ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 471

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
12 Nollaig 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 471/01

Imeachtaí a thionscnamh (Cás M.10433 – VIVENDI / LAGARDERE) ( 1 )

1

2022/C 471/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10934 – VINCI ENERGIES / KONTRON IT SERVICE COMPANIES) ( 1 )

2

2022/C 471/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10912 – CD&R / ATALIAN) ( 1 )

3

2022/C 471/04

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10956 — AURELIUS INVESTMENT LUX SEVEN / SAPPI FINLAND ONE / SAPPI FINLAND OPERATIONS / SAPPI MAASTRICHT REAL ESTATE / SAPPI STOCKSTADT) ( 1 )

4

2022/C 471/05

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10929 – GENERALI REAL ESTATE / MUNICH RE / SAXON LAND) ( 1 )

5

2022/C 471/06

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10580 – SE AG / SEC / SEPG) ( 1 )

6


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 471/07

Rátaí malairte an euro — 9 Nollaig 2022

7

2022/C 471/08

Cinneadh ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2022 lena mbunaítear grúpa saineolaithe um shláinte phoiblí de chuid an Choimisiúin agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú ( 1 )

8

 

An Chúirt Iniúchóirí

2022/C 471/09

Tuarascáil speisialta 25/2022 Fíorú ar an Ollioncam Náisiúnta chun buiséad an Aontais a mhaoiniú

14


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 471/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10937 - EDF DEUTSCHLAND / HAZWEI / HYPION MOTION NEUMÜNSTER JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

15

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 471/11

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

17


 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar an bhFógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú ar an mbeart coimirce is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach ( IO C 459, 2.12.2022 )

26


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/1


Imeachtaí a thionscnamh

(Cás M.10433 – VIVENDI / LAGARDERE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 471/01)

An 30 Samhain 2022, chinn an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh sa chás thuasluaite tar éis dó cinneadh a dhéanamh go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha ann maidir leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi ó thaobh a chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach de. Le tionscnamh na n-imeachtaí cuirtear tús le himscrúdú dara céim i ndáil leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi, agus déantar sin gan dochar don chinneadh críochnaitheach maidir leis an gcás. Tá an cinneadh bunaithe ar Airteagal 6(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Chun go gcuirfear barúlacha san áireamh go hiomlán mar chuid den nós imeachta, ba cheart na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le facs (+32 22964301), le ríomhphost chuig COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu nó tríd an bpost, agus é sin a dhéanamh faoin tagairt Uimh. M.10433 – VIVENDI / LAGARDERE, chuig an seoladh seo a leanas:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10934 – VINCI ENERGIES / KONTRON IT SERVICE COMPANIES)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 471/02)

An 16 Samhain 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10934. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10912 – CD&R / ATALIAN)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 471/03)

An 24 Samhain 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10912. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/4


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10956 — AURELIUS INVESTMENT LUX SEVEN / SAPPI FINLAND ONE / SAPPI FINLAND OPERATIONS / SAPPI MAASTRICHT REAL ESTATE / SAPPI STOCKSTADT)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 471/04)

An 1 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10956. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/5


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10929 – GENERALI REAL ESTATE / MUNICH RE / SAXON LAND)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 471/05)

An 5 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10929. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/6


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10580 – SE AG / SEC / SEPG)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 471/06)

An 6 Nollaig 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10580. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/7


Rátaí malairte an euro (1)

9 Nollaig 2022

(2022/C 471/07)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0559

JPY

yen na Seapáine

143,30

DKK

krone na Danmhairge

7,4379

GBP

punt steirling

0,85950

SEK

krona na Sualainne

10,9188

CHF

franc na hEilvéise

0,9856

ISK

króna na hÍoslainne

149,50

NOK

krone na hIorua

10,5345

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,293

HUF

forint na hUngáire

417,53

PLN

zloty na Polainne

4,6869

RON

leu na Rómáine

4,9224

TRY

lira na Tuirce

19,6872

AUD

dollar na hAstráile

1,5553

CAD

dollar Cheanada

1,4380

HKD

dollar Hong Cong

8,2169

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6482

SGD

dollar Shingeapór

1,4260

KRW

won na Cóiré Theas

1 373,94

ZAR

rand na hAfraice Theas

18,2358

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,3475

HRK

kuna na Cróite

7,5550

IDR

rupiah na hIndinéise

16 453,46

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6512

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,470

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,656

BRL

real na Brasaíle

5,5457

MXN

peso Mheicsiceo

20,8490

INR

rúipí na hIndia

86,9535


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/8


CINNEADH ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Nollaig 2022

lena mbunaítear grúpa saineolaithe um shláinte phoiblí de chuid an Choimisiúin agus lena n-aisghairtear Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin “Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú”

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 471/08)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 168(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfar gníomhaíocht an Aontais, de chomhlánú ar na beartais náisiúnta, a dhíriú ar an tsláinte phoiblí a fheabhsú, ar thinneas agus ar ghalair choirp agus mheabhrach a chosc, agus ar fhoinsí contúirte don tsláinte fhisiceach agus mheabhrach a sheachaint. Faoi Airteagal 168(2) den Chonradh, ceanglaítear ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, a gcuid beartas agus clár a chomhordú eatarthu féin sna réimsí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal sin. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, aon tionscnamh fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh lena bhféachtar le treoirlínte agus táscairí a leagan síos agus malartú dea-chleachtas a eagrú.

(2)

An taithí agus na torthaí a fuarthas tríd an ngrúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin “Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú”, léirigh siad gur féidir leis an gcomhordú idir na Ballstáit cuidiú chun an t-ualach a bhaineann le galair neamhtheagmhálacha san Aontas a laghdú trí na dea-chleachtais a chomhroinnt agus a chur chun feidhme agus trí chomhordú na gníomhaíochta a fheabhsú.

(3)

Sa ghrúpa saineolaithe sin, d’oibrigh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit chun gníomhaíochtaí agus beartais a fhorbairt a thacóidh leo chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, agus go háirithe sprioc forbartha inbhuanaithe 3, “Beatha shláintiúil a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois”. Tá an obair sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip — Gníomhaíocht Eorpach um inbhuanaitheacht (1). Beidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe i gcónaí ina stiúir maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an tsláinte phoiblí.

(4)

Ó bunaíodh an grúpa saineolaithe sin, tá dúshláin eile os comhair an Aontais maidir leis an tsláinte phoiblí, amhail na dúshláin a bhaineann le galair theagmhálacha lena n-áirítear VEID/SEIF, eitinn agus heipitíteas chomh maith le dúshláin ghaolmhara i ndáil leis an vacsaíniú agus an fhrithsheasmhacht fhrithmhiocróbach. Dá bhrí sin, is gá go ndéanfaí an comhordú, ní hamháin chun an tsláinte a chur chun cinn, chun galair a chosc agus chun galair neamhtheagmhálacha a bhainistiú, ach ar bhealach níos leithne chun dul i ngleic leis na dúshláin nua thábhachtacha sin sa tsláinte phoiblí freisin.

(5)

Ba cheart é a bheith mar mhisean ag grúpa nua saineolaithe obair an Choiste Slándála Sláinte, coiste a bhunaítear le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a chomhlánú trí thacú a thuilleadh le malartú agus cur chun feidhme na ndea-chleachtas.

(6)

Oibreoidh an grúpa nua saineolaithe um shláinte phoiblí i réimsí nach bhforluíonn ar obair an Choiste Slándála Sláinte, arna bhunú le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE. Gníomhaíonn an Coiste Slándála Sláinte ar an ullmhacht agus ar an bhfreagairt ar ghéarchéimeanna, ach cuirfidh an grúpa nua saineolaithe um shláinte phoiblí comhairle ar an gCoimisiún maidir le forbairt beartais agus le haistriú dea-chleachtas i ndáil le dúshláin ollmhóra sa tsláinte phoiblí, lena n-áirítear galair neamhtheagmhálacha chomh maith le galair theagmhálacha amhail VEID/SEIF, eitinn agus heipitíteas, chun comhordú idir na Ballstáit a chur chun cinn.

(7)

Ós rud é go bhfuil raon feidhme níos leithne ag na gníomhaíochtaí ná mar atá ag an ngrúpa saineolaithe atá ann faoi láthair, grúpa a dhíríonn ar ghalair neamhtheagmhálacha amháin, is gá grúpa saineolaithe nua a bhunú i réimse na sláinte poiblí agus a chúraimí agus a struchtúr a shainiú, i gcomhréir le Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún maidir le rialacha cothrománacha a leagan síos i ndáil le cruthú agus feidhmiú grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin. Ba cheart raon feidhme an tsainghrúpa sin a leathnú chuig na dúshláin sin sa tsláinte poiblí seachas a raon feidhme a theorannú do ghalair neamhtheagmhálacha amháin.

(8)

Ba cheart an grúpa a bheith comhdhéanta d’údaráis de chuid na mBallstát.

(9)

Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le nochtadh faisnéise a dhéanfaidh comhaltaí an ghrúpa.

(10)

Ba cheart sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharliamint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), Rialachán a bhfuil feidhm aige maidir leis na Ballstáit.

(11)

An Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear an Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú (4), ba cheart é a aisghairm agus an grúpa nua a bhunaítear sa Chinneadh seo a chur in áit an ghrúpa sin, chun gníomhaíochtaí agus tionscnaimh a fhorbairt, chun comhordú idir na Ballstáit a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ollmhóra sa tsláinte phoiblí san Aontas amhail na dúshláin a bhaineann le galair theagmhálacha lena n-áirítear VEID/SEIF, eitinn agus heipitíteas, mar aon le dúshláin ghaolmhara lena n-áirítear vacsaíniú agus frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach, agus sin gan bheith teoranta do ghalair neamhtheagmhálacha amháin.

(12)

Is iomchuí tréimhse a shocrú maidir leis an gCinneadh seo a chur i bhfeidhm, agus tréimhse cúig bliana ba cheart a bheith ann. In am trátha ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an ngá atá ann le síneadh a chur leis an tréimhse cur i bhfeidhm, tar éis meastóireacht ar oibríochtaí agus aschuir an Ghrúpa saineolaithe um shláinte phoiblí.

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear an grúpa saineolaithe um shláinte phoiblí (“an grúpa”).

Airteagal 2

Cúraimí

Is iad seo a leanas na cúraimí a bheidh ar an ngrúpa:

(a)

cuidiú leis an gCoimisiún maidir le tionscnaimh beartais agus reachtacha agus gníomhaíochtaí a ullmhú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin ollmhóra sa tsláinte phoiblí, lena n-áirítear galair neamhtheagmhálacha chomh maith le galair theagmhálacha.

(b)

comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le haon tionscnamh fóinteach a dhéanamh a bhfuil sé d’aidhm aige treoirlínte agus táscairí a bhunú, na cleachtais is fearr, is dóchúla agus is nuálaí a mhalartú, agus torthaí taighde a mhalartú, torthaí is féidir a chur chun feidhme i réimse na sláinte poiblí agus na gcóras sláinte i ndáil lena n-aistriú idir na Ballstáit.

(c)

comhairle a sholáthar maidir le beartais nó gníomhaíochtaí ábhartha i réimse na ngalar teagmhálach, ar iarraidh ón gCoimisiún. I dtaca leis sin, maidir le réimsí ina bhfuil gá le comhairle ón ngrúpa saineolaithe chun comhordú a chur chun cinn i measc na mBallstát, chun socrú tosaíochtaí a chur chun cinn agus chun sineirgí a chruthú idir réimsí beartais ábhartha a bhfuil tionchar acu ar an tsláinte phoiblí, féadfaidh an Coiste Slándála Sláinte na réimsí sin a chur in iúl don Choimisiún; féadfar a iarraidh freisin ar ghníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais comhairle agus faisnéis a sholáthar i ndáil lena réimsí inniúlachta.

Airteagal 3

Comhairliúchán

Feadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an ngrúpa maidir le haon ábhar a bhaineann leis an tsláinte phoiblí.

Airteagal 4

Comhaltas

Beidh comhaltas an ghrúpa comhdhéanta d’údaráis na mBallstát a ainmneoidh buanionadaithe sa ghrúpa saineolaithe nó san fhoghrúpa nó a cheapfaidh ionadaithe ar bhonn ad hoc, de réir chlár oibre chruinnithe an ghrúpa. Beidh siad freagrach as a áirithiú go soláthróidh a n-ionadaithe ardleibhéal saineolais atá ábhartha maidir le cúraimí an ghrúpa, is é sin i réimse na sláinte poiblí.

Airteagal 5

An cathaoirleach

Is é ionadaí ón Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (AS SANTE) a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an ngrúpa.

Airteagal 6

Feidhmiú

1.   Gníomhóidh an grúpa ar iarraidh ó AS SANTE, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha lena rialaítear cruthú agus feidhmiú grúpaí saineolaithe agus lena rialaítear cruthú cláir phoiblí de na grúpaí sin (5).

2.   I bprionsabal, tionólfar cruinnithe an ghrúpa in áitreabh an Choimisiúin nó go fíorúil, de réir na n-imthosca.

3.   Soláthróidh AS SANTE seirbhísí rúnaíochta. Féadfaidh oifigigh an Choimisiúin ó ranna eile a bhfuil suim acu sna himeachtaí freastal ar chruinnithe an ghrúpa agus a fhoghrúpaí.

4.   I gcomhaontú le AS SANTE, féadfaidh an grúpa a chinneadh, trí thromlach simplí dá chomhaltaí, go ndéanfar a chuid plé go poiblí.

5.   Na miontuairiscí ar an bplé a dhéanfar ar gach pointe ar an gclár agus ar na tuairimí ón ngrúpa, beidh siad fóinteach agus iomlán. Dréachtóidh an Rúnaíocht na miontuairiscí faoi fhreagracht an Chathaoirligh.

6.   A mhéid is féidir, is de chomhthoil a ghlacfaidh an grúpa a thuairimí, a mholtaí nó a thuarascálacha. I gcás vóta, cinnfear toradh na vótála trí thromlach simplí de na comhaltaí. Na comhaltaí a chaith vóta freasúra nó a staon ó vótáil, beidh sé de cheart acu doiciméad ina ndéanfar achoimre ar na cúiseanna lena seasamh a bheith i gceangal leis na tuairimí, na moltaí nó na tuarascálacha.

Airteagal 7

Foghrúpaí

1.   Féadfaidh AS SANTE foghrúpaí a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha ar bhonn na dtéarmaí tagartha a shaineoidh AS SANTE. Feidhmeoidh na foghrúpaí i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha agus tuairisceoidh siad don ghrúpa. Déanfar iad a lánscor a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.

2.   Na foghrúpaí um ailse, um ghalair neamhtheagmhálacha agus um lárionaid teiripe prótón a bunaíodh faoin “nGrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú” agus atá fós ag feidhmiú tráth theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, beidh siad ann i gcónaí mar fhoghrúpaí freisin faoin “nGrúpa saineolaithe um shláinte phoiblí”.

Airteagal 8

Saineolaithe iarrtha

Féadfaidh AS SANTE iarraidh ar shaineolaithe ó Ard-Stiúrthóireachtaí agus ó eintitis eile de chuid an Aontais, agus ar shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu i ndáil le hábhar atá ar an gclár oibre, páirt a ghlacadh in obair an ghrúpa nó a chuid foghrúpaí ar bhonn ad hoc.

Airteagal 9

Breathnóirí

1.   Féadfar stádas breathnóra a dheonú d’eintitis phoiblí nach údaráis na mBallstát iad, i gcomhréir le rialacha cothrománacha an Choimisiúin, trí chuireadh díreach a thabhairt dóibh.

2.   Na heintitis phoiblí a cheaptar mar bhreathnóirí, ainmneoidh siad a n-ionadaithe sa ghrúpa saineolaithe nó san fhoghrúpa ábhartha.

3.   Féadfaidh an Cathaoirleach cead a thabhairt do bhreathnóirí agus dá n-ionadaithe páirt a ghlacadh i bpléití an ghrúpa agus a fhoghrúpaí agus saineolas a sholáthar. Mar sin féin, ní bheidh cearta vótála acu agus ní ghlacfaidh siad páirt i bhfoirmliú moltaí ná comhairle ón ngrúpa.

Airteagal 10

Rialacha nós imeachta

Ar thogra ó AS SANTE agus i gcomhaontú leis, glacfaidh an grúpa a chuid rialacha nós imeachta trí thromlach simplí a chomhaltaí, ar bhonn na rialacha caighdeánacha nós imeachta le haghaidh grúpaí saineolaithe, i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha. Feidhmeoidh na foghrúpaí i gcomhréir le rialacha nós imeachta an ghrúpa.

Airteagal 11

An rúndacht ghairmiúil agus láimhseáil faisnéise rúnaicmithe

Na comhaltaí den ghrúpa agus a n-ionadaithe mar aon le saineolaithe iarrtha agus breathnóirí, tá siad faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, oibleagáid a bhfuil feidhm aici, de bhua na gConarthaí agus na rialacha lena gcuirtear chun feidhme iad, maidir le gach comhalta de chuid na n-institiúidí agus a bhfoirne. Ina theannta sin, tá siad faoi réir rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le cosaint fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais, rialacha a leagtar síos i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (6) agus 2015/444 ón gCoimisiún (7). Mura n-urramóidh siad na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí a dhéanamh.

Airteagal 12

Trédhearcacht

1.   Clárófar an grúpa agus na foghrúpaí ar an gClár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus d’eintitis eile den saghas céanna (“an Clár de ghrúpaí saineolaithe”).

2.   Maidir le comhdhéanamh an ghrúpa agus na bhfoghrúpaí, foilseofar na sonraí seo a leanas sa Chlár de ghrúpaí saineolaithe:

(a)

ainmneacha údaráis na mBallstát

(b)

ainmneacha na n-eintiteas poiblí eile

(c)

ainm an eintitis phoiblí dár deonaíodh stádas breathnóra

3.   Cuirfear gach doiciméad ábhartha, lena n-áirítear na cláir oibre, na miontuairiscí agus aighneachtaí na rannpháirtithe ar fáil trí nasc ón gClár de ghrúpaí saineolaithe chuig suíomh gréasáin tiomanta, suíomh inar féidir an fhaisnéis sin a fháil. Ní bheidh rochtain ar shuíomhanna gréasáin tiomanta coinníollach ar chlárú úsáideoirí ná faoi aon srian eile. Go sonrach, foilseofar an clár oibre agus doiciméid chúlra ábhartha eile in am trátha roimh an gcruinniú, agus foilseofar na miontuairiscí go tráthúil ina dhiaidh. Ní fhéadfar eisceachtaí (8) ó fhoilsiú a dhéanamh ach i gcás ina meastar go ndéanfadh nochtadh doiciméid dochar do chosaint leasa phoiblí nó phríobháidigh mar a shainítear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

Airteagal 13

Caiteachas a bhaineann le cruinnithe

1.   Ní íocfar rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí na ngrúpaí agus na bhfoghrúpaí as na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.

2.   Aisíocfaidh an Coimisiún na costais taistil agus chothaithe a thabhóidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí an ghrúpa agus na bhfoghrúpaí. Déanfar an aisíocaíocht i gcomhréir leis na forálacha atá i bhfeidhm laistigh den Choimisiún agus laistigh de theorainneacha an bhuiséid a chuirtear ar fáil do ranna an Choimisiúin faoin nós imeachta bliantúil chun acmhainní a leithdháileadh.

Airteagal 14

Aisghairm

Leis seo, déantar an Cinneadh ón gCoimisiún (10) lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin “Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú” agus lena n-aisghairtear an Cinneadh lena mbunaítear grúpa saineolaithe um ghalair neamhchoitianta de chuid an Choimisiúin agus an Cinneadh lena mbunaítear grúpa saineolaithe um Rialú Ailse de chuid an Choimisiúin a aisghairm.

Airteagal 15

Infheidhmeacht

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go ceann 5 bliana ón dáta a ghlacfar é.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Stella KYRIAKIDES

Comhalta den Choimisiún


(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Next steps for a sustainable European — future European action for sustainability [Na chéad chéimeanna eile i dtreo todhchaí inbhuanaithe don Eoraip — Gníomhaíocht Eorpach um inbhuanaitheacht] (COM(2016) 739 final, 22 Samhain 2016).

(2)  Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le mórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch.1).

(4)  Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Iúil 2018 lena mbunaítear grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin “Grúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Ghalair Neamhtheagmhálacha a Bhainistiú” agus lena n-aisghairtear an Cinneadh lena mbunaítear grúpa saineolaithe um ghalair neamhchoitianta de chuid an Choimisiúin agus an Cinneadh lena mbunaítear grúpa saineolaithe um Rialú Ailse de chuid an Choimisiúin, (IO C 251, 18.7.2018, lch. 9).

(5)  Cinneadh C(2016) 3301 ón gCoimisiún.

(6)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(7)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).

(8)  Is é is cuspóir leis na heisceachtaí sin slándáil an phobail, gnóthaí míleata, caidreamh idirnáisiúnta, beartais airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíocha, príobháideachas agus sláine an duine aonair, leasanna tráchtála, imeachtaí cúirte agus comhairle dlí, cigireachtaí/imscrúduithe/iniúchtaí agus próiseas cinnteoireachta na n-institiúidí a chosaint.

(9)  IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

(10)  Cinneadh (C)(2018) 4492 ón gCoimisiún.


An Chúirt Iniúchóirí

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/14


Tuarascáil speisialta 25/2022 “Fíorú ar an Ollioncam Náisiúnta chun buiséad an Aontais a mhaoiniú”

(2022/C 471/09)

D’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a Tuarascáil speisialta 25/2022: “Fíorú ar an Ollioncam Náisiúnta chun buiséad an Aontais a mhaoiniú – Na rioscaí i dtiomsú sonraí cuimsithe go maith tríd is tríd, ach is féidir ord tosaíochta na ngníomhaíochtaí a fheabhsú tuilleadh”.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=62634


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/15


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10937 - EDF DEUTSCHLAND / HAZWEI / HYPION MOTION NEUMÜNSTER JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 471/10)

1.   

An 2 Nollaig 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

EDF Deutschland GmbH (“EDF Deutschland”, an Ghearmáin), cuid den EDF Group (“EDF”, an Fhrainc),

HAzwei 3. Beteiligungsgesellschaft mbH (“HAzwei”, an Ghearmáin), cuid den E.ON Group (“E.ON”, an Ghearmáin),

Hypion Motion Neumünster GmbH & Co. KG, cuideachta nuachruthaithe (an “Sprioc-chomhfhiontar” (JV), an Ghearmáin).

Gheobhaidh EDF Deutschland agus HAzwei rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar an Sprioc-chomhfhiontar.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá leasanna cothromais i seilbh HAzwei thar ceann a mháthairghnóthais HAzwei GmbH, agus HAzwei GmbH gníomhach i bhforbairt tionscadal a bhaineann le táirgeadh agus dáileadh hidrigine. Is ar dhá phríomhréimse gnó atá gníomhaíochtaí E.ON dírithe go ginearálta: (i) líonraí fuinnimh agus (ii) réitigh custaiméara (lena n-áirítear soláthar miondíola leictreachais agus gáis),

Tá EDF gníomhach go príomha sa Fhrainc agus thar lear sna margaí fuinnimh, agus, go háirithe, i dtáirgeadh agus soláthar mórdhíola, trádáil, tarchur, dáileadh agus soláthar miondíola leictreachais. Tá EDF Group gníomhach i soláthar mórdhíola gáis agus i dtáirgeadh seirbhísí fuinnimh chomh maith, ach ní a oiread céanna.

3.   

Is iad na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ag an Sprioc-chomhfhiontar hidrigin a cheannach agus í a dhíol trí stáisiún athbhreoslaithe hidrigine in Neumünster sa Ghearmáin Thuaidh.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10937 - EDF DEUTSCHLAND / HAZWEI / HYPION MOTION NEUMÜNSTER JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/17


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 471/11)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1)

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Colinele Dobrogei”

PGI-RO-A0612-AM03

Dáta teachtaireachta: 28 Meán Fómhair 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Leasú ar an limistéar geografach táirgthe trí limistéir nua a áireamh

Iarraimid go ndéanfaí an limistéar críochaithe le haghaidh táirgeadh fíonta le TGFC Colinele Dobrogei a thabhairt cothrom le dáta trí bhardas Baia, ina bhfuil sráidbhaile Baia i gcontae Tulcea, a áireamh.

Tá Baia suite in oirdheisceart chontae Tulcea, ar theorainn bardais Stejaru sa tuaisceart, Beidaud san iardheisceart, Ceamurlia de Jos san oirthear agus contae Constanța sa deisceart. Tá Baia suite 57 km ó Tulcea, suíomh an chontae, agus 20 km ó Babadag, atá mar chuid den limistéar táirgthe atá críochaithe don TGFC.

Baineann bardas/sráidbhaile Baia leas as coinníollacha éicipéidiclíoma cosúil leis na cinn atá i limistéar TGFC Colinele Dobrogei mar gheall ar a shuíomh laistigh den limistéar riaracháin agus a chóngaracht do bhailte agus sráidbhailte atá cumhdaithe ag an tásc geografach óna dtáirgtear fíonta d’ardchaighdeán faoi láthair.

Mar thoradh ar na coinníollacha aeráide in Baia, le radaíocht na gréine agus fuinneamh solais do shintéisiú substaintí orgánacha, tá tiúchan ard siúcraí sna fíonchaora agus dá bhrí sin san úrfhíon. Mar thoradh air sin, tagtar ar fhíonta socra atá láidir agus ungthach ach, an tráth céanna, úr, le dath buí amhail tuí nó dath buí le gealáin ghlasa, dea-bholaithe bláthacha (bláth troim, acáise) agus torthaíocha (torthaí coimhthíocha), le dea-bholadh casta agus saintréithe orgánaileipteacha cosúil le saintréithe fíonta socra le tásc geografach Colinele Dobrogei.

Leasaítear Caibidil III den tsonraíocht agus pointe 6 den doiciméad aonair.

2.   Cleachtais teicneolaíochta a chur isteach chun cineálacha áirithe fíona a tháirgeadh

Coinníollacha áirithe a bhaineann le cleachtais teicneolaíochta (próisis) as a dtiocfaidh fíonóireacht fíonta bána ó fhíonchaora dearga, fíonta socra rosé ó fhíonchaora bána agus fíonta socra oráiste ó fhíonchaora bána (próiseas maothaithe ar chraiceann úrfhíon fíonchaor bán), cuireadh iad leis an tsonraíocht.

I ngeall ar threochtaí nua tomhaltais agus an rogha tosaíochta atá ann le haghaidh cineálacha fíonta rosé lena n-úsáidtear cleachtais teicneolaíochta éagsúla, tá méadú ag teacht ar an spéis sna cineálacha fíonta socra sin.

Leasaítear Caibidil X den tsonraíocht agus pointe 5.1 den doiciméad aonair.

3.   Cineálacha nua fíonchaor a thabhairt isteach, mar phríomhchineálacha táirgeachta

Forlíontar an tsonraíocht le cineálacha nua fíonchaor a cheadófar i dtáirgeadh na bhfíonta, i.e. Crâmpoșie selecționată, Busuioacă de Bohotin agus Băbească gri.

Crâmpoșie selecționată - cineál fíonchaor Rómánach a shaothraítear i gceantar Dobrogea.

I limistéar TGFC “Colinele Dobrogei”, atá oiriúnach le haghaidh fómhar déanach, éiríonn le cineálacha fíonchaor a bhfuil craiceann tiubh orthu amhail Crâmpoșie selecționată aibiú go hiomlán chun fíonta torthaíocha agus cothromaithe a tháirgeadh, le dea-bholadh úr, cumhracht úr agus blasanna torthaíocha (piorra, úll glas) agus uaireanta blasanna bláthacha, blas a mhaireann a rian, le lorg citris agus ábhar mianraigh. Maidir lena chuma, d’fhéadfadh dath an fhíona a bheith buí le loinnir chriostalta agus le gealáin ghlasa scoite.

Tá claonadh ag fíonchaora Busuioacă de Bohotin cainníochtaí móra siúcraí a charnadh, rud a éascaíonn an méadú cáilíochtúil ar chion an dea-bholaidh a bhaineann go sonrach leis an gcineál Busuioacă. Eascraíonn rosé geal as forbairt an fhíona, le blasanna rosé, dea-bholaithe sútha talún, sútha talún foraoise agus blas tréan torthaíoch le haigéadacht mheánach.

Băbească gri - cineál fíonchaor Rómánach a bhfuil, nuair a dhéantar fíon de, tréithe bolaithe bláthanna agus torthaí úra, úlla glasa, blas beag na meala acáise agus na círe meala. D’fhéadfadh lorg buí-bán, glasbhuí nó rosé tar éis maothú gairid ar na fíonchaora a bheith san fhíon.

Leasaítear Caibidil IV den tsonraíocht agus pointe 4 agus 7 den doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Colinele Dobrogei

2.   Cineál an táisc gheografaigh:

TGFC — Tásc Geografach faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

1.   Fíonta geala agus rosé

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíonta geala agus rosé

Dath: glasbhuí, a d’fhéadfadh a bheith mar dhath órga, dath buí amhail tuí, ar dhath bán an bhradáin/ ar dhath meánach an bhradáin. Bolaithe agus blas: dea-bholadh an fhéar úr-ghearrtha, bláthanna acáise, cumhracht le blas beag na halmóinne milse; tugann carnadh maith siúcraí carachtar tathagach cruinn do na fíonta, agus bolaithe na péitseoige, na haibreoige agus an mhangó; le blas cothromaithe gan an tathag a bheith iomarcach; ó thaobh dea-bholaidh de, tá bolaithe bláthanna móinéir, meala, tósta, agus rósanna ag na fíonta, blas beag an chitris atá tipiciúil i gcineálacha a bhfuil dea-bholadh orthu agus bolaithe na círe meala a mhaireann a rian ar na fíonta aosaithe (le cineálacha a bhfuil dea-bholadh orthu).

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

15,00

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

10,00

Íosmhéid aigéadachta iomláine:

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

200

2.   Fíonta dearga

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíonta dearga

Dath: Dath dearg an rúibín, dath dearg an ghairnéid, deargchorcra, dúdhearg. Bolaithe agus blas: cruthaíonn carnadh déine an dath dea-bholaithe úra thorthaí na foraoise, blas beag prúnaí, blas mín ar nós veilbhite i do bhéal agus olarthacht, dea-bholaithe sútha craobh, cuiríní dearga, mónóige, silíní searbha, clóbh, sméar dubh agus fraochán; tá struchtúr agus carachtar tainneach ag na fíonta, le cumhracht fhorbartha fraochán agus clóbh, le blasanna piobair/blaistithe, fanaile agus aosú gearr air, silíní dubha, agus aigéadacht bharrmhaith; tá siad oiriúnach lena n-aosú i mbairillí darach.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

15,00

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

10,00

Íosmhéid aigéadachta iomláine

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

20

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

150

5.   Cleachtais fíon oireachta

5.1.    Cleachtais fíonóireachta shonracha

1.

Táirgeadh lasmuigh den limistéar críochaithe

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Féadfar fíonta “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu a dhéanamh freisin sa limistéar atá cóngarach don limistéar críochaithe, laistigh den aonad riaracháin céanna, laistigh d’aonad riaracháin comharsanachta nó i limistéir chomharsanachta a bhfuil tásca geografacha acu. Ní mór an Oifig Náisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon (ONVPV) a chur ar an eolas 48 uair an chloig roimh an maolú seo a fheidhmiú.

2.

Cleachtas táirgthe

Cleachtas fíonóireachta sonrach

Ceadaítear cumasc. Ní mór é a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht reatha.

3.

Cleachtas fíoneolaíoch

Cleachtas fíonóireachta sonrach

Féadfar fíonta rosé a dhéanamh freisin as na cineálacha fíonchaor a úsáidtear chun fíon dearg a dhéanamh, ag baint úsáid as teicníc an mhaothaithe ghearr agus ag caomhnú saintréithe an chineáil nó na gcineálacha a úsáidtear chun na fíonta dearga a dhéanamh.

4.

Cleachtas fíoneolaíoch

Cleachtas fíonóireachta sonrach

Táirgeadh fíonta geala ó chineálacha dearga

Tá sé beartaithe ag go leor táirgeoirí teicneolaíochtaí a thabhairt isteach chun leas a bhaint as acmhainneacht cineálacha amhail táirgeadh fíonta bána ó fhíonchaora dearga, cineál ar a dtugtar “blanc de noirs”, chun dea-bholaithe a bheith orthu. Baineann an modh seo le fíonta bána a tháirgeadh ó fhíonchaora dearga leas as acmhainneacht na gcineálacha, agus mar thoradh air sin bíonn fíonta éadroma láidre arb é is saintréith dóibh blas beag plandúil, a mbíonn dea-bholaithe fíneálta sméar dubh, líoma, seadóige agus plumaí buí go láidir iontu. Cuireann an aigéadacht le húire an fhíona.

Fíon rosé socair ó fhíonchaora bána - tá craicne ar fhíonchaora na gcineálacha Pinot Gris, Băbească Gri nó Traminer Roz i ndathanna liathchorcra, liathchorcra liath, liathghorm do Pinot Gris agus Băbească Gri, agus de bhándearg péarlach agus liath-bhándearg do Traminer Roz. Táirgeann siad seo fíonta socra i ndathanna idir dath buí-bán, dath buí amhail tuí agus bándearg. Ag brath ar rogha an déantóra fíona, is féidir fíonta bána socra agus fíonta rosé socra a tháirgeadh, agus an dara ceann á fháil trí mhaothú.

Fíon oráiste socair ó fhíonchaora bána

Is éard atá i gceist leis an teicneolaíocht chun an fíon seo a tháirgeadh ná próiseas maothaithe ar chraiceann úrfhíon fíonchaor bán, an tréimhse maothaithe ag brath ar dhoimhneacht an dath is mian leis an déantóir fíona a bheith ag an bhfíon críochnaithe. Dath: ómra-buí/ómra, le struchtúr casta agus cumhracht bláthanna líoma, meala, craiceann oráiste agus torthaí triomaithe a bhfuil dea-bholadh uirthi. Blas: saibhir, tathagach le comhpháirt aigéad an-shoiléir treisithe ag ábhar mianraigh tréan.

5.2.    Uastáirgeacht

1.

Petit Verdot, fíonchaora Sangiovese

14 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.

Fíonchaora Viognier

14 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

3.

Fíonchaora Negru de Drăgășani, Crâmpoșie selecționată, Băbească gri

15 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

4.

Fíonchaora Cabernet Sauvignon, Malbec, Mourvèdre

15 400 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

5.

Fíonchaora Busuioacă de Bohotin

16 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.

Fíonchaora Chardonnay, Pinot Gris

16 300 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

7.

Fíonchaora Semillon

16 600 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

8.

Fíonchaora Muscat Ottonel, Pinot Noir, Syrah, Burgund mare, Băbească Neagră

17 100 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

9.

Fíonchaora Sauvignon, Riesling italian, Riesling de Rhin, Merlot, Fetească Neagră, Fetească Regală, Fetească Albă, Tămâioasă Românească

18 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

10.

Fíonchaora Traminer aromat, Traminer roz, Crâmpoșie, Columna, Aligoté, Iordană, Aromat de Iași, Rkațiteli

18 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

11.

Fíonchaora Saint Emilion, Novac, Mamaia, Cristina, Alicante Bouschet

18 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

12.

Petit Verdot, Sangiovese

105 heictilítear in aghaidh an heicteáir

13.

Viognier

109 heictilítear in aghaidh an heicteáir

14.

Negru de Drăgășani, Crâmpoșie selecționată, Băbească gri

112 heictilítear in aghaidh an heicteáir

15.

Cabernet Sauvignon, Malbec, Mourvèdre

115 heictilítear in aghaidh an heicteáir

16.

Busuioacă de Bohotin

120 heictilítear in aghaidh an heicteáir

17.

Chardonnay, Pinot Gris

122 heictilítear in aghaidh an heicteáir

18.

Semillon

124 heictilítear in aghaidh an heicteáir

19.

Muscat Ottonel, Pinot Noir, Syrah, Burgund mare, Băbească Neagră

128 heictilítear in aghaidh an heicteáir

20.

Sauvignon, Riesling na hIodáile, Riesling de Rhin, Merlot, Fetească Neagră, Fetească Regală, Fetească Albă, Tămâioasă Românească

135 heictilítear in aghaidh an heicteáir

21.

Traminer roz, Traminer aromat, Crâmpoşie, Columna, Aligoté, Iordană, Aromat de Iaşi, Rkaţiteli

135 heictilítear in aghaidh an heicteáir

22.

Saint Emilion, Novac, Mamaia, Cristina, Alicante Bouschet

135 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Contae Constanța

Baile Murfatlar – Murfatlar, Siminoc;

Bardas Valu lui Traian – sráidbhaile Valu lui Traian;

Bardas Poarta Albă – sráidbhailte Poarta Albă agus Nazarcea;

Baile Ovidiu – bardas Ovidiu, sráidbhaile Poiana;

Bardas Ciocârlia – sráidbhaile Ciocârlia;

Baile Medgidia – Medgidia, Remus Opreanu, Valea Dacilor;

Bardas Castelu – sráidbhailte Castelu, Cuza Vodă, Nisipari;

Bardas Siliștea – sráidbhaile Siliștea;

Bardas Tortoman – sráidbhaile Tortoman;

Bardas Peștera-sráidbhailte Peștera, Ivrinezu Mic;

Bardas Mircea Voda – sráidbhailte Mircea Voda, Satu Nou, Țibrinu, Saligny, Stefan cel Mare, Gherghina;

Bardas Adamclisi – sráidbhailte Adamclisi, Abrud, Hațeg, Urluia, Zorile;

Baile Cernavodă – bardas Cernavodă;

Bardas Seimeni – sráidbhaile Seimeni, Seimenii Mici;

Bardas Rasova – sráidbhailte Rasova, Cochirleni;

Bardas Mihai Viteazu – sráidbhailte Mihai Viteazu, Sinoie;

Bardas Istria – sráidbhailte Istria, Nuntași;

Bardas Cogealac – sráidbhailte Cogealac, Tariverde, Fântânele;

Baile Mangalia;

Baile Hârșova;

Bardas Chirnogeni – sráidbhaile Chirnogeni;

Bardas an 23 Lúnasa – sráidbhaile an 23 Lúnasa;

Bardas Horia – sráidbhailte Horia, Tichilești;

Bardas Crucea - sráidbhaile Crucea;

Bardas Topalu - sráidbhaile Topalu;

Bardas Ciobanu – sráidbhaile Ciobanu;

Bardas Gârliciu – sráidbhaile Gârliciu;

Bardas Saraiu - sráidbhaile Saraiu;

Bardas Cobadin – sráidbhaile Viișoara;

Contae Tulcea

Baile Babadag;

Bardas Sarichioi – sráidbhailte Enisala, Visterna, Zebil, Sabangia;

Bardas Valea Nucarilor – sráidbhailte Valea Nucarilor, Agighiol, Iazurile;

Baile Tulcea;

Bardas Ostrov – sráidbhailte Ostrov, Piatra;

Bardas Somova – sráidbhailte Somova, Mineri, Parcheș;

Bardas Niculițel - sráidbhaile Niculițel;

Bardas Izvoarele – sráidbhailte Izvoarele, Alba;

Bardas Valea Teilor – sráidbhaile Valea Teilor;

Bardas Frecăţei - sráidbhailte Teliţa, Poşta;

Baile Isacea;

Bardas Luncavița – sráidbhaile Luncavița;

Bardas Văcăreni – sráidbhaile Văcăreni;

Bardas Jijila – sráidbhaile Jijila;

Baile Măcin;

Bardas Greci; sráidbhaile Greci;

Bardas Cerna; sráidbhaile Cerna;

Bardas Carcaliu – sráidbhaile Carcaliu;

Bardas Baia - sráidbhaile Baia.

7.   Cineál/cineálacha fíonchaor

Alicante Bouschet N - Alicante Henri Bouschet

Aligoté B - Plant de trois, Plant gris, Vert blanc, Troyen blanc

Aromat de Iași B

Burgund Mare N - Grosser burgunder, Grossburgunder, Blaufrankisch, Kekfrankos, Frankovka, Limberger

Busuioacă de Bohotin Rs - Schwarzer Muscat, Muscat fioletovâi, Muscat violet cyperus, Tămâioasă violetă

Babeasca gri G

Băbească neagră N - Grossmuttertraube, Hexentraube, Crăcana, Rară neagră, Căldărușă, Serecsia

Cabernet-Sauvignon N - Petit Vidure, Burdeos tinto

Chardonnay B - Gentil blanc, Pinot blanc Chardonnay

Colún B

Cristina N

Crâmpoșie B

Crâmpoşie selecţionată B

Fetească albă B - Păsărească albă, Poama fetei, Mädchentraube, Leanyka, Leanka

Fetească neagră N - Schwarze Mädchentraube, Poama fetei neagră, Păsărească neagră, Coada rândunicii

Fetească regală B - Königliche Mädchentraube, Königsast, Kiralyleanka, Dănășană, Galbenă de Ardeal

Iordană B - Iordovană, Iordan

Malbec N - Cotes rouges, Pied de Perdrix, Plant d’Arles

Mamaia N

Merlot N - Bigney rouge

Mourvedre N

Muscat Ottonel B – Muscat Ottonel blanc

Negru de Drăgăşani N

Novac N

Petit Verdot N

Pinot Gris G - Affumé, Grauer Burgunder, Grauburgunder, Grauer Mönch, Pinot cendré, Pinot Grigio, Ruländer

Pinot noir N - Blauer Spätburgunder, Burgund mic, Burgunder roter, Klăvner Morillon Noir

Riesling de Rhin B - Weisser Riesling, White Riesling

Riesling italian B - Olasz Riesling, Olaszriesling, Welschriesling

Rkatiteli B - Dedali Rkatiteli, Korolioc Rkatiteli

Saint Emilion B - Trebbiano Toscano, Ugni blanc

Sangiovese N - Brunello di Montalcino, Morellino

Sauvignon B - Sauvignon verde

Syrah N - Shiraz, Petit Syrah

Semillon B - Semillon blanc

Traminer Rose Rs - Rosetraminer, Savagnin Rose, Gewürztraminer

Traminer aromat alb B

Tămâioasă românească B - Rumänische Weihrauchtraube, Tamianka

Viognier B - Petit Vionnier, Viogne, Galopine, Vugava bijela

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.    Mionsonraí an limistéir gheografaigh

Is é críoch Dobrogea an limistéar in oirdheisceart na Rómáine, críochaithe ag réimsí íochtair na Danóibe (san iarthar agus sa tuaisceart), an Mhuir Dhubh (san oirthear) agus teorainn na Bulgáire (sa deisceart). Is iad iomadúlacht tírghnéithe de chineál ardchlár le foshraith lóis atá ina saintréith ann, agus dálaí éiceolaíochta, ithreach agus aeráide rangaithe sna catagóirí steipe agus steip foraoise. Cuidíonn gach ceann de na gnéithe sin le timpeallacht éiceolaíoch a chruthú atá go maith chun fíniúnacha a fhás.

Suíonn an chuid is mó de na fíonghoirt ar fhoshraith gheolaíoch lóis (3-40 m ar tiús), ag clúdach carraig chrua ársa (réamh-Phailéasóch, Pailéasóch, Méiseasóch agus Treasach) go páirteach, carraig atá díleasach nó easáitithe.

Tá Tuaisceart Dobrogea sléibhtiúil den chuid is mó (ardchríocha le logáin fhothainiúla, idir 100 m agus 467 m os cionn leibhéal na farraige), ach tá tírdhreach ardchláir struchtúrach táblach ag Deisceart Dobrogea (faoi bhun 200-300 m). Idir an dá thírdhreach sin, i lár Dobrogea, tá ardchlár creimtheach atá cnocach den chuid is mó (250-350 m).

Is é sin an réigiún sa Rómáin is lú báistí agus screamhuisce: tá an infhaighteacht easnamhach, agus is minic a bhíonn an t-uisce níos mianraithe. Baintear úsáid as gaibhniú uisce, bailiú báistí agus uisciúchán chun an cás sin a mhaolú.

Maolaítear an aeráid tipiciúil ilchríochach go pointe mar gheall ar a ghaireacht atá an Mhuir Dhubh agus Riasca agus Deilt na Danóibe. Tá an mheánteocht bhliantúil timpeall 11 °C agus tá raon teochta níos mó ná 25 °C ann idir meánluachanna mhí Eanáir agus mhí Iúil, agus tá raon teochta níos mó ná 75 °C ann ó thaobh teochtaí foirceacha thar roinnt blianta. Is minic go mbíonn an mheán-bháisteach bhliantúil níos lú ná 400 mm. Tá sé ar cheann de na réigiúin is teo sa Rómáin (le grianradaíocht os cionn 120-125 calra in aghaidh an cheintiméadair chearnaigh, fad sholas na gréine os cionn 2 200 uair an chloig agus meánteochtaí dearfacha laethúla ag méadú suas le 4 000-4 200 °C i rith na bliana), rud a chinntíonn gur féidir le fíonchaora aibiú agus fiú éirí ró-aibí.

Is í ithir chriosach an chatagóir ithreach is mó atá le fáil sna limistéir fíonsaothrúcháin: mollasail steipe (castanaiseoim agus seornaiseoim) agus mollasail steip foraoise (seornaiseoim chalcacha agus, níos annaimhe, seornaiseoim chré-inláisteacha, reinsíne agus gréiseoim), ar foirmíodh iad den chuid is mó ar fhoshraith lóis.

8.2.    Sonraí faoin táirge

Is féidir le fíonta “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu a bheith ina bhfíonta geala, dearga nó rosé.

Tá cuma ghlé ar na fíonta geala agus rosé, agus dath glasbhuí nó órbhuí orthu, nó dath éadrom nó meánach an bhradáin orthu, agus tá blas ar nós veilbhite orthu.

Maidir le boladh agus blas, boladh bláthanna is mó atá orthu. Tá carnadh maith siúcraí sna fíonta agus tá siad tathagach go maith, agus bolaithe na meala, an róis, an chitris ar na cineálacha a bhfuil dea-bholadh orthu agus uaireanta bolaithe na círe meala ar fhíonta aosaithe a dhéantar ag baint úsáid as cineálacha ar a bhfuil dea-bholadh.

Tá blas mín, ar nós veilbhite i do bhéal, ar na fíonta dearga agus tá dath dearg an rúibín, dath dearg an ghairnéid, deargchorcra dorcha nó, dúdhearg orthu.

Ar na bolaithe agus sa bhlas tá dea-bholaithe úra thorthaí na foraoise, blas beag prúnaí, blas mín ar nós veilbhite i do bhéal agus olarthacht, mar aon le dea-bholaithe sútha craobh, cuiríní dearga, mónóg, sméar dubh agus fraochán gorm úr. Tá struchtúr agus cineál tainneach ag na fíonta, cumhracht fraochán gorm agus clóbh orthu, agus bolaithe sonracha piobair orthu uaireanta, agus tugann an t-aosú gearr bolaithe fanaile orthu. Tá siad oiriúnach le haghaidh aosaithe i mbairillí darach.

8.3.    Idirghníomhaíocht chúisíoch

Is iad na húrfhíonta a úsáidtear chun iad a dhéanamh a thugann an tsainiúlacht d’fhíonta “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu. Nascann sé sin siar leis na cineálacha fíonchaor, a bhaineann leas as ardradaíocht na gréine – tá na dálaí teirmeacha ar na cinn is teo sa Rómáin – agus ní bhíonn mórán báistí ann. Cabhraíonn na tosca sin leis na fíonchaora aibiú go maith, rud a fhágann go bhfuil úrfhíonta iontu atá ard i siúcraí. Mothaítear tionchar na farraige sa limistéar. Tá sé tairbheach go háirithe san fhómhar toisc go bhfeidhmíonn sé mar rialtóir teochta. Tá tionchar ag an Danóib in Cernavodă, go háirithe ar na fíonghoirt is gaire di. Tá an ithir, neart carbónáit chailciam inti, agus is toisc thábhachtach í sin le haghaidh fíona ardchaighdeáin. Tá ardchaighdeán na bhfíonta suntasach mar thoradh ar thionchar tairbheach na lochanna Razim agus Sinoe in aice láimhe agus ithreacha maithe le haghaidh fíonsaothrúcháin, chomh maith leis an bhfíoras go bhfuil na fíonta cothromaithe in alcól agus in aigéadacht agus go bhfuil tréithe orgánaileipteacha dea-léirithe iontu (bláthanna/torthaí na foraoise, bolaithe blaistithe).

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Dálaí is infheidhme maidir leis an táirge deiridh

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Maolú ar tháirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ar choinníoll go dtugtar fógra cuí do na húdaráis inniúla, féadfar na fíonta a chóireáil agus a bhuidéalú lasmuigh den limistéar inar fásadh na fíonchaora.

Féadfaidh na próisis sin tarlú laistigh den aonad riaracháin céanna, laistigh d’aonad riaracháin chomharsanachta nó i limistéir chomharsanachta a bhfuil tásca geografacha acu.

Sa chás seo, ní mór an táirgeoir nó an buidéalóir agus an áit bhuidéalaithe a shainaithint ar an lipéad, de réir mar is iomchuí.

Maidir le buidéalú, agus mar fhreagra ar éilimh thráchtála ón Aontas agus ó mhargaí onnmhairíochta, ceadaítear díolacháin ar fhíonta “Colinele Dobrogei” a bhfuil TGFC acu ar an mórchóir.

Ní mór na húdaráis a chur ar an eolas faoi bhulc-choinsíneachtaí trí bhíthin na seirbhíse iniúchta áitiúla. Ní mór an páipéarachas is infheidhme mar aon leis an deimhniú lena gcruthaítear teidlíocht chun an tásc faoi chosaint a úsáid agus an fíon a mhargú a bheith ag gabháil le bulc-choinsíneachtaí.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.onvpv.ro/sites/default/files/caiet_de_sarcini_ig_colinele_dobrogei_modif_cf_cerere_3_2021_modif_anterioare_cerere_989_18.05.2022_no_track_changes_0.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


Ceartúcháin

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 471/26


Ceartúchán ar an bhFógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú ar an mbeart coimirce is infheidhme maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 459 an 2 Nollaig 2022 )

(2022/C 471/12)

Ar leathanach 6, i bhfonóta 2:

in ionad:

“Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach (OJ L 225, 25.6.2021, p. 1).”,

léitear:

“Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach (OJ L 225 I, 25.6.2021, p. 1).”