ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 493

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
27 Nollaig 2022


Clár

Leathanach

 

 

PARLAIMINT NA hEORPA
SEISIÚN 2022-2023
Suíonna ón 6 go dtí an 9 Meitheamh 2022
TÉACSANNA ATÁ GLACTHA

1


 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Parlaimint na hEorpa

 

Dé Máirt 7. Meitheamh 2022

2022/C 493/01

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Tuirc (2021/2250(INI))

2

2022/C 493/02

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le Treochlár SEGS um Athrú Aeráide agus Cosaint (2021/2102(INI))

19

2022/C 493/03

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le AE agus na dúshláin slándála sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (2021/2232(INI))

32

2022/C 493/04

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le hoileáin an Aontais agus beartas comhtháthaithe: an staid reatha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo (2021/2079(INI))

48

2022/C 493/05

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme Airteagal 17 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (2021/2168(INI))

62

 

Dé Céadaoin 8. Meitheamh 2022

2022/C 493/06

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir le slándáil i limistéar Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ról an chomhbheartais slándála agus cosanta (2021/2199(INI))

70

 

Déardaoin 9. Meitheamh 2022

2022/C 493/07

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le staid chearta an duine in Xinjiang, lena n-áirítear comhaid póilíní Xinjiang (2022/2700(RSP))

96

2022/C 493/08

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le teacht i dtír ar an gceartas mar uirlis diansmachta i Nicearagua (2022/2701(RSP))

97

2022/C 493/09

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le sáruithe ar shaoirse na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí sa tSeoirsia (2022/2702(RSP))

98

2022/C 493/10

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an smacht reachta agus an fhéidearthacht go bhformheasfaí plean téarnaimh náisiúnta na Polainne (RRF) (2022/2703(RSP))

99

2022/C 493/11

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 ar cheart tionscnaimh na Parlaiminte (2020/2132(INI))

100

2022/C 493/12

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le bagairtí domhanda ar chearta ginmhillte: aisiompú féideartha na gceart ginmhillte sna Stáit Aontaithe ag an gCúirt Uachtarach (2022/2665(RSP))

108

2022/C 493/13

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú (2022/2705(RSP))

109

2022/C 493/14

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le hionstraim nua trádála chun toirmeasc a chur ar tháirgí ar de thoradh saothar éigeantais iad (2022/2611(RSP))

110

 

MOLTAÍ

 

Parlaimint na hEorpa

 

Dé Céadaoin 8. Meitheamh 2022

2022/C 493/15

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta an Aontais tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2022/2039(INI))

111


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Parlaimint na hEorpa

 

Dé Máirt 7. Meitheamh 2022

2022/C 493/16

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le Margreet Fröberg a cheapadh ar an bpainéal roghnúcháin a bunaíodh faoi Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (2022/2043(INS))

123

2022/C 493/17

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile (06531/2022 – C9-0147/2022 – 2022/0005(NLE))

124

 

Dé Céadaoin 8. Meitheamh 2022

2022/C 493/18

P9_TA(2022)0227
Sainordú Europol a neartú: iontráil foláireamh in SIS ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a mhéid a bhaineann le hiontráil foláireamh ag Europol (COM(2020)0791 – C9-0394/2020 – 2020/0350(COD))
P9_TC1-COD(2020)0350
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais

125

2022/C 493/19

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (COM(2021)0589 – 12208/2021 – C9-0419/2021 – 2021/0300(NLE))

126

2022/C 493/20

Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (12208/2021 – C9-0419/2021 – 2021/0300M(NLE))

127

2022/C 493/21

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE maidir le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais chun astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme go hiomchuí (COM(2021)0552 – C9-0319/2021 – 2021/0207(COD))

133

2022/C 493/22

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann leis an bhfógra maidir le fritháireamh i leith beart domhanda margadhbhunaithe d’oibreoirí aerárthaigh atá bunaithe san Aontas (COM(2021)0567 – C9-0323/2021 – 2021/0204(COD))

173

2022/C 493/23

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh (COM(2021)0555 – C9-0321/2021 – 2021/0200(COD))

177

2022/C 493/24

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát the headings of adopted amendments shall be understood as the corresponding part of those amendmentsle haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú (COM(2021)0554 – C9-0320/2021 – 2021/0201(COD))

207

2022/C 493/25

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais (COM(2021)0556 – C9-0322/2021 – 2021/0197(COD))

270

 

Déardaoin 9. Meitheamh 2022

2022/C 493/26

P9_TA(2022)0241
Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh inmheánach soláthair phoiblí an Aontais agus maidir le nósanna imeachta atá ceaptha an chaibidlíocht i leith rochtain earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha a éascú (COM(2016)0034 – C9-0018/2016 – 2012/0060(COD))
P9_TC1-COD(2012)0060
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)

307


Eochair do na siombailí a úsáidtear

*

An nós imeachta comhairliúcháin

***

Nós imeachta an toilithe

***I

An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh

***II

An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh

***III

An gnáthnós imeachta reachtach: an tríú léamh

(Braitheann an cineál nós imeachta ar an mbunús dlí a mholtar sa dréachtghníomh.)

Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa:

Léirítear téacs nua le cló trom iodálach . Léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌ nó cuirtear líne tríd an téacs. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile tríd an téacs nua a aibhsiú le cló trom iodálach agus tríd an téacs atá á ionadú a scriosadh nó trí líne a chur tríd.

GA

 


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/1


PARLAIMINT NA hEORPA

SEISIÚN 2022-2023

Suíonna ón 6 go dtí an 9 Meitheamh 2022

TÉACSANNA ATÁ GLACTHA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Parlaimint na hEorpa

Dé Máirt 7. Meitheamh 2022

27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/2


P9_TA(2022)0222

Tuarascáil 2021 maidir leis an Tuirc

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le Tuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Tuirc (2021/2250(INI))

(2022/C 493/01)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú (COM(2021)0644) agus do Thuarascáil 2021 maidir leis an Tuirc a ghabhann léi (SWD(2021)0290),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) (1),

ag féachaint do Chreat Caibidlíochta an 3 Deireadh Fómhair 2005 don Tuirc agus, mar aon leis na tíortha aontachais uile, go mbraitheann aontachas na Tuirce le AE ar chomhlíonadh iomlán chritéir Chóbanhávan, agus ar an ngá atá lena caidreamh le Ballstáit uile AE a normalú, lena n-áirítear Poblacht na Cipire,

ag féachaint don dearbhú a d’eisigh an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit an 21 Meán Fómhair 2005 tar éis an dearbhaithe a rinne an Tuirc nuair a shínigh sí an Prótacal Breise a ghabhann le Comhaontú Ankara an 29 Iúil 2005, lena n-áirítear an fhoráil gur cuid riachtanach den chaibidlíocht é gach Ballstát a aithint, agus gur gá don Tuirc dul ar aghaidh le normalú a caidrimh leis na Ballstáit uile agus an Prótacal Breise a ghabhann le Comhaontú Ankara a chur chun feidhme go hiomlán i leith na mBallstát uile trí dheireadh a chur le gach constaic ar shaorghluaiseacht earraí, lena n-áirítear srianta ar mhodhanna iompair, gan dochar ná idirdhealú,

ag féachaint do na Ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc an 18 Márta 2016 agus an 29 Samhain 2015,

ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Tuirce maidir le daoine a chónaíonn gan údarú (2) a athligean isteach (Comhaontú um Athligean Isteach AE-Tuirc),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 26 Meitheamh 2018, an 18 Meitheamh 2019 agus an 14 Nollaig 2021 maidir leis an bpróiseas um méadú agus maidir leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais, do chonclúidí ón gComhairle an 15 Iúil agus an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir, do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019, an 1-2 agus an 15-16 Deireadh Fómhair 2020 agus an 24 Meitheamh 2021, do na conclúidí ábhartha eile uile ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach, do Ráiteas airí eachtracha an Aontais an 15 Bealtaine 2020 agus do phríomhthorthaí a bhfíschomhdhála an 14 Lúnasa 2020 maidir leis an staid sa Mheánmhuir Thoir, do thoradh chruinniú neamhfhoirmiúil airí eachtracha an Aontais in Gymnich an 27-28 Lúnasa 2020, agus don Ráiteas ó Chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 25 Márta 2021 maidir leis an Meánmhuir Thoir,

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (3), arna athnuachan le Cinneadh (CBES) 2020/1657 ón gComhairle an 6 Samhain 2020 (4) agus Cinneadh (CBES) 2021/1966 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 (5),

ag féachaint do bhallraíocht na Tuirce i gComhairle na hEorpa agus ECAT,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2021 maidir leis an gCúigiú Tuarascáil Bhliantúil ar an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (COM(2021)0255),

ag féachaint don litir ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine an 25 Feabhra 2021 maidir le gníomhaíochtaí eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saoirse comhlachais a shrianadh in ainm na frithsceimhlitheoireachta agus don litir ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine an 17 Meitheamh 2021 maidir le cearta an duine i gcás daoine LADTI,

ag féachaint do na rúin ábhartha ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa, lena n-áirítear rúin eatramhacha an 2 Feabhra 2022 agus an 2 Nollaig 2021 maidir le forghníomhú bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in Kavala in aghaidh na Tuirce, rún eatramhach an 2 Nollaig 2021 maidir le forghníomhú bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in Selahattin Demirtaş v an Tuirc (Uimh. 2), rún eatramhach an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a fhorghníomhú sa Chipir v an Tuirc, agus rún an 17 Deireadh Fómhair 2007, rún eatramhach an 9 Márta 2009 agus na naoi gcinneadh ina dhiaidh sin maidir le forghníomhú bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in Ülke v an Tuirc,

ag féachaint d’Airteagal 46 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, ina sonraítear go ngabhann na páirtithe conarthacha orthu féin cloí le breithiúnas críochnaitheach na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in aon chás inar páirtithe iad, agus don oibleagáid atá ar an Tuirc ina dhiaidh sin breithiúnais uile na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme,

ag féachaint do na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCipir, lena n-áirítear Rún 186(1964) an 4 Márta 1964, lena n-athdheimhnítear ceannasacht Phoblacht na Cipire, do Rún 550(1984) an 11 Bealtaine 1984 maidir le gníomhaíochtaí scarthacha sa Chipir agus do Rún 789(1992) an 25 Samhain 1992 lena n-iarrtar ar gach duine lena mbaineann sa Chipir gealltanas a thabhairt maidir leis na bearta cothaithe muiníne a leagtar amach sa rún, ina meastar iarrachtaí daoine seachas a háitritheoirí ar aon chuid de Varosha a shocrú a bheith neamh-inghlactha, agus ina n-iarrtar go n-aistreofaí an limistéar sin chuig riarachán na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint do Dhlí Uimh. 7262 ó mhí na Nollag 2020 maidir le Maoiniú ar Leathadh Arm Ollscriosta a Chosc, lena n-armáiltear bearta frithsceimhlitheoireachta chun díriú ar an tsochaí shibhialta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Chearta an Duine de chuid Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 6 Eanáir 2021 maidir le srianta ar ghníomhaíochtaí ENR i mBallstáit Chomhairle na hEorpa,

ag féachaint do ráiteas ó UNESCO an 10 Iúil 2020 maidir le Hagia Sophia, Iostanbúl,

ag féachaint d’Innéacs Domhanda Shaoirse an Phreasa 2022 a d’fhoilsigh Tuairisceoirí gan Teorainneacha, ina bhfuil an Tuirc rangaithe sa 149ú háit as 180 tír, do Thuarascáil Amnesty International 2020/21, agus do Thuarascáil Dhomhanda 2022 maidir le Faire Réigiúnach ar mhaithe le Cearta an Duine (Human Rights Watch World Report 2022)

ag féachaint dá rúin roimhe seo, go háirithe rúin an 19 Bealtaine 2021 maidir le Tuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún maidir leis an Tuirc (6), an 8 Iúil 2021 maidir le cur faoi chois an fhreasúra sa Tuirc, go háirithe Páirtí Daonlathach an Phobail (HDP) (7), an 21 Eanáir 2021 maidir le staid chearta an duine sa Tuirc, go háirithe i gcás Selahattin Demirtaş agus príosúnaigh coinsiasa eile (8), an 26 Samhain 2020 maidir le teannas méadaitheach in Varosha tar éis ghníomhartha mídhleathacha na Tuirce agus an gá práinneach atá le cainteanna a atosú (9), an 15 Aibreán 2015 ar chomóradh céad bliain Chinedhíothú na hAirméine (10), an 7 Deireadh Fómhair 2021 ar an tuarascáil cur chun feidhme maidir le Cistí Iontaobhais an Aontais Eorpaigh agus an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (11), agus an 24 Samhain 2021 maidir le seasamh na Comhairle ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2021 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021 – Tacaíocht dhaonnúil do dhídeanaithe sa Tuirc (12),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0149/2022),

A.

de bhrí go bhfuil an Tuirc, mar thír is iarrthóir ar aontachas leis an AE, ina príomh-chomhpháirtí maidir leis an ngeilleagar agus ina comharsa tábhachtach agus ina comhpháirtí straitéiseach don AE i réimsí riachtanacha comhleasa amhail trádáil, imirce, sláinte phoiblí, aeráid, an t-aistriú glas, slándáil agus frithsceimhlitheoireacht;

B.

de bhrí go raibh comhtháthú eacnamaíoch na Tuirce le AE fós suntasach in 2020, leis an tír mar an séú comhpháirtí trádála is mó ag AE, agus an AE fós ar an gcomhpháirtí trádála is mó sa Tuirc agus ar an bhfoinse is mó d’infheistíocht dhíreach choigríche; de bhrí go bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha agus airgeadais ag an Tuirc faoi láthair, rud atá ag cur le tionchar eacnamaíoch na paindéime;

C.

de bhrí go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh le déanaí ar ghné slándála AE, agus go bhfuil struchtúr agus substaint á gnóthú aici, agus de bhrí gur comhpháirtí thar a bheith luachmhar í an Tuirc mar chomhghuaillí ECAT agus mar chomhpháirtí straitéiseach a bhfuil áit lárnach aici san Eoraip agus a bhfuil ról lárnach geostraitéiseach aici in ailtireacht slándála na Mara Duibhe agus, go háirithe, i slándáil na hÚcráine, atá ag tabhairt aghaidh ar ionsaí na Rúise; de bhrí go bhfuil drogall léirithe ag an Tuirc agus gur chuir sí coinníollacha polaitiúla i láthair na Fionlainne agus na Sualainne chun fáilte a chur roimh ECAT; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach, sna cúinsí tromchúiseacha reatha, go ngníomhóidh comhghuaillithe ECAT le fadbhreathnaitheacht agus go ndaingneoidh siad prótacail aontachais na Fionlainne agus na Sualainne go pras;

D.

de bhrí go bhfuil an daonra dídeanaithe is mó ar domhan á óstáil ag an Tuirc, le beagnach 4 mhilliún dídeanaí cláraithe ón tSiria, ón Iaráic agus ón Afganastáin, agus de bhrí go bhfuil a luach léirithe ag cistiú AE do na pobail sin maidir le cuidiú leis an Tuirc freagairt go mear do riachtanais dhaonnúla agus forbartha na ndídeanaithe agus a bpobal óstach;

E.

de bhrí, tar éis céimeanna a ghlacadh i dtreo an teannas idir AE agus an Tuirc a dhíghéarú, agus idir an Tuirc agus roinnt Ballstát AE sa Mheánmhuir Thoir, gur thairg an Chomhairle Eorpach dinimic níos dearfaí a chothú sa chaidreamh idir AE agus an Tuirc, ar choinníoll go leanfaí leis sin a chomhlíonadh le hiarrachtaí cuiditheacha; de bhrí gur chuir an Chomhairle Eorpach in iúl, go háirithe, go raibh sí réidh chun teagmháil a dhéanamh leis an Tuirc ar bhealach céimnithe, comhréireach agus inchúlaithe i roinnt réimsí leasa choitinn, ar choinníoll go leanfar den teannas a bhí ann le déanaí idir AE agus an Tuirc a dhíghéarú, go háirithe i ndáil leis an staid sa Mheánmhuir Thoir, agus go mbeidh an Tuirc rannpháirteach ar bhealach cuiditheach agus go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha bunaithe a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle Eorpach roimhe seo, go háirithe maidir le dea-chaidreamh comharsanachta agus urraim do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta;

F.

de bhrí, ós rud é gur tír is iarrthóir í, go dtuigtear go bhfuil sí toilteanach cur chuige de réir a chéile a ghlacadh agus ailíniú le acquis AE i ngach gné, lena n-áirítear luachanna, leasanna, caighdeáin agus beartais, critéir Chóbanhávan a urramú agus a chaomhnú, ailíniú a dhéanamh le beartais agus le cuspóirí AE, agus dea-chaidreamh comharsanachta a shaothrú agus a chothabháil le AE agus lena Bhallstáit uile gan idirdhealú; de bhrí go léirítear in anailís ar thuarascálacha AE le blianta beaga anuas go bhfuil an Tuirc i bhfad ó luachanna agus ó chreat normatach AE i gcónaí, bearna atá ag fás i ndáiríre i réimsí bunúsacha amhail urraim don dlí idirnáisiúnta, don smacht reachta, do chearta an duine, do shaoirsí aonair, do chearta sibhialta agus don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh chomh maith le dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach; de bhrí go bhfuil na naisc idir sochaí shibhialta na Tuirce agus fórsaí atá ar son an daonlathais fós láidir, ós rud é go bhfuil AE tiomanta go mór do thacaíocht a chur ar fáil do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí na Tuirce a chuireann noirm agus luachanna Eorpacha chun cinn;

G.

de bhrí, le bliain anuas, gur fhan an caidreamh idir AE agus an Tuirc cobhsaí ar an meán, mar go raibh comhar agus idirphlé feabhsaithe maidir le roinnt saincheisteanna ann i gcomhthráth le coinbhleachtaí agus teannas rialta; de bhrí go léiríonn an rún seo an staid sin trí fháiltiú roimh fhorbairtí dearfacha agus trí aird a thabhairt ar acmhainneacht bhreise sa chaidreamh, agus fadhbanna atá fós ann á léiriú ag an am céanna, go háirithe maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha de shárú ar chritéir Chóbanhávan, sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta, nó briogadh leanúnach i gcoinne Phoblacht na Cipire; de bhrí, má tá an rún seo chun measúnú ceart a dhéanamh ar dhul chun cinn na Tuirce nó ar an easpa dul chun cinn atá déanta ag an Tuirc maidir le cearta an duine agus an smacht reachta, mar chroílár an phróisis aontachais, go bhfuil sé tábhachtach cur síos a dhéanamh ar na sásraí nithiúla chun saoirsí a chreimeadh, ar saoirsí iad, i dteannta a chéile, a bhfuil an titim siar ginearálta sin ar chaighdeáin Eorpacha mar thoradh orthu; de bhrí go gciallaíonn cur chuige den sórt sin dul níos faide ná liosta fada a tharraingt suas de na saoránaigh agus de na grúpaí atá ag fulaingt mar gheall ar na cinntí sin chun oibreoirí agus comhlachtaí na n-údarás poiblí atá freagrach as an staid imníoch seo ina réimse gníomhaíochta ar leith a shainaithint i ndáiríre; de bhrí nach mór díriú ar cháineadh seachas cáineadh cineálach;

Measúnú ginearálta agus na forbairtí is déanaí

1.

á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an bhearna leanúnach idir an Tuirc agus AE maidir le luachanna agus caighdeáin, agus an easpa toil pholaitiúil atá ann i gcónaí na hathchóirithe riachtanacha a chur i gcrích chun aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar na hábhair thromchúiseacha imní faoin smacht reachta agus faoi chearta bunúsacha a leanann de thionchar diúltach a imirt ar an bpróiseas aontachais, in ainneoin dearbhuithe leantacha na Tuirce maidir le cuspóir aontachas AE; á chur i bhfáth go bhfuil titim siar leanúnach ann maidir le gealltanais na Tuirce i ndáil leis an bpróiseas aontachais le dhá bhliain anuas; á mheas, gan dul chun cinn soiléir agus suntasach á dhéanamh sa réimse sin, nach féidir leis an bParlaimint aon atosú ar chaibidlíocht aontachais leis an Tuirc a bheartú, ar caibidlíochtaí iad atá ina stad i ndáiríre ó 2018 i leith; á mheabhrú gur próiseas bunaithe ar fhiúntas é an próiseas aontachais agus go leanfaidh sé de bheith ina phróiseas a bhraitheann go hiomlán ar an dul chun cinn oibiachtúil atá bainte amach ag gach tír;

2.

á thabhairt dá haire, in ainneoin feabhas beag a bheith tagtha ar an gcaidreamh foriomlán idir AE agus an Tuirc le bliain anuas agus le míonna beaga anuas go háirithe, le dearcadh níos comhoibríche glactha ag Rialtas na Tuirce, go bhfuil comhar feabhsaithe agus idirphlé maidir le roinnt saincheisteanna ann i gcomhthráth le coinbhleachtaí rialta agus go bhfuil an caidreamh fós dúshlánach le Ballstáit chomharsanachta AE, go háirithe leis an nGréig agus le Poblacht na Cipire; á chur in iúl go bhfuil súil aici gur féidir na deacrachtaí atá ann faoi láthair a shárú agus dinimic níos inbhuanaithe agus níos dearfaí a chur ina n-ionad; á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé ardleibhéil idir AE agus an Tuirc maidir leis an athrú aeráide an 16 Meán Fómhair 2021 agus gur cheap an Tuirc a Comhaontú Glas féin, go bhfuil beartais aeráide intíre uaillmhianacha curtha i bhfeidhm aici agus gur dhaingnigh sí Comhaontú Pháras an 6 Deireadh Fómhair 2021; á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé ardleibhéil maidir leis an imirce agus an tslándáil an 12 Deireadh Fómhair 2021, inar díríodh ar chomhar a neartú maidir leis an imirce a bhainistiú, gáinneáil ar dhaoine agus coireacht eagraithe a chomhrac, agus ionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc; á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé ardleibhéil maidir leis an tsláinte phoiblí an 1 Nollaig 2021, ina raibh an plé dírithe ar chomhar feabhsaithe maidir le bagairtí sláinte trasteorann, lena n-áirítear sa ghearrthéarma sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19; ag moladh, sa chomhthéacs seo, an t-aitheantas frithpháirteach a tugadh do dheimhnithe COVID-19 i mí Lúnasa 2021;

3.

á thabhairt dá haire, cé go bhfuil na cainteanna aontachais fós ina stad, go bhfuil nuashonrú déanta ag an Tuirc ar a plean gníomhaíochta náisiúnta d’aontachas AE chun na blianta 2021-2023 a chumhdach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, an dul chun cinn atá déanta ag an Tuirc maidir le hailíniú níos dlúithe a dhéanamh le acquis AE i réimsí amhail reachtaíocht iomaíochta, a córas cáilíochtaí náisiúnta agus an Limistéar Eorpach Taighde, chomh maith le feidhmíocht níos fearr na Tuirce i bhFís 2020 mar thoradh air sin;

4.

ag athdhearbhú a tuairim dhaingean gur tír í an Tuirc a bhfuil ábharthacht straitéiseach aici i dtéarmaí polaitiúla, eacnamaíocha agus beartais eachtraigh, gur comhpháirtí í atá ríthábhachtach do chobhsaíocht an réigiúin i gcoitinne, agus gur comhghuaillí ríthábhachtach í, lena n-áirítear laistigh de ECAT, lenar mian le AE leanúint den chaidreamh a athbhunú bunaithe ar idirphlé, ar urraim agus ar mhuinín fhrithpháirteach; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i bhfianaise an méid sin, na ráitis a chuir údaráis na Tuirce in iúl ar an leibhéal is airde le déanaí maidir le athghealladh Rialtas na Tuirce do chonair AE, ach ag tathant ar údaráis na Tuirce a gcuid focal a chur i ngníomh agus an tiomantas sin a léiriú le fíricí agus cinntí sonracha; gá chreidiúint, má cheadaítear leis na dálaí, gur cheart an t-idirphlé le húdaráis na Tuirce agus lena gcontrapháirtithe ar gach leibhéal a threisiú tuilleadh mar bhealach chun muinín a athbhunú agus chun an fhéidearthacht go dtarlódh coimhlintí amach anseo a laghdú, i gcomhréir le seasamh na Comhairle Eorpaí maidir le teagmháil a dhéanamh leis an Tuirc ar bhealach céimnithe, comhréireach agus inchúlaithe; ag iarraidh ar an gComhairle, i ndáil leis sin, an t-idirphlé polaitiúil ardleibhéil atá ar fionraí agus an t-idirphlé earnála ardleibhéil maidir leis an ngeilleagar, fuinneamh agus iompar a athbhunú, chomh maith leis an gComhairle Comhlachais idir AE agus an Tuirc, atá nasctha le feabhsuithe ar staid na saoirsí bunúsacha agus ar an smacht reachta;

5.

chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid eacnamaíoch atá ann faoi láthair sa Tuirc, ar staid í atá ag brú cruatan agus bochtaineacht ar líon mór agus méadaitheach daoine mar thoradh ar dhíluacháil airgeadra, méadú as cuimse ar bhoilsciú agus costas maireachtála atá ag dul i méid i gcónaí; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil an staid reatha ag forbairt le roinnt blianta anuas, gur tháinig géarchéim airgeadra ann i mí na Nollag 2021, rud a chuir leis na tionchair atá ann cheana a bhaineann leis an bpaindéim sa gheilleagar; á chur in iúl gur cúis bhuartha di idirghabhálacha ón Uachtarán agus an easpa muiníne ina dhiaidh sin i gcomhlachtaí a cheaptar a bheith neamhspleách amhail an Banc Ceannais agus Institiúid Staidrimh na Tuirce (TÜIK); á thabhairt dá haire, ina leith sin, gur príomhchritéar d’aontachas AE é neamhspleáchas oibríochtúil an dá institiúid; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil tionchar tromchúiseach ag drochfheidhmíocht na Tuirce maidir le hurraim don smacht reachta ar íomhá chlú na tíre agus go bhféadfadh an easpa deimhneachta dlíthiúla difear tromchúiseach a dhéanamh dá cumas infheistíocht choigríche a mhealladh; á chreidiúint go gcabhródh caidreamh níos láidre agus níos dlúithe le AE le cuid de na cruatan a mhaolú agus go gcabhródh sé le caighdeáin mhaireachtála dhaonra na Tuirce a fheabhsú;

6.

á thabhairt dá haire gur chuir an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais, i mí Dheireadh Fómhair 2021, an Tuirc leis an liosta dlínsí a measadh a bheith neamhábalta dul i ngleic le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta agus maoiniú leata; á chur in iúl go bhfuil súil aici gur féidir leis an Tuirc an dul chun cinn is gá a léiriú go tapa maidir le feabhas a chur ar chur chun feidhme na mbeart ábhartha maidir le frithsciúradh airgid/maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT);

7.

á chur in iúl gur toil léi an t-eolas agus an tuiscint fhrithpháirteach idir sochaithe na Tuirce agus na mBallstát a neartú agus a dhoimhniú, fás cultúrtha agus malartuithe soch-chultúrtha a chur chun cinn agus gach léiriú den chlaontacht shóisialta, reiligiúnach, eitneach nó chultúrtha a chomhrac; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do leanúint de thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta neamhspleách na Tuirce, cibé cúinsí agus creat caidrimh a bheidh ann amach anseo;

An smacht reachta agus cearta bunúsacha

8.

á chur in iúl gur saoth léi an meath leanúnach ar staid chearta an duine sa Tuirc, lena n-áirítear titim siar ar shaoirsí bunúsacha, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta; á mheas, maidir le foirm dhiansmachtúil reatha na rialach, arb iad a bpríomhcholúin mí-úsáid an chreata dhlíthiúil — go háirithe trí mhuirir sceimhlitheoireachta a chur i bhfeidhm agus trí srian a chur ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh — agus easpa neamhspleáchais na mbreithiúna, gur beartas rialtais é atá d’aon ghnó, gan staonadh agus córasach a ceapadh chun aon ghníomhaíochtaí criticiúla a chur faoi chois, go díreach nó trí éifeacht mhór dhiúltach; á chur in iúl gur cúis uafáis di go bhfuil údaráis stát na Tuirce, d’fhonn an beartas sin a shaothrú, réidh chun neamhaird a thabhairt go follasach agus go seasmhach ar a n-oibleagáidí dlíthiúla idirnáisiúnta agus intíre, amhail na hoibleagáidí sin a eascraíonn ó bhallraíocht na Tuirce i gComhairle na hEorpa;

9.

á áitiú nach féidir réimse ríthábhachtach na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha, atá i gcroílár an phróisis aontachais, a dhícheangal agus a scaradh ón gcaidreamh foriomlán le AE agus á chur i bhfáth, i gcás na Parlaiminte, go bhfuil sí fós ina bacainn mhór ar thuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le haon chlár oibre dearfach a d’fhéadfaí a thairiscint don Tuirc, ar cheart dó a bheith ag brath freisin ar urraim iomlán a thabhairt don dlí idirnáisiúnta agus do phrionsabal bunúsach an dea-chaidrimh comharsanachta agus an chomhair réigiúnaigh;

10.

ag iarraidh ar an Tuirc breithiúnais uile na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 46 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, oibleagáid neamhchoinníollach a eascraíonn as ballraíocht na Tuirce i gComhairle na hEorpa agus atá cumhdaithe ina bunreacht; ag cáineadh, sna téarmaí is láidre is féidir, an rialú a rinne an 13ú Cúirt Choiriúil Trom in Iostanbúl le déanaí lenar forchuireadh pianbhreith saoil níos measa ar Osman Kavala tar éis níos mó ná ceithre bliana go leith de choinneáil éagórach, neamhdhleathach agus neamhdhlisteanach; á chreidiúint gur ciontaíodh an tUasal Kavala ar chúisimh gan údar chun guthanna criticiúla a chiúnú agus a dhíspreagadh sa Tuirc; ag athdhearbhú a hiarrata ar údaráis na Tuirce gníomhú i gcomhréir lena n-oibleagáidí idirnáisiúnta agus intíre agus cloí le breithiúnas críochnaitheach na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine sa chás seo agus an tUasal Kavala a scaoileadh saor láithreach bonn; ag cáineadh agus á chur in iúl gur saoth léi na h-iarrachtaí leanúnacha chun príosúnacht an Uasail Kavala a leathnú trí shraith oirbheartaíochta breithiúnaí seachantacha casta, lena n-áirítear cáschomhaid a chumasc agus a dhícheangal agus neamhrialtachtaí leanúnacha; á chur in iúl gur cúis uafáis di go bhfuil an phianbhreith saoil thromaithe arna fhorchur ag an gcúirt bunaithe ar Airteagal 312 de Chód Coiriúil na Tuirce (ag iarraidh an rialtas a threascairt le forneart agus foréigean), in ainneoin gur dhiúltaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine an cúiseamh sin go sonrach ina cuid rialuithe; ag tabhairt dá haire na cinntí a rinne Coiste Airí Chomhairle na hEorpa arís agus arís eile inar moladh an tUasal Kavala a scaoileadh saor, a raibh mar thoradh air gur seoladh imeachtaí um shárú in aghaidh na Tuirce go stairiúil trí rúin eatramhacha i mí na Nollag 2021 agus i mí Feabhra 2022 maidir le diúltú na tíre cloí le breithiúnas críochnaitheach na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine; á thabhairt dá haire go léirítear sna himeachtaí um shárú a thromchúisí atá sáruithe na Tuirce ar a hoibleagáidí mar chomhalta de Chomhairle na hEorpa agus mar thír is iarrthóir ar bhallraíocht AE;

11.

á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir agus gurb oth léi gur tharraing an Tuirc siar, trí fhoraithne uachtaránachta, ó Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), ar cinneadh é atá scáfar go háirithe i bhfianaise líon mór na bhfeimeamharuithe agus cineálacha eile foréigin sa tír go leanúnach, mar chéim ar gcúl mhór maidir le hiarrachtaí chun cearta na mban a chur chun cinn sa tír; ag athdhearbhú a hiarrata ar Rialtas na Tuirce an cinneadh dothuigthe sin a fhreaschur, ar sárú suntasach é ar bhunluachanna Eorpacha agus a bheidh mar chuid den mheastóireacht ar phróiseas aontachais na Tuirce; ag iarraidh ar údaráis na Tuirce, i ndáil leis sin, beartas neamhfhulaingthe a shaothrú agus foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní uile a chosc agus a chomhrac, tacú leis na marthanóirí, agus na mí-úsáideoirí a thabhairt chun cuntais trí Dhlí Uimh. 6284 na Tuirce maidir le Cosaint an Teaghlaigh agus Cosc ar Fhoréigean in aghaidh na mBan agus gach beart a shainaithnítear i gcásdlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme go hiomlán idir an dá linn; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an díotáil a chomhdaigh Biúró Coireanna Intleachtúla agus Tionsclaíocha Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Iostanbúl, atá ag iarraidh go ndúnfaí an tArdán We Will Stop Femicides (KCDP), atá ar cheann de na grúpaí um chearta na mban is mó agus is suntasaí sa Tuirc atá i mbun an fhoréigean inscne a chomhrac, ag cur ina leith go bhfuil sé ag sárú na moráltachta poiblí;

12.

á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé seasamh leis an tsaoirse comhthionóil agus taispeána sa Tuirc, atá cumhdaithe ina bunreacht agus ar oibleagáid dhearfach é a eascraíonn as a stádas mar pháirtí sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; á chur in iúl gur oth léi titim siar tromchúiseach na saoirse comhthionóil agus léirsithe, atá faoi bhrú níos mó ná riamh i bhfianaise gnáthúsáid agus leathnú na dtoirmeasc ar agóidí agus ar léirsiú ag gobharnóirí cúigeacha, úsáid iomarcach fornirt i gcoinne léirsitheoirí síochánta agus iriseoirí le linn saoirse ó phionós i gcoitinne ag oifigigh forfheidhmithe dlí, agus na fíneálacha riaracháin agus na hionchúisimh a tugadh do léirsitheoirí maidir le cúisimh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an sceimhlitheoireacht; á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe an toirmeasc arna fhorchur ag Gobharnóir chúige Van atá i bhfeidhm le breis agus cúig bliana in Van; á chur in iúl gur saoth léi gur dhírigh fórsaí póilíneachta na Tuirce ar iriseoirí ag agóidí poiblí, lena n-áirítear faoi threoir mhí Aibreáin 2021 ag ceann Stiúrthóireacht Ghinearálta Slándála na Tuirce (EGM) lena dtugtar treoir d’fhórsaí póilíneachta na Tuirce taifid phreasa d’agóidí agus de léirsithe a chosc, a chuir an Chomhairle Stáit ar fionraí ina dhiaidh sin; ag athdhearbhú a hiarrata ar na húdaráis deireadh a chur le cúisimh i gcoinne mhic léinn Ollscoil Boğaziçi a ionchúisíodh as a gceart chun tionóil shíochánta a fheidhmiú, agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé saoirse acadúil agus neamhspleáchas ollscoileanna a áirithiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ina leith sin, an cinneadh a rinneadh le déanaí triúr déan tofa a bhaint ó Ollscoil Boğaziçi, ar ceapadh a reachtaire reatha le foraithne uachtaránachta i mí Lúnasa 2021; á chur in iúl gur geal léi an ráiteas ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) an 4 Feabhra 2021, inar meabhraíodh nach féidir paindéim COVID-19 a úsáid mar bhealach chun guthanna criticiúla a chur ina dtost agus inar cáineadh an fhuathchaint ag oifigigh ardleibhéil i gcoinne mic léinn LADTI; ag déanamh cáineadh géar ar an gcniogbheartaíocht fhoréigneach a rinne na póilíní le déanaí ar 9ú mórshiúil Pride in Ollscoil Boğaziçi, inar úsáideadh fórsa iomarcach neamhdhleathach i gcoinne mic léinn agus inar cuireadh roinnt rannpháirtithe faoi choinneáil;

13.

ag athdhearbhú gur cúis mhór imní di na bearta díréireacha agus treallacha lena gcuirtear srian leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; ag tabhairt dá haire an laghdú breise ar líon na n-iriseoirí sa phríosún sa Tuirc agus an méadú ar líon na héigiontuithe a tugadh faoi deara le déanaí i gcásanna i gcoinne iriseoirí; á éileamh go scaoilfí saor agus go n-éigiontófaí gach iriseoir, gach scríbhneoir, gach fostaí sna meáin agus gach úsáideoir ar na meáin shóisialta atá á gcoinneáil go neamhdhleathach mar gheall nach ndearnadar ach a ngairm agus a gcearta sibhialta a fheidhmiú; á chur in iúl gur geal léi na rialuithe a rinne an Chomhairle Stáit le déanaí lena gcuirtear stop le cur i gcrích roinnt airteagal de na Rialacháin maidir le Cártaí Preasa agus ciorclán na bpóilíní lenar cuireadh toirmeasc ar thaifeadtaí closamhairc ag léirsithe phoiblí; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, idir an dá linn, go bhfuil iriseoirí, fostaithe na meán agus úsáideoirí na meán sóisialta á ngabháil go neamhdhleathach i gcónaí, go bhfuil cionta sceimhlitheoireachta doiléire á n-úsáid go córasach chun iad a chur ina dtost, go bhfuil méadú ag teacht ar na srianta agus ar an gcinsireacht a fhorchuirtear ar ardáin na meán sóisialta agus faoin gcleachtas maidir le daoine a imscrúdú agus a ionchúiseamh ar chúisimh amhail dímheas a thaispeáint do luachanna Ioslamacha; á chur in iúl gur cúis uafáis di go háirithe an mhí-úsáid ollmhór a bhaintear as Airteagal 299 de Chód Pionós na Tuirce maidir leis an uachtarán a mhaslú, ar féidir leis téarma príosúnachta idir bliain amháin agus ceithre bliana a bheith mar thoradh air; á mheas go bhfuil sé go hiomlán díréireach, ó 2014 i leith, an chéad bhliain de théarma oifige an Uachtaráin Erdoğan, gur seoladh níos mó ná 160 000 imscrúdú, gur comhdaíodh níos mó ná 35 500 cás agus gur tugadh amach os cionn 12 800 ciontú as ar an tUachtarán a mhaslú; á iarraidh ar údaráis na Tuirce an dlí maidir leis an Uachtarán a mhaslú a leasú i gcomhréir le rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus moltaí Choimisiún na Veinéise a leanúint chun dlí na Tuirce maidir leis an ábhar sin a thabhairt i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; á chur in iúl gur cúis uafáis di go háirithe cás an iriseora Sedef Kabaş, ar gearradh téarma príosúnachta dhá bhliain agus ceithre mhí air le déanaí ag an 36ú Cúirt Chéadchéime Pionósach Iostanbúl as “an t-uachtarán” a “mhaslú” ar chraoladh beo TELE1 TV an 14 Eanáir 2022; á chur in iúl gur oth léi an chóireáil a fuair sí ó gabhadh í le linn ruathar meán oíche an 22 Eanáir 2022 tar éis d’oifigigh shinsearacha rialtais díriú go poiblí uirthi agus tar éis di 49 lá a chaitheamh faoi choinneáil réamhthrialach, agus ag cáineadh gur iarradh sa díotáil a d’ullmhaigh Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Iostanbúl suas le 12 bhliain agus 10 mí i bpríosún le haghaidh cionta éagsúla; á mheas gur sampla soiléir é an cás sin de mhí-úsáid a bhaint as Airteagal 299 agus é mar aidhm aige éifeacht mhór dhiúltach a bheith aige ar aon iriseoir nó saoránach a d’fhéadfadh cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán nó ar an rialtas; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an ciorclán uachtaránachta maidir le gníomhaíochtaí preasa agus craoltóireachta a foilsíodh an 28 Eanáir 2022, toisc go bhféadfadh srianta neamhdhleathacha ar chearta agus saoirsí bunúsacha a bheith i gceist leis; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, i measc comhaltaí uile Chomhairle na hEorpa, gur ag an Tuirc a bhí na breithiúnais is mó a bhain le sáruithe ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in 2021 agus á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Tuirc fós i measc na dtíortha is mó ina bhfuil saoirse an phreasa faoi ionsaí;

14.

á dhearbhú go bhfuil ionchúiseamh, cinsireacht agus ciapadh iriseoirí agus na meán neamhspleách fós ina ábhar imní sa Tuirc agus gur gá aghaidh a thabhairt air gan mhoill, ós rud é go bhfuil snáithín daonlathach shochaí na Tuirce á chreimeadh aige; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, thairis sin, go ndírítear ar iriseoirí agus ar lucht freasúra san Aontas Eorpach; ag iarraidh ar chathaoirleach Ardchomhairle Raidió agus Teilifíse na Tuirce (RTÜK) staonadh ó fhíneálacha agus toirmisc chraolacháin iomarcacha lena gcuirtear srian ar shaoirse dhlisteanach iriseoirí agus craoltóirí na Tuirce tuairimí a nochtadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di bagairt RTÜK bac a chur ar eagraíochtaí idirnáisiúnta na meán Deutsche Welle, Euronews agus Voice of America mura ndéanann siad iarratas ar cheadúnais chraolacháin rud a chuirfeadh ar chumas an lucht faire maoirseacht a dhéanamh ar a n-ábhar; á iarraidh ar RTÜK deireadh a chur lena bhearta pionósacha idirdhealaitheacha i gcoinne craoltóirí neamhspleácha; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil giaráil eacnamaíoch ag dul i méid thar ceann an rialtais, lena n-áirítear easpa trédhearcachta maidir le dáileadh cistí poiblí (fógraíocht, tairiscintí poiblí), rud a chuireann ar a chumas smacht iomlán beagnach a bheith aige ar na meáin chumarsáide; á chur in iúl gur cúis bhuartha di scaipeadh bholscaireacht an stáit ó eagraíochtaí meán atá á reáchtáil ag an stát agus atá ar son an rialtais; á iarraidh ar chathaoirleach na Gníomhaireachta Fógraíochta Preasa (BİK) a áirithiú nach bhfónann toirmisc ar fhógraíocht phoiblí chun tuairisciú na meán neamhspleách a chur faoi chois, mar a tharla leis an nuachtán laethúil Evrensel, droch rud stairiúil i stair phreasa na Tuirce; á iarraidh ar Stiúrthóir Cumarsáide Uachtaránacht na Tuirce a áirithiú go ndéanfar iarratais ar chártaí preasa a phróiseáil go tapa agus deireadh a chur le húsáid gearán coiriúil agus reitric trodach i gcoinne iriseoirí; ag iarraidh ar Ard-Thionól Náisiúnta na Tuirce obair leantach a dhéanamh ar bhreithiúnas Chúirt Bhunreachtúil na Tuirce i mí Eanáir 2022 ina n-iarrtar go ndéanfaí Airteagal 9 den Dlí Idirlín a athfhoirmliú chun na saoirsí chun tuairimí a nochtadh agus an phreasa a chosaint; á chur in iúl gur cúis mhór imní di cás an iriseora Turcach-Chipirigh Ali Kişmir, ar cuireadh toirmeasc air le déanaí dul isteach sa Tuirc agus a bhfuil cúisimh chúirte os a comhair as cáineadh a dhéanamh ar Ankara;

15.

á thabhairt dá haire gur ghlac an Tuirc an ceathrú agus an cúigiú pacáiste breithiúnach in 2021, agus cé go bhfuil céimeanna sa treo ceart iontu, gur pacáistí iad atá measartha agus nach dtugann aghaidh ar na príomhábhair imní; á dhearbhú, áfach, go n-eascraíonn na fadhbanna atá ann faoi láthair ní hamháin ó reachtaíocht achrannach, ach go minic mar gheall ar mhainneachtain agus easpa toil pholaitiúil forálacha leordhóthanacha atá ann cheana a chur chun feidhme; á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí an creimeadh leanúnach atá á dhéanamh ar an smacht reachta agus ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna sa Tuirc, mar aon le héifeacht mhór dhiúltach an oll-dífhostaithe a rinne an rialtas le blianta beaga anuas chomh maith le ráitis phoiblí ó fheidhmeannaigh maidir le cásanna breithiúnacha leanúnacha, rud a bhaineann an bonn de neamhspleáchas, de neamhchlaontacht agus d’acmhainneacht fhoriomlán na mbreithiúna leigheas éifeachtach a chur ar fáil maidir le sáruithe ar chearta an duine; á thabhairt dá haire gur oth léi, sa chomhthéacs sin, nach dtéann na hathchóirithe breithiúnacha i ngleic leis na heasnaimh bhunúsacha sin; á chur i bhfáth gur ábhar mór imní é sin, ós rud é gurb ionann é agus bunchloch an chórais dhaonlathaigh fheidhmiúil a oibríonn ar mhaithe le seirbhís agus leas an phobail; á thabhairt dá haire gur ceapadh breitheamh i gCúirt Bhunreachtúil na Tuirce i mí Eanáir 2021 nach raibh ach 20 lá caite aige ar an gCúirt um Achomharc agus a ghníomhaigh mar Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Iostanbúl roimhe sin, áit a raibh baint aige leis na cásanna conspóideacha a tugadh i gcoinne Osman Kavala, agóideoirí Pháirc Gezi, agus iriseoirí Can Dündar agus Erdem Gül, i measc daoine eile; á chur i bhfios gurb í Comhairle na mBreithiúna agus na nIonchúisitheoirí (HSK) an phríomhghné imní maidir le heaspa neamhspleáchais na mbreithiúna; ag athdhearbhú a hiarrata go dtabharfaí aghaidh ar na heasnaimh sa struchtúr agus sa phróiseas roghnúcháin do chomhaltaí na comhairle sin d’fhonn a neamhspleáchas a áirithiú agus deireadh a chur lena cinntí aondeonacha; ag cáineadh go láidir go ndearnadh líon mór breithiúna agus ionchúisitheoirí ón Tuirc a dhífhostú agus a aistriú go héigeantach; á mheabhrú gur cheart grinnscrúdú beacht ar leith a dhéanamh ar aon dífhostú agus ceapacháin laistigh de na breithiúna, nach mór toirmeasc a chur ar an mbrainse feidhmiúcháin cur isteach nó iarracht a dhéanamh tionchar a imirt ar na breithiúna agus nach mór do cheapadh na mbreithiúna prionsabail an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta a urramú; á chur in iúl gur cúis uafáis di na tuairiscí ar phatrún géarleanúna ar dhlíodóirí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine aonair a bhfuil an sceimhlitheoireacht curtha ina leith, lenar ionchúisíodh na dlíodóirí as an gcoireacht chéanna leis an gcoir a chuirtear i leith a gcliant, nó as coir ghaolmhar, i gcomhthéacs inar constaic shoiléir é sin ar theachtadh an chirt chun triail chóir a fháil agus ar rochtain ar an gceartas; ag tathant ar Rialtas na Tuirce obair neamhspleách dlíodóirí a ráthú agus aon duine a choinnítear go neamhdhleathach as a ndualgais dhlíthiúla a chomhlíonadh a scaoileadh saor; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar mór imní di, in ainneoin gur cuireadh deireadh go foirmiúil leis an staid éigeandála i mí Iúil 2018, go bhfuil a thionchar ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha fós le brath go láidir agus go bhfuil tionchar aige fós ar go leor daoine aonair, i measc na ndaoine is mó ná 152 000 státseirbhísigh, lena n-áirítear múinteoirí, dochtúirí, acadóirí (ar son na síochána), dlíodóirí, breithiúna agus ionchúisitheoirí, ar dífhostaíodh go treallach iad agus ar cuireadh toirmeasc buan orthu oibriú san earnáil phoiblí nó fiú ina ngairm ina n-iomláine; á chur i bhfáth go bhfuil éifeachtaí tubaisteacha fós ag go leor de na dífhostuithe sin ar dhaoine a briseadh as a bpost chomh maith lena dteaghlaigh, lena n-áirítear stiogma buan sóisialta agus gairmiúil; á chur in iúl go bhfuil an-amhras uirthi faoi fheidhmiú an Choimisiúin Fiosrúcháin maidir leis na Bearta um Staid Éigeandála mar shásra le haghaidh leigheas inmheánach mar gheall ar a easpa neamhspleáchais agus neamhchlaontachta; á thabhairt dá haire go bhfuil cealuithe treallacha pasanna fós ina shárú mór ar an tsaoirse gluaiseachta, d’ainneoin roinnt feabhsuithe incriminteacha;

16.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di líon mór na n-iarratas atá á gcur faoi bhráid na Cúirte Bunreachtúla maidir le sáruithe ar chearta bunreachtúla agus an easpa athruithe arna gcur chun feidhme nuair a nochtar sáruithe den sórt sin; ag tabhairt dá haire na ráitis a rinne Uachtarán na Cúirte Bunreachtúla le déanaí ina n-aithnítear gur bhain os cionn 73 % de níos mó ná 66 000 iarratas a fuarthas in 2021 leis an gceart chun triail chóir a fháil agus ag cur síos ar an staid mar “uafásach”; ag ceistiú dlíthiúlacht na n-athruithe ar rialacha nós imeachta na cúirte lena gceadaítear cinntí a chur siar ar feadh bliana;

17.

Ag tabhairt dá haire gur ghlac údaráis na Tuirce plean gníomhaíochta nua maidir le cearta an duine i mí an Mhárta 2021 agus gur geal léi é sin i bprionsabal; ag tabhairt dá haire, áfach, nach dtugtar aghaidh ar roinnt saincheisteanna bunúsacha agus go ndéanfar tiomantas an rialtais a thomhas de réir a mhéid a chuirtear an plean chun feidhme agus a dhéantar na hathchóirithe chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm é maidir le gach saoránach gan idirdhealú; ag tathant ar údaráis na Tuirce dlús a chur lena n-iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar staid uafásach na gCoirdíneach, na nAirméanach agus, go háirithe, tithíocht agus oideachas an phobail Romach, ar gá dóibh fós dul i ngleic le leibhéil bochtaineachta, dífhostaíochta, idirdhealaithe agus eisiaimh atá níos airde go comparáideach;

18.

á iarraidh go ndéanfar breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus na rúin eatramhacha ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le hagóid choinsiasach a chur chun feidhme go hiomlán; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, an plean gníomhaíochta a chuir údaráis na Tuirce faoi bhráid Choiste na nAirí agus á spreagadh chun bearta breise a fhorbairt chun a áirithiú, tríd an reachtaíocht is gá, go bhfeidhmeofar an ceart chun agóid choinsiasach i gcoinne na seirbhíse míleata ar bhealach cothrom agus inrochtana; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na n-iarratas os comhair na Cúirte Bunreachtúla maidir le hagóid choinsiasach ó cuireadh an chéad iarratas isteach in 2017, atá ar feitheamh gan aon chumarsáid riachtanach leis na hiarratasóirí; ag tathant go ndéanfaí na leasuithe dlíthiúla is gá chun deireadh a chur le timthriall na n-ionchúiseamh agus an phionóis chomh maith leis na srianta uile a dhéanann difear d’agóideoirí coinsiasacha;

19.

ag iarraidh ar údaráis na Tuirce athchóirithe dearfacha agus éifeachtacha a chur chun cinn i réimse na saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin trí chur ar chumas phobail reiligiúnacha pearsantacht dhlítheanach agus cearta oideachais a fháil, agus trí mholtaí Choimisiún na Veinéise maidir le stádas pobal reiligiúnach agus gach rialú ábhartha ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine agus rúin ó Chomhairle na hEorpa a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear maidir le daonra Cheartchreidmheach na Gréige ar oileáin Gökçeada (Imbros) agus Bozcaada (Tenedos); ag iarraidh ar Rialtas na Tuirce dlús a chur leis na hiarrachtaí leanúnacha a bhaineann, inter alia, le haitheantas poiblí d’fhéiniúlacht Alevi agus stádas dlíthiúil agus cistiú Cemevis, i gcomhréir le breithiúnais ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le haicmí éigeantacha reiligiúin agus eitice agus ionaid adhartha Alevi; ag iarraidh ar údaráis na Tuirce urraim iomlán a thabhairt do chineál stairiúil agus cultúrtha séadchomharthaí agus siombailí cultúrtha agus reiligiúnacha, go háirithe iad siúd atá aicmithe mar Láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na forbairtí is déanaí maidir le Mainistir stairiúil Panagia Soumela, atá san áireamh ar Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda UNESCO; á chur i bhfáth gur gá deireadh a chur le srianta ar oiliúint, ar cheapachán agus ar chomharbas chomhaltaí na cléire, chun athoscailt Chliarscoil Halki, atá dúnta ó 1971, a cheadú, agus deireadh a chur leis na bacainní uile chun go mbeidh sé in ann feidhmiú i gceart; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc urraim a thabhairt don ról atá ag an bPatrarcacht Éacúiméineach do Chríostaithe Cheartchreidmheacha ar fud an domhain agus aitheantas a thabhairt dá phearsantacht dhlítheanach agus d’úsáid phoiblí theideal eaglasta an Patrarc Éacúiméineach; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil rialachán nua toghcháin d’fhondúireachtaí neamh-Mhuslamach fós le foilsiú tar éis a neamhniúcháin in 2013, rud a chruthaigh fadhbanna tromchúiseacha maidir le riaradh cuí na bhfondúireachtaí sin, ós rud é nach féidir aon toghcháin a dhéanamh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuiltear fós ag tuairisciú fuathchainte agus coireanna fuatha i gcoinne mionlach reiligiúnach, Alevis, Críostaithe agus Giúdaigh den chuid is mó, agus go bhfuil imscrúduithe fós neamhéifeachtach; ag tathant ar údaráis na Tuirce na ciontóirí a ionchúiseamh go héifeachtach agus gach mionlach reiligiúnach a chosaint mar is ceart;

20.

á chur in iúl gur oth léi an brú leanúnach dlíthiúil agus riaracháin atá á chur ag Rialtas na Tuirce ar an tsochaí shibhialta agus ar chosantóirí chearta an duine, ar dhlíodóirí, ar iriseoirí, ar acadóirí, ar cheardchumannaithe, ar mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha agus ar go leor saoránach Turcach agus ar an laghdú leanúnach atá ag teacht ar an spás chun oibriú gan bhac sa Tuirc; ag cáineadh dúnadh treallach eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha tábhachtacha um chearta an duine agus eagraíochtaí meán; ag iarraidh ar an Tuirc breathnú ar ghuthanna criticiúla nó easaontacha, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine, dlíodóirí, acadóirí agus iriseoirí, mar rannchuiditheoirí luachmhara leis an idirphlé sóisialta, seachas fórsaí díchobhsaitheacha, chun go mbeidh siad in ann feidhmiú i gcomhréir lena ndualgais agus laistigh dá sainchúram agus faoina raon feidhme, agus a ngairm a fheidhmiú gan bhac, ós rud é go ndéantar foráil leis sin do dhaonlathas agus do shochaí níos sláintiúla ar an iomlán; ag athdhearbhú a hiarrata ar Rialtas na Tuirce athbhreithniú a dhéanamh ar an Dlí maidir le Maoiniú Leathadh Arm Ollscriosta a Chosc i mí na Nollag 2020, lena ndeonaítear d’Aireacht Gnóthaí Baile na Tuirce agus don Uachtarán údarás fairsing chun gníomhaíochtaí eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhpháirtíochtaí gnó, grúpaí agus comhlachais neamhspleácha a shrianadh agus is cosúil go bhfuil sé dírithe ar an tsochaí shibhialta a theorannú, a shrianadh agus a rialú tuilleadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di barúlacha an Choimisinéara um Chearta an Duine agus Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa araon, a chuir in iúl gurb iad na heagraíochtaí um chearta an duine na chéad eagraíochtaí a ndearnadh iniúchadh orthu de bhun an dlí sin; ag iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit brú níos mó a chur ar Rialtas na Tuirce agus dlús a chur lena dtacaíocht do chosantóirí chearta an duine agus don tsochaí shibhialta neamhspleách sa Tuirc, lena n-áirítear trí na hionstraimí airgeadais ábhartha; ag iarraidh ar an gCoimisiún cistiú leordhóthanach a sholáthar, tríd an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) agus trí chláir ábhartha na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda, don tsochaí shibhialta, do ghníomhaithe neamhstáit agus teagmhálacha duine le duine chun tosaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí ar son an daonlathais a d’fhéadfadh cabhrú an toil pholaitiúil a ghiniúint chun an caidreamh idir AE agus an Tuirc a neartú; ag iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar mhaoiniú na rialtas áitiúil maidir le tionscadail leasa choitinn; á chur i bhfáth go bhfuil cúnamh airgeadais faoi IPA III bunaithe ar choinníollacht atá nasctha leis an gcur chuige “bunphrionsabail ar dtús” agus á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, a éilimh nach mór cistiú IPA le haghaidh athchóirithe sa Tuirc a eisíoc le trédhearcacht iomlán agus a bheith á bhainistiú go díreach ag AE nó ag institiúid idirnáisiúnta aitheanta;

21.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an meathlú státurraithe ar staid chearta an duine do dhaoine LADTI, go háirithe maidir le hionsaithe fisiciúla agus coireanna fuatha — go háirithe i gcoinne daoine trasinscneacha — na toirmisc fhada ar mhórshiúlta Pride ar fud na tíre, srianta ar shaoirse comhthionóil, comhlachais agus tuairimí a nochtadh, agus cinsireacht sna meáin agus ar líne, agus ag tathant ar Rialtas na Tuirce a gcearta comhionanna agus dlíthiúla a chosaint; á mheabhrú gur gá bearta a ghlacadh chun a áirithiú gur féidir leis na saoránaigh uile leas a bhaint as na saoirsí sin go sábháilte; ag tabhairt chun suntais seasamh Rialtas na Tuirce atá ag éirí níos homafóbaí agus an úsáid a bhaineann oifigigh ardleibhéil as fuathchaint i gcoinne daoine LADTI, atá dírithe ar an bpobal LADTI a stiogmatú agus a choiriúlú agus a d’fhéadfadh a bheith mar áit a chothaíonn coireanna fuatha agus mar chumasóir cumhachtach ciaptha, idirdhealaithe agus foréigin a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéadú; á mheabhrú go bhfuil freagracht i gceist le hoibleagáidí na Tuirce faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine chun idirdhealú agus foréigean i gcoinne daoine LADTI a chomhrac agus ag tathant ar údaráis na Tuirce a ngealltanais a chomhlíonadh; á iarraidh go gcuirfí gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus saintréithe gnéis mar fhorais chosanta i bhforáil frith-idirdhealaithe dhlí an tsaothair; ag tabhairt chun suntais patrún úsáide imeachtaí breithiúnacha chun cosantóirí chearta an duine, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus dlíodóirí a chur ina dtost agus chun srian a chur leis an ngníomhaíochas, go háirithe cosantóirí chearta LADTI; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na himscrúduithe coiriúla i gcoinne cumainn barra Iostanbúl, Ankara agus Diyarbakır agus an cás a bhaineann leis na rannpháirtithe i mórshiúl Pride 2019 in Ollscoil Theicniúil an Mheánoirthir in Ankara; á chur in iúl gur geal léi éigiontú an cás deireannach sin; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an triail leanúnach i gcoinne bhord feidhmiúcháin agus uachtarán Chumann Barra Ankara, ina bhfuil Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Ankara ag iarraidh suas le dhá bhliain i bpríosún áit a líomhnaítear gur “maslaíodh oifigeach poiblí” nuair a rinneadh ceann na Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Reiligiúnacha (Diyanet) a cháineadh as na ráitis homafóbach a rinne sé an 14 Aibreán 2020, eadhon “Islam curses homosexuality […] because it brings about disease and rots generations” [Cuireann Ioslám mallacht ar homaighnéasachas […] toisc go scaipeann sé galair agus déanann sé dochar do ghlúnta]; ag tathant ar údaráis na Tuirce na bearta dlíthiúla is gá a chur i bhfeidhm chun deireadh a chur le haon idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh agus ar fhéiniúlacht inscne i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha AE; ag iarraidh ar na húdaráis an reachtaíocht choiriúil maidir le coireanna fuatha homafóbacha agus trasfóbacha a ailíniú le Moladh Ginearálta Beartais Uimh. 7 ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe; ag tathant ar an Tuirc gach cúiseamh i gcoinne rannpháirtithe síochánta imeachtaí LADTI a tharraingt siar agus deireadh a chur leis na toirmisc fhada ar imeachtaí Pride;

22.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hionsaithe leanúnacha ar pháirtithe an fhreasúra, go háirithe an HDP agus páirtithe eile, lena n-áirítear Páirtí an Phobail Phoblachtaigh (CHP), amhail brú a chur i bhfeidhm, iallach a chur orthu a gcomhaltaí a dhúnadh agus a chur i bpríosún, rud a bhaineann an bonn d’fheidhmiú cuí an chórais dhaonlathaigh; á chur i bhfáth go nglactar, leis an daonlathas, le timpeallacht inar féidir le páirtithe polaitiúla, leis an tsochaí shibhialta agus leis na meáin feidhmiú gan bagairtí nó srianta treallacha;

23.

á thabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, go ndearna údaráis na Tuirce an HDP, a méaraí tofa agus a eagraíochtaí páirtí, lena n-áirítear a eagraíocht óige, a aimsiú agus a choiriúlú go sonrach agus go leanúnach, rud a d’fhág go bhfuil os cionn 4 000 comhalta HDP sa phríosún faoi láthair; ag cáineadh go láidir coinneáil leanúnach Selahattin Demirtaş agus Figen Yüksekdağ, iar-chomhchathaoirligh HDP, ó mhí na Samhna 2016, agus á iarraidh go scaoilfear saor láithreach iad; á chur in iúl gur cúis uafáis di neamhaird leanúnach údaráis na Tuirce agus mainneachtain rialuithe na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur i bhfeidhm a chuireann oibleagáid ar an Tuirc Selahattin Demirtaş a scaoileadh saor láithreach; ag cáineadh go láidir an díotáil sa tóir ar dhúnadh HDP agus toirmeasc 451 duine aonair ón saol polaitiúil, lena n-áirítear an chuid is mó de cheannaireacht reatha HDP, a chomhdaigh Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí Chúirt Achomhairc na Tuirce agus a ghlac Cúirt Bhunreachtúil na Tuirce d’aontoil i mí an Mheithimh 2021, agus a chuireann cosc orthu aon chineál gníomhaíochta polaitiúla a dhéanamh sna cúig bliana amach romhainn; á mheabhrú gur chuir an Chúirt Bhunreachtúil toirmeasc roimhe seo ar shé pháirtí pholaitiúla atá ar son na gCoirdíneach; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, gurb é cás díscaoilte HDP an toradh ar chniogbheartaíocht ar an bpáirtí atá ar siúl le roinnt blianta anuas, agus á athdhearbhú gur botún tromchúiseach polaitiúil a bheadh ann cosc a chur ar an bpáirtí toisc go mbeadh buille do-aisiompaithe ann don iolrachas agus do phrionsabail dhaonlathacha; á thabhairt chun suntais, thairis sin, ról Chúirt Choiriúil Trom Ankara 22a i gcás Kobane, mar a thugtar air, i gcoinne 108 duine aonair lena n-áirítear go leor polaiteoirí HDP; á chur i bhfios go bhfuil ról speisialta ag an ionchúisitheoir poiblí agus ag éileamh soiléireachta, go háirithe, maidir leis an gcur isteach polaitiúil líomhnaithe atá doiciméadaithe i measc an chomhaid; ag ceistiú tuilleadh faoin gcaoi ar éirigh leis an gcúirt doiciméad 3 530 leathanach a scrúdú agus a ghlacadh taobh istigh de sheachtain gan éisteacht leis na cosantóirí;

24.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cás leanúnach i gcoinne Leas-Chathaoirleach CHP Gökçen mar chuid d’imscrúdú i gcoinne bhord feidhmiúcháin iomlán an pháirtí maidir le leabhrán a fhoilsiú agus a dháileadh; á chur in iúl go bhfuil ionadh uirthi, as na trí chás dlí a comhdaíodh ina coinne, gur chúisigh Oifig Phríomh-Ionchúisitheora Phoiblí Ankara Ms Gökçen as an gcoir ionsaí fisiceach a dhéanamh ar an uachtarán, a thagann le téarma príosúnachta cúig bliana ar a laghad, maidir le foilseachán an bhróisiúir; ag tabhairt dá haire, cé go ndearna 18ú Ard-Chúirt Choiriúil Ankara an cás dlí sin a dhíbhe, go bhfuil an dá chás dlí eile maidir le béadchaint, gríosú i dtreo fuatha agus clúmhilleadh i gcoinne an Uachtaráin fós ar siúl; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di i gcónaí ciapadh leanúnach polaitiúil agus breithiúnach Canan Kaftancıoğlu, cathaoirleach cúige Iostanbúl ar CHP, trí líon méadaitheach cásanna dlí ina coinne; ag cáineadh an chinnidh a rinne an Chúirt Cassála le déanaí seasamh le trí cinn de chúig phianbhreith i gcoinne a tréimhse 4 bliana agus 11 mhí d’am príosúin agus toirmeasc polaitiúil a fhorchur ar Kaftancıoğlu, Uasal; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nádúr treallach an phróisis clárúcháin fhada do Pháirtí Glas na Tuirce, a rinne iarratas ar dheimhniú foirmíochta le hAireacht Gnóthaí Baile na Tuirce ar lá a bhunaithe i mí Mheán Fómhair 2020, ach nár eisíodh deimhniú foirmíochta dó go fóill;

25.

ag cáineadh an úsáid a bhaintear arís agus arís eile as stádas parlaiminteach Feisirí freasúra a aisghairm, rud a dhéanann dochar tromchúiseach d’íomhá Pharlaimint na Tuirce mar institiúid dhaonlathach; ag meabhrú, i ndáil leis sin, an breithiúnas a thug an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine le déanaí an 1 Feabhra 2022 inar rialaíodh gur sháraigh tarscaoileadh díolúine 40 Teachtaí Parlaiminte HDP in 2016 a gceart chun saoirse tuairimí a nochtadh agus saoirse comhthionóil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cás Teachta Parlaiminte de chuid HDP Diyarbakır Semra Güzel, a gcuirtear “ballraíocht eagraíochta sceimhlitheoireachta” líomhnaithe ina leith i ndáil le pictiúir a tógadh cúig bliana ó shin, agus ar baineadh a díolúine reachtach an 1 Márta 2022;

26.

á athdhearbhú go gcáineann sí an cinneadh a rinne údaráis na Tuirce chun breis agus 150 méaraí a toghadh go daonlathach a bhaint dá n-oifig ar bhonn fianaise amhrasach agus a n-ionadú treallach le hiontaobhaithe neamhthofa arna gceapadh ag an rialtas láir; ag cáineadh gur bhain an rialtas 48 as na 65 méaraí HDP a toghadh go daonlathach in oirdheisceart na Tuirce, díreach ó bhí na toghcháin áitiúla dheireanacha ann an 31 Márta 2019, agus gur tháinig iontaobhaithe ina n-ionad; á chreidiúint go láidir go mbaineann na cinntí neamhdhleathacha sin an bonn den daonlathas ar leibhéal áitiúil agus gur ionsaí díreach iad ar a phrionsabail is bunúsaí, rud a fhágann go mbaintear ionadaíocht, a toghadh go daonlathach, de na milliúin vótálaithe; ag iarraidh ar an Tuirc na méaraí a aistríodh a chur ar ais in oifig; ag iarraidh ar an Tuirc oifig a thabhairt ar ais do na méaraí a aistríodh; ag cáineadh go láidir na bearta polaitiúla, reachtacha agus riaracháin a ghlac Rialtas na Tuirce chun an bonn a bhaint ó na bardais atá á reáchtáil ag méaraí na bpáirtithe freasúra in Iostanbúl, in Ankara agus in Izmir;

27.

ag tabhairt dá haire na hathchóirithe toghcháin a glacadh le déanaí gan comhdhearcadh traspháirtí, agus ísliú na tairsí toghcháin ó 10 % go 7 %, atá fós ró-ard; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na hathruithe ar an nós imeachta roghnúcháin do na boird toghcháin chúigeacha atá freagrach as comhaireamh vótaí agus próisis achomhairc, a bhí comhdhéanta go dtí seo de na breithiúna is sinsearaí ach a roghnófar le crannchur anois; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc feabhas a chur ar an timpeallacht níos leithne do thoghcháin ar fud na tíre ar gach leibhéal trí iomaíocht shaor agus chothrom a áirithiú do na hiarrthóirí agus na páirtithe uile agus lena thabhairt i gcomhréir leis na moltaí ó Choimisiún na Veinéise agus ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip;

28.

ag aithint go bhfuil ábhair imní slándála dlisteanacha ag an Tuirc agus go bhfuil sé de cheart aici an sceimhlitheoireacht a chomhrac; á chur i bhfáth, mar sin féin, gur rud é sin nach mór a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt don smacht reachta, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha; ag athdhearbhú go gcáineann sí go láidir agus go soiléir na hionsaithe sceimhlitheoireachta foréigneacha a rinne Páirtí Oibrithe na Cordastáine (PKK), atá ar liosta an Aontais d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta ó 2002 i leith; á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé don Tuirc, do AE agus dá Bhallstáit comhoibriú go dlúth sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear Daesh; ag tathant ar údaráis na Tuirce leanúint dá n-iarrachtaí tuilleadh chun dlúthchomhar a fhorbairt le AE sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, an sciúrtha airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus a reachtaíocht maidir le sceimhlitheoireacht agus cleachtais ghaolmhara a chur i gcomhréir le forálacha Eorpacha; ag tabhairt dá haire na caibidlíochtaí leanúnacha le haghaidh comhaontú idirnáisiúnta maidir le malartuithe sonraí pearsanta idir Europol agus údaráis na Tuirce atá freagrach as an gcoireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac; á chur in iúl go bhfuil sí ag súil go seasfaidh na caibidlíochtaí sin le caighdeáin Eorpacha maidir le cosaint sonraí agus cearta bunúsacha; ag iarraidh ar an Tuirc, arís eile, a dlí cosanta sonraí a ailíniú le caighdeáin AE chun a bheith in ann comhoibriú le Europol agus an bailiúchán rialachán atá le himscaradh sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid, mhaoiniú na sceimhlitheoireachta agus na cibearchoireachta a neartú;

29.

á chur i bhfáth go bhfuil forálacha frithsceimhlitheoireachta sa Tuirc fós róleathan agus go n-úsáidtear iad ar bhealach lánroghnach chun cearta an duine agus aon ghuthanna criticiúla sa tír a chur faoi chois, lena n-áirítear iriseoirí, gníomhaithe agus lucht freasúra polaitiúil, agus á thabhairt chun suntais, trí mhí-úsáid a bhaint as an reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta, go laghdaíonn na húdaráis cineál tromchúiseach an síorbhaoil sin; á thabhairt dá haire go bhfuil cásanna maidir le fuadach forfheidhmithe fós ann sa chomhthéacs sin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cinneadh an Aire Gnóthaí Baile tús a chur le himscrúdú speisialta ar Chathair Bhardasach Iostanbúl mar gheall ar naisc sceimhlitheoireachta líomhnaithe, a bhaineann le 550 dá fhostaithe, agus leis an gciapadh breithiúnach athnuaite i gcoinne Öztürk Türkdoğan, dlíodóir mór le rá um chearta an duine agus Comhchathaoirleach Chumann Chearta an Duine (İHD), a ndearna an 19ú Cúirt Choiriúil Trom Ankara a thriail ar an gcúiseamh maidir le “ballraíocht d'eagraíochta armtha neamhdhleathach” tar éis a dhíotála ag Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Ankara, ach a éigiontaíodh faoi dheireadh;

30.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di staid na ndaoine Coirdíneacha sa tír agus an staid in oirdheisceart na Tuirce maidir le cearta an duine, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus rannpháirtíocht pholaitiúil a chosaint; á chur in iúl gur cúis imní ar leith di an-chuid tuarascálacha ó oifigigh forfheidhmithe dlí a bhíonn ag gabháil do chéasadh agus drochíde a thabhairt do dhaoine atá á gcoinneáil agus iad ag freagairt do bhagairtí slándála a bhraitear agus a líomhnaítear in oirdheisceart na Tuirce; ag cáineadh na mbeart coimeádta póilíneachta a fhóntar i gcoinne gníomhaithe móra na sochaí sibhialta agus lucht freasúra polaitiúil in oirdheisceart na Tuirce agus ag iarraidh ar an Tuirc cosaint agus sábháilteacht chosantóirí chearta an duine a áirithiú agus imscrúduithe neamhspleácha ar na cásanna sin a thionscnamh go pras; ag cáineadh cos ar bolg na mionlach eitneach agus reiligiúnach, lena n-áirítear toirmeasc ar theangacha ó ghrúpaí amhail an pobal Coirdíneach mar mháthairtheanga san oideachas agus i ngach réimse den saol poiblí ag Bunreacht na Tuirce; á athdhearbhú gur sárú é sin ar an dlí idirnáisiúnta, lena gcosnaítear cearta daoine a mballraíocht de mhionlach eitneach nó reiligiúnach a dhearbhú agus iad féin a chur in iúl i dteanga thraidisiúnta a mionlach; á chur i bhfáth a phráinní atá sé tús a chur an athuair le próiseas inchreidte polaitiúil lena n-áiritheofar na páirtithe agus na fórsaí daonlathacha ábhartha uile as a dtiocfaidh réiteach síochánta ar shaincheist na gCoirdíneach;

31.

ag cáineadh go láidir eiseachadadh agus fuadach éigeantach shaoránaigh na Tuirce atá ina gcónaí lasmuigh den Tuirc, ar sárú é ar phrionsabal an smachta reachta agus ar chearta bunúsacha an duine; ag tathant ar AE aghaidh a thabhairt ar an gcleachtas sin ar cúis imní é ina Bhallstáit féin agus sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha comhlachaithe chomh maith; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Rialtas na Tuirce tionchar a imirt ar chomhaltaí dhiaspóra na Tuirce in AE, amhail trí Uachtaránacht na dTurcach Thar Lear agus na gComhphobal Gaolmhar (YTB) agus tríd an Aontas Ioslamach um Ghnóthaí Reiligiúnacha na Tuirce (DITIB), a d’fhéadfadh cur isteach ar phróisis dhaonlathacha i roinnt Ballstát; ag cáineadh, i ndáil leis an méid sin, na n-ionsaithe doghlactha a rinne na meáin Thurcacha atá ar son an rialtais ar roinnt polaiteoirí Sualannacha, lena n-áirítear an Feisire Evin Incir, lena n-áirítear bréagaisnéis agus líomhaintí gan bhunús, ar ina measc a áirítear líomhaintí maidir le comhcheangal leis an sceimhlitheoireacht; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an ghluaiseacht chiníoch antoisceach den eite dheis Ülkü Ocakları, ar a dtugtar na Grey Wolves freisin, atá nasctha go dlúth leis an gComhrialtas Náisiúnach Gluaiseachta (MHP) atá i gceannas, ag scaipeadh ní hamháin sa Tuirc ach freisin i mBallstáit AE; ag iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit féachaint an bhféadfaí a gcomhlachais i dtíortha AE a thoirmeasc; ag iarraidh ar na Ballstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ciníocha na heagraíochta sin agus troid ar ais chun a tionchar a laghdú; ag iarraidh ar rannáin chumarsáide straitéiseacha SEGS amhras faoi bhréagaisnéis na Tuirce a dhoiciméadú, go háirithe san Afraic, sna Balcáin Thiar, agus sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh, agus a cuid torthaí a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil Uigiúraigh atá ina gcónaí sa Tuirc fós i mbaol coinneála agus ionnarbtha chuig tíortha eile a d’fhéadfadh iad a thabhairt ar láimh don tSín ina dhiaidh sin, áit ar dócha go mbeidh géarleanúint thromchúiseach orthu; ag iarraidh ar údaráis na Tuirce daingniú a conradh eiseachadta leis an tSín a chur siar;

32.

á athdhearbhú gur cúis bhuartha di diúltú na Tuirce moltaí Choiste Chomhairle na hEorpa um Chéastóireacht agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc a chur chun feidhme; ag iarraidh ar an Tuirc cloí le beartas neamhfhulaingthe maidir le céastóireacht agus imscrúdú cuí a dhéanamh ar thuairiscí leanúnacha agus inchreidte maidir le céastóireacht, drochíde agus íde mhídhaonna nó táireach le linn coinneála, ceistithe nó coimeádta, chun deireadh a chur le saoirse ó phionós agus chun iad siúd atá freagrach a thabhairt chun cuntais; á chur in iúl gur geal léi an leasú a rinneadh le déanaí ar an rialachán maidir le príosúin chun “cuardach mionsonraithe” a chur in ionad an téarma “nochtchuardach” agus ag iarraidh ar stiúrthóir Ard-Stiúrthóireacht na bPríosún agus na dTithe Coinneála a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go hiomlán é “le hurraim do dhínit agus d’onóir an duine”, mar a luaitear sa rialachán leasaithe, ós rud é go bhfuil líomhaintí inchreidte fós ann maidir le leanúint den chleachtas sin, lena n-áirítear maidir le mionaoisigh a thugann cuairt ar phríosúin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an staid i bpríosúin phlódaithe na Tuirce, rud a chuireann le baol marfach phaindéim COVID-19 do phríosúnaigh; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, thairis sin, na srianta treallacha a fhorchuirtear ar chearta príosúnach maidir le cóir leighis agus cuairt; á thabhairt chun suntais, de réir sonraí ón gCumann um Chearta an Duine sa Tuirc (İHD), go bhfuil 1 605 dhuine tinn sa phríosún faoi láthair, 604 díobh siúd atá go dona tinn; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an t-iar-fheisire Aysel Tuğluk sa phríosún i gcónaí in ainneoin a riocht sláinte uafásach, a cinneadh le tuarascálacha leighis a ndearna Comhairle an Leighis Fóiréinsí (ATK), atá á reáchtáil ag an stát, a dhíbhe ina dhiaidh sin; á iarraidh go scaoilfear saor láithreach Aysel Tuğluk; á chur in iúl gur cúis uafáis di an cleachtas tuairiscithe maidir le mná torracha agus iarbhreithe a ghabháil agus ag tathant ar an Tuirc na mná go léir lena mbaineann a scaoileadh saor agus deireadh a chur leis an gcleachtas maidir le mná torracha a ghabháil díreach roimh bhreith dóibh nó ina dhiaidh sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ciapadh MP HDP Ömer Faruk Gergerlioğlu, ar cuireadh cosc air le déanaí taisteal thar lear agus faoi réir imscrúdaithe ag Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Poiblí Kandıra — cás a caitheadh amach le déanaí — maidir leis na cúisimh “an stát agus a chomhlachtaí a mhaslú”, “tionchar a imirt ar an saineolaí” agus “ag moladh an choir agus an choiriúlacht” tar éis dó iarraidh go scaoilfí saor Aysel Tuğluk;

33.

á chur in iúl gur cúis uafáis di tost iomlán Ombudsman na Tuirce i bhfianaise staid thromchúiseach na gceart bunúsach sa tír a ndéantar cur síos uirthi thuas; ag iarraidh ar Phríomh-Ombudsman na Tuirce a áirithiú go mbeidh a institiúid ina huirlis úsáideach do shaoránaigh na Tuirce agus go mbeidh ról gníomhach aici maidir leis an gcultúr a bhaineann le leigheasanna dlíthiúla a lorg a neartú, mar atá leagtha amach ag an institiúid ina haidhmeanna; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an tOmbudsman ná Institiúid na Tuirce um Chearta an Duine agus Comhionannas — an dá phríomhinstitiúid um chearta an duine sa tír — neamhspleách go hoibríochtúil, go struchtúrach ná ó thaobh airgeadais de; ag tathant ar údaráis na Tuirce na bearta iomchuí a dhéanamh chun go gcomhlíonfaidh na hinstitiúidí sin, i gcás inarb ábhartha, Prionsabail Pháras agus an Moladh ón gCoimisiún maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais (13); á chur in iúl gur saoth léi gur léirigh comhaltaí áirithe den Institiúid um Chearta an Duine agus Comhionannas dearcadh diúltach i leith chearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear comhionannas inscne, cearta na mban agus cearta LADTIA, agus gur léirigh siad tacaíocht do tharraingt siar na Tuirce ó Coinbhinsiún Iostanbúl; ag iarraidh ar Choiste Fiosrúcháin Ard-Thionól Náisiúnta na Tuirce um Chearta an Duine a chumhachtaí fairsinge a fheidhmiú go hiomlán chun imscrúdú agus cuntasacht a lorg maidir le sáruithe ar chearta an duine sa tír agus leasuithe reachtacha a mholadh chun a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht náisiúnta ailínithe leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a bhfuil an Tuirc mar pháirtí iontu;

34.

á mheabhrú go bhfuil an tsaoirse do cheardchumainn agus don idirphlé sóisialta ríthábhachtach d’fhorbairt agus do rathúnas sochaí iolraíoch; á chur in iúl gur oth léi, sa chomhthéacs sin, na heasnaimh leanúnacha reachtacha maidir le cearta saothair agus ceardchumainn agus á chur i bhfáth gur cearta bunúsacha le haghaidh oibrithe iad an ceart chun cómhargála agus an ceart dul ar stailc; á chur in iúl gur cúis bhuartha di thairis sin go bhfuil idirdhealú láidir i gcoinne an cheardchumainn fós ann ag fostóirí agus go bhfuil bainisteoirí agus comhaltaí roinnt ceardchumann fós faoi réir dífhostú, ciapadh agus príosúnacht; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin dífhostú córasach oibrithe atá ag iarraidh eagrú; ag iarraidh ar údaráis na Tuirce iad féin a ailíniú le croíchaighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a bhfuil gealltanas tugtha ag an tír ina leith, deireadh a chur le bacainní lena gcuirtear teorainn le cearta ceardchumainn a theachtadh agus úsáid éifeachtach a bhaint as idirphlé sóisialta, lena n-áirítear le haghaidh bearta téarnaimh socheacnamaíocha COVID-19;

An caidreamh idir an tAontas agus an Tuirc agus beartas eachtrach na Tuirce i gcoitinne

35.

á chur in iúl gur mór aici tacaíocht shoiléir údaráis na Tuirce do neamhspleáchas, do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine agus gur cháin siad ionradh agus ionsaí míleata na Rúise, nach bhfuil bonn cirt leis, i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá comhar láidir idir AE agus an Tuirc sa bheartas eachtrach agus slándála in aimsir dhúshlánach an lae inniu agus á chur in iúl gur geal léi, sa pheirspictíocht sin, ailíniú daingean na Tuirce le ECAT agus le AE; á chur i bhfáth gur comhghuaillí agus comhpháirtí straitéiseach de chuid ECAT í an Tuirc lena bhfuil leasanna móra againn i bpáirt; ag moladh cinneadh na Tuirce Coinbhinsiún Montreux 1936 a agairt lena n-éilítear go gcuirfidh na stáit uile sa Mhuir Dhubh agus nach bhfuil sa Mhuir Dhubh stop lena sliocht trína caolais; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, cúnamh leanúnach airgeadais agus daonnúil na Tuirce don Úcráin, chomh maith le tiomantas oscailte Rialtas na Tuirce chun gníomhú mar idirghabhálaí i measc na bpáirtithe sa choinbhleacht; á iarraidh ar an Tuirc ailíniú a dhéanamh leis na smachtbhannaí agus na bearta sriantacha a rinne an tAontas i gcoinne údaráis na Rúise agus na Bealarúise agus daoine aonair atá freagrach as an ionsaí neamhdhleathach i gcoinne na hÚcráine agus leis na sáruithe iomadúla ar an dlí idirnáisiúnta a tharla ó thús an chogaidh; á thabhairt chun suntais, i bhfianaise an mhéid sin, go bhfuil sí ag súil go seachnóidh an Tuirc, i gcomhréir lena seasamh maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a bheith ina tearmann do chaipiteal agus d’infheistíochtaí na Rúise, agus ar an gcaoi sin go rachaidh sí timpeall ar smachtbhannaí AE; ag spreagadh na Tuirce chun a haerspás a dhúnadh d’aerárthaí na Rúise;

36.

ag moladh na n-iarrachtaí atá déanta ag an Tuirc leanúint de bheith ag óstáil an daonra dídeanaithe is mó ar domhan; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, soláthar leanúnach chistiú AE do dhídeanaithe agus do phobail óstacha sa Tuirc, agus á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta don tacaíocht sin a choinneáil ar bun amach anseo; ag iarraidh ar an gCoimisiún an trédhearcacht agus an cruinneas is mó is féidir a áirithiú i leithdháileadh na gcistí faoin gcomharba ar an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc, lena n-áiritheofar go dtabharfar na cistí go díreach do na dídeanaithe agus do na pobail óstacha go príomha agus go mbainisteofar iad ag eagraíochtaí a ráthaíonn cuntasacht agus trédhearcacht; á chur in iúl go dtacaíonn sí le measúnú oibiachtúil ar an gcomhar idir an tAontas agus an Tuirc maidir le hábhair dídeanaithe agus imirce agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go gcomhlíonfaidh an dá thaobh a ngealltanais faoi seach faoi Ráiteas Comhpháirteach 2016 idir an Aontas-an Tuirc agus faoin gComhaontú um Athligean Isteach idir an tAontas agus an Tuirc vis-à-vis na Ballstáit uile, lena n-áirítear atosú ar athligean isteach fillithe ó oileáin na Gréige, ar cuireadh isteach air i mí an Mhárta 2020, nó cur i ngníomh na Scéime Deonaí um Ligean Isteach Daonnúil; á áitiú gur gá urraim do shaoirsí bunúsacha a bheith i gcroílár phróiseas cur chun feidhme an Ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc; ag moladh go mór rannchuidiú bunriachtanach na sochaí sibhialta agus na n-údarás áitiúil sa Tuirc le lánpháirtiú dídeanaithe; ag tacú le rochtain níos fearr agus níos mó ar sheirbhísí cosanta do ghrúpaí leochaileacha sonracha; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce rochtain ar mhargadh an tsaothair do dhídeanaithe ón tSiria a fheabhsú agus bearta a chur i bhfeidhm chun baol na ndaoine gan stát a sheachaint do ghlúin de leanaí ón tSiria a rugadh sa Tuirc; á chur in iúl go n-aithníonn sí an bhrú imirce atá ar an Tuirc, ach go gcuireann sí i gcoinne aon ionstraimiú imirceach ag Rialtas na Tuirce; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí leanúnacha ar bhrú siar achomair na nAfganastánach agus daoine eile a gabhadh agus iad ag iarraidh an teorainn a thrasnú, agus díbirt threallach chuig an tSiria; á chur in iúl gur saoth léi an smuigleáil daoine agus na sáruithe ar chearta an duine a rinneadh ar dhídeanaithe sa Tuirc; á áitiú nár cheart dídeanaithe a chur ar ais ach ar bhonn deonach agus go sábháilte agus ag tathant ar an Tuirc rochtain níos fearr ar ionaid ionnarbtha a chur ar fáil d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus náisiúnta chun faireachán agus cúnamh a chur ar fáil dóibh siúd atá á gcur ar ais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú ag teacht ar na hionsaithe ciníocha agus seineafóibeacha i gcoinne eachtrannach, chomh maith le hinsint frith-dhídeanaithe a úsáid agus meon frith-inimirce a bheith ag dul i méid i bpolaitíocht agus i sochaí na Tuirce; ag tabhairt dá haire gur cláraíodh méadú leanúnach ar iarratais ar thearmann sa Chipir in 2021 agus á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar an Tuirc aon bhearta is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar bhealaí nua mara nó talún a chruthú don imirce neamhdhleathach ón Tuirc chuig AE;

37.

á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an Aontas Custaim atá ann faoi láthair agus ag iarraidh ar an Tuirc a hoibleagáidí a urramú, lena n-áirítear deireadh a chur le bacainní neamhtharaife ar an tsaorghluaiseacht; á chreidiúint go bhféadfadh neartú an chaidrimh trádála tairbhí nithiúla a thabhairt do shaoránaigh sa Tuirc agus AE, agus dá bhrí sin ag tacú leis an togra ón gCoimisiún tús a chur le caibidlíocht maidir le hAontas Custaim a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a uasghrádú, agus sásra éifeachtach agus éifeachtúil um réiteach díospóidí ag gabháil leis; ag tabhairt rabhaidh, áfach, go gcaithfeadh nuachóiriú den sórt sin ar an Aontas Custaim a bheith bunaithe ar choinníollacht láidir a bhaineann le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, urraim don dlí idirnáisiúnta agus don dea-chaidreamh comharsanachta, agus nach féidir é a bheartú ach amháin nuair a bheidh an Prótacal Breise á chur chun feidhme ina iomláine ag an Tuirc chun Comhaontú Ankara a leathnú chuig na Ballstáit uile gan forchoimeádas agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach; á chur i bhfáth nach mór don dá pháirtí a bheith go hiomlán ar an eolas faoin gcoinníollacht dhaonlathach sin ó thús aon chaibidlíochta, ós rud é nach dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú don chomhaontú críochnaitheach gan torthaí sa réimse sin;

38.

á thabhairt dá haire go mbeadh léirscaoileadh víosaí ina chéim thábhachtach i dtreo teagmhálacha idirphearsanta a éascú agus go bhfuil sé an-tábhachtach do shaoránaigh na Tuirce, go háirithe do mhic léinn, d’acadóirí, d’ionadaithe gnó agus do dhaoine a bhfuil naisc theaghlaigh acu i mBallstáit AE; á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an bpróiseas léirscaoilte víosaí a luaithe a bheidh na coinníollacha bunaithe comhlíonta agus ag spreagadh Rialtas na Tuirce oibriú i dtreo a bheartas víosaí a chomhchuibhiú le beartas AE agus an 72 chritéar a sainaithníodh sa treochlár um léirscaoileadh víosaí a chomhlíonadh go hiomlán ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i leith na mBallstát uile; á chur i bhfáth gur beag dul chun cinn atá déanta maidir leis na sé thagarmharc atá fós le comhlíonadh ag an Tuirc; ag tabhairt dá haire go mbeartaítear leis an bplean gníomhaíochta nua maidir le cearta an duine go gcomhlíonfar go tapa na tagarmharcanna atá fágtha; á chur i bhfáth gur príomhchoinníollacha iad an t-athbhreithniú ar reachtaíocht frithsceimhlitheoireachta agus ar dhlí cosanta sonraí na Tuirce chun cearta agus saoirsí bunúsacha a áirithiú;

39.

á chur in iúl gur oth léi an t-athrú a rinne an Coimisinéir Varhélyi ar Ard-Stiúrthóireacht um Beartas Comharsanachta agus Caibidlíocht maidir le Méadú an Choimisiúin (DG NEAR) le déanaí, inar comhtháthaíodh an t-aonad atá i gceannas ar an Tuirc leis na haonaid atá freagrach as an 'Chomharsanacht Theas'; á mheas gur botún tromchúiseach polaitiúil é an beart seo, a líomhnaítear a rinneadh ar mhaithe le héifeachtúlacht agus sruthlíniú na heagraíochta inmheánaí, atá cáinte go hard ní hamháin ag Rialtas na Tuirce ach ag gach gníomhaí Turcach atá i bhfabhar na hEorpa;

40.

á chur in iúl gur geal léi cinneadh Rialtas na Tuirce Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a dhaingniú, a ghealltanas a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2053, agus an fógra a thug sé oiriúnú don Chomhaontú Glas don Eoraip; á mheas gur deis thábhachtach é cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip do AE agus don Tuirc chun a mbeartas trádála agus aeráide a ailíniú agus ag iarraidh ar AE dlúthchomhordú agus tacaíocht a thabhairt don Tuirc sa chomhthéacs sin le haghaidh bearta uaillmhianacha cosanta aeráide; ag tabhairt dá haire an ról fabhrach a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaireachtaí an Aontais agus ag comhghuaillíochtaí tionsclaíocha an Aontais sa chomhar idir an tAontas agus an Tuirc maidir leis an gclaochlú glas; á iarraidh ar an Tuirc dul chun cinn a choinneáil maidir le hailíniú le treoracha agus acquis AE a bhaineann leis an gcomhshaol agus le gníomhú ar son na haeráide; ag iarraidh ar Rialtas na Tuirce obair leantach a dhéanamh ar a fhógra agus straitéis agus plean gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt chun astaíochtaí CO2 a laghdú go fóinteach; ag moladh obair chosantóirí chearta an chomhshaoil agus ag tabhairt rabhadh i gcoinne an drochthionchair atá ag mórthionscadail bhonneagair phoiblí ar an gcomhshaol; á thabhairt dá haire gur cuireadh tús le tógáil Chanáil Iostanbúl in 2021 agus ag cur béim ar rabhaidh ó ghníomhaithe comhshaoil agus ó Chumann na nInnealtóirí Comhshaoil go gcuirfidh an chanáil isteach ar sholáthar uisce chaolchúiseach Iostanbúl agus go scriosfaidh sí an t-éiceachóras máguaird, lena n-áirítear an chothromaíocht nádúrtha idir an Mhuir Dhubh agus Muir Marmara; ag iarraidh ar údaráis na Tuirce gníomhú láithreach chun Muir Marmara a chosaint agus toirmeasc a chur ar aon tionscadal bonneagair a chuirfeadh tuilleadh le truailliú an dobharlaigh; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, cinneadh Rialtas na Tuirce stádas speisialta cosanta comhshaoil a dheonú do Mhuir Marmara; ag athdhearbhú a hiarrata ar Rialtas na Tuirce stop a chur lena phleananna do ghléasra cumhachta núicléiche Akkuyu agus dul i gcomhairle le rialtais na dtíortha comharsanacha maidir le haon fhorbairtí breise i dtionscadal Akkuyu, a bheidh lonnaithe i réigiún atá i mbaol creathanna talún tromchúiseacha, agus ar an gcaoi sin bagairt mhór a dhéanamh ní hamháin don Tuirc ach do réigiún na Meánmhara ina iomláine;

41.

ag aithint gur féidir leis an Tuirc a beartas eachtrach féin a shaothrú i gcomhréir lena leasanna agus lena spriocanna, ach tá sí ag dréim leis go ndéanfar an beartas sin a chosaint trí thaidhleoireacht agus trí idirphlé bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta agus, mar thír is iarrthóir, go mbeidh sé ag teacht níos mó le beartas AE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil comhar idir AE agus an Tuirc sa bheartas eachtrach agus slándála ríthábhachtach agus go bhfuil gá le comhar straitéiseach agus cumarsáid fheabhsaithe leis an Tuirc i struchtúir slándála AE amach anseo, go háirithe sa chomharsanacht, chun go mbeidh siad éifeachtach; á chreidiúint gur féidir comhar méadaithe idir AE agus an Tuirc a bhaint amach maidir leis an iliomad réimsí beartais eachtraigh amhail an Úcráin agus an Afganastáin; á mheabhrú, thairis sin, gurb iad AE agus ECAT na comhpháirtithe fadtéarmacha is iontaofa don Tuirc sa chomhar slándála idirnáisiúnta agus á iarraidh ar an Tuirc comhleanúnachas polaitiúil a choinneáil i réimsí na mbeartas eachtrach agus slándála i bhfianaise a róil mar chomhalta de ECAT agus a stádas mar thír is iarrthóir ar bhallraíocht AE; á iarraidh ar Rialtas na Tuirce déileáil le hiarratais ballraíochta ECAT ón bhFionlainn agus ón tSualainn de mheon macánta, páirt chuiditheach a ghlacadh sna hiarrachtaí chun réiteach a fháil ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith fós gan réiteach i gcomhréir le luachanna agus ceanglais dhlíthiúla an Aontais agus staonadh ó aon bhrú míchuí a chur ar an bpróiseas sin; á chur in iúl gur oth léi, sa chomhthéacs sin, as na tíortha is iarrthóirí ar fad, gurb í an Tuirc an ceann is lú ailínithe (14 %) leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC), agus ag athdhearbhú ar an Tuirc an treocht sin a aisiompú mar ábhar tosaíochta i bhfianaise acmhainneacht mhór na gníomhaíochta comhpháirtí maidir le dúshláin éagsúla sa réigiún agus ar fud an domhain; á thabhairt dá haire, i ndáil leis sin, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil beartas eachtrach na Tuirce ag teacht salach ar thosaíochtaí AE faoi CBES le blianta beaga anuas, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an réigiún Cugais, an tSiria, an Libia agus an Iaráic;

42.

ag moladh an rapprochement a rinneadh le déanaí idir an Tuirc agus an Airméin maidir leis an gcinneadh tús a chur le teagmhálacha déthaobhacha, ceapadh ionadaithe speisialta agus eitiltí idir an dá thír a atosú; á mheas gur forbairt an-dearfach í an iarracht sin a bhfuil tionchar dearfach aici ar rathúnas agus ar shlándáil sa réigiún; ag spreagadh an dá thaobh na hiarrachtaí sin a shaothrú d’fhonn a gcaidreamh a normalú go hiomlán agus ag iarraidh ar AE tacú go gníomhach leis an bpróiseas sin; á mholadh don Tuirc an bealach a réiteach d’fhíor-athmhuintearas idir muintir na Tuirce agus muintir na hAirméine, lena n-áirítear díospóid Chinedhíothú na hAirméine a réiteach, agus lánurraim a thabhairt dá hoibleagáidí maidir le hoidhreacht chultúrtha na hAirméine agus oidhreacht chultúrtha eile a chosaint; á chur in iúl go bhfuil súil aici go bhféadfadh sé go mbeadh normalú an chaidrimh sa Chugas Theas mar thoradh air sin; á chur in iúl gur geal léi freisin iarrachtaí taidhleoireachta na Tuirce chun an caidreamh le tíortha éagsúla sa Mheánoirthear a normalú, go háirithe le hIosrael; ag spreagadh na Tuirce, arís eile, aitheantas a thabhairt do Chinedhíothú na hAirméine;

43.

ag tabhairt dá haire, in ainneoin roinnt comharthaí go ndearnadh díghéarú sa Mheánmhuir Thoir ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach maidir leis an Tuirc, gur tugadh ardú tobann nua faoi deara le déanaí; á chur in iúl go bhfuil sí iomlán ar an eolas gur féidir aon dinimic dhearfach a aisiompú go héasca tráth ar bith agus na saincheisteanna bunúsacha fós gan réiteach; á chur in iúl gur saoth léi, sa chomhthéacs sin, na ráitis a rinne oifigigh na Tuirce le déanaí lena gcuirtear i gcoinne cheannasacht na Gréige ar chuid dá hoileáin, ar ráitis iad atá fritorthúil agus a bhaineann an bonn ó thimpeallacht na slándála sa réimse sin; ag tathant i gcónaí ar an Tuirc agus ar na geallsealbhóirí uile lena mbaineann páirt a ghlacadh i réiteach síochánta bona fide ar dhíospóidí agus staonadh ó aon ghníomhaíocht nó bagairtí aontaobhacha; ag leanúint, go háirithe, de bheith ag iarraidh ar gach taobh fíor-rannpháirtíocht chomhchoiteann a léiriú chun caibidlíocht a dhéanamh maidir le teorannú limistéar eacnamaíoch eisiach (EEZanna) agus na scairbhe ilchríochaí de mheon macánta agus i gcomhréir le rialacha agus prionsabail idirnáisiúnta; ag cáineadh, ina leith sin, an ciapadh atá á dhéanamh ag longa cogaidh na Tuirce ar shoithí taighde a dhéanann suirbhéanna laistigh de EEZ arna theorannú ag Poblacht na Cipire; ag cáineadh, thairis sin, sáruithe na Tuirce ar aerspás náisiúnta na Gréige, lena n-áirítear traseitiltí i limistéir agus críocha a bhfuil cónaí iontu, gníomhaíochtaí a sháraíonn ceannasacht agus cearta ceannasacha Bhallstáit AE de shárú ar an dlí idirnáisiúnta; á chur in iúl a dlúthpháirtíocht iomlán leis an nGréig agus le Poblacht na Cipire; ag athdhearbhú an chirt atá ag Poblacht na Cipire comhaontuithe déthaobhacha a dhéanamh maidir lena EEZ agus a hacmhainní nádúrtha a fhiosrú agus a shaothrú i gcomhréir iomlán leis an dlí idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire gur oth léi go bhfuil an casus belli a dhearbhaigh Mórthionól Náisiúnta na Tuirce i gcoinne na Gréige fós le tarraingt siar; á chur in iúl gur geal léi go bhfuiltear ag leanúint de na cainteanna tosaigh idir an Ghréig agus an Tuirc, lena bhféachtar le haghaidh a thabhairt ar theorannú na scairbhe ilchríochaí agus EEZ i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; ag athdhearbhú a hiarrata ar Rialtas na Tuirce Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, ar cuid de acquis AE é, a shíniú agus a dhaingniú; ag tacú leis an gcuireadh a thug Rialtas Phoblacht na Cipire don Tuirc chun caibidlíocht a dhéanamh de mheon macánta maidir leis an teorannú muirí idir a gcuid cóstaí faoi seach, nó dul ar iontaoibh na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, agus á iarraidh ar an Tuirc glacadh leis an gcuireadh ón gCipir; á chur in iúl gur geal léi rannchuidiú na Tuirce le slándáil an tsoláthair gáis tríd an bPíblíne Gháis Nádúrtha Thrasanatólach (TANAP) a nascadh leis an bPíblíne Thrasaidriadach (TAP) atá curtha i gcrích; á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an togra ón gComhairle Eorpach le haghaidh comhdháil iltaobhach maidir leis an Meánmhuir Thoir agus á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh an Comhaontú Glas agus an t-aistriú fuinnimh deiseanna tábhachtacha a chur ar fáil chun réitigh fuinnimh chomhoibríocha, inbhuanaithe agus chuimsitheacha a bhaint amach sa Mheánmhuir Thoir; á iarraidh go ndéanfaí fíorchatalaíoch den Mheánmhuir Thoir sa ghné sheachtrach den Chomhaontú Glas;

44.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil fadhb na Cipire fós gan réiteach agus á chur i bhfáth go mbeidh tionchar dearfach ag réiteach i gcomhréir leis na rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus laistigh den chreat comhaontaithe ar chaidreamh na Tuirce le AE; á athdhearbhú go láidir go bhfuil sí den tuairim gurb é an t-aon réiteach inbhuanaithe ar shaincheist na Cipire ná réiteach cothrom, cuimsitheach agus inmharthana, lena n-áirítear a gnéithe seachtracha, laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe, ar bhonn cónaidhm dhébhardasach dhéchriosach ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach idirnáisiúnta aonair, ceannasacht aonair, saoránacht aonair agus comhionannas polaitiúil, mar a leagtar amach sna rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus ar bhonn urraim do na prionsabail ar a bhfuil an tAontas fothaithe; á chur in iúl gur saoth léi gur thréig Rialtas na Tuirce bonn comhaontaithe an réitigh agus chreat na Náisiún Aontaithe chun réiteach dhá stát a chosaint ina aonar sa Chipir; ag iarraidh ar an Tuirc an togra do-ghlactha sin le haghaidh réiteach dhá stát a thréigean; ag iarraidh ar an Tuirc, thairis sin, a trúpaí a tharraingt siar ón gCipir agus staonadh ó aon ghníomhaíocht aontaobhach lena ndéanfaí buandeighilt an oileáin a dhaingniú agus staonadh ó ghníomhaíocht lena n-athrófaí an chothromaíocht dhéimeagrafach; ag cáineadh shíniú an Phrótacail Eacnamaíoch agus Airgeadais, mar a thugtar air, idir an Tuirc agus limistéir ach bhfuil faoi rialú an rialtais sa Chipir; á cháineadh go leanann an Tuirc de bheith ag sárú rúin 550(1984) agus 789(1992) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, ina n-iarrtar ar an Tuirc limistéar Varosha a aistriú chuig a háitritheoirí dleathacha faoi riarachán sealadach na Náisiún Aontaithe, trí thacú le hoscailt bhaile Varosha don phobal; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbaineann an beart seo an bonn den mhuinín fhrithpháirteach agus, dá bhrí sin, go bhféadfaí tús a chur an athuair le cainteanna díreacha maidir le réiteach cuimsitheach ar fhadhb na Cipire; á chur in iúl ina leith sin gur cúis mhór imní di na gníomhaíochtaí nua neamhdhleathacha a rinneadh le déanaí i limistéar fálaithe de Varosha chun cuid nua den trá a oscailt, mar aon le síniú an “Prótacal Eacnamaíoch agus Airgeadais” thuasluaite le déanaí idir an Tuirc agus na limistéir atá faoi fhorghabháil sa Chipir trína mbeidh an Tuirc ag maoiniú tionscadal chun Varosha a atógáil; ag iarraidh ar Rialtas na Tuirce filleadh ar idirphlé bunaithe ar fhormáid na Náisiún Aontaithe, arb é an t-aon bhealach inmharthana i dtreo an athmhuintearais é; ag tathant go gcuirfí tús arís leis an gcaibidlíocht maidir le hathaontú na Cipire faoi choimirce Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe a luaithe is féidir ón áit ar fhág siad rudaí in Crans-Montana in 2017; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc a hoibleagáid a chomhlíonadh maidir leis an bPrótacal Breise a ghabhann le Comhaontú Ankara a chur chun feidhme go hiomlán agus go neamh-idirdhealaitheach i leith na mBallstát uile, lena n-áirítear Poblacht na Cipire; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil dul chun cinn déanta ag an Tuirc fós chun a caidreamh le Poblacht na Cipire a normalú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar fós bunriachtanach i réimsí amhail ceartas agus gnóthaí baile chomh maith leis an dlí eitlíochta agus cumarsáid aerthráchta le Ballstáit uile AE, lena n-áirítear Poblacht na Cipire;

45.

ag iarraidh ar an Tuirc an spás is gá a thabhairt do phobal Turcach na Cipire chun gníomhú i gcomhréir lena ról mar phobal dlisteanach ar an oileán, ar ceart é a ráthaítear le Bunreacht Phoblacht na Cipire; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí teagmháil a dhéanamh le pobal Turcach na Cipire, á mheabhrú go bhfuil a áit san Aontas Eorpach; á iarraidh ar na páirtithe uile lena mbaineann cur chuige níos misniúla a léiriú maidir leis na pobail a thabhairt le chéile; á chur i bhfáth gur gá acquis AE a chur chun feidhme ar fud an oileáin ar fad tar éis réiteach cuimsitheach a fháil ar fhadhb na Cipire agus á thabhairt chun suntais, idir an dá linn, go bhfuil Poblacht na Cipire freagrach as dlús a chur lena hiarrachtaí rannpháirtíocht na gCipireach Turcach le AE a éascú; ag moladh obair thábhachtach an Choiste dhébhardasach um Dhaoine ar Iarraidh (CMP) agus á athdhearbhú gur mór aici go bhfuil an Tuirc, tar éis na céime is measa den phaindéim, ag tabhairt rochtain de réir a chéile do CMP ar na suíomhanna ábhartha arís, lena n-áirítear limistéir mhíleata; ag iarraidh ar an Tuirc feabhas a chur ar a hiarrachtaí faisnéis ríthábhachtach a chur ar fáil óna cartlann mhíleata chomh maith le rochtain ar fhinnéithe i limistéir dhúnta; ag iarraidh ar an Tuirc comhoibriú leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe Comhairle na hEorpa, chun gáinneáil aindleathach agus scriosadh na hoidhreachta cultúrtha d’aon ghnó a chosc agus a chomhrac;

46.

á athdhearbhú go gcáineann sí idirghabhálacha míleata na Tuirce sa tSiria, a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta agus a bhaineann an bonn de chobhsaíocht agus de shlándáil an réigiúin ina iomláine; á iarraidh ar an Tuirc deireadh a chur lena forghabháil neamhdhleathach ar thuaisceart na Siria agus ar Afrin agus á athdhearbhú nach féidir le hábhair imní slándála údar a thabhairt do ghníomhaíocht mhíleata aontaobhach i dtír eachtrach; ag cáineadh an fhíorais go bhfuil an Tuirc agus faicsin áitiúla na Siria ag baint mí-úsáid as cearta sibhialtach agus ag srianadh a saoirsí le saoirse ó phionós i gcríocha atá faoi fhorghabháil na Tuirce; ag cáineadh aistriú neamhdhlisteanach dídeanaithe ón tSiria chuig tuaisceart na Siria chun an ghné dhéimeagrafach atá ag limistéar Coirdíneach den chuid is mó sa tSiria a athmhúnlú; ag cáineadh an fhíorais go bhfuil an Tuirc ag leanúint de náisiúnaigh Shiriacha a aistriú go neamhdhleathach go dtí an Tuirc chun dul ar thriail ar chúisimh sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le príosúnacht saoil; ag cáineadh ionsaithe leanúnacha agus láithreacht mhíleata leanúnach na Tuirce ar chríoch na hIaráice, go háirithe na hionsaithe ar réigiún Sinjar ina bhfuil tromlach Iasaídeach, atá ag cur cosc ar fhilleadh Iasaídeach agus Críostaithe a theith ó Daesh in 2014;

47.

ag iarraidh ar an Tuirc gealltanas iomlán a thabhairt maidir leis an gcoinbhleacht sa Libia a réiteach go síochánta faoi choimirce na Náisiún Aontaithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil an cur isteach leanúnach eachtrach sa Libia fós ina mhórdhúshlán do chur chun feidhme phróiseas Bheirlín faoi stiúir na Náisiún Aontaithe; ag iarraidh ar an Tuirc cloí go hiomlán leis an trádbhac arm a d’fhorchuir Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, comhoibriú go hiomlán le hOibríocht Fhórsa Cabhlaigh na Meánmhara (EUNAVFOR MED) IRINI agus comhar éifeachtúil a cheadú idir EUNAVFOR MED agus Oibríocht Chaomhnóirí Mara ECAT; á athdhearbhú go gcáineann sí síniú an dá mheabhrán tuisceana idir an Tuirc agus an Libia maidir le comhar cuimsitheach slándála agus míleata agus maidir le teorannú limistéar muirí, atá idirnasctha agus ar sáruithe soiléire iad ar an dlí idirnáisiúnta agus ar rúin ábhartha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus ar chearta ceannasacha Bhallstáit AE araon; ag iarraidh ar an Tuirc cur chuige níos cuiditheach a ghlacadh chun an tSomáil a chobhsú agus a comhordú polaitiúil agus oibríochtúil leis an Aontas a mhéadú maidir leis an ábhar sin;

An bealach chun cinn don chaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc

48.

á áitiú gur cheart go bhfanfadh an daonlathas, an smacht reachta agus na cearta bunúsacha i gcroílár an chaidrimh idir AE agus an Tuirc faoi chreat ar bith, ar cheart prionsabail an dlí idirnáisiúnta, an iltaobhachais agus an dea-chaidrimh idir comharsana a bheith mar bhonn taca leis; á athdhearbhú gurb é an próiseas aontachais agus an cur chuige atá bunaithe ar luachanna an príomhchreat don chaidreamh idir an tAontas agus an Tuirc, an uirlis is cumhachtaí chun brú normatach a fheidhmiú, agus an creat is fearr chun toilmhianta daonlathacha agus i bhfabhar na hEorpa de chuid shochaí na Tuirce a choinneáil ar bun agus chun cóineasú le AE a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire nach bhfaigheann sí argóintí ag an gcéim seo chun a seasamh coinníollach a mhodhnú maidir leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Tuirc a chur ar fionraí go foirmiúil; ag tabhairt dá haire, trí chinneadh a dhéanamh na rialuithe ceangailteacha ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine i ndáil le cás Osman Kavala agus eile, a dhiúltú go hoscailte, gur scartáil Rialtas reatha na Tuirce d’aon turas aon toilmhianta maidir le próiseas aontachais AE a athoscailt sna himthosca reatha; ag spreagadh an dá thaobh athbhreithniú a dhéanamh ar staid an chaidrimh atá acu faoi láthair trí idirphlé cuimsitheach ardleibhéil agus bealaí comhlántacha a fhiosrú i gcomhthráth leis an bpróiseas aontachais, amhail trí Chomhaontú Comhlachais nuachóirithe, chun dul i ngleic an athuair le comhpháirtíocht athchóirithe chothrom chómhalartach atá go mór faoi réir choinníollacha an daonlathais, an smachta reachta agus chearta agus saoirsí bunúsacha;

49.

á thabhairt dá haire go bhfuil an baol ann go dtiocfaidh torthaí míshásúla as staid reatha an chaidrimh idir AE agus an Tuirc; á iarraidh go ndéanfaí an caidreamh a athchothromú trí chur leis na forais dhaingne don chomhar arna spreagadh ag leasanna frithpháirteacha, agus trí mhuinín a chothú chun aghaidh a thabhairt ar an easpa muiníne, agus staonadh ó ghníomhaíocht aontaobhach nó ó ráitis ghríosaitheacha;

50.

á chreidiúint gur cheart do AE leanúint de gach cás féideartha idirphlé, comhthuisceana agus cóineasaithe ar sheasaimh leis an Tuirc a shaothrú; ag iarraidh ar an Tuirc páirt a ghlacadh in idirphlé cuiditheach agus bona fide, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach ina raibh an Tuirc agus an AE ar théarmaí contrártha, d’fhonn teacht ar thalamh coiteann agus ar chomhthuiscint le AE arís, idirphlé agus comhar maidir le dea-chaidreamh comharsanachta a atosú, agus próiseas na n-athchóirithe sa Tuirc a athsheoladh; á thabhairt dá haire go bhfágann tosaíochtaí éagsúla institiúidí AE, a leagtar amach sna creataí atá ann cheana lena rialaítear an caidreamh idir AE agus an Tuirc, go bhfuil sé an-deacair teacht ar bhealach éifeachtach chun dul chun cinn a dhéanamh; á chur in iúl gur saoth léi an easpa straitéise fadtéarmaí, beartais chomhleanúnaigh agus ceannaireachta comhsheasmhaí i leith na Tuirce in AE; á iarraidh ar Uachtarán an Choimisiúin agus ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ceannaireacht níos láidre, straitéiseach agus bunaithe ar luachanna a léiriú, le cuntasacht iomchuí i leith na Parlaiminte; ag tathant ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit cur chuige comhleanúnach agus cuíchóirithe a cheapadh i leith an ábhair sin, ós rud é go mbaineann sé le ceann de na comharsana is mó atá againn agus leis na comhpháirtithe is tábhachtaí, lena n-áirítear dlúthchomhar i measc institiúidí uile AE; ag iarraidh ar SEGS dlús a chur leis an idirphlé trasatlantach agus leis an gcomhar le rialtas Biden maidir leis an gcaidreamh leis an Tuirc;

51.

á mheas, mar chéim riachtanach chun feabhas a chur ar staid fhoriomlán an chaidrimh, gur gá don dá thaobh úsáid a bhaint as teanga mheasúil, iarrachtaí a dhéanamh chun claontachtaí agus míthuiscintí atá ann cheana a chomhrac, le go mbeifí in ann machnamh níos oibiachtúla agus níos iomláine a dhéanamh ar íomhá an taobh eile i dtuairimí an phobail faoi seach, agus na braistintí atá ag dul in olcas go frithpháirteach a aisiompú; ag iarraidh, i bhfianaise an méid sin, ar an gCoimisiún beartas cumarsáide a sheoladh i leith shochaí na Tuirce a bheidh dírithe ar fheasacht a mhúscailt faoi AE; á chur i bhfáth nach dtreisíonn reitric trodach, athbhreithnitheach agus ionsaitheach ach seasaimh foircneacha ar an dá thaobh agus go bhfuil cur chuige atá go hiomlán achrannach ag dul chun tairbhe na ndaoine siúd a bhfuil sé mar aidhm acu an Tuirc agus an tAontas Eorpach a tharraingt óna chéile;

52.

á iarraidh go ndéanfaí an Tuirc a chomhtháthú tuilleadh mar thír chomharsanachta i gcláir oibre beartais fhadtéarmacha an AE atá ag breathnú chun cinn maidir leis na haistrithe ríthábhachtacha glasa agus digiteacha agus maidir le cúrsaí sláinte, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bheith oscailte do réimsí beartais eile a d’fhéadfadh a bheith ina n-ábhar spéise don dá thaobh, amhail an chaoi a bhféadfaí an Tuirc a chomhtháthú tuilleadh i slabhraí luacha AE; á spreagadh ag rannpháirtíocht ghníomhach leanúnach shochaí na Tuirce i gcláir an Aontais, go háirithe san oideachas, sa nuálaíocht, san óige agus sa spórt, lena gcruthaítear comhpháirtíochtaí idir daoine níos dlúithe agus lena gcabhraítear leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach idir AE agus an Tuirc a shioncrónú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, na comhaontuithe lena dtugtar stádas comhlachais don Tuirc do Fhís Eorpach, Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach don tréimhse 2021-2027; á thabhairt dá haire gur chruthaigh an Coimisiún ardán infheistíochta sa Tuirc; á iarraidh go ndéanfaí an t-ardán sin a ailíniú go hiomlán le tosaíochtaí beartais agus coinníollacht AE laistigh den Chiste Eorpach nuabhunaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) chun deiseanna infheistíochta iomchuí ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil araon a shainaithint agus a chomhordú i measc institiúidí airgeadais Eorpacha agus idirnáisiúnta d’fhonn na haistrithe glasa agus digiteacha a bhaint amach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil dlúth-rannpháirtíocht na Parlaiminte le bord straitéiseach CEFI+, atá freagrach as infheistíochtaí a stiúradh agus as cruthú fuinneoga infheistíochta CEFI+ a fhormheas, ríthábhachtach chun maoirseacht dhaonlathach ar an bpróiseas sin a áirithiú;

53.

á chur in iúl gur geal léi gur chomhaontaigh Ard-Tionól Náisiúnta na Tuirce cruinniú den Chomhchoiste Parlaiminteach idir an tAontas agus an Tuirc a thionól ar deireadh, a bhí ar siúl i mí an Mhárta 2022 – an chéad chruinniú den sórt sin ó mhí na Nollag 2018; go bhfuil an dearcadh fós aici go bhfuil an t-idirphlé parlaiminteach fós ina chuid ríthábhachtach den chaidreamh idir an AE agus an Tuirc agus go bhfuil súil aici go leanfaidh an Comhchoiste Parlaiminteach idir an AE agus an Tuirc ag feidhmiú i gceart arís;

o

o o

54.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na Tuirce, agus á iarraidh go ndéanfar an rún seo a aistriú go Tuircis.

(1)  IO L 330, 20.9.2021, lch. 1.

(2)  IO L 134, 7.5.2014, lch. 3.

(3)  IO L 291, 12.11.2019, lch. 47.

(4)  IO L 372 I, 9.11.2020, lch. 16.

(5)  IO L 400, 12.11.2021, lch. 157.

(6)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 81.

(7)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 209.

(8)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 247.

(9)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 143.

(10)  IO C 328, 6.9.2016, lch. 2.

(11)  IO C 132, 24.3.2022, lch. 88.

(12)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0466.

(13)  Moladh (AE) 2018/951 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2018, maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais (IO L 167, 4.7.2018, lch. 28).


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/19


P9_TA(2022)0223

Treochlár SEGS um Athrú Aeráide agus Cosaint

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le Treochlár SEGS um Athrú Aeráide agus Cosaint (2021/2102(INI))

(2022/C 493/02)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 42 agus 43 de,

ag féachaint do spriocanna 2030 agus 2050 an Aontais maidir le neodracht charbóin,

ag féachaint do Threochlár an 9 Samhain 2020 um Athrú Aeráide agus Cosaint,

ag féachaint do Choincheap an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Cur Chuige Comhtháite um Athrú Aeráide agus Slándáil,

ag féachaint do Choincheap AE maidir le Cosaint an Chomhshaoil agus Optamú Fuinnimh d’Oibríochtaí agus do Mhisin Mhíleata faoi stiúir AE,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta (CEC) (1), go háirithe aithris 60 de ina luaitear ranníocaíocht aeráide 30 % agus aithris 61 de ina luaitear ranníocaíochtaí 7,5 % agus 10 % den chaiteachas bliantúil i gcoinne chailliúint na bithéagsúlachta go dtí 2027,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (2) (“Rialachán NDICI”), go háirithe aithris 49 de ina luaitear ranníocaíocht aeráide 30 %,

ag féachaint do theachtaireacht an 8 Iúil 2020 ón gCoimisiún maidir le straitéis hidrigine i gcomhair Eoraip aeráidneodrach (COM(2020)0301),

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta ECAT um Athrú Aeráide agus Slándáil

ag féachaint do dhoiciméad straitéise Mheitheamh 2016 ó SEGS dar teideal A Global Strategy for the European Union’s Foreign and Security Policy [Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh] agus do thuarascálacha leantacha na straitéise sin,

ag féachaint do chonclúidí an 22 Eanáir 2018 ón gComhairle maidir leis an gcur chuige comhtháite i ndáil le coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha,

ag féachaint do chonclúidí an 10 Nollaig 2018 ón gComhairle maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil,

ag féachaint do chonclúidí an 20 Eanáir 2020 ón gComhairle maidir le taidhleoireacht aeráide,

ag féachaint do chonclúidí an 25 Eanáir 2021 ón gComhairle maidir le taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh – dul chun cinn a dhéanamh maidir le gné sheachtrach Chomhaontú Glas don Eoraip;

ag féachaint do chonclúidí an 17 Meitheamh 2020 agus an 10 Bealtaine 2021 ón gComhairle maidir le slándáil agus cosaint,

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 7 Meitheamh 2017 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal A Strategic Approach to Resilience in the EU’s external action [Cur chuige straitéiseach don athléimneacht i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh](JOIN(2017)0021),

ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil Gníomhaíochta 2020 ón gCoimisiún – an Tionscal Cosanta agus an Spás,

ag féachaint do theachtaireacht an 24 Feabhra 2021 ón gCoimisiún dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide], (COM(2021)0082),

ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint do thuarascáil taighde an 21 Meitheamh 2021 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide,

ag féachaint do na cinntí a rinne ceannairí ECAT i mí an Mheithimh 2021 maidir le haeráid agus slándáil,

ag féachaint do thuarascáil Mheitheamh 2021 ón gComhairle Míleata Idirnáisiúnta maidir le hAeráid agus Slándáil Dhomhanda,

ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach thionscadal BIOSEC 2021, don tréimhse 2016-2020, dar teideal Biodiversity and Security [An Bhithéagsúlacht agus an tSlándáil], arna cistiú ag an gComhairle Eorpach um Thaighde (ERC),

ag féachaint do thionscadal ADELPHI dar teideal Weathering Risk: A Climate and Security Risk and Foresight Assessment [Teacht slán ón riosca: measúnú ar an riosca don aeráid agus don tslándáil],

ag féachaint do thionscadail arna gcomhchistiú ag AE i réigiún na Saiheile, amhail FREXUS Improving security and climate resilience in a fragile context through the water-energy-food security Nexus [FREXUS: Slándáil agus athléimneacht aeráide a fheabhsú i gcomhthéacs leochaileach tríd an nasc idir uisce agus bia agus slándáil],

ag féachaint do dhoiciméid de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le slándáil an duine agus maidir leis an bhfreagracht as cosaint,

ag féachaint dá rún an 7 Iúil 2021 maidir le comhar AE-ECAT i gcomhthéacs an chaidrimh thrasatlantaigh (3),

ag féachaint dá rún an 3 Iúil 2018 maidir le taidhleoireacht aeráide (4),

ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0084/2022),

A.

de bhrí go bhfuil cogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine dúshlánach d’ord slándála na hEorpa ar bhealach nach bhfacthas riamh roimhe seo agus go bhfuil brú á chur ar gach earnáil den Aontas agus ar na Ballstáit a bheith níos láidre, níos athléimní agus níos neamhspleáiche, go háirithe i réimsí na cosanta, na slándála, na cibearshlándála agus an bhonneagair chriticiúil, agus freisin i réimse an fhuinnimh, lena n-áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh;

B.

de bhrí go bhféadfaidh tionchar a bheith ag tosca comhshaoil ar shlándáil an duine agus ar shlándáil an stáit ar bhealaí díreacha agus indíreacha éagsúla;

C.

de bhrí go gcothaítear teacht chun cinn coinbhleachtaí nó géarchéimeanna mar thoradh ar an athrú aeráide agus tionchair a bhaineann leis an aeráid, lena n-áirítear díghrádú an chomhshaoil, cailliúint na bithéagsúlachta, dífhoraoisiú, fairsingiú fásaigh, adhaimsir, ganntanas uisce agus bia, aerthruailliú agus tubaistí nádúrtha agus go bhfuil an méid sin ina bhagairt ar shlándáil, cobhsaíocht agus síocháin áitiúil, réigiúnach agus idirnáisiúnta cheana féin; de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide, a bhfuil a iarmhairtí le feiceáil cheana féin ar iarmhairtí iad a thuartar a bheith ag luasú sa mheántéarma agsu san fhadtéarma, tar éis iompú ina iolraitheoir ceannasach rioscaí, óir d’fhéadfadh sé rannchuidiú chun imthosca áirithe géarchéime a bhí ann cheana féin (amhail méadú ar neamhionannais eacnamaíocha nó géarleanúint láidir pholaitiúil) a dhéanamh níos measa, agus gur dúshlán slándála nua é a mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag teastáil chun freagairt air, agus ar bhagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí;

D.

de bhrí go bhféadfadh na naisc idir an t-athrú aeráide agus coinbhleacht a bheith ilchasta, agus go mbaineann éifeachtaí nithiúla an athraithe aeráide ar an gcoinbhleacht le comhthéacs sonrach den chuid is mó; de bhrí nar mhór tacú le malartuithe níos córasaí agus níos forleithne agus le crostoirchiú idir na pobail eolaíocha atá ag obair ar an nasc idir slándail agus aeráid;

E.

de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide i gcroílár chlár oibre na síochána agus na slándála agus gurb é an t-iolraitheoir bagairtí is mó ar fad é, go gcuireann sé le rioscaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil atá ann cheana féin a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le míshuaimhneas agus a bhféadfadh coinbhleacht foréigneach a bheith mar thoradh orthu; de bhrí go gcuireann athruithe comhshaoil agus aeráide agus a n-iarmhairtí, arna gcumasc le himthosca eile, le leochaileachtaí, teannais agus rioscaí a bhí ann cheana, seachas iad a bheith ina spreagadh iontu féin i gcónaí nó ina gcúis dhíreach le coinbhleachtaí armáilte idir-stáit nó idirnáisiúnta de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide in ann difear a dhéanamh do shlándáil daoine ar bhealaí difriúla ag brath ar a n-inscne, a stádas socheacnamaíoch, a n-aois, a dtreoshuíomh gnéasach, a n-eitneacht, a reiligiún (nó easpa reiligiúin), a míchumas nó a gcumas, etc.; de bhrí go ndéanann an t-athrú aeráide difear diúltach díréireach do ghrúpaí imeallaithe go háirithe; de bhrí go ndéanann rioscaí slándála a bhaineann leis an athrú aeráide difear do phobail atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch go háirithe agus go mbíonn éifeachtaí socheacnamaíocha ag gabháil leo; de bhrí go mbíonn éifeachtaí diúltacha ag an athrú aeráide ar oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha na limistéar a ndéantar difear dóibh;

F.

de bhrí go bhfuil tionchar ag an ngéarchéim aeráide ar shlándáil an duine agus ar shlándáil an stáit araon; de bhrí go dtrasnaíonn an t-athrú aeráide agus an dinimic pholaitiúil, eitneach agus shocheacnamaíoch a chéile ar bhealaí éagsúla, agus go bhfuil an t-athrú aeráide ina údar díreach coinbhleachta sa mhéid go méadaíonn sé ar rioscaí tubaistí agus go gcuireann sé brú breise ar éiceachórais, rud a chuireann slite beatha daoine, slándáil uisce agus bia, agus bonneagar criticiúil i mbaol, trí, inter alia, athruithe talamhúsáide agus díghrádú an chomhshaoil a spreagadh;

G.

de bhrí gurb ann do thuilte agus salannú cheana féin mar thoradh ar leibhéil na farraige a bheith ag ardú, rud a chruthaíonn mór-riosca slándála agus eiseach do limistéir ísle chósta agus d’oileáin; de bhrí, de réir thuarascáil nuashonraithe Groundswell 2021, ón mBanc Domhanda, go mb’fhéidir go dtabharfadh an t-athrú aeráide ar 216 mhilliún duine aistriú laistigh dá dtíortha faoi 2050; de bhrí go ndeirtear sa tuarascáil freisin go bhféadfaí laghdú go suntasach ar scála na himirce de dheasca aeráide ach gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh láithreach bonn; de bhrí go mbíonn tionchar ilghnéitheach ag ganntanas uisce ar an tslándáil dhaonna agus ar an gcobhsaíocht shochpholaitiúil de bhrí go ndéanfar difear do sholáthairtí uisce sna tíortha i mbéal forbartha go háirithe, mar thoradh ar an athrú aeráide, agus go dtiocfaidh méadú ar an éileamh domhanda ar uisce freisin; de bhrí go bhfuil an riosca ó thriomaigh agus baol tuilte ag méadú de bharr an athraithe aeráide; de bhrí go mbaineann tionchar an athraithe aeráide ar phraghsanna bia ó shlite beatha daoine agus go spreagann sé díláithriú, galar agus gorta, agus go ndéantar imirce ar scála nach bhfacthas cheana dá thoradh;

H.

de bhrí, sa tSaiheil, gur iomaíocht bhreise le haghaidh acmhainní nádúrtha teoranta – talamh torthúil agus uisce go háirithe – atá mar thoradh ar dhálaí athraitheacha aeráide ar infhaighteacht acmhainní nádúrtha, mar aon le himthosca amhail fás an daonra, rialachas lag agus dúshláin tionachta talaimh, agus go gcruthaítear teannais agus coinbhleachtaí dá bharr idir pobail agus grúpaí a leanann slí bheatha ar leith;

I.

de bhrí go bhfuil an t-athrú aeráide ar na himthosca a mhúnlaíonn an timpeallacht straitéiseach, sa mhéid go méadaíonn sé ar na rioscaí agus go gcruthaítear sriantachtaí dá bharr; de bhrí gur ghin an ghéarchéim aeráide éifeachtaí ar an gcóras idirnáisiúnta, áit a bhfuil d’acmhainn aici teannais gheopholaitiúla a dhéanamh níos measa agus an chothromaíocht idir na mórchumhachtaí a athrú. de bhrí go bhfuil gníomhaithe mailíseacha ag teacht i dtír ar shaincheisteanna athraithe aeráide d’fhonn cur le héifeacht a ngiarála nó coinbhleachtaí a chothú; de bhrí go bhfuil leá na n-oighearchaidhpeanna polacha ag cur le teannais gheopholaitiúla, thart ar an bPol Thuaidh go háriithe;

J.

de bhrí go bhfuil níos mó crua-earraí agus bonneagair mhíleata caillte ag fórsaí armtha na Stát Aontaithe i ngeall ar thubaistí nádúrtha ná mar a chaill siad mar gheall ar na coinbhleachtaí armtha san Afganastáin agus san Iaráic le chéile; de bhrí go bhfuil iarrachtaí dearfacha déanta ag Rialtas Biden chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, lena n-áirítear trína bheith athpháirteach i gComhaontú Pháras agus tríd an athrú aeráide a ionchorprú ina Threoraíocht Straitéiseach Eatramhach i leith Slándáil Náisiúnta;

K.

de bhrí go bhfuil fórsaí armtha ar na tomhaltóirí breosla iontaise is mó, ar fud an domhain;

L.

de bhrí go bhfuil táirgeadh intíre ola agus gáis an Aontais ag meath de réir a chéile; de bhrí go mbraitheann an tAontas go mór ar fhuinneamh agus a spleáchas ar fhuinneamh ag dul i méid, agus de bhrí gur glanallmhaireoirí fuinnimh iad na Ballstáit uile, ó líon teoranta tríú tíortha, agus gur mhéadaigh ar a ráta spleáchais ar fhuinneamh ó 56 % go 61 % i gcaitheamh na tréimhse 2000-2019; de bhrí gur mheas staidéar a rinneadh le deireanas gurbh ionann lorg carbóin na hearnála míleata sna Ballstáit in 2019, lena n-áirítear na fórsaí armtha náisiúnta agus tionscail teicneolaíochta míleata a bhí bunaithe san Aontas Eorpach, agus coibhéis 24,8 milliún tona de CO2; de bhrí go gceanglaítear leis an gclaochlú fuinnimh, de bhreis ar chórais armán ardfhorbartha, go mbeidh rochtain ar amhábhair chriticiúla ar amhábhair iad a gcruthaíonn a slabhraí soláthair leochaileachtaí i gcásanna áirithe, agus i gcás FBManna speisialaithe san earnáil chosanta Eorpach, go háirithe i gcás earnáil a bhfuil ceannas ag líon teoranta tríú tíortha uirthi;

M.

de bhrí, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC), gurbh ionann breoslaí iompair agus 52 % de thomhaltas fuinnimh an 22 Bhallstát a sholáthair sonraí do 2016 agus 2017 (tíortha arbh iad faoi deara 96,9 % de chaiteachas cosanta foriomlán Bhallstáit GEC); de bhrí, de réir an tsuirbhé chéanna ó GEC, gur mórthomhaltóir eile fuinnimh iad bonneagair agus foirgnimh mhíleata, inarb ionann téamh as féin, agus 32 %, ar an meán, de thomhaltas fuinnimh fhórsaí armtha na mBallstát in 2017, agus gur breoslaí ola agus gás nádúrtha a ghin 75 % díobh sin;

N.

de bhrí, mar gheall ar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go dteastaíonn ón Aontas agus óna Bhallstáit deireadh a chur le hallmhairí breosla iontaise ón Rúis; de bhrí, mar gheall ar ionsaí na Rúise ar an ord slándála Eorpach, gur gá d’fhórsaí armtha na hEorpa a bheith níos neamhspleáiche ar allmhairí breosla iontaise freisin, agus gur gá a neart míleata agus a n-éifeachtacht misean a mhéadú ag an am céanna;

O.

de bhrí go bhfuil roinnt de Bhallstáit AE ag baint leas as a limistéir ollmhóra, atá ainmnithe chun críche cúrsaí míleata, chun an bhithéagsúlacht a chosaint, mar shampla trí eitiltí héileacaptair os cionn limistéar neadaithe a chosc;

P.

de bhrí go bhfuil an choireacht chomhshaoil an-choitianta mar ghníomhaíocht choiriúil ar fud an domhain agus ina hábhar imní suntasach sa tslándáil; de bhrí go bhfuil comhar níos láidre ag teastáil idir AE agus tíortha comhpháirtíochta maidir leis an gceist, trí thacaíocht a thabhairt do stáit méadú ar a gcumais dul i ngleic leis an gcoireacht chomhshaoil;

Q.

de bhrí go bhfuil an choireacht chomhshaoil ar an gceathrú hearnáil choireachta is mó ar domhan maidir le fáltais a ghiniúint, agus ráta fáis aici atá a thrí oiread ráta fáis an gheilleagair dhomhanda; de bhrí gur mheas tuarascáil ó Interpol agus Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe in 2016 go bhféadfadh sé gurbh ionann na fáltais ón gcoireacht chomhshaoil agus USD 258 billiún sa bhliain, lena n-áirítear an trádáil neamhdhleathach i dtáirgí fiadhúlra, agus coireanna foraoiseachta agus iascaigh, gáinneáil ar dhramhaíl agus mianadóireacht neamhdhleathach;

R.

de bhrí go bhfuair tuarascáil le Interpol, RHIPTO agus an Chomhpháirtíocht Dhomhanda in aghaidh Coireacht Eagraithe Trasnáisiúnta go bhfuil an choireacht chomhshaoil ar an údar airgeadais is mó le coinbhleachtaí agus ar an bhfoinse ioncaim is mó ag grúpaí armáilte neamhstáit agus eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, agus é chun tosaigh ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha traidisiúnta amhail fuadach i gcomhair airgead fuascailte agus gáinneáil ar dhrugaí;

S.

de bhrí nach luaitear earnáil na cosanta i gComhaontú Pháras 2015, agus é á fhágáil faoi na rialtais náisiúnta a chinneadh cibé an gcuimseofar iarrachtaí maolúcháin san earnáil cosanta ina ngealltanais náisiúnta i leith Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC); de bhrí nár mhór do na hearnálacha uile a bheith rannpháirteach sa laghdú ar astaíochtaí agus ag an am céanna dul in oiriúint don athrú aeráide chun cuspóirí an Aontais i ndáil leis an neodracht ó thaobh carbóin de a bhaint amach agus leanúint dá n-éifeachtacht oibriochtúil; de bhrí gur nocht an Fhrainc a Straitéis nua maidir le Fuinneamh um Chosaint i Meán Fómhair 2020 agus go raibh 34 mholadh inti chun tomhaltas fuinnimh a fórsaí armtha a laghdú agus a bharrfheabhsú agus chun feabhas a chur ar a slándáil fuinnimh;

T.

de bhrí dur iarmhairtí daonnúla uafásacha a bheadh ann mar thoradh ar mhalartú arm núicléach, malartú beag go fiú, agus go mbeadh tionchar an-diúltach aige ar an aeráid, go dtabharfadh sé gortaí agus go laghdófaí ar na séasúir fáis go ceann na mblianta;

U.

de bhrí go gcaithfidh an tslándáil a bheith i gcroílár na smaointeoireachta comhshaoil d’fhonn réitigh forbartha inbhuanaithe le haghaidh slándáil dhaoine agus cobhsaíocht dhomhanda a fhorbairt a bheidh réalaíoch agus marthanach; de bhrí, mar thoradh air, go gcaithfear an t-athrú aeráide agus cúrsaí comhshaoil a chur san áireamh i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar mhór-riosca slándála agus dá réir sin go gcaithfear straitéisí agus coincheapa, nósanna imeachta, crua-earraí agus bonneagar míleata agus sibhialtach, forbairt cumas, lena n-áirítear oiliúint, a chur in oiriúint agus, i gcás inarb iomchuí, a chreat institiúideach agus sásraí cuntasacha; de bhrí gur cheart go mbeadh beartas slándála agus cosanta an Aontais agus a ionstraimí ag rannchuidiú go díreach chun laghdú ar éifeachtaí diúltacha slándála na géarchéime aeráide agus iad a chosc; de bhrí go gcaithfidh líon iomlán na n-ionstraimí rialachais agus comhdhlúthú na síochána aghaidh a thabhairt ar an nasc idir aeráid agus slándáil;

V.

de bhrí de barr éifeachtaí slándála an athraithe aeráide agus tionchair a bhaineann le haeráid, go gcaithfear, maidir le bearta slándála aeráide, i.e. iarmhairtí an athraithe aeráide a thuar agus oiriúnú dóibh le haghaidh na misean straitéiseach comhshaoil agus míleata, agus maidir lena maoiniú, go gcaithfear a thuiscint go bhfuil siad sin freisin rannpháirteach sa chosaint agus slándáil; de bhrí go bhfuil sprioc caiteachais 30 % dá bhuiséad seacht mbliana EUR 80 billiún ag NDICI chun tacú le gníomhaíocht ar son na haeráide, agus idir 7,5 % agus 10 % sa bhliain aige le haghaidh cosaint an chomhshaoil agus cuspóirí bithéagsúlachta;

Straitéis agus coincheap

1.

á chur i bhfios go soláthraítear le hAirteagal 21 de CAE bunús dlí iomchuí chun gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus an comhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) a oiriúnú chun dul i ngleic le príomhdhúshláin an 21ú haois, arb iad imthosca athraithe aeráide agus aeráidbhunaithe na húdair is mó leo; á mheabhrú go n-éilítear le hAirteagal 21 CAE an méid seo a leanas ar an Aontas: “(c) an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú; […] (f) forbairt beart idirnáisiúnta chun mianach an chomhshaoil agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha an domhain a chaomhnú agus a fheabhsú…; [agus] (g) cabhrú le pobail, le tíortha agus le réigiúin atá ag tabhairt aghaidh ar thubaistí nádúrtha nó ar thubaistí de dhéantús an duine”; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé maolú aeraide atá íogair ó thaobh na coinbhleachta de agus an t-oiriúnú dó a chomhtháthú i mbeartais sheachtracha, eachtracha, slándála agus cosanta an Aontais, CBSC go háirithe, agus an comhtháthú sin a luasú agus a dhoimhniú; á dhearbhú gurb iad príomhchuspóirí misin agus oibríochtaí CBSC, i gcomhlíonadh Airteagail 42(1) agus 43(1) CAE, síochántaíocht, cosc coinbhleachta agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú in áiteanna ina bhfuiltear á imscaradh, agus nach mór éifeachtúlacht oibríochtúil iomlán CBSC a áirithiú;

2.

. ag cur i dtreis a phráinní atá sé ceachtanna a fhoghlaim ón staid slándála atá ag athrú san Eoraip mar thoradh ar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus dlús a chur le próisis forbartha cumais mhíleata, chomh maith le tionscadail chun an teicneolaíocht mhíleata a dhéanamh níos neamhspleáiche ar bhreoslaí iontaise, agus ag an am céanna éifeachtacht misean a mhéadú agus neart a chomhrac;

3.

ag cur i bhfios go láidir, i bhfianaise an chogaidh leanúnaigh ar mhór-roinn na hEorpa, nach mór soláthar soláthairtí fuinnimh d’fhórsaí armtha na hEorpa a ráthú i gcónaí chun cosaint cheart chríoch agus shaoránaigh an Aontais a áirithiú; á aithint go bhféadfadh sé go mbeadh gá le bearta solúbtha gearrthéarmacha chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú;

4.

á chreidiúint go láidir nach mór do ghníomhaíochtaí míleata agus do theicneolaíocht mhíleata rannchuidiú le spriocanna an Aontais maidir le neodracht charbóin chun go mbeidh siad ag rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide gan cur as do shlándáil misin agus gan baint ó chumais oibríochtúla na bhfórsaí armtha; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur cheart do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus d’fhórsaí armtha na mBallstát oibriú i dtreo a lorg carbóin féin agus drochéifeachtaí as sin ar acmhainní nádúrtha agus ar an mbithéagsúlacht a laghdú;

5.

á chur i bhfáth a ghéire a theastaíonn fadbhreathnaitheacht fheabhsaithe chun iarmhairtí athruithe éiceachórais agus aeráide a chosc in áiteanna ina bhféadfaidís cur leis an mbrú ar fhórsaí armtha nó teannais réigiúnacha a chruthú;

6.

á chur i bhfios go láidir a riachtanaí a bheidh sé infheistiú ar bhonn práinne i réitigh uile-shochaí a bheidh cliste agus comhtháite chun laghduithe suntasacha ar astaíochtaí a bhaint amach, chun na hiarmhairtí is measa den athrú aeráide a sheachaint agus chun infheistíochtaí móra a dhéanamh freisin in athléimneacht aeráide na náisiún sin a mbeidh a leithéid ag teastáil uathu, chun éagobhsaíocht, coinbhleacht agus mórthubaistí daonnúla a sheachaint;

7.

á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) a áirithiú go ndéanfar cosaint an chomhshaoil, an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus tionchair a bhaineann le haeráid á gcomhtháthú go hiomchuí agus á bpríomhshruthú i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus déanamh de réir na hIionstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta; á iarraidh go bhforbrófaí straitéisí, beartais, nósanna imeachta, bearta agus cumais a bhaineann go sonrach leis an aeráid; á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go ndéanfar cur chuige slándála an duine a chur chun feidhme i bhforbairt bheartas slándála agus cosanta aeráide an Aontais; á chur in iúl gur geal léi rún intinne SEGS go bhféachfadh misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata CBSC le tacar gníomhartha a fhorbairt agus a ionchorprú a dhéanfadh gnéithe comhshaoil a chur chun feidhme go héifeachtach ina gcuid oibre á chur in iúl go dtacaíonn sí le neartú chumais na mBallstát trí ghnéithe comhshaoil a ionchorprú i gcláir oiliúna na misean sibhialtach agus míleata agus trí dhea-chleachtais agus saineolas a mhalartú;

8.

á iarraidh go ndéanfaí tagarmharcanna nithiúla a fhorbairt chun an dul chun cinn a thomhas i leith aghaidh a thabhairt ar na naisc idir an t-athrú aeráide, ar thaobh amháin, agus coinbhleacht ar an taobh eile; á iarraidh ar VP/HR tuairisciú chuig an bParlaimint dhá uair sa bhliain maidir leis an dul chun cinn atá déanta maidir le húsáid na dtagarmharcanna agus na dtáscairí sin agus maidir lena gcomhlíonadh; á iarraidh ar na Ballstáit eolas maidir le hiarmhairtí slándála na haeráide a ionchorprú sna cláir um chúnamh míleata eachtrach;

9.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na naisc idir athrú aeráide, slándáil agus cosaint sa Chompás Straitéiseach, d’fhonn spriocanna soiléire agus bearta nithiúla a shainaithint le haghaidh na mBallstát chun éifeachtúlacht fuinnimh na bhfórsaí armtha a neartú agus dul in oiriúint d’éifeachtaí slándála uileghabhálacha an athraithe aeráide sa mheántéarma agus san fhadtéarma, ó fhadbhreathnaitheacht, oiliúint agus nuálaíocht straitéiseach go forbairt cumais laistigh de chreat AE;

10.

á mheabhrú go n-eascraíonn easpa slándála ón iliomad bunchúiseanna idirnasctha amhail bochtanas, leochaileacht stáit, easpa bonneagair agus seirbhísí poiblí, rochtain an-teoranta ar earraí bunúsacha, easpa oideachais, éilliú, etc., agus an t-athrú aeráide ina measc;

11.

á mheabhrú go gcuireann an t-idirghníomhú idir athrú aeráide agus imthosca traidisiúnta coinbhleachta (inter alia teip stáit, easpa seirbhísí poiblí agus meath na timpeallachta slándála), le fadhbanna an fhoréigin agus na sceimhlitheoireachta san Afraic, agus sa tSaiheil go háirithe;

12.

á iarraidh go gcuirfear a thuilleadh tacaíochta ar fáil le haghaidh iarrachtaí a fhéachann le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus roghanna maidir le neodracht aeráide a fheabhsú i ngarchomharsanacht AE, eadhon sna Balcáin Thiar, i gComhpháirtíocht an Oirthir agus i gComharsanacht an Deiscirt, chun dúshláin slándála fhéideartha a chosc;

13.

á chur i bhfáth gur théigh an tArtach trí huaire chomh tapa leis an bpláinéad ar meán le caoga bliain anuas, de bharr an athraithe aeráide; á chur i bhfios go láidir a oiread is atá an staid gheopholaitiúil san Artach tar éis athrú de bharr an athraithe aeráide agus go bhfuil dúshlán geopholaitiúil á chruthú aige don Aontas Eorpach; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach agus pholaitiúil ag baint leis an Artach don Aontas agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas tiomanta do bheith ina ghníomhaí freagrach, agus forbairt fhadtéarmach inbhuanaithe agus shíochánta an réigiúin á lorg aige; á chur i bhfáth nár mhór an tArtach a bheith ina limistéar comhair faoi shíocháin i gcónaí agus á iarraidh go ndéanfar bearta chun nach nglacfar céimeanna i dtreo míleatú breise; á mheabhrú go bhfuil an Fhionlainn, an tSualainn agus an Danmhairg, tíortha san Aontas Eorpach, ina gcomhaltaí den Chomhairle Artach;

An Treochlár um Athrú Aeráide agus Cosaint

14.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an Treochlár um Athrú Aeráide agus Cosaint (“an Treochlár”) agus á iarraidh ar SEGS a áirithiú, in éineacht le seirbhísí ábhartha de chuid an Choimisiúin agus GEC, i gcás inarb iomchuí, go gcuirfear chun feidhme go cuimsitheach na trí shraith oibre – an ghné oibríochtúil, forbairt cumais agus comhpháirtíochtaí; á iarraidh go ndéanfaí athmhachnamh ar na tréimhsí chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treochlár agus, go háirithe, go ndéanfaí athbhreithniú ar na cuspóirí foriomlána tráth níos luaithe ná 2030; á iarraidh ar na Ballstáit struchtúir náisiúnta a fhorbairt chun tacú leis na cuspóirí; ag tathant ar na gníomhaithe uile caitheamh leis an bpróiseas sin mar thosaíocht agus tionscnaimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcur chuige comhtháite; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról na bhfórsaí cosanta ní hamháin i ndáil le hoiriúnú, ach freisin maidir lena n-éifeacht ar an athrú aeráide agus ar an gcomhshaol a mhaolú, lena n-áirítear trí lorg carbóin na bhfórsaí armtha a thomhas agus a mhapáil go cuimsitheach, amhail a moladh sa Treochlár; ag tathant ar VP/HR clár gníomhaíochta láithreach a mholadh do na Ballstáit ina mbeidh gníomhaíochtaí tosaíochta a chuirtear i láthair sa Treochlár agus a fhéadfar a chur chun feidhme sa ghearrthéarma;

15.

á chur in iúl gur geal léi go háirithe na bearta tionchair láithreacha agus gearrthéarma sa Treochlár do 2020-2021, go háirithe próiseas tuairiscithe de chineál tadhaill éadroim a fhorbairt – a bheadh nasctha le cumais tomhais a bheith á bhforbairt – bunaithe ar tháscairí dul chun cinn a bhaineann leis an lorg ar an gcomhshaol, lena n-áirítear fuinneamh, uisce, bainistiú dramhaíola, etc., mhisin agus oibríochtaí CBSC; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé measúnuithe níos mionsonraithe a ghiniúint faoi 2024, agus na ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtais á gcur san áireamh, agus ceanglais níos láidre maidir le sonraíochtaí teicniúla iomchuí a ionchorprú mar chuid den phróiseas soláthair chun maolú ar chur chuige timthriall saolré, amhail a cuimsíodh i gCoincheap Míleata 2012 maidir le Cosaint an Chomhshaoil agus Éifeachtúlacht Fuinnimh i gcás oibríochtaí míleata faoi cheannas AE; á thabhairt chun suntais a riachtanaí a bheidh sé ceisteanna aeráide agus comhshaoil a chur san áireamh i gcás teicneolaíocht, taighde, soláthar agus bonneagar míleata;

16.

á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh le deireanas ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ó SEGS i réimse na taidhleoireachta, slándála agus cosanta aeráide, go háirithe an Creat Beartais Taidhleoireachta Aeráide, an Treochlár agus an Coincheap le haghaidh Cur Chuige Comhtháite um Athrú Aeráide agus Slándáil; á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go mbeidh na coincheapa éagsúla uile nasctha go hiomchuí agus iad á gcomhchuibhiú i gcreat comhleanúnach, comhsheasmhach; á chur i bhfáth a riachtanaí a bheidh sé tosaíocht a dhéanamh de, agus á iarraidh ar VP/HR an dul chun cinn a thuairisciú faoi Mheitheamh 2023;

17.

á chur in iúl gurb oth léi nach gcuirtear béim sa Treochlár ar an éileamh mór measta amach anseo ar fhuinneamh inathnuaite agus breoslaí malartacha a bheidh iomaíoch ar bhonn costais, rud a d’fhéadfadh deiseanna buntáisteacha a thabhairt ar gach aon thaobh, iad ag feidhmiú mar fhóraim nua le haghaidh comhair agus idirphlé, sochair eacnamaiocha fhrithpháirteacha, breis slándála maidir le soláthar agus cobhsaíocht idirnáisiúnta; á chur i bhfios, de bharr na saintréithe a bhaineann léi, go mbeadh hidrigin ar na roghanna oiriúnacha ar bhreoslaí iontaise, agus go bhféadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa sna fórsaí míleata a laghdú;

18.

chun an bhunobair a rannchuideodh le maolú na haeráide a dhéanamh, á iarraidh ar VP/HR measúnú ar lorg carbóin agus ar thionchar ghníomhaíocht sheachtrach AE ar an gcomhshaol a chur i láthair faoi lár na bliana 2023; á chur i bhfáth a riachtanaí a bheidh sé, agus íogaireacht na faisnéise a measúnaíodh á cur san áireamh ar faisnéis í a cuireadh ar fáil ó mhisin agus oibríochtaí CBSC, modheolaíocht fhónta a fhorbairt faoi 2023 a dhéanfaidh cainníochtú ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí slándála agus cosanta AE uile, lena n-áirítear astaíochtaí ó mhonarú, sealbhú agus baint ó chéile, chun aghaidh a thabhairt freisin ar an easpa sonraí iontaofa agus inchomparáide idirnáisiúnta atá ann faoi láthair; á chreidiúint gur cheart leas a bhaint as an Treochlár chun forbairt straitéise a spreagadh mar aon le gealltanais shoiléire náisiúnta chun astaíochtaí míleata a laghdú, lena n-áirítear tuairisciú éigeantach ar astaíochtaí míleata chuig UNFCCC agus chuig na parlaimintí náisiúnta, óir, murab ann don tuairisciú agus don trédhearcacht ní bheidh aon bhrú ann laghdú ar astaíochtaí, agus ní bheidh aon bhealach ann chun tionchar aon ghealltanais a mheas;

19.

á iarraidh go leagfar síos spriocanna deonacha chun laghdú ar leibhéal astaíochtaí gás ceaptha teasa na misean agus na n-oibríochtaí míleata, agus bóthar a bhualadh i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, agus an éifeachtúlacht oibríochtúil a fheabhsú a thuilleadh dá réir;

20.

á mholadh go seolfar treoirthinscadal chun astaíochtaí gás ceaptha teasa mhiain agus oibríochtaí CBSC a mhapáil agus a thomhas; á chreidiúint go mba mhaith an rogha é EUFOR Althea ina leith sin;

Cur chuige cuimsitheach agus comhsheasmhach

21.

á iarraidh go ndéanfar gníomhaíocht chomhordaithe chun scála agus raon feidhme an athraithe aeráide a laghdú gan mhoill trí laghdú an-mhór a dhéanamh ar astaíochtaí, chun iarmhairtí suntasacha, troma nó tubaisteacha slándála domhanda a sheachaint amach anseo; á thabhairt chun suntais a riachtanaí a bheidh sé gnéithe uile na slándála a dhéanamh aeráid-dhíonach, lena n-áirítear bonneagar, institiúidí agus beartais, agus dul in oiriúint go tapa dá héifeachtaí;

22.

á chur in iúl gur mór an díol sásaimh di go léirítear go maith san Ionstraim nua don Eoraip Dhomhanda (NDICI) an phráinn agus an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach ghasta, láidir agus fhairsing ar son na haeráide; á chur in iúl gur geal léi sa mhéid sin go ndéanann an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta príomhshruthú ar an athrú aeráide agus go n-áiritheoidh sí go mbeidh 30 % dá buiséad seacht mbliana EUR 80 billiún ag tabhairt tacaíochta don ghníomhú ar son na haeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún na spriocanna sin a urramú go huile agus gan ach bearta a mbeidh gné shoiléir aeráide ag baint leo a chur san áireamh ina chuid áireamh á chur in iúl gur geal léi go ndéantar infheistíochtaí i mbreoslaí iontaise agus bearta a mbeadh éifeachtaí dochracha nó troma díobhálacha acu ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a eisiamh ón gcistiú; á chur in iúl gur mór an díol sásaimh di beartas slándála aeráide NDICI (féach fo-alt 3.1.(d) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán NDICI); á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena bhféachtar le torthaí uileghabhálacha cuimsitheacha a bhaint amach trí mhaolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin a nascadh le coinbhleachtaí a chosc agus le comhdhlúthú na síochána; á chur in iúl gur geal léi clár NDICI (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta) maidir leis an gcomhshaol agus athrú aeráide, agus á chur i bhfáth a riachtanaí a bheidh sé níos mó tacaíochta a chuimsiú ann maidir le rialachas comhshaoil le haghaidh stáit leochaileacha ina bhfuil coinbhleacht, lena n-áirítear forbairt institiúidí; á éileamh go ndéanfar acmhainneacht iomlán chomhdhlúthú na síochána a bhaineann leis an gcomhshaol a scaoileadh saor faoi chlár NDICI maidir le síocháin, cobhsaíocht, agus coinbhleachtaí a chosc; á chreidiúint gur cheart dearcadh NDICI (na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta) a bheith ina phointe tagartha do ghníomhaíocht sheachtrach uile eile an Aontais agus á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go ndéanfar CBSC go háirithe a shioncrónú leis an gcur chuige sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS torthaí an taighde reatha ar leochaileachtaí slándála aeráide atá ag teacht chun cinn a shaothrú, go háirithe sa tSaiheil, sa Mheánoirthear agus san Afraic Thoir;

23.

á chreidiúint gur cheart go ndéanfaí an tslándáil aeráide a chomhtháthú go hiomlán i mbosca uirlisí an Aontais um choinbhleacht a chosc agus um bainistiú géarchéime chun athléimneacht na stát leochaileach agus na bpobal a ndéantar difear dóibh a neartú;

24.

á chur i bhfios go láidir gur gá dlús a chur le fadbhreathnaitheacht straitéiseach, luathrabhadh, feasacht staide agus cumas anailíse coinbhleachta an Aontais trí úsáid a bhaint as sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla agus as modhanna nuálacha ó fhoinsí éagsúla; á chur i bhfios go láidir, maidir le cláir spáis an Aontais, Lárionad Satailíte AE (SatCen) agus Lárionad Faisnéise agus Staide AE (INTCEN), aonad SEGS um chosc coinbhleachtaí, lárionaid náisiúnta taighde, meithleacha machnaimh, seirbhísí faisnéise náisiúnta agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, gur cheart, de bhreis ar chomhar córasach le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, go mbeidís rannpháirteach freisin san fhadbhreathnaitheacht straitéiseach, comhdhlúthú na síochána agus taighde aeráide agus coinbhleachta; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach go mbainfí leas as eolas den sórt sin chun misin, oibríochtaí agus gníomhaíochtaí amach anseo a dhearadh i gceart, ag cur san áireamh na bparaiméadar ó dhálaí athraitheacha aimsire go dti an comhthéacs polaitiúil áitiúil; á chur in iúl go molann sí go láidir ról ríthábhachtach na gclár spáis Eorpach amhail Copernicus maidir leis an athrú aeráide a thuiscint agus faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; á mheabhrú go bhfuil inniúlachtaí uathúla ag gníomhaireachtaí díláraithe Aontais, SatCen go háirithe, chun sonraí a bhailiú maidir leis an athrú aeráide agus a ghnéithe slándála ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire go bhfuil ríthábhacht le clár spáis AE freisin chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe slándála an athraithe aeráide; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha SatCen sa réimse sin;

25.

á chur i bhfios go láidir nach mór prionsabal an bheartais agus na gclár sonraíbhunaithe a bheith lárnach i gcláir slándála aeráide; á chur in iúl gurb eol di, ag an am céanna, go bhfuil srianta ar chineálacha cur chuige mórshonraí agus ar innéacsanna cainníochtúla struis comhshaoil i leith coinbhleachtaí a thuar, ós rud é go bhfuil an baol ann gur beag aird a thugann siad ar an gcomhthéacs sochaíoch áitiúil; á mheabhrú nach bhfuil sonraí iontaofa ar fáil i roinnt tíortha leochaileacha, mar thoradh ar éilliú agus struchtúir laga rialachais freisin, agus sa chás sin go bhféadfaí seachshonraí a úsáid ina n-ionad; á chreidiúint go bhfuil príomhól ag eolas agus tionscnaimh na bpobal áitiúil agus na sochaí sibhialta mar chuid d’iarrachtaí an Aontais aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí an athraithe aeráide ar chúrsaí coinbhleachta;

26.

á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an luathrabhadh agus anailís coinbhleachta nasctha a dhóthain le luathghníomhaíocht agus freagairtí luatha, agus go mbeidh fadbhreathnaitheacht straitéiseach fhónta curtha ar bun cheana féin; á chur in iúl gur geal léi ina leith sn an anailís choinbhleachta leanúnach atá idir lámha ag SEGS ar thart ar 60 tír; á mheabhrú gur den riachtanas é go mbeadh gníomhaíochtaí ar son na haeráide íogair ó thaobh coinbhleachta de chun nach ndéanfar dochar trí bhotún agus chun rannchuidiú leis an tsíocháin a mhéid is féidir;

27.

á chur i bhfáth a riachtanaí atá cur chuige cás ar chás, lena n-áirítear anailísí a bheidh sainiúil don réigiún agus tionscnaimh atá á spreagadh go háitiúil, rud a chuirtear in oiriúint don staid shonrach mar atá in áit ar leith; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé athléimneacht na bpobal a neartú, agus go bhfuil sé ríthábhachtach tacú le húinéireacht áitiúil agus le struchtúir chuimsitheacha rialachais áitiúil chun a áirithiú go mbeidh na hiarrachtaí inbhuanaithe; á chur i bhfáth go gcuireann cur chuige cuimsitheach agus cuntasach i leith pobail áitiúla, agus bearta níos éifeachtaí maidir le cosaint an chomhshaoil, e.g. rochtain ar acmhainní ríthábhachtacha, le slándáil fhórsaí agus phearsanra AE freisin (slándáil misean); á chur in iúl go dtugann sí lántacaíocht do chosantóirí comhshaoil a bhfuil cur faoi chois breise á fhulaingt acu in áiteanna ar domhan; á chur i bhfáth maidir le stáit atá ag baint de chumas gnímh na gcosantóirí comhshaoil, go bhfuil dochar á dhéanamh acu do chuid mhaith díobh siúd ar mó a dteastaíonn a scileana, agus damáiste á dhéanamh acu do leasanna AE ag an am céanna;

28.

á iarraidh go gcuirfear comhar idirnáisiúnta ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an imirce chomhshaoil agus réitigh chomhchoiteanna a fhorbairt; á iarraidh go ndíreofar ach go háirithe ar chúnamh iomchuí a chur ar fáil do leanaí agus daoine óga;

29.

á chreidiúint gur cheart comhdhlúthú na síochána comhshaoil a threisiú toisc go dtagann réitigh inbhuanaithe agus córa as lena dtugtar aghaidh ar thionchar an athraithe aeráide agus go bhféadfaidh sé deiseanna a chur ar fáil chun síochán a chothú, agus idirphlé agus comhar á gcothú ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta (e.g. maidir le bainistiú acmhainní nádúrtha, rochtain ar thalamh agus uisce, cosaint an chomhshaoil, laghdú ar an riosca tubaistí, fáiltiú roimh dhídeanaithe aeráide, etc.) agus deiseanna á gcur ar fáil chun cur chuige claochlaitheach a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna coinbhleachta agus ar údair struchtúracha an imeallaithe; ag leagan béim ar an ngá atá le tionscnaimh idirghabhála réamhchoinbhleachta a mhéadú, lena n-áirítear trí bhíthin leibhéil níos airde cistiúcháin trí NDICI; á chur i bhfáth nár mhór aghaidh a thabhairt ar an gcomhshaol ar feadh thimthriall na coinbhleachta, agus ar an staid iarchoinbhleachta ar bhealach iomchuí freisin, óir d’fhéadfaí pobail a fhágáil níos leochailí maidir le riosca comhshaoil nó méadú ar an gcoireacht chomhshaoil nó d’fhéadfaí léirscrios a dhéanamh (e.g. dífhoraoisiú) mar thoradh air i spáis gan rialú;

30.

á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh gníomhaíocht aeráide an Aontais cuimsitheach, go mbeadh sé d’aidhm aici comhionannas inscne a chur chun cinn, cur chuige AE atá bunaithe ar chearta an duine a chur i bhfeidhm, dea-rialachas a chur chun cinn agus cláir oibre na hóige, na síochána agus slándála agus cláir oibre na mban, na síochána agus na slándála a chur chun feidhme i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta III an Aontais maidir le hInscne; á iarraidh, go háirithe, go dtabharfar tacaíocht d’eagrachtaí na mban, na hóige agus na n-eagraíochtaí dúchasacha ar an mbunleibhéal agus go bhfoghlaimeofar ceachtanna uathu;

31.

á chur i bhfáth freisin a riachtanaí atá sé saineolaithe slándála comhshaoil a imlonnú chuig misin agus oibríochtaí CBSC, agus na Ballstáit a spreagadh chun tacaíocht a thabhairt do na hiarrachtaí sin trí shaineolaithe den sórt sin a chur ar fáil; á mholadh go leagfar mar chúram sonrach ar thoscaireachtaí AE tuairisceoireacht fheabhsaithe a dhéanamh ar an rialachas talaimh agus acmhainní nádúrtha, agus ar na hathruithe socheacnamaíocha agus polaitiúla gaolmhara; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cúram a leagan ar ghníomhaithe ábhartha AE freisin faireachán géar a dhéanamh ar an staid i réigiúin amhail an tSaiheil, Corn na hAfraice agus an tAigéan Ciúin, ina gcuireann an t-athrú aeráide agus díghrádú an chomhshaoil isteach go mór orthu, agus sásraí a fhorbairt chun faireachán, meastóireacht agus doiciméadú a dhéanamh ar thionchar, ceachtanna foghlamtha agus dea-chleachtais na n-iarrachtaí chun torthaí cuimsitheacha a bhaint amach trí oiriúnú don aeráid agus comhdhlúthú na síochána a nascadh agus na sásraí sin a chur in iúl go poiblí;

32.

á chur in iúl gur geal léi an fócas breise ar nasc na haeráide-na slándála agus rannpháirtíocht Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí ECAT sa 26ú Comhdháil NA de na Páirtithe maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú (COP26), agus á iarraidh go ndéanfar comhar nithiúil ina leith;

Aghaidh a thabhairt ar an ngné oibríochtúil

33.

á aithint gur i limistéir a ndéanann an t-athrú aeráide difear tromchúiseach dóibh a sheoltar neart misean de chuid CBSC, rud a mhéadaíonn ar na dúshláin roimh na misin sin;

34.

á chur i bhfáth go bhféadfadh an t-athrú aeráide a bheith ina chúis le heasáitiú pobail freisin agus dúshláin a chruthú do láithreacha oibríochtaí; á iarraidh go mbeidh tuiscint shoiléir ann ar ghnéithe slándála an athraithe aeráide mar imthoisc chriticiúil a mbeidh ar fhórsaí míleata déileáil léi, ní hamháin mar gheall ar a tionchair ar oibríochtaí míleata, ach freisin in oirchill easáitiú inmheánach breise mar thoradh ar athrú aeráide, ar mó é ná an t-easáitiú de bharr coinbhleachta cheana féin; ag tabhairt dá haire áfach nach bhfuil na fórsaí míleata ullamh a ndóthain d’impleachtaí slándála aeráid an domhain a bheith ag athrú;

35.

á chur in iúl go dtacaíonn sí le cur chuige aeráid-íogair agus á chreidiúint go láidir nár mhór do na Ballstáit sainordú ar bhonn práinne a thabhairt do na misin agus oibríochtaí uile agus do ghníomhaíochtaí uile na Saoráide Eorpaí Siochána a bheith níos rannpháirtí sa chur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na slándála aeráide, i réigiúin na Saiheile agus Chorn na hAfraice go háirithe, agus bogadh dá réir i dtreo laghdú ar na costais oibríochtaí (laghdú ar an tomhailt fuinnimh, ar úsáid foinsí fuinnimh nua), agus éifeachtacht oibríochtúil na misean a fheabhsú ag an am céanna;

36.

á thabhairt chun suntais go bhféadfadh misin agus oibríochtaí CBSC agus gníomhaíochtaí EPF rannchuidiú le feabhas a chur ar athléimneacht aeráide a dtíortha óstacha agus á chur i bhfáth gur cheart oidhreacht dhearfach maidir lena lorg áitiúil a chur san áireamh gan cur isteach ar a bpríomhchúraimí slándála agus cosanta, inmharthanacht na misean agus a n-éifeachtacht oibríochtúil, agus gan slándáil a gcuid pearsanra míleata agus sibhialtacch a chur i mbaol ina straitéis scoir; á chur i bhfios go láidir go gcruthaítear sochair maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht oibríochtúil tríd an spleáchas oibríochtúil ar bhreoslaí iontaise, lena n-áirítear sábháilteacht phearsanra misin a fheabhsú trí laghdú ar na slabhraí solathair lóistíochta, agus creidiúnacht rannpháirtíocht CBSC a neartú i bhfianaise cheannas domhanda an Aontais Eorpaigh maidir leis an aeráid;

37.

á mheabhrú maidir le misin agus oibríochtaí CBSC uile, bídís sibhialta nó míleata, agus gníomhaíochtaí na Saoráide Eorpaí Síochána, gur cheart iad a bheith ina gcuid de straitéis pholaitiúil níos leithne atá ceaptha rannchuidiú le slándáil daoine, agus ag féachaint le leibhéal na slándála agus na cobhsaíochta a mhéadú go háitiúil; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé slándáil aeráide agus comhdhlúthú síochána a bhaineann leis an gcomhshaoil a chomhtháthú sna coincheapa uasdátaithe Aontais maidir le hAthchóiriú na hEarnála Slándála agus Dí-armáil, Díshlógadh agus Athimeascadh, agus athléimneacht na struchtúr rialachais áitiúil ábhartha a neartú, go háirithe a mhéid a bhaineann le cáilíocht na seirbhísí slándála, ionchuimsitheacht (go háirithe maidir le rannpháirtíocht na mban, daoine óga agus grúpaí imeallaithe in a n-ilchineálacht uile, agus maidir lena gcearta), cuntasacht agus trédhearcacht;

38.

á chur i bhfáth gur leathnú ar na misin slándála sibhialta a theastaíonn mar thoradh ar phríomhthionchair an athraithe aeráide faoi láthair, agus nach cuid de chroíghnó na bhfórsaí armtha é;

39.

á iarraidh ar SEGS a ráthú maidir le misin shibhialta agus oibríochtaí míleata go mbeidh siad aeráid-íogair de réir a dheartha; á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé a áirithiú nach mbeidh gníomhaíochtaí Aontais i dtríú tíortha leochaileacha ag cuidiú leis an nganntanas acmhainní, le harduithe ar phraghsanna acmhainní bunriachtanacha, nó le díghrádú an chomhshaoil nó le truailliú; á chur i bhfáth a riachtaaí atá sé bonneagar misean agus slabhra soláthair a dhearadh a bheidh athléimneach agus íogair ar bhonn aeráide agus comhshaoil agus iad chomh barrfheabhsaithe agus is féidir maidir le fuinneamh agus oiread fuinneamh-neodrachta ó thaobh carbóin agus is féidir ag baint leo; á chreidiúint gur den riachtanas é infheistíochtaí ollmhóra a dhéanamh sa taighde ar bhreoslaí a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de, agus córais tiomána le haghaidh feithiclí míleata ar tír, ar muir agus san aer, agus leas a bhaint as nuatheicneolaíochtaí amhail córais ghréine mhóibíleacha, go háirithe le haghaidh gnéithe statacha, d’fhonn an spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, agus an meaits is fearr is féidir a áirithiú idir feidhmíocht oibríochtúil agus éifeachtúlacht chomhshaoil, agus gan spleáchais nua ar ghníomhaithe eachtracha a chruthú;

40.

á mholadh go mbunófar curaclam le haghaidh cúrsa sa Choláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint chun “oiliúint a chur ar na hoiliúnóirí”, ar cúrsa é a dhéanfaidh saincheisteanna aeráide agus comhshaoil a phríomhshruthú sa ghnáthchóras oiliúna míleata ar leibhéil na hoirbheartaíochta agus na straitéise; á chreidiúint gur cheart cúrsaí den sórt sin a bheith éigeantach mar oiliúint réamh-mhisin do chomhairleoirí slándála aeráide le haghaidh misin agus oibríochtaí CBSC agus toscaireachtaí AE;

41.

á chreidiúint go bhféadfaí lorg carbóin an bhonneagair mhíleata a bharrfheabhsú trína thuilleadh éifeachtúlachta fuinnimh a lorg ó thaobh athchóiriúcháin agus úsáid oiriúnaithe an fhuinnimh inathnuaite;

42.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun trealamh a nuachóirú lena chur in oiriúint do na héagsúlachtaí foircneacha teochta arb é an t-athrú aeráide is cúis leo, ceallra éicidhearthóireachta go háirithe, chun a áirithiú go mairfidh an trealamh;

43.

á chur i bhfáth gur gá comhdhlúthú na síochána comhshaoil agus slándáil aeráide an Aontais a neartú trí chúraimí agus iarrachtaí tacúla a chur san áireamh maidir le hidirghabháil, idirphlé, cosaint saoránach, réiteach coinbhleachta agus athmhuintearas chun an teannas de dheasca an athraithe aeráide a mhaolú idir pobail éagsúla atá in iomaíocht le chéile le haghaidh acmhainní tearca amhail talamh feirme nó uisce, rud a fhágann go mbíonn grúpaí armtha agus grúpaí antoisceacha foréigneacha á neartú nó gur mó seans go dtiocfadh coinbhleacht armtha nó, fiú, cogadh idir stáit chun cinn; á chur i bhfáth ina leith sin, gur cheart do mhisin oiriúnaithe díriú inter alia ar comhdhlúthú na síochána ar bhonn comhtháite agus i gcúrsaí aeráide, agus ar bhearta chun dul in oiriúint don aeráid, chomh maith le borradh a chur faoi chumais shibhialta chun coinbhleachtaí a chosc; á mholadh go bhféadfadh misin nua díriú ar an méid seo a leanas:

(a)

ganntanas acmhainní de dheasca an athraithe aeráide, rud is cúis le coinbhleacht agus le héagobhsaíocht;

(b)

bonneagar criticiúil i dtíortha leochaileacha agus conas athléimneacht ó thaobh na slándála de a chur iontu;

(c)

an bhithéagsúlacht a choimirciú agus a chosaint ar bhealach atá íogair ó thaobh coinbhleachta de, go háirithe in éiceachórais i dtíortha leochaileacha agus i dtíortha cogaidh;

An t-athrú aeráide a phríomhshruthú i bhforbairt cumais mhíleata

44.

á chur in iúl gur cheart do na cumais mhíleata agus do na seirbhísí míleata uile a bhíonn in úsáid ag an Aontas agus a Bhallstáit rannchuidiú le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach agus oiriúnú do dhálaí aeráide atá ag éirí níos dúshlánaí de réir a chéile chun a áirithiú, inter alia, go gcomhlíontar a gcúraimí sa bhaile agus thar lear; a mhéid a bhaineann leis an oiriúnú don aeráid, á chreidiúint gur gá d’fhórsaí míleata na mBallstát ar bhonn práinne a gcumais a chur in oiriúint do dhálaí aeráide atá ag éirí níos dúshlánaí ar feadh an ama;

45.

á iarraidh go ndéanfar meastóireacht ar thionchar na bpatrún athraithe aimsire arb é an t-athrú aeráide is cúis leo agus ar theagmhais adhaimsire níos minice ar éifeachtacht oibríochtúil na bhfórsaí armtha agus na ceanglais ó thaobh chumais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh orthu;

46.

á chur i bhfios go láidir nár cheart gur méadú ar astaíochtaí a bheadh mar thoradh ar mhéadú ar chaiteachas cosanta agus ag cur san áireamh san am céanna a riachtanaí atá sé cothabháil a dhéanamh ar leibhéal uaillmhéine ár n-arm, agus gur cheart cuid den chaiteachas cosanta sin a thiomnú d’infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus cumais, amhail leictriú agus úsáid breoslaí a mbaineann neodracht charbóin leo, trína ndéanfar astaíochtaí a laghdú go suntasach, agus á chur i bhfios go láidir thairis sin go bhfuil gnéithe aeráide agus comhshaoil ina bpríomhspreagadh anois; á mheabhrú go bhfuil straitéisithe agus pleanálaithe míleata san Aontas agus in ECAT ag obair le breis is deich mbliana anuas ar an gcaoi a bhféadfaidh na fórsaí armtha a lorg carbóin a laghdú; á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus ECAT modheolaíocht chomhchoiteann a fhorbairt a chabhróidh le Comhghuaillithe astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí agus suiteálacha míleata a thomhas agus spriocanna laghdaithe astaíochtaí a ghlacadh; á mheabhrú go ndéantar leas shlándáil agus éifeachtúlacht na misean freisin ach an lorg fuinnimh agus an t-éileamh ar bhreosla a bheith níos lú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, an beartas GO GREEN, an coincheap Glas Míleata atá aici go háirithe, a Meitheal Fuinnimh agus Comhshaoil, a Fóram Comhairliúcháin maidir le Fuinneamh Inbhuanaithe in earnáil na Cosanta agus na Slándála, agus a Fóram Gorlainne maidir le Geilleagar Ciorclach sa Chosaint Eorpach; á iarraidh go ndéanfar tionscadail den sórt sin a luasú agus a leathnú amach, agus go ndéanfar meastóireacht neamhspleách sheachtrach orthu;

47.

ag tabhairt dá haire gur bhain GEC de thátal as a bhuí leis an laghdú ar ídiú breosla iontaise ina dhiaidh sin, go laghdaítear costais, go laghdaítear astaíochtaí agus go laghdaítear spleáchas ar fhoinsí neamh-Eorpacha, agus go bhféadfar líon na dtaismeach a laghdú go suntasach ós rud é gur lú líon na gconbhuanna breosla ar a bhféadfaidh na céilí comhraic díriú, rud a fhágfaidh go mbeidh acmhainní á bhfuascailt a úsáidtear chun na conbhuanna a chosaint, agus go mbeidh cumais fhoriomlána níos éifeachtaí ann trí bhíthin seasmhacht, soghluaisteacht agus neamhspleáchas níos fearr; á mheabhrú go bhféadfadh an méadú ar sciar na mbreoslaí dícharbónaithe san arm, de bhreis ar neodracht aeráide, cabhrú chun cur le slándáil an tsoláthair agus leis an spleáchas straitéiseach; á chur i bhfios go láidir go gcuireann an t-éileamh mór ar bhreosla iontaise agus na bealaí soláthair fada le costais misean agus oibríochtaí, agus go gcuireann siad leis an riosca slándála i gcás pearsanra agus conraitheoirí misean;

48.

á iarraidh ar DG DEFIS, ar na Ballstáit, ar SEGS agus ar GEC cur chuige a ghlacadh ina mbeadh lorg íseal fuinnimh, carbóin agus comhshaoil trí dhearadh agus cistí ábhartha de chuid an Aontais á gcur chun feidhme agus an dul chun cinn á thuairisciú go rialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach cur chuige comhordaithe ar leibhéal AE a leanúint nuair a sheoltar taighde, forbairt nó nuachóiriú nó nuair a dhéantar tionscnaimh a chomhthiomsú nó a chomhroinnt, go háirithe a mhéid a bhaineann le teicneolaíocht agus cumais mhíleata agus dé-úsáide; á mheabhrú go bhfuil tábhacht straitéiseach le forbairt na ngnéithe teicneolaíochta uile agus aghaidh a thabhairt ar an gcostas saolré, mar aon le caighdeánú agus deimhniú ar leibhéal an Aontais, chun a áirithiú go mbeidh an trealamh inniúil chun dul i ngleic le héifeachtaí na géarchéime aeráide; á chur in iúl gur geal léi go rannchuidíonn an Ciste Eorpach Cosanta le gníomhaíochtaí aeráide a chomhtháthú i mbeartais AE agus le sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachas buiséid AE ar spriocanna aeráide a bhaint amach, arb í an sprioc í a leagadh amach le haghaidh bhuiséad AE 2021-2017; á mheabhrú go bhféadfar na gníomhaíochtaí taigdhe agus forbartha a dhíriú ar réitigh chun an éifeachtúlacht a fheabhsú, an lorg carbóin a laghdú agus dea-chleachtais inbhuanaithe a bhaint amach; á chur in iúl gur díol sásaimh di an infheistíocht ábhartha EUR 133 mhilliún dá bhforáiltear sa chéad chlár oibre bliantúil, ach ag tabhairt dá haire nach bhfuil anseo ach 11 % de bhuiséad foriomlán bliantúil CEC; á mheabhrú a thábhachtaí atá ról NGEU maidir le gníomhú ar son na haeráide agus á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as acmhainní óna bpleananna téarnaimh náisiúnta chun infheistiú in aistriú glas a mbonneagair mhíleata;

49.

á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíochtaí a mhéadú go suntasach i gcosaint “glas”, go háirithe trí sciar níos mó de nuálaíocht mhíleata agus dé-úsáide (trealamh, fuinneamh etc.) T&F arna chistiú ó bhuiseád AE a chur ar fáil do bhreoslaí atá neodrach ó thaobh carbóin de agus do chórais tiomána maidir le haerárthaí míleata, longa agus feithiclí eile, go háirithe maidir le mórchórais armán amach anseo (e.g. Córas Aerchomhraic don Todhchaí (FCAS) agus an príomhthanc Eorpach comhraic (EMBT)) agus a thuilleadh a fhorbrófar laistigh de chreataí arna gcur ar fáil ag AE; á chur i bhfios go láidir, i bhfianaise chineál déach na n-infheistíochtaí sin, go bhfuil éifeachtaí iarmharta dearfacha láidre acu ar an earnáil shibhialta, go háirithe i gcás thionscal na heitlíochta sibhialta atá i gcor anásta agus a bhfuil múnlaí gnó agus teicneolaíochaí á lorg aige nach mbeidh chomh dian céanna ar fhuinneamh agus iad níos costéifeachtaí; á chreidiúint gur cheart tús áite a thabhairt don eici-dhearthóireacht chun teorainn a chur le tionchair an trealaimh mhíleata ar an gcomhshaol i gcaitheamh a shaolré, agus an meaits is fearr is féidir a áirithiú idir feidhmíocht oibríochtúil agus éifeachtúlacht chomhshaoil; á chreidiúint gur cheart leictriú teicneolaíochta míleata a chur chun cinn tuilleadh agus a mhaoiniú go fairsing trí bhíthin fóirdheontais Eorpacha a dheonaítear tríd an gCiste Eorpach Cosanta, go háirithe maidir le córais armán ach freisin maidir le tithíocht, beairicí agus córais ghaolmhara téimh nó fuaraithe, bídís sna Ballstáit nó i gcampaí míleata nuair a imscartar iad; á mheabhrú maidir le modhanna cosanta agus an úsáid a dhéantar díobh a bheith á gcur in oiriúint d’athruithe aeráide, gur freagracht é a luíonn ar na Ballstáit go príomha agus nach bhfuil cumais dá chuid féin ag an Aontas Eorpach go fóill;

50.

á chur i bhfáth gur den riachtanas é go ndéanfaidh AE faireachán leanúnach agus maolú ar aon leochaileacht agus/nó spleáchas a chruthófaí de bharr “leictriú” na bhfórsaí armtha san Eoraip, go háirithe maidir le rochtain a fháil ar amhábhair bhunriachtanacha; á chur i bhfáth maidir le glasú na bhfórsaí armtha san Eoraip agus iad a bheith á ndigiteáil, nár mhór nach gcruthódh sé leochaileachtaí nua i gcás ar bith agus nach mbainfeadh sé de shlándáil na hEorpa ná de shlándáil shaoránaigh na hEorpa;

51.

á iarraidh go ndéanfar critéir éifeachtúlachta fuinnimh agus prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a phríomhshruthú i gcláir forbartha cumais agus treoirlínte soláthair, bunaithe ar thaithí agus ar na ceachtanna a d’fhoghlaim na Ballstáit agus i gclár réime ghníomhaíochtaí GEC; á iarraidh ar na Ballstáit a bheith ag obair ar bharrfheabhsú próiseas, dearadh, tógáil agus oibriú córas éicea-chairdiúil arna mbunú ar phrionsabail na ciorclachta, go háirithe i ndáil leis an gCeanncheathrú Oibríochtúil agus foireann allamuigh; á iarraidh go ndéanfar ról GEC, CEC agus an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO) a neartú sna Ballstáit tacaíochta, na dea-chleachtais náisiúnta a scaipeadh agus malartuithe rialta piara le piara a eagrú maidir le cosaint ghlas agus maolú an athraithe aeráide;

52.

á chreidiúint go bhfuil sé tráthúil tionscadail nua PESCO a fhorbairt a bheadh dírithe ar chaighdeáin agus tagarmharcanna a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh a leagan síos, agus cumais nua a chruthú nó cumais atá ann cheana a chomhthiomsú agus a nuachóiriú; á iarraidh ar na Ballstáit a machnamh a dhéanamh ar a indéanta atá sé leas a bhaint as PESCO chun cór innealtóirí míleata a chur ar bun a dhíreodh ar dhul i ngleic le tubaistí nádúrtha de dheasca an athraithe aeráide agus ar bhonneagar criticiúil a chosaint i dtíortha leochaileacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé athbhreithnithe tréimhsiúla a chuimsiú chun an dul chun cinn atá déanta ar thionscadail den sórt sin a mheasúnú agus díriú ar easnaimh a luaithe is féidir; á chur in iúl go molann sí go láidir ról na gcomhoibríochtaí chun saoránaigh a tharrtháil i dtubaistí nádúrtha, amhail nósanna imeachta Franc-Dúitseacha HUREX i Muir Chairib maidir le bainistiú tubaistí;

53.

á chur i bhfios go láidir gur cheart aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar dhíghrádú an chomhshaoil san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an gComhshocrú Sibhialtach CBSC, go háirithe maidir le gnéithe aeráide agus comhshaoil a phríomhshruthú sna cúraimí oibríochtúla agus sa bheartas oiliúna;

An comhar idirnáisiúnta a mhéadú agus an t-iltaobhachas a neartú

54.

á mheabhrú a thábhachtaí atá an comhar mar ghné lárnach de phríomhról an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, amhail a leagtar amach sa Treochlár; á chur in iúl gur díol sásaimh di malartuithe foirne atá ar siúl faoi láthair leis na Náisiúin Aontaithe agus le ECAT, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar níos dlúithe sa réimse sin; á iarraidh ar SEGS agus ar sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin tuilleadh idirphlé a bhunú le comhpháirtithe eile, amhail an tAontas Afracach, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt freisin ar an easpa sonraí iontaofa agus inchomparáide idirnáisiúnta atá ann faoi láthair maidir le hídiú fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na cosanta;

55.

á thabhairt chun suntais nár mhór beartais slándála aeráide a dhíriú, ní hamháin ar oiriúnú do shuaiteacht, srianta ar acmhainní agus leibhéil níos airde dothuarthachta, ach freisin ar chothú a dhéanamh ar an athrú níos doimhne a theastaíonn chun cobhsaíocht agus cothromaíocht éiceolaíoch a athbhunú ar leibhéal domhanda;

56.

á iarraidh go ndéanfar nasc aeráide-slándála a chuimsiú mar limistéar tosaíochta nua le haghaidh Chomhpháirtíocht Straitéiseach NA-AE um Oibríochtaí ar son na Síochána agus Bainistiú Géarchéime;

57.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an uaillmhian shonraithe atá ag Ardrúnaí ECAT Stoltenberg go mbainfidh ECAT astaíochtaí carbóin glan-nialasacha amach faoi 2050; á chur i bhfios go láidir gur baill de ECAT iad 22 Bhallstát agus á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go ndéanfar cuspóirí laghdaithe astaíochtaí, tagarmharcanna agus modheolaíochtaí a shioncrónú ós rud é go bhfuil foinse aonair fórsaí ag na Ballstáit; á chreidiúint gur cheart do ECAT agus don Aontas cinneadh a dhéanamh caitheamh leis an tslándáil aeráide mar réimse nua don chomhar agus do ghníomhaíochtaí nithiúla; á iarraidh, níos sonraíche, go ndéanfar athrú aeráide agus slándáil a chur san áireamh mar limistéar comhair nua agus an-nithiúil i dTríú Comhdhearbhú AE agus ECAT;

58.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ról na taidhleoireachta parlaimintí agus naisc idirnáisiúnta á neartú chun an t-athrú aeráide a chomhrac, lena n-áirítear trí obair choistí agus thoscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa, agus á iarraidh go mbeidh fócas breise mó ar an nasc aeráide-slándála;

59.

á chur i bhfáth go bhfuil an easpa maoinithe aeráide ina mórbhac ar dhul i ngleic ar bhealach fónta leis an athrú aeráide agus slándáil aeráide a thógáil; á chur in iúl gurb oth léi gur gheall an pobal idirnáisiúnta USD 100 billiún de mhaoiniú aeráide le haghaidh tíortha i mbéal forbartha in 2009, ach go raibh an gealltanas sin fós gan comhlíonadh faoi COP26;

o

o o

60.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO L 170, 12.5.2021, lch. 149.

(2)  IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.

(3)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 105.

(4)  IO C 118, 8.4.2020, lch. 32.


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/32


P9_TA(2022)0224

AE agus na dúshláin slándála sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le AE agus na dúshláin slándála sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (2021/2232(INI))

(2022/C 493/03)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le Straitéis nua idir AE agus an tSín (1),

ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2),

ag féachaint do rún ES-11/L.1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022, lena ndéantar ionsaitheacht na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháineadh,

ag féachaint do Rún ES-11/L.2 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Márta 2022 maidir le hiarmhairtí daonnúla an ionsaithe ar an Úcráin,

ag féachaint do Choiste Straitéiseach AE, a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 24 Márta 2022,

ag féachaint don chomhráiteas ó Chónaidhm na Rúise agus ó Dhaon-Phoblacht na Síne an 4 Feabhra 2022 maidir leis an gcaidreamh idirnáisiúnta a bheith i mbéal ré nua agus maidir le forbairt inbhuanaithe dhomhanda,

ag féachaint d’Fhóram Aireachta um Chomhar sa Réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach an 22 Feabhra 2022,

ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir leis na dúshláin agus na hionchais do chórais iltaobhacha rialaithe arm ollscriosta agus do chórais dí-armála (3),

ag féachaint do mholadh uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Leas-Uachtarán/Ardionadaí) maidir leis an gcaidreamh agus comhar polaitiúil idir AE agus an Téaváin (4),

ag féachaint do mholadh uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2020 chuig an gComhairle agus chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir le hullmhú an 10ú próiseas athbhreithnithe maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT), rialú arm núicléach agus roghanna maidir le dí-armáil núicléach (5),

ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le nascacht agus an caidreamh idir AE agus an Áise (6),

ag féachaint do thairiscint i gcomhair rún uaithi an 18 Aibreán 2018 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gCreat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Astráil, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (7),

ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) (8),

ag féachaint do mholadh uaithi an 29 Aibreán 2021 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an India (9),

ag féachaint dá seasamh arna glacadh an 12 Nollaig 2018 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeapáin, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (10),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid chumais chibearchosanta AE (11),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021,

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le straitéis AE maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (JOIN(2021)0024),

ag féachaint do nuashonrú mhí Iúil 2021 ar straitéis na Fraince maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach dar teideal The Indo-Pacific region: a priority for France [An Réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach: tosaíocht don Fhrainc],

ag féachaint do Chomhairliúcháin Ardleibhéil idir AE agus SAM maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach an 3 Nollaig 2021,

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 1 Nollaig 2021 maidir leis an “Tairseach Dhomhanda” (JOIN(2021)0030),

ag féachaint don 13ú Cruinniú Mullaigh idir an Áise agus an Eoraip (ASEM) an 25 agus an 26 Samhain 2021,

ag féachaint don Choincheap maidir le Cur Chuige Comhtháite maidir leis an Athrú Aeráide agus maidir leis an tSlándáil an 5 Deireadh Fómhair 2021,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Aibreán 2021 i ndáil le straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach,

ag féachaint do chomhshocrú slándála AUKUS an 15 Meán Fómhair 2021,

ag féachaint do communiqué ó Chruinniú Mullaigh ECAT na Bruiséile arna eisiúint an 14 Meitheamh 2021,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Meitheamh 2020 agus an 10 Bealtaine 2021 maidir le slándáil agus cosaint,

ag féachaint do chomhpháirtíocht nascachta idir an tAontas agus an India a comhaontaíodh an 8 Bealtaine 2021,

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/2188 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile (12),

ag féachaint do ráiteas comhpháirteach aireachta maidir le nascacht ón Aontas Eorpach agus ó ASEAN an 1 Nollaig 2020,

ag féachaint do chruinniú mullaigh AE/Síne an 1 Aibreán 2022,

ag féachaint do chuairt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go dtí an India an 24-25 Aibreán 2022,

ag féachaint do chruinniú mullaigh AE/Seapáine an 12 Bealtaine 2022,

ag féachaint don ráiteas comhpháirteach a d’eisigh Airí Gnóthaí Eachtracha G7 an 14 Bealtaine 2022,

ag féachaint do ‘Straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach an 13 Samhain 2020 dar teideal “An Réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach: Treoirlínte maidir le comhar na hÍsiltíre agus an Aontais le comhpháirtithe san Áise a neartú”,

ag féachaint do Threochlár um Athrú Aeráide agus Cosaint an 9 Samhain 2020,

ag féachaint do threoirlínte beartais Rialtas Cónaidhme na Gearmáine maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ó Mheán Fómhair 2020,

ag féachaint don Chomhpháirtíocht maidir le Nascacht Inbhuanaithe agus Bonneagar Cáilíochta a comhaontaíodh idir AE agus an tSeapáin an 27 Meán Fómhair 2019,

ag féachaint don rannchuidiú ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí le Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gComhairle Eorpach an 12 Márta 2019 dar teideal “an caidreamh idir AE agus an tSín – Dearcadh straitéiseach”,

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na Bréagaisnéise an 5 Nollaig 2018,

ag féachaint don chinneadh a rinneadh ag an gcruinniú aireachta idir an tAontas agus ASEAN an 21 Eanáir 2019 chun comhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus ASEAN a bhunú,

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir AE agus Singeapór, arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2018,

ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 19 Meán Fómhair 2018 dar teideal “An Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile – Clocha coirnéil ionsar straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh” (JOIN(2018)0031),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 28 Bealtaine 2018 maidir le comhar slándála feabhsaithe AE san Áise agus leis an Áise,

ag féachaint do phlean gníomhaíochta idir ASEAN agus AE 2018-2022,

ag féachaint do Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le Caidreamh agus Comhar idir an Nua-Shéalainn agus an tAontas Eorpach an 5 Deireadh Fómhair 2016,

ag féachaint don togra comhpháirteach le haghaidh cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2016 maidir leis an gCreat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Astráil, den pháirt eile, a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach thar ceann an Aontais (JOIN(2016)0008),

ag féachaint do Straitéis Slándála Muirí AE an 24 Meitheamh 2014,

ag féachaint do Chreat-Chomhaontú an 23 Eanáir 2013 idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cóire, den pháirt eile,

ag féachaint don communiqué ó Chruinniú Mullaigh an 14 Meitheamh 2021 a d’eisigh na Cinn Stáit agus Rialtais a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh sa Bhruiséil,

ag féachaint do rialú ón mBuanchúirt Eadrána an 12 Iúil 2016 maidir le hEadráin Mhuir na Síne Theas (Poblacht na hOileáin Fhilipíneacha v. Daon-Phoblacht na Síne),

ag féachaint don chéad chruinniú mullaigh pearsanta de chuid na gceannairí an 24 Meán Fómhair 2021 den Idirphlé Slándála Ceathairshleasach (QUAD), ina bhfuil ceannairí polaitiúla na Stát Aontaithe, na hAstráile, na Seapáine agus na hIndia,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0085/2022),

A.

de bhrí go sainíonn AE an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach mar réigiún a chuimsíonn cósta thoir na hAfraice agus stáit oileánacha an Aigéin Chiúin; de bhrí gur réigiún ilchineálach é an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, ina bhfuil 60 % de dhaonra an domhain agus seacht mball de G20 agus gur príomhghníomhaí é san ord idirnáisiúnta domhanda agus gur réigiún é ina bhfuil comhpháirtithe polaitiúla, trádála agus slándála atá ag éirí níos tábhachtaí do AE;

B.

de bhrí go n-iompraítear thart ar 90 % de thrádáil sheachtrach AE ar muir; de bhrí go bhfuil uiscebhealaí móra atá ríthábhachtach do thrádáil AE, amhail Caolas Malacca, Muir na Síne Theas agus Caolas Bab-el-Mandeb, lonnaithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;

C.

de bhrí go bhfuil tíortha AE agus tíortha an réigiúin Ind-Chiúin Aigéanaigh ag dul i ngleic le níos mó agus níos mó dúshláin slándála agus dúshláin neamhthraidisiúnta chomhchosúla; de bhrí go léiríonn dearcadh AE i leith an réigiúin go bhfuil aitheantas polaitiúil á thabhairt ar an ngá freagracht níos mó a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála dhomhanda;

D.

de bhrí, ar chuireadh a fháil ón Uachtarán Xi Jinping an 4 Feabhra 2022, gur síníodh téacs comhpháirteach ó Uachtarán na Síne agus ó Uachtarán na Rúise roimh shearmanas oscailte Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i mBéising; de bhrí gur dearbhaíodh sa chomhráiteas, i measc nithe eile, go bhfuil cairdeas “gan teorainneacha” idir an dá Stát agus de bhrí, tríd an ráiteas sin, gur thacaigh an tSín go hoifigiúil den chéad uair le héileamh na Rúise chun stop a chur le leathnú ECAT;

E.

de bhrí, de réir tuarascálacha ó na meáin, gur iarr oifigigh Shíneacha ag cruinniú mullaigh an 4 Feabhra 2022 ar oifigigh shinsearacha Rúiseacha gan ionradh a dhéanamh ar an Úcráin roimh dheireadh Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i mBéising; de bhrí go gciallódh sé sin go raibh leibhéal éigin eolais dhírigh ag oifigigh shinsearacha Shíneacha faoi phleananna nó mianta cogaidh na Rúise sular cuireadh tús leis an ionsaí an 24 Feabhra 2022;

F.

de bhrí, ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín an 1 Aibreán 2022, ag meabhrú dó freagracht na Síne mar ghníomhaí domhanda, oibriú ar son na síochána agus na cobhsaíochta, d’iarr an tAontas ar an tSín tacú leis na hiarrachtaí chun deireadh láithreach a chur leis an doirteadh fola san Úcráin, i gcomhréir le ról na Síne sa domhan mar bhall buan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus dá dlúthchaidreamh uathúil leis an Rúis;

G.

de bhrí, mar fhreagairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cuireadh tús leis trí ionradh míleata an 24 Feabhra 2022, gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Rún ES-11/1 an 2 Márta 2022, lenar cáineadh ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, le 141 vóta i bhfabhar, 5 vóta i gcoinne, 35 staonadh agus 12 thír gan vótáil; de bhrí nár vótáil aon tír san Aigéan Ciúin in aghaidh an rúin agus nár staon ach an tSín, an India, Madagascar, Mósaimbíc, Laos, an Afraic Theas, Srí Lanca, an Tansáin agus Vítneam ón téacs deiridh;

H.

de bhrí go léirítear leis an teachtaireacht chomhpháirteach a glacadh le déanaí maidir le straitéis AE don chomhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, atá bunaithe ar rannpháirtíocht ar bhonn prionsabal ag a bhfuil dearcadh fadtéarmach, an éabhlóid dhomhain riachtanach ar an mbealach ina mbreathnaíonn AE ar a leasanna, ar na deiseanna agus ar na dúshláin atá aige san Aigéan Ciúin agus ar an uaillmhian atá aige ról níos mó a bheith aige chun a luachanna agus a leasanna a chosaint sa réigiún sin lena mbaineann tábhacht mhéadaitheach gheopholaitiúil agus eacnamaíoch; de bhrí gur cuid lárnach den straitéis é ollstruchtúr slándála réigiúnach atá oscailte, cobhsaí agus riailbhunaithe a chur chun cinn agus caidreamh láidir a chothú, naisc trádála inbhuanaithe agus comhar slándála a chothú le heagraíochtaí agus le tíortha réigiúnacha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh; de bhrí gur tháinig Airí Gnóthaí Eachtracha Bhallstáit AE agus thart ar 30 tír le chéile sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ag Fóram Aireachta um Chomhar san Aigéan Ciúin an 22 Feabhra 2022, agus de bhrí gur chuir AE agus a chuid Ballstát i bhfios go láidir sa chruinniú go dtacaíonn siad le rannpháirtíocht mhéadaithe fhadtéarmach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, trí ghníomhaíochtaí nithiúla agus trí fheabhas a chur ar an idirphlé slándála agus cosanta agus ar an gcaidreamh déthaobhach le comhpháirtithe sa réigiún;

I.

de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis “an Tairseach Dhomhanda” infheistíochtaí suas le EUR 300 billiún a shlógadh chun naisc chliste, ghlana agus shlána sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair a spreagadh agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain;

J.

de bhrí go bhfuil fíortheannas geopholaitiúil agus iomaíocht gheopholaitiúil ann le blianta beaga anuas mar thoradh ar dhinimic an réigiúin, agus go háirithe na dinimicí sin a eascraíonn as Daon-Phoblacht na Síne, a léirítear le méadú ar chaiteachas míleata, le forbairt mhíleata agus le reitric níos ionsaithí, rud a chuireann an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe i mbaol; de bhrí go bhfuil lárionad nua iomaíochta réigiúnaí agus domhanda tagtha chun cinn, dá bhrí sin, sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí nach ann d’ollstruchtúr réigiúnach slándála ná do shásra cothaithe muiníne chun na dúshláin agus an teannas lena mbaineann a mhaolú; de bhrí gur bagairt thromchúiseach í an dinimic sin do chobhsaíocht agus do shlándáil an réigiúin agus an chomhphobail dhomhanda, agus go bhfuil tionchar díreach aici ar leasanna straitéiseacha AE mar phríomh-chomhpháirtí polaitiúil agus eacnamaíoch na dtíortha sa réigiún; de bhrí go bhféadfadh an streachailt idé-eolaíoch sa réigiún idir an t-údarásaíochas agus an daonlathas borradh a chur faoi thoradh streachailt chomhionann ar fud an domhain, lena n-áirítear i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach seasmhach, síochánta agus bunaithe ar urraim don dlí idirnáisiúnta chun slándáil agus leasanna AE a chosaint; de bhrí gur réamhchoinníoll chun síocháin agus slándáil a áirithiú san Aigéan Ciúin é dul i ngleic le bunchúiseanna na héagobhsaíochta, amhail an bhochtaineacht, an éagóir shóisialta agus sáruithe ar chearta an duine; de bhrí go bhfuil AE tiomanta do shlándáil an duine, don tsíocháin, don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine;

K.

de bhrí gurb é an tAontas an príomhinfheisteoir coigríche agus an príomhsoláthraí cúnaimh forbartha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí gur comhpháirtí tábhachtach trádála é AE agus go bhfuil comhaontuithe saorthrádála curtha i gcrích aige cheana féin agus go bhfuil comhaontuithe saorthrádála á gcaibidil aige le tíortha sa réigiún; de bhrí gur féidir le AE a bheith ag brath cheana féin ar líonra leathan comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe le roinnt tíortha, amhail an tSeapáin, Poblacht na Cóiré, an Astráil, an India, an Nua-Shéalainn, Vítneam agus Singeapór, agus le heagraíochtaí réigiúnacha, amhail Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OACPS); de bhrí go bhfuil an tAontas i láthair sa réigiún a bhuí le Bhallstát dá chuid, an Fhrainc, go háirithe trí na ranna thar lear La Réunion agus Mayotte de chuid na Fraince, chomh maith le Tailte an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince san Aigéan Indiach, agus freisin san Aigéan Ciúin tríd an Nua-Chaladóin, chomh maith le trí chomhbhailithe na Fraince thar lear, eadhon Polainéis na Fraince agus Vailís agus Futúna; de bhrí go bhfuil thart ar 1,6 milliún saoránach AE ina gcónaí sna réigiúin sin de chuid na Fraince, lena n-áirítear os cionn 7 000 pearsanra míleata; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil AE ina ghníomhaí cónaitheach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;

L.

de bhrí go n-oibríonn níos mó ná leath de shoithí iascaireachta an domhain i muir na Síne Theas, arb í amháin atá freagrach as thart ar 12 % d’iascaireacht an domhain; de bhrí go bhfuil roinnt comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe tugtha i gcrích ag AE le tíortha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (Stáit Chónaidhme na Micrinéise, Oileáin Cook, Oileáin Sholomón, Cireabaití, Madagascar, Oileán Mhuirís, Mósaimbíc agus na Séiséil) agus de bhrí go bhfuil cabhlach iascaireachta AE i láthair san Aigéan Indiach agus san Aigéan Ciúin; de bhrí go bhfuil AE ina chomhalta gníomhach de roinnt eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBIanna) sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, Páirtithe Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas, Coimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir agus ERBI an Aigéin Chiúin Theas); de bhrí gur glacadh iarratas AE ar bhallraíocht i gCoimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh an 25 Feabhra 2021 agus de bhrí go mbíonn idirphlé ardleibhéil aige maidir le saincheisteanna aigéin agus iascaigh leis an Astráil, leis an Indinéis, leis an tSeapáin agus leis an Nua-Shéalainn; de bhrí go bhfuil comhaontú comhpháirtíochta aigéin sínithe ag AE leis an tSín; de bhrí go mbíonn idirphlé aige freisin agus go bhfuil meithleacha aige maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe leis an gCóiré, leis an Téalainn agus leis an Téaváin;

M.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach cobhsaíocht agus saoirse loingseoireachta a áirithiú in uiscí an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh chun inbhuanaitheacht agus síocháin dhomhanda agus réigiúnach a áirithiú agus chun leasanna straitéiseacha AE a áirithiú; de bhrí go bhfuil AE rannpháirteach i dtacaíocht a thabhairt don tslándáil mhuirí réigiúnach tríd an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) EUNAVFOR Atalanta; de bhrí gur díol sásaimh do chomhpháirtithe an réigiúin Ind-Chiúin Áigéanaigh Oibríocht Atalanta agus go bhfuil sí ag díriú ar phíoráideacht agus robáil armtha a chosc, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar airm agus ar gháinneáil ar dhrugaí; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag a Bhallstáit láithreacht chabhlaigh bhuan sa réigiún a mhéadú trí, inter alia, coincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe;

N.

de bhrí go bhfuil cumais mhíleata bhuanseasmhacha ag an bhFrainc i gceantar na hÁise agus an Aigéin Chiúin; agus de bhrí go bhféadfadh sé a bheith ábhartha machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí suíomhanna bhuana sin na Fraince – trí Fhórsaí Armtha i bPolainéis na Fraince (FAPF) agus trí Fhórsaí Armtha na Nua-Chaladóine go háirithe – a úsáid le haghaidh imscaradh féideartha Eorpach;

O.

de bhrí, mar thoradh ar mhéadú tapa míleata na Síne, a hiompar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá ag éirí níos teanntásaí agus níos leathnaithí, a gníomhaíochtaí míleata i gCaolas na Téaváine agus i Muir na Síne Thoir agus Theas, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun bac a chur ar an tsaoirse loingseoireachta arna ndéanamh ag Garda Cósta na Síne agus ag an Militia Muirí, go bhfuil géarú á dhéanamh ar an teannas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, rud atá ag tarlú freisin mar gheall ar sháruithe leantacha d’aon ghnó na Síne ar zón aitheantais aerchosanta na Téaváine, a cuid gníomhaíochtaí chun deireadh a chur le neamhspleáchas agus uathriail mhíleata Hong Cong, a méadú míleata ag an teorann idir an tSín agus an India, a reitric atá ag éirí níos ionsaithí, a feachtais ionramhálacha bréagaisnéise agus a feachtais meáin; á iarraidh ar AE straitéis a ullmhú bunaithe ar dhálaí iarbhír a d’fhágfadh go mbeadh sé in ann freagairt dá mba ghá; ag tabhairt rabhadh faoin mbaol a bhaineann le rás luathaithe arm sa réigiún;

P.

de bhrí nach bhfuil treallús na Síne sa réigiún teoranta don saol míleata ach gur tharla sé freisin mar gheall ar chleachtais tráchtála ionsaitheacha bunaithe ar chomhéigean taidhleoireachta agus ar bheartais thaidhleoireachta fiachais ionsaitheacha; de bhrí go mbaineann infheistíochtaí i mbonneagar criticiúil le leathnú eacnamaíoch agus airgeadais na Síne sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus san Eoraip; de bhrí go bhfuil an tSín ag iarraidh tionchar polaitiúil a fháil trína leasanna eacnamaíocha; de bhrí gur léiríodh le géarchéim COVID-19 a thábhachtaí atá slabhraí soláthair iontaofa agus naisc eacnamaíocha níos cothroime leis an tSín;

Q.

de bhrí gur rialaigh an Bhuanchúirt Eadrána i gcás sainchomhartha an 12 Iúil 2016 nach raibh aon fhianaise ann gur fheidhmigh an tSín rialú eisiach go stairiúil ar na críocha a nglacann sí teideal orthu laistigh de Mhuir na Síne Theas; de bhrí gur thug an tSín neamhaird ar an rialú sin agus go bhfuil bunáiteanna míleata cruthaithe aici ar oileáin de dhéantús an duine, i measc gníomhaíochtaí eile;

R.

de bhrí gur léirigh an tSín easpa trédhearcachta agus drogall maidir le páirt a ghlacadh i gcainteanna faoin bpáirt a d’fhéadfadh a bheith aici in ionstraimí rialaithe arm núicléach iltaobhach, rud a d’fhág go raibh sí in ann stór mór diúracán balaistíoch idirmheánach atá chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de, amhail Dong-Feng 26, a stocáil;

S.

de bhrí go bhfuil tionchar méadaitheach ag an gclaochlú digiteach ar struchtúr an chórais idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas agus dá thodhchaí dhigiteach ag baint le caighdeáin a leagan síos ar an leibhéal idirnáisiúnta agus le nuálaíochtaí ceannródaíocha i dteicneolaíochtaí ar thús cadhnaíochta amhail an intleacht shaorga, an ríomhaireacht chandamach agus 5G agus 6G agus de bhrí go bhfuil an iomaíocht dhomhanda le haghaidh ardcheannas teicneolaíochta ag dul i méid i gcónaí, rud a bhfuil infheistíocht shuntasach déanta ag an tSín ann;

T.

de bhrí, i ráiteas comhpháirteach an 24 Bealtaine 2022, gur leag ceannairí na Stát Aontaithe, na hAstráile, na hIndia agus na Seapáine, ag cruinniú mullaigh QUAD le déanaí, béim arís ar na prionsabail a bhaineann le réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a bheith saor agus oscailte: saoirse, an smacht reachta, luachanna daonlathacha, ceannasacht agus iomláine chríochach; de bhrí gur fhógair na ceannairí sraith tionscnamh nua a ceapadh chun comhar a neartú ar fud an réigiúin, lena n-áirítear Comhpháirtíocht an Aigéin Chiúin le haghaidh Feasacht ar Réimsí Muirí;

U.

de bhrí, an 23 Bealtaine 2022, go ndúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, go ndéanfadh na Stáit Aontaithe idirghabháil mhíleata dá ndéanfadh an tSín iarracht an Téaváin a thógáil le forneart;

V.

de bhrí go ndearna ceithre bhuamadóir Shíneacha H-6 agus beirt bhuamadóir Tu-95 Rúiseacha eitiltí comhpháirteacha ar fud na Seapáine agus Phoblacht na Cóiré an 24 Bealtaine 2022, gur spreag siad an dá thír aerárthaí troda a chur san aer chun faireachán a dhéanamh ar na heitiltí; De bhrí go raibh na heitiltí comhpháirteacha ar siúl an lá céanna a raibh Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, ag bualadh lena chontrapháirtithe QUAD i dTóiceo;

W.

de bhrí, an 23 Bealtaine 2022, gur sheol na Stáit Aontaithe, an Astráil, Brúiné Darasalám, an India, an Indinéis, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré, an Mhalaeisia, an Nua-Shéalainn, Poblacht na nOileán Filipíneach, Singeapór, an Téalainn agus Vítneam an próiseas chun Creat Eacnamaíoch an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh don Rathúnas a bhunú, arb é is aidhm dó rannchuidiú leis an gcomhar, leis an gcobhsaíocht, leis an rathúnas, leis an bhforbairt agus leis an tsíocháin laistigh den réigiún; de bhrí gurb é atá i gCreat Eacnamaíoch an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh do Rathúnas rogha eile ar láithreacht tráchtála mhéadaitheach na Síne ar fud an réigiúin;

X.

de bhrí gur shínigh an tSín agus Oileáin Sholomón Comhshocrú um chomhar slándála i mí Aibreáin 2022, lenar tarraingíodh aird idirnáisiúnta ar láithreacht taidhleoireachta agus ar chaidreamh méadaithe le tíortha oileánacha an Aigéin Chiúin; de bhrí gur fhógair an tSín, an 30 Bealtaine 2022, le linn cuairt a bheith á thabhairt ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Síne Wang Yi ar 10 náisiún oileánacha san Aigéan Ciúin, agus tar éis ábhar imní mhéadaitheach a bheith ann laistigh de na tíortha sin, go raibh sé ag cur stop le comhaontú réigiúnach pleanáilte le náisiúin oileánacha an Aigéin Chiúin dar teideal “Fís Chomhchoitinn Forbartha Thíortha Oileánacha an Aigéin Chiúin”, a raibh sé mar aidhm leis comhar saorthrádála agus slándála a chumhdach, lena n-áirítear réimsí amhail oiliúint póilíní, cibearshlándáil, mapáil mhuirí agus rochtain ar acmhainní; de bhrí gur thug Uachtarán Stáit Chónaidhme na Micrinéise, David Panuelo, an togra “an comhaontú beartaithe is ceannródaíche san Aigéan Ciúin in á saol”, agus go raibh “bagairt ann Cogadh Fuar a thabhairt isteach ar sa chás ab fhearr, agus Cogadh Domhanda sa chás ba mheasa”; de bhrí, in ainneoin na teipe an comhaontú forleathan sin a bhaint amach, gur shínigh an tSín roinnt comhaontuithe déthaobhacha níos lú le náisiúin an Aigéin Chiúin le linn chuairteanna réigiúnacha Wang;

Y.

de bhrí go bhfuil tionchar ag an ngéarchéim aeráide ar an gcóras idirnáisiúnta, ina bhféadfadh sí cur leis an teannas geopholaitiúil; de bhrí nach mór athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil a ionchorprú níos mó mar iolraitheoir riosca i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus nach mór dó a straitéisí agus a choincheapa agus a nósanna imeachta a oiriúnú dá réir sin, lena n-áirítear sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;

Z.

de bhrí, an 15 Nollaig 1995, gur shínigh ballstáit ASEAN an Conradh maidir le Limistéar na hÁise Thoir Theas Saor ó Airm Núicléacha (Conradh SEANWFZ) mar ghealltanas chun réigiún na hÁise Thoir Theas a chaomhnú mar réigiún atá saor ó airm núicléacha agus airm ollscriosta eile;

Freagairt AE ar dhúshláin slándála sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach

1.

á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht chomhpháirteach a glacadh le déanaí i ndáil le straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; ag aithint bhreisluach na straitéise mar chéad bhunchloch chur chuige aontaithe an Aontais i leith an réigiúin, agus ag moladh chineál cuimsitheach ilghnéitheach na straitéise agus go n-áirítear an tslándáil agus an chosaint mar cheann dá seacht réimse tosaíochta; á iarraidh ar AE úsáid a bhaint as an straitéis mar uirlis chun a láithreacht agus a thionchar a mhéadú go héifeachtach sa réigiún trí naisc straitéiseacha a chur chun cinn agus trí idirphlé uilechuimsitheach agus comhar maidir le cúrsaí slándála agus cosanta le tíortha agus le heagraíochtaí atá ar aon intinn leis sa réigiún a dhoimhniú; ag creidiúint, má ghlacann AE páirt luachbhunaithe mhéadaithe sa réigiún, go gcuirfear leis an tslándáil réigiúnach agus leis an rathúnas, agus go gcabhrófar le teannas réigiúnach a shárú agus caidreamh níos cothroime a chruthú i measc na ngníomhaithe réigiúnacha; á mheabhrú gur tionscadal de chuid Fhoireann na hEorpa í an straitéis agus gur cheart go gcothódh comhaontuithe déthaobhacha cur chuige AE, chomh maith le cumas AE freagairtí coiteanna ar dhúshláin slándála a thabhairt chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas agus dá Bhallstáit an tsíocháin, an chobhsaíocht agus saoirse na loingseoireachta a chaomhnú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;

2.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach an-éagsúil, agus nach féidir aon chur chuige a oireann do chách a chur i bhfeidhm; á chur in iúl gur mór aici an cur chuige iomlánaíoch agus an clár oibre dearfach a chuirtear i láthair i Straitéis an Aontais agus á thabhairt chun suntais gur gá don Straitéis dul in oiriúint de shíor don chóimheá cumhachta atá ag athrú go gasta, agus ag an am céanna cloí go daingean le luachanna, prionsabail agus noirm Eorpacha, go háirithe Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar cheart dó a bheith ina chreat normatach do rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an nasc idir an tslándáil agus an fhorbairt agus an daonnúlachas;

3.

á chur i bhfios go láidir go mbeidh mórthionchar buan ag an gcogadh ionsaitheach mídhleathach gan chúis a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, ar an gcaidreamh idirnáisiúnta; á chur i bhfáth nach mór do AE a ghealltanais idirnáisiúnta a chomhdhlúthú tuilleadh, mar atá leagtha síos ag an gCoiste Straitéiseach, lena n-áirítear, go háirithe, sa réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanach, ar réigiún straitéiseach é; cé go n-aithníonn sí an caidreamh níos dlúithe idir an Rúis agus an tSín, mar a léiríodh i gcomhráiteas uathu an 4 Feabhra 2022, i measc nithe eile, á chur in iúl gur cúis mhór imní di an easpa cáinte soiléir ag ceannaireacht na Síne ar an gcogadh neamhdhleathach sin, ar cogadh é a sháraíonn na noirm agus na dlíthe idirnáisiúnta go léir agus a bhfuil bás na mílte pearsanra míleata agus na mílte sibhialtach neamhurchóideach mar thoradh air cheana féin; á iarraidh go láidir ar cheannaireacht na Síne cloí lena cuid freagrachtaí mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus ní hamháin an sárú uafásach sin ag Cónaidhm na Rúise a cháineadh ach freisin a dlúth-theagmhálacha le hUachtarán na Rúise a úsáid chun a áiteamh air an cogadh foréigneach sin a stopadh láithreach, na trúpaí uile a bhaint de chríoch na hÚcráine agus lánurraim a thabhairt do neamhspleáchas na hÚcráine agus do thoil a muintire maireachtáil faoi shíocháin agus faoi shaoirse;

4.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an tacaíocht ollmhór a léirigh tíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh ag na vótaí i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta maidir le Rún ES-11/L.1 lenar cáineadh ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le Rún ES-11/L.2 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Márta maidir le hiarmhairtí daonnúla an ionsaithe ar an Úcráin, á mheabhrú nár vótáil tír ar bith sa réigiún i gcoinne an rúin; á chreidiúint go gcuireann sé sin teachtaireacht an-láidir in iúl maidir leis an tacaíocht fhoriomlán don dlí idirnáisiúnta, don tsíocháin agus don chomhar idirnáisiúnta sa réigiún; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, gur chinn an tAontas, in éineacht leis an tSín, leis an India, le Madagascar, le Mósaimbíc, le Laos, leis an Afraic Theas, le Srí Lanca, leis an Tansáin agus le Vítneam staonadh ón téacs deiridh; ag spreagadh na dtíortha sin gan neamhaird a thabhairt ar na réaltachtaí san Úcráin, ar an sárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar fhulaingt uafásach agus marú sibhialtach neamhurchóideach, agus, dá bhrí sin, a seasamh a athbhreithniú agus seasamh le tromlach mór an chomhphobail idirnáisiúnta maidir le cogadh ionsaitheach na Rúise a cháineadh go soiléir agus páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun oibriú i dtreo na síochána san Úcráin agus sibhialtaigh neamhurchóideacha a chosaint;

5.

á thabhairt chun suntais gur gá aontacht an Aontais a áirithiú mar réamhchoinníoll chun uaillmhian an Aontais maidir le ceannasacht straitéiseach oscailte a bhaint amach le linn chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus i bhfianaise na mbagairtí agus na hiomaíochta atá ag dul i méid i measc tíortha cumhachtacha, go háirithe na Stáit Aontaithe, an Rúis agus an tSín; á iarraidh go mbeidh níos mó aontachta ann i gComhairle an Aontais Eorpaigh maidir le bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar bheartas frithdhaonlathach agus iompar ionsaitheach na Síne, a chuireann ceannasacht a comharsan agus cobhsaíocht an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh i mbaol; á mheabhrú nach mór beartas eachtrach agus slándála atá pragmatach, prionsabalbhunaithe agus luachbhunaithe a bheith mar bhonn le cur chuige aontaithe an Aontais, ar beartas é a fhéachann le comhoibriú le comhpháirtithe más féidir agus le gníomhú leis féin más gá chun dlúthpháirtíocht agus ceannasacht straitéiseach an Aontais a shaothrú, agus nach mór uirlisí inchreidte beartais eachtraigh a bheith ag gabháil leis, chomh maith le hathchóiriú ar a phróiseas cinnteoireachta, go háirithe trí aistriú chuig vótáil trí thromlach cáilithe, lena n-éascófaí freagairt thapa ar dhúshláin thromchúiseacha slándála agus lena ndéanfaí an tsíocháin, an tslándáil dhaonna, an fhorbairt inbhuanaithe agus an daonlathas a chur i gcrích; á chur in iúl go bhfuil impleachtaí maidir le slándáil na hEorpa ag tiomantas méadaitheach SAM don réigiún Ind-Chiúin Aigéanach agus, dá bhrí sin, á athdhearbhú gur gá Aontas Cosanta Eorpach atá cumasach a bheith ann; á thabhairt chun suntais, d’fhonn oibriú le comhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus cogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine á chur san áireamh, nach mór don Aontas a uathriail straitéiseach a neartú chun go mbeidh sé ina chomhpháirtí domhanda éifeachtach; ag tacú, dá bhrí sin, leis an uaillmhian acmhainneacht mhear-imscartha a chruthú;

6.

á chur i bhfáth a thiomanta atá an tAontas ollstruchtúr slándála réigiúnach atá oscailte, cobhsaí agus riailbhunaithe a chur chun cinn bunaithe ar urraim don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta, agus lena n-áirítear línte mara slána cumarsáide, fothú acmhainneachta agus láithreacht chabhlaigh fheabhsaithe, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil a bunaíodh le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS); á iarraidh ar AE caidreamh déthaobhach torthúil a shaothrú le comhpháirtithe sa réigiún, lena n-áirítear tíortha Afracacha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh agus oibriú i ndlúthchomhar le córais daonlathacha liobrálacha eile agus le comhghuaillithe stairiúla, amhail ECAT, SAM agus an Ríocht Aontaithe, go háirithe i gcomhthéacs chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na Síne atá ag éirí níos teanntásaí agus ionsaithí, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar dhúshláin choiteanna slándála réigiúnacha agus dhomhanda; ag leagan béim ar an ngá atá ann cuspóir comhchoiteann na hinbhuanaitheachta agus an rathúnais a chur chun cinn, agus an t-iltaobhachas a neartú trí na Náisiúin Aontaithe agus trí eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; á mheabhrú, mura gcomhlíontar na prionsabail nó na luachanna sin, nó má dhéantar sárú follasach orthu, go mbeadh iarmhairtí diúltacha ann do leasanna eacnamaíocha agus slándála ríthábhachtacha an Aontais, agus dá rannpháirtíocht i gcomhpháirtíochtaí déthaobhacha agus i gcomhpháirtíochtaí réigiúnacha, a bhféadfadh smachtbhannaí a bheith mar thoradh air;

7.

ag tathant ar an Aontas leas iomlán a bhaint as a sheasamh agus as a chlú mar ghníomhaí domhanda inchreidte, iontaofa agus neamhspleách ar son na síochána agus an iomaíocht gheopholaitiúil ag dul i méid idir cumhachtaí domhanda agus cumhachtaí réigiúnacha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á mheabhrú go mbaineann breisluach rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach le raon cuimsitheach a bheart cúnaimh shibhialta agus mhíleata, lena n-áirítear rannchuidithe neamh-mhíleata dea-fhorbartha; á mheabhrú go bhfuil líonra ollmhór sócmhainní taidhleoireachta ag an Aontas chun idirphlé, idirghabháil, cosc coinbhleachtaí, réiteach coinbhleachtaí, rialú arm, dí-armáil, neamhleathadh agus dí-armáil núicléach a éascú, chomh maith le réitigh dhlíthiúla agus saineolas i réimse an iltaobhachais agus maidir le bearta cothaithe muiníne a chur ar bun, agus maidir le bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh an t-éilliú a chomhrac, ar féidir iad a roinnt le comhpháirtithe a ghníomhaíonn de mheon macánta; á mheas gur gá líonra taidhleoireachta agus consalach na mBallstát sa réigiún a neartú agus luachanna agus leasanna an Aontais agus a chuid Ballstát a chosaint; á iarraidh ar AE an rannchuidiú a dhéanann sé le tíortha sa réigiún agus a iarrachtaí taidhleoireachta a nascadh ar bhealach níos dlúithe lena luachanna agus lena leasanna; á iarraidh ar AE dlús a chur leis na hiarrachtaí cumarsáide maidir leis an Straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach agus tíortha comhpháirtíochta a rannpháirtiú sa phróiseas cur chun feidhme chun an caidreamh slándála a neartú agus chun rannchuidiú leis na spriocanna a áirítear sa Straitéis a bhaint amach;

8.

ag spreagadh an Aontais neartú a dhéanamh ar a thiomantas in éineacht lena chomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach do chur chun feidhme Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, agus do Rún 2250, Rún 2419 agus Rún 2535 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil, le leithdháiltí buiséadacha iomchuí do chur chun feidhme éifeachtach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na mban i gcoimeád na síochána agus i gcomhdhlúthú na síochána agus ar an mbreisluach dearfach a thugann siad ina leith sin, lena n-áirítear i gcaibidlíocht agus i misin;

Ceannasacht straitéiseach bunaithe ar an iltaobhachas agus ar an ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha

9.

á mheas, maidir le cogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar sárú follasach é ar an dlí idirnáisiúnta, mar aon le diúltú na Rúise dul i mbun idirghabhála agus caibidlíochtaí macánta a sheoladh, go mbeidh siad ina mbagairt thromchúiseach ar an tslándáil, ar an tsíocháin agus ar an gcobhsaíocht dhomhanda agus ar chumarsáid shaor agus oscailte i réimsí na mara, an aeir, an spáis agus an chibearspáis, ar réimsí iad atá bunriachtanach maidir leis an tsíocháin agus chun bealaí trádála réigiúnacha agus domhanda a choinneáil; ag spreagadh na seirbhísí ábhartha sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí anailís a dhéanamh ar thionchar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar bheartas AE maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag coinbhleacht réigiúnach ar leasanna eacnamaíocha agus slándála AE, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar an gcaoi a bhféadfadh AE freagairt do staid slándála atá ag dul in olcas sa réigiún an Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tionchar an chogaidh san Úcráin ar gheilleagair náisiúnta thíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le praghsanna gráin, fuinnimh agus leasachán atá ag dul i méid; á athdhearbhú go bhféadfadh ról cobhsaíochta a bheith ag AE sa réigiún;

10.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di forbairt mhear mhíleata na Síne, lena n-áirítear an tástáil diúracáin hipirshonaigh a nochtadh le déanaí, agus a iompar atá ag éirí níos teanntásaí, a bhfuil sé mar aidhm leis, i measc nithe eile, a éilimh chríochacha a chur chun cinn i Muir na Síne Thoir agus Theas; á thabhairt chun suntais, mar thoradh ar theophointí slándála agus saincheisteanna gan réiteach amhail clár núicléach Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, an leamhsháinn teorainn a bhí ann idir an tSín agus an India le déanaí, an cniogbheartaíocht ar an daonlathas i Hong Cong agus Macao, mainneachtain ag an tSín a hoibleagáidí faoin dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh maidir le cearta an duine a urramú, lena n-áirítear cearta na mionlach in Xinjiang, sa Tibéid agus san Ion-Mhongóil, agus na bagairtí a thugann an tSín ar shláine críche na Téaváine, ar nithe iad a d’eascair as gníomhaíochtaí míleata, go bhfuil tuilleadh brú ar an tslándáil agus an chobhsaíocht réigiúnach; ag cáineadh thaidhleoireacht na Síne maidir le himeaglú agus feachtais bhréagaisnéise ionramhála; á chur in iúl gur cúis imní di freisin an méadú atá tagtha ar láithreacht na Síne i réimsí straitéiseacha eile, amhail an tAigéan Indiach, réigiún an Aigéin Chiúin Theas agus na hAigéine, agus an Mhuir Arabach;

11.

á mheabhrú go bhfuil cumas an Aontais comhsheasamh a ghlacadh i leith na Síne níos laige mar gheall ar dheighiltí a bhí ann roimhe seo; á thabhairt chun suntais nach mór cur chuige an Aontais i leith na Síne a bheith aontaithe, pragmatach, ilghnéitheach agus prionsabálta, lena n-áirítear comhoibriú ar shaincheisteanna comhleasa a bhfuil tionchar domhanda acu amhail an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, nach mór dó a bheith bunaithe ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta, dul in iomaíocht leis an tSín a mhéid a bhaineann le roghanna malartacha eacnamaíocha, polaitiúla agus straitéiseacha a chur ar fáil do thríú tíortha, agus aghaidh a thabhairt ar an tSín agus smachtbhannaí a ghearradh uirthi b’fhéidir maidir le hábhair ina bhfuil ár dtuairimí faoi seach an-éagsúil óna chéile, mar shampla maidir le cosaint a thabhairt do luachanna an Aontais amhail urraim don daonlathas agus do chearta an duine, agus maidir le labhairt amach i gcoinne ionsaithe foréigneacha i gcoinne tíortha neamhspleácha agus déantóirí na sáruithe sin a cháineadh, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as sibhialtaigh neamhúrchóideacha a mharú trí ghníomhartha cogaidh, amhail a fheiceann an comhphobal idirnáisiúnta faoi láthair trí ghníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin;

12.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-idirphlé nua tráthúil idir an tAontas agus SAM maidir leis an tSín agus bunú chomhairliúcháin idir AE agus SAM maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus á iarraidh go mbeidh cur chuige comhordaithe ann chun comhar maidir le cúrsaí slándála a dhoimhniú, lena n-áirítear trí idirphlé parlaiminteach trasatlantach chun institiúidí iltaobhacha agus eagraíochtaí réigiúnacha a neartú, chun an daonlathas a chur chun cinn agus chun an athléimneacht dhaonlathach a fheabhsú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus níos faide i gcéin; á chur in iúl gur díol sásaimh di rún SAM an chobhsaíocht, an athléimneacht agus an tslándáil réigiúnach a threisiú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an comhphobal trasatlantach aontaithe go láidir agus iad ag freagairt ar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus á mheas gur comhartha an-láidir é don domhan ar fad go bhfuilimid tiomanta dár luachanna féin agus go bhfuilimid réidh iad a chosaint má dhéantar tástáil orthu;

13.

á thabhairt dá haire gur tugadh an comhaontú tríthaobhach slándála AUKUS chun críche le déanaí; á chur in iúl gur oth léi an easpa réamhchomhairliúcháin sa phróiseas sin agus ag athdhearbhú a dlúthpháirtíochta leis an bhFrainc; á chur in iúl go bhfuil sí go láidir den tuairim go bhfuil an caidreamh láidir idir an tAontas agus an Astráil, ar caidreamh é atá bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar chomhairliúchán, tábhachtach do chobhsaíocht an réigiúin agus gur cheart é sin a chur chun cinn tuilleadh agus nár cheart tabhairt i gcrích AUKUS difear a dhéanamh dó; á mheas gur codanna tábhachtacha iad AUKUS agus QUAD d’ollstruchtúr na slándála réigiúnaí agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil idirphlé oscailte, cuimsitheach ag teastáil chun slándáil éifeachtach réigiúnach a áirithiú, ar idirphlé é a mbeidh gníomhaithe réigiúnacha ábhartha, gníomhaithe seachréigiúnacha lena mbaineann agus gníomhaithe idirnáisiúnta freisin i gceist leis; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí scrúdú a dhéanamh, in éineacht leis na comhpháirtithe ábhartha, ar na féidearthachtaí maidir le hidirphlé buan a bhunú le AUKUS agus ionadaíocht a dhéanamh ag cruinnithe chomhaltaí QUAD i réimsí neamh-mhíleata freisin amhail an t-athrú aeráide, an teicneolaíocht, an tsláinte agus an trádáil d’fhonn iarrachtaí a ailíniú agus sineirgí a neartú idir ár straitéisí faoi seach maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur i bhfáth gur gá creat comhair idir AE agus an Ríocht Aontaithe a fhorbairt agus a neartú tuilleadh, lena n-áirítear sa bheartas eachtrach agus slándála; á thabhairt dá haire go bhfuil easpa spéise léirithe ag an Ríocht Aontaithe amhlaidh a dhéanamh, go dtí seo;

14.

ag leagan béim ar an ról bunúsach atá ag an nascacht i gcaidreamh geopholaitiúil an Aontais agus a Bhallstát, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir leis an straitéis don Tairseach Dhomhanda a tíolacadh i mí na Nollag 2021 arb é is aidhm di comhar inbhuanaithe a mhéadú le stáit atá ar aon intinn leis agus leas a bhaint as cumhacht bhog chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn agus chun comhpháirtíochtaí láidre, marthanacha a áirithiú; á chreidiúint go bhféadfadh an tionscnamh sin a bheith ina rogha mhalartach tharraingteach ar straitéis nascachta na Síne do chomhpháirtithe an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus níos faide i gcéin; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá comhar nascachta don Aontas agus don réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach chun aghaidh a thabhairt go rathúil ar na dúshláin slándála nua, lena n-áirítear an chibearshlándáil, nascacht dhigiteach, agus bonneagar criticiúil, agus á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí leis sin freisin iarrachtaí chun slándáil an bhonneagair dhomhanda idirlín a áirithiú, lena n-áirítear cáblaí faoi mhuir; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé an tslándáil aeráide agus an fhorbairt inbhuanaithe a neartú trí infheistíochtaí nascachta; á iarraidh go gcuirfear an straitéis sin chun feidhme go pras sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, lena n-áirítear trí thionscadail nithiúla infheicthe a chur chun feidhme;

15.

ag aithint, i gCompás Straitéiseach an Aontais, go ndéantar an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a shainaithint mar réigiún a bhfuil príomhleas straitéiseach ag AE ann agus go ndéantar tacar nithiúil cuspóirí atá le baint amach sa réigiún sin a shainaithint freisin, chomh maith leis na hacmhainneachtaí is gá chun iad a bhaint amach, bunaithe ar an measúnú comhpháirteach ar bhagairtí; á thabhairt chun suntais, chun a bheith ina ghníomhaí inchreidte slándála sa réigiún, agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, gur gá don Aontas a iarrachtaí comhpháirteacha a mhéadú tuilleadh maidir le forbairt cumais, go háirithe sa réimse muirí, agus ag an am céanna díriú ar thionscadail a bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint leo; ag moladh tuilleadh comhair idir AE agus ECAT chun freagairt ar na dúshláin slándála a bhaineann leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, mar a leagtar amach i gCompás Straitéiseach AE;

Comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí réigiúnacha agus le tíortha daonlathacha a fheabhsú

16.

á athdhearbhú gur príomhghné den straitéis gurb ea feabhas a chur ar na comhpháirtíochtaí le gníomhaithe réigiúnacha atá ann cheana agus comhpháirtíochtaí nua a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gníomhaíocht aontaithe i measc AE agus a chomhghuaillithe traidisiúnta sa réigiún ríthábhachtach chun cobhsaíocht a bhaint amach; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé beartaithe ag an Aontas dlús a chur leis an idirphlé lena chomhpháirtithe maidir le slándáil agus cosaint, lena n-áirítear maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, an chibearshlándáil, neamhleathadh agus dí-armáil, fothú acmhainneachta, bagairtí hibrideacha, an tslándáil mhuirí agus trasnaíocht agus bréagaisnéis a chomhrac, go háirithe trí dhea-chleachtais a roinnt, trí fheabhas a chur ar an gcumarsáid straitéiseach, agus trí fhianaise a bhailiú d’fhonn sannadh comhchoiteann agus na smachtbhannaí comhchoiteanna a fheabhsú, slándáil aeráide agus freagairt géarchéime a fheabhsú, agus freagairt iltaobhach éifeachtach a áirithiú do ghéarchéim COVID-19 agus do ghéarchéimeanna sláinte domhanda a bheidh ann amach anseo, chomh maith le hidirphlé maidir le slándáil mhuirí; á chur in iúl gur díol sásaimh di freisin go bhfuil AE ag imscaradh comhairleoirí míleata chuig toscaireachtaí AE sa réigiún, faoi mar a rinne sé sa tSín agus san Indinéis;

17.

ag cur béim ar an gcomhar seanbhunaithe idir AE agus ASEAN maidir le cúrsaí slándála agus cosanta, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-uasghrádú a rinneadh le déanaí ar an gcaidreamh déthaobhach go comhpháirtíocht straitéiseach; ag athdhearbhú a thiomanta atá sí tacú le lárnacht agus struchtúr iltaobhach cuimsitheach ASEAN; á iarraidh ar AE a láithreacht sa réigiún a dhaingniú agus a leathnú trí chomhar le ASEAN agus lena chomhaltaí a dhoimhniú; á iarraidh ar ASEAN ról a thabhairt do AE ag Cruinniú Airí Cosanta ASEAN-Plus agus ag Cruinniú Mullaigh na hÁise Thoir; ag cur béim ar ról bunúsach na taidhleoireachta parlaimintí maidir leis an daonlathas a neartú agus cearta an duine a chur chun cinn sa réigiún, agus dá bhrí sin á spreagadh go mbunófaí Tionól Parlaiminteach AE-ASEAN agus níos mó malartuithe parlaiminteacha ar bhonn níos rialta leis an réigiún, lena n-áirítear tráth chomóradh 45 bliana an chruinnithe mullaigh sa Bhruiséil in 2022; á chur i bhfáth gur cheart do AE féachaint an bhféadfaí dul i mbun bearta fothaithe acmhainneachta le ASEAN i réimsí amhail coinbhleachtaí sibhialta a chosc, idirghabháil, cothú na síochána agus athmhuintearas, lena n-áirítear trí chomhar le comhpháirtithe réigiúnacha eile maidir leis na bearta sin;

18.

á chur in iúl gur geal léi go mór an dlúthchomhar leis an Astráil, leis an tSeapáin, le Poblacht na Cóiré agus leis an Nua-Shéalainn mar fhreagairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dlúth-ailíniú idir an tAontas agus na ceithre thír sin maidir le smachtbhannaí a ghearradh ar an Rúis agus ar an mBealarúis i ngeall ar a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha mídhaonna; á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-idirphlé neartaithe idir ECAT agus a cheithre chomhpháirtí ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach eadhon an Astráil, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré agus an Nua-Shéalainn, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trasearnálacha slándála agus ar dhúshláin dhomhanda agus d’fhonn feabhas a chur ar fheasacht staide choiteann maidir le forbairtí slándála sa réigiún Eora-Atlantach agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, go háirithe cruinnithe ambasadóirí idir Comhairle ECAT an Atlantaigh Thuaidh (NAC) agus na ceithre thír sin ó réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, a dtugtar an fhormáid “NAC+ 4” orthu go coitianta; á iarraidh ar AE idirphlé den chineál céanna a fhorbairt leis na ceithre chomhpháirtí ó réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise; á chur in iúl gur cheart díriú ar fhothú acmhainneachta, bagairtí hibrideacha, neamhleathadh agus freagairt ar ghéarchéimeanna, cibearchosaint, ullmhacht shibhialta agus clár oibre na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil sna réimsí tosaíochta le haghaidh comhar le comhpháirtithe; á iarraidh ar ECAT leas a bhaint as a phróiseas machnaimh 2030 chun feabhas a chur ar an gcomhar lena chomhpháirtithe d’fhonn comhluachanna a chosaint, an daonlathas a chomhdhlúthú sa réigiún, athléimneacht a threisiú agus seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, agus comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú idir beartais maidir leis an tSín agus lánurraim á tabhairt d’uathriail cinnteoireachta agus gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh;

19.

á chur in iúl gur geal léi an tionscadal “Comhar Slándála san Áise agus leis an Áise a fheabhsú” agus, chun tacú lena chur chun feidhme, ag spreagadh malartuithe rialta agus turais staidéir d’oifigigh mhíleata chun comhthuiscint a éascú agus chun cur chuige straitéiseach comhchoiteann a chothú;

20.

ag athdhearbhú a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht straitéiseach sheanbhunaithe idir an tAontas agus an tSeapáin agus ag leagan béim ar an gcomhpháirtíocht atá eadrainn i réimsí na slándála, na cosanta agus na nascachta; á thabhairt dá haire gurb í an tSeapáin an t-aon chomhpháirtí sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a luaitear go sonrach i gCompás Straitéiseach AE; á chur in iúl gur geal léi torthaí an 28ú Cruinniú Mullaigh idir AE agus an tSeapáin arna reáchtáil an 12 Bealtaine 2022, inar athdhearbhaigh na ceannairí a dtiomantas an comhar a fheabhsú ar mhaithe le réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a bheidh saor agus oscailte, bunaithe ar luachanna comhroinnte agus ar straitéisí comhlántacha don réigiún; á thabhairt dá haire gur chnuasaigh an tSeapáin saineolas agus eolas go traidisiúnta maidir le comhar le tíortha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á iarraidh, dá bhrí sin, go méadódh AE a chomhoibriú leis an tSeapáin chun neartú éifeachtach a dhéanamh ar chomhar slándála muirí sa réigiún, go háirithe le ASEAN; á chur in iúl gur geal léi go mór rannpháirtíocht na Seapáine in iarrachtaí idirnáisiúnta frithphíoráideachta i Murascaill Áidin, trí chleachtaí comhpháirteacha a dhéanamh le hOibríocht Atalanta EUNAVFOR; á iarraidh ar an dá chomhpháirtí comhar a fheabhsú i réimse na slándála muirí agus comhar a fhorbairt tuilleadh faoi chuimsiú CBSC i réimsí amhail faisnéis, fothú acmhainneachta agus cibearshlándáil; á chur in iúl gur geal léi an tiomantas a thug AE agus an tSeapáin feabhas a chur ar chomhairliúcháin i réimse na dí-armála agus an neamhleata agus cur chun cinn breise a dhéanamh, i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin, ar neartú an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach; á iarraidh ar AE agus ar an tSeapáin comhairliúcháin a leathnú tuilleadh i réimse na mbagairtí hibrideacha, lena n-áirítear idirphlé maidir le cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na trasnaíochta a dhéanann gníomhaithe stáit agus neamhstáit; ag cur in iúl gur geal léi go mór an dlúthchomhar agus ailíniú na Seapáine leis an Aontas Eorpach agus le SAM maidir le freagairt do chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi seoladh tapa an chomhair agus an chomhordaithe idir AE agus an tSeapáin chun cobhsaíocht na margaí fuinnimh domhanda a chaomhnú agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an dlúthpháirtíocht a léirigh an tSeapáin i dtaca le soláthairtí inacmhainne gáis nádúrtha leachtaithe a chur ar fáil don Aontas;

21.

á iarraidh ar AE a chomhpháirtíocht straitéiseach leis an India a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na gealltanais a thug an tAontas agus an India i réimse na slándála agus na cosanta, agus is geal léi freisin gur seoladh idirphlé le déanaí maidir leis an tslándáil mhuirí; á iarraidh ar an dá pháirtí a gcomhar oibríochtúil ar muir a neartú tuilleadh, lena n-áirítear freachnaimh chomhpháirteacha chabhlaigh agus cuairteanna ar chalafoirt, chomh maith le gníomhaíochtaí chun línte muirí na cumarsáide a chosaint agus a chur chun cinn mar chuid den Chomhpháirtíocht Nascachta idir an tAontas agus an India a bunaíodh le déanaí; á iarraidh ar AE agus ar an India freisin feabhas a chur ar chomhordú agus ar mhalartuithe frithpháirteacha chun feasacht maidir leis an réimse muirí a threisiú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur in iúl gur geal léi cuairt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ar an India an 24-25 Aibreán; á chur i bhfios go láidir gur céim dhearfach i dtreo comhpháirtíochtaí amach anseo a neartú agus an comhar déthaobhach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a dhoimhniú; á thabhairt dá haire gur príomh-chomhpháirtí í an India i dtaca le timpeallacht slándála muirí a thógáil; ag athdhearbhú gur cheart go mbeadh cobhsaíocht na hÁise Láir agus Theas ina phríomhchuspóir don chomhar idir an tAontas agus an India; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil cáineadh soiléir déanta ag Rialtas na hIndia ar chogadh neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus á iarraidh ar Rialtas na hIndia athbhreithniú a dhéanamh ar a sheasamh i bhfianaise na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta atá léirithe go soiléir ag an Rúis; á iarraidh ar an India, mar an tír daonlathach is mó ar domhan, gan seasamh i leataobh go díomhaoin agus ionsaí brúidiúil á dhéanamh ar an Úcráin, ceann de na tíortha daonlathacha is mó san Eoraip, agus á iarraidh ar Rialtas na hIndia labhairt amach i gcoinne marú sibhialtach neamhurchóideach agus na ngníomhaíochtaí brúidiúla agus athbhreithnitheacha arna ndéanamh ag Vladimir Putin;

22.

á chur i bhfáth go bhfuil fréamhacha doimhne stairiúla agus naisc dhaonna ag an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Astráil agus go bhfuil sé bunaithe ar luachanna coiteanna agus ar phrionsabail chomhchoiteanna, amhail an tsíocháin, an tslándáil agus an urraim don daonlathas, do chearta an duine, do chomhionannas inscne agus don smacht reachta, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur díol sásaimh di na forbairtí dearfacha sa chomhar slándála agus cosanta idir an tAontas agus an Astráil le deich mbliana anuas agus rannpháirtíocht na hAstráile in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais; á iarraidh ar an dá chomhpháirtí tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhordú agus ar na sineirgí d’fhonn an tslándáil agus an chobhsaíocht a chur chun cinn sa réigiún Ind-Chiún-Aigéanach, lena n-áirítear maidir le saoirse loingseoireachta, agus dul i mbun plé d’fhonn réimsí leasa choitinn a shainaithint don chomhar a bheidh ann amach anseo maidir le cúrsaí slándála agus cosanta; á thabhairt dá haire, áfach, go raibh tionchar ag an easpa comhairliúcháin agus faisnéise maidir le comhaontú AUKUS ar an muinín fhrithpháirteach; á chur in iúl gur mian léi go mbeadh comhar maith frithpháirteach maidir le cosaint ann amach anseo; á chur in iúl gur geal léi go mór dlúthchomhar agus ailíniú na Seapáine leis an Aontas Eorpach agus le SAM a mhéid a bhaineann le freagairt a thabhairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta;

23.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an comhaontú slándála le déanaí idir an tSín agus Oileáin Sholomón, a bhféadfadh impleachtaí a bheith aige do shlándáil an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh láithreacht chabhlach na Síne in Oileáin Sholomón bac a chur ar rochtain ar lánaí muirí don Astráil, chun críoch trádála agus míleata araon; á chur i bhfáth go bhfuil an tsaoirse loingseoireachta in uiscí an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh ríthábhachtach don tsíocháin dhomhanda agus réigiúnach, lena n-áirithítear leasanna straitéiseacha an Aontais agus a chomhpháirtithe;

24.

á chur in iúl gur geal léi an comhar maith idir AE agus Poblacht na Cóiré, lena n-áirítear i réimse na slándála agus na cosanta, agus ag tabhairt rabhadh go bhfuil gníomhaíochtaí núicléacha Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) ina mbagairt thromchúiseach ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta, agus ar iarrachtaí domhanda maidir le dí-armáil agus neamhleathadh; ag déanamh cáineadh láidir ar bhriogadh treisithe DPDC ó thús na bliana 2022, lena n-áirítear as diúracáin bhalaistíocha ghearr-raoin a scaoileadh ó limistéar Sunan Pyongyang an 12 Bealtaine, agus ag cáineadh DPDC freisin as diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh an 25 Bealtaine tar éis d’Uachtarán SAM Biden imeacht ó Phoblacht na Cóiré; ag tabhairt dá haire agus is oth léi gurb é sin an 17ú tástáil mhór ar airm i mbliana; ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag Poblacht na Cóiré maidir le tacú leis na hiarrachtaí chun cláir núicléacha agus diúracán balaistíoch DPDC a dhíchóimeáil ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit a n-inchreidteacht agus a saineolas a úsáid chun cur go héifeachtach leis na hiarrachtaí sin, lena n-áirítear trí thacú le rún síochánta agus taidhleoireachta le DPDC i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta; ag déanamh cáineadh láidir ar thástálacha diúracán balaistíoch agus núicléach DPDC agus ar ghníomhaíochtaí eile a bhaineann le leathadh núicléach; ag áitiú ar DPDC an Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thástáil (CTBT) a shíniú agus a dhaingniú go pras agus filleadh ar chomhlíonadh an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach; á thabhairt chun suntais gur uirlis éifeachtach é an comhar idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré maidir leis an gcibearshlándáil chun aghaidh a thabhairt ar chibear-ionsaithe de thionscnamh DPDC agus tíortha réigiúnacha eile; á iarraidh ar AE agus ar Phoblacht na Cóiré araon dlús breise a chur leis na hiarrachtaí comhpháirteacha chun an chibearchoireacht a chomhrac agus chun bonneagar athléimneach a fhothú; á iarraidh ar AE agus ar Phoblacht na Cóiré a gcomhar a neartú i gcúrsaí a bhaineann leis an mbeartas spáis agus leis an teicneolaíocht; á chur in iúl gur geal léi go mór dlúthchomhar agus ailíniú Phoblacht na Cóiré leis an Aontas Eorpach agus le SAM a mhéid a bhaineann le freagairt a thabhairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta;

25.

á mheas go bhfuil an Téaváin ina comhpháirtí lárnach agus ina comhghuaillí daonlathach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus go dtacaíonn sí go láidir lena conair dhaonlathach; ag cur béim ar dhlúththacaíocht agus cairdeas AE leis an Téaváin agus, i bhfianaise chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine freisin, ag diúltú d’aon iarracht a rinne bolscaireacht Shíneach chun cosúlachtaí a tharraingt idir cogadh na Rúise san Úcráin agus staid slándála foriomlán na Téaváine toisc go bhfuil difríocht shuntasach idir na staideanna sin ó thaobh na staire de agus nuair a dhéantar anailís ar ról na Téaváine sa chomhthéacs réigiúnach agus domhanda; á chur in iúl gur geal léi an ról dearfach atá ag an Téaváin maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus go háirithe i gCaolas na Téaváine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhordú níos dlúithe le comhpháirtithe atá ar aon intinn chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a choinneáil i gCaolas na Téaváine; ag athdhearbhú gur cheart an caidreamh idir an tSín agus an Téaváin a fhorbairt ar bhealach cuiditheach trí idirphlé gan chomhéigean ná trí bhearta díchobhsaithe ag ceachtar taobh; á chur i bhfáth go bhfuil sí i gcoinne aon ghníomhaíocht aontaobhach a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de status quo Chaolas na Téaváine, agus á athdhearbhú nár cheart aon athrú ar an gcaidreamh idir dhá thaobh an Chaolais a dhéanamh in aghaidh thoil shaoránaigh na Téaváine; á iarraidh ar AE an chomhpháirtíocht atá ann cheana leis an Téaváin a fheabhsú chun luachanna coiteanna amhail an daonlathas, cearta an duine, an smacht reachta agus dea-rialachas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a chur chun cinn, oibriú le chéile ar ábhair amhail línte sábháilte cumarsáide agus aerspás oscailte agus sábháilte, agus dul i mbun comhiarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide; ag tacú le comhar níos dlúithe idir gníomhaireachtaí ábhartha Eorpacha agus Téaváine, ENRanna agus meithleacha machnaimh agus ag athdhearbhú a tacaíochta do rannpháirtíocht na Téaváine mar bhall breathnóra in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; á chur in iúl gur geal léi go mór dlúthchomhar agus ailíniú na Téaváine leis an Aontas Eorpach agus le SAM a mhéid a bhaineann le freagairt a thabhairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta;

26.

á chur in iúl gur geal léi an ról dearfach atá ag an Nua-Shéalainn sa tsíocháin agus sa tslándáil réigiúnach; ag moladh an fhíorais go gcuirtear béim láidir sa Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le Caidreamh agus Comhar idir an Nua-Shéalainn agus an tAontas Eorpach ar leathadh arm ollscriosta a chomhrac agus ar thrádáil aindleathach mionarm agus arm éadrom a chomhrac, lena n-áirítear maidir le haghaidh a thabhairt ar athléimneacht eacnamaíoch atá lagaithe, ar príomhthoisc riosca slándála é; ag moladh an rannchuidithe a rinne an Nua-Shéalainn le misin an Aontais amhail Oibríocht Atalanta EUNAVFOR; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a rinne an Comhchoiste le déanaí chun tuilleadh deiseanna a fhiosrú chun feabhas a chur ar chomhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, go háirithe i réimsí na slándála muirí agus chun dlús a chur le malartuithe i ndáil le comhrac na sceimhlitheoireachta, an antoisceachais fhoréignigh agus ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, chomh maith le trasnaíocht eachtrach agus bréagaisnéis; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le bheith ag obair le chéile chun seasamh leis an dlí idirnáisiúnta sa réigiún; á chur in iúl gur geal léi go mór dlúthchomhar agus ailíniú na Nua-Shéalainne leis an Aontas Eorpach agus le SAM a mhéid a bhaineann le freagairt a thabhairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta;

27.

á iarraidh ar AE dlús a chur leis an gcomhar le stáit san Aigéan Ciúin trí Fhóram Oileáin an Aigéin Chiúin agus tríd an gcomhaontú nua idir AE agus OACPS; ag moladh go mbeadh an Comhthionól Parlaiminteach nua AE-OACPS agus, go háirithe, a Thionól Parlaiminteach Réigiúnach idir AE agus an Aigéan Ciúin, rannpháirteach i straitéis AE-an Aigéin Chiúin;

28.

ag cur béim ar an rannchuidiú tábhachtach a dhéanann comhpháirtithe ón réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanach i misin agus oibríochtaí CBSC trí chomhaontuithe rannpháirtíochta creata leis an Astráil, an Nua-Shéalainn, Poblacht na Cóiré agus Vítneam, agus ar an ról feabhsaithe a d’fhéadfadh a bheith aici, agus á iarraidh go dtabharfaí tuilleadh comhaontuithe rannpháirtíochta creata i gcrích le tíortha comhpháirtíochta; ag tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag comhpháirtithe an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh chun a gcumas síochánaíochta féin a fhorbairt;

29.

á iarraidh ar AE cuireadh a thabhairt do chomhpháirtithe an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh atá ar aon intinn leis páirt a ghlacadh i dtionscadail roghnaithe an Bhuanchomhair Struchtúrtha, ar choinníoll go bhfuil rannpháirtíocht tríú tíortha eisceachtúil agus cinntithe de réir an cháis ar bhonn tacar comhaontaithe de choinníollacha polaitiúla, substainteacha agus dlíthiúla; á chur i bhfáth go bhféadfadh comhar den sórt sin a bheith chun leas straitéiseach an Aontais, inter alia maidir le saineolas teicniúil nó acmhainneachtaí breise a chur ar fáil agus go bhféadfadh sé idir-inoibritheacht agus comhleanúnachas a fheabhsú, go háirithe i gcás comhpháirtithe straitéiseacha amhail stáit dhaonlathacha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;

30.

á chur in iúl gur geal léi Teachtaireacht an 14 Bealtaine 2022 ó Airí Eachtracha G7 ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a chaomhnú a bheidh cuimsitheach agus faoi rialú ag luachanna na mbunsaoirsí, ag an smacht reachta, ag prionsabail dhaonlathacha, ag sláine chríochach agus ag réiteach síochánta, cuimsitheach díospóidí; ag tacú go láidir leis an ngealltanas a thug tíortha G7 chun oibriú i dtreo na sprice sin tríd an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint agus a chur chun cinn, tríd an nascacht réigiúnach a fheabhsú agus trí athléimneacht náisiúnta a fheabhsú;

Saoirse na n-acmhainní uilechoiteanna domhanda: an bonn bunúsach don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach

Gné na slándála muirí

31.

á thabhairt chun suntais go bhfuil an tslándáil mhuirí agus saoirse loingseoireachta, nach mór a áirithiú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus, go háirithe, UNCLOS, i measc na bpríomhdhúshlán sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á iarraidh go ndéanfaidh AE tuilleadh gníomhaíochta seachtraí, go háirithe iarrachtaí taidhleoireachta, chun feabhas a chur ar an smacht reachta amach ón gcósta agus chun comhar muirí le tíortha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a fheabhsú; á iarraidh ar na stáit uile nach ndearna amhlaidh UNCLOS a dhaingniú go pras; á chur in iúl gur dhíol sásaimh di é dá mbunófaí creataí córasacha agus comhordaithe, lena n-áirítear freachnaimh chomhpháirteacha, cuairteanna ar chalafoirt agus iarrachtaí chun píoráideacht a chomhrac lena ndéanfaí an taidhleoireacht chabhlaigh a chur chun cinn agus lena gcuirfí leis an tslándáil mhuirí réigiúnach;

32.

á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-acmhainneachtaí muirí féin sa réigiún ar bhealach comhordaithe agus neamhspleách, lena n-áirítear trí bhealaí a fhiosrú chun láithreacht chabhlaigh Eorpach a bheidh buan agus inchreidte a áirithiú san Aigéan Indiach; á chur i bhfáth gur gá cur le hacmhainneacht an Aontais mar sholáthraí éifeachtach slándála muirí, agus á chur i bhfáth gur gá plé agus cinneadh a dhéanamh maidir le rogha de na dúshláin is ábhartha agus is práinní ar féidir aghaidh a thabhairt orthu i ndáiríre le cabhair ón Aontas i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sa réigiún, lena n-áirítear a longa agus a chriúnna a chosaint; á thabhairt chun suntais gurb í an Fhrainc an t-aon Bhallstát a bhfuil láithreacht mhíleata bhuan aici san Aigéan Indiach; á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Ísiltír agus an Ghearmáin frigéid chuig an réigiún; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí tabhairt faoi níos mó misean cabhlaigh, lena n-áirítear misin ar leibhéal an Aontais, agus go mbeidh gá leo sa todhchaí, a bheidh leabaithe i gcur chuige comhordaithe agus cuimsitheach maidir leis an tslándáil réigiúnach; á chur in iúl gur geal léi na freachnaimh chomhpháirteacha chabhlaigh a rinne EUNAVFOR Atalanta go dtí seo leis an tSeapáin, le Poblacht na Cóiré, leis an India, le Vítneam, le Óman agus le Djibouti agus á mholadh go gcuirfí feabhas ar chleachtaí comhpháirteacha den sórt sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag EUNAVFOR Atalanta sa taidhleoireacht chabhlaigh; á chur in iúl gur geal léi a rannchuidiú láidir leis an tslándáil réigiúnach san Aigéan Indiach, go háirithe trí shoithí an Chláir Dhomhanda Bia a chosaint go rathúil agus trí shrian a chur leis an bpíoráideacht, agus ag moladh na sineirgí a cruthaíodh le EUCAP Somalia agus le EUTM Somalia; á mholadh freisin an comhar leis an Nua-Shéalainn agus le Cabhlach na Stát Aontaithe, agus an obair a rinneadh i gcomhpháirt leis an Oibríocht um Chosaint an Aigéin de chuid ECAT agus le hOibríocht AGENOR, an ghné mhíleata den tionscnamh Eorpach um Fheasacht ar Staid Mhuirí i gCaolas Hormuz (EMASOH) faoi stiúir na hEorpa; á iarraidh ar na Ballstáit chósta a n-acmhainneachtaí cabhlaigh míleata a fhorbairt d’fhonn feabhas a chur ar láithreacht agus infheictheacht AE san earnáil mhuirí dhomhanda agus á iarraidh ar AE raon feidhme geografach EUNAVFOR Atalanta a leathnú chuig an Aigéan Indiach; á iarraidh ar na Ballstáit a chuir lena láithreacht chabhlaigh cheana féin sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a gcur chuige a chomhordú i bhfóraim AE; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an cinneadh a rinne an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le déanaí cur chun feidhme choincheap na Láithreacha Muirí Comhordaithe a sheoladh san Aigéan Indiach Thiar Thuaidh trí limistéar leasa muirí a bhunú lena gcumhdófar an limistéar muirí ó Chaolas Hormuz go dtí an Trópaic Theas agus ó thuaidh ón Muir Rua i dtreo lár an Aigéin Indiaigh, ag tógáil ar shócmhainní aonair na mBallstát; á iarraidh go mbeidh sineirgí láidre ann le EUNAVFOR Atalanta; á chur in iúl gur geal léi seoladh gasta EUTM Mhósaimbíc;

33.

á mheabhrú go bhfuil gá le fís níos leithne i leith na cobhsaíochta muirí ag teastáil chun slándáil mhuirí éifeachtach a áirithiú, agus fadhbanna ar an tír mhór a gcur san áireamh a bhaineann leis an éilliú, leis an smacht reachta, le bunchúiseanna na hiascaireachta neamhdhleathaí, le drugaí neamhdhleathacha, le gáinneáil ar airm agus ar dhaoine agus leis an bpíoráideacht, chomh maith leis an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí tráchtála agus tionsclaíocha ar an gcomhshaol, lena n-áirítear eastóscadh breosla iontaise; á iarraidh ar AE aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin i gcomhthráth le bearta slándála muirí níos traidisiúnta;

34.

á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí comhpháirteacha cabhlaigh agus á iarraidh ar AE agus ar chomhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach cur leis na creataí comhair mhuirí atá ann cheana; á iarraidh ar AE meastóireacht a dhéanamh lena chomhpháirtithe ar an ngá atá le córas faireacháin a bhunú maidir le sáruithe ar an dlí muirí idirnáisiúnta sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; ag cur béim ar an mbreisluach a bhaineann le páirt a ghlacadh i bhfóraim réigiúnacha comhair, amhail Idirphlé Ardleibhéil AE-ASEAN maidir le Comhar Slándála Muirí, an Cruinniú idir an Áise agus an Eoraip agus Fóram Réigiúnach ASEAN;

35.

á iarraidh ar AE a láithreacht mhuirí a chomhlánú le cláir feabhsaithe um fhothú acmhainneachta muirí do chomhpháirtithe atá ar aon intinn leis, lena n-áirítear trí leanúint de thionscadail CRIMARIO I agus II a chur chun feidhme mar chuid de chlár an Aontais maidir le Bealaí Criticiúla Muirí agus trí chomhar a leathnú maidir le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar fheasacht ar an réimse muirí agus ar chomhroinnt faisnéise; á iarraidh ar AE measúnú a dhéanamh ar an deis raon feidhme geografach CRIMARIO a leathnú chuig an Aigéan Ciúin Theas;

36.

á chur i bhfios gur gné ábhartha den timpeallacht mhuirí í an bhainistíocht iascaigh; ag tathant ar AE leanúint de rialachas na n-aigéan sa réigiún agus de bhainistiú inbhuanaithe acmhainní muirí a chur chun cinn, trí chomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe a chur chun feidhme agus trína rannpháirtíocht i mbainistiú iascaigh réigiúnach; á iarraidh ar an Aontas an comhar atá aige le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis a neartú chun an ró-iascaireacht, ró-acmhainn agus an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus bainistiú iascaigh a chur san áireamh go córasach ar chlár oibre an idirphlé slándála muirí lena chomhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; ag tathant ar an Aontas leanúint d’fheabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre d’iascairí sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i gcomhréir le rialacháin agus coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS); á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar ghnéithe slándála agus cosanta sa chéad nuashonrú eile ar a theachtaireacht maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan atá beartaithe do 2022;

An ghné a bhaineann leis an teicneolaíocht, an cibearspás, an aer agus an spás

37.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá faisnéis agus cibearshlándáil mar chuid de bhonneagar ríthábhachtach an gheilleagair dhomhanda, agus chun an daonlathas a chosaint ar bhréagaisnéis agus ar ionsaithe mailíseacha; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí AE chun feabhas breise a chur ar an gcomhar maidir leis an gcibearchoireacht agus le fothú acmhainneachta maidir leis an gcibear-athléimneacht do chomhpháirtithe sa réigiún; á iarraidh ar an Aontas agus ar chomhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach feabhas a chur ar an gcomhar sa chomhrac i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear feachtais bhréagaisnéise; á thabhairt chun suntais gur gá don Aontas comhordú a dhéanamh le comhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá ar aon intinn leis maidir le sannadh comhchoiteann agus maidir le sásraí atá dírithe ar fhianaise agus ar fhaisnéis a chomhroinnt a bheadh mar bhonn chun cibearsmachtbhannaí a eisiúint; á iarraidh ar an Aontas agus ar ECAT a straitéisí faoi seach a ailíniú arb é is aidhm dóibh freagairtí leormhaithe a sholáthar ar chibearionsaithe de thionscnamh an réigiúin; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na bréagaisnéise ar bhealach comhchosúil leis an mbréagaisnéis a thagann as taobh thoir an Aontais; á mholadh go mbunófaí mol cumarsáide straitéisí neamhspleách AE don réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ag a mbeidh foireann agus acmhainní tiomnaithe a bheidh leabaithe i dtoscaireacht AE sa réigiún;

38.

á chur in iúl gur geal léi an comhar a seoladh idir an tAontas agus roinnt comhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach maidir leis an gcibearshlándáil agus leis an gcosaint; á iarraidh ar an Aontas dlús a chur le bunú Líonra Cibear-Thaidhleoireachta an Aontais, a bheidh dírithe ar noirm cibearshlándála agus creataí dlíthiúla a chur chun cinn sa réigiún; á iarraidh ar an Aontas agus ar thíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh atá ar aon intinn leis, cibearspás riailbhunaithe, saor, oscailte agus slán a chur chun cinn agus rialáil idirnáisiúnta an chibearspáis a neartú, inter alia trí Choinbhinsiún Bhúdaipeist, agus tionscnaimh a chur chun cinn faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe;

39.

ag tathant ar AE comhpháirtíochtaí réigiúnacha agus domhanda a fhorbairt le táirgeoirí daonlathacha réigiúnacha na dteicneolaíochtaí criticiúla arb é is aidhm dóibh oibriú i dtreo comhghuaillíocht dhomhanda daonlathas teicneolaíochta chun noirm agus caighdeáin atá cothrom, oscailte agus faoi thionchar luachanna a bhunú maidir le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí ar bhealach riailbhunaithe, eiticiúil agus dírithe ar an duine, lena n-urramaítear príobháideacht úsáideoirí aonair, go háirithe maidir leis an intleacht shaorga agus rialachas an idirlín; á iarraidh go mbeidh dlúthchomhar agus comhordú idir an tAontas agus tíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh maidir le freagairt a thabhairt ar shlabhraí soláthair domhanda agus maolú a dhéanamh ar an mbrú a d’fhéadfadh a bheith orthu mar thoradh ar smachtbhannaí idirnáisiúnta i gcoinne cuideachtaí agus earnálacha eacnamaíocha na Rúise; á iarraidh go neartófar comhar le comhpháirtithe daonlathacha ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach chun noirm dhomhanda a fhorbairt maidir le húsáid mhíleata na hintleachta saorga agus cosc domhanda ar chórais arm atá go hiomlán uathrialach; á iarraidh go mbeidh cur chuige straitéiseach comhordaithe uile-Eorpach ann i leith an réigiúin d’fhonn soláthairtí teicneolaíochta criticiúla agus ábhar criticiúil a áirithiú agus d’fhonn cumas na gcomhpháirtithe daonlathacha iad a tháirgeadh a neartú; á iarraidh go mbeidh ceanglais dhiana ann, idir cheanglais pholaitiúla agus theicniúla, maidir le teicneolaíochtaí den sórt sin a cheannach ó stáit neamhdhaonlathacha sa réigiún, amhail an tSín;

40.

á iarraidh go mbeidh rochtain chomhionann gan bhac ar an aerspás bunaithe ar urraim iomlán don dlí idirnáisiúnta; ag tacú leis an tiomantas don tsaorghluaiseacht oscailte agus saor trí thionscnaimh amhail an Comhaontú Cuimsitheach Aeriompair idir an tAontas agus ASEAN;

41.

ag cur béim ar an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann leis an ngné spáis den chomhar idirnáisiúnta agus den tslándáil idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis imní di an méadú atá tagtha ar fhorbairt agus ar leathadh na n-arm spáis, rud a mhéadaíonn an baol a bhaineann le rás arm; á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar an gcomhar réigiúnach agus domhanda agus ar an idirphlé maidir le cúrsaí spáis, lena n-áirítear trí Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí sa Chianspás, mar bhealach chun an teannas a laghdú agus chun cosc a chur ar armáil an spáis; á iarraidh ar AE cur leis an gcomhar rathúil i ndáil leis an mbeartas spáis agus leis an teicneolaíocht spáis le Poblacht na Cóiré agus leis an tSeapáin agus comhar maidir le scileanna agus teicneolaíocht spáis a sheoladh le comhpháirtithe réigiúnacha eile;

Dúshláin slándála neamhthraidisiúnta

42.

á thabhairt chun suntais go bhfuil an comhrac i gcoinne an antoisceachais fhoréignigh agus na bolscaireachta chun leasa an Aontais agus thíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh, agus don chomhphobal idirnáisiúnta chomh maith; á iarraidh ar AE tionscadal a bhunú chun an t-Antoisceachas Foréigneach a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá dírithe ar athléimneacht i gcoinne antoisceachas foréigneach a neartú, amhail ardán aontaithe chun cur i gcoinne an antoisceachais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á iarraidh ar an Aontas agus ar chomhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá ar aon intinn leis an comhar idir seirbhísí faisnéise frithsceimhlitheoireachta a neartú, lena n-áirítear trí mhalartuithe acadúla a threisiú; ag cur béim ar an ngá atá ann comhar idir Europol agus Aseanopol a chur chun cinn tuilleadh, agus idir Europol agus gníomhaireachtaí náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí chomh maith, chun malartú dea-chleachtas agus saineolais a éascú i bpríomhréimsí leasa, amhail an fhrithsceimhlitheoireacht, an choireacht thrasnáisiúnta a chomhrac, gáinneáil ar dhaoine agus ar airm aindleathacha agus smuigleáil imirceach; á mheabhrú gur dúshlán i gcónaí í an gháinneáil ar dhaoine ar fud an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh; á iarraidh ar AE tacú le comhpháirtithe réigiúnacha maidir le Prótacal Gáinneála na Náisiún Aontaithe agus tionscnaimh réigiúnacha a chur chun feidhme amhail Coinbhinsiún ASEAN i gcoinne na Gáinneála ar Dhaoine, go háirithe Mná agus Leanaí;

43.

á iarraidh go mbeidh ról níos láidre ag tíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála a eascraíonn as an Afganastáin tar éis ghabháil cumhachta an Talaban, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht agus an gháinneáil ar dhrugaí agus ar dhaoine, agus maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim dhaonnúil agus leis na bagairtí do shlándáil an duine;

44.

á thabhairt chun suntais go bhfuil an riosca a bhaineann le leathadh arm núicléach agus le méadú agus athlonnú mear na n-acmhainneachtaí nua núicléacha atá chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de agus na teicneolaíochta diúracáin fós ina chúis mhór imní don tslándáil réigiúnach agus domhanda sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an creimeadh leanúnach ar ollstruchtúr na dí-armála agus an rialaithe arm; ag tathant ar AE agus ar thíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn leis feabhas a chur ar an gcomhar maidir le sábháilteacht núicléach agus le neamhleathadh arm núicléach, ceimiceach agus bitheolaíoch agus tacú le cur chun feidhme agus uiliú an Chonartha Trádála Arm sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á iarraidh ar AE comhordú a dhéanamh le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis chun dul i mbun dian-thaidhleoireachta leis an tSín, agus nuachóiriú leanúnach a armlann núicléach, lena n-áirítear diúracáin hipirshonacha núicléacha, á chur san áireamh, d’fhonn teacht ar chóras rialaithe arm uilechoiteann, agus ollstruchtúr dí-armála agus neamhleata éifeachtach a bhaint amach, go háirithe maidir le comharba a d’fhéadfadh a bheith ann ar Chonradh um Fhórsaí Núicléacha le Meánraon agus ar an gConradh Nua um Laghdú Arm Straitéiseach, a rachaidh in éag in 2026, chun AE agus leasanna slándála idirnáisiúnta a chosaint; á iarraidh go gcoinneofar agus go seasfaí leis na conarthaí agus na hionstraimí idirnáisiúnta maidir le dí-armáil agus neamhleathadh; á iarraidh ar na stáit lasmuigh de chreat an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach atá i seilbh arm núicléach staonadh ó leathadh aon teicneolaíochta núicléiche a bhaineann le cúrsaí míleata agus a bheith ina bpáirtithe sa Chonradh; ag moladh thionscnamh AE maidir le hIonaid Barr Feabhais a bhaineann le cosaint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRN), arna mhaoiniú faoin Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta, agus á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí leanúint d’oiliúint agus d’fhothú acmhainneachta ár gcomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; ag tacú leis an gConradh maidir le Limistéar na hÁise Thoir Theas Saor ó Airm Núicléacha (SEANWFZ), mar réigiún atá saor ó airm núicléacha agus airm ollscriosta eile, agus go háirithe an aidhm chun dí-armáil núicléach a chur chun cinn;

45.

á mheabhrú go bhfuil an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach neamhchosanta go mór ar an athrú aeráide, lena mbaineann rioscaí tromchúiseacha slándála; ag spreagadh chomhpháirtithe an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach dlús a chur lena gcuid gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar síos i gComhaontú Pháras agus ag spreagadh an Aontais tacú leis na comhpháirtithe sin astaíochtaí níos ísle a bhaint amach agus bearta maolaithe don athrú aeráide a chur chun feidhme, agus a n-acmhainneachtaí a mhéadú maidir le rioscaí slándála aeráide a mheas, a réamh-mheas agus a bhainistiú; á iarraidh ar an Aontas tús áite a thabhairt do na rioscaí slándála a bhaineann leis an aeráid ar chlár oibre straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigeánach agus Treochlár Cosanta agus Aeráide an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus é rannpháirteach sa réigiún;

46.

á chur in iúl gur geal léi plean AE a rannpháirtíocht leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigeánach a atreisiú maidir le cúnamh daonnúil agus acmhainneachtaí fóirithinte tubaistí; á iarraidh ar AE agus ar a chomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach tús áite a thabhairt do chosc agus d’athléimneacht tubaistí agus dlús a chur le cur chun feidhme Chreat Sendai 2015-2030 um Laghdú Rioscaí Tubaistí;

o

o o

47.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(1)  IO C 117, 11.3.2022, lch. 40.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0052.

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0504.

(4)  IO C 184, 5.5.2022, lch. 170.

(5)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 240.

(6)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 117.

(7)  IO C 390, 18.11.2019, lch. 172.

(8)  IO C 346, 27.9.2018, lch. 44.

(9)  IO C 506, 15.12.2021, lch. 109.

(10)  IO C 388, 13.11.2020, lch. 341.

(11)  IO C 132, 24.3.2022, lch. 102.

(12)  IO L 435, 23.12.2020, lch. 74.


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/48


P9_TA(2022)0225

Oileáin AE agus beartas comhtháthaithe

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le hoileáin an Aontais agus beartas comhtháthaithe: an staid reatha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo (2021/2079(INI))

(2022/C 493/04)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 174, 175 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (2),

ag féachaint do Dhearbhú Deiridh an 40ú Comhthionól Ginearálta Bliantúil de chuid Choimisiún na nOileán de Chomhdháil Réigiúin Mhuirí Fhorimeallacha na hEorpa an 15 Aibreán 2021,

ag féachaint don 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC) agus do na coincheapa a leagtar amach ann,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030,

ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Choiste um Fhorbairt Réigiúnach dar teideal “Islands of the European Union: State of play and future challenges” [Oileáin an Aontais Eorpaigh: Staid na himeartha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo], a foilsíodh i mí an Mhárta 2021,

ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Choiste um Fhorbairt Réigiúnach dar teideal “Cohesion Policy and Climate Change” [Beartas Comhtháthaithe agus Athrú Aeráide], a foilsíodh i mí an Mhárta 2021,

ag féachaint d’Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh Next Generation EU,

ag féachaint don dearbhú deiridh ón 26ú Comhdháil d’Uachtaráin na Réigiún is Forimeallaí, a síníodh in Ponta Delgada an 18 Samhain 2021,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 10 Nollaig 2020 maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach i ndáil le cur chun feidhme na comhpháirtíochta straitéisí athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas (3),

ag féachaint do chomhaontú ón gComhairle an 7 Nollaig 2021 maidir le cur chuige ginearálta chun rialacha an Aontais maidir le rátaí cánach breisluacha (CBL) a nuashonrú,

ag féachaint do rún uaithi an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an athbhreithniú ar Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (4),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2018 maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú san Aontas Eorpach: an 7ú tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach (5),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac (6),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (7),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 dar teideal “Towards a stronger partnership with the EU outermost regions” [I dtreo comhpháirtíochta níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas] (8),

ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil (9),

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha laistigh de chomhthéacs oileánach na Meánmhara,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0144/2022),

A.

de bhrí go bhfuil daonra measta de bhreis agus 20 000 000 ag réigiúin oileánacha AE (4,6 % de dhaonra iomlán AE); de bhrí go bhfuil daonra oileánach AE scaipthe thar tuairim is 2 400 oileán a bhaineann le 13 Bhallstát;

B.

de bhrí go bhfuil oileáin AE a bhfuil líon suntasach fadhbanna struchtúracha acu aicmithe den chuid is mó cheana féin mar réigiúin d'aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) 2 nó NUTS 3;

C.

de bhrí gur minic a bhíonn oileáin ag fulaingt ó mheascán de mhíbhuntáistí nádúrtha iolracha agus buana amhail méid beag, don chuid is mó dlús íseal daonra, dúshláin dhéimeagrafacha amhail brú déimeagrafach séasúrach, margaí beaga, oileánachas dúbailte (oileánda agus oileánra), topagrafaíocht dheacair atá an-chosúil le topagrafaíocht réigiún sléibhtiúil, spleáchas ar mhuiriompar agus ar aeriompar agus spleáchas ar líon beag táirgí;

D.

de bhrí nach bhfuil tionchar aonfhoirmeach ag an athrú déimeagrafach ar gach tír agus ar gach réigiún, ach go bhfuil tionchar níos mó aige ar réigiúin atá tite ar gcúl cheana féin, rud a chuireann leis an neamhionannas críochach agus sóisialta atá ann cheana; de bhrí gurb iad na réigiúin thuaithe, imeallacha agus na réigiúin is forimeallaí, lena n-áirítear oileáin, is mó atá thíos le dídhaonrú, le daoine óga agus mná den chuid is mó ag fágáil na gceantar sin, rud a fhágann go bhfuil sciar na ndaoine scothaosta atá ina gcónaí iontu ag dul i méid, rud a d’fhéadfadh baol an leithlisithe shóisialta a mhéadú;

E.

de bhrí go n-aithnítear saintréithe sonracha na n-oileán le hAirteagal 174 CFAE, agus de bhrí go bhfuil cur i bhfeidhm nithiúil an Airteagail seo, i dtaca go sonrach le críocha oileánacha AE, fós in easnamh; de bhrí gur cheart na saintréithe sin a chur san áireamh i mbeartais AE, go háirithe trí straitéis thiomnaithe, plean gníomhaíochta Eorpach agus clár oibre beartais oileánaigh a tharraingt suas ina mbeidh tosaíochtaí gníomhaíochta atá sainithe go soiléir;

F.

de bhrí nach bhfuil na réigiúin oileánacha go léir chomh forbartha céanna i gcomparáid le réigiúin mhórthír a mBallstát agus go bhfuil OTI per capita níos ísle acu;

G.

de bhrí gur oileáin iad trí Bhallstát den AE;

H.

de bhrí go gcruthaíonn dícheangal fisiceach na n-oileán agus a n-iargúltacht ón mórthír srianta breise, lena n-áirítear don mhargadh saothair, naisc agus soghluaisteacht inbhuanaithe iompair, allmhairiú amhábhar agus táirgí tomhaltais, rochtain do tháirgí oileánda chuig margaí seachtracha comharsanachta, oideachas, cúram sláinte, gnó, rochtain ar uisce agus sláintíocht, soláthar fuinnimh agus saoráidí bainistithe dramhaíola; de bhrí go bhfágann an dícheangal geografach sin go bhfuil aistriú glas na gcríoch sin, i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, i bhfad níos deacra;

I.

de bhrí go bhfuil rochtain chomhionann ar bhearta oiliúna, uas-scilithe agus athscilithe cáilíochta agus cuimsitheacha, chomh maith le faisnéis maidir le hacmhainní scileanna, comhairleoireacht, oideachas agus gairmoiliúint do gach duine, lena n-áirítear do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus iargúlta agus oileáin faoi líon fíorbheag daoine agus atá dídhaonraithe, ríthábhachtach don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht;

J.

de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE, i gcás na réigiún is forimeallaí, atá ina dtromlach mór ar oileáin, nach mór do AE bearta sonracha a ghlacadh atá dírithe ar choinníollacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm chomhbheartais AE maidir leis na réigiúin sin, go háirithe i réimsí amhail beartais chustaim agus trádála, beartas fioscach, saorlimistéir, beartais talmhaíochta agus iascaigh, coinníollacha maidir le soláthar amhábhar agus earraí tomhaltais riachtanacha, Státchabhair agus coinníollacha rochtana ar chistí struchtúracha agus ar chláir chothrománacha de chuid an Aontais; de bhrí go rannchuidíonn bearta sonracha sna réimsí sin go léir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san AE a neartú;

K.

de bhrí gur minic nach raibh cúram sláinte bunúsach, cóiríocht chuibhiúil, trealamh cosanta pearsanta agus faisnéis leordhóthanach ar fáil le linn phaindéim COVID-19 d’oibrithe séasúracha agus d’oibrithe ar postú; de bhrí gur minic nach raibh acu ach rochtain neamhleor nó nach raibh rochtain acu ar chor ar bith ar scéimeanna cosanta sóisialta sna Ballstáit óstacha, lena n-áirítear pá breoiteachta agus scéimeanna dífhostaíochta ghearrthéarmacha; de bhrí go bhfuil soghluaisteacht oibrithe ag brath go mór ar mhodhanna iompair atá ar fáil, agus go ndéantar difear ar leith d’oibrithe ó oileáin agus ó na réigiúin is forimeallaí den Aontas;

L.

de bhrí gur ábhar imní ar leith iad iarmhairtí fadtéarmacha sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus cultúrtha ghéarchéim COVID-19 ar chríocha oileánacha an Aontais, agus de bhrí nach mór na hoileáin a áireamh i dtéarnamh na hEorpa agus nár cheart go gcruthófaí tuilleadh éagothromaíochtaí réigiúnacha; de bhrí gur léirigh géarchéim COVID-19 go bhfuil geilleagair na n-oileán an-leochaileach i leith imeachtaí den sórt sin;

M.

de bhrí go bhfuil rátaí dífhostaíochta arda na n-oileán go minic, ar gnách leo a bheith níos airde ná ar an mórthír, níos measa go mór mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, rud a chuireann isteach ar dhaoine óga go háirithe;

N.

de bhrí go bhfuil oileáin agus na réigiúin is forimeallaí ar líne tosaigh an athraithe aeráide, faoi thionchar leibhéil na farraige atá ag ardú agus creimeadh cósta agus téamh agus aigéadú na bhfarraigí agus na n-aigéan agus minicíocht mhéadaithe agus foréigean méadaithe tubaistí nádúrtha amhail cioclóin, brúchtaí bolcánacha, dóiteáin agus stoirmeacha foraoise, tuilte, triomach agus na fadhbanna a bhaineann le fairsingiú fásaigh, ar féidir leo tionchar diúltach a bheith acu ar thalmhaíocht agus ar sholáthar bia agus a d’fhéadfadh cineálacha éagsúla damáiste eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a dhéanamh; de bhrí gur féidir leo a bheith mar bhealaí den scoth chun réimse próiseas aistrithe éiceolaíochta a thástáil agus go bhfuil go leor acu ag iarraidh neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite;

O.

de bhrí go bhfuil go leor sócmhainní ag na hoileáin ar cheart a n-acmhainneacht a bhaint amach ar bhealach níos fearr;

P.

de bhrí go bhfuil bithéagsúlacht agus éiceachórais thar a bheith saibhir ag na hoileáin; de bhrí go bhfuil éiceachórais na n-oileán faoi bhagairt ar leith ag tionchar an athraithe aeráide agus gur cheart iad a chosaint;

Q.

de bhrí, ar go leor oileán, go bhfuil ceantair intíre chun deiridh ar réigiúin chósta ó thaobh forbairt eacnamaíoch agus inrochtaineacht seirbhísí de;

R.

de bhrí go gcuirtear bac ar ghabháltais talmhaíochta ar oileáin, den chuid is mó díobh, mar gheall ar a suíomh iargúlta, a n-oileánachas agus a ndálaí comhshaoil, a spleáchas ar fhuinneamh ón mórthír, éagsúlacht theoranta sa táirgeacht i ngeall ar dhálaí áitiúla agus aeráide agus spleáchas ard ar mhargaí áitiúla, chomh maith leis an ngéarchéim aeráide, díghrádú an chomhshaoil, cailliúint na bithéagsúlachta agus easpa bonneagar bunúsach amhail bóithre, soláthar uisce, bainistiú dramhaíola, bonneagar digiteach agus sláinte; de bhrí gur minic a dhéantar na deacrachtaí struchtúracha sin níos measa fós mar gheall ar easpa seirbhísí lánfhorbartha leasa ghinearálta;

S.

de bhrí go bhfuil oileáin, go háirithe na réigiúin is forimeallaí, an-leochaileach do ghéarchéimeanna socheacnamaíocha chomh maith le tubaistí nádúrtha amhail teagmhais adhaimsire agus gníomhaíocht bholcánach; de bhrí, mar gheall ar a leithlisiú geografach agus na deacrachtaí atá acu rochtain a fháil ar sholáthairtí bunúsacha ó chríocha mórthír, amhail breosla nó uisce, go bhfuil tionchar níos tromchúisí ag feiniméin amhail paindéim COVID-19 ar oileáin, rud a chruthaíonn deacrachtaí ar leith d’fheirmeoirí; de bhrí gurb ionann críocha oileánacha san Aontas agus 80 % de bhithéagsúlacht na hEorpa, go gcuanann siad go leor de speicis eindéimeacha na hEorpa agus go bhféadfadh siad gníomhú mar dhídean do speicis atá atá i mbaol díothaithe, agus gurb ionann iad freisin agus láithreacha geimhridh ríthábhachtacha, stadanna nó scrogaill d’éin imirceacha, mamaigh agus inveirteabraigh chomh maith le seoda tírdhreacha agus comhshaoil a bhfuil cosaint shonrach ag teastáil ina leith;

T.

de bhrí go bhfuil cuid shuntasach d’fhorbairt shocheacnamaíoch na n-oileán bunaithe ar earnálacha atá thar a bheith séasúrach, mar is amhlaidh i gcás na talmhaíochta agus na turasóireachta; de bhrí go bhfuil feirmeoirí i réigiúin oileánacha ag fulaingt go háirithe mar gheall ar iomaíochas laghdaithe toisc go gcaithfidh siad costais arda iompair a sheasamh agus nach féidir leo tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála, ós rud é gur acmhainn gann é talamh ar go leor oileán; de bhrí go mbeidh ar oileáin AE an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” a chomhlíonadh mar chuid riachtanach den Chomhaontú Glas don Eoraip chun córais soláthair bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt; de bhrí go bhféadfadh na réigiúin sin a bheith faoi mhíbhuntáiste tromchúiseach mar gheall ar iomaíocht ó thíortha neamh-AE, nach n-urramaíonn na caighdeáin táirgthe chomhshaoil agus sábháilteachta bia céanna go minic agus a bhfuil costais saothair i bhfad níos ísle acu;

U.

de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag tionchar na straitéise “ón bhfeirm go dtí an forc” ar tháirgeadh talmhaíochta AE sna réigiúin sin mar gheall ar a n-iomaíochas lag vis-à-vis allmhairí ón gcoigríoch agus na dúshláin atá rompu maidir lena dtáirgeadh a éagsúlú;

V.

de bhrí go bhfuil bithéagsúlacht mhuirí agus talún na n-oileán eindéimeach den chuid is mó, agus dá bhrí sin go bhfuil sí níos leochailí; de bhrí gur féidir le truailliú muirí agus cósta, chomh maith le ró-iascaireacht agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a bhfuil tionchar méadaithe aige ar chomhshaol na n-oileán agus iarmhairtí an-tromchúiseach aige ar fhostaíocht, ar earnáil an iascaigh ar mhionscála agus ar phobail áitiúla, a bheith ina n-ábhar imní ar na hoileáin;

W.

de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí cuidiú le todhchaí inbhuanaithe a áirithiú don Eoraip in earnálacha straitéiseacha amhail fuinneamh glan, bithéagsúlacht agus éiceathurasóireacht;

Saintréithe agus gnéithe sonracha oileáin an Aontais Eorpaigh

1.

á aithint gur bac struchtúrach buan í an oileánachas; á thabhairt dá haire gurb é sin an fáth go bhfuil gá straitéisí le haghaidh lánpháirtíochta a fhorbairt chun cur ar chumas na n-oileán aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na bacainní is cúis leis an oileánacht a shárú;

2.

á mheabhrú go sonraítear in Airteagal 174 CFAE nach mór don Aontas aird ar leith a thabhairt ar oileáin Eorpacha;

3.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil gnéithe geografacha éagsúla agus socruithe institiúideacha éagsúla ag oileáin Eorpacha, cé go bhfuil dúshláin choiteanna rompu, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ríthábhachtach réitigh sholúbtha a ghlacadh lena gcuirtear na sainiúlachtaí sin san áireamh;

4.

á chur in iúl gur oth léi easpa físe AE d’oileáin Eorpacha agus á iarraidh go bhforbrófar fís oileánach Eorpach agus go mbainfí leas as láidreachtaí na n-oileán;

5.

á chur i bhfios go n-aithnítear freisin in Airteagal 349 CFAE an oileánachas i measc na gcoinníollacha lena gcuirtear srian le forbairt na naoi réigiún is forimeallaí agus go luann sé an oileánachas mar cheann de na coinníollacha a chuireann lena staid shóisialta agus eacnamaíoch atá leochaileach ó thaobh struchtúir de; á mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 349 CFAE do bhearta sonracha do na réigiúin sin is forimeallaí; á iarraidh go mbeadh rialachán sonrach ann do na réigiúin is forimeallaí maidir le comheagrú na margaí ionas gur féidir imthosca áirithe comhshaoil, geografacha agus sóisialta na gcríoch sin a thagann faoi Airteagal 349 CFAE a chur san áireamh;

6.

á chur i bhfáth go bhfuil OTI agus leibhéal forbartha na n-oileán Eorpach tite ar gcúl ar mheán AE agus na dtíortha lena mbaineann siad;

7.

á chur i bhfáth gur b'iad na coinníollacha geomhoirfeolaíocha agus nádúrtha ceann de na míbhuntáistí móra ar na hoileáin; á thabhairt dá haire go ginearálta go mbíonn bac nádúrtha dúbailte nó triarach ag oileáin, i.e. oileánachas, tír-raon sléibhtiúil agus go bhfuil siad mar chuid d’oileánra;

8.

á mheabhrú go gcruthaíonn oileánachas fadhbanna struchtúracha maidir le spleáchas ar mhuiriompar agus ar aeriompar, ar seirbhís phoiblí í ar a bhfuil saol laethúil shaoránaigh na hEorpa atá ina gcónaí ar oileáin ag brath, agus costais bhreise ar allmhairiú agus onnmhairiú earraí, amhábhar, lena n-áirítear tráchtearraí fuinnimh, agus táirgí tomhaltais chomh maith le hiompar paisinéirí;

9.

á chur i bhfáth, i gcás oileánraí, go ndéantar na deacrachtaí sin ó thaobh oileánachas a iolrú faoi dhó nó faoi thrí uaireanta;

10.

ag tabhairt chun suntais easnaimh na n-oileán ó thaobh daonra, amhábhar agus acmhainní de gach cineál, agus ag tabhairt dá haire gur saincheist lárnach i saol na ndaoine agus d’fhorbairt na talmhaíochta, táirgeadh fuinnimh, inbhuanaitheacht an oileáin agus a chumas iompair turasóireachta é i gcás go leor oileán rochtain ar uisce óil agus ar shláintíocht, go háirithe do gach teaghlach;

11.

á chur i bhfáth go gciallaíonn leithlisiú mar gheall ar oileánachas spleáchas ar mhargaí na mórthíre agus na limistéar ilchríochach agus go méadaíonn sé costas seirbhísí áirithe amhail bainistiú dramhaíola, chomh maith le costas earraí áirithe, go háirithe i gcás oileáin bheaga nó iargúlta atá ag brath go mór ar allmhairí;

12.

á chur i bhfáth go bhfuil geilleagair na n-oileán dírithe ar na hearnálacha príomhúla agus treasacha agus go lagaíonn an hipearspeisialtóireacht an creatlach eacnamaíoch trína bheith níos leochailí ó thaobh moillithe agus géarchéimeanna eacnamaíocha de; á chur in iúl gur cúis bhuartha di forbairtí fadtéarmacha ar féidir leo i roinnt mhaith oileán AE geilleagar a chruthú atá bunaithe ar an turasóireacht amháin, as a n-eascraíonn leochaileachtaí séasúracha amhail difríochtaí in acmhainní airgeadais idir na séasúir turasóireachta arda agus ísle; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, go bhfuil gá geilleagar na n-oileán a éagsúlú trína n-earnálacha tánaisteacha a neartú chun cothromaíocht mhaith agus margadh saothair éagsúil a bhaint amach;

13.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, éifeachtaí leanúnacha agus fadtéarmacha ghéarchéim phaindéim COVID-19, atá ag cur staid oileáin AE, atá an-fhorbhásach cheana féin in go leor ceantar, in olcas; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil meath na meabhairshláinte ina ghné shuntasach don éiginnteacht, mar gheall ar leithlisiú agus roghanna srianta na gceantar oileánach;

14.

á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 níos measa fós ar go leor oileán agus sna réigiúin is forimeallaí ná mar atá ar an mórthír, mar a léirítear i bpraghsanna lastais mhuirí atá ag dul i méid, agus go bhfuil siad ag cur leis na deacrachtaí struchtúracha sóisialta agus eacnamaíocha atá ina saintréithe de na réigiúin sin; ag tabhairt dá haire nach ndéanfaidh méaduithe ar phraghsanna atá ann faoi láthair ach na deacrachtaí sin a threisiú;

15.

á mheabhrú do na Ballstáit gur cheart go bhféachfadh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le héagsúlachtaí san fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach idir na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin is forbartha a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún a chur in iúl ar comhlíonadh an fhoráil sin sna pleananna téarnaimh náisiúnta agus a thuarascáil athbhreithnithe á cur faoi bhráid na Parlaiminte;

Saincheisteanna agus dúshláin d’oileáin na hEorpa

An t-athrú aeráide agus an bhithéagsúlacht

16.

á chur i bhfáth go bhfuil tréithe uathúla bithgheografacha, fíliginiteacha agus feidhmiúla mar shaintréith ag an mbithéagsúlacht ar oileáin, go bhfuil méid suntasach de bhithéagsúlacht an domhain le fáil ar oileáin agus go bhfuil pobail phórúcháin mhóra de speicis thábhachtacha á n-óstáil acu, ach go bhfuil cailliúint dhíréireach bithéagsúlachta orthu freisin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le beartais agus gníomhaíochtaí réigiúnacha spriocdhírithe amhail cúnamh teicniúil níos comhordaithe chun bithéagsúlacht uathúil na n-oileán a chosaint agus a athbhunú chomh maith leis na hacmhainní nádúrtha ganna atá orthu a chaomhnú, amhail ithir agus uisce, chun a dtáirgiúlacht talmhaíochta a chosaint, go háirithe i gcás táirgí traidisiúnta inbhuanaithe, agus slite beatha a áirithiú agus, ag an am céanna, cuidiú le cuspóir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a neartú d’fheirmeoirí atá ag gabháil do chleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht, lena n-áirítear trí rátaí cistiúcháin agus cómhaoinithe níos airde;

17.

á chur i bhfáth go bhfuil timpeallacht leochaileach agus bithéagsúlacht eindéimeach mhuirí agus talún ag go leor oileán, agus go bhfuil forbairt na turasóireachta, go háirithe ar oileáin áirithe sa Mheánmhuir, ag cur tuilleadh leis an mbrú antrapaigineach ar an mbithéagsúlacht;

18.

á iarraidh go mbeadh beartais agus gníomhaíocht réigiúnach spriocdhírithe, inbhuanaithe agus éifeachtúil ann do na hoileáin lena ndírítear ar neartú a dhéanamh ar a gcumas a mbithéagsúlacht uathúil a chosaint agus a athbhunú, geilleagar gorm a chur chun cinn atá dírithe ar an turasóireacht agus ar an iascach inbhuanaithe, agus tacú le taighde ar ghrinneall na farraige; ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide ar oileáin;

19.

á mheabhrú go bhfuil oileáin ar líne tosaigh an athraithe aeráide, go háirithe le leibhéil farraige atá ag ardú agus le téamh agus aigéadú na bhfarraigí agus na n-aigéan, tionchar méadaitheach an fhairsingithe fásaigh agus iomadú tubaistí nádúrtha;

20.

ag iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus é a chur in oiriúint do réaltachtaí agus bagairtí nua amhail tubaistí nádúrtha nó éifeachtaí an athraithe aeráide, chun déileáil ar bhealach níos réadúla le hiarmhairtí na bhfeiniméan sin;

21.

ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go pras ar an tábhacht a bhaineann leis na sásraí éigeandála atá ann cheana a oiriúnú chun dul i ngleic le tubaistí nádúrtha atá ag éirí níos tromchúisí amhail brúchtadh an bholcáin ar oileán La Palma (an Spáinn), dúshlán sóisialta agus eacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a éilíonn freagairt chomhréireach ar an damáiste a rinneadh;

22.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na rioscaí a bhaineann le ró-iascaireacht agus le truailliú muirí agus cósta; á iarraidh, i gcomhthéacs Chomhaontú Pháras agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena n-áirítear an Dlí Aeráide, go dtabharfaí tacaíocht shonrach d’oileáin, ós rud é go bhfuil sé sin bunriachtanach chun iad a dhéanamh inoiriúnaithe, athléimneach agus fadbhreathnaitheach go hiomchuí chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus oiriúnú dó; á iarraidh go n-imscarfar ionstraimí chun drochthionchar sóisialta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar oileáin an AE a chúiteamh;

23.

á iarraidh go ndéanfaí anailís ar straitéisí maidir le rioscaí tubaiste nádúrtha a chosc, ar bhearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus ar bheartais réigiúnacha chun iomadú tithíochta agus bonneagair ar thuilemhánna cósta nó i limistéir ina bhfuil baol ann go dtarlóidh sciorradh talún a sheachaint;

Rochtain ar uisce agus bainistiú uisce

24.

á mheas gur féidir le hoileáin a bheith ina saotharlann iontach do chleachtais inbhuanaitheachta in earnálacha amhail fuinneamh glan, an geilleagar ciorclach, soghluaisteacht chliste, bainistiú dramhaíola agus an geilleagar gorm; measann sé go bhfuil sé riachtanach go háirithe slabhraí dáileacháin a ghiorrú chun astaíochtaí ó iompar amhábhar a laghdú agus chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, toisc go bhfuil sé seo thar a bheith tábhachtach chun oileáin a dhéanamh níos iomaíche agus féinchothabhálach;

25.

á chur i bhfáth go bhfuil staid fhorbhásach beagnach gach oileáin ag éirí níos measa i dtéarmaí a sócmhainní comhshaoil, go háirithe acmhainní uisce; ag iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún cistiú breise a shlógadh chun tacaíocht níos fearr a chur ar fáil do réigiúin oileánacha maidir le rochtain ar uisce agus bainistiú uisce agus comhbheartas bainistithe uisce a ghlacadh do na hoileáin;

26.

á chur i bhfáth gur gá íonú uisce a chur chun cinn, go háirithe fuíolluisce, agus timthriall inbhuanaithe uisce a ráthú; á mheabhrú gur minic a bhíonn an díshalannú costasach agus nach bealach éifeachtach é chun soláthar uisce iomlán oileáin a chur ar fáil; ag meabhrú freisin na dúshláin a bhaineann le bainistiú dramhaíola ar chríocha oileánacha a bhfuil acmhainní teoranta acu chun dramhaíl a stóráil agus a phróiseáil, go háirithe le linn séasúir mhóra turasóireachta ina méadaítear táirgeadh dramhaíola; ag tabhairt chun suntais, thairis sin, ról straitéiseach an gheilleagair chiorclaigh, nach mór a leathnú chun bailiú agus athchúrsáil eacnamaíoch na dramhaíola muirí a chuimsiú;

Aistriú fuinnimh

27.

á iarraidh go mbeadh rialacha sonracha agus tacaíocht airgeadais ann chun cabhrú le hoileáin spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach, agus na costais bhreise a bhaineann le hearnálacha amhail fuinneamh agus iompar á gcur san áireamh chomh maith le tionchar na dteicneolaíochtaí soghluaiste ar a gcórais fuinnimh; á aithint go bhfuil gá le leibhéil infheistíochta an-ard go comhréireach chun fuinnimh inathnuaite eadrannacha a bhainistiú; á iarraidh go gcuirfí na costais sin san áireamh sa phacáiste reachtach “Oiriúnach do 55”;

28.

á chur i bhfios go láidir an gá atá leis an bpacáiste reachtach “Oiriúnach do 55” agus na deiseanna a eascraíonn as an bpacáiste sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, áfach, gur cheart go mbeadh dlúthbhaint ag cur chun feidhme nithiúil na mbeart reachtach sin le cur chun cinn an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach, ós rud é go bhfuil oileáin ag brath ar an aeriompar agus ar an muiriompar amháin;

29.

á iarraidh go ndéanfaí bearta cúiteacha nithiúla lena bhfritháireofar aon iarmhairtí diúltacha do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach na n-oileán sa phróiseas chun aistriú chuig geilleagar agus sochaí níos glaine a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar a spleáchas ar na hearnálacha eitlíochta agus muirí;

30.

á mheas go bhfuil dlúthfhaireachán tábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar oileáin a chomhtháthú go hiomlán i bhforbairt an bhonneagair mhuirí ghlais; á iarraidh go ndéanfaí tosaíocht a thabhairt d’oileáin i bhforbairt bonneagair atá dírithe ar an aeriompar agus ar an muiriompar a dhícharbónú; á thabhairt chun suntais go bhfágann míbhuntáistí struchtúracha na n-oileán a saoránaigh agus a ngnólachtaí gan chosaint ó thaobh praghsanna atá ag ardú;

31.

á chur i bhfios, mar gheall ar a mbeagmhéid agus a gcórais fuinnimh scoite, go bhfuil dúshlán mór roimh oileáin maidir le soláthar fuinnimh ós rud é go mbíonn siad ag brath go ginearálta ar allmhairí breosla iontaise le haghaidh giniúna leictreachais, iompair agus teasa;

32.

á mheas gur cheart tús áite a thabhairt d’úsáid fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh taoide, a thugann buntáistí suntasacha do na hoileáin, agus riachtanais na bpobal áitiúil á gcur san áireamh, lena n-áirítear ailtireacht thraidisiúnta na n-oileán agus gnáthóga áitiúla a chaomhnú; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtacófaí le forbairt raon leathan foinsí fuinnimh in-athnuaite de réir ghnéithe geografacha na n-oileán; á chur in iúl gur geal léi na cláir hidrigine glasa atá seolta ag na hoileáin;

33.

á iarraidh go mbunófaí neamhspleáchas fuinnimh atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite mar sprioc do gach oileán Eorpach, go dtacófar leis trí na hacmhainní airgeadais riachtanacha agus go rachfar i ngleic leis trí bhreoslaí iontaise a chéimniú amach agus trí bhearta a thabhairt isteach chun acmhainneacht an fhuinnimh inbhuanaithe agus inathnuaite a mhéadú; á iarraidh go ndéanfar taighde breise chun foinsí inathnuaite fuinnimh amach ón gcósta a dhéanamh níos inacmhainne agus níos oiriúnaí do ghnéithe geografacha na n-imchuach farraige éagsúil;

34.

á chur i bhfios go láidir, chun aistriú éifeachtach comhshaoil a bhaint amach, go bhfuil sé ríthábhachtach cumas riaracháin institiúidí áitiúla na n-oileán Eorpach a fheabhsú agus a n-acmhainneacht a fhorbairt mar chumasóirí ar iomaíochas eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus mar thionscnóirí iompraíochta atá neamhdhíobhálach don aeráid i measc na saoránach; á mheabhrú go mbraitheann an t-aistriú sin freisin ar bheartais agus tionscnaimh láidre taighde agus nuálaíochta lena gcothaítear comhar i measc geallsealbhóirí áitiúla agus ag an am céanna a chothaíonn úsáid níos leithne saoráidí taighde i gcríocha oileánacha;

35.

á mheabhrú do na Ballstáit nach mór staidéar agus anailís shonrach do gach ceann dá n-oileán a áireamh ina bpleananna náisiúnta um aistriú, mar a fhoráiltear faoin gCiste um Aistriú Cóir;

Forbairt eacnamaíoch agus shóisialta

36.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú le creatlach eacnamaíoch áitiúil na n-oileán Eorpach, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);

37.

ag iarraidh ar na Ballstáit maoiniú ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a úsáid chun tacú le cruthú post ardcháilíochta, chun cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur chun cinn agus chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i réigiúin atá i mbaol dídhaonraithe, agus aird ar leith á tabhairt ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a fheabhsú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá seirbhísí comhairliúcháin, foghlaim ar feadh an tsaoil agus cláir le haghaidh athoiliúint agus uas-sciliú d’oibrithe ag gach aois;

38.

á iarraidh go ndéanfar bearta práinneacha chun dídhaonrú na n-oileán chomh maith le himirce daoine oilte agus scileanna a theorannú agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar inrochtaineacht do ghrúpaí leochaileacha, chun tacú le gnólachtaí áitiúla agus chun poist a chosaint, agus chun aghaidh a thabhairt ar aosú an daonra; á iarraidh freisin go ndéanfaí forbairt ar oideachas, oiliúint ghairmiúil, uas-sciliú, fiontraíocht nuálach agus inbhuanaithe agus bunaíochtaí fostaíochta d’áitritheoirí na n-oileán a chur chun cinn, go háirithe do mhná, a bhfuil ráta dífhostaíochta níos airde acu ná fir i mbeagnach gach oileán AE, agus daoine óga;

39.

á chur i bhfáth gur gá an comhaontú ón gComhairle an 7 Nollaig 2021 a leathnú chun rialacha an Aontais maidir le rátaí CBL do gach limistéar oileánach san Aontas a nuashonrú i gcás inarb infheidhme;

40.

á chur i bhfios gur nocht géarchéim COVID-19 na lochtanna sláinte ar go leor oileán Eorpach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé bonneagar sláinte a fhorbairt agus a fheabhsú, rochtain ar chúram agus tacaíocht a chur ar fáil chun bunú gairmithe cúraim sláinte a spreagadh, go háirithe sna críocha oileánacha is iargúlta;

41.

á chur i bhfáth go bhfuil gá, ar an leibhéal áitiúil, dlúthchomhar, soghluaisteacht agus malartuithe eolais idir institiúidí oideachais, taighde agus nuálaíochta teicneolaíochta, gnólachtaí agus saoránaigh aonair a spreagadh; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú gur féidir le háitritheoirí oileán na hEorpa, go háirithe iad siúd is faide ó mhór-roinn na hEorpa, a bheith rannpháirteach go hiomlán agus go cothrom i gcláir soghluaisteachta Eorpacha amhail Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, DiscoverEU agus an clár Aim, Learn, Master, Achieve (ALMA) a bheidh ann amach anseo;

42.

á mheabhrú a thábhachtaí atá cláir AE amhail an Ráthaíocht don Aos Óg; ag iarraidh ar na Ballstáit an clár sin a chur chun feidhme go tapa, i ndlúth-ailíniú le cistí AE amhail CSE+, chun aghaidh a thabhairt ar staid na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna, agus imní ar leith dóibh siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus i réigiúin a bhfuil srianta nádúrtha nó déimeagrafacha ina margaí saothair, lena n-áirítear oileáin, chun a áirithiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, gairmoideachas nó gairmoiliúint, go mbeidh siad in ann na scileanna is gá do dheiseanna fostaíochta i raon leathan earnálacha a fhorbairt, nó go dtairgfear printíseacht nó tréimhse oiliúna luach saothair dóibh laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil;

43.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun an Ráthaíocht don Aos Óg a dhéanamh níos cuimsithí agus chun aon chineál idirdhealaithe a sheachaint, lena n-áirítear idirdhealú i gcás daoine óga atá ina gcónaí i gceantair uirbeacha iargúlta, thuaithe nó faoi mhíbhuntáiste nó i gcríocha thar lear agus i réigiúin oileánacha;

Cultúr

44.

á chreidiúint go bhfuil cultúr agus forbairt na hearnála cultúir ar oileáin ríthábhachtach; á mheas gur cheart féiniúlachtaí cultúrtha agus teanga na n-oileán a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear i suíomhanna oideachais, toisc go gcuireann siad lena bhfeabhsú, agus le feabhsú AE ina iomláine, ar go leor leibhéal;

45.

ag iarraidh ar an gCoimisiún go mbeadh 2024 mar Bhliain Eorpach na nOileán;

Talmhaíocht agus iascach

46.

á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí measúnú ar an ngá atá le rialachán lena leagtar síos bearta sonracha i réimse na talmhaíochta do gach oileán ar leibhéal NUTS 2 agus NUTS 3 d’fhonn neamhspleáchas bia a bhaint amach agus iomaíochas a dtáirgí a mhéadú, gan dochar a dhéanamh d’ionstraimí atá ann cheana amhail an clár roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus oileánacht (POSEI) agus an rialachán lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéacha is lú (10);

47.

á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu an bhearna eacnamaíoch a líonadh idir limistéir intíre agus réigiúin chósta rud a tharlaionn go han-mhinic i gcríocha oileánacha;

48.

á thabhairt dá haire go bhfuil cáilíocht ar leith ag baint le táirgí talmhaíochta agus bia na n-oileán mar gheall ar choinníollacha mionaeráideacha agus topagrafacha na n-oileán; á chur i bhfáth gur gá tomhaltas táirgí talmhaíochta ó réigiúin oileánacha agus imeallacha a chur chun cinn tríd an mbeartas comhtháthaithe; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit réitigh inbhuanaithe a fhorbairt chun táirgí talmhaíochta a iompar idir formhór na n-oileán agus an mhórthír; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcuirfidh sé sin le hiomaíochas na n-oileán is lú go háirithe agus go dtabharfar cumhacht d’fheirmeoirí beaga;

49.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht mhéadaithe d’fhorbairt inbhuanaithe na n-oileán, laistigh de theorainneacha éiceolaíocha agus ag féachaint go cuí do chomhshaol sláintiúil talún agus muirí, don talmhaíocht, do bhainistiú agus caomhnú foraoisí, d’fheirmeoireacht ainmhithe, don dobharshaothrú, don iascach inbhuanaithe, don táirgeadh áitiúil, agus don gheilleagar gorm, lena n-áirítear trí chláir um chomhar Eorpach; á mheas gur gá tacaíocht AE a neartú chun an ghníomhaíocht talmhaíochta ar na hoileáin a nuachóiriú, lena n-áirítear trí fheirmeoireacht bheacht a chur chun cinn, chun cabhrú leis na réigiúin sin cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

50.

á chur i bhfios go bhfuil méadú breise tagtha ar an mbearna forbartha atá ag ceantair thuaithe na n-oileán toisc nach bhfuil cathracha bríomhara ag formhór na n-oileán, agus dá bhrí sin nach féidir leo leas a bhaint as iarmhairtí airgeadais uirbeacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú ar iomaíochas mar thoradh air sin, go háirithe maidir le cumas FBManna barainneachtaí scála a fhiosrú;

51.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá pleanáil spásúlachta lena ndírítear ar úsáid talún éifeachtach agus éifeachtúil;

52.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i dteagmháil le daoine i gceantair thuaithe agus iargúlta agus deiseanna uas-scilithe agus athscilithe a dhéanamh níos inrochtana agus iad a dhearadh do dhaoine atá ag obair sa talmhaíocht, san iascach, san fhoraoiseacht agus i bpoist eile sna réigiúin sin, agus scileanna glasa agus digiteacha agus gach scil riachtanach eile a chur ar fáil dóibh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chuireann an geilleagar glas agus gorm ar fáil, agus chun a chur ar a gcumas rannchuidiú go mór le caomhnú an chomhshaoil;

53.

ag tabhairt chun suntais an easpa réiteach inbhuanaithe chun táirgí talmhaíochta a iompar idir formhór na n-oileán agus an mhórthír agus chun táirgí talmhaíochta a onnmhairiú agus a allmhairiú ó oileáin agus chuig oileáin, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le tionscadail nuálacha le haghaidh naisc níos glaise ina bpleananna forbartha d’oileáin AE;

54.

ag iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe agus deiseanna comhlántachta agus sineirgí idir na beartais agus na cistí Eorpacha éagsúla a shainaithint agus a chur chun cinn, chun slándáil bia agus féinchothabhálacht na n-oileán a threisiú, inter alia trí úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus iad a bheith ina gcuid dhílis den aistriú i dtreo córais bhia chiorclacha inbhuanaithe agus ceantair thuaithe chliste, agus, ar an gcaoi sin, deiseanna a dhéanamh de bhaic gheografacha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh cur chun cinn ról na n-oileán sa bhiashlabhra inbhuanaithe trí ionstraimí beartais AE, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe, deiseanna breise fostaíochta a chruthú agus stop a chur le treocht an dídhaonraithe i réigiúin oileánacha;

55.

á chur i bhfáth gur gá tacú le slabhraí soláthair gairide cúititheacha agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus le hearnáil feirmeoireachta a fhorbairt lena dtugtar tús áite do tháirgí traidisiúnta ard-bhreisluacha, do thomhaltas áitiúil agus do réitigh ghlasa, agus lena rannchuidítear le neamhspleáchas bia a bhaint amach;

56.

á chur i bhfáth gur gá Dearbhú Corcaí 2.0 maidir le saol níos fearr i gceantair thuaithe a chur chun feidhme tuilleadh chun machnamh a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna atá os comhair oileáin na hEorpa faoi láthair; á iarraidh go ndéanfaí sainghnéithe na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán Aeigéach a chomhtháthú go sonrach leis an bhfís fhadtéarmach do cheantair thuaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún beartais oileánacha a chur chun cinn le linn próisis pleanála réigiúnacha chun tacú le talmhaíocht inbhuanaithe, táirgeadh bia, agrathurasóireacht, an geilleagar gorm agus nascacht lena n-áirítear le cistí atá comhlántach leo siúd ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), lena dtugtar aghaidh ar an athrú aeráide, lena gcosnaítear an bhithéagsúlacht, lena dtugtar isteach an geilleagar ciorclach agus lena n-aistrítear i dtreo fuinneamh in-athnuaite; ag tathant air freisin measúnú a dhéanamh ar fhíorchostas oileánachas agus oileánachas dúbailte na réigiún oileánach, agus leochaileachtaí agus sócmhainní na réigiún oileánach, go háirithe na réigiúin is forimeallaí, á gcur san áireamh; á chreidiúint gur cheart fíorchostas na n-oileánachas do na réigiúin oileánacha a chur san áireamh i mbeartas comhtháthaithe AE, agus ag an am céanna gur cheart measúnú tionchair ar thionscnaimh agus ar ghníomhaíochtaí AE ar na hoileáin a dhéanamh agus a bheith bunaithe ar shonraí atá cothrom le dáta agus comhchuibhithe; á chur i bhfáth gur deis uathúil í an Fhaireachlann Tuaithe chun sonraí ardcháilíochta leordhóthanach agus cothrom le dáta a tháirgeadh do chríocha oileánacha atá dírithe, i measc nithe eile, ar rochtain ar thalamh, lena mbunaítear forais le haghaidh forbairt iomlánaíoch talmhaíochta agus eacnamaíoch na n-oileán;

57.

á chreidiúint gur cheart leanúint d’ainmhithe beo a iompar ar muir, i bhfianaise an spleáchais throm ar onnmhairí earnálacha feirmeoireachta áirithe ar oileáin, go príomha na hoileáin is lú, nach bhfuil in ann conablaigh ainmhithe a loingsiú mar gheall ar a mbeagmhéid agus easpa bonneagair mar thoradh air sin;

58.

á mheas gur gá tacaíocht AE a neartú chun an ghníomhaíocht talmhaíochta ar na hoileáin a nuachóiriú, lena n-áirítear trí fheirmeoireacht bheacht a chur chun cinn, chun cabhrú leis na réigiúin sin cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

59.

á chur i bhfios, áfach, ós rud é go gcuireann an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” srian breise ar úsáid táirgí cosanta plandaí san Aontas, gur cheart sainiúlachtaí na mbarr trópaiceach agus fothrópaiceach sna réigiúin is forimeallaí a chur san áireamh agus rochtain ar mhargaí an Aontais a theorannú do tháirgí nach gcomhlíonann caighdeáin an Aontais;

60.

á chreidiúint, agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, gur cheart comhtháthú AE a shaothrú tríd an méid seo a leanas: Airteagal 349 CFAE a threisiú, go háirithe tríd an “acquis AE” is infheidhme sna réigiúin sin a chomhdhlúthú; clár POSEI agus a bhuiséad a chothabháil agus a threisiú, go háirithe trína thrasuí sna hearnálacha eile lasmuigh den talmhaíocht amhail iascach, iompar, turasóireacht, etc.; agus a áirithiú go gcaithfear go difreáilte le táirgí na réigiún is forimeallaí le linn athchaibidlíocht na gcomhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche agus saorthrádála uile agus cosaint iomlán á tabhairt do tháirgí íogaire talmhaíochta amhail bananaí, trátaí, siúcra agus bainne le linn na caibidlíochta sin;

61.

á iarraidh go ndéanfaí sásraí sonracha a neartú faoin gcreat CBT trí chlár POSEI chun spleáchas na réigiún is forimeallaí ar allmhairí talmhaíochta agus agraibhia a laghdú, agus chun slándáil bia agus cumas na réigiún sin rochtain a fháil ar a margaí a neartú, bíodh siad laistigh dá gcríoch féin nó in áiteanna eile san Aontas; á iarraidh, chun na críche sin, go méadófaí buiséad POSEI ó 2027 chun freastal ar riachtanais mhéadaitheacha na réigiún iargúlta agus oileánach sin agus a dtáirgeadh áitiúil a fhorbairt, ós rud é go bhfuil costais táirgthe bhreise shuntasacha acu;

62.

á iarraidh ar an gCoimisiún go gcoinneofaí an ráta cómhaoinithe fadtéarmach do na réigiúin is forimeallaí ag 85 % do CETFT chun forbairt shocheacnamaíoch na gcríoch sin a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, na fadhbanna a eascraíonn as a suíomh iargúlta a mhaolú;

63.

á iarraidh go gcomhlíonfar go docht na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta Eorpacha is infheidhme maidir le hearraí trópaiceacha ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus go ndéanfar cuótaí córasacha allmhairiúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh táirgí trópaiceacha ó na tíortha sin, bunaithe ar na sreafaí trádála atá ann cheana; á mheas gur cheart sásraí sonracha faireachais agus smachtbhannaí a thabhairt isteach chun comhlíonadh na gcoinníollacha sin a sheiceáil; á mholadh go bhforchuirfí prionsabal na comhréireachta le haghaidh allmhairí ó thíortha neamh-AE, go háirithe i gcás táirgí orgánacha;

64.

á aithint go bhfuil réigiúin chósta agus na réigiúin is forimeallaí ag brath go stairiúil ar an iascach agus gur cheart dóibh leas a bhaint as tacaíocht airgeadais chun poist san earnáil iascaigh a chomhdhlúthú agus chun earnálacha nua a fhorbairt chomh maith le poist nua a chruthú, go háirithe in iascaigh ar mhionscála; á iarraidh ar na Ballstáit beartais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun na poist atá ann cheana a chosaint, chun poist nua éagsúla a chruthú agus chun an digitiú a chur chun cinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé idirdhealú de chineál ar bith i margadh an tsaothair a chosc agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha agus do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste; ag tacú le comhúsáid Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa chun sineirgí a chruthú, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna;

65.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di sláinte fhisiciúil agus mheabhrach na n-oibrithe sa tionscal iascaireachta, rud a chuirtear i mbaol go minic ní hamháin leis an gcontúirt bhunúsach a bhaineann le bheith ag obair ar na farraigí, ach freisin le húsáid soithí nach gcomhlíonann na rialacháin sábháilteachta reatha, rud a mhéadaíonn a neamhchosaint ar thionóiscí a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear tionóiscí tromchúiseacha; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis inniúla dálaí oibre sábháilte agus cuibhiúla a áirithiú do gach oibrí san earnáil chomh maith le machaire comhréidh agus iomaíocht chóir i measc cuideachtaí iascaireachta ar fud an domhain gan caighdeáin Eorpacha a laghdú; ag iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil chun feabhas a chur ar shábháilteacht na gcabhlach agus ar dhálaí oibre i gcomhréir le ceanglais inbhuanaitheachta chomhshaoil agus le béim ar leith ar an iascaireacht ar mhionscála, go háirithe sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, áiteanna ina mbíonn meánaois na soithí i bhfad níos airde ná in iascaigh thionsclaíocha; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún féachaint le teacht ar chomhaontú maidir le sábháilteacht soithí iascaireachta;

An turasóireacht

66.

á thabhairt dá haire gurb í earnáil na turasóireachta is mó a chuireann le fás eacnamaíoch réigiúin na n-oileán ó thaobh ioncaim agus fostaíochta de; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún tacaíocht airgeadais shonrach bhreise a chur ar fáil don turasóireacht inbhuanaithe ar oileáin, fadhb na turasóireachta séasúraí a réiteach agus tacú le treoirthionscadail nuálacha chun réitigh níos éiceolaíocha agus níos digití a chur chun cinn i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus chun cabhrú le hoileáin atá ag brath go mór ar an turasóireacht a ngeilleagair a éagsúlú; ag iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, lipéad turasóireachta inbhuanaithe Eorpach a bhunú chun tacú le láidreachtaí agus iarrachtaí na n-oileán agus réigiúin na n-oileán sa réimse sin;

67.

á chur i bhfáth gur gá an cur chuige comhtháite forbartha críochaí i leith na n-oileán, amhail infheistíochtaí críochacha comhtháite agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, agus tionscnaimh amhail sráidbhailte cliste agus moil nuálaíochta digití Eorpacha maidir le hoileáin a neartú chun tacú le talmhaíocht inbhuanaithe agus táirgeadh bia agus béim ar leith á leagan ar chleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, chomh maith leis an agrathurasóireacht inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé úsáid chliste fuinnimh agus uisce a chur chun cinn chun a áirithiú go mbainfidh oileáin an leas is fearr is féidir as a n-acmhainní tearca;

Rochtain ar sheirbhísí poiblí

68.

á iarraidh go ndéanfaí bonneagar iompair na n-oileán a fhorbairt agus a fheabhsú chun iompar inbhuanaithe a chothú, agus go dtacófaí le bonneagar bóithre, aerfoirt agus calafoirt a nuachóiriú agus a ghlasú agus aistriú atá cóir go sóisialta á áirithiú ag an am céanna; á iarraidh, go háirithe, go gcuirfí tacaíocht ar fáil d’iompar poiblí agus príobháideach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

69.

á iarraidh go dtabharfaí tús áite d’infheistíocht níos mó i mbonneagar bunúsach chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag gach teaghlach ar uisce óil agus ar sheirbhísí sláintíochta;

70.

á chur i bhfáth gur gá leanúnachas críochach na n-oileán uile a áirithiú trí mhuiriompar agus aeriompar inbhuanaithe, agus a bheith fíor chúramach chun staideanna monaplachta a sheachaint, ach amháin i gcás ganntanas seirbhísí iompair rialta i gcás saoriomaíocht, rud a fhágann gur gá dul i muinín comhaontuithe seirbhíse poiblí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé costais iompair a laghdú do phaisinéirí agus d’earraí, lena n-áirítear trí tháillí laghdaithe a thairiscint do chónaitheoirí, agus a thábhachtaí atá sé sábháilteacht agus oiriúnacht droichid talún agus naisc bhóithre a áirithiú;

71.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go rannchuideoidh clár oibre 2021-2023 na Saoráide um Chónascadh na hEorpa agus na gclár comhair Eorpach le hinrochtaineacht chríochach na n-oileán; á thabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar inrochtaineacht na n-oileán agus naisc iompair inbhuanaithe a fhorbairt chucu agus eatarthu chun iad a fhorbairt agus chun seirbhísí poiblí bunriachtanacha amhail oideachas, sláinte agus cúram sóisialta a sholáthar; á chreidiúint nár cheart feabhsuithe den chineál sin a bheith teoranta don mhórthír nó, i gcás inarb infheidhme, do Bhallstáit an AE;

72.

á chur i bhfáth, go háirithe i gcomhthéacs ghéarchéim phaindéim COVID-19, a thábhachtaí atá sé bonneagar sláinte a fheabhsú, seirbhísí teilileigheas agus teilea-síciatrachta a threisiú agus soláthar cúraim sláinte príomhúil agus rochtain ar chógais leighis ar oileáin AE a uasghrádú;

73.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhionannas deiseanna do chách ríthábhachtach, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a dhéanamh de bhearna na scileanna digiteacha a dhúnadh trína áirithiú go mbeidh rochtain ag réigiúin leochaileacha, lena n-áirítear ceantair thuaithe agus iargúlta agus saoránaigh dhíothacha, ar oideachas agus oiliúint dhigiteach, ar na crua-earraí íosta is gá, ar rochtain fhorleathan ar an idirlíon, agus ar thacaíocht dhigiteach agus ar uirlisí foghlama teicneolaíochta eile; á chur i bhfios go láidir nach mór tacaíocht a thabhairt do na catagóirí sin chun na scileanna digiteacha a theastaíonn uathu a ardú agus chun doimhniú neamhionannais a sheachaint, lena n-áiritheofar nach bhfágfar aon duine ar lár;

74.

á chur i bhfios go láidir gur príomhthosaíocht é digitiú agus nascacht dhigiteach éifeachtúil do na hoileáin, go háirithe chun rannchuidiú leis na míbhuntáistí geografacha atá os a gcomhair a shárú agus chun feabhas a chur ar sholáthar teicneolaíochtaí agus bonneagar digiteach, seirbhísí oideachais agus oiliúna chomh maith le ríomhshláinte, lena n-áirítear teilileigheas agus teilea-síciatracht, agus seirbhísí rialtais riachtanacha eile do shaoránaigh agus do FBManna a mbíonn éifeachtaí dearfacha acu ar straitéisí agus oibríochtaí gnó;

75.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na bonneagair dhigiteacha lena nasctar oileáin AE leis an gcuid eile den domhan a choinneáil, eadhon trí chistiú leordhóthanach Eorpach a chur go leataobh chun cáblaí fomhuirí atá imithe i léig a athsholáthar;

76.

á chreidiúint, go háirithe ar oileáin bheaga, go bhfuil sé deacair do FBManna rochtain éasca a fháil ar an bhfaisnéis uile maidir le fiontraíocht a chur chun cinn, forbairt scileanna agus deiseanna atá maoinithe ag AE; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht airgeadais níos láidre ina leith sin chomh maith le seisiúin faisnéise fheabhsaithe, seirbhísí comhairleacha agus oiliúint shaincheaptha a sholáthar;

An imirce

77.

á thabhairt dá haire go bhfuil roinnt oileán ag tabhairt aghaidh ar líon mór imirceach ag teacht isteach, arb ionann iad uaireanta agus níos mó ná an daonra áitiúil, agus nach bhfuil siad in ann na modhanna riachtanacha cóiríochta agus cúnaimh a sholáthar;

78.

ag tarraingt aird ar an mbrú sonrach agus díréireach atá ar chórais tearmainn agus glactha ar oileáin, ar oileáin fhorimeallacha agus ar na réigiúin is forimeallaí; á iarraidh go n-aithneofaí sa phlean gníomhaíochta Eorpach do na hoileáin an réaltacht tearmainn agus imirce thuasluaite, lena n-éilítear réitigh chomhordaithe ar an leibhéal Eorpach lena n-urramaítear folláine agus dínit an duine aonair, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar an mbrú;

Athmheasúnú ar scéimeanna Státchabhrach agus bearta chun an t-easnamh forbartha a laghdú

79.

ag iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar mhéid na státchabhrach a dheonaítear do ghnóthais atá bunaithe ar oileáin AE; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach, d’ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta ag an Aontas agus ag na Ballstáit, a chinneadh ar bhain gnóthais atá lonnaithe ar chríocha oileánacha tairbhe as bearta den sórt sin agus a mhéid a bhain siad tairbhe as na bearta sin agus athmheasúnú a dhéanamh dá réir sin ar na rialacha maidir le Státchabhair; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá státchabhair níos solúbtha do chuideachtaí aeriompair agus muiriompair sna críocha oileánacha sin, i bhfianaise a spleáchas iomlán ar na modhanna iompair sin;

80.

á iarraidh go mbeidh aon athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an gcreat reachtach maidir le Státchabhair faoi réir measúnuithe tionchair bunaithe ar tháscairí sonracha chun measúnú a dhéanamh ar an iomaíochas atá ag titim i ngeilleagair réigiún na n-oileán, chomh maith le hiarmhairtí an phacáiste “Oiriúnach do 55” ar na críocha sin, agus scéim céimlaghdaitheach shonrach a cheapadh do chríocha oileánacha nuair a thiocfaidh deireadh leis na bearta urghnácha dá bhforáiltear faoin gCreat Sealadach um Státchabhair tar éis an 31 Nollaig 2021;

81.

á iarraidh go gcruthófaí fochatagóir “oileáin”, i bhfianaise a saintréithe sainiúla, i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair réigiúnach don tréimhse 2021-2027, agus go ndéanfaí na huasteorainneacha “de minimis” a dhíothú d’oileáin Eorpacha agus do na réigiúin is forimeallaí, a bhfuil gá le húdarú an Choimisiúin os a gcionn;

82.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige níos solúbtha chun a áirithiú go ndéanfar cistiú Eorpach a imscaradh ar bhealach níos éifeachtaí ar chríocha oileánacha agus ar na réigiúin is forimeallaí, gan na caighdeáin cháilíochta ábhartha agus na nósanna imeachta faireacháin ábhartha a chur i mbaol;

83.

á thabhairt dá haire go gcuireann an riail de minimis atá ann faoi láthair srian ar iomaíochas agus go n-eascraíonn deacrachtaí dá barr sna hoileáin Eorpacha agus sna réigiúin is forimeallaí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart oileáin AE ar fad a dhíolmhú ó uasteorainneacha infheidhme na rialach de minimis, ionas go mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste níos lú; ag iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, rialacha Státchabhrach a oiriúnú chun a áirithiú nach measfar fóirdheontais chun oileánachas a leigheas mar státchabhair ach gur cúiteamh iad chun oileáin Eorpacha agus réigiúin is forimeallaí a chur ar chomhchéim lena gcontrapháirtithe ilchríochacha;

84.

á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú ar an gcritéar maidir le fad (150 km) a úsáidtear chun oileáin a aicmiú mar réigiúin teorann atá incháilithe do mhaoiniú faoi chláir um chomhar trasteorann a thagann faoi chuspóir an bheartais chomhtháthaithe maidir le comhar críochach nó faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, agus staid na n-oileán á cur san áireamh; á chreidiúint, más gá teorainn de chineál éigin a bhunú, go mbeadh sé níos iomchuí, i gcás réigiúin oileánacha, coinníoll na críche trasteorann a chur i bhfeidhm ar leibhéal an imchuach mhuirí;

Beartas sonrach de chuid an AE atá saincheaptha do na hoileáin

85.

á chur i bhfáth go bhfuil an easpa sonraí staidrimh maidir le hoileáin ag cur bac ar bheartais spriocdhírithe a fhorbairt; ag iarraidh ar an gCoimisiún Institiúid Eorpach um Chríocha faoi Mhíbhuntáiste a bhunú, a bhaineann le hAirteagal 174 CFAE, chun sonraí staidrimh iontaofa agus comhiomlánaithe a bhailiú, lena n-áirítear sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, a nuashonraítear go rialta agus critéir chomhchuibhithe á n-úsáid ar gach leibhéal riaracháin; ag iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar bhailiú sonraí staidrimh maidir le hoileáin Eorpacha agus promhadh críochach a thabhairt isteach i measúnuithe tionchair ar a thograí, agus é mar aidhm beartais spriocdhírithe a fhorbairt agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag an reachtaíocht atá beartaithe ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí atá lonnaithe sna réigiúin éagsúla;

86.

á chur i bhfios nach gcumhdaítear na hoileáin faoi láthair le reachtaíocht AE maidir le haicmiú críochach; ag iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur leis an bplé sin, d’fhonn oileáin a áireamh in aicmiú comhchoiteann na n-aonad críochach le haghaidh staidrimh agus machnamh a dhéanamh ar chlár a bhunú a bheadh cosúil leis an tionscnamh uirbeach Eorpach chun tacú le comhpháirtíochtaí idir oileáin Eorpacha chun cineálacha cur chuige nuálacha a bhunú maidir le fadhbanna a bhaineann go sonrach leis na hoileáin agus chun dea-chleachtais a roinnt agus réitigh a chur chun feidhme a rachaidh chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí;

87.

ag iarraidh ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar na staidéir atá déanta cheana ag oileáin Eorpacha maidir leis na dúshláin agus na costais bhreise a bhaineann leis an oileánachas, agus anailísí idirdhisciplíneacha a bhunú lena gcumhdófar saintréithe déimeagrafacha, geografacha, eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na gcríoch oileánach chun a áirithiú nach mbeidh aon mhíbhuntáiste iomaíoch a bhaineann lena riocht geografach ag na réigiúin sin;

88.

á iarraidh go ndéanfar buiséad breise a leithdháileadh, a bheidh dírithe ar chabhrú le hoileáin Eorpacha na dúshláin agus na héagothromaíochtaí atá rompu a shárú agus na costais bhreise a bhaineann le hoileáin Eorpacha faoin mbeartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo a chumhdach; á mholadh go ndéanfaí pointe teagmhála an oileáin a leathnú trí thascfhórsa oileáin a bhunú laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh de chuid an Choimisiúin;

89.

ag iarraidh ar an gCoimisiún leithdháileadh an bhuiséid bunaithe ar OTI per capita a chur san áireamh chun na héagothromaíochtaí uile idir oileáin a chumhdach;

Comhaontú Oileán agus plean gníomhaíochta Eorpach do na hoileáin

90.

ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú dinimiciúil a dhéanamh ar Airteagal 174 CFAE agus tógáil ar an airteagal sin le fíorchlár oibre Eorpach do na hoileáin agus straitéis Eorpach a chruthú do na hoileáin bunaithe ar an tuarascáil sin, ar straitéis í atá i gcomhréir le riachtanais áitiúla agus réaltachtaí áitiúla ar an láthair agus lena gcuirtear san áireamh gnéithe sonracha gach ceann d’imchuacha farraige AE; ag iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar chásanna éagsúla na gcríoch oileánach agus machnamh a dhéanamh ar straitéis do na hoileáin ina mbeidh tograí inláimhsithe;

91.

á iarraidh go ndéanfaí Comhshocrú Oileán a tharraingt suas a luaithe is féidir agus a chur chun feidhme, le rannpháirtíocht na bpríomh-gheallsealbhóirí, eadhon údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, oibreoirí eacnamaíocha agus sóisialta, an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, i gcomhréir leis an gComhaontú Uirbeach agus leis an gComhaontú Tuaithe a bheidh ann amach anseo;

92.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil idirphlé le pobail oileánacha agus eatarthu ríthábhachtach chun gaireacht don tionscadal Eorpach a chothú, chun naisc a chruthú idir cultúir, chun spéis a spreagadh i bpróisis chinnteoireachta agus chun tógáil an Aontais Eorpaigh féin a chur chun cinn;

o

o o

93.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.

(1)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.

(2)  IO L 231, 30.6.2021, lch. 1.

(3)  IO C 37, 2.2.2021, lch. 57.

(4)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 2.

(5)  IO C 390, 18.11.2019, lch. 53.

(6)  IO C 316, 6.8.2021, lch. 2.

(7)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(8)  IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.

(9)  IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéacha is lú. IO L 78, 20.3.2013, lch. 41.


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/62


P9_TA(2022)0226

Airteagal 17 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le cur chun feidhme Airteagal 17 den Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (2021/2168(INI))

(2022/C 493/05)

Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus Airteagail 3, 11, 38, 120 agus 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);

ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (2) (Rialachán CBI), agus go háirithe Airteagal 17 de,

ag féachaint don seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Aibreán 2021 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil do thuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (AE) 2017/2107 agus Rialachán (AE) 2019/833 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2016/1627 (3),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (4),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta AE go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (5),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (6),

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2020 maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE) (COM(2020)0259),

ag féachaint do thuarascáil an 30 Meán Fómhair 2019 ó Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach an Choimisiúin (STECF) dar teideal Social data in the EU fisheries sector [Sonraí sóisialta in earnáil iascaigh AE] (STECF 19-03),

ag féachaint do thuarascáil STECF an 17 Nollaig 2020 dar teideal Social dimension of the CFP [An ghné shóisialta de CBI],

ag féachaint do thuarascáil eacnamaíoch bhliantúil STECF 2021 maidir le cabhlach iascaireachta an Aontais, a foilsíodh an 8 Nollaig 2021,

ag féachaint do thuarascáil STECF an 28 Aibreán 2021 maidir le critéir agus táscairí chun gnéithe inbhuanaitheachta do tháirgí bia mara a ionchorprú sna caighdeáin mhargaíochta faoin gComheagraíocht Mhargaidh,

ag féachaint do staidéar 2015 arna iarraidh ag an gCoiste um Iascach maidir leis na critéir chun rochtain ar iascaireacht a leithdháileadh in AE,

ag féachaint do bhreithiúnas Bhinse Riaracháin Montpellier an 15 Iúil 2021 i gcás uimh. 1801790,

ag féachaint do thuarascáil Fhondúireacht Nua Eacnamaíochta (NEF) Mheán Fómhair 2021 dar teideal “Cé a fhaigheann an deis iascaireacht in AE? Nuashonrú in 2021 ar an gcaoi a leithdháileann Ballstáit AE deiseanna iascaireachta”,

ag féachaint do thuarascáil 2018 ón gCiste Domhanda Fiadhúlra, dar teideal Evaluating Europe’s course to sustainable fisheries by 2020 [Meastóireacht a dhéanamh ar Bhealach na hEorpa chun an iascaigh inbhuanaithe faoi 2020],

ag féachaint do thuarascáil ó Low Impact Fishers of Europe and Our Fish an 27 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal How the EU can Transition to Low Environmental Impact, Low Carbon, Socially Just Fishing [Conas is féidir le AE aistriú chuig Iascaireacht ag a bhfuil Tionchar Íseal ar an gComhshaol, Ísealcharbóin, agus atá Cóir go Sóisialta],

ag féachaint do thuarascáil 2020 ón Meitheal um Thrálaeireacht Leictreach de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus ó Chomhairle Speisialta ICES an 20 Bealtaine 2020 mar fhreagairt ar an iarraidh ón Ísiltír maidir leis an tionchar atá ag iascaireacht leictreach ar an éiceachóras agus ar an gcomhshaol ó iascach sól (Solea solea) sa Mhuir Thuaidh,

ag féachaint d’Airteagal 6.18 de Chód Iompair Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le hIascach Freagrach, a bhaineann le cearta na n-iascairí ceardaíochta agus mionscála a chosaint agus rochtain fhabhrach a bheith acu, i gcás inarb iomchuí, ar thailte agus ar acmhainní traidisiúnta iascaireachta,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0152/2022),

A.

de bhrí, in Rialachán CBI, go n-áirítear na cuspóirí maidir lena áirithiú go mbeidh “gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobarshaothraithe neamhdhíobhálach don chomhshaol san fhadtéarma agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí maidir le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus maidir le rannchuidiú le hinfhaighteacht na soláthairtí bia, maidir le ‘cur chuige an réamhchúraim a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú iascaigh, agus … [féachaint lena] áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara pobail speiceas saothraithe a choinneáil thar leibhéil lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh’, agus luaitear na cuspóirí maidir le ‘cur chuige bunaithe ar éiceachóras i leith bhainistiú ar iascaigh a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar íoslaghdú ar dhrochthionchair na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras mhuirí’, maidir le rannchuidiú le caighdeán cothrom maireachtála dóibh siúd a bhíonn ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, agus iascaireacht chósta agus gnéithe socheacnamaíocha” á gcur san áireamh agus “gníomhaíochtaí iascaireachta cósta, agus gnéithe socheacnamaíocha” á gcur chun cinn’;

B.

de bhrí go n-iarrtar le cuspóir 14.b de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) na Náisiún Aontaithe go ndéanfaidh páirtithe “rochtain a thabhairt d’iascairí ar mionscála ar acmhainní muirí agus ar mhargaí muirí”;

C.

de bhrí go bhfuil an Chomhairle freagrach as deiseanna iascaireachta a shocrú (na gabhálacha incheadaithe iomlána nó na hiarrachtaí iascaireachta iomlána), a dháiltear i measc na mBallstát ina dhiaidh sin, rud lena n-áirithítear prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta; de bhrí gur gné thábhachtach de CBI í an chobhsaíocht choibhneasta a cruthaíodh a bheith iontaofa san fhadtéarma agus a chuireann infheictheacht ar fáil d’iascairí, agus nár cheart an bonn a bhaint di; de bhrí go ndáileann gach Ballstát na deiseanna iascaireachta sin ar a iascairí agus ar a eagraíochtaí táirgeoirí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta;

D.

de bhrí, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, go bhfuil na Ballstáit freagrach as deiseanna iascaireachta a leithdháileadh; de bhrí go bhféadfadh difríochtaí móra a bheith ann idir na hearnálacha i dtíortha éagsúla, agus nach inmhianaithe cur chuige “aon réiteach amháin do chách” mar thoradh air sin;

E.

de bhrí, de réir Airteagal 17 de Rialachán CBI, nach mór do na Ballstáit leas a bhaint as critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh acu, amhail dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán CBI; de bhrí go bhféadfadh tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol, stair an chomhlíonta, an rannchuidiú leis an ngeilleagar áitiúil agus leibhéil gabhála stairiúla a bheith san áireamh sna critéir sin;

F.

de bhrí, le hAirteagal 17, nach n-eisiatar iascaigh áineasa óna raon feidhme agus gur faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh faoi conas deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar an leibhéal náisiúnta;

G.

de bhrí go luaitear in Airteagal 17 go “ndéanfaidh na Ballstáit iarracht ar dhreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta a bhfuil leas á bhaint acu as trealamh iascaireachta roghnaitheach nó as teicnící iascaireachta ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, amhail tomhailt laghdaithe fuinnimh nó damáiste laghdaithe don ghnáthóg”;

H.

de bhrí, de réir Airteagal 16, nach mór do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an modh chun na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh orthu, ar modhanna iad nach bhfuil faoi réir córas lamháltas iascaireachta inaistrithe, agus nach mór do gach Ballstát an modh leithdháilte a chur in iúl don Choimisiún;

I.

de bhrí gur cheart sonraí maidir le leithdháiltí cuótaí iascaireachta a fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacháin ábhartha maidir le cosaint sonraí;

J.

de bhrí, i measúnú STECF ar an ngné shóisialta de CBI, gur fionnadh gurb amhlaidh, in 2020, nár thug ach 16 Bhallstát as 23 Bhallstát chósta freagra ar an iarraidh ón gCoimisiún é a chur ar an eolas faoin modh leithdháilte arna úsáid;

K.

de bhrí nár chomhlíon AE an spriocdháta chun dea-stádas comhshaoil d’uiscí muirí AE a bhaint amach faoi 2020, mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí; de bhrí gur suíodh sa tuarascáil a ghlac an Coimisiún in 2020 maidir leis an gcéad timthriall de chur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí, agus cineál iomlánaíoch na Treorach sin á chur san áireamh, go bhfuil córas cosanta AE ar cheann de na córais cosanta is uaillmhianaí ar domhan agus gur thángthas ar an gconclúid gur gá é a fheabhsú chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna amhail ró-iascaireacht i bhfarraigí áirithe agus cleachtais iascaireachta neamh-inbhuanaithe, dramhaíl phlaisteach, cothaithigh bhreise, torann faoi uisce, agus cineálacha eile truaillithe;

L.

de bhrí nár chomhlíon AE spriocdháta 2020 maidir le ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach le haghaidh gach stoic iascaireachta; de bhrí, áfach, go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i dtreo sprioc UTI a bhaint amach, go háirithe san Atlantach Thoir Thuaidh agus sa Mhuir Bhailt, áit a raibh 99 % de ghabhálacha a tugadh i dtír arna mbainistiú ag AE amháin, a raibh comhairle eolaíoch ar fáil ina leith, in 2020, ina “stoic a bhainistítear ar bhealach inbhuanaithe”;

M.

de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas maidir le Clár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 a bhaint amach, lena n-áirítear SFI 14: “na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe”;

N.

de bhrí, sa rún uaithi maidir leis an Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, gur iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit “tacú go leormhaith leis an aistriú chuig an iascach ísealtionchair” lena n-áirítear “trí chéatadán na gcuótaí náisiúnta arna leithdháileadh ar iascaigh chósta ar mhionscála” a mhéadú;

O.

de bhrí go sainmhínítear “iascaireacht chósta ar mhionscála” i rialachán an Chiste Eorpaigh Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (EMFAF) mar ghníomhaíochtaí iascaireachta arna ndéanamh ag soithí iascaireachta mara agus intíre ar lú ná 12 mhéadar a bhfad foriomlán agus nach n-úsáideann trealamh tarraingthe, nó ag iascairí de chois, lena n-áirítear bailitheoirí sliogéisc;

P.

de bhrí, i Straitéis Bithéagsúlachta AE do 2030, go n-áirítear cuspóir maidir le tionchair dhiúltacha iascaigh agus gníomhaíochtaí eastósctha ar ghnáthóga muirí íogaire agus ar speicis, lena n-áirítear grinneall na farraige, a laghdú d’fhonn dea-stádas comhshaoil a bhaint amach;

Q.

de bhrí go n-áirítear ar chuspóirí straitéis bithéagsúlachta AE foghabhálacha speiceas a laghdú go leibhéal lenar féidir iad a ghnóthú agus a chaomhnú;

R.

de bhrí gur earnáil straitéiseach de chuid an Aontais í iascach AE, lena soláthraítear líon suntasach post díreach agus indíreach san iascaireacht agus i limistéir chósta, agus geilleagar inbhuanaithe á chothabháil trí fhostaíocht agus slite beatha daoine a nascadh leis an gcríoch agus le cothabháil na dtraidisiún cultúrtha;

S.

de bhrí go gcuireann CEMID tacaíocht airgeadais ar fáil d’iascairí óga atá ag dul i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta, cé nach bhfuil aon ráthaíocht ina dhiaidh sin maidir le deiseanna iascaireachta a fháil;

T.

de bhrí go gcuireann iascaireacht go mór le slándáil bia an Aontais;

U.

de bhrí go gcruthaíonn an iascaireacht poist ar muir agus ar tír araon; de bhrí go mbraitheann roinnt réigiún ar ghabhálacha a bheith ag teacht i dtír go háitiúil chun inmharthanacht go leor gnólachtaí a áirithiú agus chun pobail chósta bhríomhara a chothabháil;

V.

de bhrí nach bhfuil aon tuarascáil chuimsitheach ann ar chur chun feidhme Airteagal 17 de Rialachán CBI ag an gCoimisiún, rud a fhágann gurb iad na meastóireachtaí amháin atá ar fáil don mheasúnú tosaigh cur chun feidhme sin na meastóireachtaí atá foilsithe ag STECF, carthanachtaí, earnáil an iascaigh féin, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus geallsealbhóirí;

W.

de bhrí, de réir an mheasúnaithe is déanaí ó STECF maidir le gné shóisialta CBI, in iarraidh 2020 ón gCoimisiún ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar faoina gcóras leithdháilte, gur áiríodh ceist maidir le measúnú tionchair agus nár thuairiscigh ach dhá Bhallstát (an tSualainn agus an Danmhairg) go ndearna siad measúnú den sórt sin; de bhrí, sa tuarascáil chéanna, gur fionnadh gurb amhlaidh, in 2020, nár thug ach 16 Bhallstát as 23 Bhallstát chósta freagra ar an iarraidh ón gCoimisiún é a chur ar an eolas faoin modh leithdháilte arna úsáid; de bhrí nach bhfuil ach úsáid an-teoranta ag baint le roinnt mhaith de na freagairtí sin toisc nach raibh iontu ach cur síos leathan ar an gcabhlach náisiúnta iascaireachta nó toisc nach ndearna siad ach béim a chur ar chuspóir a leithdháiltí gan cur síos a dhéanamh ar na critéir “thrédhearcacha agus oibiachtúla”;

X.

de bhrí gurbh é 3,03 % san Iodáil, 11,6 % sa Chróit, 11,89 % sa Fhrainc, 13,68 % sa Phortaingéil agus 36,93 % sa Spáinn dáileadh an cuóta don tuinnín gorm do bhiaiste an éisc, 2020;

Y.

de bhrí go ndírítear ar an gcuid is mó de stoic le cineálacha cabhlaigh éagsúla, go príomha, ach go bhfuil go leor stoc eile ann a ndíríonn cabhlaigh ar mhionscála agus ar mhórscála araon orthu;

Z.

de bhrí, trí Airteagal 17 de Rialachán CBI a chur chun feidhme agus trí chuótaí iascaireachta a leithdháileadh bunaithe ar chritéir thrédhearcacha oibiachtúla de chineál comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíoch, gur féidir le AE aistriú cothrom chuig cabhlach iascaireachta ísealcharbóin lena ngabhann tionchar íseal a bhaint amach; de bhrí nach mór don chuspóir sin a bheith fite fuaite leis an gcuspóir tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia;

AA.

de bhrí go bhfuil an Coimisiún ag forbairt plean gníomhaíochta chun acmhainní iascaigh a chaomhnú agus chun éiceachórais mhuirí a chosaint, nach mór dóibh rannchuidiú le ceann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip trí inbhuanaitheacht iascach agus cosaint leormhaith a n-éiceachóras muirí agus a mbithéagsúlacht a áirithiú;

AB.

de bhrí gur tháinig an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú an 10 Samhain 2020 maidir leis an Rialachán lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir; de bhrí gur dhiúltaigh an Chomhairle don chomhaontú sin sa vótáil ina dhiaidh sin, rud a tháinig salach ar chinneadh a comhaontaíodh cheana féin leis an dá institiúid eile;

AC.

de bhrí go raibh tionchar ag Brexit freisin ar dháileadh na gceart iascaireachta in AE;

1.

á mheabhrú gur acmhainn phoiblí nádúrtha iad na stoic éisc, gur sócmhainn iad gníomhaíochtaí iascaireachta agus bainistiú iascaireachta atá bunaithe ar an acmhainn sin agus go mbaineann siad leis an oidhreacht choiteann atá againn, agus gur cheart stoic éisc a bhainistiú ar bhealach a ráthaíonn na tairbhí fadtéarmacha is airde don tsochaí, a íoslaghdaíonn an tionchar ar éiceachórais agus a ráthaíonn slándáil an tsoláthair bia trí bhia sláintiúil a chur ar fáil; á mheabhrú gur cheart brabúsacht eacnamaíoch an chabhlaigh Eorpaigh a áirithiú trí shaothrú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de agus bunaithe ar chomhairle eolaíoch iontaofa agus ar phrionsabal an réamhchúraim;

2.

Cuireann sé i bhfios go láidir go léiríonn scaireanna cuóta agus deiseanna iascaireachta teidlíocht ar acmhainn phoiblí; i ndáil leis sin, faoi inniúlacht na mBallstát deiseanna iascaireachta a leithdháileadh agus prionsabail na cobhsaíochta agus na hintuarthachta a choimeád i gcuimhne, gur cheart go dtabharfaí ceart éiginnte d’aon ghníomhaí le himeacht ama chun cuóta nó deis iascaireachta ar leith a thabhairt;

3.

á chur i bhfáth, in iascach atá faoi bhainistiú cuótaí, gurb é an toradh a d’fhéadfadh a bheith ag fadhb na speiceas scoir go gcuirfí deireadh le hoibríochtaí iascaireachta roimh dheireadh an tséasúir, rud as a bhféadfadh impleachtaí eacnamaíocha suntasacha d’iascairí eascairt; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur cheart leibhéal cothrom solúbthachta a áireamh i gcóras maith cuótaí toisc go gceadódh sé d’iascairí a bhfuil cuótaí breise de dhíth orthu i ndáil le speiceas scoir agus d’iascairí a bhfuil cuótaí ar fáil dóibh teacht ar thoradh a bheadh chun tairbhe an dá thaobh;

4.

á chur i bhfáth gur faoi na Ballstáit atá sé na critéir a úsáideann siad agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh acu a chinneadh;

5.

á thabhairt dá haire nár thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú in aghaidh aon Bhallstáit maidir le comhlíonadh Airteagal 17 de Rialachán CBI;

Critéir oibiachtúla agus thrédhearcacha a úsáid

6.

á chur i bhfáth nach bhfuil aon staidéar ón gCoimisiún lena ndéantar anailís ar chur i bhfeidhm na gcritéar maidir le leithdháileadh cuótaí faoi Airteagal 16 agus faoi Airteagal 17 de Rialachán CBI; á thabhairt dá haire go bhfuil easpa trédhearcachta ann agus nach ndéanann roinnt Ballstát na critéir a chuireann siad i bhfeidhm agus iad ag dáileadh deiseanna iascaireachta a chur ar fáil don phobal agus ag moladh dóibh na critéir sin a dhéanamh poiblí agus inrochtana go héasca, á mheabhrú go bhfuil cur síos soiléir gan débhrí i gceist le modh leithdháilte oibiachtúil ar na critéir leithdháilte dea-shainithe lena n-áirítear cur síos soiléir ar ualú coibhneasta na gcritéar nó na coinníollacha lena n-úsáid i gcás ilchritéar maidir le leithdháileadh;

7.

á mholadh don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas, más gá, maidir le cur i bhfeidhm chritéir Airteagal 16 agus Airteagal 17 de Rialachán CBI ag gach ceann de na Ballstáit;

8.

á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú a thionscnamh in aghaidh Ballstát nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí i dtéarmaí trédhearcachta maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta;

9.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil critéir leithdháilte thrédhearcacha ar cheann de na paraiméadair lena gcuirtear cobhsaíocht agus deimhneacht dhlíthiúil ar fáil d’oibreoirí; á chur i bhfios go láidir gurb inmhianaithe dul chun cinn a dhéanamh maidir le trédhearcacht ar fud an Aontais maidir leis na critéir agus a gcur i bhfeidhm praiticiúil; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh rochtain éasca ag cách ar fhaisnéis maidir le feidhmiú chóras na ndeiseanna iascaireachta, lena n-áirítear an modh leithdháilte, agus gur cheart go mbeadh cách in ann í a thuiscint, agus go háirithe oibreoirí agus geallsealbhóirí, d’fhonn modh leithdháilte a bheidh comhsheasmhach agus bunaithe ar rialacha a éascú lena bhféadfar grinnscrúdú níos fearr a dhéanamh, deiseanna comhionanna a chur ar fáil do na páirtithe leasmhara uile agus níos mó intuarthachta a chur ar fáil d’iascairí;

10.

á iarraidh ar na Ballstáit a modhanna faoi seach deiseanna iascaireachta a dháileadh a chur ar fáil go poiblí, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí;

11.

á mheas go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, ina cháil mar chaomhnóir na gConarthaí, a ráthú go dtabharfar urraim iomlán do na saintreoracha a chumhdaítear in Airteagal 17 de Rialachán (CBI); á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit uile foráil cheangailteach trédhearcachta d’Airteagal 17 i bhfeidhm i gceart maidir le próisis náisiúnta leithdháilte cuótaí trí ghníomhaíocht faireacháin ghníomhach agus leanúnach agus, más gá, nós imeachta um shárú a thionscain in aghaidh Ballstáit nach gcomhlíonann an ceanglas sin;

12.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaidh eagraíochtaí táirgeoirí, comharchumainn agus úinéirí cuóta a leithdháileadh cuóta a nochtadh ar bhonn deonach, ach nach féidir oibleagáid a chur orthu é sin a dhéanamh ar bhealach ar bith, i ngeall ar reachtaíocht maidir le cosaint sonraí;

13.

á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí táirgeoirí agus ag cuallachtaí iascairí maidir le cuótaí iascaireachta a dháileadh agus a bhainistiú i measc na soithí éagsúla; á thabhairt dá haire gur beag iascaire ar mhionscála a bhaineann le heagraíochtaí táirgeoirí i roinnt mhaith Ballstát, agus go bhfuil a n-eagraíochtaí tiomnaithe féin ag líon níos lú iascairí ar mhionscála, rud a chuireann teorainn lena gcumas leas a bhaint as an gcainéal sin chun rochtain a fháil ar chuótaí iascaireachta; ag moladh don Choimisiún agus do na Ballstáit cruthú eagraíochtaí táirgeoirí d’iascairí ar mhionscála a éascú agus cumas iascairí ar mhionscála eagraíochtaí táirgeoirí a chruthú a éascú;

14.

á mheas gur cheart na modhanna leithdháilte a fhorbairt le rannpháirtíocht na bpobal iascaireachta, na n-údarás réigiúnach agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áiritheofar go ndéanfar ionadaíocht chothrom ar chodanna uile na gcabhlach, na n-eagraíochtaí táirgeoirí, na gcuallachtaí iascaigh agus na n-eagraíochtaí oibrithe, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus gur cheart go n-áireofaí leo coimircí amhail tréimhsí fógra chun gur féidir le hiascairí oiriúnú a dhéanamh i gcás ina gcinneann na Ballstáit a modh leithdháilte a athrú;

15.

á iarraidh ar na Ballstáit córais leithdháilte a dhearadh chun simplíocht a ráthú, próisis mhaorlathacha troma a sheachaint agus, i ndeireadh thiar, chun ligean d’oibreoirí agus do gheallsealbhóirí faireachán a dhéanamh ar na critéir leithdháilte agus ar an bpróiseas leithdháilte;

16.

á iarraidh ar na Ballstáit cothrom iomaíochta agus comhdheiseanna a áirithiú do gach iascaire chun rochtain chothrom ar acmhainní mara a cheadú;

Critéir chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha a úsáid

17.

á thabhairt dá haire nach bhfuil aon taifead ar chás ina ndearna an Coimisiún nó na Ballstáit athrú ar a gcuid modhanna leithdháilte ó tháinig an CBI athchóirithe agus Airteagal 17 i bhfeidhm, rud a thugann le fios nach raibh tionchar an-mhór ag an athchóiriú ar Rialachán CBI a rinneadh in 2013 ar mhodhanna leithdháilte; á thabhairt dá haire go dtugann STECF le fios ina thuarascáil maidir leis an ngné shóisialta de CBI, cé nach bhfuil nasc díreach cruthaithe ag na Ballstáit idir Airteagal 17 de Rialachán CBI agus a gcórais náisiúnta leithdháilte cuótaí, go n-úsáideann siad critéir sa phróiseas leithdháilte a d’fhéadfaí a lipéadú mar chritéir shóisialta;

18.

á thabhairt dá haire gurb iad na leibhéil gabhálacha stairiúla na critéir is coitianta a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun deiseanna iascaireachta a dháileadh; á mheas go gcuireann na critéir sin cobhsaíocht ar fáil agus go n-aithnítear go bhfuil an cabhlach agus na pobail iascaireachta ag brath ar acmhainní iascaireachta agus go bhfuil sé tábhachtach do na cabhlaigh agus do na pobail iascaireachta go mbeadh rochtain chobhsaí agus intuartha acu ar acmhainní iascaireachta;

19.

ag tabhairt dá haire go léiríonn na sonraí atá ar fáil nach n-úsáideann ach cuid de na Ballstáit critéir de chineál comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíoch chun deiseanna iascaireachta a dháileadh agus, má úsáidtear iad, nach mbíonn mórán tionchair acu ar an dáileadh deiridh;

20.

á mheabhrú go luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 17 de Rialachán CBI: “Agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 16, á gcionroinnt ar na Ballstáit, bainfidh na Ballstáit leas as critéir trédhearcacha, oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus de chineál sóisialta agus eacnamaíoch”; á thabhairt dá aire go bhfuil an focal “shall” ar áireamh sa leagan Béarla; á thabhairt dá haire go bhfuil neamhréireachtaí idir na leaganacha teanga éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le léirmhínithe difriúla ar riachtanas na heiliminte sin atá ceangailteach ó thaobh dlí; á thabhairt dá haire, áfach, gurb é conclúid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ina rialú i gcás Spika (C-540/16) (7), nach mór do na Ballstáit “critéir thrédhearcacha oibiachtúla” a úsáid agus na deiseanna atá ar fáil dóibh faoi Airteagal 16 de Rialachán CBI á leithdháileadh acu; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin sa chéad tuarascáil eile uaidh maidir le feidhmiú CBI;

21.

á chur in iúl gur geal léi go gceadaíonn na modhanna leithdháilte atá ann faoi láthair, atá bunaithe den chuid is mó ar chearta stairiúla, leibhéal áirithe cobhsaíochta eacnamaíche in earnáil na hiascaireachta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina choinníoll a chuireann ar chumas na n-oibreoirí teicnící níos inbhuanaithe a nuáil agus a ghlacadh, ach á aithint, i gcásanna áirithe, go rannchuidíonn siad le treochtaí a threisiú amhail dlúthú eacnamaíoch san earnáil iascaireachta, ar treochtaí iad a shaobhann iomaíocht, a chuireann bacainní ar iontrálaithe nua agus a dhéanann an earnáil neamhtharraingteach d’iascairí óga nua; á mheas, thairis sin, i gcásanna áirithe, nach bhfuil na modhanna sin ina ndreasachtaí leordhóthanacha d’iascairí a chuireann cleachtais iascaireachta chun feidhme ar lú a dtionchar comhshaoil, agus nach gcuireann siad deiseanna cothroma ar fáil d’iascairí uile, lena n-áirítear iascairí ar mhionscála; ag spreagadh na mBallstát, i ndáil leis an méid sin, a ráthú go ndáilfear cuótaí go cothrom idir na ranna cabhlaigh éagsúla, agus riachtanais na n-iascairí go léir á gcur san áireamh;

22.

á thabhairt dá haire, i gcás stoc a bhfuil na gabhálacha iomlána is incheadaithe ag méadú ina leith, mar shampla i gcás dea-bhainistíocht stoic nó plean rathúil téarnaimh, go bhféadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na cuótaí breise a dháileadh bunaithe ar chritéir eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil, i gcomhréir le hAirteagal 17;

23.

á chur i bhfáth gur gné bhunúsach den tsochaí áitiúil, den gheilleagar, den chultúr agus den traidisiún i roinnt mhaith limistéar cósta agus oileán ar fud an Aontais iad iascaigh thraidisiúnta agus iascaigh ar mionscála agus a gcomhlachais, amhail iascaigh Cofradias, agus á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt orthu agus cóir speisialta a chur orthu, lena n-áirítear cuótaí ad hoc, go háirithe i gcás méadú ar chainníocht iomlán an stoic de bharr dea-bhainistíocht stoic nó plean téarnaimh rathúil;

24.

á mheas gur gné thábhachtach gurb ea gach cineál critéar dá dtagraítear in Airteagal 17 a úsáid (critéir eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil) agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh chun na cuspóirí a leagtar amach in Rialachán CBI, sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí agus sa straitéis bhithéagsúlachta do 2030 a bhaint amach ina n-iomláine; á mheabhrú gurb iad na Ballstáit atá freagrach as na critéir leithdháilte a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

25.

á mheabhrú gur minic a bhíonn sonraí cáilíochta maidir le tionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha na n-iascach áineasa in easnamh nó neamhiomlán, rud a chiallaíonn nach féidir critéir maidir leis an gcomhshaol agus critéir de chineál sóisialta agus eacnamaíoch a fhorbairt mar a cheanglaítear faoi Airteagal 17;

26.

ag tathant ar an gCoimisiún bailiú sonraí den sórt sin maidir le hiascach áineasa a fheabhsú agus a neartú trí chreat feabhsaithe bailithe sonraí agus ionstraimí beartais eile;

27.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leithdháilfidh gach Ballstát lena mbaineann deiseanna iascaireachta i gcomhréir le Rialachán CBI agus go háirithe le hAirteagal 17, agus úsáid á baint as critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla lena n-áirítear critéir maidir leis an gcomhshaol agus critéir de chineál sóisialta agus eacnamaíoch; á mheas gur cheart do gach Ballstát, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, a áirithiú go bhfuil na critéir inbhuanaithe agus cothrom d’fhonn sainiúlachtaí agus dúshláin áitiúla nach mór dul i ngleic leo a chur san áireamh;

28.

á mheas go bhfuil éagsúlachtaí móra idir na cineálacha iascaigh agus na réaltachtaí atá os a gcomhair ar fud an Aontais agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon chritéir de chineál eacnamaíoch, sóisialta nó critéir maidir leis an gcomhshaol ann a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud AE;

29.

ag meabhrú go bhfuil cúlchistí cuótaí cruthaithe ag na Ballstáit agus ag eagraíochtaí táirgeoirí i roinnt tíortha a d’fhéadfaí a dháileadh ar iascairí bunaithe ar chritéir chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta;

30.

á iarraidh ar na Ballstáit na hiascairí a dhreasú leas a bhaint as na cleachtais, na modhanna agus na nuálaíochtaí iascaireachta is inbhuanaithe agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol; á chreidiúint gur cheart dreasachtaí den sórt sin a chur san áireamh agus an modh leithdháilte á cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 17 agus ag spreagadh na mBallstát breithnithe aeráide agus éiceachórais a chur san áireamh ina bpróisis leithdháilte, ar bhonn sraith critéar trédhearcach; á mheabhrú, de réir Airteagal 17, nach mór do na Ballstáit iarracht a dhéanamh dreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta a bhfuil leas á bhaint acu as trealamh iascaireachta roghnaíoch nó as teicnící iascaireachta ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, amhail tomhailt laghdaithe fuinnimh nó maolú ar an damáiste a dhéantar don ghnáthóg;

31.

á iarraidh ar na Ballstáit oibreoirí a dhreasú, trína bpróisis leithdháilte, idirphlé sóisialta a bhunú agus a neartú le ceardchumainn agus le heagraíochtaí oibrithe chomh maith le comhaontuithe cómhargála a chur i bhfeidhm go hiomlán d’fhonn an inbhuanaitheacht shóisialta agus dálaí cothroma oibre a chur chun cinn laistigh d’earnáil an iascaigh;

32.

á mheabhrú nach mór do na Ballstáit dreasachtaí a thabhairt do shoithí iascaireachta a mbíonn trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbíonn teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol; á thabhairt dá haire go bhfuil dreasachtaí den sórt sin á gcur ar fáil ag roinnt Ballstát; á iarraidh ar Bhallstáit eile dreasachtaí den sórt sin a chur ar fáil;

33.

ag cur béim ar an bhfíoras go rannchuideofar leis an líon éisc a athbhunú ar leibhéal inbhuanaithe agus go gcuirfear feabhas ar chosaint na bithéagsúlachta má dhéantar deiseanna iascaireachta a leithdháileadh trí úsáid a bhaint as critéir amhail tionchar níos lú ar an gcomhshaol agus má dhéantar breithniú ar a dhíograisí a bhí oibreoirí maidir le comhlíonadh san am a chuaigh thart;

34.

á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán CBI, tacú le hiascairí óga agus nua a bheith ag dul i mbun gnó, d’fhonn bacainní ar iontráil a laghdú, teipeanna sa mhargadh a cheartú, agus athnuachan glúine a bhfuil géarghá léi a éascú in earnáil an iascaigh; á iarraidh ar na Ballstáit, ina theannta sin, leas a bhaint as na deiseanna ar fad laistigh de CEMID chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na hathnuachana ó ghlúin go glúin;

35.

á iarraidh ar an gCoimisiún obair níos réamhghníomhaí a dhéanamh leis na Ballstáit lena mbaineann maidir le cur chun feidhme na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán CBI; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chúnamh a thabhairt do na Ballstáit maidir le leas iomlán a bhaint as critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil agus a modheolaíocht chun deiseanna iascaireachta a leithdháileadh á ndearadh acu, mar shampla trí threoirlínte a fhoilsiú; á chur i bhfios go láidir nach mór machnamh a dhéanamh ar chobhsaíocht agus ionchais eacnamaíocha a thairiscint d’iascairí amach anseo;

36.

á iarraidh ar an gCoimisiún, sa tuarascáil uaidh atá le teacht ar fheidhmiú CBI, anailís a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 17 de Rialachán CBI ag na Ballstáit agus moltaí a dhéanamh maidir le conas is féidir feabhas a chur air;

37.

á chur i bhfáth go bhfuil uirlis reachtach fós in easnamh ag AE d’fhonn na cinntí a rinne an Coimisiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha a chur chun feidhme le linn na seisiún is déanaí; á chur i bhfáth, agus an-imní uirthi, go bhfuil baol ann, mar gheall ar an bhfolús normatach sin, go gcuirfí leithdháileadh na gcuótaí tábhachtacha d’earnáil iascaigh AE i mbaol; á áitiú ar Uachtaránacht na Comhairle, dá bhrí sin, togra eile a chur i dtoll a chéile maidir leis an gcomhaontú ar thángthas air cheana idir na páirtithe a dhéanann ailíniú le seasamh na Parlaiminte;

o

o o

38.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.

(2)  IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(3)  IO C 506, 15.12.2021, lch. 160.

(4)  IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.

(5)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.

(6)  IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.

(7)  Breithiúnas an 12 Iúil 2018, UAB “Spika” agus EileŽuvininkystės tarnyba prie Lietuvos Respublikos žemės ūkio ministerijos, C-540/16, ECLI:EU:C:2018:565.


Dé Céadaoin 8. Meitheamh 2022

27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/70


P9_TA(2022)0236

Slándáil i limistéar Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ról an chomhbheartais slándála agus cosanta

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir le slándáil i limistéar Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ról an chomhbheartais slándála agus cosanta (2021/2199(INI))

(2022/C 493/06)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Bhrollach an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe míreanna a trí, a ceathair agus a sé de,

ag féachaint do Theideal V CAE, go háirithe Caibidil a Dó, Roinn a Dó de maidir le forálacha i dtaca leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC),

ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Úcráin, den pháirt eile (1), don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (2), don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (3), don Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus a mBallstáit, de pháirt amháin (4), agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAsarbaiseáine, den pháirt eile (5),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (6),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/887 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin (7),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (8),

ag féachaint do Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (9),

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/1792 ón gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (10),

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána (EPF), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (11),

ag féachaint do Chinntí (CBES) 2021/748 (12), 2021/749 (13) agus 2021/750 (14) ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le rannpháirtíocht Cheanada, Ríocht na hIorua agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtionscadal soghluaisteachta míleata PESCO,

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1537 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (15),

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/1127 ón gComhairle an 30 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/797 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe lena mbagraítear ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (16),

ag féachaint don chinneadh ón gComhairle (CBES) 2019/797 an 17 Bealtaine 2019 maidir le bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe a chuireann an tAontas nó a Bhallstáit i mbaol (17),

ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát rannpháirteach (18),

ag féachaint do Chinneadh 2014/486/CBES ón gComhairle an 22 Iúil 2014 maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh d’Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM an Úcráin) (19), agus do Chinneadh (CBES) 2021/813 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh d’Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM an Úcráin) (20),

ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/736/CBES ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2008 maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM na Seoirsia (21), agus Cinneadh (CBES) 2020/1990 ón gComhairle an 3 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/452/CBES maidir le Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia, EUMM na Seoirsia (22),

ag féachaint do Chlár Oibre Bliantúil an Chiste Eorpaigh Cosanta le haghaidh 2021, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021,

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (COM(2020)0823),

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (COM(2020)0829),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Nollaig 2020 dar teideal The EU’s Cybersecurity Strategy for the Digital Decade (JOIN(2020)0018) [Straitéis Chibearshlándála AE don Deacáid Dhigiteach],

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála (COM(2020)0605),

ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 13 Meán Fómhair 2017 dar teideal Resilience, Deterrence and Defence: Building strong cybersecurity for the EU (JOIN(2017)0450)[Athléimneacht, Díspreagadh agus Cosaint: Cibearshlándáil láidir a thógáil do AE],

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach an 7 Meitheamh 2017 ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal A Strategic Approach to Resilience in the EU’s external action [Cur chuige straitéiseach don athléimneacht i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh](JOIN(2017)0021),

ag féachaint don chruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach a tionóladh an 10 agus an 11 Márta 2022, don chruinniú foirmiúil den Chomhairle Eorpach a tionóladh an 24 agus an 25 Márta 2022 agus do chruinniú mullaigh urghnách ECAT an 24 Márta 2022,

ag féachaint do ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 26 Feabhra 2021 maidir le slándáil agus cosaint,

ag féachaint do chlár oibre straitéiseach nua 2019-2024 a ghlac an Chomhairle Eorpach an 20 Meitheamh 2019,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 Nollaig 2013, an 26 Meitheamh 2015, an 15 Nollaig 2016, an 9 Márta 2017, an 22 Meitheamh 2017, an 20 Samhain 2017 agus an 15 Nollaig 2017,

ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 22 Eanáir 2018 maidir leis an gcur chuige comhtháite i leith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha agus an 24 Eanáir 2022 maidir le staid slándála na hEorpa,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 25 Samhain 2013, an 18 Samhain 2014, an 18 Bealtaine 2015, an 27 Meitheamh 2016, an 14 Samhain 2016, an 18 Bealtaine 2017, an 17 Iúil 2017, an 25 Meitheamh 2018, an 17 Meitheamh 2019, an 10 Nollaig 2019, an 17 Meitheamh 2020, an 12 Deireadh Fómhair 2020, an 20 Samhain 2020, an 7 Nollaig 2020 agus an 10 Bealtaine 2021 maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 maidir le comhshocrú sibhialtach CBSC,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 20 Samhain 2020 maidir le hathbhreithniú straitéiseach PESCO 2020,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Meitheamh 2020 maidir le gníomhaíocht sheachtrach AE i ndáil leis an sceimhlitheoireacht agus leis an antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 10 Nollaig 2019 maidir le hiarrachtaí comhlántacha chun an athléimneacht a fheabhsú agus chun bagairtí hibrideacha a chomhrac,

ag féachaint do chonclúidí an 10 Nollaig 2018 ón gComhairle maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil,

ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle ar an 19 Samhain 2018, maidir le comhshocrú sibhialtach CBSC a bhunú,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 19 Meitheamh 2017 maidir leis an gcreat le haghaidh freagairt chomhpháirteach taidhleoireachta ón Aontas ar chibirghníomhaíochtaí mailíseacha (“Bosca Uirlisí na Cibearthaidhleoireachta”),

ag féachaint don tuarascáil deiridh den chéad timthriall den Athbhreithniú Bliantúil Comhordaithe ar Chosaint (CARD) a cuireadh faoi bhráid na Comhairle ag an gcruinniú a bhí aici an 20 Samhain 2020

ag féachaint don straitéis dhomhanda dar teideal “Fís Chomhroinnte, Gníomhaíocht Chomhchoiteann: Eoraip níos láidre – Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh,” ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR), Federica Mogherini, an 28 Meitheamh 2016,

ag féachaint do na dearbhuithe comhpháirteacha ó chruinnithe mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir 2009 i bPrág, 2011 i Vársá, 2013 i Vilnias, 2015 i Ríge, 2017 sa Bhruiséil agus 2021 sa Bhruiséil,

ag féachaint don dearbhú comhchoiteann a ghlac Coistí Parlaiminteacha Gnóthaí Eachtracha na Triúr Comhlachais, agus dóibh siúd a ghlac an Pholainn agus an Liotuáin an 13 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhar a neartú laistigh de raon feidhme an fhaireacháin ar chearta an duine i gcríocha stáit Chomhpháirtíocht an Oirthir atá faoi fhorghabháil ag an Rúis,

ag féachaint do Phrótacal Mhionsc an 5 Meán Fómhair 2014, do Mheabhrán Mhionsc an 19 Meán Fómhair 2014, agus don phacáiste beart chun Comhaontuithe Mhionsc a chur chun feidhme, a glacadh agus a síníodh i Mionsc an 12 Feabhra 2015, agus a d’fhormhuinigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ina n-iomláine i Rún 2202 (2015) an 17 Feabhra 2015,

ag féachaint do na cruinnithe tríthaobhacha an 14 Nollaig 2021 agus an 6 Aibreán 2022 idir Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán Phoblacht na hAsarbaiseáine, Ilham Aliyev agus Príomh-Aire Phoblacht na hAirméine, Nikol Pashinyan,

ag féachaint don dearbhú comhpháirteach maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT an 10 Iúil 2018 agus do dhearbhú comhpháirteach AE-ECAT an 8 Iúil 2016,

ag féachaint do séú tuarascáil ar dhul chun cinn an 17 Bealtaine 2021 maidir le cur chun feidhme an tacair chomhchoitinn de thograí a d’fhormhuinigh Comhairle AE agus Comhairle ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2017,

ag féachaint don tacar comhchoiteann de 74 thogra chun Dearbhú Comhpháirteach Vársá a chur chun feidhme a d’fhormhuinigh Comhairle AE agus Comhairle ECAT an 6 Nollaig 2016 agus an 5 Nollaig 2017,

ag féachaint do ráiteas comhpháirteach ó AE agus ó na Náisiúin Aontaithe an 24 Eanáir 2022 maidir leis an gComhpháirtíocht Straitéiseach idir na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Eorpach maidir le hOibríochtaí Síochána agus Bainistiú Géarchéimeanna a atreisiú: Tosaíochtaí do 2022-2024,

ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975 de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), do Chairt Pháras 1990 le haghaidh Eoraip Nua, do Chód Iompair ESCE maidir le Gnéithe Polaitiúla-Míleata den tSlándáil an 3 Nollaig 1994, don Mheabhrán maidir le Dearbhú Slándála maidir le hAontachas na hÚcráine leis an gConradh i ndáil le Neamhleathadh Arm Núicléach an 5 Nollaig 1994 (Meabhrán Bhúdaipeist maidir le Dearbhú Slándála) agus Doiciméad Vín an 30 Samhain 2011 maidir le bearta cothaithe muiníne agus slándála,

ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 ar an gcomhar idir AE agus ECAT i gcomhthéacs an chaidrimh thrasatlantaigh (23),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le príosúnaigh chogaidh i ndiaidh na coinbhleachta is déanaí idir an Airméin agus an Asarbaiseáin (24),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 ar chur chun feidhme Threoir 2009/81/CE, maidir le soláthar i réimsí na cosanta agus na slándála, agus Threoir 2009/43/CE, maidir le haistriú táirgí a bhaineann le cosaint (25),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Feabhra 2021 maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais AE leis an Úcráin (26),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta – tuarascáil bhliantúil 2020 (27),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2020, (28)

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais AE le Poblacht na Moldóive (29),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais AE leis an tSeoirsia (30),

ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, roimh Chruinniú Mullaigh mhí an Mheithimh 2020 (31),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Nollaig 2018 maidir le soghluaisteacht mhíleata (32),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2018 maidir le cibearchosaint (33),

ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an Rúis, go háirithe na rúin sin a bhaineann le gníomhaíochtaí na Rúise i gcríocha thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, a hionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé, a sáruithe ar chearta Thataraigh na Crimé, a forghabháil ar chodanna de chríoch na hÚcráine, na Seoirsia agus Phoblacht na Moldóive agus gníomhaíochtaí gaolmhara teorannaithe, chomh maith lena bolscaireacht naimhdeach agus bréagaisnéis i gcoinne thíortha AE agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0168/2022),

A.

de bhrí go bhfuil Chomhpháirtíocht an Oirthir mar chuid de bheartas comharsanachta AE agus de bhrí go bhfuil cur chuige cuimsitheach ag AE i leith na slándála agus na hathléimneachta, lena n-áirítear i gcoinne cibearbhagairtí agus bagairtí hibrideacha, atá ceaptha go sonrach chun an caidreamh leis na sé thír de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir a dhaingniú: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin, chun cuidiú le cur chun cinn na síochána, na cobhsaíochta, na hathléimneachta, an rathúnais chomhroinnte, na forbartha inbhuanaithe, na n-athchóirithe agus na slándála daonna i gcomharsanacht Oirthear an Aontais, chun an comhar eacnamaíoch a neartú, chun tacú le hathchóiriú trasearnála agus chun rannchuidiú le hathléimneacht fhoriomlán na dtíortha sin, de mheon úinéireachta agus freagrachta comhroinnte;

B.

de bhrí go bhféachann Chomhpháirtíocht an Oirthir le cobhsaíocht, rathúnas agus comhar frithpháirteach a chothú, agus leis an tiomantas do na hathchóirithe is gá a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil géarghá le réiteach síochánta coinbhleachta a neartú ar fud Chomhpháirtíocht an Oirthir, go háirithe trí chuir chuige agus fóraim iltaobhacha amhail ESCE; de bhrí gur gá straitéis a fhorbairt maidir le conas aghaidh níos fearr a thabhairt ar ghnéithe slándála de bheartas AE maidir le Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus riachtanais slándála na dtíortha comhpháirtíochta ábhartha á dtógáil mar thúsphointe, ós rud é gur bagairt shuntasach dhomhanda agus bagairt ar shíocháin, cobhsaíocht agus slándáil thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus mhór-roinn na hEorpa é díchobhsú réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir;

C.

de bhrí go bhfuil Chomhpháirtíocht an Oirthir ag dul i ngleic le sáruithe tromchúiseacha ar an dlí idirnáisiúnta, ar bhagairtí slándála agus ar choinbhleachtaí le blianta beaga anuas, rud ba chúis le cogadh reatha foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí go bhfuil slándáil agus síocháin i gcomharsanacht an Oirthir ag glacadh leis go ndéantar an dlí idirnáisiúnta, iomláine chríochach agus cearta agus saoirsí bunúsacha a urramú agus a chaomhnú; de bhrí gur cheart do AE a dhícheall a dhéanamh chun cabhrú le tíortha comhlachaithe Chomhpháirtíocht an Oirthir a gceannasacht agus a smacht iomlán ar a gcríocha a fháil ar ais; de bhrí go bhfuil tiomantas soiléir AE do pheirspictíocht Eorpach thíortha comhlachaithe Chomhpháirtíocht an Oirthir ríthábhachtach d’athchóirithe atá ar son an daonlathais agus do shlándáil, cobhsaíocht agus rathúnas a sochaithe;

D.

de bhrí gur chinn AE agus comhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir go comhpháirteach a gcomhar i réimse na slándála a dhoimhniú, lena n-áirítear feabhas a chur ar chumas thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir dul i ngleic le bagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí; de bhrí nach mór díriú ar ghnáthbhagairtí a chaomhnú freisin, ag cur san áireamh na forbairtí a tharla le déanaí i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus san Áise Láir;

E.

de bhrí go bhfuil aidhmeanna bunriachtanacha Chomhpháirtíocht an Oirthir tairbheach do gach comharsa, lena n-áirítear an Rúis, sa mhéid is go gcabhraíonn siad le réigiún níos cobhsaí a chruthú trí bhearta lena gcaomhnaítear an dlí idirnáisiúnta, urraim d’iomláine chríochach agus do na conarthaí lena rialaítear an caidreamh idir stáit agus lena gcuirtear feabhas ar an dea-rialachas, ar an daonlathas, ar an smacht reachta, ar an urraim do chearta an duine agus ar an dea-chaidreamh comharsanachta trí shíocháin, cobhsaíocht, rathúnas comhroinnte agus ionchais do phobail thíortha uile Chomhpháirtíocht an Oirthir a chur chun cinn; de bhrí gur bagairt shuntasach do AE agus don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don tslándáil dhomhanda é díchobhsú réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir;

F.

de bhrí gur athdhearbhaíodh ag Cruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir a tionóladh an 15 Nollaig 2021 ceart ceannasach gach comhpháirtí a leibhéal uaillmhéine agus a spriocanna a roghnú ina chaidreamh le AE;

G.

de bhrí go raibh iarrachtaí méadaithe mar thoradh ar Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir chun athléimneacht a fheabhsú, cumarsáid straitéiseach agus an comhrac i gcoinne na bréagaisnéise a neartú, agus an tslándáil, an t-idirphlé cibearshlándála agus an comhar a chothú i réimsí CBSC;

H.

de bhrí go bhfuil coinbhleacht chríochach ar a tairseach ag gach tír i limistéar Chomhpháirtíocht an Oirthir, seachas an Bhealarúis, arna stiúradh ag an Rúis nó a bhfuil baint aici leis;

I.

de bhrí, an 22 Feabhra 2022, gur thacaigh an dá sheomra de Pharlaimint na Rúise — an Chomhairle Cónaidhme agus Dúma an Stáit — d’aon ghuth le haitheantas a thabhairt do réigiúin scarúnaíocha na hÚcráine in Donetsk agus Luhansk mar stáit neamhspleácha;

J.

de bhrí, an 23 Feabhra 2022, gur vótáil Parlaimint na Rúise chun ligean don Uachtarán Putin arm na Rúise a úsáid lasmuigh den tír chun “tacaíocht a thabhairt do scarúnaithe san Úcráin”;

K.

de bhrí gur fhógair Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an 24 Feabhra 2022 i gcraoladh teilifíse réamhthaifeadta gur ordaigh sé “oibríocht mhíleata speisialta” in oirthear na hÚcráine; de bhrí gur tharla ionsaithe diúracán i mórán cathracha ar fud na tíre cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, lena n-áirítear i bpríomhchathair na hÚcráine; de bhrí, ag breacadh an lae, gur thrasnaigh trúpaí agus feithiclí armúrtha isteach in oirthear na hÚcráine ó theorainn na Rúise, agus ón mBealarúis sa tuaisceart agus ón gCrimé, a d'ionghabh an Rúis go neamhdhleathach, ó dheas;

L.

de bhrí, an 27 Feabhra 2022, gur chinn an tUachtarán Putin fórsaí núicléacha agus diúracán na Rúise a chur ar an leibhéal ullmhachta is airde don chomhrac;

M.

de bhrí, an 24 Feabhra 2022, gur thosaigh an Rúis ionradh iomlán ar an Úcráin trí theorainneacha thuaidh, thoir agus theas na tíre agus na Mara Duibhe, tar éis di níos mó ná 200 000 trúpa a chruinniú i bhfoirm ionsaitheach ar theorainn na hÚcráine, agus dlús á chur aici freisin lena beartaí hibrideacha agus cibearchogaíochta i gcoinne údaráis thofa na hÚcráine, agus ag an am céanna go ndearna sí buamáil mhór ar limistéir shibhialtacha inar úsáidíodh a n-aerfhórsaí agus cabhlaigh agus armra ab airde; de bhrí gurb í seo an choimhlint mhíleata is mó san Eoraip ón Dara Cogadh Domhanda;

N.

de bhrí, in ainneoin céimeanna ar gúl ag an tús mar gheall ar dhianiarrachtaí frithbheartaíochta na hÚcráine, go bhfuil oibríochtaí ionsaitheacha agus ionsaithe aeir agus airtléire/roicéid déanta ag fórsaí na Rúise ar shuíomhanna shibhialtacha agus ar bhonneagar sibhialtach, lena n-áirítear ar chonairí aslonnaithe aitheanta;

O.

de bhrí, an 13 Márta 2022, gur ghéaraigh an Rúis a cogadh foghach san Úcráin le hionsaithe ar bhunáit mhíleata suntasach níos lú ná 16 km ó theorainn na Polainne, inar maraíodh ar a laghad 35 duine agus inar gortaíodh 134 duine eile, rud a chruthaigh ardteannas breise sa réigiún;

P.

de bhrí go leanann an Rúis, de chuid an Uachtarán Putin, de bheith ag gabháil do chogadh foghach agus cogaíocht hibrideach leanúnach i gcoinne roinnt tíortha de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus an bhagairt fornirt atá ann i gcónaí ar fud an réigiúin, ionsaí armtha agus forghabháil neamhdhleathach mar thaca leis, d’fhonn stáit a choinneáil lag go polaitiúil agus lasmuigh den pholaitíocht agus iad ceangailte le réimse tionchair féindearbhaithe Mhoscó, agus neamhaird éifeachtach á tabhairt aici ar cheart ceannasach thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i leith iomláine chríochach, a roghanna beartais eachtraigh féin a dhéanamh agus a comhghuaillíochtaí féin a roghnú, de shárú ar phrionsabail ábhartha ESCE a chumhdaítear in Ionstraim Críochnaitheach Heilsincí 1975, Cairt Pháras 1990 chomh maith le Doiciméad Iostanbúl (1999) agus Dearbhú Astana (2010); de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí ionsaitheacha na Rúise agus a hiarrachtaí chun ord slándála na hEorpa a lagú ina gcúis le héagobhsaíocht sa réigiún agus níos faide i gcéin agus go bhfuil sé mar aidhm acu freisin ról AE sa réigiún a lagú agus a dhíghrádú;

Q.

de bhrí go ndearna ionsaí míleata díreach na Rúise i gcoinne na Seoirsia in 2008 agus forghabháil 20 % dá críocha ina dhiaidh sin, a hionradh, a forghabháil shealadach agus a hionghabháil neamhdhleathach ar an gCrimé in 2014, agus a tacaíocht do scarúnaithe in Donetsk agus Luhansk, an réigiún a dhíchobhsú agus go raibh sé ina fhasach as ar eascair cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ina sáruithe soiléire ar cheannasacht, neamhspleáchas, aontacht agus iomláine chríochach na Seoirsia agus na hÚcráine; de bhrí go bhfuil na gníomhaíochtaí sin cáinte go láidir ag AE agus go bhfuil rún daingean aige gan aitheantas a thabhairt do réigiúin na Rúise a ndearnadh ionghabháil neamhdhleathach orthu agus atá faoi fhorghabháil neamhdhleathach, ar réigiúin iad a d’úsáid sí chun ionsaí a thosú i gcoinne roinnt tíortha de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir, ag tabhairt ar na Ballstáit agus ar AE raon beart sriantach a dhéanamh; de bhrí gur léirigh gníomhaíochtaí na Rúise go ndiúltaíonn an Rúis do thoilmhianta thíortha comhlachaithe Chomhpháirtíocht an Oirthir dul isteach in AE nó ECAT agus go bhfuil sí meáite ar aon iarrachtaí chun cabhrú le forbairt dhaonlathach i réigiún a mheasann sí a bheith “gar don choigríoch” a throid agus a chonspóid; de bhrí go measann an Chreimil i gcónaí go bhfuil réimse tionchair na Rúise “gar don choigríoch”;

R.

de bhrí, le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go nochtar leochaileachtaí móra maidir le slándáil na mBallstát agus tíortha AE atá ag teacht chun cinn, go háirithe stáit i réigiúin Mhuir Bhailt agus na Mara Duibhe;

S.

de bhrí gur chabhraigh agus gur neartaigh an Bhealarúis cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tar éis cead a thabhairt d’fhórsaí armtha na Rúise druileanna míleata seachtaine a dhéanamh ar chríoch na Bealarúise sular lig sí dá críoch feidhmiú mar cheap lainseála d’ionradh na hÚcráine;

T.

de bhrí, i mí Mheán Fómhair 2021, gur chuimsigh freachnaimh ZAPAD na Rúise leis an mBealarúis agus roinnt tíortha eile in Eagraíocht Chonradh na Comhshlándála (CSTO) faoi stiúir na Rúise, oiliúint suas le 200 000 trúpaí i ngníomhaíochtaí frithcheannairc, i gcogaíocht uirbeach agus i gcibearionsaithe i dtaispeántas fornirt neamhthrédhearcach; de bhrí go ndéanann an Rúis agus an Bhealarúis freachnaimh chomhpháirteacha go rialta agus gur chomhaontaigh siad ar fhoirceadal míleata comhpháirteach; de bhrí gur léiríodh leis an bhfreachnamh míleata comhpháirteach idir an Rúis agus an Bhealarúis “2022 Allied Resolve” go bhfuil bearna na Rúise i gcumais mhíleata ag dúnadh go tapa, agus ag an am céanna go bhfuil sí ag baint amach níos mó agus níos mó a haidhm a caidreamh polaitiúil agus míleata le tíortha Eagraíocht Chonradh na Comhshlándála a dhoimhniú; de bhrí gur léiríodh go raibh na freachnaimh mhíleata sin ina n-oiliúint chun ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin agus chun cogadh foghach a dhéanamh ann sa deireadh; de bhrí go bhfuil fórsaí míleata na Rúise sa Bhealarúis ina mbagairt don Úcráin, don Pholainn, don Liotuáin agus don Eoraip ar fad agus go bhféadfadh sé sin a bheith mar chuid de phlean deiridh chun an Bhealarúis a chur faoi chois agus a fhorghabháil;

U.

de bhrí go ndearna réimeas neamhdhlisteanach Aliaksandr Lukashenka, agus é ag iarraidh fanacht i gcumhacht, an caidreamh le Putin na Rúise a threisiú, gur aontaigh sé comhtháthú Stát an Aontais a dhoimhniú agus trúpaí Rúiseacha a óstáil feadh theorainn na Bealarúise-na hÚcráine, agus go bhfuil tacaíocht lóistíochta agus mhíleata á cur ar fáil aige do thrúpaí Rúiseacha atá ag troid sa chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;

V.

de bhrí go bhfuil an Bhealarúis ciontach i gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, tar éis ionradh na Rúise ó laistigh de chríoch na Bealarúise a cheadú agus tacú léi, agus ar an gcaoi sin a dílseachtaí polaitiúla a léiriú go soiléir agus réimeas smachtbhannaí AE láidir agus feabhsaithe i gcoinne na Bealarúise a spreagadh;

W.

de bhrí nár cheart réimeas neamhdhlisteanach Aliaksandr Lukashenka a áireamh in aon chomhar i réimse na slándála agus na cosanta, toisc go bhféadfaí úsáid a bhaint as aon ghníomhaíochtaí féideartha i gcoinne Bhallstáit an AE nó chun muintir na Bealarúise a chur faoi chois;

X.

de bhrí, tar éis léirsithe ollmhóra i gcoinne calaoise toghcháin ollmhóra, go bhfuil méadú breise déanta ag réimeas na Bealarúise ar an gcos ar bolg intíre agus foréigneach i gcoinne cuid mhór de shaoránaigh na Bealarúise atá ag iarraidh sochaí dhaonlathach a bhaint amach, agus gur tréigeadh an aidhm a bhí aici caidreamh níos fearr a chothú leis an AE; de bhrí go bhfuil an Bhealarúis tar éis treochtaí i dtreo an daonlathaithe a fhreaschur agus glacadh le himircigh a ionstraimiú i gcomhthéacs géarchéime ar an teorainn idir an AE agus an Bhealarúis, agus de bhrí go leanann sí ag cur deireadh le toilmhianta intíre i dtreo léirscaoileadh agus díchobhsú agus deighilt a dhéanamh ar Bhallstáit AE chun deireadh a chur le smachtbhannaí spriocdhírithe AE i gcoinne daoine aonair agus eintiteas atá freagrach as cos ar bolg bhrúidiúil; de bhrí go gcuireann réimeas Lukashenka cobhsaíocht réigiúnach i mbaol trí chogadh hibrideach a dhéanamh agus, chun aimhleasa na sábháilteachta eitlíochta, gur cuireadh iallach ar eitilt de chuid Ryanair teacht chun talún i Mionsc, rud a thug ar AE smachtbhannaí a fhorchur;

Y.

de bhrí gur fhormheas an Bhealarúis, an 27 Feabhra 2022, bunreacht nua lenar cuireadh deireadh le stádas neamhnúicléach na tíre;

Z.

de bhrí, tar éis chinneadh na Rúise aitheantas oifigiúil a thabhairt do dhaon-phoblachtaí Luhansk agus Donetsk an 21 Feabhra 2022, gur dhearbhaigh Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, nach raibh Comhaontuithe Mhionsc 'ann a thuilleadh' agus go raibh an milleán ar an Úcráin as a gcliseadh; de bhrí go bhfuil Comhaontuithe Formáid na Normainne agus Comhaontuithe Mhionsc I agus II neamhéifeachtach go dtí seo agus gur theip orthu deireadh a chur leis an gcogaíocht go léir idir an Úcráin agus fórsaí le tacaíocht na Rúise agus foirmíochtaí armtha neamhdhleathacha i limistéir áirithe de réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin; de bhrí go bhfuil todhchaí Fhormáid na Normainne agus Chomhaontuithe Mhionsc I & II an-éiginnte, ós rud é gur maraíodh na mílte sa choinbhleacht armtha idirnáisiúnta san Úcráin agus gur easáitíodh thart ar 10 milliún duine agus níos mó ná 4 mhilliún dídeanaí; de bhrí go leanann ionsaithe sliogáin laethúla agus troideanna gunnaí de bheith ag marú agus ag gortú daoine;

AA.

de bhrí go mbaineann na bagairtí ar chomharsanacht an Oirthir ní hamháin le hiompar agus gníomhaíochtaí na Rúise, ach go gcuimsíonn siad freisin raon leathan bagairtí lena n-áirítear tionchar réimis forlámhacha eile, sceimhlitheoireacht, coireacht eagraithe, gáinneáil ar dhaoine, éilliú, ionstraimiú na himirce neamhrialta, bréagaisnéis, athrú aeráide, cibirionsaithe, leathadh arm ollscriosta, truailliú comhshaoil mar thoradh ar choinbhleacht mhíleata, soláthairtí fuinnimh curtha in oiriúint le húsáid i gcogadh, gníomhaíochtaí hibrideacha agus a lán bagairtí eile ar chomhtháthú sochaithe sa chomharsanacht;

AB.

de bhrí go mbaineann bagairtí hibrideacha le comhcheangal córasach de chogaíocht faisnéise, ainlithe fórsa lúfar, ollchogaíocht chibirchogaíochta agus úsáid mhéadaithe teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha ó ghrinneall na farraige go dtí an spás, lena n-áirítear ardtrealamh aeranálaithe agus faireachas spásbhunaithe araon, agus imscaradh córas stailce, a gcumasófar iad uile le hardintleacht shaorga (IS), ríomhaireacht chandamach, teicneolaíochtaí saithe dróin atá ag éirí níos “cliste” de réir a chéile, cibearchumais ionsaitheacha, córais diúracán hipearsonach, nanaitheicneolaíocht agus cogaíocht bhitheolaíoch;

AC.

de bhrí nach féidir neamhaird a thabhairt ar an acmhainneacht atá ag an Rúis an cogadh a ghéarú agus úsáid a bhaint as airm cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha; de bhrí gur cúis mhór imní do AE creimeadh an ollstruchtúir dhomhanda dí-armála, neamhleata agus rialaithe arm;

AD.

de bhrí go ndearna fórsaí na Rúise ionsaithe míleata ar stáisiúin núicléacha Chernobyl agus Zaporizhzhia, gur ghlac siad smacht ar na stáisiúin agus gur ghabh siad a bhfoirne mar ghialla ar feadh roinnt seachtainí, agus go bhfuil cosc ar an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach rochtain a fháil ar na sonraí a tharchuirtear ó na saoráidí sin agus faireachán a dhéanamh ar an ábhar núicléach; de bhrí go bhféadfaí díriú ar stáisiúin núicléacha eile san Úcráin má leanann an chogaíocht ar aghaidh;

AE.

de bhrí gur sheol Moscó feachtas bréagaisnéise ina líomhnaítear go raibh airm bhitheolaíocha á bhforbairt ag na Stáit Aontaithe san Úcráin; de bhrí gur thacaigh Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Síne leis an méid a bhí á mhaíomh ag an Rúis;

AF.

de bhrí gur iarr an Rúis go dtionólfaí cruinniú de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun plé a dhéanamh ar a líomhaintí maidir le húsáid arm bitheolaíoch;

AG.

de bhrí go bhféadfadh feachtas oifigiúil bréagaisnéise na Rúise a bheith ag cur tús le himscaradh arm bitheolaíoch; de bhrí go bhféadfadh bréagaisnéis a bhaineann le hairm bhitheolaíocha a bheith ina cúis lena n-úsáid sa deireadh;

AH.

de bhrí go gcuireann feachtais bhréagaisnéise atá urraithe ag an Rúis agus cur isteach hibrideach forbairt an smachta reachta, institiúidí daonlathacha, agus peirspictíocht na hEorpa i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i mbaol; de bhrí go gcuireann bréagaisnéis an daonra i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir amú, go scaipeann sí mímhuinín i bpróisis dhaonlathacha agus sna meáin thraidisiúnta, go ndéanann sí deighilt ar shochaithe, go mbaineann sí an bonn de chearta an duine, go gcuireann sí in olcas coinníollacha a bhaineann le mionlaigh agus grúpaí leochaileacha, agus go bhfuil tionchar, atá ag éirí níos measa, aici ar shlándáil inmheánach thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir ar an iomlán;

AI.

de bhrí go bhfuil an Rúis ag iarraidh ollstruchtúr slándála na hEorpa a dhíchóimeáil agus a athdhearadh agus geallúintí a bhaint as an gcomhphobal trasatlantach gan glacadh leis an Úcráin ná leis an tSeoirsia in ECAT, agus go bhfuil sí ag éileamh go dtarraingeofaí trúpaí ECAT siar ó roinnt Ballstát AE, agus ar an gcaoi sin go ndéanfaí dímheas a léiriú do chroíphrionsabail shlándáil na hEorpa mar a comhaontaíodh i measc tíortha Eorpacha, lena n-áirítear an Rúis; de bhrí go léiríonn an fíoras go ndearna trúpaí na Rúise ionradh ar an Úcráin trí chríoch na Bealarúise chun cabhrú le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine na gníomhaíochtaí a éilíonn an Rúis ar a comhghuaillithe, agus ar an gcaoi sin leanúint de bheith ina bagairt thromchúiseach ar an bPolainn, ar na Stáit Bhaltacha, ar chomhthíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ar an Eoraip ar fad;

AJ.

de bhrí go bhfuil AE, ECAT agus a mBallstáit ag moladh réiteach taidhleoireachta síochánta a d’fhágfadh go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata uile san Úcráin agus go dtarraingeofaí siar gan choinníoll gach fórsa agus trealamh míleata ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus go bhfuil na Ballstáit ag obair chun athléimneacht agus cumas na hÚcráine í féin a chosaint a fheabhsú; de bhrí go ndearna an Rúis neamhaird d’aon turas agus d’aon ghnó ar an Aontas Eorpach san idirphlé agus sna caibidlíochtaí maidir leis an staid san Úcráin, agus slándáil AE i mbaol; de bhrí nach féidir aon phlé a dhéanamh ar shlándáil na hEorpa gan tíortha Eorpacha; de bhrí gurb í ESCE an t-aon eagraíocht Eorpach a thugann le chéile gach tír Eorpach, lena n-áirítear an Rúis, an Áise Láir agus na comhpháirtithe trasatlantacha; de bhrí go bhfuil ESCE fós ina chreat oiriúnach chun plé a dhéanamh ar conas struchtúr coiteann slándála na hEorpa a neartú ar mhaithe le cách; de bhrí go bhfuil iarrachtaí suntasacha á ndéanamh chun dianchomhar a chothú idir AE, a Bhallstáit agus na Stáit Aontaithe agus i measc na mBallstát féin maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí gur theip ar dhianchainteanna déthaobhacha maidir le cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine dul chun cinn de chineál ar bith a bhaint amach i dtreo réiteach inbhuanaithe ar an ngéarchéim seo;

AK.

de bhrí gur tháinig an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha, lena n-áirítear na hairí gnóthaí eachtracha agus na hairí cosanta araon, le chéile roinnt uaireanta chun cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a phlé agus chun cinneadh a dhéanamh maidir le straitéis AE chun déileáil leis; de bhrí gur chuir an AE in aghaidh ionsaí míleata Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine le smachtbhannaí méadaitheacha; de bhrí go ndearna Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus Leas-Uachtarán um Eoraip níos láidre sa Domhan/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála malartuithe tuairimí maidir le struchtúr slándála na hEorpa i bhfianaise chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí gur eagraigh Coiste na Parlaiminte um Ghnóthaí Eachtracha agus an Fochoiste um Shlándáil agus um Chosaint misean ad hoc chun na hÚcráine idir an 30 Eanáir agus an 2 Feabhra 2022;

AL.

de bhrí go bhfuil ESCE fós ina chreat oiriúnach chun plé a dhéanamh ar conas struchtúr coiteann slándála na hEorpa a neartú ar mhaithe le cách;

AM.

de bhrí, mar fhreagairt dhíreach ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil feabhas ollmhór curtha ag Ballstáit AE, go háirithe an Ghearmáin, ar a mbuiséid chosanta;

AN.

de bhrí go bhfuil go leor Ballstát ag cur cúnamh míleata déthaobhach ar fáil don Úcráin chun cabhrú le fórsaí armtha na hÚcráine ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine a chosaint;

AO.

de bhrí gur chinn roinnt Ballstát AE freagairt go dearfach d’iarrataí na hÚcráine ar threalamh míleata; de bhrí go bhfuil roinnt Ballstát AE, ag tosú leis na Stáit Bhaltacha agus leis an bPolainn, tar éis airm a sheoladh chuig an Úcráin chun cabhrú le fórsaí armtha na hÚcráine le harmra sofaisticiúil chun cur i gcoinne fhórsaí ionraidh na Rúise; de bhrí gurb í an bhriogáid idir an Liotuáin agus an Pholainn agus an Úcráin an chéad struchtúr agus an struchtúr is mó le haghaidh oiliúna agus ainlithe idir fórsaí armtha na hEorpa agus na hÚcráine;

AP.

de bhrí gur ghlac AE dhá bheart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a rannchuideoidh le cumais agus athléimneacht fhórsaí armtha na hÚcráine a neartú agus leis an bpobal sibhialtach a chosaint ar an ionsaí míleata leanúnach; de bhrí go maoineoidh na bearta cúnaimh, ar fiú EUR 1,5 billiún san iomlán iad, soláthar trealaimh agus soláthairtí d’fhórsaí armtha na hÚcráine, lena n-áirítear trealamh marfach den chéad uair;

AQ.

de bhrí gur fhógair an Chomhairle, i mí na Samhna 2021, pacáiste 14 thionscadal nua PESCO don tslándáil talún, don tslándáil mhuirí, don tslándáil aeir, don chibearshlándáil agus don tslándáil spáis; de bhrí gur fhógair Foireann Mearfhreagartha Cibirtheagmhas, arna maoiniú ag PESCO, go ndéanfaí saineolaithe cibearshlándála a imscaradh chun cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne cibirionsaithe na Rúise i gcoinne eintitis na hÚcráine an 22 Feabhra 2022;

AR.

de bhrí nach mór, leis an gCompás Straitéiseach nuaghlactha, an uaillmhian pholaitiúil agus straitéiseach, na cumais agus na hacmhainní is gá chun athrú dearfach a ghiniúint a chur ar fáil do CBSC, go háirithe ar fud a chomharsanachta straitéisí; de bhrí go bhfuil toil pholaitiúil i measc Bhallstáit AE ríthábhachtach chun an Compás Straitéiseach a chur chun feidhme; de bhrí gurb é is aidhm don Chompás Straitéiseach tionchar dearfach a sholáthar maidir le luas agus stóinseacht na freagartha coitinne ar dhúshláin gheopholaitiúla agus dhomhanda, agus tús áite á thabhairt d’fhíorchosaint Eorpach i gcoinne timpeallacht de bhagairtí atá ag teacht chun cinn;

AS.

de bhrí gur ghlac an Coimisiún pacáiste nua cúnaimh macra-airgeadais éigeandála EUR 1,2 billiún don Úcráin chun cabhrú leis an tír aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha agus gheopholaitiúla atá ann faoi láthair agus chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais airgeadais mar gheall ar ghníomhaíochtaí ionsaitheacha na Rúise; de bhrí go leithdháilfidh an Coimisiún EUR 120 milliún breise ar an Úcráin freisin, rud a mhéadóidh go suntasach a chúnamh déthaobhach don tír i ndeontais i mbliana; de bhrí go leanfaidh AE d’infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí na hÚcráine tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta, a bhfuil sé mar aidhm aige suas le EUR 6,5 billiún d’infheistíochtaí a ghiaráil sna blianta beaga amach romhainn;

AT.

de bhrí gur ghlac AE agus a chomhghuaillithe pacáistí smachtbhannaí agus bearta fadréimseacha agus gan fasach mar fhreagairt ar ghníomhartha ionsaithe na Rúise ar shláine críche na hÚcráine, rochtain na Rúise ar mhargaí caipitil an iarthair a laghdú, sócmhainní a chalcadh agus idirbhearta ar thrí bhanc Rúiseacha a thoirmeasc, chomh maith le bainc thábhachtacha a eisiamh ó chóras SWIFT;

AU.

de bhrí go bhfágann smachtbhannaí in earnáil an fhuinnimh go bhfuil sé níos deacra agus níos costasaí don Rúis a scaglanna ola a uasghrádú; de bhrí gur chuir AE toirmeasc ar aerárthaí agus trealamh gaolmhar a onnmhairiú, a dhíol nó a sholáthar d’aerlínte na Rúise, chomh maith leis na seirbhísí deisiúcháin, cothabhála nó airgeadais gaolmhara uile; de bhrí gur dhún an tIarthar an t-aerspás d’aerárthaí uile na Rúise, atá cláraithe sa Rúis nó faoi rialú na Rúise; de bhrí nach mbeidh na haerárthaí sin in ann tuirlingt i gcríoch AE agus a chomhghuaillithe, ná éirí de thalamh iontu ná eitilt os a gcionn; de bhrí go bhfuil an tIarthar ag leathnú raon feidhme na rialuithe onnmhairiúcháin ar earraí dé-úsáide chun rochtain na Rúise ar theicneolaíocht ríthábhachtach a theorannú, amhail leathsheoltóirí nó bogearraí ceannródaíocha; de bhrí go bhfuil toirmeasc curtha ag AE ar rochtain do thaidhleoirí Rúiseacha agus do ghrúpaí gaolmhara agus do lucht gnó chomh maith le heagraíochtaí meán na Rúise atá faoi úinéireacht stáit, Russia Today agus Sputnik, chomh maith lena bhfochuideachtaí; de bhrí go n-áirítear i gcúigiú pacáiste smachtbhannaí AE 217 duine aonair breise agus 18 n-eintiteas agus go gcuirtear trádbhac ar ghual leis an liosta smachtbhannaí;

AV.

de bhrí gurb ionann na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar an Rúis agus ar an mBealarúis agus léiriú gan fasach d’aontacht ó Bhallstáit AE agus go ndearna siad damáiste suntasach eacnamaíoch do phríomhcholúin gheilleagair na Rúise agus na Bealarúise, rud a d'fhág go dtí seo gur thit an rúbal go sealadach, go raibh riosca méadaithe ann go dtarlódh mainneachtain bannaí, gur dúnadh stocmhalartán Mhoscó go sealadach, go ndearnadh ciorruithe ollmhóra ar thrádáil ola na Rúise, agus go raibh an Rúis eisiata ó raon leathan eagraíochtaí idirnáisiúnta;

AW.

de bhrí go bhfuil fíordhamáiste á dhéanamh ag na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise agus go bhféadfadh siad cúlú eacnamaíoch a spreagadh; de bhrí go bhfuil an rúbal tar éis titim go sealadach, go bhfuil riosca mainneachtana bannaí tar éis ardú go tobann, gur dúnadh stocmhalartán Mhoscó agus go bhfuil trádáil ola na Rúise ar lascainí níos doimhne ná riamh;

AX.

de bhrí go ndearna an Úcráin iarratas foirmiúil ar bhallraíocht AE an 28 Feabhra 2022, agus go ndearna Poblacht na Moldóive agus an tSeoirsia iarratais ar bhallraíocht AE go tapa ina dhiaidh sin an 3 Márta 2022;

AY.

de bhrí, i bhfianaise ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil ar na Ballstáit dul i ngleic le líon, nach bhfacthas a leithéid riamh, de dhaoine easáitithe de réir mar a theitheann muintir na hÚcráine ar mhaithe lena sábháilteacht; de bhrí go bhfuil Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe ag súil go mbeidh idir 6 mhilliún agus 8 milliún dídeanaí ann; de bhrí gur theith formhór na ndídeanaithe chuig Ballstáit chomharsanachta AE, go háirithe an Pholainn, an Rómáin, an Ungáir agus an tSlóvaic, chomh maith le comharsan na hÚcráine atá leochaileach cheana féin, Poblacht na Moldóive, as a n-eascraíonn brú ollmhór chun athlonnú agus cúnamh a chur ar fáil; de bhrí gur chuir an Coimisiún Sásra AE um Chosaint Shibhialta i ngníomh chun tacú leis an Úcráin agus le tíortha teorann; de bhrí gur ghlac sí togra reachtach dar teideal “Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE)”; de bhrí gur chuir sé mórionstraimí airgeadais ar aghaidh, lena n-áirítear EUR 500 milliún ó bhuiséad AE, an síneadh atá beartaithe a chur leis an tréimhse cur chun feidhme don airgead atá ar fáil do na Ballstáit faoi chistí gnóthaí baile 2014-2020, agus úsáid na gcistí gnóthaí baile do 2021-2027;

AZ.

de bhrí, go gairid tar éis thús ionradh na Rúise, gur chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach d’aon ghuth an Treoir um Chosaint Shealadach (34) a ghníomhachtú den chéad uair, a dheonaigh stádas cosanta láithreach chomh maith le rochtain ar shláinte, oideachas, saothar agus cónaí AE do shaoránaigh uile na hÚcráine, do dhídeanaithe agus do chónaitheoirí fadtéarmacha atá ag teitheadh ón Úcráin;

BA.

de bhrí gur forbairt chriticiúil é an Tionscnamh Three Seas Initiative (3SI), ina bhfuil 12 thír ar thaobh thoir agus theas AE agus thart ar 112 milliún saoránach atá ag obair le chéile chun bonneagar, fuinneamh, iompar agus líonraí digiteacha a fhorbairt, agus ar féidir a leathnú chun tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a áireamh mar iarracht chun naisc le AE a neartú tuilleadh;

BB.

de bhrí go dtacaíonn Parlaimint na hEorpa go láidir leis an International Crimea Platform [Ardán idirnáisiúnta na Crimé], a sheol an Úcráin, Ballstáit AE agus comhpháirtithe idirnáisiúnta eile i mí Lúnasa 2021 i gCív chun tionscnamh ó Uachtarán na hÚcráine a fhorbairt; de bhrí gur formáid thábhachtach é an t-ardán le haghaidh comhairliúcháin agus comhordaithe atá dírithe ar éifeachtacht na freagartha idirnáisiúnta ar fhorghabháil neamhdhleathach leanúnach na Crimé a mhéadú, lena n-athdhearbhaítear neamhaitheantas a ionghabhála agus dí-áitiú na Crimé agus a filleadh síochánta faoi rialú na hÚcráine a bhaint amach; de bhrí go bhfuil an t-ardán ag freagairt do chogadh foghach na Rúise trí bhrú idirnáisiúnta ar an gCreimil a mhéadú, tuilleadh sáruithe ar chearta a chosc agus íospartaigh an réimis forghabhála a chosaint;

BC.

de bhrí go bhfuil an Rúis ag leanúint ar aghaidh go neamhdhleathach ag cur iallach ar shaoránaigh na hÚcráine, ar chríocha oblasts Donetsk agus Luhansk na hÚcráine atá faoi fhorghabháil shealadach, iarratas a dhéanamh ar phasanna;

BD.

de bhrí gur dhréachtaigh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe téacs an 26 Feabhra 2022 inar cáineadh ionradh na Rúise ar an Úcráin, a ndearna an Rúis a chros agus ar staon an tSín agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha uaidh;

BE.

de bhrí, an 2 Márta 2022, gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún neamhcheangailteach inar éilíodh go gcuirfí stop láithreach le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; de bhrí gur ritheadh an vóta le tromlach ollmhór 140 tír i bhfabhar, le 5 vóta i gcoinne agus 38 staonadh;

BF.

de bhrí, an 16 Márta 2022, gur luaigh Karim Khan, Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, ar fhilleadh dó ó chuairt ar an Úcráin, “if attacks are intentionally directed against the civilian population: that is a crime that my office may investigate and prosecute” [má dhírítear ionsaithe ar an bpobal sibhialta d’aon ghnó: sin coir a bhféadfadh m’oifige a iniúchadh a dhéanamh air agus é a ionchúiseamh]

BG.

de bhrí gur vótáil Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, an 7 Aibreán 2022, an Rúis a chur ar fionraí ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine;

BH.

de bhrí, mar fhreagairt ar ionradh gan chúis agus gan údar na Rúise ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, go ndearna ECAT na mílte fórsaí cosanta talún, aeir agus muirí breise a imscaradh in oirthear na Comhghuaillíochta; de bhrí go bhfuil an Chomhghuaillíocht tar éis NATO Response Force [Fórsa Freagartha ECAT] a ghníomhachtú;

BI.

de bhrí go bhfuil ECAT ag cuidiú le hiarrataí na hÚcráine ar chúnamh a chomhordú agus go bhfuil sé ag tacú lena comhghuaillithe féin maidir le cabhair dhaonnúil agus neamh-mharfach a sheachadadh;

BJ.

de bhrí go bhfuil a Bheartas maidir le hIontráil Oscailte athdheimhnithe ag ECAT; de bhrí go bhfuil comhghuaillithe ECAT ag cur fórsaí ar fuireachas agus ag seoladh longa breise agus scairdeitleáin trodaithe chuig imscaradh ECAT in Oirthear na hEorpa, rud a threisíonn díspreagadh agus cosaint na gcomhghuaillithe;

BK.

de bhrí gur tháinig roinnt aerárthaí gan foireann de chuid na Rúise isteach in aerspás roinnt comhaltaí de ECAT sular thit siad ar a gcríocha, i sáruithe soiléire ar aerspás bhalltíortha ECAT;

BL.

de bhrí gur fhógair Uachtarán Zelenskyy na hÚcráine an 8 Márta 2022 nach saothróidh sé aontachas ECAT a thuilleadh agus go bhfuil an Úcráin toilteanach comhréiteach a dhéanamh maidir le stádas réigiúin scartha Luhansk agus Donetsk na hÚcráine atá faoi smacht na Rúise;

BM.

de bhrí gur cheart go mbeadh AE ag freagairt do bhagairtí na Creimile ní hamháin le bearta crua slándála amhail airm a sheachadadh don Úcráin chun cabhrú léi í féin a chosaint, ach freisin trí úsáid a bhaint as cumhacht bhog ionstraimí Eorpacha amhail stádas mar iarrthóir aontachais a dheonú;

BN.

de bhrí nach mór do CBSC a bheith bunaithe ar chomhordú agus ar chomhar níos dlúithe fós le seasamh cosanta agus díspreagtha ECAT agus leis an mBeartas Iontráil Oscailte, agus lánurraim á tabhairt do shocruithe slándála Bhallstáit AE, chomh maith leis an ngá atá le dlúthchomhar idir AE agus ECAT chun comhleanúnachas a áirithiú idir Compás Straitéiseach AE agus an chéad Choincheap Straitéiseach eile de chuid ECAT; de bhrí go bhfuil toilmhianta ag roinnt de thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a bheith rannpháirteach in ECAT;

BO.

de bhrí, idir 2014 agus tús an chogaidh, go bhfuil os cionn USD 2,9 billiún de chúnamh slándála curtha ar fáil ag na Stáit Aontaithe don Úcráin, le leithdháileadh bliantúil USD 393 milliún ó 2021 i leith, rud a fhágann gurb í an Úcráin an faighteoir aonair is mó de chúnamh míleata eachtrach san Eoraip, agus go gcuireann na Stáit Aontaithe oiliúint ar cheithre bhriogáid de chuid fhórsaí armtha na hÚcráine gach bliain; de bhrí gur chuir na Stáit Aontaithe trealamh marfach ar fáil don Úcráin agus gur fhógair siad, le déanaí, pacáiste cúnaimh USD 800 milliún lena n-áirítear airm throma, airtléire, dróin agus armlón, rud a fhágann gur mó ná USD 4 bhilliún méid iomlán chúnamh slándála na Stát Aontaithe don Úcráin agus go bhfuil an méid sin ag ardú ó thús an chogaidh;

BP.

de bhrí, an 27 Eanáir 2022, gur shínigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe agus Verkhovna Rada na hÚcráine socrú soláthair mhíleata chun tionscadail infheistíochta a chur ar fáil don Úcráin idir 2022 agus 2023; de bhrí gur fiú GBP 1,7 billiún san iomlán an socrú míleata agus go bhfuil sé mar aidhm leis cumais chabhlaigh na hÚcráine a leathnú;

BQ.

de bhrí, ón 9 Feabhra 2022, gur shroich cúnamh éigeandála na Ríochta Aontaithe don Úcráin GBP 400 milliún anois, agus de bhrí go bhfuil míle trúpaí curtha ar fuireachas ag an Ríocht Aontaithe lena n-imscaradh chuig Oirthear na hEorpa chun slándáil a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin;

BR.

de bhrí gur chuir an Ríocht Aontaithe oiliúint fothaithe acmhainneachta agus neamh-mharfach ar fáil do níos mó ná 20 000 pearsanra d’fhórsaí armtha na hÚcráine agus gur sholáthair sí córais chosanta; de bhrí gur chuir an Ríocht Aontaithe trealamh arm marfach ar fáil don Úcráin freisin;

BS.

de bhrí gur sheol Ceanada Oibríocht UNIFIER, an Clár Oiliúna Míleata agus Comhair, agus an Tionscadal Cúnaimh Oiliúna Póilíneachta, a chuireann oiliúint i dteannta a chéile ar bhreis agus 30 000 comhalta d’fhórsaí slándála agus seirbhísí póilíneachta na hÚcráine agus a sholáthraíonn trealamh oirbheartaíochta agus airm; de bhrí, idir mí Eanáir agus mí Aibreáin 2022, gur gheall Ceanada os cionn CAD 118 milliún i dtrealamh míleata chun tacú leis an Úcráin agus chun cúnamh míleata breise CAD 500 milliún a leithdháileadh don Úcráin don bhliain fhioscach 2022-2023;

BT.

de bhrí gur dheonaigh an Iorua armra fritancanna agus córais aerchosanta mar aon le pacáiste cuimsitheach de chabhair mhíleata neamh-mharfach amhail veisteanna piléardhíonacha, clogaid, ciondálacha allamuigh agus soláthairtí riachtanacha eile, agus os cionn EUR 40 milliún leithdháilte ag an am céanna chun tacú leis an Úcráin;

BU.

de bhrí gur chuir an tSeapáin cabhair mhíleata neamh-mharfach ar fáil lena n-áirítear veisteanna piléardhíonacha, clogaid, gineadóirí cumhachta agus bia, chomh maith le hiasacht USD 100 milliún don Úcráin;

BV.

de bhrí gurb é an Defence Reform Advisory Board [Bord Comhairleach um Athchóiriú Cosanta], ar a bhfuil saineolaithe ardleibhéil ó na Stáit Aontaithe, ón Ríocht Aontaithe, ó Cheanada, ón bPolainn, ón nGearmáin agus ón Liotuáin, an comhlacht comhairleach idirnáisiúnta is airde san Úcráin;

BW.

de bhrí go bhfuil ról na Síne ag éirí níos gníomhaí in iomaíocht sa réigiún maidir le tionchar polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch ag fás i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, áit a gcomhcheanglaíonn infheistíocht na Síne, lena n-áirítear tríd an Belt and Road Initiative [Tionscnamh Criosanna agus Bóithre], iasachtaí saora a spreagann cóimheasa fiachais-OTI agus gur mainneachtain i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir an toradh a thuartar, as a n-eascraíonn cúiteamh ionsaitheach, go minic i bhfoirm úinéireachta ar bhonneagar straitéiseach agus ailíniú beartais;

BX.

de bhrí go bhfuil tionchar tríú tíortha, go háirithe an Iaráin, i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir dírithe den chuid is mó ar Chugas Theas, áit a bhfuil tionchar seanbhunaithe cultúrtha, reiligiúnach, polaitiúil agus eacnamaíoch na hIaráine ag fás, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht roinnt tíortha de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir mar gheall ar iarrachtaí feallmharaithe a bhaineann le hoibrithe Chór Gharda Réabhlóideach Ioslamach na hIaráine sa tSeoirsia agus san Asarbaiseáin, rud a chruthaíonn tuilleadh imní d’iarrachtaí AE slándáil, cobhsaíocht agus dea-chomharsanacht a chur chun cinn i measc thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;

BY.

de bhrí go ndearnadh athrú bunúsach ar stádas polaitiúil, straitéiseach agus oibríochtúil an Chugas Theas mar thoradh ar an gcoimhlint 44 lá a spreag an Asarbaiseáin, go raibh na mílte taismeach, na mílte duine easáitithe agus go raibh an Rúis tar éis tuairim is 2 000 trúpaí síochánaíochta, mar a thugtar orthu, a imscaradh chuig conair Lachin agus go Nagorno-Karabakh, agus timpeall air, mar chuid de chomhaontú sos cogaidh an 10 Samhain 2020; de bhrí go bhfuil scirmisí idir an Asarbaiseáin agus an Airméin fós ar siúl agus nár socraíodh coinbhleacht Nagorno-Karabakh; de bhrí nach mbeidh an Rúis in ann coinbhleacht a rugadh sa spás iar-Shóivéadach a shocrú ina haonar; de bhrí gur chuir easpa fadbhreathnaitheachta straitéisí agus tionscnaimh taidhleoireachta AE ar chumas na Rúise, na Tuirce, na hIaráine agus gníomhaithe eile a dtionchar ar Chugas Theas a neartú;

BZ.

de bhrí go ndearnadh damáiste don phríomhphíblíne chun gás a sholáthar do Nagorno-Karabakh agus gur fhág sí an chríoch atá faoi dhíospóid gan rochtain ar sholáthairtí fuinnimh an 8 Márta 2022 mar thoradh ar rannpháirtíocht mhíleata leanúnach idir fórsaí na hAirméine agus fórsaí na hAsarbaiseáine sa Nagarna-Karabakh;

CA.

de bhrí, ag tús mhí Eanáir 2022, go ndearna fórsaí CSTO (a bhí faoi cheannas mhíleata na Rúise agus lena n-áirítear trúpaí ón mBealarúis agus ón Airméin, i measc trúpaí eile) idirghabháil sa Chasacstáin, arna iarraidh sin ag rialtas na tíre, chun cuidiú le corraíl shibhialta a bhrú síos chun a áirithiú go leanfar den chóras rialaithe atá ann faoi láthair agus chun an eagraíocht a úsáid chun tacú lena leasanna;

CB.

de bhrí go bhfuil Cónaidhm na Rúise ag leanúint dá láithreacht mhíleata neamhdhleathach i gcríocha na hAbcáise agus na hOiséite Theas, atá faoi fhorghabháil ag an tSeoirsia, a threisiú tuilleadh, a neartú míleata agus a freachnaimh mhíleata a threisiú, iallach a chur ar dhaoine iarratas a dhéanamh ar phasanna agus “teorainniú” a mhéadú trí fálta sreinge deilgneacha agus bacainní eile a shuiteáil feadh Líne Teorann Riarthach, an staid slándála ar an talamh a dhíchobhsú go tromchúiseach agus slí bheatha an phobail sna limistéir ina bhfuil coinbhleacht a chur i mbaol;

CC.

de bhrí go bhfuil rath aon mhisin CBSC ag brath ar stóinseacht a shainordaithe agus ar leibhéal thoil pholaitiúil agus chomhtháthú Bhallstáit AE agus na dtíortha comhpháirtíochta, agus ar thoilteanas na mBallstát a gcuid saineolais, sócmhainní, pearsanra agus acmhainní a infheistiú;

CD.

de bhrí go mbeidh ar Chumas Sibhialtach Pleanála agus Seolta (CPCC) AE machnamh a dhéanamh ar conas misin atá imscartha faoi stiúir AE agus pearsanra sibhialta AE a chosaint ar bhagairtí méadaitheacha den sórt sin;

CE.

de bhrí, má tá misin CBSC chun a gcuspóirí misin a bhaint amach, gur cheart go n-áireofaí ina sainordú cúraimí comhairleacha agus oiliúna chun déileáil leis na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus suaiteach atá ag dul isteach go tapa sa timpeallacht “coinbhleacht chalctha”; de bhrí nach mór misin CBSC i dtíortha comhlachaithe Chomhpháirtíocht an Oirthir a bheith i bhfeidhm chomh fada agus a mheasann tíortha is faighteoirí agus na Ballstáit iad a bheith riachtanach chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí misin;

CF.

de bhrí go bhfuil roghanna á bplé faoi láthair ag an gComhairle chun láithreacht CBSC san Úcráin a mhéadú;

CG.

de bhrí gur misean sibhialta é Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Sibhialtaí Slándála san Úcráin (EUAM) a seoladh in 2014, arna iarraidh sin ag Rialtas na hÚcráine, chun go dtacódh AE le hathchóiriú institiúidí forfheidhmithe dlí agus smachta reachta, agus ar an gcaoi sin muinín a athbhunú le saoránaigh na hÚcráine tar éis na n-imeachtaí foréigneacha a bhain le réabhlóid na hÚcráine;

CH.

de bhrí go bhfuil cúig réimse tosaíochta sainaitheanta ag EUAM, lena n-áirítear slándáil náisiúnta agus stáit, coireacht eagraithe agus trasteorann, ceartas coiriúil, sábháilteacht an phobail agus bainistiú póilíneachta, agus claochlú digiteach agus nuálaíocht, chun tacú le hathchóiriú earnáil na slándála sibhialtaí san Úcráin ag a bhfuil buiséad bliantúil EUR 29,5 milliún agus foireann údaraithe de 371, lena n-áirítear náisiúnaigh na hÚcráine agus pearsanra ó thíortha eile nach tíortha den Aontas Eorpach iad, agus sainordú le hathnuachan in 2024;

CI.

de bhrí go gcumhdaíonn EUAM trí réimse oibríochta: comhairle straitéiseach a thabhairt chun doiciméid straitéiseacha agus reachtaíocht a fhorbairt; tacú le hathchóirithe a chur chun feidhme le comhairle phraiticiúil, le hoiliúint agus le trealamh; agus comhar agus comhordú a chur chun cinn chun comhleanúnachas agus iarrachtaí athchóirithe a áirithiú idir an Úcráin agus gníomhaithe idirnáisiúnta;

CJ.

de bhrí go bhfuil EUAM i mbun a ghníomhaíochtaí i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Slándála Náisiúnta agus le Seirbhís Faisnéise Eachtraí na hÚcráine; de bhrí go n-oibríonn EUAM le córas cúirte na hÚcráine trína hionchúisitheoirí chun neamhspleáchas agus éifeachtúlacht an ionchúisimh a áirithiú; de bhrí go ndéanann EUAM fórsaí póilíneachta na hÚcráine a oiliúint agus a threalmhú trína oifigí réigiúnacha allamuigh agus trí chomhoibriú le cúigí comharsanachta; de bhrí go ndíríonn EUAM a thionscnaimh oiliúna póilíneachta trí chomhairle straitéiseach a sholáthar agus trí “Idirphlé Sábháilteachta Comhphobail” agus go gcuireann sé oiliúint ar phóilíní áitiúla i bpríomhréimsí;

CK.

de bhrí go gcomhoibríonn EUAM le Measúnú Europol ar Bhagairt na Coireachta Tromchúisí Eagraithe (SOCTA) chun cúnamh a thabhairt d’údaráis na hÚcráine i mbearta forbartha acmhainní agus i mbainistiú comhtháite teorainneacha;

CL.

de bhrí go bhfuil obair EUAM maidir le cúnamh a thabhairt don athchóiriú ar Sheirbhís Slándála na hÚcráine (SSU) fós mar thosaíocht agus nach mór dó a thacaíocht a dhíriú ar chur chun feidhme an athchóirithe chun a áirithiú go ndéanfaidh SSU deireadh a chur le cumhachtaí imscrúdaitheacha réamhthrialach de réir a chéile, go ndéanann sé an tseirbhís a dhímhíleatú, go bhfuil deighilt shoiléir inniúlachtaí aige le gníomhaireachtaí slándála eile, go bhfuil maoirseacht éifeachtach á déanamh aige, agus go laghdófar é; de bhrí, má chuirtear chun feidhme i gceart é, go sonraítear i mBille 3196 go ndíríonn SSU a iarrachtaí ar fhrithfhaisnéis, ar ghníomhú in aghaidh bagairtí ar shlándáil an stáit, ar fhrithsceimhlitheoireacht, ar chibearshlándáil, ar chosaint stáit náisiúnta agus ar iomláine chríochach, agus ar chosaint rúin stáit; de bhrí go n-iarrtar, leis na hathchóirithe is gá chun forbairt dhaonlathach a áirithiú, go ndéanfaidh an SSU an méid seo a leanas: deighilt shoiléir feidhmeanna, baint ón imscrúdú ar choireanna eacnamaíocha agus éillithe (ach amháin i gcásanna eisceachtúla nuair a údaraíonn an tArd-Aighne iad), neamhspleáchas polaitiúil, dímhíleatú agus barrfheabhsú breise, níos mó trédhearcachta agus cuntasachta, agus béim bhreise ar bhonneagar criticiúil a chosaint;

CM.

de bhrí gur príomhiarracht athchóirithe é cúnamh EUAM maidir leis an mBiúró um Shlándáil Eacnamaíoch (BES) a bhunú, lena ndírítear ar choireacht airgeadais ar fud na hÚcráine; de bhrí go bhfuil roghnú trédhearcach pearsanra BES agus díscaoileadh na Seirbhíse Fioscach Stáit ríthábhachtach chun tionchar olagarcach ar gheilleagar na hÚcráine a laghdú de réir a chéile; de bhrí go bhfuil BES chun cumhachtaí imscrúdaitheacha réamhthrialach a fháil mar oidhreacht ó SSU i réimse na slándála eacnamaíche agus nach mór dó tacú le hiarrachtaí na hÚcráine seasamh in aghaidh brú ó institiúidí forfheidhmithe dlí;

CN.

de bhrí gur bhunaigh EUAM a cheathrú hoifig allamuigh in Mariupol in 2020 chun tacú le cur chun feidhme athchóirithe atá faoi stiúir lárnach ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil amhail oiliúint agus comhairle na n-údarás áitiúil um fhorfheidhmiú an dlí, lena léirítear ról méadaitheach EUAM maidir le hathléimneacht na hÚcráine a neartú ar fud na tíre agus mian na hÚcráine a ailíniú le cuspóirí CBSC; de bhrí gur aslonnaíodh an oifig allamuigh in Mariupol agus gur scriosadh ansin í mar thoradh ar ionsaí míleata na Rúise;

CO.

de bhrí, mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, go raibh ar an bpearsanra idirnáisiúnta ar fad aslonnú as an tír go sábháilte; de bhrí go leanann an Misean de bheith i dteagmháil le contrapháirtithe ón Úcráin agus go bhfanann sé ar fuireachas ar feitheamh tuilleadh treoracha ó cheanncheathrú AE;

CP.

de bhrí, mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, gur aslonnaíodh pearsanra uile Bhallstáit CBSC EUAM an Úcráin;

CQ.

de bhrí gur misean sibhialtach é Misean Cúnaimh Teorann AE chuig Poblacht na Moldóive agus chuig an Úcráin (EUBAM) a seoladh in 2005; de bhrí gur misean sibhialtach é Misean Cúnaimh Teorann AE chuig Poblacht na Moldóive agus chuig an Úcráin (EUBAM) a seoladh in 2005; de bhrí go bhfuil sainordú neamhfheidhmiúcháin aige chun feabhas a chur ar acmhainneachtaí bainistithe teorann gardaí teorann, údarás custaim agus fhorfheidhmiú an dlí san Úcráin agus i bPoblacht na Moldóive le buiséad bliantúil EUR 12 mhilliún agus foireann de níos mó ná 200 pearsanra, agus sainordú le hathnuachan i mí na Samhna 2023;

CR.

de bhrí go gcuidíonn EUBAM le Poblacht na Moldóive agus leis an Úcráin oibleagáidí Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (LDCST) a chomhlíonadh, mar chuid dá gComhaontuithe Comhlachais le AE, agus go bhfuil sé ceaptha chun cumais teorann agus chustaim na Moldóive agus na hÚcráine a neartú; de bhrí go bhfuil sé de chúram air: calaois chustaim, smugláil drugaí, imirce neamhrialta agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac; tacú le héascú trádála agus le bainistiú comhtháite teorainneacha; agus cabhrú le réiteach síochánta a fháil ar an gcoinbhleacht Tras-dnístria tríd an bpróiseas “5+ 2”;

CS.

de bhrí go bhfuil an smugláil tobac, lena n-áirítear táirgí góchumtha, ina cúis le caillteanas measta EUR 10 mbilliún in aghaidh na bliana do bhuiséid stáit Phoblacht na Moldóive, na hÚcráine agus na mBallstát; de bhrí, ó 2020-2021, gur chuir EUBAM bac ar oibríochtaí smuglála iomadúla, agus go ndearna sé méideanna ollmhóra d’armlón, tobac, alcól, eatánól agus hearóin a urghabháil;

CT.

de bhrí go bhfuil EUBAM ag cabhrú le seirbhísí teorann Phoblacht na Moldóive agus na hÚcráine chun táscairí coiteanna ginearálta a fhorbairt a úsáidtear chun íospartaigh na gáinneála a shainaithint;

CU.

de bhrí go bhféachann Tascfhórsa Drugaí EUBAM le seirbhísí comhpháirtíochta an Mhisin a thabhairt isteach le húdaráis forfheidhmithe drugaí eile sa réigiún; de bhrí go gcomhoibríonn EUBAM le heagraíochtaí idirnáisiúnta iomadúla, lena n-áirítear Europol, FRONTEX agus ESCE trína Mheitheal Arm, Oibríochtaí Comhpháirteacha ORION II agus tionscnaimh “EU 4 Border Security”;

CV.

de bhrí gur thacaigh EUBAM go comhsheasmhach le hathoscailt na gconairí iompair idirnáisiúnta a thrasnaíonn Tras-dnístria agus a fhorbraíonn agus a ghníomhaíonn mar thaca le bearta teicniúla chun muinín a chothú idir Chisinau agus Tiraspol maidir le saincheisteanna iompair, custaim, tréidliachta agus fíteashláintíochta, agus forfheidhmithe dlí;

CW.

dde bhrí go rannchuidíonn EUBAM le réiteach síochánta na coinbhleachta Tras-dnístria trí bhearta cothaithe muiníne agus mar láithreacht faireacháin ag cuid Thras-dnístria de theorainn na Moldóive-na hÚcráine;

CX.

de bhrí go gcoinníonn Cónaidhm na Rúise misean coimeádta na síochána, mar a thugtar air, i dTras-dnístria de thuairim is 500 saighdiúir agus Grúpa Oibríochta Thrúpaí na Rúise (OGRT) de thuairim is 1 500 saighdiúir, go bhfeidhmíonn sí smacht ar ghrúpaí armtha scarúnaíocha Tras-dnístria agus go bhfuil os cionn 100 comhfhreachnamh míleata á n-óstáil aici in aghaidh na bliana le Transnistria; de bhrí gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag scarúnaithe ó Tiraspol aitheantas a fháil ar neamhspleáchas Tras-dnístria an 4 Márta 2022;

CY.

de bhrí, mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go bhfuil sábháilteacht agus slándáil CBSC EUBAM an Mholdóiv go mór i mbaol agus go bhféadfadh a haslonnú ón tír a bheith mar thoradh air sin;

CZ.

de bhrí gur misean sibhialtach é Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia (EUMM) a seoladh in 2008, tar éis Six Point Agreement [Chomhaontú Sé Phointe] arna idirghabháil ag AE agus a chuir deireadh leis an gcogadh idir an tSeoirsia agus an Rúis; de bhrí gur léirigh EUMM, ina 13 bliana, tiomantas láidir polaitiúil AE sa réigiún trí rannchuidiú le muinín a chothú agus a normalú, agus trí chobhsaíocht a sholáthar ar an láthair i measc na bpáirtithe a bhfuil baint acu leis an gcoinbhleacht agus sa réigiún máguaird;

DA.

de bhrí go ndéantar 325 chomhalta misean a óstáil in EUMM faoi láthair, lena n-áirítear os cionn 200 monatóir sibhialtach ag a bhfuil buiséad leithdháilte de EUR 44,8 milliún agus sainordú le hathnuachan i mí na Nollag 2022;

DB.

de bhrí nach bhfuil aon athrú ar an sainordú bunaidh ó 2008 a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Chomhaontú an tsosa cogaidh idir an tSeoirsia agus an Rúis, arna idirghabháil ag AE agus an 12 Lúnasa 2008, ina n-iarrtar an méid seo a leanas: gan dul ar iontaoibh úsáid an fhoréigin, deireadh a chur leis an gcogaíocht, rochtain a thabhairt ar chabhair dhaonnúil, fórsaí armtha na Seoirsia a thabhairt ar ais chuig a ngnáthcheathrúna, fórsaí armtha na Rúise a tharraingt siar chuig chuig seasaimh réamhchogaíochta agus tús a chur le plé idirnáisiúnta maidir le slándáil agus cobhsaíocht na hOiséite Theas agus na hAbcáise;

DC.

de bhrí nach gcomhlíonann an Rúis Comhaontú Sos Cogaidh an 12 Lúnasa 2008 idir an tSeoirsia agus an Rúis, arna idirghabháil ag AE, mar go bhfuil a fórsaí armtha i láthair go neamhdhleathach aici, agus gníomhairí na Seirbhíse Cónaidhme Slándála (FSB) agus Gardaí Teorann Chónaidhm na Rúise i réigiúin scariúnaíocha na hAbcáise agus na hOiséit Theas; de bhrí nach gceadaítear leis sásraí slándála idirnáisiúnta a bhunú ar an láthair, rud a chuireann cosc ar EUMM dul isteach sna críocha atá faoi fhorghabháil ag an Rúis, bac ríthábhachtach ar chuspóirí an mhisin a bhaint amach; de bhrí go bhfuil sainordú EUMM bailí ar fud na Seoirsia go léir; de bhrí go bhfuil ar EUMM aghaidh a thabhairt ar theorainniú na Rúise, lena mbaineann línte teorann riaracháin a bhrú isteach i gcríoch na Seoirsia agus forghabháil chríochach na Seoirsia a leathnú tuilleadh;

DD.

de bhrí go leanann sáruithe uafásacha ar Chomhaontú Sos Cogaidh an 12 Lúnasa 2008, arna idirghabháil ag AE, agus ar an sos comhraic a rinne Cónaidhm na Rúise, agus gur minic a thugtar orthu le freagairtí teoranta nó glaonna ar ghníomhaíocht ó na Ballstáit, nó gan aon fhreagairt ar bith, rud a d’fhéadfadh uchtach a thabhairt do Chónaidhm na Rúise tuilleadh gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh; de bhrí go ndearnadh gabhálacha neamhdhleathacha trasna na Línte Teorann Riaracháin agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha 'teorannaithe';

DE.

de bhrí nach misean sibhialtach tipiciúil é EUMM mar gheall ar a shainordú agus a fhócas ar ghníomhaíochtaí faireacháin, ar fhorbairt inniúlachtaí sibhialtacha agus ar an bhfíoras go stiúrann sé gníomhaíochtaí cothú muiníne trí dheontais bheaga agus trí thionscadail spriocdhírithe idir an dá thaobh; de bhrí go gceadaíonn an sainordú dó díriú ar bhagairtí hibrideacha, ar chearta an duine, ar mhionlaigh agus ar ghnéithe comhshaoil na slándála; de bhrí gur chruthaigh EUMM Coiste Comhairleach um Chogaíocht Hibrideach agus go bhfuil teagmháil rialta aige le hOifig Idirchaidrimh ECAT agus leis an bhfoireann a chuireann Pacáiste Substaintiúil ECAT-na Seoirsia chun feidhme;

DF.

de bhrí go n-éascaíonn EUMM cruinnithe den sásra um theagmhais a chosc agus a fhreagairt in Ergneti agus go n-áirithítear leis rialtacht na gcruinnithe sin lena dtugtar aghaidh ar an staid slándála ar an láthair, agus lena n-áirítear Rialtas na Seoirsia, na réigiúin scarúnaíocha agus Cónaidhm na Rúise; de bhrí, ar an drochuair, go bhfuil sásra comhchosúil in Gali, Abkhazia, ar feitheamh;

DG.

de bhrí go bhfuil gá leanúnach le EUMM a fhócas anailíseach agus a chumais anailíseacha a leathnú chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí hibrideacha leanúnacha agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le buiséad agus acmhainní leordhóthanacha;

DH.

de bhrí go bhfuil EUMM á ionsaí ó thaobh ghníomhaíochtaí bréagaisnéise, go háirithe ag eagraíochtaí meán agus bealaí meán sóisialta atá lonnaithe i réigiúin faoi fhorghabháil a dtacaíonn an Rúis leo, rud a chuireann iallach ar EUMM a acmhainní inmheánacha a eagrú chun an comhar is gá a chur ar fáil agus féachaint ar bhealaí chun an bhréagaisnéis a chomhrac;

DI.

de bhrí go bhfuil an “Beolíne” á bhainistiú ag EUMM, sásra chun muinín a chothú a fheidhmíonn mar bhealach suntasach cumarsáide 24/7 idir Rialtas na Seoirsia agus na húdaráis de facto san Abcáis agus san Oiséit Theas, lena n-áirítear gardaí teorann Chónaidhm na Rúise arna n-imscaradh sa dá réigiún, maidir le teagmhais phráinneacha ar an láthair; de bhrí gur gníomhachtaíodh an Bheolíne sin os cionn 2 100 uair in 2021; de bhrí go dtacaíonn EUMM leis na formáidí caibidlíochta agus na bealaí cumarsáide trí pháirt a ghlacadh in Idirphlé Idirnáisiúnta na Ginéive (GID) agus trí chomhchathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe an tSásra um Theagmhais a Chosc agus a Fhreagairt (IPRM) in Ergneti;

DJ.

de bhrí gur thrasnaigh gardaí FSB an Líne Teorann Riaracháin an 24 Deireadh Fómhair 2019, den chéad uair le breis agus 10 mbliana, ag coinneáil monatóirí EUMM agus ag cur brú ar AE a scaoileadh saor a chaibidliú;

DK.

de bhrí go gcuireann ról EUMM chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil dhaonna agus ar riachtanais dhaonnúla an phobail áitiúil i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus maidir le malartuithe éifeachtacha faisnéise a éascú, mar shampla i dtaca le trasnuithe leighis nó scaoileadh na ndaoine agus faireachán EUMM atá á gcoinneáil ag na Línte Teorann Riaracháin (ABLanna), agus trí chomh-éascaíocht a dhéanamh ar phlé pearsanta ag cruinnithe IPRM in Ergneti, go gcuireann sé luach ollmhór leis an ról tábhachtach atá ag EUMM maidir le rannchuidiú le slándáil, bainistiú coinbhleachtaí agus forbairt muiníne araon;

DL.

de bhrí go bhfuil an tSeoirsia ar cheann de na rannpháirtithe is mó per capita do mhisin CBSC san Afraic;

DM.

de bhrí go bhfuil tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir fós an-leochaileach ó thaobh an neamhdheimhneacht fuinnimh, go háirithe Poblacht na Moldóive agus an Úcráin, a chuireann suas le dúmhál fuinnimh ón Rúis arís agus arís eile;

DN.

de bhrí go ndéanfaidh bearta AE chun neamhdheimhneacht fuinnimh a mhaolú trí fhoinsí fuinnimh a éagsúlú, slándáil agus cobhsaíocht i réigiún an Oirthir a neartú;

DO.

de bhrí go raibh beart déanta ag an gCoimisiún cheana féin chun spleáchas na hEorpa ar sholáthraí aonair a laghdú trína sholáthraithe gáis a éagsúlú; de bhrí, mar fhreagairt ar na héifeachtaí a spreag na smachtbhannaí a fhorchuirtear ar an Rúis, chun stop a chur leis an spleáchas ar allmhairí fuinnimh na Rúise, gur cheap an Coimisiún plean nua chun, faoi dheireadh 2022, 100 billiún méadar ciúbach d’allmhairí gáis ón Rúis a ionadú trí allmhairí níos airde gáis nádúrtha leachtaithe agus ó phíblíne ó sholáthróirí nach soláthróirí Rúiseacha iad, agus méideanna níos mó bithmheatáin agus táirgthe agus allmhairí hidrigine in-athnuaite; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an bplean úsáid breoslaí iontaise i dtithe, i bhfoirgnimh, i dtionscail agus i gcórais chumhachta a laghdú, agus le héifeachtúlacht fuinnimh a threisiú, le fuinneamh in-athnuaite agus leictriú a mhéadú, agus aghaidh a thabhairt ar scrogaill bhonneagair;

1.

ag athdhearbhú thiomantas AE agus á chur i bhfios go láidir a tacaíocht aonchiallach do cheannasacht, d’iomláine chríochach agus do neamhspleáchas polaitiúil thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir laistigh dá dteorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta agus tacú lena n-iarrachtaí na prionsabail sin a fhorfheidhmiú go hiomlán; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá aontacht agus dlúthpháirtíocht na mBallstát ina leith sin;

2.

ag cáineadh, go láidir, cogadh foghach gan chúis agus gan údar na Rúise ar an Úcráin agus a gníomhaíochtaí gaolmhara i limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine, sa Chrimé a ionghabhadh go neamhdhleathach agus sa Bhealarúis; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar díobhálach ag ionsaí na Rúise agus leathnú leanúnach a cuid gníomhaíochtaí míleata san Úcráin ar shlándáil Eorpach agus dhomhanda; ag athdhearbhú a seasaimh gur cheart do chomhpháirtithe agus do chomhghuaillithe dlús a chur lena dtacaíocht mhíleata don Úcráin agus lena soláthar arm, atá i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe lena gceadaítear féinchosaint aonair agus chomhchoiteann;

3.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil síocháin inbhuanaithe agus slándáil an duine i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir bunriachtanach do AE; ag cáineadh go láidir an cogadh foghach a thosaigh Cónaidhm na Rúise agus a rannpháirtíocht sa chogaíocht mhíleata agus sa chibearchogaíocht araon i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir; á iarraidh go gcuirfí deireadh láithreach leis an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus go dtarraingeofaí siar trúpaí uile na Rúise go hiomlán agus láithreach ó na críocha uile atá faoi fhorghabháil na Rúise i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus go gcuirfí deireadh leis an gcogaíocht mhíleata i gcoinne na hÚcráine, a bhfuil beatha sibhialtach agus saighdiúirí á n-éileamh aige, agus a fhágann go n-easáiteofar na milliúin duine, agus go gcuirfear bac ar fhorbairt shocheacnamaíoch ag an am céanna; ag cáineadh go láidir an t-ionsaí agus an forghabháil a rinne fórsaí na Rúise ar shaoráidí núicléacha na hÚcráine agus á mheas nach mór go dteipfeadh ar iarrachtaí na Rúise a tionchar mailíseach i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú le forneart agus comhéigean; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá aontacht, dlúthpháirtíocht agus comhleanúnachas na mBallstát; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an gcomhar le comhghuaillithe daonlathacha atá ar aon intinn chun tionchar diúltach cumhachtaí tríú tír i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir a mhaolú agus chun gníomhú ina choinne;

4.

á chur in iúl gur geal léi conclúidí Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir 2021 agus tuilleadh comhair idir an tAontas agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; ag cur san áireamh na ndúshlán slándála atá roimh thíortha an EaP, go háirithe cogadh foghach leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, coinbhleachtaí fada, gníomhaíochtaí míleata follasacha, bagairtí hibrideacha agus cur isteach ar phróisis dhaonlathacha, á mholadh go méadófaí an comhar le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i réimse na slándála agus na cosanta, agus go méadófaí an infheistíocht agus an cúnamh sa tslándáil, san arm, san fhaisnéis agus sa chibearchomhar le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir lena mbaineann;

5.

ag tacú le comhordú agus comhar níos dlúithe cosanta agus slándála le roinnt tíortha de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir; d’fhonn cuspóirí straitéiseacha na slándála daonna agus na síochána inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir agus níos faide i gcéin, agus cur chuige comhtháite a spreagadh chun na críche sin trí acmhainneacht iomlán CBSC a bhaint amach i ndáil le huirlisí beartais ábhartha; ag tacú go láidir le misin CBSC atá ar siúl faoi láthair i dtíortha comhlachaithe Chomhpháirtíocht an Oirthir; á áitiú go láidir go neartófaí an ghné slándála de bheartas AE Chomhpháirtíocht an Oirthir, go bhforbrófar comhpháirtíochtaí straitéiseacha slándála le roinnt tíortha de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir, go bhfeabhsófaí idirphlé agus comhar maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála, agus go bhforbrófaí ról níos gníomhaí don Aontas i ndíghéarú an teannais leanúnaigh, i gcoinbhleachtaí a chosc amach anseo, i mbearta idirghabhála agus cothaithe muiníne amach anseo, agus i réiteach coinbhleachta lena gcuirtear i gcoinne bagairtí hibrideacha, bréagaisnéise agus bolscaireachta, maidir le cúnamh agus comhar a thabhairt don chosaint shibhialtach agus maidir le tacú le hathbhreithniú cuimsitheach ar earnáil na slándála i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena sainaithnítear réimsí cosanta agus slándála nach mór a fheabhsú agus lena gcuirtear ar chumas AE agus na mBallstát a dtacaíocht a chomhordú; á mheas go bhfuil gá le hailíniú agus cóineasú de réir a chéile ar bheartas eachtrach agus slándála AE agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a chur chun cinn tuilleadh, i gcomhréir le gealltanais na gcomhpháirtithe le AE; á iarraidh ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir ailíniú a dhéanamh le beartas smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise as a cogadh i gcoinne na hÚcráine;

6.

á chur i bhfáth go bhfuil réiteach síochánta ar choinbhleachtaí leanúnacha nó neamhréitithe sa réigiún, bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta agus ar dhea-chaidreamh comharsanachta, ríthábhachtach chun daonlathais athléimneacha agus inbhuanaithe a fhorbairt agus a neartú i gComhpháirtíocht an Oirthir; á mheabhrú go n-éilíonn an tsíocháin agus an tslándáil institiúidí atá láidir agus cuntasach go poiblí, dea-rialachas agus urraim don smacht reachta; ag spreagadh go láidir do chomhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir páirt bhreise a ghlacadh sna hathchóirithe ábhartha, ós rud é nach mbeifear in ann an athléimneacht is gá i leith bagairtí seachtracha a bhaint amach ach le hathléimneacht inmheánach atá bunaithe ar institiúidí láidre agus daonlathacha;

7.

á chur i bhfáth gur gá do AE leanúint de thimpeallacht a chur chun cinn atá fabhrach do réiteach coinbhleachtaí agus do thacú le gníomhaíochtaí lena gcuirtear muinín agus teagmhálacha duine le duine chun cinn ar fud pobail atá roinnte mar gheall ar choinbhleacht, tosaíocht a thabhairt d’iarrachtaí agus cistiú a leathnú le haghaidh cothú na síochána réamhghabhálach, lena n-áirítear taidhleoireacht choisctheach, chomh maith le sásraí luathrabhaidh agus gníomhaíochta;

8.

ag iarraidh ar stáit Chomhpháirtíocht an Oirthir oibriú i gcónaí chun leanúint den chomhar le tíortha comharsanachta, ós rud é go n-áiritheofaí leis sin go ndéanfaí an comhar torthúil atá ann cheana a dhoimhniú agus go seachnófaí aighneas neamhriachtanach a d’fhéadfadh teacht as ábhair dhéthaobhacha nach bhfuil réiteach orthu;

9.

ag iarraidh go ndíreofar níos mó ar athmhuintearas agus ar atógáil naisc pobail i bhfianaise na deighiltí atá i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir; ag spreagadh, i ndáil leis an méid sin, rannpháirtíocht ghníomhach le gníomhaithe na sochaí sibhialta, chomh maith le pobail reiligiúnacha, i réimsí amhail anailís áitiúil coinbhleachtaí, idirghabháil áitiúil, athmhuintearas agus neartú an chomhtháthaithe shóisialta;

10.

á iarraidh go mbeadh comhordú níos dlúithe ann le ESCE chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir, go háirithe i réimsí na gáinneála ar dhaoine, an rialaithe arm, na himirce ionstraimithe, an chothaithe muiníne agus idirphlé a éascú i measc na bpáirtithe uile sa ghéarchéim;

11.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di i gcónaí na sáruithe leanúnacha atá á ndéanamh ag réimeas na Rúise ar uiscí teorann agus ar aerspás na dtíortha sa Mhuir Bhailt, i réigiún na Mara Duibhe agus sa Mhuir Mheoid; ag iarraidh ar na Ballstáit i limistéar na Mara Duibhe, i gcomhthéacs an chogaidh leanúnaigh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine, dlús a chur leis an gcomhar míleata leis na comhpháirtithe in oirthear na Mara Duibhe (an Úcráin, an tSeoirsia agus Poblacht na Moldóive), go déthaobhach agus laistigh de ECAT; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht AE agus ECAT le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i réigiún na Mara Duibhe, chun réigiún slán agus cobhsaí na Mara Duibhe a áirithiú;

12.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), agus ag spreagadh na mBallstát freisin rannchuidiú leis an gcomhar laistigh d’Ardán Idirnáisiúnta na Crimé chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí hibrideacha ar shlándáil réigiún na Mara Duibhe i gcoitinne a bhaineann le forghabháil agus ionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar an gCrimé agus le míleatú na Mara Duibhe agus an Mhuir Mheoid;

13.

á mheas gur féidir le Three Seas Initiative [Tionscnamh na dTrí Farraige] (3SI) a bheith ar cheann de na formáidí chun infheistíocht a úsáid lena gcuirtear slándáil fhrithpháirteach agus cobhsaíocht i mbonneagar criticiúil chun cinn agus á chreidiúint gur cheart é a oscailt chun tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a áireamh faoi chuimsiú na mbeartas agus na gclár Eorpach atá ann cheana, go háirithe Chomhpháirtíocht an Oirthir; á chur i bhfios go láidir gur cheart do 3SI oibriú go dlúth le AE chun dúbláil iarrachtaí agus tionscnamh a sheachaint, mar aon le cuir chuige atá ag teacht salach ar a chéile; ag tacú leis an smaoineamh gur cheart don Aontas ceannaireacht a ghlacadh ar 3SI;

14.

ag iarraidh ar institiúidí AE clár oibre lánpháirtíochta níos uaillmhianaí a chur ar fáil don Úcráin, lena bhféadfaí céimeanna praiticiúla a áireamh i dtreo an chéad idirchéim de lánpháirtiú na hÚcráine de réir a chéile i Margadh Aonair AE; ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh, ar bhonn fiúntais, ar iarratais ar stádas iarrthóra na Seoirsia, na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive;

15.

á dhearbhú gur gá do Chomhaltaí de Choistí Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eachtracha agus dá Fochoiste um Chearta an Duine faireachán leanúnach a dhéanamh ar an gcás;

Acmhainneacht iomlán an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) a bhaint amach i gComhpháirtíocht an Oirthir

16.

á chur in iúl gur geal léi go ndírítear go leormhaith, leis an gCompás Straitéiseach a glacadh, ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena n-áirítear tacaíocht don Úcráin i bhfianaise ionsaí na Rúise agus athléimneacht bhreise i bhfianaise bhriogadh agus bagairtí na Rúise; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh sé comhordaithe agus comhleanúnach le Coincheap Straitéiseach 2022 ECAT atá le teacht, go háirithe i réimsí maidir le cur i gcoinne ionsaí na Rúise, cibearchosanta agus cur i gcoinne cogaíochta hibridí, bréagaisnéise agus cúblála agus trasnaíochta eachtraí, ós rud é nach féidir timpeallacht slándála na hEorpa agus athléimneacht na hEorpa a bhaint amach gan slándáil agus athléimneacht fhadtéarmach chomharsana uile AE; ag tabhairt dá haire nach mór cur chuige AE a bheith iomlánaíoch, lena n-áirítear tacú le hathchóirithe daonlathacha agus eacnamaíocha, athléimneacht institiúideach agus shochaíoch a neartú, agus acmhainneachtaí slándála agus cosanta a fheabhsú;

17.

ag spreagadh na mBallstát a chomhroinneann ballraíocht AE agus ECAT araon agus atá i gceannas ar thionscnaimh éagsúla fothaithe acmhainneachta le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí oiliúna agus aistriú dea-chleachtas a chomhordú leis an gCumas Míleata Pleanála agus Seolta (EU MPCC) agus CPCC; ag iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go nglacfaidh misin CBSC sna tíortha comhlachaithe de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir le dlúthchomhordú le straitéis agus gníomhaíochtaí ECAT sa réigiún;

18.

ag spreagadh na mBallstát atá rannpháirteach in PESCO chun tionscadail PESCO a chur in oiriúint do riachtanais mhisin agus oibríochtaí CBSC AE, mar shampla trí chórais chumarsáide shibhialtacha shlána ardchriptithe a fhorbairt, agus, i gcomhréir leis na coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirtíocht tríú stát i dtionscadail PESCO, machnamh a dhéanamh maidir le cuireadh a thabhairt do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta sin a bheith rannpháirteach; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh cuimsiú comhpháirtithe straitéiseacha amhail tíortha gaolmhara Chomhpháirtíocht an Oirthir i dtionscadail aonair PESCO a bheith chun leasa straitéiseacha AE agus go mbeadh sé chun tairbhe an dá thaobh, ós rud é go bhfaigheadh tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir acmhainneachtaí uathúla agus saineolas teicniúil uathúil, go háirithe ó thaobh aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha agus ar an gcibearshlándáil; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, imscaradh na saineolaithe ón bhFoireann Mearfhreagartha Cibeartheagmhas atá maoinithe ag PESCO chun na hÚcráine;

19.

ag spreagadh AE agus a Bhallstáit sásraí tacaíochta a leathnú le haghaidh rannpháirtíocht bhreise thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i misin agus oibríochtaí sibhialtacha agus míleata CBSC, nuair is gá, lena n-áirítear trí staidéar agus/nó turais allamuigh, ceardlanna, oiliúint agus cúrsaí CBSC, etc., lena gcabhrófaí le hidir-inoibritheacht na gcomhpháirtithe a mhéadú, nósanna imeachta comhchoiteanna agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a fhorbairt; iad a spreagadh, thairis sin, comhoibriú le formhór chomhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir maidir leis an gcibearshlándáil, lena n-áirítear comhroinnt faisnéise frithpháirteach, agus cúnamh i mbonneagar criticiúil;

20.

á mheas go rachfaí i gcomhairle le roinnt comhpháirtithe de Chomhpháirtíocht an Oirthir sna luathchéimeanna de phleanáil mhisin agus/nó oibríochtaí CBSC, go háirithe na misin agus/nó na hoibríochtaí sin atá á n-óstáil ag comhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir nó a bheidh á óstáil acu;

21.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ghníomhach agus ról comhairleach neartaithe Pharlaimint na hEorpa sa phróiseas cinnteoireachta maidir le CBSC arna chur chun feidhme i réigiún thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;

22.

á chur in iúl gur geal léi an comhaontú sa Chomhairle an 13 Aibreán 2022 maidir leis an tríú tráinse de thacaíocht mhíleata faoin tSaoráid Eorpach Síochána arb ionann é agus EUR 1,5 billiún ar an iomlán chun ábhar míleata marfach agus breosla agus trealamh cosanta a sholáthar, agus á iarraidh go ndéanfar iad a sheachadadh láithreach bonn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé do AE, i bhfianaise chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin agus ar an timpeallacht slándála atá ag éirí níos deacra a dhéanann difear do chobhsaíocht agus do rialachas ár gcomhpháirtithe san Oirthear, ár gcomhar slándála agus cosanta a neartú; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Comhairle Eorpaí an 2 Nollaig 2021 leas a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána (EPF) chun pacáiste EUR 31 mhilliún a chur ar fáil don Úcráin, pacáiste EUR 12,75 milliún don tSeoirsia agus pacáiste EUR 7 milliún do Phoblacht na Moldóive chun cabhrú lena n-athléimneacht agus a n-acmhainneachtaí cosanta a neartú, go háirithe cumais chibearshlándála, leighis, innealtóireachta, shoghluaiste agus lóistíochta, agus leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise; ag spreagadh tuilleadh úsáid a bhaint as SSE chun cur le cumas thíortha comhlachaithe Comhpháirtíocht an Oirthir, go háirithe iad siúd a bhfuil ionsaí armtha á dhéanamh orthu agus iad siúd a bhfuil misin CBSC á n-óstáil acu, chun aghaidh a thabhairt tuilleadh ar a riachtanais slándála i bpríomhréimsí amhail an trealamh is gá chun faisnéis a mhalartú trí línte slána cumarsáide agus na huirlisí teicniúla is gá chun ionsaí armtha agus bagairtí hibrideacha a chomhrac; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas feabhas a chur ar thacaíocht ábhartha agus airgeadaíochta do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus díriú freisin ar fhothú acmhainneachta d’fhonn athléimneacht gach tír de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir a fheabhsú, go háirithe maidir le feachtais bhréagaisnéise a chomhrac, agus sa chosaint náisiúnta chomh maith; á chur i bhfios go láidir gur gá do AE cur chuige comhtháite a fhorbairt chun a bheith in ann cabhrú le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir aghaidh a thabhairt ar thírdhreach na mbagairtí idirnasctha frithpháirteacha;

23.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúthpháirtíocht AE agus na mBallstát leis an Úcráin agus an staid slándála atá ag éirí níos neamhbhuaine i roinnt tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; ag spreagadh AE agus a chuid Ballstát chun a áirithiú go mbeidh aon tacaíocht trealaimh trí SES do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i gcomhréir go docht leis an dlí idirnáisiúnta ábhartha maidir le trealamh a sholáthar d’fhórsaí armtha, go mbeidh sé i gcomhréir le riachtanais chuspóirí tacaíochta AE don tír de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir lena mbaineann agus go gcuirfear i gcrích í — i gcás inarb ábhartha — i gcomhar le tionscnaimh fothaithe acmhainneachta ECAT faoi seach do thíortha comhpháirtíochta agus le pleanáil straitéiseach chun dúbailt neamhriachtanach a sheachaint agus éifeachtúlacht a mhéadú; ag spreagadh na mBallstát chun ionstraimí cúnaimh mhíleata a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas roinnt tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir trealamh a cheannach ó tháirgeoirí AE; ag iarraidh ar na Ballstáit na nósanna imeachta riaracháin a laghdú ionas nach gcuirfear bac ar chinntí a rinneadh cheana maidir le soláthar trealaimh do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;

24.

ag iarraidh ar na Ballstáit buiséad na Saoráide Eorpaí Síochána a mhéadú chun a chur ar chumas AE athléimneacht agus cumais chosanta thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú, amhail na cinn chun bagairtí hibrideacha a chomhrac;

25.

ag spreagadh na mBallstát athléimneacht mhíleata na hÚcráine a neartú tuilleadh trí airm a sholáthar, lena n-áirítear airm frithlong, frith-aerárthach agus fritancanna; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na mBallstát uile a chuir trealamh marfach ar fáil don Úcráin chun borradh a chur faoi acmhainneacht na hÚcráine a ceannasacht agus a hiomláine chríochach a chosaint;

26.

á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh “clearing house cell” [cill tí imréitigh] de chuid Foireann Mhíleata an Aontais; á aithint go bhfuil an Pholainn ina mol lóistíochta anois atá freagrach as a áirithiú go sroichfidh na soláthairtí ábhartha agus airgeadais uile fórsaí armtha na hÚcráine; ag spreagadh na mBallstát gníomhú go práinneach chun pearsanra agus soláthairtí a mhéadú agus a athshuíomh i mBallstáit oirthear AE, go háirithe trealamh cumarsáide slán, soláthairtí leighis agus armra sofaisticiúla;

27.

ag spreagadh an Choimisiúin, mar chuid de fhreagairt airgeadais nuálach ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a mheas cathain a bheadh athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil iomchuí agus athbhreithniú a dhéanamh, i measc beartas eile, ar chaiteachas cosanta níos mó, dífheistiú ó hidreacarbóin Rúiseacha, iarmhairtí socheacnamaíocha an chogaidh do shaoránaigh AE agus faoiseamh ó fhiachais a mhaolú, sa bhreis ar sholáthar leanúnach na cabhrach míleata do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir tríd an tSaoráid Eorpach Síochána;

28.

á chur in iúl gur geal léi gur fhormheas an Coimisiún clár cúnaimh mhacrairgeadais éigeandála (MFA) don Úcráin ar fiú suas le EUR 1,2 billiún é lena rannchuideofar le cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus athléimneacht fhoriomlán na hÚcráine a fheabhsú sa chomhthéacs a cruthaíodh le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a tionchar ar an staid eacnamaíoch; á thabhairt dá haire gur leithdháil AE agus institiúidí airgeadais Eorpacha níos mó ná EUR 17 mbilliún i ndeontais agus in iasachtaí don tír ó 2014 i leith;

29.

ag iarraidh ar an gCoimisiún an faireachán ar chórais smachtbhannaí a neartú chun a áirithiú go gcomhlíonfar na córais smachtbhannaí atá ann cheana;

Comhar le hinstitiúidí agus le huirlisí a fheabhsú

30.

ag iarraidh ar chomhghuaillithe AE agus ECAT araon leas a bhaint as gach bealach is féidir chun tacú le neartú an chomhair mhíleata-slándála le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, toisc nach féidir slándáil agus cobhsaíocht an réigiúin a áirithiú dá uireasa; á chur in iúl gur geal léi Beartas Iontráil Oscailte ECAT lena gcoinnítear dlúthchaidreamh polaitiúil agus oibríochtúil leis na tíortha iarrthóra lena mbaineann, eadhon an Úcráin agus an tSeoirsia;

31.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá dianchomhairliúcháin agus comhar neartaithe idir AE agus ECAT maidir le cásanna atá ag dul in olcas, amhail cogadh foghach reatha na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-urramófaí leis an gcomhar sin socruithe slándála na mBallstát uile agus go mbeadh sé bunaithe ar aontacht agus dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát, agus ar chomhlíonadh na bprionsabal a bhaineann leis an ollstruchtúr slándála Eorpach agus leis an dlí idirnáisiúnta atá ann cheana, lena n-áirítear ceannasacht agus iomláine chríochach na dtíortha comharsanachta; ag iarraidh ar an bpobal trasatlantach iarrachtaí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a ghiaráil agus a leathnú chun gníomhartha ionsaithe agus gníomhaíochtaí díreacha agus indíreacha na Rúise atá dírithe ar an Úcráin, ar an tSeoirsia agus ar Phoblacht na Moldóive a chomhrac;

32.

ag iarraidh ar an Aontas an comhar le ECAT a threisiú, agus freisin tríd an Dearbhú Comhpháirteach atá le teacht maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT, chun tacú le fothú acmhainneachta cosanta agus slándála ár gcomhpháirtithe i gcomharsanacht an Oirthir; á chur in iúl gur geal léi an comhar treisithe idir na Stáit Aontaithe, AE agus a Bhallstáit agus an dianphlé atá ar siúl laistigh de ECAT maidir le slándáil na hEorpa;

33.

ag iarraidh ar SEGS comhordú a dhéanamh ar thuarascálacha measúnaithe, ar mheasúnuithe bagartha agus ar theachtaireachtaí polaitiúla le hambasáidí na mBallstát agus le hOifigí Idirchaidrimh ECAT sna tíortha comhlachaithe de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir;

34.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil comhalta amháin de ECAT ag cur moill ar rochtain na hÚcráine ar Ghníomhaireacht Tacaíochta agus Soláthair ECAT in ainneoin riachtanais phráinneacha agus ar chúiseanna nach mbaineann leis an staid reatha;

35.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil Ballstát de chuid ECAT ag cur bac ar phlé idir ECAT agus an Úcráin ar leibhéal na n-airí, rud a chuireann cosc ar fhorbairt na comhpháirtíochta sin;

36.

ag spreagadh an Leas-Uachtarán/Ardionadaí aird ar leith a thabhairt ar shlándáil limistéar Chomhpháirtíocht an Oirthir san idirphlé slándála agus cosanta idir AE agus na Stáit Aontaithe atá le teacht, san idirphlé idir AE agus SAM maidir leis an Rúis agus san idirphlé idir AE agus SAM maidir leis an tSín; ag tabhairt dá haire gur deis thábhachtach é an tIdirphlé Slándála idir AE agus SAM chun breisluach an chaidrimh thrasatlantaigh sa tslándáil agus sa chosaint a uasmhéadú, agus gur cheart dó neart ama agus acmhainní a chur ar fáil chun feabhas a chur ar an timpeallacht slándála i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir; ag tabhairt dá haire go measann réimeas na Creimile gur bagairt é Chomhpháirtíocht an Oirthir atá daonlathach, cobhsaí agus ar son na hEorpa agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí faoi bhrú polaitiúil agus míleata, go háirithe an Úcráin; á mheabhrú nach féidir ord slándála na hEorpa a phlé gan tíortha Eorpacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil cobhsaíocht réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir bunriachtanach do shlándáil mhór-roinn iomlán na hEorpa;

37.

ag iarraidh ar AE tacú le meáin neamhspleácha ardcháilíochta agus le hiriseoirí i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun iolrachas, saoirse na meán agus an smacht reachta a neartú, chun bréagaisnéis a chomhrac agus chun athléimneacht fhoriomlán sochaithe daonlathacha i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a mhéadú;

38.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar chúbláil faisnéise, bréagaisnéise agus bagairtí hibrideacha a eascraíonn, go háirithe, ón Rúis ach freisin ó ghníomhaithe eile, a dhéanann difear do roinnt amharclann agus do mhisin CBSC go díreach agus a dhéanann díchobhsú ar réigiúin iomlána;

39.

á chur in iúl gur saoth léi iarrachtaí údaráis na Rúise rúndacht iomlán a choinneáil i leith a bpobail féin maidir leis an gcogadh foghach leanúnach i gcoinne na hÚcráine, go háirithe trí “oibríocht speisialta” a thabhairt ar chogadh foghach i gcoinne na hÚcráine agus trí dheireadh a chur le saoirse an phreasa agus trí smachtbhannaí dlíthiúla diana a fhorchur ar dhaoine aonair agus ar na meáin neamhspleácha;

40.

á chur i bhfáth gur gá do AE agus dá Bhallstáit feabhas a chur ar an gcomhar le comhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir, go háirithe i réimsí na cumarsáide straitéisí agus an chomhraic i gcoinne na bréagaisnéise agus na cúblála faisnéise, chomh maith le haon chur isteach eachtrach mailíseach, chun athléimneacht stáit agus sochaíoch a fhorbairt agus chun cur i gcoinne lagú agus ilroinnt sochaithe agus institiúidí;

41.

ag iarraidh ar AE tionscadail a éascú do rialtais, do shochaithe sibhialta, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do ghníomhaithe eile na dtíortha comhlachaithe de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir a chuideoidh leo an bhréagaisnéis agus bagairtí hibrideacha a chomhrac, lena n-áirítear trí obair thábhachtach roinn StratCom SEGS, lena thascfhórsaí, Lárionad Faisnéise agus Staide AE (EU INTCEN) agus Cill Chomhtháthaithe an Aontais Eorpaigh in aghaidh Bagairtí Hibrideacha, an Córas Mear-Rabhaidh, an comhar bunaithe ar an leibhéal riaracháin idir SEGS, an Coimisiún agus an Pharlaimint, an líonra atá faoi stiúir an Choimisiúin i gcoinne na bréagaisnéise, agus tascfhórsa riaracháin na Parlaiminte i gcoinne na bréagaisnéise; ag spreagadh na mBallstát síneadh a chur le rannpháirtíocht thíortha comhlachaithe Chomhpháirtíocht an Oirthir chun an Lárionad Eorpach um Chur i gCoinne Bagairtí Hibrideacha (COE hibrideach) a chur san áireamh;

42.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le borradh a chur faoin gcomhar idir comhpháirtithe AE agus Chomhpháirtíocht an Oirthir i réimsí na cumarsáide straitéisí, na bréagaisnéise agus na cúblála faisnéise a chomhrac, chomh maith le haon trasnaíocht eachtrach mailíseach;

43.

ag iarraidh ar SEGS feabhas a chur ar acmhainneacht Thoscaireachtaí AE i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir chun an fhírinne a nochtadh faoi na feachtais bhréagaisnéise, a chuireann prionsabail dhaonlathacha arna gcomhordú ag gníomhaithe stáit eachtracha, go háirithe an Rúis, i mbaol; á iarraidh go dtabharfaí freagairt struchtúrtha ar bhagairtí hibrideacha ar mhisin CBSC mar ábhar práinne, ós rud é gur iarracht é sin chun iad a dhídhlisteanú;

44.

ag iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar SEGS féachaint ar roghanna chun fothú cibear-acmhainne ár gcomhpháirtithe a chothú, amhail sainorduithe comhairleacha a choigeartú chun oiliúint speisialaithe a áireamh chun gníomhaíochtaí cogaíochta hibrideacha a chomhrac, agus feachtais bhréagaisnéise, cibearchogaíocht agus anailís OSINT, chun a áirithiú go ndéanfaidh tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir an bonneagar teicniúil is gá don chibear-athléimneacht a neartú; ag spreagadh seoladh cibearmhisin shibhialtacha; ag tabhairt dá haire an obair thábhachtach oiliúna a rinne an Coláiste Eorpach um Shlándáil agus um Chosaint (ESDC) i réimse na cibearchosanta agus á chur in iúl gur geal léi na himeachtaí spriocdhírithe oiliúna agus oideachais a d’eagraigh ESDC do chomhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir;

45.

ag spreagadh AE chun dlús a chur lena bheartais chibearshlándála, ós rud é gur móracmhainneacht é an cogadh foghach san Úcráin do ghéarú gan fasach, lena n-áirítear ó thríú páirtithe;

46.

ag aithint ról na sochaí sibhialta i gceapadh beartais agus i maoirseacht ar athchóiriú na hearnála slándála, agus á iarraidh go gcuirfí tacaíocht agus cistiú leanúnach ar fáil di agus, i gcás inar féidir, é a áireamh i dtionscadail thábhachtacha chun cuntasacht agus trédhearcacht níos fearr a éascú in earnáil na cosanta agus na slándála;

47.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit infheictheacht mhisin CBSC i gComhpháirtíocht an Oirthir a mhéadú trína chumarsáid straitéiseach a neartú, tríd an mbréagaisnéis ina gcoinne a chomhrac go réamhghníomhach, trí iad a áireamh agus, go háirithe, Toscaireachtaí AE a áireamh, ina dteachtaireachtaí polaitiúla, ina ndoiciméid agus ina rannpháirtíochtaí leis an bpreas idirnáisiúnta atá inrochtana don phobal;

48.

á chur i bhfáth gur gá do AE borradh a chur faoina acmhainneachtaí institiúideacha maidir le coinbhleachtaí a chosc, idirghabháil, idirphlé agus díghéarú i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh ról níos láidre a bheith ag AE maidir le bearta cothaithe muiníne a chruthú agus go bhféadfadh sé páirt bhreise a ghlacadh in iarrachtaí athmhuintearais; ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar SEGS obair a dhéanamh freisin chun oiliúint agus fothú acmhainneachta ár gcomhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú i réimse an rialaithe arm, na dí-armála agus an neamhleata; ag moladh tionscnamh Ionaid Barr Feabhais AE chun riosca Ceimiceach, Bitheolaíoch, Raideolaíoch agus Núicléach a mhaolú in Tbilisi i ndáil leis sin; ag iarraidh ar an gCoimisiún fothú acmhainneachta chomhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir a mhéadú chun borradh a chur faoi athléimneacht a n-eintiteas criticiúil trí ghníomhaíochtaí oiliúna comhchoiteanna agus trí dhea-chleachtais a roinnt;

49.

á chur in iúl gur geal léi Coincheap AE maidir leis an oidhreacht chultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir le CBSC rannchuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an tslándáil atá nasctha le caomhnú agus cosaint na hoidhreachta cultúrtha, agus á chur in iúl gur geal léi na féidearthachtaí chun féachaint ar na hiarrachtaí sin a fhorbairt i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir; ag tabhairt dá haire go rachadh cuimsiú chosaint na hoidhreachta cultúrtha agus gné an idirphlé idirchultúrtha sa sainordú misin chun tairbhe do phróiseas an réitigh coinbhleachta agus do thabhairt chun críche lonnaíochtaí inbhuanaithe;

50.

ag spreagadh na mBallstát a áirithiú go ndéanfar an t-aistriú digiteach a dhéantar i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a chosaint ar ghníomhaíochtaí mailíseacha agus, dá bhrí sin, molann sí tuilleadh úsáid a bhaint as na tionscnaimh shuaitheanta fothaithe cibear-acmhainneachta atá ag an Aontas cheana sa réigiún — CyberEast agus EU4Digital — chun bunú struchtúr dlíthiúil agus riaracháin a áireamh chun bogearraí agus crua-earraí a dheimhniú, chun Foirne Phráinnfhreagartha ar Ionsaithe Ríomhaireachta agus comhlachtaí ríomhfhóiréinsic agus imscrúdaitheacha a chomhordú ar fud na hEorpa; ag iarraidh ar an an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála oibriú go dlúth le comhpháirtithe Oirthearacha AE chun feabhas a chur ar an gcibearshlándáil sa réigiún; ag iarraidh ar an gComhairle comhoibriú leis an Úcráin chun ár gcibearshlándáil fhrithpháirteach agus ár n-athléimneacht fhrithpháirteach i leith cibearbhagairtí agus ionsaithe hibrideacha a neartú;

51.

ag spreagadh na mBallstát chun toil pholaitiúil agus dlúthpháirtíocht níos fearr a léiriú trí líon leordhóthanach pearsanra dea-oilte agus cáilithe a imscaradh chuig misin CBSC i dtíortha comhlachaithe Chomhpháirtíocht an Oirthir, chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar líon mór Ballstát i misin ar fud an réigiúin agus chun rannpháirtíocht níos mó ag tíortha nach bhfuil san Aontas sna misin sin a spreagadh, go háirithe tíortha a bhfuil misin CBSC curtha i gcrích go rathúil acu agus a bhfuil tuiscint níos fearr acu ar an gcomhthéacs áitiúil; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht fhormhór thíortha comhpháirtíochta Chomhpháirtíocht an Oirthir i misin agus in oibríochtaí CBSC i dtríú tíortha, i gcomhréir le leasanna agus luachanna na hEorpa; ag formhuiniú an chomhair idir líon níos mó Ballstát le comhpháirtithe Chomhpháirtíocht an Oirthir i réimse na slándála, amhail an Briogáid idir an Liotuáin agus an Pholainn agus an Úcráin;

52.

á chur in iúl gur geal léi feidhmiú céimneach comhairleoirí míleata chuig Misin agus Toscaireachtaí AE, agus ag spreagadh iarrachtaí chun saineolas slándála agus cosanta a neartú tuilleadh laistigh de Thoscaireachtaí AE;

53.

á mheas, maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, gur oscailt súl é do chosaint na hEorpa chun a áirithiú go bhfaighidh misin CBSC a bheidh ann amach anseo i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir níos mó acmhainní, leibhéal méadaithe uaillmhéine agus sainorduithe athbhreithnithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá le sárú, le súil go mbainfear amach cuspóirí misin;

54.

ag spreagadh na Ballstát cumais níos éifeachtúla chun faisnéis a roinnt a chur chun feidhme laistigh de mhisin CBSC agus eatarthu, agus béim ar leith a chur ar chomhar feabhsaithe agus pearsanra a thabhairt ar iasacht ó Europol agus Interpol chuig ceanncheathrú mhisin CBSC chun comhroinnt faisnéise gan uaim a éascú;

55.

ag iarraidh ar cheanncheathrú SEGS, MPCC, CPCC agus CBSC cultúr nua tuisceana a chothú idir comhpháirtithe sibhialta agus míleata bunaithe ar chaidrimh institiúideacha fheabhsaithe agus ar fheasacht agus measúnú comhroinnte mar iarracht chun creat pleanála cuimsitheach agus cultúr cuimsitheach a fhorbairt;

56.

ag moladh do cheanncheathrú mhisean CBSC sineirgí níos dlúithe a iarraidh le lárionaid oiliúna agus meastóireachta chomhpháirteacha náisiúnta i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;

57.

ag iarraidh ar CPCC, MPCC, Coiste Míleata AE (EUMC) agus foireann mhíleata AE (EUMS) samhail a fhorbairt chun dea-chleachtais agus fios gnó a ghiniúint agus a chomhroinnt maidir le coincheapa ó thoabh pleanáil feachtais nó misin, go háirithe maidir le measúnuithe ar bhagairtí agus rioscaí, luathrabhadh agus fadbhreathnaitheacht straitéiseach, a luaithe is féidir, le comhpháirtithe atá ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis an bhfeachtas;

58.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS, go háirithe ar CPCC, agus ar EUMC dul in oiriúint ar bhealach níos fearr chun meithleacha idirghníomhaireachta a fhorbairt a fhorbairt a bhfuil cleachtaí agus oiliúint acu; á chreidiúint go bhfágann rochtain CBSC ar phleanáil, ar acmhainní agus ar lóistíocht araon go bhféadfaí é a úsáid mar mhol cleachtais d’athléimneacht agus téarnamh na sochaí i bhfianaise tubaistí daonna agus tubaistí nádúrtha araon;

59.

ag iarraidh ar CPCC agus ar MPCC béim a leagan ar a thábhachtaí atá oideachas gairmiúil sibhialta-míleata do gach ball foirne i misin CBSC; ag tathant ar AE agus ar na Ballstáit trealamh agus oiliúint iomchuí a chur ar fáil don fhoireann i misin CBSC chun a bheith níos airdeallaí agus níos athléimní; ag spreagadh an Choimisiúin chun Clár Erasmus Míleata a leathnú chuig oifigigh de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir chun a gcuid staidéir a mhaoiniú in acadaimh mhíleata ar fud AE; ag iarraidh ar AE féachaint an bhféadfaí ról ESDC a leathnú chun oifigeach fórsaí armtha agus oiliúint cosanta náisiúnta a éascú; ag spreagadh rannpháirtíocht níos comhsheasmhaí agus níos struchtúrtha pearsanra ábhartha i gcúrsaí ESDC agus comhoibriú le sásraí amhail an Clár Forbartha Gairmiúil (PDP);

60.

ag spreagadh leathnú Chlár Erasmus Míleata trí ghlacadh le hoifigigh ó thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus a gcuid staidéir a mhaoiniú freisin in acadaimh mhíleata ar fud AE;

61.

ag mholadh do cheanncheathrú mhisin CBSC sineirgí níos dlúithe a iarraidh le lárionaid náisiúnta chomhpháirteacha oiliúna agus meastóireachta i dtíortha comhlachaithe Chomhpháirtíocht an Oirthir, amhail poist chomhpháirteacha ceannais agus cleachtaí foirne, maidir le cásanna ina bhféadfadh ceannairí sibhialta agus míleata ó Bhallstáit an Aontais, ó fhoireann mhisin CBSC agus ó thíortha comhlachaithe Chomhpháirtíocht an Oirthir a bheith rannpháirteach;

62.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS, ar CPCC agus ar MPCC sineirgí le réimsí beartais eile agus le geallsealbhóirí ábhartha a fheabhsú d’fhonn dlús a chur le hiarrachtaí i gcothú na síochána réamhghabhálacha, i dtaidhleoireacht choisctheach, i luathrabhadh, i gcothú muiníne agus i bhfeabhas a chur ar athléimneacht na saoránach i gcoinne na bréagaisnéise; ag spreagadh na mBallstát machnamh a dhéanamh ó thaobh dul i mbun cleachtaí comhpháirteacha le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i réimsí amhail freachnaimh mhuirí, oibríochtaí comhchoiteanna tacaíochta aeir agus tacaíocht síochána;

63.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di agus ag tathant go dtabharfaí aghaidh ar pholaitiú reatha agus tionchair pholaitiúla ar fhórsaí cosanta i roinnt de thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, ós rud é gurb é an toradh atá air sin go ndéantar oifigigh a bhfuil oideachas agus oiliúint orthu sna cláir a fhaigheann tacaíocht ó AE, ó na Ballstáit agus ó thíortha comhpháirtíochta eile a bhaint nó a íosghrádú ar bhonn polaitiúil;

64.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé do AE ról na mban agus na ndaoine óga i bhforbairt na síochána i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir a chur chun cinn agus chun na Cláir Oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus na Cláir Oibre don Óige, don tSíocháin agus don tSlándáil i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur gá dea-chleachtais a roinnt maidir le comhionannas inscne agus gnéithe d’oibríochtaí míleata agus de mhisin shibhialtacha atá inscne-íogair (dearadh, pleanáil, anailís, cothromaíocht inscne na foirne, etc.), trí oiliúint éigeantach AE a úsáid do phearsanra mhisin agus oibríochtaí CBSC, agus trí chomhairleoirí tiomnaithe inscne a thionscnamh do gach misean agus oibríocht CBSC;

Ag soláthar cumais bhreise pholaitiúla agus straitéiseacha do CBSC i réimse Chomhpháirtíocht an Oirthir

65.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus go háirithe ar CPCC a áirithiú go gcoinneoidh EUAM mar thosaíocht aige athchóiriú Sheirbhís Slándála na hÚcráine agus síneadh a chur le raon feidhme an chomhair le SSU maidir leis an gcibearshlándáil, an sceimhlitheoireacht agus bagairtí hibrideacha a chomhrac nuair a chuirfear deireadh le staid na héigeandála;

66.

ag spreagadh na mBallstát agus AE comhar EUAM a leathnú chuig na struchtúir frith-éillithe uile a bhfuil baint acu leis an athchóiriú ar earnáil na slándála sibhialtaí agus a áireamh, i bhfoirm oiliúna agus teagaisc nó ar bhonn dea-chleachtais a chomhroinnt agus tosaíochtaí a bheidh ann amach anseo a leagan síos go comhpháirteach, gaireas frithéillithe stát na hÚcráine, an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Éilliú a Chosc, agus an Chúirt Uachtarach Frith-Éillithe araon; ag spreagadh na mBallstát a mholadh go n-áireofaí ionadaithe sheirbhísí agus riarachán na hÚcráine i gcúrsaí oiliúna leanúnacha, staidéir ar chásanna éillithe agus anailísí ar na cúiseanna le mainneachtain imscrúduithe agus mainneachtain cuntasacht a fhorfheidhmiú do dhéantóirí na coire, chun cúnamh a thabhairt do phearsanra i róil frith-éillithe chun botúin a rinneadh san am atá caite a sheachaint; á chur in iúl gur geal léi inoiriúnaitheacht mhisin CBSC mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise;

67.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar CPCC a áirithiú go ndéanfaidh EUAM tosaíocht a thabhairt d’athchóiriú SSU na hÚcráine tar éis staid na héigeandála chun a áirithiú go ndéanfar níos mó maoirseachta, níos lú cumhachtaí imscrúdaitheacha réamhthrialach agus ionaid choinneála agus go ndéanfar SSU a íosmhéadú agus a dhímhíleatú, le measúnú ráithiúil ar an gcur chun feidhme;

68.

ag spreagadh na mBallstát agus AE a dtacaíocht a leathnú chuig iarrachtaí digitithe EUAM a bhaineann le hathchóiriú earnáil slándála sibhialta na hÚcráine trí oiliúint agus trí theicneolaíochtaí a sholáthar lena dtacaítear le clárlann sonraí, bainistiú acmhainní daonna agus nósanna imeachta um chomhdú cúirte chun cabhrú le trédhearcacht, cothú muiníne pobail agus éilliú a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi tiomantas EUAM ról na mban i ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí a neartú;

69.

á mheabhrú nach mór acmhainní iomchuí a bheith ag gabháil le sainorduithe leathnaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an riosca scaipthe má chuimsíonn EUAM earnálacha leathana ach nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun a mhisean a chomhlíonadh; ag spreagadh na mBallstát an ghné ghairmiúil de EUAM a neartú le hionadaithe seirbhísí speisialta, chun athchóirithe a chur chun feidhme go héifeachtach agus chun comhairle phraiticiúil a chur ar fáil;

70.

á iarraidh go gcuirfí síneadh le sainordú EUAM i réimse an chomhraic i gcoinne bagairtí hibrideacha, na cumarsáide straitéisí, na teicneolaíochta digití agus na cibearshlándála chun acmhainneacht institiúidí rialtais na hÚcráine a neartú chun bagairtí faisnéise a chomhrac, amhail úsáid cumarsáide chun an bonn a bhaint den mhuinín in institiúidí poiblí, scaipeadh na mífhaisnéise agus bolscaireacht naimhdeach, deighilt na sochaí agus cruthú braistintí diúltacha maidir leis an Úcráin ar fud an domhain;

71.

ag spreagadh na mBallstát chun feabhas a chur ar a dtacaíocht don Úcráin ina cuid iarrachtaí chun ionsaí na Rúise a sheasamh agus chun a hearnáil cosanta a athchóiriú tuilleadh, earnáil atá ag dul faoi athchóirithe bunúsacha a mbeidh iarmhairtí fadtéarmacha aici d’fhórsaí armtha na hÚcráine, a gcumas slándáil na hÚcráine agus iontaoibh agus muinín an phobail a áirithiú; ag iarraidh ar na Ballstáit an cinneadh a ghlacadh mar ábhar práinne tar éis socrú polaitiúil idir an Úcráin agus an Rúis chun misean míleata comhairleach agus oiliúna CBSC a sheoladh chun cabhrú leis an Úcráin feidhmiú i limistéir chomhraic uirbeacha dlúthdhaonra, cogaíocht neamhshiméadrach agus cibearchogaíocht, agus athchóiriú a dhéanamh ar a córas oideachais mhíleata ghairmiúil, arb é an réimse is suntasaí é chun an t-athrú a éascú agus chun inbhuanaitheacht chlaochlú an chórais cosanta a áirithiú;

72.

ag iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a bhfreagairt phoiblí ar bhriogadh i gcoinne EUMM a neartú, go háirithe sáruithe ar an sos comhraic; á mheabhrú go bhfuil sainordú ag EUMM chun críoch iomlán theorainneacha na Seoirsia a aithnítear go hidirnáisiúnta a chumhdach agus á áitiú go mbeidh rochtain gan bhac ar réigiúin na hAbcáise agus na hOiséite Theas sa tSeoirsia;

73.

ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS a áirithiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha ar fáil do cheanncheathrú EUMM, go háirithe bealaí faisnéise agus cumarsáide slána, trealamh físe oíche, íomhánna ar chaighdeán níos fearr agus cumas bailithe agus anailíse feabhsaithe maidir le faisnéis foinse oscailte (OSINT);

74.

Iarrann sí ar an gComhairle EUAM, EUMM agus EUBAM a choinneáil ar bun chomh fada agus is gá ar bhonn measúnuithe rialta ar a gcur chun feidhme agus ar a riachtanais i bhfianaise thosaíochtaí an CBSC, agus tacaíonn sí lena struchtúir shainordaithe in-athnuaite chun oiriúnú níos éasca d’aon ghnó a áirithiú. athrú ar fhíorais ar an talamh; á iarraidh go ndéanfaí measúnú rialta ar riachtanais misin eile nó misin comhlántacha i bhfianaise thosaíochtaí CBSC;

75.

ag athdhearbhú thacaíocht AE do cheannasacht agus d’iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive agus do na hiarrachtaí faoi chuimsiú phróiseas caibidlíochta 5+ 2 chun teacht ar réiteach polaitiúil síochánta, buan agus cuimsitheach ar choinbhleacht Thras-dnístria, bunaithe ar urraim do cheannasacht agus d’iomláine chríochach Phoblacht na Moldóive laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, le stádas speisialta do Thras-dnístria, lena n-áiritheofaí cosaint chearta an duine, agus sna críocha nach bhfuil á rialú faoi láthair ag údaráis bhunreachtúla; á mheabhrú gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún an 22 Meitheamh 2018 inar áitíodh ar Chónaidhm na Rúise a trúpaí agus a harmálacha a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch Phoblacht na Moldóive agus ag athdhearbhú a tacaíochta do chur chun feidhme láithreach an rúin sin;

76.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di na forbairtí is déanaí i gcríoch réigiún Tras-dnístria agus ag cáineadh na nithe sin mar bhriogadh contúirteach i staid slándála an-mhíshocair; á iarraidh go mbeadh suaimhneas ann d’fhonn slándáil agus folláine na ndaoine atá ina gcónaí ar an dá thaobh d’abhainn Dniester agus i dtíortha comharsanachta a chaomhnú;

77.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an teannas leanúnach ar an teorainn idir an Airméin agus an Asarbaiseáin i ndiaidh na coinbhleachta foréigní i bhfómhar na bliana 2020; ag iarraidh ar an gComhairle agus ar SEGS leanúint de mhuinín a chothú, teannas a laghdú agus oibriú i dtreo réiteach síochánta idir an Airméin agus an Asarbaiseáin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí daoine atá á gcoinneáil a mhalartú go hiomlán agus a scaoileadh saor, aghaidh a thabhairt ar chinniúint na ndaoine ar iarraidh, dímhianú daonnúil a éascú, lena n-áiritheofar saorghluaiseacht shábháilte sibhialtach sa Nagorno-Karabakh, cabhrú le pobail a bhfuil coinbhleachtaí iontu, bearta cothaithe muiníne, teagmhálacha duine le duine, tacú le hiarrachtaí atógála, agus á chur i bhfios go láidir go mbeadh caomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus an idirphlé idirchultúrtha tairbheach do phróiseas réitithe coinbhleachta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart tionchar a bheith ag iarmhairtí na cogaíochta sin ná ag láithreacht “coimeádaithe síochána” Rúiseacha, mar a thugtar orthu, ar fhorbairtí polaitiúla san Airméin ná ar thodhchaí chlár oibre athchóirithe na tíre;

78.

á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar an gcruinniú ardleibhéil a bhí ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, Uachtarán Phoblacht na hAsarbaiseáine, Ilham Aliyev agus Príomh-Aire Phoblacht na hAirméine, Nikol Pashinyan an 14 Nollaig 2021, inar athdhearbhaigh an dá cheannaire a n-ullmhacht chun obair a dhéanamh ar shaincheisteanna déthaobhacha oscailte agus chun tús a chur le caibidlíocht maidir le críochú teorann, a bhfuil an tAontas sásta cúnamh teicniúil a chur ar fáil ina leith; ag iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit tús na caibidlíochta a chur chun cinn maidir le teorainneacha stáit a theorannú agus a chríochú agus comhaontú inbhuanaithe as a dtiocfaidh cómhaireachtáil shíochánta;

79.

Iarrann sí ar an AE agus ar na Ballstáit gan ligean don choinbhleacht idir an Asarbaiseáin agus an Airméin a bheith doréitithe;

80.

ag iarraidh ar an gCoimisiún cosc a chur ar aon úsáid nó cistiú ón Aontas ar theicneolaíochtaí faireachais neamhdhleathacha, agus ag iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit teagmháil a dhéanamh le Rialtas na hAsarbaiseáine chun deireadh a chur le húsáid na dteicneolaíochtaí faireachais neamhdhleathacha sin agus leis an gcibearshlándáil diansmachtúil sin;

81.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha agus sceimhlitheoireachta a dhéanann tíortha áirithe, go háirithe an Iaráin, sa Chugas Theas; ag cáineadh go láidir aon ghníomhartha sceimhlitheoireachta; á chur in iúl gur geal léi an comhar slándála idir AE, a Bhallstáit agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus ag tacú go hiomlán leis an gcomhar frithsceimhlitheoireachta a dhoimhniú tuilleadh; ag iarraidh ar SEGS dul i mbun idirphlé slándála leis an Airméin, mar atá déanta aige cheana leis an Asarbaiseáin, a luaithe is féidir; ag iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit gan dul in abar maidir leis an gcoinbhleacht idir an Asarbaiseáin agus an Airméin;

82.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról méadaitheach ag an tSín i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir, amhail trí chomhaontú saorthrádála leis an tSeoirsia a thabhairt i gcrích; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas measúnú straitéiseach a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfadh ról méadaitheach den sórt sin dul i bhfeidhm ar thionchar agus ar chomhar AE i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;

83.

ag iarraidh ar SEGS faireachán a dhéanamh ar láithreacht mhéadaitheach na Síne i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena n-áirítear na hiarmhairtí (agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann) do shlándáil inmheánach thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, chomh maith leis an staid gheopholaitiúil níos leithne;

84.

á aithint go bhfuil Béising i gcoinne na smachtbhannaí eacnamaíocha i gcoinne na Rúise i dtaobh na hÚcráine, a deir sí go bhfuil siad aontaobhach agus nach bhfuil siad údaraithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfáth nár cháin an tSín gníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin go fóill agus nár aithin sí go ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin; á thabhairt dá haire, sa tSín, go bhfuil an teilifíse stáit ag déanamh neamhaird den chuid is mó ar an gcogadh foghach san Úcráin agus go bhfuiltear á mhaíomh gur ar na Stáit Aontaithe agus ar ECAT a bhí an locht faoin ionradh;

85.

á iarraidh go ndéanfaí trádbhac láithreach ar allmhairí ola, guail, breosla núicléach agus gáis ón Rúis agus go dtréigfí Nord Stream I agus II go hiomlán; á chur i bhfios gur uirlis thábhachtach é Nord Stream II don Rúis chun a tionchar pholaitiúil agus eacnamaíoch ar na Ballstáit agus ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a mhéadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht mhór ann maidir le bithbhreoslaí a úsáid i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, lenar féidir acmhainní fuinnimh inathnuaite éagsúla a úsáid ar bhealach níos fearr chun spleáchas fuinnimh a laghdú;

86.

á chur in iúl gur geal léi an toil a cuireadh in iúl ag an gcruinniú mullaigh is déanaí de Chomhpháirtíocht an Oirthir i mí na Nollag 2021 chun féachaint ar chomhar earnála feabhsaithe i réimse na slándála fuinnimh le comhpháirtithe leasmhara de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir; á chur i bhfios go bhfuil an tslándáil aeráide ina réimse don chomhar breise a d’fhéadfadh a bheith ann idir AE agus Chomhpháirtíocht an Oirthir;

87.

ag spreagadh na mBallstát machnamh a dhéanamh ar chiste Chomhpháirtíocht an Oirthir a bhunú a bheadh sonrach don aeráid, lena n-áireofaí comhar trasteorann agus réigiúnach, cosaint na bithéagsúlachta, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, taighde agus oideachas, agus béim ar leith a leagan ar fhothú acmhainneachta i dteicneolaíochtaí glasa bunaithe ar dhea-chleachtais sna Ballstáit;

o

o o

88.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig gníomhaireachtaí AE a bhfuil baint acu le cosaint agus le cibearshlándáil, chuig Ardrúnaí ECAT, agus chuig parlaimintí náisiúnta na mBallstát.

(1)  IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(2)  IO L 261, 30.8.2014, lch. 4.

(3)  IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.

(4)  IO L 23, 26.1.2018, lch. 4.

(5)  IO L 246, 17.9.1999, lch. 3.

(6)  IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.

(7)  IO L 202, 8.6.2021, lch. 1.

(8)  IO L 151, 7.6.2019, lch. 15.

(9)  IO L 194, 19.7.2016, lch. 1.

(10)  IO L 359 I, 11.10.2021, lch. 6.

(11)  IO L 102, 24.3.2021, lch. 14.

(12)  IO L 160, 7.5.2021, lch. 106.

(13)  IO L 160, 7.5.2021, lch. 109.

(14)  IO L 160, 7.5.2021, lch. 112.

(15)  IO L 351 I, 22.10.2020, lch. 5.

(16)  IO L 246, 30.7.2020, lch. 12.

(17)  IO L 129 I, 17.5.2019, lch. 13.

(18)  IO L 331, 14.12.2017, lch. 57.

(19)  IO L 217, 23.7.2014, lch. 42.

(20)  IO L 180, 21.5.2021, lch. 149.

(21)  IO L 248, 17.9.2008, lch. 26.

(22)  IO L 411, 7.12.2020, lch. 1.

(23)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 105.

(24)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 156.

(25)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 54.

(26)  IO C 465, 17.11.2021, lch. 87.

(27)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 78.

(28)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 64.

(29)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 136.

(30)  IO C 385, 22.9.2021, lch. 40.

(31)  IO C 362, 8.9.2021, lch. 114.

(32)  IO C 388, 13.11.2020, lch. 22.

(33)  IO C 28, 27.1.2020, lch. 57.

(34)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint, IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.


Déardaoin 9. Meitheamh 2022

27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/96


P9_TA(2022)0237

Staid chearta an duine in Xinjiang, comhaid póilíní Xinjiang san áireamh

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le staid chearta an duine in Xinjiang, lena n-áirítear comhaid póilíní Xinjiang (2022/2700(RSP))

(2022/C 493/07)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/97


P9_TA(2022)0238

Ionstraimiú an cheartais mar uirlis diansmachta i Nicearagua

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le teacht i dtír ar an gceartas mar uirlis diansmachta i Nicearagua (2022/2701(RSP))

(2022/C 493/08)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/98


P9_TA(2022)0239

Sáruithe ar shaoirse na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí sa tSeoirsia

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le sáruithe ar shaoirse na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí sa tSeoirsia (2022/2702(RSP))

(2022/C 493/09)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/99


P9_TA(2022)0240

An smacht reachta agus an fhéidearthacht go bhformheasfaí Plean Téarnaimh Náisiúnta na Polainne (RRF)

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an smacht reachta agus an fhéidearthacht go bhformheasfaí plean téarnaimh náisiúnta na Polainne (RRF) (2022/2703(RSP))

(2022/C 493/10)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/100


P9_TA(2022)0242

Ceart tionscnaimh na Parlaiminte

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 ar cheart tionscnaimh na Parlaiminte (2020/2132(INI))

(2022/C 493/11)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

ag féachaint do Chreat-Chomhaontú an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, arna leasú (1) (Creat-Chomhaontú 2010),

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2) (Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2017 maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheabhsú trí chur le hacmhainneacht Chonradh Liospóin (3),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Feabhra 2017 ar fhorbairtí agus coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leagan amach institiúideach reatha an Aontais Eorpaigh (4),

ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2019 ar staid na díospóireachta ar Thodhchaí na hEorpa (5),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir le seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (6),

ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir le seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (7),

ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile, 2019-2024, a thíolaic a Uachtarán, Ursula von der Leyen, an 16 Iúil 2019 dar teideal A Union that strives for more – My agenda for Europe [Aontas níos uaillmhianaí – An clár oibre agamsa don Eoraip],

ag féachaint do staidéar a choimisiúnaigh an Parlaimint na hEorpa i mí Iúil 2020 agus dar teideal The European Parliament’s right of initiative [Ceart tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa],

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0142/2022),

A.

de bhrí go sonraítear in Airteagal 15(1) CAE nach bhfeidhmeoidh an Chomhairle Eorpach feidhmeanna reachtacha;

B.

de bhrí gurb í an Pharlaimint an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghann na saoránaigh go daonlathach agus go díreach; de bhrí gurb amhlaidh, murab ionann agus córais bhunreachtúla na mBallstát, nach bhfuil aon cheart díreach ginearálta tionscnaimh reachtaigh ag an bParlaimint, ar ceart é, de bhun Airteagal 17(2) CAE, a luíonn leis an gCoimisiún, cé is moite de chásanna ina sonraítear a mhalairt sna Conarthaí;

C.

de bhrí go dtugtar leis na Conarthaí ceart indíreach tionscnaimh reachtaigh de bharr an mhéid seo a leanas, de bhun Airteagal 225 CFAE: “féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í, a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra iomchuí a chur faoina bráid ar na hábhair ar gá, dar léi, gníomh Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme”;

D.

de bhrí go sonraítear freisin in Airteagal 225 CFAE an méid seo a leanas: “mura gcuirfidh an Coimisiún aon togra faoina bráid, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na cúiseanna”;

E.

de bhrí gur uirlis thábhachtach iad tuarascálacha agus rúin féintionscnaimh na Parlaiminte chun clár oibre polaitiúil an Aontais a chur ar bun;

F.

de bhrí gur gheall an Coimisiún, faoi Chreat-Chomhaontú 2010, go dtabharfadh sé tuairisc ar an obair leantach nithiúil ar aon iarraidh ón bParlaimint togra a thíolacadh de bhun Airteagal 225 CFAE laistigh de 3 mhí i ndiaidh ghlacadh an rúin ábhartha sa suí iomlánach; de bhrí go bhféadfadh sé a bheith ina mhainneachtain gníomhú de bhun Airteagal 265 CFAE mura mbeadh an oibleagáid sin á comhlíonadh ag an gCoimisiún;

G.

de bhrí nach féidir a mheas go raibh rath ach ar aon trian de nósanna imeachta féintionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha na Parlaiminte chomh fada le 2019 agus, maidir leis an gcuid is mó de na tuarascálacha féintionscnaimh reachtacha (INLanna) a glacadh ó 2011, gur 2019 a bhí ann sula ndearna an Coimisiún aon leantach orthu trí thograí iomchuí a thíolacadh ina leith (8);

H.

de bhrí go sonraítear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr nach mór don Choimisiún teachtaireacht shonrach a ghlacadh maidir leis an obair leantach ar na hiarrataí sin, chomh maith leis an méid seo a leanas: “Má chinneann an Coimisiún gan togra a thíolacadh, mar fhreagra ar iarratas den sórt sin, tabharfaidh sé na cúiseanna mionsonraithe don institiúid lena mbaineann agus cuirfidh sé, i gcás inarb iomchuí, anailís ar fáil ar roghanna malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus tabharfaidh sé freagra ar aon saincheisteanna a d’ardaigh na comhreachtóirí maidir leis na hanailísí maidir le ‘breisluach Eorpach’ agus maidir le ‘costas neamh-Eorpa’”;

I.

de bhrí go dtugtar leis na Conarthaí cearta tionscnaimh díreacha don Pharlaimint maidir lena comhdhéanamh féin, toghadh a Feisirí agus a Reacht, Reacht an Ombudsman Eorpaigh agus ceart fiosrúcháin na Parlaiminte, a bhfuil feidhm ag nós imeachta speisialta ina leith, agus maidir le nósanna imeachta a thionscnamh a bhaineann le hurraim don smacht reachta agus d’athbhreithnithe ar na Conarthaí;

J.

de bhrí nach leor iad cearta tionscnaimh díreacha na Parlaiminte chun go mbeadh sí in ann ionadaíocht a dhéanamh ar ghuth na saoránach, na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta laistigh de na hinstitiúidí Eorpacha, ná baol air, rud a fhágann go bhfuil monaplacht, a bheag nó a mhór, ag an gCoimisiún ar fheidhmiú an tionscnaimh reachtaigh;

K.

de bhrí gur gá freisin an gnáthnós imeachta reachtach a leathnú chuig réimsí eile beartais agus an comhar idirinstitiúideach a atreisiú chun ról níos suntasaí a thabhairt don Pharlaimint maidir le clár oibre an Aontais a shocrú trí cheart tionscnaimh na Parlaiminte a neartú;

L.

de bhrí go ndearna an Pharlaimint tionscnamh reachtach an-uaillmhianach a chur i dtoll a chéile maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú, ar tionscnamh é a glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2016 (9) agus i mí Dheireadh Fómhair 2020 (10), trína iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle dul i mbun caibidlíochtaí leis an bParlaimint maidir le comhaontú idirinstitiúideach i gcomhréir le hAirteagal 295 CFAE; de bhrí go bhfuil an smacht reachta ar cheann de na réimsí ina bhféadfaí forbairt a dhéanamh ar cheart tionscnaimh na Parlaiminte;

M.

de bhrí go ndéanfaí próiseas reachtach an Aontais a athchothromú dá dtabharfaí ceart díreach tionscnaimh don Pharlaimint;

N.

de bhrí go léirítear le fianaise eimpíreach go mbíonn rath thionscnaimh na Parlaiminte ag brath, go bunúsach, ar an nós imeachta cinnteoireachta a leanann an Chomhairle (tromlach cáilithe nó aontoilíocht) (11);

O.

de bhrí, ina rún maidir le staid na díospóireachta ar thodhchaí na hEorpa, gur mheabhraigh an Pharlaimint “i gcás ina bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí amach anseo, go bhféadfaí an ceart chun tionscnaimh reachtaigh a chur i leith na Parlaiminte freisin mar ionadaí díreach shaoránaigh an Aontais”; de bhrí go raibh deis stairiúil í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, i measc nithe eile, chun athchóiriú ar dhaonlathas na hEorpa agus ar na Conarthaí a chur chun cinn le rannpháirtíocht na saoránach;

P.

de bhrí go raibh daonlathas na hEorpa ar cheann de na saincheisteanna is mó a rinne na saoránaigh rannchuidiú ina leith ar ardán digiteach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;

Q.

de bhrí gur mhol an Pharlaimint ina rún maidir le héabhlóidí agus coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar leagan amach institiúideach reatha an Aontais Eorpaigh, gur cheart, i gcomhréir leis an gcleachtas coiteann i roinnt Ballstát, an ceart chun tionscnaimh reachtaigh a thabhairt, gan dochar do shaincheart reachtach bunúsach an Choimisiúin, do dhá sheomra reachtóir an Aontais, don Chomhairle agus, go háirithe, don Pharlaimint, mar an t-aon institiúid a thoghann na saoránaigh go díreach;

R.

de bhrí gur i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a chinntear na rialacha maidir le rúin faoi Airteagal 225 CFAE a dhréachtú agus a ghlacadh; de bhrí go ndéantar idirdhealú sa chleachtas idir tuarascálacha féintionscnaimh (INI) agus tuarascálacha INL; de bhrí nach ndéantar an t-idirdhealú sin i gCreat-Chomhaontú 2010 ná sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;

Ceart díreach / cearta díreacha tionscnaimh na Parlaiminte a bunaíodh leis na Conarthaí

1.

ag cur béim ar bhfíoras agus á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ceart díreach ginearálta tionscnaimh ag an bParlaimint, cé gurb í an t-aon institiúid de chuid an Aontais a thoghtar go díreach í;

2.

á chur i bhfios go láidir go dtugtar cearta díreacha tionscnaimh don Pharlaimint mar atá le Conradh Liospóin, agus go n-aithnítear a hinniúlacht ann maidir le féineagrú, feidhm grinnscrúdaithe agus dlisteanacht dhaonlathach na Parlaiminte mar an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach;

3.

á thabhairt chun suntais, i leagan amach institiúideach nach bhfuil ceart díreach ginearálta tionscnaimh ag an bParlaimint go fóill ann, go bhfuil dínit bhunreachtúil speisialta agus tosaíocht ar ghnáthnós imeachta reachtacha ag na nósanna imeachta reachtacha speisialta a thionscnaíonn sí;

4.

á mheabhrú gur bhain an Pharlaimint úsáid as na cearta reachtacha speisialta sin arís agus arís eile le 20 bliain anuas, cé nach leor iad; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur ró-annamh a tugadh na nósanna imeachta reachtacha speisialta sin i gcrích go rathúil mar gheall ar easpa comhaontaithe ón gCoimisiún agus ón gComhairle (12);

5.

á thabhairt chun suntais gur bhain an Pharlaimint leas as a ceart tionscnaimh trí nós imeachta um an smacht reachta a sheoladh faoi Airteagal 7 CAE; á cháineadh nach ndearnadh an Comhairle obair leantach ar an nós imeachta sin ná ar na iarrataí ar ghníomhaíocht a rinne an Pharlaimint arís agus arís eile ina dhiaidh sin, agus á chur i bhfios gurb amhlaidh, toisc nár bhain an Chomhairle úsáid éifeachtach as Airteagal 7 CAE, atá an bonn á bhaint ó shláine na gcomhluachanna Eorpacha, ón muinín fhrithpháirteach, agus ó inchreidteacht an Aontais ina iomláine; á mheas gur den riachtanas é a áirithiú go ndéantar Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (13), a chur chun feidhme ina iomláine agus láithreach, agus urraim á tabhairt do ról na Parlaiminte mar chomhreachtóir, á mheas go bhfuil an tAontas fós neamhullmhaithe ó thaobh struchtúir de chun cur in aghaidh an chúlaithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha, agus ar an sárú a dhéantar orthu sna Ballstáit; á chreidiúint go léirítear leis an meath ar na saincheisteanna sin i mBallstáit éagsúla go bhfuil gá le fíorchomhar idirinstitiúideach; á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil freagairt chuí ar thionscnamh na Parlaiminte maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú de dhíth, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an athuair dul i mbun caibidlíochtaí leis an bParlaimint gan mhoill maidir le comhaontú idirinstitiúideach;

6.

ag athdhearbhú a togra réasúnaithe maidir le baol soiléir a bheith ann go ndéanfadh an Ungáir sárú tromchúiseach ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe; á athdhearbhú gur cúis mhór imní di nach n-áirithítear le nósanna imeachta caighdeánacha na n-éisteachtaí go dtugtar cóir chomhionann don Pharlaimint, ar lámh amháin, agus don Choimisiún agus d’aon trian de na Ballstáit, ar an lámh eile, maidir le an togra réasúnaithe a thíolacadh agus i dtéarmaí rochtain ar fhaisnéis; á chur in iúl gur oth léi nach raibh sé mar thoradh ar na héisteachtaí go fóill go ndearnadh dul chun cinn suntasach ar bith maidir le haghaidh a thabhairt ar an mbaol soiléir go ndéanfaí sárú tromchúiseach ar luachanna an Aontais;

7.

á chur in iúl gur oth léi nach ndearna trí Bhallstát dlí toghcháin leasaithe an Aontais Eorpaigh a glacadh in 2018 a dhaingniú go fóill;

8.

á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur dhiúltaigh an Chomhairle go dtí seo dul i mbun caibidlíochta leis an bParlaimint maidir lena ceart chun fiosrúcháin, cé gurb ionann é sin agus trasnáil ar Airteagal 226 CFAE agus ar phrionsabal an chomhair dhílis, rud a fhágann nach bhfuil foráil sa Chonradh á cur chun feidhme in ainneoin an dualgais amhlaidh a dhéanamh;

9.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Reacht nua an Ombudsman Eorpaigh, ar thionscnamh na Parlaiminte, lena n-áirithítear go bhfuil an Reacht comhsheasmhach le Conradh Liospóin;

Cearta tionscnaimh na Comhairle agus na Comhairle Eorpaí arna mbunú leis na Conarthaí

10.

á chur in iúl gur oth léi, i réimse an bheartais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, nach bhforáiltear in Airteagal 121 CFAE ach maidir leis an bParlaimint a chur ar an eolas; ag tabhairt dá haire freisin gur fheidhmigh an Chomhairle Airteagal 121 CFAE mar cheart tionscnaimh de facto sa réimse sin, agus ag éileamh tuilleadh freagrachtaí don Pharlaimint mar an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a dhéanann ionadaíocht ar ghuth na saoránach;

11.

ag aithint, thairis sin, gur fheidhmigh an Chomhairle Eorpach Airteagal 68 CFAE mar cheart tionscnaimh de facto i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais; á thabhairt chun suntais nach comhreachtóir í an Chomhairle Eorpach, agus gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar ghlacadh clár oibríochtúil ilbhliantúil sa réimse sin ag an gComhairle Eorpach gan aon oibleagáid uirthi dul i gcomhairle leis an bParlaimint ná leis an gCoimisiún, i bhfianaise thionchar tromchúiseach na mbeartas sin ar chearta bunúsacha na saoránach; á iarraidh go dtabharfar an inniúlacht sin don Pharlaimint agus don Chomhairle ar théarmaí comhionanna in athbhreithniú ar na Conarthaí san am atá le teacht;

12.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, de bhun Airteagal 76 CFAE, atá ceart tionscnaimh ag an gComhairle, tríd an gceathrú cuid de na Ballstáit, atá comhthráthach le ceart tionscnaimh an Choimisiúin maidir le comhar i dtaca le dlí riaracháin, agus comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla;

13.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil na forbairtí sin ina gcuid de threocht níos leithne i dtreo míchothromaíocht mhéadaitheach idir an Chomhairle, an Chomhairle Eorpach agus an Coimisiún i gcumhacht cinnteoireachta ar leibhéil éagsúla san uile réimse beartais; á chur i bhfáth go bhfuil struchtúr institiúideach an Aontais, mar a bunaíodh sna Conarthaí é, á chreimeadh leis an gcleachtas sin; á chreidiúint gur cheart an chothromaíocht a athbhunú ar mhaithe le dlisteanacht dhaonlathach trí chearta coibhéiseacha don Pharlaimint;

14.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, nach bhfuil an úsáid a bhaineann an Chomhairle as a ceart indíreach tionscnaimh, mar a leagtar síos in Airteagal 241 CFAE é, sách trédhearcach; á iarraidh ar an gComhairle gach iarraidh a dhéantar agus úsáid á baint as an mbunús dlí sin a fhoilsiú ar bhealach soláimhsithe agus i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh, agus á iarraidh uirthi an leibhéal trédhearcachta is airde is féidir a áirithiú ina cuid gníomhartha uile (14), agus cloí go hiomlán le rialacha an Aontais maidir le rochtain ar dhoiciméid;

Ceart indíreach tionscnaimh na Parlaiminte a bunaíodh leis na Conarthaí

15.

á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag an bParlaimint, ó Chonradh Maastricht, agus a dlisteanacht dhaonlathach uathúil á cur san áireamh aici, a iarraidh ar an gCoimisiún tograí reachtacha a thíolacadh;

16.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 225 CFAE, nach mór d’iarrataí teacht faoi shainchúram inniúlachta an Aontais agus gurb é an t-aon oibleagáid amháin atá ar an gCoimisiún faoi láthair ná na cúiseanna atá aige gan togra a thíolacadh a chur in iúl don Pharlaimint;

17.

á mheabhrú gur chomhaontaigh an Pharlaimint agus an Coimisiún an ceart sin a fheabhsú tuilleadh trí Chreat-Chomhaontú 2010; ag tabhairt dá haire gur gheall an Coimisiún tuarascáil a thabhairt ar an obair leantach ar iarrataí ón bParlaimint laistigh de thrí mhí agus, i gcás ina gcinnfeadh an coláiste amhlaidh, go ndéanfadh sé togra reachtach a thíolacadh;

18.

á chreidiúint gur mithid toil pholaitiúil níos uaillmhianaí a léiriú agus á iarraidh, dá bhrí sin, mbreithneofar ar athbhreithniú a dhéanamh ar Chreat-Chomhaontú 2010 agus é mar sprioc cearta tionscnaimh níos láidre a áirithiú don Pharlaimint;

19.

á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, go dtí 2019, maidir leis an obair leantach a rinne an Coimisiún ar thuarascálacha ar thionscnamh reachtach na Parlaiminte a glacadh de bhun Airteagal 225 CFAE, nach ndearna an Coimisiún tograí reachtacha a thíolacadh tar éis don Pharlaimint iarraidh a dhéanamh ach i mionlach cásanna (15); á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, nár cloíodh leis na spriocdhátaí don Choimisiún chun freagra a thabhairt ar iarrataí ón bParlaimint agus tograí reachtacha a chur ar aghaidh i bhformhór na gcásanna;

20.

á mheas gur ró-lag í an t-aon oibleagáid amháin atá ar an gCoimisiún an Pharlaimint a chur ar an eolas faoi na cúiseanna atá aige gan obair leantach a dhéanamh ar INL arna ghlacadh ag tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint, agus is rí-gheal léi, dá bhrí sin, gur thacaigh Uachtarán an Choimisiúin von der Leyen le ceart tionscnaimh na Parlaiminte agus gur thug sí gealltanas freagairt i gcónaí, le gníomh reachtach, ar iarrataí ón bParlaimint faoi Airteagal 225 CFAE, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na comhréireachta, na coimhdeachta agus na reachtóireachta níos fearr; ag dréim leis go seasfaidh an Coimisiún leis an ngealltanas sin reachtaíocht a thionscnamh tar éis don Pharlaimint aon iarraidh den sórt sin a ghlacadh, ar iarraidh í arna glacadh in INL ag tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í; á mheas gur cheart an tiomantas sin a fheabhsú agus gur cheart cumhacht na Parlaiminte chun tionchar a imirt ar chlár oibre an Aontais a neartú;

21.

ag moladh Choláiste reatha na gCoimisinéirí as freagra a thabhairt ar iarrataí uile na Parlaiminte ar bhealach tráthúil (16), ach amháin i gcás amháin (17); á thabhairt chun suntais, thairis sin, nach raibh togra reachtach mar thoradh ar iarraidh ach amháin i gcás amháin; á mheas go léirítear leis sin go bhfuil fasach idirinstitiúideach tar éis a bheith bunaithe agus go bhfuil sí ag dréim leis go leanfaidh an Coimisiún de bheith ag comhlíonadh a ghealltanais freagra a thabhairt ar na hiarrataí uile;

22.

á chreidiúint nach mór machnamh ar cheart tionscnaimh na Parlaiminte a bheith fite fuaite le machnamh ar bhonn níos leithne ar thionscnamh polaitiúil i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais;

23.

ag moladh gur cheart feabhas a chur ar thionscnaimh Eorpacha ó na saoránaigh (ECInna) agus á chur i bhfáth go bhféadfadh an Pharlaimint cinneadh a dhéanamh obair leantach a dhéanamh ar ECI trí bhíthin INL dá mba rud é go mainneodh an Coimisiún a bhfuil ar intinn aige a fhoilsiú laistigh de na spriocdhátaí a luadh, nó dá mba rud é go leagfadh sé amach aige i dteachtaireacht nach bhfuil sé ar intinn aige aon ghníomhaíocht a dhéanamh maidir le ECI a chomhlíon na ceanglais nós imeachta agus atá i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe le bunluachanna an Aontais, a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;

Ceart/cearta tionscnaimh na Parlaiminte amach anseo

24.

á chur in iúl bhfuil sí lánchinnte, ach ceart ginearálta agus díreach tionscnaimh a bheith ann, go ndéanfaí dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a neartú tuilleadh agus go gcumhachtófaí saoránaigh an Aontais, agus go mbeadh an ceart sin ina léiriú ar éabhlóid inniúlachtaí an Aontais agus a chuid institiúidí le himeacht aimsire i dtreo daonlathas Eorpach níos láidre;

25.

den tuairim gur cheart an ceart a thabhairt don Pharlaimint, mar an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach, reachtaíocht a mholadh;

26.

á chreidiúint go láidir gur cheart na Conarthaí a athbhreithniú ionas go dtabharfar ceart ginearálta agus díreach chun reachtaíocht a thionscnamh don Pharlaimint, mar an t-aon institiúid amháin de chuid an Aontais a thoghtar go díreach agus, dá bhrí sin, mar an institiúid a dhéanann ionadaíocht ar ghuth na saoránach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart don Pharlaimint tús an nós imeachta faoi Airteagal 48 CAE a thionscnamh chun an ceart sin maidir le tionscnamh reachtach a bhunú; á chur in iúl gur cheart go mbeadh feidhm ag ceart tionscnaimh na Parlaiminte ar a laghad sna réimsí beartais sin ina gcumhachtaítear don Pharlaimint reachtaíocht a achtú mar chomhreachtóir;

27.

á chur i bhfáth gur deis gan fasach í an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann faoi láthair agus ugach a thabhairt in athuair do dhaonlathas na hEorpa, agus á mholadh go láidir go leanfaí moladh na rannpháirtithe sa Chomhdháil ar son fíorcheart tionscnaimh don Pharlaimint;

28.

ag athdhearbhú dhínit bhunreachtúil speisialta agus neartaithe na n-ábhar a bhfuil ceart tionscnaimh ag an bParlaimint ina leith faoi láthair, agus á mheas, dá bhrí sin, gur cheart an ceart eisiach sin a leathnú chuig ábhair a bhfuil dlisteanacht dhaonlathach agus ceannasacht an Aontais an-ábhartha maidir leo;

29.

ag tabhairt dá haire go gcuimsítear nósanna imeachta reachtacha speisialta éagsúla le cearta tionscnaimh reatha na Parlaiminte, amhail i gcás rialacháin a bhaineann lena comhdhéanamh féin, toghadh a cuid Feisirí agus a Reacht, Reacht an Ombudsman Eorpaigh agus ceart fiosrúcháin na Parlaiminte;

30.

á mheas gur ar éigean a rialaítear leis na Conarthaí na nósanna imeachta sin agus á iarraidh go mbeadh comhaontú idirinstitiúideach nua ann idir na trí institiúid a bheadh tiomnaithe go heisiach don ábhar sin, agus go dtabharfaí lánurraim dá dhínit bhunreachtúil speisialta agus go ndéanfaí dlisteanacht dhaonlathach an Aontais a fheabhsú; á mheas go bhféadfaí machnamh a dhéanamh sa chomhaontú idirinstitiúideach nua sin ar bhearta lena seachnófaí go mbeadh comhaid á mblocáil sna hinstitiúidí;

31.

á mheas gur cheart cineál speisialta na nósanna imeachta reachtacha sin a léiriú ar bhealach níos fearr le rialacha inmheánacha na Parlaiminte; á mholadh, go háirithe, i gcás ina mbeidh formheas nó toiliú na Comhairle agus tuairim nó toiliú an Choimisiúin de dhíth chun go nglacfadh an Pharlaimint gníomh, gur cheart don Pharlaimint, tar éis na vótála ar an ngníomh atá beartaithe, dul i mbun nós imeachta comhairliúcháin leis na hinstitiúidí sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim freisin gur cheart don Pharlaimint cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun na gníomhartha beartaithe sin a athrú tar éis na gcomhairliúchán sin;

32.

á chreidiúint, maidir leis an ngnáthnós imeachta reachtach a leathnú agus le gnáthnós imeachta reachtach a shainiú ina mbeadh an ceart tionscnaimh á theachtadh ag an bParlaimint, gur cheart breathnú orthu mar phróisis chomhlántacha;

33.

á mheas nach bhfágfadh aitheantas do cheart díreach tionscnaimh ag an bParlaimint nach bhféadfadh an Coimisiún ceart comhthráthach a choinneáil nó monaplacht tionscnaimh a choinneáil, amhail i réimse an bhuiséid; ag samhlú freisin go mbeadh ceart díreach tionscnaimh ag an gComhairle i réimsí atá sainithe go docht; á iarraidh ar na trí institiúid a marana a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh cearta tionscnaimh comhthráthacha maireachtáil go héifeachtach taobh le chéile agus ar an gcaoi a bhféadfaí iad a chur chun feidhme i gcleachtas;

34.

á gheallúint go ndéanfaidh sí ceart tionscnaimh indíreach na Parlaiminte a úsáid ina iomláine, a fhorbairt agus a neartú tuilleadh, amhail dá bhforáiltear sna Conarthaí agus arna fhorbairt tuilleadh i gcomhaontuithe idirinstitiúideacha agus trí ghealltanas Uachtaráin an Choimisiúin von der Leyen;

35.

á mheas go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr i dtaca le comhar dílis agus trédhearcach a áirithiú ar feadh an timthrialla reachtaigh ina iomláine agus gur féidir tuiscint níos fearr agus frithpháirteach a bhaint amach, a bhuí leis, maidir le seasaimh faoi seach na n-institiúidí éagsúla;

36.

á iarraidh go ndéanfar measúnú comhpháirteach ar fheidhmiú Chreat-Chomhaontú 2010 agus ar an ngá atá le hathbhreithniú spriocdhírithe chun a áirithiú gur féidir seasamh go héifeachtach lena cuid forálacha agus creataí ama a bhaineann le ceart indíreach tionscnaimh na Parlaiminte; á iarraidh freisin ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i gcomhpháirt leis an bParlaimint ar a mhéid ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr chun deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann ar chumhachtaí na Parlaiminte maidir le tionscnaimh reachtacha a mholadh;

37.

á mheas gurb iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha, a nósanna imeachta agus a ceanglais inmheánacha, lena n-áirítear ó thaobh tuarascálacha ar thionscnamh reachtach a dhréachtú faoi Airteagal 225 CFAE chun a áirithiú go bhfuil tograí dírithe agus go bhfuil bunús maith leo; ag moladh go ndéanfaí cuíchóiriú ar na nósanna imeachta a leagtar amach i Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le rúin faoi Airteagal 225 CFAE a dhréachtú agus a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar aon iarraidh ar an gCoimisiún maidir le tionscnamh reachtach a chur san áireamh ar bhealach leormhaith, agus an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr á urramú i gcónaí, gan beann ar an rún parlaiminteach ina bhfuil an iarraidh;

38.

á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do na hionstraimí sin mar an príomhmheán chun a iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún tograí reachtacha a thíolacadh; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, gur gá iarrataí a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus faoina bhráid siúd amháin, agus a áirithiú go bhfanann ábhar na dtuarascálacha ar thionscnamh reachtach laistigh de raon feidhme ábhar na tuarascála, faoi mar a cinneadh é; á thabhairt chun suntais go dteastaíonn an acmhainn theicniúil agus riaracháin is gá chun gur féidir leis an bParlaimint tuarascálacha faoi Airteagal 225 CFAE atá dírithe agus a bhfuil bunús maith leo a ghlacadh;

39.

á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach dlúthchomhar leis an gCoimisiún a áirithiú i gcaitheamh shaolré na dtuarascálacha ar thionscnaimh reachtacha chun a áirithiú go bhfuil an próiseas chomh héifeachtach, trédhearcach agus cuimsitheach agus is féidir; ag tabhairt ról Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí agus ról Chomhdháil na nUachtarán chun suntais maidir leis sin;

40.

ag cur béim ar an bhfíoras go n-urramaíonn an Pharlaimint an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ina iomláine, lena gcuirtear i bhfáth gur gá anailís a dhéanamh roimh ré ar an mbreisluach Eorpach, agus go bhfuil gá freisin le tuarascáil maidir le costas na neamh-Eorpa, agus go bhfuil struchtúr aici chun gníomhaíochtaí measúnaithe tionchair a dhéanamh, a mhéid is féidir amhlaidh a dhéanamh, sula dtíolacfadh sí tuarascáil INL chun feabhas a chur ar an measúnú ar an mbreisluach Eorpach dá bhforáiltear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;

41.

á chreidiúint gur cheart don Choimisiún, agus measúnú á dhéanamh aige ar phrionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus na reachtóireachta níos fearr mar chuid dá obair leantach ar iarrataí ón bParlaimint ar thograí reachtacha faoi Airteagal 225 CFAE, aird chuí a thabhairt ar na hanailísí a ghabhann leis ar an mbreisluach Eorpach agus ar chostas na neamh-Eorpa, ar anailísí iad arna gcur i dtoll a chéile ag an bParlaimint; á chur i bhfios go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún cheana féin, faoin gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, freagairt ar aon saincheisteanna a tharraingíonn na comhreachtóirí anuas maidir le hanailísí den sórt sin;

42.

á chreidiúint, thairis sin, gur cheart don Choimisiún dréacht-tograí arna nglacadh de dhroim togra ón bParlaimint de bhun Airteagal 225 CFAE a nascadh go soiléir le tuarascálacha ábhartha INL, lena soláthrófaí “lorg tionchair reachtach” soiléir;

43.

á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do chomhordú níos láidre a chothú le Coiste Eorpach na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa trí aird chuí a thabhairt ar a gcuid tuairimí faoi chuimsiú Airteagal 225 CFAE;

44.

á athdhearbhú go bhfuil inrochtaineacht, eitic agus trédhearcacht fíorthábhachtach agus go gcaithfidh siad a bheith mar threoir do ghníomhaíochtaí institiúidí uile an Aontais; á iarraidh go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha uile maidir le tuarascálacha ar thionscnamh reachtach, amhail céimeanna inmheánacha nós imeachta nó obair leantach an Choimisiúin, a chur ar fáil go héasca ar líne i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh;

45.

á athdhearbhú a thábhachtaí atá an chéim réamhreachtach agus ag meabhrú ról na Parlaiminte amhail dá bhforáiltear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus i gCreat-Chomhaontú 2010; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an obair maidir le bunachar sonraí reachtach comhpháirteach a bhunú, mar a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;

46.

á mheabhrú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na saoránach agus na sochaí sibhialta maidir le dlisteanacht dhaonlathach an Aontais; á iarraidh ar institiúidí uile an Aontais páirt fhóinteach a thabhairt dóibh sa chinnteoireacht ag gach céim den timthriall beartais;

o

o o

47.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1)  IO L 304, 20.11.2010, lch. 47.

(2)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(3)  IO C 252, 18.7.2018, lch. 215.

(4)  IO C 252, 18.7.2018, lch. 201.

(5)  IO C 449, 23.12.2020, lch. 90.

(6)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 71.

(7)  IO C 362, 8.9.2021, lch. 6.

(8)  Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, staidéar dar teideal “Ceart tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa”, an Bhruiséil, 2020, lgh. 55 agus 57.

(9)  Rún an 25 Deireadh Fómhair 2016 maille le moltaí don Choimisiún maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú (IO C 215, 19.6.2018, lch. 162).

(10)  Rún an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú (IO C 395, 29.9.2021, lch. 2).

(11)  Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, staidéar dar teideal “Ceart tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa”, an Bhruiséil, 2020, lch. 12.

(12)  Ibid., lgh. 34-35.

(13)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.

(14)  Rún an 17 Eanáir 2019 ar iniúchadh straitéiseach OI/2/2017 an Ombudsman ar thrédhearcacht na bpléití reachtacha i gcomhlachtaí ullmhúcháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh (IO C 411, 27.11.2020, lch. 149).

(15)  Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, staidéar dar teideal “Ceart tionscnaimh Pharlaimint na hEorpa”, an Bhruiséil, 2020, lch. 54.

(16)  Freagraí ón gCoimisiún ar na rúin seo a leanas ón bParlaimint:

rún an 8 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil moltaí don Choimisiún dar teideal Digital Finance: emerging risks in crypto-assets – regulatory and supervisory challenges in the area of financial services, institutions and markets [Airgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn ó thaobh criptea-shócmhainní de – dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, na n-institiúidí agus na margaí] (IO C 395, 29.9.2021, lch. 72);

rún an 22 Deireadh Fómhair 2020 lena ngabhann moltaí don Choimisiún maidir le creat dlíthiúil de chuid AE chun an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE a stopadh agus a fhreaschur (IO C 404, 6.10.2021, lch. 175);

rún an 20 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil moltaí don Choimisiún dar teideal Digital Services Act: adapting commercial and civil law rules for commercial entities operating online [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha: rialacha an dlí tráchtála agus shibhialta a oiriúnú d’eintitis tráchtála a bhíonn ag feidhmiú ar líne] (IO C 404, 6.10.2021, lch. 31);

rún an 20 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil moltaí don Choimisiún dar teideal Digital Services Act: Improving the functioning of the Single Market [an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha: feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú] (IO C 404, 6.10.2021, lch. 2);

rún an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara (IO C 404, 6.10.2021, lch. 63);

rún an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún i leith réimeas dliteanais shibhialta le haghaidh intleacht shaorga (IO C 404, 6.10.2021, lch. 107);

rún an 21 Eanáir 2021 le moltaí don Choimisiún maidir leis an gceart chun dícheangail (IO C 456, 10.11.2021, lch. 161);

(17)  Freagra ón gCoimisiún ar an rún ón bParlaimint an 13 Bealtaine 2020 ina bhfuil moltaí chuig an gCoimisiún dar teideal A safety net to protect the beneficiaries of the EU programmes: setting up an MFF contingency plan [Líontán sábhála chun tairbhithe chláir AE a chosaint: plean teagmhasach CAI a chur ar bun](IO C 323, 11.8.2021, lch. 2);


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/108


P9_TA(2022)0243

Bagairtí domhanda ar chearta ginmhillte: aisiompú féideartha na gceart ginmhillte sna Stáit Aontaithe ag an gCúirt Uachtarach

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le bagairtí domhanda ar chearta ginmhillte: aisiompú féideartha na gceart ginmhillte sna Stáit Aontaithe ag an gCúirt Uachtarach (2022/2665(RSP))

(2022/C 493/12)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/109


P9_TA(2022)0244

An iarraidh ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an iarraidh ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú (2022/2705(RSP))

(2022/C 493/13)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/110


P9_TA(2022)0245

Ionstraim nua trádála chun toirmeasc a chur ar tháirgí ar de thoradh saothar éigeantais iad

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir le hionstraim nua trádála chun toirmeasc a chur ar tháirgí ar de thoradh saothar éigeantais iad (2022/2611(RSP))

(2022/C 493/14)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


MOLTAÍ

Parlaimint na hEorpa

Dé Céadaoin 8. Meitheamh 2022

27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/111


P9_TA(2022)0235

Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta an Aontais tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta an Aontais tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2022/2039(INI))

(2022/C 493/15)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Theidil II, III agus V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don ghealltanas a leagtar síos sa bhrollach chun Comhbheartas Eachtrach agus Slándála a chur chun feidhme, agus go háirithe d’Airteagail 10(1) agus (2), 13(2), 14(1), 16(1), 24(1), 26, 36, 41, 42(2), (3), (6) agus (7), 44, 45 agus 46 agus Prótacal Uimh. 10 de,

ag féachaint don phlean gníomhaíochta “Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security” [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint — I gcás Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta], a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022,

ag féachaint do Dhearbhú Versailles ó Chinn Stáit nó Rialtais an Aontais an 11 Márta 2022,

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 dar teideal “Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh” (JOIN(2022)0024),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 dar teideal “Cur chun feidhme an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála – tuarascáil bhliantúil 2021” (1),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 dar teideal “Cur chun feidhme an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta – tuarascáil bhliantúil 2021” (2),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 dar teideal Commission contribution to European defence [Rannchuidiú an Choimisiúin do chosaint na hEorpa] (COM(2022)0060),

ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 22 Márta 2021, lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (3),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Márta 2017 dar teideal “Na himpleachtaí bunreachtúla, dlíthiúla agus institiúideacha atá ag comhbheartas slándála agus cosanta: deiseanna atá ar fáil trí Chonradh Liospóin” (4),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir leis na conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022, lena n-áirítear na forbairtí is déanaí maidir leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise agus a gcur chun feidhme (5),

ag féachaint do rún uaithi an 24 Márta 2022 maidir leis an ngá atá le plean gníomhaíochta práinneach AE chun slándáil bia a áirithiú laistigh agus lasmuigh de AE i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin (6),

ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (7),

ag féachaint do na ráitis maidir leis an Úcráin ó cheannairí Pharlaimint na hEorpa an 16 agus an 24 Feabhra 2022,

ag féachaint don tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa i mí na Bealtaine 2022,

ag féachaint don ráiteas ó Chruinniú Mullaigh na Bruiséile, a d’eisigh na Cinn Stáit agus Rialtais a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 2021,

ag féachaint d’anailís agus do Mholtaí an Meitheal Mhachnaimh arna cheapadh ag Ardrúnaí ECAT an 25 Samhain 2020 dar teideal “NATO 2030: United for a New Era” [EACT 2030: Aontaithe le haghaidh Ré Nua’],

ag féachaint do na rúin a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 maidir leis an ionsaí i gcoinne na hÚcráine, an 24 Márta 2022 maidir le hiarmhairtí daonnúla an ionsaí i gcoinne na hÚcráine, agus an 7 Aibreán 2022 maidir le cearta ballraíochta Chónaidhm na Rúise sa Chomhairle um Chearta an Duine a chur ar fionraí,

ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (8), lena n-áirítear comhaontú domhain cuimsitheach saorthrádála, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017,

ag féachaint do na cinntí a ghlac an Chomhairle maidir le bearta sriantacha AE i gcoinne na Rúise mar gheall ar a cogadh san Úcráin,

ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (9) (an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe),

ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0164/2022),

A.

de bhrí gurb ionann ionsaí míleata gan ábhar agus gan údar Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tar éis ionradh na Rúise ar an tSeoirsia in 2008 agus gníomhaíochtaí ionsaitheacha eile ar fud an domhain, agus sárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta, ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar na prionsabail a chumhdaítear in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975 agus Meabhrán Bhúdaipeist 1994 agus Cairt Pháras le haghaidh Eoraip Nua an 21 Samhain 1990, agus go mbaineann sí an bonn go mór ó shlándáil agus ó chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain;

B.

de bhrí nár chomhlíon Cónaidhm na Rúise an t-ordú a d’eisigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta an 16 Márta 2022 ag iarraidh go haonchiallach ar an Rúis a cuid oibríochtaí míleata a chur ar fionraí láithreach agus a áirithiú nach ndéanfaidh aon aonaid armtha mhíleata nó neamhrialta a bhféadfadh sí a bheith i gceannas orthu nó ag tacú leo, chomh maith le haon eagraíochtaí agus daoine a d’fhéadfadh a bheith faoina rialú nó faoina ceannas, aon bhearta chun na hoibríochtaí míleata atá ann cheana a chur chun cinn;

C.

de bhrí gurb ionann ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ionsaí ar an ord síochána Eorpach féin agus, ar an gcaoi sin, go bhfuil sé mar bhagairt ar an mbonn sin ar ar tógadh beartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais; de bhrí go n-éilíonn iarrachtaí leanúnacha na Rúise éagobhsaíocht a chruthú i gcomharsanacht an Aontais agus ar fud an domhain agus an bonn a bhaint den ordú slándála Eorpach, go n-éilíonn siad ar an Aontas comhtháthú agus éifeachtacht a beartais eachtraigh, slándála agus cosanta a fheabhsú go substaintiúil agus go diongbháilte;

D.

de bhrí go bhfuair na mílte Úcránach bás sa chogadh a d’fhear Cónaidhm na Rúise i gcoinne phobal na hÚcráine ó 2014; de bhrí gur gortaíodh na mílte agus go raibh ar breis is 10 milliún daoine a dtithe a fhágáil nó gur theith siad chuig tíortha comharsanachta;

E.

de bhrí go bhfuil fórsaí armtha na Rúise ag déanamh ionsaí le sliogáin d’aon ghnó agus as éadan ar bhonneagar sibhialta, lena n-áirítear tithe agus tearmainn, naíonraí, scoileanna, ospidéil, saoráidí éigeandála agus cúraim agus stáisiúin traenach agus bus;

F.

de bhrí, de réir Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, go bhfuil na hionsaithe sin ina gcúis le fulaingt as cuimse an duine agus gurb ionann iad agus coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna; de bhrí gur coireanna uafásacha cogaidh iad céasadh agus dúnmharú sibhialtach agus líon méadaitheach na dtuarascálacha ar gháinneáil ar dhaoine, ar fhoréigean gnéasach, ar dhúshaothrú, ar éigniú agus ar mhí-úsáid a mbíonn ar mhná agus ar leanaí cur suas leo, ar coireanna iad nach mór a imscrúdú agus a dhoiciméadú go práinneach ionas gur féidir déantóirí na coire a thriail; de bhrí go bhfuil imscrúdú idirnáisiúnta ar na coireanna a rinneadh in Bucha fós ar siúl; de bhrí go bhféadfadh ionradh na hÚcráine a bheith ina choir ionsaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 8ú de Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus go bhfreagraíonn na hainghníomhartha a rinne arm na Rúise agus a seachvótálaithe don sainmhíniú ar chinedhíothú atá i gCoinbhinsiún NA 1948; de bhrí nach mór cinnteoirí agus déantóirí coireanna a chur faoi bhráid an cheartais choiriúil idirnáisiúnta;

G.

de bhrí go bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin tar éis cogadh a thabhairt ar ais san Eoraip agus de bhrí nach mór dúinne san Aontas Eorpach leas a bhaint as ár ndiongbháilteacht agus ár rúndaingne uile chun an tAontas seo agus na luachanna agus na prionsabail a seasann sé dó a chosaint, lena n-áirítear prionsabal na sláine críche, na ceannasachta náisiúnta agus an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe;

H.

de bhrí gur spreag an mhainneachtain freagairt leormhaith a thabhairt ar ionsaithe na Rúise i gcoinne na Seoirsia in 2008 agus i gcoinne na hÚcráine in 2014 don Rúis leanúint d’fheachtais ionsaitheacha mhíleata agus pholaitiúla, lena n-áirítear ionradh iomlán ar an Úcráin, agus ar an gcaoi sin an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus an chobhsaíocht san Eoraip agus in áiteanna eile a lagú agus an bonn a bhaint de;

I.

de bhrí gurb é an sprioc straitéiseach atá ag an domhan saor cabhrú leis an Úcráin dul i ngleic le hionsaitheoir na Rúise agus smacht a fháil arís ar a críoch a aithnítear go hidirnáisiúnta;

J.

de bhrí go bhfuil cogadh ionsaithe Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an t-ionsaí a rinne sí ar ord síochána na hEorpa ag tarlú i gcomhthéacs an chúlra de dhiansmacht ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra polaitiúil sa Rúis, arb é is aidhm dó a áirithiú go mairfidh réimeas atá ag éirí níos ollsmachtaí de réir a céile;

K.

de bhrí, thar aon ní eile, gur oibleagáid ar dhaonlathais na hEorpa go léir é an Eoraip a chosaint; de bhrí nach mór an oibleagáid sin a mheaitseáil le spriocanna cumais airgeadais agus míleata leordhóthanacha; de bhrí go bhfuil rún daingean ag an Aontas a chuid a dhéanamh chun cur i gcoinne iarrachtaí Chónaidhm na Rúise bonn na slándála agus na cobhsaíochta idirnáisiúnta a scriosadh, lena n-áirítear i ndlúthchomhar le ECAT, bunchloch chosaint chomhchoiteann a chomhaltaí; de bhrí gur thíolaic an Fhionlainn agus an tSualainn a n-iarratais chun dul isteach in ECAT go hoifigiúil an 18 Bealtaine 2022; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go ndaingneoidh comhghuaillithe uile ECAT prótacail aontachais na Fionlainne agus na Sualainne go pras; de bhrí go bhfuil drogall ar an Tuirc fáilte a chur roimh iarratais na Fionlainne agus na Sualainne dul isteach in ECAT; de bhrí go bhfuil Airteagal 42(7) CAE fós ina ghné thábhachtach d’ailtireacht slándála na hEorpa, lena gcuirtear tacaíocht agus cosaint ar fáil do Bhallstáit uile AE; de bhrí go bhfuil a buíochas ó chroí curtha in iúl ag an bParlaimint as cúnamh agus comhar athnuaite na SA maidir le cosaint chríochach na hEorpa a chosaint agus a sholáthar;

L.

de bhrí go bhfuil ceart bunúsach féinchosanta ag an Úcráin faoi Airteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe; de bhrí go molann an Pharlaimint muintir na hÚcráine as a gcrógacht i dtaca lena dtír agus ár luachanna comhroinnte, eadhon saoirse agus daonlathas, a chosaint agus nach bhfágfaidh sí ina n-aonar iad;

M.

de bhrí gur iarr an Pharlaimint, ina rún an 1 Márta 2022 maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go n-oibreodh institiúidí AE i dtreo stádas mar iarrthóir AE a dheonú don Úcráin agus, idir an dá linn, leanúint de bheith ag obair i dtreo a lánpháirtíochta i margadh aonair AE de réir an Chomhaontaithe Comhlachais idir AE agus an Úcráin;

N.

de bhrí, faoi shainordú athnuaite Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh (EUAM) san Úcráin, go n-áiritheofar leis an misean dlúthchomhar leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, le gníomhaireacht an Aontais Eurojust agus leis na Ballstáit atá i mbun gníomhaíochta a thacaíonn go díreach le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh san Úcráin;

O.

de bhrí gur cheart don Pharlaimint anailís dhomhain a thionscnamh ar na cúiseanna ar theip ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar a chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo sa chomhphobal idirnáisiúnta cosc a chur ar chogadh ionsaitheach na Rúise ar an Úcráin, rud a sháraíonn Cairt na Náisiún Aontaithe agus, dá bhrí sin, arb ionann é agus ionsaí ar chroílár ord síochána agus slándála na hEorpa, a luachanna agus a rathúnas, agus a bhunchlocha daonlathacha, agus a marana a dhéanamh ar na ceachtanna ó bhotúin a rinneadh roimhe seo i mbeartas vis-à-vis na Rúise, ag tosú le mainneachtain cur chun feidhme iomlán chomhaontú sosa cogaidh an 12 Lúnasa 2008 faoi stiúir an Aontais a áirithiú, chomh maith le himscrúdú a dhéanamh ar chásanna sáruithe ar na smachtbhannaí a forchuireadh ó 2014;

P.

de bhrí gur admhaigh an Chomhairle sa Chompás Straitéiseach nach bhfuil slándáil ná cobhsaíocht le fáil ar fud na mBalcán Thiar go fóill agus go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ann mar gheall ar an meath atá ag teacht ar staid slándála na hEorpa faoi láthair;

Q.

de bhrí go bhfuil géarghá le hullmhacht a mhéadú chun go mbeifear in ann déileáil ar bhealach níos fearr le raon iomlán na ngéarchéimeanna atá le teacht, go háirithe géarchéimeanna daonnúla agus slándála; de bhrí gur gá don Aontas na hionstraimí uile atá ar fáil dó a úsáid, agus béim á leagan ar rannpháirtíocht thráthúil, chun an tAontas agus a chónaitheoirí agus a luachanna agus a leasanna a chosaint, agus chun rannchuidiú le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta; de bhrí gur gá don Aontas oibriú lena chomhghuaillithe;

R.

de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag coinbhleachtaí armtha ar mhná, ar chailíní agus ar ghrúpaí leochaileacha; de bhrí go bhfuil síocháin níos inbhuanaithe ann mar gheall ar rannpháirtíocht chuiditheach na mban agus na gcailíní i gcosc, i réiteach agus in atógáil coinbhleachtaí; de bhrí gur gheall institiúidí AE comhionannas inscne a phríomhshruthú faoi Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne, lena n-áirítear gach réimse den Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus den Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC);

S.

de bhrí go ndéanfadh ról gníomhach don Pharlaimint i dtaca le comhbheartas cosanta de chuid an Aontais a dhearadh, agus comhchosaint a bhunú agus a tacaíocht pholaitiúil dó sin agus grinnscrúdú daonlathach air, dearbhú agus treisiú ar bhunchlocha ionadaíocha agus daonlathacha an Aontais;

T.

de bhrí go bhfuil feidhmiú an Aontais bunaithe ar an daonlathas ionadaíoch agus de bhrí go ndéantar ionadaíocht dhíreach ar shaoránaigh AE ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa;

U.

de bhrí gur cheart do gach institiúid AE lánúsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar di leis na Conarthaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na cuspóirí a leagtar amach iontu; de bhrí gur cheart do na hinstitiúidí comhar dílis frithpháirteach a chleachtadh;

V.

de bhrí go gcumhdaíonn inniúlacht an Aontais i gcúrsaí CBES gach réimse den bheartas eachtrach agus gach ceist a bhaineann le slándáil an Aontais, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, a bhféadfadh comhchosaint teacht as nuair a chinneann an Chomhairle Eorpach amhlaidh, ag gníomhú di d’aon toil, i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 42(2) CAE;

W.

de bhrí go sainmhínítear ról sonrach na Parlaiminte i mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais sna Conarthaí;

X.

de bhrí gur cheart do Pharlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle, a feidhm bhuiséadach a fheidhmiú sa réimse seo, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 41 CAE, agus gur cheart di a feidhm comhairliúcháin pholaitiúil a fheidhmiú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 36 CAE;

Y.

de bhrí, nuair a dhéantar cinntí sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle maidir leis an mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta, go bhfuil feidhmeannas an Aontais Eorpaigh comhdhéanta d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, den Chomhairle, den Choiste Polaitiúil agus Slándála, agus de na foghníomhaireachtaí; de bhrí go luaitear in Airteagal 24 CAE go dtacóidh “na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar le beartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí”, agus “go staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh bunoscionn le leasanna an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht mar fhórsa comhtháthaithe sa chaidreamh idirnáisiúnta a dhochrú”;

Z.

de bhrí gurb í an Pharlaimint an t-aon institiúid ar féidir léi feidhm an rialaithe pholaitiúil agus na maoirseachta polaitiúil a fheidhmiú go dlisteanach ar an bhfeidhmeannas ar leibhéal an Aontais;

AA.

de bhrí gur cheart go mbeadh an doimhniú ar an gcomhar cosanta i measc na mBallstát ar leibhéal an Aontais ag gabháil le neartú an ghrinnscrúdaithe agus an rialaithe pharlaimintigh ag Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta;

AB.

de bhrí go ndéanfaidh Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR), in éineacht leis an gCoimisiún más iomchuí, a tuairimí mionsonraithe a thabhairt don Pharlaimint maidir leis na moltaí thíos, go háirithe i gcás ina bhfuil siad sin nasctha le feidhm rialaithe bhuiséadaigh agus pholaitiúil na Parlaiminte ar bheartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais;

AC.

de bhrí gur cheart don chomhar idir na Ballstáit agus comhpháirtithe faoi Airteagail 42(2), 45 agus 46 CAE tairbhe a bhaint as an gcéannacht dhlíthiúil, as na pribhléidí agus as na díolúintí a chuirtear ar fáil leis na Conarthaí;

AD.

de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas sochaithe síochánta agus cuimsitheacha le haghaidh forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, rochtain ar cheartas a chur ar fáil do chách agus institiúidí éifeachtacha, cuntasacha agus cuimsitheacha a fhorbairt ar gach leibhéal;

AE.

de bhrí nach mór don Aontas, in éineacht lena chomhghuaillithe, féachaint lena ord síochána agus slándála a chaomhnú chun an tsíocháin agus an tslándáil atá tuillte acu a chur ar fáil don mhór-roinn agus dá chónaitheoirí; de bhrí gur nochtadh lochtanna na hailtireachta slándála domhanda atá ann faoi láthair leis an gcogadh san Úcráin;

AF.

de bhrí, mar gheall ar nádúr ilghnéitheach ghníomhaíochtaí naimhdeacha na Rúise, go bhfuil sé tábhachtach smaoineamh agus dearadh a dhéanamh ar chosaint Eoraip atá saor ar bhealach iomlánaíoch, lena n-áirítear na réimsí criticiúla uile, ó chosaint, comhar idirnáisiúnta, na meáin agus bonneagar sibhialtach criticiúil, teicneolaíocht, slabhraí soláthair agus fuinneamh;

AG.

de bhrí go bhfuil an tAontas ag féachaint ar an mbagairt is dírí ar a shlándáil chríochach ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda; de bhrí gur léiríodh leis an ngéarchéim reatha go bhfuil gá le plé ar bhuiséad AE, go háirithe i bhfianaise an phlé leanúnaigh maidir leis an gcineál trealaimh mhíleata nó tacaíochta míleata is féidir leis an Aontas a sholáthar;

AH.

de bhrí nach mór an bhréagaisnéis agus an bholscaireacht a chomhrac go práinneach, go dleathach agus go teicniúil, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí AE agus tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí sna Balcáin Thiar agus i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;

AI.

de bhrí gur ghlac an Chomhairle an Compás Straitéiseach i mí an Mhárta 2022; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an gCompás Straitéiseach na huirlisí a thabhairt don Aontas chun a bheith ina sholáthraí slándála éifeachtach i dtimpeallacht naimhdeach agus ina ghníomhaí domhanda níos teanntásaí don tsíocháin agus don tslándáil dhaonna;

AJ.

de bhrí gur cheart gach tionscnamh AE lena ndírítear ar chosaint Eorpach a threisiú a thabhairt cothrom le dáta go rialta i gcomhréir le torthaí an Chompáis Straitéisigh agus na n-athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an anailís ar bhagairtí;

AK.

de bhrí gur cheart aon acmhainní breise a leithdháiltear chun an sprioc 2 % de OTI a chaitheamh ar chosaint a úsáid ar bhealach comhordaithe agus comhoibritheach, agus leas iomlán á bhaint as ionstraimí cosanta AE chun easnaimh chumais a shárú agus cosaint na hEorpa a neartú;

AL.

de bhrí, trí leas iomlán a bhaint as na hiarrachtaí chun cumais chosanta chomhpháirteacha AE a fhorbairt, go háirithe an Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO) agus an Ciste Eorpach Cosanta (EDF), go gcuideofar le slándáil chomhghuaillithe ECAT agus na mBallstát araon a mhéadú;

AM.

de bhrí gur cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí neamhchomhordaithe a sheachaint a d’fhéadfadh ilroinnt agus dúbailt i mBonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta de chuid an Aontais a ghéarú tuilleadh, agus ar an gcaoi sin úsáid níos fearr a bhaint as airgead na gcáiníocóirí;

AN.

de bhrí go bhfuil forfheidhmiú smachtbhannaí fós ar cheann de na príomhghnéithe i mbosca uirlisí an Aontais chun cur i gcoinne chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus de bhrí nach mór gach modh a chur ar fáil dá bhrí sin ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát chun a áirithiú go ndéanfar smachtbhannaí a fhorfheidhmiú go hiomlán; de bhrí gur ghníomhaigh an Chomhairle go tapa agus ar bhealach aontaithe agus go bhfuil cúig phacáiste smachtbhannaí glactha aici go dtí seo i gcoinne na Rúise mar gheall ar a cogadh san Úcráin, lena n-áirítear smachtbhannaí aonair amhail reo sócmhainní agus srianta taistil, smachtbhannaí eacnamaíocha atá dírithe ar na hearnálacha airgeadais, trádála, fuinnimh, iompair, teicneolaíochta agus cosanta, srianta ar na meáin, bearta taidhleoireachta, srianta ar an gcaidreamh eacnamaíoch leis an gCrimé agus Sevastopol agus na limistéir Donetsk agus Luhansk nach bhfuil faoi rialú an rialtais, agus bearta maidir le comhar eacnamaíoch;

AO.

de bhrí go bhfuil iarmhairtí tánaisteacha ag ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine a imríonn tionchar ar mhacra-leibhéal an chaidrimh idirnáisiúnta, na comhghuaillíochtaí domhanda, an táirgthe thionsclaíoch agus na slabhraí soláthair, rud a imríonn tionchar ar shlándáil an tsoláthair bia agus ar shlite beatha daoine;

AP.

de bhrí go bhfuil Daon-Phoblacht na Síne, trína ráitis agus a gníomhartha, ag léiriú tacaíochta agus comhbhrón do sheasamh na Rúise, ag cur insint agus bréaga soiléire na Rúise chun cinn agus ag léiriú drogall ar cheannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine a fhormhuiniú go hiomlán;

AQ.

de bhrí go ndéanann an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh d’aon toil, CBES a dhréachtú agus a chur chun feidhme, ach amháin i gcás ina ndéantar foráil sna Conarthaí maidir le heisceachtaí, mar a dhéantar le hAirteagal 24 CAE;

AR.

de bhrí go bhfuil ról uathúil ag Parlaimint na hEorpa, mar ionadaíocht dhíreach ar shaoránaigh AE ar leibhéal an Aontais, in institiúidí AE agus go bhfuil ról lárnach aici maidir lena áirithiú go bhfuil cinnteoireacht AE, lena n-áirítear i réimse an bheartais eachtraigh, ailínithe le mianta na saoránach, mar a luaitear i dtuarascáil deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;

1.

ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:

(a)

tacaíocht láidir a athdhearbhú do shláine críche na hÚcráine, do cheannasacht agus do neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; gach cabhair ábhartha, mhíleata, airgeadais agus dhaonnúil is gá a chur ar fáil don Úcráin, agus ullmhúchán a dhéanamh chun rannchuidiú, a mhéid is féidir, leis an tír a atógáil tar éis an chogaidh, ós rud é go bhfuil an daonlathas agus an tsaoirse ag brath ar rathúnas agus ar chobhsaíocht eacnamaíoch; ionstraim dlí a bhunú lenar féidir sócmhainní agus cistí reoite de chuid na Rúise a choigistiú agus a úsáid chun cúiteamh a dhéanamh agus chun an Úcráin a atógáil;

(b)

tógáil ar an diongbháilteacht agus ar an aontacht a léiríodh ag tús an chogaidh i gcoinne na hÚcráine agus a leibhéal uaillmhéine comhpháirteach a bhaint amach go práinneach; dul chun cinn dáiríre a dhéanamh sa bheartas eachtrach agus sa chomhar cosanta ar leibhéal an Aontais, mar a cuireadh in iúl i nDearbhú Versailles agus i gconclúidí na Comhairle an 24 agus an 25 Márta 2022;

(c)

a chomhaontú gur cheart don Leas-Uachtarán/Ardionadaí a bheith i láthair ex officio i bhformáidí caibidlíochta arna dtionscnamh nó arna stiúradh ag Ballstáit AE;

(d)

vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach do réimsí áirithe beartais eachtraigh, mar a fhoráiltear cheana sna Conarthaí, mar shampla córais smachtbhannaí pearsanta AE a ghlacadh, agus iarracht a dhéanamh vótáil trí thromlach cáilithe a leathnú chuig an mbeartas eachtrach sa Chomhairle, chun éifeachtacht bheartas eachtrach AE a mhéadú;

(e)

a áirithiú go gcloíonn na Ballstáit le prionsabail na gConarthaí, go háirithe Airteagal 24 CAE, ina luaitear go dtacóidh “na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar le beartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí”;

(f)

dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir le haontas cosanta a bhunú ag a mbeidh cuspóirí níos uaillmhianaí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí na gníomhaíochtaí nithiúla a leagtar síos sa Chompás Straitéiseach a chur chun feidhme, a bheadh ina thúsphointe chun comhchosaint AE a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an bhforáil a leagtar síos in Airteagal 42(2) CAE;

(g)

dlús a chur leis an gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn ar fud an domhain, go háirithe le comhghuaillithe trasatlantacha ECAT, chun an aontacht is láidre is féidir a choinneáil i gcosaint an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, agus ar an gcaoi sin an tsíocháin, prionsabail dhaonlathacha agus urraim do chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, agus a áirithiú nach mbeidh forlámhas ag spleáchais eacnamaíocha ar chosaint chearta an duine agus ar na luachanna a seasann an tAontas dóibh; béim a leagan, go háirithe, ar chomhar den sórt sin le tíortha sa Domhan Theas agus úsáid a bhaint as comhar um fhorbairt agus as straitéis na tairsí domhanda chun na críche sin; béim a leagan ar an ngá atá le comhar idirnáisiúnta maidir le hábhair imní a bhaineann le slándáil an tsoláthair bia;

(h)

comhairle rialta aire cosanta AE a bhunú;

(i)

a áirithiú go mbeidh uathriail straitéiseach an Aontais ina aidhm uileghabhálach i ngach réimse agus ina chur chuige bunúsach iomlánaíoch i leith a bheartais eachtraigh, slándála agus cosanta agus i leith a ghníomhaíochta seachtraí, ionas go mbeidh sé in ann gníomhú ina aonar nuair is gá agus le comhpháirtithe nuair is féidir agus, dá bhrí sin, a chur ar a chumas ról tábhachtach a bheith aige ar an leibhéal idirnáisiúnta; uirlisí a chruthú chun gníomhú in aghaidh an chomhéigin eacnamaíoch agus chun biafhlaitheas agus slándáil iomlán soláthairtí fuinnimh a bhaint amach, a luaithe is féidir, chun spleáchais fuinnimh a laghdú; a áirithiú freisin go mbeidh slabhraí soláthair éagsúlaithe chun cur i gcoinne spleáchais straitéiseacha ar amhábhair; a áirithiú, sa chomhthéacs sin, go mbeidh cómhalartacht ann freisin san infheistíocht agus sa bheartas trádála;

(j)

oibriú le comhghuaillithe agus comhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tánaisteacha ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear slándáil bia i dtíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe i gcomharsanacht an Aontais;

(k)

cur i gcoinne feachtais bholscaireachta agus bréagaisnéise san Aontas agus ina chomharsanacht agus iad a chomhrac agus borradh a chur faoin gcomhar le comhpháirtithe i dtíortha is iarrthóirí AE agus tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí agus ar fud an domhain, lena n-áirítear trí na cumais dhlíthiúla agus theicniúla is gá a chur ar bun go práinneach chun é sin a dhéanamh, chun cur i gcoinne cur isteach eachtrach mailíseach, amhail cur isteach eachtrach mailíseach a rinne an Rúis roimh agus le linn a cogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine; acmhainneachtaí Thascfhórsa Cumarsáide Straitéisí an Oirthir de chuid an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a neartú; beartas cumarsáide atá réamhghníomhach, ilteangach agus straitéiseach a bheith acu;

A mhéid a bhaineann le hobair leantach ar ghlacadh an Chompáis Straitéisigh

(l)

ceachtanna a fhoghlaim ó úsáid na Saoráide Eorpaí Síochána chun tacú leis an Úcráin, feabhas a chur ar a cumas gníomhú agus tógáil ar shásra an tí imréitigh, a cuireadh chun feidhme den chéad uair le linn ghéarchéim na hÚcráine; machnamh a dhéanamh maidir leis an tSaoráid Eorpach Síochána a fheabhsú don chuid eile den tréimhse airgeadais 2021-2027; breithniú a dhéanamh ar bhealaí chun slándáil agus athléimneacht chomhpháirtithe comhlachaithe an Aontais a neartú trí leas a bhaint as na féidearthachtaí a d’oscail an Coiste Straitéiseach agus an cúnamh don tSeoirsia agus don Mholdóiv a mhéadú faoi chuimsiú na Saoráide Eorpaí Síochána;

(m)

plé a sheoladh go práinneach d’fhonn saoráid airgeadais sheachbhuiséid eile a bhunú lena dtabharfaí aghaidh ar shaolré iomlán na gcumas míleata ar leibhéal an Aontais ó thaighde agus forbairt chomhoibríoch agus soláthar comhpháirteach go cothabháil chomhpháirteach, oiliúint agus slándáil soláthair;

(n)

comhroinnt faisnéise agus comhar i measc na mBallstát, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais, agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo a fheabhsú agus a uasghrádú go suntasach; feabhas a chur ar acmhainní airgeadais agus teicniúla agus ar chumais Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh agus European Union Military Staff Intelligence Directorate [Stiúrthóireacht Faisnéise Foirne Míleata an Aontais Eorpaigh]; tabhairt faoi nuashonruithe córasacha, rialta agus níos minice a dhéanamh ar an anailís ar bhagairtí mar a gealladh sa Chompás Straitéiseach; á chur i bhfáth gur cheart don anailís ar bhagairtí cultúr straitéiseach an Aontais a neartú agus treoir a chur ar fáil maidir le tosaíocht a thabhairt do chuspóirí beartais i réimse na slándála agus na cosanta;

(o)

cistiú buan ón Aontas a bhronnadh ar Lárionad Satailítí an Aontais chun a chur ar a chumas leanúint dá ranníocaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí an Aontais i réimsí na n-íomhánna spáis agus an bhailithe faisnéise, lena n-áirítear chun tacú le misin agus oibríochtaí CBSC;

(p)

obair a dhéanamh go pras ar chur chun feidhme na ngnéithe is práinní den Chompás Straitéiseach, lena n-áirítear Airteagal 42(7) CAE a oibríochtú tuilleadh, agus creat bunreachtúil sonrach agus socruithe slándála na mBallstát uile á gcur san áireamh, agus céimeanna nithiúla a ghlacadh chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil san Aontas a neartú, slándáil an tsoláthair a fheabhsú, gealltanais bheachta dhaingne a fháil ó na Ballstáit maidir le caiteachas cosanta níos fearr agus iarrachtaí comhpháirteacha chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh chumais, go háirithe i réimse na gcumasóirí straitéiseacha, na hoiliúna comhpháirtí agus an oideachais mhíleata, iarrachtaí feabhsaithe chun borradh a chur faoin gcumarsáid straitéiseach, agus bosca uirlisí neartaithe chun dul i ngleic le bagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí agus chun bréagaisnéis a chomhrac; beartas cibearchosanta an Aontais a fhorbairt tuilleadh; obair a dhéanamh ar shannadh comhchoiteann a bhunú le haghaidh cibirionsaithe mailíseacha; leas iomlán a bhaint as córais chibear-smachtbhannaí an Aontais i gcoinne daoine aonair, eintitis agus comhlachtaí atá freagrach as na cibirionsaithe éagsúla atá dírithe ar an Úcráin nó a bhfuil baint acu leo; cosaint agus slándáil institiúidí san Aontas i gcoinne cibirionsaithe a fheabhsú, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát; acmhainneachtaí cibearchosanta na gcomhlachtaí a bhfuil ról straitéiseach acu i bhfreagairt láithreach ar choinbhleachtaí a threisiú go práinneach;

(q)

an obair a chur chun cinn chun an togra le haghaidh ionstraim acmhainneachta mhear-imscartha a dhréachtú agus a oibríochtú, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá sé d’ollstruchtúr slándála agus cosanta an Aontais, cumas oibríochtúil a bhaint amach i bhfad níos luaithe ná 2025;

(r)

athbhreithniú a dhéanamh go práinneach ar choincheap na hacmhainneachta mear-imscartha, ar coincheap é nach bhfuil uaillmhianach go leor, agus a struchtúr casta a athoibriú, ar struchtúr é nach bhfreagraíonn go leormhaith do riachtanas práinneach an Aontais maidir le haonad míleata ilnáisiúnta buan agus an-iontaofa a bheith ann agus ar cheart briogáid talún ilnáisiúnta de thart ar 5 000 trúpa agus gnéithe maidir le haer, an mhuir agus fórsaí speisialta a áireamh ann, agus ar cheart go mbeadh a phríomhghnéithe réidh le bogadh laistigh de dhá lá go trí lá;

(s)

soiléiriú a thabhairt, mar ábhar práinne, ar an gcaoi a gcuirfear Airteagal 44 CAE chun feidhme go hiarbhír chun solúbthacht CBSC a mhéadú trí chead a thabhairt do ghrúpa Ballstát toilteanach agus inniúil misin agus oibríochtaí a phleanáil agus a sheoladh faoi chreat AE thar ceann an Aontais ina iomláine;

(t)

féachaint leis an Ríocht Aontaithe a thabhairt isteach i gcreat le haghaidh comhar coiteann maidir le cúrsaí cosanta agus beartais eachtraigh trí fhorálacha ábhartha a chur leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, chun na féidearthachtaí maidir le comhar idir AE agus an Ríocht Aontaithe a uasmhéadú;

(u)

oibriú go gasta chun ceanncheathrú mhíleata lánfheidhmiúil de chuid an Aontais a bhunú trí struchtúr an Chumas Míleata Pleanála agus Forfheidhmithe agus an Stiúrthóireacht um Chumas Pleanála agus Forfheidhmithe Sibhialta a chumasc chun ceanncheathrú oibríochtúil mhíleata shibhialta lánfheidhme a chruthú, agus an timpeallacht slándála nua á cur san áireamh;

(v)

ionad comhpháirteach um fheasacht staide a bhunú, a bheadh ina uirlis ríthábhachtach chun fadbhreathnaitheacht straitéiseach agus uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú;

(w)

leas iomlán a bhaint as tionscnaimh forbartha cumais an Aontais, go háirithe CEF agus PESCO, chun stoic-chairn mhíleata na mBallstát a athlíonadh agus chun acmhainneachtaí cosanta an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear cosaint aeir agus diúracán, agus éifeachtúlacht PESCO a mhéadú ag an am céanna; aitheantas a thabhairt don bhreisluach a bhaineann le comhar breise le tíortha atá ar aon intinn leo maidir le tionscadail nithiúla áirithe sa chomhthéacs sin;

(x)

CBSC sibhialtach a neartú go suntasach ó thaobh pearsanra atá ar fáil, oiliúint réamh-imscartha, príomhshruthú inscne agus a bhuiséad agus a áirithiú go ndíríonn a mhisin go príomha ar riachtanais slándála, ceartais agus smachta reachta an phobail áitiúil, agus go ndéanfar maoirseacht pharlaiminteach láidir ar earnáil na slándála sibhialtaí agus trédhearcacht a ionchorprú chun nuachóiriú agus athchóiriú a dhéanamh níos inbhuanaithe;

(y)

infheistíocht a mhéadú go suntasach i rialú arm réigiúnach agus domhanda, i neamhleathadh agus i ndí-armáil, go háirithe maidir le cineálacha cur chuige iltaobhacha lena laghdaítear leathadh arm ollscriosta agus modhanna seachadta na n-arm sin;

(z)

tacú le hobair ríthábhachtach na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach chun sábháilteacht shaoráidí núicléacha na hÚcráine a áirithiú; neartú a dhéanamh ar ailtireacht dhomhanda na n-arm ollscriosta maidir le neamhleathadh, dí-armáil agus rialú arm; a ullmhacht cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach a neartú tuilleadh;

(aa)

tathant ar an gCoimisiún córas slándála soláthair maidir le cosaint a thíolacadh gan mhoill, mar a d’éiligh an Chomhairle Eorpach in 2013, agus atá ina ábhar práinne anois i bhfianaise na staide slándála atá ann faoi láthair;

(ab)

cuimsiú na mban agus na ngrúpaí imeallaithe a fheabhsú sa chaibidlíocht maidir le coinbhleachtaí a chosc, a réiteach, a idirghabháil agus i ndáil leis an tsíocháin ar gach bealach, agus aird ar leith a thabhairt ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban, na gcailíní agus na ngrúpaí imeallaithe sa CBES agus sa CBSC, go háirithe i gcásanna coinbhleachta;

A mhéid a bhaineann le tionchar ar mhisin agus ar oibríochtaí CBSC

(ac)

sainordú EUAM Ukraine agus Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh (EUBAM) chuig an Moldóiv agus chuig an Úcráin a athbhreithniú agus a neartú, más gá agus gan mhoill, i gcomhréir leis na riachtanais a chuir údaráis na hÚcráine agus na Moldóive in iúl, chun dul in oiriúint don réaltacht gheopholaitiúil nua agus chun tacú go pras agus go héifeachtúil le húdaráis na hÚcráine agus na Moldóive;

(ad)

obair a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a athnuachan lena gcuirfear ar chumas oibríochtaí CBSC cúraimí criticiúla a dhéanamh don tslándáil dhomhanda;

(ae)

feabhas a chur ar bhunú fórsaí agus neartú a dhéanamh ar an bhfoireann, ar an acmhainneacht freagartha, ar na hacmhainní agus ar an gcumarsáid straitéiseach do mhisin agus d’oibríochtaí uile CBSC, go háirithe iad siúd a ndéanann timpeallacht bhagartha meathlaithe difear dóibh, go háirithe Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia agus Oibríocht ALTHEA sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, sa chás deireanach sin trína áirithiú go mbeidh fáil ar chúltacaí leordhóthanacha agus go mbeidh siad ullamh go leordhóthanach i gcás ina dtiocfaidh meath ar an staid slándála sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin;

(af)

feabhas a chur ar acmhainneacht faisnéise le haghaidh oibríochtaí CBSC ar an láthair agus feasacht staide a threisiú;

(ag)

athléimneacht mhisin agus oibríochtaí CBSC ar an láthair i gcoinne cibirionsaithe agus ionsaithe hibrideacha a neartú, amhail feachtais bhréagaisnéise atá ceaptha chun dochar a dhéanamh dá n-inchreidteacht i dtuairim na bpobal áitiúil;

(ah)

a éileamh go dtacóidh tíortha, ina n-imscartar misin agus oibríochtaí CBSC AE, le fothú acmhainneachta do na misin agus oibríochtaí sin ionas gur féidir deireadh a chur lena gconarthaí le cuideachtaí príobháideacha slándála míleata a líomhnaítear go bhfuil baint acu le sáruithe ar chearta an duine;

A mhéid a bhaineann le comhar idir an tAontas agus ECAT

(ai)

an obair ar thríú Dearbhú suntasach Comhpháirteach AE-ECAT a thabhairt chun críche go pras agus a áirithiú go gcuirfear cuspóirí agus tosaíochtaí an Chompáis Straitéisigh san áireamh go cuí nuair a dhréachtófar Coincheap Straitéiseach ECAT agus nuair a ghlacfar é ina dhiaidh sin ag Cruinniú Mullaigh Mhaidrid; a áirithiú go ndéanfar an Compás Straitéiseach agus coincheap straitéiseach ECAT a ailíniú agus go mbeidh méadú ar chomhlántacht straitéiseach mar thoradh air;

(aj)

méadú suntasach a dhéanamh ar mhaoiniú agus dlús a chur le cur chun feidhme tionscadal a bhaineann leis an tionscadal soghluaisteachta míleata ríthábhachtach i ndlúthchomhar le ECAT; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé bonneagar iompair na hEorpa a fheabhsú agus nósanna imeachta custaim a shruthlíniú ionas gur féidir trúpaí a imscaradh ar fud na hEorpa go tráthúil;

(ak)

teagmháil a dhéanamh laistigh den Aontas agus le ECAT, le tíortha ábhartha nach bhfuil san Aontas Eorpach agus leis an Úcráin féin chun ráthaíochtaí slándála don Úcráin a phlé;

(al)

Ballstáit AE a spreagadh chun a mbuiséid agus a n-infheistíochtaí cosanta a mhéadú agus chun sprioc ECAT 2 % den OTI a chaitheamh ar an gcosaint a aithint, chun na bearnaí cumais atá ann cheana a dhúnadh agus chun cosaint chuí a áirithiú do chónaitheoirí AE i bhfianaise na bagartha míleata méadaithe atá á cruthú ag an Rúis i ngarchomharsanacht an Aontais;

(am)

spreagadh a thabhairt chun láithreacht fheabhsaithe ECAT a neartú tuilleadh sna Ballstáit AE is gaire go geografach d’ionsaitheoir na Rúise agus don choinbhleacht;

A mhéid a bhaineann le méadú agus caidreamh le tíortha sa chomharsanacht Eorpach

(an)

aitheantas a thabhairt go bhfuil lánpháirtiú Eorpach na mBalcán Thiar ríthábhachtach do chobhsaíocht agus do shlándáil fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh, agus is é sin an fáth gur mian leis an bParlaimint ionchas inchreidte a thabhairt do na tíortha sin dul isteach in AE; iarraidh go dtabharfaí níos mó cúnaimh pholaitiúil agus eacnamaíoch do chomhar trádála agus slándála níos dlúithe le comhpháirtithe an Aontais sna Balcáin Thiar agus i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena n-áirítear i réimsí na cogaíochta ceimicí, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, na cibearshlándála agus athléimneacht eintiteas criticiúil, mar chuid de bheartas comharsanachta na hEorpa;

(ao)

athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas comharsanachta na hEorpa agus é mar aidhm leis measúnú críochnúil a dhéanamh ar thionchar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar chomhar laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir; ina theannta sin, tograí a fhorbairt maidir le conas leanúint de na naisc le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú i gcomhthéacs ina léirítear ionsaí míleata follasach agus bagairtí inláimhsithe slándála eile, feachtais bhréagaisnéise spriocdhírithe, agus iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na coimhlinte leis an Rúis, lena n-áirítear do thoilmhianta Eorpacha na Moldóive agus na Seoirsia agus don dul chun cinn leanúnach maidir le hathchóirithe gaolmhara;

(ap)

láithreacht taidhleoireachta agus rannpháirtíocht taidhleoireachta an Aontais a threisiú i dtíortha a léiríonn spéis sa chomhar feabhsaithe leis an Aontas, go háirithe tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus tíortha sna Balcáin Thiar, agus i dtíortha ina gcuireann cur isteach na Rúise a gcobhsaíocht, a slándáil nó a gconair dhaonlathach i mbaol;

(aq)

straitéis an Aontais um méadú a neartú go práinneach agus a áirithiú ag an am céanna go rannchuidíonn an beartas um méadú, na hionchais aontachais agus an próiseas aontachais leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta a neartú, agus leis an rathúnas eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hinchreidteacht, comhleanúnachas agus éifeachtacht ghníomhaíocht AE agus chomhtháthú inmheánach AE a choinneáil ar bun;

A mhéid a bhaineann le grinnscrúdú parlaiminteach

(ar)

an Pharlaimint a dhéanamh rannpháirteach i gcur chun feidhme agus grinnscrúdú cuí agus breise i ndáil leis an tSaoráid Eorpach Síochána, ar ionstraim sheachbhuiséid í; a áirithiú go bhfuil an Pharlaimint rannpháirteach go fóinteach i ngrinnscrúdú, i gcur chun feidhme agus in athbhreithniú rialta an Chompáis Straitéisigh; malartuithe a chothú le hairí náisiúnta i bParlaimint na hEorpa ar ábhair ar tosaíochtaí reatha an AE iad; ról tábhachtach na bparlaimintí náisiúnta sna Ballstáit a thabhairt chun cuimhne, béim a chur ar an bpríomhról is féidir le Tionól Parlaiminteach ECAT a imirt agus iarraidh go ndéanfar caidreamh na Parlaiminte le Tionól Parlaiminteach ECAT a neartú tuilleadh;

(as)

comhaontú déthaobhach an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, ina leagfar amach gach gné den chaidreamh, a chur in ionad an dearbhaithe aontaobhaigh;

A mhéid a bhaineann le hábhair bhuiséadacha

(at)

go mbeadh sé mar chuspóir feidhm bhuiséadach chuimsitheach a bheith ag an bParlaimint i mbeartas slándála eachtraí agus cosanta, dá bhforáiltear in Airteagal 14(1), 16(1) agus 41 CAE, go háirithe maidir le cinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 42(2), 45 agus 46 CAE;

(au)

AE agus a chuid Ballstát a spreagadh chun seasamh leis an toil pholaitiúil a cuireadh in iúl le Dearbhú Versailles, agus tacú go láidir le leibhéal uaillmhéine na teachtaireachta comhpháirtí dar dáta an 18 Bealtaine 2022 maidir le bearnaí san infheistíocht i réimse na cosanta agus an bealach chun cinn, agus é a fheabhsú, chun na bearnaí a sainaithníodh sa teachtaireacht sin agus san athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint a dhúnadh go tapa agus an fíor-bhreisluach Eorpach á áirithiú; dá bhrí sin measúnuithe iomchuí a dhéanamh ar acmhainní comhchoiteanna airgeadais an Aontais agus ar na hionstraimí is gá le haghaidh beartas slándála agus cosanta an Aontais a bheith níos éifeachtaí agus níos inchreidte, agus tacaíocht á tabhairt freisin ar na féidearthachtaí le haghaidh sineirgí le cistí eile de chuid an Aontais, amhail CEF a chomhlánú le tascfhórsa soláthair chomhpháirtigh agus le sásra soláthair chomhpháirtigh, agus ar an gcaoi sin slándáil Bhallstáit an Aontais a neartú, agus slándáil leordhóthanach a sholáthar do gach duine san Aontas;

(av)

leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí maidir le cistiú ó bhuiséad an Aontais dá bhforáiltear sna Conarthaí, mar a mholtar sa teachtaireacht chomhpháirteach ar bhearnaí infheistíochta cosanta agus an bealach chun cinn, chun athbhreithniú a éascú agus a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le cistiú i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarmaigh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil d’fhonn na cistí méadaithe is gá le haghaidh ionstraimí AE agus tionscnaimh ábhartha de chuid an Aontais a sholáthar i réimse na cosanta; CEF a neartú agus líon agus ábharthacht na dtionscadal comhoibríoch sa tionscal cosanta a mhéadú; an t-ualach maorlathach ar chuideachtaí a dhéanann iarratas ar ghlaonna ar thairiscintí a laghdú, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide; an tSaoráid Eorpach Síochána agus an tionscadal Soghluaisteachta Míleata a leathnú; éascú a dhéanamh ar mhaoiniú bunú fórsaí le haghaidh oibríochtaí CBSC, imscarthaí míleata agus freachnaimh bheo; agus na bearta atá molta a chur chun feidhme go pras mar rannchuidiú an Choimisiúin le haghaidh cosaint na hEorpa;

(aw)

a áirithiú go n-áireofar sa togra buiséid do 2023 cistiú iomchuí don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, do Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh, do PESCO, don Mhear-Imscaradh AE atá beartaithe faoi bhuiséad CBES agus, faoin teideal céanna agus faoi theidil eile de réir mar is iomchuí, cistiú le haghaidh na ndreasachtaí dá dtagraítear thuas i gcomhréir leis na Conarthaí;

(ax)

iarrachtaí fógartha na mBallstát a shruthlíniú agus a chomhordú chun caiteachas cosanta a mhéadú, agus plean comhpháirteach an Choimisiúin agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí a fhorbairt go tapa le haghaidh chomhsholáthar AE ar chórais mhíleata, chun an leibhéal comhsheasmhachta agus tionchair is fearr ar shlándáil chomhchoiteann agus ar chosaint chríochach na hEorpa a bhaint amach, d’fhonn dúbláil agus ilroinnt a sheachaint;

(ay)

feabhas a chur ar dheiseanna maoinithe do thionscal cosanta na hEorpa trí threalamh míleata a bhaint de liosta gníomhaíochtaí eisiata an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta;

A mhéid a bhaineann leis an Úcráin

(az)

airm a sholáthar, gan mhoill, i gcomhréir leis na riachtanais a chuir údaráis na hÚcráine in iúl, go háirithe trí úsáid a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána agus as sásra an tí imréitigh, agus faoi chomhaontuithe déthaobhacha na mBallstát leis an Úcráin;

(ba)

a aithint go n-aithnítear le Dearbhú Versailles toilmhianta Eorpacha na hÚcráine agus a hiarratas ar bhallraíocht AE agus go ndeonaíonn sé stádas mar iarrthóir AE di mar chomhartha polaitiúil soiléir na dlúthpháirtíochta le muintir na hÚcráine;

(bb)

a threisiú go bhfuil an ceart ceannasach ag an Úcráin, cosúil le haon tír eile, cinntí a dhéanamh faoina comhghuaillíochtaí polaitiúla agus faoina lánpháirtiú eacnamaíoch ina haonar, gan cur isteach ó thíortha eile;

(bc)

tacú leis an imscrúdú ar choireanna cogaidh a rinne an Rúis san Úcráin, lena n-áirítear trí bhinse speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a iarraidh; a áirithiú go dtabharfar déantóirí coireanna cogaidh agus sáruithe ar chearta an duine chun cuntais agus a iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cabhrú leis an Úcráin ina cuid imscrúduithe idirnáisiúnta ar choireacht chogaidh;

A mhéid a bhaineann le smachtbhannaí

(bd)

a áirithiú go ndéanfar faireachán cuimsitheach ar smachtbhannaí an Aontais agus ar a gcur chun feidhme agus treoir a eisiúint do na Ballstáit maidir le conas na smachtbhannaí sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i gceart; smachtbhannaí tánaisteacha a achtú ar eintitis agus ar thíortha neamh-AE a éascaíonn go gníomhach smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise a sheachaint; oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun mionstaidéar a dhéanamh ar thionchar na smachtbhannaí ar an Rúis go dtí seo; teagmháil a dhéanamh le tíortha nach bhfuil san Aontas agus go háirithe le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus ailíniú níos fearr le bearta sriantacha an Aontais a spreagadh;

(be)

cumas an Choimisiúin a neartú chun bearta sriantacha a chur chun feidhme agus príomhstaidrimh sheachtainiúla a fhoilsiú;

(bf)

aghaidh a thabhairt ar na leibhéil éagsúla de chur chun feidhme smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne daoine aonair atá nasctha leis an gCreimil ar fud na mBallstát agus tionchar a imirt ar na Ballstáit sin nach bhfuil sé déanta acu cheana chun an cúnamh míleata, airgeadais agus daonnúil uile is gá a thabhairt don Úcráin agus chun trádbhac iomlán a fhorchur ar allmhairí gáis, ola agus guail na Rúise isteach san Aontas;

(bg)

ionsaí taidhleoireachta a imscaradh i ngach stát a staon nó a vótáil i gcoinne rúin Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun a thromchúisí atá ionsaí na Rúise agus an gá atá le freagairt d’aon toil ón gcomhphobal idirnáisiúnta a mhíniú;

(bh)

cur chuige iomlánaíoch a shaothrú i leith Chónaidhm na Rúise agus éirí as aon rannpháirtíocht roghnaitheach le Moscó i bhfianaise na n-ainghníomhartha agus na gcoireanna cogaidh a bheartaigh scothaicmí polaitiúla na Rúise agus a rinne trúpaí na Rúise, a gcuid seach-ionadaithe agus a gcuid amhas san Úcráin agus in áiteanna eile; na cinnteoirí atá freagrach as na gníomhartha sin a thabhairt chun cuntais agus iad a thabhairt faoi réim an cheartais idirnáisiúnta;

2.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(1)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0039.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0040.

(3)  IO L 102, 24.3.2021, lch. 14.

(4)  IO C 263, 25.7.2018, lch. 125.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0121.

(6)  Téac sanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0099.

(7)  Téac sanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0052.

(8)  IO L 161, 29.5.2014, lch. 3.

(9)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Parlaimint na hEorpa

Dé Máirt 7. Meitheamh 2022

27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/123


P9_TA(2022)0220

Ceapadh comhalta chuig an bpainéal roghnúcháin d'Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le Margreet Fröberg a cheapadh ar an bpainéal roghnúcháin a bunaíodh faoi Airteagal 14(3) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (2022/2043(INS))

(2022/C 493/16)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/124


P9_TA(2022)0221

Síneadh a chur leis an gComhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid***

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le síneadh a chur leis an gComhaontú maidir le córais loingseoireachta satailíte Galileo agus GPS agus a bhfeidhmchláir ghaolmhara a chur chun cinn, a sholáthar agus a úsáid idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, den pháirt eile (06531/2022 – C9-0147/2022 – 2022/0005(NLE))

(Toiliú)

(2022/C 493/17)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06531/2022),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 189 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0147/2022),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0153/2022),

1.

ag tabhairt a toilithe do shíneadh an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Dé Céadaoin 8. Meitheamh 2022

27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/125


P9_TA(2022)0227

Sainordú Europol a neartú: iontráil foláireamh in SIS ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a mhéid a bhaineann le hiontráil foláireamh ag Europol (COM(2020)0791 – C9-0394/2020 – 2020/0350(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 493/18)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0791),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 88(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0394/2020),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Márta 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0287/2021),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2020)0350

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1190.)


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/126


P9_TA(2022)0228

Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir AE agus an Mháratáin agus Prótacal Cur Chun Feidhme ***

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (COM(2021)0589 – 12208/2021 – C9-0419/2021 – 2021/0300(NLE))

(Toiliú)

(2022/C 493/19)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (12208/2021),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (12446/2021),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (C9-0419/2021),

ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an 8 Meitheamh 2022 ar an dréachtchinneadh (1),

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Buiséid,

ag féachaint do mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0148/2022),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Ioslamach na Máratáine.

(1)  Téacsanna arna nglacadh an dáta sin, P9_TA(2022)0229.


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/127


P9_TA(2022)0229

Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir AE agus an Mháratáin agus Prótacal Cur Chun Feidhme (Rún)

Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (12208/2021 – C9-0419/2021 – 2021/0300M(NLE))

(2022/C 493/20)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12208/2021),

ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/99 ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, arb é dáta a dhul in éag an 15 Samhain 2021 (1),

ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle (AE) 2021/2123 an 11 Samhain 2021 maidir le síniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (2),

ag féachaint dá rún reachtach an 8 Meitheamh 2022 (3) maidir leis an dréachtchinneadh,

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine, a tháinig i bhfeidhm an 8 Lúnasa 2008 (4),

ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascach Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (5),

ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2022 maidir le “I dtreo geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas: ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe” (6),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C9-0419/2021),

ag féachaint do Chomhaontú Comhpháirtíochta an 23 Meitheamh 2000 idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (7) (Comhaontú Cotonou),

ag féachaint don fhoilseachán a tháinig ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) in 2015 dar teideal Voluntary Guidelines for Securing Sustainable Small-Scale Fisheries in the Context of Food Security and Poverty Eradication [Treoirlínte deonacha maidir le hiascach mionscála inbhuanaithe a chinntiú i gcomhthéacs na slándála bia agus dhíothú na bochtaineachta],

ag féachaint don tuarascáil achomair ó Mheitheal Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir leis an measúnú ar éisc bheaga pheiligeacha amach ón Afraic Thuaidh in 2019,

ag féachaint don chomhbheartas iascaigh, go háirithe don ghné sheachtrach de,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

ag féachaint do thiomantas AE do chomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt, mar a chumhdaítear in Airteagal 208 CFAE,

ag féachaint do na measúnuithe ex ante agus ex post a rinne an Coimisiún ar an gcomhaontú agus an prótacal a bhí ann roimhe seo,

ag féachaint don tuarascáil ón gcruinniú urghnách den Chomhchoiste Eolaíoch ar an gComhaontú Iascaigh a shínigh Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an tAontas Eorpach, a tionóladh idir an 10 agus an 12 Feabhra 2021,

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (8),

ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0154/2022),

A.

de bhrí nach mór go mbeadh cur chun feidhme na gcomhaontuithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe (SFPAnna) i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil chun oibríochtaí iascaireachta inbhuanaithe a áirithiú nach n-úsáideann ach barrachas na gabhála incheadaithe sa tír chomhpháirtíochta; de bhrí gur cheart don tacaíocht earnála rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe na hearnála iascaigh, go háirithe trí thacaíocht don iascach mionscála, agus an tslándáil áitiúil bia agus na pobail áitiúla a neartú san am céanna;

B.

de bhrí go dtéann an chéad chomhaontú iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine siar chomh fada le 1987 agus de bhrí go ndearnadh an prótacal cur chun feidhme is déanaí, a mhair 4 bliana ó 2015 go 2019, a shíneadh faoi dhó go ceann bliana agus go ndeachaigh sé in éag an 15 Samhain 2021;

C.

de bhrí gur tháinig an tAontas agus an Mháratáin ar chomhaontú maidir le Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus a Phrótacal an 28 Iúil 2021;

D.

de bhrí go bhfuil roinnt SFPAnna sínithe ag an Aontas Eorpach agus tíortha na hAfraice;

E.

de bhrí go gcumhdaíonn an prótacal nua tréimhse 5 bliana agus go gcuireann sé deiseanna iascaireachta comhchosúla ar fáil leis an bprótacal roimhe sin, agus gur fiú EUR 57,5 milliún in aghaidh na bliana ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh rochtain ar iascach agus gurb ionann a ranníocaíocht le tacaíocht earnála agus EUR 16,5 milliún;

F.

de bhrí gurb é an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh leis an Máratáin an comhaontú measctha is mó atá ag AE; de bhrí go gcuireann sé deiseanna iascaireachta ar fáil do shoithí ó 10 mBallstát atá dírithe ar speicis ghrinnill agus pheiligeacha ar speicis mhórimirceacha iad, amhail tuinnín, laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil mar a shainmhínítear in Airteagal 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, agus acmhainneacht iascaireachta chabhlaigh na Máratáine á cur san áireamh;

G.

de bhrí go ndéanann ró-iascaireacht na stoc beag peiligeach, go háirithe an mionsairdín, agus a bpróiseáil ina min éisc agus ina n-ola éisc damáiste ollmhór ní hamháin d’uiscí áitiúla, mar shampla trí thruailliú fuíolluisce, ach do shlándáil bia na bpobal áitiúil ar fud réigiún na hAfraice Thiar freisin; de bhrí gur gheall an Mháratáin in 2017 táirgeadh mine éisc agus ola éisc a laghdú agus deireadh a chur leis de réir a chéile faoi 2020; de bhrí go bhfuil a dtáirgeadh méadaithe faoi thrí ó 2010 agus go bhfuil méadú tagtha ar na monarchana mine éisc sa Mháratáin agus i dtíortha in aice láimhe;

H.

de bhrí go bhfuil gá le sonraí iontaofa eolaíocha, le córais éifeachtúla faireacháin agus rialaithe agus le trédhearcacht maidir le gabhálacha agus ceadúnais iascaireachta chun go mbeidh stáit chósta in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbarrachas atá ar fáil i dtaca le stoic chomhroinnte na n-iasc beag peiligeach agus chun a áirithiú gur féidir cinntí bainistithe stoc a dhéanamh sa chaoi nach ndéanfar iad a ghabháil os cionn na dteorainneacha eolaíocha atá leagtha síos; de bhrí, maidir le bainistiú na n-iasc beag peiligeach sa Mháratáin, gur raibh tuarascáil 2021 ó chruinniú urghnách an Chomhchoiste Eolaíoch i bhfách le bearta breise chun na hiarrachtaí iascaireachta a laghdú i limistéar iascaireachta 15 mhuirmhíle na tíre, amhail cuótaí a thabhairt isteach le haghaidh stoic ar deimhníodh go heolaíoch ina leith go bhfuil róshaothrú déanta orthu;

I.

de bhrí go bhfuil tacaíocht earnála faoin bprótacal nua dírithe ar ocht réimse idirghabhála; de bhrí go n-áirítear orthu sin, inter alia, tacaíocht don iascaireacht mhionscála agus do phobail chósta, taighde eolaíoch a neartú, agus gníomhaíochtaí rialaithe agus faireachais agus tacaíocht theicniúil d’údaráis na Máratáine a neartú; de bhrí go bhformheasfaidh an comhchoiste clár earnála ilbhliantúil le haghaidh úsáid na tacaíochta sin; de bhrí go bhfuil oibleagáid ar údaráis na Máratáine tuarascáil chríochnaitheach a thíolacadh maidir le cur chun feidhme na tacaíochta earnála;

J.

de bhrí go mbunaítear comhlacht nua comhordúcháin (cellule de coordination) leis an bprótacal nua chun tacú le cur chun feidhme na dtionscadal arna sainiú sa chlár agus a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chinntí an chomhchoiste;

K.

de bhrí go gceadaítear le hAirteagal 7 den phrótacal nua don Aontas agus don Mháratáin athbhreithniú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta sa tríú bliain den chur chun feidhme, agus inbhuanaitheacht na n-acmhainní sa limistéar iascaireachta á hurramú agus lena mbaineann coigeartú ar ranníocaíocht airgeadais AE;

L.

de bhrí go dtugtar isteach leis an bprótacal nua táillí éagsúla d’úinéirí soithí i gcás chatagóir 6 (reothrálaeir iascaireachta peiligí), ar táillí iad atá níos mó i gcomhréir le margadhluach gach speicis pheiligigh shonraigh a ndéantar iascaireacht air;

M.

de bhrí go luaitear in Airteagal 3 den chomhaontú nua nach mór do chabhlach AE leas a bhaint as na coinníollacha teicniúla céanna le haghaidh iascaireachta agus rochtain ar acmhainní agus atá ag gach cabhlach eile; de bhrí go n-éilíonn an t-airteagal céanna an malartú faisnéise a neartú agus go gcuireann sé d’oibleagáid ar an Máratáin gach comhaontú lena gceadaítear do shoithí eachtracha dul isteach ina limistéar iascaireachta a phoibliú;

N.

de bhrí go ndéanann an prótacal nua an limistéar iascaireachta le haghaidh éisc bheaga pheiligeacha a mhodhnú agus a mhéadú do shoithí AE; de bhrí go gceanglaítear le hAirteagal 9 den phrótacal ar an Máratáin, laistigh de shé mhí ón uair a chuirtear an prótacal chun feidhme, plean bainistithe inbhuanaithe a tharraingt suas le haghaidh an iascaigh ar éisc bheaga pheiligeacha, a bheidh infheidhme maidir le gach cabhlach a bhíonn ag iascaireacht in uiscí na Máratáine mar choinníoll chun go mbunófaí an limistéar nua iascaireachta; de bhrí go bhfuil EUR 7,5 milliún de ranníocaíocht airgeadais an Aontais ag brath ar chead a fháil ón gcomhchoiste don phlean bainistithe sin;

O.

de bhrí go gceadaíonn an prótacal nua do shoithí AE a ngabháil a thabhairt i dtír lasmuigh de chalafoirt na Máratáine in imthosca eisceachtúla, ar iarraidh sheanbhunaithe í ó shoithí iascaireachta an Aontais atá gníomhach sa Mháratáin.

P.

de bhrí gur iarradh sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar an bprótacal roimhe seo go mbunófaí creat réigiúnach bainistithe chun stoic chomhroinnte na n-iasc beag peiligeach agus an cholmóra dhuibh a shaothrú, mar a cheanglaítear faoi Airteagal 63 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

1.

á chur in iúl gur geal léi gur tugadh i gcrích Comhaontú Comhpháirtíochta nua maidir le hIascaigh Inbhuanaithe agus a Phrótacal idir an tAontas agus an Mháratáin, atá ceaptha chun an comhaontú atá ann cheana a fheabhsú agus a nuachóiriú; á mheas gur dea-chomhartha é nach mbeidh gá feasta le haon síntí breise bliana ar an bprótacal roimhe seo nó go réiteofar iad mura mbeidh fíorghá leo, gan dochar a dhéanamh don chabhlach Eorpach;

2.

á chur in iúl gur geal léi freisin go ndearnadh an comhaontú comhpháirtíochta a iompú ina SFPA iomlán agus á chur in iúl gur bunús maith iad na cineálacha comhaontuithe sin don chomhar i dtaca le rialachas na n-aigéan agus bainistiú inbhuanaithe na stoc éisc; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe, mar a chumhdaítear sa chomhbheartas iascaigh iad, a léiriú i gcomhaontuithe iascaigh an Aontais, lena n-áirítear ina gcur chun feidhme;

3.

á chur i bhfios go ndéanfar an comhar comhshaoil, eacnamaíoch, sóisialta, riaracháin agus eolaíoch a neartú leis an gcomhaontú seo chun an t-iascach inbhuanaithe a fheabhsú, rannchuidiú le rialachas feabhsaithe na n-aigéan, an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac, faireachán agus rialú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí iascaireachta agus rannchuidiú le cur chun feidhme trédhearcach an chomhaontaithe agus le cruthú post araon i gcomhréir le Coinbhinsiún 2007 (Uimh. 188) na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le hObair san Iascaireacht; á chur i bhfios go láidir nach mór don chomhpháirtíocht ráthaíochtaí agus cosaint a chur ar fáil do gach duine a bhíonn ag obair ar shoithí AE; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá iomaíocht chothrom do na hiascairí uile a bhíonn ag oibriú in uiscí na Máratáine;

4.

ag aithint a thábhachtaí atá an comhaontú agus an prótacal nua maidir leis na deiseanna suntasacha iascaireachta a bhaineann leo do chabhlach an Aontais agus mar ardán le haghaidh comhar struchtúrtha leanúnach idir an tAontas agus an Mháratáin, go háirithe i réimse an bhainistithe iascaigh inbhuanaithe agus ó thaobh an cabhlach Eorpach a chothabháil;

5.

á iarraidh ar an Máratáin a áirithiú nach ndéanfar aon ró-iascaireacht ar éisc bheaga pheiligeacha agus stop a chur de réir a chéile leis an drochthionchar a bhíonn ag tionscal na mine éisc agus na hola éisc sa Mháratáin; á iarraidh ar AE, faoi chuimsiú an chomhaontaithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe, rannchuidiú leis na cuspóirí sin; ag tabhairt dá haire gur cheart éisc a úsáid go príomha mar bhia don duine seachas mar amhábhar don tionscal próiseála bia, agus go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh baint ag na húdaráis áitiúla leis sin agus go n-oibreoidís i gcomhar le chéile;

6.

á chur in iúl gur geal léi an ceanglas sa phrótacal nua maidir leis an Máratáin plean a fhoilsiú chun bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar éisc bheaga pheiligeacha a mbeidh feidhm aige maidir le gach soitheach atá ag iascaireacht in uiscí na Máratáine; ag tathant ar an Máratáin leas a bhaint as conclúidí thuarascáil 2021 ón gcruinniú urghnách a bhí ag an gComhchoiste Eolaíoch agus cur chuige réamhchúraim atá bunaithe ar an eolaíocht a chur i bhfeidhm, i gcás inar gá, agus plean den sórt sin á dhréachtú;

7.

á chur i bhfáth a thiomanta atá na páirtithe bainistiú iascaigh a chur chun cinn ar bhonn neamh-idirdhealaithe idir na cabhlaigh dhifriúla atá sa limistéar agus gur cheart rochtain a bheith ag soithí an Aontais ar sciar iomchuí de na hacmhainní iascaigh barrachais i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil;

8.

á chur in iúl gur geal léi na clásail trédhearcachta agus neamh-idirdhealaithe sa chomhaontú agus sa phrótacal nua agus ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear na clásail sin chun feidhme ina n-iomláine agus go gcloífear leo; ag tabhairt dá haire go raibh rialacha trédhearcachta ann cheana sa chomhaontú roimhe seo ach nár cloíodh go hiomlán leo;

9.

á éileamh go gcuirfeadh an Mháratáin an Coimisiún ar an eolas maidir le gach comhaontú poiblí agus príobháideach le soithí eachtracha a bhíonn ag oibriú ina limistéar iascaireachta, lena n-áirítear soithí ó thríú tíortha, agus go gcuirfí an fhaisnéis sin san áireamh sa tuarascáil bhliantúil a chuirfidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa; á chur in iúl gur cúis imní di nach bhfuil roinnt comhaontuithe iascaigh le tríú tíortha foilsithe go fóill ag an Máratáin;

10.

ag tabhairt dá haire go leagtar síos sa phrótacal go gcaithfear faisnéis a mhalartú faoi thuarascálacha maidir le gníomhaíochtaí cabhlach eachtrach agus cabhlach intíre atá faoi úinéireacht choigríche a bhíonn ag oibriú in uiscí na Máratáine; á iarraidh ar an Máratáin faisnéis iomlán a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis na soithí uile a bhíonn ag iascaireacht ina cuid uiscí i bhformáid shoiléir agus shothuigthe ionas gur féidir léargas soiléir agus iomlán a fháil ar an iarracht iomlán iascaireachta, ar ghabhálacha de réir speicis agus ar stádas na stoc; á iarraidh ar an Máratáin an fhaisnéis sin a chur ar fáil go poiblí; ag tabhairt dá haire gur coinníoll é sin chun an “barrachas” a ríomh de mheon Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige;

11.

á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Mháratáin an chéad tuarascáil maidir leis an Tionscnamh Trédhearcachta Iascaigh; ag tabhairt dá haire go bhfuil an tuarascáil bunaithe ar fhaisnéis ón mbliain féilire 2018; á iarraidh ar an Máratáin na sonraí is déanaí a fhoilsiú;

12.

á chur in iúl gur cúis imní di an nós a bhaineann le hathrú brataí in uiscí na Máratáine, go háirithe, agus sa réigiún i gcoitinne;

13.

á mheas go bhfuil ról ag an Aontas, i bhfianaise na gcomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh agus na SFPAnna atá i bhfeidhm aige in iarthuaisceart na hAfraice, ó thaobh an Mháratáin agus na tíortha in aice láimhe a spreagadh chun comhar a threisiú maidir le bainistiú stoc comhroinnte, go sonrach maidir le stoic agus deiseanna iascaireachta a shainaithint, amhail stoic atá tábhachtach don tslándáil áitiúil bia; á chur i bhfios go sonrach a thábhachtaí atá sé ag an Aontas comhoibriú go gníomhach lena chuid comhpháirtithe sa réigiún chun cinntí bainistithe inbhuanaithe a áirithiú sna heagraíochtaí réigiúnacha ábhartha le haghaidh bainistiú iascaigh; á iarraidh ar an Aontas, ar an Máratáin agus ar thíortha in aice láimhe tacú le creat cuimsitheach réigiúnach bainistithe a chur chun feidhme le haghaidh stoic chomhroinnte, trí eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh a bhunú le haghaidh na stoc sin agus trí thús a chur le hidirphlé idirnáisiúnta leis na tíortha lena mbaineann;

14.

á chur in iúl gur geal léi an gealltanas atá tugtha ag na páirtithe uile an comhaontú a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus i gcomhréir le Comhaontú Cotonou i dtaca le cearta an duine, prionsabail dhaonlathacha, an smacht reachta agus an dea-rialachas; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar chearta an duine sa Mháratáin, lena n-áirítear in earnáil an iascaigh, agus béim ar leith á leagan ar dhálaí oibre; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí an comhaontú a chur ar fionraí mura ndéanfar Comhaontú Cotonou a chur chun feidhme i dtaca le hurraim do chearta an duine de réir Airteagal 21 de agus Airteagal 14 den phrótacal cur chun feidhme nua;

15.

ag tabhairt dá haire gurbh é tátal na meastóireachta ex post a rinneadh ar an bprótacal roimhe seo gur bhain an Mháratáin agus AE sciar comhchosúil breisluacha amach, is é sin idir 40 agus 45 % an ceann; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an breisluach a bhaineann an Mháratáin as gníomhaíochtaí shoithí AE sách íseal in éagmais na n-idirghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar talamh; á iarraidh ar AE, ina leith sin, féachaint ar bhealaí chun feabhas a chur ar an méid sin faoin bprótacal nua;

16.

ag tabhairt dá haire go raibh deacracht ag an Máratáin tacaíocht earnála a ionsú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, cúnamh teicniúil a chur ar fáil chun an clár earnála ilbhliantúil a ullmhú agus a chur chun feidhme agus chun acmhainní riaracháin sa Mháratáin a threisiú, go háirithe don chomhlacht nua comhordúcháin;

17.

á mheas gur gné thábhachtach í an tacaíocht earnála chun earnáil iascaigh na Máratáine a fhorbairt agus chun poist a chur ar fáil i bpobail chósta.

18.

á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht earnála faoi aiseanna 6 agus 7; á iarraidh ar an gcomhchoiste tionscadail bhonneagair a chur chun cinn a mbeidh mar thoradh orthu go dtiocfaidh méadú ar chaitheamh áitiúil táirgí éisc agus tionscadail a mhaoiniú a rachaidh chun tairbhe dírí do shlabhra luacha iomlán an iascaigh mionscála sa Mháratáin;

19.

á iarraidh go mbeadh tuilleadh tionscadal tacaíochta earnála ann chun cabhrú le mná in earnáil iascaigh na Máratáine, go háirithe leo siúd a bhfuil baint acu leis an bpróiseáil; ag aithint a thábhachtaí atá tionscadail den sórt sin i dtaca le slándáil bia áitiúil agus á iarraidh go dtabharfaí cuireadh do mhná rannpháirt a ghlacadh i gceardlanna chun gníomhaíochtaí tacaíochta a chur i láthair agus a chlársceidealú;

20.

á chur i bhfáth go bhfuil an easpa infheictheachta, rochtana agus trédhearcachta ar cheann de na fadhbanna ginearálta a bhaineann leis an tacaíocht earnála i gcomhaontuithe comhpháirtíochta an Aontais maidir le hiascaigh inbhuanaithe; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na bearta infheictheachta agus poiblíochta a rinneadh i dtaca leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an phrótacail, rud a fhágann gur féidir na buntáistí a bhaineann leis a fheiceáil ina n-iomláine agus gur féidir le gach duine lena mbaineann rochtain a fháil orthu; ag tabhairt dá haire gur gá feabhas a chur ar an gcur chun feidhme agus ar an úsáid chun cur leis an tacaíocht earnála, lena n-áirítear éifeachtacht na tacaíochta sin;

21.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Máratáin cur chun feidhme na tacaíochta earnála a fheabhsú agus dlús a chur léi agus cur leis an trédhearcacht, go háirithe i réimse na gceadúnas iascaireachta; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur foilsíodh tuarascálacha bliantúla maidir leis na bealaí a n-úsáidtear an tacaíocht earnála agus á iarraidh go gcuirfí ar fáil go poiblí iad; ag moladh, maidir leis na gníomhaíochtaí nó na bearta is ábhartha nó is mó tionchar ar na codanna de chríoch nó sochaí na Máratáine atá i dteideal na cabhrach earnála sin, go gcuirfí na gníomhaíochtaí nó na bearta sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa;

22.

á chur i bhfios gur gá sonraí a bhailiú ar bhealach níos fearr maidir leis na stoic in uiscí na Máratáine agus nach mór cur chun feidhme an chomhaontaithe comhpháirtíochta maidir le hiascaigh inbhuanaithe a bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil; á chreidiúint gur cheart tacaíocht earnála a úsáid chun tacú leis an iascach mionscála agus mar thosaíocht chun feabhas a chur ar shonraí eolaíocha maidir le stoic éisc, go háirithe maidir le stoic chomhroinnte na n-iasc beag peiligeach, amhail speicis an mhionsairdín agus an bholmáin Atlantaigh, agus maidir le gníomhaíochtaí rialaithe agus faireachais na gcabhlach ar fad a bhíonn ag iascaireacht ina gcuid meánna;

23.

á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht le sonraí eolaíocha faoi stoic, le bailiú cuí sonraí agus le faireachán níos fearr ionas gur féidir leis an bprótacal nua cur le cumhdach na mbreathnóirí eolaíocha agus feabhas a chur air, agus ba cheart go mbeadh sé sin mar chuspóir ag soithí iascaireachta tríú tír go háirithe;

24.

ag moladh don Choimisiún an rannpháirtíocht agus an malartú i measc saineolaithe agus eolaithe a éascú faoi chuimsiú an chomhaontaithe seo agus le linn a chur chun feidhme, agus más gá chun measúnú a dhéanamh ar na speicis éagsúla agus ar fheidhmiú an Chomhaontaithe;

25.

á chur in iúl gur geal léi go gceadaítear leis an bprótacal nua coigeartú a dhéanamh ar ranníocaíocht airgeadais AE agus ar dheiseanna iascaireachta sa tríú bliain dá chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an tsolúbthacht sin más gá;

26.

á chur in iúl gur geal léi na rialacha nua maidir le táillí úinéirí soithí agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go mbainfear leas níos fearr as na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil amach anseo mar thoradh air sin agus ar aon fheabhsú eile a dhéanfar ar an bprótacal, lena n-áirítear an fhéidearthacht go ndéanfaidh soithí AE a ngabháil a thabhairt i dtír i gcalafoirt nach calafoirt de chuid na Máratáine iad in imthosca eisceachtúla;

27.

á chur in iúl gur geal léi agus go n-aithníonn sí an fíoras gur cheart do longúinéirí reothrálaeir pheiligeacha agus shoithí séaclaí an Aontais a bhíonn ag iascaireacht faoin bprótacal, mar tháille chomhchineáil, leanúint orthu ag rannchuidiú leis an mbeartas ó thaobh éisc a dháileadh ar dhaoine atá i ngátar trí 2 % dá gcuid gabhálacha peiligeacha a dhéantar a athlastáil nó a thabhairt i dtír ag deireadh turais a thabhairt don Société nationale de distribution de poisson (an Chuideachta Náisiúnta um Dháileadh Éisc); ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar thomhaltas éisc áitiúil sa Mháratáin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar údaráis na Máratáine a áirithiú go dtabharfar na héisc sin do na daoine sin i ndáiríre agus nach gcuirfear chuig monarchana mine éisc iad;

28.

ag leagan béim ar an tiomantas atá ann go ndéanfar prionsabail agus cearta na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a chur chun feidhme do gach iascaire ar shoithí AE chun deireadh a chur leis an idirdhealú san fhostaíocht agus sa ghairm; á mheas gur cheart faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin;

29.

á chur in iúl gur geal léi fostú mharaithe cáilithe na Máratáine ar shoithí AE agus conarthaí acu a chomhlíonann caighdeáin EIS agus a n-áirítear cumhdach sóisialta leo. á iarraidh go ndéanfaí iarracht níos mó oiliúnaithe a fhostú chun líon na ndaoine cáilithe sa chlár earnála a mhéadú.

30.

á iarraidh ar an gCoimisiún SFPAnna a áireamh mar phríomhghné de chomhpháirtíocht AE leis an Afraic;

31.

á chur in iúl gur geal lé tionscadail a mhaoinítear le cúnamh forbraíochta an Aontais sa Mháratáin amhail “Promopeche”, atá dírithe ar phoist a chruthú agus oiliúint a chur ar dhaoine óga i réimse na hiascaireachta mionscála; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an ailíniú agus ar an gcomhsheasmhacht idir an SFPA agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna);

32.

á chur i bhfáth gur earnáil thábhachtach de gheilleagar na Máratáine í earnáil na hiascaireachta, lena n-áirítear an t-iascach mionscála, agus go bhfuil sí ríthábhachtach d’fhorbairt eacnamaíoch, slándáil bia, cothú agus deiseanna fostaíochta na tíre, go háirithe i gcás na mban agus na ndaoine óga, agus chun forbairt eacnamaíoch atá ionchuimsitheach agus inbhuanaithe a áirithiú do chách; ag tacú, dá bhrí sin, le bearta chun teacht aniar na ngníomhaithe áitiúla a mhéadú go suntasach i leith iarmhairtí an athraithe aeráide agus chreimeadh an chósta, lena n-áirítear gníomhaithe áitiúla ar gnólachtaí beaga iad faoi úinéireacht teaghlaigh agus pobail chósta; á chur in iúl nach mór infheistíochtaí san iascach a ailíniú go soiléir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe gan riachtanais na bpobal cósta a chur i mbaol; á éileamh gur cheart an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear faoin gcomhaontú nua a dháileadh ar bhealach lena gcuirtear ról bunúsach na bpobal cósta san áireamh;

33.

á iarraidh go ndéanfaí forbairt eacnamaíoch áitiúil agus réigiúnach a chothú agus pobail chósta atá ag brath ar acmhainní muirí a neartú agus á chur in iúl, dá bhrí sin, nach mór dóibh a bheith rannpháirteach go hiomlán i mbainistiú na limistéar muirí agus cósta; á mheabhrú go gcothaítear pobail chósta le hathbhunú na bithéagsúlachta muirí agus cósta agus go gcuidítear leis an athrú aeráide a mhaolú agus leis an oiriúnú don athrú sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhairliúchán rialta le pobail chósta le linn an phróisis cur chun feidhme;

34.

ag aithint go mbraitheann margaí agus táirgeoirí an Aontais ar allmhairiú éisc ón Máratáin, i measc tíortha eile, chun infhaighteacht bia a ráthú do thomhaltóirí AE;

35.

ag éileamh go mbeadh iarrachtaí breise an Aontais faoi chuimsiú na Comhpháirtíochta Inbhuanaithe sin dírithe ar dheireadh a chur leis na fóirdheontais éisc de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile atá díobhálach agus neamh-inbhuanaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar an iascaireacht neamhdhleathach;

36.

á iarraidh go n-urramófaí acquis dlíthiúil AE, lena n-áirítear rialuithe Chúirt Bhreithiúnais AE, agus go gcuirfí i bhfeidhm go cuí iad san iascach sa Mháratáin agus sa limistéar máguaird;

37.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Rialtas agus Parlaimint Phoblacht Ioslamach na Máratáine.

(1)  IO L 34, 1.2.2021, lch. 1.

(2)  IO L 439, 8.12.2021, lch. 1.

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0228.

(4)  IO L 343, 8.12.2006, lch. 4.

(5)  IO L 439, 8.12.2021, lch. 3.

(6)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0135.

(7)  IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(8)  IO C 184, 5.5.2022, lch. 2.


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/133


P9_TA(2022)0230

Athbhreithniú ar Chóras Trádála Astaíochtaí AE ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE maidir le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais chun astaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme go hiomchuí (COM(2021)0552 – C9-0319/2021 – 2021/0207(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 493/21)

Leasú 1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), bunaíodh córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtach, éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Áiríodh gníomhaíochtaí eitlíochta i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais le Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(1)

Le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), bunaíodh córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas chun laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach costéifeachtach, éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Rinneadh gníomhaíochtaí eitlíochta a bhaineann le heitiltí a fhágann ó aeradróm san Aontas nó a thuirlingíonn in aeradróm san Aontas a áireamh i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais le Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) . Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mbreithiúnas uaithi an 21 Nollaig 2011  (11a) nach sáraítear an dlí idirnáisiúnta trí ghníomhaíochtaí eitlíochta a áireamh in CTA AE de bhun na Treorach sin.

Leasú 2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)

Chun dul chun cinn a éascú ar leibhéal ICAO chun creat domhanda a bhunú i ndáil le hastaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta a laghdú, ghlac an tAontas roinnt maoluithe faoi cheangal ama, na maoluithe “stad-an-clog” mar a thugtar orthu, lenar eisiadh gach eitilt lasmuigh den Aontas ó CTA AE. Beidh feidhm ag an maolú deireanach, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2017/2392, go dtí 2023.

Leasú 3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”) (12). D'aontaigh na páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, is gá do gach earnáil rannchuidiú le laghduithe astaíochtaí a bhaint amach, lena n-áirítear an eitlíocht idirnáisiúnta.

(2)

Tá cosaint an chomhshaoil ar cheann de na dúshláin is mó atá roimh an Aontas agus roimh an gcuid eile den domhan. Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”) (12). D’aontaigh na páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta , lena léireofaí, inter alia, cothromas agus prionsabal na bhfreagrachtaí agus na gcumas faoi seach atá coiteann ach difreáilte, i bhfianaise imthosca náisiúnta éagsúla. Ós rud é go léirítear le meastacháin na saineolaithe, a fógraíodh le linn Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide 2021 (COP26), a tionóladh i nGlaschú ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 13 Samhain 2021, go bhfuil an domhan ag dul i dtreo méadú idir 1,8  oC agus 2,4  oC ar an meánteocht, chomhaontaigh na Páirtithe ina gconclúidí ó COP 26 go laghdófaí go mór na rioscaí agus na tionchair a bhaineann leis an athrú aeráide tríd an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil ar 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus thug siad gealltanas go neartófaí a spriocanna do 2030 faoi dheireadh 2022 chun dlús a chur leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide sa deacáid ríthábhachtach seo agus chun a áirithiú go mbeidh na Páirtithe ar an mbóthar ceart chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5  oC . Chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, is gá do gach earnáil rannchuidiú le laghduithe astaíochtaí a bhaint amach, lena n-áirítear an eitlíocht idirnáisiúnta.

Leasú 4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

Is ón eitlíocht a thagann 2-3 % d’astaíochtaí domhanda CO2. San Aontas, is ionann astaíochtaí CO2 ón eitlíocht agus 3,7  % d’iomlán na n-astaíochtaí CO2. Gineann earnáil na heitlíochta 15,7  % de na hastaíochtaí, gan astaíochtaí neamh-CO2 a chur san áireamh, ón earnáil iompair, rud a fhágann gurb í an dara foinse is mó d’astaíochtaí gás ceaptha teasa i ndiaidh iompar de bhóthar í. In 2018, thuar Eurocontrol méadú bliantúil 53 % ar astaíochtaí eitlíochta na hEorpa faoi 2040 i gcomparáid le 2017. Tá práinn mhéadaitheach ag teacht ar an ngá gníomhaíocht a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú, mar a luaigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), sna tuarascálacha is déanaí uaidh an 7 Lúnasa 2021 dar teideal Climate change 2021: The Physical Science Basis [Athrú Aeráide 2021: An Bunús Eolaíochta Fisicí] agus an 28 Feabhra 2022 dar teideal Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht]. Dúirt IPCC go hardmhuiníneach go bhfuil an t-athrú aeráide ina bhagairt ar dhea-bhail an duine agus ar shláinte an phláinéid, agus gurb amhlaidh, má chuirtear moill bhreise ar ghníomhaíocht dhomhanda chomhbheartaithe atá réamhbheartaithe maidir le hoiriúnú agus maolú, a chaillfear an deis todhchaí inbhuanaithe ar féidir linn maireachtáil inti a dhaingniú do chách, ar deis ghearrshaolach í atá á dúnadh go gasta. Tugtar meastacháin nua ann maidir leis an dóchúlacht go sáraítear an leibhéal téimh dhomhanda de 1,5  oC sna blianta amach romhainn, agus tuigtear leis, mura mbíonn laghduithe láithreacha, tapa agus móra ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, nach mbeifear in ann an téamh a theorannú go dtí 1,5  oC nó fiú 2 oC. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an bpráinn sin trí dhlús a chur lena iarrachtaí agus trí é féin a bhunú mar cheannaire idirnáisiúnta sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide.

Leasú 5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2b)

Roimh ghéarchéim COVID-19, mheas ICAO go bhféadfadh astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta méadú suas le 150 % faoi 2040 i gcomparáid le 2020. Cé go raibh paindéim COVID-19 ina cúis le laghdú sealadach ar thrácht eitlíochta, is léir ó réamh-mheastacháin réamh-COVID-19 a bhí ann cheana go mbeadh méadú bliantúil 150 % ar astaíochtaí eitlíochta ar an leibhéal domhanda faoi 2040, i gcomparáid le 2020, agus méadú 53 % ar leibhéal an Aontais faoi 2040, i gcomparáid le 2017.

Leasú 6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Ghlac Comhairle na hEagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) an Chéad Eagrán de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta (SARPanna) maidir le Cosaint an Chomhshaoil – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago) ag an deichiú cruinniú dá 214ú seisiún ar an 27 Meitheamh 2018. Leanann an tAontas agus a Bhallstáit de thacaíocht a thabhairt do CORSIA agus iad tiomanta dá chur chun feidhme ó thús na céime píolótaí 2021-2023 (13).

(3)

Ghlac Comhairle na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) an Chéad Eagrán de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta (SARPanna) maidir le Cosaint an Chomhshaoil – an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (Iarscríbhinn 16, Imleabhar IV a ghabhann le Coinbhinsiún Chicago) ag an deichiú cruinniú dá 214ú seisiún ar an 27 Meitheamh 2018. Cuireann an tAontas agus na Ballstáit CORSIA chun feidhme ó thús na treoirthréimhse 2021-2023 (13).

Leasú 7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Thug an tAontas faoina ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú le 55 % ar a laghad faoi leibhéil 1990 faoin mbliain 2030 sa ghealltanas laghdaithe cothrom le dáta a cinneadh go náisiúnta ón Aontas agus óna Bhallstáit a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020 (16).

(6)

Thug an tAontas faoina ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair a laghdú le 55 % ar a laghad faoi leibhéil 1990 faoin mbliain 2030 sna ranníocaíochtaí laghdaithe cothrom le dáta a cinneadh go náisiúnta ón Aontas agus óna Bhallstáit a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020 (16).

Leasú 8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Chumhdaigh an tAontas i reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) . Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais do laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

(7)

Chumhdaigh an tAontas i reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin mar a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Bunaítear leis an Rialachán sin freisin, in Airteagal 4(1) , gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais do laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

Leasú 9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Tá an leasú seo ar Threoir 2003/87/CE dírithe ar rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus an chreata rialála a chur chun feidhme don eitlíocht, chun sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2030 laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 a bhaint amach mar a leagtar amach i Rialachán (AE)  2021/ … .

(8)

Is é is aidhm leis an leasú seo ar Threoir 2003/87/CE rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chur chun feidhme don eitlíocht, agus an creat rialála a chur chun feidhme chun sprioc cheangailteach aeráide an Aontais do 2030 a bhaint amach, eadhon laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre i gcomparáid le leibhéil 1990 faoi 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, mar a leagtar amach i Rialachán (AE)  2021/1119 .

Leasú 10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a)

Chomh maith le CO2, bíonn tionchar ag an eitlíocht ar an aeráid trí astaíochtaí neamh-CO2, amhail gal uisce (H2O), ocsaídí nítrigine (NOx), dé-ocsaíd sulfair (SO2) agus cáithníní súiche, chomh maith le próisis atmaisféaracha arb iad is cúis leo astaíochtaí den sórt sin, mar shampla foirmiú an ózóin agus ciorras conaire comhdhlúthaithe. Braitheann tionchar aeráide na n-astaíochtaí neamh-CO2 sin ar an gcineál breosla agus innill a úsáidtear, ar shuíomh na n-astaíochtaí, go háirithe airde chúrsála an aerárthaigh, agus a shuíomh i dtéarmaí domhanleithid agus domhanfhaid, chomh maith le ham na n-astaíochtaí agus na dálaí aimsire ag an am sin. I Measúnú Tionchair 2006 ón gCoimisiún maidir le heitlíocht a chur san áireamh i Scéim an Aontais maidir le Trádáil Astaíochtaí gás ceaptha teasa (CTA AE), aithníodh i dTreoir 2008/101/CE go bhfuil tionchar ag an eitlíocht ar an aeráid dhomhanda trí astaíochtaí neamh-CO2 a scaoileadh. Le hAirteagal 30(4) de Threoir 2003/87/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ceanglaíodh ar an gCoimisiún anailís nuashonraithe ar éifeachtaí neamh-CO2 na heitlíochta a thíolacadh, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir leis an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin, roimh an 1 Eanáir 2020. Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, rinne Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh (EASA) anailís nuashonraithe ar éifeachtaí neamh-CO2 na heitlíochta ar an athrú aeráide agus d’fhoilsigh sí a staidéar an 23 Samhain 2020. Deimhníodh i dtorthaí an staidéir an méid a measadh roimhe sin, is é sin go bhfuil tábhacht na dtionchar aeráide neamh-CO2 a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí eitlíochta chomh tábhachtach ar a laghad leis na tionchair ar CO2 amháin.

Leasú 11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 8 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8b)

Eascraíonn sé as an staidéar a rinne EASA an 23 Samhain 2020 nach féidir neamhshuim a dhéanamh a thuilleadh d’astaíochtaí eitlíochta neamh-CO2, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim. Tá gá le bearta rialála de chuid an Aontais chun laghdú ar astaíochtaí a bhaint amach i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún scéim faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bhunú d’astaíochtaí eitlíochta neamh-CO2. Ag tógáil ar thorthaí na scéime sin, ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, bunaithe ar mheasúnú tionchair, togra reachtach a thíolacadh ina mbeadh bearta maolaithe d’astaíochtaí neamh-CO2, trí raon feidhme CTA AE a leathnú chun na hastaíochtaí sin a chumhdach. Go dtí go nglacfar togra reachtach lena leathnaítear raon feidhme na Treorach seo chun astaíochtaí neamh-CO2 a chumhdach, ag tosú ón 31 Nollaig 2027, déanfar fachtóir astaíochtaí CO2 d’astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí eitlíochta a iolrú faoi 1,8 chun astaíochtaí eitlíochta neamh-CO2 a chur san áireamh, faoi 1,9 ón 31 Nollaig 2028 agus faoi 2,0 ón 31 Nollaig 2029. Níor cheart go rachadh an t-iolraitheoir thar 2,0 .

Leasú 12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Ba cheart don eitlíocht rannchuidiú leis na hiarrachtaí laghdaithe astaíochtaí is gá chun sprioc aeráide 2030 an Aontais a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas don eitlíocht a chomhdhlúthú agus a bheith faoi réir an fhachtóra laghdaithe línigh.

(9)

Ba cheart don eitlíocht rannchuidiú leis na hiarrachtaí laghdaithe astaíochtaí is gá chun cuspóirí an Aontais a leagtar síos in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) 2021/1119 agus i gComhaontú Pháras a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas don eitlíocht a chomhdhlúthú agus a bheith faoi réir an fhachtóra laghdaithe línigh.

Leasú 13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Chun an uaillmhian aeráide mhéadaithe a bhaint amach, beidh gá a mhéid acmhainní agus is féidir a chur i dtreo an aistrithe aeráide. Dá thoradh sin, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críocha a bhaineann leis an aeráid.

(10)

Chun an uaillmhian aeráide mhéadaithe a bhaint amach, beidh gá lena mhéid acmhainní agus is féidir a chur i dtreo an aistrithe aeráide , rud ba cheart a bheith mar chuid den aistriú cóir freisin . Dá thoradh sin, ba cheart gach ioncam ceantála nach bhfuil sannta do bhuiséad an Aontais a úsáid chun críoch a bhaineann leis an aeráid. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh méadú ar ioncam ceantála laistigh den earnáil eitlíochta de bharr deireadh a bheith á chur de réir a chéile le lamháltais saor in aisce agus de bharr chur i bhfeidhm CTA AE chun eitiltí a imíonn ó LEE chuig tríú tír a chumhdach. Ba cheart cuid den ioncam ó na lamháltais eitlíochta a chuirtear ar ceant a leithdháileadh ar earnáil na heitlíochta tríd an gCiste Infheistíochta don Aeráid chun tacú le nuálaíochtaí chun tionchar na hearnála eitlíochta ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú. Ba cheart 15 % den ioncam a ghintear ó chur ar ceant lamháltas d’astaíochtaí eitiltí a imíonn ó EEA a leithdháileadh ar Chistí Aeráide UNFCCC, chun gníomhaíocht idirnáisiúnta a chur chun cinn chun tionchar an athraithe aeráide ar na pobail is leochailí a mhaolú. Ba cheart do na Ballstáit an t-ioncam atá fágtha a úsáid i gcás gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 10(3), go háirithe gníomhaíochtaí lena dtacaítear le hidirphlé sóisialta agus le haistriú cóir, lena ndéantar an córas iompair a dhícharbónú agus lena dtacaítear le roghanna fadraoin in aghaidh na heitlíochta a bhfuil tionchar aeráide is lú acu.

Leasú 14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)

Agus earnáil na heitlíochta á haistriú i dtreo na heitlíochta inbhuanaithe, ba cheart gné shóisialta na hearnála agus a hiomaíochas a chur san áireamh, chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú sin cóir ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus go gcuirfear oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú ar fáil d’oibrithe. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo agus a tionchar ar an margadh inmheánach i ndáil le hearnáil na heitlíochta, agus béim ar leith á leagan ar na tionchair shóisialta.

Leasú 15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 10 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10b)

Tagann 6-9 % d’astaíochtaí iomlána CO2 eitlíochta ó eitiltí ar 1 000 ciliméadar nó níos lú a n-achar. Go dtí go mbeidh teicneolaíocht chaolchlaitheach ann agus go mbeidh breoslaí eitlíochta agus aerárthaí astaíochtaí nialasacha ar fáil, ba cheart bearta a thabhairt ar an bhfód chun aistriú modha i dtreo modhanna malartacha agus níos inbhuanaithe iompair a chur chun cinn, go háirithe don deighleog eitiltí arb é atá inti eitiltí réigiúnacha agus ceann íochtair na n-eitiltí gearr-raoin, eadhon eitiltí ar faoi bhun 1 000 ciliméadar a raon.

Leasú 16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 28b(3) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh an tAontas measúnú ar scéim CORSIA ICAO agus cuirfidh sé chun feidhme í de réir mar is iomchuí, agus ar bhealach atá comhsheasmhach le gealltanas an Aontais maidir le laghduithe astaíochta ar fud an gheilleagair faoi 2030 .

(11)

I gcomhréir le hAirteagal 28b(3) de Threoir 2003/87/CE, déanfaidh an tAontas measúnú ar scéim CORSIA ICAO agus cuirfidh sé chun feidhme í de réir mar is iomchuí, agus ar bhealach atá comhsheasmhach le gealltanas an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí ar fud an gheilleagair faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi Chomhaontú Pháras .

Leasú 17

Togra le haghaidh treorach

Aithris 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a)

Tá sé léirithe gur uirlis éifeachtach é CTA AE chun astaíochtaí a laghdú trí chonair réamhshainithe agus, ar an gcaoi sin, an nuálaíocht agus na gníomhaithe tosaigh a dhreasú maidir le laghduithe éifeachtúla astaíochtaí, agus ag an am céanna is sásra é CORSIA lena gcúitítear astaíochtaí trí fhritháireamh. Ó thaobh a éifeachtachta de, léiríodh sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar “bheart domhanda margadhbhunaithe ICAO (CORSIA) de bhun Airteagal 28b agus chun staidéar a dhéanamh ar chostais faoi bhealach de bhun Airteagal 3d de Threoir CTA AE” nach bhfuil leibhéal uaillmhéine CORSIA maidir le hearnáil na heitlíochta idirnáisiúnta i gcomhréir leis an leibhéal domhanda uaillmhéine is gá chun fanacht laistigh de spriocanna teochta Chomhaontú Pháras. Chun laghduithe uaillmhianacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil na heitlíochta i gcomhréir le Comhaontú Pháras a áirithiú, agus chun cur le cothroime iomaíochta idirnáisiúnta, agus cóir chomhionann ar bhealaí á háirithiú ag an am céanna, ón 30 Aibreán [tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo + 1], ba cheart feidhm a bheith ag CTA AE maidir le gach eitilt a imíonn ó aeradróm atá lonnaithe in LEE. Tá an tAontas tiomanta do scéim CORSIA i gcónaí. Chun tiomantas an Aontais a chur san áireamh mar aon lena rannpháirtíocht chomhuaineach in CORSIA, ba cheart go mbeadh luach airgeadais an chaiteachais ar chreidmheasanna a úsáidtear le haghaidh CORSIA i gcás eitiltí ó LEE chuig tríú tíortha a bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu a bheith in-asbhainte as na hoibleagáidí airgeadais faoi CTA AE.

Leasú 18

Togra le haghaidh treorach

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas don eitlíocht a chomhdhlúthú ag leibhéal an leithdháilte le haghaidh eitiltí a fhágann ó aeradróm atá lonnaithe in LEE agus a thuirlingíonn in aeradróm atá lonnaithe in LEE, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe . Ba cheart an leithdháileadh don bhliain 2024 a bhunú ar an leithdháileadh iomlán chuig oibreoirí aerárthaigh gníomhacha in 2023, laghdaithe faoin bhfachtóir laghdaithe línigh mar a shonraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart an leibhéal leithdháilte a mhéadú chun na bealaí nach raibh cumhdaithe ag EU ETS sa bhliain 2023 ach a chumhdaítear in EU ETS ón mbliain 2024 ar aghaidh a chur san áireamh.

(12)

Ba cheart cainníocht iomlán na lamháltas don eitlíocht a chomhdhlúthú ag leibhéal an leithdháilte le haghaidh eitiltí a chumhdaítear i gcomhréir leis an Treoir seo . Ba cheart an leithdháileadh don bhliain 2024 a bhunú ar an leithdháileadh iomlán chuig oibreoirí aerárthaigh gníomhacha in 2023, laghdaithe faoin bhfachtóir laghdaithe línigh mar a shonraítear in Airteagal 9 de Threoir 2003/87/CE. Ba cheart an leibhéal leithdháilte a mhéadú chun na bealaí nach raibh cumhdaithe ag CTA AE sa bhliain 2023 ach a chumhdaítear in CTA AE ón mbliain 2024 ar aghaidh a chur san áireamh.

Leasú 19

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Ba cheart do cheantáil mhéadaithe ó bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an leasú seo ar Threoir 2003/87/CE a bheith mar riail do leithdháileadh lamháltas earnáil na heitlíochta, a mbeadh céimniú amach de réir a chéile lamháltas saor in aisce mar thoradh air sin faoi 2026, ag cur cumas na hearnála chun costas méadaithe CO2 a sheoladh ar aghaidh san áireamh.

(13)

Ba cheart do cheantáil mhéadaithe ó bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an leasú seo ar Threoir 2003/87/CE a bheith mar riail do leithdháileadh lamháltas earnáil na heitlíochta, a mbeadh céimniú amach de réir a chéile lamháltas saor in aisce mar thoradh air sin faoi 2025, ag cur cumas na hearnála chun costas méadaithe CO2 a sheoladh ar aghaidh san áireamh.

Leasú 20

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13b)

Ba cheart go mbeadh Treoir CTA AE ina cuidiú le dícharbónú an aeriompair a dhreasú. Bheadh ról ag an aistriú ó úsáid breoslaí iontaise go húsáid mhéadaitheach breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, go háirithe breoslaí eitlíochta sintéiseacha, chun an dícharbónú sin a bhaint amach. Mar sin féin, i bhfianaise an ardleibhéil iomaíochta idir oibreoirí aerárthaí, fhorbairt mhargadh an Aontais i dtaca le breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, agus an difreálaigh thábhachtaigh praghsanna idir ceirisín iontaise agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe, ba cheart tacú leis an aistriú sin trí spreagadh a thabhairt do luaththionscnóirí. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2029, ba cheart lamháltais a leithdháileadh ar an mbealach céanna le conradh difríochta, lena gcumhdaítear an difreálach praghsanna atá fágtha idir ceirisín iontaise agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe d’oibreoirí aerárthaí aonair, i gcomhréir le méid na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe a úsáidtear agus a thuairiscítear faoi Rialachán xxxx/xxxx [Rialachán REFuelEU]  (1a) , chun luaththionscnóirí a dhreasú agus chun tacú le margadh Aontais le haghaidh breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chruthú. Ba cheart 20 milliún lamháltas a fhorchoimeád ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2029, agus ba cheart 20 milliún liúntas breise a chur i leataobh nuair atá eitiltí a imíonn ó LEE go tríú tíortha ina gcuid de raon feidhme CTA AE don tréimhse chéanna. Ba cheart go dtiocfadh na lamháltais sin ón gcomhthiomsú iomlán lamháltas atá ar fáil agus níor cheart iad a úsáid ach amháin le haghaidh eitiltí a chumhdaítear le CTA AE agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go leithdháilfear 70 % de na lamháltais sin go sonrach le haghaidh úsáid breoslaí eitlíochta sintéiseacha, agus tús áite á thabhairt do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOnna). Ba cheart don Choimisiún astaíochtaí CO2 ó bhreoslaí iontaise a chur san áireamh go hiomchuí, agus ba cheart dó a mheas go dtáirgeann RFNBOnna astaíochtaí nialasacha do na hoibreoirí aerárthaí a úsáideann iad. Tar éis dó meastóireacht agus measúnú tionchair a dhéanamh, d’fhéadfadh an Coimisiún a chinneadh togra reachtach a thíolacadh chun méid lamháltas a leithdháileadh a mbeadh uasteorainn agus teorainn ama leis, ar lamháltais iad nár cheart dóibh dul thar an 31 Nollaig 2034.

Leasú 21

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú freisin maidir le haonaid chomhlíontachta inghlactha, chun Critéir Incháilitheachta an Aonaid, ar ghlac Comhairle ICAO leo ag a 216ú seisiún i Márta 2019, a chur san áireamh mar eilimint riachtanach de CORSIA. Ba cheart d’aerlínte atá lonnaithe san Aontas a bheith in ann creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid le haghaidh comhlíontachta maidir le heitiltí chuig nó ó thríú tíortha a mheastar go bhfuil siad rannpháirteach in CORSIA. Lena áirithiú go dtacaíonn cur chun feidhme CORSIA an Aontais le spriocanna Chomhaontú Pháras agus go dtugann sé dreasachtaí le haghaidh rannpháirtíocht leathan in CORSIA, ba cheart do chreidmheasanna comhlíontachta a thionscnamh ó stáit atá ina bPáirtithe i gComhaontú Pháras agus atá rannpháirteach in CORSIA, agus ba cheart comhaireamh dúbailte creidmheasanna a sheachaint.

(14)

Ba cheart Treoir 2003/87/CE a leasú freisin maidir le haonaid chomhlíontachta inghlactha, chun Critéir Incháilitheachta an Aonaid, ar ghlac Comhairle ICAO leo ag a 216ú seisiún i Márta 2019, a chur san áireamh mar eilimint riachtanach de CORSIA. Maidir le creidmheasanna idirnáisiúnta as ucht CORSIA a chomhlíonadh, ba cheart d’aerlínte atá lonnaithe san Aontas a bheith in ann iad a úsáid le haghaidh eitiltí chuig tríú tíortha nó uathu, ar tríú tíora iad a mheastar a bheith rannpháirteach in CORSIA. Lena áirithiú go dtacaíonn cur chun feidhme CORSIA an Aontais le spriocanna Chomhaontú Pháras agus go dtugann sé dreasachtaí le haghaidh rannpháirtíocht leathan in CORSIA, ba cheart do chreidmheasanna tionscnamh ó stáit atá ina bPáirtithe i gComhaontú Pháras agus atá rannpháirteach in CORSIA, agus ba cheart comhaireamh dúbailte creidmheasanna a sheachaint. Ba cheart aon imeacht ó bhonnlíne CORSIA, atá socraithe ag 2019-2020, le heisceacht a bhfuil teorainn ama léi ó na blianta 2021 go 2023, a mheas mar neamhchomhlíonadh chun críoch na Treorach seo.

Leasú 22

Togra le haghaidh treorach

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

Chun a áirithiú go mbíonn coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 11a de Threoir 2003/87/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun liosta a ghlacadh de na creidmheasanna a mheas Comhairle ICAO a bheith iomchuí lena n-úsáid chun CORSIA a chomhlíonadh, agus a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta thuas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18).

(15)

Chun a áirithiú go mbíonn coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun creidmheasanna idirnáisiúnta a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 11a de Threoir 2003/87/CE, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun liosta a ghlacadh de na creidmheasanna a mheas Comhairle ICAO a bheith iomchuí lena n-úsáid chun CORSIA a chomhlíonadh, agus a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta thuas. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Thairis sin, chun trédhearcacht sonraí a áirithiú, ba cheart d’oibreoirí aerárthaí a n-astaíochtaí agus a bhfritháireamh a thuairisciú ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir faoi Airteagal 14(3a) den Treoir seo.

Leasú 23

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a)

Ag an gcomhthionól ICAO tríbhliantúil atá sceidealaithe do Mheán Fómhair 2022, ba cheart do na Ballstáit a seacht ndícheall a dhéanamh teacht ar chomhaontú lena gcomhghleacaithe maidir le laghdú forchéimnitheach bliantúil ar an mbonnlíne 2019-2020 bunaithe don tréimhse tar éis 2023, chun ailíniú de réir a chéile leis an bhfachtóir líneach a chuirtear i bhfeidhm ar CTA AE a áirithiú, agus tar éis 2035 freisin, i gcomhréir le sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht do 2050 ar a dhéanaí.

Leasú 24

Togra le haghaidh treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh tíortha a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu a liostú chun críocha Threoir 2003/87/CE de bhun Airteagal 25a(3) den Treoir sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun an liosta stát a ghlacadh agus a choinneáil ar bun seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, ar stáit iad a meastar go bhfuil siad rannpháirteach in CORSIA chun críocha dhlí an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh tíortha a meastar go bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu a liostú chun críocha Threoir 2003/87/CE de bhun Airteagal 25a(3) den Treoir sin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun an liosta stát a ghlacadh agus a choinneáil ar bun seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, ar stáit iad a meastar go bhfuil siad rannpháirteach in CORSIA chun críocha dhlí an Aontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear ar an liosta sin agus chun cur leis an trédhearcacht, leis an gcuntasacht agus le hinrochtaineacht ar fhaisnéis ar bhealach atá furasta le húsáid, ba cheart don Choimisiún liosta a fhoilsiú d’oibreoirí aerárthaí nach meastar a bheith ag cur CORSIA i bhfeidhm i gcás eitiltí chuig tríú tíortha, agus uathu.

Leasú 25

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)

Mar gheall go bhfuil sé i gceist go mbeadh úinéireacht ag tír dhúchais n-oibreoirí aerárthaigh atá lonnaithe taobh amuigh den Aontas ar chur chun feidhme agus cur i bhfeidhm CORSIA i leith na n-oibreoirí sin, ciallaíonn cur chun feidhme CORSIA ar eitiltí seachas eitiltí a fhágann ó aeradróm atá lonnaithe in LEE agus a thuirlingíonn in aeradróm in LEE, san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe nach mór oibreoirí aerárthaigh atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a dhíolmhú ó oibleagáidí ETS le haghaidh na n-eitiltí sin .

(19)

Chun a áirithiú nach dtabharfar cuntas ar astaíochtaí faoi dhó agus chun aird chuí a thabhairt ar oibleagáidí fritháirimh CORSIA os cionn bonnlíne a socraíodh ar leibhéal 2019 do na blianta 2021 go 2023 agus a shocraítear ar an meán do na blianta 2019-2020 sna blianta ina dhiaidh sin, ba cheart d’oibreoirí aerárthaí a bheith in ann luach airgeadais an chaiteachais ar chreidmheasanna a úsáideann siad le haghaidh CORSIA a asbhaint i gcás eitiltí a chumhdaítear i gcomhréir leis an Treoir seo .

Leasú 26

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20a)

Chun a áirithiú go mbeidh scéim fritháirimh dhomhanda aonair ann mar thoradh ar CORSIA chun dul i ngleic le hastaíochtaí carbóin ón eitlíocht faoin dara céim agus faoin gcéim éigeantach den scéim ICAO in 2027, tá argóint déanta ag an Aontas go leanúnach chun tacú le rialacha cur chun feidhme agus rialachas stóinsithe agus le rannpháirtíocht leordhóthanach i gcéimeanna deonacha agus éigeantacha CORSIA. I gcás ina gcinneann an Coimisiún nach leor CORSIA mar bheart chun cuspóirí agus gealltanais aeráide an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach, ba cheart don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh chun deireadh a chur leis an maolú sealadach i gcás eitiltí a thuirlingíonn in aeradróm atá suite in LEE.

Leasú 27

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20b)

Ba cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh forálacha CORSIA a neartú agus tacú le glacadh sprice fadtéarmaí maidir le hastaíochtaí eitlíochta domhanda a laghdú, agus ag an am céanna inniúlacht an Aontais maidir le Treoir 2003/87/CE a chosaint, mar a dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh  (1a) .

Leasú 28

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20c)

Tá sé ríthábhachtach trédhearcacht sonraí a áirithiú agus tá sé tábhachtach go bhfeabhsófar in-fhorfheidhmitheacht CORSIA agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis atá nasctha le CORSIA. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí aerárthaí a gcuid astaíochtaí a thuairisciú ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir agus fritháireamh a dhéanamh sa phróiseas chun measúnú a dhéanamh ar thionchar CORSIA ar laghdú domhanda astaíochtaí CO2 agus ar a ról maidir le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

Leasú 29

Togra le haghaidh treorach

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Ba cheart d’eitiltí chuig agus ó Thíortha is Lú Forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha, mar a shainmhíníonn na Náisiúin Aontaithe, nach bhfuil CORSIA á chur chun feidhme acu, seachas na stáit sin a bhfuil a OTI per capita cothrom le meán an Aontais nó níos mó ná meán an Aontais, a bheith díolmhaithe ó oibleagáidí EU ETS nó CORSIA gan dáta deiridh leis an díolúine.

scriosta

Leasuithe 63 agus 79

Togra le haghaidh treorach

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)

Ba cheart aird speisialta a dhíriú ar inrochtaineacht a chur chun cinn do na réigiúin is forimeallaí san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart maolú ó ET ETS a chur ar fáil le haghaidh astaíochtaí ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe sa Bhallstát céanna.

(25)

Ba cheart aird speisialta a dhíriú ar inrochtaineacht a chur chun cinn do na réigiúin is forimeallaí san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart maolú ó CTA AE a chur ar fáil le haghaidh astaíochtaí ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe i réigiún eile de LEE agus eitiltí idir dhá aeradróm atá lonnaithe laistigh den réigiún is forimeallaí céanna;

Leasú 31

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a)

Ba cheart cuid den ioncam ó lamháltais eitlíochta a chur ar ceant chomh maith le hioncam na bpionós arna n-íoc ag oibreoirí aerárthaí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir 2003/87/CE a leithdháileadh ar an gCiste Infheistíochta don Aeráid chun tacú le nuálaíocht in earnáil na heitlíochta atá dírithe ar an athrú aeráide a mhaolú. Go sonrach tionscadail a bhaineann le forbairt, cur chun úsáide agus cur chun feidhme teicneolaíochtaí agus dearaí nua atá dírithe ar astaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa ó earnáil na heitlíochta a laghdú, go háirithe i réimse na mbreoslaí eitlíochta inbhuanaithe, chomh maith le dearaí arb é is aidhm dóibh tionchar aeráide earnáil na heitlíochta a laghdú, go háirithe tionchar oibríochtúil, aerloingseoireachta, aerfhráma, agus nuálaíocht innill, bonneagar aerfoirt agus aerárthaí leictreacha ceannródaíocha.

Leasú 32

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26b)

Ba cheart don Chiste Infheistíochta don Aeráid tacú le taighde, forbairt agus cur chun úsáide réiteach dícharbónaithe, lena n-áirítear teicneolaíochtaí astaíochtaí nialasacha agus tionchar earnáil na heitlíochta ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a laghdú. Ba cheart dó aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar na tionchair a bhíonn ag astaíochtaí neamh-CO2 trí theicneolaíochtaí faireacháin agus tuairiscithe a chur chun úsáide agus trí réitigh oibríochtúla a fheabhsú.

Leasú 33

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26c)

I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar na costais charbóin a eascraíonn as lamháltais a bheith á gcur ar ceant go hiomlán in earnáil na heitlíochta, d’fhéadfadh míbhuntáiste eacnamaíoch teacht chun cinn d’oibreoirí aerárthaí a úsáideann moil laistigh den Aontas i gcomparáid leis na hoibreoirí sin a úsáideann moil lasmuigh den Aontas. Ós rud é nach gcumhdaítear eitiltí chuig moil tríú tíortha le CTA AE faoi láthair, d’fhéadfadh sé go mbeadh buntáiste ann do na hoibreoirí sin a chothaíonn eitiltí lasmuigh den Aontas, mar a mbíonn bearta laghdaithe astaíochtaí nach bhfuil chomh dian sin á gcur i bhfeidhm. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le haistriú chuig na moil sin agus, dá bhrí sin, le méadú ar astaíochtaí a mbeadh tionchair dhiúltacha ar an téamh domhanda mar thoradh air sa deireadh. Is cóire a bheadh iomaíocht agus is éifeachtúla a bheadh an laghdú ar gáis ceaptha teasa ach raon feidhme CTA AE a leathnú chuig eitiltí ó aeradróim lasmuigh de LEE, den Eilvéis agus den Ríocht Aontaithe agus chucu.

Leasú 34

Togra le haghaidh treorach

Aithris 27 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27a)

Ba cheart don Choimisiún breithniú ar leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Threoir 2003/87/CE maidir le simpliú rialála. Ba cheart don Choimisiún agus d’údaráis na mBallstát nósanna imeachta riaracháin a oiriúnú go leanúnach don dea-chleachtas agus gach beart a dhéanamh chun cur chun feidhme Threoir 2003/87/CE a shimpliú, agus na hualaí riaracháin á gcoinneáil chomh híseal agus is féidir.

Leasú 35

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe - 1 (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3 – pointe u a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1)

In Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(ua)

ciallaíonn ‘astaíochtaí eitlíochta neamh-CO2’ scaoileadh ocsaídí nítrigine (NOx), cáithníní súiche, speiceas sulfair ocsaídithe, agus gaile uisce ó aerárthach a dhéanann gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I.”

Leasú 36

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3c – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5a.     Déanfar 20 milliún de chainníocht iomlán na lamháltas dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2029 a fhorchoimeád lena leithdháileadh ar an mbealach céanna a leithdháilfear conradh difríochta, lena gcumhdófar an difreálach praghsanna atá fágtha idir ceirisín iontaise agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe i ndáil le hoibreoirí aerárthaí a dhéanann an úsáid a bhaineann siad as breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a mhéadú, agus tosaíocht á tabhairt do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, a bheartaítear bunaithe ar na sainorduithe cumaisc dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Rialachán … [Rialachán ReFuelEU]  (*1) nó níos faide ná sin agus an éabhlóid ar phraghsanna na mbreoslaí sin. Leithdháilfear 70 % de na lamháltais sin go sonrach chun an úsáid a bhaintear as breoslaí eitlíochta sintéiseacha a mhéadú, agus tosaíocht á tabhairt do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOnna). Ina theannta sin, forchoimeádfar 20 milliún lamháltas ó chainníocht bhreise na lamháltas a eisítear mar gheall ar chumhdach na n-astaíochtaí ar eitiltí a imíonn ó aeradróm atá lonnaithe in LEE chuig tríú tíortha amhail dá dtagraítear in Airteagal 3ea lena leithdháileadh ar an mbealach céanna a leithdháilfear conradh difríochta don tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2029.

Leasú 37

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3c – mír 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

5b.     Leithdháilfear cainníocht iomlán na lamháltas dá dtagraítear i mír 5a ar an mbealach céanna a leithdháilfear conradh difríochta, lena gcumhdófar an difreálach praghsanna atá fágtha idir breoslaí iontaise ceirisín agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe chun an úsáid a bhaintear as breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a mhéadú, agus tosaíocht á tabhairt do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, mar a thuairisceofar do Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa faoi Airteagail 7, 8 agus 9 de Rialachán … [Rialachán ReFuelEU]  (*) .

 

Féadfaidh gach oibreoir aerárthaí cur isteach ar leithdháileadh na lamháltas d’eitiltí a chumhdaítear le CTA AE ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2029 bunaithe ar an úsáid mhéadaithe a bhaintear as na breoslaí dá dtagraítear i mír 5a.

 

Beidh cainníocht na lamháltas comhréireach le hiomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa de réir chóireáil na mbreoslaí sin faoi Threoir (AE) 2018/2001 agus faoi na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 14(1) den Treoir seo.

 

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar astaíochtaí ó bhreoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch ina mbaintear úsáid as hidrigin ó fhoinsí inathnuaite a rátáil le hastaíochtaí nialasacha do na hoibreoirí aerárthaí a bheidh á n-úsáid go dtí go ndéanfar an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 14(1) a ghlacadh.

 

Foilseoidh an Coimisiún mionsonraí na difríochta costais idir ceirisín agus breoslaí eitlíochta inbhuanaithe ar bhonn bliantúil. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis na socruithe mionsonraithe i dtaca le leithdháileadh lamháltas eitlíochta chun an úsáid a bhaintear as breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a mhéadú tríd an difreálach praghsanna in aghaidh an tona CO2 a chumhdach a choigleofar trí na breoslaí sin a úsáid in ionad ceirisín.

 

Ón 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm na míre seo agus cuirfidh sé a thorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle go tráthúil. Ar bhonn na meastóireachta sin agus tar éis measúnú tionchair a bheith déanta, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun méid lamháltas le huasteorainn agus teorainn ama a leithdháileadh go dtí an 31 Nollaig 2034 i leith oibreoirí aerárthaí a bhaineann úsáid mhéadaithe as breoslaí eitlíochta inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 3c(5a).

Leasuithe 65 agus 80

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3c – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   De mhaolú ar Airteagail 12(2a), 14(3) agus Airteagal 16 ET ETS, déanfaidh Ballstáit na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin atá le sásamh a mheas agus ní dhéanfaidh siad aon bheart in aghaidh oibreoirí aerárthaigh i ndáil le hastaíochtaí atá ag tarlú go dtí 2030 ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe sa Bhallstát céanna lasmuigh den réigiún is forimeallaí sin .

7.   De mhaolú ar Airteagail 12(2a), 14(3) agus Airteagal 16, déanfaidh Ballstáit na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin atá le sásamh a mheas agus ní dhéanfaidh siad aon bheart in aghaidh oibreoirí aerárthaigh i ndáil le hastaíochtaí atá ag tarlú go dtí 2027 ó eitiltí idir aeradróm atá lonnaithe i réigiún is forimeallaí de Bhallstát agus aeradróm atá lonnaithe i réigiún eile de LEE agus eitiltí a fheidhmítear idir dhá aeradróm atá lonnaithe laistigh den réigiún is forimeallaí céanna .

Leasú 39

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3d – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   In 2024, cuirfear 25 % de chainníocht na lamháltas a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe mar a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 3c, ar ceant.

1.   In 2024, ceantálfar 50 % de chainníocht na lamháltas a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe mar a foilsíodh i gcomhréir le hAirteagal 3c.

Leasú 40

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3d – mír 1a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1a.     In 2025, cuirfear 50 % de chainníocht na lamháltas a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe sa bhliain sin, arna ríomh ón bhfoilseachán i gcomhréir le hAirteagal 3c, ar ceant.

scriosta

Leasú 41

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3d – mír 1b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1b.     In 2026, cuirfear 75 % de chainníocht na lamháltas a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe sa bhliain sin, arna ríomh ón bhfoilseachán i gcomhréir le hAirteagal 3c, ar ceant.

scriosta

Leasú 42

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe b

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3d – mír 1c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1c.   Ón 1 Eanáir  2027 ar aghaidh, cuirfear an chainníocht ar fad de na lamháltais a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe sa bhliain sin, ar ceant. ’,

1c.   Ón 1 Eanáir  2025 ar aghaidh, ceantálfar an chainníocht ar fad de na lamháltais a mbeadh leithdháileadh saor in aisce i ndáil leo tarlaithe sa bhliain sin , cé is moite de chainníocht na lamháltas dá dtagraítear in Airteagal 3c(5a) .

Leasú 43

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe d

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3d – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 mar fhorlíonadh leis an Treoir seo a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe maidir le ceantáil ag Ballstáit lamháltais eitlíochta i gcomhréir le míreanna 1, 1a, 1b, 1c agus 1d den Airteagal seo, lena n-áirítear na módúlachtaí le haghaidh aistriú sciar ioncam ón gceantáil sin chuig buiséad ginearálta an Aontais.’,

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 mar fhorlíonadh leis an Treoir seo a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe maidir le ceantáil ag Ballstáit de lamháltais eitlíochta i gcomhréir le míreanna 1, 1a, 1b, 1c agus 1d den Airteagal seo, lena n-áirítear na módúlachtaí chun sciar ioncaim ón gceantáil sin a aistriú , i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053, chuig buiséad ginearálta an Aontais.

Leasú 44

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2 – pointe e

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3d – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.    Cinnfidh Ballstáit an úsáid a bhainfear as ioncam a ghintear ó cheantáil lamháltas a chumhdaítear sa Chaibidil seo, seachas le haghaidh na n-ioncam a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311(3) den Chonradh agus iontráilte i mbuiséad ginearálta an Aontais . Úsáidfidh Ballstáit na hioncaim a ghintear ó lamháltais a cheantáil i gcomhréir le hAirteagal 10(3).

4.    Is mar seo a leanas a úsáidfear na hioncaim a ghinfear ó cheantáil lamháltas eitlíochta a chumhdaítear sa Chaibidil seo, seachas i gcás na n-ioncam a bhunaítear mar acmhainní dílse i gcomhréir le hAirteagal 311(3) den Chonradh agus a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais:

 

(a)

úsáidfear 75 % chun tacú leis an nuálaíocht agus le teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear réitigh dícharbónaithe a chur chun úsáide san earnáil eitlíochta tríd an gCiste Infheistíochta don Aeráid i gcomhréir le hAirteagal 10a(8);

 

(b)

úsáidfear 15 % de na hioncaim a ghinfear ó eitiltí imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3ea chun rannchuidiú le Cistí Aeráide UNFCCC, go háirithe an Ciste Glas don Aeráid agus an Ciste Oiriúnaithe, chun gníomhaíocht idirnáisiúnta a chur chun cinn chun tionchar an athraithe aeráide ar na pobail is leochailí a mhaolú;

 

(c)

úsáidfear fuílleach na n-ioncam de réir mar a chinnfidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10(3) , lena n-áirítear tionscadail a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh aistriú cóir san earnáil eitlíochta a áirithiú, ag tacú go háirithe leis an idirphlé sóisialta i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha in earnáil na heitlíochta, chomh maith le hoiliúint, athsciliú, agus uas-sciliú d’oibrithe .

Leasú 45

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 3 e a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 3ea

 

Gníomhaíochtaí eitlíochta a bhfuil baint ag tríú tíortha leo

 

1.     Ón 30 Aibreán [bliain theacht i bhfeidhm na Treorach seo + 1], tabharfaidh oibreoirí aerárthaí lamháltais suas i leith astaíochtaí ar eitiltí a imíonn ó aeradróm atá lonnaithe in LEE.

 

2.     Ón [bliain theacht i bhfeidhm na Treorach seo + 1], déanfar cainníocht iomlán na lamháltas a bheidh le leithdháileadh don eitlíocht a mhéadú de réir leibhéil na leithdháiltí do na heitiltí imeachta breise dá dtagraítear i mír 1, a dhéanfaí dá mbeidís cumhdaithe faoi CTA AE i gcaitheamh na bliana sin. Beidh feidhm ag an bhfachtóir laghdaithe línigh amhail a leagtar síos in Airteagal 9.’

 

3.     Ar mhaithe le haird chuí a thabhairt ar oibleagáidí fritháirimh CORSIA os cionn bonnlíne a socraíodh ar leibhéal 2019 do na blianta 2021-2023, agus ar an meánleibhéal 2019-2020 do 2024 ar aghaidh, beidh oibreoirí aerárthaí in ann asbhaint a dhéanamh ar luach airgeadais a gcaiteachais ar chreidmheasanna a úsáidtear chun CORSIA a chomhlíonadh i gcás eitiltí ó LEE chuig tríú tíortha a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3).

 

Gach bliain, foilseoidh oibreoirí aerárthaí faisnéis maidir le fritháirimh CORSIA a íocadh an bhliain roimhe sin le haghaidh gach bealaigh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi fhritháirimh den sórt sin má tá sé beartaithe acu laghdú a iarraidh ar a gceanglais maidir le tabhairt suas. Bunóidh an Coimisiún luach airgeadais na bhfritháireamh atá incháilithe le haghaidh asbhaint ó cheanglas maidir le tabhairt suas CTA AE do gach bealach. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht agus sásra na hasbhainte sin a chinneadh. Chun na críche sin, measfaidh an Coimisiún gurb ionann praghas lamháltais CTA AE agus an meánphraghas sa bhliain chomhlíonta faoi seach.

 

I gcás ina suífidh an Coimisiún go bhfuil difríocht idir astaíochtaí fíoraithe agus lamháltais a tugadh suas, i ndáil le bliain ar leith, déanfar cainníocht chomhfhreagrach na lamháltas a chealú.

 

4.     Faoin 31 Nollaig 2027, i gcomhréir le hAirteagal 28b den Treoir seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme rannpháirtíocht Stáit Chonarthacha ICAO in CORSIA agus le huaillmhian fhoriomlán agus sláine comhshaoil CORSIA. Bunaithe ar thorthaí na tuarascála sin, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, chun deireadh a chur leis an maolú sealadach le haghaidh eitiltí a thuirlingíonn in aeradróm atá lonnaithe in LEE.”

Leasú 46

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 10a – mír 8 – fomhír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)

In Airteagal 10a(8), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach tar éis an dara fomhír:

 

Déanfar na hioncaim a ghinfear ó lamháltais a chur ar ceant i leith gníomhaíochtaí eitlíochta agus ó phionóis dá dtagraítear in Airteagal 16(3), ar ioncaim iad a leithdháiltear ar an gCiste Infheistíochta don Aeráid, a chur ar fáil do thionscadail eitlíochta chun tacú le forbairtí nua agus nuálaíochtaí, chun réitigh i dtaca le dícharbónú a chur chun úsáide, chun sásraí tacaíochta a fhorbairt agus chun bonneagar riachtanach a chruthú lena laghdófar na tionchair iomlána ar an aeráid lena n-áirítear tionchair neamh-CO2, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

 

(a)

breoslaí eitlíochta inbhuanaithe a chur chun úsáide, agus tosaíocht á tabhairt do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch (RFNBOnna) ó hidrigin in-athnuaite agus ó ghabháil dhíreach ón aer (DAC), lena n-áirítear trí chonarthaí carbóin difríochta a bhfuil sé mar aidhm leo an bhearna a dhúnadh idir an difríocht phraghais idir breoslaí astaíochtaí nialasacha agus breoslaí traidisiúnta, agus an costas a bhaineann le SAF a sholáthar d’aerfoirt an Aontais a laghdú;

 

(b)

feabhas bunúsach ar aerloingseoireacht oibríochtúil agus réitigh aerfhráma chun astaíochtaí CO2 agus neamh-CO2 a mhaolú;

 

(c)

nuálaíocht innill cheannródaíoch a chur chun úsáide agus teicneolaíochtaí nua tiomána a chur chun úsáide lena rannchuideofar le hastaíochtaí a laghdú san eitlíocht, amhail teicneolaíochtaí ceallra-leictreacha agus teicneolaíochtaí turba-leictreacha, chomh maith le dóchán hidrigine i dtuirbíní agus i gcealla breosla lena gcumhachtaítear mótair leictreacha, aerárthaí leictreacha agus bonneagar gaolmhar aerfoirt;

 

(d)

imlonnú teicneolaíochtaí faireacháin agus tuairiscithe le haghaidh astaíochtaí eitlíochta CO2 agus neamh-CO2;

 

(e)

taighde as a dtagann nuálaíocht theicneolaíoch ar thionchair neamh-CO2 na heitlíochta, lena n-áirítear bunú agus cosc ar chonairí comhdhlúthaithe agus scamaill chiorrais.

 

Maidir le cur síos ar na tionscadail a dtacaíonn an Ciste Infheistíochta don Aeráid leo agus faisnéis faoi leibhéil an chaiteachais atá imdhealaithe ar leibhéal an tionscadail, beidh siad trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí iad ar bhealach inrochtana agus déanfar iad a nuashonrú go rialta ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Áiritheoidh an Coimisiún rannpháirtíocht chuimsitheach geallsealbhóirí sna nósanna imeachta cistiúcháin a bhaineann leis an gCiste Infheistíochta don Aeráid.

Leasú 47

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 11a – mír 2 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

tionscnaíonn siad ó thír atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 25a(3) mar thír atá rannpháirteach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA). Ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll seo i ndáil le hastaíochtaí roimh 2027 , ná ní bheidh feidhm aige maidir le Tíortha is Lú Forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha, mar a shainmhíníonn na Náisiúin Aontaithe, seachas na tíortha sin a bhfuil a OTI per capita cothrom le meán an Aontais nó níos mó ná meán an Aontais .

(b)

tionscnaíonn siad ó thír atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme de bhun Airteagal 25a(3) mar thír atá rannpháirteach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA). Ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll sin i ndáil le hastaíochtaí roimh an 1 Eanáir 2027.

Leasú 48

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 11a – mír 3 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar síos ceanglais níos mionsonraithe le haghaidh na socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ina bhféadfaí ceanglais tuairiscithe agus clárlainne a áireamh, agus le haghaidh na stáit nó cláir a chuireann na socruithe seo i bhfeidhm. Cuirfear san áireamh i socruithe na solúbthachtaí atá ar fáil do Thíortha is Lú Forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).’,

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar síos ceanglais níos mionsonraithe le haghaidh na socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ina bhféadfaí ceanglais tuairiscithe agus clárlainne a áireamh, agus le haghaidh na stáit nó cláir a chuireann na socruithe seo i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).’,

Leasú 49

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 – pointe a

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 6 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

go dtáirgeann siad astaíochtaí bliantúla CO2 níos mó ná 10 000 tona ó úsáid aerárthaí le huasmhais deimhnithe éirí de thalamh níos mó ná 5 700  kg acu ag tabhairt faoi eitiltí a chumhdaítear in Iarscríbhinn I, seachas iad sin a fhágann agus a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna (lena n-áirítear réigiúin is forimeallaí an Bhallstáit chéanna), ón 1 Eanáir  2019.

(b)

go dtáirgeann siad astaíochtaí bliantúla CO2 is mó ná 10 000  tona ó úsáid aerárthaí ag a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh is mó ná 5 700  kg a dhéanann eitiltí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I  a ghabhann leis an Treoir seo agus le hAirteagal 2(3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún  (1a), seachas na heitiltí sin a fhágann Ballstát amháin agus a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna (lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí den Bhallstát céanna), ón 1 Eanáir  2021 amach.

Leasú 50

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 1

An téacs atá ann

Leasú

 

(6a)

In Airteagal 14(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar shonraí gníomhaíochta, i ndáil leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí tona-ciliméadair chun críche iarratas faoi Airteagal 3e nó Airteagal 3f, agus an t-iarratas sin bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin acmhainneacht téite domhanda gach gáis ceaptha teasa a shainiú freisin sna riachtanais a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí don ghás sin .

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar shonraí gníomhaíochta, i ndáil leis na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí tona-ciliméadair chun críche iarratas faoi Airteagal 3e nó Airteagal 3f, agus an t-iarratas sin bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus ar na ceanglais a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh na gníomhartha tarmligthe sin acmhainneacht téite domhanda gach gáis ceaptha teasa agus éifeachtaí na n-astaíochtaí eitlíochta neamh-CO2 a shainiú freisin sna ceanglais a bhaineann le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar na gáis agus na hastaíochtaí sin .’

Leasú 51

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 14 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

In Airteagal 14(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

 

“Faoin [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun scéim faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe (scéim MRV) a bhunú le haghaidh astaíochtaí neamh-CO2 ó oibreoirí aerárthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo. Beidh sonraí maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad sa scéim MRV le haghaidh astaíochtaí neamh-CO2:

 

(a)

sreabhadh breosla;

 

(b)

mais an aerárthaigh;

 

(c)

bogthaise chomhthimpeallach;

 

(d)

domhanleithead, domhanfhad agus airde an aerárthaigh;

 

(e)

an mheán-bhogthaise agus an mheánteocht;

 

(f)

innéacsanna astaíochtaí le haghaidh CO2, H2O, dé-ocsaíd sulfair (SO2) agus NOx;

 

(g)

coibhéisí CO2 in aghaidh na n-eitiltí.

 

Faoin 31 Nollaig 2026, bunaithe ar thorthaí an fhaireacháin, an tuairiscithe agus an fhíoraithe ar astaíochtaí neamh-CO2, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó measúnú tionchair a dhéanamh, agus i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun na hastaíochtaí sin a mhaolú trí raon feidhme CTA AE a leathnú chun astaíochtaí eitlíochta neamh-CO2 a chumhdach.

 

Go dtí go ndéanfar raon feidhme na Treorach seo a leathnú chun astaíochtaí neamh-CO2 ó oibreoirí aerárthaí dá dtagraítear sa dara fomhír a chumhdach, ón 31 Nollaig 2027, déanfar fachtóir astaíochta CO2 le haghaidh astaíochtaí ó ghníomhaíochtaí eitlíochta a iolrú faoi 1,8 , ón 31 Nollaig 2028 faoi 1,9 agus ón 31 Nollaig 2029 faoi 2,0 chun astaíochtaí eitlíochta neamh-CO2 a chur i gcuntas.

 

Ón … [30 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar bhonn bliantúil, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10(5), maidir le torthaí na scéime MRV dá dtagraítear sa tríú fomhír.”

Leasú 52

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 14 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

in Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“3a.     Maidir leis na sonraí astaíochtaí uile a bhaineann le hoibreoirí aerárthaí arna gcur in iúl do na Ballstáit agus don Choimisiún, lena n-áirítear sonraí arna gcur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún, déanfaidh an Coimisiún, in aghaidh an oibreora aerárthaigh agus in aghaidh gach péire aerfort, iad a thuairisciú agus a fhoilsiú ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir. Foilseofar na sonraí do gach bliain gan mhoill. Áireofar na míreanna seo a leanas ar a laghad sna sonraí sin:

 

(a)

sonraí astaíochtaí arna miondealú de réir oibreoir aerárthaigh agus de réir péire aerfort;

 

(b)

fachtóirí ualaigh, cineál aerárthaigh, cineál breosla agus ídiú breosla in aghaidh an phéire aerfort do gach oibreoir aerárthaigh;

 

(c)

an méid fritháirimh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12(7);

 

(d)

méid agus cineál na mbreoslaí incháilithe a úsáidtear chun cuid dá bhfritháireamh nó a bhfritháireamh ar fad a chomhlíonadh;

 

(e)

méid agus cineál na gcreidmheasanna carbóin a úsáidtear chun cuid dá bhfritháireamh nó a bhfritháireamh ar fad a chomhlíonadh.’;

 

(f)

mais iomlán lasta agus poist (tonaí) le linn na tréimhse tuairiscithe in aghaidh an phéire aerfort;”

Leasú 53

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 18 a – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

ó 2024 ar aghaidh, gach 2 bhliain ar a laghad, tabhair an liosta cothrom le dáta chun oibreoirí aerárthaigh a áireamh a bhfuil gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I déanta acu ina dhiaidh sin.’;

(b)

amhail ó 2024, agus gach 2 bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin , an liosta a nuashonrú chun oibreoirí aerárthaí a áireamh a bhfuil gníomhaíocht eitlíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I déanta acu ina dhiaidh sin.’;

Leasú 54

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 25a – mír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(9)

In Airteagal 10(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.   Leanfaidh an tAontas agus a Bhallstáit de chomhaontú a lorg maidir le bearta domhanda chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón eitlíocht a laghdú. I bhfianaise aon chomhaontaithe den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar cibé atá nó nach bhfuil gá le leasuithe ar an Treoir seo amhail mar atá feidhm aige maidir le hoibreoirí aerárthaí.

“2.   Leanfaidh an tAontas agus a chuid Ballstát de chomhaontú a lorg maidir le bearta domhanda chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón eitlíocht a laghdú, ar comhaontú é a bheidh ailínithe le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus Chomhaontú Pháras . I bhfianaise aon chomhaontaithe den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar cibé atá nó nach bhfuil gá le leasuithe ar an Treoir seo amhail mar atá feidhm aige maidir le hoibreoirí aerárthaí.”

Leasú 55

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 25a – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina liostófar tíortha seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, a meastar a bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha na Treorach seo, le bonnlíne 2019 le haghaidh 2021 go 2023 agus bonnlíne 2019-2020 le haghaidh gach bliain ina dhiaidh sin . Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

3.    Uair sa bhliain ar a laghad, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina liostófar tíortha seachas tíortha LEE, an Eilvéis agus an Ríocht Aontaithe, a meastar a bhfuil CORSIA á chur i bhfeidhm acu chun críocha na Treorach seo, le bonnlíne 2019 le haghaidh 2021 go 2023 agus bonnlíne 2019-2020 le haghaidh gach bliana ó 2024 . Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).

Leasú 56

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 25a – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9)

In Airteagal 25a, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.     Bunaithe ar an liosta arna bhunú faoi mhír 3, foilseoidh an Coimisiún liosta d’oibreoirí aerárthaí ó thíortha nach meastar a bheith ag cur CORSIA i bhfeidhm maidir le heitiltí chuig tríú tíortha nó uathu chun críoch na Treorach seo.”

Leasú 57

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 25a – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6.     Maidir le hastaíochtaí ó eitiltí chuig agus ó Thíortha is Lú Forbairt agus Stáit Oileánacha Bheaga i mBéal Forbartha, mar a shainmhíníonn na Náisiúin Aontaithe, seachas iad sin atá liostaithe sa ghníomh cur chun feidhme a glacadh de bhun mhír 3, ní éileofar ar oibreoirí aerárthaigh aonaid a chealú.

scriosta

Leasú 58

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 25a – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil saobhadh suntasach iomaíochta a dhéanann dochar d’oibreoirí aerárthaigh a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, spleáchais agus críocha an Bhallstáit sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na hoibreoirí aerárthaigh a dhíolmhú ó na ceanglais tabhairt suas mar a leagtar síos in Airteagal 12(8) i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí chuig agus ó na tíortha sin. D’fhéadfadh an saobhadh iomaíochta tarlú mar gheall ar thríú tír a chuireann CORSIA i bhfeidhm ar bhealach nach bhfuil chomh dian ina dhlí náisiúnta, nó má theipeann ar thír forálacha CORSIA a chur chun feidhme ar bhealach atá cothrom le haghaidh gach oibreoir aerárthaigh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2) .

7.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil saobhadh suntasach iomaíochta ann a dhéanann dochar d’oibreoirí aerárthaigh a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, spleáchríocha agus críocha an Bhallstáit sin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun na hoibreoirí aerárthaigh sin a dhíolmhú ó na ceanglais maidir le tabhairt suas mar a leagtar síos in Airteagal 12(8) i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí chuig agus ó na tíortha sin. D’fhéadfadh an saobhadh iomaíochta tarlú mar gheall ar thríú tír a chuireann CORSIA i bhfeidhm ar bhealach nach bhfuil chomh dian ina dhlí náisiúnta, nó má theipeann ar thír forálacha CORSIA a chur chun feidhme ar bhealach atá cothrom le haghaidh gach oibreoir aerárthaigh. Foilseoidh an Coimisiún faisnéis freisin faoin gcaoi ar comhlíonadh na critéir dá dtagraítear i  mír 7a .

Leasú 59

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 25a – mír 7a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9)

In Airteagal 25a, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“7a.     Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23 lena leagtar síos an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidfear chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach ar an iomaíocht de bhun mhír 7 den Airteagal seo. Foilseoidh an Coimisiún faisnéis maidir le cur i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe ar bhealach trédhearcach.”

Leasú 60

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 25a – mír 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9)

In Airteagal 25a, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“8a.     Faoin 1 Eanáir 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, ar rannchuidiú na heitlíochta le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus Chomhaontú Pháras, ar chur chun feidhme CORSIA agus ar a thionchar ar mhargadh inmheánach eitlíochta an Aontais, ar a iomaíochas agus ar aistriú cóir, go háirithe tionchair shóisialta na Treorach seo, athsciliú agus uas-sciliú, chomh maith leis an tionchar ar mhinicíocht agus ar chostais aerthaistil do phaisinéirí, go háirithe do phaisinéirí ar ioncam níos ísle. Beidh moltaí sa tuarascáil a gcuirfear chun feidhme iad gan moill mhíchuí.”

Leasú 61

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 a (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 28b

An téacs atá ann

Leasú

 

(9a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28b:

Airteagal 28b

“Airteagal 28b

An tuairisciú agus an t-athbhreithniú ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an bhirt de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda

An tuairisciú agus an t-athbhreithniú ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an bhirt de chuid ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda

1.   Faoin 1 Eanáir 2019 , agus go rialta ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht le ICAO chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme, beart atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

1.   Faoin 1 Eanáir 2027 , agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht le ICAO chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme, ar beart é atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)

na hionstraimí ábhartha de chuid ICAO, lena n-áirítear Caighdeáin agus Cleachtais Mholta;

(i)

na hionstraimí ábhartha de chuid ICAO, lena n-áirítear caighdeáin agus cleachtais mholta;

(ii)

moltaí ICAO arna bhformheas ag an gComhairle agus atá ábhartha maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda;

(ii)

moltaí ICAO arna bhformheas ag an gComhairle agus atá ábhartha maidir leis an mbeart atá bunaithe ar an margadh domhanda, lena n-áirítear aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na bonnlínte ;

(iii)

bunú cláir dhomhanda;

(iii)

bunú cláir dhomhanda;

(iv)

bearta intíre arna ndéanamh ag tríú tíortha chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach;

(iv)

bearta intíre arna ndéanamh ag tríú tíortha chun an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda a chur chun feidhme atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach;

(v)

na himpleachtaí a bheadh ag forchoimeádais tríú tíortha ; agus

(v)

leibhéal rannpháirtíochta tríú tíortha , lena n-áirítear impleachtaí a bhforchoimeádas maidir leis an rannpháirtíocht sin; agus

(vi)

aon fhorbairtí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ionstraimí ábhartha eile is infheidhme. I gcomhréir le hathbhreithniú domhanda UNFCCC , cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil freisin maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an sprioc mhianaidhme fhadtéarmach maidir le hastaíochtaí a laghdú, is é sin go ngearrfaí ina leath líon na n-astaíochtaí CO2 ó earnáil na heitlíochta faoi 2050 le hais a raibh ann sa bhliain 2005 .

(vi)

aon fhorbairtí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ionstraimí ábhartha eile is infheidhme.

I gcomhréir le hathbhreithniú domhanda Chomhaontú Pháras , cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil freisin maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an sprioc uaillmhianach fhadtéarmach maidir le hastaíochtaí a laghdú, is é sin go laghdófaí astaíochtaí ó earnáil na heitlíochta go glan-nialas faoi 2050.

2.    Faoi cheann 12 mhí ón dáta a nglacfaidh ICAO na hionstraimí ábhartha, agus sula mbeidh an beart atá bunaithe ar an margadh domhanda oibríochtúil , cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbreithneoidh sé bealaí chun na hionstraimí sin a chur chun feidhme i ndlí an Aontais trí leasú a dhéanamh ar an Treoir seo. Déanfaidh an Coimisiún breithniú sa tuarascáil sin freisin ar na rialacha is infheidhme maidir le heitiltí laistigh den LEE, mar is iomchuí. Breithneoidh sé freisin uaillmhian agus sláine fhoriomlán comhshaoil an bhirt atá bunaithe ar an margadh, lena n-áirítear an uaillmhian ghinearálta a bhaineann leis i ndáil leis na spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, i ndáil le leibhéal na rannpháirtíochta, lena infhorghníomhaitheacht, leis an trédhearcacht, leis na pionóis do neamh-chomhlíonadh, leis na próisis chun ionchur a fháil ón bpobal, le cáilíocht na creidmheasanna fritháirimh, leis an bhfaireachán, leis an tuairisciú agus leis an bhfíorú a dhéantar ar astaíochtaí, le cláir, le cuntasacht mar aon le rialacha maidir le bithbhreoslaí a úsáid. Ina theannta sin, measfar sa tuarascáil cibé an gá nó nach gá athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha arna nglacadh faoi Airteagal 28c(2).

2.    Faoi 2027 , déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina ndéanfaidh sé measúnú ar shláine comhshaoil bheart ICAO atá bunaithe ar an margadh domhanda, lena n-áirítear an uaillmhian ghinearálta a bhaineann leis i ndáil leis na spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, i ndáil lena leibhéal rannpháirtíochta, lena in-fhorfheidhmitheacht, lena thrédhearcacht, leis na pionóis do neamh-chomhlíonadh, leis na próisis chun ionchur a fháil ón bpobal, le cáilíocht na creidmheasanna fritháirimh, le faireachán, tuairisciú agus fíorú na n-astaíochtaí, le clárlanna, le cuntasacht mar aon le rialacha maidir le bithbhreoslaí a úsáid.

3.   Cuirfidh an Coimisiún togra leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, chun na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 28a a leasú, a scriosadh, a leathnú nó a maoluithe eile a chur ina n-áit, togra atá i gcomhréir le gealltanas uile-gheilleagair laghdaithe ghás ceaptha teasa an Aontais le haghaidh 2030, leis an sprioc go gcaomhnófar sláine comhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais.

3.   Cuirfidh an Coimisiún togra leis an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcás inarb iomchuí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, chun na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 28a a leasú, a scriosadh, a leathnú nó maoluithe eile a chur ina n-áit, ar togra é a bheidh i gcomhréir le gealltanas uile-gheilleagair laghdaithe gás ceaptha teasa an Aontais le haghaidh 2030 agus leis an sprioc go mbainfí amach aeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí , agus é mar aidhm leis sin go gcaomhnófar sláine comhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais.

 

3a.     D’fhonn scéim CORSIA a fheabhsú, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit feabhsuithe chun cinn go gníomhach in ICAO agus trí thaidhleoireacht dhéthaobhach agus iltaobhach maidir le sláine comhshaoil CORSIA, lena n-áirítear na critéir inbhuanaitheachta le haghaidh fritháireamh, agus a fhorfheidhmiú, agus spreagfaidh siad rannpháirtíocht idirnáisiúnta níos leithne sa scéim. Ina theannta sin, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit bearta breise aeráide agus comhshaoil agus trédhearcacht níos fearr a chur chun cinn in ICAO, mar aon le sprioc uaillmhianach fhadtéarmach a bhunú maidir le laghdú astaíochtaí a bheidh i gcomhréir le Comhaontú Pháras.”;

Leasú 62

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 b (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9b)

In Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“4a.     Faoin 1 Eanáir 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar meastóireacht ar na tionchair chomhshaoil agus aeráide agus ar a inmharthana a bheadh sé ó thaobh an gheilleagair de ceanglais shonracha a bhunú don deighleog eitiltí arb é atá inti eitiltí réigiúnacha agus ceann íochtair na n-eitiltí gearr-raoin chun na tionchair sin a laghdú, lena n-áirítear íos-sciartha níos airde de bhreoslaí eitlíochta inbhuanaithe dá ndéanfar tagairt i Rialachán xxxx/xxxx [Rialachán ReFuelEU]  (*2) a shocrú, mar aon le féidearthachtaí maidir le ródú malartach do na cineálacha sin eitiltí, agus na modhanna malartacha iompair phoiblí atá ar fáil chun na seirbhísí sin a chumhdach laistigh de thréimhse ama inchomparáide á gcur san áireamh.”

Leasú 72

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 c (nua)

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 30 – mír 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9c)

in Airteagal 30, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

4b.     Roimh an 1 Eanáir 2025, déanfaidh an Coimisiún, le tacaíocht ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach arna bhunú in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, anailís a thíolacadh ar bhearta chun an tionchar aeráide a bhaineann le haerthaisteal a dhéanann aerárthaí príobháideacha a laghdú, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir leis an mbealach is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin.


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0155/2022).

(10)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(11)  Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE le go gcuirtear gníomhaíochtaí eitlíochta san áireamh sa scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 8, 13.1.2009, lch. 3).

(10)  Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).

(11)  Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE le go gcuirtear gníomhaíochtaí eitlíochta san áireamh sa scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal (IO L 8, 13.1.2009, lch. 3).

(11a)   Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Nollaig 2011, Air Transport Association of America and Others v. Secretary of State for Energy and Climate Change, C-366/10, ECLI:EU:C:2011:864.

(12)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(12)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(13)  Cinneadh (AE) 2020/954 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir leis an bhfógra a thabhairt faoi rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021 agus an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023 (IO L 212, 3.7.2020, lch. 14).

(13)  Cinneadh (AE) 2020/954 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2020 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir leis an bhfógra a thabhairt faoi rannpháirtíocht shaorálach sa Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ón 1 Eanáir 2021 agus an rogha a roghnaíodh chun ceanglais fritháirithe ar oibreoirí aerárthaí a ríomh le linn na tréimhse 2021-2023 (IO L 212, 3.7.2020, lch. 14).

(16)  https://www4.unfccc.int/sites/ndcstaging/PublishedDocuments/European%20Union%20First/EU_NDC_Submission_December%202020.pdf

(16)  https://www4.unfccc.int/sites/ndcstaging/PublishedDocuments/European%20Union%20First/EU_NDC_Submission_December%202020.pdf

(17)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(17)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(1a)   [cuir tagairt do Rialachán ReFuelEU isteach anseo].

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(1a)   Breithiúnas an 21 Nollaig 2011, Air Transport Association of America and Others v Secretary of State for Energy and Climate Change, C-366/10, EU:C:2011:864.

(*1)   [cuir tagairt do Rialachán FuelEU Maritime isteach anseo].

(*)   [cuir tagairt do Rialachán FuelEU Maritime isteach anseo].

(1a)   Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun críche beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10).

(*2)  [cuir tagairt do Rialachán FuelEU Maritime isteach anseo].


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/173


P9_TA(2022)0231

Fógra faoin Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE a mhéid a bhaineann leis an bhfógra maidir le fritháireamh i leith beart domhanda margadhbhunaithe d’oibreoirí aerárthaigh atá bunaithe san Aontas (COM(2021)0567 – C9-0323/2021 – 2021/0204(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 493/22)

Leasú 1

Togra le haghaidh cinnidh

Aithris - 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1a)

Tháinig Comhaontú Pháras, a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”)  (1a) . D’aontaigh na páirtithe i gComhaontú Pháras an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5 oC a chur leis an méadú teochta. Trí Chomhaontú Aeráide Ghlaschú i gComhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26) a ghlacadh i mí na Samhna 2021, d’aithin na Páirtithe ann go laghdódh teorannú an ardaithe meánteochta domhanda go dtí 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch rioscaí agus tionchar an athraithe aeráide go mór agus gheall siad a gcuid spriocanna le haghaidh 2030 a neartú faoi dheireadh na bliana 2022 chun a áirithiú go mbeidh na Páirtithe ar an mbealach ceart chun teorainn 1,5  oC a chur leis an téamh domhanda.

Leasú 2

Togra le haghaidh cinnidh

Aithris - 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1b)

I rún uaithi an 28 Samhain 2019 ar an ngéarchéim aeráide agus chomhshaoil  (1b) , thathantaigh Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún gníomhú láithreach agus go huaillmhianach chun teorainn 1,5  oC a chur leis an téamh domhanda. Tá a phráinní atá sé gan dul thar sprioc Chomhaontú Pháras de 1,5  oC níos suntasaí anois mar thoradh ar thorthaí an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) i dtuarascálacha uaidh an 8 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal Global warming of 1,5  oC [Athrú aeráide 1,5  oC], an 7 Lúnasa 2021 dar teideal Climate Change 2021: The Physical Science Basis [Athrú Aeráide 2021: An Bonn Eolaíochta Fisiciúla] agus an 28 Feabhra 2022 dar teideal Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht] Dúirt IPCC le hardmhuinín, go bhfuil an t-athrú aeráide ina bhagairt ar dhea-bhaill an duine agus sláinte an phláinéid, agus má chuirtear moill bhreise ar ghníomhaíocht dhomhanda chomhbheartaithe atá réamhbheartaithe maidir le hoiriúnú agus maolú go caillfear an deis, ar deis í atá á dúnadh go gairid agus go gasta, todhchaí inbhuanaithe ar féidir linn maireachtáil inti a chinntiú do chách. Chinn IPCC freisin go mbeidh iarmhairtí an athraithe aeráide i bhfad níos milltí má mhainnítear teorainn 1,5  oC a chur leis an téamh domhanda agus má shroicheann sé 2 oC. Sa bhreis air sin, sroichfidh nó sáróidh an teocht dhomhanda 1,5  oC níos luaithe ná mar a bhíothas ag súil leis roimhe seo, eadhon ar an meán sna 20 bliain amach romhainn. Fuarthas amach freisin, mura mbeidh laghduithe láithreacha agus uaillmhianacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, nach mbeifear in ann an téamh domhanda a theorannú a thuilleadh gar do 1,5  oC nó fiú 2 oC. Ina theannta sin, i rún 48/13 uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2021, d’aithin Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an ceart chun comhshaoil shábháilte, ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe a bheith ina cheart ag an duine.

Leasú 3

Togra le haghaidh cinnidh

Aithris - 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1c)

I rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú, an Ríocht Aontaithe (COP26)  (1c) , chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go raibh imní uirthi faoin dul chun cinn mall a baineadh amach san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le haghaidh a thabhairt ar astaíochtaí ón eitlíocht idirnáisiúnta agus d’athdhearbhaigh sí sa chomhthéacs sin gur gá an earnáil sin a rialáil faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais (CTA), a d’fhéadfadh a bheith ina eiseamláir don obair chomhthreomhar, ag tacú leis an uaillmhian dhomhanda níos airde ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear in ICAO. Thairis sin, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a seacht ndícheall a dhéanamh chun an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) a neartú agus tacú le ICAO sprioc fhadtéarmach a ghlacadh chun astaíochtaí laistigh den earnáil a laghdú agus neamhspleáchas reachtach an Aontais á chosaint ag an am céanna i gcur chun feidhme Threoir CTA AE.

Leasú 4

Togra le haghaidh cinnidh

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Faoi réir na ndifríochtaí atá idir reachtaíocht an Aontais agus CORSIA, a fógraíodh do ICAO tar éis Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle (14) , agus an bhealaigh ina leasaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle reachtaíocht an Aontais, tá sé i gceist ag an Aontas CORSIA a chur chun feidhme.

(2)

Faoi réir na ndifríochtaí atá idir reachtaíocht an Aontais agus scéim CORSIA arna glacadh ag ICAO , a fógraíodh do ICAO tar éis Chinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle (14), agus an bhealaigh ina leasaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle reachtaíocht an Aontais, tá sé i gceist ag an Aontas CORSIA a chur chun feidhme trí Threoir 2003/87/CE .

Leasú 5

Togra le haghaidh cinnidh

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)

Gan dochar do Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE maidir le rannchuidiú na heitlíochta le sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair agus lena gcuirtear chun feidhme go hiomchuí beart atá bunaithe ar an margadh domhanda, is éard atá i gceist leis an Treoir seo ná beart sealadach nach bhfuil feidhm aige ach amháin go dtí go dtiocfaidh an Treoir sin i bhfeidhm.

Leasú 6

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – mír 1

Treoir 2003/87/CE

Airteagal 12 – mír 6 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

táirgeann siad astaíochtaí bliantúla CO2 is mó ná 10 000  tona ó úsáid aerárthaí ag a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh is mó ná 5 700  kg a dhéanann eitiltí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, seachas na heitiltí sin a fhágann Ballstát amháin agus a thuirlingíonn sa Bhallstát sin (lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí den Ballstát céanna), ón 1 Eanáir 2019 amach.

(b)

go dtáirgeann siad astaíochtaí bliantúla CO2 is mó ná 10 000  tona ó úsáid aerárthaí ag a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh is mó ná 5 700  kg a dhéanann eitiltí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I  a ghabhann leis an Treoir seo agus le hAirteagal 2(3) agus (4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún  (1a), seachas na heitiltí sin a fhágann Ballstát amháin agus a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna (lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí den Bhallstát céanna), ón 1 Eanáir 2021 amach.


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0145/2022).

(1a)   Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(1b)   IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.

(1c)   IO C 184, 5.5.2022, lch. 118.

(14)  Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle an 29 Samhain 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i leith an Chéad Eagráin de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint an Chomhshaoil — an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 25).

(14)  Cinneadh (AE) 2018/2027 ón gComhairle an 29 Samhain 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta i leith an Chéad Eagráin de na Caighdeáin Idirnáisiúnta agus na Cleachtais Mholta maidir le Cosaint an Chomhshaoil — an Scéim Fritháirithe agus Laghdaithe Carbóin don Eitlíocht Idirnáisiúnta (CORSIA) (IO L 325, 20.12.2018, lch. 25).

(1a)   Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1603 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta a ghlac an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí eitlíochta chun críche beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme (IO L 250, 30.9.2019, lch. 10).


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/177


P9_TA(2022)0232

Laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit (an Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill) ***I

Leasuithe (*) a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/842 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go dtí 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh (COM(2021)0555 – C9-0321/2021 – 2021/0200(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 493/23)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Comhaontú Pháras, a glacadh i Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bhfeidhm, tháinig sé i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”). D'aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(1)

Comhaontú Pháras, a glacadh i Nollaig 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bhfeidhm, tháinig sé i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”). D’aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta , agus a bheith faoi threoir, inter alia, prionsabail an chothromais agus na bhfreagrachtaí agus na n-inniúlachtaí faoi seach atá coiteann ach difreáilte ag an am céanna . Trí Chomhaontú Aeráide Ghlaschú a ghlacadh i mí na Samhna 2021, d’aithin na Páirtithe i gComhaontú Pháras go ndéanfadh coinneáil an mhéadaithe ar an meánteocht dhomhanda go 1,5  oC laghdú suntasach ar rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide agus gheall siad a gcuid spriocanna le haghaidh 2030 a neartú faoi dheireadh 2022.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)

Tá práinn mhéadaitheach ag teacht ar an ngá gníomhaíocht a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú, mar a luaigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), sna tuarascálacha is déanaí uaidh dar dáta an 7 Lúnasa 2021 dar teideal Climate change 2021: The Physical Science Basis [Athrú Aeráide 2021: An Bonn Eolaíochta-Fisiciúla] agus an 28 Feabhra 2022 dar teideal Climate Change 2022: Impacts, Adaptation and Vulnerability [Athrú Aeráide 2022: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht]. Dúirt IPCC go hardmhuiníneach go bhfuil an t-athrú aeráide ina bhagairt ar dhea-bhail an duine agus ar shláinte an phláinéid, agus gurb amhlaidh, má chuirtear moill bhreise ar ghníomhaíocht dhomhanda chomhbheartaithe atá réamhbheartaithe maidir le hoiriúnú agus maolú, a chaillfear an deis todhchaí inbhuanaithe ar féidir linn maireachtáil inti a dhaingniú do chách, ar deis ghearrshaolach í atá á dúnadh go gasta. Cuireann IPCC meastacháin nua ar fáil maidir leis an seans go sárófar leibhéal téimh dhomhanda 1,5  oC sna blianta amach romhainn, agus tuigtear leis nach mbeifear in ann an téamh a theorannú go gar do 1,5  oC nó fiú 2 oC mura ndéanfar laghdú láithreach, mear agus ar mhórscála ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas aghaidh a thabhairt ar an bpráinn sin trí dhlús a chur lena iarrachtaí agus trí é féin a bhunú mar cheannaire idirnáisiúnta sa chomhrac in aghaidh an athraithe aeráide.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip (31) nasctar sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní , agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní . Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’fhir ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine arb as cine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár.

(3)

Túsphointe atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip (31) chun cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, ar a dhéanaí, agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, ar aidhm í a leagtar síos in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (31a). Nascann sé sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus leagann sé amach straitéis nua fáis arb é is aidhm di sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch a bheidh tíosach ar acmhainní. Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus dea-bhail na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do gach inscne ar bhealaí difriúla agus tá tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine faoi bhochtaineacht fuinnimh nó iompair, agus daoine agus teaghlaigh ar ioncam níos ísle agus daoine ar de chine nó grúpa eitneach mionlaigh iad. Déanann an t-aistriú difear freisin do na Ballstáit agus do réigiúin ar bhealaí difriúla. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin gur cóir cuimsitheach a bheidh an t-aistriú, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

Chun go mbeidh sí inghlactha go sóisialta, ba cheart go gcuirfí uaillmhian shóisialta choibhéiseach leis an uaillmhian aeráide a leagtar amach sa Rialachán seo. Tugann leibhéal méadaithe na huaillmhéine le tuiscint go bhfuil athruithe substaintiúla sna hearnálacha a ndéantar difear dóibh a bhféadfadh tionchar sóisialta agus saothair a bheith acu. Ní mór bearta leordhóthanacha airgeadais agus beartais a bheith ag gabháil leis na spriocanna athbhreithnithe maidir le laghdú astaíochtaí chun a áirithiú gur féidir na spriocanna sin a bhaint amach ar bhealach atá cothrom go sóisialta. Féadfar a áireamh i measc na mbeart, inter alia, measúnuithe tionchair ar fhostaíocht a dhéanamh lena ndéantar meastóireacht ar an tionchar ar phoist agus ar dhálaí oibre ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach araon, mar aon le hacmhainní náisiúnta agus acmhainní de chuid an Aontais a leithdháileadh chun bearta oiriúnaithe sóisialta agus cruthú post ar ardchaighdeán, comhionannas inscne, foghlaim ar feadh an tsaoil, gairmoiliúint agus cosaint shóisialta a chistiú, agus cómhargáil éifeachtach a áirithiú. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfar comhairliúchán tráthúil agus rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta sna hearnálacha a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán seo maidir le bearta náisiúnta a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b)

Leis an aistriú chuig geilleagar san Aontas a bheadh ag luí le sprioc na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí, d’fhéadfadh tionchar ar leith a bheith aige, thairis sin, ar earnálacha eacnamaíocha áirithe, go mór mór micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide leochaileacha sna hearnálacha sin. Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, tá sé tábhachtach go gcruthóidh na Ballstáit timpeallacht chumasúcháin do na fiontair sin chun aistriú chuig cleachtais lena ngabhann níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus de réir a chéile nach ngabhann astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bith leo.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3c)

Is é an tátal ar thángthas air faoi Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus ag Fóram Domhanda ECFE maidir leis an gComhshaol go bhfuil tionchar inscne-shonrach ag athruithe comhshaoil. Mar thoradh ar róil inscne-dhifreáilte, bíonn leochaileachtaí difreáilte ag gach inscne i leith éifeachtaí an athraithe aeráide freisin, agus fágann tionchair an athraithe aeráide gur measa a bhíonn neamhionannais inscne.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) (“An Dlí Aeráide Eorpach”), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030.

(4)

I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32) (“An Dlí Aeráide Eorpach”), chumhdaigh an tAontas sa reachtaíocht an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 ar a dhéanaí agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin . Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach san Aontas faoi 2030. Thairis sin, bunaítear leis agus an sprioc á cur chun feidhme, go dtabharfaidís tús áite do laghduithe tapa agus intuartha ar astaíochtaí agus, ag an am céanna, go gcuirfidís feabhas ar aistrithe trí linnte nádúrtha. Tá rannchuidiú glan-aistrithe le sprioc 2030 teoranta do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2, agus tá an chuid eile den sprioc le baint amach trí laghduithe díreacha ar astaíochtaí.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

Chun na gealltanais sin, agus rannchuidithe an Aontais faoi Chomhaontú Pháras (33) arna nglacadh faoi UNFCCC, a chur chun feidhme, ba cheart creat rialála an Aontais a oiriúnú chun an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach.

(5)

Chun na gealltanais sin, agus rannchuidithe an Aontais arna gcinneadh go náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras (33) arna nglacadh faoi UNFCCC, a chur chun feidhme, ba cheart creat rialála an Aontais a oiriúnú chun an sprioc astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Cé go mbeidh feidhm freisin ag trádáil astaíochtaí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar agus ó iompar muirí agus ó fhoirgnimh freisin, déanfar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit laistigh de raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34).

(7)

Cé go bhféadfaidh feidhm a bheith ag trádáil astaíochtaí freisin maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar agus ó iompar muirí agus ó fhoirgnimh freisin, déanfar raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842 a choinneáil ar bun. Beidh feidhm fós ag Rialachán (AE) 2018/842 dá bhrí sin maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón loingseoireacht intíre, ach ní bhí feidhm aige maidir leis na hastaíochtaí sin ón loingseoireacht idirnáisiúnta. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, arb astaíochtaí iad a bheidh le cur san áireamh le haghaidh seiceálacha comhlíontachta, leanfar de na hastaíochtaí sin a chinneadh tar éis athbhreithnithe fardail i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Mar sin féin, is amhlaidh, le blianta beaga anuas, a tháinig méadú ar na hastaíochtaí de chuid earnálacha áirithe nó a d’fhan siad seasmhach  (34).

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Ina conclúidí an 11 Nollaig 2020, luaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas sprioc 2030 a shaothrú le chéile sa bhealach is costéifeachtaí is féidir, go nglacfaidh na Ballstáit uile páirt san iarracht sin, agus ceisteanna cothroime agus dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, fad agus nach bhfágtar duine ar bith ar lár, agus gur gá sprioc nua 2030 a bhaint amach ar bhealach ina gcoimeádfar iomaíochas an Aontais agus ina gcuirtear san áireamh túsphointí éagsúla agus cúinsí náisiúnta sonracha agus cumas um laghdú astaíochtaí na mBallstát, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le Ballstáit oileánacha agus oileáin, chomh maith leis na hiarrachtaí arna ndéanamh.

(9)

I gconclúidí uaithi an 11 Nollaig 2020, luaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfaidh an tAontas sprioc 2030 a shaothrú le chéile sa bhealach is costéifeachtaí is féidir, go nglacfaidh na Ballstáit uile páirt san iarracht sin, agus ceisteanna cothroime agus dlúthpháirtíochta á gcur san áireamh, agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár, agus gur gá sprioc nua 2030 a bhaint amach ar bhealach ina gcaomhnófar iomaíochas an Aontais agus ina ndéanfar, maidir leis na Ballstáit, a dtúsphointí éagsúla , na laghduithe ar astaíochtaí atá bainte amach acu cheana agus a gcúinsí náisiúnta sonracha agus a n-acmhainneacht um laghdú astaíochtaí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le Ballstáit oileánacha agus oileáin, chomh maith leis na hiarrachtaí arna ndéanamh, a chur san áireamh.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)

Tar éis 2030, is gá go mbainfidh an tAontas agus gach aon Bhallstát an cuspóir aeráidneodrachta ar fud an Aontais amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus go mbeidh sé d’aidhm acu astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Ba cheart go n-áiritheofaí le Rialachán (AE) 2018/842 go dtabharfar gach Ballstát ar chonairí astaíochta, agus go nglacfaidh siad beartais nithiúla fhadtéarmacha, arb é a bheidh mar thoradh astu go mbainfear an cuspóir sin amach.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

D’fhonn an sprioc chun laghdú 55 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, is gá do na hearnálacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad - 40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005.

(10)

Chun gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chur chun feidhme agus an sprioc laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach, is gá do gach earnáil a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842 a n-astaíochtaí a laghdú go céimnitheach go dtí go mbaineann siad - 40 % amach in 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

Chun na críche sin, is gá an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a athbhreithniú i gcás gach Ballstáit. Ba cheart an mhodheolaíocht chéanna a úsáid san athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa agus a leanadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842 an chéad uair, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtachta difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Maidir le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uasta i gcás gach Ballstáit in 2030, ba cheart iad a chinneadh dá bhrí sin i ndáil le leibhéal a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, leibhéil ina n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh i gcóras trádála astaíochta an Aontais tar éis 2005.

(11)

Chun na críche sin, is gá an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa do 2030 a athbhreithniú i gcás gach Ballstáit. San athbhreithniú ar an sprioc laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa úsáidtear an mhodheolaíocht chéanna agus a leanadh nuair a glacadh Rialachán (AE) 2018/842 an chéad uair, modheolaíocht inar cinneadh na rannchuidithe náisiúnta i bhfianaise inniúlachtaí agus deiseanna costéifeachtachta difriúla na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí dáileadh cothrom agus cóir iarrachta. Mar sin féin, ní chomhtháthaítear dáileadh spriocanna na mBallstát, ar cheart iad a mheas nuair a dhéantar measúnú ar an gcaoi a gcuireann na spriocanna náisiúnta le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí ar bhealach costéifeachtach agus cothrom. Maidir le laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uasta i gcás gach Ballstáit in 2030, ba cheart iad a chinneadh dá bhrí sin i ndáil le leibhéal a astaíochtaí athbhreithnithe gás ceaptha teasa 2005 a chumhdaítear leis an Rialachán seo, leibhéil ina n-eisiatar astaíochtaí gás ceaptha teasa fíoraithe ó shuiteálacha a bhí ag feidhmiú in 2005 agus nár áiríodh i gcóras trádála astaíochta an Aontais tar éis 2005.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a)

Tugadh chun suntais i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis de chuid an Aontais chun astaíochtaí meatáin a laghdú gur gás ceaptha teasa cumhachtach é meatán, atá sa dara háit i ndiaidh dé-ocsaíd charbóin ó thaobh rannchuidiú foriomlán leis an athrú aeráide; Ar leibhéal móilíneach, tá meatán i bhfad níos cumhachtaí ná dé-ocsaíd charbóin Cé go maireann meatán san atmaisféar ar feadh tréimhse ama níos giorra ná dé-ocsaíd charbóin, tá éifeacht shuntasach aige ar an aeráid. I mí Mheán Fómhair 2021, d’fhógair an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe an Gealltanas Domhanda Meatáin, a bhfuil níos mó ná 100 tír san iomlán páirteach ann ó shin. Tá sé mar aidhm ag sínitheoirí an ghealltanais go ndéanfar an sprioc chomhchoiteann maidir le laghdú 30 % ar a laghad ar astaíochtaí meatáin domhanda ó leibhéil 2020 a bhaint amach faoi 2030 agus go bhfeabhsófar caighdeáin tuairiscithe. Is ionann meatán, ocsaíd nítriúil agus gáis-F mar a thugtar orthu le chéile agus os cionn 20 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. I bhfianaise na ngealltanas sin agus cineál gearrshaolach go leor de na gáis ceaptha teasa sin, is iomchuí sprioc amháin nó níos mó de chuid an Aontais a leagan síos le haghaidh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa uile nach astaíochtaí CO2 iad i ngach earnáil.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Tá paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige freisin ar leibhéal na n-astaíochtaí. De dheasca na n-ábhar éiginnteachta sin, is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí maidir le hastaíochtaí in 2025, agus na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a choigeartú más gá.

(13)

Tá paindéim COVID-19 tar éis tionchar a imirt ar gheilleagar an Aontais agus ar leibhéal astaíochtaí an Aontais ar bhealach nach féidir a ríomh ina iomláine go fóill. Ar an taobh eile, tá an tAontas ag seoladh a chláir spreagtha is mó riamh, a bhfuil sé mar aidhm leis téarnamh glas a áirithiú agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ag an am céanna ar leibhéal na n-astaíochtaí freisin. Is iomchuí conair rialála chobhsaí, intuartha agus uaillmhianach a bheith ann maidir le hastaíochtaí i rith na ndeich bliana reatha chun na laghduithe ar astaíochtaí is gá agus an tslándáil pleanála araon a áirithiú.

Leasuithe 16 agus 55

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Is iomchuí dá bhrí sin na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a thabhairt cothrom le dáta in 2025 le haghaidh na mblianta 2026 go 2030. Ba cheart é sin a bhunú ar athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh ag an gCoimisiún ar na sonraí ó na fardail náisiúnta chun meán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa do gach Ballstát le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023 a chinneadh.

scriosta

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart tosaíocht a thabhairt do laghduithe ar astaíochtaí díreacha, ar gá iad a chomhlánú le haistrithe méadaithe CO2 ar mhaithe leis an aeráidneodracht a bhaint amach. Aithnítear le Rialachán (AE) 2021/1119 go bhfuil réitigh nádúrtha agus theicneolaíocha san áireamh i linnte carbóin. Tugtar aghaidh ar ról na réiteach teicneolaíoch le haghaidh aistriú carbóin i roinnt tuarascálacha de chuid an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide freisin, go háirithe sa mhéid a chuir Grúpa Oibre III leis an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe. Tá sé tábhachtach go ndéanfaí scéim de chuid an Aontais a chur ar bun chun aistrithe carbóin a stóráiltear go sábháilte agus go buan a dheimhniú trí réitigh theicneolaíocha, rud a thabharfadh soiléireacht do na Ballstáit agus d’oibreoirí margaidh chun na haistrithe sin a fheabhsú. Ach scéim deimhniúcháin den sórt sin a bheith i bhfeidhm, beifear in ann anailís a dhéanamh ar chuntasaíocht na n-aistrithe sin faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear an ndéanann cuntasaíocht na n-aistrithe sin difear do na hastaíochtaí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/842, agus lánurraim á tabhairt do na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2021/1119. Is aistrithe breise iad na haistrithe sin agus ní dhéantar na laghduithe is gá ar astaíochtaí a fhritháireamh leo i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

Faoi Rialachán (AE) 2018/842, féadfar cur ar ceal líon teoranta lamháltas astaíochtaí i gcóras trádála astaíochta an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh maidir le comhlíontacht i gcás roinnt de na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2018/842. I ngeall ar struchtúr sonrach gheilleagar Mhálta, is airde i bhfad sprioc laghdaithe náisiúnta an Bhallstáit sin bunaithe ar Olltáirgeacht Intíre per capita ná a chumas dí-ocsaídithe costéifeachtach, is iomchuí dá bhrí sin rochtain Mhálta ar an tsolúbthacht sin a mhéadú, gan cur isteach ar sprioc 2030 an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí.

(15)

Faoi Rialachán (AE) 2018/842, féadfar cur ar ceal líon teoranta lamháltas astaíochtaí i gcóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh maidir le comhlíontacht i gcás roinnt de na Ballstáit faoi Rialachán (AE) 2018/842. I ngeall ar struchtúr sonrach gheilleagar Mhálta, is airde i bhfad sprioc laghdaithe náisiúnta an Bhallstáit sin bunaithe ar olltáirgeacht intíre per capita ná a chumas dí-ocsaídithe costéifeachtach, agus is iomchuí, dá bhrí sin, rochtain Mhálta ar an tsolúbthacht sin a mhéadú, gan cur isteach ar sprioc 2030 an Aontais maidir le laghduithe astaíochtaí. Na Ballstáit atá i dteideal na solúbthachta sin ach nár bhain feidhm aisti i gcomhthéacs 2019 Rialachán (AE) 2018/842, ba cheart an deis a thabhairt dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin chun aird a thabhairt ar na spriocanna laghdaithe náisiúnta a moladh le déanaí. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit lena mbaineann in ann athbhreithniú a dhéanamh ar bhonn níos rialta ar na céatadáin a dtugann siad fógra fúthu.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a)

Chun comhlíonadh na mBallstát a áirithiú agus a dhreasú maidir leis na ranníocaíochtaí is lú a dhéanfaidh siad don tréimhse ó 2021 go 2030 faoi Rialachán (AE) 2018/842 arna leasú, ba cheart gníomhaíochtaí ceartaitheacha a neartú agus a nascadh ar bhealach níos dlúithe leis na pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid faoi Rialachán (AE) 2018/1999. Má théann Ballstát thar a leithdháiltí bliantúla d’astaíochtaí ar feadh dhá bhliain i ndiaidh a chéile, ba cheart don Bhallstát sin athbhreithniú a dhéanamh ar a phlean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid a tíolacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999, agus deis a thabhairt don phobal a bheith rannpháirteach sa phróiseas ag an am céanna.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16b)

Tá an tAontas agus na Ballstáit ina bpáirtithe i gCoinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar an gCeartas i gCúrsaí Comhshaoil (“Coinbhinsiún Aarhus”)  (1a) . Is cuid lárnach de luachanna daonlathacha an Aontais iad grinnscrúdú poiblí agus rochtain ar an gceartas agus is uirlís chun an smacht reachta a choimirciú iad. I dteachtaireacht an Choimisiúin an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Improving access to justice in environmental matters in the EU and its Member States [Rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil a fheabhsú san Aontas Eorpach agus na Ballstáit], d’aithin an Coimisiún nach ráthaítear rochtain ar an gceartas i ngach Ballstát agus d’iarr sé ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa forálacha sainráite maidir le rochtain ar an gceartas a thabhairt isteach sa reachtaíocht earnála. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a leagan síos lena n-áiritheofar rochtain an phobail ar an ceartas maidir leis na gníomhaíochtaí lena gcuirtear Rialachán (AE) 2018/842 arna leasú chun feidhme.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16c)

Chun na cuspóirí faoi Rialachán (AE) 2018/842 arna leasú agus faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais a bhaint amach, go háirithe na cuspóirí sin faoi Rialachán (AE) 2021/1119, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit leas a bhaint as an eolaíocht is déanaí tráth beartais á gcur chun feidhme acu. Ba cheart, dá bhrí sin, an chomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide, a bunaíodh le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, a mheas ar fud Rialachán (AE) 2018/842 arna leasú, de réir mar is iomchuí.

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Le socrú spriocanna níos uaillmhianaí faoi Rialachán (AE) 2018/841, laghdófar acmhainneacht na mBallstát glanaistrithe a ghiniúint is féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, leis an deighilt ar úsáid sholúbthacht LULUCF in dhá thréimhse ama ar leithligh, déanfar infhaighteacht glanaistrithe a theorannú a thuilleadh chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Mar thoradh air sin, féadfaidh roinnt Ballstát deacrachtaí a bheith acu a spriocanna a bhaint amach faoi Rialachán (AE) 2018/842, fad agus a fhéadfaidh roinnt Ballstát, bíodh na Ballstáit chéanna iad nó Ballstáit eile, glanaistrithe a ghiniúint nach féidir a úsáid chun Rialachán (AE) 2018/842 a chomhlíonadh. Fad agus a chomhlíontar oibleagáidí an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, go háirithe maidir leis an teorainn uasta ar rannchuidiú glanaistrithe, is iomchuí sásra deonach nua a chruthú, i bhfoirm cúlchiste bhreise, lena gcuideofar leis na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh.

scriosta

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a)

I bhfianaise na gné fadtéarmaí a bhaineann le cosaint éifeachtach ar an aeráid a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 agus i bhfianaise thiomantas an Aontais do chuspóirí Chomhaontú Pháras, is cruinne a bheadh pleanáil beartais ach soiléireacht faoi chonairí laghdaithe fadtéarmacha aonair na mBallstát tar éis 2030 a bheith ann. Is iomchuí, dá bhrí sin, próiseas a áireamh lena socrófar conairí laghdaithe náisiúnta do gach Ballstát maidir le haeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí.

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe - 1 (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Teideal

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

 

“Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 agus ina dhiaidh sin lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013”

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

In Airteagal 1, cuirtear “30 %” in ionad “40 %”;

(1)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

“Leagtar síos sa Rialachán seo oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an rannchuidiú is íosta uathu don tréimhse ó 2021 go 2030 chun sprioc reatha an Aontais a chomhlíonadh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú 40 % faoi bhun leibhéil na bliana 2005 in 2030 sna hearnálacha sin a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán sin. Cuireann sé leis an sprioc fhadtéarmach maidir leis an aeráidneodracht san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm leis astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin. Ar an gcaoi sin, cuidíonn sé le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/1119 agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach. Leagtar síos leis an Rialachán seo freisin rialacha maidir leis na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a chinneadh agus maidir le meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo a rannchuidiú íosta a chomhlíonadh agus an bealach a réiteach chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais i ndiaidh 2030 a shocrú sna hearnálacha a chumhdaítear le hAirteagal 2 den Rialachán seo.”

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 2 – mír 1a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

In Airteagal 2, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“1a.     Chun críche an Rialacháin seo, is iad bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a chomhlíonann na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bunaíodh le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) , agus iad sin amháin, ar féidir a mheas go bhfuil astaíochtaí nialasacha acu. Más mó an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear le linn iompair, a tháirgtear ó bharra bia agus beatha ná an sciar uasta a bhunaítear in Airteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001, ní mheasfar astaíochtaí nialasacha a bheith ag na breoslaí agus na leachtanna sin chun críche an Rialacháin seo. Faoi Eanáir 2024, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun leasú a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann le cinneadh agus ceanglais tuairiscithe maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear i Rialachán (AE) 2018/1999 de bhun an Airteagail seo.”

Leasuithe 27 agus 57cp agus 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 4 – míreanna 2 agus 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

(3)

In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

‘2.   Faoi réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo agus de réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) de, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur i bhfeidhm Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát:

‘2.   Faoi réir na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo agus de réir an choigeartaithe de bhun Airteagal 10(2) de, agus aon laghdú a thiocfaidh as cur i bhfeidhm Airteagal 7 de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE á chur san áireamh, áiritheoidh gach Ballstát:

(a)

nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2021 agus 2022 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair laghdaithe líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin.

(a)

nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2021 agus 2022 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair laghdaithe líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin;

(b)

nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023, 2024 agus 2025 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2022 le leithdháileadh bliantúil astaíochtaí an Bhallstáit sin, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo don bhliain sin, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)

nach rachfar thar a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2023 go 2030 an teorainn a shainítear le conair líneach ar bhonn mheán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn 2016, 2017 agus 2018, mar a leagtar amach de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tosóidh conair líneach Ballstáit ag cúig dhódhéagú den achar ama ó 2019 go 2020 nó in 2020, cibé acu is ísle leithdháileadh an Bhallstáit sin mar thoradh ar an ríomh sin.

(c)

nach sáróidh a astaíochtaí gás ceaptha teasa sna blianta 2026 go 2030 an teorainn a shainítear le conair laghdaithe líneach a thosaíonn in 2024 le meán a astaíochtaí gás ceaptha teasa le linn na mblianta 2021, 2022 agus 2023, arna thíolacadh ag an mBallstát de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999, agus a chríochnaíonn in 2030 ar an teorainn a leagtar síos don Bhallstát sin i gcolún 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

 

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO 2 i gcomhréir leis na conairí laghdaithe líneacha a leagtar amach i mír 2.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme tar éis dlúthchomhairliúcháin leis na Ballstáit, ina leagfar amach na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí do gach Ballstát do na blianta ó 2021 go 2030 i dtonaí de choibhéis CO 2 i gcomhréir leis na conairí laghdaithe líneacha a leagtar amach i mír 2.

Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus léireoidh sé luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit a úsáideadh chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a chinneadh.

Do na blianta 2021 agus 2022, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2005 agus 2016 go 2018 a thíolaic na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus léireoidh sé luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit a úsáideadh chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa sin a chinneadh.

Do na blianta 2023, 2024 agus 2025, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír.

Do na blianta 2023 go 2030, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus luachanna athbhreithnithe na sonraí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2016, 2017 agus 2018 dá dtagraítear sa dara fomhír.

Do na blianta 2026 go 2030, cinnfidh sé na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí bunaithe ar luach astaíochtaí gás ceaptha teasa 2005 gach Ballstáit arna léiriú de bhun an dara fomhír agus athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999.

 

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 4 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

In Airteagal 4, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

5a.“     Déanfar na gníomhaíochtaí a dhéanfar chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú mar a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme i gcomhréir le haistriú cothrom cóir do chách. Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte comhchoiteanna lena sainaithneofar modhanna chun tacú leis na Ballstáit an t-aistriú cothrom cóir sin a chur chun feidhme do chách.”

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 b (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 4a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 4a

 

Rannchuidiú íosta maidir le laghdú astaíochtaí ó gháis cheaptha teasa neamh-CO2 don bhliain 2030

 

1.     Faoi mhí Iúil 2023, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena socrófar sprioc uile-Aontais amháin nó níos mó maidir le laghdú astaíochtaí neamh-CO2 a chumhdaítear faoi Airteagal 2(1) den Rialachán seo faoi 2030. Beidh an sprioc nó na spriocanna ailínithe le laghduithe astaíochtaí measta is gá chun an sprioc a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo agus an cuspóir a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1119 a chomhlíonadh agus déanfar é nó iad a mholadh tar éis dlúthchomhairliúchán leis an mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide.

 

2.     Faoin 31 Iúil 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéanfar measúnú ar na laghduithe astaíochtaí neamh-CO2 a bhí beartaithe agus a cuireadh chun feidhme ar fud an Aontais faoi dlíthe agus beartais ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais, lena n-áirítear na Pleananna comhtháite Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid de bhun Rialachán (AE) 2018/1999 agus Pleananna Straitéiseacha an Chomhbheartais Talmhaíochta de bhun Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) . I gcás ina dtíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach de bhun mhír 1 agus ina measann sé nach bhfuiltear ag súil go mbainfidh laghduithe astaíochtaí neamh-CO2 amach an sprioc nó na spriocanna dá dtagraítear sa mhír sin, déanfaidh an Coimisiún moltaí maidir le bearta maolaithe breise agus déanfaidh na Ballstáit na gníomhaíochtaí iomchuí.

 

3.     Má thagann an Coimisiún ar an gconclúid, sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/1999, nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach á dhéanamh ag an Aontas i dtreo an rannchuidiú íosta astaíochtaí a bhaint amach i dtaca leis na hastaíochtaí neamh-CO2 de bhun Airteagal 1 den Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a bhféadfaidh spriocanna earnálacha nó bearta a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith a bheith san áireamh iontu, nó an dá rud.”

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 c (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5 – míreanna 1 agus 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(3c)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

1.   I ndáil leis na blianta 2021 go 2025, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 10 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

“1.   I ndáil leis na blianta 2021 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.”

2.     I ndáil leis na blianta 2026 go 2029, féadfaidh Ballstát cainníocht suas le 5 % a fháil ar iasacht óna leithdháileadh bliantúil astaíochtaí don bhliain dár gcionn.

 

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 d (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5 – mír 3 – pointe a

An téacs atá ann

Leasú

 

(3d)

In Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

(a)

i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030; agus

“(a)

i ndáil leis an mbliain 2021, an fuílleach dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 5 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí sin a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2025; agus”

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 e (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5 – mír 3 – pointe (b)

An téacs atá ann

Leasú

 

(3e)

In Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

(b)

i ndáil leis na blianta 2022 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce suas le leibhéal 30 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

“(b)

i ndáil leis na blianta 2022 go 2024, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí suas le leibhéal 10 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin a chur i dtaisce le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2025.”

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 f(nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5 – mír 3 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3f)

In Airteagal 5(3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

“(ba)

i ndáil leis na blianta 2026 go 2029, an fuílleach sin dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí a chur i dtaisce suas le leibhéal 10 % den leithdháileadh bliantúil astaíochtaí atá aige go dtí an bhliain sin le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.”

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 g (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5 – mír 4

An téacs atá ann

Leasú

 

(3g)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.   Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025, agus suas le 10 % i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

“4.   Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2021 go 2025. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó i mblianta ina dhiaidh sin go dtí 2025.

 

Féadfaidh Ballstát suas le 5 % dá leithdháileadh bliantúil astaíochtaí le haghaidh bliain ar leith a aistriú go Ballstáit eile i ndáil leis na blianta 2026 go 2030. Féadfaidh an Ballstát glactha an chainníocht sin a úsáid le haghaidh comhlíonadh faoi Airteagal 9 sa bhliain ar leith nó sna blianta ina dhiaidh sin go dtí 2030.

 

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo, agus faoi phraghas an aistrithe in aghaidh an tona de choibhéis CO2.”

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 h (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 5 – mír 6

An téacs atá ann

Leasú

 

(3h)

In Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

Féadfaidh na Ballstáit ioncam a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhír 4 agus mhír 5 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí a dhéantar de bhun na míre seo.

“Úsáidfidh na Ballstáit ioncam a ghintear as aistriú na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí de bhun mhír 4 agus mhír 5 chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh de bhun na míre seo, agus cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí i bhfoirm atá inrochtana go héasca. Ballstát a aistríonn leithdháiltí bliantúla astaíochtaí chuig Ballstát eile, foilseoidh sé taifead an aistrithe agus poibleoidh sé an luach saothair a fuarthas do na leithdháiltí sin.”

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 i (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 6 – mír 3 – fomhír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(3i)

In Airteagal 6(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhír 2:

I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán ar thug siad fógra ina leith agus é a ísliú uair amháin in 2024 agus uair amháin in 2027. Más mar sin a tharlaíonn, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2024 nó faoin 31 Nollaig 2027, faoi seach.

“I gcás na mBallstát a liostaítear in Iarscríbhinn II, féadfaidh siad a chinneadh athbhreithniú a dhéanamh ar a gcinneadh maidir le fógra a thabhairt faoi 2023 agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcéatadán ar thug siad fógra ina leith agus é a ísliú uair amháin in 2024 agus uair amháin in 2027. Más mar sin a tharlaíonn, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an cinneadh in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 2023, faoin 31 Nollaig 2024 nó faoin 31 Nollaig 2027, faoi seach.”

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 8

An téacs atá ann

Leasú

 

(5a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

Airteagal 8

Airteagal 8

Gníomhaíocht cheartaitheach

Gníomhaíocht cheartaitheach

1.   Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:

“1.   Má shuíonn an Coimisiún, ina mheasúnú bliantúil faoi Airteagal 29 de Rialachán (AE) 2018/1999 agus á thabhairt san áireamh dó an úsáid a bheartaítear do na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagail 5, 6 agus 7 den Rialachán seo, nach bhfuil dóthain dul chun cinn á dhéanamh ag Ballstát maidir lena oibleagáid faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Ballstát sin, laistigh de 3 mhí, plean gníomhaíochta ceartaithí a thíolacadh don Choimisiún, ina mbeidh an méid seo a leanas:

 

(-a)

míniú mionsonraithe lena sainaithnítear na fáthanna a mhainníonn an Ballstát dul chun cinn leormhaith a dhéanamh maidir lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh;

 

(-ab)

an méid iomlán de chistiú ón Aontas a fuair an Ballstát do chaiteachas agus d’infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an aistriú glas, an chaoi ar rannchuidigh úsáid an chistithe sin lena oibleagáidí faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, agus an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige an cistiú sin a úsáid chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh;

(a)

gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun a oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, trí bheartais intíre agus trí bhearta intíre agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme;

(a)

gníomhaíochtaí breise a chuirfidh an Ballstát chun feidhme chun a oibleagáidí sonracha faoi Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh, trí bheartais intíre agus trí bhearta intíre agus trí ghníomhaíocht an Aontais a chur chun feidhme;

(b)

clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas.

(b)

clár ama docht chun na gníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme, lena mbeifear in ann an dul chun cinn bliantúil ina gcur chun feidhme a mheas. i gcás inar bhunaigh Ballstát comhlacht comhairleach aeráide náisiúnta, iarrfaidh sé comhairle ar an gcomhlacht sin chun gníomhaíochtaí is gá a shainaithint;

 

(ba)

ráiteas maidir le cainníocht na laghduithe breise astaíochtaí a mheasann an Ballstát a bhainfear amach leis na beartais sin agus an modh a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar na laghduithe breise astaíochtaí sin;

 

(bb)

an chaoi a neartóidh an plean gníomhaíochta ceartaithí plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit a glacadh faoi Rialachán (AE) 2018/1999.

 

1a.     Má théann Ballstát thar a lamháltas bliantúil astaíochtaí dhá bhliain nó níos mó i ndiaidh a chéile, tabharfaidh sé faoi athbhreithniú ar a Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (PNFA) agus ar a Straitéis Fhadtéarmach Náisiúnta faoi Rialachán (AE) 2018/1999. Cuirfidh an Ballstát an t-athbhreithniú sin i gcrích laistigh de 6 mhí. Déanfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint lena sainaithneofar an chaoi a ndéanfar athbhreithniú ar an bplean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid nó ar an straitéis fhadtéarmach náisiúnta, nó orthu araon. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi na pleananna athbhreithnithe mar aon le ráiteas ina leagfar amach an chaoi a réiteoidh na hathbhreithnithe atá beartaithe neamhchomhlíonadh a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí agus an chaoi ar thug sé freagra ar mholtaí an Choimisiúin i gcás inarb ábhartha. Má tá an plean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid nó an straitéis fhadtéarmach gan athrú go mór, foilseoidh an Ballstát míniú ina leagfar amach an réasúnú atá aige.

2.   I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.

2.   I gcomhréir lena chlár oibre bliantúil, tabharfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Bord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide arna bhunú in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119 cúnamh don Choimisiún san obair a dhéanfaidh sé chun measúnú a dhéanamh ar aon phleananna gníomhaíochta ceartaithí den sórt sin.

3.   Féadfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus féadfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú dá réir.

3.   Déanfaidh an Coimisiún tuairim a eisiúint maidir le stóinseacht na bpleananna gníomhaíochta ceartaithí a thíolacfar i gcomhréir le mír 1, agus sa chás sin, déanfaidh sé sin laistigh de cheithre mhí ón tráth a bhfaighidh sé na pleananna sin. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann lánaird ar an tuairim ón gCoimisiún agus déanfaidh sé a phlean gníomhaíochta ceartaithí a athbhreithniú. Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar an moladh nó ar chuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin réasúnú don Choimisiún.

 

3a.     Maidir leis na pleananna gníomhaíochta ceartaithí agus tuairimí an Choimisiúin mar aon leis na freagraí agus na réasúnuithe arna bhfáil ó na Ballstáit dá dtagraítear i míreanna 1, 1a agus 3, beidh rochtain ag an bpobal orthu.

 

3b.     Agus a phlean náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi Airteagal 14 de Rialachán AE 2018/1999 á thabhairt cothrom le dáta acu, déanfaidh na Ballstáit tagairtí dá gcuid pleananna ceartaitheacha de bhun mhír 1 agus 1a agus d’aon tuairimí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún faoin Airteagal seo, de réir mar is iomchuí.”

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa sin, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.

“2.   Más mó astaíochtaí gás ceaptha teasa Ballstáit le linn na tréimhse idir 2021 agus 2025 nó le linn na tréimhse idir 2026 agus 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841 ná aistrithe an Bhallstáit sin, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán sin, bainfidh an Riarthóir Lárnach as leithdháiltí bliantúla astaíochtaí an Bhallstáit sin méid is ionann agus méid an fharasbairr astaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, do na blianta ábhartha.

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 11a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

scriosta

Airteagal 11a

 

Cúlchiste breise

 

1.     Más rud é go laghdaíonn an tAontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa 55 % ar a laghad faoin 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (**) , agus uasmhéid an rannchuidithe ó ghlan-aistrithe á chur san áireamh, bunófar cúlchiste breise i gclárlann an Aontais.

 

2.     Maidir leis na Ballstáit a chinneann gan rannchuidiú leis an gcúlchiste breise ná tairbhiú de, tabharfaidh siad fógra maidir lena gcinneadh don Choimisiún tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

 

3.     Is é a bheidh sa chúlchiste breise glan-aistrithe arna nginiúint ag na Ballstáit rannpháirteacha sa tréimhse 2026 go 2030 de bhreis ar a spriocanna ar leithligh de bhun Rialachán (AE) 2018/841, tar éis an dá ní seo a asbhaint:

 

(a)

aon solúbthacht arna húsáid faoi Airteagal 11 go hAirteagal 13b de Rialachán (AE) 2018/841;

 

(b)

na cainníochtaí arna gcur san áireamh le haghaidh comhlíontachta de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo.

 

4.     Má bhunaítear cúlchiste breise de bhun mhír 1, féadfaidh Ballstát rannpháirteach tairbhiú de má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

 

(a)

sáraíonn astaíochtaí gás ceaptha teasa an Bhallstáit a leithdháiltí bliantúla astaíochtaí don tréimhse 2026 go 2030;

 

(b)

tá na solúbthachtaí de bhun Airteagal 5(2) agus (3) ídithe ag an mBallstát;

 

(c)

tá an úsáid is mó is féidir bainte ag an mBallstát as glan-aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 7, fiú más lú an chainníocht sin ná an leibhéal a shocraítear in Iarscríbhinn III; agus

 

(d)

níl aon ghlan-aistriú déanta ag an mBallstát chuig Ballstáit eile faoi Airteagal 5.

 

5.     Aon Bhallstát a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, tabharfar dó, as an gcúlchiste breise, cainníocht bhreise is ionann agus a ghannchion, lena húsáid le haghaidh comhlíontachta faoi Airteagal 9.

 

Maidir leis an gcainníocht charnach sin a bheidh le fáil ag na Ballstáit go léir a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo, más rud é go sáraíonn sí an chainníocht a leithdháiltear don chúlchiste breise faoi mhír 3 den Airteagal seo, déanfar an chainníocht a bheidh le fáil ag gach ceann de na Ballstáit sin a laghdú ar bhonn pro rata.

 

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 15

An téacs atá ann

Leasú

 

(7a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

Airteagal 15

Airteagal 15

Athbhreithniú

Athbhreithniú

1.   Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar fhorálacha an Rialacháin seo agus tabharfar aird, inter alia, ar imthosca náisiúnta agus ar chora idirnáisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

‘1.   Déanfar athbhreithniú go tráthrialta ar fhorálacha an Rialacháin seo agus tabharfar aird, inter alia, ar imthosca náisiúnta, de réir mar a tharlóidh siad, ar an mbealach ina gcuidíonn earnálacha uile an gheilleagair le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus ar na himeachtaí idirnáisiúnta agus ar an méid a rinneadh chun cuspóirí fadtéarmacha Chomhaontú Pháras agus Rialachán (AE) 2021/1119 a bhaint amach.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de shé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh do leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, mar aon leis an méid a rannchuidíonn an Rialachán seo le sprioc fhoriomlán an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030, agus maidir leis an méid a rannchuidíonn sé le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe i ndáil leis an ngá atá le beartais agus bearta breise ón Aontas i bhfianaise na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a dhéanamh, lena n-áirítear creat iar-2030, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh más iomchuí.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, laistigh de shé mhí tar éis gach stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, lena n-áirítear an chothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh do leithdháiltí bliantúla astaíochtaí, mar aon leis an méid a rannchuidíonn an Rialachán seo le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus spriocanna idirmheánacha aeráide an Aontais de bhun Airteagail 2 agus 4 de Rialachán (AE) 2021/1119 agus maidir leis an méid a rannchuidíonn sé le spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach, go háirithe i ndáil leis an ngá atá le beartais agus bearta breise ón Aontas i bhfianaise na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nach mór don Aontas agus a Bhallstáit a dhéanamh, lena n-áirítear creat iar-2030, agus féadfaidh sé moltaí a dhéanamh más iomchuí.

Cuirfear san áireamh sna tuarascálacha sin na straitéisí a ullmhaíodh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 d’fhonn cur le stráitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais a cheapadh.

Cuirfear san áireamh sna tuarascálacha sin na straitéisí a ullmhaíodh de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999 d’fhonn cur le stráitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais a cheapadh.

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 b (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7b)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 15a

 

Ailíniú le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus na mBallstát

 

1.     Trí ghlacadh an ghnímh reachtaigh lena mbunaítear sprioc aeráide 2040 an Aontais de bhun Airteagal 4(3) de Rialachán (AE) 2021/1119, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina leagfar amach an méid seo a leanas:

 

(a)

oiriúnacht na spriocanna náisiúnta reatha faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo maidir lena rannchuidiú le cuspóir na haeráidneodrachta faoi 2050 ar a dhéanaí faoi Rialachán (AE) 2021/1119 ar bhealach costéifeachtach agus cothrom;

 

(b)

bealach laghdaithe do gach Ballstát ar leith maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear leis an Rialachán seo atá ag luí le cuspóir na haeráidneodrachta do gach Ballstát faoi 2050 ar a dhéanaí.

 

2.     Laistigh de shé mhí ó fhoilsiú na tuarascála dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún tograí maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú do na hearnálacha a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Leis na tograí sin, áiritheofar dáileadh costéifeachtach agus cothrom na n-iarrachtaí maidir le laghdú ar fud an Aontais bunaithe ar na conairí laghdaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.”

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 c (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 15b (nua)

An téacs atá ann

Leasú

 

(7c)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 15b

 

Rochtain ar an gceartas

 

1.     Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, lena n-áirítear daoine nádúrtha nó dlítheanacha nó a gcomhlachais, a n-eagraíochtaí nó a ngrúpaí, ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirte dlí, nó os comhair comhlachta neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht nós imeachta nó shubstainteach cinntí, gníomhartha agus neamhghníomhartha:

 

(a)

nach gcomhlíonann na hoibleagáidí dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 4 go hAirteagal 8 den Rialachán seo; nó

 

(b)

atá faoi réir Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1999.

 

Chun críocha na míre seo, áirítear ar ghníomh nó neamhghníomh nach gcomhlíonann na hoibleagáidí dlíthiúla a eascraíonn as Airteagail 4 nó 8 gníomh nó neamhghníomh maidir le beartas nó beart arna ghlacadh chun críocha na hoibleagáidí sin a chur chun feidhme, i gcás nach rannchuidíonn an beartas nó an beart sin go leordhóthanach leis an gcur chun feidhme sin.

 

2.     Measfar go gcomhlíonann daoine den phobal lena mbaineann na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

 

(a)

tá leas leordhóthanach acu; nó

 

(b)

coinníonn siad sárú ar cheart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit.

 

Déanfaidh na Ballstáit an rud is leas leordhóthanach ann a chinneadh i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain leathan ar cheartas a thabhairt do bhaill an phobail lena mbaineann i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus. Chuige sin, measfar leas leordhóthanach chun críocha na míre seo a bheith ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta.

 

3.     Ní eisiafar, le mír 1 agus mír 2, go bhféadfaí dul i muinín nós imeachta um athbhreithniú tosaigh os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh siad difear don cheanglas maidir le nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin sceite sula rachfar ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás inarb ann do cheanglas den sórt sin faoin dlí náisiúnta. Beidh aon nós imeachta den sórt sin cóir, cothrom agus tráthúil, agus ní bheidh sé róchostasach.

 

4.     Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil go héasca don phobal maidir le rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus breithiúnach.”

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 d (nua)

Rialachán (AE) 2018/842

Airteagal 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7d)

Cuirtear isteach an t-airteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 16a

Comhairle eolaíoch maidir leis na hearnálacha ESR/CARE

I gcomhréir lena shainordú a leagtar amach faoi Airteagal 3(2) de Rialachán (AE) 2021/1119, iarrfar ar an mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach ar an Athrú Aeráide (ESABCC), ar a thionscnamh féin, comhairle eolaíoch a chur ar fáil agus tuarascálacha a eisiúint maidir le conair an Rialacháin seo, maidir le leibhéil bhliantúla astaíochtaí agus solúbthachtaí, agus maidir lena gcomhsheasmhacht le cuspóirí aeráide, go háirithe d’fhonn faisnéis a thabhairt faoi aon athbhreithniú a dhéanfar ar an Rialachán seo ina dhiaidh sin. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar chomhairle CECBCC nó tabharfaidh sé údar go poiblí maidir leis na cúiseanna le neamhaird a thabhairt uirthi.”


(*)  Tuigfear gurb é tagairtí do “cp” i gceannteidil na leasuithe a glacadh an chuid chomhfhreagrach de na leasuithe sin.

(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0163/2022).

(31)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)0640 an 11 Nollaig 2019.

(31)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)0640 an 11 Nollaig 2019.

(31a)   Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(33)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(33)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(34)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(1a)   IO L 124, 17.5.2005, lch. 4.

(1a)   Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn ( IO L 328, 21.12.2018, lch. 82 ).

(1a)   Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(**)   Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/207


P9_TA(2022)0233

Úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) ***I

Leasuithe (*1) a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát the headings of adopted amendments shall be understood as the corresponding part of those amendmentsle haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú (COM(2021)0554 – C9-0320/2021 – 2021/0201(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 493/24)

Leasú 1

Dréachtrún reachtach

Lua 4 a (nua)

Dréachtrún reachtach

Leasú

 

ag féachaint do phrionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus na dlúthpháirtíochta;

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Togra le haghaidh

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 a mhéid a bhaineann leis an raon feidhme, lena simplítear na rialacha comhlíontachta, lena leagtar amach spriocanna na mBallstát le haghaidh 2030 agus lena ngealltar go mbainfear amach ar bhonn comhchoiteann an aeráidneodracht faoi 2035 san earnáil úsáide talún, foraoiseachta agus talmhaíochta , agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú

lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/841 lena simplítear na rialacha tuairiscithe agus comhlíontachta, agus lena leagtar amach spriocanna na mBallstát ó 2026 go 2030 don earnáil úsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus foraoiseachta, agus (AE) 2018/1999 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar an bhfaireachán, an tuairisciú, an rianú ar dhul chun cinn agus ar an athbhreithniú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Comhaontú Pháras, a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”) (36). D'aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(1)

Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i mí na Nollag 2015, tháinig sé i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”) (36). D'aontaigh na Páirtithe ann an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5 o C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Trí Chomhaontú Aeráide Ghlaschú a ghlacadh, d’aithin na Páirtithe i gComhaontú Pháras go laghdófaí go mór rioscaí agus tionchair an athraithe aeráide dá dteorannófaí an méadú ar an meánteocht dhomhanda go 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, agus gheall siad go neartófaí a spriocanna do 2030 faoi dheireadh 2022 chun an bhearna uaillmhéine a dhúnadh, i gcomhréir le torthaí an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC). Ba cheart é sin a dhéanamh ar bhealach atá cothrom agus lena n-urramaítear prionsabal na bhfreagrachtaí agus na gcumas faoi seach atá coiteann ach difreáilte, i bhfianaise imthosca náisiúnta éagsúla. Is deis uathúil é an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF) rannchuidiú le dlús a chur le gníomhaíocht aeráide an Aontais roimh an 27ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (COP 27) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide san Éigipt.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)

Níor leor gníomhaíochtaí agus beartais an Aontais go dtí seo chun stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus chun Spriocanna Bithéagsúlachta Aichi 2020 a bhaint amach. Sa tuarascáil uaidh, “The European environment —state and outlook 2020: knowledge for transition to a sustainable Europe” [Comhshaol na hEorpa — staid agus forbhreathnú 2020: eolas ar mhaithe leis an aistriú chuig Eoraip inbhuanaithe], tugann an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil dá haire “go leanann an Eoraip de bhithéagsúlacht a chailliúint ar ráta scanrúil agus nach mbainfear amach go leor de na spriocanna beartais a comhaontaíodh. Sna measúnaithe ar speicis agus ar ghnáthóga atá faoi chosaint faoin dTreoir um Ghnáthóga, léirítear stádas caomhnaithe neamhfhabhrach den chuid is mó arb é 60 % do speicis agus 77 % do ghnáthóga.”  (1a) Léirítear i dtuarascáil ó 2021 de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde nach bhfuil ann a thuilleadh ach 4,9  milliún heictéar d’fhoraoisí príomhúla agus seanfháis na hEorpa – atá bunriachtanach chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú agus chun an t-athrú aeráide a mhaolú – arb ionann é sin agus 3 % de limistéar iomlán foraoise an Aontais agus 1,2  % de mhórchríoch an Aontais  (1b) .

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1b)

Cé go bhfuil méadú ag teacht ar chumhdach na gcrann, tá acmhainneacht fhoraoisí an Aontais chun carbóin a bhaint ag laghdú go suntasach ó 2015 agus is cosúil go leanfar leis an treocht sin. Go dtí 2015, bhí earnáil talún an Aontais in ann thart ar 7 % d’astaíochtaí iomlána an Aontais a bhaint (thart ar 300 milliún Mt de choibhéis CO2)  (1a) . De réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA)  (1b) , beidh 40 % níos lú de choibhéis CO2 á bhaint ag an limistéar talún céanna (ag titim go - 185 Mt in 2030)  (1c) . Is ann don laghdú stórála carbóin le déanaí sin i bpáirt mar gheall ar bhuaint méadaithe. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh an t-athrú aeráide acmhainneacht stórála carbóin fhoraoisí na hEorpa a laghdú faoi 180 Mt CO2 in aghaidh na bliana idir 2021 agus 2030, i ngeall ar shuaití, agus ar an gcaoi sin laghdú níos mó ná 50 % a dhéanamh ar an nglanlinn foraoise a bhfuiltear ag súil leis  (1d) .

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1c)

Leag an Coimisiún amach, i dteachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 ar an gComhaontú Glas don Eoraip, straitéis nua fáis mar chéad chéim chun an tAontas Eorpach a chlaochlú ina shochaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, neodrach ó thaobh na haeráide de, saor ó thocsainí agus iomlán chiorclach laistigh de theorainneacha an phláinéid faoi 2050 ar a dhéanaí. Tá sé mar aidhm freisin ag an gComhaontú Glas don Eoraip iarrachtaí domhanda a neartú chun an cur chuige “Aon Sláinte Amháin” a chur chun feidhme, lena n-aithnítear an nasc intreach idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus comhshaol sláintiúil athléimneach, agus chun cuidiú le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a bhaint amach, chomh maith le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1d.

Sa Tuarascáil Speisialta ar an Aigéan agus an Criosféar in Aeráid atá ag Athrú ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, bunaítear go bhfuil ról bunúsach ag na haigéin maidir le dé-ocsaíd charbóin nádúrtha agus antrapaigineacha (CO2) agus teas a ionsú agus a athdháileadh, mar aon le tacú le héiceachórais.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, is nithe iad atá i gcroílár na Teachtaireachta “maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip” a ghlac an Coimisiún an 11 Nollaig 2019 (28). Riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, is i méid a chuaigh siad i bhfianaise thionchar tromchúiseach phaindéim COVID-19 ar shláinte agus ar leas eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

(2)

Maidir le cur chuige iomlánach a ghlacadh i ndáil le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach ar bhealach cothrom agus ionchuimsitheach , gan aon duine a fhágáil ar lár, is ní é atá i gcroílár na teachtaireachta maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, a ghlac an Coimisiún an 11 Nollaig 2019 (28). Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go ndéanfar an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” agus na coimircí íosta de réir bhrí Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (28a) , agus, na prionsabail a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a chur san áireamh leis na bearta a ghlacfar chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach. Riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus an gá é a chur chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, is i méid a chuaigh siad i bhfianaise éifeachtaí tromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar shláinte , comhtháthú sóisialta agus leas eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

Le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis Bithéagsúlachta an AE do 2030: Tríd an dúlra a thabhairt ar ais inár saol, cuirtear dlús le huaillmhian an Aontais maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú agus maidir le héiceachórais a fheidhmíonn go maith. Trí fhianaise eolaíoch, tuarascálacha agus moltaí maidir le zónóisí agus paindéimí, lena n-áirítear tuarascáil cheardlann IPBES maidir le cailliúint bithéagsúlachta agus paindéimí, agus tuarascáil Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an 6 Iúil 2020 dar teideal “Preventing the next pandemic – Zoonotic diseases and how to break the chain of transmission” [Cosc a chur ar an gcéad phaindéim eile – Galair zónóiseacha agus conas an slabhra tarchuir a bhriseadh], léiríodh an tábhacht a bhaineann le stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus leis an bprionsabal “Aon Sláinte Amháin” a chur i bhfeidhm go iomlánaíoch i gceapadh beartais, rud lena gcuirtear i bhfios go bhfuil idirnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus go bhfuil gá práinneach le hathruithe claochlaitheacha ar fud na sochaí.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2b)

Tá sé d’aidhm ag an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol de chuid an Aontais dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach a bheidh aeráidneodrach, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, inathnuaite, bunaithe ar fhuinneamh, athléimneach agus iomaíoch ar bhealach cóir, cothrom agus cuimsitheach, agus an riocht atá ar an gcomhshaol a chosaint, a athbhunú agus a fheabhsú lena n-áirítear trí, inter alia, stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus í a aisiompú. Aithnítear ann go bhfuil timpeallacht shláintiúil mar bhonn agus mar thaca le dea-bhail an uile dhuine, áit ina gcaomhnaítear an bhithéagsúlacht agus ina mbíonn rath ar éiceachórais agus cosnaítear agus athbhunaítear an dúlra, rud a fhágann athléimneacht mhéadaithe a bheith ann i leith an athraithe aeráide, i leith tubaistí a bhaineann leis an aeráid agus i leith rioscaí eile comhshaoil.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2c)

Tá sé léirithe ag Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus ag Fóram Domhanda ECFE maidir leis an gComhshaol go bhfuil tionchar inscne-shonrach ag athruithe comhshaoil. Tá róil inscne-dhifreáilte ina gcúis le leochaileachtaí difreáilte idir mná agus fir maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide freisin, agus fágann tionchair an athraithe aeráide an neamhionannas inscne a bheith níos measa. Sainítear sa 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil príomhshruthú inscne ar fud na mbeartas aeráide agus comhshaoil, lena n-áirítear trí ghné na hinscne a chur san áireamh ag gach céim den phróiseas ceaptha beartais, mar choinníoll cumasúcháin ríthábhachtach chun cuspóirí tosaíochta an chláir a bhaint amach, lena n-éilítear iarrachtaí ón gCoimisiún, ó na Ballstáit, ó údaráis réigiúnacha agus áitiúla agus ó gheallsealbhóirí, de réir mar is iomchuí.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Gheall an tAontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 faoi 2030 sa ghealltanas maidir le hastaíochtaí a laghdú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, ar gealltanas é a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020 (29).

(3)

Gheall an tAontas glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 faoi 2030 sa ghealltanas maidir le hastaíochtaí a laghdú a tugadh cothrom le dáta agus a cinneadh go náisiúnta, ar gealltanas é a cuireadh faoi bhráid Rúnaíocht UNFCCC an 17 Nollaig 2020 (29) , fad a d’iarr Parlaimint na hEorpa glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud gheilleagar an Aontais a laghdú faoi 60 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 faoi 2030.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

Tá sé ríthábhachtach astaíochtaí meatáin a laghdú i ndáil le sprioc Chomhaontú Pháras chun an méadú ar an teocht dhomhanda a theorannú go 1,5  
oC
faoi dheireadh an chéid a bhaint amach. Meastar i dtuarascáil ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) ó 2021 go bhféadfadh gníomhaíocht mhear maidir le hastaíochtaí meatáin 0,3  oC a bhaint ó theocht an domhain faoi 2045. Tá géarghá, dá bhrí sin, go nglacfadh an tAontas sprioc maidir le laghdú agus bearta ceangailteacha a bhaineann leis sin chun astaíochtaí meatáin a laghdú go mear ó gach foinse, lena n-áirítear foinsí bithghineacha.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) rinne an tAontas an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair a bhaint amach faoi 2050 a chumhdach sa reachtaíocht. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach faoi 2030. Beifear ag súil go rannchuideoidh gach earnáil den gheilleagar le gnóthú na sprice sin, lena n-áirítear earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta . Beidh rannchuidiú na nglanaistrithe le sprioc aeráide 2030 an Aontais teoranta do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2. I gcomhthéacs Rialachán (AE) 2021/1119, d’athdhearbhaigh an Coimisiún i ráiteas comhfhreagrach an rún atá aige leasú ar Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (31) a mholadh, i gcomhréir leis an uaillmhian glanaistrithe carbóin a mhéadú chuig leibhéil os cionn 300 milliún tona de choibhéis CO2 ar earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta faoi 2030.

(4)

Le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), rinne an tAontas an sprioc maidir le cothromaíocht a bhaint amach ar fud an gheilleagair idir astaíochtaí antrapaigineacha ag foinsí, agus aistrithe linnte astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas ar dhéanaí faoi 2050, agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin a chumhdach sa reachtaíocht. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) a bhaint amach faoi 2030. Beifear ag súil go rannchuideoidh gach earnáil den gheilleagar le gnóthú na sprice sin, lena n-áirítear earnáil LULUCF . Chun a áirithiú go mbeidh iarrachtaí leordhóthanacha maolaithe á ndéanamh suas go 2030, beidh rannchuidiú na nglanaistrithe le sprioc aeráide 2030 an Aontais teoranta do 225 mhilliún tona de choibhéis CO2.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a)

Tá an earnáil LULUCF ina linn shuntasach carbóin ó thús na tréimhse tuairiscithe, in 1990. Tá thart ar 400 Mt de choibhéis CO2 ceaptha gach bliain laistigh den Aontas ag foraoisí amháin ó 1990.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b)

Is gá bonneagar nua iompair a thógáil chun feabhas a chur ar na naisc idir ceantair uirbeacha ar thaobh amháin agus idir ceantair thuaithe agus iargúlta ar an taobh eile ar fud an Aontais agus idir na Ballstáit. Is féidir le tógáil den sórt sin, áfach, cur le saorgú na talún san am céanna, rud a d’fhéadfadh baint de chumas na hithreach gáis ceaptha teasa a ionsú. Ba cheart úsáid sin na talún a mheas i dtaca lena cumas astaíochtaí a laghdú agus i dtaca leis an tionchar atá aici ar an aeráid, agus an gá atá le cothromaíocht a choimeád idir gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil á chur san áireamh san am céanna. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go rannchuideoidh pleanáil, údarú agus imlonnú an bhonneagair iompair agus turasóireachta le cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh ar bhealach inbhuanaithe, agus a áirithiú go ndéanfar an bonneagar atá ann cheana a chothabháil go cuí agus go mbainfear úsáid éifeachtúil as an talamh ó thaobh na haeráide de, go háirithe i ngréasáin iompair ar bóthar.

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

D’fhonn rannchuidiú leis an uaillmhian mhéadaithe chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ó 40 % ar a laghad go dtí 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 , ba cheart spriocanna bliantúla ceangailteacha maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa a  shocrú le haghaidh gach Ballstáit i dtaca le hearnáil na húsáide talún , an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta idir 2026 agus 2030 (de réir análaí na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32)), ar spriocanna iad óna dtiocfaidh sprioc 310 milliún tona de choibhéis CO2 i nglanaistrithe don Aontas trí chéile in 2030. Leis an modheolaíocht a úsáidtear chun na spriocanna náisiúnta a bhunú do 2030 ba cheart a chur san áireamh na meánlíonta astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó na blianta 2016, 2017 agus 2018, arna dtuairisciú ag gach Ballstát; agus ba cheart a léiriú inti an fheidhmíocht mhaolaithe reatha maidir le hearnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta , agus sciar gach Ballstáit den achar talún bainistithe san Aontas, agus cumas an Bhallstáit sin á thabhairt san áireamh chun a fheidhmíocht a fheabhsú san earnáil trí mheán cleachtais bhainistíochta talún nó athruithe ar úsáid talún a théann chun tairbhe na haeráide agus na bithéagsúlachta.

(5)

Chun a áirithiú go rannchuideoidh earnáil LULUCF go hinbhuanaithe agus go hintuartha san fhadtéarma le cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach ar a dhéanaí faoi 2050 agus leis an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin , ba cheart spriocanna bliantúla ceangailteacha maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa a  leagan amach le haghaidh gach Ballstáit in earnáil LULUCF sa tréimhse suas go dtí 2050 ar a dhéanaí , ag tosú leis an tréimhse ó 2026 go 2030 (de réir analaí leis na leithdháiltí bliantúla astaíochtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32)), as a dtiocfaidh sprioc idirmheánach ar a laghad 310 milliún tona de choibhéis CO2 i nglanaistrithe don Aontas trí chéile in 2030 , i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/1119 á bhfritháireamh leis na glanaistrithe breise sin . Leis an modheolaíocht a úsáidtear chun na spriocanna náisiúnta a bhunú do 2030 ba cheart a chur san áireamh na meánlíonta astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó na blianta 2016, 2017 agus 2018, arna dtuairisciú ag gach Ballstát; agus ba cheart a léiriú inti an fheidhmíocht mhaolaithe reatha maidir le hearnáil LULUCF , agus sciar gach Ballstáit den achar talún bainistithe san Aontas, agus cumas an Bhallstáit sin á thabhairt san áireamh chun a fheidhmíocht a fheabhsú san earnáil trí mheán athchóirithe, cleachtais bhainistíochta talún nó athruithe ar úsáid talún a théann chun tairbhe na haeráide agus na bithéagsúlachta. I gcás ina bhfuil na Ballstáit toilteanach a spriocanna a shárú, ba cheart go moltar dóibh amhlaidh a dhéanamh.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)

Rannchuidíonn an dífhoraoisiú agus an díghrádú foraoise leis an ngéarchéim dhomhanda aeráide toisc go méadaíonn siad astaíochtaí gás ceaptha teasa trí dhóiteáin foraoise a bhaineann leo, trí acmhainní linnte carbóin a bhaint go buan, trí athléimneacht an athraithe aeráide a laghdú sa limistéar atá buailte agus trí bhithéagsúlacht an limistéir sin a laghdú go suntasach. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach chun an t-athrú aeráide a chomhrac go gcuirfidh ceannairí an Aontais stop leis an dífhoraoisiú agus an dífhoraoisiú a aisiompú, mar a athdhearbhaíodh ag COP26 i nGlaschú. Dá bhrí sin, is dreasacht thábhachtach é an togra ón gCoimisiún maidir le toirmeasc a chur ar allmhairiú agus onnmhairiú tráchtearraí agus táirgí a bhaineann le dífhoraoisiú agus le díghrádú foraoise (COM(2021)0366) chun úinéirí foraoise Eorpacha a neartú tuilleadh i mbainistiú inbhuanaithe foraoisí agus sa chomhrac i gcoinne an dífhoraoisithe.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b)

Ba cheart forálacha mapála agus faireacháin, san fhaireachán allamuigh agus cianfhaireachán araon, a thabhairt isteach chun ceangal a chur ar na Ballstáit faisnéis atá sainráite go geografach a bheith acu chun réimsí tosaíochta a shainaithint a bhféadfaí iad a aischur agus ar féidir leo rannchuidiú le gníomhaíochtaí ar son na haeráide. Mar chuid d’fheabhas ginearálta ar fhaireachán, ar thuairisciú agus ar fhíorú, beidh an obair dírithe freisin ar bhunachair sonraí gníomhaíochtaí agus fachtóirí astaíochtaí a chomhchuibhiú agus a bheachtú chun fardail maidir le gás ceaptha teasa a fheabhsú.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5c)

I roinnt catagóirí tuairiscithe, le haghaidh gníomhaíocht ar son na haeráide agus chosaint na bithéagsúlachta de, tá tábhacht an-mhór ag baint le carbón orgánach ithreach agus taiscumair charbóin d’adhmad marbh, go leor díobh a chothaíonn an taiscumar carbóin ithrigh dá réir sin. Tá fianaise eimpíreach ann ar adhmad marbh i bhfoirm smionagar garbh adhmaid a ghníomhaíonn mar linn charbóin ar aon dul le táirgí adhmaid lománaithe. Rannchuidíonn sé tuilleadh le linn charbóin talún a chruthú in ithir foraoise rud a dhéanann mianrú go CO2 a chosc agus ba cheart an dá shásra sin a chur san áireamh go leormhaith sa tuairisciú. Deimhnítear le tuilleadh taighde go bhfuil na patrúin dhomhanda a tuaraiscítear infheidhmeacht um charbón orgánach ingearach ithreach foraoise d’fhoraoisí na hEorpa, áit ina stóráiltear 55-56 % sna 30 cm uachtarach den ithir, agus go stóráiltear an chuid eile, 40 % ag doimhneacht níos airde, arna tomhais suas go dtí 1 m, go háirithe le haghaidh ithreacha orgánacha. Ba cheart an Rialachán seo a leasú dá réir sin.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Ba cheart na spriocanna ceangailteacha bliantúla maidir le haistrithe gás ceaptha teasa a chinneadh le aghaidh gach Ballstáit de réir treocht líneach. Ba cheart tús a chur leis an treocht in 2022, maidir le meánlíon na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a thuairiscíonn an Ballstát sin le linn 2021, 2022 agus 2023, agus ba cheart deireadh a chur léi in 2030 ar an sprioc a bheidh leagtha amach don Bhallstát sin. Maidir leis na Ballstáit a chuireann feabhas ar a modheolaíocht um ríomh na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe, ba cheart coincheap an cheartúcháin theicniúil a thabhairt isteach. Ba cheart ceartúchán teicniúil a chur le sprioc an Bhallstáit sin a bheidh comhfhreagrach d’éifeacht an athraithe sa mhodheolaíocht ar na spriocanna, agus d’iarrachtaí an Bhallstáit lena ngnóthú, d’fhonn urraim a léiriú don tsláine comhshaoil .

(6)

Ba cheart na spriocanna ceangailteacha bliantúla maidir le haistrithe gás ceaptha teasa a chinneadh le aghaidh gach Ballstáit de réir treocht líneach. Ba cheart tús a chur leis an treocht in 2022, maidir le meánlíon na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a thuairiscíonn an Ballstát sin le linn 2021, 2022 agus 2023, agus ba cheart deireadh a chur léi in 2030 ar an sprioc a bheidh leagtha amach don Bhallstát sin. Maidir leis na Ballstáit a chuireann feabhas ar a modheolaíocht um ríomh na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe, ba cheart coincheap an cheartúcháin theicniúil a thabhairt isteach , faoi réir athbhreithniú eolaíoch neamhspleách . Ba cheart ceartúchán teicniúil a chur le sprioc an Bhallstáit sin a bheidh comhfhreagrach d’éifeacht an chruinnis fheabhsaithe sa mhodheolaíocht a úsáidtear ar na spriocanna, agus d’iarrachtaí an Bhallstáit lena ngnóthú, chun urraim a léiriú don tsláine chomhshaoil .

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

I dTuarascáil Mheasúnaithe Dhomhanda 2019 uaidh maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, sholáthair an tArdán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) an fhianaise eolaíoch is déanaí maidir le creimeadh leanúnach domhanda na bithéagsúlachta. Tá dlús á chur leis an athrú aeráide i ngeall ar chailliúint na bithéagsúlachta agus, dá bharr sin, is measa go mór an leochaileacht a bhaineann léi. An 11 Deireadh Fómhair 2021, d’údaraigh Comhairle an Aontais don Choimisiún Dearbhú Kunming a fhormhuiniú thar ceann an Aontais, agus gealltanas á thabhairt, ar an gcaoi sin, go ndéanfaidh an tAontas cailliúint reatha na bithéagsúlachta a aisiompú agus go n-áiritheoidh sé go gcuirfear an bhithéagsúlacht ar shlí a téarnaimh faoi 2030 ar a dhéanaí. Tá foraoisí agus ithreacha sláintiúla thar a bheith tábhachtach don bhithéagsúlacht, agus freisin d’íonú aeir agus uisce, do cheapadh agus stóráil carbóin, agus do sholáthar táirgí adhmaid fadshaolacha a fhoinsítear ar bhealach inbhuanaithe. Aithnítear i Straitéis Foraoise nua an Aontais do 2030 agus i Straitéis Ithreach an Aontais do 2030 gur gá cáilíocht na bhforaoisí agus na n-éiceachóras ithreach a chosaint agus a fheabhsú san Aontas, agus cleachtais athneartaithe a spreagadh maidir le bainistiú inbhuanaithe, ar cleachtais iad lenar féidir ceapadh carbóin a fheabhsú agus athléimneacht foraoisí agus ithreacha a neartú i bhfianaise na ngéarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Sa Teachtaireacht an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa  (33) maidir leis an aeráid leagadh amach rogha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht nach astaíochtaí CO2 iad a chur le glanaistrithe na hearnála úsáide talún , an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta, agus earnáil talún nua-rialáilte a chruthú dá réir. Is féidir sineirgí a chur chun cinn ó chumasc mar sin idir gníomhartha maolaithe talamh-bhunaithe agus is féidir ceapadh beartas agus cur chun feidhme beartas níos comhtháite a chumasú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Chun na críche sin , ba cheart an oibleagáid do Bhallstáit pleananna maolaithe comhtháite a chur isteach i leith na hearnála talún a threisiú .

(7)

I dTeachtaireacht an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le Cur le huaillmhian aeráide na hEorpa in 2030  (33) , leagadh amach conairí agus roghanna beartais éagsúla d’fhonn sprioc aeráide mhéadaithe 2030 an Aontais bhaint amach. Cuireadh i bhfios go láidir inti go mbeidh gá le gníomhaíocht an Aontais i ngach earnáil den gheilleagar má táthar chun an neodracht aeráide a bhaint amach. Níor cheart dul chun cinn a bheith déanta in earnáil amháin a bheith mar chúiteamh ar an easpa dul chun cinn in earnálacha eile. Ba cheart go mbeadh sé ina thosaíocht deireadh a chur le scaoileadh astaíochtaí iontaise. Thairis sin, tá aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte carbóin nádúrtha leochaileach agus d’fhéadfadh siad a bheith inchúlaithe, rud a fhágann go bhfuil níos mó éiginnteachta ann maidir le hastaíochtaí agus aistrithe a thomhas san earnáil talún i gcomparáid le hearnálacha eile. Cuireann an t-athrú aeráide leis an riosca go n-aisiompófaí aistriú trí linnte carbóin nádúrtha. Léiríonn eolaíocht aeráide freisin go bhfuil an fhreagairt aeráide ar astaíochtaí agus ar aistrithe neamhshiméadrach, rud a chiallaíonn nach féidir tona amháin gás ceaptha teasa arna astú chuig an atmaisféar a chur i gcomparáid le tona amháin gás ceaptha teasa arna bhaint  (33a) . Tá éagsúlachtaí ann freisin idir gáis ceaptha teasa gearrshaolacha , amhail meatán, agus dé-ocsaíd charbóin ar féidir leo fanacht san atmaisféar go ceann suas le 1 000 bliain. Dá bhrí sin, ba cheart an cuspóir maidir le feabhas a chur ar aistrithe trí linnte nádúrtha carbóin a shaothrú go docht ar leithligh ón gcuspóir astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnálacha eile a laghdú go tapa agus go mór, lena n-áirítear astaíochtaí talmhaíochta neamh-CO2 .

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Tá an cumas san earnáil talún chun bheith ina hearnáil atá aeráidneodrach go mear faoi 2035 ar bhealach costéifeachtach, agus níos mó aistrithe gás ceaptha teasa ná astaíochtaí a ghiniúint ina dhiaidh sin. Le gealltanas comhchoiteann, arb é is aidhm dó aeráidneodracht in earnáil na talún a bhaint amach in 2035 ar leibhéal an Aontais, is féidir an chinnteacht pleanála is gá a sholáthar chun gníomh maolaithe talamh-bhunaithe a spreagadh sa ghearrthéarma, i bhfianaise go bhféadfadh blianta go leor a bheith i gceist le gníomh mar sin na torthaí maolaithe inmhianaithe a sholáthar. Thairis sin, meastar go mbeidh an earnáil talún ar an earnáil is mó i bpróifíl flosca gás ceaptha teasa an Aontais in 2050. Tá sé ríthábhachtach dá réir go bhfréamhófaí an earnáil sin i dtreocht lenar féidir glanastaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha a bhaint amach go héifeachtach faoi 2050. Faoi lár 2024, ba cheart do na Ballstáit a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34). Maidir leis na pleananna ba cheart a áireamh iontu bearta ábhartha lena rannchuidíonn gach Ballstát a dhícheall do sprioc chomhchoiteann na haeráidneodrachta in earnáil na talún ar leibhéal an Aontais Eorpaigh in 2035 . Ar bhonn na bpleananna sin, ba cheart don Choimisiún spriocanna náisiúnta a mholadh , lena gcinnteofar go mbeidh cothromaíocht ar a laghad ann idir astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ar fud an Aontais in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta, agus na hastaíochtaí ó earnálacha talmhaíochta neamh-CO2 faoi 2035. I gcodarsnacht le sprioc na haeráidneodrachta ar leibhéal an Aontais le haghaidh earnáil na talún faoi 2035, beidh na spriocanna náisiúnta sin ceangailteach agus in-fhorfheidhmitheach ar gach Ballstát.

(8)

Thairis sin, meastar go mbeidh an earnáil talún ar an earnáil is mó i bpróifíl flosca gás ceaptha teasa an Aontais in 2050. Táthar ag dréim leis go rannchuideoidh na hearnálacha laistigh de cholún na talún ar bhealaí éagsúla le sprioc na haeráidneodrachta. Go háirithe, is glanastaírí gás ceaptha teasa san Aontas iad tailte curaíochta, féarthailte agus bogaigh, ach tá sé d’acmhainneacht iontu a bheith ina bhfoinse glanaistrithe gás ceaptha teasa, go háirithe tríd an agrafhoraoiseacht, tríd an bhfeirmeoireacht orgánach a mhéadú, agus trí bhogaigh agus tailte portaigh a athchóiriú. Tá sé ríthábhachtach, dá réir, go bhfréamhófaí gach earnáil i dtreocht lenar féidir glanastaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha a bhaint amach go héifeachtach faoi 2050. Faoi lár 2024, ba cheart do na Ballstáit a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34). Maidir leis na pleananna, ba cheart a áireamh iontu bearta ábhartha lena rannchuidíonn gach Ballstát a dhícheall leis an gcuspóir a áirithiú go rannchuidíonn cách leis an gcuspóir sin . Ar bhonn na bpleananna sin, agus tar éis dó an chomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide agus buiséad gás ceaptha teasa an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 a chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún spriocanna agus bearta sonracha a mholadh chun comhroinnt chothrom dualgas idir gach earnáil talún aonair agus gach Ballstát aonair a áirithiú .

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a)

Is iad tailte móna an stór talún is mó de charbón orgánach ach, má thriomaítear iad, d’fhéadfaidís a bheith ina bhfoinse fhéideartha gás ceaptha teasa, rud a chuirfeadh leis an ngéarchéim aeráide. Ar bhonn domhanda, astaíonn tailte móna draenáilte thart ar 2 Gt de dhé-ocsaíd charbóin in aghaidh na bliana, arb ionann é agus thart ar 5 % d’astuithe antrapaigineacha. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur tosaíocht é feabhas a chur ar bhainistiú agus ar chosaint tailte móna i ndáil le hionsú gás ceaptha teasa a mhéadú agus rannchuidiú ar an gcaoi sin le maolú ar an athrú aeráide, agus le bithéagsúlacht agus ithir a chosaint ar chreimeadh.

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8b)

Tá foraoisí thar a bheith tábhachtach, go háirithe, don bhithéagsúlacht, do chobhsú na hithreach, d’íonú aeir agus uisce, do cheapadh agus stóráil carbóin agus d’fhéadfadh siad táirgí adhmaid fadshaolacha a chur ar fáil. Mar sin féin, tá cineál agus feidhm na bhforaoisí an-éagsúil ar fud an Aontais, go háirithe ó thuaidh, áit a bhfuil táirgeadh adhmaid níos forleithne, ó dheas, áit a bhfuil tosaíocht ag caomhnú ithreach agus inar minic go mbíonn bearta caomhnaithe agus éiceolaíocha ar leith ag teastáil ó chineálacha sonracha foraoise ilfheidhmeacha eile, amhail foraois na Meánmhara nó Dehesa, chomh maith le tréimhsí fada le haghaidh CO2 a bhaint trí linnte. Tá foraoisí den sórt sin sa Mheánmhuir níos leochailí don athrú aeráide mar gheall ar thionchair dhíreacha, amhail triomach nó críonadh siar foraoise arna spreagadh ag teocht nó éabhlóid tuire. Sa chomhthéacs sin, ba cheart innéacs tuire a úsáid mar cheann de na huirlisí is gá chun athléimneacht fhoraoisí an Aontais a neartú.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8c)

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, ba cheart aird a thabhairt ar Airteagal 349 CFAE, lena n-aithnítear leochaileacht áirithe na réigiún is forimeallaí, ar leochaileacht í atá ann mar gheall ar a mbeagmhéid, a n-oileánachas, a n-iargúltacht i gcomparáid le réigiúin na mórthíre, a dtopagrafaíocht chasta agus a spleáchas aeráide agus eacnamaíoch ar líon beag táirgí, ar meascán é lena gcuirtear teorainn lena bhforbairt agus a ghineann costais bhreise shuntasacha i roinnt mhaith réimsí, go háirithe don iompar. Ba cheart iarrachtaí agus spriocanna maidir le gás ceaptha teasa a laghdú, arna leagan síos do na Ballstáit a bhfuil na réigiúin is forimeallaí acu – an Phortaingéil, an Spáinn agus an Fhrainc – a chur in oiriúint do staid dheacair na réigiún sin, agus cuspóirí comhshaoil á gcothromú leis na costais shóisialta arda do na réigiúin sin, agus é á chur san áireamh go bhfuil 80 % de bhithéagsúlacht an Aontais le fáil ann. Ba cheart do na Ballstáit sin, dá bhrí sin, ról a thabhairt do na húdaráis sna réigiúin is forimeallaí maidir lena bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a tharraingt suas, chun aistriú cothrom a áirithiú.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Chun na haistrithe gás ceaptha teasa a fheabhsú, beidh dreasacht dhíreach de dhíth ar fheirmeoirí nó bainisteoirí foraoise aonair chun níos mó carbóin a stóráil ar a dtalamh agus ina bhforaoisí . Is gá níos mó samhlacha gnó nua , atá bunaithe ar dhreasachtaí don fheirmeoireacht carbóin agus ar dheimhniúchán d’aistrithe carbóin , a  imscaradh sa tréimhse go dtí 2030. Is leis na dreasachtaí agus na samhlacha gnó sin a  chuirfear feabhas ar an maolú aeráide sa bhithgheilleagar, lena n-áirítear trí leas a bhaint as táirgí marthanacha adhmaid lománaithe, agus lánurraim á léiriú do phrionsabail éiceolaíocha lena gcothaítear an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Is amhlaidh dá réir ba cheart catagóirí nua táirgí stórála carbóin a thabhairt isteach sa bhreis ar na táirgí adhmaid lománaithe. Na samhlacha gnó, na cleachtais feirmeoireachta agus bainistíochta talún atá ag teacht chun cinn chun feabhas a chur ar aistrithe; rannchuidíonn siad le forbairt chríochach agus fás eacnamaíoch cothrom sna ceantair thuaithe. Cruthaíonn siad deiseanna freisin do phoist nua, agus soláthraíonn siad dreasachtaí don oiliúint, don athoiliúint agus don uasoiliúint ábhartha.

(10)

Chun na haistrithe gás ceaptha teasa a fheabhsú, ba cheart feirmeoirí aonair, úinéirí talún agus foraoisí nó bainisteoirí foraoisí a spreagadh níos mó carbóin a stóráil ar a dtalamh agus ina bhforaoisí, agus tús áite á thabhairt acu do chuir chuige atá bunaithe ar éiceachórais agus atá fabhrach don bhithéagsúlacht, amhail cleachtais atá gar don dúlra, prófhoraoisiú, athchóiriú stoc carbóin foraoisí, leathnú an chumhdaigh agrafhoraoiseachta, ceapadh carbóin ithreach agus athchóiriú bogach , mar aon le réitigh nuálacha eile.  A  bhuí leis na dreasachtaí sin , ba cheart freisin feabhas chur ar an maolú aeráide agus ar an laghdú foriomlán ar astaíochtaí ó earnáil go chéile sa bhithgheilleagar, lena n-áirítear trí leas a bhaint as táirgí marthanacha adhmaid lománaithe, agus lánurraim á léiriú do phrionsabail éiceolaíocha lena gcothaítear an bhithéagsúlacht agus an geilleagar ciorclach. Féadfaidh adhmad fadshaolach a fhoinsítear ar bhealach inbhuanaithe agus táirgí bithbhunaithe stórála carbóin rannchuidiú leis an mbithgheilleagar ciorclach trí ghníomhú mar ionadaigh do roghanna iontaise, ach is bunaithe ar shaolré na dtáirgí sin a chinntear acmhainneacht na stórála carbóin. Maidir leis an tairbhe a bhaineann le hadhmad a úsáid chun dul in ionad cineálacha fuinnimh nó ábhair atá in iomaíocht leis agus ar mó a lorg carbóin, bíonn seisean ag brath freisin ar mhodhanna buainte, ar iompar agus ar phróiseáil. Dá bhrí sin, ní fhéadfar catagóirí nua táirgí stórála carbóin a thabhairt isteach mura rud é go bhfuil siad fadsaolach, go bhfuil éifeacht ghlan-dheimhneach ceaptha carbóin acu bunaithe ar mheasúnú ar an saolré, lena n-áirítear an tionchar ar úsáid talún agus ar athrú ar úsáid talún a bhaineann le méadú ar bhuaint, agus ar choinníoll go bhfuil na sonraí atá ar fáil eolaíocht-bhunaithe, trédhearcach agus infhíoraithe. Ní mór don Choimisiún a chur san áireamh gur gá nach ndéanfar dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 i ngeall ar shaolré na dtáirgí sin.

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)

Le cistiú poiblí faoin gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus faoi chláir eile de chuid an Aontais, is féidir tacú cheana le ceapadh carbóin agus cuir chuige atá fabhrach don bhithéagsúlacht i bhforaoisí agus ar thailte talmhaíochta. Chun tacaíocht airgeadais riachtanach agus saincheaptha a sholáthar d’úinéirí nó bainisteoirí talún agus foraoisí spriocanna méadaithe LULUCF a bhaint amach, ba cheart leas a bhaint as Pleananna Straitéiseacha faoi CBT agus as foinsí poiblí agus príobháideacha eile maoinithe.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10b)

Chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn leanúnach ar mhaithe le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit sin nach mbainfidh a spriocanna bliantúla amach dhá bhliain as a chéile athbhreithniú a dhéanamh ar a bPleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus ar a Straitéisí Fadtéarmacha chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht bhreise chun gach linn agus taiscumar a fheabhsú, agus chun leochaileacht na talún i dtaca le suaití nádúrtha a laghdú.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10c)

Chun comhleanúnachas sóisialta a chaomhnú agus a fheabhsú, ní mór an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair de agus atá íogair ó thaobh na sochaí de chun aistriú cothrom agus cóir nach bhfágfar aon duine ar lár leis agus lena gcuirfear comhionannas inscne chun cinn a áirithiú. Féadfaidh tionchar sóisialta, saothair agus eacnamaíoch a bheith ag gabháil leis an leibhéal méadaithe uaillmhéine in earnáil na húsáide talún agus na foraoiseachta. Féadfar deiseanna a chruthú dá bharr ó thaobh poist nua de agus dreasachtaí a sholáthar le haghaidh oiliúint, athoiliúint agus uasoiliúint ábhartha. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, an tionchar a imreoidh beartais ar phoist agus ar thorthaí a bhaineann le poist a thuar le measúnuithe tionchair fostaíochta, faoi mar a leagtar síos, mar shampla, i dTreoir Thagartha na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Measúnú Tionchair Fostaíochta, chun aistriú cóir earnáil na húsáide talún agus na foraoiseachta a áirithiú le go mbeidh sí níos inbhuanaithe, agus páirt iomlán á tabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta i gcéim na pleanála agus i gcéim an chur chun feidhme araon, rud a rachaidh chun tairbhe do bhainisteoirí foraoisí agus talún, feirmeoirí, oibrithe, an comhshaol agus an tsochaí trí chéile. Ba cheart an méid sin a chur san áireamh go cuí i mbeartais náisiúnta.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10d)

Is trí shaolré na dtáirgí sin a chinntear an acmhainneacht atá ag táirgí adhmaid stóráil carbóin a dhéanamh i dtáirgí adhmaid, rud a d’fhéadfadh a bheith idir chúpla lá i gcás bileoige, agus blianta fada nó fiú na céadta bliain i gcás foirgneamh adhmaid. Cé gur stoc carbóin atá i dtáirge adhmaid, braitheann an leas iarbhír atá le crann a bhuaint ar shaolré an táirge a tháirgtear, agus ní mór an leas sin a chur i gcomparáid le saolré an adhmaid san éiceachóras murar gearradh an crann sin.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 e (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10e)

Ba cheart tuilleadh plé a dhéanamh ar an sainmhíniú ar riascshaothrú (nó feirmeoireacht portaigh) chun bogadh go mear chuig feirmeoireacht atá neamhdhíobhálach don aeráid ar ithreacha orgánacha agus chun deireadh a chur le draenáil agus chun leibhéal an uisce nádúrtha a athbhunú.

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 f (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10f)

I gcomhréir le cuspóir an Aontais maidir le tógáil ghlan-nialasach talún faoi 2050, ba cheart tiontú talún nádúrtha agus talamh talmhaíochta ina limistéir fhoirgnithe a sheachaint. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit bearta a thabhairt isteach ina bpleananna úsáide talún atá ceaptha chun aon laghdú ar thalamh a thagann as uirbiú a chúiteamh.

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

I bhfianaise saintréithe earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta i ngach aon Bhallstát, chomh maith leis an gcaoi nach foláir do Bhallstáit a bhfeidhmíocht a mhéadú chun a spriocanna ceangailteacha náisiúnta a ghnóthú; ba cheart raon solúbthachtaí a bheith fós ar fáil do na Ballstáit, lena n-áirítear barrachais trádála agus síneadh le solúbthachtaí forais-sonracha, agus urraim á léiriú do shláine comhshaoil na spriocanna.

(11)

I bhfianaise saintréithe earnáil LULUCF i ngach aon Bhallstát, chomh maith leis an gcaoi nach foláir do Bhallstáit a bhfeidhmíocht a mhéadú chun a spriocanna ceangailteacha náisiúnta a ghnóthú; ba cheart raon solúbthachtaí a bheith fós ar fáil do na Ballstáit, lena n-áirítear barrachais trádála ar phraghas íosta agus síneadh le solúbthachtaí forais-sonracha, agus urraim á léiriú do shláine comhshaoil na spriocanna.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Trí scor de na rialacha cuntasaíochta atá ann faoi láthair tar éis 2025, cruthaítear gá le forálacha malartacha maidir le suaití nádúrtha amhail dóiteán , lotnaidí, agus stoirmeacha, chun aghaidh a thabhairt ar neamhchinnteachtaí a bhíonn ann de bharr próisis nádúrtha nó a eascraíonn ón athrú aeráide in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta . Ba cheart sásra solúbthachta atá nasctha le suaití nádúrtha a bheith ar fáil do na Ballstáit in 2032, ar choinníoll gur ídigh siad gach solúbthacht eile a bhí ar fáil dóibh, go raibh bearta iomchuí i bhfeidhm acu chun íogaireacht a gcuid talún do shuaití mar sin a laghdú , agus go bhfuil gnóthú na sprice 2030 ag an Aontas maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht curtha i gcrích.

(12)

Trí scor de na rialacha cuntasaíochta atá ann faoi láthair tar éis 2025, cruthaítear gá le forálacha malartacha maidir le suaití nádúrtha amhail dóiteáin , lotnaidí, agus stoirmeacha, chun aghaidh a thabhairt ar neamhchinnteachtaí a bhíonn ann de bharr próisis nádúrtha nó de bharr corraíolacha éiceachórais arna spreagadh ag an athrú aeráide in earnáil LULUCF, ar choinníoll nach bhféadfaí na suaití sin a thuar ná a chosc, go háirithe trí bhearta um oiriúnú a chur chun feidhme . Ba cheart sásra solúbthachta atá nasctha le suaití nádúrtha a bheith ar fáil do na Ballstáit in 2032, ar choinníoll go mbeidh gach solúbthacht eile a bhí ar fáil dóibh ídithe acu agus go mbeidh sé léirithe acu go bhfuil baint dhíreach ag an mbarrachas atá fágtha leis an tionchar a bhíonn ag suaití nádúrtha nó ag corraíolacha éiceachórais arna spreagadh ag an athrú aeráide , go mbeidh bearta iomchuí curtha i bhfeidhm acu chun linnte carbóin nádúrtha a fheabhsú ar bhealach lena rannchuidítear le feabhas a chur leis an mbithéagsúlacht, go mbeidh laghdú déanta acu ar íogaireacht a gcuid talún i leith na suaití sin , agus go mbeidh gnóthú sprioc 2030 an Aontais maidir le hearnáil LULUCF curtha i gcrích.

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Toisc na spriocanna náisiúnta bliantúla ceangailteacha le haghaidh aistrithe gás ceaptha teasa a bheith bunaithe ar na hastaíochtaí agus ar na haistrithe gás ceaptha teasa a thuairisceofar ó 2026 amach, ba cheart na rialacha maidir le comhlíonadh na spriocanna a leagan amach. Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail a leagadh síos i Rialachán (AE) 2018/842 mutatis mutandis, agus ba cheart pionós ar neamhchomhlíonadh a ríomh ar an gcaoi seo a leanas: Déanfar 108 % den easnamh idir an sprioc shannta agus na glanaistrithe a thuairiscítear i mbliain faoi leith a chur leis an bhfigiúr d’astaíochtaí gás ceaptha teasa arna thuairisciú ag an mBallstát sa bhliain dá éis.

(13)

Toisc na spriocanna náisiúnta bliantúla ceangailteacha le haghaidh aistrithe gás ceaptha teasa a bheith bunaithe ar na hastaíochtaí agus ar na haistrithe gás ceaptha teasa a thuairisceofar ó 2026 amach, ba cheart na rialacha maidir le comhlíonadh na spriocanna a leagan amach. Ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail a leagadh síos i Rialachán (AE) 2018/842 mutatis mutandis, agus ba cheart pionós ar neamhchomhlíonadh a ríomh ar an gcaoi seo a leanas: Déanfar 108 % den easnamh idir an sprioc shannta agus na glanaistrithe a thuairiscítear i mbliain faoi leith a chur leis an bhfigiúr d’astaíochtaí gás ceaptha teasa arna thuairisciú ag an mBallstát sa bhliain dá éis. Ba cheart don Choimisiún gach beart is gá a dhéanamh i gcomhréir leis na Conarthaí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo.

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a)

Is cuid lárnach de luachanna daonlathacha an Aontais iad grinnscrúdú an phobail agus rochtain ar an gceartas agus is uirlís chun an smacht reachta a choimirciú iad. Tá ról ríthábhachtach ag an tsochaí shibhialta mar fhoras faire sna Ballstáit agus cuireann sí tacaíocht thábhachtach ar fáil chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Chun a gcearta a chosaint agus chun agóid a dhéanamh i gcoinne sáruithe ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha ar an gceartas. Chun a áirithiú gur féidir an ceart sin a fheidhmiú go cothrom ar fud na mBallstát, ba cheart airteagal lena gcumhdaítear rochtain ar cheartas a chur leis an Rialachán seo.

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha Rialachán (AE) 2018/841 a chur chun feidhme , ar dá réir a leagfar amach na leithdháiltí spriocanna bliantúla le haghaidh na mBallstát, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.spriocanna bliantúla le haghaidh na mBallstát, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (37).

(14)

Chun na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a shonrú , ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i dtaca le sprioc-leithdháiltí bliantúla a leagan amach do na Ballstáit d’earnáil LULUCF, chomh maith leis an modh chun an ceartú teicniúil atá le cur le spriocanna na mBallstát a chinneadh agus an modh d’athbhreithniú neamhspleách na saineolaithe, agus ba cheart critéir íosta a shonrú maidir le faireachán ar bhithéagsúlacht a chuimsiú sa chóras faireacháin ar thalamh agus modheolaíocht a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag corraíolacha éiceachórais arna spreagadh ag an athrú aeráide. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016  (36a) . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe .

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a)

San Eoraip, úsáidtear Fardail Náisiúnta Foraoise (NFI) chun faisnéis a sholáthar do mheasúnuithe ar sheirbhísí éiceachórais foraoise. Tá an córas faireacháin fardail foraoise éagsúil ó thír go tír, toisc go bhfuil a córas fardail foraoise féin ag gach tír lena mhodheolaíocht féin. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit na táscairí, an sainmhíniú agus na córais éagsúla fardail a chomhchuibhiú agus córas comhsheasmhach faireacháin ar fhoraoisí a bhunú ar fud an Aontais.

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

De bharr an athraithe ar spriocanna atá bunaithe ar thuairisciú, ní mór leibhéal cruinne is airde a bheith leis an meastachán a dhéanfar ar na hastaíochtaí agus na haistrithe gás ceaptha teasa. Thairis sin, éileofar leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 (38), an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (39), Straitéis Foraoiseachta an Aontais (40), Treoir athbhreithnithe (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide (42), éileofar faireachán feabhsaithe ar thalamh, rud a chuideoidh le hathléimneacht na n-aistrithe carbóin atá bunaithe ar an dúlra a chosaint agus a fheabhsú ar fud an Aontais. Is gá uasghrádú a dhéanamh ar an bhfaireachán agus an tuairisciú a  dhéanfar ar astaíochtaí agus aistrithe, trí úsáid a bhaint as ardteicneolaíochtaí a bheidh ar fáil faoi chláir de chuid an Aontais, cláir amhail Copernicus, agus sonraí digiteacha a bhailítear faoin gComhbheartas Talmhaíochta , agus trasdul déach na nuálaíochta glaise agus digití á chur chun feidhme.

(16)

De bharr an athraithe ar spriocanna atá bunaithe ar thuairisciú, ní mór leibhéal cruinnis is airde a bheith leis an meastachán agus an tomhas a dhéanfar ar na hastaíochtaí agus na haistrithe gás ceaptha teasa. Thairis sin, éileofar leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 (38), an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (39), Straitéis Ithreach an Aontais  (39a) , Straitéis Foraoiseachta an Aontais (40), an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le timthriallta inbhuanaithe carbóin  (40a) , Straitéis Bhithgheilleagair nuashonraithe an Aontais  (40b) , Treoir athbhreithnithe (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) agus an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (42), éileofar leo ar fad faireachán feabhsaithe ar thalamh, rud a chuideoidh le hathléimneacht na n-aistrithe carbóin atá bunaithe ar an dúlra a chosaint agus a fheabhsú ar fud an Aontais , agus le sineirgí idir beartais aeráide agus bhithéagsúlachta an Aontais a dhreasú . Is gá uasghrádú a dhéanamh ar an bhfaireachán agus an tuairisciú satailíte agus ar an láthair dhéantar ar astaíochtaí agus aistrithe, trí úsáid a bhaint as ardteicneolaíochtaí atá ar fáil faoi chláir de chuid an Aontais, amhail Copernicus, agus trí úsáid iomlán a bhaint as uirlisí atá ann cheana, amhail suirbhéanna LUCAS (Suirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún), agus sonraí digiteacha a bhailítear faoi CBT , agus aistriú dúbailte na nuálaíochta glaise agus digití á chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún cúnamh a thabhairt do na Ballstáit modheolaíocht Leibhéal 3 a chur i bhfeidhm ó 2026 ar aghaidh chun comhsheasmhacht agus trédhearcacht na sonraí a áirithiú, agus leanúint de bheith ag obair ar shonraí geospásúla GIS ar leibhéal an Aontais.

 

 

 

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a)

Chun na gealltanais a tugadh faoi straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 agus faoi straitéis foraoise nua an Aontais do 2030 a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 chun catagóirí nua talún a chur leis na catagóirí talún sin a chumhdaítear faoin gcóras chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún atá faoi réir a gcosanta agus i dtaca leo siúd a chumhdaítear faoin gcóras chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún atá faoi réir a n-athchóirithe.

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Beidh tionchar ag na hathruithe antrapaigineacha ionchasacha ar an timpeallacht mhuirí agus fionnuisce áfach , mar shampla, ag an síneadh atá beartaithe ar fhuinneamh eischósta, an méadú féideartha ar tháirgeadh dobharshaothraithe agus na leibhéil mhéadaithe de chosaint an dúlra chun na spriocanna i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, beidh tionchar acu go léir ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar a gceapadh . Is amhlaidh faoi láthair nach n-áirítear na hastaíochtaí agus na haistrithe sin leis na táblaí tuairiscithe caighdeánacha chuig UNFCCC. I ndiaidh ghlacadh na modheolaíochta tuairiscithe, breithneoidh an Coimisiún an tuairisciú ar dhul chun cinn, féidearthacht na hanailíse agus an tionchar a bheidh leis an tuairisciú a leathnú chun an comhshaol mara agus fionnuisce a  chumhdach, tuairisciú atá bunaithe ar an bhfianaise eolaíochta is déanaí i leith na bhfloscaí sin, nuair a dhéantar an t-athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 17 (2) den Rialachán seo.

(17)

Is féidir athruithe suntasacha a bheith i gceist le hathruithe antrapaigineacha ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa in éiceachórais mhuirí , chósta agus fionnuisce, agus táthar ag dréim leis go mbeidh siad éagsúil amach anseo mar thoradh ar athruithe ar úsáid, mar shampla, tríd an méadú atá beartaithe ar fhuinneamh amach ón gcósta, méadú a d’fhéadfadh teacht ar tháirgeadh dobharshaothraithe agus leibhéil na cosanta dúlra atá ag dul i méid, ar leibhéil iad atá riachtanach chun spriocanna straitéis bhithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach. Tá leas sonrach ag baint le bogaigh chósta do bhithéagsúlacht an Aontais agus freisin do na réigiúin is forimeallaí agus do na héiceachórais a mbaineann gníomhaíocht sheachtrach an Aontais leo, agus is féidir leo laghdú suntasach ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a spreagadh mar éiceachórais “carbóin ghoirm”, mar a thugtar orthu . Is amhlaidh faoi láthair nach n-áirítear na hastaíochtaí agus na haistrithe sin leis na táblaí tuairiscithe caighdeánacha chuig UNFCCC. I ndiaidh ghlacadh na modheolaíochta tuairiscithe, breithneoidh an Coimisiún an leathnófar raon feidhme an Rialacháin seo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus aistrithe ó na héiceachórais mhuirí, chósta, lena n-áirítear bogaigh dheilteacha, agus fionnuisce a  áireamh bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí i leith na bhfloscanna sin agus na cúiseanna atá leo , agus cuirfidh sé spriocanna sonracha i bhfeidhm maidir le hastaíochtaí agus na haistrithe sin, agus an t-athbhreithniú á dhéanamh aige i gcomhréir le hAirteagal 17 (2) den Rialachán seo.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a)

Ba cheart go leasófaí Rialachán LULUCF le bheith i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chomhaontú Pháras agus leis an toradh a bhí ar an gCruinniú Mullaigh Aeráide i nGlaschú, agus ba cheart an t-áireamh dúbailte a sheachaint ann. Ag an am céanna, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit comhpháirtithe idirnáisiúnta agus tríú páirtithe a spreagadh chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh in earnáil LULUCF i gcomhthéacs Chomhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide atá ar na bacáin agus i suíomhanna idirnáisiúnta eile.

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 1 – mír 1 – pointe d b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db)

gealltanais ó institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun leanúint d’fheabhas a chur ar ghlanaistrithe gás ceaptha teasa in earnáil LULUCF ó 2031 ar aghaidh chun rannchuidiú le hAirteagal 5(1) de Chomhaontú Pháras agus a áirithiú go ndéanfar linnte nádúrtha a rannchuidiú ar bhonn fadtéarmach, inbhuanaithe agus intuartha le baint amach chuspóir aeráidneodrachta an Aontais a áirithiú faoi 2050 ar a dhéanaí, agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119;

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 1 – mír 1 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

gealltanais na mBallstát chun na bearta riachtanacha a ghlacadh leis an aidhm chun aeráidneodracht a ghnóthú go comhchoiteann san Aontas faoi 2035 in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta lena n-áirítear astaíochtaí ón talmhaíocht neamh-CO2.’;

scriosta

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 2 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Baineann an Rialachán seo freisin le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa atá liostaithe in Alt A d’Iarscríbhinn I, mar a thuairiscítear de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus a tharlaíonn ar chríocha na mBallstát ó 2031 amach, in aon cheann de na catagóirí cuntasaíochta talún a liostaítear i mír 2, pointí (a) go (j) agus in aon cheann de na hearnálacha seo a leanas:

scriosta

(a)

coipeadh eintreach;

 

(b)

bainistíocht aoiligh;

 

(c)

saothrú ríse;

 

(d)

ithreacha talmhaíochta;

 

(e)

loscadh machairí forordaithe;

 

(f)

loscadh páirceanna d’fhuíoll talmhaíochta;

 

(g)

aoladh;

 

(h)

úsáid úiré;

 

(i)

“leasacháin eile ina bhfuil carbón”;

 

(j)

“eile”.

 

Leasuithe 97 agus 50cp2

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Is ionann sprioc 2030 an Aontais maidir le glan-aistrithe gás ceaptha teasa agus 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de spriocanna na mBallstát a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus beidh sí bunaithe ar an meán dá sonraí fardail gháis cheaptha teasa do na blianta 2016, 2017 agus 2018.

2.   Is ionann sprioc 2030 an Aontais maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa in earnáil na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta agus ar a laghad 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de spriocanna na mBallstát a bhunaítear i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, agus beidh sí bunaithe ar mheán a chuid sonraí fardail maidir le gáis ceaptha teasa do na blianta 2016, 2017 agus 2018. Déanfar an sprioc sin a fhairsingiú tuilleadh le bearta agus tionscnaimh bhreise ar leibhéal an Aontais chun tacú le feirmeoireacht carbóin, lena seachadfar 50 milliún tona breise ar a laghad de choibhéis CO2 i nglanaistrithe faoi 2030 ar leibhéal an Aontais. Déanfar bearta agus tionscnaimh den sórt sin, mar aon le modheolaíocht le haghaidh ríomh agus dáileadh spriocanna idir na Ballstáit, a leagan síos trí ghníomh tarmligthe lena bhforlíonfar an Rialachán seo bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta seo.

Áiritheoidh gach Ballstát, agus na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 12 agus 13b á gcur san áireamh, nach sáróidh suim bhliantúil a astaíochtaí agus a aistrithe gás ceaptha teasa ar a chríoch agus i ngach ceann de na catagóirí tuairiscithe talún dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), i ngach bliain sa tréimhse idir 2026 agus 2030 an teorainn a bheidh bunaithe de réir treocht líneach, ag críochnú in 2030 leis an sprioc a leagtar amach don Bhallstát sin in Iarscríbhinn IIa. Tosóidh conair líneach Bhallstáit in 2022.

Áiritheoidh gach Ballstát, agus na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 12 agus 13b á gcur san áireamh, nach sáróidh suim bhliantúil a astaíochtaí agus a aistrithe gás ceaptha teasa ar a chríoch agus i ngach ceann de na catagóirí tuairiscithe talún dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), i ngach bliain sa tréimhse idir 2026 agus 2030 an teorainn a bheidh bunaithe de réir treocht líneach, ag críochnú in 2030 leis an sprioc a leagtar amach don Bhallstát sin in Iarscríbhinn IIa. Tosóidh conair líneach Bhallstáit in 2022.

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na spriocanna bliantúla bunaithe ar an treocht líneach i leith glan-aistrithe gás ceaptha teasa do gach Ballstát, le haghaidh gach bliain sa tréimhse idir 2026 agus 2029 i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2. Beidh na treochtaí náisiúnta sin bunaithe ar mheán na sonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023, arna dtuairisciú ag gach Ballstát. Féadfaidh luach na nglan-aistrithe 310 milliún tona de choibhéis CO2 mar shuim de na spriocanna le haghaidh Ballstát arna leagan amach in Iarscríbhinn IIa teacht faoi réir ceartú teicniúil de bharr athrú ar mhodheolaíocht na mBallstát . Is sna gníomhartha cur chun feidhme seo a leagfar amach an modh do chinneadh an cheartaithe theicniúil le cur le spriocanna na mBallstát. Chun críche na ngníomhartha cur chun feidhme sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna gcur isteach ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na spriocanna bliantúla a leagan amach d’earnáil LULUCF, bunaithe ar an treocht líneach i leith glan-aistrithe gás ceaptha teasa do gach Ballstát, le haghaidh gach bliain sa tréimhse idir 2026 agus 2029 i dtéarmaí tonaí de choibhéis CO2. Beidh na treochtaí náisiúnta sin bunaithe ar mheán na sonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2021, 2022 agus 2023, arna dtuairisciú ag gach Ballstát. D’fhéadfadh luach an 310 milliún tona ar a laghad de choibhéis CO2 i nglanaistrithe mar shuim na spriocanna do na Ballstáit a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa a bheith faoi réir ceartú teicniúil de bharr athrú modheolaíochta ag Ballstáit, faoi réir athbhreithniú neamhspleách ó shaineolaithe ina ndeimhnítear riachtanas agus comhréireacht an cheartaithe theicniúil bunaithe ar chruinneas feabhsaithe na sonraí a ndéantar faireachán agus tuairisciú orthu . Is sna gníomhartha tarmligthe sin a leagfar amach an modh do chinneadh an cheartaithe theicniúil a bheidh le cur le spriocanna na mBallstát agus d’athbhreithniú neamhspleách na saineolaithe, agus déanfar é a chur ar fáil go poiblí . Chun críche na ngníomhartha tarmligthe sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar na sonraí is déanaí ó na fardail náisiúnta do na blianta 2021, 2022 agus 2023 arna gcur isteach ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(4) de Rialachán (AE) 2018/1999.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16a.

 

Leasú 108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3 a.     I gcás ina bhfuil na Ballstáit toilteanach a spriocanna a shárú, moltar dóibh déanamh amhlaidh.

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3b.     Déanfaidh institiúidí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit na bearta is gá ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta faoi seach chun leanúint d’fheabhas a chur ar ghlanaistrithe gás ceaptha teasa in earnáil LULUCF ó 2031 ar aghaidh chun rannchuidiú le hAirteagal 5(1) de Chomhaontú Pháras a chur chun feidhme agus a áirithiú go mbeidh linnte nádúrtha ina rannchuidiú ar bhonn fadtéarmach, inbhuanaithe agus intuartha le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais faoi 2050 ar a dhéanaí, agus leis an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119.

 

Faoin 1 Eanáir 2025, glacfaidh an Coimisiún, agus aird á tabhairt aige ar an gcomhairle ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide agus ar bhuiséad gás ceaptha teasa an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus ar bhonn na bpleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid arna dtíolacadh ag na Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2024 de bhun Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2018/1999, togra a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú chun spriocanna an Aontais agus na mBallstát a leagan amach maidir le glan-aistrithe gás ceaptha teasa in úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht do 2035, 2040, 2045 agus 2050 ar a laghad.

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.    Beidh neodracht charbóin faoi 2035 mar aidhm do na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an Aontais sna hearnálacha atá leagtha amach in Airteagal 2(3), pointí (a) go (j); agus gnóthóidh an tAontas astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin. Glacfaidh an tAontas agus na Ballstáit na bearta is gá chun gnóthú comhchoiteann na sprice do 2035 a chumasú. Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig  2025 agus ar bhonn pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtaisceadh ag gach Ballstát de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999 faoin 30 Meitheamh 2024, tograí a cheapadh i ndáil le rannchuidiú gach Ballstáit leis an nglanlaghdú ar astaíochtaí.’;

4.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2024 , ar bhonn tuarascálacha náisiúnta comhtháite ar dhul chun cinn maidir le fuinneamh agus leis an aeráid agus ar bhonn pleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide a thíolacfaidh gach Ballstát de bhun Airteagail 14 agus 17 de Rialachán (AE) 2018/1999 faoin dáta sin, agus cuirfidh sé san áireamh comhairle an Bhoird Chomhairligh Eolaíoch Eorpaigh maidir leis an Athrú Aeráide agus buiséad gáis ceaptha teasa an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an dul chun cinn a bheidh déanta maidir le hardú a dhéanamh ar ghlanaistrithe gás ceaptha teasa ó thalamh cúraíochta, féarthalamh agus bogach faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2018/842, agus déanfaidh sé measúnú cibé atá treochtaí reatha agus réamh-mheastacháin don todhchaí comhsheasmhach leis an gcuspóir laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach san uile earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119 .

 

Áireofar sa tuarascáil sin measúnú tionchair ina ndéanfar bhféachfar ar roghanna, lena n-áirítear spriocanna náisiúnta, chun a áirithiú go rannchuideoidh gach earnáil agus gach Ballstát ar bhealach cothrom le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le spriocanna idirmheánacha aeráide an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, agus aird á tabhairt ar chuspóirí straitéis nuashonraithe 2018 maidir leis an mbithgheilleagar ar tháirgeadh áitiúil inbhuanaithe bia agus shlándáil an tsoláthair bia áitiúil, ar an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” agus an straitéis bhithéagsúlachta, an reachtaíocht atá ar na bacáin maidir le córas inbhuanaithe bia, agus déanfar measúnú inti ar na sineirgí agus na comhbhabhtálacha a bhaineann le táirgí bithbhunaithe a chur in ionad breoslaí iontaise, agus déanfar measúnú inti ar na tionchair ón mbarr anuas go leibhéal na feirme.

 

I ndiaidh na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún tograí reachtacha a thíolacadh i gcás ina measann sé gurb iomchuí amhlaidh a dhéanamh chun a áirithiú go rannchuideoidh an uile earnáil i gcomhréir le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais agus le spriocanna aeráide idirmheánacha an Aontais a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119.

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a.     Agus bearta á ndéanamh acu chun a spriocanna náisiúnta a bhaint amach, amhail dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na Ballstáit an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” agus na coimircí íosta de réir bhrí Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur san áireamh  (1a) , agus, san am céanna, na prionsabail a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur san áireamh. Eiseoidh an Coimisiún treoirlínte chun rialacha agus modheolaíochtaí comhchoiteanna a shonrú chun an cuspóir a leagtar amach sa mhír seo a bhaint amach. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir íosta a chur ar bun maidir le faireachán ar bhithéagsúlacht a chuimsiú i gcórais faireacháin ar thalamh.

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

cuirtear an tAirteagal 4a seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 4a

 

Tacaíocht airgeadais agus aistriú cóir chun gur mó gníomhaíocht maolúcháin agus oiriúnacháin aeráide a dhéanfar in earnáil LULUCF

 

1.     Faoi … [4 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena ndéanfar measúnú ar infhaighteacht agus comhsheasmhacht ionstraimí cistiúcháin uile an Aontais atá ann cheana chun gur mó maolú agus oiriúnú aeráide a dhéanfar in earnáil LULUCF chun rannchuidiú leis na spriocanna a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 4(3), i gcomhréir le hAirteagal 4(4a). Sa tuarascáil sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, moltaí a eisiúint do na Ballstáit faoin gcaoi ar gá a bPleananna Straitéiseacha faoi CBT a leasú de bhun Airteagal 120 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun tacaíocht airgeadais atá riachtanach agus saincheaptha a chur ar fáil d’úinéirí nó bainisteoirí talún agus foraoise chun na spriocanna a leagtar amach de bhun Airteagal 4(3) a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 4(4a), agus tús áite a thabhairt do chineálacha cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais a chur chun cinn i bhforaoisí, i dtalamh talmhaíochta agus in agrafhoraoiseacht. Sna moltaí sin cuirfear san áireamh an gá atá le buaine na n-aistrithe arna ngineadh a áirithiú, tríd an tacaíocht airgeadais sin, agus an riosca go scaoilfear na haistrithe sin san atmaisféar bíodh sin de thaisme nó d’aon ghnó.

 

2.     I gcás ina n-úsáideann na Ballstáit ioncam poiblí arna ghiniúint ó lamháltais CTA AE a chur ar ceant faoi Threoir 2003/87/CE chun tacú leis na bearta maolúcháin agus oiriúnúcháin aeráide arna nglacadh ag úinéirí nó bainisteoirí talún agus foraoise chun na spriocanna a leagtar amach de bhun Airteagal 4(3) i gcomhréir le hAirteagal 4(4a) a bhaint amach, tabharfar tosaíocht do chur chuige bunaithe ar éiceachórais a chur chun cinn i bhforaoisí agus i dtalamh talmhaíochta. Roghnófar tionscadail ar bhonn critéar comhchoiteann atá oibiachtúil, eolaíocht-bhunaithe agus trédhearcach, agus cúiteofar cleachtais bhfuil sé cruthaithe go heolaíoch acu go bhfuil tairbhí don aeráid agus don chomhshaol acu agus as a dtagann méadú inbhuanaithe agus fadtéarmach ar cheapadh carbóin in ithreacha agus i mbithmhais, agus comhthairbhí sochaíocha á n-áirithiú ag an am céanna.

 

3.     Chun críche mhír 3, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh chun critéir chomhchoiteanna a leagan síos chun tionscadail a roghnú, bunaithe, inter alia, ar threoirlínte atá ann cheana a ghlac an Coimisiún. Sula nglacfar na treoracha sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach maidir leis an Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119, chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus na geallsealbhóirí ábhartha.

 

4.     Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh, de réir mar is iomchuí, chun creat rialála a bhunú chun aistrithe carbóin eolaíochta láidre, inbhuanaithe, iontaofa agus buana a dheimhniú, lena n-áirítear trí chleachtais feirmeoireachta carbóin, lena n-áiritheofar sláine comhshaoil agus lena n-urramófar prionsabail éiceolaíocha atá fabhrach don bhithéagsúlacht.

 

5.     Faoi… [2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit meastóireacht ar na tionchair shóisialta agus saothair, lena n-áirítear ar chomhionannas inscne agus ar dhálaí oibre, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach araon, atá ag na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo in aon cheann de na catagóirí agus earnálacha talún a chumhdaítear le hAirteagal 2.”

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 5 – mír 1

An téacs atá ann

Leasú

 

(3b)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.   Ullmhóidh agus coinneoidh gach Ballstát cuntas a léiríonn go cruinn na hastaíochtaí agus na haistrithe a bhíonn ann mar thoradh ar na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid cuntas agus a gcuid sonraí eile a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo cruinn, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus trédhearcach. Úsáidfidh na Ballstáit comhartha dearfach (+) le seasamh d’astaíochtaí agus comhartha diúltach (-) le seasamh d’aistrithe.

“1.   Ullmhóidh agus coinneoidh gach Ballstát cuntas a léiríonn go cruinn na hastaíochtaí agus na haistrithe a bhíonn ann mar thoradh ar na catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid cuntas agus a gcuid sonraí eile a chuirtear ar fáil faoin Rialachán seo cruinn, iomlán, comhsheasmhach, ar fáil go poiblí, inchomparáide agus trédhearcach. Úsáidfidh na Ballstáit comhartha dearfach (+) le seasamh d’astaíochtaí agus comhartha diúltach (-) le seasamh d’aistrithe.”

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 c (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 5 – mír 4

An téacs atá ann

Leasú

 

(3c)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh sna cuntais atá acu do gach catagóir cuntasaíochta talún aon athrú ar stoc carbóin na linnte carbóin atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh gan athruithe sna stoic charbóin a chur san áireamh ina gcuid cuntas le haghaidh linnte carbóin ar choinníoll nach bhfuil an linn charbóin ina foinse. Mar sin féin, níl feidhm le bheith ag an rogha sin gan athruithe i stoic charbóin a chur san áireamh sna cuntais i dtaca le linnte carbóin bith-mhaise os cionn na talún, brosna agus táirgí adhmaid lománaithe, sa chatagóir cuntasaíochta talún arb é atá ann talamh foraoise bainistithe.

“4.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh sna cuntais atá acu do gach catagóir cuntasaíochta talún aon athrú ar stoc carbóin na linnte carbóin atá liostaithe i Roinn B d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh gan athruithe sna stoic charbóin a chur san áireamh ina gcuid cuntas le haghaidh linnte carbóin ar choinníoll nach bhfuil an linn charbóin ina foinse. Mar sin féin, níl feidhm le bheith ag an rogha sin gan athruithe i stoic charbóin a chur san áireamh sna cuntais i dtaca le linnte carbóin bith-mhaise os cionn na talún, carbón ithreach neamhorgánach agus orgánach, brosna agus táirgí adhmaid lománaithe, sa chatagóir cuntasaíochta talún arb é atá ann talamh foraoise bainistithe.”

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 d (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 5 – mír 4 – fomhír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3d)

In Airteagal 5, mír 4, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

 

“Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis [theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe lena socrófar luach athchalabraithe stoic charbóin do phríomhchatagóirí foraoisí príomhúla agus seanfháis an Aontais i gcatagóir na talún foraoise bainistithe bunaithe ar na sonraí tomhaiste.

Úsáidfidh an Coimisiún tacair sonraí arna soláthar ag tionscadail taighde atá tugtha chun críche nó atá ar siúl faoi láthair le haghaidh cineálacha ábhartha foraoise príomhúla agus seanfháis agus úsáidfidh sé ionstraimí eile de chuid an Aontais chun tionscadail a mhaoiniú le haghaidh cineálacha foraoise gan bhearnaí sna sonraí. Más ábhartha, féadfar glao speisialaithe a chruthú chun na críche sin faoi Mhisin AE sa Chlár ‘Fís Eorpach’ a bhaineann le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide.”

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 e (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 5 – mír 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3e)

in Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“5a.     Déanfar bailiú sonraí a fheabhsú tuilleadh trí fhaireachán comhchuibhithe a dhéanamh ar fud an Aontais ar an éabhlóid ar an gcion carbóin orgánaigh san ithir agus ar thosca a mbíonn tionchar acu ar riocht na hithreach agus ar a stoic charbóin trí shuirbhéanna bliantúla LUCAS (Suirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún) arna ndéanamh ag seirbhísí ábhartha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.”

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe a

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 9 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“Táirgí stórála carbóin;”

Táirgí stórála inbhuanaithe carbóin;

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí stórála carbóin a chur isteach , lena n-áirítear táirgí adhmaid lománaithe, a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.

2.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 16 chun mír 1 den Airteagal seo agus chun Iarscríbhinn V a leasú trí chatagóirí nua de tháirgí adhmaid lománaithe a chur isteach a bhfuil éifeacht ceaptha carbóin acu, ar choinníoll go bhfuil na modheolaíochtaí le haghaidh catagóirí nua bunaithe ar eolaíocht, trédhearcach, infhíoraithe, go seachnaítear comhaireamh dúbailte, agus go bhfuil siad bunaithe ar Threoirlínte IPCC arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC nó ag Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras, agus tríd an tsláine chomhshaoil a ráthú.

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b a (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 9 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

 

“2a.     Laistigh de 6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm gnímh reachtaigh a bhaineann le creat rialála de chuid an Aontais maidir le haistrithe carbóin a dheimhniú bunaithe ar cheanglais eolaíochta láidre agus ar rialacha cuntasaíochta maidir le cáilíocht tomhais, caighdeáin faireacháin, prótacail tuairiscithe agus modhanna fíoraithe, lena n-áirithítear sláine comhshaoil agus lena seachnaítear tionchair dhiúltacha ar bhithéagsúlacht agus ar éiceachórais, agus i gcás inar ghlac Comhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide nó Comhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras treoirlínte nua IPCC, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis na tairbhí agus na comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca le maolú agus oiriúnú aeráide agus cosaint na bithéagsúlachta i gcás táirgí bithbhunaithe fadshaolacha stórála carbóin a fhoinsítear go hinbhuanaithe a chuimsiú, ar táirgí iad a bhfuil éifeacht ghlan-dheimhneach ceaptha carbóin acu, bunaithe ar mheasúnú saolré, lena n-áirítear an tionchar ar úsáid talún agus ar athrú ar úsáid talún a bhaineann le lománú méadaithe, agus ar choinníoll go mbeidh na sonraí atá ar fáil eolaíochtbhunaithe, trédhearcach agus infhíoraithe. Féadfaidh togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú dá réir a bheith ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí, chun sláine comhshaoil a áirithiú, chun an comhaireamh dúbailte a sheachaint, agus chun a áirithiú go n-úsáidtear agus go n-athchúrsáiltear acmhainní nádúrtha chomh fada agus is féidir, agus go leithdháilfear iad chun na gcríoch is luachmhaire is féidir ag gach céim. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin gur riachtanach nach ndéanfar dochar suntasach do chuspóirí eile comhshaoil de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 i ngeall ar shaolré na dtáirgí stórála carbóin.”

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe -a a (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 11 – mír - 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

cuirtear an mhír - 1 seo a leanas isteach roimh mhír 1:

 

“-1.     I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gur theip ar Bhallstát a sprioc bhliantúil, mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) í, a bhaint amach 2 bhliain as a chéile, eiseoidh sé moltaí chuig an mBallstát sin lena sainaithnítear bearta leordhóthanacha breise in earnáil LULUCF chun an cás sin a leigheas. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin ar fáil go poiblí. Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil bhreise a thabhairt don Bhallstát sin freisin.

 

I gcás ina n-eiseofar moltaí i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de 6 mhí tar éis dó na moltaí a fháil, a Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus a Straitéis Fhadtéarmach dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 15 de Rialachán (AE) 2018/1999 a leasú chun bearta leordhóthanacha breise a ghlacadh, agus na moltaí arna nglacadh ag an gCoimisiún á gcur san áireamh. Beidh réasúnú cuí ag gabháil leis na bearta sin agus beidh bunús cuí leo.

 

Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoin bPlean Náisiúnta athbhreithnithe don Fhuinneamh agus don Aeráid agus faoin Straitéis Fhadtéarmach agus beidh ráiteas ag gabháil leis ina leagfar amach conas a réiteoidh an t-athbhreithniú atá beartaithe neamhchomhlíonadh na spriocanna bliantúla agus conas a cuireadh moltaí an Choimisiúin san áireamh.

 

Mura dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aghaidh ar mholtaí an Choimisiúin, breithneoidh an Coimisiún na bearta is gá a ghlacadh i gcomhréir leis na Conarthaí.”

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 11 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Féadfaidh Ballstát leas a bhaint as:

1.    Gan dochar do mhír - 1, féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as:

(a)

na solúbthachtaí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 12; agus

(a)

na solúbthachtaí ginearálta a leagtar amach in Airteagal 12; agus

(b)

chun an gealltanas in Airteagal 4 a chomhlíonadh, an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe a leagtar amach in Airteagal 13 agus in Airteagal 13b.

(b)

chun na gealltanais agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 4 a chomhlíonadh, an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe a leagtar amach in Airteagal 13 agus an sásra a leagtar amach in Airteagal 13b.

Féadfaidh an Fhionlainn, seachas na solúbthachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), cúitimh bhreise a úsáid de bhun Airteagal 13a.’

Féadfaidh an Fhionlainn, seachas na solúbthachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), cúitimh bhreise a úsáid de bhun Airteagal 13a.’

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 – pointe b a (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 11 – mír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(ba)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.   Mura bhfuil na ceanglais maidir le faireachán a leagtar síos i bpointe (da) d'Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 á gcomhlíonadh ag Ballstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach atá ainmnithe faoi Airteagal 20 de Threoir 2003/87/EC (“ an Riarthóir Lárnach”) toirmeasc sealadach ar an mBallstát sin aistriú nó cur i dtaisce a dhéanamh de bhun Airteagal 12(2) agus (3) den Rialachán seo nó leas a bhaint as an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe de bhun Airteagal 13 den Rialachán seo.

“2.   Mura bhfuil na ceanglais maidir le faireachán a leagtar síos i bpointe (da) d’Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 á gcomhlíonadh ag Ballstát, cuirfidh an Riarthóir Lárnach atá ainmnithe faoi Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE (‘ an Riarthóir Lárnach’) toirmeasc sealadach ar an mBallstát sin aistriú a dhéanamh de bhun Airteagal 12(2) den Rialachán seo nó leas a bhaint as an tsolúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe de bhun Airteagal 13 den Rialachán seo.”

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 – pointe -a (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 12 – mír 2

An téacs atá ann

Leasú

 

(-a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2.   Sa mhéid gur mó na haistrithe iomlána ná na hastaíochtaí iomlána i mBallstát agus tar éis aon chainníocht arna cur san áireamh faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/842 , féadfaidh an Ballstát sin an chainníocht atá fágtha a aistriú chuig Ballstát eile. Cuirfear an chainníocht arna haistriú san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar a ghealltanas a bheith á chomhlíonadh ag an mBallstát a fhaigheann í de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.

“2.   Sa mhéid gur mó na haistrithe iomlána ná na hastaíochtaí iomlána i mBallstát don tréimhse 2021 go 2025, nó go sáraíonn glan-aistrithe gás ceaptha teasa i mBallstát a sprioc bhliantúil mar a leagtar amach in Airteagal 4(3) , féadfaidh an Ballstát sin an chainníocht atá fágtha d’aistrithe a aistriú chuig Ballstát eile faoi réir íocaíocht ag an mBallstát is faighteoir de ranníocaíocht arb ionann é agus meán phraghsanna scoir lamháltais CTA AE ar a laghad ar an ardán ceantála coiteann le linn na bliana a bhfuil feidhm ag an aistriú ina leith . Cuirfear an chainníocht arna haistriú san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar a ghealltanas agus spriocanna a bheith á chomhlíonadh ag an mBallstát a fhaigheann í de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo.”

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 12 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.    Féadfaidh na Ballstáit ioncaim a ghintear le haistrithe de bhun mhír 2 a úsáid chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas nó i dtríú tíortha agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi aon ghníomhaíocht den sórt sin a dhéanfar .

5.    Úsáidfidh na Ballstáit gach ioncam a ghintear le haistrithe de bhun mhír 2 chun maoiniú a dhéanamh ar bhearta maolúcháin agus oiriúnúcháin aeráide in earnáil LULUCF san Aontas nó i dtríú tíortha , lena n-áirítear cineálacha cur chuige éiceachóras-bhunaithe, agus aird á tabhairt ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” agus ar na coimircí íosta mar a leagtar amach in Airteagail 17 agus 18 de Rialachán (AE) 2020/852 faoi seach. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi úsáid na n-ioncam sin agus faoi na gníomhaíochtaí arna ndéanamh, sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1999 .

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 13

Airteagal 13

Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe

Solúbthacht maidir le talamh foraoise bainistithe

1.   I gcás gur mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1) sa tréimhse ó 2021 go 2025, [a dtugtar cuntas orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo,] féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach san Airteagal seo maidir le talamh foraoise bainistithe chun Airteagal 4(1) a chomhlíonadh.

1.   I gcás gur mó na hastaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána i mBallstát sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1) sa tréimhse ó 2021 go 2025, [a dtugtar cuntas orthu i gcomhréir leis an Rialachán seo,] féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach san Airteagal seo maidir le talamh foraoise bainistithe chun Airteagal 4(1) a chomhlíonadh.

2.   I gcás gur figiúr dearfach a bheidh i dtoradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 8(1), sa tréimhse ó 2021 go 2025, beidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal na hastaíochtaí a tharla mar thoradh ar an ríomh a chúiteamh ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:

2.   I gcás gur figiúr dearfach a bheidh i dtoradh an ríomha dá dtagraítear in Airteagal 8(1), sa tréimhse ó 2021 go 2025, beidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal na hastaíochtaí a tharla mar thoradh ar an ríomh a chúiteamh ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leanas:

(a)

d’áirigh an Ballstát sa straitéis a chuir sé isteach i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999, bearta sonracha leanúnacha nó pleanáilte chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte foraoise agus na taiscumair foraoise; agus

(a)

d’áirigh an Ballstát sa straitéis a chuir sé isteach i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/1999, bearta sonracha leanúnacha nó pleanáilte chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte foraoise agus na taiscumair foraoise , ar bhealach a chuireann le feabhsú na bithéagsúlachta, agus chun leochaileacht na talún i leith suaití nádúrtha a laghdú ; agus

 

(aa)

comhlíonann an Ballstát Treoir 92/43/CEE  (*) ón gComhairle agus Treoir 2009/147/CE  (**) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; agus

(b)

nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe iomlána sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo don tréimhse ó 2021 go 2025.

(b)

nach mó na hastaíochtaí iomlána laistigh den Aontas ná na haistrithe iomlána sna catagóirí cuntasaíochta talún dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo don tréimhse ó 2021 go 2025.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar mó nó nach mó iomlán na n-astaíochtaí ná iomlán na n-aistrithe laistigh den Aontas, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) nó 9(2) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar mó nó nach mó iomlán na n-astaíochtaí ná iomlán na n-aistrithe laistigh den Aontas, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), áiritheoidh an Coimisiún go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) nó 9(2) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.

3.   D’fhéadfaí nach gcumhdófar leis an méid cúitimh dá dtagraítear i mír 2 ach linnte ar a dtugtar cuntas mar astaíochtaí in aghaidh leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit, agus ní fhéadfaidh an méid cúitimh sin a bheith níos mó ná 50 % den uasmhéid cúitimh don Bhallstát lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse idir 2021 agus 2025.

3.   D’fhéadfaí nach gcumhdófar leis an méid cúitimh dá dtagraítear i mír 2 ach linnte ar a dtugtar cuntas mar astaíochtaí in aghaidh leibhéal tagartha foraoise an Bhallstáit, agus ní fhéadfaidh an méid cúitimh sin a bheith níos mó ná 50 % den uasmhéid cúitimh don Bhallstát lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse idir 2021 agus 2025.

4.   Cuirfidh na Ballstáit fianaise faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar suaití nádúrtha arna ríomh de bhun Iarscríbhinn VI, chun go mbeidh siad incháilithe do chúiteamh a fháil ar fhuílleach na linnte a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí in aghaidh leibhéal tagartha foraoise, suas go dtí an méid iomlán cúitimh neamhúsáidte ag Ballstáit eile a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse idir 2021 agus 2025. I gcás ina sáraíonn an t-éileamh ar chúiteamh an méid cúitimh neamhúsáidte atá ar fáil, déanfar an cúiteamh a dháileadh go comhréireach i measc na mBallstát lena mbaineann.’;

4.   Cuirfidh na Ballstáit fianaise faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar suaití nádúrtha arna ríomh de bhun Iarscríbhinn VI agus na bearta a bhfuil sé beartaithe acu a ghlacadh chun éifeachtaí comhchosúla a chosc nó a mhaolú amach anseo chun go mbeidh siad incháilithe do chúiteamh a fháil ar fhuílleach na linnte a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí in aghaidh leibhéal tagartha foraoise, suas go dtí an méid iomlán cúitimh neamhúsáidte ag Ballstáit eile a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse idir 2021 agus 2025. I gcás ina sáraíonn an t-éileamh ar chúiteamh an méid cúitimh neamhúsáidte atá ar fáil, déanfar an cúiteamh a dháileadh go comhréireach i measc na mBallstát lena mbaineann. Déanfaidh an Coimisiún an fhianaise arna cur isteach ag na Ballstáit a chur ar fáil don phobal. ’;

Leasuithe 94 agus 98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 13 b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“Airteagal 13b

‘Airteagal 13b

Sásra solúbthachta um úsáid talún do na blianta 2026 go 2030

Sásra um shuaití nádúrtha do na blianta 2026 go 2030

1.   Déanfar sásra solúbthachta úsáide talún ina mbeidh cainníocht dar luach suas le 178 milliún tona de choibhéis CO2 a bhunú i gClárlann an Aontais faoi réir chomhlíonadh na sprice sin de chuid an Aontais de bhun Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1999, faoi réir chomhlíonadh sprioc an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(2). Beidh an sásra solúbthachta ar fáil i dteannta na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 12.

1.   Déanfar sásra ina mbeidh cainníocht dar luach suas le 178 milliún tona de choibhéis CO2 a bhunú i gClárlann an Aontais faoi réir chomhlíonadh na sprice sin de chuid an Aontais de bhun Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2018/1999 chun tionchar suaití nádúrtha , nó corraíolacha éiceachórais arna spreagadh ag an athrú aeráide a chur san áireamh, ar choinníoll nach bhféadfaí iad sin a thuar ná a chosc, go háirithe trí oiriúnú a chur chun feidhme, faoi réir chomhlíonadh sprioc an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4(2). Beidh an sásra ar fáil i dteannta na solúbthachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 12.

2.   I gcás inar mó an difríocht idir suim bhliantúil na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa ar chríoch Ballstáit sa tréimhse ó 2026 go dtí 2030, agus sna catagóirí tuairiscithe talún dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), agus gur dearfach í an sprioc a dtabharfar cuntas agus tuairisciú ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an tsolúbthacht a leagtar amach san Airteagal seo chun a sprioc a leagtar amach de bhun Airteagal 4(2) a chomhlíonadh.

2.   I gcás inar mó an difríocht idir suim bhliantúil na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa ar chríoch Ballstáit sa tréimhse ó 2026 go dtí 2030, agus sna catagóirí tuairiscithe talún dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), agus gur dearfach í an sprioc a dtabharfar cuntas agus tuairisciú ina leith i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfaidh an Ballstát sin leas a bhaint as an sásra a leagtar amach san Airteagal seo chun a sprioc a leagtar amach de bhun Airteagal 4(2) a chomhlíonadh.

3.   I gcás inar figiúr dearfach a bheidh i dtoradh an ríomha dá dtagraítear i mír 2, sa tréimhse ó 2026 go 2030, beidh an Ballstát lena mbaineann i dteideal na hastaíochtaí iomarcacha a chúiteamh ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a  leanas :

3.   I gcás inar figiúr dearfach a bheidh i dtoradh an ríomha dá dtagraítear i mír 2, sa tréimhse ó 2026 go 2030, féadfaidh an Ballstát leas a bhaint as an sásra a leagtar amach san Airteagal seo ar choinníoll go gcomhlíontar an coinníoll i bpointe (-a) nó (-aa), de réir mar is iomchuí, agus na coinníollacha go léir i bpointí (a) go (c) thíos :

 

(-a)

tá fianaise leordhóthanach curtha ar fáil ag an mBallstát don Choimisiún go bhfuil baint dhíreach ag an toradh dearfach le tionchar na suaití nádúrtha a ríomhtar de bhun Iarscríbhinn VI. Déanfaidh an Coimisiún an fhianaise arna cur isteach ag na Ballstáit a chur ar fáil don phobal agus féadfaidh sé diúltú don fhianaise arna cur isteach ag an mBallstát más rud é, i ndiaidh dó seiceáil a dhéanamh ar fhaisnéis a fuarthas ón mBallstát, go measann sé nach bhfuil údar maith léi nó go bhfuil sí díréireach; nó

(a)

maidir leis an bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe arna chur isteach aige de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, tá bearta sonracha leanúnacha nó pleanáilte arna gcur san áireamh ag an mBallstát ann chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte talún agus na taiscumair talún agus go maolófar leochaileacht na talún ar shuaitheadh nádúrtha;

(a)

tá athbhreithniú éifeachtach déanta ag an mBallstát ar a phlean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid agus ar a straitéis fhadtéarmach de bhun Airteagal 11(-1) agus tá bearta nua glactha aige chun gach linn talún agus gach taiscumar talún a fheabhsú ar bhealach a chuireann le feabhsú na bithéagsúlachta, agus chun leochaileacht na talún i leith suaití nádúrtha agus thionchar an athraithe aeráide a laghdú ;

(b)

na solúbthachtaí eile uile atá ar fáil de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo nó de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842, tá siad arna n-ídiú ag an mBallstát;

(b)

na solúbthachtaí eile uile atá ar fáil de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo nó de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842, tá siad arna n-ídiú ag an mBallstát;

 

(ba)

go gcomhlíonann an Ballstát Treoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE;

(c)

an difríocht san Aontas idir suim bhliantúil na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa uile ar a chríoch agus sna catagóirí tuairiscithe talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), agus gur diúltach sprioc an Aontais [310 milliún tona de choibhéis CO2 de ghlan-aistrithe] , sa tréimhse 2026 go 2030.

(c)

an difríocht san Aontas idir suim bhliantúil na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa uile ar a chríoch agus sna catagóirí tuairiscithe talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), agus gur diúltach sprioc an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 4(2) , sa tréimhse 2026 go 2030 , tar éis na solúbthachtaí eile go léir atá ar fáil de bhun Airteagal 12 a ídiú .

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh maidir le cibé acu an mó nó nach mó, taobh istigh den Aontas, astaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), cinnfidh an Coimisiún cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear 20 % de ghlan-aistrithe nach mbeidh curtha i dtaisce ag Ballstáit ón tréimhse 2021 go 2025 san áireamh ar bhonn tionchar suaite nádúrtha agus an fhaisnéis arna tíolacadh ag na Ballstáit á cur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Áiritheoidh an Coimisiún sa mheasúnú sin freisin go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh maidir le cibé acu an mó nó nach mó, taobh istigh den Aontas, astaíochtaí iomlána ná na haistrithe iomlána dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), cinnfidh an Coimisiún cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear 20 % de ghlan-aistrithe nach mbeidh curtha i dtaisce ag Ballstáit ón tréimhse 2021 go 2025 san áireamh ar bhonn tionchar suaite nádúrtha agus an fhaisnéis arna tíolacadh ag na Ballstáit á cur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo. Áiritheoidh an Coimisiún sa mheasúnú sin freisin go seachnóidh na Ballstáit an comhaireamh dúbailte, go háirithe agus na solúbthachtaí a leagtar amach in Airteagal 12 den Rialachán seo agus in Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842 á bhfeidhmiú.

4.   D’fhéadfaí nach gcumhdófar leis an méid cúitimh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ach linnte a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí i ndáil le sprioc an Bhallstáit in Iarscríbhinn IIa den Rialachán seo agus ní fhéadfaidh an méid cúitimh sin a bheith níos mó ná 50 % den uasmhéid cúitimh don Bhallstát lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse 2026 go 2030.

4.   D’fhéadfaí nach gcumhdófar leis an méid cúitimh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ach linnte a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí i ndáil le sprioc an Bhallstáit in Iarscríbhinn IIa den Rialachán seo agus ní fhéadfaidh an méid cúitimh sin a bheith níos mó ná 50 % den uasmhéid cúitimh don Bhallstát lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse 2026 go 2030.

5.    Cuirfidh na Ballstáit faisnéis faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar suaite nádúrtha arna ríomh de bhun Iarscríbhinn VI, chun go mbeidh siad incháilithe do chúiteamh ar linnte fágtha a dtugtar cuntas orthu mar astaíochtaí ndáil le sprioc an Bhallstáit lena mbaineann a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa, suas go dtí an méid iomlán cúitimh neamhúsáidte ag Ballstáit eile a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse 2026 go 2030. I gcás ina sáraíonn an t-éileamh ar chúiteamh an méid cúitimh neamhúsáidte atá ar fáil, déanfar an cúiteamh a dháileadh go comhréireach i measc na mBallstát lena mbaineann.”;

5.   I gcás inar mó an t-éileamh ar chúiteamh ná 178 milliún tona de choibhéis CO2 atá ar fáil faoin sásra , dáilfear an cúiteamh go comhréireach i measc na mBallstát lena mbaineann.

 

5a.     Beidh na Ballstáit i dteideal cúiteamh a dhéanamh ar ghlanlinnte nó glanaistrithe arna gcur san áireamh mar astaíochtaí i gcomparáid leis na spriocanna a leagtar amach do na Ballstáit sin in Airteagal 4(2) don tréimhse ó 2026 go 2030, suas le huasmhéid 50 milliún tona de choibhéis CO2 don Aontas ina iomláine de chúiteamh nár úsáid Ballstáit eile, a leagtar amach in Iarscríbhinn VII don tréimhse 2021-2025, tar éis mír 3 den Airteagal seo a chur san áireamh, ar choinníoll, maidir leis na Ballstáit sin:

 

(a)

gur ídigh siad na solúbthachtaí eile uile atá ar fáil de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo, de bhun Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842, chomh maith le mír 3 den Airteagal seo, agus;

 

(b)

go bhfuil fianaise leordhóthanach curtha acu faoi bhráid an Choimisiúin maidir le tionchar na suaití éiceachórais arna spreagadh ag athrú aeráide a bhfuil astaíochtaí iomarcacha mar thoradh orthu nó a laghdaíonn glan-aistrithe ar bhealach nach bhfuil neart acu air agus nach bhféadfaí a thuar ná a chosc, go háirithe trí bhearta oiriúnaithe leordhóthanacha a chur chun feidhme chun athléimneacht an limistéir atá buailte in aghaidh athrú aeráide a áirithiú. Déanfaidh an Coimisiún an fhianaise arna cur isteach ag na Ballstáit a chur ar fáil don phobal agus féadfaidh sé diúltú don fhianaise arna cur isteach ag Ballstát más rud é, tar éis dó seiceáil a dhéanamh ar fhaisnéis a fuarthas ón mBallstát sin, go measann sé nach bhfuil údar maith léi nó go bhfuil sí díréireach;

 

(c)

go bhfuil san áireamh ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí, arna gcur isteach de bhun Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/1999, bearta sonracha chun a áirithiú go gcaomhnófar nó go bhfeabhsófar, de réir mar is iomchuí, na linnte talún agus na taiscumair talún agus go maolófar leochaileacht na talún ar shuaití nádúrtha arna spreagadh ag an athrú aeráide;

 

(d)

an difríocht san Aontas idir suim bhliantúil na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe gás ceaptha teasa uile ar a chríoch agus sna catagóirí tuairiscithe talún uile dá dtagraítear in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j), agus gur diúltach sprioc an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 4(2), sa tréimhse 2026 go 2030, tar éis na solúbthachtaí eile go léir atá ar fáil de bhun Airteagal 12 a ídiú.

 

I gcás ina sáraíonn an t-éileamh ar chúiteamh an t-uasmhéid cúitimh atá ar fáil, déanfar an cúiteamh a dháileadh go comhréireach i measc na mBallstát lena mbaineann.

 

5b.     Faoi… [6 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag suaití éiceachórais arna spreagadh ag an athrú aeráide dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 5a.

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 13 c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 13c

Airteagal 13c

Rialachas na spriocanna

Rialachas na spriocanna

Má sháraíonn na hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa athbhreithnithe atá ag Ballstát in 2032 spriocanna an Bhallstáit sin d’aon bhliain shonrach den tréimhse 2026 go 2030, agus na solúbthachtaí arna n-úsáid de bhun Airteagal 12 agus 13b á gcur san áireamh, beidh feidhm ag an mbeart seo a leanas:

Más rud é, mar thoradh ar an athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh ag an gCoimisiún in 2032 de bhun Airteagal 14(2), go gcinneann an Coimisiún nach bhfuil spriocanna agus gealltanais Ballstáit a leagtar amach de bhun Airteagal 4 á gcomhlíonadh d’aon bhliain shonrach den tréimhse 2026 go 2030, beidh feidhm ag an mbeart seo a leanas:

Méid arb ionann é agus méid an fharasbairr glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08 , cuirfear an méid sin leis an bhfigiúr astaíochtaí gás ceaptha teasa arna thuairisciú ag an mBallstát an bhliain dár gcionn, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 15.’;

Méid arb ionann é agus méid an fharasbairr glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, i dtonaí de choibhéis CO2, arna iolrú faoi fhachtóir 1,08 , cuirfear an méid sin leis an bhfigiúr astaíochtaí gás ceaptha teasa do na catagóirí talún sin arna thuairisciú ag an mBallstát an bhliain dár gcionn, i gcomhréir leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 15.

 

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíonann na Ballstáit an Rialachán seo, glacfaidh sé na bearta is gá i gcomhréir leis na Conarthaí.

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 13 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a)

cuirtear an tAirteagal 13d seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 13d

An comhar idirnáisiúnta

I gcás ina gcinnfidh Ballstát úsáid na gcreidmheasanna carbóin ón earnáil LULUCF a údarú le haghaidh fritháirimh ag eintitis phoiblí nó phríobháideacha, lena n-áirítear trí Airteagail 6.2 nó 6.4 de Chomhaontú Pháras, ní chuirfear san áireamh méid na n-aistrithe a aistreofar nó a úsáidfear chun spriocanna bliantúla an Bhallstáit sin a bhaint amach mar a leagtar amach in Airteagal 4, mír 3, den Rialachán seo iad.”

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 14 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“1.   Faoin 15 Márta 2027 i gcás na tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 15 Márta 2032 i gcás na tréimhse ó 2026 go 2030, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le comhlíonadh faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe iomlána don tréimhse ábhartha ar gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún a shonraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (f), don tréimhse ó 2021 go 2025 agus in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j) don tréimhse ó 2026 go 2030, ag úsáid na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos sa Rialachán seo.

“1.   Faoin 15 Márta 2027 i gcás na tréimhse ó 2021 go 2025 agus faoin 15 Márta 2032 i gcás na tréimhse ó 2026 go 2030, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil maidir le comhlíonadh faoi bhráid an Choimisiúin ina mbeidh iarmhéid na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe iomlána don tréimhse ábhartha ar gach ceann de na catagóirí cuntasaíochta talún a shonraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) go (f), don tréimhse ó 2021 go 2025 agus in Airteagal 2(2), pointí (a) go (j) don tréimhse ó 2026 go 2030, ag úsáid na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos sa Rialachán seo.

Áireofar measúnú sa tuarascáil chomhlíontachta ar an méid seo a leanas:

Áireofar measúnú sa tuarascáil chomhlíontachta ar an méid seo a leanas:

(a)

na beartais agus na bearta maidir le comhbhabhtálacha;

(a)

na beartais agus na bearta maidir le comhbhabhtálacha a d’fhéadfadh a bheith ann le cuspóirí agus straitéisí comhshaoil eile de chuid an Aontais, amhail iad siúd a leagtar síos san 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol agus i Straitéisí Bithéagsúlachta agus Bithgheilleagair an Aontais ;

 

(aa)

na bearta atá déanta ag na Ballstáit chun Airteagal 4(4a) a chomhlíonadh;

(b)

na sineirgí idir maolú agus oiriúnú aeráide;

(b)

na sineirgí idir maolú agus oiriúnú aeráide , lena n-áirítear beartais agus bearta chun leochaileacht na talún i leith suaití nádúrtha agus na haeráide a laghdú ;

(c)

sineirgí idir maolú aeráide agus bithéagsúlacht.

(c)

sineirgí idir maolú aeráide agus bithéagsúlacht.

I gcás inarb iomchuí, beidh i dtuarascáil den sórt sin freisin, mionsonraí faoin rún atá ann na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na méideanna gaolmhara a úsáid nó faoi úsáid solúbthachtaí agus méideanna gaolmhara den sórt sin.”;

I gcás inarb iomchuí, beidh i dtuarascáil den sórt sin freisin, mionsonraí faoin rún atá ann na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 agus na méideanna gaolmhara a úsáid nó faoi úsáid solúbthachtaí agus méideanna gaolmhara den sórt sin. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil don phobal, i bhfoirm atá inrochtana go héasca.

 

Beidh an tuarascáil ar chomhlíonadh bunaithe ar thacair sonraí bhliantúla, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear ó chórais um fhaireacháin ithreach amhail suirbhéanna LUCAS, agus úsáid á baint as samplaí de dhoimhneacht 30 cm ar a laghad agus lena n-áirítear na paraiméadair ábhartha uile a dhéanann difear do chumas na hithreach chun carbón a cheapadh.”

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a)

cuirtear an tAirteagal 15a seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 15a

 

Rochtain ar an gceartas

 

1.     Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcóras dlí náisiúnta, go mbeidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirte dlí, nó os comhair comhlachta neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagail 4 go 10.

 

2.     Beidh rochtain ag daoine den phobal lena mbaineann ar an nós imeachta um athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

 

(a)

tá leas leordhóthanach acu; nó

 

(b)

líomhnaíonn siad lagú ar cheart, i gcás ina gceanglaítear é sin mar réamhchoinníoll le dlí nós imeachta riaracháin Ballstáit.

 

Cinnfidh na Ballstáit céard is leas leordhóthanach ann i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain leathan ar cheartas a thabhairt do dhaoine den phobal lena mbaineann i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil.

 

Chuige sin, measfar leas leordhóthanach chun críocha na míre seo a bheith ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglais faoin dlí náisiúnta.

 

3.     Ní eisiafar, le mír 1 agus mír 2, go bhféadfaí dul i muinín nós imeachta um athbhreithniú tosaigh os comhair údarás riaracháin agus ní dhéanfaidh siad difear don cheanglas maidir le nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin a ídiú roimh dhul ar iontaoibh nósanna imeachta um athbhreithniú breithiúnach, i gcás inarb ann do cheanglas den sórt sin faoin dlí náisiúnta. Beidh aon nós imeachta den sórt sin cóir, cothrom agus tráthúil, agus ní bheidh sé róchostasach.

 

4.     Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal i dtaobh rochtain ar nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach.”

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 16a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

cuirtear an tAirteagal 16a seo a leanas isteach:

scriosta

Airteagal 16a

 

Nós imeachta coiste

 

1.     Tabharfaidh an Coiste um Athrú Aeráide a bunaíodh le hAirteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2018/1999 cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa choiste sin  (44) .

 

2.     I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011;

 

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18

Rialachán (AE) 2018/841

Airteagal 17 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis […] stocáireamh domhanda a comhaontaíodh faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras maidir le feidhmiú an Rialacháin seo , lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, measúnú ar thionchair na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11, chomh maith le rannchuidiú an Rialacháin seo le gnóthú sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 2030 agus maidir leis an méid atá sé a chur le gnóthú spriocanna Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais bhreise agus bearta breise ón Aontas, ag féachaint don mhéadú is gá a dhéanamh ar laghduithe agus aistrithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas.

2.   Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, in 2025, 2027 agus in 2032, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo agus maidir leis an dul chun cinn i dtreo na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 4 .

 

2a.    Tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis gach stocáireamh domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras , cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid a chuireann an Rialachán seo le cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht agus le spriocanna idirmheánacha aeráide a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/1119, le spriocanna Chomhaontú Pháras, agus le cuspóirí comhshaoil eile de chuid an Aontais agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus leis na straitéisí agus reachtaíocht ábhartha a ghabhann leis, lena n-áirítear measúnú ar thionchar na solúbthachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 a bhaineann le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar an ngá atá le beartais agus bearta breise ón Aontas ag féachaint don mhéadú is gá a dhéanamh ar laghduithe agus aistrithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas agus don ghá cuspóirí comhshaoil an Aontais a ghnóthú, agus cuirfear san áireamh aon fheabhas a chuirfear amach anseo ar an gcóras faireacháin, bailithe sonraí agus tuairiscithe maidir le foraoisí agus ithreacha. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil an fhianaise eolaíoch is fearr agus is déanaí dá bhfuil ar fáil, lena n-áirítear na tuarascálacha is déanaí ó IPCC, IPBES agus ón mBord Comhairleach Eolaíoch Eorpach ar an Athrú Aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2021/1119.

I ndiaidh an tuairiscithe, déanfaidh an Coimisiún tograí reachtacha i gcás ina gcinneann sé a bheith iomchuí. Go háirithe, leagfar amach sna tograí spriocanna bliantúla agus rialachas lena ndíreofar ar sprioc aeráidneodrachta 2035 a bhaint amach a leagtar síos in Airteagal 4(4) , beartais Aontais bhreise agus bearta Aontais breise, agus creat tar éis 2035, lena n-áireofar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó earnálacha breise, amhail comhshaol mara agus fionnuisce, i raon feidhme an Rialacháin.’;

I ndiaidh an tuairiscithe sin , déanfaidh an Coimisiún tograí reachtacha i gcás ina gcinneann sé a bheith iomchuí. Go háirithe, leagfar amach sna tograí beartais agus bearta breise de chuid an Aontais chun spriocanna LULUCF tar éis 2030 dá dtagraítear in Airteagal 4(3) a bhaint amach, agus leathnófar raon feidhme an Rialacháin seo chun astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó éiceachórais mhuirí, chósta agus fionnuisce a áireamh , bunaithe ar mhodheolaíochtaí eolaíocha láidre, agus chun spriocanna glan-aistrithe breise a shocrú do na héiceachórais sin.

 

2b.     Tar éis theacht i bhfeidhm gnímh reachtaigh maidir le creat rialála de chuid an Aontais i ndáil le hathchóiriú an dúlra, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar chomhsheasmhacht an Rialacháin seo, go háirithe na gealltanais agus na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 4, le cuspóirí an ghnímh reachtaigh sin. Féadfaidh moltaí reachtacha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú’;

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

Rialachán (AE) 2018/1999

Airteagal 1 – mír 1 – pointe a – pointe 1 – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

maidir le gealltanais agus spriocanna náisiúnta na mBallstát i ndáil le aistrithe astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 4(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/841 agus a rannchuidithe, dírítear leo ar chuspóir an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go nialas faoi 2035 a shaothrú agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 4(4) den Rialachán sin ;”

gealltanais agus spriocanna náisiúnta an Bhallstáit maidir le glan-aistrithe gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 4(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/841;

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/1999

Airteagal 26 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

In Airteagal 26, mír 6, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

“(aa)

pointí (b) agus (c) de Chuid 3 d’Iarscríbhinn V a leasú chun catagóirí talún a chur leis na catagóirí a chumhdaítear faoin gcóras chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún atá faoi réir cosanta agus leo siúd a chumhdaítear faoin gcóras chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún atá faoi réir athchóiriú, faoi seach, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an gcomhshaol.”;

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe c

Rialachán (AE) 2018/1999

Airteagal 38 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“Tráth athbhreithniú cuimsitheach a chríochnú, arna dhéanamh de bhun mhír 1, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh maidir le suim iomlán na n-astaíochtaí do na blianta ábhartha a eascraíonn ó na sonraí ceartaithe fardail do gach Ballstát agus sin roinnte idir na sonraí astaíochta atá ábhartha d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 agus do shonraí astaíochta dá dtagraítear i gCuid 1, pointe (c), Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, agus chun suim iomlán na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe a chinneadh is ábhartha d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841.”;

“Tráth athbhreithniú cuimsitheach a chríochnú, arna dhéanamh de bhun mhír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe , i gcomhréir le hAirteagal 43, lena bhforlíontar an Rialachán seo, trí shuim iomlán na n-astaíochtaí do na blianta ábhartha a  chinneadh, a eascraíonn ó na sonraí ceartaithe fardail do gach Ballstát agus sin roinnte idir na sonraí astaíochta atá ábhartha d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 agus do shonraí astaíochta dá dtagraítear i gCuid 1, pointe (c), Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, agus chun suim iomlán na n-astaíochtaí agus na n-aistrithe a chinneadh is ábhartha d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841.”;

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

IARSCRÍBHINN II

Rialachán (AE) 2018/841

Iarscríbhinn IIa – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Sprioc an Aontais agus spriocanna náisiúnta na mBallstát maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 4(2) atá le baint amach in 2030

Ballstát

Luach an ghlanlaghdaithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa in kt de choibhéis CO2 in 2030

An Bheilg

-1 352

An Bhulgáir

-9 718

An tSeicia

-1 228

An Danmhairg

5 338

An Ghearmáin

-30 840

An Eastóin

-2 545

Éire

3 728

An Ghréig

-4 373

An Spáinn

-43 635

An Fhrainc

-34 046

An Chróit

-5 527

An Iodáil

-35 758

An Chipir

-352

An Laitvia

-644

An Liotuáin

-4 633

Lucsamburg

-403

An Ungáir

-5 724

Málta

2

An Ísiltír

4 523

An Ostair

-5 650

An Pholainn

-38 098

An Phortaingéil

-1 358

An Rómáin

-25 665

An tSlóivéin

-146

An tSlóvaic

-6 821

An Fhionlainn

-17 754

An tSualainn

-47 321

AE-27

- 310 000

Leasú

Sprioc an Aontais agus spriocanna náisiúnta na mBallstát maidir le glanaistrithe gás ceaptha teasa de bhun Airteagal 4(2) atá le baint amach in 2030

Ballstát

Luach an ghlanlaghdaithe in astaíochtaí gás ceaptha teasa in kt de choibhéis CO2 in 2030

An Bheilg

-1 352 ar a laghad

An Bhulgáir

-9 718 ar a laghad

An tSeicia

-1 228 ar a laghad

An Danmhairg

5 338 ar a laghad

An Ghearmáin

-30 840 ar a laghad

An Eastóin

-2 545 ar a laghad

Éire

3 728 ar a laghad

An Ghréig

-4 373 ar a laghad

An Spáinn

-43 635 ar a laghad

An Fhrainc

-34 046 ar a laghad

An Chróit

-5 527 ar a laghad

An Iodáil

-35 758 ar a laghad

An Chipir

-352 ar a laghad

An Laitvia

-644 ar a laghad

An Liotuáin

-4 633 ar a laghad

Lucsamburg

-403 ar a laghad

An Ungáir

-5 724 ar a laghad

Málta

2 ar a laghad

An Ísiltír

4 523 ar a laghad

An Ostair

-5 650 ar a laghad

An Pholainn

-38 098 ar a laghad

An Phortaingéil

-1 358 ar a laghad

An Rómáin

-25 665 ar a laghad

An tSlóivéin

-146 ar a laghad

An tSlóvaic

-6 821 ar a laghad

An Fhionlainn

-17 754 ar a laghad

An tSualainn

-47 321 ar a laghad

AE-27

- 310 000 ar a laghad

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn III

Rialachán (AE) 2018/1999

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999:

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid 3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999:

‘Sonraí ar thiontuithe talamhúsáide bunaithe ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa. Feidhmeoidh an fardal gás ceaptha teasa ar bhonn bunachar sonraí leictreonach agus córas faisnéise geografach, agus beidh siad comhdhéanta de:

‘Sonraí ar thiontuithe talamhúsáide bunaithe ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa , a bhforlíonadh in 2013 agus a mionchoigeartú in 2019 . Feidhmeoidh an fardal gás ceaptha teasa ar bhonn bunachar sonraí leictreonach agus córas faisnéise geografach , a dtabharfaidh institiúidí an Aontais tacaíocht agus cúnamh leordhóthanach do na Ballstáit ina leith chun comhsheasmhacht agus trédhearcacht na sonraí a bhaileofar a áirithiú , agus beidh siad comhdhéanta de:

(a)

córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún le talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, mar a shainmhínítear in Airteagal 29(4) de Threoir (AE) 2018/2001;

(a)

córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún le talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, mar a shainmhínítear in Airteagal 29(4) de Threoir (AE) 2018/2001;

(b)

córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún atá faoi réir cosanta, a shainmhínítear mar thalamh atá cumhdaithe le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

(b)

córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún atá faoi réir cosanta, a shainmhínítear mar thalamh atá cumhdaithe le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

 

Talamh a bhfuil luach ard bithéagsúlachta aige mar a shainmhínítear in Airteagal 29(3) de Threoir (AE) 2018/2001;

 

Talamh a bhfuil luach ard bithéagsúlachta aige mar a shainmhínítear in Airteagal 29(3) de Threoir (AE) 2018/2001;

 

Láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo agus Limistéir Chaomhantais Speisialta mar a shainmhínítear le hAirteagal 4 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (1) agus aonaid talún lasmuigh díobh atá faoi réir bearta cosanta agus caomhnaithe faoi Airteagal 6(1) agus (2) den Treoir sin d’fhonn cuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;

 

Láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo agus Limistéir Chaomhantais Speisialta mar a shainmhínítear le hAirteagal 4 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (1) agus aonaid talún lasmuigh díobh atá faoi réir bearta cosanta agus caomhnaithe faoi Airteagal 6(1) agus (2) den Treoir sin d’fhonn cuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;

 

Láithreáin phórúcháin agus áiteanna scíthe na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE atá faoi réir bearta cosanta faoi Airteagal 12 den Treoir sin;

 

Láithreáin phórúcháin agus áiteanna scíthe na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 92/43/CEE atá faoi réir bearta cosanta faoi Airteagal 12 den Treoir sin;

 

Na gnáthóga nádúrtha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus gnáthóga na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE a fhaightear lasmuigh de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo nó limistéir chaomhantais speisialta agus a rannchuidíonn leis na gnáthóga agus leis na speicis sin stádas fabhrach caomhnaithe a bhaint amach faoi Airteagal 2 den Treoir sin nó ar féidir iad a chur faoi réir bearta coisctheacha agus feabhais faoi Threoir 2004/35/CE (2);

 

Na gnáthóga nádúrtha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus gnáthóga na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE a fhaightear lasmuigh de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo nó limistéir chaomhantais speisialta agus a rannchuidíonn leis na gnáthóga agus leis na speicis sin stádas fabhrach caomhnaithe a bhaint amach faoi Airteagal 2 den Treoir sin nó ar féidir iad a chur faoi réir bearta coisctheacha agus feabhais faoi Threoir 2004/35/CE (2);

 

Limistéir chaomhantais speisialta a aicmítear faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus na haonaid talún lasmuigh díobh atá faoi réir bearta cosanta agus caomhnaithe faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE agus Airteagal 6(2) de Threoir 92/43/CEE d’fhonn cuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;

 

Limistéir chaomhantais speisialta a aicmítear faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus na haonaid talún lasmuigh díobh atá faoi réir bearta cosanta agus caomhnaithe faoi Airteagal 4 de Threoir 2009/147/CE agus Airteagal 6(2) de Threoir 92/43/CEE d’fhonn cuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;

 

Aonaid talún atá faoi réir bearta le haghaidh caomhnú éan a thuairiscítear mar éan nach bhfuil stádas slán acu faoi Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE d’fhonn an ceanglas faoi Airteagal 4(4), an dara habairt den Treoir sin a chomhlíonadh, in iarracht truailliú agus meathlú gnáthóige a sheachaint nó an ceanglas faoi Airteagal 3 den Treoir sin a chomhlíonadh chun éagsúlacht agus limistéar leordhóthanach gnáthóg do speicis éan a chaomhnú, agus a choinneáil ar bun;

 

Aonaid talún atá faoi réir bearta le haghaidh caomhnú éan a thuairiscítear mar éin nach bhfuil stádas slán acu faoi Airteagal 12 de Threoir 2009/147/CE d’fhonn an ceanglas faoi Airteagal 4(4), an dara habairt den Treoir sin a chomhlíonadh, in iarracht truailliú agus meathlú gnáthóige a sheachaint nó an ceanglas faoi Airteagal 3 den Treoir sin a chomhlíonadh chun éagsúlacht agus limistéar leordhóthanach gnáthóg do speicis éan a chaomhnú, agus a choinneáil ar bun;

 

Aon ghnáthóg eile arna ainmniú ag na Ballstáit chun críocha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 92/42/CEE agus 2009/147/CE;

 

Aon ghnáthóg eile arna ainmniú ag na Ballstáit chun críocha atá coibhéiseach leo siúd a leagtar síos i dTreoir 92/42/CEE agus 2009/147/CE;

 

Aonaid talún atá faoi réir bearta is gá chun stádas éiceolaíoch na ndobharlach uisce dromchla dá dtagraítear in Airteagal 4(iii) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chosaint agus chun neamh-mheathlú an stádais sin a áirithiú;

 

Aonaid talún atá faoi réir bearta is gá chun stádas éiceolaíoch na ndobharlach uisce dromchla dá dtagraítear in Airteagal 4(iii) de Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chosaint agus chun neamh-mheathlú an stádais sin a áirithiú;

 

Tuilemhánna nádúrtha nó limistéir chun uisce ó thuilte a choimeád atá faoi chosaint na mBallstát i ndáil le bainistíocht riosca i gcás tuilte faoi Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

 

Tuilemhánna nádúrtha nó limistéir chun uisce ó thuilte a choimeád atá faoi chosaint na mBallstát i ndáil le bainistíocht riosca i gcás tuilte faoi Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5);

 

 

Na limistéir faoi chosaint arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun spriocanna na limistéar faoi chosaint a bhaint amach;

(c)

córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún faoi réir athchóirithe, arna shainiú mar thalamh atá cumhdaithe le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

(c)

córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún faoi réir athchóirithe, arna shainiú mar thalamh atá cumhdaithe le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:

 

Láithreáin a bhfuil tábhacht chomhphobail leo, limistéir chaomhantais speisialta agus limistéir faoi chosaint speisialta mar a thugtar tuairisc orthu i bpointe (b) thuas, mar aon leis na haonaid talún lasmuigh díobh atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe nó cúiteacha de dhíth orthu, atá dírithe ar chuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;

 

Láithreáin a bhfuil tábhacht chomhphobail leo, limistéir chaomhantais speisialta agus limistéir faoi chosaint speisialta mar a thugtar tuairisc orthu i bpointe (b) thuas, mar aon leis na haonaid talún lasmuigh díobh atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe nó cúiteacha de dhíth orthu, atá dírithe ar chuspóirí caomhnaithe láithreáin a chomhlíonadh;

 

Gnáthóga na speiceas éan fiáin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir 2009/147/CE nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis sin, a fhaightear lasmuigh de limistéir faoi chosaint speisialta agus atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe de dhíth orthu chun críoch Threoir 2009/147/CE;

 

Gnáthóga na speiceas éan fiáin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Threoir 2009/147/CE nó atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis sin, a fhaightear lasmuigh de limistéir faoi chosaint speisialta agus atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe de dhíth orthu chun críoch Threoir 2009/147/CE;

 

Na gnáthóga nádúrtha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus gnáthóga na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE lasmuigh de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo nó limistéir chaomhantais speisialta agus atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe de dhíth orthu chun críoch stádas fabhrach caomhantais a bhaint amach faoi Threoir 92/43/CEE agus/nó atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta feabhais de dhíth orthu chun críoch Airteagal 6 de Threoir 2004/35/CE;

 

Na gnáthóga nádúrtha atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 92/43/CEE agus gnáthóga na speiceas atá liostaithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 92/43/CEE lasmuigh de láithreáin a bhfuil tábhacht Chomhphobail leo nó limistéir chaomhantais speisialta agus atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta athchóirithe de dhíth orthu chun críoch stádas fabhrach caomhantais a bhaint amach faoi Threoir 92/43/CEE agus/nó atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil bearta feabhais de dhíth orthu chun críoch Airteagal 6 de Threoir 2004/35/CE;

 

Limistéir atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu de réir plean athbhunaithe dúlra is infheidhme i mBallstát;

 

Limistéir atá sainaitheanta mar chinn a bhfuil athchóiriú de dhíth orthu nó atá faoi réir bearta chun a áirithiú nach dtagann meath orthu de réir plean athbhunaithe dúlra is infheidhme i mBallstát;

 

Aonaid talún atá faoi réir bearta a éilítear chun stádas maith éiceolaíoch a chur ar ais sna dobharlaigh uisce dromchla dá dtagraítear in Airteagal 4(iii) de Threoir 2000/60/CE, nó bearta a éilítear chun stádas ard éiceolaíoch a chur ar ais i ndobharlaigh den sórt sin i gcás ina gceanglaítear é sin de réir dlí;

 

Aonaid talún atá faoi réir bearta a éilítear chun stádas maith éiceolaíoch a chur ar ais sna dobharlaigh uisce dromchla dá dtagraítear in Airteagal 4(iii) de Threoir 2000/60/CE, nó bearta a éilítear chun stádas ard éiceolaíoch a chur ar ais i ndobharlaigh den sórt sin i gcás ina gceanglaítear é sin de réir dlí;

 

Aonaid talún atá faoi réir bearta chun limistéir bhogaigh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI.B(vii) de Threoir 2000/60/CE, a athchruthú agus a athchóiriú;

 

Aonaid talún atá faoi réir bearta chun limistéir bhogaigh, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI.B(vii) de Threoir 2000/60/CE, a athchruthú agus a athchóiriú;

 

Limistéir a bhfuil athchóiriú éiceachórais de dhíth orthu chun riocht mhaith éiceachórais a bhaint amach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

 

Limistéir a bhfuil athchóiriú éiceachórais de dhíth orthu chun riocht mhaith éiceachórais a bhaint amach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6);

(d)

córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún a bhfuil riosca ard aeráide ag baint leo:

(d)

córas chun faireachán a dhéanamh ar aonaid úsáide talún a bhfuil riosca ard aeráide ag baint leo:

 

Limistéir faoi réir cúitimh de bharr suaití nádúrtha faoi mhír 5 d’Airteagal 13b de Rialachán (AE) 2018/841

 

Limistéir faoi réir cúitimh de bharr suaití nádúrtha faoi mhír 5 d’Airteagal 13b de Rialachán (AE) 2018/841

 

Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2007/60/CE

 

Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2007/60/CE

 

Limistéir atá sainaitheanta i straitéis náisiúnta um oiriúnú na mBallstát mar limistéir ina bhfuil rioscaí arda nádúrtha agus rioscaí de dhéantús an duine, faoi réir gníomhaíochtaí laghdaithe rioscaí tubaiste a bhaineann leis an aeráid.

 

Limistéir atá sainaitheanta i straitéis náisiúnta um oiriúnú na mBallstát mar limistéir ina bhfuil rioscaí arda nádúrtha agus rioscaí de dhéantús an duine, faoi réir gníomhaíochtaí laghdaithe rioscaí tubaiste a bhaineann leis an aeráid.

 

(da)

córas chun faireachán a dhéanamh ar stoic charbóin ithreach, ag úsáid, inter alia, tacair sonraí bhliantúla de chuid an tSuirbhé staidrimh fráma limistéir ar chumhdach/úsáid talún (LUCAS).

Leis an bhfardal gás ceaptha teasa beifear in ann sonraí a mhalartú agus a chomhtháthú idir na bunachair sonraí leictreonacha agus na córais faisnéise gheografacha.

Leis an bhfardal gás ceaptha teasa beifear in ann sonraí a mhalartú agus a chomhtháthú idir na bunachair sonraí leictreonacha agus na córais faisnéise gheografacha , mar aon lena n-inchomparáideacht agus lena n-inrochtaineacht phoiblí .

Modheolaíocht Leibhéal 1 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta GCT, don tréimhse 2021-2025. I gcás astaíochtaí agus aistrithe do thaiscumar carbóin arb ionann í agus 25-30 % ar a laghad d’astaíochtaí nó d’aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linne a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre GCTanna i dtéarmaí an dearbh-leibhéil astaíochtaí agus aistrithe, na treochta maidir le hastaíochtaí agus le haistrithe, nó na neamhchinnteachta sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, agus ó 2026 amach i gcás gach meastacháin astaíochtaí agus aistrithe taiscumair carbóin, agus modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC le haghaidh fardail náisiúnta GCT.

Modheolaíocht Leibhéal 1 i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta GCT, don tréimhse 2021-2025 , a bhforlíonadh in 2013 agus a mionchoigeartú in 2019 . I gcás astaíochtaí agus aistrithe do thaiscumar carbóin arb ionann í agus 25-30 % ar a laghad d’astaíochtaí nó d’aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linne a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre GCTanna i dtéarmaí an dearbh-leibhéil astaíochtaí agus aistrithe, na treochta maidir le hastaíochtaí agus le haistrithe, nó na neamhchinnteachta sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, agus ó 2026 amach i gcás gach meastacháin astaíochtaí agus aistrithe taiscumair carbóin, agus modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC le haghaidh fardail náisiúnta GCT , a bhforlíonadh in 2013 agus a mionchoigeartú in 2019 .

 

Ó 2026 amach, i gcás gach meastacháin ar astaíochtaí agus aistrithe taiscumair carbóin a thiteann i limistéir ina bhfuil aonaid úsáide talún ina bhfuil stoc ard carbóin dá dtagraítear i bpointe (c) thuas, i limistéir ina bhfuil aonaid úsáide talún faoi chosaint nó faoi athchóiriú dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) thuas, agus i limistéir ina bhfuil aonaid úsáide talún faoi rioscaí arda aeráide sa todhchaí dá dtagraítear i bpointe (f) thuas, cuirfidh na Ballstáit modheolaíocht Leibhéal 3 i bhfeidhm, i gcomhréir le treoirlínte 2006 IPCC le haghaidh fardail náisiúnta GCT , a bhforlíonadh in 2013 agus a mionchoigeartú in 2019 .


(*1)  Tuigfear gur tagairtí do “cp” i gceannteidil na leasuithe arna nglacadh mar an chuid chomhfhreagrach de na leasuithe sin.

(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0161/2022).

(36)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(36)  Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

(1a)   EEA, “Comhshaol na hEorpa — staid agus forbhreathnú 2020”, lch. 74.

(1b)   Barredo, J., Brailescu, C., Teller, A., Sabatini, F.M., Mauri, A. agus Janouskova, K., “Mapping and assessment of primary and old-growth forests in Europe” [Mapáil agus measúnú ar fhoraoisí príomhúla agus seanfháis san Eoraip], EUR 30661 EN, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.

(1a)   Tuarascáil EEA Uimh. 6/2019.

(1b)   EEA, Treochtaí agus réamh-mheastacháin maidir le hastaíochtaí iomlána gás ceapa teasa san Eoraip (https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/indicators/greenhouse-gas-emission-trends-6/assessment-3).

(1c)   EEA, Treochtaí agus réamh-mheastacháin maidir le hastaíochtaí iomlána gás ceapa teasa san Eoraip (https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/indicators/greenhouse-gas-emission-trends-6/assessment-3).

(1d)   Seidl, R.; Schelhaas, M.-J.; Rammer, W.; Verkerk, P. J. (2014): Increasing forest disturbances in Europe and their impact on carbon storage [Suaití méadaitheacha foraoise san Eoraip agus a dtionchar ar stóráil carbóin]. Arna fhoilsiú i: Nature Climate Change 4 (9), lgh.806–810. DOI: 10.1038/nclimate2318.

(28)  COM(2019)0640.

(28)  COM(2019)0640.

(28a)   Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(29)  https://www4.unfccc.int/sites/ndcstaging/PublishedDocuments/European%20Union%20First/EU_NDC_Submission_December%202020.pdf

(29)  https://www4.unfccc.int/sites/ndcstaging/PublishedDocuments/European%20Union%20First/EU_NDC_Submission_December%202020.pdf

(30)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(31)   Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

(30)  Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).

(32)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(32)  Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).

(33)  COM(2020) 562 críochnaitheach:

(33)  COM(2020) 0562.

(33a)   Zickfeld K., Azevedo D., Mathesius S. et al. Neamhshiméadracht i bhfreagairt an timthrialla aeráide-charbóin ar astaíochtaí CO2 dearfacha agus diúltacha. Nature Climate Change 11, 613-617 (2021).

(34)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(37)   Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(36a)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(38)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (COM(2020)0380).

(39)  COM(2020)0381.

(40)  […]

(41)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(42)  COM(2021)0082.

(38)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (COM(2020)0380).

(39)  COM(2020)0381.

(39a)   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – Straitéis Ithreach an Aontais do 2030 Leas a bhaint as ithreacha sláintiúla do dhaoine, do bhia, don dúlra agus don aeráid (COM(2021)0699).

(40)  […]

(40a)   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe (COM(2021)0800).

(40b)   Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – “A sustainable Bioeconomy for Europe: Strengthening the connection between economy, society and the environment” [Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú] (COM(2018)0673).

(41)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(42)  COM(2021)0082.

(1a)   Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(*)   Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(**)   Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(44)   Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(1)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(1)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(2)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

(2)  Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste comhshaoil a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lch. 56).

(3)  Treoir 2009/147/CE an 30 Samhain 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(3)  Treoir 2009/147/CE an 30 Samhain 2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).

(4)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(4)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(5)  Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).

(5)  Treoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte (IO L 288, 6.11.2007, lch. 27).

(6)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

(6)  Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).


27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/270


P9_TA(2022)0234

Caighdeáin astaíochtaí CO2 do ghluaisteáin agus do veaineanna ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais (COM(2021)0556 – C9-0322/2021 – 2021/0197(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 493/25)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

Chuaigh Comhaontú Pháras, a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”). D’aontaigh na Páirtithe sa Chomhaontú an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5   oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(1)

Chuaigh Comhaontú Pháras, a glacadh i mí na Nollag 2015 faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), i bhfeidhm i mí na Samhna 2016 (“Comhaontú Pháras”). D’aontaigh na Páirtithe sa Chomhaontú an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2 oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta. Trí Chomhaontú Aeráide Ghlaschú a ghlacadh i mí na Samhna 2021, d’aithin na Páirtithe ann go laghdódh coinneáil an ardaithe meánteochta domhanda go dtí 1,5  oC os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch rioscaí agus tionchar an athraithe aeráide go mór agus gheall siad a gcuid spriocanna le haghaidh 2030 a neartú faoi dheireadh na bliana 2022 chun dlús a chur le gníomhaíocht aeráide sna deich mbliana criticiúla seo agus chun an bhearna uaillmhéine leis an sprioc 1,5  oC a dhúnadh.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an “Comhaontú Glas don Eoraip”, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 (23). Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise thionchair fhíor-thromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

(2)

Tá iarrachtaí chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach i gcroílár na Teachtaireachta maidir leis an “Comhaontú Glas don Eoraip”, arna ghlacadh ag an gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 (23). Ina rún an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, d’iarr Parlaimint na hEorpa go ndéanfaí an t-aistriú riachtanach chuig sochaí a bheadh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 ar a dhéanaí agus, ina rún an 28 Samhain 2019 maidir le héigeandáil na haeráide agus an chomhshaoil, d’fhógair sí éigeandáil aeráide agus comhshaoil. Tá riachtanas agus luach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip méadaithe i bhfianaise thionchair fhíor-thromchúiseacha phaindéim COVID-19 ar shláinte agus ar fholláine eacnamaíoch shaoránaigh an Aontais.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Nasctar leis an gComhaontú Glas don Eoraip sraith chuimsitheach beart agus tionscnamh a threisíonn a chéile go frithpháirteach agus atá dírithe ar an aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoi 2050, agus leagtar amach ann straitéis nua fáis arb é is aidhm leis sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas Eorpach , ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, a bheidh tíosach ar acmhainní , agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní . Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. An tráth céanna, déantar difear leis an aistriú sin do mhná agus d’ fhir ar bhealaí difriúla agus baineann tionchar áirithe leis ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, amhail daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumais agus daoine le cúlra cine mionlaigh nó mionlaigh eitnigh . Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus ionchuimsitheach, agus nach bhfágfar aon duine chun deiridh.

(3)

Tá sé mar aidhm ag an Aontas straitéis nua fáis a leagan amach faoin mbliain 2050 lena ndíreofar ar an Aontas a iompú ina shochaí atá cothrom agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha , éifeachtach ó thaobh acmhainní de agus iomaíoch, ina mbeidh tionscail bhríomhar, a bheidh fós ina gceannródaithe domhanda ina gcodanna faoi seach , agus ina mbeidh tiománaithe nuálaíochta domhanda, agus poist ardcháilíochta ar ardchaighdeán a chinntiú san Aontas ag an am céanna . Tá sé d’aidhm aige freisin caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a mhéadú, agus sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Sa chiall sin, leagtar amach sa 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil a bheidh i bhfeidhm go dtí 2030 an cuspóir chun dlús a chur leis an aistriú glas chuig geilleagar ciorclach a bheidh neodrach ó thaobh aeráide de, inbhuanaithe, neamhthocsaineach, tíosach ar acmhainní, bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, athléimneach agus iomaíoch, ar bhealach atá cóir, cothrom agus cuimsitheach agus chun staid an chomhshaoil a chosaint, a athshlánú agus a fheabhsú, chun tacú leis an tsraith beart agus tionscnamh a fógraíodh faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus chun an tacar sin a fhorbairt. Ag an am céanna, bíonn tionchar difriúil ag an aistriú sin ar mhná agus ar fhir agus bíonn tionchar ar leith aige ar roinnt grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus atá leochaileach , amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil cúlra mionlaigh ciníoch nó eitneach acu, agus daoine aonair agus teaghlaigh a bhfuil ioncam íseal nó níos lú ná meánioncam acu. Ina theannta sin, déanfaidh an trasdul difear do réigiúin an Aontais ar bhealaí éagsúla, go háirithe réigiúin atá faoi mhíbhuntáiste struchtúrtha, réigiúin imeallacha agus réigiúin is forimeallaí . Ní mór a áirithiú dá bhrí sin go mbeidh an t-aistriú cóir agus ionchuimsitheach, agus nach bhfágfar aon duine chun deiridh.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)

I Rialachán (AE) [--] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) cumhdaíonn an tAontas an sprioc maidir le haeráidneodracht ar fud an gheilleagair faoi 2050 , i reachtaíocht. Bunaítear leis an Rialachán sin freisin gealltanas ceangailteach de chuid an Aontais do laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa intíre (astaíochtaí tar éis aistrithe a asbhaint) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

(5)

I Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) , cumhdaíodh leis an Aontas an sprioc astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus an aidhm astaíochtaí diúltacha a bhaint amach sa reachtaíocht ina dhiaidh sin . Bunaítear leis an Rialachán sin freisin sprioc aeráide idirmheánach intíre intíre intíre an Aontais arb é atá inti glanlaghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ( i.e. astaíochtaí tar éis asbhaint na n-aistrithe ) faoi bhun leibhéil 1990 faoi 2030.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Tá coinne leis go rannchuideoidh gach earnáil den gheilleagar leis na laghduithe sin ar astaíochtaí a bhaint amach, lena n-áirítear an earnáil iompair de bhóthar.

(6)

Tá coinne leis go rannchuideoidh gach earnáil den gheilleagar leis na laghduithe sin ar astaíochtaí a bhaint amach, lena n-áirítear an earnáil iompair de bhóthar. Is í earnáil an iompair an t-aon earnáil ina bhfuil méadú tagtha ar astaíochtaí ó 1990 i leith. Áirítear leis sin iompar de bhóthar le feithiclí saothair éadroim agus feithiclí tromshaothair, arb ionann iad le chéile agus os cionn 70 % de na hastaíochtaí iompair iomlána.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh soghluaisteacht aonair de bheith inrochtana agus inacmhainne do chách, go háirithe do chomaitéirí gan rochtain ar iompar poiblí ar ardchaighdeán nó réitigh soghluaisteachta eile.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b)

Ag Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú na Ríochta Aontaithe, ar a dtugtar COP26, glacadh gealltanas chun dlús a chur leis an aistriú domhanda chuig feithiclí astaíochtaí nialasacha. Gheall siad freisin go mbeadh an t-aistriú cóir agus inbhuanaithe, ionas nach bhfágfar réigiún ná pobal ar bith ar lár agus leag sé béim ar a thábhachtaí atá sé aistriú cothrom an lucht saothair a áirithiú agus obair chuibhiúil agus poist ar ardchaighdeán a chruthú.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

Tá gá leis na bearta a leagtar amach sa Rialachán seo mar chuid de chreat comhleanúnach agus comhsheasmhach atá fíor-riachtanach chun cuspóir foriomlán an Aontais a bhaint amach chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

(7)

Tá gá leis na bearta atá sa Rialachán seo mar chuid de chur chuige comhleanúnach loighciúil is gá chun cuspóir ginearálta an Aontais a bhaint amach , is é sin glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú , agus spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise allmhairithe, a laghdú, lena n-áirítear allmhairí ola arbh fhiú EUR 227,5 billiún iad in 2018 amháin, a leanann de bheith ar an bhfuinneamh is mó é a ídíonn gluaisteáin agus veaineanna (94 %) . Agus tomhaltas ola á chéimniú amach de réir a chéile, tá sé ríthábhachtach gan athrú ó spleáchas go chéile. Chun inbhuanaitheacht thionscal na hEorpa agus chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a neartú, tá sé bunriachtanach go n-oibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí tionsclaíocha chun an slabhra soláthair a dhaingniú sna hábhair straitéiseacha agus sna dúile tearc-chré atá ag teastáil le haghaidh teicneolaíochtaí dícharbónaithe nua.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)

Cé go bhfuil an t-athbhreithniú ar an Rialachán seo mar chuid de na hiarrachtaí na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach, eadhon dícharbónú iompair de bhóthar chun an t-athrú aeráide a chomhrac, ba cheart na hiarmhairtí suntasacha tionsclaíocha agus sóisialta a chur san áireamh freisin chun fostaíocht agus soghluaisteacht inrochtana do chách a áirithiú.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)

Chun laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990, is gá na ceanglais maidir le laghdú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (25) a láidriú le haghaidh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma araon. Is gá conair shoiléir a shocrú freisin le haghaidh tuilleadh laghduithe ó 2030 ar aghaidh chun rannchuidiú le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050. Gan ghníomhaíocht uaillmhianach maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san iompar de bhóthar, bheadh gá le laghduithe níos airde ar astaíochtaí in earnálacha eile, lena n-áirítear earnálacha ina bhfuil an dícharbónú níos dúshlánaí.

(8)

Chun laghdú 55 % ar a laghad ar ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990, agus chun conair shoiléir a sholáthar ionsar an sprioc sin agus chun rannchuidiú le laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí roimh 2030, is gá na ceanglais maidir le laghdú a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (25) a láidriú le haghaidh gluaisteán paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma araon. Is gá conair shoiléir a shocrú freisin le haghaidh tuilleadh laghduithe ó 2030 ar aghaidh chun rannchuidiú le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050. Má táthar chun an cuspóir sin a bhaint amach, beidh sé riachtanach astaíochtaí san earnáil iompair a laghdú thart ar 90 %, de réir an cháis is cost-éifeachtaí, cé nach bhfuil fás ag teacht ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi láthair ach amháin in earnáil an iompair. Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach go n-áiritheofar le gníomhartha reachtacha chomhlántach de chuid an Aontais, amhail Treoir (AE) 2018/2001  (25a) , go n-úsáidfear fuinneamh in-athnuaite go tapa ionas go gcumhachtófar flít gluaisteán an Aontais le leictreachas in-athnuaite breise. Gan ghníomhaíocht uaillmhianach maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san iompar de bhóthar, bheadh gá le laghduithe níos airde ar astaíochtaí in earnálacha eile, lena n-áirítear earnálacha ina bhfuil an dícharbónú níos dúshlánaí. Leis na haistrithe digiteacha agus glasa, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar an tábhacht a bhaineann leis an ngné shóisialta chun soghluaisteacht a áirithiú do chách, lena n-áirítear tionchar an chánachais fuinnimh ar inacmhainneacht, éifeacht dhíreach agus indíreach praghsanna níos airde fuinnimh ar iompar i réigiúin éagsúla an Aontais, chomh maith leis na hiarmhairtí tionsclaíocha chun iomaíochas na fostaíochta agus an tionscail a áirithiú.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a)

Tugann staidéir a rinneadh le déanaí le fios go bhfuil feithiclí ceallra-leictreacha iomaíoch cheana féin le gluaisteáin thraidisiúnta i roinnt deighleoga gluaisteán agus an costas iomlán úinéireachta á mheas. Cuirfidh caighdeáin CO2 méadaithe do ghluaisteáin phaisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma dlús leis an laghdú ar chostas iomlán úinéireachta feithiclí ceallra-leictreacha, rud a fhágfaidh go mbeidh siad níos tarraingtí do gach grúpa tomhaltóirí ar fud an Aontais ná feithiclí atá feistithe le hinnill dócháin. Le caighdeáin CO2 níos uaillmhianaí do ghluaisteáin paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma don tréimhse ó 2025 go 2030, cuirfear dlús freisin le dícharbónú an mhargaidh athláimhe i ngach deighleog gluaisteán, agus beidh buntáistí níos mó ann do thomhaltóirí ísealioncaim agus meánioncaim.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Leis na ceanglais láidrithe maidir le laghduithe ar astaíochtaí CO 2 , ba cheart méadú a spreagadh i gcion na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha atá á gcur in úsáid ar mhargadh an Aontais agus tairbhí á soláthar do thomhaltóirí agus do shaoránaigh an tráth céanna i dtéarmaí na cáilíochta aeir agus coigilteas fuinnimh, mar aon lena áirithiú gur féidir nuálaíocht i slabhra luacha an tionscail mhótarfheithiclí a choinneáil ar bun. Laistigh den chomhthéacs domhanda, ní mór do shlabhra tionscail mhótarfheithiclí an Aontais a bheith ina phríomhghníomhaí san aistriú domhanda leanúnach i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha. Tá na caighdeáin láidrithe i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí CO 2 neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, maidir leis na spriocanna flíte uile atá le baint amach a shocraíonn siad. Tá teicneolaíochtaí difriúla ar fáil agus ar fáil fós chun sprioc na n-astaíochtaí nialasacha le haghaidh na flíte uile a bhaint amach. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha, áirítear leo faoi láthair feithiclí ceallra-leictreacha, breosla-chille agus feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine, agus tá na nuálaíochtaí teicneolaíochta ag leanúint ar aghaidh. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle , lena n-áirítear feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a fheidhmíonn go maith freisin , is féidir leo leanúint le ról a imirt sa chonair i dtreo an aistrithe.

(9)

Leis na ceanglais láidrithe maidir le laghduithe ar astaíochtaí CO2, ba cheart méadú a spreagadh i gcion na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha atá á gcur in úsáid ar mhargadh an Aontais agus tairbhí á soláthar do thomhaltóirí agus do shaoránaigh an tráth céanna i dtéarmaí na cáilíochta aeir agus coigilteas fuinnimh, mar aon lena áirithiú gur féidir nuálaíocht i slabhra luacha an tionscail mhótarfheithiclí a choinneáil ar bun. Laistigh den chomhthéacs domhanda, ní mór do shlabhra tionscail mhótarfheithiclí an Aontais a bheith ina phríomhghníomhaí san aistriú domhanda leanúnach i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha. Tá na caighdeáin láidrithe i ndáil le laghduithe ar astaíochtaí CO2 neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, maidir leis na spriocanna flíte uile atá le baint amach a shocraíonn siad. Tá teicneolaíochtaí difriúla ar fáil agus ar fáil fós chun sprioc na n-astaíochtaí nialasacha le haghaidh na flíte uile a bhaint amach. Maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha, áirítear leo faoi láthair feithiclí ceallra-leictreacha, breosla-chille agus feithiclí eile faoi thiomáint hidrigine, agus tá na nuálaíochtaí teicneolaíochta ag leanúint ar aghaidh. Maidir le feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha , lena n-áirítear freisin feithiclí leictreacha hibrideacha inluchtaithe a fheidhmíonn go maith, fad a ráthaítear sonraí cruinne agus iomlána faoi fheidhmíocht astaíochtaí na gcineálacha sin feithiclí, is féidir leo leanúint de ról a imirt sa chonair i dtreo an aistrithe.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a)

Is réamhriachtanas í an nuálaíocht teicneolaíochta chun an tsoghluaisteacht a dhícharbónú san Aontas, agus ba cheart, dá bhrí sin, tacú léi. I bhfianaise an mhéadaithe ar an iomaíocht idirnáisiúnta, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit leanúint dá n-iarrachtaí tionscnaimh lena gcuirtear chun cinn sineirgí san earnáil, amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach Ceallraí, a fhiosrú agus a fhorbairt, agus tacú le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach i dtaighde agus nuálaíocht i réimse na ngluaisteán Eorpach. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis sin ceannaireacht theicneolaíoch na hEorpa a choinneáil san earnáil sin, barr feabhais tionsclaíoch a fhorbairt i dteicneolaíochtaí na todhchaí san Aontas agus inbhuanaitheacht agus iomaíochas fadtéarmach a bonn tionsclaíoch a áirithiú.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10b)

Tá pleananna dearbhaithe ag Ballstáit áirithe chun dlús a chur le tabhairt isteach feithiclí astaíochtaí nialasacha trí dháta céimnithe amach a shocrú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma CO2 a chuirtear ar an margadh ina gcríocha roimh an dáta a leagtar síos ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Choimisiún roghanna a shainaithint chun aistriú na mBallstát chuig feithiclí saothair éadroim atá saor ó astaíochtaí a éascú i gcomhréir leis na pleananna sin.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10c)

Ba cheart go gcuirfeadh comharthaí rialála soiléire ar chumas monaróirí a gcinntí infheistíochta a chur i gcrích. In éagmais na gcomharthaí sin, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí an riosca go gcaillfeadh tionscal na mótarfheithiclí san Aontas iomaíochas agus ceannaireacht theicneolaíoch toisc nach mbeadh sé ag infheistiú go tapa agus go gcaillfeadh sé sciar den mhargadh sa mhargadh domhanda agus sa mhargadh baile.

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10d)

Tá sé ríthábhachtach an t-idirphlé sóisialta a neartú san earnáil mótarfheithiclí sa phróiseas a bhaineann le pleananna trasdula críche córa agus pleananna náisiúnta aeráide sóisialta a chaibidliú agus a ghlacadh ar leibhéal an mhonaróra, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal earnálach. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go n-athrófaí an lucht saothair i limistéar geografach ar leith agus ar bhealach a léireoidh féidearthachtaí an réigiúin.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)

Ba cheart straitéis Eorpach a bheith ag gabháil leis na spriocanna sna caighdeáin feidhmíochta athbhreithnithe maidir le CO 2 chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le forbairt mhonarú na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara, mar aon leis an ngá oibrithe san earnáil a uas-sciliú agus a athsciliú agus leis an éagsúlú eacnamaíoch agus le gníomhaíochtaí a athfhorbairt. I gcás inarb iomchuí, ba cheart tacaíocht airgeadais a  bhreithniú ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun infheistíocht phríobháideach a chomhchruinniú, lena n-áirítear trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste Nuálaíochta, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ionstraimí eile an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil agus Plean an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile, i gcomhréir le rialacha Státchabhrach. Leis na rialacha státchabhrach athbhreithnithe maidir leis an gcomhshaol agus le fuinneamh, cumasófar do na Ballstáit tacú le gnólachtaí a gcuid próiseas táirgeachta a dhícharbónú agus teicneolaíochtaí níos glaise a ghlacadh i gcomhthéacs na Straitéise Nua Tionsclaíche.

(11)

Ba cheart straitéis Eorpach a bheith ag gabháil leis na spriocanna sna caighdeáin feidhmíochta athbhreithnithe maidir le CO 2 chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le forbairt mhonarú na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara agus sainiúlachtaí gach Ballstáit á gcur san áireamh , mar aon leis an ngá oibrithe san earnáil a uas-sciliú agus a athsciliú agus leis an éagsúlú eacnamaíoch agus le gníomhaíochtaí a athfhorbairt. agus leibhéil fostaíochta mótarfheithiclí san Aontas á gcoinneáil ag an am céanna. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an tionchar a bheidh ag an aistriú sin ar mhicrifhiontair agus ar FBManna feadh an tslabhra soláthair. I gcás inarb iomchuí, ba cheart tacaíocht airgeadais a  leithdháileadh ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát chun infheistíocht phríobháideach a chomhchruinniú, lena n-áirítear trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste Nuálaíochta, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ionstraimí eile an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil agus Plean an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile, i gcomhréir le rialacha Státchabhrach. Thairis sin, bheadh gá freisin le sruth cistiúcháin tiomnaithe ar leibhéal an Aontais don aistriú san earnáil mótarfheithiclí chun aghaidh a thabhairt go háirithe ar aon tionchar diúltach ar fhostaíocht. Leis na rialacha státchabhrach athbhreithnithe maidir leis an gcomhshaol agus le fuinneamh, cumasófar do na Ballstáit tacú le gnólachtaí a gcuid próiseas táirgeachta a dhícharbónú agus teicneolaíochtaí níos glaise a ghlacadh i gcomhthéacs na Straitéise Nua Tionsclaíche.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)

Leis an Straitéis Nua Thionsclaíoch (26) déantar foráil maidir le conairí glasa agus conairí i dtreo an aistrithe dhigitigh a chomhchruthú i gcomhpháirtíocht leis an tionscal, údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile. Sa chomhthéacs sin, ba cheart conair i dtreo an aistrithe a fhorbairt le haghaidh éiceachóras na soghluaisteachta le gabháil le haistriú an tslabhra luacha sa tionscal mótarfheithiclí. Leis an gconair sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar FBManna sa slabhra soláthair sa tionscal mótarfheithiclí, ar an gcomhairliúchán le páirtithe sóisialta lena n-áirítear leis na Ballstáit, agus ba cheart cur leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip leis an gconair freisin, le tionscnaimh cosúil leis an gComhaontú um Scileanna chun an earnáil phríobháideach a shlógadh mar aon le páirtithe leasmhara eile chun lucht oibre na hEorpa a uas-sciliú agus a athsciliú i bhfianaise na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Leis an gconair, ba cheart dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí iomchuí agus leis na dreasachtaí iomchuí ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta freisin chun borradh a chur faoi inacmhainneacht na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. Maidir leis an dul chun cinn a dhéantar ar chonair chuimsitheach sin an aistrithe le haghaidh an éiceachórais soghluaisteachta, ba cheart faireachán a dhéanamh air gach 2 bhliain mar chuid de thuarascáil ar dhul chun cinn a bheidh le cur isteach ag an gCoimisiún, lena mbreathnófar inter alia ar an dul chun cinn maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid, a bhforbairtí ó thaobh praghais de, forbairt maidir le breoslaí malartacha a  chur in úsáid agus cur chun feidhme céimneach an bhonneagair mar a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, poitéinseal na dteicneolaíochtaí nuálacha chun an tsoghluaisteacht aeráidneodrach, an iomaíocht idirnáisiúnta, infheistíochtaí sa slabhra luacha sa tionscal mótarfheithiclí, uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus athfhorbairt gníomhaíochtaí a  bhaint amach. Leis an tuarascáil ar dhul chun cinn, cuirfear freisin leis na tuarascálacha ar dhul chun cinn a chuirfidh na Ballstáit isteach gach 2 bhliain faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le páirtithe sóisialta in ullmhú na tuarascála ar dhul chun cinn, lena n-áirítear na torthaí san idirphlé sóisialta. Tá nuálaíochtaí sa slabhra soláthair sa tionscal mótarfheithiclí ag leanúint ar aghaidh. Maidir le teicneolaíochtaí nuálacha amhail leictribhreoslaí a tháirgeadh le gabháil ón aer, dá bhforbrófaí a thuilleadh iad, d’fhéadfadh ionchais a bheith i gceist leo le haghaidh na soghluaisteachta aeráidneodraí inacmhainne. Ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin súil a choinneáil ar an dul chun cinn ó thaobh na nuálaíochta de san earnáil mar chuid dá thuarascáil ar dhul chun cinn.

(12)

Leis an Straitéis Nua Thionsclaíoch (26) déantar foráil maidir le conairí glasa agus conairí i dtreo an aistrithe dhigitigh a chomhchruthú i gcomhpháirtíocht leis an tionscal, údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile. Sa chomhthéacs sin, ba cheart conair i dtreo an aistrithe a fhorbairt le go mbeidh an t-éiceachóras soghluaisteachta ag gabháil le haistriú an tslabhra luacha mótarfheithiclí , i dtrédhearcacht iomlán agus i gcomhairle leis na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear trí fhéachaint an bhféadfaí fóram sonrach a bhunú le haghaidh idirphlé sóisialta san earnáil mótarfheithiclí . Leis an gconair sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar FBManna , lena n-áirítear micrifhiontair, sa slabhra soláthair sa tionscal mótarfheithiclí, ar an gcomhairliúchán le páirtithe sóisialta lena n-áirítear leis na Ballstáit, agus ba cheart go gcuirfí leis an moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú agus le tionscnaimh cosúil leis an gComhaontú um Scileanna chun an earnáil phríobháideach a shlógadh mar aon le páirtithe leasmhara eile chun lucht oibre na hEorpa a uas-sciliú agus a athsciliú i bhfianaise na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Leis an gconair, ba cheart dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí iomchuí agus leis na dreasachtaí iomchuí ar leibhéal Eorpach agus náisiúnta freisin chun borradh a chur faoi inacmhainneacht agus inbhuanaitheacht na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha. Ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an soláthar poiblí sa chonair, agus ina leith sin ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (26a) chun a áirithiú go mbeidh sí i gcomhréir le cuspóirí Rialachán (AE) 2019/631. Maidir leis an dul chun cinn a dhéantar ar chonair chuimsitheach sin an aistrithe le haghaidh an éiceachórais soghluaisteachta, ba cheart faireachán a dhéanamh air gach mar chuid de thuarascáil ar dhul chun cinn a bheidh le cur isteach ag an gCoimisiún, lena mbreathnófar inter alia ar an dul chun cinn maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid, a bhforbairtí ó thaobh praghais de agus a n-ídithe fuinnimh de , forbairt maidir le breoslaí malartacha a  imscaradh agus cur chun feidhme céimneach an bhonneagair mar a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, forbairt sciar an fhuinnimh in-athnuaite mar a cheanglaítear faoi Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (26b) , acmhainneacht na dteicneolaíochtaí nuálacha an tsoghluaisteacht aeráidneodrach a bhaint amach , an iomaíocht idirnáisiúnta, infheistíochtaí sa slabhra luacha sa tionscal mótarfheithiclí, uas-sciliú agus athsciliú oibrithe agus athfhorbairt gníomhaíochtaí , go háirithe i réigiúin ina bhfuil céatadán ard post bhaineann le slabhra luacha na ngluaisteán, agus astaíochtaí atá nasctha le haois na bhfeithiclí saothair éadroim, agus gníomhaíochtaí á mbreithniú atá dírithe ar chéimniú amach feithiclí scothaosta atá neamhdhíobhálach don tsochaí agus don chomhshaol . Leis an tuarascáil ar dhul chun cinn, cuirfear freisin leis na tuarascálacha ar dhul chun cinn a chuirfidh na Ballstáit isteach gach 2 bhliain faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le páirtithe sóisialta in ullmhú na tuarascála ar dhul chun cinn, lena n-áirítear na torthaí san idirphlé sóisialta. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle freisin le raon leathan saineolaithe neamhspleácha, geallsealbhóirí agus riaracháin náisiúnta agus réigiúnacha chun bonn cuimsitheach eolais a áirithiú. Tá nuálaíochtaí sa slabhra soláthair sa tionscal mótarfheithiclí ag leanúint ar aghaidh. Maidir le teicneolaíochtaí nuálacha amhail leictribhreoslaí a tháirgeadh le gabháil ón aer agus gluaisteáin hidrigine a bhfuil teicneolaíocht an chórais stórála hidrigine ar bord acu , dá bhforbrófaí a thuilleadh iad, d’fhéadfadh ionchais a bheith i gceist leo le haghaidh na soghluaisteachta aeráidneodraí inacmhainne. Ba cheart don Choimisiún dá bhrí sin súil a choinneáil ar an dul chun cinn ó thaobh na nuálaíochta de san earnáil mar chuid dá thuarascáil ar dhul chun cinn.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a)

Cé nach bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ach maidir le gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a chuirtear ar an margadh, tá sé tábhachtach é a áireamh i bplean gníomhaíochta níos cuimsithí de chuid an Aontais chun an fhlít atá ann cheana a dhícharbónú chun an comhshaol agus sláinte na saoránach i ngach Ballstát a chosaint. Leanfaidh an fhlít atá ann faoi láthair de bheith ina thoisc a rannchuidíonn le lagfheidhmíocht chomhshaoil ar feadh i bhfad mar gheall ar an luas mall a bhaineann le flíteanna a athnuachan. Thairis sin, cruthaíonn margadh reatha na bhfeithiclí athláimhe truaillitheacha i Lár agus Oirthear na hEorpa an baol go n-aistreofaí an truailliú chuig réigiúin bheagfhorbartha san Aontas. Ba cheart baint amach na spriocanna uaillmhianacha aeráide in 2050 a bheith fite fuaite leis an gceart atá ag saoránaigh uile an Aontais aer níos glaine a bhaint amach. Chun dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí ón bhflít atá ann cheana, tá sé ríthábhachtach go molfaidh an Coimisiún bearta reachtacha gan mhoill chun creat a bhunú a bheidh fabhrach d’iarfheistiú agus úsáid na dteicneolaíochtaí íslithe CO2 atá ar fáil faoi láthair a chur chun cinn, amhail breoslaí ísealcharbóin nó soilse a ídíonn níos lú fuinnimh, chun dlús a chur leis an aistriú módach do lastas agus paisinéirí, agus nósanna níos neamhdhíobháilí ó thaobh an chomhshaoil de a spreagadh a amhail comhroinnt carranna, soghluaisteacht bhog agus iompar poiblí i gcathracha, agus aghaidh a thabhairt ar an mbaol a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le sceitheadh carbóin feithicleach laistigh den Aontas.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12b)

Chun ailíniú a áirithiú le sprioc nua aeráide an Aontais do 2030, agus leis na caighdeáin neartaithe CO2, ba cheart nuashonrú ar Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (26a) a chur ar aghaidh, lena n-áirítear an fhéidearthacht a raon feidhme a leathnú chun go n-áireofaí feithiclí atá faoi úinéireacht nó ar léas ag cuideachta phríobháideach ar mhéid áirithe flít, chun an t-éileamh ar fheithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú. Ós rud é go dtagann feithiclí ó fhlíteanna corparáideacha isteach sa mhargadh príobháideach níos tapúla, d“fhágfadh sé go bhféadfaí margadh athláimhe d”fheithiclí astaíochtaí nialasacha a bhunú níos tapúla, rud a bheidh tábhachtach go háirithe do réigiúin ina mbeidh an t-aistriú níos deacra, agus ina theannta sin, chuirfeadh sé le cothroime praghsanna níos tapúla le gnáthfheithiclí ar fud an Aontais.

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Maidir leis na spriocanna sin le haghaidh fhlít uile an Aontais, comhlánófar iad leis an gcur chun feidhme céimneach is gá maidir leis an mbonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe mar a leagtar amach i dTreoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

(13)

Ba cheart na spriocanna sin le haghaidh fhlít uile an Aontais a chomhlánú le cur i bhfeidhm riachtanach an bhonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe , rud atá ríthábhachtach chun na spriocanna neartaithe a bhaint amach. Ar an gcúis sin, i bhfianaise chur chun feidhme lag agus mall Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27)  , ba cheart Rialachán uaillmhianach maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha a bheith ag gabháil leis na spriocanna neartaithe maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2, lena bhforálfar do spriocanna éigeantacha uaillmhianacha maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid ar fud na 27 mBallstát . Ba cheart go gcomhlánófaí na spriocanna sin le spriocanna uaillmhianacha chun pointí luchtaithe príobháideacha a imlonnú i bhfoirgnimh i dTreoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (27a). Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go leanfar den infheistíocht i gcur in úsáid an bhonneagair is gá agus go méadófar í.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a)

De bhrí go bhfuil níos mó ná billiún feithicil breosla iontaise ann ar fud an domhain, atá freagrach as níos mó ná 30 % d’astaíochtaí domhanda CO2, gur réiteach comhlántach é tiontú feithiclí teirmeacha go feithiclí leictreacha le tairiscint na monaróirí traidisiúnta, rud a fhágann gur féidir dlús a chur leis an aistriú éiceolaíoch agus fanacht dílis don gheilleagar ciorclach ag an am céanna;

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Ba cheart solúbthacht leordhóthanach a  sholáthar do mhonaróirí maidir lena bhflíteanna a chur in oiriúint le himeacht aimsire chun an t-aistriú i dtreo feithiclí astaíochtaí nialasacha a bhainistiú ar bhealach cost-éifeachtúil , agus is iomchuí dá bhrí sin coinneáil leis an gcur chuige lena laghdaítear spriocleibhéil ina gcéimeanna gach 5 bliana .

(14)

Ba cheart solúbthacht leordhóthanach a  thabhairt do mhonaróirí maidir lena bhflít a oiriúnú le himeacht ama chun an t-aistriú chuig feithiclí atá saor ó astaíochtaí a bhainistiú ar bhealach costéifeachtach , rud a thacaíonn lena n-iomaíochas agus a ullmhaíonn an bealach le haghaidh tuilleadh nuálaíochtaí, agus an gá atá le conair shoiléir a chur ar fáil maidir le feidhmiú céimneach na bhfeithiclí sin á chur san áireamh, lena n-áirithítear rannchuidiú earnáil an iompair de bhóthar le sprioc aeráide 2030 an Aontais .

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)

I ngeall ar na spriocanna níos déine le haghaidh fhlít uile na hEorpa ó 2030 ar aghaidh , beidh ar mhonaróirí i bhfad níos mó feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid ar mhargadh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ní chomhlíonfadh an sásra dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle (“ZLEV”) a chuspóir bunaidh a thuilleadh agus bheadh an baol ann leis go mbainfí an bonn d’éifeachtacht Rialachán (AE) 2019/631. Ba cheart deireadh a chur le sásra dreasachta ZLEV ón 2030 amach dá bhrí sin. Roimh an dáta sin agus i gcaitheamh na 10 mbliana seo dá bhrí sin, leanfaidh an sásra dreasachta le haghaidh ZLEV ar aghaidh ag tacú le feithiclí lena mbaineann astaíochtaí ó nialas chomh hard le 50 g CO2/km a chur in úsáid, lena n-áirítear feithiclí ceallra-leictreacha, feithiclí leictreacha breosla-chille ina n-úsáidtear hidrigin agus feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a fheidhmíonn go maith. Tar éis an dáta sin, leanfar ar aghaidh le feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a chomhaireamh in aghaidh na spriocanna le haghaidh na flíte ar fad nach mór do mhonaróirí feithiclí a chomhlíonadh.

(15)

I ngeall ar na spriocanna diana le haghaidh fhlít uile na hEorpa, beidh ar mhonaróirí i bhfad níos mó feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur in úsáid ar mhargadh an Aontais. Sa chomhthéacs sin, ní chomhlíonfadh an sásra dreasachta le haghaidh feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle (“ZLEV”) a chuspóir bunaidh a thuilleadh agus bheadh an baol ann leis go mbainfí an bonn d’éifeachtacht Rialachán (AE) 2019/631. Ba cheart deireadh a chur le sásra dreasachta ZLEV dá bhrí sin. Leanfar ar aghaidh le feithiclí leictreacha hibride inluchtaithe a chomhaireamh in aghaidh na spriocanna le haghaidh na flíte ar fad nach mór do mhonaróirí feithiclí a chomhlíonadh.

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a)

Faoi Rialachán (AE) 2019/631, maidir le laghduithe ar astaíochtaí arna mbaint amach trí nuálaíochtaí nach gcuirtear san áireamh sa tástáil cineálcheadaithe, déantar iad a chur san áireamh faoi láthair trí chreidmheasanna éiceanuálaíochta, is féidir a áireamh faoi chomhair sprioc laghdaithe an mhonaróra. Faoi láthair, tá uasteorainn 7 g/km in aghaidh an mhonaróra leis an laghdú ar astaíochtaí is féidir a éileamh. Ba cheart an uasteorainn sin a ísliú i gcomhréir leis na spriocanna diana, chun a áirithiú go leanfaidh an córas sin de bheith teoranta d’fhíor-nuálaíochtaí agus nach mbeidh sé ina dhreasacht do spriocanna laghdaithe maidir le díol feithiclí astaíochtaí nialasacha.

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15b)

Is gné thábhachtach é tacú leis an nuálaíocht theicneolaíoch agus shóisialta araon chun aistriú níos gasta i dtreo soghluaisteacht atá saor ó astaíochtaí a spreagadh. Tá cistiú tábhachtach ar fáil cheana féin le haghaidh nuálaíochta san éiceachóras soghluaisteachta trí ionstraimí cistiúcháin éagsúla de chuid an Aontais, go háirithe Fís Eorpach, InvestEU, an Ciste Forbraíochta Réigiúnaí, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Nuálaíochta, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Cé go bhfuiltear ag súil go spreagfaidh spriocanna uaillmhianacha bliantúla maidir le laghdú ar astaíochtaí CO2 nuálaíocht i slabhra soláthair na ngluaisteán, is é príomhchuspóir an Rialacháin seo laghdú iarbhír, éifeachtach agus infhíoraithe ar astaíochtaí CO2 a bhaint amach.

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a)

Na spriocanna arna socrú faoi Rialachán (AE) 2019/631, baintear amach go páirteach iad trí dhíolacháin Feithiclí Leictreacha Hibrideacha Luchtaithe Sheachtraigh (OVC-HEVanna). Déantar astaíochtaí na bhfeithiclí sin a chur san áireamh faoi láthair trí úsáid a bhaint as fachtóir fóntais arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/1151  (1a) ón gCoimisiún, arb ionann é agus sciar an fhaid arna thaisteal trí úsáid a bhaint as an gcadhnra i gcomparáid leis an achar arna thaisteal trí úsáid a bhaint as an inneall dócháin. Níl an fachtóir fóntais sin bunaithe ar fhíorshonraí ionadaíocha, áfach, ach ar mheastachán. Tá sonraí maidir le fíorídiú breosla á mbailiú ag an gCoimisiún trí mhéadair ar bord lena dtomhaistear ídiú breosla i ngluaisteáin phaisinéirí ó bhí an 1 Eanáir 2021 ann, i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2019/631. Ba cheart an fachtóir fóntais le haghaidh OVC-HEVanna a athbhreithniú gan mhoill trí úsáid a bhaint as na sonraí sin chun a áirithiú go léireoidh sé fíorastaíochtaí tiomána. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhfachtóir fóntais nuashonraithe ó 2025 ar a dhéanaí agus ba cheart é a choinneáil faoi athbhreithniú chun a áirithiú go leanfaidh sé de bheith ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí.

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Lena áirithiú go ndéanfar na hiarrachtaí chun laghduithe a bhaint amach a dháileadh go cothrom, ba cheart an dá chuar teorainnluacha le haghaidh feithiclí tráchtála níos éadroime agus feithiclí tráchtála níos troime a choigeartú chun na spriocanna láidrithe i leith laghduithe ar astaíochtaí CO2 a léiriú.

scriosta

Leasú 121

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

I bhfianaise na gcuspóirí méadaithe foriomlána chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun éifeachtaí féideartha maidir le saobhadh sa mhargadh a sheachaint, ba cheart na ceanglais maidir le laghdú le haghaidh na monaróirí uile atá i margadh an Aontais a ailíniú, seachas le haghaidh na monaróirí sin atá freagrach as níos lú ná 1 000 míle feithicil nua a chláraítear i mbliain féilire. Mar gheall air sin, maidir leis an bhféidearthacht do mhonaróirí, atá freagrach as idir 1 000 agus 10 000 gluaisteán nua paisinéirí nó as idir 1 000 agus 22 000 feithicil tráchtála éadrom a chláraítear as an nua i mbliain féilire, chun iarratas a dhéanamh ar mhaolú óna spriocanna i leith astaíochtaí sonracha, ba cheart deireadh a chur leis an bhféidearthacht sin ó 2030 ar aghaidh.

(21)

I bhfianaise na gcuspóirí méadaithe foriomlána chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun éifeachtaí féideartha maidir le saobhadh sa mhargadh a sheachaint, ba cheart na ceanglais maidir le laghdú le haghaidh na monaróirí uile atá i margadh an Aontais a ailíniú, seachas le haghaidh na monaróirí sin atá freagrach as níos lú ná 1 000 míle feithicil nua a chláraítear i mbliain féilire. Mar gheall air sin, maidir leis an bhféidearthacht do mhonaróirí, atá freagrach as idir 1 000 agus 10 000 gluaisteán nua paisinéirí nó as idir 1 000 agus 22 000 feithicil tráchtála éadrom a chláraítear as an nua i mbliain féilire, chun iarratas a dhéanamh ar mhaolú óna spriocanna i leith astaíochtaí sonracha, ba cheart deireadh a chur leis an bhféidearthacht sin ó 2036 ar aghaidh.

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh in 2026 ar an dul chun cinn a dhéantar faoi Rialachán (AE) 2019/631 i dtreo na cuspóirí , maidir le laghduithe atá socraithe le haghaidh 2030 agus ina dhiaidh, a bhaint amach. Le haghaidh an athbhreithnithe sin, ba cheart gach gné dá mbreithnítear sa tuairisciú gach 2 bhliain a bhreithniú.

(23)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh in 2027 ar an dul chun cinn a dhéantar faoi Rialachán (AE) 2019/631 i dtreo na gcuspóirí , maidir le laghduithe atá socraithe le haghaidh 2030 agus ina dhiaidh, a bhaint amach. Le haghaidh an athbhreithnithe sin, ba cheart gach gné dá mbreithnítear sa tuairisciú bliantúil a bhreithniú.

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(23a)

Tá sé tábhachtach go ndéanfaí measúnú ar na hastaíochtaí ar feadh shaolré na bhfeithiclí saothair éadroim ar leibhéal an Aontais. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023, modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán na bhfeithiclí saothair éadroim a chuirtear ar an gcomhshaol ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin, d’fhonn léargas foriomlán a fháil ar a dtionchar. Ba cheart don Choimisiún bearta leantacha a ghlacadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha chun tacú le dul chun cinn an Aontais i dtreo a uaillmhianta aeráide. Thairis sin, tá sé tábhachtach modheolaíocht a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán feithiclí, arna ríomh ní hamháin i dtéarmaí astaíochtaí CO2 ach na loirg fhoriomlána chomhshaoil á gcur san áireamh freisin.

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)

Tá meastóireacht déanta ar an bhféidearthacht an t-ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha a shannadh do chiste sonrach nó do chlár ábhartha mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) 2019/631, leis an gconclúid go ndéanfaí an t-ualach riaracháin a mhéadú go suntasach leis sin, agus nach rachadh sé chun tairbhe na hearnála mótarfheithiclí dó díreach le linn a haistrithe. Maidir leis an ioncam ó na préimheanna astaíochtaí iomarcacha, leanfar lena bhreithniú mar ioncam dá bhrí sin le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/631.

(24)

Ba cheart leithdháileadh an ioncaim ó phréimheanna astaíochtaí iomarcacha a shannadh chun tacú leis an aistriú cóir i dtreo geilleagair atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus, go sonrach, chun aon tionchair dhiúltacha ar fhostaíocht san earnáil mótarfheithiclí a mhaolú. Ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra a thíolacadh chun an ionstraim chistiúcháin sin a bhunú. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart aird a thabhairt go háirithe ar na réigiúin agus ar na pobail atá thíos leis agus a d’fhéadfadh a bheith níos leochailí toisc go bhfuil diantionscal mótarfheithiclí ann nó mar gheall ar a saintréithe sonracha a fhágann an t-aistriú chuig iompar astaíochtaí nialasacha de bhóthar níos deacra, amhail na réigiúin is forimeallaí.

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe -a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 1 – mír 4 – pointe (a)

An téacs atá ann

Leasú

 

(-a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, pointe (a):

(a)

i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15 % ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid A d'Iarscríbhinn I;

“(a)

i gcás mheánastaíochtaí an fhlít gluaisteán nua paisinéirí, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15 % ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid A d'Iarscríbhinn I  mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/631 chun urraim a thabhairt do thimthriallta táirgthe ;”

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe -a a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 1 – mír 4 – pointe (b)

An téacs atá ann

Leasú

 

(-aa)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4, pointe (b):

(b)

i gcás mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15 % ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid B d'Iarscríbhinn I.

“(b)

i gcás mheánastaíochtaí an fhlít feithiclí tráchtála éadroma nua, sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais is ionann le laghdú 15 % ar na spriocanna in 2021 arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.1.1 de Chuid B d’Iarscríbhinn I  mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/631 .”.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe c

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 1 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

i mír 6 , cuirtear na focail “Ón 1 Eanáir 2025 go 31 Nollaig 2029,” in ionad na bhfocal “Ón 1 Eanáir 2025,”,

(c)

scriostar mír 6

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe a a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 3 – mír 1 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

“(aa)

ciallaíonn feithicil leictreach hibrideach inluchtaithe‘(PHEV) feithicil a chumhachtaítear le teaglaim de mhótar leictreach le ceallraí in-athluchtaithe agus inneall dócháin inmheánaigh, a fhéadfaidh oibriú le chéile nó ar leithligh.’”

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe b a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 3 –mír 1 – pointe b a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

 

“(ba)

ciallaíonn ‘feithicil chorparáideach’ feithicil ar le cuideachta phríobháideach í nó atá ar léas aici, mar a shainmhínítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 2157/20011d  (1a) ón gComhairle agus a úsáidtear chun críoch gnó”

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe -a a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 7 – mír 10

An téacs atá ann

Leasú

 

(aa)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 10:

10.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, meastóireacht ar an bhféidearthacht modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO 2 ar feadh shaolré iomlán ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma a chuirtear ar mhargadh an Aontais, agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin i rith an ama . Cuirfidh an Coimisiún an mheastóireacht sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí do bhearta leantacha, amhail tograí reachtacha, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

“10.   Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 2023, tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach modheolaíocht chomhchoiteann de chuid an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO 2 ar feadh shaolré iomlán na ngluaisteán paisinéirí agus na bhfeithiclí tráchtála éadroma a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus chun tuairisciú a dhéanamh ar shonraí na n-astaíochtaí sin , lena n-áirítear modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar astaíochtaí saolré iomlána CO2 breoslaí agus fuinnimh arna n-ídiú ag na feithiclí sin . Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí do bhearta leantacha, amhail tograí reachtacha, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.”

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a b (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 7 – mír 10 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ab)

cuirtear mír 10a seo a leanas isteach:

 

“10a.     Ón 1 Eanáir 2024, féadfaidh monaróirí, ar bhonn deonach, sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 ar feadh shaolré iomlán gluaisteán paisinéirí agus fheithiclí tráchtála éadroma a chuirtear ar mhargadh an Aontais dá dtagraítear i mír 10 den Airteagal seo a tharchur chuig na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo agus chuig na Ballstáit, agus cuirfidh na Ballstáit na sonraí sin in iúl don Choimisiún ina dhiaidh sin i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Ón 1 Eanáir 2028, ionchorprófar na sonraí sin san fhaisnéis atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn II agus d’Iarscríbhinn III;”

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 8 – mír 4

An téacs atá ann

Leasú

 

(5a)

In Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

4.   Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais.

4.   Measfar, maidir leis na méideanna a thiocfaidh ón bpréimh astaíochtaí iomarcacha, gur ioncam iad do bhuiséad ginearálta an Aontais.

 

Faoin 31 Nollaig 2023, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ina leagfar amach go mionsonraithe an gá atá le cistiú spriocdhírithe chun aistriú cothrom in earnáil na ngluaisteán a áirithiú, d’fhonn fostaíocht dhiúltach agus tionchair eacnamaíocha eile a mhaolú sna Ballstáit uile lena mbaineann, go háirithe sna réigiúin agus sna pobail is mó a ndéanann an t-aistriú difear dóibh. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun ionstraim chistiúcháin de chuid an Aontais a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar an ngá sin agus, go háirithe, chun bearta coisctheacha agus frithghníomhacha a chomhordú agus a mhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar athstruchtúrú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus chun oiliúint, athoiliúint agus uasoiliúint oibrithe san earnáil mótarfheithiclí a mhaoiniú, lena n-áirítear monaróirí gluaisteán, a soláthraithe comhpháirteanna agus seirbhísí coimhdeacha cothabhála agus deisiúcháin, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide.

 

Féadfaidh an ionstraim maoinithe a bheith i bhfoirm ionstraim chistiúcháin thiomnaithe nó a bheith ina cuid den Chiste Sóisialta don Aeráid nó de Chiste athbhreithnithe um Aistriú Cóir. Déanfar aon ioncam ó phréimheanna astaíochtaí iomarcacha a leithdháileadh chun na críche sin.

Leasú 122

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 10 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

“Féadfar maolú, a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1, a dheonú ó na spriocanna i leith astaíochta sonraí is infheidhme go dtí bliain féilire 2029 agus an bhliain sin san áireamh.”;

“Féadfar maolú, a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1, a dheonú ó na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha is infheidhme go dtí bliain féilire 2035 agus an bhliain sin san áireamh.”;

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 10 – mír 4 – fomhír 1

An téacs atá ann

Leasú

 

(6a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4 d’Airteagal 10:

4.    Maidir le monaróir atá freagrach, i gcomhar lena ghnóthais bhainteacha uile, as líon idir 10 000 agus 300 000 gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear san Aontas in aghaidh na bliana féilire, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1 go 4 agus 6.3 de Chuid A d’ Iarscríbhinn I .

“4.    Féadfar iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le pointe 1 go pointe 4 agus pointe 6.3 de Chuid A d’ Iarscríbhinn I do na blianta go dtí 2028, ar monaróir é atá freagrach, in éineacht lena ghnóthais bhainteacha uile, as idir 10 000 agus 300 000 gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear san Aontas in aghaidh na bliana féilire .”

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 b (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 11 – mír 1

An téacs atá ann

Leasú

 

(6b)

In Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.   Measfar coigiltis CO2 a baineadh amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nó as cumasc teicneolaíochtaí nuálacha (“pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha”) i gcás ina gcuireann soláthraí nó monaróir iarratas isteach air sin.

1.   Measfar coigilteas CO2 arna bhaint amach trí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nó as cumasc teicneolaíochtaí nuálacha (“pacáistí teicneolaíochtaí nuálacha”) i gcás ina gcuireann soláthraí nó monaróir iarratas isteach air sin.

Ní chuirfear teicneolaíochtaí den sórt sin san áireamh ach amháin má tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu in ann torthaí infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh.

Ní chuirfear teicneolaíochtaí den sórt sin san áireamh ach amháin má tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh orthu in ann torthaí infhíoraithe, in-athdhéanta agus inchomparáide a tháirgeadh.

Féadfaidh suas le 7 g CO2/km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin chun laghdú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra.

Féadfaidh suas le 7 g CO 2 /km a bheith i gceist le rannchuidiú iomlán na dteicneolaíochtaí sin le laghdú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO 2 monaróra go dtí 2024 .

 

5 g CO2/km ó 2025 ar aghaidh;

 

4 g CO2/km ó 2027 ar aghaidh;

 

2 g CO2/km ó 2030 go dtí 2034, agus an bhliain sin san áireamh.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a leasú chun an uasteorainn dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a choigeartú le héifeacht ó 2025 amach chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh agus, san am céanna, chun a áirithiú go mbeidh cion cothrom de leibhéal na huasteorann sin ann maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 na monaróirí.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a leasú chun an uasteorainn dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír seo a choigeartú síos le héifeacht ó 2025 amach chun forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh agus, san am céanna, chun a áirithiú go mbeidh cion cothrom de leibhéal na huasteorann sin ann maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 na monaróirí.

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 c (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6c)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 11a

Éicidhearthóireacht

Chun a áirithiú go rannchuideoidh an t-aistriú i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha go hiomlán le cuspóirí éifeachtúlachta fuinnimh agus geilleagair chiorclaigh an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2023, moltaí, de réir mar is iomchuí, maidir le híoscheanglais éicidhearthóireachta a shocrú do gach gluaisteán nua paisinéirí agus gach feithicil tráchtála éadrom, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, marthanacht agus ceanglais indeisithe le haghaidh codanna bunriachtanacha amhail soilse, comhpháirteanna leictreonacha agus ceallraí, íoscheanglais maidir le miotail, plaistigh agus amhábhair chriticiúla a aisghabháil, agus na prionsabail a chuirtear i bhfeidhm maidir le táirgí Eorpacha faoi Threoir 2009/125/CE ón gComhairle á gcur san áireamh  (1a) .”

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 d (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 12 – mír 3

An téacs atá ann

Leasú

 

(6d)

In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

3.   Chun cosc a chur le fás bhearna fíorastaíochtaí an domhain , déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh a úsáid chun a áirithiú go mbeidh astaíochtaí CO 2 agus luachanna ídithe breosla nó fuinnimh feithiclí arna gcinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 fós ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir chun cosc a chur le fás bhearna na bhfíorastaíochtaí .

“3.   Chun cosc a chur le fás bhearna na bhfíorastaíochtaí , déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023, measúnú ar conas is féidir sonraí faoi fhíorídiú breosla agus fuinnimh arna mbailiú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún  (1a) a úsáid chun a áirithiú go mbeidh astaíochtaí CO 2 feithiclí agus luachanna ídithe breosla nó fuinnimh arna gcinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 fós ionadaíoch ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir.

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar conas mar a fhorbróidh an bhearna sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír thar thréimhse 2021 go 2026 agus, d' fhonn cosc a chur le méadú sa bhearna sin , déanfaidh sé measúnú, in 2027, ar indéanta atá sásra chun coigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO 2 an mhonaróra amhail ó 2030, agus, más iomchuí, déanfaidh sé togra reachtach a thíolacadh chun sásra den sórt sin a chur ar bun .

Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar an gcaoi a n-athraíonn an bhearna dá dtagraítear sa chéad fhomhír ó 2021 ar aghaidh agus déanfaidh sé, de réir mar is iomchuí, a luaithe a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil, agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026 togra reachtach a thíolacadh d’ fhonn an bhearna sin a  dhúnadh trí choigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO 2 an mhonaróra trí úsáid a bhaint as fíorshonraí arna mbailiú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún .

 

Sa bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an úsáid a bhaintear as na sonraí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhair Feithiclí Leictreacha Hibrideacha Luchtaithe Sheachtraigh (OVC-HEVanna). Agus úsáid á baint aige as na sonraí sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na fachtóirí fóntais a úsáidtear le haghaidh OVC-HEVanna a oiriúnú, chun a áirithiú go mbeidh a gcuid astaíochtaí ina léiriú ar an bhfíorthiomáint ó 2025 ar aghaidh.

 

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 e (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 12 – mír 4 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6e)

In Airteagal 12, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“4a.     Faoin 31 Nollaig 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a bhunú chun éifeachtúlacht feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a thomhas agus a chur i gcomparáid bunaithe ar an méid leictreachais is gá chun 100 ciliméadar a thiomáint. Déanfar breithniú sa mhodheolaíocht sin, go háirithe, ar impleachtaí an leictreachais a úsáidtear ar an méid acmhainní a éilítear le ceallraí inmheánacha stórála fuinnimh na bhfeithiclí sin a tháirgeadh.

Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun íostairseacha éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú do ghluaisteáin nua paisinéirí atá saor ó astaíochtaí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua a chuirtear ar mhargadh an Aontais.”

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 14a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 14a

Airteagal 14a

Tuarascáil ar dhul chun cinn

Tuarascáil ar dhul chun cinn

Faoin 31 Nollaig 2025 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar an dul chun cinn i dtreo na soghluaiseachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar. Déanfar faireachán agus measúnú leis an tuarascáil go hairithe ar an ngá le bearta breise féideartha chun éascú leis an aistriú , lena n-áirítear trí mhodhanna airgeadais.

Faoin 31 Nollaig 2025 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar an dul chun cinn i dtreo na soghluaiseachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar. Déanfar faireachán agus measúnú leis an tuarascáil go hairithe ar an ngá le bearta breise féideartha chun aistriú cóir a éascú, lena n-áirítear trí mhodhanna airgeadais.

Sa tuairisciú, breithneoidh an Coimisiún gach fachtóir a rannchuidíonn le dul chun cinn cost-éifeachtúil i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Áirítear leis sin feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a chur in úsáid, dul chun cinn maidir leis na spriocanna a bhaint amach i leith an bonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe a chur chun feidhme go céimneach mar a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, rannchuidiú féideartha na dteicneolaíochtaí nuálaíochta agus na mbreoslaí malartacha inbhuanaithe chun an tsoghluaisteacht aeráidneodrach a shroicheadh, tionchar ar thomhaltóirí, dul chun cinn san idirphlé sóisialta mar aon le gnéithe lena n-éascófar a thuilleadh le haistriú i dtreo na soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha de bhóthar a bheidh inmharthana ar bhonn eacnamaíoch agus cóir ar bhonn sóisialta.’;

Sa tuairisciú, breithneoidh an Coimisiún gach fachtóir a rannchuidíonn le dul chun cinn cost-éifeachtúil i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050. Áirítear leis sin:

 

(a)

dul chun cinn maidir le feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha a úsáid agus maidir lena n-inacmhainneacht agus lena n-éifeachtúlacht fuinnimh;

 

(b)

na tionchair ar thomhaltóirí, go háirithe iad siúd a bhfuil ioncam íseal agus ioncam íseal acu, agus luas glactha na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha sna deighleoga tomhaltóirí sin, chomh maith le hinfhaighteacht agus raon feidhme beart ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal áitiúil chun tacú leis an nglacadh sin;

 

(c)

margadh feithiclí athláimhe;

 

(d)

dul chun cinn maidir le rolladh amach céimneach leordhóthanach bonneagair athluchtaithe agus athbhreoslaithe phoiblí agus phríobháidigh a bhaint amach, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta don dul chun cinn maidir leis na spriocanna a bhaint amach mar a cheanglaítear faoin Rialachán maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha agus faoi Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) ;

 

(e)

an dul chun cinn atá déanta maidir le méadú a dhéanamh ar mhéid an fhuinnimh in-athnuaite san Aontas i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/2001;

 

(f)

an méid a d’fhéadfadh teicneolaíochtaí nuálaíochta agus breoslaí malartacha inbhuanaithe, lena n-áirítear breoslaí sintéiseacha, chun neodracht aeráide a bhaint amach in earnáil an iompair;

 

(g)

astaíochtaí saolré gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a chuirtear ar an margadh, agus úsáid á baint as an modheolaíocht a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(10)

 

(h)

dul chun cinn san idirphlé sóisialta chomh maith le gnéithe chun aistriú atá inmharthana go heacnamaíoch agus cothrom ar bhonn sóisialta a éascú tuilleadh, agus fostaíocht agus iomaíochas á gcur san áireamh, i dtreo soghluaisteacht bóithre atá saor ó astaíochtaí;

 

(i)

na tionchair ar fhostaíocht, a ndéanfar measúnú orthu trí mhapáil ghráinneach a dhéanamh ar fhorbairt post i dtionscal na ngluaisteán agus tríd an éifeacht ar na réigiúin ina bhfuil na tionscail sin lonnaithe, mar aon le bearta, lena n-áirítear bearta airgeadais, ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal an Bhallstáit nó ar an leibhéal áitiúil chun tionchair shocheacnamaíocha sna réigiúin sin a mhaolú, lena n-áirítear cláir uas-scilithe agus athscilithe;

 

(k)

an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ag bearta breise náisiúnta agus Aontais arb é is aidhm dóibh an mheánaois a ísliú agus, dá bhrí sin, astaíochtaí an fhlít feithiclí saothair éadroim a laghdú, amhail bearta chun tacú le deireadh a chur, de réir a chéile, le feithiclí scothaosta ar bhealach atá cóir ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de;

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 14 a – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

I gcomhréir le Moladh (AE)…/… ón gComhairle [Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú], iarrtar ar na Ballstáit Pleananna Trasdula Críche a ullmhú dá dtionscal gluaisteán, i ndlúth-idirphlé leis na comhpháirtithe sóisialta, chun athrú struchtúrach a stiúradh ar bhealach atá inghlactha go sóisialta agus chun suaitheadh sóisialta a sheachaint.

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 14 a (nua)

Text proposed by the Commission

Amendment

 

(9 a)

Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 14aa

Bearta breise chun tacú leis an éileamh ar ghluaisteáin paisinéirí astaíochtaí nialasacha agus ar fheithiclí tráchtála éadroma ar mhargadh an Aontais

Faoin 28 Feabhra 2023, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle chun sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha a mhéadú i bhflíteanna poiblí agus corparáideacha le feithiclí saothair éadroim. Ba cheart a áireamh sna tograí, sainorduithe ceangailteacha astaíochtaí nialasacha maidir le húinéirí agus oibritheoirí flíteanna poiblí, agus éagothromaíochtaí réigiúnacha á gcur san áireamh ag an am céanna.”

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 14 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)

cuirtear an tAirteagal 14b seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 14b

I gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (b) de Threoir (AE) …/… [An Treoir athmhúnlaithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh], déanfaidh na Ballstáit breithniú ar bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh i gcinntí beartais, pleanála agus infheistíochta a bhaineann le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe breoslaí malartacha a úsáid, lena n-áirítear maidir le héifeachtúlacht fuinnimh ‘ón tobar go dtí an roth’ i dteicneolaíochtaí difriúla astaíochtaí nialasacha”

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 b (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 14ú b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9b)

cuirtear an tAirteagal 14ab seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 14ab

Bearta breise chun tacú leis an aistriú chuig gluaisteáin paisinéirí astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tráchtála éadroma ar mhargadh an Aontais

Faoin… [6 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17 chun comhchuibhiú a dhéanamh ar na rialacha cineálcheadaithe le haghaidh feithiclí ina bhfuil innill dócháin inmheánaigh a tiontaíodh go tiomántán leictreach ceallra nó breoslachille, chun gur féidir sraitheanna a cheadú. Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar riail a thabhairt isteach chun coibhéisí CO2 feithiclí innill dócháin a tiontaíodh go tiomántán cadhnra nó breosla-chille a ríomh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.”

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 – pointe a

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 15 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú , in 2028, ar éifeachtacht agus ar thionchar an Rialacháin seo, ag cur leis an tuairisciú a dhéantar gach 2 bhliain, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh toradh an athbhreithnithe.

1.   Déanfaidh an Coimisiún mion-athbhreithniú , faoi 2027, ar éifeachtacht agus ar thionchar an Rialacháin seo, ag cur leis an tuairisciú a dhéantar gach 2 bhliain, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh toradh an athbhreithnithe.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun an Rialachán seo a leasú.’

I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun an Rialachán seo a leasú.’

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 – pointe a a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 15 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

in Airteagal 15, cuirtear an mhír 3a seo a leanas leis:

 

“1a.     San athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil freisin ar astaíochtaí saolré CO2 ó ghluaisteáin nua paisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma nua, bunaithe ar an modheolaíocht a leagtar amach in Airteagal 7(10). I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí sin.”

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 – pointe b a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Airteagal 15 – mír 6

An téacs atá ann

Leasú

 

(ba)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

6.   Faoin 31 Nollaig 2020 , déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 1999/94/CE , lena ndéanfar breithniú ar an ngá le faisnéis chruinn, dhaingean agus inchomparáide a sholáthar do thomhaltóirí maidir le hídiú breosla, astaíochtaí CO 2 agus astaíochtaí truailleán aeir ó ghluaisteáin paisinéirí nua a chuirtear ar an margadh, chomh maith le meastóireacht ar na roghanna i dtaca le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO 2 a thabhairt isteach d'fheithiclí tráchtála éadroma nua. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú.

“6.   Faoin … [6 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] , déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 1999/94/CE i bhfianaise an ghá atá ann faisnéis chruinn, dhaingean agus inchomparáide a sholáthar do thomhaltóirí maidir le fíorídiú breosla, astaíochtaí CO 2, astaíochtaí truailleán aeir agus éifeachtúlacht fuinnimh gluaisteán nua paisinéirí a chuirtear ar an margadh, chomh maith le meastóireacht ar na roghanna maidir le lipéad barainneachta breosla agus astaíochtaí CO 2 a thabhairt isteach d’fheithiclí tráchtála éadroma nua”.

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn – mír 1 – pointe 1 – pointe f

Rialachán (AE) 2019/631

Iarscríbhinn I – Cuid A – pointe 6.3.1 – fomhíreanna 1-2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Sprioc i leith astaíochtaí sonracha = an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha gurb é fachtóir ZLEV

Sprioc i leith astaíochtaí sonracha = an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha

i gcás inarb amhlaidh:

i gcás inarb amhlaidh:

sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha an sprioc thagartha i leith astaíochtaí CO 2 arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1;

an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha an sprioc thagartha i leith astaíochtaí CO 2 arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1;

Fachtóir ZLEV (1 + y – x), ach amháin más mó an tsuim sin ná 1,05 nó más lú ná 1,0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1,05 nó 1,0 de réir mar a bheidh;

 

i gcás inarb amhlaidh:

 

sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle i bhflít gluaisteán nua paisinéirí an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí nua astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle, i gcás ina ndéanfar gach ceann díobh a chomhaireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, arna roinnt ar an líon iomlán gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear sa bhliain féilire ábhartha:

 

Image 1C4932022GA12510120220608GA0019.000112521251P9_TC1-COD(2020)0350Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1190.)C4932022GA30710120220609GA0027.000130813081P9_TC1-COD(2012)0060Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)

 

I gcás gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear i mBallstáit ina bhfuil sciar d'fheithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle ina bhflít atá faoi bhun 60 % de mheán an Aontais sa bhliain 2017 agus ina bhfuil níos lú ná 1 000 feithicil nua astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a cláraíodh sa bhliain 2017  (*) , ríomhfar ZLEVannasonracha go 2029, agus an bhliain sin san áireamh, i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

 

Image 2C4932022GA12510120220608GA0019.000112521251P9_TC1-COD(2020)0350Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1190.)C4932022GA30710120220609GA0027.000130813081P9_TC1-COD(2012)0060Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)

 

I gcás inar mó ná 5 % sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle i bhflít Ballstáit de ghluaisteáin nua paisinéirí a chláraítear i mbliain idir 2025 agus 2028, ní bheidh an Ballstát sin incháilithe chun iolraitheoir 1,85 a chur i bhfeidhm sna blianta ina dhiaidh sin;

 

15 % sna blianta ó 2025 go 2029.

 

 

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn – mír 1 – pointe 2 – pointe d

Rialachán (AE) 2019/631

Iarscríbhinn I – Cuid B – pointe 6.2.2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2.2:

“6.2.2

Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2030 go 2034

Sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030 + α·(TM-TM0)

I gcás,

inarb amhlaidh go bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030, mar a chinntear i gcomhréir le pointe 6.1. 3 í;

ina mbeidh α comhionann le a 2030,L i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí nua tráchtála éadroma monaróra cothrom le nó níos ísle ná TM0, agus a 2030,H i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí nua tráchtála éadroma monaróra níos airde ná TM0;

i gcás inarb amhlaidh:

inarb é a2035,L

Image 3C4932022GA12510120220608GA0019.000112521251P9_TC1-COD(2020)0350Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1190.)C4932022GA30710120220609GA0027.000130813081P9_TC1-COD(2012)0060Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)

inarb é a2035,H

Image 4C4932022GA12510120220608GA0019.000112521251P9_TC1-COD(2020)0350Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1190.)C4932022GA30710120220609GA0027.000130813081P9_TC1-COD(2012)0060Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)

inarb iad na meánastaíochtaí 2021 mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 iad;

inarb é TM mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é

inarb é TM0 mar atá sainmhínithe i bpointe 6.2.1 é”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6.2.2:

“6.2.2

Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2030 go 2034

Sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030 + α·(TM-TM0)

I gcás,

inarb amhlaidh go bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2030, mar a chinntear i gcomhréir le pointe 6.1. 2 í;

ina mbeidh α comhionann le a 2030,L i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí nua tráchtála éadroma monaróra cothrom le nó níos ísle ná TM0, agus a 2030,H i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí nua tráchtála éadroma monaróra níos airde ná TM0;

i gcás inarb amhlaidh:

inarb é a2035,L

Image 5C4932022GA12510120220608GA0019.000112521251P9_TC1-COD(2020)0350Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1190.)C4932022GA30710120220609GA0027.000130813081P9_TC1-COD(2012)0060Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)

a2021 mar atá sainmhínithe i bpointe 6.2.1 é;

inarb iad na meánastaíochtaí 2021 mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 iad;

inarb é TM mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é

inarb é TM0 mar atá sainmhínithe i bpointe 6.2.1 é”;

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn – mír 1 – pointe 2 – pointe e

Rialachán (AE) 2019/631

Iarscríbhinn I – Cuid B – pointe 6.2.3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)

cuirtear isteach pointe 6.2.3 seo a leanas:

“6.2.3

Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2035 ar aghaidh

Sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035 + α· (TM-TM0)

I gcás,

inarb amhlaidh go bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035 mar a chinntear i gcomhréir le pointe 6.1.3 í;

ina mbeidh α comhionann le 2035,L i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí nua tráchtála éadroma monaróra cothrom le nó níos ísle ná TM0, agus2035,H i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí nua tráchtála éadroma monaróra níos airde ná TM0;

i gcás inarb amhlaidh:

inarb é a2035,L

Image 6C4932022GA12510120220608GA0019.000112521251P9_TC1-COD(2020)0350Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1190.)C4932022GA30710120220609GA0027.000130813081P9_TC1-COD(2012)0060Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)

inarb é a2035,H

Image 7C4932022GA12510120220608GA0019.000112521251P9_TC1-COD(2020)0350Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1190.)C4932022GA30710120220609GA0027.000130813081P9_TC1-COD(2012)0060Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)

go bhfuil meánastaíochtaí2021 mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 iad

TM mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é go bhfuil

TM0 mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é”

(e)

cuirtear isteach pointe 6.2.3 seo a leanas:

“6.2.3

Spriocanna tagartha i leith astaíochtaí sonracha le haghaidh 2035 ar aghaidh

Sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha = Sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035 + α· (TM-TM0)

I gcás,

inarb amhlaidh go bhfuil an sprioc le haghaidh fhlít uile an Aontais2035 mar a chinntear i gcomhréir le pointe 6.1.3 í;

ina mbeidh α comhionann le 2035,L i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí nua tráchtála éadroma monaróra cothrom le nó níos ísle ná TM0, agus2035,H i gcás ina mbeidh meánmhais tástála feithiclí nua tráchtála éadroma monaróra níos airde ná TM0;

i gcás inarb amhlaidh:

inarb é a2035,L

Image 8C4932022GA12510120220608GA0019.000112521251P9_TC1-COD(2020)0350Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 a mhéid a bhaineann le foláirimh faisnéise a iontráil i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) maidir le náisiúnaigh tríú tír chun leas an Aontais(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1190.)C4932022GA30710120220609GA0027.000130813081P9_TC1-COD(2012)0060Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)

a2021 mar atá sainmhínithe i bpointe 6.2.1 é;

go bhfuil meánastaíochtaí2021 mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 iad

TM mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é go bhfuil

TM0 mar a shainmhínítear i bpointe 6.2.1 é”

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn – mír 1 – pointe 2 – pointe e a (nua)

Rialachán (AE) 2019/631

Iarscríbhinn I – Cuid B – pointe 6.3.1

An téacs atá ann

Leasú

 

(ea)

i bpointe 6.3.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhomhíreanna (1) agus (2):

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = (sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha – (øspriocanna – sprioc2025 le haghaidh fhlít uile an Aontais)) · Fachtóir ZLEV

An sprioc i leith astaíochtaí sonracha = (sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha – (øspriocanna – sprioc2025 le haghaidh fhlít uile an Aontais))

i gcás inarb amhlaidh:

i gcás inarb amhlaidh:

sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha don mhonaróir arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1;

atá sa sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha an sprioc thagartha i leith astaíochtaí sonracha don mhonaróir arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1;

gurb é øspriocanna meán na spriocanna tagartha uile i leith astaíochtaí sonracha, ualaithe ar líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua atá ag gach monaróir aonair, arna chinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1;

gurb é øspriocanna meán na spriocanna tagartha uile i leith astaíochtaí sonracha, ualaithe ar líon na bhfeithiclí tráchtála éadroma nua atá ag gach monaróir aonair, arna chinneadh i gcomhréir le pointe 6.2.1;

Fachtóir ZLEV (1 + y – x), ach amháin más mó an tsuim sin ná 1,05 nó más lú ná 1,0 í agus, sa chás sin, socrófar an fachtóir ZLEV ag 1,05 nó 1,0 de réir mar a bheidh;

 

i gcás inarb amhlaidh:

 

y sciar na bhfeithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha i bhflít feithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe an mhonaróra arna ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí ísle agus astaíochtaí nialasacha, sa chás ina ndéanfar gach ceann díobh a áireamh mar ZLEVsonrach i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas, arna roinnt ar líon iomlán na bhfeithiclí tráchtála éadroma nuachláraithe sa bhliain féilire ábhartha [COTHROMÓID]

 

x 15 %.

 


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0150/2022).

(23)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)0640 an 11 Nollaig 2019.

(23)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – An Comhaontú Glas don Eoraip, COM(2019)0640 an 11 Nollaig 2019.

(24)  Rialachán (AE) […/…] an […] 2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach), [IO L, …/… .].

(24)  Rialachán (AE) 2021/1119 an 30 Meitheamh 2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) ( IO L 243 , 9.7.2021, lch . 1 ).

(25)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(25)  Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí nua tráchtála éadroma, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009 agus (AE) Uimh. 510/2011 (IO L 111, 25.4.2019, lch. 13).

(25a)   Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(26)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – Updating the 2020 New Industrial Strategy: [Straitéis Nua Thionsclaíoch 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta] : Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], COM(2021)0350 an 5 Bealtaine 2021

(26)  Teachtaireacht ón gCoimisiún – Updating the 2020 New Industrial Strategy: [Straitéis Nua Thionsclaíoch 2020 a Thabhairt Cothrom le Dáta :] Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Margadh Aonair níos láidre a thógáil le haghaidh théarnamh na hEorpa], COM(2021)0350 an 5 Bealtaine 2021

(26a)   Treoir (AE) 2019/1161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leasaítear Treoir 2009/33/CE a mhéid a bhaineann le feithiclí iompair de bhóthar atá glan agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de a chur chun cinn (IO L 188, 12.7.2019, lch. 116).

(26b)   Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(26a)   Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair de bhóthar atá glan a chur chun cinn chun tacú le soghluaisteacht íseal-astaíochtaí (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).

(27)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid (IO L 307 28.10.2014, lch. 1).

(27)  Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

(27a)   Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(1a)   Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1).

(1a)   Rialachán (CE) Uimh. 2157/2001 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2001 i dtaca leis an Reacht um Chuideachta Eorpach (SE) (IO L 294, 10.11.2001, lch. 1).

(1a)   Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(1a)   Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ghluaisteáin phaisinéirí agus ó fheithiclí tráchtála éadroma de bhun Rialachán (AE) 2019/631 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1014/2010, (AE) Uimh. 293/2012, (AE) 2017/1152 agus (AE) 2017/1153 ón gCoimisiún (IO L 77, 5.3.2021, lch. 8).”

(1a)   Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).

(*)   Déantar sciar na bhfeithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle nua i bhflít na ngluaisteán nua paisinéirí de chuid Ballstáit in 2017 a ríomh mar an líon iomlán feithiclí astaíochtaí nialasacha agus astaíochtaí ísle a cláraíodh in 2017 arna roinnt ar an líon iomlán gluaisteán nua paisinéirí a cláraíodh sa bhliain chéanna.’;


Déardaoin 9. Meitheamh 2022

27.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 493/307


P9_TA(2022)0241

Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh inmheánach soláthair phoiblí an Aontais agus maidir le nósanna imeachta atá ceaptha an chaibidlíocht i leith rochtain earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha a éascú (COM(2016)0034 – C9-0018/2016 – 2012/0060(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 493/26)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2012)0124) agus an togra leasaithe (COM(2016)0034),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0018/2016),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2016 (1),

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Márta 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

ag féachaint do Rialacha 59 agus 60 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A7-0454/2013),

ag féachaint do Chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 16 Deireadh Fómhair 2019 maidir le gnó nach bhfuil críochnaithe ón ochtú téarma parlaiminteach,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

ag féachaint don dara tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0337/2021),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é (2);

2.

ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.

ag cur sonrú sna ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo; ceann amháin maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le hIonstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach, agus ceann eile ar an inniúlacht eisiach, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

5.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  IO C 264, 20.7.2016, lch. 110.

(2)  Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 14.12.2021 (Téacsanna arna nglacadh P9_TA(2021)0497).


P9_TC1-COD(2012)0060

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Meitheamh 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI)

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/1031.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITEAS COMHPHÁIRTEACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE I nDÁIL LE RIALACHÁN (AE) 2022/1031 (1)

Aithníonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle nach ndéanann na rialacha maidir le nós imeachta coiste a comhaontaíodh san ionstraim seo réamhbhreith ar thoradh na caibidlíochta reachtaí a choimeádtar ar bun nó a dhéanfar amach anseo agus nach bhféachfar orthu mar fhasach do chomhaid reachtacha eile.

RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LEIS AN ATHBHREITHNIÚ AR AN RIALACHÁN (AE) 2022/1031 MAIDIR LE hIONSTRAIM SOLÁTHAIR PHOIBLÍ IDIRNÁISIÚNTA

Agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar raon feidhme, ar fheidhmiú agus ar éifeachtúlacht Rialachán (AE) 2022/1031, i gcomhréir le hAirteagal 14 de, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an ngá atá le haon cheann de na tíortha atá i mbéal forbartha a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin, tíortha i mbéal forbartha ar tairbhithe an tsocraithe ghinearálta iad dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus go háirithe tairbhithe an tsocraithe speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012. San athbhreithniú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar earnálacha a mheastar a bheith straitéiseach i ndáil le soláthar poiblí an Aontais.

RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LEIS AN INNIÚLACHT EISIACH I nDÁIL LE RIALACHÁN (AE) 2022/1031

Mar a dheimhnítear i dTuairim 2/15 ón gCúirt Bhreithiúnais, tagann rannpháirtíocht oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha i nósanna imeachta soláthair an Aontais faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála a bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas ina leith, mar a luaitear go sainráite in Airteagal 3(1)(e) CFAE. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh na Ballstáit ná a n-údaráis chonarthacha ná a n-eintitis chonarthacha aon bheart reachtach ná aon bheart eile is infheidhme go ginearálta a ghlacadh ná a choinneáil ar bun lena rialaítear rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha thar na bearta sin a chuirtear i bhfeidhm i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile de chuid an Aontais.


(1)  Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta – IPI) (IO L 173, 30.6.2022, lch. 1)