí i gcomhair gníomhaíochtaí áirithe ar mhaithe le leas an phobail – Soláthar cúraim leighis i gcleachtadh na ngairmeacha míochaine agus paraimhíochaine – Seirbhís a úsáideann cuideachta árachais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chruinneas diagnóise ar thinneas tromchúiseach agus an cúram agus an chóireáil is fearr is féidir a aimsiú agus a sholáthar thar lear)

11

2023/C 24/15

Cás C-596/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Nürnberg – an Ghearmáin) – A v Finanzamt M (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagail 167 agus 168 – Ceart chun CBL ar ionchur a asbhaint – Prionsabal an toirmisc ar chalaois – Slabhra soláthair – Ceart asbhaint i gcás calaoise a dhiúltiú – Duine inchánach – Dara ceannaitheoir earraí – Calaois lena ndéantar difear de chuid den CBL a ghabhann leis an gcéad cheannach – Raon feidhme an chirt asbhainte a dhiúltú)

11

2023/C 24/16

Cás C-658/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State – an Bheilg) – VZW Belgisch-Luxemburgse vereniging van de industrie van plantenbescherming (Belplant), VZW Belgische Vereniging van de Industrie van Plantenbeschermingsmiddelen (PHYTOFAR) roimhe seo v Vlaams Gewest (Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise – Treoir (AE) 2015/1535 – An coincheap rialachán teicniúil – Airteagal 1(1) – Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmeasctar daoine aonair lotnaidicídí ina bhfuil gliofosáit a úsáid ar thalamh a úsáidtear go príobháideach – Airteagal 5(1) – Oibleagáid ar Bhallstáit aon dréachtrialachán teicniúil a chur in iúl don Choimisiún Eorpach)

12

2023/C 24/17

Cás C-691/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – Cafpi SA, Aviva assurances SA v Enedis SA (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 85/374/CEE – Airteagal 3 – Dliteanas i leith táirgí lochtacha – An coincheap léiritheoir – Oibreoir córais dáileacháin leictreachais a athraíonn an leibhéal voltais leictreachais lena dháileadh)

13

2023/C 24/18

Cás C-333/19: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 21 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Bruxelles – an Bheilg) – DA v Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa) agus Páirtithe Eile agus FC agus Páirtithe Eile v Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa) agus Páirtithe Eile (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Státchabhair – Airteagail 107 agus 108 CFAE – Conradh déthaobhach infheistíochta – Clásal eadrána – An Rómáin – Dámhachtain eadrána lena ndeonaítear íocaíocht damáistí – Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena ndearbhaítear gur státchabhair í an íocaíocht sin atá ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear go ndéanfaí í a aisghabháil – Dámhachtain eadrána a fhorghníomhú os comhair cúirte de chuid Ballstáit seachas an Ballstát ar a ndírítear an cinneadh – Sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh – Airteagal 19 CAE – Airteagail 267 agus 344 CFAE – Neamhspleáchas dhlí an Aontais Eorpaigh)

14

2023/C 24/19

Cás C-49/20: Ordú na Cúirte Breithiúnais an (an tOchtú Dlísheomra) an 5 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad – Pazardzhik – an Bhulgáir) – SF v Teritorialna direktsia na Natsionalna agentsia za prihodite – Plovdiv (Tarchur chun réamhrialú – Airteagail 53 agus 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Treoir (AE) 2015/849 – Raon feidhme – Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear íocaíochtaí os cionn teorann áirithe a dhéanamh go heisiach trí aistriú nó trí thaisce i gcuntas íocaíochta)

14

2023/C 24/20

Cásanna Uamtha C-650/20 agus C-651/20: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 12 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie – an Pholainn) – R1, R2 (C-650/20) v O1, O2 (C-650/20)) agus C (C-651/20) v T, O (C-651/20) (Cás a bhaint ón gclár)

15

2023/C 24/21

Cás C-307/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 27 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Kleve – an Ghearmáin) – AB agus páirtithe eile v Ryanair DAC (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás cealú nó moille fada ar eitiltí – Airteagal 5(1)(c) – Ceart chun cúitimh má chuirtear eitilt ar ceal – Conradh iompair tugtha i gcrích trí ghníomhaire taistil ar líne – Faisnéis faoi chealú na heitilte a chuirtear in iúl trí sheoladh ríomhphoist a ghineann an gníomhaire taistil go huathoibríoch – Teip a chinntiú gur cuireadh an paisinéir ar an eolas i gceart)

16

2023/C 24/22

Cás C-374/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Instituto de Financiamento da Agricultura e Pescas IP (IFAP) v AB, CD agus EF (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 – Acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh – Cosaint leasanna airgeadais an Aontais – Neamhrialtachtaí a ionchúiseamh – Airteagal 4 – Glacadh bearta riaracháin – Airteagal (3)(1) – Tréimhse teorann le hionchúiseamh – Dul in éag – An nós imeachta um fhorghníomhú éigeantach – Airteagal 3(2) – Spriocdháta – Infheidhmeacht – Túsphointe – Briseadh agus fionraí)

16

2023/C 24/23

Cás C-777/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 19 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Napoli – an Iodáil) – VB v Comune di Portici (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Airteagal 49 CFAE – Saoirse bunaíochta – Airteagal 56 CFAE – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Trácht ar bhóithre – Clárú agus cánachas ar mhótarfheithiclí – Feithicil atá cláraithe i mBallstát – Tiománaí a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát clárúcháin na feithicle agus i mBallstát eile – Rialacha Ballstáit lena gcuirtear toirmeasc ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh níos mó ná 60 lá ó thiomáint sa Bhallstát sin le feithicil atá cláraithe thar lear)

17

2023/C 24/24

Cás C-235/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Nacional (an Spáinn) an 5 Aibreán 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh Abel

18

2023/C 24/25

Cás C-295/22 P: Achomharc arna thabhairt an 4 Bealtaine 2022 ag Luis Miguel Novais i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a fógraíodh an 4 Márta 2022 i gCás T-66/22, Novais v an Phortaingéil

19

2023/C 24/26

Cás C-324/22 P: Achomharc arna thabhairt an 9 Bealtaine 2022 ag Union nationale des indépendants solidaires (UNIS) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 08/03/2022 i gCás T-431/21, UNIS v an Coimisiún

19

2023/C 24/27

Cás C-571/22 P: Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag Unite the Union i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-739/20, Unite the Union v EUIPO – WWRD Ireland (WATERFORD)

20

2023/C 24/28

Cás C-577/22 P: Achomharc arna thabhairt an 31 Lúnasa 2022 ag Munich, S.L. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-502/20, Munich v EUIPO – Tone Watch (MUNICH10A.T.M.)

20

2023/C 24/29

Cás C-597/22 P: Achomharc arna thabhairt an 16 Meán Fómhair 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 6 Iúil 2022 i gCás T-408/21, HB v an Coimisiún Eorpach

20

2023/C 24/30

Cás C-603/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy w Słupsku (an Pholainn) a taisceadh an 19 Meán Fómhair 2022 — Imeachtaí coiriúla i gcoinne M.S., J.W. agus M.P.

21

2023/C 24/31

Cás C-612/22 P: Achomharc arna thabhairt an 23 Meán Fómhair 2022 ag Tigercat International Inc. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 13 Iúil 2022 i gcás T-251/21, Tigercat International Inc. v EUIPO

24

2023/C 24/32

Cás C-631/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de las Islas Baleares (an Spáinn) an 7 Deireadh Fómhair 2022 – J.M.A.R v C.N.N., SA

25

2023/C 24/33

Cás C-632/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 10 Deireadh Fómahir 2022 – AB Volvo v Transsaqui S.L.

25

2023/C 24/34

Cás C-633/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 11 Deireadh Fómhair 2022 – Real Madrid Club de Fútbol, AE v EE, Société Éditrice du Monde SA

26

2023/C 24/35

Cás C-634/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 10 Deireadh Fómhair 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne OT, PG, CR, VT, MD

27

2023/C 24/36

Cás C-635/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Timişoara (an Rómáin) a taisceadh an 11 Deireadh Fómhair 2022 – SC Assofrutti Rom SRL v Agenţia pentru Finanţarea Investiţiilor Rurale agus Centrul Regional pentru Finanţarea Investiţiilor Rural 5 Vest Timişoara

28

2023/C 24/37

Cás C-646/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) arna taisceadh an 13 Deireadh Fómhair 2022 – Compass Banca SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

28

2023/C 24/38

Cás C-660/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) arna taisceadh an 20 Deireadh Fómhair 2022 — Ente Cambiano Società Cooperativa per azioni v Agenzia delle Entrate

29

2023/C 24/39

Cás C-684/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Samhain 2022 – S.Ö. v Stadt Duisburg

30

2023/C 24/40

Cás C-685/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Samhain 2022 – N.Ö. agus M.Ö. v Stadt Wuppertal

30

2023/C 24/41

Cás C-686/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Samhain 2022 – M.S. agus S.S. v Stadt Krefeld

31

2023/C 24/42

Cás C-452/21: Ordú ó Uachtarán an Deichiú Dlísheomra den Chúirt Bhreithiúnais an 5 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – J.K., B.K. v Przedsiębiorstwo Państwowe X

31

2023/C 24/43

Cás C-581/21 P: Ordú ó Uachtarán an Naoú Dlísheomra den Chúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2022 – Ryanair DAC, Laudamotion GmbH v an Coimisiún Eorpach

32

2023/C 24/44

Cás C-639/21: Ordú Uachtarán an Dara Dlísheomra den Chúirt Bhreithiúnais an 16 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – PB v Geos SAS, Geos International Consulting Limited

32

2023/C 24/45

Cás C-51/22: Ordú Uachtarán na Cúirte an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarratas ar réamhrialú ón Pesti Központi Kerületi Bíróság – an Ungáir) – PannonHitel Pénzügyi Zrt. v Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)

32

 

Chúirt Ghinearálta

2023/C 24/46

Cásanna T-122/20 agus T-123/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Sciessent v an Coimisiún (Táirgí bithicídeacha – Substaintí gníomhacha – Seoilít airgid agus seoilít copair airgid – Diúltú formheasa do chineálacha táirge 2 agus 7 – Airteagal 4 agus Airteagal 19(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 – Éifeachtúlacht – Substaintí gníomhacha le húsáid in earraí cóireáilte – Measúnú ar éifeachtúlacht na n-earraí cóireáilte iad féin – Inniúlacht an Choimisiúin – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Deimhneacht dhlíthiúil – Ionchas dlisteanach)

33

2023/C 24/47

Cásanna Uamtha T-279/20 agus T-288/20 agus Cás T-283/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – CWS Powder Coatings agus Páirtithe Eile v an Coimisiún (Comhshaol agus cosaint shláinte an duine – Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 – Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán – Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217 – Aicmiú dé-ocsaíde tíotáiniam i bhfoirm púdair ina bhfuil 1 % nó níos mó de cháithníní a bhfuil trastomhas 10 μm nó níos lú acu – Critéir chun substaint a aicmiú mar shubstaint charcanaigineach – Iontaofacht agus inghlacthacht na staidéar – Substaint a bhfuil sé de chumas intreach aici bheith ina cúis le hailse – Ró-ualach na gcáithníní scamhóg a ríomh – Earráidí follasacha measúnaithe)

34

2023/C 24/48

Cás T-469/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – an Ísiltír v an Coimisiún (Státchabhair – Dlí na hÍsiltíre lena dtoirmisctear úsáid ghuail chun leictreachas a ghiniúint – Dúnadh luath gléasra cumhachta guail – Deonú liúntas – Cinneadh gan agóidí a dhéanamh – Cinneadh lena ndearbhaítear an cúiteamh atá ag luí leis an margadh inmheánach – Easpa cáilíochtaí sainráite cúnaimh Stáit” – caingean le haghaidh neamhniú – Acte attaquable – Inghlacthacht – Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2015/1589 – Deimhneacht dhlíthiúil)

35

2023/C 24/49

Cás T-72/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – Bowden agus Young v Europol (Seirbhís shibhialta – Foireann shealadach – Rannpháirtithe Europol – Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe – Cailliúint náisiúntachta Ballstáit, – Foirceannadh an chonartha – Airteagal 47(b)(iii) CEOS – Iarratas ar mhaolú ar choinníoll an ghealltanais dá bhforáiltear in Airteagal 12(2)(a) CEOS – Diúltú tarscaoileadh a dheonú – Oibleagáid cúiseanna – Ceart éisteacht a fháil – Fad an nós imeachta riaracháin – Tréimhse réasúnach – Ionchais dhlisteanach – Cóir chomhionann – Suim na seirbhíse – Dualgas Cúraim – Earráid fhollasach measúnaithe)

36

2023/C 24/50

Cás T-512/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Epsilon Data Management v EUIPO – Epsilon Technologies (EPSILON TECHNOLOGIES) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le cúlghairm – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh EPSILON TECHNOLOGIES – Fíorúsáid an mhairc – Airteagal 18(1), an dara fomhír, pointe (a), agus Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cineál na húsáide – Foirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc – Úsáid i dtaca leis na seirbhísí ar cláraíodh an marc ina leith)

37

2023/C 24/51

Cás T-796/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Grupo Ei g Multimedia v EUIPO – Globalization of Values CFC & GCI (FORO16) (Trádmharc de chuid AE – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh FORO16 – Figiúirí agus marc fhocail de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe Cambio16, Energia16, Cambio16 raidió – Figiúirí agus marc fhocail níos luaithe, Camb16 , DEFENSA Y SEGURIDAD 16, CAMBIO16 DIGITAL, EVENTOS 16 – Foras coibhneasta le diúltú – Teaghlach marcanna – Easpa fianaise – Ní dócha go mbeidh mearbhall ann – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

37

2023/C 24/52

Cás T-14/22: Breithiúnais na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – uwe JetStream v EUIPO (JET STREAM) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Focalmharc JET STREAM – Dearbhfhorais le diúltú – Easpa leithleachais – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001)

38

2023/C 24/53

Cás T-672/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Grúpa LEW v EUIPO – Lechwerke (GRUPALEW.) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – imeachtaí freasúra – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Marc fíortha GRUPALEW. – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe LEW – Foras coibhneasta maidir le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001]) – Fianaise d’fhíorúsáid – Airteagal 10(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 – Airteagal 71(1) de Rialachán Tarmligthe (AE)2018/625 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

39

2023/C 24/54

Cás T-161/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Samhain 2022 – Ortega Montero v an Pharlaimint (Seirbhís Shibhialta – Ionadaíocht na Foirne – Leasú ar Rialacha Nós Imeachta Choiste Foirne na Parlaiminte – Ionadaithe foirne a cheapadh chuig comhlachtaí reachtúla agus riaracháin – Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne – Staonadh ó ghlacadh na mbeart arna bhforchur ag na Rialacháin Foirne – Gearán roimh ré os comhair an údaráis ceapacháin – Teorainneacha ama le haghaidh achomharc – Moille – Neamh-inghlachtacht)

39

2023/C 24/55

Cás T-231/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (doglover) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh doglover – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

40

2023/C 24/56

Cás T-232/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (catlover) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh catlover – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

41

2023/C 24/57

Cás T-528/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 11 Samhain 2022 – Belaruskali v an Chomhairle (Bearta eatramhacha – An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

41

2023/C 24/58

Cás T-623/22: Caingean arna taisceadh an 7 Deireadh Fómhair 2022 – SD v EMA

42

2023/C 24/59

Cás T-625/22: Caingean arna tabhairt an 7 Deireadh Fómhair 2022 – an Ostair v an Coimisiún

43

2023/C 24/60

Cás T-628/22: Caingean arna tabhairt an 10 Deireadh Fómhair 2022 – Repasi v an Coimisiún

45

2023/C 24/61

Cás T-634/22: Caingean arna tabhairt an 10 Deireadh Fómhair 2022 – ZR v EUIPO

46

2023/C 24/62

Cás T-678/22: Caingean arna tabhairt an 8 Samhain 2022 – van der Linde v EDPS

47

2023/C 24/63

Cás T-681/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – an Spáinn v an Coimisiún

48

2023/C 24/64

Cás T-683/22: Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 — Newalliance v an Coimisiún

49

2023/C 24/65

Cás T-684/22: Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 — Norwood v an Coimisiún

49

2023/C 24/66

Cás T-685/22: Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 — Lycatelcom v an Coimisiún

50

2023/C 24/67

Cás T-686/22: Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 — Kingbird v an Coimisiún

50

2023/C 24/68

Cás T-687/22: Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 – Standbycom v an Coimisiún

51

2023/C 24/69

Cás T-690/22: Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 – Kiana v an Coimisiún

51

2023/C 24/70

Cás T-692/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Dabrezco Internacional v an Coimisiún

52

2023/C 24/71

Cás T-693/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Hilza v an Coimisiún

52

2023/C 24/72

Cás T-695/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Khayamedia v an Coimisiún

53

2023/C 24/73

Cás T-696/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Fratelli Cosulich v an Coimisiún

53

2023/C 24/74

Cás T-697/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Ommiacrest v an Coimisiún

54

2023/C 24/75

Cás T-698/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Swan Lake v an Coimisiún

54

2023/C 24/76

Cás T-699/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Seamist v an Coimisiún

55

2023/C 24/77

Cás T-701/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Pamastock Investments v an Coimisiún

55

2023/C 24/78

Cás T-702/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – TA v an Coimisiún

56

2023/C 24/79

Cás T-703/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Everblacks Towage v an Coimisiún

57

2023/C 24/80

Cás T-704/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Poppysle v an Coimisiún

57

2023/C 24/81

Cás T-709/22: Caingean arna tabhairt an 17 Samhain 2022 – Illumina v an Coimisiún

58

2023/C 24/82

Cás T-714/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Nutmark v an Coimisiún

59

2023/C 24/83

Cás T-715/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Piamark v an Coimisiún

60

2023/C 24/84

Cás T-718/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Eutelsat Madeira v an Coimisiún

61

2023/C 24/85

Cás T-722/22: Caingean arna tabhairt an 15 Samhain 2022 – AFG v an Coimisiún

61

2023/C 24/86

Cás T-723/22: Caingean arna tabhairt an 15 Samhain 2022 – Sonasurf Internacional agus páirtithe eile v an Coimisiún

62

2023/C 24/87

Cás T-727/22: Caingean arna tabhairt an 21 Samhain 2022 – Odeon Cinemas Holdings v EUIPO – Academy of Motion Picture Arts and Sciences (OSCAR)

63

2023/C 24/88

Cás T-728/22: Caingean arna tabhairt an 22 Samhain 2022 – Industrias Lácteas Asturianas v EUIPO – Qingdao United Dairy (NAMLAC)

63

2023/C 24/89

Cás T-729/22: Caingean arna tabhairt an 22 Samhain 2022 – Complejo Agrícola Las Lomas v an Coimisiún

64

2023/C 24/90

Cás T-731/22: Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Kozitsyn v an Chomhairle

65

2023/C 24/91

Cás T-732/22: Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Deripaska v an Chomhairle

66

2023/C 24/92

Cás T-733/22: Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Khudaynatov v an Chomhairle

67

2023/C 24/93

Cás T-734/22: Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Pumpyanskiy v an Chomhairle

67

2023/C 24/94

Cás T-735/22: Caingean arna tabhairt 25 Samhain 2022 – Falqui v an Pharlaimint

68

2023/C 24/95

Cás T-736/22: Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Campofrio Food Group v EUIPO – Cerioti Holding (SNACK MI)

69

2023/C 24/96

Cás T-737/22: Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Pumpyanskaya v an Chomhairle

70

2023/C 24/97

Cás T-738/22: Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Rotenberg v an Chomhairle

70

2023/C 24/98

Cás T-739/22: Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Rashevsky v an Chomhairle

72

2023/C 24/99

Cás T-740/22: Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Pumpyanskiy v an Chomhairle

73

2023/C 24/100

Cás T-741/22: Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Ezubov v an Chomhairle

74

2023/C 24/101

Cás T-742/22: Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Mazepin v an Chomhairle

75

2023/C 24/102

Cás T-744/22: Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Tokareva v an Chomhairle

76

2023/C 24/103

Cás T-745/22: Caingean arna taisceadh an 28 Samhain 2022 – DGNB v EUIPO (léiriú de líne bhán chuarach i gcearnóg dhorcha)

77

2023/C 24/104

Cás T-746/22: Caingean arna taisceadh an 29 Samhain 2022 – BIW Invest v EUIPO – New Yorker Marketing & Media International (COMPTON)

78

2023/C 24/105

Cás T-747/22: Caingean arna tabhairt an 29 Samhain 2022 – BIW Invest v EUIPO – New Yorker Marketing & Media International (Compton)

79

2023/C 24/106

Cás T-748/22: Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Kantor v an Chomhairle

80

2023/C 24/107

Cás T-749/22: Caingean arna tabhairt an 29 Samhain 2022 – Parlaimint v Union Technique du Bâtiment agus Argest

80

2023/C 24/108

Cás T-753/22: Caingean arna tabhairt an 2 Nollaig 2022 – Nieß v EUIPO – Thema Products (Gartenlux)

81

2023/C 24/109

Cás T-754/22: Caingean arna taisceadh an 2 Nollaig 2022 – Nieß v EUIPO – Terrasoverkapping-inkoop.nl (GARTENLÜX)

82

2023/C 24/110

Cás T-755/22: Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – TG v an Coimisiún

82

2023/C 24/111

Cás T-756/22: Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – Roethig López v EUIPO – William Grant & Sons Irish Brands (AMAZONIAN GIN COMPANY)

83

2023/C 24/112

Cás T-763/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 24 Samhain 2022 – Ultra Electronics Holdings agus páirtithe eile v an Coimisiún

84

2023/C 24/113

Cás T-764/19: Ordú na Cúirte Ginearáltaan 24 Samhain 2022 – Keller Holdings v an Coimisiún

84

2023/C 24/114

Cás T-238/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2022 – Narzieva v an Chomhairle

84


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2023/C 24/01)

Foilseachán deiridh

IO C 15, 16.1.2023

Foilseacháin stairiúla

IO C 7, 9.1.2023

IO C 482, 19.12.2022

IO C 472, 12.12.2022

IO C 463, 5.12.2022

IO C 451, 28.11.2022

IO C 441, 21.11.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/2


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 – an Coimisiún Eorpach v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-24/20) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Cinneadh (AE) 2019/1754 - Aontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha - Airteagal 3(1) CFAE - Inniúlacht eisiach an Aontais - Airteagal 207 CFAE - Comhbheartas tráchtála - Gnéithe tráchtála de mhaoin intleachtúil - Airteagal 218(6) CFAE - Ceart tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh - Leasú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh ar an togra ón gCoimisiún - Airteagal 293(1) CFAE - Infheidhmeacht - Airteagail 4(3), 13(2) agus 17(2) CAE - Airteagal 2(1) CFAE - Prionsabail na tabhartha cumhachtaí, na cothromaíochta institiúidí agus an chomhair dhílis)

(2023/C 24/02)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: F. Castillo de la Torre, I. Naglis agus J. Norris, ar dtús, agus F. Castillo de la Torre, M. Konstantinidis agus J. Norris ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Antoniadis, M. Balta agus A.-L. Meyer, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe chun tacú leis na gcosantóir: Ríocht na Beilge (ionadaithe: M. Jacobs, C. Pochet, agus M. Van Regemorter, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Seice (ionadaithe: K. Najmanová, H. Pešková, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí), An Phoblacht Heilléanach (ionadaithe: K. Boskovits agus M. Tassopoulou, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Fraince (ionadaithe: G. Bain, J.-L. Carré, A.-L. Desjonquères agus T. Stéhelin, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na Cróite (ionadaí: G. Vidović Mesarek, i gcáil Gníomhaire), Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó P. Gentili, avvocato dello Stato), An Ungáir (ionadaithe: M. Z. Fehér agus K. Szíjjártó, i gcáil Gníomhairí), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí), Poblacht na hOstaire (ionadaithe: A. Posch, E. Samoilova, J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí, agus H. Tichy), Poblacht na Portaingéile (ionadaithe: P. Barros da Costa, L. Inez Fernandes, J. P. Palha agus R. Solnado Cruz ar dtús, i gcáil Gníomhairí, agus P. Barros da Costa, J. P. Palha agus R. Solnado Cruz ina dhiaidh sin, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear Airteagal 3 agus, a mhéid a thagraíonn sé do na Ballstáit, Airteagal 4 de Chinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2019 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hIonstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ar neamhní.

2.

Coimeádtar éifeachtaí na gcodanna de Chinneadh 2019/1754 arna gcur ar neamhní ar bun, a mhéid a bhaineann siad le Ballstáit a bhain úsáid cheana féin, ar dháta fógartha an bhreithiúnais seo, as an údarú dá bhforáiltear in Airteagal 3 den chinneadh sin, chun Ionstraim na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha a dhaingniú nó aontú di, in éineacht leis an Aontas Eorpach, go dtí go dtiocfaidh, laistigh de thréimhse réasúnach nach faide ná sé mhí ón dáta sin, cinneadh nua ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm.

3.

Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

4.

Íocfaidh Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, an Phoblacht Heilléanach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cróite, Poblacht na hIodáile, an Ungáir, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire agus Poblacht na Portaingéile as a gcostais féin.


(1)  IO C 77, 09.03.2020


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/3


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal d’arrondissement de Luxembourg – Lucsamburg) – WM (C-37/20), Sovim SA (C-601/20) v Luxembourg Business Registers

(Cásanna uamtha C-37/20 agus C-601/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Úsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc - Treoir (AE) 2018/843 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 - Leasú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 30(5) den Treoir sin - Rochtain ag aon duine den phobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla - Bailíocht - Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Urraim ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh - Cosaint sonraí pearsanta)

(2023/C 24/03)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal d’arrondissement de Luxembourg (Cúirt Dúiche, Lucsamburg)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: WM (C-37/20), Sovim SA (C-601/20)

Cosantóir: Luxembourg Business Registers

An chuid oibríochtúil

Tá Airteagal 1(15)(c) de Threoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc agus le Treoir 2009/138/CE agus Treoir 2013/36/AE, neamhbhailí a mhéid a leasaíodh leis an chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, ar chaoi lena bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 30(5)(c), sa leagan a leasaíodh, nach mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil faisnéis maidir le húinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach agus na n-eintiteas dlíthiúil atá corpraithe ina gcríoch ar fáil i ngach cás d’aon duine den phobal i gcoitinne.


(1)  IO C 103, 30.03.2020

IO C 35, 01.02.2021


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/4


Breithiúnas na Cúirte (an Dara Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Överklagandenämnden för studiestöd – an tSualainn) – MCM v Centrala studiestödsnämnden

(Cás C-638/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Saorghluaiseacht daoine - Airteagal 45 CFAE - Cóir chomhionann - Buntáistí sóisialta - Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 - Airteagal 7(2) - Cúnamh airgeadais do staidéir ardoideachais i mBallstát eile - Ceanglas cónaithe - Ceanglas malartach an chomhtháthaithe shóisialta do mhic léinn neamhchónaitheacha - Staid mic léinn atá ina náisiúnach de chuid an Stáit a dheonaíonn an cabhair, a bhfuil cónaí air nó uirthi ó rugadh é nó í sa Stát staidéir)

(2023/C 24/04)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Överklagandenämnden för studiestöd

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: MCM

Cosantóir: Centrala studiestödsnämnden

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 45 CFAE agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis na forálacha sin ar reachtaíocht Ballstáit lena gcuirtear deonú an chúnaimh airgeadais chun staidéir a shaothrú sa Bhallstát óstach, do leanbh duine a d'fhág an Ballstát óstach inar oibrigh an duine sin d'fhonn filleadh ar chónaí sa chéad Bhallstát ar náisiúnach é nó í, faoi réir an cheanglais go bhfuil ceangal ag an leanbh leis an mBallstát tionscnaimh, i gcás ina bhfuil, ar an gcéad dul síos, an leanbh ina chónaí nó ina cónaí ó rugadh é nó í sa Bhallstát óstach agus, ar an dara dul síos, go gcuireann an Ballstát tionscnaimh náisiúnaigh eile nach gcomhlíonann an ceanglas cónaithe agus a dhéanann iarratas ar chúnamh airgeadais den sórt sin chun staidéar a dhéanamh i mBallstát eile faoi réir an cheanglais go mbeadh nasc ann.


(1)  IO C 53, 15.2.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/4


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 22 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Rechtbank Den Haag, an Ísiltír) – X v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-69/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Airteagail 4, 7 agus 19 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach - Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh - Cosaint i gcás aistriú, díbeartha nó eiseachadadh - Ceart cónaithe ar fhorais leighis - Caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh - Treoir 2008/115/CE - Náisiúnach tríú tír atá buailte le tinneas tromchúiseach - Cóir leighis chun an phian a mhaolú - Cóireáil nach bhfuil ar fáil sa tír thionscnaimh - Coinníollacha faoina bhfuil an t-aistriú le cur siar)

(2023/C 24/05)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: X

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 5 de Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a chur ar ais, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 19(2) di,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar chinneadh um fhilleadh nó ar ordú aistrithe a dhéanamh maidir le náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit agus atá buailte le tinneas tromchúiseach, i gcás ina bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tríú tír a n-aistrítear é chuici, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú suntasach, doleigheasta agus tapa ar a phian, i gcás filleadh, mar gheall ar an toirmeasc, sa tír sin, ar an aon chóireáil anailgéiseach éifeachtach amháin atá ann. Ní fhéadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh maidir le tréimhse ama dhocht nach mór a leithéid de mhéadú a tharlú lena linn ionas go bhféadfadh sé toirmeasc a chur ar an gcinneadh um fhilleadh sin nó ar an ordú aistrithe sin.

2)

Maidir le hAirteagal 5 agus Airteagal 9(1)(a) de Treoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus 19(2) di,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar iarmhairtí an ordaithe aistrithe féin, ar shláinte náisiúnaigh tríú tír, gan bheith á gcur san áireamh ag an údarás náisiúnta inniúil ach amháin chun scrúdú a dhéanamh an bhfuil an náisiúnach tríú tír sin in ann taisteal.

3)

Maidir le Treoir 2008/115, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7, 1 agus 4 den Chairt um Chearta Bunúsacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní cheanglaítear léi ar Bhallstát doiciméad cónaithe a dheonú do náisiúnach tríú tír, atá ag fanacht go neamhdhleathach ina chríoch, i gcás nach bhféadfadh an náisiúnach sin a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh ná faoi réir ordú aistrithe, toisc go bhfuil cúiseanna dáiríre agus cruthaithe ann le creidiúint go bhfágfaí an duine lena mbaineann, sa tír cinn scríbe, i bhfíor-bhaol go dtiocfadh méadú tapa, suntasach agus doleigheasta ar an bpian arbh éard ba chúis léi ná an tinneas tromchúiseach lena bhfuil sé buailte;

ní mór don údarás náisiúnta inniúil sláinte an náisiúnaigh sin agus an chóireáil a chuirtear air sa chríoch sin, mar gheall ar an tinneas sin, a chur san áireamh, chomh maith leis na tosca ábhartha eile go léir, nuair a dhéanann sé scrúdú an gcuirtear cosc le ceart an náisiúnaigh sin chun meas ar an saol príobháideach air a bheith faoi réir cinneadh um fhilleadh nó ordú aistrithe;

ní sháraítear an ceart seo lena leithéid de chinneadh nó de bheart a ghlacadh toisc, i gcás filleadh ar an tír cinn scríbe, go bhfágfaí an náisiúnach sin i mbaol go gcuirfí a shláinte chun meatha, i gcás nach sroicheann a leithéid de bhaol an tairseach tromchúise is gá faoi Airteagal 4 den Chairt agus dá thoisc sin amháin.


(1)  IO C 163, 3.5.2021


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/6


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – Vincent Thunus agus páirtithe eile v an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)

(Cás C-90/21 P) (1)

(Achomharc - Seirbhís shibhialta - Foireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) - Luach saothair - Coigeartú tuarastail bliantúil - Caingean le haghaidh neamhniú agus damáistí)

(2023/C 24/06)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóirí: Vincent Thunus, Jaime Barragán, Marc D’hooge, Alexandra Felten, Christophe Nègre, Patrick Vanhoudt (ionadaí: L. Levi, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) (ionadaithe: A. V. García Sanchez, T. Gilliams, J. Klein agus E. Manoukian, i gcáil Gníomhairí, agus P.–E. Partsch, avocate)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don achomharc.

2.

Ordaítear do Vincent Thunus, Jaime Barragán, Marc D’hooge, Alexandra Felten, Christophe Nègre agus Patrick Vanhoudt na costais a íoc.


(1)  IO C 228, 14.6.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/6


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – Vincent Thunus agus páirtithe eile v an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)

(Cás C-91/21 P) (1)

(Achomharc - Seribhís shibhialta - Foireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) - Luach saothair - Coigeartú tuarastail bliantúil - Caingean le haghaidh neamhniú agus damáistí)

(2023/C 24/07)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóirí: Vincent Thunus, Jaime Barragán, Marc D’hooge, Alexandra Felten, Christophe Nègre, Patrick Vanhoudt (ionadaí: L. Levi, avocate)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Banc Eorpach Infheistíochta (ionadaithe: A. V. García Sanchez, T. Gilliams, J. Klein agus E. Manoukian, i gcáil Gníomhairí, agus P.–E. Partsch, avocat)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don achomharc;

2.

Ordaítear do Vincent Thunus, Jaime Barragán, Marc D’hooge, Alexandra Felten, Christophe Nègre agus Patrick Vanhoudt na costais a íoc.


(1)  OJ C 228, 14.6.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/7


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – An Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

(Cás C-166/21) (1)

(Mainneachtain Bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Dleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha - Treoir 92/83/CEE - Díolúine ón dleacht máil comhchuibhithe - Alcól eitile a úsáidtear chun cógais a tháirgeadh - Airteagal 27(1)(d) - Díolúine atá coinníollach maidir leis an alcól a chur faoi shocrú fionraí dleachta - Níl aon áis acu lena bhféadfaí aisíoc a fháil ar an dleacht mháil a íocadh - Prionsabal na comhréireachta)

(2023/C 24/08)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: ar dtús ag C. Perrin agus M. Siekierzyńska, agus ansin ag C. Perrin agus A. Stobiecka-Kuik, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Polainne (ionadaithe: B. Majczyna agus A. Kramarczyk-Szaładzińska, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Poblacht na Seice (ionadaithe: O. Serdula, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Poblacht na Polainne a íoc;

3.

Ordaítear do Phoblacht na Seice a costais féin a íoc.


(1)  IO C 148, 26.4.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/7


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – Parlaimint na hEorpa v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-259/21) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Comhbheartas iascaigh - Rialachán (AE) 2021/92 - Socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad - Acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla - Airteagail 15 go 17 agus 20 agus an dara mír d'Airteagal 59 - Airteagal 43(3) CFAE - Mí-úsáid cumhachtaí - Prionsabal an chomhair dhílis)

(2023/C 24/09)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: I. Liukkonen agus I. Terwinghe, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Falek, F. Naert agus A. Nowak-Salles, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Dawes, A. Stobiecka-Kuik agus K. Walkerová, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc;

3.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 217, 7.6.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/8


Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Sofia-grad – an Bhulgáir) – IG v Varhoven administrativen sad

(Cás C-289/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Cosaint dlí éifeachtach - Riail nós imeachta náisiúnta lena bhforáiltear go bhfuil caingean chun díospóid a dhéanamh maidir le comhoiriúnacht forála náisiúnta le dlí an Aontais Eorpaigh gan chuspóir i gcás inar aisghaireadh an fhoráil le linn imeachtaí)

(2023/C 24/10)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Sofia-grad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IG

Cosantóir: Varhoven administrativen sad

An chuid oibríochtúil

Ní mór prionsabal na héifeachtachta, mar a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail nós imeachta de chuid Ballstáit ar dá réir, i gcás ina ndéantar foráil dlí náisiúnta arna agóid ag caingean le haghaidh neamhniú ar an bhforas go bhfuil sé ar neamhréir le dlí Aontais Eorpaigh a aisghairm agus, dá bhrí sin, stadann sé d'éifeacht a bheith aige amach anseo, meastar go bhfuil an díospóid gan chuspóir toisc nach bhfuil gá breith a thabhairt air a thuilleadh, gan na páirtithe a bheith in ann a spéis a d’fhéadfadh a bheith acu maidir le leanúint ar aghaidh leis na himeachtaí a mhaoímh agus gan an spéis sin a bheith curtha san áireamh.


(1)  IO C 289, 19.7.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/8


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlann) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag A

(Cás C-296/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Fáil agus Seilbh ar Airm Thine a rialú - Treoir 91/477/CEE - Cuid III d’Iarscríbhinn I - Caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe - Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 - Fíorúchán agus deimhniúchán a dhéanamh ar dhíghníomhachtú arm tine - Airteagal 3 - Eintiteas fíoraithe arna fhormheas ag údarás náisiúnta - Deimhniú díghníomhachtaithe a eisiúint - Eintiteas nach bhfuil san áireamh ar an liosta a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach - Airm thine dhíghníomhachtaithe a aistriú laistigh den Aontas Eorpach - Airteagal 7 - Aitheantas frithpháirteach)

(2023/C 24/11)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein hallinto-oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A

Idiragraithe: Helsingin poliisilaitos, Poliisihallitus

An chuid oibríochtúil

1.

Maidir le Cuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh ar airm a rialú, arna leasú le Treoir 2008/51/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008, agus Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2403 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena mbunaítear treoirlínte comhchoiteanna i ndáil le caighdeáin agus teicnící díghníomhachtaithe chun a áirithiú go mbeidh airm thine dhíghníomhachtaithe do-oibrithe ar bhealach do-athraithe,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar dhuine dlítheanach faoi rialú an dlí phríobháidigh, amhail cuideachta tráchtála, teacht faoin gcoincheap “eintiteas fíoraithe”, dá dtagraítear i mír 1 den fhoráil dheireanach, i gcás ina n-áirítear an duine sin ar an liosta a d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach de bhun Airteagal 3(3) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

2.

Maidir le Cuid III d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/477, arna leasú le Treoir 2008/51, agus Airteagal 7(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme 2015/2403,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás ina n-eisíonn “eintiteas fíoraithe” deimhniú díghníomhachtaithe d'arm tine, ceanglaítear ar an mBallstát ina n-aistrítear an t-arm tine díghníomhachtaithe an deimhniú sin a aithint, mura mheasann údaráis inniúla an Bhallstáit sin, le linn scrúdú achomair ar an arm atá i gceist, nach gcomhlíonantar go follasach leis an deimhniú sin na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin.


(1)  IO C 289, 19.7.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/9


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia no 4 de Castelló de la Plana – an Spáinn) – Casilda v Banco Cetelem SA

(Cás C-302/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Díospóid sna príomhimeachtaí nach bhfuil cuspóir aici a thuilleadh - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2023/C 24/12)

Teanga an cháis: an Spáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de Primera Instancia no 4 de Castelló de la Plana

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Casilda

Cosantóir: Banco Cetelem SA

An chuid oibríochtúil

Ní gá rialú a thabhairt ar an iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia no 4 de Castelló de la Plana (Cúirt Chéadcheime, Uimh. 4, Castelló de la Plana, an Spáinn) le cinneadh an 7 Bealtaine 2021.


(1)  IO C 382, 20.9.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/10


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Bheilg) – Tilman SA v Unilever Supply Chain Company AG

(Cás C-358/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Dlínse agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála - Coinbhinsiún Lugano II - Clásal maidir le rogha cúirte - Ceanglais fhoirmiúla - Clásal a áirítear sna téarmaí agus coinníollacha ginearálta - Téarmaí agus coinníollacha ginearálta a d'fhéadfaí breathnú orthu agus a phriontáil ó nasc hipirtéacs a luaitear i gconradh arna thabhairt i gcrích i scríbhinn - Comhthoil na bpáirtithe)

(2023/C 24/13)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Tilman SA

Cosantóir: Unilever Supply Chain Company AG

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 23(1) agus (2) den Choinbhinsiúin maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a síníodh an 30 Deireadh Fómhair 2007, lena ndearna a thabhairt i gcrích a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2009/430/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2008,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tugtar clásal maidir le rogha cúirte i gcrích go bailí i gcás ina bhfuil sé sna téarmaí agus sna coinníollacha ginearálta dá dtagraíonn an conradh arna thabhairt i gcrích i scríbhinn trí nasc hipeartéacs a chur san áireamh chuig suíomh gréasáin, rochtain ar a gceadaítear na téarmaí agus coinníollacha ginearálta sin a fheiceáil, a íoslódáil agus a phriontáil sula sínítear an conradh sin, gan an páirtí a oibríonn an clásal ina gcoinne gur iarradh go foirmiúil orthu glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta sin trí tic a chur i mbosca ar an suíomh gréasáin sin.


(1)  IO C 338, 23.8.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/11


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Kúria – an Ungáir) – CIG Pannónia Életbiztosító Nyrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

(Cás C-458/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 132(1)(c) - Díolúintí i gcomhair gníomhaíochtaí áirithe ar mhaithe le leas an phobail - Soláthar cúraim leighis i gcleachtadh na ngairmeacha míochaine agus paraimhíochaine - Seirbhís a úsáideann cuideachta árachais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chruinneas diagnóise ar thinneas tromchúiseach agus an cúram agus an chóireáil is fearr is féidir a aimsiú agus a sholáthar thar lear)

(2023/C 24/14)

Teanga an cháis: an Ungairis

An chúirt a rinne an tarchur

Kúria

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: CIG Pannónia Életbiztosító Nyrt

Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 132(1)(c) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl seirbhísí lena ndéantar cruinneas diagnóis duine árachaithe ar thinneas tromchúiseach a fhíorú, d'fhonn an cúram sláinte is fearr a chinneadh do théarnamh an duine árachaithe agus a chinntiú, i gcás ina gcumhdaítear an riosca sin leis an gconradh árachais agus i gcás ina n-iarrann an duine árachaithe amhlaidh, go gcuirtear an chóir leighis ar fáil thar lear, cumhdaithe ag an díolúine a leagtar síos san fhoráil sin.


(1)  IO C 471, 22.11.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/11


Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Nürnberg – an Ghearmáin) – A v Finanzamt M

(Cás C-596/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagail 167 agus 168 - Ceart chun CBL ar ionchur a asbhaint - Prionsabal an toirmisc ar chalaois - Slabhra soláthair - Ceart asbhaint i gcás calaoise a dhiúltiú - Duine inchánach - Dara ceannaitheoir earraí - Calaois lena ndéantar difear de chuid den CBL a ghabhann leis an gcéad cheannach - Raon feidhme an chirt asbhainte a dhiúltú)

(2023/C 24/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Nürnberg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A

Cosantóir: Finanzamt M

An chuid oibríochtúil

1.

Maidir le hAirteagail 167 agus 168 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir 2010/45/AE an 13 Iúil 2010, arna léamh i bhfianaise phrionsabal an toirmisc ar chalaois,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfar diúltú don dara ceannaitheoir earraí an tairbhe a bhaineann le cáin bhreisluacha ionchuir (CBL) a asbhaint, ar an bhforas go raibh a fhios aige nó aici nó gur cheart go mbeadh a fhios aige nó aici gurb ann do chalaois CBL arna déanamh ag an díoltóir bunaidh ag tráth an chéad díola, fiú má bhí an chéad cheannaitheoir ar an eolas faoin gcalaois sin.

2.

Maidir le hAirteagail 167 agus 168 de Threoir 2006/112/CE arna leasú le Treoir 2010/45/AE, arna léamh i bhfianaise phrionsabal an toirmisc ar chalaois,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní mór don dara ceannaitheoir earraí a bhí, ag céim roimh an gceannach sin, faoi réir idirbheart calaoiseach a ghabhann le cuid amháin den cháin bhreisluacha (CBL) a bhfuil an Ballstát i dteideal a bhailiú, an ceart a bheith aige nó aici an CBL ar ionchur a diúltaíodh ina iomláine a asbhaint i gcás ina raibh a fhios ag an dara ceannaitheoir sin nó gur cheart go mbeadh a fhios aige nó aici go raibh baint ag an gceannach sin le calaois.


(1)  IO C 513, 20.12.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/12


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Raad van State – an Bheilg) – VZW Belgisch-Luxemburgse vereniging van de industrie van plantenbescherming (Belplant), VZW Belgische Vereniging van de Industrie van Plantenbeschermingsmiddelen (PHYTOFAR) roimhe seo v Vlaams Gewest

(Cás C-658/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise - Treoir (AE) 2015/1535 - An coincheap “rialachán teicniúil” - Airteagal 1(1) - Reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmeasctar daoine aonair lotnaidicídí ina bhfuil gliofosáit a úsáid ar thalamh a úsáidtear go príobháideach - Airteagal 5(1) - Oibleagáid ar Bhallstáit aon dréachtrialachán teicniúil a chur in iúl don Choimisiún Eorpach)

(2023/C 24/16)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Raad van State

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VZW Belgisch-Luxemburgse vereniging van de industrie van plantenbescherming (Belplant), VZW Belgische Vereniging van de Industrie van Plantenbeschermingsmiddelen (PHYTOFAR) roimhe seo.

Cosantóir: Vlaams Gewest

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 1(1) de Threoir 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise, arna léamh i gcomhréir le hAirteagal 5 díobh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

d’fhéadfadh reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar dhaoine nach bhfuil údarú náisiúnta acu atá beartaithe do ghairmithe lotnaidicídí ina bhfuil gliofosáit a úsáid ar thalamh a úsáidtear go príobháideach a bheith ina “rialachán teicniúil” de réir bhrí Airteagal 1(1)(d) agus (f) den Treoir sin, nach mór a chur in iúl don Choimisiún Eorpach faoi réir Airteagal 5 den Treoir sin, a mhéid a d'fhéadfadh tionchar suntasach a bheith ag cur i bhfeidhm na reachtaíochta náisiúnta sin ar mhargaíocht na dtáirgí lena mbaineann, a bhfuil faoin gcúirt a rinne an tarchur a fhíorú.


(1)  IO C 73, 14.2.2022..


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/13


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – Cafpi SA, Aviva assurances SA v Enedis SA

(Cás C-691/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 85/374/CEE - Airteagal 3 - Dliteanas i leith táirgí lochtacha - An coincheap “léiritheoir” - Oibreoir córais dáileacháin leictreachais a athraíonn an leibhéal voltais leictreachais lena dháileadh)

(2023/C 24/17)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Cafpi SA, Aviva assurances SA

Cosantóir: Enedis SA

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 3(1) de Threoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha arna leasú le Treoir 1999/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 1999,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní mór oibreoir córais dáileacháin leictreachais a mheas mar “tháirgeoir”, de réir bhrí na forála sin, nuair a athraíonn sé leibhéal voltais an leictreachais lena dháileadh ar an gcustaiméir deiridh.


(1)  IO C 64, 7.2.2022.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/14


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 21 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour d’appel de Bruxelles – an Bheilg) – DA v Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa) agus Páirtithe Eile agus FC agus Páirtithe Eile v Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa) agus Páirtithe Eile

(Cás C-333/19) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Státchabhair - Airteagail 107 agus 108 CFAE - Conradh déthaobhach infheistíochta - Clásal eadrána - An Rómáin - Dámhachtain eadrána lena ndeonaítear íocaíocht damáistí - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena ndearbhaítear gur státchabhair í an íocaíocht sin atá ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear go ndéanfaí í a aisghabháil - Dámhachtain eadrána a fhorghníomhú os comhair cúirte de chuid Ballstáit seachas an Ballstát ar a ndírítear an cinneadh - Sárú ar dhlí an Aontais Eorpaigh - Airteagal 19 CAE - Airteagail 267 agus 344 CFAE - Neamhspleáchas dhlí an Aontais Eorpaigh)

(2023/C 24/18)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d’appel de Bruxelles

Páirtithe

Iarratasóirí: DA agus FC, European Food SA, Starmill SRL, Multipack SRL

Cosantóirí: Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa), an Rómáin, an Coimisiún Eorpach, an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol), FC, European Food SA, Starmill SRL, Multipack SRL agus Romanian Air Traffic Services Administration (Romatsa), an Rómáin, an Coimisiún Eorpach, an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (Eurocontrol)

An chuid oibríochtúil

Ní mór dlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 267 agus 344 CFAE de, a léiriú amhail go gceanglaítear ar chúirt de chuid Ballstáit ar tugadh os a comhair forghníomhú na dámhachtana eadrána a bhí mar ábhar do Chinneadh (AE) 2015/1470 ón gCoimisiún an 30 Márta 2015 maidir le Státchabhair SA.38517 (2014/C) (e.g. 2014/NN) arna cur chun feidhme ag an Rómáin – Dámhachtain eadrána i gcás Micula v Romania an 11 Nollaig 2013, an dámhachtain sin a chur ar leataobh agus, dá bhrí sin, nach féidir léi in aon chás dul ar aghaidh lena forghníomhú chun a chumasú dá tairbhithe íocaíocht na ndamáistí a dhámh sí dóibh a fháil.


(1)  IO C 220, 1.7.2019.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/14


Ordú na Cúirte Breithiúnais an (an tOchtú Dlísheomra) an 5 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad – Pazardzhik – an Bhulgáir) – SF v Teritorialna direktsia na Natsionalna agentsia za prihodite – Plovdiv

(Cás C-49/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagail 53 agus 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Treoir (AE) 2015/849 - Raon feidhme - Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear íocaíochtaí os cionn teorann áirithe a dhéanamh go heisiach trí aistriú nó trí thaisce i gcuntas íocaíochta)

(2023/C 24/19)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Rayonen sad – Pazardzhik

Páirtithe

Iarratasóir: SF

Cosantóir: Teritorialna direktsia na Natsionalna agentsia za prihodite – Plovdiv

An chuid oibríochtúil

Rialachán de chuid Ballstáit lena bhforáiltear nach ndéanfar íocaíochtaí sa chríoch náisiúnta de mhéid atá comhionann le tairseach seasta nó níos mó ná sin ach amháin trí aistriú nó taisce isteach i gcuntas íocaíochta, beag beann ar an eintiteas agus ar chúis na híocaíochta in airgead tirim, agus cumhdófar gach íocaíocht in airgead tirim idir daoine nádúrtha agus daoine dlítheanacha gan idirdhealú, nach dtagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le húsáid an airgeadais a chosc córas chun críche sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70 ón gCoimisiún /CE.


(1)  IO C 137, 27.04.2020.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/15


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 12 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie – an Pholainn) – R1, R2 (C-650/20) v O1, O2 (C-650/20)) agus C (C-651/20) v T, O (C-651/20)

(Cásanna Uamtha C-650/20 agus C-651/20) (1)

(Cás a bhaint ón gclár)

(2023/C 24/20)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie

Páirtithe

Iarratasóirí: R1, R2 (C-650/20), C (C-651/20)

Cosantóirí: O1, O2 (C-650/20), T, O (C-651/20)

An chuid oibríochtúil

Baintear Cásanna Uamtha C-650/20 agus C-651/20 ó chlár na Cúirte Breithiúnais.


(1)  Dáta an taiscthe: 30.11.20.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/16


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 27 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Kleve – an Ghearmáin) – AB agus páirtithe eile v Ryanair DAC

(Cás C-307/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Aeriompar - Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 - Comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás cealú nó moille fada ar eitiltí - Airteagal 5(1)(c) - Ceart chun cúitimh má chuirtear eitilt ar ceal - Conradh iompair tugtha i gcrích trí ghníomhaire taistil ar líne - Faisnéis faoi chealú na heitilte a chuirtear in iúl trí sheoladh ríomhphoist a ghineann an gníomhaire taistil go huathoibríoch - Teip a chinntiú gur cuireadh an paisinéir ar an eolas i gceart)

(2023/C 24/21)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Kleve

Páirtithe

Iarratasóirí: AB agus páirtithe eile

Cosantóir: Ryanair DAC

An chuid oibríochtúil

Airteagal 5(1)(c) agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91

ní mór é a léiriú go gcaithfidh an t-aeriompróir oibríochta an cúiteamh dá bhforáiltear leis na forálacha sin a íoc i gcás cealaithe eitilte nár cuireadh an paisinéir ar an eolas ina thaobh coicís ar a laghad roimh an am imeachta sceidealaithe inar sheol an t-iompróir sin an fhaisnéis in am trátha chuig an t-aon seoladh ríomhphoist a cuireadh in iúl dó le linn na háirithinte, gan a bheith feasach, áfach, nach bhféadfaí an seoladh sin a úsáid ach amháin chun teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaire taistil, trína ndearnadh an áirithint, agus ní leis an bpaisinéir go díreach agus nár sheol an gníomhaire taistil sin an fhaisnéis chuig an bpaisinéir in am trátha.


(1)  IO C 310, 2.8.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/16


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 20 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Instituto de Financiamento da Agricultura e Pescas IP (IFAP) v AB, CD agus EF

(Cás C-374/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 - Acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh - Cosaint leasanna airgeadais an Aontais - Neamhrialtachtaí a ionchúiseamh - Airteagal 4 - Glacadh bearta riaracháin - Airteagal (3)(1) - Tréimhse teorann le hionchúiseamh - Dul in éag - An nós imeachta um fhorghníomhú éigeantach - Airteagal 3(2) - Spriocdháta - Infheidhmeacht - Túsphointe - Briseadh agus fionraí)

(2023/C 24/22)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe

Iarratasóir: Instituto de Financiamento da Agricultura e Pescas IP (IFAP)

Cosantóirí: AB, CD agus EF

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 3(1) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

a léirmhíniú sa chaoi, faoi réir prionsabail na coibhéise agus na héifeachtúlachta, nach gcuireann sé bac ar reachtaíocht náisiúnta, chun críocha cinnidh chun suimeanna a íocadh in earráid a fhorghníomhú, arna ghlacadh tar éis dheireadh na tréimhse teorann le haghaidh imeachtaí dá dtagraítear san fhoráil sin, lena gceanglaítear ar an duine i gceist neamhrialtacht an chinnidh seo a dhearbhú laistigh de thréimhse áirithe os comhair na cúirte riaracháin inniúla, faoi réir toirmeasc, agus ní féidir leis cur i gcoinne fhorghníomhú an chinnidh sin a thuilleadh tríd an neamhrialtacht chéanna a agairt i gcomhthéacs na n-imeachtaí dlí maidir le forghníomhú éigeantach, arna dtionscnamh ina choinne

2.

An chéad fhomhír d'Airteagal 3(2) de Rialachán Uimh. 2988/95

a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go gcaithfidh na páirtithe faoi dhliteanas tánaisteach ón eintiteas féichiúnaí atá mar sheolaí ar chinneadh méideanna a fuarthas go míchuí a ghnóthú, ar cuireadh síneadh leis na himeachtaí forghníomhaithe cánach chucu, a bheith in ann brath ar dhul in éag na tréimhse cur chun feidhme atá leagtha síos sa chéad fhomhír d’Airteagal 3(2) den rialachán sin nó, de réir mar a bheidh, de thréimhse sínte le cur chun feidhme de bhun Airteagal 3(3) den rialachán sin, chun cur i gcoinne ghnóthú na méideanna sin a fhorghníomhú.

3.

An chéad fhomhír d'Airteagal 3(2) de Rialachán Uimh. 2988/95

a léiriú mar ní a chiallaíonn, maidir le cinneadh a chur chun feidhme lena gceanglaítear méideanna a fuarthas go míchuí a aisíoc, go dtosóidh an tréimhse cur chun feidhme a bhunaítear leis an bhforáil sin ón lá a thiocfaidh an cinneadh sin chun bheith críochnaitheach, is é sin le rá, ón an lá a bhfuil na tréimhsí chun imeachtaí a thionscnamh imithe in éag nó a bhfuil gach ceart achomhairc ídithe.


(1)  IO C 357, 6.9.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/17


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 19 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Napoli – an Iodáil) – VB v Comune di Portici

(Cás C-777/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 49 CFAE - Saoirse bunaíochta - Airteagal 56 CFAE - Saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Trácht ar bhóithre - Clárú agus cánachas ar mhótarfheithiclí - Feithicil atá cláraithe i mBallstát - Tiománaí a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát clárúcháin na feithicle agus i mBallstát eile - Rialacha Ballstáit lena gcuirtear toirmeasc ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh níos mó ná 60 lá ó thiomáint sa Bhallstát sin le feithicil atá cláraithe thar lear)

(2023/C 24/23)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale di Napoli

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VB

Cosantóir: Comune di Portici

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 49 CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar oibrí féinfhostaithe a bhfuil cónaí air i mBallstát ar feadh níos mó ná 60 lá ó thiomáint sa Bhallstát sin le feithicil atá cláraithe i mBallstát eile i gcás nach mbeartaítear an fheithicil a úsáid go príomha sa chéad Bhallstát ar bhonn buan ná, i ndáiríre, nach n-úsáidtear í ar an mbealach sin.


(1)  IO C 148, 04.04.2022


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/18


Iarraidh ar réamhrialú ón Audiencia Nacional (an Spáinn) an 5 Aibreán 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh Abel

(Cás C-235/22)

(2023/C 24/24)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Nacional

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cosantóir: Abel

Tríú páirtí: Ministerio Fiscal

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagail 126 agus 127 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [Comhaontú um Tharraingt Siar] (1) agus Airteagail 18.1 agus 21.1 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm acu i leith iarratais ar eiseachadadh ó thríú stát a rinneadh i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar i leith saoránach den Ríocht Aontaithe a bhí ina chónaitheoir i mBallstát i rith agus i ndiaidh dheireadh an Chomhaontuithe um Tharraingt Siar i leith gníomhartha arna ndéanamh roimh agus le linn bhailíocht an Chomhaontuithe um Tharraingt Siar?

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gceist sin,

2)

an gcaithfear Airteagail 10, 12, 13, 14, 15, 126 agus 127 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach [Comhaontú um Tharraingt Siar] agus Airteagal 21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm ag an gcásdlí i mbreithiúnais na Cúirte Breithiúnais i gcásanna C-182/15 (Petruhhin) (2) , Pisciotti (C-191/16) (3) agus C-897/19 PPU (I.N.) (4) i leith iarratais ar eiseachadadh ó thríú tír i leith náisiúnaigh Bhriotanaigh a bhí ina saoránach den Aontas Eorpaigh tráth na ngníomhartha is cúis leis an iarratas ar eiseachadadh agus a bhí ina chónaí go leanúnach ar chríoch Ballstát eile roimh agus le linn bhailíocht an Chomhaontuithe um Tharraingt Siar?

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gceist sin,

3)

an bhfuil feidhm ag an gcásdlí i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcásanna C-182/15 (Petruhhin), C-191/16 (Pisciotti) agus C-897/19 PPU (I.N.) i bhfianaise an chreata i leith chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla dá bhforáiltear in Airteagail 62 go 65 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Teideal VII den tríu Páirt den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an Aontais Eorpaigh, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, i leith iarratais ar eiseachadadh i leith náisiúnaigh Bhriotanaigh a bhí ina saoránach den Aontas Eorpaigh tráth na ngníomhartha is cúis leis an iarratas ar eiseachadadh agus a bhí ina chónaí go leanúnach ar chríoch Ballstát eile roimh agus le linn bhailíocht an Chomhaontuithe um Tharraingt Siar?


(1)  IO 2020 L 29, lch. 7.

(2)  Breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2016, EU:C:2016:630

(3)  Breithiúnas an 10 Aibreán 2018, EU:C:2018:222

(4)  Breithiúnas an 2 Aibreán 2020, EU:C:2020:262


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/19


Achomharc arna thabhairt an 4 Bealtaine 2022 ag Luis Miguel Novais i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a fógraíodh an 4 Márta 2022 i gCás T-66/22, Novais v an Phortaingéil

(Cás C-295/22 P)

(2023/C 24/25)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Achomharcóir: Luis Miguel Novais (ionadaithe: Á. Oliveira agus C. Almeida Lopes, advogados)

Páirtí eile sna himeachtaí: Poblacht na Portaingéile

Le hordú an 24 Samhain 2022, dhíbh an Chúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) an t-achomharc toisc é a bheith gan bhunús go follasach.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/19


Achomharc arna thabhairt an 9 Bealtaine 2022 ag Union nationale des indépendants solidaires (UNIS) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra) a tugadh an 08/03/2022 i gCás T-431/21, UNIS v an Coimisiún

(Cás C-324/22 P)

(2023/C 24/26)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Union nationale des indépendants solidaires (UNIS) (ionadaí: F. Ortega, Dlíodóir)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

Le hordú an 1 Nollaig 2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an Séú Dlísheomra) don achomharc toisc gur follas nach raibh bunús leis agus chinn sí nach mór don achomharcóir a chostais féin a íoc.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/20


Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag Unite the Union i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra) a fógraíodh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-739/20, Unite the Union v EUIPO – WWRD Ireland (WATERFORD)

(Cás C-571/22 P)

(2023/C 24/27)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Unite the Union (ionadaithe: B. O'Connor, avocat, M. Hommé, avocat)

Pairtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), WWRD Ireland IPCO LLC

Le hordú an 05 Nollaig 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh an Chúirt do Unite the Union a chostais féin a íoc.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/20


Achomharc arna thabhairt an 31 Lúnasa 2022 ag Munich, S.L. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-502/20, Munich v EUIPO – Tone Watch (MUNICH10A.T.M.)

(Cás C-577/22 P)

(2023/C 24/28)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: Munich, S.L. (ionadaithe: J. Güell Serra, M. del Mar Guix Vilanova, Abogados)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Tone Watch, S. L.

Le hordú an 29 Samhain 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh do Munich, S. L. a chostais féin a íoc.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/20


Achomharc arna thabhairt an 16 Meán Fómhair 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 6 Iúil 2022 i gCás T-408/21, HB v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-597/22 P)

(2023/C 24/29)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, J. Estrada de Solà agus B. Araujo Arce, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: HB (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 6 Iúil 2022 a chur ar neamhní i gCás T-408/21, HB v an Coimisiún, a mhéid a chuireann sí Cinntí C(2021) 3339 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 agus C(2021) 3340 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 ar neamhní;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun rialú a thabhairt ar tuillteanais na caingne le haghaidh neamhniú;

a ordú do HB na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Chun tacú lena achomharc, tá an Coimisiún ag brath ar shaincheist amháin le haghaidh neamhniú lena n-éilítear earráid dlí.

De réir an Choimisiúin, chinn an Chúirt Ghinearálta go hearráideach gur de chineál conarthach iad Cinntí C(2019) 7318 final agus C(2019) 7319.

Dá bhrí sin, folaíonn aicmiú mícheart chineál conarthach an dá éileamh sin, i gcomhréir le cásdlí ADR (C-584/17), neamhniú éagórach na gCinntí C(2021) 3339 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 agus C(2021) 3340 final ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 , atá ina n-ábhar don achomharc seo.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/21


Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy w Słupsku (an Pholainn) a taisceadh an 19 Meán Fómhair 2022 — Imeachtaí coiriúla i gcoinne M.S., J.W. agus M.P.

(Cás C-603/22)

(2023/C 24/30)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy w Słupsku

Páirtithe sna príomhimeachtaí

M.S., J.W., M.P., Prokurator Rejonowy w Słupsku, D.G.— riarthóir a ceapadh chun gníomhú ar son M.B. agus B. B.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An bhfuil Airteagail 6(1), (2),(3)a agus (7) agus 18, arna léamh i gcomhar le haithrisí 25, 26 agus 27 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla (1) le léiriú ar chaoi gurb amhlaidh ón nóiméad a chúisítear duine atá faoi dhrochamhras nach bhfuil 18 bliain slánaithe aige, go gceanglaítear ar na húdaráis atá i mbun imeachtaí a ráthú go bhfuil an ceart ag an leanbh chun cúnamh dlí más rud é nach bhfuil dlíodóir cosanta dá rogha féin aige (mar gheall nach ndearna an leanbh nó sealbhóir na freagrachta tuismitheora cúnamh den sórt sin a sholáthar as a stuaim féin) agus a ráthú go mbeadh dlíodóir rannpháirteach i ngníomhaíochtaí réamhthrialach ar nós ceistiú an duine mhionaoisigh, agus ar chaoi go gcuirtear cosc leo ar stiúradh an cheistithe sin in éagmais dlíodóra cosanta?

2)

An bhfuil Airteagal 6(6) agus (8), arna léamh i gcomhar le haithrisí 16, 30, 31 agus 32 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla le léiriú ar chaoi nach ceadmhach tarscaoileadh cúnaimh dlíodóra gan moill mhíchuí ar aon chor i gcásanna lena mbaineann cionta coiriúla inar féidir téarma príosúnachta a bheith mar phionós orthu, agus nach bhféadfadh maolú sealadach ar chur i bhfeidhm an chirt chun cúnamh a fháil ó dhlíodóir de réir bhrí Airteagal 6(8) den Treoir a dhéanamh ach amháin sa chéim réamhthrialach agus i gcás na n-imthosca a liostaítear go cruinn in Airteagal 6(8)(a) agus (b) amháin, nach mór a lua go sainráite sa chinneadh, ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne i bprionsabal, chun dul ar aghaidh leis an gceistiú in éagmais dlíodóra?

3)

Má thugtar freagra dearfach ar cheann amháin de na ceisteanna um réamhrialú ar a laghad, an gcaithfear forálacha na Treorach thuasluaite a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail:

a)

An dara habairt d’Airteagal 301 den Kodeks postępowania karnego (Cód um Nós Imeachta Coiriúil, “k.p.k.”), ar dá réir nach ndéanfar an duine atá faoi dhrochamhras a cheistiú le cúnamh ó dhlíodóir ach amháin ar iarraidh sin dó agus ní chuirfear ceistiú dá leithéid ar fionraí de dheasca mhainneachtain an dlíodóra a bheith i láthair;

b)

Airteagal 79(3) de k.p.k., ar dá réir, i gcás duine nach bhfuil 18 bliain slánaithe aige (Airteagal 79(1)(1) de k.p.k.), ní bheidh cúnamh dlí éigeantach ach amháin ag an éisteacht ó bhéal agus ag na díotchúisimh sin ina bhfuil rannpháirtíocht an duine cúisithe éigeantach, i.e. sna himeachtaí cúirte?

4)

An gcaithfear na forálacha dá dtagraítear sa chéad agus sa dara ceist le haghaidh réamhrialú agus prionsabail na tosaíochta agus éifeacht dhíreach na dtreoracha a léiriú ar chaoi go gcuireann siad ar chumas na cúirte náisiúnta a éisteann cás in imeachtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla chomh maith le haon údarás Stáit neamhaird a thabhairt ar fhorálacha dlí náisiúnta atá ar neamhréir leis an Treoir, amhail iad siúd dá dtagraítear sa tríú ceist le haghaidh réamhrialú, agus, dá bhrí sin – i bhfianaise an teorann ama tar éis thréimhse an trasuímh – forálacha na Treorach a chur in ionad na forála náisiúnta, i bhfianaise na héifeachta dírí a bhronntar ar fhorálacha na Treorach?

5)

An bhfuil Airteagail 6(1), (2), (3) agus (7) agus 18 arna léamh i gcomhar le hAirteagail 2(1) agus (2) agus le haithrisí 11, 25 agus 26 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13 agus le haithris 50 de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart chun dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse, (2) le léiriú ar chaoi go ráthóidh Ballstát dlíodóir cosanta poiblí do dhuine a bhfuil drochamhras faoi nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a bhí, tráth ar thosaigh sé a bheith mar ábhar do na himeachtaí, ina dhuine mionaoiseach agus gur shlánaigh siad 18 bliain ina dhiaidh sin, go bhfuil an cúnamh sin éigeantach go dtí deireadh na n-imeachtaí?

6)

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 5, an gcaithfear, dá bhrí sin, forálacha na Treorach a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 79(1)(1) de k.p.k., faoina gcaithfidh an cúisí, in imeachtaí coiriúla, dlíodóir a bheith aige go dtí go mbeidh 18 bliain slánaithe aige?

7)

An gcaithfear na forálacha dá dtagraítear i gCeist 5 le haghaidh réamhrialú, chomh maith le prionsabal na tosaíochta agus prionsabal éifeacht dhíreach na dtreoracha, a léiriú sa chaoi go bhfuil cúirt náisiúnta a éisteann cás in imeachtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla i dteideal neamhaird a thabhairt ar fhorálacha an dlí náisiúnta atá ar neamhréir leis an treoir, amhail iad siúd dá dtagraítear i gCeist 5 le haghaidh réamhrialú, agus forálacha an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm, amhail Airteagal 79(2) de k.p.k., mar a léirítear iad i gcomhréir leis an Treoir (léiriú i bhfabhar an Aontais), i.e., ceapachán dlíodóir cosanta poiblí do dhuine cúisithe nach raibh, tráth a cúisíodh é, 18 bliain slánaithe aige, ach ina dhiaidh sin, le linn na n-imeachtaí, a shlánaigh 18 bliain agus a bhfuil imeachtaí coiriúla fós ar feitheamh ina leith, go dtí go dtabharfar na himeachtaí chun críche go críochnaitheach, ar an tuiscint go bhfuil sé sin riachtanach i bhfianaise imthosca a fhágann go bhfuil sé deacair iad féin a chosaint, nó i bhfianaise an teorann ama tar éis thréimhse an trasuímh – forálacha na Treorach a chur in ionad na forála náisiúnta, i bhfianaise na héifeachta dírí a bhronntar ar fhorálacha na Treorach?

8)

An gcaithfear Airteagal 4(1) go (3), arna léamh i gcomhar le haithrisí 18, 19 agus 22 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla agus le hAirteagal 3(2) in éineacht le haithrisí 19 agus 26 sa bhrollach a ghabhann le Treoir (AE) 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla, (3) a léiriú ar chaoi gur cheart do na húdaráis inniúla (oifig an ionchúisitheora phoiblí, na póilíní), ar a dhéanaí, sula ndéanfaidh na póilíní nó údarás inniúil eile an té atá faoi dhrochamhras a cheistiú go hoifigiúil, an té atá faoi amhras agus sealbhóir na freagrachta tuismitheora araon a chur ar an eolas faoi na cearta sin atá riachtanach chun próis chuí agus céimeanna nóis imeachta sna himeachtaí a ráthú, lena n-áirítear, an oibleagáid dlíodóir a cheapadh do dhuine mionaoiseach atá faoi dhrochamhras agus na hiarmhairtí a bhainfeadh le gan dlíodóir dá rogha féin a cheapadh don mhionduine cúisithe (dlíodóir cosanta poiblí a cheapadh), trína gcaithfear, i gcás leanaí a bhfuil amhras fúthu, an fhaisnéis sin a chur ar fáil i dteanga shimplí inrochtana atá oiriúnach do aois an duine mhionaoisigh?

9)

An gcaithfear Airteagal 7(1) agus (2), arna léamh i gcomhar le haithris 31 de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla, (4) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1)(e) agus (2) de Threoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla, a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar údaráis Ballstáit atá i mbun imeachtaí coiriúla a bhaineann le leanbh faoi dhrochamhras a chur ar an eolas faoin gceart a bheith ina thost agus faoin gceart gan iad féin a ionchoiriú ar bhealach intuigthe atá oiriúnach d’aois an duine atá faoi dhrochamhras?

10)

An gcaithfear Airteagal 4(1) go (3), arna léamh i gcomhar le haithrisí 18, 19 agus 22 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla agus le hAirteagal 3(2) in éineacht le haithrisí 19 agus 26 a ghabhann le Treoir (AE) 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla, a léiriú sa chaoi go nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna forálacha thuasluaite trí threoracha ginearálta a bheith tugtha díreach sula ndearnadh an duine mionaoiseach a cheistiú, gan na cearta sonracha a eascraíonn as raon feidhme Threoir 2016/800 a bheith curtha san áireamh, agus soláthar na faisnéise sin a bheith tugtha don té atá faoi dhrochamhras amháin gan dlíodóir, gan rannpháirtíocht ó shealbhóir na freagrachta tuismitheora, agus i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin dréachtaithe i dteanga nach bhfuil iomchuí d’aois an duine atá faoi dhrochamhras?

11)

An gcaithfear Airteagail 18 agus 19, arna léamh i gcomhar le haithris 26 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla, agus Airteagal 12(2), arna léamh i gcomhar le haithris 50 de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart chun dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse i gcomhar le hAirteagal 7(1) agus (2) i gcomhar le hAirteagal 10(2) arna léamh i gcomhar le haithris 44 de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla agus le prionsabal na trialach córa, a léiriú – maidir le mínithe a thug duine a bhí faoi dhrochamhras le linn ceistiú póilíneachta a rinneadh gan rochtain a bheith aige ar dhlíodóir agus gan an duine a bhí faoi dhrochamhras tar éis a bheith curtha ar an eolas go cuí faoina chearta, gan sealbhóir na freagrachta tuismitheora a bheith curtha ar an eolas faoi na cearta agus na gnéithe ginearálta a bhaineann le seoladh na n-imeachtaí a bhfuil an leanbh i dteideal a fháil faoi Airteagal 4 den Treoir, a léiriú amhail go gcuirtear d’oibleagáid leo ar an gcúirt náisiúnta a éisteann na himeachtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha agus ar aon údarás Stáit (nó tugtar do chumhacht leo) a áirithiú go gcuirfear daoine atá faoi amhras/daoine cúisithe sa suíomh céanna leis an staid ina mbeadh siad dá mba rud é nár tharla na sáruithe atá i gceist, agus dá bhrí sin neamhaird a dhéanamh den fhianaise sin, go háirithe i gcás ina raibh an fhaisnéis ionchoiritheacha a fuarthas le linn an cheistiúcháin sin le húsáid chun an duine lena mbaineann a chiontú?

12)

Dá bhrí sin, an gcaithfear na forálacha dá dtagraítear i gCeist 11, chomh maith le prionsabal na tosaíochta agus prionsabal na héifeachta dírí, a léiriú mar cheangal ar chúirt náisiúnta a éisteann imeachtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme na dtreoracha sin agus ar aon údarás Stáit eile neamhaird a thabhairt ar fhorálacha an dlí náisiúnta atá ar neamhréir leis na treoracha sin, amhail Airteagal 168ú de k.p.k, ar dá réir nach féidir a dhearbhú go bhfuil fianaise neamh-inghlactha ar an bhforas amháin go bhfuarthas í de shárú ar na rialacha nós imeachta nó trí chion dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Chód Coiriúil, murach rud é go bhfuarthas í ar chaoi a bhain dualgais oifigiúla a bheith á gcomhlíonadh ag oifigeach poiblí, mar thoradh ar na nithe seo a leanas: dúnmharú, gortú toiliúil coirp nó cailleadh saoirse?

13)

An gcaithfear Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(1) CAE agus prionsabal na héifeachtachta i ndlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar an ionchúisitheoir poiblí, ina cháil mar údarás a bhfuil baint aige le riaradh an cheartais, an smacht reachta a chaomhnú agus, ag an am céanna, an t-imscrúdú réamhthrialach a óstáil, le linn na céime réamhthrialach, cosaint dlí éifeachtach a ráthú sa réimse a chumhdaítear leis an treoir thuasluaite agus go gcaithfidh sé, agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm go héifeachtach, a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht a ráthú?

14)

Má thugtar freagra dearfach ar aon cheann de na ceisteanna 1-4, 5-8, 9-12, agus Ceist 13 go háirithe, an bhfuil Airteagal 19(1) CAE (prionsabal na cosanta dlíthiúla éifeachtaí) i gcomhar le hAirteagal 2 CAE, go háirithe maidir leis an bprionsabal go n-urramaítear an smacht reachta mar a léirítear é i gcásdlí na Cúirte (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Cásanna Uamtha C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie i Tribunalul Bihor, EU:C:2021:1034), agus prionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, mar a léirítear é le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C-64/16, EU:C:2018:117), a léiriú sa chaoi gcuirtear leis na prionsabail sin, i bhfianaise go bhféadfaí brú indíreach a bheith ar bhreithiúna agus go bhféadfadh an tArd-Ionchúisitheoir treoracha ceangailteacha a eisiúint maidir le hoifig an ionchúisitheora phoiblí, cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena ndearbhaítear go bhfuil Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí ag brath ar údarás feidhmiúcháin, amhail an tAire Dlí agus Cirt, agus go gcuirtear srian chomh maith leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear teorainn le neamhspleáchas na gcúirteanna agus neamhspleáchas an ionchúisitheora phoiblí agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm, go háirithe:

(a)

Airteagal 130(1) den Ustawa z dnia 27 lipca 2001 roku o ustroju sądów powszechnych (Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna an 27 Iúil 2001) lena gceadaítear don Aire Dlí agus Cirt, i dtaca le hoibleagáid an ionchúisitheora phoiblí cás a thuairisciú ina rialaíonn cúirt ar fheidhmiú dhlí an Aontais, chun briseadh láithreach ar ghníomhaíochtaí breithimh a ordú go dtí go dtabharfaidh cúirt araíonachta cinneadh, nach faide ná mí amháin, más rud é, mar gheall ar chineál an ghnímh a rinne an breitheamh agus mar gheall ar chur i bhfeidhm díreach ar dhlí an Aontais, go measann an tAire Dlí agus Cirt go bhfuil gá lena leithéid i bhfianaise stuamacht na cúirte nó leas bunriachtanacha na seirbhíse;

(b)

Airteagail 1(2), 3(1)(1) agus (3), 7(1) go (6) agus (8) agus 13(1) agus (2) den Ustawa z dnia 28 stycznia 2016 roku Prawo o prokuraturze (Dlí maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí an 28 Eanáir 2016), lenar féidir, arna léamh i gcomhar lena chéile, leis an tAire Dlí agus Cirt, arb é an tArd-Ionchúisitheoir é agus an oifig an Ionchúisitheora phoiblí uachtarach araon, treoracha a eisiúint a bheadh ceangailteach ar fho-ionchúisitheoirí poiblí freisin a mhéid a chuireann siad srian nó bac ar chur i bhfeidhm díreach ar dhlí an Aontais?


(1)  IO 2016 L 132, lch. 1.

(2)  IO 2013 L 294, lch. 1

(3)  IO 2012 L 142, lch. 1

(4)  IO 2016 L 65, lch. 1.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/24


Achomharc arna thabhairt an 23 Meán Fómhair 2022 ag Tigercat International Inc. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra) a tugadh an 13 Iúil 2022 i gcás T-251/21, Tigercat International Inc. v EUIPO

(Cás C-612/22 P)

(2023/C 24/31)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Tigercat International Inc. (ionadaithe: B. Führmeyer, Rechtsanwalt, E. B. Matthes, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Caterpillar Inc.

Trí ordú an 05 Nollaig 2022, chinn an Chúirt Bhreithiúnas (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do Tigercat International Inc. a chostais féin a íoc.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/25


Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal Superior de Justicia de las Islas Baleares (an Spáinn) an 7 Deireadh Fómhair 2022 – J.M.A.R v C.N.N., SA

(Cás C-631/22)

(2023/C 24/32)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de las Islas Baleares

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: J.M.A.R

Cosantóir: C.N.N., SA

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

An gcaithfear Airteagal 5 de Threoir 2000/78/CE [an 27 Samhain 2000] lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, (1) i bhfianaise míreanna 16, 17, 20 agus 21 dá Brollach, Airteagail 21 agus 26 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 2 agus 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (arna fhormheas le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 (2)) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm rialach náisiúnta lena mheastar míchumas oibreora (i ndiaidh dearbhú ar éagumas buan agus iomlán i leith a ghnáthfhostaíochta, gan aon fheabhas a bheith tuartha) mar chúis le conradh fostaíochta an oibreora a fhoircheannadh go huathoibríoch, gan a chur de cheangal ar an gcuideachta an sainordú chun “cóiríocht réasúnta” a dhéanamh a chomhlíonadh roimh ré mar a cheanglaítear le hAirteagal 5 den Treoir d’fhonn leanúint leis an bhfostaíocht (nó chun ualach míréasúnach na hoibleagáide sin a léiriú)?

2)

An gcaithfear Airteagail 2(2) agus 4(1) de Threoir 2000/78/CE lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise míreanna 16, 17, 20 agus 21 dá Brollach, Airteagail 21 agus 26 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 2 agus 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (arna fhormheas le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009) a léiriú sa chaoi gurb ionann foircheannadh uathoibríoch conartha fostaíochta oibreora mar gheall ar mhíchumas (i ndiaidh dearbhú ar éagumas buan agus iomlán i leith a ghnáthfhostaíochta) gan a chur de cheangal an sainordú chun “cóiríocht réasúnta” a dhéanamh a chomhlíonadh roimh ré mar a cheanglaítear le hAirteagal 5 den Treoir d’fhonn leanúint leis an bhfostaíocht (nó chun ualach míréasúnach na hoibleagáide sin a léiriú roimh ré), agus idirdhealú díreach, fiú i gcás go gcinntear foircheannadh den sórt sin le riail dhlíthiúil náisiúnta?


(1)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).

(2)  Cinneadh ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (IO 2010 L 23, lch. 35).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/25


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) an 10 Deireadh Fómahir 2022 – AB Volvo v Transsaqui S.L.

(Cás C-632/22)

(2023/C 24/33)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Supremo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AB Volvo

Cosantóir: Transsaqui S.L.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Sna himthosca maidir leis an dlíthíocht a bhaineann leis an gcairtéal trucailí a chuirtear síos orthu san ordú seo, an bhféadfar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, i gcomhar le hAirteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go meastar go ndearnadh seirbheáil próise ar mháthairchuideachta ar tógadh caingean ina coinne le haghaidh cúitimh as damáiste a rinneadh mar gheall ar chleachtas sriantach trádála go ceart, nuair a rinneadh an seirbheáil sin (nó nuair a rinneadh iarracht é a dhéanamh) ag áit ghnó na fochuideachta atá lonnaithe sa Stát inar tionscnaíodh na himeachtaí cúirte, agus nár tháinig an mháthairchuideachta, atá lonnaithe i mBallstát eile, os comhair na cúirte sna himeachtaí agus gur lean sí ag déanamh mainneachtana?

2.

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, an bhfuil an léiriú sin ar Airteagal 47 den Chairt i gcomhréir le hAirteagal 53 den Chairt, i bhfianaise cásdlí Tribunal Constitucional na Spáinne (an Chúirt Bhunreachtúil) maidir le seirbheáil próise ar mháthairchuideachtaí atá lonnnaithe i mBallstát eile i ndíospóidí maidir leis an gcairtéal trucailí?


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/26


Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Fhrainc) a taisceadh an 11 Deireadh Fómhair 2022 – Real Madrid Club de Fútbol, AE v EE, Société Éditrice du Monde SA

(Cás C-633/22)

(2023/C 24/34)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Real Madrid Club de Fútbol, AE

Cosantóirí: EE, Société Éditrice du Monde SA

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An é an léiriú atá le déanamh ar Airteagail 34 agus 36 de Rialachán An Bhruiséil I (1) agus ar Airteagal 11 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ná gur féidir dochar a dhéanamh don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh le ciontú as damáiste a dhéanamh do chlú club spóirt le scéal arna fhoilsiú i nuachtán agus gur féidir leis a bheith ina fhoras le haithint agus forghníomhú a dhiúltú mar sin?

2)

I gcás freagra dearfach, an é an léiriú atá le déanamh ar na forálacha sin ná nach bhféadfadh an chúirt iarrtha a chinneadh go bhfuil an ciontú díréireach ach amháin i gcás ina n-aicmíonn an chúirt tionscnaimh nó an chúirt iarrtha na damáistí mar dhamáistí pionósacha agus ní i gcás ina mbronntar iad chun damáiste neamhábhartha a chúiteamh?

3)

An é an léiriú atá le déanamh ar na forálacha seo ná nach bhféadfadh an chúirt iarrtha brath ach ar éifeacht dhíspreagthach an chiontaithe i bhfianaise acmhainní an chiontaigh nó go bhféadfadh sí tosca eile ar nós tromchúis an chiona nó méid an damáiste a chur san áireamh?

4)

An féidir gurb ionann an éifeacht dhíspreagthach féin i bhfianaise na n-acmhainní atá ag an gcuideachta nuachtáin agus foras le haithint nó forghníomhú a dhiúltú mar gheall ar shárú follasach a dhéanamh ar bhunphrionsabal shaoirse an phreasa?

5)

An gcaithfear a thuiscint leis an éifeacht dhíspreagthach go gcuirtear cothromaíocht airgeadais na cuideachta a fhoilsíonn an nuachtán i mbaol léi nó an féidir léi a bheith ina héifeacht imeaglaithe amháin?

6)

An bhfuil measúnú le déanamh ar an éifeacht dhíspreagthach ar aon dul amháin i ndáil le cuideachta foilsitheoireachta nuachtáin agus i ndáil le hiriseoir, ar duine nadúrtha é nó í?

7)

An bhfuil staid eacnamaíoch lucht na meán cloíte i gcoitinne ábhartha agus measúnú á dhéanamh, taobh amuigh de chinniúint na cuideachta nuachtáin i gceist, ar cé acu an féidir leis an gciontú éifeacht imeaglaithe a bheith aige ar lucht na meán go léir nó nach féidir?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2001, L 12, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/27


Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 10 Deireadh Fómhair 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne OT, PG, CR, VT, MD

(Cás C-634/22)

(2023/C 24/35)

Teanga an cháis: an Bhulgairis

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Na cúisithe sna himeachtaí coiriúla

OT, PG, CR, VT, MD

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 2, Airteagal 6(1) agus (3) agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go gcuirtear isteach ar neamhspleáchas cúirte, a bhfuil deireadh curtha léi leis an leasú a glacadh leis an Zakon za sadebnata vlast (Dlí maidir leis an mbreithiúnacht) (DV Uimh. 32/26 Aibreán 2022, le héifeacht ón 27 Iúil 2022), cé nach mór do na breithiúna, go dtí an dáta sin agus ina dhiaidh sin, déileáil fós leis na cásanna ina raibh réamhéisteachtaí atá ag feitheamh os comhair na cúirte sin, i gcás ina gcuirtear deireadh leis an gcúirt sin ar an bhforas go ndéantar an prionsabal bunreachtúil maidir le neamhspleáchas na breithiúnachta agus cosaint chearta bunreachtúla na saoránach a chaomhnú, cé nach léirítear mar is cóir na fíorais is bonn leis an gconclúid sin gur sáraíodh na prionsabail sin[?]

2.

An gcaithfear na forálacha thuasluaite de dhlí AE a léiriú sa chaoi go gcuirtear bac leo ar fhorálacha náisiúnta amhail na forálacha sa Dlí lena leasaítear agus lena bhforlíontar an Dlí maidir leis an mbreithiúnacht (DV Uimh. 32/26 Aibreán 2022), lena gcuirtear deireadh iomlán le húdarás breithiúnach neamhspleách sa Bhulgáir (an Chúirt Choiriúil Speisialaithe) ar an bhforas thuasluaite agus lena n-aistrítear breithiúna (na breithiúna ar an bpainéal ag éisteacht an cháis choiriúil seo ina measc) ón gcúirt sin go cúirteanna éagsúla eile, cé go gceanglaítear ar na breithiúna sin go ndéileálfaidh siad fós leis na cásanna a bhí os comhair na cúirte sin ar cuireadh deireadh léi agus a raibh tús curtha leo cheana?

3.

Más ea, cé na bearta nós imeachta atá le déanamh – i bhfianaise thosaíocht dhlí AE freisin – ag breithiúna na gcúirteanna a bhfuil deireadh curtha leo cheana sna cásanna sa chúirt ar cuireadh deireadh léi (nach mór dóibh, faoin dlí, clabhsúr a chur leo), ag féachaint freisin dá n-oibleagáid mionscrúdú a dhéanamh i dtaobh an cóir dóibh éirí as na cásanna sin mar gheall ar réamhchlaonadh? Cé na hiarmhairtí a bheadh leis sin ar chinntí nós imeachta na cúirte ar cuireadh deireadh léi cheana sna cásanna nach mór clabhsúr a chur leo agus ar na gníomhartha dlí lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí sna cásanna sin?


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/28


Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Timişoara (an Rómáin) a taisceadh an 11 Deireadh Fómhair 2022 – SC Assofrutti Rom SRL v Agenţia pentru Finanţarea Investiţiilor Rurale agus Centrul Regional pentru Finanţarea Investiţiilor Rural 5 Vest Timişoara

(Cás C-635/22)

(2023/C 24/36)

Teanga an cháis: Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Timişoara

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir agus iarratasóir ag an gcéad chéim: SC Assofrutti Rom SRL

Freagróirí agus cosantóirí ag an gcéad chéim: Agenţia pentru Finanţarea Investiţiilor Rurale and Centrul Regional pentru Finanţarea Investiţiilor Rurale 5 Vest Timişoara

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An féidir forálacha Airteagal 17 de Threoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus margú plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí (1) a léiriú ar chaoi go gcuirtear toirmeasc leo ar an gceanglas go ndéanfaí an nós imeachta um sholáthar poiblí roimh mhargú ábhar [Conformitas Agraria Communitatis (CAC)]?

2.

I gcás amhail an cás seo, an féidir Airteagal 4(10) de Rialachán Uimh. 1303/2013 (2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 39(1)(a) agus (b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leis ar an gceanglas maidir leis an nós imeachta um sholáthar poiblí a sheoladh mar a fhoráiltear i [Clár Forbartha Tuaithe Náisiúnta na Rómáine] 2014-2020 (an cúigiú leagan)?


(1)  IO 2008 L 267, lch. 8.

(2)  Rialachán 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus maidir leis an gCiste Eorpach um Chomhtháthú agus an Ciste Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 320).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/28


Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) arna taisceadh an 13 Deireadh Fómhair 2022 – Compass Banca SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

(Cás C-646/22)

(2023/C 24/37)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Compass Banca SpA

Cosantóir: Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

Ar cheart coincheap an “gnáth-thomhaltóir” i dTreoir 2005/29/CE, (1) a thuigtear mar thomhaltóir atá réasúnta eolach agus réasúnta géarintinneach airdeallach – ós rud é gur téarma neamhchruinn solúbtha í – a chur i bhfriotal i bhfianaise na heolaíochta agus na taithí is fearr agus, dá bhrí sin tagairt a dhéanamh dá réir ní hamháin do choincheap clasaiceach homo economicus ach freisin do na teoiricí is déanaí maidir le réasúntacht theoranta a léiríonn gur minic a ghníomhaíonn daoine trí theorannú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a theastaíonn uathu trí chinntí a bhfuil cuma “neamhréasúnach” orthu i gcomparáid leo siúd a ghlacfadh duine atá hipitéiseach géarintinneach airdeallach, torthaí a fhorchuireann gá le cosaint níos fearr do thomhaltóirí i gcás – mar atá níos mó i gcónaí i ndinimic an mhargaidh nua-aimseartha – go bhfuil riosca tionchair chognaíoch ann?

2)

An féidir a mheas go bhfuil cleachtas tráchtála ionsaitheach ann féin, mar gheall ar chur le chéile an fhaisnéis, inar dealraitheach go bhfuil sé éigeantach rogha a dhéanamh, agus gan aon rogha eile á gcur san áireamh, agus Airteagal 6(1) den Treoir á chur san áireamh, lena mheastar a bheith míthreorach cleachtas tráchtála lena gcuirfear dallamullóg nó ar dócha go gcuirfear dallamullóg ar aon chaoi ar an ngnáth-thomhaltóir, lena n-áirítear an chur i láthair foriomlán?

3)

An dtugann an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha údar le cumhacht an Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato (AGCM) (údaráis iomaíochta náisiúnta) (a luaithe a aithnítear an riosca a bhaineann le tionchar síceolaíoch maidir le: (i) staid riachtanais ina bhfuil an t-iarratasóir é féin de ghnáth, (2) castacht na gconarthaí a bheidh le síniú ag an tomhaltóir, (3) cineál comhthráthach na tairisceana comhcheangailte (4) don tréimhse ghearr a cheadaítear chun an tairiscint a ghlacadh), foráil a dhéanamh maidir le maolú ar an bprionsabal go bhféadfaí chrosdíola táirgí árachais a cheangal le díol táirgí airgeadais neamhnasctha trí theorainn ama seacht lá a fhorchur idir sínithe an dá chonradh?

4)

I bhfianaise chumhacht choisctheach na gcleachtas tráchtála ionsaitheach sin, an gcuirtear cosc le Treoir (AE) 2016/97, (2) agus go háirithe Airteagal 24(3) de, ar bheart de chuid Autorità Garante per la Concorrenza e il Mercato a glacadh ar bhonn Airteagail 2(d) agus (j), 4, 8 agus 9 de Threoir 2005/29/CE agus na reachtaíochta náisiúnta cur chun feidhme a glacadh tar éis diúltú d’iarratas ar iasacht tar éis diúltú do chuideachta seirbhíse infheistíochta, i gcás chrosdíola táirgí airgeadais agus táirgí árachais nach bhfuil nasc acu lena chéile – agus i gcás ina bhfuil riosca ann go mbeidh tionchar ar an tomhaltóir mar gheall ar imthosca iarbhír an cháis, ar féidir é a thuiscint freisin ó chastacht na ndoiciméad atá le scrúdú – tréimhse mharana seacht lá a thabhairt don tomhaltóir idir an comhthairisceana atá á déanamh agus an conradh árachais a shíniú?

5)

An bhféadfadh beart rialaitheach neamhdhleathach a bheith mar thoradh ar chomhthairisceana de dhá tháirge airgeadais agus árachais a mheastar mar chleachtas ionsaitheach agus an chuirfeadh sé ualach ar an ngairmí (agus ní ar AGCM, mar ba cheart) an dualgas (deacair a chomhlíonadh) a chruthú nach cleachtas ionsaitheach é lena sáraítear Treoir 2005/29/CE (go háirithe ós rud é nach gceadaítear do na Ballstáit leis an treoir sin bearta níos sriantaí a ghlacadh ná na bearta arna leagadh síos, fiú chun leibhéal níos airde cosanta tomhaltóirí a áirithiú), nó an mbeadh aisiompú den sórt sin ann ar an ualach cruthúnais, ar choinníoll, ar bhonn na fianaise oibiachtúla a cuireadh, nach bhfaighfí an fíorbhaol go mbeadh tionchar ag an tomhaltóir a bhfuil gá aige le hiasacht a fháil in aghaidh comhthairiscint chasta?


(1)  Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (IO 2005 L 149, lch. 22).

(2)  Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO 2016 L 26, lch. 19).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/29


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) arna taisceadh an 20 Deireadh Fómhair 2022 — Ente Cambiano Società Cooperativa per azioni v Agenzia delle Entrate

(Cás C-660/22)

(2023/C 24/38)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Ente Cambiano Società cooperativa per azioni

Cosantóir: Agenzia delle Entrate

Ceist a tharchuirtear

1)

An gcuirtear cosc le hAirteagail 63 et seq., 101, 102, 120 agus 173 CFAE ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 2(3-ter) agus (3-quater) de Dhlí Foraithne Uimh. 18 an 14 Feabhra 2016, a tiontaíodh maille le leasuithe i nDlí Uimh. 49 an 8 Aibreán 2016, ar an leagan is infheidhme ratione temporis, lena ndéantar íocaíocht suime arb ionann í agus 20 % de na glansócmhainní an 31 Nollaig 2015 mar choinníoll lena gceadaítear do chomharbhainc chreidmheasa a bhfuil glansócmhainní níos mó ná EUR 200 milliún acu ar an 31 Nollaig 2015 in ionad a bheith ina chomhalta de ghrúpa, an chuideachta bhaincéireachta a aistriú chuig cuideachta phoiblí theoranta, fiú cuideachta nuachruthaithe, atá údaraithe chun gnó baincéireachta a sheoladh, trína airteagail chomhlachais a leasú chun feidhmiú gníomhaíochta baincéireachta a eisiamh, agus ag an am céanna na clásail fhrithpháirteacha dá dtagraítear in Airteagal 2514 de Chód Sibhialta na hIodáile a choimeád ar bun, lena n-áirithítear seirbhísí a sholáthar do chomhaltaí chun a gcaidreamh a choimeád leis an gcuideachta phoiblí theoranta is aistrí, a bhaineann le hoiliúint agus eolas ar shaincheisteanna coigiltis agus cur chun cinn na gclár cúnaimh?


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/30


Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Samhain 2022 – S.Ö. v Stadt Duisburg

(Cás C-684/22)

(2023/C 24/39)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: S.Ö.

Cosantóir: Stadt Duisburg

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcuirtear bac le hAirteagal 20 CFAE ar riail lena bhforáiltear, i gcás náisiúntacht (gan phribhléid) tríú tír a fháil go saorálach, go gcaillfí, trí fheidhmiú dlí, náisiúntacht an Bhallstáit agus, dá bhrí sin, saoránacht an Aontais, sa chás nach ndéantar scrúdú aonair ar iarmhairtí an chaillteanais sin ach i gcás ina raibh iarratas déanta ag an eachtrannach lena mbaineann cheana féin go ndeonófaí cead dó a náisiúntacht a choimeád agus gur tugadh cinneadh dearfach ar an iarratas sin sula bhfuair sé an náisiúntacht eachtrach?

2.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1: An gcaithfear Airteagal 20 CFAE a léiriú sa chaoi, sna himeachtaí maidir le cead chun an náisiúntacht a choimeád, nach féidir aon choinníoll a leagan síos arbh é an toradh air ná nach mbeadh measúnú ann ar chás ar leith an duine lena mbaineann ná a theaghlaigh i dtaobh iarmhairtí chaillteanas shaoránacht an Aontais nó go gcuirfí an measúnú sin as ionad?


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/30


Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Samhain 2022 – N.Ö. agus M.Ö. v Stadt Wuppertal

(Cás C-685/22)

(2023/C 24/40)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: N.Ö., M.Ö.

Cosantóir: Stadt Wuppertal

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcuirtear bac le hAirteagal 20 CFAE ar riail lena bhforáiltear, i gcás náisiúntacht (gan phribhléid) tríú tír a fháil go saorálach, go gcaillfí, trí fheidhmiú dlí, náisiúntacht an Bhallstáit agus, dá bhrí sin, saoránacht an Aontais, sa chás nach ndéantar scrúdú aonair ar iarmhairtí an chaillteanais sin ach i gcás ina raibh iarratas déanta ag an eachtrannach lena mbaineann cheana féin go ndeonófaí cead dó a náisiúntacht a choimeád agus gur tugadh cinneadh dearfach ar an iarratas sin sula bhfuair sé an náisiúntacht eachtrach?

2.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1: An gcaithfear Airteagal 20 CFAE a léiriú sa chaoi, sna himeachtaí maidir le cead chun an náisiúntacht a choimeád, nach féidir aon choinníoll a leagan síos arbh é an toradh air ná nach mbeadh measúnú ann ar chás ar leith an duine lena mbaineann ná a theaghlaigh i dtaobh iarmhairtí chaillteanas shaoránacht an Aontais nó go gcuirfí an measúnú sin as ionad?


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/31


Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 8 Samhain 2022 – M.S. agus S.S. v Stadt Krefeld

(Cás C-686/22)

(2023/C 24/41)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M.S., S.S.

Cosantóir: Stadt Krefeld

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcuirtear bac le hAirteagal 20 CFAE ar riail lena bhforáiltear, i gcás náisiúntacht (gan phribhléid) tríú tír a fháil go saorálach, go gcaillfí, trí fheidhmiú dlí, náisiúntacht an Bhallstáit agus, dá bhrí sin, saoránacht an Aontais, sa chás nach ndéantar scrúdú aonair ar iarmhairtí an chaillteanais sin ach i gcás ina raibh iarratas déanta ag an eachtrannach lena mbaineann cheana féin go ndeonófaí cead dó a náisiúntacht a choimeád agus gur tugadh cinneadh dearfach ar an iarratas sin sula bhfuair sé an náisiúntacht eachtrach?

2.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1: An gcaithfear Airteagal 20 CFAE a léiriú sa chaoi, sna himeachtaí maidir le cead chun an náisiúntacht a choimeád, nach féidir aon choinníoll a leagan síos arbh é an toradh air ná nach mbeadh measúnú ann ar chás ar leith an duine lena mbaineann ná a theaghlaigh i dtaobh iarmhairtí chaillteanas shaoránacht an Aontais nó go gcuirfí an measúnú sin as ionad?


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/31


Ordú ó Uachtarán an Deichiú Dlísheomra den Chúirt Bhreithiúnais an 5 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – J.K., B.K. v Przedsiębiorstwo Państwowe X

(Cás C-452/21) (1)

(2023/C 24/42)

Teanga an cháis: an Pholainnis

D’ordaigh Uachtarán an Deichiú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 24, 17.1.2022.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/32


Ordú ó Uachtarán an Naoú Dlísheomra den Chúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2022 – Ryanair DAC, Laudamotion GmbH v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-581/21 P) (1)

(2023/C 24/43)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Naoú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 462, 15.11.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/32


Ordú Uachtarán an Dara Dlísheomra den Chúirt Bhreithiúnais an 16 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation – an Fhrainc) – PB v Geos SAS, Geos International Consulting Limited

(Cás C-639/21) (1)

(2023/C 24/44)

Teanga an cháis: an Fhraincis

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 2, 3.1.2022.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/32


Ordú Uachtarán na Cúirte an 13 Deireadh Fómhair 2022 (iarratas ar réamhrialú ón Pesti Központi Kerületi Bíróság – an Ungáir) – PannonHitel Pénzügyi Zrt. v Wizz Air Hungary Légiközlekedési Zrt. (Wizz Air Hungary Zrt.)

(Cás C-51/22) (1)

(2023/C 24/45)

Teanga an cháis: an Ungáiris

D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 165, 19.04.2022


Chúirt Ghinearálta

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/33


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Sciessent v an Coimisiún

(Cásanna T-122/20 agus T-123/20) (1)

(Táirgí bithicídeacha - Substaintí gníomhacha - Seoilít airgid agus seoilít copair airgid - Diúltú formheasa do chineálacha táirge 2 agus 7 - Airteagal 4 agus Airteagal 19(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 - Éifeachtúlacht - Substaintí gníomhacha le húsáid in earraí cóireáilte - Measúnú ar éifeachtúlacht na n-earraí cóireáilte iad féin - Inniúlacht an Choimisiúin - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe - Deimhneacht dhlíthiúil - Ionchas dlisteanach)

(2023/C 24/46)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sciessent LLC (Beverly, Massachusetts, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: K. Van Maldegem agus P. Sellar, Dlíodóirí, agus V. McElwee, solicitor)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Dawes agus R. Lindenthal, Gníomhairí)

Idiragraithe chun tacú leis an gcosantóir: Ríocht na Sualainne (ionadaithe: R. Shahsavan Eriksson, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, H. Shev, H. Eklinder agus O. Simonsson, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: M. Heikkilä, C. Buchanan agus T. Zbihlej, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1960 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 gan seoilít airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2 agus 7 (IO 2019 L 306, lch. 42) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1973 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2019 gan seoilít copair airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2 agus 7 (IO 2019 L 307, lch. 58) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar Cásanna T-122/20 agus T-123/20 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais;

2.

Diúltaítear do na caingne;

3.

Ordaítear do Sciessent LLC a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc;

4.

Ordaítear do Ríocht na Sualainne agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a gcostais féin a íoc.


(1)  IO C 129, 20.4.2020.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/34


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – CWS Powder Coatings agus Páirtithe Eile v an Coimisiún

(Cásanna Uamtha T-279/20 agus T-288/20 agus Cás T-283/20) (1)

(Comhshaol agus cosaint shláinte an duine - Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 - Aicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán - Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217 - Aicmiú dé-ocsaíde tíotáiniam i bhfoirm púdair ina bhfuil 1 % nó níos mó de cháithníní a bhfuil trastomhas 10 μm nó níos lú acu - Critéir chun substaint a aicmiú mar shubstaint charcanaigineach - Iontaofacht agus inghlacthacht na staidéar - Substaint a bhfuil sé de chumas intreach aici bheith ina cúis le hailse - Ró-ualach na gcáithníní scamhóg a ríomh - Earráidí follasacha measúnaithe)

(2023/C 24/47)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis agus an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir i gCás T-279/20: CWS Powder Coatings GmbH (Düren, an Ghearmáin) (ionadaithe: R. van der Hout, C. Wagner agus V. Lemonnier, Dlíodóirí)

Iarratasóirí i gCás T-283/20: Billions Europe Ltd (Stockton-on-Tees, an Ríocht Aontaithe) agus 7 n-iarratasóir eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn leis an mBreithiúnas (ionadaithe: J.-P. Montfort, T. Delille agus P. Chopova-Leprêtre, Dlíodóirí)

Iarratasóirí i gCás T-288/20: Brillux GmbH & Co. KG (Münster, an Ghearmáin), Daw SE (Ober-Ramstadt, an Ghearmáin) (ionadaithe: R. van der Hout, C. Wagner agus V. Lemonnier, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimsiún Eorpach (ionadaithe i gCásanna Uamtha T-279/20 agus T-288/20: S. Delaude, R. Lindenthal agus M. Noll-Ehlers agus, i gCás T-283/20: A. Dawes, S. Delaude agus R. Lindenthal, Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an iarratasóir i gCás T-279/20: Billions Europe Ltd (Stockton-on-Tees) agus 7 n-iarratasóir eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn leis an mBreithiúnas (ionadaithe: J.-P. Montfort, T. Delille agus P. Chopova-Leprêtre, Dlíodóirí), Ettengruber GmbH Abbruch und Tiefbau (Dachau, an Ghearmáin), Ettengruber GmbH Recycling und Verwertung (Dachau) (ionadaithe: R. van der Hout, C. Wagner agus V. Lemonnier, Dlíodóirí), TIGER Coatings GmbH & Co. KG (Wels, an Ostair) (ionadaithe: R. van der Hout, C. Wagner agus V. Lemonnier, Dlíodóirí)

Idiragraithe ag tacú leis an iarratasóir i gCás T-283/20: Conseil européen de l’industrie chimique – European Chemical Industry Council (Cefic) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: D. Abrahams, Z. Romata agus H. Widemann, Dlíodóirí), Conseil européen de l’industrie des peintures, des encres d’imprimerie et des couleurs d’art (CEPE) (an Bhruiséil), British Coatings Federation Ltd (BCF) (Coventry, an Ríocht Aontaithe), American Coatings Association, Inc. (ACA) (Washington, DC, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: D. Waelbroeck agus I. Antypas, Dlíodóirí), Mytilineos SA (Maroussi, an Ghréig), Delfi-Distomon Anonymos Metalleftiki Etaireia (Maroussi) (ionadaithe: J.-P. Montfort, T. Delille agus P. Chopova-Leprêtre, Dlíodóirí)

Idiragraithe ag tacú leis an iarratasóir i gCás T-288/20: Billions Europe Ltd (Stockton-on-Tees) agus 7 n-iarratasóir eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn leis an mBreithiúnas (ionadaithe: J.-P. Montfort, T. Delille agus P. Chopova-Leprêtre, Dlíodóirí), Sto SE & Co. KGaA (Stühlingen, an Ghearmáin) (ionadaithe: R. van der Hout, C. Wagner agus V. Lemonnier, Dlíodóirí), Rembrandtin Coatings GmbH (Vienna, an Ostair) (ionadaithe: R. van der Hout, C. Wagner agus V. Lemonnier, Dlíodóirí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir i gCásanna Uamtha T-279/20 agus T-288/20 agus i gCás T-283/20: Ríocht na Danmhairge (ionadaí: M. Søndahl Wolff, Gníomhaire), Poblacht na Fraince (ionadaithe i gCásanna Uamtha T-279/20 agus T-288/20: T. Stéhelin, W. Zemamta, G. Bain agus J.-L. Carré agus, i gCás T-283/20: E. de Moustier agus W. Zemamta, Gníomhairí), Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe i gcás T-279/20: M. Bulterman agus C. Schillemans, i gCás T-283/20: M. Bulterman agus J. Langer, agus i gCás T-288/20: M. Bulterman, J. Langer agus C. Schillemans, Gníomhairí), Ríocht na Sualainne (ionadaí i gCásanna Uamtha T-279/20 agus T-288/20: C. Meyer-Seitz agus ionadaithe i gCás T-283/20: O. Simonsson, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, H. Shev, H. Eklinder agus R. Shahsavan Eriksson, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) (ionadaithe: A. Hautamäki agus J.-P. Trnka, Gníomhairí)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir i gCás T-283/20: Poblacht na Slóivéine (ionadaí: V. Klemenc, Gníomhaire)

Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir i gCásanna Uamtha T-279/20 agus T-288/20: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: C. Ionescu Dima, W. Kuzmienko agus B. Schäfer, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A.-L. Meyer agus T. Haas, Gníomhairí)

Ábhar

Trína gcaingne de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear, chun críocha a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán agus lena gceartaítear an Rialachán sin (IO 2020 L 44, lch. 1), maidir le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe dé-ocsaíde tíotáiniam i bhfoirm púdair ina bhfuil 1 % nó níos mó de cháithníní a bhfuil trastomhas 10 μm nó níos lú acu.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar Cásanna UamthaT-279/20 agus T-288/20 agus Cás T-283/20 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais;

2.

Déantar Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/217 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear a neamhniú, chun críocha a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascáin agus lena gceartaítear an Rialachán sin, a neamhniú a mhéid a bhaineann le haicmiú agus lipéadú comhchuibhithe dé-ocsaíde tíotáiniam i bhfoirm púdair ina bhfuil 1 % nó níos mó de cháithníní a bhfuil trastomhas 10 μm nó níos lú acu;

3.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc agus na costais arna dtabhú, i gcás T-279/20, ag CWS Powder Coatings GmbH, Billions Europe Ltd agus na hidirghabhálaithe eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn, Ettengruber GmbH Abbruch und Tiefbau, Ettengruber GmbH Recycling und Verwertung agus TIGER Coatings GmbH & Co. KG, i gCás T-283/20, ag Billions Europe agus na hiarratasóirí eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn, Conseil européen de l’industrie chimique – European Chemical Industry Council (Cefic), Conseil européen de l’industrie des peintures, des encres d’imprimerie et des couleurs d’art (CEPE), British Coatings Federation Ltd (BCF), American Coatings Association, Inc. (ACA), Mytilineos SA agus Delfi -Distomon Anonymos Metalleftiki Etaireia agus, i gCás T-288/20, ag Brillux GmbH & Co. KG, Daw SE, Billions Europe agus na hidirghabhálaithe eile a n-ainmnítear san iarscríbhinn, Sto SE & Co. KGaA agus ag Rembrandtin Coatings GmbH, a íoc;

4.

Ordaítear do Ríocht na Danmhairge, do Phoblacht na Fraince, do Ríocht na hÍsiltíre, do Ríocht na Sualainne, do Phoblacht na Slóivéine, do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a gcostais féin a íoc.


(1)  IO C 222, 6.7.2020.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/35


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – an Ísiltír v an Coimisiún

(Cás T-469/20) (1)

(Státchabhair - Dlí na hÍsiltíre lena dtoirmisctear úsáid ghuail chun leictreachas a ghiniúint - Dúnadh luath gléasra cumhachta guail - Deonú liúntas - Cinneadh gan agóidí a dhéanamh - Cinneadh lena ndearbhaítear an cúiteamh atá ag luí leis an margadh inmheánach - Easpa cáilíochtaí sainráite cúnaimh Stáit” - caingean le haghaidh neamhniú - Acte attaquable - Inghlacthacht - Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2015/1589 - Deimhneacht dhlíthiúil)

(2023/C 24/48)

Teanga an cháis: an Ollainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na hÍsiltíre (ionadaithe: M. Bulterman, M. de Ree agus J. Langer, Gníomhairí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: H. van Vliet, B. Stromsky agus D. Recchia, Gníomhairí)

Maidir le:

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann Ríocht na hÍsiltíre go ndéanfaí Cinneadh C(2020) 2998 críochnaitheach ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2020 maidir le Státchabhair SA 54537 (2020/NN) a neamhniú – an Ísiltír, Cosc ar úsáid ghuail chun leictreachas a ghiniúint san Ísiltír.

An chuid oibríochtúil

1.

Cuirtear Cinneadh C(2020) 2998 críochnaitheach ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2020 maidir le Státchabhair SA. 54537 (2020/NN) – An Ísiltír, Cosc ar úsáid ghuail chun leictreachas a ghiniúint san Ísiltír ar ceal.

2.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.


(1)  IO C 348, 19.10.2020.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/36


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – Bowden agus Young v Europol

(Cás T-72/21) (1)

(Seirbhís shibhialta - Foireann shealadach - Rannpháirtithe Europol - Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe - Cailliúint náisiúntachta Ballstáit, - Foirceannadh an chonartha - Airteagal 47(b)(iii) CEOS - Iarratas ar mhaolú ar choinníoll an ghealltanais dá bhforáiltear in Airteagal 12(2)(a) CEOS - Diúltú tarscaoileadh a dheonú - Oibleagáid cúiseanna - Ceart éisteacht a fháil - Fad an nós imeachta riaracháin - Tréimhse réasúnach - Ionchais dhlisteanach - Cóir chomhionann - Suim na seirbhíse - Dualgas Cúraim - Earráid fhollasach measúnaithe)

(2023/C 24/49)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Ian James Bowden (an Háig, an Ísiltír), Janey Young (an Háig) (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóirí: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (ionadaithe: A. Nunzi, O. Sajin agus C. Falmagne, Gníomhairí, le cúnamh ó D. Waelbroeck agus A. Duron, Dlíodóirí)

Maidir le:

Trína chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann na hiarratasóirí cinntí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar um Fhorfheidhmiú an Dlí (Europol) an 30 Márta 2020 a neamhniú, trínar dhiúltaigh sí maolú ar an gcoinníoll náisiúntachta dá bhforáiltear i Airteagal 12(2)(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh (“CEA” anseo feasta) agus, dá bhrí sin, chuir siad deireadh lena gconarthaí faoi seach ar bhonn Airteagal 47(b)(iii) de CEOS.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar an t-achomharc a dhíbhe.

2.

Ordaítear do Ian James Bowden agus do Janey Young na costais a íoc.


(1)  IO C 98, 22.3.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/37


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Epsilon Data Management v EUIPO – Epsilon Technologies (EPSILON TECHNOLOGIES)

(Cás T-512/21) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí maidir le cúlghairm - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh EPSILON TECHNOLOGIES - Fíorúsáid an mhairc - Airteagal 18(1), an dara fomhír, pointe (a), agus Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cineál na húsáide - Foirm atá éagsúil ó thaobh gnéithe nach n-athraíonn saintréith an mhairc - Úsáid i dtaca leis na seirbhísí ar cláraíodh an marc ina leith)

(2023/C 24/50)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Epsilon Data Management LLC (Plano, Texas, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: J. Bussé agus C. De Preter, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: I. Harrington, D. Gája agus V. Ruzek, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Epsilon Technologies, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: J. Carbonell Callicó agus E. Felip Corrius, Dlíodóirí)

Maidir le:

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Meitheamh 2021 (Cásanna Uamtha R 1611/2020-5 agus R 1839/2020-5) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Epsilon Data Management LLC a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Epsilon Technologies, SL a íoc.


(1)  IO C 412, 11.10.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/37


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Grupo Ei g Multimedia v EUIPO – Globalization of Values CFC & GCI (FORO16)

(Cás T-796/21) (1)

(Trádmharc de chuid AE - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar thrádmharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh FORO16 - Figiúirí agus marc fhocail de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe Cambio16, Energia16, Cambio16 raidió - Figiúirí agus marc fhocail níos luaithe, Camb16 , DEFENSA Y SEGURIDAD 16, CAMBIO16 DIGITAL, EVENTOS 16 - Foras coibhneasta le diúltú - Teaghlach marcanna - Easpa fianaise - Ní dócha go mbeidh mearbhall ann - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 24/51)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Grupo Eig Multimedia, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: D. Solana Giménez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Palmero Cabezas agus R. Raponi, Gníomhairí)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Globalización de Valores CFC & GCI, SA (Mairena del Aljarafe, an Spáinn) (ionadaí: I. Sánchez Iglesias, Dlíodóir)

Maidir le:

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go háirithe go ndéanfaí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 20 Deireadh Fómhair 2021 (Cás R 1785/2020-2) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar an t-achomharc a dhíbhe.

2.

Ordaítear do Grupo Eig Multimedia, SL na costais a íoc.


(1)  IO C 84 21.2.2022.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/38


Breithiúnais na Cúirte Ginearálta an 23 Samhain 2022 – uwe JetStream v EUIPO (JET STREAM)

(Cás T-14/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Focalmharc JET STREAM - Dearbhfhorais le diúltú - Easpa leithleachais - Cineál tuairisciúil - Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001)

(2023/C 24/52)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: uwe JetStream GmbH (Schwäbisch Gmünd, an Ghearmáin) (ionadaithe: J. Schneider agus C. Nemec, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) den 9 Samhain 2021 (Cás R 1092/2021-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do uwe JetStream GmbH na costais a íoc.


(1)  IO C 119, 14.3.2022.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/39


Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Grúpa “LEW” v EUIPO – Lechwerke (GRUPALEW.)

(Cás T-672/21) (1)

(Trádmharc an Aontais Eorpaigh - imeachtaí freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Marc fíortha GRUPALEW. - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe LEW - Foras coibhneasta maidir le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001]) - Fianaise d’fhíorúsáid - Airteagal 10(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 - Airteagal 71(1) de Rialachán Tarmligthe (AE)2018/625 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(2023/C 24/53)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Pártithe

Iarratasóir: Grupa “LEW” S.A. (Częstochowa, an Pholainn) (ionadaí: A. Korbela, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus E. Markakis, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Lechwerke AG (Augsburg, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Gerling, Dlíodóir)

Ábhar

Trína ghníomhaíocht atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Lúnasa 2021 (Cás R 2763/2019-4) a neamhniú.

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean.

2.

Íocfaidh Grúpa “LEW” S.A. a chostais féin, chomh maith leis na costais a thabhaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.

3.

Íocfaidh Lechwerke AG a chostais féin


(1)  IO C 502, 13.12.2021.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/39


Ordú na Cúirte Ginearálta an 7 Samhain 2022 – Ortega Montero v an Pharlaimint

(Cás T-161/22) (1)

(Seirbhís Shibhialta - Ionadaíocht na Foirne - Leasú ar Rialacha Nós Imeachta Choiste Foirne na Parlaiminte - Ionadaithe foirne a cheapadh chuig comhlachtaí reachtúla agus riaracháin - Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne - Staonadh ó ghlacadh na mbeart arna bhforchur ag na Rialacháin Foirne - Gearán roimh ré os comhair an údaráis ceapacháin - Teorainneacha ama le haghaidh achomharc - Moille - Neamh-inghlachtacht)

(2023/C 24/54)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Maria Del Carmen Ortega Montero (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: K. Zejdová agus M. Windisch, Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhnófar, ar an gcéad dul síos, an Cinneadh ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2021 lenar diúltaíodh dá ghearán den 19 Eanáir 2021, ar an dara dul síos, an Cinneadh an 21 Nollaig 2021 lenar dhiúltaigh Ardrúnaí na Parlaiminte dá dara gearán an 18 Lúnasa 2021, ar an tríú dul síos, an leasú ar Airteagal 22 de Rialacha Nós Imeachta Choiste Foirne na Parlaiminte a glacadh an 10 Samhain 2020 agus, ar an gceathrú dul síos, vótá an Choiste Foirne den 10 Samhain 2020 a bhaineann le hionadaí a chur in ionad don choiste sin arna cheapadh ar bhord roghnúcháin mar aon leis na gníomhartha agus na cinntí go léir arna nglacadh de bhun Airteagal 22 de Rialacha Nós Imeachta an Choiste Foirne, lena n-áirítear torthaí an vóta, den 10 Samhain 2020 freisin, maidir lena ionadaithe a cheapadh ar choistí agus toscaireachtaí éagsúla.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean toisc é a bheith do-ghlactha.

2)

Ordaítear do Maria Del Carmen Ortega Montero a costais féin agus na costais arna dtabhú ag Parlaimint na hEorpa a íoc.


(1)  IO C 198, 16.5.2022.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/40


Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (doglover)

(Cás T-231/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh doglover - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(2023/C 24/55)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Growth Finance Plus AG (Gommiswald, An Eilvéis) (ionadaí: H. Twelmeier, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus T. Klee, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 14 Feabhra 2022 (Cás R 720/2020-5) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Growth Finance Plus AG na costais a íoc.


(1)  IO C 237, 20.6.2022.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/41


Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (catlover)

(Cás T-232/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh catlover - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(2023/C 24/56)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Growth Finance Plus AG (Gommiswald, An Eilvéis) (ionadaí: H. Twelmeier, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus T. Klee, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Feabhra 2022 (Cás R 717/2020-5) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Growth Finance Plus AG na costais a íoc.


(1)  IO C 237, 2.6.2022.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/41


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 11 Samhain 2022 – Belaruskali v an Chomhairle

(Cás T-528/22 R)

(Bearta eatramhacha - An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)

(2023/C 24/57)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Belaruskali AAT (Soligorsk, an Bhealarúis) (ionadaí: V. Ostrovskis, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Rurarz, B. Driessen agus A. Boggio-Tomasaz, Gníomhairí)

Ábhar

Lena iarratas atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, go gcuirfí ar fionraí Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO 2022 L 153, lch. 77), a mhéid a bhaineann an cinneadh sin leis an iarratasóir, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise in ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO 2022 L 153, lch. 1) a mhéid a bhaineann an rialachán sin leis an iarratasóir.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Forchoimeádtar na costais.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/42


Caingean arna taisceadh an 7 Deireadh Fómhair 2022 – SD v EMA

(Cás T-623/22)

(2023/C 24/58)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: SD (ionadaí: A. Steindl, Dlíodóir)

Cosantóir: an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh ó EMA an 21 Iúil 2022 (EMA/254928/2022), lenar diúltaíodh d’agóid an iarratasóra an 4 Bealtaine 2022 i gcoinne chinneadh EMA an 8 Aibreán 2022 (EMA/191392/2022), a chur ar neamhní;

i gcás ina n-éiríonn leis an iarratasóir, a ordú do EMA na costais a thabhaigh an iarratasóir, nó atá á dtabhú aige, a íoc, agus, mura n-éiríonn leis, chun cothroime a áirithiú, a ordú do EMA a chostais féin a íoc, i gcomhréir le hAirteagal 135(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Baineann an chaingean le cinneadh EMA an 21 Iúil 2022 (EMA/254928/2022), lena ndiúltaítear rochtain iomlán don iarratasóir ar thrí dhoiciméad. Baineann na doiciméid sin le “specific obligation No. 1(a)” (“SO1a”) mar cheann de na hoibleagáidí sonracha i leith Comirnaty a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 9598 final ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 (1).

Tá an chaingean bunaithe ar na saincheisteanna dlí seo a leanas:

1.

An chéad saincheist dlí: Sáraítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, go hiomlán nó i bpáirt, an chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (2) maidir le leasanna tráchtála a chosaint.

Leis an gcur in eagar, sáraítear forálacha dlí ábhartha eile de EMA, atá infheidhme go comhthreomhar, agus ar chóir iad a chur san áireamh sa chaighdeán léirmhínithe agus a rinneadh neamhaird orthu sa chinneadh atá faoi chonspóid. Ina theannta sin, bhí earráid dlí ag baint leis an gcinneadh toisc gur glacadh leis gur rún gnó a bhí ann agus nach raibh aon fhianaise shoiléir maidir le féidearthacht díobhála do BionTech dá dtabharfaí rochtain ar dhoiciméid SO1a, a bhfuil, i dtaobh critéar rochtana cinntitheach, ceanglas poiblíochta ag baint leo. Ceanglaítear ar EMA, i gcomhréir lena ról mar údarás poiblí, rochtain iomlán a thabhairt don iarratasóir, gan earráidí, ar na sonraí atá i gceist.

2.

An dara saincheist dlí: sáraítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, go hiomlán nó i bpáirt, an frása deireanach d’Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le leas sáraitheach poiblí a bheith ann i dtaca le nochtadh.

Tá earráid dlí ag baint leis an gcinneadh toisc go ndiúltaíonn EMA go bhfuil leas poiblí ag baint le SO1a, in ainneoin go ndearna an t-iarratasóir tagairt leordhóthanach ina agóid don nasc idir nádúr dlíthiúil SO1a agus rochtain ar dhoiciméid faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.


(1)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 9598 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 lena ndeonaítear údarú margaíochta coinníollach faoi Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh “Comirnaty – Vaicsín mRNA COVID-19 (núicléisíd mhodhnaithe)”, táirge íocshláinte lena n-úsáid ag an duine.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain an phobail ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO 2001 L 145, lch. 43).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/43


Caingean arna tabhairt an 7 Deireadh Fómhair 2022 – an Ostair v an Coimisiún

(Cás T-625/22)

(2023/C 24/59)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: A. Posch, M. Klamert, F. Koppensteiner, S. Lünenbürger, K. Reiter agus M. Kottmannn, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin, a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 15 Iúil 2022, L 188, lch. 1-45, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Ardaíonn an t-iarratasóir 16 shaincheist dlí. Baineann na chéad ocht saincheist dlí le fuinneamh núicléach, agus na hocht gcinn eile le gás iontaise.

Saincheisteanna dlí a bhaineann le fuinneamh núicléach

1.

An chéad saincheist dlí: Tríd an Rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh, sháraigh an Coimisiún na prionsabail agus na rialacha nós imeachta a eascraíonn ó Rialachán (AE) 2020/852 (1) agus ón gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Ní dhearnadh measúnú tionchair agus comhairliúchán poiblí, rud atá míchuí. Ní raibh rannpháirtíocht leordhóthanach ag an ngrúpa saineolaithe de chuid na mBallstát agus ag an Ardán. Ina theannta sin, ní dhearnadh measúnú an bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid i gcomhréir le cuspóirí an Dlí Aeráide Eorpaigh, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(4) den Dlí sin.

2.

An dara saincheist dlí: Sáraítear leis an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852, ina sonraítear go bhfuil feidhm ag an bhforáil sin ag an tús maidir le gníomhaíochtaí ar mó a lorg carbóin agus, dá bhrí sin, nach gclúdaíonn fuinneamh núicléach atá íseal ar CO2. In aon chás, ní thagann fuinneamh núicléach le ceanglais shonracha Airteagal 10(2) de Rialachán 2020/852. Ar a laghad ar bith, tá an Rialachán lochtach mar gheall ar an easpa iniúchta agus an easpa cúiseanna i ndáil leis sin. Ina leith sin, sáraítear leis freisin Airteagal 19(1)(f) agus (g) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim faoin dlí príomha.

3.

An tríú saincheist dlí: Sáraítear an critéar “gan dochar suntasach a dhéanamh” in Airteagal 17 agus Airteagal 19(1)(f) agus (g) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúram faoin dlí príomha le haicmiú an fhuinnimh núicléach mar ní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ní shásaíonn an Coimisiún an leibhéal cosanta a éilítear le Rialachán (AE) 2020/852 agus na ceanglais ó thaobh fianaise de. Mainníonn air an riosca a bhaineann le dochar suntasach do roinnt de na cuspóirí comhshaoil cosanta de bharr tionóisc imoibreoirí agus dramhaíl ard-radaighníomhach a shainaithint. Ní chuirtear cosc ar dhochar suntasach don chuspóir comhshaoil maidir le hoiriúnú don athrú aeráide go sách cinntitheach. Ar a laghad ar bith, an Rialachán lochtach de bharr easnaimh a bhaineann le himscrúdú agus cúiseanna i dtaca leis na pointí thuasluaite.

4.

An ceathrú saincheist dlí: Ní féidir leis na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Rialachán atá faoi chonspóid dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil a chosc. Sáraíonn na critéir scagtha theicniúla an critéar “gan dochar suntasach a dhéanamh” a leagtar síos in Airteagal 17 agus Airteagal 19(1)(f) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúram faoin dlí príomha. I ndáil leis sin, freisin, tá míthuiscint ar an leibhéal cosanta agus na ceanglais maidir le fianaise, ní hamháin maidir le tionóiscí tromchúiseacha imoibreora agus dramhaíl ard-radaighníomhach, ach freisin i dtaca le gnáthoibriú. Ní chuirtear cosc ar dhochar suntasach don chuspóir comhshaoil maidir le hoiriúnú don athrú aeráide go sách cinntitheach. Thairis sin, tá na critéir scagtha theicniúla dá bhforáiltear in Iarscríbhinn II den Rialachán atá faoi chonspóid níos ísle ná na critéir in Iarscríbhinn I, gan aon údar a thabhairt ina leith sin. Maidir leis na critéir scagtha theicniúla, tá an Rialachán atá faoi chonspóid lochtach, ar a laghad ar bith, de bharr na n-easnamh ó thaobh imscrúdú agus cúiseanna.

5.

An cúigiú saincheist dlí: A mhéid a aicmítear fuinneamh núicléach mar ní a rannchuidíonn go substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide, sáraítear Airteagal 11 agus Airteagal 19(1)(f) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim.

6.

An séú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 19(1)(k) de Rialachán (AE) 2020/852 agus ní chomhlíonann na critéir scagtha theicniúla an ceanglas go mbeidh sé furasta iad a úsáid agus a dheimhniú go gcomhlíontar iad.

7.

An seachtú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid cuspóir Rialachán (AE) 2020/852 agus an ceanglas maidir le héifeacht phraiticiúil an Rialacháin a chosaint, de bharr ilroinnt na margaí a bhaineann le rangú fuinnimh núicléach mar ní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

8.

An ochtú saincheist dlí: Leis an léiriú ar Rialachán (AE) 2020/852 ar a bhfuil an Rialachán atá faoi chonspóid bunaithe, is é sin gur fhág reachtóir an Aontais an cheist oscailte agus gur fhág sé sin faoin gCoimisiún é, sáraítear an ceanglas ábharthachta faoi Airteagal 290 CFAE. Ceanglaítear leis sin go nglacfadh reachtóir an Aontais féin cinneadh maidir le fuinneamh núicléach a áireamh san aicmiú. Chloígh reachtóir an Aontais leis sin agus chuir sé as an áireamh go bhféadfaí fuinneamh núicléach a aicmiú mar ní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Saincheisteanna dlí maidir le gás iontaise

9.

An chéad saincheist dlí: Maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le gás iontaise, sháraigh an Coimisiún, agus an Rialachán atá faoi chonspóid á ghlacadh, na prionsabail agus na rialacha nós imeachta a eascraíonn ó Rialachán (AE) 2020/852 agus ón gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Tá feidhm ag na barúlacha maidir le fuinneamh núicléach mutatis mutandis.

10.

An dara saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 10(2) agus Airteagal 19(1)(f) agus (g) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim faoin dlí príomha, ar a laghad a mhéid a fhoráiltear do thairsí choibhéis 270 g CO2 in aghaidh an kWh agus coibhéis 550 kg CO2 in aghaidh an kW in aghaidh na bliana ar an meán thar 20 bliain le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le gás iontaise. Tá an Rialachán atá faoi chonspóid bunaithe ar mhaolú ar an gcoinníoll nár chóir go mbeadh aon rogha mhalartach atá indéanta ó thaobh teicneolaíochta agus ó thaobh cúrsaí eacnamaíocha de ar na gníomhaíochtaí idirthréimhseacha de réir bhrí Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852. Ina theannta sin, ní bheadh na tairsí sin i gcomhréir leis an sprioc 1,5 oC i gComhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus cuspóirí aeráide an Aontais. De bharr nach mbaineann na tairsí ach le hastaíochtaí díreacha gás ceaptha teasa, sáraítear an ceanglas maidir le hanailís ar an tsaolré. Tá na tairsí níos ísle ná an fheidhmíocht is fearr san earnáil nó sa tionscal, cuireann siad isteach ar roghanna malartacha a fhorbairt, agus eascraíonn éifeachtaí gaibhnithe astu nach bhfuil inghlactha. Ar a laghad ar bith, tá an Rialachán atá faoi chonspóid lochtach de bharr easnaimh a bhaineann le himscrúdú agus cúiseanna.

11.

An tríú saincheist dlí: Sáraíonn na teorainneacha 270 g agus 550 kg sa Rialachán atá faoi chonspóid an ceanglas maidir le neodracht ó thaobh na teicneolaíochta de a leagtar síos in Airteagal 19(1)(a) agus (j) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe.

12.

An ceathrú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid an critéar “gan dochar suntasach a dhéanamh” in Airteagal 17 agus Airteagal 19(1)(f) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim faoin dlí príomha. Mar gheall ar na tairsí 270 g agus 550 kg, ní hamháin nach rannchuidítear go substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide, ach déantar dochar suntasach dó sin freisin.

13.

An cúigiú saincheist dlí: A mhéid a aicmítear gás iontaise sa Rialachán atá faoi chonspóid mar ní a rannchuidíonn go substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide, sáraítear Airteagail 11 agus 19(1)(f) de Rialachán (AE) 2020/852 agus prionsabal an réamhchúraim.

14.

An séú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 19(1)(i) de Rialachán (AE) 2020/852. I bhfianaise an bhrú eacnamaíoch mhéadaithigh ar ghás iontaise mar fhoinse fuinnimh, tá riosca suntasach ann ar a laghad go gcruthófar sócmhainní gan luach.

15.

An seachtú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid Airteagal 19(1)(k) de Rialachán (AE) 2020/852. Ní shásaíonn na critéir scagtha theicniúla an ceanglas maidir le gás iontaise a bheith furasta lena úsáid agus lena dheimhniú go gcomhlíontar iad.

16.

An ochtú saincheist dlí: Sáraíonn an Rialachán atá faoi chonspóid cuspóir Rialachán (AE) 2020/852 agus an ceanglas maidir lena héifeachtacht phraiticiúil a chosaint de bharr ilroinnt na margaí a bhaineann le rangú gáis iontaise mar ní atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.


(1)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO 2020, L 198, lch. 13).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/45


Caingean arna tabhairt an 10 Deireadh Fómhair 2022 – Repasi v an Coimisiún

(Cás T-628/22)

(2023/C 24/60)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: René Repasi (Karlsruhe, an Ghearmáin) (ionadaithe: H.-G. Kamann agus D. Fouquet, Dlíodóirí, agus an tOllamh F. Kainer agus an tOllamh M. Nettesheim)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 15 Iúil 2022, L 188, lch. 1, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Tá an chaingean bunaithe ar shaincheist dlí amháin.

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214, sáraítear an dara fomhír d’Airteagal 290(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 2, 10(1), 13(1) agus 14(1) CAE, a sonraítear le cearta rannpháirtíochta parlaiminteacha an iarratasóra faoi dhlí tánaisteach, go háirithe an chéad abairt d’Airteagal 6(1) den Ionstraim Thoghcháin Dhíreacha, Airteagal 2 et seq. de Reacht na bhFeisirí agus Airteagail 177 agus 218(1) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa.

Tá ceart ar leith ag an iarratasóir chun páirt a ghlacadh i nós imeachta reachtach ceart mar gheall ar a stádas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir le hAirteagail 2, 10(1), 13(1) agus 14(1) CAE, a sonraítear le cearta rannpháirtíochta parlaiminteacha an iarratasóra faoi dhlí tánaisteach, go háirithe an chéad abairt d’Airteagal 6(1) den Ionstraim Thoghcháin Dhíreacha, Airteagal 2 et seq. de Reacht na bhFeisirí agus Airteagail 177 agus 218(1) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa. Agus an Rialachán Tarmligthe atá faoi chonspóid á ghlacadh ar bhonn Airteagal 290 CFAE seachas an gnáthnós imeachta reachtach, atá infheidhme go hiarbhír, a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 289 CFAE trí thogra chomhfhreagrach, rinne an Coimisiún Eorpach sárú ar chumhacht reachtach institiúideach Pharlaimint na hEorpa faoi Airteagal 14(1) CAE agus Airteagail 289 agus 294 CFAE, ar phrionsabal na cothromaíochta institiúidí faoin gcéad abairt d’Airteagal 13(2) CAE agus ar cheart ar leith an iarratasóra a bheith rannpháirteach i nós imeachta reachtach ceart ar bhealach díreach agus leithleach. Féadfaidh Feisire de Pharlaimint na hEorpa caingean le haghaidh neamhniú a thabhairt faoi Airteagal 263(4) CFAE i ndáil le sárú ar na rialacha lena rialaítear dáileadh na gcumhachtaí nó ceanglas fíor-riachtanach nós imeachta nó mí-úsáid cumhachtaí ag údaráis eile den Aontas, a mhéid a bhaineann lena cheart a bheith rannpháirteach i nós imeachta reachtach ceart, d’fhonn tarchur chun Parlaimint na hEorpa a fháil.

Agus táirgeadh fuinnimh trí ghás nádúrtha iontaise agus cumhacht núicléach á aicmiú mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, de réir bhrí Rialachán (AE) 2020/852 an 18 Meitheamh 2020 maidir le tacsanomaíocht, is éard atá i gceist leis sin – beag beann ar an seasamh polaitiúil – ná gné bhunriachtanach, toisc gur gné fhíorpholaitiúil atá i gceist, i ndáil le hinfheistíocht inbhuanaithe a éascú, a fhorchoimeádtar, faoin dara habairt d’Airteagal 290(1) CFAE, do ghníomh reachtach faoi Airteagal 289 CFAE. Agus é ag glacadh an Rialacháin Tarmligthe atá faoi chonspóid, beag beann ar a dhlíthiúlacht substainteach, rinne an Coimisiún a chumhachtaí a shárú trí phrionsabal na cothromaíochta institiúidí faoin gcéad abairt d’Airteagal 13(2) CAE a shárú. Ag an am céanna, is sárú é freisin ar chumhacht reachtach Pharlaimint na hEorpa agus ar cheart parlaiminteach agus daonlathach an iarratasóra a bheith páirteach i nós imeachta reachtach ceart.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/46


Caingean arna tabhairt an 10 Deireadh Fómhair 2022 – ZR v EUIPO

(Cás T-634/22)

(2023/C 24/61)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: ZR (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh Údarás Ceapacháin an EUIPO an 14 Nollaig 2021 agus ar tugadh fógra ina leith ar an dáta céanna, á chur in iúl don iarratasóir faoin íocaíocht sa mhéid EUR 5 000 ina fhabhar chun an breithiúnas arna thabhairt ag an gCúirt Ghinearálta an 13 Eanáir a chur chun feidhme i gcás T-610/18 ZR v EUIPO, a neamhniú;

a mhéid is gá, cinneadh Chathaoirleach Bhord Bainistíochta EUIPO, an 28 Meitheamh 2022, ar tugadh fógra ina leith ar an dáta céanna, lenar diúltaíodh don ghearán a comhdaíodh faoi Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh in aghaidh chinnidh an 14 Nollaig 2021 a neamhniú;

cúiteamh a íoc dá dochar ábhartha agus morálta;

a ordú go n-aisíocfar na costais uile arna dtabhú don achomharc seo.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ar na saincheisteanna dlí seo a leanas.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 266 CFAE agus prionsabal na córa comhionainne, mar a chumhdaítear é in Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, maidir leis an iarratasóir i gcomparáid le hiarrthóirí eile a ghlac páirt sa nós imeachta roghnúcháin.

Ní féidir a mheas go gcuireann an méid EUR 5 000 an t-iarratasóir sa staid chéanna le hiarrthóirí eile, a airíodh ar an liosta ionadaithe nó a fuair cúiteamh níos buntáistí mar thoradh ar shárú an phrionsabail sin.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosanta nó ar an gceart chun breithimh, mar a chumhdaítear iad in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus ar phrionsabail an dea-riaracháin, an dualgais cúraim agus an dualgais cúiseanna a lua, mar a chumhdaítear iad in Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Maidir le sárú an chirt cosanta nó an chirt chun breithimh, tá an t-aon chúis le diúltú ag an gcosantóir aon aird a thabhairt don rogha aistrithe bunaithe ar an bhfíric gur fheidhmigh an t-iarratasóir a cheart achomhairc. Ní féidir an fíoras gur thionscain an t-iarratasóir achomharc a chur i láthair mar bhonn cirt bailí don riarachán cur chun feidhme cothrom an bhreithiúnais a dhiúltú i gcás T-610/18 ZR v EUIPO;

Maidir le sárú phrionsabail an dea-riaracháin, an dualgais cúraim agus an dualgais cúiseanna a lua:

ar an gcéad dul síos, níor chuir an cosantóir san áireamh na tosca go léir a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá chinneadh ós rud é gur diúltaíodh do roghanna inchosanta ó thaobh an dlí de agus gur tugadh neamhaird ar an rogha mhalartach;

ar an dara dul síos, is ar éigean gur féidir na malartuithe leis an gcosantóir atá bunaithe ar rogha amháin atá beartaithe ag an riarachán a cháiliú mar idirphlé cuimsitheach arb é is aidhm dó teacht ar réiteach cóir.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/47


Caingean arna tabhairt an 8 Samhain 2022 – van der Linde v EDPS

(Cás T-678/22)

(2023/C 24/62)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Frank van der Linde (an Ísiltír) (ionadaí: C. Forget, Dlíodóir)

Cosantóir: An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid (1) a dhearbhú a mhéid a ordaíonn EDPS do Europol rochtain a thabhairt don iarratasóir ar na sonraí uile a bhaineann leis i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán 2022/991 (2);

don chuid eile, cinneadh EDPS a chur ar neamhní, a mhéid nach dtugann sé ráthaíochtaí leordhóthanacha don iarratasóir ós rud é nach bhforáiltear leis d’aon teorainn ama ar laistigh di nach mór é a fhorghníomhú, gan aon íocaíocht phionósach, agus nach bhforáiltear leis d’aon smachtbhanna leordhóthanach maidir le Europol, rud a bhaineann de facto an ceart ón iarratasóir chun rochtana agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil de réir bhrí Airteagal 8 agus Airteagal 47 den Chairt;

mar mhalairt air sin, euro sealadach a íoc don iarratasóir as an damáiste neamhábhartha;

in aon chás, a ordú do EDPS na costais atá sonraithe ag an iarratasóir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin lena n-éilítear sárú ar Airteagal 8 agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


(1)  Cinneadh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí i gcás gearáin 2020 – 0908 i gcoinne Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar um Fhorfheidhmiú an Dlí (Europol) an 8 Meán Fómhair 2022.

(2)  Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO 2022 L 169, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/48


Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – an Spáinn v an Coimisiún

(Cás T-681/22)

(2023/C 24/63)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: A. Gavela Llopis agus M.J. Ruiz Sánchez, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go gcuirfí ar neamhní Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1614 (1) ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana agus lena mbunaítear liosta limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu, maidir le bunú liosta limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu, a leagtar amach in Airteagal 2 agus Iarscríbhinn II;

go teagmhasach, go ndearbhófaí go bhfuil Airteagail 9(6) agus (9) de Rialachán 2016/2336 (2) neamhbhailí, de bhun Airteagal 277 CFAE.

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear an bunrialachán agus prionsabal na comhréireachta le Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1614 lena gcinntear na limistéir arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu:

I ndáil leis sin maítear:

1)

go sáraítear an bunrialachán agus prionsabal na comhréireachta le fágáil ar lár na hanailíse maidir leis an tionchar a bhíonn ag trealaimh dhaingnithe iascaireachta sa domhainfharraige;

2)

go sáraítear an bunrialachán agus prionsabal na comhréireachta le cinneadh na limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta maidir le hAirteagal 9(6) agus (9) de Rialachán 2016/2336:

I ndáil leis sin maítear:

1)

go sáraítear Airteagal 291 CFAE leis an tagairt do ghníomh cur chun feidhme chun eilimintí riachtanacha de Rialachán 2016/2336 a fhorlíonadh;

2)

go sáraítear rialacha an Chomhbheartais Iascaigh agus prionsabal na comhréireachta le toirmeasc gan idirdhealú ar threalaimh grinnill iascaireachta i ngach limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1614 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana agus lena mbunaítear liosta limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu (IO 2022 L 242, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2016/2336 an 14 Nollaig 2016 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (IO 2016 L 354, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/49


Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 — Newalliance v an Coimisiún

(Cás T-683/22)

(2023/C 24/64)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Newalliance Comércio Internacional, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur i bhfeidhm ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/49


Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 — Norwood v an Coimisiún

(Cás T-684/22)

(2023/C 24/65)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Norwood — Trading e Serviços, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca de Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/50


Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 — Lycatelcom v an Coimisiún

(Cás T-685/22)

(2023/C 24/66)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Lycatelcom, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca de Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/50


Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 — Kingbird v an Coimisiún

(Cás T-686/22)

(2023/C 24/67)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Kingbird — Consultores e Serviços, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca de Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/51


Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 – Standbycom v an Coimisiún

(Cás T-687/22)

(2023/C 24/68)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Standbycom, Unipessoal, Lda (Zona Franca Da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí arna maíomh mar chuid de Chás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/51


Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 – Kiana v an Coimisiún

(Cás T-690/22)

(2023/C 24/69)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Kiana, Lda (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí arna maíomh mar chuid de Chás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/52


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Dabrezco Internacional v an Coimisiún

(Cás T-692/22)

(2023/C 24/70)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Dabrezco Internacional, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/52


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Hilza v an Coimisiún

(Cás T-693/22)

(2023/C 24/71)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Hilza – Pharmaceuticals, Sociedade Unipessoal, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí arna maíomh mar chuid de Chás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/53


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Khayamedia v an Coimisiún

(Cás T-695/22)

(2023/C 24/72)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Khayamedia Comércio Internacional de Eventos Desportivos, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca de Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/53


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Fratelli Cosulich v an Coimisiún

(Cás T-696/22)

(2023/C 24/73)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Fratelli Cosulich, Unipessoal, SA (Zona Franca Da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí arna maíomh mar chuid de Chás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/54


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Ommiacrest v an Coimisiún

(Cás T-697/22)

(2023/C 24/74)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Ommiacrest Trading, Lda (Zona Franca Da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiúin an 4 Nollaig 2020,, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí arna maíomh mar chuid de Chás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/54


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Swan Lake v an Coimisiún

(Cás T-698/22)

(2023/C 24/75)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Swan Lake Serviços e Consultores, Sociedade Unipessoal, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/55


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Seamist v an Coimisiún

(Cás T-699/22)

(2023/C 24/76)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Seamist, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca de Madeira (ZFM) — Scéim III a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/55


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – Pamastock Investments v an Coimisiún

(Cás T-701/22)

(2023/C 24/77)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Pamastock Investments, SA (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí arna maíomh mar chuid de Chás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/56


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – TA v an Coimisiún

(Cás T-702/22)

(2023/C 24/78)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: TA (ionadaithe: A. Ferreira Correia agus R. da Palma Borges, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Airteagail 1 agus 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a shonrú, nó a mhéid a bhfuil siad infheidhme maidir le tairbhithe mar gheall ar oibrithe a bheith acu nach bhfuil ina gcónaí sa réigiún forimeallach, nó toisc go bhfaigheann siad ioncam ó fhoinse sheachtrach lasmuigh den réigiún forimeallach;

a ordú don institiúid is cosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean i gcoinne Chinneadh (AE) Uimh. 2022/1414 ón gCoimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex-2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III [a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2020) 8550] (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn an t-iarratasóir cúig saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a shonrú sa chinneadh atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid breithmheasa de facto agus de jure sa chinneadh atá faoi chonspóid sa mhéid gur cinneadh ann nach bhfuil na sochair arna dtabhairt do ghnóthais a bhí lonnaithe sa réigiún ach a choinnigh caidreamh seachtrach, i gcomhréir leis an margadh inmheánach de réir Airteagal 107(3) CFAE.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid breithmheasa de facto agus de jure sa chinneadh atá faoi chonspóid sa mhéid gur cinneadh ann nach bhfuil na sochair arna dtabhairt do ghnóthais, a bhí lonnaithe sa réigiún ach a choinnigh caidreamh fostaíochta áirithe le fostaithe nach raibh sa réigiún forimeallach ar bhonn buan, i gcomhréir leis an margadh inmheánach de réir Airteagal 107(3) CFAE.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid breithmheasa de facto agus de jure sa chinneadh atá faoi chonspóid sa mhéid gur cinneadh ann nach bhfuil na sochair, arna dtabhairt do ghnóthais nach sáraíonn na teorannacha cainníochtúla dá bhforáiltear sna Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach 2007 agus Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 2014, i gcomhréir leis an margadh inmheánach de réir Airteagal 107(3) CFAE.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, is iad sin an deimhneacht dhlíthiúil, an t-ionchas dlisteanach agus an dlíthiúlacht.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/57


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Everblacks Towage v an Coimisiún

(Cás T-703/22)

(2023/C 24/79)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Everblacks Towage — Serviços Marítimos, Sociedade Unipessoal, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: A. Ferreira Correia agus R. da Palma Borges, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Airteagail 1 agus 4 den Chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don Institiúid is cosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean i gcoinne Chinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca de Madeira (ZFM) — Scéim III., (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad uimhir C(2020) 8550) (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-702/22, TA v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/57


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 — Poppysle v an Coimisiún

(Cás T-704/22)

(2023/C 24/80)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Poppysle — Comércio Internacional e Serviços, Sociedade Unipessoal, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: A. Ferreira Correia agus R. da Palma Borges, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Airteagail 1 agus 4 den Chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don Institiúid is cosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean i gcoinne Chinneadh (AE) 2022/1414 ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2020 maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca de Madeira (ZFM) — Scéim III., (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad uimhir C(2020) 8550) (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí atá, go bunúsach, comhionann nó comhchosúil leis na saincheisteanna arna maíomh i gCás T-702/22, TA v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/58


Caingean arna tabhairt an 17 Samhain 2022 – Illumina v an Coimisiún

(Cás T-709/22)

(2023/C 24/81)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Illumina, Inc. (Wilmington, Delaware, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: D. Beard, B. Cullen agus J. Holmes, Dlíodóirí agus F. González Díaz, M. Siragusa, G. Rizza, N. Latronico and L. Bitsakou, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir ar an gCúirt Ginearálta:

Cinneadh C(2022) 6454 final ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena ndearbhaíodh go bhfuil comhchruinniú ar neamhréir leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE, a chur ar neamhní (Cás M.10188 — ILLUMINA/GRAIL);

A ordú don Choimisiún a chostais féin agus costais an iarratasóra sna himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ar dheich saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráid dlí mar gheall ar mhainneachtain a bhreithniú cibé an dtagann an t-idirbheart faoi raon feidhme Rialachán an Aontais maidir le Cumaisc agus maidir le dlínse á dhearbhú chun an t-idirbheart a athbhreithniú agus toirmeasc gan anailís a dhéanamh ar cé acu an raibh nó nach raibh an nasc ba ghá ag an idirbheart le LEE, agus an mbeadh éifeachtaí láithreacha substaintiúla aige in LEE.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún cearta cosanta an iarratasóra trí mhainneachtain Ráiteas Agóidí forlíontach a eisiúint. Rinne an Coimisiún forlíonadh suntasach ar an agóid go mbeadh an cumas agus an dreasacht ag an iarratasóir iomaitheoirí roghnacha GRAIL a thuar trí anailís chainníochtúil a thabhairt isteach, go háirithe, sa chéad Litir Fíricí.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an gCoimisiún a dhualgas cruthúnais a chomhlíonadh faoin gcaighdeán dóchúlachta láidir nó faoin gcaighdeán um chothromaíocht dóchúlachta.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráidí dlí, fíorais agus measúnaithe, agus é ag glacadh sainmhíniú ar na margaí ábhartha (a) lena gcruthaítear idirdhealú saorga idir na céimeanna forbartha agus tráchtálaithe do thástálacha ECD atá bunaithe ar NGS chun ailse a bhrath go luath, (b) a aimsíonn inionadaitheacht i measc tástálacha ECD, DAC, agus MRD éagsúla atá bunaithe ar NGS ag céim na forbartha tionsclaíche, agus (c) a aimsíonn inionadaitheacht nuálaíochta idir tástálacha il-ailse bunaithe ar NGS (tástáil an GRAIL Gaelleri) agus tástálacha luathbhraite aon-ailse.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráidí dlí, fíorais agus measúnaithe mar gheall ar mhainneachtain déileáil leis an Tairiscint Oscailte mar chuid den staid fhíorasach a d’eascair as an idirbheart agus measúnú á dhéanamh ar chumas líomhnaithe nó dreasacht an iarratasóra páirt a ghlacadh i straitéisí foriaimh ionchuir, chomh maith le héifeachtúlachtaí agus éifeachtaí an idirbhirt ar iomaíocht éifeachtach.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráidí dlí, fíorais agus measúnaithe, agus é á maíomh go mbeadh ar chumas Illumina chun eisiamh.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráidí dlí, fíorais agus measúnaithe, agus é ag maíomh go mbeadh dreasacht ag Illumina chun eisiamh.

8.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráidí dlí, fíorais agus measúnaithe agus é á maíomh go mbeadh tionchar díreach agus diúltach ag an idirbheart ar iomaíocht éifeachtach sna sé thír tagartha nó in LEE.

9.

An naoú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráidí dlí, fíorais agus measúnaithe, agus é ag díbhe éilimh na bpáirtithe go gcuirfeadh an t-idirbheart dlús cúig bliana ar a laghad le seoladh Galleri in LEE agus go sábhálfaí na mílte duine, agus go ndéanfaí inmheánú ar chorrlaigh Illumina agus córais NGS á ndíol le GRAIL, go gcuirfí deireadh le himeallú dúbailte agus go mbeadh coigilteas suntasach ann do chórais sláinte náisiúnta na mBallstát agus do cháiníocóirí trí chostais chóireála ailse a laghdú. Murab ionann agus líomhaintí an Choimisiúin, bheadh éifeachtúlachtaí uile an idirbhirt sainiúil don chumasc, infhíoraithe, agus rachadh sé chun tairbhe do thomhaltóirí.

10.

An deichiú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráidí dlí, fíorais agus measúnaithe, agus é ag diúltú do phacáiste cuimsitheach leighis Illumina, lena n-áirítear ní hamháin an Tairiscint Oscailte, ach freisin ceadúnú, tarscaoileadh, agus gealltanais neamhfhorfheidhmiú a d’éascódh iontráil réamhtheachtach agus leathnú ag iomaitheoirí Illumina.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/59


Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Nutmark v an Coimisiún

(Cás T-714/22)

(2023/C 24/82)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Nutmark Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: P. Vidal Matos agus F. Lança Martins, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc i gcoinne Chinneadh (AE) Uimh. 2022/1414 an Choimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex-2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III [arna fógairt le huimhir C(2020) 8550] (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar an gcóras tagartha a bheith aitheanta go mícheart de shárú ar Airteagal 4(2) CAE agus ar Airteagail 107(1) agus 263 CFAE.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar mhainneachtain a léiriú gurb ionann Scéim III den Zona Franca da Madeira agus maolú ar an gcóras cánach tagartha lena dtugtar isteach idirdhealuithe idir trádálaithe atá i staid inchomparáide fíorasach agus dlí, de shárú ar Airteagal 107(1) CFAE.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas atá ag baint le hábhar chun Scéim III den Zona Franca da Madeira a chur chun feidhme mar is cuí, a mhéid gur ghlac Poblacht na Portaingéile critéir chuige sin atá i gcomhréir le hAirteagal 107(1) CFAE.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall go ndearnadh sárú ar phrionsabail na soiléireachta agus na deimhneachta dlíthiúla, a chumhdaítear in Airteagal 16(1) de Rialachán Uimh. 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 CFAE a chur chun feidhme.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar go ndearnadh sárú ar an gceart chun maoine príobháidí, a chumhdaítear in Airteagal 1 den Phrótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/60


Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Piamark v an Coimisiún

(Cás T-715/22)

(2023/C 24/83)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Piamark, Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: P. Vidal Matos agus F. Lança Martins, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc i gcoinne Chinneadh (AE) Uimh. 2022/1414 an Choimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex-2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III [arna fhógairt le huimhir C(2020) 8550] (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar an gcóras tagartha a bheith aitheanta go mícheart, gan beann a bheith tugtha air go bhfuil sé de chumhacht eisiach ag Poblacht na Portaingéile na critéir maidir le rochtain a fháil ar Scéim III den Zona Franca da Madeira chomh maith leis na critéir chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin a bhunú, de shárú ar Airteagal 4(2) CAE agus ar Airteagail 107(1) agus 263 CFAE.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas atá ag baint le hábhar chun Scéim III den Zona Franca da Madeira a chur chun feidhme mar is cuí, a mhéid gur ghlac Poblacht na Portaingéile critéir chuige sin atá i gcomhréir le hAirteagal 107(1) CFAE.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar neamhréireacht leis an oibleagáid cúiseanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a shonrú, mar gheall ar mhainneachtain a léiriú go bhféadfaí difear a dhéanamh don trádáil idir Ballstáit agus an iomaíocht a shaobhadh le Scéim III den Zona Franca da Madeira, de shárú ar Airteagail 107(1), 263 agus 296, an dara fomhír, CFAE.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall go ndearnadh sárú ar phrionsabail na soiléireachta agus na deimhneachta dlíthiúla, a chumhdaítear in Airteagal 16(1) de Rialachán Uimh. 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 CFAE a chur chun feidhme.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar go ndearnadh sárú ar an gceart chun maoine príobháidí, a chumhdaítear in Airteagal 1 den Phrótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/61


Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Eutelsat Madeira v an Coimisiún

(Cás T-718/22)

(2023/C 24/84)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Eutelsat Madeira, Unipessoal Lda (Zona Franca da Madeira) (Caniçal, an Phortaingéil) (ionadaithe: R. Bordalo Junqueiro, J. P. Lampreia, R. F. Costa agus P. G. Marques, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

leas dlisteanach an iarratasóra i dtionscnamh na caingne seo le haghaidh neamhniú a aithint de réir Airteagal 263 CFAE;

a chinneadh go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú seo dleathach agus inghlactha, de réir Airteagal 263 CFAE;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní de réir Airteagal 264 CFAE;

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc i gcoinne Chinneadh (AE) Uimh. 2022/1414 an Choimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex-2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III [arna fógairt le huimhir C(2020) 8550] (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid chúiseanna a shonrú.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail an ionchais dhlisteanaigh agus na deimhneachta dlíthiúla, a mhéid a n-athraítear téarmaí scéim cabhrach a d’údaraítí agus a chuirtí i bhfeidhm go comhsheasmhach leis na blianta fada anuas leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

An tríú shaincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na córa comhionainne a mhéid a chaitear mar an gcéanna leis na tairbhithe a rannchuidigh leis na cuspóirí atá ag Scéim III agus leis na tairbhithe nár rannchuidigh leo leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

An ceathrú shaincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht Scéim III den Zona Franca da Madeira le Cinneadh C(2007) 3037 final leis na Treoirlínte maidir le cabhair réigiúnach náisiúnta i gcomhair 2007-2013.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/61


Caingean arna tabhairt an 15 Samhain 2022 – AFG v an Coimisiún

(Cás T-722/22)

(2023/C 24/85)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: AFG SA (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Estima Martins, F. Castro Guedes agus L. Seifert Guincho, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Airteagail 1, 4, 5 agus 6 de Chinneadh C(2020) 8550 an Choimisiúin Eorpaigh an 4 Nollaig 2020 final, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III, arna foilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh Uimh. L 217, an 22 Lúnasa 2022, leathanach 49, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí a mhéid nach ionann an beart atá faoi chonspóid agus Státchabhair, a mhéid gur chinn an Coimisiún go hearráideach gurb ionann an scéim sin agus beart roghnaitheach agus earráid dlí eile mar gheall ar shárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú, a chumhdaítear in Airteagal 296 CFAE, i ndáil leis an anailís ar an gceanglas roghnaitheachta.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall Scéim III den Zona Franca da Madeira a bheith curtha chun feidhme i gcomhréir le Cinntí ón gCoimisiúin 2007 agus 2013 agus leis na rialacha a leagtar síos in Airteagail 107 agus 108 CFAE.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar shárú ar phrionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh, go háirithe prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an prionsabal i dtaobh ionchais dhlisteanacha a chosaint agus prionsabal na comhréireachta.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/62


Caingean arna tabhairt an 15 Samhain 2022 – Sonasurf Internacional agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-723/22)

(2023/C 24/86)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Sonasurf Internacional – Shipping Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, na Phortaingéil), Mastshipping – Shipping, Sociedade Unipessoal Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal), Latin Quarter – Serviços Marítimos Internacionais Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal) (ionadaithe: R. Bordalo Junqueiro, S. Fernandes de Almeida, R. F. Costa agus P. G. Marques, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

leas dlisteanach an iarratasóra i dtionscnamh na caingne seo le haghaidh neamhniú a aithint de réir Airteagal 263 CFAE;

a chinneadh go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú seo dleathach agus inghlactha, de réir Airteagal 263 CFAE;

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní de réir Airteagal 264 CFAE;

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena gcaingean i gcoinne Chinneadh (AE) Uimh. 2022/1414 an Choimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex-2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III [arna fógairt le doiciméad uimhir C(2020) 8550] (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn na hiarratasóirí ceithre shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí a mhaítear mar chuid de Chás T-718/22, Eutelsat Madeira v an Coimisiún.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/63


Caingean arna tabhairt an 21 Samhain 2022 – Odeon Cinemas Holdings v EUIPO – Academy of Motion Picture Arts and Sciences (OSCAR)

(Cás T-727/22)

(2023/C 24/87)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Odeon Cinemas Holdings Ltd (Londain, an Ríocht Aontaithe) (ionadaí: L. Axel Karnøe Søndergaard, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Academy of Motion Picture Arts and Sciences (Beverly Hills, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “OSCAR” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 931 038

Nós imeachta roimh EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 6 Meán Fómhair 2022 i gCás R 1841/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/63


Caingean arna tabhairt an 22 Samhain 2022 – Industrias Lácteas Asturianas v EUIPO – Qingdao United Dairy (NAMLAC)

(Cás T-728/22)

(2023/C 24/88)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Industrias Lácteas Asturianas, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. C. Riera Blanco, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Qingdao United Dairy Co. Ltd (Qingdao, an tSín)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “NAMLAC” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 126 515

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 6 Meán Fómhair 2022 i gCás R 1563/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/64


Caingean arna tabhairt an 22 Samhain 2022 – Complejo Agrícola Las Lomas v an Coimisiún

(Cás T-729/22)

(2023/C 24/89)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Complejo Agrícola Las Lomas, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Sedano Lorenzo, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

mír 4.1.8 de phlean stráitéiseach CBT 2023-2027 ón Spáinn arna fhormheas le Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022, lena bhformheastar plean stráitéiseach CBT 2023-2027 na Spáinne maidir le tacaíocht ón Aontas arna mhaoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, lena bhforchuirtear teorainn de EUR 200 000 ar an tacaíocht bhunúsach ioncaim atá le bronnadh ar gach feirmeoir (an “Beart”).

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/2115 (1) lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha náisiúnta faoi CBT agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 1305/2013 agus (AE) 1307/2013.

Ceadaítear le Rialachán (AE) 2021/2115 do na Ballstáit a chinneadh cé na hidirghabhálacha astu siúd a leagtar síos i gCaibidlí II, III agus IV de Theideal II is oiriúnaí dá riachtanais shonracha agus conas iad a leagan síos. Áirítear, áfach, sa chinneadh atá faoi chonspóid, beart idirghabhála nach bhfuil leagtha síos san Airteagal sin, lena dtugtar le tuiscint go gníomhaíonn an Coimisiún ultra vires agus thar teorainn shainordú Rialachán (AE) 2021/2115.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear easnamh iomlán anailíse agus measúnaithe maidir le hiarmhairtí na huasteorann maolbhreithiúnaí de EUR 200 000 ar an tacaíocht bhunúsach ioncaim CBT.

Ní dhearnadh aon mheasúnú ar thionchar an Bhirt sin le linn dhréachtú an chinnidh atá faoi chonpóid, ná ar léibhéal Spáinneach ná ar leibhéal Eorpach. Dá mba rud é go ndearnadh fiú réamh-athbhreithniú, léireofaí go bhfuil an Beart ar neamhréir le cuspóirí CBT mar a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2021/2115 iad.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear saobhadh ar an margadh aonair agus ar an iomaíocht chun dochair do na feirmeoirí Spáinneacha.

Déantar saobhadh tromchúiseach gan údar ar an margadh aonair chomh maith le hilroinnt CBT i gceann dá phríomhbheartanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid. Leis an mBeart, cuirtear feirmeoirí Spáinneacha i staid níos measa ná feirmeoirí Eorpacha eile.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

Déantar sárú ar phrionsabal na comhréireachta leis an mBeart sa chaoi nach bhfuil sé oiriúnach ná riachtanach chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach, agus go mbíonn cailliúint iomarcach agus gan údar i gceist leis d’úinéirí feirmeacha agus a n-oibrithe, nach bhfritháirítear in aon slí trí leas poiblí níos tábhachtaí a shásamh.


(1)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO 2021 L 435, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/65


Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Kozitsyn v an Chomhairle

(Cás T-731/22)

(2023/C 24/90)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Andrey Anatolyevich Kozitsyn (Verkhnyaya Pyshma, an Rúis) (ionadaí: J. Grand d’Esnon, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (1) i ndáil le Andrey Anatolyevich Kozitsyn agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (2) i ndáil le Andrey Anatolyevich Kozitsyn, a chur ar neamhní;

ag an am céanna

a dhearbhú go bhfuil Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle neamhdhleathach; agus

cur i bhfeidhm na bhforálacha sin a dhiúltú trí phléadáil neamhdhleathachta nó, ar a laghad ar bith, a dhearbhú go bhfuil sé neamhdhleathach na forálacha sin a chur i bhfeidhm maidir le Andrey Anatolyevich Kozitsyn;

in aon chás,

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc de bhun Airteagal 140(b) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ocht saincheist dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa chás T-234/22, Ismailova v an Chomhairle.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/66


Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Deripaska v an Chomhairle

(Cás T-732/22)

(2023/C 24/91)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Oleg Vladimirovich Deripaska (Khutor Sokolsky, an Rúis) (ionadaí: T. Bontinck, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (1), a neamhniú, a mhéid a fhágann sé go mbeidh Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/582 an 8 Aibreán 2022, lena n-áirítear ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145, infheidhme go dtí an 15 Márta 2023;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (2), a neamhniú, a mhéid a choimeádtar ainm an iarratasóra ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 an 17 Márta 2014;

a ordú don Chomhairle EUR 1 000 000 a íoc go sealadach i ndáil leis an damáiste neamhábhartha a rinneadh don iarratasóir.

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid shoiléir mheasúnaithe maidir le cúiseanna na Comhairle.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus na gceart bunúsach.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/67


Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Khudaynatov v an Chomhairle

(Cás T-733/22)

(2023/C 24/92)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Eduard Yurevich Khudaynatov (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, D. Rovetta agus M. Moretto, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (1) a chur ar neamhní, a mhéid a dhéantar Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/883 an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear ainm an iarratasóra leis an iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145, infheidhme leis go dtí an 15 Márta 2023;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (2) a chur ar neamhní a mhéid a gcoinnítear ainm an iarratasóra ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 an 17 Márta 2014 leis, agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí á maíomh mar chuid de Chás T-732/22, Deripaska v an Chomhairle.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 239, lch. 149).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 239, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/67


Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Pumpyanskiy v an Chomhairle

(Cás T-734/22)

(2023/C 24/93)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Alexander Dmitrievich Pumpyanskiy (an Ghinéiv, an Eilvéis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme agus L. Burguin, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (1) a neamhniú a mhéid a choimeádtar ainm an iarratasóra faoi Uimh. 719 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh sin;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 an 14 Meán Fómhair 2022 (2) a neamhniú a mhéid a choimeádtar ainm an iarratasóra faoi Uimh. 719 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh sin;

a ordú don Chomhairle EUR 100 000 a íoc go sealadach i ndáil leis an damáiste neamhábhartha a rinneadh don iarratasóir, agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus na gceart bunúsach.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus na córa comhionainne.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/68


Caingean arna tabhairt 25 Samhain 2022 – Falqui v an Pharlaimint

(Cás T-735/22)

(2023/C 24/94)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Enrico Falqui (Flórans, an Iodáil) (ionadaithe: F. Sorrentino agus A. Sandulli, Dlíodóirí)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Nóta D310275 an 26 Meán Fómhair 2022 ón Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais–An Stiúrthóireacht um Theidil Airgeadais agus Shóisialta na bhFeisirí–An tAonad um Thuarastal agus Theidil Shóisialta na bhFeisirí– Ceann Aonaid II a chur ar neamhní;

Nóta Uimh. D307559 an 4 Iúil 2022 ón Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais i bParlaimint na hEorpa–An Stiúrthóireacht um Theidil Airgeadais agus Shóisialta na bhFeisirí–An tAonad um Thuarastal agus Theidil Shóisialta na bhFeisirí a chur ar neamhní;

gach beart is gá a dhéanamh chun cearta an iarratasóra a chosaint,

a ordú do Pharlaimint na hEorpa na suimeanna a coinníodh siar go míchuí le linn na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Chun tacú leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le “Bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa”.

I ndáil leis sin, áitítear go measfar, de bhun Airteagal 7(2) de Chinneadh an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos “Bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa”, go ndéanfar “na cearta pinsin seanaoise a fuarthas roimh dháta theacht i bhfeidhm an Reachta a choimeád”. Ní mór an tagairt roimhe sin do na rialacha náisiúnta a leagtar síos in CFC a thuiscint mar crostagairt (do na rialacha a bhí i bhfeidhm ag an tráth sin), ós rud é go bhfuil an teidlíocht phinsin a fuair iar- Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa roimh theacht i bhfeidhm an Reachta in-aistrithe faoi rialacha níos déanaí.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna Parlaimint na hEorpa reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm go neamhdhleathach, ar reachtaíocht í atá contrártha le dlíchóras an Aontais agus, go háirithe, leis an bprionsabal maidir le hionchais dhlisteanacha a chosaint. Sárú ar phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais.

I ndáil leis sin, áitítear go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, trí aon athríomh a dhéanamh go huathoibríoch ar phinsin arna bhformheas ag parlaiminteoirí na hIodáile a toghadh roimh theacht i bhfeidhm an Reachta, aon athchinneadh ar bhlianachtaí arna gceadú ag Teach Teachtaí na hIodáile ex post, rud a fhágann go bhfuil neamhchinnteacht leanúnach ann maidir lena gcóireáil pinsin i gcodarsnacht le prionsabail bhunúsacha dhlí an Aontais agus, go háirithe, le prionsabail na comhréireachta agus le cosaint ionchas.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/69


Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Campofrio Food Group v EUIPO – Cerioti Holding (SNACK MI)

(Cás T-736/22)

(2023/C 24/95)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Campofrio Food Group, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: J. Erdozain López agus M. Del Río Aragó, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Cerioti Holding SA (Lucsamburg, Lucsamburg)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “SNACK MI” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 201 028

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Lúnasa 2022 i gCás R 59/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus do Cerioti Holding SA, i gcás gur idirghabhálaí é sa chás seo, costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/70


Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Pumpyanskaya v an Chomhairle

(Cás T-737/22)

(2023/C 24/96)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Galina Evgenyevna Pumpyanskaya (Ekaterinburg, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth, A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagail 263, 275(2) agus 277 CFAE, a dhearbhú nach bhfuil feidhm ag an bhfomhír dheireanach d’Airteagal 2(1) de Chinneadh Uimh. 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh Uimh. 2022/329/CBES ón gComhairle, nó ag an bhfomhír dheireanach d’Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle (na “critéir maidir le liostú atá faoi chonspóid”);

de bhun Airteagal 263 CFAE, Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), chomh maith le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) (na “Gníomhartha atá faoi chonspóid”), a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir (Uimhir Iontrála Uimh. 724);

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean faoi Airteagal 263 CFAE:

1.

Saincheist dlí faoi Airteagal 277 CFAE lena n-éilítear go bhfuil na critéir maidir le liostú atá faoi chonspóid contrártha ar bhealach dosháraithe do phrionsabal na hintuarthachta, do na luachanna atá ann, agus don smacht reachta.

2.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta an iarratasóra chun cosanta.

3.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid measúnaithe de chuid na Comhairle agus ainm an iarratasóra á chur san áireamh in iarscríbhinní na ngníomhartha atá faoi chonspóid.

4.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 296 CFAE.

5.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra, go háirithe an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, an ceart chun cónaithe agus cumarsáide chomh maith leis an gceart chun maoine.


(1)  IO 2022, L 239, lch. 149.

(2)  IO 2022, L 239, lch. 1.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/70


Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Rotenberg v an Chomhairle

(Cás T-738/22)

(2023/C 24/97)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Igor Rotenberg (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 (1) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 (2) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní;

an Cinneadh a rinneadh an t-iarratasóir a choinneáil ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh 2014/145/CBES (3) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (4) ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna ghlacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le litir dar dáta an 16 Meán Fómhair 2022;

a mhéid a áirítear leis na gníomhartha sin an t-iarratasóir ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais na n-imeachtaí reatha a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú, ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha; sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe, mainneachtain an dualgas cruthúnais a chomhlíonadh, sárú ar na critéir liostála a leagtar amach in Airteagail 1 (1)(b),(d) agus 2(1)(d) agus (f) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(d) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, araon a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha an iarratasóra, sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus sárú ar Airteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. (IO 2022 L 239, lch. 149).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 1529 an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. (IO 2022 L 239, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. (IO 2014 L 78, lch. 16).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. (IO 2014 L 78, lch. 6).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/72


Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Rashevsky v an Chomhairle

(Cás T-739/22)

(2023/C 24/98)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vladimir Rashevsky (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth agus A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na gníomhartha seo a leanas a chur ar leataobh de bhun Airteagal 263, Airteagal 275(2) agus Airteagal 277 CFAE, Airteagal 2(1)(f) agus (g) de Chinneadh (CBES) 2014/145 (1) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/329 (2) ón gComhairle, agus Airteagal 3(1) (f) agus (g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (3) ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 330/2022 (4) ón gComhairle – a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir;

Cinneadh (CBES) 2022/1530 (5) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1529 (6) ón gComhairle, maraon le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear nach gceadaítear le prionsabail bhunreachtúla daoine amhail an iarratasóir a liostú.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur ghníomhaigh an Chomhairle go neamhdhleathach agus an cinneadh atá faoi chonspóid á fhadú aici, sa mhéid go bhfuil earráid mheasúnaithe de chuid na Comhairle i ndáil leis an iarratasóir.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur frithbheart ar ghníomhartha nach raibh inphionóis tráth a ndearnadh iad é liostú leanúnach an iarratasóra tar éis dó tarraingt siar óna fheidhmeanna.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil réasúnaíocht leordhóthanach in easnamh.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil na bearta a fhorchuirtear mí-oiriúnach chun na spriocanna is mian leis an Aontas a bhaint amach nó fiú chun tacú leo.


(1)  Cinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 50, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid (IO 2014 L 78, lch. 6).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 330/2022 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L51, lch. 1).

(5)  Cinneadh (CBES) 2014/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhar 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2014/145 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhar 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/73


Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Pumpyanskiy v an Chomhairle

(Cás T-740/22)

(2023/C 24/99)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dmitry Alexandrovich Pumpyanskiy (Ekaterinburg, an Rúis) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth, A. Egger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagail 263, 275(2) agus 277 CFAE, a dhearbhú nach bhfuil feidhm ag Airteagal 2(1)(f) agus (g) de Chinneadh Uimh. 2014/145/CFSP (1) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh Uimh. 2022/329/CFSP (2) ón gComhairle, nó ag Airteagal 3(1)(f) agus (g) de Rialachán (AE) 269/2014 (3) ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/330 (4) (na “critéir maidir le liostú atá faoi chonspóid”);

de bhun Airteagal 263 CFAE, Cinneadh (CBES) 2022/1530 (5) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, chomh maith le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 (6) an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir (Uimhir Iontrála Uimh. 724).

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc de bhun Airteagal 134 de na Rialacha Nós Imeachta

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí:

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta an iarratasóra chun cosanta.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid measúnaithe de chuid na Comhairle agus ainm an iarratasóra á chur san áireamh in iarscríbhinní na ngníomhartha atá faoi chonspóid.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, dá bhforáiltear sa dara fomhír d’Airteagal 296(2) CFAE.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra, go háirithe an ceart chun saoil phríobháidigh agus saoil teaghlaigh, an ceart chun cónaithe agus cumarsáide chomh maith leis an gceart chun maoine.

Thairis sin, maíonn an t-iarratasóir saincheist faoi Airteagal 277 CFAE lena n-éilítear go bhfuil na critéir maidir le liostú atá faoi chonspóid contrártha ar bhealach dosháraithe do phrionsabal na hintuarthachta, do na luachanna atá ann, agus don smacht reachta.


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 50, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 51, lch. 1).

(5)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 149).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/74


Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2022 – Ezubov v an Chomhairle

(Cás T-741/22)

(2023/C 24/100)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Pavel Ezubov (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 (1) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a neamhniú a mhéid is go gcoinnítear ainm an iarratasóra ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 (2) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a neamhniú a mhéid is go gcoinnítear ainm an iarratasóra ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 269/2014;

an cinneadh an t-iarratasóir a choinneáil ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh 2014/145/CBES (3) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (4) ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna ghlacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh le litir dar dáta an 15 Meán Fómhair 2022, a neamhniú;

a mhéid a áirítear leis na gníomhartha sin an t-iarratasóir ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach;

a ordú don Chomhairle costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar Airteagal 296 de CFAE agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha AE, sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha AE.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe, mainneachtain a dualgas cruthúnais a urscaoileadh, sárú ar na critéir maidir le liostú a leagtar amach in Airteagal 1(1)(b),(d) agus 2 (1)(d) agus (f) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(d) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, a bhaineann araon le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin fhónta.

3.

An triú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha an iarratasóra, sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus an tsaoirse fiontraíochta agus sárú ar Airteagal 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha AE.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 239, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/75


Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Mazepin v an Chomhairle

(Cás T-742/22)

(2023/C 24/101)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Dmitry Arkadievich Mazepin (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Maíonn an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Mean Fómhair 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1), a chur ar neamhní;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2), a chur ar neamhní;

an cinneadh a rinneadh an t-iarratasóir a choinneáil ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle (3), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle, agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur ar neamhniú,

le chéile, “na gníomhartha atá faoi chonspóid”, sa mhéid go n-áirítear an t-iarratasóir ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach na gníomhartha atá faoi chonspóid

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus earráid fhollasach an mheasúnaithe de chuid na Comhairle agus athbhreithniú á dhéanamh ar iarratas riaracháin an iarratasóra maidir le díliostú a taisceadh an 31 Bealtaine 2022.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, ar Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe; mainneachtain an dualgas cruthúnais a urscaoileadh; sárú ar na critéir maidir le liostú a leagtar amach in Airteagail 1 (1)(a) agus 2 (1)(a) de Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3 (1)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, araon a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear eisceacht na neamhdhleathachta; sárú ar phrionsabal na comhréireachta de réir na gcritéar liostaithe a leagtar amach in Airteagal 1(1)(g) agus 2(1)(g) de Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear eisceacht na neamhdhleathachta; sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla leis na critéir liostaithe a leagtar amach in Airteagal 1(1) (g) agus 2(1) (g) de Chinneadh (CBES) 2014/145 ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe; mainneachtain an dualgas cruthúnais a urscaoileadh; sárú ar na critéir maidir le liostú a leagtar amach in Airteagal 1(1)(g) agus 2(1)(g) de Chinneadh (CBES) 2014/14 ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(d), (g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014, araon a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabal na comhréireachta agus cearta bunúsacha an iarratasóra; sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus saoirse chun gnó a dhéanamh agus sárú ar Airteagal 16 agus Airteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha.


(1)  IO 2022, L 239, lch. 149.

(2)  IO 2022, L 239, lch. 1.

(3)  IO 2014, L 78, lch. 16.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/76


Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Tokareva v an Chomhairle

(Cás T-744/22)

(2023/C 24/102)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Maya Tokareva (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme agus L. Burguin, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (1), arna fhoilsiú san Iris Oifigiúil an 15 Meán Fómhair 2022, a neamhniú, a mhéid a dhéanann sé Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 infheidhme go dtí an 15 Márta 2023 (arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1272 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena n-áirítear ainm an iarratasóra faoi Uimh. 1201 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES);

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 an 14 Meán Fómhair 2022 (2) a neamhniú, a mhéid a choimeádtar leis an iarratasóir faoi Uimh. 1201 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2014/269;

A ordú don Chomhairle suim EUR 1 000 000 a íoc go sealadach i ndáil leis an damáiste neamhábhartha a rinneadh don iarratasóir, agus

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa chás T-734/22, Pumpyanskiy v an Chomhairle.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 239, lch. 149).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 239, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/77


Caingean arna taisceadh an 28 Samhain 2022 – DGNB v EUIPO (léiriú de líne bhán chuarach i gcearnóg dhorcha)

(Cás T-745/22)

(2023/C 24/103)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Deutsche Gesellschaft für Nachhaltiges Bauen – DGNB eV (Stuttgart, an Ghearmáin) (ionadaí: P. Kohl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (léiriú de líne bhán chuarach i gcearnóg dhorcha) – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 510 732

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de chuid EUIPO an 21 Meán Fómhair 2022 i gCás R 338/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear na costais a tabhaíodh sna himeachtaí achomhairc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/78


Caingean arna taisceadh an 29 Samhain 2022 – BIW Invest v EUIPO – New Yorker Marketing & Media International (COMPTON)

(Cás T-746/22)

(2023/C 24/104)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: BIW Invest AG (Appenzell, an Eilvéis) (ionadaithe: E. Mielke, U. Stelzenmüller agus J. Weiser, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: New Yorker Marketing & Media International GmbH (Braunschweig, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir

An trádmharc atá faoi cheist: An focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “COMPTON” – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 14 539 092

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin

An cinneadh atá faoi chonspóid: An cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Meán Fómhair 2022 i gCás R 1915/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí eile costais na n-imeachtaí seo agus costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar an dara habairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar an gcéad abairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/79


Caingean arna tabhairt an 29 Samhain 2022 – BIW Invest v EUIPO – New Yorker Marketing & Media International (Compton)

(Cás T-747/22)

(2023/C 24/105)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: BIW Invest AG (Appenzell, an Eilvéis) (ionadaithe: E. Mielke, U. Stelzenmüller agus J. Weiser, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: New Yorker Marketing & Media International GmbH (Braunschweig, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Compton” – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 15 578 776

Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí cealúcháin

Cinneadh atá faoi chonspóid: An cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Meán Fómhair 2022 i gCás R 1913/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus, i gcás inarb iomchuí, don pháirtí eile costais na n-imeachtaí seo agus costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 95(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar an dara habairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar an gcéad abairt de’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/80


Caingean arna tabhairt an 25 Samhain 2022 – Kantor v an Chomhairle

(Cás T-748/22)

(2023/C 24/106)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Viatcheslav Moshe Kantor (Herzliya, Iosrael) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme agus M. Brésart, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 (1) a neamhniú a mhéid a chuirtear síneadh le liostú an iarratasóra faoi Uimh. 896 den iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/582 an 8 Aibreán 2022, ar chúiseanna comhionanna;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 an 14 Meán Fómhair 2022 (2) a mhéid a chuirtear síneadh le liostú an iarratasóra faoi Uimh. 896 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2014/269, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/581 an 8 Aibreán 2022, ar chúiseanna comhionanna;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí atá, go bunúsach, mar an gcéanna nó cosúil leis na cinn a bhí á n-agairt sa chás T-734/22, Pumpyanskiy v an Chomhairle.


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 239, lch. 149).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022, L 239, lch. 1).


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/80


Caingean arna tabhairt an 29 Samhain 2022 – Parlaimint v Union Technique du Bâtiment agus Argest

(Cás T-749/22)

(2023/C 24/107)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: M. Kazek agus K. Wójcik, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó N. Charrel, T. Gaspar agus M. Jolly, Dlíodóirí)

Cosantóirí: Union Technique du Bâtiment SA (Romainville, an Fhrainc) agus Argest SA (Lucsamburg, Lucsamburg)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a ordú do na cuideachtaí Union Technique du Bâtiment SA agus Argest SA i gcomhpháirt agus go leithleach suim iomlán 161 200 euro a íoc leis, chomh maith le hús de réir an ráta reachtúil, arna chomhaireamh ó thabhairt isteach na hiarrata seo, agus arna chaipitliú chun ús a tháirgeadh é féin;

a ordú do na cosantóirí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, bunaithe ar a cheart chun cúitimh ar bhonn ráthaíocht deich mbliana na gcuideachtaí Union Technique du Bâtiment SA agus Argest SA, lena gcumhdaítear na lochtanna a sainaithníodh agus a dhéanann difear don dhíon tuí de Maison Jean Monnet in Bazoches-sur-Guyonne.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/81


Caingean arna tabhairt an 2 Nollaig 2022 – Nieß v EUIPO – Thema Products (Gartenlux)

(Cás T-753/22)

(2023/C 24/108)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Andrea Nieß (Kempen, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Erlenhardt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Thema Products BV (Venlo, an Ísiltír)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar an bhfocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “Gartenlux” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 391 572

Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 13 Meán Fómhair 2022 i gCás R 608/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid agus an cinneadh ón Rannán Freasúra an 11 Feabhra 2022 a chur ar neamhní;

a ordú don idiragraí costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd a tabhaíodh os comhair an Bhoird Achomhairc

Saincheisteanna dlí

Sárú ar an dara habairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 27 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430 ón gCoimisiún;

Sárú ar Airteagal 109 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/82


Caingean arna taisceadh an 2 Nollaig 2022 – Nieß v EUIPO – Terrasoverkapping-inkoop.nl (GARTENLÜX)

(Cás T-754/22)

(2023/C 24/109)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Andrea Nieß (Kempen, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Erlenhardt, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Terrasoverkapping-inkoop.nl BV (Venlo, an Ísiltír)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar an bhfocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “GARTENLÜX” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 347 602

Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Meán Fómhair 2022 i gCás R 607/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid agus an cinneadh ón Rannán Freasúra an 9 Feabhra 2022 a chur ar neamhní;

a ordú don idiragraí costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd a tabhaíodh os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar an dara habairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 27 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430 ón gCoimisiún;

Sárú ar Airteagal 109 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/82


Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – TG v an Coimisiún

(Cás T-755/22)

(2023/C 24/110)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: TG (ionadaí: A. Tymen, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

dá bharr sin:

cinneadh an 11 Márta 2022, lena ndiúltaítear breoiteacht an iarratasóra a aithint mar bhreoiteacht thromchúiseach, de réir bhrí Airteagal 72(l), de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a neamhniú;

cinneadh an 25 Lúnasa 2022, lena ndiúltaítear do ghearán an iarratasóra an 29 Aibreán 2022, a neamhniú:

a ordú don chosantóir cúiteamh a íoc as an damáiste neamhábhartha a rinneadh don iarratasóir, arna mheasúnú ex aequo et bono ag méid 5,000 euro;

a ordú don cosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, bunaithe ar shárú ar Airteagal 72(1) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus ar na forálacha ginearálta cur chun feidhme a bhaineann le haisíoc costais leighis arna nglacadh le Cinneadh C(2007) 3195 ón gCoimisiún an 2 Iúil 2007, agus arna leasú le cinneadh an 12 Bealtaine 2020.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/83


Caingean arna tabhairt an 5 Nollaig 2022 – Roethig López v EUIPO – William Grant & Sons Irish Brands (AMAZONIAN GIN COMPANY)

(Cás T-756/22)

(2023/C 24/111)

An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Eric Roethig López (Lluchmajor, an Spáinn) (ionadaí: J. Carbonell Callicó, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: William Grant & Sons Irish Brands Ltd (Baile Átha Cliath, Éire)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc an Aontais Eorpaigh “AMAZONIAN GIN COMPANY” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 952 939

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Meán Fómhair 2022 i gCás R 1978/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais go léir ón díospóid os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/84


Ordú na Cúirte Ginearálta an 24 Samhain 2022 – Ultra Electronics Holdings agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-763/19) (1)

(2023/C 24/112)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 45, 10.2.2020.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/84


Ordú na Cúirte Ginearáltaan 24 Samhain 2022 – Keller Holdings v an Coimisiún

(Cás T-764/19) (1)

(2023/C 24/113)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an Dara Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 45, 10.2.2020.


23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/84


Ordú na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2022 – Narzieva v an Chomhairle

(Cás T-238/22) (1)

(2023/C 24/114)

Teanga an cháis: an Fhraincis

D’ordaigh Uachtarán an Chéad Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 257, 4.7.2022.