ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 498

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
30 Nollaig 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste na Réigiún

 

An 151ú seisiún iomlánach de CnaR, 2022. 10. 11. – 2022. 10. 12.

2022/C 498/01

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an Staid ina bhfuil Réigiúin agus Cathracha an Aontais Eorpaigh

1

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste na Réigiún

 

An 151ú seisiún iomlánach de CnaR, 2022. 10. 11. – 2022. 10. 12.

2022/C 498/02

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — I dtreo straitéis mhacrairéigiúnach sa Mheánmhuir

6

2022/C 498/03

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Ról chathracha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh maidir leis an Úcráin a atógáil

12

2022/C 498/04

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Creat nua AE na Soghluaisteachta Uirbí

17

2022/C 498/05

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Ról CnaR maidir le borradh a chur faoin taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta in oirchill COP27 agus COP28

24

2022/C 498/06

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Na cathracha agus na réigiúin a chuimsiú go struchtúrach in COP 27 UNFCCC

30

2022/C 498/07

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Aistriú cóir agus inbhuanaithe i gcomhthéacs na réigiún atá dian ar ghual agus ar fhuinneamh

36

2022/C 498/08

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Comhtháthú digiteach

39

2022/C 498/09

Tuairim ó Choiste na Réigiún — An t-ochtú tuarascáil faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

45

2022/C 498/10

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile

51


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste na Réigiún

 

An 151ú seisiún iomlánach de CnaR, 2022. 10. 11. – 2022. 10. 12.

2022/C 498/11

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Tásca geografacha tionsclaíocha agus ceardaíochta a chosaint san Aontas Eorpach (athbhreithnithe)

57

2022/C 498/12

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Na treoirlínte chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (TEN-T)

68

2022/C 498/13

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Pacáiste fuinnimh maidir le gás, hidrigin agus astaíochtaí meatáin

83

2022/C 498/14

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna)

94

2022/C 498/15

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Athbhreithniú ar rialachas limistéar Schengen

114

2022/C 498/16

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha

154


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste na Réigiún

An 151ú seisiún iomlánach de CnaR, 2022. 10. 11. – 2022. 10. 12.

30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/1


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an Staid ina bhfuil Réigiúin agus Cathracha an Aontais Eorpaigh

(2022/C 498/01)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

AG FÉACHAINT DON MHÉID SEO A LEANAS:

Tuarascáil Bhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an Staid ina bhfuil na Réigiún agus na Cathracha, tuarascáil atá bunaithe ar chur chuige atá cuimsitheach, fíorasach agus ar an bhfianaise atá ann, lena n-áirítear an baraiméadar réigiúnach agus áitiúil a léiríonn tuairimí na n-ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha, ina bhfuil comhpháirtithe agus institiúidí éagsúla rannpháirteach (1) agus a chuireann fianaise agus moltaí tábhachtacha i leith na ndúshlán is práinní don bhliain atá romhainn ar fáil do chinnteoirí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

toradh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (CoFoE) agus iliomad tograí atá ábhartha go díreach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, tógraí a bhfuil tábhacht mhór leo i réiteach na gceisteanna is cúis imní do na saoránaigh;

an t-aitheasc ar Staid an Aontais 2022 a thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 14 Meán Fómhair 2022 agus an litir intinne chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle;

DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:

an cogadh neamhdhleathach gan údar atá an Rúis a fhearadh san Úcráin, is bás agus scriosadh an sliocht atá air, b’éigean do na milliúin a n-áras féin a fhágáil le háit eile a lorg san Úcráin nó san Aontas Eorpach, go háirithe i mBallstáit an oirthir, agus is iad ar leibhéal na n-údarás áitiúil agus réigiúnach is túisce a cuireadh tacaíocht ar fáil;

ag cur dó le tionchar an athraithe aeráide, le hiarmhairtí phaindéim COVID-19 agus leis an gcur isteach ar thrádáil, tá tionchar an chogaidh san Úcráin ag cur brú mór ar theaghlaigh go leor, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ar rialtais áitiúla agus réigiúnacha go leor ar fud an Aontais, rud arb é boilsciú leanúnach na bpraghsanna fuinnimh agus bia is cúis leis agus an brú mór atá ann dá bharr;

1.

á chur i bhfáth go léirítear i dTuarascáil Bhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha , a réitigh CnaR, go bhfuil deighilt idir na críocha ag dul i méid ar fud an Aontais de dheasca phaindéim COVID-19, de dheasca an chogaidh san Úcráin, agus de dheasca a thapúla atá an t-athrú aeráide ag tarlú;

2.

á chur in iúl gur oth leis nár aithin Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ina haitheasc ar Staid an Aontais an ról gníomhach lárnach atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i sárú na ndúshlán sin, ná an gá atá le breis rialachais il-leibhéil i gceapadh bheartais an Aontais, sin agus le comhtháthú ar chuspóir foriomlán an Aontais, faoi mar is foráil cheana i gConradh Maastricht, an conradh inar tugadh prionsabal na coimhdeachta isteach, agus an conradh lenar bunaíodh Coiste Eorpach na Réigiún freisin;

3.

ag tabhairt foláirimh go bhfuil tionchar éagothrom ag an mboilsciú ó chríoch go críoch agus go bhfuil an baol ann go gcuirfidh sé leis an neamhionannas críochach, sóisialta agus eacnamaíoch atá ann cheana. Is measa an tionchar atá ag an ardú sna costais fuinnimh agus iompair ar ghrúpaí leochaileacha saoránach ná ar ghrúpaí eile. Daoine sna réigiúin is íseal ioncam, tá siadsan ag fulaingt go díréireach de bharr ardú ar phraghas na n-earraí agus na dtráchtearraí bunúsacha, agus tá an baol ann gur in olcas a bheidh an bhochtaineacht ag dul de réir a chéile;

4.

ag cur i bhfios a thábhachtaí atá an comhar trasteorann leis an Aontas a neartú a thuilleadh ar bhonn sóisialta, eacnamaíoch agus riaracháin. Is i réigiúin na teorann atá cónaí ar an tríú cuid de dhaonra an Aontais, agus is iomaí áit ar feadh na teorann atá cóngarach do chathair mhór nó d’ionad eacnamaíoch i mBallstát eile. Ní mór an acmhainneacht neamhshaothraithe sin i réimsí an chúraim sláinte agus an bhainistithe géarchéime, mar aon le réimsí an tsoláthair fuinnimh agus na soghluaisteachta, sin agus i réimsí an oideachais agus na hoibre, a úsáid ar bhealach ní b’fhearr agus a chur chun cinn ceann ar cheann faoi seach;

5.

á iarraidh ar an Aontas Eorpach tacú le cathracha agus le réigiúin san Aontas agus san Úcráin agus iad le féachaint leis na dúshláin atá ag eascairt as an gcogadh a shárú. Is riachtanas don Aontas Eorpach atá in atógáil na hÚcráine, is dualgas morálta dó atá ann, agus infheistíocht a mbeidh toradh uirthi. Ní mór don phróiseas cloí le prionsabal ECFE “atógáil ar bhealach ní b’fhearr”, agus ní mór dó cur chuige inbhuanaithe digiteach glas a áirithiú i gcomhair na forbartha críochaí comhtháite. Chun an Úcráin a atógáil agus chun iarmhairtí an chogaidh agus na paindéime san Aontas a chur ar gcúl, beidh gá na tosaíochtaí atá sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil reatha a athordú go soiléir. Tá brú airgeadais ar na bardais, ar na réigiúin agus ar Bhallstáit an Aontais mar atá. Ní mór atógáil na hÚcráine agus cur chun cinn an daonlathais go háitiúil a bheith fite ina chéile, iad bunaithe ar chomhpháirtíochtaí láidre le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Aontas Eorpach. Dá dtabharfaí faoin atógáil ar bhonn díláraithe, thabharfadh sé deis do shaoránaigh na hÚcráine fanacht ina dtír féin agus ar an dul sin bheadh maolú ar an sreabhadh imirce. Mar sin féin, ní ghlacann CnaR le baic ar imirce shaoránaigh na hÚcráine chun an Aontais isteach, agus iarrann sé athbhreithniú ar Threoir (2001/55/CE (2)) ón gComhairle ar an Treoir um Chosaint Shealadach a thúisce is féidir chun ráthaíocht chónaithe ab fhaide ná trí bliana a shocrú do na dídeanaithe;

6.

á mheas gurbh éard ba cheart eadhon an tacaíocht do dhídeanaithe ón Úcráin a bheith ina dreasacht chun athchóiriú a dhéanamh ar chóras imirce agus ar chóras tearmainn an Aontais, rud a bheadh bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, ar dhreasachtaí chun an t-ualach a roinnt go cothrom, agus ar urramú na gceart bunúsach mar aon le cosaint na dteorainneacha seachtracha. Sin rud a bhfuil práinn nach beag leis arae is baol go mbeidh imirce mhór ann i dtreo chathracha agus réigiúin an Aontais mar gheall ar an ardú tubaisteach ar phraghas an bhia ar fud an domhain;

7.

á chur i bhfios go bhfuil sé ag dul go snaidhm an rópa ar na rialtais áitiúla agus ar na rialtais réigiúnacha íoc as na billí móra fuinnimh sna seirbhísí poiblí, sin agus as tionchar an bhoilscithe ar dhámhachtain na gconarthaí poiblí agus ar thuarastail na ndaoine. Ní mór a mheas gur páirtithe gníomhacha sna feachtais spárála fuinnimh atá sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, sin agus i dtionscadail nua ginte an fhuinnimh in-athnuaite, agus sna pleananna teagmhasacha atá ann chun déileáil le cliseadh fuinnimh ionas gur féidir na cúinsí áitiúla agus réitigh trasteorann a mheas; á thabhairt le fios freisin go bhfuil acmhainneacht ag baint le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite áitiúil chun meascán fuinnimh an Aontais a éagsúlú agus chun ár gcuid spleáchais ar thríú tíortha a laghdú; agus á éileamh go ndéanfaí scéimeanna cistiúcháin, dámhachtain conarthaí poiblí agus rialacha státchabhrach an Aontais a oiriúnú chun pleananna infheistíochta áitiúla a choinneáil ag feidhmiú le linn an bhoilscithe mhóir;

8.

á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit bearta urghnácha a chur i bhfeidhm chun tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa dua atá siad a chur orthu féin chun éifeacht na géarchéime fuinnimh ar theaghlaigh a mhaolú, mar aon leis an éifeacht atá ag an ngéarchéim ar phobail leochaileacha agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide áitiúla, chomh maith le seirbhísí poiblí a choinneáil sa siúl, lena n-áirítear trí sciar den ioncam cánach ó bhrabúis amhantair na gcuideachtaí fuinnimh a chur ina dtreo;

9.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach uasteorainn praghsanna uile-Aontais a mholadh gan mhoill ar an ngás ar fad atá á allmhairiú chun an Aontais, agus tacú le díchúpláil an phraghais idir gás agus fuinneamh, rud ba chúnamh le brú an bhoilscithe a mhaolú;

10.

á iarraidh ar an Aontas Eorpach beartas sláinte AE a fhorbairt, beartas a dhéanfadh prionsabal na coimhdeachta a urramú, prionsabal a neartaíonn ullmhacht agus cumas AE le déileáil le bagairtí sláinte ar uair na géarchéime, prionsabal a thacaíonn le hiarrachtaí na mbardas agus na réigiún le feabhas a chur ar shláinte an phobail, le galair éagsúla a chosc, agus le rioscaí don tsláinte a laghdú;

11.

tuigeann sé nach mór deis a thabhairt do na cathracha agus do na réigiúin leas agus tairbhe a bhaint as an ionstraim Next Generation EU agus aird a thabhairt ar na hinfheistíochtaí fadtéarmacha. Má tá i ndán go dtarlóidh sin, beidh athmheasúnú ag teastáil ar na rialacha atá ag gabháil leis an rialachas eacnamaíoch, agus ba cheart síneadh ama a chur leis na bearta téarnaimh go raibh réigiúin an Aontais ar aon dul leis an staid mhaicreacnamaíoch a bhí ann roimh COVID-19;

12.

sa chomhthéacs sin, ós rud é go bhfuil paindéim COVID-19 agus ionradh na Rúise ar an Úcráin ag teacht salach ar théarnamh agus ar bhiseach ár gcuid réigiún agus ár gcuid cathracha, tá an Coiste ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach, ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa na rialacháin airgeadais a mhodhnú, agus síneadh a chur le spriocdhátaí deimhniúcháin thionscadail REACT-EU, i gcomhréir le féilire na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, chun téarnamh agus biseach a áirithiú ar fud ár gcuid críoch trí bhíthin optamú ar mhaoiniú na hEorpa;

13.

ós amhlaidh atá, is díol sásaimh dó an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hathbhreithniú lártéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a chur chun feidhme go héifeachtach. Faoin athbhreithniú lártéarma sin, ba cheart an beartas comhtháthaithe a chomhdhlúthú d’ainneoin an ráta íseal cur chun feidhme atá ann faoi láthair, agus a ísle atá an ráta sin ó thaobh cúrsaí airgeadais de, rud a bhaineann go príomha le paindéim COVID-19 agus leis an iomaíocht leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF). Chomh maith leis sin, is dóigh gur deis a bheidh san athbhreithniú lártéarma sin chun ciste Eorpach nua a bhunú chun dul i ngleic le géarchéimeanna a thagann aniar aduaidh orainn, an cogadh san Úcráin ar an gcéad rud. Go deimhin, aistrithe airgeadais a bhíonn á ndéanamh go leanúnach ón mbeartas comhtháthaithe isteach sna cistí i gcomhair freagairt ar éigeandáil, is aistrithe iad a chuireann srian ar an acmhainn atá ag an mbeartas comhtháthaithe an ról atá luaite leis sna Conarthaí Eorpacha a chomhlíonadh;

14.

ag iarraidh go dtosódh machnamh láithreach bonn ar thodhchaí an bheartais comhtháthaithe, le cur chuige cuimsitheach ina mbeidh na geallsealbhóirí agus na saoránaigh uile rannpháirteach. Feidhmeoidh an Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú mar a bheadh ardán comhpháirteach ann chun plé a dhéanamh ar institiúidí an Aontais, agus chun malartú tuairimí a chomhordú ar bhealach fiúntach idir na hinstitiúidí sin ar thaobh amháin den scéal agus na cathracha agus na réigiúin ar an taobh eile de. Tá CnaR ag iarraidh go gcuirfí an prionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú” i bhfeidhm i ngach beartas ábhartha de chuid an Aontais, lena n-áirítear trí bhíthin measúnuithe tionchair críochacha córasacha a chur chun feidhme, sin agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i bhforbairt na gcríoch ina bhfuil dúshláin shonracha dhéimeagrafacha agus gheografacha, agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach oibriú go dlúth le CnaR chun an prionsabal sin a shainiú;

15.

ar aon intinn le Parlaimint na hEorpa maidir le comhshocrú i leith na n-oileán agus clár oibre de chuid an Aontais le haghaidh na n-oileán a chur chun tosaigh, i gcomhar leis na príomh-gheallsealbhóirí, mar atá na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, na hoibreoirí eacnamaíocha agus sóisialta, an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha, dála an chomhshocraithe uirbigh agus an chomhshocraithe um an tuath atá le teacht amach anseo; á mheabhrú don Choimisiún gur rud riachtanach atá ann staidéar a dhéanamh ar scéal ilghnéitheach na n-oileán san Aontas Eorpach;

16.

á thabhairt chun suntais go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcroílár na gníomhaíochta ar son na haeráide (méadú 10 % ó 2019 go 2021 le linn dhianghlasáil COVID-19 agus an téarnaimh a lean) dar le 43 % de shaoránaigh na hEorpa, agus gur thíolaic 160 cathair ar fud 21 Bhallstát pleananna gníomhaíochta maidir le hoiriúnú faoi chuimsiú Chúnant na Méaraí don Aeráid agus don Fhuinneamh. Iarrann CnaR ar bhardais agus ar réigiúin eile na samplaí sin den dea-chleachtas a leanúint;

17.

den tuairim go bhfuil an t-oiriúnú agus an fhreagairt ar ghéarchéim na haeráide ar na gnéithe is tábhachtaí den scéal, chomh maith le caomhnú agus athbhunú an chomhshaoil, chun sochaithe agus geilleagair atá níos athléimní agus níos inbhuanaithe a thógáil; á mheabhrú nach mór bearta freagartha a cheapadh go háitiúil, de réir riachtanais agus shaintréithe sonracha gach críche faoi leith. Dá bhrí sin, iarrann CnaR athuair go mbeadh rochtain níos éasca ar chistí an Aontais ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhfuil beartais an Chomhaontaithe Ghlais á gcur chun feidhme acu;

18.

á iarraidh go dtreiseofaí na hiarrachtaí coiteanna chun an t-athrú aeráide a chomhrac ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta, mar tá tubaistí mínádúrtha ag dul i bhfeidhm ar bheagnach 50 milliún duine san Aontas agus caillteanas eacnamaíoch EUR 12 bhilliún in aghaidh na bliana ar an meán mar thoradh orthu le daichead bliain anuas. San am céanna, tá ag méadú ar an tábhacht atá leis an gceangal idir beartais aeráide ar thaobh amháin den scéal agus beartais chomhshaoil agus shóisialta ar an taobh eile de, lena áirithiú nach bhfágfar duine ná áit ar an trá fholamh. I ndáil leis an méid sin, cuireann sé i bhfios gur gá bonneagair réigiúnacha agus áitiúla a chosaint, a athbhreithniú agus a oiriúnú ionas gur fearr a fhéadfar déileáil le haeráid atá ag dul i ndéine, agus déileáil le tionchar na haeráide ar na saoránaigh, ar gheilleagair réigiúnacha, ar bhonneagair thábhachtacha agus ar shlabhraí soláthair;

19.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh san aitheasc a thug sí ar Staid an Aontais faoi acmhainní an Aontais a dhúbailt le dóiteáin a chomhrac;

20.

ag tabhairt dá aire gur mór is suim le cathracha a bheith rannpháirteach i Misean AE maidir le Cathracha Cliste atá Neodrach ó thaobh na hAeráide de, agus ag iarraidh go mbeidh cur chuige níos cuimsithí ann i leith na n-aistrithe digiteacha agus i leith na soghluaisteachta, lena n-áirítear dlús a chur le bearta chun dícharbónú agus aistriú módach a chur chun cinn i limistéir uirbeacha, chomh maith le nascacht uirbeach-tuaithe, ionas nach ndéanfar na neamhionannais réigiúnacha atá ann cheana a mhéadú;

21.

ag iarraidh go ndéanfaí na húdaráis fhonáisiúnta a áireamh go hiomlán i dtoscaireacht an Aontais chuig UNFCCC COP27 agus UN CBD COP15 trí chomhaltaí CnaR. Tá CnaR á chur i bhfáth go mbeidh deis ag COP27 aitheantas foirmiúil a thabhairt do ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i ndáil le leibhéal méadaithe na huaillmhéine agus dlús a chur le gníomhaíocht maidir le maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide agus maoiniú ar an athrú aeráide, agus iarrann sé athuair go n-áireofaí ranníocaíochtaí áitiúla agus réigiúnacha ina gcomhlánú ar na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta;

22.

ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh chun an bunús a leagan síos do rannpháirtíocht chórasach na gcathracha agus na réigiún i bpleanáil agus i gcur chun feidhme pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Ba cheart go dtabharfadh an t-athbhreithniú sin deis dúinn freisin chun creat cuimsitheach AE a bhunú chun an bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a chomhrac;

23.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRPanna) faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Ós cathracha is cúis le beagnach 75 % den tomhaltas fuinnimh domhanda, is é sin 70 % d’astaíochtaí domhanda CO2, 70 % de bhearta maolaithe na haeráide agus 90 % de na bearta oiriúnaithe don athrú aeráide, agus le líon na n-údarás áitiúil agus réigiúnach atá ag méadú leo go tréan, ní mór dóibh a páirteach go hiomlán i bhforbairt agus i gcur chun feidhme thionscnaimh an Chomhaontaithe Ghlais, go háirithe i réimsí beartais mar athchóiriú na bhfoirgneamh, an tithíocht, an fuinneamh in-athnuaite, an tsoghluaisteacht inbhuanaithe nó glasú uirbeach agus i dtionscnaimh mar an Bauhaus Eorpach Nua;

24.

á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur iarr sé Straitéis Tithíochta Eorpach a chur ar bun d’fhonn breis tithíochta inacmhainne agus inbhuanaithe a chur á tógáil, mar aon le breis tithíocht shóisialta agus éigeandála. Comhlíonfaidh an staitéis sin prionsabal na coimhdeachta, agus ba cheart di sprioc chainníochtúil infheistíochta poiblí náisiúnta a chur san áireamh le haghaidh tithíocht inacmhainne, inbhuanaithe, shóisialta agus éigeandála i ngach Ballstát den Aontas, go háirithe sa Seimeastar Eorpach agus sna Cláir Náisiúnta um Athchóiriú, mar aon le rochtain ar infheistíochtaí príobháideacha a éascú trí thithíocht inacmhainne, shóisialta agus éigeandála a chur san áireamh i dtacsanomaíocht shóisialta an Aontais san am atá romhainn;

25.

á athdhearbhú gur gá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a rannpháirtiú i meastóireacht agus i gcur chun feidhme RRF agus na NRRPanna chun a áirithiú freisin go mbainfear úsáid chomhsheasmhach as na cistí téarnaimh le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Ainneoin an bhunúis dlí atá faoin ionstraim sa bheartas comhtháthaithe, léiríodh go raibh an rannpháirtíocht sin i bhfad rótheoranta i mBallstáit go leor, rud a chruthaíonn deacrachtaí le héifeacht an chur chun feidhme, agus is baol dá bharr go mbeadh easpa sineirgí idir pleananna a shainítear go náisiúnta ar thaobh amháin den scéal agus tosaíochtaí agus straitéisí forbartha réigiúnacha agus áitiúla ar an taobh eile de;

26.

á thabhairt chun suntais an deighilt mhór atá ann fós i réimse na nuálaíochta. As na 20 réigiún is airde caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt, tá 19 réigiún díobh níos forbartha ná a chéile, ach dhá thrian den 50 réigiún is ísle caiteachas, is réigiúin iad nach bhfuil chomh forbartha céanna. Cuireann CnaR i bhfios gur mór an poitéinseal atá sa ghníomhaíocht phíolótach do Chomhpháirtíochtaí um Nuálaíocht Réigiúnach chun tacú le réitigh logánta a fhorbairt agus chun “misin chríche” ón mbun aníos a chruthú mar chuid de Chlár Oibre Nua an Aontais Eorpaigh um Nuálaíocht, agus tá béim aige san am céanna ar an tábhacht atá le Moil an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET);

27.

á chur chun suntais ról an chlaochlaithe dhigitigh mar ghné thrasearnálach chun an deighilt san Eoraip a shárú agus an gá atá le comhtháthú digiteach. Leis an “gcur chuige misin” nua i gceapadh na mbeartas, ní mór don bheartas comhtháthaithe leanúint den tacaíocht atá sé a thabhairt do spriocanna fadtéarmacha (cuspóirí an Aontais) san am atá le teacht. Chun téarnamh inbhuanaithe agus sochaithe athléimneacha a thabhairt ar an saol, is gá na bearnaí digiteacha a laghdú trí bhíthin straitéisí cuimsitheacha ar gach leibhéal rialtais;

28.

á chur i bhfáth gur meánráta dífhostaíochta 13 % a bhí ann in 2021 i gcás na ndaoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois san Aontas, sin laghdú 0,9 pointe céatadáin i gcomórtas le 2020 maille le difríochtaí móra go réigiúnach, agus rátaí dífhostaíochta ní b’airde i réigiúin na Spáinne, na Gréige agus na hIodáile i measc na n-óg. Ós amhlaidh atá an scéal, tá CnaR ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach tograí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht fhadtéarmach agus ar an dífhostaíocht i measc na n-óg, dhá ní is measaide iad araon an ghéarchéim. Ar an dul céanna, tá sé ag cur béim ar a phráinní atá sé aird a thabhairt ar bhearnaí idir na hinscní san fhostaíocht. Tá sé ag tabhairt foláireamh breise faoi mhéadú a bheith ar bhaol na bochtaineachta, bochtaineacht na leanaí san áireamh;

29.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur iarr Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh ní ba mhó dlúthpháirtíochta idir óg agus aosta, agus á chur i bhfáth go bhfuil ról ceannasach ag CnaR sa teagmháil le daoine óga agus le heagraíochtaí óige chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú, go háirithe trí bhíthin cairt AE a fhorbairt i gcomhair na hóige agus an daonlathais;

30.

á thabhairt dá aire gur tháinig méadú ar líon na mban a toghadh ar gach leibhéal polaitiúil ó 2011 go 2020, ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal náisiúnta, ach is oth leis nach bhfuil i líon na mban sin ach trian den iomlán ar gach leibhéal. In 2021, níor chothrom do líon na mban agus do líon na bhfear i measc na n-iarrthóirí tofa ach in 16 thionól réigiúnacha as 285 thionól réigiúnacha san Aontas. Admhaíonn CnaR go bhfuil éagothromaíocht idir na hinscní ar an bhfoireann atá ag obair dó féin, agus tá sé ag súil go dtabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar an tsaincheist sin. Dá bhrí sin, socróidh CnaR seisiúin mhachnaimh ar conas rannpháirtíocht na mban ina chuid oibre a mhéadú, sna poist shinsearacha atá aige, i gcomhdhéanamh an Choiste, agus iarrann sé ar na Ballstáit tionscnaimh a eagrú atá dírithe ar chumhachtú na mban i saol na polaitíochta go háitiúil agus go réigiúnach chun an neamhionannas i saol na polaitíochta a leigheas agus na constaicí a bhíonn roimh na mná i saol na hoibre a chomhrac, steiréitíopaí san áireamh;

31.

ag tathant ar na Ballstáit na bearta uile a chur i bhfeidhm dar gá, maille le rannpháirtíocht iomlán na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, chun an sprioc a leagtar síos i dTreoir AE i leith an fhoréigin in aghaidh na mban agus foréigean ar an teallach a chomhrac a aimsiú go pras; tá béim á cur aige amhlaidh sin ar an tábhacht atá leis an daingniú a dhéanfaidh Ballstáit uile an Aontais ar Choinbhinsiún Iostanbúl, ar chonradh Chomhairle na hEorpa a fhéachann le creat cuimsitheach a chruthú ar an leibhéal uile-Eorpach chun na mná a chosaint ar gach cineál foréigin, agus chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean ar an teallach a chosc, a ionchúiseamh agus a stopadh;

32.

á mheas gur ríthábhachtach an ról sa chomhtháthú sóisialta, i gcomhionannas na n-inscí, agus i réimse na fostaíochta san Eoraip atá ag na bardais agus na réigiúin ina bhfostóirí, ina soláthraithe agus ina gcoimisinéirí seirbhísí leasa. Ní mór na comhpháirtithe sóisialta, na bardais agus na réigiúin a bheith rannpháirteach go fada fairsing i bhforbairt agus i gcur chun feidhme thionscnaimh an Aontais sa réimse sóisialta lena áirithiú go mbeidh tionchar réadach iomchuí ag na bearta ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá ról ríthábhachtach ag an Seimeastar Eorpach sa ghné seo den obair, agus ní mór seilbh na gcinntí a bheith aige ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, sin agus ar an bhfreagracht maidir leis an gcaoi a gcuirfear na comhchuspóirí i gcrích. Ba cheart gné na gcríoch agus scéal na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur san áireamh freisin ach a mbeidh athchóiriú á dhéanamh ar an Seimeastar Eorpach;

33.

ag tacú leis an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh san aitheasc a thug sí ar Staid an Aontais go ndéanfaí Coinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú. Ba cheart CnaR a bheith rannpháirteach go hiomlán sa Choinbhinsiún, lena ndéanfar ionadaíocht ar na hionadaithe Eorpacha a thoghtar go háitiúil agus go réigiúnach, agus tá sé lántiomanta do choincheap na coimhdeachta gníomhaí agus do bhreis rannpháirtíochta i gcomhar leis na parlaimintí réigiúnacha agus le comhlachais de na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Ní mór rialachas il-leibhéil próiseas cinnteoireachta AE a thabhairt ar an saol a bheidh cuimsitheach éifeachtach, sin agus aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu féin maille le hinniúlachtaí dlisteanacha. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh do CnaR an fógra ón gCoimisiún Eorpach go ndéanfar tionóil na saoránach agus cleachtais eile an daonlathais rannpháirtigh a phríomhshruthú i gceapadh beartais an Aontais, ach béim ar ról na n-ionadaithe a thoghtar go daonlathach, ionadaithe a bhfuil freagracht orthu i leith lucht a dtofa, agus geallann sé ról gníomhach dóibh sna próisis sin;

34.

á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aige bearta coincréiteacha a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar ghné na gcríoch i mbeartas an Aontais Eorpaigh maidir le cuspóir comhtháthaithe foriomlán an Aontais; ag féachaint freisin do na tograí maidir le CoFoE agus do riachtanais shonracha réigiúin na teorann agus na réigiún forimeallach;

35.

ag treorú an Uachtaráin Tuarascáil Bhliantúil an Aontais Eorpaigh maidir le Staid na Réigiún agus na gCathracha mar aon leis an rún seo a thabhairt ar láimh d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus do Chinn Stáit na 27 mBallstát; agus ag spreagadh na n-ionadaithe tofa réigiúnacha agus áitiúla san Eoraip leis an tuarascáil a chur ar a súile do na saoránaigh agus do na meáin áitiúla.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  https://cor.europa.eu/ga/our-work/Pages/State-of-Regions-and-Cities-2022.aspx?origin=spotlight

(2)  IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.


TUAIRIMÍ

Coiste na Réigiún

An 151ú seisiún iomlánach de CnaR, 2022. 10. 11. – 2022. 10. 12.

30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/6


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — I dtreo straitéis mhacrairéigiúnach sa Mheánmhuir

(2022/C 498/02)

Rapóirtéir:

Nikola DOBROSLAVIĆ (HR/PPE)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

An méid a chuireann straitéisí macrairéigiúnacha leis an gcomhtháthú críochach, leis an daonlathas áitiúil agus leis an gcomhar ag na teorainneacha seachtracha

1.

den tuairim go bhfuil ról lárnach ag macrairéigiúin maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais Eorpaigh agus a dtíortha comharsanachta a neartú trí limistéir trasteorann a chumhachtú chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar dhúshláin shonracha agus chomhroinnte, bunaithe ar mhalartuithe, ar an gcomhar agus ar chur chun feidhme;

2.

á chur in iúl go láidir go bhfágann an cur chuige sin gur mó an comhleanúnachas agus an chomhlántacht idir beartais, gníomhaíochtaí, agus cláir chistiúcháin arna gcur chun feidhme ag leibhéil éagsúla rialtais i limistéar geografach sainithe. Tríd an méid sin a dhéanamh agus tríd an rialachas il-leibhéil a chur chun cinn, cuireann macrairéigiúin le héifeachtacht agus tionchar na mbeartas a fheabhsú;

3.

á mheabhrú go bhfuil straitéisí macrairéigiúnacha bunaithe ar an bprionsabal il-leibhéil agus nach mór ról lárnach a bheith ag réigiúin AE agus neamh-AE ina bhforbairt, ina dtógáil agus maidir lena gcuspóirí comhchoiteanna a shainiú i dteannta Bhallstáit an Aontais agus tíortha eile lena mbaineann;

4.

á thabhairt dá aire go bhfuil limistéar na Meánmhara comhdhéanta de roinnt tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, mar aon le tíortha nach bhfuil san Aontas. Leagann sé béim ar a thábhachtaí atá macrairéigiúin chun an comhar a neartú thar theorainneacha an Aontais. Tá gá leis an gcomhar sin chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna agus chun tíortha nach bhfuil san Aontas a rannpháirtiú i gcomhar níos doimhne agus níos fearr leis an Aontas;

5.

á mheabhrú gur glacadh an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2012, dar teideal Developing EU macro-regional strategies: current practices and prospects for the future, in particular in the Mediterranean [Forbairt a dhéanamh ar straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais: cleachtais agus ionchais reatha don todhchaí], go háirithe sa Mheánmhuir (1) (níl leagan Gaeilge ann);

6.

á mheabhrú gur fhoilsigh ARLEM tuarascáil maidir le Straitéis Chomhtháthaithe don Mheánmhuir (2014) ina leagtar amach bunús an mhachnaimh ar chreat rialachais mhacrairéigiúnaigh don Mheánmhuir, bunaithe ar phrionsabail an rialachais il-leibhéil agus leagan amach atá forásach agus athraitheach ar bhonn geoiméadrach;

7.

á mheabhrú freisin go bhfuil sé curtha in iúl ag Comhairle an Aontais Eorpaigh (2) go bhfuil sé oscailte chun machnamh a dhéanamh ar thionscnaimh chomhpháirteacha atá dírithe ar straitéisí nua macrairéigiúnacha a bhunú;

Macrairéigiún Meánmhara: uirlis lárnach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa Mheánmhuir

8.

ag leagan béim ar acmhainní uathúla na Meánmhara. Tá níos mó ná 500 milliún duine ina gcónaí sa réigiún seo, réigiún ina bhfuil 46 000 km de chósta agus 22 bhruachtír, 1/3 dá dhaonra lonnaithe i limistéir chósta agus thart ar 150 milliún post a bhfuil baint dhíreach acu leis an Meánmhuir;

9.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an Mheánmhuir ó thaobh an chomhshaoil de. Cé nach bhfuil inti ach 1 % d’aigéin an domhain, tá sí freagrach as 20 % de tháirgeadh muirí an domhain (3). Tá sí ar cheann de na príomhfhoinsí de bhithéagsúlacht mhuirí agus chósta freisin, ina bhfuil 28 % de speicis eindéimeacha, 7,5 % den fhiadhúlra agus 18 % den fhlóra muirí domhanda;

10.

á chur i dtreis acmhainneacht imchuach na Meánmhara, ar limistéar geografach comhleanúnach é a bhfuil oidhreacht choiteann stairiúil agus chultúrtha ag a dhaonra, ar oidhreacht í atá mar thoradh ar thraidisiún fada comhair agus malartaithe smaointe, earraí agus daoine idir na trí chósta;

11.

á aithint go bhfuil dúshláin rialachais, shoceacnamaíocha, dhaonnúla, aeráide, slándála agus chomhshaoil os comhair imchuach na Meánmhara, agus go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhpháirteach chun dul i ngleic leis na dúshláin sin;

12.

á chur i bhfios go láidir, mar a léiríodh sa chéad tuarascáil mheasúnachta maidir leis an Meánmhuir dar teideal “An t-athrú aeráide agus comhshaoil in imchuach na Meánmhara”, a d’eisigh MedECC, go bhfuil tionchar ag athruithe antrapaigineacha comhshaoil a rinneadh le déanaí ar fhoréigiúin uile na Meánmhara, agus go n-áirítear ar phríomhspreagthaí an athraithe aeráide na gnéithe seo a leanas: fás an daonra, an truailliú, cleachtais neamh-inbhuanaithe maidir le húsáid talún agus mara, agus speicis neamhdhúchasacha. I bhformhór na limistéar, déantar difear d’éiceachórais agus do shlite beatha na ndaoine (4);

13.

á chur in iúl, ag an ráta reatha, go sroichfidh an téamh domhanda 2,2 C i limistéar na Meánmhara faoi 2040, agus go bhfuil an réigiún ag éirí níos teo ag ráta atá 20 % níos tapúla ná an meán domhanda. Is féidir éifeachtaí an athraithe aeráide a fheiceáil go han-soiléir cheana féin trí iomadú na dteagmhas adhaimsire. Dá bhrí sin, is iad sochaithe i limistéar na Meánmhara is mó atá thíos leis an athrú aeráide (tá cónaí ar 50 % de dhaonra an domhain atá thíos leis an mbochtaineacht uisce sa limistéar seo agus bíonn tionchar ag an nganntanas uisce ar an tslándáil bia chomh maith; tá 49 de 51 láithreán cultúrtha UNESCO i mbaol freisin). I ngeall ar dhúshláin chomhshaoil eile, amhail géarú iomarcach an uirbithe, na talmhaíochta, na hiascaireachta agus na turasóireachta, mar aon leis an díghrádú talún, an gaineamhlú agus truailliú an aeir, na hithreach, an fhionnuisce agus an uisce farraige, is measa iad cuid mhór d’éifeachtaí an athraithe aeráide;

14.

ag leagan béim ar leith, mar a rinneadh sa tuairim I dtreo úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha i gcomhthéacs oileáin na Meánmhara (níl leagan Gaeilge ann), ar a leochailí atá oileáin na Meánmhara i gcomhthéacs an téimh dhomhanda, a bhfuil iarmhairtí eacnamaíocha (an t-iascach, an turasóireacht, etc.) agus iarmhairtí sóisialta aige cheana féin (an eisimirce, etc.), agus molann sé cur chuige sonrach a fhorbairt maidir le tionchar an athraithe aeráide ar an leibhéal macrairéigiúnach don chineál sin críche, lena mbreithneofar riachtanais ar leith na n-oileánraí agus na n-oileán agus lena gcothófar comhar níos dlúithe idir na críocha sin, na Ballstáit agus an tAontas Eorpach chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

15.

á chur in iúl gur saintréith de limistéar na Meánmhara iad na héagothromaíochtaí móra sna leibhéil forbartha, in ainneoin go bhfuil cosúlachtaí soiléire ann. Tá tionchar ag na héagothromaíochtaí sin, lena n-áirítear laigí in acmhainneachtaí institiúideacha, idirnascadh bonneagair agus caidreamh trádála, ar chobhsaíocht, ar rathúnas agus ar shlándáil shochaithe na Meánmhara;

16.

á mheas gur meabhrú í géarchéim COVID-19 ar an ngá práinneach atá le cur chuige comhordaithe agus le hathléimneacht chomhpháirteach a neartú i gcoinne eipidéimí, suaití eacnamaíocha agus an athraithe aeráide;

17.

á áitiú gur féidir le macrairéigiún na Meánmhara feidhmiú mar uirlis chomhordaithe chun sreabha imirce a bhainistiú, ar sreabha iad a dhéanann difear go háirithe do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla ar theorainneacha seachtracha an Aontais;

18.

á mheabhrú, i bhfianaise ionsaí na Rúise ar an Úcráin, go bhfuil ról lárnach ag réigiún na Meánmhara chun éifeachtaí an chogaidh a mhaolú, fáilte a chur roimh phobail easáitithe, agus leanúint dá iarrachtaí chun dul chun cinn a áirithiú i dtreo chomhdhlúthú na síochána ar fud a bhruachchríocha;

19.

i bhfianaise na ndúshlán sin, dearbhaíonn sé gur gá na trí chladach uile a thabhairt le chéile ar bhealach níos lánpháirtithe chun an comhtháthú a neartú, chun ról domhanda agus uile-Eorpach an réigiúin agus a acmhainneacht nuálaíochta a neartú agus chun cur le dea-bhaill an duine agus le caomhnú an chomhshaoil;

20.

ag aithint, sa phróiseas sin, an róil ríthábhachtaigh atá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a bhfuil baint láidir acu le tionscnaimh agus líonraí, amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí, ARLEM, Comhghuaillíocht um Chomhar sa Mheánmhuir (MedCoopAlliance), mar aon leis an gCoimisiún Idir-Mheánmhuirí de Chomhdháil Réigiúin Mhuirí Fhorimeallacha na hEorpa (CPMR);

21.

á chur i bhfios go bhfuil gach dúshlán atá os comhair limistéar na Meánmhara (an t-athrú aeráide, creimeadh, gaineamhlú, truailliú plaisteach, imirce, róthurasóireacht, etc.) níos géire ar na hoileánraí agus ar na hoileáin agus, ar an gcúis sin, gur láthair thástála idéalacha iad chun beartais chomhtháite forbartha inbhuanaithe a chur chun feidhme sa Mheánmhuir. Tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dul chun cinn a dhéanamh maidir le straitéis oileán atá curtha in oiriúint do na himchuacha;

22.

ar aon fhocal leis an gCoimisiún Eorpach gur cheart cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a léiriú i ndlúthchomhar le tíortha comharsanachta a bhfuil na dúshláin aeráide agus chomhshaoil chéanna rompu;

23.

á chur in iúl go n-éilíonn údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar na trí chósta, a bhfuil ról mór acu chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí an athraithe aeráide, go bhfuil Comhaontú Glas don Mheánmhuir ag teastáil (5);

24.

ag aithint an róil lárnaigh a imríonn na húdaráis áitiúla agus nach mór dóibh a imirt, mar chomhghuaillithe le réigiúin agus le tíortha maidir le cláir oibre dhomhanda agus réigiúnach a chur chun feidhme;

25.

á chur in iúl go láidir freisin go bhfuil straitéis mhacrairéigiúnach, lena gcuirtear neartú an idirphlé pholaitiúil chun cinn, ríthábhachtach chun an Clár Oibre nua don Mheánmhuir a chur chun feidhme, mar a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach i mí Feabhra 2021 Comhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt (níl leagan Gaeilge ann) (6);

I dtreo straitéis chomhtháite d’imchuach iomlán na Meánmhara

26.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na torthaí dearfacha agus an comhar feabhsaithe atá ann mar thoradh ar thiomantas na ngeallsealbhóirí sa Mheánmhuir, go háirithe tiomantas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach; ag iarraidh ar na geallsealbhóirí sin, go háirithe na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, an comhar sin a mhéadú chun an bealach a réiteach chun straitéis mhacrairéigiúnach a chruthú sa Mheánmhuir;

27.

á chur in iúl gur mór aige an dul chun cinn suntasach atá déanta i dtreo an chomhtháthaithe sa Mheánmhuir trí Straitéis an Aontais Eorpaigh don Réigiún Aidriadach agus Iónach (EUSAIR) agus trí straitéis imchuach farraige WestMED;

28.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach é a bheith mar ábhar práinne aige dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéantar maidir le tionscnamh WestMED agus acmhainní, struchtúr daingean agus straitéis um chomhdhlúthú fadtéarmach a chur ar fáil dó, lena n-éascófar an comhtháthú macrairéigiúnach sa Mheánmhuir Thiar;

29.

á chur in iúl go láidir nach mór na tionscnaimh agus na cláir chomhair atá ann cheana, mar aon leis na príomhghníomhaithe ar fud na leibhéal éagsúil den rialachas il-leibhéil, a chomhordú ar bhealach níos fearr ionas nach ndéanfar a n-iarrachtaí ná a dtionchar a lagú. Tá sé fíorthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh uirlis oibríochtúil ag críocha na Meánmhara lena gcuirfear ar a gcumas straitéis chomhtháite, plean gníomhaíochta nithiúil agus tionscadail chomhpháirteacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar fhreagairt ar thosaíochtaí coiteanna a sainaithníodh i gcreataí institiúideacha um chomhar atá ann cheana, amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí agus ARLEM, agus i dtionscnaimh, amhail MedCoopAlliance agus BLUEMED, etc.;

30.

den tuairim go dtabharfar aghaidh, leis an straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir, ar na dúshláin sin, ní trí na straitéisí atá ann cheana a ionadú ach trína ngníomhaíochtaí a chomhlánú agus, ar an gcaoi sin, a dtionchar a uasmhéadú agus teacht ar réitigh ar dhúshláin choiteanna, amhail na dúshláin sin a d’eascair as na hiarrachtaí chun cur i gcoinne an athraithe aeráide agus as an aistriú digiteach. Dá réir sin, beifear in ann na dúshláin sin a iompú ina ndeiseanna iontacha don fhorbairt inbhuanaithe, agus cur le haistriú glas atá cóir agus cuimsitheach trí leas a bhaint as deiseanna comhroinnte, agus aird ar leith á tabhairt ar an ngné dhaonna agus ar dheiseanna do dhaoine óga agus, ar an gcaoi sin, acmhainneacht eacnamaíoch an réigiúin a scaoileadh chun tairbhe na saoránach;

31.

á chur i bhfáth gur gá straitéis mhacrairéigiúnach a bheith deartha ag leibhéal imchuach na Meánmhara agus go gclúdófar léi na trí fho-imchuach (Iarthar, Oirthear agus Aidriadach-Iónach), d’fhonn réitigh fhóinteacha a chur ar fáil do dhúshláin chomhroinnte. Dá bhrí sin, ní mór go mbeadh fáil ag cách uirthi agus, sa deireadh thiar, é a bheith d’aidhm aici imchuach iomlán na Meánmhara ar na trí chósta a chumhdach;

32.

á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith i straitéis mhacrairéigiúnach na Meánmhara, mar is ceart a dhéanamh i ngach straitéis mhacrairéigiúnach mhuirí, ar chríocha oileánacha i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE; á iarraidh go gcuirfí saintréithe agus leochaileachtaí sonracha na gcríoch sin san áireamh go héifeachtach trí chomhpháirtíocht níos láidre a bhunú agus trí ghníomhaíochtaí nithiúla agus comhordaithe idir na críocha sin, na Ballstáit agus an tAontas Eorpach;

33.

á chur in iúl gur cheart don lánpháirtiú réigiúnach sin dul ar aghaidh de réir a chéile, ar bhonn cur chuige deonach ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na Meánmhara, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le staideanna áirithe éagobhsaí maidir leis an tslándáil, an pholaitíocht agus an taidhleoireacht;

Príomhphrionsabail an rialachais il-leibhéil ar leibhéal na Meánmhara

34.

á mholadh go léireofaí prionsabal an rialachais il-leibhéil ina iomláine leis an rialachas a dhéanfar ar straitéis mhacrairéigiúnach amach anseo sa Mheánmhuir agus go mbeadh na húdaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla rannpháirteach chomh maith, mar aon lena gcomhlachais agus a réigiúin Euro faoi seach;

35.

á mheas, ionas go mbeidh sí oibríochtúil, nach mór straitéis mhacrairéigiúnach na Meánmhara a bheith bunaithe ar scéim rialachais atá láidir agus ionadaíoch ina mbeidh na nithe seo a leanas: (i) tionól ginearálta ar an leibhéal polaitiúil, a mbeidh údaráis Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha rannpháirteach ann, (ii) bord feidhmiúcháin lena dtabharfar le chéile comhalta comhordaithe náisiúnta amháin (ón leibhéal réigiúnach nó náisiúnta) ó gach tír a ndéantar ionadaíocht orthu sa straitéis agus lena gcuirfear chun cinn rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa phróiseas cinnteoireachta, chomh maith le breathnóirí de chuid líonraí na n-údarás réigiúnach agus áitiúil agus (iii) grúpaí gníomhaíochta téamacha chun tionscadail nithiúla comhair a fhorbairt agus a chur chun feidhme, ar tionscadail iad a bhainfidh leas as gníomhaithe socheacnamaíocha san earnáil phoiblí agus phríobháideach, as an lucht acadúil agus as an tsochaí shibhialta;

36.

á mholadh go dtógfaí ar na dea-chleachtais a tháinig chun cinn le tionscnamh WestMED agus go mbunófaí comhuachtaránacht rothlach bhliantúil, a bheadh ag tír amháin san Aontas agus tír chomhpháirtíochta amháin ag an am céanna, agus go gcomhoibreoidís le dlúthtacaíocht eagraíochtaí ionadaíocha na n-údarás réigiúnach agus áitiúil. Ba cheart athrú teacht ar an Uachtaránacht chun na tíortha a bhí i gceannas san am atá caite, atá faoi láthair agus a bheidh i gceannas amach anseo a chur san áireamh agus ba cheart cothromaíocht a choinneáil idir na tíortha san Aontas agus na tíortha comhpháirtíochta a ndéantar ionadaíocht orthu sa straitéis. Is ar an mbonn rothlach céanna a d’fheidhmeodh an tacaíocht ó eagraíocht ionadaíoch na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chomh maith. Tá an dinimic sin ríthábhachtach chun a áirithiú go gcuirfí comhlachtaí rialachais éagsúla na straitéise macrairéigiúnaí san áireamh agus go mbeidh na comhlachtaí sin nasctha le chéile, agus chun treoir straitéiseach a chur ar fáil do ghníomhaíocht an mhacrairéigiúin, trí chláir oibre bhliantúla. Ba cheart do rúnaíocht theicniúil (Rúnaíocht um Straitéis Mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir, MRSS) an straitéis a chomhordú agus tacú léi;

37.

á mholadh, d’fhonn comhoiriúnacht leis na tionscnaimh atá ann cheana a áirithiú, ionadaithe ó na príomhinstitiúidí, na príomhchomhlachtaí agus na príomhthionscnaimh ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar an leibhéal Eora-Mheánmhara, amhail an tAontas don Réigiún Meánmhuirí, ARLEM agus MedCoopAlliance a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme na straitéise, chomh maith le hionadaithe EUSAIR agus WestMED; cuirtear deiseanna fiúntacha ar fáil leis na Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach, óir feidhmíonn siad mar “saotharlanna” don rialachas il-leibhéil, chun tacú le cuspóirí an Chláir Oibre nua don Mheánmhuir;

Straitéis mhacrairéigiúnach lena ndírítear ar dhúshláin tosaíochta

38.

á mheas gur cheart do straitéis mhacrairéigiúnach na Meánmhara díriú ar líon teoranta dúshlán comhroinnte, agus aghaidh a thabhairt orthu de réir a chéile le himeacht ama; á chur i bhfios go láidir gur príomhdhúshláin iad an claochlú glas agus digiteach, ar cheart aghaidh a thabhairt orthu mar ábhar tosaíochta;

39.

á iarraidh, mar chéad chéim, go ndéanfaí iarrachtaí chun díriú ar na príomhdhúshláin – an t-athrú aeráide, an claochlú digiteach, an comhshaol agus an ghéarchéim dhaonnúil, chomh maith leis an aistriú glas, aistriú a bhfuil gá leis. Is ábhar práinne é gníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal na Meánmhara a chur ar fáil do na tosaíochtaí seo a leanas: todhchaí na n-oileánraí agus na n-oileán, limistéir chósta agus uirbeacha, an truailliú muirí (go háirithe micreaphlaistigh agus fuíolluisce), an bhithéagsúlacht a chaomhnú, an agra-éiceolaíocht, an geilleagar ciorclach, guaiseacha nádúrtha a bhainistiú agus a chosc, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, an t-oiriúnú don athrú aeráide agus freagairt don ghéarchéim dhaonnúil trí chearta bunúsacha an duine a áirithiú;

40.

á mholadh, sa ghearrthéarma, gur cheart don Choimisiún Eorpach tacú le treoirthionscadal maidir le truailliú muirí nialasach sa Mheánmhuir a chruthú in 2024, trí chlár Euro-MED Interreg nó trí chláir ábhartha eile atá ann cheana (ós rud é go gcloíonn straitéisí macrairéigiúnacha le riail na dtrí “níl”: gan aon reachtaíocht nua, gan aon chistiú nua, gan aon institiúid nua). Ach an méid sin a dhéanamh, rannchuideofar go nithiúil le misean an Aontais “Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú” (7). Is é an aidhm a bheidh ann páirt a ghlacadh in obair chomhpháirteach idir tíortha agus críocha ar mian leo straitéis mhacrairéigiúnach sa Mhéanmhuir a fhorbairt agus, ar an gcaoi sin, tástáil a dhéanamh ar na príomhphrionsabail a bhaineann le cuspóir nithiúil;

41.

D’fhéadfaí cur leis na hiarrachtaí ansin chun na dúshláin seo a leanas a chur san áireamh, i ndáil leis an gClár Oibre nua don Mheánmhuir:

(a)

forbairt eacnamaíoch chothrom agus inbhuanaithe a chur chun cinn trí thionscadail chomhpháirteacha atá dírithe ar an taighde, an nuálaíocht agus úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha a neartú, agus ar an bhfiontraíocht idirnasctha;

(b)

an geilleagar gorm a chomhtháthú;

(c)

an fhorbairt dhaonna a chur chun cinn, lena n-áirítear an cultúr agus an oidhreacht, an turasóireacht, an t-oideachas, an tsláinte, an fhostaíocht, forbairt na hóige, cuimsiú sóisialta na ngrúpaí imeallaithe agus cabhair a thabhairt do dhídeanaithe, chomh maith le freastal ar na riachtanais a eascraíonn as sreabha imirce a bheith ann, go háirithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais;

(d)

an nascacht a neartú tríd an mbonneagar iompair agus digiteach;

(e)

neamhspleáchas bia agus fuinnimh sa Mheánmhuir a fheabhsú i bhfianaise iarmhairtí an athraithe aeráide agus an chogaidh atá ar siúl san Úcráin i ngeall ar ionsaí na Rúise;

(f)

uirlisí agus acmhainneachtaí na n-institiúidí poiblí agus príobháideacha a neartú chun cúiseanna an athraithe aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta a mhaolú;

Plean gníomhaíochta oibriúcháin a chuirfidh leis an gcistiú atá ann cheana

42.

á mheas gur gá straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir a bheithe bunaithe ar phlean gníomhaíochta oibriúcháin chun tosaíochtaí a iompú ina ngníomhaíocht nithiúil ar leibhéal na Meánmhara. Chun a áirithiú go n-áireofar an ghné fhonáisiúnta mar is ceart sa phlean (rud a chuideoidh ní hamháin chun fís chomhroinnte a bhaint amach maidir le forbairt níos fearr, níos comhtháite agus níos inbhuanaithe in imchuach na Meánmhara, ach freisin chun go mbeidh an tsochaí shibhialta ó thrí thaobh na Meánmhara rannpháirteach ann), beidh baint ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le dréachtú an phlean, ós iadsan is gaire do na saoránaigh;

43.

á thabhairt dá aire gur féidir leas a bhaint as méid mór cistithe chun tacú le tionscadail na Meánmhara, lena n-áirítear EUR 7 mbilliún arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI). Is deis mhór iad na cláir um Chomhar Críochach Eorpach atá gníomhach sa Mheánmhuir (Next-MED, EUROMED, ADRION, MARITTIMO) chun tionscadail a éascú atá in ann cur le cuspóirí straitéise macrairéigiúnaí;

44.

á chur in iúl go bhfuil roinnt mhaith clár atá á gcur chun feidhme go díreach ag an gCoimisiún Eorpach, amhail Fís Eorpach, LIFE nó Erasmus +, oscailte do rannpháirtíocht tríú tíortha agus, dá bhrí sin, gur foinse suimiúil cistiúcháin iad. Sa bhreis air sin, le cláir amhail an Chomhpháirtíocht maidir le Taighde agus Nuálaíocht i Limistéar na Meánmhara (PRIMA) nó na hionstraimí déthaobhacha arna mbunú ag an Aontas Eorpach sna tíortha comharsanachta, tacaítear go díreach leis an gcomhar sa Mheánmhuir;

45.

á chur in iúl go bhfuil deontóirí amhail an Banc Domhanda nó an Banc Eorpach Infheistíochta, agus institiúidí amhail Fondúireacht Anna Lindh, gníomhach freisin sa Mheánmhuir agus go bhféadfaidh siad teacht chun cinn comhthionscadal a éascú;

46.

á chur i bhfios, ar deireadh, go bhfuil cláir um chomhar díláraithe á gcur chun feidhme ag roinnt mhaith tíortha, réigiún agus cathracha, cláir ar féidir leo rannchuidiú freisin le cur chun feidhme tionscadal comhair níos mó sa Mheánmhuir;

47.

á chur in iúl go láidir, thairis sin, go mbeidh sásraí rialachais chun comhordú an chistithe Eorpaigh atá ar fáil sa réimse seo a éascú ag gabháil le cur chun feidhme na gclár um Chomhar Críochach Eorpach don tréimhse 2021-2027. Creideann an Coiste gur féidir leis sin cur go praiticiúil le straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir a chruthú;

Conclúidí

48.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an spreagadh nua a tugadh don chomhar sa Mheánmhuir ag Fóram Domhanda na Meánmhara a eagraíodh faoi Uachtaránacht na Fraince;

49.

ag tnúth leis an gcéad Uachtaránacht eile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a bheidh ag tír de chuid na Meánmhara, eadhon an Spáinn, in 2023. Tá súil aige go ndíreofar arís ar rialachas na Meánmhara agus ar an acmhainneacht atá ann an creat rialachais agus comhair macrairéigiúnach a athnuachan;

50.

á mholadh don Choimisiún Eorpach agus do Bhallstáit an Aontais tacú le straitéis mhacrairéigiúnach a fhorbairt don Mheánmhuir agus le straitéisí macrairéigiúnacha nua eile a bhfuil gá leo;

51.

ar an gcaoi chéanna, tá sé ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tacú leis an dreasacht i dtreo Straitéis Mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir ina hiomláine, chun go mbeidh réigiún na Meánmhara níos fearr, níos aontaithe agus níos comhtháite;

52.

á iarraidh ar an gComhairle Eorpach an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh in 2022 chun straitéis mhacrairéigiúnach don Mheánmhuir a tharraingt suas a mbeidh plean gníomhaíochta ag gabháil léi, d’fhonn go bhformheasfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa í faoi Uachtaránacht na Spáinne sa dara leath de 2023.

An Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  P7_TA (2012) 0269

(2)  13424/20. Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme, 2 Nollaig 2020.

(3)  Randone. et al. 2017, Reviving the Economy of the Mediterranean Sea: Actions for a Sustainable Future, tionscnamh maidir leis an Meánmhuir de chuid an Chiste Dhomhanda Fiadhúlra.

(4)  MedECC (2020) Climate and Environmental Change in the Mediterranean Basin – Current Situation and Risks for the Future [An t-athrú aeráide agus comhshaoil in imchuach na Meánmhara – an staid reatha agus rioscaí don todhchaí] An chéad tuarascáil mheasúnachta maidir leis an Meánmhuir [Cramer, W., Guiot, J., Marini, K. (eds.)] An tAontas don Réigiún Meánmhuirí, Plan Bleu, UNEP/MAP, Marseille.

(5)  Cruinniú iomlánach a bhí ag an gComhthionól Réigiúnach agus Áitiúil Eora-Mheánmhara (ARLEM), 23 Eanáir 2020

(6)  JOIN(2021) 2 final. Féach freisin an tuairim ó CnaR An Chomhpháirtíocht Athnuaite le Comharsanacht an DeiscirtClár Oibre Nua don Mheánmhuir, Iúil 2021, (IO C 440, 29.10.2021, lch. 19).

(7)  Misean an Aontais: “Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú”.


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/12


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Ról chathracha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh maidir leis an Úcráin a atógáil

(2022/C 498/03)

Rapóirtéir ginearálta:

Dario NARDELLA (PSE/IT), Méara Fhlórans

Doiciméid tagartha:

Tarchur ó Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún – Fóirithint agus atógáil na hÚcráine

COM(2022) 233 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

ag cáineadh athuair an chogaidh gan chúis, gan ábhar atá á fhearadh ag an Rúis ar an Úcráin, óir sárú brúidiúil ar an dlí idirnáisiúnta atá ann chomh maith le sárú ar phrionsabail an daonlathais agus ar an smacht reachta, agus ós ionsaí dochosanta gan chúis, gan údar é ar mhuintir na hÚcráine, faoi mar is ionsaí ar cheannasacht agus ar iomláine chríochach na tíre é freisin, agus is áil le CnaR seasamh leo go tréan mar atá déanta aige go dtí seo. Dá bhrí sin, ar chuma go leor eile ar fud an domhain, is mian le CnaR na reifrinn, mar dhea, a reáchtáladh ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2022 sna críocha sin de chuid na hÚcráine atá faoi fhorghabháil ag an Rúis, a cháineadh toisc go sáraíonn siad beagnach gach aon chaighdeán daonlathach faoin spéir; ag iarraidh ar Bhallstáit an Aontais, ar a chuid institiúidí agus ar thíortha comhpháirtíochta an Aontais seasamh d’aon leith agus leanúint orthu de bheith ag tacú leis an Úcráin, atá ag troid freisin ar son ár saoirse agus ar son na luachanna Eorpacha. Chuige sin, tá sé den tuairim gur gá smachtbhannaí comhsheasmhacha a chur i bhfeidhm d’fhonn brú a chur ar an Rúis ós ise an t-ionsaitheoir sa chás seo;

2.

á chur in iúl gur saoth leis go mór gur maraíodh breis agus 10 míle duine, ar sibhialtaigh a bhformhór sin, de dhroim ionradh na Rúise, gan trácht ar an líon mór daoine a gortaíodh dá dheasca (ar mó i bhfad iad ná an méid a maraíodh) ná ar na milliúin daoine a easáitíodh laistigh den Úcráin agus i dtríú tíortha. Tá sé fíorcháinteach ar na hionsaitheoirí Rúiseacha as an gcaoi a bhfuil siad ag díriú ar ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha san Úcráin, a bhfuil codanna di faoi fhorghabháil, agus ar iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine, d’fhonn a bhfuadaithe agus a gcoinnithe; faoi mar atá éilithe ag Comhdháil na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach de chuid Chomhairle na hEorpa cheana féin, tá CnaR ag éileamh, ar an gcaoi chéanna, go scaoilfí saor iad láithreach agus gan choinníoll; á thabhairt chun suntais an scrios áibhéil a rinneadh ar bhonneagar agus foirgnimh na hÚcráine, ar a cuid scoileanna agus ospidéal, ar thithe na sibhialtach agus ar oidhreacht chultúrtha na tíre mar thoradh ar ionradh na Rúise. Is ionann an scrios sin, de réir meastacháin áirithe, agus tuairim is EUR 750 billiún agus a thoradh sin go dtiocfaidh laghdú géar measta ar OTI (35 % de réir réamhaisnéisí an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta). Cuireann CnaR chun suntais freisin go bhfuil idir 30 % agus 50 % dá acmhainn tháirgiúil caillte ag geilleagar na hÚcráine agus gur i réigiúin in Oirthear agus i nDeisceart na tíre atá bunriachtanach ó thaobh an gheilleagair de is mó atá na caillteanais sin le sonrú;

3.

den tuairim gur riachtanas don Eoraip í atógáil na hÚcráine agus gur dualgas morálta í, agus go dteastóidh acmhainní breise ina comhair de bhreis ar a bhfuil le fáil ón leagan reatha de Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) an Aontais Eorpaigh, b’fhéidir trí Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a ghníomhachtú, chomh maith le maoiniú úr seachbhuiséadach a chur ar fáil. I bhfianaise chúinsí neamhghnácha an chogaidh san Úcráin, tá CnaR i bhfabhar an t-athbhreithniú meántéarma ar CAI a chur aniar go 2023;

4.

á chur chun suntais i dtaca le cúnamh iomlán macra-airgeadais an Aontais Eorpaigh (EUR 9 mbilliún) a gealladh don Úcráin, nár comhaontaíodh go fóill ach ar EUR 6 bhilliún de siúd is go bhfuil riachtanais mhíosúla mheasta EUR 5-7 mbilliún ag an tír. Tugann CnaR chun cuimhne go bhfágann imthosca an chogaidh go bhfuil gá le ráta soláthair 70 % i mbuiséad an Aontais, seachas an gnáthráta, mar atá 9 %, agus nach leor a thuilleadh na corrlaigh leordhóthanacha atá i mbuiséad an Aontais do 2021-2027 chun iasachtaí a mhaoiniú. Dá bhrí sin, tá CnaR á chur chun suntais an gá atá le bealaí malartacha a aimsiú leis an gcúnamh a mhaoiniú, lena n-áirítear trí ráthaíochtaí poiblí breise ó na Ballstáit a sholáthar;

5.

á chur i bhfáth nach mór tabhairt faoin bpróiseas atógála ón mbun aníos trí pháirt sa phróiseas a thabhairt d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine agus an Aontais Eorpaigh, agus tógáil ar phróiseas athchóirithe an dílárúcháin san Úcráin, a raibh dul chun cinn nach beag déanta ina leith cheana roimh an 24 Feabhra 2022. I ndáil leis sin, is mian le CnaR aird a tharraingt ar mholtaí an staidéir “Dúshláin agus deiseanna a bhaineann le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in atógáil na hÚcráine” (1) a eisíodh i mí Mheán Fómhair 2022; den tuairim gurb é an próiseas díláraithe atógála an bealach is fearr chun deis a thabhairt do shaoránaigh na hÚcráine fanacht ina dtír féin agus, ar an gcaoi sin, srian a chur le tuilleadh sreafaí inimirce. San am céanna, tá CnaR glan i gcoinne baic shaorga a chur ar inimirce shaoránaigh na hÚcráine agus tá sé ag iarraidh go smaoineofaí ar athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir (2001/55/CE (2)) ón gComhairle um Chosaint Shealadach go luath chun ráthaíocht is sia ná trí bliana a chur ar fáil do dhídeanaithe i dtaca le cónaí;

6.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh ón gComhairle Eorpach stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt don Úcráin. Ba cheart go spreagfadh an stádas mar thír is iarrthóir rialtas na hÚcráine le tabhairt faoi athchóirithe nua a dhéanamh agus ba cheart gur dheis í atógáil na hÚcráine chun an tír a dhruidim tuilleadh eile fós le caighdeáin agus beartais an Aontais. Ina fhianaise sin, cuireann CnaR i bhfios go gcumhdaíonn an Comhaontú Comhlachais idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach tuairim is 70 % d’acquis an Aontais cheana féin; ag dréim leis go leanfaidh an Úcráin dá comhrac i gcoinne an éillithe, rud a sainaithníodh sa tuairim ón gCoimisiún Eorpach maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach mar cheann de na seacht n-earnáil is gá a athchóiriú go práinneach (3) agus déanfar measúnú ar an iarratas sin faoi dheireadh 2022. Ach na hathchóirithe sin a dhéanamh ba cheart ráthaíochtaí a chur ar fáil freisin maidir le dáileadh trédhearcach cothrom na gcistí cabhrach;

7.

á chur i bhfios go bhféadfadh sé féin gníomhaíochtaí a thionscnamh, lena n-áirítear faoi chuimsiú comhchoiste comhairliúcháin, arbh é ab aidhm dóibh, thar aon ní eile, an bóthar a réiteach don ailíniú a chaithfear a dhéanamh leis an gcuid sin den acquis a bhaineann le beartas comhtháthaithe an Aontais, agus tacú le fothú acmhainneachta agus dea-rialachas tríd an bpiarfhoghlaim agus trí mhalartú dea-chleachtas;

Prionsabail ghinearálta maidir le próiseas atógála na hÚcráine

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó Dearbhú Lugano, lena n-aithnítear an leagan den Phlean Téarnaimh agus Forbartha arna dhréachtú faoi stiúir na hÚcráine mar chreat uileghabhálach lena dtreoraítear an próiseas téarnaimh, rud a éascóidh rannpháirtíocht agus comhpháirtíochtaí iltaobhacha comhordaithe;

9.

ag iarraidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta, agus an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta, ardán éifeachtach comhordúcháin a bhunú idir Rialtas na hÚcráine agus a chomhpháirtithe déthaobhacha agus iltaobhacha uile, eagraíochtaí agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus deontóirí chun Plean Téarnaimh agus Forbartha na hÚcráine a ullmhú agus a chur chun feidhme agus den tuairim, i dtaca leis sin de, go bhfuil tábhacht thar na bearta le pleananna an Choimisiúin Eorpaigh Ardán Atógála don Úcráin a bhunú, lena gcomhordófar an maoiniú uile ó dheontóirí d’atógáil na hÚcráine, ar choinníoll go gcomhtháthóidh an tArdán prionsabal na comhpháirtíochta go hiomlán agus go mbeidh Comhghuaillíocht na gCathracha agus na Réigiún rannpháirteach in atógáil na hÚcráine ina cáil mar chomhpháirtí iomlán ag gach céim den phleanáil agus den chur chun feidhme;

10.

ag aontú leis gur cheart próiseas atógála na hÚcráine a idirdhealú ar bhonn na nithe seo a leanas: amlíne, rioscaí slándála, agus neamhchosaint na réigiún ar an gcogadh, ar thaobh amháin, agus dúshláin shonracha a bhaineann leis an gcomhtháthú, ar an taobh eile (4). Is é an chéad chéim atá le cur dínn, fad a mhairfidh an chogaíocht, is é is dóichí, ná an fhreagairt éigeandála; ba cheart díriú ag an dara céim ar athbhunú an bhonneagair chriticiúil agus na seirbhísí criticiúla agus ag an tríú céim ar an mbealach a réiteach don fhás inbhuanaithe fadtéarmach. I ngach ceann de na trí chéim sin de phróiseas na hatógála, is den tábhacht, thar aon rud eile, cur le cumas na mbardas údaráis áitiúla na hÚcráine a chumhachtú ionas gur féidir leo atógáil a gcríche féin a chomhordú;

11.

ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar dheontóirí idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear an uile cheann de na Ballstáit, cistiú fóirithinte a chur ar fáil gan mhoill ag an gcéad chéim d’fhonn cabhrú le muintir na hÚcráine an geimhreadh atá amach romhainn a chur díobh go slán. I gcás na réigiún atá i gcroílár na trodaíochta, ba cheart an cistiú sin a dhíriú ar chabhair dhaonnúil (bia, breosla, córacha leighis, córais uisce óil agus córais cóireála uisce óil) a chur ar fáil, ar sholáthar tithíochta sealadaí (pubaill, bloic tithíochta réamhdhéanta, córais téimh, etc.), ar mhianaigh a ghlanadh agus ar thacaíocht lóistíochta a chur ar fáil d’fhonn na réigiúin sin a choinneáil nasctha le chéile, agus ba cheart é a úsáid freisin chun na modhanna iompair is gá a sholáthar, amhail busanna, otharcharranna, innill dóiteáin, leoraithe, tochaltóirí, etc. I réigiúin atá sách sábháilte agus iontu sin atá i bhfad ar shiúl ón gcomhrac, ba cheart tacaíocht theicniúil a chur ar fáil d’fhonn cuidiú le seachadadh seirbhísí, cúrsaí tithíochta agus comhtháthú daoine atá easáitithe san Úcráin, d’fhonn is gur féidir an acmhainneacht thionsclaíoch a athlonnú iontu agus d’fhonn conairí iompair a dhaingniú le haghaidh cabhair dhaonnúil a sheolfar chun na hÚcráine agus onnmhairí a sheolfar amach.

12.

á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur geal leis gur gheall an Coimisiún Eorpach, an 16 Meán Fómhair, EUR 150 milliún a chur ar fáil ag an gcéad chéim sin chun cabhrú le daoine easáitithe laistigh den Úcráin agus EUR 100 milliún a chur ar fáil chun scoileanna a scriosadh de dheasca bhuamáil na Rúise a atógáil; den tuairim, ar a shon sin, nach leor an méid sin, ar an iomlán, i bhfianaise a bhfuil de riachtanais ann chun téarnamh tapa ag an gcéad chéim a bhaint amach, riachtanais a mheastar a bheith cothrom le EUR 17 mbilliún, a bhfuil gá le EUR 3,4 billiún díobh sin in 2022 cheana féin;

13.

den tuairim gur cheart an dara céim den phróiseas atógála a dhíriú ar athbhunú an bhonneagair chriticiúil agus na seirbhísí criticiúla, lena n-áirítear téamh lárnach, leictreachas, uisce agus séarachas, scoileanna, ospidéil agus tithíocht do shibhialtaigh. D’fhéadfaí fostaíocht i bhfoirm scéimeanna oibreacha poiblí a chur ar fáil do dhaoine i gceantair a ndearnadh scrios nach beag orthu;

14.

á mholadh gur cheart, ag an tríú céim den phróiseas atógála, an bhunchloch a leagan don fhás inbhuanaithe fadtéarmach bunaithe ar straitéis phleanála comhtháite ar an leibhéal críochach, trí leas a bhaint as cineálacha cur chuige sistéamacha le haghaidh críocha inbhuanaithe glasa cliste cuimsitheacha agus as an bprionsabal de chuid ECFE maidir le “atógáil chun feabhais”. Ba cheart díriú ag an gcéim sin go háirithe ar an gcuspóir atá leagtha síos ag rialtas na hÚcráine, mar atá na hastaíochtaí gás ceaptha teasa uile a laghdú faoi 65 % faoi 2030. Cibé infheistíocht a dhéanfaí in earnáil an fhuinnimh ba cheart di rannchuidiú leis an dícharbónú agus le spleáchas na hÚcráine ar bhreosla iontaise a laghdú, ós rud é gur scriosadh 30 % dá n-acmhainneacht gréine agus 90 % dá gcuid saoráidí fuinnimh gaoithe nó neachtar acu gur i gcríocha atá faoi fhorghabháil ag fórsaí na Rúise atá an acmhainneacht nó na saoráidí sin anois. De thoradh na n-infheistíochtaí céanna, ba cheart díriú freisin ar chórais téimh lárnaigh a atógáil in go leor bardas san Úcráin le go bhféadfaí córais nua-aimseartha téimh lárnaigh a chur ina n-ionad nach mbeadh ag brath ar bhreoslaí iontaise a dhó. Is den ghéar-riachtanas ag an gcéim seo freisin a bhfuil acu de stoc tithíochta, de scoileanna agus d’ospidéil a atógáil chun dídeanaithe ón Úcráin agus daoine easáitithe a mhealladh ar ais chuig an áit chónaithe a bhí acu roimh an gcogadh;

15.

ag tathant ar an Aontas Eorpach, ar na Ballstáit agus ar institiúidí idirnáisiúnta airgeadais deontais a chur ar fáil seachas iasachtaí a thabhairt ós rud é nach dócha go mbeidh an Úcráin in ann fiacha breise a sheirbhísiú agus a aisíoc sa ghearrthéarma. Dá rachadh an tír i muinín iasachtaí, ba mhó an baol go mbeadh géarchéim fiachais ann amach anseo, ráite go raibh fiachas seachtrach tuairim is EUR 130 billiún ag an Úcráin cheana féin roimh an gcogadh, rud is ionann agus 80 % de OTI na tíre. I gcás nach féidir le hinstitiúidí deontais a sholáthar, ba cheart iasachtaí a chur ar fáil ar ráta nialasach úis nó ar ráta úis an-íseal, go háirithe do thionscadail atá dírithe ar chúnamh a thabhairt do bhardais;

16.

den tuairim, ráite gur cuireadh tús le próiseas aontachais na hÚcráine leis an Aontas Eorpach agus d’fhonn ról láidir comhordúcháin a dhlisteanú don Aontas sa straitéis atógála, gur cheart don Choimisiún Eorpach Mór-Shaoráid Atógála don Úcráin a mholadh, a d’fhéadfaí a cheapadh ar an mbonn dlí céanna le Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais, agus go dtosófaí ar í a aisíoc ó 2027 i leith. Ba cheart go gcuirfeadh an tSaoráid sin ar chumas an Aontais sciar suntasach (40 %) de na costais a bhaineann le hatógáil agus téarnamh san Úcráin a réamh-mhaoiniú, costais a mheas Rialtas na hÚcráine, an Coimisiún Eorpach agus an Banc Domhanda, ag obair dóibh i gcomhpháirt le chéile, a bheith cothrom le EUR 349 mbilliún don tréimhse idir 24 Feabhra agus 1 Meitheamh 2022. Beidh tionchar nach beag aige sin ar earnálacha na tithíochta, an iompair, na tráchtála agus na tionsclaíochta agus is iad na réigiúin (oblasti) seo: Chernihivska, Donetska, Luhanska, Kharkivska, Kyivska, agus Zaporizka, is mó a scriosadh.

17.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó, ina fhianaise sin, mar a fógraíodh an 20 Iúil, go bhfuil na sé thír is creidiúnaithe don Úcráin toilteanach seirbhísiú an fhiachais atá socraithe ag an Úcráin leis na tíortha sin a chur ar fionraí go dtí deireadh 2023;

18.

ag moladh don Aontas Eorpach agus d’institiúidí airgeadais idirnáisiúnta na forais dhlíthiúla a réiteach chun gur féidir sócmhainní na Rúise a úsáid, sócmhainní a reodh nuair a rinneadh smachtbhannaí a fhorchur uirthi, ar mhaithe le próiseas atógála na hÚcráine;

19.

teann air nach tráth faillí é más uainn aghaidh a thabhairt ar an tubaiste dhaonnúil san Úcráin; ag éileamh, dá bhrí sin, go mbeadh na cúinsí sa tír réasúnta agus curtha in oiriúint dá bhfuil ag titim amach inti agus iad bunaithe ar thorthaí intomhaiste infhíoraithe;

20.

á chur i bhfáth gur cheart an próiseas atógála a thógáil ar chaighdeáin threisithe shóisialta agus chomhshaoil agus iad a chur i gcomhréir le acquis an Aontais Eorpaigh; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar údaráis na hÚcráine a reachtaíocht saothair a chur in oiriúint go hiomlán do na caighdeáin atá leagtha síos ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair;

21.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó prionsabal na rannpháirtíochta daonlathaí a shonraítear i nDearbhú Lugano, faoina n-éilítear go mbeadh gach leibhéal den tsochaí rannpháirteach sa phróiseas téarnaimh, lena n-áirítear saoránaigh easáitithe laistigh den Úcráin agus thar lear, agus lena gcuirtear chun cinn an féinrialachas áitiúil agus an dílárú éifeachtach. Tá CnaR i bhfách freisin leis an tacaíocht a thugtar sa Dearbhú don rannpháirtíocht iltaobhach agus leis an mbéim a leagtar ann ar shláine, trédhearcacht agus cuntasacht mar phrionsabail nach féidir déanamh dá gceal má tá rath le bheith ar chur chun feidhme an Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Forbartha;

Ról na gcathracha agus na réigiún

22.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó fís an Uachtaráin Zelensky d’atógáil agus d’fhorbairt fhadtéarmach na hÚcráine atá bunaithe ar nascadh cathracha agus réigiún san Úcráin lena gcómhaith san Aontas Eorpach, agus gur díol sásaimh dó gur iarr Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar CnaR tacú le plean atógála na hÚcráine trí bhíthin cur chuige praiticiúil ciallmhar a bheadh bunaithe ar chomhar idir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ón Úcráin agus ón Aontas;

23.

ag tarraingt aird ar Chomhghuaillíocht na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine, a seoladh an 30 Meitheamh 2022, mar bhealach chun riachtanais áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine a shainaithint, chun iarrachtaí a chomhordú le cathracha agus réigiúin san Aontas Eorpach atá réidh chun acmhainní a chur ar fáil d’fhonn tacú le hatógáil éifeachtach inbhuanaithe na hÚcráine agus d’fhonn comhar a éascú idir a comhpháirtithe lárnacha agus institiúidí an Aontais Eorpaigh agus faoi chuimsiú an “Ardáin Atógála don Úcráin”, agus idir údaráis agus comhlachais áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus na hÚcráine agus chun tionscadail atógála údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine a chur os comhair an tsaoil;

24.

á ghabháil air féin cuidiú, trí bhíthin na Comhghuaillíochta, le soláthar saineolais i bhfoirm clár nasctha idir piaraí trínar féidir cur leis an bhfothú acmhainneachta, an dea-rialachas a chur chun cinn agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil do chathracha agus réigiúin na hÚcráine, agus é mar aidhm leis sin a chur ar chumas chathracha agus réigiúin na hÚcráine próiseas atógála a chur i gcrích a chuimseodh ní hamháin atógáil inbhuanaithe an bhonneagair ach freisin an ghné shóisialta, an t-oideachas, an daonlathas agus an rialachas. Siúd is go bhféadfadh cláir dhéthaobhacha idir piaraí arna reáchtáil le cathracha agus réigiúin, lena n-áirítear cláir nasctha, a bheith an-oiriúnach le haghaidh iarrachtaí fothaithe acmhainneachta áirithe agus iarrachtaí atógála áirithe ar an leibhéal áitiúil, tá CnaR á chur chun suntais go bhféadfaí breis cathracha agus réigiún, chomh maith le geallsealbhóirí eolacha, a mhealladh le páirt a ghlacadh i scéimeanna infheistíochta leathana, agus go gcuideodh na cláir sin leo comhfhogasú do na patrúin rialachais lena rialaítear beartas réigiúnach an Aontais Eorpaigh;

25.

ag tathant ar an Aontas Eorpach aitheantas a thabhairt do ról lárnach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i gcomhar le comhlachais rialtais áitiúla uile na hÚcráine agus an Aontais Eorpaigh atá mar chuid de Chomhghuaillíocht Eorpach na gCathracha agus na Réigiún ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine (5); ag súil leis go gcuirfear tacaíocht thiomnaithe ar fáil chun cur le hacmhainneachtaí údaráis áitiúla na hÚcráine agus a gcomhlachais siúd, rud a d’fhéadfaí a chomhordú tríd an “Ardán Atógála don Úcráin” a bheidh ann amach anseo;

26.

á chur chun suntais gur rannchuidigh na hathchóirithe atá dírithe ar an dílárú agus ar an bhforbairt réigiúnach san Úcráin go mór le comhdhlúthú an daonlathais áitiúil, le neartú an fhéinrialachais agus le hathléimneacht fhoriomlán phobail áitiúla na tíre. Cuireadh na hathchóirithe sin chun feidhme le tacaíocht shuntasach ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais Eorpaigh agus óna gcomhlachais siúd, lena n-áirítear tríd an gclár U-LEAD with Europe, agus le tacaíocht spriocdhírithe ó CnaR, faoi chuimsiú an Tascfhórsa don Úcráin a chuir an Coiste ar bun agus trí ghníomhaíochtaí comhair idir piaraí. Tá rath na n-athchóirithe díláraithe sin tar éis an Úcráin a thabhairt níos gaire don Aontas Eorpach agus don tsaoirse, don daonlathas agus don smacht reachta, ar luachanna de chuid an Aontais iad;

27.

á chur chun suntais gur léirigh na réigiúin AE atá buailte suas leis an Úcráin dlúthpháirtíocht nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo trí chóir agus lóistín a chur ar fáil do líon mór de mhuintir na tíre a bhí ag teitheadh leo ón gcogadh agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá acu freisin le tacaíocht chomhordaithe chórasach ón Aontas Eorpach;

28.

á mholadh go ndéanfaí leagan treisithe den chlár U-LEAD a fhorbairt a bheadh mar an phríomhionstraim iltaobhach chun tacú le pobail áitiúla agus chun an dílárú a chur chun cinn san Úcráin. Bheadh an clár “U-LEAD 2.0” sin ag brath ar líne bhuiséid thiomnaithe chun tacú le tuilleadh díláraithe san Úcráin, agus chun cur le hacmhainneacht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach acquis an Aontais a bhaineann le réimse an bheartais comhtháthaithe a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir. Clár malartaithe idir piaraí agus clár le haghaidh comhthionscadail infheistíochta a bheadh i gceist, rud d’éascódh dlúth-rannpháirtíocht údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus na hÚcráine i ndearadh agus i gcur chun feidhme na n-iarrachtaí atógála a bheidh ag fáil tacaíocht ón Aontas;

29.

á thabhairt chun cuimhne an mhórthaithí idir piaraí atá faighte ag comhaltaí CnaR san Úcráin agus lasmuigh di freisin agus á áitiú go bhféadfadh ról a bheith ag CnaR agus ag a chomhpháirtithe sa Chomhghuaillíocht, ag feidhmiú dóibh mar mhol an Aontais Eorpaigh le haghaidh comhar idir piaraí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, i dtaca le cathracha agus réigiúin an Aontais a chur i mbun gnímh chun tacú le hatógáil na hÚcráine;

30.

á chur chun suntais a mhórthábhachtaí atá sé na comhlachtaí féinrialtais áitiúil a chumhachtú a thuilleadh chun ról ceannaireachta a bheith acu sa téarnamh agus san atógáil in éineacht le rialtas láir na hÚcráine, leis an Aontas Eorpach agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile. Tá CnaR ag iarraidh athuair go leanfaí den dea-rialachas áitiúil/réigiúnach a fheabhsú, lena n-áirítear trí mheán na trédhearcachta, tríd an éilliú a chomhrac, trí shaoirse na meán áitiúil a chosaint, agus trí ríomhsheirbhísí rialtais a chur chun cinn;

31.

ag iarraidh go mbeadh sásra simplí rannpháirtíochta ann, go mbainfí na constaicí maorlathacha, agus go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ann lena gcuirfí ar a gcumas d’institiúidí an Aontais, do bhardais Eorpacha, do réigiúin, d’Eora-réigiúin agus do Ghrúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach agus do chomhlachais Eorpacha cabhair a thabhairt dá macasamhla san Úcráin lena n-iarrachtaí atógála siúd agus cur chuige cuimsitheach a shaothrú trína dtabharfaí le chéile na bardais agus na réigiúin, d’fhonn a bheith comhleanúnach leis na bearta a rinneadh cheana féin le haghaidh fhorbairt chríochach inbhuanaithe na hÚcráine (bíodh sin san Úcráin nó san Aontas Eorpach);

32.

ag tarraingt aird ar an ról tábhachtach atá ag Straitéis an Aontais Eorpaigh do réigiún na Danóibe, a bhfuil an Úcráin rannpháirteach inti, maidir le cúnamh a thabhairt don Úcráin sa phróiseas atógála; cuireann an straitéis creat comhtháite ar fáil le haghaidh comhair le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach;

33.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, an tionscnamh ó Eurocities a thug orthu meabhrán tuisceana a shíniú le húdaráis inniúla na hÚcráine an 19 Lúnasa (6), atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d’atógáil inbhuanaithe chathracha na hÚcráine agus ar comhlánú é ar an gcomhar a rinneadh faoi chuimsiú na Comhghuaillíochta;

34.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó tiomantas an Choimisiúin Eorpaigh a bheith an-solúbtha i dtreo gur féidir leanúint de chláir um chomhar trasteorann Comharsanachta na hEorpa agus de chláir um chomhar trasnáisiúnta Interreg, agus go háirithe na cláir trasteorann leis an Úcráin agus leis an Moldóiv a chómhaoiniú 100 % lena gcuirtear chun feidhme tionscadail chomhair ar chuir ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine isteach orthu;

35.

ag iarraidh go gcomhtháthófaí sa phróiseas atógála na cláir Interreg atá ann cheana, a bhfuil réigiúin na hÚcráine rannpháirteach iontu;

36.

ag iarraidh go mbeadh córas éifeachtach rialachais il-leibhéil ann a bheadh bunaithe ar phrionsabail na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le hinfheistíocht phoiblí ar gach leibhéal rialtais;

37.

ag dréim leis go dtabharfar rochtain d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine ar chláir AE amhail Fís Eorpach agus EU4Culture;

38.

á mheabhrú go bhfuil an Chomhghuaillíocht ag iarraidh ar chomhpháirtithe airgeadais institiúideacha amhail an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), go háirithe faoi chuimsiú phlean gníomhaíochta BEI/CnaR, faoi chuimsiú an Bhainc Eorpaigh Athfhoirgníochta agus Forbartha, faoi chuimsiú ECFE agus faoi chuimsiú Bhanc Forbartha Chomhairle na hEorpa, tionscadail a ullmhú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ar bhonn saineolas áitiúil agus réigiúnach AE a bheidh ina thaca acu;

39.

á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag na méaraí agus na ceannairí réigiúnacha san Úcráin maidir le teacht aniar an náisiúin; ag moladh na crógachta atá léirithe acu agus iad ag troid ar son na luachanna is ansa linn, ar ábhar inspioráide é do mhuintir uile na hEorpa agus atá mar bhonn leis an móiminteam láidir i leith an daonlathais áitiúil agus an chumhachtaithe áitiúil, ar príomhghné iad amach anseo, ní foláir, agus an Úcráin á hatógáil.

An Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  https://cor.europa.eu/ga/engage/studies/Pages/default.aspx?from=01/01/2022&to=01/01/2023

(2)  IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.

(3)  Tuairim ón gCoimisiún Eorpach maidir le hiarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, 17 Meitheamh 2022, COM(2022) 407.

(4)  Féach an Treoirphlean d’Atógáil na hÚcráine: https://cepr.org/publications/books-and-reports/blueprint-reconstruction-ukraine.

(5)  https://cor.europa.eu/ga/engage/Pages/European-Alliance-of-Cities-and-Regions-for-the-reconstruction-of-Ukraine.aspx

(6)  https://www.president.gov.ua/en/news/u-prisutnosti-prezidenta-pidpisano-memorandum-z-eurosities-s-77165


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/17


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Creat nua AE na Soghluaisteachta Uirbí

(2022/C 498/04)

Rapóirtéir:

Linda GAASCH (LU/Na Glasaigh), Comhalta de Chomhairle Chomhphobail Chathair Lucsamburg

Doiciméid tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Creat Nua AE na Soghluaisteachta Uirbí

COM(2021) 811 final

SWD(2021) 470 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur foilsíodh creat nua na soghluaisteachta uirbí i bhfianaise an ghá atá le gníomhaíocht phráinneach chun dícharbónú agus aistriú módach i limistéir uirbeacha a chur chun cinn, arb iad is cúis go fóill le 23 % d’astaíochtaí carbóin uile an iompair;

2.

á chur i dtreis an gá atá le cur chuige éifeachtach rialachais il-leibhéil a bheadh bunaithe ar choimhdeacht ghníomhach chun cuspóirí Straitéis an Aontais um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a bhaint amach; á iarraidh an t-idirphlé díreach leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a threisiú ar leibhéal an Aontais chun na críche sin agus na deiseanna maoinithe atá ar fáil faoi bhuiséad an Aontais a atreisiú mar chuid de chur chuige na coimhdeachta gníomhaí;

3.

á mheabhrú go bhfuil nasc díreach idir fás eacnamaíoch na lárionad uirbeach agus sreabhadh líofa na soghluaisteachta, agus go mbraitheann sreabhadh maith soghluaisteachta ar chnámh droma láidir an iompair phoiblí; á chur i bhfios go gcosnaíonn an brú tráchta EUR 270 billiún in aghaidh na bliana (1) ar leibhéal an Aontais de bhreis ar an tionchar atá aige ar an gcomhshaol. Meabhraítear do CnaR an tearc-chistiú ainsealach a rinneadh ar bhonneagar iompair phoiblí le fiche nó tríocha bliain anuas, agus leagann sé béim ar an ngá atá le cistiú an Aontais a mhéadú chun dlús a chur leis an aistriú soghluaisteachta agus chun tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna hinfheistíochtaí is gá chun spriocanna inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach;

4.

ag deimhniú go dtacaíonn sé leis an mbéim atreisithe ar Phleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMPanna) agus an cuspóir cur chuige níos comhchuibhithe a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais; á chur i dtábhacht an tairbhe chomhshaoil agus shochaíoch a bhaineann le soghluaisteacht ghníomhach amhail an choisíocht agus an rothaíocht, go háirithe i réimse na sláinte poiblí, agus tá sé ag iarraidh go mbeadh cur chuige uaillmhianach ann sa treoir nuashonraithe atá ar na bacáin maidir le SUMPanna; á iarraidh go mbeadh cur chuige comhtháite ann maidir le leithdháileadh spáis agus pleanáil spásúlachta, agus leas á bhaint as dea-chleachtais sa réimse sin agus as cur chuige cuimsitheach sábháilteachta i limistéir uirbeacha; á chur i dtreis go háirithe a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach, agus go háirithe rannpháirtíocht na mban agus na ndaoine atá faoi mhíchumas, maidir le seilbh bhreise ar athruithe i leithdháileadh an spáis agus maidir le feabhas a chur ar an iompar poiblí i gceantair uirbeacha;

5.

á chur i bhfáth go mbíonn tionchar ag cinntí polaitiúla i réimse na soghluaisteachta ar na hinscní ar bhealaí éagsúla mar is mó úsáid a bhaineann na mná ná na fir as an gcóras iompair phoiblí de réir an traidisiúin, áit a mbíonn na fir i dtuilleamaí an chairr; ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag tograí beartais ar na hinscní san am atá le teacht sula gcuireann siad a dtogra féin ar aghaidh;

6.

á thabhairt le fios go bhfuil gá le creat tacaíochta chun tacú le hiarrachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach le hinmheánú na gcostas seachtrach, sin agus le cur chun feidhme an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a chaithfidh íoc as an truailliú, chomh maith le solúbthacht mhéadaithe i ndáil le próisis bhuiséadacha. Sa chomhthéacs sin, is tábhachtach an rud machnamh a dhéanamh ar chúrsaí i dtíortha Oirthear na hEorpa faoi láthair, go háirithe sna réigiúin atá ar bheagán forbartha. Is minic sna tíortha sin líon na bhfeithiclí truaillitheacha (gluaisteáin, busanna) níos airde ná a líon in iarthar na hEorpa. Níor mhór rialáil a dhéanamh i leith dhíol na bhfeithiclí is measa a dhéanann truailliú ar leibhéal an Aontais (Euro 1-Euro 4), ós rud é go bhfuil na feithiclí sin á n-aistriú ó mhargadh Iarthar na hEorpa go dtí margadh Oirthear na hEorpa. I ndáil leis an méid sin, ba thábhachtach an rud freisin do na réigiúin agus do na tíortha is boichte scéimeanna tacaíochta a fhorbairt ionas go bhféadfaidh siad na coinníollacha atá i gceist in Iarthar na hEorpa a chomhlíonadh; á iarraidh go mbeadh cur chuige ann maidir leis an méadú ar phraghsanna peitril de thoradh ar an gcomhthéacs geopholaitiúil atá comhsheasmhach le cuspóirí dícharbónaithe iompair an Aontais; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhféadfaí fóirdheontais phoiblí a úsáid chun tacú le seirbhísí iompair phoiblí ghlasa agus chun aistriú módach i gceantair uirbeacha a spreagadh, chomh maith le heisiamh soghluaisteachta a chomhrac i gceantair fho-uirbeacha agus sna ceantair thuaithe fhorimeallacha;

Ról lárnach don tsoghluaisteacht ghníomhach

7.

á chur i dtreis gur rud gan chostas atá ann don choisí, rud sláintiúil inbhuanaithe, a bheith ag dul ó áit go háit i muinín na gcos; á chur i bhfáth gur modh iompair atá inacmhainne agus neodrach ó thaobh carbóin de í an rothaíocht, modh iompair furasta a cheangal le modhanna iompair eile; á mholadh don Choimisiún, dá bhrí sin, bearta múscailte feasachta a dhéanamh i ndáil leis an tairbhe atá ag roinnt leis an tsoghluaisteacht ghníomhach i gcás úsáid feithiclí príobháideacha, agus béim ar leith ar an gcaoi ar féidir leis an tsoghluaisteacht ghníomhach tinneas agus easláinte a eascraíonn as saol róshocair a chosc, galair chardashoithíocha, an rómheáchan agus diaibéiteas, cuir i gcás;

8.

á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur oth leis, ainneoin na mbuntáistí sin, gurb iad na modhanna iompair is ciontaí i dtruailliú na gcathracha, i.e. feithiclí aonair peitril agus díosail, is mó a bhfuil forlámhas acu ar an spás poiblí atá ann i gcomhair na soghluaisteachta; á iarraidh le teann práinne ar an gCoimisiún Eorpach na húdaráis áitiúla a bhrostú, trí bhíthin maoiniú nua, chun an spás sin a athbhronnadh ar shoghluaisteacht a bheidh níos aclaí, an siúl nó an rothaíocht, cuir i gcás, mar aon le córas iompair phoiblí a bheidh láidir dea-struchtúrtha comhtháite;

9.

á chur in iúl go dtéann an choisíocht agus an rothaíocht chun tairbhe do mhicreagheilleagar na comharsanachta agus an phobail toisc go mbaineann na coisithe agus na rothaithe úsáid as gnólachtaí agus seirbhísí atá cóngarach don teach nó don áras cónaithe atá acu féin; á chur i bhfios freisin go dtéann turais den chineál sin chun tairbhe do shláinte na ndaoine – go háirithe daoine a bhfuil tinnis chardashoithíocha áirithe orthu – agus, dá bhrí sin, gur lú airgead poiblí a bhíonn a chaitheamh de bharr na dturas sin;

10.

á thabhairt chun suntais an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an micrishoghluaisteacht ina réiteach solúbtha agus inacmhainne ar an gcéad mhíle den bhealach agus ar míle deiridh go ceann scríbe, sin agus níos faide ó bhaile; á chur i bhfios a thábhachtaí atá dálaí maithe inrochtaineachta do mhodhanna gníomhacha iompair lena n-áirítear áiseanna sábháilte páirceála le haghaidh na rothar ag nóid iompair phoiblí (e.g. stáisiúin), agus daoine a bheith ar aon mhodh amháin taistil le chéile an míle deiridh den bhealach; á iarraidh go bhféachfaí le córas micrea-shoghluaisteachta a chur ar bun i gceantair pheirea-uirbeacha agus i gceantair thuaithe freisin;

11.

ag cur béime dó ar an tábhacht a bhaineann le daoine aonair a spreagadh chun rothair a cheannach, lena n-áirítear ríomhrothair, d’fhonn dícharbónú a chur chun cinn agus brú tráchta a laghdú; ag athdhearbhú an ghá atá le spreagadh chun deireadh a chur, de réir a chéile, le bearta na hearnála príobháidí, lamháltais le haghaidh gluaisteáin cuideachta agus roghanna soghluaisteachta níos inbhuanaithe a chur ina n-ionad;

12.

á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena gcuid oibre i dtreo Straitéis Rothaíochta Eorpach, mar a pléadh den chéad uair le linn Chomhairle neamhfhoirmiúil na nAirí Iompair in 2015, d’fhonn creat Eorpach agus treoirlínte do bheartais rothaíochta a chur ar fáil;

13.

á mholadh soghluaisteacht ghníomhach a chur chun cinn trí spás an bhóthair a roinnt ar bhonn níos cothroime, agus trí shábháilteacht ar na sráideanna agus bonneagar sráide a fheabhsú; á mholadh freisin go bhforbrófaí áiseanna páirceála rothar (ag dhá cheann an turais), stáisiúin seirbhíse poiblí le caidéil aeir, uirlisí agus stáisiúin luchtaithe, mar aon le háiseanna deisithe rothar; á thabhairt le fios go bhfuil an costas a bhaineann le raon rothar d’ardchaighdeán a thógáil agus a chothabháil i bhfad níos ísle ná an costas a bhaineann le bóithre nua a thógáil agus/nó na bóithre atá ann faoi láthair a leathnú;

14.

á chur i bhfios go bhfuil córais ann is cúnamh le brú tráchta agus limistéir astaíochtaí rí-ísle nó nialasacha a laghdú, agus le taisteal aonair le mótair a laghdú sna cathracha, córas na muirear, cuir i gcás, córais is cúnamh chun truailliú aeir le hocsaídí nítrigine agus le hábhar cáithníneach a laghdú chomh maith, le feabhas a chur ar an tsláinte phoiblí go háitiúil, córais a dtig leo ioncam riachtanach a sholáthar freisin chun bonneagar agus seirbhísí iompair phoiblí agus bonneagair agus seirbhísí na soghluaisteachta gníomhaí a fhorbairt agus a fheabhsú. Trí laghdú a chur ar an taisteal aonair le mótar, spreagann siad na saoránaigh le breis seilbhe a ghlacadh ar an timpeallacht máguaird, agus cruthaíonn siad spás le haghaidh gníomhaíochtaí sóisialta agus le haghaidh laghdú na leithlise, sin agus leis an aclaíocht agus an spórt a chur chun cinn san am céanna;

15.

á chur in iúl gur oth leis nach bhforáiltear faoi láthair i dtogra TEN-T ón gCoimisiún do shaoráidí roinnte/stórála rothar ná do bhealaí rochtana dírí isteach i moil ilmhódacha nóid uirbeacha TEN-T;

16.

á mholadh “straitéis soghluaisteachta gníomhaí sábháilte” a thabhairt isteach ar fud an Aontais chun freagairt Eorpach chomhordaithe a spreagadh ar an dúshlán a bhaineann leis an gcoisíocht agus an rothaíocht a dhéanamh chomh sábháilte agus is féidir;

17.

ag iarraidh go mbeidh caighdeán astaíochtaí Eorpacha eile ann le haghaidh gluaisteán, veaineanna, trucailí agus busanna (Euro 7/VII) chun astaíochtaí truailleán tocsaineach a laghdú (i.e. ocsaíd nítrigine, amóinia, aonocsaíd charbóin agus ábhar cáithníneach PM 10–2,5) agus chun na mílte daoine a shábháil ón mbás anabaí gach bliain; á chur in iúl gur oth leis go mór an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach a chuirfidh moill arís ar thograí Euro 7/VII ina Chlár Oibre 2022, rud is cúis amhrais faoin “uaillmhian maidir le truailliú nialasach” agus faoin tiomantas atá aige don Chomhaontú Glas don Eoraip, chomh maith le cumas an tionscail chun athruithe innealtóireachta a phleanáil a bheith á chur i mbaol aige;

Soghluaisteacht Inrochtana do Chách

18.

á iarraidh córas iompair phoiblí a bhfuil rochtain ag gach saoránach air, atá uilechuimsitheach trí dhearadh, agus daoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh go háirithe; ag leagan béim ar na buntáistí a bhaineann le húsáideoirí a áireamh go luath i bpleanáil bonneagair agus seirbhísí iompair; á dheimhniú a thábhachtaí atá an inrochtaineacht a leagtar amach i gcreat na Straitéise Eorpaí um Míchumas 2021-2030 agus na hIonstraime Eorpaí um Inrochtaineacht; á chur in iúl an tábhacht a bhaineann le tionscadail amhail “Gradam don Chathair is Inrochtana”;

19.

á iarraidh go mbeadh cur chuige níos cuimsithí ann chun inrochtaineacht a áirithiú le linn an aistir;

20.

á chur i bhfáth gur thábhachtach aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht soghluaisteachta ar mhaithe le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh cur chuige ilmhódach agus comhtháite ann chun dul i ngleic le heisiamh soghluaisteachta agus chun rochtain chothrom ar lárionaid uirbeacha a áirithiú; á chur in iúl gur maith leis i ndáil leis an méid sin, rún an Choimisiúin faoi mar a luaitear é i gcreat nua na soghluaisteachta uirbí, “neamhionannais rochtana ar an ngréasán iompair phoiblí, lena n-áirítear an rochtain ar stáisiúin traenach a fheabhsú”; á iarraidh freisin go dtabharfar tacaíocht bhreise do chathracha beaga, do na limistéir thuaithe agus do na limistéir shléibhtiúla pheirea-uirbeacha spleácha, go háirithe i réigiúin atá ar bheagán forbartha, chun nascacht na gcríoch sin agus rochtain chomhionann ar an aistriú soghluaisteachta inbhuanaithe a áirithiú le haghaidh a gcuid saoránach;

An t-iompar poiblí a threisiú mar bhunchloch na soghluaisteachta uirbí

21.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an rún a léirigh an Coimisiún “oibriú i gcomhar le riaracháin náisiúnta agus áitiúla agus leis na geallsealbhóirí uile chun a áirithiú go mbeidh an t-iompar poiblí ina bhunchloch faoin tsoghluaisteacht uirbeach”; á thabhairt chun suntais gur gá na huirlisí agus na hacmhainní uile atá ar fáil a chomhordú chun na críche sin, lena n-áirítear an ról tábhachtach atá ag na Oibleagáidí Seirbhíse Poiblí (PSOnna) in áirithiú na nascachta sna lárionaid uirbeacha;

22.

á chur chun suntais a phráinní atá sé acmhainneacht fhoriomlán an iompair phoiblí a mhéadú, ó thaobh clúdach geografach agus minicíocht na nasc de, chun freastal ar an méadú a mheastar a thiocfaidh ar líon na bpaisinéirí; á mheabhrú, mar a chuir Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in iúl freisin, an tearcinfheistíocht ainsealach le fiche nó tríocha bliain anuas d’oibreoirí iompair phoiblí agus an bhearna infheistíochta atá fós rompu;

23.

á chur i bhfáth nach mór an t-iompar poiblí a chomhlánú le tairiscintí malartacha agus le coincheapa ilmhódacha; á iarraidh i ndáil leis sin go mbeadh réitigh sholúbtha éileamh-bhunaithe do thús agus do dheireadh aistir; á chur i bhfáth chomh maith céanna a thábhachtaí atá sé an tsoghluaisteacht ghníomhach a chur chun cinn, go mór mór an rothaíocht;

24.

á chur i bhfios gur gá bonneagar iompair phoiblí inbhuanaithe a sholáthar agus a leathnú amach lena n-áirítear córais luchtaithe iomchuí do bhusanna leictreacha a fhágfaidh gur féidir taisteal idiruirbeach a dhéanamh ainneoin bóithre na dúiche a bheith go dona, agus ainneoin cúrsaí aeráide a bheith mífhabhrach. Chuirfeadh a leithéid sin de bhonneagar le luas na tráchtála;

25.

á iarraidh go ndéanfar moil ilmhódacha a neartú chun foráil a dhéanamh maidir le haistrithe rianúil idir modhanna éagsúla iompair, lena n-áirítear feabhas ar inrochtaineacht na soghluaisteachta gníomhaí agus soláthar áiseanna sábháilte páirceála le haghaidh na rothar, chun aistriú daoine agus earraí a áirithiú a bheidh níos tapúla agus níos éifeachtaí ó áit go háit;

26.

ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le naisc pheirea-uirbeacha, lena n-áirítear naisc thrasteorann, ós rud é nach stopann an chomaitéireacht ag teorainneacha na cathrach, agus ós amhlaidh nár mhór í a éascú freisin sna ceantair thuaithe agus trasna na teorann náisiúnta i réigiúin na teorann – áiseanna páirceála agus taistil a chur ar fáil a bheadh nasctha leis an ngréasán iompair, cuir i gcás;

27.

á chur i bhfios go bhfuil gá le bearta chun seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil de réir an éilimh atá orthu, go háirithe i gceantair thuaithe imeallacha nó forimeallacha; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a chur ar fáil chun réitigh den sórt sin a thriail mar aon le córas chun an cineál sin seirbhíse a mhaoiniú agus a fhóirdheonú;

28.

á chur i bhfios go mbíonn brú mór tráchta sna réigiúin forimeallacha, sna bailte móra go háirithe, sin agus ar feadh an chósta, rud atá amhlaidh mar gheall ar luí na tíre, agus mar gheall gur réigiúin chúnga iad atá ar bheagán slí. Mar sin féin, tá tionscadail á bhforbairt chun iompar a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos glaine sna réimsí sin, agus is féidir leo feidhmiú mar dhea-chleachtas i gcomhair réigiúin eile san Aontas agus i dtíortha na comharsanachta;

29.

á chur i dtreis a thábhachtaí atá ticéadú ilmhódach chun go mbeidh modhanna iompair inbhuanaithe chomh hinrochtana agus chomh héifeachtúil agus is féidir d’úsáideoirí, agus cearta paisinéirí a bhaineann le moilleanna agus easnaimh eile seirbhíse á gcosaint go cuimsitheach san am céanna;

30.

á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí tacú le soláthar poiblí comhpháirteach d’oibreoirí iompair phoiblí nó d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha ar mian leo teacht le chéile sa réimse sin chun próisis cheannaigh atá níos inbhuanaithe agus níos caighdeánaithe a bhaint amach; á iarraidh go mbeadh sásra cistiúcháin AE athnuaite ann chun tacú le soláthar busanna glana agus á chur i dtábhacht gur gá a áirithiú go mbeidh rialacha buiséadacha an Aontais i gcomhréir le fíordhálaí ceannacháin rothstoic;

31.

á chur in iúl gur gá tacú le hathoiliúint agus uas-sciliú oibreoirí iompair phoiblí agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i gcomhthéacs dhigiteáil mhéadaithe na seirbhísí agus na gcóras iompair phoiblí;

32.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá forbairt agus nuachóiriú bhonneagar na n-iarnród, go háirithe i réimsí ina bhfuil fianaise go bhfuil meath mór ag tarlú, agus a thábhachtaí atá forbairt na scéimeanna tacaíochta chomh maith;

Fís Nialais

33.

á chur chun suntais go bhfuil cur chuige níos uaillmhianaí maidir le húsáideoirí leochaileacha bóithre a chosaint ríthábhachtach má táthar chun tuilleadh aistrithe módacha chuig modhanna iompair gníomhacha a spreagadh;

34.

á chur i bhfios go láidir gur ag cur chuige athnuaite maidir le leithdháileadh spáis bóthair i limistéir uirbeacha is mó a bheidh tionchar ar shábháilteacht na n-úsáideoirí soghonta bóthair, agus san am céanna go spreagfar athrú iompraíochta agus go laghdófar truailliú aeir agus truailliú torainn, chomh maith le plódú; á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún Eorpach treoir a chur ar fáil maidir leis sin i ndáil le cur chun feidhme Threoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú;

35.

ag cur béime dó ar an tionchar mór a bheadh ag laghduithe luais foriomlána ar fheabhsú na sábháilteachta ar na bóithre i gceantair uirbeacha faoi mar a chuir Coimisiún na gComhphobal Eorpach i bhfios an chéad uair i dTeachtaireacht maidir le “Luasteorainneacha sa Chomhphobal” (3); ag athdhearbhú ghlao Pharlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún Eorpach moladh do na Ballstáit (4) teorainn luais 30 km/uair a thabhairt isteach sna sráideanna ábhartha i gceantair uirbeacha; á thabhairt chun suntais gur dearfach don tionchar atá léirithe ag an athrú beartais sin i gcathracha éagsúla trí líon na ndaoine a gortaíodh ar na bóithre a laghdú, sin agus tionchar dearfach a imirt go ginearálta ar shláinte na ndaoine sna cathracha, faoi mar a d’fhormhuinigh an 3ú Comhdháil Aireachta Dhomhanda maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre i mí Feabhra 2020 agus ina dhiaidh sin ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe;

36.

á chur i bhfáth go mbíonn tionchar dearfach ag laethanta saor ó thrácht na gcarranna ar na cathracha, ós rud é go dtugann siad deis do na saoránaigh malairt modhanna iompair a chleachtadh agus cuidiú leis na saoránaigh teacht i seilbh ar spásanna poiblí as an nua; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra a thabhairt i gceist chun cuireadh a thabhairt do chathracha san Aontas lá comhchuibhithe amháin ar a laghad a bhaisteadh in aghaidh na bliana ina lá saor ó thrácht na gcarranna;

37.

á chur i bhfáth gur gá sráideanna a dhearadh do thrácht ar luas íseal agus feabhas a chur ar infheictheacht na n-úsáideoirí is leochailí sa spás poiblí; ag leagan béim ar a éifeachtaí atá an bonneagar moillithe tráchta, chomh maith leis na bearta tacaíochta;

38.

á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí sin a ghlacadh sa treoir a thabharfaidh sé amach anseo maidir le bonneagar ardchaighdeáin d’úsáideoirí soghonta bóthair.

Soghluaisteacht uirbeach a sheasfaidh an aimsir

39.

á chur i dtábhacht go bhfuil ról tábhachtach ag réitigh theicneolaíocha nua maidir le cathracha a fhorbairt arb éasca cónaí iontu, ach gur cheart an teicneolaíocht atá ann cheana mar rothair leictreacha (lasta), nó busanna leictreacha (busanna tralaí) agus tramanna agus traenacha a bheith mar bhunchloch nuair is ar iompar lasta agus paisinéirí atá saor ó astaíochtaí atáthar ag díriú;

40.

á chur i dtreis gur thábhachtach dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo ticéadú comhtháite ar fud na modhanna iompair phoiblí ar fad; á iarraidh ar an gCoimisiún forbairt aipe caighdeánaithe AE a bheartú faoi riail choiteann d’fhonn rochtain a éascú i gcathracha ar fud an Aontais agus d’fhonn úsáid an iompair phoiblí a chur chun cinn, rud a mbeadh tionchar dearfach aige ar an turasóireacht ar na hiarnróid agus ar an gcomaitéireacht;

41.

á iarraidh go mbeadh dlúthchomhar luath le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí, ag oibreoirí iompair agus ag paisinéirí, mar a léirítear i gcreat nua na soghluaisteachta uirbí;

42.

á mheabhrú gur réiteach í an tsoghluaisteacht chomhroinnte chun trácht i gcathracha agus na fadhbanna a bhaineann le plódú a laghdú, agus gur cheart forbairt na soghluaisteachta sin a spreagadh;

43.

á thabhairt le fios gur modh tábhachtach é bailiú sonraí chun bonneagar iompair a phleanáil agus, dá bhrí sin, gur cheart na sonraí go léir a bhailítear a chur ar fáil do gach gníomhaí ábhartha; á chur in iúl gur tábhachtach réitigh soláimhsithe a éascú, lena n-áirítear aipeanna móibíleacha ilfheidhme, ach nach mór cosaint sonraí a áirithiú freisin. Is gá modheolaíocht chomhchoiteann chomhordaithe a chur chun feidhme sna réigiúin éagsúla chun sonraí a bhailiú a éascóidh malartú na ndea-chleachtas agus an chomparáid idir táscairí soghluaisteachta iontaofa;

44.

á chur i dtreis nach mór gné na hinscne a chur san áireamh go hiomchuí agus beartais soghluaisteachta inbhuanaithe á gceapadh, agus riachtanais shonracha na mban agus a leochaileacht bhreise i leith na bochtaineachta soghluaisteachta á gcur san áireamh, chomh maith le riachtanais grúpaí eile;

SUMPanna mar phríomhuirlis chun an tsoghluaisteacht uirbeach a dhícharbónú

45.

á dheimhniú go dtacaíonn CnaR leis an mbéim atreisithe ar Phleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMPanna), i gcomhthéacs chreat na soghluaisteachta uirbí, agus mar cheanglas éigeantach do na 400+ nód uirbeach a shainítear faoin athbhreithniú atá beartaithe ar Rialachán TEN-T. Mar sin féin, cathracha/bardais a bhfuil pleananna forbartha acu cheana féin, pleananna a chomhlíonann na ceanglais maidir le SUMPanna, ba cheart ligean dóibh na pleananna sin a chur i bhfeidhm;

46.

ag tacú leis an moladh freisin, go nglacfadh cathracha SUMPanna; á chur i bhfáth, áfach, gur gá SUMPanna a tharraingt suas is féidir a leathnú amach chuig ceantair ina bhfuil bardais éagsúla atá ag feidhmiú mar limistéir uirbeacha nó mar chomhbhailte uirbeacha;

47.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a iarraidh ar na Ballstáit cláir thacaíochta fhadtéarmacha maidir le SUMPanna a chur chun feidhme d’fhonn cuidiú le fothú acmhainneachta agus le cur chun feidhme SUMPanna i gcomhréir le treoirlínte AE maidir le SUMPanna agus tá dlúthchomhar éigeantach leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha á iarraidh aige sa chomhthéacs sin; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthchomhar a éileamh idir bainisteoirí cláir náisiúnta SUMPanna atá beartaithe agus ionadaithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar an láthair, agus faireachán a dhéanamh ar an gcomhar sin ar an leibhéal praiticiúil;

48.

á chur in iúl go láidir gur ríthábhachtach, chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú soghluaisteachta i limistéir uirbeacha, go gcumhdófaí limistéir feidhme go héifeachtúil ina n-iomláine le SUMPanna; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun nascacht fheabhsaithe agus rochtain ar sheirbhísí soghluaisteachta a dhreasú i gceantair fho-uirbeacha, pheirea-uirbeacha agus sna ceantair thuaithe máguaird;

49.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tacar cuíchóirithe de tháscairí agus d’uirlisí tagarmharcála a fógraíodh agus atá le foilsiú faoi dheireadh 2022, chomh maith leis an nGníomhaíocht Tacaíochta Cláir maidir leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa atá beartaithe chun tacú le nóid uirbeacha TEN-T sa réimse sin. Mar sin féin, níor cheart ualach rómhór oibre a chur ar na cathracha/bardais mar thoradh ar fhorbairt agus ar fhaireachán na dtáscairí;

50.

á chur i dtábhacht go bhfuil gá le bailiú sonraí comhchuibhithe i réimsí tábhachtacha (e.g. ciliméadair na raon rothar, úsáideoirí laethúla, timpistí, cineálacha líonraí), i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, chun bonn eolais níos fearr a chur faoi chúrsaí cinnteoireachta, agus do roghanna infheistíochta san am atá romhainn maidir leis an tsoghluaisteacht ghníomhach, lena n-áirítear i gcomhthéacs SUMPanna; An t-ualach riaracháin a ghabhann le bailiú sonraí, le soláthar sonraí, agus le riar na sonraí, is ualach é ba cheart a fhágáil chomh híseal agus is féidir;

51.

ag cur na gcuspóirí nua atá creat nua na soghluaisteachta uirbí i dtábhacht, is é sin cuspóirí maidir le cuimsiú agus inrochtaineacht, agus is díol sásaimh dó táscaire a bheith ann maidir le hinacmhainneacht an iompair phoiblí i ndáil leis an treoir nuashonraithe SUMP; is cúnamh atá sa méid sin leis na rioscaí féideartha is toradh ar an mbochtaineacht soghluaisteachta a mhaolú;

52.

á áitiú, agus tacaíocht á tabhairt d’fhorbairt SUMPanna, agus d’fhonn prionsabal na coimhdeachta a urramú, gur cheart don Choimisiún Eorpach an comhairliúchán díreach le cathracha Eorpacha gona gcomhlachais a atreisiú ina chuid oibre leanúnaí, sin agus san obair a bheidh á déanamh ar tháscairí do SUMPanna san am atá le teacht. Tugann CnaR dá aire más ea go raibh 50 cathair páirteach sa treoirthionscadal a bhí ann le déanaí maidir le táscairí soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (SUMI) a fhorbairt, agus tugann sé le fios san am céanna go bhfuil SUMPanna ar ardchaighdeán forbartha ag a lán cathracha Eorpacha maille le táscairí oibríochtúla. D’fhéadfadh CnaR for-rochtain níos leithne agus sreafaí faisnéise níos dírí idir leibhéal an Aontais agus leibhéal na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a éascú san am atá romhainn ionas nach gcuirfidh na táscairí atá á moladh ag an gCoimisiún Eorpach an iomarca maorlathais ná obair in aisce ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

53.

á chur in iúl gur maith leis go bhfuiltear ag díriú i gcreat nua na soghluaisteachta uirbí ar lasta uirbeach, agus go bhfuil sé beartaithe lóistíocht uirbeach a chomhtháthú le SUMPanna, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh atá tagtha ar an ríomhthráchtáil agus i bhfianaise na n-athruithe ar phatrúin dáileacháin lasta a d’eascair as paindéim COVID-19; á chur in iúl go láidir an acmhainneacht thábhachtach a bhaineann le réitigh, teicneolaíochtaí agus feithiclí atá saor ó astaíochtaí don lóistíocht uirbeach; ag spreagadh úsáid rothar lastais nua-aimseartha agus leantóirí rothar, ós rud é go bhféadfaí thart ar leath de na turais mhótair ar fad le haghaidh iompar earraí laistigh de chathracha na hEorpa a aistriú chuig rothair; á mheabhrú go ndearna airí iompair an Aontais an cuspóir sin a leagan amach cheana in 2015 sa “Dearbhú maidir le Rothaíocht mar mhodh iompair atá neamhdhíobhálach don aeráid”;

54.

á iarraidh go ndéanfaí bearta cumasúcháin chun tacú le húsáid iarnróid uirbigh le haghaidh iompair lasta;

55.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an rún atá ann idirphlé agus comhar idir na páirtithe uile a spreagadh, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla, agus tacú le comhroinnt sonraí maidir le lóistíocht uirbeach mar bhonn chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus ar an bpleanáil fhadtéarmach; á iarraidh go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go gníomhach maidir leis na ceanglais tuairiscithe a bheartaítear a bheith nasctha le táscairí sruthlínithe na soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe;

Cistiúchán

56.

á chur i dtreis nach mbeifear in ann an t-aistriú módach suntasach chuig modhanna iompair poiblí agus gníomhacha a bheartaítear le creat nua na soghluaisteachta uirbí agus leis an Straitéis Chuimsitheach um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a bhaint amach ach amháin le tacaíocht neartaithe agus chomhordaithe ó údaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, agus go háirithe le cistiú níos spriocdhírithe;

57.

á iarraidh ar an gCoimisiún forléargas níos mionsonraithe a thabhairt ar na foinsí cistithe atá ar fáil don tsoghluaisteacht uirbeach agus ar na bealaí inar féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rochtain a fháil ar na hacmhainní sin; á chur i dtreis san am céanna a thábhachtaí atá straitéisí fadtéarmacha agus buiséid fhadtéarmacha chun creat cobhsaí a chur ar fáil do phleanáil agus d’infheistíocht na soghluaisteachta uirbí;

58.

á chur in iúl gur cúis imní dó go bhfuil an cistiú atá ar fáil don tsoghluaisteacht uirbeach faoi ionstraimí an Aontais teoranta go maith go hiarbhír, deacair nó mí-oiriúnach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rochtain a fháil air agus/nó go mbraitheann sé ar thosca treallacha amhail comhar fabhrach idir na leibhéil rialachais náisiúnta agus fonáisiúnta; á iarraidh go méadófaí, laistigh den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, méideanna na gclár agus na n-uirlisí a bheidh inrochtana mar chistiú díreach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

59.

á chur in iúl gur ábhar imní é go bhféadfadh sé a bheith deacair gnéithe áirithe de na rialacha dá bhforáiltear i gCóras Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte (CECES) a réiteach go praiticiúil le hinfheistíochtaí suntasacha bonneagair ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe an ceanglas caiteachas den sórt sin i mbliain airgeadais aonair a thaifeadadh, rud a chruthóidh easnamh ró-ard sna cuntais réigiúnacha chomhfhreagracha; á mholadh an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcistiúchán atá ar fáil ón Aontas trí chur ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach an caiteachas sin a thaifeadadh ina gcuntais de réir a chéile le linn shaolré an bhonneagair;

60.

á thabhairt dá aire go raibh roinnt mhaith údarás áitiúil agus réigiúnach ag súil le bearta níos láidre ar leibhéal an Aontais chun inmheánú na gcostas seachtrach in earnáil an iompair a spreagadh agus chun an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus an prionsabal “íoc mar a úsáidtear” a chur i bhfeidhm ar bhealach níos córasaí; á chur in iúl go bhfuil gá le creat tacaíochta a bheith ag gabháil le hiarrachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i ndáil leis an méid sin;

61.

ag áitiú gur cheart an t-ioncam ón gcáin CO2 a dhíriú ar an ngréasán iarnróid nó rothaíochta agus ar thionscadail bonneagair inbhuanaithe eile – rudaí atá riachtanach le haghaidh aistriú an chórais iompair. Ar an iomlán, cuid lárnach de bheartas soghluaisteachta ciallmhar atá neamhdhíobhálach don aeráid is ea cáin éifeachtach CO2 a bheith ann;

Rialachas agus malartú dea-chleachtais

62.

á chur i dtreis an gá atá le cur chuige éifeachtach rialachais il-leibhéil a bheadh bunaithe ar choimhdeacht ghníomhach; á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a rannpháirtiú níos dlúithe leis an Sainghrúpa athchóirithe maidir le Soghluaisteacht Uirbeach mar aon le hionadaithe na mBallstát, agus á iarraidh ar an gCoimisiún ról a thabhairt do CnaR sa chomhthéacs sin; ag cur béim ar an tábhacht atá le hionadaíocht na bpríomhghníomhaithe soghluaisteachta (coisithe agus rothaithe) a threisiú i bpleanáil na soghluaisteachta uirbí, chomh maith le húsáideoirí iompair phoiblí;

63.

á iarraidh go ndéanfaí dea-chleachtais a mhalartú lena ndíreofar ar bhonneagar leordhóthanach lena gcuirtear spásanna sábháilte agus compordacha ar fáil le haghaidh soghluaisteacht ghníomhach amhail an choisíocht agus an rothaíocht; á chur i dtreis, i ndáil leis sin, an tábhacht a bhaineann le lánaí ar leith do choisithe agus do rothaithe;

64.

á iarraidh, maidir le sábháilteacht ar bhóithre, go mbeadh malartú taithí agus dea-chleachtas ann chun athrú iompraíochta a áirithiú;

65.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-ardleibhéal spéise a chuir cathracha an Aontais i Misean an Aontais maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste, rud a léiríonn tiomantas láidir neart cathracha san Aontas an t-aistriú soghluaisteachta a chur i gcrích, ach ina theannta sin, an gá atá le tacaíocht bhreise airgeadais, theicniúil agus straitéiseach ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún an móiminteam sin a choinneáil trí rannpháirtíocht chomh gníomhach agus is féidir a chur ar fáil do chathracha uile an Aontais ar mian leo a bheith rannpháirteach ann;

66.

á áitiú, go háirithe, nár cheart do Mhisean AE “Cathracha Aeráidneodracha Cliste” agus do “100 cathair atá neodrach ó thaobh na haeráide de” méadú chur ar an éagothromaíocht agus ar an éagsúlacht idir na cathracha is forbartha agus cathracha eile atá ag tarraingt na gcos; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar chuspóir an Mhisin chun tacú le cathracha uile an Aontais san aistriú glas;

67.

á iarraidh ar institiúidí an Aontais dea-shampla a thabhairt agus cláir chomhchosúla a ghlacadh leis na “100 cathair aeráidneodrach”;

68.

á iarraidh go ndéanfaí dea-chleachtais a mhalartú ar fud an Aontais maidir le hinacmhainneacht an iompair phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach freisin staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé córas iompair phoiblí saor in aisce a chur chun feidhme ar fud an Aontais d’fhonn aistriú módach a dhreasú. Ba cheart aghaidh a thabhairt sa staidéar seo ar ghnéithe sóisialta agus ar ghnéithe airgeadais araon, lena n-áirítear an tábhacht atá ag díolacháin ticéad i gcoinne na gcostas reatha atá ag méadú ar na húdaráis áitiúla agus ar na húdaráis réigiúnacha, sin agus ar na hoibreoirí iompair phoiblí chomh maith.

An Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Tuarascáil speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa 06/2020: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=53246

(2)  IO L 319, 29.11.2008, lch. 59.

(3)  COM(86) 735 final.

(4)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le creat beartais AE um shábháilteacht ar bhóithre 2021-2030 (IO C 132, 24.3.2022, lch. 45).


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/24


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Ról CnaR maidir le borradh a chur faoin taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta in oirchill COP27 agus COP28

(2022/C 498/05)

Rapóirtéir:

Olgierd GEBLEWICZ (PPE/PL), Uachtarán Réigiún na Pomaráine Thiar

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá na rialtais fhonáisiúnta maidir leis an uaillmhian aeráide a bhaint amach, agus béim ar leith á leagan ar chur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe amach anseo, agus maidir le comhlíonadh fhorálacha Chomhaontú Pháras d’fhonn an sprioc maidir leis an téamh domhanda a theorannú go 1,5 oC a bhaint amach;

2.

á chur in iúl gur oth leis an easpa aitheantais a thugtar do ról na n-údarás fonáisiúnta sna Conclúidí ón gComhairle an 21 Feabhra 2022 maidir le “Taidhleoireacht aeráide an Aontais Eorpaigh: Dlús a chur le cur chun feidhme thorthaí Ghlaschú”, agus béim á cur aige ar an tábhacht lárnach a bhaineann le taidhleoireacht aeráide agus le for-rochtain an Aontais Eorpaigh ar thríú tíortha d’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú, a glacadh ag COP26;

3.

ag tathant ar na rialtais náisiúnta nuair a bheidh téarmaí na spriocanna aeráide domhanda á gcaibidliú acu agus na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) agus na pleananna náisiúnta oiriúnaithe (NAPanna) á sainiú acu gur cheart a rialtais áitiúla agus réigiúnacha féin a rannpháirtiú ar shlí dháiríre sa phróiseas, ar an ábhar gurb iad siúd na gníomhaithe a dhéanann beart de réir bhriathar agus ghealltanais idirnáisiúnta na rialtas náisiúnta; á mheas, dá bhrí sin, gur éadóigh go mbeidh aon rath ar chur chun feidhme NDCanna i gcás nach bhformhuiníonn na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha iad agus gur cheart do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) an chéim sin a sheiceáil go córasach sula nglacfaidh sé leo; i ndáil leis sin, ag iarraidh ar na rialtais náisiúnta toscairí réigiúnacha agus áitiúla araon a áireamh ina dtoscaireachtaí caibidlíochta náisiúnta do chruinniú mullaigh UNFCCC ar son na haeráide;

4.

á chur i bhfios go bhfuil na cathracha agus na réigiúin ar thús cadhnaíochta maidir le dul i ngleic le hiarmhairtí an athraithe aeráide amhail tubaistí a bhaineann leis an aeráid, iarmhairtí sóisialta amhail an bhochtaineacht fuinnimh agus fadhbanna nua sláinte a bhaineann leis an aimsir, fadhbanna comhshaoil, cuir i gcás caillteanas suntasach na bithéagsúlachta, na n-éiceachóras agus na seirbhísí a ghabhann leo, chomh maith leis na neamhionannais atá ann cheana a bhfuil géaraithe orthu de dheasca an athraithe aeráide; á chur chun suntais go bhfuil gá leis an taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta chun spriocanna aeráide náisiúnta a bhaint amach, ós rud é gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a ullmhaíonn pleananna mionsonraithe oiriúnaithe agus maolaithe agus a chuireann chun feidhme iad, pleananna lena gcuirtear san áireamh go cruinn na dálaí comhshaoil áitiúla, na riachtanais shocheacnamaíocha agus an ceartas i réimsí an fhuinnimh agus na haeráide;

5.

á chur i bhfios gur féidir le gníomhaíochtaí rathúla aeráide a dhéantar ar leibhéal na gcathracha agus na réigiún a bheith níos uaillmhianaí ná spriocanna náisiúnta, agus é sin gan an fás agus an comhtháthú críochach a chur i mbaol, ós rud é go mbíonn “éifeacht léiriúcháin” nach beag aige sin agus gur féidir leis gníomhú mar luamhán do ghrúpaí polaitiúla náisiúnta agus fonáisiúnta a bhfuil sé d’aidhm acu beartais aeráide níos forásaí a ghlacadh;

6.

den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le líonraí aeráide na gcathracha agus na réigiún agus a ngníomhaíochtaí taidhleoireachta aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta a neartú d’fhonn athléimneacht pholaitiúil fhíorthábhachtach a fhorbairt mar a bheadh cóimheáchan ann i gcoinne aon titim siar a tharlódh ar an leibhéal náisiúnta agus, ar an gcaoi sin, b’fhéidir gnóthú spriocanna aeráide domhanda a choimirciú;

7.

á aithint gur trí theagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí ábhartha áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear gnólachtaí, ollscoileanna agus ionaid taighde, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na saoránaigh, is féidir leis na cathracha agus na réigiúin a gcion féin a dhéanamh chun feasacht a mhéadú maidir le gníomhaíochtaí ar son na haeráide agus chun cur le glacadh an phobail leo ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus domhanda, chomh maith le saol maith do chách a chinntiú agus a chur chun cinn laistigh de theorainneacha an phláinéid;

8.

á thabhairt chun cuimhne go raibh an clár oibre aeráide ar cheann de na príomhábhair a d’ardaigh painéil na saoránach agus Cruinniú Iomlánach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, as ar tháinig 49 gcinn de thograí a comhlánaíodh le bearta mionsonraithe. Tá saoránaigh an Aontais ag iarraidh go gcuirfí dlús leis an aistriú glas agus is tábhachtach leo go ndíreofaí ar an oideachas, ar chumarsáid níos fearr agus ar dhul i ngleic leis an gceartas sóisialta (1);

9.

á mheabhrú go bhfuil gné inscneach ar leith ag baint leis an athrú aeráide, ós rud é gur mó an difear a dhéanann iarmhairtí an athraithe aeráide do mhná ar fud an domhain; dá bhrí sin, is den ríthábhacht go mbeadh ceannairí ban rannpháirteach sa chaibidlíocht maidir leis an aeráid má táthar chun gníomhú éifeachtach ar son na haeráide a chur i gcrích. Is féidir leis an taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta cabhrú leis an mbearna sin a dhúnadh ar an ábhar go mbíonn níos mó ban, ar bhonn comhréireach, gníomhach sa pholaitíocht áitiúil;

10.

á chur chun suntais go bhfaightear mórchuid daoine óga sna cathracha atá ar thús cadhnaíochta sa ghníomhú ar son na haeráide: bíonn gluaiseachtaí agus tionscnaimh nua á gcruthú acu, cuir i gcás Stailc Aeráide na hÓige, rud a chuireann cineál nua brú ar na rialtais áitiúla, réigiúnacha agus dhomhanda. Trí chomhoibriú leis na heagraíochtaí don óige, cuireann cathracha na huirlisí cearta, na hardáin chearta agus an spás ceart ar fáil don aos óg chun a dtuairimí féin a chur in iúl i bhfoirm cruinnithe sráide nó trí pháirt a ghlacadh i gcruinnithe a gcomhairle áitiúla. I ndeireadh na dála, oibríonn na cathracha agus na réigiúin go tréan chun ceannairí an lae amárach a mhúnlú ionas go mbeidh siad réidh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna áitiúla agus ionadaíocht a dhéanamh ar a bpobal féin;

11.

á chur in iúl go bhfuil tábhacht thar na bearta le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach chun na deiseanna agus na rioscaí a shainaithint a chruthóidh gníomhaíochtaí aeráide pleanáilte don fhostaíocht, don ioncam agus do ghníomhaíocht eacnamaíoch na n-inscní éagsúla, na n-aoisghrúpaí éagsúla, na ngrúpaí gairme éagsúla agus na réimsí gnó éagsúla;

12.

den tuairim, i bhfianaise a chóngaraí atá siad do na saoránaigh, gur ionstraimí iad na cathracha agus na réigiúin chun cumhachtú pobail, féinchinntiúchán agus dea-rialachas a bhaint amach: de thoradh na taidhleoireachta ar an leibhéal fonáisiúnta cruthaítear nasc díreach idir na saoránaigh agus gnóthaí domhanda, rud a sháraíonn na heasnaimh dhaonlathacha a bhaineann leis an gceapadh beartas iltaobhach traidisiúnta a fhágann nach mbíonn na saoránaigh rannpháirteach sna cinntí a ghlactar;

13.

den tuairim gur féidir leis an taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta a cion féin a dhéanamh leis an gceann is fearr a fháil ar na dúshláin shonracha a bhaineann leis an taidhleoireacht idir stáit, amhail cásanna ina dtarlaíonn dúsháinn go minic agus deighiltí Thuaidh/Theas;

14.

ag tarraingt aird ar chomhghuaillíochtaí idirnáisiúnta réigiún agus bardas don ghníomhaíocht ar son na haeráide, cuir i gcás an Chomhghuaillíocht Under2, a chuireann go mór leis an mbeartas aeráide idirnáisiúnta ar an leibhéal fonáisiúnta agus ar cheart, dá réir sin, gur dlúithe an bhaint a bheidh aici le caibidlíochtaí na Náisiún Aontaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún na comhghuaillíochtaí sin a áireamh sa taidhleoireacht aeráide atá ar bun aige;

15.

ag tarraingt aird ar na leibhéil éagsúla ar ar féidir do ghníomhaithe fonáisiúnta an clár oibre aeráide idirnáisiúnta agus clár oibre aeráide an Aontais Eorpaigh a bhogadh chun cinn mar leanas:

(a)

beartais aeráide fhorásacha a ghlacadh laistigh dá ndlínsí agus geallsealbhóirí áitiúla agus ionadaithe grúpaí éagsúla a mhealladh san am céanna chun borradh a chur faoin gcur chun feidhme;

(b)

gníomhaithe fonáisiúnta eile a rannpháirtiú sa taidhleoireacht chothrománach le go dtabharfaidh siad gealltanas maidir lena spriocanna uaillmhianacha aeráide, rud a chruthóidh pobail chríochacha níos leithne agus níos láidre a bheidh uaillmhianach maidir leis an aeráid;

(c)

tionchar a imirt tríd an taidhleoireacht ingearach ar an mbeartas náisiúnta comhshaoil agus aeráide, agus guth láidir a chothú sa díospóireacht faoin aeráid agus san idirbheartaíocht stáit; teorainn a chur leis an damáiste a d’fhéadfaí a dhéanamh de thoradh drochbheartais náisiúnta;

(d)

obair Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) a chur chun cinn ar mhaithe leis an aeráid a chosaint ar an leibhéal áitiúil; dearcadh ar leith a chur ar fáil do phróiseas caibidlíochta UNFCCC;

(e)

rannpháirtíocht na saoránach a chur chun cinn chomh maith leis an idirphlé le líon mór saoránach éagsúil a chumasú ar mhaithe le gníomhú ar son na haeráide agus d’fhonn is gur mó an tiomantas a bheidh ann do bheartais aeráide bhreise;

(f)

comhoibriú leis na stáit chun feabhas a chur ar Thomhas, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) náisiúnta, toisc gur féidir leis na rialtais áitiúla agus réigiúnacha faisnéis níos mionsonraithe agus níos cruinne a chur ar fáil ná mar is féidir ar leibhéil eile;

(g)

fothú acmhainneachta, tacaíocht institiúideach nó cúnamh teicniúil a sholáthar do thríú tíortha.

16.

ag aithint cé na príomhdhúshláin chomhair atá ann maidir le taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta idir na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla san Aontas Eorpach agus i dtríú tíortha a fhorbairt amach anseo:

(a)

an spleáchas atá ann ar leibhéal an díláraithe, an neamhspleáchais pholaitiúil agus an daonlathais áitiúil;

(b)

an creat dlíthiúil teoranta lena leagtar amach na rialacha maidir le comhar idir cathracha agus réigiúin, chomh maith leis an gcomhar míchothrom agus neamhleordhóthanach idir cathracha/réigiúin agus rialtais náisiúnta;

(c)

maoiniú agus comhar neamhleordhóthanach idir cathracha/réigiúin agus institiúidí maoiniúcháin;

(d)

easpa foireann agus tacaíocht theicniúil, easpa fothú acmhainneachta agus easpa spreagtha, go sonrach i gcás cathracha agus réigiúin lagfhorbartha;

(e)

sonraí a bheith in easnamh maidir le tionscnaimh chomhair, rud a fhágann nach féidir rianú cuí a dhéanamh ar an taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta ná measúnú a dhéanamh ar a tionchar agus a tábhacht san iomlán;

(f)

easpa idirphlé struchtúrtha rialta leis an leibhéal fonáisiúnta sa chaibidlíocht maidir leis an aeráid agus le linn chruinnithe COP;

(g)

easpa rannpháirtíochta ó na rialtais áitiúla agus réigiúnacha in ullmhú an NDCanna.

17.

ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún Eorpach aghaidh a thabhairt ar a bhfuil de bhearnaí agus srianta ann agus dlús a chur leis an taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta idir cathracha agus réigiúin an Aontais Eorpaigh agus tíortha comharsanachta agus comhpháirtíochta an Aontais in oirchill na chéad Chomhdhálacha eile de chuid na bPáirtithe san Éigipt, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, agus níos faide i gcéin;

18.

á aithint a thábhachtaí atá sé díriú ar chathracha móra i bhfianaise a gcumhachta eacnamaíche agus an róil shuntasaigh atá acu maidir leis an ngéarchéim aeráide a chruthú agus maidir le réitigh thábhachtacha a fháil uirthi; i bhfianaise nádúr an athraithe aeráide, áfach, tá gá le freagairt atá comhtháite go hiomlán ar fud na críche ar fad; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí béim freisin ar chathracha beaga agus idirmheánacha, ar teoranta an pháirt a ghlacann siad i líonraí agus i dtaidhleoireacht chathrach agus ar lú an t-aitheantas idirnáisiúnta a fhaigheann siad; thairis sin, ba cheart gréasáin tuaithe idirnáisiúnta agus áitiúla atá ann cheana a úsáid chun malartú eolais a éascú;

19.

á chur i bhfáth go bhfuil oileánraí agus oileáin an domhain an-leochaileach i leith an athraithe aeráide, agus ag iarraidh go ndéanfar eolas faoin aeráid a mhalartú ar bhealach níos fearr idir oileáin an Aontais Eorpaigh féin agus idir na hoileáin sin agus oileáin sa chuid eile den domhan;

20.

réidh le feidhmiú mar an phríomhinstitiúid comhordúcháin le haghaidh taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta san Aontas agus sna tíortha comharsanachta. Tá CnaR réidh chun tuilleadh freagrachta a ghabháil air féin ag cruinnithe COP, chun ról comhordúcháin a ghlacadh chuige féin, agus chun ionadaíocht a dhéanamh ar sheasamh na n-údarás réigiúnach agus áitiúil ón Aontas, i gcomhpháirtíocht leis na Balcáin Thiar agus leis an Tuirc, chomh maith le Comharsanacht Oirthir agus Deiscirt an Aontais;

21.

á ghabháil air féin na tograí ó ARLEM agus CORLEAP maidir le saincheisteanna aeráide a chur faoi bhráid UNFCCC, faoi chuimsiú a rannpháirtíochta i dtoscaireacht oifigiúil an Aontais Eorpaigh chuig COP; ag iarraidh go gcuirfí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san áireamh i ngach céim d’ullmhú agus de chaibidlíocht COP;

22.

ag iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha, ar na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais agus ar na comhpháirtithe idirnáisiúnta uile, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá san Aontas, a bheidh ag rannchuidiú le cathracha, bailte agus láithreáin thionsclaíocha agus fuinnimh na hÚcráine a athfhoirgniú agus a atógáil i ndiaidh a scriosta de thoradh chogadh na Rúise, an infheistíocht a dhéanfar san atógáil a chur i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, d’fhonn na spriocanna seo a leanas a shroicheadh: glanastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050, geilleagar saor ó charbón, talmhaíocht inbhuanaithe, caomhnú agus athbhunú éiceachóras agus na bithéagsúlachta;

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bunaíodh clár oibre ar leith laistigh de phróiseas UNFCCC — Clár Oibre Feabhsaithe Lima maidir le hInscne agus an Plean Gníomhaíochta maidir le hInscne — chun aghaidh a thabhairt ar a laghad a cuireadh beartais aeráide chun feidhme ar bhonn inscne-fhreagrúil agus inscne-íogair agus chun a áirithiú go n-áireofar glórtha na mban sa phlé domhanda agus san idirbheartaíocht idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide, agus gur díol sásaimh dó go háirithe gur ceapadh pointí fócasacha náisiúnta maidir leis an inscne agus an t-athrú aeráide le haghaidh gach páirtí; faoi réir chun comhoibriú le UNFCCC agus le comhpháirtithe ábhartha eile sa réimse sin;

24.

á chur in iúl go dtuigeann sé ról na gcathracha i bhfeiniméan na himirce aeráide domhanda, lena gcuirtear poist agus dídean ar fáil dóibh siúd a bhíonn ag teitheadh ó dhrochdhálaí crua comhshaoil. Tá dúshláin eacnamaíocha agus dhaonnúla nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin le sárú ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ngeall ar iarmhairtí an athraithe aeráide toisc go nglacann siad le dídeanaithe aeráide a chuireann brú ar na hacmhainní teoranta is féidir le cathracha a chur ar fáil. San am céanna, is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, in éineacht le heagraíochtaí áitiúla agus geallsealbhóirí eile, freagairt thráthúil a thabhairt ar shaincheisteanna amhail anacair shóisialta agus tubaiste éiceolaíoch arb é an t-insreabhadh daoine isteach go ceantair uirbeacha is cúis leo;

Tiomantas chomhlachtaí CnaR um chaidreamh seachtrach don chlár oibre domhanda maidir leis an aeráid

25.

á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag an gcomhar idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha san Aontas Eorpach agus a bpiaraí i dtríú tíortha maidir le taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta a chur chun cinn, i.e. trí chomhghuaillíochtaí a chothú agus trí ghníomhaíochtaí atá dírithe ar thionscnaimh atá ann cheana agus tionscnaimh nua a chur chun cinn, a leathnú agus a mhaoiniú lena dtacaítear le malartú eolais agus dea-chleachtas trí líonraí Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chomh maith le comhar idir cathracha, amhail athbhreithnithe piaraí agus gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, cuairteanna ar an láthair, nascadh glas, meantóireacht agus cóitseáil idir comhpháirtithe;

26.

á chur in iúl go bhfuil gach comhlacht agus ardán de chuid CnaR a bhfuil cúram an chaidrimh sheachtraigh orthu (ARLEM, CORLEAP, meithleacha/comhchoistí comhairliúcháin, comhar idir piaraí agus an fóram “Cathracha agus réigiúin le haghaidh comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta”) gníomhach sna hiarrachtaí atá ar bun chun spriocanna domhanda aeráide a bhaint amach, spriocanna a bhfuil a dtiomantas dóibh léirithe acu ina bpleananna gníomhaíochta agus ina gcláir oibre faoi seach;

27.

á chur in iúl gur mór aige an acmhainneacht shuntasach neamhshaothraithe a bhaineann le taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta chun cur leis an aitheantas ar ról na gcathracha agus na réigiún i gcreat UNFCCC; á thabhairt dá aire, i ndáil leis sin, gur mar thoradh ar rannpháirtíocht chomhaltaí agus chomhpháirtithe ARLEM sa Domhan Theas a áiríodh an “comhar il-leibhéil” athuair i dtéacs Chomhshocrú Aeráide Ghlaschú ag COP26;

ARLEM

28.

á aithint go bhfuil an gníomhú ar son na haeráide ríthábhachtach d’obair ARLEM i ndáil le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus dá Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, rud a chuir tús le comhar breise idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha na Meánmhara, i.e. taidhleoireacht fhonáisiúnta, chun dul i ngleic leis na dúshláin chomhchoiteanna a chruthaíonn an t-athrú aeráide do gach críoch;

29.

ag moladh rannpháirtíocht ghníomhach ARLEM ag comhdhálacha airí an Aontais don Réigiún Meánmhuirí (UfM), amhail cruinnithe aireachta UfM maidir leis an ngeilleagar gorm, maidir leis an bhfuinneamh, agus maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide, ina gcuireann ionadaithe ARLEM béim go rialta ar ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus oiriúnú dóibh;

30.

á thabhairt dá aire, in ainneoin an chomhair sheanbhunaithe maidir le gníomhú ar son na haeráide atá ar siúl i gcathracha na Meánmhara, sna cathracha feadh an chósta go háirithe, rud is inmholta, gur cheart tuilleadh rannpháirtíocht gheografach a spreagadh i gcás na n-údarás áitiúil agus réigiúnach nach bhfuil lonnaithe cois cósta;

CORLEAP

31.

á thabhairt dá aire go leagtar béim shoiléir i dtosaíochtaí Chomhpháirtíocht an Oirthir i ndáil leis an gclár oibre aeráide ar dhlús a chur leis an aistriú glas, agus na treoracha a chuirtear chun cinn le Comhaontú Pháras, le clár oibre na Náisiún Aontaithe maidir le SDGanna agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip á nglacadh ag an am céanna. Tá spéis dháiríre á léiriú sa Chomhaontú Glas don Eoraip, a mheastar go minic a bheith mar chuid de na hiarrachtaí leathana náisiúnta atá á ndéanamh chun na cláir oibre náisiúnta ghlasa a ghlacadh atá i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta, go háirithe trí na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) agus trí na SDGanna;

32.

á chur chun suntais go bhfuil gach ceann de na réimsí idirghabhála a bhaineann leis an gComhaontú Glas áirithe sna straitéisí ar an leibhéal náisiúnta atá ag tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus gur ar réimse an fhuinnimh is mó a chuirtear treise;

33.

ag leagan béim ar an ngá atá ann tacaíocht, i bhfoirm maoiniúcháin agus cúnamh teicniúil, a thabhairt do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a fhéachann le foinsí soláthair fuinnimh eile a aimsiú seachas foinsí ón Rúis agus tús áite a thabhairt don fhuinneamh glan;

34.

ag tarraingt aird ar an tiomantas nach beag atá léirithe ag cathracha agus réigiúin ó thrí thír de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir (an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia) maidir le clár oibre glas an Aontais Eorpaigh trí bhíthin a gcomhaontuithe comhpháirtíochta, agus á chur in iúl gur díol mór sásaimh dó an cinneadh ón gComhairle Eorpach stádas mar thíortha is iarrthóirí a bhronnadh ar an Úcráin agus ar Phoblacht na Moldóive;

35.

á thabhairt dá aire gur gréasán suntasach maidir le gníomhú ar son na haeráide é brainse “an Oirthir” de Chúnant na Méaraí i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir. Tá 361 sínitheoir nua bailithe ag Cúnant Méaraí an Oirthir ó rialtais áitiúla atá toilteanach gealltanas a thabhairt go laghdóidh siad astaíochtaí CO2 faoi 30 % faoi 2030 agus go gcuirfidh siad lena n-athléimneacht trí oiriúnú don athrú aeráide;

Piaraí an mhéadaithe

36.

á chur chun suntais ról lárnach an chláir oibre ghlais agus na nascachta inbhuanaithe i bPacáiste um Méadú 2021 agus ag tacú le cur chun feidhme an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar a d’fhéadfadh cur go mór leis an aistriú glas sa réigiún (2);

37.

á aithint, laistigh de limistéar na mBalcán, a bhfuil d’acmhainneacht ag Líonra Cathracha na mBalcán “B40” mar chloch mhíle thábhachtach maidir le taidhleoireacht aeráide cathrach sa réigiún, líonra a bhfuil an fhorbairt inbhuanaithe agus gníomhú ar son na haeráide i measc a bpríomhréimsí tosaíochta. Tá 24 chathair san áireamh ann anois agus é d’aidhm aige cur lena ghníomhaíochtaí féin sa réigiún;

Rialachas il-leibhéil

38.

ag iarraidh go mbunófaí creat rialachais il-leibhéil dea-cheaptha ina leagfaí amach rialacha maidir leis an gcomhar Eorpach, náisiúnta agus fonáisiúnta i ndáil le taidhleoireacht aeráide laistigh den Aontas Eorpach agus a d’fhéadfaí a chur chun feidhme sna tíortha comhpháirtíochta. I ngeall ar an easpa tacaíochta agus cuimsithe a thugtar do bhardais agus do réigiúin bheaga agus lagfhorbartha, ba cheart, leis an gcreat, go dtabharfaí aird faoi leith ar rialtais áitiúla agus réigiúnacha den chineál sin atá faoi ghannionadaíocht, d’fhonn rannpháirtíocht chóir chomhionann sa phróiseas a áirithiú dóibh;

39.

ag moladh go gcuimhneofaí ar ambasadóirí aeráide de chuid na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a shainaithint as measc comhlachtaí CnaR um chaidreamh seachtrach, agus aird á tabhairt ar na hambasadóirí atá roghnaithe ag CnaR cheana thar ceann Chúnant na Méaraí agus thar ceann an Chomhshocraithe Aeráide agus sineirgí a chruthú eatarthu, rud a chuirfeadh ar a gcumas a rannchuidiú le toscaireacht oifigiúil CnaR chuig na COPanna a chomhordú go hinmheánach;

40.

ag iarraidh go mbeadh comhordú níos mó ann i measc na gcathracha agus na réigiún agus ráitis chomhpháirteacha á n-eisiúint acu in oirchill imeachtaí COP agus an athbhreithnithe dhomhanda in 2023, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe domhanda, lena n-áirítear na Rialtais Áitiúla agus na hÚdaráis Bhardasacha (LGMA), na Rialtais Áitiúla ar son na hInbhuanaitheachta (ICLEI), Regions4, an Chomhghuaillíocht Under2 agus Cúnant Domhanda na Méaraí; ag moladh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna Ballstáit agus sna tíortha comhpháirtíochta, go háirithe ó ARLEM, CORLEAP agus na Balcáin Thiar, cruinnithe iltaobhacha a eagrú idir ambasadóirí aeráide na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus ionadaithe na mBallstát;

41.

á thabhairt chun suntais an nasc a d’fhéadfadh a bheith ann idir taidhleoireacht aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta agus beartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh, go háirithe a thábhachtaí atá an tslándáil fuinnimh laistigh den aistriú fuinnimh glan agus cóir domhanda trí bheartas seachtrach fuinnimh agus trí thaidhleoireacht, agus aghaidh á tabhairt ar an ngéarchéim fuinnimh atá dulta in olcas ó tharla ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin agus ar bhagairt eiseach an athraithe aeráide;

42.

ag iarraidh ar an Aontas Eorpach dlús a chur lena rannpháirtíocht ar fud an domhain trí chomhpháirtíochtaí tiomnaithe a mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach iontu, i réimse na slándála fuinnimh, an aistrithe fuinnimh i dtreo samhail éifeachtúil in-athnuaite agus na leordhóthanachta straitéisí;

43.

ag leagan béim ar ról na gcathracha agus na réigiún mar mhoil nuálaíochta aeráide domhanda, áit a ndéanfar beartais nua a fhorbairt agus spriocanna maidir le laghdú astaíochtaí, oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide a shocrú atá níos uaillmhianaí ná na NDCanna; ag iarraidh an athuair go mbunófaí córas Rannchuidithe arna gCinneadh go Réigiúnach agus go hÁitiúil mar chomhlánú ar na NDCanna chun iarrachtaí na n-údarás fonáisiúnta a aithint, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a spreagadh chun astaíochtaí CO2 a laghdú;

Mol nuálaíochta

44.

á mholadh go ndéanfaí comhar idir an earnáil phríobháideach, na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus clár oibre na Náisiún Aontaithe maidir le smaointe nuálacha i leith na haeráide d’fhonn réitigh uathúla trasteorann a chur ar fáil a bheidh in ann an clár oibre domhanda maidir leis an aeráid a bhogadh chun cinn; ar a mhuin sin, is féidir le cathracha agus réigiúin aonair beartais nuálacha a chur chun feidhme, ar beartais iad is féidir a mhéadú nó a mhacasamhlú in áiteanna eile nuair a éireoidh leo; á mholadh, ina leith sin, go gcuirfí le tionscnaimh amhail Innovate4Cities mar chuid de cholún Nuálaíochta Chúnant Domhanda na Méaraí;

45.

á chur in iúl go ndéanann sé ionadaíocht thar ceann údaráis áitiúla agus réigiúnacha na mBallstát agus a dtionscnamh idirnáisiúnta comhpháirtíochta le linn an phlé Eorpaigh agus dhomhanda ar an nuálaíocht aeráide; i mbun comhar rathúil idir an tAontas Eorpach agus a chomhpháirtithe a chur chun cinn maidir le réitigh nuálacha aeráide;

Maoiniú

46.

á chur i bhfáth go bhfuil cistiú agus infheistíocht iomchuí ag teastáil le haghaidh taidhleoireacht aeráide agus uaillmhian aeráide ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé cistiú díreach a chur ar fáil do rialtais fhonáisiúnta chun gur féidir leo gníomhú ar son na haeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a chur i gcrích;

47.

ag leagan béim ar an ngá atá le sineirgíocht idir foinsí maoiniúcháin phoiblí agus phríobháidigh ar an leibhéal domhanda, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil; ag iarraidh go dtabharfaí tuilleadh tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear cistí díreacha, d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus dá bpiaraí seachtracha, rud a chuirfeadh dlús leis an taidhleoireacht aeráide agus le cur chun feidhme spriocanna Chomhaontú Pháras;

48.

ag iarraidh go gcuirfí cistí AE in áirithe a bheadh dírithe ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil lena ndéanfaí an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó. Is díol sásaimh ar leith é gur ag díriú ar an oiriúnú atá misean an Aontais, gona bhéim ar thacaíocht a thabhairt do 150 réigiún i dtreo conairí oiriúnúcháin, ach d’fhéadfaí an misean sin a leathnú agus a mhacasamhlú faoi chuimsiú mhaoiniú seachtrach an Aontais don troid i gcoinne an athraithe aeráide agus faoi chuimsiú an chúnaimh a thugtar do réigiúin eile san Afraic, i Meiriceá Laidineach agus san Áise;

49.

á thabhairt dá aire go bhfuil leibhéal éagsúil feidhmiúcháin margaí nó infheistíochtaí “glasa” le sonrú i gcathracha agus i réigiúin ar fud an domhain; i bhfách le rannpháirtíocht i dtionscadail agus i líonraí idir piaraí, a chuireann deis ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith ag foghlaim ó phiaraí ar mó an taithí atá acu faoi chineálacha eile cur chuige a chleachtar in áiteanna eile, agus ábhar spreagtha a thabhairt dóibh i leith a gclár oibre áitiúil nó réigiúnach féin. I ndáil leis sin, tá gá leis sin chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a gcuid straitéisí féin maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a ullmhú chun cosaint agus athléimneacht na bpobal áitiúil agus na ngnáthóg nádúrtha a mhéadú;

Taighde

50.

á aithint go bhfuil gá le cur chuige níos struchtúrtha maidir le measúnú a dhéanamh ar an taidhleoireacht aeráide leanúnach idirnáisiúnta agus fonáisiúnta agus go bhfuil gá le bailiú treisithe sonraí d’fhonn a raon feidhme a thuiscint sa tslánchruinne, go háirithe sa Domhan Theas; ag iarraidh go dtabharfar, leis na hiarrachtaí comhordúcháin, forléargas iomlán ar an ngníomhaíocht iltaobhach reatha maidir leis an aeráid ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe a fhad a bhaineann le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus a dtionscnaimh chomhpháirtíochta;

51.

ag iarraidh go gcuirfear sraith straitéisí agus ardán ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh féinmheasúnaithe agus féintuairiscithe maidir le gníomhú ar son na haeráide agus taidhleoireacht idirnáisiúnta.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Éilítear i dTogra 3/Beart 11 go ndéanfaí ceannaireacht an Aontais Eorpaigh a mhéadú agus go nglacfadh sé ról is mó agus tuilleadh freagrachta air féin ar mhaithe le gníomhaíocht uaillmhianach ar son na haeráide, aistriú cóir agus tacaíocht a chur chun cinn d’fhonn ar tharla de chaillteanas agus de dhamáistí a chur ina gceart ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(2)  CDR 109/2022, Pacáiste um Méadú 2021.


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/30


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Na cathracha agus na réigiúin a chuimsiú go struchtúrach in COP 27 UNFCCC

(2022/C 498/06)

Rapóirtéir:

Alison Gilliland (IE/PSE), Comhairleoir Cathrach Bhaile Átha Cliath

Doiciméad tagartha:

Tuairim ionchais

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Freagairt phráinneach mhórscála don éigeandáil aeráide trí bhearta oiriúnúcháin agus maolúcháin a nascadh le chéile go héifeachtach trí bhíthin gníomhaíocht il-leibhéil

1.

á chur in iúl gur cúis mhór imní dó torthaí an séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), lena leagtar béim ar an dochar suntasach atá déanta d’éiceachórais ar fud an domhain de dheasca guaiseacha aeráide agus lena ndeimhnítear go bhfuil sé ródhéanach cheana féin cuid mhór d’éifeachtaí an athraithe a leigheas; á thabhairt dá aire an fhianaise a áirítear sa tuarascáil lena dtarraingítear aird air gur minic nach mbíonn na bearta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide atá ann faoi láthair éifeachtach i ngeall ar mhaoiniú neamhleor agus drochphleanáil, nithe a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu ach rialachas níos cuimsithí a dhéanamh;

2.

ag cur béim air go n-aithnítear sna tuarascálacha ó IPCC gur príomhghníomhaithe iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ó thaobh réitigh maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a sholáthar; á athdhearbhú gurb iad na réigiúin agus na cathracha a chuireann 70 % de bhearta um maolú ar an athrú aeráide agus 90 % de bhearta um oiriúnú don athrú aeráide chun feidhme (1); á chur i bhfios go láidir nach mór do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na réitigh sin a chur ar fáil agus gur gá oibriú i gcomhar leo chuige sin agus nach foláir iad a bheith ina bhfreagairtí díreacha ar bhagairtí athraithe aeráide a mbíonn tionchar acu ar shráidbhailte, ar bhailte, ar chathracha agus ar a gceantair máguaird, a bhfuil a gcomhthéacs aeráide féin ag gach ceann díobh; á chur i bhfáth go bhfuil os cionn aon bhilliún duine i gceantair ísle atá i mbaol guaiseacha amhail ardú ar leibhéal na mara, turnamh cósta, tuillte ag an lán mara agus go bhfuil 350 milliún cónaitheoir uirbeach i mbaol ganntanas uisce ar fud an domhain;

3.

ag tagairt, i ndáil leis sin, do chomhaontú COP 26 maidir le hiarrachtaí a dhéanamh an méadú teochta a theorannú ag 1,5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch (2); á iarraidh go gcuirfí bearta aeráide chun feidhme ar bhealach níos tapúla;

4.

ag athdhearbhú na hachainí a rinne sé ar Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) chun oibriú i gcomhpháirtíocht le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht (UNCBD) agus le Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe (UNDP) chun creat comhsheasmhach a chur le chéile i ndáil leis an aeráidneodracht agus an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, i ndáil le cosaint na bithéagsúlachta agus i ndáil le forbairt inbhuanaithe, agus straitéisí forluiteacha á seachaint san am céanna; á chur in iúl gur mór aige Dearbhú Dhún Éideann maidir leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020 (3), ar sampla é de chur chuige cuimsitheach “uile-rialtas”;

5.

á athdhearbhú go bhfuil ról ceannaireachta ag an Aontas maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme i dtreo go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlús a chur le hiarrachtaí an Aontais aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus, san am céanna, an prionsabal “gan dochar a dhéanamh” a chur chun feidhme go córasach agus iarracht a dhéanamh gaibhniú carbóin agus sceitheadh carbóin a sheachaint; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an chonair atá leagtha síos leis an Dlí Aeráide Eorpach, leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55” agus le tionscnaimh spriocdhírithe, mar shampla, na misin AE “An tOiriúnú don Athrú Aeráide” agus “Cathracha Aeráidneodracha Cliste”; á chur ina luí nach foláir aird a thabhairt ar an ngéarchéim dhomhanda reatha agus ar na hiarmhairtí eacnamaíochta lena ngabhann agus cur leis an tacaíocht fad atáthar ag gabháil don chonair sin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta an aistrithe chuig fuinneamh glan, go háirithe i réigiúin atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise agus na pleananna aeráide á gcur chun feidhme agus réitigh fhadtéarma don leordhóthanacht fuinnimh á gcur ar fail;

6.

ag tarraingt aird air nár cheart cuspóir na slándála fuinnimh domhanda a mheas mar rogha mhalartach ar Chomhaontú Pháras; ag iarraidh ar na Páirtithe dlús a chur leis an aistriú chuig córas fuinnimh arna chumhachtú go hiomlán le fuinneamh in-athnuaite agus neamhthuilleamaíocht fuinnimh a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal leis an fhreagairt atá sa phlean REPowerEU don suaitheadh sa mhargadh fuinnimh domhanda atá mar thoradh ar ionradh neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin, ós comhartha soiléir í gur féidir dlús a chur leis an ngníomhú ar son na haeráide agus nach mór déanamh amhlaidh; á chur i bhfios go láidir gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha is fearr is féidir tacú le haistriú cothrom, cuimsitheach agus inbhuanaithe trí bhearta a chur chun feidhme d’fhonn tacú leis an grúpaí is leochailí atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta agus d’fhonn comhpháirtíochtaí a chothú chun an earnáil gnó agus an tsochaí shibhialta a shlógadh, agus trí réitigh nuálacha díláraithe a fhorbairt lena méadaítear go suntasach slándáil an tsoláthair agus lena laghdaítear caillteanais aistrithe agus astaíochtaí;

Uaillmhian aeráide an Aontais a fheabhsú trí chur le rialachas éifeachtach il-leibhéil

7.

á chur i bhfios go leagtar béim i gComhshocrú Aeráide Ghlaschú ar an ngá práinneach atá le gníomhaíocht il-leibhéil chomhoibritheach (4) agus go n-aithnítear go foirmiúil an ról tábhachtach atá ag geallsealbhóirí nach Páirtithe iad, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, pobail dhúchasacha, pobail áitiúla, an óige, leanaí, agus rialtais áitiúla agus réigiúnacha, maidir le rannchuidiú le dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le cuspóir Chomhaontú Pháras (5); á thabhairt le fios, dá bhrí sin, nach n-éireoidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Comhaontú Pháras mura bhfuil comhar éifeachtach ann ar gach leibhéal rialachais;

8.

á chur in iúl go bhfuil sé faoi réir oibriú i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais chun straitéis oibríochtúil chomhleanúnach a cheapadh roimh COP 27; á thabhairt le fios an oscailteacht agus an fonn atá ann go mbeadh comhairliúchán agus comhar atá éifeachtach agus rialta ag céim an ullmhúcháin agus le linn na caibidlíochta araon;

9.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach próifíl na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a ardú ag COP 27 trí oibriú i gcomhar le CnaR chun cur le hinfheictheacht gníomhaithe fhonáisiúnta AE ar son na haeráide i gclár pailliúin agus imeachtaí eile de chuid an Aontais;

10.

ag aithint a thábhachtaí atá sé go ngeallfadh na rialtais náisiúnta féin do spriocanna Pháras agus Ghlaschú agus an tábhacht a bhaineann leis an ról atá acu maidir le tacaíocht a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; ag iarraidh ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh aitheantas foirmiúil a thabhairt sna Conclúidí uaithi maidir leis na hullmhúcháin do COP 27 don ról riachtanach atá ag rialtais fhonáisiúnta maidir le dlús a chur le haistriú aeráide cóir agus maidir le féachaint chuige go mbeidh an t-aistriú sin comhoiriúnach go sóisialta le riachtanais áitiúla agus réigiúnacha; ag iarraidh ar Uachtaránacht na Seice ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh tús a chur le hidirphlé leis na cathracha agus na réigiúin trí CnaR;

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur aithníodh ról na rialtas fonáisiúnta sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le COP 26; á mholadh do Pharlaimint na hEorpa cur leis sin sa Rún uaithi maidir le COP 27; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh gníomhaíocht láidir chomhordaithe idir toscaireacht Pharlaimint na hEorpa agus toscaireacht CnaR chuig COP 27; ag iarraidh go n-ullmhódh na toscaireachtaí i bpáirt le chéile;

12.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, ar Uachtaránacht na Seice agus ar Pharlaimint na hEorpa tacú go mór le heagrú an chéad chruinniú COP UNFCCC d’airí tithíochta agus forbartha uirbí maidir leis na cathracha agus an t-athrú aeráide; á chur in iúl gur mór aige an cinneadh a ghlac Bord Feidhmiúcháin UN-Habitat (6);

Ag aithint ról na n-údarás áitiúil i dtaca le cur chun feidhme éifeachtach gníomhaíochtaí il-leibhéil a áirithiú

13.

ag aithint dó, cé nár cuireadh in iúl go leordhóthanach i gComhshocrú Aeráide Ghlaschú scála na ngníomhaíochtaí atá de dhíth ná a phráinní atá na gníomhaíochtaí sin, gur cuireadh tús leis an dara céim de Chomhaontú Pháras agus gur cuireadh clabhsúr ar gach ceist a bhí fós gan réiteach i Leabhar Rialacha Pháras (7); á chur in iúl gur chúis mhór imní dó fós féin gur cosúil, sa riocht ina bhfuil na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna), go n-ardóidh an teocht domhanda go dtí 2,5 oC;

14.

ag athdhearbhú na n-achainíocha a leagtar amach sa tuarascáil deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun an t-aistriú glas a chur chun feidhme ar bhonn níos tapa; á chur in iúl gur cúis bhuartha fós di inacmhainneacht fuinnimh do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, go háirithe le linn na géarchéime reatha; á chur i bhfáth gur gá na grúpaí agus na críocha is leochailí a chosaint ar aon tionchar diúltach neamh-inmhianithe ón aistriú fuinnimh, agus torthaí Thuarascáil Fadbhreathnaitheachta 2022 ón gCoimisiún Eorpach á meabhrú dó;

15.

á chur in iúl go bhfuil gá le beartais il-leibhéil chomhtháite agus réitigh thrasearnálacha chun na bearta is gá a dhéanamh; á chur i bhfáth nach mór ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide a aithint go foirmiúil; á chur i bhfios go láidir nach mór rannpháirtíocht éifeachtach chórasach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a éascú ag céim an ullmhúcháin agus le linn na caibidlíochta araon;

16.

ag cur béim ar ról CnaR mar ionadaí institiúideach ar níos mó ná aon mhilliún ceannaire áitiúil agus réigiúnach agus líonra líonraí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról uathúil aige maidir le cur chun feidhme gníomhaíochtaí ar son na haeráide a bhrú chun cinn ar an leibhéal áitiúil; á chur in iúl go bhfuil sé faoi réir le hoibriú i gcomhpháirtíocht le hinstitiúidí an Aontais agus leis na páirtithe i gComhaontú Pháras chun an comhar il-leibhéil a chur chun cinn in oirchill COP 27 agus ina dhiaidh;

17.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Chomhghuaillíocht Under2 ós é an chéad chomhaontú domhanda maidir leis an athrú aeráide do rialtais fhonáisiúnta é, comhaontú a seoladh roimh Chomhaontú Pháras; ag leagan béim ar spriocanna nuashonraithe agus uaillmhianacha Chomhghuaillíocht Under2 a leagtar amach i Meabhrán Tuisceana 2021 lena dtugtar gealltanas beart a dhéanamh chun sprioc 1,5 oC agus astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050 nó níos luaithe; ag moladh do chomhaltaí CnaR an comhaontú sin a shíniú freisin agus do shínitheoirí Comhghuaillíochta Under2 roimhe seo Meabhrán Tuisceana 2021, ar comhaontú níos uaillmhianaí é, a shíniú;

18.

ag tarraingt aird ar an ról ríthábhachtach atá ag toghlach na Rialtas Áitiúil agus na nÚdarás Bardasach (LGMA) maidir le guthanna na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a thabhairt le chéile ar bhonn domhanda agus líonra domhanda de rialtais fhonáisiúnta atá toilteanach cur i gcoinne an athraithe aeráide a threisiú go leanúnach; ag moladh do na Páirtithe uile in UNFCCC oibriú i gcomhar le toghlach LGMA agus le gníomhaithe neamhstáit chun rannchuidiú ar bhealach dearfach leis an bpróiseas ullmhúcháin do COP 27 agus comhar níos fearr a bhunú le Friends of Multilevel Action de chuid UNFCCC;

An uaillmhian maidir le maolú ar an athrú aeráide a choinneáil agus acmhainneacht a chothú trí thaighde agus nuálaíocht a mhéadú

19.

á mheabhrú go bhfuil gealltanais uaillmhianacha tugtha ag thart ar 10 000 údarás áitiúil agus réigiúnach ar fud na hEorpa chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trí pháirt a ghlacadh i dtionscnaimh amhail Cúnant na Méaraí agus trí straitéisí agus pleananna gníomhaíochta don aeráid a fhorbairt (SECAPanna) nó pleananna áitiúla eile maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide arna stiúradh le tionscnaimh réigiúnacha; ag leagan béim air go bhfuil spriocanna laghdaithe gás ceaptha teasa níos uaillmhianaí leagtha síos ag níos mó ná 75 % de bhreis is 11 000 sínitheoir Chúnant Domhanda na Méaraí (8) ná atá leagtha síos ag a rialtais náisiúnta faoi seach agus go bhfuil níos mó ná 50 % díobh ag cur dlús leis an ráta ag a bhfuil sé mar aidhm acu a gcuid astaíochtaí a laghdú. Leis sin, táthar ag cur le hathléimneacht pholaitiúil chriticiúil i gcoinne aon titim siar a tharlódh ar an leibhéal náisiúnta;

20.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil tiomantas agus gníomhaíochtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ina gcomhlánú ar na hiarrachtaí a dhéantar i bpróisis idirnáisiúnta agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus ina mbonn taca faoi na hiarrachtaí sin agus nach mór do na húdáráis náisiúnta agus idirnáisiúnta beart a dhéanamh chun spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach; á athdhearbhú gur gá na rannchuidithe arna gcinneadh go háitiúil agus go réigiúnach (RLDCanna) a áireamh go foirmiúil mar chomhlánú ar na NDCPanna agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó rialtais fhonáisiúnta a aithint go foirmiúil, faireachán a dhéanamh orthu agus spreagadh a thabhairt iad a laghdú;

21.

á mholadh go n-áireofaí roinn ar leith maidir le rialtais fhonáisiúnta i dtuarascálacha fardail náisiúnta mar chuid de chreat trédhearcachta Chomhaontú Pháras chun cuntasacht, measúnuithe tionchair agus trédhearcacht an ghníomhaithe dhomhanda ar son na haeráide a neartú; á mholadh go nglacfaí agus go n-úsáidfí an Comhchreat Tuairiscithe atá ag Cúnant Domhanda na Méaraí mar chéim i dtreo inchomparáideacht (9) na n-iarrachtaí áitiúla agus réigiúnacha;

22.

den bharúil gur cheart ról agus rannchuidiú na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur ar bhonn foirmiúil san Aontas trína gcuimsiú i bhforálacha an Rialacháin maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus, go háirithe, trí fhéachaint chuige go mbeidh na RLDCanna ina ndlúthchuid de na Pleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid (NECPanna);

23.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil nuálaíocht á cur chun cinn, réitigh teicniúla agus airgeadais á gcur chun feidhme agus próisis rialachais nuálacha á múnlú sna cathracha agus sna réigiúin cheana féin; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, seoladh Mhol Nuálaíochta Domhanda UNFCCC ag COP 27, seoladh na misean AE “An tOiriúnú don Athrú Aeráide” agus “Cathracha Aeráidneodracha Cliste”, agus seoladh an mhisin dhomhanda “Aistrithe Uirbeacha” (10) agus gur geal leis an comhar agus na sineirgí atá eatarthu;

24.

ag leagan béim ar an ngá atá le comhar agus comhtháthú níos fearr ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda i réimse na rochtana ar shonraí i gcaoi go mbeidh an rochtain is gá ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun beartais atá bunaithe ar shonraí agus ar eolaíocht a cheapadh;

25.

á chur i bhfáth nach mór dlús a chur le hathsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair, agus aird á tabhairt ar an ngá atá ann cleachtais ghairmiúla a chur in oiriúint do mhaolú ar an athrú aeráide;

Dlús a chur le bearta éifeachtacha trasearnála maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus aghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus ar dhamáiste

26.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó clár oibre Ghlaschú-Sharm el-Sheikh maidir leis an sprioc dhomhanda i ndáil le hoiriúnú; ag leagan béim air go bhféadfadh dúshláin maidir le hoiriúnú a bheith an-éagsúil ó thír go tír agus ó réigiún go réigiún agus gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na gníomhaithe is oiriúnaí chun spriocanna maidir le hoiriúnú a shainiú de bhrí go bhfuil eolas acu féin ar cé na háiteanna nach mór dóibh cur lena n-athléimneacht agus ar na réitigh atá ag teastáil chuige sin;

27.

á chur i bhfáth a phráinní atá sé go n-oibreodh na Páirtithe leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun an t-oiriúnú a chomhtháthú a thuilleadh sa phleanáil áitiúil, náisiúnta agus réigiúnach; á iarraidh, ar an ábhar sin, go gcuirfí san áireamh go foirmiúil rannchuidiú rialtas fonáisiúnta maidir le hoiriúnú mar chomhlánú ar Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta (NAPanna) agus NDCanna;

28.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cosc a chur ar “mí-oiriúnú” agus ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide lena gcuirfidh leis an éagothroime sóisialta atá ann cheana; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar díréireach ag an athrú aeráide ar phobail imeallaithe agus leochaileacha;

29.

á mheabhrú gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá freagrach as seirbhísí riachtanacha agus freagairtí láithreacha a chur ar fáil dá gcuid pobal agus as iarmhairtí an athraithe aeráide a dheanann difear dóibh a mhaolú, amhail tubaistí a bhaineann leis an aeráid, iarmhairtí sóisialta (mar shampla, an bhochtaineacht fuinnimh) agus fadhbanna nua sláinte a bhaineann leis an aimsir, chomh maith leis na neamhionannais atá ann cheana a ghéaraíonn an t-athrú aeráide; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar bhearnaí acmhainneachta trí chinnteoireacht fheasach chuntasach ar an leibhéal áitiúil, rud a éascófar le rochtain ar fhianaise eolaíoch, ar theicneolaíocht agus ar eolas áitiúil chun tacú le réitigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a chur i bhfeidhm go forleathan; á chur i bhfáth gur príomhuirlisí iad réitigh nuálacha dhúlra-bhunaithe lena dtacaítear le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide; á mholadh do na Páirtithe, i gcomhréir le Comhshocrú Aeráide Ghlaschú, cur chuige comhtháite a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an mbithéagsúlacht i gcinntí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla beartais agus pleanála;

30.

á chur in iúl gur geal leis gur bunaíodh Idirphlé Aeráide Glaschú maidir le caillteanas agus damáiste; ag leagan béim air, in éagmais sreabha airgeadais, nach mór d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha ó thíortha forbartha agus ó thíortha i mbéal forbartha modhanna malartacha a aithint chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus ar dhamáiste agus iad a chur in úsáid;

31.

á mheabhrú an sampla a tugadh leis na gealltanais airgeadais a thug Albain agus an Vallúin ag COP 26 (11) chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanas agus ar dhamáiste; ag cur béim, ar an ábhar sin, ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an taidhleoireacht fhonáisiúnta i dtaobh na haeráide i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa tuaisceart agus sa deisceart maidir le huaillmhianta a mhéadú ar fud na leibhéal in oirchill COP 27 agus COP 28 agus an rannchuidiú a d’fhéadfaí a dhéanamh trí bhíthin na taidhleoireachta sin.

Rochtain leordhóthanach ar mhaoiniú don troid in aghaidh an athraithe aeráide a áirithiú agus aistriú cóir a chur chun cinn trí chomhoibriú agus trí rannpháirtíocht

32.

á chur i bhfáth a thábhachtaí sé cistiú díreach a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun gníomhú ar son na haeráide a áirithiú agus nach mór do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha oibriú i gcomhar leis an earnáil phríobháideach agus le hinstitiúidí airgeadais chun infheistíochtaí inbhuanaithe a scaoileadh; á chur i bhfios go láidir gur cheart nasc díreach a bhunú idir rochtain ar chistiú agus ar fhorbairt chomhtháite pleananna agus beart i gcomhréir leis an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun cur chun feidhme costéifeachtach a éascú;

33.

ag cur béim air, san am céanna, gur aithníodh an tábhacht a bhaineann le cineálacha cur chuige neamh-mhargaidh atá comhtháite, iomlánaíoch agus cothrom (12) chun go bhféadfar comhar deonach a chur ar fáil a bheidh mar phríomhionstraim ag na Páirtithe chun cuidiú le cur chun feidhme a rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta ar bhealach comhordaithe agus éifeachtach; ag moladh do na Páirtithe, do gheallsealbhóirí na hearnála poiblí agus na hearnála príobháidí agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta páirt ghníomhach a ghlacadh i dtaighde, i bhforbairt agus i gcur chun feidhme cineálacha cur chuige neamh-mhargaidh;

34.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh a glacadh ag COP 26 Comhpháirtíocht Marrakech le haghaidh an Ghníomhaithe Dhomhanda ar son na hAeráide a neartú chun gníomhaithe neamh-stáit a spreagadh chun gníomhú láithreach ar son na haeráide; á chur in iúl gur mór aige go bhfuil na tionscnaimh Race to Zero agus Race to Resilience á gcur chun cinn mar phríomhthionscnaimh chun tacú le gníomhú uaillmhianach ar son na haeráide ón mbun aníos agus aird a tharraingt air agus, san am céanna, tuairisciú agus measúnú ar ghealltanais na ngeallsealbhóirí nach páirtithe iad a éascú;

35.

á chur in iúl gur cúis áthais dó Clár Oibre Ghlaschú maidir le Gníomhú ar son an Chumhachtaithe Aeráide (ACE) (13); á chur in iúl go bhfuil sé toilteanach leanúint de ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme i sé réimse – oideachas, oiliúint, feasacht an phobail, rannpháirtíocht an phobail, rochtain phoiblí ar fhaisnéis agus comhar idirnáisiúnta; ag iarraidh ar na Páirtithe leanúint de thacaíocht a thabhairt do na próisis sin;

36.

á thabhairt dá aire gurb iad grúpaí leochaileacha na grúpaí is mó atá thíos le tionchar diúltach na géarchéime aeráide; á chur i bhfios go láidir nach mór a áirithiú le haistriú cóir go dtabharfaí aghaidh mar is ceart ar na héifeachtaí sóisialta lena mbaineann trí thacaíocht agus cistiú spriocdhírithe, i gcomhréir leis na héilimh a rinneadh i gClár Oibre 2030;

37.

á chur i bhfáth go n-aithnítear sna tuarascálacha ó IPCC gur minic a chuirtear srian ar chumas na mban dul in oiriúint don athrú aeráide agus é a chomhrac i ngeall ar an ról atá acu ina dteaghlach féin agus sa tsochaí, ar bhacainní institiúideacha agus ar noirm shóisialta; ag moladh do na Páirtithe leanúint de bheartas aeráide inscne-fhreagrúil a chur chun cinn trí Chlár Oibre Líoma maidir le hInscne agus tríd an bPlean Gníomhaíochta maidir le Inscne a chur chun feidhme agus trí ionadaíocht chothrom na mban a áirithiú i bpróisis chinnteoireachta; den tuairim dhaingean nár chóir breathnú ar mhná mar thairbhithe leochaileacha ach mar ghníomhaithe éifeachtacha maidir le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide;

38.

ag aithint dó nach mór do gach glúin cur le gníomhú ar son na haeráide; ag leagan béim ar an ról atá ag an óige maidir le dul chun cinn sóisialta a chur chun cinn agus athruithe polaitiúla a spreagadh agus ar an ngá atá le rannpháirtíocht fhóinteach fheasach na hóige i ndáil le ceapadh beartais aeráide; á chur in iúl go bhfuil sé tiomanta ról níos mó a thabhairt do pholaiteoirí tofa óga san ullmhúchán do COP 27, ag cur le conclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus spriocanna Bhliain Eorpach na hÓige;

Comhar agus comhpháirtíocht le UNFCCC a fheabhsú

39.

ag moladh do UNFCCC caidreamh a bhunú le toghlach LGMA trí pháirt a thabhairt dó in idirphlé teicniúil maidir leis an chéad stocáireamh domhanda; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh ón bhFochomhlacht um Chomhairle Eolaíoch agus Theicneolaíoch (SBSTA) agus ón bhFochomhlacht um Chur Chun Feidhme (SBI) chun an stocáireamh domhanda a cheapadh ar bhealach chomhchosúil le hidirphlé Talanoa, i.e. cuimsitheach, oscailte agus ar bun ar feadh na bliana; ag iarraidh ar UNFCCC gealltanais faoi na tionscnaimh Race to Resilience agus Race to Zero a áireamh, a aithint agus faireachán a dhéanamh orthu i dtuarascálacha an stocáirimh dhomhanda chun forléargas intomhaiste a fháil ar an dul chun cinn ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

40.

á chur in iúl gur mór aige gur díríodh, mar ábhar tosaíochta, ar chathracha inbhuanaithe agus ar uirbiú i gclár oibre COP 27; á chur in iúl go bhfuil deiseanna comhair leis an Uachtaránacht uaidh chun ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a fheabhsú a thuilleadh; á chur i bhfios go bhfuil sé ullamh chun tacú le síneadh Sheachtainí Réigiúnacha Aeráide UNFCCC chun na hEorpa agus gur deis atá ann chun rannpháirtíocht na n-údarás fonáisiúnta agus na sochaí sibhialta i bpróiseas UNFCCC a threisiú;

41.

ag tarraingt aird ar an ról lárnach atá ag CnaR mar ionadaí institiúideach ar chathracha agus réigiúin na hEorpa; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar rúnaíocht UNFCCC comhar struchtúrtha a bhunú le CnaR chun an comhar idir an dá institiúid a éascú;

42.

á chur in iúl gur geal leis an Communiqué maidir le cruinniú airí forbartha G7 (14) ina n-aithnítear ról na gcathracha agus na rialtas áitiúil maidir le haistriú cóir aeráide agus fuinnimh a chur chun cinn; á chur i bhfios go bhfuil sé sásta tacú le hobair Ghrúpa Urban7 d’fhonn an comhar il-leibhéil a neartú mar bhunphrionsabal de ghníomhú inbhuanaithe éifeachtach ar son na haeráide roimh COP 27;

43.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur fógraíodh go bhfuil tosaíochtaí uachtaránacht COP 27 agus uachtaránacht COP 26 (maolú, oiriúnú, airgeadas agus comhar) curtha ag luí le chéile agus go bhfuil naisc ann freisin leis na tosaíochtaí a d’fhógair High-Level Champions (cur chuige leathan, athléimneacht, airgeadas, réigiúnú, logánú); á chur in iúl go bhfuil sé ag dúil le tacú leis na sineirgí agus na comhlántachtaí is éifeachtaí de na dtosaíochtaí sin in oirchill COP 27 agus ina dhiaidh;

44.

á thabhairt dá aire gur chuir gluaiseachtaí sóisialta sna cathracha agus sna réigiúin le feasacht an phobail i leith an ghá atá le gníomhú cuimsitheach práinneach ar son na haeráide; ag moladh do chomhaltaí CnaR, i gcomhréir le conclúidí SBSTA agus SBI maidir le cúrsaí a bhaineann leis an stocáireamh domhanda faoi Chomhaontú Pháras, idirphlé Talanoa áitiúil (15) nó próisis chuimsitheacha chomhchosúla a eagrú ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach;

45.

tiomanta do ghníomhú mar nasc díreach, rochtain ar fhaisnéis a sholáthar agus an t-eolas is déanaí a chur ar fáil ar bhonn rialta do chomhaltaí CnaR agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Eoraip maidir le dul chun cinn na caibidlíochta le linn an dá sheachtain a bheidh COP 27 ar siúl; á chur in iúl gur mór aige an chomhpháirtíocht agus an tacaíocht ó institiúidí eile an Aontais chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil go rialta, óir tugtar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha níos gaire don chaibidlíocht idirnáisiúnta a bhuí leis sin.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Comhaontú Glas i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, (IO C 79, 10.3.2020, lch. 1).

(2)  Comhshocrú Aeráide Ghlaschú, mír 15.

(3)  Dearbhú Dhún Éideann maidir leis an gCreat Domhanda Bithéagsúlachta iar-2020.

(4)  Comhshocrú Aeráide Ghlaschú, Brollach, mír 9.

(5)  Comhshocrú Aeráide Ghlaschú, mír 55.

(6)  https://unhabitat.org/sites/default/files/2022/04/hsp-eb-2022-crp2-rev.3.pdf

(7)  Cé go gcuirtear creat le haghaidh gníomhaíocht idirnáisiúnta ar fáil le Comhaontú Pháras, cuireadh tús leis an gcomhaontú sin le Leabhar Rialacha Pháras ina leagtar amach na huirlisí agus na próisis a bhí ag teastáil chun a chur chun feidhme iomlán, cothrom agus éifeachtach a éascú.

(8)  Foinse: Thuarascáil Tionchair 2021 ó Chúnant Domhanda na Méaraí.

(9)  https://www.globalcovenantofmayors.org/our-initiatives/data4cities/common-global-reporting-framework/

(10)  http://mission-innovation.net/missions/urban-transitions-mission/

(11)  Gheall Albain GBP 2 milliún (USD 2,6 milliún) a chur ar fáil agus gheall an Vallúin EUR 1 milliún (USD 1,1 milliún) a chur ar fáil.

(12)  Comhaontú Pháras, Airteagal 6, Non-Market Approaches to Climate Finance.

(13)  Clár Oibre Ghlaschú maidir le Gníomhú ar son an Chumhachtaithe Aeráide.

(14)  220519-G7-Development-Ministers-Meeting-Communique.pdf (bmz.de)

(15)  Ceapadh idirphlé Talanoa idir na cathracha agus na réigiún in 2018 chun rialtais áitiúla agus réigiúnacha agus aireachtaí náisiúnta aeráide, comhshaoil agus uirbithe, mar aon le heagraíochtaí óstacha agus geallsealbhóirí aeráide, a thabhairt le chéile chun NDCanna a mheas, a mhúnlú agus a neartú.


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/36


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Aistriú cóir agus inbhuanaithe i gcomhthéacs na réigiún atá dian ar ghual agus ar fhuinneamh

(2022/C 498/07)

Rapóirtéir ginearálta:

Sari Rautio (FI/PPE), Cathaoirleach Bhord Cheantar Cúraim Sláinte Häme

Doiciméad tagartha:

Litir an 16 Meitheamh 2022 maidir le tarchur ó Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an fhís Aontas Eorpach aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050. Ní fhíorófar an fhís sin gan aistriú digiteach agus aistriú glas a bheith ann go háitiúil agus go réigiúnach san Eoraip, rud as a dtiocfaidh athrú ó bhonn ar an gcaoi a n-oibríonn agus a maireann daoine;

2.

á thabhairt dá aire go mbeidh an t-aistriú cóir níos deacra, agus níos práinní ná mar a bhí roimhe seo, mar gheall ar an gcogadh foghach a thosaigh an Rúis i mí Feabhra 2022, agus toisc go bhfuil ar an Eoraip a spleáchas ar sholáthairtí fuinnimh seachtracha a laghdú laistigh d’achar gairid ama; á chur i bhfáth nach mór riachtanais na saoránach is leochailí a chur san áireamh agus an t-aistriú go sochaí ísealcharbóin á chur i gcrích, trí phoist nua agus comhdheiseanna a chruthú i réigiúin tuaithe agus i réigiúin ghuail;

3.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur thíolaic na Ballstáit 74 phlean, agus gach ceann de na pleananna sin bunaithe ar na cúinsí éagsúla atá sna réigiúin éagsúla; á chur i bhfáth gur tháinig as an gcomhthéacs domhanda atá ag athrú géarchéim fuinnimh a d’fhág go raibh ar roinnt Ballstát teacht ar réitigh sholúbtha shealadacha maidir leis na réigiúin le go bhféadfaidís cuspóirí an chláir a bhaint amach;

4.

á chur i bhfáth gur nósanna imeachta anásta na nósanna imeachta chun na pleananna a fhormheas agus go bhfuil fadhbanna ag roinnt de na réigiúin maidir le tionscadail a phleanáil agus a chur i gcrích in am, sin toisc go bhfuil an sciar is mó de na cistí iomlána atá ar fáil ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta curtha in áirithe don chlárthréimhse 2021-2023, agus gur beag deis atá ann tionscadail a chur i gcrích go hinbhuanaithe ag deireadh na clárthréimhse sin; á chur in iúl gur oth leis nach ndearna an Coimisiún Eorpach ach líon an-bheag de na cláir a mheasúnú agus a fhormheas agus go bhfuil sé ag iarraidh ar an gCoimisiún smaoineamh ar shíneadh a chur leis an spriocdháta faoinar gá na hacmhainní sin le haghaidh an Chiste um Aistriú Cóir (CUAC) a mhaoinítear ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chaitheamh;

5.

den tuairim, i bhfianaise na buntuisceana sin, gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an tráthchlár do chur chun feidhme CUAC lena áirithiú go mbeidh rath ar an gCiste sin;

6.

á chur i bhfáth gur cheart CUAC a chur san áireamh sa bheartas comhtháthaithe, le gur féidir leas iomlán a bhaint as sineirgí agus as éifeachtaí iarmharta;

7.

á thabhairt le fios nach mór don aistriú cóir díriú ar na réigiúin sin inar mó an t-athrú agus na rioscaí a bhaineann leis an athrú sin, óir tá an cás an-difriúil i ngach Ballstát agus réigiún maidir leis an áit a gcuirfidh siad tús leis an aistriú sin. Tá rath CUAC ag brath ar na tíortha sin is mó a fhaigheann maoiniú as, an Pholainn agus an Ghearmáin, a bhfuil an méid a fhaigheann siad le chéile cothrom le thart ar aon trian den Chiste iomlán, i.e. beagnach 33 %. Is tairbhithe móra iad an Rómáin, Poblacht na Seice agus an Bhulgáir freisin. Téann beagnach 60 % de na cistí chuig na cúig Bhallstát sin le chéile. Le go n-éireoidh leis an gclár ina iomláine, tá barrthábhacht leis go gcuirfear pleananna na mBallstát sin chun feidhme de réir an tráthchláir atá leagtha amach (an plean críochach um aistriú cóir);

8.

á chur i bhfáth, i dtaca le CUAC, go bhfuil sé ríthábhachtach an mhór-ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair a chur san áireamh. Is bagairt thromchúiseach í an ghéarchéim sin freisin ar an aistriú cóir agus an t-aistriú glas, sa ghearrthéarma ar a laghad. Tá earnáil an fhuinnimh, na tionscail dianfhuinnimh, earnáil na monaraíochta agus FBManna ag streachailt, go háirithe, le brú mór ar phraghsanna, brú nach bhfacthas a leithéid cheana, rud a chuireann brú breise ar an aistriú glas; á chur i bhfáth go bhfuil uaillmhianta an tionscail a bheith neodrach ó thaobh carbóin de ag brath freisin ar leictreachas glas a bheith ar fáil le haghaidh tháirgeadh na hidrigine agus ar fhoinsí malartacha fuinnimh a bheith ar fáil mar mhalairt ar an ngás nádúrtha; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an ról is féidir a bheith ag CUAC maidir leis an gcuspóir sin a bhaint amach;

9.

á thabhairt le fios gur ceapadh CUAC ar scála ní ba lú ná na cistí struchtúracha traidisiúnta, ach go bhfuil forluí idir na cuspóirí atá leis agus cuspóirí na gcistí eile; ag iarraidh ar na réigiúin leas a bhaint as sineirgí atá ann idir cláir an bheartais comhtháthaithe;

10.

á iarraidh go ndéanfaí gné shóisialta níos láidre a chur chun feidhme in CUAC, ionstraim atá ina hionstraim áitbhunaithe agus rannpháirtíocht láidir ag na comhpháirtithe sóisialta inti; ag moladh an cur chuige áitbhunaithe ón mbun aníos a choinneáil mar phríomhghné an Chiste ós rud é gur éiceachóras socheacnamaíoch uathúil atá i ngach réigiún;

11.

á thabhairt dá aire go bhfuil bonn fónta leis an mbunús agus na cuspóirí atá le CUAC agus go bhfuil ról tábhachtach maidir leis na réigiúin, agus freisin maidir le tionscail atá ag athrú, ag an gCiste. Is gá, dá bhrí sin, an sásra a bheith chomh solúbtha agus is féidir i gcás na n-oibríochtaí incháilithe, d’fhonn éagsúlú eacnamaíoch na limistéar a chur i gcrích; á mheabhrú go dtacaíonn an Rialachán arna ghlacadh, murab ionann agus cás na gCistí Struchtúracha, le cuideachtaí móra agus le cuideachtaí faoin gcóras trádála astaíochtaí, atá san áireamh mar chuideachtaí a d’fhéadfadh maoiniú a fháil faoi Rialachán CUAC; á chur i bhfáth gur cheart an leagan de CUAC a bheidh ann sa todhchaí a chomhtháthú go hiomlán i Rialachán na bhForálacha Coiteanna, agus prionsabal na comhpháirtíochta á urramú, agus gur cheart do bhuiséad an Chiste a bheith sa bhreis ar an maoiniú ón gCiste Comhtháthaithe reatha;

12.

á chur i bhfáth, de thoradh na bpróiseas aistrithe éagsúla ó réigiún go chéile i dtreo na neodrachta carbóin, gur cheart a áireamh sna hathruithe sin ar an gCiste modheolaíocht le haghaidh leithdháileadh acmhainní ar an leibhéal réigiúnach, modheolaíocht a bheadh comhsheasmhach le raon feidhme leathan agus ina mbeadh critéir maidir le hacmhainní an Chiste a leithdháileadh ar bhonn geografach ar bhealach a bheadh in oiriúint níos mó d’éagsúlachtaí réigiúnacha an Aontais;

13.

ag iarraidh gealltanas soiléir go gcruthófar CUAC 2.0, ina gcuimseofar réimse níos leithne réigiún a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an aistrithe ghlais in earnáil na tionsclaíochta agus earnáil na monaraíochta, agus go mbeidh plé leathan ann ar raon feidhme agus ar mhéid na hionstraime maidir le hullmhú an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile;

14.

á chur i bhfáth go bhfuil, de thoradh acmhainní buiséid AE ón gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a bheith á gcomhcheangal le hioncam ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (ó 2021 go 2023), deacrachtaí suntasacha ag na réigiúin ó thaobh tionscadail a phleanáil agus a chur i gcrích toisc go bhfuil an sciar is mó de na cistí iomlána atá ar fáil ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta curtha in áirithe don chlárthréimhse 2021-2023, agus gur beag deis atá ann tionscadail a chur i gcrích go hinbhuanaithe ag deireadh na clárthréimhse sin;

15.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé páirt ghníomhach a thabhairt do na réigiúin uile san Aontas san iarracht spriocanna aeráide 2030 agus 2050 a bhaint amach, gan aon duine a fhágáil ar lár; ag iarraidh ar an earnáil phríobháideach na pleananna atá aici a thabhairt cothrom le dáta le go gcuirfear na riachtanais fuinnimh agus an fhorbairt inbhuanaithe fhadtéarmach san áireamh;

16.

den tuairim, i bhfianaise na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair agus na staide geopholaitiúla éiginnte atá ann ar bhonn domhanda, gur minic anois a ardaítear an cheist i dtaobh shlándáil an tsoláthair fuinnimh i gcomhthéacs an táirgthe fuinnimh atá neamhdhíobhálach don aeráid. Tá an méid sin ábhartha go háirithe d’earnálacha na dtionscal dianfhuinnimh, agus, i ndeireadh na dála, is air a bhraitheann tomhaltas fuinnimh na dteaghlach freisin;

17.

á mholadh don Aontas, go háirithe, cabhrú leis na réigiúin sin is mó spleáchas ar fhoinsí fuinnimh iontaise, lena sheachaint go méadóidh an bhearna idir na réigiúin a fhad a bhaineann sé le hinfheistíochtaí na todhchaí; á chur i bhfáth nach mór do na cistí Eorpacha atá ar fáil ag na réigiúin a bheith spriocdhírithe le gur fearr a bhainfidh siad amach na cuspóirí atá leo;

18.

á chur in iúl gur cheart aird bhreise a thabhairt ar na cúinsí ar leith atá ag na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí sin a bhfuil mórdhúshláin shocheacnamaíocha le sárú acu, go háirithe réigiúin atá scoite amach agus atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise;

19.

á mheabhrú, ina leith sin, an cás sonrach dearóil atá sna réigiúin is forimeallaí, atá, de thoradh cé chomh beag, chomh hiargúlta agus chomh scoite amach is atá siad, ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise agus nach féidir leo nascadh le líonra na mór-roinne. Níor cuireadh na réigiúin sin san áireamh in CUAC, áfach;

20.

á thabhairt le fios go dtuigeann sé nach é CUAC as féin réiteach na géarchéime aeráide, ach go bhfuil d’acmhainn ann páirt mhór a bheith aige sa réiteach sin; á chur i bhfáth gur cheart leas a bhaint as chun an infheistíocht is éifeachtúla agus is féidir, agus ar an scála ceart, a dhéanamh i réigiúin éagsúla an Aontais, d’fhonn an éifeacht iomlán atá leis a áirithiú; á chur in iúl nach éasca ar chinnteoirí ná ar shaineolaithe sa rialtas áitiúil agus réigiúnach, e.g. iad siúd a bhíonn ag ullmhú chlárthréimhsí CUAC, nasc a chruthú le hinfheistíochtaí móra faoi stiúir an rialtais láir ná comhar a chothú;

21.

ag tabhairt dá aire gur minic a bhíonn an táirgeadh fuinnimh agus soláthar fuinnimh do chustaiméirí (tionscail agus tomhaltóirí) faoi chúram cuideachtaí móra, cuideachtaí ilnáisiúnta fiú, rud a chuireann bac ar an gcomhar ó thaobh na rialtas réigiúnach agus áitiúil de;

22.

á chur i bhfios gur de réir a chéile a dhéanfar an t-aistriú glas san earnáil fuinnimh agus nach mbeidh toradh mór le sonrú air go dtí na 2030í, ainneoin na dianfhorbartha agus na diantástála atá á déanamh ar tháirgí le teicneolaíochtaí nua faoi láthair;

23.

á chur i bhfios, thairis sin, go bhfuil méadú tagtha ar an tábhacht a bhaineann le slándáil an tsoláthair fuinnimh ar fud na hEorpa mar gheall ar chogadh foghach na Rúise san Úcráin, cogadh a d’fhéadfadh a bheith ann ar feadh i bhfad. Is gá an tábhacht a bhaineann le slándáil an tsoláthair a chur san áireamh i ngach réiteach sa bheartas fuinnimh sna blianta amach romhainn, chun an sprioc fhadtéarmach maidir le fuinneamh glan, inacmhainne agus slán a bhaint amach, sprioc atá luaite sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus is mór an díol sásaimh an méid sin do CnaR;

24.

á chur i bhfáth go gcabhraíonn cuspóirí CUAC freisin le cuspóirí phlean REPowerEU, plean a cruthaíodh i ndiaidh CUAC, a bhaint amach. Ba cheart spriocanna REPowerEU a chur san áireamh freisin i gcur chun feidhme CUAC sna Ballstáit agus sna réigiúin;

25.

den tuairim láidir gur cheart, d’fhonn an t-aistriú cóir is fearr is féidir a bhaint amach, ionstraimí agus cleachtais airgeadais an Aontais atá ann cheana a fhorbairt tuilleadh agus a oiriúnú do chásanna éagsúla le go bhféadfar sineirgí a aimsiú idir na cláir éagsúla;

26.

á chur i bhfios go mbíonn meastóireacht á déanamh ar chláir an bheartais comhtháthaithe ar bhonn leanúnach; ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a áirithiú go gcabhróidh na cláir sin freisin leis an aistriú cóir a chur i gcrích;

27.

á áitiú go dteastaíonn treoir shoiléir faoi na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir CUAC agus CSE+ agus cistí struchtúracha agus infheistíochta eile; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach sainchúnamh breise a chur ar fáil do na réigiúin lena mbaineann le go bhféadfaidh siad cuspóirí CUAC a bhaint amach;

28.

á chur in iúl go bhfuil CFRE agus CSE, as measc uirlisí an bheartais comhtháthaithe, an-oiriúnach chun éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú agus gur cheart leas a bhaint as sineirgí le go mbeidh an toradh is fearr ar an úsáid a bhaintear as an maoiniú ó CUAC;

29.

á thabhairt dá aire go bhfuil sé d’aidhm ag beartas comhtháthaithe an Aontais cothromaíocht eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach níos fearr a bhaint amach san Eoraip. Is gá don bheartas comhtháthaithe an dúshraith a leagan síos don fhorbairt chríochach fhadtéarmach, agus cabhrú chun déileáil le géarchéimeanna gan choinne agus tacú leis an téarnamh eacnamaíoch; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht ar leith le bearta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach chun cur leis an seasmhacht in aghaidh géarchéimeanna agus nár cheart, tráth géarchéime, neamhaird a thabhairt ar chuspóirí fadtéarmacha an bheartais comhtháthaithe;

30.

á chur i bhfios gur cheart dlús a chur le pleanáil chlárthréimhsí CUAC le nach ndéanfar moill nuair atá maoiniú á chur ar fáil. Cuireadh an maoiniú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar fáil taobh istigh de bhliain amháin, ach tá an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit i mbun oibre ar CUAC le beagnach trí bliana. Mura mbeidh CUAC ar a bhoinn in 2022, tá an baol ann go gcaillfear leithdháileadh bliantúil iomlán, is é sin 25 % de na cistí atá ar fáil;

31.

á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún Eorpach na tograí a theastaíonn le haghaidh leanúnachas chlárthréimhsí CUAC a chur síos gan mhoill, i gcomhréir leis na cuspóirí aeráide fadtéarmacha; ag tathant ar an gcomhreachtóir na réigiúin a chur san áireamh go cuí i gclár nua CUAC; ag iarraidh go mbeadh níos mó rannpháirtíochta i gceist i gcur chun feidhme na bpleananna críochacha um aistriú cóir, d’fhonn a sheachaint go ndéanfaí cinntí ar leibhéal an rialtais láir gan na riachtanais atá ag na réigiúin a chur san áireamh;

32.

á chur in iúl, mar fhocal scoir, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfar na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) a chur san áireamh i gcur chun feidhme na n-ionstraimí uile. Ní éireoidh le tóraíocht na modhanna is oiriúnaí agus is éifeachtaí, ar an leibhéal réigiúnach, mura bhfuil na réigiúin agus na cathracha rannpháirteach dáiríre i ngach céim den phleanáil agus den chur chun feidhme.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/39


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Comhtháthú digiteach

(2022/C 498/08)

Rapóirtéir:

Gaetano ARMAO (IT/PPE), Leas-Uachtarán agus Aire réigiúnach Réigiún na Sicile

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Réamhrá

1.

á athdhearbhú ón tús go bhfuil an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach ar cheann de na príomhchuspóirí a léirítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 174) chun forbairt chomhchuí agus chothromaithe a bhaint amach go beacht ar fud an Aontais Eorpaigh agus a réigiún;

2.

á chur i bhfios go n-éilítear le coincheap an “chomhtháite dhigitigh” go n-aithneofaí an ról ríthábhachtach atá ag an teicneolaíocht inár saol, agus go gceanglaítear leis go ndéanfar na cuspóirí Comhtháthaithe a chomhtháthú i gcearta digiteacha, i bprionsabail dhigiteacha agus i mbeartais dhigiteacha an Aontais, agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú dá réir ar Airteagal 175 CFAE;

3.

á mheabhrú gur leag Coiste Eorpach na Réigiún béim i dTuarascáil Bhliantúil 2021 ar Bharaiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais ar an gcomhtháthú digiteach mar áis lárnach chun sochaithe cuimsitheacha a chruthú san Aontas. Luaitear inti gur gné thábhachtach bhreise é an “comhtháthú digiteach” de choincheap traidisiúnta an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh a shainmhínítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (1). Is féidir leis an digiteáil cuidiú le héagothromaíochtaí sóisialta agus críochacha a laghdú trí dhul i dteagmháil le saoránaigh a bheadh eisiata ó sheirbhísí áirithe nó nár leor an leas a bhainfeadh siad as seirbhísí murach sin;

4.

á mheabhrú go gciallaíonn coincheap an chomhtháthaithe dhigitigh (2), agus an t-ionchur is gá chun é a bhaint amach ar bhealach nithiúil, mar a leagtar amach i mórstaidéar fadbhreathnaitheach ó Choiste Eorpach na Réigiún (3) le déanaí, go bhfuil rochtain chuibhiúil ag gach saoránach san Eoraip ar an idirlíon agus ar sheirbhísí digiteacha agus go bhfeabhsófar ceannasacht agus athléimneacht bhonneagar digiteach an Aontais;

5.

á chur in iúl go láidir nach mór don Aontas Eorpach iarracht a dhéanamh chun an t-aistriú digiteach a dhéanamh chomh hinrochtana agus is féidir do shaoránaigh uile an Aontais agus aird ar leith a thabhairt ar chabhair a thabhairt do na réigiúin bheagfhorbartha, mar aon leo siúd atá thíos le míbhuntáistí buana nádúrtha nó déimeagrafacha, amhail na hoileánraí, na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin oileánacha, trasteorann agus shléibhteacha, chun dlús a chur lena gclaochlú digiteach, i bhfianaise na ndúshlán uathúil atá os a gcomhair agus a gcuid sócmhainní á n-uasmhéadú acu. Ní mór don Aontas a chur in iúl freisin a thábhachtaí atá an comhoibriú idir piaraí;

6.

á aithint, cé gur uirlis lárnach í an teicneolaíocht chun cabhrú linn dul in oiriúint do chásanna dúshlánacha a dhéanann difear do gach réimse den tsochaí, gur léirigh an ról tábhachtach atá ag an teicneolaíocht dhigiteach i ndáil le freagairt agus athléimneacht a chothú i leith COVID-19, go bhfuil easnaimh sa bhonneagar digiteach agus sa litearthacht, agus go bhfuil na bearnaí digiteacha san Aontas níos suntasaí dá bharr;

Dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu

7.

á mheabhrú gur téarma é an “bhearna dhigiteach” lena dtagraítear do leibhéil éagsúla rochtana agus úsáide teicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide agus, go sonrach, do na bearnaí maidir le rochtain agus úsáid seirbhísí digiteacha atá bunaithe ar an idirlíon (4); á chur i bhfios go láidir nach mór nascacht ardluais do gach duine san Aontas Eorpach, i gcathracha agus i gceantair thuaithe agus iargúlta, a bheith ina seirbhís leasa ghinearálta agus go gcaithfear léi dá réir sin;

8.

á chur i bhfios go láidir go gcruthaítear le cineálacha digiteacha cumarsáide dúshláin nua do phróisis dhaonlathacha freisin. Is iad na meáin shóisialta príomhfhoinse nuachta roinnt mhaith daoine, ach is annamh a dhéanann oibreoirí na meán sin seiceálacha fíricí. D’fhéadfadh deighilt agus ilroinnt shóisialta a bheith mar thoradh ar an díospóireacht a bhíonn ar siúl ar líne maidir leis na meáin shóisialta, agus tá baol an-ard ann go n-imreofaí tionchar ar úsáideoirí, go háirithe trí úsáid a bhaint as algartaim a bhfuil tionchar acu ar iompraíocht na n-úsáideoirí sin;

9.

á chur in iúl go láidir nach mór don chomhtháthú digiteach aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna leis an mbearna dhigiteach san Aontas atá ag dul i méid agus ar na dúshláin atá os comhair na réigiún sin atá fós ag titim chun deiridh, cé go bhfuil iarracht á déanamh acu an bhearna dhigiteach a líonadh agus cé nach n-aithnítear go hoifigiúil gur bagairt do chomhtháthú an Aontais é leathnú na bearna digití;

10.

á chur i dtreis go bhfuil saintréithe sonracha geografacha, eacnamaíocha, déimeagrafacha agus sóisialta ag na réigiúin is forimeallaí, na hoileáin, na réigiúin trasteorann agus shléibhtiúla, agus na réigiúin sin a bhfuil dúshláin dhéimeagrafacha le sárú iontu (5), lena mbaineann dúshláin uathúla. Áirítear orthu sin méid theoranta (maidir le dromchla, an dlús daonra, agus an geilleagar), margadh áitiúil teoranta agus deacracht maidir le barainneachtaí scála a bhaint amach, costais arda iompair, caidreamh idir-thionsclaíoch lag forbartha, easnaimh i scileanna fiontraíochta, bonneagar agus soláthar seirbhísí do ghnólachtaí (i gcomparáid le cinn ilchríochacha) agus seirbhísí sóisialta agus oiliúna laghdaithe do shaoránaigh. Ina theannta sin, tá ualach de chineál difriúil os comhair oileánraí atá thíos le hoileánachas dúbailte nó triarach, mar a shonraítear le déanaí sa tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir le “Oileáin agus an beartas comhtháthaithe: an staid reatha agus dúshláin a bheidh ann amach anseo” (6);

11.

á chur in iúl gur ábhar imní dó nach bhfuil laghdú ag teacht ar na bearnaí digiteacha atá ann cheana, ach go bhfuil siad ag dul i méid i ndáiríre bunaithe ar na príomhghnéithe seo a leanas den chlaochlú digiteach san Aontas (7):

níl sonraí maidir le leibhéal na mbunscileanna digiteacha ar fáil ar an leibhéal áitiúil ná ar an leibhéal réigiúnach. Ina ionad sin, úsáideadh seachtháscaire maidir le cumas daoine aonair an t-idirlíon a úsáid go laethúil. Cé go bhfuil an bhearna dhigiteach uirbeach-thuaithe á dúnadh i roinnt Ballstát in iarthar an Aontais ó thaobh scileanna digiteacha de (an Ghearmáin, an tSualainn, an Ísiltír agus an Bheilg), tá sí fós suntasach sna Ballstáit eile go léir;

i réimse na nascachta agus an bhonneagair dhigitigh, tá limistéir thuaithe fós ag titim chun deiridh maidir le cumhdach Rochtain na Chéad Ghlúine Eile (NGA) agus cumhdach iomlán na dteaghlach ag a bhfuil líonraí ardacmhainne;

déantar claochlú digiteach gnólachtaí a thomhas trí líon na n-aonbheannach (gnólacht nuathionscanta ag a bhfuil luach margaidh iomlán níos mó ná USD 1 bhilliún) atá lonnaithe san Aontas Eorpach, rud a léiríonn go bhfuil na gnólachtaí sin lonnaithe den chuid is mó ar mhór-roinn na hEorpa agus i réigiúin na bpríomhchathracha;

ó 2019 go 2020, tháinig méadú ar an mbearna i ndigiteáil na seirbhísí poiblí idir daoine aonair a bhfuil cónaí orthu i gcathracha agus iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair uirbeacha;

á thabhairt dá aire nár cheart neamhaird a thabhairt ar chás sonrach na réigiún is forimeallaí. I bhfianaise nádúr uathúil agus casta stad na réigiún sin, is gá beartais Eorpacha a oiriúnú dá saintréithe sonracha (mar a aithnítear in Airteagal 349 CFAE), ní hamháin ar mhaithe le prionsabal an chomhtháthaithe eacnamaíoch agus shóisialta, ach ar mhaithe leis an gcomhtháthú digiteach chomh maith;

12.

á thabhairt dá aire go bhfuil forluí idir roinnt réimsí beartais maidir leis na bearta atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí digiteacha, rud a chiallaíonn gur iarracht chothrománach a bheidh i gceist leis an gcomhtháthú digiteach. Is díol sásaimh dó, dá bhrí sin, gur aithin an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an comhtháthú digiteach mar chomhlánú ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach (8); á mheas gur comhpháirt den chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach é an comhtháthú digiteach agus nach mór aghaidh a thabhairt air mar leas seirbhíse poiblí;

13.

á chur in iúl go mbíonn tionchar ag an mbearna dhigiteach ar sheirbhísí a chuirtear ar fáil ar an leibhéal áitiúil sna réimsí seo a leanas:

Cúram sláinte: easpa rochtana ar ríomhsheirbhísí sláinte; feasacht laghdaithe agus nochtadh níos mó do COVID-19 agus do phaindéimí amach anseo do dhaoine dínasctha.

An t-oideachas: rochtain mhíchothrom ar acmhainní oideachais; tréimhse neamhghníomhaíochta sa phróiseas oideachais; bíonn deacrachtaí ag daltaí tacaíocht theicneolaíoch a fháil óna dtimpeallacht teaghlaigh.

Príomhsheirbhísí eile: méadú ar eisiamh airgeadais i ngeall ar an treocht i dtreo sochaí gan airgead tirim; tá srian curtha ar an rochtain atá ag an bpobal dínasctha ar shochair phoiblí, i ngeall ar úsáid seirbhísí digiteacha amháin. Méadú ar an deighilt shocheacnamaíoch idir iad siúd a d’fhéadfadh a bheith ag obair go cianda trí mhodhanna digiteacha agus iad siúd nach bhféadfadh obair a dhéanamh.

Méadú ar an eisiamh sóisialta: d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh an bhearna dhigiteach cosc ar dhaoine a bheith rannpháirteach i dtionscnaimh ar líne agus a gcearta daonlathacha a fheidhmiú.

14.

agus seirbhísí digiteacha á ndearadh, ba cheart do riaracháin phoiblí agus d’eagraíochtaí eile a sholáthraíonn seirbhísí digiteacha díriú ar inrochtaineacht do dhaoine a bhfuil míchumas céadfach nó lagú scileanna digiteacha de chineál éigin acu, lena n-áiritheofar go mbeidh na seirbhísí sin inrochtana ó naisc a bhfuil srianta orthu i réimse an bhonneagair rochtana;

15.

á chur in iúl gur oth leis nach raibh prionsabal maidir leis an gcomhtháthú digiteach lena n-áiritheofar nach bhfágfar aon réigiún ná duine ar lár ó thaobh nascachta agus inrochtaineachta de ina chuid fhoirmiúil den togra ón gCoimisiún Eorpach maidir leis “An Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití” (9);

16.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gníomhaíochtaí spriocdhírithe amhail an leasú a rinneadh le déanaí ar Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine, lena leasaítear forálacha maidir le státchabhair a dheonú do líonraí leathanbhanda fosaithe agus an t-athbhreithniú leanúnach ar na Treoirlínte Leathanbhanda. Mar sin féin, tá CnaR ag iarraidh go gcuirfí tuilleadh soiléireachta isteach maidir le cur i bhfeidhm rialacha státchabhrach i ndáil le bonneagar digiteach agus le simpliú breise na rialacha sin (10);

17.

á chur i bhfios gur féidir níos mó coigiltí CO2 a bhaint amach trí úsáid spriocdhírithe a bhaint as réitigh dhigiteacha. Is dúshlán mór é, áfach, an méadú atá ag teacht ar ídiú fuinnimh na lárionad sonraí, an trealaimh teirminéil agus na líonraí tarchurtha. B’fhaillí é gan creat sóisialta agus comhshaoil a bheith ag gabháil leis an digiteáil. Ní mór creat den chineál sin a bheith ag gabháil leis an digiteáil féin chun teorainn a chur le tomhaltas acmhainní agus chun éifeachtaí athfhillteacha a sheachaint, i gcás ina dtiocfaidh méadú ar thomhaltas mar thoradh ar ghnóthachain éifeachtúlachta;

An Comhtháthú Digiteach a bhaint amach

18.

á thabhairt dá aire go bhfuil scileanna digiteacha agus an bonneagar digiteach ríthábhachtach chun gach gné eile den Chompás Digiteach a fhorbairt; dá bhrí sin, molann sé go dtabharfadh an Coimisiún Eorpach faoi straitéis, acmhainní agus sásraí comhordúcháin fadtéarmacha tiomnaithe agus go dtabharfadh sé gealltanas ina leith, agus go mbainfear leas as tionscadail mhórscála a bheidh bunaithe ar chomhar idir na Ballstáit, chun a áirithiú go mbeidh scileanna agus bonneagair dhigiteacha atá cothrom le dáta ag gach saoránach;

19.

á mholadh go gcuirfí scileanna digiteacha cuí san áireamh i ngach iarracht a dhéanfar i réimse na foghlama ar feadh an tsaoil, d’fhonn gach saoránach Eorpach a chumhachtú chun leas a bhaint as an gceart ginearálta maidir le rochtain ar an idirlíon. Sa chomhthéacs sin, níor cheart a mheas gur oiliúint amháin atá san oideachas, ach gur bealach é chun é a chur ar chumas na saoránach rannpháirtiú go gníomhach agus machnamh a dhéanamh ar an eolas a chuirtear ar fáil dóibh;

20.

á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil gá le béim ar leith a chur ar chumhachtú digiteach na ngrúpaí is leochailí, amhail na daoine scothaosta, chun a áirithiú go mbeidh roinnt bunscileanna acu ar a laghad agus chun tacú leis an óige sna réigiúin bheagfhorbartha a raibh tionchar suntasach ag an ngéarchéim ar a bhfeidhmíocht oideachais i ngeall ar an mbearna dhigiteach agus easpa rochtana ar oideachas iomchuí ar líne. Ba cheart difríochtaí réigiúnacha a chur san áireamh ar bhealach níos fearr i mbeartais an Aontais – agus béim níos mó a leagan ar na réigiúin bheagfhorbartha go háirithe – a mhéid a bhaineann le leithdháileadh an bhuiséid oideachais chun freagairt don éigeandáil oideachais atá ag titim amach le blianta beaga anuas. Ní mór deiseanna do leanaí ó mhionlaigh náisiúnta a chur san áireamh in ábhar an oideachais dhigitigh chun comhionannas a áirithiú idir na cúlraí sóisialta éagsúla go léir.

21.

á chur i bhfáth, chun an litearthacht dhigiteach a bhaint amach ar fud an daonra, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh gach cuid den daonra liteartha ar bhonn leordhóthanach sna meáin chun iontaofacht na faisnéise a mheas, go háirithe i réimse na sláinte, an airgeadais agus na gcúrsaí reatha. Tá an méid sin fíorthábhachtach go háirithe mar gheall ar an méadú atá tagtha ar fheiniméin amhail an bhréagnuacht agus an fhuathchaint;

22.

á mholadh, mar obair leantach ar an Dearbhú maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha Eorpacha a eisíodh le déanaí, go gcuirfeadh an Coimisiún Eorpach creat cuimsitheach, gníomhartha dlíthiúla agus ionstraimí i bhfeidhm chun cearta digiteacha Eorpacha a fhorfheidhmiú agus chun comhar níos dlúithe a chothú le saoránaigh na hEorpa chun a áirithiú go roinnfear prionsabail dhigiteacha agus go bhfreagróidh na prionsabail sin do riachtanais na sochaí. Go deimhin, ba cheart athbhreithniú a bheartú ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais a bunaíodh in 2000, agus na cearta digiteacha nua fógartha á gcur san áireamh;

23.

á chur in iúl gur mór aige an moladh a chuir an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ar aghaidh maidir le rochtain chothrom ar an idirlíon a bhunú mar cheart bunúsach do gach saoránach Eorpach. I ndáil leis an méid sin, tá sé ríthábhachtach rochtain iontaofa a bheith ar an idirlíon agus ar sheirbhísí digiteacha trí bhonneagar digiteach ceannasach athléimneach AE. Ba cheart bearta a dhéanamh chun iomaíocht chothrom agus oscailte a áirithiú agus chun monaplachtaí agus mí-úsáid ghinearálta chumhacht margaidh, gaibhniú díoltóirí, comhchruinniú sonraí agus spleáchas ar thríú tíortha i dtaca le bonneagar agus seirbhísí a chosc;

24.

á mholadh, i gcomhréir leis an moladh a cuireadh chun cinn leis na moltaí sonracha do na hÚdaráis Rialála Náisiúnta, ó Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (11) go gcothófaí comhroinnt bonneagair (idir oibreoirí teileachumarsáide agus soláthraithe seirbhíse eile amhail cuideachtaí leictreachais, iarnróid etc.) chun na costais a bhaineann le líonraí leathanbhanda a imscaradh agus limistéir iargúlta a laghdú;

25.

á chur i bhfios go bhfuil taithí dhearfach faighte ag roinnt mhaith réigiún a mhéid a bhaineann le comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha chun an bonneagar digiteach a mhéadú agus chun an bhearna dhigiteach a laghdú, agus á chur i bhfáth go bhfuil ról ag moil dhigiteacha réigiúnacha maidir leis an digiteáil a chur i bhfeidhm;

26.

á chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit na deiseanna a chuirtear ar fáil trí mhodhanna oibre díláraithe a threisiú, trí chónaí i gceantair thuaithe a chur chun cinn, agus ar oileáin agus i réigiúin shléibhteacha, mar aon le limistéir ina bhfuil pobail ísealdlúis agus scaipthe, agus trí na buntáistí a bhaineann le maireachtáil sna limistéir sin a threisiú. D’fhéadfadh maireachtáil níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, na sochaí agus an gheilleagair de agus níos inacmhainne a bheith mar thoradh air sin, más rud é, i measc bunriachtanais eile, go ráthófar an comhtháthú digiteach, rud a chiallaíonn go mbeadh fáil iomlán ar phríomhsheirbhísí digiteacha;

27.

ag leagan béim ar na buntáistí a bhaineann le samplaí dea-chleachtais a roinnt, ó réigiúin ar fud na hEorpa, de bheartais a cheadaíonn deiseanna inbhuanaithe maidir le hobair dhíláraithe chun a chinntiú gur gné bhuan é an cineál oibre sin san ionad oibre ar bhealach a uasmhéadaíonn tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil;

28.

ag leagan béim ar ról na scoileanna áitiúla agus réigiúnacha, na n-ollscoileanna, na n-ionad taighde agus na n-éiceachóras áitiúil agus réigiúnach maidir le páirt a ghlacadh i Moil Nuálaíochta Digití, nó fiú na moil sin a threorú, mar is minic nach ndéantar iad a chomhordú le beartais réigiúnacha agus a chuirtear amú eolas forleathan agus cumhacht inchinne; á chur in iúl, sa chomhthéacs sin, nach mór bearta a chur i bhfeidhm chun imirce daoine oilte a sheachaint agus go bhféadfadh an obair dhíláraithe, faoi dhálaí cothroma, a bheith mar chuid den réiteach, go háirithe i gcás ceantair faoi mhíbhuntáiste;

29.

á chur in iúl go láidir gur gá níos mó a dhéanamh i dtaca le FBManna chun tacú leo agus iad i mbun próiseas na digiteála. Titeann siad taobh thiar de chuideachtaí móra a bhfuil acmhainní níos mó acu agus is gá tacar scileanna nua a fhorbairt. Ní mór an t-ualach riaracháin a bhaineann le rochtain a fháil ar chistí AE (ní hamháin i réimse na digiteála) do FBManna agus go háirithe do mhicrifhiontair a laghdú go suntasach. Ní mór na ceanglais riaracháin a bheith comhréireach le méid na cuideachta, agus a áirithiú ag an am céanna go gcaithfear go cothrom le húinéirí FBManna agus cistí AE á bhfáil acu (12). Ba cheart don Choimisiún Eorpach tástáil FBM a dhéanamh ar na cleachtais reatha agus tograí a chur ar aghaidh chun an t-ualach riaracháin a laghdú go háirithe do mhicrifhiontair (e.g. díolúintí iniúchóireachta);

30.

ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh go háirithe ar leithdháileadh chistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) ar thionscnaimh dhigiteacha agus ar FBManna, agus ba cheart a mheas an bhfuil méid an chistithe a leithdháiltear ar FBManna comhréireach le rannchuidiú FBManna le OTI náisiúnta (agus réigiúnach);

An ríomhrialtas agus an athléimneacht dhigiteach

31.

á chur in iúl go dtacaíonn sé leis an gCoimisiún Eorpach agus feachtas múscailte feasachta á chur chun cinn aige ar bhealach níos spriocdhírithe, chun aghaidh a thabhairt ar shaoránaigh, ar na hardáin ríomh-rannpháirtíochta atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, trí chomhordú níos fearr leis na Ballstáit agus leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus trí mhalartú dea-chleachtas;

32.

á mholadh do na Ballstáit acmhainní sonracha a chur i leataobh do chur i bhfeidhm comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, d’fheachtais ardaithe feasachta agus d’oiliúint chun na saoránaigh, na glúnta óga go háirithe, na gnólachtaí agus an earnáil phoiblí a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar an gcibearchoireacht mar shaincheist chothrománach maidir leis an gclaochlú digiteach. Ba cheart a áireamh sa chlár cistiúcháin tacaíochta iar-ghéarchéime infheistíochtaí a bhaineann leis an oideachas digiteach, an nascacht leathanbhanda, agus an trealamh riachtanach a fháil, chomh maith le hoiliúint múinteoirí le haghaidh cásanna den sórt sin. Ba cheart athbhreithniú cuí a dhéanamh ar an mbainistiú a dhéanfar ar ábhar an oideachais dhigitigh freisin, agus na dúshláin agus na fadhbanna a d’fhéadfadh eascairt as úsáid a bhaint as ábhar digiteach ar líne á gcur san áireamh;

33.

á mholadh don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhacainní trasteorann rialála agus idir-inoibritheachta lena gcuirtear cosc ar chur chun feidhme iomlán an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus lena gcuirtear bac ar ghnó agus teicneolaíochtaí san Eoraip a mhéadú. Ina theannta sin, éascóidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cur síos a dhéanamh ar mhúnla coiteann tríd an Ardán Leathanbhanda, mar shampla;

34.

á mholadh go mbeadh idir-inoibritheacht na gcóras poiblí TF réigiúnach agus áitiúil leis na córais ar an leibhéal náisiúnta ina túsphointe d’aon tionscnamh digiteach, go háirithe i gcás inarb ann cheana do chaighdeáin TFC an Aontais, nó do shonraíochtaí teicniúla coiteanna an Aontais. Ba cheart an idir-inoibritheacht a cheangal i gcónaí le neodracht teicneolaíochta na réiteach agus na seirbhísí chun gaibhniú na ndíoltóirí a sheachaint; ina theannta sin, ba cheart tástáil FBM a dhéanamh le haghaidh aon seirbhís phoiblí dhigiteach a dhírítear orthu; ba cheart d’ionadaithe na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a bheith ina gcomhaltaí de choistí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus róil chomhairleacha a thabhairt dóibh i bpríomhthionscnaimh idir-inoibritheachta;

35.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé bogearraí foinse oscailte a bheith ar fáil agus, thairis sin, ar shonraí oscailte poiblí le haghaidh na dtacar sonraí ardluacha uile, mar a shainaithnítear iad i dTreoir (AE) 2019/102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) maidir le sonraí oscailte agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid; á chur in iúl gur cheart a mheas freisin gur cearta digiteacha shaoránaigh an Aontais iad sin, chun a gcumhachtú a áirithiú; á chur i bhfios gur cheart eolaíocht na saoránach a chothú freisin agus, sa chomhthéacs sin, gur cheart na príomhphobail a mhapáil ar leibhéal an Aontais agus iad a threisiú dá réir sin, lena n áirítear sonraí “áitiúla” a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar an gcomhtháthú digiteach, agus moltaí maidir leis an gcaoi ar féidir é a bhaint amach, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin;

36.

á áitiú, i gcomhréir leis an tuairim a d’eisigh CnaR le déanaí maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, go leathnóidh an Coimisiún Eorpach an measúnú tionchair ar impleachtaí na dteicneolaíochtaí intleachta saorga do shaoránaigh, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, trí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus/nó a n-ionadaithe a thabhairt isteach sa chomhairliúchán agus trí cheanglais trédhearcachta agus faisnéise níos déine a shainiú le haghaidh teicneolaíochtaí intleachta saorga (14);

Faireachán agus tomhas a dhéanamh ar na bearnaí digiteacha

37.

á chur i bhfios go láidir go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach, in éineacht leis na Ballstáit, Eurostat, oifigí staidrimh náisiúnta agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) méadú de réir a chéile, ach ar bhonn leanúnach, ar mhiondealú geografach na sonraí atá ann cheana a chur chun cinn agus go leathnóidh siad raon feidhme na faisnéise chun gnéithe den gheilleagar digiteach agus den tsochaí dhigiteach a áireamh i gceart. Beidh Coiste Eorpach na Réigiún rannpháirteach mar phríomhghníomhaí chun riachtanais na n-údarás áitiúl agus réigiúnach a chur ar aghaidh maidir le sonraí, faisnéis agus uirlisí oiriúnacha chun an aibíocht dhigiteach a thomhas;

38.

á mholadh go bhforbrófaí córas láidir cuimsitheach de tháscairí áitiúla digiteacha lena dtomhaisfear an aibíocht dhigiteach mar chúlra don chinnteoireacht, lena n-áirítear mar chritéir chun acmhainní a chinneadh don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach de réir bhrí Rialachán na bhForálacha Coiteanna atá i bhfeidhm faoi láthair;

39.

á mholadh go n-oibreodh an Coimisiún Eorpach agus Coiste Eorpach na Réigiún i gcomhar le chéile chun Compás Digiteach a bhunú a chuirfidh an ghné chríochach san áireamh go nithiúil. Leis sin, beifear in ann bogadh ón measúnú ar an dul chun cinn ó thaobh na digiteála agus an chlaochlaithe dhigitigh san Eoraip go dtí éabhlóid an chomhtháthaithe dhigitigh thar chríocha.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  An Baraiméadar Réigiúnach agus Áitiúil, Caibidil IV — An t-aistriú digiteach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, lch. 63.

(2)  Tuairim ó Choiste na Réigiún Eoraip dhigiteach do chách: réitigh chliste agus chuimsitheacha a chur ar fáil ar an láthair (Níl leagan Gaeilge ann) (Rapóirtéir: Anne Karjalainen, FI, PSE).

(3)  Susanna Fontana, Fabio Bisogni (Fondazione FORMIT), Simona Cavallini, Rossella Soldi (Progress Consulting S.r.l.)., Staidéar Críochach fadbhreathnaitheach maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbearna dhigiteach agus comhtháthú digiteach a chur chun cinn, 16 Bealtaine 2022 (dréacht).

(4)  ECFE (2021), Bridging Connectivity Divides, Páipéir ECFE um an nGeilleagar Digiteach, Uimh. 315, Foilsitheoireacht ECFE, Páras. Ar fáil ar líne: https://doi.org/10.1787/e38f5db7-en

(5)  Cónaíonn 17.7 milliún duine ar 362 oileán ina bhfuil níos mó ná 50 áitritheoir in 15 thír san Eoraip; sna réigiúin sin, tá OTI per capita faoi bhun 80 % de mheán an Aontais agus baineann cuid shuntasach díobh fós le catagóir an réigiúin thearcfhorbartha. (Source: https://www.regione.sicilia.it/la-regione-informa/estimation-insularity-cost-sicily).

(6)  (A9-0144 / 2022-159), https://oeil.secure.europarl.europa.eu/oeil/popups/ficheprocedure.do?reference=2021/2079(INI)&l=de

(7)  Foinse: Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais, 2021, Caibidil IV – An t-aistriú digiteach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, Staid an chlaochlaithe dhigitigh, lch. 69.

(8)  Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil ar an toradh deiridh, Bealtaine 2022, lch. 12. Togra: Iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus an Margadh Aonair a dhoimhniú tuilleadh, Beart 14, lch. 56.

(9)  Dearbhú maidir le Cearta agus Prionsabail Dhigiteacha Eorpacha, 26 Eanáir 2022.

(10)  Féach tuarascáil RegHub 21st Century Rules for 21st Century Infrastructure – Overcoming obstacles to transport, digital, and green infrastructure deployment [Rialacha an 21ú haois do bhonneagar an 21ú haois – Bacainní móra ar úsáid an bhonneagair iompair, dhigitigh, agus ghlais]; ar fáil ag https://cor.europa.eu/en/engage/Documents/RegHub/RegHub%20report%20on%2021%20century%20rules.pdf

(11)  Iclaves agus Esade, Study on post-COVID measures to close the digital divide [Staidéar ar bhearta iar-COVID chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh], Tuarascáil Deiridh, Deireadh Fómhair 2021.

(12)  Dearbhú maidir le costais dhíreacha phearsanra d’úinéirí FBManna nach bhfaigheann tuarastal agus do dhaoine nádúrtha eile nach bhfaigheann tuarastal, tá siad bunaithe ar chostais aonaid atá coibhéiseach le tuarastal do thaighdeoirí (https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/docs/2021. 2027/common/guidance/unit-cost-decision-sme-owners-natural-persons_en.pdf).

(13)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(14)  Tuairim 2682/2021 ó Choiste na Réigiún Cur chuige Eorpach maidir leis an intleacht shaorga – Gníomh um an Intleacht Shaorga (tuairim athbhreithnithe), rapóirtéir: Guido Rink (NL/PSE), a glacadh an 2 Nollaig 2021.


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/45


Tuairim ó Choiste na Réigiún — An t-ochtú tuarascáil faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

(2022/C 498/09)

Rapóirtéir:

Nathalie SARRABEZOLLES (FR/PSE), Comhalta de Chomhairle Roinne Finistère

Doiciméid tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch Agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú

COM(2022) 34 final

SWD(2022) 24 final

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur foilsíodh an t-ochtú Tuarascáil faoin gComhtháthú toisc go leagtar amach inti na príomhchora agus na príomhéagothromaíochtaí críochacha atá tarluithe i réigiúin na hEorpa le deich mbliana anuas agus go leagtar síos inti freisin an dúshraith don díospóireacht maidir le todhchaí an chomhtháthaithe i ndiaidh 2027;

2.

ag teacht leis an gCoimisiún Eorpach ar an anailís a rinne sé ar an gcomhthéacs stairiúil san Aontas Eorpach: go bhfuil paindéim COVID-19 agus na mórthreochtaí nua a ndéantar cur síos orthu sa Tuarascáil faoin gComhtháthú, cuir i gcás an t-athrú aeráide agus an hipirnascacht dhigiteach, ina nua-fhoinsí éagothromaíochtaí ar an leibhéal críochach agus go gcothaíonn siad “tíreolaíocht na míshástachta” san Eoraip;

3.

á thabhairt dá aire go bhfuil treochtaí an-éagsúil folaithe orainn mar thoradh ar atosú mall phróiseas an chóineasaithe le blianta beaga anuas: féach an chaoi a bhfuil ráta íseal nó diúltach fáis faoi roinnt réigiúin lagfhorbartha agus trasdula i ndeisceart agus in iarthuaisceart na hEorpa. San am céanna, sainghné den fhás réigiúnach san oirthear ó uair go chéile fós is ea na difríochtaí móra atá idir na réigiúin phríomhchathartha agus réigiúin nach iad;

4.

á thabhairt chun suntais an tionchar atá ag Brexit ar gheilleagar na hEorpa, go háirithe ar an gcomhar idir-réigiúnach, ar éiceachórais an taighde agus na hoiliúna agus ar dhéimeagrafaíocht a lán réigiún san Eoraip;

5.

á thabhairt dá aire go bhfuil gá, murab ionann is riamh, le comhtháthú san Eoraip, rud atá tugtha chun solais de thoradh an chogaidh san Úcráin atá ar siúl ar theorainneacha na hEorpa;

6.

ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún machnamh oscailte straitéiseach a dhéanamh ar ról an bheartais comhtháthaithe i ndiaidh 2027 i bhfianaise na mbeartas Eorpach uile;

An beartas comhtháthaithe mar bheartas forbartha fadtéarmach

7.

den tuairim go ndéanann na héagothromaíochtaí réigiúnacha a sainaithníodh sa Tuarascáil faoin gComhtháthú dlisteanacht an bheartais comhtháthaithe, mar a shainítear sna Conarthaí, a atreisiú sa tslánchruinne, mar atá an laghdú ar na héagothromaíochtaí ó thaobh rachmais agus forbartha de idir réigiúin an Aontais Eorpaigh;

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó, dá bhrí sin, an anailís atá le fáil sa Tuarascáil faoin gComhtháthú faoi thionchar an bheartais comhtháthaithe (don tréimhse 2014-2020) ar an infheistíocht ar fud chríocha an Aontais Eorpaigh;

9.

á thabhairt dá aire gur mhinic a bhí ról lárnach ag an mbeartas comhtháthaithe maidir le leibhéal leordhóthanach infheistíochta poiblí a choinneáil slán in ainneoin meath a bheith ag teacht ar infheistíochtaí náisiúnta;

10.

á mheabhrú go ndearbhaítear san fhadtéarma an tionchar dearfach a bhíonn ag infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón mbeartas comhtháthaithe, rud a chuirtear chun suntais i gCaibidil 9 den Tuarascáil faoin gComhtháthú;

11.

á mheabhrú freisin gur féidir, de thoradh na socruithe clársceidealúcháin a bhaineann go sonrach leis an mbeartas comhtháthaithe, tionscadail áirithe a mhaoiniú ar feadh suas go trí bliana tar éis dheireadh na clárthréimhse, rud a fhágann nach féidir iad a chur i gcomparáid le cláir Eorpacha eile atá faoi bhainistíocht dhíreach;

12.

ag leagan béim ar a éifeachtaí atá an beartas comhtháthaithe agus aghaidh á tabhairt ar ghéarchéim phaindéim COVID-19, go háirithe trí na bearta solúbthachta a tugadh isteach ó mhí Aibreáin 2020 ar aghaidh (an dá phacáiste maidir leis an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas [CRII]);

13.

den tuairim, áfach, gur den riachtanas go mbeadh an beartas comhtháthaithe dírithe i gcónaí ar an gcomhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta a neartú san Eoraip;

Sainmhíniú ar an gcoincheap “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú”

14.

á thabhairt dá aire na deiseanna atá ann chun coincheap nua a thabhairt isteach sa Tuarascáil faoin gComhtháthú arb é is aidhm dó cur chuige cuimsitheach a chur i bhfeidhm maidir leis an mbeartas comhtháthaithe i gcás aon bheartas poiblí Eorpach a bhfuil tionchar críochach aige;

15.

á chur i bhfáth go láidir an chaoi a dtacaíonn an coincheap seo go hiomlán le tionscnamh CnaR atá dírithe ar ról an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochaigh a léiriú mar bhunluach de chuid an Aontais Eorpaigh;

16.

á mheas go bhféadfaí, leis an gcoincheap sin, aon bheartas Eorpach a chumasú chun ilchineálacht na réaltachtaí réigiúnacha éagsúla san Aontas Eorpach a chur san áireamh, chun a n-éifeachtacht a mhéadú agus chun gur follas do na saoránaigh, murab ionann is riamh, cén ghníomhaíocht atá ar siúl ag an Aontas Eorpach sa réimse sin;

17.

ag cur i gcoinne an léirmhínithe fhíortheorantaigh seo ar an gcoincheap faoi chaibidil óir d’fhágfadh sin nach mbeadh feidhm ag an bprionsabal sin ach amháin maidir le cláir oibríochtúla agus nárbh infheidhme é maidir leis an gcomhaontú comhpháirtíochta fiú; á athdhearbhú don Choimisiún Eorpach nach mór feidhm a bheith ag an bprionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú” maidir le gach beartas Eorpach chun an éifeacht fhrith-chomhtháthaithe atá ag beartais nó cláir Eorpacha áirithe a laghdú;

18.

ag tacú leis go háirithe gur gá don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, mar atá luaite sa Tuarascáil faoin gComhtháthú, cur leis an gcomhtháthú san Eoraip;

19.

ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach a áirithiú go ndéanfaidh an tSaoráid sin agus aon ionstraimí eile a thiocfaidh ina háit cur chuige an bheartais comhtháthaithe a ionchorprú go díreach iontu féin bunaithe ar an rialachas il-leibhéil agus ar an gcomhpháirtíocht;

20.

á chur chun suntais, ina theannta sin, gur gá na sineirgí idir an beartas comhtháthaithe agus Fís Eorpach a ailíniú agus a mhéadú ar bhealach níos fearr d’fhonn an nuálaíocht a threisiú i ngach réigiún san Eoraip agus, ar an gcaoi sin, a gcumas taighde agus nuálaíochta a fhorbairt, rud a chuireann ar chumas an Aontais Eorpaigh a bheith iomaíoch ar scála domhanda trí infheistíocht a dhéanamh i mbarr feabhais na réigiún agus rud a d’fhéadfadh a bheith ina réiteach ar sháinn forbraíochta na réigiún meánioncaim;

21.

ag tabhairt le fios, i ndáil leis sin, gur den tábhacht é go mbeadh tacaíocht shonrach ag na réigiúin sin atá i sáinn forbraíochta na réigiún meánioncaim, bíodh sin toisc go mbaineann siad le catagóir na réigiún idirmheánach nó trí bhíthin rochtain níos éasca ar ionstraimí comhair chríochaigh i réimse na nuálaíochta;

22.

ag iarraidh go ndéanfaí comhdhlúthú ar chur chuige na straitéise um speisialtóireacht chliste d’fhonn an t-iomaíochas agus éiceachóras na nuálaíochta a neartú bunaithe ar straitéisí áitbhunaithe agus comhar críochach feabhsaithe;

23.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an coincheap “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú” a shainiú agus fíorshásra a dhéanamh de trínar féidir measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbeartas Eorpach ar an gcomhtháthú san Eoraip; ag moladh go ndéanfaí promhadh leas na tuaithe dá bhforáiltear sa Teachtaireacht maidir le Fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais a chuimsiú sa sásra seo d’fhonn saintréithe na gceantar sin a chur san áireamh; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach treoirlínte sonracha a fhorbairt maidir leis an gcoincheap sin a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil, lena n-áirítear trí bhíthin gníomh reachtach tar éis dul i gcomhairle le Coiste Eorpach na Réigiún;

An beartas comhtháthaithe i gcroílár straitéise Eorpaí fadtéarmaí

24.

á mheabhrú, fiú más cuid rílárnach de chur i gcrích an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta é an beartas comhtháthaithe, nach cuid de straitéis fhadtéarmach Eorpach é, murab ionann agus beartas comhtháthaithe 2014-2020, a raibh nasc díreach aige le cuspóirí na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach;

25.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, straitéis nua fhadtéarmach Eorpach a tharraingt suas do 2030 lena nascfar riachtanais na n-aistrithe glasa agus digiteacha, agus lena neartófar comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais san am céanna; teann air gur cheart go gcuimseodh an straitéis sin beartais agus cistí uile an Aontais lena dtacaítear leis an infheistíocht, i gcomhréir leis an bprionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú” a tugadh isteach sa Tuarascáil faoin gComhtháthú;

26.

ag cur in iúl gur oth leis an easpa sásraí atá ann chun comhordú a dhéanamh idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus beartas comhtháthaithe 2021-2027 chomh maith leis an mbaol go mbeidh forluí agus plódú ann in éagmais fíorshásra chun breisíocht an mhaoinithe ón tSaoráid a fhíorú;

27.

á chur chun suntais an gá atá ann beartais infheistíochta Eorpacha a bheith bonn ar aon le chéile d’fhonn an iomaíocht a sheachaint idir na beartais éagsúla Eorpacha ar an láthair, ós rud é go bhfuil na rialacha státchabhrach ina mbac ar chur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe faoi láthair, rud nach fíor i gcás beartais eile;

28.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, sa chomhthéacs sin, machnamh doimhin a dhéanamh ar conas an creat reachtach Eorpach maidir le státchabhair a fhorbairt ionas go mbeidh na tionscadail uile a fhaigheann tacaíocht ó na cláir agus na cistí Eorpacha éagsúla faoi réir na rialacha céanna;

Comhtháthú níos fearr ar an mbeartas comhtháthaithe sa Seimeastar Eorpach a chinneadh

29.

á thabhairt dá aire nach ndéantar tagairt sa Tuarascáil faoin gComhtháthú don nasc idir an beartas comhtháthaithe agus creat rialachais eacnamaíoch an Aontais, in ainneoin ról méadaithe an tSeimeastair Eorpaigh i gcur i gcrích an bheartais comhtháthaithe don chlárthréimhse 2021-2027;

30.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó roinn nua maidir le héagothromaíochtaí críochacha a bheith i dtuarascálacha tíre phacáiste Sheimeastar Eorpach an Earraigh a foilsíodh i mí na Bealtaine 2022, ar choinníoll go ndíreofaí leis an gcuimsiú sin ar an gcomhtháthú críochach a neartú san Eoraip, agus air sin amháin, agus nach gcuirfí athchóirithe struchtúracha i bhfeidhm atá scoite go mór agus go fada ó chuspóirí fadtéarmacha an bheartais comhtháthaithe;

31.

ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de na hiarrachtaí atá ar siúl aige chun tuilleadh airde a dhíriú sna tuarascálacha tíre ábhartha agus sna moltaí tír-shonracha ábhartha ar na dúshláin a bhaineann le comhtháthú críochach ar a gcaitheann críocha agus réigiúin na hEorpa aghaidh a thabhairt;

32.

ag iarraidh go dtabharfaí faoi mhachnamh níos cuimsithí a bheidh dírithe ar athchóiriú a dhéanamh ar an gcreat atá ann faoi láthair maidir le comhordú an bheartais eacnamaíoch ionas gur féidir an prionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú” a ionchorprú i gcéimeanna éagsúla an tSeimeastair Eorpaigh agus ról níos mó a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

33.

á thabhairt dá aire ar bhonn an ochtú Tuarascáil faoin gComhtháthú gur fiachas faoi cheilt atá san easnamh infheistíochta poiblí san Aontas Eorpach; ag iarraidh an athuair, dá bhrí sin, mar atá iarrtha aige go minic cheana, i gcás chaiteachas poiblí na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar chómhaoiniú na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta i gcomhréir leis na huasteorainneacha comhfhreagracha do chómhaoiniú AE, nár cheart an caiteachas sin a áireamh mar chaiteachas poiblí nó struchtúrach comhionann mar atá sainithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, mar atá “riail óir an chómhaoinithe”; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá infheistíochtaí poiblí, cuir i gcás infheistíochtaí san aistriú inbhuanaithe glas, digiteach agus sóisialta agus infheistíochtaí atá dírithe ar iomaíochas na hEorpa a áirithiú, do na glúine atá le teacht agus gur cheart caitheamh leo go hiomchuí, lena n-áirítear trí athrú a dhéanamh ar rialacha cuntasaíochta na hEorpa;

34.

ag athdhearbhú na hiarrata uaidh a eisíodh i dtuairimí roimhe seo (1) go mbeadh cód iompair ann le haghaidh ionchur na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Tá gá leis an gcód iompair chun an Seimeastar Eorpach a dhéanamh níos trédhearcaí, níos cuimsithí agus níos daonlathaí, ach tá gá leis freisin chun é a dhéanamh níos éifeachtaí trí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a rannpháirtiú ann. Ar an gcaoi sin, is mó an fhreagracht a bhíonn ann ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, rud a fheabhsaíonn cur chun feidhme na n-athchóirithe inmhianaithe sna Ballstáit;

I dtreo creata straitéisigh nua do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa …

35.

á thabhairt dá aire treocht áirithe i dtreo iolrú na gcistí infheistíochta ar leibhéal na hEorpa, a bhfuil cuid acu faoi bhainistíocht dhíreach, faoi bhainistíocht chomhroinnte (cuir i gcás, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa – CSIE) nó a bhfuil ról ceannasach ag an Stát maidir lena gcur chun feidhme (na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a fhaigheann tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta);

36.

imníoch faoin treocht atá ann faoi láthair aistriú cistí ó CSIE go beartais nó cláir eile a mhéadú, cuir i gcás na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta nó cláir faoi bhainistíocht dhíreach amhail Fís Eorpach; i ndáil leis sin, go mór i gcoinne aistriú cistí ón mbeartas comhtháthaithe agus ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta: is éard is aidhm don tSaoráid, bunaithe ar Airteagal 175 CFAE, iarrachtaí an bheartais comhtháthaithe a chomhlánú chun cuspóirí Airteagal 174 CFAE a bhaint amach agus gan a mhalairt a dhéanamh; á mheabhrú, ar a mhuin sin, go gcuireann an beartas comhtháthaithe go mór le hinfheistíochtaí glasa Eorpacha agus le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais Eorpaigh; á dhéanamh amach, dá bhrí sin, nach bhfuil údar ann le cistí AE a athlárú trí aistriú na gcistí thuasluaite chuig an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

37.

á thabhairt dá aire an drochéifeacht faoi dhó a bhíonn ag an treocht sin óir, ar thaobh amháin, déanann sí éifeachtacht an bheartais comhtháthaithe mar bheartas fadtéarmach forbartha a laghdú agus, ar an taobh eile, déanann sí an beartas sin a íosghrádú go líne buiséid shimplí i gcreat airgeadais ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh;

38.

ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún Eorpach creat straitéiseach nua a fhorbairt don tréimhse i ndiaidh 2027 ina ndíreofar ar an gcomhpháirtíocht agus ar an rialachas il-leibhéil agus lena ndéanfar foráil ghinearálta do chistí infheistíochta uile an Aontais a bhfuil gné chríochach ag baint leo, i.e. CSIE, an Ciste Aeráide Sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, CETFT agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bheidh ann amach anseo, i gcás inarb iomchuí;

39.

á chur chun suntais, thar aon ní eile, an gá atá ann CETFT a chomhtháthú sa chreat straitéiseach nua sin athuair;

40.

á iarraidh freisin go dtabharfaí aird ar leith ar thodhchaí Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) d’fhonn gné chríochach níos láidre a ionchorprú ann agus chun ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i gcur chun feidhme an Chiste a fheabhsú;

… a mbeadh sé d’aidhm aige fíorshimpliú a dhéanamh ar chur chun feidhme Chistí SIE …

41.

á thabhairt dá aire go bhfuil bearta simpliúcháin suntasacha sa chreat reachtach don bheartas comhtháthaithe lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2027, cuir i gcás síneadh a chur le roghanna costais simplithe, nach mór a mheasúnú nuair a chuirfear chun feidhme iad faoi chlársceidealú 2021-2027;

42.

á mheabhrú, áfach, go bhfuil ualach méadaithe riaracháin curtha ar údaráis bhainistíochta na gcistí le déanaí, ar údaráis réigiúnacha go minic iad, mar thoradh ar iomadú na gcistí agus na rialacha, na spriocdhátaí agus na socruithe faoina gcuirtear cistí chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte;

43.

á thabhairt dá aire go gcuireann an t-ualach riaracháin sin moill ar chur chun feidhme CSIE, moill a meastar go minic ina taobh gurb iad na réigiúin is cúis léi, rud a chuireann smál ar íomhá an bheartais comhtháthaithe mar bheartas éifeachtach infheistíochta i súile shaoránaigh na hEorpa;

44.

ag meabhrú ról ríthábhachtach na réigiún chun deireadh a chur le cineálacha cur chuige neamh-chomhtháite i dtaca le cur chun feidhme CSIE agus iad a nascadh le cur chuige áitbhunaithe d’fhonn tacú le straitéisí forbartha áitbhunaithe;

45.

ag iarraidh cheana féin ar an gCoimisiún tús a chur le próiseas machnaimh fadtéarmach ina mbeadh údaráis bhainistíochta CSIE páirteach ar an leibhéal réigiúnach d’fhonn rialacha bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta a shimpliú, as a leanfaidh fíor-athchóiriú d’fhonn an chéad phacáiste reachtach eile den bheartas comhtháthaithe don tréimhse i ndiaidh 2027 a bhaint amach;

46.

ag athdhearbhú na hiarrata ó Choiste Eorpach na Réigiún conradh muiníne a chur chun feidhme idir an Coimisiún Eorpach agus na húdaráis bhainistíochta don bheartas comhtháthaithe, d’fhonn CSIE a dhéanamh tarraingteach athuair do thionscnóirí tionscadal, ionas gur féidir le cláir a bhfuil ráta earráidí iarmharacha an-íseal acu sa chlárthréimhse 2021-2027 leas a bhaint as simpliú na rialacha bainistíochta, rialaithe agus iniúchóireachta don chéad chlárthréimhse eile;

… agus atá dírithe ar fhíor-chomhpháirtíocht muiníne leis na réigiúin agus leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha …

47.

á thabhairt dá aire go ndearnadh beartas comhtháthaithe 2021-2027 a lárú go pointe áirithe agus gur baineadh an bonn ó phrionsabal na comhpháirtíochta agus ó ról na n-údarás réigiúnach maidir le riachtanais infheistíochta a bhunú mar chuid de na cláir oibríochtúla;

48.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an rún a cuireadh in iúl sa Tuarascáil faoin gComhtháthú an rialachas il-leibhéil agus prionsabal na comhpháirtíochta a neartú;

49.

ag tacú leis an tionscnamh a seoladh le déanaí maidir leis an gComhphobal Eorpach um Chleachtais maidir le Comhpháirtíocht 2021-2027, ar cheart feabhsuithe suntasacha a bheith mar thoradh air sa Chód Iompair Eorpach maidir le Comhpháirtíochtaí;

50.

ag leagan béim ar chur chuige uathúil an bheartais comhtháthaithe, ina bhfuil cláir oibríochtúla CSIE bunaithe ar anailís ar riachtanais chríochacha arna ndéanamh amach ar an leibhéal áitiúil agus a leanann próiseas lán-rannpháirteach agus lándaonlathach, murab ionann agus na pleananna náisiúnta téarnaimh arna dtacú ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a dearadh den chuid ba mhó in éagmais rannpháirtíocht na réigiún;

51.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, feabhas a chur ar ról na réigiún i mbainistiú na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta agus na forálacha reachtacha a bhaineann leis an gcomhpháirtíocht a neartú, go háirithe i bhfianaise na tréimhse i ndiaidh 2027;

An beartas comhtháthaithe mar uirlis chun an meath déimeagrafach i gceantair intíre, thuaithe agus shléibhtiúla a chur ina cheart

52.

á chur in iúl gur cúis bhuartha dó an méadú ar ráta aosaithe an daonra, an laghdú ar na rátaí breithe, agus bánú na gceantar intíre, go háirithe na ceantair thuaithe agus shléibhtiúla;

53.

ag tabhairt dá aire go ndéanann an suaitheadh eacnamaíoch agus sóisialta, arb iad paindéim COVID-19 agus an choimhlint san Úcráin ba mhó ba chúis leo le déanaí, difear d’fhéachaint suas an aosa óig amach anseo;

54.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé straitéis AE don déimeagrafaíocht a bhunú agus aird a dhíriú go háirithe ar na deiseanna atá ann de thoradh sreabha dleathacha imirce laistigh den Aontas, agus an comhordú maidir le hinimirce neamhdhleathach á neartú agus tacaíocht agus cosaint á gcur ar fáil do dhídeanaithe san am céanna;

Aird ar leith ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí geografacha buana acu

55.

ag cur in iúl gur oth leis nach dtugtar ach aird ar éigean sa Tuarascáil faoin gComhtháthú ar na dúshláin atá le sárú ag na réigiúin ag a bhfuil míbhuntáistí geografacha buana agus ag na réigiúin is forimeallaí;

56.

ag iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí geografacha buana acu a shainítear in Airteagal 174 CFAE, eadhon na réigiúin oileánacha, na réigiúin a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu, agus na réigiúin trasteorann agus shléibhtiúla, agus ar na réigiúin is forimeallaí in aon tionscadal athchóiriúcháin a bhaineann le todhchaí an bheartais comhtháthaithe;

57.

ag cur béim ar an obair thábhachtach atá déanta i bParlaimint na hEorpa maidir le comhtháthú na n-oileán agus ag aithint a thábhachtaí atá an comhshocrú d’oileáin na hEorpa;

58.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó, a fhad a bhaineann le ceantair thuaithe, go n-aithnítear sa Tuarascáil faoin gComhtháthú an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag na haistrithe déimeagrafacha ar an gcomhtháthú san Eoraip; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún Eorpach dlús a chur le cistiú agus le hionstraimí amach anseo faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe agus pleananna straitéiseacha CBT, go háirithe trí thairseacha íosta, ag cur san áireamh an sciar uile-AE de dhaonra agus de chríoch na gceantar tuaithe, i gcás na gcríoch a aithnítear in Airteagal 174 agus i gcás comhar idir na ceantair uirbeacha agus thuaithe, a bhfuil buntáistí comparáideacha agus comhlántacha ag gach ceann acu d’fhonn forbairt chríochach chomhchuí a bhaint amach;

59.

á chur chun suntais, san am céanna, an ról dearfach atá ag na ceantair uirbeacha maidir le forbairt chomhtháite a chinntiú trí shaibhreas agus sochair a dháileadh ar cheantar ar leith agus naisc uirbeacha-tuaithe níos éifeachtúla a chruthú. Tá CnaR á athdhearbhú nach dtugann OTI per capita léargas iomlán ar a fhorbartha atá siad agus á mholadh go n-úsáidfí modheolaíocht an Innéacs um Dhul Chun Cinn Sóisialta chun na dúshláin is práinní is gá a mhaoiniú sna ceantair uirbeacha le cistí an Bheartais Comhtháthaithe a shainaithint (2);

Borradh a chur faoin gcomhar críochach

60.

á mheabhrú go ndearnadh laghdú suntasach ar an mbuiséad a leithdháiltear ar an gcuid sin de bheartas comhtháthaithe 2021-2027 a bhaineann le comhar críochach i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, rud a bhaineann an bonn ó acmhainneacht an Aontais gníomhú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thábhachtacha i réimse an chomhtháthaithe sna ceantair thrasteorann;

61.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tagairt atá sa Tuarascáil faoin gComhtháthú maidir le comhar trasteorann agus idir-réigiúnach a neartú; ag iarraidh go ndéanfar an gá méadaitheach atá leis an gcomhtháthú a neartú, atá leis na sásraí comhair atá ann cheana idir críocha an Aontais a choimeád agus atá le freagairt do na dúshláin nua comhair atá ag teacht chun cinn sa chomhthéacs reatha a léiriú sa tslánchruinne sa bheartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo don tréimhse i ndiaidh 2027.

62.

á chur in iúl gur oth leis gurb iad na réigiúin is mó a ndéanann an ciorrú sin díobháil dóibh na réigiúin a liostaítear in Airteagal 174 CFAE, ar gá dóibh, mar gheall ar na míbhuntáistí nádúrtha buana atá acu, a gcomhtháthú críochach, eacnamaíoch agus sóisialta le réigiúin eile an Aontais Eorpaigh a neartú go mór mór.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Plean Téarnaimh don Eoraip mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO C 440, 18.12.2020, lch. 160).

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Seimeastar Eorpach agus an Beartas Comhtháthaithe: athchóirithe struchtúracha a ailíniú le hinfheistíochtaí fadtéarmacha (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 275, 14.8.2019, lch. 1).

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — “Feabhas a Chur ar Rialachas an tSeimeastair Eorpaigh: Cód Iompair maidir le rannpháirtíocht na núdarás áitiúil agus réigiúnach” (Níl leagan Gaeilge ann) (IO C 306, 15.9.2017, lch. 24).

(2)  Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Dúshláin na Réigiún Cathrach agus Seasamh na Réigiún sin sa Bheartas Comhtháthaithe a bheidh ann tar éis 2020 (IO C 79, 10.3.2020, lch. 8).


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/51


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile

(2022/C 498/10)

Rapóirtéir:

Inga Bērziņa (LV/Renew Europe), Comhalta de Chomhairle Bardais Kuldīga

Doiciméad tagartha:

Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile

COM(2022) 316

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh MOLADH ÓN gCOMHAIRLE maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile

COM(2022) 316

Leasú 1

Aithris 2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(2)

An 30 Meán Fómhair 2020 ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, agus cuimsitheacht á cur san áireamh mar cheann de na sé ghné atá aige (1). An 18 Feabhra 2021, d’fhormheas an Chomhairle a Rún i ndáil le creat straitéiseach maidir le comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021–2030) (2).

(2)

An 30 Meán Fómhair 2020 ghlac an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, agus cuimsitheacht á cur san áireamh mar cheann de na sé ghné atá aige (1). An 18 Feabhra 2021, d’fhormheas an Chomhairle a Rún i ndáil le creat straitéiseach maidir le comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021–2030) (2). An 19 Márta 2021, ghlac Coiste Eorpach na Réigiún tuairim maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025  (3) .

Cúis

Tá CnaR á mholadh tagairt a chur isteach don tuairim ón gCoiste maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025.

Leasú 2

Brollach, Aithris 5

(Aithris nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Sa tuarascáil deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, iarrtar freisin ar an Aontas a áirithiú gur féidir le saoránaigh uile an Aontais tairbhe a bhaint as an digiteáil trína áirithiú go mbeidh na scileanna agus na deiseanna digiteacha is gá acu  (1) . Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach tograí a thíolacadh i ndáil le Moladh maidir le scileanna digiteacha níos fearr san oideachas agus san oiliúint agus maidir le Deimhniú Eorpach um Scileanna Digiteacha  (2) .

Cúis

Ba cheart aird a tharraingt ar a thábhachtaí atá sé tairbhe a bhaint as an digiteáil trína áirithiú go mbeidh na scileanna agus na deiseanna digiteacha is gá ag gach saoránach.

Leasú 3

Aithris 25

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(25)

An cuspóir maidir le tearcghnóthachtáil agus luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a laghdú agus maidir le rathúlacht scoile a chur chun cinn, ní mór aghaidh a thabhairt air go córasach ar fud an Aontais trí oideachas agus oiliúint. Ar leibhéal an chórais, tá gá le comhsheasmhacht na mbeart beartais, comhordú le réimsí beartais ábhartha eile (amhail sláinte, seirbhísí sóisialta, fostaíocht, tithíocht, ceartas, imirce agus lánpháirtiú), agus comhar éifeachtach idir na gníomhaithe éagsúla ar gach leibhéal ( náisiúnta, réigiúnach, áitiúil, scoile ) chun tacaíocht chomhordaithe a thabhairt do leanaí, do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh. San am céanna, ba cheart cineálacha cur chuige uilescoile a chur chun cinn ar leibhéal na scoile, lena gcuimseofar gach réimse gníomhaíochta (múinteoireacht agus foghlaim; pleanáil agus rialachas; etc.) agus na príomhghníomhaithe uile a bheith rannpháirteach iontu: foghlaimeoirí, ceannairí scoile, baill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc, tuismitheoirí agus teaghlaigh, pobail áitiúla agus pobail ar bhonn níos leithne (1).

(25)

An cuspóir maidir le tearcghnóthachtáil agus luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a laghdú agus maidir le rathúlacht scoile a chur chun cinn, ní mór aghaidh a thabhairt air go córasach ar fud an Aontais trí oideachas agus oiliúint. Ar leibhéal an chórais, tá gá le comhsheasmhacht na mbeart beartais, comhordú le réimsí beartais ábhartha eile (amhail sláinte, seirbhísí sóisialta, fostaíocht, tithíocht, ceartas, imirce agus lánpháirtiú), agus comhar éifeachtach idir na gníomhaithe éagsúla ar gach leibhéal ( ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus ar leibhéal na scoile ) chun tacaíocht chomhordaithe a thabhairt do leanaí, do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh i gcomhréir le prionsabail an rialachais il-leibhéil . San am céanna, ba cheart cineálacha cur chuige uilescoile a chur chun cinn ar leibhéal na scoile, lena gcuimseofar gach réimse gníomhaíochta (múinteoireacht agus foghlaim; pleanáil agus rialachas; etc.) agus na príomhghníomhaithe uile a bheith rannpháirteach iontu: foghlaimeoirí, ceannairí scoile, baill foirne teagaisc agus neamhtheagaisc, tuismitheoirí agus teaghlaigh, pobail áitiúla agus pobail ar bhonn níos leithne (1).

Cúis

Chuirfí feabhas ar an oideachas agus ar an oiliúint dá gcuirfí prionsabail agus cleachtais an rialachais il-leibhéil i bhfeidhm, mar a cuireadh in iúl sa Rún ó Choiste na Réigiún maidir le Cairt um Rialachas Il-leibhéil san Eoraip (1).

Leasú 4

Pointe 1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.

Straitéis chomhtháite chuimsitheach maidir le rathúlacht scoile a fhorbairt nó a neartú a thuilleadh faoi 2025, ar an leibhéal iomchuí, i gcomhréir le struchtúr a gcórais oideachais agus oiliúna, d’fhonn torthaí oideachais a dhíchúpláil ó stádas socheacnamaíoch, an cuimsiú san oideachas a chur chun cinn (lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí aghaidh a thabhairt ar an leithscaradh san oideachas) agus luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna, mar aon le tearcghnóthachtáil sna bunscileanna, a laghdú, mar a mholtar sa chreat beartais san Iarscríbhinn. Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar an bhfolláine ar scoil mar chuid lárnach den rathúlacht scoile. Ba cheart a áireamh i straitéis den chineál sin bearta coisctheacha, idirghabhála agus cúitimh (lena n-áirítear bearta a thairgtear mar chuid den Ráthaíocht don Aos Óg), ba cheart í a bheith fianaisebhunaithe agus bearta uilíocha a bheith comhcheangailte inti le forálacha spriocdhírithe agus/nó pearsantaithe le haghaidh foghlaimeoirí a bhfuil gá acu le haird agus tacaíocht bhreise i dtimpeallachtaí cuimsitheacha (amhail foghlaimeoirí ag a bhfuil cúlra faoi bhuntáiste socheacnamaíoch, cúlra imirceach – cúlra dídeanaí san áireamh – nó cúlra Romach, foghlaimeoirí faoi mhíchumas infheicthe agus dofheicthe, agus foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais nó fadhbanna meabhairshláinte acu). Straitéis den chineál sin, ba cheart í a bheith bunaithe freisin ar chomhar struchtúrtha idir gníomhaithe a dhéanann ionadaíocht do réimsí beartais, leibhéil rialachais agus leibhéil oideachais éagsúla, ba cheart cistiú leordhóthanach a bheith ar fáil di agus ba cheart plean cur chun feidhme agus meastóireachta a bheith ag gabháil léi.

1.

Straitéis chomhtháite chuimsitheach maidir le rathúlacht scoile a fhorbairt nó a neartú a thuilleadh faoi 2025, ar an leibhéal iomchuí, i gcomhréir le struchtúr a gcórais oideachais agus oiliúna, agus na córais dhíláraithe ábhartha á gcur san áireamh, d’fhonn torthaí oideachais a dhíchúpláil ó stádas socheacnamaíoch, an cuimsiú san oideachas a chur chun cinn (lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh trí aghaidh a thabhairt ar an leithscaradh san oideachas) agus luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna, mar aon le tearcghnóthachtáil sna bunscileanna, a laghdú, mar a mholtar sa chreat beartais san Iarscríbhinn. Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar an bhfolláine, agus ar dhálaí comhshaoil agus sláinte , ar scoil agus i dtimpeallacht na scoile mar chuid lárnach den rathúlacht scoile. Ba cheart a áireamh i straitéis den chineál sin bearta pleanála, coisctheacha, idirghabhála agus cúitimh (lena n-áirítear bearta a thairgtear mar chuid den Ráthaíocht don Aos Óg), ba cheart í a bheith fianaisebhunaithe agus bearta uilíocha a bheith comhcheangailte inti le forálacha spriocdhírithe agus/nó pearsantaithe le haghaidh foghlaimeoirí a bhfuil gá acu le haird agus tacaíocht bhreise i dtimpeallachtaí cuimsitheacha (amhail foghlaimeoirí ag a bhfuil cúlra faoi bhuntáiste socheacnamaíoch, cúlra imirceach – cúlra dídeanaí san áireamh – nó cúlra Romach, foghlaimeoirí faoi mhíchumas infheicthe agus dofheicthe, agus foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais nó fadhbanna meabhairshláinte acu). Straitéis den chineál sin, ba cheart í a bheith bunaithe freisin ar chomhar struchtúrtha idir gníomhaithe a dhéanann ionadaíocht do réimsí beartais, leibhéil rialachais agus leibhéil oideachais éagsúla, ba cheart cistiú leordhóthanach a bheith ar fáil di agus ba cheart plean cur chun feidhme, meastóireachta agus athbhreithnithe a bheith ag gabháil léi.

Cúis

Tá ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le fís an Limistéir Eorpaigh Oideachais a bhaint amach, ós rud é go bhfuil dlúthnasc díreach acu leis na pobail ina bhfuil beartais oideachais a shainítear ar an leibhéal Eorpach, agus a bhfuil tionchar díreach acu ar na pobail sin, le cur chun feidhme (2).

Leasú 5

Pointe 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.

I gcomhthéacs straitéise comhtháite cuimsithí, bearta coisctheacha, idirghabhála agus cúitimh a chomhcheangal mar a leagtar amach sa chreat beartais san Iarscríbhinn chun tacú leis an méid seo a leanas:

3.

I gcomhthéacs straitéise comhtháite uileghabhálaí cuimsithí, bearta coisctheacha, idirghabhála agus cúitimh a chomhcheangal mar a leagtar amach sa chreat beartais san Iarscríbhinn chun tacú leis an méid seo a leanas:

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 6

Pointe 3.3.

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.3.

na scoileanna, chun “cur chuige uilescoile” a fhorbairt i leith rathúlacht scoile, cur chuige ina nglacfaidh gach ball de phobal na scoile (ceannairí scoile, múinteoirí, oiliúnóirí agus foirne oideachais eile, foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus teaghlaigh, agus an pobal áitiúil), chomh maith le páirtithe leasmhara seachtracha, páirt ghníomhach i gcomhar le chéile chun rathúlacht oideachais a chur chun cinn le haghaidh gach foghlaimeora.

3.3.

na scoileanna, chun “cur chuige uilescoile” a fhorbairt i leith rathúlacht scoile, cur chuige ina nglacfaidh gach ball de phobal na scoile (ceannairí scoile, múinteoirí, oiliúnóirí agus foirne oideachais eile, foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus teaghlaigh, agus an pobal áitiúil , lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ), chomh maith le páirtithe leasmhara seachtracha, páirt ghníomhach i gcomhar le chéile chun rathúlacht oideachais a chur chun cinn le haghaidh gach foghlaimeora.

Cúis

Tá na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha freagrach as na scoileanna agus cuireann siad “cur chuige uilescoile” chun cinn, lena n-áirítear trí chur chuige an “héilics cheathrúil” a chur i bhfeidhm, samhail chomhoibríoch a chuireann béim láidir ar na saoránaigh agus ar a gcuid riachtanas, agus ina bhfuil geallsealbhóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach agus an lucht acadúil páirteach.

Leasú 7

Pointe 4

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.

An úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní náisiúnta agus Aontais le haghaidh infheistíocht i mbonneagar, in oiliúint, in uirlisí agus in acmhainní chun cur leis an gcuimsiú, an comhionannas agus an fholláine san oideachas, lena n-áirítear cistí agus saineolas Aontais le haghaidh athchóirithe agus infheistíocht i mbonneagar, uirlisí, oideolaíocht agus timpeallachtaí sláintiúla foghlama a chruthú, go háirithe Erasmus+, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hEorpa+, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, etc., agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil úsáid na gcistí ag teacht leis an straitéis fhoriomlán.

4.

An úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Aontais le haghaidh infheistíocht i mbonneagar, in oiliúint, in uirlisí agus in acmhainní chun cur leis an gcuimsiú, an comhionannas agus an fholláine san oideachas, lena n-áirítear cistí agus saineolas Aontais le haghaidh athchóirithe agus infheistíocht i mbonneagar, uirlisí, oideolaíocht agus timpeallachtaí sláintiúla foghlama a chruthú, go háirithe Erasmus+, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hEorpa+, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, etc., agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil úsáid na gcistí ag teacht leis an straitéis fhoriomlán.

Cúis

Tá CnaR á mholadh go mbeadh an leibhéal áitiúil agus réigiúnach rannpháirteach freisin.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Ról sonrach na n-údarás áitiúil agus réigiúnach

1.

á chreidiúint go gcruthaíonn córais oideachais agus oiliúna atá ar ardcháilíocht, cuimsitheach agus inrochtana go cothrom do chách conairí i dtreo na rathúlachta scoile, ach freisin ár gconair chomhchoiteann i dtreo comhtháthú sóisialta agus geilleagar níos inbhuanaithe san Aontas Eorpach, gan beann ar shaintréithe pearsanta na bhfoghlaimeoirí ná ar a staid teaghlaigh, chultúrtha ná shocheacnamaíoch;

2.

is mór aige an “cur chuige uilescoile” atá á spreagadh ag an gCoimisiún Eorpach agus lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ar réamhriachtanas tábhachtach é chun an beartas oideachais agus oiliúna a athchóiriú agus chun na príomhspriocanna sin den chomhar Eorpach i réimse an oideachais agus na hoiliúna a bhaint amach, amhail an sciar de dhaltaí atá lagchumasach sna bunscileanna a laghdú agus cur i gcoinne luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna;

3.

á chur i bhfios gur minic a chuirtear beartais maidir le luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna (3) chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, rud a fhágann gur féidir aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhthéacsúla;

4.

á mheas go bhfuil sé tábhachtach an bhearna oideachais idir ceantair iargúlta, thuaithe agus uirbeacha a laghdú, agus idir institiúidí oideachais éagsúla freisin, chun folláine na ndaltaí agus na foirne ar scoil a chur chun cinn. I ndáil leis sin, is gnéithe tábhachtacha iad cistiú leordhóthanach chun comhtháthú sóisialta agus críochach a chur chun cinn agus an fhéidearthacht maidir le cinntí sonraíbhunaithe a dhéanamh; i gcás ar bith, ní féidir cáilíocht an chórais oideachais dhíláraithe a fheabhsú ach amháin trí chur chuige leathan (agus ní trí chur chuige buiséadach amháin);

5.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sonraí a bhailiú agus a anailísiú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta chun treochtaí coiteanna a mbíonn tionchar acu ar luathfhágáil na scoile a thuiscint, agus dá réir sin, réitigh a mholadh chun bheith in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ar bhonn cur chuige áitbhunaithe. Mar shampla, sa Laitvia, forbraíodh uirlis idirghníomhach náisiúnta chun faisnéis faoi dhaltaí a bhailiú ón uair a bhraitheann an múinteoir go bhfuil baol ann go bhfágfadh dalta ar leith an scoil go luath. Ar an gcaoi sin, is féidir bunús leathan staidrimh ar na cúiseanna agus na treochtaí a bhaineann le luathfhágáil na scoile a chruthú ar leibhéal na n-údarás áitiúil agus réigiúnach;

6.

á iarraidh go nglacfar le dea-chleachtais áitiúla agus réigiúnacha ar bhonn níos leithne chun éiceachóras oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta a fhorbairt agus chun aistriú digiteach inbhuanaithe a éascú, agus oideachas ardcháilíochta agus cuimsitheach do chách á chur chun cinn ag an am céanna agus an comhtháthú digiteach a fheabhsú chun éagothromaíochtaí críochacha a laghdú. Mar shampla, forbraíodh an t-ardán foghlama teanga saor in aisce QIOZ i réigiún Île-de-France sa Fhrainc chun oiriúnú do na dálaí a bhí ann de thoradh phaindéim COVID-19;

Tionchar na ngéarchéimeanna ar na córais oideachais

7.

á thabhairt le fios go bhfuil laghdú leanúnach tagtha ar líon na ndaoine óga atá ag fágáil na scoile le deich mbliana anuas. Mar sin féin, is olc an scéal é go bhféadfadh an phaindéim an treocht dhearfach sin a aisiompú (4). Bhí an méid sin soiléir ó na torthaí ar an dul chun cinn a rinneadh sa scoilbhliain 2021-2022 agus ón nasc idir na torthaí sin agus na srianta a bhain le COVID-19. Mar shampla, i réigiúin na Vallúine agus na Bruiséile sa Bheilg, tháinig méadú 28 % ar líon na ndaoine óga a d’fhág an scoil go luath, go háirithe i ranganna 7-12;

8.

á iarraidh go gcuirfí san áireamh tionchar COVID-19 ar shláinte mheabhrach agus fhisiciúil agus ar fholláine fhoriomlán na ndaltaí. Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh go bhfuil laghdú tagtha, mar gheall ar an ngéarchéim sin, ar an spreagadh chun foghlama atá ag roinnt grúpaí daltaí, grúpaí nach raibh an baol ann roimhe sin go bhfágfaidís an scoil go luath. Ag an am céanna, bhí tionchar díréireach ag an ngéarchéim ar dhaltaí ó chúlraí leochaileacha agus ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh gníomhaíochtaí nuálacha ann chun na leanaí sin a dhéanann dul chun cinn ag an scoil a spreagadh;

9.

á iarraidh go gcuirfí oideachas atá cuimsitheach go sóisialta agus oiriúnaithe go síceolaíoch ar fáil do leanaí scoile uile na hÚcráine atá ina gcónaí i mBallstáit an Aontais mar gheall ar an gcogadh san Úcráin. á iarraidh freisin go mbeadh cláir foghlama teanga shaincheaptha agus dhea-dheartha (amhail na cláir sin a chuirtear ar fáil i réigiún Fhlóndras sa Bheilg (5)) ann do dhaltaí nach labhraíonn teanga an Bhallstáit ina bhfuil cónaí orthu, d’fhonn a lánpháirtiú a chur chun cinn agus feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht acadúil;

Conclúidí deiridh

10.

ar aon fhocal le conclúid na meastóireachta (6) neamhspleáiche ar chur chun feidhme an Mholta ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun ráta luathfhágála na scoile a laghdú (7), is é sin go bhfuil an comhar idir leibhéil éagsúla rialtais (náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil) fós teoranta agus ilroinnte. Tá an comhar sin ar cheann de na réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb luathfhágála na scoile, go háirithe trí chomhar laistigh den éiceachóras nuálaíochta;

11.

á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha maidir le hinstitiúidí oideachais a chruthú agus a nuachóiriú, comhdheiseanna do chách a chur chun cinn agus timpeallacht foghlama atá sábháilte, cuimsitheach agus éifeachtúil a chruthú, agus aird a thabhairt freisin ar an mbulaíocht/ar an gcibearbhulaíocht atá ag dul i méid; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá tacaíocht fhadtéarmach ó chistí struchtúracha an Aontais do thionscadail ar an leibhéal áitiúil chun an timpeallacht foghlama a nuachóiriú agus chun cothabháil ardcháilíochta na mbonneagar oideachais atá ann cheana a áirithiú, i bhfianaise an tionchair atá ag cogadh na Rúise san Úcráin, ag an ngéarchéim fuinnimh agus ag an mboilsciú ar bhuiséid náisiúnta agus áitiúla;

12.

á iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin atá romhainn trí “chur chuige uilescoile” a ghlacadh. Mar shampla, ní mór glúin nua foirne teagaisc a chothú agus clár leathan inspreagtha a chruthú do mhúinteoirí agus do bhaill foirne scoile. Tá an méid sin á dhéanamh cheana féin ag roinnt údaráis áitiúla agus réigiúnacha, trí scoláireachtaí a chur ar fáil do mhic léinn atá sa bhliain dheireanach de chúrsa ollscoile sa mhúinteoireacht, go háirithe do mhic léinn a mhúinfidh ábhair STEM amach anseo agus dóibh siúd a oibreoidh mar bhaill foirne tacaíochta (síceolaithe, oideolaithe sóisialta, etc.). Ag an am céanna, ba cheart leanúint den fhorbairt ghairmiúil, den uas-sciliú agus, i gcás inarb iomchuí, de chláir athoiliúna do mhúinteoirí a chur chun cinn.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  COM(2020) 625 final

(2)  IO C 66, 26.2.2021, lgh. 1.

(1)  COM(2020) 625 final

(2)  IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.

(3)   IO C 175, 7.6.2021, lch. 6.

(1)   Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil ar an toradh deiridh, Bealtaine 2022, togra 32 (lch. 74).

(2)   COM (2022) 404 final

(1)  Féach an sainmhíniú sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo

(1)  Féach an sainmhíniú sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis seo

(1)  IO C 174, 7.6.2014, lch. 1.

(2)  (IO C 175, 7.5.2021, lch. 6).

(3)  Le táscaire “luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna” (ELET) an Aontais, tomhaistear an cion de dhaoine idir 18 agus 24 bliana d’aois a bhfuil oideachas ag an leibhéal meánscoile íochtaraí, ar a mhéad, bainte amach acu nach bhfuil ag gabháil a thuilleadh d’oideachas agus oiliúint fhoirmiúil ná seachfhoirmiúil.

(4)  An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Education and training monitor 2021: executive summary, Oifig na bhFoilseachán https://data.europa.eu/doi/10.2766/480191.

(5)  Onthaalonderwijs voor anderstalige kinderen (OKAN) [Tacaíocht a chuirtear ar fáil sa Bheilg do leanaí a labhraíonn teangacha eile atá tar éis teacht isteach sa tír].

(6)  An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (2019), Donlevy, V., Day, L., Andriescu, M., Downes, P., Assessment of the implementation of the 2011 Council recommendation on policies to reduce early school leaving: final report, Oifig na bhFoilseachán.

(7)  OJ C 191, 1.7.2011, lch. 1.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste na Réigiún

An 151ú seisiún iomlánach de CnaR, 2022. 10. 11. – 2022. 10. 12.

30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/57


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Tásca geografacha tionsclaíocha agus ceardaíochta a chosaint san Aontas Eorpach (athbhreithnithe)

(2022/C 498/11)

Rapóirtéir:

Martine PINVILLE (FR/PSE), Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Nouvelle-Aquitaine

Doiciméad tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001 agus Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle

COM(2022) 174 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001 agus Rialachán (AE) 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle

COM(2022) 174 final

2022/0115 (COD)

Leasú 1

Airteagal 2

(Airteagal Nua)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Cuspóirí

Foráiltear sa teideal seo do chóras aonadach eisiach tásc geografach lena gcosnófar ainm na dtáirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a bhfuil baint ag a gcáilíocht, a gclú nó saintréithe eile dá gcuid lena dtionscnamh geografach, ar mhaithe lena áirithiú:

(a)

go mbeidh an chumhacht agus na freagrachtaí is gá ag táirgeoirí, ag gníomhú dóibh le chéile, a dtásc geografach a bhainistiú, lena n-áirítear freagairt d’éilimh na sochaí ar tháirgí barántúla a mbaineann luach oidhreachtúil leo agus a thagann as táirgeacht inbhuanaithe sna trí réimse lena mbaineann, arb iad luach eacnamaíoch, luach comhshaoil agus luach sóisialta iad, agus chun oibriú sa mhargadh;

(b)

go mbeidh iomaíocht chóir ann do tháirgeoirí sa slabhra margaíochta;

(c)

go bhfaighidh tomhaltóirí faisnéis iontaofa agus ráthaíocht maidir le barántúlacht na dtáirgí sin agus go mbeidh siad in ann iad a shainaithint go héasca sa mhargadh, lena n-áirítear sa ríomhthráchtáil;

(d)

go gclárófar go héifeachtúil agus go héasca na tásca geografacha, agus cosaint iomchuí na gceart maoine intleachtúla á cur san áireamh; agus

(e)

go ndéanfar forfheidhmiú agus margú éifeachtach ar fud an Aontais agus sa ríomhthráchtáil chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú;

(f)

go mbeidh forbairt eacnamaíoch áitiúil ann chun a áirithiú go gcosnófar an fios feasa agus oidhreacht choiteann.

Cúis

Ach an tAirteagal seo a chur isteach, d’áiritheofaí comhréireacht leis an rialachán maidir le tásca geografacha talmhaíochta agus chuirfí i bhfáth nach uirlis maoine intleachtúla amháin atá i gceist, ach uirlis beartais phoiblí thar aon ní eile.

Leasú 2

(Nua, an chéad phointe)

Airteagal 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

ciallaíonn “tásc geografach” le haghaidh táirge ceardaíochta nó tionsclaíoch ainm lena sainaithnítear táirge:

(i)

de thionscnamh ionaid, réigiúin nó tíre ar leith;

(ii)

ar féidir a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid a chur go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

(iii)

a dtarlaíonn ar a laghad ceann amháin dá chéimeanna táirgthe sa limistéar geografach sainithe.

Cúis

Tá sé ríthábhachtach sainmhíniú a thabhairt ar na tásca geografacha tionsclaíocha agus ceardaíochta agus an sainmhíniú sin a áireamh san Airteagal seo (d’fhonn comhréireacht leis na tásca geografacha talmhaíochta a áirithiú).

Leasú 3

Airteagal 5

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Airteagal 5

Ceanglais maidir le tásc geografach

Chun ainm árthaigh agus táirge thionsclaíoch a cháiliú do chosaint “tásc geografach”, comhlíonfaidh an táirge na ceanglais seo a leanas:

(a)

Gur de thionscnamh ionaid, réigiúin nó tíre ar leith é an táirge;

(b)

a bhfuil a cháilíocht, a chlú nó saintréith eile dá chuid inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh; agus

(c)

a dtarlaíonn ceann amháin de na céimeanna táirgthe ar a laghad sa limistéar geografach sainithe.

 

Cúis

Leanann sé den leasú ar Airteagal 3.

Leasú 4

Airteagal 6

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach a chur isteach, ní fhéadfaidh ach grúpa tairgeoirí táirge (“an grúpa táirgeoirí iarrthach”), arb é a ainm a mholtar a chlárú, iarratais a chur isteach. Féadfaidh comhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla cuidiú leis an iarratas a ullmhú agus leis an nós imeachta lena mbaineann.

1.   Maidir le hiarratais ar chlárú tásc geografach a chur isteach, féadfaidh grúpa tairgeoirí táirge (“an grúpa táirgeoirí iarrthach”), arb é a ainm a mholtar a chlárú, iarratais a chur isteach. Féadfaidh comhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla cuidiú leis an iarratas a ullmhú agus leis an nós imeachta lena mbaineann.

2.   Féadfar údarás arna ainmniú ag Ballstát a mheas mar ghrúpa chun críocha na Caibidle seo más rud é nach bhfuil sé indéanta do na táirgeoirí lena mbaineann grúpa a chruthú mar gheall ar a líon, a suíomhanna geografacha nó a saintréithe eagrúcháin. I gcás ina ndéanfar ionadaíocht den sórt sin, luafar san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 11(3) na cúiseanna atá leis an ionadaíocht sin.

2.   Féadfar údarás arna ainmniú ag Ballstát , go háirithe údarás réigiúnach nó áitiúil, a mheas mar ghrúpa chun críocha na Caibidle seo más rud é nach bhfuil sé indéanta do na táirgeoirí lena mbaineann grúpa a chruthú mar gheall ar a líon, a suíomhanna geografacha nó a saintréithe eagrúcháin. I gcás ina ndéanfar ionadaíocht den sórt sin, luafar san iarratas dá dtagraítear in Airteagal 11(3) na cúiseanna atá leis an ionadaíocht sin.

3.   Féadfar táirgeoir aonair a mheas mar ghrúpa táirgeoirí iarrthach chun críocha an Teidil seo i gcás ina léirítear go gcomhlíontar gach ceann den dá choinníoll seo a leanas:

3.   Féadfar táirgeoir amháin a mheas mar ghrúpa táirgeoirí iarrthach chun críocha an Teidil seo i gcás ina léirítear go gcomhlíontar gach ceann den dá choinníoll seo a leanas:

(a)

is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach ar chlárú táisc gheografaigh;

(a)

is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a chur isteach ar chlárú táisc gheografaigh;

( b)

is le tréithe nádúrtha a shainítear an limistéar lena mbaineann gan tagairt do theorainneacha maoine agus tá airíonna aige atá éagsúil go suntasach le tréithe na limistéar comharsanachta sin nó tá tréithe an táirge éagsúil le tréithe na dtáirgí a tháirgtear i limistéir chomharsanachta.

(b)

fanfaidh an rochtain ar thásc geografach ar oscailt do gach táirgeoir/monaróir nua atá ag comhlíonadh shonraíocht táirge an táisc gheografaigh.

Cúis

Ní gá gur grúpa táirgeoirí é an t-iarratasóir ar thásc geografach; ba cheart tuilleadh solúbthachta a bheith ann agus an deis a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus na húdaráis réigiúnacha, a bhfuil an ról seo á chomhlíonadh acu cheana i dtíortha áirithe, chun bheith curtha san áireamh mar iarratasóirí. Thairis sin, ba cheart an téarma “táirgeoir amháin” a chur in áit an téarma “táirgeoir aonair”: ó thaobh na geografaíochta de, ní ann d’aon táirgeoir “aonair”, i ndáiríre.

Leasú 5

Airteagal 7(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Táirgí ceirde agus táirgí tionsclaíocha a bhfuil a n-ainmneacha cláraithe mar thásc geografach, comhlíonfaidh siad sonraíocht táirge, lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

1.   Táirgí ceirde agus táirgí tionsclaíocha a bhfuil a n-ainmneacha cláraithe mar thásc geografach, comhlíonfaidh siad sonraíocht táirge, lena n-áireofar na gnéithe oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha seo a leanas ar a laghad:

(a)

an t-ainm atá le cosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach a fhéadfaidh a bheith ina ainm geografach a thugtar ar an láthair táirgthe i gcás táirge sonrach, ainm a úsáidtear i réimse na trádála nó sa ghnáthchaint chun tuairisc a thabhairt ar an táirge sonrach sa limistéar geografach sainithe;

(a)

an t-ainm atá le cosaint mar shonrúchán tionscnaimh nó mar thásc geografach a fhéadfaidh a bheith ina ainm geografach a thugtar ar an láthair táirgthe i gcás táirge sonrach, agus ainm a úsáidtear i réimse na trádála nó sa ghnáthchaint chun tuairisc a thabhairt ar an táirge sonrach sa limistéar geografach sainithe;

(b)

tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, más iomchuí, na hamhábhair;

(b)

an cineál táirge/táirgí a chumhdaítear leis an ainm;

(c)

sonraíocht an limistéir gheografaigh shainithe lena gcruthaítear an nasc dá dtagraítear i bpointe (g);

(c)

tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, más iomchuí, na hamhábhair;

(d)

fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5 é an táirge;

(d)

sonraíocht an limistéir gheografaigh shainithe lena gcruthaítear an nasc dá dtagraítear i bpointe (g);

(e)

tuairisc ar an modh ina dtáirgtear an táirge nó a fhaightear é agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna traidisiúnta agus na cleachtais shonracha arna n-úsáid;

(e)

fianaise gur de thionscnamh an limistéir gheografaigh shainithe a shonraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5 é an táirge;

(f)

faisnéis maidir le pacáistiú, i gcás ina gcinneann an grúpa táirgeoirí is iarratasóirí amhlaidh agus ina dtugann siad bonn cirt leordhóthanach atá sonrach don táirge maidir leis an bhfáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i dtaca le saorghluaiseacht earraí agus saorghluaiseacht seirbhísí;

(f)

tuairisc ar an modh ina dtáirgtear an táirge nó a fhaightear é agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna traidisiúnta agus na cleachtais shonracha arna n-úsáid;

(g)

i gcás inarb iomchuí, an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(b);

(g)

faisnéis maidir le pacáistiú, i gcás ina gcinneann an grúpa táirgeoirí is iarratasóirí amhlaidh agus ina dtugann siad bonn cirt leordhóthanach atá sonrach don táirge maidir leis an bhfáth nach mór don phacáistiú tarlú sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe i dtaca le saorghluaiseacht earraí agus saorghluaiseacht seirbhísí;

(h)

aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge i gceist;

( h)

i gcás inarb iomchuí, an nasc idir cáilíocht, clú nó saintréith eile an táirge agus an tásc geografach dá dtagraítear in Airteagal 5(b);

(i)

ceanglais eile is infheidhme i gcás ina ndéanann na Ballstáit nó grúpa táirgeoirí foráil maidir leo, más infheidhme, ag féachaint don fhíoras nach mór na ceanglais sin a bheith oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhoiriúnach leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.

( i)

aon riail shonrach a bhaineann le lipéadú an táirge i gceist;

 

(j)

an t-údarás inniúil cigireachta táirgí;

(k)

ceanglais eile is infheidhme i gcás ina ndéanann na Ballstáit nó grúpa táirgeoirí foráil maidir leo, más infheidhme, ag féachaint don fhíoras nach mór na ceanglais sin a bheith oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhoiriúnach leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais.

Cúis

Ní mór a sheachaint go dtabharfaí aitheantas d’ainm nua nach bhfuil nasc aige leis an oidhreacht áitiúil ná le cleachtais na ngeallsealbhóirí áitiúla: is cuid den oidhreacht dho-bhraite é an tásc geografach a ndéantar a bhailíocht a mheas bunaithe ar na cleachtais a bhaineann leis agus an úsáid a bhaintear as.

Ba cheart an tsonraíocht táirge a bheith ní ba mhionsonraithe agus ba cheart soiléiriú a thabhairt inti maidir leis an sainmhíniú ar an táirge arna chumhdach, mar a dhéantar i gcás na dtásc geografach talmhaíochta: tá an critéar “cineál táirge” ina chuid den sainmhíniú sin óir tugann sé sainmhíniú ar an tacar táirgí gaolmhara, amhail: earraí potaireachta, poirceallán, clocha nádúrtha, etc.

Leasú 6

Airteagal 8(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Is é a bheidh sa doiciméad aonair an méid seo a leanas:

(a)

na príomhshonraí atá sa tsonraíocht táirge:

(i)

an t-ainm;

(ii)

tuairisc ar an táirge, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú;

(iii)

sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach.

1.   Is é a bheidh sa doiciméad aonair an méid seo a leanas:

(a)

na príomhshonraí atá sa tsonraíocht táirge:

(i)

an t-ainm;

(ii)

an cineál táirge;

(iii)

tuairisc ar an táirge, lena n áirítear, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú agus na príomhchéimeanna den phróiseas táirgthe;

(iv)

sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach;

Cúis

Achoimre ar an tsonraíocht táirge is ea an doiciméad aonair; sin é an doiciméad a úsáidfidh EUIPO chun na hiarratais ar thásc geografach a mheas. Chuige sin, is gá an fhaisnéis riachtanach agus ábhartha a chur san áireamh sa doiciméad sin, óir tá sí sin ag teastáil chun an t-iarratas a mheas ar leibhéal an Aontais: is gnéithe riachtanacha iad an cineál táirge agus próiseas monaraíochta an táirge chun an t-iarratas ar thásc geografach a thuiscint i gceart agus chun incháilitheacht an táirge a mheas de réir na gcritéar riachtanach.

Leasú 7

Airteagal 22(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   I gcás ina gcuirtear ina choinne, ní chlárófar an t-ainm a ndearnadh iarratas ar chlárú ina leith, más rud é:

2.   I gcás ina gcuirtear ina choinne, ní chlárófar an t-ainm a ndearnadh iarratas ar chlárú ina leith, más rud é:

(a)

nach gcomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe na ceanglais maidir le cosaint a leagtar síos sa Rialachán seo;

(a)

nach gcomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe na ceanglais maidir le cosaint a leagtar síos sa Rialachán seo;

(b)

go mbeadh sé contrártha d’Airteagal 37, 38 nó 39 an tásc geografach atá beartaithe a chlárú;

(b)

go mbeadh sé contrártha d’Airteagail 35 , 37, 38 nó 39 an tásc geografach atá beartaithe a chlárú;

(c)

go ndéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe dochar do bheithsine ainm nó trádmhairc atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 18(3).

(c)

go ndéanfadh clárú an táisc gheografaigh atá beartaithe dochar do bheithsine ainm nó trádmhairc atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le 5 bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 18(3).

Cúis

Leis an tagairt d’Airteagal 35, beifear in ann, i gcás agóide, dul ar iontaoibh na mbunús dlí uile atá ann lena ndéantar na tásca geografacha a chosaint, an chosaint atá aitheanta cheana féin don tásc geografach a athneartú agus cur isteach tásc geografach iomaíoch/neamhdhlisteanach a sheachaint.

Leasú 8

Airteagal 23

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.     Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sínfear an idirthréimhse a deonaíodh faoi mhír 1 suas le 15 bliana, nó lena gceadófar leanúint den úsáid ar feadh suas le 15 bliana, ar choinníoll go léireofar, anuas air sin, an méid seo a leanas:

(a)

go raibh an t-ainm sa sonrúchán dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir ar feadh 25 bliana ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann, faoi bhráid an Choimisiúin;

(b)

níorbh é ba chuspóir, ag am ar bith, d'úsáid an ainm sa sonrúchán dá dtagraítear i mír 1 tairbhe a bhaint as cáil ainm an táirge arna chlárú mar thásc geografach; agus

(c)

níor cuireadh an tomhaltóir ar míthreoir ná ní fhéadfaí é a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge.

 

5.   Ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgeoirí táirge uile arna ainmniú faoi thásc geografach i gceantar lena mbaineann sonraíocht ghaolmhar an táirge, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 10 mbliana le haghaidh comhlíonadh a dheonú, le héifeacht ón dáta a taisceadh an t iarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh na táirgí i dtrácht á margú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus na hainmneacha sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh 5 bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an t iarratas le húdaráis an Bhallstáit agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 9(13).

5.   Ar mhaithe le deacrachtaí sealadacha a shárú, agus é mar chuspóir fadtéarmach a áirithiú go gcomhlíonfaidh na táirgeoirí táirge uile arna ainmniú faoi thásc geografach i gceantar lena mbaineann sonraíocht ghaolmhar an táirge, féadfaidh Ballstát idirthréimhse suas le 5 bliana le haghaidh comhlíonadh a dheonú, le héifeacht ón dáta a taisceadh an t iarratas leis an gCoimisiún, ar choinníoll go raibh na táirgí i dtrácht á margú go dleathach ag na hoibreoirí lena mbaineann, agus na hainmneacha sin in úsáid acu, go leanúnach, ar feadh 5 bliana roimhe sin ar a laghad sular taisceadh an t iarratas le húdaráis an Bhallstáit agus gur dúradh sin sa nós imeachta náisiúnta freasúra dá dtagraítear in Airteagal 9(13).

Cúis

Ba cheart teorainn a chur leis na hidirthréimhsí ionas nach laghdófaí cosaint na dtásc geografach nó nach ndéanfaí na mí-úsáidí atá ann cheana a dhlisteanú.

Leasú 9

Airteagal 26(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.   Ar theacht i bhfeidhm do chinneadh lena gcláraítear tásc geografach faoi chosaint, déanfaidh an Oifig na sonraí seo a leanas a thaifeadadh i gclár an Aontais de thásca geografacha le haghaidh árthaí agus táirgí tionsclaíocha:

3.   Ar theacht i bhfeidhm do chinneadh lena gcláraítear tásc geografach faoi chosaint, déanfaidh an Oifig na sonraí seo a leanas a thaifeadadh i gclár an Aontais de thásca geografacha le haghaidh árthaí agus táirgí tionsclaíocha:

(a)

ainm cláraithe an táirge;

(b)

aicme an táirge;

(c)

an tagairt don ionstraim lena gcláraítear an t-ainm;

(d)

tásc na tíre tionscnaimh nó na dtíortha tionscnaimh.

(a)

an leagan cláraithe den tásc geografach faoi chosaint atá ag an táirge;

(b)

an cineál táirge;

(c)

tairbhithe an táisc gheografaigh faoi chosaint;

(d)

an tagairt don ionstraim lena gcláraítear an t-ainm;

(e)

tásc na tíre tionscnaimh nó na dtíortha tionscnaimh.

Cúis

Soiléiriú

Leasú 10

Airteagal 29(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas a bhfuil bunús cuí leis ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú táisc gheografaigh a chealú, sna cásanna seo a leanas:

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas a bhfuil bunús cuí leis ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú táisc gheografaigh a chealú, sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás nach féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh;

(b)

i gcás nár cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh 7 mbliana as a chéile ar a laghad.

(a)

i gcás nach féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh;

(b)

i gcás nár cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh 10 mbliana as a chéile ar a laghad.

Cúis

Is cosúil gur go fánach a leagadh síos an spriocdháta seacht mbliana. I bhfianaise na ndeacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le slabhraí soláthair agus i bhfianaise a dheacra a d’fhéadfadh sé a bheith stoic a dhiúscairt, d’fhéadfaí spriocdháta ní b’fhaide a leagan síos d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile le tásca geografacha.

Leasú 11

Airteagal 33(5)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

5.   Beidh an Bord Comhairleach comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus d’ionadaithe amháin ón gCoimisiún agus dá gcomhaltaí malartacha faoi seach.

5.   Beidh an Bord Comhairleach comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát , d’ionadaí amháin ón gCoimisiún agus de shaineolaí neamhspleách atá aitheanta i dtaobh an chineáil táirge/táirgí lena mbaineann, lena n-áirítear ionadaithe ó na húdaráis áitiúla nó réigiúnacha, más infheidhme, agus dá gcomhaltaí malartacha faoi seach.

Cúis

Ba cheart comhdhéanamh an Bhoird Chomhairligh a bheith solúbtha i gcónaí agus é a bheith ceadaithe saineolaithe neamhspleácha a ainmniú a bhféadfadh a saineolas a bheith ábhartha chun cuidiú le EUIPO agus na hiarratais á measúnú aige.

Leasú 12

Airteagal 44(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   I gcás táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha de thionscnamh an Aontais a mhargaítear faoi thásc geografach, féadfaidh siombail an Aontais dá dtagraítear i mír 1 a bheith ar an lipéadú agus ar an ábhar fógraíochta. Beidh an tásc geografach le feiceáil sa réimse radhairc céanna ina bhfuil an tsiombail Aontais.

2.   I gcás táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha de thionscnamh an Aontais a mhargaítear faoi thásc geografach, ní mór siombail an Aontais dá dtagraítear i mír 1 a bheith ar an lipéadú, ar an ábhar fógraíochta nó ar ábhair chumarsáide . Beidh an tásc geografach le feiceáil sa réimse radhairc céanna ina bhfuil an tsiombail Aontais.

Cúis

Tá sé riachtanach lógó Eorpach éigeantach a úsáid chun go n-aithneoidh nó go sainaithneoidh tomhaltóirí agus custaiméirí na táirgí sin. Ós rud é nach n-oireann lipéadú do gach tásc geografach tionsclaíoch agus ceardaíochta, is ábhartha tagairt do “ábhar cumarsáide”.

Leasú 13

Airteagal 50(2) pointe (b)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

maidir leis an gcomhlacht tarmligthe deimhnithe táirgí:

(b)

maidir leis an gcomhlacht tarmligthe deimhnithe táirgí nó an duine nádúrtha :

 

(i)

beidh an saineolas, an trealamh agus an bonneagar acu atá de dhith chun na cúraimí maidir le rialú oifigiúil arna dtarmligean chucu a dhéanamh;

(ii)

go bhfuil líon leordhóthanach foirne a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí aige nó aici ;

(iii)

neamhchlaonta agus saor ó aon choinbhleacht leasa agus go háirithe, ní bheidh sé i gcás ina bhféadfar, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a iompair ghairmiúil i ndáil le feidhmiú na gcúraimí sin maidir le rialú oifigiúil arna dtarmligean chuige ; agus

(iv)

cumhachtaí leordhóthanacha aige chun na rialuithe oifigiúla arna dtarmligean chuige a dhéanamh; agus

 

(i)

beidh an saineolas, an trealamh agus an bonneagar acu atá de dhíth chun na cúraimí maidir le rialú oifigiúil arna dtarmligean chucu a dhéanamh, lena n-áirítear a fhad a bhaineann le cuntasaíocht cuideachtaí ;

(ii)

beidh líon leordhóthanach foirne acu ag a bhfuil na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí;

(iii)

beidh siad neamhchlaonta agus saor ó aon choinbhleacht leasa agus, go háirithe, ní bheidh sé i gcás ina bhféadfar, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a n-iompair ghairmiúil i ndáil le feidhmiú na gcúraimí sin maidir le rialú oifigiúil arna dtarmligean chucu ; agus

(iv)

beidh cumhachtaí leordhóthanacha acu chun na rialuithe oifigiúla arna dtarmligean chucu a dhéanamh;

(c)

i gcás ina ndéantar an cúram rialaithe oifigiúil a tharmligean chuig daoine nádúrtha:

(i)

beidh an saineolas, an trealamh agus an bonneagar acu atá de dhith chun na cúraimí maidir le rialú oifigiúil arna dtarmligean chucu a dhéanamh;

(ii)

atá le bheith cáilithe agus taithí go hoiriúnach;

(iii)

gníomhóidh siad go neamhchlaonta agus beidh siad saor ó aon choinbhleacht leasa maidir le feidhmiú na gcúraimí sin i ndáil le rialú oifigiúil arna dtarmligean chucu; agus

 

Cúis

Níor cheart idirdhealú a dhéanamh idir na ceanglais a éilítear i gcás na gcomhlachtaí nó na ndaoine nádúrtha ar tarmligeadh cúraimí i ndáil le rialú oifigiúil chucu.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún Eorpach a fhreagraíonn d’éileamh láidir údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hEorpa. Maidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, cuirtear ar a gcumas, le tásc geografach tionsclaíoch agus ceardaíochta, a n-oidhreacht a chosaint, an breisluach agus na poist a choinneáil i gcríoch faoi leith, agus a bhféiniúlacht a neartú;

2.

á mheabhrú gur iarr CnaR, i dtuairim uaidh ó Dheireadh Fómhair 2021, go mbunófaí córas cosanta sui generis le haghaidh tásca geografacha tionsclaíochta agus ceardaíochta a chosaint ionas go mbeadh creat dlíthiúil cuimsitheach ag an Aontas Eorpach le haghaidh tásca geografacha lena n-áiritheofar an leibhéal céanna cosanta, beag beann ar chineál an táisc gheografaigh;

3.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur úsáideadh, sa togra seo, an chiall cheannaithe ó na tásca geografacha i réimse na talmhaíochta agus an agraibhia agus go bhfuil cur chuige comhchuibhithe idir na córais atá in úsáid;

4.

á iarraidh an athuair, d’fhonn an chomhsheasmhacht idir an dá chóras a áirithiú, go mbunófaí sásra láidir comhordaithe idir na seirbhísí lena mbaineann de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus EUIPO;

5.

á mholadh go leagfaí amach go soiléir i ngníomh dlí cumhachtaí EUIPO chun tásca geografacha a fhíorú ionas go mbeadh ar a chumas, in am trátha, an saineolas a chnuasach chuige féin is gá chun measúnú a dhéanamh ar iarratais agus ar a n-incháilitheacht i bhfianaise na gcritéar is gá;

6.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé clár comhchoiteann tásc geografach a chur ar bun d’fhonn rochtain a éascú ar fhaisnéis maidir leis na tomhaltóirí, na táirgeoirí, na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

7.

ag tarraingt aird na gcomhreachtóirí, mar sin féin, ar shainiúlacht agus éagsúlacht na dtáirgí agus na n-éiceachóras a mbaineann an togra sin leo i gcomparáid leis na táirgí talmhaíochta; ag iarraidh orthu a bheith ar an airdeall faoi sin chun go gcuirfí é san áireamh go cáiréiseach, agus ar bhealach comhleanúnach, síos tríd an togra ar fad;

8.

á thabhairt dá aire nach bhfuil an sainmhíniú a mholtar i gcomhair táirgí ceardaíochta (“táirgí aerárthaí”) ag teacht leis na cleachtais i mBallstáit áirithe agus ag iarraidh ar an Aontas Eorpach, dá bhrí sin, teacht ar shainmhíniú lena gcumhdófaí na próisis mhonaraíochta atá san Aontas cheana, bídís sin go hiomlán de lámh nó meicniúil nó bíodh meascán eatarthu i gceist;

9.

á chur in iúl an athuair a thábhachtaí atá an nuálaíocht agus an taighde, rudaí nár cheart bac a chur orthu leis na sonraíochtaí táirge ná le léirmhíniú róshriantach ar na téarmaí “traidisiún” agus “traidisiúnta”;

10.

á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach, i gcásanna sonracha a bhfuil bunús maith leo, clárú táisc gheografaigh a dheonú d’údarás réigiúnach nó d’údarás áitiúil;

11.

á mheabhrú go dtacaíonn roinnt mhaith de na húdaráis sin leis na hearnálacha cheana féin, i struchtúrú agus i bhforbairt na dtásc geografach tionsclaíoch agus ceardaíochta, agus freisin i gcur chun feidhme agus cur chun cinn na dtásc sin;

12.

á thabhairt dá aire gur ann do nós imeachta clárúcháin dhírigh; ag iarraidh na córa comhionainne i ngach nós imeachta, bíodh céim náisiúnta an chlárúcháin i gceist nó ná bíodh;

13.

á mheabhrú a thábhachtaí atá sé rialuithe inchreidte a chur chun feidhme lena áirithiú go gcomhlíonfaidh na monaróirí an tsonraíocht táirge agus freisin slándáil agus muinín na dtomhaltóirí; á chur in iúl an athuair gur cheart tús áite a thabhairt do rialuithe seachtracha chun rialú iontaofa agus neamhspleách ar chostais inghlactha a áirithiú;

14.

á chur in iúl gur ábhar imní dó chomh maith nósanna imeachta rialaithe atá bunaithe ar fhéindearbhú, dála an nós imeachta rialaithe atá á mholadh ag an gCoimisiún Eorpach, nach mbaineann go leor ráthaíochtaí leo ó thaobh rialú de agus a bhféadfadh mí-úsáid eascairt astu a d’fhéadfadh inchreidteacht na scéime a chur i mbaol;

15.

á chur i bhfáth gur maith an rogha é cur chuige a ghlacadh atá comhchosúil leis an gcur chuige a úsáidtear i gcás na dtásc geografach i réimse na talmhaíochta agus an agraibhia, a léirigh a rathúla atá sé, d’fhonn na córais a chomhchuibhiú;

16.

á chur in iúl an athuair an gá atá le nós imeachta clárúcháin a bhfuil teorainn ama leis; ag moladh, chuige sin, go háirithe go sonrófaí uastréimhse le haghaidh cinneadh a thabhairt i gcás iarratas náisiúnta agus iarratas na hEorpa;

17.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach mbeadh na costais, go háirithe iad siúd a bhaineann le hachomhairc, amhail táille an achomhairc, idirdhealaitheach ionas go mbeadh gach sealbhóir táisc gheografaigh in ann iad a íoc;

18.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bearta a mholadh ar leibhéal na hEorpa arb é is aidhm dóibh tacú le gníomhaíochtaí deimhniúcháin, le heagrú na ngairmithe agus le feasacht a mhúscailt i leith tásca geografacha tionsclaíocha agus ceardaíochta agus iad a chur chun cinn. Le bearta tacaíochta den sórt sin, spreagfaí cur chun feidhme an chórais laistigh den Aontas, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí gníomhaíocht eacnamaíoch do-aistrithe a chosaint agus a fhorbairt sna réigiúin;

19.

ar aon tuairim leis an gCoimisiún go gcomhlíonann an togra seo prionsabal na coimhdeachta. Go deimhin, tá an Coimisiún ag iarraidh margadh dea-fheidhmiúil inmheánach a chruthú le haghaidh tásca geografacha tionsclaíocha agus ceardaíochta, a mbaineann a gcosaint le hinniúlacht chomhroinnte an Aontais agus a Bhallstát. Ní féidir leis na Ballstáit astu féin an sprioc sin a bhaint amach mar gheall ar an iliomad riail dhifriúil atá ann, a forbraíodh ar an leibhéal náisiúnta agus nach bhfuil aitheantas frithpháirteach ann dóibh. Dá gcloífí le cineálacha cur chuige náisiúnta amháin, bheadh éiginnteacht dhlíthiúil ann do na táirgeoirí, chuirfí bac ar thrédhearcacht an mhargaidh le haghaidh na dtomhaltóirí, chuirfí isteach ar an trádáil laistigh den Aontas, agus réiteofaí an bealach le haghaidh iomaíocht mhíchothrom i margú na dtáirgí atá faoi chosaint táisc gheografaigh. Go deimhin, tá luach dáiríre sa bhreis don Eoraip ag roinnt leis an togra sin ón gCoimisiún.

An Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/68


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Na treoirlínte chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt (TEN-T)

(2022/C 498/12)

Rapóirtéir:

Isabelle BOUDINEAU (FR/PSE), Comhalta de Chomhairle Réigiúnach Nouvelle Aquitaine

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013

COM(2021) 812 final

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Plean gníomhaíochta le cur le seirbhísí iarnróid fadraoin agus le seirbhísí traenach trasteorann le haghaidh paisinéirí

COM(2021) 810 final

Togra leasaithe le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le t reoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013

COM(2022) 384 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013

COM(2021) 812 final

Leasú 1

Aithris 4

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(4)

Le cur i gcrích an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair cuirtear na dálaí is gá ar bun, ó thaobh an bhunúis bonneagair de, lenar féidir cur le hinbhuanaitheacht, inacmhainneacht agus cuimsitheacht na modhanna iompair uile, roghanna malartacha inbhuanaithe a chur ar fáil go forleathan i gcóras iompair ilmhódach, agus na dreasachtaí cearta a sholáthar chun an t-aistriú a bhrú chun cinn, go suntasach trí aistriú cóir a áirithiú, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i Moladh (AE) […] ón gComhairle an […] maidir le haistriú cóir ionsar an aeráidneodracht a áirithiú.

(4)

Le cur i gcrích an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair cuirtear na dálaí is gá ar bun, ó thaobh an bhunúis bonneagair de, lenar féidir cur le hinbhuanaitheacht, inacmhainneacht agus cuimsitheacht na modhanna iompair uile i réigiúin uile an Aontais , roghanna malartacha inbhuanaithe a chur ar fáil go forleathan i gcóras iompair ilmhódach, agus na dreasachtaí cearta a sholáthar chun an t-aistriú a bhrú chun cinn, go suntasach trí aistriú cóir a áirithiú, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach i Moladh (AE) […] ón gComhairle an […] maidir le haistriú cóir ionsar an aeráidneodracht a áirithiú.

Cúis

Níor cheart aon réigiún san Aontas Eorpach a fhágáil ar lár san aistriú sin.

Leasú 2

Aithris 16

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(16)

Ba cheart leasanna údarás réigiúnach agus áitiúil, chomh maith le leasanna an phobail lena mbaineann tionscadal leasa choitinn, a chur san áireamh go hiomchuí nuair atá na tionscadail sna fonsaí tógála agus pleanála.

(16)

Is gá leasanna údarás réigiúnach agus áitiúil, chomh maith le leasanna an phobail lena mbaineann tionscadal leasa choitinn, a chur san áireamh go hiomchuí nuair atá na tionscadail sna fonsaí tógála agus pleanála.

Cúis

Tá sé ríthábhachtach na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a chuimsiú go hiomlán i bpróiseas pleanála na dtionscadal. Níl sé ceart, dá bhrí sin, an modh coinníollach a úsáid.

Leasú 3

Aithris 52

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(52)

Ba cheart do na Ballstáit clár náisiúnta tacaíochta PSUI a bhunú a mbeidh sé d’aidhm aige úsáid PSUInna a chur chun cinn agus an comhordú idir réigiúin, cathracha agus bailte a fheabhsú. Ba cheart dó tacú le réigiúin agus le limistéir uirbeacha chun PSUInna ardcháilíochta a fhorbairt agus an faireachán agus an mheastóireacht ar chur chun feidhme PSUInna a threisiú trí bhearta reachtacha, treoraíocht, fothú acmhainní, cúnamh, agus, b’fhéidir, tacaíocht airgeadais.

(52)

Ba cheart do na Ballstáit clár náisiúnta tacaíochta PSUI a bhunú a mbeidh sé d’aidhm aige úsáid PSUInna a chur chun cinn agus an comhordú idir réigiúin, cathracha agus bailte a fheabhsú. Ba cheart dó tacú le réigiúin agus le limistéir uirbeacha chun PSUInna ardcháilíochta a fhorbairt agus an faireachán agus an mheastóireacht ar chur chun feidhme PSUInna a threisiú trí bhearta reachtacha, treoraíocht, fothú acmhainní, cúnamh, agus, b’fhéidir, tacaíocht airgeadais. D’fhonn an tacaíocht arna tabhairt trí na cláir náisiúnta tacaíochta a chomhlánú, déanfaidh an Coimisiún Eorpach na malartuithe idir na nóid a éascú i bhFóram na Conaire.

Cúis

Ní mór don Choimisiún Eorpach tacaíocht a thabhairt do na húdaráis áitiúla nach bhfuil aon taithí acu ar PSUInna a fhorbairt, go háirithe trí mhalartú taithí a éascú.

Leasú 4

Aithris 66

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(66)

Ba cheart do Chonairí Iompair Eorpacha cuidiú le bonneagar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair a fhorbairt sa tslí is go dtabharfar aghaidh ar scrogaill, go gcuirfear le naisc trasteorann agus go bhfeabhsófar an éifeachtúlacht agus an inbhuanaitheacht. Ba cheart dóibh cuidiú leis an gcomhtháthú trí chomhar críochach níos fearr. Ba cheart aghaidh a thabhairt leo, freisin, ar chuspóirí beartais iompair níos leithne agus an idir-inoibritheacht, an comhtháthú módach agus oibríochtaí ilmhódacha a éascú. Ba cheart an cur chuige conaire a bheith trédhearcach agus soiléir agus níor cheart costais riaracháin breise nó ualaí riaracháin breise a bheith ann de thairbhe bhainistíocht na gconairí sin.

(66)

Ba cheart do Chonairí Iompair Eorpacha cuidiú le bonneagar an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair a fhorbairt sa tslí is go dtabharfar aghaidh ar scrogaill, go gcuirfear le naisc trasteorann agus go bhfeabhsófar an éifeachtúlacht agus an inbhuanaitheacht. Ba cheart dóibh cuidiú leis an gcomhtháthú trí chomhar críochach níos fearr. Ba cheart aghaidh a thabhairt leo, freisin, ar chuspóirí beartais iompair níos leithne agus an idir-inoibritheacht, an comhtháthú módach agus oibríochtaí ilmhódacha a éascú. Ba cheart an cur chuige conaire a bheith trédhearcach agus soiléir agus níor cheart costais riaracháin breise nó ualaí riaracháin breise a bheith ann de thairbhe bhainistíocht na gconairí sin. Ba cheart dó freisin cabhrú le struchtúir chomhtháite bhainistíochta a chur chun cinn chun dlús a chur le cur chun feidhme na gcodanna trasteorann, e.g. na Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach. Rachaidh an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit i gcomhairle leis na réigiúin agus leis na geallsealbhóirí sin agus cinntí á ndéanamh acu maidir le cur chun feidhme an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair.

Cúis

Tá sé léirithe ag na struchtúir chomhtháite bhainistíochta, amhail na Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach, gur féidir leo cabhrú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an gcomhar trasteorann, go háirithe maidir le cur chun feidhme na gcodanna trasteorann de TEN-T. Ba cheart tagairt a dhéanamh don mhéid sin sa Rialachán.

Leasú 5

Airteagal 3(f)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

(f)

ciallaíonn “nód uirbeach” limistéar uirbeach ina bhfuil eilimintí bhonneagar iompair an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair, amhail calafoirt lena n-áirítear críochfoirt, aerfoirt, stáisiúin iarnróid, críochfoirt busanna, ardáin agus saoráidí lóistíochta agus críochfoirt lasta atá suite sa limistéar uirbeach agus máguaird, nasctha le heilimintí eile den bhonneagar sin agus leis an mbonneagar don trácht réigiúnach agus áitiúil;

(f)

ciallaíonn “nód uirbeach” limistéar uirbeach feidhmiúil ina bhfuil eilimintí bhonneagar iompair an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair, amhail calafoirt lena n-áirítear críochfoirt, aerfoirt, stáisiúin iarnróid, críochfoirt busanna, ardáin agus saoráidí lóistíochta agus críochfoirt lasta atá suite sa limistéar uirbeach agus máguaird, nasctha le heilimintí eile den bhonneagar sin agus leis an mbonneagar don trácht réigiúnach agus áitiúil;

Cúis

Is fearr a thugann “limistéar uirbeach feidhmiúil” córas comhtháite iompair cathrach agus a cuid criosanna comaitéireachta le fios; tá ról lárnach aige maidir le limistéir uirbeacha a phleanáil agus córas iompair na limistéar sin a dhícharbónú. Trí “feidhmiúil” a chur leis an sainmhíniú ar nóid uirbeacha, is fearr a luíonn sé leis an tuiscint ar “plean soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe” (PSUI) in Airteagal 3(o).

Leasú 6

Airteagal 3, pointe (l)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

l)

ciallaíonn “mol ilmhódach paisinéirí” pointe nasctha idir dhá mhodh iompair le haghaidh paisinéirí ar a laghad, ina n-áirithítear faisnéis taistil, rochtain ar iompar poiblí agus aistrithe idir modhanna, lena n-áirítear stáisiúin Pháirceála agus Taistil agus modhanna gníomhacha, agus a fheidhmíonn mar chomhéadan idir nóid uirbeacha agus gréasáin iompair níos faide;

l)

ciallaíonn “mol ilmhódach paisinéirí” pointe nasctha idir dhá mhodh iompair le haghaidh paisinéirí ar a laghad, ina n-áirithítear faisnéis taistil, rochtain ar iompar poiblí agus aistrithe idir modhanna, lena n-áirítear stáisiúin Pháirceála agus Taistil agus modhanna gníomhacha, agus a fheidhmíonn mar chomhéadan idir nóid uirbeacha agus gréasáin iompair níos faide agus laistigh de na nóid sin ;

Cúis

Is é a chiallaíonn an leasú seo go ndéanfaí tionscadail a mhaoiniú le haghaidh moil ilmhódacha chun paisinéirí a iompar idir na nóid uirbeacha agus laistigh de na nóid sin.

Leasú 7

Airteagal 3, pointe (o)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(o)

ciallaíonn “plean soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe” (PSUI) doiciméad le haghaidh pleanáil soghluaisteachta straitéisí, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar shoghluaisteacht laistigh den limistéar uirbeach feidhmiúil agus inrochtaineacht air (lena n-áirítear criosanna comaitéireachta) laistigh den limistéar uirbeach feidhmiúil (lena n-áirítear criosanna comaitéireachta) do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’earraí;

(o)

ciallaíonn “plean soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe” (PSUI) doiciméad le haghaidh pleanáil soghluaisteachta straitéisí, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar shoghluaisteacht laistigh den limistéar uirbeach feidhmiúil agus inrochtaineacht air (lena n-áirítear criosanna comaitéireachta) laistigh den limistéar uirbeach feidhmiúil (lena n-áirítear criosanna comaitéireachta) do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’earraí; Féadfar pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (PSUInna) a áireamh i bpleananna atá ann cheana agus/nó i bpleananna níos ginearálta ina gcuimsítear pleananna úsáide talún freisin, i bhfianaise, mar shampla, na nasc idir an úsáid talún agus an tsoghluaisteacht.

Cúis

Fágann an leasú seo go bhféadfar PSUInna a chur san áireamh i bpleananna atá ann cheana agus/nó i bpleananna níos ginearálta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

Leasú 8

Airteagal 3, pointe (z)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(z)

ciallaíonn “calafort muirí” limistéar talún agus uisce atá comhdhéanta de bhonneagar agus de threalamh den chineál sin a cheadaíonn, go príomha, glacadh le soithí uisce-iompartha, iad a luchtú agus a dhíluchtú, earraí a stóráil, na hearraí sin a ghlacadh agus a sheachadadh agus paisinéirí, criú agus daoine eile a bhordáil agus a dhíbhordáil agus aon bhonneagar eile atá riachtanach d’oibreoirí iompair laistigh de limistéar an chalafoirt;

(z)

ciallaíonn “calafort muirí” limistéar talún agus uisce atá comhdhéanta de bhonneagar agus de threalamh den chineál sin a cheadaíonn, go príomha, glacadh le soithí uisce-iompartha, iad a luchtú agus a dhíluchtú, earraí a stóráil, na hearraí sin a ghlacadh agus a sheachadadh agus paisinéirí, criú agus daoine eile a bhordáil agus a dhíbhordáil agus aon bhonneagar eile atá riachtanach d’oibreoirí iompair laistigh de limistéar an chalafoirt agus atá ina tairseach freisin le haghaidh na trádála agus le haghaidh braislí tionsclaíocha agus moil fuinnimh ;

Cúis

Ba cheart na calafoirt mhuirí a shainiú sa Rialachán trí róil uile a mbonneagair a lua chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu ar an mbealach is fearr.

Leasú 9

Airteagal 4(2)(c)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(viii)

na caighdeáin rialála a chur in oiriúint do na cásanna sonracha sna réigiúin;

Cúis

D’fhonn a áirithiú go seasfaidh an gréasán an aimsir agus go dtabharfar chun críche é faoi na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán, tá géarghá leis na bearta teicniúla a chur in oiriúint do na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann agus na bearta sin á gcur i bhfeidhm i réigiúin áirithe, go háirithe na dúshláin sin a luaitear in aithris 26 den Rialachán: sna réigiúin is forimeallaí agus i réigiúin eile atá iargúlta, imeallach, nó sléibhtiúil nó i réigiúin ar oileáin iad nó i limistéir is tearc daonra, nó i gcás gréasáin atá scartha go hiomlán nó go páirteach.

Leasú 10

Airteagal 8(2), pointe (b)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

beidh sé inmharthana go heacnamaíoch ar bhonn anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch;

(b)

beidh sé inmharthana go heacnamaíoch ar bhonn anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch agus ba cheart a chur san áireamh freisin sa léirmhíniú ar an inmharthanacht na cúinsí socheacnamaíocha atá sna Ballstáit agus an tionchar eacnamaíoch ginearálta a bheidh ag na tionscadail ;

Cúis

Sna Ballstáit ina bhfuil an ghluaiseacht daoine agus earraí níos ísle ná an meán, is cosúil nuair a dhéantar na tionscadail iarnróid a scrúdú ar bhonn measúnú costais is tairbhe, agus ar an mbonn sin amháin, gur léir nach mbíonn siad inmharthana i gcoitinne. Ba cheart na cúinsí ar leith sna Ballstáit agus an tionchar ginearálta a bhíonn ag na tionscadail a chur san áireamh sa léirmhíniú ar an inmharthanacht.

Leasú 11

Airteagal 15(3), pointe (b)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

arna iarraidh sin do Bhallstát, i gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún díolúintí eile a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i leith na gceanglas dá dtagraítear i mír 2. Beidh aon iarraidh ar dhíolúine bunaithe ar anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch agus ar mheasúnú ar an tionchar ar idir-inoibritheacht. Comhlíonfaidh díolúine ceanglais Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfar í a chomhordú agus a chomhaontú leis an mBallstát comharsanachta nó leis na Ballstáit chomharsanachta i gcás inarb infheidhme.

(b)

arna iarraidh sin do Bhallstát, d’údarás réigiúnach nó do ghrúpa údarás inniúil, i gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún díolúintí eile a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i leith na gceanglas dá dtagraítear i mír 2. Beidh aon iarraidh ar dhíolúine bunaithe ar anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch agus ar mheasúnú ar an tionchar ar idir-inoibritheacht agus ar an rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide . Comhlíonfaidh díolúine ceanglais Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfar í a chomhordú agus a chomhaontú leis an mBallstát comharsanachta nó leis na Ballstáit chomharsanachta i gcás inarb infheidhme.

Cúis

D’fhonn cur chun feidhme éifeachtúil an ghréasáin a áirithiú faoi na sprioc-amanna atá leagtha síos in Airteagal 6 den Rialachán, is iomchuí an t-ualach riaracháin a mhaolú agus deonú díolúintí a éascú.

Ní leor an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an ghréasáin chuimsithigh TEN-T chun a thuar go bhféadfar na ceanglais uile atá leagtha síos a chomhlíonadh in 2050. Bheadh an iomarca cistí ag teastáil chuige sin, ós rud é nach bhfuil codanna áirithe den ghréasán curtha in oiriúint do chomhlíonadh riachtanas áirithe, amhail leictriú na línte iarnróid uile. Is iomchuí, dá bhrí sin, forbairt an ghréasáin a chur chun cinn agus é a éascú codanna de ina mbeadh sé níos ábhartha ceanglais an Rialacháin a oiriúnú a shainaithint.

Leasú 12

Airteagal 16(2), pointe (c)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(c)

gur féidir luas líne íosta 160 km/u a bheith i bhfeidhm i gcás traenacha paisinéirí ar línte paisinéirí an chroíghréasáin breisithe;

(c)

gur féidir meán luas líne íosta 160 km/u a bheith i bhfeidhm i gcás traenacha paisinéirí ar línte paisinéirí an chroíghréasáin breisithe;

Cúis

Níl aon bhreisluach mór ag baint le cur chun feidhme an cheanglais theicniúil sin, ceanglas a bheadh i bhfad róchostasach. Dealraíonn sé go bhfuil sé níos iomchuí cur chuige níos réadúla agus níos éifeachtúla a chur chun cinn d’fhonn cur i gcrích an ghréasáin a áirithiú faoi na sprioc-amanna atá leagtha síos agus naisc éifeachtúla agus éifeachtacha a chur ar fáil d’úsáideoirí an ghréasáin.

Leasú 13

Airteagal 16(5), pointe (b)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

arna iarraidh sin do Bhallstát, i gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún díolúintí eile a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i leith na gceanglas dá dtagraítear i mír 2 go mír 4. Beidh aon díolúine bunaithe ar anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch agus ar mheasúnú ar an tionchar ar an idir-inoibritheacht. Comhlíonfaidh díolúine ceanglais Threoir (AE) 2016/797, agus déanfar í a chomhordú agus a chomhaontú leis an mBallstát comharsanachta nó leis na Ballstáit chomharsanachta más infheidhme.

(b)

arna iarraidh sin do Bhallstát, d’údarás réigiúnach nó do ghrúpa údarás inniúil, i gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún díolúintí eile a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i leith na gceanglas dá dtagraítear i mír 2 go mír 4. Beidh aon iarraidh ar dhíolúine bunaithe ar anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch agus ar mheasúnú ar an tionchar ar idir-inoibritheacht agus ar an rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide . Comhlíonfaidh díolúine ceanglais Threoir (AE) 2016/797, agus déanfar í a chomhordú agus a chomhaontú leis an mBallstát comharsanachta nó leis na Ballstáit chomharsanachta más infheidhme.

Cúis

D’fhonn cur chun feidhme éifeachtúil an ghréasáin a áirithiú faoi na sprioc-amanna atá leagtha síos in Airteagal 6 den Rialachán, is iomchuí an t-ualach riaracháin a mhaolú agus deonú díolúintí a éascú. Tá a lán codanna den chroíghréasán agus den chroíghréasán leathnaithe nach bhfuil curtha in oiriúint do chur chun feidhme na gceanglas atá leagtha síos. Ní bheifear in ann na ceanglais sin a bhaint amach mar gheall ar bhacainní sonracha geografacha nó bacainní móra fisiceacha a fhágann nach féidir iad a chur chun feidhme, sin nó costais bhreise nach bhféadfaí a chosaint a bheith i gceist.

Leasú 14

Airteagal 17(6)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

6.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, i gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún díolúintí a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i leith na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 go mír 5. Beidh aon iarraidh ar dhíolúine bunaithe ar anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch agus ar mheasúnú ar an tionchar ar idir-inoibritheacht. Comhlíonfaidh díolúine ceanglais Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfar í a chomhordú agus a chomhaontú leis an mBallstát comharsanachta nó leis na Ballstáit chomharsanachta i gcás inarb infheidhme.

6.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, d’údarás réigiúnach nó do ghrúpa údarás inniúil, i gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún díolúintí eile a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i leith na gceanglas dá dtagraítear i mír 1 go mír 5. Beidh aon iarraidh ar dhíolúine bunaithe ar anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch agus ar mheasúnú ar an tionchar ar idir-inoibritheacht. Comhlíonfaidh díolúine ceanglais Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, déanfar í a chomhordú agus a chomhaontú leis an mBallstát comharsanachta nó leis na Ballstáit chomharsanachta i gcás inarb infheidhme.

Cúis

Ní féidir imscaradh ERTMS a bhaint amach in am ar chodanna áirithe den ghréasán, go háirithe de bharr scála na n-infheistíochtaí a bheadh ag teastáil. D’fhonn cur chun feidhme éifeachtúil an ghréasáin a áirithiú faoi na sprioc-amanna atá leagtha síos in Airteagal 6 den Rialachán, is iomchuí an t-ualach riaracháin a mhaolú agus deonú díolúintí a éascú a fhad is nach gcuirfidh na díolúintí sin isteach ar idir-inoibritheacht an ghréasáin ar an leibhéal Eorpach.

Leasú 15

Airteagal 19, pointe (g)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(g)

teicneolaíochtaí breoslaí ionadúla nuálacha a fhorbairt d’iarnróid, amhail hidrigin do stráicí atá díolmhaithe ón gceanglas leictriúcháin.

(g)

teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt don rothstoc agus teicneolaíochtaí breoslaí ionadúla nuálacha a fhorbairt d’iarnróid, amhail hidrigin , bithbhreoslaí nó traenacha faoi chumhacht cadhnraí do stráicí atá díolmhaithe ón gceanglas leictriúcháin.

Cúis

Ba cheart caitheamh leis na stráicí sin atá díolmhaithe ón gceanglas leictriúcháin mar spásanna ina bhféadfaí teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt, rud a chabhróidh leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Chuige sin, ní mór don Aontas Eorpach cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh na teicneolaíochtaí a fhorbraítear níos éifeachtúla ó thaobh na haeráide agus an gheilleagair de.

Leasú 16

Airteagal 28(1), pointe (a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(xi)

Bonneagar siúil agus rothaíochta;

Cúis

Ní mór bonneagar rothaíochta agus siúil a fhorbairt, go háirithe sna nóid uirbeacha, i gcomhthráth leis an mbonneagar bóithre ardcháilíochta le haghaidh trácht fadraoin.

Leasú 17

Airteagal 33(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún, i gcásanna cuí-réasúnaithe, díolúintí a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointí (a), (b), (c) agus (g). Beidh aon iarraidh ar dhíolúine bunaithe ar anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch nó bainfidh sé leis na srianta sonracha geografacha nó suntasacha fisiceacha agus sa chás nach bhfuil córas iarnróid ar an gcríoch.

2.   Arna iarraidh sin do Bhallstát, d’údarás réigiúnach nó do ghrúpa údarás inniúil, féadfaidh an Coimisiún, i gcásanna cuí-réasúnaithe, díolúintí a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointí (a), (b), (c) agus (g). Beidh aon iarraidh ar dhíolúine bunaithe ar anailís costais is tairbhe shocheacnamaíoch nó bainfidh sé leis na srianta sonracha geografacha nó suntasacha fisiceacha agus sa chás nach bhfuil córas iarnróid ar an gcríoch.

Cúis

D’fhonn a áirithiú go seasfaidh an gréasán an aimsir agus go dtabharfar chun críche é faoi na sprioc-amanna dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Rialachán, tá géarghá leis na bearta teicniúla a chur in oiriúint do na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ann agus na bearta sin á gcur i bhfeidhm i réigiúin áirithe.

Leasú 18

Airteagal 35(3), mír dheireanach

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le seoladóirí agus le hoibreoirí iompair agus lóistíochta a oibríonn ar a gcríoch. Cuirfidh siad torthaí an chomhairliúcháin sin san áireamh ina n-anailís.

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i nóid uirbeacha, agus le seoladóirí agus le hoibreoirí iompair agus lóistíochta a oibríonn ar a gcríoch. Cuirfidh siad torthaí an chomhairliúcháin sin san áireamh ina n-anailís.

Cúis

Is ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá an fhreagracht iomlán as na críochfoirt lasta ilmhódacha agus as na ceanglais a ghabhann leo maidir le bonneagar iompair TEN-T (Airteagal 37) agus ba cheart, dá bhrí sin, dul i gcomhairle leo nuair a bheidh na Ballstáit ag ullmhú a bpleananna gníomhaíochta maidir le gréasán de chríochfoirt lasta ilmhódacha.

Leasú 19

Airteagal 37(5)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

5.   Arna iarraidh sin ag Ballstát, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún díolúintí ó na hoibleagáidí faoi mhíreanna 1 go 4 a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt d’infheistíochtaí i mbonneagar i dtéarmaí costais-sochair socheacnamaíocha, go háirithe nuair a bhíonn an críochfort suite i limistéar atá srianta ó thaobh spáis de.

5.   Arna iarraidh sin ag Ballstát, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún díolúintí ó na hoibleagáidí faoi mhíreanna 1 go 4 a dheonú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcás nach féidir údar cuí a thabhairt d’infheistíochtaí i mbonneagar i dtéarmaí costais-sochair socheacnamaíocha, go háirithe nuair a bhíonn an críochfort suite i limistéar atá srianta ó thaobh spáis de , go háirithe sna nóid uirbeacha . Ba cheart díolúintí a cheadú freisin sna nóid uirbeacha i gcás nach gceadaíonn éileamh an mhargaidh na ceanglais maidir leis na críochfoirt a chomhlíonadh.

Cúis

Ní mór do na moil atá lonnaithe i nóid uirbeacha (mar a luaitear in Airteagal 40) déileáil le brú ard maidir le heaspa talún agus spás teoranta. Fágann sin go mbíonn sé níos casta dóibh ceanglais theicniúla áirithe a leagtar síos i mír 1 go mír 4 den Airteagal seo a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, ba cheart, i gcás na míreanna sin, tús áite a thabhairt do mhisin lóistíochta uirbí nach dteastaíonn an oiread céanna méadaithe le hiad a chur i bhfeidhm.

Leasú 20

Airteagal 40, pointe (b)(ii) agus mír dheireanach

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

go mbaileofar sonraí maidir le soghluaisteacht uirbeach in aghaidh an nóid uirbigh a chlúdaíonn ar a laghad astaíochtaí gás ceaptha teasa, plódú, timpistí agus gortuithe, cion módach agus rochtain ar sheirbhísí soghluaisteachta, chomh maith le sonraí maidir le haerthruailliú agus truailliú torainn, agus go gcuirfear na sonraí sin faoi bhráid an Choimisiúin. Ina dhiaidh sin cuirfear na sonraí sin isteach gach bliain;

[…]

Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear modheolaíocht le haghaidh na sonraí atá le bailiú ag na Ballstáit dá dtagraítear faoi phointe (ii) de mhír (b). Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 59(3).

an Coimisiún a chur ar an eolas gach bliain maidir leis an dul chun cinn i gcur chun feidhme na PSUInna;

[…]

Cúis

Cé go dtuigimid go mbeadh an Coimisiún ag iarraidh faireachán críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme na PSUInna, táimid den tuairim nach mbeadh sé oiriúnach bailiúchán sonraí ar scála chomh mór sin a dhéanamh gach bliain. Ina theannta sin, fágfaidh tiomsú na sonraí sin go mbeidh gá le méadú mór ar líon na staidéar, rud a bheadh i bhfad ródhian ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Ba cheart féachaint chuige nach bhfágfaidh ullmhú PSUInna agus na táscairí gaolmhara ró-ualach riaracháin maidir le cuspóirí TEN-T a bhaint amach. Moltar, dá bhrí sin, an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme PSUInna a shimpliú, ach dualgas a bheith ann faisnéis a thabhairt maidir lena ndul chun cinn.

Leasú 21

Airteagal 40, pointe (d)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(d)

faoin 31 Nollaig 2040: críochfort lasta ilmhódach amháin ar a laghad a fhorbairt ionas go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach trasloingithe ann laistigh den nód uirbeach nó gar dó.

(d)

faoin 31 Nollaig 2040: críochfort lasta ilmhódach amháin ar a laghad a fhorbairt ionas go mbeidh acmhainneacht leordhóthanach trasloingithe ann le go bhféadfar an lóistíocht uirbeach agus an míle deireanach a áirithiú laistigh den nód uirbeach nó gar dó.

Cúis

Dealraíonn sé go bhfuil riosca ag baint le bunú críochfort lasta ilmhódach a fhorordú gan dinimic na ngluaiseachtaí ar an leibhéal réigiúnach a chur san áireamh agus déileáil chomh héifeachtach agus is féidir le riachtanais gnólachtaí agus na féidearthachtaí talún agus teicniúla sa réigiún á gcur san áireamh. Moltar, dá bhrí sin, béim a chur ar ról lóistíochta uirbí na mol sin.

Leasú 22

Airteagal 44, pointe (a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

tacú le dícharbónú an iompair, agus é a chur chun cinn, trí aistriú chuig feithiclí, soithigh agus aerárthaí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle agus teicneolaíochtaí iompair eile atá nuálach agus inbhuanaithe amhail hyperloop;

(a)

tacú le dícharbónú an iompair, agus é a chur chun cinn, trí aistriú chuig feithiclí, soithigh , rothstoc iarnróid agus aerárthaí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle agus teicneolaíochtaí iompair eile atá nuálach agus inbhuanaithe amhail hyperloop;

Cúis

Ba cheart nuálaíocht teicneolaíochta le haghaidh gach modha iompair a spreagadh chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Is féidir agus is inmhianaithe nuálaíochtaí a dhéanamh freisin san earnáil iarnróid, go háirithe sna codanna atá díolmhaithe ó chur chun feidhme na gcaighdeán teicniúil.

Leasú 23

Airteagal 44, pointe (a)

(Nuaphointe)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

taighde agus forbairt roghanna malartacha glasa agus nuálacha a spreagadh sna críocha sin atá díolmhaithe ó bhearta teicniúla TEN-T, amhail na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí;

Cúis

Más rud é go bhfágann na díolúintí a dheonaítear do réigiúin áirithe faoin Rialachán nó a dheonaítear ar iarratas gur féidir cur chun feidhme cuí TEN-T a áirithiú trí oiriúnú do na dúshláin i réigiúin áirithe, ba cheart réitigh mhalartacha theicneolaíocha nó fuinnimh a spreagadh trí shaotharlann nuálaíochta a dhéanamh de na réigiúin sin.

Leasú 24

Airteagal 52(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Is é an Comhordaitheoir Eorpach a bhunóidh “Fóram na Conaire” go foirmiúil agus a bheidh ina chathaoirleach air. Comhaontóidh na Ballstáit lena mbaineann ballraíocht Fhóram na Conaire dá gcuid féin den Chonaire Iompair Eorpach agus áiritheoidh siad go ndéanfar ionadaíocht ar an rialachas lasta iarnróid.

2.   Is é an Comhordaitheoir Eorpach a bhunóidh “Fóram na Conaire” go foirmiúil agus a bheidh ina chathaoirleach air. Comhaontóidh na Ballstáit lena mbaineann ballraíocht Fhóram na Conaire dá gcuid féin den Chonaire Iompair Eorpach agus áiritheoidh siad go ndéanfar ionadaíocht ar an rialachas lasta iarnróid agus ar na húdaráis réigiúnacha agus ar nóid uirbeacha TEN-T .

Cúis

Soláthraíonn na húdaráis réigiúnacha sciar suntasach den chómhaoiniú a thugtar do thionscadail TEN-T. Tá inniúlachtaí acu maidir le pleanáil an ghréasáin agus maidir le bainistiú na gcomhsheirbhísí iompair ar an leibhéal réigiúnach. Tá ról fíor-riachtanach acu freisin maidir le riachtanais iompair na saoránach a chur in iúl. Ba cheart páirt lárnach a bheith acu, dá bhrí sin, i gcóras rialachais chonairí ghréasán TEN-T.

LEASÚ 25

Airteagal 52(6)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

6.    Féadfaidh an Comhordaitheoir Eorpach dul i gcomhairle le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, le bainisteoirí bonneagair, le hoibreoirí iompair, go háirithe leo siúd ar comhaltaí den rialachas lasta iarnróid iad, leis an tionscal soláthair, le húsáideoirí iompair agus le hionadaithe ón tsochaí shibhialta i ndáil leis an bplean oibre agus lena chur chun feidhme. Ina theannta sin, rachaidh an Comhordaitheoir Eorpach atá freagrach as ERTMS i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus rachaidh Comhordaitheoir Eorpach don Spás Muirí i ndlúthchomhar leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa.

6.    Rachaidh an Comhordaitheoir Eorpach i gcomhairle le húdaráis áitiúla, le bainisteoirí bonneagair, le hoibreoirí iompair, go háirithe leo siúd ar comhaltaí den rialachas lasta iarnróid iad, leis an tionscal soláthair, le húsáideoirí iompair agus le hionadaithe ón tsochaí shibhialta i ndáil leis an bplean oibre agus lena chur chun feidhme. Ina theannta sin, rachaidh an Comhordaitheoir Eorpach atá freagrach as ERTMS i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus rachaidh Comhordaitheoir Eorpach don Spás Muirí i ndlúthchomhar leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa.

Cúis

Tá sásraí curtha i bhfeidhm ag na comhordaitheoirí uile chun dul i gcomhairle leis na gníomhaithe ábhartha uile laistigh dá raon feidhme gníomhaíochta. Ní foláir an méid sin a chur san áireamh.

LEASÚ 26

Airteagal 53(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Déanfar an plean oibre a ullmhú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann agus i gcomhairle le Fóram na Conaire agus leis an rialachas lasta iarnróid, nó le fóram comhchomhairleach na dtosaíochtaí cothrománacha. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann plean oibre na gConairí Iompair Eorpacha a fhormheas. Cuirfidh an Coimisiún an plean oibre faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar fhaisnéis.

2.   Déanfar an plean oibre a ullmhú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na húdaráis réigiúnacha lena mbaineann agus i gcomhairle le Fóram na Conaire agus leis an rialachas lasta iarnróid, nó le fóram comhchomhairleach na dtosaíochtaí cothrománacha. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann plean oibre na gConairí Iompair Eorpacha a fhormheas. Cuirfidh an Coimisiún an plean oibre faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar fhaisnéis.

Cúis

I ngeall ar an ról atá acu maidir le cur chun feidhme an phlean oibre agus ar thionchar an phlean sin ar na réigiúin, ní mór do na húdaráis réigiúnacha a bheith rannpháirteach i ndréachtú an phlean oibre.

LEASÚ 27

Airteagal 56(1), pointe (b)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

calafoirt mhuirí agus aerfoirt a eisiamh ón ngréasán cuimsitheach, má thaispeántar gur lú an meánmhéid tráchta le sé bliana anuas ná 85 % den tairseach ábhartha;

(b)

nós imeachta forlíontach a thionscnamh sula ndéanfar calafoirt mhuirí agus aerfoirt a eisiamh ón ngréasán cuimsitheach, má thaispeántar gur lú an meánmhéid tráchta le sé bliana anuas ná 85 % den tairseach ábhartha . Mar chuid den nós imeachta faireacháin, déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na húdaráis inniúla, táscairí cáilíochtúla agus aon tosca timthriallacha a d’fhéadfadh an meath ar an trácht bonneagair a mhíniú a chur san áireamh. Ní leor athruithe ar na méideanna tráchta i ngeall ar thosca sealadacha nó eisceachtúla chun calafort muirí nó aerfort a eisiamh ón ngréasán;

Cúis

I bhfianaise na n-infheistíochtaí a bhaineann le comhtháthú TEN-T agus na bpróiseas eiseamláireach a bhaineann leis, go háirithe maidir le glasú an bhonneagair, meastar gur fearr gan calafoirt mhuirí ná aerfoirt a eisiamh ón ngréasán cuimsitheach. Mar sin féin, ós rud é go mbíonn dinimic na ngluaiseachtaí ag síorathrú, ní mór don ghréasán a bheith solúbtha i gcónaí. Moltar, dá bhrí sin, seachas na calafoirt mhuirí agus aerfoirt a eisiamh, nós imeachta forlíontach a sheoladh lena bhféadfaí measúnú níos mionsonraithe a dhéanamh ar na dinimicí ag an gcalafort muirí nó ag an aerfort lena mbaineann chun a chinneadh ar cheart é a eisiamh nó gan a eisiamh.

LEASÚ 28

Airteagal 57

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Airteagal 57

Rannpháirtíocht le geallsealbhóirí poiblí agus geallsealbhóirí príobháideacha

Comhlíonfar nósanna imeachta náisiúnta i dtaca leis an gcomhairliúchán le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus lena rannpháirtíocht agus i dtaca leis an tsochaí shibhialta a bhaineann le tionscadal leasa choitinn , i gcás inarb iomchuí, nuair atá na tionscadail sna céimeanna tógála agus pleanála. Déanfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i ndáil leis sin, a mhéid a bhaineann leis an gcomhairliúchán le daoine i staideanna leochaileacha agus lena rannpháirtíocht, go sonrach.

Airteagal 57

Rannpháirtíocht le geallsealbhóirí poiblí agus geallsealbhóirí príobháideacha

Comhlíonfar nósanna imeachta náisiúnta i dtaca leis an gcomhairliúchán le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus lena rannpháirtíocht agus i dtaca leis an tsochaí shibhialta a bhaineann le tionscadal leasa choitinn nuair atá na tionscadail sna céimeanna tógála agus pleanála. Déanfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i ndáil leis sin, a mhéid a bhaineann leis an gcomhairliúchán le daoine i staideanna leochaileacha agus lena rannpháirtíocht, go sonrach.

Cúis

Ní mór do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a bheith rannpháirteach má tá baint ag forbairt tionscadail leasa choitinn leo.

LEASÚ 29

Iarscríbhinn V, pointe 4

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

4.

Feidhmiú éifeachtach TEN-T: Ba cheart a chur san áireamh mar is cuí le PSUI an tionchar a bheadh ag bearta uirbeacha éagsúla ar na sreabha tráchta, idir phaisinéirí agus lasta, ar an ngréasán tras-Eorpach iompair agus é mar aidhm leis sin idirthuras, seach-chonair nó idirnascadh gan uaim a áirithiú trí nóid uirbeacha agus timpeall orthu, lena n-áirítear maidir le feithiclí atá saor ó astaíochtaí. Áireofar leis sin go háirithe gníomhaíochtaí chun brú tráchta a mhaolú, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus scrogaill a dhéanann difear do shreabha tráchta ar TEN-T a bhaint.

4.

Feidhmiú éifeachtach TEN-T: Ba cheart a chur san áireamh mar is cuí le PSUI an tionchar a bheadh ag bearta uirbeacha éagsúla ar na sreabha tráchta, idir phaisinéirí agus lasta, ar an ngréasán tras-Eorpach iompair agus é mar aidhm leis sin idirthuras, seach-chonair nó idirnascadh gan uaim a áirithiú trí nóid uirbeacha agus timpeall orthu, lena n-áirítear maidir le feithiclí atá saor ó astaíochtaí. Áireofar leis sin go háirithe gníomhaíochtaí chun brú tráchta a mhaolú, sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú agus scrogaill a dhéanann difear do shreabha tráchta ar TEN-T a bhaint. Ag an am céanna, ba cheart a chur san áireamh i mbearta TEN-T na héifeachtaí ar na sreabha tráchta réigiúnacha agus áitiúla, idir phaisinéirí agus lasta.

Cúis

Bíonn tionchar ar a chéile ag na sreabha tráchta réigiúnacha agus áitiúla paisinéirí agus lasta agus ag na sreabha tráchta ar chonairí idirnáisiúnta TEN-T. Ba cheart tionchar na mbeart a chur san áireamh d’aon lámh, dá bhrí sin, chun córas tráchta gan uaim a áirithiú ina mbeadh naisc éifeachtúla ag an gcéad mhíle agus ag an míle deireanach.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

1.

i bhfách leis an gcuma ghinearálta atá ar an togra ón gCoimisiún; den tuairim go bhfuil sé thar a bheith riachtanach rialachán a bheith ann lenar féidir straitéis a leagan síos chun an bonneagar iompair a phleanáil ar an leibhéal Eorpach. Is é sin amháin a áiritheoidh leibhéal sásúil comhtháthaithe, comhordaithe agus idir-inoibritheachta;

2.

den tuairim go bhfuil breisluach láidir Eorpach i gceist leis an ngné thrasnáisiúnta de TEN-T. Tá sé léirithe ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla na sochair shocheacnamaíocha a thagann as tionscadail trasteorann ina réigiúin agus ar a gcríocha;

3.

á thabhairt dá aire na hiarmhairtí geopholaitiúla atá ag ionsaí na Rúise san Úcráin agus an gá dul i ngleic le leochaileacht an chórais iompair Eorpaigh, córas atá dínasctha go páirteach ón margadh domhanda anois, go mór mór ón margadh bia; ag tacú le fionraí na n-íocaíochtaí Eorpacha faoin ngréasán TEN-T le haghaidh tionscadail a bhfuil baint ag an Rúis agus an Bhealarúis leo; ag iarraidh naisc iarnróid níos fearr leis an Úcráin, go háirithe d’fhonn iompar amhábhar bunriachtanach a chur chun cinn. I ndáil leis sin, is díol sásaimh dó an méadú atá beartaithe ar bhuiséad na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE);

4.

á thabhairt le fios gur díol sásaimh dó na cuspóirí atá sannta do TEN-T; ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann leis an méid a chabhraíonn an Rialachán leis an athrú aeráide a chomhrac, go háirithe trí thacú le forbairt na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don aeráid; á chur i bhfáth, ag an am céanna, gur gá a áirithiú go gcuirfear an bonneagar iompair in oiriúint d’éifeachtaí an athraithe aeráide agus do theacht chun cinn rioscaí nua;

Comhtháthú críochach

5.

á thabhairt le fios gur díol sásaimh dó go ndéantar an comhtháthú críochach a dhearbhú athuair mar chuspóir tosaíochta sa Rialachán, sin maidir leis an gcroíghréasán ina iomláine, an croíghréasán leathnaithe agus an gréasán cuimsitheach; á thabhairt dá aire, dá bhrí sin, go bhfuil gréasán TEN-T i gcomhréir leis an moladh a leagadh síos san 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, is é sin gur cheart do gach beartas Eorpach cur leis an gcomhtháthú Eorpach;

5.

á mholadh don Choimisiún an prionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú”, prionsabal a leagadh síos san 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, a shainmhíniú le gur féidir faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear i bhfeidhm é maidir le TEN-T agus go háirithe maidir le tionscadail leasa choitinn;

7.

den tuairim láidir nach mór do TEN-T éagsúlacht na ndúshlán atá roimh réigiúin an Aontais a chur san áireamh; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, i ndáil leis sin, an aird a thugtar ar na réigiúin tuaithe agus ar réigiúin atá iargúlta nó sléibhtiúil, ar réigiúin is tearc daonra, atá imeallach nó ar oileáin iad agus ar na réigiúin is forimeallaí; á chur i bhfios go mbíonn ar réigiúin nach n-áirítear sna catagóirí sin déileáil freisin le héagsúlacht mhór limistéar agus leis na dúshláin a thagann chun cinn sna limistéir sin;

8.

á mheabhrú go gceanglaítear ar an ngréasán ina iomláine, d’fhonn cuspóir an chomhtháthaithe chríochaigh a bhaint amach, nasc láidir éifeachtúil a bhunú leis na gréasáin thánaisteacha iompair, lasmuigh de chreat TEN-T;

9.

á aithint a ábhartha atá bearta teicniúla coiteanna uaillmhianacha chun leanúnachas agus idir-inoibritheacht an ghréasáin a áirithiú; á chur in iúl, áfach, go bhfágann éagsúlacht na réigiún Eorpach go bhfuil sé deacair cloí leis an amchlár chun na caighdeáin theicniúla a leagtar síos sa togra ón gCoimisiún a chur chun feidhme, go háirithe na ceanglais maidir leis an íosluas líne, an leictriúchán agus an leithead lódála le haghaidh na gcodanna sin den iarnród a mbeadh i bhfad an iomarca infheistíochta ag teastáil lena gcur chun feidhme;

10.

á thabhairt le fios gur féidir, a bhuí le conairí móra iompair Eorpacha an chroíghréasáin agus an chroíghréasáin leathnaithe, agus freisin trí naisc atá in easnamh ar an leibhéal réigiúnach a dhúnadh, cur go mór le forbairt nasc iarnróid trasteorann. Trí na réigiúin teorann a nascadh ar bhealach níos éifeachtaí, beidh an Eoraip níos comhtháite ar bhealach follasach agus tabharfar deis do na saoránaigh tairbhe a bhaint as soghluaisteacht trasteorann atá neamhdhíobhálach don aeráid;

Rialachas

11.

á chur i bhfáth go gcuireann údaráis réigiúnacha agus áitiúla go gníomhach le pleanáil agus maoiniú an bhonneagair iompair ina réigiúin agus ar a gcríocha, a bhfuil cuid acu i ngréasán TEN-T; ag iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh ról níos lárnaí acu i gcóras rialachais TEN-T, go háirithe trí ról iomlán a thabhairt dóibh i bhFóram na Conaire seachas an ról breathnóra atá acu faoi láthair;

12.

á chur in iúl go dtuigeann sé, áfach, ainneoin na bhfeabhsuithe féideartha, go n-urramaíonn an togra ón gCoimisiún Eorpach prionsabal na coimhdeachta: ní féidir a shéanadh nach dtugann an gréasán tras-Eorpach iompair breisluach Eorpach thar theorainneacha na mBallstát trí iarrachtaí pleanála na stát, na réigiún agus na gcathracha a ailíniú, go háirithe tríd an ról breise a thugtar do na nóid uirbeacha sa dréachtrialachán;

13.

á thabhairt dá aire an iliomad samplaí de chodanna trasteorann ina ndéantar dochar don chur chun feidhme mar gheall ar easpa aird pholaitiúil ar an leibhéal náisiúnta, ar easpa comhordaithe agus ar nósanna imeachta riaracháin neamhchomhordaithe anásta;

14.

á iarraidh go ndéanfaí córas rialachais TEN-T a neartú go mór chun a chur chun feidhme a éascú, go háirithe i gcás naisc thrasteorann atá in easnamh; á thabhairt le fios gur díol sásaimh dó, sa chomhthéacs sin, na tograí ón gCoimisiún maidir le ról na gcomhordaitheoirí a neartú agus comhordú a spreagadh idir na pleananna náisiúnta agus na beartais Eorpacha;

15.

den tuairim go bhfuil feabhas mór tagtha ar rialachas an ghréasáin de bharr conairí an chroíghréasáin agus na conairí lasta iarnróid a bheith comhtháite sna conairí iompair Eorpacha agus go mbeidh comhordú agus cur chun feidhme níos fearr ann dá thoradh sin; á chur in iúl gur cúis iontais dó nach bhfuil calafoirt atá suite ar na conairí lasta iarnróid cumhdaithe san ailíniú atá á dhéanamh ag an gCoimisiún sa togra uaidh;

Nóid uirbeacha

16.

á mheabhrú go bhfuil inbhuanaitheacht na soghluaisteachta uirbí, mar aon le hinbhuanaitheacht an chiantaistil, ina príomhghné maidir le cuspóirí TEN-T a bhaint amach, agus ar bhonn níos leithne maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

17.

á chur i bhfáth go bhfuil beartais forbartha uirbí, lena n-áirítear an tsoghluaisteacht uirbeach, aitheanta sa tríú tuarascáil ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) mar dheis chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá an tsoghluaisteacht ghníomhach, agus go dteastaíonn bonneagar comhtháite ar leibhéal na nód uirbeach le go bhféadfar an tsoghluaisteacht sin a fhorbairt;

18.

á thabhairt dá aire gur gá pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (PSUInna) a chur chun feidhme; den tuairim go gcuidíonn PSUInna le samhail rialachais il-leibhéil a neartú trí straitéisí pleanála soghluaisteachta agus pleanála spásúlachta a chomhtháthú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach laistigh den ghréasán TEN-T;

19.

á chur chun suntais gur cheart, i gcás réigiúin is tearc daonra agus réigiúin ar oileáin iad, cur chuige atá níos oiriúnaí dá sainiúlachtaí a ghlacadh;

20.

á mholadh gur cheart béim a leagan ar an tsolúbthacht sna critéir maidir leis na pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe (PSUInna) ionas gur féidir na pleananna sin a chomhtháthú i gceart sna pleananna atá ann cheana. Níor cheart don soláthar sonraí ar mhórscála agus nósanna imeachta gaolmhara a bheith ina n-ualach ar na nóid uirbeacha. De réir mar a mhéadaíonn líon na nód uirbeach, ní mór an maoiniú a thugann an tAontas do nóid den sórt sin a mhéadú dá réir;

Modhanna iompair

21.

á mheabhrú gur modhanna iompair atá neamhdhíobhálach don aeráid iad an t-iompar d’uiscebhealaí agus an t-iompar d’iarnród; ag spreagadh, i ndáil leis sin, na modhanna sin a fhorbairt i ngréasán TEN-T;

22.

á thabhairt le fios gur díol sásaimh dó feabhsuithe suntasacha ar an gcaoi a láimhseáiltear an bonneagar iarnróid; ag leagan béim ar na hiarrachtaí atá fós le déanamh maidir leis an idir-inoibritheacht agus an leanúnachas d’fhonn gréasán iarnróid éifeachtúil a bhaint amach don lastas agus do phaisinéirí ar an leibhéal Eorpach;

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó neartú cholún muirí TEN-T agus go háirithe go bhfuil na codanna muirí uile idir na calafoirt i ngréasán TEN-T le bheith i dteideal maoinithe, rud ar cheart dó forbairt na loingseoireachta a éascú le go spreagfar iompar ar muir seachas iompar de bhóthar agus go gcruthófar naisc leis na hoileáin agus na réigiún is forimeallaí;

TEN-T a mhaoiniú

24.

á mheabhrú gur tosaíocht do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla é TEN-T a thabhairt i gcrích faoi na sprioc-amanna a socraíodh; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil buiséad na Saoráide um Chónascadh na hEorpa suarach i gcomparáid leis na méideanna a theastaíonn; á chur in iúl gur oth leis nach féidir le go leor réigiún leas a bhaint as na cistí struchtúracha chun an bhearna sin sa mhaoiniú a líonadh. Chomh maith leis sin, sa bhreis ar an measúnú costais is tairbhe, ba cheart a chur san áireamh sa mheasúnú ar inmharthanacht eacnamaíoch na dtionscadal leasa choitinn na cúinsí éagsúla socheacnamaíocha agus geografacha atá sna Ballstáit, amhail achair taistil agus méideanna tráchta, mar aon leis an tionchar eacnamaíoch ginearálta a bhíonn ag na tionscadail. Ní mór machnamh a dhéanamh freisin ar cé chomh hindéanta agus atá sé na ceanglais a fhorchuirtear ar na Ballstáit i dtéarmaí ama agus airgeadais a chomhlíonadh;

25.

á thabhairt dá aire go moltar sa tríú tuarascáil ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) roghanna iompair atá níos éifeachtúla ó thaobh na haeráide de a spreagadh; á chur in iúl gur oth leis, dá bhrí sin, nach bhfuil aon sásra ann chun an t-aistriú go dtí na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don aeráid a spreagadh;

26.

ag leagan béim ar an tacaíocht airgeadais atá riachtanach chun gréasán TEN-T a chothabháil ar feadh shaolré an tionscadail agus á chur i bhfáth gur gá inbhuanaitheacht fhadtéarmach an mhaoinithe sa bhonneagar iompair a áirithiú;

Plean gníomhaíochta le cur le seirbhísí iarnróid fadraoin agus le seirbhísí traenach trasteorann le haghaidh paisinéirí

27.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go spreagtar leis an bPlean Gníomhaíochta creat Eorpach aonfhoirmeach a bhunú agus na bacainní atá fós ann ar sheirbhísí iarnróid trasteorann agus fadraoin a bhaint;

28.

á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag traenacha oíche maidir le cuspóirí an phlean gníomhaíochta a bhaint amach;

29.

den tuairim nach mór, chun iompar paisinéirí d’iarnród fadraoin agus trasteorann a chur chun cinn, uirlisí dreasachta agus cistiúcháin Eorpacha a fhorbairt agus cothroime iomaíochta leis an aeriompar a áirithiú;

30.

á chur i bhfáth gur spéis leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, tabharfaidh CnaR aird ar an togra reachtach atá beartaithe ag an gCoimisiún chun úsáid ticéad iarnróid a éascú do na húsáideoirí.

An Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/83


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Pacáiste fuinnimh maidir le gás, hidrigin agus astaíochtaí meatáin

(2022/C 498/13)

Rapóirtéir:

Jakub CHEŁSTOWSKI (ECR/PL), Marascal Chúige Śląskie

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha do na margaí inmheánacha sa ghás in-athnuaite agus nádúrtha agus sa hidrigin

COM(2021) 803 final

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus hidrigine

COM(2021) 804 final

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

COM(2021) 805 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh na margaí inmheánacha i ngáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus sa hidrigin

COM/2021/803 final

Leasú 1

Aithris 6

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

do na rannpháirtithe uile sa mhargadh ról idirthréimhseach an gháis iontaise a chur san áireamh le linn dóibh a ngníomhaíochtaí a phleanáil agus lena ndreasófar na rannpháirtithe leis sin a dhéanamh chun éifeachtaí glasála a sheachaint agus chun céimniú amach tráthúil an gháis iontaise a áirithiú go sonrach sna hearnálacha tionsclaíochta uile is ábhartha agus chun críoch téimh.

do na rannpháirtithe uile sa mhargadh ról idirthréimhseach an gháis iontaise a chur san áireamh lena áirithiú go n-oireann an bonneagar nuathógtha le haghaidh gás nádúrtha do gháis ísealcharbóin agus do gháis in-athnuaite agus lena ndreasófar na rannpháirtithe leis sin a dhéanamh chun éifeachtaí glasála a sheachaint le linn thréimhse a dhímheasa agus chun céimniú amach tráthúil an gháis iontaise a áirithiú go sonrach sna hearnálacha tionsclaíochta uile is ábhartha agus chun críoch téimh.

Cúis

Chun úsáid gás dícharbónaithe a mhéadú, tá sé fíor-riachtanach i gcás na bpleananna infheistíochta maidir le bonneagar gáis nua, lena n-áirítear píblínte, críochfoirt GNL agus saoráidí stórála gáis, go gcuirfear san áireamh dearadh agus tógáil an bhonneagair ar bhealach ina gcuirfear é in oiriúint do gháis dhícharbónaithe ó thús na hoibríochta.

Leasú 2

Aithris 9

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Mar sin féin, d’fhéadfadh breoslaí ísealcharbóin (LCFanna), amhail hidrigin ísealcharbóin (LCH), ról a bheith acu san aistriú fuinnimh go háirithe sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma chun astaíochtaí na mbreoslaí atá ann cheana a laghdú go tapa agus chun tacú le glacadh na mbreoslaí in-athnuaite, amhail hidrigin in-athnuaite. Chun tacú leis an aistriú, is gá tairseach a leagan síos maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh hidrigin ísealcharbóin agus breoslaí gásacha sintéiseacha. (…)

Mar sin féin, d’fhéadfadh breoslaí ísealcharbóin (LCFanna), amhail hidrigin ísealcharbóin (LCH), ról a bheith acu san aistriú fuinnimh go háirithe sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma chun astaíochtaí na mbreoslaí atá ann cheana a laghdú go tapa agus chun tacú le glacadh na mbreoslaí in-athnuaite, amhail hidrigin in-athnuaite. Breosla in-athnuaite tábhachtach eile ó thaobh cuspóirí aeráide a bhaint amach is ea bithmheatán, ceann atá sách comhoiriúnach leis an mbonneagar gáis nádúrtha atá ann faoi láthair (breosla inionadaithe), agus tá acmhainn mhór inmheánach ag an Aontas Eorpach maidir lena táirgeadh. Chun forbairt mhargadh an bhithmheatáin a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit díriú go háirithe ar infheistíochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise d’fhonn méadú suntasach a dhéanamh ar tháirgeadh díláraithe an bhithgháis agus an bhithmheatáin ó dhramhaíl atá ann cheana in earnálacha amhail an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus an bainistiú bardasach. Ba cheart táirgeadh na mbarr nach mbeadh le húsáid ach amháin i saoráidí bithgháis a eisiamh mar aon le tógáil na saoráidí bithgháis a bheadh ag brath ar dhianfheirmeoireacht bheostoic a bheith ar bun i gcónaí. Chun tacú leis an aistriú, is gá tairseach a leagan síos maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh hidrigin ísealcharbóin agus breoslaí gásacha sintéiseacha.

Cúis

Tá forbairt earnáil an bhithgháis agus an bhithmheatáin tábhachtach sa ghearrthéarma ar mhaithe le laghdú páirteach a dhéanamh ar spleáchas ar sholáthairtí gáis nádúrtha ón Rúis, agus ar mhaithe le pobail fuinnimh áitiúla a fhorbairt in earnálacha amhail an talmhaíocht, an fhoraoiseacht nó bainistiú bardasach, inar féidir dramhaíl a chlaochlú go substráit táirgthe. Mar sin féin, ba cheart a chur in iúl go soiléir nach bhféadfaidh ach an bithmheatán atá ann cheana a dhó. Ní mór táirgeadh na mbarr nach mbeadh le húsáid ach amháin i saoráidí bithgháis a eisiamh mar aon leis an dianfheirmeoireacht beostoic chun bithghás agus bithmheatán a fháil ar mhaithe le fuinneamh a ghiniúint óir chuirfeadh na cleachtais sin moill ar an aistriú glas.

Leasú 3

Aithris 20

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cé go bhfuil an leictriú ina phríomhghné den aistriú glas, beidh tomhaltas gáis nádúrtha teaghlaigh fós ann sa todhchaí, lena n-áirítear toirteanna méadaitheacha gáis in-athnuaite.

Cé go bhfuil an leictriú ina phríomhghné den aistriú glas, beidh tomhaltas gáis nádúrtha teaghlaigh fós ann sa todhchaí, lena n-áirítear toirteanna méadaitheacha gáis in-athnuaite. Chun a áirithiú go mbeidh teaghlaigh in ann gáis inathnuaite a ghlacadh agus a úsáid, cuirfidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, tús le hidirphlé le geallsealbhóirí sa mhargadh maidir le hinfhaighteacht theicneolaíoch fearas oiriúnach chomh maith leis na costais a d’fhéadfadh a bheith ar a thabhairt ar an bhfód.

Cúis

Sa mhargadh gáis dhícharbónaithe forbartha, beidh gá le custaiméirí miondíola: teaghlaigh agus roinnt FBManna. Gan trealamh nua téimh agus fuaraithe a uasghrádú nó a cheannach, beidh deacrachtaí teicniúla ag na custaiméirí deiridh nó ní bheidh siad in ann athrú ó bhreoslaí iontaise chuig gáis dhícharbónaithe.

Leasú 4

Aithris 108

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

soláthar agus éileamh, an bonneagar iompair, cáilíocht seirbhíse, trádáil trasteorann, infheistíochtaí, praghsanna tomhaltóirí agus leachtacht mhargaidh.

soláthar agus éileamh, an bonneagar iompair, cáilíocht seirbhíse, trádáil trasteorann, infheistíochtaí, praghsanna tomhaltóirí agus leachtacht mhargaidh. Ba cheart a chur san áireamh i dtrédhearcacht an mhargaidh freisin déanamh amach mionsonraithe maidir leis na costais a bhaineann le bonneagar nua a thógáil le haghaidh gáis dhícharbónaithe i ngach Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta, i gcomhar le hoibreoirí gréasáin náisiúnta, ríomhanna eacnamaíocha mionsonraithe a dhéanamh maidir leis na costais infheistíochta a bhainfeadh amach anseo le bonneagar gáis dhícharbónaithe a leathnú. Leis sin, beifear in ann forbairt líonraí a phleanáil go réadúil, an bhearna mhaoinithe a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, agus a áirithiú gur féidir beartais taraife a mhúnlú le go rachaidh siad chun tairbhe d’oibreoirí agus do thomhaltóirí araon.

Cúis

D’fhéadfadh éagsúlacht mhór a bheith ann ó Bhallstát go Ballstát maidir leis an gcostas a bhainfeadh le bonneagar a thógáil le haghaidh gás dícharbónaithe. Ba cheart an costas iomlán ón taobh áitiúil de a chur san áireamh d’fhonn forbairt mhargadh an gháis ísealcharbóin agus an gháis inathnuaite a phleanáil i gceart.

Leasú 5

Airteagal 4(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó atá leochaileach. Beidh na hidirghabhálacha poiblí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.

i leith shocrú na bpraghsanna le haghaidh soláthar gáis nádúrtha do chustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó atá leochaileach nó do chustaiméirí atá faoi chosaint mar a shainítear i Rialachán (AE) 2017/1938 . Beidh na hidirghabhálacha poiblí sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.

I gcás ina dtiocfaidh méadú suntasach fadtéarma ar phraghsanna, féadfar idirghabhálacha lena gcomhlíontar na critéir a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5 a leathnú chuig grúpa custaiméirí difriúil chun iarmhairtí diúltacha na bochtaineachta fuinnimh a sheachaint.

Cúis

Bheadh an togra ón gCoimisiún rótheoranta i gcás ardú tobanna ar phraghsanna. Is é is bunús leis an leasú an rogha catagóirí custaméirí atá faoi chosaint a chur leis mar a shainítear sa rialachán maidir le slándáil an tsoláthair gáis (2017/1938).

Leasú 6

Airteagal 8(11)

(Alt nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

11.     D’fhonn a bheith in ann a léiriú do chustaiméirí deiridh an méid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite atá i meascán fuinnimh ó sholáthróir ar leith breoslaí in-athnuaite nó breoslaí ísealcharbóin i ndáil leis an bhfuinneamh a chuirtear ar an margadh agus a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí ar bhonn conarthaí, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir ráthaíochtaí tionscnaimh maidir le gás a eisiúint arna iarraidh sin do tháirgeoir breoslaí in-athnuaite nó breoslaí ísealcharbóin, i gcomhréir le hAirteagal 19(7)(ii) de Threoir (AE) 2018/2001, lena n-áirítear bithghás, bithmheatán, hidrigin, amóinia, meatánól, agus breoslaí gásacha sintéiseacha; lena chois sin, tá sé riachtanach go dtuigeann na custaiméirí deiridh a thábhachtaí atá an t-aistriú glas agus go bhfuil siad ar an eolas i dtaca le héagsúlacht na mbreoslaí in-athnuaite nó na mbreoslaí ísealcharbóin agus i dtaca leis an gceart atá acu ráthaíocht tionscnaimh a éileamh.

Cúis

Chun margadh Eorpach nasctha a fhorbairt le haghaidh breoslaí ísealcharbóin agus breoslaí in-athnuaite, beidh gá le hionstraimí a úsáid chun faisnéis a sholáthar faoi thionscnamh na ngás a tháirgtear agus a sholáthraítear do chustaiméirí deiridh.

Leasú 7

Airteagal 10(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

rialacha trádála agus cothromúcháin is infheidhme. Maidir leis sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile atá riachtanach chun a áirithiú nach ndéanfar, de dheasca nósanna imeachta riaracháin, idirdhealú in aghaidh soláthróirí atá cláraithe cheana i mBallstát eile.

rialacha trádála agus cothromúcháin is infheidhme agus leis na húdaruithe is gá de bhun Airteagal 7(2) ó údarás rialála an Bhallstáit ina dtarlaíonn soláthar an gháis . Maidir leis sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile atá riachtanach chun a áirithiú nach ndéanfar, de dheasca nósanna imeachta riaracháin, idirdhealú in aghaidh soláthróirí atá cláraithe cheana i mBallstát eile.

Cúis

Má chuirtear ceanglas ar na soláthróirí na caighdeáin sna Ballstáit a chomhlíonadh, áiritheofar slándáil an tsoláthair do chustaiméirí. Áirithítear leis an gcuid eile den fhoráil nach caighdeáin idirdhealaitheacha na caighdeáin sin.

Leasú 8

Airteagal 26

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

cé acu atá saoráidí táirgthe na ngás in-athnuaite agus ísealcharbóin nasctha leis na gréasáin dáileacháin nó tarchurtha nó nach bhfuil.

cé acu atá saoráidí táirgthe na ngás in-athnuaite agus ísealcharbóin nasctha leis na gréasáin dáileacháin nó tarchurtha nó nach bhfuil , ar choinníoll go meastar iad a bheith tairbheach ar bhonn na bpleananna náisiúnta forbartha gréasáin faoi Airteagal 51 . Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na sásraí is gá i bhfeidhm lena n-áiritheofar comhroinnt chothrom chomhréireach na gcostas a bhaineann le suiteálacha nua a tháirgeann gáis in-athnuaite agus ísealcharbóin a nascadh.

Cúis

Tá sé beartaithe le tabhairt isteach na sásraí cúitimh go n-áiritheofar nach dtitfidh costais ar bhonn míchothrom ar úsáideoirí eile na ngréasán agus go n-áiritheofar cothroime iomaíochta sa mhargadh. Níor cheart saoráidí a nascadh le gréasáin dáileacháin agus tarchurtha ach amháin iad siúd a chuireann breisluach ar fáil, óir ba cheart an bhéim fhadtéarmach a leagan ar fhorbairt inbhuanaithe an fhuinnimh in-athnuaite, agus go háirithe ar ghiniúint an leictreachais in-athnuaite.

Leasú 9

Airteagal 51(2), pointe (b)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

cuimseofar na hinfheistíochtaí uile a bhfuil cinneadh déanta ina leith cheana agus sainaithneofar infheistíochtaí nua nach mór a fhorghníomhú sna 3 bliana atá le teacht;

(b)

cuimseofar na hinfheistíochtaí uile a bhfuil cinneadh déanta ina leith cheana agus sainaithneofar infheistíochtaí nua nach mór a fhorghníomhú sna 3 bliana atá le teacht , de bhreis ar anailís eacnamaíoch mhionsonraithe a dhéanamh, lena n-áireofar na costais a bhainfeadh le bonneagar a thógáil nó an bonneagar atá ann cheana a uasghrádú le haghaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite, agus léiriú a thabhairt ar bhearna a d’fhéadfadh a bheith sa mhaoiniú maidir leis an ngnáthbhonneagar le haghaidh gás nádúrtha;

Cúis

Ní mór pleanáil costas mhionsonraithe a bheith mar chuid den phleanáil fadtéarma maidir le bonneagar gáis ísealcharbóin agus in-athnuaite a fhorbairt. D’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí ann ó thaobh cuspóirí infheistíochta a fhorfheidhmiú dá bhfágfaí saincheisteanna eacnamaíocha casta faoi fhreagracht eisiach na n-oibreoirí córais tarchurtha gáis agus na n-oibreoirí córais dáileacháin gáis.

Leasú 10

Airteagal 72(4), pointe (f)

(Pointe nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(f)

boscaí gainimh rialála a bhunú chun díolúintí spriocdhírithe sealadacha ó chreataí reachtacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a dheonú le haghaidh infheistíochtaí nuálacha i ngás ísealcharbóin agus i ngásanna in-athnuaite. Le timpeallacht tástála rialála den sórt sin a bhunú, is éard atá beartaithe ná dlús a chur le hinfheistíochtaí i ngáis ísealcharbóin agus i ngáis in-athnuaite, go háirithe i mBallstáit nach mbeidh na hinfheistíochtaí sin ag luí go hiomlán leis an gcreat dlíthiúil ná an creat rialála atá ann cheana, agus d’fhéadfadh sé oiriúnú na timpeallachta rialála d’infheistíochtaí den sórt sin ina dhiaidh sin a éascú.

Cúis

Moltar boscaí gainimh rialála a chur ar bun lena gcuirfear díolúine shealadach ar fáil ó chreataí reachtacha náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla chun infheistíochtaí nuálacha a chur chun feidhme nár forbraíodh timpeallacht dhlíthiúil iomchuí lena n-aghaidh go fóill.

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na margaí inmheánacha le haghaidh gáis in-athnuaite agus gáis nádúrtha agus hidrigine

COM(2021) 804 final

Leasú 11

Aithris 42

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Agus cur chuige comhchuibhithe á áirithiú le haghaidh pointí idirnaisc trasteorann maidir le cáilíocht an gháis, ba cheart solúbthacht na mBallstát a choinneáil ar bun maidir le caighdeáin cháilíochta gáis a chur i bhfeidhm ina gcórais intíre gáis nádúrtha.

Agus cur chuige comhchuibhithe á áirithiú le haghaidh pointí idirnaisc trasteorann maidir le cáilíocht an gháis, ba cheart solúbthacht na mBallstát a choinneáil ar bun maidir le caighdeáin cháilíochta gáis a chur i bhfeidhm ina gcórais intíre gáis nádúrtha. Beidh gá le ráthaíochtaí tionscnaimh chun margadh an-chomhtháite an-idir-inoibritheach trédhearcach a áirithiú le haghaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite, gáis a dtiocfaidh méadú ar a líon sa chóras gáis nádúrtha. Is é cuspóir na ráthaíochtaí sin foinse an táirgthe gáis, agus an lorg carbóin a ghintear freisin, a dheimhniú, d’fhonn a áirithiú gur féidir le táirgeoirí agus custaiméirí deiridh trádáil ar bhealach caighdeánaithe agus d’fhonn taifead a choinneáil ar na laghduithe CO2 a bhaintear amach.

Cúis

Gan ráthaíochtaí tionscnaimh, ní bheifear in ann foinse an táirgthe ná lorg carbóin gáis ar leith a dheimhniú, rud a chuirfidh cosc ar chur chun feidhme beartas aeráide agus tuairisciú neamhairgeadais.

Leasú 12

Airteagal 43(1), pointe (c)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(c)

sainaithneoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainní trasteorann.

(c)

sainaithneoidh sé bearnaí san infheistíocht, go háirithe maidir le hacmhainní trasteorann , agus naisc sa chóras le tríú tíortha óna ndéanfar gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite a allmhairiú chun éileamh iomlán fuinnimh an Aontais Eorpaigh a chumhdach.

Cúis

Chun leanúnachas in earnálacha tionsclaíocha agus cinnteacht fuinnimh an Aontais i margadh nua na ngás ísealcharbóin agus na ngás in-athnuaite a áirithiú, ba cheart gurbh é an príomhphointe pleanála a bheadh ann a áirithiú go n-allmhairítear na toirteanna hidrigine is gá ó lasmuigh den Aontas d’fhonn riachtanais fuinnimh iomlána an Aontais a chumhdach go hinbhuanaithe agus go sábháilte.

Leasú 13

Airteagal 43(4)

(Alt nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.     Chun plean forbartha gréasáin deich mbliana uile-Aontais a bhunú, ceann ceart, réalaíoch agus indéanta, ba cheart do ACER, don ENTSO don Ghás agus don ENTSO don Leictreachas tús a chur le próiseas comhairliúcháin leis na húdaráis rialála náisiúnta maidir leis na costais a bhaineann le bonneagar a thógáil nó a uasghrádú le haghaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite a luaithe a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Baineann sé sin go háirithe le pleanáil bheacht an chaiteachais chaipitil agus oibriúcháin le haghaidh sócmhainní nua amhail críochfoirt hidrigine, leictrealóirí, agus líonraí hidrigine.

Cúis

Féach thuas.

Leasú 14

Airteagal 60(1), pointe (b)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(b)

rannchuidíonn an infheistíocht leis an dícharbónú;

(b)

rannchuidíonn an infheistíocht leis an dícharbónú agus áirithítear léi go ndearfar an bonneagar gáis nádúrtha nuathógtha sa chaoi go mbeidh sé in ann gáis in-athnuaite agus gáis ísealcharbóin a láimhseáil ó thús ré a fheidhme, rud a íoslaghdófar baol na glasála;

Cúis

Féach thuas.

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942

COM(2021) 805 final

Leasú 15

Airteagal 3

(Airteagal nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Measúnú ar acmhainneacht fadtéarma foinsí in-athnuaite gáis mar bhunús chun forbairt an chórais tarchurtha agus dáileacháin a bharrfheabhsú

1.     Tá na Ballstáit freagrach as measúnú a dhéanamh ar an acmhainneacht táirgthe le haghaidh bithmheatáin ar an leibhéal áitiúil ar fud a gcríche, mar chuid dá straitéisí náisiúnta bithgháis agus bithmheatáin. Déanfar an measúnú sin laistigh de dhá bhliain ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Féadfaidh sé tógáil ar mheasúnuithe atá ann cheana;

2.     Áireofar i scóip na bithmhaise a chuirfear san áireamh sa mheasúnú sin bithmhais amh mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2018/2001 (lena n-áirítear Iarscríbhinn IX) agus a chomhlíonann critéir inbhuanaitheachta an Aontais;

3.     Ag céim deartha an mheasúnaithe, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis an údarás rialála ábhartha agus leis na hoibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin ábhartha chun an méid seo a leanas a chinneadh:

(a)

an t-aonad críche ar laistigh de a dhéanfar an measúnú ar an acmhainneacht táirgthe,

(b)

maidir le scóip na bithmhaise arna measúnú – gaireacht gheografach do ghréasáin gáis nádúrtha atá ann cheana;

4.     Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh acu nó measúnú atá ann cheana á leathnú acu, agus le linn nuashonruithe ina dhiaidh sin, rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chomh maith le hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin. Féadfaidh siad dul i gcomhairle le comhlachtaí ábhartha eile.

Cúis

Tá an measúnú ar acmhainneacht fadtéarma táirgthe an bhithgháis agus an bhithmheatáin ina réamhriachtanas ó thaobh atreisiú na n-eangacha a phleanáil ar bhealach costéifeachtach chun líon méadaitheach bithmheatáin i ngréasáin gháis a láimhseáil.

Leasú 16

Airteagal 3(3)

(Alt nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

3.     Déanfaidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) in éineacht leis na húdaráis rialála náisiúnta ríomh mionsonraithe ar an gcaiteachas infheistíochta agus oibriúcháin a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a laghdú i ngach Ballstát. Críochnófar an chéad ríomh faoi … [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus déanfar uasdátú air gach trí bliana. Beidh ríomh an chaiteachais infheistíochta agus oibriúcháin mar bhonn leis an bpleanáil beartais maidir le taraifí agus cistiú.

Cúis

Agus anailísí ar sceitheadh meatáin á ndéanamh, astaíochtaí meatáin á dtuairisciú agus infheistíochtaí féideartha nua á gcur chun feidhme a mbeadh laghduithe ar astaíochtaí meatáin mar thoradh orthu, ba cheart costais shistéamacha a chur san áireamh ar gá nach mbeidh mar thoradh orthu ualach ar an gcustaiméir deiridh ná méadú ar líon na réigiún bochtaineachta fuinnimh.

Leasú 17

Airteagal 10(4)

(Alt nua)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

4.     Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis an bhFaireachlann Idirnáisiúnta um Astaíochtaí Meatáin, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, modheolaíocht uile-Aontais a bhunú chun faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin chun na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil 3, i gCaibidil 4 agus i gCaibidil 5 den Rialachán seo a chur chun feidhme.

Cúis

D’fhonn iarracht chomhordaithe ar laghdú astaíochtaí meatáin a sheoladh, is gá modheolaíocht MRV uilíoch a thabhairt isteach ar fud na hearnála lena n-áirithítear gur féidir le hastaírí tuairisciú go trédhearcach agus ar bhealach inchomparáide.

Leasú 18

Airteagail 12, 14, 17, 18, 25, 26, 27, 28, 29

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Airteagail 12, 14, 17, 18, 25, 26, 27, 28, 29

Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 12.

Síneadh 9 mí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 14.

Síneadh 9 mí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 17.

Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 18.

Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 25.

Síneadh 9 mí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 26.

Síneadh 9 mí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 27.

Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 28.

Síneadh 12 mhí a chur leis na spriocdhátaí éigeantacha in Airteagal 29.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

ag leagan béim ar an ngá atá le tomhaltóirí a chosaint ar phraghsanna arda agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú dóibh. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs geopholaitiúil an lae inniu;

2.

á chur in iúl, d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus cuspóirí an 8ú Plean Gníomhaíochta don Chomhshaol a bhaint amach, agus i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, agus saincheisteanna slándála fuinnimh á gcur san áireamh, gur cheart don Aontas deireadh a chur le breoslaí iontaise, an gás nádúrtha san áireamh, a luaithe is féidir agus geilleagar a bhaint amach atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá bunaithe go príomha ar fhuinneamh in-athnuaite. Is gá, dá bhrí sin, creat comhchoiteann a bhunú go tapa d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile leis an ngás nádúrtha;

3.

á chur in iúl go bhfuil cur i bhfearas an gheilleagair hidrigine ag brath ar thógáil agus athchóiriú pras an bhonneagair hidrigine. Teastaíonn creat dlíthiúil Eorpach iomchuí leis na tionscadail agus tionscnaimh ilghnéitheacha a chur chun feidhme i dtimpeallacht dhinimiciúil, má táthar chun an chobhsaíocht is gá a áirithiú i dtaca le hinfheistíochtaí a phleanáil;

4.

á chur i bhfáth nár cheart go ndéanfadh dul i bhfód méadaitheach na ngás dícharbónaithe difear do cháilíocht gháis na gcustaiméirí deiridh;

5.

ag tarraingt aird ar an ngá atá le hanailís a dhéanamh ar na costais a bhaineann le bonneagar a fhorbairt d’fhonn aistriú fuinnimh atá intuartha ó thaobh an gheilleagair de a áirithiú. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh staidéar ar chostais, má táthar chun bonneagar a fhorbairt le haghaidh gás dícharbónaithe, mar aon le staidéir ar thionchar an aistrithe sin ar na réigiúin is forimeallaí, i bhfianaise na saintréithe sonracha a bhaineann leo, ar saintréithe iad atá cumhdaithe mar is iomchuí in Airteagal 349 CFAE;

6.

á iarraidh nach gcruthófar sócmhainní tréigthe. Thar aon rud eile, ba cheart sócmhainní gáis nuathógtha a dhearadh lena áirithiú go mbeidh siad in ann comhloscadh a dhéanamh nó oibriú le tiúchan ard gás dícharbónaithe amach anseo;

7.

ag moladh go dtabharfaí isteach boscaí gainimh rialála chun a áirithiú go bhforbrófar margadh comhtháite le haghaidh gáis dhícharbónaithe in éagmais reachtaíocht earnáil-shonrach leordhóthanach ar an leibhéal náisiúnta;

8.

ag tarraingt aird ar an bhféidearthacht go dtabharfaí isteach ráthaíochtaí tionscnaimh le haghaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite, rud a áiritheoidh gur trédhearcach an trádáil arna déanamh ar an margadh;

9.

ag moladh treochlár a chruthú chun gáis dhícharbónaithe a allmhairiú isteach san Aontas chun an tslándáil fuinnimh a chaomhnú agus chun freastal ar an éileamh a bheidh ann amach anseo;

10.

ag iarraidh go leathnófaí sainchúram ENTSO-G chun forbairt margaidh gáis ísealcharbóin agus gáis in-athnuaite a chuimsiú seachas eagraíocht ENNOH ar leith a bhunú chun na críche sin;

11.

á chur in iúl go bhfuil locht á fháil aige ar na rialacha dochta maidir le húinéireacht ingearach agus chothrománach na ngréasán hidrigine a dhíchuach. Tagann siad salach ar an sprioc infheistíocht ghearrthéarma fhairsing a dhéanamh i ngréasán hidrigine arna thógáil agus arna oibriú go héifeachtúil ar bhonn na ngréasán gáis nádúrtha atá ann cheana féin; á iarraidh, dá bhrí sin, i gcás na hidrigine, go gcloífí leis na ceanglais maidir le díchuachadh arna mbunú le haghaidh leictreachais agus gáis, go háirithe ar leibhéal an ghréasáin dáileacháin; á chur in iúl go bhféadfaí na hoibreoirí córais tarchurtha gáis a dhéanamh freagrach as an ngréasán tarchurtha hidrigine a fhorbairt. D’fhéadfadh sé nach mbeadh sé tairbheach, ó thaobh luas an aistrithe fuinnimh de, a chuideachta féin a dhéanamh d’oibreoir an chórais tarchurtha hidrigine, ceann a bheadh neamhspleách ar oibritheoir an chórais tarchurtha gáis;

12.

ag iarraidh go bhforbrófaí bonn substráite le haghaidh an bhithgháis agus an bhithmheatáin. Beidh sé tábhachtach soláthar breosla orgánaigh a chinntiú d’fhonn lántairbhe a bhaint as acmhainneacht na réigiún ó thaobh na ngás sin de; ag iarraidh freisin go n-eisiafaí táirgeadh na mbarr nach mbainfí úsáid astu ach amháin le haghaidh saoráidí bithgháis mar aon le tógáil na saoráidí bithgháis a bheadh ag brath ar an dianfheirmeoireacht beostoic a bheith ann;

13.

ag iarraidh go ndéanfaí measúnú ar acmhainneacht fadtéarma an táirgthe bithgháis agus bithmheatáin ar an leibhéal réigiúnach, a mbeifear in ann acmhainneacht forbartha réigiúnaí an éiceachórais gáis dhícharbónaithe a shainaithint ar a bhonn sin;

14.

ag moladh modheolaíocht chomhchoiteann a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin, lena n-éascófar seoladh na n-iarrachtaí comhordaithe chun astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas;

15.

á chur in iúl nach bhfuil meatán le húsáid mar bhreosla aonad comhghiniúna ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus ar bhonn idirthréimhseach;

16.

ag moladh an costas a bhaineann leis na hiarrachtaí astaíochtaí meatáin a laghdú san Aontas a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún Eorpach na costais is gá a chuirfear ar na Ballstáit a chur san áireamh agus cistí cabhrach a phleanáil a rachadh chun tairbhe go díreach do na custaiméirí deiridh, go háirithe i réigiúin lagfhorbartha agus i réigiúin a bhfuil éileamh mór ar theas iontu;

17.

ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas iomlán i reachtaíocht an Aontais, agus tacaíocht ina taobh, d’úsáid an bhithgháis san iompar freisin, d’fhonn astaíochtaí a laghdú ó thaobh saolré de. I dTacsanomaíocht Eorpach na hInbhuanaitheachta, i láthair na huaire, aithnítear táirgeadh an bhithgháis mar ghníomhaíocht inbhuanaithe, ach ní aithnítear úsáid an gháis chéanna san iompar;

18.

á chur in iúl go bhfuil éagsúlacht ann ó thaobh chumhachtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar fud an Aontais Eorpaigh agus gur cheart an chinnteoireacht a dhéanamh ar an leibhéal rialtais is fearr a bheadh éifeachtacht léi; den bharúil go gcomhlíontar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta leis na tograí reachtacha.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/94


Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna)

(2022/C 498/14)

Rapóirtéir:

Thomas Gottfried SCHMIDT (DE/PPE),

An tAire Forbartha Réigiúnaí, An tSacsain

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna)

COM(2022) 46 final

Iarscríbhinní a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna)

COM(2022) 46 final – Iarscríbhinní 1 – 3

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna

COM(2022) 47 final

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Ionstraim um Shliseanna don Eoraip

COM(2022) 45 final

Moladh ón gCoimisiún maidir le bosca coiteann uirlisí de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais leathsheoltóirí agus maidir le sásra de chuid an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar éiceachóras na leathsheoltóirí

COM(2022) 782 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna)

COM(2022) 46 final

Leasú 1

Aithris 1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(1)

Is cuid lárnach de gach feiste digiteach iad na leathsheoltóirí: an fón cliste agus an gluaisteán, an feidhmchlár agus an bonneagar criticiúil i réimse na sláinte, an fuinnimh, an chumarsáid, agus an t-uathoibriú i leith fhormhór na n-earnálacha tionsclaíochta eile. Tá tábhacht as cuimse leis na leathsheoltóirí i bhfeidhmiú an gheilleagair agus i bhfeidhmiú na sochaí nua-aimseartha, ach bhí cliseadh dífhasaigh i soláthar leathsheoltóirí an Aontais le déanaí. An easpa leathsheoltóirí atá ann faoi láthair, is maith an teist é ar na laigí buana tromchúiseacha struchtúir atá sa slabhra soláthair agus luacha leathsheoltóirí atá ag an Aontas. Ó bhí an cliseadh sin ann, is léir a shobhriste atá an slabhra, agus is léir go bhfuil an tAontas faoi spleáchas mór ar mhonarú agus ar dhearadh na sliseanna sna tríú tíortha.

(1)

Is cuid lárnach de gach feiste digiteach iad na leathsheoltóirí: an fón cliste , an rothar leictreach , an gluaisteán, agus an bonneagar criticiúil i réimse na sláinte, an fuinnimh, an chumarsáid, agus an t-uathoibriú i leith fhormhór na n-earnálacha tionsclaíochta eile. Is rud riachtanach iad na leathsheoltóirí le haghaidh fheidhmiú an gheilleagair nua-aimseartha, le haghaidh sprioc an aistrithe ghlais agus le haghaidh na sochaí, ach mar sin féin tharla cliseadh dífhasaigh ar sholáthar na leathsheoltóirí sin san Aontas ar na mallaibh. An easpa leathsheoltóirí atá ann faoi láthair, is maith an teist é ar na laigí buana tromchúiseacha struchtúir atá sa slabhra soláthair agus luacha leathsheoltóirí atá ag an Aontas. Ó bhí an cliseadh sin ann, is léir a shobhriste atá an slabhra, agus is léir go bhfuil an tAontas faoi spleáchas mór ar mhonarú agus ar dhearadh na sliseanna sna tríú tíortha.

Cúis

Tá sliseanna ag teastáil sna tionscail agus sna teicneolaíochtaí is tábhachtaí i scéal an aistrithe ghlais. Mar shampla, tá idir sliseanna agus inbhéartóirí fótavoltacha i mótair na rothar leictreach nua-aimseartha, tá an dá rud sa trealamh stiúrtha atá ag na rothair chéanna, sin agus sna scáileáin eolais atá acu. Ní bheidh aon aistriú glas ann d’uireasa na sliseanna.

Leasú 2

Aithris 3

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(2)

Tá dhá chuspóir leis an gcreat sin. Is é an chéad chuspóir na dálaí a áirithiú is gá le haghaidh iomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta an Aontais agus oiriúnú an tionscail d’athruithe struchtúracha i ngeall ar thimthriallta nuálaíochta tapa agus an gá le hinbhuanaitheacht a áirithiú. Is é an dara cuspóir, ar leithligh ón gcéad cheann agus go comhlántach leis, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach de chuid an Aontais a leagan síos chun athléimneacht agus slándáil soláthair an Aontais a mhéadú i réimse na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra.

(3)

Tá dhá chuspóir leis an gcreat sin. Is é an chéad chuspóir na dálaí a áirithiú is gá le haghaidh iomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta an Aontais agus oiriúnú an tionscail d’athruithe struchtúracha in earnálacha éagsúla agus sna heiceachórais réigiúnacha lena mbaineann agus na critéir inbhuanaitheachta (SDGanna) á gcur san áireamh i ngeall ar thimthriallta nuálaíochta tapa agus an gá le hinbhuanaitheacht a áirithiú. Is é an dara cuspóir, ar leithligh ón gcéad cheann agus go comhlántach leis, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach de chuid an Aontais a leagan síos chun athléimneacht agus slándáil soláthair an Aontais a mhéadú i réimse na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra.

Cúis

Is gné thábhachtach é comhlíonadh na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus ba cheart é a chur san áireamh.

Leasú 3

Aithris 13

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(13)

Chun na teorainneacha leis na hiarrachtaí ilroinnte infheistíochta poiblí agus príobháidí atá ann faoi láthair a shárú, chun comhtháthú, crostoirchiú agus toradh ar infheistíocht sna cláir leanúnacha a éascú agus chun fís straitéiseach chomhchoiteann de chuid an Aontais maidir le leathsheoltóirí a shaothrú mar bhealach chun uaillmhian an Aontais agus a Bhallstát ról ceannasach a áirithiú sa gheilleagar digiteach a bhaint amach, ba cheart don Tionscnamh Sliseanna don Eoraip comhordú níos fearr agus sineirgí níos dlúithe idir na cláir chistiúcháin atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, comhordú agus comhoibriú níos fearr le geallsealbhóirí tionsclaíochta agus le príomh-gheallsealbhóirí de chuid na hearnála príobháidí agus infheistíochtaí breise le Ballstáit a éascú. Cruthaíodh leagan amach cur chun feidhme an Tionscnaimh chun acmhainní a chomhthiomsú ón Aontas, ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha a bhfuil baint acu leis na Cláir de chuid an Aontais atá ann cheana, mar aon leis an earnáil phríobháideach. Dá bhrí sin, ní fhéadfar forbairt ar rath an Tionscnaimh ach le hiarracht chomhchoiteann ó na Ballstáit, i dteannta an Aontais, chun tacú leis na costais shuntasacha chaipitil agus le hinfhaighteacht fhorleathan an dearaidh fhíorúil araon, le hacmhainní a thástáil agus a phíolótú agus le heolas, scileanna agus inniúlachtaí a scaipeadh. I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise shainiúlachtaí na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, ba cheart tacú freisin le cuspóirí an Tionscnaimh, go sonrach le gníomhaíochtaí “an Chiste um Shliseanna”, trí shaoráid mheasctha faoin gCiste InvestEU.

(13)

Chun na teorainneacha leis na hiarrachtaí ilroinnte infheistíochta poiblí agus príobháidí atá ann faoi láthair a shárú, chun comhtháthú, crostoirchiú agus toradh ar infheistíocht sna cláir leanúnacha a éascú agus chun fís straitéiseach chomhchoiteann de chuid an Aontais maidir le leathsheoltóirí a shaothrú mar bhealach chun uaillmhian an Aontais agus a Bhallstát ról ceannasach a áirithiú sa gheilleagar digiteach a bhaint amach, ba cheart don Tionscnamh Sliseanna don Eoraip comhordú níos fearr ar gach leibhéal rialtais agus idir na leibhéil sin agus sineirgí níos dlúithe idir na cláir chistiúcháin atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta (lena n-áirítear na cláir AE faoi bhainistíocht lárnach agus na cláir AE faoi bhainistíocht chomhroinnte) , comhordú agus comhoibriú níos fearr le geallsealbhóirí tionsclaíochta agus le príomh-gheallsealbhóirí de chuid na hearnála príobháidí agus comh-infheistíochtaí breise le Ballstáit a éascú. Cruthaíodh leagan amach cur chun feidhme an Tionscnaimh chun acmhainní a chomhthiomsú ón Aontas, ó na Ballstáit, ó na réigiúin agus ó thríú tíortha a bhfuil baint acu leis na Cláir de chuid an Aontais atá ann cheana, mar aon leis an earnáil phríobháideach. Dá bhrí sin, ní fhéadfar forbairt ar rath an Tionscnaimh ach le hiarracht chomhchoiteann ó na Ballstáit, i dteannta an Aontais, chun tacú leis na costais shuntasacha chaipitil agus le hinfhaighteacht fhorleathan an dearaidh fhíorúil araon, le hacmhainní a thástáil agus a phíolótú agus le heolas, scileanna agus inniúlachtaí a scaipeadh. I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise shainiúlachtaí na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, ba cheart tacú freisin le cuspóirí an Tionscnaimh, go sonrach le gníomhaíochtaí “an Chiste um Shliseanna”, trí shaoráid mheasctha faoin gCiste InvestEU.

Cúis

An ghné réigiúnach a chur san áireamh.

Leasú 4

Aithris 15

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(15)

Ba cheart don Tionscnamh cur leis an mbonn láidir eolais agus feabhas a chur ar shineirgí le gníomhaíochtaí a dtacaíonn an tAontas agus na Ballstáit leo faoi láthair trí chláir agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíocht i leathsheoltóirí agus i bhforbairt cuid den slabhra soláthair, go háirithe Fís Eorpach agus an clár don Eoraip Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) arb é is aidhm dó faoin mbliain 2030 an tAontas a threisiú mar ghníomhaí domhanda i dteicneolaíocht leathsheoltóra agus a feidhmchláir, a bhfuil an sciar domhanda aige atá sa mhonaraíocht ag dul i méid. Agus na gníomhaíochtaí sin á gcomhlánú aige, d’oibreodh an Tionscnamh i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra.

(15)

Ba cheart don Tionscnamh cur leis an mbonn láidir eolais agus feabhas a chur ar shineirgí le gníomhaíochtaí a dtacaíonn an tAontas, na Ballstáit agus na réigiúin leo faoi láthair trí chláir agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíocht i leathsheoltóirí agus i bhforbairt cuid den slabhra soláthair, go háirithe Fís Eorpach agus an clár don Eoraip Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) arb é is aidhm dó faoin mbliain 2030 an tAontas a threisiú mar ghníomhaí domhanda i dteicneolaíocht leathsheoltóra agus a feidhmchláir, a bhfuil an sciar domhanda atá aige sa mhonaraíocht ag dul i méid. Agus na gníomhaíochtaí sin á gcomhlánú ag an Tionscnamh, d’oibreodh sé i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóirí, chomh maith le straitéisí na speisialtóireachta cliste ar an leibhéal réigiúnach .

Cúis

An ghné réigiúnach a chur san áireamh.

Leasú 5

Aithris 19

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(19)

Ba cheart do Shaoráidí Táirgeachta Comhtháite agus do Theilgcheártaí Oscailte AE cumais mhonaraíochta leathsheoltóirí den chineál is úrnua a chur ar fáil san Aontas, monaraíocht a chuireann le slándáil an tsoláthair agus le héiceachóras athléimneach sa mhargadh inmheánach. D’fhéadfadh gur nód teicneolaíochta a bheadh san fhachtóir cáilitheach le saoráid úrnua a tháirgeadh, sin nó an t-ábhar foshraithe, cairbíd sileacain agus nítríd ghailliam, cuir i gcás, agus nuálaíocht le táirgí eile a d’fhéadfadh feidhmíocht níos fearr, teicneolaíocht na bpróiseas nó feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil a thairiscint. Saoráid a bhfuil cumas inchomparáide aici ar scála tionsclaíoch, is saoráid í den chineál nár cheart a bheith ann go substaintiúil fós laistigh den Aontas, ná gealltanas a tógála a bheith ann, cé is moite de shaoráidí taighde agus forbartha, sin nó saoráidí le haghaidh láithreáin táirgthe ar mhionscála.

(19)

Ba cheart do Shaoráidí Táirgeachta Comhtháite agus do Theilgcheártaí Oscailte AE cumais mhonaraíochta leathsheoltóirí den chineál is úrnua a chur ar fáil san Aontas, monaraíocht a chuireann le slándáil an tsoláthair agus le héiceachóras athléimneach sa mhargadh inmheánach. D’fhéadfadh gur nód teicneolaíochta a bheadh san fhachtóir cáilitheach le saoráid úrnua a tháirgeadh, sin nó an t-ábhar foshraithe, cairbíd sileacain agus nítríd ghailliam, agus fóisfíd indiam cuir i gcás, nó silicean nítríde agus nuálaíocht le táirgí agus le hábhair gaolmhara eile, mar aon le nuálaíochtaí ábhartha a d’fhéadfadh feidhmíocht níos fearr, teicneolaíocht na bpróiseas nó feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil a thairiscint. Saoráid a bhfuil cumas inchomparáide aici ar scála tionsclaíoch, is saoráid í den chineál nár cheart a bheith ann go substaintiúil fós laistigh den Aontas, ná gealltanas a tógála a bheith ann, cé is moite de shaoráidí taighde agus forbartha, sin nó saoráidí le haghaidh láithreáin táirgthe ar mhionscála.

Cúis

Is é an silicean nítríde (SiN) an t-ardán idéalach le haghaidh iarratas ar chiorcaid chomhtháite fótónaice (PIC) a bhfuil raon speictreach ollmhór agus tonnchaillteanas ultraíseal acu. Fágann sé sin go bhfuil siad an-oiriúnach do bhrathadóirí, do speictriméadair, do bhithbhraiteoirí agus do ríomhairí candamacha. Ar chúiseanna comhsheasmhachta, is fearr foisfíd indiam a chur san áireamh freisin.

Leasú 6

Airteagal 2 (1), pointe (10)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(10)

ciallaíonn “saoráid úrnua” saoráid thionsclaíoch arb acmhainn di leathsheoltóirí a mhonarú, lena n-áirítear ceann tosaigh nó ceann cúil, nó an dá rud, leathsheoltóirí nach bhfuil ar fáil cheana go substaintiúil nó nach bhfuil gealltanas a dtógtha laistigh den Aontas cheana, mar shampla maidir leis an nód teicneolaíochta, ábhar foshraithe, amhail cairbíd sileacain agus nítríd ghailliam, agus nuálaíocht le táirgí eile ar féidir leo feidhmíocht níos fearr, nuálaíocht na bpróiseas nó feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil a chur ar fáil;

(10)

ciallaíonn “saoráid úrnua” saoráid thionsclaíoch arb acmhainn di leathsheoltóirí a mhonarú, lena n-áirítear ceann tosaigh nó ceann cúil, nó an dá rud, leathsheoltóirí nach bhfuil ar fáil cheana go substaintiúil nó nach bhfuil gealltanas a dtógtha laistigh den Aontas cheana, mar shampla maidir leis an nód teicneolaíochta, ábhar foshraithe, mar chairbíd sileacain agus nítríd ghailliam, fóisfíd indian, silicean nítríde, mar aon le táirgí gaolmhara eile agus le nuálaíochtaí ábhartha ar féidir leo feidhmíocht níos fearr, nuálaíocht na bpróiseas nó feidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil a chur ar fáil;

Cúis

Is é an silicean nítríde (SiN) an t-ardán idéalach le haghaidh iarratas ar chiorcaid chomhtháite fótónaice (PIC) a bhfuil raon speictreach ollmhór agus tonnchaillteanas ultraíseal acu. Fágann sé sin go bhfuil siad an-oiriúnach do bhrathadóirí, do speictriméadair, do bhithbhraiteoirí agus do ríomhairí candamacha. Ar chúiseanna comhsheasmhachta, is fearr foisfíd indiam a chur san áireamh freisin.

Leasú 7

Airteagal 3(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Bunaítear an Tionscnamh ar feadh thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.

1.    Ar an gcéad chéim, bunaítear an Tionscnamh ar feadh thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027. Is gá fad a chur le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2028-2034.

Cúis

Ní leor an tréimhse go deireadh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil reatha in 2027 chun na cuspóirí atá leagtha síos san Ionstraim um Shliseanna a bhaint amach. Ba cheart síneadh ar an gCreat a leagan síos san Airteagal seo.

Leasú 8

Airteagal 4 (2)(b) 1

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(1)

cumais teicneolaíochta a neartú i dteicneolaíochtaí táirgthe sliseanna den chéad ghlúin eile, trí ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chomhtháthú agus forbairt nóid teicneolaíochta sa todhchaí a ullmhú, lena n-áirítear nóid cheannródaíocha faoi bhun dhá nanaiméadar, silicean lán-ídithe ar inslitheoir (FD-SOI) ag 10 nanaiméadar agus faoina bhun sin, agus comhtháthú córas ilchineálach 3D agus pacáistiú chun cinn;

(1)

cumais teicneolaíochta a neartú i dteicneolaíochtaí táirgthe sliseanna den chéad ghlúin eile, trí ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chomhtháthú agus forbairt nóid teicneolaíochta sa todhchaí a ullmhú, lena n-áirítear nóid cheannródaíocha faoi bhun dhá nanaiméadar, silicean lán-ídithe ar inslitheoir (FD-SOI) ag 10 nanaiméadar agus faoina bhun sin, agus comhtháthú córas ilchineálach 3D agus pacáistiú chun cinn; áireofar leis sin táirgeadh na sliseanna is mó ná 10 nanaiméadar ar mhéid, sliseanna a bhfuil éileamh orthu i measc úsáideoirí na dtionscal AE;

Cúis

An fócas atá ag an gCoimisiúin ar shliseanna ar lú ná 10 nanaiméadar an mhéid atá iontu, is fócas é atá róchúng, agus ní chomhlíonann sé riachtanais thionscal úsáideoirí an Aontais.

Leasú 9

Airteagal 8(2)(d)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(d)

aistriú saineolais agus feasa gnó idir na Ballstáit agus idir réigiúin a éascú agus malartú scileanna, eolais, agus dea-chleachtas a spreagadh, mar aon le cláir chomhpháirteacha;

(d)

aistriú saineolais agus feasa gnó idir na Ballstáit agus idir réigiúin a éascú agus malartú scileanna, eolais, agus dea-chleachtas a spreagadh, mar aon le cláir chomhpháirteacha , agus chun an comhar i measc na n-ollscoileanna a fheabhsú, sin agus idir na hollscoileanna, gnólachtaí, agus institiúidí oideachais agus taighde, mar shampla trí chóras malartaithe ar fud an Aontais do thaighdeoirí agus d’ionaid saotharlainne chun foireann teagaisc agus foireann ghairmiúil a oiliúint agus a choinneáil;

Cúis

Líonra Eorpach na Lárionad Inniúlachta maidir le Leathsheoltóirí, ba cheart go gcumhdódh sé saincheisteanna oiliúna agus teagaisc freisin.

Leasú 10

Airteagal 8(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

3.   Ainmneoidh na Ballstáit lárionaid inniúlachta is iarrthóirí i gcomhréir lena nósanna imeachta agus lena struchtúir riaracháin agus institiúideacha náisiúnta trí phróiseas oscailte iomaíoch. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an nós imeachta a leagan síos chun lárionaid inniúlachta a bhunú, lena n-áirítear na critéir roghnúcháin, chomh maith le cúraimí agus feidhmeanna breise de chuid na lárionad i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoin Tionscnamh, an nós imeachta chun an líonra a bhunú, chomh maith le cinntí a ghlacadh maidir le roghnú na n-eintiteas a bheidh sa líonra. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

3.   Ainmneoidh na Ballstáit lárionaid inniúlachta is iarrthóirí i gcomhréir lena nósanna imeachta agus lena struchtúir riaracháin agus institiúideacha náisiúnta trí phróiseas oscailte iomaíoch faoi chuimsiú na n-údarás réigiúnach agus áitiúil. Is é aidhm atá ann sineirgí a bhaint amach leis na Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus tacú le cruthú na lárionad inniúlachta i réigiúin an Aontais. Ba cheart iad sin a chomhtháthú ina n-éiceachóras tionsclaíoch réigiúnach, rochtain a chur ar fáil do na gníomhaithe ábhartha uile ar fud an Aontais, agus comhar idir - réigiúnach feabhsaithe a thabhairt i gceist. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an nós imeachta a leagan síos chun lárionaid inniúlachta a bhunú, lena n-áirítear na critéir roghnúcháin, chomh maith le cúraimí agus feidhmeanna breise de chuid na lárionad i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoin Tionscnamh, an nós imeachta chun an líonra a bhunú, chomh maith le cinntí a ghlacadh maidir le roghnú na n-eintiteas a bheidh sa líonra. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Cúis

Ba cheart rochtain a bheith ag gach FBM agus gnólacht nuathionscanta ar na lárionaid sin. Is féidir é sin a éascú ar an leibhéal réigiúnach, óir tacaíonn an leibhéal sin le héiceachórais thionsclaíocha réigiúnacha.

Leasú 11

Airteagal 9(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Na comhpháirteanna a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 5 faoin Tionscnamh, féadfar iad a chur mar chúram ar an gComhghnóthas um Shliseanna dá dtagraítear i Rialachán XX/XX ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle, agus féadfar iad a chur chun feidhme i gclár oibre an Chomhghnóthais um Shliseanna.

1.   Na comhpháirteanna a liostaítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 5 faoin Tionscnamh, féadfar iad a chur mar chúram ar an gComhghnóthas um Shliseanna dá dtagraítear i Rialachán XX/XX ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle, agus féadfar iad a chur chun feidhme i gclár oibre an Chomhghnóthais um Shliseanna. Cuirfear de cheangal ar na Ballstáit na réigiúin ábhartha leathsheoltóirí a áireamh sa Chomhghnóthas um Shliseanna.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 12

Abairt bhreise a chur le hAirteagal 10(2) —

pointe nua (e)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

e)

tacaíonn sí le slabhraí soláthair tionsclaíocha san Aontas.

Cúis

Ba cheart do shaoráidí táirgeachta comhtháite cuidiú le neartú na dtionscal san Aontas, agus dá réir sin ba cheart na riachtanais le leathsheoltóirí atá ag na tionscail a chur san áireamh.

Leasú 13

Abairt bhreise a chur le hAirteagal 11(2) —

pointe nua (e)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

e)

tacaíonn sí le slabhraí soláthair tionsclaíocha san Aontas.

Cúis

Ba cheart go gcuideodh teilgcheártaí oscailte le neartú na dtionscal san Aontas freisin, agus dá réir sin ba cheart na riachtanais le leathsheoltóirí atá ag na tionscail a chur san áireamh.

Leasú 14

Abairt bhreise a chur le hAirteagal 12(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(1)   Féadfaidh aon ghnóthas nó cuibhreannas gnóthas (“iarratasóir”) iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas mar Shaoráid Táirgeachta Chomhtháite nó mar Theilgcheárta Oscailte AE a bhaint amach le haghaidh na saoráide atá beartaithe ag an iarratasóir.

(1)   Féadfaidh aon ghnóthas nó cuibhreannas gnóthas (“iarratasóir”) iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun aitheantas mar Shaoráid Táirgeachta Chomhtháite nó mar Theilgcheárta Oscailte AE a bhaint amach le haghaidh na saoráide atá beartaithe ag an iarratasóir. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le cuideachtaí atá riachtanach le haghaidh monarú leathsheoltóirí nó i gcás cuideachtaí a tháirgeann réamhtháirgí núíosacha nó saoráidí monaraíochta ceannródaíocha. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na critéir a leagtar amach in Airteagal 11 agus in Airteagal 12.

Cúis

Chun cuspóirí na hIonstraime um Shliseanna a bhaint amach, ba cheart táirgeadh réamhtháirgí a bheith i measc na dtáirgí a meastar iad a bheith incháilithe freisin, sliseoga nó saoráidí monaraíochta atá san Aontas, mar shampla. Ba cheart na critéir a chur i bhfeidhm dá réir sin.

Leasú 15

Airteagal 15(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Iarrfaidh na Ballstáit ar na príomhúsáideoirí leathsheoltóirí agus ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile faisnéis a sholáthar maidir le luaineachtaí móra éilimh agus bristeacha aitheanta ina slabhraí soláthair. Chun an malartú faisnéise a éascú, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le sásra agus córas riaracháin le haghaidh na nuashonruithe sin.

2.   Iarrfaidh na Ballstáit ar na príomhúsáideoirí leathsheoltóirí agus ar pháirtithe leasmhara ábhartha eile lena n-áirítear iad siúd ó thíortha atá ar aon mheon leo faisnéis a sholáthar maidir le luaineachtaí móra san éileamh agus bristeacha a aitheanta ina slabhraí soláthair. Chun an malartú faisnéise a éascú, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le sásra agus córas riaracháin le haghaidh na nuashonruithe sin.

Cúis

Measúnú a dhéanamh ar an staid agus gan ach sonraí na hEorpa agus na Stát Aontaithe san áireamh, sin rud neamhiomlán agus, dá bhrí sin, rud neamhchonclúideach. Dá bhrí sin, ba cheart cuideachtaí ó thíortha comhpháirtíochta san Áise atá ar aon intinn leo a chur san áireamh.

Leasú 16

Airteagal 19(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.    Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, féadfaidh sé na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 21 agus 22 a theorannú d’earnálacha criticiúla áirithe a bhfuil suaitheadh á bhaint as a gcuid oibre, sin nó a bhfuil baol ann go mbainfí suaitheadh aisti, mar gheall ar ghéarchéim na leathsheoltóirí.

2.    Ar bhun thorthaí chomhairliúchán an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí, beidh de cheangal ar an gCoimisiún na bearta dá bhforáiltear in Airteagail 21 agus 22 a theorannú do na hearnálacha criticiúla a bhfuil suaitheadh á bhaint as a gcuid oibre, nó a bhfuil baol ann go mbainfí suaitheadh aisti, mar gheall ar ghéarchéim na leathsheoltóirí.

Cúis

Na bearta idirghabhála a dhéanfaidh an Coimisiún, ba cheart feidhm chomh teoranta agus is féidir a bheith leo i gcónaí.

Leasú 17

Airteagal 19(4)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.   Beidh úsáid na mbeart dá dtagraítear i mír 1 comhréireach agus teoranta dá bhfuil gá leis chun aghaidh a thabhairt ar bhristeacha tromchúiseacha feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas, agus is gá úsáid na mbeart a bheith chun leas an Aontais. Le húsáid na mbeart, seachnófar FBManna a chur faoi ualach riaracháin díréireach.

4.   Beidh úsáid na mbeart dá dtagraítear i mír 1 comhréireach agus teoranta dá bhfuil gá leis chun aghaidh a thabhairt ar bhristeacha tromchúiseacha feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas, agus is gá úsáid na mbeart a bheith chun leas an Aontais. Le húsáid na mbeart, seachnófar FBManna a chur faoi ualach riaracháin díréireach. Ní fhéadfar na bearta sin a chur i bhfeidhm ach go roghnaitheach agus iad a bheith ar an rogha dheiridh.

Cúis

Is mór an baol atá ann mar gheall ar an mbosca uirlisí éigeandála go gcuirfear bac ar an infheistíocht agus ar chruthú gnólachtaí nua. Ní mór don Choimisiún Eorpach a dhearbhú go soiléir gur ar an rogha dheiridh a bheartófar na bearta sin agus go seachnófar iad oiread agus is féidir.

Leasú 18

Airteagal 21(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   I gcás inar gá agus i gcás inar comhréireach chun oibriú gach earnála criticiúla nó earnálacha criticiúla áirithe a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún iallach a chur ar Shaoráidí Táirgeachta Comhtháite agus ar Theilgcheártaí Oscailte AE glacadh le hordú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus tús áite a thabhairt don ordú sin (“ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag gabháil leis”). Beidh tús áite ag an oibleagáid ar aon oibleagáid feidhmíochta faoin dlí príobháideach nó faoin dlí poiblí.

1.   I gcás inar gá agus i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil chun oibriú gach earnála criticiúla nó earnálacha criticiúla áirithe a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún iallach a chur ar Shaoráidí Táirgeachta Comhtháite agus ar Theilgcheártaí Oscailte AE glacadh le hordú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus tús áite a thabhairt don ordú sin (“ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis”).

Cúis

Bheadh sé beagnach dodhéanta táirgeadh na leathsheoltóirí a athchóiriú sa ghearrthéarma. Dá bhrí sin, is é critéar tagartha ba cheart a bheith ann indéantacht an chur chun feidhme. Ba cheart Airteagal 21 (Orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo) a dhréachtú ar bhealach nach gcuirfeadh eagla ar infheisteoirí ar mhian leo infheistíocht a dhéanamh san Aontas. Chomh maith leis sin, tá amhras ann faoi cé chomh mór a d’fhéadfaí a leithéid sin a chur i bhfeidhm faoin dlí.

Leasú 19

Leasú ar Airteagal 24(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Is iad ionadaithe ó na Ballstáit a bheidh ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí agus beidh ionadaí ón gCoimisiún ina chathaoirleach air.

1.   Is ionadaithe ó na Ballstáit a bheidh ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, daoine a mbeidh an inniúlacht ghairmiúil chuí acu , agus is é a bheidh ina chathaoirleach air ionadaí ón gCoimisiún.

Cúis

Ba cheart an Bord um Leathsheoltóirí a bheith ina chomhlacht speisialaithe seachas ina chomhlacht lánpholaitiúil.

Leasú 20

Airteagal 24(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Gach pointe teagmhála aonair náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 26(3), déanfaidh sé ionadaí ardleibhéil ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí a cheapadh. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus an saineolas, féadfaidh Ballstát níos mó ná ionadaí amháin a bheith aige i ndáil le cúraimí éagsúla de chuid an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí.

2.   Gach pointe teagmhála aonair náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 26(3), ceapfaidh sé ionadaí amháin ina speisialtóir ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus an saineolas, féadfaidh Ballstát níos mó ná ionadaí amháin a bheith aige i ndáil le cúraimí éagsúla de chuid an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí. Cuirfear d’oibleagáid ar na Ballstáit réigiúin a thabhairt san áireamh a bhfuil éiceachórais leathsheoltóirí acu. Ceapfaidh Coiste Eorpach na Réigiún ionadaí amháin ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí.

Cúis

I bhfianaise an róil atá ag na réigiúin ag tacú le héiceachórais thionsclaíocha réigiúnacha, lena n-áirítear FBManna, chomh maith le heolaíocht agus le taighde, ba cheart baint a bheith ag réigiúin ina bhfuil éiceachórais leathsheoltóirí ábhartha (e.g. comhaltaí de Silicon Europe) agus ag Coiste Eorpach na Réigiún le hobair an Bhoird chomh maith.

Leasú 21

Airteagal 26(6)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhairle le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, agus le páirtithe leasmhara ábhartha agus go gcomhoibreoidh siad leo, i gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Éascóidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis inniúla náisiúnta.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhairle le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ábhartha eile, agus le páirtithe leasmhara ábhartha agus go gcomhoibreoidh siad leo, i gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta. Éascóidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis inniúla náisiúnta.

Cúis

Na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla a thabhairt san áireamh.

Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna

COM(2022) 47 final

Leasú 22

Aithris 7

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(7)

Ba cheart na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna a chumhdach in aon chlár oibre amháin, ar cheart don Bhord Rialaithe é a ghlacadh. Sula n-ullmhófar gach clár oibre, ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí, agus aird á tabhairt aige ar chomhairle an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí agus ar ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra (1), an chuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a shainiú, lena n-áirítear a meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas. Chun na críche sin, níor cheart a áireamh i mBord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit. Ina dhiaidh sin, ar bhonn an tsainithe sin, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an clár oibre a ullmhú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus a meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas.

(7)

Ba cheart na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna a chumhdach in aon chlár oibre amháin, ar cheart don Bhord Rialaithe é a ghlacadh. Sula n-ullmhófar gach clár oibre, ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí, agus aird á tabhairt aige ar chomhairle Bhord na gComhaltaí Príobháideacha agus an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí agus ar ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra (1), an chuid den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a shainiú, lena n-áirítear a meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas. Chun na críche sin, níor cheart a áireamh i mBord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit. Ina dhiaidh sin, ar bhonn an tsainithe sin agus ar bhonn an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus Nuálaíocht , ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an clár oibre a ullmhú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus a gcuid meastachán comhfhreagracha ar chaiteachas. Ba cheart an buiséad le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta sa Chomhghnóthas um Shliseanna a bheith comhionann ar a laghad leis an mbuiséad atá beartaithe don Chomhghnóthas um Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha. Ba cheart an raon feidhme agus na modhanna oibre céanna a ghabháil ar láimh freisin.

Cúis

Níor cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí an clár oibre um thaighde agus nuálaíocht a shainiú roimh ré, mar is amhlaidh a chuirfeadh sin teorainn le cumhachtaí cinnteoireachta an Bhoird Rialaithe. Ba cheart do na gníomhaíochtaí taighde, na modhanna oibre agus an buiséad atá ag an gComhghnóthas um Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a bheith ag an gComhghnóthas um Shliseanna freisin.

Leasú 23

Airteagal 1, pointe 7(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 pointe (b):

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 pointe (b):

 

“(b)

Barr feabhais eolaíochta agus ceannaireacht nuálaíochta de chuid an Aontais a bhunú i dteicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le LUTanna níos ísle; agus páirtíocht ghníomhach FBManna a chur chun cinn, arb ionann iad agus aon trian ar a laghad den líon iomlán rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha agus ar cheart do 20 % ar a laghad den chistiú poiblí atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bheith ag dul chucu ”;

 

“(b)

Barr feabhais eolaíochta agus ceannaireacht nuálaíochta de chuid an Aontais a bhunú i dteicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear é sin a dhéanamh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le LUTanna níos ísle; agus páirtíocht ghníomhach FBManna a chur chun cinn, arb ionann iad, ó thaobh taighde agus gníomhaíochtaí nuálaíochta de, agus ar a laghad aon trian de líon iomlán na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha agus ar cheart do 20 % ar a laghad den chistiú poiblí a bheith ag dul chucu ”;

Cúis

Ní rud réalaíoch aon trian de na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí forbartha acmhainní a bheith ina FMBanna faoi mar a thuairiscítear i bpointí nua (g) go (j) d’Airteagal 126(1). Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an sciar FBM d’aon trian de líon na rannpháirtithe ach amháin maidir leis an gcuid atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta, faoi mar is amhlaidh don sciar 20 % den mhaoiniú poiblí.

Leasú 24

Airteagal 1, pointe 7(c)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

c)

I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

c)

I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

 

“(f)

comhleanúnachas a bhunú idir ionchuir Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht an Chomhghnóthais um Shliseanna ó gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra agus beartais an Aontais ionas go gcuirfidh comhpháirteanna leictreonacha agus teicneolaíochtaí córas go héifeachtúil leo.”

 

“(f)

comhleanúnachas a bhunú idir Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht an Chomhghnóthais um Shliseanna agus beartais an Aontais ionas go gcuirfidh comhpháirteanna leictreonacha agus teicneolaíochtaí córas go héifeachtúil leo.”

Cúis

An comhleanúnachas is gá a bheith ann idir gníomhaíochtaí tríú páirtithe, níl an Comhghnóthas um Shliseanna in acmhainn an comhleanúnachas sin a áirithiú.

Leasú 25

Airteagal 1, pointe 9

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(9)   In Airteagal 129 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

(9)   In Airteagal 129 cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   De mhaolú ar Airteagal 28(4), déanfaidh na comhaltaí príobháideacha ranníocaíocht airgeadais, nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe ranníocaíocht airgeadais EUR 26 331 000 ar a laghad le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna. Is é 35 % a bheidh i sciar na ranníocaíochta iomláine a dhéanfaidh na comhaltaí príobháideacha ar bhonn bliantúil le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna.”

“3.   De mhaolú ar Airteagal 28(4), déanfaidh na comhaltaí príobháideacha ranníocaíocht airgeadais, nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe ranníocaíocht airgeadais suas go EUR 26 331 000 le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna. Is é 35 % ar a mhéid a bheidh i sciar na ranníocaíochta iomláine a dhéanfaidh na comhaltaí príobháideacha ar bhonn bliantúil le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna.”

Cúis

D’fhéadfadh débhríocht tromchúiseach a bheith ann de thoradh na foclaíochta. Ní léir cén teorainn atá i réim: an íosteorainn EUR 26 331 000 ar a laghad, sin nó an uasteorainn 35 % ar a mhéad. Idir an dá linn, tá sé deimhnithe ag an gCoimisiún gur earráid chléireachais iad na focail “ar a laghad” sa togra ón gCoimisiún. Ceartaíodh an earráid sin i dtéacs comhréitigh Uachtaránacht na Comhairle ar an 25 Bealtaine.

Leasú 26

Airteagal 1, pointe 13

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(13)   Cuirtear an tAirteagal 134a isteach:

(13)   Cuirtear an tAirteagal 134a isteach:

“Airteagal 134a

Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 19, ullmhóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Shliseanna an clár oibre don chomhghnóthas, agus, tar éis dó an sainmhíniú ar Bhord na nÚdarás Poiblí dá dtagraítear in Airteagal 137(f) a chur san áireamh, mar aon leis na hionchuir ó gheallsealbhóirí ábhartha lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra , cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialaithe é lena ghlacadh, chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme.”

“Airteagal 134a

Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 19, ullmhóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Shliseanna an clár oibre don chomhghnóthas, agus, tar éis dó an sainmhíniú ar Bhord na nÚdarás Poiblí dá dtagraítear in Airteagal 137(f) a chur san áireamh, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialaithe é lena ghlacadh, chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme.”

Cúis

Is ionchuir iad sin atá san áireamh cheana féin sa sainmhíniú ar an gcuid den chlár oibre a dhéanann Bord na nÚdarás Poiblí, agus dá bhrí sin ní gá iad a chur san áireamh arís.

Leasú 27

Airteagal 1(15)(a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

a)

Cuirtear isteach na pointí (f) agus (g) seo a leanas:

a)

Cuirtear isteach na pointí (f) agus (g) seo a leanas:

 

“(f)

sula n-ullmhófar gach clár oibre, an chuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a shainiú, lena n-áirítear na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas, agus comhairle an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí agus ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha eile á gcur san áireamh, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra;

(g)

tograí a roghnú a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 12(1) agus Airteagal 17(2)(u);”

 

“(f)

sula n-ullmhófar gach clár oibre, an chuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a shainiú, lena n-áirítear na meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas, agus comhairle Bhord na gComhaltaí Príobháideacha , an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóra agus ionchur ó gheallsealbhóirí ábhartha eile á gcur san áireamh, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóirí;

(g)

tograí a roghnú a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta i gcomhréir le hAirteagal 12(1) agus Airteagal 17(2)(u);”

Cúis

Níor cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí an clár oibre um thaighde agus nuálaíocht a shainiú roimh ré, mar is amhlaidh a chuirfeadh sin teorainn le cumhachtaí cinnteoireachta an Bhoird Rialaithe. Mar sin féin, ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí aird a thabhairt ar chomhairle Bhord na gComhaltaí Príobháideacha maidir le fothú acmhainní d’fhonn ábharthacht an bheartais thionsclaíoch a áirithiú.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

An tábhacht atá leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna

1.

ag áitiú gur mór is tábhachtach don Aontas ina iomláine, do na Ballstáit, sin agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go n-éireodh go maith leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna (ECA), mar ní féidir an táirgeacht thionsclaíoch a áirithiú sna réigiúin ar fad gan soláthar na leathsheoltóirí a bheith cinnte; dá bhrí sin, ag moladh go sainráite go mbeadh seasamh soiléir ag an Aontas laistigh den iomaíocht dhomhanda;

2.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún le haghaidh na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna ós céim ríthábhachtach é chun an tAontas maille lena chuid tionscal agus a chuid slándála a neartú. Is tábhachtach go dtabharfaí aghaidh san Ionstraim um Shliseanna ar shaincheisteanna a bhaineann le neamhspleáchas straitéiseach agus ceannaireacht theicneolaíoch an Aontais. Ní mór gan baint de sheasamh an Aontais i measc na ngníomhaithe domhanda i réimse na leathsheoltóirí. Dá bhrí sin, an sprioc uaillmhianach atá ann faoi láthair leis an sciar de mhargadh na leathsheoltóirí atá ag an Aontas a mhéadú ó 10 % go 20 % faoi 2030, is sprioc í atá ceart;

3.

ag aontú leis na cuspóirí maidir le spleáchas mór straitéiseach i dtáirgeadh na leathsheoltóirí, sna slabhraí soláthair, agus i soláthar an amhábhair agus na réamhtháirgí a laghdú trí mhargadh na leathsheoltóirí a fhorleathnú agus a éagsúlú, táirgeadh na leathsheoltóirí a mhéadú san Eoraip agus an cheannaireacht sa taighde agus san fhorbairt a chothabháil agus a neartú. San am céanna, ag iarraidh go ndéanfaí sliseanna a tháirgeadh is mó ná 10 nanaiméadar ar mhéid, sliseanna a bhfuil éileamh orthu i measc úsáideoirí na dtionscal AE, sliseanna a bheidh san áireamh i raon feidhme Rialachán COM(2022) 46 final; á chur i bhfios ina leith sin a thábhachtaí atá an chosaint feasa gnó agus cosaint na bpaitinní, ionas nach gcuirfear tíortha aonair faoi mhíbhuntáiste;

4.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra le haghaidh na hIonstraime um Shliseanna freisin d’fhonn an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme go mear agus go comhsheasmhach: gan soláthar iontaofa leathsheoltóirí, ní féidir spriocanna uaillmhianacha an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach, ná ní féidir ceannasacht fuinnimh agus spriocanna méadaithe fuinnimh don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach ach oiread;

5.

á chur i bhfios nach mór céimeanna a bheith ag gabháil le neartú an táirgthe leathsheoltóirí san am céanna chun an t-ídiú fuinnimh agus acmhainní a laghdú agus chun tionchar díobhálach ar an gcomhshaol a laghdú ar feadh an tslabhra luacha, chomh maith le céimeanna chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta (SDGanna) a áirithiú agus chun úsáid foinsí in-athnuaite fuinnimh agus sásraí le haghaidh úsáid éifeachtúil acmhainní uisce i saoráidí táirgthe a phríomhshruthú. á chur in iúl go gcreideann sé, i ndáil leis sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na héifeachtaí fuinnimh agus comhshaoil sin i dteicneolaíochtaí theicneolaíochtaí nuálacha na chéad glúine eile, fótónaic chomhtháite agus córais thiomnaithe ilchineálacha, cuir i gcás;

6.

á chur in iúl nach mór leas a bhaint as acmhainneacht an gheilleagair chiorclaigh taobh le soláthar slán na n-amhábhar criticiúil. Is rud riachtanach an aisghabháil amhábhar agus ábhar ó threalamh agus ó shuiteálacha. Ní mór é sin a chur san áireamh feasta i bhforbairt na dtáirgí ina mbíonn leathsheoltóirí á n-úsáid. Ba cheart scileanna iomchuí a fhorbairt sna réigiúin, agus ba cheart critéir incháilitheachta a cheapadh dá réir;

7.

Á chur i bhfios go bhfuil an tAontas faoi mhíbhuntáiste le hais tríú tíortha ó thaobh acmhainní nádúrtha de, go bhfuil an tAontas ag brath go mór ar sholáthróirí neamh-AE le haghaidh allmhairiú amhábhar criticiúil; ag spreagadh an Choimisiúin Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar an spleáchas straitéiseach sin trína chuid oibre agus ceanglas i ndail le ciorclaíocht na sliseanna a neartú, go háirithe i ndáil le hábhar a dhearadh agus a athúsáid, agus caidreamh trádála an Aontais lena chuid príomh-chomhpháirtithe idirnáisiúnta a thabhairt i dtábhacht a thuilleadh;

8.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin, i gcomhréir leis an tuairim i leith an Phlean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla, gníomhaíochtaí nua mianadóireachta a bheith san Aontas d’fhonn cúltaiscí reatha d’amhábhair chriticiúla a aimsiú: á chur i bhfáth nach mór an mhianadóireacht nua amhábhar ardteicneolaíochta san Aontas a bhunú ar phleananna T&D le haghaidh mianadóireacht nuálach darb íseal tionchar;

9.

ag tabhairt dá haire go bhfuil leas láidir comhroinnte ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (LRAnna) soláthar slán leathsheoltóirí a bheith acu mar gheall go bhfuil spleáchas ard indíreach ag a gcuid geilleagar orthu go háitiúil; dá bhrí sin, i bhfianaise a chosúla atá siad d’éiceachórais na leathsheoltóirí, ba cheart ról lárnach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme CIE; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbainfidh gach réigiún tairbhe as CIE, bíodh gnólachtaí leathsheoltóra lonnaithe iontu nó ná bíodh;

10.

á chur i bhfios, i bhfianaise an méid atá ag tarlú, a thábhachtaí atá sé go mbeadh soláthar slán fuinnimh ann i gcomhair thionscal na leathsheoltóirí; Thar aon ní eile, is leis na cainníochtaí riachtanacha leictreachais agus le cobhsaíocht na heangaí a bhaineann sé sin; tá tionchar acu sin ar roghnú na suíomhanna le haghaidh suiteálacha atá ann cheana, ach thar aon ní eile tá tionchar acu ar bhunú suíómhanna nua;

Cuspóirí straitéiseacha na hEorpa i réimse na leathsheoltóirí

11.

á iarraidh ar ghnólachtaí tuilleadh airde a thabhairt ar a gcuid riachtanas leathsheoltóirí agus ar na slabhraí soláthair is gá i dtimpeallacht gheostraitéiseach atá ag síorathrú, agus spleáchais aon-taobhacha a sheachaint, chun rioscaí a scaipeadh; ní mór don Aontas tuilleadh airde a tharraingt ar an tairbhe a bhaineann lena bheith ina “thearmann” sa chomhthéacs idirnáisiúnta;

12.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, sa chaibidlíocht leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa atá ar na bacáin, béim shoiléir a leagan ar a thábhachtaí atá an Ionstraim um Shliseanna maidir le bonn tionsclaíoch na hEorpa a dhaingniú agus ranníocaíochtaí airgeadais breise a éileamh ar na Ballstáit agus ar an ngeilleagar;

13.

á mholadh go mbainfí úsáid go straitéiseach as na hacmhainní atá ar fáil tríd an Ionstraim um Shliseanna (ECA) chun na braislí leathsheoltóirí agus na héiceachórais leathsheoltóirí atá ann cheana a leathnú amach ar an scála beag agus ar an scála mór araon, lena n-áirítear iad a nascadh le chéile le líonraí. Cur leis na láidreachtaí atá aige cheana, is é sin an bealach ab fhearr don Aontas le fanacht ar an margadh domhanda leathsheoltóirí san am atá romhainn, rud a d’fhágfadh nach mbeadh idirspleáchas ann ach le “tíortha atá ar aon mheon leis” agus an spleáchas ar leith ar thríú tíortha a laghdú dá réir;

14.

á chur in iúl gur geal leis Ciste Eorpach na Sliseanna a bheith ann agus go dtugann sé dá aire gur cheart Colún 2 den Ionstraim um Shliseanna a bheith oscailte ó thaobh na teicneolaíochta i bprionsabal, agus gur cheart na hacmhainní a chur in úsáid chomh tapa is féidir;

15.

á athdhearbhú gur uirlis an-rathúil é an tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEI), uirlis a bhfuil an-tábhacht léi maidir leis an Ionstraim um Shliseanna; á chur in iúl, áfach, nach mór don Aontas agus do na Ballstáit gníomhú níos tapúla i ngach réimse, go háirithe i réimse na gceadanna agus na tacaíochta, le tacaíocht a thabhairt don tionscal, agus FBManna san áireamh, i gcomhréir lena chuid riachtanas.

16.

á chur i dtreis a thábhachtaí atá teicneolaíochtaí nua d’fhorbairt bhreise an Aontais mar lárionad mór leathsheoltóirí, chun go bhfanfaidh siad ar an iomaíocht ar fud an domhain i réimse na teicneolaíochta: nuair atá CIE á cur chun feidhme, beidh sé tábhachtach freagairt go hoscailte agus go tapa d’úsáid ábhar nua, mar nítríd ghailliam, foisfíd indiam, cairbíd sileacain agus nítríd sileacain, chomh maith le próisis nua a úsáid, chun go bhféadfar sliseanna den chéad ghlúin eile a fhorbairt agus a tháirgeadh; áirítear leis sin, mar shampla, sliseanna fótónaíocha, rud atá riachtanach chun líonra uathrialach agus inbhuanaithe a thógáil le haghaidh cumarsáid sonraí, teilea-agus chandamach, agus sliseanna le haghaidh tiomáint uathrialaitheach, mar aon le sliseanna candamacha, lena gceadaítear anailísí ar i bhfad níos mó sonraí agus ríomhanna níos cumhachtaí a dhéanamh ar bhealach níos tapúla agus ionsamhlúcháin mhionsonraithe a dhéanamh, chomh maith le sliseanna hibrideacha agus córais ilchineálacha i gcás ina bhfuil comhtháthú feidhmeanna fótónaice ar ICanna leictreonacha ar cheann de na saincheisteanna criticiúla do thionscal na leathsheoltóirí san am atá le teacht;

17.

den tuairim gur gá don Eoraip tuilleadh béime a leagan ar dhearadh na leathsheoltóirí agus, dá bhrí sin, a cumas dearthóireachta féin a fhorbairt;

Imchlúdach airgeadais na hIonstraime um Shliseanna

18.

á chur in iúl gur oth leis an t-imchlúdach airgeadais atá beartaithe don Ionstraim um Shliseanna mar gheall go bhfuil sé i bhfad ró-íseal; tá amhras air an leor an pacáiste ina iomláine chun dul in iomaíocht go hidirnáisiúnta d’fhonn saoráidí nua táirgeachta a bhunú; á chur i bhfios go bhfuil acmhainní airgeadais nua dlite do thionscnaimh nua agus á chur in iúl gur oth léi aistriú cistí amach as cláir rathúla, mar Fís Eorpach agus an Clár don Eoraip Dhigiteach;

19.

ag iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht a áirithiú in imchlúdach airgeadais na hIonstraime um Shliseanna agus maoiniú leordhóthanach a áirithiú do na trí cholún. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún tarraingt ar thionscnaimh chomhchosúla ar fud an domhain;

20.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart níos mó airgid nua a úsáid chun CIE a chur chun feidhme, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gComhairle, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gCoimisiún fóirdheontais ábhartha AE agus náisiúnta a sholáthar agus an Creat Airgeadais Ilbhliantúil a leasú dá réir; ós rud é go dtéann cuspóirí straitéiseacha CIE i ndiaidh 2030, ní mór an earnáil leathsheoltóirí a mheas ina ardtosaíocht san athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) chomh maith leis an gcéad CAI eile;

21.

á mheas gur gá dreasachtaí breise a chruthú chun a áirithiú, sa bhreis ar airgead ón Aontas, ó na Ballstáit agus ó na réigiúin, chomh maith le gnólachtaí, go soláthróidh sé an cistiú is gá; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé go n-éascódh an Coimisiún tacaíocht i gcomhréir le dlí an Aontais; ní mór an cistiú a bheith ceangailte le comhlíonadh na gcritéar comhshaoil, na gcritéar sóisialta agus na gcritéar rialachais (ESG);

22.

á iarraidh ar réigiúin agus ar ghnólachtaí ról a thabhairt don Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) i dtionscadail nua a mhaoiniú feadh an tslabhra luacha ina iomláine; á chreidiúint gur féidir le BEI rannchuidiú go cinntitheach le rath CIE;

Cistiú agus rialacha an Aontais maidir le státchabhair ón taobh réigiúnach de

23.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, agus measúnú agus formheas á dhéanamh aige faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE, critéar “an chéad sampla dá leithéid san Eoraip” a léirmhíniú ar bhonn an-ghinearálta, toisc nach bhfuil aon staid iomaíochta traidisiúnta ann do leathsheoltóirí atá ábhartha don iomaíocht sa mhargadh inmheánach;

24.

ag iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar thuilleadh faoisimh, amhail díscríobh cánach a dheonú, chomh maith le hathruithe agus simplithe sa dlí agus sna nósanna imeachta maidir le státchabhair, d’fhonn bunú cuideachtaí a éascú ar fud an tslabhra luacha leathsheoltóra ina iomláine san Eoraip;

25.

den tuairim gur gá, faoin gceannteideal “an chéad sampla dá leithéid san Eoraip”, ní hamháin saoráidí táirgeachta amhail an tSaoráid Táirgeachta Comhtháite agus Teilgcheártaí Oscailte AE a chumasú, ach freisin réamhtháirgí a tháirgeadh, amhail sliseoga nó saoráidí táirgeachta, atá chomh hábhartha céanna maidir leis na cuspóirí a bhaint amach;

26.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 14 chun dlús a chur leis na nósanna imeachta náisiúnta pleanála agus formheasa i bhfabhar saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE;

27.

á thabhairt le fios go bhfuil, chun soláthar leathsheoltóirí a áirithiú, na saoráidí táirgeachta do na leathsheoltóirí féin ábhartha, ach go bhfuil na saoráidí táirgeachta réamhtheachtacha agus iartheachtacha chomh hábhartha céanna freisin, agus nach mór iad sin a áireamh freisin agus béim á cur ar nósanna imeachta a éascú agus a luasghéarú chun “éifeachtaí an scrogaill” a sheachaint;

Taighde agus forbairt ón taobh réigiúnach de

28.

ag moladh ról leathan maidir le taighde agus forbairt a bheith ag an Aontas Eorpach le rannpháirtíocht custaiméirí agus úsáideoirí, agus nár cheart cuspóirí forbartha agus nuálaíochta a bheith bunaithe go hiomlán ar mhionsamhlú breise na struchtúr nód;

29.

á thabhairt le fios go bhfuil imní air, faoi mar atá ar lucht taighde agus ardoideachais, go bhfuil réimsí eile á lagan mar gheall ar ath-leithdháileadh cistí chuig Fís Eorpach agus an clár don Eoraip Dhigiteach, leithdháileadh a bhforáiltear dó san Ionstraim um Shliseanna, rud a mhéadaíonn an iomaíocht le haghaidh cistí atá fágtha; ag súil leis, dá bhrí sin, go gcuirfear na cistí a ath-leithdháilfear ón gclár don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár Fís Eorpach ar fáil arís do na cláir i rith na tréimhse cistiúcháin;

30.

ag tarraingt aird ar na fadhbanna riaracháin a bhaineann le cómhaoiniú náisiúnta nó réigiúnach tionscadal; ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach bac a bheidh ansin ar rannpháirtíocht i dtionscadail taighde. Ba cheart, go háirithe, coinníollacha creata a cheapadh sa chaoi go gceadófar tacaíocht i bhfoirm cómhaoiniú tionscadal ó chláir náisiúnta nó ó chláir réigiúnacha;

31.

ag iarraidh ar na réigiúin a bhfuil braislí ábhartha acu féin páirt ghníomhach a ghlacadh in obair an Chomhghnóthais um Shliseanna mar chomharba ar an gComhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha (KDT JU) agus Comhghnóthas ECSEL;

32.

ag iarraidh ar an gCoimisiún sainmhíniú cruinn a thabhairt ar an téarma “líne phíolótach”. An rochtain ar na línte píolótacha, níor mhór í a bheith leathan agus oscailte ionas go bhféadfaidh braislí, institiúidí oideachais agus taighde, mar aon le gnólachtaí, a bheith rannpháirteach, go háirithe FBManna; D’fhéadfaí rochtain FBManna ar na línte píolótacha a bhaint amach tríd an gclár Fís Eorpach agus ar bhealach díláraithe trí chomhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil taithí acu ar thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna maidir lena gcruthú, lena bhfás agus lena gcomhdhlúthú, gníomhaireachtaí forbartha réigiúnaí, cuir i gcás;

33.

ag iarraidh go ndéanfaí líonraí atá ann cheana a chomhtháthú leis an sásra comhordaithe leathsheoltóirí, líonra na Comhghuaillíochta um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra, cuir i gcás. Ba cheart go mbeadh gach líonra ar oscailt do ghníomhaithe nua, ionas go bhféadfaidh líonraí eile a gcomaoin féin a chur ar an obair, Tionscnamh Vanguard nó mol nuálaíochta digití AE, cuir i gcás;

34.

ag moladh scrúdú a dhéanamh ar a mhéid is féidir a áirithiú gur féidir an saineolas a thugtar chun cinn san Aontas a choimirciú, m.sh. le síneadh ar an gcosaint paitinní. Ba cheart go mbeadh ról le himirt sa réimse seo ag gnéithe slándála freisin;

Soláthar maith oibrithe oilte mar aon le hoideachas agus oiliúint

35.

ag iarraidh ar na Ballstáit, ar na húdaráis áitiúla agus ar ghnólachtaí, i bhfad níos mó béime a chur ar sholáthar maith oibrithe oilte: is mór a chuireann cáilíochtaí oideachais agus oiliúna leis an mbiseach a bheidh ar leathsheoltóirí na hEorpa, agus is critéar tábhachtach é i gcinneadh na hinfheistíochta. Is ríthábhachtach an ról atá ag an oideachas ginearálta, ag an ngairmoideachas agus ag an ngairmoiliúint ar fud na réigiún; ba cheart níos mó ban agus níos mó cailíní a spreagadh chun tabhairt faoi oiliúint i réimse na teicneolaíochta leathsheoltóirí;

36.

den tuairim, dá bhrí sin, gur rud ríthábhachtach é soláthar maith oibrithe oilte a áirithiú ionas go n-éireoidh go maith leis an earnáil. Tá gá le straitéis chomhordaithe chun oiliúint a chur ar dhaoine óga agus chun múinteoirí a choinneáil sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí taighde; á mholadh, dá bhrí sin, níos mó taighdeoirí a bheith á malartú idir ollscoileanna, institiúidí taighde agus gnólachtaí, chomh maith le bonneagar saotharlann a bheith á roinnt eatarthu ar fud an Aontais;

37.

á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneachtaí straitéiseacha ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun sineirgí a chur chun cinn idir beartais T&D, oideachais, uas-scilithe, athscilithe agus oiliúna a bheidh ríthábhachtach chun lucht saothair éirimiúil a mhealladh agus a chaomhnú;

38.

á mholadh go gcruthófaí clár oiliúna a bheidh tiomnaithe don tionscal leathsheoltóirí, clár a bheidh á reáchtáil agus á mhaoiniú go comhpháirteach ag an tionscal, ag na Ballstáit agus ag an Aontas, le córas sparánachta agus oibleagáid le hoibriú sa tionscal san Eoraip ar feadh íostréimhse ama; ina theannta sin, á mholadh don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar chláir thiomnaithe maidir le caipiteal daonna a fhorbairt chun oibrithe oilte a mhealladh ó thríú tíortha a bhfuil ardtionscal leathsheoltóirí acu;

39.

á mholadh pobal eolais agus nuálaíochta a chruthú maidir le leathsheoltóirí; á mholadh, freisin, “acadamh leathsheoltóirí” a bhunú, acadamh a bheadh ar aon dul leis an “acadamh ceallraí”, ina mbeadh institiúidí tionscalaíochta agus taighde rannpháirteach;

40.

á thabhairt dá aire a thábhachtaí atá sé gnólachtaí nuathionscanta rathúla a choinneáil ar bun chun éiceachórais na leathsheoltóirí a fhorbairt ionas go dtiocfaidh forbairt orthu agus ionas nach rachaidh an fios gnó i léig;

41.

á mholadh, thairis sin, tacaíocht shonrach a bheith aige chun dearaí nuálacha slise a fhorbairt faoin gclár Fís Eorpach, mar shampla laistigh den bhraisle “Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás”, ionas gur féidir leis an Aontas a chuid ceannaireachta a choinneáil ar na sliseanna nuálacha agus teicneolaíochtaí na chéad ghlúine eile a dhearadh agus a idirspleáchais le codanna eile den domhan a laghdú san am céanna;

Tionchar na hIonstraime um Shliseanna ar chathracha agus réigiúin

42.

á thabhairt dá aire, i gcás saoráidí nua a bheith á mbunú, go mbeidh brú mór ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus go mbeidh gá acu le creat iontaofa agus le tacaíocht ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún;

43.

ag iarraidh ar an gCoimisiún an tionchar a bheidh ag na gnólachtaí nua sin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur san áireamh. Is mar fhorbairt réigiúnach ba cheart cruthú an chreata do bhunú na ngnólachtaí sin, agus do chur chun feidhme na mbeart tionlacain, a thuiscint, agus ba cheart cómhaoiniú ó CFRE agus ó CSE a éascú freisin;

44.

á thabhairt dá aire go gceadóidh sin do na Ballstáit sin a bhfuil cion níos ísle de na hacmhainní náisiúnta acu éifeacht ghiarála ábhartha a bhaint amach. Ba cheart go bhféadfaí tacú freisin le forbairt na saotharlann déantúsaíochta digití atá ann;

45.

ag iarraidh nasc oibríochtúil a bheith ag an Ionstraim um Shliseanna leis na beartais is tábhachtaí agus le tionscadail thábhachtacha eile de chuid an Aontais, m.sh. Rialachán REACH, an Plean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla, an Straitéis Tionsclaíochta Nua, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach nó an Straitéis maidir leis an intleacht shaorga. Ba cheart gur láidir an ról agus an rannpháirtíocht a bheadh ag na réigiúin sa phróiseas sin;

46.

ag tabhairt foláirimh go bhfuil gá le hoscailteacht theicneolaíoch agus le húsáid ceimiceán guaiseach áirithe i dtáirgeadh na leathsheoltóirí agus go bhfuil táirgeadh, allmhairiú nó úsáid na leathsheoltóirí á rialú le reachtaíocht an Aontais maidir le ceimiceáin. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 16 a mhéid atá oibreoirí eacnamaíocha na hEorpa in acmhainn na bacainní dlí ar cheimiceáin agus ar shubstaintí a shárú ionas gur féidir ábhair a fhágáil slán ar mhargadh an Aontais;

Athléimneacht agus freagairt ar ghéarchéimeanna

47.

á thabhairt dá aire go gcuireann dearadh agus táirgeadh leathsheoltóirí ón Aontas le slándáil agus le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil sna húdaráis réigiúnacha agus áitiúla (gréasáin fuinnimh, cúram leighis, iompar, riarachán, institiúidí poiblí);

48.

á mholadh gur a chur ar bun in ionad “bosca uirlisí éigeandála”, ós rud é nach féidir idirghabháil a dhéanamh i dtáirgeadh leathsheoltóirí gan fógra a thabhairt i bhfad roimh ré mar gheall ar a chasta atá sé i dtéarmaí teaglamaí de ICanna éagsúla sna táirgí deiridh agus don slabhra soláthair forleathan idirnáisiúnta, agus nach bhfuil sé oiriúnach, dá bhrí sin, mar fhreagairt ar ghéarchéimeanna. Ba cheart tosaíocht a bheith ag comhar agus comhordú i gcónaí ar bhearta idirghabhála. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chothabháil tháirgeadh na leathsheoltóirí agus fáil a bheith ar réamhtháirgí agus ar fhotháirgí faoi mar is riachtanach;

49.

ag iarraidh ar an gCoimisiún na nithe seo a leanas a shainiú ar bhealach níos beaichte agus níos cinnte ó thaobh an dlí de, agus a shoiléiriú nach féidir na nithe sin a chur i bhfeidhm ach amháin mar rogha dheiridh agus mar rogha chomhréireach ó tharla gur iomaí cúis a d’fhéadfadh a bheith leis an easpa agus leis na fadhbanna seachadta: staid na géarchéime, na cearta idirghabhála dá bhforáiltear agus an ghníomhaíocht shonrach a bheidh le déanamh i gcás géarchéime; á chur in iúl gur cúis imní dó go bhféadfadh an sásra atá beartaithe chun freagairt ar ghéarchéimeanna an infheistíocht a dhíspreagadh;

50.

ag moladh gur cheart díriú tuilleadh ar sholáthar cineálacha áirithe leathsheoltóirí a chinntiú, sin agus ar cheannach (comhpháirteach, i gcás inarb iomchuí) na n-amhábhar criticiúil (e.g. pallaidiam, neon, C4F6, litiam, gailliam, sileacan) maille leis na réamhtháirgí (e.g. sliseoga) is gá chun na críche sin;

51.

ag iarraidh go gcuirfí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san áireamh sa “sásra comhordaithe leathsheoltóirí”, mar cuireann siad go mór leis an líonrú atá beartaithe trí bhíthin eolas áitiúil ar thaighde, ar thionscail agus ar bhraislí leathsheoltóirí;

52.

ag iarraidh go ndéanfaí cúram de nuair atá an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí á cheapadh, agus go n-áiritheofar gur comhlacht speisialaithe é seachas comhlacht polaitiúil. Braitheann an glacadh atá leis an mBord agus a chuid oibre go mór ar an muinín atá aige as a chuid comhaltaí. Dá bhrí sin, ba cheart ionadaíocht a dhéanamh ar lucht tionscail agus ar CnaR freisin leis an saineolas iomchuí;

53.

ag tacú leis an gcuspóir léargas foriomlán a thabhairt ar shlabhraí luacha, spleáchais agus ceanglais leathsheoltóirí in earnáil na leathsheoltóirí; in amhras, áfach, an féidir an méid sonraí a thagann as sin a phróiseáil ar bhealach sábháilte agus spriocdhírithe; ag tarraingt aird ar an tuiscint nach mbeidh pictiúr ceart le fáil gan sonraí bailí ó ghníomhaithe neamh-Eorpacha;

54.

ag moladh an Gníomh um Shliseanna a ghlacadh agus a chur chun feidhme go pras, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, agus ar Pharlaimint na hEorpa moltaí CnaR a chur san áireamh agus teacht ar chomhaontú roimh dheireadh Uachtaránacht Phoblacht na Seice;

55.

is díol sásaimh dó go bhfuil anailís choimhdeachta curtha i gcrích ag an gCoimisiún don togra maidir le Gníomh um Shliseanna agus aontaíonn sé nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach agus iad ag gníomhú ar a gconlán féin, ós rud é gur den chineál trasteorann na fadhbanna atá ann, agus gan iad teoranta do Bhallstáit aonair ná d’fho-thacar Ballstát. Dá bhrí sin, tacaíonn CnaR le hanailís an Choimisiúin Eorpaigh gur fearr is féidir le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais gníomhaithe Eorpacha a spreagadh chun fís choiteann agus straitéis cur chun feidhme a bhrú chun cinn.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(1)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(1)  Tá tagairt don Chomhghuaillíocht sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 maidir le “Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa”.

(1)  Tá tagairt don Chomhghuaillíocht sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 maidir le “Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa”.


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/114


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Athbhreithniú ar rialachas limistéar Schengen

(2022/C 498/15)

Rapóirtéir:

Antje GROTHEER (DE/PSE), Leas-Uachtarán Pharlaimint Stát Bremen

Doiciméid tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn

(COM(2021) 890 final)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha

(COM(2021) 891 final)

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Responding to statesponsored instrumentalisation of migrants at the EU external border [Aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú státurraithe imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais] (níl leagan Gaeilge ann)

(JOIN(2021) 32)

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha

COM(2021) 891

Leasú 1

Aithris 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(3)

Le blianta beaga anuas, tá limistéar Schengen buailte ag dúshláin nach bhfacthas a leithéid cheana, arbh iad na cineálacha dúshlán iad nach raibh teoranta do chríoch aon Bhallstát amháin. Chuir na dúshláin sin in iúl gur freagracht chomhroinnte é caomhnú an oird phoiblí agus na slándála i limistéar Schengen, rud a éilíonn gníomhaíocht chomhpháirteach chomhordaithe idir na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais. Chuir siad i dtábhacht freisin na bearnaí sna rialacha atá ann faoi láthair lena rialaítear feidhmiú limistéar Schengen ag na teorannacha seachtracha agus na teorainneacha inmheánacha araon, agus an gá atá ann le creat atá níos láidre agus níos tréine a chruthú trínar féidir freagairt níos éifeachtaí a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh limistéar Schengen.

(3)

Le blianta beaga anuas, tá limistéar Schengen buailte ag dúshláin nach bhfacthas a leithéid cheana, arbh iad na cineálacha dúshlán iad nach raibh teoranta do chríoch aon Bhallstát amháin. Chuir na dúshláin sin in iúl gur freagracht chomhroinnte é caomhnú an oird phoiblí agus na slándála i limistéar Schengen, rud a éilíonn gníomhaíocht chomhpháirteach chomhordaithe idir na Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais. Chuir siad i dtábhacht freisin na bearnaí sna rialacha atá ann faoi láthair lena rialaítear feidhmiú limistéar Schengen , lena n-áirítear ag na teorannacha seachtracha agus na teorainneacha inmheánacha araon, agus an gá atá ann le creat atá níos láidre agus níos tréine a chruthú trínar féidir freagairt níos éifeachtaí a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh limistéar Schengen.

Cúis

Ní ar na rialacha maidir le rialuithe ag na teorainneacha seachtracha agus inmheánacha amháin atá feidhmiú limistéar Schengen ag brath. Ba cheart an méid sin a léiriú san aithris dá réir.

Leasú 2

Aithris 4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

(4)

Ní hamháin go dtéann rialú teorann ag na teorainneacha seachtracha chun leasa an Bhallstáit a gcuirtear i gcrích ag a theorainneacha seachtracha é, ach téann sé chun leasa na mBallstát go léir a chuir deireadh le rialú ag teorainneacha inmheánacha, agus chun leasa an Aontais ina iomláine. Ceanglaítear ar na Ballstáit ardchaighdeáin a áirithiú maidir le bainistiú a dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí chomhar feabhsaithe idir gardaí teorann, póilíní, údaráis chustaim agus údaráis ábhartha eile. Tá tacaíocht ghníomhach á tabhairt ag an Aontais trí thacaíocht mhaoiniúcháin a chuirtear ar fáil trí na Gníomhaireachtaí, tríd an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach go háirithe, agus trí bhainistiú Shásra Meastóireachta Schengen. Na rialacha is infheidhme maidir leis na teorainneacha seachtracha, is gá iad a threisiú chun gur fearr is féidir freagairt ar dhúshláin nua atá tagtha chun cinn le déanaí ag na teorainneacha seachtracha.

(4)

Ní hamháin go dtéann rialú teorann ag na teorainneacha seachtracha chun leasa an Bhallstáit a gcuirtear i gcrích ag a theorainneacha seachtracha é, ach téann sé chun leasa na mBallstát go léir a chuir deireadh le rialú ag teorainneacha inmheánacha, agus chun leasa an Aontais ina iomláine. Ceanglaítear ar na Ballstáit ardchaighdeáin a áirithiú maidir le bainistiú a dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear trí chomhar feabhsaithe idir gardaí teorann, póilíní, údaráis chustaim agus údaráis ábhartha eile. Tá tacaíocht ghníomhach á tabhairt ag an Aontais trí thacaíocht mhaoiniúcháin a chuirtear ar fáil trí na Gníomhaireachtaí, tríd an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach go háirithe, agus trí bhainistiú Shásra Meastóireachta Schengen. Na rialacha is infheidhme maidir leis na teorainneacha seachtracha, is gá iad a chur chun feidhme go héifeachtach éifeachtúil chun gur fearr is féidir freagairt do dhúshláin nua atá ag teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha.

Cúis

Na rialacha lena rialaítear teorainneacha seachtracha, rialacha atá i gcomhréir faoi láthair leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus lena gcuirtear ionstraimí leordhóthanacha ar fáil le gur féidir leis na húdaráis inniúla rialuithe teorann éifeachtúla atá íogair ó thaobh na cosanta de a dhéanamh óir is ionstraimí sách solúbtha iad, ní mór iad a chur chun feidhme ina n-iomláine má táthar chun leas éifeachtach éifeachtúil a bhaint as a n-acmhainneacht.

Leasú 3

Aithris 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(8)

Is gá freisin na rialacha agus na coimircí i ndlí an Aontais a threisiú ionas gur féidir leis na Ballstát gníomhú go tapa chun cur i gcoinne cásanna ina ndéantar ionstraimiú ar imircigh. Ba cheart an t-ionstraimiú sin a thuiscint mar thagairt do staid ina dtionscnaíonn tríú tír sreabha imirce neamhrialta chuig an Aontas trí theacht náisiúnach tríú tír chuig teorainneacha seachtracha na mBallstát a spreagadh nó a éascú go gníomhach, i gcás ina léiríonn na gníomhaíochtaí sin rún chun an tAontas ina iomláine nó Ballstát a dhíchobhsú, agus i gcás ina bhféadfadh na gníomhaíochtaí sin feidhmeanna bunriachtanacha Stáit a chur i mbaol, lena n-áirítear a shláine críche, caomhnú rialach agus reachta, nó cosaint a shlándála náisiúnta.

(8)

Is gá freisin na rialacha agus na coimircí i ndlí an Aontais a chur i bhfeidhm go héifeachtach éifeachtúil ionas gur féidir leis na Ballstáit gníomhú go tapa chun cur i gcoinne cásanna ina ndéantar ionstraimiú ar imircigh. Ba cheart an t-ionstraimiú sin a thuiscint mar thagairt do staid ina dtugann tríú tír nó gníomhaí arna urrú ag tríú tír tacaíocht ghníomhach do líon suntasach náisiúnaigh tríú tír iarracht a dhéanamh teacht isteach go neamhrialta agus en masse i mBallstát den Aontas , d’fhonn an tAontas ina iomláine nó Ballstát den Aontas a dhíchobhsú, i gcás inar féidir leis an mBallstát lena mbaineann údar cuí a thabhairt leis go bhfágann na gníomhartha sin i mbaol feidhmeanna bunriachtanacha stáit, caomhnú rialach agus reachta, nó cosaint a shlándála náisiúnta , agus ina n-aithníonn an Chomhairle Eorpach ar bhonn práinne go bhfuil an tAontas nó ceann amháin dá Bhallstáit ar a laghad ag dul i ngleic le cás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh .

Cúis

Tá an sainmhíniú ar ionstraimiú atá beartaithe róleathan agus tá easpa soiléireachta ann, rud a fhágann baol ann go measfar an-chuid cásanna difriúla a bheith ag teacht leis. Tá sé ag teacht salach freisin ar na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, rud is léir ón Measúnú Tionchair comhfhreagrach (SWD(2021) 462 final) ina n-admhaítear nach bhfiosraítear ann ionstraimiú na himirce neamhrialta. Dá bhrí sin, tá gá le comhdhearcadh polaitiúil ar leibhéal an Aontais maidir leis an rud is ionstraimiú ann. I bhfianaise a thromchúisí agus atá na bearta sriantacha arna bhforchur ar dhaoine aonair dá thoradh, agus ós rud é gur freagra atá sa togra ón gCoimisiún ar iarraidh ón gComhairle Eorpach (EUCO 17/21), ní mór foráil a chur san áireamh sa sainmhíniú maidir le seasamh dearfach de chuid na Comhairle Eorpaí, arna teacht le chéile go pras chun go bhféadfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann beart pras a dhéanamh.

Leasú 4

Aithris 9

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(9)

D’fhéadfadh sé gurbh é atá i gceist le hionstraimiú imirceach, staideanna ina ndearna tríú tír taisteal neamhrialta náisiúnach tríú tír a spreagadh nó a éascú ar a críoch féin chun go sroichfidís teorainn sheachtrach na mBallstát, ach d’fhéadfadh sé gurbh é atá i gceist leis freisin, taisteal neamhrialta náisiúnach tríú tír atá sa tír sin cheana féin a spreagadh nó a éascú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé gurbh é atá i gceist le hionstraimiú imirceach, bearta comhéigneacha a fhorchur arb é is aidhm dóibh na náisiúnaigh trí tír a chosc ar limistéir teorann an tríú tír atá i mbun a n-ionstraimithe a fhágáil seachas i dtreo a théann trí Bhallstát.

(9)

Is féidir gurb é atá i gceist le hionstraimiú imirceach staideanna arna sainiú i bpointe 27 d’Airteagal 1(1)(b) , ina ndearna tríú tír taisteal neamhrialta náisiúnach tríú tír isteach san Aontas Eorpach a éascú go gníomhach ar a críoch féin chun go sroichfidís teorainn sheachtrach na mBallstát, ach is féidir gurb é atá i gceist leis freisin, taisteal neamhrialta náisiúnach tríú tír atá sa tír sin cheana féin a éascú go gníomhach . Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé gurbh é atá i gceist le hionstraimiú imirceach, bearta comhéigneacha a fhorchur arb é is aidhm dóibh na náisiúnaigh tríú tír a chosc ar limistéir teorann an tríú tír atá i mbun a n-ionstraimithe a fhágáil seachas i dtreo a théann trí Bhallstát. Sna cásanna ina mbíonn gníomhaithe nach gníomhaithe stáit iad páirteach sa choireacht eagraithe, go háirithe sa smuigleáil, níor cheart a mheas gur ionstraimiú imirceach é sin nuair nach bhfuil sé d’aidhm aige an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú. Lena chois sin, níor cheart oibríochtaí cabhrach daonnúla a mheas mar ionstraimiú.

Cúis

Chun críche deimhneachta dlíthiúla, is gá tagairt a dhéanamh don fhoráil ina sainmhínítear ionstraimiú.

Leasú 5

Aithris 10

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

(10)

Ba cheart don Aontas leas a bhaint as na huirlisí uile atá ina bhosca uirlisí de bhearta taidhleoireachta, maoiniúcháin agus oibriúcháin chun tacú leis na Ballstáit ar gá dóibh déileáil leis an ionstraimiú sin. Ba cheart tús áite a thabhairt d’iarrachtaí taidhleoireachta an Aontais nó an Bhallstáit lena mbaineann mar mhodh chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan an ionstraimithe. Féadfar an méid sin a fhorlíonadh, i gcás inarb iomchuí, le forchur beart sriantach ag an Aontas.

(10)

Ba cheart don Aontas leas a bhaint as na huirlisí uile atá ina bhosca uirlisí de bhearta taidhleoireachta, maoiniúcháin agus oibriúcháin chun tacú leis na Ballstáit ar gá dóibh déileáil leis an ionstraimiú sin. Ba cheart tús áite a thabhairt d’iarrachtaí taidhleoireachta an Aontais nó an Bhallstáit lena mbaineann mar mhodh chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan an ionstraimithe. Ba cheart don Aontas cur leis an méid sin le bearta coisctheacha iomchuí, a bhainfeadh le tríú tíortha a bhfuil ionstraimiú ar bun acu agus le tíortha tionscnaimh na n-imirceach a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh orthu .

Cúis

Tá an cosc ríthábhachtach mar chuid de gach iarracht aghaidh a thabhairt ar an ionstraimiú. Ba cheart do thoscaireachtaí de chuid an Aontais tuarascálacha staide a dhréachtú go rialta i dtíortha tionscnaimh na ngrúpaí imirceach a ndéantar ionstraimiú orthu agus sna tríú tíortha a dhéanann ionstraimiú, agus na tuarascálacha sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar bhunús fianaise le haghaidh bearta coisctheacha.

Leasú 6

Aithris 11

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(11)

San am céanna, sa bhreis ar na bearta sin, na rialacha atá ann faoi láthair maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha agus faireachas ar theorainneacha, is gá na rialacha sin a threisiú freisin. Chun cúnamh breise a thabhairt don (11) Bhallstát ar gá dó aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú imirceach, le Rialachán (AE) XXX/XXX forlíontar na rialacha maidir le rialú teorann trí fhoráil a dhéanamh maidir le bearta sonracha i réimse an tearmainn agus an fhillte , agus urraim á tabhairt san am céanna do chearta bunúsacha na ndaoine lena mbaineann agus go háirithe trí urraim don cheart chun tearmainn a áirithiú, agus tríd an gcúnamh is ga ó ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí ábhartha eile a chur ar fáil.

(11)

Na rialacha atá ann faoi láthair maidir le rialú ag teorainneacha seachtracha agus faireachas ar theorainneacha, is gá na rialacha sin a chur chun feidhme ina n-iomláine , agus urraim á tabhairt san am céanna do chearta bunúsacha na ndaoine aonair a bhfuil (11) tearmann á lorg acu agus go háirithe trí urraim don cheart chun tearmainn a áirithiú, agus tríd an gcúnamh is ga ó ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí ábhartha eile a chur ar fáil , go háirithe do mhionaoisigh neamhthionlactha .

Cúis

Tá glacadh an Rialacháin maidir le hIonstraimiú ag brath ar ghlacadh na dtograí le haghaidh an Rialacháin maidir leis an Nós Imeachta Tearmainn mar aon leis an athmhúnlú ar an Treoir maidir le Dálaí Glactha agus ar an Treoir um Fhilleadh araon faoin gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, rudaí atá faoi réir caibidlíocht leanúnach nó a cuireadh siar mar gheall ar sháinn. An tagairt do Rialachán (AE) XXX/XXX i gCód Teorainneacha Schengen atá beartaithe, is tagairt í do ghníomh nach léir go nglacfar, ar dócha go ndéanfar a ábhar a athrú le linn an phróisis reachtaigh, agus atá ag brath, thairis sin, ar ghlacadh tograí eile faoin gComhshocrú Nua. Lena chois sin, sa mheasúnú tionchair a ghabhann le Cód Teorainneacha Schengen atá beartaithe, ní dhearnadh measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na forálacha atá beartaithe mar fhreagairt ar an ionstraimiú. Dá bhrí sin, mar atá sé faoi láthair, cuireann an tagairt sin glacadh an togra féin maidir le Schengen i mbaol agus tagann sí salach ar an deimhneacht dhlíthiúil, ar Threoirlínte an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Rialáil Níos Fearr, agus ar Chomhaontú Idirinstitiúideach 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. De bhreis air sin, mar gheall ar an líon mór mionaoisigh neamhthionlactha sna limistéir is mó atá thíos leis an mbrú ó thaobh na himirce de, tá gá le ráthaíochtaí i dtaca le cosaint a gceart, i dtaca lena gcosaint féin, agus i dtaca le comhordú an chúnaimh is gá ó na páirtithe uile lena mbaineann, agus is ceart an méid sin a thabhairt dóibh.

Leasú 7

Aithris 12

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(12)

Go háirithe, i gcás ionstraimithe, i gcás inar gá, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a bheith in ann trácht teorann a theorannú don íosmhéid trí phointí trasnaithe teorann áirithe a dhúnadh, agus fíor-rochtain éifeachtach ar nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta a ráthú san am céanna. Ba cheart a chur san áireamh in aon chinneadh den sórt sin an bhfuil sé aitheanta ag an gComhairle go bhfuil an tAontas nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstát ag déileáil le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh. Thairis sin, ba cheart a chur san áireamh go hiomlán in aon srian den sórt sin, náisiúnaigh tríú tír ar tairbhithe iad den cheart chun saorghluaiseachta de bhun comhaontú idirnáisiúnta, agus náisiúnaigh tríú tír ar cónaithe fadtéarmacha iad faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais nó a bhfuil víosaí fadtéarmacha ina seilbh acu, agus ba cheart cearta a mball teaghlaigh a chur san áireamh freisin . Ba cheart na srianta sin a chur i bhfeidhm ar bhealach a áirithíonn urraim do na hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement.

(12)

Go háirithe, i gcás ionstraimithe, mar a shainmhínítear i bpointe 27 d’Airteagal 1(1)(b), i gcás inar gá, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann a bheith in ann trácht teorann a theorannú don íosmhéid trí phointí trasnaithe teorann áirithe a dhúnadh, agus fíor-rochtain éifeachtach ar nósanna imeachta cosanta idirnáisiúnta a ráthú san am céanna. Ba cheart a chur san áireamh in aon chinneadh den sórt sin an bhfuil sé aitheanta ag an gComhairle go bhfuil an tAontas nó ceann amháin nó níos mó dá Bhallstát ag déileáil le staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh. Thairis sin, níor cheart aon srian den sórt sin teorann a chur le cearta saoránach den Aontas , le cearta náisiúnach tríú tír ar tairbhithe iad den cheart chun saorghluaiseachta de bhun comhaontú idirnáisiúnta, ná le cearta náisiúnach tríú tír ar cónaithe fadtéarmacha iad faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais nó a bhfuil víosaí fadtéarmacha ina seilbh acu, ná le cearta a mball teaghlaigh ach oiread . Ba cheart na srianta sin a chur i bhfeidhm ar bhealach a áirithíonn urraim do na hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement.

Cúis

Na bearta atá beartaithe chun teorainn a chur le líon na dtrasnuithe teorann, beidh tionchar diúltach acu ar an rochtain ar thearmann ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus beidh baol ann go dtiocfaidh siad salach ar chuspóir foriomlán Limistéar Schengen, mar atá, gan teorainneacha inmheánacha a bheith ann. Dá bhrí sin, níor cheart dul ina muinín ach amháin sa chás nach ann don dara rogha agus gur aithníodh go bhfuil ionstraimiú ar bun. Níor cheart go ndéanfadh an fhéidearthacht bearta sriantacha a chur i bhfeidhm dochar d’fheidhmiú cheart na saorghluaiseachta atá ag saoránaigh an Aontais agus ag náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Aontas iad atá ina gcónaí ann go dleathach.

Leasú 8

Aithris 14

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(14)

De bhua Airteagal 41(1) de Rialachán (AE) 2019/1896, tá sé de cheangal ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mholadh do Bhallstát go n-iarrfaidh an Ballstát sin ar an nGníomhaireacht tacaíocht na Gníomhaireachta a thionscnamh, a chur i gcrích, nó a choigeartú, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar dhúshláin shainaitheanta ag na teorainneacha seachtracha, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin. Go háirithe d’fhéadfadh an gá atá ann le tacaíocht ón nGníomhaireacht a bheith soiléir i staideanna ina ndearna an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta meastóireacht leochaileachta thiomnaithe i ndáil le hionstraimiú imirceach. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe leochaileachta nó i gcás ina sanntar leibhéal tionchair géibheannach do cheann amháin nó níos mó de chodanna den teorainn sheachtrach agus na heilimintí ábhartha i bpleananna teagmhasacha an Bhallstáit, anailís riosca na Gníomhaireachta agus sraith anailíse an léargais ar dhálaí náisiúnta á gcur san áireamh, molfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin don Bhallstát lena mbaineann a iarraidh go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht tacaíocht na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Rialachán (AE) 2019/1896 a thionscnamh, a chur i bhfeidhm nó a choigeartú. Tá inniúlacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin gan dochar don tacaíocht ghinearálta a d’fhéadfadh an Ghníomhaireacht a bheith ag cur ar fáil do na Ballstáit.

(14)

De bhua Airteagal 41(1) de Rialachán (AE) 2019/1896, tá sé de cheangal ar Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta a mholadh do Bhallstát go n-iarrfaidh an Ballstát sin ar an nGníomhaireacht tacaíocht na Gníomhaireachta a thionscnamh, a chur i gcrích, nó a choigeartú, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar dhúshláin shainaitheanta ag na teorainneacha seachtracha, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin.

Cúis

Is ionann a bhfuil sa téacs a scriosadh agus a bhfuil i dtéacs Airteagal 41(1) de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus, dá bhrí sin, níl aon ghá leis.

Leasú 9

Aithris 15

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(15)

Ina theannta sin, i gcás ina ndéanfar imircigh a ionstraimiú, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an rialú teorann a threisiú , lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, trí bhearta breise lena gcuirtear cosc ar thrasnuithe neamhdhleathacha agus trí úsáid acmhainní breise agus modhanna teicniúla chun cosc a chur ar thrasnú neamhúdaraithe na teorann. D’fhéadfaí teicneolaíochtaí nua-aimseartha a áireamh ar mhodhanna teicniúla den sórt sin, lena n-áirítear dróin agus braiteoirí gluaisne, chomh maith le haonaid shoghluaiste. Ní mór úsáid na modhanna teicniúla den sórt sin, go háirithe aon teicneolaíocht atá in ann sonraí pearsanta a bhailiú, a bhunú agus a fheidhmiú i gcomhréir le forálacha atá sainithe go soiléir sa dlí náisiúnta.

(15)

Ina theannta sin, i gcás ina ndéanfar imircigh a ionstraimiú, mar a shainmhínítear i bpointe 27 d’Airteagal 1(1)(b) agus arna aithint dá réir ag an gComhairle Eorpach, ba cheart don Bhallstát lena mbaineann an faireachas teorann a threisiú trí acmhainní breise agus modhanna teicniúla a úsáid, teicneolaíochtaí nua-aimseartha san áireamh, chun aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí an teorainn a thrasnú go neamhrialta agus en masse . D’fhéadfaí teicneolaíochtaí nua-aimseartha a áireamh ar mhodhanna teicniúla den sórt sin, lena n-áirítear dróin agus braiteoirí gluaisne, chomh maith le haonaid shoghluaiste. Ní mór úsáid na modhanna teicniúla den sórt sin, go háirithe aon teicneolaíocht atá in ann sonraí pearsanta a bhailiú, a bhunú agus a fheidhmiú i gcomhréir le forálacha atá sainithe go soiléir sa dlí náisiúnta agus i gcomhréir le dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh .

Cúis

Níor cheart na bearta atá beartaithe a úsáid ach amháin sa chás nach ann don dara rogha agus gur aithin an Chomhairle Eorpach go hoifigiúil go bhfuil ionstraimiú ar bun. De bhreis air sin, níor cheart modhanna teicniúla a úsáid a thiocfadh salach ar dhlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Leasú 10

Aithris 16

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(16)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin iomchuí a shonrú, i ngníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Rialachán seo, maidir le faireachas ar theorainneacha, go háirithe maidir leis na teicneolaíochtaí nua a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid, agus cineál na dteorainneacha (teorainn talún, farraige nó aeir), na leibhéil tionchair a shanntar do gach cuid de theorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1896 agus tosca ábhartha eile á gcur san áireamh, mar fhreagairt shonrach ar chásanna ina ndéantar imircigh a ionstraimiú .

(16)

Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún caighdeáin iomchuí a shonrú, i ngníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Rialachán seo, maidir le faireachas ar theorainneacha, go háirithe maidir leis na teicneolaíochtaí nua a fhéadfaidh na Ballstáit a úsáid, agus cineál na dteorainneacha (teorainn talún, farraige nó aeir), na leibhéil tionchair a shanntar do gach cuid de theorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1896 agus tosca ábhartha eile á gcur san áireamh, mar fhreagairt shonrach ar bhagairtí, dúshláin, agus laigí ag na teoraineacha seachtracha .

Cúis

Mar atá in Aithris 8.

Leasú 11

Aithris 17

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(17)

I limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart daoine a bheith in ann gluaiseacht faoi shaoirse, agus faoi shlándáil idir na Ballstáit. I dtaca leis sin, ba cheart a shoiléiriú nach ndéanann an toirmeasc ar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha difear d’inniúlacht na mBallstát seiceálacha a dhéanamh ar a gcríoch, lena n-áirítear ag a dteorainneacha inmheánacha, chun críoch eile seachas rialú teorann. Ba cheart a shoiléiriú, go háirithe, go bhfanann údaráis inniúla náisiúnta , lena n-áirítear údaráis sláinte nó údaráis forfheidhmithe dlí, i bprionsabal, saor chun seiceálacha a dhéanamh agus iad ag feidhmiú na gcumhachtaí poiblí dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

(17)

I limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart daoine a bheith in ann gluaiseacht faoi shaoirse, agus faoi shlándáil idir na Ballstáit. I dtaca leis sin, ba cheart a shoiléiriú nach ndéanann an toirmeasc ar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha difear d’inniúlacht na mBallstát seiceálacha a dhéanamh ar a gcríoch, lena n-áirítear ag a dteorainneacha inmheánacha, chun críoch eile seachas rialú teorann. Ba cheart a shoiléiriú, go háirithe, go bhfanann na húdaráis atá inniúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil , lena n-áirítear údaráis sláinte nó údaráis forfheidhmithe dlí, i bprionsabal, saor chun seiceálacha a dhéanamh agus iad ag feidhmiú na gcumhachtaí poiblí dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.

Cúis

Chun na difríochtaí idir struchtúir rialachais agus inniúlachtaí gaolmhara ó Bhallstát go Ballstát a chur san áireamh, ba cheart gach leibhéal rialtais a lua.

Leasú 12

Aithris 18

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(18)

Cé go mbaineann an toirmeasc ar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha le seiceálacha a bhfuil éifeachtaí coibhéiseacha acu freisin, níor cheart a mheas go bhfuil seiceálacha ag údaráis inniúla coibhéiseach le seiceálacha teorann a dhéanamh i gcás nach bhfuil rialú teorann acu mar chuspóir, i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar fhaisnéis agus ar thaithí ghinearálta na n-údarás inniúil maidir leis na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil sé d’aidhm acu fanacht nó cónaí neamhrialta agus coireanna trasteorann a bhfuil baint acu le himirce neamhrialta a chomhrac, i gcás ina bhfuil siad ceaptha agus curtha i gcrích ar bhealach atá éagsúil go soiléir le seiceálacha córasacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha agus i gcás ina ndéantar iad ag moil iompair amhail poirt, stáisiúin traenach nó bus, nó aerfoirt, nó go díreach ar bord seirbhísí iompair paisinéirí, agus i gcás ina ndéantar iad ar bhonn anailís riosca.

 

Cúis

Ceadaítear na bearta sin leis na rialacha atá ann cheana féin. Níor cheart a thabhairt le tuiscint go mbeifí in ann níos mó rialuithe agus seiceálacha slándála a dhéanamh de thoradh na leasuithe atá beartaithe. Déantar dochar go háirithe do réigiúin a bhfuil teorainneacha inmheánacha iontu i gcás ina gcuirtear leis an líon rialuithe. Níor cheart bearta slándála atá bunaithe ar anailís riosca a theorannú leis na réigiúin sin.

Leasú 13

Aithris 20

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(20)

Maidir le cónaí nó fanacht neamhdhleathach agus coireacht trasteorann a bhaineann le himirce neamhrialta a chomhrac, amhail gáinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach agus calaois doiciméad agus cineálacha eile coireachta trasteorann, d’fhéadfaí a chuimsiú sna bearta sin bearta lena bhféadfar céannacht, náisiúntacht agus stádas cónaithe daoine a fhíorú ar choinníoll gur fíoruithe neamhchórasacha iad na fíoruithe sin agus go ndéantar iad ar bhonn anailís riosca.

 

Cúis

Leagtar amach in Airteagal 77 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an cuspóir “a áirithiú nach mbeidh aon rialú ar dhaoine, is cuma cén náisiúntacht atá acu, agus iad ag trasnú teorainneacha inmheánacha”. Thairis sin, rialaítear an comhrac i gcoinne cónaí nó fanacht neamhdhleathach i dTreoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (“an Treoir um Fhilleadh”) cheana féin agus níor cheart an méid sin a nascadh le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha. Ar an dóigh chéanna, rialaítear an creat chun coireanna trasteorann agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac i ngníomhartha reachtacha eile (3). Lena chois sin, leis an bhforáil sin, is ann don fhéidearthacht nach gcomhlíonfaí breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, dá réir is gá Cód Teorainneacha Schengen a thuiscint mar bhac ar an reachtaíocht náisiúnta lena dtabharfadh Ballstát ar dhuine, ar phian pionóis, pas nó cárta aitheantais a thaispeáint ar dhul isteach dó i gcríoch an Bhallstáit sin thar theorainn inmheánach, cé go bhfuil sé in aghaidh na forála a mbainfeadh an oibleagáid léi rialuithe teorann inmheánaí a thabhairt isteach arís (Cásanna Uamtha C-368/20 agus C-369/20).

Leasú 14

Aithris 24

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(24)

Na seiceálacha a dhéanfaidh na Ballstáit agus iad ag feidhmiú a n-inniúlachtaí náisiúnta, is gá a áirithiú go mbeidh na seiceálacha sin comhsheasmhach go hiomlán le limistéar atá saor ó rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit ag a limistéir teorann, dá mhéad atá na léirithe go bhfuil éifeacht ag na seiceálacha sin atá coibhéiseach leis an rialú teorann, ag féachaint do chuspóirí na seiceálacha sin, a raon feidhme críochach agus na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith eatarthu agus na seiceálacha a dhéantar ar an gcuid eile de chríoch na Ballstáit lena mbaineann, is ea is mó an gá atá ann le rialacha agus teorannacha dochta mionsonraithe lena leagtar síos na coinníollacha maidir leis na Ballstáit a gcumhachtaí póilíneachta i limistéar teorann a fheidhmiú.

(24)

Na seiceálacha a dhéanfaidh na Ballstáit agus iad ag feidhmiú a n-inniúlachtaí náisiúnta, is gá a áirithiú go mbeidh na seiceálacha sin comhsheasmhach go hiomlán le limistéar atá saor ó rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, na seiceálacha a dhéanann na Ballstáit ag a limistéir teorann, dá mhéad atá na léirithe go bhfuil éifeacht ag na seiceálacha sin atá coibhéiseach leis an rialú teorann, ag féachaint do chuspóirí na seiceálacha sin, a raon feidhme críochach agus na difríochtaí a d’fhéadfadh a bheith eatarthu agus na seiceálacha a dhéantar ar an gcuid eile de chríoch na Ballstáit lena mbaineann, is ea is mó an gá atá ann le rialacha agus teorannacha dochta mionsonraithe lena leagtar síos na coinníollacha maidir leis na Ballstáit a gcumhachtaí póilíneachta nó a gcumhachtaí poiblí eile i limistéar teorann a fheidhmiú.

Cúis

An chuid seo den togra a chur i gcomhréir leis an gcuid eile de.

Leasú 15

Aithris 25

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(25)

Is gá bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach i limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Chun feidhmiú limistéar Schengen a neartú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann bearta breise a dhéanamh chun dul i ngleic le gluaiseachtaí neamhrialta idir na Ballstáit, agus chun fanachtaí neamhdhleathacha a chomhrac. I gcás ina ngabhann údaráis forfheidhmithe dlí de chuid Ballstáit áirithe náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ag na teorainneacha inmheánacha mar chuid de chomhar oibríochtúil póilíneachta trasteorann, ba cheart na húdaráis sin a bheith in ann an ceart a dhiúltú do na daoine sin dul isteach ar a gcríoch nó fanacht uirthi agus iad a aistriú chuig an mBallstát ónar tháinig siad isteach. Ba cheart a cheangal ar an mBallstát as ar tháinig an duine go díreach glacadh leis na náisiúnaigh tríú tír a gabhadh.

(25)

Is gá bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach i limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha.

Cúis

Níl na féidearthachtaí atá beartaithe le haghaidh aistrithe díreacha i gcomhréir le caighdeáin dhlíthiúla idirnáisiúnta ná Eorpacha maidir le gluaiseacht daoine i limistéar Schengen. Bheadh sé an-deacair freisin na bearta sin a ailíniú leis na caighdeáin arna leagann síos ag córas Bhaile Átha Cliath maidir le comhroinnt freagrachta agus chuirfeadh siad a thuilleadh le comhroinnt mhíchothrom na freagrachta ó thaobh tearmann agus imirce neamhrialta de, rud a thiocfadh salach ar chur i bhfeidhm ceart phrionsabal na coimhdeachta agus chuspóir an chur chuige choitinn Eorpaigh. Leis an nós imeachta atá beartaithe, bheadh ní ba mhó éagsúlachta ann ó thaobh cleachtais de agus bheadh baol ann go sárófaí cearta bunúsacha.

Leasú 16

Aithris 26

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(26)

An nós imeachta trína bhféadfaidh Ballstát náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a aistriú go tapa chuig Ballstát as ar tháinig an duine go díreach, ba cheart é a bheith faoi réir coimircí agus é á chur i gcrích agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a chumhdaítear in Airteagal 21 den Chairt, chun próifíliú ciníoch a chosc. Ba cheart é a bheith indéanta ag na húdaráis fíorú a dhéanamh ar fhaisnéis ábhartha atá ar fáil láithreach do na húdaráis maidir le gluaiseachtaí na ndaoine lena mbaineann. Féadfaidh eilimintí oibiachtúla a bheith san fhaisnéis sin lena gceadófaí do na húdaráis a chinneadh gur thaistil an duine ó Bhallstát eile le déanaí, amhail seilbh doiciméad, lena n-áirítear admhálacha nó sonraisc, lena bhfianaítear taisteal ó Bhallstát eile le déanaí. Ba cheart cinneadh réasúnaithe i scríbhinn a thabhairt do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir an nós imeachta aistrithe. Cé gur cheart an cinneadh a bheith in-fhorghníomhaithe láithreach, ba cheart leigheas éifeachtach a chur ar fáil don náisiúnach tríú tír chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh aistrithe nó athbhreithniú air a lorg. Níor cheart éifeacht fionraíochta a bheith ag an leigheas sin.

 

Cúis

Mar atá in Aithris 25. De bhreis air sin, tá an chuma ar an gcuid a bhaineann le leigheasanna dlí nach bhfuil sí ag teacht le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

Leasú 17

Aithris 27

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(27)

Níor cheart go ndéanfadh an nós imeachta aistrithe dá bhforáiltear faoin Rialachán seo difear don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit náisiúnaigh tríú tír neamhrialta a fhilleadh i gcomhréir le comhaontuithe déthaobhacha nó socruithe déthaobhacha dá dtagraítear in Airteagal 6(3) de Threoir 2008/115/CE (an “Treoir um Fhilleadh”), i gcás ina mbraitear na daoine sin lasmuigh de limistéar na dteorainneacha inmheánacha. Chun cur i bhfeidhm comhaontuithe den sórt sin a éascú, agus chun comhlánú a dhéanamh ar an gcuspóir maidir le cosaint a thabhairt don limistéar gan teorainneacha inmheánacha, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit comhaontuithe nó socruithe nua a thabhairt i gcrích agus na comhaontuithe nó na socruithe atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon mhodhnú nó aon nuashonrú ar chomhaontuithe nó ar shocruithe nua. I gcás inar ghlac Ballstát náisiúnach tríú tír ar ais faoin nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó ar bhonn comhaontú déthaobhach nó socrú déthaobhach, ba cheart a cheangal ar an mBallstát lena mbaineann cinneadh um fhilleadh a eisiúint i gcomhréir leis an Treoir um Fhilleadh. Chun comhsheasmhacht a áirithiú idir na nósanna imeachta nua dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus na rialacha atá ann cheana maidir le náisiúnaigh tríú tír a fhilleadh, is gá, dá bhrí sin, modhnú spriocdhírithe a dhéanamh ar Airteagal 6(3) den Treoir um Fhilleadh.

 

Cúis

Mar atá in Aithris 25 agus Aithris 26. De bhreis air sin, d’fhéadfadh sé go mbainfí an bonn ón dlúthpháirtíocht Eorpach de dheasca an spleáchais mhóir ar chomhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit a mbeadh gá leo chun na haistrithe sin a chur chun feidhme. Lena chois sin, i gcomhréir leis an tuairim ó Sheirbhís Dlí Chomhairle an Aontais Eorpaigh (6357/21, 19.2.2021) ina dtugtar míniú mionsonraithe ar an ngeoiméadracht athraitheach idir acquis Schengen agus acquis Bhaile Átha Cliath maidir leis na tograí faoin gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, d’fhéadfaí forálacha maidir le filleadh a chur san áireamh an athuair sa togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir um Fhilleadh (mar a mhol an Coimisiún in 2018 i dtogra atá idir lámha ag an gComhairle faoi láthair). De rogha air sin, d’fhéadfadh na forálacha sin a bheith ina gcuid de thogra chun an Treoir um Fhilleadh a leasú. Ní bheadh sé ag teacht le gealltanas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le rialáil níos fearr, dá ndéanfaí leasú ar an Treoir um Fhilleadh trí bhíthin Chód Teorainneacha Schengen athbhreithnithe.

Leasú 18

Aithris 29

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(29)

Ina theannta sin, d’fhéadfadh bagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach a bheith ann mar thoradh ar ghluaiseachtaí mórscála neamhúdaraithe d’imircigh neamhrialta idir na Ballstáit i gcás ina gcruthaíonn sé sin staid ina gcuirtear brú ar acmhainní foriomlána agus ar acmhainní na seirbhísí náisiúnta freagracha, i gcás nach leor na modhanna eile dá bhforáiltear faoin Rialachán seo chun aghaidh a thabhairt ar na hinsreabha agus ar na gluaiseachtaí sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann brath ar thuarascálacha oibiachtúla cainníochtaithe maidir le gluaiseachtaí neamhúdaraithe nuair a bhíonn siad ar fáil, go háirithe, nuair a tháirgeann gníomhaireachtaí inniúla an Aontais iad ar bhonn rialta i gcomhréir lena sainorduithe féin. Ba cheart é a bheith indéanta ag Ballstát úsáid a bhaint as an bhfaisnéis arna soláthar ag na gníomhaireachtaí chun a léiriú sa mheasúnú riosca gur bagairt eisceachtúil í an bhagairt shainaitheanta, bagairt arb é is cúis léi an ghluaisteacht neamhúdaraithe, chun bonn cirt a thabhairt le rialuithe teorann athbhunú ar an bhforas sin.

 

Cúis

Níor cheart é a áireamh ina bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach ar údar cuí é do Bhallstáit aonair le rialuithe teorann a thabhairt isteach an athuair ag na teorainneacha inmheánacha nó le síneadh a chur leo cás inarb ann do ghluaiseachtaí móra neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit, mar bheadh sé ag teacht salach ar chuspóir an togra agus ar chur i bhfeidhm cuí phrionsabal na coimhdeachta dá mba chuid den chreat ginearálta an méid sin. I gcás inarb ann do ghluaiseachtaí idir na Ballstáit a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thromlach na mBallstát, ní mór aghaidh a thabhairt air sin ar leibhéal an Aontais mar a mholtar de réir Airteagal 28 agus an cás a chur faoi réir cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle.

Leasú 19

Aithris 34

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(34)

Chun comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta a áirithiú, ba cheart cinneadh na Comhairle a ghlacadh ar feadh tréimhse teoranta nach faide ná sé mhí, tréimhse a fhéadfar a shíneadh faoi réir athbhreithniú rialta ar bhonn togra ón gCoimisiún , fad is a mheastar gurb ann fós don bhagairt . Ba cheart a áireamh sa chinneadh tosaigh measúnú ar an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta a glacadh, lena n-áirítear na fo-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann leo, d’fhonn a chinneadh an bhfuil bonn cirt le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha nó an bhféadfaí bearta nach bhfuil chomh sriantach a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach ina n-áit. I gcinntí a dhéanfar ina dhiaidh sin, ba cheart éabhlóid na bagartha a sainaithníodh a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas láithreach maidir le hathbhunú rialuithe teorann i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle.

(34)

Chun comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta a áirithiú, ba cheart cinneadh na Comhairle a ghlacadh ar feadh tréimhse teoranta nach faide ná sé mhí, tréimhse a bhféadfar síneadh suas le 24 mhí a chur léi i gcás go meastar gur ann don bhagairt i gcónaí, faoi réir athbhreithniú rialta ar bhonn togra ón gCoimisiún. Ba cheart a áireamh sa chinneadh tosaigh measúnú ar an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta a glacadh, lena n-áirítear na fo-éifeachtaí díobhálacha a bhaineann leo, d’fhonn a chinneadh an bhfuil bonn cirt le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha nó an bhféadfaí bearta nach bhfuil chomh sriantach a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtach ina n-áit. I gcinntí a dhéanfar ina dhiaidh sin, ba cheart éabhlóid na bagartha a sainaithníodh a chur san áireamh. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas láithreach maidir le hathbhunú rialuithe teorann i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle.

Cúis

Léirítear leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha atá á ndéanamh ó bhí 2015 ann nach mór uasteorainn sheasta a bheith ann chun rialuithe leathbhuana ag teorainneacha inmheánacha arna mbunú ar an mbagairt chéanna i gcónaí a sheachaint. An tréimhse thosaigh sé mhí agus an uastréimhse 24 mhí arna moladh le haghaidh na rialuithe sin, is éard is bunús leo an aidhm fhoriomlán réitigh Eorpacha a lorg ar a leithéid de chás in áit réitigh náisiúnta. Sa chomhthéacs sin, is fiú a lua, dá mba ann do bhagairt de chineál nua, ceadaítear leis na rialacha atá ann cheana féin rialuithe a thabhairt isteach an athuair ag teorainneacha inmheánacha (Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 26 Aibreán 2022, Cásanna Uamtha C-368/20 agus C-369/20).

Leasú 20

Aithris 35

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(35)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith fós ann freisin teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha, rud a chuirfeadh feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol. Tréimhsí inar athbhunaigh na Ballstáit rialuithe teorann de bharr phráinn na staide a d’éiligh sin, nó ina gcinneann an Chomhairle an t-athbhunú a mholadh de bhrí go ndéanann bagairt difear do líon suntasach Ballstát, níor cheart iad a áireamh sa tréimhse dhá bhliain is infheidhme maidir le hathbhunú atá bunaithe ar easnaimh thromchúiseacha ag na teorainneacha seachtracha.

(35)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith fós ann freisin teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcás ina bhfuil easnaimh thromchúiseacha ann i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha, rud a chuirfeadh feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol. Tréimhsí inar athbhunaigh na Ballstáit rialuithe teorann de bharr phráinn na staide a d’éiligh sin, nó ina gcinneann an Chomhairle an t-athbhunú a mholadh de bhrí go ndéanann bagairt difear do líon suntasach Ballstát, ba cheart iad a áireamh sa tréimhse dhá bhliain is infheidhme maidir le hathbhunú atá bunaithe ar easnaimh thromchúiseacha ag na teorainneacha seachtracha.

Cúis

Ba cheart teorainn ama dhá bhliain a a fhágáil i bhfeidhm, ionas go mbeifí in ann bearta comhordaithe Eorpacha a éascú agus a ghairm chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh thromchúiseacha i mbainistiú na dteorainneacha seachtracha a luaithe ab fhéidir.

Leasú 21

Aithris 38

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(38)

Chun iarmhairtí díobhálacha a thagann as athbhunú rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a theorannú, ba cheart bearta maolaitheacha a bheith ag gabháil le haon chinneadh maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú más gá. Ba cheart a chuimsiú leis na bearta sin, bearta a áiritheoidh oibriú rianúil idirthurais earraí agus pearsanra iompair agus maraithe trí “lánaí glasa” a bhunú. Sa bhreis air sin, agus chun aird a thabhairt ar an ngá atá ann gluaiseacht daoine a áirithiú a bhféadfadh a ngníomhaíochtaí a bheith riachtanach chun an slabhra soláthair a chaomhnú nó chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar, ba cheart do na Ballstáit na treoirlínte atá ann cheana maidir le hoibrithe trasteorann a chur i bhfeidhm freisin45. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart a chur san áireamh sna rialacha maidir le hathbhunú na rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, na treoirlínte agus na moltaí a glacadh i rith phaindéim COVID19 mar líontán daingean sábháilteachta don Mhargadh Aonair, chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm iad, i gcás inarb iomchuí, mar bhearta maolaithe le linn do rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith i bhfeidhm arís. Ba cheart, go háirithe, bearta a shainaithint d’fhonn feidhmiú leanúnach an Mhargaidh Aonair a áirithiú agus d’fhonn leasanna na réigiún trasteorann agus “na gcathracha cúplacha” a chosaint, lena n-áirítear, mar shampla, údaruithe nó maoluithe do chónaitheoirí na réigiún trasteorann.

(38)

Chun iarmhairtí díobhálacha a thagann as athbhunú rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a theorannú, ba cheart bearta maolaitheacha a bheith ag gabháil le haon chinneadh maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú más gá. Ba cheart a chuimsiú leis na bearta sin, bearta a áiritheoidh oibriú rianúil idirthurais earraí agus pearsanra iompair agus maraithe trí “lánaí glasa” a bhunú. Sa bhreis air sin, agus chun aird a thabhairt ar an ngá atá ann gluaiseacht daoine a áirithiú a bhféadfadh a ngníomhaíochtaí a bheith riachtanach chun an slabhra soláthair a chaomhnú nó chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar, ba cheart do na Ballstáit na treoirlínte atá ann cheana maidir le hoibrithe trasteorann a chur i bhfeidhm freisin45. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart a chur san áireamh sna rialacha maidir le hathbhunú na rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, na treoirlínte agus na moltaí a glacadh i rith phaindéim COVID19 mar líontán daingean sábháilteachta don Mhargadh Aonair, chun a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm iad, i gcás inarb iomchuí, mar bhearta maolaithe le linn do rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith i bhfeidhm arís. Ba cheart, go háirithe, bearta a shainaithint, agus seasamh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i réigiúin trasteorann á chur san áireamh, d’fhonn feidhmiú leanúnach an Mhargaidh Aonair a áirithiú agus d’fhonn leasanna na réigiún trasteorann agus “na gcathracha cúplacha” a chosaint, lena n-áirítear, mar shampla, údaruithe nó maoluithe do chónaitheoirí na réigiún trasteorann.

Cúis

Lena áirithiú gur i gcomhar leis na húdaráis inniúla i réigiúin trasteorann a mbeidh tionchar ag na bearta maolaithe orthu a mholfar na bearta céanna.

Leasú 22

Aithris 45

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(45)

Chun go bhféadfar an anailís post factum a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le rialuithe teorann a athbhunú ar bhonn sealadach ag na teorainneacha inmheánacha, ba cheart é a bheith mar oibleagáid ar na Ballstáit fós tuarascáil maidir le hathbhunú na rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin a luaithe a chuireann siad deireadh leis na rialuithe. I gcás ina gcoinnítear na rialuithe ar feadh tréimhsí fada ama, ba cheart an tuarascáil sin a chur isteach freisin tar éis dhá mhí dhéag, agus gach bliain ina dhiaidh sin má choimeádtar rialuithe eisceachtúla ar bun agus fad a choimeádtar na rialuithe ar bun. Ba cheart a leagan amach sa tuarascáil , go háirithe, an measúnú tosaigh agus an measúnú leantach ar an ngá atá le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha agus ar urramú na gcritéar maidir le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Ba cheart don Choimisiún teimpléad a ghlacadh i ngníomh cur chun feidhme agus é a chur ar fáil ar líne.

(45)

Chun go bhféadfar an anailís leanúnach agus an anailís post factum araon a dhéanamh ar an gcinneadh maidir le rialuithe teorann a athbhunú ar bhonn sealadach ag na teorainneacha inmheánacha, ba cheart é a bheith mar oibleagáid ar na Ballstáit fós tuarascálacha rialta maidir le hathbhunú na rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin fad is atá na rialuithe sin i bhfeidhm agus tuarascáil deiridh a chur faoina mbráid a luaithe a chuireann siad deireadh leis na rialuithe. I gcás ina gcoinnítear na rialuithe ar feadh tréimhsí fada ama, ba cheart tuarascálacha measúnachta leanúnacha a chur isteach gach sé mhí agus ní mór tuarascáil deiridh post factum a chur isteach nuair a chuirtear deireadh leis na rialuithe teorann inmheánaí . Ba cheart a leagan amach sna tuarascálacha , go háirithe, an measúnú tosaigh agus an measúnú leantach ar an ngá atá le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha agus ar urramú na gcritéar maidir le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú. Ba cheart don Choimisiún teimpléid a ghlacadh i ngníomh cur chun feidhme agus iad a chur ar fáil ar líne.

Cúis

Ba cheart measúnú leanúnach a bheith ann. Ós rud é gur cheart uasteorainn 24 mhí a chur leis na rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, ní gá foráil a dhéanamh do níos mó ná tuarascáil mheasúnachta post factum amháin ar eagla go gcuirfí síneadh ní ba mhó ná 12 mhí leis na rialuithe sin. Mar sin féin, ba cheart tuarascálacha measúnachta leanúnacha a dhéanamh ag deireadh gach tréimhse 6 mhí agus ba cheart tuarascáil deiridh post factum a eisiúint nuair a chuirtear deireadh leis na rialuithe teorann inmheánaí.

Leasú 23

Airteagal 1, Pointe (1)(b)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

b)

cuirtear isteach pointí 27 go 29 seo a leanas:

b)

cuirtear isteach pointí 27 go 29 seo a leanas:

“27.

tagraíonn ‘ionstraimiú imirceach’ do staid ina dtionscnaíonn tríú tír sreabha imirce neamhrialta isteach san Aontas trí ghluaiseacht náisiúnach tríú tír chuig teorainneacha seachtracha na mBallstát a spreagadh nó a éascú go gníomhach, is é sin isteach ina chríoch féin i dtosach báire nó ag teacht óna chríoch féin agus ansin ar aghaidh chuig na teorainneacha seachtracha sin, i gcás ina léiríonn na gníomhaíochtaí sin rún chun an tAontas nó Ballstát a dhíchobhsú, agus i gcás ina bhféadfadh na gníomhaíochtaí sin feidhmeanna bunriachtanacha Stáit, a chur i mbaol lena n-áirítear a iomláine chríochach, caomhnú rialach agus reachta, nó cosaint a shlándála náisiúnta;

“27.

tagraíonn ‘ionstraimiú imirceach’ do staid ina dtugann tríú tír nó gníomhaí arna urrú ag tríú tír tacaíocht ghníomhach do líon suntasach náisiúnaigh tríú tír iarracht a dhéanamh teacht isteach go neamhrialta agus en masse i mBallstát den Aontas, d’fhonn an tAontas nó Ballstát den Aontas a dhíchobhsú, agus i gcás inar féidir leis an mBallstát lena mbaineann údar cuí a thabhairt leis go bhfágann na gníomhartha sin i mbaol feidhmeanna bunriachtanacha stáit, caomhnú rialach agus reachta, nó cosaint a shlándála náisiúnta , agus ina n-aithníonn an Chomhairle Eorpach ar bhonn práinne go bhfuil an tAontas nó ceann amháin dá Bhallstáit ar a laghad ag dul i ngleic le cás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh;

28.

ciallaíonn ‘taisteal riachtanach’ taisteal a bhfuil feidhm nó riachtanas riachtanach leis, agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát á gcur san áireamh, oibleagáidí a liostaítear in Iarscríbhinn XI;

28.

Ciallaíonn ‘taisteal riachtanach’ taisteal a bhfuil feidhm nó riachtanas riachtanach leis, agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát á gcur san áireamh, oibleagáidí a liostaítear in Iarscríbhinn XI;

29.

ciallaíonn ‘taisteal neamhriachtanach’ taisteal chun críoch eile seachas taisteal riachtanach;

29.

ciallaíonn ‘taisteal neamhriachtanach’ taisteal chun críoch eile seachas taisteal riachtanach;

30.

ciallaíonn ‘moil iompair’ aerfoirt, calafoirt farraige nó abhann, stáisiúin traenach nó bus.”

30.

ciallaíonn ‘moil iompair’ aerfoirt, calafoirt farraige nó abhann, stáisiúin traenach nó bus.”

Cúis

Tá an sainmhíniú ar ionstraimiú atá beartaithe róleathan agus tá easpa soiléireachta ann, rud a fhágann baol ann go measfar an-chuid cásanna difriúla a bheith ag teacht leis. Tá sé ag teacht salach freisin ar na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, rud is léir ón Measúnú Tionchair comhfhreagrach (SWD(2021) 462 final) ina n-admhaítear nach bhfiosraítear ann ionstraimiú na himirce neamhrialta. Éilítear le hAithris 12 den togra gur cheart a chur san áireamh in aon chinneadh oibríochtúil arna dhéanamh ag Ballstát lena mbaineann an bhfuil sé aitheanta ag an gComhairle Eorpach go bhfuil an tAontas nó ceann amháin dá Bhallstát ar a laghad ag dul i ngleic le cás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh. De réir Aithris 10, “Ba cheart don Aontas leas a bhaint as na huirlisí uile atá ina bhosca uirlisí de bhearta taidhleoireachta, maoiniúcháin agus oibriúcháin chun tacú leis na Ballstáit ar gá dóibh déileáil leis an ionstraimiú sin. Ba cheart tús áite a thabhairt d’iarrachtaí taidhleoireachta an Aontais nó an Bhallstáit lena mbaineann mar mhodh chun aghaidh a thabhairt ar fheiniméan an ionstraimithe”. Dá bhrí sin, tá gá le comhdhearcadh polaitiúil ar leibhéal an Aontais maidir leis an rud is ionstraimiú ann. I bhfianaise a thromchúisí agus atá na bearta sriantacha arna bhforchur ar dhaoine aonair dá thoradh, agus ós rud é gur freagra atá sa togra ón gCoimisiún ar iarraidh ón gComhairle Eorpach (EUCO 17/21), ní mór foráil a chur san áireamh sa sainmhíniú maidir le seasamh dearfach de chuid na Comhairle Eorpaí, arna teacht le chéile go pras chun go bhféadfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann beart pras a dhéanamh. Maidir leis na bearta sriantacha atá ar fáil do na Ballstáit i gcásanna éagsúla eile, déantar foráil cheana féin sa chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair i dTreoir 2013/32/AE (4) agus i dTreoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) maidir le solúbthacht oibríochtúil a thabhairt chun na suíomhanna a shainiú ar cheart iarratais ar tearmann a chur isteach iontu, chun spriocdháta a chur siar agus chun dálaí ábharacha glactha a shocrú.

Leasú 24

Airteagal 1, pointe (2)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(2)

In Airteagal 5, cuirtear isteach an mhír nua 4 seo a leanas:

(2)

In Airteagal 5, cuirtear isteach an mhír nua 4 seo a leanas:

“4.   I staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, féadfaidh na Ballstáit srian a chur le líon na bpointí trasnaithe teorann arna bhfógairt de bhun mhír 1 nó srian a chur lena n-uaireanta oscailte i gcás inar gá sin .

“4.   I staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, mar a shainmhínítear i bpointe 27 d’Airteagal 1(1)(b), féadfaidh na Ballstáit srian a chur le líon na bpointí trasnaithe teorann arna bhfógairt de bhun mhír 1 i gcás cúinsí an-teoranta agus dea-shainithe .

Aon shrian arna ghlacadh de bhun na chéad fhomhíre, déanfar a chur chun feidhme ar bhealach comhréireach agus ar bhealach lena gcuirtear san áireamh go hiomlán na cearta seo a leanas:

Aon shrian arna ghlacadh de bhun na chéad fhomhíre, déanfar a chur chun feidhme ar bhealach comhréireach agus ar bhealach lena gcuirtear san áireamh go hiomlán na cearta seo a leanas:

(a)

daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;

(a)

daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;

(b)

náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad faoi Threoir 2003/109/CE ón gComhairle56, daoine a bhfuil a ceart cónaitheachta acu ó ionstraimí eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta nó daoine a bhfuil víosaí fadtéarmacha náisiúnta acu, mar aon le baill teaghlaigh na ndaoine sin faoi seach;

(b)

náisiúnaigh tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad faoi Threoir 2003/109/CE ón gComhairle56, daoine a bhfuil a ceart cónaitheachta acu ó ionstraimí eile de dhlí an Aontais nó den dlí náisiúnta nó daoine a bhfuil víosaí fadtéarmacha náisiúnta acu, mar aon le baill teaghlaigh na ndaoine sin faoi seach;

(c)

náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu.”

(c)

náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh líon leordhóthanach pointí clárúcháin ar oscailt, lena n-áirítear pointí trasnaithe, agus go mbeidh teacht ag iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta orthu, d’fhonn cosaint éifeachtach ar refoulement a ráthú, lena n-áirítear an ceart iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, agus go bhfuil coimircí iomchuí i bhfeidhm i dtaca leis an bhfreastal ar dhaoine leochaileacha.”

Cúis

Na bearta atá beartaithe chun teorainn a chur le líon na dtrasnuithe teorann, beidh tionchar diúltach acu ar an gceart iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta agus d’fhéadfadh sé go ndéanfar refoulement neamhdhleathach dá ndeasca ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus beidh baol ann go dtiocfaidh siad salach ar chuspóir foriomlán Limistéar Schengen, mar atá, gan rialuithe a bheith ann ag teorainneacha inmheánacha. Dá bhrí sin, níor cheart iad a úsáid ach amháin mar rogha dheireanach. Ní réiteofar géarchéim gheopholaitiúil trí chaighdeáin an Aontais a ísliú maidir le dlí an tearmainn. Ina ionad sin, lagóidh sé íomhá an Aontais ar fud an domhain mar phobal a bhfuil luachanna aige

Leasú 25

Airteagal 1(3)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

(3)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:

“Airteagal 13

“Airteagal 13

Faireachas ar theorainneacha

Faireachas ar theorainneacha

1.   Is é an príomhchuspóir atá leis an bhfaireachas ar theorainneacha trasnuithe teorann neamhúdaraithe a bhrath agus chosc, an choireacht trasteorann a chomhrac agus bearta a ghlacadh i gcoinne daoine atá tar éis an teorainn a thrasnú go neamhdhleathach. Duine a thrasnaigh teorainn go mídhleathach agus nach bhfuil cead aige fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá i gceist, déanfar an duine sin a ghabháil agus a chur faoi réir na nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE.

1.   Is é an príomhchuspóir atá leis an bhfaireachas ar theorainneacha trasnuithe teorann neamhúdaraithe a bhrath agus chosc, an choireacht trasteorann a chomhrac agus bearta a ghlacadh i gcoinne daoine atá tar éis an teorainn a thrasnú go neamhdhleathach. Duine a thrasnaigh teorainn go mídhleathach agus nach bhfuil cead aige fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá i gceist, déanfar an duine sin a ghabháil agus a chur faoi réir na nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE.

2.   Bainfidh na gardaí teorann úsáid as aonaid dho-aistrithe nó aonaid shoghluaiste chun faireachas a dhéanamh ar theorainneacha. Déanfar an faireachas sin ar bhealach a chuirfidh cosc ar dhaoine trasnuithe teorann neamhúdaraithe a dhéanamh idir pointí trasnaithe teorann agus a theacht timpeall ar na seiceálacha atá ag na pointí trasnaithe teorann, agus ar bhealach a dhíspreagfaidh iad an dá rud sin a dhéanamh.

2.   Bainfidh na gardaí teorann úsáid as aonaid dho-aistrithe nó aonaid shoghluaiste chun faireachas a dhéanamh ar theorainneacha. Déanfar an faireachas sin ar bhealach a chuirfidh cosc ar dhaoine trasnuithe teorann neamhúdaraithe a dhéanamh idir pointí trasnaithe teorann agus a theacht timpeall ar na seiceálacha atá ag na pointí trasnaithe teorann, agus ar bhealach a dhíspreagfaidh iad an dá rud sin a dhéanamh.

3.   Is iad na gardaí teorann a dhéanfaidh faireachas idir pointí trasnaithe teorann agus déanfar líon agus modhanna na ngardaí sin a oiriúnú ag brath ar na rioscaí agus na bagairtí atá ann nó a mheastar a bheidh ann. Beidh athruithe minice agus tobanna ar thréimhsí faireachais agus ar mhodhanna nó teicnící eile i gceist leis, ionas go mbraithfear nó go gcoiscfear trasnuithe teorann neamhúdaraithe ar bhealach éifeachtach.

3.   Is iad na gardaí teorann a dhéanfaidh faireachas idir pointí trasnaithe teorann agus déanfar líon agus modhanna na ngardaí sin a oiriúnú ag brath ar na rioscaí agus na bagairtí atá ann nó a mheastar a bheidh ann. Beidh athruithe minice agus tobanna ar thréimhsí faireachais agus ar mhodhanna nó teicnící eile i gceist leis, ionas go mbraithfear nó go gcoiscfear trasnuithe teorann neamhúdaraithe ar bhealach éifeachtach.

4.   Is aonaid dho-aistrithe nó aonaid shoghluaiste a dhéanfaidh an faireachas agus chun a gcúraimí a chomhlíonadh beidh siad ag patrólú nó suite in áiteanna a n-aithnítear iad a bheith leochaileach nó a cheaptar iad a bheith amhlaidh, agus beidh d’aidhm ag an bhfaireachas sin trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc nó daoine a thrasnaíonn an teorainn go neamhdhleathach a ghabháil. Féadfar faireachas a dhéanamh ar bhealaí teicniúla freisin, lena n-áirítear bealaí leictreonacha, trealamh leictreonach agus córais faireachais leictreonacha.

4.   Is aonaid dho-aistrithe nó aonaid shoghluaiste a dhéanfaidh an faireachas agus chun a gcúraimí a chomhlíonadh beidh siad ag patrólú nó suite in áiteanna a n-aithnítear iad a bheith leochaileach nó a cheaptar iad a bheith amhlaidh, agus beidh d’aidhm ag an bhfaireachas sin trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc nó daoine a thrasnaíonn an teorainn go neamhdhleathach a ghabháil. Féadfar faireachas a dhéanamh ar bhealaí teicniúla freisin, lena n-áirítear bealaí leictreonacha, trealamh leictreonach agus córais faireachais leictreonacha.

5.   I staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, treiseoidh an Ballstát lena mbaineann an faireachas ar theorainneacha de réir mar is gá chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt mhéadaithe . Go háirithe , cuirfidh an Ballstát feabhas , de réir mar is iomchuí, ar na hacmhainní agus ar na modhanna teicniúla chun cosc a chur ar thrasnú teorann neamhúdaraithe.

5.   I staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, mar a shainmhínítear i bpointe 27 d’Airteagal 1(1)(b) agus arna aithint dá réir ag an gComhairle Eorpach, treiseoidh an Ballstát lena mbaineann an faireachas ar theorainneacha i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar iarrachtaí méadaithe an teorainn a thrasnú go neamhrialta agus en masse . Chun na críche sin , cuirfidh an Ballstát, de réir mar is iomchuí, leis na hacmhainní agus na modhanna teicniúla chun feabhas a chur ar an bhfaireachas ar theorainneacha .

--Féadfar teicneolaíochtaí nuaaimseartha a áireamh ar na modhanna teicniúla sin, lena náirítear ladrainn agus braiteoirí gluaisne, mar aon le haonaid shoghluaiste chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe isteach san Aontas a chosc.

Féadfar teicneolaíochtaí nua-aimseartha a áireamh ar na modhanna teicniúla sin, lena n-áirítear ladrainn agus braiteoirí gluaisne, mar aon le haonaid shoghluaiste chun trasnuithe teorann neamhúdaraithe isteach san Aontas a chosc.

6.     Gan dochar don tacaíocht a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a chur ar fáil do na Ballstáit, i staid ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, féadfaidh an Ghníomhaireacht measúnú leochaileachta a dhéanamh dá bhforáiltear in Airteagal 10(1), pointe (c) agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 57, d’fhonn an tacaíocht is gá a chur ar fáil don Bhallstát lena mbaineann. Ar bhonn thorthaí an mheasúnaithe sin nó aon mheasúnaithe leochaileachta ábhartha eile nó má shanntar leibhéal tionchair géibheannach don chuid den teorainn lena mbaineann de réir bhrí Airteagal 35(1)(d) de Rialachán (AE) 2019/1896, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta moltaí, i gcomhréir le hAirteagal 41(1) den Rialachán sin, chuig aon Bhallstát lena mbaineann.

6.    Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 maidir le bearta breise lena rialaítear faireachas, lena n-áirítear forbairt caighdeán maidir le faireachas ar theorainneacha, go háirithe úsáid teicneolaíochtaí faireachais agus faireacháin ag na teorainneacha seachtracha, agus aird á tabhairt ar na cineálacha teorainneacha, na leibhéil tionchair atá sannta do gach cuid den teorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1896 agus tosca ábhartha eile.”

7.    Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 maidir le bearta breise lena rialaítear faireachas, lena n-áirítear forbairt caighdeán maidir le faireachas ar theorainneacha, go háirithe úsáid teicneolaíochtaí faireachais agus faireacháin ag na teorainneacha seachtracha, agus aird á tabhairt ar na cineálacha teorainneacha, na leibhéil tionchair atá sannta do gach cuid den teorainn sheachtrach i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1896 agus tosca ábhartha eile.”

 

Cúis

Níor cheart leas a bhaint as na bearta atá beartaithe chun faireachas ar theorainneacha a ghéarú ach amháin sa chás nach ann don dara rogha agus gur aithin an Chomhairle Eorpach go hoifigiúil go bhfuil ionstraimiú ar bun. Is ionann a bhfuil sa téacs a scriosadh ina ndéantar tagairt don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus a bhfuil i dtéacs Airteagal 41(1) de Rialachán (AE) 2019/1896 agus, dá bhrí sin, níl aon ghá leis.

Leasú 26

Airteagal 1, pointe (5)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

“Airteagal 23

“Airteagal 23

Cumhachtaí poiblí a fheidhmiú

Cumhachtaí poiblí a fheidhmiú

Ní dhéanfaidh éagmais rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’aon cheann acu seo a leanas:

Ní dhéanfaidh éagmais rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’aon cheann acu seo a leanas:

a)

feidhmiú cumhachtaí póilíneachta ná cumhachtaí poiblí eile ag údaráis inniúla na mBallstát ar a gcríoch, lena n-áirítear ar a limistéir teorann inmheánaí, mar a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta, sa mhéid nach bhfuil an éifeacht chéanna ag feidhmiú na gcumhachtaí sin agus atá ag seiceálacha teorann.

a)

feidhmiú cumhachtaí póilíneachta ná cumhachtaí poiblí eile ag údaráis inniúla na mBallstát ar a gcríoch, lena n-áirítear ar a limistéir teorann inmheánaí, mar a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta, sa mhéid nach bhfuil an éifeacht chéanna ag feidhmiú na gcumhachtaí sin agus atá ag seiceálacha teorann.

 

Ní mheasfar gurb ionann feidhmiú a gcumhachtaí ag údaráis inniúla, go háirithe, agus seiceálacha teorann a dhéanamh nuair is fíor an méid seo a leanas maidir leis na bearta:

 

Ní mheasfar gurb ionann feidhmiú a gcumhachtaí ag údaráis inniúla, go háirithe, agus seiceálacha teorann a dhéanamh nuair is fíor an méid seo a leanas maidir leis na bearta:

 

i)

ní rialú teorann is cuspóir leo;

ii)

tá siad bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta agus ar thaithí ghinearálta na n-údarás inniúil maidir le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí agus tá sé d’aidhm acu, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

i)

ní rialú teorann is cuspóir leo;

ii)

tá siad bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta agus ar thaithí ghinearálta na n-údarás inniúil maidir le bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí agus tá sé d’aidhm acu, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

 

an choireacht trasteorann a chomhrac;

cónaí neamhrialta nó fanacht neamhrialta a chomhrac, rudaí a bhaineann leis an imirce neamhrialta; nó

 

 

an choireacht trasteorann a chomhrac;

cónaí neamhrialta nó fanacht neamhrialta a chomhrac, a bhaineann le himirce neamhrialta , ar choinníoll go bhfuil fíoruithe céannachta, náisiúntachta agus stádais chónaithe neamhchórasach agus go ndéantar iad ar bhonn anailís leanúnach ar rioscaí ; nó

 

 

leathadh galair thógálaigh a mbaineann baol eipidéime leis a shrianadh, arna bhraith ag an Lárionad Eorpach um Rialú Galar;

 

 

leathadh galair thógálaigh a mbaineann baol eipidéime leis a shrianadh, arna bhraith ag an Lárionad Eorpach um Rialú Galar;

 

iii)

ceaptar agus déantar iad ar bhealach ar léir é a bheith éagsúil ó sheiceálacha córasacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar iad ag moil iompair nó go díreach ar bord seirbhísí paisinéirí agus nuair a bhíonn siad bunaithe ar anailís riosca;

iv)

déantar iad, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn teicneolaíochtaí faireacháin agus faireachais a úsáidtear go ginearálta sa chríoch, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí mar a leagtar amach faoi phointe ii);

 

iii)

ceaptar agus déantar iad ar bhealach ar léir é a bheith éagsúil ó sheiceálacha córasacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar iad ag moil iompair nó go díreach ar bord seirbhísí paisinéirí agus nuair a bhíonn siad bunaithe ar anailís riosca;

iv)

déantar iad, i gcás inarb iomchuí, ar bhonn teicneolaíochtaí faireacháin agus faireachais a úsáidtear go ginearálta sa chríoch, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí don tslándáil phoiblí nó don bheartas poiblí mar a leagtar amach faoi phointe ii);

b)

an fhéidearthacht atá ag Ballstát seiceálacha slándála a dhéanamh ar dhaoine, seiceálacha arna ndéanamh i moil iompair ag údaráis inniúla faoi dhlí gach Ballstáit, ag a n-údaráis inniúla nó ag iompróirí, ar choinníoll go ndéantar na seiceálacha sin freisin ar dhaoine atá ag taisteal laistigh de Bhallstát;

b)

an fhéidearthacht atá ag Ballstát seiceálacha slándála a dhéanamh ar dhaoine, seiceálacha arna ndéanamh i moil iompair ag údaráis inniúla faoi dhlí gach Ballstáit, ag a n-údaráis inniúla nó ag iompróirí, ar choinníoll go ndéantar na seiceálacha sin freisin ar dhaoine atá ag taisteal laistigh de Bhallstát;

c)

féidearthacht atá ag Ballstát foráil a dhéanamh sa dlí maidir le hoibleagáid a chur ar dhaoine páipéir agus doiciméid a bheith ina seilbh nó á n-iompar acu;

c)

féidearthacht atá ag Ballstát foráil a dhéanamh sa dlí maidir le hoibleagáid a chur ar dhaoine páipéir agus doiciméid a bheith ina seilbh nó á n-iompar acu;

d)

an fhéidearthacht atá ag Ballstát foráil a dhéanamh le dlí lena gcuirfear oibleagáid ar náisiúnaigh tríú tír a láithreacht ar a chríoch a thuairisciú de bhun fhorálacha Airteagal 22 den Choinbhinsiúin chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (‘Coinbhinsiún Schengen’) a chur chun feidhme;

d)

an fhéidearthacht atá ag Ballstát foráil a dhéanamh le dlí lena gcuirfear oibleagáid ar náisiúnaigh tríú tír a láithreacht ar a chríoch a thuairisciú de bhun fhorálacha Airteagal 22 den Choinbhinsiúin chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (‘Coinbhinsiún Schengen’) a chur chun feidhme;

e)

seiceálacha chun críoch slándála ar shonraí paisinéirí sna bunachair sonraí ábhartha i dtaca le daoine atá ag taisteal sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, ar seiceálacha iad a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a dhéanamh faoin dlí is infheidhme.”

e)

seiceálacha chun críoch slándála ar shonraí paisinéirí sna bunachair sonraí ábhartha i dtaca le daoine atá ag taisteal sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, ar seiceálacha iad a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla a dhéanamh faoin dlí is infheidhme.”

Cúis

An téacs a ailíniú le foclaíocht Aithris 20. Is ionann seiceálacha lena gcuirtear i gcoinne na himirce neamhrialta agus seiceálacha arb é is aidhm leo toradh céanna na rialuithe teorann a bhaint amach agus ní mór, dá bhrí sin, caitheamh leo mar rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Síneadh gan údar le hAirteagal 23 de Chód Teorainneacha Schengen atá i bhfeidhm faoi láthair is ea an chuid seo den togra. Tá sé ar cheann de na príomhéachtaí atá bainte amach ag an Aontas limistéar a chur ar bun ina n-áirithítear saorghluaiseacht daoine thar theorainneacha inmheánacha. I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar rogha dheiridh iad ar na daoine ar fad a bhfuil sé de cheart acu gluaiseacht laistigh den limistéar sin gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun na bearta sin a athbhunú, chun a áirithiú gur bhearta eisceachtúla a bhfuil údar leo a bheadh sna bearta sin agus go n-urramófaí prionsabal na comhréireachta.

Leasú 27

Airteagal 1, pointe (6)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(6)

Cuirtear an tAirteagal 23a seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 23a

 

Nós imeachta i ndáil le daoine a ghabhtar ag na teorainneacha inmheánacha a aistriú

 

1.     Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le náisiúnach tríú tír a ghabháil i gcóngar teorainneacha inmheánacha, i gcásanna ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

 

a)

ní chomhlíonann an náisiúnach tríú tír lena mbaineann na coinníollacha maidir le dul isteach a leagtar síos in Airteagal 6(1) nó nach gcomhlíonann sé a thuilleadh iad;

b)

ní chumhdaítear an náisiúnach tríú tír leis an maolú a leagtar síos in Airteagal 6(5), pointe (a);

c)

gabhtar an náisiúnach tríú tír mar chuid de chomhar póilíneachta oibríochtúil trasteorann, go háirithe le linn comhphatról póilíneachta;

d)

tá tásca soiléire ann gur tháinig an náisiúnach tríú tír go díreach ó Bhallstát eile, ar bhonn faisnéise atá ar fáil láithreach do na húdaráis gabhála, lena n-áirítear ráitis ón duine lena mbaineann, doiciméid chéannachta, doiciméid taistil nó doiciméid eile a aimsíodh ar an duine sin nó torthaí na gcuardach a rinneadh i mbunachair sonraí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.

 

2.     Féadfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit, ar bhonn cinneadh nach bhfuil aon cheart fanachta ag an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar a chríoch, féadfaidh siad a chinneadh an duine a aistriú láithreach chuig an mBallstát ónar tháinig an duine isteach nó óna raibh sé ag iarraidh a theacht isteach, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.

 

3.     I gcás ina gcuirfidh Ballstát an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm, beidh de cheangal ar an mBallstát glactha gach beart is gá a dhéanamh chun an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.

 

4.     Ó [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin] agus ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin na sonraí arna dtaifeadadh i gcomhréir le pointe 3 d’Iarscríbhinn XII, maidir le cur i bhfeidhm mhíreanna 1, 2 agus 3.”

 

Cúis

Mar atá in Aithris 25 go hAithris 27.

Leasú 28

Airteagal 1, pointe (8)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

(8)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

“Airteagal 25

“Airteagal 25

Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a shíneadh ar bhonn sealadach

Creat ginearálta le haghaidh rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a shíneadh ar bhonn sealadach

1.   I gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach ann do bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialuithe teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha.

1.   I gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach ann do bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach sa limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i mBallstát, féadfaidh an Ballstát sin rialuithe teorann a athbhunú ar bhonn eisceachtúil ag a theorainneacha inmheánacha uile nó ag codanna sonracha dá theorainneacha inmheánacha.

Féadfar a mheas gur as na nithe seo a leanas, go háirithe, a thagann bagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach:

Féadfar a mheas gur as na nithe seo a leanas, go háirithe, a thagann bagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach:

(a)

gníomhaíochtaí a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht nó leis an gcoireacht eagraithe;

(a)

gníomhaíochtaí a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht nó leis an gcoireacht eagraithe;

(b)

éigeandálaí sláinte poiblí mórscála;

(b)

éigeandálaí sláinte poiblí mórscála;

(c)

staid arb é a príomhthréith gluaiseachtaí neamhúdaraithe mórscála náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit, rud a chuireann feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha i mbaol;

(c)

imeachtaí idirnáisiúnta mórscála nó ardphróifíle amhail imeachtaí spóirt, trádála nó polaitiúla.

(d)

imeachtaí idirnáisiúnta mórscála nó ardphróifíle amhail imeachtaí spóirt, trádála nó polaitiúla.

 

2.   Ní fhéadfar rialuithe teorann a bhunú ach amháin de bhun Airteagail 25a agus 28 i gcás ina bhfuil sé suite ag Ballstát go bhfuil an beart sin riachtanach agus comhréireach, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26(1) á gcur san áireamh, agus, i gcás ina gcuirtear síneadh leis na rialuithe sin, na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26(2) freisin. Féadfar rialuithe teorann a athbhunú freisin i gcomhréir le hAirteagal 29, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 30 á gcur san áireamh.

2.   Ní fhéadfar rialuithe teorann a bhunú ach amháin de bhun Airteagail 25a agus 28 i gcás ina bhfuil sé suite ag Ballstát go bhfuil an beart sin riachtanach agus comhréireach, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26(1) á gcur san áireamh, agus, i gcás ina gcuirtear síneadh leis na rialuithe sin, na critéir dá dtagraítear in Airteagal 26(2) freisin. Féadfar rialuithe teorann a athbhunú freisin i gcomhréir le hAirteagal 29, agus na critéir dá dtagraítear in Airteagal 30 á gcur san áireamh.

I ngach cás, déanfar rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú mar rogha dheiridh. Ní rachaidh raon feidhme agus fad athbhunú sealadach an rialaithe teorann thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbagairt thromchúiseach a sainaithníodh.

I ngach cás, déanfar rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú mar rogha dheiridh. Ní rachaidh raon feidhme agus fad athbhunú sealadach an rialaithe teorann thar a bhfuil riachtanach chun freagairt a thabhairt ar an mbagairt thromchúiseach a sainaithníodh.”

3.     I gcás ina leanann an bhagairt chéanna de bheith ann, féadfar síneadh a chur le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha i gcomhréir le hAirteagail 25a, 28 nó 29.

Measfar gurb ann don bhagairt chéanna i gcás ina bhfuil an bonn cirt atá curtha chun cinn ag an mBallstát maidir le síneadh a chur le rialuithe teorann bunaithe ar an gcinneadh gurb ann fós don bhagairt chéanna a bhí ina bonn cirt leis na rialuithe teorann a athbhunú ar dtús.

 

Cúis

Téann a bhfuil i gcuid c) in aghaidh na réasúnaíochta a bhaineann leis an sásra ar leith arna mholadh in Airteagal 28 agus in aghaidh phrionsabal na coimhdeachta. Níor cheart é a áireamh ina bhagairt thromchúiseach ar an mbeartas poiblí ná ar an tslándáil inmheánach ar údar cuí é don Bhallstát aonair lena mbaineann le rialuithe teorann a thabhairt isteach an athuair ag teorainneacha inmheánacha nó le síneadh a chur leo cás inarb ann do ghluaiseachtaí móra neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit, mar bheadh sé ag teacht salach ar chuspóir an togra agus ar chur i bhfeidhm cuí phrionsabal na coimhdeachta dá mba chuid den chreat ginearálta an méid sin. Mar a luaitear i dtogra COM(2021) 891 féin:

“Tá gníomhaíocht i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais ar cheann de na réimsí ina roinntear inniúlacht idir an tAontas agus na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tá prionsabal na comhréireachta infheidhme de bhua Airteagal 5(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus de réir an phrionsabail sin ní ghníomhóidh an tAontas ach amháin mura féidir agus a mhéid nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra seo a ghnóthú go leordhóthanach astu féin, agus is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Is amhlaidh atá toisc go mbaineann siad le seiceálacha ar dhaoine ag na teorainneacha seachtracha, rud atá ina réamhchoinníoll don limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Ina theannta sin, le sláine limistéar Schengen agus leis an ngá atá le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú, éilítear cur chuige comhleanúnach ar fud limistéar Schengen ina iomláine maidir le bearta chun muinín a chothú ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear maidir le srianta ar thaisteal neamhriachtanach chuig an AE agus maidir le freagairt ar ionstraimiú imirceach ag údaráis tríú tíortha.

Déantar easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a ráthú leis an gConradh in Airteagal 77(2)(e) CFAE. Cé go gcoimeádann na Ballstáit an ceart chun gníomhaíochtaí a dhéanamh chun freagairt don tslándáil inmheánach agus don bheartas poiblí, agus ar an gcaoi sin an ceart a ráthaítear in Airteagal 72 CFAE a fheidhmiú fiú má chiallaíonn sé sin rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, tá na rialacha maidir le hathbhunú sealadach den sórt sin leagtha amach i gCód Teorainneacha Schengen d’fhonn a áirithiú nach gcuirtear i bhfeidhm iad ach faoi choinníollacha dochta. Dá bhrí sin, tá gá le reachtaíocht ón Aontas i dtaca le haon athrú a bhaineann leis na coinníollacha sin chun rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú.

An cuspóir maidir le pleanáil theagmhasach a bhunú le haghaidh Schengen, lena n-áirítear bearta sonracha ag teorainneacha inmheánacha chun aghaidh a thabhairt ar bhagairt a dhéanann difear do thromlach na mBallstát ag an am céanna agus chun tionchair dhiúltacha na rialuithe teorann a mhaolú i gcás ina bhfuil siad dosheachanta, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a bhaint amach go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar, agus is fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais.”

Ós rud é gurb é atá i gceist le cás a bhaineann le hAirteagal 25(1)(c) arna mholadh cás inarb ann do ghluaiseachtaí idir na Ballstáit a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thromlach na mBallstát, má táthar chun prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh, ní mór aghaidh a thabhairt ar an gcás ar leibhéal an Aontais mar a mholtar de réir Airteagal 28 agus ní mór é a chur faoi réir cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle.

Fomhír 3 a scriosadh i gcomhréir le hAithrisí 34, 35 agus 45.

Leasú 29

Airteagal 1, pointe (9)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(9)

Cuirtear isteach Airteagal 25a nua i ndiaidh Airteagal 25:

(9)

Cuirtear isteach Airteagal 25a nua i ndiaidh Airteagal 25:

“Airteagal 25a

“Airteagal 25a

Nós imeachta i ndáil le cásanna ina n-éilítear beart i ngeall ar theagmhais neamh-intuartha nó intuartha

Nós imeachta i ndáil le cásanna ina n-éilítear beart i ngeall ar theagmhais neamh-intuartha nó intuartha

1.   I gcás inar neamh-intuartha an bhagairt thromchúiseach í don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát agus i gcás ina bhfuil gá le beart láithreach dá barr, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann ar bhonn eisceachtúil rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach.

1.   I gcás inar neamh-intuartha an bhagairt thromchúiseach í don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát agus i gcás ina bhfuil gá le beart láithreach dá barr, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann ar bhonn eisceachtúil rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach.

2.   Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, an tráth le rialú teorann a athbhunú faoi mhír 1, maidir le rialuithe teorann a athbhunú, i gcomhréir le hAirteagal 27(1).

2.   Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile, an tráth le rialú teorann a athbhunú faoi mhír 1, maidir le rialuithe teorann a athbhunú, i gcomhréir le hAirteagal 27(1).

3.   Chun críocha mhír 1, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach ar feadh tréimhse teoranta nach faide ná mí amháin. Más ann don bhagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach tar éis na tréimhse sin, féadfaidh an Ballstát an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh ar feadh tréimhsí níos faide, tréimhsí a mbeidh uasfhad nach faide ná trí mhí acu.

3.   Chun críocha mhír 1, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú láithreach ar feadh tréimhse teoranta nach faide ná mí amháin. Más ann don bhagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach tar éis na tréimhse sin, féadfaidh an Ballstát an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh ar feadh tréimhsí níos faide, tréimhsí a mbeidh uasfhad nach faide ná trí mhí acu.

4.   I gcás inarb intuartha bagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 27(1), laistigh de cheithre seachtaine ar a dhéanaí roimh an dáta atá beartaithe d’athbhunú na rialuithe teorann, nó laistigh de thréimhse níos giorra i gcás ina bhfuil na cúinsí is cúis leis an ngá le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar eolas níos lú ná ceithre seachtaine roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú.

4.   I gcás inarb intuartha bagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach i mBallstát, cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 27(1), laistigh de cheithre seachtaine ar a dhéanaí roimh an dáta atá beartaithe d’athbhunú na rialuithe teorann, nó laistigh de thréimhse níos giorra i gcás ina bhfuil na cúinsí is cúis leis an ngá le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar eolas níos lú ná ceithre seachtaine roimh an dáta atá beartaithe don athbhunú.

5.   Chun críocha mhír 4, agus gan dochar d’Airteagal 27a(4), féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí. I gcás inarb ann don bhagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach tar éis na tréimhse sin , féadfaidh an Ballstát an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh ar feadh tréimhsí in-athnuaite sé mhí ar a mhéid.

5.   Chun críocha mhír 4, féadfar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí. I gcás ina dtagann bagairt ar an mbeartas poiblí nó ar an tslándáil inmheánach chun cinn ar bagairt de chineál nua í , féadfaidh an Ballstát an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a shíneadh ar feadh tréimhsí in-athnuaite sé mhí ar a mhéid.

Cuirfear aon síneadh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 27 agus laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 4. Faoi réir Airteagal 27a(5), ní rachaidh uasfhad an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar dhá bhliain.

Cuirfear aon síneadh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 27 agus laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear i mír 4. rachaidh uasfhad an rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha thar dhá bhliain.

6.   An tréimhse dá dtagraítear i mír 5, áireofar tréimhsí dá dtagraítear i mír 3 inti.”

6.   An tréimhse dá dtagraítear i mír 5, áireofar tréimhsí dá dtagraítear i mír 3 inti.”

Cúis

Níor cheart rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith ann níos faide ná 24 mhí san iomlán. De réir an rialaithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Cásanna Uamtha C-368/20 agus C-369/20), ní mór Cód Teorainneacha Schengen a thuiscint mar chosc ar na Ballstáit rialuithe teorann a thabhairt isteach go sealadach an athuair ag teorainneacha inmheánacha ar bhonn Airteagal 25 agus Airteagal 27 den Chód sin i gcás ina sáraíonn tréimhse a athbhunaithe uastréimhse iomlán na sé mhí, i gcás nach dtagann aon bhagairt chun cinn ar bagairt de chineál nua í a thabharfadh údar leis na tréimhsí dá bhforáiltear in Airteagal 25 a chur i bhfeidhm as an nua.

Leasú 30

Airteagal 1, pointe (10)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

(10)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 26:

“Airteagal 26

“Airteagal 26

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus a shíneadh ar bhonn sealadach

Critéir maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus a shíneadh ar bhonn sealadach

1.   Chun a shuí an bhfuil sé riachtanach agus comhréireach rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 25, déanfaidh Ballstát na nithe seo a leanas a mheas go háirithe:

1.   Chun a shuí an bhfuil sé riachtanach agus comhréireach rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 25, déanfaidh Ballstát na nithe seo a leanas a mheas go háirithe:

(a)

a iomchuí atá sé rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, ag féachaint do chineál na bagartha tromchúisí a sainaithníodh agus go háirithe, an dócha go réiteoidh athbhunú rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha an bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach ar bhealach leormhaith;

(a)

úsáid beart malartach amhail seiceálacha comhréireacha a dhéantar i gcomhthéacs fheidhmiú dleathach cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 23 pointe (a);

(b)

an tionchar is dócha a bheidh ag beart den sórt sin ar an méid seo a leanas:

(b)

a iomchuí atá sé rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú, ag féachaint do chineál na bagartha tromchúisí a sainaithníodh agus go háirithe, an dócha go réiteoidh athbhunú rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha an bhagairt don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach ar bhealach leormhaith;

gluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha agus

feidhmiú na réigiún trasteorann, agus na naisc láidre shóisialta agus eacnamaíocha eatarthu á gcur san áireamh.

 

 

(c)

an tionchar is dócha a bheidh ag beart den sórt sin ar an méid seo a leanas:

 

gluaiseacht daoine laistigh den limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha agus

feidhmiú na réigiún trasteorann, agus na naisc láidre shóisialta agus eacnamaíocha eatarthu á gcur san áireamh.

2.   I gcás ina gcinneann Ballstát síneadh a chur leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha de bhun Airteagal 25a(5), déanfaidh sé measúnú mionsonraithe freisin an bhféadfaí cuspóirí an tsínidh sin a bhaint amach a bhuí leis na nithe seo a leanas:

2.   I gcás ina gcinneann Ballstát síneadh a chur leis an rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha de bhun Airteagal 25a(5), déanfaidh sé measúnú mionsonraithe freisin an bhféadfaí cuspóirí an tsínidh sin a bhaint amach a bhuí leis na nithe seo a leanas:

a)

úsáid beart malartach amhail seiceálacha comhréireacha a dhéantar i gcomhthéacs fheidhmiú dleathach cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 23 pointe (a);

a)

úsáid beart malartach amhail seiceálacha comhréireacha a dhéantar i gcomhthéacs fheidhmiú dleathach cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 23 pointe (a);

b)

úsáid an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23a;

b )

cineálacha comhair póilíneachta dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear maidir le hábhair amhail patróil chomhpháirteacha, oibríochtaí comhpháirteacha, foirne comhpháirteacha um imscrúdú, tóir thrasteorann, nó faireachas trasteorann.

c)

cineálacha comhair póilíneachta dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear maidir le hábhair amhail patróil chomhpháirteacha, oibríochtaí comhpháirteacha, foirne comhpháirteacha um imscrúdú, tóir thrasteorann, nó faireachas trasteorann.

 

3.   I gcás inar athbhunaíodh nó inar cuireadh síneadh le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann, i gcás inar gá, go mbeidh bearta iomchuí ag gabháil leo a mhaolóidh na tionchair a bheidh ag athbhunú rialuithe teorann ar dhaoine agus ar iompar earraí, agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin trasteorann.”

3.   I gcás inar athbhunaíodh nó inar cuireadh síneadh le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, áiritheoidh na Ballstáit lena mbaineann, i gcás inar gá, go mbeidh bearta iomchuí ag gabháil leo a mhaolóidh na tionchair a bheidh ag athbhunú rialuithe teorann ar dhaoine agus ar iompar earraí, agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin trasteorann.”

Cúis

D’fhonn cuspóirí an togra a bhaint amach, ní mór bearta malartacha a mheas ag céim den phróiseas a thagann roimh thabhairt isteach rialuithe teorann an athuair, ní leor iad a mheas ag céim an tsínidh amháin.

Moltar Airteagal 23a a scriosadh agus, dá bhrí sin, ní mór é a scriosadh in Airteagal 26 freisin.

Leasú 31

Airteagal 1, pointe (11)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

(11)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

“Airteagal 27

“Airteagal 27

Fógra a thabhairt maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach agus measúnú riosca

Fógra a thabhairt maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú ar bhonn sealadach agus measúnú riosca

1.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna fógraí a dhéanfaidh na Ballstáit maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó síneadh a chur leo:

1.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna fógraí a dhéanfaidh na Ballstáit maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó síneadh a chur leo:

(a)

na cúiseanna atá leis an athbhunú nó an síneadh, lena n-áirítear na sonraí ábhartha ar fad ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhartha is cúis le bagairt thromchúiseach dá bheartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach;

(a)

na cúiseanna atá leis an athbhunú nó an síneadh, lena n-áirítear na sonraí ábhartha ar fad ina dtugtar tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhartha is cúis le bagairt thromchúiseach dá bheartas poiblí nó dá shlándáil inmheánach , agus cúiseanna nach raibh bearta malartacha iomchuí ;

(b)

raon feidhme an athbhunaithe nó an tsínidh atá beartaithe, ina sonraítear an chuid nó na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhfuil an rialú teorann le hathbhunú nó le síneadh;

(b)

raon feidhme an athbhunaithe nó an tsínidh atá beartaithe, ina sonraítear an chuid nó na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhfuil an rialú teorann le hathbhunú nó le síneadh;

(c)

ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

(c)

ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

(d)

dáta agus fad an athbhunaithe nó an tsínidh atá beartaithe;

(d)

dáta agus fad an athbhunaithe nó an tsínidh atá beartaithe;

(e)

na cúinsí maidir leis an ngá agus leis an gcomhréireacht dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus, i gcás sínidh, in Airteagal 26(2);

(e)

na cúinsí maidir leis an ngá agus leis an gcomhréireacht dá dtagraítear in Airteagal 26(1) agus, i gcás sínidh, in Airteagal 26(2);

(f)

i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le glacadh ag na Ballstáit eile.

(f)

i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le glacadh ag na Ballstáit eile.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra a chur isteach le chéile.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó fógra a chur isteach le chéile.

Cuirfear an fógra ar fáil i gcomhréir le teimpléad atá le bunú ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme agus atá le cur ar fáil ar líne. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).”

Cuirfear an fógra ar fáil i gcomhréir le teimpléad atá le bunú ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme agus atá le cur ar fáil ar líne. Ba cheart a chur san áireamh sa teimpléad seasamh an údaráis nó na n-údarás a rialaíonn na ceantair riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h). Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

2.   I gcás ina bhfuil rialuithe teorann i bhfeidhm le sé mhí i gcomhréir le hAirteagal 25a(4), áireofar measúnú riosca in aon fhógra ina dhiaidh sin maidir le síneadh a chur leis na rialuithe sin. Cuirfear i láthair sa mheasúnú riosca scála agus forbairt réamh-mheasta na bagartha tromchúisí sainaitheanta, go háirithe an fad a mheastar a mhairfidh an bhagairt thromchúiseach shainaitheanta agus cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, mar aon le faisnéis maidir le bearta comhordaithe leis na Ballstáit eile a mbeidh tionchar ag na bearta sin orthu nó ar dócha go mbeidh tionchar ag na bearta sin orthu.

2.   I gcás ina bhfuil rialuithe teorann i bhfeidhm le sé mhí i gcomhréir le hAirteagal 25a(4), áireofar measúnú riosca in aon fhógra ina dhiaidh sin maidir le síneadh a chur leis na rialuithe sin. Cuirfear i láthair sa mheasúnú riosca scála agus forbairt réamh-mheasta na bagartha tromchúisí sainaitheanta, go háirithe an fad a mheastar a mhairfidh an bhagairt thromchúiseach shainaitheanta agus cé na codanna de na teorainneacha inmheánacha a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, mar aon le faisnéis maidir le bearta comhordaithe leis na Ballstáit agus na réigiúin trasteorann eile a mbeidh tionchar ag na bearta sin orthu nó ar dócha go mbeidh tionchar ag na bearta sin orthu.

3.   I gcás ina dtagraíonn athbhunú nó síneadh rialuithe teorann do ghluaiseachtaí neamhúdaraithe mórscála dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (b), cuirfear faisnéis ar fáil freisin sa mheasúnú riosca maidir le scála agus treochtaí na ngluaiseachtaí neamhúdaraithe sin, lena n-áirítear aon fhaisnéis a fuarthas ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais i gcomhréir lena sainorduithe féin agus anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha.

3.   I gcás ina dtagraíonn athbhunú nó síneadh rialuithe teorann do ghluaiseachtaí neamhúdaraithe mórscála dá dtagraítear in Airteagal 25(1), pointe (b), cuirfear faisnéis ar fáil freisin sa mheasúnú riosca maidir le scála agus treochtaí na ngluaiseachtaí neamhúdaraithe sin, lena n-áirítear aon fhaisnéis a fuarthas ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais i gcomhréir lena sainorduithe féin agus anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, aon fhaisnéis bhreise ar fáil, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na bearta comhordaithe leis na Ballstáit a ndéanann an síneadh atá beartaithe ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh mar aon leis an bhfaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar úsáid fhéideartha na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 23a.

4.   Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, aon fhaisnéis bhreise ar fáil, lena n-áirítear faisnéis maidir leis na bearta comhordaithe leis na Ballstáit a ndéanann an síneadh atá beartaithe ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh mar aon leis an bhfaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar úsáid fhéideartha na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 23a.

5.   Ballstáit a thugann fógra faoi mhíreanna 1 nó 2, féadfaidh siad a chinneadh an fhaisnéis a tugadh fógra fúithi a aicmiú ina iomláine, nó codanna di a aicmiú, más gá sin agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

5.   Ballstáit a thugann fógra faoi mhíreanna 1 nó 2, féadfaidh siad a chinneadh an fhaisnéis a tugadh fógra fúithi a aicmiú ina iomláine, nó codanna di a aicmiú, más gá sin agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní chuirfidh an t-aicmiú sin bac ar rochtain ar fhaisnéis, trí bhealaí comhair póilíneachta iomchuí agus slána ag Ballstáit eile a ndéanann athbhunú sealadach rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh.”

Ní chuirfidh an t-aicmiú sin bac ar rochtain ar fhaisnéis, trí bhealaí comhair póilíneachta iomchuí agus slána ag Ballstáit eile a ndéanann athbhunú sealadach rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear dóibh.”

Cúis

An leasú seo a ailíniú leis an gceann roimhe.

Leasú 32

Airteagal 1, pointe (12)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(12)

Cuirtear an tAirteagal 27a seo a leanas isteach:

(12)

Cuirtear an tAirteagal 27a seo a leanas isteach:

“Airteagal 27a

“Airteagal 27a

Comhairliúchán leis na Ballstáit agus tuairim ón gCoimisiún

Comhairliúchán leis na Ballstáit agus tuairim ón gCoimisiún

1.   Tar éis dó fógraí a fháil, ar fógraí iad arna gcur isteach faoi Airteagal 27(1), féadfaidh an Coimisiún próiseas comhairliúcháin a bhunú , i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear cruinnithe comhpháirteacha idir an Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó síneadh a chur leis, agus na Ballstáit eile, go háirithe iad siúd a ndéanann na bearta sin difear dóibh go díreach, agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.

1.   Tar éis dó fógraí a fháil, ar fógraí iad arna gcur isteach faoi Airteagal 27(1), bunóidh an Coimisiún próiseas comhairliúcháin, i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear cruinnithe comhpháirteacha idir an Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó síneadh a chur leis, agus na Ballstáit eile, go háirithe iad siúd a ndéanann na bearta sin difear dóibh go díreach, Parlaimint na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais.

Bainfidh an comhairliúchán go háirithe leis an mbagairt shainaitheanta don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, le hábharthacht athbhunú beartaithe na rialuithe teorann agus aird á tabhairt ar oiriúnacht beart malartach, agus leis na bealaí lena áirithiú go gcuirfear an comhar frithpháirteach idir na Ballstáit chun feidhme i ndáil leis na rialuithe teorann athbhunaithe.

Bainfidh an comhairliúchán go háirithe leis an mbagairt shainaitheanta don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, le hábharthacht athbhunú beartaithe na rialuithe teorann agus aird á tabhairt ar oiriúnacht beart malartach, agus leis na bealaí lena áirithiú go gcuirfear an comhar frithpháirteach idir na Ballstáit chun feidhme i ndáil leis na rialuithe teorann athbhunaithe.

An Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a shíneadh, tabharfaidh sé lánaird ar thorthaí an chomhairliúcháin sin nuair a bheidh an rialú teorann ag an teorainn inmheánach á dhéanamh aige.

An Ballstát a bhfuil sé beartaithe aige rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó a shíneadh, tabharfaidh sé lánaird ar thorthaí an chomhairliúcháin sin nuair a bheidh an rialú teorann ag an teorainn inmheánach á dhéanamh aige.

2.   Tar éis fógraí a fháil, ar fógraí iad a cuireadh isteach i ndáil le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó síneadh a chur leo, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát eile, gan dochar d’Airteagal 72 CFAE, tuairim a eisiúint más rud é, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san fhógra agus sa mheasúnú riosca, i gcás inarb iomchuí, nó ar aon fhaisnéis bhreise, go bhfuil imní orthu maidir leis an ngá atá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó síneadh a chur leis.

2.   Tar éis fógraí a fháil, ar fógraí iad a cuireadh isteach i ndáil le rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó síneadh a chur leo, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát eile, gan dochar d’Airteagal 72 CFAE, tuairim a eisiúint más rud é, bunaithe ar an bhfaisnéis atá san fhógra agus sa mheasúnú riosca, i gcás inarb iomchuí, nó ar aon fhaisnéis bhreise, go bhfuil imní orthu maidir leis an ngá atá le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú nó síneadh a chur leis.

3.   Tar éis dó fógraí a fháil arna gcur isteach maidir le síneadh a chur le rialú teorann ag an teorainn inmheánach faoi Airteagal 25a(4) arb é is toradh air go leantar de na rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh 18 mí ar an iomlán, eiseoidh an Coimisiún tuairim maidir le riachtanas agus comhréireacht na rialuithe sin ag teorainneacha inmheánacha.

3.   Tar éis dó fógraí a fháil arna gcur isteach maidir le síneadh a chur le rialú teorann ag an teorainn inmheánach faoi Airteagal 25a(4) arb é is toradh air go leantar de na rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha ar feadh 12 mhí ar an iomlán, eiseoidh an Coimisiún tuairim maidir le riachtanas agus comhréireacht na rialuithe sin ag teorainneacha inmheánacha. Ba cheart seasamh an údaráis nó na n-údarás a rialaíonn na ceantair riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h) a chur san áireamh i mbunús na tuairime sin.

4.   I gcás ina n-eiseofar tuairim dá dtagraítear i míreanna 2 nó 3, féadfaidh an Coimisiún próiseas comhairliúcháin a bhunú chun an tuairim a phlé leis na Ballstáit. I gcás ina n-eiseoidh an Coimisiún nó Ballstát tuairim ina gcuirtear ábhair imní in iúl maidir leis an ngá nó leis an gcomhréireacht a bhaineann le rialuithe athbhunaithe ag teorainneacha inmheánacha, cuirfidh an Coimisiún tús leis an bpróiseas sin.

4.   I gcás ina n-eiseofar tuairim dá dtagraítear i míreanna 2 nó 3, bunóidh an Coimisiún próiseas comhairliúcháin chun an tuairim a phlé leis na Ballstáit. I gcás ina n-eiseoidh an Coimisiún nó Ballstát tuairim ina gcuirtear ábhair imní in iúl maidir leis an ngá nó leis an gcomhréireacht a bhaineann le rialuithe athbhunaithe ag teorainneacha inmheánacha, cuirfidh an Coimisiún tús leis an bpróiseas sin.

5.   I gcás ina measfaidh Ballstát go bhfuil staideanna eisceachtúla ann a thugann bonn cirt don ghá leanúnach le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a sháraíonn an uastréimhse dá dtagraítear in Airteagal 25(5), tabharfaidh sé fógra don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 27(2). Tabharfaidh an fógra nua ón mBallstát bunús leis an mbagairt leanúnach donn bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, agus aird á tabhairt don tuairim ón gCoimisiún a tugadh de bhun mhír 3. Eiseoidh an Coimisiún tuairim leantach.”

5.   I gcás ina measfaidh Ballstát go bhfuil staideanna eisceachtúla ann a thugann bonn cirt don ghá leanúnach le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a sháraíonn an uastréimhse dá dtagraítear in Airteagal 25 a (5), tabharfaidh sé fógra don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 27(2). Tabharfaidh an fógra nua ón mBallstát bunús leis an mbagairt leanúnach donn bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach, agus aird á tabhairt don tuairim ón gCoimisiún a tugadh de bhun mhír 3. Eiseoidh an Coimisiún tuairim leantach.”

Cúis

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach measúnú go pras ar an ngá agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le rialuithe teorann inmheánaí fadaithe agus go mbíonn a chuid moltaí bunaithe ar sheasamh an údaráis nó na n-údarás lena rialaítear na limistéir riaracháin áitiúla a mheastar a bheith ina réigiúin trasteorann faoi Airteagal 39(1), pointe (h). Sa phróiseas sin, ba cheart dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Coiste Eorpach na Réigiún. Lena chois sin, cumhdaítear tagairt d’fhadú rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha in Airteagal 25a(5) agus ní mór é sin a cheartú.

Leasú 33

Airteagal 1, pointe (13)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

(13)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28:

“Airteagal 28

“Airteagal 28

Sásra sonrach i gcás ina gcuireann an bhagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

Sásra sonrach i gcás ina gcuireann an bhagairt thromchúiseach don bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach feidhmiú foriomlán an limistéir gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i mbaol

1.   I gcás ina suífidh an Coimisiún go ndéanann an bhagairt thromchúiseach chéanna don tslándáil inmheánach nó don bheartas poiblí difear do thromlach na mBallstát, agus feidhmiú foriomlán an limistéir gan teorainneacha inmheánacha á chur i mbaol, féadfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údarófar do na Ballstáit na rialuithe teorann a athbhunú i gcás nach leor na bearta atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 23a chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.

1.   I gcás ina suífidh an Coimisiún go ndéanann an bhagairt thromchúiseach chéanna don tslándáil inmheánach nó don bheartas poiblí difear do thromlach na mBallstát, agus feidhmiú foriomlán an limistéir gan teorainneacha inmheánacha á chur i mbaol, féadfaidh sé togra a chur faoi bhráid na Comhairle cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena n-údarófar do na Ballstáit na rialuithe teorann a athbhunú i gcás nach leor na bearta atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 23 chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt sin.

2.   Cumhdófar leis an gcinneadh tréimhse suas le sé mhí agus féadfar é a athnuachan, ar thogra ón gCoimisiún, ar feadh tréimhsí breise suas le sé mhí fad a mhairfidh an bhagairt , agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 5 á chur san áireamh.

2.   Cumhdófar leis an gcinneadh tréimhse suas le sé mhí agus féadfar é a athnuachan, más rud é gur ann don bhagairt i gcónaí, ar thogra ón gCoimisiún, ar feadh tréimhsí breise suas le sé mhí agus 24 mhí san iomlán , agus an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 5 á chur san áireamh.

3.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit rialuithe teorann a athbhunú nó síneadh a chur leo de bharr na bagartha dá dtagraítear i mír 1, beidh na rialuithe sin, ón tráth a thiocfaidh an cinneadh ón gComhairle i bhfeidhm, bunaithe ar an gcinneadh sin.

3.   I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit rialuithe teorann a athbhunú nó síneadh a chur leo de bharr na bagartha dá dtagraítear i mír 1, beidh na rialuithe sin, ón tráth a thiocfaidh an cinneadh ón gComhairle i bhfeidhm, bunaithe ar an gcinneadh sin.

4.   Leis an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1, déanfar tagairt freisin d’aon bheart maolaitheach iomchuí a bhunófar ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun laghdú a dhéanamh ar na tionchair a bheidh ag athbhunú na rialuithe teorann.

4.   Leis an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1, déanfar tagairt freisin d’aon bheart maolaitheach iomchuí a bhunófar ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun laghdú a dhéanamh ar na tionchair a bheidh ag athbhunú na rialuithe teorann.

5.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fhorbairt na bagartha sainaitheanta agus ar thionchar na mbeart arna nglacadh i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1, d’fhonn a mheas an bhfuil bonn cirt leis na bearta fós.

5.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fhorbairt na bagartha sainaitheanta agus ar thionchar na mbeart arna nglacadh i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1, d’fhonn a mheas an bhfuil bonn cirt leis na bearta fós.

6.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile sa Chomhairle ar an eolas láithreach maidir le hathbhunú rialuithe teorann i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1.

6.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile sa Chomhairle ar an eolas láithreach maidir le hathbhunú rialuithe teorann i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1.

7.   Féadfaidh an Coimisiún moladh a eisiúint lena léirítear bearta eile dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 23a a d’fhéadfadh rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chomhlánú nó a d’fhéadfadh a bheith níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt shainaitheanta don tslándáil inmheánach nó don bheartas poiblí dá dtagraítear i mír 1.”

7.   Féadfaidh an Coimisiún moladh a eisiúint lena léirítear bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 23 a d’fhéadfadh rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chomhlánú nó a d’fhéadfadh a bheith níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an mbagairt shainaitheanta don tslándáil inmheánach nó don bheartas poiblí dá dtagraítear i mír 1. Ba cheart seasamh an údaráis nó na n-údarás a rialaíonn na ceantair riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h) a chur san áireamh i mbunús an mholta sin.

Cúis

Chun a áirithiú go gcuirfear seasaimh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sna réigiúin trasteorann san áireamh agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha a leagtar amach sa togra, ba cheart go n-áireofaí i bhformáid aonfhoirmeach na tuarascála roinn maidir le seasamh an údaráis nó na n-údarás a ndéanfaí difear dó nó dóibh a rialaíonn na limistéir riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1)(h). De breis air sin, tá gá le huasteorainn sheasta chun rialuithe leathbhuana ag teorainneacha inmheánacha a sheachaint.

Leasú 34

Airteagal 1, pointe (14)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(14)

Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

(14)

Leasaítear Airteagal 31 mar a leanas:

a)

Déantar mír 1 d’Airteagal 31;

a)

Déantar mír 1 d’Airteagal 31;

b)

cuirtear an mhír 2 seo a leanas isteach:

b)

cuirtear an mhír 2 seo a leanas isteach:

“2.   I gcás ina dtugann Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi rialuithe teorann a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 27(1), cuirfidh sé an méid seo a leanas in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna:

“2.   I gcás ina dtugann Ballstát fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi rialuithe teorann a athbhunú i gcomhréir le hAirteagal 27(1), cuirfidh sé an méid seo a leanas in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna:

a)

sonraí na dteorainneacha inmheánacha ag a bhfuil rialú teorann le hathbhunú;

b)

na cúiseanna atá leis an athbhunú atá beartaithe;

c)

ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

d)

dáta agus fad an athbhunaithe atá beartaithe;

e)

i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le glacadh ag an mBallstát eile.

a)

sonraí na dteorainneacha inmheánacha ag a bhfuil rialú teorann le hathbhunú;

b)

na cúiseanna atá leis an athbhunú atá beartaithe;

c)

ainmneacha na bpointí trasnaithe atá údaraithe;

d)

dáta agus fad an athbhunaithe atá beartaithe;

e)

i gcás inarb iomchuí, na bearta atá le glacadh ag an mBallstát eile.

3.   Féadfaidh an soláthar faisnéise a bheith faoi réir aicmiú faisnéise ag na Ballstáit de bhun Airteagal 27(4).

3.   Féadfaidh an soláthar faisnéise a bheith faoi réir aicmiú faisnéise ag na Ballstáit de bhun Airteagal 27(4).

Ní cheanglófar ar na Ballstáit an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo ar fhorais slándála poiblí.

Ní cheanglófar ar na Ballstáit an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo ar fhorais thromchúiseacha slándála poiblí.

Ní fhágfar leis an aicmiú faisnéise nach gcuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Comhlíonfaidh tarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad a tarchuireadh chuig Parlaimint na hEorpa faoin Airteagal seo na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil, ar rialacha iad atá infheidhme idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.”

Ní fhágfar leis an aicmiú faisnéise nach gcuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ar fáil do Pharlaimint na hEorpa. Comhlíonfaidh tarchur agus láimhseáil na faisnéise agus na ndoiciméad a tarchuireadh chuig Parlaimint na hEorpa faoin Airteagal seo na rialacha a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh agus a láimhseáil, ar rialacha iad atá infheidhme idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún.”

Cúis

Ba cheart eisceachtaí ar thrédhearcacht a bheith an-teoranta ó thaobh raon feidhme de.

Leasú 35

Airteagal 1, pointe (15)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

(15)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

“Airteagal 33

“Airteagal 33

Tuarascáil ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú

Tuarascálacha ar rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú

1.    Laistigh de cheithre seachtaine ón uair a chuirfear deireadh le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, cuirfidh na Ballstáit a rinne rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le hathbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le síneadh a chur le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha.

1.    Gach ceithre seachtaine agus rialuithe teorann ar bun ag teorainneacha inmheánacha agus laistigh de cheithre seachtaine ón uair a chuirfear deireadh le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha, cuirfidh na Ballstáit a bhfuil rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha ar bun acu tuarascálacha faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir le hathbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha agus, i gcás inarb infheidhme, maidir le síneadh a chur le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha.

2.   Gan dochar don chéad mhír 1, i gcás ina gcuirfear síneadh le rialuithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 25a(5), cuirfidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil isteach tar éis 12 mhí agus gach 12 mhí ina dhiaidh sin má choinnítear ar bun rialú teorann ar bhonn eisceachtúil.

2.   Gan dochar don chéad mhír 1, i gcás ina gcuirfear síneadh le rialuithe teorann dá dtagraítear in Airteagal 25a(5), cuirfidh an Ballstát lena mbaineann tuarascáil isteach tar éis 12 mhí má choinnítear ar bun rialú teorann ar bhonn eisceachtúil.

3.   Leagfar amach sa tuarascáil , go háirithe, an measúnú tosaigh agus an measúnú leantach ar an ngá atá le rialuithe teorann agus ar urramú na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 26, feidhmiú na seiceálacha, an comhar praiticiúil le Ballstáit chomharsanachta, an tionchar ar ghluaiseacht daoine de bharr na rialuithe sin go háirithe sna réigiúin trasteorann, an éifeachtacht a bhí ag athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, lena n-áirítear measúnú ex post ar chomhréireacht athbhunú an rialaithe teorann.

3.   Leagfar amach sna tuarascálacha , go háirithe, an measúnú tosaigh agus an measúnú leantach ar an ngá atá le rialuithe teorann agus ar urramú na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 26, feidhmiú na seiceálacha, an comhar praiticiúil le Ballstáit chomharsanachta, an tionchar ar ghluaiseacht daoine de bharr na rialuithe sin go háirithe sna réigiúin trasteorann, an éifeachtacht a bhí ag athbhunú rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, lena n-áirítear measúnú leanúnach ar chomhréireacht athbhunú an rialaithe teorann.

4.   Glacfaidh an Coimisiún formáid aonfhoirmeach don tuarascáil sin agus cuirfidh sé ar fáil ar líne í.

4.   Glacfaidh an Coimisiún formáid aonfhoirmeach le haghaidh na dtuarascálacha sin agus cuirfidh sé ar fáil ar líne í. Beidh roinn sa tuarascáil maidir le seasamh an údaráis nó na n-údarás a rialaíonn na ceantair riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h).

5.    Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir leis an measúnú ex-post sin ar rialú teorann a athbhunú ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó ná sin nó ar chodanna díobh.

5.    Eiseoidh an Coimisiún tuairim maidir leis an measúnú leanúnach sin ar rialú teorann a athbhunú ag teorainn inmheánach amháin nó níos mó ná sin nó ar chodanna díobh.

6.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha darb ainm ‘tuarascáil maidir le Staid Schengen’ a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar a laghad uair sa bhliain. Áireofar sa tuarascáil liosta de na cinntí go léir a rinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú le linn na bliana ábhartha. Áireofar ann freisin faisnéis faoi na treochtaí laistigh de limistéar Schengen maidir le gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír, agus aird á tabhairt ar fhaisnéis atá ar fáil ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha agus measúnú ar an ngá a bhí le rialuithe teorann a athbhunú sa tréimhse arna cumhdach sa tuarascáil sin.”

6.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le feidhmiú an limistéir gan rialú ag teorainneacha inmheánacha darb ainm ‘tuarascáil maidir le Staid Schengen’ a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar a laghad uair sa bhliain. Áireofar sa tuarascáil liosta de na cinntí go léir a rinneadh chun rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú le linn na bliana ábhartha. Áireofar ann freisin faisnéis faoi na treochtaí laistigh de limistéar Schengen maidir le gluaiseachtaí neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír, agus aird á tabhairt ar fhaisnéis atá ar fáil ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, anailís sonraí ó chórais faisnéise ábhartha agus measúnú ar an ngá a bhí le rialuithe teorann a athbhunú sa tréimhse arna cumhdach sa tuarascáil sin.”

Cúis

Chun a áirithiú go gcuirfear seasaimh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i réigiúin trasteorann san áireamh agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha a leagtar amach sa togra, ba cheart go n-áireofaí i bhformáid aonfhoirmeach na tuarascála roinn maidir le seasamh an údaráis nó na n-údarás a ndéanfaí difear dó nó dóibh a rialaíonn na limistéir riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h).

Is ar bhonn rialta a dhéanfar anailís ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá rialuithe teorann athbhunaithe ag teorainneacha inmheánacha agus déanfaidh an Coimisiún measúnú éigeantach ar an gcás le linn na rialuithe agus ina ndiaidh.

Ós rud é nár cheart rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a dhéanamh ach amháin i gcúinsí eisceachtúla agus gur cheart gur rogha dheiridh a bheith iontu, ba chóir dlúthfhaireachán agus dlúthmheastóireacht a dhéanamh ar an gcás ón gcéad lá de na bearta sin a bheith i bhfeidhm. Tá an tréimhse ceithre seachtaine atá beartaithe anseo i gcomhréir leis an tréimhse ama atá beartaithe le haghaidh tuairisciú post-factum.

Leasú 36

Airteagal 1, pointe (19)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(19)

Cuirtear isteach Iarscríbhinn XII nua:

“IARSCRÍBHINN XII

CUID A

Nós imeachta i ndáil le daoine a ghabhtar ag na teorainneacha inmheánacha a aistriú

[1. — 7.]

CUID B

Foirm chaighdeánach chun daoine a ghabhtar ag na teorainneacha inmheánacha a aistriú

[…]”

 

Cúis

Ós rud é go moltar Airteagal 23a a scriosadh, ní mór Iarscríbhinn XII a scriosadh freisin.

Leasú 37

Airteagal 2(1)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.     Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6(3) de Threoir 2008/115/CE:

“3.     Féadfaidh na Ballstáit staonadh ó chinneadh um fhilleadh a eisiúint chuig náisiúnach tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach ar a gcríoch má ghlacann Ballstát eile an náisiúnach tríú tír lena mbaineann ar ais i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 23a de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (*1) nó faoi chomhaontuithe nó socruithe déthaobhacha.

An Ballstát a bhfuil an náisiúnach tríú tír lena mbaineann glactha ar ais aige i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, glacfaidh sé cinneadh um fhilleadh i gcomhréir le mír 1. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh feidhm ag an maolú atá leagtha síos sa chéad fhomhír.

Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon chomhaontú déthaobhach nó aon socrú déthaobhach atá ann cheana, bíodh siad leasaithe nó nua.”

 

Cúis

Ós rud é go moltar Airteagal 23a a scriosadh, ní mór na leasuithe ar Airteagal 6(3) de Threoir 2008/115/CE a moladh a scriosadh freisin. Tá feidhm anseo ag an réasúnaíocht chéanna a bhaineann leis an moladh Aithris 25 agus Aithris 26 a scriosadh. De bhreis air sin, d’fhéadfadh sé go mbainfí an bonn ón dlúthpháirtíocht Eorpach de dheasca an spleáchais mhóir ar chomhaontuithe déthaobhacha idir na Ballstáit a mbeadh gá leo chun na haistrithe sin a chur chun feidhme. Lena chois sin, i gcomhréir leis an tuairim ó Sheirbhís Dlí Chomhairle an Aontais Eorpaigh (6357/21, 19.2.2021) ina dtugtar míniú mionsonraithe ar an ngeoiméadracht athraitheach idir acquis Schengen agus acquis Bhaile Átha Cliath maidir leis na tograí faoin gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann, d’fhéadfaí forálacha maidir le filleadh a chur san áireamh an athuair sa togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir um Fhilleadh (mar a mhol an Coimisiún in 2018 i dtogra atá idir lámha ag an gComhairle go fóill). De rogha air sin, d’fhéadfadh na forálacha sin a bheith ina gcuid de thogra chun an Treoir um Fhilleadh a leasú. Ní bheadh sé ag teacht le gealltanas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le rialáil níos fearr, dá ndéanfaí leasú ar an Treoir um Fhilleadh trí bhíthin Chód Teorainneacha Schengen athbhreithnithe.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún maidir le Cód Teorainneacha Schengen a leasú, idir na bearta arna moladh a bheadh infheidhme go haonfhoirmeach agus atá dírithe ar theorainneacha seachtracha a chosaint, agus na critéir athshainithe agus na coimircí nós imeachta chun rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus a fhadú, go háirithe ós rud é go n-aithnítear leo tábhacht an chomhair trasteorann;

2.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le haghaidh a thabhairt ar ionstraimiú státurraithe imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais, a glacadh an 23 Samhain 2021, lena dtugtar aghaidh, in éineacht le Plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach (2021-2025) (6), ar fheiniméan an ionstraimithe den chéad uair;

3.

ag teacht leis go bhfuil gá le creat a fheidhmíonn níos fearr le haghaidh limistéar Schengen agus gur chun leasa na mBallstát go léir atá sé na teorainneacha seachtracha a bheith faoi smacht; á aithint gur cuid thábhachtach lárnach de bheartas cuimsitheach an Aontais maidir le himirce is ea smacht éifeachtach ar theorainneacha seachtracha an Aontais;

4.

á chur in iúl go láidir go bhfuil an sainmhíniú atá beartaithe, mar atá faoi láthair, ar choincheap an ionstraimithe i gCód Teorainneacha Schengen róleathan agus doiléir, rud a fhágann go bhféadfaí ciall chontráilte a bhaint as, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le maoluithe nach bhfuil údar leordhóthanach leo ó íoschaighdeáin arna ráthú leis na comhrialacha maidir le cosaint idirnáisiúnta; á thabhairt le fios ar an gcaoi chéanna “[nach ndéantar] scrúdú” sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra “ar ionstraimiú na himirce neamhrialta, ionstraimiú a bhí le sonrú sa samhradh ag na teorainneacha talún leis an mBealarúis, i.e. tar éis don obair ar an doiciméad seo a bheith críochnaithe” (7). Dá bhrí sin, tá an measúnú tionchair a ghabhann leis seo neamhiomlán agus ní rannchuidíonn sé go leordhóthanach ar bhealach a áirithíonn go gcomhlíonann an togra a thiocfaidh as sin an cuspóir atá beartaithe do na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr, is é sin, lántairbhí na mbeartas ar an gcostas is ísle a bhaint amach, agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á gcomhlíonadh ag an am céanna (8);

5.

á chur i bhfáth gur cheart bearta beartais comhlántacha agus coisctheacha a dhíriú freisin ar thíortha tionscnaimh na n-imirceach ionstraimithe agus ar rialtais na tríú tíortha atá freagrach as an ionstraimiú ionas nach é an t-aon toradh a bheidh ann go ngearrfar pionós ar na daoine atá thíos leis na gníomhartha sin. Cé gur cheart go mbeadh riachtanais dhaonnúla na n-imirceach ionstraimithe ina dtosaíocht i gcónaí, ba cheart smachtbhannaí agus bearta sriantacha eile a dhíriú ar na daoine sin a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an réimis a bhfuil ionstraimiú ar bun acu a éascaíonn trasnú neamhdhleathach theorainneacha seachtracha an Aontais, agus ar ghníomhaíochtaí smuigléirí imirceach a sháraíonn cearta an duine, nó orthu siúd a bhfuil baint eile acu le gáinneáil ar dhaoine;

6.

á chur in iúl go léirítear imní sa Rialachán maidir le hIonstraimiú i dtaca le comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta de réir Airteagal 5(4) CAE, dá réir nach rachaidh inneachar ná foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a bhaint amach. Fágann an togra go bhfuil baol ann go n-éascófar maoluithe ar dhlí tearmainn aonfhoirmeach an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóir beartais eachtraigh agus slándála an Aontais a bhaint amach, mar atá stop a chur le tríú tír ionstraimiú a dhéanamh ar imircigh;

7.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach athchóiriú cuimsitheach a dhéanamh ar an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn (an Rialachán maidir le hIonstraimiú) (9), i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr agus prionsabail na dea-reachtóireachta, agus athbhreithniú a dhéanamh ar an togra maidir le Cód Teorainneacha Schengen athbhreithnithe dá réir, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta de réir Airteagal 5 CAE. Ós rud é go bhfuil an Rialachán maidir le hIonstraimiú atá beartaithe ag brath ar ghlacadh tograí eile faoin gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus, lena chois sin, nach raibh measúnú tionchair ag gabháil leis, níl moltaí á ndéanamh ag an gCoiste i dtaca le leasuithe reachtacha ar an togra le haghaidh rialacháin thuasluaite;

8.

á thabhairt le fios gurb éard a dhéantar leis an Rialachán maidir le hIonstraimiú, ós rud é go gceadaítear maolú leis do Bhallstáit aonair ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach dlí tearmainn an Aontais, go bhfágtar gur ann don bhaol go mbainfear an bonn leis ó bhunchuspóir an Chomhshocraithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann atá beartaithe, is é sin Comhchóras Eorpach Tearmainn comhleanúnach aonfhoirmeach comhtháite a bhaint amach, rud nach féidir a dhéanamh go leordhóthanach ach amháin ar leibhéal an Aontais. Tá amhras mór ar an gCoiste go háirithe maidir leis na bearta sealadacha atá beartaithe toisc nach gcuirtear ar fáil leo an chosaint a thugtar le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena ráthaítear cosaint ar refoulement, rochtain éifeachtach ar nós imeachta um chinneadh stádais, an ceart chun tearmainn, an ceart chun saoirse, ceart na cosanta dlí éifeachtaí agus an ceart chun dínite;

9.

ag tarraingt aird ar an tuairim uaidh maidir leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann (10) agus ar a sheasamh i gcoinne fadú neamhriachtanach ar nósanna imeachta teorann maidir le tearmann, rud a gcuirfí síneadh ní b’fhaide fós leis de réir an Rialacháin maidir le hIonstraimiú atá beartaithe agus le srianta eile agus a d’fhágfadh go mbeadh sé ní ba dheacra fós an ceart chun tearmann a iarraidh a fheidhmiú;

10.

á mholadh nár cheart féidearthachtaí iomadúla a bheith ann chun nós imeachta teorann brostaithe a chur chun feidhme gan dálaí pearsanta a chur san áireamh cé is moite d’fhadhbanna sláinte ar leith; á mholadh, chun na críche sin, gan tréimhse rófhada a dheonú do Bhallstáit chun iarratas ar thearmann a chlárú nó rochtain ar a gcríoch a dheonú, ar rud é ar dócha go mbeidh díothú saoirse ina thoradh air agus arb ionann é agus gabháil neamhdhleathach de facto ag na teorainneacha seachtracha;

11.

á chur in iúl gur saoth leis, mar an gcéanna, go bhfuil an baol ann nach dtabharfar aghaidh ar riachtanais ar leith na n-iarrthóirí tearmainn trí éifeacht fionraíochta uathoibríoch na n-achomharc a choinneáil siar sa nós imeachta éigeandála maidir le bainistiú imirce agus tearmainn agus trí na caighdeáin ghlactha a ísliú go dtí an leibhéal is ísle is féidir, rud nach sainítear a thuilleadh sa togra;

12.

á chur i bhfáth nach bhfuil dul chun cinn déanta i gcaibidlíocht na Comhairle ach oiread i gcás an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le bearta éigeandála sealadacha ar mhaithe leis an Laitvia, leis an Liotuáin agus leis an bPolainn, togra atá ar aon dul leis an Rialachán maidir le hIonstraimiú atá beartaithe; á chur ina luí gur ann cheana féin do sholúbthacht do na Ballstáit sa chreat dlíthiúil chun dul i ngleic le hathruithe a thagann ar chúrsaí ag a dteorainn;

13.

á chur i bhfios gur léirigh ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022 agus teitheadh na nÚcránach agus na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sa tír ina dhiaidh sin a thábhachtaí atá sé teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú go héifeachtach agus go daonnachtúil. Bhí dúshlán mór roimh an bPolainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Ungáir, ar an gcéad dul síos, i ndáil leis an tslándáil a choinneáil ag an teorainn agus, os a choinne sin, le bainistiú a dhéanamh ar imirce na gcéadta míle duine a d’fhág an Úcráin agus tearmann á lorg acu i mBallstáit an Aontais. Tarraingíodh aird freisin leis an gcoinbhleacht armtha san Úcráin ar an tábhacht mhór a bhaineann le comhar trasteorann laistigh den Aontas agus lasmuigh de, go háirithe i gcomhthéacs cúnamh daonnúil a chur ar fáil.

14.

ag moladh na mBallstát as an aontacht a choimeád agus an Treoir um Chosaint Shealadach a ghníomhachtú ar mhaithe leis na dídeanaithe go léir ón Úcráin, seachas maolú a dhéanamh ar chaighdeáin an dlí tearmainn, rud a dhéanfaí dá mbeadh feidhm ag an Rialacháin maidir le hIonstraimiú; á chur i bhfáth go bhfágann castacht an cháis go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe lena dtugtar aird ar chearta an duine agus ar an gceart chun tearmainn agus atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus ar chomhroinnt chothrom na freagrachta leis na Ballstáit agus na réigiúin is mó a ndéanann an cás seo difear dóibh; á chur in iúl gur údar mórtais dó gurb í an dlúthpháirtíocht an fhreagairt a thug na rialtais agus na saoránaigh araon ar an scéal go dtí seo;

15.

ag teacht leis gur cheart gur rogha dheiridh a bheadh i rialuithe ag teorainneacha inmheánacha i gcónaí agus tá sé ag cur i bhfáth go láidir go gcuirtear i mbaol mór cumas na réigiún comharsanachta comhoibriú lena chéile de dheasca athbhunú sealadach rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha, agus go bhfuil tionchar tromchúiseach aige sin ar na geilleagair réigiúnacha;

16.

á chur i bhfáth go bhfuil an comhar trasteorann i gcroílár thionscadal lánpháirtíochta na hEorpa agus go bhfuil sé ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Is ag na teorainneacha is mó a bhraitheann na saoránaigh fíorthairbhí lánpháirtiú na hEorpa. Cothaíonn comhar trasteorann teagmhálacha idir cónaitheoirí na réigiún, spreagann sé forbairt agus cuireann sé go díreach le cáilíocht saoil na bpobal áitiúil;

17.

á chur in iúl go bhfuil paindéim COVID-19 ar cheann de na céimeanna is mó ar gcúl a thit amach leis na blianta fada ó thaobh comhar trasteorann de, ach go raibh an-chuid réigiúin teorann ag streachailt cheana féin, sular thit an phaindéim amach fiú, leis an iliomad bacainní réigiúnacha ar leith, amhail iompar agus nascacht trasteorann mar aon le bacainní maorlathacha roimh shaoránaigh agus gnólachtaí arbh iad na constaicí ba mhó a bhí rompu ina gcríocha iad;

18.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an dearbhú nach ndéanfaidh an easpa rialaithe teorann ag teorainneacha inmheánacha difear d’fheidhmiú na gcumhachtaí póilíneachta nó na gcumhachtaí poiblí eile ag na húdaráis inniúla, sa mhéid is nach bhfuil éifeacht acu atá coibhéiseach le seiceálacha teorann;

19.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na critéir níos déine maidir le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú agus a fhadú ar bhonn sealadach, agus go háirithe an ceanglas an tionchar is dócha a bheadh acu ar fheidhmiú na réigiún trasteorann a mheas, agus na naisc láidre shóisialta agus eacnamaíocha atá eatarthu á gcur san áireamh;

20.

den bharúil, áfach, gur cheart úsáid na mbeart malartach a áireamh sna critéir chun rialuithe teorann a athbhunú, agus ní hamháin chun iad a fhadú;

21.

á mholadh gur cheart uasthréimhse dhocht 24 mhí san iomlán a chur leis na rialuithe teorann ag teorainneacha inmheánacha;

22.

á mholadh gur cheart cúiseanna leis an bhfáth nach bhfuil sé iomchuí bearta malartacha a dhéanamh, agus seasamh an údaráis nó na n-údarás sin a bhfuil na limistéir riaracháin áitiúla a mheastar a bheith ina réigiúin trasteorann de réir Airteagal 39(1), pointe (h) faoina gcúram, a áireamh in aon fhógra ó Bhallstát maidir le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach arís ar bhonn sealadach;

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an ceanglas bearta maolaitheacha a thabhairt isteach in éineacht le tabhairt isteach arís nó fadú rialuithe teorann agus aird ar leith á tabhairt ar chás na réigiún trasteorann; den bharúil gur cheart dul i gcomhairle sa chás sin leis an údarás nó na húdaráis a rialaíonn na limistéir riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h);

24.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tagairtí do “údaráis inniúla” mar aitheantas ar chumhachtaí poiblí na n-aonad riaracháin ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

25.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach comhairliúcháin fhorleathana a dhéanamh leis na gníomhaithe ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, sula molfaidh sé gníomhartha tarmligthe faoi chreat nua Schengen;

26.

á mholadh gan seiceálacha teorann a úsáid ar bhonn lánroghnach ós rud é gur bheag nárbh ionann sin agus rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a bheith i bhfeidhm;

27.

ag teacht leis go bhfuil prionsabal na coimhdeachta infheidhme de bhua Airteagal 5(3) CAE, agus go ngníomhóidh an tAontas ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe – sláine limistéar Schengen agus an gá atá le coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú chun an ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú – a bhaint amach go leordhóthanach, ní ar an leibhéal lárnach ná ar an leibhéal réigiúnach ná áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais;

28.

ag teacht leis, cé nár cheart a mheas, per se, gur bhagairt don bheartas poiblí ná don tslándáil inmheánach sreabha imirce neamhrialta, go bhféadfadh bearta breise a bheith ag teastáil chun feidhmiú limistéar Schengen a áirithiú;

29.

á chur in iúl nach dtagann sé leis, áfach, maidir le cás inarb ann do ghluaiseachtaí móra neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit, gur cheart an méid sin a mheas mar údar cuí féideartha do Bhallstát aonair le rialú teorann ag teorainneacha inmheánacha a thabhairt isteach an athuair nó le síneadh a chur leis, mar bheadh sé sin ag teacht salach ar chuspóir an togra agus ar chur i bhfeidhm cuí phrionsabal na coimhdeachta. Ós rud é go mbaineann cás den sórt sin le gluaiseachtaí idir na Ballstáit, chun prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh, is gá aghaidh a thabhairt air ar leibhéal an Aontais mar a mholtar faoi Airteagal 28;

30.

á mholadh maidir le hathbhunú rialuithe teorann i gcás inarb ann do ghluaiseachtaí móra neamhúdaraithe náisiúnach tríú tír idir na Ballstáit, gur cheart go dtiocfadh sé ach faoin sásra ar leith a mholtar de réir Airteagal 28, agus faoi sin amháin, agus go mbeadh sé faoi réir chinneadh cur chun feidhme na Comhairle;

31.

á mholadh gur cheart tús a chur le faireachán agus tuairisciú in am trátha nuair a thabharfar isteach rialuithe ag teorainneacha inmheánacha agus nach mbeadh teorainn anailíse agus tuairiscithe post-factum leis;

32.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an próiseas comhairliúcháin a tugadh isteach de réir Airteagal 27a; ag iarraidh go mbeadh cead ag na húdaráis a rialaíonn na limistéir riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h) barúlacha a chur isteach sna fógraí ó na Ballstáit a bhfuil baint dhíreach acu leis an aonad riaracháin atá faoina gcúram;

33.

á thabhairt le fios gur cheart go mbeadh sa mheasúnú riosca atá le cur isteach ag an mBallstát i gcás síneadh a chur le rialuithe teorann na torthaí ó chomhairliúcháin leis na húdaráis a rialaíonn na limistéir riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h);

34.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a thuairim maidir lena riachtanaí agus lena chomhréirí atá rialuithe teorann a bhunú ar chomhairliúchán leis na húdaráis a rialaíonn na limistéir riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h);

35.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar an dóigh chéanna, agus moladh á eisiúint aige ina léirítear bearta eile dá dtagraítear in Airteagal 23 lena bhféadfaí rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a chomhlánú nó a d’fhéadfadh a bheith ní b’oiriúnaí ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an mbaol sainaitheanta ar an tslándáil inmheánach nó ar an mbeartas poiblí, a mholadh a bhunú freisin ar chomhairliúcháin leis na húdaráis a rialaíonn na limistéir riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1), pointe (h);

36.

ag iarraidh, chun a áirithiú go gcuirfear barúlacha na réigiún trasteorann san áireamh ag gach céim, go gcuirfí san áireamh san anailís post-factum arna cur isteach ag Ballstát mar thuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, seasamh na n-údarás a rialaíonn na limistéir riaracháin áitiúla arb iad na réigiúin trasteorann iad de réir Airteagal 39(1)(h);

37.

ag an deireadh ar fad, i bhfách leis an méadú atá beartaithe ar limistéar Schengen, mar atá an Chróit a chur leis ón 1 Eanáir 2023. Lena chois sin, tá CnaR ag iarraidh go gcuirfear an Bhulgáir agus an Rómáin le limistéar Schengen, ar choinníoll go gcuireann siad acquis Schengen chun feidhme go héifeachtach. Tá an Coiste ag teacht leis an seasamh a cuireadh ina iúl sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach A strategy towards a full functioning and resilient Schengen area [Straitéis i dtreo limistéar Schengen lánfheidhmiúil agus athléimneach] i dtaca le teacht isteach iomlán na dtrí thír in Schengen, go gcuirfear leis an tslándáil san Aontas ina iomláine, ós rud é go mbeidh na trí thír sin in ann leas iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil, agus gur rud tábhachtach é aontachas na dtíortha sin ó thaobh an mhuinín fhrithpháirteach as limistéar Schengen a threisiú (11).

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(2)  IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.

(3)  Forléargas ar fáil sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le straitéis 2021-2025 an Aontais maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, COM(2021) 171 final (níl leagan Gaeilge ann)

(4)  IO L 180, 29.6.2013, lch. 60.

(5)  IO L 180, 29.6.2013, lch. 96.

(6)  COM(2021) 591 final (níl leagan Gaeilge ann)

(7)  SWD(2021) 463 final

(8)  SWD(2021) 305 final (níl leagan Gaeilge ann)

(9)  COM(2021) 890 final

(10)  COR-2020-04843

(11)  COM(2021) 277 final (níl leagan Gaeilge ann)


30.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 498/154


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha

(2022/C 498/16)

Rapóirtéir:

Jean-Noël VERFAILLIE (FR/Renew Europe), Méara Marly

Doiciméid tagartha:

Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl

COM(2022) 156

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha agus lena mbunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha

COM(2022) 157

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl

COM(2022) 156

Leasú 1

Aithris 16

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

(16)

Ba cheart rannchuidiú Threoir 2010/75/AE le héifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh agus leis an ngeilleagar ciorclach san Aontas a dhéanamh níos éifeachtaí, agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur san áireamh mar threoirphrionsabal de bheartas fuinnimh an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos sna ceadanna , i gcás inar féidir, teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil sainordaitheacha maidir le leibhéil tomhaltais agus le leibhéil éifeachtúlachta acmhainní, lena n-áirítear maidir le húsáid uisce, fuinnimh agus ábhar athchúrsáilte, bunaithe ar na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEPLanna) a leagtar amach i gcinntí maidir le conclúidí BAT.

(16)

Ba cheart rannchuidiú Threoir 2010/75/AE le héifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh agus leis an ngeilleagar ciorclach san Aontas a dhéanamh níos éifeachtaí, agus bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh á chur san áireamh mar threoirphrionsabal de bheartas fuinnimh an Aontais. Dá bhrí sin, tá na húdaráis inniúla ag smaoineamh , i gcás inar féidir, ar t h eorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil sainordaitheacha a leagan síos maidir le leibhéil tomhaltais agus le leibhéil éifeachtúlachta acmhainní, lena n-áirítear maidir le húsáid uisce, fuinnimh agus ábhar athchúrsáilte, bunaithe ar na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEPLanna) a leagtar amach i gcinntí maidir le conclúidí BAT.

Cúis

Is leasú teicniúil é seo chun an aithris a chur i gcomhréir leis na hathruithe atá beartaithe ar an airteagal ábhartha.

Leasú 2

Aithris 25

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú

(25)

Chun cuspóirí an Aontais maidir le geilleagar glan ciorclach aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, is gá geilleagar an Aontais a chlaochlú ó bhonn. I gcomhréir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, ba cheart, dá bhrí sin, a cheangal ar oibreoirí suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2010/75/AE pleananna claochlaithe a áireamh ina gcórais bainistíochta comhshaoil. Ina theannta sin, comhlánófar leis na pleananna claochlaithe sin na ceanglais maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) trí bhealach a sholáthar chun na ceanglais sin a chur chun feidhme go coincréiteach ar leibhéal na suiteála. Is é an chéad tosaíocht na gníomhaíochtaí dianfhuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn I a chlaochlú. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí suiteálacha dianfhuinnimh pleananna claochlaithe a chur ar fáil faoin 30 Meitheamh 2030. Ba cheart a cheangal ar oibreoirí suiteálacha a dhéanann gníomhaíochtaí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I pleananna claochlaithe a chur ar fáil mar chuid d’athmheas agus tabhairt cothrom le dáta an cheada tar éis fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí BAT a fhoilseofar tar éis an 1 Eanáir 2030 . Cé gur cheart na pleananna claochlaithe leanúint de bheith ina ndoiciméid tháscacha a ullmhaítear faoi fhreagracht na n-oibreoirí, ba cheart don eagraíocht iniúchóireachta ar conradh ag na hoibreoirí mar chuid dá gcórais bainistíochta comhshaoil a sheiceáil go bhfuil iontu an t-íosmhéid faisnéise a bheidh le socrú ag an gCoimisiún Eorpach i ngníomh cur chun feidhme, agus ba cheart do na hoibreoirí na pleananna claochlaithe a chur ar fáil don phobal .

(25)

Chun cuspóirí an Aontais maidir le geilleagar glan ciorclach aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050, is gá geilleagar an Aontais a chlaochlú ó bhonn. I gcomhréir leis an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol, ba cheart, dá bhrí sin, a cheangal ar oibreoirí suiteálacha a chumhdaítear le Treoir 2010/75/AE pleananna claochlaithe a áireamh ina gcórais bainistíochta comhshaoil. Ina theannta sin, comhlánófar leis na pleananna claochlaithe sin na ceanglais maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach faoi Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) trí bhealach a sholáthar chun na ceanglais sin a chur chun feidhme go coincréiteach ar leibhéal na suiteála. Is é an chéad tosaíocht na gníomhaíochtaí dianfhuinnimh a liostaítear in Iarscríbhinn I a chlaochlú. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí suiteálacha dianfhuinnimh pleananna táscacha claochlaithe a chur ar fáil faoin 30 Meitheamh 2030. Ba cheart a cheangal ar oibreoirí suiteálacha a dhéanann gníomhaíochtaí eile a liostaítear in Iarscríbhinn I pleananna táscacha claochlaithe a chur ar fáil mar chuid d’athmheas agus tabhairt cothrom le dáta an cheada tar éis fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí BAT a fhoilseofar tar éis an 1 Eanáir 2030.

Cúis

Is leasú teicniúil é seo chun an aithris a chur i gcomhréir leis na hathruithe atá beartaithe ar an leasú ábhartha.

Leasú 3

Airteagal 1(1), pointe (5)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(5)

In Airteagal 5, cuirtear mír (4) seo a leanas isteach:

(5)

In Airteagal 5, cuirtear mír (4) seo a leanas isteach:

“4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ceadanna a dheonófar de bhun an Airteagail seo ar fáil ar an idirlíon, saor in aisce agus gan an rochtain a shrianadh d’úsáideoirí cláraithe amháin. Ina theannta sin, cuirfear achoimre ar gach cead ar fáil don phobal faoi na coinníollacha céanna. Áireofar san achoimre sin an méid seo a leanas ar a laghad:

“4.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ceadanna a dheonófar de bhun an Airteagail seo ar fáil ar an idirlíon, saor in aisce agus gan an rochtain a shrianadh d’úsáideoirí cláraithe amháin. Ina theannta sin, cuirfear achoimre ar gach cead ar fáil don phobal faoi na coinníollacha céanna. Áireofar san achoimre sin an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)

forbhreathnú ar phríomhchoinníollacha an cheada;

(a)

forbhreathnú ar phríomhchoinníollacha an cheada;

(b)

teorainnluachanna astaíochta agus teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil;

(b)

teorainnluachanna astaíochta agus teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil;

(c)

aon mhaolú a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 15(4);

(c)

aon mhaolú a deonaíodh i gcomhréir le hAirteagal 15(4);

(d)

conclúidí BAT is infheidhme;

(d)

conclúidí BAT is infheidhme;

(e)

na forálacha maidir leis an gcead a athmheas agus a thabhairt cothrom le dáta.

(e)

na forálacha maidir leis an gcead a athmheas agus a thabhairt cothrom le dáta.

 

(f)

ainm an údaráis nó an chomhlachta shonraigh atá freagrach as iarrataí ar fhaisnéis agus gearáin.

An fhormáid atá le húsáid le haghaidh na hachoimre dá dtagraítear sa dara fomhír, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun í a leagan síos. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2)”.

An fhormáid atá le húsáid le haghaidh na hachoimre dá dtagraítear sa dara fomhír, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme chun í a leagan síos. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2)”.

Cúis

Ba cheart an pobal a chur ar an eolas faoin leibhéal sonrach atá freagrach as fiosruithe agus gearáin chun a áirithiú nach rachfar i dteagmháil leis an gcomhlacht nó leis an údarás mícheart, rud a chuirfeadh ualach riaracháin ar an gcóras riaracháin phoiblí agus a d’fhágfadh go mbeadh sé níos deacra faisnéis a fháil.

Leasú 4

Airteagal 1, pointe (12)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(12)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

(12)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

“Airteagal 15

“Airteagal 15

Teorainnluachanna astaíochta, teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil, paraiméadair choibhéiseacha agus bearta teicniúla

Teorainnluachanna astaíochta, teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil, paraiméadair choibhéiseacha agus bearta teicniúla

[…]

[…]

3a.    Socróidh an t-údarás inniúil teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil lena n-áiritheofar nach mó na teorainnluachanna feidhmíochta sin faoi ghnáthchoinníollacha oibriúcháin ná na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT mar a leagtar síos sna cinntí maidir le conclúidí BAT dá dtagraítear in Airteagal 13(5).

3a.    Is féidir go s ocróidh an t-údarás inniúil teorainnluachanna feidhmíochta comhshaoil lena n-áiritheofar nach mó na teorainnluachanna feidhmíochta sin faoi ghnáthchoinníollacha oibriúcháin ná na leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT mar a leagtar síos sna cinntí maidir le conclúidí BAT dá dtagraítear in Airteagal 13(5).

[…]”

[…]”

Cúis

D’eascródh rialacha neamhréireacha as an oibleagáid chun luachanna ceangailteacha feidhmíochta a leagan síos agus bhainfí an bonn den chlaochlú tionsclaíoch. Ba cheart an ceanglas seo a fhágáil faoi rogha na n-údarás inniúil tar éis é a bheith léirithe trí bhíthin measúnú cúramach nach n-eascródh neamhréireacht as ceanglas den sórt sin idir na coinníollacha ceada arna socrú in áit eile.

Leasú 5

Airteagal 1, pointe (18a)

(Nuaphointe)

Airteagal 25(3) de Threoir 2010/75/AE

Leasú ó CnaR

 

(18a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25(3):

3.   Déanfaidh na Ballstáit an rud is leas leordhóthanach ann, agus sárú ar cheart, a chinneadh i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain fhairsing ar an gceartas a thabhairt don phobal lena mbaineann.

3.   Déanfaidh na Ballstáit an rud is leas leordhóthanach ann, agus sárú ar cheart, a chinneadh i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain fhairsing ar an gceartas a thabhairt don phobal lena mbaineann.

Chuige sin, measfar gur leordhóthanach chun críocha mhír 1(a) an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann na ceanglais faoin dlí náisiúnta.

Chuige sin, measfar gur leordhóthanach chun críocha mhír 1(a) an leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann na ceanglais faoin dlí náisiúnta.

 

Chuige sin, measfar gur leordhóthanach chun críocha mhír 1(a) leas aon údaráis phoiblí fhonáisiúnta a bhféadfaí dochar a dhéanamh dá chríoch nó dá dhaonra agus comhlíonadh aon cheanglais den dlí náisiúnta.

Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha mhír 1(b) ag na heagraíochtaí sin.

Measfar freisin go bhfuil cearta ar féidir iad a shárú chun críocha mhír 1(b) ag na heagraíochtaí nó ag na húdaráis sin.

Cúis

Tacaíonn CnaR leis an rannpháirtíocht phoiblí agus le rochtain ar an gceartas a bheith ag na húdaráis phoiblí agus is díol sásaimh dó na hathbhreithnithe a rinneadh ar an ngné sin, bíodh agus go bhfuil sé á mholadh aige iarrachtaí a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh rochtain ar an gceartas ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ngach Ballstát chomh maith. Iarrann sé freisin go mbeadh faisnéis atá iomlán agus tráthúil ann agus go mbeadh rannpháirtíocht phoiblí i ngach próiseas.

Leasú 6

Airteagal 1, pointe (22)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(22)

Cuirtear na hAirteagal 27a go 27d seo a leanas isteach:

(22)

Cuirtear na hAirteagal 27a go 27d seo a leanas isteach:

“[…]

“[…]

Airteagal 27d

Airteagal 27d

Claochlú i dtreo tionscal atá glan, ciorclach agus aeráidneodrach

Claochlú i dtreo tionscal atá glan, ciorclach agus aeráidneodrach

1.   Maidir le gach suiteáil a dhéanann aon ghníomhaíocht a liostaítear i bpointí 1, 2, 3, 4, 6.1. a, agus 6.1. b d’Iarscríbhinn I, ceanglóidh na Ballstáit go n-áireoidh an t-oibreoir, faoin 30 Meitheamh 2030, plean claochlaithe lena haghaidh ina chóras bainistíochta comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 14a . Beidh faisnéis sa phlean claochlaithe faoi conas a chlaochlófar an tsuiteáil ar feadh na tréimhse 2030-2050 chun rannchuidiú le teacht chun cinn geilleagar atá inbhuanaithe, glan, ciorclach agus aeráidneodrach faoi 2050, agus úsáid á baint as an bhformáid dá dtagraítear i mír 4.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an eagraíocht iniúchóireachta atá ar conradh ag an oibreoir mar chuid dá chóras bainistíochta comhshaoil, faoin 31 Nollaig 2031, measúnú ar chomhréireacht na bpleananna claochlaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4.

1.   Maidir le gach suiteáil a dhéanann aon ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I, ceanglóidh na Ballstáit go n-áireoidh an t-oibreoir, faoin 30 Meitheamh 2030, agus mar chuid den athbhreithniú ar choinníollacha an cheada de bhun Airteagal 21(3) tar éis fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí BAT tar éis an 1 Eanáir 2030, plean táscach claochlaithe. Beidh faisnéis sa phlean táscach claochlaithe faoi conas a chlaochlófar an tsuiteáil ar feadh na tréimhse 2030-2050 chun rannchuidiú le teacht chun cinn geilleagar atá inbhuanaithe, glan, ciorclach agus aeráidneodrach faoi 2050, agus úsáid á baint as an bhformáid dá dtagraítear i mír 4.

2.     Ceanglóidh na Ballstáit, mar chuid den athbhreithniú ar choinníollacha an cheada de bhun Airteagal 21(3) tar éis fhoilsiú na gcinntí maidir le conclúidí BAT tar éis an 1 Eanáir 2030, go n-áireoidh an t-oibreoir plean claochlaithe ina chóras bainistíochta comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 14a le haghaidh gach suiteála a dhéanann aon ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn I nach dtagraítear di i mír 1. Beidh faisnéis sa phlean claochlaithe faoi conas a chlaochlófar an tsuiteáil ar feadh na tréimhse 2030-2050 chun rannchuidiú le teacht chun cinn geilleagar atá inbhuanaithe, glan, ciorclach agus aeráidneodrach faoi 2050, agus úsáid á baint as an bhformáid dá dtagraítear i mír 4.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an eagraíocht iniúchóireachta atá ar conradh ag an oibreoir mar chuid dá chóras bainistíochta comhshaoil measúnú ar chomhréireacht na bpleananna claochlaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 leis na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4.

2.    Déanfaidh an t-oibreoir achoimre dá phlean táscach claochlaithe a chur ar fáil don phobal.

3 .   Déanfaidh an t-oibreoir a phlean claochlaithe mar aon le torthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur ar fáil don phobal , mar chuid d’fhoilsiú a chórais bainistíochta comhshaoil .

3.    Faoin 30 Meitheamh 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos an fhormáid le haghaidh na bpleananna claochlaithe. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).”.

4 .   Faoin 30 Meitheamh 2028, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagtar síos an fhormáid le haghaidh na bpleananna claochlaithe. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 75(2).”.

 

Cúis

Is cosúil gurb iomchuí cineál táscach an phlean claochlaithe ós rud é go bhfuil na cuspóirí atá á saothrú réamhbhreathnaitheach agus ag brath ar sheachtrachtaí (e.g. na veicteoirí athnuaite ísealfhuinnimh atá ar fáil) agus freisin chun a áirithiú nach n-éireodh na próisis cheada níos casta.

Leasú 7

Airteagal 1, pointe (31)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(31)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79:

(31)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 79:

“Airteagal 79

“Airteagal 79

Pionóis

Pionóis

1.   Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil, leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na forálacha sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

1.   Gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Threoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil, leagfaidh na Ballstáit rialacha síos maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na forálacha sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Áireofar sna pionóis dá dtagraítear i mír 1 fíneálacha atá comhréireach le láimhdeachas an duine dhlítheanaigh nó le hioncam an duine nádúrtha a rinne an sárú. Déanfar leibhéal na bhfíneálacha a ríomh ar bhealach lena n-áiritheofar go mbainfear go héifeachtach na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as an sárú sin den duine atá freagrach as an sárú. Déanfar leibhéal na bhfíneálacha a mhéadú de réir a chéile i gcás sáruithe a dhéanfar arís agus arís eile. I gcás sárú a dhéanfaidh duine dlítheanach, beidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 8 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an oibreora sa Bhallstát lena mbaineann .

2.   Áireofar sna pionóis dá dtagraítear i mír 1 fíneálacha atá comhréireach le láimhdeachas an duine dhlítheanaigh nó le hioncam an duine nádúrtha a rinne an sárú. Déanfar leibhéal na bhfíneálacha a ríomh ar bhealach lena n-áiritheofar go mbainfear go héifeachtach na tairbhí eacnamaíocha a eascraíonn as an sárú sin den duine atá freagrach as an sárú. Déanfar leibhéal na bhfíneálacha a mhéadú de réir a chéile i gcás sáruithe a dhéanfar arís agus arís eile. I gcás sárú a dhéanfaidh duine dlítheanach, beidh uasmhéid na bhfíneálacha sin cothrom le 8 % ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an oibreora , á gcur san áireamh máthairghnóthais agus foghnóthais .

3.   Leis na pionóis dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

3.   Leis na pionóis dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme:

(a)

cineál, tromchúis agus méid an tsáraithe;

(b)

cineál an tsáraithe, eadhon an ndearnadh d’aon ghnó nó le faillí é;

(c)

an daonra nó an comhshaol a ndéanann an sárú difear dó, agus aird á tabhairt ar thionchar an tsáraithe ar an gcuspóir ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach.”.

(a)

cineál, tromchúis agus méid an tsáraithe;

(b)

cineál an tsáraithe, eadhon an ndearnadh d’aon ghnó nó le faillí é;

(c)

an daonra nó an comhshaol a ndéanann an sárú difear dó, agus aird á tabhairt ar thionchar an tsáraithe ar an gcuspóir ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol a bhaint amach.

 

4.     Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfear an cistiú ó phionóis, mar ábhar tosaíochta, d’fhonn an damáiste arna dhéanamh do na húdaráis áitiúla a dheisiú nó a chúiteamh.

I gcás inarb é atá i gceist le cur i bhfeidhm na Treorach an méid gníomhaíochtaí eacnamaíocha a athrú nó iad a dhúnadh, níor mhór na hiarmhairtí sóisialta do na húdaráis áitiúla a chur san áireamh agus na pionóis á gcinneadh agus níor mhór do na Ballstáit a áirithiú go n-úsáidfí na cistí a mbaileofaí ó na pionóis chun na húdaráis áitiúla a chúiteamh as caillteanais shóisialta agus eacnamaíocha, i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.”.

Cúis

Is féidir go ndéanfar damáiste don tsláinte, don tsochaí agus don gheilleagar mar gheall ar thionchar an truaillithe ar na húdaráis áitiúla, damáiste a bhféadfadh an-chuid fadhbanna eascairt as, go háirithe le haghaidh pobail bheaga agus/nó pobail bhochta. Ní mór é sin a chur san áireamh sna pionóis.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR),

Barúlacha ginearálta

1.

á athdhearbhú a thiomanta atá sé do dhlús a chur le haistriú cothrom agus glan i dtreo geilleagar aeráidneodrach ciorclach faoi 2050, ceann a bheidh fabhrach do réigiúin an Aontais Eorpaigh agus nach mbeidh aon duine ná aon chríoch den Aontas Eorpach fágtha ar lár ann; ag tacú, chuige sin, leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (IED), athbhreithniú a bhfuil sé beartaithe leis cuidiú leis an truailliú a chosc agus a rialú, ach freisin an nuálaíocht a spreagadh, luach saothair a thabhairt do cheannródaithe agus cabhrú lena thuilleadh cothroime a bhaint amach i margadh an Aontais;

2.

den tuairim gur creat éifeachtach reachtach é IED. Léiríodh cheana féin go bhfuil sé éifeachtach maidir le hastaíochtaí truailleán a laghdú agus, ar an gcaoi sin, go bhfuil sé fós oiriúnach don chlaochlú atá ag teastáil ó thionscal na hEorpa chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhféadfadh na sineirgí idir cur chuige IED, atá bunaithe ar chosc, agus cur chuige an Chórais Trádála Astaíochtaí (CTA), atá bunaithe ar an margadh, dul chun leasa na n-oibreoirí, an chomhshaoil agus na timpeallachta ar fad;

3.

ag tacú le cur chuige eolaíoch, go háirithe chun fíorthionchar gníomhaíochtaí tionsclaíocha ar an truailliú foriomlán a mheas;

4.

á chur in iúl gur ceann de na laigí iarmharacha atá ann faoi láthair é an easpa comhsheasmhachta i gcur i bhfeidhm IED sna Ballstáit;

5.

ag tarraingt aird ar an gcomhthéacs faoina bhfuil an t-athbhreithniú atá beartaithe ar IED ar siúl (praghsanna fuinnimh, boilsciú rábach, suaitheadh slabhraí soláthair); ag tabhairt rabhadh faoin tionchar diúltach a bheadh ag athchóiriú neamhoiriúnach ar IED ar iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa;

6.

á thabhairt dá aire, ar a shon sin, an imní a léirigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála ina thuarascáil maidir leis an measúnú tionchair ar an athbhreithniú ar IED (1), go háirithe ó thaobh easpa shoiléireacht an téacs sin i ndáil le tionchair áirithe an athbhreithnithe ar an iomaíochas tionsclaíoch (baol an athlonnaithe agus an baol go n-ionadófaí táirgí le cinn ó thríú tíortha a bhfuil rialacha nach bhfuil chomh dian céanna i bhfeidhm acu, go háirithe na rialacha a bhaineann le gníomhaíochtaí a cuireadh san áireamh le déanaí), agus freisin i dtaobh an tionchair ar limistéir thuaithe agus ar phraghsanna do thomhaltóirí a bhaineann leis an mbeostoc a chur san áireamh;

7.

á iarraidh ar na comhreachtóirí comhsheasmhacht chur chun feidhme IED a neartú agus costais agus dúshláin an aistrithe a chur san áireamh i gcomhthéacs bheartas trádála an Aontais le hiomaíocht éagórach ó thríú tíortha a sheachaint;

8.

á chur in iúl, ar a shon sin, go gcumhdaítear láithreáin thionsclaíocha, atá faoi réir IED, le rialacha agus scéimeanna um dhícharbónú den chuid is mó; á iarraidh, dá bhrí sin, nach gcúngófaí, faoi chuimsiú IED, ar na huirlisí sin atá thar a bheith éifeachtach, uirlisí atáthar á gcur chun feidhme cheana ar an leibhéal tionsclaíoch, ionas nach mbeadh neamhréireachtaí ann agus d’fhonn iarrachtaí dícharbónaithe a chur chun cinn ar an mbealach is costéifeachtaí;

Éifeachtacht IED a áirithiú

9.

den tuairim láidir nach mór iad a bheith i gcomhréir le slándáil agus sábháilteacht suíomhanna, le rúin trádála agus le cosc ar ghníomhartha mailíse an prionsabal ginearálta maidir leis an bpobal a chur ar an eolas agus an gá lena áirithiú nach gcuirfí srian le scaipeadh faisnéise ábhartha;

10.

á chur in iúl go gcuirtear le rath an chlaochlaithe thionsclaíoch trí bhíthin príomhphrionsabail de chuid IED agus trína chur chuige comhtháite a chothabháil;

11.

i bhfabhar, dá bhrí sin, an sainmhíniú ar na “teicnící is fearr” (BAT) agus Próiseas Sevilla a chothabháil (tarraingítear suas na doiciméid tagartha um na teicnící is fearr atá ar fáil (“BREFanna”) faoin bpróiseas deiridh sin);

12.

in amhras faoi fhoclaíocht reatha Airteagal 15(3), eadhon teorainneacha astaíochta a shocrú ar na leibhéil is déine, mar atá luaite i gconclúidí na dteicnící is fearr (conclúidí BAT);

13.

ag caitheamh amhras ar fhoclaíocht Airteagal 15(3a) maidir le leibhéil feidhmíochta comhshaoil atá nasctha le BAT. Ba cheart an ceanglas seo a fhágáil faoi rogha na n-údarás inniúil tar éis é a bheith léirithe trí bhíthin measúnú cúramach nach n-eascródh neamhréireacht as ceanglas den sórt sin idir na coinníollacha ceada arna socrú in áit eile;

14.

ag tacú go láidir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as; ar aon tuairim le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa gur cheart an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a shainiú go soiléir; ag teacht le neartú na bhforálacha maidir le pionóis agus cúiteamh; den tuairim gur gá na pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus nach mór a chur san áireamh iontu struchtúr iomlán úinéireachta na gcuideachtaí ar mhaithe lena áirithiú go bhforchuirfear iad ar na páirtithe freagracha;

15.

á chur i bhfáth go mbíonn ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha dul i ngleic le tionchair chomhshaoil, sláinte agus eacnamaíocha an truaillithe. Ba cheart an t-airgead ó phionóis agus ó íocaíochtaí cúitimh a úsáid freisin chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha déileáil le hiarmhairtí na dtionchar sin;

16.

ag tacú le cruthú na Tairsí um Astaíochtaí Tionsclaíocha; á iarraidh, mar sin féin, go ndéanfaí iarrachtaí leis an ualach breise riaracháin ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a theorannú;

Raon feidhme

17.

den bharúil nach mór anailís chúramach a dhéanamh ar aon leathnú chuig earnálacha nua, lena n-áirítear trí mheasúnú costais is tairbhe ina gcuirfear san áireamh, i measc rudaí eile, na bearta agus na creataí beartais atá ann chun aghaidh a thabhairt ar an leathnú sin;

18.

ag tacú le leathnú raon feidhme IED chuig earnálacha eile amhail earnáil na mairteola; in imní, áfach, maidir leis an ualach agus na costais riaracháin agus tá sé á mholadh aige breithniú a dhéanamh ar bhearta lena gcuirfear tacaíocht airgeadais ar fáil do ghnólachtaí agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san aistriú sin, á chur san áireamh, go háirithe, an tionchar sóisialta ar shuiteálacha beaga; á iarraidh ar na comhreachtóirí gan iad féin a theorannú don aon chritéar amháin maidir le tógáil beostoic;

19.

á iarraidh go ndéanfaí measúnú níos mionsonraithe ar a fhéideartha atá sé an dobharshaothrú a chur san áireamh sa Treoir, measúnú ina gcuirfí san áireamh na costais agus na tairbhí a bhainfeadh leis an gcur san áireamh sin ó thaobh an chomhshaoil de, ina ndéanfaí an t-ualach riaracháin agus na costais do ghnólachtaí a mheas, agus ina dtabharfaí aird ar leith ar na pobail áitiúla a bhfuil an dobharshaothrú mar chuid shuntasach dá ngeilleagar áitiúil;

20.

ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh sé go gcuirfí an próiseas iomlán maidir le bailiú sonraí domhain i mbaol, go ndéanfaí difear d’fheidhmiú Phróiseas Sevilla, agus go mbainfí moill as eisiúint ceadanna dá leathnófaí an raon feidhme an iomarca trí bhíthin Airteagal 74, faoina bhféadfadh an raon feidhme a leathnú trí ghníomh tarmligthe;

Tacaíocht don nuálaíocht

21.

ag teacht leis an uaillmhian chun taighde agus nuálaíocht a spreagadh maidir le teicneolaíochtaí a bheadh níos éifeachtúla ó thaobh an chomhshaoil de le go gcomhlíonfaí uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais;

22.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó bunú an lárionaid nuálaíochta um chlaochlú tionsclaíoch agus um astaíochtaí tionsclaíocha (INCITE), rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhua do nuálaíocht an Aontais; á iarraidh, mar sin féin, nach ndéanfadh INCITE próiseas athbhreithnithe BREF a atáirgeadh;

23.

á chur in iúl go mbíonn an nuálaíocht ann ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus gur cheart na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur san áireamh i measc na n-institiúidí poiblí atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí an lárionaid nua nuálaíochta;

24.

á thabhairt dá aire an toilteanas atá ann na leibhéil feidhmíochta a chumasc leis na teicnící atá ag teacht chun cinn; den bharúil gur baolach nach ndéanfaí na teicnící sin a chur chun feidhme go héifeachtach mura mbeifí lánchinnte go mbeifí in ann na teorainneacha astaíochta atá san áireamh sna ceadúnúcháin a bhaint amach;

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na pleananna fadtéarma maidir leis an gclaochlú; ag tarraingt aird air, áfach, gur cheart na pleananna sin a bheith táscach agus gur cheart iad a fhorbairt ar leibhéal na cuideachta seachas ar leibhéal an láithreáin oibríochta, agus nár cheart an bonn a bhaint de rúin an tionscail trína nochtadh.

26.

á thabhairt dá aire gur cosúil nach mbeadh aon fhadhb leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe mar atá siad anois, ó thaobh a gcomhlíontachta le prionsabal na coimhdeachta de, mar thoradh ar chineál trasteorann an truaillithe ó shuiteálacha agraithionsclaíocha agus an gá atá le cothrom na Féinne sa mhargadh aonair. Is cosúil nach mbainfeadh aon fhadhb leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe, ó thaobh a gcomhlíontachta le prionsabal na comhréireachta de, i bhfianaise a phráinní atá ghéarchéim an chomhshaoil agus an ghéarchéim aeráide.

An Bhruiséil, an 12 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle; (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(1)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle; (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(1)  SEC(2022) 169