ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí |
|
|
TUAIRIMÍ |
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
An 572ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 21.9.2022 – 22.9.2022. |
|
2022/C 486/01 |
||
2022/C 486/02 |
||
2022/C 486/03 |
||
2022/C 486/04 |
||
2022/C 486/05 |
||
2022/C 486/06 |
||
2022/C 486/07 |
||
2022/C 486/08 |
||
2022/C 486/09 |
||
2022/C 486/10 |
||
2022/C 486/11 |
||
2022/C 486/12 |
||
2022/C 486/13 |
||
2022/C 486/14 |
||
2022/C 486/15 |
|
III Gníomhartha ullmhúcháin |
|
|
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa |
|
|
An 572ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 21.9.2022 – 22.9.2022. |
|
2022/C 486/16 |
||
2022/C 486/17 |
||
2022/C 486/18 |
||
2022/C 486/19 |
||
2022/C 486/20 |
||
2022/C 486/21 |
||
2022/C 486/22 |
||
2022/C 486/23 |
||
2022/C 486/24 |
||
2022/C 486/25 |
||
2022/C 486/26 |
||
2022/C 486/27 |
GA |
|
I Rúin, moltaí agus tuairimí
TUAIRIMÍ
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
An 572ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 21.9.2022 – 22.9.2022.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/1 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), fiontair an gheilleagair shóisialta, lucht ceardaíochta agus na gairmeacha liobrálacha – an pacáiste “Oiriúnach do 55”
(Tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/01)
Rapóirtéir: |
Milena ANGELOVA |
Comhrapóirtéir: |
Rudolf KOLBE |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
20.1.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas… |
Dáta a glactha sa rannóg |
27.6.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
143/1/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is cuid ríthábhachtach iad micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide (dá ngairtear MFBManna anseo feasta) den réiteach chun geilleagar AE atá iomaíoch, aeráidneodrach, ciorclach agus cuimsitheach a bhaint amach, bídís ina bhfiontair thraidisiúnta, ina ngnólachtaí teaghlaigh, ina dtrádálaithe, ina bhfiontair gheilleagair shóisialta, ina gceirdeanna nó ina ngairmeacha liobrálacha. Chuige sin, ní mór na dálaí cearta a chruthú agus tús áite a thabhairt dóibh. Cruthaíonn MFBManna tionchar dearfach trína bhfeidhmíocht chomhshaoil féin a fheabhsú agus trí shaineolas agus réitigh a sholáthar d’fhiontair eile, do shaoránaigh agus don earnáil phoiblí. Agus éagsúlacht agus riachtanais éagsúla MFBManna á n-aithint agus á gcur chun suntais aige, tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar na cinn is lú agus is leochailí. |
1.2. |
Níl dóthain eolais ag roinnt mhaith MFBManna ar na ceanglais reachtacha a bhíonn ag síorathrú, ar bunaíodh iad chun aeráidneodracht a bhaint amach, ná ar conas freagairt dóibh. Ina theannta sin, bíonn deacrachtaí acu sochair agus deiseanna gnó a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an aistriú glas a aithint. Dá bhrí sin, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go bhfuil géarghá le tacú le MFBManna tuiscint a fháil ar an aistriú glas agus é a bhainistiú ar an mbealach is fearr is féidir. |
1.3. |
Tá CESE ag iarraidh bearta forleathana agus spriocdhírithe faisnéise agus múscailte feasachta, a chuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit ar fáil ar bhealach comhordaithe agus comhlántach, in éineacht le heagraíochtaí gnó, comhlachais trádála, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile. |
1.4. |
Tá CESE ag iarraidh freisin go mbeidh clár cuimsitheach ann a bheidh dírithe ar thacú le MFBManna agus iad ag tabhairt aghaidh ar na saincheisteanna ar fad a bhaineann lena gcuid oibríochtaí gnó agus a gcuid gníomhaíochtaí chun iad féin a dhéanamh glas agus chun an reachtaíocht a chomhlíonadh. Ós rud é go bhfuil difríochtaí móra idir na MFBManna, tá gá le réitigh atá an-oiriúnaithe agus le beartais agus bearta spriocdhírithe. |
1.5. |
Tá tacaíocht ghearrthéarmach spriocdhírithe láithreach ríthábhachtach do MFBManna chun borradh a chur faoina dtéarnamh eacnamaíoch ón bpaindéim agus chun cabhrú leo na himpleachtaí a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin a bhainistiú, amhail praghsanna arda fuinnimh agus easpa ábhar agus táirgí. De bharr na n-imthosca urghnácha, measann CESE gur cheart le himeacht ama solúbthacht chuí a thabhairt i dtaca le sceidil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (EGD) agus gur cheart leanúint leis sin go dtí deireadh na géarchéime, agus é á áirithiú san am céanna nach gcuirfear deireadh leis na cuspóirí ar chúis ar bith. |
1.6. |
Chun éifeachtúlacht acmhainní MFBManna a fheabhsú, molann CESE “moil chiorclaíochta” a bhunú i réigiúin éagsúla. Ba cheart dó sin feabhas a chur ar an gcomhar idir cuideachtaí ar fud earnálacha agus forbairt cleachtas agus próiseas nua a éascú, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua a léiriú. Ba cheart eagraíochtaí MFBM, comhlachais trádála, an saol acadúil, comhpháirtithe sóisialta agus geallsealbhóirí ábhartha eile a bheith mar dhlúthchuid den phróiseas. |
1.7. |
Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach ionadaithe MFBM a rannpháirtiú in ullmhú treochlár earnála maidir le gníomhú ar son na haeráide ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith le conairí aistrithe ar leibhéal an Aontais a mhúnlú d’éiceachórais éagsúla ghnó, agus, ar an gcaoi sin, eolas a fheabhsú maidir le dea-chleachtais a chomhroinnt, acmhainní a leithdháileadh mar is cuí agus cur chun feidhme éifeachtúil. |
1.8. |
Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit dlús a chur le hinfheistíochtaí glasa MFBManna trí thimpeallacht rialála chumasúcháin atá intuartha agus spreagúil a áirithiú, lena n-áirítear nósanna imeachta rianúla ceada agus lena ndéantar dualgais iomarcacha riaracháin a sheachaint, agus trí rochtain thapa, éasca, shimplí agus inrianaithe ar mhaoiniú a chur ar fáil, agus é oiriúnaithe do riachtanais éagsúla na ngrúpaí éagsúla uile MFBManna. |
1.9. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeidh dlúthchomhar idir soláthraithe oideachais agus MFBManna maidir le hoiliúint a mhúnlú chun na hinniúlachtaí agus na scileanna is gá san aistriú glas a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar na fostaithe agus na fiontraithe araon. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh go dtacófar le gníomhaíochtaí nuálaíochta do MFBManna trí chomhar le gnólachtaí eile, lena n-eagraíochtaí, le comhlachais trádála, le hollscoileanna agus le heagraíochtaí taighde a dhreasú agus a éascú. |
1.10. |
Áitíonn CESE trádáil a chur chun cinn i réitigh ghlasa arna dtáirgeadh ag MFBManna, lena n-áirítear i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí, trí chothroime iomaíochta a chur ar fáil do MFBManna sa mhargadh aonair agus tríd an rochtain atá acu ar mhargaí eachtracha a éascú do tháirgí glasa, teicneolaíochtaí glasa agus seirbhísí glasa. Ní mór timpeallacht iomaíoch ghnó a áirithiú d’fhiontair an Aontais i ndáil le tríú tíortha, agus leas á bhaint as gach modh taidhleoireachta, lena n-áirítear i réimsí an bheartais aeráide, acmhainní agus trádála, agus aird ar leith á tabhairt ar iarrachtaí ón tSín agus ó mhargaí eile atá ag teacht chun cinn. |
2. An t-aistriú glas agus MFBManna
2.1. |
Cuireann MFBManna le geilleagar inbhuanaithe ina gcruthaítear a lán post. Cuireann siad ar chumas ár sochaithe seasamh le chéile, agus feidhmeanna eacnamaíocha agus sóisialta á gcur le chéile acu go minic. Tríd an méid sin a dhéanamh, neartaítear bunsraith an daonlathais, na haontachta agus na cuimsitheachta. Tá siad ríthábhachtach don téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta agus don rathúnas, agus iad fréamhaithe i ngach cearn den Aontas agus go háirithe i gceantair iargúlta agus i gceantair thuaithe, áit ar minic gurb iadsan amháin a chruthaíonn gníomhaíocht eacnamaíoch. |
2.2. |
Is é an t-athrú aeráide is cúis leis an aistriú inbhuanaithe fuinnimh, ach – rud ní ba shuntasaí – is é is cúis freisin leis an ngeilleagar agus an tsochaí ina iomláine bheith ag dul i dtreo na haeráidneodrachta, na ciorclaíochta agus na hinbhuanaitheachta foriomláine. Cruthaíonn sé feiniméin adhaimsire agus tubaistí nádúrtha, agus tá baint aige le mórdhúshláin chomhshaoil eile amhail cailliúint na bithéagsúlachta, truailliú an chomhshaoil agus díghrádú acmhainní nádúrtha. |
2.3. |
Díríonn an pacáiste “Oiriúnach do 55” go sonrach ar an athrú aeráide a mhaolú agus áirítear roinnt mhaith píosaí reachtaíochta ann a mbíonn tionchar acu ar MFBManna ar bhealaí éagsúla. Tá sé mar chuid de chur chun feidhme thionscnamh suaitheanta an Aontais – An Comhaontú Glas don Eoraip – a thugann aghaidh ar fhás inbhuanaithe a bhaineann le tionscail, trádáil, seirbhísí agus fuinneamh, iompar, foirgnimh agus córais bhia. Tá ról ríthábhachtach ag MFBManna sna hearnálacha sin ar fad. |
2.4. |
Is cuid ríthábhachtach iad MFBManna den réiteach chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, ar choinníoll go gcruthófar agus go dtabharfar tús áite do na dálaí cearta. Cruthaítear an tionchar dearfach sin, ar thaobh amháin, trí fheabhsuithe ar fheidhmíocht raon leathan MFBManna, agus ar an taobh eile trí ghníomhaíochtaí na MFBManna sin, trí shaineolas agus réitigh a sholáthar d’fhiontair eile, do shaoránaigh agus don earnáil phoiblí. |
2.5. |
Tá dlúthnasc idir an t-aistriú glas agus an claochlú digiteach, agus ní mór do MFBManna an dá chuid den dá aistriú sin a bhainistiú – dúshlán dúbailte atá ann mar gheall ar an ngá suntasach le hacmhainní. Is uirlis í an digiteáil chun éifeachtúlacht na n-oibríochtaí gnó a fheabhsú, chun cuidiú le leathnú chuig margaí nua agus le hidirnáisiúnú, agus d’fhéadfadh sé astaíochtaí, dramhaíl agus úsáid acmhainní nádúrtha a laghdú go mór. Bíodh sin mar ata, bíonn tionchair chomhshaoil ag seirbhísí agus trealamh digiteach freisin agus ní mór iad a bhainistiú go comhuaineach. |
2.6. |
Chomh maith le hiarracht a dhéanamh an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach, tá MFBManna ag streachailt leis an téarnamh eacnamaíoch ón bpaindéim agus leis na himpleachtaí a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá praghsanna arda fuinnimh agus easpa ábhar agus táirgí i measc na saincheisteanna a tháinig chun cinn le déanaí a bhfuil tionchar suntasach acu ar MFBManna agus ar a ngnó. Cuirtear a n-iomaíochas, chomh maith le hiomaíochas foriomlán gheilleagar an Aontais, i mbaol tuilleadh mar gheall ar iarrachtaí tobanna na Síne agus margaí eile atá ag teacht chun cinn, a bhfuil sé de bhuntáiste acu freisin nach gcuireann siad smachtbhannaí i bhfeidhm i gcoinne na Rúise agus go gcuireann siad ceanglais aeráide agus chomhshaoil níos ísle i bhfeidhm. |
2.7. |
Ní hamháin go mbaineann saincheisteanna aeráide agus comhshaoil le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil ach is cuid riachtanach iad freisin d’iomaíochas, de bhrabúsacht agus d’fheidhmíocht eacnamaíoch fhoriomlán fiontar. Chomh maith le bheith ag brath ar a luachanna féin agus ar a gcoinsiasaí ginearálta, comhlíonann MFBManna riachtanais agus ionchais aeráide agus chomhshaoil trí shásraí éagsúla, amhail:
|
2.8. |
Is iomaí MFBM nach bhfuil go hiomlán ar an eolas faoi na tionchair a bhíonn ag beartais shonracha aeráide agus comhshaoil agus ag ceanglais shonracha ar a ngnólachtaí agus ar a slabhraí soláthair agus luacha ná faoin gcaoi le táirgí agus seirbhísí a oiriúnú nó a thiontú luath a dhóthain chun caillteanais ina dhiaidh sin, nó fiú eisiamh margaidh, a chosc. Thairis sin, bíonn orthu aghaidh a thabhairt ar acmhainní teoranta daonna agus airgeadais dá n-oibríochtaí laethúla agus d’fhorbairt a ngníomhaíochtaí, agus bíonn an baol ann, mar gheall ar a méid teoranta, go mbeidh raon scileanna róleathan ag teastáil uathu. Tá deacrachtaí ag sciar suntasach d’fhiontair mar gheall ar chastacht na bpíosaí reachtaíochta a bhíonn ag síorathrú, ualaí riaracháin, rialacha airgeadais agus ardchostas, easpa saineolas agus eolas áirithe ar an gcomhshaol chun na gníomhartha cearta a roghnú (1), mar aon le deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar shlabhraí luacha nua, maoiniú, earcaíocht, agus samhlacha nua gnó, i measc nithe eile. |
2.9. |
Ní hamháin gur dúshlán tábhachtach é an easpa feasachta maidir le ceanglais agus na bealaí chun freagairt dóibh, ach is dúshlán tábhachtach freisin iad na deacrachtaí a bhaineann le buntáistí agus deiseanna gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint, amhail laghdú ar chostais fuinnimh agus ábhair, rochtain níos fearr ar mhaoiniú, éileamh níos airde agus margaí nua, agus íomhá fheabhsaithe i measc geallsealbhóirí. |
2.10. |
Maidir le MFBManna a bhfuil tairiscint um luach gnó acu sa gheilleagar ciorclach, san aeráid, sa bhithéagsúlacht, san fhuinneamh in-athnuaite agus i dtéamaí eile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, tá dreasacht bhunúsach acu chun deiseanna nua gnó sna réimsí sin a fhiosrú, a shaothrú agus infheistíocht a dhéanamh iontu. Tá neart deiseanna acu, e.g. in athchóiriú foirgneamh, i bpleanáil agus i dtógáil bonneagair, i dtáirgeadh tionsclaíoch agus i gcothabháil trealaimh, i soláthar seirbhísí dlí agus cuntasaíochta, agus i bhforbairt réiteach digiteach. Braitheann an próiseas aistrithe cuid mhór ar a gcuid réiteach cliste, arna nginiúint ag na saineolaithe a earcaíonn siad, rud a chuireann béim ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas ardcháilíochta agus ábhartha, le gairmoideachas agus gairmoiliúint agus le huas-sciliú leanúnach. |
2.11. |
Is é an grúpa MFBManna is leochailí, arb é an grúpa is mó a bhfuil gá aige le faisnéis é freisin, an grúpa céanna a chreideann nach bhfuil sa Chomhaontú Glas don Eoraip ach píosa breise reachtaíochta a chuireann le hualaí carnacha riaracháin, a chuireann a samhlacha gnó reatha faoi bhrú, agus a chuireann srian ar an mbrabúsacht i gcás “gnó mar is gnách”. Léiríonn sé sin go bhfuil tacaíocht éagsúil atá dírithe go sonrach orthu de dhíth ar chuile chatagóir MFBM, bídís ag titim chun deiridh, ina lucht leanúna nó ina gceannairí (2). |
2.12. |
Thairis sin, ó thaobh acmhainneachta agus ullmhachta de, tá roinnt mhaith difríochtaí idir MFBManna ó thaobh chineál agus mhéid na saincheisteanna aeráide agus comhshaoil, ó thaobh na gceanglas agus na n-ionchas atá dírithe orthu, agus ó thaobh na ndeiseanna a chuirtear ar fáil dóibh. Tosca éagsúla is cúis leis na difríochtaí: déine acmhainní nádúrtha an ghnó, méid an fhiontair, staid an fhiontair i slabhraí soláthair agus in éiceachórais ghnó, suíomh an fhiontair, na cineálacha custaiméirí, foinsí na dtosca táirgeachta, agus margaí geografacha an fhiontair. |
2.13. |
Chuige sin, tá gá le réitigh an-oiriúnaithe agus le beartais agus bearta dea-spriocdhírithe a chuireann san áireamh na difríochtaí idir fiontair mheánmhéide i dtionscail déantúsaíochta, fiontair a oibríonn san earnáil fáilteachais agus san earnáil miondíola, gnólachtaí teaghlaigh agus traidisiúnta, gnólachtaí nuathionscanta nuálacha, fiontair an gheilleagair shóisialta, lucht ceardaíochta agus na gairmeacha liobrálacha. |
2.14. |
In ainneoin na ndifríochtaí iomadúla atá idir MFBManna, is iad feasacht agus eolas cuí ar shaincheisteanna agus treochtaí reatha is bunús le bainistiú rathúil an aistrithe ghlais i ngach fiontar. Fágann sin gur féidir leo láidreachtaí, laigí, deiseanna agus rioscaí na bhfiontar a thuiscint, agus an seasamh is mian leo a ghlacadh san aistriú glas a chinneadh. |
2.15. |
Baineann na hiarrachtaí is nithiúla ar leibhéal na fiontraíochta le pleanáil, eagrú agus faireachán a dhéanamh ar an ngnó foriomlán, lena n-áirítear táirgeadh agus trádáil earraí agus seirbhísí, iompar agus lóistíocht, agus soláthar fuinnimh, amhábhar agus tosca táirgeachta eile. Tá gnéithe aeráide agus comhshaoil ina ngné lárnach freisin de ghníomhaíochtaí nuálaíochta, i bhforbairt scileanna agus rannpháirtíocht an phearsanra uile, agus i gcumarsáid agus i gcomhar le geallsealbhóirí. |
3. Beartais agus bearta chun tacú le MFBManna faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55”
3.1. |
D’fhonn freagairt do “Oiriúnach do 55” agus an t-aistriú glas a chur i gcrích go rathúil, ní mór do MFBManna a bheith go hiomlán ar an eolas faoi impleachtaí na dtograí reachtacha nua agus casta, agus ní mór é a éascú dóibh tuiscint níos fearr a fháil orthu (3). Chuige sin, tá gá le faisnéis fhadréimseach agus spriocdhírithe agus bearta múscailte feasachta, arna soláthar ar bhealach comhordaithe agus comhlántach ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, a bhfuil freagracht ríthábhachtach orthu ina leith sin. Tá ról lárnach ag eagraíochtaí gnó agus ag comhlachais trádála maidir lena mbaill a chur ar an eolas agus tacú leo, arna gcomhlánú ag soláthraithe oideachais agus oiliúna, oifigí forbartha réigiúnacha, eagraíochtaí braisle, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta. |
3.1.1. |
Mar thoradh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá beartais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip faoi chomhairliúchán oscailte anois a mhéid a bhaineann le sceidil mar gheall ar na cúinsí urghnácha nua, agus maidir le spleáchas an Aontais ar fhuinneamh agus ar bhia ón Rúis agus ón Úcráin. Aithníonn CESE na himthosca urghnácha agus na spleáchais, agus measann sé nár cheart deireadh a chur leis na cuspóirí glasa ar chúis ar bith, ach gur cheart le himeacht ama solúbthacht chuí a thabhairt go dtí deireadh na géarchéime. |
3.1.2. |
Chomh maith leis an measúnú tionchair iomchuí ar na tionscnaimh reachtacha ar fad, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún treoir chuimsitheach shoiléir gan débhrí a chur ar fáil maidir leis na ceanglais aeráide ar fad atá ann cheana agus atá ar na bacáin agus maidir leis na himpleachtaí a bheidh acu ar MFBManna, agus ar cheart an méid seo a leanas a chuimsiú ann:
|
3.1.3. |
Tá CESE ag iarraidh go n-ullmhófaí freisin treoir chomhfhreagrach maidir le reachtaíocht i dtaca le saincheisteanna móra eile a bhaineann leis an gcomhshaol. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart treoir den chineál sin a chur ar fáil mar chleachtas rialta agus iad a bheith ag gabháil le haon tionscnamh amach anseo i réimse an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Teastaíonn creat cobhsaí reachtaíochta ó MFBManna ina dtugtar peirspictíochtaí soiléire agus pleanáil shoiléir le haghaidh a gcuid infheistíochtaí. Dá bhrí sin, ní mór athruithe tobanna, amhail an t-athrú a rinneadh le déanaí ar na spriocanna maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus maidir le héifeachtúlacht fuinnimh atá molta sa phlean REPowerEU, a sheachaint toisc go gcuireann siad isteach níos mó ar thimpeallacht atá fíorchasta agus neamhchinnte cheana féin. |
3.2. |
I bhfianaise raon feidhme leathan agus dhoimhneacht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, tá sé beartaithe go mbeidh claochlú tionsclaíoch iomlán ann. Agus an prionsabal “tús áite d’fhiontair bheaga” á leanúint, agus chun nach rachaidh na MFBManna as gnó, tá gá le tacaíocht chuimsitheach leathan agus clár forbartha cumais. Is é an aidhm a bheadh ann tacú le MFBManna leis na saincheisteanna ar fad a bhíonn os a gcomhair agus iad i mbun a gcuid oibríochtaí gnó agus a gcuid gníomhaíochtaí gnó agus an reachtaíocht á glasú agus á comhlíonadh acu. |
3.2.1. |
Feictear do CESE go bhfuil suim mhór ann, mar atá luaite ag an gCoimisiún agus an Pharlaimint, chun cur leis na tionscnaimh atá i bhfeidhm cheana féin chun an straitéis FBM a chur chun cinn agus féachaint ar bhealaí eile chun an straitéis a chur i gcrích go rathúil. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar an leas sin a fhí isteach go héifeachtach sna beartais i ngach réimse is féidir, agus tá sé á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról fíor-riachtanach ag na Ballstáit, a oibreoidh i gcomhar le heagraíochtaí MFBManna, le comhlachais trádála, le comhpháirtithe sóisialta agus le geallsealbhóirí ábhartha eile. |
3.2.2. |
Is ar fhiontraithe óga a bhraithfidh fás MFBManna agus cruthú post amach anseo. Dá bhrí sin, ní mór aitheantas níos fearr a thabhairt, cuir i gcás sna pleananna téarnaimh, ar an gcaoi a bhfuil siad dírithe ar thomhaltóirí, ar a tharraingtí atá siad d’fhostaithe óga, agus ar an mbéim bhreise a chuirtear ar an aistriú glas, agus ní mór aghaidh a thabhairt ar na nithe sin. Thairis sin, chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na sochaí ina hiomláine agus chun éagsúlacht i ngnólachtaí a fheabhsú, ní mór deireadh a chur le haon bhacainní ar fhiontraíocht na mban. Ní mór meon fiontraíochta na ngrúpaí leochaileacha uile, amhail daoine faoi mhíchumas, imircigh agus pobail mhionlaigh, a spreagadh agus a chur chun cinn freisin. |
3.2.3. |
D’fhonn feabhas a chur ar shineirgí dhigiteáil agus ghlasú MFBManna, ní mór an dá threocht sin a mheas go comhuaineach agus beartais agus bearta á múnlú. Ós rud é nach mbaineann an t-aistriú glas ná an t-aistriú digiteach ach le cúrsaí teicniúla nó airgeadais, ní mór dul i ngleic le mórcheisteanna pearsanta agus gnó chun go mbeidh tromlach na MFBManna in ann an dá aistriú a ghlacadh a bheidh fadtéarmach agus a sheasfaidh an aimsir (4). |
3.2.4. |
Tá CESE ag iarraidh freisin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag cur chun feidhme an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh i dtéarmaí na slabhraí soláthair agus luacha, agus na bhforbairtí réigiúnacha eacnamaíocha agus sochaíocha faoi seach chun go mbeifear in ann gníomhú go luath i gcoinne na n-éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann do MFBManna agus don fhostaíocht. |
3.3. |
D’fhonn tacú le forbairt oibríochtaí gnó laethúla na MFBManna, amhail táirgeadh earraí agus seirbhísí, táirgeadh agus úsáid fuinnimh agus eagrú lóistíochta, ní mór soláthar cuí de sheirbhísí comhairleacha praiticiúla agus ardáin chomhair a bheith ar fáil. |
3.3.1. |
Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit seirbhísí tacaíochta teicneolaíochta agus bainistíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn do MFBManna, agus acmhainneacht iomlán na n-ionstraimí éagsúla á cur chun feidhme, go háirithe i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus na gComhaontuithe Comhpháirtíochta. Beidh sé d’aidhm aige sin cuidiú le fiontair éifeachtúlacht fuinnimh agus ábhair a fheabhsú, agus giniúint astaíochtaí agus dramhaíola a laghdú, chun costais agus tionchair chomhshaoil araon a íoslaghdú. Tá CESE ag iarraidh freisin go gcomhtháthófar gnéithe comhshaoil sna seirbhísí comhairleacha sa réimse digiteach. |
3.3.2. |
Chun éifeachtúlacht acmhainní MFBManna a fheabhsú, molann CESE “moil chiorclaíochta” a bhunú i réigiúin éagsúla. Leis sin, ba cheart feabhas a chur ar an gcomhar idir cuideachtaí ar fud earnálacha agus forbairt próiseas nua a éascú maidir le dramhaíl agus seachtháirgí a athchúrsáil agus a athúsáid, lena n-áirítear léiriú teicneolaíochtaí nua. |
3.3.3. |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar MFBManna agus ionadaithe MFBManna a rannpháirtiú in ullmhú treochlár earnála maidir le gníomhú ar son na haeráide ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith le conairí aistrithe ar leibhéal an Aontais a mhúnlú d’éiceachórais éagsúla ghnó, agus, ar an gcaoi sin, eolas a fheabhsú maidir le dea-chleachtais a chomhroinnt, acmhainní a leithdháileadh mar is cuí agus cur chun feidhme éifeachtúil. |
3.4. |
D’fhonn feabhas a chur ar an infheistíocht i nglasú MFBManna, an gheilleagair agus na sochaí ina hiomláine, agus chun tacú leis an infheistíocht sin, ní mór timpeallacht fhabhrach infheistíochta a áirithiú maille leis na dálaí is gá le go mbeidh rochtain cheart ag MFBManna ar mhaoiniú. |
3.4.1. |
Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit dlús a chur le hinfheistíochtaí MFBManna tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
3.4.2. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar an tionchar indíreach a bhíonn ag critéir an airgeadais inbhuanaithe ar MFBManna. Is amhlaidh atá i gcás na gceanglas sócmhainneachta do bhainc agus aon bhearta beartais eile i réimsí an bheartais eacnamaíoch agus fhioscaigh a bhfuil tionchar indíreach acu ar chumas MFBManna infheistiú agus oibriú, rud a chruthaíonn poist agus a choinníonn poist. |
3.4.3. |
Tá CESE ag iarraidh go gcloífí le rialacha na hiomaíochta fónta agus cistiú poiblí á leithdháileadh le haghaidh infheistíochtaí glasa. Tá béim á leagan ag CESE freisin ar an ngá atá le faireachán a dhéanamh le táscairí iomchuí ar na sreafaí airgeadais. Tá sé tábhachtach rochtain chomhionann a thabhairt do MFBManna ar sholáthar poiblí agus ar infheistíocht phoiblí, e.g. i mbonneagar ginearálta, chomh maith le hinfheistíocht a spreagadh i nglasú MFBManna iad féin, e.g. trí chistiú poiblí a úsáid mar ghiaráil le haghaidh infheistíocht phríobháideach. |
3.4.4. |
I bhfianaise na bhforbairtí a tharla le déanaí sna margaí fuinnimh, d’aithin an Coimisiún leochaileacht MFBManna mar thoradh ar bhaol méadaitheach na bochtaineachta fuinnimh (5). Is díol sásaimh do CESE an sainmhíniú ar “micrifhiontair leochaileacha”, agus tá sé ag iarraidh go ndéanfar iarracht bhreise tacaíocht ábhartha a chur ar fáil dóibh chun dul i ngleic leis an ualach sin. |
3.5. |
Tá CESE ag iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar thrádáil i réitigh ghlasa arna bhforbairt ag MFBManna trí dhálaí cearta margaidh a fhorbairt agus a áirithiú, ar dálaí iad a dhéanann na nithe seo a leanas,
|
3.6. |
Chun ról MFBManna a neartú maidir le réitigh ghlasa nua a fhorbairt le haghaidh gnólachtaí, tomhaltóirí agus an tsochaí i gcoitinne, tá an méid seo a leanas á iarraidh ag CESE,
|
3.7. |
D’fhonn a áirithiú go mbeidh na scileanna cuí chun gnólachtaí a fhorbairt agus a reáchtáil i gcomhréir leis an aistriú glas (6), tá an méid seo a leanas á iarraidh ag CESE,
|
3.8. |
Tá CESE ag iarraidh go gcruthófaí táscairí cuí agus uirlisí praiticiúla a chuideoidh le faireachán córasach a dhéanamh ar oibríochtaí agus ar thionchair na bhfiontar i ndáil leis an aistriú glas. Ba cheart leas a bhaint as sin freisin chun cumarsáid a dhéanamh leis an réimse leathan geallsealbhóirí. Idir an dá linn, tá CESE ag iarraidh ar lucht ceaptha beartas an Aontais staonadh ó oibleagáidí troma tuairiscithe a leagan síos do MFBManna, agus meastóireacht a dhéanamh freisin ar na himpleachtaí indíreacha do MFBManna mar gheall ar na ceanglais tuairiscithe atá dírithe ar chuideachtaí móra. |
4. Barúlacha sonracha faoi ghairmeacha liobrálacha, faoin lucht ceardaíochta agus faoi fhiontair an gheilleagair shóisialta
4.1. |
D’fhonn aistriú éiceolaíoch cothrom a áirithiú nach bhfágann aon duine ar lár, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí beartais an Aontais a fhoirmliú agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar an trádáil agus ar cheirdeanna á gcur san áireamh. Go deimhin, tá na gníomhaithe eacnamaíocha sin tábhachtach do gheilleagair áitiúla, agus earraí agus seirbhísí riachtanacha á soláthar acu atá curtha in oiriúint do riachtanais na dtomhaltóirí, fiú i gceantair gheografacha nach bhfuil nasctha le lárionaid uirbeacha. Trí idirphlé lena n-ionadaithe, amhail eagraíochtaí gnó agus comhlachais tráchtála, is féidir cinntí beartais stuama a dhéanamh ina gcuirtear san áireamh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige sin ar an láthair. |
4.2. |
Tá saineolas gairmiúil neamhspleách ag teastáil chun teacht ar réitigh nuálacha bharrfheabhsaithe ar an athrú aeráide agus ar dhúshláin chomhshaoil eile. Freagraíonn gairmithe liobrálacha don riachtanas sin i réimsí éagsúla den gheilleagar agus den tsochaí trí shaineolas agus comhairle theicniúil, dhlíthiúil, airgeadais agus neamhairgeadais a chur ar fáil. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar bearta uile-Aontais lena ndreasófar na Ballstáit chun rialacháin ghairmiúla a chur chun cinn d’fhonn cur chun feidhme iomchuí an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a áirithiú, e.g. i gcur chuige teicniúil casta ionas go gcuirfear na réitigh is nuálaí agus is mó atá faoi thionchar an mhargaidh chun cinn. |
4.3. |
Is féidir inbhuanaitheacht na pleanála spásúlachta áitiúla agus réigiúnacha a mhéadú trí sheirbhísí comhairleacha do bhardais a fheabhsú. Tá sé tábhachtach freisin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar choincheap an mheasúnaithe straitéisigh chomhshaoil i dtreo mheasúnú na hinbhuanaitheachta (éiceolaíoch, eacnamaíoch agus sóisialta). Ba cheart do nósanna imeachta soláthair phoiblí ar fud an Aontais critéir aeráide agus critéir cáilíochta eile a chur i bhfeidhm, agus tríd an méid sin nuálaíocht MFBManna a chur chun cinn agus a rochtain ar thionscadail a éascú, go háirithe i réimse na seirbhísí pleanála. |
4.4. |
Tá teicnící, táirgí agus próisis nua ag teastáil don aistriú chuig geilleagar ciorclach. Mar shampla, in earnáil na tógála, ní mór dramhaíl tógála agus athchóirithe a athchúrsáil, eilimintí a athúsáid, agus ábhair thógála nua a thabhairt isteach, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt d’ábhair thánaisteacha thógála atá ar cháilíocht dhearbhaithe, agus dlúthchomhar idir táirgeoirí, lucht ceardaíochta, na gairmithe agus an tionscal athchúrsála. Ní mór slabhraí luacha réigiúnacha agus braislí foirgnimh réigiúnacha a neartú freisin trí rannpháirtíocht an lucht ceardaíochta. |
4.5. |
Is ionann go bunúsach na dúshláin chomhshaoil a bhaineann le fiontair an gheilleagair shóisialta agus na dúshláin a bhaineann le fiontair eile ó thaobh na saincheisteanna atá i gceist. Mar sin féin, ní mór dálaí sonracha na bhfiontar sin a bhreithniú go cuí i gcomhréir leis an iliomad tuairimí ó CESE. Is féidir sin a dhéanamh ach bearta spriocdhírithe a ghlacadh atá bunaithe ar phlean gníomhaíochta an Aontais maidir leis an ngeilleagar sóisialta a seoladh le déanaí. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Sonraí ó shuirbhé flais-Eorabharaiméadair 498. FBManna, margaí glasa agus tuarascáil maidir le héifeachtúlacht acmhainní, lch. 46, Márta 2022.
(2) Smit, S.J., SME focus – Long-term strategy for the European industrial future, Roinn Beartais PE um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, PE 648.776 – Aibreán 2020.
(3) Cuimsíonn an pacáiste “Oiriúnach do 55” raon leathan tionscnamh reachtach, ina bhfuil an cinneadh deiridh faoi réir idirbheartaíochta idir na hinstitiúidí. Go dtí go mbeidh an próiseas sin curtha i gcrích, ní féidir le MFBManna ach faisnéis pháirteach a leanúint agus beidh éiginnteacht i ndán dóibh don todhchaí.
(4) SME focus, Roinn Beartais PE, Aibreán 2020.
(5) COM(2021) 568 final, 14.7.2021. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:52021PC0568.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/9 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hAistrithe gnó mar thionscnóirí fáis agus téarnaimh inbhuanaithe in earnáil na FBManna
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/02)
Rapóirtéir: |
Mira-Maria KONTKANEN |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
20.1.2022 |
Bunús dlí |
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
Dáta a glactha sa rannóg |
8.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
143/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is próiseas straitéiseach tábhachtach iad na haistrithe gnó lena n-áirithítear leanúnachas gnólachtaí agus lena gcosnaítear an fhostaíocht. Dá bhrí sin, molann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go mbeadh ról láidir ag na haistrithe gnó i mbeartais an Aontais agus na mBallstát maidir le téarnamh agus fás. |
1.2. |
Tugann aistrithe gnó cosaint do chreatlach shóisialta na gceantar tuaithe i ngeall ar a láithrí a bhíonn micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna) iontu. Tá sé ríthábhachtach éiceachórais aistrithe gnó dea-fheidhmiúla agus seirbhísí tacaíochta a fhorbairt chun slí bheatha agus geilleagair limistéar tuaithe agus limistéar monathionsclaíoch a chaomhnú. Creideann CESE gur cheart aitheantas a thabhairt dó sin i gcur chun feidhme fhís fhadtéarmach an Aontais do cheantair thuaithe agus sa Phlean Gníomhaíochta Tuaithe. |
1.3. |
Ach aistrithe gnó a dhéanamh i gceart, cosnófar na poist atá ann cheana agus cruthófar fostaíocht nua agus ionchais d’fhostaithe amach anseo ó thaobh leanúnachas poist agus forbairt ghairmiúil de. Tá CESE á mholadh do na Ballstáit dea-chleachtais a roinnt le chéile maidir le conas gnólacht a aistriú chuig na fostaithe, mar shampla trí chomharchumainn (1) agus fiontair eile an gheilleagair shóisialta atá faoi úinéireacht oibrithe. |
1.4. |
Dá luaithe a ullmhaíonn na fiontraithe don aistriú, is ea is rathúla a bhíonn sé. Ní mór do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le haistrithe gnó a mhéadú agus na hacmhainní is gá a chur ar fáil d’eagraíochtaí gnó agus tacaíochta eile chun aistrithe MFBManna a chur chun cinn agus chun cabhrú leo leis na haistrithe sin. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit freisin sásraí luathrabhaidh (2) do MFBManna a thabhairt isteach agus tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu chun tacú le hathléimneacht, le hinmharthanacht agus, i ndeireadh thiar thall, le hinaistritheacht an ghnólachta. |
1.5. |
Ba cheart fáil gnólachta a chur chun cinn go gníomhach mar dheis d’fhiontraithe céaduaire atá chomh tarraingteach céanna dóibh is a bheadh sé gnólacht nuathionscanta a chur ar bun. Ba cheart fios gnó maidir le gnólacht a cheannach agus leis an gcomharbas a bheith mar chuid den oideachas fiontraíochta, sa chóras meánoideachais agus ardoideachais. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go bhforbrófaí dreasachtaí chun gnólachtaí beaga a aistriú chuig fiontraithe óga. D’fhéadfaí a áireamh ar na dreasachtaí sin múscailt feasachta, seirbhísí comhairleacha, meantóireacht agus rochtain ar mhaoiniú. Ina theannta sin, d’fhéadfaí an tuiscint atá ag fiontraithe óga ar an idirphlé sóisialta a neartú a thuilleadh chun aistrithe rathúla gnó a chinntiú do na geallsealbhóirí uile. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart tuilleadh dreasachtaí a cheapadh le haghaidh aistrithe gnó d’fhiontraithe ban d’fhonn cur le líon ró-íseal na bhfiontraithe ban a bhíonn ag gabháil dóibh faoi láthair. |
1.6. |
Níl dóthain maoiniúcháin ar fáil le haghaidh aistrithe rathúla gnó, rud atá ina bhac orthu agus a fhágann maoiniú seachtrach de dhíth ar fhormhór na n-aistrithe gnó. Tá CESE á mholadh go láidir do gach Ballstát a áirithiú go bhfuil institiúidí airgeadais ar fáil chun tacú le haistrithe gnó MFBManna, mar shampla trí chuidiú le comhthaobhacht iasachtaí bainc. |
1.7. |
Tá CESE á mholadh go mbunódh na Ballstáit fóraim geallsealbhóirí náisiúnta um aistrithe gnó d’fhonn ionadaíocht a dhéanamh thar ceann geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha. Cuireann fóraim aistrithe gnó cur chuige córasach agus fadtéarmach ar fáil maidir le haistrithe gnó a chur chun cinn. Cuireann siad spás ar fáil freisin le haghaidh idirphlé leanúnach idir saineolaithe náisiúnta agus is slí níos éifeachtúla iad chun leas a bhaint as acmhainní. |
1.8. |
Creideann CESE gur cheart ardáin aistrithe gnó ar líne a fhorbairt i mBallstáit uile an Aontais, agus gur cheart rochtain a bheith ag micreaghnólachtaí agus ag gnólachtaí beaga orthu freisin. Ba cheart idirnaisc agus sineirgí a fhorbairt idir ardáin éagsúla ar líne sna Ballstáit agus d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach idirnasc le margaí éagsúla ar líne san Aontas a éascú. |
1.9. |
Is minic a bhíonn sonraí maidir le haistrithe gnó ilroinnte, easnamhach, as dáta agus neamh-inchomparáide ó Bhallstát go chéile. Dá bhrí sin, tá CESE á mholadh go leanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit d’fheabhas a chur ar an mbunachar sonraí aistrithe gnó. |
1.10. |
Ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar staid na n-aistrithe gnó san Eoraip, mar shampla i bhfoirm baraiméadar aistrithe gnó ar fud an Aontais a chuirfeadh ionchur ar fáil freisin do cheapadh beartais fianaise-bhunaithe. Ba cheart úsáid a bhaint as Tionól bliantúil FBManna an Aontais mar fhóram chun taithí a chomhroinnt agus a phlé go rialta maidir le haistrithe gnó MFBManna. Ar deireadh, ba cheart tionscnaimh éagsúla múscailte feasachta a chur sa mheá, amhail seachtain aistrithe gnó a bhunú ar an leibhéal náisiúnta agus/nó Eorpach. |
2. Réamhrá
2.1. |
Dá méadófaí líon na n-aistrithe rathúla gnó, bheadh buntáistí láithreacha ann don fhostaíocht, don leanúnachas gnó agus don gheilleagar Eorpach ina iomláine. I gcomhréir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (3), rannchuidíonn aistrithe gnó le sochaithe níos athléimní agus níos comhtháite a fhorbairt. |
2.2. |
Murab ionann is riamh, is cuid nádúrtha agus cuid thábhachtach d’fhorbairt straitéiseach, d’athnuachan agus d’fhás na MFBManna iad na haistrithe gnó. De réir mar a théann daonra na hEorpa in aois agus de réir mar a mhéadaíonn líon na bhfiontraithe a bhfuil sé beartaithe acu tarraingt siar as a ngnó, tá sé ag éirí níos tábhachtaí ná riamh do gheilleagar MFBM na hEorpa aistrithe rathúla gnó a dhéanamh. |
2.3. |
Tá tuairim is 450 000 gnólacht, a bhfuil 2 mhilliún fostaí acu, á n-aistriú gach bliain ar fud na hEorpa. Meastar go bhfuil baol ann nach n-éireoidh le 150 000 gnólacht aistriú rathúil a dhéanamh agus, dá bhrí sin, go mbeidh 600 000 post i mbaol. Is iad na gnólachtaí is lú atá i mbaol go dteipfeadh ar a n-aistrithe (4). |
2.4. |
D’fhéadfadh sé gur próiseas casta é aistriú gnó a thabhairt i gcrích i ngeall ar dhúshláin airgeadais, bhainistíochta, rialála, riaracháin nó mhargaidh, amhail díoltóirí a mheaitseáil le ceannaitheoirí. Ag an am céanna, is i micreaghnólachtaí a bhfuil acmhainní teoranta acu a tharlaíonn formhór na n-aistrithe gnó. Minic go leor, is deacra do ghnólachtaí beaga a bhfuil príomhról ag an uinéir reatha ann aistriú a dhéanamh (5). |
2.5. |
Tá éiceachóras dea-fheidhmiúil aistrithe gnó ríthábhachtach d’aistrithe rathúla agus cuidíonn sé le margaí dinimiciúla aistrithe gnó a chothú. Cuimsíonn éiceachórais aistrithe gnó geallsealbhóirí éagsúla poiblí agus príobháideacha: ceannaitheoirí, díoltóirí, réamhtheachtaithe, comharbaí, comhairleoirí gnó amhail bróicéirí gnó, cuntasóirí, dlíodóirí agus sainchomhairleoirí, idirghabhálaithe, institiúidí airgeadais, eagraíochtaí tacaíochta gnó, lucht ceaptha beartas, agus lucht léinn. Cuid thábhachtach den éiceachóras is ea na gníomhaíochtaí múscailte feasachta arb é is aidhm dóibh ullmhacht d’aistrithe gnó a mhéadú. Fós féin sa lá atá inniu ann, tá éagsúlachtaí móra ann i réimse na n-aistrithe gnó ó Bhallstát go chéile agus ó réigiún go chéile laistigh de Bhallstát, rud a fhágann go bhfuil roinnt deiseanna ann i ndáil leis an bhfoghlaim fhrithpháirteach agus chun feabhas a chur ar éiceachórais aistrithe gnó ar fud na hEorpa. Mar sin féin, is é an fiontraí ar deireadh thiar thall a bhíonn freagrach as an aistriú i gcónaí. |
2.6. |
Dá n-athrófaí an úinéireacht go rathúil, d’fhéadfadh sé go mbeadh an gnólacht ní b’athléimní, ní ba nuálaí agus ní b’iomaíche. Nuair a ghlacann gnólachtaí atá faoi úinéireacht nua samhlacha gnó níos glaise agus níos digití chucu féin, cuireann aistrithe gnó le haistriú glas agus digiteach earnáil na MFBManna freisin. |
2.7. |
Chuir paindéim COVID-19 chun suntais freisin an gá atá le hathléimneacht na ngnólachtaí Eorpacha a neartú agus pleanáil ullmhachta níos fearr a áirithiú. Ba cheart don ghnólacht agus dá shamhail ghnó a bheith fónta agus athléimneach i gcoinne suaití seachtracha le go n-éireoidh leis an aistriú. Leis an tsláinte airgeadais agus an athléimneacht, tá seans níos fearr ann go ndéanfaí aistriú rathúil. |
3. Cúlra
3.1. |
Tá aistrithe gnó ina gcuid de bheartas fiontraíochta an Aontais Eorpaigh ó thús na 1990idí i leith. In 1994, dhréachtaigh an Coimisiún Eorpach moladh (6) chun feabhas a chur ar na creatdálaí le haghaidh aistrithe gnó i mBallstáit an Aontais. Moladh sraith beart do na Ballstáit sa mholadh sin chun feabhas a chur ar staid na ngnólachtaí agus iad á n-ullmhú féin don aistriú. Áirítear ar na bearta sin gníomhaíochtaí feasachta agus ullmhachta, feabhas a chur ar an timpeallacht airgeadais d’aistrithe gnó, bealaí dlíthiúla a oscailt don athstruchtúrú, na modhanna dlíthiúla a chur ar fáil chun leanúnachas comhpháirtíochta a áirithiú i gcás ina bhfaigheann comhpháirtí nó úinéir bás, a áirithiú nach bhfuil cánacha oidhreachta nó bronntanais ina mbaic ar aistrithe gnó agus aistriú gnólachtaí chuig tríú páirtithe a éascú trí na rialacha iomchuí cánach. |
3.2. |
Ó shin i leith, rinne an Coimisiún Eorpach athbhreithniú ar an moladh in 2006 agus d’fhoilsigh sé an Teachtaireacht (7) Implementing the Lisbon Community Programme for Growth and Jobs: Transfer of Businesses Continuity through a new beginning [Clár Comhphobail Liospóin maidir le fás agus poist: gnólachtaí a aistriú – an leanúnachas a chur i bhfeidhm trí thús nua]. Cuireadh in iúl san athbhreithniú gur ghá tuilleadh oibre a dhéanamh fós chun Moladh 1994 a chur chun feidhme. Chomh maith leis an iarraidh go gcuirfí Moladh 1994 chun feidhme, cuireadh moltaí breise i láthair i dTeachtaireacht 2006 maidir le haistrithe gnó a chur chun cinn, amhail an aird pholaitiúil a thugtar ar aistrithe gnó a mhéadú, tacaíocht agus meantóireacht speisialaithe a chur ar fáil, margaí aistrithe gnó trédhearcacha a eagrú, agus bonneagar náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a chur chun feidhme ar mhaithe le haistrithe a chothú. |
3.3. |
In 2013, rinne an Coimisiún Eorpach measúnú ar dhul chun cinn na moltaí ó 2006. Ba é an chonclúid ghinearálta a baineadh as sin nach ndearnadh dóthain dul chun cinn maidir le bearta a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar an gcreat d’aistrithe gnó ó foilsíodh an Teachtaireacht sin in 2006. Bhain na heasnaimh a liostaíodh sa mheastóireacht le réimsí amhail socruithe cánach le haghaidh tríú páirtithe nó fostaithe nó le soláthar tacaíochta tiomnaithe agus tionscnamh airgeadais tiomnaithe. Léiríodh sa mheastóireacht freisin nár tugadh aird leordhóthanach ar aistrithe gnó ar leibhéal an Aontais ná ar leibhéal na mBallstát, murab ionann agus an beartas tionscnaimh. |
3.4. |
In 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Straitéis FBM an Aontais (8) inar athdheimhníodh go bhfuil sé tiomanta leanúint d’obair a dhéanamh chun aistrithe gnó a éascú agus chun tacú leis na Ballstáit agus iad ag iarraidh timpeallacht ghnó atá fabhrach d’aistrithe gnó a bhunú. Le déanaí, dhírigh an Coimisiún ar fheabhas a chur ar bhonn fianaise na n-aistrithe gnó agus d’fhoilsigh sé tuarascáil maidir leis sin in 2021 (9). Is féidir eolas a fháil faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin agus faoi dhea-chleachtais arna gcistiú ag an Aontas ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (10). |
3.5. |
Tá aitheantas tugtha ag CESE freisin don tábhacht a bhaineann le haistrithe gnó i gcás MFBManna agus tá sé ag iarraidh bearta gasta chun iad a éascú agus a chuíchóiriú ar chostas réasúnta (11). Sa tuairim uaidh maidir le Straitéis FBM an Aontais, tá CESE ag iarraidh aird ar leith a tharraingt ar aistrithe trasteorann MFBManna d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na costais arda a bhaineann leis na hidirbhearta sin agus ar na difríochtaí suntasacha idir rialacháin náisiúnta (12). Léiríonn an tuairim leantach ó CESE maidir le Straitéis FBM an Aontais (13) go bhféadfadh aistrithe gnó rathúla a bheith ann chun gnó a dhéanamh níos digití agus níos inbhuanaithe, i gcomhréir le spriocanna an Aontais maidir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. |
4. Barúlacha ginearálta
4.1. |
Tá aistrithe gnó ag éirí níos tábhachtaí do MFBManna i ngeall ar dhéimeagrafaic na hEorpa agus fiontraithe a bheith ag dul in aois. Is i micrifhiontair a tharlaíonn thart ar 90 % de na haistrithe gnó (14). |
4.2. |
Ach líon na n-aistrithe rathúla gnó a mhéadú, bheadh buntáistí láithreacha ann do gheilleagar na hEorpa. I gcomparáid le gnólachtaí nua-thionscanta, is fearr a fheidhmíonn gnólachtaí aistrithe ó thaobh marthanais, láimhdeachais, brabúis, nuálaíochta agus fostaíochta de (15). De réir an Choimisiúin Eorpaigh, coimeádann gnólachtaí atá ann cheana cúig phost ar an meán ach ní chruthaíonn gnólacht nuathionscanta ach dhá phost ar an meán (16). Dá bhrí sin, is trí aistrithe gnó a chur chun cinn is fearr is féidir an fás fiontraíochta a chur chun cinn. |
4.3. |
Ina theannta sin, tugann aistrithe gnó cosaint do chreatlach shóisialta na gceantar tuaithe i ngeall ar a láithrí a bhíonn MFBManna iontu; meastar go bhfuil aon trian ar a laghad de MFBManna na hEorpa lonnaithe i gceantair thuaithe. Cinntíonn siad comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta na limistéar sin trína seirbhísí do shaoránaigh, do thomhaltóirí agus do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áitiúla agus tríd an bhfostaíocht a chuireann siad ar fáil (17). Cuidiú is ea na haistrithe gnó le nach gcaillfí saineolas ar an gceardaíocht áitiúil. Is minic a chuireann an earnáil ceardaíochta áitiúil agus an earnáil miondíola go dearfach leis an rogha éagsúil a bhíonn ag tomhaltóirí sa mhargadh, rud a thugann rogha eile dóibh seachas slabhraí miondíola aonfhoirmeacha. I gcás tomhaltóirí, is minic a fhágann aistriú rathúil gnó go mbíonn seirbhísí agus táirgí leanúnacha agus feabhsaithe ann. Tá sé ríthábhachtach éiceachórais aistrithe gnó dea-fheidhmiúla agus seirbhísí tacaíochta a fhorbairt chun slí bheatha agus geilleagair limistéar tuaithe agus monathionsclaíoch a chaomhnú. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin d’earnáil na talmhaíochta agus na próiseála bia. Ina theannta sin, cuireann aistrithe rathúla gnó bealach ar fáil chun dlús a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach i limistéir thuaithe trí chlaochlú a dhéanamh bunaithe ar athrú úinéireachta. Creideann CESE gur cheart forbairt éiceachóras aistrithe gnó agus seirbhísí tacaíochta a bheith mar chuid de chur chun feidhme fhís fhadtéarmach an Aontais do cheantair thuaithe agus de chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta tuaithe. |
4.4. |
Téann cur chun cinn aistrithe gnó chun tairbhe d’fhostaithe freisin toisc go gcaomhnaítear poist agus leanúnachas gnó dá bharr. I gcás MFBManna go háirithe, is iad na fostaithe an tsócmhainn is luachmhaire a aistrítear chuig an úinéireacht nua. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach dea-bhail na bhfostaithe a chosaint i gcás aistrithe gnó. Is minic a thugann úinéirí nua faoin aistriú le díograis chun an gnólacht a fhorbairt agus a fhás. Ciallaíonn sé sin freisin gur fearr an fhéachaint suas a bheidh ann d’fhostaithe ó thaobh leanúnachas poist agus forbairt ghairmiúil de. Tá CESE á mholadh do na Ballstáit dea-chleachtais a roinnt le chéile maidir le haistrithe inar féidir le fostaithe leanúint de bheith ag obair agus de ghníomhaíochtaí a fhorbairt trí dhul i gceannas ar a bhfiontar, mar shampla trí chomharchumainn agus cineálacha eile fiontair sa gheilleagar sóisialta atá faoi úinéireacht oibrithe (18) a léirigh a athléimní is féidir leo a bheith in aghaidh géarchéimeanna. Ar a mhuin sin, ach an t-idirphlé sóisialta agus an fhaisnéis réamhtheachtach a chur chun cinn, is féidir ceannach amach fostaithe a éascú. Tagann sé sin leis an méid a luaitear i dtuairim CESE INT/925 (19) lena gcuirtear béim ar cheannach thar barr amach ag na fostaithe mar dhea-chleachtas chun gnólachtaí atá i gcruachás a athsheoladh agus FBManna nach bhfuil aon chomharbaí ag a n-úinéirí a aistriú. |
4.5. |
Ní mór ról láidir a thabhairt do chur chun cinn aistrithe gnó i mbeartais téarnaimh agus fáis an Aontais agus na mBallstát. Formhuiníonn CESE an iarracht fhadtéarmach straitéiseach atá déanta ag an gCoimisiún Eorpach chomh maith le heagraíochtaí cur chun cinn aistrithe gnó, amhail Transeo (20), chun timpeallacht atá níos fabhraí don aistriú a chothú san Eoraip. Mar sin féin, d’fhéadfaí tuilleadh feabhais a chur ar chúrsaí fós. Tá éagsúlacht nach beag ann ó Bhallstát go chéile maidir leis an leibhéal airde, le feidhmiúlacht fhoriomlán éiceachóras an aistrithe gnó faoi láthair agus le méid na mbeart maidir le haistrithe gnó a chur chun cinn. I dtimpeallacht ghnó atá ag forbairt go tapa, ní mór d’fhiontraithe glacadh le deiseanna fáis, a chuirtear ar fáil go hinmheánach agus trí éadálacha. Ba cheart gach cineál aistrithe úinéireachta a mheas, lena n-áirítear comharbas teaghlaigh, ceannach thar barr isteach agus ceannach thar barr amach ag an mbainistíocht, éadálacha straitéiseacha, agus ceannach thar barr amach ag fostaithe. |
4.6. |
Ionas go mbeidh rath ar aistriú na hEorpa chuig geilleagar digiteach agus glas, ní mór na MFBManna a chur san áireamh. Is bealach nádúrtha iad na haistrithe gnó chun samhail ghnó MFBManna a iompú ina samhail ghnó níos glaise agus níos digití, rud a chuirfidh lena n-aistriú digiteach agus glas. Dá n-athrófaí an úinéireacht go rathúil, d’fhéadfadh sé go mbeadh an gnólacht ní b’athléimní, ní ba nuálaí agus ní b’iomaíche. Chomh maith leis sin, i ndáil le hacmhainní, is minic a bhíonn sé níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol gnólacht atá ann cheana a bhfuil acmhainní táirgthe aige a cheannach seachas gnólacht nua. |
4.7. |
Go háirithe nuair a bhíonn an gnólacht á aistriú ó fhiontraí atá ag dul in aois go fiontraí níos óige, is é is dóichí go mbeidh an fiontraí óg níos ullmhaithe chun teicneolaíochtaí, modhanna táirgthe agus samhlacha gnó inbhuanaithe a chomhtháthú sa ghnólacht a fuarthas. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go bhforbrófaí dreasachtaí breise, amhail múscailt feasachta, seirbhísí comhairleacha, meantóireacht agus rochtain ar mhaoiniú chun MFBManna a aistriú chuig fiontraithe óga. Ina theannta sin, d’fhéadfaí an tuiscint atá ag fiontraithe óga ar an idirphlé sóisialta a neartú a thuilleadh, mar shampla trí mhodúil maidir leis an idirphlé sóisialta a áireamh san oiliúint fiontraíochta. Ba cheart é a chur in iúl go bhfuil sé gach pioc chomh tarraingteach d’fhiontraithe mar dheis tús a chur lena ngairm ré trí ghnó atá ann cheana a fháil seachas gnólacht nuathionscanta a chur ar bun. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart tuilleadh dreasachtaí a cheapadh le haghaidh aistrithe gnó d’fhiontraithe ban d’fhonn cur le líon ró-íseal na bhfiontraithe ban a bhíonn ag gabháil dóibh faoi láthair. |
4.8. |
I bhformhór mór na n-aistrithe gnó, bíonn maoiniú seachtrach de dhíth orthu. Mar gheall ar na ceanglais rialála a bheith ag dul i méid san earnáil airgeadais, is gá aird a dhíriú ar dhá phríomhionstraim airgeadais d’fhonn aistrithe gnó a chur chun cinn. Ar an gcéad dul síos, is léir go bhfuil gá le comhthaobhachtaí chun pacáistí aistrithe gnó a mhaoiniú. Is sócmhainní neamhábhartha sciar méadaitheach de na sócmhainní gnó, áfach, agus ní mór don earnáil baincéireachta cloí le rialacha atá níos doichte ná riamh. Tá oibreoir nó eagraíocht a sholáthraíonn comhthaobhacht le haghaidh iasachtaí bainc de dhíth ar gach Ballstát. Ar an dara dul síos, le forbairt chreat rialála an Aontais, méadaítear an t-éileamh ar mhaoiniú cothromais. Tá roinnt ceannaitheoirí ann a bhfuil na cáilíochtaí acu chun an gnó lena mbaineann a rith, ach gan teacht acu ar chistiú cothromais leordhóthanach. Tá CESE á mholadh go láidir don Choimisiún ról réamhghníomhach a ghlacadh chun forbairt an dá ionstraim airgeadais sin a chur chun cinn sna Ballstáit. |
4.9. |
Déanfar líon méadaitheach MFBManna ar le teaghlaigh iad a aistriú chuig tríú páirtithe amach anseo. D’fhonn ceannaitheoirí tríú páirtí a mhealladh, ní mór don ghnó a bheith inmharthana, tarraingteach agus fónta ó thaobh na heacnamaíochta de. Dá luaithe a ullmhaíonn na fiontraithe don aistriú, is ea is rathúla a bhíonn sé. Ní mór do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le haistrithe gnó a mhéadú agus na hacmhainní is gá a chur ar fáil don ghnólacht agus d’eagraíochtaí tacaíochta eile chun aistrithe MFBManna a chur chun cinn agus chun cabhrú leo leis na haistrithe sin. Is féidir leis an tacaíocht ón sásra luathrabhaidh a chuirtear ar fáil do ghnólacht atá in anás airgeadais a bheith tábhachtach freisin chun cuidiú le fiontraí an gnólacht a stiúradh ar ais ar chonair atá inmharthana ó thaobh airgeadais de agus é a ullmhú le haghaidh a aistrithe. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit sásraí tacaíochta luathrabhaidh do MFBManna a thabhairt isteach agus tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu. |
I staidéar a rinneadh le déanaí ar “Aistrithe gnó a chur chun cinn i dtíortha na hEorpa” (21), cuirtear i láthair cleachtais maidir le haistrithe gnó a chur chun cinn sna Ballstáit a d’fhéadfaí a chur i gcúrsaíocht i dtíortha eile. Tacaíonn CESE leis an moladh a dhéantar sa staidéar go mbunódh na Ballstáit fóraim geallsealbhóirí náisiúnta um aistrithe gnó d’fhonn ionadaíocht a dhéanamh thar ceann geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha. Is gá comhar a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ar gach leibhéal (ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta). Cuireann fóraim aistrithe gnó cur chuige córasach agus fadtéarmach ar fáil (trí bhíthin idirphlé leanúnach idir saineolaithe náisiúnta) maidir le cur chun cinn aistrithe gnó agus is slí níos éifeachtúla iad chun leas a bhaint as acmhainní. Faoi dheireadh, d’fhéadfaí idirphlé trasteorann, arna chur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach, a bhunú idir fóraim náisiúnta éagsúla chun dea-chleachtais a mhalartú maidir le cur chun cinn aistrithe gnó i mBallstáit an Aontais.
4.10. |
Tá CESE á mholadh go mbainfeadh na Ballstáit úsáid iomlán as teicneolaíochtaí digiteacha chun aistrithe gnó a chur chun cinn. Ba cheart ardáin aistrithe gnó ar líne, atá faoi úinéireacht agus á mbainistiú ag geallsealbhóirí príobháideacha den chuid is mó, a fhorbairt i ngach Ballstát den Aontas, agus ba cheart rochtain a bheith ag micreaghnólachtaí agus ag gnólachtaí beaga orthu freisin. Ba cheart idirnaisc agus sineirgí a fhorbairt idir ardáin éagsúla ar líne sna Ballstáit agus d’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach an rochtain ar mhargaí éagsúla ar líne sna Ballstáit a éascú. Ina theannta sin, tá méadú ag teacht ar líon na n-aistrithe gnó trasteorann i measc gnólachtaí beaga. Bheadh comhar feabhsaithe idir ardáin náisiúnta ar líne ina bhealach éifeachtach ó thaobh costais de chun a chur ar chumas gnólachtaí beaga díriú ar sprioc-úinéirí féideartha i mBallstáit eile. |
4.11. |
Chun beartas Eorpach maidir le haistrithe gnó a cheapadh ar bhealach rathúil, is gá sonraí a bhailiú ar bhealach níos fearr. Fós féin sa lá atá inniu ann, tá na sonraí maidir le haistrithe gnó ilroinnte agus neamh-inchomparáide. Tá CESE á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit na bearta a moladh chun feabhas a chur ar an mbunachar sonraí aistrithe gnó. Leagadh amach na bearta sin sa tuarascáil a foilsíodh le déanaí dar teideal Improving the evidence basis on transfer of business in Europe (22). Molann CESE freisin baraiméadar aistrithe gnó a fhorbairt ar fud an Aontais, a dhéanfaidh tuairisciú uair amháin gach ceithre bliana, chun ionchur a chur ar fáil do cheapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise agus ar shonraí feabhsaithe. Ina theannta sin, ba cheart tionscnaimh éagsúla múscailte feasachta a chur sa mheá, amhail seachtain aistrithe gnó a bhunú ar an leibhéal náisiúnta agus/nó Eorpach. |
4.12. |
Sa bhreis ar bhailiú sonraí níos fearr a fhorbairt, tá CESE á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún Eorpach athbhreithniú go rialta ar staid na n-aistrithe gnó san Eoraip. Ba cheart úsáid a bhaint as Tionól bliantúil FBManna an Aontais mar fhóram chun taithí a chomhroinnt agus a phlé go rialta maidir le haistrithe gnó MFBManna. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Mar shampla, tá creat sa Fhrainc chun aistriú cuideachta chuig na fostaithe a eagrú agus a éascú agus chun gníomhaíocht eacnamaíoch na gcríoch a neartú trí aistriú na MFBManna a éascú.
(2) Is éard atá sa sásra luathrabhaidh seirbhís comhairle agus tacaíochta do chuideachtaí atá in anás airgeadais, a bhfuil sé mar aidhm léi idirghabháil luath a dhéanamh chun féimheacht gnólachtaí inmharthana a chosc.
(3) Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil ar an toradh deiridh, Bealtaine 2022
(4) An Coimisiún Eorpach, Business Dynamics: Start-ups, business transfers and bankruptcy [Dinimic gnó: gnólachtaí nuathionscanta, aistrithe gnó agus féimheacht], 2011.
(5) Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach: Implementing the Lisbon Community Programme for Growth and Jobs Transfer of Businesses Continuity through a new beginning [Clár Comhphobail Liospóin maidir le fás agus poist: gnólachtaí a aistriú — an leanúnachas a chur i bhfeidhm trí thús nua], 2006, COM(2006) 117 final, lch. 4.
(6) Moladh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 1994 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide a aistriú (94/1069/CE).
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach: Implementing the Lisbon Community Programme for Growth and Jobs: Transfer of Businesses Continuity through a new beginning [Clár Comhphobail Liospóin maidir le fás agus poist: gnólachtaí a aistriú – an leanúnachas a chur i bhfeidhm trí thús nua], 2006, COM(2006) 117 final.
(8) Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach, An SME Strategy for a sustainable and digital Europe [Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach], 2020, COM(2020) 103 final.
(9) An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Improving the evidence base on transfer of business in Europe [Feabhas a chur ar bhonn fianaise na n-aistrithe gnó san Eoraip], tuarascáil deiridh, Oifig na bhFoilseachán, 2021.
(10) ec.europa.eu/growth/smes/supporting-entrepreneurship/transfer-businesses_en
(11) IO C 197, 8.6.2018, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann).
(12) IO C 429, 11.12.2020, lch. 210 (níl leagan Gaeilge ann).
(13) IO C 194, 12.5.2022, lch. 7.
(14) An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Improving the evidence base on transfer of business in Europe [Feabhas a chur ar bhonn fianaise na n-aistrithe gnó san Eoraip], tuarascáil deiridh, Oifig na bhFoilseachán, 2021
(15) Tall, Varamäki & Viljamaa: Business Transfer Promotion in European Countries [Aistrithe gnó a chur chun cinn i dtíortha na hEorpa], Seinäjoki, 2021, lch. 8.
(16) An Coimisiún Eorpach (2006), Transfer of Businesses: Continuity through a new beginning [Gnólachtaí a aistriú — an leanúnachas a chur i bhfeidhm trí thús nua], an Bhruiséil, lgh. 3-4.
(17) SMEunited, Position on long-term vision for the EU’s rural area [Seasamh maidir le fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais], Aibreán 2022.
(18) Mar shampla, tá cumainn faoi úinéireacht oibrithe (“sociedades laborales”) ann sa Spáinn.
(19) IO C 286, 16.7.2021, lch. 13 (níl leagan Gaeilge ann).
(20) Is comhlachas neamhbhrabúsach idirnáisiúnta é Transeo a thugann le chéile saineolaithe maidir le gnólachtaí beaga agus meánmhéide a aistriú agus a fháil san Eoraip agus níos faide i gcéin.
(21) Tall, Varamäki & Viljamaa: Business Transfer Promotion in European Countries [Aistrithe gnó a chur chun cinn i dtíortha na hEorpa], Seinäjoki, 2021, lch. 8.
(22) An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide, Improving the evidence base on transfer of business in Europe [Feabhas a chur ar bhonn fianaise na n-aistrithe gnó san Eoraip], tuarascáil deiridh, Oifig na bhFoilseachán, 2021.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/15 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Tacsanomaíocht shóisialta – Dúshláin agus deiseanna
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/03)
Rapóirtéir: |
Judith VORBACH |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
20.1.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
9.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
22.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
123/26/12 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Leis an tuairim seo, tarraingíonn CESE aird ar thacsanomaíocht shóisialta, d’fhonn díospóireacht a spreagadh. Iarrann CESE ar an gCoimisiún an tuarascáil atá thar téarma a fhoilsiú, ina ndéantar cur síos ar na forálacha a bheadh ag teastáil chun raon feidhme na tacsanomaíochta a leathnú chuig cuspóirí inbhuanaitheachta eile, lena n-áirítear cuspóirí sóisialta, amhail a iarradh sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht (1) (an Rialachán). Tá CESE ag labhairt amach ar son tacsanamaíocht shóisialta a bheidh inmharthana ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de agus slán mar choincheap, chun na deiseanna a fhíorú agus an lámh in uachtar a fháil ar na dúshláin freisin. Ba cheart tacsanomaíocht an Aontais a bheith ailínithe le cur chuige iomlánaíoch, lena n-áirítear inmharthanacht chomhshaoil agus shóisialta. I bhfianaise dhúshláin an aistrithe ghlais, thionchair eacnamaíocha agus shóisialta na paindéime agus an chogaidh san Úcráin a tharla i ngeall ar ionsaí na Rúise, mar aon leis an teannas geopholaitiúil a bhí mar thoradh air sin, tá CESE á athéileamh go mbeadh beartas eacnamaíoch cothromaithe ann, agus fócas níos fearr ar chuspóirí sóisialta. |
1.2. |
Is geal linn coimircí íosta an Rialacháin agus ba cheart iad a chur chun feidhme go críochnúil. Mar sin féin, ní leor iad chun inbhuanaitheacht shóisialta a áirithiú le haghaidh oibrithe, tomhaltóirí agus pobal. Ba chabhair í tacsanomaíocht de chuid an Aontais chun freastal ar na riachtanais phráinneacha infheistíochta sa réimse sóisialta, trí infheistíochtaí a sheoladh sa treo sin. Beidh tuilleadh tábhachta fós léi sa chás gur cuid de bheartas iomlán í a bheidh dírithe ar an gcothroime shóisialta agus ar an gcuimsiú. Chun aistriú cóir a bhaint amach, beidh dálaí sóisialta inbhuanaithe ag teastáil, agus d’fhéadfadh tacsanomaíocht shóisialta na treoirlínte a bhfuiltear ag dréim leo le fada a sholáthar. Iarrann CESE ar an gCoimisiún meastachán a sholáthar ar na cistí a bheidh ag teastáil d’fhonn Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Tríd is tríd, beidh ról ríthábhachtach ag an infheistíocht phoiblí i réimse na seirbhísí poiblí i gcónaí. Is rud bunúsach é i gcónaí cúrsaí leasa shóisialta a bheith á maoiniú le caiteachas rialtais agus córais chobhsaí slándála sóisialta. Mar sin féin, d’fhéadfadh tacsanomaíocht shóisialta a chomhaontófar go comhchoiteann treoirlínte a chur ar fáil le haghaidh infheistíochtaí a mbeadh tionchar sóisialta dearfach acu. |
1.3. |
Molann CESE cloí leis an gcur chuige il-leibhéil agus ilchineálach arna mholadh ag an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe (2) (an tArdán) sa tuarascáil ón gCoimisiún. Bheadh sé úsáideach tacsanomaíocht shóisialta a chomhtháthú i dtimpeallacht reachtach an Aontais maidir le hairgeadas agus rialachas inbhuanaithe, agus é á chur san áireamh go bhfuil go leor oibre le déanamh. Go háirithe, bheadh an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach atá molta ina comhlánú tábhachtach ar thacsanomaíocht shóisialta a bhféadfaí na bearta a mheas ina choinne, agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Rannchuideodh tacsanomaíocht shóisialta dhea-dheartha freisin le dul i ngleic leis an bhfadhb a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le sciúradh sóisialta. Molann CESE tosú le treoirlínte atá simplí agus soiléir, foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta éasca agus trédhearcacha agus iad a chomhlánú céim ar chéim amach anseo. Ba cheart gur comhtháthú dlúth na dtacsanomaíochtaí sóisialta agus comhshaoil an sprioc chríochnaitheach, ach d’fhéadfadh coimircí íosta frithpháirteacha a bheith praiticiúil mar chéad chéim. |
1.4. |
Ba cheart gníomhaíochtaí agus cuideachtaí a rannchuidíonn go suntasach leis an inbhuanaitheacht shóisialta a shonrú i dtacsanomaíocht AE agus í a bheith ina caighdeán óir agus léiriú ar leibhéal uaillmhéine níos airde ná an leibhéal dá bhforáiltear sa reachtaíocht. Is geal le CESE na cuspóirí atá á moladh ag an Ardán maidir le hobair chuibhiúil, caighdeáin mhaireachtála leordhóthanacha agus pobail ionchuimsitheacha agus inbhuanaithe. Cé go bhfuil prionsabail éagsúla idirnáisiúnta agus AE ann a d’fheadfadh feidhmiú mar bhonn, molann CESE go háirithe tagairt do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ábhartha (SDGanna), amhail SDG 8 maidir le hobair chuibhiúil. In aon chás, níor mhór comhlíonadh chearta an duine agus chearta oibrithe a bheith ina choinníoll chun ceanglais na tacsanomaíochta a chomhlíonadh. Tá sé ríthábhachtach go gcloífear le comhaontuithe comhchoiteanna agus le sásraí comhchinntiúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus Eorpach faoi seach agus ba cheart gur prionsabal DNSH (3) a bheadh ann. Ba cheart a mheas go bhfuil treoirlínte a bhfuil tionchair shóisialta dhearfacha acu, atá bunaithe ar chomhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta, ar aon dul leis an tacsanomaíocht. Ní mór a chur san áireamh go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir leibhéal an chumhdaigh cómhargála i measc na mBallstát agus gur thit sé i 22 Bhallstát, fadhb ar a tugadh aghaidh uirthi sa Treoir maidir le pá íosta. |
1.5. |
Tá CESE ag áitiú ar na reachtóirí páirt iomlán a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta i ndearadh na tacsanomaíochta sóisialta, óir déanann sé difear dóibh agus ní mór dóibh oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh, agus d’fhonn a n-úinéireacht a choimirciú. Ceistíonn CESE ró-úsáid gníomhartha tarmligthe i réimse na tacsanomaíochta, óir tá raon leathan ceisteanna polaitiúla i gceist. Is é is aidhm don tacsanomaíocht trédhearcacht a chur ar fáil d’infheisteoirí, do chuideachtaí agus do thomhaltóirí. Amach anseo, ba cheart measúnú agus plé cuí a dhéanamh ar an úsáid a d’fhéadfadh institiúidí rialtais a bhaint aisti mar thagairt do chláir chabhrach agus chistiúcháin. Níor mhór aon úsáid níos leithne a bheith faoi réir an phróisis cinnteoireachta iomchuí. Ní mór cur isteach míchuí ar reachtaíocht náisiúnta agus ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a chosc. Ar deireadh, ní mór an sciúradh sóisialta a sheachaint. Ba cheart sásraí gearáin a chur ar fáil le haghaidh ceardchumann, comhairlí fostaithe, eagraíochtaí tomhaltóirí agus ionadaithe eile na sochaí sibhialta eagraithe agus na húdaráis inniúla náisiúnta a dhéanamh níos freagraí as a gcúraimí maidir le rialú a dhéanamh. |
1.6. |
Is mian le CESE a chur i bhfios go bhfuil tuilleadh sochar ag baint le tacsanomaíocht shóisialta. Ar an gcéad dul síos, ba cheart tacaíocht a thabhairt don éileamh atá ag dul i méid ar infheistíocht a dhíríonn ar ghnéithe sóisialta, trí thacsanomaíocht iontaofa a chur ar fáil, ar coincheap comhleanúnach é chun an inbhuanaitheacht shóisialta a thomhas. Ar an dara dul síos, b’fhéidir gurbh ionann gníomhaíochtaí atá díobhálach ar bhonn sóisialta agus rioscaí eacnamaíocha agus d’fhéadfadh tacsanomaíocht iad sin a íoslaghdú. Ar an tríú dul síos, tá an trédhearcacht ríthábhachtach d’éifeachtúlacht na margaí caipitil, agus d’fhéadfadh sí rannchuidiú leis an margadh sóisialta inmheánach freisin, amhail a leagadh amach in Airteagal 3 CFAE. Chothódh sí cothrom iomaíochta, bheadh sí ina bac ar an iomaíocht éagórach agus chuirfeadh sí le hinfheictheacht na gcuideachtaí agus na n-eagraíochtaí a rannchuidíonn leis an inbhuanaitheacht shóisialta. Ar an gceathrú dul síos, ba cheart don Aontas tógáil ar a chuid buanna agus tréaniarracht a dhéanamh bheith ina dhea-eiseamláir agus ina cheannródaí san inbhuanaitheacht comhshaoil agus shóisialta. Ba cheart an díospóireacht ar ghníomhaireacht rátála AE a athsheoladh Iarrann CESE an athuair freisin go ndéanfaí rialáil agus maoirseacht cheart ar sholáthraithe sonraí airgeadais agus seach-airgeadais. |
1.7. |
Tarraingíonn CESE aird ar dhúshláin bhreise freisin, agus réitigh fhéideartha orthu. Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh foriamh margaidh a bheith ina ábhar imní. Mar sin féin, bunaítear infheistíochtaí ar chritéir eile freisin, amhail toradh ionchais, a d’fhéadfadh na spriocanna inbhuanaitheachta a shárú, agus is minic sineirgí idir leasanna infheisteoirí agus leasanna geallsealbhóirí eile. I gcás ar bith, níor mhór a mheas nach díobhálach é gan ceanglais na tacsanomaíochta a chomhlíonadh, agus ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún an méid sin a shoiléiriú. Ba cheart an bhéim ar thionchar na hinfheistíochta inbhuanaithe ar ghníomhaíochtaí an fhíorgheilleagair a fheabhsú. Ar an dara dul síos, beidh an sainiú ar an méid ba cheart a chuimsiú sa tacsanomaíocht ina chonspóid. Is é sin go díreach an fáth ar cheart an próiseas sainithe a bheith faoi réir díospóireacht agus cinnteoireacht dhaonlathach. Sa tslí sin, d’fhéadfaí coincheap comhchoiteann agus iontaofa maidir leis an inbhuanaitheacht a fhorbairt, coincheap a bhféadfadh agus ar cheart do na gníomhaithe éagsúla tagairt dó. Beidh mar a éireoidh leis an tacsanomaíocht nasctha lena hinchreidiúnacht, agus ní mór do na gníomhaíochtaí a chuimseofar inti sainmhíniú ar thacsanomaíocht a nglactar leis go forleathan a shásamh. Ar an tríú dul síos, d’fhéadfadh ceanglais tuairiscithe bhreise a bheith ann mar thoradh ar thacsanomaíocht shóisialta. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na ceanglais sin a íoslaghdú, agus forluíonna a sheachaint freisin. D’fhéadfadh comhairleoireacht agus seirbhísí tacsanomaíochta arna gcur ar fáil ag gníomhaireacht atá údaraithe de réir an dlí a bheith úsáideach, go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide, comharchumainn agus samhlacha gnó neamhbhrabúsacha. Ina theannta sin, ba cheart institiúidí airgeadais a spreagadh measúnuithe a chur ar fáil ar thionchair shóisialta infheistíochtaí, mar atá á dhéanamh faoi láthair ag bainc atá bunaithe ar luachanna eiticiúla ar fud an domhain. |
2. Cúlra na tuairime
2.1. |
Ba cheart do chreat AE maidir le maoiniú inbhuanaithe cuidiú chun sreafaí airgeadais príobháideacha a dhíriú i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe. Is é atá i bplean gníomhaíochta 2018 maidir le maoiniú inbhuanaithe, tacsanomaíocht, córas um nochtadh le haghaidh cuideachtaí, agus uirlisí infheistíochta, lena n-áirítear tagarmharcanna, caighdeáin agus lipéid. I straitéis athnuaite 2021 um maoiniú inbhuanaithe, dírítear ar aistriú inbhuanaitheachta an fhíorgheilleagair a mhaoiniú, agus ar an ionchuimsitheacht, an athléimneacht, rannpháirtíocht earnáil an airgeadais agus spriocanna domhanda. Laistigh den chreat sin, rinne an tAontas Eorpach obair ar thionscnaimh reachtaíochta éagsúla a bhfuil príomhról ag tacsanomaíocht AE iontu. Tagraíonn CESE dá thuairimí ar an ábhar sin (4). |
2.2. |
Ba cheart do thacsanomaíocht AE trédhearcacht le haghaidh infheisteoirí agus cuideachtaí a sholáthar agus tacaíocht a thabhairt dóibh maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe a shainaithint. Is é atá sa Rialachán córas aicmithe a dhíríonn ar sé chuspóir comhshaoil sna réimsí seo a leanas: maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide, an t-uisce, an bhithéagsúlacht, cosc ar thruailliú agus an geilleagar ciorclach. Maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe chomhshaoil, níor mhór go rannchuideodh sí go suntasach le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sin a bhaint amach, nach ndéanfadh sí dochar suntasach d’aon cheann díobh (an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”), agus go gcomhlíonfadh sí tairsí feidhmíochta (a dtagraítear dóibh mar chritéir scagtha theicniúla). Ní mór na coimircí íosta sóisialta agus rialachais a bheith á gcomhlíonadh aici freisin (Airteagal 18). Dá réir sin, ní mór do chuideachtaí nósanna imeachta a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíocht ailínithe le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta (FINanna), Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair agus an Bille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine. |
2.3. |
Faoi Airteagal 26 den Rialachán tugtar sainordú don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú faoi dheireadh 2021 ina bhfuil cur síos ar na forálacha a bheadh ag teastáil chun a raon feidhme a leathnú chun “cuspóirí inbhuanaitheachta eile a chumhdach, amhail cuspóirí sóisialta”. Léiriú atá sa mhéid sin gur beartaíodh a raon feidhme a leathnú, cé nach bhfuil tacsanomaíocht shóisialta a chur chun feidhme leagtha síos fós mar riachtanas. I gcomhréir leis an Rialachán, leagadh mar chúram ar fhoghrúpa an Ardáin maidir leis an tacsanomaíocht shóisialta féachaint an bhféadfaí an tacsanomaíocht a leathnú chuig cuspóirí sóisialta. D’eisigh an foghrúpa sin a thuarascáil deiridh maidir leis an tacsanomaíocht shóisialta i mí Feabhra 2022 (5), níos déanaí ná mar a fógraíodh, agus táthar ag súil go ndéanfaidh an Coimisiún a thuarascáil a tharraingt suas bunaithe ar an méid sin. Ina theannta sin, iarrann sé ar an Ardán comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le feidhmiú Airteagal 18, i.e. treoir a thabhairt maidir leis an tslí a bhféadfadh cuideachtaí na coimircí íosta a chomhlíonadh, agus féachaint ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith le ceanglais an airteagail a fhorlíonadh. |
2.4. |
Molann an tArdán struchtúr maidir le tacsanomaíocht shóisialta laistigh de thimpeallacht reachtach reatha AE maidir le maoiniú agus rialachas inbhuanaithe. I gcás tacsanomaíocht shóisialta a bheith á cur chun feidhme, d’fhorálfaí le forálacha eile do thírdhreach rialaitheach, lena n-áirítear an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach, treoir a thiocfaidh in áit na Treorach maidir le Faisnéis Neamhairgeadais agus lena dtionscnófar caighdeáin éigeantacha AE maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta, an Rialachán maidir le Nochtadh Maoiniú Inbhuanaithe, agus an Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach. Go háirithe, faoin Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach a bheartaítear, ceanglófar ar chuideachtaí aghaidh a thabhairt ar bheart faisnéise maidir le hábhair shóisialta agus tuairisciú maidir le himthosca rialachais agus meastar go bhfeabhsófar an nochtadh i ndáil le cúrsaí sóisialta. Ar an ábhar sin, ba chomhlánú tábhachtach é ar thacsanomaíocht shóisialta a bhféadfar na cúrsaí sin a thomhas agus a mheas ina coinne. |
2.5. |
Ainneoin roinnt difríochtaí, molann an tArdán cloí le gnéithe struchtúracha na tacsanomaíochta comhshaoil. Tá trí mhórchuspóir á moladh aige, mar aon le fochuspóirí. San áireamh sa chuspóir maidir le hobair chuibhiúil tá fochuspóirí amhail an t-idirphlé sóisialta a neartú, an chómhargáil a chur chun cinn, agus íosphá maireachtála lena ráthófar saol cuibhiúil. San áireamh sa chuspóir maidir le caighdeán maireachtála leordhóthanach tá táirgí sláintiúla agus sábháilte, cúram sláinte ar ardchaighdeán agus tithíocht ar ardchaighdeán, agus sa chuspóir maidir le pobail ionchuimsitheacha agus inbhuanaithe, ba cheart comhionannas agus fás ionchuimsitheach a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt do shlite beatha inbhuanaithe. Tagraíonn na coimircí íosta atá molta do spriocanna comhshaoil, rialtais agus sóisialta chun neamhréireachtaí a sheachaint, amhail cuideachta atá i mbun gníomhaíochtaí inbhuanaithe a bheith bainteach le sáruithe ar chearta an duine. Thairis sin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na geallsealbhóirí ábhartha, go háirithe lucht saothair an eintitis agus oibrithe slabhra luacha, na húsáideoirí deiridh agus na pobail lena mbaineann. Moltar critéir an phrionsabail “gan dochar suntasach a dhéanamh” a bhaineann leis an réimse sóisialta agus gníomhaíochtaí díobhálacha a liostú freisin. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Iarrann CESE go mbeadh beartas eacnamaíoch ann a bheadh comhsheasmhach leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus leis na SDGanna. Ní mór díriú go cothrom ar phríomhchuspóirí beartais, go háirithe ar inbhuaine comhshaoil, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, lánfhostaíocht agus obair ardcháilíochta, dáileadh cothrom, sláinte agus cáilíocht saoil, an comhionannas inscne, cobhsaíocht airgeadais, cobhsaíocht praghsanna, trádáil chothrom bunaithe ar struchtúr tionsclaíoch agus eacnamaíoch atá cóir agus iomaíoch, agus airgeadas poiblí cobhsaí. Ina theannta sin, tarraingíonn CESE aird ar an gclár oibre don inbhuanaitheacht iomaíoch ina gcuirtear a cheithre ghné – inbhuanaitheacht comhshaoil, táirgiúlacht, cothroime agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch – ar bhonn chothrom d’fhonn éifeachtaí atreisithe agus aistriú rathúil glas agus digiteach a bhaint amach (6). I bhfianaise an chogaidh san Úcráin mar thoradh ar ionsaí na Rúise, cuireann CESE i bhfáth go bhfuil sé á iarraidh go mbeadh beartas eacnamaíoch cothromaithe ann a chuidíonn chun na tionchair eacnamaíocha agus shóisialta a mhaolú, agus tugann sé aird ar an ráiteas i mBunreacht 1919 EIS nach bhfuil sé indéanta síocháin uilíoch mharthanach a bhunú mura mbunaítear ar an gceartas sóisialta í. |
3.2. |
Tarraingíonn CESE aird ar choincheap na tacsanomaíochta sóisialta, agus é de chuspóir aige díospóireacht a spreagadh agus feasacht a ardú. Tá CESE ag labhairt amach ar son tacsanomaíocht shóisialta a bheidh inmharthana ó thaobh cúrsaí oibríochtúla de agus slán mar choincheap, chun na deiseanna suntasacha a fhíorú agus dúshláin éagsúla a shárú ag an am céanna (féach thíos). Díreach cosúil leis an mbeartas eacnamaíoch i gcoitinne, ba cheart coincheap na hinbhuanaitheachta maoiniúcháin agus, go háirithe, tacsanomaíocht AE a bheith ailínithe le cur chuige iomlánaíoch agus ilghnéitheach agus ba cheart an inbhuanaitheacht comhshaoil, shóisialta agus rialachais a chur ar comhchéim. Thairis sin, is féidir leis an aistriú glas dochar a dhéanamh i dtéarmaí sóisialta. Dá bhrí sin, tá gá le caighdeáin a chosaint agus a fheabhsú sa réimse sóisialta, agus béim á leagan ar gan aon duine a fhágáil ar lár. Chun aistriú cóir a bhaint amach, beidh dálaí sóisialta inbhuanaithe ag teastáil, agus d’fhéadfadh tacsanomaíocht shóisialta treoirlínte a sholáthar. |
3.3. |
Feictear do CESE go bhfuil tacsanomaíocht shóisialta ina comhlánú tábhachtach agus riachtanach ar ghné shóisialta AE, agus iarrann sé ar an gCoimisiún an tuarascáil a fhoilsiú in am trátha, amhail a iarradh in Airteagal 26. Ba cheart cloí leis an gcur chuige il-leibhéil agus ilchineálach sa tuarascáil ón Ardán. Mar sin féin, d’fhéadfadh iarracht a dhéanamh foirfeacht a bhaint amach, mar aon le cuimsiú ghnéithe uile na hinbhuanaitheachta sóisialta moill mhór a chur ar chur chun feidhme na tacsanomaíochta sóisialta, agus bheadh baol ann b’fhéidir go ndéanfaí an tionscadal i gcoitinne a chaitheamh i leataobh. Ar an ábhar sin, molann CESE tús a chur go tráthúil leis an bpróiseas le treoirlínte a bheidh simplí agus soiléir agus le nósanna imeachta éasca maidir le trédhearcacht agus leanúint den mhéid sin a chomhlánú céim ar chéim. Maidir leis an ngaolmhaireacht idir an tacsanomaíocht chomhshaoil agus tacsanomaíocht shóisialta, ba cheart comhleanúnachas agus dlúthchomhtháthú an dá chur chuige a bheith mar sprioc. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go bhfeilfeadh coimircí íosta frithpháirteacha mar chéad chéim. |
3.4. |
Is díol sásaimh do CESE gur fhoilsigh an tArdán dréacht dá thuarascáil maidir le hAirteagal 18 den Rialachán chun comhairle a chur ar chuideachtaí maidir le conas ceanglais an airteagail a chur chun feidhme agus lena bhféadfaí é a leasú, b’fhéidir. I gcomhthéacs na hinbhuanaitheachta sóisialta go háirithe, tá sé ríthábhachtach feidhmíocht iarbhír chuideachta a mheasúnú maidir le cearta an duine, caidreamh tionsclaíoch agus obair chuibhiúil. Mar sin féin, cé gur díol sásaimh iad coimircí íosta na tacsanomaíochta comhshaoil agus gur cheart iad a chur chun feidhme go críochnúil, ní ghlacfaidís áit na tacsanomaíochta sóisialta riamh. Ní leor iad chun inbhuanaitheacht shóisialta a áirithiú le haghaidh oibrithe, tomhaltóirí agus pobal (7). Thairis sin, molann CESE comhoibriú leis na comhpháirtithe sóisialta áitiúla, le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le fiontair shóisialta chun faireachán a dhéanamh ar thionchar dearfach na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha ar gheallsealbhóirí agus chun an tionchar sin a chur chun cinn. |
3.5. |
Beidh breis tábhachta leis an tacsanomaíocht shóisialta má tá sí ina cuid de bheartas foriomlán a bheidh dírithe i dtreo inbhuanaitheacht shóisialta, agus rialacha iomchuí ag gabháil léi, mar shampla, dícheall cuí maidir le cearta an duine. Mar sin féin, ní thiocfaidh sí in ionad rialú fónta agus beartas sóisialta riamh. Is rud bunúsach é i gcónaí cúrsaí leasa shóisialta a bheith á maoiniú le caiteachas rialtais agus córais chobhsaí slándála sóisialta. Níor cheart don tacsanomaíocht feidhmiú mar uirlis maidir le plódú nó príobháidiú. Bíonn ról ríthábhachtach ag an infheistíocht phoiblí i réimse na seirbhísí poiblí i gcónaí, agus is minic a spreagtar tuilleadh infheistíocht phríobháideach léi. Mar sin féin, d’fhéadfadh an tacsanomaíocht shóisialta critéir inbhuanaitheachta a sholáthar i réimsí amhail an bonneagar, an tsláinte, an t-oideachas, an oiliúint agus tithíocht shóisialta, le haghaidh aon infheisteoirí d’fhonn infheistíochtaí atá inbhuanaithe go sóisialta a chumasú san fhíorgheilleagar agus an sciúradh sóisialta a sheachaint. Amach anseo, d’fhéadfadh institiúidí rialtais an tacsanomaíocht a úsáid mar thagairt do chláir chabhrach agus chistiúcháin. Ní mór é sin a mheasúnú agus a phlé i gceart. |
3.6. |
Chuirfeadh tacsanomaíocht shóisialta struchtúr mionsonraithe ar fáil ar thionchair shóisialta dhearfacha agus dhiúltacha gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Maidir leis na pointí i dtrácht, baineann roinnt mhaith díobh le hábhair a bhíonn faoi chaibidil de ghnáth idir na comhpháirtithe sóisialta agus i measc eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Iarrann CESE go mbeadh an tsochaí shibhialta eagraithe rannpháirteach go hiomlán i ndearadh na tacsanomaíochta, go háirithe na gcuspóirí agus na bhfochuspóirí, na gcritéar agus na bprionsabal coimirce maidir le “gan dochar suntasach a dhéanamh”. Déanann dearadh na gcuspóirí difear d’fhostóirí, d’fhostaithe, do thomhaltóirí, do gheallsealbhóirí eile agus do phobail agus/nó ceanglófar oibleagáidí orthu maidir le tuairisciú. Cuireann CESE in iúl freisin go léirítear le cistí pinsin gur tairbhithe infheistíochtaí iad fostaithe. Tá rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ríthábhachtach chun úinéireacht a choimirciú. Measann CESE go bhféadfaí tacsanomaíocht shóisialta a chur chun feidhme tríd an Rialachán a athbhreithniú, agus dá bhrí sin, go ndéanfaí gnáthnós imeachta reachtach. Tá amhras ann maidir le ró-úsáid gníomhartha tarmligthe i gcomhthéacs maoiniú inbhuanaithe agus go háirithe maidir leis an tacsanomaíocht a chur chun feidhme, óir dírítear ar raon leathan ceisteanna polaitiúla a bhfuil i bhfad níos mó ná sonraíochtaí teicniúla i gceist leo. |
3.7. |
Leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise i réimse na n-infheistíochtaí atá inbhuanaithe go sóisialta agus an bhréagaisnéis faoin staid shóisialta a chosc, chun tionchair dhiúltacha ar na geallsealbhóirí uile a sheachaint. Rannchuideodh tacsanomaíocht shóisialta dhea-dheartha go mór le fadhbanna den sórt sin a réiteach trí ghníomhaíochtaí agus eintitis a chuireann go mór leis an inbhuanaitheacht shóisialta a léiriú go soiléir. Ba cheart í a bheith ina caighdeán óir agus leibhéal uaillmhéine níos airde a léiriú ná an leibhéal dá bhforáiltear cheana féin sa reachtaíocht, agus go ndéanfaí cothromaíocht a aimsiú idir bheith ródhomhanda agus róchúng. Cé gur ar an eolaíocht is mó a bhunaítear critéir chomhshaoil, is ar chaighdeáin agus ar chreata arna gcomhaontú ar bhonn domhanda is mó a bhraithfeadh tacsanomaíocht shóisialta den sórt atá á mholadh ag an Ardán. Cé nach bhfuil na caighdeáin agus na creata sin forordaitheach, feidhmíonn siad mar threoirlínte chun gníomhaíochtaí sóisialta inbhuanaithe a spreagadh. |
3.8. |
Níor mhór comhlíonadh chearta an duine agus chearta oibrithe a bheith ina choinníoll chun ceanglais na tacsanomaíochta a chomhlíonadh. Mar an gcéanna, tá sé ríthábhachtach go gcloífear le comhaontuithe comhchoiteanna agus le sásraí comhchinntiúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus Eorpach faoi seach agus ba cheart gur prionsabal DNSH a bheadh ann. Thairis sin, ba cheart treoirlínte lena bhforáiltear do nósanna imeachta éasca agus trédhearcacha a bhfuil tionchair shóisialta dhearfacha acu, atá bunaithe ar chomhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta, a bheith ina ngníomhaíocht eacnamaíoch atá comhréireach le tacsanomaíocht. Tá sé tábhachtach a mheabhrú anseo go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir leibhéal an chumhdaigh cómhargála i measc na mBallstát (7 % sa Liotuáin agus 98 % san Ostair). Ó 2000 i leith, tá cumhdach na cómhargála tite i 22 Bhallstát agus meastar go gcumhdaítear 3,3 milliún níos lú oibrithe anois le comhaontú cómhargála. Tá ról tábhachtach ag an Treoir nua maidir le pá íosta agus síneadh a chur le cur i bhfeidhm na gcomhaontuithe cómhargála agus an tacsanomaíocht shóisialta á cur chun feidhme (8). Ina theannta sin, molann CESE comhairle shoiléir a thabhairt ar an ngníomh reachtach a bheartaítear maidir le coimircí íosta a chur chun feidhme, ag brath b’fhéidir ar an tuarascáil ón Ardán maidir le hAirteagal 18 den Rialachán. |
3.9. |
Is féidir le noirm agus prionsabail éagsúla idirnáisiúnta agus AE a bheith mar bhonn don tacsanomaíocht shóisialta. Maidir leis na cuspóirí agus fochuspóirí, tá CESE á mholadh go dtagrófaí do cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus don phlean gníomhaíochta a bhaineann leis agus do na SDGanna ábhartha, go háirithe, SDG 8 (obair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch), SDG 1 (deireadh leis an mbochtaineacht), SDG 2 (saoirse ón ocras), SDG 3 (sláinte agus dea-bhail), SDG 4 (oideachas agus oiliúint), SDG 5 (comhionannas inscne), SDG 10 (na neamhchomhionannais a laghdú) agus SDG 11 (cathracha agus pobail inbhuanaithe). D’fhéadfadh creata arna gcomhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta feidhmiú mar fhoinse thábhachtach freisin. Measann CESE gur smaoineamh ríthábhachtach ón Ardán é coimircí íosta a chur chun feidhme bunaithe ar threoirlínte UNGP agus ECFE. Ina theannta sin, d’fheidhmeodh Cairt Shóisialta na hEorpa, Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus an Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach a bheartaítear mar phointí tagartha fiúntacha le haghaidh tacsanomaíocht shóisialta freisin. Ar deireadh, maidir le gníomhaíochtaí a meastar díobháil shonrach a bheith ag baint leo, is é sin, gníomhaíochtaí atá glan in aghaidh aon chuspóirí inbhuanaitheachta faoi na dálaí uile, agus nach bhfágann bealach ar bith chun maolú ar an díobháil iontu, ba cheart na gníomhaíochtaí sin a eisiamh. Ba cheart airm a cháintear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta, amhail cnuasbhuamaí nó mianaigh fhrithphearsanra, a chur san áireamh anseo. Molann CESE freisin coincheap a fhorbairt chun dul i ngleic le réimis ionsaitheacha agus chogaíocha. |
4. Deiseanna a ghabhann le tacsanomaíocht shóisialta
4.1. |
Molann CESE go mór leas a bhaint as acmhainneacht na tacsanomaíochta chun infheistíocht a dhíriú ar ghníomhaíochtaí agus eintitis atá inbhuanaithe go sóisialta agus chun poist chuibhiúla a chruthú. Tá i bhfad níos mó ná 20 % de shaoránaigh an Aontais i mbaol bochtaineachta, chuir an phaindéim leis na neamhionannais agus éireoidh an teannas eacnamaíoch agus sóisialta níos measa i ngeall ar an gcogadh san Úcráin. Meastar ar bhonn domhanda nach mór thart ar idir USD 3,3 agus 4,5 trilliún in aghaidh na bliana a shlógadh chun na SDGanna a bhaint amach. Maidir le hearraí a tháirgtear trí shárú a dhéanamh ar chearta an duine i réimse an tsaothair, nasctar iad leis an margadh AE ina n-allmhairítear iad. San Aontas Eorpach, tá géarghá freisin le hinfheistíocht shóisialta, mar shampla chun an bhochtaineacht a laghdú, an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chothú agus i gcúrsaí sláinte (9). Meastar gur thart ar EUR 1,5 trilliún a bhí sa bhearna íosta san infheistíocht sa bhonneagar sóisialta idir 2018 agus 2030 (10). Iarrann CESE ar an gCoimisiún meastachán nuashonraithe ar riachtanais infheistíochta a chur ar fáil chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chomhlíonadh agus príomhspriocanna 2030 an Aontais a bhaint amach. Beidh cistí suntasacha poiblí agus príobháideacha ag teastáil chun an inbhuanaitheacht shóisialta a chur chun feidhme. |
4.2. |
Le cabhair ó thacsanomaíocht shóisialta, d’fhéadfadh infheisteoirí agus cuideachtaí measúnú a dhéanamh ar thionchar sóisialta a n-infheistíochta nó a ngníomhaíochta agus a mheas go deonach gur cuspóir ríthábhachtach é sin. Léiríonn CESE gur ag méadú atá an t-éileamh ar infheistíocht a bhfuil claonadh sóisialta ag baint léi agus is geal leis a oscailte atá infheisteoirí do mhaoiniú atá inbhuanaithe go sóisialta. Os a choinne sin, tá an sainmhíniú agus an caighdeánú easnamhach, agus léiríonn anailís ar rátálacha ESG agus aschuir ghaolmhara go mbíonn difríochtaí bunúsacha ann freisin ag brath ar sholáthraí na rátálacha, rud a chruthaíonn deacrachtaí don infheistíocht atá inbhuanaithe go sóisialta. Bheadh an tacsanomaíocht shóisialta ina coincheap comhleanúnach chun inbhuanaitheacht shóisialta a shainiú agus a chur chun cinn agus chun dul chun cinn a thomhas. Tá sé d’acmhainn aici cuntasacht a fheabhsú agus treoir shoiléir a chur ar fáil. Thabharfadh sí tacaíocht chinntitheach dá réir sin d’uaillmhianta infheisteoirí agus d’fhéadfadh sí feidhmiú mar dhreasacht chun go ndéanfadh tuilleadh rannpháirtithe margaidh infheistíocht den sórt sin, agus ag an am céanna, chuideodh sí le cosc a chur ar an sciúradh sóisialta. |
4.3. |
B’fhéidir gurbh ionann gníomhaíochtaí atá díobhálach ar bhonn sóisialta agus rioscaí eacnamaíocha. Bíonn riosca baghcait ann i gcás cuideachta atá bainteach le sárú ar chearta an duine, agus sa chás go ndéantar faillí ar an dícheall cuí maidir le cearta an duine, tá baol ann go n-eisiafar cuideachta ó chonarthaí poiblí. D’fhéadfaí í a tharraingt isteach i ndlíthíocht chostasach freisin de bharr sáruithe ar chearta an duine, nó d’fhéadfaí cur as do na slabhraí soláthair de bharr stailceanna. D’fhéadfadh impleachtaí d’infheistíochtaí freisin a bheith ann i ngeall ar na rioscaí eacnamaíocha agus polaitiúla de bharr na bearna atá ag méadú idir daoine saibhre agus daoine bochta. D’fhéadfaí an tacar rioscaí sin a íoslaghdú trí chinntí infheistíochta a bhunófaí ar thacsanomaíocht shóisialta freisin. Tarraingíonn CESE aird freisin ar ghníomhaíocht an Bhainc Ceannais Eorpaigh chun borradh a chur faoin bhfaireachán a dhéantar ar rioscaí sistéamacha, de bharr faillí ar thosca inbhuanaitheachta, agus a mbainistiú. Cuireann CESE i bhfios gur minic a ghabhann rioscaí sóisialta le rioscaí comhshaoil, mar shampla i gcás ina gcailleann daoine a dtithe de bharr tuilte. Tríd is tríd, ba cheart aghaidh a thabhairt go sainráite ar rioscaí inbhuanaitheachta agus iad a bheith ina gcuid de ghníomhaíocht BCE maidir le rioscaí inbhuanaitheachta. |
4.4. |
Tugann CESE chun suntais freisin go bhfuil an trédhearcacht ina ghné bhunriachtanach d’éifeachtúlacht na margaí. Ní na margaí caipitil amháin atá i gceist. D’fhéadfadh tacsanomaíocht shóisialta feidhmiú freisin mar uirlis chun cothromaíocht idir saoirsí eacnamaíocha agus cearta sóisialta agus saothair a bhaint amach (11). Tríd an trédhearcacht a fheabhsú, d’fhéadfadh sé go gcuirfí leis an margadh inmheánach sóisialta amhail a leagtar amach in Airteagal 3 CFAE agus iomaíocht chóir a chur chun cinn. Ina theannta sin, dhéanfadh an tacsanomaíocht shóisialta cothrom iomaíochta a chothú freisin agus thabharfadh sí breis infheictheachta do na cuideachtaí sin a urramaíonn cearta an duine agus cearta oibrithe. Rannchuideodh sí go suntasach leis an inbhuanaitheacht shóisialta chun infheisteoirí a mhealladh. Neartófaí ról claochlaitheach féideartha na tacsanomaíochta ach feasacht a ardú ina leith. Sa chomhthéacs sin, tugann CESE chun suntais arís an ról dearfach a d’fhéadfadh ionstraimí maoiniúcháin a imirt i bhforbairt cuideachtaí a bhfuil tionchar sóisialta ag baint leo (12). |
4.5. |
Ar deireadh, d’éirigh leis an Aontas Eorpach é féin a bhunú mar cheannródaí sa mhaoiniú inbhuanaithe comhshaoil ar bhonn idirnáisiúnta agus tá sé rannpháirteach go gníomhach san iarracht dhomhanda sin. Is geal le CESE na hiarrachtaí sin, ach meabhraíonn sé don Choimisiún nár mhór an inbhuanaitheacht shóisialta a chur ar aghaidh agus na SDGanna a chur chun cinn freisin. I gcomhthéacs na hinbhuanaitheachta sóisialta freisin, ba cheart don Aontas Eorpach gach iarracht a dhéanamh a bheith ina eiseamláir agus ina cheannródaí tríd an ábhar a ardú i bhfóraim idirnáisiúnta. Tráth cogaidh agus teannais idirnáisiúnta, go háirithe, ní mór do struchtúr idirnáisiúnta um maoiniú inbhuanaithe an inbhuanaitheacht shóisialta a ghlacadh chuige féin freisin. |
5. Dúshláin agus réitigh fhéideartha
5.1. |
Is geal linn go mór rún na n-infheisteoirí airgeadais infheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de a sheoladh agus ní mór tacaíocht a thabhairt dó. Go ginearálta, áfach, is ar ionchais maidir le toradh, riosca, leachtacht agus aibíocht a dhéanann rannpháirtithe na margaí airgeadais a gcinntí infheistíochta. D’fhéadfadh na cúiseanna sin teacht trasna ar leasanna geallsealbhóirí eile agus cur i gcoinne cuspóirí comhshaoil nó sóisialta nó iad a shárú fiú. Mar sin féin, tarraingíonn CESE aird ar roinnt mhaith sineirgí féideartha idir leasanna infheisteoirí agus geallsealbhóirí eile, mar shampla sa chás ina gcuireann rannpháirtíocht bhreise ó oibrithe feabhas ar tháirgiúlacht na gcuideachtaí nó ina gcuireann gníomhaíocht eacnamaíoch le folláine na bpobal. I gcás ar bith, níor cheart a mheas gan mhachnamh go bhfuil gníomhaíochtaí nó eintitis eacnamaíocha nach gcomhlíonann ceanglais na tacsanomaíochta díobhálach. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh ábhair imní a bheith ann maidir le foriamh margaidh, agus iarrann CESE ar an gCoimisiún soiléiriú a chur ar fáil agus cur chuige cothrom a ghlacadh. Ba cheart an bhéim ar thionchar na hinfheistíochta inbhuanaithe ar ghníomhaíochtaí fíorgheilleagair a fheabhsú. |
5.2. |
D’fhéadfadh neamh-chomhoiriúnachtaí teacht chun cinn mar go ndéantar cúrsaí sóisialta a rialáil ar leibhéal na mBallstát agus idir na comhpháirtithe sóisialta, agus go bhféachann an tsochaí shibhialta eagraithe ina hiomláine le bheith rannpháirteach in ábhair shóisialta, chomhshaoil agus in ábhair bheartais eile. Mar sin féin, is geal le CESE an tuarascáil ón Ardán go bhfuil rioscaí ann go sárófaí rialacháin eile, agus glacann sé leis freisin go n-áiritheofar leis an moladh ón gCoimisiún nach mbeidh forluíonna frithráiteacha ann agus nach gcuirfear isteach ar chórais shóisialta náisiúnta, ar an gcaidreamh tionsclaíoch náisiúnta agus ar rialacháin náisiúnta. Ina theannta sin, bheadh tacsanomaíocht shóisialta ag brath ar dhearbhuithe agus prionsabail chomhchoiteanna idirnáisiúnta agus Eorpacha, amhail Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus í ina bonn le haghaidh cinnteoireacht dheonach gan aon bheartas sóisialta ar leith a shonrú. Mar sin féin, níor mhór aon úsáid níos leithne den tacsanomaíocht, de réir mar a luaitear thuas, a bheith faoi réir próiseas cinnteoireachta iomchuí. Ní mór cur isteach míchuí ar an reachtaíocht náisiúnta agus ar neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a chosc, agus ní mór aitheantas a thabhairt do dhifríochtaí sna leaganacha náisiúnta de mhargadh an tsaothair agus de na córais chómhargála. |
5.3. |
Tagann luachanna polaitiúla i gceist freisin agus tacsanomaíocht shóisialta á forbairt, agus forléargas struchtúrtha ar ghníomhaíochtaí agus earnálacha atá inbhuanaithe go sóisialta dá réir. Beidh sé dúshlánach sainiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus/nó earnálacha eacnamaíocha a mheasfar go gcomhlíonann siad na ceanglais tacsanomaíochta. Is é sin go díreach an fáth, áfach, ar cheart dréachtadh tacsanomaíochta a bheith faoi réir díospóireacht pholaitiúil agus cinnteoireacht dhaonlathach (13). Is faoi na dálaí sin amháin a d’fhéadfaí coincheap comhchoiteann den inbhuanaitheacht shóisialta a fhorbairt a bhféadfadh gníomhaithe aonair brath air agus tagairt a dhéanamh dó, agus ar cheart dóibh an méid sin a dhéanamh. Cuireann CESE i bhfáth go mbeidh a mhéid a éireoidh leis an tacsanomaíocht sa réimse sóisialta freisin ag brath ar í a bheith á glacadh go forleathan. Maidir leis na gníomhaíochtaí agus na hearnálacha a chuimseofar, ní mór dóibh sainmhíniú ar an inbhuanaitheacht a nglactar go forleathan leis a chomhlíonadh, agus iad bunaithe ar luachanna a aithnítear go ginearálta, amhail dínit an duine, comhionannas inscne, cothromaíocht, ionchuimsitheacht, neamh-idirdhealú, dlúthpháirtíocht, inacmhainneacht, dea-bhail, agus ilchineálacht. Beidh sé ríthábhachtach creidiúnacht na tacsanomaíochta a chosaint chun nach gcuirfear an tionscadal ina iomláine i mbaol. |
5.4. |
Tá ábhair imní eile ann maidir le tacsanomaíocht shóisialta, go leagfaí ualach rómhór ceanglas tuairiscithe breise ar chuideachtaí, agus nár mhór faisnéis chasta agus dheacair a chur ar fáil, mar aon le nósanna imeachta costasacha iniúchóireachta. Iarrann CESE ar an gCoimisiún na hualaí sin a íoslaghdú agus critéir a tharraingt suas a bheidh simplí agus inbhraite gan stró, agus a thógann ar fhorluíonna le ceanglais tuairiscithe eile freisin. Is geal le CESE cur chuige an Ardáin maidir le cuspóirí na tacsanomaíochta sóisialta a struchtúrú ar bhealach atá cosúil leis an struchtúr atá á mholadh don Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach. Ar an iomlán, iarrann CESE go mbeadh tacar ordúil agus comhsheasmhach rialacha ann, gan an iomarca castachta ná áireamh dúbailte ag baint leo, tacar a oibreoidh go praiticiúil, agus a chuirfidh na riachtanais trédhearcachta ar fáil freisin. Bheadh comhairleoireacht úsáideach, mar aon le soláthar seirbhísí a bhaineann le tacsanomaíocht arna soláthar ag gníomhaireacht atá údaraithe de réir an dlí le haghaidh cuideachtaí agus eagraíochtaí eile ar mhaith leo ceanglais na tacsanomaíochta a chomhlíonadh. Sa tslí sin, d’áiritheofaí freisin go mbeadh rochtain ar an tacsanomaíocht ag cuideachtaí a mbíonn níos lú acmhainní tuairiscithe acu. Mar sin féin, is féidir le hinstitiúidí airgeadais measúnuithe a chur ar fáil fós ar thionchar sóisialta infheistíochtaí, mar atá á dhéanamh faoi láthair ag bainc atá bunaithe ar luachanna eiticiúla ar fud an domhain. |
5.5. |
Cé gurb í aidhm na tacsanomaíochta seo creat iontaofa a chur ar fáil le haghaidh infheistíocht a bheidh inbhuanaithe go sóisialta, ní féidir talamh slán a dhéanamh de nach mbeidh sciúradh sóisialta nó snas glas i gceist. Aontaíonn CESE leis an Ardán nach ionann gealltanais agus beartais a sheiceáil agus a áirithiú go mbeidh an cur chun feidhme éifeachtach agus go ndéanfar cearta an duine a choimirciú, agus nach dtacaíonn an méid sin le gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe go sóisialta a fhorbairt. Tá deacrachtaí móra ann maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcuspóirí inbhuanaitheachta sóisialta ag cuideachta agus leis an gcomhlíonadh sin a fhorfheidhmiú, agus maidir le feidhmíocht na cuideachta a mheasúnú feadh slabhraí soláthair an lae inniu, slabhraí soláthair a bhíonn an-chasta go minic. Ar an taobh eile, tarraingíonn an tArdán aird ar fhorbairtí a mbeadh gealladh fúthu i réimse na sonraí sóisialta inchainníochtúla, amhail i gcomhthéacs an Scórchláir Shóisialta athbhreithnithe agus na SDGanna. Ar an iomlán, ní mór an tacsanomaíocht a bheith trédhearcach, iontaofa agus í a nuashonrú go leanúnach. Molann CESE freisin go gcuirfí comhairlí oibrithe agus eagraíochtaí na sochaí sóisialta, mar shampla, san áireamh ina leith sin. |
5.6. |
Molann CESE an díospóireacht ar ghníomhaireacht rátála AE, a dhíreodh ar an inbhuanaitheacht faoi láthair, b’fhéidir, a athsheoladh agus, sa tslí sin, ról ceannródaíoch an Aontais sa réimse sin a chomhdhlúthú. Iarrann sé an athuair freisin go ndéanfaí rialáil agus maoirseacht cheart ar sholáthraithe sonraí airgeadais agus seach-airgeadais. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le sásraí gearáin le haghaidh ceardchumainn, comhairlí oibrithe, eagraíochtaí tomhaltóirí agus ionadaithe eile na sochaí sibhialta eagraithe sa chás go ndéanfaí éilimh bhréige i gcás chomhlíonadh na tacsanomaíochta. Maidir leis an Rialachán, aithníonn CESE gur faoi na Ballstáit a fhágtar na bearta agus na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe. I gcás ar bith, ba cheart na húdaráis inniúla náisiúnta (14) a dhéanamh níos freagraí as a gcúraimí maidir le rialú a dhéanamh, agus an méid sin a fhorlíonadh le hoibleagáidí tuairiscithe dá bparlaimintí agus don tsochaí shibhialta. |
An Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.
(2) Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe | An Coimisiún Eorpach (europa.eu).
(3) DNSH = “gan dochar suntasach a dhéanamh”.
(4) IO C 517, 22.12.2021, lch. 72.
(5) Tuarascáil Chríochnaitheach maidir leis an Tacsanomaíocht Shóisialta (europa.eu).
(6) IO C 275, 18.7.2022, lch. 50.
(7) IO C 152, 6.4.2022, lch. 97.
(8) Treoir maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach, Airteagal 4(2), comhaontú sealadach. I dtacsanomaíocht shóisialta, ba cheart tacú leis an tairseach íosta 80 % maidir le cumhdach cómhargála a socraíodh chun ceangal a chur ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun an ráta a mhéadú.
(9) Tuarascáil Chríochnaitheach maidir leis an Tacsanomaíocht Shóisialta (europa.eu).
(10) An Coimisiún Eorpach, Boosting Investment in Social Infrastructure in Europe (Borradh a chur faoin Infheistíocht sa Bhonneagar Sóisialta san Eoraip), páipéar plé 074/Eanáir 2018.
(11) IO C 275, 18.7.2022, lch. 50.
(12) IO C 194, 12.5.2022, lch. 39.
(13) Féach thuas, caibidil 3.
(14) Féach an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, Airteagal 21.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/23 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an gCiste Coigeartaithe Aeráide á mhaoiniú tríd an gCiste Comhtháthaithe agus NextGenerationEU
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/04)
Rapóirtéir: |
Ioannis VARDAKASTANIS |
Comhrapóirtéir |
: Judith VORBACH |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
20.1.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
9.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
139/3/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá céimeanna suntasacha á nglacadh ag an Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. I mbeartais aeráide, chomhshaoil agus fuinnimh an Aontais, tá plean fadtéarmach chun cur leis an iarracht cosc a chur leis na tionchair is measa a ghabhann leis an ngéarchéim aeráide atá roimh an domhan. Is féidir nach leor an méid sin, áfach. |
1.2. |
Cé gur suntasach a thiomanta atá an tAontas, is léir cheana féin, ar an drochuair, cuid de na hiarmhairtí a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an nganntanas acmhainní. Dá bhrí sin, tá ar an gcine daonna dul in oiriúint do shaol nua a leithéid nach bhfacthas riamh cheana. Cé go bhfuil an tAontas tiomanta, mar is ceart, do chás níos measa fós a sheachaint, níl sé ullamh, mar sin féin, chun aghaidh a thabhairt ar éigeandálaí aeráide, géarchéimeanna fuinnimh ná tubaistí nádúrtha nach bhfuiltear ag súil leo. |
1.3. |
Ó 2021 i leith, thit dhá éigeandáil shuntasacha amach nach raibh sé d’acmhainn ag sásraí cistiúcháin an Aontais freagairt go sásúil dóibh. An chéad cheann a bhí ann ná an scrios a rinneadh ar fud na hEorpa de dheasca na dtuilte agus na bhfalscaithe a bhí ann le linn shamhradh 2021. An dara ceann a bhí ann ná an ghéarchéim fuinnimh atá ann i gcónaí agus an gá atá ag an Aontas le neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin in 2022. |
1.4. |
Is é Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) sásra reatha an Aontais chun freagairt do thubaistí nádúrtha. Mar sin féin, is lú i bhfad buiséad bliantúil CDAE ná costas an damáiste a rinneadh de bharr na dtubaistí nádúrtha a tharla le déanaí agus is gá méadú ollmhór a dhéanamh air. Is substaintiúla cistí an Aontais le haghaidh an aistrithe ghlais, ach ní chuirtear san áireamh leis sin a phráinní atá an gá atá ag an Aontas faoi láthair le neamhspleáchas fuinnimh ná baol mór na bochtaineachta fuinnimh, mar a leagtar amach i dtuairim SOC/717 ó CESE Ag dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus an athléimneacht san Aontas Eorpach: dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta (1) (níl leagan Gaeilge ann). |
1.5. |
Tá CESE den bharúil go bhfuil sásra nua cistiúcháin ag teastáil ón Aontas, sásra lena bhféadfaí cúnamh láithreach uaillmhianach a chur ar fáil chun cabhrú leis na Ballstáit i gcásanna éigeandála mar a luadh thuas. Dá bhrí sin, tá CESE ag moladh Ciste Coigeartaithe Aeráide nua a chruthú. Ba cheart an cistiú a bhainfeadh leis a atreorú ó chistí de chuid an Aontais atá ann cheana, go háirithe ón gCiste Comhtháthaithe agus ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ach ba cheart é a bhainistiú ar bhealach cuíchóirithe comhleanúnach tríd an gciste nua seo. |
1.6. |
Mar chuid de nuachóiriú na timpeallachta cistiúcháin, d’fhéadfaí an raon feidhme a leathnú, borradh a chur faoi na cláir atá ann cheana, agus cuimhneamh ar NextGenerationEU (NGEU) a úsáid mar theimpléad le haghaidh uirlis chistiúcháin nua. |
1.7. |
I bhfianaise na riachtanas infheistíochta suntasach atá ann, tá CESE ag moladh freisin don Choimisiún féachaint leis an gCiste Coigeartaithe Aeráide a threisiú trí infheistíocht phríobháideach agus ranníocaíochtaí príobháideacha a spreagadh. I gcás sonrach na dtubaistí nádúrtha, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh cumhdach árachais a mhéadú agus a éascú agus an córas árachais a chur chun tairbhe mar mhodh maoinithe dhírigh chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú, go háirithe i limistéir ardriosca, d’fhonn an spleáchas ar thacaíocht chistiúcháin an Aontais a laghdú. |
1.8. |
Caithfidh an Ciste Coigeartaithe Aeráide a bheith oiriúnaitheach agus solúbtha, agus a bheith ullmhaithe le go mbainfear feidhm as chun freagairt do ghéarchéimeanna nua agus dóibh siúd a thiocfaidh chun cinn sna blianta fada amach anseo. |
1.9. |
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh feidhmiú an Chiste Coigeartaithe Aeráide, rud a leagfadh béim ní ba mhó ar fhreagairtí gasta práinneacha, ag teacht le beartais uileghabhálacha aeráide, chomhshaoil, agus fuinnimh an Aontais, rudaí a laghdóidh san fhadtéarma an spleáchas ar fhreagairtí éigeandála agus a thabharfaidh cosaint don chine daonna agus don dúlra araon. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Maidir le comhrac a dhéanamh i gcoinne na géarchéime aeráide, tá CESE á chur in iúl gur thug an tAontas gealltanais déanamh amhlaidh sna gealltanais a tugadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i dtaca le Comhaontú Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a chur chun feidhme. Cé gur cheart tús áite a thabhairt do shrian a chur le cúiseanna an athraithe aeráide i mbeartas aeráide an Aontais, tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá le sásraí láidre sruthlínithe a bheith ar fáil, san am céanna leis na pleananna maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa, chun dul i ngleic leis na héigeandálaí aeráide agus fuinnimh a bhfuil pobal an Aontais ag tabhairt aghaidh orthu cheana féin. |
2.2. |
Is éard atá i bhfís CESE go gcruthófaí Ciste Coigeartaithe Aeráide nua, togra a dtacaíonn roinnt mhaith Feisirí de Pharlaimint na hEorpa leis (2). Ba cheart acmhainní a chur ar fáil don chiste sin le hairgead atá ann cheana sa Chiste Comhtháthaithe agus sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ach ciste aonair a dhéanamh de lena gcuirfí feabhas ar éifeachtúlacht agus ar agaí freagartha agus lena n-éascófaí faireachán láraithe ar na háiteanna is mó a bhfuil gá le cistiú. Ba cheart go gcuirfeadh an sásra le cumas an Aontais tacú leis na Ballstáit freagairt go tapa d’éigeandálaí aeráide, comhshaoil agus fuinnimh. Sa chomhthéacs reatha, bheifí in ann é a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhá cheann de na héigeandálaí is suntasaí atá roimh an Eoraip faoi láthair: téarnamh ó thubaistí nádúrtha atá ag éirí níos coitianta i gcónaí agus an géarghá atá le haistriú chuig fuinneamh glas agus le gluaiseacht i dtreo Eoraip a bheadh neamhspleách ó thaobh fuinnimh de, ach solúbthacht a bheith ann chun géarchéimeanna san am atá le teacht a fhreagairt. |
2.3. |
Tá cistí an Aontais á ndíriú cheana féin ar an aistriú fuinnimh agus ar an téarnaimh ó thubaistí. Tá saincheisteanna éagsúla ann, áfach, a bhaineann óna éifeachtaí atá siad. Maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) atá ann cheana agus a bunaíodh chun cabhrú le pobail teacht slán ó thubaistí nádúrtha, níl sé mór go leor chun freagairt do scála na dtubaistí aeráide nua-aimseartha. Is uaillmhianaí an cistiúchán le haghaidh an aistrithe fuinnimh, ach níl sé leordhóthanach ach oiread, ná baol air. Lena chois sin, rialaítear é trí roinnt cistí éagsúla, rud a mbaineann baol na neamhréireachta nó an fhorluí leis, agus ar bhealach ina measctar cuspóirí práinneacha le spriocanna níos fadtéarmaí maidir leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. I bhfianaise an ghá atá le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a fhorbairt de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, is léir anois a oiread a bhaintear ó chumas an Aontais freagairt go deimhneach d’imeachtaí idirnáisiúnta de dheasca spleáchas fuinnimh na hEorpa ar thíortha naimhdeacha. |
2.4. |
Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go gcruthófaí Ciste Coigeartaithe Aeráide lena bhfreastalófaí ar an gcuspóir sonrach freagairt d’éigeandálaí comhshaoil, aeráide agus fuinnimh atá ar tí tarlú, agus lena gcuideofaí leis an Aontas a chur in oiriúint don saol nua ina bhfuil, faraor, na géarchéimeanna sin ag éirí níos coitianta i gcónaí. Ba cheart an Ciste Coigeartaithe Aeráide a bheith ina chúlchiste, ceann a bheadh ar fáil i gcónaí d’fhonn beart a dhéanamh láithreach bonn le linn tréimhsí a mbeadh géar-riachtanais infheistíochta ann. |
2.5. |
Níor mhór an tsolúbthacht agus an stóinseacht is gá a chur ar fáil leis an gciste ionas go mbeifí in ann infheistíocht thapa uaillmhianach a dhéanamh chun freastal ar riachtanais láithreacha an Aontais agus, san am céanna, a bheith ag teacht i gcónaí le beartais fhadtéarmacha aeráide agus fuinnimh. Ba cheart a thabhairt le chéile ann sciar den chistiú comhtháthaithe atá curtha i leataobh i láthair na huaire le haghaidh saincheisteanna aeráide, CDAE atá ann cheana, agus sciar de chistiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta atá curtha i leataobh le haghaidh athchóirithe comhshaoil. Ach na hacmhainní sin a bheith dírithe ar chiste aonair a mbeadh béim shoiléir ar ghníomhaíocht phráinneach ag baint leis, chuirfí feabhas ar éifeachtúlacht na freagartha agus d’éascófaí an faireachán ar na riachtanais infheistíochta is mó gá. Leis sin, ba cheart gurbh fhearr ab fhéidir airgead a chur gan mhoill chuig an áit is gá. |
2.6. |
D’fhonn an timpeallacht chistiúcháin a nuachóiriú, d’fhéadfaí raon feidhme a na clár atá ann cheana a leathnú agus borradh a chur fúthu. I bhfianaise an leasa choitinn agus an ghéarghá atá le comhrac a dhéanamh i gcoinne an athraithe aeráide agus na n-iarmhairtí tubaisteacha a bhaineann leis, tá béim á leagan freisin ag CESE ar an ngá atá le modh cistiúcháin níos fearr a aimsiú amach anseo. Fiú amháin dá gcuirfí riail óir maidir le hinfheistíochtaí glasa chun feidhme, mar ba cheart, d’fhéadfadh sé nach mbeadh sé d’acmhainn ag roinnt Ballstát an infheistíocht ollmhór is gá a thiomsú gan a n-inbhuanaitheacht fhioscach a chur i mbaol. Dá bhrí sin, tá CESE ag moladh freisin go gcuimhneofaí ar NextGenerationEU (NGEU) a úsáid mar theimpléad chun an Ciste Coigeartaithe Aeráide a chistiú. Ba cheart deontais agus/nó iasachtaí ón sásra sin a scaoileadh ar choinníoll go ndéanfadh an Ballstát nó an réigiún a gheobhadh iad infheistíocht sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus na n-iarmhairtí a bhaineann leis, mar shampla infheistíochtaí a dhéanamh ina dhiaidh sin i bhfuinneamh in-athnuaite agus dícharbónaithe. Ní mór a leithéidí sin de bhearta beartais a nascadh le rannpháirtíocht éigeantach na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ní mór prionsabal na comhpháirtíochta atá cumhdaithe sa bheartas comhtháthaithe a urramú. |
2.7. |
Tá CESE á thabhairt chun suntais nach leordhóthanach leis féin an Ciste Coigeartaithe Aeráide chun déileáil le hiarmhairtí na dtubaistí nádúrtha ná íoc as na costais a bhaineann leis an oiriúnú don athrú aeráide d’fhonn athléimneacht níos fearr a éascú. I ndáil leis sin, tá CESE ag tarraingt aird ar an mbearna cosanta aeráide, is é sin an sciar de na caillteanais eacnamaíocha neamhárachaithe ar thubaistí a bhain leis an aeráid ba chúis leo. Ní rud coitianta fós san Eoraip an t-árachas in aghaidh tubaistí nádúrtha. Ní raibh faoi árachas ann ach tuairim is 35 % de na caillteanais a bhí ann de dheasca tubaistí nádúrtha idir 1980 agus 2017 (3). Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach árachas tubaiste a scrúdú agus a chur chun cinn sna Ballstáit agus scéimeanna árachais náisiúnta a chur chun cinn lena spreagtar úsáideoirí infheistíocht a dhéanamh san oiriúnú, rud a laghdaíonn an brú ar chistí an Aontais agus a spreagann infheistíocht réamhghníomhach. Is féidir le hidirphlé idir geallsealbhóirí agus nuálaíocht maidir le táirgí árachais réitigh aistrithe riosca nua a fhorbairt laistigh den chóras árachais agus athárachais, agus tús áite á thabhairt do chobhsaíocht an mhargaidh airgeadais agus do chosaint tomhaltóirí (4). Ar an gcaoi sin, chuirfí le cumas an Chiste Coigeartaithe Aeráide aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo. |
2.8. |
Tá ról tábhachtach ag cistí an Aontais freisin arb iad foinse an airgid síl iad, rud a mheallann infheistíocht phríobháideach, lena n-áirítear san oiriúnú chun athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú. |
3. An Ciste Coigeartaithe Aeráide ina uirlis téarnaimh agus ullmhachta i gcás tubaistí
3.1. |
I staidéar idirinstitiúideach de chuid an Aontais, léirítear ar bhealach soiléir sothuigthe a phráinní atá sé go rachfar i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Deirtear ann nach féidir leis an bpláinéad méadú níos mó ná 1,5 céim a láimhseáil. Má thagann méadú sa bhreis air sin ar an teocht tar éis 2030, is mó fós triomach, tuilte, teas foircneach agus bochtaineacht a bheidh i ndán do na céadta milliún daoine. Sa chás sin, is é is dóichí go dtiocfaidh deireadh leis na pobail is leochailí atá anois ann (5). |
3.2. |
Is léir anois go bhfuil an tAontas i bhfad ó bheith ullamh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide. In 2021, tharla scrios nach bhfacthas riamh roimhe seo i mBallstáit an Aontais de dheasca tubaistí nádúrtha, lena n-áirítear tuilte marfacha sa Ghearmáin agus i dtíortha Benelux, agus falscaithe tubaisteacha sa Ghréig agus sa Spáinn. I bhfianaise na géarchéime aeráide agus foinsí eile díghrádaithe comhshaoil, is dócha gur gnáthrudaí seachas eisceachtaí a bheidh i scrios agus tubaistí nádúrtha amach anseo. Dá mhéad a dhéanfar bearta éifeachtacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus le díghrádú comhshaoil a chur siar, a lagú nó a sheachaint, is amhlaidh is airde a bheidh na rioscaí. |
3.3. |
Fuair 240 duine ar a laghad bás de dheasca na dtuilte a bhuail iarthar na hEorpa i samhradh 2021 (6). Easáitíodh an t-uafás eile agus chaill na sluaite a dtithe. Sa Ghréig, rinneadh cuntas ar 500 falscaí ar a laghad i rith tonn teasa a bhuail an tír (7). |
3.4. |
Ní hamháin gur ar scála nach bhfacthas riamh cheana a tharla an scrios agus an cailleadh beatha de dheasca tubaistí comhshaoil in 2021, ach b’amhlaidh a bhí sé freisin i dtaca leis an gcostas airgid a thit ar na pobail a bhí thíos leis. In iarthar na hEorpa, measadh gurbh fhiú EUR 38 mbilliún an damáiste a rinneadh de dheasca na dtubaistí (8). Sa Ghréig, bhí ar an bPríomh-Aire pacáiste cúnaimh EUR 500 milliún a fhormheas d’oileán Evia, an réigiún ba mheasa a bhí thíos leis na tinte (9). |
3.5. |
Níl cuid ar bith den domhan saor ó bhagairt na dtubaistí nádúrtha atá ag dul i méid. Ar an dóigh chéanna, níl acmhainní leordhóthanacha ag aon Bhallstát de chuid an Aontais lena leithéidí de dhúshláin ollmhóra a shárú – a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus ábhair chun aghaidh a thabhairt ar thriomaigh, falscaithe agus tuilte nó a mhéid a bhaineann leis an gcistiú atá ag teastáil chun cuidiú leis na limistéir atá buailte téarnamh a dhéanamh. |
3.6. |
Na hinfheistíochtaí ón gCiste Coigeartaithe Aeráide lena ndíreofaí ar fhreagairt do thubaistí nádúrtha, ba cheart go gcomhlánóidís an caiteachas leanúnach ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ar ullmhúcháin le haghaidh tubaistí agus ar thubaistí a chosc. Tá gá le hinfheistíocht ollmhór chun athléimneacht a chruthú i gcoinne thionchair an athraithe aeráide, mar shampla infheistíocht i dtógáil cladán, foirgnimh atá frithsheasmhach in aghaidh tuilte, cosaint ar chreimeadh cósta, trealamh chun faireachán a dhéanamh ar fhalscaithe agus chun iad a shrianadh, agus teicneolaíocht chun cabhrú le huisce úr a shábháil agus a stóráil i limistéir atá buailte ag triomaigh, i measc nithe eile nach iad. Cé gur cheart go bhfeidhmeodh cistí struchtúracha agus infheistíochta ar bhonn ex ante chun damáiste a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú, ba cheart Ciste Coigeartaithe Aeráide a bheith ann chun freagairt go tapa i gcásanna nár éirigh leis na bearta coisctheacha sin cosc a chur ar dhamáiste áirithe. |
3.7. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le sásra tacaíochta i bhfad níos láidre ná an sásra atá i bhfeidhm faoi láthair chun iarmhairtí na géarchéime aeráide a thuar. Tá teorainn EUR 500 milliún in aghaidh na bliana le buiséad iomlán CDAE (10). Ó cuireadh chun feidhme é in 2002, tá tacaíocht tugtha ag CDAE do 28 dtír Eorpacha éagsúla agus EUR 7 mbilliún curtha ar fáil aige (11). Is éacht mór é sin, ach níor leor ar chor ar bith é chun íoc as an damáiste a rinneadh de dheasca tubaistí nádúrtha in 2021 amháin, gan trácht ar bhliain ar bith eile. |
3.8. |
I gcás tubaiste nádúrtha, tá riosca níos airde ann maidir le beatha daoine a chailleadh i measc grúpaí áirithe nach féidir leo na limistéir atá buailte a fhágáil go héasca. Is amhlaidh atá go háirithe do dhaoine scothaosta, do dhaoine faoi mhíchumas, agus do leanaí. Ní mór infheistíochtaí a spriocdhíriú lena chinntiú go mbeidh an trealamh agus an cúltaca oibrithe tarrthála breise is gá ag na seirbhísí éigeandála chun cabhair a thabhairt do gach duine a bhfuil aird ar leith ag teastáil uaidh. Tá sé níos deacra do dhaoine a bhfuil níos lú acmhainní acu áit a fhágáil, mar gheall ar an gcostas a bhaineann le cóiríocht mhalartach a fháil agus mar gheall ar an rochtain theoranta atá acu ar mhodhanna soghluaisteachta pearsanta. Ba cheart go mbeadh sé ar cheann de na haidhmeanna a bheadh leis an gCiste Coigeartaithe Aeráide aghaidh a thabhairt ar an méid sin. |
4. An Ciste Coigeartaithe Aeráide ina chonair i dtreo an aistrithe chuig fuinneamh glas
4.1. |
Tá CESE den bharúil freisin gur cuid eile den choigeartú aeráide is ea an dul in oiriúint do shaol nua an táirgthe fuinnimh inbhuanaithe. I bhfianaise ar thit amach le déanaí, tá dúshláin ollmhóra phráinneacha roimh an Aontas ó thaobh neamhspleáchas fuinnimh de, dúshláin nach raibh súil leo tráth ar dréachtaíodh an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), NGEU agus an creat rialachais eacnamaíoch. I dtaca le plean REPowerEU (12) an Choimisiúin agus leis na Conclúidí ón gComhairle Eorpach, aontaíonn CESE go hiomlán, tar éis don Rúis ionradh a dhéanamh ar an Úcráin, nár láidre riamh an cás ar son an neamhspleáchais fuinnimh, lena n-áirítear foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt. |
4.2. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur gá béim a leagan ar a bhféadfaí a bhaint amach ó thaobh an tsoláthair fuinnimh a mhéadú agus an inacmhainneacht fuinnimh a fheabhsú san Aontas le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlais agus dhícharbónaithe, agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú agus an éileamh ar fhuinneamh a laghdú. Cuirfidh sé sin leis an gcosaint ar arduithe praghsanna, rud a chuireann bac ar an bhfás eacnamaíoch, a chuireann leis an neamhionannas, a chothaíonn bochtaineacht fuinnimh, a ardaíonn costais táirgthe agus a chuireann isteach ar iomaíochas an Aontais. Is díol sásaimh ar leith é do CESE an dlús atá á chur le tabhairt isteach na réiteach nuálach hidrigin-bhunaithe agus an leictreachais in-athnuaite atá iomaíoch ó thaobh costais de sa tionscal. |
4.3. |
Is tábhachtaí ná riamh infheistíocht phráinneach uaillmhianach a dhéanamh sa ghluaiseacht i dtreo cineálacha fuinnimh níos glaise arna dtáirgeadh laistigh den Aontas. Cé gur cheart táirgeadh fuinnimh ghlais agus neamhspleáchas fuinnimh a bheith ina spriocanna fadtéarmacha ag an Aontas i gcónaí, i bhfianaise an scéil mar atá sé anois díreach, tá géarghá ag an Aontas le soláthar fuinnimh inacmhainne ó fhoinsí malartacha nach gcuirfeadh isteach ar a chuid spriocanna fuinnimh. Maidir leis an ngéarghá atá le fuinneamh inacmhainne ó fhoinsí malartacha a sholáthar don phobal, b’éifeachtaí agus b’éifeachtúla a d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt air sin leis an gCiste Coigeartaithe Aeráide ná leis na sásraí atá ann cheana. |
4.4. |
Is léir do CESE, agus is léire fós lá i ndiaidh lae, go mbaineann an spleáchas fuinnimh óna láidre atá freagairtí an Aontais do leithéidí na Rúise, rud is léir ó fhreagairt an Aontais don ionradh ar an Úcráin. Ós rud é go bhfuil an tAontas ag brath an iomarca faoi láthair ar ghás na Rúise, tá an bonn á bhaint go mór ó chumas an Aontais agus na mBallstát bearta prasa a dhéanamh gan a gcuid saoránach féin a chur i mbaol an ghanntanais breosla agus na bochtaineachta fuinnimh. Ar an drochuair, ní réiteach inbhuanaithe ná freagrach ó thaobh an chomhshaoil de iad na pleananna gás nádúrtha a fháil ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (13). |
4.5. |
Ba cheart an Ciste Coigeartaithe Aeráide a úsáid chun fuinneamh glas agus dícharbónaithe arna tháirgeadh san Aontas, rud a bhfuil géarghá leis, a chistiú, chun na teicneolaíochtaí atá ann cheana a thabhairt isteach ar bhonn uaillmhianach agus chun infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt teicneolaíochtaí nua d’fhonn geilleagar a bheadh saor ó astaíochtaí a bhaint amach. Tá sé á thathant ag CESE gan faillí a dhéanamh, de dheasca an chogaidh san Úcráin, i misean an Aontais spriocanna comhshaoil agus sóisialta a bhaint amach, óir is ionann iad siúd agus an bhunchloch ar ar féidir neart eacnamaíoch a thógáil san fhadtéarma. |
4.6. |
Tá éagsúlacht ollmhór ann idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis an dul chun cinn atá á dhéanamh chun an tomhaltas fuinnimh a laghdú. In 2018, ní raibh laghdú faoi bhun spriocanna 2020 i dtaca leis an éileamh fuinnimh intíre iomlán déanta ach ag 11 cheann de na 27 mBallstát. Tríd is tríd, tá an tAontas i bhfad ó na spriocanna atá aige do 2030 a bhaint amach, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le hiarrachtaí breise. Ar an dea-uair, tá ardú de réir a chéile tagtha ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite den olltomhaltas deiridh fuinnimh san Aontas. Moladh sa phacáiste “Oiriúnach do 55” 40 % a bhaint amach i gcás sciar na bhfoinsí in-athnuaite den ídiú fuinnimh faoi 2030. Cé go bhfuil éagsúlachtaí móra ann ó thaobh sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh de ar fud an Aontais, is amhlaidh atá freisin i gcás an acmhainn fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh, rudaí a bhaineann le srianta buiséadacha agus leagan amach tíreolaíoch na háite. Tá an acmhainn fhótavoltach shuiteáilte in aghaidh an duine íseal go leor i roinnt tíortha, cé go bhfuil acmhainneacht mhór ag baint leis an réimse sin. I dtíortha eile, baineann an fuinneamh in-athnuaite sciar mór amach i ngeall ar na féidearthachtaí geografacha fabhracha do stáisiúin hidrileictreacha. |
4.7. |
Beidh na hiarrachtaí chun an t-aistriú chuig fuinneamh glas a bhaint amach fite fuaite le riachtanais chistiúcháin nua. Ní mór na hiarrachtaí sin a dhéanamh ar bhonn práinne i bhfianaise na géarchéime fuinnimh agus an ghá mhéadaithe atá le neamhspleáchas fuinnimh an Aontais. Beidh beart láidir cistithe ag teastáil chun borradh a chur faoi thograí an phacáiste “Oiriúnach do 55” trí spriocanna níos uaillmhéine agus spriocdhátaí níos luaithe a leagan síos maidir le fuinneamh in-athnuaite, cuir i gcás fuinneamh gréine agus gaoithe a thabhairt isteach agus an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. D’fhógair an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige measúnú a dhéanamh ar na riachtanais chistiúcháin sin i gcomhthéacs thograí REPowerEU (14), measúnú a bhunófar ar na riachtanais sna Ballstáit a mhapáil, agus ar cheanglais maidir leis an infheistíocht trasteorann. Is díol sásaimh do CESE an méid sin, ach tá sé á chur in iúl freisin nach leor na huirlisí maoiniúcháin atá ann faoi láthair ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus go bhfuil gá le gníomhaíocht chun an fuinneamh in-athnuaite a réiteach anois. Ba cheart a thuilleadh a chur le caiteachas an Chiste Coigeartaithe Aeráide ar fhuinneamh in-athnuaite freisin ach infheistíocht phríobháideach a mhealladh, agus airgead síl á chur ar fáil leis an gciste. |
4.8. |
Maidir le méadú a dhéanamh ar an infheistíocht chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a fheabhsú, ba cheart déanamh amhlaidh i gcomhréir leis an mbéim ar an aistriú chuig fuinneamh glas agus in-athnuaite. Ionas go n-éireoidh leis, de bhreis ar infheistíochtaí a dhéanfar láithreach bonn tríd an gCiste Coigeartaithe Aeráide, beidh gá ag an Aontas le hinfheistíochtaí suntasacha fadtéarmacha sa taighde agus sa nuálaíocht agus le bealaí nua táirgthe agus ídithe, chun feabhas a chur ar a chumas fuinneamh glan inacmhainne a thairiscint do chách. Is léiriú cheana féin é clár oibre taighde agus nuálaíochta an Aontais ar a thiomanta atá sé don sprioc sin, agus d’fhéadfaí dul chun cinn suntasach a dhéanamh. Mar sin féin, in éineacht leis an mbéim sin ar thaighde, ní mór go mbeidh gealltanas ó na Ballstáit dul i mbun cineálacha táirgthe fuinnimh níos glaise agus feabhas a chur ar a gcumas aistriú a dhéanamh ó mhodhanna táirgthe fuinnimh traidisiúnta, go háirithe sna Ballstáit sin a bhfuil spleáchas mór ar an ngual acu go fóill. |
4.9. |
Cé gur díol sásaimh do CESE an cistiú atá ann cheana atá tiomnaithe don bheartas aeráide in CAI agus in NGEU, tá sé á chur in iúl freisin go bhfuil athrú tagtha ar na bagairtí comhshaoil is práinní do dhaoine san Aontas ó cruthaíodh na cistí sin agus go bhfuil gá le cur chuige nua. De bhreis ar an gciste nua sin a chruthú, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an timpeallacht chistiúcháin d’fhonn bearnaí maoiniúcháin agus riachtanais bhreise chistiúcháin a shainaithint maidir le gnéithe éagsúla den bheartas aeráide. |
5. Stóinseacht bheartais aeráide agus fuinnimh an Aontais atá ann cheana agus comhlántacht an Chiste Coigeartaithe Aeráide a áirithiú
5.1. |
D’fhreastalódh an Ciste Coigeartaithe Aeráide ar riachtanas an-sonrach nach bhfuiltear ag freastal air ó thaobh chistiú an Aontais de, is é sin le rá cistiú leordhóthanach a bheith ar fáil chun éigeandálaí aeráide, comhshaoil agus fuinnimh a fhreagairt go tapa. Mar sin féin, ní mór an ciste sin a bheith comhsheasmhach agus comhleanúnach le beartais uileghabhálacha an Aontais sna réimsí céanna. |
5.2. |
Is saincheist chórasach í an ghéarchéim aeráide nach mbaineann teorainneacha léi, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le hathrú córasach ar an gcaoi a bhfeidhmíonn an geilleagar agus a fhágann go bhfuil sé ríthábhachtach go ngabhfaidh na rialtais orthu féin tabhairt faoi réitigh chórasacha in áit aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na faidhbe agus orthu sin amháin. |
5.3. |
Is measa fós an fhadhb óir is ann do dhifríochtaí ollmhóra maidir leis an mbaint atá ag daoine aonair agus grúpaí leis an bhfadhb agus maidir leis an difear a dhéanann an fhadhb dóibh. Baineann na difríochtaí sin le loirg charbóin, agus éagsúlacht shuntasach go leor ann san Aontas ó thaobh astaíochtaí CO2 per capita de ó Bhallstát go Ballstát agus ó réigiún go réigiún. Feictear difríochtaí freisin i dtaca le tionchar an athraithe aeráide, an cumas dul in oiriúint do na dúshláin agus dul i ngleic leo agus, ar deireadh, tionchair bhearta an bheartais aeráide agus na n-athruithe struchtúracha suntasacha atá le teacht. |
5.4. |
Tá difríochtaí móra san Aontas ó thaobh tionchair aeráide de ó Bhallstát go Ballstát agus laistigh de na Ballstáit féin, de réir leagan amach tíreolaíoch na háite agus staid agus struchtúr gheilleagar na háite. Mar shampla, tá cónaí ar 7 % de dhaonra an Aontais i gceantair a mbíonn baol mór tuilte iontu agus, os a choinne sin, os cionn 9 % den daonra i gceantair nach mbíonn báisteach iontu 120 lá sa bhliain. |
5.5. |
Má tá aistriú cóir le baint amach, tá gá freisin le dálaí sóisialta inbhuanaithe i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh cur chuige iomlanaíoch i dtaca leis an inbhuanaitheacht comhshaoil agus tá aird á tarraingt aige ar an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, rud lena mbunaítear sé chuspóir comhshaoil: maolú ar an athrú aeráide, úsáid inbhuanaithe agus cosaint an uisce agus acmhainní muirí, an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach, cosc agus rialú ar thruailliú, agus an bhithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú. |
5.6. |
I bhfianaise an bhuiséid formheasta os cionn EUR 330 billiún a bhaineann leis sa chlárthréimhse atá ann faoi láthair, is é an beartas comhtháthaithe an uirlis infheistíochta comhpháirtí is mó agus is tábhachtaí atá san Eoraip agus, dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach aige maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. I dtaca leis na difríochtaí laistigh de na Ballstáit agus ó cheann amháin go ceann eile, rudaí arb é an aidhm atá leis an mbeartas comhtháthaithe aghaidh a thabhairt orthu, is mór is dócha freisin go mbíonn tionchar orthu ag an athrú aeráide agus na hiarmhairtí a ghabhann leis. Ó thaobh an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta de, leagtar béim láidir ann ar an aeráid freisin. Cé gur léir an tiomantas don infheistíocht, tá gá le léargas soiléir struchtúrtha a thabhairt ar na cistí Eorpacha atá dírithe ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide agus ar an gcaoi a ndéantar iad a bhainistiú. |
5.7. |
Tá béim á leagan ag CESE freisin ar a thábhachtaí atá sé go dtabharfadh údaráis áitiúla agus réigiúnacha gealltanas soiléir polaitiúil maidir le spriocanna aeráide a bhaint amach. Tá géarghá le dlús a chur leis an idirphlé il-leibhéil idir na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i dtaca le bearta náisiúnta maidir leis an athrú aeráide a phleanáil agus a chur chun feidhme ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, i dtaca le rochtain dhíreach na n-údarás áitiúil ar chistiú, agus i dtaca le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mbeart arna nglacadh. Ní mór na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta eagraithe a bheith rannpháirteach sa phróiseas sin chun cur chuige cothrom a chosaint, agus leasanna na ngrúpaí uile á n-urramú. |
5.8. |
Tá CESE ag tarraingt aird ar an ról lárnach atá ag na comhpháirtithe áitiúla, sóisialta agus réigiúnacha maidir le dul i ngleic le hiarmhairtí an athraithe aeráide. Ar an drochuair, is mór fós idir an tacaíocht a fhaigheann an-chuid de na gníomhaithe sin chun a gcuid gníomhaíochtaí a mhaoiniú agus a mbeadh ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhfuil siad ag déileáil leo. I measc nithe eile nach é, ní mór an Ciste um Aistriú Cóir a neartú chun tacaíocht níos fearr a chur ar fáil. |
5.9. |
Tá CESE á áitiú nach mór an t-aistriú chuig inbhuanaitheacht comhshaoil a bheith cuimsitheach agus i gcomhréir leis na SDGanna agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Sa chomhthéacs sin, ní mór a áireamh ar na príomhchritéir poist ghlasa ardcháilíochta nua a chosaint agus a chruthú agus, ar an gcaoi sin, oiliúint agus bearta sóisialta cuimsitheacha a áirithiú ach earnálacha eacnamaíocha malartacha aeráidneodracha a fhorbairt ar son an phobail réigiúnaigh. Ní mór gur mó an cúiteamh ná na héifeachtaí cúlchéimnitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca bhearta an bheartais aeráide agus na n-athruithe struchtúracha. Ba cheart, cuir i gcás, nasc a thógail idir an soláthar poiblí agus bearta státchabhrach a bhaineann le cuideachtaí agus poist ardcháilíochta a chruthú agus ba cheart aird a thabhairt leo ar chearta oibrithe, caighdeáin chomhshaoil agus oibleagáidí fioscacha. De bhreis air sin, ní mór daoine leochaileacha a chosaint ar thionchar an athraithe aeráide agus an bhochtaineacht fuinnimh a chosc i gcónaí. Ar deireadh, tá CESE ag tarraingt aird ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” ar cuid de thacsanomaíocht an Aontais é, lena sonraítear nach gceadaítear dochar a dhéanamh d’aon sprioc chomhshaoil agus beartais éagsúla á gcur chun feidhme. |
5.10. |
Ós rud é gur gnéithe tábhachtacha den chomhrac i gcoinne na géarchéime aeráide iad an t-oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil, tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh in oideachas inrochtana maidir leis an athrú aeráide agus le saoránacht ghníomhach. Uirlis chumhachtach is ea an t-oideachas inbhuanaitheachta, rud a chuireann ar chumas daoine óga páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir leis an gcruth ba cheart a chur ar bheartas aeráide nithiúil. Is ag dul i méid i gcónaí atá an t-aitheantas a thugtar do thábhachtach an oideachais agus na hoiliúna sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/opinions-information-reports/opinions/tackling-energy-poverty-and-eus-resilience-challenges-economic-and-social-perspective. (Féach leathanaigh 88 den Iris Oifigiúil seo).
(2) Regional development MEPs suggest to set up a Climate Change Adaptation Fund [Moladh ó Fheisirí an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach Ciste um Oiriúnú don Athrú Aeráide a chur ar bun] | Nuacht | Parlaimint na hEorpa.
(3) Economic losses from climate-related extremes in Europe [Caillteanais eacnamaíocha a tharla san Eoraip de dheasca teagmhais fhoircneacha a bhain leis an aeráid] — An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.
(4) Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip aeráid-díonach a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don Athrú Aeráide] COM(2021) 82 final (níl leagan Gaeilge ann), roinn 2.2.3 agus Strategy for financing the Transition to a Sustainable Economy [Straitéis maidir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a mhaoiniú] COM(2021) 390 final (níl leagan Gaeilge ann), Roinn II agus Roinn III, Gníomhaíocht 2 c, deais agus páipéar plé an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) maidir leis an mbearna cosanta árachais.
(5) Tuarascáil_ESPAS.pdf , lch. 8.
(6) https://www.brusselstimes.com/belgium-all-news/199487/europes-summer-floods-amount-to-worlds-second-most-costly-natural-disaster-of-2021.
(7) https://www.reuters.com/world/europe/greece-starts-count-cost-after-week-devastating-fires-2021-08-09/.
(8) Europe’s summer floods amount to world’s second-most costly natural disaster of 2021 (brusselstimes.com).
(9) https://www.reuters.com/world/europe/greece-starts-count-cost-after-week-devastating-fires-2021-08-09/.
(10) Ciste Dlúthpháirtíochta Aontais.
(11) https://ec.europa.eu/regional_policy/en/funding/solidarity-fund/.
(12) Plean REPowerEU, COM(2022) 230 final.
(13) U.S., EU strike LNG deal as Europe seeks to cut Russian gas | Reuters.
(14) COM(2022) 230 final.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/30 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Criptea-shócmhainní — Dúshláin agus deiseanna
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/05)
Rapóirtéir: |
Philip VON BROCKDORFF |
Comhrapóirtéir: |
Louise GRABO |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
24.3.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
09.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
22.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
148/0/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Agus an méadú atá ag teacht ar chaipitliú an mhargaidh criptea-shócmhainní á thabhairt dá uídh aige, tacaíonn CESE go láidir leis an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Rialachán maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní (MiCA), arb é is aidhm dó criptea-shócmhainní laistigh den Aontas Eorpach a rialáil. Is éard a lean as an togra sin gur tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú polaitiúil sealadach an 30 Meitheamh 2022 (1). |
1.2. |
Tá CESE ag iarraidh freisin go mbeadh creat rialála agus oibríochtúil stóinsithe ann ar mhaithe le rianú airgeadais níos fearr a dhéanamh ar idirbhearta agus le comhlíonadh cánach na gcriptea-shócmhainní a fheabhsú. |
1.3. |
Molann CESE go láidir gur cheart do na húdaráis cloí leis an bprionsabal “gníomh céanna, rioscaí céanna, rialacha céanna”. Chuige sin, is gá tógáil ar na creataí rialála atá ann cheana ionas go gcuimseofar iontu idirbhearta gnó i gcriptea-shócmhainní a mbaineann priacail leo atá comhchosúil leis na priacail a thagann chun cinn i gcás idirbhearta traidisiúnta. Creideann CESE gur gá é sin a dhéanamh ar mhaithe lena áirithiú nach mbeidh neamhshiméadrachtaí idir seirbhísí agus sócmhainní atá comhchosúil le chéile ach a d’fhéadfadh teacht faoi chreataí éagsúla mar gheall ar phointí teicniúla. |
1.4. |
Caithfidh creat rialála le haghaidh criptea-shócmhainní a bheith comhsheasmhach ní hamháin taobh istigh den Aontas ach ó dhlínse go chéile freisin. Ba cheart caighdeáin atá bunaithe ar chothrom na Féinne a leagan síos taobh istigh den Aontas agus taobh amuigh de chun custaiméirí a chosaint. Tacaíonn CESE leis an Rialachán maidir le hAistriú Cistí (2), cé go mbaineann roinnt gnéithe de le hidirbhearta nach idirbhearta traidisiúnta airgeadais iad. Ag an am céanna, áfach, tacaíonn CESE leis an nuálaíocht laistigh den Aontas agus, a mhéid a bhaineann le gnáth-tháirgí nach de chineál airgeadais iad agus atá bunaithe ar an teicneolaíocht bhlocshlabhra, tá sé tábhachtach go gcaithfear leo faoi mar a chaitear lena macasamhlacha fisiceacha seachas mar uirlisí airgeadais, agus go gcloífear leis an bprionsabal “gníomh céanna, rioscaí céanna, rialacha céanna”. |
1.5. |
Tugann CESE dá aire, agus is cúis imní dó, iarmhairtí comhshaoil na gcriptea-shócmhainní agus na ngníomhaíochtaí mianadóireachta gaolmhara i bhfianaise na ngealltanas aeráide a thug an tAontas mar chuid den Chomhaontú Glas. Chomh maith leis sin, tá CESE den tuairim nach ann d’aon chruthúnas cinntitheach go n-úsáidfear na teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte (DLTanna) atá ag teacht chun cinn, amhail an blocshlabhra, chun bonneagar inbhuanaithe a chur ar fáil le haghaidh todhchaí ísealcharbóin, in ainneoin go meastar gurb acmhainn dóibh sin a dhéanamh. |
1.6. |
Tá CESE den tuairim go bhféadfaidh sé go mbeidh an blocshlabhra, ina cháil mar phríomh-bhunteicneolaíocht le haghaidh criptea-shócmhainní, cabhrach agus aghaidh á tabhairt ar na priacail atá coitianta sa mhargadh faoi láthair. D’fhéadfaí réimse tairbhí a bhaint as an mblocshlabhra, ó idirbhearta fíor-ama lena gcumasaítear laghdú priacal agus bainistíocht caipitil níos fearr, go héifeachtacht rialála fheabhsaithe, mar shampla tríd an mblocshlabhra a úsáid chun críoch “Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí” nó le haghaidh seiceálacha frithsciúrtha airgid. |
1.7. |
Tugann CESE dá aire freisin go bhféadfadh forbairtí sa teicneolaíocht a bheith ina gcabhair chun aghaidh a thabhairt ar na teorainneacha atá ann cheana ó thaobh comhlíonadh cánach de, rud a d’fheabhsódh, dá bhrí sin, trédhearcacht agus cáilíocht na sonraí a sheoltar chuig na húdaráis chánach chun críoch rialaithe, agus chun aghaidh a thabhairt ar an gcalaois chánach agus ar idirbhearta aindleathacha. |
1.8. |
D’fhéadfadh tuilleadh forbairtí teicneolaíochta blocshlabhra a bheith ina spreagadh do na bainc dul i gcomhar leis an éiceachóras blocshlabhra, rud a chuirfeadh ar a gcumas faisnéis agus taithí a chomhroinnt leis an bpobal blocshlabhra i gcoitinne trí bhíthin ardán airgeadais trádála atá bunaithe ar an mblocshlabhra. |
1.9. |
Ar deireadh, tacaíonn CESE go hiomlán leis an ról atá ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sna criptea-shócmhainní agus sna himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu don bheartas airgeadaíochta agus na priacail a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo ó thaobh fheidhmiú rianúil na gcineálacha bonneagair margaidh agus íocaíochtaí de, agus freisin ó thaobh chobhsaíocht an chórais airgeadais de. |
2. Cúlra
2.1. |
In 2021, tháinig breis agus méadú faoi thrí ar chaipitliú an mhargaidh criptea-shócmhainní go USD 2.6 trilliún, cé nach bhfuil i gcriptea-shócmhainní go fóill ach sciar beag de na sócmhainní atá sa chóras airgeadais domhanda foriomlán (3). Ó thaobh na n-uimhreacha de, tá criptea-shócmhainní inchurtha le roinnt de na haicmí seanbhunaithe sócmhainní, ach níl siad leath chomh tábhachtach agus atá na bannaí rialtais, na stocmhargaí ná na díorthaigh, ná baol air. I bhfianaise a thapa atá criptea-shócmhainní ag fás, tá roinnt gníomhaithe nua meallta chuig an éiceachóras agus tá méadú ag teacht ar líon na gcriptea-shócmhainní a bhíonn á dtairiscint, a dtugtar “airgeadraí fíorúla”, nó “boinn” dhigiteacha nó “ceadchomharthaí” digiteacha ar chuid acu. I measc na gcriptea-shócmhainní is suntasaí go dtí seo tá Bitcoin agus Ether, arb ionann iad le chéile agus thart ar 60 % de chaipitliú an mhargaidh iomláin criptea-shócmhainní. |
2.2. |
I gcaitheamh na bliana deireanaí, mar thoradh ar fhorbairtí sa teicneolaíocht, go háirithe an blocshlabhra, tháinig fás nach bhfacthas roimhe sin ar an éileamh ar aicme criptea-shócmhainní ar a dtugtar cripteamhonaí cobhsaí (4). Go sonrach, scoith méideanna trádála na gcripteamhonaí cobhsaí nach mór gach criptea-shócmhainn eile óir úsáidtear iad, thar aon ní eile, chun spot-trádáil agus trádáil díorthach a shocrú i malartuithe. Chomh maith leis sin, cabhraíonn cobhsaíocht praghsanna réasúnta na gcripteamhonaí cobhsaí le sealbhóirí criptea-shócmhainní a chosaint ar an luaineacht a bhaineann le criptea-shócmhainní nach cripteamhonaí cobhsaí iad. |
2.3. |
Agus í bunaithe ar an teicneolaíocht bhlocshlabhra agus seirbhísí airgeadais á soláthar aici a n-úsáidtear cripteamhonaí cobhsaí agus criptea-shócmhainní eile chucu, tá an earnáil airgeadais díláraithe (nó DeFi) (5) ar cheann de na príomhchúiseanna ar tháinig méadú ar an éileamh ar chriptea-shócmhainní ós rud é go gcuireann sí ar chumas na n-úsáideoirí criptea-shócmhainní a thrádáil gan gá a bheith ann dul i muinín idirghabhálaí ná measúnú a dhéanamh le linn idirbhirt ar riosca mainneachtana an chliaint. Is díol spéise é gurb iad is mó a bhíonn i gceist in idirbhearta den sórt sin na gníomhaithe institiúideacha a thagann ó gheilleagair fhorbartha inar minic cripteamhonaí cobhsaí á n-úsáid (6). |
2.4. |
D’fhéadfaí cur síos ar an mblocshlabhra, nó an teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT), mar chomhad mór poiblí amháin a chomhroinntear agus a stóráiltear ar líonra ollmhór ríomhairí ar a gcoimeádtar gach idirbheart a bhaineann le criptea-shócmhainní. De bharr go gcomhroinntear go poiblí é agus go ndéantar a inneachar a bhailíochtú, ní féidir an t-idirbheart a aisiompú ná a athrú. Dá bhrí sin, seachnaítear idirbhearta calaoiseacha leis an gcomhad poiblí arna tháirgeadh mar thoradh ar DLT a úsáid. |
2.5. |
I rith na tréimhse ba mheasa de ghéarchéim COVID-19, tráth a bhí anás ar an margadh, bhain Bitcoin luach USD 10 367,53, arbh é sin a luach ab airde, amach i lár mhí Feabhra 2020 sular thit sé go USD 4 994 i lár mhí an Mhárta 2020. Níor bhain an méadú agus an titim ghéar ar luach mórán mór leis an ngéarchéim, áfach, ná leis an éifeacht a bhí aici ar an stocmhargadh (7). Ba de thoradh feiniméan a dtugann na mianadóirí agus na saineolaithe “laghdú faoina leath” (“halving”) air a chuir Bitcoin na cora sin de, cora a mheastar a bheith luaineach. Laghdaítear Bitcoin faoina leath gach ceithre bliana, nó gach uair a dhéantar mianadóireacht ar 210 000 bloc. Tharla sé sin in 2012 tráth a tugadh na luaineachtaí céanna intuartha i bpraghsanna Bitcoin faoi deara. Níor athraigh an patrún seo mórán ó bhí 2012 ann. |
2.6. |
Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, ní cosúil go bhfuil na criptea-shócmhainní ina bhfíorphriacal don chobhsaíocht airgeadais, de réir mar a dhearbhaigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais sa tuarascáil uaidh in 2018. Ar a shon sin, chuir an Bord sin in iúl go bhfuil imní air maidir leis na priacail a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar chaipitliú an mhargaidh, go háirithe iad siúd a bhaineann le muinín na n-infheisteoirí, le neamhchosaint dhíreach agus indíreach na n-institiúidí airgeadais, agus le húsáid criptea-shócmhainní le haghaidh íocaíochtaí agus malartuithe. |
2.7. |
Léirigh na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) go raibh an imní chéanna orthu agus thug siad foláireamh do na tomhaltóirí go raibh roinnt mhaith criptea-shócmhainní an-chontúirteach agus an-amhantrach agus nár oir siad mar mhodh íocaíochta ná mar mhodh malartaithe d’fhormhór mór na n-infheisteoirí miondíola. Tá na húdaráis sin den tuairim go bhfuil fíorbhaol ann go gcaillfeadh tomhaltóirí an méid airgid ar fad atá infheistithe acu dá gceannóidís criptea-shócmhainní ardbhaoil. Tá foláireamh tugtha acu freisin gur cheart do thomhaltóirí a bheith ar a n-airdeall maidir leis na priacail a bhaineann le fógraí míthreoracha, lena n-áirítear iad siúd a scaiptear ar na meáin shóisialta agus iad a scaipeann tionchairí. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith ar a n-airdeall go háirithe maidir le brabúis ghasta nó brabúis arda. |
2.8. |
Cé go bhfuil fás ag teacht orthu go tapa, is teoranta fós na naisc dhíreacha idir criptea-shócmhainní, ar thaobh amháin, agus na hinstitiúidí airgeadais a mbaineann tábhacht córasach leo agus na príomh-mhargaí airgeadais, ar an taobh eile. Mar sin féin, bíodh is nach raibh institiúidí rannpháirteach i margaí criptea-shócmhainní roimhe seo mórán, tá siad níos rannpháirtí iontu le bliain anuas, mar infheisteoirí agus mar sholáthraithe seirbhíse araon. Má leanfaidh an conair reatha ar aghaidh, i.e. fás ar mhéid agus idirnascthacht na gcriptea-shócmhainní leis na hinstitiúidí sin, is féidir go mbeidh impleachtaí aige sin don chóras airgeadais domhanda. |
2.9. |
Treisíonn an fás sin ar mhéid agus idirnascthacht na gcriptea-shócmhainní an gá atá ann iniúchtaí comhsheasmhacha, inchomparáide agus oibiachtúla a dhéanamh ar chriptea-shócmhainní agus fágann sé gur tábhachtaí fós iad na hiniúchtaí sin chun tuairisciú a dhéanamh ar chruinneas agus iomláine na faisnéise airgeadais arna tuairisciú don phobal. Ba sa chomhthéacs sin a chuir an Coimisiún Eorpach togra reachtach i láthair i mí Mheán Fómhair 2020 chun rialáil criptea-airgeadra a chomhchuibhiú agus a dhlisteanú i réimse na gcriptea-shócmhainní (8). Foráiltear sa togra sin do chreat cuimsitheach chun rialáil agus maoirseacht a dhéanamh ar eisitheoirí criptea-shócmhainní, ar thairgeoirí criptea-shócmhainní agus ar sholáthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní d’fhonn na tomhaltóirí agus sláine agus cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint. Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú sealadach an 30 Meitheamh 2022. Táthar ag súil leis go bhfoilseofar an téacs críochnaitheach reachtach agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm sna míonna beaga amach anseo. Chuir CESE a sheasamh maidir leis an ábhar sin in iúl i dtuairim uaidh Criptea-shócmhainní agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte (9) (níl leagan Gaeilge ann). |
3. Na priacail a bhaineann le criptea-shócmhainní
3.1. |
Go ginearálta, is é a bhíonn taobh thiar den fhás pras ar na criptea-shócmhainní ná leagan amach atá lag go hoibríochtúil, bainistíocht lag cibir-riosca, agus creataí laga rialachais. Agus na trí ghné sin ag bagairt orthu, méadaítear na priacail do na cliaint óir is saincheist í an chibearshlándáil i réimse na gcriptea-shócmhainní. Ní hannamh criptea-shócmhainní goidte a bheith le fáil i margaí neamhdhleathacha, áit a n-úsáidtear iad chun tuilleadh gníomhaíocht choiriúil a mhaoiniú. Ar an gcaoi chéanna, i gcomhthéacs ionsaithe ó bhogearraí éirice, is minic a iarrann coirpigh ar íospartaigh an t-airgead fuascailte a íoc i bhfoirm criptea-airgeadraí amhail Bitcoin (10). Sa Rialachán maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais (DORA), a chomhaontaigh na comhreachtóirí le déanaí agus a bhfuil bailchríoch á cur air faoi láthair, tá foráil déanta do cheanglais aonfhoirmeacha maidir le slándáil na líonraí agus na gcóras faisnéise, ar líonraí agus córais iad sin atá ina mbonn taca le próisis ghnó na n-eintiteas airgeadais, lena n-áirítear le soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní. Tá gá leis sin má táthar chun ardleibhéal coiteann athléimneachta digití oibríochtúla a bhaint amach. |
3.2. |
Agus gan ach líon cuibheasach beag eintiteas i dtreis sa trádáil, tá riosca éigin comhchruinnithe roimh éiceachóras na gcriptea-shócmhainní chomh maith (11). Tháinig sé chun solais i staidéar go raibh 4,8 milliún Bitcoin i seilbh níos lú ná 10 000 duine ar fud an domhain, ar iad a thógáil le chéile (12). B’in beagnach aon trian de na 18,5 milliún Bitcoin a ndearnadh mianadóireacht orthu ag an bpointe sin. Bhí luach margaidh USD 600 billiún nach mór ar na 18,5 milliún Bitcoin sin. Níor tháinig mórán athruithe ar an scéal ó shin. Is iad na gníomhaithe móra agus na gníomhaithe comhchruinnithe is mó atá i dtreis san éiceachóras go fóill, bídís ina mianadóirí móra (13), ina sealbhóirí Bitcoin nó ina malartóirí Bitcoin. Mar gheall ar an gcomhchruinniú sin, d’fhéadfadh Bitcoin a bheith i mbaol priacal córasach agus tugtar le tuiscint freisin gur dócha gur líon beag rannpháirtithe a bhainfeadh leas go díréireach as formhór na dtairbhí a bhainfeadh le glacadh níos leithne (14). |
3.3. |
Sa tuarascáil is déanaí uaidh (15), shonraigh an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais go raibh na córais mhargaidh díonta, den chuid is mó, ar luaineacht na gcriptea-shócmhainní. Mar sin féin, thug sé foláireamh maidir le tábhacht mhéadaitheach na sócmhainní digiteacha in oibríochtaí na n-institiúidí airgeadais. Dá gclisfeadh ar cheann de na cripteamhonaí móra (a úsáidtear go forleathan le haghaidh íocaíochtaí), d’fhéadfadh sé sin tuilleadh cur isteach a dhéanamh ar an gcobhsaíocht airgeadais, tráth atá an neamhchinnteacht ag dul i méid mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus na praghsanna arda tráchtearraí nach bhfuil deireadh leo go fóill. Dá gclisfeadh ar chripteamhona cobhsaí, d’fhéadfadh ganntanais leachtacha teacht chun cinn san éiceachóras criptea-shócmhainní i gcoitinne, rud a chuirfeadh srian, dá bhrí sin, ar mhéideanna trádála. |
3.4. |
Faoi mar a tugadh faoi deara i dtuairim uaidh roimhe seo (16), tacaíonn CESE go hiomlán leis na hiarrachtaí a rinneadh san Aontas chun an mhaoirseacht ar chriptea-shócmhainní a mhéadú. Faraor, i ngeall ar an anaithnideacht a shamhlaítear le criptea-shócmhainní, d’fhéadfadh sé tarlú fós go n-úsáidfí iad chun críoch coireachta, in ainneoin na bhfeabhsuithe a rinneadh ar a rianú. Chonacthas le déanaí freisin gurb iad na criptea-shócmhainní an rogha airgeadra is fearr le cibirionsaitheoirí den chuid is mó. Úsáideann na cibirionsaitheoirí sin bogearraí éirice chun córais a haiceáil agus ansin íocaíochtaí in Bitcoin a éileamh agus é mar chúiteamh ag an gcuideachta faoi ionsaí nach ndéanfar a sonraí luachmhara a léirscrios ná a sceitheadh. Thairis sin, tá méadú tagtha ar an méid tuairiscí a dhéantar faoi scéimeanna criptea-Ponzi. Maíonn an Banc Ceannais Eorpach (BCE) chomh maith go n-úsáidtear criptea-airgeadraí chun teacht thart ar na smachtbhannaí a forchuireadh ar olagarcaí Rúiseacha mar gheall ar an gcogadh san Úcráin (17). An priacal go n-úsáidfí criptea-shócmhainní chun teacht thart ar na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, is meabhrú tábhachtach é sin gur gá a cheangal ar na margaí sin na caighdeáin riachtanacha atá ann a chomhlíonadh, lena n-áirítear ó thaobh faisnéis faoi na hinfheisteoirí, frithsciúradh airgid agus na gceanglas maidir le nochtadh. |
3.5. |
Is cúis mhór eile imní iad an fhaisnéis mhíthreorach agus an easpa trédhearcachta. Déantar roinnt criptea-shócmhainní a dhianmhargú don phobal agus úsáidtear ábhar margaíochta agus faisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith doiléir, neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach d’aon ghnó chuige sin. Déantar áibhéil freisin faoi na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann agus tugtar neamhaird ar na priacail san am céanna. Is le cuidiú tionchairí ar na meáin shóisialta a dhéantar an margú sin go minic. Ní nochtann na tionchairí sin cibé an bhfuil dreasacht airgeadais acu chun criptea-shócmhainní áirithe a mhargú nó nach bhfuil. Chonacthas an feiniméan seo go háirithe sa mhéadú a tháinig le déanaí ar licíní neamh-idirmhalartacha ealaíne (NFT) atá bainteach le daoine cáiliúla nó leis an lucht spóirt. |
3.6. |
Creideann na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha go bhfuil na mórluaineachtaí i bpraghsanna na gcriptea-shócmhainní ina bpriacal mór d’infheisteoirí, cé go bhféadfadh an priacal céanna teacht chun cinn sna luaineachtaí sa stocmhargadh domhanda chomh maith. Go deimhin, bíonn roinnt mhaith criptea-shócmhainní faoi réir ag athruithe móra tobanna ar phraghsanna, rud a chiallaíonn go bhfuil siad an-amhantrach agus go mbraitheann na praghsanna den chuid is mó ar éileamh na n-infheisteoirí. Cothaíonn athruithe móra ar phraghsanna amhras úrnua i dtaobh thodhchaí na gcriptea-airgeadraí mar aicme sócmhainní. |
3.7. |
Maidir le criptea-shócmhainní, is cúis imní é gur minic a bhíonn sé nach mór dodhéanta d’infheisteoirí éilimh ar chúiteamh nó éilimh dhlíthiúla eile a dhéanamh i gcás faisnéis mhíthreorach, mar shampla, go háirithe ós rud é nár tháinig na sócmhainní sin, go dtí seo, faoin gcosaint atá i rialacháin reatha AE maidir le seirbhísí airgeadais. Ní chosnaítear na hinfheisteoirí ach oiread faoi scéimeanna ráthaithe taiscí na mbanc toisc nach gcumhdaítear iontu ach airgeadra; ní chumhdaítear criptea-shócmhainní, stoic ná bannaí iontu. |
3.8. |
A mhéid a bhaineann leis an Aontas Eorpach, agus teacht i bhfeidhm MiCA atá ar na bacáin, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na neamhréireachtaí atá i dtreis idir na Ballstáit faoi láthair. Ó thaobh cánachais de, ní chuireann na Ballstáit an cur chuige céanna i bhfeidhm, agus gearrann an-chuid díobh cáin ghnóthachan caipitiúil, ar rátaí 0-50 %, ar bhrabúis a rinneadh ar chriptea-shócmhainní. In 2020, ghlac an tAontas an pacáiste airgeadais dhigitigh arb é is aidhm dó an teicneolaíocht airgeadais a rialáil. Thug an tAontas aitheantas sa phacáiste sin don acmhainneacht a bhaineann leis an teicneolaíocht dhigiteach ó thaobh na nuálaíochta agus na hiomaíochta de agus mhaolaigh sé na priacail a thagann chun cinn mar gheall uirthi chomh maith. |
3.9. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh creat rialála agus oibríochtúil éifeachtach ann ar mhaithe le rianú níos fearr a dhéanamh ar idirbhearta agus le comhlíonadh cánach na gcriptea-shócmhainní a fheabhsú. Cé gur feasach dó cé na fadhbanna a eascraíonn as criptea-shócmhainní mar gheall ar an easpa rialaithe lárnaithe a dhéantar orthu, an anaithnideacht bhréagach a shamhlaítear leo, na deacrachtaí luachála agus na saintréithe hibrideacha a bhaineann leo, agus éabhlóid phras a mbunteicneolaíochta, tá CESE den tuairim, fós, gur féidir comhlíonadh cánach bunaithe ar chur chuige siméadrach a bhaint amach. Tuairiscíodh i staidéar (18) a rinneadh le déanaí gurbh ionann agus suas le EUR 850 milliún an méid ioncaim cánach a d’fhéadfaí a fháil ó ghnóthachain chaipitiúla Bitcoin san Aontas in 2020, rud a thaispeánann na gnóthachain mhóra chánach a d’fhéadfaí a dhéanamh san earnáil sin. Chuige sin, glactar leis, ar ndóigh, gur cheart cánacha a bheith inghearrtha ar an ioncam a fhaightear ó chriptea-shócmhainní, díreach mar atá i gcás na n-ionstraimí traidisiúnta airgeadais. Arís eile, chun é sin a dhéanamh, ba ghá oibleagáidí cánach a fhorfheidhmiú i gceart, a bheadh bunaithe ar thuairisciú cuí agus rochtain ar an bhfaisnéis arna cur ar fáil do na riarthóirí cánach. Ghabhfadh buntáiste eile le rianú a dhéanamh i bhfíor-am ar dhíolacháin chuideachta, is é sin go bhfeabhsófaí próiseas bailithe CBL. |
3.10. |
Is iomchuí a thabhairt faoi deara go bhféadfadh roinnt criptea-shócmhainní cáiliú mar ionstraimí airgeadais laistigh de raon feidhme na Margaí in Ionstraimí Airgeadais II (MiFID II), nó go bhféadfaidís cáiliú mar airgead leictreonach faoi chuimsiú na Treorach um Airgead Leictreonach, nó mar chistí faoin Dara Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta. An fhadhb atá ann ná go bhfuil rialacha saincheaptha curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh criptea-shócmhainní nach dtagann faoi raon feidhme rialacháin reatha an Aontais, rud a fhágann go bhfuil ilroinnt rialála ann. Déantar an iomaíocht sa mhargadh aonair a shaobhadh mar gheall air sin, a fhágann gur deacra do sholáthraithe seirbhíse criptea-shócmhainní a seirbhísí thar theorainneacha a leathnú, rud a mbíonn arbatráiste rialála mar thoradh air. |
3.11. |
Cé go n-aontaíonn CESE gurb é an bealach is fearr le díriú ar na criptea-shócmhainní a d’fhéadfaí a mheas mar ionstraimí airgeadais cheana féin agus, freisin, ar na criptea-shócmhainní nach gcuimsítear faoi raon na gcreataí rialála go fóill ná cur chuige iomlánaíoch a shaothrú, molann sé go láidir do na húdaráis cloí leis an bprionsabal “gníomh céanna, rioscaí céanna, rialacha céanna”. Chuige sin, is gá tógáil ar na creataí rialála atá ann cheana ionas go gcuimseofar iontu idirbhearta gnó i gcriptea-shócmhainní a mbaineann priacail leo atá comhchosúil leis na priacail a thagann chun cinn in idirbhearta traidisiúnta. Creideann CESE gur gá é sin a dhéanamh ar mhaithe lena áirithiú nach mbeidh neamhshiméadrachtaí idir seirbhísí agus sócmhainní atá comhchosúil le chéile ach a d’fhéadfadh teacht faoi chreataí éagsúla mar gheall ar phointí teicniúla. Chomh maith leis sin, ní mór freagairt rialála éifeachtach teacht sna sála ag aon nuálaíocht i gcriptea-shócmhainní chun na priacail a mhaolú. |
3.12. |
Ar deireadh, tá iarmhairtí comhshaoil na gcriptea-shócmhainní agus na ngníomhaíochtaí mianadóireachta gaolmhara an-tábhachtach go deo i bhfianaise na ngealltanas aeráide a thug an tAontas mar chuid den Chomhaontú Glas. Tuairiscíodh i staidéar a rinne Banc Ceannais na hÍsiltíre le déanaí (2021) go bhfuil méadú ag teacht ar lorg carbóin líonra Bitcoin. Tá úsáid iomlán leictreachais an líonra sin inchurtha le húsáid leictreachais na hÍsiltíre, arb é EUR 4,2 billiún an costas comhshaoil a bhaineann leis (19). Bíodh sin mar atá, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí é sin a chur i gcomparáid le húsáid leictreachais thionscal domhanda na baincéireachta. I ndáil leis sin, tugann CESE dá aire go maítear go bhfuil úsáid á baint as DLTanna atá ag teacht chun cinn, amhail an blocshlabhra, chun go bhféadfar bonneagar inbhuanaithe a chur ar fáil le haghaidh todhchaí ísealcharbóin. Faraor, ní ann d’aon fhianaise inbhraite go fóill gurb amhlaidh atá. Ar an taobh dearfach den scéal, tá na forbróirí ar fud earnáil an fhuinnimh ag féachaint le leas a bhaint as teicneolaíocht DLT chun cabhrú leis an dáileadh fuinnimh a dhílárú, le líonraí fuinnimh a rialú trí chonarthaí cliste, agus le seirbhísí freagartha don éileamh a chur ar fáil atá nasctha le húsáid leictreachais agus le réamhaisnéisiú soláthair. |
4. Na deiseanna a bhaineann le criptea-shócmhainní
4.1. |
I bhfianaise na bpriacal thuasluaite, ní léir an mbeidh criptea-airgeadraí riamh ar cheann de na gnáthmhodhanna malartaithe. Níl sé míréasúnta a thuar, áfach, go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na laigí a bhaineann le criptea-shócmhainní, amhail an acmhainneacht próiseála agus an t-ídiú an-ard fuinnimh le haghaidh mianadóireachta, a bhuí le forbairtí breise ar an teicneolaíocht amach anseo. Is fíor sin freisin, b’fhéidir, faoi na rioscaí gaolmhara a bhaineann le gníomhaíocht choiriúil agus sciúradh airgid: thit sciar aindleathach mhéid idirbheart an chriptea-airgeadra ó 0,62 % in 2020 go 0,15 % in 2021 (20). Ina theannta sin, tá na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí ag dul ó neart go neart maidir le criptea-airgeadraí aindleathacha a rianú agus a choigistiú. Ina fhianaise sin, tá sé á thabhairt faoi deara ag CESE gur chuir an Coimisiún, ó d’fhoilsigh sé a Phlean Gníomhaíochta FinTech i mí an Mhárta 2018, na deiseanna agus na dúshláin araon a bhaineann le criptea-shócmhainní san áireamh. |
4.2. |
Tá CESE den tuairim, a mhéid agus atá sé riachtanach creat láidir reachtach le haghaidh criptea-shócmhainní a chur ar fáil de réir mar a leagadh amach sa togra ón gCoimisiún (21), go bhféadfadh an blocshlabhra, ina cháil mar phríomh-bhunteicneolaíocht le haghaidh criptea-shócmhainní, ról nach beag a bheith aige agus aghaidh á tabhairt ar na priacail atá ann cheana. D’fhéadfaí réimse tairbhí a bhaint as an mblocshlabhra, ó idirbhearta fíor-ama lena gcumasaítear laghdú priacal agus bainistíocht caipitil níos fearr, go héifeachtacht rialála fheabhsaithe, mar shampla tríd an mblocshlabhra a úsáid chun críoch “Bíodh aithne agat ar do chustaiméirí” nó le haghaidh seiceálacha frithsciúrtha airgid. Ina theannta sin, bíonn cibearshlándáil níos fearr ann mar thoradh ar an mblocshlabhra ós rud é go dteastódh an-chuid acmhainní chuige, ó thaobh cumhacht líonra agus ríomhaireachta de, chun éiceachóras atá bunaithe ar bhlocshlabhra a haiceáil. Tá deiseanna móra ann freisin le haghaidh lánpháirtiú le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla, chun tacú leis an teicneolaíocht i ndáil le criptea-shócmhainní. |
4.3. |
Faoi mar a tugadh faoi deara níos luaithe, is fadhb thromchúiseach í an easpa trédhearcachta agus faisnéise atá ann ó thaobh criptea-shócmhainní de, easpa a fhágann go mbíonn anaithnideacht bhréagach agus ganntanas sonraí cánach ann. D’fhéadfadh forbairtí breise sa teicneolaíocht a bheith ina gcabhair chun aghaidh a thabhairt ar na teorainneacha atá ann cheana, rud a d’fheabhsódh, dá bhrí sin, trédhearcacht agus cáilíocht na sonraí a sheoltar chuig na húdaráis chánach chun críoch comhlíonta, agus chun aghaidh a thabhairt ar an gcalaois chánach agus idirbhearta aindleathacha. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sineirgí idir an blocshlabhra agus an intleacht shaorga an scéal a leigheas freisin óir táirgeann an teicneolaíocht bhlocshlabhra sonraí ardcháilíochta lena n-úsáid san intleacht shaorga, táirgeann sí pátrúin thrédhearcacha do staidéir thagarmhairc, agus áirithíonn sí sláine measúnaithe uathoibrithe cánach. |
4.4. |
D’fhéadfadh tuilleadh forbairtí teicneolaíochta blocshlabhra a bheith ina spreagadh do na bainc dul i gcomhar leis an éiceachóras blocshlabhra, rud a chuirfeadh ar a gcumas faisnéis agus taithí a chomhroinnt leis an bpobal blocshlabhra i gcoitinne trí bhíthin ardán trádála. Le bonneagar den sórt sin, d’fhéadfadh seirbhís trádála, socraíochta agus cumhdaigh a bheith ann atá go hiomlán lánpháirtithe ó cheann go ceann le haghaidh sócmhainní digiteacha atá bunaithe ar an mblocshlabhra. D’fhéadfadh sé timpeallacht shábháilte a chur ar fáil freisin chun sócmhainní digiteacha a eisiúint agus a thrádáil. Chomh maith leis sin, d’éascódh sé ceadchomharthú na n-urrús agus na sócmhainní neamhiontaofa ó thaobh brabúis de atá ann cheana chun go bhféadfaí sócmhainní — nach rabhthas in ann a thrádáil roimhe seo — a thrádáil. |
4.5. |
Ar ndóigh, chun é sin a bhaint amach, caithfidh creat láidir rialála a bheith ann. Bíodh sin mar atá, caithfidh an creat rialála a bheith comhsheasmhach ó dhlínse go chéile, agus ní hamháin taobh istigh den Aontas. Ba cheart caighdeáin, bunaithe ar phrionsabail chothrom na Féinne, a leagan síos taobh istigh den Aontas agus taobh amuigh de chun tomhaltóirí a chosaint. I ndáil leis sin, tacaíonn CESE leis an Rialachán maidir le hAistriú Cistí, cé go mbaineann roinnt gnéithe de le hidirbhearta nach idirbhearta traidisiúnta airgeadais iad. Ag an am céanna, áfach, tacaíonn CESE leis an nuálaíocht laistigh den Aontas agus, a mhéid a bhaineann le gnáth-tháirgí nach de chineál airgeadais iad agus atá bunaithe ar an teicneolaíocht bhlocshlabhra, tá sé tábhachtach go gcaithfear leo faoi mar a chaitear lena macasamhlacha fisiceacha seachas mar uirlisí airgeadais, agus go gcloífear leis an bprionsabal “gníomh céanna, rioscaí céanna, rialacha céanna”. |
4.6. |
Pléitear sa bhreithniú deiridh a fhéideartha atá sé euro digiteach a thabhairt isteach. Ba cheart a shoiléiriú nach criptea-shócmhainn é an euro digiteach, per se, ach gur cineál eile euro é (22). Agus an euro digiteach ann, chuirfí ar chumas shaoránaigh an Aontais íocaíochtaí digiteacha a dhéanamh ar fud an limistéir euro ar an gcaoi cheannann chéanna a n-úsáideann siad airgead tirim le haghaidh íocaíochtaí fisiceacha. Ar ndóigh, tá argóintí i bhfabhar theacht i bhfeidhm an euro dhigitigh agus argóintí ina choinne. Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal, agus íocaíochtaí ag éirí níos digití, gur céim loighciúil chun tosaigh é. Tá sé seo ríthábhachtach, ar an gcéad dul síos, toisc go bhféadfadh an euro digiteach cabhrú le cur i gcoinne, giota beag, cheannasacht chripteamhona cobhsaí na Stát Aontaithe sa mhargadh. Chuige sin, b’iomchuí do BCE leanúint ar aghaidh leis an ról atá aige maidir le faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sna criptea-shócmhainní agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu don bheartas airgeadaíochta agus na priacail a d’fhéadfadh a bheith i gceist leo ó thaobh fheidhmiú rianúil na gcineálacha bonneagair margaidh agus íocaíochtaí de. Ar an dara dul síos, tá an euro digiteach ríthábhachtach chun críoch chobhsaíocht an chórais airgeadais. |
An Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Táthar ag súil leis go gcuirfear bailchríoch ar an téacs a luaithe a bheidh sé formheasta ag COREPER ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2022, nó thart ar an am sin. Dá bhrí sin, is rídhócha nach mbeidh sé ar fáil sula nglacfar an tuairim seo de chuid CESE.
(2) Go bunúsach, is é an Rialachán maidir le hAistriú Cistí toradh an mholta ón Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) chun oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhíse íocaíochta faisnéis faoin íocóir agus faoin íocaí a sholáthar maidir le haistrithe cistí. Cuimseofar teicneolaíochtaí nua, amhail iad siúd a úsáidtear in aistrithe criptea-shócmhainní, sa Rialachán sin.
(3) Assessment of risks to financial stability from crypto-assets.
(4) Liao agus Caramichael, Stablecoins: Growth potential and impact on banking, International Finance Discussion Papers Uimh. 1334, Washington: Board of Governors of the Federal Reserve System (2022).
(5) Is é atá i gceist le DeFi, go bunúsach, seirbhísí airgeadais a sholáthar ar bhealach díláraithe, i.e. gan gá dul i muinín idirghabhálaí chun soláthar na seirbhíse airgeadais a éascú. Forbraíonn daoine aonair feidhmchláir DeFi a mbaintear úsáid astu ansin sa bhlocshlabhra. Ós rud é gurb é comhphobal na n-úsáideoirí a dhéanann rialáil orthu, is de réir a chéile a chruthaítear na cleachtais agus na noirm a bhaineann leo agus iad á n-úsáid ag úsáideoirí. Ar an leibhéal is bunúsaí, is eagraíocht uathrialaitheach dhíláraithe é feidhmchlár DeFi. Difríonn sé sin leis an gcóras traidisiúnta airgeadais, ina mbítear ag brath ar idirghabhálaithe láraithe a dhéanann rochtain ar sheirbhísí airgeadais a rialáil. Ní héard atá i gceist le DeFi úsáid a bhaint as teicneolaíocht bhlocshlabhra amháin; is éard a thuigtear le DeFi ó cheart gan úsáid a bhaint as idirghabhálaithe, rud is féidir a dhéanamh trí bhíthin an bhlocshlabhra, mar shampla.
(6) Chainalysis (2021).
(7) Féach Sajeev, K. C., Afjal, M. “Contagion effect of cryptocurrency on the securities market: a study of Bitcoin volatility using diagonal BEKK and DCC GARCH models”. SN Bus Econ 2, 57 (2022).
(8) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, COM(2020) 593 final, 24.9.2020.
(9) IO C 155, 30.4.2021, lch. 31 (níl leagan Gaeilge ann).
(10) Crypto-assets: Key developments, regulatory concerns and responses.
(11) Is den ábharthacht a chur chun suntais gur cuireadh dóchúlacht an bhaoil comhchruinnithe in iúl i dtéarmaí coibhneasta agus nach mbaineann an dóchúlacht sin ach le héiceachóras na gcriptea-shócmhainní amháin. Níl aon tionchar aici ar chomhchruinniú an tsaibhris a ndéantar cur síos air, cuir i gcás, sa liosta de na billiúnaithe ar fud an domhain a fhoilsítear in irisleabhar Forbes.
(12) Makarov, I., Schoar, A., Blockchain Analysis of the Bitcoin Market (18 Aibreán, 2022).
(13) Is éard is mianadóireacht criptea-airgeadra ann próiseas trína gcruthaítear bloic aonair a chuirtear leis an mblocshlabhra, agus sin trí fhadhbanna casta matamaiticiúla a réiteach. Déantar mianadóireacht ar chriptea-airgeadraí ar mhaithe le hidirbhearta criptea-airgeadra a fhíorú agus cruthúnas oibre a thaispeáint. Ina dhiaidh sin, cuirtear an fhaisnéis sin le bloc ar an mblocshlabhra, ar mórleabhar é seo le haghaidh idirbhearta mianadóireachta.
(14) Makarov, I., Schoar, A., Blockchain Analysis of the Bitcoin Market (18 Aibreán, 2022).
(15) Assessment of risks to financial stability from crypto-assets.
(16) Tuairim ó CESE Criptea-shócmhainní agus teicneolaíocht mórleabhar dáilte, IO C 155, 30.4.2021, lch. 31 (níl leagan Gaeilge ann).
(17) Dar le Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá criptea-airgeadraí á n-úsáid chun smachtbhannaí a forchuireadh ar an Rúis a sheachaint. Féach Lagarde says that cryptos are being used to evade sanctions imposed on Russia.
(18) Thiemann, A. (2021), Cryptocurrencies: An empirical View from a Tax Perspective, Doiciméid Oibre JRC maidir le Cánachas agus Athchóirithe Struchtúracha Uimh. 12/2021, An Coimisiún Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, Sevilla, JRC126109.
(19) Trespalacios, J. P., agus Dijk, J., The carbon footprint of bitcoin, De Nederlandsche Bank, DNB Analysis Series, 2021.
(20) The Chainalysis 2022 Crypto Crime Report.
(21) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margaí i gcriptea-shócmhainní, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, COM(2020) 593 final.
(22) Féach an tuairim féintionscnaimh atá á dréachtú faoi láthair: Euro Digiteach (níl leagan Gaeilge ann).
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/37 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Lucht Saothair na Sláinte agus Straitéis Chúraim do Thodhchaí na hEorpa
(Tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/06)
Rapóirtéir: |
Danko RELIĆ |
Rapóirtéir: |
Zoe TZOTZE-LANARA |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
20.1.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
6.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
194/4/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá CESE tiomanta don phrionsabal nach féidir córais sláinte láidre athléimneacha a chur ar bun ná a fhorbairt ach amháin má tá lucht saothair sciliúil ann a bhfuil oiliúint agus fonn oibre air, rud atá riachtanach i dtaca le beartas sláinte a mbeidh rath air a thabhairt isteach agus, dá thoradh sin, i dtaca le cumhdach sláinte atá dírithe ar an duine daonna agus an “ceart chun sláinte” a bhaint amach do chách, mar a moladh le linn na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, d’fhonn rochtain chomhionann agus inbhuanaithe ar chúram sláinte inacmhainne coisctheach íceach ardchaighdeáin a áirithiú do mhuintir uile na hEorpa. |
1.2. |
Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh maidir le gníomh ar leibhéal an Aontais chun cur leis an gcúram fadtéarmach agus le hoideachas agus cúram na luath-óige mar atá beartaithe de réir Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, rud a chabhróidh le seirbhísí cúraim inacmhainne cothroma inrochtana ardchaighdeáin a sholáthar agus a chuirfidh leis an gcomhionannas inscne agus an chothroime shóisialta. |
1.3. |
Tá CESE ag iarraidh cur chuige i leith an chúraim arbh athrú ó bhonn é, ceann lena ndíreofaí ar dhaoine, ar a gcuid ceart agus ar a gcuid riachtanas, agus ceann ina mbeadh na daoine féin páirteach sa phlé, sna comhairliúcháin agus i ndéanamh na gcinntí a bhaineann le hábhar. Tá sé ag tathant ar an gCoimisiún céim ard a chur roimhe agus straitéis chúraim a leagan amach a chuirfidh leis an gcomhtháthú agus an cóineasú aníos idir na Ballstáit agus laistigh díobh ó thaobh cúram sláinte agus cúram fadtéarmach de. |
1.4. |
Dá mba ann do Ráthaíocht Eorpach um Chúram, d’fhéadfaí a áirithiú go mbeadh rochtain ar feadh an tsaoil ag gach duine a bhfuil cónaí air san Aontas ar chúram agus seirbhísí sláinte ardchaighdeáin inacmhainne, agus d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá sa chóras cúraim sláinte, dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn, agus deiseanna oiliúna a chur ar fáil. Ó thaobh úsáid éifeachtach na n-acmhainní de, tá sé ríthábhachtach tacaíocht agus aitheantas níos fearr a thabhairt do na cúramóirí neamhfhoirmiúla agus beartais a dhíriú ar na fadhbanna a bhaineann don chúram neamhfhoirmiúil ar íocaíocht agus gan íocaíocht araon. |
1.5. |
I bhfianaise a thábhachtaí atá seirbhísí poiblí éifeachtúla cuntasacha dea-mhaoinithe i gcónaí i dtaca le rochtain chomhionann ar chúram ardchaighdeáin a áirithiú, tá CESE ag iarraidh ar an Aontas Eorpach comhlántacht a áirithiú idir na soláthraithe seirbhísí cúraim go léir, ar bhonn dlúthpháirtíochta, infheistíocht sna seirbhísí poiblí agus sa gheilleagar sóisialta a mhealladh agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta in earnáil an chúraim. |
1.6. |
Ba cheart forbairt na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur san áireamh agus lucht saothair á phleanáil, mar cuirtear deiseanna ar fáil a bhuí leis an nuálaíocht sna réimsí sin timpeallachtaí oibre agus cúinsí nua a chruthú inar féidir cúram a sholáthar, agus bíonn scileanna nua ag teastáil dá thoradh. Tá sé riachtanach tacú le digitiú na seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh, má táthar le dul i ngleic leis an mbearna dhigiteach agus an bhochtaineacht dhigiteach. |
1.7. |
Tá CESE ag moladh an Plean Gníomhaíochta um Lucht Saothair an Chúraim Sláinte san Aontas Eorpach (1) a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé riachtanach, má táthar le feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí agus ar chaighdeán na seirbhísí sin, pleanáil agus réamhaisnéisiú comhtháite maidir leis an lucht saothair a fhorbairt agus scileanna lucht saothair an chúraim sláinte agus an chúraim fhadtéarmaigh a oiriúnú. Dá dtabharfaí an plean cothrom le dáta, bheifí in ann bailiú sonraí níos fearr a áirithiú agus acmhainneacht an digitithe ar fud an Aontais a chur chun tairbhe dá thoradh, agus modhanna níos fearr a fhorbairt le ganntanais a thuar ó thaobh lucht oibre agus scileanna de. |
1.8. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth gur gá aird a thabhairt ar an gceart chun soghluaisteachta laistigh den Aontas. Cuireann an tsoghluaisteacht trasteorann gné bhreise le pleanáil an lucht saothair. Ba ghné áisiúil fhadtéarmach den bhonneagar é seirbhís Eorpach um fhaireachas ar lucht saothair na sláinte a bhunú chun cuidiú leis na Ballstáit struchtúir phleanála a leagan síos agus a choimeád, agus gnéithe trasteorann den phleanáil a chomhordú. |
1.9. |
Tá sé ríthábhachtach idirphlé sóisialta a bheith ar bun a bhfuil rialtais, fostóirí, oibrithe agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha páirteach ann, má tá straitéis chúraim chlaochlaitheach agus córais athléimneacha sláinte agus cúraim le bheith san Aontas. Ní mór rannpháirt a thabhairt don lucht cúraim agus don dream dá ndéantar cúram sa phleanáil má tá éiceachóras cúraim agus sláinte le bheith ann a bheidh cuimsitheach agus athléimneach, agus a mbeidh comhionannas inscne ann. |
2. Barúlacha ginearálta maidir leis an gcúram
2.1. |
Is cuid lárnach de chosaint shóisialta agus folláine shaoránaigh an Aontais an cúram fadtéarmach. Is éard atá ann réimse leathan seirbhísí agus cúnaimh do dhaoine a mbíonn laige agus/nó míchumas meabhrach agus/nó coirp ag baint dóibh thar thréimhsí fadaithe ama, do dhaoine a mbíonn cabhair ag teastáil uathu sa saol laethúil, agus/nó do dhaoine a bhfuil cúram altranais arna dhéanamh ag soláthraithe gairmiúla nó neamhghairmiúla a íoctar nó nach n-íoctar ag teastáil go buan uathu sa bhaile nó ag ionaid altranais chónaithe (2). |
2.2. |
Triail ghéar ar athléimneacht agus leordhóthanacht na gcóras cúraim ar fud an Aontais ab ea paindéim COVID-19. Tugadh fadhbanna struchtúracha chun solais, cuir i gcás tearc-chistiú agus tearclíon foirne in an-chuid tíortha, a d’fheadfadh dul in olcas de dheasca dúshláin eacnamaíocha agus polaitíochta leanúnacha, boilscithe, éiginnteachta agus na géarchéime fuinnimh. |
2.3. |
I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, cumhdaítear an ceart chun cúraim agus an ceart chun rochtana ar sheirbhísí cúraim fhoirmiúil ardchaighdeáin de réir mar is gá. Ba í Uachtarán an Choimisiúin, Ursula Von der Leyen, a d’fhógair straitéis nua Eorpach i leith cúram sláinte san aitheasc ar staid an Aontais a thug sí in 2021. Dhá mholadh ón gComhairle atá ann maidir le cúram leanaí (lena ndéantar athbhreithniú ar spriocanna Barcelona) agus cúram fadtéarmach. Mhol Parlaimint na hEorpa feabhas a chur ar sholáthar an chúraim ar feadh an tsaoil de réir riachtanais na ndaoine dá ndéantar cúram agus na soláthraithe cúraim, agus d’iarr sí ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit seirbhísí cúraim ardchaighdeáin a fhorbairt (3). |
2.4. |
Ghlac CESE roinnt tuairimí maidir le soláthar an chúraim san Aontas (4), inar cuireadh i bhfáth an gá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i gcúram ardchaighdeáin inbhuanaithe inrochtana do chách agus an gá atá le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh atá ann ó thaobh cúram leanaí agus cúram fadtéarmach de. Chuir CESE in iúl na heasnaimh atá san iarracht cúram a sholáthar do chách, arb easnaimh iad a eascraíonn “as éagsúlacht agus cineál ilroinnte na seirbhisí atá á gcur ar fáil, as droch-rialáil seirbhísí, as deacrachtaí maidir le leibhéil bhainistíochta a chomhordú, as na fadhbanna a bhaineann le seirbhísí sóisialta agus sláinte a chomhordú, as tráchtearrú méadaithe na seirbhisí, agus as an ngá atá le beartais agus bearta coisctheacha.” Chuir sé in iúl nár cheart glacadh leis an steiréitíopáil ná leatrom ar bith eile ar dhaoine scothaosta, agus d’iarr sé go gcuirfí cúram duineláraithe ar fáil agus go dtacófaí leis trí bhíthin an digitithe. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag moladh an digitiú a chur chun lánfheidhme d’fhonn ró-ualach an pháipéarachais a laghdú ar oibrithe cúraim agus an tairbhe is fearr is féidir a bhaint as an rialáil chliste. |
3. Cur chuige claochlaitheach i leith an chúraim
3.1. |
Ionas go n-éireoidh leis an straitéis Eorpach um chúram, ní mór cur chuige claochlaitheach uaillmhianach a ghlacadh, ceann a mbeidh daoine daonna agus a gcearta bunúsacha agus a gcuid riachtanas ina croílár, ceann a áiritheoidh rannpháirt na ndaoine sin sna comhairliúcháin agus i ndéanamh na gcinntí, agus ceann lena bhféadfaí cur leis an gcomhtháthú agus an cóineasú aníos idir na Ballstáit agus laistigh díobh. |
3.2. |
Fíorú an chlaochlaithe sin a bheadh i Ráthaíocht Eorpach um Chúram, óir d’áiritheodh a leithéid go mbeadh rochtain ar feadh an tsaoil ag gach duine a bhfuil cónaí air san Aontas ar chúram inacmhainne ardchaighdeáin, chuirfeadh sé creat comhtháite ar fáil do na Ballstáit d’fhonn seirbhísí ardchaighdeáin agus straitéisí cúraim ar feadh an tsaoil a sholáthar, chuirfeadh sé feabhas ar dhálaí oibre agus oiliúint na gcúramóirí, agus thacódh sé le cúramóirí neamhfhoirmiúla. |
3.3. |
Tá infheistíocht mhórscála i ngeilleagar agus i mbonneagar an chúraim ag teastáil le haghaidh cur chuige claochlaitheach lena dtabharfaí aghaidh ar bhearnaí arb ann dóibh i gcónaí i réimse an chúraim, infheistíocht a d’fhéadfadh thart ar 300 milliún post a chruthú faoi 2035 lena gcuirfí leis an gcomhionannas inscne agus le rochtain na mban ar na margaí saothair (5). |
3.4. |
Cé gur ann do shamhlacha difriúla ó Bhallstát go Ballstát, is é an rud is tábhachtaí gur ann do sheirbhísí poiblí éifeachtúla cuntasacha dea-mhaoinithe má táthar le rochtain chomhionann ar chúram ardchaighdeáin a áirithiú agus le tacaíocht a thabhairt do sholáthraithe cúraim nach n-íoctar, mná go háirithe. Is mian le CESE a chur i bhfáth gur gá cur leis an gcomhlántacht agus an tsineirgíocht a oiread agus is féidir idir na soláthraithe cúraim agus cúraim sláinte uile san earnáil phoiblí agus phríobháideach araon (an earnáil bhrabúis agus neamhbhrabúis) má táthar le cumhdach do chách a bhaint amach (6), agus an dea-chleachtas agus na dea-shamplaí ó na Ballstáit á gcur san áireamh agus aird á tabhairt ar na sainiúlachtaí agus na difríochtaí náisiúnta. |
3.5. |
Is féidir go gcuirfear an neamhionannas in olcas de dheasca an chlaonta i dtreo an phríobháidithe agus cleachtais atá faoi anáil an mhargaidh, cuir i gcás idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine de réir a dhóichí atá sé go mbeadh cúram ag teastáil uathu agus uasmhéadú brabúis, agus is iad is mó a bhíonn thíos leis na daoine is leochailí a bhfuil riachtanais chúraim acu nach bhfuiltear ag freastal orthu. Is éard atá ag teastáil ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát ó thaobh cúram fadtéarmach agus cúram leanaí de, ar bhonn dlúthpháirtíochta ach aird á tabhairt ar na hinniúlachtaí náisiúnta agus prionsabal na coimhdeachta, córais cosanta sóisialta láidre, seirbhísí poiblí láidre, infheistíocht shóisialta agus gníomhaithe geilleagair shóisialta – cumainn fhrithpháirteacha árachais, mar shampla – ionas gur ann do chúramóirí a bhfuil oiliúint leordhóthanach orthu ar féidir leo an cúram baile agus pobalbhunaithe is fearr is féidir a chur ar fáil (7). |
3.6. |
Is féidir leas a bhaint as cistí struchtúracha agus infheistíochta an Aontais chun tacú leis an infheistiú in earnáil an chúraim. I dtaca le cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, ba cheart don Choimisiún feabhas a chur ar an gcaoi a ndíríonn sé na moltaí tírshonracha laistigh den Seimeastar Eorpach agus, de réir mar is iomchuí, cabhrú le Ballstáit tús áite a thabhairt don chistiú leordhóthanach agus infheistíocht tháirgiúil a dhéanamh de in áit ualach eacnamaíoch. |
4. Dálaí oibre, dúshláin agus deiseanna fostaíochta
4.1. |
Tá tuairim is 6,3 milliún duine ag obair in earnáil an chúraim fhadtéarmaigh san Aontas de bhreis ar na 44 mhilliún duine a dhéanann cúram neamhfhoirmiúil rialta de dhaoine muinteartha leo nó de chairde leo, i gceann de na hearnálacha is tapa fás ar domhan (8). Meastar go gcruthófar suas le 7 milliún post do ghairmithe in earnálacha na sláinte agus an chúraim faoi 2030 (9). |
4.2. |
I measc na ndúshlán mór atá roimh earnáil an chúraim, tá easpa foirne, dálaí oibre crua ar deacair daoine a mhealladh leo, lucht saothair a bheith ag dul in aois, agus tearc-chistiú de dheasca ciorruithe a rinneadh ar na buiséid shóisialta agus sláinte sna Ballstáit le linn ghéarchéim eacnamaíoch 2008, cuid acu níos measa ná a chéile (10). Is mó an t-éileamh ar chúramóirí ná líon na gcúramóirí i mbeagnach gach tír san Aontas, de dheasca dálaí oibre atá crua ón taobh meabhrach agus coirp de agus ar cúis iad le hoibrithe an earnáil a fhágáil – claonadh a chuaigh in olcas de dheasca na paindéime, rud a bhain de shláinte agus sábháilteacht na ndaoine dá ndéantar cúram agus an lucht cúraim araon. |
4.3. |
Ba cheart an comhionannas inscne a chur chun cinn mar chuid de chur chuige claochlaitheach, ó tharla gur mná iad os cionn 80 % de lucht saothair earnáil an chúraim, gurb iad na mná is mó a thugann faoin gcúram agus dá ndéantar cúram i suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla (11) agus gur sine na mná, ar an meán, ná lucht saothair an Aontais ina iomláine. Ós rud é gurb iad na mná is mó a thugann faoin gcúram sa teaghlach, dá mbeadh rochtain inacmhainne acu ar oideachas agus cúram luath-óige agus seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh, bheadh a thuilleadh ban in ann a bheith páirteach sa mhargadh saothair. A bhuí leis an gceart ar a laghad cúig lá oibre saoire cúramóra a ghlacadh sa bhliain, a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, beidh tacaíocht éigin ar fáil do chúramóirí neamhfhoirmiúla a bhíonn ag iarraidh a gceart féin a thabhairt dá ndualgais oibre agus chúraim araon. Fágann a laghad saoire le pá leordhóthanach atá ar fáil nach féidir leas iomlán a bhaint as an bhforáil a dhéantar sa Treoir maidir leis an gceart sin agus gur féidir go gcuirfear leis an neamhionannas inscne dá dheasca. |
4.4. |
Is lú an tuarastal san earnáil seo ná an meánphá in an-chuid tíortha san Aontas, d’ainneoin a chrua atá na dálaí oibre, d’ainneoin scileanna, inniúlachtaí, agus cáilíochtaí ar leith a bheith ag teastáil, agus d’ainneoin an bhaoil mhóir ceirde a bhaineann leis an obair ó thaobh sláinte agus sábháilteachta de (12). I gcuid de na Ballstáit, is beag ceardchumannú nó cómhargáil a dhéantar, is beag sásamh a bhaintear as an bpost, agus is dona an cóimheas idir cúramóirí agus na daoine dá ndéantar cúram. Ar cheann de na heasnaimh a tugadh chun solais le linn na paindéime, chonacthas nach leordhóthanach soláthar an trealaimh cosanta phearsanta. |
4.5. |
Is ceann de bhunchlocha an chúraim fhadtéarmaigh san Eoraip an cúram neamhfhoirmiúil gan íocaíocht, nó an cúram teaghlaigh, ach níor forbraíodh an cúram baile ná pobalbhunaithe nó is deacair rochtain a fháil orthu in an-chuid tíortha go fóill (13). I bhfianaise an tionchair a imríonn soláthar an chúraim neamhfhoirmiúil ar thorthaí tábhachtacha saoil, tá CESE a mholadh go mór tabhairt faoi bheartais a chuirfeadh an cúram neamhfhoirmiúil ar bhonn ní b’fhoirmiúla, a thacódh le cúramóirí neamhfhoirmiúla, agus a chuirfeadh le húsáid éifeachtúil na n-acmhainní. |
4.6. |
Is údar imní do CESE a fhorleithne atá an obair chúraim fhorbhásach i measc oibrithe cúraim neamhdhearbhaithe, arb oibrithe cúraim baile ban iad a bhfuil cónaí orthu in aontíos leis an duine dá ndéanann siad cúram a bhformhór, agus ar daoine de phobail imirceach nó de chatagóirí saoránach soghluaiste iad, den chuid is mó. Is measa fós an scéal de dheasca a laghad rochtain ar chúram foirmiúil atá ann agus de dheasca riachtanas eacnamaíoch. Tá cur chuige comhtháite beartais de dhíth ar an réimse éiginnte sin, ceann a thabharfaidh aird chuí ar dheimhniú scileanna, tabhairt chun rialtachta, agus/nó nósanna imeachta ceada. |
4.7. |
De réir mar a théann an t-éileamh ar chúram fadtéarmach in airde, tiocfaidh ardú ar an tuarastal san earnáil, rud a dhéanfaidh níos tarraingtí í, agus rachaidh an ionadaíocht chomhchoiteann, an chómhargáil, agus a thuilleadh oiliúna chun tairbhe di. D’fhéadfaí aghaidh a thabhairt ar easpa foirne agus ardchaighdeán an chúraim fhadtéarmaigh a áirithiú ach leas a bhaint as cistiúchán poiblí a ghiaráiltear d’fhonn feabhas a chur ar dhálaí oibre (cuir i gcás, trí bhíthin ceangaltais a ghabhann le soláthar poiblí). Má táthar leis an earnáil a athnuachan, tá géarghá lena cur ar bhonn níos gairmiúla, cáilíocht a shainiú agus caighdeáin a leagan síos go cruinn lenar féidir an cháilíocht sin a mheasúnú nó a thomhas, agus caighdeáin a chomhchuibhiú ar fud na mBallstát (14). |
5. Barúlacha eile
5.1. |
Ó thit an phaindéim amach, tugadh chun solais an ilroinnt agus an scaipeadh atá ar bun, go háirithe i dtaca leis an soláthar agus freagrachtaí cistiúcháin in an-chuid Ballstát, rud a léiríonn an gá atá leis an gcúram sláinte agus na córais chúraim náisiúnta a comhtháthú níos fearr (15), óir is iadsan is fearr is féidir an beart a dhéanamh i dtaca le rochtain do chách agus éifeachtúlacht a áirithiú. |
5.2. |
Ar cheann de na holldúshláin atá ag teacht chun cinn a bhfuil bearta comhbheartaithe mar chuid den straitéis nua chúraim ag teastáil ina leith, tá ceist na meabhairshláinte óir tá méadú ag teacht ar líon na bhfadhbanna meabhairshláinte ar toradh iad ar an bpaindéim agus ar an bpobal a bheith ag dul in aois (an néaltrú, cuir i gcás). |
5.3. |
Mar is léir ón taithí a fuarthas le déanaí ar COVID-19 a chosc agus a rialú in ionaid cúraim fhadtéarmaigh (16), tá sé ríthábhachtach measúnú éifeachtach a dhéanamh agus maoirseacht agus cigireacht sheachtrach éifeachtúil chuíchóirithe a bheith ann, in ionaid chúraim phoiblí agus phríobháideach araon, má táthar le drochíde a chosc agus sábháilteacht agus ardchaighdeán a áirithiú, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha, daoine scothaosta, agus leanaí, agus an dea-chleachtas atá ann cheana sna Ballstáit á chur chun tairbhe. |
5.4. |
Tá sé ríthábhachtach bailiú sonraí agus táscairí cúraim fhadtéarmaigh a fhorbairt don Aontas ina iomláine, má tá rath le bheith ar straitéis chúraim ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear ceanglais um thuairisciú agus athbhreithnithe rialta, a chuirfear i gcrích le nósanna imeachta éifeachtúla cuíchóirithe. I gcás soláthar leordhóthanach cúraim leanaí go háirithe, teastaíonn spriocanna cainníochtúla agus cáilíochtúla chun dul chun cinn a thomhas agus chun spriocanna Barcelona a bhaint amach agus a shárú. |
5.5. |
Tá sé riachtanach tacú le digitiú na seirbhísí cúraim fhadtéarmaigh, má táthar le haghaidh a thabhairt ar an mbearna dhigiteach. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an inrochtaineacht, córais chúnta, feabhsú na litearthachta digití agus an digitiú ar mhaithe le cáilíocht phoist, uas-sciliú, agus modhanna nua diagnóise, faireacháin agus cóireála. |
5.6. |
Is mian le CESE coireanna cogaidh arna ndéanamh ag Cónaidhm na Rúise san Úcráin a cháineadh, ar coireanna iad a dhírítear ar oibrithe cúraim agus sláinte, othair, leanaí, ospidéil agus ionaid eile. De bhreis ar dhaoine a mharú agus a ghortú, tá an t-ionsaí sin ag cur isteach go rímhór ar chóras sláinte agus cúraim na hÚcráine. Tá cúnamh spriocdhírithe agus bearta tacaíochta á n-iarraidh ag CESE agus tá sé á chur in iúl freisin go bhfuil drochthionchar na géarchéime san Úcráin á leathadh amach i gcéin is i gcóngar agus ag cur isteach ar an-chuid gnéithe den saol sóisialta agus eacnamaíoch. |
5.7. |
Tá sé ríthábhachtach idirphlé sóisialta a bheith ar bun a bhfuil rialtais, fostóirí, oibrithe agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha páirteach ann, má tá straitéis chúraim chlaochlaitheach agus córais athléimneacha sláinte agus cúraim le bheith san Aontas. Ní mór rannpháirt a thabhairt don lucht cúraim agus an dream dá ndéantar cúram sa phleanáil maidir le héiceachóras cúraim agus sláinte a bheidh cuimsitheach agus athléimneach, agus a mbeidh comhionannas inscne ann, agus ba cheart páirt a thabhairt sa phleanáil freisin don tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí eile, cuir i gcás na pobail chreidimh agus an lucht daonchairdis. |
6. Barúlacha ginearálta maidir le lucht saothair sláinte
6.1. |
Is ionann cúram sláinte maith agus bunchloch na sochaí cobhsaí daingne rathúla agus is é dualgas an rialtais é sin a eagrú. Is gnáthrud é in an-chuid tíortha a bheith ag brath ar chostas íseal agus earcú tapa na n-oibrithe sláinte ó thíortha eile san Eoraip. Glactar leis gurb amhlaidh atá an saol agus fágtar sin mar atá, rud ar mór an náire é. |
6.2. |
Tá CESE tiomanta don phrionsabal nach féidir córais sláinte láidre athléimneacha a chur ar bun ná a fhorbairt ach amháin má tá lucht saothair sciliúil ann a bhfuil oiliúint agus fonn oibre air, rud atá riachtanach i dtaca le beartas sláinte a mbeidh rath air a thabhairt isteach agus, dá thoradh sin, i dtaca le cumhdach sláinte agus an ceart chun sláinte a bhaint amach do chách. I measc na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa fiú, éilíodh “ceart chun sláinte” a chruthú, lena n-áiritheofaí rochtain chomhionann do mhuintir uile na hEorpa ar chúram sláinte inacmhainne coisctheach íceach ardchaighdeáin. |
6.3. |
Ba cheart go gcuirfeadh Aontas Sláinte na hEorpa feabhas ar an gcosaint, an cosc, an ullmhacht, agus an fhreagairt ar leibhéal an Aontais ó thaobh bagairtí ar shláinte an duine de. Sa chomhthéacs sin, tá príomhthionscnaimh uile Aontas Sláinte na hEorpa ag brath go mór ar lucht saothair sláinte ardchaighdeáin a bheith ann. |
6.4. |
Thug CESE aghaidh ar cheist an lucht saothair sláinte i gcomhthéacsanna agus gníomhaíochtaí iomadúla eile, i roinnt tuairimí dá chuid (17). Is sa bhearna bhaoil a bhíonn na hoibrithe sláinte ag obair, go háirithe in aimsir phaindéime, mar a léiríonn siad dlúthpháirtíocht thar na bearta in am an ghátair. |
6.5. |
Tá CESE i bhfabhar bearta a dhéanfadh poist in earnáil an chúraim sláinte ní ba tharraingtí i dtuairim na ndaoine óga. Tá sé sin ar cheann de na réamhriachtanais is tábhachtaí atá ann i dtaca le hacmhainní daonna leordhóthanacha a chruinniú sna córais cúraim sláinte le gur féidir freastal ar na riachtanais cúraim sláinte, an tsláinte a chur chun cinn, agus galair a chosc. |
6.6. |
Ba cheart na sonraí maidir leis an líon daoine, imirce, scileanna, agus gnéithe sonracha eile de chás an lucht saothair sláinte a chaighdeánú agus a roinnt le chéile ó Bhallstát go Ballstát. Is léir ó na tubaistí éagsúla a thit amach le blianta beaga anuas (paindéim COVID-19, creathanna talún, tuilte, ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus mar sin de) a thábhachtaí atá sé freagairt thapa a dhéanamh, go háirithe i gcás géarchéime. |
6.7. |
Tháinig ardú 48 % ar líon na ndaoine a bhí ag obair sna seirbhísí sláinte agus cúraim i dtíortha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta ó 2000 go dtí 2017 (18). De réir mar a théann an pobal in aois agus mar a thagann athrú ar an bpobal atá ann, rachaidh an t-éileamh ar sheirbhísí sláinte in airde agus tiocfaidh athrú ar a bhfuil á éileamh: meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó beagnach ar an éileamh domhanda ar oibrithe sláinte faoi 2030 (19). |
6.8. |
Sular thit paindéim COVID-19 amach fiú, bhí teorainn leis an gcumas seirbhísí bunúsacha sláinte a sholáthar in an-chuid tíortha de dheasca ganntanais leanúnacha foirne. Meastar go mbeidh easnamh 18 milliún gairmí sláinte faoi 2030 (20). |
6.9. |
Tá sé tábhachtach na prionsabail maidir le haistriú nó teaglaim fhéideartha scileanna agus cúraimí (aistriú cúraimí / meascán inniúlachtaí) a shainiú go soiléir. Is gá comhordú a dhéanamh leis na hinstitiúidí a chuireann oiliúint ar an lucht saothair ionas go bhfreastalófar go cuí ar riachtanais an chórais cúraim sláinte náisiúnta ach athrú cuí a dhéanamh ar bhonn tráthúil ar na rátaí rollaithe agus na curaclaim. |
6.10. |
Ba cheart prionsabail an chomhordaithe, an chomhair thrasnaigh, agus an chúraim chomhtháite a chleachtadh agus acmhainní daonna á bhforbairt in earnáil na sláinte agus an chúraim shóisialta, agus an bhunsprioc chéanna ann i gcónaí leanúnachas cúraim a bheith ar fáil do na saoránaigh ó mhaidin go hoíche, seacht lá na seachtaine, gach lá den bhliain. |
6.11. |
Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an bhfáil atá ar an gcóireáil sa phobal áitiúil, go háirithe i gceantair atá tearc i ndaoine, i gceantair thuaithe iargúlta nó scoite, agus ar oileáin, mar ar gá dul i muinín réitigh iompair agus teilileighis nua ar bhonn níos rialta. |
7. Lucht saothair sláinte a phleanáil
7.1. |
Creideann CESE gur gá gurb é is aidhm le pleanáil an lucht saothair sláinte cúinsí a chruthú ina dtiocfaidh cleachtas gairmiúil chun cinn a chuirfidh le caighdeán an chúraim agus sábháilteacht na n-othar. San am céanna, ní mór a bhfuil d’acmhainneacht ann oiliúint ardchaighdeáin a chur ar fáil a áirithiú ar gach leibhéal. |
7.2. |
Ní mór caitheamh le bainistiú an lucht saothair sláinte mar ghníomhaíocht thábhachtach ó thaobh straitéise de ar leibhéal riarachán an stáit ina iomláine, ní mór do rialtas an Bhallstáit féin aghaidh a thabhairt air, ní mór é a chur chun feidhme ar bhonn ilearnálach, agus ní mór dearcthaí agus tosaíochtaí difriúla a chur san áireamh ann. |
7.3. |
Mar chuid de bhainistiú an lucht saothair sláinte, ní mór aghaidh a thabhairt ar gach céim de shaol oibre an ghairmí, cuir i gcás daoine a earcú as measc na ndaoine a bheidh ina mic léinn amach anseo agus na ndaoine atá ar scor. Ba cheart próiseas trédhearcach cothrom, gan rian leatroim, a bheith sa phróiseas a bhaineann le roghnú na n-iarrthóirí ar oiliúint, post, agus ardú céime. |
7.4. |
Agus lucht saothair na sláinte á phleanáil, tá sé tábhachtach riachtanais na saoránach agus na n-oibrithe sláinte a chur san áireamh agus a chur in iúl go soiléir. Leis na próisis phleanála agus bhainistíochta, ní mór modhanna a bhunú dá réir ar féidir riachtanais uile na ngairmithe a thabhairt faoi deara, ó dhálaí oibre, cearta ábhartha, deiseanna dul chun cinn a dhéanamh, am agus acmhainní leordhóthanacha a bheith ar fáil chun foghlaim agus taighde a dhéanamh, go dtí cothromaíocht inbhuanaithe idir an saol oibre agus pearsanta. |
7.5. |
Ní mór pleanáil an lucht saothair sláinte a bheith ina léiriú ar phleanáil an struchtúir féin. Ní mór na bearta a dhéantar agus na próisis a úsáidtear chun na spriocanna arna leagan síos a bhaint amach a bheith ina léiriú air sin freisin, is é sin le rá an chaoi a gcinntear a bhfuil ag teastáil agus mar a bhainfear an méid sin amach. |
7.6. |
Tá CESE ag moladh an Plean Gníomhaíochta um Lucht Saothair an Chúraim Sláinte san Aontas Eorpach (21) a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé riachtanach, má táthar le feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí agus ar chaighdeán na seirbhísí sin, pleanáil agus réamhaisnéisiú comhtháite maidir leis an lucht saothair a fhorbairt agus scileanna lucht saothair an chúraim sláinte agus an chúraim fhadtéarmaigh a oiriúnú. |
7.7. |
Ní mór páirt ghníomhach i bpróiseas pleanála an lucht saothair sláinte a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta ábhartha go léir. Is gá an caidreamh idir na grúpaí gairmithe difriúla, riachtanais shonracha an phobail, agus an córas féin a shainiú ó thaobh inniúlachtaí áirithe de. |
7.8. |
Má táthar le cearta na saoránach a chosaint agus dreasachtaí leordhóthanacha a chur ar fáil do ghairmithe sláinte, caithfear limistéir gheografacha mhítharraingteacha agus réimsí gníomhaíochta a bhfuil easpa acmhainní daonna iontu a aithint. Tá CESE á mholadh don Choimisiún Eorpach moltaí a eisiúint i dtaca le híoschóimheasa acmhainní in aghaidh aonad daonra le haghaidh an bhunchaighdeáin cumhdaigh sláinte uilíoch agus cásanna éigeandála, agus dáileadh geografach agus próifíl aoise á gcur san áireamh (22). |
7.9. |
D’fhonn bonn a chur faoi na moltaí siúd, tá sé tábhachtach feabhas a chur ar bhailiú idirnáisiúnta na sonraí agus catagóirí sonraí a chomhchuibhiú de réir mar is féidir ionas go mbeifear in ann difríochtaí a thabhairt faoi deara agus nach mbainfear ciall chontráilte as na sonraí. Tá sé tábhachtach go mbeifear in ann éagsúlachtaí náisiúnta a léiriú leis na catagóirí comhchuibhithe Eorpacha, ionas gur féidir na sonraí a chur i gcomhthéacs (23). |
7.10. |
Is de réir chúinsí airgeadais an Bhallstáit féin a thabharfar aghaidh ar cheist na n-acmhainní airgeadais. Tugann an fhianaise le fios gur gá do na Ballstáit a áirithiú agus iad i mbun an córas ginearálta a phleanáil, agus i gcás phleanáil an lucht saothair sláinte go háirithe, go gcuirfear san áireamh an timpeallacht iomlán agus cumas an rialtais tionchar a imirt uirthi (24). |
7.11. |
Ba cheart forbairt na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur san áireamh agus lucht saothair á phleanáil, mar cuirtear deiseanna ar fáil a bhuí leis an nuálaíocht sna réimsí sin timpeallachtaí oibre agus cúinsí nua a chruthú inar féidir cúram a sholáthar, agus bíonn scileanna nua ag teastáil dá thoradh. |
8. Dálaí oibre
8.1. |
I bhfianaise a thábhachtaí atá dálaí oibre agus cinneadh á dhéanamh ag gairmithe an gcuirfidh siad tús le gairm in earnáil na sláinte, an gcoinneoidh siad orthu inti, nó an bhfágfaidh siad í, tá sé fíorthábhachtach beartais chomhtháite a bheith ann i réimsí amhail réimsí an oideachais, na fostaíochta, an tsaoil teaghlaigh, an airgeadais, agus na himirce. Cé go ndírítear go mór ar chúrsaí tuarastail agus earcú agus coinneáil foirne á bplé mar chuid de phleanáil an lucht saothair sláinte, is iomaí rud eile a chuireann le timpeallacht shlántúil oibre agus a d’fhéadfadh gairm tharraingteach thairbheach a dhéanamh de ghairm san earnáil, an méid seo a leanas san áireamh: rochtain ar oideachas agus oiliúint, lena n-áirítear forbairt ghairmiúil agus tacaíocht chun scileanna a chothú, dálaí praiticiúla amhail cúram a bheith ar fáil, uaireanta oibre oifigiúla, soláthar sábháilte foirne, deiseanna forbartha gairmiúla fónta, agus cothromaíocht oibre is saoil (25). |
8.2. |
De réir eagraíochtaí míochaine Eorpacha agus idirnáisiúnta, tá méadú ag teacht ar líon na gcásanna inar gá do lianna a bhíonn ag obair in ospidéil nó i gclinicí ginearálta nó príobháideacha dul i ngleic le foréigean – foréigean fíochmhar, scaití – sa ghnáthobair laethúil, lasmuigh de chomhthéacs coinbhleachta ar bith (26). Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus na geallsealbhóirí uile tiomantas polaitiúil a léiriú agus aird a thabhairt ar an ngéarghá atá leis an lucht saothair sláinte a chosaint agus iad i mbun a gcuid oibre. |
8.3. |
Bíonn oibrithe cúraim sláinte i mbaol galair thógálacha a tholgadh trí bhíthin teagmháil san ionad oibre. Bíonn an tras-seoladh galar ina chúis leis an neamhláithreachas, an ghalracht, agus, i gcásanna áirithe, an bás i measc oibrithe cúraim sláinte. Laghdaítear an lucht saothair dá dheasca sin go léir, rud a bhaineann de chaighdeán chúram agus shábháilteacht na n-othar dá réir. |
8.4. |
Féadann sé go bhfuil brú síceolaíoch nó neamhord meabhrach ag baint d’oibrithe cúraim sláinte freisin, rudaí ar féidir leo cur isteach ar a gcuid oibre agus ar a saol pearsanta araon. Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar thuairiscí ar oibrithe cúraim sláinte a ghearr siar ar a gcuid uaireanta oibre nó a d’éirigh as go luath agus iad cloíte ag an obair, agus dúlagar orthu, nó agus breoiteacht mheabhairshláinte orthu (27). Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar infheistíocht i seirbhísí meabhairshláinte poiblí lena áirithiú go mbeidh teacht ag na gairmithe sláinte go léir ar na seirbhísí céanna. |
9. Soghluaisteacht
9.1. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth gur gá aird a thabhairt ar an gceart chun soghluaisteachta laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon. Ba cheart soghluaisteacht trasteorann a éascú ar mhaithe leis an oibrí aonair agus an ghairm ina hiomláine, ós rud é gur deis atá ann eolas a aistriú agus foghlaim ó chéile, rudaí a théann chun tairbhe do chúram na n-othar agus, i ndeireadh na dála, don chóras cúraim sláinte ina iomláine. I gcás imirce de dheasca riachtanas eacnamaíoch nó droch-dhálaí oibre, tá sé riachtanach bunchúiseanna na faidhbe a aimsiú, aghaidh a thabhairt orthu, agus iarracht a dhéanamh feabhas a chur ar chás an lucht saothair sláinte (28). |
9.2. |
Cuireann an tsoghluaisteacht trasteorann gné bhreise le pleanáil an lucht saothair. Ba ghné áisiúil fhadtéarmach den bhonneagar é seirbhís Eorpach um fhaireachas ar lucht saothair na sláinte a bhunú chun cuidiú leis na Ballstáit struchtúir phleanála a leagan síos agus a choimeád agus gnéithe trasteorann den phleanáil a chomhordú. Ba cheart an tsoghluaisteacht a nascadh le próisis de chuid an Aontais, go háirithe an Seimeastar Eorpach agus pleanáil i gcomhair paindéimí arna beartú mar chuid de rialachán Eorpach a bheidh ann amach anseo maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte (29). |
9.3. |
Ní mór do na Ballstáit beartais earcaíochta eiticiúla a chur chun feidhme i gcomhréir le Cód Cleachtais Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le hEarcaíocht Idirnáisiúnta Pearsanra Sláinte (30). Níor cheart dul i muinín earcú na ngairmithe ón gcoigríoch mar fhreagra simplí ar fhadhb an ghanntanais foirne cúraim baile. Nuair is ann do shreafaí éagothroma soghluaisteachta, ba cheart iarracht a dhéanamh cothromaíocht a bhaint amach agus malartuithe a chothú a rachadh chun tairbhe do gach taobh. |
10. Barúlacha eile
10.1. |
Ní mór ceannaireacht éifeachtach a bheith ann chun gairmithe sláinte a bhainistiú ar gach leibhéal. Is cuid chasta den oideachas cúraim sláinte í a bhfuil an-tóir uirthi agus a aithnítear níos mó agus níos mó mar rud atá riachtanach má táthar le hardchaighdeáin a bhaint amach ó thaobh oideachais, taighde, agus cleachtas cliniciúil de. |
10.2. |
Dá bhrí sin, ba cheart oideachas ceannaireachta ardchaighdeáin leordhóthanach a bheith ina chuid de churaclam na ngairmeacha sláinte go léir (31). |
An Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta um Lucht Saothair an Chúraim Sláinte san Aontas Eorpach in 2012.
(2) An Coimisiún Eorpach, An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Adequate social protection for long-term care needs in an ageing society: report jointly prepared by the Social Protection Committee and the European Commission, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2014, lch. 14. https://data.europa.eu/doi/10.2767/32352
(3) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Samhain 2018on care services in the EU for improved gender equality [maidir le seirbhísí cúraim san Aontas le haghaidh comhionannas inscne níos fearr]. https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-8-2018-0464_EN.html
(4) IO C 129, 11.4.2018, lch. 44; IO C 487; 28.12.2016, lch. 7; IO C 204, 9.8.2008, lch. 103; Bróisiúr agus Tuairim CCMI/165 ó CESE (níl leagan Gaeilge ann), (IO C 240, 16.7.2019, lch. 10) (níl leagan Gaeilge ann); an tuairim ó CESE I dtreo samhail chúraim nua do dhaoine scothaosta: ag foghlaim ó phaindéim COVID-19, (IO C 194, 12.5.2022, lch. 19).
(5) Addati, L., Cattaneo, U., agus Pozzan, E., Care at work: investing in care leave and services for a more gender equal world of work, An Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, an Ghinéiv, 2022. https://www.ilo.org/global/topics/care-economy/WCMS_838653/lang--en/index.htm
(6) https://www.who.int/publications/i/item/WHO-HIS-SDS-2018.53.
(7) Féach Tuairim SOC/496 ó CESE Tionchar na hInfheistíochta Sóisialta ar Fhostaíocht agus ar Bhuiséid Phoiblí (níl leagan Gaeilge ann), (IO C 226, 16.7.2014, lch. 21).
(8) Eurofound, Long-term care workforce: Employment and working conditions, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020. https://www.eurofound.europa.eu/nb/publications/customised-report/2020/long-term-care-workforce-employment-and-working-conditions
(9) Barslund, M., et al., Study: Policies for long-term Carers, Parlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, 2021. https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/695476/IPOL_STU(2021)695476_EN.pdf
(10) https://www.euro.who.int/__data/assets/pdf_file/0011/186932/12-Summary-Economic-crisis,-health-systems-and-health-in-Europe.pdf
(11) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Long-term care report: trends, challenges and opportunities in an ageing society, Imleabhar 1, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021, lgh. 12, 28. https://data.europa.eu/doi/10.2767/677726
(12) Féach fonóta 12, lgh. 68-70.
(13) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Zigante, V., Informal care in Europe: exploring formalisation, availability and quality, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2018. https://data.europa.eu/doi/10.2767/78836
An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Spasova, S., et al., Challenges in long-term care in Europe: a study of national policies, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2018. https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8128&furtherPubs=yes
(14) Féach fonóta 12, caibidil 3.
(15) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Adequate social protection for long-term care needs in an ageing society: report jointly prepared by the Social Protection Committee and the European Commission, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2014, lch. 36. https://data.europa.eu/doi/10.2767/32352
(16) Danis, K., et al., High impact of COVID-19 in long-term care facilities, suggestion for monitoring in the EU/EEA. Euro Surveillance (Bealtaine 2020), 25(22). https://doi.org/10.2807/1560-7917.ES.2020.25.22.2000956
(17) IO C 286, 16.7.2021, lch. 109 (níl leagan Gaeilge ann); IO C 429, 11.12.2020, lch. 251 (níl leagan Gaeilge ann), IO C 242, 23.7.2015, lch. 48 (níl leagan Gaeilge ann), IO C 143, 22.5.2012 (níl leagan Gaeilge ann); IO C 18 19.1.2011, lch. 74 (níl leagan Gaeilge ann); IO C 77, 31.3.2009, lch. 96 (níl leagan Gaeilge ann).
(18) https://one.oecd.org/document/ECO/WKP(2021)43/en/pdf
(19) Liu J.X., et al., Global health workforce labor market projections for 2030. Human Resources for Health (2017), 15(11). https://human-resources-health.biomedcentral.com/articles/10.1186/s12960-017-0187-2
(20) https://www.who.int/health-topics/health-workforce#tab=tab_1
(21) D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta um Lucht Saothair an Chúraim Sláinte san Aontas Eorpach in 2012.
(22) CPME Policy on Health Workforce: https://www.cpme.eu/policies-and-projects/professional-practice-and-patients-rights/health-systems-and-health-workforce
(23) Féach fonóta 2.
(24) Russo G., et al. Can we halt health workforce deterioration in failed states? Insights from Guinea Bissau on the nature, persistence and evolution of its HRH crisis. Human Resources for Health (2017), 15(1):12.
(25) Féach fonóta 2.
(26) https://www.cpme.eu/api/documents/adopted/2020/3/EMOs.Joint_.Statement.on_.Violence.FINAL_.12.03.2020.pdf
(27) Dyrbye, L. N., et al., Burnout among health care professionals: A call to explore and address this underrecognised threat to safe, high-quality care. NAM Perspectives. Discussion Paper, National Academy of Medicine, Washington, DC, 2017.
(28) An Coimisiún Eorpach, An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Adequate social protection for long-term care needs in an ageing society: report jointly prepared by the Social Protection Committee and the European Commission, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2014, lch. 14. https://data.europa.eu/doi/10.2767/32352
(29) An Coimisiún Eorpach, An Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Adequate social protection for long-term care needs in an ageing society: report jointly prepared by the Social Protection Committee and the European Commission, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2014, lch. 14. https://data.europa.eu/doi/10.2767/32352
(30) https://www.who.int/publications/m/item/migration-code
(31) Van Diggele, C., et al., (2020), Leadership in Healthcare Education, BMC Medical Education, 20 (Forlíonadh 2), 456. https://doi.org/10.1186/s12909-020-02288-x
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/46 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/07)
Rapóirtéir: |
Katrīna LEITĀNE |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
24.2.2022 |
Bunús dlí |
Riail 32(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
6.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
158/0/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is í an rannpháirtíocht pholaitiúil is bonn le gach daonlathas feidhmiúil. An buntáiste is mó a bhaineann leis an Aontas Eorpach d’aos óg na hEorpa is ea go n-urramaítear an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta ann (1). Is den ríthábhacht a áirithiú go gcuirfear tuairimí daoine óga san áireamh i gcinntí a bhaineann lena dtodhchaí ós rud é go bhféadfadh tionchar mór a bheith ag éifeacht indíreach, fiú, ar dhaoine óga agus ar na glúnta atá le teacht. Maidir le beartais nach bhfuil dírithe go díreach ar dhaoine óga nó nach meastar a bheith mar chuid den réimse traidisiúnta beartais a bhaineann leis an óige, d’fhéadfadh tionchar mór a bheith acu sin ar shaol daoine óga mar sin féin. Tá sé tábhachtach sásraí éifeachtúla a chur ar fáil a chomhlánódh na sásraí rannpháirtíochta atá ann faoi láthair, cinn a bheadh ag teacht le prionsabail an daonlathais agus a bheadh curtha in oiriúint do riachtanais an aosa óig. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh ceapadh beartas níos fearr agus níos éifeachtaí a bheith ann. |
1.2. |
Creideann CESE go bhfuil an t-oideachas ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga agus le hiad a chur ar an eolas faoi na modhanna éagsúla rannpháirtíochta ar fad atá ann agus faoi na luachanna dá seasann an tionscadal Eorpach. A bhuí leis na cláir atá ann faoi láthair chun tacú leis an oideachas foirmiúil agus leis an oideachas neamhfhoirmiúil, eadhon Erasmus+ agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, tá tuairim níos dearfaí anois ag daoine óga ar an rannpháirtíocht daonlathach agus ar luachanna agus prionsabail an Aontais Eorpaigh. |
1.3. |
Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil géarghá leis go mbeadh daoine óga rannpháirteach i gceapadh beartas trí ról fóinteach a thabhairt dóibh, an ceann a bheadh ab oiriúnaí do dhaoine óga, agus trí fhaireachán, meastóireacht agus measúnú tionchair a dhéanamh chomh maith chun a áirithiú go gcuirfí tuairimí daoine óga san áireamh agus cinntí beartais á ndéanamh. A bhuí lena rannpháirtíocht feadh an phróisis ceaptha beartas, cothaítear muinín i measc glúnta óga agus i measc grúpaí eile nach iad, rud a fhágann go meastar iad a bheith ábhartha agus tábhachtach sa phróiseas sin. Ba cheart torthaí a rannpháirtíochta a chur in iúl go sofheicthe agus go trédhearcach sna próisis sin. Tá an ghné sin ríthábhachtach d’fhonn muinín a chothú i measc daoine óga as an bpróiseas ceaptha beartas (2). Ina theannta sin, baineann an-tábhacht leis an gcuimsiú sóisialta agus le teagmháil a dhéanamh le grúpaí a bhfuil riachtanais éagsúla acu. |
1.4. |
Aontaíonn CESE leis gur féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ról ríthábhachtach a bheith acu maidir le spéis daoine óga a mhúscailt i ndúshláin shochaíocha agus, ar an gcaoi sin, rannpháirtíocht daoine óga a spreagadh sa phróiseas ceaptha beartas agus sa phróiseas daonlathach. Féadfaidh eagraíochtaí den sórt sin a bheith mar naisc agus mar líonraí tacaíochta chun cabhrú le daoine óga dul i dteagmháil le comhlachtaí poiblí foirmiúla agus chun cabhrú leo a bheith ina saoránaigh ghníomhacha. Tacaíonn CESE leis na heagraíochtaí sin agus leis na saoránaigh óga a bhfuil beart á dhéanamh acu agus tá sé ag iarraidh go mbeadh bearta ann le hé a chur ar a gcumas é sin a dhéanamh. |
1.5. |
Tá CESE ag moladh d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit bearta agus sásraí a chur chun feidhme a d’áiritheodh go gcuirfí dearcadh an aosa óig san áireamh i ngach réimse beartais agus, spás á chruthú do dhaoine óga san am céanna le go bhféadfaidís ionchur comhsheasmhach agus saineolach a chur ar fáil maidir leis na dúshláin atá rompu. Ba cheart sásraí leantacha agus sásraí faireacháin atá trédhearcach agus sofheicthe a chur san áireamh, freisin, agus ba cheart na hionstraimí atá ann cheana le haghaidh rannpháirtíocht na hóige a chomhlánú leis na struchtúir sin, gan cistiú a laghdú. Ba cheart acmhainní oiriúnacha a chur ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht fhóinteach na n-óg sa phróiseas ceaptha beartas. |
1.6. |
D’fhéadfaí tacú le rialáil agus le beartais níos fearr ach daoine óga a bheith rannpháirteach sa phróiseas ceaptha beartas agus sa phróiseas cinnteoireachta, trí mhapáil a dhéanamh ar na treochtaí reatha agus na treochtaí atá ag teacht chun cinn a bhfuil tionchar acu ar shaol daoine óga agus ar shaol na nglúnta atá le teacht agus trí thuiscint a fháil ar na treochtaí sin a thuiscint. D’fhéadfadh sin cúram údar an togra a éascú, freisin, óir is féidir leis an údar ionchur cáilíochtúil a fháil chun na sonraí tánaisteacha a chomhlánú. |
1.7. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth cé go bhfuil Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de bunaithe ar phríomhchuspóirí Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh (3) agus príomhchuspóirí Bhliain Eorpach na hÓige, go gcuirtear béim sa dá thionscadal sin ar a thábhachtaí atá sé daoine óga a phríomhshruthú i gceapadh beartas, rud a bhfuil cur chuige trasearnála ag teastáil ina leith. Tá sin ar cheann de na bearta arna leagan amach sa Tuarascáil ar Thoradh Deiridh (4) na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa chomh maith, ar léirigh gach duine a chaith vóta i seisiún iomlánach na Comhdhála agus na saoránaigh a dtacaíocht di. D’fhonn tionchar fadtéarmach agus oidhreacht a mhairfeadh tar éis Bhliain Eorpach na hÓige a bhaint amach, ní mór na daoine óga a chumhachtú le hathrú a tharraingt agus todhchaí níos fearr a thógáil. |
1.8. |
Aithníonn CESE an tagairt do Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le torthaí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (5). Mar sin féin, tá sé á chur i bhfáth aige nach bhfuil an togra ón gCoimisiún i gcomhréir le spriocanna agus modhanna an togra bunaidh, nach n-áirítear rannpháirtíocht fhóinteach eagraíochtaí óige ná saineolaithe i réimse na hóige ann, nach ndéantar daoine óga a phríomhshruthú i ngach beartas, agus nach gcuirtear tionchar fadtéarmach na mbeartas ar na glúnta atá le teacht san áireamh ann. Creideann CESE gur cheart Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a bheith mar chuid den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr mar uirlis ar leith, ós rud é gur cheart agus gur chóir aird ar leith a thabhairt ar na glúnta atá le teacht agus ar dhaoine óga. |
1.9. |
Tá CESE ag iarraidh go mbeadh tuilleadh comhair idir na hinstitiúidí chun na tionscnaimh rathúla atá ann faoi láthair, amhail Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, “Leatsa an Eoraip, Abair leat!”, agus Cruinniú Eorpach um an Óige, a thabhairt i gcomhréir le chéile agus tá sé ag iarraidh go mbeidh siad bainteach leis na tionscnaimh a bheidh ann amach anseo, eadhon Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de, i gcomhréir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, tá liosta tograí maidir le rannpháirtíocht na n-óg in CESE á leagan síos ag CESE agus súil aige coincheap Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a thabhairt isteach ina chuid oibre. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. Ról an aosa óig maidir leis an tionscadal Eorpach a thógáil
2.1.1. |
Stiúrthóirí an tionscadail Eorpaigh is ea na daoine óga agus brúitear inbhuanaitheacht an tionscadail chun tosaigh a bhuí lena gcruthaitheacht, a bhfuinneamh agus a ndíograis. Ainmníodh an bhliain seo, 2022, mar Bhliain Eorpach na hÓige agus dúirt Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, “tá na daoine óga sin ar fad ag teastáil uainn san Eoraip” agus maidir leis an Aontas seo atá againn, “ba cheart anam agus fís a bheith ag gabháil leis, anam agus fís a mbeidh mealladh na hóige iontu” (6). |
2.1.2. |
Ní fhéadfaí tionscadal an Aontais a bhaint amach go cuí agus go héifeachtach sa timpeallacht dhaonlathach reatha dá ndéanfaí neamhshuim den dioscúrsa maidir le rannpháirtíocht pholaitiúil na n-óg (7) sna traidisiúin dhaonlathacha agus sna comhthéacsanna geopholaitiúla. Seo mar a labhair Margaritis Schinas, an Leas-Uachtarán um Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn: “Le Bliain Eorpach na hÓige ba cheart athrú ó bhonn a bheith ann ar conas a chuirimid daoine óga san áireamh sa phróiseas ceaptha beartas agus cinnteoireachta”. Is ar mhaithe lena chur ar chumas (8) daoine óga a bheith rannpháirteach ar bhonn fóinteach a dhéanfar an méid sin, go príomha. |
2.1.3. |
De réir phobalbhreitheanna Eorabharaiméadair (9), ní chuireann leath de mhuintir na hEorpa fiú (47 %) muinín san Aontas agus níl dearcadh maith ina leith ach ag 44 % de na hEorpaigh. Tá todhchaí an tionscadail Eorpaigh ag brath go mór ar a mhéid a thagann daoine óga le luachanna na hEorpa agus ar a thoilteanaí atá siad a bhféiniúlacht Eorpach a aithint. Tá rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga sna próisis pholaitiúla agus chinnteoireachta ríthábhachtach óir braitheann a saol amach anseo ar na cinntí a dhéanfar ar na saolta seo. Ar an gcúis sin, ba cheart ionstraimí rannpháirtíochta a thabhairt isteach ar mhaithe lena áirithiú go gcuirfear tuairimí daoine óga san áireamh. Caithfear rannpháirtíocht sa saol sibhialta agus sa saol daonlathach a neartú ar gach leibhéal d’fhonn rathúnas na hEorpa amach anseo a áirithiú, agus é á chur san áireamh go bhfuil tionchar ag an aibíocht dhaonlathach (10) ar phatrúin na rannpháirtíochta polaitiúla i measc daoine óga san Aontas. |
2.1.4. |
Dreasacht chun an t-idirphlé rannpháirteach a chur chun cinn i measc saoránaigh ar fud an Aontais a bhí i dtionscnamh an Aontais Eorpaigh chun Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a thionól. Meastar gurb é an bealach chun tosaigh éifeachtacht na sásraí atá ann cheana i dtaobh rannpháirtíocht na n-óg a fheabhsú agus sásraí nua a bhunú. Mar a moladh sna torthaí deiridh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, d’fhéadfaí “Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de” (11) ar an reachtaíocht a bheith i gceist leis sin, le measúnú tionchair agus sásra comhairliúcháin a mbeidh ionadaithe ón aos óg rannpháirteach ann (12). |
2.1.5. |
Modh fadbhreathnaitheachta straitéisí i dtaobh an phróisis ceaptha beartas é an Measúnú tionchair ó thaobh na hóige de. Is coincheap luachmhar í an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach agus tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún Eorpach í a úsáid sa phróiseas ceaptha beartas. Agus é bunaithe ar phrionsabail amhail scanadh ionchais, anailís meigithreochtaí, pleanáil agus samhlú cásanna, níl dabht ar bith ann ach gur cuireadh dearcadh an aosa óig agus dearcadh na nglúnta atá le teacht san áireamh sa chreat sin. Cé go nglactar leis sa phróiseas fadbhreathnaitheachta nach bhfuil an todhchaí réamhshocraithe, bailítear eolas lena linn maidir leis na cásanna a d’fhéadfadh a bheith ann agus é d’aidhm aige sin déanamh réidh do dhúshláin atá ag teacht chun cinn. D’fhéadfaí teacht ar uirlisí luachmhara tríd an idirphlé idirghlúine a d’áiritheodh go gcuirfí na treochtaí agus na cásanna a bheadh ann amach anseo san áireamh sna beartais. Dá ndéanfaí anailís ina gcuirfí dearcadh an aosa óig agus dearcadh na nglúnta amach anseo san áireamh, d’fhéadfaí rannchuidiú le beartais níos fearr agus níos saincheaptha a chur ar fáil, cinn lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na nglúnta amach anseo, agus ba cheart sin a dhéanamh. |
2.1.6. |
D’fhonn beartais níos fearr a chruthú a bheidh oiriúnach do dhúshláin na todhchaí, ní mór cearta daoine óga agus cearta na nglúnta atá le teacht a aithint agus a choimirciú iontu, agus a áirithiú nach mbeidh aon tionchar diúltach acu ar aon aoisghrúpa ná ar aon ghrúpa sóisialta ar leith. Faoi láthair, is minic neamhaird a dhéanamh de na grúpaí sin nó is minic iad a mheas mar chuid de ghrúpaí eile nach mbaineann leo i ndáiríre. Mar thoradh air sin, ní thugtar aghaidh sna beartais i gceart ar dhúsláin agus fágtar go dtagann tuilleadh meatha ar an muinín as institiúidí foirmiúla agus go mbíonn rannpháirtíocht níos lú iontu. |
2.2. An gá le rannpháirtíocht fhóinteach na n-óg
2.2.1. |
Is éard is “rannpháirtíocht fhóinteach” ann comhroinnt na cumhachta agus an cumas cinnteoireachta, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí eile, faoi choinníollacha trédhearcacha a bhfuil gach gníomhaí lena mbaineann ar an eolas fúthu. Le próisis chuntasachta dea-dheartha, cothaítear muinín gach geallsealbhóra i bpróisis rannpháirtíochta polaitiúla. Chomh maith leis sin, ba cheart freagrachtaí follasacha na ngníomhaithe éagsúla a chur in iúl do na geallsealbhóirí uile. |
2.2.2. |
Tá muinín daoine óga as institiúidí poiblí i sáinn ó bhí an ghéarchéim dhomhanda airgeadais ann amach in 2008 (13) agus níl athrú tagtha ar an dearcadh atá acu maidir lena dtionchar polaitiúil ná maidir leis an ionadaíocht a dhéantar orthu sna próisis chinnteoireachta. Bíonn daoine óga rannpháirteach sa saol daonlathach ar an iomaí bealach éagsúil. Meastar, mar sin féin, gurb é an bealach is éifeachtaí lena chinntiú go dtabharfaidh cinnteoirí cluas dá gcuid tuairimí ná vóta a chaitheamh i dtoghcháin áitiúla, náisiúnta nó Eorpacha (39 %) (14), ach tá sciar na ndaoine óga a bhfuil muinín acu as an gcineál sin rannpháirtíochta daonlathaí fós an-íseal. Ag an am céanna, maidir leo siúd ar dócha go bhfanfaidís glan amach ó chúrsaí polaitíochta, bíonn an scéal amhlaidh dóibhsean mar gheall ar an easpa rannpháirtíocht fhóinteach agus muiníne agus toisc go mothaíonn siad fiú a bheith rannpháirteach óir nach gcuirtear a rannchuidiú san áireamh. Ceann de na bacainní is mó atá ar dhaoine óga ná an tuairim láidir nach n-éisteann na cinnteoirí le daoine dá leithéidsean (15). Dá bhrí sin, is den ríthábhacht muinín a chur chun cinn agus an t-idirphlé idir daoine óga agus institiúidí poiblí a neartú d’fhonn ullmhacht agus athléimneacht na sochaithe chun déileáil le suaití amach anseo a áirithiú (16). |
2.2.3. |
Mothaíonn tromlach na ndaoine óga (70 %) (17) nach mbíonn mórán tionchair acu, sin nó nach mbíonn tionchar ar bith acu, ar chinntí, dlíthe agus beartais thábhachtacha a dhéanann difear don Aontas ina iomláine. Mothaíonn 24,8 % (18) de dhaoine óga nach mbíonn tionchar ar bith acu ar na hábhair a phléitear i ndíospóireachtaí poiblí nó polaitiúla agus deir 40,8 % eile gur beag tionchar a bhíonn acu orthu. Anuas air sin, measann dhá thrian de na freagróirí go gcabhrófaí le daoine óga tionchar níos mó a bheith acu ar an mbeartas poiblí dá mbeadh cur amach níos mó ag na polaiteoirí ar na hábhair atá ag déanamh buartha dóibh, agus measann níos mó na 50 % díobh go gcabhrófaí leis an gcúis sin, freisin, ach ról níos láidre a bheith ag eagraíochtaí óige i gcúrsaí polaitíochta. |
2.2.4. |
D’athraigh daoine óga a modhanna rannpháirtíochta. Ar na saolta seo, is fearr leo cineálacha rannpháirtíochta polaitiúla nach mbaineann le hinstitiúidí ná, go háirithe, le toghcháin (19). Tá sé ag teacht chun léire níos minice sa taighde gurb amhlaidh an cás sin de dheasca an laghdaithe atá ag teacht ar na leibhéil muiníne as comhlachtaí poiblí, agus mar gheall ar an míshástacht a bhaineann leis an gcaoi a n-oibríonn an daonlathas ionadaíoch. Ar na saolta seo, tá rannpháirtíocht pholaitiúil neamhghnách daoine óga níos luainí, níos indibhidiúla agus níos pearsantaithe agus bíonn claonadh ann a bheith rannpháirteach i gcás saincheisteanna agus ábhair aonair, chomh maith le claonadh i dtreo gníomhaíochas agus agóid dhíreach i gcás ábhair a bhaineann le roghanna saoil an duine aonair (20). Ar an iomlán, cuireann daoine óga an-suim ar fad i gcúrsaí polaitíochta. Agus an cheist maidir le rannpháirtíocht na n-óg á meas acu, díríonn na saineolaithe ar an rannpháirtíocht pholaitiúil ar na réimsí agus na bealaí arna roghnú ag daoine óga lena gcuid tuairimí polaitiúla a chur in iúl agus ní ar an dúil atá acu a bheith rannpháirteach (21). Is iomaí bealach éagsúil atá ag daoine óga anois le tionchar a bheith acu ar chúrsaí beartais agus polaitíochta, agus ina fhianaise sin, is léir gur gá a chur san áireamh cineál neamhghnách na rannpháirtíochta polaitiúla, na cinnteoireachta rannpháirtí, agus na sásraí feabhsaithe cumarsáide agus trédhearcachta faoi chreat institiúideach daonlathach. Ba cheart ceapadh beartas i gcomhlachtaí poiblí a athrú agus a dhearadh dá réir d’fhonn a áirithiú go ndéanfar obair for-rochtana le gach grúpa daoine óga agus go mbeidh siad go léir rannpháirteach agus cinntí beartais á ndéanamh. Go deimhin, ba cheart sásraí rannpháirtíochta a bheith cuimsitheach agus ba cheart iad a chur in iúl ar bhealach a d’fheicfeadh pobal ilghnéitheach iad, agus ar bhealach a d’fheicfeadh iad siúd ar deacair teagmháil a dhéanamh leo iad. |
2.2.5. |
Tá saineolas agus cur amach gnóthaithe ag eagraíochtaí atá faoi stiúir na hóige ar réimse leathan ábhar a bhaineann leis na saincheisteanna a mbíonn daoine óga thíos leo. Is éard a bheidh de thoradh ar pháirt a thabhairt dóibh sa phróiseas ceaptha beartas rialacha agus rialacháin níos comhleanúnaí agus níos oiriúnaithe. Cabhraítear leis an méid sin, freisin, le líon na ndaoine óga atá ag dul isteach sna heagraíochtaí sin, líon atá de shíor ag dul i méid (22). |
2.2.6. |
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh daoine óga rannpháirteach ar bhonn fóinteach. Is gá rannpháirtíocht na n-óg a fheabhsú agus dul i ngleic, go háirithe, leis an easpa ionadaíocht dhaonlathach a dhéantar thar ceann na n-óg agus leis an easpa ionchuir ón aos óg i réimsí taobh amuigh den réimse traidisiúnta beartais a bhaineann leis an óige. Ba mhian le daoine óga páirt a bheith acu i múnlú beartas a bhfuil tionchar acu ar a saol. Is tríd an gceartas idirghlúine (23) a leigheasfar an neamhionannas a bhíonn idir na glúnta i sochaithe atá ag dul in aois. |
2.2.7. |
Sna huirlisí atá ann cheana chun anailís a dhéanamh ar an tionchar ar dhaoine óga, amhail Uirlis #31 sa Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr, ní fhoráiltear do phríomhshruthú daoine óga, do chuimsiú eagraíochtaí óige ná do chuimsiú daoine óga a bhfuil saineolas ábhartha acu agus atá in ann athbhreithniú córasach a dhéanamh ar na saincheisteanna ó thaobh na hóige de. Anuas ar an méid sin uile, bunaithe ar na foilseacháin atá ar fáil, cuirtear uirlisí den sórt sin chun feidhme ar bhonn níos annaimhe ná mar a bheadh ag teastáil i bhfianaise ábharthacht agus shuntasacht na dtograí. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de
3.1.1. |
Tá an togra bunaithe ar thrí cholún: comhairliúchán, measúnú tionchair agus bearta maolaithe (24). Tugtar creat ann chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht cúrsaí beartais a fheabhsú, bunaithe ar rannpháirtíocht neartaithe na n-óg agus ar phríomhshruthú daoine óga i gceapadh beartas agus, san am céanna, cuirtear grúpaí leochaileacha ón aos óg san áireamh, eadhon daoine óga faoi mhíchumas, NEETanna (daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna) (25), daoine óga a bhfuil cónaí orthu i gceantair iargúlta, etc. Leis na codanna éagsúla de Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de, cuirtear struchtúr comhleanúnach ar fáil chun beartais ardcháilíochta atá níos fearr a chruthú lena dtabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith le sárú ag na glúnta atá le teacht. |
3.1.2. |
Is é céad chéim Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a dhéanamh amach a ábhartha atá aon dréacht-tograí beartais atá ar na bacáin do dhaoine óga agus do na glúnta atá le teacht agus an tionchar a bheidh acu sin orthu. Cabhróidh sin lena chinneadh cibé ar cheart nó nár cheart Measúnú tionchair iomlán ó thaobh na hóige de a dhéanamh ar an mbeartas sin. Trí bhíthin uirlis seicliosta, déanann na measúnóirí cinneadh maidir le hábharthacht an dréacht-togra, i ndáiríre, do dhaoine óga agus maidir leis an tionchar, díreach agus indíreach, a bheidh aige ar dhaoine óga agus ar na glúnta atá le teacht.. Sa chás ina gcinnfear go bhfuil sé ábhartha dóibh, leanfar ar aghaidh leis an Measúnú tionchar ó thaobh na hóige de agus rachfar i mbun chéimeanna an chomhairliúcháin iomláin, an mheasúnaithe tionchair agus na mbeart maolaithe. Bhunófaí táscairí an tseicliosta ar riachtanais agus smaointe daoine óga chun a áirithiú go ndéanfar na tograí ábhartha a mheas ón dearcadh sin. |
3.1.3. |
Ag an gcéad chéim eile, breathnaítear ar na measúnóirí faoi seach le comhairliúchán fóinteach a dhéanamh le geallsealbhóirí a bhaineann leis an óige d’fhonn a áirithiú go gcuirfear saineolas córasach ar fáil i dtaobh anailís chríochnúil. Bunaithe ar an méid sin, féachfaidh na measúnóirí lena shainaithint cé na hábhair imní atá ag daoine óga maidir leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an dréachtbheartas atá á thástáil. Ní mór an chuid rannpháirtíochta sin a bheith trédhearcach agus ní mór an tsolúbthacht a bheith inti do réimse leathan ionadaithe óige, d’eagraíochtaí faoi stiúir na hóige agus do dhaoine óga a bhfuil saineolas ábhartha acu ionchur a thabhairt. Ar an gcaoi sin, féadfar cur chuige córasach a áirithiú i dtaobh na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sna dréacht-tograí beartais. Trí eagraíochtaí óige, ionadaithe óige agus daoine óga a bhfuil saineolas ábhartha acu a chur san áireamh, féadfar cúlra atá thar a bheith éagsúil agus uathúil a chruthú don mheasúnú tionchair. Trí rannpháirtíocht fhóinteach, féadfaidh na measúnóirí forléargas cuimsitheach a fháil bunaithe ar an eolas agus an saineolas uileghabhálach atá gnóthaithe ag na daoine óga sin. Tríd an ionchur sin á úsáid, féadfaidh an measúnú tionchair a bheith mionsonraithe a dhóthain leis na dúshláin a shainaithint agus leis na gnéithe a bhféadfadh beartais cur isteach orthu a shainaithint. |
3.1.4. |
Bunaithe ar na sonraí infhaighte atá le bailiú i rith an phróisis agus bunaithe ar thorthaí na gcomhairliúchán, beidh na measúnóirí in ann an measúnú tionchair a dhréachtú de réir na n-ábhar arna lua sa seicliosta agus anailís fhadbhreathnaitheach a chur ar fáil do na glúnta a bheidh ann amach anseo. |
3.1.5. |
Sa chás ina dtabharfar tionchar diúltach faoi deara, ba cheart don mheasúnóir bearta maolaithe a mholadh ar cheart iad a bheith dírithe, go príomha, ar ghrúpaí leochaileacha e agus ar dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste. Ba smaoineamh maith do na measúnóirí ceisteanna a chur le linn an chomhairliúcháin maidir leis na bearta maolaithe a d’fhéadfaí a ghlacadh agus a d’fhéadfaí a chur san áireamh san anailís. Sna blianta amach romhainn, is inmholta meastóireacht a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeartas agus ar conas a tugadh aghaidh ar na tionchair dhiúltacha trí na bearta maolaithe. |
3.1.6. |
Níor cheart Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de teacht in áit daoine óga a bheith rannpháirteach ar bhonn fóinteach i gcoitinne, ach ba cheart úsáid a bhaint as chun na sásraí rannpháirtíochta atá ann cheana a chomhlánú. |
3.1.7. |
Toradh sraith seisiún plé leis na líonraí óige is mó san Eoraip atá sa togra agus rinneadh tagairt shonrach dó freisin i roinnt moltaí ó Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh ó cuireadh ar bun é (agus an tIdirphlé Struchtúrtha a bhí ann roimhe). Chuir daoine óga in iúl gur mhian leo go mór nós imeachta trédhearcach ceaptha beartas a bheith ann faoina mbeadh daoine óga in ann rannchuidiú le dréachtú na dtorthaí agus le faireachán a dhéanamh orthu. |
3.1.8. |
Bhí tástáil FBManna ina spreagadh don togra chomh maith. Sampla d’uirlis oiriúnach measúnaithe tionchair ar leibhéal an Aontais í an tástáil FBManna atá bunaithe ar thrí cholún: comhairliúchán, measúnú tionchair agus bearta maolaithe (26). Anuas air sin, ach oiread le tástáil FBManna, tá sé beartaithe go mbeadh Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de mar chuid den Bhosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr mar uirlis ar leith chun béim a chur ar ról daoine óga i dtodhchaí na hEorpa, i gcomhréir leis an teachtaireacht ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. |
3.1.9. |
Tá an togra bunaithe ar shamplaí d’uirlisí measúnaithe tionchair ó thaobh na hóige de atá i roinnt Ballstát cheana féin, amhail san Ostair, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, i bhFlóndras na Beilge agus lasmuigh den Aontas chomh maith, mar shampla sa Nua-Shéalainn agus i gCeanada. |
3.1.10. |
Réiteach is ea an measúnú tionchair atá beartaithe chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh riachtanais agus ionchais daoine óga i dtionchar na mbeartas agus tugtar scóip leis a théann níos faide ná an réimse traidisiúnta beartais a bhaineann leis an óige. Ní dhéantar anailís ó thaobh na hóige de ach ar chuid bheag de na tograí ón gCoimisiún Eorpach. Bíonn tionchar, díreach agus indíreach, ag cuid shuntasach de na tograí sin, áfach, ar cháilíocht saoil daoine óga. |
3.1.11. |
Moltar Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a chur san áireamh sna measúnuithe tionchair a dhéantar ar “Rialáil Níos Fearr” atá ar fáil go poiblí agus é a fhoilsiú ar Thairseach Eorpach na hÓige. Mar sin féin, ba cheart an bealach lena mbaineann an tionchar is mó a fhiosrú tuilleadh. San am céanna, moltar d’Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide é a chur chun cinn go gníomhach ar mhaithe lena infheictheacht a áirithiú agus ba cheart don Ardrúnaíocht tacú lena ghlacadh in Ard-Stiúrthóireachtaí éagsúla. Chomh maith leis sin, maidir leis na hinstitiúidí sin a chinnfidh Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a chur chun feidhme, d’fhéadfaidís é a fhoilsiú. D’fhéadfadh CESE déanamh amhlaidh agus é a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. Tríd an measúnú agus an leagan deiridh den togra a fhoilsiú, beidh na geallsealbhóirí óige a bhí rannpháirteach sa chomhairliúchán in ann a fheiceáil conas mar a cuireadh an rannchuidiú uathu san áireamh. |
3.1.12. |
Tá Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de beartaithe a bheith ina struchtúr is féidir a chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. |
3.1.13. |
Is féidir go bhfeabhsófar beartais a bhuí sin le Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de. Mar sin féin, ba cheart é a bhunú, freisin, ar shásraí rannpháirtíochta fóintí ós rud é go bhféadfaí éifeachtúlacht a áirithiú agus feabhsuithe a spreagadh trí leas a bhaint as eolas an phobail. |
3.2. Rannpháirtíocht na n-óg laistigh de CESE
3.2.1. |
Aithníonn CESE a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na n-óg maidir le todhchaí na hEorpa a mhúnlú (27). Dá bhrí sin, tá roinnt tionscnaimh rathúla ar bun aige, amhail “Leatsa an Eoraip, Abair Leat!”, Cruinnithe Comhchéime leis an Óige maidir leis an Aeráid agus an Inbhuanaitheacht, agus Cruinniú Mullaigh AE an Aosa Óig faoin Aeráid arna eagrú go comhpháirteach ag CESE agus ag Parlaimint na hEorpa. Mar obair leantach ar Thuairim NAT/788 (28) ó CESE, bhí toscaire de chuid an aosa óig ag CESE den chéad uair riamh in 2021 mar chuid dá thoscaireacht oifigiúil chuig cruinniú COP 26 UNFCCC (Comhdháil na bPáirtithe 26 ag Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide). Ina theannta sin, i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na hÓige, bronnfar Duais na Sochaí Sibhialta CESE ar thionscnaimh éifeachtacha, nuálacha agus chruthaitheacha arb é is aidhm dóibh go dtógfaidh na hEorpaigh óga todhchaí níos fearr dóibh féin. |
3.2.2. |
Déanfaidh CESE a dhícheall tuairimí daoine óga agus eagraíochtaí óige a dhéanamh níos feiceálaí trí bhíthin sásraí um rannpháirtíocht daoine óga a dhéanamh níos struchtúrtha, níos fóintí agus níos dírithe d’fhonn feabhas a chur ar rannpháirtíocht inmheánach daoine óga agus eagraíochtaí óige in obair CESE. Dá réir sin, ba cheart do CESE na bearta seo a leanas a dhéanamh:
|
3.2.3. |
Fiosróidh CESE tuilleadh na bealaí trínarbh fhéidir coincheap Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a chur i bhfeidhm ina chuid oibre agus déanfaidh sé iad sin a mheas tuilleadh d’fhonn cur chuige comhsheasmhach maidir le rannpháirtíocht na n-óg in CESE a fhorbairt. |
3.2.4. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an tuairim féintionscnaimh seo agus Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a fhreagairt agus babhta tobsmaointe a dhéanamh le chéile maidir lena chur chun feidhme. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Taighde deisce European Youth in 2021.
(2) Influencing and understanding political participation patterns of young people, Parlaimint na hEorpa, 2021.
(3) Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh The European Youth Strategy 2019-2027 (Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027.
(4) Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, Tuarascáil ar an toradh deiridh, (níl an leagan Gaeilge foilsithe go fóill), Bealtaine 2022.
(5) COM(2022) 404 final.
(6) Aitheasc an Uachtaráin von der Leyen ar Staid an Aontais 2021.
(7) Deželan, T., Moxon, D., Influencing and understanding political participation patterns of young people: The European Perspective, staidéar, 2021.
(8) Barta, O., Boldt, G., Lavizzari, A., Meaningful youth political participation in Europe: concepts, patterns and policy implications, staidéar taighde, 2021.
(9) Eurobarometer 96 – Winter 2021-2022.
(10) Kitanova, M., “Youth political participation in the EU: evidence from a cross-national analysis ”, Journal of Youth Studies, Iml. 23, Uimh. 7, 2020 (fuarthas an páipéar in 2018).
(11) EU Youth Test.
(12) Tuarascáil ar Thoradh Deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (níl an leagan Gaeilge foilsithe go fóill).
(13) Governance for Youth, Trust and Intergenerational Justice: Fit for all generations? Highlights.
(14) Flais-Eorabharaiméadar maidir leis an Aos Óg agus leis an Daonlathas, a rinneadh idir an 22 Feabhra agus an 4 Márta 2022.
(15) European Parliament youth survey – Report (Parlaimint na hEorpa, Meán Fómhair 2021).
(16) Governance for Youth, Trust and Intergenerational Justice: Fit for all generations? Highlights.
(17) European Parliament youth survey – Report (Parlaimint na hEorpa, Meán Fómhair 2021).
(18) Youth Survey Report (faoin bhfoireann trí Uachtaránacht idir an Ghearmáin, an Phortaingéil, agus an tSlóivéin, Eanáir 2022).
(19) Youth Survey Report (faoin bhfoireann trí Uachtaránacht idir an Ghearmáin, an Phortaingéil, agus an tSlóivéin, Eanáir 2022).
(20) Youth Survey Report (faoin bhfoireann trí Uachtaránacht idir an Ghearmáin, an Phortaingéil, agus an tSlóivéin, Eanáir 2022).
(21) Deželan, T., Moxon, D., Influencing and understanding political participation patterns of young people: The European perspective, staidéar, 2021.
(22) An tEorabharaiméadar maidir le Bliain Eorpach na hÓige: Tá rannpháirtíocht aos óg na hEorpa ag dul i méid, an Coimisiún Eorpach, 2022.
(23) Governance for Youth, Trust and Intergenerational Justice: Fit for all generations? Highlights.
(24) The EU Youth Test: Investing Now in the Union’s Future agus EU Youth Test.
(25) IO C 152, 6.4.2022, lch. 27.
(26) Better Regulation Toolbox – SME Test (Bosca Uirlisí um Rialáil Níos Fearr – tástáil FBManna).
(27) SOC/706 Bliain Eorpach na hÓige 2022, IO C 152, 6.4.2022, lch. 122, agus SOC/589 Straitéis Óige nua an Aontais Eorpaigh (níl leagan Gaeilge ann), IO C 62, 15.2.2019, lch. 142.
(28) IO C 429, 11.12.2020, lch. 44 (níl leagan Gaeilge ann).
(29) Tá staidéar leanúnach ar bun in CESE maidir le rannpháirtíocht struchtúrtha na n-óg. Sa staidéar, tá mapáil á déanamh ar dhea-chleachtais áitiúla, náisiúnta, idirnáisiúnta agus ar dhea-chleachtais ar leibhéal an Aontais chun go bhforbrófar sásraí riachtanacha iomchuí lena áirithiú go dtabharfar cluas do thuairimí daoine óga.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/53 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Ról na dteicneolaíochtaí bainte carbóin i ndícharbónú thionscail na hEorpa
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/08)
Rapóirtéir: |
Andrés BARCELÓ DELGADO |
Comhrapóirtéir: |
Monika SITÁROVÁ |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
18.1.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) |
Dáta a glactha sa rannóg |
24.6.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
229/0/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá CESE á chur in iúl athuair go dtacaíonn sé go mór le gealltanais an Chomhaontaithe Ghlais agus leis an uathriail straitéiseach a threisiú a mhéid a bhaineann le soláthar fuinnimh agus ceannaireacht thionsclaíoch. |
1.2. |
Ní féidir neamhaird a dhéanamh d’éifeachtaí an chogaidh atá ar siúl san Úcráin ar an bhfuinneamh agus ar amhábhar agus is gá súil a choinneáil ar chúrsaí tríd an Seimeastar Eorpach. |
1.3. |
Tá an t-aistriú glas sa tionscal déantúsaíochta ag brath ar mheascán ceart leordhóthanach fuinnimh in-athnuaite a bheith ar fáil le haghaidh leictrithe agus le go n-éireoidh le táirgeadh hidrigine glaise. Beidh teicneolaíochtaí bainte carbóin, gabháil agus stóráil carbóin agus gabháil agus úsáid carbóin ina gcuidiú ag an tionscal aeráidneodracht a bhaint amach. Is gá fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid ar fud na hEorpa i dtreo go mbainfear amach spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais. |
1.4. |
Beidh gá le claochlú mór ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha má táthar chun dícharbónú (sna 30 bliain amach romhainn). Bíodh is go bhfuil neart teicneolaíochtaí ísealcharbóin ann cheana féin, is íseal dá gcuid leibhéal ullmhachta teicneolaí (TRLanna (1)). Beidh treochláir theicneolaíochta uaillmhianacha de dhíth chun cur leis na teicneolaíochtaí ceannródaíocha sin agus chun iad a chur in úsáid go forleathan. Ní mór don Aontas an nuálaíocht a chur chun cinn trí na Cistí Aeráide agus Nuálaíochta. |
1.5. |
Dá bhrí sin, is den riachtanas oideachas agus athsciliú a chur ar an lucht saothair agus teicneolaíochtaí a fhorbairt dó ar mhaithe leis aistriú glas sa tionscal deantúsaíochta. Ba cheart an t-idirphlé sóisialta ar an leibhéal Eorpach, ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal réigiúnach araon a bheith mar bhonn taca faoi fheasacht, glacadh agus tacaíocht d’aistriú cóir glas sa tionscal. Beidh an fothú acmhainneachta agus tionscadail chun príomhscileanna a shainiú fíorthábhachtach chun aistriú tionsclaíoch éifeachtach a áirithiú nach bhfágfaidh aon duine ar lár. |
1.6. |
Ach an úsáid a bhaintear as bunábhair mhalartacha – go háirithe bithmhais inbhuanaithe — a mhéadú, d’fhéadfaí cur le baint inbhuanaithe an charbóin ón atmaisféar trí bhainistiú inbhuanaithe talún táirgiúil (talamh feirme agus talamh foraoise) agus úsáid bithmhaise i dtáirgí fadsaoil a chur chun cinn, ar táirgí iad lena gcuirtear leis an tairbhe a bhaineann le baint carbóin. Ar a mhuin sin, cuideofar le laghdú a dhéanamh ar spleáchas an Aontais ar bhunábhair agus acmhainní allmhairithe. |
1.7. |
Tá sé á iarraidh ag CESE go gcaomhnófaí iomaíochas thionscal na hEorpa. Tá an tAontas ina cheann feadhna i dtaca le laghdú astaíochtaí CO2 ach is gá an uaillmhian chéanna a bheith ag gníomhaithe eile i leith na haeráide. Ós géarchéim dhomhanda í an ghéarchéim aeráide, ní mór do thaidhleoireacht an Aontais Eorpaigh cur lena iarrachtaí agus é a chur ina luí go héifeachtach ar thríú tíortha dlús a chur lena n-iarrachtaí chun dul i ngleic léi. De bhreis ar na cuspóirí beartais uaillmhianacha atá ag an Aontas, beidh sé ina cheannródaí, murab ionann is riamh, maidir le tionscail a dhícharbónú a bhuí lena thacaíocht pholaitiúil agus leis an eolas praiticiúil atá ag gnólachtaí agus ag a n-oibrithe ar chumais thionsclaíocha, ar na teicneolaíochtaí riachtanacha agus ar an gcaoi le hathrú a réamh-mheas. Dá thairbhe sin, beifear in ann bearta praiticiúla a ghlacadh dá réir. |
1.8. |
Ach bonn tionsclaíoch fónta a choinneáil laistigh den Aontas, áiritheofar rathúnas, poist ardcháilíochta agus tiomantas don troid i gcoinne an athraithe aeráide do shochaí na hEorpa. Ní mór do thionscal na hEorpa infheistíocht a dhéanamh san Eoraip trí bhíthin creat rialála cuí i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta agus i ngléasraí agus i dtrealamh araon d’fhonn is go leanfaidh sí de bheith ar thús cadhnaíochta. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Leis an Dlí Aeráide Eorpach, leagtar síos sprioc uaillmhianach do 2030 maidir le hastaíochtaí a laghdú agus, san am céanna, deimhnítear an cuspóir aeráidneodrachta do 2050. D’fhonn sprioc an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, ní mór anailís a dhéanamh ar gach gníomhaíocht ina n-astaítear gáis ceaptha teasa agus ní mór bealaí a shainaithint chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, nó geall leis. |
2.2. |
Is sna tionscail déantúsaíochta a astaítear 20 % d’astaíochtaí na hEorpa (2). Is iad seo a leanas na tionscail déantúsaíochta a astaíonn cuid mhór CO2 san Eoraip: an tionscal iarainn agus cruach, an tionscal stroighine, tionscal na gceimiceán agus tionscal na bpeitriceimiceán, tionscal an laín agus an pháipéir, an tionscal leasachán, an tionscal gloine, an tionscal ceirmeachta, an tionscal scaglainne ola agus tionscal na miotal neamhfheiriúil (alúmanam den chuid is mó). Ar na gáis ceaptha teasa a astaítear san earnáil tionsclaíochta tá dé-ocsaíd charbóin (CO2) ó úsáidí fuinnimh, ó úsáidí neamhfhuinnimh breoslaí iontaise agus ó fhoinsí neamhiontaise breosla, maille le gáis neamh-CO2. |
2.3. |
Tá aistriú glas an tionscail déantúsaíochta ríthábhachtach chun bheith i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach. Beidh aistriú teicneolaíochtaí ann agus, ina dhiaidh sin, tiocfaidh athruithe ar mhodhanna oibre, scileanna agus inniúlachtaí sna hearnálacha tionsclaíochta. Bíodh sin mar atá, beidh gá freisin le bearta atá dírithe ar an éileamh chun glacadh táirgí ísealcharbóin agus samhlacha nua gnó (siombóis thionsclaíoch, ciorclaíocht, freagairt don éileamh) a chur chun cinn. |
3. An tionscal déantúsaíochta ar an mbealach i dtreo na haeráidneodrachta
3.1. |
Dírítear sa tuairim féintionscnaimh seo ar earnálacha tionsclaíochta faoin Scéim Trádála Astaíochtaí. Ar an ábhar sin, ní chumhdaítear fóntais fuinnimh, iompar ná foirgnimh inti. |
3.2. |
Chomh maith le dúshlán an dícharbónaithe, is den ríthábhacht é go gcuirfí feabhas ar an éifeachtúlacht fuinnimh i ngach aon earnáil tionsclaíochta. Cé nach leor an méid sin amháin chun tionscal na hEorpa a dhícharbónú, is féidir astaíochtaí ó ídiú fuinnimh a laghdú go mór ach a bheith tíosach ar fhuinneamh. Aistreofar ó bhreoslaí iontaise go teicneolaíochtaí nach n-astaíonn gáis ceaptha teasa, fuinneamh in-athnuaite den chuid is mó. Is iad na húdaráis fóntas agus na húdaráis phoiblí atá freagrach as an aistriú fuinnimh ó bhreoslaí iontaise go teicneolaíochtaí nach n-astaíonn gáis ceaptha teasa. |
3.3. |
I ndáil le dúshlán an dícharbónaithe, d’fhéadfaí earnálacha tionsclaíochta a aicmiú mar a leanas:
|
3.4. |
Níl aon amhras ach go gcuirfidh comhghiniúint ardéifeachtach (CHP (3)) sa tionscal le héifeachtúlacht fuinnimh, ach ní leor sin chun an tionscal a dhícharbónú. De rogha air sin, d’fhéadfaí úsáid a bhaint as teas ísealeantalpachta ón tionscal le haghaidh téamh ceantair chun cur leis an éifeachtúlacht fuinnimh iomlán. D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh air sin le linn an aistrithe chuig dícharbónú iomlán. |
3.5. |
Le teicneolaíochtaí bainte carbóin, baintear CO2 a astaítear cheana as an atmaisféar agus cruthaítear ar an dóigh sin astaíochtaí “diúltacha”. Cuid thábhachtach de phunann na dteicneolaíochtaí astaíochtaí diúltacha is ea teicneolaíochtaí a bhaineann le gabháil agus úsáid carbóin, amhail bithfhuinneamh le gabháil agus stóráil carbóin (BECCS) agus gabháil agus stóráil carbóin go díreach ón aer (DACCS). In ainneoin na hacmhainne a bhaineann leo chun an t-athrú aeráide a mhaolú, áfach, is ag céim an taispeántais amháin atá na teicneolaíochtaí sin i láthair na huaire. Ar na teicneolaíochtaí eile bainte carbóin atá ann tá gníomhaíochtaí lena bhfeabhsaítear linnte nádúrtha CO2, amhail foraoisiú agus athfhoraoisiú ach tá siad lasmuigh de raon feidhme na tuairime seo. |
Is é an dúshlán a bhaineann le todhchaí na bainte carbóin sa tionscal déantusaíochta cothromaíocht a aimsiú chun go mbeidh an ghabháil agus stóráil carbóin ina rogha maolúcháin sa bhreis ar theicneolaíochtaí laghdaithe agus bainte carbóin. Ní mór laghdú agus baint astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur ag luí le Comhaontú Pháras agus leis an Dlí Aeráide Eorpach. A bhuí le gabháil agus stóráil carbóin, is féidir é a chur de chumas ar an Aontas leanúint ar aghaidh ar an luas is gá le gáis ceaptha teasa a bhaint, ach ní mór stóráil carbóin a sheachaint san fhadtéarma.
3.6. |
Is cosúil gurb í hidrigin a tháirgtear trí úsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite (hidrigin ghlas) an réiteach trasearnála ar na próisis dícharbónaithe. Mar shampla, tá tionscadal ar bun sa tSualainn a bhfuil sé mar aidhm aige deireadh a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó tháirgeadh cruach trí hidrigin in-athnuaite a úsáid. San Fhionlainn, tá tionscadal ann a léireoidh bealaí chun hidrigin ghorm agus, ag céim níos déanaí, hidrigin ghlas a tháirgeadh agus chun CO2 a ghabháil agus a stóráil go buan i Muir Bhailt. |
4. An tionscal déantúsaíochta ar an mbealach i dtreo an dícharbónaithe
4.1. |
As gach earnáil tionsclaíochta san Eoraip, táthar ag díriú sa tuairim seo ar na hearnálacha is mó is féidir a fheabhsú agus tionchar mór a imirt orthu chun astaíochtaí CO2 na hEorpa a laghdú. Sa tionscal déantúsaíochta, dírítear ar earnálacha a bhfuil níos mó dúshlán le sárú acu chun iad féin a dhícharbónú. Dírítear sa tuairim seo ar an tionscal cruach, ar an tionscal stroighine, ar thionscal na gceimiceán agus na bpeitriceimiceán, ar scaglanna ola, ar thionscal an laín agus an pháipéir, ar an tionscal leasachán, ar an tionscal gloine agus ar an tionscal ceirmeachta. |
4.2. |
Sula ndéantar cur síos ar na teicneolaíochtaí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin a laghdú agus a bhaint, ní mór smaoineamh ar aistriú ó fhoinsí fuinnimh breoslaí iontaise go foinsí eile fuinnimh nach n-astaíonn gáis ceaptha teasa agus foinsí fuinnimh in-athnuaite eile. D’fhéadfadh cumhacht ghaoithe, cumhacht fhótavoltach agus grianchumhacht theirmileictreach, hidreachumhacht, fuinneamh geoiteirmeach, bithmhais agus bithbhreoslaí a bheith i measc na bhfoinsí sin. |
4.3. |
Tá roinnt earnálacha tionsclaíochta ann a mbeadh orthu teicneolaíochtaí atá ann cheana nó teicneolaíochtaí nua a ghlacadh ina bpróisis chun aeráidneodracht a bhaint amach má táthar chun aistriú chuig sochaí aeráidneodrach. Ag brath ar an tionscal agus ar a astaíochtaí gás ceaptha teasa i láthair na huaire, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu céim amháin nó céimeanna éagsúla a ghlacadh. |
4.4. |
D’fhéadfaí a cheapadh nach bhfuil sa chéad chéim “ach” athrú ar an gcuid táirgthe/foinsithe den phróiseas. In a lán cásanna eile, d’fhéadfadh tuilleadh taighde agus forbartha a bheith ag teastáil, mar shampla chun na dóiteoirí gáis nádúrtha atá ann faoi láthair a chur in oiriúint do hidrigin nó chun teaschaidéil a úsáid. Ar a mhuin sin, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar an idirghníomhú idir hidrigin agus ábhair nó táirgí. |
4.5. |
An tionscal cruach:
De dheasca an dúshláin atá roimh an tionscal cruach traidisiúnta (ina n-úsáidtear modh comhtháite lena n-éilítear laghdú amhiarainn), tá roinnt cineálacha cur chuige nua teicneolaíochta á dtabhairt isteach cheana féin atá dírithe ar stuafhoirnéisí leictreacha a chothaítear le hiarann atá laghdaithe go díreach (DRI) agus a tháirgtear le hidrigin ghlas a chur in ionad foirnéisí soinneáin. Pléadh roghanna malartacha eile cheana féin, roghanna a bhíonn ag brath ar theicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin, ach ní féidir leo an sprioc maidir le gás ceaptha teasa a laghdú a bhaint amach. D’fhéadfadh leictrealú amhiarainn suas le 87 % níos lú CO2 a astú ná an modh comhtháite atá ann faoi láthair (má dhéantar an soláthar leictreachais a dhícharbónú go hiomlán). Ba é an aidhm a bhí le laghdú plasma hidrigine neodracht carbóin a bhaint amach. Go deimhin, d’fhéadfadh próiseas déanta cruach hidrigine suas le 95 % níos lú astaíochtaí a ghiniúint ná an modh comhtháite atá ann faoi láthair (má úsáidtear leictreachas atá go hiomlán dícharbónaithe) ach de bharr an fhuinnimh a chaillfí le linn tháirgeadh na hidrigine, mhéadódh sé sin ídiú fuinnimh an tionscail. Cruach a tháirgtear i bhfoirnéisí leictreacha, níl sí freagrach ach as 14 % de na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ón modh comhtháite agus is é an príomhdhúshlán lena mbaineann hidrigin ghlas nó leictreachas ionduchtaithe a chur in ionad gás nádúrtha i bhfoirnéisí rollacha. Le gabháil agus úsáid carbóin (agus úsáid á baint as dramhgháis ó fhoirnéisí soinneáin), is féidir laghdú suas le 65 % a dhéanamh ar astaíochtaí má úsáidtear ina n-iomláine iad (braitheann laghdú CO2 freisin ar shaolré iomlán na dtáirgí ceimiceacha a bhíonn mar thoradh air sin). Tá níos mó dul chun cinn déanta i gcás cuid acu – úsáideann an gléasra taispeána Steelanol (atá á thógáil faoi láthair – TRL 9) dramhghás chun bith-eatánól a tháirgeadh agus is é is aidhm don tionscadal Carbon2Chem (TRL 7-8) dramhghás a úsáid mar amhábhar le haghaidh ceimiceán. |
4.6. |
An tionscal stroighne:
Ní thagann ach 37 % d’astaíochtaí sa tionscal stroighne as breoslaí agus tagann an 63 % eile ó imoibriú ceimiceach an amhábhair (astaíochtaí próisis). Dá bhrí sin, ach breoslaí arna ndíorthú ó fhoinsí in-athnuaite (bithmhais nó hidrigin) a úsáid déanfar laghdú 35 % ar a mhéad ar an astaíocht. Tá teicneolaíochtaí á dtástáil faoi láthair trína bhféadfaí CO2 a ghabháil agus a bhainistiú nó a stóráil amach anseo (modh aimíne agus lúb cailciam). Bealach eile chun astaíochtaí a laghdú is ea stroighin ísil-chlincir a fhorbairt a bhfuil TRL 5-7 acu faoi láthair. Na hastaíochtaí a bhaineann le stroighin den chineál sin, tá siad 30 % níos lú ná na hastaíochtaí a bhaineann le fíorstroighin Portland. |
4.7. |
Tionscal na gceimiceán:
I dtionscal na gceimiceán, is é is aidhm do leictriú próiseas táirgthe laghdú 90 % a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 gach scoilteora. Cuireann earnáil na gceimiceán go mór le timthriallta inbhuanaithe carbóin a athbhunú. Is taiscumar ollmhór carbóin iad táirgí ceimiceacha inar féidir carbón a shocrú ar feadh 10-40 bliain. Sa lá atá inniu ann, an méid carbóin atá leabaithe i dtáirgí ceimiceacha, is geall é le hastaíochtaí iomlána an tionscail chun na tairgí sin a tháirgeadh. Fiú má chríochnaíonn an chuid is mó den charbón sin san atmaisféar nuair a loisctear táirgí ag deireadh a n-úsáide, is réamhriachtanas é straitéis uaillmhianach geilleagair chiorclaigh a bhunú chun timthriall carbóin inbhuanaithe atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach trí charbón a choinneáil “sa lúb”. Is féidir le hearnáil na gceimiceán rannchuidiú le laghdú astaíochtaí in earnálacha eile trí charbón a “ionsú” agus a stóráil i dtáirgí. |
4.8. |
Tionscal an laín agus an pháipéir:
I dtionscal an laín agus an pháipéir, táthar ag súil go dtiocfaidh laghdú 7 milliún tona ar CO2 a bhuí le meascán d’fheabhsuithe próisis, lena n-áirítear an t-aistriú chuig Tionscal 4.0, mar aon le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí táirgthe úrscothacha faoi 2050. Agus leas á bhaint as a shaoráidí comhghiniúna cumhachta agus teasa ar an láthair, is féidir le tionscal an laín agus an pháipéir a bheith rannpháirteach sa mhargadh fuinnimh trí úsáid a bhaint as barrachais fuinnimh in-athnuaite inathraithigh. D’fhéadfadh na tairbhí dícharbónaithe lena mbaineann a bheith chomh hard le 2 mhilliún tona. Táthar ag tuar go ndéanfar laghdú 8 milliún tona ar astaíochtaí dá ndéanfaí tuilleadh suiteálacha tionsclaíocha a thiontú go foinsí fuinnimh ísealcharbóin nó foinsí fuinnimh atá saor ó charbón. Sa bhreis ar roinnt de na coincheapa ceannródaíocha atá aitheanta sa Two team Project (4), amhail teicneolaíocht na dtuaslagóirí eoiteicteacha doimhne atá á forbairt anois, d’fhéadfadh réitigh nuálacha suaiteacha eile a bheith ina gcomhlánú ar an iarracht chun laghdú 5 mhilliún tona CO2 a dhéanamh ar astaíochtaí. |
4.9. |
Scaglanna ola:
D’fhéadfadh scaglanna ola cur le haistriú fuinnimh agus aeráide gheilleagar an Aontais ar dhá bhealach: i) trí lorg carbóin a bpróiseas deantúsaíochta a laghdú go mór, agus ii) trí bhreoslaí agus táirgí eile atá bunaithe ar CO2 bithghineach nó athchúrsáilte a chur in ionad breoslaí agus táirgí eile de bhunadh iontaise de réir a chéile. Má chuirtear bithfhuinneamh in ionad fuinneamh iontaise de réir a chéile agus má úsáidtear teicneolaíochtaí gabhála agus úsáide carbóin agus teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin, beidh astaíochtaí diúltacha gás ceaptha teasa ann, fiú. Is féidir na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a ghintear le linn úsáid breoslaí agus táirgí scaglainne eile a laghdú go mór tríd an mbunábhar a athrú de réir a chéile ó amhola go bithmhais inbhuanaithe agus CO2 athchúrsáilte. Nuair a dhóitear iad, cuirfidh na breoslaí a eascraíonn as na próisis sin glanastaíochtaí nialasacha CO2 nó glanastaíochtaí an-íseal CO2 isteach san atmaisféar. Ar an dóigh sin, cuirtear le dícharbónú an iompair, go háirithe na modhanna sin atá níos deacra a leictriú. Tá infheistíochtaí agus tionscadail nua sna réimsí sin ar bun faoi láthair. Mar shampla, tiontaíodh trí cinn de na 80 mór scaglann san Aontas go bithscaglanna. Dá bharr sin, cuireadh bithmhais inbhuanaithe in ionad na hamhola (5). Tá acmhainní airgeadais níos ísle ag teastáil leis an straitéis aistrithe aeráide seo ná réitigh eile toisc gur féidir na scaglanna féin agus an córas lóistíochta chun táirgí a dháileadh a oiriúnú agus a athúsáid den chuid is mó. |
4.10. |
Leasacháin:
Táthar ag féachaint anois sa tionscal leasachán le hidrigin ghlas a chur in ionad gás nádúrtha mar amhábhar. Tá roinnt tionscadail phíolótacha (6) á bhforbairt ar fud an Aontais. A luaithe a bheidh hidrigin ghlas ar fáil agus an costas a bhaineann léi socraithe, beidh an tionscal ar bhóthar an dícharbónaithe iomláin. |
4.11. |
Tríd is tríd, d’fhéadfaí an tionscal déantúsaíochta a dhícharbónú trí éifeachtúlacht fuinnimh, trí phróisis a bharrfheabhsú agus trí aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite. Beidh infheistíochtaí de dhíth i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta chun an sprioc maidir le neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050. Tá teicneolaíochtaí gabhála agus úsáide carbóin agus teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin tábhachtach freisin do thionscail déantúsaíochta amhail an tionscal stroighne agus i gcás inarb í bithmhais an fhoinse fuinnimh. |
5. Scileanna agus inniúlachtaí sa tionscal déantúsaíochta a bheidh ann amach anseo
5.1. |
Gan amhras, éileofar modhanna oibre nua le haghaidh próisis thionsclaíocha nua. Beidh ar earnálacha tionsclaíochta agus ar oibrithe an chaoi a gcuireann siad a gcuid dualgas i gcrích a oiriúnú. Ní mór dóibh díriú ar astaíochtaí CO2 a laghdú ó na chéad chéimeanna sna próisis déantúsaíochta. |
5.2. |
Le haistriú glas an tionscail déantúsaíochta athrófar an táirgeadh ar go leor bealaí. Cuirfear teicneolaíochtaí táirgthe nua in úsáid agus bainfear leas as an digiteáil. Beidh scileanna nua, uas-sciliú agus athsciliú ag teastáil chun aistriú cothrom a bhaint amach nach bhfágfar aon duine ar lár. Ní mór díriú go sonrach ar iarraidh ar shaoránaigh AE, ar oibrithe, ar FBManna, ar fhiontair shóisialta agus ar shaineolaithe réigiúnacha páirt réamhghníomhach a ghlacadh san athrú dosheachanta sna háiteanna ina bhfuil siad ag cur fúthu. |
5.3. |
Ní mór don Aontas a áirithiú go bhfaighidh oibrithe eolas ar theicneolaíochtaí nua agus ar an gcaoi chun iad a chur chun feidhme sna hearnálacha tionsclaíochta atá ann faoi láthair. Ní mór d’údaráis phoiblí agus do chuideachtaí, laistigh den idirphlé sóisialta, iarracht a dhéanamh leas a bhaint as scileanna atá ann cheana freisin chun na cuspóirí dícharbónaithe a bhaint amach. |
5.4. |
Beidh úsáid iomlán hidrigine glaise sa tionscal déantúsaíochta ríthábhachtach do go leor earnálacha tionsclaíochta. Ina theannta sin, áfach, beidh tionchar ag cur chun feidhme na dteicneolaíochtaí bainte carbóin ar scileanna agus inniúlachtaí sa tionscal agus beidh tionchar nach beag aige freisin ar an slabhra soláthair. |
6. Gníomhaíocht an Aontais agus coinníollacha an chreata
6.1. |
Ní mór creat dlíthiúil agus rialacháin náisiúnta an Aontais a bheith ina gcuidiú i bpróiseas dícharbónaithe an tionscail. Ba cheart é a chur san áireamh leis go mbeidh féidearthachtaí éagsúla ann agus/nó acmhainní éagsúla a bheidh le hinfheistiú le haghaidh an aistrithe agus a bheidh an-difriúil ó Bhallstát go Ballstát agus ó réigiún go réigiún san Eoraip. |
6.2. |
Is céim dhearfach chun cinn é an Ciste um Aistriú Cóir arb é is aidhm dó tacaíocht a thabhairt do réigiúin atá ag brath go mór ar earnálacha tionscalaíochta atá dian ar charbón. Mar sin féin, tá raon feidhme an chiste, atá teoranta do réigiúin atá ag brath go mór ar ghual, lignít, móin, scealla ola agus earnálacha tionscalaíochta atá dian ar charbón, róchúng. Tá sé á mholadh ag CESE, dála Parlaimint na hEorpa, buiséad an Chiste um Aistriú Cóir a mhéadú go mór d’fhonn tacaíocht a chur ar fáil d’earnálacha eile a mbeidh tionchar ag dícharbónú an tionscail orthu. Ba cheart acmhainní breise a chur i leataobh chun aistriú ó phost go post, cruthú post malartach ardcháilíochta sna réigiúin chéanna agus oiliúint cheart, athsciliú agus uas-sciliú oibrithe a áirithiú. |
6.3. |
Leis an aistriú glas sa tionscal, beidh gá le rochtain ar fhuinneamh agus bunábhar atá neodrach ó thaobh carbóin de agus atá inacmhainne, cobhsaí agus iomaíoch. Ní mór infheistíochtaí suntasacha, lena n-áirítear infheistíochtaí i mbonneagar fuinnimh, a dhéanamh san Eoraip chun freastal ar riachtanais an tionscail i leith méideanna móra fuinnimh in-athnuaite. |
6.4. |
Le creat rialála an Aontais, ní mór geilleagar an Aontais a threorú chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 trí na dálaí a chruthú chun na hacmhainní ollmhóra – is iad sin, acmhainní airgeadais, teicneolaíochta agus intleachtúla — a scaoileadh le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, lena n-áirítear teicneolaíochtaí bainte carbóin, atá le cur chun feidhme go gasta. |
6.5. |
Tá dreasachtaí rialta ag teastáil chun an ghabháil carbóin a spreagadh i dtionscail déantúsaíochta, bíodh sé ar an leibhéal Eorpach — tríd an gCiste Nuálaíochta — nó ar leibhéal gach Ballstáit, ach gan milleadh faoin Margadh Aonair, arb é ceann de bhunchlocha an Aontais é. Beidh gá le tionscnaimh bhreise AE chun infheistíocht phríobháideach a mhealladh agus a shlógadh. |
6.6. |
Ní mór comhghuaillíochtaí straitéiseacha a chruthú ar an leibhéal Eorpach chun dlús a chur le forbairt an tionscail seo d’fhonn is go mbeidh an tAontas in ann a bheith ar thús cadhnaíochta sa réimse sin. D’fhéadfaí na rialacha reatha maidir le státchabhair a oiriúnú chuige sin. |
6.7. |
Ní mór aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíochtaí T&F agus idirphlé a reáchtáil ar an ábhar seo ar an leibhéal Eorpach. Ní mór gurb é an Ciste Nuálaíochta an modh is mó a úsáidfear chun na gníomhaíochtaí sin a threorú. |
6.8. |
Ba cheart beartais maidir le soláthar poiblí a úsáid chun borradh a chur faoi mhargaí le haghaidh táirgí glasa, seachas táirgí “donna”, ina bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa á laghdú ag tairgeoirí. |
6.9. |
I bhfianaise na moille ar aghaidh a thabhairt ar an dúshlán aeráide agus an bhrú ama lena mbaineann, ní mór roinnt príomhtháscairí feidhmíochta a áireamh i dtuairisciú an tSeimeastair Eorpaigh agus sna moltaí do gach Ballstát chun cabhrú leis an tionscal a dhícharbónú, rud a bhfuil gá leis. |
6.10. |
Ba cheart athbhreithniú treimhsiúil a dhéanamh sa Tuarascáil maidir leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach ar dhul chun cinn, ar na cásanna/roghanna is mó a bhfuil gealladh fúthu agus ar na pointí laga sna hiarrachtaí chun na spriocanna aeráide a bhaint amach. Is mó fós an tábhacht atá leis sin toisc go bhféadfaí treoirlínte a sholáthar d’infheistíocht phráinneach agus ardriosca, ach freisin do chomhthiomsú réasúnta acmhainní, bíodh sin go hingearach nó go cothrománach. |
6.11. |
Léiríonn comharthaí rabhaidh nach bhfuil cothroime iomaíochta ann agus go bhfuil baol ann go mbeadh “sceitheadh carbóin” chuig tríú tíortha, rud a chuirfeadh bac ar an aistriú chuig neodracht carbóin. Leagtar béim leis sin arís eile ar an tábhacht a bhaineann leis an tseiceáil iomaíochta a thabhairt isteach mar uirlis um scagadh rioscaí agus um threorú. |
6.12. |
Tá cuid mhór éagsúlachtaí soiléire idir comhchruinnithe astaíochtaí sna Ballstáit — bíodh sin ar an iomlán nó per capita — in earnálacha eacnamaíocha agus i réigiúin. I ngeall ar bhrú ama, ní mór tús áite a thabhairt do na torthaí is tapúla agus is mó a bhaint amach le gur féidir céimeanna a ghlacadh i dtreo an dícharbónaithe. Dá bhrí sin, ba cheart béim mhór a leagan ar mhiotalóireachtaí, ar ábhair mhianracha, ar cheimiceáin agus ar an tionscal breoslaí in-athnuaite.
Tá difríochtaí idir nuálaíochtaí luathchéime agus an fonn chun iad a úsáid agus a dhíol ag brath ar mhéid na gcuideachtaí. Tá buntáiste ag cuideachtaí an-mhór i ndáil le nuálaíochtaí luathchéime agus tá buntáiste ag FBManna ó thaobh méide de. Dá bhrí sin, ba cheart aistriú eolais trasnach agus ingearach a spreagadh agus a éascú trí thimpeallacht ghnó fhabhrach a chruthú. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) TRL: is éard atá i leibhéil ullmhachta teicneolaí pointí éagsúla ar scála a úsáidtear chun dul chun cinn nó leibhéal aibíochta teicneolaíochta a thomhas.
(2) An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil.
(3) CHP: comhghiniúint cumhachta agus teasa.
(4) https://www.cepi.org/two-team-project-report/
(5) Gela, bithscaglann na Veinéise (eni.com) agus La Mède (TotalEnergies.com).
(6) Tá gléasra leasacháin Impact Zero seolta ag Fertiberia i Puertollano na Spáinne.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/59 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an t-aistriú fuinnimh agus an t-aistriú digiteach i limistéir thuaithe
(Tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/09)
Rapóirtéir: |
John COMER |
Comhrapóirtéir: |
Luís MIRA |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
20.1.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa rannóg |
30.6.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
173/1/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá CESE den tuairim nach bhfuil an aird ná an tacaíocht a mbeifeá ag súil leis tugtha don chomhstraitéis um an aistriú fuinnimh agus an t-aistriú digiteach i limistéir thuaithe. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí fís fhadtéarmach an Choimisiúin do limistéir thuaithe an Aontais a chur chun feidhme go pras agus go ndéanfaí na geallsealbhóirí a spreagadh a bhuí leis an gComhshocrú um an Tuath. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar na limistéir thuaithe is leochailí le nach bhfágfar aon duine ar lár. Tá sé ríthábhachtach díriú ar an mbochtaineacht fuinnimh agus ar na limistéir sin ina bhfuil bochtaineacht faoin tuath. |
1.2. |
Tá CESE suite de go bhfuil an rath a bheidh ar an Eoraip amach anseo ag brath go mór ar an gcaoi a ndéileálaimid le limistéir thuaithe, is é sin ar bhealach atá cothrom leis an gcaoi a ndéileáiltear le limistéir uirbeacha. Níor cheart pobal na tuaithe a bheith faoi mhíbhuntáiste maidir leis an digitiú agus roghanna úsáide fuinnimh, e.g. go mbíonn orthu úsáid a bhaint as gluaisteáin phríobháideacha go minic mar gheall ar easpa iompair phoiblí. |
1.3. |
Ní mór cur le ról na bpobal áitiúil le gur féidir aistriú fuinnimh cóir, mar aon leis an bhforbairt pobail, a bhaint amach trí phobail fuinnimh inbhuanaithe agus pobail fuinnimh saoránach a bhunú agus a mhéadú, pobail ina mbeidh saoránaigh, údaráis áitiúla agus FBManna ag teacht le chéile ar bhonn deonach chun sochair shóisialta agus eacnamaíocha a chur chun cinn. |
1.4. |
Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí dlús leis na beartais agus leis na hionstraimí seo a leanas:
|
1.5. |
Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Ionstraim um Dhigitiú na Tuaithe (Digital Rural Act) a mholadh mar thríú comhpháirt de straitéis dhigiteach an Aontais, in éineacht leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. Leis an digitiú, cuirfear deiseanna nua ar fáil, go háirithe do dhaoine óga, rud a d’fhéadfadh treochtaí daonra a athrú trína chur ar chumas daoine a bheith ag obair ón mbaile agus ó mhoil oibre faoin tuath. |
1.6. |
Maidir le pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta nó de chuid an Aontais, tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach nasc idirlín ardluais a chur ar fáil sa réigiún iomlán, lena n-áirítear limistéir inar tearc an daonra. Tá CESE á áitiú ar na rialtais na dálaí a chruthú d’oibreoirí príobháideacha chun an tseirbhís sin a sholáthar nó cuideachta stáit a úsáid chun an tseirbhís a sholáthar. |
1.7. |
Tá CESE den tuairim gur gá d’údaráis rialtais agus do sholáthraithe seirbhíse feidhmchláir atá soláimhsithe a fhorbairt agus iad in oiriúint go sonrach do stíleanna maireachtála agus gníomhaíochtaí na tuaithe. Le cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí sin laghdófar, mar shampla, lorg carbóin na talmhaíochta (feirmeoireacht bheacht) agus cuirfear feabhas ar inrochtaineacht na limistéar iargúlta (dróin). Ní mór don earnáil phoiblí seasamh sa bhearna má theipeann ar an earnáil phríobháideach na réitigh sin a sholáthar. |
1.8. |
Tá CESE á chur i bhfáth nach mór na deiseanna cuí a chur ar fáil d’úsáideoirí tuaithe in aoisghrúpaí éagsúla le go bhféadfaidh siad an oiliúint iomchuí a fháil agus scileanna nua a fhoghlaim chun an teicneolaíocht dhigiteach nua seo a úsáid. Ní mór don chuimsitheacht i limistéir mhídheisiúla cabhrú freisin le rochtain a fháil ar na feistí is gá, trí úsáid chomhroinnte nó trí fhóirdheontas stáit chun iad a cheannach. |
1.9. |
Tá CESE den tuairim gur gá teicneolaíochtaí digiteacha a chur in úsáid i limistéir thuaithe chun tacú leis an aistriú fuinnimh. Ní mór córas fuinnimh na tuaithe a dhílárú, rud a chiallaíonn go bhfuil géarghá le hidirnascadh níos mó agus níos fearr, rud dá dteastaíonn go n-úsáidfear teicneolaíochtaí digiteacha chun an soláthar agus an t-éileamh a mheaitseáil agus chun sruthanna éifeachtúla fuinnimh a áirithiú. Caithfidh an cur i bhfeidhm digiteach ar leibhéal tuaithe a bheith an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de mar gheall ar an ráta úsáide níos ísle agus an dlús daonra níos ísle. Níl aon dul as ag limistéir thuaithe ach nascacht TF ísealfhuinnimh a chruthú. |
1.10. |
Tá CESE á chur i bhfáth, agus 30 % de dhaonra an Aontais ina gcónaí i limistéir thuaithe, go bhfuil an t-aistriú fuinnimh cóir faoin tuath ina ghné lárnach den aistriú cóir go hAontas Eorpach aeráidneodrach, inbhuanaithe agus rathúil, i gcomhréir le Clár Oibre Críochach 2030. |
1.11. |
Tá sé beartaithe sa togra ón gCoimisiún gur infheistíocht dhigiteach a bheidh in 20 % den infheistíocht faoi NextGenerationEU. Molann CESE go gcuirfeadh na Ballstáit go léir 10 % ar a laghad de na cistí sin i leataobh don saol digiteach faoin tuath gan rómhaorlathas a chruthú. |
2. An t-aistriú fuinnimh i limistéir thuaithe
Réamhrá
2.1. |
Tá comhaontú ginearálta eolaíoch ann gurb é an chaoi is dócha go mbíonn tionchar ag an gcine daonna ar an athrú aeráide domhanda ná trí scaoileadh dé-ocsaíde carbóin nuair a dhóitear breoslaí iontaise. |
2.2. |
Deir an t-eolaí aeráide Michael Mann ina leabhar The New Climate War go bhfuil ár bpláinéad chomh te sin anois go bhfuil sé i mbaol agus nach bhfuilimid fós ag glacadh na mbeart is gá chun an ghéarchéim dhomhanda is mó a bhí ann riamh a sheachaint. |
2.3. |
Tá athrú contúirteach aeráide tarlaithe cheana féin i roinnt áiteanna mar gheall ar na farraigí atá ag ardú. Tá dúshláin mhóra le sárú sa Veinéis agus in Miami i ndáil leis sin. Tá glanadh ollmhór foraoise agus triomach de thoradh an athraithe aeráide tarlaithe i réigiún na hAmasóine. Is cúis mhór imní é leá oighearchaidhp an Artaigh, leá atá ag tarlú níos tapa ná mar a bhí súil leis. |
2.4. |
Tá gá le gníomhaíocht i measc na bpáirtithe leasmhara go léir ar scála domhanda chun céimeanna a ghlacadh láithreach maidir leis an athrú aeráide, trí bhearta maolaithe agus oiriúnaithe chun an gás ceaptha teasa a laghdú. Ní mór an laghdú tapa ar úsáid breoslaí iontaise a bheith ina thosaíocht láithreach. |
Limistéir thuaithe
2.5. |
Tá cónaí ar 130 milliún duine nó 30 % de dhaonra an Aontais i limistéir thuaithe. Tá an-éagsúlacht idir na limistéir thuaithe agus bíonn tionchar mór ag a suíomh orthu. I roinnt mhaith limistéar, go háirithe i nDeisceart na hEorpa, cuirfidh an t-athrú aeráide leis an nganntanas uisce de réir a chéile agus cuirfidh sé le líon na dtuilte agus le déine agus minicíocht falscaithe. I dTuaisceart na hEorpa, is féidir le báisteach agus stoirmeacha damáiste mór agus costasach a dhéanamh don bhonneagar. Cuirfidh teochtaí níos airde dlús leis an timthriall uisce agus lena mhinice a bheidh drochstoirmeacha ann. Léiríonn na cúinsí sin an gá atá leis an aistriú fuinnimh agus an t-aistriú digiteach is tapa is féidir a dhéanamh i limistéir thuaithe. |
2.6. |
Ní leor an aird a tugadh go dtí seo ar choincheap an aistrithe fuinnimh i limistéir thuaithe. Is díol iontais é sin mar go bhfuil na hacmhainní is gá chun fuinneamh in-athnuaite a tháirgeadh nasctha go mór leis na limistéir thuaithe. Tá formhór an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite, amhail tuirbíní gaoithe, gléasraí grianchumhachta agus stáisiúin cumhachta bithgháis lonnaithe i limistéir thuaithe. Gné eile de thírdhreach na tuaithe is ea iad na heangacha tarchuir. Braitheann go leor daoine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath go bhfuil na struchtúir sin á mbrú orthu ach gur do limistéir uirbeacha a théann siad chun tairbhe. |
2.7. |
Tá riachtanais éagsúla ar leith ag limistéir thuaithe ag brath ar an áit a bhfuil siad. Is féidir limistéir thuaithe a aicmiú mar a leanas:
|
2.8. |
Is iomaí dúshlán éagsúil atá roimh na limistéir thuaithe éagsúla sin maidir le haistriú fuinnimh a chur chun feidhme, rud a léiríonn a thábhachtaí atá aistriú cothrom d’fhonn an cuspóir inmhianaithe a bhaint amach. |
2.9. |
Tá a lán limistéar tuaithe scoite amach go fisiciúil agus is beag éagsúlacht eacnamaíoch a bhíonn iontu agus bíonn dlús íseal daonra iontu. Ina lán cásanna, cuireann ioncam íseal agus daonra atá ag dul in aois le leochaileacht na bpobal tuaithe. Agus aistriú fuinnimh á chur chun feidhme, bíonn fadhbanna ollmhóra ag daoine a bhfuil cónaí orthu ina n-aonar i limistéir thuaithe iargúlta agus gan ach caidreamh sóisialta an-teoranta acu. Is fadhb mhór í an bhochtaineacht fuinnimh sna limistéir sin. |
2.10. |
Is cuid riachtanach den aistriú fuinnimh i limistéir thuaithe méadair chliste a chur i bhfeidhm. Go dtí seo, is cosúil gur mall go leor a rinneadh méadair chliste a chur i bhfeidhm i limistéir thuaithe. Ní mór a áirithiú freisin gur féidir le teaghlaigh ar ioncam íseal agus le daoine nach bhfuil ach scileanna ríomhaireachta teoranta acu an úsáid is fearr a bhaint as méadair chliste mar chuid d’aistriú fuinnimh cóir nach bhfágtar aon duine ar lár ann. Tá EUR 25 bhilliún leithdháilte ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tacú le scileanna digiteacha agus leis an oideachas digiteach. Ní mór do na Ballstáit sciar leordhóthanach den chiste sin a chur i leataobh do scileanna digiteacha agus don oiliúint sa litearthacht dhigiteach do mhuintir na tuaithe. Is mór an náire é nach bhfuil an t-idirlíon ar fáil i gcodanna den Eoraip go fóill agus ní mór an scéal sin a chur ina cheart a luaithe is féidir. |
2.11. |
Tá sé curtha in iúl ag CESE sa tuairim I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach (1) go gcaithfidh na beartais talmhaíochta, bhia agus tuaithe nasc a dhéanamh le beartais an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta. Tá gné ilfheidhmeach na talmhaíochta chomh tábhachtach céanna le gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta a chur chun cinn amhail gnólachtaí a bhunú in earnáil na seirbhísí fuinnimh ghlain chun deiseanna fostaíochta a chruthú. Ní mór acmhainneacht na ríomhthráchtála a fhiosrú. |
2.12. |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún A long-term vision for the EU Rural Areas (2) [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais] luaitear Comhshocrú um an Tuath atá dírithe inter alia ar an gcomhtháthú críochach a chothú agus deiseanna nua a chruthú chun gnólachtaí nuálacha a mhealladh. Chabhródh cur chun feidhme na físe sin le haistriú fuinnimh cóir a éascú i limistéir thuaithe. Chuir CESE in iúl sa tuairim uaidh Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais (3) gur dhíol sásaimh dó an cur chuige sin. |
Iompar
2.13. |
Is saincheist lárnach é an soláthar iompair tuaithe mar gheall ar dhrochchaighdeán an iompair phoiblí, a thearc agus atá an daonra agus a scoite a bhíonn daoine ó shiopaí agus ó sheirbhísí. Ina theannta sin, is minic a bhíonn ar aon duine de phobal na tuaithe atá ag obair i lárionaid uirbeacha achair fhada a thaisteal chuig a n-ionad oibre. |
2.14. |
Tá gá le pleanáil áitiúil agus náisiúnta chun córas iompair ilmhódach a chur ar fáil le gur féidir aistriú go córas atá bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite. Ní mór do chóras den sórt sin roghanna éagsúla a thabhairt maidir le daoine agus earraí a iompar. |
2.15. |
Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an aistriú fuinnimh maidir le hearraí a iompar i limistéir thuaithe. Mar shampla, ní mór seachadadh soláthairtí feirme agus bailiú táirgí feirme a bheith ina chuid thábhachtach de phleanáil an aistrithe fuinnimh. Ní mór feithiclí earraí troma (HGVanna) faoi thiomáint leictreach agus HGVanna faoi thiomáint hidrigine a bheith ar an gcuspóir atá le baint amach. Sa ghearrthéarma, d’fhéadfadh bithbhreoslaí inbhuanaithe agus feithiclí hibrideacha cabhrú chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. |
2.16. |
Léiríonn an méadú mór atá tagtha ar cheannacháin ar líne, go háirithe i limistéir thuaithe, a thábhachtaí atá sé astaíochtaí gás ceaptha teasa ó veaineanna seachadta a laghdú. Chabhródh veaineanna faoi thiomáint leictreach leis an gcuspóir sin a bhaint amach a luaithe a bheidh bonneagar luchtaithe oiriúnach ar fáil. Chomh maith leis sin, beidh ar chúiréirí ceannach veaineanna faoi thiomáint leictreach a mhaoiniú. Is é an tosaíocht atá ann faoi láthair tús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí i ngach slí is féidir. |
2.17. |
Ní mór tús áite a thabhairt do sholáthar iompair phoiblí níos fearr i limistéir thuaithe, lena gcuimsítear laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus an cuimsiú sóisialta agus lena dtugtar deiseanna forbartha tuaithe. Ní mór féachaint ar an iompar poiblí tuaithe mar earra poiblí i gcomhthéacs an aistrithe fuinnimh agus tá gá le maoiniú poiblí, dá bhrí sin, chun an t-iompar poiblí inbhuanaithe a chur chun cinn agus a éascú. |
2.18. |
Glactar leis gur gné lárnach den iompar tuaithe iad na gluaisteáin phríobháideacha toisc go mbeadh sé deacair maireachtáil faoin tuath dá uireasa. Is é is gá a dhéanamh muintir na tuaithe a spreagadh an úsáid a bhaineann siad as gluaisteáin phríobháideacha a laghdú nuair is féidir agus cabhrú leo athrú go feithiclí astaíochtaí ísle a luaithe is féidir. Caithfidh tacaíocht airgeadais chun ceannach feithiclí leictreacha a chur chun cinn a bheith ina príomhchuspóir don aistriú fuinnimh i limistéir thuaithe. |
2.19. |
Slí éifeachtach le cuar an ghlanéilimh ar leictreachas in-athnuaite a chothromú is ea an stóráil ceallraí. D’fhéadfadh úsáid fhorleathan feithiclí leictreacha cabhrú i ndáil leis sin. Nuair a chuirtear ar chumas feithiclí leictreacha leictreachas a sheoladh ar ais chuig an eangach, is féidir leis na feithiclí leictreacha gníomhú mar shócmhainn stórála ceallraí sa bhreis ar chineálacha eile stórála ceallraí. Caithfidh sé a bheith tarraingteach ó thaobh airgid de don tomhaltóir leictreachas a chur ar ais san eangach ó fheithiclí leictreacha, rud atá leagtha amach sa tuairim ó CESE Rialachán maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla (4). |
Turasóireacht
2.20. |
Is minic a bhíonn limistéir thuaithe ag brath ar an turasóireacht mar fhoinse ioncaim tábhachtach. Dá bhrí sin, bíonn gá ag limistéir thuaithe le bonneagar breoslaí malartacha iomchuí chun tionscal na dturasóirí a spreagadh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa á laghdú ag an am céanna. Ní mór cuideachtaí fruilithe carranna a spreagadh athrú go feithiclí astaíochtaí ísle agus go feithiclí leictreacha más féidir. Le gur féidir an t-aistriú fuinnimh a chur i gcrích i limistéir thuaithe, tá gá le gníomhaíocht chun ioncam níos fearr ón turasóireacht a éascú. |
Leictreachas in-athnuaite
2.21. |
Is cuid mhór de thírdhreach na tuaithe é an leictreachas in-athnuaite amhail an ghaoth, an ghrian agus an bithghás. Ní mór do chomhchuibhiú na reachtaíochta idir na Ballstáit leasanna na dtáirgeoirí is tomhaltóirí a chur chun cinn agus a chosaint agus infheistíochtaí i mbonneagar an fhuinnimh in-athnuaite a spreagadh. Ní mór an deis an fuinneamh a tháirgtear a dhíol san eangach náisiúnta a bheith ar fáil i ngach Ballstát. Le gur féidir neamhspleáchas fuinnimh na limistéar tuaithe a áirithiú, ní mór scéimeanna cúitimh iomchuí a bheith ann idir an fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag an táirgeoir is tomhaltóir agus an fuinneamh a ídítear. |
2.22. |
Tá sé ag éirí níos coitianta ceantanna a eagrú le haghaidh soláthar láraithe leictreachais in-athnuaite agus tá ag éirí leo, ina lán cásanna, costais tógála saoráidí cumhachta gaoithe agus gréine a laghdú. Bíonn, i gcoitinne, forbairt an leictreachais tuaithe nasctha den chuid is mó le dícharbónú na hearnála fuinnimh, níl aon sineirgí ann le cuspóirí forbartha tuaithe. Is minic a chuireann áitritheoirí faoin tuath i gcoinne forbairtí den sórt sin mar gur beag an tairbhe a fheiceann siad don phobal áitiúil. |
2.23. |
Ní mór do chomharchumainn agus d’eagraíochtaí áitiúla eile a bheith páirteach sna comhaontuithe maidir le suíomhanna do na saoráidí ginte leictreachais in-athnuaite, istigh faoin tír agus i réigiúin chósta araon. Ní mór do phobail áitiúla scaireanna a shealbhú agus buntáiste áitiúil a fháil as na saoráidí sin. |
2.24. |
Sna tionscadail mhóra sin, bíonn forbairt an fhuinnimh in-athnuaite nasctha den chuid is mó le dícharbónú na hearnála fuinnimh, is beag an bhéim a chuirtear ar an bhforbairt tuaithe. Is féidir feirmeacha gaoithe ar scála beag agus díleáiteoirí beaga grianghníomhaíochta agus anaeróbacha atá á n-oibriú ag comharchumainn agus ag daoine áitiúla a dhíriú níos mó ar an bhforbairt tuaithe agus ar chuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch na bpobal tuaithe. Tá gá le cothromaíocht a bhaint amach i ndáil leis an dá chóras sin. Cuireann pobail fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh saoránach bealach ar fáil chun an t-aistriú fuinnimh cóir, mar aon leis an bhforbairt pobail, a bhaint amach. |
2.25. |
I gcás-staidéar a rinneadh faoin tuath sa tSualainn (Ejdemo agus Söderholm, 2015), tugadh faoi deara nach raibh, in éagmais scéimeanna sochair don phobal, mórán deiseanna fostaíochta i gceist i réimse na forbartha tuaithe. |
2.26. |
Is eintiteas dlíthiúil é an pobal fuinnimh saoránach ina dtagann saoránaigh, FBManna agus údaráis áitiúla le chéile mar úsáideoirí deiridh chun oibriú le chéile ar mhaithe le fuinneamh in-athnuaite a ghiniúint. Ar shampla de sin tá Feldheim (sráidbhaile beag siar ó dheas ó Bheirlín) atá tar éis éirí neamhthuilleamaíoch ó thaobh fuinnimh de. Tá tuirbíní gaoithe tógtha acu sna clóis ar chúl na dtithe agus greille neamhspleách curtha ar bun acu. Íocann muintir an bhaile praghsanna íosta ar an leictreachas. Trí stáisiún cumhachta bithgháis a thógáil, d’éirigh leis an sráidbhaile líonra le haghaidh téamh ceantair a bhunú. Is sárshampla é sin de phobal fuinnimh in-athnuaite atá ag feidhmiú. Léiríonn an sampla sin freisin go bhfuil cur chuige ón mbun aníos ríthábhachtach do thodhchaí na limistéar tuaithe (5). |
2.27. |
Nuair a thugtar aghaidh air ar thaobh an éilimh, aistrítear an tomhaltas leictreachais go tréimhsí sa lá nuair is féidir leis an gcóras déileáil leis an éileamh. Ní mór cuar an ghlanéilimh ar leictreachas a chothromú le linn tréimhsí buaicéilimh le go seachnófar briseadh cumhachta de réir mar a tháirgtear níos mó den leictreachas glas. Trí leas a bhaint as an stóráil ceallraí, an hidreastóráil agus an leictriú cliste, beidh níos mó solúbthachta ann maidir le cuar an ghlanéilimh a chothromú. |
2.28. |
Agus é ag labhairt i mBaile Átha Cliath le teachtaí dála na hÉireann, dúirt an Coimisinéir um Fhuinneamh, Kadri Simson, gur fhág an cogadh san Úcráin nach bhfuil an dara rogha ag an mBruiséil ach dul chun cinn níos mó agus níos tapa a dhéanamh chun deireadh a chur le hallmhairí breosla ón Rúis. Is é a dúirt sí go ndíreoidh an tAontas, faoi thograí atá fós le comhaontú, ar 45 % dá thomhaltas fuinnimh a fháil ó fhoinsí in-athnuaite faoi 2030. Méadú ón sprioc 32 % atá ann faoi láthair agus níos mó ná dhá oiread an sciar 22 % a bhí ann in 2020 a bheidh i gceist leis an ardú sin. Tacaíonn CESE leis an sprioc nua sin ach tá rabhadh á thabhairt aige nach féidir an sprioc sin a bhaint amach mura ndéantar dul chun cinn go gasta maidir le hinfheistíocht nua agus bhreise a dhéanamh san aistriú fuinnimh faoin tuath. |
2.29. |
Ní shéideann an ghaoth i gcónaí agus beidh gá le córas cúltaca. Is féidir leis an hidrigin ghlas a bheith ar an dara rogha sin chun an t-éileamh éagsúil ar leictreachas a shásamh, is féidir an hidrigin ghlas a stóráil go dtí go mbíonn gá léi. |
Talmhaíocht
2.30. |
Tá an talmhaíocht lárnach d’fhorbairt agus do rathúnas fhormhór na limistéar tuaithe. Tá dúshláin ollmhóra le sárú ag an earnáil sin den gheilleagar tuaithe le go bhféadfaidh sí an t-aistriú fuinnimh a bhaint amach. |
2.31. |
Níl an dul chun cinn mór déanta aici chun lorg carbóin innealra feirme a laghdú. |
2.32. |
Sa tréimhse díreach romhainn, dealraíonn sé gur úsáid bithbhreoslaí inbhuanaithe an deis is fearr atá ann maidir le hastaíochtaí a laghdú toisc go bhféadfaí an t-innealra atá ann cheana a úsáid, ach é a mhodhnú go cuí. |
2.33. |
Ní beag an costas a bhaineann le monarú bithbhreoslaí inbhuanaithe agus is féidir leo a bheith os cionn dhá oiread phraghas an díosail. D’fhéadfadh na praghsanna sin laghdú beagán de réir a chéile. |
2.34. |
Amach anseo, nuair a bheidh innealra feirme faoi thiomáint leictreach níos coitianta, beidh sé indéanta astaíochtaí a laghdú go mór. |
2.35. |
Is fiontar ar bhrabús íseal í an talmhaíocht den chuid is mó agus bheadh sé thar a bheith deacair, dá bhrí sin, na costais chaipitil a bhaineann le hathrú go hinnealra faoi thiomáint leictreach a íoc. Beidh an fhadhb a bhaineann leis na costais a bhaineann leis an athrú go hinnealra faoi thiomáint leictreach nó faoi thiomáint hidrigine a íoc ina fhadhb mhór maidir leis an aistriú fuinnimh sna limistéir thuaithe. |
2.36. |
Trí phainéil ghréine a chur ar fhoirgnimh feirme, bheadh feirmeoirí in ann leictreachas glas a úsáid agus, toisc go dteastaíonn méid mór leictreachais san fheirmeoireacht, ba dhul chun cinn mór i dtreo an aistrithe fuinnimh a bheadh sa mhéid sin. D’fhéadfaí aon fharasbarr a dhíol ar ais leis an eangach. |
2.37. |
Is cur chuige sonraíbhunaithe i leith bainistiú feirme í an fheirmeoireacht bheacht, cur chuige lenar féidir táirgeadh agus táirgeacht a fheabhsú agus lorg carbóin na feirmeoireachta a laghdú. Is féidir é sin a dhéanamh mar gheall ar an dul chun cinn sa teicneolaíocht dhigiteach, trí leas a bhaint as an gcianbhraiteacht, an córas suite domhanda (GPS) agus córais stiúrtha satailíte i dtarracóirí. Beidh an méid sin go léir, mar aon leis an gceanglas infheistíochta, oiliúna agus uas-scilithe, tábhachtach san aistriú fuinnimh i réimse na feirmeoireachta. |
2.38. |
D’fhéadfadh deiseanna a bheith ag feirmeoirí an farasbarr leictreachais a dhíol leis an eangach toisc díonta móra a bheith ar fhoirgnimh feirme na bhfeirmeoirí déiríochta agus mairteola. D’fhéadfadh feirmeoirí eile a bheith ina gcomhpháirtithe i mbunú stáisiúin cumhachta bithmhaise agus gás a dhíol leis an eangach gháis. Tá sé tábhachtach iarmhair foraoise a úsáid i stáisiúin cumhachta bithmhaise chun bainistiú foraoise a éascú sna limistéir sin ina bhfuil na hábhair sin ar fáil. |
2.39. |
De thoradh iarmhairtí an chogaidh san Úcráin, ní mór dúinn breathnú arís ar shlándáil an tsoláthair bia san Aontas Eorpach. Is tosaíocht é an talamh a úsáid chun bia a tháirgeadh. Níor cheart a bheith in iomaíocht le suiteáil painéal ar scála tionsclaíoch ná le táirgeadh bithmhaise le haghaidh fuinneamh in-athnuaite, is comhlánú ar an táirgeadh bia ba cheart a bheith sna gníomhaíochtaí eile. |
Bithmheatán
2.40. |
Is é atá sa bhithmheatán bithghás a bhfuil an dé-ocsaíd charbóin, an tsuilfíd hidrigine agus an t-uisce bainte as, is féidir é a instealladh díreach isteach san eangach gháis nó a úsáid i bhfeithicil faoi thiomáint gháis. |
2.41. |
Ní mór na díleáiteoirí anaeróbacha a lonnú in aice le háit ina bhfuil soláthar maith sciodair ann. Is féidir an farasbarr de shadhlas féir agus de shadhlas arbhair a úsáid freisin, ar choinníoll nach gcuireann sé isteach ar tháirgeadh bia nó farae. |
2.42. |
Tá gá le tuilleadh taighde chun éifeachtúlacht na ndíleáiteoirí anaeróbacha a fheabhsú agus chun an costas a bhaineann leis an bpróiseas a laghdú. |
2.43. |
Ní mór úsáid na ndíleáiteoirí anaeróbacha a chur chun cinn agus a mhaoiniú mar chuid den aistriú fuinnimh i limistéir thuaithe. |
2.44. |
Is féidir fuinneamh bithmhaise a úsáid chun teas a tháirgeadh nó leictreachas a ghiniúint. Beidh ról ríthábhachtach ag an mbithmhais i nginiúint leictreachais in-athnuaite. |
Tithe faoin tuath
2.45. |
Tá deis ag a lán teaghlach faoin tuath teicneolaíocht mhicrighiniúna ar nós painéil ghréine agus tuirbíní gaoithe beaga a shuiteáil, agus an deis acu an farasbarr a dhíol ar ais leis an eangach. |
2.46. |
Tá cúnamh airgeadais de dhíth ar theaghlaigh ísealioncaim le go bhféadfaidh siad saoráidí micrighiniúna a shuiteáil. Ba chuid mhór den aistriú fuinnimh i dteaghlaigh faoin tuath an méid sin. |
2.47. |
Tríd is tríd, ní bhíonn tithe faoin tuath inslithe chomh maith céanna ná ní bhíonn siad chomh tíosach céanna ar fhuinneamh agus a bhíonn tithe i limistéir uirbeacha. Is tithe aonair iad a lán de na tithe faoin tuath agus iad suite i suíomhanna sceirdiúla. |
2.48. |
Tá gá le clár mór infheistíochta chun tithe faoin tuath a iarfheistiú le go bhféadfar an t-insliú agus an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú mar chuid den aistriú fuinnimh. Céim mhór chun cinn a bheidh san infheistíocht sin ar mhaithe leis an tomhaltas fuinnimh a laghdú agus na córais téimh i dtithe faoin tuath a dhícharbónú. Beidh gá le scéim fóirdheontais toisc go mbíonn costais chaipitil an-ard i gceist i mórscéim iarfheistithe. Le go bhféadfar aistriú den sórt sin a dhéanamh, beidh cabhair speisialta ag teastáil ó theaghlaigh ar ioncam íseal agus uathu siúd a bhfuil an bhochtaineacht fuinnimh ag cur as dóibh. |
3. An t-aistriú digiteach i limistéir thuaithe
3.1. |
In 2021, chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an fhís atá aige maidir le claochlú digiteach na hEorpa faoi 2030. San fhís sin, cuirtear béim ar an ngá atá ann go n-éireoidh leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha spás digiteach níos sábháilte a chruthú, spás ina gcosnaítear cearta bunúsacha na n-úsáideoirí, agus cothrom iomaíochta a áirithiú do ghnólachtaí na hEorpa sa saol digiteach. |
3.2. |
Le go bhféadfar daonra méadaitheach an domhain a chothú, agus, san am céanna, gan ach an tionchar is lú is féidir a imirt ar an gcomhshaol agus neodracht carbóin a chur chun cinn, tá gá le bonneagar digiteach agus teicneolaíoch i limistéir thuaithe chun cabhrú le húsáid éifeachtach agus bheacht a bhaint as acmhainní i réimse na feirmeoireachta. Ainneoin go bhfuil 30 % de dhaonra na hEorpa ina gcónaí i limistéir thuaithe, agus gurb ionann na limistéir sin agus 80 % de chríoch na mBallstát, tá deacrachtaí móra i gceist leis an digitiú a dhéanamh i limistéir thuaithe, mura dtabharfar aghaidh ar na deacrachtaí sin, bainfear an bonn d’uaillmhianta digiteacha na hEorpa. Tá an creat reachtach Eorpach le haghaidh Ionstraim um Dhigitiú na Tuaithe ceaptha aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí sin trí na nithe seo a leanas a chur chun cinn:
|
3.3. |
Is éard a bheidh san Ionstraim um Dhigitiú na Tuaithe, ar sásra reachtach de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é, fearacht na hIonstraime um Margaí Digiteacha agus na hIonstraime um Sheirbhísí Digiteacha, rialacha, oibleagáidí agus freagrachtaí lena bhfuil de chuspóir a áirithiú go bhfuil rochtain ag limistéir thuaithe na hEorpa ar thionscnaimh, uirlisí agus córais rochtana nach dtugann, mar gheall ar an dlús íseal daonra, aon bhuntáiste eacnamaíoch don infheistíocht phríobháideach. Ar an gcaoi sin, áiritheofar leis an Ionstraim um Dhigitiú na Tuaithe go ndéanfar limistéir thuaithe a dhigitiú, ar limistéir iad ina bhfuil an gá leis an digitiú as alt leis an mbrabús a dhéanfaí as. |
3.4. |
Ar deireadh, beidh an Ionstraim um Dhigitiú na Tuaithe ar an bpíosa reachtaíochta is tábhachtaí maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, an Straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” agus neodracht charbóin na hEorpa in 2050 a bhaint amach, óir ní fhéadfar aistriú go córas bia atá cóir, folláin agus neamhdhíobhálach don chomhshaol mura bhfuil an teicneolaíocht agus an digitiú ar fáil agus inrochtana ag saol na talmhaíochta agus na tuaithe. |
3.5. |
Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa tuairim ó CESE An Digiteáil Chuimsitheach, Shlán agus Iontaofa don Uile Dhuine a nuashonrú (6), ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tábhacht a bhaineann leis an digiteáil, toisc gur féidir léi “tacaíocht a thabhairt freisin do shoghluaisteacht bhreise sa mhargadh saothair, an táirgeacht agus an tsolúbthacht sa láthair oibre a fheabhsú agus lánpháirtiú oibre is saoil a chumasú nuair a bhíonn oibrithe ag teilea-oibriú ón mbaile”. Chun go dtarlóidh sin, tá gá le riar cuimsitheach scileanna digiteacha, is cuma an i limistéar uirbeach nó i limistéar tuaithe atá cónaí ar na hoibrithe. Mar sin féin, tá bacainní ilghnéitheacha breise ann in áiteanna iargúlta. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh an clár oibre tiomnaithe maidir le scileanna digiteacha ann chun tacú le saoránaigh sin na hEorpa a bhfuil cónaí orthu i limistéir thuaithe. Ba cheart don chur chuige sin, a bheidh lárnach san Ionstraim um Dhigitiú na Tuaithe, cabhrú leis an mbearna dhigiteach a dhúnadh agus, ag an am céanna, lántairbhe a bhaint as claochlú digiteach na sochaí. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Tuairim ó CESE I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach, (IO C 105, 4.3.2022, lch. 49).
(2) COM(2021) 345.
(3) Tuairim ó CESE Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh (IO C 290, 29.7.2022, lch. 137).
(4) Tuairim ó CESE Rialachán maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, (IO C 152, 6.4.2022, lch. 138).
(5) Tuarascáil ar cheardlann de chuid Pharlaimint Eorpach na Tuaithe (ERP), ceardlann 21.
(6) Tuairim ó CESE An Digiteáil Chuimsitheach, Shlán agus Iontaofa don Uile Dhuine a nuashonrú, (IO C 374, 16.9.2021, lch. 11).
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/67 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hInfheistíocht phoiblí sa bhonneagar fuinnimh mar chuid den réiteach ar shaincheisteanna aeráide
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/10)
Rapóirtéir: |
Thomas KATTNIG |
Comhrapóirtéir: |
Lutz RIBBE |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
20.1.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
07.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
22.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
162/7/8 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá iarmhairtí na géarchéime aeráide ag goilleadh go mór ar an Eoraip agus ar an domhan ar fad. Cé go bhfuil méadú tagtha le blianta beaga anuas ar na deiseanna atá ar fáil chun oiriúnú go héifeachtach don athrú aeráide, cuireann na saineolaithe in iúl nach leor an úsáid a bhaintear as cistiú, nach leor rannpháirtíocht na saoránach agus na hearnála príobháidí, agus go bhfuil easpa ceannaireacht pholaitiúil ann. |
1.2. |
Chun freastal ar an éileamh méadaitheach ar an leictreachas agus chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach, ní mór an infheistíocht san eangach leictreachais a dhúbailt go EUR 55 bhilliún in aghaidh na bliana agus í a mhéadú go EUR 75 bhilliún in aghaidh na bliana d’acmhainneacht ghiniúna an fhuinnimh ghlain (1). Sa chomhthéacs sin, tá ról tábhachtach ag an infheistíocht phoiblí i gcórais chliste agus in-athnuaite fuinnimh, mar aon le bonneagar stórála, chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, chun praghsanna inacmhainne a choinneáil agus poist a chruthú. |
1.3. |
Tacaíonn CESE leis na tograí ón gCoimisiún chun dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna i réimse an fhuinnimh in-athnuaite agus chun “sprioclimistéir” a bhunú do thionscadail den chineál sin. Deis shuntasach atá sa mhéid sin chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh. Tá sé níos tábhachtaí fós a chinneadh chomh beacht agus is féidir cad iad na simplithe is féidir a chur i bhfeidhm sna “sprioclimistéir” sin. |
1.4. |
I ndlí fuinnimh na hEorpa, ní aithnítear cosaint an chomhshaoil mar chuspóir de chuid rialáil na heangaí. Mar thoradh air sin, is deacair do na rialtóirí náisiúnta freisin dreasachtaí a fhorbairt do chlaochlú, do mhéadú agus do nuachóiriú na n-eangach dáilte leictreachais a chomhlíonann riachtanais na haeráidneodrachta. |
1.5. |
Maidir le córais agus bonneagair fuinnimh a dhearadh amach anseo, tá béim leagtha arís agus arís eile ag CESE ar an ngá atá ann go mbeidh gach tomhaltóir – teaghlaigh, gnólachtaí agus pobail fuinnimh – rannpháirteach go gníomhach i bhforbairt córas cliste fuinnimh, chomh maith leis an ngá atá ann dreasachtaí a chur ar fáil don tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach san aistriú fuinnimh agus chun a áirithiú freisin go rannchuideoidh siad leis an maoiniú. |
1.6. |
Ar na mórgheilleagair uile a thógáil le chéile, is ag an Aontas atá an ráta infheistíochta poiblí is lú sna teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a bheadh ag teastáil le haghaidh an dícharbónaithe agus is bac é sin ar iomaíochas an Aontais. Ó cuireadh tús leis an dírialáil, tá laghdú tagtha ar an infheistíocht ó chuideachtaí leictreachais. Mar gheall ar an titim sin san infheistíocht, tá ganntanas soláthair ann agus cuireann sé bac ar fhuinneamh in-athnuaite a fhorbairt tuilleadh. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún úsáid a bhaint as na pleananna téarnaimh agus as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chomh maith le cistiú breise ón gCiste Comhtháthaithe don fhorbairt réigiúnach agus ó stór cistí Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais chun Plean REPowerEU a chur chun feidhme. |
1.7. |
Ní mór dearadh agus rialáil an mhargaidh a chur in oiriúint do dhálaí nua a bheidh ann amach anseo ina mbeidh an fuinneamh in-athnuaite i réim (lena n-áirítear táirgeadh níos díláraithe agus méadú ar thomhaltas ar an láthair). Ina theannta sin, ní mór na dálaí a theastaíonn ó na gníomhaithe éagsúla atá páirteach sa mhéid sin a chruthú leis an dearadh agus an rialáil sin, agus cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí a áirithiú. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún féachaint ar roghanna chun dearadh an mhargaidh leictreachais a bharrfheabhsú. Molann sé go láidir measúnuithe margaidh a dhéanamh chun anailís a dhéanamh ar iompraíocht na ngníomhaithe go léir a bhféadfadh baint a bheith acu leis an margadh fuinnimh agus ar dhearadh an mhargaidh fuinnimh. Cibé ar bith, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh sula ndéanfar aon tograí. |
1.8. |
Molann CESE athuair an “riail órga” a chur i bhfeidhm maidir le hinfheistíocht phoiblí chun táirgiúlacht agus an bonn sóisialta agus éiceolaíoch a choimirciú ar mhaithe leis na glúnta nár tháinig ar an saol fós. |
1.9. |
Ní rogha é an maoiniú cumaiscthe ina bhfuil infheisteoirí príobháideacha páirteach ach amháin má áirithítear go bhfuil na leithdháiltí trédhearcach agus nach mbeidh aon chostais bhreise gan údar maith ar na húdaráis phoiblí i gcomparáid le maoiniú poiblí. Ní mór trédhearcacht iomlán a bheith ann i dtaca le costais bhreise a bhfuil údar maith leo. Tá sé níos tábhachtaí fós, agus samhlacha measctha den sórt sin á n-úsáid, cearta agus oibleagáidí a shainiú go soiléir, saincheisteanna dliteanais a shoiléiriú, agus foráil a dhéanamh maidir le córas éifeachtúil mear chun coinbhleachtaí a réiteach, chun costais fhadtéarmacha bhreise agus saincheisteanna díobhálacha maidir le dliteanas a sheachaint. |
1.10. |
Tá CESE á chur i bhfáth nach cúrsaí maoinithe amháin atá i gceist leis an aistriú cóir. Áirítear leis freisin an cuspóir maidir le hobair chuibhiúil, poist ardcháilíochta agus slándáil shóisialta a chruthú, iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa a chothabháil, agus tá gá le gníomhaíocht shonrach ar gach leibhéal, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach, má táthar chun an t-aistriú sin a chur i gcrích. |
1.11. |
Tá CESE lánchinnte gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an sainmhíniú ar fhorbairt na heangaí mar leas poiblí sáraitheach, ar chosaint na haeráide a áireamh mar chuspóir rialála agus, ar bhonn níos ginearálta, ar shioncrónú níos fearr i bpleanáil an fhuinnimh in-athnuaite agus na heangaí leictreachais. Tá géarghá le forálacha sonracha faoi dhlí an Aontais. |
1.12. |
Is ríléir ónar tharla le deich mbliana anuas, cuir i gcás na dúshláin a bhaineann le leathnú na heangaí, an méadú ollmhór ar phraghsanna fuinnimh, baol na gcibear-ionsaithe, agus go háirithe, an cogadh san Úcráin, a bhfuil i dtreis: cé a bheidh i gceannas ar an mbonneagar lárnach, amhail an eangach fuinnimh, amach anseo? Saincheist a eascraíonn go príomha as leas an phobail atá i dtreis. Ciallaíonn sé sin go mbeadh úinéireacht phoiblí atá tiomanta don leas coiteann agus a chuireann deireadh leis na neamhionannais atá ann cheana i gceist freisin. |
1.13. |
Níl aon amhras ach go bhfuil tábhacht le saincheist na mbuntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le húinéireacht phoiblí agus phríobháideach agus/nó maoiniú bonneagair fuinnimh do mhargadh fuinnimh a fheidhmíonn go maith agus ba cheart í a chur san áireamh sa mheasúnú atá beartaithe ag an gCoimisiún ar roghanna chun dearadh an mhargaidh fuinnimh a bharrfheabhsú. D’fhéadfadh torthaí an mheasúnaithe sin a bheith ina n-uirlis luachmhar chinnteoireachta do na Ballstáit, arb iad atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le húinéireacht na mbonneagar fuinnimh, bíodh sí poiblí nó príobháideach. Dar le CESE, ní hamháin gur príomhearra straitéiseach é an leictreachas do gheilleagar iomlán an Aontais, ach gur earra poiblí é freisin. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar thionchar agus ar iarmhairtí an phróisis iomláin maidir le príobháidiú agus léirscaoileadh earnáil fuinnimh na hEorpa a mhéid a bhaineann lena cobhsaíocht, le hiontaofacht an tsoláthair agus le feidhmiú an mhargaidh leictreachais, agus leas a bhaint as na torthaí chun earnáil iomlán an fhuinnimh a athdhearadh, lena n-áirítear roghanna maidir le ról na n-earnálacha náisiúnta agus poiblí a neartú. |
2. Cúlra
2.1. |
Tá iarmhairtí na géarchéime aeráide ag cur isteach cheana féin ar na billiúin daoine ar fud an domhain, ach freisin ar éiceachórais, mar atá léirithe sna tuarascálacha is déanaí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC). Is fíor sin in ainneoin nár shroich an méadú teochta an teorainn 1,5 céim atá leagtha síos i gComhaontú Pháras fós. Saincheist atá achrannach go maith is ea gur minic a bhíonn an méid is lú acmhainní ag na grúpaí is mó atá thíos le teas, triomach, tuilte, galair agus ganntanas uisce agus bia. |
2.2. |
Tá méadú tagtha le blianta beaga anuas ar na féidearthachtaí atá ann oiriúnú éifeachtach a dhéanamh don athrú aeráide. Mar sin féin, i roinnt mhaith áiteanna san Eoraip, níl na bearta a chuirtear chun feidhme agus atá beartaithe sásúil. Cuireann na saineolaithe in iúl nach leor an úsáid a bhaintear as cistiú, nach leor rannpháirtíocht na saoránach agus na hearnála príobháidí, agus go bhfuil easpa ceannaireacht pholaitiúil ann. |
2.3. |
Toisc go bhfuil suimeanna móra airgid á gcur ar fáil go tapa ag an Eoraip chun críocha míleata mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin, is cúis imní é go mbeadh níos lú acmhainní airgeadais ar fáil agus go gcuirfí moill ar chosaint na haeráide dá bharr. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na bearta agus na hionstraimí a d’fhógair an Coimisiún i bPlean REPowerEU (2) chun spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise a laghdú, go háirithe iad siúd a thagann ón Rúis, trí bhearta coigilte fuinnimh a dhéanamh, dlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite, éagsúlú soláthróirí a chur chun cinn agus dul i gcomhar le chéile chun córas fuinnimh níos athléimní agus fíoraontas fuinnimh a bhaint amach. |
2.4. |
Chun na cuspóirí aeráide a bhaint amach, ní mór an acmhainneacht fuinnimh in-athnuaite a mhéadú níos mó ná dhá oiread. Inniu féin, i dtíortha móra amhail an Ghearmáin, bíonn costas an leictreachais ghlais, nach féidir a úsáid ná a iompar agus nach mór a laghdú, cothrom leis na céadta milliún euro in aghaidh na bliana. Méadófar an caillteanas eacnamaíoch sin go suntasach mura ndéanfar na heangacha leictreachais agus an acmhainn stórála a leathnú go tapa agus mura gcuirfear feabhas ar na deiseanna atá ann chun leictreachas a úsáid go háitiúil. Agus gréasáin á bpleanáil agus á rialáil, is den tábhacht é forbairt na ngréasán fuinnimh a ailíniú le cuspóir na haeráidneodrachta. Tá ról ríthábhachtach ag gréasáin dáileacháin i ndáil leis sin, ós rud é gurb iad na gréasáin sin an áit ina nasctar cuid mhór de na suiteálacha fuinnimh in-athnuaite. |
2.5. |
Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, ní mór an infheistíocht san eangach leictreachais a dhúbailt go EUR 55 bhilliún in aghaidh na bliana agus í a mhéadú go EUR 75 bhilliún in aghaidh na bliana d’acmhainneacht ghiniúna an fhuinnimh ghlain (3). Sa chomhthéacs sin, leagann CESE béim ar an mbreisluach a bhaineann leis na tograí ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta meara um dheonú ceadanna do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus maidir le “sprioclimistéir” a bhunú do thionscadail den chineál sin. Tacaíonn CESE le dlús a chur le nósanna imeachta um dheonú ceadanna a bhaineann leis an bhfuinneamh in-athnuaite agus iad a chuíchóiriú. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar na heangacha dáileacháin, ós rud é go mbíonn tionchar ag foinsí in-athnuaite orthu. |
2.6. |
Sa chomhthéacs sin, tá ról tábhachtach ag an infheistíocht phoiblí i gcórais chliste agus in-athnuaite fuinnimh chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh, praghsanna a choinneáil inacmhainne agus poist a chruthú. Níl aon amhras ach go mbeidh tionchar ollmhór ag an aistriú glas, mar atá leagtha amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, ar fhostaíocht sna hearnálacha fuinnimh atá dian ó thaobh úsáid carbóin de. Ag an am céanna, cruthófar roinnt mhaith deiseanna nua fostaíochta trí mhéadú suntasach a dhéanamh ar an infheistíocht phoiblí i gcórais fuinnimh atá aeráidneodrach. Chuige sin, tá gá le corrlaigh bhuiséadacha chomhfhreagracha trí athmhúnlú a dhéanamh ar an gcreat fioscach, mar a mhol CESE ina thuairim féintionscnaimh Athstruchtúrú chreat fioscach an Aontais le haghaidh téarnamh inbhuanaithe agus aistriú cóir, (níl leagan Gaeilge ann), ó mhí Dheireadh Fómhair 2021. |
2.7. |
I ndlí fuinnimh na hEorpa, ní aithnítear cosaint an chomhshaoil mar chuspóir de chuid rialáil na heangaí. Mar thoradh air sin, is deacair do na rialtóirí náisiúnta freisin dreasachtaí a fhorbairt do chlaochlú, do mhéadú agus do nuachóiriú na n-eangach dáilte leictreachais a chomhlíonann riachtanais na haeráidneodrachta. |
2.8. |
Maidir le córais agus bonneagair fuinnimh a dhearadh amach anseo, tá béim leagtha arís agus arís eile ag CESE ar an ngá atá ann go mbeidh gach tomhaltóir – teaghlaigh, gnólachtaí agus pobail fuinnimh – rannpháirteach go gníomhach i bhforbairt córas cliste fuinnimh. Faraor, is gealltanais amháin a tugadh ina leith sin agus níor cruthaíodh aon tionscnaimh inaitheanta. Iarrann CESE go dtabharfaí isteach ar deireadh dreasachtaí chun táirgeoirí is tomhaltóirí, pobail fuinnimh in-athnuaite agus pobail fuinnimh saoránach a chur i ngníomh, ionas go mbeidh an tsochaí shibhialta in ann páirt a ghlacadh san aistriú fuinnimh agus go mbeidh an deis ag tomhaltóirí páirt ghníomhach a ghlacadh sa mhargadh. Cabhróidh sé sin freisin le fadhb na gcostas síormhéadaitheach a bhaineann leis an bhfuinnimh in-athnuaite a mhaolú i ngeall ar phlódú na heangaí. |
2.9. |
Tá CESE i bhfách leis na rialacha Eorpacha maidir le gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha (GTE-F) a chur in oiriúint ar bhealach níos éifeachtaí do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, lena mbainfidh go háirithe dícharbónú an chórais fuinnimh, an t-aistriú chuig an aeráidneodracht, forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus baol na bochtaineachta fuinnimh a chosc. Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag na gréasáin fuinnimh maidir le cothromaíocht, athléimneacht agus forbairt an chórais fuinnimh a áirithiú, tá CESE ag iarraidh go bhfónfadh an Rialachán ar bhealach níos follasaí do chomhtháthú an chórais fuinnimh d’fhonn gach cineál dícharbónaithe fuinnimh a chur chun cinn, agus d’fhonn dí-chomhtháthú de chineál ar bith a chosc. Ina fhianaise sin, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh a ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa chun eangacha dáileacháin a shainiú mar “leas sáraitheach an phobail”, mar aon leis an bhfuinneamh in-athnuaite. |
2.10. |
Leis na méaduithe reatha ar phraghsanna, tá brú á chur ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí na hEorpa. Tugann CESE dá aire agus is oth leis nach bhfuil gníomhaíocht déanta ag na ceannairí polaitiúla bunaithe ar a ghlao (4) maidir le spleáchas straitéiseach a laghdú ar thríú páirtithe neamhiontaofa, agus gurb é a mhalairt a tharla: tá méadú tagtha ar an spleáchas sin. Is í an Rúis an t-onnmhaireoir ola, gáis agus guail is mó chuig an Aontas Eorpach agus tá roinnt mhaith stáisiúin cumhachta núicléiche ag brath ar shlata breosla agus ar theicneolaíochtaí na Rúise. Dá mbeadh laghdú déanta ag an Eoraip ar a cuid allmhairí breoslaí iontaise mar a gealladh, ní bheadh drochthionchar chomh mór sin ag an ngéarchéim reatha maidir le praghsanna fuinnimh ar shaoránaigh agus ar chuideachtaí na hEorpa. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí a leagtar amach sa phlean REPowerEU chun an spleáchas sin a laghdú go tapa, go háirithe spleáchas an Aontais Eorpaigh ar an Rúis. Tacaíonn CESE le hiarrachtaí institiúidí an Aontais agus na mBallstát aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar shaincheist na bpraghsanna i gcomhréir leis an Teachtaireacht ó mhí Dheireadh Fómhair 2021, Teachtaireacht COM(2022) 236 final maidir leis an margadh leictreachais, agus na huirlisí atá ar fáil faoin gCreat Sealadach maidir le bearta státchabhrach i ndáil le COVID-19. |
2.11. |
I bhfianaise an chomhthéacs reatha, áfach, athdhearbhaíonn CESE gurb éard atá i gceist “neamhspleáchas agus uathriail straitéiseach i réimse an fhuinnimh” a bhaint amach a mhéid is féidir, seachas na spleáchais a éagsúlú. Beidh an fuinneamh in-athnuaite agus an hidrigin ina spreagthóirí sa phróiseas dícharbónaithe agus ba cheart iad a tháirgeadh, a mhéid is féidir, laistigh den Aontas. |
2.12. |
Faoi láthair, cuireann gás nádúrtha leachtaithe (GNL), agus bearta suntasacha coigilte fuinnimh, rogha mhalartach ar ghás nádúrtha na Rúise ar fáil sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma i roinnt réigiún. San fhadtéarma, má tá fáil uirthi i gcainníochtaí leordhóthanacha agus ar phraghas réasúnta, is rogha atá comhoiriúnach leis na cuspóirí aeráide í an hidrigin ghlas. Sa mhéid is nach acmhainn don Eoraip an méid iomlán gáis a theastaíonn uaithi a tháirgeadh (rud is ríléir i gcás GNL, cé gur féidir a neamhspleáchas ar allmhairí a mhúnlú fós i gcás hidrigine) ní mór na ceachtanna cearta a fhoghlaim ó thubaiste na Rúise. Tugann CESE rabhadh nach mór don Eoraip aire ar leith a thabhairt maidir le hacmhainní ab fhéidir a úsáid in ionad ghás na Rúise, a mhéid a bhaineann leis an tionchar a bheadh ag na hacmhainní sin ar an gcomhshaol agus maidir le spleáchais nua ar thríú tíortha nach bhfuil na luachanna céanna acu, amhail an daonlathas, urraim do chearta an duine agus an smacht reachta. |
2.13. |
Ar na mórgheilleagair uile a thógáil le chéile, is ag an Aontas atá an ráta infheistíochta poiblí is lú sna teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a bheadh ag teastáil le haghaidh an dícharbónaithe agus is bac é sin ar an iomaíochas domhanda. Ina theannta sin, tugann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa rabhadh go bhféadfadh sé nach gcuirfí dóthain airgid ar fáil le straitéis REPowerEU. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis an togra ón gCoimisiún úsáid a bhaint as na pleananna téarnaimh agus as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chomh maith le cistiú breise ón gCiste Comhtháthaithe don fhorbairt réigiúnach agus ó stór cistí Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais chun Plean REPowerEU a chur chun feidhme. |
2.14. |
I roinnt Ballstát agus ar leibhéal an Aontais, meastar go bhfuil borradh á chur ag iarmhairtí an chogaidh san Úcráin ar an neamhspleáchas fuinnimh agus ar an aeráidneodracht. Is díol sásaimh do CESE é sin. Mar sin féin, tá sé deacair an staid mar atá a thomhas. Tá méadú ar úsáid gáis leachtaithe agus filleadh ar an ngual ar na bacáin agus d’fhéadfadh sé gur céim siar san aistriú fuinnimh é an méid sin. Tá dearcadh cáinteach ag CESE ina leith sin. Mar sin féin, aithníonn sé gur beart éigeandála dírithe ar bhorradh a chur faoin tslándáil fuinnimh sa ghearrthéarma é na roghanna a mhéadú maidir le conas fuinneamh a ghiniúint. Chomh maith leis an bhfuinneamh gaoithe agus an grianfhuinneamh, tá sé tábhachtach úsáid a bhaint as an raon leathan foinsí fuinnimh ísealcharbóin, ar foinsí iad atá oiriúnach don gheilleagar agus don éiceolaíocht laistigh de chóras fuinnimh. Ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun aistriú glas an chórais fuinnimh a bhaint amach. |
2.15. |
D’fhoilsigh Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann Seirbhíse Poiblí (EPSU) tuarascáil (5) ina ndeimhnítear gur beag réiteach atá curtha ar fáil ag dírialáil an chórais fuinnimh chun dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide reatha. Den chuid is mó, is i ngeall ar fhóirdheontais phoiblí shuntasacha seachas saoriomaíocht ar an margadh a bhíothas in ann úsáid fhorleathan a bhaint as roghanna malartacha inmharthana ar fhoinsí fuinnimh astaithe carbóin. Léirítear sa tuarascáil nach féidir gealltanais Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh gan athrú a dhéanamh ar shamhail reatha an chórais fuinnimh san Eoraip. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
De bharr an athraithe aeráide mhear agus na géarchéime fuinnimh atá ann faoi láthair, tá gá le hinfheistíochtaí sa bhonneagar sa ghearrthéarma chun cuspóir 2050 maidir leis an aeráidneodracht a bhaint amach agus chun soláthar fuinnimh a áirithiú. Ag an am céanna, ba léiriú é an borradh ar phraghas an fhuinnimh ar na laigí sa mhargadh fuinnimh. Is gá ceisteanna bunúsacha a chur faoi thodhchaí an fhuinnimh chun soláthar fuinnimh atá glan, inacmhainne, iontaofa agus an ceart chun fuinnimh a chinntiú. Cuireann CESE i bhfios go láidir a phráinní atá an infheistíocht phoiblí chun neamhspleáchas fuinnimh ar allmhairí gáis ón Rúis a bhaint amach agus tacaíonn sé leis na bearta i ndáil leis sin a mhol an Coimisiún sa Phlean REPowerEU. |
3.2. |
I ndáil leis sin, ní mór dearadh an mhargaidh, rialáil an mhargaidh, cruthú na gcoinníollacha riachtanacha do ghníomhaithe aonair agus neartú ar chosaint leordhóthanach tomhaltóirí a chur san áireamh freisin. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún féachaint ar roghanna chun dearadh an mhargaidh leictreachais a bharrfheabhsú. Tugann sé dá aire anailís an Choimisiúin ar na margaí leictreachais agus gáis agus na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh, chomh maith leis na tograí chun feabhas a chur ar ghréasáin fuinnimh agus ar acmhainní stórála, chomh maith leis na gealltanais athnuaite chun rochtain ar an margadh a fheabhsú do ghníomhaithe beaga (táirgeoirí is tomhaltóirí) agus chun slándáil an tsoláthair a áirithiú. |
3.3. |
Ní mór dearadh agus rialáil an mhargaidh a chur in oiriúint do dhálaí nua a bheidh ann amach anseo ina mbeidh an fuinneamh in-athnuaite i réim. Ba cheart díriú go háirithe ar an dá ghné seo a leanas: táirgeadh díláraithe agus méadú ar thomhaltas ar an láthair. Chun an dá chuspóir sin a bhaint amach, áfach, ní mór na coinníollacha riachtanacha a chur i bhfeidhm go fóill do na gníomhaithe aonair agus ní mór leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí a áirithiú. Tá gá le measúnuithe margaidh lena ndéantar anailís ar iompraíocht na ngníomhaithe uile a bhféadfadh baint a bheith acu leis an margadh fuinnimh agus ar dhearadh an mhargaidh fuinnimh. Cibé ar bith, leagann CESE béim ar a thábhachtaí atá sé measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh sula ndéanfar aon tograí. Cuireann CESE in iúl go bhfuil géarghá le cur i gcoinne praghsanna arda leictreachais, lena n-áirítear cuachadh praghsanna leictreachais agus gáis, a bhfuil tionchar diúltach acu ar gheilleagair na mBallstát. |
3.4. |
Le fada an lá, cuireadh ar an méar fhada an cheist maidir le méid na slándála soláthair is féidir a bhaint amach trí mheán an mhargaidh agus maidir leis an dearadh margaidh is fearr chuige sin. I bprionsabal, is féidir a bheith ag súil le hardleibhéal slándála soláthair a fháil ó chóras fuinnimh atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh (a tháirgtear ar bhonn intíre den chuid is mó). Ach ní thiocfaidh ann do chóras den chineál sin as féin — is réamhriachtanas é an socrú rialála ceart a bheith ann freisin. Tá tábhacht ar leith ag baint le heangacha cliste, rud a chuireann teachtaireacht shoiléir in iúl do na milliúin táirgeoirí agus tomhaltóirí go bhfuil tionchar dearfach acu ar an gcóras agus go gcuireann siad, ar an gcaoi sin, le slándáil an tsoláthair. |
3.5. |
Maidir le tionscadail bhonneagair a mhaoiniú, léiríodh arís agus arís eile gurb iad na rialacha fioscacha an phríomhbhacainn atá roimh na húdaráis phoiblí. Dá bhrí sin, ní mór é a bheith mar aidhm tionscadail a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leis an neamhspleáchas fuinnimh agus leis an earnáil dhigiteach a dhíolmhú ó aon rialacha lena gcuirtear cosc ar infheistíocht phoiblí den sórt sin. Dá bhrí sin, i gcomhréir leis an tuairim uaidh Athstruchtúrú chreat fioscach an Aontais (6), molann CESE an “riail órga” a chur i bhfeidhm maidir leis an infheistíocht phoiblí chun an táirgiúlacht agus an bonn sóisialta agus éiceolaíoch a chosaint ar mhaithe le folláine na nglún atá le teacht. |
3.6. |
Ní rogha é an maoiniú cumaiscthe ina bhfuil infheisteoirí príobháideacha páirteach ach amháin má áirithítear go bhfuil na leithdháiltí trédhearcach agus nach mbeidh aon chostais bhreise gan údar maith ar na húdaráis phoiblí i gcomparáid le maoiniú poiblí. Ní mór trédhearcacht iomlán a bheith ann i dtaca le costais bhreise a bhfuil údar maith leo. I dtuarascáil ón mBanc Eorpach Infheistíochta, tugtar faoi deara, mar shampla, go raibh conarthaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí (PPP) i réimse an iompair de bhóthar 24 % níos costasaí ar an meán san Eoraip ná tionscadail chomhchosúla a fuair maoiniú traidisiúnta (7). Tá sé níos tábhachtaí fós, agus samhlacha measctha den sórt sin á n-úsáid, cearta agus oibleagáidí a shainiú go soiléir, saincheisteanna dliteanais a shoiléiriú, agus foráil a dhéanamh maidir le córas éifeachtúil mear chun coinbhleachtaí a réiteach, chun costais fhadtéarmacha bhreise agus saincheisteanna díobhálacha maidir le dliteanas a sheachaint. |
3.7. |
Cuireann an Coimisiún in iúl, mar is ceart, gur féidir le hinfheistíochtaí poiblí airgead príobháideach a spreagadh agus gur gá é a spreagadh. Mar sin féin, ní chumhdaítear le REPowerEU athmhaoiniú na gcistí poiblí. Cur chuige amháin chun é sin a chur i gcrích is ea deireadh a chur leis na fóirdheontais le haghaidh acmhainní iontaise; cur chuige eile is ea cáin a ghearradh ar bhrabúis amhantair a rinneadh de dheasca na géarchéime tromchúisí ola agus gáis agus a bhfuil mar thoradh orthu brabúis ollmhóra bhreise go háirithe do chuideachtaí móra ola. Is údar imní do CESE éifeacht dhíchobhsaitheach chontúirteach a bheith á himirt ar an tsochaí de bharr ollbhrabús na gcuideachtaí fuinnimh ar thaobh amháin den scéal, agus de bharr an mhéadaithe atá tagtha ar an mbochtaineacht fuinnimh mar thoradh ar ardú na bpraghsanna fuinnimh, ar an taobh eile de. Molann CESE go mbainfí an barr de na brabúis sin le cabhair ó chánacha agus go gcuirfí ar aghaidh iad mar chúiteamh airgeadais do thomhaltóirí fuinnimh, e.g. teaghlaigh atá níos leochailí ó thaobh airgeadais de nó cuideachtaí dianfhuinnimh, agus go n-úsáidfí iad chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus an bonneagar eangaí is gá a leathnú, go háirithe ós rud é go bhfuil sé á phlé nó á chur chun feidhme cheana féin i roinnt Ballstát. Tá CESE den tuairim gur cheart cánachas den sórt sin a shainmhíniú ar bhealach an-íogair ionas nach gcuirfear bac ar chuideachtaí fuinnimh infheistíocht a dhéanamh i réitigh ísealcharbóin. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta a bhaineann leis an méid sin a mholadh gan a thuilleadh moille. |
3.8. |
Ar an gcéad dul síos, is é príomhchuspóir an bhonneagair go bhfeidhmíonn sé go maith agus nach ndéanann sé leictreachas a iompar idir dhá phointe mar chríoch ann féin chun tuairisceáin sheasta a ghiniúint. Is ríléir ónar tharla le deich mbliana anuas, cuir i gcás na dúshláin a bhaineann le leathnú na heangaí, an méadú ollmhór ar phraghsanna fuinnimh, baol na gcibear-ionsaithe, agus go háirithe, an cogadh san Úcráin, a bhfuil i dtreis: cé a bheidh i gceannas ar an mbonneagar lárnach, amhail an eangach fuinnimh, amach anseo? Saincheist a eascraíonn go príomha as leas an phobail atá i dtreis. Ciallaíonn sé sin go mbeadh úinéireacht phoiblí atá tiomanta don leas coiteann agus a chuireann deireadh leis na neamhionannais atá ann cheana i gceist freisin. |
3.9. |
Tá CESE á chur i bhfáth nach cúrsaí maoinithe amháin atá i gceist leis an aistriú cóir. Áirítear leis freisin an cuspóir maidir le hobair chuibhiúil, poist ardcháilíochta agus slándáil shóisialta a chruthú, iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa a chothabháil, agus tá gá le gníomhaíocht shonrach ar gach leibhéal, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach, má táthar chun an t-aistriú sin a chur i gcrích. I measc na bpríomhthosca eile atá riachtanach le haghaidh “aistriú cóir” tá ról gníomhach agus eagraíochtúil na hearnála poiblí agus rannpháirtíocht dhaonlathach na gcomhpháirtithe sóisialta a áirithiú ar gach leibhéal. |
3.10. |
Is cuid den bhonneagar criticiúil é an eangach fuinnimh. Má chliseann ar na bonneagair sin nó má chuirtear isteach orthu, d’fhéadfadh sé go mbeadh ganntanas soláthair tubaisteach ann agus go gcuirfí slándáil an phobail i mbaol. Is mó an smacht atá ag gníomhaithe príobháideacha san Eoraip ar bhonneagar ríthábhachtach, amhail earnáil an iompair agus cúrsaíocht tráchta, seirbhísí sláinte, agus réimsí an airgeadais agus na slándála (gan ach cúpla ceann a lua) mar gheall ar an dírialáil agus an príobháidiú a rinneadh le blianta beaga anuas. Baineann fadhbanna leis sin toisc go bhfuil na hearnálacha idirnasctha agus go laghdaíonn nó go gcoisceann leochaileacht earnála amháin feidhmíocht bonneagair chriticiúil eile (tionchar iarmhartach). Ar thaobh amháin, tá sé deacair meastachán a dhéanamh ar na hidirthuilleamaíochtaí sin agus, ar an taobh eile, is chun leas an phobail é a bhfeidhmiú a áirithiú. Go háirithe i gcás cur isteach ar an margadh nó i gcás tubaiste, is ríthábhachtach an ní go mbeadh rochtain ag comhlachtaí comhordaithe poiblí a bhfuil an chumhacht acu athléimneacht arna comhordú ar bhonn réigiúnach a áirithiú. Tá na rioscaí sin thar a bheith ard i gcás an leictreachais. Murach an leictreachas, bheadh sé deacair a shamhlú go bhfeidhmeodh sochaí fhorásach an 21ú haois agus thitfeadh an tsochaí ina hiomláine as a chéile mar thoradh ar lándorchuithe forleathana. |
3.11. |
Ós rud é gurb í an timpeallacht thógtha san Eoraip is cúis le thart ar 40 % den tomhaltas fuinnimh san Eoraip, tá sé thar a bheith tábhachtach nasc cliste le teicneolaíochtaí nua a chruthú, athchóirithe a chur chun feidhme go héifeachtach agus samhlacha nua rannpháirtíochta sibhialta a chur chun cinn d’fhonn aistriú fuinnimh a bhaint amach san earnáil tithíochta agus an éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú san earnáil sin. Cuireann an Treoir maidir le Leictreachas rannpháirtíocht sin na dtomhaltóirí i dtáirgeadh leictreachais in-athnuaite chun cinn agus soláthraítear léi bonn ríthábhachtach chun glacadh le táirgeadh díláraithe fuinnimh. Sa chomhthéacs sin, tá an comhchuibhiú tábhachtach don limistéar Eorpach ar fad ionas gur féidir leis an oiread teaghlach agus is féidir san Eoraip páirt a ghlacadh san aistriú fuinnimh. Le coincheapa amhail an comhroinnt fuinnimh agus an fuinneamh pobail i gcoitinne, cuirtear deiseanna fóinteacha ar fáil le haghaidh úsáid eangacha fuinnimh don soláthar ar mhionscála atá bunaithe ar éileamh agus ar an eangach. |
3.12. |
Athdhearbhaíonn CESE a sheasamh gurb é an aidhm atá ann astaíochtaí a laghdú a mhéid is féidir ar na costais shocheacnamaíocha is ísle is féidir. Molann CESE ionstraimí atá comhoiriúnach do mhargadh dea-rialáilte agus bearta rialála a úsáid i dteannta a chéile nuair is gá, lena n-áirítear ionstraimí airgeadais a bhfuil tacaíocht acu ón gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus ón ionstraim NextGenerationEU chun cuidiú le timpeallacht fuinnimh níos éifeachtúla a bhaint amach. Mar sin féin, ní mór é a bheith soiléir freisin, i gcás ina léirítear le hanailís chúramach go bhfuil fianaise mhaith ann go bhfuil cliseadh margaidh ann cheana nó go bhfuil baol ann go gclisfeadh ar an margadh, nach mór do na húdaráis phoiblí an cás sin a leigheas, mar shampla trí infheistíocht a dhéanamh sa mhargadh nó idirghabháil a dhéanamh ann. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Is é is aidhm d’infheistíochtaí sa bhonneagar fuinnimh borradh a chur faoi shlándáil an tsoláthair agus faoi fhorbairt an fhuinnimh in-athnuaite ar bhealach tapa, éifeachtúil agus costéifeachtach ar mhaithe le tomhaltóirí agus leis an ngeilleagar. Ciallaíonn an méid sin go bhfuil gach rud ag brath ar an gceist seo a leanas: cé a bheidh i gceannas ar an mbonneagar lárnach, amhail an eangach fuinnimh, amach anseo? Ó cuireadh tús leis an dírialáil, tá laghdú tagtha ar an infheistíocht ó chuideachtaí leictreachais. Mar gheall ar an titim sin san infheistíocht (san eangach agus sa ghiniúint), tá ganntanas soláthair ann agus cuireann sé bac ar fhuinneamh in-athnuaite a fhorbairt tuilleadh. |
4.2. |
Ó thaobh an gheilleagair de, tá ceist ann maidir le cén fáth nach mbeadh gréasán fuinnimh atá tarraingteach d’infheisteoirí, ós rud é gur infheistíocht iontaofa atá ann, tarraingteach don Stát chomh maith. D’fhéadfaí na díbhinní bliantúla arna n-íoc ag cuideachtaí príobháideacha a athinfheistiú in úinéireacht phoiblí ar mhaithe le leas an phobail agus laghdófaí an brú ar an airgeadas poiblí. Is amhlaidh sin go háirithe toisc go bhfuil sé léirithe cheana féin le roinnt príobháidithe páirteacha san am a chuaigh thart gurbh í an úinéireacht phoiblí an rogha chiallmhar ar chúiseanna airgeadais amháin. Baineann roinnt Ballstát úsáid as struchtúir phoiblí nó leathphoiblí cheana féin. Ag an am céanna, tá treocht ann i dtreo seirbhísí a thabhairt isteach faoi chúram údarás áitiúil athuair. Níl aon amhras ach go bhfuil tábhacht le saincheist na mbuntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le húinéireacht phoiblí agus phríobháideach agus/nó maoiniú bonneagair fuinnimh do mhargadh fuinnimh a fheidhmíonn go maith agus ba cheart í a chur san áireamh sa mheasúnú atá beartaithe ag an gCoimisiún ar roghanna chun dearadh an mhargaidh fuinnimh a bharrfheabhsú. D’fhéadfadh torthaí anailíse den sórt sin a bheith ina n-uirlis luachmhar chinnteoireachta do na Ballstáit, arb iad atá freagrach as cinneadh a dhéanamh maidir le húinéireacht phoiblí nó phríobháideach na mbonneagar fuinnimh. |
4.3. |
Sa chomhthéacs sin, tá an soláthar fuinnimh áitiúil agus réigiúnach agus tabhairt isteach fóntas faoi chúram údarás áitiúil athuair, go háirithe i gcomhthéacs straitéisí díláraithe, ag éirí níos tábhachtaí. I ndáil leis sin, tá ról lárnach ag an infheistíocht phoiblí i dtáirgeadh fuinnimh díláraithe ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart féidearthachtaí maoiniúcháin eile, amhail maoiniú díreach trí chistí, a fhiosrú. Tá díonta ar fhoirgnimh phoiblí oiriúnach go háirithe chun grianfhuinneamh saor a sholáthar do chomharsanachtaí iomlána. |
4.4. |
I roinnt Ballstát, cuirtear dreasachtaí airgeadais ar fáil chun cur le leathadh amach an fhuinnimh fhótavoltaigh. Tá iarrtha ag an Ostair, an Bheilg, an Liotuáin, Lucsamburg agus an Spáinn, i litir chuig an gCoimisiún, go mbeadh córais fhótavoltacha feistithe ar fhoirgnimh riaracháin, ollmhargaí, díonta cothroma agus suiteálacha tionsclaíocha faoi choinníollacha áirithe. Ba cheart córais fhótavoltacha a bheith ina ngnáthchleachtas do thithe nua agus athchóirithe freisin. Tá siad ag iarraidh ar an gCoimisiún níos mó airgid a chur ar fáil ó bhuiséad an Aontais chun díriú ar fhorbairtí sa réimse sin. Is díol sásaimh do CESE an smaoineamh sin agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an infheistíocht, na rialacháin agus na bearta tionlacain, amhail taighde agus forbairt, a bheadh ag teastáil chun borradh a chur faoi fhorbairt agus táirgeadh an fhuinnimh fhótavoltaigh san Aontas. |
4.5. |
An fuinneamh mar earra sóisialta: i dtaca leis seo, tugann CESE aird ar chur chun feidhme luachanna coiteanna an Aontais maidir le seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta, de réir bhrí Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar a leagtar síos i bPrótacal Uimh. 26 a ghabhann le CAE agus CFAE maidir le seirbhísí leasa ghinearálta. Mhéadódh sé sin an éifeachtúlacht agus an inacmhainneacht agus sheachnófaí clistí margaidh. |
4.6. |
Léiríonn an ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair an tábhacht ar leith a bhaineann le fuinneamh mar shócmhainn atá ábhartha go sóisialta. Chomh maith le poist ardcháilíochta agus fostaíocht ar ardchaighdeán a choinneáil, tá an nasc idir gnéithe sóisialta agus comhshaoil ag éirí níos trédhearcaí. Leis an úinéireacht phoiblí, is féidir rialú daonlathach a áirithiú, mar aon le hinfheistíocht phoiblí, slándáil an tsoláthair agus dáileadh cothrom na gcostas a bhaineann leis an earnáil fuinnimh a athrú go foinsí fuinnimh in-athnuaite. |
4.7. |
Chun droch-infheistíochtaí agus infheistíochtaí iomrallacha a sheachaint, ní mór aghaidh a thabhairt ar na débhríochtaí agus na neamhréireachtaí atá ann cheana maidir le struchtúir bhunúsacha an chórais fuinnimh nua, le hailtireacht an mhargaidh, le róil an mhargaidh agus le rialacha margaidh, agus go háirithe, an tionchar sóisialta ar oibrithe agus ar thomhaltóirí a réiteach láithreach bonn. I ndáil leis sin, tá ról lárnach ag dáileadh cothrom ualach na hinfheistíochta, agus is é an dála céanna ag dáileadh cothrom na mbrabús féideartha é. Tá riachtanais infheistíochta agus brabúsacht a áirithiú ar cheann de na príomh-shaincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu d’fhonn a áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh fuinnimh ar an mbealach is fearr san fhadtéarma. Tugann CESE dá aire na conclúidí ón staidéar a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) agus ón Teachtaireacht maidir leis na margaí leictreachais agus gáis ina leith sin agus is díol sásaimh dó go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an margadh leictreachais. |
4.8. |
Gné thábhachtach den aistriú fuinnimh a bheidh sa chomhordú agus san eagrú idir allmhaireoirí, oibreoirí eangacha réigiúnacha, cuideachtaí fuinnimh sibhialta, féinsoláthraithe agus pobail fuinnimh a úsáideann a gcuid leictreachais go háitiúil, mar aon le cuideachtaí stórála agus soláthróirí. |
An Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Is é sin an chonclúid ar ar tháinig an chónaidhm d’earnáil leictreachais na hEorpa, Eurelectric.
(2) Plean REPowerEU, COM(2022) 230 final.
(3) Is é sin an chonclúid ar ar tháinig an chónaidhm d’earnáil an leictreachais, Eurelectric.
(4) Tuairim ó CESE maidir le praghsanna fuinnimh,(IO C 275, 18.7.2022, lch. 80).
(5) A Decarbonised, Affordable and Democratic Energy System for Europe.
https://www.epsu.org/sites/default/files/article/files/Going%20Public_EPSU-PSIRU%20Report%202019%20-%20EN.pdf
(6) Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Athstruchtúrú chreat fioscach an Aontais le haghaidh téarnamh inbhuanaithe agus aistriú cóir, IO C 105, 04.03.2022, lch. 11.
(7) An Banc Eorpach Infheistíochta, 2006. Ex ante construction costs in the European road sector: a comparison of public-private partnerships and traditional public procurement. Tuarascáil Eacnamaíoch agus Airgeadais 2006/01, Blanc-Brude, F., Goldsmith, H. agus Välilä, T., https://www.eib.org/attachments/efs/efr_2006_v01_en.pdf
IARSCRÍBHINN
I rith na díospóireachta, diúltaíodh don leasú seo a leanas, a fuair aon cheathrú ar a laghad de na vótaí a caitheadh:
Pointe 2.9
Le leasú mar seo a leanas:
Tuairim ó rannóg |
Leasú |
Tá CESE i bhfách leis na rialacha Eorpacha maidir le gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha (GTE-F) a chur in oiriúint ar bhealach níos éifeachtaí do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, lena mbainfidh go háirithe dícharbónú an chórais fuinnimh, an t-aistriú chuig an aeráidneodracht, forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus baol na bochtaineachta fuinnimh a chosc. Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag na gréasáin fuinnimh maidir le cothromaíocht, athléimneacht agus forbairt an chórais fuinnimh a áirithiú, tá CESE ag iarraidh go bhfónfadh an Rialachán ar bhealach níos follasaí do chomhtháthú an chórais fuinnimh d’fhonn gach cineál dícharbónaithe fuinnimh a chur chun cinn, agus d’fhonn dí-chomhtháthú de chineál ar bith a chosc. Ina fhianaise sin, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh a ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa chun eangacha dáileacháin a shainiú mar “leas sáraitheach an phobail”, mar aon leis an bhfuinneamh in-athnuaite. |
Tá CESE i bhfách leis na rialacha Eorpacha maidir le gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha (GTE-F) a chur in oiriúint ar bhealach níos éifeachtaí do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, lena mbainfidh go háirithe dícharbónú an chórais fuinnimh, an t-aistriú chuig an aeráidneodracht, forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus baol na bochtaineachta fuinnimh a chosc. Ós rud é go bhfuil ról lárnach ag na gréasáin fuinnimh maidir le cothromaíocht, athléimneacht agus forbairt an chórais fuinnimh a áirithiú, tá CESE ag iarraidh go bhfónfadh an Rialachán ar bhealach níos follasaí do chomhtháthú an chórais fuinnimh d’fhonn gach cineál dícharbónaithe fuinnimh a chur chun cinn , lena n-áirítear an fuinneamh núicléach , agus d’fhonn dí-chomhtháthú de chineál ar bith a chosc. Ina fhianaise sin, is díol sásaimh do CESE an tionscnamh a ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa chun eangacha dáileacháin a shainiú mar “leas sáraitheach an phobail”, mar aon leis an bhfuinneamh in-athnuaite. |
Cúis
Tá ról tábhachtach ag giniúint na cumhachta núicléiche i measc an réimse leathain teicneolaíochtaí íseal-astaíochta atá ann, mar a léirigh Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen sna hóráidí a thug sí uaithi le déanaí.
Toradh na vótála ar an leasú:
Ar son: |
44 |
In aghaidh: |
109 |
Staonadh: |
14 |
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/76 |
Tuairim ó Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Seirbhísí leasa ghinearálta a chomhchruthú mar rannchuidiú le daonlathas níos rannpháirtí san Aontas Eorpach
(tuairim féintionscnaimh)
(2022/C 486/11)
Rapóirtéir: |
Krzysztof BALON |
Comhrapóirtéir: |
Thomas KATTNIG |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
20.1.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim féintionscnaimh |
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
7.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
226/0/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá comhchruthú seirbhísí leasa ghinearálta (SGInna) ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ag na saoránaigh féin, ar cheann de na huirlisí is éifeachtaí le daonlathas rannpháirteach a spreagadh agus, ar an gcaoi sin, cur le comhtháthú na hEorpa. Sin an fáth a molann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), i gcomhthéacs na tuairime seo, bearta sonracha a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar na creatchoinníollacha atá san Aontas Eorpach sa réimse sin, d’fhonn cur le cosaint chearta agus shochair na saoránach. |
1.2. |
Le linn géarchéimeanna ar nós an ionsaithe is déanaí a rinne an Rúis ar an Úcráin, nuair a aslonnaíodh na milliúin daoine, mná agus leanaí go háirithe, tuigtear níos fearr an ról tábhachtach atá ag an tsochaí shibhialta de thoradh an chumais atá inti samhlacha agus nósanna imeachta an chomhchruthaithe a nascadh nó a chur chun feidhme ar an toirt, agus go rathúil freisin, go háirithe maidir le SGInna sóisialta agus oideachasúla, i réimsí ina bhfuil fíorthaithí cheana ar an gcomhchruthú. |
1.3. |
San am a caitheadh, bhíodh seirbhísí sóisialta agus seirbhísí eile leasa ghinearálta á dtairiscint ag gníomhaithe na sochaí sibhialta i gcás nár bhraith údaráis phoiblí go raibh gá leo nó toisc nár mheas cuideachtaí tráchtála go raibh aon bhrabús le déanamh as iad a chur ar fáil. I bhformhór na gcásanna, is níos déanaí a ghlac an Stát an ról mar sholáthraí, mar chliant nó mar rialtóir, agus freisin mar ráthóir de cháilíocht na seirbhísí. Sa chomhthéacs sin, ní mór prionsabal na coimhdeachta idir na Ballstáit agus an tAontas Eorpach, a leagtar síos in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), a chur i bhfeidhm freisin maidir le SGInna. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le SGInna, ba cheart prionsabal na coimhdeachta a bheith ina threoirphrionsabal sa chaidreamh idir gach leibhéal de riarachán poiblí na mBallstát, agus idir údaráis phoiblí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chomh maith. |
1.4. |
Cé go bhfuil an fhreagracht pholaitiúil as soláthar SGInna fós faoi chúram na n-oifigeach tofa sna comhlachtaí ionadaíocha ábhartha, a ndéanann na saoránaigh breithiúnas rialta orthu i dtoghcháin, is iad na húdaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar sholáthar cuí SGInna. Tá CESE i bhfách le cur chun feidhme spriocdhírithe chur chuige an chomhchruthaithe. Ba cheart SGInna a fhorbairt i gcomhar leis na húsáideoirí, na pobail agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta lena áirithiú, sa chéad áit, go bhfreastalóidís ar fhíor-riachtanais an duine agus, sa dara háit, go n-éascóidís an daonlathas rannpháirteach. Is fíor sin go háirithe i gcásanna ina bhfuil fostaithe ar tuarastal ag obair i gcomhar le hoibrithe deonacha nó le struchtúir féinchabhrach. |
1.5. |
Iarrtar ar na Ballstáit, dá bhrí sin, uirlisí a fhorbairt agus/nó a fheabhsú chun rannpháirtíocht na saoránach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú sa phróiseas iomlán maidir le soláthar seirbhísí leasa ghinearálta. Mar chuid de sin, tá creatchoinníollacha cuí a leagan síos maidir le gníomhaíochtaí neamhbhrabúsacha an gheilleagair shóisialta, mar a leagtar amach sa tuairim ó CESE an 18 Meán Fómhair 2020Fiontair shóisialta neamhbhrabúsacha a neartú mar cholún bunriachtanach d’Eoraip atá cothrom go sóisialta (1), agus Airteagal 77 de Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí (2) a chur chun feidhme ar dhóigh a choinníonn conarthaí le haghaidh seirbhísí sláinte, sóisialta agus cultúrtha, mar aon le seirbhísí oideachais, mar atá liostaithe san Airteagal sin, d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha amháin. |
1.6. |
Tá CESE á chur in iúl go mbraitheann soláthar ardcháilíochta seirbhísí leasa ghinearálta, ar mhaithe leis na saoránaigh agus leis an ngeilleagar, ar acmhainní leordhóthanacha, i.e. maoiniú agus pearsanra, a bheith ar fáil agus ar na hacmhainní sin a bheith curtha ar fáil. |
1.7. |
Bíodh is gurb iad na Ballstáit, na réigiúin agus na bardais go príomha atá freagrach as na creatchoinníollacha maidir le SGInna a sholáthar agus, dá bhrí sin, a chomhchruthú, is den phráinn freisin na Ballstáit a spreagadh chun coincheapa an chomhdhearaidh a chur le chéile trí shraith uirlisí a chruthú lena n-éascófar úsáid shamhlacha an chomhchruthaithe. Le tionscnaimh den chineál sin, ba cheart na geallsealbhóirí ábhartha uile sna Ballstáit a spreagadh chun comhchruthú agus soláthar SGInna ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn. |
1.8. |
Tá CESE ag moladh don Choimisiún doiciméad oibre a fhoilsiú ar an ábhar sin, doiciméad a bheadh mar bhonn le tuilleadh oibre a dhéanamh agus a bheadh dírithe ar “sraith uirlisí” a chruthú, trínar cheart na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh agus a threorú chun úsáid níos fearr a bhaint as samhlacha an chomhchruthaithe. Ba cheart sa doiciméad sin machnamh a dhéanamh, i measc nithe eile, ar an gcomhchruthú i bhfianaise Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Phrótacal 26 a ghabhann le CAE agus CFAE, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, ról sonrach an gheilleagair shóisialta neamhbhrabúsaigh sa chomhchruthú agus na creatchoinníollacha is gá chun na críche sin á gcur san áireamh. Ba cheart a áireamh sa doiciméad freisin tograí le haghaidh tacaíocht AE agus náisiúnta do thionscadail nuálacha i réimse an chomhchruthaithe, agus aird á tabhairt ar ghnéithe taighde agus ar shraith dea-chleachtas san am céanna. Bunaithe ar an tsraith uirlisí a gcuirtear síos uirthi thuas, d’fhéadfaí páipéar uaine agus ansin páipéar bán a sheoladh tar éis comhairliúchán níos leithne ar leibhéal an Aontais. |
1.9. |
Is é a dhéanfadh CESE fóram a chur ar bun chun smaointe agus dea-chleachtais sa réimse sin a mhalartú, fóram a mbeadh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, na comhpháirtithe sóisialta, ollscoileanna agus tionscadail taighde rannpháirteach ann d’fhonn an próiseas plé a chothabháil agus a fhorbairt ar an leibhéal Eorpach. |
2. Cúlra
2.1. |
Tá forbairt bhreise an daonlathais rannpháirtigh san Aontas Eorpach ar cheann de na dúshláin is mó a bhaineann le lánpháirtiú na hEorpa a neartú chun an pobalachas agus an náisiúnachas a chomhrac. Tá comhchruthú SGInna ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ag na saoránaigh féin, ar cheann de na huirlisí is éifeachtaí leis an daonlathas rannpháirteach a spreagadh. |
2.2. |
Le tamall de bhlianta anuas, tá CESE rannpháirteach i nuachóiriú agus i bhforbairt SGInna i gcomhar le geallsealbhóirí éagsúla ón tsochaí shibhialta agus ón saol acadúil agus taighde. Laistigh den Choiste féin, is é an Buanghrúpa um Sheirbhísí Leasa Ghinearálta is mó a bhíonn ag plé leis an obair sin. |
2.3. |
In 2019, thosaigh CESE ag obair leis an gcuibhreannas um Chomhchruthú Nuálaíochta Seirbhísí san Eoraip (CoSIE) (3), atá comhdhéanta d’ollscoileanna, bardais agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó naoi mBallstát (an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Pholainn, an Spáinn, an tSualainn agus an Ungáir) agus ón Ríocht Aontaithe. Rinne an Buanghrúpa um Sheirbhísí Leasa Ghinearálta obair leantach ar an taithí nuálach agus ar na conclúidí ón tionscadal CoSIE faoi scáth dhá sheimineár: “Comhchruthú na seirbhísí leasa ghinearálta: ról na saoránach agus a gcuid eagraíochtaí” a tionóladh sa Bhruiséil an 15 Aibreán 2021 agus “Na saoránaigh ag freastal ar a chéile: comhchruthú agus soláthar seirbhísí leasa ghinearálta ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta” a tionóladh in Lublin na Polainne, an 1-2 Nollaig 2021 i gcomhar le cathair Lublin, seimineár a raibh comhpháirtithe ón Úcráin páirteach ann. |
2.4. |
Tá dlúthnasc idir an comhchruthú agus díospóireachtaí níos leithne faoi athchóiriú na seirbhísí poiblí. Bhí paraidím na bainistíochta poiblí nua (new public management nó NPM) dírithe ar éifeachtacht a mhéadú, samhlacha bainistíochta ón earnáil phríobháideach a chur i bhfeidhm agus cur leis an gcaidreamh idir soláthraithe agus tomhaltóirí sna seirbhísí poiblí agus bhí riachtanais, éilimh agus roghanna na n-úsáideoirí seirbhísí ina dtúsphointe san obair sin. Ba shamhail cheannasach í sin sna 1990í agus sna 2000idí, ach cáineadh í toisc nach raibh sí chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus a rabhthas ag súil leis agus toisc go raibh acmhainneacht nuálaíochta theoranta inti (4). Tá treochtaí iar-NPM (“paradigmettes” (5)) sa nuálaíocht seirbhísí poiblí bunaithe ar an saoránach gníomhach a bhfuil baint aige leis an táirgeadh seachas ar an tomhaltóir aonair éighníomhach atá ar mhaithe leis féin. Ar a mhuin sin, tá siad dírithe ar fheabhas a chur ar an gcomhtháthú agus an comhordú idir líonraí grúpaí úsáideoirí agus geallsealbhóirí seachas ar an díscaoileadh a chothú. Meastar go bhfuil an comhchruthú ina phríomhchoincheap sna samhlacha iar-NPM (6). |
2.5. |
Léiríonn torthaí na hoibre atá déanta ag CESE sa réimse sin go dtí seo go gcuireann comhchruthú agus soláthar SGInna ag saoránaigh agus a n-eagraíochtaí dlús leis an daonlathas rannpháirteach agus go bhforbraítear an geilleagar sóisialta san Aontas freisin, agus sin sa bhreis ar na róil ríthábhachtacha eile atá ag SGInna mar chumasóirí fíor-riachtanacha do gach gníomhaíocht eile sa tsochaí. |
3. Seirbhísí leasa ghinearálta
3.1. |
I gcomhthéacs na lánpháirtíochta Eorpaí, a bhfuil an teannas idir “aontacht” agus “éagsúlacht” ina pháirt lárnach di, forbraíodh coincheap nua le haghaidh na seirbhísí sin a rialaítear le rialacha sonracha agus caighdeáin shonracha. Is é an aidhm atá ann a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach saoránach agus ag gach geallsealbhóir ar na seirbhísí bunriachtanacha sin ar a bhfuil saol díniteach an duine bunaithe agus atá agus a bheidh ríthábhachtach i gcónaí le haghaidh na rannpháirtíochta sa tsochaí, is iad sin seirbhísí leasa ghinearálta (SGInna). Is féidir SGInna a sholáthar i suíomhanna éagsúla, bíodh sin ar mhargaí iomaíocha mar sheirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta nó mar sheirbhísí leasa neamheacnamaíoch ghinearálta nach féidir a sholáthar ar na margaí sin. Déanann an Coimisiún idirdhealú (7) idir seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta (SGEInna), seirbhísí neamheacnamaíocha agus seirbhísí sóisialta leasa ghinearálta (eacnamaíoch nó neamheacnamaíoch). Tá feidhm ag Airteagal 106 CFAE maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta (8) nó maidir le seirbhísí eacnamaíocha. |
3.2. |
Feabhsaíodh agus soiléiríodh an coincheap sin de réir a chéile. |
3.2.1 |
Is cuid de chomhluachanna na hEorpa iad na SGInna agus tá ról acu maidir leis an gcomhtháthú sóisialta agus críochach a chur chun cinn san Aontas Eorpach (9). I dtaca leis sin, tá CESE ag meabhrú chomhluachanna an Aontais maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta de réir bhrí Airteagal 14 CFAE, mar atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 26 maidir le seirbhísí leasa ghinearálta atá i gceangal le CAE agus CFAE. Má dhéantar tuilleadh forbartha ar na prionsabail a leagtar amach sa doiciméad seo, d’fhéadfadh sé go gcuirfí leis an éifeachtúlacht agus go gcuirfí deireadh leis na lochtanna. |
3.2.2 |
Tá trí ghné i gceist leis na comhluachanna sin: an chumhacht lánroghnach atá ag na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le riachtanais na n-úsáideoirí a shásamh; an meas ar an éagsúlacht agus ar na difríochtaí maidir le riachtanais, tosaíochtaí agus roghanna daonlathacha na n-úsáideoirí, agus ar chásanna geografacha, sóisialta agus cultúrtha éagsúla; ardleibhéal cáilíochta, sábháilteachta agus inacmhainneachta, an chóir chomhionann agus cur chun cinn na rochtana uilíche agus chearta an úsáideora (10). |
3.2.3 |
Tá na seirbhísí sin ina gcuid bhunriachtanach de chórais eacnamaíocha agus shóisialta Bhallstáit an Aontais agus is cuid thábhachtach iad, ar an iomlán, den mhúnla sóisialta Eorpach. Tá saoránaigh agus gnólachtaí Eorpacha ag súil, mar is ceart, le raon leathan seirbhísí iontaofa, cobhsaí agus éifeachtúla leasa (eacnamaíoch) ghinearálta a bheith ar fáil ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta. Cinntítear leis na seirbhísí sin gur féidir freastal ar riachtanais agus leasanna comhchoiteanna, mar atá, misin ar mhaithe le leas an phobail. Tá CESE á chur in iúl go soiléir go mbraitheann soláthar ardcháilíochta na seirbhísí bunriachtanacha sin, ar mhaithe leis na saoránaigh agus leis an ngeilleagar, ar acmhainní leordhóthanacha, i.e. maoiniú agus pearsanra, a bheith ar fáil agus ar na hacmhainní sin a bheith curtha ar fáil. |
3.2.4 |
Ceart bunúsach (11) is ea an rochtain ar SGEInna agus áirítear an ceart sin i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (12). Siúd is go dtagraítear go sainráite i bPrionsabal 20 den Cholún do SGInna “bunriachtanacha”, cumhdaítear le prionsabail eile den Cholún seirbhísí tábhachtacha leasa ghinearálta amhail an t-oideachas, an tithíocht agus cúnamh do dhaoine gan dídean, an cúram fadtéarmach, cuimsiú daoine faoi mhíchumas agus an cúram sláinte, etc. |
3.2.5 |
Níl rialacha an mhargaidh aonair ná na hiomaíochta infheidhme maidir le seirbhísí neamheacnamaíocha leasa ghinearálta; níl ach prionsabail ghinearálta an Aontais Eorpaigh infheidhme maidir leo (an trédhearcacht, an neamh-idirdhealú, an chóir chomhionann, an chomhréireacht) (13). |
3.2.6 |
Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige “go n-oibreoidh seirbhísí den sórt sin ar bhonn prionsabail agus coinníollacha, go háirithe coinníollacha eacnamaíocha agus airgeadais, a chumasaíonn dóibh a gcúraimí a chomhall” (14). |
3.2.7 |
Bíonn seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta faoi réir fhorálacha na gConarthaí, go háirithe na rialacha maidir le hiomaíocht, a mhéid nach gcuireann cur i bhfeidhm na rialacha sin bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó ghníomh, na gcúraimí áirithe a ceapadh dóibh (15). |
3.3. |
Is é is cuspóir do SGInna freastal ar riachtanais na saoránach agus na ngeallsealbhóirí uile, agus a bhforbairt san am agus sa spás á cur san áireamh. Is rud dinimiciúil atá iontu go bunúsach. Is féidir baint a bheith acu le réimsí amhail an tsábháilteacht agus an tslándáil, an tsláinte, seirbhísí sóisialta – lena n-áirítear cuimsiú daoine faoi mhíchumas, an cúram fadtéarmach agus an tithíocht shóisialta (16) – agus an t-oideachas, maille leis na seirbhísí bunriachtanacha a luaitear go sainráite i bPrionsabal 20 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (17). |
3.4. |
A mhéid a bhaineann le SGInna, leagtar síos prionsabal na coimhdeachta idir na Ballstáit agus an tAontas Eorpach in Airteagal 5(3) CAE. Tá creat ginearálta prionsabal leagtha amach ag an Aontas, creat atá dírithe ar riachtanais na saoránach uile agus na ngníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta uile a shásamh. Is faoi na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha atá sé na SGInna a shainiú agus a chur chun feidhme. Thairis sin, a mhéid a bhaineann le SGInna, ba cheart prionsabal na coimhdeachta a bheith ina threoirphrionsabal sa chaidreamh idir gach leibhéal de riarachán poiblí na mBallstát, agus idir údaráis phoiblí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chomh maith. |
3.5. |
Bíonn a lán gnéithe éagsúla le cur san áireamh agus SGInna á soláthar, gnéithe a thagann salach ar a chéile, uaireanta. Ina measc tá cearta bunúsacha a ráthú; cuspóirí áitiúla maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; cuspóirí maidir le forbairt inbhuanaithe, cosaint an chomhshaoil agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide; agus rialacha maidir leis an ngeilleagar sóisialta margaidh, maidir leis an margadh aonair agus rialacha iomaíochta a chur chun feidhme. Ní mór cothromaíocht a aimsiú de réir a chéile cás ar chás, ar dhóigh phragmatach agus le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile, má táthar chun freastal ar riachtanais gach duine aonair agus gach pobail. |
4. Seirbhísí leasa ghinearálta a chomhchruthú
4.1. |
Bhíodh seirbhísí sóisialta agus seirbhísí eile leasa ghinearálta á dtairiscint i gcónaí ag gníomhaithe na sochaí sibhialta, toisc nár bhraith údaráis phoiblí go raibh gá leo nó toisc nár mheas cuideachtaí tráchtála go raibh aon bhrabús le déanamh as iad a chur ar fáil. I bhformhór na gcásanna, is níos déanaí a ghlac an Stát an ról mar sholáthraí nó mar rialtóir, agus freisin mar ráthóir de cháilíocht na seirbhísí. |
4.2. |
Cuireann na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a gcuid seirbhísí leasa ghinearálta féin ar fáil, sin nó déanann siad iad a choimisiúnú. Cé go bhfuil an fhreagracht pholaitiúil faoi chúram na n-oifigeach tofa sna rialtais sin, a ndéanann na saoránaigh breithiúnas rialta orthu i dtoghcháin, is iad na húdaráis phoiblí a dhéanann maoirseacht ar sholáthar cuí na SGInna. Tá dhá chur chuige éagsúla is féidir a ghlacadh, mar atá, ón mbarr síos, is é sin tionscnaimh de chuid na n-údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, nó ón mbun aníos, is é sin an comhchruthú ina bhfuil páirt ag na saoránaigh agus/nó ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Is é an dara cur chuige atá faoi chaibidil sa tuairim seo. Tá CESE i bhfách le cur chun feidhme leathan chur chuige an chomhchruthaithe, is é sin gur cheart SGInna a fhorbairt i gcomhar leis na húsáideoirí, na pobail agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta lena áirithiú, sa chéad áit, go bhfreastalóidís ar riachtanais an duine agus, sa dara háit, go n-éascóidís an daonlathas rannpháirteach. |
4.3. |
Mar sin féin, is ag brath ar an gcomhthéacs atá réimsí agus leibhéal chur chun feidhme an chomhchruthaithe. Níl gach seirbhís, pobal ná soláthraí seirbhíse – go háirithe iad siúd i réimsí an bhonneagair chriticiúil amhail soláthar fuinnimh agus uisce – oiriúnach do bhealach úrnua chun seirbhísí a sholáthar agus freagrachtaí a roinnt, ach is iontach an sásamh é gach iarracht a dhéantar i dtreo cumhacht na comhchinnteoireachta a fheabhsú agus réitigh éifeachtacha a chothú ar bhealach comhoibríoch. D’fhonn cur le rannpháirtíocht na n-úsáideoirí, d’fhéadfaí leas a bhaint as an gcoincheap “dréimire an chomhchruthaithe” (ladder of co-creation) (18), arb é atá i gceist leis leibhéil éagsúla rannpháirtíochta córasaí ó ghníomhaithe ábhartha poiblí agus príobháideacha, ag tosú ón leibhéal rannpháirtíochta is ísle (i.e. nuair atá sé mar aidhm ag gníomhaireachtaí poiblí na saoránaigh a chumhachtú chun cur lena gcumas a bheith i gceannas ar a saol féin agus iad a spreagadh chun na seirbhísí a chuireann an earnáil phoiblí ar fáil dóibh a chomhchruthú) go dtí an leibhéal is airde (nuair a éascaítear nuálaíocht chomhoibríoch bunaithe ar chlár oibre comhpháirteach a shocrú agus sainiú fadhbanna, ar dhearadh comhpháirteach agus ar thástáil réiteach nua agus réiteach nár baineadh triail astu go fóill, mar aon le cur chun feidhme comhordaithe bunaithe ar réitigh phoiblí agus phríobháideacha). |
4.4. |
Is réamhriachtanas don chomhchruthú é bealaí oibre a ghlacadh atá bunaithe ar láidreachtaí nó ar bhuanna an duine nó an phobail. Le cur chuige bunaithe ar bhuanna, úsáidtear acmhainní (ábhair agus neamhábhair), cumais agus mianta na n-úsáideoirí seirbhísí seachas díreach a gcuid riachtanas a thaifeadadh agus a shásamh. Leis an gcur chuige sin, glactar leis go mbíonn buanna luachmhara nach n-aithnítear go minic ag gach saoránach (cultúr, am, taithí saoil agus foghlama, fios gnó praiticiúil, líonraí, scileanna, smaointe) lena bhféadfaidís cur le forbairt agus soláthar seirbhísí. Tá roinnt modhanna éagsúla ann ar féidir leas a bhaint astu sa tsraith uirlisí do phróiseas an chomhchruthaithe, e.g. suirbhéanna ar shástacht (amhail i réimse na ríomhthráchtála) agus pobalbhreitheanna, agus na bealaí éagsúla a úsáidtear chun tuairimí a chur in iúl trí uirlisí digiteacha, grúpaí fócais agus painéil, maille le modhanna rannpháirtíochta (e.g. haiceatóin shóisialta, teicneolaíochtaí spáis oscailte, LivingLabs, caiféanna domhanda, treoirphleananna seirbhíse, smaointeoireacht deartha, turais úsáideoirí agus uirlisí rannpháirtíochta éagsúla ar líne). |
4.5. |
Ní réiteach teicniúil é an comhchruthú, áfach, agus ní féidir é a chur chun feidhme trí mhodh amháin. Is cur chuige é is gá a ghlacadh ag céimeanna éagsúla de dhearadh agus soláthar seirbhísí. Sna foirmeacha is radacaí di, baineann an tsraith uirlisí le cineálacha comhrialachais lena gcuirtear chun cinn aistriú cumhachta agus, in amanna, aistriú úinéireachta seirbhísí chuig daoine agus chuig pobail. Áirítear leis sin rannpháirtíocht fhoirmiúil daoine a bhfuil fíorthaithí acu maidir le comhaontuithe rialachais, comhaontuithe cómhalartacha, comharchumainn agus eagraíochtaí pobail. |
4.6. |
I bpróiseas an chomhchruthaithe is gá cuireadh a thabhairt do gach grúpa úsáideoirí féideartha chun bheith páirteach ann ionas gur féidir leo a leasanna féin a chur in iúl. D’fhéadfadh próisis neamhdhaonlathacha a bheith mar thoradh ar rannpháirtíocht chlaonta atá i bhfabhar na saoránach sin a bhfuil níos mó acmhainní acu agus atá níos toilteanaí a bheith rannpháirteach. |
4.7. |
Réamhriachtanas eile den chomhchruthú is ea iontaoibh a bheith idir rannpháirtithe sa phróiseas, iontaoibh nach féidir a chothú idir soláthraithe seirbhíse agus páirtithe leasmhara ach amháin má tá trédhearcacht ann faoin méid ba cheart a bhaint amach leis an tseirbhís trí phróisis an chomhchruthaithe lena mbaineann agus a mhéid a chuirtear na rannpháirtithe ar an eolas faoi scóip agus clúdach na seirbhíse (19). |
4.8. |
Ba cheart dul i mbun an chomhchruthaithe i gcónaí chun riachtanais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a phleanáil. Is gá na neamhréireachtaí idir na próifílí éagsúla riachtanas a chur san áireamh i gcónaí. A luaithe a dhéantar na riachtanais sin a thaifeadadh, is féidir díospóireachtaí poiblí a dhéanamh faoin gcaoi le tosaíocht a thabhairt dóibh agus le critéir a sholáthar a bheidh le húsáid ag na comhlachtaí ábhartha idirghabhála agus cinnteoireachta chun soláthar agus inrochtaineacht ardcháilíochta agus iontaofa, cóir chomhionann agus urraim do chearta úsáideoirí a áirithiú. Go deimhin, is é an sochar don tsochaí ina hiomláine an sprioc dheiridh ba cheart a bheith le SGInna. Níor cheart go dtiocfadh de thaisme de phróiseas an chomhchruthaithe, in imthosca ar bith, laghdú ar cháilíocht na seirbhísí, ardú ar an bpraghas nach bhfuil údar maith leis nó laghdú ar an rochtain ar sheirbhísí. |
4.9. |
Is idirghníomhú dinimiciúil idir soláthraithe seirbhíse, úsáideoirí seirbhíse agus geallsealbhóirí eile é an comhchruthú a bhfuil céimeanna féideartha éagsúla i gceist leis: |
4.9.1 |
comhthionscnamh: spriocanna agus cuspóirí na seirbhísí aonair a chinneadh go comhpháirteach ó thús an phróisis; |
4.9.2 |
rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí: gníomhaithe nua (úsáideoirí, cliaint, seachadóirí seirbhíse) a chuimsiú sa phróiseas agus iad a bheith gníomhach sa phróiseas iomlán; |
4.9.3 |
comhdhearadh: an tseirbhís a dhearadh go comhpháirteach; |
4.9.4 |
cur chun feidhme comhpháirteach: seirbhísí a sholáthar go comhpháirteach; |
4.9.5 |
comhbhainistiú: seirbhísí a eagrú agus a bhainistiú go comhpháirteach; |
4.9.6 |
comhrialachas: beartais a cheapadh go comhpháirteach; |
4.9.7 |
comh-mheastóireacht: measúnú comhpháirteach a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht seirbhísí nó ar na cinntí a dhéantar bunaithe ar shraith critéar. |
4.10. |
Sa chomhthéacs sin, is fiú a lua go bhfuil samhlacha nuálacha ann cheana féin nach féidir seirbhís phoiblí a sholáthar iontu gan rannpháirtíocht ghníomhach na n-úsáideoirí (20). |
4.11. |
Tá sé ríthábhachtach go bhforbrófaí SGInna mar chuid d’iarracht chomhoibríoch le húsáideoirí, le pobail agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta lena áirithiú go gcuirfidh siad leis an luach a bhaineann le tairiscintí SGInna, i.e. folláine níos mó nó comhthuiscint ar an leas coiteann a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn taca faoi fhorbairt beartas, straitéisí agus seirbhísí. I bpróiseas forbartha comhsheirbhíse, bíonn daoine a úsáideann seirbhísí ag obair i gcomhar leis na gairmithe chun seirbhísí a dhearadh, a chruthú agus a sholáthar (21). Dá bhrí sin, sa phróiseas seo, bíonn forluí idir na róil atá ag an nuálaí, an soláthraí seirbhíse agus an t-úsáideoir seirbhíse. |
4.12. |
Baineann breisluach an chomhchruthaithe i ngach cás leis an gcomhar gníomhach idir na húdaráis phoiblí a bhfuil freagracht dhlíthiúil nó pholaitiúil orthu as soláthar SGInna, na soláthraithe seirbhíse agus na húsáideoirí, ar cheart dóibh a bheith rannpháirteach i bpróiseas daonlathach an chomhchruthaithe. Ar an gcaoi sin, feabhsaíonn an comhchruthú dlisteanacht dhaonlathach na gcinntí polaitiúla. |
4.13. |
A bhuí leis an mbreisluach sin, cuirtear go háirithe leis an rannpháirtíocht dhaonlathach nuair is eagraíochtaí sochaí sibhialta iad na soláthraithe seirbhíse, sin nó más ón ngeilleagar sóisialta neamhbhrabúsach iad, toisc go gcomhoibríonn an fhoireann lánaimseartha le hoibrithe deonacha nó le struchtúir féinchabhrach, nó nuair is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht ar leasanna úsáideoirí fíorthionchar a imirt ar sholáthraithe seirbhíse poiblí nó príobháideacha. Lena chois sin, tá gné mhorálta i gceist freisin sa chomhchruthú; neartaítear pobail, an spiorad foirne agus an iontaoibh idir na gníomhaithe (22). |
4.14. |
Is follas an méid sin freisin le linn géarchéimeanna. Sampla a bhí ann le déanaí is ea eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann seirbhísí ar fáil (go háirithe sna réimsí sóisialta agus oideachais) do dhídeanaithe cogaidh ón Úcráin agus i gcomhar leis na dídeanaithe sin. Bhí cumas na sochaí sibhialta gníomhú ar an toirt ríthábhachtach ina leith sin, nuair a d’éirigh leo samhlacha agus nósanna imeachta an chomhchruthaithe a chur chun feidhme go tapa, agus go rathúil, rud a bhí indéanta i gcríocha inarbh fhéidir próisis an chomhchruthaithe a chur i bhfeidhm cheana féin. |
5. Tionscnaimh bheartais ar an leibhéal Eorpach
5.1. |
Cé gur faoi na Ballstáit, na réigiúin agus na bardais go príomha atá cúram na gcreatchoinníollacha maidir le soláthar SGInna, agus comhchruthú SGInna, tá géarghá freisin leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh a ndóthain tacaíochta a chur ar fáil le gur féidir leo seirbhísí ardcháilíochta leasa ghinearálta a sholáthar. Chuige sin, tá géarghá ann na Ballstáit a spreagadh chun coincheapa an chomhdhearaidh a fhorbairt trí shraith uirlisí a chruthú lena n-éascófar úsáid shamhlacha an chomhdhearaidh. Trí thionscnaimh dá leithéid, ba cheart na geallsealbhóirí ábhartha uile sna Ballstáit a spreagadh chun comhchruthú agus soláthar SGInna ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn. Is é is cúis leis sin, go pointe áirithe, go gcabhraíonn cur chuige an chomhchruthaithe go mór le seirbhísí a chur in oiriúint do riachtanais atá ag athrú, agus iad a nuachóiriú agus a chur in oiriúint don todhchaí. |
5.2. |
Chun na críche sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach cur chuige trasearnála a ghlacadh, agus na réimsí éagsúla inniúlachta agus na geallsealbhóirí uile á gcur san áireamh, d’fhonn sraith uirlisí a fhorbairt ina mbeadh foirmeacha éagsúla den chomhchruthú, na treoirthionscadail a cuireadh i gcrích agus an tátal is féidir a bhaint as na tionscadail sin. |
5.3. |
Go sonrach, tá CESE ag moladh don Choimisiún doiciméad oibre a fhoilsiú ar an ábhar sin, doiciméad a bheadh mar bhonn le tuilleadh oibre a dhéanamh agus a bheadh dírithe ar “sraith uirlisí” a chruthú, trínar cheart na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a spreagadh agus a threorú chun úsáid níos fearr a bhaint as samhlacha an chomhchruthaithe. Ba cheart sa doiciméad sin, i measc nithe eile, machnamh a dhéanamh ar an gcomhchruthú i bhfianaise Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Phrótacal 26 a ghabhann le CAE agus CFAE, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, ról sonrach an gheilleagair shóisialta neamhbhrabúsaigh sa chomhchruthú agus na creatchoinníollacha is gá chun na críche sin á gcur san áireamh, faoi mar a leagtar amach sa tuairim ó CESE an 18 Meán Fómhair 2020Fiontair shóisialta neamhbhrabúsacha a neartú mar cholún bunriachtanach d’Eoraip atá cothrom go sóisialta (23). Thairis sin, ba cheart tagairt a dhéanamh sa doiciméad do chur chun feidhme Airteagal 77 de Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí (24) ar dhóigh a choinníonn conarthaí le haghaidh seirbhísí sláinte, sóisialta agus cultúrtha, mar aon le seirbhísí oideachais, mar atá liostaithe san Airteagal sin, d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha amháin. De bhreis air sin, ba cheart a áireamh sa doiciméad freisin tograí le haghaidh tacaíocht AE agus náisiúnta do thionscadail nuálacha i réimse an chomhchruthaithe, agus aird á tabhairt ar ghnéithe taighde agus ar shraith dea-chleachtas san am céanna. Bunaithe ar an tsraith uirlisí a gcuirtear síos uirthi thuas, d’fhéadfaí páipéar uaine agus ansin páipéar bán a sheoladh tar éis comhairliúchán níos leithne ar leibhéal an Aontais. |
5.4. |
Is é a dhéanfadh CESE fóram a chur ar bun chun smaointe agus dea-chleachtais sa réimse sin a mhalartú, fóram a mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ollscoileanna agus tionscadail taighde rannpháirteach ann d’fhonn an próiseas plé a chothabháil agus a fhorbairt ar an leibhéal Eorpach. |
An Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 429, 11.12.2020, lch. 131. (Níl leagan Gaeilge ann).
(2) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32014L0024&from=EN
(3) https://cosie.turkuamk.fi
(4) Drechsler, W. (2009) “Towards a Neo-Weberian European Union? Lisbon agenda and public administration”, Halduskultuur-Administrative Culture, 2009, 10(1), 6-21.
(5) Çolak, Ç. D. (2019), “Why the new public management is obsolete: an analysis in the context of the post-new public management trends”, Croatian and Comparative Public, 2019, 19(4), 517-536, https://doi.org/10.31297/hkju.19.4.1.
(6) Torfing, J., Sørensen, E., & Røiseland, A. (2019), “Transforming the public sector into an arena for co-creation: Barriers, drivers, benefits and ways forward”, Administration & Society, 2019, 51(5), 795-825, https://doi.org/10.1177/0095399716680057.
(7) https://ec.europa.eu/info/topics/single-market/services-general-interest_ga
(8) Tá sé sin leagtha síos cheana féin i gConradh na Róimhe; Airteagal 106 CFAE faoi láthair.
(9) CFAE – Forálacha ginearálta, Airteagal 14.
(10) Prótacal Uimh. 26 a ghabhann le CAE agus CFAE.
(11) Airteagal 36 den Chairt um Chearta Bunúsacha.
(12) Pointe 20 den Cholún.
(13) Prótacal Uimh. 26 a ghabhann le CAE agus CFAE.
(14) Airteagal 14 CFAE.
(15) Airteagal 106 CFAE.
(16) I bhfianaise na géarchéime tithíochta atá ag dul in olcas i roinnt mhaith Ballstát, tá tithíocht inacmhainne freisin ina seirbhís bhunriachtanach, murab ionann is riamh.
(17) Uisce, sláintíocht, fuinneamh, iompar, seirbhísí airgeadais agus an chumarsáid dhigiteach.
(18) Torfing, J., Sørensen, E., & Røiseland, A. (2019), “Transforming the public sector into an arena for co-creation: Barriers, drivers, benefits and ways forward”, Administration & Society, 2019, 51(5), 795-825, https://doi.org/10.1177/0095399716680057.
(19) https://cosie.turkuamk.fi/arkisto/index.html
(20) Mar shampla, “services publics partagés” (seirbhísí poiblí comhroinnte) sa Fhrainc: https://service-public-partage.fr/.
(21) Social Care Institute of Excellence (2015) Co-production in social care: what it is and how to do it?, Treoir SCIE 51.
(22) C. Fox et al. (2021) A New Agenda for Co-Creating Public Services, Ollscoil na nEolaíochtaí Feidhmeacha, Turku, https://julkaisut.turkuamk.fi/isbn9789522167842.pdf
(23) IO C 429, 11.12.2020, lch. 131 (níl leagan Gaeilge ann).
(24) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32014L0024&from=EN
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/83 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Comhpháirtíochtaí téamacha faoi Chomhaontú Liúibleána
(tústuairim)
(2022/C 486/12)
Rapóirtéir: |
David SVENTEK |
Comhrapóirtéir: |
Florian MARIN |
Comhairliúchán |
Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 26.1.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
9.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
190/1/4 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tacaíonn CESE go láidir leis na ráitis a cuireadh i láthair i gComhaontú Liúibleána maidir leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach (UAEU), agus cuireann sé in iúl gur díol sásaimh dó go háirithe an bhéim láidir ar an gcomhpháirtíocht agus ar chuir chuige il-leibhéil agus il-gheallsealbhóra san fhorbairt uirbeach inbhuanaithe. |
1.2. |
Ba cheart gníomhaíochtaí agus torthaí follasacha agus inbhuanaithe a mhairfidh níos faide ná na comhpháirtíochtaí féin a bheith mar thoradh ar chomhpháirtíochtaí téamacha. Ba cheart aistriú na dtorthaí chuig na Ballstáit, na réigiúin, na cathracha agus earnálacha eile a bheith san áireamh i gcónaí. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar dháileadh críochach agus ar chothromaíocht gheografach na ndeiseanna sin chun go rachaidh siad chun tairbhe do réigiúin agus do chathracha leochaileacha. |
1.3. |
D’fhéadfaí an nasc idir an Clár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach agus an beartas comhtháthaithe a neartú. Ainneoin gur dhá bheartas agus thionscnamh ar leith iad a bhfuil cuspóirí difriúla acu atá leabaithe i gcreataí difriúla, ba cheart sineirgí a bheith ann. Chun tacaíocht níos comhleanúnaí do chathracha a chur ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe, beidh uirlisí agus ionstraimí idirnasctha ag teastáil, mar aon le comhar agus comhtháthú idir-earnála agus idirinstitiúideach ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil. Ba cheart níos mó dlisteanachta a thabhairt do na comhpháirtíochtaí téamacha amach anseo. |
1.4. |
Beidh sásraí intuartha cur chun feidhme a mbeidh tacaíocht airgeadais acu chun spriocanna straitéiseacha Eorpacha a aistriú ina ngníomhaíochtaí nithiúla, agus cistiú iomchuí ar an leibhéal áitiúil ríthábhachtach le haghaidh údaráis áitiúla bheaga agus mheánmhéide agus dá rannpháirtíocht leanúnach i bpróisis UAEU. |
1.5. |
Tá CESE den tuairim nach mór leas a bhaint as critéir níos sonraí, níos oscailte agus níos cuimsithí agus comhpháirtithe na gcomhpháirtíochtaí téamacha á roghnú. Níor cheart don phróiseas roghnaithe neamhshuim a dhéanamh de dheis na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach sa phróiseas sin i dteannta údaráis uirbeacha. Tá sé tábhachtach an measúnú ex-ante a rinneadh ar ghlasú na gcathracha agus ar an turasóireacht inbhuanaithe a chur san áireamh. |
1.6. |
Ba cheart dul i ngleic le dálaí oibre, intuarthacht gairme, agus rochtain ar phoist ardcháilíochta, comhdheiseanna agus pá leordhóthanach ar bhealach idirdhisciplíneach. Ba cheart gach cineál idirphlé agus comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí a áirithiú, amhail idirphlé sóisialta, idirphlé sibhialta agus comhairliúcháin leis na saoránaigh. |
1.7. |
Molann CESE cur chuige ó bhun aníos, braislí téamacha, líonraí téamacha agus líonraí chun réitigh shaincheaptha agus áitbhunaithe a chur san áireamh, mar aon leis an gcumas chun leas a bhaint as líonraí cathrach agus téamacha atá ann cheana le haghaidh cathracha beaga agus meánmhéide go háirithe. |
1.8. |
D’fhéadfaí ról CESE i rialachas UAEU agus rialachas Chomhaontú Liúibleána a neartú. Ba cheart CESE a bheith ina pháirt freisin den ghrúpa maidir le forbairt uirbeach agus den ghrúpa teicniúil ullmhúcháin um an gclár uirbeach, agus a bheith rannpháirteach i gcruinniú na nArd-Stiúrthóirí maidir le ceisteanna uirbeacha. |
1.9. |
Leis na comhpháirtíochtaí téamacha, d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt chomh maith ar an daonlathas rannpháirteach, ar gheilleagar na folláine i gcathracha agus ar naisc uirbeacha-thuaithe, agus béim ar leith a leagan ar an óige. |
1.10. |
Athdhearbhaíonn CESE an moladh a rinne sé cheana maidir le rúnaíocht thiomanta a bhunú ar mhaithe le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcomhpháirtíochtaí téamacha, chun nasc le beartais uirbeacha ar an leibhéal áitiúil a áirithiú, chun cúnamh teicniúil a áirithiú agus chun cruthú pobal téamach agus malartú na ndea-chleachtas téamach a éascú. Ba cheart é sin a dhéanamh i ndlúthchomhar le Coiste Eorpach na Réigiún. |
2. Cúlra
2.1. |
An 26 Samhain 2021, rinne airí an Aontais atá freagrach as ceisteanna uirbeacha Comhaontú Liúibleána agus a chlár oibre ilbhliantúil a ghlacadh, comhaontú lena gcuirtear tús le céim nua den chlár oibre uirbeach don Aontas Eorpach. Foráiltear sa doiciméad sin do chéimeanna nithiúla chun clár oibre uirbeach AE a athnuachan, agus é mar sprioc chomhchoiteann go mbeidh breis tionchair agus éifeachtúlachta ag baint leis. Déantar an dearbhú polaitiúil a chomhlánú leis an gclár oibre ilbhliantúil, ina leagtar amach na paraiméadair oibríochtúla, an modh oibre agus na céimeanna chun an chéad chéim eile den tionscnamh rialachais agus il-gheallsealbhóra il-leibhéil sin a chur chun feidhme. |
2.2. |
Tá 14 théama tosaíochta UAEU (1) bailí i gcónaí: imircigh agus dídeanaithe a lánpháirtiú; cáilíocht an aeir; an bhochtaineacht uirbeach; tithíocht; an geilleagar ciorclach; poist agus scileanna sa gheilleagar áitiúil, oiriúnú don athrú aeráide (lena n-áirítear réitigh maidir le bonneagar glas); an t-aistriú fuinnimh; talamhúsáid inbhuanaithe agus réitigh dhúlrabhunaithe; soghluaisteacht uirbeach; an t-aistriú digiteach; soláthar poiblí nuálach agus freagrach; cultúr agus oidhreacht chultúrtha; agus slándáil i spásanna poiblí. |
2.3. |
Le Comhaontú Liúibleána, cuirtear na ceithre théama seo a leanas leis an liosta téamaí tosaíochta sin: cathracha comhionannais, bia, glasú na gcathracha, agus an turasóireacht inbhuanaithe. Is ar bhonn próisis chomhchruthaitheacha a cuireadh leis iad, agus iad nasctha le Cairt Nua Leipzig, beartais AE, treochtaí eile atá ag teacht chun cinn san fhorbairt uirbeach, agus riachtanais na gcathracha. |
2.4. |
D’iarr Uachtaránacht inteachta na Seicia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar CESE iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh na hathruithe i gComhaontú nua Liúibleána dul i bhfeidhm ar na comhpháirtíochtaí téamacha nua a chruthú. As na ceithre théama a comhaontaíodh i Liúibleána, déanfar dhá théama díobh a fhorbairt tuilleadh le linn Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh: glasú na gcathracha agus an turasóireacht inbhuanaithe. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Tacaíonn CESE go láidir le ráitis a cuireadh in iúl i gComhaontú Liúibleána maidir leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, agus cuireann sé in iúl gur díol sásaimh dó go háirithe an bhéim láidir ar an gcomhpháirtíocht agus ar chuir chuige il-leibhéil agus il-gheallsealbhóra san fhorbairt uirbeach. |
3.2. |
Ag an am céanna, tacaíonn CESE le leanúint den Chlár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach agus é a fhorbairt tuilleadh, i gcomhréir iomlán le prionsabail na comhréireachta. Chomh maith leis sin, ba cheart prionsabal na breisíochta a bhainistiú go cúramach ar an leibhéal áitiúil. |
3.3. |
Is geal le CESE go dtugtar aitheantas i gComhaontú Liúibleána do thábhacht CESE agus dá ról sa tacaíocht don Chlár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach. Faoi mar a luadh sa chlár oibre ilbhliantúil AE don Chlár Oibre Uirbeach, tá ar chumas CESE ionchur agus tacaíocht a chur ar fáil maidir le críochachas na forbartha, na comhpháirtíochtaí, agus maidir le gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta na forbartha uirbí, agus maidir le beartais uirbeacha an Aontais a scaipeadh, agus tá sé toilteanach an méid sin a dhéanamh. |
3.4. |
Éilíonn na dúshláin maidir le hilchineálacht, castacht agus inbhuanaitheacht a bhaineann le beartais forbartha uirbí cuir chuige il-leibhéil agus il-gheallsealbhóra ina dtugtar tús áite do chomhpháirtíochtaí. Aithnítear i gComhaontú Liúibleána a thábhachtaí atá comhpháirtíochtaí chun eolas a fheabhsú. Ba cheart gníomhaíochtaí agus torthaí follasacha agus inbhuanaithe a mhairfidh níos faide ná na comhpháirtíochtaí féin a bheith mar thoradh ar chomhpháirtíochtaí téamacha. Ba cheart aistriú na dtorthaí chuig réigiúin, cathracha agus earnálacha eile a bheith san áireamh i gcónaí. Ba cheart faireachán a dhéanamh ar dháileadh críochach na ndeiseanna sin. Ba cheart cathracha a spreagadh agus a dhreasachtú chun leas a bhaint as deiseanna forbartha Eorpacha agus chun a bheith gníomhach ar leibhéal an Aontais. |
3.5. |
Is deacair bealach a dhéanamh trí ilchineálacht chathracha agus a gcuid beartas forbartha agus is ceist é nach bhfuil réiteach ginearálta uirthi go fóill sna beartais AE maidir leis an bhforbairt uirbeach. Tá cur chuige saincheaptha ag teastáil ina bhfuil meas ar an gcomhpháirtíocht, ar an tsochaí shibhialta agus ar chomhpháirtithe sóisialta Sna réitigh maidir le straitéisí forbartha ba cheart peirspictíochtaí, saineolais agus disciplíní éagsúla a chur san áireamh. Sa tuairim ó CESE (2) Athbhreithniú ar Chlár Oibre Críochach an Aontais, ar Chairt Leipzig agus ar an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach (níl leagan Gaeilge ann) moltar leas a bhaint as na hionstraimí tacaíochta is iomchuí le haghaidh gach sórt críche ar leith agus an choimhdeacht a urramú ag an am céanna, rud a dhéanfaidh siomptóim na díothachta, na mallréime agus na hiargúltachta a mhaolú i gcás réigiúin atá i mbaol. |
3.6. |
Ba cheart a áirithiú go mbeidh iomaíocht chóir ar fud chathracha den uile chineál agus a bhforbairt inbhuanaithe á maoiniú, is é sin go mbeadh rochtain chomhionann ag cathracha beaga agus meánmhéide ar chistí. Ba cheart prionsabal na hiomaíochta a oiriúnú don chás sin freisin agus ba cheart é a chur san áireamh i gcónaí. |
3.7. |
Gné nua a cuimsíodh i gComhaontú Liúibleána is ea téamaí a mheasúnú ex-ante. Tá sé d'aidhm ag na measúnuithe sin feidhm a bhaint as cur chuige atá pragmatach, éifeachtach agus dírithe ar thorthaí chun go mbeadh tionchar breise ag insoláthairtí UAEU amach anseo. Tabharfar deis leo na critéir roghnaithe le haghaidh comhpháirtithe a shaincheapadh freisin. Tá CESE á mholadh go mbeadh malartú na ndea-chleachtas, lena n-áirítear múnlaí comhpháirtíochta agus comhair, á chur san áireamh i gcónaí ag geallsealbhóirí na mbeartas uirbeach agus sna comhpháirtíochtaí téamacha amach anseo. |
3.8. |
Ba cheart ionstraimí oiriúnúcháin arna maoiniú ag cistí AE agus airgead poiblí a bhunú chun pleananna gníomhaíochta na gcomhpháirtíochtaí téamacha a chur chun feidhme. Ba cheart tacaíocht oiriúnaithe (ionstraimí airgeadais, deontais agus cistí) a bhunú chun a áirithiú go reáchtáiltear próiseas cur chun feidhme na gcomhpháirtíochtaí téamacha ar bhealach éifeachtúil, go háirithe maidir le cabhair le haghaidh cathracha agus eagraíochtaí beaga agus meánmhéide. Ba cheart rochtain chóir a bheith ar an tacaíocht sin freisin, chun a chinntiú nach bhfágfar eagraíochtaí agus cathracha beaga ar lár. |
3.9. |
D’éirigh go maith le hionstraimí, amhail infheistíochtaí críochacha comhtháthaithe agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, agus ba cheart leanúint díobh agus iad a neartú bunaithe ar shásraí cur chun feidhme cobhsaí agus intuartha. Tá CESE den tuairim go bhféadfaí leas a bhaint freisin as cur chuige comhtháthaithe (3) maidir leis an bhféidearthacht go ndéanfaí acmhainní airgeadais poiblí agus príobháideacha a nascadh chun an acmhainneacht a mhéadú agus an riosca a chomhroinnt, ar mhaithe le leas na forbartha críochaí agus uirbí araon, faoi réir rialú daonlathach, rialachas trédhearcach agus na cuntasachta. |
3.10. |
Ba cheart an nuálaíocht a bheith san áireamh i gcónaí nuair atáthar ag dul i ngleic le dúshláin san fhorbairt uirbeach inbhuanaithe. Moltar rochtain ar an nuálaíocht, chomh maith le comhroinnt agus uas-scálú tuairimí nuálacha a chur isteach go trasnach sa bheartas comhtháthaithe le haghaidh 2021-2027, agus i gcomhaontuithe comhpháirtíochta ar leibhéal na mBallstát. Níor cheart neamhchúram a dhéanamh de réitigh nua ábhartha agus nuálacha, go háirithe i bhfearainn amhail Teicneolaíochtaí 4.0, Tionsclaíocht 5.0, nó teicneolaíochtaí Web3, ná sa nuálaíocht shóisialta. Tá ról tábhachtach ag an Tionscnamh Uirbeach Eorpach maidir le fothú acmhainneachta agus tacaíocht nuálach gníomhaíochta. |
3.11. |
Ba cheart réigiúin agus cathracha imeallaithe agus a ndaonraí leochaileacha a bheith ina n-ábhair imní sa beartais forbartha i gcónaí, agus é mar aidhm an caighdeán saoil a fheabhsú do na saoránaigh uile. Ba cheart laghdú na bochtaineachta a bheith ina phríomhthosaíocht freisin. Tá ríthábhacht le rochtain ar oideachas cuimsitheach ar ardchaighdeán agus ar sheirbhísí sóisialta, cúram sláinte agus seirbhísí poiblí eile chun téarnamh iarphaindéime cóir a áirithiú le haghaidh cathracha. Ba cheart, agus comhpháirtíochtaí téamacha á bhforbairt agus á gcur chun feidhme, go dtabharfaí aird ar leith ar ghrúpaí leochaileacha cónaitheoirí cathrach, go háirithe daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh, imircigh, dídeanaithe, agus daoine faoi mhíbhuntáiste sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha, agus grúpaí eile ina measc. Ba cheart a rannpháirtíocht a áirithiú trí fhothú acmhainneachta laistigh den phróiseas. Molann CESE go láidir go dtabharfaí tús áite do chineálacha nua neamhionannais shóisialta, eacnamaíocha, chomhshaoil agus chríochacha a laghdú, agus ina leith sin, ba cheart rannpháirtíocht chothrom agus éagsúil na ngeallsealbhóirí éagsúla a ráthú. |
3.12. |
Sainaithnítear i gComhaontú Liúibleána riachtanais tacaíochta eagraíochtúla agus saineolais, mar aon le roinnt riachtanas tacaíochta i gcás cathracha níos lú. Ón uair gur tionscnamh neamhfhoirmiúil agus deonach atá sa Chlár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, ba cheart do na baill rannchuidiú freisin le tacaíocht a thabhairt do na comhpháirtíochtaí agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme. Tá CESE den tuairim gur cheart, maidir leis an tacaíocht theicniúil a theastaíonn faoi na comhpháirtíochtaí, go gcuirfí a inbhuanaithe a bheidh torthaí críochnaitheacha na gcomhpháirtíochtaí san áireamh. Ba cheart cur chuige neartaithe, comhtháthaithe agus rannpháirteach a bheith san áireamh go leanúnach chomh maith le bailiú agus úsáid sonraí le haghaidh infheistíochtaí fianaisebhunaithe. |
3.13. |
Dá ainneoin sin, beidh sásraí intuartha cur chun feidhme a mbeidh tacaíocht airgeadais acu chun straitéisí Eorpacha a aistriú ina ngníomhaíochtaí nithiúla, agus cistiú iomchuí ar an leibhéal áitiúil ríthábhachtach le haghaidh údaráis áitiúla bheaga agus mheánmhéide agus dá rannpháirtíocht leanúnach i bpróisis UAEU. Ba cheart an prionsabal sin a bhainistiú go cúramach freisin i gcur chun feidhme comhpháirtíochtaí téamacha. |
3.14. |
Cuirtear éagsúlacht uirlisí agus ionstraimí le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe sa tréimhse chlársceidealaithe 2021-2027 ar fáil leis an mbeartas comhtháthaithe. Is é is aidhm do chuspóir beartais 5, “Eoraip atá níos gaire dá saoránaigh”, uirlisí sonracha a fhorbairt chun straitéisí forbartha áitiúla a chur chun feidhme i gcathracha agus i mbailte de gach méid. Méadaíodh ó 5 % go 8 % an cur in áirithe uirbeach íosta ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i ngach Ballstát, lena ndírítear ar thosaíochtaí agus tionscadail a roghnaíonn na cathracha bunaithe ar na straitéisí sin. Ina theannta sin, cruthaíodh an Tionscnamh Uirbeach Eorpach chun tacaíocht níos comhleanúnaí a thairiscint do chathracha. Molann CESE go láidir go scaipfí deiseanna le haghaidh comhpháirtíochtaí téamacha ar an leibhéal áitiúil go leanúnach, agus go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach iontu, lena n-áirítear CESE. Sa todhchaí, d’fhéadfadh cur in áirithe uirbeach a bheith níos airde. |
3.15. |
Mar gheall ar an luaineacht mhéadaithe agus na rioscaí éagsúla atá ann, is den riachtanas é go rannchuideoidh comhpháirtíochtaí téamacha leis an athléimneacht agus an fhreagrúlacht a neartú in aghaidh suaití neamhshiméadracha, amhail géarchéim COVID-19 agus staideanna comhchosúla eile. Tá an cogadh san Úcráin, ar cheart é a cháineadh, ag dul i bhfeidhm ar an bhforbairt uirbeach sna tíortha teorann. Ba cheart comhpháirtíochtaí téamacha a chur in oiriúint chun dul i ngleic le géarchéimeanna gearrthéarmacha, agus iad a cheangal le cuir chuige fhadtéarmacha straitéiseacha. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Tá CESE den tuairim gur cheart leas a bhaint as critéir níos sonraí chun comhpháirtithe na gcomhpháirtíochtaí téamacha a roghnú. Níor cheart neamhshuim a dhéanamh sa phróiseas roghnaithe de dheis na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta bheith rannpháirteach sa phróiseas sin i dteannta údaráis uirbeacha, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí leochaileacha amhail daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh, imircigh, dídeanaithe, agus daoine faoi mhíbhuntáiste sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha, agus grúpaí eile. Ba cheart na heagraíochtaí sin a spreagadh agus a dhreasachtú chun a bheith rannpháirteach i gcomhpháirtíochtaí faoi UAEU. |
4.2. |
Amhail i gcás Chomhaontú Amstardam, táthar á iarraidh ar CESE rannchuidiú, de réir a inniúlachta agus mar gheallsealbhóir de chuid Chomhaontú Amstardam, le UAEU a fhorbairt tuilleadh. Athdhearbhaíodh bailíocht Chomhaontú Amstardam i ndoiciméad cur chun feidhme Chairt Nua Leipzig agus i gComhaontú Liúibleána. Ba cheart ról CESE in UAEU agus i gComhaontú Liúibleána a neartú. Is mórgheallsealbhóir Eorpach é CESE atá freagrach as athróga eacnamaíocha agus sóisialta na mbeartas forbartha, agus tá an cumas, an saineolas agus an dlisteanacht aige chun rannchuidiú le trí cholún Chomhaontú Liúibleána: cistiú níos fearr, rialú níos fearr, agus eolas níos fearr. Ba cheart aitheantas foirmiúil a bheith ag CESE agus ról a bheith á imirt aige i bpríomhchomhlachtaí rialachais chomhaontú Liúibleána, agus é a bheith ina chuid den Ghrúpa Forbartha Uirbeach agus den ghrúpa teicniúil ullmhúcháin um an gclár uirbeach, agus a bheith rannpháirteach i gcruinniú na nArd-Stiúrthóirí maidir le ceisteanna uirbeacha. |
4.3. |
Tá CESE den tuairim gur cheart téamaí amhail an daonlathas rannpháirteach, geilleagair na folláine i gcathracha agus naisc uirbeacha-thuaithe (4) a bheith san áireamh i gcomhpháirtíochtaí téamacha amach anseo, ón uair go bhfuil an méid sin i gcomhréir le coincheap na forbartha críochaí a úsáidtear sa chreat straitéiseach Eorpach. Molann CESE go gcosnófaí nasc soiléir idir an próiseas roghnaithe comhpháirtithe, roghnú téamaí agus na SDGanna, agus na ranníocaíochtaí comhpháirtíochta maidir leis na SDGanna a chur chun feidhme. |
4.4. |
Amach anseo, d’fhéadfaí comhpháirtíochtaí téamacha a eagrú i mbraislí téamacha, i líonraí téamacha atá ann cheana agus i líonraí chun réitigh shaincheaptha agus áitbhunaithe a fhorbairt le haghaidh cathracha. Ba cheart méadú ar an rochtain ar líonraí, go háirithe le haghaidh cathracha beaga agus meánmhéide, a bheith san áireamh. Ba cheart cathracha a bheith i gcroílár chur chuige ó bhun aníos na gcomhpháirtíochtaí téamacha chun sineirge idir staideanna áitiúla agus na comhpháirtíochtaí téamacha atá ar bun a áirithiú. |
4.5. |
Sa phróiseas comhairliúcháin a bheidh in úsáid ag na comhpháirtíochtaí téamacha, ba cheart a áirithiú go gcuirfí gach cineál idirphlé agus comhairliúcháin san áireamh, amhail idirphlé sóisialta, idirphlé leis na saoránaigh agus idirphlé sibhialta, mar aon leis na geallsealbhóirí sibhialta uile, amhail na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na saoránaigh. |
4.6. |
Molann CESE freisin go mbunófaí rúnaíocht le haghaidh comhpháirtíochtaí téamacha leis an gCoimisiún agus geallsealbhóirí ábhartha eile chun tacaíocht a thabhairt do chomhpháirtíochtaí téamacha, chun an nasc le beartais ar an leibhéal áitiúil a áirithiú, chun cúnamh teicniúil a áirithiú, agus chun é a dhéanamh níos éasca pobail théamacha a chruthú agus dea-chleachtais théamacha a mhalartú. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun riarachán éifeachtúil agus comhpháirtíochtaí téamacha éifeachtacha a áirithiú, go háirithe chun na pleananna gníomhaíochta a chur chun feidhme. |
4.7. |
Molann CESE go ndéanfaí an nasc idir UAEU agus an beartas comhtháthaithe a neartú. Ainneoin gur dhá bheartas ar leith iad agus go bhfuil cuspóirí difriúla acu atá leabaithe i gcreataí difriúla, ba cheart sineirgí a bheith ann, go háirithe maidir le raon feidhme an Ardáin um Chomhroinnt Eolais (5) agus gníomhaíochtaí caipitlithe a bheidh le forbairt faoin Tionscnamh Uirbeach Eorpach. D’fhéadfaí gníomhaíocht reatha maidir le cur chun feidhme na gcomhpháirtíochtaí téamacha a lua sna cláir oibríochtúla, sna glaonna difriúla ar thograí, nó i gcritéir na meastóireachtaí tionscadal. Ba cheart torthaí obair na gcomhpháirtíochtaí téamacha a chur san áireamh agus na cláir nua oibríochtúla chomhtháthaithe á bpleanáil. |
4.8. |
Tá gá le níos mó comhleanúnachais agus nasc níos láidre idir beartais uirbeacha a chuirtear chun feidhme go háitiúil agus beartais AE, go háirithe an beartas comhtháthaithe. Chun tacaíocht níos comhleanúnaí do chathracha a chur ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe, beidh uirlisí agus ionstraimí idirnasctha ag teastáil, mar aon le comhar agus comhtháthú idir-earnála agus idirinstitiúideach ar leibhéal straitéiseach agus oibríochtúil. Chomh maith leis sin, ní mór iomaíochas réigiúnach a chur i gcrích trí chomhlántacht idir limistéir uirbeacha agus tuaithe, agus le comhtháthú sóisialta láidir faoin mbeartas comhtháthaithe 2021-2027. |
4.9. |
Is athróga tábhachtacha iad coinníollacha oibre, intuarthacht gairme, agus rochtain ar fhostaíocht, deiseanna ar ardchaighdeán agus ar phá leordhóthanach maidir le cothroime agus cothromas na bpróiseas forbartha uirbeach. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sin ar bhealach idirdhisciplíneach a mhéid a bhaineann le glasú na gcathracha, inbhuanaitheacht na slabhraí soláthair bia, an geilleagar ciorclach agus an turasóireacht inbhuanaithe. Ba cheart infheistíocht i ndaoine a bheith ar phríomhthosaíochtaí na straitéisí forbartha i gcónaí. Tá ríthábhacht le rochtain chothrom agus deiseanna comhionanna, agus an cumas cearta bunúsacha a fheidhmiú chun go mbeidh rath ar chomhpháirtíochtaí téamacha. |
4.10. |
Mar thoradh ar an gcomhchruinniú acmhainní agus riachtanas sna limistéir uirbeacha, ba cheart cur chuige níos indibhidiúla a ghlacadh sa Seimeastar Eorpach maidir le héifeachtacht na mbeartas forbartha uirbí chun nach bhfágfar aon duine ná aon áit ar lár. Ba cheart comhleanúnachas le hionstraimí Eorpacha eile amhail Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a bheith san áireamh i gcónaí. |
4.11. |
Is mó an t-éileamh ar straitéisí agus tionscadail forbartha a mbaineann ardleibhéal castachta leo. Maidir le hinfheistíochtaí den sórt sin, molann CESE go ndéanfadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha acmhainneacht a neartú i ndáil le rannpháirtíocht na saoránach, an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach, an ullmhacht do chásanna éagsúla, an phleanáil straitéiseach agus infheistíochtaí poiblí a chur chun feidhme. Is rud ríthábhachtach é sin le haghaidh forbairt inbhuanaithe rathúil na gcathracha Eorpacha, agus chun na cathracha a atreorú i dtreo na saoránach. Ba cheart cóineasú sonraí ó chomhpháirtíochtaí difriúla agus rochtain ar shonraí trí leas a bhaint as ardáin sonraí oscailte a chur san áireamh, mar aon le ceartas digiteach agus an daonlathas digiteach. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://ec.europa.eu/regional_policy/en/policy/themes/urban-development/agenda
(2) IO C 429, 11.12.2020, lch. 145.
(3) Féach tuairim CESE Athbhreithniú ar Chlár Oibre Críochach an Aontais, ar Chairt Leipzig agus ar an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach, (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 429, 11.12.2020, lch. 145).
(4) Féach an tuairim féintionscnaimh ó CESE I dtreo straitéis iomlánaíoch maidir le forbairt inbhuanaithe tuaithe/uirbeach (IO C 105, 4.3.2022, lch. 49).
(5) https://ec.europa.eu/info/research-and-innovation/strategy/strategy-2020-2024/our-digital-future/era/knowledge-exchange-platform-kep_en.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/88 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus an athléimneacht san Aontas Eorpach: dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta
(Tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Seicia)
(2022/C 486/13)
Rapóirtéir: |
Ioannis VARDAKASTANIS |
Iarraidh ó Uachtaránacht na Seicia ar an gComhairle |
Litir, 26.1.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Tústuairim |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
22.6.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
137/2/5 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Ní mór don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit tús áit ar gach rud eile a thabhairt do rochtain chomhionann ar fhuinneamh agus slándáil an tsoláthair fuinnimh ar chostas inacmhainne a áirithiú. De dheasca an ardaithe thobainn a tháinig ar phraghsanna fuinnimh, tá líon na saoránach agus na dtomhaltóirí Eorpacha atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh ag dul i méid ar fud na hEorpa. Iad siúd a raibh an bhochtaineacht fuinnimh ag bagairt orthu cheana féin, tá siad níos measa as anois, agus na tomhaltóirí nach raibh fadhb acu a gcuid billí fuinnimh a íoc roimhe seo, tá siadsan i mbaol na bochtaineachta. Tá drochthionchar á imirt ar an scéal ar fad ag an teannas geopholaitiúil atá ann faoi láthair, an cogadh san Úcráin agus spleáchas na mBallstát ar allmhairí fuinnimh san áireamh. Ní mór bearta a ghlacadh gan mhoill chun an bhochtaineacht fuinnimh atá ag bagairt ar shaoránaigh agus tomhaltóirí an Aontais a chosc agus aghaidh a thabhairt uirthi. |
1.2. |
Is mian le CESE suntas a thabhairt don tábhacht a thugtar don bhochtaineacht fuinnimh i dtionscnaimh Eorpacha, reachtaíocht agus beartais san áireamh, go háirithe sa pacáiste “Oiriúnach do 55”, i gcur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus sa tionscnamh “Rabharta Athchóiriúcháin”. Tá na bearta sin riachtanach má táthar chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh ar bhonn fadtéarmach agus chun an inbhuanaitheacht a áirithiú. Mar sin féin, is é an t-aon triail a bheidh ann i dtaca le hathléimneacht an Aontais ná an freagra a thabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit féin ar na dúshláin mhóra shóisialta, chomhshaoil, agus eacnamaíocha atá roimh shaoránaigh agus gnólachtaí na hEorpa. |
1.3. |
D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim bochtaineachta fuinnimh atá ann faoi láthair, tá CESE ag iarraidh go mbunófaí comhghuaillíocht pholaitiúil leathan uaillmhianach chun anailís a dhéanamh ar an gceist agus aghaidh a thabhairt uirthi ar bhonn iomlánaíoch, a mbeadh sé mar aidhm léi an leibhéal is ísle is féidir a bhaint amach faoi 2030 agus deireadh iomlán a chur léi ar deireadh thiar thall. Ba cheart iad seo a leanas a bheith sa chomhghuaillíocht: An Coimisiún Eorpach agus an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht sa Choimisiún, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, na Ballstáit, Coiste Eorpach na Réigiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Cúnant na Méaraí, agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta eagraithe, lena n-áirítear ionadaithe ón lucht gnó, eagraíochtaí tomhaltóirí, agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na bpobal is mó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. Ba chearta bearta na comhghuaillíochta a fhorbairt a thuilleadh i straitéis Eorpach i gcoinne bochtaineacht fuinnimh agus ba cheart don Choimisiún a mholadh do na Ballstáit pleananna nó beartais náisiúnta a fhorbairt d’fhonn deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus na hionstraimí beartais agus cistiúcháin go léir á gcomhtháthú agus á ndéanamh comhleanúnach aige ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta. |
1.4. |
I bhfianaise a thábhachtaí atá an cheist seo, tá CESE á mholadh don Aontas cur chuige coiteann a chur chun cinn i leith bochtaineacht fuinnimh, ceann a chothódh comhthuiscint nithiúil ar an rud is bochtaineacht fuinnimh ann agus a d’éascódh bailiú na sonraí staidrimh, agus difríochtaí agus sainiúlachtaí na mBallstát á gcur san áireamh. Tá cur chuige dá leithéid sin ag teastáil freisin d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chúrsaí agus ar thionchar na mbeart arna nglacadh ar fud an Aontais. |
1.5. |
Tá CESE á thabhairt dá aire gur thosaigh an Coimisiún cheana féin ar bhearta práinneacha agus fadtéarmacha a mholadh d’fhonn tomhaltóirí a chosaint agus bochtaineacht fuinnimh a chomhrac, cuir i gcás an Moladh ón gCoimisiún maidir le bochtaineacht fuinnimh, bosca uirlisí praghsanna fuinnimh an Choimisiúin, an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Plean REPowerEU, agus an Togra le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú. Cé gur féidir go mbeidh bearta na mBallstát ag brath ar shainiúlachtaí náisiúnta agus áitiúla, tá sé riachtanach ó thaobh athléimneacht an Aontais de go gcuirfidh na Ballstáit réimse beart i bhfeidhm in aimsir éigeandála (cuir i gcás tacaíocht airgeadais dhíreach agus beartais shóisialta, agus dreasachtaí agus cúnamh chun ídiú fuinnimh a laghdú) d’fhonn drochthionchar na n-arduithe praghais ar na tomhaltóirí agus na gnólachtaí is leochailí a mhaolú. |
1.6. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh cóir agus éifeachtúil má táthar chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú ar bhonn fadtéarmach. Chuige sin, ní mór a áirithiú go n-infheisteofar an cistiúchán atá ar fáil san fhuinneamh in-athnuaite agus san éifeachtúlacht fuinnimh, agus go n-athchóireofar foirgnimh ar bhonn mórscála ar bhealach a thacóidh leis na grúpaí is lú ioncam, ach a chinntiú go mbeidh airgead ag an dream atá leochaileach chun infheistíocht a dhéanamh san éifeachtúlacht fuinnimh agus tús áite a thabhairt san athchóiriú do na foirgnimh is measa feidhmíocht. Ba cheart don Choimisiún dlúthchomhar a dhéanamh leis na Ballstáit chun a mheas an leordhóthanach an buiséad atá ar fáil chun freastal a dhéanamh ar riachtanais agus éilimh na mBallstát agus ar na roghanna atá ann chun tacaíocht bhreise a thabhairt dóibh. |
1.7. |
Ós rud é gurb í an bhochtaineacht ghinearálta is bunús leis an mbochtaineacht fuinnimh, ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit béim a leagan i gcónaí ar an mbochtaineacht ina hiomláine a laghdú freisin. Cuireann an ghéarchéim atá anois ann i gcuimhne go bhfuil gá i gcónaí le feabhas a chur ar an rochtain ar fhostaíocht, agus leis an gcuimsiú sóisialta agus caighdeáin mhaithe mhaireachtála a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus scoite, agus gur gá tacú i gcónaí freisin leis na Ballstáit fás eacnamaíoch a dhéanamh. |
1.8. |
Ní mór don Aontas agus do na Ballstáit a áirithiú gur ann do thimpeallacht san Eoraip a éascaíonn an infheistíocht san fhuinneamh saor ó charbón agus san fhuinneamh ísealcharbóin. Lena chois sin, beidh ról tábhachtach ag an athsciliú agus an t-uas-sciliú ó thaobh an aistrithe ghlais, an rabharta athchóiriúcháin, agus na héifeachtúlachta fuinnimh de. I measc na mbeart tairbheach eile a d’fhéadfaí a dhéanamh, d’fhéadfaí oideachas, comhairle, agus comhairliúchán i dtaca leis an bhfuinneamh a chur ar fáil ar bhonn forleathan ar phraghas réasúnta ar an leibhéal áitiúil (cuir i gcás, in ionaid ilfhreastail). |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Is údar imní atá ag dul in olcas do shaoránaigh agus gnólachtaí an Aontais í an bhochtaineacht fuinnimh. In 2020, dúirt 8 % de phobal an Aontais nach raibh siad in ann an teach a choinneáil te go leor (1) Is dócha gur tháinig méadú ar an gcéatadán sin idir an dá linn, ós rud é gur tháinig ardú tobann ar phraghsanna fuinnimh ó lár 2021. I mí an Mhárta 2022, bhí an ráta boilscithe bliantúil fuinnimh san Aontas chomh hard le 40,2 %, agus ba é 99,6 % an ráta athraithe bliantúil ab airde agus 0 % an ráta ab ísle ó thaobh praghsanna fuinnimh de (2). Imríonn an teannas geopholaitiúil tionchar ar phraghsanna fuinnimh freisin, an cogadh san Úcráin agus spleáchas na mBallstát ar allmhairí fuinnimh san áireamh (3). Leis an meascán de phraghsanna níos airde fuinneamh, iompar agus bia, is in olcas atá an brú ag dul ar na tomhaltóirí go léir, go háirithe i gcás na dteaghlach a mbíonn ráta ard bochtaineachta fuinnimh ag baint dóibh. Mar sin, is dúshlán mór a bhfuil tionchar suntasach sóisialta aige an bhochtaineacht fuinnimh i gcónaí. Is cúram ar gá don Aontas agus na Ballstáit aghaidh a thabhairt air ar bhonn práinne saoránaigh leochaileacha a fhuascailt uaithi. |
2.2. |
Is toradh tosca éagsúla an bhochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear ioncam íseal, foirgnimh agus fearais neamhéifeachtúla, easpa eolais faoi dhreasachtaí chun ídiú fuinnimh a laghdú nó easpa rochtana ar na dreasachtaí céanna. Cuireann praghsanna arda fuinnimh isteach ar shaoránaigh agus gnólachtaí freisin, óir cuireann siad leis na billí fóntais, rud a fhágann micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide i gcontúirt (4) agus i mbaol na féimheachta agus d’fhéadfadh daoine a bpost a chailleadh dá bharr, rud a chuirfeadh leis an mbochtaineacht. Déantar difear suntasach do mhicrifhiontair leochaileacha freisin, de dheasca an tionchair a imrítear ar praghsanna ó cuireadh foirgnimh san áireamh i raon feidhme Threoir 2003/87/CE agus níl sé d’acmhainn acu athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh a bhfuil siad lonnaithe iontu. Tá tionchar iarmhartach ag an ardú tobann ar phraghsanna fuinnimh agus fágann sé go mbíonn praghas níos airde ar an uile chineál earraí agus seirbhísí. Tá an Eoraip i mbaol an mharbh-bhoilscithe, an fháis eacnamaíoch ísil, agus an bhoilscithe aird, rudaí eile ar cúiseanna leis an mbochtaineacht iad (5). |
2.3. |
Is iad na hEorpaigh ar ioncam íseal is mó atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh, cuir i gcás na hoibrithe is boichte, pinsinéirí ar ioncam íseal, mic léinn, daoine fásta óga, teaghlaigh a bhfuil an-chuid leanaí acu, agus tuismitheoirí aonair, agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste a bhfuil rátaí ard bochtaineachta ag baint dóibh cheana féin freisin, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta, imircigh agus daoine den phobal Romach. Is iad na mná is mó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh agus na dtionchar a ngabhann léi óir is ísle an tuarastal a fhaigheann siad, ar an meán, agus bíonn siad ag brath níos mó ar an téamh agus an fuarú baile ós rud é gur mó an t-am a chaitheann siad sa teach mar gheall ar dhualgais chúraim. De bhreis air sin, is fadhb níos mó an bhochtaineacht fuinnimh, ar an meán, do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sna Ballstáit in oirthear na hEorpa agus ina deisceart (6). |
2.4. |
Is gealltanas tábhachtach de chuid an Aontais agus na mBallstát é rochtain a áirithiú ar fhuinneamh glan inacmhainne do shaoránaigh uile an Aontais. I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, áirítear an fuinneamh ar cheann de na seirbhísí riachtanacha a bhfuil gach duine i dteideal a rochtana (prionsabal 20). Ar cheann de na cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 7) tá rochtain do chách ar fhuinneamh nua-aimseartha inbhuanaithe inacmhainne ar ar féidir brath. Is seirbhísí riachtanacha fuinnimh is cloch bhoinn faoi chaighdeán maith maireachtála agus sláinte teas, fuarú agus soilsiú leormhaith agus an fuinneamh chun cumhacht a thabhairt d’fhearais leictreacha. Tá an rochtain ar sheirbhísí fuinnimh riachtanach freisin ó thaobh an chuimsithe shóisialta de. Gach rud san áireamh, is féidir borradh a chur faoin bhfás agus an rath eacnamaíoch san Aontas ach aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh agus na buntáistí éagsúla a ghabhfadh leis sin a chur chun tairbhe. |
2.5. |
Le deich mbliana anuas, chuaigh an tAontas i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh le doiciméid éagsúla dlí agus bheartais, cuir i gcás an Tríú Pacáiste Fuinnimh (2009-2014), an Straitéis don Aontas Fuinnimh (2015), agus an pacáiste reachtach “Fuinneamh Glan do gach Eorpach” (2019) a ceapadh chun aistriú fuinnimh cóir a éascú. Is cuid thábhachtach é de thionscnaimh a tháinig chun cinn le déanaí freisin, cuir i gcás an Comhaontú Glas don Eoraip, an tionscnamh “Rabharta Athchóiriúcháin” agus an pacáiste “Oiriúnach do 55”. Cuirtear an bhochtaineacht fuinnimh san áireamh i gcuid de na moltaí sa phacáiste “Oiriúnach do 55”, cuir i gcás an togra le haghaidh Ciste Aeráide Sóisialta nua, rud ba cheart go maolódh sé drochthionchar sóisialta phraghas carbóin an iompair agus na bhfoirgneamh atá beartaithe, agus an togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, ina moltar sainmhíniú ar an rud is bochtaineacht fuinnimh ann (7). Is ann freisin sa phacáiste do thogra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, ina leagtar síos treoir ar leith do na Ballstáit maidir leis an gcaoi ar cheart aghaidh a thabhairt ar ghnéithe ábhartha fostaíochta agus sóisialta den aistriú glas, rudaí atá an-ábhartha anois i bhfianaise an dlúis atá á chur leis an aistriú de dheasca an ardaithe a tháinig ar phraghsanna fuinnimh agus i bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil. |
2.6. |
Ghlac an Coimisiún Eorpach in 2020 le Moladh maidir le bochtaineacht fuinnimh, inar cuireadh treoir ar fáil maidir le táscairí iomchuí chun bochtaineacht fuinnimh a thomhas agus chun “líon suntasach na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh” a shainiú. Cabhair atá sa Mholadh ón gCoimisiún freisin i dtaca leis an dea-chleachtas a roinnt ó Bhallstát go Ballstát agus sainaithnítear ann an tacaíocht atá ar fáil ar leibhéal an Aontais i bhfoirm meascán d’fhoinsí cistiúcháin a chuireann ar chumas na n-údarás náisiúnta, réigiúnach, agus áitiúil a n-acmhainní airgeadais a chur chun lántairbhe, lena n-áirítear deontais agus athchóiriú fóirdheontais chun teorainn a chur leis an réamhinfheistíocht. Ar na tionscnaimh thábhachtacha eile atá ann, tá an tacaíocht a thugann an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht le haghaidh tionscadail áitiúla, agus an chéad bhliain dó tacaíocht theicniúil a thabhairt ar bun anois, bosca uirlisí na bpraghsanna fuinnimh a chabhraíonn leis na Ballstáit uirlisí iomchuí a úsáid chun tacú le saoránaigh agus gnólachtaí déileáil le praghsanna arda fuinnimh, an tacaíocht do theaghlaigh agus gnólachtaí leochaileacha ar cuireadh síneadh léi faoin bPlean REPowerEU (8), agus an Grúpa Comhordúcháin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha a bunaíodh le déanaí (9). |
2.7. |
Mar sin féin, ní mór do CESE a chur in iúl nach leordhóthanach na tionscnaimh a thíolaic an Coimisiún go dtí seo chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim atá ann i láthair na huaire atá ag cur isteach ar líon níos mó custaiméirí lá i ndiaidh lae, ach amháin má dhéantar iad a chur chun feidhme gan mhoill, má thugann na Ballstáit gealltanais láidre, agus má dhéanann siad bearta nithiúla, lena n-áirítear cur chuige coiteann d’fhonn bochtaineacht fuinnimh a thuiscint agus aghaidh a thabhairt uirthi ar leibhéal an Aontais, cur chuige a bhféadfadh sainmhíniú coiteann a bheith ina thoradh air, ach é a fhágáil faoin mBallstát féin réitigh shaincheaptha a aimsiú dá gcás féin. |
3. Aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh ar bhonn iomlánaíoch: gairm ar chomhghuaillíocht agus straitéis pholaitiúil i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh
3.1. |
Ós rud é gur toradh í an bhochtaineacht fuinnimh ar thosca sóisialta, comhshaoil, eacnamaíocha agus geopholaitiúla, tá cur chuige iomlánaíoch ag teastáil ina leith, lena n-áirítear anailís dhomhanda ar an gceist agus rannpháirt geallsealbhóirí éagsúla, ó thomhaltóirí, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus gnólachtaí, go dtí údaráis Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha, agus áitiúla. Chun na críche sin, tá CESE ag iarraidh go mbunófaí comhghuaillíocht pholaitiúil leathan uaillmhianach. Ba cheart iad seo a leanas a bheith sa chomhghuaillíocht: An Coimisiún Eorpach agus an Mol Comhairleach maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht sa Choimisiún, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, na Ballstáit, Coiste Eorpach na Réigiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Cúnant na Méaraí, agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta eagraithe, lena n-áirítear ionadaithe ón lucht gnó, eagraíochtaí tomhaltóirí, agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann na bpobal is mó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. |
3.2. |
Ba cheart do na Ballstáit a bheith i dteagmháil go leanúnach le tomhaltóirí agus údaráis áitiúla agus bhardasacha atá ag obair ar an tsaincheist. Is minic gurb iad na bailte, na cathracha, agus na réigiúin is fearr is féidir na teaghlaigh atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh a aithint ag céim luath agus, dá bhrí sin, gurb iad is fearr is féidir dul i ngleic leis an bhfadhb ar an mbonn is éifeachtaí. Is féidir le gnólachtaí áitiúla agus náisiúnta a bheith ina ngníomhaithe tábhachtacha freisin, mar aon le húdaráis náisiúnta agus áitiúla (lena n-áirítear bardais agus seirbhísí bardasacha) (10), i dtaca leis na gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo bochtaineacht fuinnimh a laghdú, agus cabhrú leis an Rabharta Athchóirithe san áireamh. Ós rud é gur lú seans go mbeadh tomhaltóirí leochaileacha in ann a bpatrúin tomhaltais a oiriúnú go tapa, ba cheart dul i gcomhairle leo agus iad a dhéanamh páirteach ar gach leibhéal. Tá sé ríthábhachtach an taithí atá acu agus a ndearcthaí iompraíochta a chur san áireamh agus bearta á gceapadh agus á gcur chun feidhme. |
3.3. |
Tá ról lárnach ag eagraíochtaí sochaí sibhialta i dtaca le hidirphlé a éascú idir saoránaigh, gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí, agus lucht déanta na gcinntí. I bhfianaise an tsaineolais atá acu agus na líonraí atá ar an láthair, ní mór rannpháirt a bheith ag eagraíochtaí sochaí sibhialta i bhforbairt na mbeart chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear i dtaca le straitéisí d’fhonn deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh a cheapadh, a chur chun feidhme, agus faireachán a dhéanamh orthu. |
3.4. |
Tá CESE á mholadh go bhforbródh an chomhghuaillíocht straitéis Eorpach i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh arna iarraidh sin ag an gCoimisiún. Ba cheart an straitéis a bhunú ar an gceart chun fuinnimh a aithint, agus spriocanna uaillmhianacha ach réadúla a leagan síos i dtaca leis na cuspóirí a leagtar amach de réir phlean gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus díriú ar dheireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh ar bhonn fadtéarmach. Ba cheart bearta fuinnimh agus bearta nach mbaineann leis an bhfuinneamh a bheith sa straitéis, chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na bochtaineachta fuinnimh, agus chun drochdhálaí na dtomhaltóirí atá fuinneamhbhocht nó leochaileach a mhaolú. Tá straitéis dá leithéid riachtanach freisin lena áirithiú go gceapfar agus go gcuirfear chun feidhme an t-aistiú aeráide agus an t-aistriú fuinnimh ar bhonn cóir cothrom cuimsitheach nach bhfágfaidh aon duine ar an trá fholamh. Mar chuid den straitéis, d’fhéadfaí cruinniú bliantúil a reáchtáil (d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus feasacht a mhúscailt i dtaca leis na gníomhaíochtaí comhpháirteacha), ceangaltais a bheith ann maidir le hidirphlé struchtúrtha rialta agus feasacht a mhúscailt leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha uile, agus dreasachtaí breise a chruthú maidir le hinfheistíocht a dhéanamh sna haistrithe fuinnimh. D’fhéadfaí cur le ról an Mhol Comhairligh maidir leis an bhFuinneamhbhochtaineacht i dtaca le cur chun feidhme na straitéise agus le faireachán a dhéanamh uirthi. |
3.5. |
San am céanna, ní mór don Choimisiún Eorpach, an Chomhairle, an Pharlaimint, agus, ar an leibhéal náisiúnta, na Ballstáit a áirithiú i gcónaí go bhfuil aghaidh á tabhairt go leordhóthanach ar an mbochtaineacht fuinnimh ag na tionscnaimh reachtacha agus bheartais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. Ba cheart déanamh amhlaidh, cuir i gcás, i rith chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an tionscnaimh “Rabharta Athchóiriúcháin”, trí athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn na bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar na straitéisí fadtéarmacha athchóirithe fuinnimh, tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn sin, agus béim níos mó a leagan ar an mbochtaineacht fuinnimh i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. Is deiseanna tábhachtacha a thuilleadh a dhéanamh i dtaca leis an mbochtaineacht fuinnimh na tionscnaimh agus athbhreithnithe reachtacha, cuir i gcás na hathbhreithnithe a bheidh á dhéanamh ar an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh, an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite, agus an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, de bhreis ar an togra le haghaidh Ciste Aeráide Sóisialta. De bhreis air sin, ní mór don Aontas Eorpach a áirithiú go dtabharfar aird ar leith sna tionscnaimh nua go léir chun fuinneamh inbhuanaithe slán inacmhainne a sholáthar ar an tionchar a imreofar ar na tomhaltóirí is leochailí ionas gur féidir tionchar na bpraghsanna arda fuinnimh a mhaolú. Áirítear leis sin na tionscnaimh le haghaidh geilleagar ísealcharbóin agus na tionscnaimh chun deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar bhreosla iontaise na Rúise, cuir i gcás an Teachtaireacht maidir le Plean REPowerEU. |
3.6. |
Ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a spreagadh chun pleananna nó beartais náisiúnta a fhorbairt d’fhonn deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh, agus na hionstraimí beartais agus cistiúcháin go léir á gcomhtháthú agus á ndéanamh comhleanúnach aige ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit a léirigh easpa tiomantais i dtaobh aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh sna pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide atá acu dlús a chur lena n-iarrachtaí trí bhíthin creata soiléire faireacháin agus meastóireachta. Tá sé riachtanach tuairisciú cruinn feabhsaithe a dhéanamh, ós rud é gur beag fianaise ardchaighdeáin atá ar fáil i dtaca leis an gcaoi ar cheart bochtaineacht fuinnimh a thomhas agus faireachán a dhéanamh uirthi. |
4. An bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac trí bhearta a ghlacadh láithreach bonn agus ar bhonn fadtéarmach d’fhonn an fhadhb a thomhas agus tomhaltóirí a chosaint
4.1. |
Tá CESE ag tathant ar an Aontas cur chuige coiteann a chur chun cinn chun tuiscint a fháil ar an mbochtaineacht fuinnimh agus aghaidh a thabhairt uirthi ar an leibhéal Eorpach, ceann a bhféadfadh sainmhíniú coiteann a bheith ina thoradh air. Is é an chaoi gur féidir le gach Ballstát a chritéir féin a leagan síos chun bochtaineacht fuinnimh a shainiú agus d’fhéadfadh sé, d’uireasa cur chuige coiteann, go gcuirfí bac ar chumas an Choimisiúin cúrsaí a mheas i gceart agus go gcuirfí cosc ar na Ballstáit teacht ar chomhthuiscint ar an tsaincheist nó freagairt a chomhordú. Túsphointe is ea an sainmhíniú arna chur ar fáil sa togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus na táscairí a bhunaigh an Fhaireachlann Eorpach um Bochtaineacht Fuinnimh (11) cheana féin. I bhfianaise a phráinní atá an cheist, tá CESE den bharúil nach mór don Choimisiún agus do na Ballstáit cur chuige coiteann a chur chun cinn lena n-éascófaí tuiscint nithiúil choiteann ar an mbochtaineacht fuinnimh agus bailiú na sonraí staidrimh (12). |
4.2. |
I mbosca uirlisí praghsanna fuinnimh an Choimisiúin, moladh bearta éagsúla a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhéanamh láithreach bonn chun costais fuinnimh na dtomhaltóirí a mhaolú, cuir i gcás caidhpeanna praghais, buntáistí cánach, agus fóirdheontais do thomhaltóirí agus gnólachtaí, de bhreis ar bhearta sóisialta, cuir i gcás íocaíochtaí sóisialta agus iarchur sealadach íocaíochtaí billí fuinnimh, agus cás agus riachtanais daoine leochaileacha á gcur san áireamh, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, tuismitheoirí aonair, agus teaghlaigh a bhfuil an-chuid leanaí acu. Faoi mhí Feabhra 2022, bhí an-chuid de na bearta a moladh sa bhosca uirlisí glactha ag Ballstáit éagsúla. Cuir i gcás, d’aistrigh 18 mBallstát airgead chuig grúpaí leochaileacha agus laghdaigh 11 Bhallstát an cháin fuinnimh (13) I bhfianaise na gcúinsí difriúla atá ann ó Bhallstát go Ballstát (agus laistigh de gach aon réigiún ar leith) agus na mbeart arna nglacadh, tá éagsúlacht ann i dtaca le líon na saoránach Eorpach atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh ar fud an Aontais. |
4.3. |
Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit leanúint de bhearta a dhéanamh láithreach bonn de réir mar is gá chun tomhaltóirí a chosaint ar tomhaltóirí iad a bhfuil an bhochtaineacht fuinnimh ag baint dóibh nó atá ina baol, agus riachtanais agus sainiúlachtaí náisiúnta, réigiúnacha, agus áitiúla á gcur san áireamh. Cé nach ann do réiteach a oireann do gach cás, óir tá éagsúlacht mhór ann ó thaobh praghsanna de ar fud na hEorpa ós rud é, i measc nithe eile nach iad, go ndéanann na Ballstáit idirghabháil sna margaí ar bhealach an-difriúil sa lá atá inniu ann (mar shampla, cánacha agus dleachtanna, díolúintí nó ualaí is minic nach n-imríonn tionchar ach ar thomhaltóirí áirithe) (14), ní mór do na Ballstáit a áirithiú nach bhfágfar na daoine is leochailí gan tacaíocht. Ba cheart tacaíocht airgeadais dhíreach agus beartais shóisialta a bheith i bhfeidhm d’fhonn drochthionchar na n-arduithe ar phraghsanna a mhaolú i gcás na ngrúpaí is leochailí. |
4.4. |
Ní mór gur tacaíocht spriocdhírithe a bheidh sa tacaíocht a thabharfar dóibh siúd atá i ngátar, in áit tacaíocht uilechoiteann. Ní mór an ghné shóisialta a léiriú sa tacaíocht sin agus ní mór nach gcuirfidh sí bac ar an aistriú glas. D’fhéadfaí cuimhneamh ar dheontas a mbeadh teorainn ama leis (mar shampla, le haghaidh an chéad 300 kWh leictreachais in aghaidh an duine agus an teaghlaigh) suas go dtí teorainn ioncaim a bheadh le sainiú. Ba cheart cúnamh díreach a dheonú freisin, faoi bhun uasteorainn ioncaim a bheadh le sainiú, ar choinníoll nárbh ann do réiteach malartach inacmhainne sa chás lena mbaineann (15). |
4.5. |
De bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit cur leis na dreasachtaí do thomhaltóirí ar mhaithe lena n-ídiú leictreachais a laghdú agus ar mhaithe le hathchóiriú cliste inbhuanaithe a dhéanamh, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, agus áitiúil d’fhonn éifeachtúlacht fuinnimh a áirithiú agus na billí leictreachais a laghdú. Ba cheart don Choimisiún bearta dá leithéid sin a chur chun cinn. Ba cheart breathnú ar na bearta sin mar bhearta breise sa mhéid nach féidir iad a chur in ionad tacaíocht airgeadais agus tacaíocht shóisialta nach mór a bheith ina líontán sábhála láithreach bonn i gcás ina bhfuil tomhaltóirí thíos go mór leis an luaineacht praghsanna ar feadh tamaillín. |
4.6. |
I measc na mbeart tairbheach eile a d’fhéadfaí a dhéanamh, d’fhéadfaí oideachas, comhairle, agus comhairliúchán i dtaca leis an bhfuinneamh a chur ar fáil ar bhonn forleathan ar phraghas réasúnta ar an leibhéal áitiúil (cuir i gcás, in ionaid ilfhreastail) agus le tacaíocht fóirdheontas. D’fhéadfadh sé go mbeadh bearta amhail pasanna athchóirithe foirgneamh (16), pasanna fuinnimh, agus méadair chliste ina gcabhair do thomhaltóirí le linn an phróisis, úinéirí foirgneamh agus cíosaithe san áireamh. Ní mór an chomhairle faoi chúrsaí fuinnimh a chur in oiriúint do riachtanais na dtomhaltóirí, óir is cás ar leith cás gach tomhaltóra. Ba cheart eagraíochtaí tomhaltóirí agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha go háirithe a bheith páirteach sa phróiseas lena bhforbrófar na bearta agus lean gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas. |
4.7. |
Ós rud é gurb í an bhochtaineacht ghinearálta is bunús leis an mbochtaineacht fuinnimh, ní mór don Choimisiún agus do na Ballstáit díriú ar an mbochtaineacht a laghdú ina hiomláine, agus aird á tabhairt ar an gcuid den phobal atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh cheana féin agus orthu siúd atá i mbaol na bochtaineachta de dheasca nach bhfuil sé d’acmhainn acu praghsanna fuinnimh níos airde a íoc. Cuireann an ghéarchéim atá anois ann i gcuimhne go bhfuil gá i gcónaí le feabhas a chur ar an rochtain ar fhostaíocht, agus leis an gcuimsiú sóisialta agus caighdeáin mhaithe mhaireachtála a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus scoite, agus gur gá tacú i gcónaí freisin leis na Ballstáit fás eacnamaíoch a dhéanamh ar bhonn níos ginearálta. Tá dearcadh úr ag teastáil má táthar chun bonneagar níos fearr a chur ar fáil le haghaidh an phobail i gcoitinne, seirbhísí riachtanacha agus iompair. Ba cheart tacú leis an bhfostaíocht agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), go háirithe i gceantair thuaithe atá faoi bhuntáiste. |
4.8. |
Is féidir go mbeidh de thoradh ar phróisis phiarmheasúnaithe sna Ballstáit agus ar dhea-chleachtas a roinnt go dtiocfaidh tionscadail rathúla chun cinn san earnáil shóisialta agus in earnáil an fhuinnimh araon, cinn ar féidir leo scaipeadh ar fud an Aontais. Ina measc siúd, tá tionscadail i réimsí na héifeachtúlachta fuinnimh, na litearthachta fuinnimh, agus an fhuinnimh ghlain (d’fhonn foinsí in-athnuaite a chur ar dáil do dhaoine), agus, de bhreis air sin, bearta sóisialta lena bhféadfaí na billí leictreachais agus an bhochtaineacht ina hiomláine a laghdú. |
5. Aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh trí infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh cóir agus éifeachtúil
5.1. |
Is mian le CESE a chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh cóir agus éifeachtúil má táthar chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú ar bhonn fadtéarmach. Is gá infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt an fhuinnimh ghlain in-athnuaite agus in athchóiriú mórscála na bhfoirgneamh san Aontas, i bhfianaise na tearcinfheistíochta struchtúraí fadtéarmaí a rinneadh sa réimse sin agus i bhfianaise na n-iarmhairtí aeráide, comhshaoil, eacnamaíocha, agus sóisialta lena mbaineann. Imreoidh an infheistíocht sin tionchar dearfach breise ar an ngeilleagar freisin, ó thaobh cruthú post agus nuálaíochta de, agus, dá bhrí sin, rachaidh sé chun tairbhe do shaoránaigh an Aontais ar bhonn gearrthéarmach, meántéarmach, agus fadtéarmach. |
5.2. |
Is díol sásaimh do CESE an togra maidir le Ciste Aeráide Sóisialta de chuid an Aontais a chruthú d’fhonn dul i ngleic leis na dúshláin shóisialta agus dáileacháin a bhaineann leis an aistriú glas (rud atá riachtanach má táthar chun an t-athrú aeráide a chomhrac), agus d’fhonn bearta a dhreasú chun iarmhairtí sóisialta na trádála astaíochtaí le haghaidh earnálacha na bhfoirgneamh agus an iompair de bhóthar a mhaolú. Mar sin féin, is mian le CESE a chur in iúl gur féidir nach mbeidh an ciste sin leordhóthanach le freastal ar na héilimh éifeachtúlachta fuinnimh agus aistrithe go léir, agus go bhféadfaí an ciste a threisiú le hidirghábhálacha ábhartha faoi chuimsiú comhaontuithe comhpháirtíochta náisiúnta agus pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. |
5.3. |
Is féidir an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú ach infheistíochtaí a éascú agus maoiniúchán a dhíriú ar an bhfuinneamh in-athnuaite. Ba cheart don Choimisiún obair a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun a mheas an leordhóthanach an buiséad atá ar fáil chun freastal a dhéanamh ar na riachtanais agus na héilimh atá ann agus ar na roghanna atá ann chun tacaíocht bhreise a thabhairt do na Ballstáit (mar shampla, an togra a dtacaíonn comhaltaí éagsúla de Pharlaimint na hEorpa (17) agus CESE leis, le haghaidh Ciste Aeráide Sóisialta nua a d’fhéadfaí a úsáid chun cur le cumas an Aontais tacú leis na Ballstáit freagairt go tapa d’éigeandálaí aeráide, comhshaoil, agus fuinnimh). Ba cheart dó an téarnamh eacnamaíoch a chur san áireamh, mar aon leis an ngá atá le forbairt inbhuanaithe an airgeadais phoiblí a chosaint sna Ballstáit agus san Aontas. |
5.4. |
Ba cheart leanúint freisin de leas a bhaint as an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus ionstraim théarnaimh NextGenerationEU chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh sa tréimhse i ndiaidh COVID-19. Tá CESE á thabhairt dá aire gur fhág ionradh na Rúise ar an Úcráin gur cuireadh leis an ngéarghá atá ag an Aontas le haistriú tapa chuig fuinneamh glan a áirithiú d’fhonn a bheith neamhspleách ar allmhairiú na mbreoslaí iontaise, d’fhonn athléimneacht an chórais fuinnimh a mhéadú, agus d’fhonn rochtain chothrom agus éifeachtúil ar fhuinneamh a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais, agus spriocanna aeráide an Aontais á mbaint amach. Is mian le CESE a chur in iúl nár cheart go bhfágfadh an cogadh san Úcráin agus an comhthéacs geopholaitiúil atá ann faoi láthair go ndéanfadh an tAontas faillí sa mhisean atá aige spriocanna sóisialta agus comhshaoil a bhaint amach, ar spriocanna iad a bheidh ina mbunchloch ar ar féidir neart eacnamaíoch a thógáil ar bhonn fadtéarmach. |
5.5. |
Ní mór don Aontas agus na Ballstáit a áirithiú go dtacóidh na cistí atá ar fáil le hinfheistíochtaí mórscála san fhuinneamh in-athnuaite agus san éifeachtúlacht fuinnimh, in athchóiriú na bhfoirgneamh, i bhfóirdheontais inslithe tithíochta, agus sa tithíocht shóisialta inacmhainne fuinneamhéifeachtúil, mar aon le tionscadail tithíochta pobail. Is léir go bhfuil gá le lear mór infheistíocht phríobháideach. Chuige sin, tá gá le timpeallacht tharraingteach rialála agus infheistíochta. Ba cheart do na Ballstáit, agus iad ag obair le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, tús áite a thabhairt don athchóiriú domhain a mbeadh coigilteas fuinnimh os cionn 60 % ina thoradh air (18), agus tacú le forbairt lucht saothair oilte. |
5.6. |
Leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an Sásra um Aistriú Cóir, d’fhéadfaí acmhainní a chur ar fáil do na réigiúin agus na pobail is mó a bheidh thíos leis an aistriú chuig fuinneamh glan. Ba cheart don Choimisiún Eorpach freisin leanúint de thionscadail um an mbochtaineacht fuinnimh a chistiú faoi chuimsiú an chláir Fís Eorpach agus an fhochláir don Aistriú chuig Fuinneamh Glan de chuid chlár LIFE. Cuir i gcás, d’fhéadfaí cistiúchán taighde an chláir Fís Eorpach a úsáid chun gléasanna agus teicneolaíocht inacmhainne a fhorbairt a d’fhéadfaí a úsáid chun ídiú fuinnimh teaghlaigh a laghdú. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, trí bhíthin chistí an Aontais, fiontair agus cuideachtaí príobháideacha a spreagadh chun nuálaíochtaí agus na teicneolaíochtaí iomchuí a fhorbairt le haghaidh na héifeachtúlachta fuinnimh. |
5.7. |
Lena chois sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear straitéis an “rabharta athchóiriúcháin” chun feidhme ar bhealach lena dtacófar leis na grúpaí is lú ioncam, trína chinntiú go mbeidh an t-airgead ag na daoine leochaileacha chun infheistíocht a dhéanamh san éifeachtúlacht fuinnimh, agus tús áite á thabhairt do na foirgnimh is measa feidhmíocht agus, dá thoradh sin, aghaidh á tabhairt ar an eisiamh tithíochta. Ba cheart méadú suntasach ar chistiúchán an Aontais a chur ar fáil, go háirithe do ghníomhaithe ar an láthair, le haghaidh athchóirithe foirgneamh agus táirgeadh díláraithe an fhuinnimh in-athnuaite. Ba cheart gurbh iad na faighteoirí a bheidh tús áite acu na teaghlaigh leochaileacha atá thíos leis an mbochtaineacht cheana féin nó atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh. Chuige sin, ní mór cistiúchán leordhóthanach a sholáthar faoi chuimsiú an Chiste Aeráide Shóisialta chun síneadh na Scéime Trádála Astaíochtaí a chúiteamh. De bhreis air sin, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur leis an infheistíocht san fhuinneamh in-athnuaite agus san éifeachtúlacht fuinnimh. Cuir i gcás, ós rud é nach bhfuil costais athraitheacha ar bith, beagnach, ag baint le fuinneamh in-athnuaite amhail fuinneamh gaoithe agus grianfhuinneamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh praghsanna margaidh mórdhíola ní b’ísle ann dá bharr. (19) |
5.8. |
Beidh ról tábhachtach ag an athsciliú agus an t-uas-sciliú ó thaobh an aistrithe ghlais, an rabharta athchóiriúcháin, agus na héifeachtúlachta fuinnimh de. Má táthar chun straitéisí nithiúla a fhorbairt chun na riachtanais maidir le hoiliúint, uas-sciliú agus athoiliúint oibrithe in earnáil a ndéanfar difear dóibh a thuar agus faireachán a dhéanamh orthu, tá aird á tarraingt ag CESE ar thorthaí thionscadail na gcomhpháirtithe sóisialta sa réimse sin (20). |
5.9. |
Tá ról lárnach ag an earnáil phríobháideach freisin ó thaobh chur chun cinn na fiontraíochta agus na hinfheistíochta is gá de, lena n-áirítear i gcás fhorbairt na scileanna glasa a chothú d’fhonn dlús a chur leis an aistriú glas agus an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú. Ba cheart méadú suntasach a dhéanamh ar líon na gcomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí agus ar an gcistiúchán a chuirtear ar fáil le haghaidh taighde agus forbartha, agus ba cheart tacaíocht theicniúil níos mó a chur ar fáil do FBManna, d’fhonn caighdeáin chomhshaoil a bhaint amach, cuir i gcás iniúchtaí fuinnimh. Ba cheart an dea-chleachtas a roinnt ó Bhallstát go Ballstát freisin, ionas go gcuirfí chun ar bhonn ní b’fhorleithne é. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/ddn-20211105-1
(2) Tacar sonraí is foinse: prc_hicp_manr.
(3) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Energy_production_and_imports
(4) REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe (8 Márta 2022).
(5) D’aithin an Coimisiún an tionchar diúltach atá á imirt ag na praghsanna arda fuinnimh ar an ngeilleagar, iomaíochas gnó san áireamh, agus an Banc Ceannais Eorpach á mheas (roimh ionradh na Rúise) go bhfágfadh suaitheadh na bpraghsanna fuinnimh go dtiocfadh laghdú tuairim is 0,5 pointe céatadán ar fhás na holltáirgeachta intíre in 2022. Féach REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe (8 Márta 2022).
(6) Staidreamh an Aontais Eorpaigh ar ioncam agus dálaí maireachtála 2020, inar úsáideadh athróga i dtaca lenar thuairiscigh na daoine féin maidir lena gcumas a dteach a choinneáil te go leor, maidir le drochdhálaí tithíochta, agus maidir le riaráistí billí fuinnimh. Léiríodh sna sonraí siúd, cé go mbíonn bochtaineacht fuinnimh ann ar fud an Aontais, is fadhb í a bhaineann, thar aon áit eile, leis na Ballstáit in oirthear na hEorpa agus ina deisceart.
(7) In Airteagal 2(49) den togra le haghaidh athmhúnlú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh, sainmhínítear “bochtaineacht fuinnimh” mar “easpa rochtana teaghlaigh ar sheirbhísí riachtanacha fuinnimh is cloch bhoinn faoi chaighdeán maith maireachtála agus sláinte, lena n-áirítear teas, fuarú agus soilsiú leormhaith agus an fuinneamh chun cumhacht a thabhairt d’fhearais leictreacha, sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha, sa bheartas sóisialta atá ann cheana agus i mbeartais ábhartha eile”.
(8) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_1511
(9) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:32022D0589
(10) COM/2020/662 final (níl leagan Gaeilge ann).
(11) https://energy-poverty.ec.europa.eu/energy-poverty-observatory/indicators_en
(12) Mar shampla, is é an sainmhíniú ar bhochtaineacht fuinnimh a moladh le linn na caibidlíochta i bParlaimint na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Ciste Aeráide Sóisialta: “bochtaineacht a dhéanann difear do theaghlaigh atá sna deicílí ioncaim is ísle a bhfuil a gcostais fuinnimh níos airde ná dhá oiread an chóimheasa airmheánaigh idir costais fuinnimh agus ioncam indiúscartha tar éis costais tithíochta a asbhaint”.
(13) Giovanni Sgaravatti, Simone Tagliapietra agus Georg Zachmann. National fiscal policy responses to the energy crisis. Bruegel, 8 Feabhra 2022.
(14) Tuairim ó CESE maidir le praghsanna fuinnimh (IO C 275, 18.7.2022, lch. 80).
(15) Tuairim ó CESE maidir le praghsanna fuinnimh (IO C 275, 18.7.2022, lch. 80).
(16) https://www.bpie.eu/publication/renovation-passports/.
(17) Regional development MEPs suggest to set-up a Climate Change Adaptation Fund [Moladh ó Fheisirí an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach Ciste um Oiriúnú don Athrú Aeráide a chur ar bun] | Nuacht | Parlaimint na hEorpa (europa.eu).
(18) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32019H0786&from=EN
(19) Meastar, ceteris paribus, gurbh é an méadú ar an leictreachas in athnuaite ba chúis leis an titim 24 % a tháinig ar spotphraghsanna leictreachais sa Ghearmáin sa tréimhse 2008 2015, agus an titim 35 % a tháinig orthu sa tSualainn sa tréimhse 2010 2015 (Hirth, 2018).
(20) Tuairim ó CESE maidir le praghsanna fuinnimh (IO C 275, 18.7.2022, lch. 80).
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/95 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an t-idirphlé sóisialta i gcomhthéacs an aistrithe ghlais
(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Seicia)
(2022/C 486/14)
Rapóirtéir: |
Lucie STUDNIČNÁ |
Comhairliúchán |
Uachtaránacht na Seicia ar an gComhairle, 26.1.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
Dáta a glactha sa rannóg |
5.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
162/1/7 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
I láthair na huaire, tá sé ar an gcéad tosaíocht bheartais aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide. Tá sé thar am an tsamhail eacnamaíoch a bunaíodh chomh fada siar leis an Réabhlóid Thionsclaíoch a athrú ó bhonn. Beidh iarrachtaí suntasacha coigeartaithe ag teastáil má táthar chun an claochlú mór millteanach go dtí geilleagar ciorclach aeráidneodrach digitithe a chur i gcrích. Treisíodh an gá atá leis an gclaochlú sin de dheasca ionsaí na Rúise ar an Úcráin, ar ionsaí é a bhrúigh ardchostais agus ualaí ollmhóra ar an tsochaí san am céanna. |
1.2. |
Agus é ina chuid lárnach den Mhúnla Sóisialta Eorpach, chomh maith le bheith ina fhoinse iomaíochais san Eoraip, caithfidh idirphlé fóinteach sóisialta a bheith ar gach uile leibhéal, is é sin leibhéal na hEorpa, an leibhéal náisiúnta, earnála agus réigiúnach, agus leibhéal an ionaid oibre. Ba cheart do na Ballstáit luach an idirphlé shóisialta a aithint, is é sin gur luach breise atá ann agus cuid tábhachtach den phróiseas cinnteoireachta. Tá CESE á chur i bhfáth gur cheart an t-idirphlé sóisialta a neartú agus a chur chun cinn go gníomhach. Fágann sin freisin gur gá inniúlachtaí leordhóthanacha a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta, chomh maith le rochtain ar thacaíocht ó shaineolaithe. |
1.3. |
Dá bhrí sin, ní mór rannpháirtíocht láidir na gceardchumann agus na gcónaidhmeanna fostóirí, trí idirphlé stóinseach sóisialta, mar aon le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta, a bheith i gcroílár an chreata beartais iomláin um ghníomhú ar son na haeráide. Ní mór do na Ballstáit iarracht níos mó a dhéanamh le bheith rannpháirteach agus tacaíocht na n-oibrithe a ráthú ionas go bhféadfar dul chun cinn a dhéanamh i dtreo sochaí inbhuanaithe. Ní bhaineann sé sin leis na Ballstáit amháin, áfach. Baineann sé freisin le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh. |
1.4. |
Tá príomhról ag na ceardchumainn na hoibrithe a ullmhú do phróiseas an chlaochlaithe shóisialta agus éiceolaíoch, agus ionadaíocht a dhéanamh orthu le linn an phróisis sin. Ar a shon sin, ní mór a ráthú go mbeidh an t-idirphlé sóisialta gníomhach agus comhleanúnach chun a áirithiú go ngníomhófar ar son na haeráide ar bhealach a fhreastalóidh ar na hoibrithe agus a fhágfaidh gur aistriú cóir a bheidh ann nach bhfágfaidh duine ar bith, i ndáiríre, ar lár. |
1.5. |
Ní mór idirphlé sibhialta láidir leanúnach a bheith ag gabháil leis an idirphlé sóisialta, idirphlé a mbeadh an tsochaí shibhialta eagraithe agus na geallsealbhóirí, go háirithe, rannpháirteach ann. Le haghaidh aistriú cóir go dtí geilleagar aeráidneodrach, tá sé tábhachtach sochaithe níos cothroime a thógáil, deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna an aistrithe ghlais ó thaobh oiriúnú de. Déanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta ionadaíocht ar na milliúin daoine leochaileacha agus ar dhaoine a ndéantar eisiamh córasach orthu. Dá bhrí sin, baineann tábhacht lena bhfuil le rá ag na heagraíochtaí sin agus ní mór é sin a chur san áireamh sna cinntí a dhéantar maidir leis an aistriú. Féadfar an ghné réigiúnach a chur san áireamh, freisin, trí dhul i mbun dlúthchomhar le Coiste na Réigiún. |
1.6. |
Ní foláir tús áite a thabhairt don cheartas sóisialta agus do chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar ábhar buntábhachtach. Ina theannta sin, ní mór don Aontas an chómhargáil a chur chun cinn agus tacú léi go gníomhach le go mbeidh na hoibrithe in ann ionaid inbhuanaithe oibre, mar aon le poist ghlasa, iomaíocha agus chuibhiúla, a chruthú. Ar an gcaoi sin, ní hamháin go mbeadh an tAontas ag oibriú i dtreo a bheith níos córa agus níos cothroime, ach d’éireodh sé níos iomaíche agus níos athléimní chomh maith. |
1.7. |
Maidir le gach post a chruthaítear tríd an aistriú, tá sé thar a bheith tábhachtach go n-urramóidh siad Dearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair. Áirítear sa Dearbhú sin an ceart chun fostaíochta cuibhiúla, chun saoirse comhlachais agus chun cómhargála agus cuirtear cosc leis ar an saothar éignithe, an saothar leanaí, an t-idirdhealú, agus an foréigean agus an ciapadh ag an obair. |
1.8. |
Tá CESE ag moladh go ndéanfar feidhmiú an idirphlé shóisialta ar leibhéal na mBallstát a mhapáil go córasach. Teastaíonn níos mó staidéir chomparáideacha chuige sin chun measúnú a dhéanamh ar ról an idirphlé shóisialta i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, eadhon na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. |
1.9. |
Mar chuid den iarracht fhoriomlán chun an ghné shóisialta den Chomhaontú Glas don Eoraip a neartú, caithfear tacú le struchtúir an idirphlé shóisialta agus iad a neartú go gníomhach trí dhreasachtaí agus cistiú, agus aird ar leith á tabhairt ar na Ballstáit agus ar na hearnálacha siúd inar lag iad na hinstitiúidí sin. |
1.10. |
I gcomhréir leis an Moladh neamhcheangailteach ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, tá CESE á chur i bhfáth gur cheart treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le conas dul i ngleic le héifeachtaí sóisialta agus fostaíochta an aistrithe. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar thograí amhail an ceann a chuirtear chun cinn sa tuairim ó CESE “Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality (An pacáiste “Oiriúnach do 55”: sprioc aeráide an Aontais do 2030 i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach) (1) arb é is aidhm dó na Ballstáit a spreagadh “Coimisiúin um Aistriú Cóir” a chur ar bun. |
1.11. |
Tá CESE á chur i bhfáth a thábhachtaí atá faisnéis agus comhairliúchán tráthúil i rith an phróisis athstruchtúraithe. I gcomhréir leis an Treoir maidir le Cearta Comhairliúcháin agus Rannpháirtíochta, ní mór cearta na n-oibrithe chun faisnéise, chun comhairliúcháin agus chun rannpháirtíochta (2) a neartú ar gach leibhéal riaracháin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil. Níor cheart cinntí a ghlacadh gan comhairliúchán a dhéanamh agus ba cheart é a bheith éigeantach faisnéis a sholáthar roimh ré. |
2. Barúlacha ginearálta
Cúlra
2.1. |
D’iarr Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an tústuairim seo mar chuid den mheasúnú ar an ngné shóisialta den Chomhaontú Glas don Eoraip agus, go háirithe, ar ról an idirphlé shóisialta. |
2.2. |
I láthair na huaire, tá sé ar an gcéad tosaíocht bheartais aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil aeráide. Tá sé in am an córas táirgthe agus an córas ídithe trí chéile a athrú ó bhonn. Cé nach bhféadfaí amhras a chaitheamh ar na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú seo i dtreo geilleagar ciorclach atá aeráidneodrach agus digitithe, is fíor go mbaineann iarrachtaí suntasacha coigeartaithe agus ardchostais don tsochaí leis chomh maith. |
2.3. |
Próiseas atá bunaithe ar bheartais is ea an bunphróiseas athstruchtúraithe seo, ceann nach mór a chur i gcrích inár ngeilleagair laistigh de chúpla scór bliain ar mhaithe leis an aeráidneodracht a bhaint amach. Beidh éifeachtaí difriúla ag an bpróiseas sin ar dhaoine a bhfuil saintréithe éagsúla socheacnamaíocha acu, agus ar chuideachtaí freisin, go háirithe FBManna. Tá freagracht shuntasach ar an lucht ceaptha beartas aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin. |
2.4. |
Gan amhras, tá éagothromaíochtaí nua tagtha chun cinn de dheasca an athraithe aeráide agus, má chuirtear bearta maolaithe agus oiriúnaithe i bhfeidhm gan beartais an aistrithe chóir, d’fhéadfadh sé sin difear an domhain a dhéanamh maidir leo siúd a n-éireodh go maith leo agus iadsan a bheadh thíos leis na héagothromaíochtaí nua sin. Aithnítear an méid sin sa Chomhaontú Glas don Eoraip, a seoladh in 2019, agus tugtar gealltanas ann nach bhfágfar aon duine ar lár. |
2.5. |
Is casta fós an próiseas aistrithe de dheasca dhá imeacht urghnácha: géarchéim COVID-19 agus athrú bunúsach ar staid gheopholaitiúil na hEorpa mar gheall ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Uime an dá rud sin, beidh na hualaí ar an tsochaí níos measa sa ghearrthéarma agus, ag an am céanna, féadfaidh sé go gcuirfear dlús leis an gclaochlú dá mbarr. |
An t-idirphlé sóisialta
2.6. |
Le cúpla scór bliain anuas, tháinig saincheisteanna chun cinn go minic ó thaobh oiriúnú nó aistriú de mar thoradh ar athruithe móra ar na modhanna táirgthe. Tharla sin go háirithe i gcásanna inar eascair poist ní b’fhorbhásaí ar phá íseal as na hathruithe sin, rud a d’fhág nach raibh fáil ag roinnt mhaith daoine, amhail mná agus pobail leochaileacha, ar obair chuibhiúil. Dá bhrí sin, ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an aistriú, amhail an chonraitheoireacht, na cineálacha neamhbhuana oibre, an príobháidiú agus an t-athstruchtúrú d’fhonn geilleagar atá cóir a thógáil, ceann ina gcuirfear deireadh leis an mbochtaineacht. Tugtar aghaidh ar an bhfadhb seo, freisin, sa Mholadh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, a glacadh ag Comhairle EPSCO an 16 Meitheamh 2022. |
2.7. |
Cumhdaítear cur chun cinn an idirphlé shóisialta sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Aithnítear sa tionscnamh “Tús Nua don Idirphlé Sóisialta” (2016) a thábhachtaí atá an t-idirphlé sóisialta don téarnamh agus don iomaíochas. I roinnt tuairimí (3) agus i rún (4) a d’fhoilsigh CESE le déanaí, cuireadh i bhfáth an tábhacht a bhaineann leis an idirphlé sóisialta i gclaochluithe gaolmhara. |
2.8. |
Is léir freisin go rannchuidíonn an t-idirphlé sóisialta go dearfach le próiseas rathúil athstruchtúraithe, á gcur san áireamh gur fearr a fheidhmíonn na cuideachtaí a bhfuil idirphlé sóisialta dea-fheidhmiúil acu, gurb iomaíche agus gurb athléimní iad na cuideachtaí sin agus gurb iadsan a íocann an pá is airde. |
2.9. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go bhfuil feidhmeanna ríthábhachtacha ag an idirphlé sóisialta ar gach leibhéal – i.e. leibhéal na hEorpa, an leibhéal náisiúnta, earnála agus réigiúnach, agus leibhéal an ionaid oibre – maidir leis an gclaochlú glas a bhainistiú agus a éascú, bídís feidhmeanna atá sainiúil do gach ceann acu. Tá láidreachtaí an-difriúil ag na struchtúir agus na hinstitiúidí ar na leibhéil sin, áfach. |
2.10. |
Ní mór idirphlé sibhialta láidir leanúnach a bheith ag gabháil leis an idirphlé sóisialta, idirphlé a mbeadh an tsochaí shibhialta eagraithe agus na geallsealbhóirí, go háirithe, rannpháirteach ann. Le haghaidh aistriú cóir go dtí geilleagar aeráidneodrach, tá sé tábhachtach sochaithe níos cothroime a thógáil, deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna an aistrithe ghlais ó thaobh oiriúnú de. Déanann eagraíochtaí na sochaí sibhialta ionadaíocht ar na milliúin daoine leochaileacha agus ar dhaoine a ndéantar eisiamh córasach orthu. Dá bhrí sin, baineann tábhacht lena bhfuil le rá ag na heagraíochtaí sin agus ní mór é sin a chur san áireamh sna cinntí a dhéantar maidir leis an aistriú. Féadfar an ghné réigiúnach a chur san áireamh, freisin, trí dhul i mbun dlúthchomhar le Coiste na Réigiún. |
2.11. |
Tá leibhéil dhifriúla chumais agus tionchair ag institiúidí agus gníomhaithe an idirphlé shóisialta sna Ballstáit éagsúla toisc go bhfuil samhlacha difriúla acu i dtaobh caidreamh sóisialta agus caidreamh tionsclaíoch, ach maille leis sin, i gcásanna áirithe, toisc gur cuireadh go gníomhach le lagú na n-institiúidí agus na ngníomhaithe sin mar gheall ar bheartais agus moltaí díláraithe tar éis na géarchéime airgeadais agus ghéarchéim an limistéir euro. Tá sé á shonrú ag CESE gur gné thábhachtach den gheilleagar sóisialta margaidh san Eoraip é idirphlé sóisialta dea-fheidhmiúil agus is díol sásaimh dó go n-aithníonn an Coimisiún Eorpach é sin, mar a chuir sé in iúl le déanaí ina chuid Moltaí don Chomhairle. |
2.12. |
Mar chuid den iarracht fhoriomlán chun an ghné shóisialta den Chomhaontú Glas don Eoraip a neartú, caithfear tacú go gníomhach le struchtúir an idirphlé shóisialta agus iad a neartú, agus aird ar leith á tabhairt ar na Ballstáit agus ar na hearnálacha siúd inar lag iad na hinstitiúidí sin. |
An t-aistriú cóir
2.13. |
Is éard atá i gceist le haistriú cóir aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí fostaíochta agus na héifeachtaí dáileacháin a bhaineann le haistriú go geilleagar aeráidneodrach. Ba cheart féachaint air sin mar chuid lárnach den chreat beartais maidir leis an aeráid (mar shampla an pacáiste “Oiriúnach do 55”), agus ní hamháin mar bhearta forlíontacha ceartaitheacha. Baineann na saincheisteanna sin le han-chuid gnéithe amhail éifeachtaí dáileacháin na mbeartas dícharbónaithe, caillteanas post agus aistrithe fostaíochta, cosaint na gceart bunúsach sóisialta agus cuimsiú na saoránach agus na sochaí sibhialta eagraithe sa chinnteoireacht. |
2.14. |
Tá an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Aeráide Sóisialta, atá mar chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55”, i measc na bpríomhbheart arna bhfógairt ag an Aontas go dtí seo chun tionchar an aistrithe ar na réigiúin, na daoine leochaileacha agus na gnólachtaí is mó dá ndéantar difear a mhaolú. Is díol sásaimh do CESE gur mhol an Coimisiún moladh ón gComhairle chomh maith maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, chun go dtabharfar treoir do na Ballstáit maidir le conas dul i ngleic le héifeachtaí sóisialta agus fostaíochta an aistrithe. |
2.15. |
Caithfear rath “Aistriú Cóir” a mheas bunaithe ar dhá ghné: i dtosach báire, ar a éifeachtúlaí a théitear i ngleic leis na fadhbanna atá ag gnólachtaí, ag fostaithe agus ag saoránaigh ó thaobh oiriúnú de, rud a bheadh ina spreagadh, mar shampla, le gníomhaíochtaí gnólachtaí a athstruchtúrú, le tabhairt faoi uas-sciliú agus athsciliú fostaithe, agus leis an mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a sheachaint, d’fhonn a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár, agus an meall mór ar deireadh, ar an méid teagmháil a dhéantar leis na fir agus na mná nach mbeidh ann a thuilleadh dá bpoist, a dtabharfar ísliú céime dóibh nó atá i mbaol ar shlí éigin eile, ar a chinnte atá sé go bhfuil todhchaí fhóinteach, shásúil agus shlán i bhfostaíocht ar ardchaighdeán i ndán dóibhsean, agus ar an méid tacaíochta a thugtar do na daoine sin le forbairt phearsanta a dhéanamh ionas go mbeidh siad in ann na folúntais sin a líonadh. |
2.16. |
Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de scála an dúshláin. Chuige sin, caithfear cuspóirí eacnamaíocha agus sóisialta dea-cheaptha comhtháite a fhorbairt don ghearrthéarma agus don fhadtéarma ar mhaithe le táirgiúlacht agus cuimsiú a áirithiú agus aird chuí á tabhairt ar chineál ar leith na mBallstát éagsúil agus ar mhaithe le ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil ag gach céim den phróiseas ceaptha beartas, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríd an idirphlé sóisialta agus tríd an gcómhargáil. Is é a bheadh i gceist leis na pleananna sin acmhainní ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal lárnach a atreorú d’aon ghnó agus go comhfhiosach ar na limistéir agus na réigiúin dá ndéantar difear. Sa bhreis ar dhreasachtaí le haghaidh infheistíochtaí trí dheontais, iasachtaí agus soláthar saineolais agus cabhair a thabhairt do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide lena gcuid oibríochtaí, d’fhéadfaí cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta tríd an rannpháirteachas caipitiúil, agus d’fhéadfaí fiontair nua phoiblí a chruthú san am céanna chomh maith. I dteannta an tiomantais maidir le hacmhainní poiblí, bheadh sé riachtanach solúbthacht na rialacha maidir leis an státchabhair a bharrfheabhsú agus, i gcúinsí áirithe, iad a fhionraí fiú. |
2.17. |
Maidir leis an athstruchtúrú mórscála seo, a bhfuil claochlú na milliún agus na milliún post san Eoraip i gceist leis, tá sé ríthábhachtach go ndéanfar é ar bhealach cothrom agus bainistithe agus go mbeidh sé réamhbhreathnaitheach. Tá idirphlé sóisialta dea-fheidhmiúil thar a bheith tábhachtach ar a shon sin. Maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir atá ann chun tacú leis na hoibrithe atá i mbun aistriú go poist eile, ba cheart acmhainní agus raon feidhme an Chiste sin a leathnú agus bearta a chur leis atá dírithe ar earnálacha sonracha. |
2.18. |
Tá na trí ghné den fhorbairt inbhuanaithe – an ghné eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil – fite fuaite go mór ina chéile agus ní mór aghaidh a thabhairt orthu trí chreat beartais atá cuimsitheach agus comhleanúnach a úsáid. Sna Treoirlínte a d’eisigh an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) in 2015 maidir le haistriú cóir, cuireadh tacar uirlisí praiticiúla ar fáil do na rialtais agus do na comhpháirtithe sóisialta chun an próiseas claochlaithe sin a bhainistiú. |
2.19. |
Sonraítear sna Treoirlínte a d’eisigh EIS in 2015 go bhfuil comhdhearcadh láidir sóisialta maidir leis an sprioc agus na bealaí i dtreo na hinbhuanaitheachta bunriachtanach. Ní mór an t-idirphlé sóisialta a bheith ina chuid lárnach den chreat institiúideach maidir le ceapadh beartas agus cur chun feidhme ar gach leibhéal. Ba cheart comhairliúchán leordhóthanach, eolasach agus leanúnach a dhéanamh le gach geallsealbhóir ábhartha. |
An t-idirphlé sóisialta i gcomhthéacs an aistrithe ghlais
2.20. |
Ní foirmiúlacht é an t-idirphlé sóisialta agus níor cheart féachaint air amhail is gurb ea. Caithfidh idirphlé sóisialta fóinteach a bheith ar gach uile leibhéal, is é sin leibhéal na hEorpa, an leibhéal náisiúnta, earnála agus réigiúnach, agus leibhéal an ionaid oibre. Fágann sin freisin gur gá inniúlachtaí leordhóthanacha a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta, chomh maith le rochtain ar thacaíocht ó shaineolaithe. |
2.21. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil institiúidí an idirphlé shóisialta an-difriúil ó cheann ceann an Aontais mar gheall ar na samhlacha agus na traidisiúin éagsúla náisiúnta agus thionsclaíocha ó Bhallstát go Ballstát. |
2.22. |
Tá CESE ag moladh go ndéanfar mapáil agus faireachán córasach ar fheidhmiú an idirphlé shóisialta ar leibhéal na mBallstát (5). Teastaíonn níos mó staidéir chomparáideacha chuige sin chun ról an idirphlé shóisialta i bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a scrúdú, eadhon na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. |
2.23. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil na tionscnaimh atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta an chlaochlaithe ghlais fós ilroinnte. Tá an Sásra um Aistriú Cóir teoranta agus ní thugtar aghaidh leis ach ar chuid bheag den phróiseas aistrithe. Beidh raon feidhme agus cuspóir teoranta ag an gCiste Aeráide Sóisialta atá molta agus, thar aon ní eile, cúiteoidh sé éifeachtaí dáileacháin cúlchéimnitheacha Chóras Trádála Astaíochtaí 2 (CTA2) atá beartaithe don iompar agus do na foirgnimh (féach go háirithe an tuairim ó CESE Ciste Aeráide Sóisialta (6)). Cé gur díol sásaimh do CESE an Moladh ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, tugann sé dá aire freisin nach dtugtar leis an moladh neamhcheangailteach sin an t-ardán cuimsitheach beartais atá de dhíth ar an Aontas chun déileáil le tionchair an aistrithe ar na hoibrithe, na réigiúin agus na daoine leochaileacha dá ndéantar difear. |
2.24. |
Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil creat láidir de dhíth ar an Aontas d’fhonn cothrom na Féinne a áirithiú leis an aistriú a bhainistiú. Ina leithéid de chreat láidir AE maidir le haistriú cóir, ba cheart athruithe a thuar agus a bhainistiú i gcomhthéacs an aistrithe ghlais, i measc rudaí eile, trí rannpháirtíocht fhóinteach na n-oibrithe agus na ngnólachtaí agus trí rannpháirtíocht na saoránach. |
2.25. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá faisnéis agus comhairliúchán tráthúil i rith an phróisis athstruchtúraithe. Níor cheart cinntí a ghlacadh gan comhairliúchán a dhéanamh agus ba cheart é a bheith éigeantach faisnéis a sholáthar roimh ré. |
2.26. |
Tá CESE ag iarraidh go gcuirfear an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí chun cinn ar gach leibhéal. Tá sé á iarraidh aige freisin a áirithiú gur poist mhaithe a bheidh sna poist ghlasa nua agus go mbeidh siad i gcomhréir le clár oibre EIS um obair chuibhiúil agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ag teacht le huaillmhian an Mholta ón gComhairle maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú, agus tagairt á déanamh aige dá thuairim ar an ábhar, tugann CESE dá aire gur cheart éifeachtaí dáileacháin éagsúla na mbeartas aeráide a chur san áireamh i gCiste Aeráide Sóisialta trí bhearta spriocdhírithe i gcoinne na bochtaineachta fuinnimh agus na bochtaineachta iompair. Chomh maith leis sin, i gciste den sórt sin, ba cheart tacú le hinacmhainneacht agus inrochtaineacht na dteicneolaíochtaí ísealcharbóin do theaghlaigh ar ioncam íseal agus é sin a éascú. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach an chomhlántacht idir na beartais aeráide, na beartais chomhshaoil agus na beartais shóisialta a aithint. Ba cheart an ghné shóisialta a bheith ina cuid lárnach de chreat cuimsitheach beartais maidir leis an aeráid, óna dhearadh go dtí a chur chun feidhme. Baineann sé sin leis an gComhaontú Glas don Eoraip ina iomláine agus na beartais nithiúla cur chun feidhme uile atá sa phacáiste “Oiriúnach do 55”. |
3.2. |
Tá sé á thabhairt dá aird ag CESE chomh maith go mbeidh éifeachtaí mór millteanach ag an bpróiseas athstruchtúraithe sin ar phoist, ar chaidreamh oibreachais agus ar dháileadh ioncaim. Déanfar difear do gach leibhéal den tsochaí agus den gheilleagar, ón leibhéal trasnáisiúnta go leibhéal an ionaid oibre, agus ba cheart príomhról a bheith ag an idirphlé sóisialta chun an próiseas sin a bhainistiú ar bhealach réamhbhreathnaitheach. |
3.3. |
Is díol sásaimh do CESE an creat beartais láidir uaillmhianach maidir leis an aeráid atá curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach laistigh den Chomhaontú Glas don Eoraip, a bhfuil bearta reachtacha gaolmhara ann chun tacú leis. San am céanna, áfach, tá CESE á chur i bhfáth chomh maith go bhfuil gné shóisialta an chreata fós tearcfhorbartha, in ainneoin na ndearbhuithe dearfacha go léir. |
3.4. |
Tá gné shóisialta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip fós faoi chúram Bhallstáit an Aontais agus na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta go príomha, óir is iadsan is fearr atá in ann an cás a thuiscint agus bearta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta a mholadh. Mar sin féin, baineann dúshláin an aistrithe ghlais, ó thaobh na sochaí agus na fostaíochta de, le roinnt mhaith gnéithe, amhail: caillteanas post agus aistrithe fostaíochta, athsciliú agus uas-sciliú an lucht saothair, éifeachtaí dáileacháin na mbeartas dícharbónaithe, agus cosaint na gceart sóisialta agus rannpháirtíocht na saoránach freisin. Dá bhrí sin, tá gníomhaíocht chomhordaithe agus bearta ar leibhéal an Aontais riachtanach chun tacú leis an tionscnamh náisiúnta agus chun é a fhorlíonadh. Mura nglactar bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide ar an leibhéal iomchuí, is dócha go méadófar na héagothromaíochtaí sóisialta agus go rachaidh siad in olcas mar gheall air sin. |
An t-aistriú cóir a bhaint amach – ceanglais rialachais/rialála chun an t-idirphlé sóisialta a neartú
3.5. |
Is gnéithe ríthábhachtacha de threochlár um aistriú cóir ar fad iad aistrithe i margadh an tsaothair, pleananna sóisialta agus bealaí i dtreo poist nua inbhuanaithe agus chuibhiúla, chomh maith le tiomantas fadtéarmach don fhorbairt pobail agus don fhorbairt réigiúnach. |
3.6. |
Ba cheart cláir oiliúna, a bheadh curtha in oiriúint do riachtanais aonair agus do riachtanais mhargadh an tsaothair agus a thionólfaí in ionaid speisialta le haghaidh aistrithe fostaíochta, a spreagadh. Chuige sin, tá gá le hidirphlé sóisialta réamhghníomhach ar leibhéal an phobail agus ar an leibhéal réigiúnach, i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile. Ba cheart do na ceardchumainn agus d’fhostóirí oibriú i gcomhar le chéile chun tacú le cláir maidir le haistrithe saothair. |
3.7. |
Murab ionann agus an tsraith beart comhshaoil atá forleathan, comhordaithe agus ceangailteach, tá na gnéithe sóisialta den phacáiste “Oiriúnach do 55” ilroinnte agus níl éifeacht cheangailteach dhlíthiúil ag an Moladh ón gComhairle atá beartaithe. |
3.8. |
Ní mór na gnéithe sin a neartú agus ba cheart an t-idirphlé sóisialta a bheith ina ghné éigeantach de bheartais náisiúnta lárnacha arna gcur ar bun chun na spriocanna beartais aeráide a bhaint amach faoi 2050, lena n-áirítear pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide, pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus na pleananna um aistriú cóir. |
3.9. |
Má táthar chun torthaí a bhaint amach trí bhíthin an idirphlé shóisialta, baineann tábhacht le muinín agus iontaoibh fhrithpháirteach, agus leis an uaillmhian chomhroinnte chun torthaí a bhaint amach a thabharfaidh luach breise do na páirtithe uile lena mbaineann. |
3.10. |
Tá an sórt sin idirphlé shóisialta ar bun cheana féin i roinnt Ballstát de chuid an Aontais, agus níl sé i gcinn eile. Maidir leis na Ballstáit dheireanacha sin, ba cheart an t-idirphlé sóisialta a spreagadh go gníomhach trí, mar shampla, malartú tráthúil faisnéise áirithe agus an t-idirphlé sóisialta a chur ar fáil mar bhealach chun saincheisteanna éagsúla riaracháin agus saothair a réiteach, rochtain ar mhaoiniú a éascú, agus cinntí pleanála, ceadanna tógála agus eile a éascú. D’fhonn mí-úsáid a chosc, ba cheart tairbhí den sórt sin a nascadh le hoibleagáid chun torthaí a bhaint amach. |
3.11. |
Tá CESE ar an eolas gur athrú cultúir a bheidh i gceist leis an méid sin i roinnt Ballstát agus go bhféadfadh sé go mbeadh seal maith ama ag teastáil chun é sin a chur i gcrích. Tá CESE suite de, áfach, go mbeidh an t-am agus an iarracht sin an-fhiúntach go deo. |
3.12. |
Ní mór an ghné shóisialta den Chomhaontú Glas don Eoraip a nascadh le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus é a léiriú i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh. |
3.13. |
I mí Feabhra 2021, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil (7) maidir leis an idirphlé sóisialta a neartú, a rannchuidigh leis an bplean gníomhaíochta lena gcuirtear chun feidhme Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a tíolacadh i mí an Mhárta 2021. Sa phlean gníomhaíochta, thug an Coimisiún gealltanas go dtíolacfaidh sé tionscnamh chun tacú leis an idirphlé sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta in 2022. Tá CESE go láidir den tuairim go rannchuideoidh na moltaí sin atá le teacht ón gCoimisiún go mór leis an gcuspóir sin a bhaint amach. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 275, 18.7.2022, lch. 101.
(2) IO L 80, 23.3.2002, lch. 29.
(3) Tuairim ó CESE Aistriú tionsclaíoch i dtreo geilleagar Eorpach glas agus digiteach: ceanglais rialála agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta (níl leagan Gaeilge ann, IO C 56, 16.2.2021, lch. 10), tuairim ó CESE Ní bheidh aon Chomhaontú Glas gan comhaontú sóisialta (IO C 341, 24.8.2021, lch. 23), tuairim ó CESE – An tIdirphlé Sóisialta mar Cholún Tábhachtach den Inbhuanaitheacht Eacnamaíoch agus d’Athléimneacht na nGeilleagar (níl leagan Gaeilge ann, IO C 10, 11.1.2021, lch. 14).
(4) Rún maidir le tograí ó CESE le haghaidh atógála agus téarnaimh tar éis ghéarchéim COVID-19: “Ní mór don Aontas Eorpach déanamh de réir an phrionsabail a fhágann gur mar chomhphobal ag a bhfuil cinniúint chomhchoiteann a fhéachtar air”, bunaithe ar obair an Fhochoiste iar-COVID-19 um théarnamh agus atógáil (níl leagan Gaeilge ann, IO C 311, 18.9.2020, lch. 1).
(5) Rún ó CESE (IO C 155, 30.4.2021, lch. 1) (níl leagan Gaeilge ann), tuairim ó CESE (IO C 220, 9.6.2021, lch. 38).
(6) IO C 152, 6.4.2022, lch. 158.
(7) Report on strengthening EU social dialogue, leis an údar Andrea Nahles.
IARSCRÍBHINN
I rith na díospóireachta, diúltaíodh don leasú seo a leanas, a fuair aon cheathrú ar a laghad de na vótaí a caitheadh:
Pointe 2.25
Le leasú mar seo a leanas:
Tuairim ó rannóg |
Leasú |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá faisnéis agus comhairliúchán tráthúil i rith an phróisis athstruchtúraithe. Níor cheart cinntí a ghlacadh gan comhairliúchán a dhéanamh agus ba cheart é a bheith éigeantach faisnéis a sholáthar roimh ré. |
Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá faisnéis agus comhairliúchán tráthúil i rith an phróisis athstruchtúraithe. Níor cheart cinntí a ghlacadh gan comhairliúchán a dhéanamh agus ba cheart é a bheith mar chleachtas reatha faisnéis a sholáthar roimh ré i gcomhréir leis an Moladh thuasluaite ón gComhairle . |
Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh) |
55/95/0 |
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/102 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Ról an fhuinnimh núicléach maidir le cobhsaíocht phraghsanna fuinnimh an Aontais
(Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh)
(2022/C 486/15)
Rapóirtéir: |
Alena MASTANTUONO |
Comhairliúchán |
Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, litir an 26.1.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Tústuairim |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
21.9.2022 |
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
7.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
143/73/42 (vótáil le glaoch rolla – féach Iarscríbhinn II) |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá cobhsaíocht agus inacmhainneacht praghsanna fuinnimh ríthábhachtach chun cumhacht cheannaigh na dteaghlach agus iomaíochas agus athléimneacht chreatlach thionsclaíoch na hEorpa a chaomhnú. Tar éis tréimhse réasúnta cobhsaí a bheith ann maidir le praghsanna iompórtála fuinnimh le deich mbliana anuas, maille le méadú réasúnta íseal bliantúil 0,9 % ar phraghsanna na dtáirgeoirí náisiúnta fuinnimh idir 2010 agus 2019, tá méadú mór tagtha ar phraghsanna fuinnimh ón dara leath de 2021 san Eoraip. De thoradh an chogaidh san Úcráin, tháinig méadú ar an luaineacht praghsanna fuinnimh agus ar an éiginnteacht maidir le soláthairtí fuinnimh. |
1.2. |
Tá dhá dhúshlán roimh an Eoraip anois: an gá le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus an gá le soláthar cobhsaí fuinnimh a áirithiú ar phraghas réasúnta. Sa phlean “REPowerEU” ón gCoimisiún Eorpach, tugtar le fios gurb é an dúshlán atá ann ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú go mear trí dhlús a chur leis an aistriú go fuinneamh glan agus trí oibriú as lámha a chéile chun córas fuinnimh níos athléimní agus fíorAontas Fuinnimh a bhaint amach. Tá trí ghné ama i gceist sa réiteach ar an dúshlán sin. An dearcadh gearrthéarmach, arb é atá i gceist leis, go bunúsach, fadhb an tsoláthair fuinnimh a réiteach, toisc go bhféadfadh praghsanna imeacht as smacht de thoradh ganntanas soláthair. Bíonn tionchar ag tosca a bhaineann leis an soláthar, tosca atá ann faoi láthair nó tosca a bhfuil súil leo, ar staid reatha an mhargaidh. Is gá, dá bhrí sin, gach foinse fuinnimh atá ar fáil san Aontas a chur in úsáid de réir mar atá leagtha amach sa phlean “REPowerEU”. Géarchéim atá ann agus is gá díriú, go príomha, ar chinnteacht an tsoláthair fuinnimh. An dara gné an dearcadh meántéarmach, is é sin inbhuanaitheacht agus cothromaíocht na bhfoinsí fuinnimh a urramú ar bhealach níos fearr; agus an tríú gné an dearcadh fadtéarmach, arb é atá i gceist leis díriú ar spriocanna glasa, ach sin ar choinníoll go laghdaítear na rioscaí slándála geopholaitiúla. |
1.3. |
Na costais bhreise maidir le sábháilteacht agus slándáil arb é an cogadh is cúis leo, tá an baol ann go gcuirfidh siad go mór leis an méadú ar na praghsanna fuinnimh. Sa ghearrthéarma, cuirfidh na gléasraí cumhachta núicléiche atá ann cheana sna Ballstáit sin a roghnaigh an chumhacht núicléach a áireamh ina meascán fuinnimh agus ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, cuirfidh siad le cobhsaíocht an tsoláthair fuinnimh, rud a bhfuil tionchar mór aige ar chobhsaíocht praghsanna. Gan an acmhainneacht núicléach atá ann faoi láthair, is cinnte go mbeadh an suaitheadh a baineadh as an gcóras fuinnimh de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin níos measa. |
1.4. |
Tá an chumhacht núicléach, ar foinse leictreachais astaíochtaí ísle í, ar fáil ar éileamh chun príomhról na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh, amhail an ghaoth agus an ghrian, a chomhlánú san aistriú go córais leictreachais astaíochtaí glan-nialasacha. Tá CESE á chur in iúl gur féidir leis an bhfuinneamh núicléach, mar bhonnualach cobhsaí, rannchuidiú le soláthar cobhsaí sa tréimhse seo. Is costais chobhsaí na himeallchostais a bhaineann leis an bhfuinneamh núicléach agus bíonn siad i bhfad níos ísle ná imeallchostais na ngléasraí gáis agus guail. Ós rud é nach n-astaítear mórán CO2 as gléasraí cumhachta núicléiche agus iad i mbun oibre, níl aon chostas a bhaineann le CO2 san áireamh ina n-imeallchostais, mar a tharlaíonn freisin i gcás foinsí fuinnimh in-athnuaite, agus ní bhíonn aon tionchar ag luaineacht praghsanna carbóin orthu mar a tharla in 2021 nuair a tháinig ardú os cionn 200 % ar phraghas an charbóin. Bíonn tionchar mór ag luaineachtaí scéim AE i ndáil le trádáil astaíochtaí ar phraghas an gháis agus an ghuail ar mhargadh an Aontais. |
1.5. |
Ó thaobh rialáil praghais de, cinntear na praghsanna leictreachais ar mhargadh mórdhíola an Aontais de réir ord fiúntais agus is é an gléasra cumhachta deiridh san ord sin a shocraíonn an praghas. I bhformhór na gcásanna de ghnáthiompar an mhargaidh, is é an gás nó an gual a chinneann an praghas ar an malartán cumhachta. Is é a chiallaíonn sé sin nach mbíonn tionchar ag an gcumhacht núicléach ar na praghsanna fuinnimh ar an malartán cumhachta, ach amháin sna cásanna sin ina bhfuil sciar ard d’fhoinsí astaíochtaí ísle san áireamh sa mheascán fuinnimh. Mar sin féin, níl sa mhalartán cumhachta ach cuid de dhíolacháin an mhargaidh. Is minic a dhíolann cuideachtaí fuinnimh soláthairtí leictreachais ar bhonn conarthaí déthaobhacha. Sa chás sin, Ballstáit a bhfuil an fuinneamh núicléach acu mar chuid dá meascán fuinnimh, cabhraíonn a samhlacha maoiniúcháin agus a gconarthaí déthaobhacha éagsúla le praghas an fhuinnimh a chobhsú don chustaiméir. |
1.6. |
Bhí tionchar ag an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair ar fheidhmiú mhargadh leictreachais an Aontais trí shaobhadh a dhéanamh ar bhunrialacha an mhargaidh sin mar gheall ar líon na mbeart a raibh gá leo chun praghsanna arda fuinnimh a mhaolú nó chun an t-éileamh a laghdú go mór. Léiríonn an staid sin an comhghaol tábhachtach idir an laghdú ar an soláthar agus an méadú ar an éileamh, ar a mbíonn an toradh go n-ardaítear na praghsanna fuinnimh. Nuair a bhíonn soláthar níos iontaofa ann ó fhoinsí fuinnimh ísealcharbóin atá cobhsaí, ní bhíonn na praghsanna fuinnimh chomh luaineach céanna agus, a bhuí le hidirnascadh na margaí náisiúnta fuinnimh, is féidir an sochar a bhaineann leis sin a roinnt ar fud an Aontais. |
1.7. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil ciall leis, sa chás áirithe sin, fad a chur le saolré na ngléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair, rud a chabhróidh, ag an am céanna, leis an aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de. D’fhéadfadh sin cabhrú freisin leis na hionchais atá ann faoi láthair maidir leis an soláthar fuinnimh a shásamh agus an tomhaltas gáis in earnáil an leictreachais a laghdú, rud a laghdódh freisin an baol go mbeadh ganntanas gáis ann. D’fhéadfadh sé cabhrú freisin leis an luaineacht praghsanna de dheasca imthosca neamheacnamaíocha, nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, a mhaolú, agus na hionchais atá ann faoi láthair a chomhlíonadh maidir leis an soláthar fuinnimh. Molann CESE do na Ballstáit dul i mbun oibre ar réitigh i ndáil le hacmhainní stórála agus na hidirnaisc tharchurtha a threisiú chun déileáil go héifeachtach le briseadh soláthair i gcás foinsí fuinnimh in-athnuaite san fhadtéarma agus i gcás an gháis sa ghearrthéarma. |
1.8. |
Molann CESE d’Uachtaránacht na Seicia plé a dhéanamh, laistigh den Fhóram Eorpach um Fhuinneamh Núicléach (ENEF), ar chobhsaíocht praghsanna in earnáil an fhuinnimh núicléach agus ar ról na cumhachta núicléiche i gcobhsaíocht an tsoláthair chun aghaidh a thabhairt ar laghdú spleáchas an Aontais ar ghás na Rúise. Ba mhian le CESE dlúthpháirt a bheith aige sa phlé sin. |
1.9. |
Molann CESE go neartófaí an comhar déthaobhach leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta in earnáil an fhuinnimh núicléach d’fhonn torthaí na nuálaíochta agus an dul chun cinn i dteicneolaíochtaí nua a roinnt. Molann CESE d’Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle AE comhdháil a eagrú maidir le himoibreoirí modúlacha beaga (SMRanna), comhdháil a d’fhéadfaí a eagrú i bhfoirm fóram ardleibhéil AE-SAM maidir le SMRanna, agus scrúdú a dhéanamh ar an taighde tábhachtach sin. |
2. Cúlra agus nótaí míniúcháin
2.1. |
Leagtar síos in Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí atá leis an mbeartas fuinnimh san Aontas. Leagtar síos forálacha sonracha in Airteagail eile amhail Airteagal 122 CFAE (slándáil an tsoláthair), Airteagail 170-172 CFAE (gréasáin fuinnimh), Airteagal 114 CFAE (an margadh inmheánach fuinnimh) agus Airteagail 216-218 CFAE (beartas seachtrach fuinnimh). Tá an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom) ina bhunús dlí le formhór ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse an fhuinnimh núicléach. |
2.2. |
Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ráthaítear freisin go bhfuil sé de cheart ag na Ballstáit na coinníollacha a chinneadh maidir lena n-acmhainní fuinnimh a shaothrú, maidir leis an rogha atá acu idir fhoinsí éagsúla fuinnimh agus maidir le struchtúr ginearálta a soláthair fuinnimh (1). |
2.3. |
Le plean an Aontais a bheith ar an gcéad ilchríoch atá neodrach ó thaobh na haeráide de in 2050 a bhaint amach, is gá athrú go foinsí fuinnimh astaíochtaí ísle agus saor ó astaíochtaí. Ní féidir leis an sciar méadaitheach d’fhoinsí in-athnuaite sa mheascán fuinnimh tarlú gan cúltaisce de na foinsí cobhsaí fuinnimh atá ar fáil againn faoi láthair a bheith ann, amhail foinsí fuinnimh iontaise agus fuinneamh núicléach; chomh maith leis sin, is gá infheistiú i ngléasraí gáis neamhiontaise le go bhféadfar déileáil le luaineachtaí fuinnimh in-athnuaite. Tá gá mór le hacmhainneacht stórála le go seachnófar cliseadh cumhachta agus go sásófar an tomhaltas fuinnimh atá ag fás de thoradh an leictrithe. Maidir leis na foinsí fuinnimh cobhsaí atá ann faoi láthair, is é an fuinneamh núicléach an t-aon fhoinse fuinnimh astaíochtaí ísle a bhfuil an acmhainn ann an spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú. |
2.4. |
Cuireann an fuinneamh núicléach, a bhfuil acmhainneacht 413 ghigeavata (GW) i 32 thír ann, leis an dícharbónú agus laghdaíonn sé an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe trí 1,5 gigeathonna (Gt) d’astaíochtaí domhanda agus 180 billiún méadar ciúbach (bcm) den éileamh domhanda ar ghás a sheachaint in aghaidh na bliana (2). Tá an chumhacht núicléach, ar foinse leictreachais astaíochtaí ísle í, ar fáil ar éileamh chun príomhról na bhfoinsí luaineacha in-athnuaite fuinnimh, amhail an ghaoth agus an ghrian, a chomhlánú san aistriú go córais leictreachais astaíochtaí glan-nialasacha. De réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), dá mbeadh níos lú cumhacht núicléach ann, bheadh na huaillmhianta maidir le hastaíochtaí glan-nialasacha níos deacra agus níos costasaí agus measann IEA go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar acmhainneacht giniúna an fhuinnimh núicléach dhomhanda faoi 2050. |
2.5. |
Aithnítear sa Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún (3) go bhféadfadh an fuinneamh núicléach cur le dícharbónú gheilleagar an Aontais agus meastar gur gníomhaíocht ísealcharbóin é an fuinneamh núicléach. I dTuarascáil Deiridh an tSainghrúpa Theicniúil um Maoiniú Inbhuanaithe ó mhí an Mhárta 2020 (4) tugadh le fios gur ar éigean a bhfuil aon astaíochtaí gás ceaptha teasa i gceist le giniúint fuinnimh núicléach le linn na céime giniúna fuinnimh agus go bhfuil fianaise leathan shoiléir ann maidir leis an méid a d’fhéadfadh an fuinneamh núicléach a dhéanamh chun cuspóirí a bhaint amach maidir leis an athrú aeráide a mhaolú. Foráiltear leis an tacsanomaíocht go mbeadh ceanglais bhreise agus níos déine ann maidir le diúscairt dramhaíola, maoiniú agus pleanáil an díchoimisiúnaithe núicléach. |
2.6. |
Tá cobhsaíocht agus inacmhainneacht praghsanna fuinnimh ríthábhachtach chun cumhacht cheannaigh na dteaghlach agus iomaíochas agus athléimneacht chreatlach thionsclaíoch na hEorpa a chaomhnú. Tar éis tréimhse réasúnta cobhsaí a bheith ann maidir le praghsanna iompórtála fuinnimh le deich mbliana anuas (seachas an titim 31 % in 2020), agus an méadú réasúnta íseal bliantúil 0,9 % ar phraghsanna na dtáirgeoirí náisiúnta fuinnimh idir 2010 agus 2019 (in 2020, thit praghsanna na dtáirgeoirí fuinnimh beagnach 10 %), tá méadú mór tagtha ar phraghsanna fuinnimh ó fhómhar 2021 (5). |
2.7. |
Den chéad uair riamh, tá rioscaí tromchúiseacha ag bagairt ar an Aontas Eorpach, rioscaí a bhaineann leis an soláthar fuinnimh, le slándáil fuinnimh agus le praghsanna fuinnimh a bheith ag ardú go tapa. Ar cheann de na cúiseanna tá nach raibh roinnt Ballstát cúramach go leor, nó gur ghéill siad do bhrú seachtrach, agus gur ídigh siad a gcúltaiscí go róthapa, agus is scéal cinnte é go raibh ról freisin ag cur isteach ón gcoigríoch ina leith sin. |
2.8. |
Fiú sular thosaigh an cogadh, bhí ardú dian agus luaineach ag teacht ar phraghsanna fuinnimh ó fhómhar 2021 i leith, sin mar thoradh ar roinnt cur isteach ar na soláthairtí chomh maith leis an méadú domhanda ar an éileamh ar ghás. Is é is cúis leis na praghsanna arda neamhghnácha fuinnimh ó fhómhar na bliana seo caite an méadú tobann ar an éileamh ar ghás ar fud an domhain, rud a raibh roinnt príomhchúiseanna leis: an téarnamh eacnamaíoch, crapadh na soláthairtí chuig an Aontas, easpa infheistíochta, agus drochdhálaí aimsire a d’fhág gur thit an méid fuinnimh a táirgeadh as foinsí inathnuaite. I gcásanna áirithe, d’fhág an amhantraíocht gur folmhaíodh na saoráidí stórála gáis (6). Is é is cúis, den chuid is mó, leis an luaineacht praghsanna fuinnimh atá ann faoi láthair tionchar ionsaí na Rúise ar an Úcráin, an éiginnteacht i dtaobh géarú a d’fhéadfadh tarlú ar an gconspóid i dtíortha eile agus an iarracht chun spleáchas fuinnimh an Aontais ar an Rúis a laghdú a luaithe is féidir. |
2.9. |
Na costais bhreise maidir le sábháilteacht agus slándáil arb é an cogadh is cúis leo, tá an baol ann go gcuirfidh siad go mór leis an méadú ar na praghsanna fuinnimh. Maidir leis an gcéad tréimhse eile d’éagsúlú ionchur fuinnimh an Aontais, rud a bhfuil baint aige le hinfheistíochtaí ollmhóra i mbonneagar nua (e.g. críochfoirt GNL, píblínte hidrigine) agus le hath-ailíniú an ghréasáin seachadta fuinnimh atá ann cheana, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh ardú breise ar na praghsanna. Tá an cás éirithe níos measa freisin mar gheall ar laghdú mór ar an nginiúint fuinnimh núicléach, rud a mheastar a dtiocfaidh laghdú 12 % air (níos mó ná 100 TWh) in 2022. De réir tuarascáil de chuid IEA maidir leis an margadh leictreachais i mí Iúil 2022, is é is cúis leis an laghdú sin laghdú gearrthéarmach ar líon na ngléasraí atá ar fáil sa Fhrainc, 4 GW de chumhacht núicléach a bheith á chur as feidhm sa Ghearmáin agus an tionchar atá ag ionradh na Rúise ar ghléasraí cumhachta núicléiche na hÚcráine. |
2.10. |
Faoi na cúinsí atá ann faoi láthair, is é an tosaíocht is airde atá ann, ar a laghad go dtí go ndéanfar dul chun cinn maidir le haistriú bunúsach fuinnimh san Aontas, úsáid a bhaint as foinsí fuinnimh atá ar fáil cheana féin ar chríoch an Aontais agus ar féidir iad a úsáid láithreach gan bhac agus tríd an mbonneagar atá suiteáilte cheana. Ag an am céanna, tá soláthairtí fuinnimh ón Rúis á ngearradh de réir a chéile faoi láthair, lena n-áirítear an baol atá ann go laghdófar an soláthar slat breosla le haghaidh gléasraí cumhachta núicléiche. Lena chois sin, trí sholáthar fuinnimh cobhsaí a áirithiú do gach duine san Eoraip, beidh dúshlán ann maidir leis na spriocanna aeráide a chomhlíonadh. |
2.11. |
Go pointe áirithe, fágann an chumhacht núicléach gur féidir an ghiniúint leictreachais a oiriúnú, ag brath ar an méid cumhachta a ghintear as foinsí in-athnuaite. Níl gléasraí cumhachta núicléiche chomh solúbtha céanna leis an ngás, ach cuireann siad le cobhsaíocht an chórais toisc a oiread a chuireann siad leis an mbonnualach fuinnimh, agus fágann an reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair i roinnt Ballstát gur féidir réimis sholúbtha a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí na ngléasraí cumhachta núicléiche. |
2.12. |
Is féidir leis na foinsí fuinnimh núicléach atá suiteáilte cheana an t-éileamh níos airde ar leictreachas a shásamh láithreach agus bíonn costas íseal i gceist lena n-oibriú. Is fíor go bhfuil an meánchostas iomlán táirgthe fuinnimh i gcás foinsí núicléacha ard go leor, go háirithe i bhfianaise na hinfheistíochta ollmhóire a bhfuil baint aici le bearta diana slándála; mar sin féin, tá an meánchostas táirgthe fuinnimh a bhaineann leis an ngás níos airde arís (7). Os a choinne sin, mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, níl aon chinnteacht ann go leanfar den soláthar gáis nó den soláthar slat breosla ón Rúis sula n-éireoidh linn soláthairtí malartacha a aimsiú. |
2.13. |
Is í an teicneolaíocht núicléach an teicneolaíocht ísealcharbóin inseachadta a bhfuil na costais is ísle tuartha di do 2025. Ní féidir ach le taiscumair mhóra hidrileictreacha méid den chineál céanna a sholáthar ar chostais inchomparáide ach braitheann na taiscumair sin go mór ar na gnéithe aiceanta atá i dtíortha áirithe. I gcomparáid le giniúint leictreachais ó bhreoslaí iontaise, táthar ag súil go mbeidh gléasraí cumhachta núicléiche níos inacmhainne ná gléasraí gualbhreoslaithe. Cé go bhfuil gástuirbíní comh-thimthrialla (CCGTanna) tarraingteach i roinnt réigiún de thoradh an chostais a bhaineann leo, braitheann a meánchostas iomlán táirgthe fuinnimh go mór ar phraghas an gháis nádúrtha agus ar na hastaíochtaí carbóin i réigiúin ar leith. Tá praghas an-iomaíoch go deo ar an leictreachas a tháirgtear go fadtéarmach i ngléasraí cumhachta núicléiche ar cuireadh síneadh lena saolré; ní hamháin go bhfuil sé fós ar an rogha is ísle costas maidir le leictreachas ísealcharbóin a ghiniúint – i gcomparáid le gléasraí cumhachta nua a thógáil – ach maidir le gach cineál cumhachta a ghiniúint (8). |
2.14. |
Dála na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite, is costais ísle oibriúcháin a bhaineann leis an bhfuinneamh núicléach. Bíonn na costais athraitheacha neamhspleách, beagnach, ar an margadh domhanda tráchtearraí fuinnimh. Ar an ábhar sin, bíonn praghas cobhsaí ar na tairiscintí a dhéanann gléasraí cumhachta núicléiche ar an margadh leictreachais. De ghnáth, bíonn an tionchar is mó ar na costais táirgthe leictreachais ag praghas breoslaí agus ag praghsáil an charbóin. Bíonn na costais athraitheacha nó na himeallchostais sin an-éagúil ó theicneolaíocht amháin go teicneolaíocht eile. Braitheann imeallchostas na ngléasraí cumhachta núicléiche ar phraghas an bhreosla núicléach, atá i bhfad níos ísle ná praghas an gháis nó an ghuail. Toisc go dtáirgtear a lán fuinnimh núicléach in aon bhabhta amháin, is féidir praghas an bhreosla a chúiteamh as méid mór aschuir, méid mór MWh. Ós rud é nach n-astaíonn na gléasraí cumhachta núicléiche aon CO2, ní áirítear aon chostais a bhaineann le praghsanna na lámhaltas CO2, amhail foinsí fuinnimh inathnuaite, sna himeallchostais a bhaineann leo. |
2.15. |
Ó thaobh rialáil praghais de, cinntear na praghsanna leictreachais ar mhargadh mórdhíola an Aontais de réir ord fiúntais agus is é an gléasra cumhachta deiridh san ord sin a shocraíonn an praghas. I bhformhór na gcásanna de ghnáthiompar an mhargaidh, is é an gás nó an gual a chinneann an praghas ar an malartán cumhachta. Is é a chiallaíonn sé sin nach mbíonn tionchar ag an gcumhacht núicléach ar na praghsanna fuinnimh ar an malartán cumhachta, ach amháin sna cásanna sin ina bhfuil sciar ard d’fhoinsí astaíochtaí ísle san áireamh sa mheascán fuinnimh, rud arb é an tsamhail Eorpach a bheidh ann amach anseo é. Faoi láthair, tá scrios déanta ar shamhail chaighdeánach an mhargaidh mar gheall ar an suaitheadh ó thaobh an tsoláthair de, go háirithe i gcás an gháis; tá sé tábhachtach, i gcás an gháis, go mbeadh nasc idir é agus na foinsí eile atá ar fáil le go bhféadfar cur leis an gcothromaíocht sa mhargadh agus le cobhsaíocht praghsanna, agus le bearta rialála amhail laghdú ar an éileamh ar fud an Aontais (9). |
2.16. |
Níl sa mhalartán cumhachta ach cuid de dhíolacháin an mhargaidh. Is minic a dhíolann cuideachtaí fuinnimh soláthairtí leictreachais ar bhonn conarthaí déthaobhacha. Sa chás sin, Ballstáit a bhfuil an fuinneamh núicléach acu mar chuid dá meascán fuinnimh, cabhraíonn a samhlacha maoiniúcháin agus a gconarthaí déthaobhacha éagsúla le praghas an fhuinnimh a chobhsú don chustaiméir, ach ní hin le rá go n-íslítear é. Ní mór dúinn freisin idirdhealú a dhéanamh idir na sraitheanna éagsúla atá sa mhargadh leictreachais (mórdhíol vs. miondíol). Braitheann na margaí miondíola san Aontas ar a lán tosca éagsúla, e.g. leibhéal na hiomaíochta, agus freisin ar thosca lena gcinntear an praghas deiridh. Bíonn cánacha agus tobhaigh san áireamh sna praghsanna a íocann teaghlaigh ar an leictreachas san Aontas. De réir fhigiúirí Eurostat, is é 36 % an meánsciar de thobhaigh agus cánacha sa phraghas a íocann teaghlaigh ar an leictreachas san Aontas. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Tuigeann CESE go maith a thromchúisí atá an cás agus tá aird aige air sin. Faoi na cúinsí atá ann faoi láthair, mar chuid den bhainistiú géarchéime agus éigeandála, is seachadtaí iontaofa fuinnimh ar phraghas réasúnta an t-aon bhealach le teacht slán. Ar an gcúis sin, ba cheart aon fhoinse atá ar fáil agus a d’fhéadfadh a bheith iontaofa a úsáid ní hamháin chun freastal ar an éileamh, ach freisin chun cur le cobhsaíocht praghsanna sa tréimhse an-éiginnte seo. |
3.2. |
Tacaíonn CESE go hiomlán leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le haistriú gheilleagar na hEorpa go geilleagar aeráidneodrach faoi 2050. Ag an am céanna, ní mór an t-aistriú aeráide a bheith fite fuaite leis na cúig cholún den Aontas Fuinnimh, eadhon na colúin maidir le slándáil an tsoláthair agus inacmhainneacht praghsanna fuinnimh. Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na beartais a bheidh ann amach anseo an spleáchas ard ar allmhairí a laghdú, mar a thug CESE le fios i roinnt tuairimí cheana. |
3.3. |
I bhfianaise phríomhspriocanna na Teachtaireachta maidir le REPowerEU ón gCoimisiún Eorpach, tá dhá chéim i gceist san iarracht maidir le cobhsaíocht praghsanna fuinnimh a bhaint amach san Aontas Eorpach: an chéad chéim, is é sin go dtí go mbeidh toradh follasach ar laghdú spleáchas an Aontais ar an Rúis; an dara céim, is é sin nuair nach mbeidh an tAontas spleách a thuilleadh ar an Rúis. Admhaíonn CESE i gcás na chéad chéime, ina mbeidh ról tábhachtach ag an gcobhsaíocht agus an tsábháilteacht, go mbeidh ról freisin ag an bhfuinneamh núicléach ó fhoinsí atá san Aontas cheana, rud atá tugtha le fios sa phlean “REPowerEU” (10), agus é á chur san áireamh nach mbeidh sé éasca córas fuinnimh an Aontais a ullmhú don gheimhreadh atá amach romhainn (chun ár ndóthain stoic agus cúltaiscí gáis a chruthú, tús a chur le héagsúlú seachadtaí, níos mó hidrigine agus meatáin a úsáid, infheistíochtaí breise ollmhóra a dhéanamh i dtionscadail fuinnimh in-athnuaite agus éifeachtúlachta fuinnimh) mar a thug an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) le fios sna moltaí uaithi i mí an Mhárta 2022 (11). I gcás an dara céim, d’fhéadfaí, nuair a bheadh deireadh leis na rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair, tosú arís ar an gComhaontú Glas a chomhtháthú sna beartais Eorpacha. |
3.4. |
Tá CESE á chur in iúl go bhféadfadh soláthar slat breosla do ghléasraí cumhachta núicléiche san Aontas Eorpach a bhfuil imoibreoirí VVER ag feidhmiú ar a gcríoch (an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ungáir, an Fhionlainn agus an tSlóvaic) a bheith i mbaol mar gheall ar an gcogadh san Úcráin. Ag an am céanna, is cúis áthais dó a fheiceáil go bhfuil féidearthachtaí ann maidir le soláthairtí malartacha a fháil (12) agus molann sé do na Ballstáit ábhartha soláthróirí malartacha a aimsiú a luaithe is féidir. Ní theastaíonn acmhainní móra stórála ó ghléasraí cumhachta núicléiche agus is féidir leo breosla a stocáil go héasca ar feadh trí go cúig bliana; fágann sin go bhfuil siad in ann aistriú go soláthróir eile nó breosla a cheannach ar phraghas buntáisteach. |
3.5. |
Tá CESE á chur chun suntais go bhfuil cobhsaíocht mhargadh fuinnimh an Aontais ina príomhthosaíocht faoi láthair toisc gur féidir leis an gcobhsaíocht sin deireadh a chur le luaineacht praghsanna fuinnimh. Is féidir leis an bhfuinneamh núicléach a bhfuil bonnualach an-chobhsaí leis mar fhoinse fuinnimh (foinse cúltaca le haghaidh foinsí in-athnuaite luaineacha) cur go mór leis an gcobhsaíocht soláthair sa tréimhse seo ina bhfuil rioscaí urghnácha. |
3.6. |
Tá CESE á thabhairt le fios nach bhfuil an baol luaineachta praghsanna atá i gceist le scéim AE i ndáil le trádáil astaíochtaí – baineadh amach an praghas is airde riamh, is é sin EUR 100 in aghaidh an tona CO2, go luath i mí Feabhra 2022 – i gceist leis an bhfuinneamh núicléach. Ós rud é nach n-astaíonn na gléasraí cumhachta núicléiche aon CO2, ní áirítear aon chostais CO2, amhail foinsí fuinnimh in-athnuaite, sna himeallchostais a bhaineann leo. Bíonn tionchar mór ag luaineachtaí scéim AE i ndáil le trádáil astaíochtaí ar phraghas an gháis ar mhargadh an Aontais. |
3.7. |
Ar an iomlán, tá costais arda infheistíochta i gceist leis an bhfuinneamh núicléach ach bíonn na costais oibriúcháin réasúnta íseal. Nílimid ag tosú as an nua, áfach, agus is féidir na hacmhainní núicléacha (uasghrádaithe) atá ann cheana a úsáid chun an margadh a chobhsú. Ba cheart go bhfágfadh na beartais sin go bhféadfaidh na Ballstáit síneadh a chur le saolré na ngléasraí atá ann cheana, ós rud é gurb é oibriú fadtéarmach na ngléasraí cumhachta núicléiche an réiteach is inacmhainne do 2030 agus ina dhiaidh sin, rud a fhágfaidh go bhféadfar aistriú go réidh go geilleagar aeráidneodrach. Is gá aon bhearta a sheachaint a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an acmhainneacht ísealcharbóin atá ann cheana, nó a chuirfeadh bac ar infheisteoirí infheistiú sna teicneolaíochtaí a theastaíonn. |
3.8. |
Molann CESE ról an fhuinnimh núicléach a chur san áireamh sna rialacha a cheapfar amach anseo sa mhargadh leictreachais. Is féidir le gléasraí cumhachta núicléiche leictreachas a thairiscint do na tomhaltóirí deiridh ar phraghas seasta, mar go n-úsáideann roinnt tíortha Eorpacha múnlaí éagsúla conartha, rud a áirithíonn an chobhsaíocht do thomhaltóirí. Fágann praghas seasta ceannaigh go mbíonn toradh ar infheistíocht agus go mbíonn na costais chaipitil níos ísle, agus go socraítear, go pointe áirithe, praghas an leictreachais do na tomhaltóirí deiridh. |
3.9. |
Ba ón gcumhacht núicléach a gineadh thart ar 25 % den leictreachas a táirgeadh san Aontas Eorpach in 2020. Cabhróidh dlúthpháirtíocht níos mó agus idirnaisc tharchurtha níos fearr i margadh an fhuinnimh chun déileáil go héifeachtach le luaineachtaí foinsí in-athnuaite san fhadtéarma agus le cliseadh cumhachta i gcás an gháis sa ghearrthéarma. Tá CESE ag iarraidh freisin ar na Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an acmhainneacht stórála agus fuinneamh ó fhoinsí ísealcharbóin a chur in ionad na ngléasraí gáis. Maidir le haon fhorálacha a thabharfar isteach san athbhreithniú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, ba cheart infheistíochtaí sna teicneolaíochtaí ísealcharbóin a bhfuil gá leo chun earnáil na cumhachta a dhícharbónú ar bhealach sábháilte agus inacmhainne a spreagadh. |
3.10. |
Tá béim á leagan ag CESE ar an ngné eile de chobhsaíocht praghsanna an fhuinnimh núicléach, is é sin cobhsaíocht na soláthairtí. I gcomparáid leis an ngás, ní theastaíonn acmhainní móra stórála ó ghléasraí cumhachta núicléiche agus is féidir leo breosla a stocáil go héasca ar feadh trí bliana (13). Cuidíonn an tréimhse níos faide athbhreoslaithe agus stocála leis an mbreosla a cheannach faoi dhálaí níos fabhraí agus le haistriú go soláthróirí eile. Ar an gcúis sin, spreagann CESE na cúig Bhallstát a bhfuil teicneolaíochtaí VVER acu soláthróirí malartacha a lorg. |
3.11. |
Nuair a thiocfaidh laghdú ar spleáchas fuinnimh an Aontais ar an Rúis, is túsphointe maith a bheidh ann ní hamháin chun smaoineamh ach chun an acmhainneacht nuálaíochta maidir le fuinneamh núicléach a chur chun feidhme agus a fhíorú, is é sin foinsí núicléacha a úsáid chun hidrigin a tháirgeadh agus dramhaíl a athchúrsáil mar chuid de shlabhra an gheilleagair chiorclaigh. De réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, cruthaítear deiseanna nua nuair a úsáidtear leictreachas ó chumhacht núicléach chun hidrigin agus teas a tháirgeadh. D’fhéadfaí barrachas leictreachais núicléach a úsáid chun tuairim is 20 milliún tona hidrigine a tháirgeadh in 2050 agus d’fhéadfaí teas comhghinte ó ghléasraí cumhachta núicléiche a chur in ionad téamh ceantair agus úsáidí ardteochta eile (14), cé go gcaithfeadh na costais tógála titim le go mbeadh an praghas iomaíoch. |
3.12. |
Molann CESE d’Uachtaránacht na Seicia plé a dhéanamh, laistigh den Fhóram Eorpach um Fhuinneamh Núicléach (ENEF), ar chobhsaíocht praghsanna in earnáil an fhuinnimh núicléach agus ar ról na cumhachta núicléiche i gcobhsaíocht an tsoláthair chun aghaidh a thabhairt ar laghdú spleáchas an Aontais ar ghás na Rúise. Is mian le CESE go mbeadh dlúthpháirt aige sa phlé sin. |
3.13. |
Molann CESE go neartófaí an comhar déthaobhach leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta in earnáil an fhuinnimh núicléach, go háirithe leis na Stáit Aontaithe, d’fhonn torthaí na nuálaíochta agus an dul chun cinn i dteicneolaíochtaí nua a roinnt. Molann CESE d’Uachtaránacht na Seicia ar Chomhairle AE comhdháil a eagrú maidir le himoibreoirí modúlacha beaga (SMRanna), comhdháil a d’fhéadfaí a eagrú i bhfoirm fóram ardleibhéil AE-SAM maidir le SMRanna, agus scrúdú a dhéanamh ar an taighde tábhachtach sin. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Tuigeann CESE go maith go bhfuil rioscaí áirithe i gceist le húsáid an fhuinnimh núicléach agus tá sé i bhfabhar tuilleadh taighde a dhéanamh le go mbeidh an fuinneamh núicléach níos sábháilte fós. Bheadh sé amaideach gan glacadh leis go bhfuil rioscaí ann. Tá leas á bhaint as an gcumhacht núicléach chun fuinneamh a ghiniúint ó bhí na 1950idí ann, agus ó shin i leith tá curtha go mór le leibhéal na slándála agus na sábháilteachta, i.e. chun teagmhais sheachtracha fhoircneacha a sheasamh, idir theagmhais nádúrtha agus teagmhais de dhéantús an duine, amhail tuairt aerárthaigh nó pléascadh. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit gan deireadh a chur leis an taighde agus leis an nuálaíocht sa réimse sin agus cloí le ceanglais dhiana maidir le sábháilteacht agus diúscairt dramhaíola. |
4.2. |
Tá an staid reatha sa mhargadh fuinnimh ag imirt tionchair freisin ar phraghsanna an úráiniam, praghsanna is féidir a chobhsú trí na soláthróirí a éagsúlú níos fearr, nó san fhadtéarma trí ghléasraí cumhachta núicléiche a thógáil nach mbeadh an oiread céanna athbhreoslaithe ag teastáil dóibh. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an oiread céanna athbhreoslaithe ag teastáil i gcás gléasraí cumhachta atá bunaithe ar imoibreoirí modúlacha beaga (SMRanna); uair gach trí bliana go seacht mbliana i gcomparáid le huair sa bhliain nó gach dara bliain i gcás gnáthghléasraí. Tá roinnt SMRanna ceaptha oibriú ar feadh suas le 30 bliain gan aon athbhreoslú. Ina theannta sin, sásaíonn tógáil gléasraí cumhachta GEN III riachtanais na dtíortha sin a mbíonn gá acu le méideanna móra fuinnimh agus ag a bhfuil greillí forbartha (mar a léirítear sna cláir atá ar bun nó atá beartaithe i dtíortha éagsúla). |
4.3. |
Bíonn dearadh na n-imoibreoirí modúlacha beaga níos simplí de ghnáth, agus is minic a bhíonn gné na sábháilteachta le haghaidh SMRanna ag brath níos mó ar chórais éighníomhacha agus ar shaintréithe sábháilteachta bunúsacha an imoibreora, amhail cumhacht íseal agus an brú oibriúcháin. Cabhraíonn SMRanna le hairgead a spáráil mar aon le ham tógála, agus is féidir iad a chur in úsáid ar bhonn incriminteach chun an t-éileamh ar fhuinneamh atá ag dul i méid a mheaitseáil. |
4.4. |
Is beag an méid breosla a theastaíonn ó ghléasraí cumhachta núicléiche i gcomparáid leis na riachtanais a bhíonn ag gléasraí cumhachta a bhíonn ag úsáid breoslaí iontaise. Gineann millín beag amháin de dhé-ocsaíd úráiniam nach bhfuil ann ach meáchan cúig ghram an méid céanna fuinnimh agus a ghineann tona guail nó thart ar 480 méadar ciúbach de ghás nádúrtha. Ní theastaíonn acmhainní móra stórála ó ghléasraí cumhachta núicléiche agus is féidir leo breosla a stocáil go héasca ar feadh tréimhse idir trí bliana agus cúig bliana. Is féidir na hacmhainní stocála a mheas mar chobhsaíocht don ghléasra, toisc go laghdaíonn siad an spleáchas ar sholáthróir ar leith agus go dtugann siad an deis breosla a cheannach nuair a bhíonn praghsanna buntáisteacha ann. |
4.5. |
Na hinfheistíochtaí a dhéantar san earnáil seo, ciallaíonn siad freisin gur féidir leas a bhaint as uasghrádú chun cur leis an aistriú glas. Tá teicneolaíochtaí agus modhanna núicléacha in úsáid in dhá phríomhréimse chun cur leis an aistriú go córas fuinnimh atá bunaithe níos mó agus níos mó ar hidrigin: (i) táirgeadh hidrigine ó dhíthiomsú teirmeach/ceimiceach uisce trína mbaintear leas as an bhfuinneamh núicléach agus (ii) an méid a chuireann modhanna agus teicnící núicléacha leis an tuiscint ar ábhair agus le gur féidir ábhair a chur in oiriúint chun na ceanglais maidir le stóráil agus tiontú hidrigine a chomhlíonadh níos fearr (15). |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Airteagal 194(2) CFAE.
(2) https://iea.blob.core.windows.net/assets/0498c8b8-e17f-4346-9bde-dad2ad4458c4/NuclearPowerandSecureEnergyTransitions.pdf
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha in earnálacha fuinnimh áirithe agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis shonrach atá le nochtadh go poiblí maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin (IO L 188, 15.7.2022, lch. 1).
(4) Is féidir an tuarascáil a léamh ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
(5) Sonraí Eurostat ó mhí Feabhra 2022: https://ec.europa.eu/eurostat/web/products-eurostat-news/-/edn-20220210-2.
(6) Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach tuairim TEN/761 (IO C 275, 18.7.2022, lch. 80).
(7) An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA)/an Ghníomhaireacht um Fhuinneamh Núicléach (NEA), 2020.
(8) https://iea.blob.core.windows.net/assets/ae17da3d-e8a5-4163-a3ec-2e6fb0b5677d/Projected-Costs-of-Generating-Electricity-2020.pdf
(9) Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe chun an t-éileamh ar ghás a laghdú (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).
(10) Plean “REPowerEU”, COM(2022) 230 final.
(11) IEA, 10-Point Plan to European Union for reducing reliance on Russian supplies by over a third while supporting European Green Deal, with emergency options to go further, Márta 2022.
(12) D’éirigh le gléasra cumhachta núicléiche Temelín i bPoblacht na Seice soláthróirí eile a aimsiú.
(13) De réir thuarascáil bhliantúil 2020 ó Ghníomhaireacht Soláthair Euratom, is féidir leis an “stoc úráiniam imoibreoirí núicléacha na ngléasraí cumhachta Eorpacha” a bhreoslú ar feadh 2,75 bliain ar an meán.
(14) https://iea.blob.core.windows.net/assets/0498c8b8-e17f-4346-9bde-dad2ad4458c4/NuclearPowerandSecureEnergyTransitions.pdf
(15) IAEA-TECDOC-1676.
IARSCRÍBHINN I
I rith na díospóireachta, diúltaíodh don fhrituairim seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 71(7) de na Rialacha Nós Imeachta):
LEASÚ 7 TEN/776 Ról an fhuinnimh núicléach maidir le cobhsaíocht phraghsanna fuinnimh an Aontais An téacs seo a leanas a chur in ionad na tuairime iomláine a chuir Rannóg TEN i láthair (míniú/cúis ag deireadh an doiciméid): |
Arna chur síos ag: DIRX, Jan HERNÁNDEZ BATALLER, Bernardo IZVERNICEANU, Ileana KATTNIG, Thomas KUPŠYS, Kęstutis LOHAN, Cillian MOSTACCIO, Alessandro NABAIS, João NIKOLOPOULOU, Maria RIBBE, Lutz SCHMIDT, Peter SCHWARTZ, Arnaud |
Leasú |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1. Conclúid agus moladh
2. Réamhrá
3. Freagra ar an gceist
3.5 A: na gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair sa dearadh atá ar an margadh faoi láthair
3.6 B: na gléasraí cumhachta núicléiche atá ann faoi láthair i ndearadh nua ar an margadh
I gcás an dearaidh nua sin ar an margadh, bheadh dhá ghné i gceist leis: cuid amháin den mhargadh ina mbeadh feidhm ag an seandearadh ar an margadh (= ord fiúntais bunaithe ar imeallchostais) agus cuid eile den mhargadh nach mbeadh ach conarthaí difríochta i bhfeidhm ann. Mar thoradh air sin, bheadh praghas cobhsaí ar an leictreachas a ghinfí faoi na conarthaí difríochta, rud a chruthódh praghas níos cobhsaí don tomhaltóir freisin. Ach bheadh luaineachtaí i gceist fós sa phraghas a bheadh ar an tomhaltóir a íoc toisc cuid den leictreachas a bheith á praghsáil freisin de réir an oird fiúntais. 3.7 C: gléasraí cumhachta núicléiche nua sa dearadh atá ar an margadh faoi láthair
3.8 D: gléasraí cumhachta núicléiche nua i ndearadh nua ar an margadh
4. Achoimre
|
Cúis |
Sa ráiteas an 8 Meán Fómhair 2022 ó Uachtarán CESE, Christa Schweng, agus ó chathaoirleach Rannóg TEN, Baiba Miltovica, luadh go bhfuil “CESE ag iarraidh go ndéanfaí beart comhpháirteach Eorpach d’fhonn an chobhsaíocht praghsanna leictreachais a áirithiú agus an margadh fuinnimh” a athchóiriú mar ábhar práinne. Sin bun agus barr an leasaithe seo atá tarraingthe suas againn chun freagra fírinneach agus soiléir a thabhairt ar an gceist a chuir Uachtaránacht na Seicia. Níl dréacht-tuairim TEN/776 dírithe ar cheist Uachtaránacht na Seicia, sin le rá ar an ról atá ag an bhfuinneamh núicléach i gcobhsaíocht phraghas an leictreachais. Is tuairim í atá dírithe go príomha, ar an gcéad dul síos, ar shlándáil an tsoláthair agus, ar an dara dul síos, is teachtaireacht fógraíochta ar son an fhuinnimh núicléach atá inti. Tá an-tábhacht le slándáil an tsoláthair, ar ndóigh, ach ní bhaineann an t-ábhar sin leis an gceist a chuir an Uachtaránacht. Mar bharr ar an donas, is léir gur chuir an rapóirtéir a lán eolas míchruinn agus pointí amhrasacha isteach sa tuairim freisin. Rinneamar cur síos ar 20 de na pointí sin i meabhrán a chuireamar os comhair cruinniú de chuid Rannóg TEN níos luaithe an mhí seo. Is mian linn a chur i bhfáth go bhfuil an chobhsaíocht praghsanna ar cheann de na réamhchoinníollacha maidir le cinnteacht a thabhairt do chustaiméirí an leictreachais, idir ghnólachtaí agus tomhaltóirí, maidir leis na costais a bheidh orthu a iompar sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Tá ról ríthábhachtach, dá bhrí sin, ag praghsanna cobhsaí na cumhachta maidir leis an leibhéal feidhmíochta i ngnólachtaí na hEorpa agus maidir le fostaíocht a chruthú agus a chothabháil. Is ar an gcúis sin a d’ullmhaíomar an leasú seo agus táimid ag iarraidh ar Bhiúró CESE glacadh leis mar fhrituairim. Sa leasú seo, tugaimid freagra soiléir ar an gceist maidir le cad ba cheart a bheith sa tuairim seo, is é sin an ról atá ag an bhfuinneamh núicléach maidir le cobhsaíocht praghsanna fuinnimh san Aontas. Ní phléitear, dá bhrí sin, buntáistí agus míbhuntáistí an fhuinnimh núicléach, ná leibhéal an phraghais, óir d’fhéadfadh an chobhsaíocht a bheith ann nó gan a bheith ann, gan beann ar leibhéal an phraghais. Tá sé tábhachtach a thuiscint gur gá, d’fhonn rud éigin a dhéanamh faoi phraghsanna an leictreachais, córas reatha an mhargaidh praghsanna fuinnimh a athrú. Sin tuiscint atá á cur in iúl anois ina lán áiteanna san Eoraip, fiú ag Ursula von der Leyen agus an Chomhairle Fuinnimh an 9 Meán Fómhair. Tuiscint a thugamar le fios arís agus arís eile sa tuairim seo. Leagamar amach, dá bhrí sin, sa leasú seo ceithre chás trínar féidir scrúdú a dhéanamh féachaint cén dearadh ar an margadh ina bhféadfadh agus nach bhféadfadh an fuinneamh núicléach na praghsanna fuinnimh a chobhsú. Is é an toradh ar an scrúdú sin nach bhféadfadh an fuinneamh núicléach praghsanna a chobhsú in dhá chás de na ceithre chás, ach go bhféadfadh, faoi choinníollacha áirithe, éifeacht chobhsaitheach a bheith aige sa dá chás eile sin. An triúr saineolaithe ar thug cathaoirleach agus rapóirtéir an ghrúpa staidéir cuireadh dóibh freastal ar chruinniú den ghrúpa staidéir, thug siad a dtacaíocht don tuairim sin atá againn: An tOllamh Keppler: “Níl aon fhíorthionchar ag an bhfuinneamh núicléach, ná ag méadú 10 % nó 20 %, ar phraghsanna an leictreachais.” An tUasal Cometto (an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA)): “Ní féidir leis an bhfuinneamh núicléach mórán tionchair a imirt sa ghearrthéarma ar phraghsanna an leictreachais a laghdú.” An tUasal Goicea (FORATOM): “Go teoiriciúil, is féidir leis an bhfuinneamh núicléach na praghsanna deiridh ar an gcumhacht a chobhsú go pointe áirithe ach is é an dearadh atá ar an margadh bun agus barr an scéil go fóill.” |
Toradh na vótála: |
||||||
|
(1) https://sweden.se/climate/sustainability/energy-use-in-sweden
(2) https://www.gov.uk/government/collections/hinkley-point-c
IARSCRÍBHINN II
|
COMHALTA |
GRÚPA |
COMHALTA |
Tairmligean cearta vótála |
1 |
ANDERSEN, Dorthe |
II |
A |
SORGENFREY, Bente |
2 |
ANDERSSON, Jan Torsten |
III |
N |
|
3 |
ANDERSSON, Krister |
I |
Y |
|
4 |
ANGELOVA, Milena |
I |
Y |
|
5 |
ANTONIOU, Michalis |
I |
Y |
|
6 |
ARDHE, Christian |
I |
Y |
|
7 |
ATS, Kerli |
III |
Y |
|
8 |
BABRAUSKIENE, Tatjana |
II |
A |
|
9 |
BACK, Thord Stefan |
I |
Y |
|
10 |
BALDZENS, Egils |
II |
Y |
|
11 |
BARBUCCI, Giulia |
II |
A |
|
12 |
BARCELÓ DELGADO, Andrés |
I |
Y |
|
13 |
BARRERA CHAMORRO, Maria Del Carmen |
II |
N |
|
14 |
BARTELS, Holger |
II |
N |
|
15 |
BÄUMLER, Christian |
II |
N |
|
16 |
BERNIS CASTELLS, Jaume |
III |
Y |
|
17 |
BERTOLINI, Silvestre |
II |
Y |
|
18 |
BIEGON, Dominika |
II |
N |
|
19 |
BLANC, Patricia |
III |
Y |
|
20 |
BLIJLEVENS, Réné |
I |
A |
|
21 |
BOGUSZ, Malgorzata Anna |
III |
N |
|
22 |
BOLAND, Séamus |
III |
N |
|
23 |
BOLLON, Pierre |
I |
Y |
|
24 |
BORSANI, Matteo Carlo |
I |
Y |
|
25 |
BRISHOUAL, Rachel |
III |
A |
|
26 |
BRONIARZ, Wincenty Slawomir |
II |
A |
|
27 |
BRZOBOHATÁ, Zuzana |
III |
N |
|
28 |
BYRNE, Peter |
I |
Y |
|
29 |
CABRA DE LUNA, Miguel Ángel |
III |
Y |
|
30 |
CALDERONE, Marina Elvira |
III |
N |
|
31 |
CALISTRU, Elena-Alexandra |
III |
A |
|
32 |
CAÑO AGUILAR, Isabel |
II |
N |
|
33 |
CATSAMBIS, Constantine |
I |
Y |
|
34 |
CHAMPAS, Panagiotis |
III |
Y |
|
35 |
CHARRY, Philippe |
II |
Y |
DESIANO, Carole |
36 |
CHOIX, Bruno |
I |
Y |
|
37 |
CLEVER, Peter |
I |
Y |
HEMMERLING, Udo |
38 |
COMER, John |
III |
Y |
|
39 |
CORAZZA, Chiara |
III |
Y |
|
40 |
COULON, Pierre Jean |
II |
Y |
|
41 |
COUMONT, Raymond |
II |
Y |
|
42 |
CSER, Ágnes |
III |
Y |
|
43 |
DE FELIPE LEHTONEN, Helena |
I |
Y |
|
44 |
DE LEEUW, Rudy |
II |
N |
ULENS, Miranda |
45 |
DE LOTTO, Pietro Francesco |
I |
Y |
|
46 |
DE MELLO, Vasco |
I |
Y |
|
47 |
DE MÛELENAERE, Robert |
I |
Y |
|
48 |
DEGUARA, Jason |
II |
N |
|
49 |
DEL RIO, Cinzia |
II |
N |
|
50 |
DESTOM, Joël |
III |
Y |
|
51 |
DIAMANTOUROS, Konstantinos |
I |
Y |
|
52 |
DIMITRIADOU, Stavroula |
II |
N |
|
53 |
DIRX, Jan |
III |
N |
NEISINGH, Ody |
54 |
DOZ ORRIT, Javier |
II |
Y |
|
55 |
DROBINSKI-WEIß, Elvira |
III |
N |
|
56 |
DUFEK, Bohumír |
II |
Y |
|
57 |
DULEVSKI, Lalko |
III |
N |
|
58 |
DUTTO, Diego |
III |
N |
|
59 |
EDELÉNYI, András |
I |
Y |
|
60 |
FELSZEGHI, Sára |
II |
Y |
|
61 |
FORNEA, Dumitru |
II |
Y |
|
62 |
GARAT PÉREZ, Francisco Javier |
III |
Y |
|
63 |
GARCÍA DEL RIEGO, Antonio |
I |
Y |
SABATINI, Giovanni |
64 |
GARCÍA SALGADO, Manuel |
II |
Y |
|
65 |
GARDIAS, Dorota |
II |
Y |
|
66 |
GAVRILOVS, Vitalijs |
I |
Y |
|
67 |
GEISEN, Norbert |
III |
Y |
|
68 |
GKOFAS, Panagiotis |
III |
Y |
|
69 |
GOBINŠ, Andris |
III |
N |
|
70 |
GONDARD-ARGENTI, Marie-Françoise |
I |
Y |
|
71 |
GRABO, Louise |
III |
Y |
KILIM, Irma |
72 |
HÄGGLUND, Sam |
II |
A |
|
73 |
HÄGGMAN, Maria |
II |
A |
|
74 |
HAJNOŠ, Miroslav |
II |
Y |
|
75 |
HAUKANÕMM, Monika |
III |
N |
|
76 |
HEALY, Joe |
III |
Y |
|
77 |
HERNÁNDEZ BATALLER, Bernardo |
III |
N |
|
78 |
HOFFMANN, Reiner Gerd |
II |
N |
|
79 |
HOLST, Sif |
III |
A |
|
80 |
IOANNIDIS, Athanasios |
III |
Y |
|
81 |
IZVERNICEANU DE LA IGLESIA, Ileana |
III |
N |
|
82 |
JAHIER, Luca |
III |
N |
|
83 |
JOHANSSON, Benny |
II |
A |
|
84 |
JONUŠKA, Alfredas |
I |
Y |
|
85 |
JOÓ, Kinga |
III |
Y |
|
86 |
JUODKAITE, Dovile |
III |
N |
|
87 |
KÁLLAY, Piroska |
II |
A |
|
88 |
KATTNIG, Thomas |
II |
N |
BUZEK, Tanja |
89 |
KIUKAS, Vertti |
III |
Y |
|
90 |
KLIMEK, Jan |
I |
Y |
|
91 |
KOKALOV, Ivan |
II |
Y |
|
92 |
KOLBE, Rudolf |
III |
N |
|
93 |
KOLYVAS, Ioannis |
III |
N |
|
94 |
KOMORÓCZKI, István |
I |
Y |
|
95 |
KONTKANEN, Mira-Maria |
I |
Y |
|
96 |
KOUTSIOUMPELIS, Stavros |
II |
Y |
|
97 |
KROPIL, Rudolf |
III |
Y |
|
98 |
KROPP, Thomas |
I |
Y |
GERSTEIN, Antje |
99 |
KRUPAVICIENE, Kristina |
II |
Y |
|
100 |
KÜKEDI, Zsolt |
III |
Y |
|
101 |
KUNYSZ, Maciej Dawid |
III |
A |
|
102 |
LADEFOGED, Anders |
I |
Y |
|
103 |
LE BRETON, Marie-Pierre |
I |
Y |
|
104 |
LEFÈVRE, Christophe |
II |
Y |
|
105 |
LEITANE, Katrina |
III |
A |
|
106 |
LOBO XAVIER, Gonçalo |
I |
A |
|
107 |
LOHAN, Cillian |
III |
N |
|
108 |
LUSTENHOUWER, Colin |
I |
N |
|
109 |
MACHYNA, Emil |
II |
Y |
|
110 |
MADSEN, Niels |
I |
Y |
|
111 |
MALLIA, Stefano |
I |
Y |
|
112 |
MANOLOV, Dimitar |
II |
Y |
|
113 |
MARCHIORI, Alberto |
I |
Y |
|
114 |
MARIN, Florian |
II |
N |
|
115 |
MARTINOVIC DŽAMONJA, Dragica |
I |
Y |
|
116 |
MASCIA, Sandro |
I |
Y |
|
117 |
MASTANTUONO, Alena |
I |
Y |
LEMCKE, Freya |
118 |
MATSAS, Andreas |
II |
Y |
|
119 |
MAVROMMATIS, Manthos |
I |
Y |
|
120 |
MEDINA, Felipe |
I |
Y |
|
121 |
MENSI, Maurizio |
III |
A |
|
122 |
MERLO, Nicoletta |
II |
Y |
|
123 |
MESKER, August Pierre |
I |
N |
|
124 |
MEYNENT, Denis |
II |
N |
|
125 |
MILTOVICA, Baiba |
III |
Y |
|
126 |
MINCHEVA, Mariya |
I |
Y |
PANGL, Andreas |
127 |
MIRA, Luís |
I |
Y |
|
128 |
MISSLBECK-WINBERG, Christiane |
I |
Y |
|
129 |
MITOV, Veselin |
II |
Y |
|
130 |
MONE, Andrea |
II |
A |
|
131 |
MOOS, Christian |
III |
A |
|
132 |
MORENO DÍAZ, José Antonio |
II |
A |
|
133 |
MORKIS, Gintaras |
I |
Y |
|
134 |
MOSTACCIO, Alessandro |
III |
N |
|
135 |
MUREȘAN, Marinel Dănuț |
I |
Y |
|
136 |
MURGUÍA ESTEVE, Aitor |
II |
N |
|
137 |
NIKOLOPOULOU, Maria |
II |
N |
|
138 |
NIKOLOV, Bogomil |
III |
N |
|
139 |
NOWACKI, Marcin |
I |
Y |
|
140 |
NYGREN, Ellen |
II |
A |
|
141 |
OCHEDZAN, Justyna Kalina |
III |
A |
|
142 |
O'CONNOR, Jack |
II |
A |
|
143 |
ÖNGÖRUR, Berivan |
II |
A |
|
144 |
OSTROWSKI, Krzysztof |
I |
A |
|
145 |
PADURE, Decebal-Ștefăniță |
I |
Y |
HAUNERT, Nora |
146 |
PAIDAS, Ioannis |
II |
Y |
|
147 |
PALMIERI, Stefano |
II |
A |
|
148 |
PARTHIE, Sandra |
I |
A |
|
149 |
PATER, Krzysztof |
III |
Y |
|
150 |
PAVIĆ-ROGOŠIĆ, Lidija |
III |
A |
|
151 |
PENTTINEN, Markus |
II |
Y |
|
152 |
PETRAITIENE, Irena |
II |
Y |
|
153 |
PIETKIEWICZ, Janusz |
I |
Y |
|
154 |
PILAWSKI, Lech |
I |
Y |
|
155 |
PLOSCEANU, Aurel Laurentiu |
I |
N |
|
156 |
POCIVAVŠEK, Jakob Krištof |
II |
A |
|
157 |
POPELKOVÁ, Hana |
II |
Y |
VAN KELLE, Lottie |
158 |
POTTIER, Jean-Michel |
I |
Y |
|
159 |
POTYRALA, Dariusz Miroslaw |
II |
Y |
|
160 |
PREDA, Bogdan |
I |
Y |
VUORI, Timo |
161 |
PROUZET, Emilie |
I |
Y |
|
162 |
PUECH d'ALISSAC, Arnold |
I |
Y |
|
163 |
PUXEU ROCAMORA, Josep |
I |
Y |
|
164 |
QUAREZ, Christophe |
II |
Y |
|
165 |
RAMMO, Alari |
III |
Y |
|
166 |
RAVNIK, Branko |
III |
Y |
|
167 |
REALE, Maurizio |
I |
Y |
|
168 |
REDING, Jean-Claude |
II |
N |
|
169 |
REISECKER, Sophia |
II |
A |
RUSU, Sabin |
170 |
RELIC, Danko |
III |
A |
|
171 |
REPANŠEK, Neža |
III |
N |
|
172 |
RIBBE, Lutz |
III |
N |
|
173 |
RISTELÄ, Pekka |
II |
A |
|
174 |
ROBYNS, Wautier |
I |
Y |
|
175 |
ROCHE RAMO, José Manuel |
III |
N |
|
176 |
RÖPKE, Oliver |
II |
N |
KLUGE, Norbert |
177 |
SAKAROVÁ, Dana |
II |
Y |
|
178 |
SALIS-MADINIER, Franca |
II |
N |
|
179 |
SAMMUT BONNICI, Dolores |
I |
A |
|
180 |
SCHAFFENRATH, Martin Josef |
III |
N |
|
181 |
SCHLÜTER, Bernd |
III |
A |
|
182 |
SCHMIDT, Peter |
II |
N |
|
183 |
SCHWARTZ, Arnaud |
III |
N |
|
184 |
SCHWENG, Christa |
I |
A |
|
185 |
SERRA ARIAS, Ricardo |
III |
Y |
|
186 |
SIBIAN, Ionut |
III |
N |
|
187 |
SILVA, Carlos |
II |
N |
|
188 |
SILVA, Francisco |
III |
N |
|
189 |
SILVA, João |
II |
N |
|
190 |
SINKEVICIUTE, Elena |
III |
Y |
|
191 |
SIPKO, Juraj |
III |
A |
|
192 |
ŠIRHALOVÁ, Martina |
I |
Y |
|
193 |
SMOLE, Jože |
I |
N |
|
194 |
SÕBER, Kristi |
I |
Y |
|
195 |
SOETE, Paul |
I |
Y |
|
196 |
STOEV, Georgi |
I |
Y |
|
197 |
STUDNICNÁ, Lucie |
II |
A |
MILIĆEVIĆ-PEZELJ, Anica |
198 |
SÜLE, Katalin Elza |
I |
Y |
|
199 |
SVENTEK, David |
I |
Y |
|
200 |
SZALAY, Anton |
II |
Y |
|
201 |
SZYMANSKI, Mateusz |
II |
Y |
|
202 |
TCHOUKANOV, Stoyan |
III |
N |
|
203 |
TEDER, Reet |
I |
Y |
MAJETIĆ, Davor |
204 |
THURNER, Andreas |
III |
N |
|
205 |
TIAINEN, Simo |
III |
Y |
|
206 |
TOPOLÁNSZKY, Ákos |
III |
A |
|
207 |
TRINDADE, Carlos Manuel |
II |
N |
MAURICIO DE CARVALHO, Fernando |
208 |
TUPILUȘI, Tudorel |
III |
Y |
|
209 |
TZOTZE-LANARA, Zoe |
II |
N |
|
210 |
ULGIATI, Luigi |
Non-insc |
Y |
|
211 |
UNGERMAN, Jaroslav |
Non-insc. |
Y |
|
212 |
VADÁSZ, Borbála |
I |
Y |
|
213 |
VARDAKASTANIS, Ioannis |
III |
N |
|
214 |
VASK, Kaia |
II |
Y |
|
215 |
VERNICOS, George |
I |
Y |
|
216 |
VIIES, Mare |
II |
Y |
|
217 |
VILARES DIOGO, Edgar |
III |
N |
|
218 |
VON BROCKDORFF, Philip |
II |
N |
|
219 |
VORBACH, Judith |
II |
N |
|
220 |
VYYRYLÄINEN, Tiina |
III |
Y |
|
221 |
WAGENER, Marco |
II |
N |
WOLFF, Romain |
222 |
WAGNSONNER, Thomas |
II |
N |
|
223 |
WILLEMS, Heiko |
I |
Y |
|
224 |
WILLEMS, Marie Josiane |
III |
A |
|
225 |
WRÓBLEWSKI, Tomasz Andrzej |
I |
Y |
|
226 |
WYCKMANS, Ferdinand |
II |
N |
|
227 |
YIAPANIS, Anastasis |
III |
Y |
|
228 |
YILDIRIM, Ozlem |
II |
Y |
|
229 |
YLIKARJULA, Janica |
I |
Y |
|
230 |
ZARINA, Katrina |
I |
Y |
|
231 |
ZIELENIECKI, Marcin Antoni |
II |
Y |
|
232 |
ZORKO, Andrej |
II |
N |
|
233 |
ZVOLSKÁ, Marie |
I |
Y |
HARTMAN RADOVÁ, Jana |
234 |
ZYCH, Tymoteusz Adam |
III |
N |
|
III Gníomhartha ullmhúcháin
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
An 572ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 21.9.2022 – 22.9.2022.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/123 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Spás Eorpach Sonraí Sláinte: leas a bhaint as cumhacht na sonraí sláinte ar mhaithe le daoine, le hothair agus leis an nuálaíocht
[COM(2022) 196 final]
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte
[COM(2022) 197 final – 2022/0140 (COD)]
(2022/C 486/16)
Rapóirtéir: |
Gonçalo LOBO XAVIER |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 6.6.2022 An Chomhairle, 13.6.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
Dáta a glactha sa rannóg |
8.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
22.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
198/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte. Tar éis ghéarchéim COVID-19, agus i bhfianaise samplaí maithe den chomhoibriú idir na Ballstáit, orthu sin Deimhniú Digiteach COVID an Aontais, is féidir leis an Aontas gona shaoránaigh tairbhe a bhaint as sonraí atá sábháilte, comhchuibhithe agus comhroinnte, sonraí a d’fhéadfadh feabhas a chur ar gach gné de chórais sláinte na mBallstát. Tá CESE ar aon tuairim leo siúd a deir gur rud ríthábhachtach atá sa chlaochlú digiteach chun cúram sláinte níos fearr a chur ar fáil do na saoránaigh, chun córais sláinte níos láidre agus níos athléimní a thógáil, chun tacú leis an iomaíochas agus leis an nuálaíocht go fadtéarmach in éiceachóras leighis an Aontais, agus chun cabhrú leis an Aontas sa téarnamh ón bpaindéim. |
1.2. |
Ó thaobh CESE de, is mór is tábhachtach leas a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as an nuálaíocht agus as an digiteáil chun feabhas a chur ar shaol na saoránach agus ar na seirbhísí sláinte araon. Bíodh sin mar atá, tá aird á tabhairt ag an tsochaí shibhialta eagraithe agus na comhpháirtithe sóisialta ar na leibhéil éagsúla litearthachta digití atá i mBallstáit an Aontais, rud a gcaithfear aghaidh a thabhairt air mar chuid de phróiseas cur chun feidhme na straitéise. Fad a bhaineann leis an gceist seo, tá tábhacht ar leith leis an mana “gan aon duine a fhágáil ar lár”. |
1.3. |
I gcás CESE, is deis an-mhaith atá sa togra maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte chun doine aonair a chumhachtú i rochtain agus i rialú a gcuid sonraí sláinte pearsanta féin. Ar aon leibhéal amháin leis sin, creideann CESE go n-áiritheodh an straitéis sin go mbeadh creat comhsheasmhach ann chun sonraí sláinte daoine aonair a úsáid i gcomhthéacs na mbeartas Taighde agus Forbartha. Ionas gur féidir an dá sprioc a aimsiú, ní mór féachaint leis go mbeidh iontaoibh agus sábháilteacht sa phróiseas. Ar an gcúis sin, ba mhaith le CESE go mbeadh feachtas cumarsáide ann ar scála mór chun iontaoibh an phobail a chothú i leith na hoibre. Ní mór na saoránaigh a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann le próiseas comhroinnte na sonraí. Dar le CESE go mb’fhiú aird a tharraingt ar na tairbhí díreacha atá ann le haghaidh na saoránach agus na dtomhaltóirí, faoi mar a rinneadh i gcás geallsealbhóirí eile, ach ní mór a thuiscint go bhfuil ceanglais cháilíochta éigeantacha i bhfeidhm, go háirithe chun críocha an údaraithe agus na hanaithnide. |
1.4. |
Measann CESE go mbeidh tionchar an-dearfach ag an Spás Eorpach Sonraí Sláinte ar na cearta bunúsacha atá ag gabháil le cosaint na sonraí pearsanta agus leis an tsaorghluaiseacht. Má bhíonn an nasc cuí idir é agus spás sonraí an Néil Eorpaigh maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC), sin agus leis an mbonneagar sonraí ábhartha Eorpach (1) i ndáil leis na heolaíochtaí beatha, cuirfidh sé ar a gcumas do na taighdeoirí agus do na nuálaithe, mar aon le lucht déanta beartas, na sonraí a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus níos sláine, rud a bheidh ina chosaint don phríobháideachas. De bhrí an smaoinimh sin, síleann CESE freisin gur iarracht mhaith eile é an togra seo chun borradh a chur faoin margadh inmheánach agus faoin acmhainn atá ann le feabhas saoil a thabhairt do shaoránaigh an hEorpa. |
1.5. |
Cé go dtacaíonn CESE leis an gclár oibre sin, tá aird á tarraingt aige ar an méid seo a leanas: má tá ganntanas ann sa chistiú do chúram na sláinte, ní féidir leis an Aontas iarraidh ar an bpobal tacú le limistéar Eorpach i gcomhair mhalartú na sonraí sláinte. Is mór an buille do na córais sláinte poiblí a bhí in COVID-19, agus ní mór don Aontas a thuiscint gur mithid dó an damáiste a chur ina cheart agus na córais sláinte poiblí a neartú le buiséad leordhóthanach sula bhféachfaidh sé an tionscadal seo, rud dearfach gan amhras. I dtuairim CESE, má tá buiséad ann le haghaidh “clár oibre”, ní mór don Aontas cistí a leithdháileadh chun na córais sláinte a neartú, ach idir an dá linn ní ceart dó tabhairt faoin tionscadal seo dá fheabhas é. |
1.6. |
Tá béim á cur CESE ar an ngá atá le soiléiriú ar úsáid sonraí príomhúla agus sonraí tánaisteacha na saoránach. Ní mór do dhaoine muinín agus iontaoibh a bheith acu sa chóras chun comhoibriú agus tuiscint a fháil ar na buntáistí atá ann don duine aonair agus don phobal ar fad. Is éard is dóigh le CESE gurb í úsáid thánaisteach na sonraí is cúis leis an imní atá ar dhaoine faoin scéal. Caithfidh sé a bheith an-soiléir cén úsáid a bhainfear as na sonraí, cad iad na teorainneacha atá leis an úsáid, cén comhlacht a dhéanfaidh na sonraí a rialú agus a bhailíochtú, agus cad iad na pionóis atá i bhfeidhm i gcás an neamhchomhlíonta. Creideann CESE go láidir gur féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus leis na comhpháirtithe sóisialta cuid den ábhar atá sna teachtaireachtaí sin a mhíniú agus a chur chun cinn má bhíonn siad rannpháirteach san obair mar ba cheart. Níl amhras ar bith ann ach gur thairbhe do na Ballstáit eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith ar láthair na háite chun tacú leis an bpobal i dtaobh na nithe sin lena chinntiú nach bhfágfar éinne ar an trá fholamh le linn an dul chun cinn. Ar an dul chéanna, na dochtúirí ginearálta agus lianna cóireála a bhíonn á roghnú ag na hothair, is lúb iad sa slabhra muiníne agus iontaoibhe a cheanglaíonn na hothair agus lucht úsáide na sonraí sláinte le chéile. Seo é an moladh atá ag CESE: na gairmithe sin a bheith rannpháirteach san obair, go háirithe sa straitéis cumarsáide. |
1.7. |
Cé go bhfuil CESE i bhfabhar an togra seo ar an mórchor, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún a mhachnamh a dhéanamh go glé ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann leis an tionscnamh chun na rioscaí a laghdú sula dtosóidh an obair. Tuigimis agus sinn ag trácht ar chórais sláinte na mBallstát gur iomaí dúshlán atá romhainn sa tslí. Tá a luas féin ag na Ballstáit éagsúla. Tá tuairimí éagsúla ann faoi chórais sláinte phoiblí agus phríobháideacha, agus ní mór do na saoránaigh a thuiscint nach gan infheistíocht agus roghanna beartais phoiblí a thabharfar an togra seo in inmhe. Caithfidh an scéal a bheith soiléir do na saoránaigh ionas go dtuigfidh siad gur cuid den straitéis agus den dul chun cinn é seo a mbeidh luach breise ann dá bharr, ní hionann agus rud atá ag creimeadh bhunsraith an chórais. Teastaíonn cumarsáid ionas nach mbeidh míthuiscintí ar an bpobal i gcoitinne faoi na cúrsaí seo. |
1.8. |
D’fhonn rochtain ní b’fhearr ar árachas a chur chun cinn do chách, rud a d’fhágfadh gur ghá do lucht díolta an árachais tuiscint níos fearr a bheith acu ar an bhfianaise atá sna sonraí ábhartha, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí seal machnaimh ar a ábhartha atá athbhreithniú ar an toirmeasc iomlán atá ar an úsáid a bhaineann lucht díolta árachais as sonraí tánaisteacha. Mar sin féin, mar gheall ar an riosca a bhaineann le hindibhidiúlú na bpréimheanna árachais agus le roghnú na rioscaí, is éard a measadh gurbh fhearr cloí le seasamh an Choimisiúin Eorpaigh, is é sin gur cheart úsáid thánaisteach sonraí leictreonacha sláinte a theorannú don aon chuspóir amháin, cuspóir atá iomlán dlisteanach, maidir le beartais agus le taighde sláinte poiblí a fheabhsú agus a riar. Rud eile atá an Coiste a iarraidh go bhfiosrófaí an bhféadfaí na sonraí sin a chur ar fáil do lucht díolta árachais chun críocha taighde, ar choinníoll iad a bheith ag luí go hiomlán le RGCS, sin agus leis na cuspóirí maidir le leas an phobail dá dtagraítear thuas, agus ar choinníoll na húdaráis inniúla a bheith ag faireachán orthu i gcomhar leis an tsochaí shibhialta. |
1.9. |
Creideann CESE go láidir go rachaidh an Spás Eorpach Sonraí Sláinte chun tairbhe do dhaoine aonair, do ghairmithe sláinte, do sholáthraithe cúraim sláinte, do thaighdeoirí, do rialtóirí agus do lucht déanta beartas, ach ní tharlóidh sé sin ach amháin más rud é, i gcomhthéacs na straitéise sin, go mbeidh na saoránaigh agus na geallsealbhóirí rannpháirteach san infheistíocht leanúnach a bheidh á déanamh sna córais sláinte náisiúnta. Ní féidir na saoránaigh a thabhairt faoi scáth na hoibre mura mbraitheann siad go bhfuil siad féin i gcroílár an phróisis. Molann CESE don Choimisiún agus do na Ballstáit ról a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ionas go n-éireoidh go maith le cur chun feidhme na straitéise agus ionas gur féidir tairbhe a bhaint as taithí na n-eagraíochtaí sin, rud a d’fhéadfadh an scéal a scaipeadh faoi thrédhearcacht agus faoi iontaofacht an tionscnaimh. Is rud ríthábhachtach sna réimsí sin atá san infheistíocht. |
1.10. |
Tacaíonn CESE leis an smaoineamh go bhféadfadh na Ballstáit agus na comhlachtaí a bhfuil baint acu leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte úsáid a bhaint as meascán d’infheistíochtaí ón gClár don Eoraip Dhigiteach, ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus ón gclár Fís Eorpach chun an straitéis a chur chun feidhme. Ina theannta sin, tacóidh an Clár don Eoraip Dhigiteach le tógáil an struchtúir is gá ionas go mbeidh rochtain shlán ar shonraí sláinte anonn agus anall thar theorainneacha na mBallstát agus chun spásanna coiteanna sonraí a thabhairt i gceist. Mar sin féin, tá aird á tabhairt ag CESE ar an méid ama a bheidh ag teastáil leis na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh, rud nach bhfuil nasctha go díreach le hamlíne na straitéise. Dá bhrí sin, ní mór ionchais na saoránach a chothromú laistigh d’amlíne na n-infheistíochtaí sin ionas nach baol go mbeidh díomá orthu, rud a thabharfadh orthu gan glacadh leis an straitéis ná le comhroinnt na sonraí i gcoitinne. |
1.11. |
Ar an ásc deiridh, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún infheistíocht a dhéanamh go comhsheasmhach i gcórais chibearshlándála ionas go bhféadfaí fadhbanna ollmhóra a sheachaint sna Ballstáit uile. Is é atá riachtanach muinín a bheith ag na daoine as na cúrsaí seo. Dá réir sin, na fadhbanna go léir agus na cásanna ar fad a bhí ann le déanaí in áiteanna go leor san Aontas, ní dhearna siad ach amhras agus eagla a chur ar dhaoine maidir le cosaint na sonraí agus maidir le slándáil na gcóras sláinte. Ní mór don Aontas aghaidh a thabhairt air sin ar bhealach comhordaithe, agus is ar a leithéid sin de chur chuige is fearr a bheidh toradh nuair a thabharfaimid aghaidh ar infheistíocht íogair den chineál sin. |
2. Creat ginearálta
2.1. |
Sheol an Coimisiún Eorpach an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS), rud atá ar cheann de bhunchlocha Aontas Sláinte láidir i gcomhair na hEorpa. Is creat comhroinnte sonraí sláinte é EHDS ina mbunaítear rialacha agus cleachtais shoiléire, bonneagar agus creat rialachais le haghaidh na húsáide a bhaineann na hothair as sonraí leictreonacha sláinte, agus le haghaidh taighde, nuálaíochta, ceapadh beartas agus gníomhaíochtaí rialála, mar aon le comhlíonadh iomlán ardchaighdeáin an Aontais i dtaca le cosaint na sonraí á áirithiú. |
2.2. |
Cuideoidh sé sin leis an Aontas léim mhór a thabhairt chun cinn sa chaoi a gcuirtear cúram sláinte ar fáil do mhuintir na hEorpa. Tabharfaidh sé de chumhacht do na daoine a gcuid sonraí sláinte a rialú agus a úsáid ina dtír dhúchais nó i mBallstáit eile. Cothaíonn sé margadh aonair sa chiall is cruinne den fhocal le haghaidh seirbhísí agus táirgí sláinte digiteacha. |
2.3. |
Áiritheoidh na Ballstáit eisiúint achoimrí na n-othar agus glacadh achoimrí na n-othar i bhformáid chaighdeánach Eorpach, mar aon le heisiúint agus glacadh ríomhoideas, torthaí saotharlainne agus na tuarascálacha a scríobhtar nuair a ligtear don othar dul abhaile. Is ceanglais éigeantacha a bheidh san idir-inoibritheacht agus sa tslándáil. Ní mór do na Ballstáit uile údaráis sláinte dhigiteacha a cheapadh lena áirithiú go mbeidh cosaint ann do chearta na saoránach. Beidh na húdaráis sin rannpháirteach sa struchtúr digiteach trasteorann (MyHealth@EU), struchtúr a thacóidh le hothair ionas gur féidir leo a gcuid sonraí a chur ar fáil pé áit san Aontas is gá. |
2.4. |
Cuireann an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS) tuilleadh fothú fós faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, leis an nGníomh um Rialachas Sonraí atá beartaithe, leis an Dréachtghníomh um Shonraí agus leis an Treoir NIS. Déanann sé comhlanú ar na tionscnaimh sin, agus cuireann sé rialacha níos saincheaptha ar fáil i gcomhair earnáil na sláinte. |
2.5. |
Is rud í príomhúsáid na sonraí sláinte leictreonacha a thacaíonn le húsáid na sonraí le haghaidh cúram sláinte feabhsaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasteorann. Is i dtaifid sláinte leictreonacha is gnách sonraí leighis a stóráil, taifid ina mbíonn cuibhrinn de stair leighis an othair (go lárnach nó faoi sholáthraithe cúraim sláinte éagsúla). Mar gheall ar an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, féadfaidh na daoine a gcuid sonraí sláinte a rochtain agus a chur ar fáil don ghairmí sláinte is rogha leo féin, fiú más san iasacht dóibh, agus sin sa teanga a labhraíonn an gairmí sláinte úd. Dá bhrí sin, tig leis an othar diagnóis agus cóireáil níos fearr a fháil, diagnóis agus cóireáil ar lú líon na n-earráidí leighis a bheidh iontu. Dá réir sin seachnófar diagnóisic nach bhfuil aon ghá leo. |
2.6. |
Is nuair a phróiseáiltear sonraí sláinte chun eolas agus measúnú a dhéanamh ar bheartais sláinte poiblí a bhaintear úsáid thánaisteach as ríomhshonraí sláinte, sin nó an uair atá taighde le déanamh. Sin rud a d’fhéadfadh sábháilteacht na n-othar a fheabhsú agus preab a chur i bhforbairt na gcógas nua agus na bhfeistí leighis nua, chomh maith le leigheas pearsantaithe agus táirgí atá ag brath ar an intleacht shaorga. I gcomhthéacs an Spáis Eorpaigh Sonraí Sláinte, is i bhfoirm chomhiomlánaithe a chuirtear torthaí an taighde sin ar fáil go poiblí, agus déantar príobháideachas na sonraí a chaomhnú mar is cuí. |
2.7. |
Is éiceachóras sonrach i gcomhair na sláinte é an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, córas ina bhfuil rialacha, caighdeáin choiteanna agus cleachtais choiteanna, bonneagar, agus creat rialachais arb é is aidhm dó:
|
3. Cumhacht na sonraí sláinte: an iontaoibh a chur i gceartlár na straitéise
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, tionscnaimh a d’fhéadfadh feabhas a chur ar shaol na saoránach, borradh a chur faoin nuálaíocht agus timpeallacht shábháilte a chruthú le haghaidh chosaint agus chomhroinnt na sonraí. |
3.2. |
Ó bhí géarchéim COVID-19 ann, tá brú á chur ar chórais sláinte naisiúnta na mBallstát uile, agus is tráthúil dá réir atá an tionscnamh seo ón gCoimisiún ag teacht ar an bhfód. |
3.3. |
An easpa buaine is dóigh le daoine a bheith sa chóras, tá CESE an-chinnte de gurb é sin is cúis leis an easpa muiníne atá ann go forleathan i leith an chórais, ainneoin go bhfuil torthaí dearfacha le feiceáil i dtíortha éagsúla. Na dochtúirí ginearálta agus lianna cóireála a bhíonn á roghnú ag na hothair, is lúb iad sa slabhra muiníne agus iontaoibhe a cheanglaíonn na hothair agus lucht úsáide na sonraí sláinte le chéile. Is éard atá á mholadh ag CESE ról gníomhach a thabhairt dóibh chun na saoránaigh a chur ar an eolas faoin luach a bhaineann le malartú sonraí sláinte dóibh féin mar dhaoine aonair agus don saol mór chomh maith. |
3.4. |
Chun leas a bhaint as an bpoitéinseal atá sna sonraí sláinte, tá togra reachtach curtha i láthair ag an gCoimisiún chun an Spás Eorpach Sonraí Sláinte a chruthú d’fhonn daoine aonair a chumhachtú i smachtú a gcuid sonraí sláinte féin ionas gur fearr an cúram sláinte a bheidh ar fáil agus ionas gur féidir leis an Aontas leas iomlán a bhaint as an bpoitéinseal atá i malartú na sonraí sláinte ar mhaithe lena n-úsáid agus a n-athúsáid go slán sábháilte agus sin a dhéanamh glan ar na constaicí atá ann i láthair na huaire. Tacaíonn CESE leis an smaoineamh ginearálta sin. |
3.5. |
Féadfaidh saoránaigh an Aontais a gcuid sonraí a rochtain agus a roinnt láithreach, agus is mó smacht a bheidh acu orthu san am céanna. Cuirfidh an Spás Eorpach Sonraí Sláinte cúram sláinte ar fáil a bheidh níos éifeachtaí, níos inrochtana agus níos athléimní. Cuirfidh sé feabhas ar cháilíocht saoil na ndaoine, agus san am céanna fágfaidh sé smacht na sonraí sláinte faoi na daoine aonair, agus ligfidh sé amach an poitéinseal atá i ngeilleagair na sonraí. Ní miste a rá arís go gcreideann CESE agus an tsochaí shibhialta eagraithe go gcaithfidh an tAontas leas a bhaint as an meon oscailte atá ag na daoine i leith tionscnamh den sórt seo fad a thuigeann siad an tionscadal féin, agus fad a thuigeann siad an tairbhe atá le baint as an gcoincheap. |
4. Na dúshláin atá ag gabháil le húsáid na sonraí sláinte: rioscaí agus deiseanna
4.1. |
Creideann CESE gur ríthábhachtach go dtuigfeadh na Ballstáit an gá atá le hinfheistíochtaí chun an tionscadal sin a chur chun cinn agus go bhfuil roinnt tosaíochtaí straitéiseacha iomaíocha eile ann faoi láthair. |
4.2. |
Ós rud é gur ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (2), ar an nGníomh um Rialachas Sonraí (3), ar an Dréachtghníomh um Shonraí (4) agus ar an Treoir NIS (5) atá an Spás Eorpach Sonraí Sláinte bunaithe, soláthraíonn sin gné na muiníne agus gné na trédhearcachta den obair. Is creataí cothrománacha iad seo ina bhfuil rialacha a bhfuil feidhm acu maidir leis an earnáil sláinte (lena n-áirítear bearta slándála). Mar sin féin, ní féidir a shéanadh gur ceist an-íogair í ceist na sonraí sláinte, ceist a gcaithfear aghaidh a thabhairt uirthi i gceart. |
4.3. |
Tá os cionn leath de na Ballstáit gan reachtaíocht shonrach i leith athúsáid sonraí leictreonacha sláinte, chun críoch taighde, mar shampla, nó chun críoch ceaptha beartas nó rialála. Is ar fhorálacha ginearálta RGCS atá siad ag brath, agus toiliú á iarraidh acu go minic chun sonraí sláinte a phróiseáil (6). Is é an toradh atá air sin teorainn a bheith le hathúsáid sonraí sláinte. Tá cuid de na Ballstáit gan comhlacht inniúil i gcomhair rochtain ar shonraí sláinte, ach sa chás ina bhfuil a leithéid ann is amhlaidh atá méadú ag teacht go raidhsiúil ar líon na n-iarrataí ar úsáid sonraí sláinte i dtionscadail taighde nó i dtionscadail déanta beartas. Léiríonn sin an tsuim ag daoine i gcóras den chineál sin (7), agus léiríonn sé fós an srian atá ar an éileamh. Tuigeann CESE gur coincheap é sin a léiríonn go bhfuil údar maith le straitéis den chineál sin. |
4.4. |
Faoin Spás Eorpach Sonraí Sláinte, beidh cur chuige nuálach ann i gclárú na hailse, agus malairt roghanna b’fhéidir chun faisnéis gheologánaithe a bhailiú faoi chineálacha éagsúla ailse de réir mar ba thráthúil. Sin rud a d’fhéadfadh eolas cruinn a chur ar fáil ó lá go lá faoi chúrsaí ailse san Aontas. San am céanna, tharlódh dá bharr sin go n-aithneofaí treochtaí, éagothromaíochtaí agus neamhionannas idir na Ballstáit agus na réigiúin. |
4.5. |
Rud atá tábhachtach, d’fhéadfaí go mbeadh sé níos éasca tabhairt faoi na dúshláin agus na réimsí sonracha gníomhaíochta inar mithid infheistíocht agus gníomh nach é ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Rud eile, fágfaidh sé go mbeidh an scagthástáil agus cúram na hailse níos dírithe ar an sprioc, iad níos éifeachtaí agus iad níos inrochtana mar shampla. |
4.6. |
Is rud lárnach i saol na ndaoine an chibearshlándáil. Is ollmhór na buntáistí atá ag gabháil leis an teicneolaíocht, agus nuair is iad sonraí na ndaoine atá i gceist, is airde fós an poitéinseal atá ann. Dá réir sin, áfach, is mó baol atá ann go rachaidh faisnéis thábhachtach luachmhar amú. Is maith is eol do CESE cé na rioscaí atá ann, agus i bhfianaise na gcásanna a bhí i mBallstáit éagsúla le déanaí, is mithid feasta gníomh a dhéanamh. Is mór an tábhacht atá le straitéis chomhordaithe chun an “cibirphíoráideacht” a chomhrac agus chun leibhéil na cibearshlándála a ardú. Mura mbeidh infheistíocht den chineál seo ann, ní bheidh sa togra ach rud gan fiúntas. |
5. Rialachas, cistiú agus idirghníomhaíocht le beartais sláinte eile
5.1. |
Creideann CESE go láidir gur deis é an tionscadal seo chun an tAontas Eorpach a chumhachtú. Na cearta agus na coimircí atá ann ar shonraí sláinte an Aontais, is amhlaidh a neartódh an tionscadal iad, rud a rachadh chun tairbhe don Aontas. An rochtain ar shonraí sláinte, agus roinnt na sonraí le gairmithe sláinte eile, sin dhá rud a bheadh ní b’fhusa. Chomh maith leis sin, ní chaithfí na hothair a chur faoi thástáil an dara huair nuair nár ghá sin a dhéanamh. San am céanna, má bhíonn sé níos éasca rochtain ar shonraí idir-inoibritheacha ar ardcháilíocht, tiocfaidh an nuálaíocht agus forbairt cóireálacha nua chun cinn, mar aon le vacsaíní nua agus leigheas pearsantaithe. Dá bhrí sin, tá gá le comhordú cuí i measc na ngeallsealbhóirí uile — na córais sláinte poiblí, na rialtais, na saoránaigh, lucht déanta na mbeartas agus lucht cumarsáide — chun na spriocanna sin a aimsiú. |
5.2. |
Is é an tuairim atá ag CESE freisin gurb éard is infheistíocht sa digiteáil ann infheistíocht i gcúram sláinte ní b’fhearr, sin agus in athléimneacht chórais sláinte na mBallstát. Mar sin féin, tuigeann CESE freisin go bhfuil deis ag na Ballstáit úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna airgeadais Eorpacha, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), ós í is príomhcholún do phlean téarnaimh na hEorpa, mar aon le Next Generation EU, scéim atá dírithe ar chabhair airgeadais do na Ballstáit chun éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a chomhrac agus chun geilleagar na hEorpa a dhéanamh níos frithsheasmhaí má bhaintear suaitheadh as arís lá is faide anonn. |
5.3. |
Tá aird á tarraingt ag CESE ar an tairbhe atá le baint as infheistíocht sa bhonneagar a d’fhágfadh go mbeadh digiteáil agus dul chun cinn ag tarlú sna réigiúin ar fad. Ní fiú tús a chur le tionscadal chomh mór leis gan gréasán maith agus an bonneagar maith a bheith ann, nó gan infheistíocht a dhéanamh chun oiliúint agus litearthacht dhigiteach na saoránach a fheabhsú. |
5.4. |
Tacaíonn CESE leis an smaoineamh gur féidir leis na Ballstáit agus leis na comhlachtaí a bhfuil baint acu leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, mar aon le hearnálacha eile, úsáid a bhaint as breis agus EUR 480 milliún ón gClár don Eoraip Dhigiteach, ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus ón gclár Fís Eorpach. Chomh maith leis sin, tacóidh an Clár don Eoraip Dhigiteach le tógáil an struchtúir atá riachtanach ionas go mbeidh rochtain shlán ar shonraí sláinte ó Bhallstát go chéile, agus chun spásanna coiteanna sonraí a fhorbairt. Deir CESE go mbeidh tuilleadh ama ag teastáil leis na hinfheistíochtaí sin a dhéanamh, agus nach mór ionchais na saoránach a chothromú laistigh d’amlíne na n-infheistíochtaí sin. |
An Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Trí bhíthin na dtreochlár straitéiseach, is éascú a bhí san Fhóram Straitéiseach Eorpach um Bonneagair Thaighde le bonneagar taighde Eorpaigh a chur ar bun, bonneagar atá tiomnaithe do shonraí taighde sláinte, don bhailiú bithbhaincéireachta, do shonraí íomháithe leighis, etc. Sonraí ar fáil anseo: https://roadmap2021.esfri.eu/.
(2) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(3) IO L 152, 3.6.2022, lch. 1.
(4) Togra le haghaidh Rialachán i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí); COM(2022) 68 final.
(5) IO L 194, 19.7.2016, lch. 1.
(6) Hansen J. et al, Assessment of the EU Member States’ rules on health data in the light of GDPR. Ar fáil ag https://ec.europa.eu/health/system/files/2021-02/ms_rules_health-data_en_0.pdf
(7) De réir an mheasúnaithe tionchair a ghabhann leis an togra (lch. 15), atá le teacht.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/129 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1001 agus 2019/1753 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh (AE) 2019/1754 ón gComhairle
[COM(2022) 174 final — 2022/0115 (COD)]
(2022/C 486/17)
Rapóirtéir: |
Paulo BARROS VALE |
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 11.5.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 118(1) agus Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
Dáta a glactha sa rannóg |
8.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
227/2/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an tionscnamh ón gCoimisiún a bhfuil sé mar aidhm aige a áirithiú go gcosnófar tásca geografacha le haghaidh táirgí tionsclaíocha agus ceardaíochta ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus go líonfar, ar an gcaoi sin, an bhearna atá ann faoi láthair sa reachtaíocht maidir leis na cineálacha táirgí sin. Is gá an fhéiniúlacht réigiúnach agus an fios feasa traidisiúnta a chaomhnú; chomh fada leis sin de, is ionstraim thábhachtach í an reachtaíocht sa réimse seo chun na réigiúin a fhorbairt ós rud é go gcosnaítear na táirgeoirí agus na tomhaltóirí araon faoi scáth na cosanta a chuireann na tásca geografacha ar fáil. |
1.2. |
Creideann CESE go gcuireann an chosaint a thugtar leis na tásca geografacha borradh faoi fhorbairt na réigiún, go háirithe fúthu siúd nach bhfuil chomh forbartha céanna, ar an ábhar go bhfeidhmíonn siad mar a bheadh dreasú ann do na táirgeoirí trína áirithiú go dtugtar aitheantas dá dtáirgí agus go gcosnaítear iad ar aon aithris a dhéanfaí orthu; go mealltar daoine go dtí a gcríoch féin dá réir agus go gcoimeádtar ann iad, trí phoist ardcháilíochta lena ngabhann pá níos fearr a chur ar fáil dóibh, agus gur spreagadh iad na tásca geografacha don turasóireacht inbhuanaithe, go háirithe do shainghníomhaíochtaí turasóireachta atá bunaithe ar cháil an réigiúin i gceist. |
1.3. |
Tá togra á thíolacadh ag an gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha. Is éideimhin le CESE gur fearr an rogha atá déanta ag an gCoimisiún in ionad an creat atá ann faoi láthair, creat atá infheidhme maidir le táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair, fíonta agus biotáillí, a leathnú chun táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chuimsiú ann. Ach an dara rogha sin a thógáil níor ghá cur lena bhfuil de reachtaíocht, nósanna imeachta agus údaráis ann, toisc go mbunófaí córas aonair cosanta trí bhíthin na dtásc geografach, a mbeadh feidhm aige maidir le gach cineál táirge. |
1.4. |
Is ríthábhachtach le CESE go mbeadh an tsiombail a úsáidfear chun tásc geografach a léiriú tarraingteach agus oiriúnach do na bealaí nua cumarsáide go léir, lena gcumhdófaí an réimse ina iomláine ón lipéadú traidisiúnta go dtí an chumarsáid dhigiteach is ardfhorbartha. Ba cheart go mbraithfeadh tomhaltóirí gur ag plé le táirge ardcháilíochta lániontaofa atá siad agus gur áis d’obair chumarsáide an táirgeora é. Measann CESE go bhféadfaí meabhair a chaitheamh le siombail reatha an táisc gheografaigh faoi chosaint atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 (1) a thabhairt cothrom le dáta agus go bhféadfaí lámhleabhar trádmharcanna a tharraingt suas ina comhair. |
1.5. |
Tá CESE den tuairim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach, i réimse na cosanta a thugtar le tásca geografacha, go mbeadh an próiseas aistrithe ón leibhéal náisiúnta go leibhéal an Aontais Eorpaigh simplí agus tapa. Is den tábhacht gan leanúint d’úsáid an dá chóras bonn ar bhonn rófhada eile toisc go mb’ábhar mearbhaill é sin do thomhaltóirí agus do tháirgeoirí araon. Ar a mhuin sin, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit sin a bhaineann leas cheana as cosaint gheografach faoi Chomhaontú Liospóin siombail an Aontais Eorpaigh a chur ar taispeáint gan mhoill ar na táirgí lena mbaineann, rud a chuirfidh leis an íomhá ardcháilíochta atá á comharthú acu. |
1.6. |
Molann CESE don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar aon díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn sna próisis deimhniúcháin, go háirithe le tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach, agus a chumhacht idirbheartaíochta a fheidhmiú. Siúd is nach bhfuil aon amhras faoi gur ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) ba cheart an chumhacht a bheith i gcónaí chun cinneadh a dhéanamh maidir le deimhniú a dheonú, ós aici atá an inniúlacht aitheanta i réimse na maoine tionsclaíche, is gá don Choimisiún, ar a shon sin, bealach cumarsáide a bhunú leis an Oifig sin chun anailís a dhéanamh ar chásanna a bhfuiltear in amhras orthu agus ar dóigh dóibh díospóidí a thionscnamh. Is féidir le réigiúin trasteorann (cibé acu taobh istigh den Aontas Eorpach nó teorantach le tríú tíortha atá siad) a bheith dúshlánach ina slí féin nuair a bhítear ag cothú an chomhdhearcaidh is gá chun táirgeoirí agus tomhaltóirí araon a chosaint. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Is éard is aidhm don togra ón gCoimisiún a áirithiú go gcosnófar táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha leis na tásca geografacha (2) ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. Ní thagann na táirgí sin faoi raon feidhme an tsásra cosanta atá ann faoi láthair do na tásca geografacha, toisc nach gcumhdaítear leis ach amháin táirgí talmhaíochta agus earraí bia, fíonta agus biotáillí. Is iomaí táirge ceardaíochta agus tionsclaíoch san Aontas Eorpach a bhfuil saintréithe uathúla aige a bhaineann lena réigiún tionscnaimh, a ndéantar aithris air agus a bhíonn á ghóchumadh ar bhonn leanúnach, rud a fhágann gur den phráinn táirgí den chineál sin a chosaint. |
2.2. |
In éagmais sásra cosanta ar leibhéal an Aontais agus i ngeall ar an éiginnteacht dhlíthiúil a eascraíonn as dlíthe éagsúla a bheith ann nó as ar leibhéal na mBallstát, is deacair táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a bhfuil saintréithe uathúla acu atá nasctha lena réigiún tionscnaimh a chosaint. D’fhéadfadh sé go rachadh cuid de na táirgí sin ar ceal de thoradh na n-easnamh sin, faoi mar a rachadh na hinniúlachtaí a ghabhann leo. Ba cheart táirgí ag a bhfuil féiniúlacht réigiúnach agus saintréithe uathúla agus ar dlúthchuid de thraidisiúin agus d’fhéiniúlacht na réigiún iad a chaomhnú agus a úsáid chun forbairt na limistéar sin a spreagadh, chun a áirithiú go gcuirfear a bhfios feasa bunúsach ar aghaidh agus chun áitritheoirí a mhealladh agus a choimeád ann. |
2.3. |
I mí na Samhna 2019, d’aontaigh an tAontas Eorpach d’Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (3). Is gá anois creat reachtach a bhunú a chuirfidh ar chumas an Aontais liosta dá thásca geografacha a chur isteach d’fhonn iad a chur faoi chosaint an chórais, ionas go mbeidh táirgeoirí Eorpacha in ann tairbhe a bhaint as an sásra cosanta sin. |
2.4. |
Mar atá tugtha faoi deara aige cheana (4), creideann CESE gur uirlis luachmhar do tháirgeoirí Eorpacha cosaint na dtásc geografach agus tá sé i bhfách le córas comhchuibhithe a chruthú chun na tásca sin a chosaint i gcás táirgí neamhthalmhaíochta. Measann sé go gcabhróidh an córas seo leis na táirgeoirí sin a dtáirgí ardcháilíochta a chur i láthair ar bhealach níos éifeachtaí i margadh domhandaithe, léirscaoilte agus iomaíoch, agus go mbeidh éifeachtaí dearfacha aige i gcoitinne agus ar na réigiúin lagfhorbartha go mór mór. |
2.5. |
Chosain CESE an seasamh sin cheana in 2015 i dtuairim dá chuid maidir le tásca geografacha AE le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta (5). Chomh maith le cás a dhéanamh ar son na cosanta a thugtar le tásca geografacha a leathnú go táirgí neamhthalmhaíochta trí bhíthin reachtaíocht ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, molann CESE gur cheart an córas nua a mhúnlú, a mhéid is féidir, ar an gcreat atá ann cheana lena gcumhdaítear táirgí talmhaíochta agus bia-ábhair, fíonta agus biotáillí. |
2.6. |
Maidir le táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chosaint trí bhíthin tásca geografacha, measann CESE gur cur chuige é sin a bhféadfadh roinnt éifeachtaí dearfacha a bheith aige mar leanas: cuirfear le cáilíocht na táirgeachta, rud is gá chun na critéir lena gcinntear an chosaint a chuirtear ar fáil leis na tásca sin a chomhlíonadh agus rud a chothóidh muinín dá réir i measc tomhaltóirí; cruthófar an deis daoine a mhealladh agus a choinneáil sa réigiún lena mbaineann trí phoist do dhaoine oilte lena ngabhann pá níos fearr a chruthú agus tríd an mbród agus an dea-theist a chothaítear nuair a mhothaíonn daoine go mbaineann siad le limistéar geografach a bhfuil saintréithe eisceachtúla aige; déanfar an turasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt; agus méadófar an chosaint in aghaidh an dochair a dhéantar mar thoradh ar aithris agus ar ghóchumadh. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. |
Tá an togra ón gCoimisiún bunaithe ar fhorálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a bhaineann le maoin intleachtúil agus leis an gcomhbheartas tráchtála (6). Is éard is cuspóir dó comhchóras cosanta a bhunú do tháirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha (dlí Eorpach aonchineálach maidir le maoin intleachtúil) agus sásraí láraithe a bhunú le haghaidh údarú, comhordú agus rialú, i gcomhréir le córas Liospóin, lena gcuirtear chun feidhme an comhaontú a tugadh i gcrích le síniú Acht na Ginéive. Is é an Rialachán uathrialaitheach an ionstraim atá roghnaithe chun na críche sin, agus é i gcomhréir leis an rialachán atá ann cheana do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair, d’fhíonta agus do bhiotáille. Chuathas i gcomhairle leis na geallsealbhóirí a bhí i bhfách den chuid ba mhó le córas sonrach de thásca geografacha a chruthú. |
3.2. |
Chomh maith leis an gcreat rialála atá ann faoi láthair a choinneáil, ar creat é atá ilroinnte agus lena soláthraítear ráta suarach cosanta ar an leibhéal idirnáisiúnta, scrúdaíodh trí rogha beartais sa mheasúnú tionchair a rinneadh ar an togra: rogha beartais 1 — scéim chosanta na dtásc geografach le haghaidh táirgí talmhaíochta a leathnú d’fhonn tásca geografacha le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chuimsiú inti; rogha beartais 2 — rialachán uathrialach AE lena mbunaítear cosaint shonrach do thásca geografacha; rogha beartais 3 — athchóiriú ar an gcóras trádmharcanna. |
3.3. |
Beartaíodh ar rogha 2 i bhfoirm togra le haghaidh Rialachán maidir le tásca geografacha a chosaint le haghaidh táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha. Tá CESE in amhras air gurb é sin an rogha is fearr. Ráite gurb é is aidhm don togra an córas céanna a ghlacadh is atá ann le haghaidh táirgí talmhaíochta agus bia-earraí, fíonta agus biotáillí, b’fhéidir gurbh é an cur chuige ba shimplí an creat atá ann faoi láthair a leathnú d’fhonn táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a chuimsiú ann, mar atá dul ar iontaoibh rogha 1. Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe leanúnach san earnáil agraibhia chuimseofaí an catagóir nua táirgí seo sa chóras agus chomhchuibheofaí na nósanna imeachta faoina ndéantar na tásca geografacha a aithint gan cur lena bhfuil de reachtaíocht, nósanna imeachta agus údaráis fhreagracha ann cheana. |
3.4. |
Chomh fada leis an nasc críochach de, tacaíonn CESE leis an rogha atá déanta i bhfabhar tásca geografacha faoi chosaint seachas sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint. Ní mheasann sé gur den riachtanas, i gcás táirgí den sórt sin, an chosaint atá beartaithe a thabhairt dóibh siúd ar choinníoll gur sa limistéar geografach sainithe a dhéantar iad a tháirgeadh, a phróiseáil agus a ullmhú, agus ar an gcoinníoll sin amháin. Is féidir le táirge ceardaíochta nó tionsclaíoch a fhéiniúlacht a chaomhnú go feillbhinn, áfach, fiú más i réigiún eile a chuirtear ceann de na céimeanna sin i gcrích ós rud é gur ar a stair nó a modh táirgthe a sheasann an fhéiniúlacht sin. |
3.5. |
Creideann CESE gurb é an rogha is iomchuí córas dhá chéim a sholáthar, ar an leibhéal náisiúnta i dtosach báire agus ina dhiaidh sin ar leibhéal an Aontais. Is iad na Ballstáit féin is fearr a thuigeann saintréithe a gcríche agus na dtáirgí a fhéadfaidh tairbhiú den chóras cosanta arna chur ar fáil ag na tásca geografacha; rud eile, ní ann d’aon deacrachtaí teanga sa chás sin. Is ar éigean is gá a rá gur cheart don chóras náisiúnta sin a bheith solúbtha, gur cheart costas íseal a bheith ag roinnt leis agus gur cheart cothrom iomaíochta a bheith ann do na táirgeoirí go léir beag beann ar a n-áit tionscnaimh. |
3.6. |
Tá CESE i bhfách leis gur roghnaíodh EUIPO (7) le bheith freagrach as céim an chlárúcháin ar leibhéal an Aontais. Tá an oifig sin ar cheann de na hinstitiúidí is mó taithí ar réimse na maoine tionsclaíche, agus is oifig í a bhfuil a cumas agus a hinniúlacht léirithe aici i dtaca le feidhmiú a freagrachtaí agus a bhfuil na huirlisí is gá aici chun na clárúcháin sin a phróiseáil. Is mó fós an tábhacht atá leis an rogha sin mar go mbeifear in ann a fhíorú, dá bhrí sin, an ann d’aon mhíréir idir clárú na dtásc geografach agus clárú na dtrádmharcanna agus na bpaitinní. |
3.7. |
Tá CESE i bhfabhar cead a thabhairt do ghrúpa táirgeoirí iarratais ar thásca geografacha i leith a sonraíochtaí féin a chlárú, a chealú nó a leasú, a chur faoi bhráid EUIPO go díreach nuair is amhlaidh a thagann siad ó Bhallstát a d’iarr go ndíolmhófaí iad ón oibleagáid údarás inniúil a ainmniú chun bainistiú a dhéanamh ar chéim náisiúnta an chlárúcháin agus ar nósanna imeachta eile a bhaineann leis an gcatagóir táirgí sin. Go deimhin, fiú mura n-aithníonn an tír thionscnaimh gur gá infheistíocht a dhéanamh sa chóras cosanta arna chur ar fáil ag tásca geografacha, níor cheart táirgeoir ar bith a fhágáil as an scéim i gcás ina mbeidh sé i dteideal leas a bhaint as. |
3.8. |
Is díol sásaimh do CESE gur féidir féindearbhú a dhéanamh chun comhlíonadh sonraíochtaí táisc gheografaigh a fhíorú. Sna cásanna sin, foráiltear go bhféadfaidh na Ballstáit seiceálacha a dhéanamh go fánach. Is mian le CESE a chur in iúl go bhféadfadh sé, i gcásanna ina gcumhdaíonn tásc geografach níos mó ná Ballstát amháin nó, go háirithe, ina gcumhdaíonn sé tír nach cuid den Aontas Eorpach í, go mba dheacair seiceálacha den sórt sin a dhéanamh agus go bhféadfadh coinbhleachtaí ó thaobh dlínse de teacht chun cinn fiú. |
3.9. |
Tá CESE den tuairim gur maith an rud é go gcosnófar táirgí ceardaíochta agus tionsclaíocha a bhuí le teideal Eorpach, teideal a ghlacfaidh ionad na gcóras náisiúnta atá ann cheana. Leis an rogha seo, déantar deimhin de nach mbeidh dhá chóras (córas Eorpach agus córas náisiúnta) in úsáid bonn ar bhonn agus gur cur chuige aonfhoirmeach a bheidh i bhfeidhm. Tá an rogha sin thar a bheith tábhachtach má táthar chun an nós imeachta cosanta a éascú sna réigiúin trasteorann trí nósanna imeachta a chaighdeánú. |
3.10. |
Cuireann CESE chun suntais a thábhachtaí atá sé sainmhíniú a thabhairt ar an rud is táirge ceardaíochta agus tionsclaíoch ann, mar a luaitear in Airteagal 3 den togra le haghaidh rialacháin. Ba cheart glacadh forleathan a bheith ag geallsealbhóirí leis an sainmhíniú, ionas nach mbeidh aon amhras ann cé na táirgí is féidir a chur faoi chosaint tásc geografach. |
3.11. |
Tacaíonn CESE leis an smaoineamh gur cheart go gcuirfí gné na nuálaíochta san áireamh sa tsonraíocht táirge, ós rud é gur cuidiú í uaireanta chun an oidhreacht chultúrtha a chosaint agus a fhorbairt. I gcás ina ndéanfar athrú ar mhodh táirgthe a eascraíonn as teicneolaíocht nó próiseas nuálach, ach nach gcaitheann amhras ar cháilíocht an táirge lena mbaineann, ar a bharántúlacht, ar a cháil ná ar a shaintréithe, toisc go bhféadfadh baint a bheith acu le tionscnamh geografach an táirge, níor cheart go scoirfi de bheith ag cosaint an táirge sin ná go gcaithfí nós imeachta um iarratas nua ar chosaint a thionscnamh dá thairbhe. |
3.12. |
Is ábhar imní do CESE go bhféadfadh coinbhleachtaí tarlú idir na Ballstáit agus, go háirithe, idir na Ballstáit agus tíortha nach cuid den Aontas Eorpach iad, maidir le rogha nó úsáid ainm réigiúin agus seiceálacha iardheimhniúcháin. I gcás tásca geografacha trasteorann, tá an baol ann nach bhféadfar teacht ar chomhthoil faoin téarmaíocht atá le húsáid agus go bhfágfar táirgeoirí áirithe gan rochtain acu ar an gcosaint sin. Ba cheart an chumhacht pholaitiúil a bheith ag an gCoimisiún chun comhaontuithe a chaibidliú nuair a thagann cásanna den sórt sin chun cinn. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcumhacht sin i réimse an rialaithe iardheimhniúcháin, ionas gur féidir critéir um measúnú comhréireachta a shainiú is infheidhme go cothrom ar dhá thaobh na teorann. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.
(2) Is éard is “tásc geografach” ann aon tásc a bhaineann le táirge de thionscnamh limistéir gheografaigh ar leith agus a bhfuil cáilíocht, clú nó saintréith eile aige atá nasctha go dlúth lena thionscnamh geografach.
(3) Le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin, arna riar ag an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), tugtar deis dá pháirtithe conarthacha cosaint a thabhairt dá dtásca geografacha, ar cosaint í a chuirtear ar fáil laistigh d’achar gairid, atá ar ardchaighdeán agus a bheidh bailí ar feadh tréimhse éiginnte. Le hAcht na Ginéive, tugtar Comhaontú Liospóin cothrom le dáta agus leathnaítear a raon feidhme chun na tásca geografacha go léir a chuimsiú ann.
(4) IO C 286, 16.7.2021, lch. 59.
(5) IO C 251, 31.7.2015, lch. 39.
(6) Airteagal 188 agus Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(7) Is éard is EUIPO ann Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/133 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac
[COM(2022) 209 final — 2022/0155 (COD)]
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne) (BIK+)
[COM(2022) 212 final]
(2022/C 486/18)
Rapóirtéir: |
Veselin MITOV |
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 22.7.2022 Parlaimint na hEorpa, 12.9.2022 An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022 |
Bunús Dlí |
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
Dáta a glactha sa rannóg |
08.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
233/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra le haghaidh rialachán “lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac” (1) agus an straitéis dar teideal “Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne)” (2); is ar uain an riachtanais a eisíodh na téacsanna sin ó tharla gur nós le leanaí, murab ionann is riamh, tosú ar an idirlíon a úsáid ag aois níos luaithe, agus é sin ar bhonn laethúil nach mór, agus ó tharla méadú seasta síoraí a bheith tagtha ar an éileamh atá ar ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí, dar le Europol. |
1.2. |
Tá CESE i bhfách leis an ngné oideachasúil den straitéis ós den riachtanas cur le scileanna, litearthacht dhigiteach agus feasacht na leanaí faoi úsáid sonraí pearsanta, i dtreo gur féidir le gach leanbh, cibé olc nó maith a chúinsí féin, úsáid fheasach a bhaint as an idirlíon d’fhonn a chosanta ar na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann. |
1.3. |
Is den ghéar-riachtanas freisin oiliúint a chur ar na caomhnóirí dlíthiúla agus orthu siúd a oibríonn, cuir i gcás, sna scoileanna agus sna hinstitiúidí oideachais agus spóirt ar an ábhar gurb iomaí duine fásta sna catagóirí sin nach mbíonn na scileanna riachtanacha acu. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún feachtais litearthachta sna meáin a chur ar bun do leanaí agus dá gcaomhnóirí dlíthiúla, ag tarraingt dó ar na líonraí agus na hiolraitheoirí thuasluaite. Molann sé go mór na feachtais sin a leathnú d’fhonn eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta eagraithe a chur san áireamh, d’fhonn cur leis an tionchar a bheidh acu agus d’fhonn réitigh chruthaitheacha a cheapadh, ós rud é go bhfuil seantaithí ag na heagraíochtaí sin i gcuid de na Ballstáit ar bheith ag feidhmiú ar an láthair agus ar an túslíne. Ar an ábhar sin, ba cheart tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí. |
1.4. |
Tá CESE i bhfách i bprionsabal leis an rialachán atá beartaithe, ach tá amhras áirithe air faoi chineál díréireach na mbeart atá ar na bacáin agus faoin mbaol atá ann go sárófar toimhde na neamhchiontachta, ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an rialachán oibleagáid a chur ar chuideachtaí teicneolaíochta teachtaireachtaí, grianghraif nó físeáin a phostáiltear ar líne a scanadh chun cásanna féideartha mí-úsáide leanaí a bhrath. Más “cinnte” leo go bhfuil mí-úsáid i dtreis, d’fhéadfadh na cuideachtaí sin dul ar iontaoibh “údarás comhordúcháin” i ndiaidh an ama, ar údarás arna ainmniú ag an mBallstát é a dtabharfaí de chumhacht dó a iarraidh ar chúirt náisiúnta nó ar údarás riaracháin neamhspleách ordú braite a eisiúint. |
1.5. |
Is dlisteanach agus is riachtanach an ní an phornagrafaíocht leanaí ar líne a chomhrac, ach má fhorchuirtear córas braite príobháideach prima facie le haghaidh cineálacha áirithe inneachair, cibé acu aindleathach, neamhdhleathach nó contúirteach iad, beidh an baol ann gur féidir gach teagmháil fhíorúil a fhaire go fada fairsing. |
1.6. |
Tá sé leagtha síos sa rialachán atá beartaithe gur cheart do chuideachtaí patrúin teanga a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhrath, trí úsáid a bhaint as an intleacht shaorga chun anailís a dhéanamh ar theagmhálacha ina mbíonn daoine fásta i mbun mealltóireachta. Ar a shon sin, is léir ón saol digiteach gur féidir leis na scanóirí algartamacha a bheith earráideach ar uainibh. Tá sé ríthábhachtach, más ea, a bheith cáiréiseach i dtaobh mhodh a n-úsáidte agus sraith rialacha a leagan síos chuige sin. |
1.7. |
Is éard a chuireann CESE roimhe leasanna an uile dhuine a chosaint, rúndacht an chomhfhreagrais agus cosaint an phríobháideachais san áireamh, ar ceanglais bhunreachtúla iad (3). Mar sin féin, tá riosca nach beag ag baint le seirbhísí óstála agus cumarsáide a scanadh, go háirithe do chriptiú teagmhálacha ar líne ó cheann ceann. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar fhoclaíocht an téacs agus í a thabhairt chun cruinnis d’fhonn rúndacht an chomhfhreagrais agus cosaint an phríobháideachais a chaomhnú. |
1.8. |
Tá CESE i bhfách le gníomhaireacht Eorpach nua a chruthú, a mbeidh dhá phríomhréimse freagrachta aici mar leanas: mol oibríochtúil agus mol taighde agus anailíse. Toisc go bhfuil an ghné idirnáisiúnta de dhlúth agus d’inneach an chomhraic i gcoinne pornagrafaíocht leanaí agus péidifilia ar líne, ní foláir comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí oibríochtúla agus ar an obair anailíse araon a theastaíonn chun cur ina gcoinne. |
1.9. |
Ba dhíol sásaimh do CESE Eurojust a bheith rannpháirteach sa struchtúr atá beartaithe ag an gCoimisiún, ós rud é nach féidir tabhairt faoi imscrúduithe comhordaithe gan fiosrúcháin bhreithiúnacha chomhordaithe a dhéanamh bonn ar bhonn leo. |
2. Forléargas ar na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún
2.1. |
An 11 Bealtaine 2022, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh rialachán “lena leagtar síos rialacha chun mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac” (4) agus straitéis dar teideal “Cumhachtú digiteach (An chaoi le leanaí a chumhachtú ar bhealach níos fearr maidir le roghanna fónta a dhéanamh ar líne)” (5). |
2.2. |
Tá an pacáiste bunaithe ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Samhain 2019 maidir le cearta an linbh, a eisíodh le linn an chomórtha 30 bliain ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (6), ar na conclúidí ón gComhairle maidir le litearthacht sna meáin agus ar an Moladh ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (7). |
An straitéis atá leagtha amach sa teachtaireacht
2.3. |
Bhí ról lárnach ag Straitéis Eorpach 2012 maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí a fhad a bhain le leanaí a chosaint agus a chumhachtú ar líne, go háirithe trí líonra na nIonad d’Idirlíon Níos Sábháilte agus tríd an tairseach betterinternetforkids.eu, ach tá an straitéis sin as dáta ar an ábhar go n-úsáideann leanaí a bhfón cliste nó a ríomhaire ag aois níos óige anois agus ar bhonn níos minice. Is mó sa mhó a mbrath orthu freisin le haghaidh a ngníomhaíochtaí scoile nó áineasa. |
2.4. |
Léirigh paindéim COVID-19 agus an dianghlasáil a ghabh léi na dúshláin a bhaineann le hoiliúint dhigiteach a chur ar leanaí, ar mhúinteoirí agus ar oideoirí faoi na contúirtí féideartha a bhaineann leis an idirlíon. De réir Europol, tá méadú 25 % tagtha ar an éileamh ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí i gcuid de na Ballstáit. Idir 2020 agus 2021, tháinig méadú is mó ná 16 % ar líon na dtuairiscí a bhain le leanaí a ndearnadh mealltóireacht ghnéasach ar líne orthu. |
2.5. |
Tá an straitéis a mhol an Coimisiún i mí na Bealtaine 2022 bunaithe ar thrí cholún:
|
2.6. |
Is ag cur leis an gcomhairliúchán cuimsitheach #DigitalDecade4YOUth (8), a d’eagraigh European Schoolnet ó Mhárta go Lúnasa 2021, atá an straitéis seo, le tacaíocht ó líonra Insafe na nIonad Eorpach d’Idirlíon Níos Sábháilte, agus comhairliúcháin chuimsitheacha eile ina gcomhlánú uirthi. Tá sí bunaithe ar an gceart atá ag leanaí éisteacht a fháil in aon phróiseas cinnteoireachta is cás leo (9). |
2.7. |
Rinneadh comhlánú uirthi freisin i bhfoirm ollchúrsa oscailte ar líne (MOOC) do mhúinteoirí i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine 2021 dar teideal Better Internet for Kids, a bhí dírithe ar an litearthacht dhigiteach agus ar an tsábháilteacht ar líne, go háirithe an chaoi ar chuir an phaindéim na scileanna atá againn sna réimsí sin chun féachana. |
2.8. |
Ina theannta sin, fuair saoránaigh an Aontais Eorpaigh (tuismitheoirí, múinteoirí, oideoirí, etc.) deis ar fhreagra a thabhairt ar shuirbhé ar líne bunaithe ar na ceisteanna céanna a cuireadh ar fhreagróirí an chomhairliúcháin #DigitalDecade4YOUth. |
2.9. |
Léiríonn torthaí an tsuirbhé EU Kids Online (10), a eisíodh in 2020, go n-úsáideann formhór na leanaí a ngléasanna digiteacha féin beagnach “gach lá”, go dtosaíonn siad ar iad a úsáid ag aois níos luaithe agus go gcaitheann siad níos mó ama ná riamh ag gabháil dóibh. |
2.10. |
Léirigh paindéim COVID-19 agus an dianghlasáil a lean a dhúshlánaí atá an t-oideachas digiteach do leanaí agus dá gcaomhnóirí dlíthiúla fásta (féach Plean Gníomhaíochta 2021-2027 don Oideachas Digiteach (11)). |
2.11. |
Léiríonn an t-eolas a bailíodh go deimhin féin go bhfágtar leanaí gan chosaint go minic ar ábhar, iompar agus teagmhálacha atá díobhálach, aindleathach nó neamhdhleathach fiú. Baineann rioscaí le húsáid na meán sóisialta nó cluichí idirghníomhacha, cuir i gcás uaireanta fágtar leanaí gan chosaint ar ábhar neamhoiriúnaithe, ar an gciapadh, ar an mealltóireacht agus ar an mí-úsáid ghnéasach dá ndeasca. |
2.12. |
De réir Europol (12), sna míonna tosaigh de ghéarchéim COVID-19 tháinig méadú suas le 25 % sna Ballstáit ar an éileamh ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí. Fuair an Lárionad Idirnáisiúnta do Leanaí ar Iarraidh agus Leanaí a ndéantar Dúshaothrú Orthu sna Stáit Aontaithe beagnach 30 milliún tuairisc faoi theacht i dtír gnéasach amhrasta ar leanaí in 2021, agus cuireadh oifigigh forfheidhmithe dlí ar an eolas faoi chorradh le 4 000 íospartach nua ar leanaí iad. Idir 2020 agus 2021, tháinig méadú is mó ná 16 % ar líon na dtuairiscí a bhain le leanaí a ndearnadh mealltóireacht orthu. Thar aon ghrúpa eile, is leanaí faoi mhíchumas a bhíonn thíos leis seo: suas le 68 % de chailíní agus 30 % de bhuachaillí a bhfuil lagú meabhrach nó fisiceach orthu, is é is dóichí de go ndéanfar foréigean gnéasach orthu sula mbeidh na 18 mbliana d’aois slánaithe acu (13). |
2.13. |
Mar sin féin, i reachtaíocht reatha ábhartha an Aontais (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), is minic nach mbíonn éifeacht, mar is ceart, leis na sásraí um fhíorú aoise agus um thoiliú tuismitheora, toisc nach mbíonn ar na húsáideoirí d’fhormhór ach a ndáta breithe a chur in iúl agus próifíl ar líne á cruthú acu. |
2.14. |
Leis an rialachán atá beartaithe, cuirtear oibleagáid ar sholáthraithe na seirbhísí óstála nó cumarsáide ar líne aon ábhar ar líne a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas. |
2.15. |
Déantar foráil ann freisin maidir le gníomhaireacht Eorpach a chruthú a mbeadh sé de chúram uirthi mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac, an bealach a réiteach i dtreo gur fusa ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhrath, a thuairisciú agus a bhaint anuas, tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh agus lárionad eolais, saineolais agus taighde a bhunú maidir le mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus a chomhrac. |
Barúlacha ginearálta maidir leis an rialachán atá beartaithe
2.16. |
Leis an rialachán seo, cuirtear oibleagáidí ar sholáthraithe na seirbhísí óstála agus cumarsáide idirphearsanta rioscaí a mheasúnú agus a mhaolú ar dtús sular féidir le cúirt náisiúnta nó údarás riaracháin neamhspleách arna ainmniú ag an mBallstát ordú braite a eisiúint. |
2.17. |
Tá CESE i bhfách leis an bprionsabal faoina ndéanfaí na bearta atá ann cheana a fhorlíonadh agus a d’fhágfaí níos éifeachtaí iad trí phionóis a ghearradh ar sholáthraithe na seirbhísí óstála agus cumarsáide idirphearsanta, rud d’fhágfadh an fhreagracht orthu grianghraif agus físeáin ina léirítear mí-úsáid leanaí a bhrath prima facie. |
2.18. |
Mar sin féin, tá amhras áirithe air faoi na rioscaí atá ann don phríobháideachas agus do chriptiú comhráite. Tá an baol ann go sárófar toimhde na neamhchiontachta de thoradh an fhaireacháin a bheidh á dhéanamh ag oibreoirí príobháideacha ar theagmhálacha ar líne agus de thoradh na líomhaintí gan bhunús ab fhéidir a dhéanamh. |
3. Barúlacha sonracha
An ghné oideachasúil den straitéis
3.1. |
Tá sé thar a bheith tábhachtach oideachas a chur ar leanaí agus ar a gcaomhnóirí dlíthiúla faoi conas na meáin shóisialta agus uirlisí digiteacha eile a úsáid, ós rud é gur minic a úsáideann leanaí táirgí agus seirbhísí digiteacha a ceapadh do dhaoine fásta, mar ar féidir le teicnící margaíochta spriocdhírithe agus algartaim iad a spreagadh chun ábhar a oscailt arb é is aidhm dó teacht i dtír ar shoineantacht na leanaí agus ar an easpa eolais atá acu ar uirlisí digiteacha, nó fiú cumarsáid a dhéanamh le daoine contúirteacha atá folaithe taobh thiar d’fheidhmchláir chluichíochta nó d’uirlisí eile a úsáideann leanaí. |
3.2. |
Is minic nach dtuigeann leanaí ná tuismitheoirí cá mhéad sonra pearsanta atá á roinnt acu leis an saol mór ar na meáin shóisialta. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ag leanaí na scileanna agus inniúlachtaí digiteacha is gá chomh maith le feasacht faoi úsáid sonraí pearsanta chun gur féidir leo féin leas ceart feasach a bhaint as an domhan fíorúil. |
3.3. |
Is gá do na tuismitheoirí, na hoideoirí, na múinteoirí, na hoibrithe fásta sna clubanna agus áiseanna fóillíochta, etc. na scileanna agus na hinniúlachtaí sin a bheith acu freisin má tá siad le treoir a thabhairt do na leanaí. |
3.4. |
Measann CESE go bhfuil tábhacht as cuimse leis an ngné oideachasúil sin chun leanaí a chosaint ar líne agus chun iad a chumhachtú sa domhan fíorúil. |
3.5. |
Ina dhiaidh sin is uile, níl na scileanna riachtanacha ag go leor múinteoirí, tuismitheoirí agus oideoirí, rud a fhágann go mbíonn sé crua orthu fanacht ar an eolas faoi fhorbairtí i réimse na teicneolaíochta. Ba cheart modúl maidir le cearta an linbh ar líne a áireamh sna cúrsaí oiliúna sin freisin, ar an ábhar gur mar a chéile cearta an linbh ar líne agus as líne. |
3.6. |
Ní mór an ghné sin den straitéis a bheith bunaithe ar an dlúthchomhar ar an leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta, agus ar bhreis comhair leis an tsochaí shibhialta eagraithe, agus, go mór mór, leis na scoileanna. Tá sé ríthábhachtach go n-áireofaí sna curaclaim náisiúnta cúrsaí praiticiúla agus éigeantacha maidir le nascleanúint ar líne agus na rioscaí a bhaineann léi, agus, ag an am céanna, a bheith i leith na cuimsitheachta, measúil ar an éagsúlacht i gcoitinne agus tuisceanach ar an inrochtaineacht go háirithe. |
3.7. |
Is mór ag CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún feachtais litearthachta sna meáin a chur ar bun do leanaí agus dá gcaomhnóirí dlíthiúla, ag tarraingt dó ar na líonraí agus na hiolraitheoirí thuasluaite. Molann sé go mór cur leis na feachtais sin d’fhonn eagraíochtaí eile de chuid na sochaí sibhialta eagraithe a chur san áireamh, d’fhonn cur leis an tionchar a bheidh acu agus d’fhonn réitigh chruthaitheacha a cheapadh, ós rud é go bhfuil seantaithí ag na heagraíochtaí sin i gcuid de na Ballstáit ar bheith ag feidhmiú ar an láthair agus ar an túslíne. Measann CESE go bhfuil ról ríthábhachtach ag an oideachas ina leith sin, ós dodhéanta mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a chosc in éagmais an oideachais ar a chúla. |
3.8. |
Tá CESE ar cóimheon leis an gCoimisiún gur gá leanaí a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí straitéiseacha a bhaineann leo tríd an gceart chun comhthionóil agus comhlachais ar ardáin shóisialta ar líne a dheonú dóibh agus trí pháirt a thabhairt dóibh i dtaca le múnlú na straitéise digití. Ar an ábhar sin, is díol sásaimh dó gur cruthaíodh ardán nua de chuid an Aontais le haghaidh rannpháirtíocht leanaí agus tá sé ag iarraidh go n-éistfí le tuairimí leanaí agus, rud is tábhachtaí, go ndéanfaí bearta dá réir. |
4. Na pionóis atá leagtha síos sa rialachán atá beartaithe
4.1. |
Go nuige seo, is ar bhonn deonach a d’aimsíodh soláthraithe na seirbhísí óstála agus cumarsáide idirphearsanta an t-ábhar neamhdhleathach. Ós saoth leis an gCoimisiún go bhfuil teipthe ar an bhféinrialáil, rud atá tugtha le fios aige go hindíreach, tá sé beartaithe aige iallach a chur ar na soláthraithe réamhráite cur chun gnímh; mura ndéanfaidh siad amhlaidh, gearrfar pionós orthu tar éis do na húdaráis náisiúnta imscrúdú a dhéanamh ina leith. Sa chleachtas, ciallaíonn sin go mbeidh ar na soláthraithe agus ar an lucht óstála gach a scaiptear ar a bhfreastalaithe a scanadh prima facie. |
4.2. |
Tuigeann CESE nach é is aidhm don Choimisiún a chur as cumas daoine a gcomhfhreagras a choinneáil faoi rún, ach is cúis imní dó, ar a shon sin, go bhféadfaí an bonn a bhaint den phríobháideachas ach úsáid mhíchuí a bhaint as teicneolaíochtaí ionsáite agus gan iad deartha go maith ná faoi réir rialacha oiriúnacha. Dhá sprioc atá á gcur chun cinn: an teicneolaíocht a úsáid d’fhonn mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc agus deimhin a dhéanamh de nach ndéanfaidh oibreoirí príobháideacha faireachas forleathan ar chomhfhreagras trí mheán algartam. |
4.3. |
Síleann CESE gur cheart forbairt, tástáil agus úsáid algartam a rialú trí spreagadh a thabhairt do na páirtithe leasmhara, nó ceangal a chur orthu fiú amháin, córas ábhartha éifeachtach rialála algartam a leagan amach lena áirithiú go n-oibreoidh a n-uirlisí i gceart. Dar leis go bhfuil gá le modhanna inmhínitheachta lena bhféadfaí tuiscint níos fearr a fháil ar na huirlisí féin, cibé claontacht agus mífheidhmeanna atá iontu a thabhairt chun solais agus a bhfuil d’fhadhbanna leo a chur ina gceart, ionas nach bhféadfaidh siad aimhleas na n-úsáideoirí a dhéanamh. |
4.4. |
Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go ndéantar foráil sa togra d’imscrúduithe comhordaithe a dhéanfaí faoi mhaoirseacht na gcúirteanna náisiúnta; tá sé ag tathant ar an gCoimisiún, ar a mhuin sin, feabhas a chur ar an togra d’fhonn saoirsí aonair a chosaint. |
4.5. |
Tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá cur chuige cothrom, ós rud é gurb é atá beartaithe faoin gcóras nua teachtaireachtaí, grianghraif nó físeáin a anailísiú chun cásanna féideartha mí-úsáide leanaí a bhrath agus nuair a thagtar ar chásanna “cinnte” na húdaráis inniúla a chur ar an eolas ina dtaobh. Is gá riachtanas, éifeachtacht, comhréireacht agus cothromaíocht na mbeart atá beartaithe a áireamh sa sásra foláirimh. |
4.6. |
Tá CESE á mheabhrú gur rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais i gcás Schrems I (14) go mbaineann reachtaíocht lena gceadaítear do na húdaráis phoiblí rochtain ghinearálta a bheith acu ar ábhar cumarsáide an bonn de bhunbhrí an chirt chun príobháideachais a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. Cuid amhrais, mar sin, is ea digitiú a dhéanamh ar ábhar arna thaifeadadh ar fhreastalaí a ndéantar anailís ar gach cineál cumarsáide dá dtaistealaíonn ar a fhud. |
4.7. |
Is iad na hardáin féin agus/nó na meáin shóisialta a bheidh freagrach as cúram an rianúcháin agus is féidir go n-iarrfaí orthu, dá réir sin, ábhair mhí-úsáide leanaí a rianú; mura ndéanfaidh siad amhlaidh, beidh orthu fíneálacha cothrom le 6 % dá láimhdeachas domhanda a íoc. Ba cheart dóibh an intleacht shaorga a úsáid chun patrúin teanga a bhrath ionas gur féidir teagmhálacha ina mbíonn daoine fásta i mbun mealltóireachta a bhlocáil. Is den riachtanas, dá bhrí sin, úsáid cheart a bhaint as scanóirí algartamacha chun nach dtiocfaidh líomhaintí earráideacha gan bhunús chun cinn, ó tharla nach mbíonn na scanóirí sin gan locht. |
4.8. |
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin iallach a chur ar ardáin, ar thaobh amháin, measúnú a dhéanamh ar an riosca go n-úsáidfí a gcuid seirbhísí chun íomhánna ina léirítear mí-úsáid ghnéasach leanaí a scaipeadh nó chun tabhairt faoi mhealltóireacht, agus “cód iompair cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le dearadh atá oiriúnach ó thaobh aoise de” a chur chun cinn (15), ar an taobh eile, ar ábhar mearbhaill do CESE na coinníollacha ginearálta a ghabhann leis. |
4.9. |
Sonraítear ann go mbeidh ar na Ballstáit údarás neamhspleách a ainmniú chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcomhlíonann na hardáin a n-oibleagáidí. Beidh sé de chumhacht ag an údarás sin a iarraidh, i gcás inarb iomchuí, ar an gcúirt náisiúnta nó ar údarás riaracháin neamhspleách ordú braite a eisiúint, atá teoranta ó thaobh ama de, lena ndíreofar ar chineál sonrach inneachair arna scaipeadh trí bhíthin seirbhís ar leith, agus beidh sé de chumhacht aige freisin a iarraidh ar an gcuideachta lena mbaineann aon ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí nó mealltóireacht leanaí a chuardach. |
4.10. |
Dá measfadh na húdaráis neamhspleácha sin go raibh seirbhís áirithe ró-chontúirteach do leanaí, d’fhéadfaidís a cheangal ar sholáthraithe na seirbhísí óstála agus cumarsáide idirphearsanta an t-ábhar agus na malartuithe ar a bhfreastalaithe a scanadh ar feadh tréimhse shonrach ama. B’é ab fhearr le CESE go gcuirfí cur i bhfeidhm an tsásra sin faoi rialú éifeachtach roimh ré ag cúirt náisiúnta, ina cáil mar chaomhnóir saoirsí aonair, agus tá sé den tuairim go bhfuil amhras ann faoi chomhoiriúnacht an chineáil sin oird leis an gCairt um Chearta Bunúsacha. |
4.11. |
Dá nglacfaí an togra mar atá, chuirfeadh an rialachán iallach ar chuideachtaí teicneolaíochta faireachán a dhéanamh ar a n-ardáin chun mí-úsáid leanaí a bhrath trí mheán algartam. |
4.12. |
Siúd is gurb inmholta an aidhm í, measann CESE go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn den urraim ar chomhfhreagras príobháideach ar líne, den cheart chun príobháideachais agus de chosaint na sonraí pearsanta dá deasca. Ní mór dícheall agus dúthracht a dhéanamh chun nach dtitfidh sin amach. |
4.13. |
Is éard a chuireann CESE roimhe leasanna an uile dhuine a chosaint, ós ceanglais bhunreachtúla cuid díobh sin, ar chuma rúndacht an chomhfhreagrais agus cosaint an phríobháideachais (16). |
4.14. |
Tá sé á chur i bhfios ag CESE go bhfuil baol ann do na teicneolaíochtaí uile a ceapadh chun rúndacht comhfhreagrais a áirithiú, amhail criptiú ó cheann ceann, má chuirtear oibleagáid choiteann i bhfeidhm scanadh ginearálta a dhéanamh ar sheirbhísí óstála agus cumarsáide. |
4.15. |
Ina cheann sin, aithníonn an Coimisiún gurb é an rianú a dhéantar ar mhalartuithe ina bhféadfadh daoine fásta a bheith i mbun mealltóireachta“an cur isteach is dírí agus is mó ar phríobháideachas na n-úsáideoirí, de ghnáth”, ós rud é gur gá “scagadh a dhéanamh ar an gcumarsáid idir dhaoine scun scan” chuige sin. |
5. Gníomhaireacht Eorpach nua a chruthú
5.1. |
Foráiltear leis an rialachán atá beartaithe go gcruthófar gníomhaireacht Eorpach neamhspleách a mbeidh buiséad EUR 26 mhilliún aici, agus í lonnaithe sa Háig, i gcóngar Europol. Beidh sí freagrach as anailís a dhéanamh ar thuarascálacha ar ábhar neamhdhleathach, as bunachair sonraí méarlorg agus ábhar neamhdhleathach a chomhordú agus as cabhair a thabhairt do chuideachtaí teicneolaíochtaí iontaofa a shainaithint.
Idirghabhálaí a bheidh ann freisin idir na cuideachtaí teicneolaíochta, na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus na leanaí ar a ndéantar mí-úsáid. |
5.2. |
Is díol sásaimh do CESE go mbeidh dhá phríomhréimse freagrachta ar an nGníomhaireacht mar leanas: mol oibríochtúil agus mol taighde agus anailíse. I ngeall ar a thábhachtaí atá an comhrac i gcoinne pornagrafaíocht leanaí agus péidifilia ar líne, is gá comhordú a dhéanamh go deimhin féin ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus ar an obair anailíse araon chun cur ina gcoinne. |
5.3. |
Is gné bhunúsach í an ghné oibríochtúil, rud a fhágann údar fónta ann le dlúthchomhar a dhéanamh le Europol, comhlacht nach bhfuil lá amhrais ann a thuilleadh faoina éifeachtacht. Gan aon agó, tá gá leis an ngníomhaireacht seo a bheith ann i bhfianaise scála Eorpach agus idirnáisiúnta na gcoireanna gnéis ar líne i gcoinne leanaí. |
5.4. |
Ba dhíol sásaimh do CESE Eurojust a bheith rannpháirteach ar bhonn oibríochtúil sa struchtúr atá beartaithe ag an gCoimisiún, ós rud é nach féidir tabhairt faoi imscrúduithe comhordaithe gan fiosrúcháin bhreithiúnacha chomhordaithe a dhéanamh bonn ar bhonn leo. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) COM(2022) 209 final.
(2) COM(2022) 212 final.
(3) La constitutionnalisation du droit au respect de la vie privée (níl ach leagan Fraincise ar fáil).
(4) COM(2022) 209 final — 2022/0155 (COD).
(5) COM(2022) 212 final.
(6) IO C 232, 16.6.2021, lch. 2.
(7) IO L 223, 22.6.2021, lch. 14.
(8) https://europa.eu/!XXv6kx.
(9) Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.
(10) EU Kids Online.
(11) COM(2020) 624 final.
(12) https://europa.eu/!Jh78ux.
(13) Children with disabilities.
(14) Cás C-362/14, mír 94.
(15) COM(2022) 212 final.
(16) La consitutionnalisation du droit au respect de la vie privée (níl ach leagan Fraincise ar fáil).
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/139 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/83/AE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/65/CE
[COM(2022) 204 final – 2022/0147 (COD)]
(2022/C 486/19)
Rapóirtéir: |
Gonçalo LOBO XAVIER |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 18.5.2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 23/05/2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas |
Dáta a glactha sa rannóg |
8.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
229/0/3 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1 |
Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an tionscnamh ón gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar Threoir 2011/83/AE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus chun Treoir 2002/65/CE a aisghairm. Is gá é sin a dhéanamh i bhfianaise an athraithe atá ag teacht ar an tsochaí agus a hiompar, na réiteach nua teicniúil atá ag teacht chun cinn, agus neartú an mhargaidh aonair mar bhealach chun saorghluaiseacht seirbhísí airgeadais agus rialacha cosanta tomhaltóirí a áirithiú. Go deimhin, dianphromhadh ar athléimneacht an Aontais ba ea géarchéim COVID-19 agus cuireadh treochtaí agus smaointe nua i gcion dá deasca nach mór aghaidh a thabhairt orthu anois. Is ar an ábhar sin chomh maith a thacaíonn CESE leis an togra sin. |
1.2 |
In ainneoin go bhfuil sé i bhfabhar an togra, tá CESE ag áitiú gur gá infheistíocht a dhéanamh i litearthacht dhigiteach agus inniúlacht airgeadais an duine le go mbeadh tomhaltóirí in ann tuiscint a bheith acu ar na cearta atá acu agus na dualgais atá orthu a mhéid a bhaineann le seirbhísí airgeadais arna dtabhairt i gcrích go cianda, go háirithe an ceart chun tarraingt siar ó chonradh agus an ceart chun níos mó faisnéise a fháil ag céim réamhchonarthach. Ní mór do na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i gclár straitéiseach cumarsáide d’fhonn borradh a chur faoi acmhainneacht an mhargaidh aonair, i gcomhréir le cearta bunúsacha tomhaltóirí. |
1.3 |
Tá CESE ag dearbhú go bhfuil cur chuige ina bhfuil cothromaíocht idir an ghné dhigiteach agus an ghné thraidisiúnta oibre láimhe bunriachtanach. Tacaíonn CESE leis an dul chun cinn a dhéantar a bhuí leis an nuálaíocht theicneolaíoch, ach tá sé á chur chun suntais aige go bhfuil idirghabháil ón duine riachtanach go fóill i gcás ina bhfuil soiléiriú agus cosaint sonraí i gceist. Agus é á thabhairt dá uídh go bhfuil an digitiú agus an nuachóiriú an-tábhachtach chun folláine na saoránach a fheabhsú, tá CESE ag dearbhú, freisin, go bhfuil an-chuid difríochtaí idir na Ballstáit go fóill agus fiú idir na réigiúin, agus roinnt díobh ag iarraidh píosaí den bhonneagar “fisiceach” a choinneáil d’fhonn tacú leis an bpobal áitiúil. Creideann CESE go bhféadfaí tacú le pobail áitiúla ach ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla i bpróisis chinnteoireachta cuideachtaí airgeadais, go háirithe maidir le bonneagar fisiceach a bheith i gceantair thuaithe. Tá CESE ag iarraidh go ráthófar an ceart chun “idirghábháil ón duine” a iarraidh le haghaidh cianseirbhísí airgeadais. |
1.4 |
Creideann CESE, mar aon le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar a ndéanann sé ionadaíocht, san acmhainneacht atá sa mhargadh aonair mar uirlis chun an tionscadal Eorpach a neartú. Bunphrionsabal is ea muinín a chothú inár gcórais airgeadais, prionsabal a thacaíonn leis an tsochaí i réimse na seirbhísí airgeadais tomhaltóirí. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag tabhairt aird, freisin, ar an ngá atá ann infheistíocht chomhsheasmhach a dhéanamh sa chibearshlándáil. Ní mór do na saoránaigh a bheith ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le conarthaí a thabhairt i gcrích go cianda. Is tábhachtaí fós, áfach, muinín a bheith acu as an gcóras má táthar chun borradh a chur faoin margadh aonair agus faoi shaorghluaiseacht seirbhísí airgeadais, atá ag éirí níos ábhartha, go háirithe tar éis COVID-19 agus, freisin, i bhfianaise na ngníomhaíochtaí ríomhthráchtála agus na seirbhísí airgeadais atá á bhforbairt. |
1.5 |
Tá CESE ag meabhrú don Choimisiún gur gá an togra sin a chur i gcomhréir leis an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí. I bhfianaise gach a bhfuil bainte amach a raibh nasc aige leis an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí, agus seoladh an Chláir Oibre Nua do Thomhaltóirí (1) á chur san áireamh, is deis den chéad scoth é an sainchomhad áirithe seo maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais chun an urraim do chearta tomhaltóirí a neartú agus chun borradh a chur faoi infheistíochtaí ó chuideachtaí sa réimse sin. Tá CESE ag iarraidh ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach ionas gur féidir ullmhú níos fearr do chur chun feidhme na Treorach amach anseo agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar an gcur chun feidhme sin. Is sampla maith é seo de réimse ina bhféadfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta tacú agus cur le timpeallacht níos fearr agus cabhrú le cur chuige dearfach a áirithiú. |
1.6 |
Is féidir go bhfágfaidh meicníochtaí na hintleachta saorga go mbeidh timpeallacht shábháilte iontaofa ann don togra seo le haghaidh Treorach. Tuigeann CESE an chumhacht a bhaineann leis an nuálaíocht don tsochaí agus molann sé gach deis a thapú chun taithí shábháilte nua-aimseartha a chur ar fáil do thomhaltóirí agus do chuideachtaí sa réimse áirithe sin. Tá obair ar bun ag CESE sa réimse sin agus tá sé ag moladh go láidir úsáid a bhaint as an intleacht shaorga chun margadh aonair níos fearr agus níos comhtháite a thógáil, margadh ina dtacófaí leis na saoránaigh agus ina gcinnteofaí oibríochtaí slána laistigh den chóras airgeadais (2). |
1.7 |
Tá CESE ag áitiú, i bhfianaise chuspóirí agus phrionsabail an mhargaidh aonair, gur féidir leis an Aontas dea-chleachtais a bhunú maidir le rialáil cianseirbhísí airgeadais. Leagtar bearta ábhartha amach sa togra le haghaidh cuideachtaí agus tomhaltóirí, ach tá CESE á áitiú gur gá soiléiriú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gcuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas, rud a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar shaoránaigh na hEorpa. Tá CESE den tuairim nach mór aghaidh a thabhairt chomh maith ar an ngá atá ann an comhchuibhiú a áirithiú agus a urramú go cuí. |
1.8 |
Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar beart maidir leis na rialacha agus na noirm phoiblíochta a bhaineann le seirbhísí airgeadais a sholáthar go cianda, ar próiseas íogair é sin. Is den ríthábhacht é na rialacha lena rialaítear fógraíocht na seirbhísí sin a chomhchuibhiú d’fhonn iomaíocht éagórach a sheachaint agus ionas nach mbainfí an bonn ón gcóras. Ar chuntar go mbeidh an teachtaireacht láidir, táthar ag súil leis go mbainfidh cuideachtaí agus na saoránaigh tairbhe as na torthaí, agus go mbeidh tionchar dearfach ag na torthaí sin ar iompraíocht tomhaltóirí, ó thaobh na hinbhuanaitheachta de chomh maith. Tá CESE ag áitiú freisin nach mór na heagraíochtaí tomhaltóirí a bheith rannpháirteach chun gur féidir idirphlé níos fearr idir cuideachtaí agus na saoránaigh a éascú. |
1.9 |
Ar deireadh, measann CESE, ar mhaithe leis an Treoir a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus d’fhonn lántairbhe a bhaint as a prionsabail, measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar chun torthaí níos fearr a bhaint amach. Gan amhras, beidh seirbhísí níos fearr agus níos trédhearcaí le leas na saoránach ach, san am céanna, is gá rochtain ar 5G, lánchlúdach líonra gréasáin agus saoráidí bonneagair eile i ngach réimse a bheith ann: ní mar sin atá cúrsaí i gcoitinne faoi láthair, ná baol air. Tá CESE ag iarraidh go mbainfear úsáid níos fearr agus níos éifeachtúla as na hacmhainní airgeadais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun na hinfheistíochtaí sin a bhainistiú agus chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1 |
Is é is aidhm do Threoir 2002/65/CE maidir le Cianmhargú Seirbhísí Airgeadais Tomhaltóirí saorghluaiseacht seirbhísí airgeadais sa mhargadh aonair a áirithiú trí rialacha áirithe maidir le cosaint tomhaltóirí sa réimse sin a chur i gcomhréir le chéile, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí. Tá sé tábhachtach a chur chun suntais go bhfuil ardchaighdeáin cosanta tomhaltóirí leagtha síos cheana féin in go leor treoracha agus rialachán a foilsíodh le déanaí agus gurb é buntáiste an togra le haghaidh Treorach líontán sábhála a chur ar fáil i gcás nach ann don chosaint sin, nó i gcás ina bhféadfadh sé nach ann di. I gcás nach bhfuil aon reachtaíocht AE a bhaineann go sonrach le táirge nó nach bhfuil aon rialacha cothrománacha de chuid an Aontais ann a chumhdaíonn an tseirbhís airgeadais, beidh feidhm ag an Treoir go cothrománach maidir le haon seirbhís reatha nó aon seirbhís a bheidh ann amach anseo de chineál baincéireachta, creidmheasa, árachais, pinsin phearsanta, infheistíochta nó íocaíochta arna conrú trí chianchumarsáid (i.e. gan an trádálaí ná an tomhaltóir a bheith i láthair go fisiceach san am céanna). Leis an Treoir, leagtar amach an fhaisnéis atá le tabhairt don tomhaltóir sula dtabharfar an cianchonradh i gcrích (faisnéis réamhchonarthach), deonaítear ceart chun tarraingt siar le haghaidh seirbhísí airgeadais áirithe don tomhaltóir agus bunaítear rialacha maidir le seirbhísí gan iarraidh agus cumarsáid gan iarraidh. |
2.2 |
Le scór bliain anuas, tá cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí tar éis athrú go tapa. Tá soláthraithe seirbhísí airgeadais agus tomhaltóirí tar éis an meaisín facs a thréigean agus tá gníomhaithe nua, amhail cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, a bhfuil samhlacha nua gnó agus bealaí nua dáileacháin acu, e.g. seirbhísí airgeadais a dhíoltar ar líne, tar éis teacht chun cinn. |
2.3 |
Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún an creat reachtach a shimpliú agus a nuachóiriú tríd an Treoir atá ann cheana a aisghairm agus, ag an am céanna, gnéithe ábhartha de chearta tomhaltóirí maidir le conarthaí seirbhísí airgeadais arna dtabhairt i gcrích go cianda a chur san áireamh laistigh de raon feidhme na Treorach maidir le Cearta Tomhaltóirí, treoir is infheidhme go cothrománach. |
2.4 |
Níl aon athrú ar chuspóir foriomlán na reachtaíochta, eadhon soláthar seirbhísí airgeadais a chur chun cinn sa mhargadh aonair agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí ag an am céanna. Tá cúig bhealach ar leith ann leis an gcuspóir sin a bhaint amach:
|
3. Seirbhísí airgeadais agus an margadh aonair
3.1 |
Creideann CESE gur tromchúiseach na dúshláin atá roimh an Aontas trí chéile, sin de thoradh ghéarchéim COVID-19, ionsaí na Rúise ar an Úcráin agus na géarchéime airgeadais atá ar tí titim amach. Is fíor go bhfuil muinín na dtomhaltóirí lagaithe. Ina theannta sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar na hardleibhéil fiachais teaghlaigh atá ann, fadhb nár sáraíodh go fóill, ná baol air. Ní mór é sin a chur san áireamh i gcomhthéacs na mbeart uile a bhaineann le beartais airgeadais. Ní foláir muinín a bheith ag tomhaltóirí as an gcóras. Tá sin bunriachtanach má táthar chun muinín a chothú agus téarnamh ár ngeilleagair agus ár sochaí a áirithiú. |
3.2 |
Aontaíonn CESE go bhfuil an comhchuibhiú ag teastáil. Mar sin féin, caithfidh sé nach rachadh an comhchuibhiú sin i gcoinne na saoránach ná nach ndéanfadh sé dochar dóibh. Is gá a thuiscint go bhfuil a luas féin ag gach saoránach a mhéid a bhaineann leis an digitiú agus níor cheart aon duine a fhágáil ar lár sa phróiseas sin. Creideann CESE gur cheart infheistíocht san inniúlacht airgeadais a bheith ina tosaíocht atá ag teacht go dlúth leis an togra. |
3.3 |
Tá sé tábhachtach a áirithiú gurb í cosaint sonraí atá i gcroílár an phróisis seo. Ní mór an mhuinín a bheith ag saoránaigh na hEorpa sonraí a chomhroinnt chun críoch dlíthiúil agus chun críoch ceart tomhaltóirí. Ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin más ann do chóras láidir iontaofa. Is í cosaint sonraí an chloch is mó ar phaidrín shaoránaigh na linne seo, agus tá ról lárnach ag an gcibearshlándáil maidir le dlús a chur faoin bpróiseas cumarsáide i gcás ina bhfuil cianseirbhísí airgeadais i gceist. |
3.4 |
Is den bhunriachtanas a áirithiú go gcuirfear an togra seo i gcomhréir leis an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí. Tá sé ríthábhachtach freisin a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do phrionsabail an Chláir Oibre Nua do Thomhaltóirí (3) sa phróiseas sin. Creideann CESE go bhféadfadh an tsochaí shibhialta eagraithe agus na comhpháirtithe sóisialta ról dearfach a bheith acu sa phróiseas, go príomha i dtaobh cabhrú leis na saoránaigh a gcearta a chosaint, ach freisin trí dhea-atmaisféar a chruthú ina bhféadfadh cuideachtaí dul san iomaíocht le chéile agus seirbhísí níos fearr agus níos soiléire a chruthú do thomhaltóirí. |
3.5 |
Tá príomhról ag meicníochtaí na hintleachta saorga sa togra seo. D’fhéadfaí oibríochtaí tomhaltóirí a éascú mar thoradh orthu trí na próisis agus na ceanglais ghaolmhara a éascú, go háirithe do na saoránaigh sin nach bhfuil chomh dea-ullmhaithe céanna nó atá ar gcúl ó thaobh an digitithe de. Tá CESE ag iarraidh go soiléireofar agus go n-úsáidfear na huirlisí seo chun go mbeidh próiseas an chur chun feidhme amach anseo níos rathúla. |
3.6 |
Molann CESE cothrom na Féinne sa réimse seo a áirithiú ionas go bhféadfadh gach páirtí (cuideachta) seirbhís iontaofa a chur ar fáil do na saoránaigh. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach go n-infheisteofar i dtrédhearcacht agus i dteachtaireachtaí soiléire a sholáthar d’fhonn iomaíocht éagórach ó áiteanna lasmuigh den Eoraip a sheachaint, iomaíocht a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón tionchar dearfach atá beartaithe leis an togra seo le haghaidh Treorach. |
4. Tionchar ar thomhaltóirí agus fiontair: oibríochtaí ar líne agus as líne
4.1 |
Tá an digitiú ag teastáil d’fhonn borradh a chur faoin iomaíochas agus chun saol an duine a éascú. Tá CESE den tuairim go bhfuil sé riachtanach a áirithiú go bhfuil na dálaí faoina bhfeidhmíonn an duine sa réimse seo mar an gcéanna ag gach duine, chomh maith leis an leibhéal céanna eolais. Is mór idir sin agus an scéal mar atá, áfach. |
4.2 |
Tá CESE ag iarraidh “digitiú cliste” a bheith ann, is é sin cás inarb ann don teicneolaíocht chun fónamh don saoránach, an chumarsáid a éascú, agus leas an duine a fheabhsú. Faraor, ní hé an digitiú ann féin réiteach gach faidhbe agus ní mór é a chur i gcomhréir, mar sin, le tosaíochtaí eile. Tá an t-eolas atá ag daoine maidir le húsáid na teicneolaíochta fós míchothrom go leor ar fud an Aontais, rud nach mór a chur san áireamh agus infheistíochtaí á ndéanamh. Ar deireadh, meabhraíonn CESE don Choimisiún, cé go bhfuil sé tábhachtach teicneolaíocht a úsáid, go bhfuil an ceart chun dícheangail tábhacht chomh maith agus nach mór é sin a chur san áireamh sa phróiseas ceaptha beartas. |
4.3 |
Ní mór do chuideachtaí airgeadais a áirithiú go bhfuil tuairim dhearfach sa mhargadh maidir le gach athrú. Dá bhrí sin, tá an chumarsáid riachtanach chun torthaí a bhaint amach agus próiseas an aistrithe a threorú. |
4.4 |
Níl aon amhras ach go bhfuil CESE i bhfabhar na teicneolaíochta agus na nuálaíochta a d’fhéadfadh eispéireas níos fearr a thabhairt don tomhaltóir agus saol na saoránach a éascú. Is deis le hathrú chun feabhais a dhéanamh é an t-athrú atá ag teacht ar iompraíocht tomhaltóirí, ceann a fhágann go bhféadfaí oibríochtaí níos athléimní agus níos inbhuanaithe a spreagadh i réimse na gconarthaí airgeadais arna dtabhairt i gcrích go cianda. Tá CESE den tuairim nach mór na rialacha lena rialaítear an phoiblíocht a bheith soiléir agus i gcomhréir le hoibríochtaí a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar thomhaltóirí. Ní mór cearta agus oibleagáidí tomhaltóirí a ráthú. |
4.5 |
Creideann CESE go bhfuil an togra seo i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, dá thoradh sin, go bhfuil sé i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta i ndáil leis na pionóis a ghearrtar ar chuideachtaí agus ar thomhaltóirí sa réimse sin. Measann CESE gur pointe an-dearfach é seo nach mór a chur chun suntais. Measann sé, freisin, gur bunphrionsabal é gur cheart tromchúis an chiona a léiriú i ndéine na bpionós. Sa chás seo, is é sin sárú ar an gcosaint tomhaltóirí mar a shainmhínítear í faoin togra le haghaidh Treorach. |
4.6 |
Tá CESE den tuairim go mbaineann an-tábhacht go deo leis an ngá atá ann cur chuige cothrom a áirithiú maidir leis an gceart chun tacaíocht ón duine a iarraidh le haghaidh conarthaí airgeadais arna dtabhairt i gcrích go cianda. Tá tacaíocht den sórt sin ag teastáil fós ó sciar suntasach den phobal, agus ní mór do na bainc agus na hinstitiúidí a bheith ar an eolas faoi na bacainní sin. Ní mór aghaidh a thabhairt air sin agus cinntí á ndéanamh ag na hinstitiúidí maidir le hinfheistíocht agus coinneáil seirbhísí “fisiceacha” áirithe. |
4.7 |
Creideann CESE nach mór do gach institiúid airgeadais, agus ní hamháin na bainc, infheistíocht a dhéanamh i gcórais oideachais agus oiliúna chun tacú lena bhfostaithe tacaíocht a chur ar fáil do na tomhaltóirí. Baineann an-tábhacht le cianseirbhísí airgeadais, ach baineann an-tábhacht chomh maith leis na hacmhainní daonna a chuireann tacaíocht ar fáil sa réimse sin. Ní mór na scileanna cearta a bheith ag fostaithe agus an oiliúint cheart a bheith orthu chun custaiméirí a threorú. Ar deireadh, fiú i gcás ina n-úsáidtear an intleacht shaorga chun tacú le seirbhísí, bíonn gá le lorg an duine chun idirghníomhú le custaiméirí ar bhealach níos éifeachtaí. |
5. Measúnú tionchair — ról na sochaí sibhialta
5.1 |
Tá CESE ag tarraingt aird an Choimisiúin agus aird na mBallstát an athuair ar an deis atá ann ról a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta agus don tsochaí shibhialta eagraithe sa phróiseas cumarsáide agus cur chun feidhme a bhaineann leis an Treoir. I bhfianaise an eolais atá acu, agus ní hamháin sin, ach go háirithe toisc a chóngaraí atá siad don phobal, is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta cabhrú leis an gcumarsáid cheart a áirithiú, mar shampla go ndéanfar teagmháil le grúpaí bunúsacha den tsochaí a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe nó a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar mhórbhealaí faisnéise. Is féidir le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu in CESE, tacú le cur chun feidhme ceart an togra ar mhaithe le torthaí níos fearr a bhaint amach agus d’fhonn borradh a chur faoi rannpháirtíocht na saoránach sa phróiseas. |
6. Seirbhísí airgeadais agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta — an bealach chun tosaigh
6.1 |
Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta príomhcholún an phlean téarnaimh don Eoraip, Next Generation EU. Ceapadh í chun cabhair airgeadais a thabhairt do na Ballstáit le go bhféadfaidís éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a chomhrac agus geilleagar Eorpach a bheadh níos frithsheasmhaí in aghaidh suaití amach anseo a chruthú. Creideann CESE freisin, a mhéid a bhaineann leis an gcóras a fheabhsú, go bhféadfadh na Ballstáit úsáid cheart a bhaint as an sásra sin chun saol an duine sa réimse sin a éascú. |
6.2 |
Baineann an-tábhacht go deo leis an ngá atá ann infheistíocht a dhéanamh sa litearthacht dhigiteach d’fhonn borradh a chur faoin oideachas agus faoin gcosaint do thomhaltóirí. Is den riachtanas é na hinniúlachtaí digiteacha agus airgeadais atá ag tomhaltóirí a fhorbairt ar mhaithe le cuspóirí an Chláir Oibre Dhigitigh a bhaint amach, lena n-áirítear margadh feidhmiúil a fhorbairt agus an chosaint do thomhaltóirí a mhéadú. Tuigeann CESE an luach a bhaineann le cosaint sonraí agus tacaíonn sé le ceart na dtomhaltóirí go ráthófaí an chosaint sin ina hiomláine. Tá CESE suite de nach bhféadfar cianmhargú táirgí airgeadais a fhorbairt go cothrom mura gceadóidh na Ballstáit a ndóthain acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar dhúsláin den sórt sin agus chun muinín a chur chun cinn as trádáil seirbhísí airgeadais ar líne, agus freisin mura ndéanfaidh na Ballstáit an dul chun cinn sa réimse sin a thomhas agus a thuairisciú don Choimisiún lena chur ar a chumas an toradh a mheas agus dea-chleachtais a mholadh. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) IO C 286, 16.7.2021, lch. 45.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/144 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) 2021/1060 a mhéid a bhaineann le solúbthacht bhreise chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí fhogha míleata Chónaidhm na Rúise FAST (Cúnamh Solúbtha do Chríocha) — CARE
[COM(2022) 325 final – 2022/0208 (COD)]
(2022/C 486/20)
Rapóirtéir: |
Elena-Alexandra CALISTRU |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 4.7.2022 Comhairle an Aontais Eorpaigh, 15.7.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 177 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta |
Dáta a glactha sa rannóg |
9.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
189/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tríd an togra FAST-CARE atá ag an gCoimisiún, glacadh céimeanna breise a bhfuil géarghá leo chun cuidiú leis na Ballstáit, leis na húdaráis áitiúla, agus le comhpháirtithe na sochaí sibhialta, ionas go bhféadfaidh siad aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí atá ar an ionsaí míleata atá á dhéanamh ag Cónaidhm na Rúise. Is mór an díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an pacáiste cuimsitheach nua sin, pacáiste a mhéadóidh an tacaíocht atá á cur ar fáil cheana faoi CARE trí bhíthin tacaíocht bhreise agus solúbthacht bhreise laistigh de chistiú an bheartais comhtháthaithe. |
1.2. |
Tuigeann CESE freisin gur ag méadú go leanúnach atá líon na ndídeanaithe atá ag teacht isteach sna Ballstáit uile, go háirithe thar theorainneacha an Aontais, de thoradh éifeachtaí díreacha agus éifeachtaí neamhdhíreacha an ionraidh gan náire a tharla an 24 Feabhra, agus tuigeann sé, dá bhrí sin, go bhfuil tuilleadh gníomhaíochta ag teastáil. Is cás dífhasaigh atá anseo, agus is bearta eisceachtúla atá ag teastáil le dul i ngleic leis, bearta a bheidh oiriúnach don staid ina bhfuilimid, bearta a chaithfear a chur i bhfeidhm i gcás ina mbíonn imthosca den sórt seo ann. Chun na críche sin más ea, measann CESE go dtugann FAST-CARE freagairt ar na himthosca sin trí chistiú breise a chur ar fáil do na dúshláin imirce atá ag eascairt as ionsaí míleata na Rúise, agus trí chuid den mhoill a bhaint de chur chun feidhme na dtionscadal freisin, moill a tharla i ngeall ar na seacht n-éifeacht a bhí ag COVID-19 ar an saol, sin agus i ngeall ar na costais arda fuinnimh atá ann, mar aon leis an nganntanas amhábhar agus saothair is sliocht ar an gcogadh. |
1.3. |
Le tamall anuas, tá béim ag CESE ar an ngá atá le húsáid gach modha fhéideartha le freagairt éifeachtach a dhéanamh gan moill ar bith. A bhuíochas leis an dícheall atá á dhéanamh go leanúnach chun solúbthacht a áirithiú le haghaidh an chistithe, is éard is dóichí gur faoi CAI 2014-2020 an bealach is éifeachtúla le hinfheistíochtaí an bheartais comhtháthaithe a chur chun feidhme, chomh maith le tús mín réidh a chur le cláir 2021-2027. Is díol sásaimh do CESE gur féidir cómhaoiniú 100 % ó bhuiséad an Aontais a úsáid de réir mar atá an scéal faoi láthair chun cláir an bheartais comhtháthaithe a chur chun feidhme. Is díol sásaimh dó ar an dul céanna go bhféadfaí aistrithe breise a dhéanamh idir Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) agus an Ciste Comhtháthaithe, mar aon le haistrithe breise idir réigiúin de chatagóirí éagsúla. |
1.4. |
Is mór an díol sásaimh do CESE go n-admhaíonn an Coimisiún ualach trom a bheith ar na húdaráis áitiúla agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag feidhmiú i measc an phobail go háitiúil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá ag eascairt as ionsaí míleata na Rúise. Is díol sásaimh do CESE foráil le híosleibhéal tacaíochta 30 % laistigh de na tosaíochtaí ábhartha a chur i leataobh do na húdaráis áitiúla, do chomhpháirtithe sóisialta agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun a áirithiú go bhfaighidh na cineálacha tairbhí sin a sciar féin de na hacmhainní mar is cuí i bhfianaise a ghníomhaí atá siad i bhfáiltiú agus i lánpháirtiú na ndídeanaithe. Mar sin féin, b’fhéidir go mbeadh an céatadán sin ró-íseal i gcás tíortha a bhfuil líon mór dídeanaithe á n-óstáil acu. Dá bhrí sin, ba cheart féachaint an bhféadfaí an leibhéal sin a ardú i gcás na dtíortha atá ar theorainn na hÚcráine. |
1.5. |
Creideann CESE go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag na comhpháirtithe sóisialta, mar eagraíochtaí cur chun feidhme agus mar chomhpháirtithe luachmhara san fhaireachán ar chur chun feidhme na gclár sin, agus tá CESE sásta tuilleadh comhrá a éascú faoin rannpháirtíocht sin d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do chomhpháirtithe sóisialta san Aontas nó san Úcráin. Ba chruthúnas faoin éifeacht atá sa tsochaí shibhialta an beart a rinne sí láithreach bonn nuair a bhí an cogadh ina thús, agus má bhíonn a dóthain acmhainní aici, beidh ceangal láidir ann idir riachtanais an phobail agus an machnamh a dhéanann siad ar bheartais ardleibhéil. Tá CESE fós ag iarraidh a bheith níos rannpháirtí sa fhreagairt láithreach, agus de réir mar atá an cogadh ag dul in ainseal, tá sé fós ag iarraidh go mbeadh lorg a láimhe ar an gclár oibre lánpháirtíochta. |
1.6. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún leis na Ballstáit a dhíolmhú ó chomhlíonadh na gceanglas i leith an dírithe théamaigh sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020. Fágann sin gur féidir leo cistí a atreorú ó chuspóir téamach go chéile laistigh d’aon réimse tosaíochta amháin ina aon Chiste amháin agus in aon chatagóir réigiúin amháin ó tharla cúrsaí a bheith ag athrú go tréan agus go tapa ar an láthair. Is díol sásaimh do CESE freisin foráil le caiteachas eisceachtúil a cheadú le haghaidh oibríochtaí a cuireadh i gcrích nó a cuireadh chun feidhme go hiomlán ó dháta an ionraidh i leith. |
1.7. |
Tugann CESE dá aire an cumasc de bhearta cuimsitheacha lena gcuirtear san áireamh na riachtanais ar an micrileibhéal/ar an leibhéal aonair (e.g. síneadh ama agus méadú ar an gcostas aonaid nuabhunaithe a cheadaítear chun bunriachtanais agus tacaíocht na ndaoine a dtugtar cosaint shealadach dóibh a chumhdach), chomh maith leis na riachtanais ar an leibhéal maicreacnamaíoch/leibhéal na mBallstát (e.g. oibríochtaí a chéimniú ó chláir 2014-2020 go dtí cláir 2021-2027 chun freastal ar níos mó oibríochtaí a bhfuil moill orthu, gan difear a dhéanamh d’oibleagáidí na mBallstát ó thaobh chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an díriú téamach ná comhlíonadh na spriocanna aeráide). |
1.8. |
Tugtar an aird chuí freisin ar na forálacha atá ann le cuid den ualach riaracháin a bhaint de na Ballstáit, chomh maith le gealltanais an Choimisiúin Eorpaigh cuidiú le tairbhithe agus le páirtithe leasmhara trí thacaíocht agus treoir bhreise, e.g. maidir le bainistiú conarthaí soláthair fara róchaiteachas, agus bearta neamhreachtacha agus treoir eile a chur ar fáil. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún obair leis na Ballstáit, leis na húdaráis áitiúla agus leis an tsochaí shibhialta chun deireadh a chur leis na hualaí riaracháin uile nach bhfuil gá leo, agus trédhearcacht iomlán ann san am céanna maidir le leithdháileadh agus forghníomhú na mbeart chun dul i ngleic le hiarmhairtí an chogaidh san Úcráin. Sa chomhthéacs sin, cuireann CESE i bhfios chomh maith gur gá ról níos gníomhaí a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta ón Aontas agus ón Úcráin chun pleanáil, bainistiú agus faireachán éifeachtach na n-acmhainní a áirithiú agus chun a áirithiú go dtiocfaidh siad chomh fada leis na daoine is géire a bhfuil gá acu leo, sna háiteanna is géire a bhfuil gá acu leo. |
1.9. |
Aithníonn CESE an gá atá ann gach beart féideartha a dhéanamh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) atá ann faoi láthair. Sa chomhthéacs sin, tá an Coiste ar aon rún leis an gCoimisiún faoi Rialachán CAI a leasú ionas go ndéanfar na hacmhainní atá fágtha ó 2014-2020 a optamú, agus ionas go bhféadfar aistriú mín rianúil a dhéanamh go clár 2021-2027. Mar sin féin, cé gur iarr CESE oiread solúbthachta agus ab fhéidir (1) ar gach leibhéal ó thús go dtí deireadh na gclár lena áirithiú go mbainfear oiread leasa agus is féidir as na hacmhainní atá ar fáil, de réir mar atá iarmhairtí díreacha agus iarmhairtí neamhdhíreacha an chogaidh san Úcráin ag carnadh orainn, is dóigh le CESE go mb’fhéidir nach mbeidh aon dul as ach uirlisí nuálacha airgeadais nua a thabhairt i gceist (2). Ar réiteach féideartha amháin a mhol CESE cheana, bheadh ciste AE ar leith i gcomhair atógáil agus forbairt na hÚcráine chun comhlánú a dhéanamh ar an tacaíocht a tugadh do na Ballstáit a bhfuil an cogadh ar leic an dorais acu (3). |
1.10. |
Iarrann CESE ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa an Rialachán a fhormheas go ríluath ionas gur féidir é a ghlacadh a thúisce is féidir. Ós dúshlán mór atá i gceist, is freagairt chomhchoiteann atá de dhíth, freagairt a bheidh níos comhordaithe, go mór mór ó tharla an geimhreadh a bheith ag teannadh linn. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Ón 24 Feabhra i leith, tá tograí éagsúla curtha síos ag an gCoimisiún, faoi scáth na Gníomhaíochta Comhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE), lena áirithiú go ndéanfar an cistiú atá ar fáil faoi bheartas comhtháthaithe 2014-2020 agus faoin gCiste Eorpach um na Daoine is Díothaí (FEAD) a shlógadh go tapa chun aghaidh a thabhairt ar na chéad iarmhairtí atá ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, chomh maith le réamh-mhaoiniú faoi chláir REACT-EU, agus san am céanna le ligean do na Ballstáit leanúint den dícheall atá siad a dhéanamh leis an téarnamh glas digiteach athléimneach don gheilleagar ón ngéarchéim a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19. |
2.2. |
De réir mar atá méadú ar an easpa agus ar an easnamh, áfach, d’iarr an Chomhairle Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus réigiúin an Aontais ar an gCoimisiún tionscnaimh nua a thíolacadh laistigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát ar an ábhar sin. Tá tacaíocht ag teastáil anois ar bhealach níos fadtéarmaí i gcomhair na riachtanas atá ag na sibhialtaigh easáitithe. Ba cheart cabhrú leis na daoine sin imeascadh linn trí lóistín agus cúram sláinte a sholáthar dóibh, agus trí rochtain a thabhairt dóibh ar fhostaíocht agus ar oideachas fad a bheidh siad i mBallstáit an Aontais. Ceist seo an fhreastail ar riachtanais fhadtéarmacha na ndídeanaithe, ní miste a rá gur ceist í atá ag dul i gcion ar phobail a raibh tionchar mór ag paindéim COVID-19 orthu (e.g. an t-ualach ar an gcóras sláinte), agus ní miste a rá go bhfuil fadhbanna nua ag baint léi freisin — gnéithe inscne-íogaire na n-idirghabhálacha beartais (e.g. líon beag leanaí atá cláraithe i scoileanna, rud atá ag cur bac an-mhór ar lánpháirtiú gairmiúil na mban). |
2.3. |
Is é an cogadh ba chúis le cliseadh sa slabhra soláthair agus is é ba chúis leis an nganntanas lucht saothair chomh maith. Agus dá bharr agus uile, tá boilsciú ar phraghsanna na dtráchtearraí, praghsanna fuinnimh agus praghsanna ábhar san áireamh. Is buille sa bhreis é sin ar bhuille na paindéime, cuireann sé tuilleadh brú ar na buiséid phoiblí, agus cuireann sé moill arís ar infheistíochtaí, go háirithe sa bhonneagar. |
2.4. |
Tá roinnt athruithe móra á gcur ag FAST-CARE ar reachtaíocht na mbeartas comhtháthaithe 2014-2020 agus 2021-2027 le dlús agus simpliú a chur ar lánpháirtiú na náisiúnach tríú tír sna Ballstáit. San am céanna, tá cúnamh ann do na réigiúin fós a chuideoidh leo sa téarnamh ó phaindéim COVID-19. |
2.5. |
An tacaíocht bhreise dóibh siúd a chuireann fáilte roimh dhaoine easáitithe – na Ballstáit, údaráis áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta – is tacaíocht í atá le háirithiú trí na bearta seo a leanas:
|
2.6. |
D’fhonn a áirithiú gur chuig an áit is géire a bhfuil gá leo a chuirfear na hinfheistíochtaí, tá sé i gceist dhá athrú mhóra a chur ar FAST-CARE:
|
2.7. |
Maidir le tacaíocht phraiticiúil chun an mhoill atá ar an gcur chun feidhme a leigheas, is féidir leanúint den tacaíocht do thionscadail os cionn EUR 1 mhilliún (go háirithe tionscadail bhonneagair), tionscadail a fhaigheann tacaíocht faoi chláir 2014-2020 agus nach bhféadfaí a thabhairt i gcrích in am mar gheall ar an ardú praghsanna agus an ganntanas amhábhair agus saothair. Sin rud is féidir feasta fiú mura mbeidís incháilithe de bhun na rialacha incháilitheachta a ghabhann leis an tréimhse 2021-2027. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. |
Molann CESE na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún Eorpach chun modhanna coigeartaithe agus éifeachtúla a bhunú chun tacaíocht airgeadais a chur ar fáil le haghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí atá ar ionsaí míleata na Rúise, ionsaí atá ag fás leis agus an tionchar atá sé a imirt ar an saol ag méadú dá réir. Mar thoradh air sin, tá rabhartaí móra leanúnacha daoine atá ag teitheadh ó ionsaí na Rúise chuig na Ballstáit. Tá an staid sin sa bhreis ar iarmhairtí phaindéim COVID-19, go háirithe cur isteach ar shlabhraí luacha, rud a thugann dúshlán do bhuiséid phoiblí a bhí dírithe ar théarnamh an gheilleagair, ach tá baol ann freisin go gcuirfí moill mhór ar infheistíochtaí, go háirithe i gcás an bhonneagair. |
3.2. |
Aithníonn CESE freisin, ós rud é go bhfuil síormhéadú ag teacht ar éifeachtaí díreacha agus neamhdhíreacha an chogaidh san Úcráin ar na Ballstáit ar fad, gur ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh na modhanna ann chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na himirce agus ar an suaitheadh sa mhargadh. Is trí chumasc de chistiú, de nósanna imeachta agus de chúnamh teicniúil, mar aon le solúbthacht, tráthúlacht, agus freagairt thapa a dhéanfar sin. |
3.3. |
Tá CESE ar aon intinn leis an gCoimisiún gur mithid maoiniú a chur ar fáil trí bhíthin athbhreithniú spriocdhírithe ar an gcreat airgeadais reatha ionas nach gcuirfear isteach ar an gcistiú is gá do na príomhbhearta chun an ghéarchéim a mhaolú agus chun tacú leo siúd atá i lúba an ghátair. I dtuairimí (4) eile roimhe seo, is éard a mhol CESE go ndéanfaí acmhainní breise a leithdháileadh láithreach ar na Ballstáit mar réamh-mhaoiniú. |
3.4. |
Is díol sásaimh do CESE síneadh ama a bheith curtha leis an deis suas le 100 % de chómhaoiniú an Aontais a úsáid i gcás na mbeart sin go dtí an bhliain chuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh 2022 d’fhonn cuid den ualach a bhaint de chóras airgeadais phoiblí na mBallstát, agus is díol sásamh dó an méadú mór atá ar an réamh-mhaoiniú (5) ó acmhainní REACT-EU, rud a thugann an leachtacht chuí do na Ballstáit chun na riachtanais is práinní a chumhdach. |
3.5. |
Is díol sásaimh do CESE freisin gur mhol an Coimisiún gur cheart ráta cómhaoinithe suas go 100 % a thabhairt isteach le haghaidh tosaíochtaí a chuireann lánpháirtiú socheacnamaíoch náisiúnach tríú tír chun cinn faoi chláir 2021-2027. Cé gurb é an 30 Meitheamh 2024 an dáta deiridh atá luaite leis sin, d’fhéadfaí dul siar air sin ar bhonn na húsáide a baineadh as agus an tsínte a cuireadh leis, más léir go bhfuil sé éifeachtúil. D’fhágfadh sin gur mó solúbthacht agus leachtacht a bheadh ann nuair a thiocfadh riachtanais phráinneacha chistithe i gceist. |
3.6. |
Is mór a mholann CESE an fhoráil gur cheart ar a laghad 30 % den tacaíocht laistigh de na tosaíochtaí ábhartha a dheonú do thairbhithe ar údaráis áitiúla iad, nó comhpháirtithe sóisialta, nó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta atá ag feidhmiú sna pobail áitiúla, chun a áirithiú go bhfaighidh tairbhithe den chineál sin a sciar féin de na hacmhainní i bhfianaise a ghníomhaí atá siad i bhfáiltiú agus i lánpháirtiú na ndídeanaithe. Mar sin féin, d’fhéadfadh an céatadán sin a bheith ró-íseal i gcás na dtíortha atá ar theorainn na hÚcráine, tíortha a bhfuil i bhfad níos mó dídeanaithe á n-óstáil acu. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil ansin ach an leibhéal íosta, ba cheart leithdháileadh ní ba mhó ná sin a thabhairt i gceist. Rud eile, is do thairbhithe ar údaráis áitiúla iad, sin nó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta atá ag feidhmiú i bpobail áitiúla, ba cheart 50 % ar a laghad den tacaíocht a dheonú laistigh den tosaíocht ar leith. |
3.7. |
Tuigeann CESE gur gá bunchuspóirí an bheartais comhtháthaithe a chaomhnú, agus tuigeann sé nach féidir leis féin leigheas nó réiteach a fháil ar gach uile éigeandáil dá bhféadfadh a bheith ann. Chun na críche sin, tá forálacha ann le teorainn a chur leis an méid iomlán a chuirtear go leataobh faoi thosaíochtaí lánpháirtithe na ndídeanaithe i mBallstát. An teorainn atá ann 5 % de leithdháileadh náisiúnta tosaigh an Bhallstáit sin ó CFRE agus ó CSE+ le chéile. Is furasta an fáth atá leis na forálacha sin a thuiscint. Mar sin féin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha sin i dtosach ionas go mbeidh dóthain spáis ann más gá, go háirithe i gcás na dtíortha atá ar theorainn na hÚcráine. Na tíortha a bhfuil formhór mór na dteifeach ón Úcráin á n-óstáil acu, is léir gur mó an dúshlán atá le sárú acu ná ag Ballstáit eile de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart fírinne an scéil ar an láthair a chur san áireamh sna teorainneacha céatadáin, agus ba cheart na héagothromaíochtaí idir na dúshláin atá le sárú ag na mBallstáit éagsúla a chur san áireamh iontu freisin. |
3.8. |
Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis na húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta chun an leas is éifeachtaí agus is tapa a bhaint as na deiseanna a cruthaíodh faoi FAST-CARE chun tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin. Cé go n-iarrtar sa Rialachán ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt ar chomhlíonadh an choinníll 30 % sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, is éard atá CESE a iarraidh tuairisciú leanúnach, chomh maith le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta san fhaireachán ar chur chun feidhme na bhforálacha sin. |
3.9. |
Tá feidhm ag na breithnithe thuas freisin maidir le pleanáil, cur chun feidhme agus faireachán clár atá nasctha le cur chun feidhme an bheartais comhtháthaithe agus leis an bpróiseas chun tionscadail atá le cur chun feidhme a roghnú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a thabhairt ar an mbaol atá ann go n-athrófaí an beartas comhtháthaithe ina shraith de fhreagairtí ilroinnte ar na héigeandálaí sin a bhfuil croitheadh bainte acu as an mór-roinn. |
3.10. |
Ba cheart sineirge shoiléir a chruthú idir prionsabail an chomhtháthaithe agus príomhchuspóirí an bheartais agus na réaltachtaí nua sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le ganntanais lucht saothair, sin agus le deacrachtaí sa slabhra soláthair agus praghsanna agus costais fuinnimh atá ag ardú, d’fhonn an ráta comhtháthaithe cuí a chur ann, ráta a léireodh an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ann cheana. |
4. |
Tugann CESE dá aire gur roghnaigh an Coimisiún gan bliain bhreise a chur leis an riail n+ 3 i gcomhair 2014-2020. Tugann sé dá aire chomh maith go measann an Coimisiún, gan beann ar thús áite a thabhairt do na leithreasuithe íocaíochta do 2022 agus 2023 (mar gheall ar réamh-mhaoiniú den chuid is mó), go bhfuil FAST-CARE neodrach ó thaobh buiséid de le linn na tréimhse 2021-2027, agus nach gá athruithe a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh na ngealltanas agus na n-íocaíochtaí. Mar sin féin, molann CESE go láidir don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar thionchar na n-athruithe agus scóip a fhágáil do riachtanais nó do thosaíochtaí atá ag teacht chun cinn nó ag méadú. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Féach an tuairim ó CESE COVID-19: Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa – Rialacha eisceachtúla solúbthachta (níl leagan Gaeilge ann).
(2) Sna tuairimí ó CESE, leag sé béim i gcónaí ar an ngá atá ann le cinntiú gur féidir uirlisí nuálacha airgeadais a chur le CAI 2021-2027, thar na nithe seo a leanas amach: An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (IO C 364, 28.10.2020); COVID-19: Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa – Rialacha eisceachtúla solúbthachta (níl leagan Gaeilge ann); An Rialachán maidir leis an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (níl leagan Gaeilge ann); An Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD)/Géarchéim COVID-19 (níl leagan Gaeilge ann).
(3) Féach an tuairim ó CESE An 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, (IO C 323, 26.8.2022, lch. 54).
(4) Páipéar seasaimh ó CESE maidir le REACT-EU.
(5) Sna tuairimí a d’fhoilsigh CESE cheana, ba dhíol sásaimh dó i dtólamh an méadú céatadáin a cuireadh ar na réamhíocaíochtaí nó ar an réamh-mhaoiniú. Dar leis arís ar ais gur cheart tuilleadh díchill a dhéanamh lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní airgeadais a shlógadh a thúisce is féidir. Mar a luadh sa pháipéar seasaimh ó CESE maidir le cúnamh airgeadais do na Ballstáit atá thíos le mór-éigeandáil sláinte poiblí.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/149 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le
hObair chuibhiúil ar fud an domhain
[COM(2022) 66 final]
(2022/C 486/21)
Rapóirtéir: |
Maria del Carmen BARRERA CHAMORRO |
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
6.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
22.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
132/23/33 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá béim á cur ag CESE ar a thábhachtaí atá sé go mbunódh an Coimisiún straitéis chun an obair chuibhiúil a chur chun cinn ar fud an domhain agus ní hamháin laistigh den Aontas. Anuas ar an togra le haghaidh treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach, tá sé á chur in iúl ag CESE gur fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir agus téarnamh inbhuanaithe. Athdhearbhaítear sa teachtaireacht sin tiomantas an Aontais chun an obair chuibhiúil a chosaint ar bhonn níos éifeachtaí trí bhíthin rialachán, beartais trádála agus infheistíochta, agus ionstraim lena gcuirtear toirmeasc ar theacht isteach táirgí san Aontas Eorpach arna ndéanamh trí shaothar éignithe, lena n-áirítear iad siúd arna ndéanamh lasmuigh den mhargadh inmheánach. Is díol sásaimh do CESE go ndéanfar an toirmeasc a chumasc le córas ráthaíochtaí forfheidhmithe faoin gcreat nua bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus ar oibleagáidí díchill chuí agus trédhearcachta. Mar sin féin, creideann CESE gur cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil an chreata nua, go háirithe ó thaobh FBManna de. |
1.2. |
Tugann CESE dá aire nach ann don obair chuibhiúil fós do roinnt mhaith daoine ar fud an domhain, in ainneoin na bhfeabhsuithe. Sna cásanna sin ar ábhar imní iad, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil dúshláin thromchúiseacha le sárú ag gnólachtaí mar gheall ar phaindéim COVID-19, athruithe ar shaol na hoibre, dul chun cinn sa teicneolaíocht, an t-athrú aeráide, athruithe déimeagrafacha, agus an domhandú. Is féidir, freisin, go mbeidh tionchar diúltach ag na dúshláin sin ar fhorfheidhmiú éifeachtach caighdeán saothair agus caighdeán cosanta sóisialta d’oibrithe ar fud an domhain. Tá CESE suite de nach mór don Aontas coinneáil air agus a ról mar cheannaire domhanda atá freagrach go sóisialta a threisiú trí úsáid a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil agus iad a fhorbairt, ionstraimí reachtacha san áireamh. Dála an Choimisiúin, tugann CESE dá aire gur mó sa mhó a bhíonn tomhaltóirí ag éileamh earraí agus seirbhísí arna dtáirgeadh agus arna gcur ar fáil ar bhealach cuimsitheach, inbhuanaithe agus cóir, rud a áirithíonn obair chuibhiúil do na daoine a tháirgeann agus a chuireann ar fáil iad agus dóibh siúd a oibríonn sa gheilleagar neamhfhoirmiúil chomh maith. |
1.3. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil cur chuige cuimsitheach atá dírithe ar na hoibrithe go léir sna margaí náisiúnta, i dtíortha nach tíortha AE iad agus i slabhraí soláthair domhanda áirithe sa Teachtaireacht a ghlac an Coimisiún chun obair chuibhiúil a chur chun cinn i ngach earnáil agus réimse gníomhaíochta. Tá béim á leagan ag CESE air nach mór don Aontas úsáid a bhaint as a chuid beartas ar fad, cibé acu beartais inmheánacha nó sheachtracha iad (beartas trádála san áireamh), chun obair chuibhiúil ar fud an domhain a chur chun cinn agus a áirithiú, rud a fhágfaidh an cuspóir sin i gcroílár téarnamh inbhuanaithe uilechuimsitheach agus i gcroílár an aistrithe dhigitigh. |
1.4. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil pacáiste cuimsitheach beart agus ionstraimí á mholadh ag an Aontas chun cabhrú le cur chun cinn na gceithre cholún den choincheap uilíoch maidir le hobair chuibhiúil a forbraíodh i nDearbhú EIS maidir le Ceartas Sóisialta don Domhandú Cothrom 2008, a ndearnadh leasú air in 2022, agus atá curtha san áireamh sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), mar atá: an fhostaíocht a chur chun cinn; caighdeáin lena ráthaítear cearta saothair, lena n-áirítear deireadh a chur leis an saothar éignithe agus an saothar leanaí; agus cosaint leormhaith shóisialta; idirphlé sóisialta agus an tríthaobhachas, agus an comhionannas inscne mar a bheadh cuspóir trasnach ann. |
1.5. |
Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún gnéithe áirithe de phrionsabal na hoibre cuibhiúla a fhorbairt a bhfuil luach ar leith acu sa lá atá inniu ann, go sóisialta agus go heacnamaíoch. Mar shampla, tá béim á cur ag CESE ar an gcomhrac i gcoinne an riosca go n-eisiafaí na grúpaí is leochailí, amhail daoine faoi mhíchumas i margadh an tsaothair, ar an tsábháilteacht agus sláinte ceirde agus ar chineál inbhuanaithe na fostaíochta san aistriú glas, agus, freisin, ar an gcomhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú (cur chun cinn ghné an chomhionannais inscne sa chuspóir maidir le hobair chuibhiúil). Cuspóirí trasnacha de chuid EIS agus Chlár Oibre 2030 is ea iad sin uile. Ar an ábhar sin, is díol sásaimh do CESE an leasú ar Dhearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair, chun an ceart chun timpeallachta oibre sábháilte agus sláintiúla a chur san áireamh. |
1.6. |
Is mór ag CESE go bhfuil sé á mholadh sa Teachtaireacht comhlíonadh na n-ionstraimí atá ann cheana a neartú agus, freisin, cinn nua a ghlacadh, lena n-áirítear ionstraimí rialála, sna ceithre cholún den Chlár Oibre um Obair Chuibhiúil. Ó thaobh an chéad cholúin sin, a bhaineann le beartais AE a bhfuil raon feidhme lasmuigh den Aontas acu, is díol sásaimh do CESE go bhfuil an tAontas ag cur chun cinn caighdeáin cheannródaíocha ar scála domhanda i bhfabhar na freagrachta sóisialta, na trédhearcachta agus inbhuanaitheacht gníomhaíochta gnó. Is díol sásaimh do CESE chomh maith gur ghlac Parlaimint na hEorpa Rún maidir le hionstraim nua trádála chun toirmeasc a chur ar tháirgí arna ndéanamh trí shaothar éignithe (1). |
1.7. |
Mar chuid dá phacáiste maidir le geilleagar cothrom agus inbhuanaithe, chuir an Coimisiún togra i láthair le haghaidh treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach (féach tuairim INT/973). Tá CESE den bharúil gur céim thábhachtach é an togra seo chun an urraim do chearta an duine a chur chun cinn mar oibleagáid ar ghnólachtaí agus ar stiúrthóirí. Mar sin féin, creideann CESE go bhfuil an-chuid laigí sa togra fós, mar shampla: an raon teoranta cur chun feidhme toisc nach bhfuil feidhm aige ach go díreach leis na mórchuideachtaí agus go hindíreach le FBManna; gannionadaíocht na n-oibrithe; agus coincheapa doiléire dlíthiúla, amhail an ceanglas maidir le gaolmhaireachtaí “bunaithe” gnó. Creideann sé gur baolach go gcuirfidh na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta na coincheapa doiléire sin i bhfeidhm ar bhealaí difriúla, rud a chruthóidh éiginnteachtaí dlíthiúla d’oibrithe agus do chuideachtaí araon. Mar thoradh air sin, tá próiseas cothrom idirphlé idir an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle á iarraidh ag CESE d’fhonn na laigí sin a chur ina gceart agus éifeachtacht na hionstraime rialála a fhormheasfar sa deireadh a fheabhsú. |
1.8. |
Tugann CESE dá aire na deacrachtaí atá ag roinnt cuideachtaí maidir le faireachán a dhéanamh ar an slabhra luacha iomlán agus obair chuibhiúil a áirithiú. Faraor, tá sé den tuairim nach é an bealach trínar cheart é sin a bhaint amach na ráthaíochtaí chun na críche sin a laghdú, ós rud é go laghdódh sé sin éifeachtach an bhirt, go gcruthódh sé éiginnteachtaí dlíthiúla do chuideachtaí agus go réiteodh sé an bealach le haghaidh iomaíocht éagórach. Ina áit sin, tá CESE suite de gurb é an bealach iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí faireacháin domhanda sin, gan na h-éifeachtaí diúltacha thuasluaite a chruthú, ná ionstraimí leordhóthanacha tacaíochta agus comhair a bhunú chun éifeachtacht na n-ionstraimí atá beartaithe a ráthú. Chuige sin agus i dteannta na tacaíochta poiblí agus na n-ionstraimí treorach, féadfaidh ról ríthábhachtach a bheith ag na bealaí trína ndéantar ionadaíocht thar ceann na n-oibrithe sa slabhra luacha agus san idirphlé sóisialta, ar na leibhéil dhifriúla chomhfhreagracha. Tá CESE suite de gur sárchúis é an feabhas sin ar éifeachtacht rialachas an díchill chuí feadh an tslabhra luacha, lena n-éascaítear obair na ngnólachtaí, chun rannpháirtíocht ionadaithe na n-oibrithe a aithint agus a áirithiú. |
1.9. |
I dtaca le caidreamh déthaobhach agus réigiúnach an Aontais Eorpaigh, is mór ag CESE go háirithe an togra ón Aontas beartas trádála a úsáid mar ionstraim le cuideachtaí tríú tír a spreagadh chun caighdeáin idirnáisiúnta saothair a chomhlíonadh, rud a chuirfeadh an obair chuibhiúil chun cinn i ngach cuideachta agus i ngach tír, lena n-áirítear sna tíortha comharsanachta. Chuige sin, cuireann CESE chun suntais an togra chun athchóiriú a dhéanamh ar Rialachán an Aontais maidir le Fabhair Thrádála. Tá béim á leagan ag CESE air gur ceann dá chuspóirí allmhairí a éascú ó thíortha a n-urramaíonn a gcuideachtaí ceanglais shóisialta, saothair agus chomhshaoil, lena n-áirítear an obair chuibhiúil. Tá CESE suite de go bhfeabhsódh sin samhail dhomhanda an iomaíochais, rud atá bunaithe ní hamháin ar an gceartas sóisialta, ach, freisin, ar iomaíocht chóir idir na cuideachtaí uile. |
1.10. |
Tacaíonn CESE leis an gcinneadh ón Aontas a bheith rannpháirteach go gníomhach in athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) d’fhonn an ghné shóisialta a chomhtháthú san fhás eacnamaíoch domhanda i bhfianaise na ndúshlán ollmhór atá roimpi (an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas, an t-aosú, aon phaindéim amach anseo a chosc, etc.). Chun fás, iomaíochas agus brabúis a bharrfheabhsú, is é sin le rá tuilleadh rachmais, fostaíochta agus folláine a chruthú, caithfear creataí agus beartais um an aistriú cóir a bhunú lena n-áireofar an obair chuibhiúil agus inbhuanaithe a áirithiú agus a chur chun cinn ar fud an domhain, agus é sin a dhéanamh a bhuí le haistriú cóir atá bunaithe ar an idirphlé sóisialta, de réir mar a baineadh amach roimhe seo. |
1.11. |
Is díol sásaimh do CESE an togra chun sásraí a chur san áireamh le measúnú agus faireachán a dhéanamh ar leibhéal chomhlíonadh na Treorach i dtaca le Dícheall Cuí. Mar sin féin, tugann CESE dá aire, agus is ábhar imní dó é, nach ndéantar foráil sna sásraí sin d’idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, foráil shoiléir a dhéanamh do shásraí den sórt sin sa téacs reachtach atá beartaithe. |
1.12. |
Anuas air sin, tá CESE ag iarraidh go dtacódh an tAontas le conradh ceangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine a thabhairt i gcrích agus go mbeadh coinbhinsiún EIS ann, freisin, maidir leis an obair chuibhiúil sna slabhraí saothair. |
2. Réamhrá agus cúlra
2.1. |
An obair chuibhiúil agus an ceartas sóisialta a áirithiú agus a chur chun cinn, is é sin atá i gcroílár na gcreataí rialála agus na mbeartas arna gcomhaontú go trípháirteach i gclár oibre EIS um obair chuibhiúil, Dearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair (a glacadh in 1998 agus a leasaíodh in 2022), agus a athdhearbhaíodh in 2019 le Dearbhú Céad Bliain EIS maidir le Todhchaí na hOibre. Ar an gcaoi chéanna, is cuid riachtanach de na gealltanais a thug an pobal idirnáisiúnta trí chéile faoi chuimsiú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) de Chlár Oibre 2030, go háirithe, ach ní hamháin, i Sprioc uimhir 8, é a áirithiú go mbeadh obair chuibhiúil mar ghnáthnós ar fud an domhain. Is éard atá i gceist leis an Sprioc sin fás eacnamaíoch marthanach, uilechuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn, fás a mbeadh fostaíocht agus obair chuibhiúil do chách mar thoradh air. |
2.2. |
Tá CESE ar aon tuairim leis an gCoimisiún nach amháin gurb iomchuí an straitéis sin maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain a chosaint agus a chur chun cinn ach go bhfuil sí riachtanach laistigh den tsamhail téarnaimh inbhuanaithe a bunaíodh agus a mhaoinítear mar chuid de NextGenerationEU. Cuireadh i bhfáth leis na figiúirí a chuir an Coimisiún agus EIS ar fáil nach ann don obair chuibhiúil fós do go leor daoine ar fud an domhain, in ainneoin na bhfeabhsuithe. De réir mheastacháin EIS, níl rochtain ag 4 bhilliún duine ar an gcosaint shóisialta agus tá 205 mhilliún duine as obair. Tá leanbh as gach deichniúr ar domhan (160 milliún) i mbun saothar leanaí agus tá saothar éignithe ar siúl ag 25 mhilliún duine ar fud an domhain. Ar an meán, déantar dúshaothrú ar íospartach saothair éignithe amháin as gach ceathrar lasmuigh dá dtír thionscnaimh, agus difríochtaí suntasacha i gceist ag brath ar staid an íospartaigh. Ina theannta sin, cé gur gné bhunúsach den obair chuibhiúil é sláinte agus sábháilteacht ag an obair, de réir EIS faigheann breis agus cúigear oibrithe bás in aghaidh an nóiméid áit éigin ar domhan mar gheall ar thionóisc ag an obair nó galar ceirde. |
2.3. |
Is díol sásaimh do CESE gur chinn an Coimisiún ugach nua a thabhairt maidir le samhail téarnaimh eacnamaíoch lena dtabharfar le chéile cruthú rachmais agus deiseanna fostaíochta ar fud an domhain ar thaobh amháin, agus áirithiú agus cur chun cinn na hurraime do chearta an duine, don obair chuibhiúil agus do chosaint an chomhshaoil ar an taobh eile. Tugadh faoi deara sa Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le rannchuidiú an Aontais le hiltaobhachas riailbhunaithe a neartú a dheacra atá sé dul chun cinn a dhéanamh i dtaca leis na cuspóirí sin tar éis na paindéime, rud a chuir isteach ar na saoránaigh, ar na cuideachtaí agus na Stáit go léir. Mar thoradh air sin agus chun cúrsaí a dhruidim ar aghaidh, moladh inti rialacháin, beartais agus infheistíochtaí lena n-áiritheofaí agus lena gcuirfí chun cinn téarnamh eacnamaíoch digiteach, glas agus uilechuimsitheach. |
2.4. |
Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún (1) Teachtaireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir domhanda agus téarnamh inbhuanaithe [COM(2022) 66 final, an 23 Feabhra 2022], agus (2) togra le haghaidh treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach, atá ina ábhar do thuairim eile ó CESE, (INT/973), atá ar na bacáin. |
2.5. |
Tá sé sonraithe ag CESE cheana féin gur mó sa mhó a bhíonn cuideachtaí ag feidhmiú thar theorainneacha. Is iad na cuideachtaí ilnáisiúnta agus a slabhraí soláthair domhanda na gníomhaithe is mó atá ann agus tá fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ag éirí níos líonmhaire ina measc sin. Tá moltaí déanta ag CESE maidir le tionscnaimh bheartais agus rialála chun an inbhuanaitheacht a fheabhsú, an urraim do chearta an duine a áirithiú, agus chun an obair chuibhiúil i slabhraí luacha cuideachtaí a chur chun cinn (2). |
2.6. |
Tuigeann CESE a thábhachtaí atá ionstraimí atá bunaithe ar an bhfreagracht shóisialta chorparáideach (FSC) chun forbairt chóir a bhaint amach, óir spreagann FSC athruithe dearfacha iompraíochta i dtreo na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta. Mar sin féin, molann CESE gur gá feabhsuithe a dhéanamh chomh maith. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit na hionstraimí idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le fás agus téarnamh tar éis COVID-19 atá inbhuanaithe, cóir agus athléimneach a chur chun feidhme ar bhonn níos éifeachtúla, agus an obair chuibhiúil ina gcroílár. Tá sé iarrtha ag CESE go dtacódh an tAontas le conradh ceangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine a thabhairt i gcrích (3) agus go mbeadh coinbhinsiún EIS ann, freisin, maidir leis an obair chuibhiúil sna slabhraí saothair. Tá tacaíocht léirithe ag CESE, freisin, do chreat éigeantach, dlíthiúil agus éifeachtach ón Aontas maidir leis an dícheall cuí agus leis an bhfreagracht chorparáideach, bunaithe ar idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta agus le cur chuige il-gheallsealbhóra. |
2.7. |
Aithníonn CESE na buntáistí a bhaineann le creat rialála comhchuibhithe AE maidir leis an dícheall cuí agus an inbhuanaitheacht. I measc buntáistí eile, teastaíonn iomaíocht chóir chuige sin ó gach cuideachta, lena n-áirítear uathu siúd arb as tíortha nach tíortha AE iad atá ag feidhmiú san Aontas, óir tá siad faoi réir dálaí comhionanna lena dtugtar deimhneacht dhlíthiúil níos fearr. Le creat rialála comhchuibhithe den sórt sin, bheadh sé níos fusa do chuideachtaí agus d’oibrithe aistriú go geilleagar aeráidneodrach faoi dhálaí saothair agus ceartais shóisialta le haghaidh na slabhraí domhanda ar fad. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh creat rialála comhleanúnach cothrom ann ón Aontas maidir le dícheall cuí corparáideach atá éifeachtúil agus comhréireach. |
2.8. |
Is maith is eol do CESE gur gá sásra téarnaimh airgeadais ón bpaindéim a chur chun feidhme mar ábhar práinne sna Ballstáit go léir agus gur gá tacaíocht a thabhairt do gach próiseas téarnaimh ón bpaindéim fud fad na cruinne. Is eol dó, freisin, gur gá tacú leis na haistrithe éagsúla i dtreo geilleagar (digiteach) glas (saor ó charbón agus ciorclach) agus nuálach, trí bhíthin an idirphlé shóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta agus samhlacha rialachais thrípháirtigh. Tá súil ag CESE é sin a fheiceáil sa Teachtaireacht agus sa mholadh nua maidir le todhchaí an idirphlé shóisialta. |
2.9. |
Tugann CESE dá aire na himscrúduithe a rinne breathnóirí idirnáisiúnta chearta an duine, lena n-áirítear an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair, Comhairle na hEorpa, agus Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCeardchumann (Innéacs na gCeart Domhanda), lena ndeimhnítear go bhfuil méadú seasta ag teacht ar an easpa ráthaíochtaí do chearta an duine (lena n-áirítear cearta aonair agus cearta comhchoiteanna na n-oibrithe) agus ar an neamh-chomhlíonadh comhshaoil ar bhonn domhanda. Ní dhearna an phaindéim ach an cás a chur in olcas san iliomad tíortha ar fud an domhain ina ndeachaigh dálaí maireachtála forbhásacha agus mí-úsáideacha in olcas; tá méadú tagtha freisin ar shaothar leanaí agus ar shaothar éignithe. |
2.10. |
Aithníonn CESE go léirítear san fhianaise eolaíoch reatha gur mó sa mhó atá cuideachtaí ag ionchorprú córais bhainistíochta atá bunaithe ar FSC agus ag forbairt a samhlacha gnó i gcomhréir le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Mar sin féin, dála an Choimisiúin, creideann CES go bhféadfaí sin a fheabhsú. Anuas air sin, ní hamháin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go mall, ach tá sé éagothrom go maith freisin. Tá CESE suite de gur rud dearfach é, go háirithe do FBManna, an t-aistriú i dtreo creataí rialála ón Aontas, agus gur comhlánaíodh iad le tacaíocht theicniúil agus treoir phraiticiúil ón gCoimisiún. Ar an gcaoi sin, beidh na gealltanais sin níos éifeachtaí agus rachaidh siad chun sochair do na cuideachtaí atá ag feidhmiú i margadh an Aontais, ós rud é go mbeidh deimhneacht dhlíthiúil níos fearr agus cothrom na Féinne ann dóibh. |
3. Príomhghníomhaíochtaí arna moladh ag an gCoimisiún chun an obair chuibhiúil a chur chun cinn
3.1. |
Le fada an lá, tá faireachán ar an dul chun cinn i dtreo na hoibre cuibhiúla á dhéanamh ag EIS, eagraíocht a mbíonn táscairí á moladh aici d’fhonn an dul chun cinn sin a thomhas. Measann CESE go bhfuil sé sin tábhachtach ós rud é gur eisigh an Coimisiún teachtaireacht maidir leis an ábhar sin cúpla bliain ó shin (4). Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún clár oibre uaillmhianach agus nuálach a chur chun feidhme ar bhonn níos fearr agus a áirithiú go nascfar an t-iomaíochas leis an gceartas sóisialta tríd an dul chun cinn sin. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE, freisin, nach amháin gur ábhar fostaíochta agus cosanta sóisialta í an obair chuibhiúil, ach gur ábhar rialachais í freisin, agus nach mór idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta a chur san áireamh ar gach leibhéal de na slabhraí domhanda agus ag gach céim de na próisis táirgthe. |
3.2. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an tAontas ag leanúint ar aghaidh lena chlár oibre féin arb é is aidhm dó pobal oibre a thógáil ar dócha go mbainfeadh sé amach, dáiríre, na gnéithe ar fad atá mar chuid de choincheap uilíoch EIS maidir le hobair chuibhiúil. Is díol sásaimh dó, freisin, go bhfuil níos mó i gceist leis sin seachas dearbhú foirmiúil ann féin. Tá sin ag teacht le cuimsiú gach comhpháirte de chaighdeáin idirnáisiúnta na hoibre cuibhiúla i nDearbhú EIS maidir le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair ó 1998 (5). |
3.3. |
Tá CESE den bharúil nach féidir glacadh leis nach mbeidh taithí, go ceann tamall maith eile fós, ag na céadta milliún ar fud an domhain ar an rud is obair chuibhiúil ann, rud a fhágann go bhfuil sé deacair don phobal idirnáisiúnta na SDGanna a leagadh amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe a bhaint amach. Cé go bhfuil na SDGanna leabaithe sa choincheap uilíoch maidir le hobair chuibhiúil, cuirtear an coincheap maidir le hobair chuibhiúil do chách (SDG 8 agus cinn eile lena mbaineann) i mbaol ar bhonn laethúil mar gheall ar na géarchéimeanna a thit amach le déanaí, i dteannta dhúshláin as cuimse eacnamaíocha agus sóisialta na linne seo. |
3.4. |
I gcroílár na n-iarrachtaí sin, tá deireadh a chur le saothar leanaí agus saothar éignithe. Idir 2016 agus 2020, tháinig méadú breis agus ocht milliún ar líon na mionaoiseach atá i mbun saothar leanaí, ar malartú na treochta íslithí a chonacthas roimhe seo é sin. Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún chun bearta nua dlíthiúla agus neamhdhlíthiúla atá níos éifeachtaí a fhorbairt ina bheartas neamhfhulaingthe i leith saothar leanaí, lena n-áireofar toirmeasc ar tháirgí a chur ar mhargadh an Aontais arna ndéanamh nó arna ndáileadh trí shaothar éignithe nó saothar leanaí. Ar an ábhar sin, tá CESE den bharúil gur gá an creat nua a chomhlánú trí mheasúnú tionchair eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a dhéanamh ar bhearta éagsúla reachtacha agus neamhreachtacha. Tá CESE ag iarraidh, freisin, go gcuirfear dlús le beartas trádála nua an Aontais, agus é ar cheann de spreagthaí an fháis eacnamaíoch, ar bhealach a chomhlíonfaidh an tiomantas don urraim do chearta idirnáisiúnta an duine, do na hionstraimí a bhaineann leis sin agus don chomhrac i gcoinne saothar leanaí agus saothar éignithe feadh an tslabhra soláthair. Ar an gcaoi sin, déanfar na bearta nua a chomhchuibhiú de réir samhail téarnaimh eacnamaíoch agus de réir samhail iomaíochais dhomhanda agus uilechuimsithigh. |
3.5. |
Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh Treoir maidir le dícheall cuí éigeantach agus na coimircí nua dlíthiúla araon chun an saothar éignithe agus an saothar leanaí a chomhrac ar bhonn níos éifeachtúla feadh an tslabhra dhomhanda luacha trí chéile. Tá CESE ar aon fhocal le tuairim an Choimisiúin nach bhféadfadh na húdaráis iontu féin an cath i gcoinne an tsaothair éignithe a bhuachan. Is díol sásaimh do CESE chomh maith gur ghlac Parlaimint na hEorpa Rún maidir le hionstraim nua trádála chun toirmeasc a chur ar tháirgí arna ndéanamh trí shaothar éignithe (6). Tá go leor cuideachtaí príobháideacha tiomanta do na cuspóirí sin cheana féin, ach ní mór dóibh tuilleadh a dhéanamh, i gcomhréir leis an togra le haghaidh treoir maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach. Sa treoir sin, ba cheart éifeachtúlacht an chreata chomhleanúnaigh ón Aontas a chur chun cinn agus a áirithiú go mbeadh sé comhréireach le go bhfeabhsófaí an t-iomaíochas. |
3.6. |
Is díol sásaimh do CESE go bhfuil úsáid creata chomhleanúnaigh dhlíthiúil ón Aontas agus an bheartais um sholáthar poiblí atá freagrach go sóisialta á cur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach mar uirlisí cumhachtacha chun comhrac a dhéanamh ar son na hoibre cuibhiúla agus i gcoinne an tsaothair éignithe agus an tsaothair leanaí. Mar sin féin, ar mhaithe le bogadh chun tosaigh, creideann CESE gur gá an creat rialála a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí chun cur le fíoréifeachtacht na gclásal sóisialta agus na gclásal comhshaoil, sa soláthar poiblí agus sa trádáil chóir araon. |
3.7. |
Is mór ag CESE an togra le haghaidh Rialachán nua AE maidir le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (Rialachán GSP) chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i dtíortha ísealioncaim sa tréimhse 2024-2034. Is díol sásaimh do CESE gur cuireadh, le Rialachán nua GSP, le deiseanna an Aontais chun úsáid a bhaint as fabhair thrádála ar mhaithe le deiseanna eacnamaíocha a chruthú agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus urraim á tabhairt do chaighdeán na hoibre cuibhiúla. Feabhsófar an ról atá ag an idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta a bhuí sin le hionchorprú comhaontuithe rialachais, amhail an ceann maidir le comhairliúchán trípháirteach. |
3.8. |
Tugann CESE dá aire an tiomantas, laistigh de raon feidhme ghníomhaíocht 2, caitheamh leis an obair chuibhiúil mar thosaíocht de chuid na hIonstraime nua um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (7). Rinneadh foráil sa chlár seo maidir le cearta an duine agus an daonlathas do ghníomhaíochtaí sonracha chun an obair chuibhiúil a chur chun cinn do chách, go háirithe ar an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal réigiúnach, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an tsaothair éignithe agus an tsaothair leanaí. Is mór ag CESE go bhfuil san áireamh sna gníomhaíochtaí nua de chuid na hIonstraime nua um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta: an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn; tuilleadh neamhspleáchais a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta; chomh maith le cumarsáid a dhéanamh le tíortha comhpháirtíochta, rud a chabhródh le coinbhinsiúin nuashonraithe EIS a dhaingniú agus a chur chun feidhme ar bhonn éifeachtach, go háirithe na coinbhinsiúin bhunúsacha agus rialachais. |
4. Barúlacha ginearálta
4.1. |
Is ábhar imní comhchoiteann do EIS agus CESE é gur lú an sochar a bhaineann na cuideachtaí agus na hoibrithe sin is mó a bhíonn thíos leis an tsraith géarchéimeanna a thosaigh in 2008 as na dálaí feabhsaithe, idir dhálaí eacnamaíocha agus teicneolaíocha, óir is fabhraí iad na hiarrachtaí téarnaimh i gcás earnálacha áirithe de chuid an mhargaidh eacnamaíoch agus de chuid mhargadh an tsaothair, fad a fhágtar earnálacha eile ar gcúl. |
4.2. |
Tá sé á athdhearbhú ag CESE nach mór an obair chuibhiúil ar fud an domhain a chosaint d’fhonn dínit an duine a urramú. Ar an gcúis sin, tá CESE den bharúil gur céim thábhachtach chun tosaigh é an togra sin i dtreo cearta an duine a urramú agus a chur chun cinn i ngnólachtaí. Tá súil aige, freisin, go mbeadh sé sin ina spreagadh mór chun treabhadh ar aghaidh. |
4.3. |
Mar sin féin, creideann CESE go bhfuil an-chuid laigí agus coincheapa doiléire dlíthiúla sa togra fós. D’fhéadfaí na coincheapa doiléire sin a léirmhíniú ar bhealaí difriúla agus fágann sin gur baolach go gcuirfeadh na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta iad i bhfeidhm ar bhealaí difriúla, rud a chruthaíonn éiginnteachtaí dlíthiúla d’oibrithe agus do chuideachtaí araon. Mar shampla, tá éifeachtacht na treorach i mbaol mar gheall ar úsáid coincheap doiléir amhail “gaolmhaireacht bhunaithe ghnó” nó fiú “dearbhuithe conarthacha maidir le comhlíonadh na gcód iompair”. Tá CESE á mholadh don Choimisiún na coincheapa dlíthiúla sin a shoiléiriú go mór agus go fada, lena n-áirítear na laigí sa réimeas dliteanais shibhialta atá beartaithe. Molann sé don Choimisiún, freisin, a chur san áireamh na bealaí trína bhféadfaí ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cheardchumainn na gcuideachtaí ar an leibhéal iomchuí chun go mbeadh comhlíonadh níos éifeachtaí ann. |
4.4. |
Tugann CESE dá aire an cur chuige atá bunaithe ar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus atá mar bhonn leis an togra ar fad. Má tá rath le bheith air, caithfear rannpháirtíocht éifeachtach thar ceann na gceardchumann agus na n-oibrithe a chur san áireamh. Mar sin féin, is oth le CESE nach bhfuil sé sin léirithe go leormhaith sa togra. Creideann CESE go bhféadfadh an sórt sin lúb ar lár cosanta dochar a dhéanamh d’oibrithe agus do chuideachtaí araon, i bhfianaise a thionchair chomhchoitinn. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go bhféadfaí bonn leormhaith treorach agus tacaíochta a chur leis an gcreat rialála nua trí bhíthin rannpháirtíocht ionadaithe eagraithe na n-oibrithe atá ann cheana, mar shampla bunaithe ar obair na gComhairlí Oibreacha Eorpacha nó ar Chreat-Chomhaontuithe Idirnáisiúnta. |
4.5. |
Is díol sásaimh do CESE an cur chuige cuimsitheach i leith na hoibre cuibhiúla atá glactha sa Teachtaireacht ón gCoimisiún. San áireamh sa chur chuige sin, tá mian na dtomhaltóirí tús áite a thabhairt do shamhlacha táirgthe agus dáilte earraí agus seirbhísí lena n-urramaítear ar bhonn níos fearr dálaí inbhuanaitheachta sóisialta agus comhshaoil. Tá sé tugtha faoi deara ag an gCoimisiún gur fearr leis an gcuid is mó de thomhaltóirí modhanna tomhaltais, lena n-áirítear i gcúrsaí ríomhthráchtála, ina dtugtar tús áite do tháirgí lena n-urramaítear an obair chuibhiúil agus cothromaíocht an chomhshaoil. Mar thoradh air sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfar an ról sin atá ag tomhaltóirí, ar ról é atá freagrach go sóisialta, a chur chun cinn trí bhíthin faisnéis agus oiliúint níos fearr d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht na mbeart arna moladh ag an gCoimisiún chun an obair chuibhiúil a ráthú agus a chur chun cinn ar fud an domhain. |
4.6. |
Is mór ag CESE gur ghlac an Coimisiún Eorpach leis an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa chun togra le haghaidh treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i láthair (INT/973). Tugann CESE dá aire gur chuir an Coimisiún srian sa togra uaidh le líon na gcuideachtaí atá san áireamh sa togra le haghaidh treorach, rud a chuireann srian le raon feidhme na hiarrata ó Pharlaimint na hEorpa. Tá próiseas idirphlé á iarraidh ag CESE idir na trí institiúid Eorpacha chun teacht ar chomhaontú maidir leis an gcreat comhleanúnach rialála seo ón Aontas, lena n-áirítear raon feidhme na treorach amach anseo a leathnú, mar is cuí, rud a chuirfidh lena héifeachtacht, ó thaobh iomaíocht chóir idir na cuideachtaí uile de, agus d’fhonn roinnt de na laigí rialála atá le sonrú sa téacs atá beartaithe a leigheas chun deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a thabhairt do chuideachtaí. |
5. Barúlacha sonracha
5.1. |
Tugann CESE dá aire na hiarrachtaí arna moladh ag an gCoimisiún Eorpach san Aontas chun úsáid a bhaint as gach uile ionstraim, beartas agus acmhainn faoina réimse inniúlachta (soláthar poiblí, comhaontuithe trádála, beartas forbartha, beartas infheistíochta, cistí, etc.) d’fhonn obair chuibhiúil a chur chun cinn ar fud an domhain. Go háirithe, tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfar an bosca uirlisí a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar bhonn níos fearr d’fhonn dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú agus a chur chun cinn agus d’fhonn caighdeáin saothair idirnáisiúnta a ráthú, lena n-áirítear na hathchóirithe atá ag teastáil chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch, le hiomaíochas ghnólachtaí na hEorpa, agus leis an gcumas atá acu poist chuibhiúla a chruthú sa domhan mór. |
5.2. |
Tugann CESE dá aire go gcuirtear luach ard ar theicnící FSC, amhail cóid iompair aontaobhacha, sa togra le haghaidh treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach. Ní chuirtear staid na n-oibrithe san áireamh sna hionstraimí sin. Measann CESE gurb iomchuí teicnící rialachais chomhchoitinn a chur san áireamh chomh maith chun bealaí áisiúla le rannpháirtíocht ionadaithe na n-oibrithe a chur chun cinn i gcruthú ghealltanas na hoibre cuibhiúla feadh an tslabhra luacha agus san fhaireachán a dhéantar air sin. Mar is léir ó phointe 4.4, ba cheart na Creat-Chomhaontuithe Idirnáisiúnta a bheith ina mbonn leormhaith treorach agus tacaíochta. |
5.3. |
Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún maidir leis an ngá atá le tuilleadh beart agus bearta níos fearr chun an saothar éignithe a chomhrac go héifeachtach. Chuige sin, tá CESE i bhfách leis go gcuirfeadh an Coimisiún toirmeasc chun feidhme a luaithe is féidir ar tháirgí (idir tháirgí AE agus táirgí allmhairithe) a chur ar mhargaí an Aontais a rinneadh trí shaothar éignithe, lena n-áirítear saothar leanaí. Ag an am céanna, molann CESE anailís a dhéanamh ar na bearta éagsúla agus measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na gcásanna difriúla. Ní mór an toirmeasc sin a bheith ag teacht le dálaí trádála córa agus le tiomantas an Aontais araon i leith an chomhbheartais trádála agus iomaíochas na hEorpa ar an leibhéal domhanda. |
5.4. |
Tá CESE ar aon fhocal leis an gCoimisiún go bhfuil gá le tuilleadh beart chun an saothar leanaí a chomhrac go héifeachtach, i bhfianaise a chasta atá na gnéithe is cúis leis (lena n-áirítear deacrachtaí airgeadais, gan dóthain deiseanna a bheith ann le haghaidh oideachas níos fearr, nósanna áitiúla maidir le ról an linbh sa tsochaí, etc.). Ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí na huirlisí idirnáisiúnta atá ann cheana i bhfeidhm agus chun feidhme ar bhonn comhsheasmhach. Dá bhrí sin, chun deireadh a chur leis an saothar leanaí, tá gá le cur chuige cuimsitheach (iomlánaíoch) maidir le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, bunaithe ar chaighdeán na hoibre cuibhiúla: acmhainní le haghaidh oideachas ardchaighdeáin, ioncam agus cosaint iomchuí shóisialta do chách. |
5.5. |
Dar le CESE, baineann tábhacht ar leith le hathchóiriú a dhéanamh ar Threoir AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chomhrac agus a chosc (8), lena gceanglaítear ar na Ballstáit an gháinneáil a chosc de réir an dlí, d’fhonn aidhm sa bhreis a chur leis maidir le cosaint i gcoinne an tsaothair éignithe (a mbíonn níos mó ban agus cailíní, agus go háirithe inimircigh, i measc grúpaí eile leochaileacha, thíos leis). Chuir CESE in iúl cheana gur díol sásaimh dó an cur chuige cuimsitheach comhtháite maidir le híospartaigh na gáinneála ar dhaoine a chosaint (9). |
5.6. |
Tugann CESE dá aire a ábhartha atá an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bannaí glasa Eorpacha [COM/2021/391 final], arb é is aidhm dó leas níos fearr a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair agus Aontas na Margaí Caipitil chun rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 2(1)c de Chomhaontú Pháras 2016 maidir leis an athrú aeráide agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Ón tús ar fad, d’áitigh CESE go bhféadfadh rath a bheith ar an gComhaontú Glas, ach nach mbainfí an rath sin amach murar chomhaontú sóisialta a bheadh ann chomh maith, ceann lena n-iarrfaí an coincheap “infheistíocht shóisialta” a shainmhíniú ar bhealach níos mine le go bhféadfaí deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a thabhairt do mhargaí agus do chuideachtaí (10). |
5.7. |
Tacaíonn CESE le hobair an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh Rialachán nua AE maidir le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (Rialachán GSP) do 2024-2034. Tugann CESE dá aire gur mhéadaigh an Coimisiún a thacaíocht chun caighdeáin idirnáisiúnta saothair a chur chun cinn i dtíortha is tairbhithe de GSP trí dhá choinbhinsiún a chur leo maidir le cearta saothair (Coinbhinsiún EIS Uimh. 81 maidir le Cigireacht Saothair agus Coinbhinsiún Uimh. 144 maidir le Comhairliúchán Trípháirteach) agus aithníonn sé gur foras lenar féidir fabhair thrádála a tharraingt siar é onnmhairiú earraí arna ndéanamh trí shaothar leanaí agus trí shaothar éignithe. Molann CESE dearbhú EIS ó 1998 agus an leasú a rinne sé air in 2022 a chur san áireamh i ndréachtrialachán GSP do 2024-2034. |
5.8. |
Ina theannta sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún tacú le hathchóiriú ar EDT chun gur féidir leanúint de bheith ag cur leis an bhforbairt inbhuanaithe, chun an ghné shóisialta den domhandú a chomhtháthú agus chun teacht ar chomhaontuithe in EDT lena gcuirfear an obair chuibhiúil agus an ceartas sóisialta chun cinn. Tá súil ag CESE go mbainfear an chothromaíocht chuí amach sa phróiseas idirphlé oscailte idir na cuspóirí sóisialta agus iad siúd maidir le hiomaíochas eacnamaíoch ar fud an domhain a fheabhsú. |
5.9. |
Is mór ag CESE an togra chun sásraí a chur san áireamh chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar leibhéal chomhlíonadh na Treorach i dtaca le Dícheall Cuí, lena n-áirítear Líonra Eorpach na nÚdarás Maoirseachta a chur ar bun chun cabhrú lena chur chun feidhme. Mar sin féin, ar an gcéad dul síos, tugann CESE dá aire, agus is ábhar imní dó é, nach bhfuil sainordú/dlínse an chomhlachta maoirseachta sin sainithe go soiléir agus, ar an dara dul síos, nach ndéantar foráil sna sásraí sin d’idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, foráil shoiléir a dhéanamh do shásraí den sórt sin sa téacs reachtach atá beartaithe. |
An Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0245_EN.html
(2) Tuairim ó CESE Slabhraí soláthair agus obair chuibhiúil sa trádáil idirnáisiúnta, 2020/02161 (níl leagan Gaeilge ann): https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=CELEX%3A52020AE2161 (IO C 429, 11.12.2020, lch. 197).
(3) Thug CESE aghaidh go mion ar an tsaincheist seo cheana féin sa tuairim Conradh Ceangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (IO C 97, 24.3.2020, lch. 9).
(4) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:52006DC0249
(5) www.ilo.org/dyn/normlex/en/f?p=1000:62:0::NO:62:P62_LIST_ENTRIE_ID:2453911:NO.
(6) https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-9-2022-0245_EN.html
(7) https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/ALL/?uri=CELEX%3A32021R0947
(8) Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).
(9) IO C 51, 17.2.2011, lch. 50 (níl leagan Gaeilge ann).
(10) Tá CESE i lár tuairim féintionscnaimh a dhréachtú maidir leis an ábhar seo: ECO/581 Tacsanomaíocht shóisialta – dúshláin agus deiseanna (Féach leathanach 15 den Iris Oifigiúil seo).
IARSCRÍBHINN
I rith na ndíospóireachtaí, diúltaíodh do na leasuithe seo a leanas, a raibh an ceathrú cuid ar a laghad de na vótaí arna gcaitheamh ar a son (Riail 43(2) de na Rialacha Nós Imeachta):
LEASÚ 3 SOC/727 Obair chuibhiúil ar fud an domhain Pointe 2.6 Le leasú mar seo a leanas: |
Arna chur síos ag: BLIJLEVENS René GERSTEIN Antje Sabine KONTKANEN Mira-Maria MINCHEVA Mariya MURESAN Marinel Dănuț POTTIER Jean-Michel |
Tuairim na rannóige |
Leasú |
Tuigeann CESE a thábhachtaí atá ionstraimí atá bunaithe ar an bhfreagracht shóisialta chorparáideach (FSC) chun forbairt chóir a bhaint amach, óir spreagann FSC athruithe dearfacha iompraíochta i dtreo na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta. Mar sin féin, molann CESE gur gá feabhsuithe a dhéanamh chomh maith. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit na hionstraimí idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le fás agus téarnamh tar éis COVID-19 atá inbhuanaithe, cóir agus athléimneach a chur chun feidhme ar bhonn níos éifeachtúla, agus an obair chuibhiúil ina gcroílár. Tá sé iarrtha ag CESE go dtacódh an tAontas le conradh ceangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine a thabhairt i gcrích (1) agus go mbeadh coinbhinsiún EIS ann, freisin , maidir leis an obair chuibhiúil sna slabhraí saothair. Tá tacaíocht léirithe ag CESE, freisin, do chreat éigeantach, dlíthiúil agus éifeachtach ón Aontas maidir leis an dícheall cuí agus leis an bhfreagracht chorparáideach, bunaithe ar idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta agus le cur chuige il-gheallsealbhóra. |
Tuigeann CESE a thábhachtaí atá ionstraimí atá bunaithe ar an bhfreagracht shóisialta chorparáideach (FSC) chun forbairt chóir a bhaint amach, óir spreagann FSC athruithe dearfacha iompraíochta i dtreo na hinbhuanaitheachta comhshaoil agus sóisialta. Mar sin féin, molann CESE gur gá feabhsuithe a dhéanamh chomh maith. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit na hionstraimí idirnáisiúnta atá ann cheana maidir le fás agus téarnamh tar éis COVID-19 atá inbhuanaithe, cóir agus athléimneach a chur chun feidhme ar bhonn níos éifeachtúla, agus an obair chuibhiúil ina gcroílár. Tá sé iarrtha ag CESE go dtacódh an tAontas le conradh ceangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine a thabhairt i gcrích (1) agus go bhfiosródh EIS cé na hionstraimí ábhartha oiriúnacha ab fhéidir a fhorbairt agus a ghlacadh amach anseo (2), maidir leis an obair chuibhiúil sna slabhraí saothair. Tá tacaíocht léirithe ag CESE, freisin, do chreat éigeantach, dlíthiúil agus éifeachtach ón Aontas maidir leis an dícheall cuí agus leis an bhfreagracht chorparáideach, bunaithe ar idirphlé sóisialta leis na comhpháirtithe sóisialta agus le cur chuige il-gheallsealbhóra. |
Toradh na vótála:
Vótaí ar son: |
65 |
Vótaí in aghaidh: |
97 |
Staonadh: |
13 |
LEASÚ 4 SOC/727 Obair chuibhiúil ar fud an domhain Pointe 2.7 Le leasú mar seo a leanas: |
Arna chur síos ag: BLIJLEVENS René GERSTEIN Antje Sabine KONTKANEN Mira-Maria MINCHEVA Mariya MURESAN Marinel Dănuț POTTIER Jean-Michel |
Tuairim na rannóige |
Leasú |
Aithníonn CESE na buntáistí a bhaineann le creat rialála comhchuibhithe AE maidir leis an dícheall cuí agus an inbhuanaitheacht. I measc buntáistí eile, teastaíonn iomaíocht chóir chuige sin ó gach cuideachta, lena n-áirítear uathu siúd arb as tíortha nach tíortha AE iad atá ag feidhmiú san Aontas, óir tá siad faoi réir dálaí comhionanna lena dtugtar deimhneacht dhlíthiúil níos fearr. Le creat rialála comhchuibhithe den sórt sin, bheadh sé níos fusa do chuideachtaí agus d’oibrithe aistriú go geilleagar aeráidneodrach faoi dhálaí saothair agus ceartais shóisialta le haghaidh na slabhraí domhanda ar fad. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh creat rialála comhleanúnach cothrom ann ón Aontas maidir le dícheall cuí corparáideach atá éifeachtúil agus comhréireach. |
Aithníonn CESE na buntáistí a bhaineann le creat rialála comhchuibhithe AE maidir leis an dícheall cuí agus an inbhuanaitheacht. I measc buntáistí eile, teastaíonn iomaíocht chóir chuige sin ó gach cuideachta laistigh de raon feidhme an chreata , lena n-áirítear uathu siúd arb as tíortha nach tíortha AE iad atá ag feidhmiú san Aontas, óir tá siad faoi réir dálaí comhionanna lena dtugtar deimhneacht dhlíthiúil níos fearr. Le creat rialála comhchuibhithe den sórt sin, bheadh sé níos fusa do chuideachtaí agus d’oibrithe aistriú go geilleagar aeráidneodrach faoi dhálaí saothair agus ceartais shóisialta le haghaidh na slabhraí domhanda ar fad. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go mbeadh creat rialála comhleanúnach cothrom ann ón Aontas maidir le dícheall cuí corparáideach atá éifeachtúil agus comhréireach. |
Toradh na vótála:
Vótaí ar son: |
73 |
Vótaí in aghaidh: |
100 |
Staonadh: |
14 |
LEASÚ 5 SOC/727 Obair chuibhiúil ar fud an domhain Pointe 4.6 Le leasú mar seo a leanas: |
Arna chur síos ag: BLIJLEVENS René GERSTEIN Antje Sabine KONTKANEN Mira-Maria MINCHEVA Mariya MURESAN Marinel Dănuț POTTIER Jean-Michel |
Tuairim na rannóige |
Leasú |
Is mór ag CESE gur ghlac an Coimisiún Eorpach leis an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa chun togra le haghaidh treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i láthair (INT/973). Tugann CESE dá aire gur chuir an Coimisiún srian sa togra uaidh le líon na gcuideachtaí atá san áireamh sa togra le haghaidh treorach, rud a chuireann srian le raon feidhme na hiarrata ó Pharlaimint na hEorpa. Tá próiseas idirphlé á iarraidh ag CESE idir na trí institiúid Eorpacha chun teacht ar chomhaontú maidir leis an gcreat comhleanúnach rialála seo ón Aontas, lena n-áirítear raon feidhme na treorach amach anseo a leathnú, mar is cuí, rud a chuirfidh lena héifeachtacht, ó thaobh iomaíocht chóir idir na cuideachtaí uile de, agus d’fhonn roinnt de na laigí rialála atá le sonrú sa téacs atá beartaithe a leigheas chun deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a thabhairt do chuideachtaí. |
Is mór ag CESE gur ghlac an Coimisiún Eorpach leis an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa chun togra le haghaidh treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach a chur i láthair (INT/973). Tugann CESE dá aire gur chuir an Coimisiún srian sa togra uaidh le líon na gcuideachtaí atá san áireamh sa togra le haghaidh treorach, rud a chuireann srian le raon feidhme na hiarrata ó Pharlaimint na hEorpa. Tá próiseas idirphlé á iarraidh ag CESE idir na trí institiúid Eorpacha chun teacht ar chomhaontú maidir leis an gcreat comhleanúnach rialála seo ón Aontas, lena n-áirítear beann a bheith ag lucht ceaptha beartas ar chás dúshlánach na MFBManna agus é á áirithiú acu go bhfuil uirlisí tacaíochta réidh ar na leibhéil Eorpacha agus náisiúnta a luaithe a thiocfaidh an reachtaíocht maidir leis an dícheall cuí i bhfeidhm (1), rud a chuirfidh lena héifeachtacht, ó thaobh iomaíocht chóir idir na cuideachtaí uile de laistigh de raon feidhme na Treorach atá ar na bacáin , agus d’fhonn roinnt de na laigí rialála atá le sonrú sa téacs atá beartaithe a leigheas chun deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a thabhairt do chuideachtaí. |
Toradh na vótála:
Vótaí ar son: |
68 |
Vótaí in aghaidh: |
97 |
Staonadh: |
15 |
LEASÚ 1 SOC/727 Obair chuibhiúil ar fud an domhain Pointe 1.7 Le leasú mar seo a leanas: |
Arna chur síos ag: BLIJLEVENS René GERSTEIN Antje Sabine KONTKANEN Mira-Maria MINCHEVA Mariya MURESAN Marinel Dănuț POTTIER Jean-Michel |
Tuairim na rannóige |
Leasú |
Mar chuid dá phacáiste maidir le geilleagar cothrom agus inbhuanaithe, chuir an Coimisiún togra i láthair le haghaidh treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach (féach tuairim INT/973). Tá CESE den bharúil gur céim thábhachtach é an togra seo chun an urraim do chearta an duine a chur chun cinn mar oibleagáid ar ghnólachtaí agus ar stiúrthóirí. Mar sin féin, creideann CESE go bhfuil an-chuid laigí sa togra fós, mar shampla: an raon teoranta cur chun feidhme toisc nach bhfuil feidhm aige ach go díreach leis na mórchuideachtaí agus go hindíreach le FBManna ; gannionadaíocht na n-oibrithe; agus coincheapa doiléire dlíthiúla, amhail an ceanglas maidir le gaolmhaireachtaí “bunaithe” gnó. Creideann sé gur baolach go gcuirfidh na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta na coincheapa doiléire sin i bhfeidhm ar bhealaí difriúla, rud a chruthóidh éiginnteachtaí dlíthiúla d’oibrithe agus do chuideachtaí araon. Mar thoradh air sin, tá próiseas cothrom idirphlé idir an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle á iarraidh ag CESE d’fhonn na laigí sin a chur ina gceart agus éifeachtacht na hionstraime rialála a fhormheasfar sa deireadh a fheabhsú. |
Mar chuid dá phacáiste maidir le geilleagar cothrom agus inbhuanaithe, chuir an Coimisiún togra i láthair le haghaidh treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach (féach tuairim INT/973). Tá CESE den bharúil gur céim thábhachtach é an togra seo chun an urraim do chearta an duine a chur chun cinn mar oibleagáid ar ghnólachtaí agus ar stiúrthóirí. Mar sin féin, creideann CESE go bhfuil an-chuid laigí sa togra fós, mar shampla: tá baol ann go ndéanfaí forálacha na treorach, nach bhfuil FBManna san áireamh iontu go sainráite, a leathnú go hindíreach de facto (1); gannionadaíocht na n-oibrithe; agus coincheapa doiléire dlíthiúla amhail an ceanglas maidir le gaolmhaireachtaí “bunaithe” gnó. Creideann sé gur baolach go gcuirfidh na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta na coincheapa doiléire sin i bhfeidhm ar bhealaí difriúla, rud a chruthóidh éiginnteachtaí dlíthiúla d’oibrithe agus do chuideachtaí araon. Mar thoradh air sin, tá próiseas cothrom idirphlé idir an Coimisiún, an Pharlaimint agus an Chomhairle á iarraidh ag CESE d’fhonn na laigí sin a chur ina gceart agus éifeachtacht na hionstraime rialála a fhormheasfar sa deireadh a fheabhsú. |
Toradh na vótála:
Vótaí ar son: |
72 |
Vótaí in aghaidh: |
107 |
Staonadh: |
12 |
LEASÚ 2 SOC/727 Obair chuibhiúil ar fud an domhain Pointe 1.12 Le leasú mar seo a leanas: |
Arna chur síos ag: BLIJLEVENS René GERSTEIN Antje Sabine KONTKANEN Mira-Maria MINCHEVA Mariya MURESAN Marinel Dănuț POTTIER Jean-Michel |
Tuairim na rannóige |
Leasú |
Anuas air sin, tá CESE ag iarraidh go dtacódh an tAontas le conradh ceangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine a thabhairt i gcrích agus go mbeadh coinbhinsiún EIS ann, freisin, maidir leis an obair chuibhiúil sna slabhraí saothair |
Anuas air sin, tá CESE ag iarraidh go dtacódh an tAontas le conradh ceangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le gnó agus cearta an duine a thabhairt i gcrích agus go bhfiosródh EIS cé na hionstraimí ábhartha oiriúnacha ab fhéidir a fhorbairt agus a ghlacadh amach anseo (1) maidir leis an obair chuibhiúil sna slabhraí saothair. |
Toradh na vótála: Níor caitheadh vóta ar an leasú seo toisc go bhfuil sé go hiomlán mar an gcéanna le 2.6 thuas.
Vótaí ar son: |
N/B |
Vótaí in aghaidh: |
N/B |
Staonadh: |
N/B |
(1) Thug CESE aghaidh go mion ar an tsaincheist seo cheana féin i dTuairim REX/518 Conradh Ceangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine: https://webapi2016.eesc.europa.eu/v1/documents/eesc-2019-01278-00-01-ac-tra-ga.docx/content.
(1) Thug CESE aghaidh go mion ar an tsaincheist seo cheana féin i dTuairim REX/518 Conradh Ceangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine: https://webapi2016.eesc.europa.eu/v1/documents/eesc-2019-01278-00-01-ac-tra-ga.docx/content.
(2) REX/462 An obair chuibhiúil sna slabhraí soláthair domhanda, pointe 1.9, (níl leagan Gaeilge ann), https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/decent-work-global-supply-chains-own-initiative-opinion
(1) INT/973 Rialachas corparáideach inbhuanaithe, pointe 1.6, https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/sustainable-corporate-governance
(1) INT/973 Rialachas corparáideach inbhuanaithe, pointe 4.9, https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/sustainable-corporate-governance
(1) REX/462 An obair chuibhiúil sna slabhraí soláthair domhanda, pointe 1.9, (níl leagan Gaeilge ann), https://www.eesc.europa.eu/ga/our-work/opinions-information-reports/opinions/decent-work-global-supply-chains-own-initiative-opinion .
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/161 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát
[COM(2022) 241 final]
(2022/C 486/22)
Rapóirtéir: |
Mariya MINCHEVA |
Comhairliúchán |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, 14.6.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 148(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht |
Dáta a glactha sa rannóg |
6.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
22.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
146/0/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tá CESE den tuairim gurb iomchuí na treoirlínte atá beartaithe le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát ós rud é go dtugann siad aghaidh ar na saincheisteanna is práinní a bhaineann leis an margadh saothair. |
1.2. |
Is mian leis aird a tharraingt ar an staid gheopholaitiúil reatha atá ag titim chun éiginnteachta i rith an ama. An tionchar a bheidh ag an staid sin ar an éileamh amach anseo, táthar á thuar go ndéanfaidh sé difear do chinntí infheistíochta na gcuideachtaí agus don chinnteacht fostaíochta, agus go gcuirfidh sé moill ar chur i bhfeidhm pleananna infheistíochta, cibé acu san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí é sin. De thoradh ráta ard boilsciúcháin agus praghsanna méadaithe fuinnimh, dhá rud a laghdaíonn an chumhacht cheannaigh go mór, gan trácht ar an gcúlú eacnamaíochta atá ag bagairt orainn, is móide is gá a áirithiú go mbeidh bonn iomaíoch ann le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe. Ba cheart do na Ballstáit oibriú ar son margadh aonair fíor-chomhtháite agus cuidiú le FBManna cur lena gcuid gníomhaíochtaí gnó. |
1.3. |
Ar na saolta corraitheacha seo, ní mór bearta a dhéanamh chun cur le ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus lena rannpháirtí a bhíonn siad i ndearadh agus i gcur chun feidhme athchóirithe agus beartas fostaíochta, sóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear trí chur lena n-acmhainneacht. Tá tábhacht leis sin freisin chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme. Tá timpeallacht chumasúcháin de dhíth ar na heagraíochtaí sochaí sibhialta sin atá gníomhach i réimse na fostaíochta agus san earnáil shóisialta, ar na soláthraithe oideachais agus seirbhísí sóisialta, ar na fiontair shóisialta agus na heagraíochtaí leasa chun gur féidir leo a gcuid seirbhísí a chur ar fáil do ghrúpaí leochaileacha. |
1.4. |
Ós rud é go bhfuil ag méadú arís eile ar ghanntanas lucht saothair, ba cheart bearta éifeachtacha a chur chun feidhme d’fhonn spreagadh a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta a gcion féin a dhéanamh chun freastal ar a bhfuil de riachtanais i réimse na scileanna ar an leibhéal náisiúnta, agus a gcuid gníomhaíochta a chur in oiriúint d’earnálacha faoi leith agus do chásanna áitiúla. I bhfianaise a thapúla atá athruithe ag teacht ar an teicneolaíocht agus i bhfianaise an dá aistriú, is i ngiorracht, murab ionann is riamh, atá “saolré” na scileanna agus na n-inniúlachtaí a sealbhaíodh roimhe seo ag dul agus is tábhachtaí ná riamh d’oibrithe agus do lucht gnólachtaí araon go leanfaidís orthu de bheith ag sealbhú scileanna agus inniúlachtaí ábhartha nó go n-imí siad ar scor. Ba cheart soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas Eorpach agus imirce dhleathach an lucht saothair a spreagadh. |
1.5. |
Síleann CESE go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhpháirteach trí bhíthin ionstraimí beartais éagsúla agus bearta arna gcaibidliú ag na comhpháirtithe sóisialta chun bochtaineacht i measc an lucht oibre a mhaolú. Chomh maith leis an bpá cuibhiúil, ar a n-áirítear an pá íosta leordhóthanach, is féidir dreasachtaí airgeadais dea-cheaptha sealadacha a áireamh sna hionstraimí beartais sin, mar aon le bearta spriocdhírithe éifeachtacha maidir le forbairt scileanna agus uas-sciliú. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun gur féidir leo na bearta sin a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe. |
1.6. |
Thar ní ar bith eile, is den tábhacht tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus/nó do dhaoine neamhghníomhacha, ós fearr an seans a bheidh acu dul isteach (athuair) ar an margadh saothair agus is beart tábhachtach é sin a chuideoidh le hoibrithe a bpoist a choinneáil. Ó tharla gur chuir an phaindéim isteach go dóite ar an aos óg, tá tábhacht nach beag le bearta beartais cuimsitheacha réamhbhreathnaitheacha a bheidh dírithe go sonrach ar an aos óg, d’fhonn a áirithiú nach bhfágfar daoine óga ar an trá fholamh. |
1.7. |
Le gur féidir an ráta neamhghníomhaíochta a ísliú, ní mór iarracht a dhéanamh a n-ionad ar an margadh saothair a chinntiú dóibh siúd is faide uaidh. Ach iad a rialú i gceart trí bhíthin na reachtaíochta nó na cómhargála ar an leibhéal náisiúnta, d’fhéadfadh tábhacht mhór a bheith le cineálacha éagsúla oibre, leis an tsolúbthacht oibre agus leis an teilea-obair chun a chur ar a gcumas do dhaoine ó ghrúpaí leochaileacha obair a fháil. Ba cheart seirbhísí poiblí fostaíochta a threisiú, lena n-áirítear trína seirbhísí siúd a dhigitiú agus trí chomhar a chothú le seirbhísí fostaíochta príobháideacha agus le gníomhaithe ábhartha eile sa mhargadh saothair. |
1.8. |
Ba cheart na Ballstáit a spreagadh, go háirithe iad siúd a chruthaigh go holc ar an Scórchlár Sóisialta, freisin trí úsáid chomhsheasmhach a bhaint as acmhainní AE, chun creat cumasúcháin a éascú d’fhostóirí ionas gur féidir leo daoine faoi mhíchumas a fhostú nó chun deiseanna féinfhostaíochta a chur i ngníomh, nuair is féidir sin. Maidir leis sin de, tá tábhacht thar cuimse le heintitis an gheilleagair shóisialta agus tionscadail fostaíochta á gcur chun cinn agus chun feidhme. |
1.9. |
Tá tábhacht fós le bearta atá dírithe ar an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh agus ba cheart aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna bunaidh atá léi. Ba cheart gur chuidiú an togra le haghaidh Treoir maidir le Trédhearcacht Pá, atá á phlé faoi láthair, chun treisiú le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair den luach céanna a dhéanamh, ós ceann de na bearta é sin atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní. San am céanna, ní mór ábhair imní faoi ualaí breise ar chuideachtaí, agus go háirithe ar FBManna, a chur san áireamh, mar atá déanta go dtí seo. |
1.10. |
Ós rud é go bhfuil fás faoi ráta aosaithe an daonra, go bhfuil méadú ag teacht ar an ionchas saoil agus go bhfuil ag laghdú ar an lucht saothair, ní foláir scrúdú ceart a dhéanamh ar na dúshláin atá le sárú ag córais slándála sóisialta agus cúraim sláinte na mBallstát chun gur féidir leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras pinsean a choinneáil slán. Is gá dul i mbun gnímh má táthar chun an lucht saothair a mhéadú trí bhíthin margaí saothair níos cuimsithí, lena n-áirítear trí ghrúpaí atá eisiata faoi láthair nó faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a chur ag obair. |
1.11. |
A luaithe a tháinig an Treoir um Chosaint Shealadach i bhfeidhm, chuaigh na Ballstáit i mbun gnímh gan mhoill chun a gcreataí rialála náisiúnta a chur in oiriúint le go bhféadfaidís tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin agus do náisiúnaigh tríú tír a bhí ina gcónaí san Úcráin agus atá tar éis teitheadh chun na hEorpa de dheasca an chogaidh. Is gá aghaidh a thabhairt ar scrogaill, más ann dóibh. |
2. Barúlacha ginearálta agus cúlra
2.1. |
Le linn thimthriall 2022 an tSeimeastair Eorpaigh, chrom an Seimeastar athuair ar chomhordú leathan a dhéanamh ar an mbeartas eacnamaíoch agus fostaíochta. Le linn an phróisis sin, rinneadh tuilleadh coigeartuithe i gcomhréir leis na ceanglais maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Áirítear sna tuarascálacha tíre a foilsíodh i mí na Bealtaine 2022 (1) measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an phlean gníomhaíochta a ghabhann leis, ina leagtar síos spriocanna agus táscairí sóisialta ar dlúthchuid iad den Seimeastar Eorpach agus de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta. Leis an nasc chuig an Scórchlár Sóisialta cuirtear athbhreithniú spriocdhírithe ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ar fáil. Rinneadh na moltaí tír-shonracha a chuíchóiriú. |
2.2. |
In 2021, coinníodh na treoirlínte le haghaidh bheartais fostaíochta na mBallstát atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (AE) 2020/1512 ón gComhairle mar a bhí gan aon athrú a dhéanamh orthu. In 2022, mhol an Coimisiún Eorpach roinnt leasuithe orthu d’fhonn na tionscnaimh bheartais a rinneadh le déanaí a chur san áireamh agus eilimintí nua a chur leo de thoradh ionradh na Rúise ar an Úcráin. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil an Coimisiún ag díriú ar an timpeallacht iar-COVID, agus é d’aidhm aige an fás inbhuanaithe a áirithiú. |
2.3. |
Tá an cogadh san Úcráin tar éis cur isteach ar chúrsaí soláthair agus tá breis éiginnteachta ann dá dheasca. Tá geilleagar an Aontais fágtha gan chosaint freisin, más go hindíreach féin é, ar an staid sláinte atá i réim i réigiúin eile de thoradh COVID-19. De réir an ionchais eacnamaíoch san Aontas, táthar á thuar go mbeidh ráta fáis níos ísle agus ráta boilsciúcháin níos airde ann, go háirithe in 2022 (2). Tá brú breise á chur ar chuideachtaí (agus ar a n-iomaíochas) agus ar theaghlaigh (agus ar a gcumhacht cheannaigh) de thoradh na rátaí arda boilsciúcháin agus an mhéadaithe mhóir atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh agus gáis. Beidh tionchar aige sin, ní foláir, ar chumas cuideachtaí áirithe poist nua a chruthú agus dúshlán a bheidh ann do na córais cosanta sóisialta sna míonna atá amach romhainn. Chuige sin, beidh gá le beartais spriocdhírithe chun tacú le haistrithe sa mhargadh saothair. |
2.4. |
Agus é d’aidhm acu an chuimsitheacht agus an chothroime a áirithiú, ba cheart léiriú a thabhairt freisin i mbeartais fostaíochta na mBallstát ar na forbairtí eacnamaíocha agus sóisialta atá tarlaithe. Ba cheart measúnú cáiréiseach a dhéanamh ar an tionchar ag bheidh ag beartais maidir leis an margadh saothair ionas go spreagfaidh siad téarnamh inbhuanaithe seachas rátaí fostaíochta laghdaithe, poist ar chaighdeán níos ísle agus cumhacht cheannaigh laghdaithe do dhaoine aonair. Ba cheart tuilleadh airde a thabhairt ar ghanntanas lucht saothair agus scileanna agus ba cheart moltaí sonracha beartais maille le tionscnaimh shonracha bheartais a chur i ngníomh i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. |
3. Barúlacha sonracha
3.1. Treoirlíne 5: Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar
3.1.1 |
Is príomhdhúshláin eacnamaíocha agus shóisialta san Eoraip fós iad an fás inbhuanaithe, cruthú post ardcháilíochta agus rannpháirtíocht san fhostaíocht (lena n-áirítear rannpháirtíocht daoine scothaosta agus daoine óga, ban, iad siúd is faide ón margadh saothair, daoine neamhghníomhacha, etc.). Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, ní mór bonn iomaíoch le haghaidh infheistíochtaí a áirithiú agus leas a bhaint as poitéinseal na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Tá CESE i bhfách lena bhfuil molta ag an gCoimisiún Eorpach do na Ballstáit, mar atá timpeallacht ghnó a chruthú ina bhféadfaí an fhiontraíocht agus an fhíor-fhéinfhostaíocht a chothú, ciorrú anuas ar an rómhaorlathas, oibriú ar son margadh aonair fíor-chomhtháite agus dea-fheidhmiúil agus cuidiú le FBManna cur lena gcuid gníomhaíochtaí gnó. Is éard atá CESE a mholadh go mór go leanfaí de mhicrifhiontair a chumhdach le Treoirlíne 5. |
3.1.2 |
Is féidir borradh a chur faoin éileamh ar lucht saothair ar fud an Aontais trí infheistíochtaí a mhéadú, go háirithe infheistíochtaí táirgiúla, i bpríomhearnálacha an gheilleagair; trí aghaidh a thabhairt, nuair is gá sin, ar an tionchar nach beag a bhíonn ag cánacha ar an lucht saothair gan an chosaint shóisialta a lagú ná ioncam a laghdú do chórais leasa shóisialta inbhuanaitheacha; tríd an gcomhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus na calaoise cánach agus an gheilleagair neamhfhoirmiúil a neartú; trí chineálacha éagsúla oibre, arna rialáil le reachtaíocht nó le cómhargáil, a chur ar fáil d’fhostóirí agus d’oibrithe, agus, ag an am céanna, trí iarracht a dhéanamh ar fheabhas a chur ar dhálaí oibre i gcás cineálacha nua oibre le go mbeidh siad tarraingteach d’oibrithe. |
3.1.3 |
Táthar á thuar go ndéanfaidh an staid gheopholaitiúil reatha, atá ag titim chun éiginnteachta i rith an ama, chomh maith leis an tionchar a bheidh aici ar an éileamh amach anseo, difear do chinntí infheistíochta cuideachtaí agus don chinnteacht fostaíochta, agus go gcuirfidh sí, ina theannta sin, moill ar chur i bhfeidhm pleananna infheistíochta, cibé acu san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí é sin. Tá rátaí fáis ag titim de thoradh an bhoilscithe agus tá súil leis go dtiocfaidh laghdú ar fhíorphá, ach go dtiocfaidh méadú measartha air ansin an bhliain seo chugainn. Tá dearcadh an Choimisiúin á thabhairt dá aire ag CESE gur mó an tábhacht, is é is dóichí, a shamhlófar i gcomhaontuithe pá i gcónaí le hábhair imní faoin gcinnteacht fostaíochta ná faoi arduithe pá (3). Cuireann an boilsciú brú ar arduithe pá agus ar an gcumhacht cheannaigh. Chun bís bhoilscitheach phá agus praghsanna an-chontúirteach a sheachaint agus chun cur leis an táirgiúlacht, tá sé ríthábhachtach an scóip a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta feabhas a chur ar chumhdach cómhargála agus ar chleachtais chómhargála ar leibhéal na hearnála agus ar leibhéal na cuideachta, áit a bhféadfaí gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh. |
3.1.4 |
San am céanna, tá gá le bearta struchtúracha um an margadh saothair chun deiseanna fostaíochta ardcháilíochta a chruthú. Ba cheart soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas Eorpach agus imirce dhleathach an lucht saothair a spreagadh. Tá CESE ag súil leis go dtabharfar tacaíocht nach beag do mhargadh saothair an Aontais tríd an bpacáiste ón gCoimisiún, Imirce Dhlíthiúil — Scileanna agus tallann a mhealladh chuig an Aontas, a eisíodh an 27 Aibreán 2022. |
3.1.5 |
Is díol sásaimh do CESE an bhéim a chuirtear ar an ngeilleagar ciorclach mar earnáil a bhfuil sé d’acmhainneacht aici poist a chruthú agus ar an tacaíocht a thugtar d’earnálacha / do réigiúin a ndéanann an t-aistriú glas difear faoi leith dóibh mar gheall ar a speisialtóireacht earnála nó mar gheall ar dhlús réigiúnach tionscal áirithe. |
3.1.6 |
Tá aird á tarraingt ag CESE freisin ar an rún, a glacadh ag an 110ú Comhdháil Idirnáisiúnta Saothair, ina moltar prionsabal na timpeallachta oibre sábháilte agus sláintiúla a chur le Prionsabail Bhunúsacha agus Cearta Bunúsacha san Obair de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus tá sé á chur chun suntais aige gur gá i gcónaí infheistíocht a dhéanamh i gcultúr ina ndéantar tionóiscí agus rioscaí san ionad oibre a chosc. |
3.1.7 |
Tá CESE den tuairim gur luachmhar an tseift an pá íosta, arna leagan síos leis an dlí nó leis an gcómhargáil, lenar féidir aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht i measc an lucht oibre. Mar sin féin, ní leor ann féin é agus tá gá le meascán d’ionstraimí beartais éagsúla. Is féidir a áireamh ar na hionstraimí beartais sin dreasachtaí airgeadais dea-cheaptha sealadacha, trínar féidir, i gcás inarb iomchuí, éifeacht athdháilte an chórais cánach a athdhearadh, etc. Ba cheart na hionstraimí airgeadais a chur i ngníomh in éineacht le bearta spriocdhírithe éifeachtacha maidir le forbairt scileanna agus uas-sciliú, ós rud é go mbíonn riosca níos airde bochtaineachta i measc an lucht oibre ann i gcás oibrithe ar bheagán oiliúna seachas oibrithe ardoilte (19 % vs 4,9 %) (4). Ba cheart na Ballstáit a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun gur féidir leo na bearta sin a chur chun feidhme ar bhealach comhordaithe. |
3.1.8 |
Ba cheart neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus a saoirse chun cómhargála ar bhonn deonach a urramú. Níl sárú na cómhargála le fáil go fóill mar uirlis chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach maidir le socrú pá, a mhéid a bhaineann le cothroime agus freagrúlacht an phá i leith forbairtí táirgiúlachta, rud is fíor freisin i gcás cumhdach na cómhargála a mhéadú, óir is féidir feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar ranníocaíochtaí slándála sóisialta dá barr. I gcás ina leagtar síos an pá íosta de réir an dlí, bíonn oiread céanna tábhachta le rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta d’fhonn na réitigh chearta a shainaithint lenar féidir cóineasú socheacnamaíoch aníos a bhaint amach, á chur sin in oiriúint do chomhthéacs an Bhallstáit aonair féin. I gcás ina bhfuil leibhéal íseal cumhdaigh ann i leith na cómhargála, ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh dálaí fabhracha a chothú do na comhpháirtithe sóisialta chun gur féidir cur leis. |
3.1.9 |
Léiríodh a thábhachtaí a bhí rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta le linn ghéarchéim COVID-19. Ar na saolta corraitheacha seo, ní mór bearta a dhéanamh chun cur le ról na gcomhpháirtithe sóisialta agus lena rannpháirtí a bhíonn siad i ndearadh agus i gcur chun feidhme athchóirithe agus beartas fostaíochta, sóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear trí chur lena n-acmhainneacht. Tá tábhacht leis sin freisin chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme. Ba cheart ról eagraíochtaí na sochaí sibhialta, atá nasctha lena réimsí beartais féin, a chur san áireamh freisin. |
3.2. Treoirlíne 6: Feabhas a chur ar sholáthar saothair agus rochtain ar fhostaíocht, ar scileanna agus ar inniúlachtaí ar feadh an tsaoil a fheabhsú
3.2.1 |
Is díol sásaimh do CESE gur athraíodh teideal na treoirlíne d’fhonn coincheap na foghlama ar feadh an tsaoil a chur san áireamh. I bhfianaise a thapúla atá athruithe ag teacht ar an teicneolaíocht agus i bhfianaise an dá aistriú, mar atá an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, is i ngiorracht, murab ionann is riamh, atá “saolré” na scileanna agus na n-inniúlachtaí a sealbhaíodh roimhe seo ag dul agus is tábhachtaí ná riamh d’oibrithe agus do lucht gnólachtaí araon go leanfaidís orthu de bheith ag sealbhú scileanna agus inniúlachtaí ábhartha nó go n-imí siad ar scor. Sin é an fáth ar tábhachtach an ní measúnú a dhéanamh ar an bhfreagracht chomhroinnte as an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil ar leibhéal an ionaid oibre. |
3.2.2 |
Is díol sásaimh do CESE an cur chuige atá beartaithe lena gcuirtear bearta tacaíochta cuimsitheacha ar fáil a fhágann gur fusa athruithe ar an margadh saothair a bhainistiú. Is mórthábhachtach an ní deiseanna uas-sciliúcháin agus athsciliúcháin (5) a bheith ar fáil má táthar chun a chur ar a gcumas do dhaoine coinneáil suas le hathruithe ar an margadh saothair, agus ní mór iad a ráthú agus a bheith inrochtana i rith shaol gairmiúil an duine (Prionsabal 1 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta). Mar sin féin, is dúshlán nach beag é a laghad foinn a léirítear i leith páirt a ghlacadh san oiliúint agus ba cheart réitigh air sin a lorg. Is tábhachtach an ról atá ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le measúnú a dhéanamh ar a bhfuil de riachtanais ann i réimse na scileanna. Is tábhachtach an ról freisin atá ag cistí oiliúna maidir le hoiliúint a bhaineann leis an obair a mhaoiniú agus ba cheart dea-chleachtais náisiúnta a chur chun cinn agus a chomhroinnt ó Bhallstát go chéile (6). |
3.2.3 |
Thar ní ar bith eile, is den tábhacht tacaíocht spriocdhírithe a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus/nó do dhaoine neamhghníomhacha, ós fearr an seans a bheidh acu dul isteach (athuair) ar an margadh saothair agus is beart tábhachtach é sin a chuideoidh le hoibrithe a bpoist a choinneáil. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an tréimhse dífhostaíochta 18 mí a laghdú, ar tréimhse í ar cinneadh uirthi chun go bhféadfaí teagmháil a dhéanamh le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach. Tá géarghá le bearta spriocdhírithe chun daoine óga a bhfuil conairí gairme gairmiúla acu a mhealladh. |
3.2.4 |
Tá ag méadú arís eile ar an nganntanas lucht saothair, in ainneoin laghdú a theacht air le linn ghéarchéim COVID-19 (7). Saincheist ríthábhachtach d’fhostóirí ar fud an Aontais is ea easpa réamhaisnéisí éifeachtacha scileanna a bheith ar fáil. Is féidir ról ríthábhachtach a bheith ag an infheistíocht san fhoghlaim aosach agus i bhforbairt scileanna, ar dhá rud iad atá nasctha go dlúth le riachtanais an mhargaidh saothair, i dtaca leis an téarnamh eacnamaíoch agus le hEoraip shóisialta a thógáil. |
3.2.5 |
Baineann sin freisin le dídeanaithe atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin. Chomh maith le hoiliúint teanga a chur ar fáil, ní mór bearta a dhéanamh chun an próiseas a éascú faoina dtugtar aitheantas do cháilíochtaí a baineadh amach cheana féin agus atá riachtanach chun dul isteach ar an margadh saothair. Dá réir sin, is díol sásaimh do CESE an treoir ón gCoimisiún maidir le rochtain ar an margadh saothair, ar an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus ar an bhfoghlaim aosach do dhaoine atá ag teitheadh ó chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (8). |
3.2.6 |
Beidh dlúthbhaint ag na hinfheistíochtaí is gá chun tionscnamh RePowerEU a chur chun feidhme leis an ngá atá le lucht saothair oilte. Maidir le cuntais foghlama aonair (9), athdhearbhaíonn CESE an tuairim atá aige nach mór é a fhágáil go huile is hiomlán faoi na Ballstáit féin cé acu a chinnfear na cuntais sin a ghlacadh nó gan a dhéanamh mar cheann de na sásraí atá ann chun oiliúint a sholáthar agus a mhaoiniú. Ar aon chuma, ní mór do na cuntais foghlama aonair cuidiú le rochtain a fháil ar chúrsaí oiliúna aitheanta agus bailíochtaithe. Tá ról na gcomhpháirtithe sóisialta maidir le cistí oiliúna ábhartha a dhearadh agus/nó a bhainistiú thar a bheith tábhachtach. |
3.2.7 |
Aontaíonn CESE leis nach mór iarrachtaí a dhéanamh chun leibhéal foriomlán na gcáilíochtaí a ardú sna Ballstáit uile. Baineann sin go mór le ciall go háirithe ag tús an phróisis foghlama agus, ina theannta sin, i rith shaol gairmiúil iomlán an duine. Mar a léiríodh go paiteanta i dTuarascáil Chomhpháirteach 2022 ar Fhostaíocht (10), an treocht dhearfach a bhí ann maidir le laghdú a bheith tagtha ar sciar na luathfhágálaithe scoile, tá moillithe uirthi sin anois agus gan ach laghdú 1,1 pointe céatadáin tagtha ar na rátaí idir 2015 agus 2020. Is den mhórthábhacht córais gairmoideachais agus gairmoiliúna obairbhunaithe a neartú sna Ballstáit agus a ábhartha atá an t-oideachas tríú leibhéal don mhargadh saothair, mar aon le líon na gcéimithe ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) ó réimse an ghairmoideachas agus na gairmoiliúna agus ar an tríú leibhéal a mhéadú, go háirithe líon na mban. |
3.2.8 |
Chuir an phaindéim isteach go dóite ar an aos óg: bhí siad ar cheann de na grúpaí is mó a ndearna an ghéarchéim eacnamaíoch agus shóisialta a lean as an bpaindéim díobháil dóibh. An dul chun cinn a rinneadh maidir le fostaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga sna deich mbliana roimh an bpaindéim, is amhlaidh a chuir géarchéim COVID-19 ó chion é. Chun go mbeidh siad ullamh, mar is ceart, do shaol athraitheach na hoibre (an domhandú, an ghéarchéim aeráide, athruithe déimeagrafacha agus dul chun cinn teicneolaíoch), ní mór do na rialtais agus do na hinstitiúidí an tionchar a bheidh ag gach ceann de na mórthreochtaí sin a chur san áireamh. Tá tábhacht nach beag le bearta beartais cuimsitheacha réamhbhreathnaitheacha a bheidh dírithe go sonrach ar an aos óg, d’fhonn a áirithiú nach bhfágfar daoine óga ar an trá fholamh (11). |
3.2.9 |
Is dúshlán fós san Aontas í an bhearna phá idir na hinscní. Ós rud é go bhfuil éagsúlacht mhór ann ó thír go tír, ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhunúdair na ceiste sin, cuir i gcás an idirdheighilt ar an margadh saothair agus san oideachas, steiréitíopaí inscne, easpa saoráidí cúraim leanaí inrochtana agus easpa saoráidí cúraim eile, agus dáileadh éagothrom na ndualgas teaghlaigh agus cúraim. I gcás inarb ann don idirdhealú pá (an t-idirdhealú a dhéantar ar bhonn aoise san áireamh), ní mór deireadh a chur leis. Ba cheart gur chuidiú an togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh Treoir maidir le Trédhearcacht Pá, atá á phlé faoi láthair, do na Ballstáit treisiú le cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn idir fir agus mná as obair den luach céanna a dhéanamh, ós ceann de na bearta é sin atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá idir na hinscní. San am céanna, ní mór ábhair imní faoi ualaí breise ar chuideachtaí, agus go háirithe ar FBManna, a chur san áireamh, mar atá déanta go dtí seo. |
3.3. Treoirlíne 7: Feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair agus ar éifeachtacht an idirphlé shóisialta
3.3.1 |
Chun feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair, ní mór róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe éagsúla (seirbhísí fostaíochta poiblí agus seirbhísí sóisialta) a athchóiriú ó bhonn. Ní mór machnamh a dhéanamh ar a bhfuil de dheiseanna ann chun comhpháirtíochtaí a bhunú idir seirbhísí sóisialta (le gur féidir teagmháil a dhéanamh leo siúd is faide ón margadh saothair agus iad a ullmhú faoi réir cláir oiliúna), seirbhísí fostaíochta poiblí (beartais ghníomhacha shaincheaptha maidir leis an margadh saothair ina bhfuil comhpháirt choinneála, treoir agus seirbhísí comhairleoireachta) agus seirbhísí fostaíochta príobháideacha (gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus/nó gníomhaíochtaí comhlántacha, i.e. an bunachar sonraí folúntas a chomhroinnt). Ní mór éifeachtúlacht na mbeart beartais a mheasúnú, a athdhearadh nó athmhachnamh a dhéanamh orthu, de réir mar is gá. Ba cheart cur le hacmhainneacht na seirbhísí fostaíochta poiblí, lena n-áirítear trína gcuid seirbhísí a dhigitiú. Ba cheart spreagadh a thabhairt freisin ionas go ndéanfaí comhar le seirbhísí príobháideacha fostaíochta agus le gníomhaithe ábhartha eile sa mhargadh saothair. |
3.3.2 |
Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta ina leith sin, go háirithe i gcomhthéacs na margaí saothair áitiúla agus na n-earnálacha atá i mbun aistrithe, áit ar féidir leo an t-aistriú idir earnálacha, poist agus/nó gairmeacha beatha a éascú. Ina cheann sin, tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin, i bhfianaise an tsaineolais shonraigh atá acu ar chineálacha éagsúla fostaíochta (go háirithe le haghaidh grúpaí leochaileacha) agus ar shaincheisteanna sóisialta, agus ina gcáil mar sholáthraithe seirbhísí oideachais agus sóisialta chun leasa cách. |
3.3.3 |
Tá an ráta neamhghníomhaíochta fós sách ard ar fud an Aontais Eorpaigh (12). Is mithid anois iad siúd is faide ón margadh saothair a mhealladh ar ais chuige athuair. Ach iad a rialú i gceart trí bhíthin na reachtaíochta nó na cómhargála ar an leibhéal náisiúnta chun dálaí oibre cothroma a ráthú, d’fhéadfadh tábhacht mhór a bheith le cineálacha éagsúla oibre, leis an tsolúbthacht oibre agus leis an teilea-obair chun a chur ar a gcumas do dhaoine, go háirithe daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad, obair a fháil. Cuireann bonneagair shóisialta agus seirbhísí sóisialta amhail cúram leanaí nó cúram fadtéarmach ar a gcumas do dhaoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu smaoineamh ar dhul isteach ar an margadh saothair. |
3.3.4 |
Tá sé thar a bheith tábhachtach oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun dálaí oibre cothroma trédhearcacha intuartha a chur chun cinn, agus an chothromaíocht chuí á haimsiú idir cearta agus oibleagáidí. Aontaíonn CESE leis gur cheart cosc a chur ar chaidrimh fostaíochta as a n-eascraíonn dálaí oibre neamhfhoirmiúla neamhchinnte, lena n-áirítear an obair ardáin, a bhfuil dréacht-treoir á plé ina leith. Tá sé á chur in iúl ag CESE gur cheart, le gach beart lena rialaítear patrúin nua oibre, lena n-áirítear an obair ardáin, socruithe solúbtha oibre a rialáil, ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta is iomchuí, agus gur cheart coimircí bunriachtanacha a chur ar fáil ag an am céanna chun oibrithe a chosaint go leordhóthanach. Ba cheart ról na gcomhpháirtithe sóisialta a urramú. |
3.4. Treoirlíne 8: Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac
3.4.1 |
Tá tábhacht ar leith ag baint le comhionannas deiseanna do chách agus margaí saothair cuimsitheacha a chur chun cinn san am i láthair, tráth atá roinnt géarchéimeanna ag titim amach san Eoraip, d’fhonn sprioc fostaíochta 78 % a bhaint amach, sprioc a leagtar síos sa phlean gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus a thabharfaidh aghaidh ar an nganntanas lucht saothair. Is fíor sin i gcás gach duine atá faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair, agus is fíor sin freisin i ngeall ar an rabharta ollmhór daoine atá tar éis teitheadh ón gcogadh san Úcráin. A luaithe a tháinig an Treoir um Chosaint Shealadach i bhfeidhm, chuaigh na Ballstáit i mbun gnímh gan mhoill chun a gcreataí rialála náisiúnta a chur in oiriúint le go bhféadfaidís tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin agus do náisiúnaigh tríú tír a bhí ina gcónaí san Úcráin agus atá tar éis teitheadh chun na hEorpa de dheasca an chogaidh. Is gá aghaidh a thabhairt ar scrogaill, más ann dóibh. |
3.4.2 |
Tá gá le cur chuige saincheaptha le haghaidh grúpaí leochaileacha éagsúla (i.e. oibrithe scothaosta, daoine [óga] faoi mhíchumas, daoine a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine a bhfuil stair bhearnach fostaíochta acu, NEETanna [daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna], imircigh, etc.). Ba cheart difríochtaí fostaíochta idir ceantair thuaithe agus uirbeacha a chur san áireamh freisin. Ba cheart cistí an Aontais a úsáid mar sheift chun na Ballstáit a spreagadh, go háirithe iad siúd a chruthaigh go holc ar an Scórchlár Sóisialta, d’fhonn dreasachtaí a chur ar fáil d’fhostóirí chun daoine faoi mhíchumas a fhostú nó chun an fhéinfhostaíocht a chur chun cinn. Is í an obair chuibhiúil an uirlis is fearr chun an bhochtaineacht a laghdú agus dínit an duine a aithint. |
3.4.3 |
Ba cheart sochair agus bearta tacaíochta ioncaim a chur ar fáil go sealadach a fhad is gá chun daoine dífhostaithe nó daoine ar ioncam íseal a spreagadh chun deiseanna nua fostaíochta a aimsiú. Is féidir le sochair laistigh den fhostaíocht (13), mar aon le bearta struchtúracha atá dírithe ar chuimsiú grúpaí leochaileacha a éascú, dul isteach na ngrúpaí sin ar an margadh saothair a éascú, ach ba cheart dul ar iontaoibh na mbeart éigeandála comhlántach sin ar bhonn sealadach amháin, ós rud é gur cheart beartas leordhóthanach pá lena gcumasaítear caighdeán sásúil maireachtála a chothú agus a threisiú. |
3.4.4 |
Tá fiontair an gheilleagair shóisialta tábhachtach, go háirithe mar fhoinse post bunleibhéil do na daoine is leochailí agus chun gur féidir seirbhísí a sholáthar ar an leibhéal réigiúnach. Is díol sásaimh do CESE Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Gheilleagar Sóisialta agus tá sé ag tathant ar an gCoimisiún tionscadail a leagan síos lenar féidir measúnú a dhéanamh ar na tionscadail is fearr ar an leibhéal náisiúnta. |
3.4.5 |
Is díol sásaimh ar leith do CESE an bhéim a leagtar iontu ar leanaí. Is trí bhíthin bearta cuimsitheacha agus comhtháite ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí, agus ba cheart gníomhaíocht a spreagadh atá dírithe ar an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme. Aontaíonn an Coiste go hiomlán leis go bhfuil infhaighteacht seirbhísí inacmhainne, inrochtana agus ardcháilíochta, cuir i gcás oideachas agus cúram luath-óige, cúram lasmuigh den scoil, oideachas, oiliúint, tithíocht, agus cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, ríthábhachtach chun bochtaineacht leanaí a laghdú agus chun comhdheiseanna a áirithiú. Ar bhonn níos leithne, ba cheart rochtain éifeachtach ar sheirbhísí sóisialta ardchaighdeáin atá nasctha le riachtanais an duine aonair a neartú; dhírigh géarchéim COVID-19 aird nach beag air seo agus níor cheart an t-ábhar sin a ligean i ndearmad a luaithe a bheidh deireadh leis an bpaindéim. |
3.4.6 |
Murab ionann is riamh, tá bealach aimhréidh roimh ghrúpaí leochaileacha mar gheall ar an aistriú glas, as ar eascair an t-aistriú fuinnimh, agus go háirithe mar gheall ar na méaduithe tobanna ar phraghsanna fuinnimh a tharla le déanaí (14). In ainneoin na ngealltanas polaitiúil a tugadh, tá obair fós le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh, agus chun a chinntiú go mbeidh na bearta a dhéanfar spriocdhírithe agus éifeachtach, mar is cuí. |
3.4.7 |
Mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar ráta aosaithe an daonra agus ar an ionchas saoil agus mar gheall ar an lucht saothair a bheith ag dul i laghad, is mó ná riamh líon na ndaoine scothaosta a bheidh i gcleithiúnas eacnamaíoch mura n-éireoidh linn an lucht saothair a mhéadú trí bhíthin margaí saothair níos cuimsithí, lena n-áirítear trí ghrúpaí atá eisiata faoi láthair nó faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair a chur ag obair. Is gá dul i mbun gnímh má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin nach mór do na córais slándála sóisialta agus na córais cúraim sláinte sna Ballstáit a shárú. Is beartas ríthábhachtach i ngach Ballstát é leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras pinsean a chinntiú do chách. Is díol sásaimh do CESE an cur chuige cuimsitheach a mhol an Coimisiún maidir le comhdheiseanna d’fhir agus do mhná i ndáil le cearta pinsin a fháil agus maidir leis an ngá atá le straitéisí um aosú gníomhach chun rannpháirtíocht daoine scothaosta sa mhargadh saothair a éascú agus chun an bhearna phinsin idir na hinscní a laghdú. Tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá sé tréimhsí oibre bearnacha a sheachaint le linn shaol gníomhach oibre an duine d’fhonn tacú le córais slándála sóisialta trí mheán ranníocaíochtaí agus chun a áirithiú go mbeidh daoine i dteideal ioncam pinsin leordhóthanach a fháil nuair a rachaidh siad ar scor. |
An Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) An Seimeastar Eorpach (2022): Tuarascálacha Tíre.
(2) Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa, Earrach 2022.
(3) Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2022: Féachaint curtha ar athléimneacht eacnamaíoch an Aontais de thoradh ionradh na Rúise.
(4) Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, 2022.
(5) Tuarascáil staidéir ón bhFaireachlann um Margadh an tSaothair Obair na todhchaí lena n-áirithítear an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus an oiliúint d’fhostaithe.
(6) Tuairim ó CESE An pacáiste maidir leis an bhfoghlaim agus an infhostaitheacht (IO C 323, 26.8.2022, lch. 62).
(7) Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht, 2022.
(8) C(2022) 4050 final.
(9) Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama phearsanta.
(10) Ghlac an Chomhairle í an 14 Márta 2022.
(11) Tá CESE ag obair faoi láthair ar thuarascáil faisnéise: An chóir chomhionann do dhaoine óga i margadh an tsaothair.
(12) Is san Iodáil atá an ráta neamhghníomhaíochta is airde (os cionn 37 % in 2021). Tá ráta neamhghníomhaíochta os cionn 30 % le fáil freisin sa Chróit, sa Rómáin, sa Ghréig agus sa Bheilg. Tá tuilleadh sonraí faoin daonra atá neamhghníomhach go heacnamaíoch san Eoraip le fáil anseo.
(13) Sainmhíníonn ECFE sochair laistigh den fhostaíocht mar leanas: “creidmheasanna cánach buana obairbhunaithe, liúntais chánach nó a gcothrom de scéimeanna sochair obairbhunaithe, arna gceapadh chun an bhochtaineacht i measc an lucht oibre a mhaolú agus chun cur lena bhfuil de dhreasachtaí oibre ann d’oibrithe ar ioncam íseal”.
(14) Féach freisin an tuairim ó CESE An Ciste Aeráide Sóisialta (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 152, 6.4.2022, lch. 158).
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/168 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch
[COM(2022) 349 final]
(2022/C 486/23)
Rapóirtéir ginearálta: |
Maurizio MENSI |
Comhrapóirtéir ginearálta: |
: Jan PIE |
Comhairliúchán |
An Chomhairle, 22.7.2022 Parlaimint na hEorpa, 12.9.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
155/1/13 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh rialachán maidir le bunú an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (dá ngairtear “an Gníomh” anseo feasta) d’fhonn tionscail chosanta agus cumais chosanta na hEorpa a neartú go tapa agus tagairt á déanamh do na dúshláin atá ag eascairt i láthair na huaire as ionradh na Rúise ar an Úcráin. |
1.2. |
Tacaíonn CESE le cuspóirí an Ghnímh bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí (EDTIB) a fheabhsú ó thaobh na héifeachtúlachta agus mearfhreagairt ar éigeandálaí de, d’fhonn Aontas níos athléimní a bhaint amach agus comhar agus idirghníomhaíocht idir na Ballstáit a chothú i dtaca le soláthar trealaimh cosanta. Is tábhachtaí ná riamh an dá chuspóir sin anois agus cogadh ar bun arís san Eoraip agus cosaint leordhóthanach ag teastáil ón tsochaí i gcoitinne i bhfianaise an teannais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar an leibhéal straitéiseach. |
1.3. |
Measann CESE go mbeidh an Gníomh úsáideach i dtaca leis an éileamh ard atá ann faoi láthair ar threalamh den tseilf ar bhonn práinne a struchtúrú agus a eagrú ar bhealach níos fearr. Mar sin féin, ní féidir cuimhneamh air mar réamhtheachtaí Cláir Eorpaigh Infheistíochta um Chosaint a bheidh ann amach anseo, ós rud é gur ionstraim sách lag é ó thaobh an bheartais thionsclaíoch de. |
1.4. |
Aontaíonn CESE gur gá beart a dhéanamh chun dlús a chur, ar bhonn comhoibríoch, le teacht isteach an tionscail ar athruithe struchtúracha, lena n-áirítear borradh a chur faoina chumas monaraíochta, chun cabhrú le tionscal na hEorpa éileamh méadaithe na mBallstát a shásamh go tráthúil. |
1.5. |
Creideann CESE freisin go bhfuil gá le soláthar comhpháirteach ionas nach bhfágfaidh na hinfheistíochtaí náisiúnta méadaithe sa chosaint go gcuirfear le hilroinnt earnáil cosanta na hEorpa, go gcuirfear teorainn leis an gcomhobair a d’fhéadfaí a dhéanamh, go gcuirfear leis na spleáchais sheachtracha ná go gcuirfear bac ar an idir-inoibritheacht agus, dá bhrí sin, go n-áiritheofar gur féidir leis na Ballstáit uile a riachtanais chumais is práinní a shásamh go pras, ar riachtanais iad a léiríodh nó a géaraíodh mar gheall ar an bhfreagairt ar ionsaí na Rúise ar an Úcráin. |
1.6. |
Ag an am céanna, creideann CESE gur minic gurb é atá i gceist le stoic a athshlánú ná stór a athsholáthar leis na táirgí ceannanna céanna a cuireadh chun na hÚcráine. D’fhéadfadh sé nach mbeadh tionchar struchtúraithe tábhachtach ag ceannacháin dá leithéid ar an tionscal, agus ní spreagtar nuálaíocht teicneolaíochta leo ach oiread. Dá bhrí sin, ní mór do CESE an cheist a chur ar cheart leanúint de loighic an Ghníomh ach i bhfoirm Cláir Eorpaigh Infheistíochta um Chosaint a bheidh ann amach anseo. |
1.7. |
Is díol sásaimh do CESE an cur chuige soláthar comhpháirteach a dhreasú le tacaíocht dhíreach airgeadais ó bhuiséad an Aontais, ach tá amhras air an leordhóthanach an t-imchlúdach airgeadais EUR 500 milliún chun tionchar a imirt ar chinntí soláthair na mBallstát. |
1.8. |
Tá amhras ar CESE faoina éifeachtaí a bheadh sé an tacaíocht airgeadais le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin a úsáid i gcomhair chur chun feidhme na hionstraime, agus freisin fóirdheontais a dheonú ar mhaoiniú gan nasc leis an gcostas iad. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar na comhreachtóirí soiléiriú a thabhairt ar an modh sin d’fhonn éifeachtúlacht chaiteachas an Aontais a áirithiú. |
1.9. |
Is díol sásaimh do CESE nach mbeadh tacaíocht airgeadais an Aontais ar fáil d’fhonn táirgí cosanta a sholáthar ach amháin i gcás táirgí arna ndéanamh san Aontas nó i dtíortha comhlachaithe, agus go mbeadh coinníollacha sonracha i bhfeidhm i gcás cuideachtaí de chuid an Aontais atá faoi rialú tríú tíortha. Is chun leasa cháiníocóirí na hEorpa agus i gcomhréir le cuspóir na huathrialach straitéisí atá teorainn dá leithéid sin agus tá sí riachtanach má táthar chun an cuspóir a bhaint amach maidir le cumais tionsclaíochta earnáil chosanta na hEorpa a neartú. |
1.10. |
Ag an am céanna, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí léamh solúbtha ar an gceanglas nach mbeadh an táirge cosanta faoi réir srian ó thríú tír neamhchomhlachaithe (nó ó eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe). Ós rud é gur soláthar den tseilf a chumhdaítear leis an nGníomh agus gurb é is aidhm leis aghaidh a thabhairt ar na riachtanais is práinní táirgí, creideann CESE nach bhfuil an ceanglas sin chomh hábhartha céanna i gcás an Ghnímh ná mar atá sé i gcás an Chiste Eorpaigh Cosanta (CEC), arb é is aidhm leis cumais chosanta nua a fhorbairt amach anseo. Ba cheart, dá bhrí sin, an Gníomh a chur chun feidhme go cúramach, agus cothromaíocht a bhaint amach idir an uathriail bhreise, práinn an tsoláthair, agus an gá le hidir-inoibritheacht leis an trealamh atá ann cheana. |
1.11 |
Tá CESE i bhfách leis an gcur chun feidhme atá beartaithe maidir le bainistiú díreach, ach tá sé á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfaigheadh seirbhísí inniúla an Choimisiúin in am na hacmhainní daonna is gá chun déileáil leis an ualach oibre a bheadh i gceist leis sin. |
1.12. |
Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit dlúthchomhar a dhéanamh leis an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta ar bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí/Ceann na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint é chun cur chun feidhme rathúil an Ghnímh a chinntiú. |
2. Cúlra
2.1. |
Ag an gcruinniú a bhí acu in Versailles an 11 Márta 2022, gheall ceannairí stáit nó rialtais an Aontais go neartófaí cumais chosanta na hEorpa i bhfianaise ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin. Luaitear i ndearbhú Versailles gur cheart do na Ballstáit an caiteachas cosanta a mhéadú, dlús a chur leis an gcomhar trí thionscadail chomhpháirteacha, bearnaí a dhúnadh agus cuspóirí cumais a chomhlíonadh, borradh a chur faoin nuálaíocht (cuir i gcás, trí shineirgí sibhialta míleata), agus tionscal cosanta an Aontais a neartú. De bhreis air sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún, i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, “anailís ar na bearnaí infheistíochta i réimse na cosanta a chur ar aghaidh faoi lár mhí na Bealtaine agus aon tionscnamh eile is gá a mholadh chun bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch na cosanta Eorpaí a neartú.” |
2.2. |
I bhfianaise an iarrata sin, thíolaic an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí Teachtaireacht Chomhpháirteach an 18 Bealtaine 2022 maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh. Tugtar faoi deara sa Teachtaireacht Chomhpháirteach gur ann do bhearnaí tionsclaíochta agus cumais san Aontas agus stoc íseal trealaimh cosanta i láthair na huaire de dheasca tearcinfheistíocht thromchúiseach na mblianta. Mar thoradh ar threalamh cosanta a chur chun na hÚcráine, agus stoc trealaimh a oireann d’aimsir na síochána, tá bearnaí práinneacha criticiúla tagtha chun cinn ó thaobh trealamh míleata de. |
2.3. |
Meabhraítear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach gur gá do na Ballstáit ullmhacht chun comhraic cosanta a athbhunú ar bhonn práinne i bhfianaise an chomhthéacs slándála agus gach ar cuireadh chun na hÚcráine cheana féin. Dá ndéanfaí na stoic trealaimh a athshlánú, bheifí in ann a thuilleadh cúnaimh a chur ar fáil don Úcráin freisin. Ag an am céanna, iarrtar sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ar na Ballstáit an trealamh agus an t-ábhar cosanta is gá a cheannach ar bhealach comhoibríoch. Dá soláthrófaí ar bhonn comhpháirteach táirgí a bhfuil géarghá leo, gheofaí luach níos fearr ar airgead, chuirfí leis an idir-inoibritheacht agus sheachnófá an cás nach mbeadh na Ballstáit is mó a dteastaíonn cosaint uathu in ann teacht ar a bhfuil uathu de dheasca éilimh chontrártha a bheith ar an tionscal cosanta nach mbeadh in ann freastal ar bhorradh dá leithéid faoin éileamh sa ghearrthéarma. |
2.4. |
Sa chomhthéacs sin, moltar sa Teachtaireacht Chomhpháirteach soláthar comhoibríoch a dhreasú le buiséad an Aontais trí bhíthin ionstraim ghearrthéarmach thiomnaithe. Leis an tacaíocht airgeadais ón Aontas a chuirfí ar fáil tríd an ionstraim sin, ba cheart go spreagfaí soláthar comhoibríoch cosanta i measc na mBallstát agus go ndéanfaí leas do EDTIB agus, ag an am céanna, cumas fhórsaí armtha Bhallstáit an Aontais gníomhú, slándáil an tsoláthair agus idir-inoibritheacht mhéadaithe a áirithiú. |
2.5. |
I bhfianaise phráinn an scéil, thíolaic an Coimisiún, an 19 Iúil 2022, togra le haghaidh ionstraim dá leithéid sin i bhfoirm rialachán maidir le bunú an Ghnímh um Thionscal Cosanta na hEorpa a Atreisiú trí Sholáthar Comhoibríoch (“an Gníomh”). Tá an Coimisiún ag brath air go nglacfar an rialachán gan mhoill agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm faoi dheireadh 2022. |
2.6. |
A luaithe a chruthófar an ionstraim, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún rialachán a mholadh le haghaidh Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint (EDIP). De réir an Choimisiúin, d’fhéadfadh Rialachán EDIP a bheith ina bhunchloch le haghaidh tionscadail chomhpháirteacha forbartha agus soláthair a bheidh ann amach anseo a mbeadh leas coiteann ag baint leo ó thaobh shlándáil na mBallstát agus an Aontais de agus, trí loighic na hionstraime gearrthéarmaí a leanúint, le haghaidh idirghabháil airgeadais ghaolmhar de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann chun bonn tionsclaíochta earnáil chosanta na hEorpa a atreisiú, go háirithe i gcás tionscadail nach mbeadh aon Bhallstát aonair in ann a fhorbairt ná a sholáthar ina aonar. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Tá athrú as cuimse tagtha ar chomhthéacs geopholaitiúil an Aontais i bhfianaise ionsaí míleata na Rúise ar an Úcráin. Anois, agus coinbhleacht chríochach agus dianchogadh ar bun arís ar chríoch na hEorpa, ní mór do na Ballstáit athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid pleananna agus cumas cosanta. Leis sin, ní mór coigeartú a dhéanamh ar an mbonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch arb é an bonn taca é, ar cheart a chur ar a chumas tacú le fórsaí armtha na mBallstát agus iad a neartú, rudaí arb iad uirlisí bunúsacha an daonlathais aibí iad, lena gcosnaítear saoirse shaoránaigh na hEorpa. |
3.2. |
Is díol sásaimh do CESE na méaduithe a fógraíodh ar chaiteachas cosanta na mBallstát chun bearnaí práinneacha míleata a dhúnadh go pras. Mar sin féin, gan chomhordú agus chomhar, tá baol ann go bhfágfadh na méaduithe siúd go gcuirfí le hilroinnt earnáil cosanta na hEorpa, go gcuirfí teorainn leis an gcomhobair a d’fhéadfaí a dhéanamh ar feadh shaolré an trealaimh arna cheannach agus go gcuirfí bac ar an idir-inoibritheacht. De bhreis air sin, is minic a bhíonn tionchar níos fadtéarmaí ag roghanna a dhéantar i gcás ceannacháin ghearrthéarmacha ar neart margaidh EDTIB agus ar na deiseanna a bheidh ann sna blianta fada ina ndiaidh. |
3.3. |
Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis an tionscnamh soláthar comhpháirteach a dhreasú i gcás na dtáirgí cosanta is mó a bhfuil géarghá leo. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an soláthar comhpháirteach i bhfianaise cúrsaí mar atá faoi láthair, mar ar tháinig méadú tobann ar an éileamh ar tháirgí comhchosúla agus mar a bhfuil soláthar tionsclaíoch a oireann do ré na síochána agus atá, dá bharr sin, ag streachailt chun freastal a dhéanamh ar an éileamh sin. Dá bhrí sin, tá gá le comhar i gcás sholáthar na cosanta chun dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a áirithiú, chun idir-inoibritheacht a fheabhsú, chun nach bhfágfar aon dream ar lár agus chun éifeachtacht an chaiteachais phoiblí a fheabhsú. |
3.4. |
Tá sé chomh tábhachtach céanna cabhrú leis an tionscal dul in oiriúint d’athruithe struchtúracha na timpeallachta slándála nua. Ós rud é gur iarracht fhadtéarmach é cumais mhíleata na hEorpa a neartú, agus go bhféadfadh sé go mbeadh gá le tacaíocht leanúnach don Úcráin ar feadh tréimhse níos faide fós, beidh ar EDTIB borradh a chur faoina chumais mhonaraíochta. Tá sé sin riachtanach má táthar chun dul i ngleic leis an ardleibhéal éilimh atá ann faoi láthair, agus ar chúiseanna eile de bhreis air sin. |
3.5. |
I ndáil leis sin, creideann CESE go bhfuil an Gníomh atá beartaithe rótheoranta ó thaobh cur chuige, raon feidhme agus imchlúdach airgeadais de, má tá dea-thionchar le himirt aige ar chumais tionsclaíochta na hEorpa. Mar chuid d’athshlánú stoc, cuirtear teorainn leis an rogha táirgí agus soláthróirí agus is infheistíocht measartha beag é EUR 500 milliún idir 27 mBallstát thar thréimhse dhá bhliain. |
3.6. |
I mbeagán focal, creideann CESE gur féidir an rialachán atá beartaithe a bheith ina chuidiú le struchtúr agus eagar níos fearr a chur ar an ardleibhéal éilimh atá ann faoi láthair ar threalamh den tseilf gan mhoill, ach gur ionstraim sách lag atá ann ó thaobh beartas tionsclaíoch de. Dá bhrí sin, tá CESE den bharúil nár cheart cuimhneamh ar an nGníomh mar réamhtheachtaí Cláir Eorpaigh Infheistíochta um Chosaint a bheidh ann amach anseo, arb ionstraim thacaíochta é chun córais arna bhforbairt go comhpháirteach a sholáthar go comhpháirteach agus le haghaidh sholáthar comhpháirteach na gcóras féin le linn a saolré ina hiomláine. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
De réir an togra, chuirfí san áireamh sa Ghníomh obair an Tascfhórsa um Sholáthar Comhpháirteach Cosanta ar bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí/Ceann na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint é. Tá an Tascfhórsa ceaptha comhordú a éascú i dtaca le riachtanais soláthair fhíor-ghearrthéarmacha na mBallstát agus plé a dhéanamh leis na Ballstáit agus le monaróirí cosanta an Aontais chun tacú leis an soláthar comhpháirteach d’fhonn na stoic a athshlánú. Dá bhrí sin, tá obair an Tascfhórsa sin ríthábhachtach má tá rath le bheith ar an nGníomh, agus tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit lántairbhe a bhaint as. |
4.2. |
Tá amhras ar CESE nach bhfuil an t-imchlúdach buiséid atá beartaithe mór go leor chun tionchar suntasach a imirt ar chinntí soláthair na mBallstát. Ag an am céanna, tuigeann CESE go maith an brú airgeadais atá ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, agus an gá atá le cistiúchán breise le haghaidh EDIP amach anseo. Sa chomhthéacs sin, tá sé thar a bheith tábhachtach cistiúchán teoranta an Ghnímh a dhíriú ar na soláthair chomhpháirteacha is ábhartha. |
4.3. |
I dtaca le srianta buiséid agus roghnú tionscadal, tá amhras ar CESE an féidir coincheap an mhaoinithe gan nasc leis an gcostas a chur i bhfeidhm go praiticiúil maidir leis na ceannacháin a ndírítear orthu leis an nGníomh. Tá amhras ar CESE freisin faoina éifeachtaí atá sé an buiséad a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin i gcomhair chur chun feidhme na hionstraime. |
4.4. |
Tá CESE i bhfách leis an gcur chun feidhme atá beartaithe maidir le bainistiú díreach, ach tá sé á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfaigheadh seirbhísí inniúla an Choimisiúin in am na hacmhainní daonna is gá chun déileáil leis an ualach oibre a bheadh i gceist leis sin. |
4.5. |
Aontaíonn CESE le critéir incháilitheachta an rialacháin atá beartaithe, go háirithe go bhféadfaí síneadh a chur le conarthaí soláthair atá ann cheana. |
4.6. |
Tá CESE i bhfách freisin leis an gcoinníoll breise nach mbeadh cistiú ón Aontas ar fáil d’fhonn táirgí cosanta a sholáthar ach amháin i gcás táirgí arna ndéanamh san Aontas nó i dtíortha comhlachaithe, lena n-áirítear táirgí arna ndéanamh ag cuideachtaí atá faoi rialú tríú tír (nó faoi rialú eintitis de chuid tríú tír) ar féidir leo ráthaíochtaí slándála a sholáthar ón mBallstát ina bhfuil siad lonnaithe. Leis an gcoinníoll sin, cruthaítear macasamhla fhorálacha ábhartha CEC agus áirithítear go gcomhlíonfaí an cuspóir EDTIB a neartú. |
4.7. |
Ag an am céanna, tá amhras ar CESE faoin tábhacht a bhaineann leis an gceanglas nach mbeadh an táirge cosanta faoi réir srian ó thríú tír neamhchomhlachaithe (nó ó eintiteas de chuid tríú tír neamhchomhlachaithe). Ós rud é go gcumhdaítear soláthar den tseilf leis an ionstraim atá beartaithe agus gurb é is aidhm léi aghaidh a thabhairt ar na riachtanais táirgí is práinní, shamhlófaí gur lú a bhaineann an ceanglas sin le hábhar an Ghnímh ná ábhar CEC, arb é is aidhm leis cumais chosanta nua a fhorbairt amach anseo agus ar cuspóir dearbhaithe ina leith an cheannasacht theicneolaíoch. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí léamh solúbtha ar an bhforáil sin, agus é a fhágáil faoi na Ballstáit cothromaíocht a bhaint amach idir an tsaoirse oibríochtúil, a phráinní atá sé na táirgí a cheannach, agus an idir-inoibritheacht leis an trealamh atá ann cheana. |
4.8. |
Ar deireadh, tá amhras ar CESE faoina oiriúnaí atá critéir dhámhachtana áirithe atá beartaithe, mar atá na critéir sin a bhaineann le tionchar dearfach an tsoláthair ar EDTIB. I bhfianaise na béime ar na riachtanais is práinní agus ar threalamh den tseilf a sholáthar gan mhoill, is dócha nach ceann de na critéir mhóra an méid sin ó thaobh na mBallstát de, ach amháin más ar a gcríoch féin atá an conraitheoir lonnaithe. De bhreis air sin, is dócha go mbeadh sé deacair do na Ballstáit a cheannódh na táirgí an tionchar dearfach ar EDTIB a léiriú, go háirithe i gcás gurb í an phráinn an chloch is mó ar a bpaidrín. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/172 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027
[COM(2022) 57 final – 2022/0039 (COD)]
agus
Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Cur Chuige AE i leith Bainistiú Spástráchta – Rannchuidiú de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán domhanda
[JOIN(2022) 4 final]
(2022/C 486/24)
Rapóirtéir: |
Pierre Jean COULON |
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 189(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
7.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
222/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Measann CESE go bhfuil an Teachtaireacht agus an togra atá faoi chaibidil, lena gcuirtear tús le dréachtú an phacáiste spáis Eorpaigh, fíor-riachtanach agus barrthábhachtach ar an aimsir seo. Tá sé á mholadh go gcuirfí chun cinn go mór sa Teachtaireacht Chomhpháirteach, trí bhíthin taidhleoireacht ghníomhach, bainistiú iltaobhach spástráchta laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe, go háirithe laistigh de Choiste na Náisiún Aontaithe um Úsáid Shíochánta an Chianspáis (UNCOPUOS) agus den Chomhdháil maidir le dí-armáil, ós rud é nach bhfuil dóthain rialacha sa réimse sin. |
1.2. |
Ós príomhthosaíocht é an bainistiú spástráchta, lena n-áirítear bainistiú an smionagair spáis, ní mór na gníomhaithe stáit uile a chur san áireamh ar an leibhéal Eorpach. Dé réir mar a luaitear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach agus mar a léirítear sa tuairim seo, is é an phríomhfhadhb a bhaineann leis an meascán de chláir um bainistiú spástráchta (STM) atá ann an easpa caighdeánaithe idirnáisiúnta. Is léir, dá bhrí sin, gur gá caighdeáin, treoirlínte agus dea-chleachtais idirnáisiúnta a fhorbairt. |
1.3. |
Tá CESE á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go praiticiúil córas faireacháin spáis lena ráthófar inbhuanaitheacht fhadtéarmach an spáis do na Ballstáit go léir.
Go deimhin, is é an dara príomhphrionsabal den dlí spáis an fhreagracht ar ghníomhaithe éagsúla as a gcuid gníomhaíochtaí spáis. Is éard atá i gceist leis sin freagracht idirnáisiúnta maidir le rialú gníomhaíochtaí agus dliteanas i leith damáiste a eascraíonn as gníomhaíochtaí den sórt sin sa chianspás. Mar sin, tugtar aghaidh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ar chúrsaí a bhaineann le freagracht idirnáisiúnta as gníomhaíochtaí faireacháin. |
1.4. |
Is cás le CESE an easpa caighdeánaithe idirnáisiúnta. Tá sé á mholadh go mór aige go nglacfaí caighdeáin, lena n-áirítear maidir le bainistiú smionagair satailíte, agus treoirlínte ar an leibhéal Eorpach agus go mbeadh baint ag an tsochaí shibhialta eagraithe leis sin.
Fágann an streachailt idir gníomhaithe i dtionscal an spáis, ar gníomhaithe stáit iad den chuid is mó go dtí seo, agus iad siúd ar mian leo a bheith ina bpríomhghníomhaithe (idir ghníomhaithe príobháideacha agus ghníomhaithe poiblí), go bhfuil gá le hathchóiriú críochnúil ar na caighdeáin idirnáisiúnta a glacadh nuair nach raibh ach grúpa beag de chumhachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha ag plé le cúrsaí spáis. |
1.5. |
Leagadh béim i dtuairim chomhlántach CCMI/196 Spás Nua ar an méid seo a leanas:
|
2. Cúlra
2.1. |
Is críoch eacnamaíoch bhreise anois é an spás ar a lán slite. I ngeall ar an dlús atá á chur le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach, tá borradh mór faoi ghníomhaíochtaí spáis agus is mórdhúshlán geostraitéiseach anois é an spás dá bharr. Tá níos mó agus níos mó úsáide á baint as an spás i ngeall ar an iomaíochas teicneolaíoch agus an líon gnólachtaí nuathionscanta atá á mbunú in earnáil an spáis, ar na margaí agus seirbhísí nua atá á n-oscailt agus ar thoilteanas na dtíortha agus na n-oibreoirí príobháideacha cur le gníomhaíochtaí i bhfithis. |
2.2. |
D’ainneoin thábhacht straitéiseach an spáis, ní ann d’aon údarás cuimsitheach, d’aon dlí ceangailteach maidir le fithisí ísle agus fithisí geochobhsaí, d’aon rialachán ná d’aon chóras bainistithe spástráchta, agus is amhlaidh go bhfuil líon na satailítí ar fithis ag dul i méid. |
2.3. |
Go nuige seo, is ar dhea-chleachtais dheonacha neamhcheangailteacha nach bhfuil á mbainistiú ná á gcur i bhfeidhm go maith i gcónaí agus arb é is aidhm dóibh teorainn a chur leis na rioscaí staidrimh maidir le himbhuailtí idir satailítí agus smionagar, agus ar na nithe sin amháin, atá an bainistiú spáis bunaithe. De réir na gcleachtas sin, níor cheart smionagar a tháirgeadh d’aon ghnó i bhfithis. Ba cheart satailítí a éighníomhú ag deireadh a saolré trí bhreosla iarmharach a úsáid, cloí leis an riail “25 bliana” maidir le satailítí in ísealfhithis (ní mór satailítí atá ag deireadh a saolré oibríochtúil a thabhairt ar ais isteach san atmaisféar laistigh de 25 bliana) agus satailítí geochobhsaí nár úsáideadh a chur i “reilig infhithise”. Ní leor na rialacha sin a thuilleadh, áfach, chun teorainn a chur le rioscaí imbhuailte. |
2.4. |
Ar a mhuin sin, tá coincheapa oibríochtúla nua ag teacht chun cinn, ina measc, faireachas agus rianú spáis (Space Surveillance and Tracking nó SST), comhordú spástráchta (Space Traffic Coordination nó STC), comhordú agus bainistiú spástráchta (Space Traffic Coordination and Management nó STCM) (1). |
2.5. |
Dá bhrí sin, tá reachtaíocht éifeachtach maidir le gníomhaíochtaí spáis agus trácht satailíte chomh práinneach is atá sé straitéiseach má táthar chun inbhuanaitheacht fhadtéarmach an spáis a áirithiú. Is amhlaidh atá maidir le húsáid na hintleachta saorga chun rioscaí imbhuailte a sheachaint. |
2.6. |
Ag tús na bliana, sheol an Coimisiún Eorpach an tionscadal SPACEWAYS a bhfuil sé d’aidhm aige córas bainistithe spástráchta a leagan amach d’fhonn “rialacha an bhóthair” a shainiú agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh na gcoinníollacha faoina bhféadfaí ceadúnais agus ceadanna eitilte a eisiúint. |
2.7. |
Is é is aidhm do na tionscadail SPACEWAYS agus EUSTM a seoladh i mí Eanáir 2021 moltaí agus treoirlínte a chur ar fáil faoi mhí an Mheithimh agus mí Lúnasa 2022 faoi seach don Choimisiún Eorpach maidir le bainistiú spástráchta, maille le measúnú dlíthiúil, polaitiúil agus eacnamaíoch as a dtiocfaidh moltaí deiridh agus treoirlínte cur chun feidhme (2). |
2.8. |
Sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, aithnítear an gá le cur chuige ar leibhéal an Aontais agus foráiltear do chomhairliúchán, plé agus idirphlé rialta leis na geallsealbhóirí AE ábhartha uile, idir shibhialta agus mhíleata, a bhfuil baint acu leis an iompar, go háirithe an tionscal eitlíochta, agus tionscal spáis na hEorpa. Cuirtear san áireamh san am céanna riachtanais chosanta agus slándála, le tacaíocht ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint. Is é mian CESE go mbeadh baint ag an bpobal sóisialta ar fad, ní hamháin ag earnáil na tionsclaíochta, leis an bpróiseas sin. |
2.9. |
Beartaítear leis an Teachtaireacht cuibhreannas SST AE (3) a úsáid chun an acmhainneacht oibríochtúil is gá a fhorbairt do bhainistiú spástráchta AE amach anseo. Is é a bheadh i gceist leis sin feabhas a chur ar a fheidhmíocht, cur le seirbhísí faireachais agus rianaithe spáis, mar aon le teicneolaíochtaí nua trí intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí candamacha, tacú le laghdú smionagair agus le hoibríochtaí um chothabháil i bhfithis agus sineirgí a bhunú idir cistí an Aontais, cistí náisiúnta, cistí na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (GES), cistí an chláir Fís Eorpach agus cistí an Chláir Eorpaigh Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (EDIDP). |
2.10. |
Is gné lárnach de Chlár an Aontais um Nascacht Shlán le haghaidh na tréimhse 2023-2027 é úsáid níos mó a bhaint as an spás lasmuigh d’ilchríoch na hEorpa. Beidh ar an Aontas brath go háirithe ar Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí sa Chianspás (UNOOSA), agus ar chomhlachtaí náisiúnta chun caighdeáin a cheapadh a mbeidh feidhm acu maidir le bainistiú na críche spáis, agus forbairt comhchaighdeán i bhfóram ar leith á spreagadh san am céanna, agus cur chuige comhtháite a chur chun cinn in eagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú. |
2.11. |
Leis na huaillmhianta a leagtar amach, tugtar le tuiscint go mbeidh ar an lucht tionscail oibleagáidí áirithe a ghlacadh sa ghearrthéarma agus togra reachtach a cheapadh idir na Ballstáit sa mheántéarma chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt na gcineálacha cur chuige náisiúnta agus chun saobhadh iomaíochta i measc oibreoirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a sheachaint trí phrionsabal na córa comhionainne oibreoirí a fhorchur. Tá bearta neamhcheangailteacha, amhail treoirlínte, beartaithe freisin.
Is éard atá sa togra reachtach ná an chéad chéim. Ina dhiaidh sin, beidh ar eagraíochtaí Eorpacha ceanglais theicniúla a ghlacadh, bíodh siad ina gcaighdeáin nó ina dtreoirlínte a mbeidh feidhm acu maidir le gach duine. |
2.12. |
Luaitear sa Teachtaireacht go bhfuil an tAontas i bhfabhar cur chuige iltaobhach laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe lena gcuirfear chun cinn an t-idirphlé le Coiste na Náisiún Aontaithe um Úsáid Shíochánta an Chianspáis (UNCOPUOS) agus leis an gComhdháil maidir le Dí-armáil. Beidh air, dá bhrí sin, na comhlachtaí de chuid na Náisiún Aontaithe a bheidh in ann tabhairt faoi na gníomhaíochtaí sin a shainaithint, an Eagraíocht Eitlíochta Shibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) san áireamh, óir tá todhchaí an chine dhaonna i mbaol.
Cur chuige ón mbun aníos atá beartaithe sa Teachtaireacht. Ciallaíonn sé sin go dtosófar le rannchuidithe náisiúnta agus réigiúnacha d’fhonn teacht ar chomhthoil maidir leis na rialacha agus na caighdeáin atá beartaithe. Ina dhiaidh sin, féachfar leis na gnéithe réigiúnacha a ionchorprú sa bhainistiú domhanda, ar gá fós cinneadh a dhéanamh i dtaobh a rialachais. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún déantar measúnú ar na riachtanais maidir le bainistiú spástráchta agus moltar cur chuige Eorpach maidir le húsáid dhomhanda spáis, lena n-áirítear úsáid shibhialta. Mar thoradh ar fhorbairt gníomhaíochtaí spáis, ar iolrú agus éagsúlú na ngníomhaithe a bhfuil baint acu le saothrú an chianspáis agus ar spleáchas na n-earnálacha gníomhaíochta go léir ar theicneolaíochtaí agus seirbhísí satailíte, tá róshaothrú forchéimnitheach á dhéanamh ar fhithisí agus tá speictream na minicíochtaí plúchta, rud a fhágann gur gá na minicíochtaí sin a chuíchóiriú. |
3.2. |
Meastar faoin dlí idirnáisiúnta (an tAontas Idirnáisiúnta Teileachumarsáide nó ITU) gur acmhainní nádúrtha teoranta iad domhanfhithisí. Tugann iarrataí ar leithdháileadh mínicíochtaí agus iomadú córas satailíte tíortha agus cuideachtaí a sháraíonn rialacha ITU ó am go chéile dúshlán do na prionsabail maidir le saoirse agus neamhleithreasú lena rialaítear úsáid domhanfhithisí. |
3.3. |
Leis an streachailt idir gníomhaithe i dtionscal an spáis, ar gníomhaithe stáit iad den chuid is mó go dtí seo, agus iad siúd a bhfuil an stádas sin uathu, lena n-áirítear gníomhaithe príobháideacha, tá gá le hathchóiriú críochnúil ar na caighdeáin idirnáisiúnta a glacadh nuair nach raibh ach grúpa beag de chumhachtaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha ag plé le cúrsaí spáis. |
3.4. |
De bhreis ar shaincheisteanna dlí, i gcomhthéacs úsáid na críche spáis, ní mór aird a thabhairt freisin ar theannais pholaitiúla atá ag teacht chun cinn athuair, mar is léir ó imeachtaí reatha. Is amhlaidh an cás go háirithe maidir le hoibríochtaí chomhfhithiseacha imeaglaithe, léirithe cleasaíochta teicneolaíochta nó tástálacha arm frith-shatailíte agus fágann an méid sin nach bhfuil muinín ag tíortha as a chéile. |
3.5. |
De thoradh na ndúshlán a bhaineann le fithisí agus speictream na minicíochtaí a bheith á bplúchadh, mar aon leis an mbagairt ón méadú ar smionagar spáis, tá breithniú á dhéanamh ag na Ballstáit, GES agus cuibhreannas SST AE (4) ar uirlisí agus teicneolaíochtaí faireachais a chomhordú ar dhóigh níos fearr. Tá dianrialacháin á n-iarraidh ag CESE i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar bhuíonta satailítí príobháideacha agus ar cheantair le seachaint. |
3.6. |
Leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach, feictear go bhfuil tús bog á chur athuair le hidirphlé idirnáisiúnta i bhfabhar cód iompair agus beart, lena n-áirítear bearta reachtacha, d’fhonn inbhuanaitheacht úsáid an chianspáis a áirithiú. |
Breithnithe dlíthiúla agus polaitiúla
3.7. |
Tacaíonn CESE leis na cuspóirí oibríochtúla a leagtar amach sa Teachtaireacht agus sa togra le haghaidh rialacháin agus ba mhian leis aird a tharraingt ar bhreithnithe dlíthiúla agus polaitiúla nach féidir neamhaird a dhéanamh díobh i bhfianaise na saincheisteanna atá idir chamáin. |
3.8. |
Is deacair sainmhíniú a thabhairt ar choincheap an dlí spáis. Níl aon chomhthoil ann maidir le teorannú an spáis. Aithnítear, áfach, go múnlaítear an dlí spáis de réir na bprionsabal treorach lena ngabhann. |
3.9. |
Siúd is gur glacadh príomhphrionsabail trí chúig chonradh idirnáisiúnta agus ocht rún idirnáisiúnta (5), tá an cheist maidir le sainmhíniú an dlí spáis fós gan réiteach, ós rud é gurbh é an tosaíocht ba mhó a bhí ann nuair a cuireadh tús leis an spástaiscéalaíocht cosc a chur ar na chéad chumhachtaí spáis úinéireacht a ghlacadh ar reanna neimhe seachas ábhar an dlí sin a shainiú go sainráite. |
3.10. |
Leagtar amach prionsabail an dlí spáis i Rún 1962 ó na Náisiúin Aontaithe (XVIII) an 13 Nollaig 1963 agus athdhearbhaítear iad sa chéad Chonradh Cianspáis ó 1967.
Déantar foráil leo maidir leis na nithe seo a leanas:
|
3.11. |
Léiríonn dhá phrionsabal eile den dlí spáis an sprioc shíochánta atá aige.
Is é an chéad phrionsabal an oibleagáid maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach a fhorchuirtear ar na tíortha uile a bhfuil baint acu le taiscéalaíocht agus úsáid an chianspáis. Is éard atá i gceist leis sin idirphlé éifeachtach trédhearcach idir cumhachtaí spáis d’fhonn inbhuanaitheacht agus slándáil na ngníomhaíochtaí a dhéantar a áirithiú. Sa lá atá inniu ann, tá an t-idirphlé sin dírithe go príomha ar shaincheist an smionagair spáis, mar atá léirithe sa Teachtaireacht. |
3.12. |
Is í an dara prionsabal den dlí spáis an fhreagracht ar na tíortha agus ar ghníomhaithe nua as a gcuid gníomhaíochtaí spáis. Is éard atá i gceist leis sin freagracht idirnáisiúnta maidir le rialú gníomhaíochtaí agus dliteanas i leith damáiste a eascraíonn as gníomhaíochtaí den sórt sin sa chianspás. Mar sin, tugtar aghaidh sa Teachtaireacht ar chúrsaí a bhaineann le freagracht idirnáisiúnta as gníomhaíochtaí faireacháin. |
3.13. |
Tráth a bhí na chéad chonarthaí spáis á gcur le chéile, ní raibh an-aird ar smionagar spáis ná ar phlúchadh fithisí agus minicíochtaí. Ar an aimsir seo, áfach, tá méadú chomh mór sin tagtha ar lainseáil réad sa spás de bharr spleáchas sochaithe ar acmhainní satailíte gur ceist straitéiseach anois í ceist na bhfithisí agus na leithdháiltí speictrim. |
3.14. |
Dá bhrí sin, tar éis seasca bliain de shaothrú spáis, tá méadú as cuimse tagtha ar dhúshláin slándála a bhaineann le fithisí. Ó bhí thástáil ASAT na Síne ann i mí Eanáir 2007, tá méadú tagtha ar na dóigheanna éagsúla a léirítear fórsa sa spás. Baineann fadhbanna freisin le míleatú an spáis.
Tá éiginnteacht ag baint leis an bhfadhb sin sa dlí idirnáisiúnta ós rud é nach ann fós do shainmhíniú ar céard is modh ionsaithe sa spás ann ná ar céard is ionsaí ann agus tá na modhanna ionsaithe an-éagsúil ó chéile. Áirítear orthu sin ionsaithe diúracán, ionsaithe léasair, cibirionsaithe ar athsheachadáin chumarsáide, cleasanna comhfhithiseacha, etc. |
3.15. |
Tá deacracht dhifriúil le sárú ag fithisí geosheasmhacha, is é sin brú minicíochtaí agus an baol go gcuirfí isteach orthu. Is réimse ríthábhachtach í fithis geochobhsaí le haghaidh leanúnachas seirbhísí teileachumarsáide i ngach tír ar domhan. Is iomaí dúshlán dlithiúil atá ag baint leis sin toisc gur cruthaíodh margadh eacnamaíoch agus amhantraíocht, fiú, mar thoradh ar fhorbairt fithise geochobhsaí. |
3.16. |
Agus an méid sin á chur san áireamh, tá CESE den tuairim nach mór a chur chun cinn go mór sa Teachtaireacht Chomhpháirteach, trí bhíthin taidhleoireacht ghníomhach, bainistiú iltaobhach spástráchta laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe, go háirithe laistigh de Choiste na Náisiún Aontaithe um Úsáid Shíochánta an Chianspáis (UNCOPUOS) agus den Chomhdháil maidir le dí-armáil, ós rud é nach bhfuil dóthain rialacha sa réimse sin. |
Bainistiú spástráchta – dúshlán don rialachas Eorpach
3.17. |
Ní coincheap nua é bainistiú spástráchta. Bíodh sin mar atá, i ngeall ar chineál agus suntasacht na ndúshlán roimh shlándáil, sábháilteacht agus inbhuanaitheacht gníomhaíochtaí spáis, tá bainistiú spástráchta (STM) ina thosaíocht, murab ionann is riamh, i measc gníomhaithe spáis agus na dtíortha atá feasach ar a spleáiche atá siad ar shócmhainní spáis. Fós féin, níl cláir faireachais agus rianaithe spáis (SST) agus clár um fheasacht staide an spáis (SSA) ach ag na tíortha a bhfuil an cumas teicneolaíoch is gá acu. |
3.18. |
San am i láthair is í Roinn Cosanta na Stát Aontaithe an córas is mó forbairt dá bhfuil ann. Soláthraíonn Líonra Faireachais Spáis (SSN) dá cuid, a bhfuil radair talún agus spásbhunaithe aige, acmhainn uathúil bhraite agus aitheantais do na Stáit Aontaithe agus úsáideann siad an méid sin chun tionchar a imirt ar a gcomhghuaillithe agus a gcomhpháirtithe.
Tá cláir faireachais spáis forbartha ag tíortha eile amhail an Rúis, an tSín, an tSeapáin, an India agus roinnt tíortha Eorpacha (an Fhrainc, an Ghearmáin) chomh maith. I bhfianaise na feidhme straitéisí atá acu, tá formhór mór na gclár sin faoi rialú míleata agus faigheann siad tacaíocht ó ghníomhaireachtaí spáis. San Aontas Eorpach, bhunaigh an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin agus an Spáinn cuibhreannas SST AE d’fhonn measúnú a dhéanamh saor in aisce ar an riosca go dtarlódh imbhuailtí i bhfithis agus go rachadh smionagar spáis ar ais in atmaisféar an domhain ar bhealach neamhrialaithe, agus d’fhonn ilroinnt i bhfithis a bhrath. Faoi 2023, beidh SST AE ina chomhpháirtíocht a mbeidh níos mó Ballstát rannpháirteach inti chun seirbhís um measúnú riosca ar imbhuailtí a chur ar fáil d’oibreoirí satailíte Eorpacha agus domhanda. Tá a gcóras SST/SSA féin curtha ar bun ag roinnt cuideachtaí príobháideacha freisin chun sonraí agus seirbhísí tráchtála a sholáthar. |
3.19. |
Dé réir mar a luaitear sa Teachtaireacht Chomhpháirteach agus mar a léirítear sa tuairim seo, is é an phríomhfhadhb a bhaineann leis an meascán de chláir STM an easpa caighdeánaithe idirnáisiúnta. Mar sin féin, is léir gur gá caighdeáin, treoirlínte agus dea-chleachtais idirnáisiúnta a fhorbairt freisin. |
3.20. |
D’fhéadfadh tionscnaimh agus cinntí domhanda maidir le STM timpeallacht dhúshlánach a chruthú don Eoraip agus dá gníomhaithe spáis. Tá na Stáit Aontaithe chun tosaigh ó thaobh a mbeartais de. D’fhógair siad gur cheart dóibh dul ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain trí chaighdeáin níos fearr maidir le sonraí spáis agus feasacht staide a cheapadh, sraith de theicnící caighdeánaithe a fhorbairt chun rioscaí imbhuailte a mhaolú agus raon caighdeán, cleachtas agus caighdeán teicniúil idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le slándáil oibríochtaí spáis. |
3.21. |
Tá aird tugtha ag an Aontas ar na gnéithe straitéiseacha, tráchtála agus geopholaitiúla a bhaineann le bainistiú spástráchta, gnéithe nach bhfuil teoranta d’inbhuanaitheacht an chianspáis agus a bhfuil baint acu freisin le neamhspleáchas na hEorpa amach anseo maidir leis an rochtain atá aici ar an spás agus an úsáid a bhaineann sí as.
Tá beartais agus tionscnaimh áirithe forbartha cheana féin ag gníomhaithe spáis na hEorpa arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt go díreach nó go hindíreach ar ábhair imní maidir le bainistiú spástráchta. Bíodh sin mar atá, tá an Eoraip ag titim chun deiridh ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist trí thionscadail chomhpháirteacha agus tá iarmhairtí ag baint leis sin. |
3.22. |
Go deimhin, d’fhéadfaí iomaíochas mhonarú satailíte na hEorpa amach anseo a bheith i mbaol dá gcuirfí iallach ar chuideachtaí sonraí STM Stáit Aontaithe Mheiriceá a úsáid nó ceadúnas a bheith acu arna eisiúint ag STM na Stát Aontaithe, agus d’fhéadfaí go ndiúltófaí dó sin. Tá rioscaí móra ann freisin do sholáthraithe seirbhísí lainseála Eorpacha.
Tá go leor gníomhaithe Eorpacha ag brath go mór ar na comhaontuithe comhroinnte sonraí a síníodh leis na Stáit Aontaithe maidir le córas nua Eorpach um fheasacht staide an spáis (SSA) 2021. Áirítear orthu sin aireachtaí agus airm (6), eagraíochtaí idir-rialtasacha Eorpacha (GES, EUMETSAT), oibreoirí satailíte tráchtála agus soláthraithe seirbhísí lainseála. |
3.23. |
De réir CESE, ní mór don Aontas forálacha a ghlacadh a fhéachann ní hamháin lena áirithiú go mbeidh leibhéal deimhnithe feidhmíochta ann, ach lena áirithiú freisin go mbeidh seirbhísí spásbhunaithe ar fáil go ceann i bhfad. Ar a mhuin sin, tráth a bhfuil sí ag iarraidh comhbheartas iontaofa slándála agus cosanta a chur chun feidhme, beartas a ndéanann sócmhainní spáis rannchuidiú riachtanach, fiú ríthábhachtach, leis, ní mór don Eoraip na ceanglais slándála agus sábháilteachta is airde d’úsáideoirí rialtais agus cosanta a chomhlíonadh. |
3.24. |
Tá CESE á thabhairt dá aire go raibh cur chuige an Aontais dírithe go príomha, tráth dá raibh, ar chosaint fhisiciúil sócmhainní spáis, rud atá bunaithe ar straitéis dhocht agus chostasach. Leis na tionscnaimh AE a glacadh le déanaí, áfach, táthar ag díriú ar chur chuige atá níos dírithe ar an athléimneacht. Tá tAontas á iarraidh anois go mbeadh straitéis réamh-mheastach ann maidir le slándáil an bhonneagair spáis. Chuige sin, tá dhá thionscnamh thábhachtacha seolta aige: an togra maidir le cód iompair idirnáisiúnta a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí spáis agus an Clár Eorpach maidir le feasacht staide an spáis. |
3.25. |
Fós féin, is cás le CESE a dheacra atá sé acmhainneachtaí Ballstát áirithe a chomhordú lena gcumas maoirseachta agus rialaithe féin. Ar an aimsir seo, is deacair teacht ar chomhaontú maidir leis na cuspóirí atá le baint amach trí chlár Eorpach STM. Is léiriú foirfe í an tsaincheist maidir le bainistiú spástráchta, den chuid is mó, ar an deacracht a bhaineann le fíor-rialachas Eorpach a chruthú in earnáil an spáis, bíodh is go bhfuil na saincheisteanna céanna le sárú ag na Ballstáit uile ó thaobh na hinbhuanaitheachta spáis agus shlándáil an chianspáis toisc go gcuireann siad cumais spáis in úsáid nó toisc go n-úsáideann siad acmhainní spáis. |
3.26. |
Is bacainní iad na dúshláin sin go léir ar iomaíochas thionscal spáis na hEorpa ar an leibhéal idirnáisiúnta. San fhadtéarma, d’fhéadfadh an easpa caighdeán Eorpach agus an easpa comhoiriúnachta le caighdeáin eile saoirse rochtana ar an spás a chur i mbaol. Ní leor a acmhainn lainseála féin a bheith ag gach aon Bhallstát. Is gá freisin a bheith in ann satailítí a imscaradh go neamhspleách ar na caighdeáin a shainítear lasmuigh den Eoraip chun iomaíochas spáis na hEorpa a chothabháil, mar a léiríodh le rath an chéad mhisean Ariane 5 an 22 Meitheamh 2022, arbh é ab aidhm dó dhá shatailít, ceann amháin ón Malaeisia agus ceann eile ón India, a chur ar fithis. Sa bhreis air sin, lainseálfar an chéad chéim eile, Ariane 6, gan mhoill. Córas níos solúbtha agus níos saoire atá ann i gcomparáid le Ariane 5 agus, dá bhrí sin, is fearr is féidir leis dul san iomaíocht le SpaceX de chuid SAM. Tá a chéad eitilt beartaithe do 2023. |
3.27. |
I gcomhthéacs na Teachtaireachta seo, tá an méid seo a leanas á mheabhrú ag CESE:
|
3.28. |
Ainneoin go bhféadfadh rialacha agus caighdeáin arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta ag roinnt Ballstát a bheith úsáideach chun forálacha coiteanna a fhorbairt, beidh sé den ríthábhacht, mar sin féin, go mbeidh an focal deireidh ag an Aontas i ndáil le bearta um chaighdeánú. Chun na críche sin, ní mór do na Ballstáit agus GES teacht ar chomhaontú maidir le cuspóirí agus prionsabail na n-iarrachtaí Eorpacha i réimse STM, sásraí comhairliúcháin agus comhordaithe a chur ar bun agus róil, roinnt aonchiallach freagrachtaí agus leithdháileadh trédhearcach gníomhaíochtaí idir na Ballstáit agus geallsealbhóirí Eorpacha a shainiú go soiléir, agus gan teacht salach ar na córais atá ann cheana i dtíortha eile. |
3.29. |
Dar le CESE, tá an Teachtaireacht Chomhpháirteach go mall ag teacht ar an bhfód. Is díol sásaimh dó, áfach, go n-aithnítear léi an tábhacht a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin il-leibhéil a eascróidh as an méadú ar ghníomhaíochtaí spáis, rud a d’fhéadfadh an chothromaíocht dhomhanda a chur i mbaol toisc nach ann do chreat ceangailteach ina leith. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) JOIN(2022) 4 final.
(2) Tá an tionscadal SPACEWAYS, a mhaoinítear le creatchlár an Aontais Eorpaigh um thaighde agus um nuálaíocht “Fís 2020”, comhdhéanta de 13 phríomhghníomhaí Eorpacha: monaróirí agus lainseálaithe satailíte, oibreoirí agus soláthraithe seirbhísí, mar aon le hionaid agus institiúidí taighde dlí agus beartais.
Tá EUSTM comhdhéanta de 20 príomhghníomhaí Eorpacha.
(3) An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin agus an Spáinn.
(4) https://www.eusst.eu
(5) I. Chalaye, Le statut des orbites terrestres et leur utilisation à la lumière des principes du droit spatial, Institut d’études de géopolitique appliquée (IEGA), Páras, Deireadh Fómhair 2021.
(6) https://www.esa.int/Safety_Security/SSA_Programme_overview
IARSCRÍBHINN
Is féidir an Tuairim Fhorlíontach ón gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha – CCMI/ 196 – Spás nua – a léamh ar na leathanaigh seo a leanas.
“Tuairim ón gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha maidir le Nascacht shlán spásbhunaithe agus spás nua: Bealach tionsclaíoch Eorpach i dtreo na ceannasachta agus na nuálaíochta
(tuairim fhorlíontach a ghabhann le TEN/775)
Rapóirtéir: |
Maurizio MENSI |
Comhrapóirtéir: |
Franck UHLIG |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
22.2.2022 |
Bunús dlí |
Riail 56(1) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Tuairim fhorlíontach |
Rannóg atá freagrach |
An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha |
Dáta a glactha sa rannóg |
24.6.2022 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
21/0/1 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tacaíonn CESE le tionscnaimh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le nascacht shlán spásbhunaithe agus ‘spás nua’ chun cur le ceannasacht thionsclaíoch agus oibríochtúil na mBallstát. Is den ríthábhacht neamhspleáchas a áirithiú, ní hamháin ar mhaithe leis an iomaíochas tionsclaíoch a bheidh ann amach anseo, ach freisin chun neamhspleáchas straitéiseach agus athléimneacht straitéiseach a áirithiú (1), rud a léiríodh le déanaí leis an nganntanas comhpháirteanna leictreonacha, go háirithe tar éis ghéarchéim COVID-19 agus an chogaidh san Úcráin, nithe a chuir isteach go mór ar thionscal spáis na hEorpa. |
1.2. |
Creideann CESE, ní hamháin gur uirlis bhunriachtanach d’fheidhmiú an daonlathais rannpháirtíochta í nascacht atá slán, inrochtana agus inacmhainne, ach gur réamhriachtanas í freisin chun cearta bunúsacha a chur chun feidhme mar is cuí agus gur deis atá ann tuilleadh cumhachta a thabhairt do na saoránaigh agus don tsochaí shibhialta. |
1.3. |
Aithníonn CESE a thábhachtaí atá an spás dár ngeilleagar agus dár sochaí, maille lena ábharthacht straitéiseach ó thaobh na slándála agus na cosanta de, mar atá léirithe le cogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Ar a bharr sin, tá slándáil fhisiciúil agus cibearshlándáil an bhonneagair talún agus an bhonneagair spáis, mar aon leis na sonraí gaolmhara, ríthábhachtach chun leanúnachas seirbhíse agus feidhmiú cuí na gcóras a áirithiú. |
1.4. |
Creideann CESE gur den ríthábhacht borradh a chur faoin éiceachóras Eorpach spáis chun an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a chur chun cinn agus chun dul i ngleic le mórdhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide. Aithníonn sé freisin na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cuideachtaí spáis nuathionscanta agus FBManna a bheith rannpháirteach i gcláir spáis an Aontais, lena n-áirítear an méid a chuireann siad le hathléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais. |
1.5. |
Creideann CESE go diongbháilte nach mór leibhéal comhordaithe éifeachtúil iomchuí a ráthú ó tharla go gceanglaítear ar chomhlachtaí éagsúla oibriú le chéile chun córas nascachta atá slán uathrialach agus atá bunaithe ar an spás (dá ngairtear ‘an Clár’ anseo feasta) a rialú. |
1.6. |
Measann CESE gur cheart leas a bhaint as an gclár réime Fís Eorpach, atá i bhfeidhm cheana féin, chun borradh a chur faoin margadh spáis, chun tacú le réitigh thráchtála nuálacha a chruthú d’earnálacha spáis iartheachtacha agus réamhtheachtacha an Aontais agus chun dlús a chur le hinfhaighteacht na bpríomhtheicneolaíochtaí atá ag teastáil don Chlár i gcomhar leis an tionscnamh EuroQCI (2) agus an tionscadal ENTRUSTED (3). Go háirithe, d’éileofaí le córas Eorpach de chomhpháirteanna, córais agus fochórais iarrachtaí ollmhóra, fadtéarmacha chun tionscal láidir Eorpach a athbhunú. |
1.7. |
Tá CESE á mholadh go bhforbrófaí sineirgí leis an gCiste Eorpach Cosanta agus trí phlean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le hidirghníomhaíochtaí idir an tionscal sibhialta, tionscal an spáis agus an tionscal cosanta. |
1.8. |
D’fhonn iomaíochas thionscal spáis na hEorpa a áirithiú, creideann CESE gur cheart, le tionscnaimh an Choimisiúin, cur le forbairt ardscileanna i réimsí a bhaineann leis an spás agus tacú le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna d’fhonn is gur féidir le saoránaigh an Aontais barr a gcumais a bhaint amach sa réimse seo. Ar an gcaoi sin, chuirfí feabhas ar ghné shóisialta thábhachtach an Chláir. |
1.9. |
Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá ann an acmhainneacht spáis uile a chur san áireamh chun na sócmhainní spáis atá ann cheana (Galileo (4), Copernicus (5)) a nuachóiriú agus chun buíonta agus seirbhísí a bheidh ann amach anseo a fhorbairt. Cuirfidh sé sin le hathléimneacht shócmhainní spáis an Aontais agus cothófar iomaíochas an tionscail. Ach freagrachtaí a shannadh ar bhonn na hinniúlachta léirithe, ba cheart go n-áiritheofaí cur chun feidhme éifeachtach na gclár . |
1.10. |
Measann CESE nach mór don Aontas dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a spreagadh agus tacú le hiomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta na hearnála spáis, go háirithe i ndáil le FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí nuálacha. Ar an tslí sin, spreagfaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha réamhtheachtacha agus iartheachtacha. Go deimhin, tá ról riachtanach ag cláir thaighde agus nuálaíochta maidir le cumas teicneolaíoch an Aontais agus a chuid Ballstát a mhéadú. |
2. Cúlra na tuairime, lena n-áirítear an togra reachtach lena mbaineann
2.1. |
Is é is aidhm don togra ón gCoimisiún Eorpach clár a cheapadh chun cumarsáid satailíte ráthaithe agus athléimneach a chur ar fáil. Tá an Coimisiún tiomanta do nuálaíocht a chothú in earnáil an spáis agus do rannchuidiú tuilleadh le héiceachóras ‘spás nua’ AE a fhorbairt, rud atá ar cheann de na príomhthosaíochtaí a leagtar amach ina Chláir Spáis cheana. Chuige sin, tá an Coimisiún tar éis an tionscnamh CASSINI a sheoladh (6). Go háirithe, d’áiritheofaí leis sin go mbeadh seirbhísí cumarsáide satailíte atá iontaofa, slán agus costéifeachtach ar fáil go fadtéarmach ar fud an domhain d’úsáideoirí rialtais a thacaíonn le bonneagar criticiúil, faireachas, gníomhaíochtaí seachtracha agus bainistiú géarchéime a chosaint, rud a mhéadódh teacht aniar na mBallstát. |
2.2. |
Tá an tionscnamh ceaptha tairbhe a bhaint as saineolas thionscal spáis na hEorpa, lena n-áirítear as gníomhaithe seanbhunaithe tionsclaíocha agus as éiceachóras an spáis nua. Dá bhrí sin, is sócmhainn straitéiseach anois í an nascacht dhomhanda satailíte ó thaobh shlándáil, sábháilteacht agus athléimneacht an Aontais agus a Bhallstát. Tá sé d’aidhm ag an togra freisin infhaighteacht leathanbhanda tráchtála ardluais a éascú ar fud na hEorpa, deireadh a chur le bandaí marbha, comhtháthú a áirithiú ar fud chríocha na mBallstát agus nascacht a sholáthar thar limistéir gheografacha leasa straitéisigh, amhail an Afraic agus réigiún an Artaigh. De bhreis ar Galileo agus Copernicus, braithfidh an tríú buíon atá beartaithe ar thrí dhifreálaí nua: slándáil trí dhearadh (trí úsáid a bhaint as teicneolaíoctaí nua, amhail teicneolaíocht chandamach) le haghaidh cumarsáid íogair (maidir le cosaint, mar shampla), buíon il-fhithiseach agus ollstruchtúr atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (chun borradh breise a chur faoin ngné thráchtála). |
2.3. |
Tá an togra i gcomhréir le roinnt beartais eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh reachtacha atá ar siúl cheana a bhaineann le sonraí (amhail Treoir INSPIRE (7) agus an Treoir maidir le Sonraí Oscailte (8)), an néalríomhaireacht agus an chibearshlándáil. Go háirithe, ach seirbhísí rialtais a sholáthar, d’áiritheofaí tuilleadh comhtháthaithe i gcomhréir le straitéisí digiteacha agus cibearshlándála an Aontais trí shláine agus athléimneacht an bhonneagair, na líonraí, na cumarsáide agus sonraí Eorpacha a áirithiú. Beidh an togra ina bhonn taca freisin faoi acmhainneacht iomaíochais agus nuálaíochta thionscail na hearnála spáis laistigh den Aontas agus cuideoidh sé go mór lena áirithiú go mbeidh rochtain neamhspleách inacmhainne ag an Eoraip ar an spás sna blianta amach romhainn. Beidh mórthionchar dearfach aige freisin ar iomaíochas shamhlacha saothraithe na lainseálaithe Eorpacha (9). |
2.4. |
Leagadh béim sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 21-22 Márta 2019 gur gá don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun geilleagar digiteach atá iomaíoch, slán, cuimsitheach agus eiticiúil a fhorbairt ina mbeidh nascacht den chéad scoth (10). Go háirithe, luaitear i bplean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis ón 22 Feabhra 2021 gurb é is aidhm dó rochtain ar nascacht ardluais a chur ar fáil do chách san Eoraip agus córas nascachta athléimneach a sholáthar a chuirfidh ar chumas mhuintir na hEorpa a bheith nasctha i gcónaí, is cuma céard a tharlóidh (11). |
2.5. |
Bheadh an Clár ina chomhlánú ar na socruithe GOVSATCOM AE (12) atá ann cheana maidir leis an acmhainneacht cumarsáide satailíte rialtais atá ann cheana a chur i dtoll a chéile agus a chomhroinnt. Mar gheall ar shaolré theoranta satailítí, beidh gá roinnt den bhonneagar atá faoi úinéireacht rialtais agus a bheidh mar chuid de chomhthiomsú agus comhroinnt GOVSATCOM a athsholáthar sna deich bliana atá le teacht (13). |
2.6. |
Leis na leibhéil mhéadaitheacha hibrideacha bhagartha agus an seans níos mó go dtarlóidh tubaistí nádúrtha, tá réitigh cumarsáide satailíte níos slándála, níos iontaofa agus níos oiriúnaí a bhfuil fáil níos éasca orthu de dhíth ar ghníomhaithe rialtais. Ina theannta sin, is bagairt bhreise é an t-ardú atá tagtha ar ríomhairí candamacha, ós rud é go mbeidh na ríomhairí sin in ann ábhar atá criptithe faoi láthair a dhíchriptiú. |
2.7. |
Tá meigeabhuíonta éagsúla neamh-AE, a fhaigheann tacaíocht phoiblí nó atá fóirdheonaithe, tagtha chun cinn sna Stáit Aontaithe, sa tSín agus sa Rúis. Fágann an méid sin, mar aon leis an nganntanas comhdúcháin minicíochta agus sliotán fithiseach atá ar fáil agus saolré theoranta acmhainneacht GOVSATCOM gur den phráinn córas nascachta slán spásbhunaithe de chuid an Aontais a thabhairt isteach. Chumhdófaí leis an gClár na bearnaí acmhainneachta agus cumais i seirbhísí cumarsáide satailíte rialtais. |
2.8. |
Ba cheart a cheadú leis an gClár freisin soláthar seirbhísí tráchtála cumarsáide satailíte ag an earnáil phríobháideach. Sa mheasúnú tionchair, cinneadh go bhfuil comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí ar an tsamhail cur chun feidhme is oiriúnaí lena áirithiú go bhféadfaí cuspóirí an Chláir a shaothrú. Leis na comhpháirtíochtaí sin, spreagfaí go háirithe nuálaíocht i ngach cuid de thionscal spáis na hEorpa (oll-chomhtháthairí córas, cuideachtaí meánchaipitlithe neamhspleácha, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta). |
2.9. |
Ós rud é go bhfuil na rialtais, na saoránaigh agus institiúidí an Aontais ag brath ar an nascacht, murab ionann is riamh, is éard atá ag teastáil uathu réitigh shlándála níos airde, aga folaigh íseal (14) agus bandaleithead níos airde. Dá bhrí sin, is gá a ráthú go mbeidh réitigh bhuanseasmhacha ar fáil trí theicneolaíocht nuálach, treochtaí agus cineálacha cur chuige tionsclaíocha nua. Dá thairbhe sin, is sraith teicneolaíochta a bheidh sa chóras atá beartaithe, faoi mar a léirítear sa togra. |
2.10. |
Chun bheith costéifeachtach agus chun leas a bhaint as barainneachtaí scála, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, barrfheabhas a chur ar an gcothromaíocht idir soláthar agus éileamh seirbhísí rialtais. |
2.11. |
Go deimhin, a bhuí le cumarsáid satailíte, cuirtear cumhdach uileláithreach ar fáil, rud atá ina chomhlánú ar líonraí trastíre. Níos mó ná riamh láimhseáiltear í mar shócmhainn straitéiseach, rud a leagann béim ar an ngá méadaitheach domhanda atá le seirbhísí rialtais lena n-áirithítear nascacht láidir, ní hamháin chun tacú lena n-oibríochtaí slándála, ach freisin chun bonneagar criticiúil a nascadh, idirghníomhú leictreonach éifeachtúil éifeachtach trasteorann a éascú idir riaracháin phoiblí na hEorpa, gnólachtaí agus saoránaigh, rannchuidiú le forbairt ríomh-riaracháin atá níos éifeachtaí, níos simplithe agus níos soláimhsithe ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal áitiúil (15), agus géarchéimeanna a bhainistiú, mar aon le tacú le faireachas teorann agus muirí. |
2.12. |
Le bunú an Chláir, leanfar cur chuige céim ar chéim trína ndéanfar iarracht cáilíocht a áirithiú. D’fhéadfaí tús a chur leis an bhforbairt tosaigh agus an cur chun feidhme ó 2023 ar aghaidh agus seirbhísí tosaigh agus tástáil ar fithis ar chripteagrafaíocht chandamach a sholáthar faoi 2025. Ach an córas le cripteagrafaíocht iar-chandamach a chur chun feidhme ina iomláine, beidh seirbhísí iomlána á gcur ar fáil faoi 2028. Meastar gurb é EUR 6 billiún an costas iomlán lena mbaineann agus is ó fhoinsí éagsúla na hearnála poiblí (buiséad an Aontais, Ballstáit agus ranníocaíochtaí GES) agus ó infheistíochtaí earnála príobháidí a thiocfaidh an cistiú dó. Maidir le cistiú ón Aontas, ní bhaineann sé an bonn de chur chun feidhme na ngnéithe spáis atá i Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir leis an spás, go háirithe Galileo agus Copernicus. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
I saol digiteach an lae inniu, creideann CESE go bhfuil an nascacht spásbhunaithe ina sócmhainn chriticiúil straitéiseach do shochaithe nua-aimseartha. A bhuí léi, éascaítear cumhacht eacnamaíoch, ceannaireacht dhigiteach, ceannasacht theicneolaíoch, iomaíochas eacnamaíoch agus dul chun cinn sochaíoch. Trí ról níos lárnaí a thabhairt do ghníomhaithe spáis, is é is aidhm don Chlár sonraí agus seirbhísí ardcháilíochta slána a bhaineann leis an spás a áirithiú, ar féidir leo sochair shocheacnamaíocha a thabhairt do na saoránaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa, slándáil agus neamhspleáchas an Aontais a fheabhsú, agus ról an Aontais mar cheannaire in earnáil an spáis a neartú, rud a chuirfidh ar a chumas dul in iomaíocht le príomhgheilleagair spáis eile agus le tíortha atá ag teacht chun cinn i réimse an spáis. Thairis sin, is uirlis theicniúil thábhachtach é freisin lena gceadaítear saoirse cainte agus saorchúrsaíocht smaointe. |
3.2. |
Measann CESE ní hamháin gur uirlis bhunriachtanach d’fheidhmiú an daonlathais rannpháirtíochta í nascacht atá slán, inrochtana agus inacmhainne ach gur réamhchoinníoll í freisin chun cearta bunúsacha a chur chun feidhme mar is cuí agus gur deis atá ann chun tuilleadh cumhachta a thabhairt do na saoránaigh agus don tsochaí shibhialta. Tá saoránaigh na hEorpa ag brath ar an teicneolaíocht spáis, ar shonraí spáis agus ar sheirbhísí spáis níos mó ná riamh. Is é atá i gceist leis sin, go háirithe, comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. De bhreis air sin, tá ról níos mó ag an spás i bhfás eacnamaíoch, slándáil agus meáchan geopholaitiúil an Aontais. Ar an gcaoi sin, is féidir a mheas gur chun leas na rialtas agus na saoránach í nascacht iontaofa shlán. |
3.3. |
Tá CESE á mholadh go mbeadh sé oiriúnach comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a úsáid mar shamhail cur chun feidhme lena áirithiú go bhféadfaí cuspóirí an Chláir a shaothrú. Le rannpháirtíocht dhíreach na hearnála príobháidí cruthaítear timpeallacht atá fabhrach d’fhorbairt bhreise leathanbhanda ardluais agus do nascacht rianúil ar fud na hEorpa. Déantar amhlaidh trí dheireadh a chur le bandaí marbha cumarsáide agus trí chomhtháthú a áirithiú ar fud chríocha na mBallstát, maille le nascacht a sholáthar thar limistéir gheografacha leasa straitéisigh. |
3.4. |
Trí bhíthin próiseas iomaíoch soláthair, féadfaidh an Coimisiún conradh lamháltais a thabhairt i gcrích chun teacht ar an réiteach is gá agus chun leasanna an Aontais agus na mBallstát a chosaint. Ach páirt a thabhairt don tionscal trí lamháltas den chineál sin, ba cheart go bhféadfadh comhpháirtithe príobháideacha bonneagar an Chláir a chomhlánú le hacmhainneachtaí breise trí infheistíochtaí breise dá gcuid féin. |
3.5. |
I ndáil leis an méid sin, tá CESE á chur i bhfios gur cheart ról na hearnála poiblí a léiriú go leordhóthanach i rialachas an Chláir amach anseo agus aird ar leith a thabhairt ar shlándáil an bhonneagair agus ar rialú cúramach ar chostais, ar sceideal agus ar fheidhmíocht. Is é an Coimisiún a bheidh ina bhainisteoir cláir maidir leis an lamháltas a bhunú agus maoirseacht a dhéanamh air. Cuirfear de chúram ar ghníomhaireacht an Aontais don Chlár Spáis seirbhísí rialtais a sholáthar, agus cuirfear de chúram ar an nGníomhaireacht Eorpach Spáis maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí forbartha agus bailíochtaithe. Creideann CESE go bhfuil FBManna ríthábhachtach don nuálaíocht agus don éiceachóras sa gheilleagar nua spáis atá ag teacht chun cinn. Dá réir sin, ba cheart forbairt seirbhísí spáis FBManna a spreagadh go gníomhach, mar aon le soláthar na seirbhísí sin ag údaráis phoiblí agus ag an earnáil phríobháideach araon. Ar an dóigh sin, chruthófaí poist, d’fheabhsófaí scileanna teicneolaíochta agus chuirfí borradh faoi iomaíochas na hEorpa, ar nithe iad sin atá níos tábhachtaí ná riamh ó thaobh aistriú an Aontais chuig geilleagar inbhuanaithe digiteach. D’áiritheofaí leis sin iomaíocht éifeachtach thrédhearcach agus neartófaí neamhspleáchas teicneolaíoch an Aontais trí cheanglais shonracha a bhaineann le slándáil, leanúnachas seirbhísí agus iontaofacht. |
3.6. |
Creideann CESE gur cheart critéir shonracha maidir le dámhachtain lamháltais a leagan síos sa nós imeachta soláthair, lena n-áirithítear rannpháirtíocht gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna feadh shlabhra luacha iomlán an lamháltais. Ar an gcaoi sin, dhreasófaí forbairt teicneolaíochtaí nuálacha suaiteacha. I gcás ina bhféadfadh saincheisteanna a bheith ag baint le fostaíocht soláthraithe ó thríú tíortha ó thaobh slándála agus straitéise de, ba cheart rialacha rannpháirtíochta oiriúnacha a chur i bhfeidhm. |
3.7. |
Creideann CESE gur cheart FBManna a spreagadh chun leas a bhaint as na huirlisí iomadúla maoinithe atá ar fáil don Aontas chun cur le héiceachóras an spáis toisc go gcabhródh sé sin le poist a chruthú, scileanna teicneolaíochta a fheabhsú agus iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa a threisiú. |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Creideann CESE go bhfuil ceannasacht straitéiseach an Aontais agus na mBallstát bunaithe den chuid is mó ar neamhspleáchas teicneolaíochta agus cumas thionscal na hEorpa agus ar shlándáil na cumarsáide satailíte, go háirithe agus teannas geopholaitiúil ag dul i méid. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE go láidir le tionscnaimh chun ceannasacht thionsclaíoch agus theicneolaíoch na mBallstát a neartú. |
4.2. |
Tá CESE i bhfabhar an togra agus measann sé gur deis thábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta de iad na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir gníomhaíochtaí rialtais agus gníomhaíochtaí tráchtála, lena n-áirítear le haghaidh na seirbhísí breise a thairgtear do shaoránaigh na hEorpa, agus méadú ag teacht ar bhonn domhanda ar infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i ngníomhaíochtaí spáis. |
4.3. |
Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé tacú le hiomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta thionscail na hearnála spáis laistigh den Aontas. Cuideoidh sé sin go mór lena áirithiú go mbeidh rochtain neamhspleách inacmhainne ag an Eoraip ar an spás sna blianta amach romhainn agus beidh mórthionchar dearfach aige freisin ar iomaíochas shamhlacha saothraithe na lainseálaithe Eorpacha. |
4.4. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir gur cheart, trí bhíthin an Chláir, féachaint chuige gur féidir le hoibreoirí teileachumarsáide tairbhe a bhaint as an acmhainneacht bhreise agus as seirbhísí iontaofa agus slána. Ina theannta sin, a bhuí leis an ngné thráchtála, bheadh seirbhísí miondíola in ann teagmháil a dhéanamh le líon níos mó úsáideoirí príobháideacha fud fad an Aontais. |
4.5. |
Maidir le rialachas an Chláir (Caibidil V den rialachán atá beartaithe), is follas go mbeidh príomhról ag ceithre phríomhghníomhaí sa Chlár, eadhon an Coimisiún, Gníomhaireacht an Aontais don Chlár Spáis, na Ballstáit, agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis. |
4.6. |
I dtaca leis sin de, creideann CESE go diongbháilte go bhfuil sé ríthábhachtach cúraimí, róil agus freagrachtaí a roinnt go soiléir agus na gníomhaithe éagsúla a chomhordú mar is ceart ar mhaithe le feidhmiú cuí an Chláir. Dá bharr sin, trí fhreagrachtaí a leithdháileadh go beacht ar bhonn inniúlachtaí léirithe na ngníomhaithe sin, ba cheart a áirithiú freisin go gcuirfear an Clár i gcrích ar dhóigh atá éifeachtúil ó thaobh costas agus spriocdhátaí de. Tá ríthábhacht ag baint freisin le bainistiú éifeachtúil spástráchta chun sábháilteacht a fheabhsú i bhfianaise an mhéadaithe ar smionagar spáis. |
4.7. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhfuil cibearshlándáil an bhonneagair talún agus an bhonneagair spáis araon bunriachtanach chun oibriú agus athléimneacht na gcóras a áirithiú. |
4.8. |
D’fhonn iomaíochas thionscal spáis na hEorpa a áirithiú agus barr cumais shaoránaigh an Aontais sa réimse sin a bhaint amach, tá CESE ag leagan béim air gur cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú le forbairt ardscileanna i réimsí a bhaineann leis an spás agus tacú le gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, comhdheiseanna, comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn. |
4.9. |
Tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh baint a bheith ag líon mór gníomhaithe tionsclaíocha i roinnt tíortha le bunú agus uasghrádú an bhonneagair agus nach mór a gcuid oibre a chomhordú go héifeachtach chun córais atá iontaofa agus comhtháite go hiomlán a cheapadh, go háirithe ó thaobh na slándála agus na cibearshlándála de. |
An Bhruiséil, an 24 Meitheamh 2022.
Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha
Pietro Francesco DE LOTTO”
(1) Tá an dara tionscal spáis is mó ar domhan ag an Eoraip, tionscal ina bhfuil os cionn 231 000 gairmí fostaithe agus meastar gur fiú EUR 5362 billiún é, Study on the ‘Space Market’ (Staidéir ar an ‘Margadh Spáis’), Parlaimint na hEorpa, Samhain 2021.
(2) Bonneagar cumarsáide candamaí na hEorpa (EuroQCI).
(3) Tionscadal taighde i réimse na cumarsáide satailíte sláine (SATCOM) do ghníomhaithe rialtais AE. ENTRUSTED: European Networking for satellite Telecommunication Roadmap for the governmental Users requiring Secure, inTeroperable, innovativE and standardiseD services (Líonrú Eorpach maidir le Treochlár um theileachumarsáid satailíte le haghaidh úsáideoirí rialtais óna dteastaíonn seirbhísí slána, idir-inoibritheacha, nuálacha agus caighdeánaithe]).
(4) Is éard is Galileo ann córas domhanda na hEorpa um loingseoireacht satailíte a tháinig i bhfeidhm i mí na Nollag 2016 agus a bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil aige d’údaráis phoiblí, do ghnólachtaí agus do shaoránaigh ó shin i leith.
(5) Is éard is Copernicus ann clár an Aontais um fhaire agus um fhaireachán na Cruinne a sholáthraíonn sonraí fhaire na cruinne a úsáidtear ag soláthraithe seirbhíse, údaráis phoiblí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.
(6) Is éard is Gnólachtaí Nuathionscanta Iomaíocha Spáis don Nuálaíocht (CASSINI) ann tionscnamh fiontraíochta spáis de chuid an Choimisiúin Eorpaigh arb é is príomhchuspóir dó tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus le FBManna ag céimeanna éagsúla dá bhfás trí shraith uirlisí agus cistiú a chur ar fáil dóibh.
(7) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(8) Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
(9) Agus 18 satailít ar fithis faoi láthair agus os cionn 30 satailít eile beartaithe sna 10-15 bliana amach romhainn, is é an tAontas an custaiméir institiúideach is mó i seirbhísí lainseála san Eoraip. Is iad lainseálaithe an dara réimse is mó de ghníomhaíocht déantúsaíochta spáis san Eoraip i ndiaidh satailítí tráchtála, rud a chuireann borradh faoi thionscal na hEorpa. Cuirfidh an Coimisiún riachtanais seirbhíse lainseála chláir an Aontais le chéile agus feidhmeoidh sé mar chustaiméir cliste réiteach lainseála iontaofa agus costéifeachtach. Tá sé ríthábhachtach freisin go mbeidh saoráidí bonneagair lainseála nua-aimseartha éifeachtúla solúbtha ag an Eoraip i gcónaí.
(10) Shínigh na Ballstáit i mí an Mheithimh 2019 an Dearbhú maidir le Bonneagar cumarsáide candamaí na hEorpa (EuroQCI) inar chomhaontaigh siad go n-oibreodh siad i gcomhar leis an gCoimisiún agus le tacaíocht ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) d’fhonn bonneagar cumarsáide candamaí a fhorbairt a chumhdódh an Aontais ina iomláine.
(11) COM(2021) 70 final.
(12) Ghlac an tAontas an tionscnamh GOVSATCOM ó Rialachán (AE) 2021/696 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí cumarsáide satailíte atá iontaofa, slán agus costéifeachtach ar fáil go fadtéarmach d’úsáideoirí GOVSATCOM. Beartaítear i Rialachán (AE) 2021/696 go n-úsáidfí an acmhainneacht atá ann cheana le linn na chéad chéime den tionscnamh GOVSATCOM go dtí 2025, nó mar sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún acmhainneachtaí GOVSATCOM a fháil ó Bhallstáit a bhfuil córais agus acmhainneachtaí spáis náisiúnta acu agus ó sholáthraithe cumarsáide nó seirbhísí satailíte tráchtála, agus leasanna slándála bunriachtanacha an Aontais á gcur san áireamh.
(13) Go deimhin, is sócmhainn straitéiseach é GOVSATCOM a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tslándáil náisiúnta agus atá in úsáid ag formhór na mBallstát. De ghnáth, bíonn úsáideoirí poiblí i bhfabhar réiteach atá faoi úinéireacht rialtais (i measc úinéirí SATCOM tá an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, Lucsamburg, an Spáinn) nó réitigh phríobháideacha phoiblí (amhail Satcom BW na Gearmáine nó GovSat Lucsamburg) nó úsáideann siad réitigh ó sholáthraithe príobháideacha creidiúnaithe sonracha. Chomh fada siar le 2013 (Conclúidí ón gComhairle Eorpach 19-20 Nollaig 2013) aithníodh GOVSATCOM mar réimse a bhfuil gealladh faoi ina bhféadfaí rannchuidiú go soiléir leis na cuspóirí maidir le hAontas Eorpach láidir, slán agus athléimneach a chothú. Sa lá atá inniu ann tá sé ina dhlúthchuid den Straitéis Spáis don Eoraip (COM(2016) 705 final), den Phlean Gníomhaíochta um Chosaint Eorpach (COM(2016) 950 final) agus de Straitéis Dhomhanda an Aontais Eorpaigh.
(14) Tagraíonn aga folaigh íseal do mhoill íosta i bpróiseáil sonraí ríomhaireachta thar nasc líonra. Dá ísle atá an t-aga folaigh próiseála, is ea is gaire atá sé do rochtain fíor-ama. Is éard is nasc líonra aga folaigh ann nasc líonra a bhfuil moilleanna an-ghearr ag baint leis.
(15) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Torthaí na meastóireachta eatramhaí ar an gclár ISA (réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí Eorpacha), 23 Meán Fómhair 2019, COM(2019) 615 final.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/185 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Plean REPowerEU
(COM(2022) 230 final)
agus
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann sé le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1060, Rialachán (AE) 2021/2115, Treoir 2003/87/CE agus Cinneadh (AE) 2015/1814
(COM(2022) 231 final — 2022/0164(COD))
(2022/C 486/25)
Rapóirtéirí: |
Stefan BACK Thomas KATTNIG Lutz RIBBE |
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 6.6.2022 An Chomhairle Eorpach, 3.6.2022 An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
21.9.2022 |
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa rannóg |
7.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
220/01/07 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Sula ndéanfar plé ar inneachar an Phlean REPowerEU, tá CESE á chur in iúl, ina cháil mar ionadaí ar an tsochaí shibhialta a bhfuil dochar as cuimse á dhéanamh di mar gheall ar an méadú suntasach atá ag teacht ar phraghsanna faoi láthair, tá sé á chur in iúl aige nach mbeadh roinnt mhaith de na fadhbanna nach mór a réiteach faoi láthair ann mura mbeifí chomh spleách céanna ar allmhairí fuinnimh, rud atá á mholadh ag an gCoimisiún le blianta beaga anuas. Athdhearbhaíonn CESE na ráitis ón Straitéis Eorpach um Shlándáil Fuinnimh, 2014, agus ón Straitéis don Aontas Fuinnimh, 2015, arb iad sin go bhfuil an tAontas fós leochaileach i dtaobh suaitheadh seachtrach fuinnimh. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh ar lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chur go soiléir ar shúile na saoránach na roghanna a bhaineann lenár spleáchas ar bhreoslaí agus ar sholáthróirí agus bealaí fuinnimh ar leith a laghdú. Faraor, is é an t-aon chloch ar phaidrín fhormhór mór na bpolaiteoirí agus chodanna móra dár sochaí soláthraithe saora fuinnimh agus theip orthu aon bheartas réamhchúraim a shaothrú. Toradh, nó drochthoradh, na faillí sin is ea an staid reatha. Is oth le CESE nach dtabharfaí puinn airde ar an tsaincheist bhunúsach slándála fuinnimh seo agus nach seolfaí na bearta a mholtar sa Phlean REPowerEU chun neamhspleáchas ar an allmhairiú fuinnimh ón Rúis a áirithiú murach an cogadh san Úcráin agus an saobhadh ar an soláthar fuinnimh ón Rúis a lean as sin. |
1.2. |
Is díol sásaimh do CESE aidhm an Phlean REPowerEU maidir le deireadh a chur le spleáchas an Aontais ar an soláthar gáis agus ola ón Rúis agus aontaíonn sé leis an gcur chuige ceithre cholún atá dírithe ar fhuinneamh a choigilt, allmhairí gáis a éagsúlú, agus breoslaí iontaise a ionadú trí dhlús a chur le foinsí in-athnuaite fuinnimh agus réitigh mhaoiniúcháin. Tugann CESE dá aire an t-idirdhealú idir bearta gearrthéarmacha agus bearta don mheántéarma/fhadtéarma. |
1.3. |
Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le soláthar fuinnimh a áirithiú do thomhaltóirí agus don tionscal ar an gcostas is inacmhainne is féidir. Tá sé á chur in iúl aige, freisin, go rannchuideodh soláthar fuinnimh atá bunaithe, i gcoitinne, ar fhoinsí fuinnimh na hEorpa atá in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de go mór le slándáil fheabhsaithe fuinnimh. |
1.4. |
Ar a shon sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar na deiseanna tacaíochta a chuirfear ar fáil tríd an gCiste Aeráide Sóisialta atá beartaithe agus, ó thaobh gnó de, trí na treoirlínte maidir le státchabhair i gcás géarchéim shealadach. An sprioc nach mór a bheith ann ná an t-aistriú a éascú. |
1.5. |
Tá CESE den bharúil nach mór an leibhéal iarrachta sa Phlean a mheas mar bheith leordhóthanach, i bhfianaise a phráinní atá cúrsaí an tsoláthair. Dá bhrí sin, aontaíonn CESE go bhfuil gá le solúbthacht a mhéid a bhaineann le húsáid idirthréimhseach breoslaí iontaise, breoslaí ísealcharbóin, guail, agus fuinnimh núicléach. Á chur san áireamh go bhfuil stádas an fhuinnimh núicléach ina shaincheist oscailte go fóill agus go bhfágtar é, faoi láthair, faoi gach Ballstát ar leith, ní foláir an idirthréimhse sin a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus ba cheart deimhin a dhéanamh de nach gcruthófaí spleáchais nua agus nach ndéanfaí dochar lena linn do na hiarrachtaí atá ar bun an aeráidneodracht a bhaint amach a luaithe is féidir (faoi 2050 ar a dhéanaí). |
1.6. |
I bhfianaise a phráinní atá an cás agus an bhaoil go mbeadh suaitheadh gan choinne sa soláthar fuinnimh ón Rúis, creideann CESE go mbaineann tábhacht le bearta a d’fhéadfaí a chur chun feidhme ar an toirt, go háirithe bearta an-láidir lena ndéanfaí fuinneamh a choigilt agus a mbeadh comhaontuithe comhpháirtíochta agus cur chun feidhme luath tionscnamh nua mar chrann taca leo. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an mbaol atá ann go gcuirfear crua ar an gcóras daonlathach de dheasca éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime reatha, ar iad a thógáil le chéile, mura dtiocfar ar réitigh leordhóthanacha. |
1.7. |
Tacaíonn CESE leis an togra chun an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a mhéadú ó 9 %, mar a mholtar sa phacáiste “Oiriúnach do 55”, go 14 % faoi 2030. Tacaíonn sé, freisin, leis na hiarrachtaí ginearálta chun gás a choigilt (táthar á thuar go mbainfear sprioc 30 % amach faoi 2030). Is díol sásaimh do CESE, freisin, an Rialachán ón gComhairle a glacadh le déanaí maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú (15 %) ar éileamh ar ghás i rith shéasúr geimhridh 2022/2023, agus tá sé á chur i bhfios nach ionann acmhainneacht coigilte na mBallstát éagsúil. Is éard a léiríonn leibhéal méadaithe na dtograí nua nach mbainfí an leibhéal nua uaillmhéine sin amach murach an phráinn a d’eascair as an gcogadh san Úcráin. Tacaíonn CESE go háirithe leis na bearta luatha chun fuinneamh a choigilt, mar shampla na bearta arna seoladh ag an gCoimisiún i gcomhpháirtíocht leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) chun fuinneamh a choigilt trí dhaoine aonair, bearta atá bunaithe ar an margadh, amhail ceantanna droim ar ais, agus bearta freagartha don éileamh. |
1.8. |
Tá CESE ag tathant ar na comhreachtóirí freisin an iarraidh ón gCoimisiún a chomhlíonadh, arb é sin an cuspóir feabhsaithe coigilte fuinnimh atá á mholadh ag an gCoimisiún a chur san áireamh mar chuid den Phlean sa phacáiste “Oiriúnach do 55” ar mhaithe le níos mó ama a spáráil, rud a bhfuil géarghá leis i bhfianaise chúrsaí an lae inniu. |
1.9. |
Ó thaobh éagsúlú na n-allmhairí de, tá aird á tarraingt ag CESE ar na deiseanna a bhaineann le ceannach comhpháirteach deonach trí Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh agus trí chomhpháirtíochtaí nua fuinnimh, ar roghanna iad sin a d’fhéadfaí a chur chun feidhme gan mhoill. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis gheopholaitiúil maidir le hallmhairiú fuinnimh a fhorbairt, ina gcuirfear san áireamh práinn an fhuinnimh agus práinn na haeráide, sula dtabharfaidh sé comhpháirtíochtaí i gcrích le tíortha neamhdhaonlathacha nó le tíortha atá éagobhsaí ó thaobh na polaitíochta de. |
1.10. |
Tacaíonn CESE le sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i meascán fuinnimh an Aontais a mhéadú agus tacaíonn sé leis an iarraidh ón Aontas an sciar (55 %) a moladh sa Phlean sa phacáiste “Oiriúnach do 55” a chur san áireamh. |
1.11. |
Is gá trealamh teicniúil a allmhairiú ar mhaithe leis na spriocanna níos uaillmhianaí sin a bhaint amach ós rud é nach bhfuil aon acmhainneacht táirgeachta san Aontas a thuilleadh. Mar shampla, allmhairítear painéil ghréine ón tSín den chuid is mó. Ar an gcaoi sin, ní hamháin go mbraitheann an fuinneamh iontaise ar allmhairí, ach braitheann sé freisin ar an trealamh atá ag teastáil. Tá CESE ag iarraidh ar na cinnteoirí polaitiúla go léir cur chun cinn thar na bearta a dhéanamh maidir le leathnú na láithreán táirgthe san Eoraip le haghaidh trealamh in-athnuaite fuinnimh, lena n-áirítear stóráil ceallraí. D’fhéadfadh sé gurbh é an chéad chéim chun tosaigh Comhaontas an Aontais maidir le Tionscal Gréine. |
1.12. |
Teastaíonn infheistíocht ollmhór, áfach, chun sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i meascán fuinnimh an Aontais a mhéadú. Mar sin féin, tá sciar na n-infheistíochtaí poiblí sa taighde agus i bhforbairt na dteicneolaíochtaí dícharbónaithe níos ísle san Aontas ná mar atá i mórgheilleagair eile, rud a chuireann iomaíochas an Aontais maidir le príomhtheicneolaíochtaí na todhchaí i mbaol. Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil an meascán ceart foinsí in-athnuaite fuinnimh ag teastáil i leith an aistrithe ghlais agus shlándáil an tsoláthair le go mbeadh rath ar leictriú agus táirgeadh hidrigine glaise, le go bhforbrófaí teicneolaíochtaí stórála agus le go mbainfí leas iomlán as na deiseanna a chuirfí ar fáil trí bhíthin na digiteála. Ina fhianaise sin, tá infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt ag teastáil go géar fós. |
1.13. |
Tá béim á cur ag CESE ar an luach breise a bhaintear as na tograí le haghaidh nósanna imeachta ceadaithe do thionscadail fuinnimh in-athnuaite, agus as sainmhíniú a dhéanamh ar na “sprioclimistéir”, mar a thugtar orthu, i dtaobh na dtionscadal sin. Tá CESE á chur i bhfios, an athuair, an luach breise a d’fhéadfaí a bheith ann ach cloí leis na moltaí agus na prionsabail sin a chur i bhfeidhm ag céim luath. |
1.14. |
Ar a shon sin, tá aird á tarraingt ag CESE ar a thábhachtaí atá táirgeadh intíre fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear hidrigin, ach tá béim á leagan aige air, san am céanna, go bhféadfadh sé nach mbeadh fáil láithreach leordhóthanach ar roinnt de na foinsí in-athnuaite fuinnimh a dtugtar tosaíocht dóibh, amhail hidrigin, agus/nó nach mbeadh fáil láithreach orthu ar phraghsanna inacmhainne. Le gur féidir na réitigh aistrithe atá leagtha amach i bpointe 1.3 thuas a chur ar fáil sa mheántéarma, tá sé tábhachtach beartas dícharbónaithe Eorpach a dhearadh ina ndíreofar go háirithe ar na réimsí a bhfuil deacrachtaí iontu astaíochtaí a mhaolú (mar shampla, tionscail a bhraitheann ar theas ard, ach, freisin, tionóntaí i bhfoirgnimh ilárasán agus an t-iompar). Tá ionstraimí áisiúla ar fáil cheana féin, amhail Conarthaí Difríochta Carbóin agus féintomhaltas comhchoiteann. Ní mór na hionstraimí sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir i bhfianaise na n-éifeachtaí sóisialta agus an ghá atá le hiomaíochas gnó a áirithiú. |
1.15. |
Maidir leis an acmhainneacht atá ann foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt, tá aird á tarraingt ag CESE ar an acmhainneacht a bhaineann le féintomhaltas, comhphobail fuinnimh in-athnuaite agus comhroinnt fuinnimh. Léirítear an acmhainneacht sin sa Phlean ach, ar an drochuair, ní mhínítear conas is féidir na bacainní ábhartha atá ar na fiontair sin a bhaint. |
1.16. |
Tá béim á cur ag CESE air, freisin, a thábhachtaí atá patrúin iompraíochta náisiúnta agus na traidisiúin náisiúnta arb iad is cúis leis na roghanna a dhéantar maidir le meascáin fuinnimh in-bhuanaithe. Tacaíonn CESE le húsáid mhéadaithe na n-acmhainní atá ar fáil chun foinsí in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt. Ós rud é go mbíonn na roghanna náisiúnta difriúil ó chéile, ba cheart an éagsúlacht a spreagadh agus úsáid a bhaint, dá bhrí sin, as réimse leathan foinsí fuinnimh atá in-athnuaite agus íseal ó thaobh carbóin de agus a bheadh oiriúnach, go heacnamaíoch agus go héiceolaíoch, do chóras nua fuinnimh a bhunófaí, go príomha, ar fhoinsí fuinnimh Eorpacha. Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil stádas an fhuinnimh núicléach oscailte go fóill agus go bhfágtar an stádas sin, faoi láthair, faoi gach Ballstát ar leith. |
1.17. |
Aontaíonn CESE gur cheart tús áite a thabhairt don fhuinneamh in-athnuaite, do stóráil agus d’eangacha dáileacháin ar mhaithe le leas an phobail. Mar sin féin, bheadh sé ina dhíol sásaimh do CESE míniú níos fearr a bheith ann ar na himpleachtaí nithiúla a bhainfeadh leis sin. Chuir CESE in iúl cheana féin i dtuairimí roimhe seo an acmhainneacht mhór a bhaineann le gluaisteáin leictreacha le haghaidh stóráil straitéiseach leictreachais. Faraor, níl aon mhíniú sa Phlean air seo ach oiread. |
1.18. |
Ó thaobh infheistíochta de, tá sé á chur in iúl ag CESE gur gá díriú níos mó ar na héifeachtaí dearfacha a d’fhéadfadh a bheith ann don fhostaíocht agus do gheilleagair réigiúnacha. Tá sé á chur in iúl aige, freisin, a thábhachtaí atá sé gnéithe a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid a nascadh leis an gcomhtháthú sóisialta agus réigiúnach. |
1.19. |
Is oth le CESE nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach sa Phlean ar athmhaoiniú an chistithe phoiblí a d’fhéadfadh a bheith mar shíolairgead chun go meallfaí infheistíocht phríobháideach sa neamhspleáchas fuinnimh. Ceann de na féidearthachtaí atá ann is ea cáin thiomnaithe ar “brabúis amhantair”, mar a chuirtear orthu, ó phraghsanna arda ola agus gáis a chur i leataobh. Tá cineál íogair birt den sórt sin á thabhairt dá aire ag CESE, ós rud é gur gá a sheachaint go ndíspreagfaí infheistíocht a dhéanamh i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ísealcharbóin. |
1.20. |
Cé gur céim chun tosaigh é an Rialachán ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás a foilsíodh le déanaí agus an Teachtaireacht “Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte” a ghabhann leis sin i dtreo feabhas a chur ar an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ba mhaith le CESE creat níos ginearálta a bheith ann do ghéarchéimeanna, ceann a bheadh oiriúnach chun dul i ngleic le géarchéim atá chomh mór céanna leis an gceann atá san Aontas faoi láthair mar gheall ar an gcogadh san Úcráin. |
1.21. |
Tá CESE ag tabhairt dá aire an méid a dúirt Uachtarán an Choimisiúin le déanaí maidir lena easnamhaí atá margadh fuinnimh an Aontais agus leis an ngá atá leis an margadh leictreachais a athchóiriú. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe breithniú a dhéanamh ar na roghanna atá ann chun an margadh leictreachais a bharrfheabhsú ach, tá sé á chur i bhfáth aige nach mór aon togra a bhunú ar mheasúnú uileghabhálach tionchair. |
1.22. |
Beidh sé thar a bheith deacair an Plean a mhaoiniú laistigh den chreat airgeadais reatha, á chur san áireamh gur Plean atá ann a mbeadh cistiú suntasach ag teastáil ina leith in aon chás. I ndáil leis sin, tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá sé riail óir a thabhairt isteach le haghaidh infheistíochtaí in iompar socheolaíoch/éiceolaíoch ár sochaí (1). |
2. Cúlra
2.1. |
Sa teachtaireacht REPowerEU (2) ón gCoimisiún Eorpach, mhol sé sraith chuimsitheach beart ar mhaithe le spleáchas an Aontais ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú trí dhlús a chur leis an aistriú chuig fuinneamh glan agus trí iarracht chomhpháirteach a dhéanamh chun córas fuinnimh níos athléimní agus fíor-Aontas Fuinnimh a bhaint amach. Tá an Plean bunaithe ar cheithre cholún. |
2.2. |
Baineann an chéad cholún le fuinneamh a choigilt: laghdú breise 5 % ar ídiú fuinnimh faoi 2030 sa bhreis ar an laghdú 9 % a moladh sa phacáiste “Oiriúnach do 55”, trí éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr (3). Maidir le hídiú gáis, bainfidh an pacáiste “Oiriúnach do 55” laghdú foriomlán 30 % amach faoi 2030. D’iarr an Coimisiún ar na comhreachtóirí an togra sin a chur san áireamh sa phacáiste “Oiriúnach do 55” sula nglacfar é. Mar bheart láithreach gearrthéarmach, seolfaidh an Coimisiún, leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA), feachtas coigilte fuinnimh a bheidh dírithe ar na roghanna aonair a dhéanann daoine agus cuideachtaí aonair. Chomh maith leis sin, tríd an bhfeachtas sin, molfar do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na huirlisí atá ar fáil, lena n-áirítear cur chun feidhme feabhsaithe agus na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide a nuashonrú (4). Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE gur glacadh Rialachán ón gComhairle le déanaí lena leagtar amach laghdú comhchoiteann 15 % ar an éileamh ar ghás i rith shéasúr geimhridh 2022/2023, agus sin bunaithe ar mheán na gcúig bliana deireanacha (5). Gabhann Teachtaireacht leis an Rialachán ina ndéantar moltaí maidir lena chur chun feidhme (6). |
2.3. |
Sa dara colún, féachtar leis an spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú faoi dhá thrian faoi dheireadh na bliana seo, agus ansin le deireadh a chur leis an spleáchas sin faoi 2027 trí allmhairí éagsúlaithe gáis, trí allmhairí níos airde gáis nádúrtha leachtaithe (GNL) (+ 50 bcm) ó na Stáit Aontaithe, ón Éigipt, ón Iosrael agus ó thíortha san Afraic fho-Shahárach, agus trí allmhairí píblíne ó sholáthróirí nach as an Rúis dóibh (+ 10 bcm). Ina theannta sin, a bhuí le hArdán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, a bunaíodh i mí Aibreáin, déanfar an t-éileamh a chomhthiomsú, éascófar ceannach deonach comhpháirteach, cuirfear barrfheabhas ar úsáid an bhonneagair agus bunófar comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta fadtéarmacha. Méadófar táirgeadh gáis nádúrtha laistigh den Aontas; sa mheántéarma, bainfear úsáid as roghanna eile amhail bithmheatán agus hidrigin in-athnuaite. Baineann an t-éagsúlú freisin leis an mbreosla núicléach ós rud é go bhfuil roinnt Ballstát ag brath ar fhoinsí ón Rúis faoi láthair. |
2.4. |
Sa tríú colún, moltar breoslaí iontaise a ionadú agus dlús a chur le haistriú na hEorpa i dtreo fuinneamh glan: ar an gcéad dul síos, méadaítear an sprioc sa Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite ó 40 % go 45 % faoi 2030. Dírítear sa cholún seo ar phríomhtheicneolaíochtaí amhail teicneolaíochtaí fuinnimh gréine, teicneolaíochtaí fuinnimh gaoithe agus leictrealóirí. Ó thaobh na dteicneolaíochtaí fuinnimh gréine de, is é an sprioc atá ann grianfhuinneamh fótavoltach os cionn 320 GW a shuiteáil (i.e. acmhainneacht ó 2022 a dhúbailt) faoi 2025 agus é sin a mhéadú go 600 GW faoi 2030. Chuige sin, dírítear freisin ar thionscnaimh amhail Straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh agus an Tionscnamh um Dhíonta Gréine Eorpach. Ó thaobh na dteicneolaíochtaí fuinnimh gaoithe de, féachtar le dlús a chur leis an bpróiseas ceadaithe (mar shampla, trí na “limistéir is fearr”, mar a thugtar orthu) agus le rolladh amach teaschaidéal a dhúbailt le go mbeidh 10 milliún aonad ann faoi dheireadh na gcúig bliana amach romhainn. Iarrtar ar na comhreachtóirí na fospriocanna do bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch faoin Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (75 % don tionscal, 5 % don iompar), dlús a chur leis an hidrigin trí líon na “ngleannta hidrigine” a dhúbailt agus an measúnú ar Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) maidir le H2 a thabhairt chun críche faoin samhradh chun an bonneagar a fhorbairt chun 20 milliún tona de H2 a tháirgeadh, a allmhairiú agus a iompar faoi 2030 (7). Bunófar comhpháirtíochtaí nua hidrigine (leis an Meánmhuir agus leis an Úcráin). Méadófar táirgeadh bithmheatáin go 35 bcm faoi 2030. Beidh gá le hinfheistíochtaí ar fiú EUR 37 mbilliún chun na suiteálacha bithgháis a athchóiriú. Ar mhaithe le dlús a chur leis an leictriú agus le cur chun feidhme H2 in earnáil na tionsclaíochta, déanfaidh an Coimisiún Eorpach conarthaí carbóin le haghaidh difríochta agus fuinneoga tiomnaithe REPowerEU a chur in úsáid faoin gCiste Nuálaíochta agus bunóidh sé Comhaontas an Aontais maidir le Tionscal Gréine. Dírítear freisin ar bhithmhais agus ar iarmhair talmhaíochta agus foraoise. Iarrann an Coimisiún ar na comhreachtóirí glacadh go pras leis na tograí atá ar feitheamh maidir le breoslaí malartacha agus comhaid iompair eile a thacaíonn le soghluaisteacht ghlas. Tá tionscnamh beartaithe maidir le hiompar lastais a ghlasú in 2023. Cuireann an Coimisiún in iúl gur gá, freisin, dlús a chur leis na nósanna imeachta ceadaithe trí na tograí atá ar feitheamh a chur i bhfeidhm go luath. |
2.5. |
Tugtar aghaidh sa cholún deiridh ar infheistíochtaí cliste: tá EUR 210 mbilliún níos mó ag teastáil idir seo agus 2027, sa bhreis ar a bhfuil de dhíth le haghaidh an phacáiste “Oiriúnach do 55”. Tá EUR 10 mbilliún ag teastáil faoi 2030 chun GNL agus gás píblíne ó sholáthróirí eile a mhaoiniú. Tá gá le hinfheistíochtaí breise ar fiú EUR 29 mbilliún san eangach fuinnimh faoi 2030. Chun cabhrú leis na hinfheistíochtaí sin a mhaoiniú, díríonn an Coimisiún ar na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, ar dheimhnithe ón gCóras Trádála Astaíochtaí a chur ar ceant, ar chistí ón mbeartas comhtháthaithe, ón gComhbheartas Talmhaíochta, ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, ón gClár InvestEU, ón gCiste don Nuálaíocht, agus ó bhearta cánach. |
2.6. |
Thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus Cinneadh (AE) 2015/1814, Treoir 2003/87/CE agus Rialachán (AE) 2021/1060 le go bhféadfar an tsaoráid a úsáid chun oibriú i dtreo chuspóirí phlean REPowerEU a shaothrú. |
2.7. |
Tríd is tríd, féadfaidh sé gur gá leanúint le húsáid ola, breoslaí iontaise eile agus guail go ceann idirthréimhse. Chuige sin, tá ról ag an bhfuinneamh núicléach chomh maith. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Sula ndéanfar plé ar inneachar an Phlean REPowerEU, tá CESE á chur in iúl, ina cháil mar ionadaí ar an tsochaí shibhialta a bhfuil dochar as cuimse á dhéanamh di mar gheall ar an méadú suntasach atá ag teacht ar phraghsanna faoi láthair, tá sé á chur in iúl aige nach mbeadh roinnt mhaith de na fadhbanna nach mór a réiteach faoi láthair ann mura mbeifí chomh spleách céanna ar allmhairí fuinnimh, rud atá á mholadh ag an gCoimisiún le blianta beaga anuas. Athdhearbhaíonn CESE na ráitis ón Straitéis Eorpach um Shlándáil Fuinnimh, 2014, agus ón Straitéis don Aontas Fuinnimh, 2015, arb iad sin go bhfuil an tAontas fós leochaileach i dtaobh suaitheadh seachtrach fuinnimh. Chuige sin, tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a chur go soiléir ar shúile na saoránach na roghanna a bhaineann lenár spleáchas ar bhreoslaí agus ar sholáthróirí agus bealaí fuinnimh ar leith a laghdú. Faraor, is é an t-aon chloch ar phaidrín fhormhór mór na bpolaiteoirí agus chodanna móra dár sochaí soláthraithe saora fuinnimh agus theip orthu aon bheartas réamhchúraim a shaothrú. Toradh, nó drochthoradh, na faillí sin is ea an staid reatha. Is oth le CESE nach dtabharfaí puinn airde ar an tsaincheist bhunúsach slándála fuinnimh seo agus nach seolfaí na bearta a mholtar sa Phlean REPowerEU chun neamhspleáchas ar an allmhairiú fuinnimh ón Rúis a áirithiú murach an cogadh san Úcráin agus an saobhadh ar an soláthar fuinnimh ón Rúis a lean as sin. |
3.2. |
Éifeacht amháin atá ag ainghníomhartha na Rúise i gcoinne mhuintir na hÚcráine is ea na smachtbhannaí ar ola agus gás a allmhairiú ón Rúis agus gearradh siar ar onnmhairí fuinnimh ón Rúis i roinnt Ballstát de chuid an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, allmhairí fuinnimh ón Rúis chuig an Aontas a laghdú go tapa. Tacaíonn CESE go hiomlán leis na tionscaimh uile trína saothraítear an sprioc sin. An sprioc nach mór a bheith ann ná deireadh de réir a chéile a chur le gach allmhairiú fuinnimh ón Rúis a luaithe is féidir, agus sin a dhéanamh laistigh de na trí bliana atá amach romhainn, más féidir. |
3.3. |
Tacaíonn CESE go hiomlán, dá bhrí sin, le prionsabal an Phlean REPowerEU. Leagtar síos an sprioc cheart leis, mar atá, deireadh a chur le spleáchas na hEorpa ar allmhairí fuinnimh ón Rúis a luaithe is féidir, agus tá sraith iomchuí gníomhaíochtaí don ghearrthéarma agus don mheántéarma san áireamh ann chun an sprioc sin a chur chun cinn. |
3.4. |
Is tromchúiseach an cás é ar fad, go háirithe ón taobh idirnáisiúnta de. Chomh fada agus a allmhaireoidh an Eoraip gás agus ola ón Rúis, beidh lámh ag an Eoraip i gcogadh foghach Putin. Tá gás na Rúise de dhíth ar an Eoraip chun a tionscal a choinneáil ar bun agus chun tithe shaoránaigh na hEorpa a théamh, rud a lagaíonn seasamh taidhleoireachta an Aontais. Fad is a bheidh an Rúis in ann úsáid a bhaint as an soláthar a dheonaíonn sí don Eoraip chun praghsanna mórdhíola gáis a chúbláil, beidh saoránaigh na hEorpa agus an tionscal Eorpach thíos le praghsanna arda. Thairis sin, is baolach go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha ann sa chás go ngearrfaí an soláthar gáis ón Rúis ina iomláine. Dá bhrí sin, tá tionchar diúltach ag an gcás reatha ar phraghsanna agus ar shlándáil an tsoláthair araon, agus, freisin, cuirtear srian ar shaoirse na ngnólachtaí agus na dtomhaltóirí. Go deimhin, cuireadh iallach ar roinnt fiontar cheana féin srian nó deireadh a chur leis an táirgeadh mar gheall ar phraghsanna arda fuinnimh, a bhfuil éifeacht dhiúltach acu ar an bhfostaíocht freisin. Ag an am céanna, is minic nach mbíonn a fhios ag teaghlaigh conas a gcuid billí fuinnimh a íoc. Leis an gcás measctha seo, cuirtear crua, freisin, ar chóras daonlathach an Aontais, rud nach mór a réiteach a luaithe is féidir. |
3.5. |
Ní mór a cheistiú an bhfuil REPowerEU sách uaillmhianach. Ní mór a mheas gur iarracht leordhóthanach é sin, ós rud é gurb é an príomhchuspóir atá ann deireadh a chur de réir a chéile leis an spleáchas ar allmhairí gáis agus ola ón Rúis agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais ón Rúis a bhaint amach trí, go bunúsach, sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú, éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe agus allmhairí malartacha, ach, freisin, trí dhul i muinín an fhuinnimh iontaise ísealcharbóin agus an fhuinnimh guail mar réitigh neamhbhuana go ceann tréimhse an-ghearr, más gá sin. Mar sin féin, ní mór an cheist seo a leanas a chur: an bhfuil an Eoraip, go háirithe na Ballstáit, ag déanamh gach aon ní is féidir chun deireadh a chur leis an soláthar gáis ón Rúis a luaithe is féidir? Ag féachaint do REPowerEU amháin, agus ag smaoineamh ar an méid atá ar eolas againn go dtí seo faoi thorthaí an phróisis reachtaigh maidir leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”, is cosúil go bhfuil amhras faoi seo. |
3.6. |
Níl ach dhá rogha atá go hiomlán áititheach ann a chuirfeadh láithreach leis an ngás nádúrtha a ionadú san fhadtéarma agus iad ag teacht go hiomlán le spriocanna straitéiseacha an phacáiste “Oiriúnach do 55”: borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite ar scála ollmhór agus an t-éileamh a laghdú go mór. |
3.7. |
Mar gheall ar a mhéid a chosnódh sé agus an t-am a theastófaí chun na príomhréitigh don mheántéarma agus don fhadtéarma a fhorbairt, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá bearta is féidir a dhéanamh láithreach, amhail na roghanna a dhéanann daoine aonair agus fiontair, ceannach deonach comhpháirteach trí Ardán an Aontais Eorpaigh um Cheannach Fuinnimh, comhpháirtíochtaí nua fuinnimh a chur ar bun le tacaithe iontaofa, stóráil gáis, cloí leis na moltaí maidir le nósanna imeachta údaraithe a chur i bhfeidhm go luath, “sprioclimistéir” a thabhairt isteach, agus táirgeadh níos mó bithmheatánóil. Chun níos mó ama a fháil, d’fhéadfadh na comhreachtóirí gníomhú láithreach ar an iarraidh ón gCoimisiún a chur san áireamh sa phacáiste “Oiriúnach do 55” na spriocanna chun leibhéil na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh a ardú ó 40 % go dtí 45 %, feabhas breise 5 % a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh agus an éifeachtúlacht fuinnimh d’fhoirgnimh a fheabhsú, mar a leagtar amach i dtograí ar leithligh. D’fhéadfaidís gníomhú, freisin, ar an iarraidh chun tograí ábhartha a ghlacadh go tapa. |
3.8. |
Is díol sásaimh do CESE, freisin, an Rialachán ón gComhairle a glacadh le déanaí maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás i rith shéasúr geimhridh 2022/2023. |
3.9. |
I bhfianaise a phráinní atá an cás, tacaíonn CESE, freisin, leis an gcaoi a bhforáiltear sa Plean REPowerEU do chás a d’fhéadfadh a bheith ann inar ghá dul i muinín an fhuinnimh iontaise ísealcharbóin agus an ghuail go ceann idirthréimhse, ar cheart é a choinneáil chomh gearr agus is féidir le nach n-ídeofaí na foinsí sin. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE chomh maith, agus is díol sásaimh dó, go bhfágtar saincheist an fhuinnimh núicléach faoi gach Ballstát ar leith. |
3.10. |
Is díol sásaimh do CESE gur bunaíodh an Ciste Aeráide Sóisialta chun na tionchair dhiúltacha shóisialta agus eacnamaíocha a mhaolú agus chun cistiú a chur ar fáil do na Ballstáit chun tacú lena mbearta lena dtugtar aghaidh ar na tionchair shóisialta ar na teaghlaigh, na micrifhiontair agus na húsáideoirí iompair atá níos leochailí ó thaobh airgeadais de. Ag an am céanna, tá sé á chur in iúl ag CESE nach gcuirfear tacaíocht airgeadais leordhóthanach leis an imchlúdach airgeadais atá beartaithe don Chiste Sóisialta don Aeráid chun aghaidh a thabhairt go freagrach ar na tionchair shocheacnamaíocha agus na spriocanna aeráide agus soghluaisteachta á mbaint amach. Dá bhrí sin, tá gá le buiséad atá chomh hard céanna. Tá sé á chur in iúl ag CESE, freisin, go n-athraíonn an acmhainneacht atá ag na Ballstáit cistí príobháideacha a mhealladh agus a bhainistiú ó Bhallstát go Ballstát. |
3.11. |
Ba cheart do na Ballstáit tacú freisin leis na saoránaigh, go háirithe na teaghlaigh atá lag ó thaobh airgeadais de, sa ghearrthéarma (i.e. an chéad dá gheimhreadh eile) agus san fhadtéarma araon. |
3.12. |
Maidir le coigilt fuinnimh, díríonn an Coimisiún ar laghdú láithreach 5 % ar ídiú gáis (thart ar 13 bcm) agus ar ídiú ola (thart ar 16 mto). Tá sé sin i bhfad ó bheith uaillmhianach agus ní fhreagraíonn sé do ghné na géarchéime a tháinig as an gcogadh i gcoinne na hÚcráine. Mar sin féin, is é fírinne an scéil, ó thaobh na polaitíochta de, gur ghlac an Comhairle Fuinnimh an 27 Meitheamh 2022 leis an leibhéal laghdaithe 9 % a mhol an Coimisiún in 2021, gan aird ar bith a thabhairt ar na moltaí sa Phlean REPowerEU an togra a chur san áireamh sa phacáiste “Oiriúnach do 55”. |
3.13. |
Sa Ghearmáin, idir mí Eanáir agus mí na Bealtaine 2022, rinneadh laghdú beagnach 15 % (8) ar ídiú gáis, cé go bhféadfadh tomhaltóirí teaghlaigh níos mó a shábháil fiú, de réir staidéir a rinneadh ar an margadh. Léiríonn sé sin go soiléir go bhféadfadh an staid agus an toilteanas, nó an acmhainneacht, chun gníomhú a bheith an-difriúil sna Ballstáit éagsúla. Chuige sin, féadfaidh sé gur mó an seans go mbeadh rath ar bhearta a bhfuil na difríochtaí sin curtha san áireamh iontu. Chonacthas an méid sin tríd an Rialachán ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar ghás, a glacadh an 26 Iúil 2022, ina dtugtar aird chuí, freisin, ar riachtanais an tionscail. |
3.14. |
Ba cheart níos mó a bheith i gceist le feachtais fuinnimh ná glaonna go ndéanfar fuinneamh a choigilt; ba cheart go gcuimseoidís bearta a bhfuil tionchar díreach acu, amhail ceantanna droim ar ais, ionas go n-eagródh údarás lárnach, bíodh sin an t-údarás rialála nó an t-oibreoir córais, tairiscint do thomhaltóirí tionsclaíocha le go bhféadfaidís tairiscint a dhéanamh ar chiorrú deonach gáis bunaithe ar a gcostais shonracha. D’fhéadfadh sé sin cabhrú leis na leibhéil líonta stórála gáis a bhaint amach agus d’fhágfaí go mbeadh sé ní ba dhóchúla, i gcás nach mbeadh soláthar gáis ón Rúis ann, go dtiocfadh an tAontas slán as an ngeimhreadh, gan an iomarca dochar sóisialta agus eacnamaíoch a dhéanamh. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an acmhainneacht a bhaineann leis an bhfreagairt don éileamh mar bhealach chun an t-éileamh a laghdú. |
3.15. |
Maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite, is cosúil gur tugadh neamhaird ar an aidhm uileghabhálach a leag an Coimisiún síos maidir le leibhéal feabhsaithe 45 % foinsí in-athnuaite, in ionad 40 % mar a moladh in 2021, ar a laghad i gcás na Comhairle Fuinnimh a reáchtáladh an 27 Meitheamh 2022, in ainneoin gur iarr an Coimisiún é a áireamh sa phacáiste “Oiriúnach do 55”. Tá sé sin ina chúis díomá do CESE toisc go bhfágann sé go bhfuil moill ar thionchar na forbartha inmhianaithe. Mar sin féin, is díol sásaimh do CESE an togra ar leith a rinneadh i mí na Bealtaine 2022 chun dlús a chur leis na nósanna imeachta ceadaithe do thionscadail fuinnimh in-athnuaite agus sprioclimistéir thiomnaithe a thabhairt isteach le haghaidh tionscail den sórt sin ar mhaithe leis an mórchonstaic atá roimh chur chun feidhme pras foinsí in-athnuaite fuinnimh a bhaint, go háirithe i gcás tionscadail gréine agus gaoithe. Is díol sásaimh do CESE freisin, dá bhrí sin, an moladh a rinneadh i dTeachtaireacht REPowerEU go gcuirfear nósanna imeachta údaraithe agus sprioclimistéir chun feidhme láithreach, tar éis don togra ón gCoimisiún a bheith faofa. |
3.16. |
Is gá trealamh teicneolaíoch a allmhairiú ar mhaithe leis na spriocanna níos uaillmhianaí sin a bhaint amach ós rud é nach bhfuil aon acmhainneacht táirgeachta san Aontas a thuilleadh. Mar shampla, allmhairítear painéil ghréine ón tSín den chuid is mó. Ar an gcaoi sin, ní hamháin go mbraitheann an fuinneamh iontaise ar allmhairí, ach braitheann sé freisin ar an trealamh atá ag teastáil. Tá CESE ag iarraidh ar na cinnteoirí polaitiúla go léir cur chun cinn thar na bearta a dhéanamh maidir le leathnú na láithreán táirgthe san Eoraip le haghaidh trealamh in-athnuaite fuinnimh. D’fhéadfadh sé gurbh é an chéad chéim chun tosaigh Comhaontas an Aontais maidir le Tionscal Gréine. |
3.17. |
Teastaíonn infheistíocht ollmhór, áfach, chun sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh i meascán fuinnimh an Aontais a mhéadú. Mar sin féin, tá sciar na n-infheistíochtaí poiblí sa taighde agus i bhforbairt na dteicneolaíochtaí dícharbónaithe níos ísle san Aontas ná mar atá i mórgheilleagair eile, rud a chuireann iomaíochas an Aontais maidir le príomhtheicneolaíochtaí na todhchaí i mbaol. Tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil an meascán ceart foinsí in-athnuaite fuinnimh ag teastáil i leith an aistrithe ghlais agus shlándáil an tsoláthair le go mbeadh rath ar leictriú agus táirgeadh hidrigine glaise, le go bhforbrófaí teicneolaíochtaí stórála agus le go mbainfí leas iomlán as na deiseanna a chuirfí ar fáil trí bhíthin an digitithe, rud a d’fhíoródh, faoi dheireadh, coincheapa amhail stáisiúin fhíorúla chumhachta. Ina fhianaise sin, tá infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt ag teastáil go géar fós. |
3.18. |
Tá coincheapa amhail an féintomhaltas, pobail fuinnimh in-athnuaite agus an chomhroinnt fuinnimh a aithnítear go forleathan sa phacáiste “Fuinneamh Glan do gach Eorpach” agus ar thacaigh CESE leo i gcónaí, tábhachtach chun borradh a chur faoi fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. Ní mór na riachtanais ollmhóra infheistíochta a chlúdaigh. Bheadh na saoránaigh toilteanach infheistíocht a dhéanamh i bhféintomhaltas nó i dtomhaltas pobail ach tuiscint a bheith acu go rachadh sé sin chun tairbhe dóibh freisin. Spreagadh, seachas díspreagadh, ba cheart a chur iontu. Tarlaíonn sé fós i roinnt mhaith Ballstát go ndéantar iad a dhíspreagadh. Aithnítear an méid sin i straitéis an Aontais um an nGrianfhuinneamh atá nasctha leis an bPlean REPowerEU, agus, i dtaca leis sin, déantar macasamhlú sa straitéis ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite II gan a shonrú conas iallach a chur ar na Ballstáit deireadh a chur leis na bacainní ábhartha. |
3.19. |
Tá ciall le fuinneamh agus stóráil in-athnuaite a shainmhíniú mar leas poiblí sáraitheach, ach tá an tionchar díreach fós doiléir. Chomh maith leis sin, ní mór an eangach dáileacháin lena ndéantar na suiteálacha a nascadh leis an tomhaltóir a aithint mar leas poiblí sáraitheach. |
3.20. |
Fiú agus feabhsuithe ollmhóra déanta maidir leis an éileamh ar fhuinneamh a laghdú (féach pointí 3.7 go 3.9) agus maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh a mhéadú (féach pointí 3.10 go 3.12), is léir nach mbeidh an tAontas in ann neamhthuilleamaíocht eacnamaíochta fuinnimh a bhaint amach sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma. Is cosúil go bhféadfadh neamhthuilleamaíocht eacnamaíochta a bheith ann san fhadtéarma, ach is cosúil gur ceist oscailte é fós an bhfuil an méid sin inmhianaithe nó nach bhfuil. Ar shon na drochthaithí seo maidir leis an spleáchas ar an Rúis, is gá cur chuige dea-ullmhaithe a bheith ann maidir lena roghnú cé na tíortha / réigiúin lenar cheart dul i gcomhpháirtíocht amach anseo. Cé gur gá cinntí gasta a ghlacadh maidir le hallmhairí GNL agus H2 (glasa) i bhfianaise a phráinní atá cúrsaí, ní mór cinntí fadtéarmacha ceangailteacha a sheachaint gan anailís chuimsitheach riosca a dhéanamh. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis gheopholaitiúil maidir le hallmhairiú fuinnimh a fhorbairt sula molfaidh sé comhpháirtíochtaí fuinnimh le tíortha neamhdhaonlathacha nó le tíortha atá éagobhsaí ó thaobh na polaitíochta de, i bhfianaise an mhaolaithe aeráide agus na bpráinneacha fuinnimh. |
3.21. |
Is cosúil gur réiteach é GNL do roinnt mhaith Ballstát, ach i bhfianaise a loirg CO2 ní mór é a mheas mar theicneolaíocht naisc agus ní mór an nasc sin a bheith chomh gearr agus is féidir. Sna 20 bliain amach romhainn, ní mór an bonneagar GNL nuathógtha a bhaint nó a bheith in ann H2 glas a iompar agus a dháileadh. Ní mór é sin a bheith ina phrionsabal bunúsach do gach cinneadh infheistíochta atá le déanamh sna míonna atá le teacht. Is minic a úsáidtear ullmhacht H2 mar aicmiú, ach, i ndáiríre, is téarma thar a bheith doiléir é. Ar an gcaoi chéanna a ndearnadh H2 glas a shainmhíniú sa Ghníomh Tarmligthe, ní mór don Choimisiún ullmhacht H2 a shainmhíniú chun slándáil infheistíochta a chomhcheangal le sprioc soiléir aeráide. Ba cheart an Tacsanomaíocht a leasú dá réir. |
3.22. |
Léiríonn sé sin a thábhachtaí atá sé patrúin iompraíochta náisiúnta agus na cineálacha cur chuige náisiúnta a chur san áireamh agus meascáin fuinnimh inbhuanaithe á mbreithniú. Tá CESE ag tabhairt dá aire go luann an Coimisiún go hachomair ról na cumhachta núicléiche ina Phlean REPowerEU, agus é á chur san áireamh gurb iad na Ballstáit amháin atá freagrach as an rogha sin. Tacaíonn CESE le húsáid níos mó na n-acmhainní atá ar fáil san Aontas, lena n-áirítear tosaíocht a thabhairt do mhéadú tapa ollmhór a dhéanamh ar an bhfuinneamh in-athnuaite, mar a mhol an Coimisiún. Cuireann roghanna éagsúla maidir le táirgeadh fuinnimh le slándáil an tsoláthair fuinnimh. Dá bhrí sin, sa bhreis ar an bhfuinneamh gaoithe agus gréine, ba cheart úsáid a bhaint as an réimse foinsí fuinnimh ísealcharbóin a bheadh oiriúnach do chóras nua fuinnimh a bhunófaí, go príomha, ar fhoinsí fuinnimh Eorpacha. |
3.23. |
Leagtar amach na tosaíochtaí cearta sa cholún maidir le hinfheistíochtaí cliste. Mar sin féin, tá sé á athdhearbhú ag CESE, maidir le struchtúr soláthair fuinnimh atá saor ó charbón, díláraithe agus digitithe, agus leis an gcur chuige ceart, go bhféadfadh sé sin éifeachtaí ollmhóra dearfacha a bheith aige ar phoist agus ar gheilleagair réigiúnacha (féach TEN/660). Sa ghéarchéim atá ann faoi láthair, ní mór don Aontas Eorpach cur chuige ginearálta fuinnimh a chruthú lena ndéanfar na hábhair shonracha a bhaineann le fuinneamh agus leis an aeráid a nascadh le cuspóirí an bheartais maidir le comhtháthú sóisialta agus réigiúnach. Tugtar neamhaird fhorleathan ar an ngné sin sa Straitéis um an nGrianfhuinneamh a chuir an Coimisiún i láthair in éineacht leis an bplean REPowerEU. |
3.24. |
Cuireann an Coimisiún in iúl, mar is ceart, gur féidir le hinfheistíochtaí poiblí airgead príobháideach a spreagadh agus gur gá é a spreagadh. Le REPowerEU, áfach, ní chumhdaítear athmhaoiniú na gcistí poiblí. Cur chuige amháin chun é sin a eagrú is ea na fóirdheontais le haghaidh acmhainní iontaise a dhíothú; cur chuige eile is ea cáin a ghearradh ar bhrabúis amhantair a bhfuil a mbunús sa ghéarchéim thromchúiseach ola agus gáis agus a bhfuil mar thoradh orthu brabúis ollmhóra bhreise, go háirithe do chuideachtaí móra ola. Molann CESE go gcuirfí deireadh leis na brabúis sin le cabhair ó chánacha agus go gcuirfí ar aghaidh iad mar chúiteamh airgeadais do thomhaltóirí fuinnimh, e.g. teaghlaigh atá níos leochailí ó thaobh airgeadais de nó cuideachtaí dianfhuinnimh, agus go n-úsáidfí iad chun táirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus an bonneagar eangaí is gá a leathnú, go háirithe ós rud é go bhfuil sé á phlé nó á chur chun feidhme cheana féin i roinnt Ballstát. Tá CESE den bharúil gur cheart, ionas nach ndíspreagfaí cuideachtaí fuinnimh ó infheistíocht a dhéanamh i réitigh ísealcharbóin, cánacha den sórt sin a shainiú mar bheith an-íogair. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta a bhaineann leis an méid sin a mholadh gan a thuilleadh moille. |
3.25. |
I gcomhréir leis an tairbhe dhóchúil a bhaineann le réitigh a chur chun cinn atá curtha in oiriúint d’imthosca áitiúla, tacaíonn CESE go hiomlán leis an togra ón gCoimisiún maidir le leas a bhaint as na Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta agus as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun cuidiú le Plean REPowerEU a chur chun feidhme. |
3.26. |
Beidh sé thar a bheith deacair an Plean a mhaoiniú laistigh den chreat airgeadais reatha, á chur san áireamh gur Plean atá ann a mbeadh cistiú suntasach ag teastáil ina leith in aon chás. I ndáil leis sin, tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá sé riail óir a thabhairt isteach le haghaidh infheistíochtaí in iompar socheolaíoch/éiceolaíoch ár sochaí (9). |
4. Barúlacha sonracha
4.1. |
Is féidir ról a bheith ag an mbithmheatán maidir le spleáchas na hEorpa ar ghás na Rúise a laghdú nó deireadh a chur leis an spleáchas sin. Mar sin féin, chun é a tháirgeadh, lena n-áirítear chun iarracht a dhéanamh coinbhleachtaí leis an mbithéagsúlacht a sheachaint, ba cheart suiteálacha bithgháis atá ann cheana a uasghrádú go háirithe. Faoi láthair, is minic nach mbaintear úsáid as monarchana bithgháis ach chun leictreachas a tháirgeadh ar raon an bhunualaigh, i.e. de lá agus d’oíche. Is annamh a úsáidtear an teas a ghintear as sin. Tá coincheapa den sórt sin neamhéifeachtúil. Ba cheart an bithghás a ghintear a phróiseáil agus a chur go díreach leis an líonra gáis, nó, seachas sin, ba cheart úsáid a bhaint as freisin mar sholáthar teasa i bhfoirm gléasraí áitiúla le haghaidh teasa agus cumhachta araon. D’fhéadfadh saoráidí stórála gáis níos lú cabhrú le leictreachas a tháirgeadh i gcás go bhfuil easpa gaoithe nó gréine ann. Is gá infheistíochtaí a dhéanamh chun na córais atá ann cheana a athchóiriú. Luaitear dreasachtaí faoi seach sa Teachtaireacht, ach tá sonraí in easnamh; ní mór na sonraí sin a chur ar fáil láithreach bonn. |
4.2. |
Mar a luadh i bpointe 3.14, beidh ar GNL ról a imirt sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Tá gealltanas tugtha sa Phlean REPowerEU go ndéanfar measúnuithe agus pleanáil, ceannach deonach comhpháirteach agus comhordú níos fearr. Idir an dá linn, áfach, tá na Ballstáit aonair gníomhach cheana féin. Tá gá le dlúthpháirtíocht Eorpach, agus ní mór don Choimisiún a áirithiú nach bhfuil aon Bhallstát ag gníomhú in aghaidh leasa aon cheann eile dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis (AE) 2017/1938. |
4.3. |
Leis an Rialachán maidir le Slándáil an tSoláthair Gáis, cuirtear córas cuimsitheach dlúthpháirtíochta Eorpach ar fáil freisin i gcás éigeandála gáis. Cé gur céim chun tosaigh é an Rialachán ón gComhairle maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás a foilsíodh le déanaí agus an Teachtaireacht “Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte” a ghabhann leis sin i dtreo feabhas a chur ar an ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, ba mhaith le CESE creat níos ginearálta a bheith ann do ghéarchéimeanna, ceann a bheadh oiriúnach chun dul i ngleic le géarchéim atá chomh mór céanna leis an gceann atá san Aontas faoi láthair mar gheall ar an gcogadh san Úcráin. |
4.4. |
Is cosúil gurb é caidéal cumhachta go teas agus teaschaidéil, i gcomhthéacs téamh ceantair freisin, an cur chuige is mó a bhfuil gealladh faoi le cur in ionad an gháis nádúrtha in earnáil an téimh. Mar sin féin, tá go leor bacainní ann (e.g. na hoibrithe oilte atá ag teastáil agus ceisteanna sóisialta, go háirithe i gcomharsanachtaí a bhfuil sciar mór tionóntaí acu). Ní chuirtear na pointí sin san áireamh sa Teachtaireacht. Is gá súil níos géire, agus níos breithiúnaí chomh maith, a thabhairt ar chúrsaí, lena n-áirítear ó thaobh na sochaí sibhialta de. |
4.5. |
Tá an méadú ollmhór ar phraghsanna fuinnimh tar éis laigí an mhargaidh fuinnimh a nochtadh. Dúirt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, nach bhfuil an córas margaidh leictreachais atá ann faoi láthair ag obair a thuilleadh agus nach mór é a athchóiriú. Ní mór ceisteanna bunúsacha a chur faoin todhchaí fuinnimh, rud a chinnteoidh soláthar fuinnimh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, inacmhainne agus iontaofa, mar aon leis an gceart chun fuinnimh. Ní mór an dearadh agus an rialachán a ghabhann leis a chur in oiriúint do réaltachtaí nua na bhfuinneamh in-athnuaite atá ann faoi láthair agus na dálaí is gá a chruthú do ghníomhaithe aonair, chomh maith le cosaint leordhóthanach do thomhaltóirí a neartú. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún féachaint ar roghanna chun dearadh an mhargaidh leictreachais a bharrfheabhsú agus tacaíonn sé go láidir le measúnuithe margaidh lena ndéantar anailís ar iompraíocht na ngníomhaithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhargadh fuinnimh agus i ndearadh an mhargaidh fuinnimh. Ar aon chaoi, tá béim á cur ag CESE ar a thábhachtaí atá sé measúnú cuimsitheach tionchair a dhéanamh sula ndéanfar aon tograí. Tá aird á tarraingt aige ar an ngéarghá atá ann dul i ngleic leis na praghsanna arda leictreachais, lena n-áirítear cuachadh praghsanna leictreachais agus gáis, a bhfuil tionchar diúltach aige ar gheilleagair na mBallstát. |
4.6. |
Ina theannta sin, cuireann CESE in iúl go bhfuil gá níos mó ná riamh le réamhaisnéis chórasach a dhéanamh ar an méadú atá ag teacht ar an éileamh ar fhuinneamh de réir limistéir agus de réir an chineáil fuinnimh, agus claochlú na gcineálacha fuinnimh á gcur san áireamh, chomh maith le pleanáil choincheapúil ailtireacht an chórais fuinnimh a bheidh ann amach anseo, chun a áirithiú go gcuirfear infheistíochtaí i bhfeidhm i gceart agus go ráthófar slándáil an tsoláthair. Ba cheart don Choimisiún forléargas comhfhreagrach a tharraingt suas agus é a chur in iúl go forleathan, mar is minic a bhíonn easpa soiléireachta sa tsochaí maidir lena mhéid is féidir leis an Eoraip an fuinneamh atá ag teastáil uaithi a tháirgeadh í féin. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Tuairim ó CESE IO C 105, 4.3.2022, lch. 11.
(2) COM(2022) 230 final.
(3) COM(2022) 222 final.
(4) COM(2022) 240 final.
(5) Doiciméad 11625/22 ón gComhairle.
(6) COM(2022) 360 final.
(7) COM(2022) 230 final, lch. 7, agus SWD(2022), lch. 26.
(8) Industrie spart Gas, Sparpotenzial bei Verbrauchern nicht gehoben (handelsblatt.com) [Coigilteas gáis sa tionsclaíocht ach gan aon fheabhas ar an acmhainneacht choigiltis do thomhaltóirí].
(9) Tuairim ó CESE IO C 105, 4.3.2022, lch. 11.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/194 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Díolúine shealadach sliotán aerfoirt i ngeall ar COVID-19
[COM(2022) 334 final]
(2022/C 486/26)
Rapóirtéir ginearálta: |
Thomas KROPP |
Comhairliúchán |
An Coimisiún Eorpach, 12.7.2022 Parlaimint na hEorpa, 19.7.2022 An Chomhairle, 4.8.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 100 (2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Rannóg atá freagrach |
Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
143/1/2 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Tugann CESE dá aire go bhfuil nascacht laistigh den Aontas agus ar bhonn idirnáisiúnta a bhuí sin leis an eitlíocht. Is réamhriachtanas ríthábhachtach í an nascacht sin don trádáil agus don turasóireacht agus, ar an gcaoi sin, is ríthábhachtach í, freisin, do rathúnas eacnamaíoch na hEorpa. Tá iarrachtaí fós ar bun chun an earnáil eitlíochta a chur ar ais ar a seanléim, agus í thíos le héifeacht i ndiaidh éifeacht ó roinnt géarchéimeanna domhanda, dálaí phaindéim COVID-19 mar aon le dúnadh an aerspáis i roinnt tíortha ar comhpháirtí trádála leis an Eoraip iad (go háirithe an tSín), an chogaidh leanúnach san Úcráin, an bhoilscithe a bhfuil méadú gan srian ag teacht air, an chúlaithe eacnamaíoch atá ag bagairt mó sa mhó ar an domhan, agus an ghanntanais lucht saothair i roinnt earnálacha eacnamaíocha, gan trácht ar an eitlíocht féin. Tá súil ghéar á coinneáil ag réigiúin eile ar domhan ar an gcaoi a bhfuil earnáil eitlíochta na hEorpa ag déileáil leis na dúshláin sin. Rachaidh iomaíochas srianta mhoil na hEorpa agus iomaíochas srianta aeriompróirí líonraí idirnáisiúnta san Eoraip chun leasa mhoil chomharsanachta na hEorpa, i.e. Iostanbúl, Dubai, Doha agus Londain. Dá bhrí sin, d’áitigh CESE de shíor nach mór a áirithiú nach ndéanfaí difear d’iomaíochas idirnáisiúnta na hEorpa mar thoradh ar aon bheart rialála a bhaineann leis an eitlíocht. Dhéanfaí dochar don timpeallacht agus do lucht saothair na hEorpa dá ndéanfaí trácht paisinéirí a atreorú ó naisc idirnáisiúnta na hEorpa trína dtabhairt chuig cinn scríbe idirnáisiúnta trí mhoil nach bhfuil san Aontas. Ba cheart na leasuithe atá beartaithe don Rialachán maidir le Sliotáin a mheas sa chomhthéacs níos leithne sin chomh maith. |
1.2. |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 (1), nó an “Rialachán maidir le Sliotáin”, leagtar síos na nósanna imeachta agus na rialacha i ndáil le leithdháileadh sliotán in aerfoirt an Aontais. Sonraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin nach mór d’aeriompróirí 80 %, ar a laghad, dá sliotáin leithdháilte a úsáid laistigh de thréimhse sceidealaithe ar leith le go gcoinneoidís na sliotáin sin do thréimhse sceidealaithe chomhfhreagrach na bliana dar gcionn. |
1.3. |
I bhfianaise a fhairsinge agus a fhadtréimhsí a bhí an phaindéim, rud nach rabhthas ag súil leis, rinne an Coimisiún an Rialachán maidir le Sliotáin a leasú faoi dhó ó bhris an phaindéim amach chun an fhoráil “úsáid é nó caill é” a chur ar fionraí go hiomlán agus chun cumhachtaí tarmligthe a thabhairt don Choimisiún chun freagairt d’aon fhorbairtí breise gan choinne. Rachaidh na bearta sin maidir le díolúine sliotán in éag an 29 Deireadh Fómhair 2022, agus chuaigh cumhachtaí tarmligthe an Choimisiúin in éag cheana an 21 Feabhra 2022. Is gá athbhreithniú agus coigeartuithe breise a dhéanamh anois mar ábhar práinne le go gcuirfear cás reatha an mhargaidh san áireamh. |
1.4. |
Bunaithe ar réamhaisnéisí de chuid EUROCONTROL, tá an Coimisiún den tuairim go bhfillfidh an margadh eitlíochta diaidh ar ndiaidh ar na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim. D’fhéadfadh sé gur thuairim ródhóchasach é sin, ámh (2). Creideann CESE nach bhfuil sa togra, bíodh is gur le dea-rún atá sé, na coimircí atá ag teastáil chun nach gcuirfí cúl ar iomaíochas na hEorpa de thaisme. |
1.5. |
Is díol sásaimh do CESE an tréaniarracht arna déanamh sa togra nua seo ón gCoimisiún iomaíochas an mhargaidh eitlíochta a choinneáil a láidir agus is féidir. Faraor, níl an anailís mhargaidh ón gCoimisiún ná na réamhaisnéisí dá chuid maidir le forbairt an mhargaidh sna chéad trí shéasúr eile sách láidir leis an bhfilleadh ar an riail 80:20, mar atáthar á mholadh, a mhíniú ná fiú le húdar a thabhairt leis. Níl CESE ar aon fhocal le réasúnaíocht an Choimisiúin go bhfuil an margadh eitlíochta ag filleadh ar a sheanléim. I bhfianaise na sonraí ón gCoimisiún, bheadh tairseach níos ísle, cuir i gcás 70:30, ní b’iomchuí go dtí go gcobhsódh an margadh. |
1.6. |
Is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún raon na n-eisceachtaí maidir le JNUS (neamhúsáid sliotán a bhfuil údar maith léi) a leathnú le go gcumhdófaí ann chomh maith an chorraíl pholaitiúil agus tubaistí nádúrtha sa chás ina bhfágfaí srianta, a leagfaí amach go soiléir, ar an eitlíocht mar gheall orthu sin. Níl CESE suite de, áfach, go bhfuil na mionathruithe atá beartaithe do JNUS mar atá sé faoi láthair de dhíth. Is casta fós an scéal, rud nach raibh gá leis, de dheasca na nósanna imeachta atá beartaithe ag an gCoimisiún. Ó cheart, ní féidir na himeachtaí ó na nósanna imeachta reatha a cháiliú mar bhearta éigeandála a thuilleadh agus, dá bhrí sin, fágtar go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil ann tráth atá géarghá ag an earnáil trí chéile le creat rialála cobhsaí. |
1.7. |
Tacaíonn CESE leis an togra chun trédhearcacht an leithdháilte sliotán a fheabhsú trí ról Chomhlachas Eorpach na gComhordaitheoirí Aerfoirt a neartú, agus trí oibleagáid a thabhairt isteach go bhfoilseodh na comhordaitheoirí na cinn scríbe lena mbainfeadh eisceachtaí JNUS. |
1.8. |
Is díol sásaimh do CESE na bearta atá beartaithe ar mhaithe leis na héifeachtaí leanúnacha a bhaineann le hionradh míleata na Rúise san Úcráin, agus na héifeachtaí a shíltear a bheidh aige sin ar eitlíocht na hEorpa, a mhaolú. Mar sin féin, is amhlaidh gur ródhóchasach é tuairim an Choimisiúin go bhféadfaí gnáthfhorálacha a chur chun feidhme arís ní ach ceithre mhí tar éis dheireadh na cogaíochta. |
1.9. |
D’ainneoin go dtacaíonn CESE go hiomlán le rúin an Choimisiúin, creideann CESE go mbeadh údar le measúnú tionchair, beag beann ar na srianta soiléire ama a bheadh ag teastáil chuige sin, le go bhféadfaí measúnú níos fearr a dhéanamh ar impleachtaí na n-athruithe atá beartaithe don Rialachán atá ann cheana maidir le Sliotáin. In éagmais an mheasúnaithe tionchair sin, a bheadh ina bhunús maith, bíonn ar an gCoimisiún brath ar réamhaisnéisí de chuid EUROCONTROL nach fíorléiriú iad, i ndáiríre, ar a chasta atá na forbairtí margaidh faoi láthair. |
1.10. |
Ní hé measúnú tionchair an t-aon rud a bhfuil gá leis. Mar a chuir CESE in iúl cheana féin (3), ba cheart bearta an Aontais a chomhordú go dlúth leis an mBord Domhanda um Shliotáin Aerfoirt chun a áirithiú nach mbeadh cur chuige difriúil ó réigiún go réigiún ar fud an domhain i dtaobh na saincheiste céanna. |
1.11. |
Ní mór aird a thabhairt ar éifeacht charnach na ngéarchéimeanna leanúnacha domhanda ar an eitlíocht. I bhfianaise a dheacra atá sé srian a chur leis an éifeacht sin faoi láthair, creideann CESE gur cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an togra agus féachaint leis na mionathruithe ar na forálacha reatha a íoslaghdú le go bhfanfaidís mar “reachtaíocht éigeandála”. Níl an éigeandáil atá ann faoi láthair socair go fóill, ná fiú baol air, agus, dá bhrí sin, ba cheart síneadh a chur leis na forálacha éigeandála go ceann na tréimhse arna beartú ag an gCoimisiún, ar a laghad. Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé róluath mionathruithe, dálaí iad siúd arna moladh ag an gCoimisiún, a phleanáil. |
2. Barúlacha ginearálta
2.1. |
Mar a mhínigh an Coimisiún ina mheabhrán míniúcháin, is é an dúshlán rialála atá ann, i gcomhthéacs an Rialacháin maidir le Sliotáin, a áirithiú go mbainfear úsáid as sliotáin mharthanacha. Rinne an Coimisiún an Rialachán maidir le Sliotáin a leasú faoi dhó chun an riail “úsáid é nó caill é” a choigeartú agus bronnadh cumhachtaí tarmligthe air chomh maith d’fhonn an tairseach úsáide sliotán a leasú de réir an laghdaithe leanúnaigh ar éileamh. |
2.2. |
Rachaidh na bearta sin maidir le díolúine sliotán in éag an 29 Deireadh Fómhair 2022, agus chuaigh cumhachtaí tarmligthe an Choimisiúin in éag cheana an 21 Feabhra 2022. Ó thaobh na rialach bunúsaí “úsáid é nó caill é”, tá an Coimisiún a mholadh anois an ráta caighdeánach úsáide sliotán 80 % a thabhairt isteach arís amhail ón 29 Deireadh Fómhair 2022. Tá sin á mholadh aige bunaithe ar réamhaisnéis a rinne EUROCONTROL i mí an Mheithimh, 2022, go mbeadh na méideanna tráchta i rith shéasúr geimhridh 2022/2023 ar ais ar 90 % de na leibhéil a bhí ann in 2019. |
2.3. |
Níl CESE cinnte faoin réasúnaíocht sin ag an gCoimisiún. Mar thoradh ar ionradh míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá méadú suntasach tagtha ar eitiltí míleata agus, freisin, ar thraseitiltí athródaithe, agus níl ceachtar díobh sin ábhartha ó thaobh leithdháileadh sliotán de. Anuas air sin, is gá idirdhealú a dhéanamh idir an t-iompar aerlasta, nár tháinig laghdú suntasach air i rith thréimhse na géarchéime, agus an t-iompar paisinéirí, ar tháinig laghdú air. Ó thaobh an iompair paisinéirí de, is gá idirdhealú sa bhreis a dhéanamh: a bhuí le pas AE COVID-19, ba thapúla ar fad a bhain an trácht ó thír go tír san Eoraip na leibhéil ar a raibh sé roimh an bpaindéim, ach tá an t-aerthrácht intíre agus an trácht cianaistir ag céimeanna difriúla téarnaimh. Táthar á thuar go dtéarnódh an trácht gnó i bhfad níos moille ná an trácht fóillíochta (4). Ní féidir talamh slán a dhéanamh de ach oiread go dtéarnódh an trácht fóillíochta go seasmhach: is féidir cuid dá fhás a chur síos don éileamh ar shaoire a bhí faoi chois mar gheall ar COVID-19 ar feadh dhá bhliain. Ní dhearna na móriompróirí líonraí san Eoraip an Airbus 380, an móraerárthach cianaistir atá acu, a chur in úsáid ina gcuid flíteanna faoi seach arís go fóill, díreach toisc go bhfuil na haerlínte thíos le costais arda ar bhreosla agus toisc nach measann siad go mbeidh méadú suntasach seasmhach ar an éileamh tráchta. Tugtar le fios sna sonraí arna gcur ar fáil ag na geallsealbhóirí go bhfuiltear á thuar go méadóidh gluaiseachtaí tráchta go 90 % de na leibhéil ar a raibh siad in 2019, ach nach méadóidh an t-éileamh ó phaisinéirí ach go 78 % de na leibhéil sin. Má tá ráta na bpaisinéirí ar an aon eitilt amháin íseal, is féidir glacadh leis go ndéanfaidh na haerlínte, mar shampla, roinnt eitiltí in aghaidh an lae a ionadú leis an aon eitilt amháin, ionas go ndéanfaidh siad brabús ar na heitiltí go fóill (5). Déanfar difear don éileamh de dheasca an mhéadaithe atá ag teacht ar an mboilsciú agus de dheasca na rioscaí atá ag éirí níos práinní go mbeidh cúlú eacnamaíoch i roinnt tíortha. Ar an gcúis sin, níor cheart na réamhaisnéisí a bhunú ar na réigiúin a bhfuil an téarnamh is fearr iontu amháin. Ba cheart iad a bhunú freisin ar na fomhargaí a bualadh go dona go háirithe. |
2.4. |
I bhfianaise na ngnéithe sin, creideann CESE go bhféadfadh sé go mbeadh téarnamh an mhargaidh eitlíochta níos déine ná mar a bhí an Coimisiún ag súil leis. Tá deighleoga an mhargaidh fós ag téarnamh ar luasanna éagsúla: tá an lasta ar 6 % i gcoibhneas leis na leibhéil ó 2019, tá iompróirí ísealchostais ar - 9 %, agus tá iompróirí líonraí ar 21 %. Is ábhartha an méid sin fós mar go dtagraíonn na tairseacha do shraitheanna iomlána sliotán, rud a fhágann nach mór don tsraith sliotán (amhail buaiceitiltí) a bheith os cionn na tairsí 80 %. Roimh an bpaindéim, b’ionann an ráta úsáide sliotán agus 95 %, agus b’ionann agus 80 % an ráta ba lú úsáide sliotán. Sa chás a bhfuil réamhaisnéis déanta ag EUROCONTROL go mbeadh an meánráta úsáide sliotán ar 90 %, glactar leis nach mbainfeadh an tsraith sliotán (ar an meán) ráta 80 %. Ar na cúiseanna sin, tá sé róluath ar fad filleadh ar na tairseacha 80:20. Is cosúil gurb iomchuí cóimheas 70:30 a ghlacadh go dtí go mbeidh sonraí níos follasaí ar fáil le bunús a thabhairt le téarnamh inbhuanaithe margaidh. Ba cheart a thabhairt faoi deara chomh maith gur léir, i bhfianaise na bhfadhbanna atá ag aerfoirt na hEorpa, nár tháinig deireadh go fóill le héifeachtaí phaindéim COVID-19. Agus iad ag féachaint le laghdú a chur ar an mbrú atá ar oibríochtaí aerlíne ina n-aerfoirt, chuir moil mhóra an Aontais, amhail Frankfurt, agus moil nach bhfuil san Aontas, amhail Heathrow i Londain, srian leis na heitiltí isteach chucu agus amach uathu, rud a d’fhág gur cuireadh an t-uafás eitiltí ar ceal. Is brú é sin a d’eascair as líon gnéithe éagsúla, amhail ganntanais foirne. Is léir, ón méid sin, nach féidir na tairseacha a bhí ann roimh an bpaindéim maidir leis an ráta úsáide sliotán a bhaint amach go fóill (6). |
2.5. |
Bheadh leibhéal 70:30 i gcomhréir leis na tairseacha agus an réasúnaíocht atá glactha ag rialtas na Ríochta Aontaithe (7). Cé go ndearna an earnáil eitlíochta an méid sin a cháineadh go géar, tá CESE den bharúil go mbainfí cothromaíocht amach leis, rud a mbeadh bunús leis, idir filleadh ar chúrsaí mar a bhíodh agus, san am céanna, a bheith ar an eolas go bhfuil gá i gcónaí le leibhéal éigin cosanta sliotán (bíodh is gur cosaint laghdaithe í sin) i bhfianaise na ndúshlán leanúnach tromchúiseach atá le sárú ag an earnáil. Ina theannta sin, leis an leibhéal sin, chuirfí tairseach Rialachán AE maidir le Sliotáin i gcomhréir le beartais na dtíortha comharsanachta agus bheadh cothrom na Féinne idir moil iompróirí an Aontais agus Aerfort Heathrow Londain, arb é sin an mol idirnáisiúnta is mó san Eoraip. |
2.6. |
Anuas air sin, tá sé á mholadh ag an gCoimisiún go bhféadfadh sé, am ar bith idir an 29 Deireadh Fómhair 2022 agus an 26 Márta 2024, coigeartú idir 0 % agus 70 % a dhéanamh as a stuaim féin ar an ráta úsáide sliotán in aghaidh gníomh tarmligthe, ar an gcoinníoll go léireofaí i sonraí EUROCONTROL go raibh an t-aerthrácht seachtainiúil, ar feadh ceithre seachtaine as a chéile, faoi bhun 80 % den aerthrácht a bhí ann sna seachtainí céanna in 2019 agus gur dhócha go leanfadh an laghdú ar thrácht ar aghaidh. Tá sé á mholadh ag an gCoimisiún chomh maith gur cheart aerlínte a bheith in ann leas a bhaint as JNUS (neamhúsáid sliotán a bhfuil údar maith léi) sa chás ina dtabharfadh na húdaráis phoiblí srianta isteach chun aghaidh a thabhairt ar aon staid eipidéimeolaíoch, corraíl pholaitiúil nó tubaistí nádúrtha agus más ea go mbeadh éifeacht dhíobhálach ag na srianta sin ar an aerthrácht, agus sa chás sin amháin. |
2.7. |
Tacaíonn CESE leis an gCoimisiún agus é ag iarraidh a áirithiú go bhféadfaidh sé úsáid, sholúbtha agus thrédhearcach, a bhaint as gníomhartha tarmligthe in imthosca eisceachtúla arna sainiú go soiléir chun ríomh na rátaí úsáide sliotán a oiriúnú, agus, trí sin a dhéanamh, na tairseacha maidir le cosaint sliotán a choigeartú. Faraor, tá roinnt gnéithe sa dréacht nua nár leor iad leis an gcuspóir sin a bhaint amach. |
2.7.1 |
Murab ionann agus tuairim an Choimisiúin, creideann CESE gur cheart aerlínte a bheith in ann leas a bhaint as eisceachtaí JNUS i gcásanna a bhfuil moltaí poiblí ann i gcoinne taistil. Fiú mura mbíonn tionchar láithreach dlíthiúil ag na foláirimh thaistil, d’fhéadfaí a áitiú go ndéanfaí difear d’aerthaisteal dá mbarr, agus ba cheart é sin a chur san áireamh mar ba cheart. |
2.7.2 |
Sa bhreis air sin, creideann CESE go bhfuil sé thar a bheith fadálach, rud nach gá dó a bheith chomh fadálach sin, an ceanglas chun faireachán a dhéanamh ar shreafaí seachtainiúla aerthráchta ar feadh ceithre seachtaine as a chéile sula bhféadfaí aon bheart ceartaitheach a dhéanamh agus go bhféadfadh sin moill gan ghá a chur ar idirghabhálacha rialála. Tá an chuma air nach bhfuil gá ar chor ar bith leis an tréimhse faireacháin ceithre seachtaine sin. Tá sé i bhfad níos tábhachtaí trédhearcacht an phróisis cinnteoireachta a áirithiú. |
2.7.3 |
Molann CESE riail JNUS a bheith infheidhme ag an aerfort imeachta agus ag an aerfort teacht isteach. Tá dlúthnasc idir an dá aerfort sin mar phéire aerfort a úsáidtear chun punann sliotán a bhí ann roimhe a athbhunú i dtaobh bealaí ar leith. Faoi láthair, ní fhorálann an Coimisiún dó sin mar cheanglas éigeantach. |
2.7.4 |
Níl cúis leormhaith tugtha ag an gCoimisiún cén fáth ar cheart ríomh an ráta úsáide sliotán a oiriúnú. In Airteagal 10.4 den Rialachán maidir le Sliotáin, foráiltear go ríomhtar sliotáin atá faoi chosaint mar shliotáin atá in úsáid, ach tá sé á mholadh ag an gCoimisiún anois neamhaird a thabhairt ar na sliotáin sin. Tá an Coimisiún den tuairim, gan a thuilleadh cruthúnais a bheith aige, go bhféadfaí na gnáthrialacha maidir le sliotáin a chur i bhfeidhm arís 16 seachtaine tar éis athoscailt aerspás na hÚcráine. Tá an chuma air gur ródhóchasach í an tuairim sin i bhfianaise na cogaíochta leanúnaí, an méid damáiste atá déanta do bhonneagar, agus na neamhéiginnteachtaí atá ann maidir le hinneachar agus láidreacht comhaontaithe idir an dá thaobh. Is cosúil gur figiúr treallach é 16 seachtaine agus níor cheart é a bheith mar bhonn le cinneadh rialála chun filleadh ar a mbíodh ann. |
2.8. |
Mhol CESE de shíor don Choimisiún féachaint leis an Rialachán maidir le Sliotáin a chur i gcomhréir, a mhéid is féidir, le cleachtais agus beartais idirnáisiúnta. Glacann na geallsealbhóirí ábhartha go léir páirt sna comhairliúcháin maidir le conas rialacháin sliotán a oiriúnú do ghéarchéimeanna sa mhargadh. |
2.9. |
Is díol sásaimh do CESE na feabhsuithe arna moladh ag an gCoimisiún maidir leis an mbealach a dtéann na comhordaitheoirí sliotán i gcomhar le chéile. Féadfar fáil réidh le gach ábhar mearbhaill, nach bhfuil gá leis, do gach gníomhaí sa mhargadh trí bhíthin trédhearcacht fheabhsaithe. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le rialacha comhchoiteanna do leithroinnt sliotán in aerfoirt an Chomhphobail (IO L 14, 22.1.1993, lch. 1).
(2) Foilseachán aerlínte ón nGearmáin, Lufthansa, maidir lena rún acmhainn na haerlínte a laghdú tuilleadh i bhfianaise na géarchéime leanúnaí: https://www.airliners.de/lufthansa-streicht-winterflugplan/65956.
(3) Féach IO C 123, 9.4.2021, lch. 37, pointe 1.5 (níl leagan Gaeilge ann).
(4) https://www.airliners.de/prognose-globaler-geschaeftsreiseverkehr-erholt-deutlich/65958.
(5) Foilseachán maidir le líon na bpaisinéirí agus réamhaisnéisí i dtaobh Aerfort München ina dtugtar le fios go mbeidh níos mó ama ag teastáil chun filleadh ar mhéideanna tráchta a bhí san Aerfort roimh an bpaindéim nár mar a measadh ar dtús: https://www.airliners.de/wachsendes-passagieraufkommen-bayerns-flughaefen-weit-entfernt-corona-niveau/65950.
(6) Tá an ganntanas lucht saothair luaite ag an gCoimisiún sa mheabhrán míniúcháin uaidh, ach tá sé den tuairim nach mbeidh i gceist leis sin ach feiniméan gearrthéarmach. Is féidir amhras a chaitheamh ar an tuairim sin, ós rud é go ndéantar difear d’an-chuid earnálacha eacnamaíocha mar gheall ar an nganntanas lucht saothair, agus ní hamháin don earnáil eitlíochta. Níl aon chúis ann lena chreidiúint go réiteofar é sin san eitlíocht go luath amach anseo.
(7) An 24 Eanáir 2022, rinne rialtas na Ríochta Aontaithe an cóimheas úsáide sliotán a choigeartú go 70:30 amhail ón 27 Márta 2022 chun tosú ar fhilleadh ar na gnáthrialacha agus cosaint á déanamh aige, san am céanna, ar an earnáil i gcoinne aon éiginnteachta amach anseo, mar a dhearbhaigh Grant Shapps, Rúnaí Iompair na Ríochta Aontaithe.
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 486/198 |
Tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Tionchar geopholaitiúil an aistrithe fuinnimh
[JOIN(2022) 23 final]
(2022/C 486/27)
Rapóirtéir: |
Tomasz Andrzej WRÓBLEWSKI (PL-I) |
Comhrapóirtéir: |
Ioannis VARDAKASTANIS (EL-III) |
Comhairliúchán |
28.6.2022 |
Bunús dlí |
Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
Cinneadh ón Tionól Iomlánach |
21.9.2022 |
Bunús dlí |
Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta |
|
Comhairliúchán |
Rannóg atá freagrach |
Caidreamh Seachtrach |
Dáta a glactha sa rannóg |
14.9.2022 |
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
21.9.2022 |
Seisiún iomlánach Uimh. |
572 |
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
229/1/6 |
1. Conclúidí agus moltaí
1.1. |
Cuimhneofar go deo ar 2022 i ngeall ar an méid oll-athruithe geopholaitiúla agus fuinnimh a tharla ar fud an domhain lena linn. Tá CESE ag moladh iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus na mBallstát aonair óir tá dlús curtha acu leis an bpróiseas chun deireadh a chur leis an spleáchas ar fhuinneamh na Rúise. Feictear do CESE, i bhfianaise dhinimic an chogaidh san Úcráin, gur den riachtanas mar sin féin dlús a chur leis an bpróiseas trí thrádbhac docht a chur i bhfeidhm, agus nár mhór foinsí malartacha fuinnimh ghlain a fhorbairt gan mhoill mar chuid de sin. |
1.2. |
Tugtar aird sa tuairim seo ar an tarchur maidir le Teachtaireacht JOIN(2022)23: Rannpháirtíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh sheachtraigh i ndomhan atá ag athrú , a d’fhoilsigh Ard-Stiúrthóireacht Fuinnimh an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i gcomhar le chéile an 18 Bealtaine 2022. |
1.3. |
Is geal le CESE go bhfuil an Eoraip ar thús cadhnaíochta i gcónaí san aistriú fuinnimh, ach tá sé á thabhairt le fios aige nach leor athruithe a dhéanamh laistigh den Aontas mar fhritháireamh ar éifeachtaí na n-astaíochtaí domhanda agus gur léir gur ar mhaithe linn féin é, ó thaobh an athraithe aeráide agus na forbartha eacnamaíche de araon, gníomhú ar bhonn idirnáisiúnta chun forbairt dhomhanda inbhuanaithe a áirithiú. |
1.4. |
Is díol sásaimh do CESE roinnt tionscnaimh AE a bheith ann, amhail REPowerEU, lena neartaítear athléimneacht inmheánach an Aontais nó tionscnaimh amhail an Chomhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh Cóir, an Tairseach Dhomhanda agus an Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar, ar tionscnaimh iad sin a éascaíonn an chobhsaíocht pholaitiúil. |
1.5. |
Ag an am céanna, tá CESE á chur i bhfios, ag éirí as na teannais pholaitiúla reatha, go mba ghá comhar níos gníomhaí fós a chothú le roinnt tíortha a bhfuil ar a gcumas soláthairtí ola agus gáis a chur ar fáil don Eoraip. I measc na dtíortha sin, tá na Stáit Aontaithe agus, ar leibhéal eile, tíortha i Meiriceá Theas agus san Afraic agus ba cheart a n-onnmhairí de bhreoslaí iontaise a fhorlíonadh le haistrithe eolais agus teicneolaíochtaí in-athnuaite a d’fhéadfadh dlús a chur lena n-aistriú aeráide. |
1.6. |
Is geal le CESE an tionscnamh chun an Mholdóiv agus an Úcráin a nascadh le greille fuinnimh na hEorpa, ach tá athbhreithnithe tréimhsiúla ar an staid gheopholaitiúil ag éirí as athruithe dinimiciúla ar struchtúr fuinnimh tíortha, amhail an Airméin, an tSeoirsia agus an Chasacstáin, á n-iarraidh aige freisin. |
1.7. |
Tá CESE á chur i bhfios a riachtanaí atá sé caidreamh speisialta a chothú le tíortha ar mórsholáthraithe miotal trom agus amhábhar iad, ar nithe iad sin atá riachtanach chun teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a tháirgeadh agus a d’fhéadfadh a bheith faoi bhagairt. Chuige sin, is gá tionscal nua a fhorbairt maidir le caidreamh idirnáisiúnta, mar atá, taidhleoireacht fuinnimh Eorpach. |
1.8. |
Is maith is eol dúinn anois, murab ionann is riamh, go bhfuil an Eoraip ag brath go rómhór ar amhábhair ó fhoinsí éiginnte. Ar an gcúis sin, tá CESE ag tathant ar an Aontas a bheith chomh solúbtha agus is féidir ina phleananna uaillmhianacha don aistriú fuinnimh agus dóthain ama a thabhairt dó féin chun anailís a dhéanamh ar thionchar geopholaitiúil cinntí áirithe agus iad a chur in oiriúint dá réir má chruthaíonn siad teannas gan iarraidh gan choinne ar fud an domhain. |
2. Réamhrá
2.1. |
Le roinnt mhaith blianta anuas, tá saincheisteanna a bhaineann leis an aistriú fuinnimh ar bharr an chláir oibre pholaitiúil ar fud na cruinne. I ngeall ar an gComhaontú Glas don Eoraip, comhaontú atá bunaithe ar luachanna na hinbhuanaitheachta, na dlúthpháirtíochta agus an chomhair idirnáisiúnta, tá an tAontas Eorpach ina cheannródaí san aistriú fuinnimh. Mar sin féin, de bhrí nach bhfuil an tAontas freagrach ach as tuairim is 8 % d’astaíochtaí an domhain (agus is ag ísliú atá an sciar sin), ní leor beartas inmheánach an Aontais, is cuma cé chomh huaillmhianach atá sé. |
2.2. |
De réir na gconclúidí ón gComhdháil Geopolitics of the European Green Deal [Geopholaitíocht an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip] (1), beidh ríthábhacht leis an iltaobhachas chun dul i ngleic leis na bagairtí aeráide trasteorann coitianta sin, agus is tríd an iltaobhachas seachas trí gheopholaitíocht dheighilteach is féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim phláinéadach. Tugadh léiriú ar an méid thuas sa tuairim ó CESE Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (2), inar leag CESE béim air gur gá dlús a chur le gníomhaíochtaí idirnáisiúnta i ndáil le hathléimneacht aeráide, mar atá ráite ag an Coimisiún, agus tá sé ag teacht leis an ráiteas ón gCoimisiún ina ndeirtear go gcaithfidh “ár n-uaillmhian maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a bheith ar comhchéim lenár gceannaireacht dhomhanda chun an t-athrú aeráide a mhaolú”. |
2.3. |
Tá aistrithe ollmhóra ag tarlú sa gheopholaitíocht agus i gcúrsaí tionsclaíochta mar gheall ar an athrú aeráide agus ar ghníomhaíochtaí gaolmhara a rinneadh, aistrithe arb é an borradh atá tagtha faoin nuálaíocht in-athnuaite is cúis leo agus a bhfuil tionchar mór acu ar an gcaidreamh idirnáisiúnta. Feictear do CESE, ar an ábhar sin, gur ríthábhachtach díriú ar éifeachtaí geopholaitiúla i dtuairim chuimsitheach ar an athrú aeráide. |
2.4. |
Cé go bhfuil comhdhearcadh eolaíoch ann faoina riachtanaí atá sé astaíochtaí gás ceaptha teasa a scaoiltear isteach san atmaisféar a laghdú, ní féidir neamhshuim a dhéanamh de sa bheartas aeráide go bhfuil ag méadú ar na naisc dhearfacha agus dhiúltacha idir na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil lena mbaineann. |
2.5. |
Tá baint dhíreach ag feidhmiú agus paraiméadair an mhargaidh fuinnimh leis an staid pholaitiúil i réigiúin ar leith. Rud eile a chuireann leis an méid thuas, gur saintréith den soláthar breoslaí iontaise go mbítear ag brath go mór ar dhornán beag tíortha ar táirgeoirí iad. |
2.6. |
Faoi mar a léiríodh sa tuairim ó CESE Gné sheachtrach de bheartas fuinnimh an Aontais Eorpaigh (3), tá ceist na slándála fuinnimh go hard ar chlár oibre an Aontais de bharr ceannas foinsí allmhairíochta áirithe nach gcloíonn leis na rialacha margaidh agus polaitiúla a gcloíonn an tAontas Eorpach leo. An tráth úd, tagraíodh d’iarmhairtí an ionsaithe mhíleata a rinneadh sa tSeoirsia in 2008, ach tá an comhthéacs an-ábhartha go deo i gcónaí i bhfianaise a bhfuil ag titim amach san Úcráin, rud a léirítear go soiléir sa mheasúnú ar an tslándáil fuinnimh agus an gheopholaitíocht. |
2.7. |
Sa mheántéarma, ní bheidh an dreach céanna ar chúrsaí fuinnimh domhanda is atá inniu. Beidh tionchar suntasach ag an aistriú fuinnimh ar an ngeopholaitíocht, agus tiocfaidh idir dheiseanna agus bhagairtí i gceist. Braithfidh fairsinge an tionchair sin ar an iliomad tosca. Mar shampla, mar thoradh ar an dícharbónú, d’fhéadfaí tuilleadh spleáchais ar allmhairí gáis a chruthú, rud a dhéanfadh an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Rúis níos casta fós. |
2.8. |
De réir mar a athraíonn an córas fuinnimh, beidh polaitíocht an fhuinnimh ag athrú freisin. I saol an fhuinnimh ghlain, tiocfaidh buíon nua buaiteoirí agus caillteoirí chun cinn. Léamh amháin air sin ná gur spásrás fuinnimh ghlain atá ann. Maidir le tíortha nó réigiúin a bhfuil an teicneolaíocht ghlan ar a dtoil acu, a onnmhairíonn fuinneamh glas nó a allmhairíonn níos lú breoslaí iontaise, tá gach seans ann go rachaidh an córas nua chun sochair dóibh, agus iad sin atá ag brath ar bhreoslaí iontaise a onnmhairiú, d’fhéadfaí go dtiocfadh meath ar a gcumhacht. |
3. Barúlacha ginearálta
3.1. |
Sa chás gurb é a thuigtear leis an gclaochlú fuinnimh gníomhaíochtaí agus bearta córasacha a dhéanamh chun laghdú ar chomhdhúile carbóin a bheith á scaoileadh amach san atmaisféar, ag cur le próisis an athraithe aeráide, ba cheart sa chás sin, taobh amuigh den chlaochlú fuinnimh, na réitigh is fearr is féidir a lorg agus a chur chun feidhme i dtalmhaíocht inbhuanaithe agus i mbainistíocht inbhuanaithe foraoisí, i mbithcheapadh carbóin, i bpórú nó úsáid eallaigh agus i ndeiseanna atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar fhorbairt teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin. |
3.2. |
Agus an leibhéal astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghintear i dtíortha an Aontais á chur san áireamh, i gcomparáid le geilleagair eile ar domhan, beidh sé riachtanach iarrachtaí a dhéanamh tíortha eile a thabhairt isteach sa chomhpháirtíocht chun cur i gcoinne an athraithe aeráide má táthar chun na torthaí is gá a bhaint amach. Ní mór don Aontas aird ar leith a thabhairt ar gach cineál comhair idirnáisiúnta, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí infheistíochta, trádála agus nuálaíochta, agus é d’aidhm aige sin feabhas a chur ar bhearta oiriúnúcháin ar fud an domhain agus go háirithe i dtíortha atá i mbéal forbartha. |
3.3. |
Fágtar lorg carbóin suntasach ar an gcuid eile den domhan mar thoradh ar ghníomhaíochtaí trádála Bhallstáit an Aontais. Is faoin Aontas atá sé aghaidh a thabhairt ar an ngné sheachtrach sin de chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip tríd an aistriú a chur chun cinn sa chomhar forbartha réigiúnaigh agus sa chomhar forbartha déthaobhaigh agus trí dhíriú ar na héifeachtaí iarmharta diúltacha ina chuid beartais trádála, i measc nithe eile. |
3.4. |
Tá ríthábhacht leis an ngeopholaitíocht chun a áirithiú go mbeidh rath ar an gComhaontú Glas don Eoraip, óir is léir go rachaidh an t-aistriú glas i bhfeidhm go mór ar an gcaidreamh idirnáisiúnta. Cruthóidh éagsúlachtaí i dtosaíochtaí na dtíortha forbartha agus na dtíortha atá i mbéal forbartha dúshlán suntasach toisc go ndéanfaidh an Comhaontú Glas don Eoraip difear díréireach do thíortha áirithe. Agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin sin ba cheart do na tíortha forbartha gach iarracht a dhéanamh díriú ar an tionchar ar na tíortha ísealioncaim chun a léiriú nach bhfágfar ar lár iad de thoradh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. |
3.5. |
Is sampla de ghníomhaíochtaí a dhíríonn ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe domhanda í an Chomhpháirtíocht um Aistriú Fuinnimh Cóir, arna lainseáil ag rialtais na hAfraice Theas, na Fraince, na Gearmáine, na Ríochta Aontaithe, SAM agus ag an Aontas le linn Chruinniú Mullaigh na gCeannairí Domhanda COP 26. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh tacaíocht a thabhairt don Afraic Theas chun a gheilleagar a dhícharbónú, imeacht ó ghual agus bogadh i dtreo geilleagar íseal-astaíochtaí a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de agus bunaithe ar fhuinneamh agus teicneolaíocht ghlas ghlan. |
3.6. |
Sampla eile is ea an Tairseach Dhomhanda, arb í an straitéis Eorpach nua atá dírithe ar bhorradh a chur faoi naisc chliste, ghlana agus shlána sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain. Tá sé mar aidhm ag an Tairseach Dhomhanda suas le EUR 300 billiún in infheistíochtaí a shlógadh idir 2021 agus 2027 chun bonn taca a chur faoi théarnamh buan domhanda, téarnamh ina gcuirfear riachtanais ár gcomhpháirtithe agus leasanna an Aontais féin san áireamh. |
3.7. |
Sampla eile fós is ea an Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar, a bhfuil tábhacht ar leith leis i gcomhthéacs na geopholaitíochta ós rud é gurb é is aidhm dó tacaíocht a thabhairt do chlaochlú éiceolaíoch cuimsitheach i dtreo geilleagar ciorclach íseal-astaíochtaí inbhuanaithe sna Balcáin Thiar. Go háirithe, d’fhéadfadh an Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar tairbhe a bhaint as na mórdheiseanna sa gheilleagar ciorclach, rud a chruthóidh breis fostaíochta agus a chuirfidh deiseanna nua fáis ar fáil. Chun tacaíocht a thabhairt don aistriú glas sin is bunriachtanas é maoiniú imleor ón Aontas Eorpach, ó na rialtais náisiúnta agus ón earnáil phríobháideach. Sa tuairim ó CESE An fuinneamh agus an tionchar atá aige ar an bhforbairt agus ar phróiseas aontachais níos dlúithe sna Balcáin Thiar (4), cuirtear i bhfios gur cheart breathnú ar an bhfuinneamh mar dhóigh chun cur le forbairt agus idirnascacht an réigiúin agus nach mór soiléiriú a thabhairt do shaoránaigh na mBalcán Thiar ar na buntáistí eacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le haontachas leis an Aontas Eorpach. |
3.8. |
Faoi mar a luaitear sna conclúidí ón gcomhdháil thuasluaite Geopolitics of the European Green Deal [Geopholaitíocht Chomhaontú Glas don Eoraip], beidh praghsanna an-luaineach ar fhuinneamh ina ngné den aistriú fuinnimh. Dúshlán geopholaitiúil atá sa mhéid thuas, dúshlán ar cheart don Aontas agus dá chomhpháirtithe domhanda a bheith ag iarraidh a mhaolú trí na rioscaí a bhaineann le cur chun cinn agus le leathnú úsáid an fhuinnimh ghlain a laghdú, agus gan cur lena bhfuil d’éagothromaíochtaí ann cheana. |
3.9. |
Cuireadh an méid thuas in iúl cheana féin sa tuairim ó CESE Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide (5) inar iarr an Coiste ar an gCoimisiún beartais oiriúnúcháin don athrú aeráide a ailíniú níos fearr leis an gceartas aeráide san obair a dhéanfar amach anseo ar bheartais oiriúnúcháin. D’aithin an Coiste go bhféadfadh tionchair éagsúla shóisialta, eacnamaíocha, sláinte phoiblí agus tionchair dhiúltacha eile a bheith ag an athrú aeráide ar phobail agus mhol sé aghaidh a thabhairt go díreach ar na neamhionannais atá ann cheana trí straitéisí maolúcháin agus oiriúnúcháin fadtéarmacha ionas nach bhfágfar aon duine ar lár. Bhí CESE á thathant ar an gCoimisiún a shoiléiriú cén chaoi go díreach a mbainfidh sé na bacainní ar rochtain na dtíortha, na bpobal agus na n-earnálacha is leochailí ar fud an domhain ar mhaoiniú agus cén chaoi a n-áireoidh sé tograí maidir le comhtháthú cúrsaí inscne agus éagothromaíochtaí a chomhrac ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil. |
3.10. |
Níor cheart beartas seachtrach an Aontais chun an t-athrú aeráide a chomhrac a bheith ag brath ar thíortha AE amháin chun argóintí “seachtracha” a chur ar fáil agus chun tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme straitéis dhian um chlaochlú aeráide. Ba cheart leas a bhaint as saineolas ó thíortha lasmuigh den Aontas freisin (mar shampla, trí oibriú i gcomhar le American Natural Resource Service (NCRS) agus eagraíochtaí eile dá shamhail). Ní mór cuimhneamh air go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna cúram a dhéanamh de mhalartú inmheánach dea-chleachtas agus cur chuige sistéamach a fhorbairt maidir leis na dúshláin a bhaineann leis an gclaochlú, mar chuid de thionscnaimh, amhail tógáil an chómhargaidh fuinnimh. |
3.11. |
Chun forbairt dhinimiciúil a dhéanamh ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite beidh nuachóiriú comhthreomhar ar an mbonneagar tarchurtha ag teastáil, beidh an córas fuinnimh le comhtháthú, agus imeofar ón modh láraithe maidir le leictreachas a ghiniúint agus a sholáthar. Beidh sé riachtanach tionscnaimh áitiúla a chur chun cinn ar bhonn comhsheasmhach chun freastal ar riachtanais fuinnimh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Faoi mar a dearbhaíodh sa tuairim ó CESE Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le comhtháthú córas fuinnimh (6), ba cheart don Choimisiún comharsana an Aontais Eorpaigh a spreagadh, agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir go príomha, chun an plean maidir le comhtháthú córas a leanúint, plean atá tábhachtach ní hamháin chun aeráidneodracht a bhaint amach, ach chun slándáil chobhsaí soláthair agus praghsanna inacmhainne a bhaint amach freisin le haghaidh tomhaltóirí príobháideacha agus an gheilleagair, agus a mbeartas féin a dhéanamh de. D’fhéadfaí an cheist cibé acu a bheadh nó nach mbeadh cáin charbóin ag teorainneacha ina cabhair sa chás sin a chíoradh a thuilleadh. |
3.12. |
Mura ndírítear go hiomchuí ar na dúshláin shóisialta a ghabhann leis na próisis chlaochlaithe laistigh de Bhallstáit an Aontais, is ar éigean is féidir straitéis a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach inchreidte faoina gcuirfear in iúl gur den riachtanas beartas aeráide a chur chun feidhme lasmuigh den Aontas Eorpach. Faoi mar a léiríodh sa tuairim ó CESE Gan aon duine a fhágáil chun deiridh agus Clár Oibre 2030 um fhorbairt inbhuanaithe á chur chun feidhme (7), is éard atá i gceist le “gan aon duine a fhágáil chun deiridh” go dtabharfaí seans dáiríre don uile dhuine sa tsochaí, agus go háirithe dóibh sin is mó atá ar gcúl, na deiseanna atá ann a thapú agus a chinntiú go mbeidh siad ullmhaithe go maith chun déileáil leis na rioscaí. Sa chomhthéacs sin, ní mór aird ar leith a dhíriú ar na grúpaí is leochailí sa tsochaí, agus ar na réigiúin agus na críocha is mó atá faoi mhíbhuntáiste. |
3.13. |
Ach aghaidh a thabhairt ar bhealach éifeachtach agus inghlactha go sóisialta ar na saincheisteanna a bhaineann le tionchar éagsúlaithe an bheartais aeráide ar thíortha AE aonair, thabharfaí de chreidiúnacht don Aontas Eorpach gníomhú mar cheannaire domhanda i gcomhthéacs na hinbhuanaitheachta. Ag an am céanna, cuidíonn tiomantas don inbhuanaitheacht ar an leibhéal domhanda le cuspóirí beartais an Aontais a bhaint amach i réimsí eile (e.g. aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna atá leis an imirce, an trádáil chóir dhomhanda, agus an spleáchas ar thíortha a bhfuil saibhreas ola ag roinnt leo a laghdú ó thaobh beartas eachtrach de). |
3.14. |
Faoi mar a dúradh sa tuairim réamhluaite, tá cur chuige glactha ag an gCoimisiún Eorpach cheana féin faoina ndírítear breis airde ar inmheánú éifeachtaí seachtracha ar shlí níos fearr. Tá sé admhaithe aige, mar shampla, go bhfanfaidh foinsí fuinnimh in-athnuaite faoi mhíbhuntáiste chomh fada is nach mbeidh na costais sheachtracha a bhaineann le hacmhainní iontaise á léiriú go hiomlán i bpraghas an mhargaidh, nó go dtí go ndéanfar iarrachtaí chun seachtrachtaí diúltacha a chur san áireamh san earnáil iompair. |
3.15. |
Rudaí bunriachtanacha is ea an t-oideachas agus an t-aistriú eolais, ar leibhéal an oideachais éigeantaigh uilíoch agus ar leibhéal na cumarsáide leis an bpobal i gcoitinne araon, agus is bunriachtanaí fós iad do ghrúpaí sóisialta a ndéanann an claochlú difear dóibh. Is den riachtanas a chur os comhair an tsaoil an rogha eile a d’fhéadfadh an tsochaí a dhéanamh má táthar chun an téis a chosaint go bhfágfaidh na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag cuid den tsochaí ó thaobh an chlaochlaithe de go mbeidh costais i bhfad níos lú le híoc agus gurb é an pobal idirnáisiúnta ar fad a bheidh thíos leis mura ndéantar beart ar bith. |
3.16. |
Rannchuidíonn an claochlú fuinnimh agus forbairt teicneolaíochtaí nua glasa le heolas agus inniúlachtaí uathúla a fhorbairt, agus le poist ardcháilithe a chruthú. Má théann geilleagar na hEorpa sa treo sin, beidh deis forbartha uathúil ann dó agus tabharfar deis do Bhallstáit an Aontais a ról mar cheannairí teicneolaíocha i réimse an chlaochlaithe a dhaingniú (ó thaobh laghdú astaíochtaí de). Agus breis tíortha nach tíortha den Aontas iad ag aontú don chomhghuaillíocht chun cur i gcoinne éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide, beidh deis ann margaí a chruthú do theicneolaíochtaí ó gheilleagair Eorpacha. |
3.17. |
De réir mar a dhéantar breoslaí iontaise a chéimniú amach, cothófar breis teannas idir tíortha AE — mar allmhairithe amhábhar — agus tíortha nach tíortha den Aontas iad — mar sholáthraithe. Sa chás sin go háirithe ba cheart an Rúis a chur san áireamh mar sholáthraí áitiúil breoslaí, a bhfuil a hioncaim ó dhíol na n-amhábhar sin ina cuid suntasach d’ioncaim an bhuiséid. Ina cheann sin, d’fhéadfadh iarmhairtí móra polaitiúla agus sóisialta a bheith le sárú ag tíortha an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh (MENA) agus réigiúin san Afraic Fho-Shahárach a bhfuil a n-ioncam ag brath go mór ar onnmhairiú breoslaí iontaise, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le rabharta dídeanaithe agus imirce chuig an Eoraip. D’fhéadfaí an t-athrú sa tsamhail comhair a fheiceáil go cinnte ón bpeirspictíocht pholaitiúil de mar bhagairt ar sheasamh tíre a bhfuil a geilleagar agus a rialachas ag brath ar ioncaim ó sholáthar breoslaí iontaise. D’fhéadfadh infheistíochtaí i gcur chun cinn an fhuinnimh ghlais agus réitigh chomhoibríocha ina leith a bheith ina ndeis chun cuidiú le haistriú na ngeilleagar sin. |
3.18. |
Anois agus cogadh ag titim amach san 21ú haois san Eoraip, tugtar orainn cuimhneamh ar úsáid fhreagrach fuinnimh núicléach agus ar athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha tacsanamaíochta nach gcuireann le héifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide. |
3.19. |
Dá gcuirfí trádbhac ar allmhairí ola, gáis agus guail ón Rúis chun smachtbhannaí a chur ar an tír i ngeall ar a hionsaí ar an Úcráin nó dá dtarraingeofaí siar ó allmhairí de bharr nár mhór stop a chur le haistrithe airgeadais a thacaíonn le réimeas Putin, chuirfí borradh faoi na héifeachtaí geopholaitiúla atáthar a thuar maidir le hallmhairí breosla ón Rúis a chur ar fionraí. Ag an am céanna d’fhéadfadh sé nár mhór breathnú arís ar an ráta ar a bhfuiltear ag imeacht ó bhreoslaí a bhfuil fáil orthu i dtíortha an Aontais a úsáid. |
3.20. |
Tá an chuma ar an scéal go mbeadh bonn cirt le lánpháirtiú chun aontas gáis de thíortha AE a chruthú. Le cur chuige den sórt sin, d’fhéadfaí leas a bhaint as próisis chomhcheannaigh agus rannchuidiú le dálaí eacnamaíocha fabhracha a chothú agus, ag an am céanna, cinntí a chomhordú chun allmhairiú amhábhar ón Oirthear a chur ar fionraí, rud arb ionann, i bhfianaise na gné polaitiúla de chinneadh den sórt sin, agus beartas eachtrach comhleanúnach ó thíortha an Aontais. |
4. Dúshláin agus Deiseanna
4.1. |
Beidh tionchar éagsúil ag beartas aeráide an Aontais Eorpaigh ag brath ar an réigiún atá i gceist agus ag brath ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i réimse an bheartais eachtraigh chun rioscaí sainaitheanta a mhaolú agus próisis an aistrithe a fheabhsú. |
4.2. |
Maidir leis na Balcáin Thiar, tá an-dóchas ann faoi ghníomhaíochtaí i margadh an fhuinnimh a bhfuil baint acu le próiseas ballraíochta an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfadh ról suntasach dearfach a bheith ag an méid sin maidir le dálaí geopholaitiúla sa réigiún a mhúnlú. Trí Dhearbhú Shóifia maidir leis an gClár Oibre Glas a shíniú, gheall rialtais thíortha na mBalcán Thiar aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus iad féin a ailíniú go huile leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Go háirithe, d’fhéadfadh an Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar tairbhe a bhaint as na mórdheiseanna sa gheilleagar ciorclach, rud a chruthóidh breis ionaid oibre agus a chuirfidh deiseanna nua fáis ar fáil. Chun tacaíocht a thabhairt don aistriú glas sin is bunriachtanas é maoiniú imleor ón Aontas Eorpach, ó na rialtais náisiúnta agus ón earnáil phríobháideach. |
4.3. |
Maidir leis an Afraic, ní mór a chur i bhfios nach bhfuil beartais maidir le maolú ar an athrú aeráide ina dtosaíocht do na tíortha sa mhór-roinn sin. Ba cheart don Aontas Eorpach, ar an ábhar sin, oibriú i gcomhar le tíortha na hAfraice, faoi mar a dhéantar i gcás tíortha eile atá i mbéal forbartha, chun a áirithiú go nglactar leis na tionscnaimh uile ar an leibhéal áitiúil agus go bhfuil siad ar aon dul le tosaíochtaí na dtíortha comhpháirtíochta trí leas a bhaint as cur chuige ón mbonn aníos. Mura ndéantar é sin, beidh an baol ann nach dtuigfear a bhfuil i gceist le gníomhaíochtaí a dhéantar i réimse an bheartais aeráide agus go mbeidh pobail áitiúla atá ag streachailt le deacrachtaí bunúsacha ag cur ina gcoinne. Faoi mar a léiríodh sa tuairim ó CESE An tAontas Eorpach agus an Afraic: Comhpháirtíocht na forbartha cothroime bunaithe ar an inbhuanaitheacht agus luachanna coiteanna (8), bíonn dúshláin an-chasta roimh thíortha san Afraic atá i mbéal forbartha agus ní mór díriú orthu le cur chuige íogair agus ilghnéitheach. Agus rud eile, meastar go ndúblóidh an t-éileamh ar fhuinneamh sa mhór-roinn faoi 2050, agus go mbeidh na rátaí bochtaineachta sách ard i gcónaí. Dhéanfadh sé sin saincheisteanna na hinbhuanaitheachta a bhuanú, mura ndéanfadh sé níos measa iad, ó thaobh gnéithe comhshaoil agus socheacnamaíocha de. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh deiseanna chun cinn, agus go mbeadh ról ceannasach ag tíortha na hAfraice sa teicneolaíocht fhótavoltach agus i dtáirgeadh breoslaí sintéiseacha ar an mórchóir. D’fhéadfadh féidearthachtaí sonracha le haghaidh comhthionscadal agus deiseanna agus beartais ghnó cur chuige soch-éiceolaíoch nua a chruthú i leith an gheilleagair margaidh. |
4.4. |
Maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, beidh an-tábhacht le dlúthchomhar le tíortha, amhail Ballstáit an Aontais, atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise agus, dá réir sin, atá neamhchosanta ar ardleibhéal luaineachta praghsanna, go háirithe nuair a chuirtear an chogaíocht reatha san Úcráin san áireamh. Maidir leis an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia, ba cheart iarrachtaí a dhéanamh chun cuidiú leis na tíortha sin éirí neamhspleách ar sholáthairtí breoslaí iontaise ón Rúis agus comhtháthú a ngreillí leictreachais le greille na hEorpa a chumasú. Luaitear na gníomhaíochtaí thuasluaite sa dearbhú a eisíodh le deireanas maidir le comhtháthú mear a dhéanamh le greille leictreachais an Aontais. Beidh comhiarracht ó chomhlachtaí cinnteoireachta agus ó oibritheoirí na líonraí tarchurtha ag teastáil chuige sin. |
An Bhruiséil, an 21 Meán Fómhair 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) https://www.eesc.europa.eu/ga/agenda/our-events/events/geopolitics-european-green-deal
(2) IO C 374, 16.9.2021, lch. 84.
(3) IO C 264, 20.7.2016, lch. 28.
(4) IO C 32, 28.1.2016, lch. 8.
(5) IO C 374, 16.9.2021, lch. 84.
(6) IO C 123, 9.4.2021, lch. 22.