|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 6 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 6/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10957 – CURA / GENERALI / T-C PEP PROPERTY) ( 1 ) |
|
|
2023/C 6/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10837 – ASTARA WESTERN EUROPE / MITSUBISHI CORPORATION / ISUZU MOTORS LIMITED / ISUZU SALES DEUTSCHLAND) ( 1 ) |
|
|
2023/C 6/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10884 – JTCP / EPCG / EROSKI S.COOP / SUPRATUC2020) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 6/04 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 6/05 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 6/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10957 – CURA / GENERALI / T-C PEP PROPERTY)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 6/01)
An 20 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10957. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 6/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10837 – ASTARA WESTERN EUROPE / MITSUBISHI CORPORATION / ISUZU MOTORS LIMITED / ISUZU SALES DEUTSCHLAND)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 6/02)
An 20 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10837. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 6/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10884 – JTCP / EPCG / EROSKI S.COOP / SUPRATUC2020)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 6/03)
An 19 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10884. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 6/4 |
Rátaí malairte an euro (1)
6 Eanáir 2023
(2023/C 6/04)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0500 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
141,30 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4370 |
|
GBP |
punt steirling |
0,88475 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,2580 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9864 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
152,90 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,8070 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,054 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
396,96 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,6950 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9296 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
19,7065 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5590 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4331 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,2006 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6889 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4156 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 337,18 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
18,2092 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,2045 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 468,30 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6237 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
58,374 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
35,737 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,6034 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
20,2645 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
86,9103 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 6/5 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2023/C 6/05)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Tintilia del Molise”
PDO-IT-A0677-AM02
Dáta teachtaireachta: 26.10.2022
TUAIRISC AR AGUS CÚISEANNA LEIS AN LEASÚ FORMHEASTA
1. Maolú ar an gceanglas nach mór fíonóireacht agus aosú a dhéanamh sa limistéar geografach críochaithe
Leis an tsonraíocht táirge le haghaidh STFC “Tintilia del Molise” déantar foráil maidir leis an leasú seo a leanas:
Pointe 1 d’Airteagal 5 (Rialacha maidir le fíonóireacht):
|
“1. |
Ní mór na hoibríochtaí fíonóireachta, lena n-áirítear aosú na gcineálacha fíona dá dtagraítear in Airteagal 1, a dhéanamh laistigh den limistéar táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 3.” |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an mhéid sin:
|
“1. |
Ní mór na hoibríochtaí fíonóireachta, lena n-áirítear aosú na gcineálacha fíona dá dtagraítear in Airteagal 1, a dhéanamh laistigh den limistéar táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 3. I bhfianaise cleachtais táirgthe thraidisiúnta, ceadaítear na hoibríochtaí sin a chur i gcrích laistigh de theorainneacha bhardais Campomarino agus Termoli i gcúige Campobasso.” |
FORAIS:
Agus an maolú dá bhforáiltear le hAirteagal 5(1)(a) agus (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún á chur i bhfeidhm, féadfar na hoibríochtaí fíonóireachta (lena n-áirítear aosú), agus sa limistéar táirgeachta críochaithe, a dhéanamh freisin i saoráidí atá suite díreach i ngaireacht dóibh, i.e. in aon chuid de chríoch riaracháin bhardasacha Campomarino agus Termoli i gcúige Campobasso.
Tá an leasú seo á dhéanamh chun táirgeadh traidisiúnta na n-oibreoirí sna limistéir bhardasacha thuasluaite a chur san áireamh.
Baineann an leasú seo le hAirteagal 5(1) den tsonraíocht táirge agus le Roinn 9 (Coinníollacha Breise Fíor-riachtanacha (Pacáistiú, Lipéadú, Ceanglais eile)) den doiciméad aonair.
2. Athrú ar an gComhlacht Rialaithe
Tá an comhlacht rialaithe athraithe agus is é Società Agroqualità S.p.A. atá air anois. – Società per la certificazione della qualita nell'agroalimentare. Tá an comhlacht rialaithe sin údaraithe ag an Aireacht Beartais Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta, de bhun Airteagal 64 de Dhlí Uimh. 238/2016, chun an tseiceáil bhliantúil a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha na sonraíochta táirge.
Baineann an leasú sin le hAirteagal 10 den tsonraíocht táirge ach ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm an táirge
Tintilia del Molise
2. Cineál an táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1. Tintilia del Molise rosso
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Dath: dath dearg dorcha an rúibín, ar a bhfuil gealáin scothchorcra;
Dea-bholadh: fíonmhar, domhain, taitneamhach, sainiúil;
Blas: tirim, comhchuí, bog, sainiúil;
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,5 %;
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 21 g/l.
Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 ghram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
2. Tintilia del Molise rosato
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Dath: bándearg de dhéine éagsúil;
Dea-bholadh: imir de bhlas torthaí;
Blas: tirim, úr, comhchuí, torthaíoch;
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 11,5 %;
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 18 g/l.
Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 ghram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
3. Tintilia del Molise rosso riserva
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Dath: gairnéad ar a bhfuil blas séimh oráiste;
Dea-bholadh: spíosrach, domhain, sainiúil;
Blas: tirim, comhchuí, bog, sainiúil;
Neart alcóil iomlán íosta de réir toirte: 13 %;
Eastóscán íosta saor ó shiúcra: 23 g/l.
Aon pharaiméadar anailíseach nach dtaispeántar sa tábla thíos, comhlíonann sé na teorainneacha a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht an Aontais.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (% de réir toirte) |
|
|
Neart alcóil iomlán íosta (% de réir toirte) |
|
|
Aigéadacht iomlán íosta |
4,5 ghram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar aigéad tartarach |
|
Aigéadacht luaineach uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (milleachoibhéis in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha
1. Cleachtais fíonóireachta:
Cleachtas fíoneolaíoch sonrach
Ní mór 2 bhliain aosaithe a dhéanamh ar fhíonta rosso riserva. Tosóidh an tréimhse aosaithe ar an 1 Samhain den bhliain ina mbuaintear na fíonchaora.
5.2. Uastáirgeacht
1. Tintilia del Molise rosso agus rosato
56 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2. Tintilia del Molise rosso agus rosato
8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
3. Tintilia del Molise rosso riserva
44 heictilítear in aghaidh an heicteáir
4. Tintilia del Molise rosso riserva
8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Áirítear sa limistéar geografach a shainítear in Airteagal 3 den tsonraíocht táirge cnoic agus cnoic Molise idir sléibhte Frentani agus Matese, a thagann anuas i dtreo Mhuir Aidriad trí ghleannta Trigno, Biferno agus Fortore. Is éard atá sa limistéar táirgthe le haghaidh “Tintilia del Molise” an talamh atá oiriúnach chun fíon d’ardcháilíocht a tháirgeadh i gcríocha uile na 76 bhardasacht, nó i gcuid díobh, atá lonnaithe i gcúigí Campobasso agus Isernia.
7. Cineálacha fíonchaoire
Tintilia N.
8. Tuairisc ar na naisc
Tintilia del Molise
Is ionann an limistéar críochaithe agus thart ar aon trian den talamh sa réigiún. Tá sé sách aonchineálach ó thaobh rilífe agus comhdhéanamh ithreach de ach tá na dálaí aeráide éagsúil, agus meánluachanna bliantúla idir 13,5 °C agus 14,8 °C ann i gcás na teochta agus idir 696,8 mm agus 1 067 mm ann i gcás báistí. I gcomhar leis na héagsúlachtaí sna cineálacha ithreach agus sa ghné ithreach, tá tionchar suntasach aige seo ar chaighdeán na bhfíonchaora agus na bhfíniúnacha. Tá na fíniúnacha Tintilia dúchasach don cheantar agus tá tréithe dea-shainithe agus so-aitheanta acu, a chomhcheanglaíonn an t-idirghníomhú inláimhsithe idir an comhshaol agus na cleachtais fíonsaothrúcháin agus fíon a dhéanamh, mar thoradh ar fhíonta an-sainiúil atá inaitheanta láithreach.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Maolú ar an gceanglas nach mór fíonóireacht agus aosú a dhéanamh sa limistéar geografach críochaithe
Creat dlíthiúil:
Reachtaíocht an Aontais
Cineál an choinníll bhreise:
Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll:
Agus an maolú dá bhforáiltear le hAirteagal 5(1)(a) agus (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún á chur i bhfeidhm, féadfar na hoibríochtaí fíonóireachta (lena n-áirítear aosú), agus sa limistéar táirgeachta críochaithe, a dhéanamh freisin i saoráidí atá suite díreach i ngaireacht dóibh, i.e. in aon chuid de chríoch riaracháin bhardasacha Campomarino agus Termoli i gcúige Campobasso.
Tá sé seo ann chun táirgeadh traidisiúnta na n-oibreoirí atá lonnaithe sna limistéir bhardasacha sin a chur san áireamh.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/18602