ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 10

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

66
12 Eanáir 2023


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 10/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10645 — 10645 - ETEX / XI (INSMAT) HOLDINGS) ( 1 )

1

2023/C 10/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10937 – EDF DEUTSCHLAND / HAZWEI / HYPION MOTION NEUMÜNSTER JV) ( 1 )

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 10/03

Rátaí malairte an euro — 11 Eanáir 2023

3

2023/C 10/04

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006)  ( 1 )

4

 

An Chúirt Iniúchóirí

2023/C 10/05

Tuarascáil speisialta 01/2023: — Uirlisí lena n-éascaítear taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19 – Tionscnaimh ábhartha, agus tá an tionchar ag dul ó iad a bheith rathúil go dtí úsáid theoranta

6


 

V   Fógairtí

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2023/C 10/06

Fógra chuig gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu hidreafluaracarbóin i mbulc a chur ar an margadh san Aontas Eorpach in 2024

7


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 10/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10645 — 10645 - ETEX / XI (INSMAT) HOLDINGS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 10/01)

An 13 Bealtaine 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10645. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 10/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10937 – EDF DEUTSCHLAND / HAZWEI / HYPION MOTION NEUMÜNSTER JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 10/02)

An 4 Eanáir 2023, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32023M10937. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 10/3


Rátaí malairte an euro (1)

11 Eanáir 2023

(2023/C 10/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0747

JPY

yen na Seapáine

142,61

DKK

krone na Danmhairge

7,4375

GBP

punt steirling

0,88673

SEK

krona na Sualainne

11,2783

CHF

franc na hEilvéise

0,9967

ISK

króna na hÍoslainne

154,30

NOK

krone na hIorua

10,7380

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,027

HUF

forint na hUngáire

399,10

PLN

zloty na Polainne

4,6819

RON

leu na Rómáine

4,9335

TRY

lira na Tuirce

20,1793

AUD

dollar na hAstráile

1,5588

CAD

dollar Cheanada

1,4429

HKD

dollar Hong Cong

8,3974

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6912

SGD

dollar Shingeapór

1,4316

KRW

won na Cóiré Theas

1 341,01

ZAR

rand na hAfraice Theas

18,2827

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,2807

IDR

rupiah na hIndinéise

16 612,34

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6975

PHP

peso na nOileán Filipíneach

59,013

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

35,895

BRL

real na Brasaíle

5,5840

MXN

peso Mheicsiceo

20,4957

INR

rúipí na hIndia

87,8120


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 10/4


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 10/04)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóirí an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2023)5

5 Eanáir 2023

4-(1,1,3,3-Teitrimeitiolbúitil)feanól, eatocsailithe

(4-treas-OPnEO)

Uimh. CE: -, Uimh. CAS:-

PPG Europe B.V. faoina inniúlacht dhlíthiúil mar Ionadaí Aonair ar PRC DeSoto International Inc. – OR5, Amsterdamseweg 14, 1422 AD Uithoorn, an Ísiltír;

REACH/22/40/0

Foirmliú de chomhpháirt cruaiteora ina bhfuil 4-treas-OPnEO i séaltáin dhépháirteacha polasuilfíde le haghaidh an aeraspáis

4 Eanáir 2025

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.

Sealants Europe SAS, Boeing Distribution, Inc., 84-116 rue Salvador Allende 95870 Bezons, an Fhrainc

REACH/22/40/1

PPG Europe B.V. faoina inniúlacht dhlíthiúil mar Ionadaí Aonair ar PPG Industries (UK) Ltd. - OR23

REACH/22/40/2

Boeing Distribution, Inc., Schillingweg 40 2153PL Nieuw-Vennep Noord-Holland, an Ísiltír;

REACH/22/40/3

Haas Group International SP. Z.O.O., ul Ryszarda Chomicza, Nowa Wieś Wrocławska, 13 - E, 55 – 080 Wrocławska, Wroclaw, an Pholainn

REACH/22/4/4

PPG Europe B.V. faoina inniúlacht dhlíthiúil mar Ionadaí Aonair ar PRC DeSoto International Inc. – OR5

REACH/22/40/5

Meascadh comhpháirteanna séaltáin de pholasuilfíd buin le cruaiteoir ina bhfuil 4-treas-OPnEO, meascadh as a n-eascraíonn meascáin ina bhfuil níos lú ná 0,1 % w/w de 4-treas-OPnEO le haghaidh úsáidí aeraspáis agus cosanta atá díolmhaithe ó údarú faoi Airteagal 56(6), pointe (a), de Rialachán REACH, in earnáil an aeraspáis agus na cosanta agus i slabhraí soláthair gaolmhara

Sealants Europe SAS

REACH/22/40/6

PPG Europe B.V. faoina inniúlacht dhlíthiúil mar Ionadaí Aonair ar PPG Industries (UK) Ltd. - OR23

REACH/22/40/7

Boeing Distribution, Inc.

REACH/22/40/8

Haas Group International SP. Z.O.O.

REACH/22/40/9


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Authorisation (europa.eu).


An Chúirt Iniúchóirí

12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 10/6


Tuarascáil speisialta 01/2023:

“Uirlisí lena n-éascaítear taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19 – Tionscnaimh ábhartha, agus tá an tionchar ag dul ó iad a bheith rathúil go dtí úsáid theoranta”

(2023/C 10/05)

D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a tuarascáil speisialta 01/2023: “Uirlisí lena n-éascaítear taisteal laistigh den Aontas le linn phaindéim COVID-19 – Tionscnaimh ábhartha, agus tá an tionchar ag dul ó iad a bheith rathúil go dtí úsáid theoranta”.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=62947


V Fógairtí

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

12.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 10/7


Fógra chuig gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu hidreafluaracarbóin i mbulc a chur ar an margadh san Aontas Eorpach in 2024

(2023/C 10/06)

1.   

Dírítear an Fógra seo chuig aon ghnóthas ar mian leis dearbhú a dhéanamh chun hidreafluaracarbóin i mbulc a chur ar an margadh san Aontas in 2024, i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe (dá ngairtear “an Rialachán” anseo feasta). San fhógra seo ní mór a thuiscint go gcuimsítear Tuaisceart Éireann leis an Aontas (2).

2.   

Ciallaíonn hidreafluaracarbóin (HFCanna) na substaintí a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, nó meascáin ina bhfuil aon cheann de na substaintí seo a leanas:

HFC-23, HFC-32, HFC-41, HFC-125, HFC-134, HFC-134a, HFC-143, HFC-143a, HFC-152, HFC-152a, HFC-161, HFC-227ea, HFC-236cb, HFC-236ea, HFC-236fa, HFC-245ca, HFC-245fa, HFC-365mfc, HFC-43-10mee.

3.   

Maidir leis na substaintí sin a chur ar an margadh, cé is moite de na húsáidí a liostaítear in Airteagal 15(2) pointí (a) go (f) den Rialachán nó cainníocht bhliantúil iomlán de na substaintí sin ar lú í ná 100 tonna de choibhéis CO2 in aghaidh na bliana, tá sé faoi réir teorainn chainníochtúil faoin gcóras cuótaí a leagtar síos in Airteagail 15 agus 16 mar aon le hIarscríbhinní V agus VI a ghabhann leis an Rialachán.

4.   

Tráth a scaoiltear HFCanna i saorchúrsaíocht, ní mór d’allmhaireoirí clárú bailí a bheith acu mar allmhaireoirí HFCanna i mbulc ar Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC (3) i gcomhréir le “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún lena n-áirithítear feidhmiú rianúil na clárlainne do chuótaí i gcomhair hidreafluaracarbóin a chur ar an margadh” (4). Meastar go bhfuil clárú den sórt sin ina cheadúnas éigeantach allmhairiúcháin. Is gá ceadúnas atá cosúil leis sin chun HFCanna a onnmhairiú (5).

5.   

De réir Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán, déantar suim na gcuótaí arna leithdháileadh ar bhonn luachanna tagartha a dhealú ón uaschainníocht HFCanna is féidir a chur ar an margadh in 2024 chun an chainníocht atá le leithdháileadh ón gcúlchiste sin a chinneadh.

6.   

Stóráiltear na sonraí arna gcur isteach ag gnóthais, na cuótaí agus na luachanna tagartha uile i dTairseach leictreonach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC ar líne. Is ar bhonn rúnda a láimhseálfaidh an Coimisiún Eorpach na sonraí uile ar Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC, lena n-áirítear cuótaí, luachanna tagartha, sonraí tráchtála agus pearsanta.

7.   

Gnóthais ar mian leo cuóta a fháil ón gcúlchiste sin, is gá dóibh na nósanna imeachta a ndéantar cur síos orthu i bpointí 9 go 12 den Fhógra seo a leanúint.

8.   

De réir Airteagal 16(2) agus Airteagal 17(1) den Rialachán, an gnóthas a dhearbhaíonn go bhfuil sé ag beartú cuóta a fháil ón gcúlchiste, ní mór próifíl bhailí um chlárú a bheith aige, próifíl arna formheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún, mar tháirgeoir agus/nó allmhaireoir HFCanna ar Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC. Chun a áirithiú go láimhseálfar an t-iarratas ar chlárú go cuí, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbeadh gá le faisnéis bhreise, ní mór iarratas den sórt sin a dhéanamh 2 sheachtain ar a dhéanaí roimh thús na tréimhse dearbhúcháin, i.e. roimh 20 Feabhra 2023. Maidir le haon iarratas a fhaightear tar éis an sprioc-ama sin, ní féidir a áirithiú go bhféadfaí cinneadh deiridh faoin iarratas ar chlárú a dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse dearbhúcháin, Maidir le cuideachtaí nach bhfuil cláraithe go fóill, tá treoir maidir le conas clárú ar fáil ar shuíomh gréasáin AS CLIMA (6).

9.   

Ní mór don ghnóthas dearbhú maidir le cainníochtaí réamh-mheasta le haghaidh 2024 a dhéanamh i dTairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC sa tréimhse dearbhúcháin ón 6 Márta 2023 go dtí an 5 Aibreán 2023, 13:00u CET Tá treoir maidir le conas dearbhú cuótaí a chur isteach ar fáil ar shuíomh gréasáin AS CLIMA (7).

10.   

Ní mheasfaidh an Coimisiún ach dearbhuithe atá comhlánaithe go cuí agus atá saor ó earráidí agus a fuarthas roimh an 5 Aibreán 2023, 13:00u CET a bheith bailí.

11.   

Bunaithe ar na dearbhuithe sin, leithdháilfidh an Coimisiún cuótaí ar na gnóthais sin i gcomhréir le hAirteagal 16(2), Airteagal 16(4) agus Airteagal 16(5) mar aon le hIarscríbhinní V agus VI a ghabhann leis an Rialachán.

12.   

Tugtar le fios in Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/661 ón gCoimisiún, chun críoch leithdháileadh cuótaí chun HFCanna a chur ar an margadh de bhun Airteagal 16(5) de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014, go measfar gur aon dearbhóir amháin atá sna gnóthais uile a bhfuil an t-úinéir tairbhiúil/na húinéirí tairbhiúla céanna acu i gcomhréir le hAirteagal 16(2) agus (4) den Rialachán,

13.   

Cuirfidh an Coimisiún na gnóthais ar an eolas faoin gcuóta iomlán arna leithdháileadh le haghaidh 2024 trí Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC.

14.   

Le clárú ar Thairseach F-Gas agus Córas Ceadúnúcháin HFC agus/nó dearbhú intinne maidir le HFCanna a chur ar an margadh in 2024 ina aonar, ní thugtar aon cheart HFCanna a chur ar an margadh in 2024.


(1)  http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.L_.2014.150.01.0195.01.ENG

(2)  An Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A12020W/TXT

(3)  Cuireadh an chlárlann ar bun i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 517/2014:/https://webgate.ec.europa.eu/fgas

(4)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32019R0661&from=EN

(5)  Féach Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1375 ón gCoimisiún: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32017R1375

(6)  https:/climate.ec.europa.eu/system/files/2022-01/policy_f-gas_guidance_document_en.pdf

(7)  https://climate.ec.europa.eu/system/files/2020-02/guidance_submitting_quota_declaration_en.pdf