|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
66 |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 4/11 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2023/C 4/12 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10980 – TOKYU / MARUBENI / ORIX / FUJITSU / JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/01)
An 13 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10980. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10709 – PARTNERS GROUP / FORTERRO)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/02)
An 24 Meitheamh 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10709. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10901 – OAKTREE / ARES / VECTOR / NEOVIA)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/03)
An 24 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10901. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/4 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10907 – REMONDIS / H&M / JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/04)
An 19 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10907. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/5 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10880 – DUFRY / AUTOGRILL)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/05)
An 20 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10880. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/6 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10951 – BMF / UNIPER)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/06)
An 16 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10951. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/7 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10874 – DSM / FONTERRA / TASMAN)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/07)
An 20 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10874. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/8 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10575 – BOUYGUES / EQUANS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/08)
An 19 Iúil 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b), i gcomhar le hAirteagal 6(2), de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10575. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/9 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10699 – SALMAR / NTS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/09)
An 31 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b), i gcomhar le hAirteagal 6(2), de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10699. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/10 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10717 — KKR / PAI PARTNERS / BCI / REFRESCO)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2023/C 4/10)
An 29 Meitheamh 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10717. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/11 |
Rátaí malairte an euro (1)
5 Eanáir 2023
(2023/C 4/11)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0601 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
140,95 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4373 |
|
GBP |
punt steirling |
0,88303 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,1848 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9839 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
152,30 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,7248 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,028 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
396,88 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,6700 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9235 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
19,8982 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5515 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4316 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,2788 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6832 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4213 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 345,90 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
18,1250 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,2863 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 543,07 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6517 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
59,185 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
35,948 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,7060 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
20,5412 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
87,4755 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
6.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 4/12 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach ar shonraíocht táirge a fhormheas i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2023/C 4/12)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Abadía Retuerta”
PDO-ES-02481-AM01
Dáta teachtaireachta: 11 Deireadh Fómhair 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
Leasú ar an tuairisc orgánaileipteach ar an táirge
Tuairisc
Ní mór an tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta faoi chosaint a leasú ionas gur féidir a saintréithe a nascadh le tuairisceoirí is féidir a mheas trí na critéir a leagtar síos i gcaighdeán UNE-EN-ISO 17025 a chomhlíonadh ag painéal tástála.
Baineann an leasú seo le pointe 2(b) den tsonraíocht agus le pointe 4 den doiciméad aonair.
Is leasú caighdeánach é sin toisc go n-oiriúnaítear na tréithe orgánaileipteacha ionas gur féidir measúnú níos fearr a dhéanamh orthu san anailís chéadfach i gcomhréir le Caighdeán 17025, agus ní dhéantar athrú ar an táirge leis. Coinnítear sa táirge na tréithe agus an phróifíl a dtugtar tuairisc orthu sa nasc, a thagann as an idirghníomhú idir tosca comhshaoil agus tosca daonna. Dá bhrí sin, meastar nach mbaineann an leasú seo le haon cheann de na catagóirí dá bhforáiltear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún.
Cúis
Ní raibh an anailís chéadfach i gcomhréir le Caighdeán ISO 17025 chomh forbartha céanna tráth a cuireadh an t-iarratas ar chlárú STFC Abadía Retuerta isteach. Is léir anois nach bhfuil roinnt tuairiscí oiriúnach don mheasúnú ag an bpainéal tástála creidiúnaithe anois. Mar shampla, dúradh gur cheart go mbainfeadh déine ard nó an-ard datha leis na fíonta dearga. Mar sin féin, ní áirítear sa mhodh tástála ach leibhéal íseal, meánach agus ard le haghaidh déine datha. Thairis sin, maidir leis na fíonta geala, deirtear gur cheart go mbainfeadh dea-bholaithe de thorthaí andúchasacha leis an mboladh atá orthu. Níl an téarma “andúchasach” beach go leor, áfach. Ar an gcúis sin, rinneadh cinneadh “trópaiceach agus/nó citris” a chur in ionad “andúchasach”.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Abadía Retuerta
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint
3. Catagóirí táirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta
1. Fionnta geala
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Bíonn cuma ghlan agus/nó ghlé ar na fíonta geala. Bíonn an dath atá orthu idir buí amhail tuí agus buí glas nó órga. I measc na ndea-bholaithe a bhíonn orthu tá blasanna de thorthaí cloiche agus/nó torthaí úlloird agus/nó torthaí trópaiceacha agus/nó torthaí citris. Bíonn aigéadacht chothrom acu gan aon ghéire agus iad sa bhéal comh maith le boladh agus blas a gcuireann torthaí cloiche agus/nó torthaí úlloird agus/nó torthaí trópaiceacha agus/nó torthaí citris i gcuimhne.
|
(*) |
Maidir leis na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo, ní mór do na fíonta reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm a chomhlíonadh. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
12,0 |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
60,00 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
16,7 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
200 |
2. Fíonta dearga:
TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID
Bíonn cuma ghlan agus/nó ghlé ar na fíonta dearga agus baineann déine datha mheánach nó ard leo, in imireacha idir vialait agus donnrua. Áirítear leis na dea-bholaithe blasanna de thorthaí dearga agus/nó dubha agus, i gcás ina ndéantar an fíon a aibiú i mbairillí adhmaid, blasanna de bhalsamach agus/nó spíosracha agus/nó tóstáilte. Ar deireadh, baineann struchtúr leis na fíonta agus iad sa bhéal, chomh maith le fad atá idir meánach agus fada. Cóimheas alcóil le aigéadacht atá cothrom. Dea-bholadh agus blas de thorthaí in éineacht le dea-bholaithe den aosú, i gcás inarb infheidhme.
|
(*) |
Maidir leis na paraiméadair anailíseacha nach leagtar síos sa doiciméad seo, comhlíonfaidh na fíonta reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm. |
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt) |
|
|
Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt) |
12,0 |
|
Aigéadacht iomlán íosta |
60,00 i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
16,7 |
|
Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir) |
150 |
5. Cleachtais fíon oireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
Cleachtas saothraithe
Treoraítear na fíniúnacha agus úsáid á baint as an gcóras prúnála treilíse nó as an gcóras traidisiúnta cuachphrúnála nó leaganacha díobh. Is é 1 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir an dlús íosta agus is é 5 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir an dlús uasta.
2.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
|
— |
Déantar fíon dearg aonchineálach go heisiach ó cheann amháin de na cineálacha dearga údaraithe. I gcás ina ndéantar na fíonta dearga ó níos mó ná aon chineál amháin, déantar fíon de gach cineál ar leithligh agus tarlaíonn “coupage” nó meascadh cineálacha ina dhiaidh sin. Is féidir cineálacha a mheascadh in aon dabhach amháin sula ndéantar fíon díobh. Maireann an maothú idir 6 agus 30 lá. |
|
— |
I gcás ina ndéantar na fíonta geala ó níos mó ná aon chineál amháin, déantar fíon de gach cineál ar leithligh agus tarlaíonn “coupage” nó meascadh cineálacha ina dhiaidh sin. Is féidir cineálacha a mheascadh in aon dabhach amháin sula ndéantar fíon díobh. Ní mór meascáin de níos mó ná aon chineál amháin a dhéanamh ag úsáid na gcineálacha a údaraítear le haghaidh fíon geal. I ndiaidh tréimhse ghairid de mhaothú leis na craicinn, déantar na fíonchaora a fháscadh agus déantar an úrfhíon a fhuarshocrú. |
|
— |
Ní mór giosta dúchasach a úsáid i ngach cás. |
|
— |
Is mar a leanas atá na rialacha a bhaineann le fad aosaithe:
|
Srian a bhaineann le fíonóireacht
Is é 75 % (75 lítear d’fhíon in aghaidh gach 100 kg d’fhíonchaora) an fachtóir tiontaithe uasta maidir le fíonchaora a thiontaítear go fíon i gcás cineálacha dearga agus geala araon.
5.2. Uastáirgeacht
|
1. |
8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Tá an limistéar geografach críochaithe mar chuid de bhardas Sardón de Duero, i gcúige Valladolid, lonnaithe laistigh de pholagán 2, a bhfuil na dáileachtaí a leanas mar chuid de: dáileacht 1, dáileacht 4, dáileacht 5, dáileacht 6, dáileacht 8, dáileacht 9, dáileacht 10, dáileacht 13, dáileacht 14 agus dáileacht 9 000, dá dtagraítear i Scéim Aitheantais Dáileachta Talún na Spáinne (SIGPAC), mar a foilsíodh ar dháta fhaomhadh an údaráis inniúil, agus é mar limistéar leanúnach talún.
|
Polagán |
Limistéar |
Dáileachta (ha) |
|
2 |
1 |
146,69 |
|
2 |
4 |
73,06 |
|
2 |
5 |
116,6 |
|
2 |
6 |
55,82 |
|
2 |
8 |
30,12 |
|
2 |
9 |
9,44 |
|
2 |
10 |
10,12 |
|
2 |
13 |
2,99 |
|
2 |
14 |
115,21 |
|
2 |
9 000 |
0,44 |
|
Iomlán |
560,49 ha |
|
7. Cineál/cineálacha fíniúna
Albillo mayor
Cabernet franc
Cabernet sauvignon
Grenache dearg
Gewürztraminer
Godello
Graciano
Malbec
Merlot
Petit verdot
Pinot noir
Riesling
Sauvignon blanc
Syrah
Tempranillo
Verdejo
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
8.1. Dálaí comhshaoil (tosca nádúrtha)
Tá 560,49 heicteár sa limistéar geografach sainithe agus is limistéar leanúnach talún atá ann. Tá sé lonnaithe sa limistéar geografach dá tagraíodh go stairiúil mar “Abadía Retuerta” agus tagairt á déanamh don suíomh a rinne na tailte fairsinge a bhí mórthimpeall Mainistir Retuerta. De réir an dara brí a thugtar in Diccionario de la Real Academia de la Lengua Española [Foclóir Acadamh Ríoga na Spáinnise], is éard atá in “abadía” nó “mainistir”“séipéal agus mainistir a bhfuil a gcríocha féin acu atá á rialáil ag ab”. Thug an ríochas agus an uaisleacht na tailte atá sna críocha sin do na mainistreacha, agus téann an tabhairt sin chomh siar le 1143 i gcás “Abadía Retuerta”. Bhí gleann an Duero mar áit inar lonnaíodh lonnaíochtaí mainistreach i ndiaidh forghabháil na Moslamach. Ní raibh na lonnaíochtaí sin mar ionaid soiscéalaíochta amháin ach bhí ról tábhachtach eacnamaíoch acu freisin ag cur feirmeoireacht beostoc agus barr chun cinn. D’éirigh na críocha sin tábhachtach ó thaobh cúrsaí talmhaíochta mar gheall go raibh na mainistreacha móra sin lonnaithe iontu, agus tá an nasc sin le fíon fós suntasach agus ann sa lá atá inniu ann.
Baineann teorainneacha nádúrtha le limistéar geografach “Abadía Retuerta”: an Duero ó thuaidh agus sliabh “El Carrascal” ó dheas, is suíomhanna cosanta atá sa dhá shuíomh sin agus meastar iad a bheith ina gceantair a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo (SCI).
Baineann suíomh uathúil le “Abadía Retuerta” agus é lonnaithe san abhantrach is cúinge ag bun an ghleanna a chruthaigh an Duero agus é ag sreabhadh trí chúige Valladolid. Tá an limistéar geografach críochaithe lonnaithe ar bhruacha abhann léibheannacha ceann amháin dá lúb, agus dhá mhachaire aolchloiche-marla níos airde (airde de 880 m) ar an dá thaobh de, agus iad gar dá chéile ag sonrú teorainneacha thuaidh agus theas, chomh maith le coillte darach toilm agus péine Albanach ar imeallacha theas, thoir agus thiar an limistéir chríochaithe, agus is í an éifeacht a bhaineann leis na coillte sin go rialaítear leibhéil taise. Tá an limistéar críochaithe go foirfe le gnéithe den timpeallacht fhisiciúil atá mórthimpeall limistéar “Abadía Retuerta”.
An aeráid
Baineann saintréith mhór-roinne shonrach leis an aeráid in “Abadía Retuerta”, bíonn tionchar ag cumhdach néil Atlantaigh uirthi chomh maith le báisteach mheasartha agus samhradh tirim. Tá an Duero le fáil ar thaobh amháin den limistéar agus cruthaíonn sé sin “bacainn” agus tá machaire le fáil ar an taobh eile, tá sé lonnaithe i gcrios aeráide atá an-sonrach.
Rinneadh staidéar ar shonraí ó na réadlanna meitéareolaíocha sa limistéar, agus úsáideadh stáisiún amháin atá in eastát cóngarach ar an taobh eile den abhann (Granja Sardón) mar thagairt chomh maith le stáisiún eile atá lonnaithe in Tudela de Duero, an baile is gaire atá san áireamh in TGFC “Castilla y León”, agus é 12 km uaidh.
Léirítear i dTábla 1 go mbíonn na teochtaí ard le linn an tsamhraidh agus íseal le linn an gheimhridh, agus bíonn athruithe teirmeacha suntasacha ann; in “Abadía Retuerta” mar shampla, taifeadadh 42 °C mar an teocht is airde agus -20 °C mar an teocht is ísle.
Tábla 1
Meánteochtaí míosúla (°C)
|
Stáisiún |
Eanáir |
Feabhra |
Márta |
Aibreán |
Bealtaine |
Meitheamh |
Iúil |
Lúnasa |
Meán Fómhair |
Deireadh Fómhair |
Samhain |
Nollaig |
|
Sardón (Granja) |
2,7 |
4,1 |
6,6 |
8,6 |
12,7 |
16,6 |
20 |
19,5 |
16,6 |
11,7 |
6,2 |
3,3 |
|
Abadía Retuerta |
3,1 |
4,8 |
6,2 |
8,8 |
12,5 |
17 |
20,5 |
19,9 |
16,5 |
11,8 |
6,3 |
3 |
|
Tudela de Duero |
3,1 |
4,7 |
7,6 |
10,1 |
13,8 |
18,4 |
21,6 |
20,8 |
17,6 |
12,5 |
6,5 |
3,4 |
Agus teochtaí á gcur i gcomparáid le chéile, tugtar faoi deara go bhfuil an teocht in “Abadía Retuerta” beagnach céim amháin níos ísle ná an teocht i mbardas atá in aice láimhe, is é sin Tudela de Duero, agus dá bhrí sin bíonn difríochtaí suntasacha le fáil sa teocht i gcomparáid le Sardón fiú.
Bíonn timthriall fáis níos gairide ag na fíniúnacha in “Abadía Retuerta” dá bhrí sin, agus tá sé sin ar cheann de na fachtóirí a dhéanann an fíonsaothrúchán áitiúil uathúil.
Baineann rioscaí níos mó leis an tréimhse fhaidréiseach fhuar ar ndóigh, tráth a dtiteann teochtaí faoi 0 oC. Dá réir sin baineann an riosca seaca is mó le “Abadía Retuerta” chomh maith leis an tréimhse is gairide gan aon sioc.
Léirítear sna sonraí ar an mbáisteach bhliantúil ó na sráidbhailte máguaird (Tábla 2) go bhfuil an réigiún sách aonfhoirmeach, agus titeann meánbháisteach de thart ar 450 mm ann. Cé go bhfaigheann “Abadía Retuerta” an méid is mó báistí, thart ar 4 90 mm [sic] in aghaidh na bliana, is é an limistéar lena mbaineann an éagsúlacht is mó idir na séasúir freisin, gan mórán báistí le linn an tsamhraidh, agus dá thoradh sin bíonn brú ard uisce ann mar gheall ar an imghalú féideartha (PET) ard.
Tábla 2
Meánteochtaí bliantúla agus meánfhrasaíocht bhliantúil (°C)
|
Stáisiún |
A.A.T.(oC) |
A.A.P. (mm) |
|
Sardón (Granja) |
10,7 |
450,3 |
|
ABADÍA RETUERTA |
10,8 |
489,8 |
|
Tudela de Duero |
11,7 |
443,3 |
|
Valbuena de D. |
— |
475,1 |
|
Quintanilla de O. |
— |
435,9 |
|
Peñafiel |
— |
475,4 |
Agus anailís á déanamh ar na sonraí aeráide, is féidir linn crios méisea-aeráide a dhéanamh amach in “Abadía Retuerta” agus é teormharcáilte le habhantrach an Duero – a ghníomhaíonn mar bhacainn theirmeach a scarann an limistéar ó Granja Sardón – agus airde arda mhachaire Quintanilla.
Soláthraíonn an suíomh sin saintréithe aeráide sonracha ina mbuaileann an t-aer níos fuaire a thagann isteach ón machaire, atá lonnaithe ag airde de 900 m a bheag nó a mhór, le taise an Duero, ag 725 m.
Is limistéar scoite, fionnuar é seo dá bhrí sin ina bhfuil riosca ard seaca chomh maith le luachanna réasúnta íseal sna hinnéacsanna bithaeráide le haghaidh fíonsaothraithe, fachtóirí a ligeann d’aibiú maith le fíonchaora an-chothrom agus féidearthacht ard le haghaidh fíonsaothrúcháin.
Ithreacha
Tá “Abadía Retuerta” mar chuid d’ardchlár mór thuaidh na Spáinne, agus é comhdhéanta de laftán mór de charraig bhonnlaigh chothromaithe, cumhdaithe i bpáirt le sil-leagain treasacha.
Baineann éagsúlacht mhór leis na cineálacha carraigeacha (comhcheirtleáin, gaineamh, marla le gipseam agus gan ghipseam) agus aonaid mhoirfeolaíocha (machairí, fánaí, leicne, lochtáin agus talamh réidh feirme). Cuireann gné aisteach a bhaineann le ‘Abadía Retuerta maidir leis an bhfíonghort leis an gcastacht sin, is é sin an cumhdach gainmheach ag a bhfuil tiús idir roinnt ceintiméadar agus roinnt méadar. Is minic a chumhdaíonn a “chumhdaíonn” an cumhdach gainmheach sin ithreacha lena mbaineann éagsúlacht an-mhór.
Tá an pH ithreach i limistéar “Abadía Retuerta” aonfhoirmeach, baineann beagán alcaileachta leis chomh maith le leibhéil ísle d’ábhar orgánach agus uigeacht idir gainmheach agus crédhúrabháin, le céatadán ard gainimh níos suntasaí ar fud an limistéir iomláin a bheag nó a mhór, cé go méadaíonn an t-ábhar cré níos gaire don limistéar ina bhfuil na fánaí. Tá na leibhéil fhoriomlána carbónáite agus carbónáite cailciam íseal go ginearálta, ach ardaíonn siad ar aon dul le hardú san airde.
8.3. Dálaí comhshaoil (tosca daonna)
Fástar na fíniúnacha ar threilísí, cé is moite de na fíniúnacha a thugann aghaidh ar an mainistir, a threoraítear le cuachphrúnáil ar chúiseanna aeistéitiúla. Úsáidtear dhá chóras prúnála: Guyot (le haghaidh Sauvignon Blanc, Merlot agus Cabernet Sauvignon) agus Cordon de Royat (le haghaidh na gcineálacha eile). Úsáidtear prúnáil Guyot le haghaidh cineálacha lena mbaintear crobhaingí beaga, agus ceadaítear le prúnáil tródaim rialú níos fearr ar tháirgeadh na gcineálacha eile. Déantar prúnáil ghlas tráth a bhachlaíonn na fíniúnacha. Tá gá leis an bprúnáil sin chun toradh na bhfíonghort a leasú. Cé gurb é 60 heictilítear in aghaidh an heicteáir na torthaí uasta a mholtar, ní sháraíonn na torthaí iarbhír 40 heictilítear in aghaidh an heicteáir, mar gheall ar na cleachtais sin san fhíonghort. Is gné fachtóirí iad na torthaí ísle agus na saintréithe fisiciúla a bhaineann le “Abadía Retuerta” ina cháilíocht agus sa chineál sainiúil a bhaineann leis.
Agus iad ag obair sna fíonghoirt le blianta anois, tá na cineálacha éagsúla oiriúnaithe don talamh in “Abadía Retuerta” agus cuireann siad a gcáilíochtaí uathúla agus a saintréithe sonracha i láthair.
Chomh maith leis an raon leathan cineálacha fíonchaoire a shaothraítear, tugadh aire agus na daonraí macraibhithra atá dúchasach do na fíonghoirt á roghnú (agus iad freagrach as na himoibriúcháin bhithcheimiceacha sna fíonta), áirithíonn na dálaí ithreach agus aeráide in éineacht lena chéile go n-oiriúnóidh na cineálacha go maith agus go maireann siad sna fíonghoirt.
Ar an mbealach sin, rinneadh na micrea-orgánaigh atá dúchasach d’fhíonghort “Abadía Retuerta” a aonrú, lena n-áirítear an giosta dúchasach “Saccharomyces verevisiae subsp. cerevisiae” agus an baictéar dúchasach “Oenococcus oeni”, a ndéantar a ionchorprú sa phróiseas fíonsaothraithe ag tús gach buainte.
Tá láimhseáil na bhfíonchaor le linn buainte agus le linn fíonóireachta “Abadía Retuerta” éagsúil leis an láimhseáil thraidisiúnta sna limistéar mhórthimpeall freisin. Bíonn sé ag brath ar dhomhantarraingt, modh oibre ina sheachnaítear úsáid pumpaí agus na fíonchaora á n-oibriú, agus ag roghnú forbartha próiseas nádúrtha seachas sin agus bíonn próiseáil níos measúla agus níos cúramaí mar thoradh air sin. Ar an mbealach céanna, le húsáid macraibhithra choipthe dhúchasaigh, táirgtear fíonta atá in-sainaitheanta go héasca mar a bheith ag baint leis an talamh óna dtagann siad, caomhnaítear na dea-bholaithe torthúla ar bhealach níos fearr iontu agus bíonn an dath atá orthu níos seasta.
8.4. Cáilíocht agus saintréithe an fhíona
Baineann saintréithe uathúla leis na fíonta a dhéantar in “Abadía Retuerta” mar gheall ar na sainiúlachtaí a bhaineann leis an limistéar geografach óna dtagann siad:
|
1) |
Ceadaítear leis na hathruithe móra in aeráid idir teochtaí an lae agus na hoíche na fíonchaora a aibiú go mall agus go beacht, ag táirgeadh fíonta atá dian ó thaobh an dath atá orthu agus an méid a bhaineann leo, agus iad dea-struchtúrtha le leibhéil arda comhdhúile polaifeanólacha amhail antóiciaininí. |
|
2) |
Uigeacht agus comhdhéanamh na n-ithreacha agus na cothaithigh atá iontu, an chóngaracht leis an abhainn i limistéar ina mbíonn an bháisteach teoranta, tugann na gnéithe sin carachtar láidir do na fíonta chomh maith le cothromaíocht alcóil agus aigéadachta agus cothromaíocht pH mhaith. |
|
3) |
Le húsáid giostaí dúchasacha a thagann ón bhfíonghort féin, tugtar carachtair shonracha don fhíon chomh maith le próifíl aramatach chasta, atá glan agus torthaíoch agus bláthach araon, in éineacht le blasanna de balsam agus scrobarnach na Meánmhara (luibheanna amhail tím, labhandar agus rós carraige), a gcuireann fásra ón timpeallacht a chosnaíonn na dáileachtaí fíonghoirt i gcuimhne agus a dhéanann na fíonta éagsúil leis na fíonta ó na limistéir máguaird. |
|
4) |
Ligtear le húsáid domhantarraingthe sna próisis fíonsaothraithe don táirgeadh a dhéanamh ar bhealach níos séimhe agus níos nádúrtha, agus léiriú níos leithne agus níos torthaíche agus iad sa bhéal, fanann an dea-bholadh tréimhse níos faide agus tá struchtúr tainniní acu atá níos míne agus nach bhfuil chomh ainmhín i gcomparáid leis na fíonta ón limistéar mórthimpeall. |
|
5) |
Is mar gheall ar na saintréithe sin atá siad rí-oiriúnach lena n-aibiú agus lena n-aosú, i mbairillí nó sa bhuidéal i gcás na bhfíonta dearga, mar a léiríodh ó cuireadh tús leis an táirgeadh den chéad uair riamh in 1996. |
Bíonn táirgeadh na bhfíonta geala sách éagoiteann sa limistéar mar gheall ar an airde agus an aeráid mhíchuibheasach, ach tá ithir agus gairbhéal níos scaoilte i roinnt dáileachtaí in “Abadía Retuerta” atá cosanta ag fásra, agus iad gar don Duero, agus ligeann sé sin do shaothrú rathúil cineálacha geala.
Ní minic a tháirgtear fíonta geala i ngleann an Duero dá bhrí sin. Ag “Abadía Retuerta”, d’éirigh linn aibiú iontach a dhéanamh ar roinnt cineálacha geala agus bíonn dath buí amhail tuí ar a bhfíonta le himireacha óir. Tá an boladh atá orthu casta agus dian agus cuireann sé torthaí cloiche le blasanna d’anann agus seadóg agus dea-bholaithe beagán tóstáilte orthu. Tá a méid agus a n-ungthacht suntasach agus iad sa bhéal. Forbraítear blas úr citris, le dea-bholaithe atá toiteach agus beagán spíosrach, mar gheall ar an tréimhse a chaitheann siad sna bairillí.
8.5. Nasc cúisíoch
Bíonn dálaí aimsire éagoiteanna i gceantar “Abadía Retuerta” atá lonnaithe i ngleann cúng an Duero, áit a mbailíonn taise agus aer fuar is cúis leis na dálaí aimsire sin, in éineacht leis an gcosaint a sholáthraíonn cuar na habhann agus an fásra sa timpeallacht. Rialaítear iad leis na cineálacha ithreacha atá le fáil ann freisin, agus is léir go mbíonn tionchar acu ar cháilíocht na bhfíonchaor a thairgtear, agus ar deireadh thiar, ar na fíonta a dhéantar.
Le haimsir an tsamhraidh (agus níos sonraí an t-athrú teochta) in éineacht leis an ithir ghainmheach agus ghairbhéalach a aimsítear in “Abadía Retuerta”, fágtar go ndéantar ganna na gréine a fhrithchaitheamh ar ais i dtreo na gcrobhaingí fíonchaor le linn an lae, mar sin, meastar na hithreacha a bheith te. Istoíche, titeann an teocht níos tapa mar gheall ar an éifeacht oragrafach atá ag aisiompú teirmeach ó bhonn an ghleanna (áit a mbailíonn taise agus meallta d’aer fuar), in éineacht leis an ábhar gainmheach (a mbaineann comhéifeacht theirmeach radaíochta níos airde leis). Leis na tosca sin uile, cruthaítear athruithe teochta níos mó idir an lá agus an oíche agus bíonn tionchair dhíreacha aige sin ar an mbealach ina n-aibíonn na fíonchaora sa limistéar, ag déanamh a gcraicinn níos tibhe ná na craicinn i gcriosanna eile. Fágann sé sin go mbíonn an dath atá orthu níos déine agus go bhforbraítear cion níos airde antóiciaininí iontu freisin. Tá tionchar marthanach ag an toisc sin ar an bhfíon, tionchar atá chomh marthanacha go mbíonn déine datha (CI) níos airde agus innéacs feanólach foriomlán (TPI) níos airde ag na fíonta i ndiaidh an phróisis coipthe agus iar-choipthe maothaithe eachtarcheallach, i gcomparáid le fíonta eile a tháirgtear as limistéar mórthimpeall. Tagann an tsaintréith is ábhartha a mbaineann le fíonta dearga “Abadía Retuerta” as sin, is í sin an struchtúr iontach agus an iarbhlas fada sa bhéal a bhaineann leo.
Tá an mheánteocht bhliantúil éagsúil leis an meánteocht sna limistéir mhórthimpeall. Bíonn éifeacht aige sin ar an bpróiseas aibithe níos maille, le timthriall níos faide agus luachanna aigéadachta atá cúitithe ar bhealach níos fearr mar gheall go bhfuil an aibíocht theicneolaíoch níos cothroime. De thoradh sin, baineann cothromaíocht mhaith idir aigéadacht agus cion alcóil leis na fíonta. Bíonn an aigéadacht leordhóthanach ach ní bhíonn aon ghéire ann.
Is mar gheall ar na fíonchaora a fhástar in ithreacha “Abadía Retuerta”, agus iad cailcreach don chuid is mó le leibhéil ísle d’ábhar orgánach, in éineacht leis na cleachtais saothraithe, a bhfuil micrea-orgánaigh shonracha le fáil sa limistéar agus iad in ann dul in oiriúint agus iolrú ann, agus iad mar shaintréith shainiúil ann anois. Tar éis na pórtha leasa a shainaithint, a aonrú agus a shaintréithiú, bhíothas in ann an macraibhithra sin a úsáid sa phróiseas táirgthe, ag úsáid giosta dúchasach le linn an phróisis choipthe, ag tabhairt saintréithe an-uathúil d’fhíonta “Abadía Retuerta” atá éagsúil le saintréithe atá le fáil i bhfíonta ó na limistéir mhórthimpeall, agus iad mar fhíonta lena mbaineann próifíl aramatach atá úr agus dian (torthaí foraoise, anann, seadóg, blasanna bláthacha agus andúchasacha, etc) freisin. Ar an mbealach céanna, táirgeann na baictéir dhúchasacha leibhéil ísle d’aimíní bithghineacha le linn an choipthe mhalalachtaigh.
Cé go dtagann an limistéar geografach críochaithe laistigh de theorannacha TGFC “Castilla y León”, bíonn saintréithe a fhíonta an-éagsúil le saintréithe na bhfíonta sin agus na bhfíonta ó STFC “Ribera del Duero” atá díreach in aice láimhe:
|
TGFC Castilla y León |
“Abadía Retuerta” |
Difríocht |
|
> 11,0 |
> 12,0 |
Neart alcóil níos airde |
|
16 000 kg |
8 000 kg |
Toradh níos ísle in aghaidh an heicteáir |
|
< 13,36 meq/l |
< 16,7 meq/l |
Aigéadacht luaineach níos airde |
|
STFC “Ribera del Duero” |
Abadía Retuerta |
Difríochtaí |
|
> 11,0 sna fíonta geala > 11,5 sna fíonta dearga |
> 12,0 |
Neart alcóil níos airde |
|
7 000 kg |
8 000 kg |
Toradh níos mó in aghaidh an heicteáir |
|
< 8,33 meq/l |
< 16,7 meq/l |
Aigéadacht luaineach níos airde |
Tá an t-iarratas ar STFC “Abadía Retuerta” á dhéanamh ag iarratasóir aonair ós rud é go gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh maolaithe arna bhunú in Airteagal 95 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Níos sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 607/2009:
|
a) |
Is éard atá sa duine atá i gceist an t-aon táirgeoir sa limistéar geografach críochaithe. Níl ach aon saothraí fíniúna amháin (atá ar an déantóir fíona freisin) laistigh den limistéar críochaithe dá dtugtar tuairisc i roinn 4. Níl aon saothróir fíona ná déantóir fíona eile, mar sin níl aon fhéidearthacht go mbeadh rannpháirtithe eile páirteach sa tionscadal faoi láthair. Féadfaidh táirgeoirí eile an t-ainm cláraithe a úsáid amach anseo, áfach, má bhunaíonn siad iad féin sa i limistéar sainithe geografach, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach sa tsonraíocht táirge. |
|
b) |
Tá an limistéar críochaithe lonnaithe laistigh den limistéar atá cosanta le TGFC “Castilla y León” agus roinneann sé teorainn le STFC “Ribera del Duero”. Mar sin féin, mar gheall ar a leagan amach, baineann gnéithe leis an limistéar seo atá éagsúil ar bhealach suntasach leis na gnéithe a bhaineann leis na limistéir chríochaithe mhórthimpeall nó tá saintréithe an táirge éagsúil le saintréithe na dtáirgí sin a fhaightear sna limistéir chríochaithe mhórthimpeall, mar a mhínítear sna ranna roimhe seo. |
Mar sin féin, cé go bhfuil saintréithe TGFC “Castilla y León” ag fíonta “Abadía Retuerta”, tá saintréithe eile acu atá éagsúil le saintréithe fhíonta eile an TGFC sin agus nach n-aimsítear i bhfíonta eile de chuid STFC “Ribera del Duero” ach oiread. Níl na saintréithe uathúla sin le fáil ach laistigh den limistéar críochaithe (pago nó eastát fíona).
Tagann gné thábhachtach a bhaineann leis na saintréithe sainiúla sin ón léarscáil de chineálacha a bhaineann le “Abadía Retuerta”, agus í éagsúil ar bhealach suntasach leis an léarscáil is mó atá le fáil sna limistéir fhíonghoirt máguaird. I limistéar STFC “Ribera del Duero” agus sna fíonghoirt mórthimpeall a úsáidtear chun fíonta atá cumhdaithe faoin TGFC a dhéanamh, tá monashaothrú de chineál Tempranillo, agus na comhchiallaigh éagsúla a bhaineann leis, le fáil a bheag nó a mhór. Bunaíodh roinnt cineálacha (suas le naoi gcineál dearga agus cúig chineál geala) in “Abadía Retuerta”, rud a ligeann dúinn fíonta measctha nó fíonta aonchineálacha Tempranillo sainiúla a fháil. Tugann sé sin, in éineacht leis na dálaí speisialta agra-aeráide a luadh cheana agus cineál íos-ghabhála a bhaineann leis na dálaí táirgthe, an phróifíl shonrach do na fíonta, próifíl atá éagsúil leis an bpróifíl atá le fáil sna limistéir mórthimpeall.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Creat dlíthiúil:
Sa reachtaíocht náisiúnta
An cineál coinníll bhreise:
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll:
|
1. |
is é “Vino de pago” [fíon ó aon eastát amháin] an téarma traidisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 112(1)(a) de Rialachán (AE) 1308/2013. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 119(3)(b) den Rialachán sin, féadfar an téarma sin a úsáid ar lipéad na bhfíonta seachas “Denominación de Origen Protegida” [Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint]. |
|
2. |
Féadfar na téarmaí traidisiúnta “CRIANZA”, “RESERVA” agus “GRAN RESERVA” a úsáid ar lipéad fhíonta ag a bhfuil STFC “Abadía Retuerta” i gcomhréir le hAirteagal 112(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha úsáide a leagtar síos sa reachtaíocht atá i bhfeidhm agus a chumhdaítear i mbunachar sonraí leictreonach E-Bacchus. |
|
3. |
Ar an mbealach céanna, féadfaidh an focal “ROBLE” (DAIR) a bheith ar na fíonta a chumhdaítear faoi STFC “Abadía Retuerta” ar choinníoll go n-áirithítear comhlíontacht leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm. |
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://www.itacyl.es/documents/20143/342640/PCC+VP+ABADIA+RETUERTA_en+vigor.docx/70ba1faf-8b4b-fc32-6b35-8ffabd198020?t=1659647592330