|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 485 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 485/01 |
||
|
2022/C 485/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10949 — GONVARRI / MAJORITY SHAREHOLDERS / HIDRIA) ( 1 ) |
|
|
2022/C 485/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10932 — ZF / HELLA / NGK / CLARIOS / AHEAD JV) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 485/04 |
||
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
|
2022/C 485/05 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta ( 1 ) |
|
|
2022/C 485/06 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 ) |
|
|
Ceartúcháin |
|
|
|
Ceartúchán ar an nGlao ar thograí 2023 — EAC/A10/2022 — Clár Erasmus+ ( IO C 444, 23.11.2022 ) |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 485/1 |
TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN
Treoirlínte maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe
(2022/C 485/01)
Ábhar
|
CUID I. |
FORÁLACHA COITEANNA | 4 |
|
CAIBIDIL 1. |
Réamhrá | 4 |
|
CAIBIDIL 2. |
Raon Feidhme agus Sainmhínithe | 4 |
|
2.1. |
Éifeacht CBT ar raon feidhme an chur i bhfeidhm | 6 |
|
2.2. |
Raon feidhme | 7 |
|
2.3. |
Rialacha cothrománacha agus ionstraimí cabhrach is infheidhme maidir le hearnáil na talmhaíochta agus le hearnáil na foraoiseachta agus le limistéir thuaithe | 9 |
|
2.4. |
Sainmhínithe | 10 |
|
CAIBIDIL 3. |
Measúnú comhoiriúnachta de bhun Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh | 15 |
|
3.1. |
An chéad choinníoll: déanann cabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú | 16 |
|
3.1.1. |
Gníomhaíocht eacnamaíoch dá dtugtar cabhair | 16 |
|
3.1.2. |
Éifeacht dreasachta | 17 |
|
3.1.3. |
Ní dhéantar aon sárú ar fhorálacha ábhartha ná ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais | 19 |
|
3.2. |
An dara coinníoll: níl tionchar diúltach ag an gcabhair ar dhálaí trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann | 20 |
|
3.2.1. |
An gá atá le hidirghabháil Stáit | 20 |
|
3.2.2. |
Oiriúnacht na cabhrach | 21 |
|
3.2.3. |
Comhréireacht na cabhrach | 22 |
|
3.2.4. |
Trédhearcacht | 25 |
|
3.2.5. |
Éifeachtaí díobhálacha diúltacha ar iomaíocht agus ar thrádáil a sheachaint | 26 |
|
3.2.6. |
Éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach a mheas (tástáil chothromúcháin) | 28 |
|
CUID II |
CATAGÓIRÍ CABHRACH | 30 |
|
CAIBIDIL 1. |
Cabhair i bhfabhar gnóthas atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil, próiseáil agus margaíocht táirgí | 30 |
|
1.1. |
Bearta amhail forbairt tuaithe | 30 |
|
1.1.1. |
Cabhair i gcomhair infheistíochta | 30 |
|
1.1.1.1. |
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta | 30 |
|
1.1.1.2. |
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta | 34 |
|
1.1.1.3. |
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta nó táirgí talmhaíochta a chur ar an margadh | 35 |
|
1.1.2. |
Cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta | 36 |
|
1.1.3. |
Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta | 36 |
|
1.1.4. |
Íocaíocht i leith gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide | 38 |
|
1.1.5. |
Cabhair le haghaidh tiomantais leasa ainmhithe | 40 |
|
1.1.6. |
Cabhair le haghaidh míbhuntáistí de thoradh ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar | 42 |
|
1.1.7. |
Cabhair le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta limistéar-shonracha eile le sárú acu | 43 |
|
1.1.8. |
Cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí | 43 |
|
1.1.9. |
Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht táirgeoirí táirgí talmhaíochta i scéimeanna cáilíochta | 45 |
|
1.1.10. |
Cabhair chun tacaíocht theicniúil a sholáthar in earnáil na talmhaíochta | 46 |
|
1.1.10.1. |
Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise | 46 |
|
1.1.10.2. |
Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha | 47 |
|
1.1.10.3. |
Cabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm | 49 |
|
1.1.11. |
Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na talmhaíochta | 49 |
|
1.2. |
Bainistíocht riosca agus géarchéime | 51 |
|
1.2.1. |
Cabhair chun an damáiste do tháirgeadh talmhaíochta nó do mhodh an táirgthe talmhaíochta a chúiteamh agus chun damáiste a chosc | 51 |
|
1.2.1.1. |
Cabhair chun an damáiste a dhéanann tubaiste nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a shlánú | 51 |
|
1.2.1.2. |
Cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha | 54 |
|
1.2.1.3. |
Cabhair do na costais a bhaineann le galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus inmhíolú speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a rialú agus a dhíothú agus cabhair chun an damáiste a rinne galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speicis choimhthíocha ionracha a shlánú | 56 |
|
1.2.1.4. |
Cabhair le haghaidh stoc a fuair bás | 58 |
|
1.2.1.5. |
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a chúiteamh | 59 |
|
1.2.1.6. |
Cabhair chun préimheanna árachais a íoc | 61 |
|
1.2.1.7. |
Cabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha | 61 |
|
1.3. |
Cineálacha eile cabhrach san earnáil talmhaíochta | 62 |
|
1.3.1. |
Cabhair chun acmhainneacht táirgeachta a dhúnadh | 62 |
|
1.3.1.1. |
Deireadh a chur le hacmhainneacht ar chúiseanna sláinte ainmhithe, plandaí nó sláinte an duine, sláinteachais, eiticiúla, comhshaoil nó ar chúiseanna aeráide | 62 |
|
1.3.1.2. |
Deireadh a chur le hacmhainneacht ar chúiseanna eile | 64 |
|
1.3.2. |
Cabhair chun gníomhaíochtaí feirmeoireachta a athlonnú | 64 |
|
1.3.3. |
Cabhair d’earnáil an bheostoic | 65 |
|
1.3.4. |
Cabhair le haghaidh bearta cur chun cinn i bhfabhar táirgí talmhaíochta | 66 |
|
1.3.5. |
Cabhair do na réigiúin is forimeallaí agus maidir leis na hOileáin bheaga Aeigéacha | 69 |
|
1.3.6. |
Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún talmhaíochta | 70 |
|
1.3.7. |
Cabhair le haghaidh taighde agus forbairt in earnáil na talmhaíochta | 70 |
|
CAIBIDIL 2. |
Cabhair le haghaidh earnáil na foraoiseachta | 71 |
|
2.1. |
Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus inmharthanacht foraoisí a fheabhsú | 72 |
|
2.1.1. |
Cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí | 72 |
|
2.1.2. |
Cabhair le haghaidh bunú, athghiniúint nó athchóiriú córas agrafhoraoiseachta | 74 |
|
2.1.3. |
Cabhair le haghaidh damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athchóiriú | 74 |
|
2.1.4. |
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachóras foraoisí | 75 |
|
2.1.5. |
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú | 76 |
|
2.1.6. |
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú na foraoiseachta | 76 |
|
2.1.7. |
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite i bhforaoisí | 76 |
|
2.1.8. |
Cabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha i bhforaoisí | 77 |
|
2.2. |
Cabhair i leith míbhuntáistí sonracha a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe i limistéir foraoise | 78 |
|
2.3. |
Cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí | 78 |
|
2.4. |
Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise in earnáil na foraoiseachta | 79 |
|
2.5. |
Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta | 80 |
|
2.6. |
Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na foraoiseachta | 80 |
|
2.7. |
Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta | 82 |
|
2.8. |
Cabhair eile le haghaidh earnáil na foraoiseachta lena mbaineann cuspóirí éiceolaíochta, cosanta agus áineasa | 83 |
|
2.8.1. |
Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí agus idirghabhálacha a bhaineann go sonrach leis an bhforaoiseacht agus é mar phríomhchuspóir rannchuidiú le héiceachóras agus bithéagsúlacht foraoise nó an tírdhreach traidisiúnta a chothabháil nó a aischur | 83 |
|
2.8.2. |
Cabhair chun cáilíocht na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú agus chun fás cothrom agus folláin crann a áirithiú in earnáil na foraoiseachta | 83 |
|
2.8.3. |
Cosáin nádúrtha, eilimintí agus gnéithe den tírdhreach agus gnáthóg nádúrtha d’ainmhithe in earnáil na foraoiseachta a athchóiriú agus a choinneáil ar bun | 84 |
|
2.8.4. |
Cabhair chun bóithre a chothabháil chun dóiteáin foraoise a chosc | 84 |
|
2.8.5. |
Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn i bhforaoisí de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú | 84 |
|
2.9. |
Cabhair in earnáil na foraoiseachta atá ailínithe le bearta cabhrach talmhaíochta | 185 |
|
2.9.1. |
Cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na foraoiseachta | 85 |
|
2.9.2. |
Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta | 87 |
|
CAIBIDIL 3. |
Cabhair i limistéir thuaithe a chómhaoiníonn CETFT nó a dheonaítear mar mhaoiniú náisiúnta breise d’idirghabhálacha cómhaoinithe den sórt sin | 87 |
|
CUID III. |
ÁBHAIR NÓIS IMEACHTA | 87 |
|
1. |
Fad na scéimeanna cabhrach agus na meastóireachta | 88 |
|
2. |
Foráil athbhreithnithe | 89 |
|
3. |
Tuairisciú agus faireachán | 89 |
|
4. |
Na Treoirlínte a Chur i bhFeidhm | 90 |
|
5. |
Tograí le haghaidh bearta iomchuí | 90 |
CUID I
FORÁLACHA COITEANNA
CAIBIDIL 1
Réamhrá
|
(1) |
Luaitear in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“an Conradh”), “(a)ch amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, aon chabhair a thabharfaidh Ballstát nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.” Cé go leagtar an prionsabal síos leis an gConradh go bhfuil toirmeasc ar Státchabhair, i gcásanna áirithe, féadfaidh cabhair den sórt sin bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagail 107(2) agus (3) den Chonradh. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh, i dtaca le Státchabhair le damáiste arna dhéanamh de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla laistigh d’earnáil na talmhaíochta agus na foraoiseachta a shlánú, tá Státchabhair den sórt sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún a bhreithniú i dtaca le Státchabhair chun forbairt eacnamaíoch earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta agus limistéar tuaithe a chur chun cinn, gur Státchabhair í atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ar choinníoll nach ndéanann cabhair den sórt sin difear do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 42 den Chonradh, níl feidhm ag na rialacha iomaíochta, lena n-áirítear rialacha maidir le Státchabhair, maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta ach amháin a mhéid a chinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a leagtar amach in Airteagal 39 den Chonradh á gcur san áireamh. |
|
(5) |
Sna Treoirlínte seo, leagann an Coimisiún na critéir síos chun an chabhair a shainaithint ar cabhair í a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 107(3) den Chonradh agus ar féidir iad a bhreithniú mar réimsí atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Maidir le cabhair a dheonaítear de bhun Airteagal 107(2), pointe (b) den Chonradh, leagtar amach leis na Treoirlínte seo na coinníollacha faoina mbeidh beart, ar cabhair é le damáiste arna dhéanamh de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a shlánú, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. |
|
(6) |
Tá Státchabhair chun forbairt eacnamaíoch earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta agus limistéar tuaithe a chur chun cinn leabaithe sa chomhbheartas talmhaíochta (“CBT”) níos leithne. Laistigh de CBT, soláthraíonn an tAontas tacaíocht airgeadais d’earnáil na talmhaíochta agus d’earnáil na foraoiseachta agus do limistéir thuaithe. Ós rud é nach n-athraíonn éifeachtaí eacnamaíocha na Státchabhrach ag brath ar pé acu atá nó nach bhfuil sí maoinithe (fiú i bpáirt) ag an Aontas, nó ag Ballstát as féin, measann an Coimisiún gur cheart go mbeadh comhsheasmhacht agus comhtháthú idir beartas an Choimisiúin i leith rialú Státchabhrach, agus an tacaíocht a dheonaítear faoi chomhbheartas talmhaíochta an Aontais féin. Dá bhrí sin, nuair a chuireann an Coimisiún na rialacha sna Treoirlínte seo maidir le scéimeanna cabhrach sonracha agus cabhair aonair i bhfeidhm, agus nuair a léirmhíníonn an Coimisiún na rialacha sin, cuireann sé rialacha CBT san áireamh. |
|
(7) |
Baineann ábharthacht ar leith leis na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais maidir le breithnithe i dtaca le Státchabhair a bhaineann le CBT:
|
|
(8) |
Tá CBT bunaithe ar dhá cholún (an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (“CERT”) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (“CETFT”)), lena soláthraítear, agus an dá cholún i gcomhar le chéile, sraith tacaíochta bhunúsach d’fheirmeoirí i limistéir thuaithe san Aontas, rud lena gcruthaítear na coinníollacha chun an fheirmeoireacht inbhuanaithe a choinneáil ar bun ar fud an Aontais. |
|
(9) |
I gcomhréir le hAirteagal 39(1) den Chonradh, is iad cuspóirí CBT táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú le haghaidh phobal na talmhaíochta, margaí a chobhsú, infhaighteacht soláthairtí a áirithiú agus a chinntiú go sroichfidh siad an tomhaltóir ar phraghsanna réasúnta. I gcomhréir le hAirteagal 39(2) den Chonradh, agus CBT á oibriú amach mar aon leis na modhanna speisialta chun é a chur i bhfeidhm, ní mór na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
|
|
(10) |
Agus é d’aidhm ag cuspóirí CBT tar éis 2020 tuilleadh feabhais a chur ar fhorbairt inbhuanaithe na feirmeoireachta, an bhia agus na limistéar tuaithe, dírítear leis na cuspóirí sin ar earnáil talmhaíochta a chothú a bheidh cliste, iomaíoch, athléimneach agus éagsúlaithe, lena n-áiritheofar slándáil fhadtéarmach bia, agus dírítear freisin ar thacaíocht a thabhairt do chosaint an chomhshaoil agus do ghníomhaíocht ar son an chomhshaoil agus an chosaint agus an ghníomhaíocht sin a neartú, ar rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil an Aontais a bhaint amach mar aon le cuspóirí dá chuid a bhaineann leis an aeráid agus ar chreatlach sóisea-eacnamaíoch na limistéar tuaithe a neartú. Déantar na cuspóirí ginearálta sin a chomhlánú leis an gcuspóir trasearnálach maidir leis an earnáil a nuachóiriú tríd an eolas, an nuálaíocht agus an digitiú a chothú agus a chomhroinnt sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i limistéir thuaithe, agus an glacadh atá leo a spreagadh. Déantar baint amach chuspóirí ginearálta CBT a shaothrú leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:
|
CAIBIDIL 2
Raon Feidhme agus Sainmhínithe
2.1. Éifeacht CBT ar raon feidhme an chur i bhfeidhm
|
(11) |
I gcomhréir le hAirteagal 42 den Chonradh, a mhéid a bhaineann sé le táirgí talmhaíochta as liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, níl feidhm ag na rialacha maidir le Státchabhair a leagtar síos in Airteagail 107, 108 agus 109 den Chonradh ach amháin a mhéid a chinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta a leagtar amach in Airteagal 39 den Chonradh á gcur san áireamh. |
|
(12) |
De bhun Airteagal 145(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 agus Airteagal 211(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, is infheidhme na rialacha maidir le Státchabhair i dtaca le táirgí talmhaíochta a tháirgeadh agus a thrádáil. Mar sin féin, tá maoluithe éagsúla ón bprionsabal ginearálta sin ann, a leagtar síos, i measc Airteagail eile, in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013, Airteagal 145(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, Airteagal 211(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 1144/2014. |
|
(13) |
Maidir le tacaíocht a dheonaítear faoi Rialachán (AE) 2021/2115, sonraítear in Airteagal 145(2) den Rialachán sin nach bhfuil feidhm ag rialacha maidir le Státchabhair i dtaca le tacaíocht a sholáthraíonn na Ballstáit de bhun an Rialacháin sin, agus i gcomhréir leis an Rialachán sin ná i dtaca le maoiniú náisiúnta breise laistigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, níl feidhm ag rialacha Státchabhrach maidir le cómhaoiniú na tacaíochta forbartha tuaithe (idir chuid CETFT agus an chuid náisiúnta) ná maidir le maoiniú náisiúnta breise le cois tacaíocht den sórt sin, ar choinníoll go mbaineann an idirghabháil atá i gceist le gníomhaíocht talmhaíochta a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh agus go ndéanann an ghníomhaíocht sin cuid de Phlean Straitéiseach CBT. |
|
(15) |
Mar sin féin, tá feidhm iomlán ag rialacha Státchabhrach maidir le gach idirghabháil chómhaoinithe (idir chuid CETFT agus an chuid náisiúnta) agus leis an maoiniú náisiúnta breise le haghaidh idirghabhálacha den sórt sin, atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh, ach a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115, is é sin le rá. sna cásanna seo a leanas: (a) idirghabhálacha a thacaíonn le gníomhaíochtaí sna limistéir thuaithe agus (b) idirghabhálacha in earnáil na foraoiseachta. |
|
(16) |
Tá feidhm ag rialacha Státchabhrach más rud é go mbeartaíonn Ballstát beart a mhaoiniú, ar beart é a ndéantar a mhórchuid a cheapadh i gcomhréir le coinníollacha a ghabhann le hidirghabháil forbartha tuaithe ar leith (“beart atá cosúil le forbairt tuaithe”) as cistí náisiúnta go heisiach (is é sin le rá, gan aon chómhaoiniú ó CETFT), gan beann ar cibé acu a thagann nó nach dtagann an beart faoi raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh seo. |
2.2. Raon feidhme
|
(17) |
Cuirfidh an Coimisiún na Treoirlínte seo i bhfeidhm maidir le scéimeanna cabhrach aonair agus le cabhair aonair. |
|
(18) |
Cuirfidh an Coimisiún na Treoirlínte seo i bhfeidhm maidir le Státchabhair le haghaidh táirgeadh príomhúil talmhaíochta, próiseáil táirgí talmhaíochta as a n-eascraíonn táirge talmhaíochta eile agus táirgí talmhaíochta a mhargú. |
|
(19) |
Bunaithe ar na breithnithe ginearálta a leagtar amach i Roinn 2.1 den Chuid seo, chun comhleanúnachas leis an mbeartas forbartha tuaithe a áirithiú agus chun tacú leis na rialacha Státchabhrach a chomhlíonadh, is iomchuí idirghabhálacha forbartha tuaithe áirithe a áireamh freisin, ar idirghabhálacha iad atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh, cibé acu is le CETFT a chómhaoinítear iad nó le maoiniú náisiúnta breise, mar aon le bearta ar cosúil le forbairt tuaithe iad a mhaoinítear as cistí náisiúnta go heisiach. Dá bhrí sin, i dteannta earnáil na talmhaíochta, leagtar amach leis na Treoirlínte seo na critéir chomhoiriúnachta maidir le Státchabhair d’earnáil na foraoiseachta agus maidir le cabhair do ghnóthais atá gníomhach i limistéir thuaithe atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh. |
|
(20) |
Agus anailís á déanamh ar Státchabhair agus ar a comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta maidir le Státchabhair a leagtar amach i gCuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, cuirfidh an Coimisiún san áireamh, a mhéid is féidir, na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2115 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme. |
|
(21) |
Tá na catagóirí cabhrach seo a leanas laistigh de raon feidhme na dTreoirlínte seo:
|
|
(22) |
Tá feidhm ag na Treoirlínte seo maidir le cabhair do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus i bprionsabal freisin d’fhiontair mhóra. Mar sin féin, is lú dochar a dhéanann teipeanna margaidh d’fhiontair mhóra ná mar a dhéanann do FBManna. Thairis sin, is dóichí go mbeidh fiontair mhóra in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe ina n-imreoirí suntasacha sa mhargadh agus, dá dhroim sin, i gcásanna sonracha, féadfar saobhadh áirithe a dhéanamh ar an iomaíocht agus ar an trádáil sa mhargadh inmheánach le cabhair a dheonaítear d’fhiontair mhóra. I dtaca le cabhair d’fhiontair mhóra in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe agus d’fhiontair mhóra eile, d’fhéadfadh an chabhair sin a bheith ina húdar le saobhadh comhchosúil ar an iomaíocht, agus dá bhrí sin, tá rialacha maidir le Státchabhair d’fhiontair mhóra sna Treoirlínte seo comhchuibhithe leis na rialacha ginearálta maidir le Státchabhair, agus tá siad faoi réir an mheasúnaithe comhoiriúnachta de bhun Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh mar a thuairiscítear i gCaibidil 3 den Chuid seo. Maidir le bearta cabhrach d’earnáil an bheostoic de bhun Chuid II, Roinn 1.3.1. de na Treoirlínte seo, ar bearta iad nach dtagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2021/2115, coimeádann an Coimisiún an beartas a bhí aige roimhe, is é sin, gur cheart d’fhiontair mhóra a bheith in ann costais na mbeart sin a mhaoiniú iad féin. Dá bhrí sin, ba cheart cabhair in earnáil an bheostoic z bheith teoranta do FBManna fós. |
|
(23) |
Tá gnóthais atá i gcruachás eisiata ó raon feidhme na dTreoirlínte seo, faoi réir na n-eisceachtaí a leagtar amach sa phointe seo. Nuair atá gnóthas i gcruachás airgeadais, toisc go bhfuil baol ann go dtiocfaidh deireadh leis an ngnóthas ar fad, measann an Coimisiún nach féidir a bhreithniú gur meán iomchuí é chun cuspóirí eile a bhaineann le beartas poiblí a chur chun cinn ach amháin go dtí go ndearbhófar inmharthanacht an ghnóthais sin. Dá bhrí sin, i gcás inar gnóthas atá i gcruachás é tairbhí na cabhrach mar a shainmhínítear i bpointe (33)63, déanfar measúnú ar an gcabhair i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (7). Mar sin féin, i dtaca leis an bprionsabal nach soláthrófar Státchabhair do ghnóthais atá i gcruachás airgeadais, níl feidhm ag an bprionsabal sin maidir le cabhair chúitimh le haghaidh damáiste arna dhéanamh de dheasca tubaistí nádúrtha agus tarluithe eisceachtúla dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 1.2.1.1 agus 2.1.3, ar choinníoll go mbeidh an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh. Más rud é gur é an teagmhas priacail dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 1.2.1.2, 1.2.1.3, 1.2.1.5, 2.1.3, 2.8.1 nó 2.8.5 ba chúis leis na deacrachtaí airgeadais atá ag gnóthas atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta, féadfar cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as na caillteanais nó an damáiste de dheasca na dteagmhas priacail sin agus cabhair chun na costais a chumhdach a bhaineann le díothú lotnaidí plandaí a dheonú i gcomhréir leis na Treoirlínte seo mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh. Ina theannta sin, ar chúiseanna cosanta sláinte poiblí agus i ngeall ar an staid éigeandála a bhaineann leis na cineálacha cabhrach sin, níor cheart staid eacnamaíoch gnóthais a chur san áireamh a mhéid a bhaineann le cabhair chun stoc a fuair bás a scriosadh agus a bhaint, mar a leagtar amach i gCuid II, Roinn 1.2.1.4, ná maidir le cabhair i dtaca le bearta coisc, rialaithe agus díothaithe i gcás galar ainmhithe agus lotnaidí plandaí dá dtagraítear i bpointí ((370)) agus ((371)) i gCuid II, Roinn 1.2.1.3. Thairis sin, níl feidhm ag an bprionsabal sin maidir le gníomhaíochtaí faisnéise dá dtagraítear i Cuid II, Ranna 1.1.10.1 agus 2.4 ná maidir le bearta cur chun cinn ar bearta iad lena mbaineann saintréithe cineálacha, mar a leagtar amach i gCuid II., Roinn 1.3.4. |
|
(24) |
I dtaca le cabhair i bhfabhar táirgí talmhaíochta de réir bhrí Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Comhaontú Talmhaíochta EDT, atá ina fóirdheontas onnmhairiúcháin mar a shainmhínítear leis an gComhaontú sin, tá cabhair den sórt sin eisiata ó raon feidhme na dTreoirlínte seo. Ar an gcaoi chéanna, i dtaca le cabhair i bhfabhar táirgí den sórt sin, atá ina dtacaíocht le maoiniú onnmhairiúcháin a sholáthraíonn rialtas nó aon chomhlacht poiblí laistigh de raon feidhme Chinneadh EDT an Aire maidir le hIomaíocht Onnmhairiúcháin an 19 Nollaig 2015 (8), tá an chabhair sin eisiata ó raon feidhme na dTreoirlínte seo, más rud é nach gcomhlíonann sé ceanglais ábhartha mhír 15 den Chinneadh sin maidir le téarmaí uasta aisíocaíochta agus féinmhaoiniúcháin. |
|
(25) |
Cuirfidh an Coimisiún an méid cabhrach atá le gnóthú fós san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar chabhair a dheonaítear do ghnóthas atá faoi réir ordú gnóthaithe gan íoc tar éis cinneadh roimhe sin ón gCoimisiún lena ndearbhaítear go bhfuil cabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach (9). Níl feidhm aige sin maidir le cabhair chun an damáiste a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha agus tarluithe eisceachtúla faoi Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh a shlánú agus maidir le cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe a chosc, a rialú agus a dhíothú dá dtagraítear i bpointí (370) agus (371) i gCuid II, Roinn 1.2.1.3. |
|
(26) |
Meabhraítear do na Ballstáit gur cheart fógra a thabhairt maidir leis an gcóras maoiniúcháin, mar shampla, trí thobhaigh pharaifhioscacha, nuair a dhéanann an córas cuid lárnach den bheart cabhrach (10). |
|
(27) |
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar aon bheart cabhrach nach gcumhdaítear leis na Treoirlínte seo ná le haon riail ábhartha eile maidir le Státchabhair ar bhonn cás ar chás go díreach ar bhonn Airteagal 107(2,), pointe (b) agus Airteagal 107(3) den Chonradh, agus é ag cur san áireamh na rialacha a leagtar síos in Airteagail 107, 108 agus 109 den Chonradh, in CBT agus de réir analaí, sna Treoirlínte seo, i gcás inar féidir. Na Ballstáit a thugann fógra faoi státchabhair nach gcumhdaítear leis na Treoirlínte seo, beidh orthu a léiriú go bhfuil an státchabhair atá i gceist comhoiriúnach le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh mar a leagtar amach i gCaibidil 3 den Chuid seo de na Treoirlínte seo. Ní fhormheasfaidh an Coimisiún bearta den sórt sin ach amháin más rud é gur léir gur mó an rannchuidiú deimhneach le forbairt na hearnála ná na priacail go ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach agus an éifeacht ar an trádáil idir na Ballstáit. |
|
(28) |
Chun cabhair a dheonú i dTuaisceart Éireann, i gcás ina gceanglaítear le beart go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2115, ní mór faisnéis choibhéiseach a sholáthar san fhógra don Choimisiún de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh. |
2.3. Rialacha cothrománacha agus ionstraimí cabhrach is infheidhme maidir le hearnáil na talmhaíochta agus le hearnáil na foraoiseachta agus le limistéir thuaithe
|
(29) |
I bprionsabal, chun rialacha Státchabhrach a chuíchóiriú agus i ngeall ar na cosúlachtaí idir gnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe agus gnóthais eile, is infheidhme maidir leis na hearnálacha a chumhdaítear leis na Treoirlínte seo iad na hionstraimí Státchabhrach ginearálta lena leagtar síos na critéir maidir le comhoiriúnacht na cabhrach. Baineann sé sin go háirithe leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu (11), leis an gCreat le haghaidh Státchabhrach um an taighde, an fhorbairt agus an nuálaíocht (12), Treoirlínte 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh (13), an Teachtaireacht ón gCoimisiún – Treoirlínte an Aontais maidir le cur i bhfeidhm na rialacha Státchabhrach i dtaca le himlonnú ghasta líonraí leathanbhanda (14), na Treoirlínte maidir le Státchabhair chun infheistíochtaí airgeadais a chur chun cinn (15), an Teachtaireacht ón gCoimisiún — Critéir chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht Státchabhrach le haghaidh oiliúint faoi réir fógra aonair (16), an Teachtaireacht ón gCoimisiún — Critéir chun anailís a dhéanamh ar chomhoiriúnacht Státchabhrach d’oibrithe faoi mhíbhuntáiste agus faoi mhíchumas faoi réir fógra aonair (17) agus na hionstraimí a bhaineann le seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (18). |
|
(30) |
Tá feidhm ag na hionstraimí cothrománacha dá dtagraítear i bpointe (29) maidir le táirgeadh agus próiseáil táirgí talmhaíochta agus iad a mhargú ach amháin i gcás ina bhforálfar rialacha sonracha leis na Treoirlínte sin. Foráiltear leis na Treoirlínte seo maidir le rialacha sonracha a bhaineann le bearta i dtaca le cabhair chomhshaoil, amhail cabhair i dtaca le gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide agus le leas ainmhithe (Cuid II, Ranna 1.1.4 agus 1.1.5), cabhair i dtaca le míbhuntáistí a eascraíonn as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar (Cuid II, Roinn 1.1.6) agus cabhair i dtaca le feirmeoireacht orgánach (Cuid II, Roinn 1.1.8). Maidir le cabhair i dtaca le hinfheistíochtaí chun cuspóirí comhshaoil a shaothrú sa réimse maidir le táirgeadh príomhúil talmhaíochta, déantar meastóireacht ar an gcabhair sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i gCuid II, Roinn 1.1.1.1. Maidir le cabhair um chosaint i bhfabhar gnóthas atá gníomhach i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus i dtáirgí talmhaíochta a mhargú, is féidir í a bhreithniú ina cabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh más rud é go gcomhlíonann an chabhair coinníollacha Threoirlínte 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh. Maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh, i mbithbhreoslaí agus i bhfuinneamh as foinsí in-athnuaite, eisiatar an chabhair sin ó raon feidhme Chuid II, Caibidlí 2 agus 3, toisc gur cheart don chabhair sin Treoirlínte 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh a chomhlíonadh, ach amháin más rud é go bhfuil an chabhair díolmhaithe ón oibleagáid le fógra a thabhairt. Mar sin féin, maidir le cabhair i dtaca le hinfheistíochtaí atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta a bhaineann le táirgeadh fuinnimh ó acmhainní in-athnuaite nó le táirgeadh bithbhreoslaí ar ghabháltais, is féidir leis an gcabhair sin teacht faoi raon feidhme na dTreoirlínte seo, ar choinníoll nach sáraíonn an táirgeadh sin meánídiú bliantúil bhreoslaí nó fhuinneamh an ghabháltais talmhaíochta atá i gceist (Cuid II, Roinn 1.1.1.1). |
|
(31) |
I dtaca leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach (19) níl feidhm acu maidir le cabhair chun táirgí príomhúla talmhaíochta a tháirgeadh i ngeall ar shainiúlachtaí na hearnála. Tá feidhm acu, áfach, maidir le próiseáil táirgí talmhaíochta agus maidir le táirgí talmhaíochta a mhargú a mhéid a leagtar amach sna Treoirlínte seo. |
|
(32) |
Féadfaidh idir na rialacha Státchabhrach ginearálta agus na forálacha níos sonraí de na Treoirlínte seo a bheith ag baint le gnóthais atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta nó i limistéir thuaithe. I gcás inarb infheidhme, maidir le cabhair do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta nó i limistéir thuaithe, féadfar a chinneadh go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach faoi na coinníollacha agus i gcomhréir le rialacha ginearálta an Aontais maidir le Státchabhair freisin (go háirithe, na Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach, an Creat le haghaidh Státchabhrach um an taighde, an fhorbairt agus an nuálaíocht agus Treoirlínte 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, don chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh). |
2.4. Sainmhínithe
|
(33) |
Chun críocha na dTreoirlínte seo:
|
2.5. Cabhair is infhógartha
|
(34) |
I gcás ina gcomhlíonfar coinníollacha Airteagal 107(1) den Chonradh, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh. Níor cheart do na Ballstáit an beart atá beartaithe a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh cinneadh críochnaitheach mar thoradh ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt dá dtagraítear in Airteagal 108(2) den Chonradh, cé is moite de bhearta a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/2472. |
|
(35) |
Maidir le cabhair aonair a dheonaítear ar bhonn scéim cabhrach, tá an chabhair sin fós faoi réir na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh, más rud é go sáraíonn an chabhair na tairseacha seo a leanas i ndáil le fógra:
|
CAIBIDIL 3
Measúnú comhoiriúnachta de bhun Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh
|
(36) |
Ar bhonn Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil Státchabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, is é sin cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe a éascú, i gcás nach n-athróidh an chabhair sin dálaí trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann. |
|
(37) |
Dá dhroim sin, chun a mheasúnú cibé acu an féidir Státchabhair le haghaidh na talmhaíochta, na foraoiseachta agus limistéir thuaithe a bhreithniú ina Státchabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, cinnfidh an Coimisiún cibé acu a éascaíonn nó nach n-éascaíonn an beart cabhrach le forbairt gníomhaíochta eacnamaíche áirithe (an chéad choinníoll), agus cibé acu a dhéanann nó nach ndéanann cabhair den sórt sin dochar do dhálaí trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann (an dara coinníoll). |
|
(38) |
Sa Roinn seo, soiléiríonn an Coimisiún an bealach a dhéanfaidh sé an measúnú comhoiriúnachta. Leagann sé critéir chomhoiriúnachta ghinearálta síos agus, i gcás inarb infheidhme, leagann sé amach coinníollacha sonracha síos le haghaidh scéimeanna cabhrach agus coinníollacha breise i dtaca le cabhair aonair atá faoi réir na hoibleagáide i ndáil le fógra a thabhairt. |
|
(39) |
Chun an measúnú a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (37), breithneoidh an Coimisiún na gnéithe seo a leanas:
|
|
(40) |
Féadfar cothromaíocht fhoriomlán catagóirí scéimeanna áirithe a chur faoi réir ceanglas meastóireachta ex post mar a thuairiscítear i bpointí (639) go (645). Sna cásanna sin, féadfaidh an Coimisiún teorainn a chur le fad na scéimeanna sin (bíonn teorainn 4 bliana nó níos lú leo de ghnáth) agus an fhéidearthacht ann fógra a thabhairt an athuair faoi fhadú na scéimeanna sin dá éis sin. |
|
(41) |
Tá feidhm ag na critéir chomhoiriúnachta ghinearálta sin maidir le gach cabhair a chumhdaítear leis na Treoirlínte seo, mura bhforáiltear do mhaoluithe i Ranna 3.1 agus 3.2 den Chuid seo, i ngeall ar bhreithnithe áirithe is infheidhme in earnáil na talmhaíochta. |
3.1. An chéad choinníoll: déanann cabhair forbairt gníomhaíochta eacnamaíche a éascú
3.1.1. Gníomhaíocht eacnamaíoch dá dtugtar cabhair
|
(42) |
Ar bhonn na faisnéise a chuirfidh an Ballstát ar fáil, sainaithneoidh an Coimisiún an ghníomhaíocht eacnamaíoch a mbeidh an beart ar tugadh fógra ina leith ag tacú léi. |
|
(43) |
Ní mór don Bhallstát a léiriú gurb é is aidhm don chabhair forbairt na gníomhaíochta eacnamaíche sainaitheanta a éascú. |
|
(44) |
Ní mór do na Ballstáit tuairisc a thabhairt freisin an rannchuideoidh an chabhair le cuspóirí CBT a bhaint amach agus, má rannchuideoidh, conas a rannchuideoidh sí, agus laistigh den bheartas sin maidir le cuspóirí Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach agus tuairisc níos sonraí a thabhairt ar na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo ón gcabhair. |
|
(45) |
Measann an Coimisiún gur féidir le cabhair i bhfabhar beart bainistithe riosca agus beart bainistithe géarchéime arna ndeonú i gcomhréir le Cuid II, Roinn 1.2. de na Treoirlínte seo forbairt na gníomhaíochta nó an limistéir eacnamaíoch shainaitheanta a éascú, ós rud é nach bhféadfar forbairt den sórt sin a dhéanamh a mhéid céanna gan chabhair. |
Coinníollacha breise le haghaidh cabhair is infhógartha go haonarach ar bhonn scéime
|
(46) |
Nuair atá cabhair á dámhachtain ar thionscadail infheistíochta is infhógartha go haonarach ar bhonn scéime, dá dtagraítear i bpointe (35), ní mór don údarás deonúcháin a léiriú go rannchuideoidh an tionscadal roghnaithe le cuspóir na scéime agus dá bhrí sin le cuspóirí na cabhrach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit féachaint ar an bhfaisnéis a thugann an t-iarratasóir ar chabhair i gcás inar gá tuairisc a thabhairt ar éifeachtaí dearfacha na hinfheistíochta. |
3.1.2. Éifeacht dreasachta
|
(47) |
Maidir le cabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, ní féidir a chinneadh gur cabhair í atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, ach amháin más rud é go bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair sin. Tá éifeacht dreasachta ann nuair a athraíonn an chabhair iompraíocht gnóthais ar bhealach go dtugann sé faoi ghníomhaíocht bhreise, a rannchuidíonn le forbairt na hearnála agus nach mbeadh déanta aige gan an chabhair nó nach mbeadh déanta aige ach ar bhealach sriantach nó éagsúil. Ní mór, áfach, nach bhfóirdheonaítear costais ghníomhaíochta leis an gcabhair, a bheadh tabhaithe ag gnóthas in aon chás, agus ní mór nach cúiteamh atá inti as an ngnáthriosca gnó a bhaineann le gníomhaíocht eacnamaíoch. |
|
(48) |
Mura ndéantar foráil go sainráite maidir le heisceachtaí i reachtaíocht an Aontais nó sna Treoirlínte seo, i dtaca le bearta Státchabhrach arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar staid airgeadais gnóthas, agus sin amháin, ach nach bhfuil ina rannchuidiú ar bhealach ar bith le forbairt na hearnála, agus go háirithe cabhair nach ndeonaítear ach amháin ar bhonn an phraghais, na cainníochta, an aonaid táirgeachta nó aonad an mhodha táirgeachta, meastar gur cabhair oibriúcháin iad na bearta sin atá neamh-chomhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Ina theannta sin, i ngeall ar chineál na cabhrach sin, is dócha go gcuirfidh cabhair den sórt sin isteach ar na sásraí lena rialaítear eagrú an mhargaidh inmheánaigh. |
|
(49) |
Ba cheart cabhair a dheonaítear faoi Chuid II, Ranna 1.2 agus 2.8.5 a bheith teoranta do chuidiú a thabhairt do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta a bhfuil deacrachtaí éagsúla le sárú acu d’ainneoin iarrachtaí réasúnta a bheith déanta acu chun priacail den sórt sin a íoslaghdú. Níor cheart é a bheith d’éifeacht le Státchabhair gnóthais a mhealladh chun rioscaí neamhriachtanacha a ghlacadh. Ba cheart do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta a bheith freagrach iad féin as na hiarmhairtí a bhaineann le roghanna místuama a dhéanamh i dtaca le modhanna táirgeachta nó táirgí. |
|
(50) |
Ar na cúiseanna a mhínítear i bpointe (47), measann an Coimisiún nach dreasacht í cabhair don tairbhí i gcás ar bith ina mbeidh obair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht ábhartha tosaithe roimh an iarratas ar chabhair ag an tairbhí do na húdaráis náisiúnta. |
|
(51) |
I dtaca leis an iarratas ar chabhair, ní mór ainm an iarratasóra agus méid an ghnóthais a bheith ann ar a laghad, tuairisc ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht, lena n-áirítear a shuíomh agus na dátaí tosaigh agus deiridh, an méid cabhrach is gá chun é a dhéanamh agus na costais incháilithe. |
|
(52) |
Ina theannta sin, ní mór d’fhiontair mhóra tuairisc a thabhairt san iarratas ar an staid gan an chabhair, arb é an cás dá ngairtear an staid fhrithfhíorasach nó tionscadal nó gníomhaíocht mhalartach agus fianaise dhoiciméadach a chur isteach chun tacú leis an gcás fhrithfhíorasach ar a dtugtar tuairisc san iarratas. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le bardais, ar údaráis áitiúla fhéinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir. |
|
(53) |
Nuair a fhaightear iarratas, déanfaidh an t-údarás deonúcháin seiceáil um inchreidteacht ar an gcás frithfhíorasach agus deimhneoidh go mbíonn an éifeacht dreasachta is gá ag an gcabhair. Bíonn cás frithfhíorasach inchreidte má bhíonn sé fíor agus má bhaineann sé leis na tosca cinnteoireachta atá forleathan tráth an chinnidh ag an tairbhí maidir leis an tionscadal nó gníomhaíocht lena mbaineann. |
|
(54) |
Cabhair atá i bhfoirm buntáistí cánach, meastar go bhfuil éifeacht dreasachta ag an gcabhair sin más rud é go mbunaíonn an scéim cabhrach ceart chun na cabhrach i gcomhréir le critéir oibiachtúla agus gan discréid a bheith á feidhmiú a thuilleadh ag an mBallstát agus más rud é gur glacadh an scéim cabhrach agus go raibh an scéim i bhfeidhm sular cuireadh tús le hobair ar an tionscadal nó ar an ngníomhaíocht a fhaigheann cabhair. Níl feidhm ag an gceanglas deiridh sin i gcás scéimeanna comharbachta fioscacha, ar choinníoll gur cumhdaíodh an ghníomhaíocht cheana leis na scéimeanna a bhí ann roimhe sin i bhfoirm buntáistí cánach. |
|
(55) |
De mhaolú ar phointí (50) go (54), ní gá éifeacht dreasachta a bheith ag na catagóirí cabhrach seo a leanas nó meastar go bhfuil éifeacht dreasachta acu:
|
Coinníollacha breise le haghaidh cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach
|
(56) |
I dteannta na gceanglas a leagtar amach sa Roinn seo, le haghaidh cabhair aonair infheistíochta is infhógartha go haonarach, ní mór don Bhallstát fianaise shoiléir a sholáthar go bhfuil tionchar éifeachtach ag an gcabhair ar an rogha infheistíochta. Chun go mbeifear in ann measúnú cuimsitheach a dhéanamh, ní mór don Bhallstát tuairisc chuimsitheach ar an gcás frithfhíorasach, nach ndeonaíonn aon údarás poiblí aon chabhair don tairbhí ann, a sholáthar anuas ar an bhfaisnéis a bhaineann leis an tionscadal a fhaigheann cabhair. |
|
(57) |
Iarrtar ar na Ballstáit tarraingt as fíordhoiciméid oifigiúla bhoird, amhail measúnuithe riosca, lena n-áirítear an measúnú ar rioscaí a bhaineann le suíomh sonrach, tuarascálacha airgeadais, pleananna gnó inmheánacha, tuairimí saineolacha agus staidéir eile a bhaineann leis an tionscadal atá á mheasúnú. Ní mór baint chomhaimseartha a bheith ag na doiciméid sin leis an bpróiseas cinnteoireachta a bhaineann leis an infheistíocht nó le suíomh na hinfheistíochta. Doiciméid ina bhfuil faisnéis ar réamhaisnéisí éilimh, réamhaisnéisí costais, réamhaisnéisí airgeadais, doiciméid a chuirtear faoi bhráid coiste infheistíochta agus lena dtugtar míniú mionsonraithe ar chásanna infheistíochta éagsúla, nó doiciméid a sholáthraítear do na hinstitiúidí airgeadais, is doiciméid iad a d’fhéadfadh cuidiú leis na Ballstáit chun an éifeacht dreasachta a léiriú. |
|
(58) |
Sa chomhthéacs sin, féadfar meastóireacht a dhéanamh ar an leibhéal brabúsachta trí úsáid a bhaint as modhanna ar cuid den chleachtas caighdeánach iad san earnáil lena mbaineann agus lena bhféadfaí modhanna a áireamh ar modhanna iad chun meastóireacht a dhéanamh ar ghlanluach reatha (NPV) (29) an tionscadail, ar an ráta toraidh inmheánach (IRR) (30) nó ar an meántoradh ar chaipiteal a úsáidtear (ROCE). Tá brabúsacht an tionscadail le cur i gcomparáid leis na gnáthrátaí toraidh a chuireann an tairbhí i bhfeidhm i dtionscadail infheistíochta eile de chineál comhchosúil. I gcás nach mbeidh na rátaí sin ar fáil, tá brabúsacht an tionscadail le cur i gcomparáid le costais chaipiteal an ghnóthais ina iomláine nó leis na rátaí toraidh a fheictear go coitianta san earnáil lena mbaineann. |
|
(59) |
I gcás nach eol aon chás frithfhíorasach sonrach, féadfar glacadh leis gurb ann don éifeacht dreasachta nuair atá bearna cistithe ann. Is é sin nuair is mó na costais infheistíochta ná NPV bhrabúis oibriúcháin ionchasacha na hinfheistíochta ar bhonn phlean gnó ex ante. |
|
(60) |
Más rud é nach n-athraítear iompraíocht an tairbhí leis an gcabhair trí infheistíocht bhreise a spreagadh, níl aon éifeachtaí dearfacha ann maidir leis an earnáil lena mbaineann a fhorbairt. Dá bhrí sin, ní bhreithneofar gur comhoiriúnach cabhair leis an margadh inmheánach más rud é gur cosúil go saothrófaí an infheistíocht chéanna fós gan an chabhair. |
3.1.3. Ní dhéantar aon sárú ar fhorálacha ábhartha ná ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais
|
(61) |
Más rud é go mbaineann sárú ar dhlí ábhartha an Aontais le beart Státchabhrach, leis na coinníollacha atá ag gabháil leis, lena n-áirítear a modh maoiniúcháin nuair is cuid lárnach den bheart Státchabhrach é, nó má bhaineann sárú ar dhlí ábhartha an Aontais leis an ngníomhaíocht a mhaoinítear leis an ngníomhaíocht, ní féidir a dhearbhú go bhfuil an chabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach (31). |
|
(62) |
I ngeall ar shainiúlacht earnáil na talmhaíochta (32), cé go bhfuil rialacha Státchabhrach infheidhme go ginearálta maidir leis an earnáil sin, tá cur i bhfeidhm na rialacha sin fós faoi réir na bhforálacha a leagtar síos i rialacháin an chéad cholúin de CBT dá ainneoin sin. I mbeagán focal, ní féidir tosaíocht a thabhairt don leas a fhéadfaidh na Ballstáit a bhaint as bearta Státchabhrach thar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (33). Dá bhrí sin, ní údaróidh an Coimisiún Státchabhair nach bhfuil comhoiriúnach leis na forálacha lena rialaítear comheagrú an mhargaidh nó a chuirfeadh isteach ar dhea-oibriú na comheagraíochta. |
|
(63) |
Ina theannta sin, ní féidir a dhearbhú go bhfuil státchabhair comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcás ina bhfuil dámhachtain na cabhrach faoi réir na hoibleagáide atá ar an ngnóthas is tairbhí táirgí nó seirbhísí náisiúnta a úsáid, agus maidir le cabhair lena gcuirtear srian ar an bhféidearthacht atá ag an ngnóthas is tairbhí na torthaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a shaothrú i mBallstáit eile. |
|
(64) |
Ní údaróidh an Coimisiún cabhair do ghníomhaíochtaí lena mbaineann onnmhairiú chuig tríú tíortha nó Ballstáit atá nasctha go díreach leis na cainníochtaí a onnmhairítear, cabhair a bhraitheann ar úsáid earraí intíre seachas allmhairithe, nó cabhair chun líonra dáileacháin a bhunú agus a oibriú nó chun aon chaiteachas eile atá nasctha le gníomhaíochtaí onnmhairiúcháin a chumhdach. Cabhair maidir le costais rannpháirtíochta in aontaí trádála, nó staidéir nó seirbhísí comhairliúcháin atá ag teastáil chun táirge nua nó chun táirge atá ann cheana a sheoladh ar mhargadh nua, ní cabhair le haghaidh onnmhairiúcháin í i bprionsabal. |
3.2. An dara coinníoll: níl tionchar diúltach ag an gcabhair ar dhálaí trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann
|
(65) |
De bhun Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, féadfar a dhearbhú go bhfuil cabhair áirithe comhoiriúnach, is é sin cabhair chun forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, ach nach bhféadfar déanamh amhlaidh ach amháin “i gcás nach n-athróidh an chabhair sin dálaí trádála a mhéid a bheadh bunoscionn leis an leas comhchoiteann”. |
|
(66) |
Leis an Roinn seo leagtar amach modh fheidhmiú discréide an Choimisiúin maidir leis an measúnú a dhéanamh faoin dara coinníoll den mheasúnú comhoiriúnachta dá dtagraítear i pointe (39)(b). |
|
(67) |
I ngeall ar a bhfuil i gceist leis, gineann aon bheart cabhrach saobhadh ar an iomaíocht agus tá éifeacht aige ar an trádáil idir na Ballstáit. Mar sin féin, chun a shuí cibé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh atá iarmhairtí saobhacha na cabhrach teoranta don íosmhéid, fíoróidh an Coimisiún cibé acu is gá, is iomchuí, is comhréireach agus is trédhearcach í an chabhair. |
|
(68) |
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ansin ar iarmhairt shaobhach na cabhrach atá i gceist ar an iomaíocht agus ar dhálaí trádála. Déanfaidh an Coimisiún comhardú ansin ar éifeachtaí dearfacha na cabhrach lena hiarmhairtí diúltacha ar an iomaíocht agus ar an trádáil. I gcás inar mó na héifeachtaí dearfacha ná na hiarmhairtí diúltacha, dearbhóidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair comhoiriúnach. |
|
(69) |
I dtaca le comhlíontacht na cabhrach le coinníollacha a leagtar síos i Ranna 3.2.1 go 3.2.5 den Chaibidil seo, ní mór an chomhlíontacht sin a fheiceáil i gcomhthéacs sonrach CBT. |
3.2.1. An gá atá le hidirghabháil Stáit
|
(70) |
Chun a mheasúnú cibé acu is gá nó nach gá Státchabhair chun an toradh atá beartaithe a bhaint amach, is gá an fhadhb a dhiagnóisiú ar dtús. Ní mór Státchabhair a spriocdhíriú ar chásanna inar féidir leis an gcabhair forbairt ábhartha a dhéanamh nach féidir leis an margadh féin a sholáthar, mar shampla, trí theip mhargaidh a leigheas i dtaca leis an ngníomhaíocht a fhaigheann cabhair nó leis an infheistíocht atá i gceist. Is féidir go deimhin le bearta Státchabhrach, faoi dhálaí faoi leith, teipeanna margaidh a cheartú, ag rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil na margaí agus ag feabhsú na hiomaíochta dá bharr. |
|
(71) |
Chun críocha na dTreoirlínte seo, measann an Coimisiún nach bhfuil na cuspóirí ionchasacha á mbaint amach ag an margadh gan idirghabháil ón Stát a bhaineann leis na bearta cabhrach lena gcomhlíontar na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gCuid I. Dá bhrí sin, ba cheart a mheas gur gá cabhair den sórt sin. |
3.2.2. Oiriúnacht na cabhrach
|
(72) |
Is gá gur ionstraim beartais iomchuí a bheadh sa bheart cabhrach a bheartaítear chun aghaidh a thabhairt ar an gcuspóir beartais lena mbaineann. Tá sé tábhachtach a choinneáil in aigne go mb’fhéidir gurb ann d’ionstraimí eile is fearr chun na cuspóirí sin a bhaint amach amhail rialáil, ionstraimí margadhbhunaithe, forbairt bonneagair agus feabhas sa timpeallacht ghnó. Chuige sin, ní mór don Bhallstát a léiriú go bhfuil an chabhair agus dearadh na cabhrach iomchuí chun cuspóir an bhirt ar a bhfuil an chabhair dírithe a bhaint amach. |
Oiriúnacht i measc ionstraimí beartais malartacha
|
(73) |
Measann an Coimisiún gur ionstraim beartais iomchuí í cabhair a dheonaítear in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta, lena gcomhlíontar na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna Codanna ábhartha de Chuid II. |
|
(74) |
I gcás ina gcinnfidh Ballstát beart cabhrach a chur i bhfeidhm ar beart é atá cosúil le forbairt tuaithe agus a mhaoinítear as cistí náisiúnta go heisiach, nuair a dhéantar foráil maidir leis an idirghabháil chéanna an tráth céanna i bPlean Straitéiseach ábhartha CBT, ba cheart don Bhallstát na buntáistí a bhaineann le hionstraim cabhrach náisiúnta den sórt sin a léiriú i gcomparáid leis an idirghabháil de chuid an Phlean Straitéiseach CBT atá i gceist. |
Oiriúnacht i measc ionstraimí cabhrach difriúla
|
(75) |
Is iomaí foirm cabhrach is féidir a dheonú. Ba cheart don Bhallstát a áirithiú áfach go ndeonófar an chabhair san fhoirm is dóichí a ghinfidh an saobhadh is lú ar an trádáil agus ar an iomaíocht. |
|
(76) |
I gcás ina leagfar cineál sonrach amach le haghaidh beart cabhrach mar a thuairiscítear i gCuid II, meastar gur ionstraim cabhrach iomchuí an fhoirm sin chun críche na dTreoirlínte seo. |
|
(77) |
I gcás ina ndeonaítear an chabhair don tairbhí deiridh i bhfoirm seirbhíse fóirdheonaithe, i.e. go hindíreach, ar cabhair chomhchineáil í, agus ina n-íoctar an chabhair le soláthraí na seirbhíse nó na gníomhaíochta i gceist, beidh feidhm ag an measúnú comhoiriúnachta de bhun Airteagal 107(3), pointe (c) den Chonradh mar a leagtar amach sa Chuid seo agus ag coinníollacha sonracha na dTreoirlínte seo maidir leis an tairbhí deiridh. |
|
(78) |
Measann an Coimisiún gur ionstraim cabhrach iomchuí í cabhair a dheonaítear san fhoirm dá bhforáiltear sna hidirghabhálacha forbartha tuaithe, a chómhaoinítear le CETFT nó a dheonaítear mar mhaoiniú breise le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe cómhaoinithe den sórt sin. |
|
(79) |
Maidir le cabhair infheistíochta nach n-áirítear i bPlean Straitéiseach CBT nó mar mhaoiniú breise le haghaidh idirghabháil forbartha tuaithe den sórt sin, i gcás ina ndeonófar an chabhair i bhfoirmeacha a sholáthraíonn buntáiste airgid díreach (mar shampla, deontais, díolúintí nó laghduithe díreacha i gcánacha, slándáil shóisialta nó muirir éigeantacha eile), ní mór don Bhallstát a léiriú cén fáth nach bhfuil foirmeacha cabhrach, nach bhfuil chomh saobhach sin, b’fhéidir, amhail airleacain inaisíoctha nó foirmeacha cabhrach atá bunaithe ar ionstraimí fiachais nó cothromais (mar shampla, iasachtaí ar ús íseal nó fóirdheontais úis, ráthaíochtaí stáit, nó soláthar malartach caipitil ar théarmaí fabhracha) chomh hiomchuí sin. |
|
(80) |
A mhéid a bhaineann le bearta foraoiseachta dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 2.8, ní mór do na Ballstáit a léiriú, i dtaca leis na cuspóirí a bhfuil sé d’aidhm acu a bhaint amach ó thaobh na héiceolaíochta, na cosanta agus an áineasa, nach féidir leo na cuspóirí sin a bhaint amach leis na bearta foraoiseachta atá cosúil le forbairt tuaithe agus dá dtagraítear i gCuid II, Caibidlí 2.1 go 2.7. |
|
(81) |
I gcás roinnt catagóirí cabhrach, amhail cabhair i dtreo na gcostas a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde margaidh, ceapadh agus dearadh táirgí agus cabhair chun iarratais a ullmhú chun go n-aithneofar scéimeanna cáilíochta, cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus faisnéise, cabhair le haghaidh seirbhísí comhairliúcháin, cabhair le haghaidh seirbhísí athsholáthair feirme, cabhair le haghaidh bearta cur chun cinn, cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as na costais a bhaineann le galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speicis choimhthíocha ionracha a chosc agus a dhíothú, ní mór an chabhair a dheonú do thairbhithe deiridh na cabhrach trí bhíthin seirbhísí fóirdheonaithe. Sna cásanna sin, íoctar an chabhair le soláthraí na seirbhíse nó na gníomhaíochta i gceist. |
|
(82) |
I dtaca leis an measúnú ar chomhoiriúnacht birt cabhrach leis an margadh inmheánach, tá sé gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le soláthar poiblí agus do phrionsabail na trédhearcachta, na hoscailteachta agus an neamh-idirdhealaithe sa nós imeachta roghnúcháin i dtaca le soláthraí seirbhíse. |
3.2.3. Comhréireacht na cabhrach
|
(83) |
Meastar go bhfuil beart cabhrach comhréireach más rud é go bhfuil méid na cabhrach in aghaidh an tairbhí teoranta don íosmhéid is gá chun go ndéanfar an ghníomhaíocht a fhaigheann cabhair. |
Uasdéiní cabhrach agus uasmhéideanna cabhrach
|
(84) |
I bprionsabal, chun go mbeidh an chabhair comhréireach, measann an Coimisiún nár cheart don mhéid cabhrach dul thar na costais incháilithe. Is amhlaidh sin gan dochar do rialacha maidir le tionscnaimh chomhshaoil agus do rialacha maidir le tionscnaimh phoiblí eile dá bhforáiltear go sainráite maidir leo i gCuid II, Roinn 1.2.2, 2.1.4 agus 2.3. |
|
(85) |
Chun an intuarthacht a áirithiú mar aon le cothroime iomaíochta, cuireann an Coimisiún uasdéiní cabhrach i bhfeidhm le haghaidh cabhrach. I gcás nach féidir an uasdéine cabhrach a shocrú, mar shampla, i gcás cabhair nuathionscanta d’fheirmeoirí óga agus i gcás forbairt feirmeacha beaga, leagtar uasmhéideanna cabhrach amach a shainmhínítear i dtéarmaí ainmniúla chun comhréireacht na cabhrach a áirithiú. |
|
(86) |
Más rud é go ríomhtar na costais incháilithe i gceart agus go n-urramaítear na huasdéiní cabhrach nó na huasmhéideanna cabhrach a leagtar amach i gCuid II, meastar go bhfuil critéar na comhréireachta comhlíonta. |
|
(87) |
Ní mór go ríomhfadh an t-údarás deonúcháin uasdéine na cabhrach agus méid na cabhrach agus an chabhair á deonú aige. Ní mór fianaise dhoiciméadach atá soiléir, sonrach agus cothrom le dáta a bheith ann le tacú leis na costais incháilithe. Chun an déine cabhrach agus na costais incháilithe a ríomh, caithfear na figiúirí uile a úsáidtear a ghlacadh sula n-asbhaintear aon cháin nó muirear eile. |
|
(88) |
Níl cáin bhreisluacha (CBL) incháilithe do chabhair, seachas i gcás nach mbeidh sé inghnóthaithe faoi reachtaíocht CBL náisiúnta. |
|
(89) |
I gcás ina ndeonaítear cabhair i bhfoirm nach deontas í, tá méid na cabhrach comhionann le coibhéis deontais chomhláin na cabhrach. |
|
(90) |
Maidir le cabhair atá le híoc ina tráthchodanna éagsúla, déanfar í a lascainiú go dtí a luach tráth a ndeonaítear í. Déantar na costais incháilithe a lascainiú go dtí a luach tráth a ndeonaítear an chabhair. Is é an ráta úis a úsáidfear chun críocha lascainithe an ráta lascaine is infheidhme an dáta a dheonaítear an chabhair. |
|
(91) |
I dtaca leis an gcabhair is iníoctha amach anseo, lena n-áirítear cabhair is iníoctha ina tráthchodanna éagsúla, déantar í a lascainiú go dtí a luach tráth a dheonaítear í. |
|
(92) |
I gcás ina ndeonaítear cabhair trí mheán buntáistí cánach, déantar tráinsí cabhrach a lascainiú ar bhonn na rátaí lascaine is infheidhme na tráthanna éagsúla atá éifeacht ag an mbuntáiste cánach. |
|
(93) |
Maidir leis na bearta nó na cineálacha oibríochtaí dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 1.1.4, 1.1.5, 1.1.6, 1.1.7, 1.1.8, 2.1.1, 2.1.2, 2.1.4, 2.2 agus 2.3 , féadfaidh na Ballstáit méid na cabhrach a shocrú ar bhonn toimhdí caighdeánacha na gcostas breise agus an ioncaim a tarscaoileadh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar na nithe uile seo a leanas leis na ríomhanna agus leis an gcabhair chomhfhreagrach:
|
|
(94) |
Gan dochar do phointe (93), i dtaca le cabhair, cé is moite den chabhair a chumhdaítear le Cuid II, Ranna 1.2 agus 2.8.5, féadfar an chabhair sin a dheonú i gcomhréir leis na roghanna costais simplithe seo a leanas:
|
|
(95) |
Ní mór an méid cabhrach dá dtagraítear i bpointe ((94)) a shuí ar cheann de na bealaí seo a leanas:
|
|
(96) |
A mhéid a bhaineann le bearta cómhaoinithe, féadfar méideanna na gcostas incháilithe a ríomh i gcomhréir leis na roghanna costais simplithe a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) agus i Rialachán (AE) 2021/2115 . |
|
(97) |
Agus measúnú á dhéanamh ar chomhoiriúnacht na cabhrach, breithneoidh an Coimisiún aon árachas dá mbaintear amach, nó a d’fhéadfadh a bheith bainte amach ag tairbhí na cabhrach. Maidir le cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as caillteanais a tharlaíonn de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, chun an riosca go ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht a sheachaint, níor cheart cabhair lena mbaineann an uasdéine cabhrach a dheonú ach amháin do ghnóthas nach féidir é a chumhdach le hárachas le haghaidh caillteanais den sórt sin. Is é sin an fáth, chun tuilleadh feabhais a chur ar an mbainistíocht riosca, nach mór tairbhithe a spreagadh chun árachas a bhaint amach i ngach cás inar féidir é. |
Coinníollacha breise le haghaidh cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach agus cabhair infheistíochta d’fhiontair mhóra faoi scéimeanna a dtugtar fógra ina leith
|
(98) |
Mar riail ghinearálta, measfar go mbeidh cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach teoranta don íosmhéid, más rud é go gcomhfhreagraíonn an méid cabhrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach (35), agus uasdéiní cabhrach i gceist mar chaidhp. Ar an gcaoi chéanna, i gcás cabhair infheistíochta a dheonaítear d’fhiontair mhóra faoi scéimeanna a dtugtar fógra ina leith, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an méid cabhrach teoranta don íosmhéid ar bhonn “cur chuige glanchostas breise”, agus uasdéiní cabhrach i gceist mar chaidhp. |
|
(99) |
Níor cheart don mhéid cabhrach a bheith níos mó ná an t-íosmhéid is gá le go mbeidh an tionscadal sách brabúsach. Mar shampla, níor cheart go dtiocfadh méadú ar a IRR de bharr mhéid na cabhrach thar ghnáthrátaí toraidh a chuireann an gnóthas lena mbaineann i bhfeidhm i dtionscadail infheistíochta eile de chineál céanna a bheith ina thoradh air nó, mura bhfuil na rátaí sin ar fáil, chun a IRR a mhéadú thar chostas chaipiteal an ghnóthais ina iomláine nó thar na rátaí toraidh a bhreithnítear de ghnáth san earnáil lena mbaineann. |
|
(100) |
I dtaca le cabhair infheistíochta d’fhiontair mhóra faoi scéimeanna a dtugtar fógra ina leith, ní mór don Bhallstát a áirithiú go gcomhfhreagraíonn an méid cabhrach do na glanchostais bhreise a bhaineann leis an infheistíocht a chur chun feidhme sa réimse lena mbaineann, i gcomparáid leis an gcás frithfhíorasach in éagmais na cabhrach. Ní mór an modh a leagtar amach i bpointe (99) a úsáid mar aon le huasdéiní cabhrach mar chaidhp. |
|
(101) |
A mhéid a bhaineann le cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach, fíoróidh an Coimisiún cibé acu a sháraíonn nó nach sáraíonn an méid cabhrach an t-íosmhéid is gá ionas go mbeidh an tionscadal sách brabúsach, tríd an modh a leagtar amach i bpointe (99) a úsáid. Is féidir na ríomhanna a úsáidtear don anailís ar an éifeacht dreasachta a úsáid freisin chun measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil an chabhair comhréireach. Ní mór don Bhallstát an chomhréireacht a léiriú ar bhonn na doiciméadachta amhail í sin dá dtagraítear i bpointe (57). |
|
(102) |
I dtaca le pointí (98) go (101), níl feidhm acu maidir le bardais, ar údaráis áitiúla féinrialaitheacha iad ag a bhfuil buiséad bliantúil níos lú ná EUR 10 milliún agus níos lú ná 5 000 áitritheoir. |
Carnadh na cabhrach
|
(103) |
Féadfar cabhair a dheonú go comhuaineach faoi scéimeanna éagsúla nó a charnadh in éineacht le cabhair ad hoc, ar choinníoll nach sáraíonn méid iomlán na Státchabhrach le haghaidh gníomhaíochta nó tionscadail na huasteorainneacha cabhrach a leagtar síos sna Treoirlínte seo. |
|
(104) |
I dtaca le cabhair lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta, féadfar cabhair den sórt sin a charnadh le haon Státchabhair eile, fad a bhaineann an chabhair sin le costais incháilithe in-sainaitheanta dhifriúla. I dtaca le cabhair lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta, féadfar cabhair den sórt sin a charnadh le haon Státchabhair eile, i ndáil leis na costais incháilithe chéanna, bídís ag forluí go páirteach nó go hiomlán ar a chéile, ach amháin mura ndéantar an déine cabhrach nó an méid cabhrach is airde is infheidhme maidir leis an gcineál cabhrach sin faoi na Treoirlínte seo a shárú de dheasca an charntha sin, agus sa chás sin amháin. |
|
(105) |
Cabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta faoi Chuid II, Roinn 1.1.2, féadfar í a charnadh le haon bheart Státchabhrach eile lena ngabhann costais incháilithe in-sainaitheanta. Cabhair gan costais incháilithe in-sainaitheanta, féadfar í a charnadh le Státchabhair eile gan costais incháilithe in-sainaitheanta, suas leis an tairseach mhaoiniúcháin iomláin ábhartha is airde a shocraítear in imthosca sonracha gach cáis leis na Treoirlínte seo nó le treoirlínte eile maidir le Státchabhair, le rialachán blocdhíolúine nó le cinneadh a ghlacann an Coimisiún. |
|
(106) |
I dtaca le Státchabhair i bhfabhar earnáil na talmhaíochta, níor cheart í a charnadh le híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 145 agus 146 de Rialachán (AE) 2021/2115 i leith na gcostas incháilithe céanna dá mba rud é go sáródh déine cabhrach nó méid cabhrach iad sin a leagtar síos sna Treoirlínte seo, de dheasca an charntha sin. |
|
(107) |
Státchabhair a dheonaítear faoi Cuid II, Ranna 1.1.4, 1.1.5 agus 1.1.8, níor cheart í a charnadh leis na híocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/2115 i leith na gcostas incháilithe céanna dá mbeadh déine cabhrach nó méid cabhrach a sháraíonn na cinn a leagtar síos sna Treoirlínte seo mar thoradh ar an gcarnadh sin. |
|
(108) |
Más rud é, maidir le cistiú ón Aontas atá á bhainistiú go lárnach ag institiúidí, gníomhaireachtaí, gnóthais chomhpháirteacha nó comhlachtaí eile de chuid an Aontais, nach bhfuil faoi rialú díreach nó indíreach an Bhallstáit, ina ndéantar é a chomhcheangal le Státchabhair, ní mheasfar ach amháin an Státchabhair lena chinneadh an urramaítear nó nach n-urramaítear tairseacha maidir le fógra a thabhairt agus uasdéiní agus uasteorainneacha cabhrach, ar choinníoll nach sáraíonn méid iomlán an chistithe phoiblí a dheonaítear i ndáil leis na costais incháilithe chéanna an ráta/na rátaí cistiúcháin is fabhraí a leagtar síos sna rialacha de dhlí an Aontais is infheidhme. |
|
(109) |
Níor cheart cabhair a údaraítear faoi na Treoirlínte seo a charnadh le haon chabhair de minimis i leith na gcostas incháilithe céanna dá mba rud é go sáródh déine cabhrach nó méid cabhrach an méid a shocraítear sna Treoirlínte seo de dheasca an charntha sin. |
|
(110) |
Cabhair le haghaidh infheistíochtaí arb é is aidhm di an táirgeadh talmhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann dá dtagraítear i bpointe (152)(d) a athchóiriú, níor cheart í a charnadh le cabhair chun an damáiste ábhartha dá dtagraítear i gCuid II, Ranna 1.2.1.1, 1.2.1.2 agus 1.2.1.3 a chúiteamh. |
|
(111) |
Maidir le cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 1.1.3, níor cheart an chabhair sin a charnadh leis an tacaíocht chomhfhreagrach le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2021/2115. Cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga, cabhair nuathionscanta chun feirmeacha beaga a fhorbairt agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta dá dtagraítear i gCuid II, Roinn 1.1.2, níor cheart an chabhair sin a charnadh leis an tacaíocht chomhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 75 de Rialachán (AE) 2021/2115 dá mbeadh méid cabhrach a sháraíonn na méideanna sin a leagtar síos sna Treoirlínte seo de dheasca an charntha sin. |
3.2.4. Trédhearcacht
|
(112) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfoilseofar an fhaisnéis seo a leanas i modúl an Choimisiúin maidir le trédhearcacht dámhachtana (36) nó ar shuíomh gréasáin Státchabhrach cuimsitheach ar leibhéal náisiúnta nó réigiúnach:
|
|
(113) |
Le haghaidh scéimeanna cabhrach i bhfoirm buntáistí cánach, is féidir an fhaisnéis ar an méid cabhrach aonair a sholáthar sna raonta a leanas (in EUR milliún): 0.01-0.1 le haghaidh táirgeadh príomhúil talmhaíochta agus é sin amháin; 0,1–0,5; 0,5–1; 1 go 2; 2 go 5; 5 go 10; 10 go 30; agus 30 agus níos mó ná sin. |
|
(114) |
Ní mór faisnéis den sórt sin a fhoilsiú tar éis an cinneadh chun an chabhair a dheonú a bheith déanta, ní mór í a choimeád ar feadh 10 mbliana ar a laghad agus a bheith ar fáil don phobal i gcoitinne gan srianta (38). |
|
(115) |
Ar chúiseanna trédhearcachta, ní mór do na Ballstáit an tuairisciú agus an t-athbhreithniú a dhéanamh mar a cheanglaítear orthu i gCuid III, Caibidil 2. |
3.2.5. Éifeachtaí díobhálacha diúltacha ar iomaíocht agus ar thrádáil a sheachaint
|
(116) |
Cabhair le haghaidh earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta agus limistéir thuaithe, d’fhéadfadh an chabhair sin saobhadh a dhéanamh ar an margadh táirgí. Chun go mbeidh an chabhair comhoiriúnach, ní mór éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach i dtéarmaí saobhadh ar an iomaíocht agus tionchar ar an trádáil idir na Ballstáit, a íoslaghdú. |
|
(117) |
Sainaithneoidh an Coimisiún an margadh/na margaí dá ndéanann an chabhair difear, agus an fhaisnéis a sholáthraíonn an Ballstát maidir leis an margadh/leis na margaí táirgí lena mbaineann á cur san áireamh, is é sin le rá, an margadh /na margaí dá ndéantar difear leis an athrú ar iompraíocht thairbhí na cabhrach. Agus measúnú á dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha an bhirt cabhrach, díreoidh an Coimisiún a anailís ar an saobhadh ar an iomaíocht ar an tionchar intuartha atá ag an gcabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe ar an iomaíocht idir gnóthais sa mhargadh nó sna margaí táirgí dá ndéantar difear (39). |
|
(118) |
Mar phointe tosaithe, más rud é go mbeidh an chabhair spriocdhírithe go maith, comhréireach agus teoranta do na glanchostais bhreise, déantar tionchar diúltach na cabhrach níos boige agus i dtaca leis an riosca go ndéanfar saobhadh míchuí ar an iomaíocht de dheasca na cabhrach, beidh an riosca sin níos teoranta. An dara pointe is ea go socraíonn an Coimisiún uasdéiní cabhracha nó uasmhéideanna cabhrach. Is é an aidhm úsáid na Státchabhrach a chosc i dtaca le tionscadail i gcás inar cabhair í a meastar ina leith go bhfuil an cóimheas idir an méid cabhrach agus na costais incháilithe an-ard agus gur fíordhócha go mbeidh tionchar saobhach ag an gcabhair. I gcoitinne, dá dhearfaí na héifeachtaí is dócha a eascróidh as an tionscadal a fhaigheann cabhair agus dá airde an gá is dócha a bheidh le cabhair, is airde an chaidhp ar dhéine na cabhrach. |
|
(119) |
Mar sin féin, fiú i gcás inar gá an chabhair agus gur comhréireach í, féadfaidh athrú ar iompraíocht na dtairbhithe eascairt as an gcabhair, ar athrú é lena ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht. Is dóichí sin in earnáil na talmhaíochta atá difriúil le margaí eile i ngeall ar an struchtúr sonrach a bhaineann leis an táirgeadh príomhúil talmhaíochta, is é sin, gur saintréithe na hearnála sin líon ard de ghnóthais bheaga a bheith i gceist. Ar mhargaí den sórt sin, is ard é an riosca go ndéanfar saobhadh ar an iomaíocht fiú nuair nach ndeonaítear ach méideanna beaga cabhrach. |
Scéimeanna cabhrach infheistíochta i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta mhargú in earnáil na foraoiseachta
|
(120) |
I dtaca le cabhair infheistíochta do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a mhargú agus do ghnóthais atá gníomhach in earnálacha eile, mar shampla, in earnáil na próiseála bia, toisc gur gnách éifeachtaí saobhacha comhchosúla a bheith ag an gcabhair sin ar an iomaíocht agus ar an trádáil, ó thaobh na mbreithnithe ginearálta, ó thaobh an bheartais iomaíochta de, faoin éifeacht ar an iomaíocht agus ar an trádáil, ba cheart feidhm chomhionann a bheith ag na breithnithe sin agus a bheidh maidir leis na hearnálacha uile sin. Dá bhrí sin, i dtaca leis na coinníollacha a thuairiscítear i bpointí (121) go (133), ní mór iad a urramú a mhéid a bhaineann le cabhair infheistíochta i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a mhargú in earnáil na foraoiseachta. |
|
(121) |
Ní mór gan saobhadh suntasach ar an iomaíocht ná ar an trádáil eascairt as scéimeanna cabhrach. Go háirithe, fiú i gcás ina bhféadfaí a bhreithniú go bhfuil saobhadh teoranta ar leibhéal aonair (ar choinníoll go gcomhlíontar gach coinníoll le haghaidh cabhair infheistíochta), ar bhonn carnach, d’fhéadfadh ardleibhéil saofa eascairt as scéimeanna cabhrach infheistíochta fós. I gcás scéim cabhrach infheistíochta lena ndírítear ar earnálacha áirithe, is suntasaí fós é an riosca go dtarlóidh saobhadh den sórt sin. |
|
(122) |
Dá bhrí sin, ní mór don Bhallstát lena mbaineann a léiriú go mbeidh aon éifeacht dhiúltach theoranta don íosmhéid ag tabhairt san áireamh, mar shampla, méid na dtionscadal lena mbaineann, na méideanna aonair agus carnacha cabhrach, an líon tairbhithe ionchasach mar aon le saintréithe na n-earnálacha ar díríodh orthu. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na éifeachtaí diúltacha dóchúla, spreagtar an Ballstát aon mheasúnú tionchair atá aige a sheoladh isteach mar aon le luachálacha ex post a rinneadh le haghaidh scéimeanna comhchosúla. |
Cabhair infheistíochta is infhógartha go haonarach i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus táirgí talmhaíochta a mhargú agus in earnáil na foraoiseachta
|
(123) |
Agus breithmheas á dhéanamh ar éifeachtaí diúltacha na cabhrach infheistíochta aonair, leagann an Coimisiún béim áirithe ar na héifeachtaí diúltacha atá nasctha leis an méadú acmhainneachta i margaí atá ag meath, leis an gcosc ar imeacht, agus leis an nóisean maidir le cumhacht shuntasach mhargaidh. Tugtar tuairisc ar na héifeachtaí diúltacha sin i bpointí (124) go (133) agus ní mór iad a fhrithchothromú le héifeachtaí dearfacha na cabhrach. |
|
(124) |
Chun an saobhadh féideartha ar an iomaíocht agus ar an trádáil a shainaithint agus a mheas, ba cheart do na Ballstáit fianaise a sholáthar lena cheadú don Choimisiún na margaí táirge lena mbaineann a shainaithint (is é sin le rá, táirgí dá ndéanann athrú iompraíochta an tairbhí cabhrach difear dóibh) agus chun na hiomaitheoirí agus custaiméirí/tomhaltóirí dá ndéantar difear dóibh a shainaithint. Is é an táirge a chumhdaítear leis an tionscadal infheistíochta an táirge lena mbaineann de ghnáth (40). Nuair a bhaineann an tionscadal le táirge idirmheánach agus nach ndíoltar cuid shuntasach den aschur ar an margadh, féadfaidh sé gurb é an táirge iartheachtach an táirge lena mbaineann. Áirítear leis an margadh ábhartha táirge an táirge lena mbaineann agus a ionadaithe a bhreithníonn an tomhaltóir mar tháirge den sórt sin (de bharr shaintréithe, phraghsanna, nó úsáid bheartaithe an táirge) nó táirgí a bhreithníonn an táirgeoir mar tháirge den sórt sin (trí sholúbthacht na suiteálacha táirgeachta). |
|
(125) |
Úsáideann an Coimisiún critéir éagsúla chun measúnú a dhéanamh ar an saobhadh féideartha sin, amhail struchtúr margaidh an táirge lena mbaineann, feidhmíocht an mhargaidh (margadh atá ag meath nó ag fás), próiseas chun tairbhí na cabhrach a shainaithint, bacainní iontrála agus imeachta, difreáil táirge. |
|
(126) |
I gcás ina mbeidh spleáchas córasach ag gnóthas ar an Státchabhair, d’fhéadfadh sé sin a thabhairt le fios nach bhfuil an gnóthas in ann an iomaíocht a sheasamh as féin nó go ndíorthaíonn sé buntáistí míchuí i gcomparáid lena iomaitheoirí. |
|
(127) |
Déanann an Coimisiún idirdhealú idir dhá phríomhfhoinse d’éifeachtaí diúltacha féideartha ar mhargaí táirge:
|
|
(128) |
Chun meastóireacht a dhéanamh ar cibé acu a chruthaítear nó nach gcruthaítear struchtúir mhargaidh neamhéifeachtacha de dheasca na cabhrach nó a choinnítear nó nach gcoinnítear struchtúir den sórt sin ar bun dá deasca, cuirfidh an Coimisiún an acmhainneacht táirgeachta bhreise a chruthaítear leis an tionscadal san áireamh mar aon le cibé acu a bhfuil nó nach bhfuil an margadh ag tearcfheidhmiú. |
|
(129) |
Más rud é go bhfuil an margadh atá i gceist ag fás, is lú údar imní a bhíonn ann de ghnáth go ndéanfaidh an chabhair dochar do dhreasachtaí dinimiciúla nó go gcuirfear bac míchuí leis an gcabhair ar iontráil i margadh nó ar imeacht as an margadh sin. |
|
(130) |
Is mó údar atá le himní nuair atá margaí ag meath. Déanann an Coimisiún idirdhealú idir cásanna lena bhfágtar, go bhfuil an meath ag teacht ar struchtúr an mhargaidh agus forbhreathnú fadtéarmach á dhéanamh air (i.e tá an margadh á chrapadh), agus cásanna ina bhfuil meath ábhartha ag teacht ar an margadh (i.e. tá sé fós ag fás, ach ní sháraíonn sé tagarmharc fáis). |
|
(131) |
Déantar tearcfheidhmiú an mhargaidh a thomhas de ghnáth i gcomparáid le OTI an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) le 3 bliana anuas roimh thús an tionscadail (tagarmharc). Is féidir é a thomhas freisin ar bhonn rátaí fáis réamh-mheasta as seo go ceann 3 agus 5 bliana. Féadfar a áireamh leis na táscairí an fás a bhfuil coinne leis teacht ar an margadh lena mbaineann sa todhchaí agus na rátaí úsáide acmhainneachta a bhfuil coinne leo mar thoradh air sin, chomh maith leis an tionchar is dócha a bheidh ag an méadú in acmhainneacht ar iomaitheoirí i dtéarmaí praghsanna agus corrlaigh bhrabúis. |
|
(132) |
I gcásanna áirithe, féadfaidh sé nach iomchuí measúnú a dhéanamh ar fhás an mhargaidh táirge i LEE chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí uile na cabhrach, go háirithe más rud é gur margadh domhanda é an margadh geografach. Sna cásanna sin, breithneoidh an Coimisiún éifeacht na cabhrach ar struchtúir an mhargaidh lena mbaineann, go háirithe, poitéinseal na struchtúr sin chun táirgeoirí i LEE a phlódú. |
|
(133) |
Chun meastóireacht a dhéanamh ar chumhacht shuntasach mhargaidh a bheith ann, cuirfidh an Coimisiún suíomh an tairbhí thar thréimhse ama roimh an gcabhair a fháil agus an suíomh ar an margadh a bhfuil coinne leis tar éis an infheistíocht a chur i gcrích san áireamh. Cuirfidh an Coimisiún sciar an tairbhí den mhargadh, agus sciar a iomaitheoirí den mhargadh agus tosca ábhartha eile san áireamh. Mar shampla, déanfaidh sé measúnú ar struchtúr an mhargaidh trí fhéachaint ar chomhdhlúthacht an mhargaidh, bacainní iontrála féideartha (41), cumhacht an cheannaitheora (42) agus bacainní ar leathnú nó scoir a mheas. |
3.2.6. Éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach a mheas (tástáil chothromúcháin)
|
(134) |
Déanann an Coimisiún measúnú ar cibé acu is mó nó nach mó éifeachtaí dearfacha an bhirt cabhrach ná na héifeachtaí diúltacha sainaitheanta ar choinníollacha iomaíochta agus trádála. Ní fhéadfaidh an Coimisiún teacht ar chonclúid maidir le comhoiriúnacht an bhirt cabhrach leis an margadh inmheánach ach amháin i gcás inar mó na héifeachtaí dearfacha ná na héifeachtaí diúltacha. |
|
(135) |
I gcásanna nach dtugann an beart cabhrach atá beartaithe aghaidh ar chliseadh margaidh dea-shainaitheanta ar bhealach iomchuí agus comhréireach, is gnách gur mó na héifeachtaí díobhálacha saofa ar an iomaíocht ná éifeachtaí dearfacha an bhirt; dá bhrí sin, is dócha go dtiocfaidh an Coimisiún ar an tátal nach bhfuil an beart cabhrach atá beartaithe ag teacht salach ar a chéile. |
|
(136) |
Mar chuid den mheasúnú ar éifeachtaí dearfacha agus diúltacha na cabhrach, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tionchar na cabhrach ar ghnóthú chuspóirí ginearálta agus sonracha CBT a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2021/2115, arb é is aidhm dóibh earnáil talmhaíochta chliste, iomaíoch, athléimneach agus éagsúlaithe a chothú, cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, agus gníomhú ar son na haeráide a thacú agus a neartú agus rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a bhaint amach agus creatlach shocheacnamaíoch na limistéar tuaithe a neartú. |
|
(137) |
I bprionsabal, i ngeall ar éifeachtaí dearfacha an bhirt ar fhorbairt na hearnála, measann an Coimisiún an éifeacht dhiúltach ar iomaíochas agus ar thrádáil a bheith teoranta don íosmhéid, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha leis an gcabhair agus nach sáraítear leis an gcabhair na huasdéiní cabhrach nó na huasmhéideanna cabhrach, a leagtar síos sna Ranna is infheidhme de Chuid II. |
|
(138) |
Maidir le Státchabhair a chómhaoinítear faoi Rialachán (AE) 2021/2115, nó a mhaoiníonn an tAontas, measfaidh an Coimisiún go bhfuil na héifeachtaí dearfacha gaolmhara bunaithe. |
|
(139) |
Ba cheart measúnú a bheith sna fógraí uile maidir le Státchabhair ar cé acu a mheastar nó nach meastar go mbeidh aon tionchar ar an gcomhshaol agus/nó ar an aeráid ag an ngníomhaíocht dá dtugtar cabhair, agus reachtaíocht maidir le cosaint an chomhshaoil (43) á cur san áireamh, mar aon leis na caighdeáin maidir le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil (GAEC) faoi Rialachán (AE) 2021/2115. I gcás ina léirítear go mbíonn tionchar dearfach ag cabhair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, measfaidh an Coimisiún go bhfuil éifeachtaí dearfacha na cabhrach sin bunaithe. Le hAirteagal 11 den Chonradh, foráiltear nach mór “ceanglais cosanta comhshaoil a chomhtháthú i sainmhíniú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais, go háirithe d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.” Cuirtear an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as san áireamh in aidhm an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil á cur chun cinn mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Chonradh. Dá bhrí sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna comhshaoil agus aeráide i bhfógraí i leith Státchabhrach. |
|
(140) |
Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Coimisiún a chur san áireamh freisin, i gcás inarb ábhartha, cibé acu a chuireann an chabhair le haon éifeacht dhearfach nó dhiúltach eile nó nach gcuireann. I gcás ina léirítear sna héifeachtaí dearfacha eile sin na héifeachtaí sin a chuimsítear i mbeartais an Aontais, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip (44), an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc (45), an Straitéis maidir le hoiriúnú don athrú aeráide (46), an Teachtaireacht maidir le hAthbhunú Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe (47), an Straitéis Foraoiseachta (48) agus an Straitéis Bhithéagsúlachta (49) ansin is féidir glacadh leis go bhfuil éifeachtaí dearfacha níos leithne den sórt sin ag cabhair a ailínítear le beartais den sórt sin de chuid an Aontais. |
|
(141) |
I gcás ina ndeonaítear an chabhair faoi na Treoirlínte seo i bhfabhar infheistíochtaí, tabharfaidh an Coimisiún aird ar Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (50) freisin, lena n-áirítear an prionsabal “Gan dochar suntasach a dhéanamh”, nó modheolaíochtaí inchomparáide eile. |
CUID II
CATAGÓIRÍ CABHRACH
CAIBIDIL 1
Cabhair i bhfabhar gnóthas atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil, próiseáil agus margaíocht táirgí
1.1. Bearta amhail forbairt tuaithe
1.1.1. Cabhair i gcomhair infheistíochta
|
(142) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hinfheistíocht i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha leis an táirgeadh príomhúil talmhaíochta, le hinfheistíocht i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus margú táirgí talmhaíochta. |
|
(143) |
Níor cheart an chabhair uile i gcomhair infheistíochta faoi Ranna 1.1.1.1, 1.1.1.2 agus 1.1.1.3 den Chuid seo a dheonú de shárú ar aon toirmeasc nó srian a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, fiú amháin i gcás nach dtagraítear ach amháin don tacaíocht ón Aontas dá bhforáiltear sa Rialachán sin leis na toirmisc agus leis na srianta sin. |
1.1.1.1. Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta
|
(144) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair i gcomhair infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta atá nasctha le táirgeadh príomhúil talmhaíochta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3, de na Treoirlínte seo, an coinníoll ginearálta le haghaidh cabhair infheistíochta a leagtar amach i bpointe (134) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(145) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe ar ghabháltais talmhaíochta atá nasctha leis an táirgeadh príomhúil talmhaíochta. Déanann tairbhí amháin nó níos mó an infheistíocht nó bíonn baint ag sócmhainn inláimhsithe nó dholáimhsithe léi, ar sócmhainn í a úsáideann tairbhí amháin nó níos mó. |
|
(146) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hinfheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus i sócmhainní doláimhsithe atá nasctha le táirgeadh bithbhreoslaí nó le táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite ar ghabháltais freisin, a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha a leanas:
|
|
(147) |
I gcás ina ndéanann níos mó ná gabháltas talmhaíochta amháin an infheistíocht maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgeadh arb é is aidhm dóibh freastal ar a riachtanais fuinnimh féin nó bithbhreoslaí ar ghabháltais a tháirgeadh, is ionann an meántomhaltas bliantúil agus iomlán mheántomhaltas bliantúil na dtairbhithe uile. |
|
(148) |
Ní mór go n-éileoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na caighdeáin íosta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh na n-infheistíochtaí maidir le bonneagar fuinnimh in-athnuaite, lena n-ídítear nó lena dtáirgtear fuinneamh, i gcás inarb ann do na caighdeáin sin ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(149) |
Níl infheistíochtaí i suiteálacha, arb é is príomhchuspóir dóibh leictreachas a tháirgeadh ó bhithmhais, incháilithe le haghaidh cabhrach mura mbaintear úsáid as céatadán íosta an fhuinnimh teasa a tháirgtear, a bheidh le cinneadh ag na Ballstáit. |
|
(150) |
Ní mór do na Ballstáit tairseacha a bhunú le haghaidh na gcionta uasta gránach agus barra eile atá stáirse-shaibhir, siúcra agus barra ola a úsáidtear chun bithfhuinneamh a tháirgeadh, lena n-áirítear bithbhreoslaí, le haghaidh cineálacha suiteálacha éagsúla i gcomhréir le hAirteagal 26 de Threoir (AE) 2018/2001. Ní mór cabhair do thionscadail bhithfhuinnimh a bheith teoranta don bhithfhuinneamh a chomhlíonann na critéir um inbhuanaitheacht agus um choigiltí astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001. |
|
(151) |
Má tá an acmhainneacht táirgeachta níos mó ná meán-ídiú an tairbhí nó na dtairbhithe dá dtagraítear i bpointí (146) agus (147), ní mór do na Ballstáit na coinníollacha a leagtar síos i dTreoirlínte 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh a chomhlíonadh ach amháin má dhíolmhaítear cabhair den sórt sin ón oibleagáid maidir le fógra a thabhairt. |
|
(152) |
Leis an infheistíocht, ní mór ceann amháin de na cuspóirí a leanas ar a laghad a shaothrú:
|
Costais incháilithe
|
(153) |
Cumhdaítear na costais incháilithe a leanas leis an gcabhair:
|
|
(154) |
Níor cheart cabhair a dheonú i leith an méid a leanas:
|
|
(155) |
De mhaolú ar phointe (154)(b) féadfar cabhair a dheonú chun plandaí bliantúla a cheannach agus a chur, rud a dhéantar le haghaidh na cuspóra a leagtar amach i bpointe (152)(d) agus chun plandaí bliantúla a cheannach agus a chur chun cineálacha plandaí atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú faoi na gealltanais dá dtagraítear i bpointe (210). |
|
(156) |
De mhaolú ar phointe (154)(c), féadfar cabhair a dheonú le haghaidh na gcostas a leanas:
|
|
(157) |
Maidir le huisciú i limistéir uiscithe nua agus i limistéir a bhí ann cheana, ní mheasfar ach infheistíochtaí a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leanas a bheith ina gcostais incháilithe:
|
|
(158) |
Níl infheistíocht i gcruthú nó i leathnú taiscumair chun críche uisciúcháin incháilithe ach amháin ar choinníoll nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ar an gcomhshaol mar thoradh uirthi. |
Déine cabhrach
|
(159) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 65 % de na costais incháilithe. |
|
(160) |
Féadfar an déine cabhrach dá dtagraítear i bpointe (159) a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí a leanas:
|
|
(161) |
Féadfar an déine cabhrach dá dtagraítear i bpointe (159) a mhéadú go dtí 85 % ar a mhéad le haghaidh infheistíochtaí feirmeoirí beaga de réir bhrí Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(162) |
Féadfar an déine cabhrach dá dtagraítear i bpointe (159) a mhéadú go dtí 100 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí a leanas:
|
|
(163) |
I gcás uisciúcháin, níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn:
|
1.1.1.2. Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar ghabháltais talmhaíochta
|
(164) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite ar an ngabháltas talmhaíochta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (d), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, an coinníoll ginearálta le haghaidh cabhair infheistíochta a leagtar amach i bpointe (143) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(165) |
Ba cheart an chabhair a dheonú le haghaidh chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha i bhfoirm tírdhreach nádúrtha agus foirgneamh, rud atá aitheanta go foirmiúil ag údarás inniúil an Bhallstáit mar oidhreacht chultúrtha nó nádúrtha. |
Costais incháilithe
|
(166) |
Tá na costais a leanas a bheartaítear le haghaidh chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha incháilithe:
|
Déine cabhrach
|
(167) |
Níor cheart an chabhair a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(168) |
Ní mór an chabhair le haghaidh oibreacha caipitlithe a bheith teoranta do EUR 10 000 in aghaidh na bliana. |
1.1.1.3. Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta nó táirgí talmhaíochta a chur ar an margadh
|
(169) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta nó margú táirgí talmhaíochta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, an coinníoll ginearálta le haghaidh cabhair infheistíochta a leagtar amach i bpointe (143) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(170) |
Níor cheart cabhair le haghaidh bithbhreoslaí bunaithe ar bharra bia agus beatha a dheonú faoin Roinn seo, chun an t-athrú i dtreo táirgeadh foirmeacha níos forbartha bithbhreoslaí a dhreasú, dá bhforáiltear leis na Treoirlínte 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh. |
|
(171) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta agus margú táirgí talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (33)47 agus i bpointe (33)38. |
|
(172) |
Féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí i dtaca le próiseáil táirgí talmhaíochta nó margú táirgí talmhaíochta má chomhlíonann an chabhair gach coinníoll a bhaineann le ceann amháin de na nithe a leanas:
|
Costais incháilithe
|
(173) |
Féadfar na costais incháilithe seo a leanas a chumhdach leis an gcabhair:
|
|
(174) |
Níl na costais seo a leanas incháilithe:
|
Déine cabhrach
|
(175) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith níos mó ná 65 %. |
|
(176) |
Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go dtí 80 % ar a mhéad le haghaidh na n-infheistíochtaí a leanas:
|
|
(177) |
Ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le cabhair aonair atá níos mó ná an tairseach fógra dá dtagraítear i bpointe (35)(a) i gcomhréir le hAirteagal 108(3) den Chonradh. |
1.1.2. Cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga agus cabhair nuathionscanta le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta
|
(178) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair nuathionscanta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(179) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(180) |
Ní fhéadfar cabhair faoin Roinn seo a dheonú ach i bhfabhar na nithe a leanas:
|
|
(181) |
Deonaítear cabhair nuathionscanta le haghaidh feirmeoirí óga d’fheirmeoirí óga mar a shainmhínítear i bpointe (33)65. Ní mór cabhair a sholáthraítear faoin roinn seo a bheith teoranta do FBManna. |
|
(182) |
Ní mór go mbeadh an chabhair coinníollach ar phlean gnó a chur faoi bhráid an údaráis inniúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann. |
An méid cabhrach
|
(183) |
Ní rachaidh an chabhair thar a EUR 100 000. |
1.1.3. Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na talmhaíochta
|
(184) |
Féachann an Coimisiún go fabhrach ar chabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí toisc go gcruthaítear dreasacht léi chun feirmeoirí a thabhairt le chéile. Dá bhrí sin, measfaidh an Coimisiún cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(185) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hearnáil na talmhaíochta ina hiomláine (53). |
|
(186) |
Níl ach grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí a ndearna údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann iad a aithint go hoifigiúil incháilithe le haghaidh cabhrach. |
|
(187) |
Na comhaontuithe, na cinntí agus iompraíocht eile faoi chuimsiú an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí, ní mór go gcomhlíonfaidh siad na rialacha iomaíochta mar atá feidhm acu de bhua Airteagal 206 go hAirteagal 210a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(188) |
Mar mhalairt ar chabhair nuathionscanta a sholáthar do ghrúpaí táirgeoirí nó d’eagraíochtaí táirgeoirí, féadfar cabhair suas leis an méid foriomlán céanna a dheonú go díreach do tháirgeoirí chun a ranníocaíochtaí le costais oibriúcháin na ngrúpaí nó na n-eagraíochtaí le linn thréimhse na chéad 5 bliana tar éis bhunú an ghrúpa nó na heagraíochta a fhritháireamh. |
|
(189) |
Féadfaidh na Ballstáit leanúint de chabhair nuathionscanta a dheonú do ghrúpaí táirgeoirí fiú tar éis iad a shainaithint mar eagraíochtaí táirgeoirí faoi choinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(190) |
Ní mór an chabhair a bheith teoranta do ghrúpaí táirgeoirí agus d’eagraíochtaí táirgeoirí a thagann faoin sainmhíniú ar FBManna. Ní údaróidh an Coimisiún Státchabhair maidir leis na costais a chumhdaítear sa Roinn seo i bhfabhar fiontair mhóra. |
|
(191) |
Beidh scéimeanna cabhrach arna n-údarú faoin Roinn seo faoi réir coinníll lena gceanglófar orthu coigeartú a dhéanamh chun aon athrú ar na rialacháin lena rialaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta a chur san áireamh. |
Costais incháilithe
|
(192) |
Féadfar a áireamh leis na costais incháilithe na costais sin a bhaineann le háitreabh oiriúnach a fháil ar cíos, le trealamh oifige a shealbhú, le costais foirne riaracháin, forchostais, táillí dlí agus riaracháin, sealbhú crua-earraí ríomhaireachta agus sealbhú nó táillí úsáidte bogearraí ríomhaireachta, néalríomhaireachta agus réiteach comhchosúil. I gcás ina gceannaítear an t-áitreabh, ní mór go mbeadh na costais incháilithe a bhaineann leis an áitreabh teoranta do chostais chíosa ar rátaí an mhargaidh. |
|
(193) |
Níor cheart an chabhair a dheonú dóibh seo a leanas:
|
|
(194) |
Ní mór an chabhair a íoc mar ráta comhréidh i dtráthchodanna bliantúla ar feadh na chéad 5 bliana ón dáta a d’aithin údarás inniúil an Bhallstáit an grúpa táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí go hoifigiúil ar bhonn an phlean gnó. Níor cheart do na Ballstáit an tráthchuid dheiridh a íoc ach amháin tar éis chur chun feidhme ceart an phlean gnó sin a fhíorú. |
|
(195) |
Cabhair a dheonaítear do ghrúpaí táirgeoirí nó d’eagraíochtaí táirgeoirí chun speansais nach bhfuil nasctha le costais nuathionscanta a chumhdach, amhail infheistíochtaí nó gníomhaíochtaí cur chun cinn, déanfar measúnú uirthi i gcomhréir leis na rialacha lena rialaítear an cineál cabhrach sin. |
Déine cabhrach
|
(196) |
Ní rachaidh an chabhair thar 10 % de tháirgeadh bliantúil arna mhargú ag an ngrúpa nó ag an eagraíocht, ag a mbeidh uasmhéid EUR 100 000 in aghaidh na bliana. Cabhair ar bhonn céimlaghdaitheach a bheidh inti. |
1.1.4. Íocaíocht i leith gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide
|
(197) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(198) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair do ghnóthais agus do ghrúpaí gnóthas atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta a thugann, ar bhonn deonach, faoi oibríochtaí a dhéanamh a bhaineann le gealltanas agra-chomhshaoil-aeráide amháin nó níos mó. |
|
(199) |
Ní mór don bheart seo a bheith dírithe ar chaomhnú agus ar chur chun cinn a dhéanamh ar na hathruithe is gá ar chleachtais talmhaíochta lena gcuideofar leis an gcomhshaol agus leis an aeráid. |
|
(200) |
Ní chumhdófar leis an gcabhair ach na gealltanais dheonacha sin a sháraíonn na nithe seo a leanas:
|
|
(201) |
Ní mór gach ceann de na caighdeáin agus na ceanglais éigeantacha sin a shainaithint agus tuairisc a thabhairt orthu san fhógra a sheolfar chuig an gCoimisiún. |
|
(202) |
Maidir leis na gealltanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (200)(b), i gcás ina bhforchuirtear ceanglais nua, a sháraíonn na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, féadfar cabhair a dheonú do ghealltanais lena rannchuidítear le comhlíonadh na gceanglas sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach don ghabháltas. |
|
(203) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag na gnóthais a dhéanann oibríochtaí faoin Roinn seo ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus go gcuirfear oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú. |
|
(204) |
Ní mór tabhairt faoi na gealltanais faoin Roinn seo ar feadh tréimhse idir 5 bliana agus 7 mbliana. Mar sin féin, más gá chun na tairbhí comhshaoil a lorgaítear a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh ina gcláir forbartha tuaithe le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh (54). Le haghaidh gealltanas maidir le caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha, le haghaidh gealltanais nua a thugtar díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse tosaigh nó i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra, tréimhse 1 bhliain amháin ar a laghad, a chinneadh. |
|
(205) |
Cabhair le haghaidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide do thairbhithe seachas gnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta, féadfar í a dheonú i gcomhréir le Caibidil 3 den Chuid seo. |
|
(206) |
Leis na gealltanais chun fairsingiú a dhéanamh ar fheirmeoireacht beostoic, ní mór na coinníollacha a leanas ar a laghad a chomhlíonadh:
|
|
(207) |
Maidir leis na gealltanais pórtha áitiúla a thógáil a bhfuil an baol ann go gcaillfear don fheirmeoireacht iad nó acmhainní géiniteacha plandaí atá i mbaol creimeadh géiniteach a chaomhnú, is gá ceann amháin de na ceanglais a leanas:
|
|
(208) |
Tá na speicis ainmhithe feirme a leanas incháilithe do chabhair: eallach, caoirigh, gabhair, eachainmhithe, muca, éin, coiníní agus beacha. |
|
(209) |
Measfar go bhfuil an baol ann go gcaillfear pórtha áitiúla don fheirmeoireacht má chomhlíontar na coinníollacha uile a leanas agus má thugtar tuairisc ar na coinníollacha sin san fhógra don Choimisiún agus má áirítear ann iad:
|
|
(210) |
Measfar go bhfuil acmhainní géiniteacha plandaí i mbaol creimeadh géiniteach ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach faoi chreimeadh géiniteach ann, bunaithe ar thorthaí eolaíocha nó ar tháscairí lena léirítear laghdú ar phórtha dúchasacha nó ar chineálacha pórtha céadrata áitiúla, ar a n-éagsúlacht daonra agus, i gcás inarb ábhartha, lena léirítear athruithe sna cleachtais talmhaíochta atá i réim go háitiúil, agus go dtugtar tuairisc ar an bhfianaise sin san fhógra don Choimisiún agus go n-áirítear í ann. |
|
(211) |
Féadfar cabhair a sholáthar le haghaidh chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe agus fhorbairt inbhuanaithe acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht le haghaidh oibríochtaí nach gcumhdaítear faoi phointí (198) go (210). |
|
(212) |
Féadfar scéimeanna comhchoiteanna agus scéimeanna íocaíochta bunaithe ar thorthaí, amhail scéimeanna feirmeoireachta carbóin, a chumhdach leis an gcabhair faoin roinn seo chun feirmeoirí a spreagadh cur go mór le cáilíocht an chomhshaoil ar scála níos mó nó ar bhealach intomhaiste. |
Costais incháilithe
|
(213) |
Leis an gcabhair, cé is moite de chabhair le haghaidh oibríochtaí chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú dá dtagraítear i bpointe (211), cumhdaítear cúiteamh do na tairbhithe as na costais bhreise uile, nó as cuid de na costais sin, agus as an ioncam a tarscaoileadh mar thoradh ar na gealltanais a rinne siad. Ní mór an chabhair a dheonú ar bhonn bliantúil. |
|
(214) |
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, amhail oibríochtaí lena mbaineann caomhnú comhshaoil nó gealltanais chun úsáid tráchtála crann agus foraoisí a thréigean, féadfar tacaíocht a dheonú mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid, arna ríomh ar bhonn na gcostas breise a tabhaíodh agus an ioncaim a tarscaoileadh. |
|
(215) |
Más gá, féadfaidh an chabhair costais na n-idirbheart a chumhdach suas go luach 20 % den phréimh a íocadh as na gealltanais agra-comhshaoil-aeráide. I gcás ina dtugann grúpaí gnóthas faoi ghealltanais, ní mór gurb é 30 % an t-uasleibhéal atá ann. |
|
(216) |
Más maith leis an mBallstát cúiteamh a dhéanamh ar chostais idirbheart atá ann toisc go ndearnadh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide, áfach, ní mór dó cruthúnas áititheach ar na costais sin a sholáthar, mar shampla trí chomparáidí costais le gnóthais nach ndearna gealltanais den sórt sin a chur i láthair. Dá bhrí sin, ní údaróidh an Coimisiún Státchabhair le haghaidh costais idirbheart chun leanúint ar aghaidh leis na gealltanais ar tugadh fúthu roimhe seo, ach amháin má léiríonn an Ballstát go bhfuil na costais sin fós ann nó go bhfuil costais idirbheart nua á dtabhú. |
|
(217) |
I gcás ina ríomhtar costais idirbheart ar bhonn meánchostas agus/nó meánfheirmeacha, ba cheart do na Ballstáit a léiriú nach ndéantar róchúiteamh ar fhiontair mhóra go háirithe. Chun an cúiteamh a ríomh, ní mór do na Ballstáit a chur san áireamh cibé an dtabhaítear na costais idirbheart atá i gceist in aghaidh an ghnóthais nó in aghaidh an heicteáir. |
|
(218) |
Ní fhéadfar aon chabhair faoin Roinn seo a dheonú le haghaidh gealltanais arna gcumhdach faoin mbeart feirmeoireachta orgánaí a shainmhínítear i Roinn 1.1.8 den Chuid seo. |
|
(219) |
Leis an gcabhair chun acmhainní géiniteacha sa talmhaíocht a chaomhnú, cumhdaítear costais na n-oibríochtaí a leanas:
|
Déine cabhrach
|
(220) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(221) |
Ní mór an chabhair a íoc in aghaidh an heicteáir. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar cabhair a dheonú mar chnapshuim nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid. |
1.1.5. Cabhair le haghaidh tiomantais leasa ainmhithe
|
(222) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(223) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair do ghnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta a thugann, ar bhonn deonach, faoi oibríochtaí a dhéanamh a bhaineann le gealltanas amháin nó níos mó maidir le leas ainmhithe. |
|
(224) |
Ní chumhdófar leis an gcabhair ach amháin na gealltanais sin a théann thar na caighdeáin éigeantacha ábhartha a bhunaítear de bhun Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile a bhunaítear leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais. |
|
(225) |
I gcás nach ann do chaighdeáin nó do cheanglais ábhartha éigeantacha, ní mór do na gealltanais dul thar an gcleachtas feirmeoireachta bunaithe ar an leibhéal náisiúnta. |
|
(226) |
Ní mór gach ceann de na caighdeáin, na ceanglais agus na cleachtais feirmeoireachta bhunaithe éigeantacha sin a shainaithint agus tuairisc a thabhairt orthu san fhógra a sheolfar chuig an gCoimisiún. |
|
(227) |
I gcás ina bhforchuirtear ceanglais nua, a sháraíonn na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, féadfar cabhair a dheonú do ghealltanais lena rannchuidítear le comhlíonadh na gceanglas sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach don ghabháltas. |
|
(228) |
Maidir le gealltanais i ndáil le leas ainmhithe atá incháilithe chun cabhair a fháil, ní mór caighdeáin uasghrádaithe ó thaobh modhanna táirgeachta in aon cheann de na réimsí a leanas a sholáthar:
|
|
(229) |
Ní mór gealltanais maidir le leas ainmhithe a dhéanamh ar feadh tréimhse idir 1 bhliain amháin agus 7 mbliana. I gcás inar gá chun sochair áirithe maidir le leas ainmhithe a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh. |
|
(230) |
Is féidir conradh le tairbhí na cabhrach a athnuachan go huathoibríoch freisin, má thugtar tuairisc ar a shonraí sa chonradh. Ní mór do na Ballstáit an sásra maidir leis na gealltanais leasa ainmhithe a athnuachan a bhunú i gcomhréir lena rialacha náisiúnta ábhartha. Ní mór sásra den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún mar chuid den fhógra maidir le Státchabhair de bhun na Roinne seo. Ní mór an athnuachan a bheith faoi réir coinníollacha a urramú arna bhformheas ag an gCoimisiún maidir le cabhair de bhun na Roinne seo. |
|
(231) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag na gnóthais a dhéanann oibríochtaí faoin mbeart seo ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus go gcuirfear oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú. |
Costais incháilithe
|
(232) |
Ní mór an chabhair a dheonú go bliantúil chun gnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta a chúiteamh as gach costas breise agus ioncam a tarscaoileadh mar thoradh ar an ngealltanas a rinne siad, nó as cuid díobh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid, arna ríomh ar bhonn na gcostas breise a tabhaíodh agus an ioncaim a tarscaoileadh. |
|
(233) |
Más gá, féadfaidh siad costais na n-idirbheart a chumhdach suas go luach 20 % den phréimh a íocadh as na gealltanais maidir le leas ainmhithe. Más maith leis an mBallstát cúiteamh a dhéanamh ar chostais idirbheart atá ann toisc go ndearnadh gealltanais maidir le leas ainmhithe, áfach, ní mór dó cruthúnas áititheach ar na costais sin a sholáthar, mar shampla trí chomparáidí costais le gnóthais nach ndearna gealltanais leasa ainmhithe den sórt sin a chur i láthair. Dá bhrí sin, ní údaróidh an Coimisiún Státchabhair le haghaidh costais idirbheart chun leanúint ar aghaidh leis na gealltanais maidir le leas ainmhithe ar tugadh fúthu roimhe seo, ach amháin má léiríonn an Ballstát go bhfuil na costais sin fós ann nó go bhfuil costais idirbheart nua á dtabhú. |
|
(234) |
I gcás ina ríomhtar costais idirbheart ar bhonn meánchostas agus/nó meánfheirmeacha, ba cheart do na Ballstáit a léiriú nach ndéantar róchúiteamh ar fhiontair mhóra go háirithe. Chun an cúiteamh a ríomh, ní mór do na Ballstáit a chur san áireamh cibé an dtabhaítear na costais idirbheart atá i gceist in aghaidh an ghnóthais nó in aghaidh an heicteáir. |
Déine cabhrach
|
(235) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(236) |
Ní mór an chabhair a íoc in aghaidh an aonaid. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú mar chnapshuim nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid. |
1.1.6. Cabhair le haghaidh míbhuntáistí de thoradh ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar
|
(237) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh míbhuntáistí de thoradh ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(238) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(239) |
Cabhair do thairbhithe seachas gnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta, féadfar í a dheonú i gcomhréir le Caibidil 3 den Chuid seo. |
Costais incháilithe
|
(240) |
Leis an gcabhair, cumhdaítear cúiteamh do thairbhithe as costais bhreise agus ioncam a tarscaoileadh de bharr míbhuntáistí sna limistéir lena mbaineann, a bhaineann le cur chun feidhme Threoir 92/43/CEE, Threoir 2009/147/CE agus Threoir 2000/60/CE. |
|
(241) |
I gcás inar gá, féadfar costais na n-idirbheart a chumhdach leis an gcabhair suas le luach 20 % de na costais dá dtagraítear i bpointe (240). |
|
(242) |
I gcás ina ríomhtar costais idirbheart ar bhonn meánchostas agus/nó meánfheirmeacha, ba cheart do na Ballstáit a léiriú nach ndéantar róchúiteamh ar fhiontair mhóra go háirithe. Chun an cúiteamh a ríomh, ní mór do na Ballstáit a chur san áireamh cibé an dtabhaítear na costais idirbheart atá i gceist in aghaidh an ghnóthais nó in aghaidh an heicteáir. |
|
(243) |
Maidir le cabhair atá nasctha le Treoir 92/43/CEE agus Treoir 2009/147/CE, ní fhéadfar í a dheonú ach i ndáil le míbhuntáistí de bharr ceanglais a théann thar na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2, de Rialachán (AE) 2021/2115 agus na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(244) |
Maidir le cabhair atá nasctha le Treoir 2000/60/CE, ní fhéadfar í a dheonú ach i ndáil le míbhuntáistí a thagann as ceanglais a théann thar ceann amháin de na nithe seo a leanas:
|
|
(245) |
Ní mór na ceanglais dá dtagraítear i bpointí (243) agus (244) a shainaithint agus tuairisc a thabhairt orthu san fhógra a sheolfar chuig an gCoimisiún. |
|
(246) |
Tá na limistéir a leanas incháilithe do chabhair:
|
Déine cabhrach
|
(247) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(248) |
Ní mór an chabhair a íoc go bliantúil in aghaidh an heicteáir. |
1.1.7. Cabhair le haghaidh limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta limistéar-shonracha eile le sárú acu
|
(249) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair i limistéir sléibhe agus i limistéir eile a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta eile sonracha os a gcomhair a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(250) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(251) |
Féadfar cabhair a dheonú d’fheirmeoirí gníomhacha a thugann faoina ngníomhaíocht feirmeoireachta i limistéir ainmnithe de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. Féadfaidh na Ballstáit cleachtadh mionchoigeartúcháin a dhéanamh de réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 32(3), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013. |
Costais incháilithe
|
(252) |
Leis an gcabhair, cumhdaítear cúiteamh i leith na gcostas breise uile, nó cuid de na costais sin, agus an ioncaim a tarscaoileadh maidir leis na srianta nádúrtha nó na srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar maidir leis an táirgeadh talmhaíochta sa limistéar lena mbaineann. Ní mór do na Ballstáit na srianta atá i gceist a léiriú agus a chruthú nach mó an méid cúitimh atá le híoc ná an caillteanas ioncaim agus na costais bhreise a eascraíonn as na srianta sin. |
|
(253) |
Ní mór na costais bhreise agus an t-ioncam a tarscaoileadh a ríomh maidir leis na srianta nádúrtha nó na srianta a bhaineann go sonrach le limistéar trí chomparáid a dhéanamh le limistéir nach ndéantar difear dóibh leis na srianta nádúrtha sin nó na srianta a bhaineann go sonrach le limistéar. |
Déine cabhrach
|
(254) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. Ní mór an chabhair a dheonú go bliantúil in aghaidh an heicteáir den limistéar talmhaíochta. |
1.1.8. Cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí
|
(255) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(256) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(257) |
Féadfar cabhair a dheonú do ghnóthais nó do ghrúpaí gnóthas a thugann, ar bhonn deonach, faoi chleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí a aistriú chuici nó a chothabháil mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (55). |
|
(258) |
Ní dheonaítear cabhair ach amháin le haghaidh gealltanais a théann thar na caighdeáin agus na ceanglais a leanas nach mór iad a shainaithint agus tuairisc a thabhairt orthu san fhógra maidir le Státchabhair a sheolfar chuig an gCoimisiún:
|
|
(259) |
Maidir leis na gealltanais dá dtagraítear i bpointe (258)(b), i gcás ina bhforchuirtear ceanglais nua, a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, féadfar tacaíocht a dheonú do ghealltanais lena rannchuidítear le comhlíonadh na gceanglas sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach don ghabháltas. |
|
(260) |
Ní mór na gealltanais a chur i gcrích le linn thréimhse tosaigh idir 5 bliana agus 7 mbliana. Chun sochair chomhshaoil áirithe a lorgaítear a bhaint amach nó a choinneáil ar bun, áfach, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos faide a chinneadh, lena n-áirítear trí bhíthin foráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis an tréimhse tosaigh a fhoirceannadh. I gcás ina ndeonaítear cabhair chun tiontú go feirmeoireacht orgánach, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra de 1 bhliain amháin ar a laghad a chinneadh. Maidir le gealltanais nua a bhaineann le cothabháil díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse tosaigh, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra de 1 bhliain amháin ar a laghad a chinneadh. |
|
(261) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag na gnóthais a dhéanann oibríochtaí faoin mbeart seo ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus go gcuirfear oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas chun cúnamh a thabhairt d’fheirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú. |
Costais incháilithe
|
(262) |
Leis an gcabhair, cumhdaítear cúiteamh do na tairbhithe as gach costas breise, nó as cuid de na costais sin, agus as an ioncam a cailleadh mar thoradh ar na gealltanais. Ní mór an chabhair a dheonú go bliantúil. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid. |
|
(263) |
I gcás inar gá, féadfar costais na n-idirbheart a bhfuil uasluach 20 % den phréimh a íocadh as an ngealltanas acu a chumhdach leis an gcabhair. I gcás ina dtugann grúpaí gnóthas faoi ghealltanais, is é 30 % an t-uasleibhéal atá ann. Deonaítear an chabhair ar bhonn bliantúil. |
|
(264) |
Más maith leis an mBallstát cúiteamh a dhéanamh ar chostais idirbheart atá ann toisc go ndearnadh gealltanais maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach, áfach, ní mór dó cruthúnas áititheach ar na costais sin a sholáthar, mar shampla trí chomparáidí costais le gnóthais nach ndearna gealltanais den sórt sin a chur i láthair. Dá bhrí sin, ní údaróidh an Coimisiún Státchabhair le haghaidh costais idirbheart chun leanúint ar aghaidh leis na gealltanais maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach ar tugadh fúthu roimhe seo, ach amháin má léiríonn an Ballstát go bhfuil na costais sin fós ann nó go bhfuil costais idirbheart nua á dtabhú. |
|
(265) |
I gcás ina ríomhtar costais idirbheart ar bhonn meánchostas nó meánfheirmeacha nó ar bhonn an dá cheann acu, ba cheart do na Ballstáit a léiriú nach ndéantar róchúiteamh ar fhiontair mhóra go háirithe. Chun an cúiteamh a ríomh, ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh cibé an dtabhaítear na costais idirbheart atá i gceist in aghaidh an ghnóthais nó in aghaidh an heicteáir. |
|
(266) |
Ní fhéadfar cabhair a dheonú faoin Roinn seo maidir le gealltanais a chumhdaítear leis an mbeart agra-chomhshaoil-aeráide, nó maidir leis na costais a chumhdaítear sa Roinn maidir le cabhair chun táirgeoirí táirgí talmhaíochta a spreagadh a bheith rannpháirteach i gcórais cháilíochta. |
|
(267) |
Tá cabhair le haghaidh infheistíochtaí sa táirgeadh príomhúil agus i dtáirgí orgánacha a phróiseáil agus a mhargú faoi réir fhorálacha Ranna 1.1.1.1 agus 1.1.1.2 den Chuid seo maidir le cabhair le haghaidh infheistíochta. |
Déine cabhrach
|
(268) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(269) |
Ní mór an chabhair a íoc in aghaidh an heicteáir. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar cabhair a dheonú mar chnapshuim nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid. |
1.1.9. Cabhair le haghaidh rannpháirtíocht táirgeoirí táirgí talmhaíochta i scéimeanna cáilíochta
|
(270) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh rannpháirtíocht táirgeoirí táirgí talmhaíochta agus grúpaí díobh i scéimeanna cáilíochta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(271) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le táirgeoirí táirgí talmhaíochta. |
Costais incháilithe
|
(272) |
Cumhdaítear na costais incháilithe a leanas i ndáil leis na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear i bpointe (274):
|
|
(273) |
Níor cheart an chabhair dá dtagraítear i bpointe (272)(a) agus (b) a dheonú le haghaidh chostais na rialuithe a dhéanann na tairbhithe féin, nó i gcás ina bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais gur gá do tháirgeoirí táirgí talmhaíochta nó grúpa díobh costais an rialaithe a sheasamh, gan leibhéal iarbhír na muirear a shonrú. |
|
(274) |
Ní mór gurb ionann na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear i bpointe (272)(a) agus na scéimeanna a leanas:
|
|
(275) |
Ní mór rochtain a bheith ag gach gnóthas incháilithe sa limistéar lena mbaineann ar an gcabhair, bunaithe ar choinníollacha a shainmhínítear go hoibiachtúil. |
|
(276) |
Ní mór an chabhair dá dtagraítear i bpointe (272)(b) agus (c) a dheonú i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe agus ní mór í a íoc leis an gcomhlacht atá freagrach as bearta rialúcháin, leis an soláthraí taighde nó leis an soláthraí comhairleoireachta. |
Déine cabhrach
|
(277) |
Ní mór an chabhair dá dtagraítear i bpointe (272)(a) a dheonú ar feadh uastréimhse 7 mbliana, ní mór í a íoc go bliantúil agus ní rachaidh sí thar 100 % de na costais incháilithe. |
|
(278) |
An chabhair dá dtagraítear i bpointe (272)(b) agus (c), féadfaidh sí a bheith suas le 100 % de na fíorchostais a thabhaítear. |
1.1.10. Cabhair chun tacaíocht theicniúil a sholáthar in earnáil na talmhaíochta
|
(279) |
Leis an Roinn seo, cumhdaítear cabhair le haghaidh tacaíocht theicniúil a sholáthar in earnáil na talmhaíochta, cé is moite de chabhair le haghaidh seirbhísí athsholáthair feirme nach féidir iad a dheonú ach do ghnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(280) |
Maidir le soláthar na tacaíochta teicniúla, féadfaidh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin. |
|
(281) |
Ní mór rochtain a bheith acu siúd ar fad atá incháilithe sa limistéar lena mbaineann ar an gcabhair, bunaithe ar choinníollacha a shainmhínítear go hoibiachtúil. I gcás inar grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí a thugann faoi thacaíocht theicniúil a sholáthar, níor cheart ballraíocht sna grúpaí ná sna heagraíochtaí sin a bheith mar choinníoll chun rochtain a fháil ar an tseirbhís. Maidir le haon ranníocaíocht a dhéanann daoine nach comhaltaí iad le costais riaracháin an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí lena mbaineann, ní mór í a bheith teoranta do na costais a bhaineann leis an tseirbhís chomhairleach a sholáthar. |
1.1.10.1. Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise
|
(282) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, na coinníollacha ginearálta a bhaineann le cabhair le haghaidh tacaíocht theicniúil a leagtar amach i bpointí (279), (280) agus (281) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(283) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Roinn seo comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar an gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sna Pleananna Straitéiseacha CBT. |
|
(284) |
Cumhdaítear leis an gcabhair gairmoiliúint agus éadálacha scileanna, lena n-áirítear cúrsaí oiliúna, ceardlanna comhdhálacha agus cóitseáil, gníomhaíochtaí taisealbhaidh, gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn na nuálaíochta, a chabhraíonn le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach. |
|
(285) |
Féadfar malartú gearrthéarmach maidir le bainistíocht feirme agus cuairteanna feirme a áireamh leis an gcabhair freisin. |
Costais incháilithe
|
(286) |
Cumhdaítear na costais incháilithe a leanas leis an gcabhair:
|
|
(287) |
Tá na costais dá dtagraítear i bpointe (286)(d) (i) go (iv) incháilithe a mhéid a úsáidtear iad le haghaidh an tionscadail taisealbhaidh agus ar feadh fhad tréimhse an tionscadail taisealbhaidh. Is iad na costais dímheasa a chomhfhreagraíonn do shaolré an tionscadail taisealbhaidh, á ríomh ar bhonn prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glacadh leo go ginearálta, agus na costais sin amháin, a mheastar a bheith incháilithe. |
|
(288) |
Ní mór na hacmhainneachtaí iomchuí i bhfoirm cáilíochtaí foirne agus oiliúna tráthrialta a bheith ag comhlachtaí a sholáthraíonn seirbhísí malartaithe eolais agus faisnéise chun na cúraimí sin a chur i gcrích. |
|
(289) |
Ní mór an chabhair dá dtagraítear i bpointí (286)(a), (c) agus (d)(i) go (iv) a sholáthar i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe. An chabhair le haghaidh na gcostas ar sholáthar seirbhísí athsholáthair dá dtagraítear i bpointe (286)(c), féadfar í a íoc, mar rogha mhalartach, go díreach le soláthraí na seirbhísí athsholáthair. Ní mór an chabhair dá dtagraítear i bpointe (286)(d)(v) a íoc go díreach leis na tairbhithe. An chabhair le haghaidh tionscadail taisealbhaidh ar scála beag faoi phointe (286)(d)(i) go (iv), féadfar í a íoc go díreach leis na tairbhithe. |
Déine cabhrach
|
(290) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(291) |
I gcás na gcostas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (286)(d), ní mór an t-uasmhéid cabhrach a bheith teoranta do [EUR 100 000] thar 3 bliana fhioscacha. |
1.1.10.2. Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha
|
(292) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh soláthar seirbhísí comhairleacha a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, na coinníollacha ginearálta a bhaineann le cabhair le haghaidh tacaíocht theicniúil a leagtar amach i bpointí (279), (280) agus (281) agus na coinníollacha sa Roinn seo léi. |
|
(293) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Roinn seo comhsheasmhach leis an tuairisc a thugtar ar an gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sna Pleananna Straitéiseacha CBT. |
|
(294) |
Ní mór an chomhairle a bheith nasctha le ceann amháin de na cuspóirí sonracha ar a laghad a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 agus ní mór ceann amháin ar a laghad de na gnéithe a leanas a chumhdach léi:
|
|
(295) |
Ní mór an chabhair a dheonú i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe. |
|
(296) |
Ní mór na hacmhainní iomchuí a bheith ag na comhlachtaí a roghnaítear chun an tseirbhís chomhairleach a sholáthar i bhfoirm foirne ar a gcuirtear oiliúint tráthrialta agus atá cáilithe agus beidh taithí chomhairleach acu agus beidh siad iontaofa i leith na réimsí a dtugann siad comhairle iontu. |
|
(297) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú gur comhairle neamhchlaonta a bheidh sa chomhairle agus go mbeidh soláthraithe na seirbhísí comhairleacha saor ó aon choinbhleacht leasa. |
|
(298) |
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus iomchuí, féadfar an chomhairle a thabhairt go páirteach i ngrúpa, agus cás úsáideoir aonair na seirbhísí comhairleacha á chur san áireamh. |
An méid cabhrach
|
(299) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(300) |
Ní rachaidh an chabhair, laistigh d’aon tréimhse trí bliana, thar na méideanna seo a leanas:
|
1.1.10.3. Cabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm
|
(301) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh seirbhísí ionadúcháin ar an bhfeirm a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, na coinníollacha ginearálta a bhaineann le cabhair le haghaidh tacaíocht theicniúil a leagtar amach i bpointí (279), (280) agus (281) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(302) |
Ní mór an chabhair a dheonú i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe. |
Costais incháilithe
|
(303) |
Leis an gcabhair, cumhdaítear na fíorchostais a thabhaítear i leith ionadú feirmeora, duine nádúrtha ar comhalta de theaghlach feirme é, nó oibrí feirme, le linn neamhláithreacht ón obair de dheasca breoiteachta, lena n-áirítear breoiteacht a linbh nó breoiteacht thromchúiseach comhchónaitheora, ar breoiteacht í a éilíonn síorchúram, laethanta saoire, saoire mháithreachais agus saoire thuismitheoireachta, seirbhís mhíleata éigeantach, i gcás báis nó na costais a shainmhínítear i bpointe (286)(c). |
|
(304) |
Ba cheart fad iomlán an ionadaithe a bheith teoranta do 3 mhí in aghaidh na bliana in aghaidh an tairbhí, cé is moite d’ionadú le haghaidh saoire mháithreachais agus thuismitheoireachta agus ionadú le linn seirbhíse míleata éigeantaí. Maidir le saoire mháithreachais agus saoire thuismitheoireachta, ba cheart fad an ionadaithe a bheith teoranta do 6 mhí sa dá chás sin. I gcásanna ina bhfuil údar cuí leis, áfach, féadfaidh an Coimisiún síneadh leis an tréimhse 3 mhí agus 6 mhí a údarú. Maidir le seirbhís mhíleata éigeantach, ba cheart fad an ionadaithe a bheith teoranta d’fhad na seirbhíse. |
Déine cabhrach
|
(305) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
1.1.11. Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na talmhaíochta
|
(306) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh comhair in earnáil na talmhaíochta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(307) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hearnáil na talmhaíochta ina hiomláine mar a shainmhínítear i bpointe (33)9. |
|
(308) |
Ní dheonófar cabhair faoin Roinn seo i ndáil le comhar nach bhfuil ach comhlachtaí taighde amháin páirteach ann. |
|
(309) |
Ní féidir cabhair a dheonú ach amháin chun comhar a chur chun cinn, rud a chuidíonn le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach. |
|
(310) |
Ba cheart cabhair a dheonú chun cineálacha comhair idir dhá ghníomhaí ar a laghad a chur chun cinn gan beann ar iad a bheith gníomhach in earnáil na talmhaíochta, ach ar choinníoll gurbh í earnáil na talmhaíochta a thairbheodh den chomhar sin den chuid is mó, agus go háirithe:
|
|
(311) |
Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh comhar a bhaineann go háirithe leis na gníomhaíochtaí a leanas:
|
|
(312) |
Ní fhéadfar an chabhair a dheonú do chineálacha nua comhair, lena n-áirítear comhar atá ann cheana, ach amháin má tá gníomhaíocht nua á tosú acu. |
|
(313) |
Maidir le cabhair maidir le bunú agus forbairt slabhraí soláthair gairide, dá dtagraítear i bpointe (311)(d) agus (e), ní chumhdófar ach slabhraí soláthair nach bhfuil ach idirghabhálaí amháin iontu idir an feirmeoir agus an tomhaltóir. |
|
(314) |
An comhar atá le cur chun feidhme ní mór dó na rialacha agus na ceanglais ábhartha a chomhlíonadh, mar a shonraítear sa Roinn ábhartha sna Treoirlínte seo. |
Costais incháilithe
|
(315) |
Cumhdaítear na costais incháilithe a leanas leis an gcabhair a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíochtaí talmhaíochta:
|
|
(316) |
Ní mór an chabhair a bheith teoranta d’uastréimhse 7 mbliana. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar an chabhair a dheonú ar feadh tréimhse ama níos faide maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (311)(i) agus comhghníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide chun na cuspóirí sonracha comhshaoil agus aeráide a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (d), (e) agus (f) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach. |
Déine cabhrach
|
(317) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(318) |
I gcás oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (314)(c) arb é atá iontu infheistíochtaí, ní mór don chabhair a bheith teoranta d’uasdéine cabhrach na cabhrach infheistíochta, mar a shonraítear sa Roinn ábhartha maidir le cabhair infheistíochta. |
1.2. Bainistíocht riosca agus géarchéime
|
(319) |
D’fhéadfadh sé go mbeadh an Státchabhair ina modh tacaíochta iomchuí i ndáil le cineálacha áirithe rioscaí in earnáil na talmhaíochta, toisc go bhfuil an ghníomhaíocht talmhaíochta trí chéile neamhchosanta go háirithe ar rioscaí agus ar ghéarchéimeanna. Is ann do dhifríochtaí, áfach, idir gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta agus gnóthais atá gníomhach i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus ina gcuid margaíochta, rud lena mbaineann féidearthachtaí níos fearr de ghnáth chun rioscaí a fhálú. Ní bheidh roinnt catagóirí cabhrach sa Roinn seo ar fáil dá bhrí sin ach amháin le haghaidh gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(320) |
Le linn don Choimisiún a bheith ag deonú Státchabhrach ar ghníomhaíochtaí dá ndéanann na rioscaí agus na géarchéimeanna difear, cuirfidh sé san áireamh an gá atá le saobhadh míchuí ar an iomaíocht a sheachaint, trína cheangal ar tháirgeoirí ranníocaíocht íosta a dhéanamh i dtaca le caillteanais nó an costas a bhainfidh le bearta cabhrach den sórt sin nó bearta éigin eile leordhóthanacha is ceart a dhéanamh chun an riosca maidir le saobhadh iomaíochta a mhaolú agus chun a áirithiú go mbeidh an Státchabhair i gcomhréir leis na caillteanais a bhainfidh dó. Sa mheasúnú a dhéanfaidh sé, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá ann don tairbhí bearta coisctheacha leordhóthanacha a dhéanamh chun méid iomlán na cabhrach arna deonú a íoslaghdú. |
1.2.1. Cabhair chun an damáiste do tháirgeadh talmhaíochta nó do mhodh an táirgthe talmhaíochta a chúiteamh agus chun damáiste a chosc
1.2.1.1. Cabhair chun an damáiste a dhéanann tubaiste nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla a shlánú
|
(321) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun damáiste a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla eile a shlánú a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(322) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hearnáil na talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (33)9 . |
|
(323) |
Tá sé á mhaíomh go comhsheasmhach ag an gCoimisiún, ó tharla gurb éard atá iontu eisceachtaí maidir leis an toirmeasc ginearálta atá ar Státchabhair laistigh den mhargadh inmheánach a leagtar síos in Airteagal 107(1) den Chonradh, nach mór na nóisin maidir le “tubaiste nádúrtha” agus “tarlú eisceachtúil” dá dtagraítear in Airteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh a léiriú go sriantach. Dheimhnigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh é sin (63). |
|
(324) |
Go nuige seo, tá glactha ag an gCoimisiún leis go bhféadfadh creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, scriorrthaí talún agus tuillte a bheith ina dtubaistí nádúrtha. Ina theannta sin, cuireann an Coimisiún an tionscnamh nuachóirithe maidir le Státchabhair san áireamh, tionscnamh lena gceadaítear na catagóirí a leanas de theagmhais tubaiste nádúrtha a bhloc-dhíolmhú freisin: tornádónna, spéirlingí, brúchtaí bolcánacha agus falscaithe de thionscnamh nádúrtha. I measc na dtarluithe eisceachtúla ar ghlac an Coimisiún leo roimhe seo bhí cogadh, suaití inmheánacha nó stailceanna inmheánacha, agus, le forchoimeádais áirithe agus ag brath ar a bhfairsinge, mórthimpistí núicléacha nó tionsclaíocha agus dóiteáin ar tharla caillteanas forleathan dá mbarr (64). Leanfaidh an Coimisiún i mbun meastóireachta ar phleananna chun Státchabhair a dheonú i gcomhréir le hAirteagal 107(2), pointe (b), den Chonradh ar bhonn cás ar chás, ag féachaint dá chleachtas sa réimse sin roimhe seo. |
|
(325) |
Tá an chabhair a dheonaítear faoin Roinn seo faoi réir na gcoinníollacha carnacha a leanas:
|
|
(326) |
Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhunú roimh ré ar ar a mbonn a mheasfar go bhfuil an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear i bpointe (325)(a) deonaithe. |
|
(327) |
Ní mór cabhair a íoc go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de an gnóthas. I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí agus le heagraíocht táirgeoirí, ní mór nach mbeidh méid na cabhrach níos mó ná an méid cabhrach dá bhfuil an gnóthas sin incháilithe. |
|
(328) |
Ní mór an scéim cabhrach a bhunú laistigh de 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas, agus ní mór an chabhair a íoc laistigh de 4 bliana ón dáta sin. Maidir le tubaiste nádúrtha nó tarlú eisceachtúil sonrach, údaróidh an Coimisiún cabhair a dtugtar fógra ar leithligh ina leith lena maolaítear ón riail seo i gcásanna cuí-réasúnaithe, mar shampla i ngeall ar chineál agus/nó ar fhairsinge an teagmhais nó i ngeall ar chineál moillithe nó leantach an damáiste. |
|
(329) |
Chun mear-bhainistiú géarchéime a éascú, údaróidh an Coimisiún scéimeanna cabhrach den chreat ex ante chun an damáiste a rinneadh de dheasca creathanna talún, maidhmeanna sléibhe, sciorrthaí talún, tuilte agus de dheasca tornádónna, spéirlingí, brúchtaí bolcánacha agus falscaithe de thionscnamh nádúrtha a chúiteamh, ar choinníoll go bhfuil na coinníollacha faoinar féidir an chabhair a dheonú i gcásanna den sórt sin sainithe go soiléir (65). I gcás scéimeanna ex ante ní mór do na Ballstáit an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (651) a chomhlíonadh. |
|
(330) |
Maidir le cabhair arna deonú mar chúiteamh ar an damáiste a rinneadh de dheasca cineálacha eile tubaistí nádúrtha nach luaitear i bpointe (324) agus an damáiste a rinneadh de dheasca tarluithe eisceachtúla, ní mór fógra aonair a thabhairt don Choimisiún maidir léi. |
Costais incháilithe
|
(331) |
Is éard atá sna costais incháilithe méid an damáiste a tabhaíodh mar thoradh díreach ar an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, ag saineolaí neamhspleách atá aitheanta ag an údarás deonúcháin nó ag gnóthas árachais. |
|
(332) |
Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis an damáiste:
|
|
(333) |
Ní mór an damáiste a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair. |
|
(334) |
Ní mór ríomh an damáiste ábhartha a bheith bunaithe ar chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar difear nó ar luach eacnamaíoch na sócmhainne sin roimh an tubaiste nádúrtha nó an tarlú eisceachtúil. Ní mór dó gan a bheith níos mó ná an costas deisiúcháin ná an laghdú ar an luach margaidh cothrom de dheasca na tubaiste nádúrtha nó an tarlaithe eisceachtúil, is é sin an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach sular tharla an tubaiste nádúrtha agus an tarlú eisceachtúil agus go díreach ina ndiaidh. |
|
(335) |
Ní mór an caillteanas ioncaim a ríomh tríd an méid seo a leanas a dhealú:
|
|
(336) |
Féadfar an méid sin a mhéadú le costais eile arna dtabhú ag an tairbhí i ngeall ar an tubaiste nádúrtha nó ar an tarlú eisceachtúil agus ní mór é a laghdú le haon chostas nár tabhaíodh mar gheall ar an tubaiste nádúrtha nó ar an tarlú eisceachtúil a thabhódh an tairbhí murach sin. |
|
(337) |
Féadfar innéacsanna a úsáid chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí a ríomh ar choinníoll go gceadaítear leis an modh ríomha a úsáidtear fíorchaillteanas an tairbhí aonair a chinneadh i mbliain ar leith. |
|
(338) |
Féadfaidh an Coimisiún modhanna eile a ghlacadh chun an damáiste a ríomh ar choinníoll go mbeidh sé sásta gur modhanna ionadaíocha iad na modhanna sin, agus nach bhfuil siad bunaithe ar thorthaí atá thar a bheith ard agus nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá mbarr. Féadfar an tomhas ar mhéid an damáiste a tharla a chur in oiriúint do shaintréithe gach cineáil táirge agus leas á bhaint as ceann amháin díobh seo a leanas:
|
Déine cabhrach
|
(339) |
Ní rachaidh an chabhair ná aon íocaíocht eile a gheofar mar chúiteamh ar an damáiste thar 100 % de na costais incháilithe, íocaíochtaí faoi pholasaithe árachais san áireamh. |
1.2.1.2. Cabhair chun cúiteamh a dhéanamh as an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha
|
(340) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha a chúiteamh a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(341) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair chun an damáiste a tharla de dheasca teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, mar a shainmhínítear i bpointe (33)3, a chúiteamh. Níl feidhm aige ach amháin maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(342) |
Tá an chabhair a dheonaítear faoin Roinn seo faoi réir na gcoinníollacha carnacha a leanas:
|
|
(343) |
Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhunú roimh ré ar ar a mbonn a mheasfar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear i bpointe (342)(a) a bheith deonaithe. |
|
(344) |
I gcás scéimeanna ex ante ní mór do na Ballstáit an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (651) a chomhlíonadh. |
|
(345) |
Ní mór an chabhair a íoc go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de nó di an gnóthas. I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, ní mór nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh. |
|
(346) |
Bunófar scéimeanna cabhrach laistigh de 3 bliana ón dáta a tharlaíonn an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha. Ní mór an chabhair a íoc laistigh de 4 bliana ón dáta sin. |
Costais incháilithe
|
(347) |
Is ionann na costais incháilithe agus an damáiste a thabhaítear mar iarmhairt dhíreach ar an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, arna mheasúnú ag údarás poiblí, ag saineolaí neamhspleách arna n-aithint ag an údarás deonúcháin nó ag gnóthas árachais. |
|
(348) |
Áirítear na nithe seo a leanas leis an damáiste:
|
|
(349) |
Maidir le ríomh an damáiste a thabhaítear de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, déanfar ar leibhéal an tairbhí aonair é. |
|
(350) |
An damáiste ábhartha a dhéantar do shócmhainní de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, ní mór é a ríomh ar bhonn chostas deisiúcháin na sócmhainne dá ndéantar difear nó luach eacnamaíoch na sócmhainne sin roimh an teagmhas díobhálach aeráide ar féidir é a asamhlú ina thubaiste nádúrtha. Ní mór é a choimeád faoi bhun an chostais deisiúcháin nó an laghdaithe ar an margadhluach cothrom a tharla de bharr an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, eadhon an difríocht idir luach na sócmhainne go díreach roimh an teagmhas díobhálach aeráide agus go díreach i ndiaidh an teagmhais dhíobhálaigh aeráide ar féidir é a asamhlú ina thubaiste nádúrtha. |
|
(351) |
I gcás ina ríomhtar caillteanas ioncam an tairbhí dá dtagraítear i bpointe (348)(b) ar bhonn leibhéal na mbarr nó leibhéal an bheostoic, níor cheart ach amháin an damáiste ábhartha a bhaineann leis an mbarr sin nó leis an mbeostoc sin a chur san áireamh. |
|
(352) |
Ní mór an caillteanas ioncaim a ríomh ar leibhéal an táirgthe bhliantúil ar an bhfeirm nó ar leibhéal na mbarr nó ar leibhéal an bheostoic ach an méid seo a leanas a dhealú:
|
|
(353) |
Féadfar an méid sin a mhéadú le costais eile a thabhaíonn an tairbhí de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha. Ní mór an méid sin a laghdú le haon chostas nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais dhíobhálaigh aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, a thabhódh an tairbhí murach sin. |
|
(354) |
Féadfar innéacsanna a úsáid chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí a ríomh ar choinníoll go gceadaítear leis an modh ríomha a úsáidtear fíorchaillteanas an tairbhí aonair a chinneadh i mbliain ar leith. |
|
(355) |
I gcás inar bunaíodh FBM níos lú ná trí bliana ón dáta ar tharla an teagmhas díobhálach aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, ní mór an tagairt don mheánchainníocht bhliantúil le linn na tréimhse trí bliana nó cúig bliana i bpointe (352) (b) a thuiscint mar thagairt don láimhdeachas arna ghiniúint nó don chainníocht arna táirgeadh agus arna díol ag meánghnóthas ar aon mhéid leis an iarratasóir, eadhon micrifhiontar nó fiontar beag nó fiontar meánmhéide, faoi seach, san earnáil náisiúnta nó san earnáil réigiúnach a bhfuil tionchar ag an teagmhas díobhálach aeráide air atá inchurtha le tubaistí nádúrtha. |
|
(356) |
Féadfaidh an Coimisiún modhanna eile a ghlacadh chun an damáiste a ríomh ar choinníoll go mbeidh sé sásta gur modhanna ionadaíocha iad na modhanna sin, agus nach bhfuil siad bunaithe ar thorthaí atá thar a bheith ard agus nach bhfaigheann aon tairbhí róchúiteamh dá mbarr. Féadfar an tomhas ar mhéid an damáiste a tharla a chur in oiriúint do shaintréithe gach cineáil táirge agus leas á bhaint as ceann amháin díobh seo a leanas:
|
Déine cabhrach
|
(357) |
Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaightear chun an damáiste a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais le haghaidh an damáiste dá bhfaightear cabhair, ní rachaidh sí thar 80 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas go 90 % i limistéir ina bhfuil sriantaí nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach leis an limistéar. |
|
(358) |
Ní mór laghdú 50 % ar a laghad a dhéanamh ar an méid cabhrach a dheonaítear faoin Roinn seo má thugtar í do thairbhithe nár ghlac cumhdach árachais nó nár íoc ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha atá creidiúnaithe sa Bhallstát lena gcumhdaítear 50 % ar a laghad dá meántáirgeadh bliantúil nó dá n-ioncam i ndáil le táirgeadh agus na rioscaí aeráide is minice dá bhfuil ann de réir staidreamh sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann dá soláthraítear cumhdach árachais. Ní bheidh feidhm ag an laghdú ach amháin más féidir le Ballstát a thaispeáint go cinnte, d’ainneoin gach iarrachta réasúnta, nach raibh árachas inacmhainne lena gcumhdófaí na rioscaí aeráide is minice dá bhfuil ann de réir staidreamh sa Bhallstát nó sa réigiún lena mbaineann ar fáil an tráth a tharla an damáiste. |
1.2.1.3. Cabhair do na costais a bhaineann le galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus inmhíolú speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a rialú agus a dhíothú agus cabhair chun an damáiste a rinne galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speicis choimhthíocha ionracha a shlánú
|
(359) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus inmhíolú le speiceas coimhthíoch ionrach a chosc, a rialú agus a dhíothú agus cabhair chun an damáiste a tharla de dheasca na ngalar ainmhithe, na lotnaidí plandaí agus na speiceas coimhthíoch ionrach a shlánú, measfaidh an Coimisiún an chabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(360) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le cabhair arna deonú do ghnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(361) |
Ní fhéadfar an chabhair a íoc ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
|
|
(362) |
Na cláir agus na bearta dá dtagraítear i bpointe (361)(b), ní mór tuairisc a bheith iontu ar na bearta coisc, rialúcháin nó díothúcháin lena mbaineann. |
|
(363) |
Ní mór gan baint a bheith ag an gcabhair le bearta ar ina leith a fhoráiltear le reachtaíocht an Aontais gur gá don tairbhí costas na mbeart sin a sheasamh, mura rud é go ndéantar costas na mbeart sin a fhritháireamh ina n-iomláine le muirir éigeantacha ar na tairbhithe. |
|
(364) |
Ní mór an chabhair a íoc go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de an gnóthas sin. I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí, ní mór nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh. |
|
(365) |
Ní fhéadfar aon chabhair aonair a dheonú i gcás ina suitear gurb é an tairbhí, d’aon turas, nó faillí a rinne an tairbhí ba chúis leis an ngalar nó leis an inmhíolú leis an lotnaid plandaí nó leis an speiceas coimhthíoch ionrach. |
|
(366) |
Maidir le galair ainmhithe, féadfar an chabhair a dheonú i dtaca le galair dá dtagraítear i liosta na ngalar ainmhithe in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/429, in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (66), nó i liosta na ngalar ainmhithe den Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún arna bhunú ag an Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe. |
|
(367) |
Féadfar cabhair a dheonú freisin i leith galair atá ag teacht chun cinn, a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2016/429. |
|
(368) |
Ní mór scéimeanna cabhrach a thabhairt isteach laistigh de 3 bliana ón dáta a tharla an costas nó an damáiste arbh é an galar ainmhithe, an lotnaid plandaí nó an speiceas coimhthíoch ionrach ba chúis leis. Ní mór cabhair a íoc laistigh de 4 bliana ón dáta sin. Níl feidhm ag na coinníollacha seo maidir leis na costais a leagtar amach i bpointe (370). |
|
(369) |
I gcás scéimeanna ex ante ní mór do na Ballstáit an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach i bpointe (651) a chomhlíonadh. |
Costais incháilithe
|
(370) |
I gcás bearta coisc, féadfar na costais incháilithe seo a leanas a chumhdach leis an gcabhair:
|
|
(371) |
I gcás bearta rialaithe agus díothúcháin, féadfar na costais incháilithe seo a leanas a chumhdach leis an gcabhair:
|
|
(372) |
Ní mór cabhair maidir leis na costais incháilithe dá dtagraítear i bpointí (370) agus (371) a dheonú i bhfoirm seirbhíse fóirdheonaithe agus ní mór í a íoc leis an duine a sholáthróidh na bearta coisc, rialúcháin agus díothúcháin cé is moite de na costais incháilithe dá dtagraítear i bpointí (370)(e) agus (371)(b) agus na costais incháilithe dá dtagraítear i bpointí (370)(f) agus (371)(c) i gcás lotnaidí plandaí agus chun an gabháltas agus an trealamh a ghlanadh agus a dhífhabhtú. I gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfar cabhair i ndáil le costais eile dá dtagraítear i bpointí (370) agus (371) a íoc go díreach le tairbhí mar aisíocaíocht ar na fíorchostais a tabhaíodh agus tar éis cruthúnas ar na costais arna dtabhú a chur faoi bhráid an údaráis deonúcháin. |
|
(373) |
I gcás cabhair chun an damáiste a tharla de dheasca galair ainmhithe, lotnaidí plandaí nó speiceas coimhthíoch ionrach a shlánú, ní mór an cúiteamh a ríomh i ndáil leis an méid seo a leanas amháin:
|
|
(374) |
Ní mór an méid sin a laghdú de:
|
|
(375) |
Ní mór an margadhluach dá dtagraítear i bpointe (373)(a) a shuí ar bhonn luach na n-ainmhithe, na dtáirgí agus na bplandaí go díreach sular eascair aon amhras faoin ngalar ainmhithe nó faoin lotnaid plandaí nó faoin inmhíolú le speiceas coimhthíoch ionrach nó sular deimhníodh go raibh an chúis amhrais ann. |
|
(376) |
Ní mór an chabhair dá dtagraítear i bpointe (373) a bheith teoranta do na costais agus an damáiste a d’eascair as galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus inmhíolú le speiceas coimhthíoch ionrach dá bhfuil ceann de na rudaí seo a leanas déanta ag údarás inniúil an Bhallstáit:
|
|
(377) |
I gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na costais a tabhaíodh chun na bearta is gá a dhéanamh seachas iad sin dá dtagraítear sa Roinn seo. |
Déine cabhrach
|
(378) |
Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaigheann an tairbhí, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó polasaithe árachais nó cistí frithpháirteacha le haghaidh na gcostas incháilithe céanna, ní mór iad a bheith teoranta do 100 % de na costais incháilithe. |
1.2.1.4. Cabhair le haghaidh stoc a fuair bás
|
(379) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh stoc a fuair bás a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(380) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(381) |
Ní mór go mbeidh an chabhair coinníollach ar chlár faireacháin comhsheasmhach a bheith ann lena n-áirithítear diúscairt shábháilte an stoic uile a fuair bás sa Bhallstát lena mbaineann. |
Déine cabhrach
|
(382) |
Tá feidhm ag an déine cabhrach a leanas i ndáil leis na costais incháilithe atá liostaithe thíos:
|
|
(383) |
Ní mór an chabhair a sholáthar i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe, ach amháin i gcás ina ngníomhaíonn an póraitheoir beostoic arb é tairbhí na cabhrach é mar sholáthraí seirbhíse freisin. |
|
(384) |
Chun riar na cabhrach a éascú, féadfar an chabhair a íoc le hoibreoirí eacnamaíocha nó le comhlachtaí a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha a leanas:
|
|
(385) |
Maidir le stoc a fuair bás agus dramhaíl ó sheamlas, ní údaróidh an Coimisiún cabhair le haghaidh stoc a fhaigheann bás a thugtar d’oibreoirí atá gníomhach i bpróiseáil táirgí talmhaíochta agus i margú táirgí talmhaíochta agus cabhair i dtreo chostais diúscartha na dramhaíola ó sheamlais. Scrúdófar Státchabhair d’infheistíochtaí a dhéantar i ndáil le diúscairt dramhaíola ó sheamlais faoi na rialacha ábhartha atá i bhfeidhm maidir le cabhair infheistíochta. |
1.2.1.5. Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de bharr ainmhithe cosanta a chúiteamh
|
(386) |
Damáiste do threalamh, bonneagar, ainmhithe agus plandaí de bharr ainmhithe cosanta – fadhb atá ag dul i méid. Bíonn rath bheartas caomhantais an Aontais ag brath i bpáirt ar bhainistíocht éifeachtach coinbhleachtaí idir ainmhithe cosanta agus feirmeoirí. Dá bharr sin, agus i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, measfaidh an Coimisiún cabhair chun an damáiste a dhéanann ainmhithe cosanta a chúiteamh a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(387) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(388) |
Chun maolú a dhéanamh ar an riosca de shaobhadh iomaíochta agus chun dreasacht a sholáthar ar mhaithe le riosca a íoslaghdú, ní mór do na tairbhithe rannchuidiú íosta a sholáthar. Ní mór an rannchuidiú sin a bheith i bhfoirm bearta coisctheacha, amhail fálta sábháilteachta i gcás inar féidir, nó madraí cosanta beostoic, agus beidh na bearta coisctheacha sin comhréireach don riosca damáiste de dheasca ainmhithe cosanta sa limistéar lena mbaineann. Níor cheart feidhm a bheith ag an bpointe seo maidir leis an gcéad ionsaí ar ainmhí cosanta i limistéar ar leith. Ina theannta sin, mura féidir bearta coisctheacha a dhéanamh go réasúnta, ní mór don Bhallstát lena mbaineann a léiriú nach bhfuil sé indéanta bearta coisctheacha den sórt sin a dhéanamh ionas go measfar an chabhair a bheith comhoiriúnach. |
|
(389) |
Ní mór don Bhallstát nasc cúisíoch díreach a shuí idir an damáiste a dhéantar agus iompraíocht an ainmhí chosanta. |
|
(390) |
Ní mór cabhair a íoc go díreach leis an ngnóthas lena mbaineann nó le grúpa táirgeoirí nó le heagraíocht táirgeoirí ar comhalta de an gnóthas sin. I gcás ina n-íoctar an chabhair le grúpa táirgeoirí agus le heagraíocht táirgeoirí, ní mór nach mó méid na cabhrach ná an méid cabhrach a bhfuil an gnóthas sin incháilithe lena aghaidh. |
|
(391) |
Ní mór an scéim cabhrach a bhunú laistigh de thréimhse 3 bliana ón dáta a tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste. Ní mór an chabhair a íoc laistigh de 4 bliana ón dáta sin. |
Costais incháilithe
|
(392) |
Is éard a bheidh sna costais incháilithe costais a tharlaíonn mar thoradh díreach ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, nó ag saineolaí neamhspleách a bheidh aitheanta ag an údarás deonúcháin nó ag gnóthas árachais. |
|
(393) |
Féadfar an méid seo a leanas a bheith san áireamh sna costais incháilithe:
|
|
(394) |
Ní mór méid na cabhrach a laghdú faoi aon chostas nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais ba chúis leis an damáiste, a thabhódh an tairbhí murach sin agus faoi aon ioncam a rinneadh de bharr dhíol na dtáirgí atá nasctha leis na hainmhithe a maraíodh nó na plandaí a scriosadh de dheasca na n-ainmhithe cosanta. |
|
(395) |
Ní mór an damáiste a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair. |
|
(396) |
Ní mór an caillteanas ioncaim a ríomh ar leibhéal an táirgthe bhliantúil ar an bhfeirm nó ar leibhéal an bheostoic nó ar leibhéal na mbarr ach an méid seo a leanas a dhealú:
|
|
(397) |
Infheistíochtaí a bhaineann le bearta chun damáiste de dheasca ainmhithe cosanta a chosc, féadfar tacaíocht a thabhairt do na hinfheistíochtaí sin faoi choinníollacha Roinn 1.1.1.1 den Chuid seo maidir le cabhair le haghaidh infheistíochtaí i ngabháltais talmhaíochta. |
Déine cabhrach
|
(398) |
Níor cheart an chabhair a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(399) |
An cúiteamh le haghaidh costais incháilithe dá dtagraítear i bpointe (393)(b), ní mór é a bheith i gcomhréir leis na costais dhíreacha dá dtagraítear i bpointe (393)(a) agus ní mór é a bheith faoi bhun 80 % de na costais incháilithe indíreacha iomlána. |
|
(400) |
Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaightear chun cúiteamh a dhéanamh don damáiste, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile an Aontais nó faoi pholasaithe árachais le haghaidh an damáiste dá ndeonaítear an chabhair, ní mór é a bheith teoranta do 100 % de na costais incháilithe. |
1.2.1.6. Cabhair chun préimheanna árachais a íoc
|
(401) |
I gcuid mhaith cásanna, is uirlis an-chuiditheach é an t-árachas le haghaidh dea-bhainistíocht rioscaí agus géarchéime. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise féidearthachtaí maoiniúcháin na bhfeirmeoirí a bhíonn laghdaithe go minic, tá dearcadh dearfach ag an gCoimisiún maidir le Státchabhair i gcomhair préimheanna árachais i gcás ina mbaineann an t-árachas le táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(402) |
Cabhair i bhfabhar feirmeoirí chun préimheanna árachais a íoc, measfaidh an Coimisiún an chabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(403) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(404) |
Ní fhéadfaidh an chabhair a bheith ina bacainn ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh seirbhísí árachais. Go háirithe, ní mór nach mbeidh an chabhair teoranta d’árachas arna sholáthar ag cuideachta árachais aonair nó ag grúpa cuideachtaí ná ní bheidh sí coinníollach ar an gconradh árachais a thógáil le cuideachta atá bunaithe sa Bhallstát lena mbaineann. |
|
(405) |
Scrúdófar na scéimeanna athárachais ar bhonn cás ar chás. |
Costais incháilithe
|
(406) |
Is ionann na costais incháilithe agus costais na bpréimheanna árachais le haghaidh árachais lena gcumhdófar an damáiste de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speiceas coimhthíoch ionrach, baint agus scrios stoic a fuair bás agus damáiste de dheasa ainmhithe cosanta, dá dtagraítear i Ranna 1.2.1.1, 1.2.1.2, 1.2.1.3, 1.2.1.4 agus 1.2.1.5, agus de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide nó damáiste ar teagmhais chomhshaoil is cúis leo. |
|
(407) |
D’fhéadfadh sé nach gcúiteofaí leis an árachas ach an costas a bhaineann leis an damáiste dá dtagraítear i bpointe (406) a shlánú agus d’fhéadfadh sé nach gceanglófaí ná nach sonrófaí leis cineál ná cainníocht na táirgeachta sa todhchaí. |
|
(408) |
Maidir le cabhair le haghaidh préimheanna árachais i gcomhair árachais in aghaidh caillteanas de dheasca teagmhas comhshaoil, ní mór d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann tarlú teagmhais comhshaoil a aithint go foirmiúil mar tharlú den sórt sin. |
|
(409) |
Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhunú roimh ré ar ar an mbonn a mheasfar an t-aitheantas foirmiúil sin a bheith deonaithe. |
|
(410) |
Féadfar innéacsanna dá dtagraítear i bpointí (337) agus (338) a úsáid chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí agus méid an chaillteanais a ríomh. |
Déine cabhrach
|
(411) |
Ní mór nach rachaidh an déine cabhrach thar 70 % de chostas na préimhe árachais. Maidir le cabhair chun an stoc a fuair bás a bhaint agus a scriosadh, ní mór nach rachaidh an déine cabhrach thar 100 % de chostas na préimhe árachais a mhéid a bhaineann le préimheanna árachais chun stoc a fuair bás a bhaint agus 75 % de chostas na préimhe árachais maidir le préimheanna árachais chun stoc den sórt sin a fuair bás a scriosadh. |
|
(412) |
Féadfaidh na Ballstáit méid na préimhe árachais atá incháilithe le haghaidh cabhrach a theorannú le huasteorainneacha iomchuí a chur i bhfeidhm. |
1.2.1.7. Cabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha
|
(413) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc le feirmeoirí a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(414) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach sa táirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(415) |
Ní mór go mbeadh na nithe seo ag an gciste frithpháirteach:
|
|
(416) |
Ní mór do na Ballstáit na rialacha maidir le comhdhéanamh agus bainistiú na gcistí frithpháirteacha a shainiú, go háirithe maidir le híocaíochtaí cúitimh a dheonú agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil do phionóis i gcás mórfhaillí ar pháirt an tairbhí sna socruithe cistí. |
Costais incháilithe
|
(417) |
Is ionann na costais incháilithe agus costais na cabhrach le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc le feirmeoirí as an damáiste de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, galair ainmhithe, lotnaidí plandaí agus speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas nó is ábhar imní do Bhallstát, baint agus scrios stoic a fuair bás agus damáiste de dheasa ainmhithe cosanta, dá dtagraítear i Ranna 1.2.1.1, 1.2.1.2, 1.2.1.3, 1.2.1.4 agus 1.2.1.5, agus de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide nó damáiste ar teagmhais chomhshaoil is cúis leo. D’fhéadfadh sé nach mbeadh baint ag na ranníocaíochtaí airgeadais ach leis na méideanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(418) |
Maidir le cabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc as an damáiste arna dhéanamh ag teagmhais chomhshaoil, ní mór d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann tarlú de theagmhas comhshaoil a aithint go foirmiúil mar tharlú den sórt sin. |
|
(419) |
Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhunú roimh ré ar ar a mbonn a mheasfar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear a bheith deonaithe |
|
(420) |
Féadfar innéacsanna dá dtagraítear i bpointí (337) agus (338) a úsáid chun táirgeadh talmhaíochta bliantúil an tairbhí agus méid an chaillteanais a ríomh. |
Déine cabhrach
|
(421) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 70 % de na costais incháilithe. |
1.3. Cineálacha eile cabhrach san earnáil talmhaíochta
1.3.1. Cabhair chun acmhainneacht táirgeachta a dhúnadh
|
(422) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hearnáil na talmhaíochta ina hiomláine mar a shainmhínítear i bpointe (33)9. |
1.3.1.1. Deireadh a chur le hacmhainneacht ar chúiseanna sláinte ainmhithe, plandaí nó sláinte an duine, sláinteachais, eiticiúla, comhshaoil nó ar chúiseanna aeráide
|
(423) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun deireadh a chur le hacmhainneacht a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(424) |
Cuirtear deireadh le hacmhainneacht ar chúiseanna sláinte ainmhithe, plandaí nó sláinte an duine, sláinteachais, eiticiúla nó ar chúiseanna comhshaoil, amhail an laghdú ar dhéine stocála foriomlán. |
|
(425) |
Ní mór don tairbhí ranníocaíocht íosta a sholáthar i bhfoirm cinnidh chinntithigh agus neamh-inchúlghairthe chun an acmhainneacht táirgeachta lena mbaineann a chur ó úsáid nó a dhúnadh go neamh-inchúlghairthe. Leis an gcinneadh sin dúnfar go hiomlán acmhainneacht an ghnóthais lena mbaineann nó i gcás ina bhfuil údar cuí leis, dúnfar cuid den acmhainneacht. Ní mór gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí de a fháil ón tairbhí go bhfuil dúnadh na hacmhainneachta táirgeachta cinntitheach agus neamh-inchúlghairthe agus nach gcuirfidh an tairbhí tús leis an ngníomhaíocht chéanna áit éigin eile. Ní mór na gealltanais sin a bheith ceangailteach freisin ar aon duine a cheannóidh an talamh nó an tsaoráid lena mbaineann sa todhchaí. |
|
(426) |
Ní bheidh ach amháin gnóthais a bhí ag táirgeadh iarbhír, agus acmhainneachtaí táirgeachta amháin a bhí á n-úsáid iarbhír go leanúnach le 5 bliana anuas sular dúnadh an acmhainneacht incháilithe don chabhair. I gcásanna inar dúnadh go cinntitheach an acmhainneacht táirgeachta cheana féin, nó i gcás ina bhfuil a fhios go ndúnfar í, nach bhfuil aon iarracht ranníocaíochta íosta (leordhóthanach) le feiceáil ón tairbhí, ní fhéadfar i gcásanna mar sin cabhair a dheonú. |
|
(427) |
Coimeádann an Coimisiún an ceart coinníollacha breise a chur i gceangal le húdarú na cabhrach. |
|
(428) |
Ní bheidh ach gnóthais atá ag comhlíonadh chaighdeáin an Aontais incháilithe do chabhair. Gnóthais nach gcomhlíonann caighdeáin an Aontais agus a mbeadh oibleagáid orthu stop a chur leis an táirgeacht ar aon nós, tá na gnóthais sin eisiata. |
|
(429) |
Chun creimeadh agus éifeachtaí diúltacha eile ar an gcomhshaol a sheachaint, ní mór talamh feirme oscailte atá tugtha amach as an táirgeacht i bprionsabal a fhoraoisiú nó limistéar dúlra a dhéanamh de laistigh de thréimhse 2 bhliain agus ar bhealach a áiritheoidh go seachnaítear éifeachtaí diúltacha ar an gcomhshaol. Chun éifeachtaí diúltacha aeráide a chosc, ní cheart athfhoraoisiú a dhéanamh go míchuí ar thalamh talmhaíochta a rinneadh a iompú ar ais go bogaigh nó talamh portaigh. Mar mhalairt air sin, féadfar talamh feirme oscailte a athúsáid tar éis 20 bliain tar éis acmhainneacht a dhúnadh sa deireadh. Go dtí sin, ní mór talamh feirme den sórt sin a choinneáil i ndea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil, i gcomhréir leis na caighdeáin GAEC a leagtar síos faoi Theideal III, Caibidil I, Roinn 2 de Rialachán (AE) 2021/2115, agus leis na rialacha ábhartha cur chun feidhme. Ní mór suiteálacha a dhúnadh laistigh de raon feidhme Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (67) i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 22 den Treoir sin. |
|
(430) |
Ní mór cabhair arna deonú faoi scéim cabhrach a bheith inrochtana do gach gnóthas incháilithe. |
Costais incháilithe
|
(431) |
Cumhdaítear leis an gcabhair an cúiteamh as caillteanas luach na sócmhainní, arna dtomhas mar luach díola reatha na sócmhainní. |
|
(432) |
Chomh maith leis an gcúiteamh de bharr chailliúint luach na sócmhainní, i ngeall ar dhúnadh na hacmhainneachta ar chúiseanna comhshaoil nó aeráide, féadfar íocaíocht dreasachta, nach féidir a bheith níos mó ná 20 % de luach na sócmhainní, a thabhairt. |
|
(433) |
Féadfar cúiteamh a dheonú freisin as costais scriosadh na hacmhainneachta táirgeachta. |
|
(434) |
Féadfar an chabhair a íoc freisin chun na costais shóisialta éigeantacha a eascróidh as cur chun feidhme an chinnidh maidir le dúnadh a fhritháireamh. |
|
(435) |
Ní mór cabhair chun talamh a fhoraoisiú agus a iompú ar ais ina limistéir dúlra a dheonú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Ranna 2.1.1 agus 2.1.2 agus leis na rialacha maidir le hinfheistíocht neamh-tháirgiúil a leagtar amach i Roinn 1.1.1.1 den Chuid sin. |
Déine cabhrach
|
(436) |
Is mar a leanas uasdéine na cabhrach:
|
1.3.1.2. Deireadh a chur le hacmhainneacht ar chúiseanna eile
|
(437) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun deireadh a chur le hacmhainneacht ar chúiseanna eile seachas iad sin a leagtar amach i bpointe (424) a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(438) |
Ní mór deireadh a chur leis an acmhainneacht ar mhaithe le hathstruchtúrú na hearnála, le héagsúlú nó le haghaidh luathscoir. |
|
(439) |
Ní mór na coinníollacha a leagtar síos i bpointí (425) go (429) a chomhlíonadh. |
|
(440) |
Mar a leagtar amach i bpointe (62), ní fhéadfar aon chabhair a d’fhéadfadh cur isteach ar shásraí chomheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta a dheonú. Déanfar meastóireacht ar scéimeanna cabhrach a bhainfidh le hearnálacha atá faoi réir teorainneacha nó cuótaí táirgeachta ar bhonn cás ar chás. |
|
(441) |
Ní mór go mbeadh an chabhair mar chuid de chlár ag a bhfuil cuspóirí sainithe agus tráthchlár sonrach lena ndíreofar ar athstruchtúrú na hearnála, ar éagsúlú nó ar luathscor. |
|
(442) |
Chun tionchar tobann ar an margadh a áirithiú, ba cheart fad na scéimeanna cabhrach lena ndíreofar ar dheireadh a chur le hacmhainneacht a theorannú chuig tréimhse suas le 6 mhí chun iarratais ar rannpháirtíocht a bhailiú, agus chuig tréimhse eile 12 mhí chun an clabhsúr iarbhír a chur i gcrích. Ní ghlacfaidh an Coimisiún le scéimeanna cabhrach a bheidh níos faide ná 3 bliana, toisc go léirítear le taithí go bhféadfaí na hathruithe is gá a chur ar athló leis na scéimeanna sin. |
|
(443) |
Ní mór an scéim cabhrach a bheith inrochtana do gach oibreoir eacnamaíoch san earnáil lena mbaineann faoi na coinníollacha céanna. Chun an tionchar is mó a bhaint amach, ní mór don Bhallstát córas trédhearcach agus oscailte léirithe spéise a úsáid lena dtugtar cuireadh go poiblí do gach gnóthas féideartha leasmhar a bheith rannpháirteach; an tráth céanna, ní mór eagrú na scéime cabhrach a bhainistiú ar bhealach nach gceanglaítear agus nach n-éascaítear comhaontuithe frith-iomaíocha leis nó cleachtais chomhbheartaithe idir na gnóthais lena mbaineann. |
Costais incháilithe agus déine cabhrach
|
(444) |
Tá na forálacha maidir le costais incháilithe agus maidir le déine cabhrach a leagtar síos i Roinn 1.2.2.1 infheidhme, cé is moite de na costais dá dtagraítear i bpointe (432). |
1.3.2. Cabhair chun gníomhaíochtaí feirmeoireachta a athlonnú
|
(445) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun gníomhaíochtaí feirmeoireachta a athlonnú a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(446) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta. |
|
(447) |
Ní mór d’athlonnú na ngníomhaíochtaí feirmeoireachta cuspóir a bhaineann le leas an phobail a shaothrú, amhail cúiseanna comhshaoil nó sláintíochta, nó sláinte ainmhithe, plandaí nó daoine. Ní mór an leas poiblí atá ann chun údar a thabhairt le deonú cabhrach faoin Roinn seo a shonrú i bhforálacha ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann. Ní mór don tairbhí ranníocaíocht íosta a sholáthar i bhfoirm gealltanais an láithreán tréigthe a thabhairt ar ais chuig staid atá sásúil ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear díchóimeáil agus scriosadh na saoráidí atá ar an láithreán tréigthe. |
|
(448) |
Maidir le cabhair faoin Roinn seo, lena mbaineann infheistíochtaí a leagtar amach i bpointe (449) (b) agus i bpointe (c), ní mór di na coinníollacha ginearálta maidir le cabhair infheistíochta a leagtar amach i bpointe (143) de na dTreoirlínte seo a chomhlíonadh. |
Déiní cabhrach
|
(449) |
Tá feidhm ag na déiní cabhrach a leanas:
|
1.3.3. Cabhair d’earnáil an bheostoic
|
(450) |
Féachann an Coimisiún go fabhrach ar chabhair a rannchuidíonn chun cáilíocht ghéiniteach bheostoc an Aontais a choinneáil ar bun agus a fheabhsú. Measfaidh sé dá bhrí sin cabhair in earnáil an bheostoic a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(451) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le FBManna atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil talmhaíochta. Ní údaróidh an Coimisiún Státchabhair maidir leis na costais a chumhdaítear leis an Roinn seo i bhfabhar fiontair mhóra. |
|
(452) |
Ba cheart an chabhair a sholáthar i bhfoirm seirbhíse fóirdheonaithe agus níor cheart íocaíochtaí díreacha leis na tairbhithe a bheith i gceist léi. |
Costais incháilithe
|
(453) |
Cumhdaítear leis an gcabhair na costais a bhaineann le pórleabhair a bhunú agus a chothabháil chomh maith leis na tástálacha a dhéanann tríú páirtithe nó a dhéantar thar a gceann, chun cainníocht ghéiniteach nó toradh beostoic a chinneadh, cé is moite de rialuithe a dhéanann úinéir an bheostoic agus gnáthrialuithe ar cháilíocht an bhainne. |
|
(454) |
Is iad na costais incháilithe:
|
Déine cabhrach
|
(455) |
Féadfar suas le 100 % de mhaoiniú na gcostas riaracháin maidir le pórleabhair a bhunú agus a chothabháil a chumhdach leis an gcabhair, costais dá dtagraítear i bpointe (454)(a). |
|
(456) |
Féadfar suas le 70 % de na costais a bhaineann le tástálacha a dhéanann tríú páirtithe nó a dhéantar thar a gceann a chumhdach leis an gcabhair, chun cáilíocht ghéiniteach nó toradh beostoic a chinneadh, dá dtagraítear i bpointe (454)(b). |
1.3.4. Cabhair le haghaidh bearta cur chun cinn i bhfabhar táirgí talmhaíochta
|
(457) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh cur chun cinn táirgí talmhaíochta agus táirgí bia atá bunaithe ar tháirgí talmhaíochta, a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 1144/2014, a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(458) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hearnáil na talmhaíochta ina hiomláine mar a shainmhínítear i bpointe (33)9 de na Treoirlínte seo. Tairbhithe na cabhrach le haghaidh eagrú comórtas, aontaí trádála nó taispeántas, dá dtagraítear i bpointe (468)(a), ní mór iad a bheith teoranta chuig FBManna. |
|
(459) |
Ní mór an ghníomhaíocht chur chun cinn a bheith deartha chun an pobal a chur ar an eolas maidir le saintréithe na dtáirgí talmhaíochta, mar shampla, trí chomórtais a eagrú, trí bheith rannpháirteach in aontaí trádála agus i ngníomhaíochtaí caidreamh poiblí, trí ghnáthú an eolais eolaíochta nó trí fhoilseacháin ina bhfuil faisnéis fhíorasach, nó chun oibreoirí eacnamaíocha nó tomhaltóirí a spreagadh chun an táirge talmhaíochta lena mbaineann a cheannach trí bhíthin feachtais cur chun cinn. Féadfar an ghníomhaíocht chur chun cinn sin a chur chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha. |
|
(460) |
Féadfaidh na bearta cur chun cinn:
|
|
(461) |
Ní mór Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (68) na bearta cur chun cinn a chomhlíonadh agus, i gcás inarb iomchuí, na rialacha lipéadaithe sonracha. |
|
(462) |
Ní mór do na Ballstáit samplaí ionadaíocha d’ábhar cur chun cinn a sheoladh chuig an gCoimisiún ar fhógairt na cabhrach nó na scéime cabhrach dóibh le haghaidh beart cur chun cinn. Mura bhfuil an t-ábhar sin ar fáil tráth an fhógra, ba cheart gealltanas a ghlacadh chun é a sholáthar ag céim níos déanaí agus in aon chás sula ndéantar an beart cur chun cinn a sheoladh. |
|
(463) |
Bearta cur chun cinn ar mó é ná an tairseach fógra dá dtagraítear i bpointe (35)(b), ní mór fógra a thabhairt ina leith go haonarach. |
|
(464) |
Maidir le soláthar na mbeart cur chun cinn, féadfaidh grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí eile, gan beann ar a méid, tabhairt faoi sin. I gcás ina ndéanann grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí an beart cur chun cinn, ní fhéadfaidh an rannpháirtíocht a bheith coinníollach ar bhallraíocht na ngrúpaí nó na n-eagraíochtaí sin agus ní mór aon ranníocaíocht i dtéarmaí táillí riaracháin don ghrúpa nó don eagraíocht a bheith teoranta don chostas a bhaineann leis an mbeart cur chun cinn a sholáthar. |
|
(465) |
Ní mór an ghníomhaíocht a dheonú ar cheann de na bealaí seo a leanas:
|
|
(466) |
De mhaolú ar phointe (465), ní mór gan an chabhair le haghaidh feachtais cur chun cinn a dheonú ach amháin i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe. |
|
(467) |
An chabhair le haghaidh duaiseanna siombalacha dá dtagraítear i bpointe (468)(a)(v), ní íocfar le soláthraí na mbeart cur chun cinn í ach amháin má deonaíodh an duais iarbhír agus ar choinníoll go gcuirtear cruthúnas ar an dámhachtain i láthair. |
Costais incháilithe
|
(468) |
Is iad seo a leanas na costais atá incháilithe do chur chun cinn táirgí talmhaíochta:
|
Tagairt do ghnóthas ar leith, d’ainm branda nó do thionscnamh
|
(469) |
Níor cheart aon ghnóthas, ainm branda nó tionscnamh áirithe i ngníomhaíochtaí cur chun cinn dá dtagraítear i bpointe (468)(c) agus i bhfeachtais cur chun cinn dá dtagraítear i bpointe (468)(d) a lua, go háirithe iad siúd atá cineálach ó thaobh carachtair de agus atá chun leas tháirgeoirí uile an chineáil táirge lena mbaineann, dá dtagraítear i bpointe (468)(b). Feachtais cur chun cinn dá dtagraítear in (468)(d) níor cheart iad a chur in áirithe le haghaidh táirgí de chuid cuideachta áirithe amháin nó níos mó, nó cuideachtaí áirithe. Ní dhearbhóidh an Coimisiún Státchabhair chomhoiriúnach i dtaca le cur chun cinn a mbaineann an riosca leis go gcuirfear díolacháin i mbaol nó go gcuirfear locht ar tháirgí ó Bhallstáit eile. |
|
(470) |
Níl feidhm, áfach, ag an srian atá ar an tagairt do thionscnamh, a leagtar amach i bpointe (469) an chéad abairt, maidir leis na nithe seo a leanas:
|
Déine cabhrach
|
(471) |
An déine cabhrach le haghaidh an gcostas incháilithe, dá dtagraítear i bpointí (468)(a), (b) agus (c), ní rachaidh sí thar 100 % de na costais incháilithe. |
|
(472) |
An déine cabhrach le haghaidh feachtais cur chun cinn a bhaineann go sonrach le táirgí a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta i bpointe (468)(d) in éineacht le pointe (460) (a), ní rachaidh sí thar 50 % de chostais incháilithe an fheachtais nó 80 % díobh a mhéid a bhaineann le cur chun cinn i dtríú tíortha. Má rannchuidíonn an earnáil 50 % ar a laghad de na costais, gan beann ar fhoirm an rannchuidithe, mar shampla cánacha speisialta, féadfaidh an déine cabhrach a bheith suas le 100 %. |
|
(473) |
An déine cabhrach le haghaidh feachtais cur chun cinn cineálacha, dá dtagraítear i bpointe (468)(d) in éineacht le pointe (460)(b), ní rachaidh sí thar 100 % de na costais incháilithe a chumhdach. |
1.3.5. Cabhair do na réigiúin is forimeallaí agus maidir leis na hOileáin bheaga Aeigéacha
|
(474) |
Measfaidh an Coimisiún cibé an dtabharfar cabhair do na réigiúin is forimeallaí agus do na hOileáin bheaga Aeigéacha freisin, a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(475) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hearnáil na talmhaíochta ina hiomláine mar a shainmhínítear i bpointe (33)9. |
|
(476) |
Maidir leis na réigiúin is forimeallaí, de bhun Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, níl feidhm ag Airteagal 107, ag Airteagal 108 ná ag Airteagal 109 den Chonradh maidir leis an gcabhair seo a leanas arna deonú ag na Ballstáit i gcomhréir leis an Rialachán sin:
|
|
(477) |
Ach amháin sna cásanna sin, tá feidhm ag rialacha Státchabhrach maidir le bearta a bhaineanna leis na réigiúin is forimeallaí, gan dochar d’Airteagal 23(1) de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013. |
|
(478) |
Maidir leis na Oileáin bheaga Aeigéacha, de bhun Airteagal 17(3) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013, níl feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 den Chonradh maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh ag an nGréig faoi Chaibidlí III agus IV den Rialachán sin i gcomhréir leis an Rialachán sin. |
|
(479) |
Ach amháin sna cásanna sin, tá feidhm ag rialacha Státchabhrach maidir le bearta a bhaineann leis na hOileáin bheaga Aeigéacha, gan dochar don riail a leagtar síos in Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013. |
Costais incháilithe
|
(480) |
Faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas tá na costais bhreise iompair a bhaineann le táirgí talmhaíochta a táirgeadh sna réigiúin is forimeallaí agus sna Oileáin bheaga Aeigéacha incháilithe le haghaidh cúitimh:
|
|
(481) |
Scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn cás ar chás, pleananna le haghaidh Státchabhair a dheonú i dtaca le costais eile seachas na costais bhreise iompair ar dearadh iad chun freastal ar riachtanais na réigiún is forimeallaí agus na nOileán beag Aeigéach, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCuid I, Caibidil 3, de na Treoirlínte agus na bhforálacha sonracha dlíthiúla a bhaineann leis na réigiúin sin, agus aird á tabhairt, más infheidhme, ar chomhoiriúnacht na mbeart lena mbaineann le pleananna straitéiseacha an Chomhbheartais Talmhaíochta le haghaidh na réigiúin lena mbaineann agus ar an éifeacht a bhíonn acu siúd ar an iomaíocht sna réigiúin lena mbaineann mar aon le háiteanna eile san Aontas. |
1.3.6. Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún talmhaíochta
|
(482) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún talmhaíochta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
Costais incháilithe
|
(483) |
Ní mór go mbeidh na costais incháilithe teoranta do chostais dhlíthiúla, riaracháin agus suirbhéireachta a bhaineann le comhdhlúthú talún. |
Déine cabhrach
|
(484) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na fíorchostais. |
1.3.7. Cabhair le haghaidh taighde agus forbairt in earnáil na talmhaíochta
|
(485) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na talmhaíochta, a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(486) |
Déanfar cabhair le haghaidh taighde agus forbairt in earnáil na talmhaíochta nach gcomhlíontar léi na coinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo a mheasúnú i gcomhréir leis an gCreat le haghaidh Státchabhair um an Taighde, an Fhorbairt agus an Nuálaíocht. |
|
(487) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le hearnáil na talmhaíochta ina hiomláine mar a shainmhínítear i bpointe (33)9. |
|
(488) |
Ní mór go mbeidh an tionscadal dá dtugtar cabhair chun leas na ngnóthas uile atá gníomhach san earnáil nó san fho-earnáil talmhaíochta ar leith lena mbaineann. |
|
(489) |
Roimh dháta tosaigh an tionscadail dá dtugtar cabhair, ní mór go bhfoilseofar an fhaisnéis seo a leanas ar an Idirlíon:
|
|
(490) |
Ní mór torthaí an tionscadail dá dtugtar cabhair a chur ar fáil ar an idirlíon ó dháta deiridh an tionscadail dá dtugtar cabhair nó an dáta a thugtar aon fhaisnéis i dtaca leis na torthaí sin do chomhaltaí aon eagraíochta ar leith, pé dáta is túisce. Ní mór na torthaí a bheith ar fáil ar an idirlíon ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ó dháta deiridh an tionscadail dá dtugtar cabhair. |
|
(491) |
Ní mór go ndeonófar cabhair go díreach don eagraíocht taighde agus leata eolais. Ní mór nach mbeidh sé i gceist leis an mbeart go mbainfidh soláthar cabhrach leis atá bunaithe ar an bpraghas a ghearrtar ar ghnóthais atá gníomhach in earnáil na talmhaíochta. |
Costais incháilithe
|
(492) |
Is iad seo a leanas na costais incháilithe:
|
Déine cabhrach
|
(493) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
CAIBIDIL 2
Cabhair le haghaidh earnáil na foraoiseachta
|
(494) |
Ní thagann earnáil na foraoiseachta faoi raon feidhme Airteagal 42 den Chonradh ná faoi Iarscríbhinn I a ghabhann leis. Tá feidhm ag Airteagal 107, 108 agus 109 den Chonradh maidir le cabhair arna deonú ag na Ballstáit d’earnáil na foraoiseachta. Cé go gcumhdaítear táirgeadh coirc nádúrtha, neamhoibrithe, bhrúite, ghránaithe nó mheilte, dramhaíl coirc (mírcheann CN 4501), agus táirgeadh castán (Castanea spp., cód CN 0802 41 00) in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, féadfaidh cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí foraoiseachta a bhaineann leis na crainn sin teacht faoi raon feidhme na Caibidle seo. |
|
(495) |
De shliocht ar Airteagal 5, pointe (b) agus Airteagal 6(1) pointí (d) go (f) agus (h) de Rialachán (AE) 2021/2115, áirítear forbairt limistéar foraoise agus bainistiú inbhuanaithe foraoise i gcabhair le haghaidh talamh a úsáid ar bhonn inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don aeráid. Is é is aidhm don Chaibidil seo comhleanúnachas a áirithiú idir Rialachán (AE) 2021/2115 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme, ar thaobh amháin, agus prionsabail ghinearálta na Státchabhrach maidir le cabhair d’earnáil na foraoiseachta, ar an taobh eile. Tá éifeacht ag na prionsabail sin ar chostais incháilithe agus ar dhéine cabhrach faoin gCaibidil seo. |
|
(496) |
Tá forálacha na Caibidle seo gan dochar don fhéidearthacht go ndeonófar Státchabhair le haghaidh na hearnála foraoiseachta faoi reachtaíocht an Aontais is comónta do gach earnáil nó do thrádáil agus tionsclaíocht, dá dtagraítear i bpointe (32). Ní thagann cabhair le haghaidh infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh in-athnuaite faoi raon feidhme na Caibidle seo mar nach mór don chabhair sin na Treoirlínte 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh a chomhlíonadh, ach amháin i gcás ina mbeidh an chabhair díolmhaithe ón oibleagáid maidir le fógra a thabhairt. Níl feidhm ag na Treoirlínte seo maidir le tionscail foraois-bhunaithe. |
|
(497) |
Cumhdaítear sa Chaibidil seo cabhair le haghaidh earnáil na foraoiseachta dá dtagraítear i bpointe (21)(b). |
|
(498) |
I gcomhréir leis an gCaibidil seo, dearbhóidh an Coimisiún Státchabhair le haghaidh earnáil na foraoiseachta a mhaoineofar go heisiach as acmhainní náisiúnta atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte sin agus na ceanglais shonracha a leagtar síos i Ranna 2.1 go 2.9. |
|
(499) |
I gcás, áfach, go ndéantar cabhair le haghaidh earnáil na foraoiseachta a chómhaoiniú trí EAFRD, dearbhóidh an Coimisiún go bhfuil an Státchabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
|
2.1. Infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus inmharthanacht foraoisí a fheabhsú
|
(500) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhforbairt limistéar foraoise agus feabhsú inmharthanacht foraoisí a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(501) |
Baineann an Roinn seo le cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí, athghiniúint nó athchóiriú córas agrafhoraoiseachta, seachaint damáiste d’fhoraoisí a tharlaíonn de bharr dóiteáin foraoise, agus athshlánú na bhforaoisí sin, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, teagmhais thurraingeacha, tarluithe a bhaineann le hathrú aeráide, ráigeanna lotnaidí agus aicídí, infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear an luach athléimneachta agus comhshaoil, chomh maith leis an acmhainn maolaithe atá ag éiceachórais foraoise agus infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoise agus i bpróiseáil, in úsáid agus i margaíocht táirgí foraoise. |
|
(502) |
Níl na costais seo a leanas incháilithe:
|
2.1.1. Cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí
|
(503) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(504) |
Tá feidhm ag na híoscheanglais chomhshaoil seo a leanas i gcomhthéacs foraoisiú agus cruthú coillearnaí:
|
|
(505) |
Ba cheart go mbeadh tuairisc fhónta san fhógra a chuirtear chuig an gCoimisiún, ina léireofar comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (504) agus údar cuí i gcás ina bhfuil feidhm ag aon mhaolú. |
Costais incháilithe
|
(506) |
Cumhdaítear le cabhair na costais i dtaca le bunú foraoisí agus coillearnaí ar thalamh talmhaíochta agus ar thalamh neamhthalmhaíochta. Thairis sin, féadfar cabhair a dheonú i bhfoirm phréimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir chun go gclúdófar costais ioncam talmhaíochta a ligeadh thar ceal, lena n-áirítear glantachán luath agus déanach, ar feadh uastréimhse arna cinneadh ag an mBallstát. Ní fhéadfar tacú le costais trealamh le haghaidh foraoisiú agus cruthú coillearnaí ach faoi Roinn 2.1.5 amháin. D’fhéadfaí athsholáthar foraoisiú críonaigh a tharla le linn na céad bliana a áireamh le costais an bhunaithe. Féadfar athsholáthar críonadh ar mhionscála a áireamh leis na costais chothabhála le linn na mblianta tosaigh i ndiaidh plandála. Ní fhéadfar tacú le hathsholáthar críonadh ar mhórscála ach faoi Roinn 2.1.3 amháin. |
|
(507) |
Ní fhéadfar aon chabhair a dheonú do chrainn a chur i gcomhair barrscoitheadh gearruainíochta, do chrainn Nollag a chur ná do chrainn a chur a fhásann go tapa i gcomhair táirgeadh fuinnimh ná d’infheistíochtaí san fhoraoisiú nach bhfuil comhsheasmhach le cuspóirí aeráide agus comhshaoil ná le prionsabail inbhuanaithe maidir le bainistiú foraoisí, mar a forbraíodh sna Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú (70). Is speicis atá in oiriúint do dhálaí comhshaoil agus aeráide an limistéir na speicis nach mór a chur agus ní mór go gcomhlíonfar leo na híoscheanglais chomhshaoil dá dtagraítear i bpointe (504). |
Déine cabhrach
|
(508) |
Níor cheart an chabhair a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
2.1.2. Cabhair le haghaidh bunú, athghiniúint nó athchóiriú córas agrafhoraoiseachta
|
(509) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh bunú, athghiniúint, nó athchóiriú córas agrafhoraoiseachta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(510) |
Féadfar an chabhair a dheonú chun córais agrafhoraoiseachta a bhunú mar a shainmhínítear i bpointe (33)(10). |
Costais incháilithe
|
(511) |
Leis an gcabhair, cumhdaítear costais a bhaineann le bunú, athghiniúint nó athchóiriú córais agrafhoraoiseachta agus féadfar préimh bhliantúil in aghaidh an heicteáir a dheonú chun costais na cothabhála a chumhdach, ar feadh uastréimhse arna cinneadh ag an mBallstát. |
|
(512) |
Ní mór do na Ballstáit struchtúr agus comhdhéanamh an chórais agrafhoraoiseachta a chinneadh agus dálaí pedichlíomacha áitiúla agus comhshaoil, speicis foraoiseachta agus an gá úsáid talmhaíochta inbhuanaithe na talún a áirithiú á gcur san áireamh. |
Déine cabhrach
|
(513) |
Níor cheart an chabhair a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
2.1.3. Cabhair le haghaidh damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athchóiriú
|
(514) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun damáiste d’fhoraoisí a chosc agus a athbhunú, ar damáiste é a tharla de dheasca dóiteáin foraoise, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, ar féidir iad a asamhlú do thubaiste nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, leathadh speiceas coimhthíoch ionrach, teagmhais thurraingeacha, tarluithe a bhaineann leis an athrú aeráide agus infheistíochtaí i gcothabháil sláinte foraoisí a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(2) pointe (b), nó, de réir an cháis, Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
Costais incháilithe
|
(515) |
D’fhéadfadh costais infheistíochta na mbeart athbhunaithe a bheith cumhdaithe leis an gcabhair, bearta, amhail:
|
|
(516) |
I gcás ina ndéantar athchóiriú ar an acmhainneacht fhéideartha foraoiseachta dá dtagraítear i bpointe (515)(d), ní mór go mbeidh an chabhair faoi réir aitheantas foirmiúil údarás inniúil an Bhallstáit inar tharla ceann amháin de na tarluithe dá dtagraítear sa phointe sin agus go dtíolacfaidh na tairbhithe cruthúnas ar uirlisí iomchuí bainistithe riosca chun aghaidh a thabhairt ar tharlú féideartha an teagmhais dhíobhálaigh amach anseo i gcás inarb iomchuí. Féadfar a áireamh in uirlisí iomchuí bainistithe riosca den sórt sin cumhdach le hárachas nó le ciste frithpháirteach nó bearta coisctheacha atá oiriúnach chun cineál an teagmhais dhíobhálaigh a chosc. |
|
(517) |
I gcás cabhair chun cosc a chur le damáiste d’fhoraois a rinne lotnaidí plandaí nó speicis choimhthíocha ionracha, tacófar leis an riosca a bhaineann le tarlú na lotnaide plandaí nó na speiceas coimhthíoch ionrach le fianaise eolaíoch agus aithneoidh eagraíocht phoiblí eolaíoch é. Nuair is ábhartha, ní mór go soláthrófar san fhógra an liosta d’orgánaigh dhíobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le lotnaid plandaí. |
|
(518) |
Ní mór go mbeidh oibríochtaí incháilithe comhsheasmhach leis an bplean cosanta foraoisí arna bhunú ag an mBallstát nuair a bhaineann siad le damáiste ó dhóiteáin foraoise nó oibreáin bhitheacha. |
|
(519) |
Na limistéir foraoise a bhaineann leis an bplean cosanta foraoisí arna bhunú ag an mBallstát lena mbaineann, agus na limistéir sin amháin, tá siad incháilithe le haghaidh cabhair chun dóiteáin a chosc. |
|
(520) |
Ní féidir aon chabhair a dheonú le haghaidh caillteanas ioncaim a eascraíonn as dóiteáin, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, ar féidir iad a asamhlú do thubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, speicis choimhthíocha ionracha, teagmhais thurraingeacha agus tarluithe a bhaineann leis an athrú aeráide. |
Déine cabhrach
|
(521) |
Féadfar cabhair suas le 100 % de na costais incháilithe a dheonú. |
|
(522) |
Tá teorainn 100 % de na costais incháilithe ar chabhair a dheonaítear le haghaidh na gcostas incháilithe dá dtagraítear i bpointe (515)(d) agus aon íocaíocht eile a fhaigheann an tairbhí, lena n-áirítear íocaíochtaí a dhéantar faoi bhearta náisiúnta eile nó faoi bhearta eile de chuid an Aontais nó faoi pholasaithe árachais a bhaineann leis na costais incháilithe céanna. |
2.1.4. Cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear athléimneacht agus luach comhshaoil éiceachóras foraoisí
|
(523) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh infheistíochtaí lena bhfeabhsaítear luach athléimneachta agus luach comhshaoil na n-éiceachóras foraoise a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
Costais incháilithe
|
(524) |
Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu gealltanais a bhaineann leis an gcomhshaol a chomhlíonadh chun go soláthrófar seirbhísí éiceachórais, go bhfeabhsófar luach taitneamhachta poiblí foraoisí agus coillearnaí sa limistéar lena mbaineann, nó go bhfeabhsófar an maolú ar an athrú aeráide agus cumas na n-éiceachóras i leith oiriúnaithe, gan sochair eacnamaíocha a eisiamh go fadtéarmach. |
Déine cabhrach
|
(525) |
Níor cheart an chabhair a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
2.1.5. Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoiseachta agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú
|
(526) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí foraoise agus i dtáirgí foraoiseachta a phróiseáil, a úsáid agus a mhargú a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach iad faoi Airteagal 107(3) pointe (c), den Chonradh, má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
Costais incháilithe
|
(527) |
Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí foraoise nó lena mbaineann próiseáil, úsáid agus margaíocht a chuireann le luach táirgí foraoiseachta. |
|
(528) |
Infheistíochtaí a bhaineann le feabhsú luach eacnamaíoch na bhforaoisí, ní mór go mbeidh bonn cirt leo i ndáil le feabhsuithe a thuarfar i dtaca le foraoisí ar ghabháltas amháin nó níos mó agus féadfar infheistíochtaí in innealra buainte agus i gcleachtais atá neamhdhíobhálach don ithir agus d’acmhainní a áireamh. |
|
(529) |
Infheistíochtaí i ndáil le húsáid adhmaid mar amhábhar nó mar fhoinse fuinnimh, ní mór dóibh a bheith teoranta do na hoibríochtaí oibre uile roimh phróiseáil thionsclaíoch. |
Déine cabhrach
|
(530) |
Ní mór nach rachaidh an chabhair thar 65 % d’iomlán na gcostas incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú go huasmhéid 80 % le haghaidh infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha agus le haghaidh infheistíochtaí atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 73(4), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115. |
2.1.6. Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar i ndáil le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú na foraoiseachta
|
(531) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar a bhaineann le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú foraoiseachta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
Costais incháilithe
|
(532) |
Cumhdaítear leis an gcabhair infheistíocht i sócmhainní láimhsithe agus doláimhsithe a bhaineann le bonneagar a bhaineann le forbairt, nuachóiriú nó oiriúnú foraoiseachta, lena n-áirítear rochtain ar thalamh foraoise, comhdhlúthú agus feabhsú talún, digitiú na foraoiseachta, bunú saoráidí stórála, soláthar fuinnimh inbhuanaithe, éifeachtúlacht fuinnimh, soláthar agus coigilt uisce, agus úsáid beostoic in ionad innealra. |
Déine cabhrach
|
(533) |
I gcás infheistíochtaí neamhtháirgiúla, infheistíochtaí arb é feabhsú luacha comhshaoil foraoisí is aidhm dóibh go heisiach agus infheistíochtaí le haghaidh bóithre foraoise, atá ar oscailt saor in aisce don phobal agus a fhónann do ghnéithe ilfheidhmeacha na foraoise, ní rachaidh an déine cabhrach sin thar 100 % de na costais incháilithe. |
|
(534) |
Ní rachaidh an déine cabhrach thar 80 % le haghaidh infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha agus le haghaidh infheistíochtaí atá nasctha le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid dá dtagraítear in Airteagal 73(4), pointe (a)(i), de Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(535) |
I gcásanna eile, níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 65 % de na costais incháilithe. |
2.1.7. Cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite i bhforaoisí
|
(536) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh infheistíochtaí i bhfabhar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha atá suite i bhforaoisí a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (d), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa roinn seo léi. |
|
(537) |
Ba cheart an chabhair a dheonú le haghaidh oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha i bhfoirm tírdhreach nádúrtha agus foirgneamh, rud atá aitheanta go foirmiúil ag údarás inniúil an Bhallstáit mar oidhreacht chultúrtha nó nádúrtha. |
Costais incháilithe
|
(538) |
Tá na costais a leanas a bheartaítear le haghaidh chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus nádúrtha incháilithe:
|
Déine cabhrach
|
(539) |
Níor cheart an chabhair a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. Ní mór an chabhair le haghaidh oibreacha caipitlithe a bheith teoranta do EUR 10 000 in aghaidh na bliana. |
2.1.8. Cabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais chuig cistí frithpháirteacha i bhforaoisí
|
(540) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun ranníocaíochtaí airgeadais a dhéanamh leis na cistí frithpháirteacha a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(541) |
Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le gnóthais atá gníomhach san fhoraoiseacht. |
|
(542) |
Ní mór go mbeadh na nithe seo ag an gciste frithpháirteach:
|
|
(543) |
Ní mór do na Ballstáit na rialacha maidir le comhdhéanamh agus bainistiú na gcistí frithpháirteacha a shainiú, go háirithe maidir le híocaíochtaí cúitimh a dheonú agus maidir le riarachán agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha sin. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil do phionóis i gcás mórfhaillí ar pháirt an tairbhí sna socruithe cistí. |
Costais incháilithe
|
(544) |
Is éard atá sna costais incháilithe costais na ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc le sealbhóirí foraoisí agus bainisteoirí foraoisí as damáiste de dheasca dóiteáin foraoise, tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide eile, lotnaidí plandaí, inmhíolú ag speiceas coimhthíoch ionrach, teagmhais thurraingeacha agus teagmhais a bhaineann leis an athrú aeráide dá dtagraítear i bpointe (514) agus as damáiste i bhforaoisí de dheasca ainmhithe cosanta, dá dtagraítear i Roinn 2.8.5. D’fhéadfadh sé nach mbeadh baint ag na ranníocaíochtaí airgeadais ach leis na méideanna arna n-íoc ag an gciste frithpháirteach mar chúiteamh airgeadais le gnóthais atá gníomhach san fhoraoiseacht. |
|
(545) |
Maidir le cabhair le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais le cistí frithpháirteacha chun cúiteamh a íoc as an damáiste arna dhéanamh ag teagmhais chomhshaoil, ní mór d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann tarlú de theagmhas comhshaoil a aithint go foirmiúil mar tharlú den sórt sin. |
|
(546) |
Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, critéir a bhunú roimh ré ar ar a mbonn a mheasfar an t-aitheantas foirmiúil dá dtagraítear i bpointe (545) a bheith deonaithe. |
Déine cabhrach
|
(547) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 70 % de na costais incháilithe. |
2.2. Cabhair i leith míbhuntáistí sonracha a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe i limistéir foraoise
|
(548) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair a bhaineann le híocaíochtaí le haghaidh míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar ar leith ar míbhuntáistí iad a fhorchuirtear le ceanglais a eascraíonn as cur chun feidhme Treoracha 92/43/CEE, 2009/147/CE nó 2000/60/CE, a bheith comhoiriúnach le hAirteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh, chun go gcuirfear le baint amach ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(549) |
Ní mór cabhair faoin Roinn seo a dheonú go bliantúil agus in aghaidh an heicteáir talún foraoise chun cúiteamh a íoc le tairbhithe as na costais bhreise uile a tabhaíodh, nó cuid de na costais sin, agus as an ioncam a tarscaoileadh de thoradh na míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar sna limistéir lena mbaineann, lena n-áirítear aon chostas idirbheart. |
Tairbhithe na cabhrach
|
(550) |
Féadfar cabhair a dheonú do shealbhóirí foraoise, bainisteoirí foraoise, agus dá gcomhlachais. |
Costais incháilithe
|
(551) |
Féadfaidh na limistéir seo a leanas a bheith incháilithe do chabhair:
|
Déine cabhrach
|
(552) |
Ní mór na costais bhreise agus an t-ioncam a tarscaoileadh dá dtagraítear i bpointe (549) a ríomh ar bhonn na srianta a eascraíonn as Threoracha 92/43/CEE, 2009/147/CE agus 2000/60/CE. |
|
(553) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
2.3. Cabhair le haghaidh seirbhísí foraoise-comhshaoil agus aeráide agus caomhnú foraoisí
|
(554) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh seirbhísí comhshaoil foraoise agus aeráide agus gealltanais bhainistíochta eile a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(555) |
Cumhdaítear le cabhair aon ghealltanas bainistíochta deonach a mheastar a bheith tairbhiúil chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a bhaint amach a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a théann thar na ceanglais shainordaitheacha ábhartha a bhunaítear leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le foraoiseacht nó le reachtaíocht náisiúnta ábhartha eile nó reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais. Ní mór na ceanglais shainordaitheacha ábhartha a aithint agus tuairisc a thabhairt orthu san fhógra maidir le Státchabhair a sheolfar chuig an gCoimisiún. |
|
(556) |
Ní mór gealltanais a dhéanamh ar feadh tréimhse idir 5 bliana agus 7 mbliana. Mar sin féin, i gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh na Ballstáit tréimhse is faide ná sin a chinneadh le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, e.g. i gcás acmhainní géiniteacha foraoise, féadfaidh na Ballstáit tréimhse níos giorra de 1 bhliain amháin ar a laghad a shocrú san fhógra maidir le Státchabhair. Tá idirghabhálacha bainistíochta nach bhfuil gá leo ach uair amháin nó cúpla uair le linn na timthrialla foraoise incháilithe chomh maith. |
Costais incháilithe agus modúlachtaí na cabhrach
|
(557) |
Féadfar na costais incháilithe a ríomh ar na bealaí seo a leanas:
|
|
(558) |
I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ar nós le haghaidh oibríochtaí i dtaca le caomhnú an chomhshaoil, an chabhair le haghaidh gealltanais chun úsáid tráchtála crann agus foraoisí a thréigean, féadfar í a dheonú mar ráta comhréidh nó mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid a ríomhtar ar bhonn costais bhreise agus ioncam a tarscaoileadh. |
|
(559) |
Féadfar cabhair a sholáthar chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a chur chun cinn le haghaidh oibríochtaí nach gcumhdaítear le pointí (554) go (558). |
|
(560) |
Ní mór an méid a leanas a bheith san áireamh le hoibríochtaí chun acmhainní géiniteacha san fhoraoiseacht a chaomhnú:
|
Déine cabhrach
|
(561) |
Is mar a leanas uasdéine na cabhrach:
|
2.4. Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise in earnáil na foraoiseachta
|
(562) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí malartaithe eolais agus faisnéise in earnáil na foraoiseachta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(563) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Roinn seo ar aon dul leis an tuairisc a thugtar ar an gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sa Phlean Straitéiseach CBT. |
|
(564) |
Féadfar a chumhdach leis an gcabhair faoin Roinn seo costais a bhaineann le haon ghníomhaíocht ábhartha chun an nuálaíocht a chur chun cinn, oiliúint, dréachtú agus nuashonrú pleananna, staidéir, chomh maith le malartú agus leathadh eolais agus faisnéise a rannchuidíonn le baint amach aon cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(565) |
Féadfar malartuithe gearrthéarmacha maidir le bainistíocht foraoisí agus cuairteanna ar fhoraoisí a chumhdach leis an gcabhair. Ní mór a dhíriú sna scéimeanna agus sna cuairteanna sin, go háirithe, ar mhodhanna nó teicneolaíochtaí inbhuanaithe foraoiseachta, ar dheiseanna nua gnó agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, agus ar athléimneacht na foraoise a fheabhsú. Féadfar costais infheistíochta ábhartha a chumhdach le cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí taisealbhaidh. |
Déine cabhrach
|
(566) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
2.5. Cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta
|
(567) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh seirbhísí comhairleacha in earnáil na foraoiseachta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(568) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na gníomhaíochtaí lena dtacaítear faoin Roinn seo ar aon dul leis an tuairisc a thugtar ar an gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS) sa Phlean Straitéiseach CBT. |
|
(569) |
Ní mór gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta a chumhdach leis na seirbhísí comhairleacha agus cuirfidh siad faisnéis eolaíoch agus theicneolaíoch ar fáil atá cothrom le dáta agus a ceapadh trí bhíthin taighde agus nuálaíochta. |
|
(570) |
Ní mór an chomhairle do shealbhóirí foraoise a bheith bainteach le cuspóir sonrach amháin ar a laghad mar a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 agus na hoibleagáidí ábhartha faoi Threoir 92/43/CEE, Treoir 2009/147/CE agus Treoir 2000/60/CE ar a laghad a chumhdach léi. Féadfaidh sí saincheisteanna a chumhdach freisin a bhaineann le feidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil an ghabháltais foraoiseachta. |
|
(571) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú gur comhairle neamhchlaonta a bheidh sa chomhairle a thugtar agus go mbeidh na comhairleoirí saor ó aon choinbhleacht leasa. |
|
(572) |
Ní mór an chabhair a dheonú i bhfoirm seirbhísí fóirdheonaithe. |
Costais incháilithe
|
(573) |
Deonófar cabhair chun cuidiú le sealbhóirí foraoisí tairbhiú de sheirbhísí comhairleacha a úsáid chun feabhas a chur ar an bhfeidhmiú eacnamaíoch agus comhshaoil agus ar an neamhdhíobhálacht don aeráid agus ar an athléimneacht i dtaca lena ngnóthas, lena bhfiontar nó lena n-infheistíocht. Féadfar cabhair a dheonú freisin chun pleananna bainistíochta foraoisí a bhunú. |
Déine cabhrach
|
(574) |
Ní rachaidh an déine cabhrach thar 100 % de na costais incháilithe, agus ní rachaidh sí thar EUR 200 000 in aghaidh an ghnóthais laistigh d’aon tréimhse 3 bliana. |
2.6. Cabhair le haghaidh comhair in earnáil na foraoiseachta
|
(575) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh comhair in earnáil na foraoiseachta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(576) |
Ní féidir cabhair a dheonú ach amháin chun comhar a chur chun cinn, rud a chuidíonn le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 a bhaint amach. |
|
(577) |
Ba cheart cabhair a dheonú chun comhar idir dhá ghníomhaí ar a laghad a chur chun cinn gan beann ar iad a bheith gníomhach in earnáil na foraoiseachta nó in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta ach ar choinníoll nach mbainfeadh ach earnáil na foraoiseachta nó earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta araon tairbhe as an gcomhar sin. Féadfaidh an comhar a bheith sna foirmeacha seo a leanas go háirithe:
|
|
(578) |
Ní féidir an chabhair a dheonú i ndáil le comhar nach bhfuil ach comhlachtaí taighde amháin páirteach ann. |
|
(579) |
Féadfar cabhair a dheonú le haghaidh comhar a bhaineann go háirithe leis na gníomhaíochtaí a leanas:
|
|
(580) |
Ní dheonófar cabhair chun braislí agus líonraí a chruthú ach ar bhraislí agus ar líonraí nuabhunaithe agus orthu siúd atá ag tabhairt faoi ghníomhaíocht atá nua dóibh. |
|
(581) |
Maidir le cabhair le haghaidh bunú agus forbairt slabhraí soláthair gairide, dá dtagraítear i bpointe (579)(d) agus (e), ní chumhdófar ach slabhraí soláthair nach bhfuil ach idirghabhálaí amháin iontu idir an sealbhóir foraoise/bainisteoir foraoise agus an tomhaltóir. |
Costais incháilithe agus déine cabhrach
|
(582) |
Cumhdaítear na costais incháilithe a leanas leis an gcabhair a mhéid a bhaineann siad le gníomhaíochtaí foraoiseachta:
|
|
(583) |
Ní mór an chabhair a bheith teoranta go huastréimhse 7 mbliana ach amháin i gcás gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (579)(g), agus comhghníomhaíochtaí comhshaoil agus aeráide i gcásanna a bhfuil údar cuí leo chun na cuspóirí sonracha comhshaoil agus aeráide a bhaint amach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (d), (e) agus (f) de Rialachán (AE) 2021/2115. |
|
(584) |
Costais oibríochtaí dá dtagraítear i bpointe (582)(c) arb é atá iontu infheistíochtaí, go háirithe costais dhíreacha tionscadal sonrach a bhaineann le plean bainistíochta foraoise nó a choibhéis a chur chun feidhme, ní mór na costais sin a bheith teoranta do na costais incháilithe agus uasdéine cabhrach na cabhrach infheistíochta in earnáil na foraoiseachta, mar a shonraítear i Roinn 2.1 den Chuid seo maidir le cabhair infheistíochta. |
|
(585) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
2.7. Cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta
|
(586) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair nuathionscanta le haghaidh grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na foraoiseachta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(587) |
Ní bheidh incháilithe le haghaidh cabhrach ach amháin grúpaí táirgeoirí nó eagraíochtaí táirgeoirí a ndearna an t-údarás inniúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann iad a aithint go hoifigiúil ar bhonn plean gnó a cuireadh isteach. Ní mór an chabhair a dheonú faoi réir na hoibleagáide atá ar an mBallstát a fhíorú gur baineadh amach cuspóirí an phlean gnó laistigh de thréimhse 5 bliana ón dáta a tugadh aitheantas don ghrúpa táirgeoirí nó don eagraíocht táirgeoirí. |
|
(588) |
Na comhaontuithe, na cinntí agus iompraíocht eile a tugadh i gcrích faoi chuimsiú an ghrúpa táirgeoirí nó na heagraíochta táirgeoirí, ní mór go gcomhlíonfaidh siad na rialacha iomaíochta mar atá feidhm acu de bhua Airteagal 206 go hAirteagal 210a de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. |
|
(589) |
Níor cheart an chabhair a dheonú dóibh siúd a leanas:
|
Tairbhithe na cabhrach
|
(590) |
Féadfar cabhair a dheonú do ghrúpaí táirgeoirí nó d’eagraíochtaí táirgeoirí, nó suas leis an méid foriomlán céanna a dheonú go díreach do tháirgeoirí chun a ranníocaíochtaí le costais reatha na ngrúpaí nó na n-eagraíochtaí le linn na gcéad 5 bliana tar éis bhunú an ghrúpa a fhritháireamh. |
Costais incháilithe
|
(591) |
Féadfar a áireamh leis na costais incháilithe na costais sin a bhaineann le háitreabh oiriúnach a fháil ar cíos, le trealamh oifige a shealbhú, costais foirne riaracháin, forchostais, táillí dlí agus riaracháin, crua-earraí ríomhaireachta a fháil agus táillí úsáide a fháil maidir le bogearraí ríomhaireachta, néalréitigh agus réitigh chomhchosúla. I gcás ina gceannaítear an t-áitreabh, ní mór go mbeadh na costais incháilithe a bhaineann leis an áitreabh teoranta do chostais chíosa ar rátaí an mhargaidh. Níor cheart cabhair a íoc i dtaca le costais a thabhaítear tar éis an chúigiú bliain ón tráth a aithníonn údarás inniúil an Bhallstáit an grúpa táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí ar bhonn a phlean gnó. |
|
(592) |
I gcás ina n-íoctar an chabhair i dtráthchodanna bliantúla, ní íocfaidh na Ballstáit an tráthchuid deiridh ach amháin tar éis cur chun feidhme ceart an phlean gnó a sheiceáil. |
Déine cabhrach
|
(593) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
|
(594) |
Ní mór méid iomlán na cabhrach a bheith teoranta do EUR 500 000. |
2.8. Cabhair eile le haghaidh earnáil na foraoiseachta lena mbaineann cuspóirí éiceolaíochta, cosanta agus áineasa
|
(595) |
Bearta Státchabhrach a bhfuil sé de phríomhchuspóir acu feidhmeanna éiceolaíochta, cosanta agus áineasa foraoisí, bithéagsúlacht agus éiceachóras foraoise folláine a chothabháil, a fheabhsú nó a athbhunú, measfaidh an Coimisiún go bhfuil na bearta sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(596) |
Ní mór do na Ballstáit a léiriú go rannchuidíonn na bearta cabhrach go díreach le feidhmeanna éiceolaíochta, coisctheacha agus áineasa foraoisí, bithéagsúlacht agus éiceachóras foraoise folláine a chothabháil nó a athbhunú. |
|
(597) |
Ní féidir aon chabhair a dheonú faoin Roinn seo do thionscail fhoraois-bhunaithe nó chun adhmad a bhaint ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de nó chun adhmad a iompar nó chun adhmad nó acmhainní foraoiseachta eile a phróiseáil ina dtáirgí nó chun fuinneamh a ghiniúint. Ní féidir aon chabhair a dheonú maidir le leagan crann arb é is príomhchuspóir dó adhmad a bhaint ar bhealach atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de nó le haghaidh athstocáil simplí. |
Déine cabhrach
|
(598) |
Ní rachaidh an chabhair thar 100 % de na costais incháilithe a dheonú maidir leis na bearta uile dá dtagraítear sa Roinn seo. |
2.8.1. Cabhair le haghaidh gníomhaíochtaí agus idirghabhálacha a bhaineann go sonrach leis an bhforaoiseacht agus é mar phríomhchuspóir rannchuidiú le héiceachóras agus bithéagsúlacht foraoise nó an tírdhreach traidisiúnta a chothabháil nó a aischur
|
(599) |
Cabhair maidir le crainn agus fásra eile a chur, a phrúnáil, a thanú agus a leagan i bhforaoisí atá ann cheana féin, chomh maith le crainn thite a bhaint agus na costais phleanála a bhaineann le bearta den sórt sin, cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le leathadh lotnaidí, galar crann agus speicis choimhthíocha ionracha a chóireáil agus a chosc agus cabhair chun an damáiste a dhéanann na lotnaidí, na galair chrainn agus na speicis choimhthíocha ionracha a shlánú, measann an Coimisiún go bhfuil cabhair den sórt sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo agus na comhrialacha a leagtar amach i bpointí (595), (596) agus (597) léi, agus i gcás inarb é is príomhchuspóir do na bearta sin rannchuidiú le héiceachóras foraoise agus bithéagsúlacht nó an tírdhreach traidisiúnta a chothabháil nó a athbhunú. |
|
(600) |
Féadfar cabhair le haghaidh na gcostas a bhaineann le leathadh lotnaidí, galar crann agus speiceas coimhthíoch ionrach a chóireáil agus a chosc agus cabhair chun an damáiste a dhéanann na lotnaidí, na galair chrainn agus na speicis choimhthíocha ionracha a shlánú, féadfar an chabhair sin a dheonú do na costais incháilithe a leanas:
|
2.8.2. Cabhair chun cáilíocht na hithreach a chothabháil agus a fheabhsú agus chun fás cothrom agus folláin crann a áirithiú in earnáil na foraoiseachta
|
(601) |
Cabhair chun cáilíocht na hithreach a choinneáil ar bun agus a fheabhsú agus chun fás cothrom agus folláin crann a áirithiú in earnáil na foraoiseachta, measfaidh an Coimisiún an chabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, na comhrialacha a leagtar amach i bpointí (595), (596) agus (597) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(602) |
Féadfar cabhair a dheonú chun cáilíocht na hithreach i bhforaoisí a chothabháil agus a fheabhsú agus chun fás cothrom agus folláin crann a áirithiú. |
|
(603) |
Féadfar a áireamh leis na bearta ithir a fheabhsú le leasachán agus cóireáil eile chun a chothromaíocht nádúrtha a choinneáil ar bun, dlús fásra iomarcach a laghdú agus a áirithiú go gcoinnítear go leor uisce san ithir agus go bhfuil draenáil cheart ann. Ba cheart do na Ballstáit a léiriú nach laghdaítear bithéagsúlacht leis na bearta, nach dtarlaíonn láisteadh cothaitheach dá dtoradh agus nach mbíonn drochthionchar acu ar éiceachórais uisce nádúrtha ná ar chriosanna cosanta uisce. |
|
(604) |
Féadfar costais phleanála na mbeart sin a chumhdach leis an gcabhair. |
2.8.3. Cosáin nádúrtha, eilimintí agus gnéithe den tírdhreach agus gnáthóg nádúrtha d’ainmhithe in earnáil na foraoiseachta a athchóiriú agus a choinneáil ar bun
|
(605) |
Cabhair chun cosáin nádúrtha, eilimintí agus gnéithe den tírdhreach agus gnáthóg nádúrtha d’ainmhithe in earnáil na foraoiseachta a athchóiriú agus a choinneáil ar bun, measfaidh an Coimisiún an chabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, na comhrialacha a leagtar amach i bpointí (595), (596) agus (597) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo. |
|
(606) |
Féadfar cabhair a dheonú chun cosáin nádúrtha, eilimintí agus gnéithe den tírdhreach agus an ghnáthóg nádúrtha d’ainmhithe a athchóiriú agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear costais phleanála. |
|
(607) |
Déantar bearta atá dírithe ar chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE a eisiamh ón gcineál seo cabhrach, ós rud é gur cheart iad a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na coinníollacha i Roinn 2.2 den Chuid seo. |
2.8.4. Cabhair chun bóithre a chothabháil chun dóiteáin foraoise a chosc
|
(608) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun bóithre a chothabháil chun dóiteáin foraoise a chosc a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, na comhrialacha a leagtar amach i bpointí (595), (596) agus (597)agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(609) |
Ba cheart cabhair chun bóithre a chothabháil a bheith dírithe ar dhóiteáin foraoise a chosc. Ba cheart an nasc idir cuspóir na cabhrach agus an chothabháil bóithre a léiriú san fhógra maidir le Státchabhair a chuirfear chuig an gCoimisiún. |
2.8.5. Cabhair chun an damáiste a tharlaíonn i bhforaoisí de dheasca ainmhithe cosanta a shlánú
|
(610) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair chun an damáiste a tharlaíonn de dheasca ainmhithe cosanta i bhforaoisí a shlánú, a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, na comhrialacha a leagtar amach i bpointí (595), (596) agus (597) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(611) |
Chun maolú a dhéanamh ar an riosca de shaobhadh iomaíochta agus chun dreasacht a sholáthar ar mhaithe le rioscaí a íoslaghdú, ní mór go gceanglófar ar na tairbhithe rannchuidiú íosta a dhéanamh. Ní mór an rannchuidiú sin a bheith i bhfoirm bearta coisctheacha, amhail fálta sábháilteachta i gcás inar féidir, atá comhréireach don riosca damáiste de dheasca ainmhithe cosanta san fhoraois lena mbaineann. Mura féidir aon bheart coisctheach réasúnta a dhéanamh, ní mór don Bhallstát a léiriú nach bhfuil sé indéanta aon bheart coisctheach den sórt sin a dhéanamh san fhógra maidir le Státchabhair a sheolfar chuig an gCoimisiún ionas go measfar an chabhair a bheith comhoiriúnach. |
|
(612) |
Ní mór nasc cúisíoch díreach a shuí idir an damáiste a rinneadh agus iompraíocht na n-ainmhithe. |
|
(613) |
Ní mór scéimeanna cabhrach i ndáil le teagmhas damáisteach sonrach a bhunú laistigh de 3 bliana ón dáta a tharlaíonn an teagmhas a dhéanann an damáiste. Ní mór an chabhair a íoc laistigh de 4 bliana ón dáta sin. |
|
(614) |
Ní mór an damáiste a ríomh ar leibhéal an tairbhí aonair. |
Costais incháilithe
|
(615) |
Is éard atá sna costais incháilithe méid an damáiste arna thabhú mar thoradh díreach ar an teagmhas ba chúis leis an damáiste, de réir measúnú arna dhéanamh ag údarás poiblí, nó ag saineolaí neamhspleách a bheidh aitheanta ag an údarás deonúcháin nó ag gnóthas árachais. |
|
(616) |
Féadfar an méid seo a leanas a áireamh leis an damáiste:
|
|
(617) |
Ní mór an méid sin a laghdú faoi aon chostas nár tabhaíodh de dheasca an teagmhais ba chúis leis an damáiste, a thabhódh an tairbhí murach sin. |
|
(618) |
Féadfar tacú le bearta coisctheacha in aghaidh damáiste a dhéanann ainmhithe cosanta i bhforaoisí faoi Roinn 2.1.4 mar ghníomhaíochtaí chun gnáthóga a chosaint agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht. |
|
(619) |
Maidir le cabhair chun athshlánú a dhéanamh ar dhamáiste i bhforaoisí de dheasca ainmhithe cosanta, féadfar an chabhair sin a dheonú má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i Roinn 2.1.3. |
|
(620) |
Maidir leis an gcabhair agus aon íocaíocht eile a fhaightear chun an damáiste a chúiteamh, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi bheartais náisiúnta nó beartais an Aontais nó faoi pholasaithe árachais, ní rachaidh siad thar 100 % de na costais incháilithe. |
2.9. Cabhair in earnáil na foraoiseachta atá ailínithe le bearta cabhrach talmhaíochta
|
(621) |
Roimhe seo, bhunaigh an Coimisiún a bheartas, maidir le bearta cabhrach sonracha nach bhfuil chomh saofa céanna, go raibh earnáil na talmhaíochta agus earnáil na foraoiseachta faoi réir comhrialacha. |
|
(622) |
Mar thoradh air sin, measfaidh an Coimisiún go bhfuil cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na foraoiseachta agus cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoise comhoiriúnach leis an margadh inmheánach má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i Ranna 2.9.1. agus 2.9.2. leis an gcabhair sin. |
|
(623) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
2.9.1. Cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na foraoiseachta
|
(624) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh taighde agus forbartha in earnáil na foraoiseachta a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, an coinníoll a leagtar síos i bpointe (623) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
|
(625) |
Déanfar cabhair le haghaidh taighde agus forbairt in earnáil na foraoiseachta nach gcomhlíontar léi na coinníollacha a leagtar síos sa Roinn seo a mheasúnú i gcomhréir leis an gCreat le haghaidh Státchabhair um an Taighde, an Fhorbairt agus an Nuálaíocht. |
|
(626) |
Ba cheart an tionscadal dá dtugtar cabhair a bheith chun leas na ngnóthas uile atá gníomhach sna hearnálacha foraoiseachta nó fo-earnálacha foraoiseachta ar leith lena mbaineann. |
|
(627) |
Roimh dháta tosaigh an tionscadail dá dtugtar cabhair, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a fhoilsiú ar an Idirlíon:
|
|
(628) |
Ní mór torthaí an tionscadail dá dtugtar cabhair a chur ar fáil ar an idirlíon ó dháta deiridh an tionscadail dá dtugtar cabhair nó an dáta a thugtar aon fhaisnéis i dtaca leis na torthaí sin do chomhaltaí aon eagraíochta ar leith, pé dáta is túisce. Ní mór na torthaí a bheith ar fáil ar an idirlíon ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad ó dháta deiridh an tionscadail dá dtugtar cabhair. |
|
(629) |
Níor cheart an chabhair a dheonú go díreach leis an eagraíocht taighde agus scaipthe eolais agus níor cheart cabhair a sholáthar léi atá bunaithe ar phraghas na dtáirgí foraoiseachta do ghnóthais atá gníomhach in earnáil na foraoiseachta. |
Costais incháilithe
|
(630) |
Ní mór an chabhair a bheith teoranta do na costais incháilithe seo a leanas:
|
Déine cabhrach
|
(631) |
Níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 100 % de na costais incháilithe. |
2.9.2. Cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoiseachta
|
(632) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair le haghaidh comhdhlúthú talún foraoise a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar Cuid I, Caibidil 3 de na Treoirlínte seo, an coinníoll a leagtar síos i bpointe (623) agus na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo léi. |
Costais incháilithe
|
(633) |
Ní mór na costais incháilithe a bheith teoranta do na costais dhlíthiúla, riaracháin agus suirbhéireachta iarbhír a tabhaíodh i ndáil le comhdhlúthú talún. |
CAIBIDIL 3
Cabhair i limistéir thuaithe a chómhaoiníonn CETFT nó a dheonaítear mar mhaoiniú náisiúnta breise d’idirghabhálacha cómhaoinithe den sórt sin
|
(634) |
Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:
|
|
(635) |
Measfaidh an Coimisiún cabhair dá dtagraítear i bpointe (634) a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3), pointe (c), den Chonradh má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas léi:
|
|
(636) |
Tá forálacha na Caibidle seo gan dochar don fhéidearthacht go ndeonófar Státchabhair le haghaidh limistéir thuaithe faoi reachtaíocht an Aontais is comónta do gach earnáil nó do thrádáil agus tionsclaíocht. |
|
(637) |
Níl feidhm ag an gCaibidil seo maidir le hinfheistíochtaí i gcoigilteas fuinnimh agus i bhfuinneamh in-athnuaite. Ní mór Treoirlínte 2022 maidir le Státchabhair don aeráid, do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh a chomhlíonadh le cabhair den sórt sin, ach amháin i gcás ina mbeidh an chabhair díolmhaithe ón oibleagáid fógra. |
CUID III
ÁBHAIR NÓIS IMEACHTA
1. Fad na scéimeanna cabhrach agus na meastóireachta
|
(638) |
De réir an chleachtais a bunaíodh ina Threoirlínte roimhe sin, chun rannchuidiú le trédhearcacht agus le hathbhreithniú tráthrialta ar na scéimeanna cabhrach atá ann cheana féin, ní údaróidh an Coimisiún ach scéimeanna cabhrach lena mbaineann tréimhse theoranta. Scéimeanna lena gcumhdaítear Státchabhair le haghaidh idirghabhálacha a thairbhíonn de chómhaoiniú ó CETFT i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115, ba cheart na scéimeanna sin a theorannú go fad na clárthréimhse 2023–2027. I gcás ina gceadaítear amhlaidh faoi reachtaíocht an Aontais, agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa reachtaíocht sin, féadfaidh na Ballstáit leanúint de ghealltanais nua a dhéanamh maidir le forbairt tuaithe ar bhonn Rialachán (AE) 2021/2115 agus na gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghabhann leis. Dá bhrí sin, cuirfidh an Coimisiún na Treoirlínte seo i bhfeidhm freisin maidir le gealltanais nua den sórt sin. Níor cheart feidhm a bheith ag scéimeanna cabhrach eile le haghaidh tréimhse níos mó ná 7 mbliana. |
|
(639) |
Chun saobhadh iomaíochta agus trádála a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún a cheangal go mbeidh na scéimeanna cabhrach, dá dtagraítear i bpointe (640), faoi réir meastóireachta ex post. Déanfar meastóireachtaí le haghaidh scéimeanna i gcás ina mbeidh an saobhadh ionchasach ar iomaíocht agus trádáil fíor-ard, is é sin, go bhfuil baol ann go ndéanfar iomaíocht a shrianadh nó a shaobhadh go suntasach mura ndéantar athbhreithniú ar an gcur chun feidhme in am trátha. |
|
(640) |
D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le meastóireacht ex post i gcás scéimeanna a bhfuil buiséid mhóra chabhrach acu, nó a bhfuil saintréithe núíosacha acu, nó i gcás ina bhforáiltear d’athruithe suntasacha sa mhargadh, de theicneolaíocht nó d’athruithe rialála. In aon chás, beidh meastóireacht riachtanach le haghaidh scéimeanna ag a bhfuil buiséad Státchabhrach nó caiteachas a thugtar i gcuntas os cionn EUR 150 milliún in aon bhliain ar leith nó os cionn EUR 750 milliún in imeacht fhad iomlán na scéimeanna, is é sin le rá, comhfhad na scéime agus aon scéime a bhí ann díreach roimpi lenar cumhdaíodh cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil, ag tosú ón 1 Eanáir 2023. I bhfianaise chuspóirí na meastóireachta, agus chun nach gcuirfear ualach díréireach ar Stáit LEE CSTE, ní bheidh gá le meastóireachtaí ex post ach amháin i gcás scéimeanna cabhrach ar mó a ré iomlán ná trí bliana, ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh. |
|
(641) |
I dtaca leis an gceanglas maidir le meastóireacht ex post, féadfar an ceanglas sin a tharscaoileadh le haghaidh scéimeanna cabhrach ar comharba láithreach iad de scéim lenar cumhdaíodh cuspóir agus limistéar geografach comhchosúil agus ar a ndearnadh meastóireacht, a thug tuarascáil mheastóireachta deiridh i gcomhréir leis an bplean meastóireachta a d’fhormheas an Coimisiún agus nár ghin aon toradh diúltach. I gcás nach bhfuil tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach scéime i gcomhréir leis an bplean meastóireachta ceadaithe, ní mór an scéim sin a chur ar fionraí le héifeacht láithreach. |
|
(642) |
Ba cheart gurbh é aidhm na meastóireachta a fhíorú ar baineadh amach na toimhdí agus na coinníollacha atá mar bhonn le comhoiriúnacht na scéime, go háirithe riachtanas agus éifeachtacht an bhirt chabhrach i bhfianaise a chuspóirí ginearálta agus sonracha. Ba cheart go ndéanfadh sé measúnú freisin ar thionchar na scéime ar an iomaíocht agus ar an trádáil. |
|
(643) |
Le haghaidh scéimeanna cabhrach atá faoi réir an cheanglais maidir le meastóireacht de réir phointe (640), ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi dhréachtphlean meastóireachta, a dhéanfaidh cuid lárnach de mheasúnú an Choimisiúin ar an scéim, mar a leanas:
|
|
(644) |
Ní mór don dréachtphlean meastóireachta a bheith i gcomhréir le prionsabail na modheolaíochta coitinne arna bhforáil ag an gCoimisiún (72). Ní mór do na Ballstáit an plean meastóireachta arna fhormheas ag an gCoimisiún a fhoilsiú. |
|
(645) |
Ní mór an mheastóireacht ex post a bheith déanta ag saineolaí atá neamhspleách ar an údarás deonaithe cabhrach ar bhonn an phlean meastóireachta. Ní mór tuarascáil mheastóireachta eatramhach amháin agus tuarascáil mheastóireachta deiridh amháin ar a laghad a bheith ar áireamh i ngach meastóireacht. Ní mór do na Ballstáit an dá thuarascáil a fhoilsiú. |
|
(646) |
Ní mór an tuarascáil mheastóireachta deiridh a chur faoi bhráid an Choimisiúin in am trátha chun go mbeidh sé in ann measúnú a dhéanamh ar aon fhadú ar an scéim cabhrach agus ar a dhéanaí 9 mí roimh dhul in éag na scéime. Féadfar an tréimhse sin a laghdú i gcás scéimeanna lena spreagtar an ceanglas meastóireachta sa dá bhliain dheireanacha dá gcur chun feidhme. Leagfar amach an raon feidhme beacht agus na socruithe do gach meastóireacht sa chinneadh lena bhformheastar an scéim cabhrach. San fhógra faoi aon bheart cabhrach ina dhiaidh sin a bhfuil cuspóir comhchosúil aige, ní mór cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ar cuireadh torthaí na meastóireachta san áireamh. |
2. Foráil athbhreithnithe
|
(647) |
Maidir le hoibríochtaí arna ndéanamh de bhun Chuid II, Ranna 1.1.4 agus 1.1.5, Roinn 1.1.8 agus Roinn 2.3, ní mór do na Ballstáit clásal um athbhreithniú a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar coigeartú orthu i gcás leasuithe ar na caighdeáin, ceanglais nó oibleagáidí sainordaitheacha ábhartha dá dtagraítear sna Ranna sin nach mór do na gealltanais dá dtagraítear sna Ranna sin a shárú. |
|
(648) |
Oibríochtaí a dhéantar de bhun Chuid II, Ranna 1.1.4 agus 1.1.5, Roinn 1.1.8 agus Roinn 2.3 a shíneann thar an gclárthréimhse um fhorbairt tuaithe 2023–2027, ní mór clásal um athbhreithniú a bheith i gceist leo ionas go bhféadfaí iad a chur in oiriúint do chreat dlíthiúil na clárthréimhse ina dhiaidh. |
|
(649) |
Mura nglacann an tairbhí leis na coigeartuithe dá dtagraítear i bpointí (647) agus (648) nó mura gcuireann sé chun feidhme iad, rachaidh an gealltanas in éag agus laghdófar méid na cabhrach go dtí an méid cabhrach a chomhfhreagraíonn don tréimhse go dtí dáta éaga an ghealltanais. |
3. Tuairisciú agus faireachán
|
(650) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle (73) agus Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún (74), ní mór do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(651) |
Ní mór faisnéis i dtaca leis an méid seo a leanas a bheith sa tuarascáil bhliantúil freisin:
|
|
(652) |
Forchoimeádann an Coimisiún an ceart chun faisnéis bhreise a iarraidh faoi scéimeanna cabhrach atá ann cheana ar bhonn cás ar chás, i gcás inar gá sin le cur ar a chumas dó a fhreagrachtaí a chomhlíonadh faoi Airteagal 108(1) den Chonradh. |
|
(653) |
Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcoinnítear taifid mhionsonraithe ar bun maidir leis na bearta uile lena ndéantar cabhair a dheonú. Ní mór an fhaisnéis uile a bheith sna taifid sin a bhfuil gá léi chun a shuíomh gur cloíodh le coinníollacha uile na dTreoirlínte seo maidir le costais incháilithe agus an uasdéine cabhrach incheadaithe, i gcás inarb infheidhme. Ní mór na taifid sin a choinneáil ar feadh 10 mbliana ó dháta deonaithe na cabhrach agus ní mór iad a sholáthar don Choimisiún arna iarraidh sin. |
4. Na Treoirlínte a Chur i bhFeidhm
|
(654) |
Cuirfidh an Coimisiún na Treoirlínte seo i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023. |
|
(655) |
Cuirfidh an Coimisiún na Treoirlínte sin i bhfeidhm maidir le gach beart cabhrach a dtugtar fógra ina leith agus a n-iarrtar air cinneadh a dhéanamh ina leith tar éis an 1 Eanáir 2023, fiú i gcás inar tugadh fógra maidir leis an gcabhair roimh an dáta sin. Cabhair aonair arna deonú faoi scéimeanna cabhrach formheasta agus a dtugtar fógra don Choimisiún ina leith de bhun oibleagáide chun fógra ar leithligh a thabhairt i leith cabhair den sórt sin, déanfar measúnú ar an gcabhair sin faoi na Treoirlínte a bhfuil feidhm acu maidir leis an scéim cabhrach fhormheasta ar a bhfuil an chabhair aonair sin bunaithe áfach. |
|
(656) |
Déanfar cabhair neamhdhleathach a mheasúnú i gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm ar an dáta a dheonaítear an chabhair. Déanfar cabhair aonair arna deonú faoi scéim cabhrach neamhdhleathach a mheasúnú faoi na Treoirlínte a raibh feidhm acu maidir leis an scéim cabhrach neamhdhleathach tráth a deonaíodh a chabhair aonair. |
|
(657) |
Luaitear i bpointe 737 de Threoirlínte 2014 maidir le Státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe (75) go bhfuil na treoirlínte sin infheidhme go dtí an 31 Nollaig 2022. Tiocfaidh na Treoirlínte seo in ionad Threoirlínte 2014 maidir le Státchabhair in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe nuair a bheidh siad. Mar sin féin, maidir le hidirghabhálacha san fhorbairt tuaithe a chómhaoiníonn CETFT, i gcás ina gceadaítear amhlaidh de réir dhlí an Aontais, agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sna rialacha forbartha tuaithe is infheidhme, féadfaidh na Ballstáit leanúint de ghealltanais nua a dhéanamh faoi Threoirlínte 2014 maidir le Státchabhair in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe i gcomhréir le pointe (719) díobh sin. |
|
(658) |
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh chun na Treoirlínte seo a athbhreithniú nó a leasú tráth ar bith más gá sin ar chúiseanna a bhaineann le beartas iomaíochta nó chun beartais eile an Aontais a chur san áireamh, amhail forbairt talmhaíochta agus forbairt tuaithe nó sláinte daoine agus sláinte ainmhithe, cosaint plandaí, saincheisteanna beartais comhshaoil agus beartais aeráide, agus gealltanais idirnáisiúnta, nó ar chúis ar bith eile a bhfuil údar cuí léi. |
5. Tograí le haghaidh bearta iomchuí
|
(659) |
I gcomhréir le hAirteagal 108(1) den Chonradh, molann an Coimisiún go leasódh na Ballstáit a scéimeanna cabhrach atá ann cheana chun na Treoirlínte seo a chomhlíonadh faoin 30 Meitheamh 2023 ar a dhéanaí. |
|
(660) |
Iarrtar ar na Ballstáit a gcomhaontú neamhchoinníollach sainráite a thabhairt i leith na mbeart iomchuí seo a mholtar laistigh de 2 mhí ó dháta foilsithe na dTreoirlínte seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. D’uireasa aon fhreagra, glacfaidh an Coimisiún leis nach gcomhaontaíonn an Ballstát atá i gceist leis na bearta a mholtar. |
(1) Rialachán (AE) 1144/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta um sholáthar faisnéise agus bearta cur chun cinn a bhaineann le táirgí talmhaíochta a chuirtear chun feidhme sa mhargadh inmheánach agus i dtríú tíortha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 3/2008 ón gComhairle (IO L 317, 4.11.2014, lch. 56).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 247/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 23).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle (IO L 78, 20.3.2013, lch. 41).
(4) Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) 922/72. (CEE) 234/79, (CE) 1037/2001, agus (CE) 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(7) Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí neamhairgadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu. (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).
(8) WT/MIN(15)/45 — WT/L/980.
(9) Féach an breithiúnas an 13 Meán Fómhair 1995, TWD v An Coimisiún, cásanna uamtha, T-244/93 agus T-486/93, EU:T:1995:160, mír 56.
(10) Féach breithiúnas an 13 Eanáir 2005, Streekgewest, C-174/02, EU:C:2005:10, mír 26; breithiúnas an 17 Iúil 2008, Essent Netwerk Noord and others, C-206/06, EU:C:2008:413, mír 90; breithiúnas an 16 Deireadh Fómhair 2013, TF1 v An Coimisiún, T-275/11, EU:T:2013:535, míreanna 41-44; agus cás an 11 Iúil 2014, DTS Distribuidora de Televisión Digital v An Coimisiún, T-533/10, AE:T:2014:629, míreanna 50–52.
(11) IO C 249, 31.7.2014, lch. 1.
(12) IO C 198, 27.6.2014, lch. 1.
(13) IO C 80, 18.2.2022, lch. 1.
(14) IO C 25, 26.1.2013, lch. 1.
(15) IO C 508, 16.12.2021, lch. 1.
(16) IO C 188, 11.8.2009, lch. 1.
(17) IO C 188, 11.8.2009, lch. 6.
(18) Féach Cinneadh ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2011 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 106(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí arna dheonú do ghnóthais áirithe a gcuirtear ar a n-iontaoibh seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a oibriú (IO L 7, 11.1.2012, lch. 3) agus Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat an Aontais Eorpaigh maidir le Státchabhair i bhfoirm cúitimh seirbhíse poiblí (IO C 8, 11.1.2012, lch. 15).
(19) IO C 153, 29.4.2021, lch. 1.
(20) Chun críocha na dTreoirlínte seo, i gcás nach mór do na Ballstáit téarmaí áirithe (“feirmeoir gníomhach” cuir i gcás) a shainmhíniú ina bPleananna Straitéiseacha CBT, ní mór do Thuaisceart Éireann iad sin a shainmhíniú, i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme de na Treoirlínte seo, san fhógra chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 108(3) den Chonradh.
(21) Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1184/2006 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 104/2000 ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 1).
(22) Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoracha 89/608/CEE 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”) (IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).
(23) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(24) Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
(25) Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lch. 35).
(26) Rialachán (AE) Uimh. ón gCoimisiún 2022/2472 an 14 Nollaig 2022 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach, in earnáil na talmhaíochta agus in earnáil na foraoiseachta agus i limistéir thuaithe, comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 327, 21.12.2022, lch. 1).
(27) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(28) Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe a chosc, a rialú agus a dhíothú (IO L 147, 31.5.2001, lch. 1).
(29) Is é NPV an tionscadail an difríocht idir na sreafaí airgid deimhneacha agus diúltacha thar shaolré na hinfheistíochta, a dhéantar a lascainiú ar a luach reatha (agus úsáid á baint as costas an chaipitil de ghnáth).
(30) Níl an IRR bunaithe ar thuilleamh cuntasaíochta i mbliain ar leith, ach cuirtear san áireamh ann sruth sreafaí airgid sa todhchaí a bhfuil súil ag an infheisteoir é a fháil thar shaolré iomlán na hinfheistíochta. Sainmhínítear é mar an ráta lascaine inar comhionann le nialas é NPV atá ag sruth sreafa airgid.
(31) Féach mar shampla breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2000, An Ghearmáin v. An Coimisiún, C-156/98, EU:C:2000:467, mír 78; breithiúnas an 12 Nollaig 2002, an Fhrainc v an Coimisiún, AE:C:2002:753, C-456/00, mír 30, breithiúnas an 22 Nollaig 2008, Regie Networks, C-333/07, AE:C:2008:764, míreanna 94-116; breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2010, Nuova Agricast v An Coimisiún, C-67/09 P, EU:C:2010:607, mír 51; agus breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2020, An Ostair v An Coimisiún, C-594/18 P, EU:C:2020:742, mír 44.
(32) Féach pointí (6)-(10) de na Treoirlínte seo.
(33) Breithiúnas an 26 Meitheamh 1979, Pigs and Bacon Commission v. McCarren, Cás 177/78, EU:C:1979:164, mír 11; breithiúnas an 12 Nollaig 2002, An Fhrainc vs. an Coimisiún, EU:C:2002:753, C-456/00, mír 30; breithiúnas an 14 Samhain 2017, Président de l’Autorité de la concurrence v Association des producteurs vendeurs d’endives (APVE) and Others, C-671/15, EU:C:2017:860, mír 37.
(34) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(35) Nuair atá cásanna frithfhíorasacha á gcur i gcomparáid lena chéile, tá an chabhair le lascainiú de réir na tosca céanna agus a lascainítear na cásanna infheistíochta agus frithfhíorasacha comhfhreagracha.
(36) “Cuardach Poiblí maidir le Trédhearcacht na Státchabhrach”, ar fáil ag an suíomh gréasáin seo a leanas: https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=en
(37) I bhfianaise an leasa dhlisteanaigh i dtrédhearcacht faisnéis a chur ar fáil don phobal, agus measúnú á dhéanamh aige ar na riachtanais trédhearcachta leis na cearta faoi na rialacha cosanta sonraí, cinneann an Coimisiún go bhfuil údar cuí le hainm thairbhí na cabhrach a fhoilsiú nuair is duine nádúrtha nó duine dlítheanach é tairbhí na cabhrach ar a bhfuil ainm duine nádúrtha (féach C-92/09, Volker und Markus Schecke agus Eifert, mír 53), agus Airteagal 49(1)(g) de Rialachán 2016/679 á chur san áireamh. Is é is aidhm do na rialacha trédhearcachta comhlíonadh níos fearr, cuntasacht níos fearr, athbhreithniú piaraí agus, ar deireadh, caiteachas poiblí níos éifeachtaí a bhaint amach. Beidh forlámhas ag an aidhm sin ar chearta cosanta sonraí daoine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht phoiblí.
(38) Ní mór an fhaisnéis seo a fhoilsiú laistigh de shé mhí ón dáta a dheonaítear an chabhair (nó, le haghaidh cabhair i bhfoirm buntáiste cabhrach, laistigh de 1 bhliain amháin ó dháta an dearbhaithe cánach). I gcás cabhair neamhdhleathach, ceanglófar ar na Ballstáit a áirithiú go bhfoilsítear an fhaisnéis ex post, ar a laghad laistigh de thréimhse 6 mhí ó dháta an chinnidh ón gCoimisiún. Ní mór an fhaisnéis a bheith ar fáil i bhformáid lena gceadaítear sonraí a chuardach, a bhaint, agus a fhoilsiú go héasca ar an idirlíon, mar shampla i bhformáid CSV nó XML.
(39) Féadfaidh an chabhair difear a dhéanamh do roinnt margaí, toisc go bhféadfaidh sé nach mbeidh tionchar na cabhrach srianta don mhargadh a chomhfhreagraíonn don ghníomhaíocht dá dtugtar tacaíocht ach go bhféadfaidh an tionchar sin margaí eile a shroicheadh, atá nasctha leis an margadh sin toisc gur margaí réamhtheachtacha, iartheachtacha nó comhlántacha iad, nó toisc go bhfuil an tairbhí i láthair sna margaí sin cheana féin nó go bhféadfaidh sé a bheith i láthair sa ghar-thodhchaí.
(40) Le haghaidh tionscadail infheistíochta a mbíonn táirgeadh roinnt táirgí difriúla i gceist leo, ní mór measúnú a dhéanamh ar gach táirge.
(41) Áirítear leis na bacainní iontrála seo bacainní dlíthiúla (go háirithe cearta maoine intleachtúla), barainneachtaí scála agus raon feidhme, bacainní rochtana ar líonraí agus ar bhonneagar. I gcás ina mbaineann an chabhair le margadh ina bhfuil tairbhí na cabhrach cheana, féadfar an chumhacht shuntasach mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ag tairbhí na cabhrach a dhéanamh níos measa le bacainní iontrála féideartha agus féadfar éifeachtaí diúltacha féideartha na cumhachta margaidh sin a dhéanamh níos measa, dá réir sin.
(42) I gcás ina bhfuil ceannaitheoirí láidre sa mhargadh, is lú an dóchúlacht go bhféadfaidh tairbhí na cabhrach praghsanna a mhéadú maidir leis na ceannaitheoirí láidre sin.
(43) Go háirithe [ar choinníoll gur liosta táscach é an liosta seo a leanas agus nach liosta uileghabhálach é] Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1); Treoir Uimh. 92/43/CEE an 21 Bealtaine 1992 ón gComhairle maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7); Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1); i gcás inarb infheidhme Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30); Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheathlú (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19); Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71); Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7); Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1); Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1); agus Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
(44) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European, Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, The European Green Deal [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019) 640 final).
(45) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European, Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020) 381 final).
(46) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions - An EU Strategy on adaptation to climate change [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Straitéis an Aontais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide] (COM(2013) 0216 final).
(47) Communication of the Commission of 15 December 2021 on Restoring Sustainable Carbon Cycles [Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2021 maidir le hAthbhunú Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe]. (COM(2021) 800 final).
(48) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions - New EU Forest Strategy for 2030 [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún - Straitéis Foraoise nua an Aontais le haghaidh 2030] (COM(2021) 572 final).
(49) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, EU biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020) 380 final).
(50) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(51) Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).
(52) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(53) Féach an sainmhíniú ar earnáil na talmhaíochta i bpointe (34)9.
(54) Mar shampla, i gcás fobhearta lena ndíreofar ar ghnáthóga i mbogaigh a athbhunú nó a choinneáil ar bun, d’fhéadfaí cabhair a dheonú ar feadh tréimhse níos faide ná 7 mbliana mar gheall ar chomh casta is atá sé cuspóirí seo a bhaint amach.
(55) Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
(56) IO C 341, 16.12.2010, lch. 5.
(57) Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).
(58) Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
(59) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(60) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(61) Communication from the Commission, A European One Health Action Plan against Antimicrobial Resistance (AMR)) [Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal “Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha (AMR))”] (COM(2017) 339 final).
(62) Tá feidhm aige seo maidir le comhar a bhaineann le fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí in-athnuaite nó le táirgeadh bithbhreoslaí ar ghabháltais, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos i gCuid II, Roinn 1.1.1.1.
(63) Féach breithiúnas an 11 Samhain 2004, an Spáinn v an Coimisiún, C-73/03, EU:C:2004:711, mír 37, agus breithiúnas an 23 Feabhra 2006, Atzeni agus eile, cásanna uamtha C-346/03 agus C-529/03, EU:C:2006:130, mír 79.
(64) Níor ghlac an Coimisiún leis go bhféadfaí dóiteán ag monarcha próiseála aonair a bhí cumhdaithe ag gnáthárachas tráchtála a mheas mar tharlú eisceachtúil. Mar riail ghinearálta ní ghlacann an Coimisiún leis go bhféadfaí ráig de ghalar ainmhithe nó lotnaid plandaí a d’fhéadfadh tarlú a mheas mar rudaí arb ionann iad agus tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla. Mar sin féin, i gcás amháin d’aithin an Coimisiún ráig an-fhorleathan de ghalar nua ainmhithe nach bhfacthas riamh cheana mar tharlú eisceachtúil.
(65) Cinntí ón gCoimisiún maidir le Státchabhair i gcásanna N 274b/2010, N 274a/2010, SA.33605, SA.33628, SA.36787.
(66) Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
(67) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(68) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(69) Ar nós astaíochtaí mar gheall ar théamh tithe gloine.
(70) Arna ghlacadh ag an gComhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip an 12-13 Samhain 2008 (https://foresteurope.org/wp-content/uploads/2016/08/Pan-EuropeanAfforestationReforestationGuidelines.pdf).
(71) Tá feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 den Chonradh maidir le cabhair le haghaidh seirbhísí bunúsacha i limistéir thuaithe, a mhéid a bhfuil Státchabhair i gceist léi de réir bhrí Airteagal 107(1) den Chonradh, agus an léirmhíniú ar Státchabhair a thugtar san fhógra ón gCoimisiún maidir le coincheap na Státchabhrach (IO C 262, 19.7.2016, lch. 1) á chur san áireamh freisin.
(72) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin, Modheolaíocht choiteann le haghaidh meastóireacht ar státchabhair, an Bhruiséil, 28 Bealtaine 2014, SWD(2014) 179 final.
(73) Rialachán (AE) Uimh. 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 248, 24.9.2015, lch. 9).
(74) Rialachán (CE) Uimh. 794/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (IO L 140, 30.4.2004, lch. 1).
|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 485/91 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10949 — GONVARRI / MAJORITY SHAREHOLDERS / HIDRIA)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 485/02)
An 24 Samhain 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10949. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 485/92 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10932 — ZF / HELLA / NGK / CLARIOS / AHEAD JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 485/03)
An 14 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10932. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 485/93 |
Rátaí malairte an euro (1)
20 Nollaig 2022
(2022/C 485/04)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0599 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
140,58 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4388 |
|
GBP |
punt steirling |
0,87530 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
11,0615 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9854 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
151,50 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,5098 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,181 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
403,88 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,6757 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9125 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
19,7744 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5972 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,4451 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,2488 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6816 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4347 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 363,73 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
18,4239 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,3900 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5471 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 537,09 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6991 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
58,549 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
36,853 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,6234 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
20,9355 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
87,6649 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 485/94 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal
Oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)2
(2022/C 485/05)
|
Ballstát |
An Spáinn |
|||||||
|
An t-aerbhealach lena mbaineann |
Menorca-Maidrid |
|||||||
|
Dáta athoscailte na mbealaí OSP d’aeriompróirí Comhphobail |
1 Bealtaine 2023 |
|||||||
|
An seoladh ónar féidir an téacs agus aon fhaisnéis nó doiciméadacht eile a fháil a bhaineann leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí. |
Fón +34 91 597 7837 Facs +34 91 597 8643 seoladh ríomhphoist: osp.dgac@mitma.es |
Féadfar na bealaí atá faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí a oibriú ar bhonn rochtain trí shaoriomaíocht ón 1 Bealtaine 2023. I gcás nach gcuireann aon aeriompróir clár seirbhísí isteach atá i gcomhréir leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a forchuireadh, déanfar an rochtain a theorannú ón 1 Samhain 2023 go dtí an 30 Aibreán 2024 chuig aon aeriompróir amháin tríd an nós imeachta comhfhreagrach tairisceana poiblí, i gcomhréir le hAirteagal 16 (9) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.
|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 485/95 |
Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal
Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 485/06)
|
Ballstát |
An Iodáil |
|||||
|
Na haerbhealaí lena mbaineann |
Pantelleria – Trapani agus vice versa Pantelleria – Palermo agus vice versa Pantelleria – Catania agus vice versa Lampedusa – Palermo agus vice versa Lampedusa – Catania agus vice versa |
|||||
|
Tréimhse bhailíochta an chonartha |
An 1 Iúil 2023 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2025 |
|||||
|
An dáta deiridh a nglacfar le tairiscintí |
2 mhí tar éis dháta foilsithe an fhógra seo |
|||||
|
An seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus an fhaisnéis uile ábhartha agus/nó gach doiciméad ábhartha a fháil maidir leis an tairiscint phoiblí agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí |
Fón +39 06 44596247 R-phost: osp@enac.gov.it Suíomh gréasáin: http://www.mit.gov.it http://www.enac.gov.it |
Ceartúcháin
|
21.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 485/96 |
Ceartúchán ar an nGlao ar thograí 2023 — EAC/A10/2022 — Clár Erasmus+
( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 444/07 an 23 Samhain 2022 )
(2022/C 485/07)
Ar leathanach 18, i bpointe 5 — Sprioc-am chun iarratais a chur isteach:
Cuirtear isteach an sprioc-am seo a leanas le haghaidh iarratais a chur isteach do KA2
|
Ócáid Eorpach Spóirt ar mhórscála |
21 Feabhra 2023 ar 17:00 |