ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 466

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
7 Nollaig 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

An Chomhairle

2022/C 466/01

Run on gComhairle maidir le Plean Oibre an Aontais don Chultur 2023–2026

1


 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 466/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10895 – ATHORA / AXA CUSTOMER SOLUTIONS) ( 1 )

19

2022/C 466/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10942 – PHO P / STORA ENSO MAXAU) ( 1 )

20


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 466/04

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachán (AE) 2022/2379, a mhéid a bhaineann lena thábhachtaí atá sé clár a bhunú i ngach Ballstát a bheidh i seilbh na n-údarás náisiúnta inniúil maidir le húsáid táirgí um chosaint plandaí sa talmhaíocht

21

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 466/05

Rátaí malairte an euro — 6 Nollaig 2022

22

2022/C 466/06

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hobair leanúnach chun a áirithiú go mbeidh fáil ar na taifid atá le coinneáil ag úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí i bhformáid leictreonach de bhun Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

23

2022/C 466/07

Liosta eagraíochtaí a shainaithnítear de réir Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge

24

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

2022/C 466/08

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 i ndáil le malartú faisnéise a choimeádtar sna cláir leictreonacha maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bhogann earraí máil idir Ballstáit chun críocha tráchtála. (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

25

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 466/09

Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh

27


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 466/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10837 – ASTARA WESTERN EUROPE / MITSUBISHI CORPORATION / ISUZU MOTORS LIMITED / ISUZU SALES DEUTSCHLAND) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

28

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 466/11

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh le sonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

30

2022/C 466/12

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh le sonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

37


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

An Chomhairle

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/1


RUN ON gCOMHAIRLE MAIDIR LE PLEAN OIBRE AN AONTAIS DON CHULTUR 2023–2026

(2022/C 466/01)

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

agus an méid seo a leanas á ADMHÁIL aici:

gur foinse inspioráide agus nuálaíochta gan teorainn é an cultúr, chomh maith lena bheith ina léiriú ar an gcine daonna agus ar an aeistéitic, ar ár dteanga agus ár n-oidhreacht chomhroinnte, agus ina chuid bhunúsach dár bhféiniúlachtaí agus dár bpobail;

ról an chultúir mar ghné lárnach den fhorbairt inbhuanaithe agus den chlaochlú sochaíoch dearfach;

tábhacht mhéadaitheach luachanna an Aontais, lena n-áirítear saoirse cainte agus cruthú;

an méid a chuireann earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta leis an bhfostaíocht agus le geilleagar an Aontais;

ról an chultúir i gcaidreamh seachtrach an Aontais agus i gcomhar le comhlachtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe Comhairle na hEorpa agus UNESCO;

na pleananna oibre don chultúr a bhí ag an gComhairle roimhe seo agus na torthaí a baineadh amach;

I bhFIANAISE AN MHÉID SEO A LEANAS

cogadh leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tír is iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach, ar sárú suntasach é ar an dlí idirnáisiúnta agus ionsaí ar chearta an duine agus ar luachanna agus prionsabail bhunúsacha an Aontais, a chuireann beatha shaibhir chultúir agus oidhreacht na hÚcráine i mbaol, agus a spreag an t-easáitiú is mó saoránach san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, chomh maith le géarchéim fuinnimh scáfar;

tionchar tromchúiseach phaindéim COVID-19 ar an tsochaí ina hiomláine, ar gach duine aonair agus ar go leor earnálacha eacnamaíocha, go háirithe earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, a bhfuil go leor acu thíos le hiarmhairtí na paindéime go fóill;

luas méadaitheach an athraithe aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta agus an gá atá ann dá bharr dlús a chur leis an gclaochlú inbhuanaitheachta is féidir leis an gcultúr a bhrostú trí fheasacht a mhúscailt, trí chruthaitheacht agus trí nuálaíocht;

próisis leanúnacha amhail digitiú agus dúshláin leanúnacha amhail dálaí oibre sonracha ealaíontóirí, cruthaitheoirí agus gairmithe cultúir eile;

AG MEABHRÚ DI

na príomhthagairtí polaitiúla mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rún seo iad;

a thábhachtaí atá sé an ghné chultúir a phríomhshruthú i ngach réimse beartais, clár agus tionscnamh ábhartha, agus an gá atá le sineirgí méadaithe;

na hiarrachtaí a rinneadh chun cur chuige straitéiseach de chuid an Aontais maidir le caidreamh cultúir idirnáisiúnta a cheapadh agus a chur chun feidhme;

AONTAÍONN SÍ

maidir leis na tosaíochtaí uileghabhálacha seo a leanas i ndáil lena rannchuidiú le comhar cultúir Eorpach a fheabhsú, éagsúlacht chultúir a chur chun cinn agus breisluach Eorpach a sholáthar, agus i bhfianaise an ghá atá le gníomhaíocht chomhpháirteach sna ceithre bliana amach romhainn, agus na príomhdhúshláin á gcur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta:

a)

Ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha: earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chumhachtú

b)

Cultúr do na daoine: rannpháirtíocht chultúir agus ról an chultúir sa tsochaí a fheabhsú

c)

Cultúr don phláinéad: cumhacht an chultúir a scaoileadh

d)

Cultúr le haghaidh comhpháirtíochtaí comhchruthaitheacha: an ghné chultúrtha de chaidreamh seachtrach an Aontais a neartú

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN AGUS AR ARDIONADAÍ AN AONTAIS DO GHNÓTHAÍ EACHTRACHA AGUS DON BHEARTAS SLÁNDÁLA, LAISTIGH DÁ RÉIMSE INNIÚLACHTA FAOI SEACH, AGUS AN AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA

doiciméad oibre a ullmhú maidir le réamhthorthaí lárnacha ar chur chun feidhme an Phlean Oibre sin de chuid an Aontais, agus sin bunaithe ar rannchuidithe deonacha i scríbhinn ó na Ballstáit, faoi Aibreán 2026, agus tuarascáil deiridh a ghlacadh faoi mhí an Mheithimh 2026;

bunaithe ar chomhairliúcháin roimh ré leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí, chun machnamh a dhéanamh ar chreat straitéiseach de chuid an Aontais don chultúr a mholadh a léireoidh na treoirphrionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus a mbeidh sé mar aidhm leis dearcadh an bheartais chultúrtha agus sócmhainní an chultúir a phríomhshruthú go straitéiseach i mbeartais, cláir agus tionscnaimh ábhartha uile an Aontais. Leanfar trí Phleananna Oibre an Aontais don Chultúr de ghníomhaíochtaí sonracha don chomhar cultúir ar an leibhéal Eorpach a chur in ord tosaíochta agus a shainaithint.


IARSCRÍBHINN I

I.   TREOIRPHRIONSABAIL

Tá Plean Oibre an Aontais don Chultúr bunaithe ar na treoirphrionsabail seo a leanas:

Tá luach intreach ar an gcultúr, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha, agus cuireann sé le féiniúlacht Eorpach a neartú.

Sócmhainní bunúsacha de chuid an Aontais is ea an éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus ní mór í a urramú, a chur chun cinn agus a fheabhsú, lena n-áirítear trí shoghluaisteacht agus cúrsaíocht saothar.

Tá an tsaoirse cainte ealaíonta agus an tsaoirse cruthaitheachta bunriachtanach do chumas an duine aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, smaoineamh go criticiúil, a bheith nuálaíoch agus a bheith ag cumadh, agus ní mór iad a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh ar gach bealach ábhartha.

Tá an éagsúlacht chultúir agus an t-idirphlé idirchultúir ríthábhachtach chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint; cothaíonn siad comhthuiscint, cabhraíonn siad le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach agus cuireann siad chun cinn an t-athmhuintearas, an tsíocháin agus an chobhsaíocht idirnáisiúnta, agus aon mhí-úsáid a bhaintear as an gcultúr d’fhonn bolscaireacht chogaidh agus bréagaisnéis a scaipeadh agus chun fuath a spreagadh, níl siad ag teacht le bunluachanna agus prionsabail bhunúsacha an Aontais.

Cuireann an cultúr go mór leis an bhforbairt inbhuanaithe, leis an ngeilleagar agus leis an gcuimsiú sóisialta, rudaí a fheabhsaíonn an comhtháthú críochach.

D’fhéadfadh an cultúr comhionannas agus meas frithpháirteach a chur chun cinn, agus gach cineál foréigin, idirdhealaithe, éadulaingthe agus claontachta a chomhrac.

Ba cheart tacú leis an gcur chun feidhme trí úsáid optamach a bhaint as sonraí agus staitisticí ardcháilíochta.

II.   RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA

a)   Ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha: earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chumhachtú

Ní féidir teacht ar an éiceachóras cultúir agus cruthaitheachta gan na daoine a chruthaíonn ábhar cultúir san iliomad foirmeacha éagsúla: ealaíontóirí agus gairmithe, institiúidí agus eagraíochtaí cultúir agus cruthaitheachta eile. Dá bhrí sin, tá earnálacha láidre cultúir agus cruthaitheachta fíor-riachtanach. Mar sin féin, is iad an fhéinfhostaíocht, fiontair bheaga agus micrifhiontair, ardiomaíochas agus margaí ilroinnte na saintréithe a bhaineann leo. Is gnách go mbíonn gairmeacha tionscadalbhunaithe ag ealaíontóirí agus gairmithe cultúir agus cruthaitheachta agus go mbíonn ardleibhéal soghluaisteachta ag baint leo. Is minic a bhíonn ioncam neamhrialta agus dothuartha acu agus go gcuireann siad roinnt post acu in éineacht chun beatha a shaothrú.

I rith phaindéim COVID-19, léirigh earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta an-inoiriúnaitheacht agus an-nuálaíocht. Mar sin féin, bhí tionchar tromchúiseach ag iarmhairtí na paindéime orthu, agus tá siad fós thíos leo.

Le hionradh leanúnach na Rúise san Úcráin agus a héifeachtaí ar éiceachóras an chultúir agus na cruthaitheachta, leagtar béim ar ról lárnach na ngníomhaithe cultúir i sochaithe daonlathacha agus ar a thábhachtaí atá sé saoirse an léirithe ealaíonta a chosaint, rud atá faoi bhrú méadaitheach.

Anois níos mó ná riamh, tá géarghá le hathléimneacht earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta a neartú a thuilleadh, tacú lena dtéarnamh agus lena n-éagsúlacht, a rannpháirtíocht sna cuspóirí inbhuanaitheachta a spreagadh, leas a bhaint as treochtaí nua ar cuireadh dlús leo de bharr na paindéime, lena n-áirítear sa timpeallacht dhigiteach, agus dálaí oibre cothroma a áirithiú do gach gairmí cultúrtha agus cruthaitheachta ionas gur féidir tuilleadh guthanna a chloisteáil ón earnáil neamhspleách dhinimiciúil seo.

b)   Cultúr do na daoine: rannpháirtíocht chultúir agus ról an chultúir sa tsochaí a fheabhsú

Tá ról ríthábhachtach ag an gcultúr, lena n-áirítear an oidhreacht chultúir, inár ndaonlathais agus i saol daoine aonair. Bíonn tionchar dearfach ag rannpháirtíocht sa chultúr agus san oidhreacht chultúir, sa chruthaitheacht agus sna healaíona ar dhaoine de gach aois agus ó gach cúlra; cuireann sé le caighdeán maireachtála daoine, agus feabhsaíonn sé sláinte agus folláine fhoriomlán daoine aonair agus pobal. Le rannpháirtíocht chultúir, éascaítear comhtháthú sóisialta agus críochach, agus cothaítear urraim don éagsúlacht chultúir agus teanga, agus cuirtear ardán ar fáil le haghaidh idirphlé oscailte laistigh de na sochaithe sibhialta.

Tá an éagsúlacht chultúir agus teanga ar cheann de phríomhshócmhainní na hEorpa agus, dá réir sin, ní mór í a urramú agus a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar theangacha neamhfhorleathana. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i saol an chultúir agus ar a gcumas léitheoireachta, chun a gcruthaitheacht a chothú agus a n-eispéireas a shaibhriú. Tá cur chuige cuimsitheach i leith grúpaí leochaileacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste chomh tábhachtach céanna.

Tá ról ríthábhachtach ag institiúidí cultúir ó thaobh an daonlathas agus an fholláine shóisialta a neartú trí dhul i dteagmháil leis an bpobal ar fad, trí rochtain inacmhainne nó saor in aisce ar eolas agus ar fhaisnéis a chur ar fáil, agus lánurraim á tabhairt do chearta maoine intleachtúla, trí litearthacht sna meáin a fheabhsú, trí chomhthuiscint a chruthú don idirphlé agus don díospóireacht, agus ar an gcaoi sin an lánpháirtiú sóisialta agus rannpháirtíocht an phobail a neartú, agus ar deireadh, rannchuidiú leis an mbréagaisnéis, leis an bhfuathchaint agus leis an mbréagnuacht a chomhrac. Ní mór ról seo na n-institiúidí cultúir a chothú a thuilleadh.

I ndáil leis sin, tugtar aird ar leith sa phlean oibre reatha ar fhorbairt leabharlann a chothú. Is iomaí leabharlann a chuireann timpeallacht shíochánta shábháilte ar fáil do dhaoine leochaileacha, timpeallacht atá ábhartha go sonrach faoi láthair i gcás an iliomad daoine easáitithe ón Úcráin agus an gá atá acu le foscadh fisiceach agus meabhrach.

c)   Cultúr don phláinéad: cumhacht an chultúir a scaoileadh

Tá bagairtí tromchúiseacha de bhunús nádúrtha agus daonna araon os comhair na n-éiceachóras cultúir agus cruthaitheachta san Eoraip agus níos faide i gcéin, agus tionchar fadtéarmach le bheith ag an athrú aeráide ar earnálacha cultúir agus cruthaitheachta na hEorpa go háirithe. Tá sé ríthábhachtach an oidhreacht chultúrtha agus earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a ullmhú do dhúshláin a bheidh ann amach anseo. Is mithid gníomhú maidir le hullmhacht riosca san oidhreacht chultúir agus athléimneacht na hoidhreachta cultúir i gcoinne an athraithe aeráide a neartú. Leanfaidh an tAontas den chomhrac i gcoinne na gáinneála aindleathaí ar earraí cultúrtha, agus cuirfidh sé dlús leis an gcomhrac sin.

Leis an gcultúr, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha, rannchuidítear leis an gclaochlú inbhuanaitheachta is gá chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Chlár Oibre 2030 a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, tá ról lárnach ag teicneolaíochtaí digiteacha freisin. Dá bhrí sin, ní mór an nuálaíocht in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta, an claochlú digiteach agus inrochtaineacht an chultúir agus na hoidhreachta cultúir sa spás digiteach a neartú a thuilleadh. Beidh ról lárnach ag Cultúr agus Cruthaitheacht EIT PEN (1) ina leith sin. Is gá freisin cloí le cur chuige cothrom maidir leis an timpeallacht thógtha. Dá gcuirfí an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua chun cinn go forleathan, d’fhéadfaí feasacht a mhúscailt faoin tábhacht atá le hailtireacht ardcháilíochta agus leis an timpeallacht thógtha.

Ina theannta sin, ba cheart feabhas a chur ar staitisticí taighde agus cultúir chun a bheith in ann faireachán níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta agus chun beartais éifeachtúla atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt chun tacú leo. Ba cheart ról lárnach agus méadaitheach a bheith ag Eurostat i gcomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhspleácha eile atá ag obair i réimse an taighde agus an staidrimh sna hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta.

d)   Cultúr le haghaidh comhpháirtíochtaí comhchruthaitheacha: an ghné chultúrtha de chaidreamh seachtrach an Aontais a neartú

Is sócmhainní láidre iad saibhreas agus saoirse chultúir na hEorpa, cur chuige ón mbun aníos an Aontais atá fréamhaithe sa tsochaí shibhialta agus rannpháirtíocht láidir an Aontais sa chomhchruthú don chaidreamh idirnáisiúnta ó thaobh comhpháirtíochtaí inbhuanaithe a thógáil ar bhonn cothrom. Tá sé thar a bheith tábhachtach leas iomlán a bhaint as an acmhainneacht sin, ní hamháin trí líon na ngníomhaíochtaí agus na dtionscadal comhair cultúir a mhéadú, ach trína n-infheictheacht agus a bhfor-rochtaineacht a mhéadú chomh maith.

Is léiriú soiléir é cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar réaltachtaí geopholaitiúla atá ag athrú de réir a chéile, agus ar mhí-úsáid an chultúir agus na hoidhreachta chun cabhrú le húdar maith le hionsaí míleata a thabhairt. I bhfianaise an mhéid sin, is féidir le comhchruthú cultúir tacú lenár luachanna Eorpacha agus iad a chur in iúl go hinchreidte, lena n-áirítear saoirsí ealaíonta agus cearta cultúir, i gcodanna móra den domhan, agus ar an gcaoi sin cuidiú le réim na gcóras forlámhach a choinneáil faoi smacht.

Agus todhchaí ár bpláinéid agus sprioc choiteann na hinbhuanaitheachta á cur san áireamh, tá gá le tuilleadh uaillmhéine cultúir maidir le hathrú agus le tuilleadh idirphlé intleachtúil lena réitítear an bealach do chur chuige comhpháirteach de mheon an Bauhaus Eorpaigh Nua (inbhuanaithe cuimsitheach álainn). Beidh dlúthchomhordú ar leibhéal an Aontais agus comhtháthú an chultúir i ngach réimse ábhartha de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus in ionstraimí airgeadais iomchuí ríthábhachtach chun ról an chultúir i gcaidreamh seachtrach an Aontais a neartú.

III.   CUR CHUN FEIDHME AGUS MODHANNA OIBRE

1.

Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus, i gcás na ngnéithe a bhaineann leis an ngníomhaíocht sheachtrach, ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, oibriú le chéile chun gníomhaíochtaí a chur chun feidhme faoin bPlean Oibre ar bhonn clár oibre rollach mar a leagtar amach i gCaibidil IV agus in Iarscríbhinn A. Is clár táscach é an tráthchlár in Iarscríbhinn A de réir a chineáil, agus cuirfidh na hUachtaránachtaí ina dhiaidh seo chun feidhme é de réir mar is iomchuí.

2.

Le hidirphlé agus comhar rialta i measc na mBallstát, institiúidí an Aontais, na sochaí sibhialta, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhpháirtithe tríú tíortha, táthar ag súil go gcruthófar cur chuige iomlánaíoch lena dtacófar le sineirgí agus, i gcás inarb iomchuí, le comhleanúnachas beartais, lena spreagfar foghlaim fhrithpháirteach agus lena bhféadfar torthaí níos fearr a bhaint amach.

3.

Ba cheart go gcomhlánódh cur i gcrích an Phlean Oibre agus cur chun feidhme Chlár Eoraip na Cruthaitheachta trína phleananna oibre bliantúla agus trí chláir agus gníomhaíochtaí eile a bhaineann le cultúr a chéile ar bhealach sineirgeach.

4.

Ba cheart d’Uachtaránacht na Comhairle faireachán a dhéanamh ar Phlean Oibre an Aontais don Chultúr agus, más gá, féadfaidh an Chomhairle é a choigeartú i bhfianaise na dtorthaí a bhainfear amach agus/nó i bhfianaise forbairtí ábhartha beartais ar an leibhéal Eorpach nó idirnáisiúnta.

5.

Tugtar aghaidh ar ábhair i ngach réimse tosaíochta trí roinnt gníomhaíochtaí (Caibidil IV), agus úsáid á baint as an modh oibre/na modhanna oibre is iomchuí. Cuirfear toradh deiridh gach gníomhaíochta, mar aon le tuarascáil chomhfhreagrach ina leagfar amach conclúidí agus moltaí, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid an Choiste um Ghnóthaí Cultúrtha agus, i gcás inarb iomchuí, faoi bhráid na Meithle um an Earnáil Chlosamhairc agus na Meáin lena bplé agus le cinneadh a dhéanamh maidir le céimeanna a thabharfaí amach anseo.

6.

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh solúbthacht i bhforálacha agus cur chun feidhme Phlean Oibre an Aontais don Chultúr ionas go mbeifear in ann freagairt ar dhúshláin leanúnacha agus ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo, agus ar thimpeallacht bheartais atá ag athrú.

7.

Is féidir na modhanna oibre seo a leanas (2), i measc modhanna eile, a úsáid: an Modh Oscailte Comhordúcháin (MOC); grúpaí saineolaithe agus cruinnithe comhchéime ad hoc nó faoi stiúir an Choimisiúin; gníomhaíochtaí piarfhoghlama; gníomhaíochtaí turgnamhacha agus píolótacha; cruinnithe na meithleacha machnaimh; staidéir; comhdhálacha; seimineáir athbhreithniúcháin nó formáidí eile athbhreithniúcháin; idirphlé leis an tsochaí shibhialta; ceardlanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla; tionscnaimh chomhpháirteacha le Comhairle na hEorpa agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile; Conclúidí ón gComhairle; agus cruinnithe neamhfhoirmiúla d’oifigigh ó Aireachtaí Cultúir agus, nuair is iomchuí, ó aireachtaí eile.

IV.   GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Maidir leis na réimsí tosaíochtaí agus na modhanna oibre a ndéantar cur síos orthu i gCaibidil II agus i gCaibidil III, déanfar na gníomhaíochtaí seo a leanas:

a)   Ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha: earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a chumhachtú

—    Stádas agus dálaí oibre ealaíontóirí, agus gairmithe cruthaitheacha agus cultúir

Modhanna oibre: Obair leantach ar an ngrúpa MOC atá ag feidhmiú faoi láthair; ceardlanna téamacha; comhdháil fhéideartha.

An Réasúnaíocht: Mar obair leantach ar shainghrúpa MOC, moltar ardán ar líne chun faisnéis a chur ar fáil faoi dhálaí oibre ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha i mBallstáit an Aontais. Beidh an t-ardán bunaithe ar shonraí luachmhara agus ar ábhar luachmhar a bhaileofar freisin i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta a bhfuil ionadaíocht acu in earnálacha cultúir éagsúla, agus ba cheart nuashonruithe agus bearta nua a chur san áireamh go leanúnach. Ina theannta sin, déanfar ábhair amhail an éagsúlacht, an tsoghluaisteacht agus gné na hinscne a mheas freisin. Chuideodh sé sin le faisnéis a fháil faoi na dálaí oibre ar fud an Aontais agus le déileáil níos fearr le ceanglais riaracháin, maidir le slándáil shóisialta agus gnéithe eile amhail an cánachas. Ba cheart malartú taithí maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) don ábhar seo a chur san áireamh freisin.

Spriocthorthaí: Ardán ar líne chun malartú leanúnach faisnéise agus dea-chleachtas a chumasú i measc geallsealbhóirí maidir le dálaí oibre ealaíontóirí agus gairmithe cruthaitheacha a fheabhsú; athbhreithniú ar dhul chun cinn agus obair ar mholtaí sonracha maidir le Stádas an Ealaíontóra (3).

—    Saoirse na n-ealaíon

Modhanna oibre: Comhdháil, agus conclúidí gaolmhara ón gComhairle ina dhiaidh sin.

An Réasúnaíocht: Is cuid bhunúsach den obair chultúrtha í saoirse na n-ealaíon, agus is gné thábhachtach í cosaint shaoirse na n-ealaíon maidir leis an nasc idir an cultúr agus an daonlathas a neartú. Tá dúshláin nua agus dúshláin atá ag éirí níos deacra roimh ealaíontóirí agus geallsealbhóirí in earnáil an chultúir. Tá sé fíorthábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfaí iarrachtaí comhpháirteacha chun ealaíontóirí agus gníomhaithe cultúrtha a chumasú chun a ngairmeacha a chleachtadh gan bhac ar fud an Aontais. Ní hamháin go mbaineann an tsaincheist seo le téarmaí agus coinníollacha d’ealaíontóirí, ach cinneann sé freisin cé na guthanna a chloistear.

Spriocthorthaí: Smaointe agus dea-chleachtais a mhalartú trí dhearcthaí éagsúla agus forbairt beartais a phlé chun athrú dearfach a spreagadh.

—   Aistriú digiteach earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a spreagadh

Modhanna oibre: Comhdháil, agus conclúidí gaolmhara ón gComhairle ina dhiaidh sin b’fhéidir.

An Réasúnaíocht: Tá athrú ó bhonn tagtha ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta le deich mbliana anuas mar gheall ar an digitiú. Tá athruithe bunúsacha tagtha ar an gcaoi a n-oibríonn gairmithe sna hearnálacha sin agus ar an gcaidreamh eatarthu agus lena lucht éisteachta/féachana. Mar sin féin, tá ilroinnt iarrachtaí agus easpa comhair ar scála níos mó ag cur bac ar chur chuige láidir agus solúbtha i leith an chlaochlaithe dhigitigh.

Spriocthorthaí: Taithí a mhalartú chun dea-chleachtais inaistrithe a shainaithint d’fhonn claochlú digiteach comhleanúnach inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta.

—   Aistriú glas earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta a spreagadh, agus béim ar leith á leagan ar an ngéarchéim fuinnimh

Modhanna oibre: Ceardlann(a) / Modh oscailte comhordúcháin; athbhreithniú ar an ngéarchéim fuinnimh chun dea-chleachtais a roinnt.

An Réasúnaíocht: Ní mór a áirithiú nach bhfágfar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta ar lár san aistriú glas. Ní mór dóibh a rannchuidiú le todhchaí inbhuanaithe a atreisiú agus ról gníomhach a bheith acu san aistriú glas, sa ghníomhaíocht ar son na haeráide agus i dtéarnamh na hEorpa, agus béim ar leith ar an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair, agus éagsúlacht gheografach agus saintréithe an Aontais á gcur san áireamh ag an am céanna. Baineadh triail cheana féin as réimse leathan cleachtas agus tionscnamh. Ba cheart go léireofaí san obair a dhéanfar faoin ngníomhaíocht sin torthaí na ngrúpaí MOC maidir le gné chultúrtha na forbartha inbhuanaithe agus maidir le hathléimneacht na hoidhreachta cultúrtha a neartú don athrú aeráide. Ba cheart malartú taithí maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta don ábhar seo a chur san áireamh freisin.

Spriocthorthaí: Taithí a mhalartú agus dea-chleachtais inaistrithe a shainaithint in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (go háirithe sna taibhealaíona, sa cheol, sna músaeim, i dtáirgeadh scannán), lena n-áirítear maidir le háireamháin CO2; tacú le hiarrachtaí earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta oiriúnú don aistriú glas.

—   Gné chultúrtha agus chruthaitheach in earnáil na bhfíschluichí san Eoraip a fheabhsú

Modhanna oibre: Sraith de chruinnithe comhchéime agus/nó cruinniú machnaimh.

Réasúnaíocht: Mar obair leantach ar na conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis Eorpach d’Éiceachóras na dTionscal Cultúrtha agus Cruthaitheach agus ar an tuarascáil tionscnaimh agus an treoirthionscadal ó Pharlaimint na hEorpa maidir le físchluichí, is féidir le pléití ar an leibhéal Eorpach bealaí a shainaithint chun tacú leis an ngné chultúrtha agus chruthaitheach in earnáil na bhfíschluichí Eorpacha, atá ar thús cadhnaíochta i gcleachtais chultúrtha nua sa timpeallacht dhigiteach. Leis an bplé sin, d’fhéadfaí féachaint freisin ar shaincheisteanna a bhaineann le sásraí maoiniúcháin, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta; neamhspleáchas, saoirse chruthaithe agus éagsúlacht léirithe cultúir; scileanna agus oiliúint; nuálaíocht chruthaitheach agus theicneolaíoch; úsáidí nua físchluichí chun tacú le rochtain an chultúir; an ról atá ag cluichí físeáin chun críoch oideachais, etc.

Spriocthorthaí: Moltaí chun tacú leis an ngné chultúrtha agus chruthaitheach d’earnáil na bhfíschluichí Eorpacha agus chun an comhar idir geallsealbhóirí Eorpacha sa réimse seo a threisiú.

b)   Cultúr do na daoine: rannpháirtíocht chultúir agus ról an chultúir sa tsochaí a fheabhsú

—   Cultúr agus cur chun cinn an daonlathais: i dtreo saoránacht chultúrtha san Eoraip

Modhanna oibre: Piarfhoghlaim agus comhdháil fhéideartha ina dtugtar le chéile lucht ceaptha beartas agus geallsealbhóirí ábhartha in earnálacha an chultúir agus an oideachais.

An Réasúnaíocht: De réir mheon Chairt Porto Santo agus bunaithe ar an staidéar a coimisiúnaíodh faoi chuimsiú an Phlean Oibre don Chultúr 2019–2022, is gá rannpháirtíocht na saoránach a threisiú agus a leathnú, go háirithe i measc na nglún óg, agus próisis chinnteoireachta a dhlisteanú, agus an pobal ar fad a rannpháirtiú i gcinnteoireacht, cruthú, táirgeadh, cumarsáid, idirghabháil agus i gcur i gcrích. Ní mór sineirgí trasearnála a bhunú idir scoileanna, eagraíochtaí cultúrtha, an tsochaí shibhialta agus gníomhaithe eile, chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht chlaochlaitheach an chultúir chun an daonlathas a fheabhsú.

Spriocthorthaí: Taithí a roinnt agus samplaí dea-chleachtais a roghnú.

—   Cultúr agus sláinte

Modhanna oibre: comhdháil fhéideartha; agus cruinnithe neamhfhoirmiúla féideartha d’oifigigh ó aireachtaí cultúir agus sláinte; grúpa gearrthéarmach MOC maidir leis an gcultúr a chur san áireamh i mbeartais sláinte — dea-chleachtais a mhalartú le béim ar leith ar an meabhairshláinte.

An Réasúnaíocht: Is féidir le gníomhaíochtaí cultúrtha tacú le galair a chosc, le sláinte a chur chun cinn, agus le galair a bhainistiú agus a chóireáil. Cuireann gníomhaíochtaí cultúrtha cur chuige iomlánaíoch ar fáil agus bíonn tionchar dearfach acu ar dhaoine de gach aois agus cúlra, cuireann siad feabhas ar cháilíocht saoil daoine agus méadaíonn siad sláinte agus folláine fhoriomlán daoine aonair agus pobal. Bíonn tionchar suntasach eacnamaíoch ann freisin. Is féidir leis an MOC cur leis na torthaí a bhí ar ghníomhaíocht ullmhúcháin 2022 dar teideal “Culture for Health” [Cultúr don tSláinte] agus ar thaighde agus obair a rinneadh roimhe seo ar an ábhar sin.

Spriocthorthaí: Feasacht a mhúscailt maidir le héifeachtaí dearfacha an chultúir agus tuilleadh comhair trasearnála a chruthú i measc cinnteoirí; moltaí maidir le cleachtais chultúrtha rannpháirteacha a chur chun feidhme, le béim ar leith ar an meabhairshláinte; leanúint de dhea-chleachtais a mhapáil.

—   Naisc a chruthú: róil ildánacha na leabharlann a neartú mar thairsí agus tobair saothar cultúrtha, scileanna agus luachanna Eorpacha

Modhanna oibre: Grúpa MOC; ceardlanna; comhdháil.

An Réasúnaíocht: Tá ról lárnach ag leabharlanna i dtimpeallacht dhaonlathach, shóisialta, chultúrtha agus oideachasúil na hEorpa ar gach leibhéal. Cuireann siad go mór le forbairt an daonlathais, rannpháirtíocht na saoránach agus gníomhaíochtaí rannpháirtíochta poiblí ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gceantair thuaithe agus iargúlta, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí. Cuireann siad fáilte roimh ghrúpaí éagsúla, forbraíonn siad cláir agus gníomhaíochtaí a léiríonn na dúshláin shochaíocha atá ann faoi láthair, agus cuireann siad rochtain ar fáil ar fhaisnéis iolraíoch iontaofa agus ar inneachar cultúrtha éagsúil i dtimpeallachtaí sábháilte inrochtana. Is tairseacha riachtanacha iad do shonraí áitiúla agus dúchasacha, d’eolas, do thaighde agus do chultúr.

Spriocthorthaí: Tús a chur le díospóireacht chuimsitheach agus féachaint ar smaointí chun leabharlanna a chur chun cinn agus a neartú; gnéithe agus réimsí éagsúla a bhfuil mianach iontu a shainaithint, agus féachaint ar línte cistiúcháin faoi chláir an Aontais; lucht ceaptha beartas agus gairmithe leabharlainne a thabhairt le chéile; féachaint ar fhéidearthachtaí maidir le hoiliúint agus gníomhaíochtaí breise do ghairmithe.

—   Leanaí agus daoine óga a chosaint ar ábhar díobhálach ar ardáin dhigiteacha

Modhanna oibre: Ceardlann(a)/cruinniú(cruinnithe) comhchéime.

An Réasúnaíocht: Sa lá atá inniu ann, tá líon mór leanaí agus daoine óga i láthair ar ardáin dhigiteacha, ardáin a mbíonn féidearthachtaí dearfacha ollmhóra ag baint leo. Mar sin féin, méadaíonn sé sin an baol go nochtfar grúpaí leochaileacha d’ábhar díobhálach nó do mhífhaisnéis dhíobhálach, agus baol na handúile. Is féidir tógáil ar an straitéis Eorpach le haghaidh idirlíon níos fearr do leanaí, ar an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus ar na rialacha maidir le mionaoisigh a chosaint i dTreoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc. Thairis sin, chun leanaí agus daoine óga a chosaint ar inneachar díobhálach, tá litearthacht sna meáin agus tuiscint chriticiúil ar na meáin agus ar ardáin thar a bheith tábhachtach agus ábhartha.

Spriocthorthaí: Dea-chleachtais a shainaithint agus tacú leo chun cosaint agus cumhachtú leanaí agus daoine óga ar líne a áirithiú, sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais araon.

—   Infhonntacht ábhair cultúrtha éagsúil Eorpaigh sa timpeallacht dhigiteach

Modhanna oibre: Staidéar teicniúil agus/nó ceardlann.

An Réasúnaíocht: Braitheann infhonntacht ábhair chultúrtha ar an gcaoi a ndearnadh na sonraí a tháirgeadh agus a dhoiciméadú, agus ar bhainistiú inneachair ag na hardáin mhóra, a fheidhmíonn mar gheatóirí. Ní mór ábhar Eorpach a bheith inbhraite, seachas díreach a bheith ar fáil ar líne. Tá sé ríthábhachtach tógáil ar an obair agus ar na comhairliúcháin atá ann cheana (e.g. Ionchas na Meán, an Fhaireachlann Eorpach Chlosamhairc, Europeana), chun tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar a bhíonn ag cleachtais tosaíochta ábhair, moltaí algartam agus straitéisí coimeádaíochta ar éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus teacht ar réitigh chomhchoiteanna chun nochtadh ábhair Eorpaigh ar ardchaighdeán ar líne a mhéadú, lena n-áirítear samhlacha oiriúnacha ioncaim sonraíbhunaithe.

Spriocthorthaí: Moltaí; athbhreithniú a dhéanamh ar thionscadail nuálacha agus ar uirlisí sonracha, ach freisin ar dheacrachtaí maidir le rochtain ar ábhar (lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas nó daoine ar ioncam íseal), agus béim á leagan ar earnálacha nach ndéantar mórán scrúdaithe orthu agus nach ndéantar rialáil chomh mór céanna orthu amhail earnáil an cheoil nó na leabhar.

c)   Cultúr don phláinéad: cumhacht an chultúir a scaoileadh

—   Staidreamh cultúrtha — chun athléimneacht a chothú sa chultúr agus tríd an gcultúr

Modhanna oibre: Sraith ceardlann agus/nó gníomhaíochtaí piarfhoghlama; plé le Eurostat agus le hoifigí staidrimh Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

An Réasúnaíocht: Tá aird tarraingthe ag paindéim COVID-19 ar roinnt dúshlán agus leochaileachtaí struchtúracha in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Tá bearta tacaíochta tábhachtacha déanta cheana féin ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ach is gá bearta breise a dhéanamh fós, amhail méadú ar mhalartú dea-chleachtas i measc na mBallstát agus forbairt tacar staidrimh iontaofa cultúir, atá inchomparáide ar fud an Aontais, lena n-áirítear maidir le neamhionannais inscne in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta. Tá sé tábhachtach tógáil ar thorthaí threoirthionscadal 2022 “Earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta san Eoraip a thomhas” agus oibriú i ndlúthchomhar le Eurostat.

Spriocthorthaí: Dea-chleachtais a mhalartú idir na Ballstáit; sraith staidrimh chomhchuibhithe agus inchomparáide a shainaithint agus a fhorbairt ar fud an Aontais, lena gcumhdaítear gnéithe comhionannais inscne, gné an tsaothair, tacaíocht eacnamaíoch don earnáil, agus rannpháirtíocht chultúrtha, le miondealuithe ábhartha sóisialta-déimeagrafacha.

—   Rialachas cultúir

Modhanna oibre: Cruinniú den mheitheal machnaimh, agus conclúidí gaolmhara ón gComhairle ina dhiaidh sin b’fhéidir.

An Réasúnaíocht: Tá an iliomad athruithe tapa os comhair an domhain faoi láthair. Dá bhrí sin, tá gá le bealaí nua smaointeoireachta agus cur chuige nuálach, chomh maith le cineálacha cur chuige idirdhisciplíneacha agus comhtháite maidir le rialachas cultúrtha, bunaithe ar fhorbairtí le déanaí, taighde agus nuálaíocht, meastar go bhfuil gá leo chun an cultúr a chur i gcroílár an tsaoil phoiblí.

Spriocthorthaí: Samhail nua rialachais chultúrtha a fhorbairt ina moltar cineálacha cur chuige atá dírithe ar an todhchaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair ar bhealach iomlánaíoch.

—   Gníomhú ar son na haeráide tríd an gcultúr, lena n-áirítear na healaíona agus an oidhreacht chultúrtha

Modhanna oibre: Obair leantach ar thuarascálacha MOC 2022; ceardlanna, agus conclúidí gaolmhara ón gComhairle ina dhiaidh sin b’fhéidir.

An Réasúnaíocht: Is féidir ról lárnach a bheith ag an gcultúr, lena n-áirítear na healaíona agus an oidhreacht chultúrtha, maidir le gníomhú ar son na haeráide a spreagadh agus patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe a chur chun cinn. Is féidir leis an gcultúr ról gníomhach a ghlacadh sa ghníomhú ar son na haeráide agus athrú meoin i leith na géarchéime aeráide a spreagadh. Is féidir ár n-oidhreacht chultúrtha a chosaint trí dhea-chleachtais a roinnt maidir le bearta cosanta spriocdhírithe agus, ag an am céanna, is féidir léi a bheith ina foinse dea-chleachtais agus eolais maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Ba cheart don chomhar tógáil ar thuarascálacha MOC maidir le hathléimneacht na hoidhreachta cultúrtha a neartú i ndáil leis an athrú aeráide agus maidir le gné chultúrtha na forbartha inbhuanaithe.

Spriocthorthaí: Eolas a mhalartú maidir le cineálacha nuálacha cur chuige ealaíonta agus cultúrtha, lena n-áirítear bearta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide agus chun cuidiú le hiompar a athrú ó bhonn chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide; taighde ar an ábhar arna chistiú ag an Aontas a chur chun cinn.

—   Timpeallacht mhaireachtála ardcháilíochta do chách

Modhanna oibre: Cruinnithe de chuid na Stiúrthóirí Eorpacha do Bheartais Ailtireachta; tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua a chur chun cinn trí mhalartuithe líonra saineolaithe iar-OMC; eagrúchán féideartha de chomhdháil Eorpach maidir le beartais ailtireachta.

An Réasúnaíocht: I gcomhréir leis an obair agus leis an tuarascáil ó ghrúpa MOC de shaineolaithe Bhallstáit an Aontais maidir le hinfheistíocht a dhéanamh in ailtireacht ardcháilíochta agus i dtimpeallacht mhaireachtála do chách (2021) agus leis na conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcultúr, an ailtireacht ardcháilíochta agus an timpeallacht thógtha mar phríomhghnéithe de thionscnamh Bauhaus Eorpach Nua (2021), tagann na Stiúrthóirí Eorpach do Bheartais Ailtireachta le chéile faoi gach Uachtaránacht ar an gComhairle chun machnamh a dhéanamh ar thionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann chun timpeallacht mhaireachtála ardcháilíochta a bhaint amach do chách, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus iargúlta, amhail na réigiúin is forimeallaí. Sna cruinnithe sin, d’fhéadfaí díriú go háirithe ar ábhair amhail cáilíocht tithíochta an lae amárach, athbhunú, athchóiriú agus athúsáid oiriúnaithe na hoidhreachta cultúrtha, agus feabhsuithe ar chomórtais ailtireachta agus ar sholáthar poiblí. Tá sé ríthábhachtach sineirgí a fhorbairt le líonra Bauhaus Eorpach Nua.

Spriocthorthaí: Dea-chleachtais a mhalartú idir na Stiúrthóirí Eorpach do Bheartais Ailtireachta; breithniú a dhéanamh ar na creataí reachtacha atá ann cheana agus ar thionscnaimh ábhartha sa réimse agus b’fhéidir tús a chur le próiseas chun faireachán a dhéanamh ar chaighdeáin ardcháilíochta a chur san áireamh i mbeartais agus i gcláir nua agus athbhreithnithe agus chun tacú leo; gníomhaíochtaí a bhaineann le Bauhaus Eorpach Nua.

—   An oidhreacht chultúrtha a choimirciú ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéantús an duine

Modhanna oibre: Gníomhaíochtaí piarfhoghlama (ceardlanna, cuairteanna) agus/nó comhdháil.

An Réasúnaíocht: I gcás tubaistí agus géarchéimeanna nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine (amhail an t-athrú aeráide, paindéim COVID-19 agus cogadh na Rúise ar an Úcráin), teastaíonn scileanna neartaithe measúnaithe riosca, ullmhacht fheabhsaithe do thubaistí, agus gníomhaíochtaí comhordaithe i gcur chuige idirdhisciplíneach chun an oidhreacht chultúrtha, lena n-áirítear oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe, a choimirciú. Is gá, ag tógáil ar an obair atá ann cheana, an oidhreacht chultúrtha a chomhtháthú tuilleadh i mbeartais agus i dtionscnaimh níos leithne ar gach leibhéal, agus leas a bhaint as ardáin choiteanna Eorpacha agus tionscadail forbartha atá ann cheana (e.g. Néal Comhoibríoch Eorpach maidir leis an Oidhreacht Chultúrtha, HEREIN) chun eolas agus saineolas maidir le hullmhacht riosca agus bainistiú riosca, téarnamh agus athshlánú na hoidhreachta cultúrtha a mhalartú, a phlé agus a chomhroinnt.

Spriocthorthaí: Acmhainneacht agus scileanna geallsealbhóirí a fhorbairt; fardal cuimsitheach de lámhleabhair, treoirlínte agus modheolaíochta ábhartha a chur ar fáil ar an leibhéal Eorpach chun dearadh agus cur chun feidhme éifeachtach na mbeart ullmhachta i gcomhair riosca agus éigeandála sna Ballstáit agus ag na Ballstáit a éascú.

—   Malartú faisnéise idir gairmithe na hoidhreachta cultúrtha agus na húdaráis inniúla le haghaidh earraí cultúrtha maidir leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar earraí cultúrtha

Modhanna oibre: Sraith ceardlann atá comhlántach le Plean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na Gáinneála ar Earraí Cultúrtha le haghaidh 2023–2027 atá ar na bacáin agus/nó gníomhaíochtaí piarfhoghlama.

An Réasúnaíocht: Déileálann reachtaíocht an Aontais maidir le hearraí cultúrtha a allmhairiú agus a onnmhairiú le dúshláin ag gáinneáil trasteorann i ndáil le cosaint na hoidhreachta cultúrtha. Tá roinnt dúshlán roimh na húdaráis inniúla (modhanna fíoraithe, doiciméadacht, anailís sonraí, tuiscint ar an gcaoi a n-oibríonn an margadh ealaíne, lena n-áirítear an t-aistriú chuig an idirlíon, etc.). Tá sé ríthábhachtach comhar éifeachtúil a áirithiú idir na gníomhaithe uile lena mbaineann, lena n-áirítear aireachtaí cultúir, institiúidí réigiúnacha agus áitiúla, gairmithe oidhreachta cultúrtha, gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, fórsaí póilíneachta speisialta, údaráis chustaim agus bhreithiúnacha, agus gairmithe sa mhargadh ealaíne.

Spriocthorthaí: An comhar idir na gníomhaithe lena mbaineann a mheasúnú agus a fheabhsú; léargas a fháil ar mhodhanna oibre a chéile; rioscaí agus fadhbanna a shainaithint; agus obair a dhéanamh ar mholtaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le feabhsuithe.

d)   Cultúr le haghaidh comhpháirtíochtaí comhchruthaitheacha: an ghné chultúrtha de chaidreamh seachtrach an Aontais a neartú

—   Rialachas an chur chuige straitéisigh an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an gcaidreamh cultúrtha idirnáisiúnta agus creat

Modhanna oibre: MOC gearrthéarmach, cruinnithe na n-oifigeach sinsearach.

An Réasúnaíocht: Cumhdaíodh an ról atá ag an gcultúr sa chaidreamh seachtrach i roinnt cáipéisí tábhachtacha ón Aontas le déanaí. Mar sin féin, comhordú a dhéanamh agus na bearnaí a dhúnadh idir na geallsealbhóirí éagsúla a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme, is dúshlán fós é sin ar gach leibhéal, don Aontas agus do na Ballstáit. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, an comhar idir na gníomhaithe ábhartha uile a struchtúrú agus cothromaíocht na spéiseanna a neartú, lena n-áirítear ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha. Agus aird á tabhairt ar phrionsabal an chomhchruthaithe i gcaidreamh seachtrach an Aontais, ní mór go ndéanfaí na modhanna oibre a oiriúnú do mhúnlú comhtháite cinntí ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear chun tosaíochtaí réigiúnacha agus téamacha (e.g. i gcomhthéacs na gcomhpháirtíochtaí le tíortha is iarrthóirí) nó gníomhaíochtaí suaitheanta an Aontais a ullmhú (e.g. aonaigh leabhar, taispeántais dhomhanda, aonaigh agus féilte, etc.)

Spriocthorthaí: Modheolaíocht thrasearnálach agus chuimsitheach, lena n-áirítear moltaí maidir le struchtúir agus modhanna oibre a bheidh ann amach anseo lena n-airitheofaí go mbeadh próiseas comhair chultúrtha a bheadh athneartaithe, comhleanúnach agus fadtéarmach i bhfeidhm sa chaidreamh cultúrtha idirnáisiúnta, ina mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach.

—   Oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus earnálacha cultúir agus cruthaitheachta áitiúla a chumhachtú san Úcráin

Modhanna oibre: Grúpa saineolaithe faoi stiúir an Choimisiúin nó cruinnithe na meithleacha machnaimh agus gníomhaíochtaí piarfhoghlama/oiliúna; cruinnithe leis na Buanionadaíochtaí.

An Réasúnaíocht: Scriosadh oidhreacht chultúrtha agus institiúidí cultúrtha na hÚcráine mar thoradh ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus rinneadh dochar don oidhreacht agus do na hinstitiúidí sin agus cuireadh i mbaol mór iad go ndéanfaí tuilleadh scriosta orthu agus go ndéanfaí tuilleadh dochair dóibh agus go bhfaighfí greim orthu de dheasca na gáinneála freisin. Dá bhrí sin, ba cheart go dtacófaí le hiarrachtaí caomhnaithe agus cosanta. Ba cheart go dtabharfaí faoin bpróiseas atógála agus téarnaimh trí chumas agus saineolas na hÚcráine a neartú agus ba cheart go mbeadh sé sin bunaithe ar noirm náisiúnta, idirnáisiúnta agus Eorpacha, ar théacsanna ina leagtar síos caighdeáin, prionsabail (amhail Bauhaus Eorpach Nua) agus ceachtanna a foghlaimíodh, agus ba cheart go mbeadh an méid sin i gcomhréir leis na prionsabail cháilíochta Eorpacha le haghaidh idirghabhálacha arna gcistiú ag an Aontas a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an oidhreacht chultúrtha (4). Ar an gcaoi chéanna, teastaíonn tacaíocht ó ghníomhaithe agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha ós rud é go mbíonn deacrachtaí acu fós ina gcuid gníomhaíochtaí. De mheon an chomhchruthaithe, leis an gcomhar cultúrtha leis an Úcráin, ba cheart go ndíreofaí ar athléimneacht na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheachta a neartú mar aon lena gcumas saol cultúrtha agus ealaíon bhríomhar a chaomhnú.

Spriocthorthaí: Measúnú a dhéanamh ar bhearta comhpháirteacha a d’fhéadfaí a dhéanamh, sineirgí agus dea-chleachtais chun oidhreacht chultúrtha agus institiúidí cultúrtha na hÚcráine a chaomhnú, a chosaint agus a atógáil, agus chun tacú le gníomhaithe cultúrtha agus cruthaitheacha na hÚcráine.

—   An ról atá ag an gcultúr agus ag gairmithe cultúrtha i gcur chun cinn agus i gcosaint an daonlathais agus chearta an duine i gcomhthéacs leochaileach

Modhanna oibre: cruinnithe comhpháirteacha a d’fhéadfadh a bheith ann le meithleacha ábhartha na Comhairle; comhdháil athbhreithnithe chomhpháirteach/seimineár athbhreithnithe comhpháirteach le Parlaimint na hEorpa, Comhairle na hEorpa, UNESCO agus an tsochaí shibhialta.

An Réasúnaíocht: I dTuarascáil bhliantúil SEGS 2021 maidir le cearta an duine agus daonlathas ar domhan, tarraingítear aird ar an gcúlú daonlathach agus ar na sáruithe forleithne ar chearta idirnáisiúnta an duine. Bíonn tionchar aige sin ar ghairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha i dtríú tíortha a bhíonn ag gabháil do chosaint an daonlathais, chearta an duine agus shaoirse an léirithe ealaíonta, etc. Cé go gcuireann an tAontas urraim do chearta an duine agus don éagsúlacht i dtríú tíortha chun cinn cheana féin, d’fhéadfaí tacaíocht níos dírithe agus níos córasaí a fhiosrú, agus aird á tabhairt ag an am céanna, ar rannpháirtíocht Chomhairle na hEorpa, UNESCO agus Pharlaimint na hEorpa sa réimse seo.

Spriocthorthaí: Forléargas cuimsitheach ar chásanna, riachtanais etc. chosantóirí chearta cultúrtha an duine.


(1)  Comhphobal Eolais agus Nuálaíochta na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (https://eit.europa.eu/eit-community/eit-culture-creativity)

(2)  Leagtar amach treoirlínte ginearálta a bhaineann le modhanna oibre in Iarscríbhinn B.

(3)  https://en.unesco.org/creativity/governance/status-artist.

(4)  https://www.icomos.org/en/about-icomos/committees/regional-activities-europe/58799-european-quality-principles-for-eu-funded-interventions-with-potential-impact-upon-cultural-heritage


IARSCRÍBHINN A

Tráthchlár táscach maidir le Plean Oibre an Aontais don Chultúr 2023-2026

Tosaíocht

Gníomhaíocht

2023

2024

2025

2026

an 1ú leath

an 2ú leath

an 1ú leath

an 2ú leath

an 1ú leath

an 2ú leath

an 1ú leath

an 2ú leath

a)

Ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha: earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a chumhachtú

Stádas agus dálaí oibre ealaíontóirí, agus gairmithe cruthaitheacha agus cultúir

Ardán (an Coimisiún Eorpach)

 

Téamach

ceardlann

 

Téamach

ceardlann

 

Ceardlann théamach

Comhdháil fhéideartha

 

An tsaoirse ealaíne

Comhdháil arna n-óstáil ag an Uachtaránacht

Conclúidí ón gComhairle

 

 

 

 

 

 

 

Claochlú digiteach na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a spreagadh

 

 

Comhdháil arna n-óstáil ag an Uachtaránacht

Conclúidí féideartha ón gComhairle

 

 

 

 

 

Aistriú glas na hearnálacha cultúir agus cruthaitheachta a spreagadh, agus béim ar leith á leagan ar an ngéarchéim fuinnimh

Athbhreithniú — géarchéim fuinnimh

 

MOC nó Ceardlanna

 

 

 

Gné chultúrtha agus chruthaitheach in earnáil na bhfíschluichí san Eoraip a fheabhsú

 

Cruinnithe comhchéime agus/nó cruinnithe machnaimh

 

 

 

 

 

Conclúidí ón gComhairle maidir le téarnamh, athléimneacht agus inbhuanaitheacht earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta

Measúnú

 

 

 

 

 

 

Conclúidí ón gComhairle maidir le malartuithe idirchultúrtha a threisiú trí shoghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha, agus tríd an ilteangachas sa ré dhigiteach

 

 

 

 

Measúnú

 

 

b)

Cultúr do na daoine: rannpháirtíocht chultúrtha agus ról an chultúir sa tsochaí a fheabhsú

Cultúr agus cur chun cinn an daonlathais: i dtreo saoránacht chultúrtha san Eoraip

(Staidéar 2022 ón gCoimisiún Eorpach a chur i láthair - Meitheal a bhí ann roimhe seo)

 

 

An phiarfhoghlaim

Conclúidí féideartha Comhdháil fhéideartha

 

Cultúr agus sláinte

 

Comhdháil fhéideartha

Cruinniú neamhfhoirmiúil féideartha na n-oifigeach

Grúpa MOC (gearr)

 

 

 

 

Naisc a chruthú: ról ildánach na leabharlann a neartú mar tháirsí agus tobair saothar cultúrtha, scileanna agus luachanna Eorpacha

Ceardlann

Grúpa MOC

Ceardlann

Comhdháil

 

Leanaí agus daoine óga a chosaint ar ábhar díobhálach ar ardáin dhigiteacha

 

 

 

 

 

Ceardlann

 

 

Infhaighteacht ábhair éagsúil Eorpaigh sa timpeallacht dhigiteach

Staidéar

Ceardlann fhéideartha

 

 

 

c)

Cultúr don phláinéad: leas a bhaint as cumhacht an chultúir

Staidreamh cultúrtha — chun athléimneacht a chothú sa chultúr agus tríd an gcultúr

Ceardlanna/an phiarfhoghlaim agus plé le Eurostat agus le hoifigí staidrimh Bhallstáit an Aontais

Rialachas cultúir

 

 

 

 

 

 

Cruinniú na meithleacha machnaimh

Conclúidí féideartha ón gComhairle

 

Gníomhú ar son na haeráide tríd an gcultúr, lena n-áirítear na healaíona agus an oidhreacht chultúrtha

 

 

Ceardlann fhéideartha

 

Ceardlann fhéideartha

 

Ceardlann

Conclúidí féideartha ón gComhairle

Taighde ar an ábhar arna chistiú ag an Aontas a chur chun cinn

Timpeallacht mhaireachtála ardcháilíochta do chách

Cruinnithe na Stiúrthóirí Eorpacha maidir le Beartais Ailtireachta

Tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua a chur chun cinn

Comhdháil fhéideartha

Safeguarding cultural heritage from natural and man-made disasters [An oidhreacht chultúrtha a choimirciú ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéantús an duine]

 

 

An phiarfhoghlaim

Comhdháil fhéideartha

 

 

 

Malartú faisnéise idir gairmithe na hoidhreachta cultúrtha agus na húdaráis inniúla le haghaidh earraí cultúrtha maidir leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar earraí cultúrtha

 

Ceardlann / piarfhoghlaim

Ceardlann / piarfhoghlaim

Ceardlann / piarfhoghlaim

 

 

 

 

d)

Cultúr le haghaidh comhpháirtíochtaí comhchruthaitheacha: an ghné chultúrtha de chaidreamh seachtrach an Aontais a neartú

Rialachas an chur chuige straitéisigh an Aontais Eorpaigh i ndáil leis an gcaidreamh cultúrtha idirnáisiúnta agus creat

Cruinnithe na n-oifigeach sinsearach

 

Grúpa MOC gearrthéarmach

 

 

 

 

 

Oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus earnálacha cultúir agus cruthaitheachta áitiúla san Úcráin a chumhachtú

Grúpa saineolaithe faoi stiúir an Choimisiúin nó cruinnithe na meithleacha machnaimh

Gníomhaíochtaí piarfhoghlama / oiliúna

 

 

 

 

Cruinnithe le Buanionadaíochtaí

An ról atá ag an gcultúr agus ag gairmithe cultúrtha i gcur chun cinn agus i gcosaint an daonlathais agus chearta an duine i gcomhthéacs leochaileach

 

 

Comhdháil athbhreithnithe chomhpháirteach/seimineár athbhreithnithe comhpháirteach (le Parlaimint na hEorpa, Comhairle na hEorpa, UNESCO, an tsochaí shibhialta)

 

 

 

 

Cruinniú comhpháirteach leis an meitheal ábhartha ón gComhairle


IARSCRÍBHINN B

Treoirlínte a bhaineann le gach modh oibre

Treoirlínte ginearálta

Tá na modhanna oibre faoin bplean oibre solúbtha agus níl siad teoranta dóibh siúd a liostaítear i gCaibidil III, pointe 7.

Soláthróidh an Coimisiún saineolas (lena n-áirítear staidéir agus cineálacha eile ionchuir ó shaineolaithe) agus tacaíocht lóistíochta maidir leis na modhanna oibre atá beartaithe faoin bPlean Oibre seo, de réir mar is ábhartha.

Is ar bhonn deonach a bheidh an rannpháirtíocht agus, nuair is ábhartha, beidh sí bunaithe ar ainmniúcháin na mBallstát. Tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le grúpaí saineolaithe agus cruinnithe comhchéime de chuid an Choimisiúin (féach thíos).

Cuirfidh an Coimisiún spás fíorúil ar fáil (don chumarsáid agus do chomhroinnt doiciméad) do mhodhanna oibre roghnaithe, más ábhartha agus indéanta, agus más iarrtar sin, chun deis a thabhairt do na saineolaithe fanacht i dteagmháil agus díospóireacht a dhéanamh ar na saincheisteanna ábhartha. Beidh an spás fíorúil sin oscailte d’ainmnithe ó na Ballstáit uile agus, i gcás inarb ábhartha, ó thíortha rannpháirteacha eile.

Arna iarraidh sin, cuirfear an Coiste um Ghnóthaí Cultúrtha ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta maidir le gníomhaíochtaí an Phlean Oibre.

Maidir le gach toradh deiridh ar gach modh oibre sa Phlean Oibre, molfar plean dáileacháin agus cumarsáide ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach, de réir mar is iomchuí.

Déanfaidh an Coiste um Ghnóthaí Cultúrtha plé ar na moltaí a thagann as gach modh oibre agus, nuair is iomchuí, cuirfear faoi bhráid na Comhairle iad.

Foilseofar tuarascálacha deiridh ar gach modh oibre agus, de réir mar is iomchuí, déanfaidh an Coimisiún achoimre feidhmiúcháin – nach mó ná ceithre leathanach – a aistriú go teangacha oifigiúla uile an Aontais.

Modh oscailte comhordúcháin (MOC)

Leis an modh oscailte comhordúcháin, cuirtear creat ar fáil don chomhar agus do mhalartú agus do chomhroinnt dea-chleachtas i measc na mBallstát maidir le hábhair chomhchoiteanna áirithe agus ceadaítear leis moltaí neamhcheangailteacha a fhorbairt.

Cuirfear bailchríoch ar shainordú MOC sa Choiste um Ghnóthaí Cultúrtha — le hionchur ón Meitheal um Chlosamharc agus Meáin, i gcás inarb ábhartha — ar bhonn dréacht-sainordaithe a mhol an Coimisiún.

Féadfar a mholadh leis an sainordú go n-iarrfar ar thríú páirtithe, lena n-áirítear tríú tíortha, teacht chuig grúpa MOC (1).

Beidh gach grúpa MOC freagrach as cathaoirleach nó comhchathaoirligh a cheapadh ag an gcéad chruinniú.

Ag brath ar an ábhar, d’fhéadfaí an grúpa MOC a spreagadh chun grúpaí fócais níos lú a bhunú agus modhanna rannpháirtíocha a úsáid, i gcás inarb iomchuí.

Gníomhaíochtaí piarfhoghlama

Le gníomhaíochtaí piarfhoghlama, ba cheart go gcuirfí ar chumas lucht déanta beartas, cleachtóirí agus/nó geallsealbhóirí ábhartha smaointe agus eolas a mhalartú maidir le cleachtais, uirlisí agus modhanna oibre ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Ba cheart iad a dhéanamh i gcomhthéacs praiticiúil agus úsáid á baint as cur chuige láidir, praiticiúil.

Féadfaidh Ballstáit aonair nó grúpa Ballstát seasamh chun tosaigh agus saineolas a chur ar fáil faoin modh oibre sin nó saineolas a iarraidh ina leith.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí piarfhoghlama a eagrú freisin do chleachtóirí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla.

Cruinnithe na meithleacha machnaimh

Le cruinnithe na meithleacha machnaimh, ba cheart go gcuirfí spás ar fáil chun ábhair nua, ábhair reatha nó ábhair nuálacha a phlé, agus chun tobsmaointeoireacht a dhéanamh ar phleananna nó ar straitéisí. Ba cheart go mbeadh an díospóireacht oscailte agus go hiomlán neamhfhoirmiúil.

Is féidir le Ballstáit aonair nó grúpa Ballstát, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, seasamh chun tosaigh agus saineolas agus tacaíocht lóistíochta a chur ar fáil maidir leis an modh oibre sin.

Féadfaidh cruinniú amháin nó sraith cruinnithe a bheith i gceist leis an modh oibre, de réir mar a mholann an comhlacht tionscnaimh.

Athbhreithnithe

Is é is cuspóir do na athbhreithnithe athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí agus ar a mhéid a baineadh amach maidir le hábhar a comhaontaíodh sa Choiste um Ghnóthaí Cultúrtha. Ina theannta sin, cuirfear fóram ar fáil leo do gach duine a bhfuil baint acu leis an bplé.

D’fhéadfadh hathbhreithnithe a bheith i bhfoirm iomchuí ar bith, e.g. cruinniú saineolaithe ar líne, ceistneoir, comhdháil, etc.

Grúpaí saineolaithe agus cruinnithe comhchéime faoi stiúir an Choimisiúin

Is comhlachtaí comhairliúcháin iad na grúpaí saineolaithe faoi stiúir an Choimisiúin arna mbunú ag an gCoimisiún chun comhairle a chur ar fáil maidir le gníomhartha reachtacha agus tionscnaimh bheartais a ullmhú (2). Is de réir rialacha inmheánacha an Choimisiúin a roghnaítear na saineolaithe rannpháirteacha.

Féadfaidh an Coimisiún cruinnithe comhchéime a eagrú freisin le rannpháirtithe roghnaithe maidir le hábhar a comhaontaíodh i bPlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Chultúr.


(1)  Chun críocha an Phlean Oibre seo, ciallaíonn “tríú tíortha” na tíortha sin dá dtagraítear i bhforálacha Airteagail 9 agus 10 de Chlár Eoraip na Cruathaitheachta (Rialachán (AE) 2021/818 – IO L 189, 28.5.2021, lgh. 34).

(2)  Clár ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin: https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/home


IARSCRÍBHINN II

Na príomhthagairtí polaitiúla

Cur Chuige Straitéiseach Nua don Aontas, 2019-2024 (a glacadh an 20 Meitheamh 2019)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Clár Oibre Eorpach Nua don Chultúr, 22 Bealtaine 2018 (COM/2018/267 final)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú] (COM/2020/784 final)

Coincheap na hoidhreachta cultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna. Gné don tsíocháin agus don tslándáil i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais Eorpaigh (Aibreán 2021)

Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Tuarascáil ar an toradh deiridh (Bealtaine 2022)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus aird ar leith á tabhairt ar Airteagail 8, 10 agus 167 CFAE (IO C 202, 7.6.2016, lch. 47)

Convention on Offences relating to Cultural Property (2017) [Coinbhinsiún maidir le Cionta a bhaineann le Maoin Chultúrtha (2017)]

Conclúidí ón gComhairle maidir le ‘Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú (IO C 210, 3.6.2021; lch. 1)

Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chuige straitéiseach an Aontais i ndáil le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta agus creat gníomhaíochta (IO C 192, 7.6.2019, lch. 6)

Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis Eorpach a fhorbairt d’Éiceachóras Thionscail an Chultúir agus na Cruthaitheachta (IO C 160, 13.4.2022, lch. 13)

Conclúidí ón gComhairle maidir le Rialachas Cultúir (IO C 393, 19.12.2012, lch. 8)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcultúr, ailtireacht agus timpeallacht thógtha ardcháilíochta mar phríomhghnéithe den tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua (IO CI 501, 13.12.2021, lch. 13)

Conclúidí ón gComhairle maidir le cur chuige an Aontais i leith na hoidhreachta cultúrtha i gcoinbhleachtaí agus i ngéarchéimeanna (9837/21)

Conclúidí ón gComhairle maidir le malartuithe idirchultúrtha a threisiú trí shoghluaisteacht ealaíontóirí agus gairmithe cultúrtha agus cruthaitheacha, agus tríd an ilteangachas sa ré dhigiteach (IO C 160, 13.4.2022, lch. 20)

Conclúidí ón gComhairle maidir le bainistiú riosca i réimse na hoidhreachta cultúir (IO C 186, 5.6.2020, lch. 1)

Conclúidí ón gComhairle maidir le téarnamh, athléimneacht agus inbhuaine na n-earnálacha cultúir agus cruthaitheachta (IO C 209, 2.6.2021, lch. 3)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2019-2022 (IO C 460, 21.12.2018; lch. 12) Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2019–2022 (COM/2022/317 final).

Conclúidí ón gComhairle maidir le glúine óga cruthaitheacha (IO C 189, 5.6.2019, lch. 34)

The Davos Declaration - Towards a high-quality Baukultur for Europe [Dearbhú Davos - I dtreo Baukultur ardchaighdeáin don Eoraip], 20-22 Eanáir 2018

Cinneadh (AE) 2017/864 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le Bliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha 2018, IO L 131, 20.5.2017, lch. 1)

Dearbhú ó na hAirí Eorpacha atá freagrach as an gCultúr, as an gClosamharc agus as na Meáin, ag teacht le chéile dóibh in Angers an 7 agus an 8 Márta 2022

Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas 2020-2024 (JOIN/2020/5 final)

Páipéar Uaine maidir le hOidhreacht Chultúrtha na hEorpa, Putting Europe’s shared heritage at the heart of the European Green Deal (Márta 2021)

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le téarnamh cultúir na hEorpa (2020/2708(RSP))

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021 ar staid ealaíontóirí agus an téarnaimh chultúrtha in AE (2020/2261(INI))

Creat-Choinbhinsiún maidir le Luach na hOidhreachta Cultúrtha don tSochaí (Coinbhinsiún Faro, 2005)

Dearbhú ó Cheannairí G20 sa Róimh

Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Towards an EU strategy for international cultural relations [I dtreo straitéis an Aontais maidir le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta] (JOIN/2016/029 final)

Ministerial Declaration on culture in times of COVID-19 crisis (April 2020) [Dearbhú na n-airí maidir leis an gcultúr in aimsir ghéarchéim COVID-19 (Aibreán 2020)]

Cairt Porto Santo (2021)

Moladh CM/Rec (2017) do na Ballstáit maidir le Straitéis Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha don 21ú haois (2017)

Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) a bhunú, IO L 189, 28.5.2021, lch. 34)

Rún ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le Gné Chultúrtha na Forbartha Inbhuanaithe (IO C 410, 6.12.2019, lch. 1)

Cairt na Róimhe (2020)

Transforming our world: UN 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun athraithe: Clár oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe] (A/RES/70/1)

Coinbhinsiún UNESCO 2005 ar Éagsúlacht Léirithe Cultúir a Chosaint agus a Chur Chun Cinn

Coinbhinsiún UNESCO chun Maoin Chultúrtha a Choimirciú i gCás Coinbhleachta Armtha, le rialacháin chun an Coinbhinsiún a fhorghníomhú (an Hág, 14 Bealtaine 1954)

Dearbhú don Chultúr ag Comhdháil Mondiacult de chuid UNESCO (Cathair Mheicsiceo, 30 Meán Fómhair 2022)

Rún 2347 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (Leabharlann Dhigiteach UNESCO, 2017, CL/4210)


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/19


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10895 – ATHORA / AXA CUSTOMER SOLUTIONS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 466/02)

An 28 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10895. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/20


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10942 – PHO P / STORA ENSO MAXAU)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 466/03)

An 29 Samhain 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10942. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/21


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachán (AE) 2022/2379, a mhéid a bhaineann lena thábhachtaí atá sé clár a bhunú i ngach Ballstát a bheidh i seilbh na n-údarás náisiúnta inniúil maidir le húsáid táirgí um chosaint plandaí sa talmhaíocht

(2022/C 466/04)

Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, leagtar béim sa Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc” agus sa Straitéis Bhithéagsúlachta ar an ngá atá le haistriú chuig córas bia inbhuanaithe, go háirithe trí úsáid agus riosca lotnaidicídí a laghdú 50 % faoi 2030 agus tríd an bhfeirmeoireacht orgánach agus gnéithe tírdhreacha ard-bhithéagsúlachta ar thalamh talmhaíochta a mhéadú.

Faoi Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), ní féidir bailiú iomlán sonraí maidir le húsáid táirgí um chosaint plandaí ag úsáideoirí gairmiúla i ngníomhaíocht talmhaíochta, arb ionann é agus 95 % den úsáid i ngach Ballstát, a bhaint amach ach amháin nuair is infheidhme faoi dhlí an Aontais ceanglas dlíthiúil a chur ar úsáideoirí gairmiúla táirgí um chosaint plandaí a dtaifid a tharchur i bhformáid leictreonach chuig údaráis náisiúnta inniúla.

Aithníonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a thábhachtaí atá sé ceanglas den sórt sin a thabhairt isteach i reachtaíocht an Aontais agus gealltanas a thabhairt go n-oibreoidh siad le chéile chun na críche sin.


(1)  Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh i ndáil le hionchur agus le haschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (IO L 315, 7.12.2022, lch. 1).


An Coimisiún Eorpach

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/22


Rátaí malairte an euro (1)

6 Nollaig 2022

(2022/C 466/05)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0516

JPY

yen na Seapáine

143,33

DKK

krone na Danmhairge

7,4380

GBP

punt steirling

0,86170

SEK

krona na Sualainne

10,8890

CHF

franc na hEilvéise

0,9872

ISK

króna na hÍoslainne

148,90

NOK

krone na hIorua

10,4408

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,316

HUF

forint na hUngáire

415,08

PLN

zloty na Polainne

4,6975

RON

leu na Rómáine

4,9130

TRY

lira na Tuirce

19,6010

AUD

dollar na hAstráile

1,5625

CAD

dollar Cheanada

1,4326

HKD

dollar Hong Cong

8,1813

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6583

SGD

dollar Shingeapór

1,4263

KRW

won na Cóiré Theas

1 386,39

ZAR

rand na hAfraice Theas

18,2068

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,3494

HRK

kuna na Cróite

7,5563

IDR

rupiah na hIndinéise

16 441,49

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6223

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,782

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,827

BRL

real na Brasaíle

5,5113

MXN

peso Mheicsiceo

20,6884

INR

rúipí na hIndia

86,6485


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/23


Ráiteas ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le hobair leanúnach chun a áirithiú go mbeidh fáil ar na taifid atá le coinneáil ag úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí i bhformáid leictreonach de bhun Airteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(2022/C 466/06)

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an Straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc”, bunaítear laghdú ar úsáid lotnaidicídí ceimiceacha agus an riosca a bhaineann leo mar phríomhchuspóir don Aontas. D’fhonn beartais éifeachtacha agus beartais a bhfuil tionchar leo a áirithiú, tá ríthábhacht le sonraí stóinsithe agus sonraí cuimsitheacha maidir le húsáid lotnaidicídí ar leibhéal na feirme. Maidir leis an obair leanúnach chun a áirithiú go mbeidh fáil ar na taifid a choinníonn úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí i bhformáid leictreonach, is toisc chumasúcháin thábhachtach í chun na hoibleagáidí tuairiscithe maidir le lotnaidicídí a chur chun feidhme, oibleagáidí ar cuid de Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) (SAIO) iad.

Dá bhrí sin, d’ullmhaigh an Coimisiún Dréacht-Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún, ar bhonn Airteagal 67(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a mhéid a bhaineann le hinneachar agus le formáid na dtaifead ar úsáid táirgí cosanta plandaí atá le coinneáil ag úsáideoirí gairmiúla i gcomhréir le hAirteagal 67(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Dá nglacfaí an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, mar a fhoráiltear faoi láthair, dhéanfaí an coimeád taifead a cheanglaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a rialú go mionsonrach, lena n áirítear trí na heilimintí atá le taifeadadh ag na húsáideoirí gairmiúla a shainaithint, agus trína áirithiú go mbeidh na taifid sin ar fáil i bhformáid leictreonach ón 1 Eanáir 2025 ar a dhéanaí.

Tá an dréacht den Rialachán Cur Chun Feidhme sin á phlé faoi láthair ag an mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, an Roinn Fíteacógaisíochta – Reachtaíocht. Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún tuairim an choiste a lorg de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) sna míonna amach romhainn.

Beartaíonn an Coimisiún an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a ghlacadh roimh dheireadh 2022.


(1)  Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh i ndáil le hionchur agus le haschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (IO L 315, 7.12.2022, lch. 1).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/24


Liosta eagraíochtaí a shainaithnítear de réir Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge

(2022/C 466/07)

American Bureau of Shipping (ABS)

Bureau Veritas SA (BV)

China Classification Society (CCS)

Croatian Register of Shipping (CRS)

DNV AS (DNV)

Indian Register of Shipping (IRS)

Korean Register (KR)

Lloyd's Register Group LTD (LR)

Nippon Kaiji Kyokai General Incorporated Foundation (ClassNK)

Polish Register of Shipping (PRS)

RINA Services S.p.A. (RINA)


An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/25


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 i ndáil le malartú faisnéise a choimeádtar sna cláir leictreonacha maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bhogann earraí máil idir Ballstáit chun críocha tráchtála.

(2022/C 466/08)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECS https://edps.europa.eu)

Tugann MECS dá aire go dtabharfadh an dréacht-Togra isteach na leasuithe seo a leanas ar Rialachán (Uimh.) 389/2012 ón gComhairle (1):

de réir Airteagal 19(4) nua, déanfar an fhaisnéis atá sna cláir náisiúnta maidir le gach oibreoir eacnamaíoch atá ag gabháil do ghluaiseachtaí d’earraí máil dá dtagraítear i gCaibidil IV, agus i gCaibidil V, Roinn 2, de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (2) a mhalartú go huathoibríoch trí chlár lárnach;

de réir Airteagal 20(1) nua, ní mór don Choimisiún a áirithiú go bhféadfaidh gach duine a bhfuil baint aige le gluaiseacht earraí máil deimhniú a fháil trí mheán leictreonach ar bhailíocht na n-uimhreacha máil atá sa chlár lárnach.

Measann MECS nach n-ardaíonn na leasuithe seo saincheisteanna suntasacha maidir le cosaint sonraí, go háirithe ós rud é nach modhnaítear, leis na leasuithe atá beartaithe, an fhaisnéis atá le soláthar i gcomhthéacs an chomhair riaracháin i réimse na ndleachtanna máil.

Tugann MECS dá aire freisin nach mbeadh tionchar ag na leasuithe atá beartaithe ar na modhanna atá bunaithe cheana chun sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs Rialachán AE (Uimh.) 389/2012 ón gComhairle.

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 24 Deireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 i ndáil le malartú faisnéise a choimeádtar sna cláir leictreonacha maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a bhogann earraí máil idir Ballstáit chun críocha tráchtála (“an Togra”).

2.

Is é cuspóir an Togra de réir an mheabhráin mhíniúcháin oibleagáidí na mBallstát a thabhairt isteach maidir le malartú sonraí oibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí faoi Chaibidil V, roinn 2 de Threoir (AE) 2020/262 a choimeádtar sna cláir náisiúnta leis an gclár lárnach, lena gcumasófar malartú faisnéise iomlán agus lena laghdaítear an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha mar aon leis an riosca calaoise agus lena bhfeabhsaítear an comhar riaracháin idir údaráis inniúla na mBallstát.

D’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, féachtar leis an Togra an nós imeachta maidir le malartú sonraí oibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí faoi Fhionraí Dleachta a ailíniú le malartú sonraí na n-oibreoirí eacnamaíocha a ghluaiseann earraí faoi Dhleacht a Íoctar. Leis an ailíniú sin, rannchuideofar le digitiú an fhaireacháin ar ghluaiseachtaí earraí máil a scaoiltear lena dtomhailt ar chríoch Ballstáit amháin agus a aistríodh go críoch Ballstáit eile chun iad a sheachadadh ansin chun críocha tráchtála agus feabhsófar an comhrac i gcoinne na calaoise cánach, de réir an mheabhráin mhíniúcháin.

3.

I gcomhréir le hAirteagal 36 de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, amhail ón 13 Feabhra 2023, is trí chóras ríomhairithe, is é sin an Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS), a dhéanfar faireachán ar gach gluaiseacht d’earraí máil laistigh den Aontas Eorpach a scaoiltear lena dtomhailt i mBallstát amháin agus a aistrítear go Ballstát eile ionas go ndéanfaí iad a sheachadadh ann chun críocha tráchtála (“gluaiseachtaí Dleachta a Íoctar” mar a thugtar orthu). Go dtí an 13 Feabhra 2023, ní chumhdaítear leis an EMCS ach gluaiseachtaí earraí máil laistigh den Aontas Eorpach maidir le dleacht mháil a chur ar fionraí.

D’fhonn an córas ríomhairithe a leathnú chuig gluaiseachtaí um Dleacht a Íoctar le Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle, is gá raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 389/2012 a leathnú freisin.

4.

Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 26 Deireadh Fómhair 2022, de bhun Airteagal 42(1) EUDPR (3). Cuireann MECS fáilte roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in Aithris (6) den Togra. Maidir leis sin, sonraíonn MECS go dearfach freisin go ndeachthas i gcomhairle leis ar bhonn neamhfhoirmiúil de bhun Aithris 60 RCSAE.

4.   CONCLÚIDÍ

11.

I bhfianaise a bhfuil thuas, staonann MECS ó aon mholadh a dhéanamh.

An Bhruiséil, 9 Samhain 2022.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  IO L 121, 8.5.2012, lch. 1.

(2)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/27


Faisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit maidir le hiamh iascaigh

(2022/C 466/09)

I gcomhréir le hAirteagal 35(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú (1), rinneadh cinneadh an t-iascach a iamh mar a leagtar síos sa tábla seo a leanas:

Dáta agus am an iaimh

19.11.2022

Fad

19.11.2022 – 31.12.2022

An Ballstát

An Phortaingéil

Stoc nó Grúpa stoc

RJU/9-C

Speiceas

Roc dústríoctha (Raja undulata)

Crios

Uiscí an Aontais i gcrios 9

Cineálacha soithí iascaireachta

--

An uimhir thagartha

12/TQ109


(1)  IO L 343, 22.12.2009, lch. 1


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/28


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10837 – ASTARA WESTERN EUROPE / MITSUBISHI CORPORATION / ISUZU MOTORS LIMITED / ISUZU SALES DEUTSCHLAND)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 466/10)

1.   

An 28 Samhain 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Astara Western Europe N.V. (an Bheilg),

Mitsubishi Corporation (an tSeapáin),

Isuzu Motors Limited (“Isuzu”, an tSeapáin),

Isuzu Sales Deutschland GmbH (an Ghearmáin), comhfhiontar atá faoi rialú Mitsubishi Corporation agus Isuzu faoi láthair.

Gheobhaidh Astara Western Europe, Mitsubishi Corporation agus Isuzu rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Isuzu Sales Deutschland ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Astara Western Europe gníomhach in allmhairiú agus i ndáileadh mórdhíola mótarfheithiclí ceithre roth,

Tá Mitsubishi Corporation gníomhach ar fud roinnt tionscal, lena n-áirítear airgeadas tionsclaíoch, fuinneamh, miotail, innealra, ceimiceáin, bia agus comhshaol agus dáileadh mótarfheithiclí,

Tá Isuzu gníomhach i monarú agus i ndáileadh mótarfheithiclí,

Tá Isuzu Sales Deutschland gníomhach in allmhairiú agus i ndáileadh feithiclí tráchtála éadroma nua agus páirteanna breise gaolmhara agus gabhálais.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10837 – ASTARA WESTERN EUROPE / MITSUBISHI CORPORATION / ISUZU MOTORS LIMITED / ISUZU SALES DEUTSCHLAND

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/30


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh le sonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 466/11)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Pouilly-Fumé” / “Blanc Fumé de Pouilly”

PDO-FR-A0824-AM01

Dáta teachtaireachta: 23.9.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Cód Geografach Oifigiúil

Rinneadh na bardais a chuimsítear sa limistéar geografach agus sa limistéar atá díreach in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an Code officiel géographique [Cód Geografach Oifigiúil].

Níor athraíodh teorainn an limistéir.

Leasaíodh pointe 6 agus pointe 9 den doiciméad aonair.

2.   Prúnáil

Soiléiríodh sa tsonraíocht go bprúnáiltear na fíniúnacha roimh an gcéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do 2 nó 3 dhuilleog oscailte nó do chéim 9 ar scála Eichhorn agus Lorenz.

Rinneadh an leasú chun na seiceálacha atá le déanamh a shainmhíniú níos soiléire. Áirithítear le sonrú na céime ag is gá prúnáil a chríochnú go bhfuil na hionchais bheachta chéanna ag gach oibreoir agus gur féidir na seiceálacha a dhéanamh faoi na coinníollacha is fearr.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

3.   Treilísiú

Soiléiríodh sa tsonraíocht go ndéantar treilísiú roimh an gcéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do dhúnadh an triopaill nó do chéim 32 ar scála Eichhorn agus Lorenz. Sonraítear an modh treilísithe:

“—

Cuimsíonn sé ar a laghad 2 shreang um ardú agus sreang ualachiompartha le haghaidh fíniúnacha a phrúnáiltear ina Guyot singil nó ina cordon de Royat nó 2 shreang um ardú le haghaidh fíniúnacha a phrúnáiltear ina gcuach nó ina bhfean.

Ardófar na sreanga um ardú thar leibhéal na dtriopall.

Ní mór don duilliúr treilíse íosairde 0,6 de mhéid an fhaid idir na rónna a bhaint amach ar a laghad, agus an airde á tomhas ó phointe 0,10 m faoin tsreang threilísithe chuig airde an fhásra.”

Rinneadh an leasú chun na seiceálacha atá le déanamh a shainmhíniú níos soiléire. Tá oibreoirí ag fáil amach go bhfuil sé ag éirí níos deacra foireann bhuan a earcú sna fíonghoirt agus ina áit sin úsáideann siad soláthraithe seirbhíse nach gá speisialtóireacht a bheith acu i saothrú fíona. Beartaítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe faoi threilísiú a sholáthraítear sa tsonraíocht freisin le bheith oideachasúil agus le míniú a thabhairt céard atáthar ag súil leis. Fágann sé chomh maith gur féidir coinníollacha a shonrú lena mbeifear in ann fíonchaora ardchaighdeáin a tháirgeadh, lena ráthaítear bonn cáilíochta an amhábhair.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

4.   Forálacha agrai-éiceolaíocha

Cuireadh ráiteas leis go dtugann an táirgeoir aird ar leith ar fhadhbanna creimthe.

D’fhéadfadh guaiseacha a bhaineann leis an aeráid (báisteach throm go háirithe) creimeadh a dhéanamh nó clasáin a chruthú sna fíonghoirt a bhfuil cuid díobh suite ar fhánaí géara. Fágann an ráiteas sin gur féidir táirgeoirí a chur ar an eolas faoin riosca sin agus an tráth céanna seiceálacha a éascú i gcás nach gcuirtear san áireamh é.

Cuirtear na forálacha agrai-éiceolaíocha seo a leanas leis:

“—

Toirmisctear aon athrú substaintiúil ar mhoirfeolaíocht na fo-ithreach, na barrithreach nó eilimintí lena ráthaítear sláine agus inbhuanaitheacht ithreacha dáileachta atá beartaithe do shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, cé is moite de threabhadh trinse coitianta.

Éilítear cumhdach féir buan le taobh teorainneacha dáileachta (cinnfhearainn agus na háiteanna idir dáileachtaí nach bhfuil curtha ná saoraithe). Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le cinnfhearainn atá á n-athchoiriú, tar éis creimthe nó teagmhas eisceachtúil aeráide go háirithe.

Toirmisctear rialú ceimiceach fiailí na dáileachta ar íosmhéid 25 % den achar idir rónna.

Toirmisctear rialú ceimiceach fiailí na dáileachta idir an chéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do thús na haibíochta, nó céim 36 ar scála Eichhorn agus Lorenz, agus 1 Feabhra den bhliain tar éis an fhómhair.”

Déantar na hathruithe sin chun aird níos fearr a thabhairt ar an gcomhshaol.

Cuireadh cumhdach féir ar na cinnfhearainn san áireamh sa tsonraíocht. Leasaíodh an fhoclaíocht chun na sonraíochtaí a chomhchuibhiú.

Chun teorainn a chur le húsáid luibhicídí, tá 2 fhoráil san áireamh: an toirmeasc ar rialú fiailí iomlán ar íosmhéid an achair idir rónna nach cuireadh faoi rialú ceimiceach fiailí, agus an toirmeasc ar rialú ceimiceach fiailí san fhómhar nó sa gheimhreadh.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

5.   Uisciú

Cuireadh deireadh leis an gcosc ar uisciú.

Bíonn toirmeasc ar uisciú idir 1 Bealtaine agus tréimhse an fhómhair.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

6.   Caighdeáin anailíseacha

Sonraíodh cheana nach mór méid aigéid so-ghalaithe nach mó ná 14,5 milleachoibhéisí in aghaidh an lítir a bheith ag baisceanna atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó ag céim an phacáistithe.

Leanann an teorainn sin an staidéar ilbhliantúil ar luachanna fíonta STFC. Áirithíonn sé cáilíochtaí na bhfíonta a tháirgtear agus cosnaíonn sé gnáth-shaintréithe STFC.

Baisceanna atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó ag céim an phacáistithe, tá cion SO2 nach mó ná 150 mg in aghaidh an lítir iontu.

Is é is aidhm don fhoráil seo ionchuir a laghdú agus cáilíocht na bhfíonta a chaomhnú i gcomhthráth.

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

7.   Rialúchán teirmeach dabhcha

Tugadh ceanglas isteach go mbeidh córas rialúcháin theirmigh ar dhabhcha fíonóireachta níos mó ná 30 hl.

Cuireann sé sin na nósanna agus na cleachtais cháilíochta atá bainteach le rialúchán teirmeach na bhfíonta geala ar bhonn foirmiúil.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

8.   Trealamh toirmiscthe

Chun cáilíocht a chosaint, toirmeasctar na hábhair seo a leanas:

fáisceáin chiseáin chothrománacha a bhfuil slabhraí agus plátaí acu;

leantóirí féin-fholmhaithe a bhfuil caidéil eite lártheifeacha acu.

Úsáidtear ábhair de cháilíocht níos fearr cheana laistigh de STFC. Cuidíonn an tsonraíocht táirge leasuithe a áirithiú go leantar na cleachtais sin.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

9.   Acmhainn seomra coipthe

Méadaítear acmhainn an tseomra coipthe ó 1,4 go 1,6 oiread na toirte fíona a tháirgtear ón mbunbharr.

De bharr na forála seo is féidir rialúchán a dhéanamh ar thoirt an fhíona a thógtar ón bhfíonlann agus a chuirtear ar an margadh chun teorainn a chur ar an riosca maidir le laghdú praghsanna, roimh an bhfómhar go háirithe.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

10.   Scaipeadh idir trádstórais údaraithe

Scriosadh Pointe IX(4)(b) de Chaibidil 1 a bhaineann leis an dáta ónar féidir na fíonta a scaipeadh idir trádstórais údaraithe.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

11.   Oibleagáid dearbhú a dhéanamh

Cuireadh dearbhú tarscaoilte táirgthe agus dearbhú maidir le fíniúnacha marbha agus caillte leis.

Éascóidh an dá dhearbhú seiceálacha ar choinníollacha táirgthe.

Athraíodh an sprioc-am chun dearbhú éilimh a chur isteach ón 25 Samhain go dtí an 10 Nollaig.

Mar sin is ionann an sprioc-am chun dearbhú an éilimh a chur isteach agus an sprioc-am chun dearbhú an fhómhair a chur isteach.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

12.   Na príomhphointí atá le seiceáil

Tugadh Caibidil 3 cothrom le dáta chun foclaíocht na bpríomhphointí atá le seiceáil i sonraíochtaí le haghaidh táirgí ó limistéar Val de Loire a chomhchuibhiú.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

13.   Tagairt don chomhlacht cigireachta

Rinneadh leasú ar fhoclaíocht na tagartha don chomhlacht cigireachta chun í a ainíniú le foclaíocht sonraíochtaí táirge eile. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Pouilly-Fumé

Blanc Fumé de Pouilly

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta geala socra atá iontu agus na saintréithe anailíseacha seo a leanas ag baint leo: Neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte: 10,5 % – le haghaidh baisceanna atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó ag céim an phacáistithe: cion siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) nach mó ná 4 g/l. Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 13 %; ní fhéadfaidh an cion aigéadachta so-ghalaithe a bheith níos mó ná 14,5 milleachoibhéis in aghaidh an lítir; agus ní fhéadfaidh an cion SO2 iomlán a bheith níos mó ná 150 mg in aghaidh an lítir.

Maidir leis na méideanna d’aigéadacht iomlán, is iad siúd na méideanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais. Is fíonta socra bána iad a bhfuil dath idir buí éadrom agus dath an óir orthu. D’fhéadfaí go mbeadh ag an bpailéad cumhra bolaithe torthaíocha, a chuireann torthaí citris i gcuimhne, bolaithe bláthanna a chuireann bláthanna bána i gcuimhne, bolaithe cineáil agus mianracht. Bíonn na fíonta seo casta, galánta agus tathagach, agus saintréith úr acu.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíon oireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Cleachtas sonrach fíoneolaíochta

Toirmisctear aon chóireáil teasa ar bhuain na bhfíonchaor ag teocht os cionn 40 °C má dheighltear na leachtanna ó na solaid díreach ina dhiaidh. Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid. Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 13 %. Na cleachtais fíoneolaíochta a ghlactar le haghaidh na bhfíonta, ní mór dóibh na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus leis an gCód Tuaithe agus Iascach a chomhlíonadh, mar aon leis na forálacha thuas.

2.   An modh saothraithe

Córais traenála

a)

Dlús plandaithe. Is é 6 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha. Is é suas le 1,30 méadar an fad idir na rónna fíniúnacha, agus is é idir 0,80 agus 1,20 méadar an spásáil idir phlandaí sa ró céanna.

b)

Rialacha prúnála. Prúnáiltear na fíniúnacha roimh an gcéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do 2 nó 3 dhuilleog oscailte nó céim 9 ar scála Eichhorn agus Lorenz, ag úsáid na teicnící a leanas: prúnáil Guyot singil ina mbíonn 10 mbachlóg inchomhairthe ar a mhéad in aghaidh an phlanda, nach mbíonn níos mó ná 8 gcinn acu ar an gcána, agus 1 nó 2 spor nach bhfuil ach 2 bhachlóg ar a mhéad ar gach ceann acu; nó prúnáil spoir (cordon de Royat) ina mbíonn 14 bhachlóg in aghaidh an phlanda ar a mhéad, fráma singil nó dúbailte agus 2 bhachlóg ar gach spor ar a mhéad. Tá an tréimhse chun an tródam a bhunú teoranta do 4 bliana. Le linn an tréimhse seo, ceadaítear prúnáil Guyot singil nó dúbailte agus 8 mbachlóg ar gach cána ar a mhéad. Ní fhéadfaidh níos mó ná 20 % de na plandaí atá ann in aghaidh na bliana a bheith i gceist le hathnuachan dáileachta fíonghoirt a phrúnáiltear de réir mhodh “cordon de Royat”.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

75 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Buaintear na fíonchaora agus déantar agus forbraítear na fíonta sna bardais a leanas i Roinn Nièvre: Garchy, Mesves-sur-Loire, Pouilly-sur-Loire, Saint-Andelain, Saint-Laurent-l’Abbaye, Saint-Martin-sur-Nohain, Tracy-sur-Loire (tarraingítear suas an liosta ar bhonn an Chóid Gheografaigh Oifigiúil le haghaidh 2020).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Sauvignon B – Sauvignon Blanc

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   

 

a)

Tuairisc ar na tosca nádúrtha a chuireann leis an nasc. Ag síneadh thart ar 20 ciliméadar feadh bhruach deas na Loire, roinneann an limistéar geografach teorann le hoirdheisceart Imchuach Pháras. Ag baint buaic amach ag 270 méadar, i.e. níos mó ná 100 méadar os cionn an ghleanna, tugann sé tírdhreach a bhfuil an-chodarsnacht ag baint leis agus loig dhoimhne chomhthreomhara a ritheann soir ó thuaidh/siar ó dheas agus a osclaíonn ar an nGleann Loire íochtarach.

Tá na fíonghoirt suite i seacht mbardas timpeall barr cnoic Saint-Andelain, atá ar an mullach is airde den limistéar geografach.

Luíonn siad ar éagsúlacht foirmíochta geolaíche, agus léiríonn na dáileachtaí críochaithe a roghnaítear chun na fíonchaora a bhuain an éagsúlacht seo. Tugtar tosaíocht go háirithe do: – Marla Cimiritseach, nó “móta liath”, ar sainghné de chuid lárnach an limistéir geografach é, sna bardais Pouilly-sur-Loire agus Saint-Andelain: is iad seo na hithreacha fíonsaothraithe is mó ionadaíochta acu. – Aolchloch na céime Ocsfordaí, a tháirg ithreacha a bhfuil méid ard cloiche iontu, ar a dtugtar “caillottes” orthu: tá an chuid is mó acu in oirthuaisceart an limistéir gheografaigh. – Na hithreacha lán le breochlocha, a bhíonn créúil (“silex”) a bheag nó a mhór a cruthaíodh le linn chéim an-chreimneach na Tréimhse Cailcí, a fhaightear i gcríoch bhardas Saint-Andelain go príomha. – Na hithreacha siliciúla, créúil a bheag nó a mhór a fhaightear ar an taobh thiar den limistéar geografach go príomha, i mbardas Tracy-sur-Loire.

Tá aeráid leathmhuirí ag an limistéar geografach. Titeann 600 mm báistí ar an meán ann in aghaidh na bliana, agus bíonn príomhról ag na Loire mar rialaitheoir teochta trí bhíthin an aer fuair a thaoscadh ó na gleannta ingearacha.

b)

Tuairisc ar na tosca daonna a chuireann leis an nasc. Is féidir a theacht ar fhíonsaothrú siar go dtí an cúigiú céad agus eiseadh eastáit Gallóis-Rómhánaigh darbh ainm “Pauliacum”. In 680, d’fhág an tEaspag Vigilius a eastát Pouilly agus a fhíniúnacha ag Mainistir Notre-Dame-d’Auxerre. Trasnaíonn an bóthar Rómhánach, a théann siar go dtí an t-am sin, an limistéar geografach, a sholáthraítear fianaise stair fhada an limistéir maidir le gníomhaíocht tráchtála.

Ag an am sin, bhí fíorfhás ag na fíonghoirt a bhuí leis na comhthionóil mhanachúla, na manaigh Bheinidicteacha de chuid Charité-sur-Loire go háirithe. Ar cheann de na fánaí atá suite os cionn na Loire, ceapach thart ar 4 heicteár atá ann a thugtar “Loge aux Moines” air, léiríonn sé an tréimhse forbartha seo.

Ón séú céad déag amach, d’éascaigh an Loire agus a cuid bád dáileadh na bhfíonta, agus tar éis oscailt Chanáil Briare in 1642, a nascadh an Loire agus an tSéin, bhí cuid mhór den trádáil seo dírithe ar an bPáras. Ansin, thosaigh fíonta “Pouilly” a theacht isteach i Sasana, a bhí trádáilte ag Foires de Rouen. Bunaíodh comhlachais saothróirí fíniúna Naomh Uinseann (“confréries vigneronnes”) ag deireadh an seachtú céad déag.

I rith an ochtú céad déag, seoladh fíon “Pouilly” go Montargis, Fontainebleau, Páras agus Versailles. Cuireadh cineálacha fíonchaoire éagsúla sna fíonghoirt, a chumhdaigh 2 000 heicteár: Melon B, Meslier Saint-François B, Sauvignon B agus Chasselas B.

Chonacthas sa dara leath den naoú céad déag athrú suntasach ó tháirgeadh fíona chuig táirgeadh fíonchaora boird (Chasselas B), arna seoladh d’iarnród go dtí margadh Pháras nach raibh soláthar maith déanta air, go dtí gur tharla an ghéarchéim phylloxera in 1890.

Ag tús an fichiú céad, rinne an cineál Sauvignon B, a tugadh “blanc fumé” air go háitiúil mar, i gcás aibíochta, cumhdaítear gráinní na bhfíonchaor le blás liath de dhath deataigh, dul chun cinn tapa go dtí gurbh é an príomhchineál fíonchaoire a saothraíodh sna fíonghoirt.

In 1923, thug breithiúnas aitheantas ar úsáid an ainm “Pouilly-Fumé” le haghaidh fíonta a dhéantar ó chineál Sauvignon B. D’eagraigh na táirgeoirí iad féin ina dhiaidh sin, ag bunú shiléar comhoibritheach Pouilly in 1948, agus Confrérie des “Baillis” ina dhiaidh, a raibh mar aidhm acu aird a tharraingt ar fhíonta “Pouilly”. Ó shin i leith, cuirtear cuid mhór an táirge ar an margadh sa bhaile agus onnmhairítear chuig níos mó ná 90 tír é.

In 2009, b’ionann an táirgeadh agus thart ar 59 000 heictilítear as 1 220 heicteár ar an iomlán d’fhíonghoirt á oibriú ag gnóthaí teaghlaigh go príomha.

8.2.   

 

Is fíonta socra bána iad a bhfuil dath idir buí éadrom agus dath an óir orthu.

D’fhéadfaí go mbeadh ag an bpailéad cumhra bolaithe torthaíocha, a chuireann torthaí citris i gcuimhne, bolaithe bláthanna a chuireann bláthanna bána i gcuimhne, bolaithe cineáil agus mianracht. Bíonn na fíonta seo casta, galánta agus tathagach, agus saintréith úr acu. Tugann meascán den aeráid leathmhuirí, suíomh a bhíonn cosanta ó ghaotha aniar agus atá gar don Loire, a fheidhmíonn mar rialúchán teochta, dálaí aeráide den scoth don limistéar geografach seo chun cineál Sauvignon B a shaothrú.

Áirithítear na teochtaí séimhe a thagann as sin le linn thimthriall fáis na fíniúna go n-aibíonn na fíonchaora go cothrom, agus forbraíonn an tsealaíocht idir laethanta teo agus oícheanta fuara i rith thréimhse aibithe na bhfíonchaor dea-bholaithe na bhfíonta agus caomhnaítear a n-úire.

Caomhnaítear sa réigiún seo, ar a ndearnadh athruithe doimhne i gcaitheamh na gcéadta, a dtraidisiúin fíonsaothrúcháin i gcónaí. Fantar sna limistéir a bhfuil acmhainn cháilíochta ard acu, áiteanna inarbh fhearr fíniúnacha ná bairr eile, tiomanta d’fhíonshaothrú.

Léirítear na nósanna sin sa limistéar dáileachta críochaithe, nach n-áirítear ach dáileachta a bhfuil ithreacha éadoimhne iontu, ar fhána ghéar go minic. Sna dálaí sin, is gá plandaí agus a n-acmhainneacht táirgthe a bhainistiú go han-mhaith trí bhíthin dlús plandála ard, treorú fíniúna agus prúnáil mionchúiseach. Léiríonn na teicnící sin saineolas sinseartha pobail dhaonna atá tiomanta dá thraidisiúin fíonsaothraithe agus dá thírdhreach, mar a léirítear trí bhíthin na gcomhlachas saothróirí fíniúna atá ann fós a bunaíodh sa seachtú céad déag.

Léirítear an saineolas sin freisin i gcumas an déantóra fíona, saineolas a tógadh leis na glúnta, chun úrnuacht agus saibhreas an chomhshaoil nádúrtha a tharraingt amach: fíonta cumhachtacha a bhfuil ruainnín citris ar na “hithreacha bána” iontu, fíonta galánta a bhfuil blasanna de bhláthanna bána ar na “caillottes” orthu, fíonta úra a bhfuil iarbhlas mianach úr ar an “silex” orthu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2020:

Roinn Cher: Bannay, Bué, Crézancy-en-Sancerre, Jalognes, Menetou-Râtel, Ménétreol-sous-Sancerre, Montigny, Neuvy-Deux-Clochers, Saint-Satur, Sainte-Gemme-en-Sancerrois, Sancerre, Sury-en-Vaux, Thauvenay, Veaugues, Verdigny agus Vinon.

Roinn Loiret: Beaulieu-sur-Loire, Bonny-sur-Loire, Briare, Gien, Ousson-sur-Loire, Saint-Brisson-sur-Loire agus Thou.

Roinn Nièvre: Alligny-Cosne, Bulcy, Cosne-Cours-sur-Loire, La Celle-sur-Loire, Myennes, Neuvy-sur-Loire, Pougny, Saint-Loup agus Saint-Père.

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

An fhaisnéis roghnach uile, déantar í a phriontáil ar na lipéid i litreacha nach féidir a bheith níos mó, ar airde, ar leithead ná ar thiús, ná dhá oiread mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Méid na litreacha d’ainm geografach forlíontach “Val de Loire”, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

I gcás fíonta lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh, féadfar an t-ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéid, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

tá sé liostaithe i gclárlann na talún;

bíonn an t-ainm le feiceáil ar an dearbhú buainte.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-c8e782e2-9df9-46eb-b243-3eff89c512ec


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 466/37


Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh le sonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 466/12)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Pouilly-sur-Loire”

PDO-FR-A0825-AM01

Dáta teachtaireachta: 23.9.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Cód Geografach Oifigiúil

Rinneadh na bardais a chuimsítear sa limistéar geografach agus sa limistéar atá díreach in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an Code officiel géographique [Cód Geografach Oifigiúil].

Níor athraíodh teorainn an limistéir.

Leasaíodh pointe 6 agus pointe 9 den doiciméad aonair.

2.   Prúnáil

Soiléiríodh sa tsonraíocht go bprúnáiltear na fíniúnacha roimh an gcéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do 2 nó 3 dhuilleog oscailte nó do chéim 9 ar scála Eichhorn agus Lorenz.

Rinneadh an leasú chun na seiceálacha atá le déanamh a shainmhíniú níos soiléire. Áirithítear le sonrú na céime ag is gá prúnáil a chríochnú go bhfuil na hionchais bheachta chéanna ag gach oibreoir agus gur féidir na seiceálacha a dhéanamh faoi na coinníollacha is fearr.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

3.   Treilísiú

Soiléiríodh sa tsonraíocht go ndéantar treilísiú roimh an gcéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do dhúnadh an triopaill nó do chéim 32 ar scála Eichhorn agus Lorenz. Sonraítear an modh treilísithe:

“—

Cuimsíonn sé ar a laghad 2 shreang um ardú agus sreang ualachiompartha le haghaidh fíniúnacha a phrúnáiltear ina Guyot singil nó ina cordon de Royat nó 2 shreang um ardú le haghaidh fíniúnacha a phrúnáiltear ina gcuach nó ina bhfean.

Ardófar na sreanga um ardú thar leibhéal na dtriopall.

Ní mór don duilliúr treilíse íosairde 0.6 de mhéid an fhaid idir na rónna a bhaint amach ar a laghad, agus an airde á tomhas ó phointe 0.10 m faoin tsreang threilísithe chuig airde an fhásra.”

Rinneadh an leasú chun na seiceálacha atá le déanamh a shainmhíniú níos soiléire. Tá oibreoirí ag fáil amach go bhfuil sé ag éirí níos deacra foireann bhuan a earcú sna fíonghoirt agus ina áit sin úsáideann siad soláthraithe seirbhíse nach gá speisialtóireacht a bheith acu i saothrú fíona. Beartaítear leis an bhfaisnéis mhionsonraithe faoi threilísiú a sholáthraítear sa tsonraíocht freisin le bheith oideachasúil agus le míniú a thabhairt céard atáthar ag súil leis. Fágann sé chomh maith gur féidir coinníollacha a shonrú lena mbeifear in ann fíonchaora ardchaighdeáin a tháirgeadh, lena ráthaítear bonn cáilíochta an amhábhair.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

4.   Forálacha agrai-éiceolaíocha

Cuireadh ráiteas leis go dtugann an táirgeoir aird ar leith ar fhadhbanna creimthe.

D’fhéadfadh guaiseacha a bhaineann leis an aeráid (báisteach throm go háirithe) creimeadh a dhéanamh nó clasáin a chruthú sna fíonghoirt a bhfuil cuid díobh suite ar fhánaí géara. Fágann an ráiteas sin gur féidir táirgeoirí a chur ar an eolas faoin riosca sin agus an tráth céanna seiceálacha a éascú i gcás nach gcuirtear san áireamh é.

Cuirtear na forálacha agrai-éiceolaíocha seo a leanas leis:

“—

Toirmisctear aon athrú substaintiúil ar mhoirfeolaíocht na fo-ithreach, na barrithreach nó eilimintí a ráthaítear sláine agus inbhuanaitheacht ithreacha dáileachta atá beartaithe do shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, cé is moite de threabhadh trinse coitianta.

Éilítear cumhdach féir buan le taobh teorainneacha dáileachta: cinnfhearainn agus na háiteanna idir dáileachtaí nach bhfuil curtha ná saoraithe. Níl feidhm ag an gceanglas sin maidir le cinnfhearainn atá á n-athchoiriú, tar éis creimthe nó teagmhas eisceachtúil aeráide go háirithe.

Toirmisctear rialú ceimiceach fiailí na dáileachta ar íosmhéid 25 % den achar idir rónna.

Toirmisctear rialú ceimiceach fiailí na dáileachta idir an chéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do thús na haibíochta, nó céim 36 ar scála Eichhorn agus Lorenz, agus 1 Feabhra den bhliain tar éis an fhómhair.”

Déantar na hathruithe sin chun aird níos fearr a thabhairt ar an gcomhshaol.

Cuireadh cumhdach féir ar na cinnfhearainn san áireamh sa tsonraíocht. Leasaíodh an fhoclaíocht chun na sonraíochtaí a chomhchuibhiú.

Chun teorainn a chur le húsáid luibhicídí, tá 2 fhoráil san áireamh: an toirmeasc ar rialú fiailí iomlán ar íosmhéid an achair idir rónna nach cuireadh faoi rialú ceimiceach fiailí, agus an toirmeasc ar rialú ceimiceach fiailí san fhómhar nó sa gheimhreadh.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

5.   Uisciú

Cuireadh deireadh leis an gcosc ar uisciú.

Bíonn toirmeasc ar uisciú idir 1 Bealtaine agus tréimhse an fhómhair.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

6.   Caighdeáin anailíseacha

Sonraíodh cheana nach mór méid aigéid so-ghalaithe nach mó ná 14.5 milleachoibhéisí in aghaidh an lítir a bheith ag baisceanna atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó ag céim an phacáistithe.

Leanann an teorainn sin an staidéar ilbhliantúil ar luachanna fíonta STFC. Áirithíonn sé cáilíochtaí na bhfíonta a tháirgtear agus cosnaíonn sé gnáth-shaintréithe STFC.

Baisceanna atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó ag céim an phacáistithe, tá cion SO2 nach mó ná 150 mg in aghaidh an lítir iontu.

Is é is aidhm don fhoráil seo ionchuir a laghdú agus cáilíocht na bhfíonta a chaomhnú i gcomhthráth.

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

7.   Rialúchán teirmeach dabhcha

Tugadh ceanglas isteach go mbeidh córas rialúcháin theirmigh ar dhabhcha fíonóireachta níos mó ná 30 hl.

Cuireann sé sin na nósanna agus na cleachtais cháilíochta atá bainteach le rialúchán teirmeach na bhfíonta geala ar bhonn foirmiúil.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

8.   Trealamh toirmiscthe

Chun cáilíocht a chosaint, toirmeasctar na hábhair seo a leanas:

fáisceáin chiseáin chothrománacha a bhfuil slabhraí agus plátaí acu;

leantóirí féin-fholmhaithe a bhfuil caidéil eite lártheifeacha acu.

Úsáidtear ábhair de cháilíocht níos fearr cheana laistigh de STFC. Cuidíonn an tsonraíocht táirge leasuithe a áirithiú go leantar na cleachtais sin.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

9.   Acmhainn seomra coipthe

Méadaítear acmhainn an tseomra coipthe ó 1.4 go 1.6 oiread na toirte fíona a tháirgtear ón mbunbharr.

De bharr na forála seo is féidir rialúchán a dhéanamh ar thoirt an fhíona a thógtar ón bhfíonlann agus a chuirtear ar an margadh chun teorainn a chur ar an riosca maidir le laghdú praghsanna, roimh an bhfómhar go háirithe.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

10.   Scaipeadh idir trádstórais údaraithe

Scriosadh Pointe IX(4)(b) de Chaibidil 1 a bhaineann leis an dáta ónar féidir na fíonta a scaipeadh idir trádstórais údaraithe.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

11.   Ceanglais maidir le dearbhú

Cuireadh dearbhú tarscaoilte táirgthe agus dearbhú maidir le fíniúnacha marbha agus caillte leis.

Éascóidh an dá dhearbhú seiceálacha ar choinníollacha táirgthe.

Athraíodh an sprioc-am chun dearbhú éilimh a chur isteach ón 25 Samhain go dtí an 10 Nollaig.

Mar sin is ionann an sprioc-am chun dearbhú an éilimh a chur isteach agus an sprioc-am chun dearbhú an fhómhair a chur isteach.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

12.   Na príomhphointí i gcomhair seiceála

Tugadh Caibidil 3 cothrom le dáta chun foclaíocht na bpríomhphointí atá le seiceáil i sonraíochtaí le haghaidh táirgí ó limistéar Val de Loire a chomhchuibhiú.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

13.   Tagairt don chomhlacht cigireachta

Rinneadh leasú ar fhoclaíocht na tagartha don chomhlacht cigireachta chun í a ainíniú le foclaíocht sonraíochtaí táirge eile. Is leasú eagarthóireachta amháin é sin.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

“Pouilly-sur-Loire”

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta geala socra atá iontu agus na saintréithe seo a leanas ag baint leo: Neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte: 9.5 % – le haghaidh baisceanna atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó ag céim an phacáistithe: cion siúcra choipthigh (glúcós agus fruchtós) nach mó ná 4 g/l. Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 12 %. Maidir leis na méideanna d’aigéadacht iomlán, is iad siúd na méideanna a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais.

Baisceanna atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó ag céim an phacáistithe, tá méid aigéid mhalaigh nach mó ná 14.5 milleachoibhéisí in aghaidh an lítir acu.

Baisceanna atá réidh le cur ar an margadh i mbulc nó ag céim an phacáistithe, tá cion SO2 nach mó ná 150 mg in aghaidh an lítir iontu.

Is fíonta socra bána iad a bhfuil dath idir buí éadrom agus dath an óir orthu. Tá siad spleodrach, láidir agus úr. Bíonn blasanna mianracha orthu agus bolaithe bláthanna bána agus torthaí triomaithe iontu, chomh maith le maothlachas éigin.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíon oireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Cleachtas sonrach fíoneolaíochta

Toirmisctear aon chóireáil teasa ar bhuain na bhfíonchaor ag teocht os cionn 40 °C má dheighltear na leachtanna ó na solaid díreach ina dhiaidh. Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid. Tar éis an tsaibhrithe, níor cheart neart alcóil iomlán na bhfíonta de réir toirte a bheith níos mó ná 12 %. Na cleachtais fíoneolaíochta a ghlactar le haghaidh na bhfíonta, ní mór dóibh na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus leis an gCód Tuaithe agus Iascach a chomhlíonadh, mar aon leis na forálacha thuas.

2.   An modh saothraithe

Córais traenála

a)

Dlús plandaithe. Is é 6 000 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha. Is é suas le 1.30 méadar an fad idir na rónna fíniúnacha, agus is é idir 0.80 agus 1.20 méadar an spásáil idir phlandaí sa ró céanna.

b)

Rialacha prúnála. Prúnáiltear na fíniúnacha roimh an gcéim fheineolaíochta a chomhfhreagraíonn do 2 nó 3 dhuilleog oscailte nó céim 9 ar scála Eichhorn agus Lorenz, ag úsáid na teicnící a leanas: prúnáil Guyot singil ina mbíonn 10 mbachlóg inchomhairthe ar a mhéad in aghaidh an phlanda, nach mbíonn níos mó ná 8 gcinn acu ar an gcána, agus 1 nó 2 spor nach bhfuil ach 2 bhachlóg ar a mhéad ar gach ceann acu; nó prúnáil spoir (cordon de Royat) ina mbíonn 14 bhachlóg in aghaidh an phlanda ar a mhéad, fráma singil nó dúbailte agus 2 bhachlóg ar gach spor ar a mhéad. Tá an tréimhse chun an tródam a bhunú teoranta do 4 bliana. Le linn an tréimhse seo, ceadaítear prúnáil Guyot singil nó dúbailte agus 8 mbachlóg ar gach cána ar a mhéad. Ní fhéadfaidh níos mó ná 20 % de na plandaí atá ann in aghaidh na bliana a bheith i gceist le hathnuachan dáileachta fíonghoirt a phrúnáiltear de réir mhodh “cordon de Royat”. – nó trí bhíthin prúnáil spoir (cuachphrúnáil nó feanphrúnáil) ina mbíonn 12 bhachlóg in aghaidh an phlanda ar a mhéad, a phrúnáiltear go 1 nó 2 bhachlóg ar gach spor ar a mhéad.

5.2.   Uastáirgeacht

75 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Buaintear na fíonchaora agus déantar agus forbraítear na fíonta sna bardais a leanas i Roinn Nièvre: Garchy, Mesves-sur-Loire, Pouilly-sur-Loire, Saint-Andelain, Saint-Laurent-l’Abbaye, Saint-Martin-sur-Nohain, Tracy-sur-Loire (tarraingítear suas an liosta ar bhonn an Chóid Gheografaigh Oifigiúil le haghaidh 2020).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Chasselas B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   

 

a)

Tuairisc ar na tosca nádúrtha a chuireann leis an nasc. Ag síneadh thart ar 20 ciliméadar feadh bhruach deas na Loire, roinneann an limistéar geografach teorann le hoirdheisceart Imchuach Pháras. Ag baint buaic amach ag 270 méadar, i.e. níos mó ná 100 méadar os cionn an ghleanna, tugann sé tírdhreach a bhfuil an-chodarsnacht ag baint leis agus loig dhoimhne chomhthreomhara a ritheann soir ó thuaidh/siar ó dheas agus a osclaíonn ar an nGleann Loire íochtarach.

Tá na fíonghoirt suite i seacht mbardas timpeall barr cnoic Saint-Andelain, atá ar an mullach is airde den limistéar geografach.

Luíonn siad ar éagsúlacht foirmíochta geolaíche, agus léiríonn na dáileachtaí críochaithe a roghnaítear chun na fíonchaora a bhuain an éagsúlacht seo. Tugtar tosaíocht go háirithe do: – Marla Cimiritseach, nó “móta liath”, ar sainghné de chuid lárnach an limistéir geografach é, sna bardais Pouilly-sur-Loire agus Saint-Andelain: is iad seo na hithreacha fíonsaothraithe is mó ionadaíochta acu. – Aolchloch na céime Ocsfordaí, a tháirg ithreacha a bhfuil méid ard cloiche iontu, ar a dtugtar “caillottes” orthu: tá an chuid is mó acu in oirthuaisceart an limistéir gheografaigh. – Na hithreacha lán le breochlocha, a bhíonn créúil (“silex”) a bheag nó a mhór a cruthaíodh le linn chéim an-chreimneach na Tréimhse Cailcí, a fhaightear i gcríoch bhardas Saint-Andelain go príomha. – Na hithreacha siliciúla, créúil a bheag nó a mhór a fhaightear ar an taobh thiar den limistéar geografach go príomha, i mbardas Tracy-sur-Loire.

Tá aeráid leathmhuirí ag an limistéar geografach. Titeann 600 mm báistí ar an meán ann in aghaidh na bliana, agus bíonn príomhról ag na Loire mar rialaitheoir teochta trí bhíthin an aer fuair a thaoscadh ó na gleannta ingearacha.

b)

Tuairisc ar na tosca daonna a chuireann leis an nasc. Is féidir a theacht ar fhíonsaothrú siar go dtí an cúigiú céad agus eiseadh eastáit Gallóis-Rómhánaigh darbh ainm “Pauliacum”. In 680, d’fhág an tEaspag Vigilius a eastát Pouilly agus a fhíniúnacha ag Mainistir Notre-Dame-d’Auxerre. Trasnaíonn an bóthar Rómhánach, a théann siar go dtí an t-am sin, an limistéar geografach, a sholáthraítear fianaise stair fhada an limistéir maidir le gníomhaíocht tráchtála.

Ag an am sin, bhí fíorfhás ag na fíonghoirt a bhuí leis na comhthionóil mhanachúla, na manaigh Bheinidicteacha de chuid Charité-sur-Loire go háirithe. Ar cheann de na fánaí atá suite os cionn na Loire, ceapach thart ar 4 heicteár atá ann a thugtar “Loge aux Moines” air, léiríonn sé an tréimhse forbartha seo.

Ón séú céad déag amach, d’éascaigh an Loire agus a cuid bád dáileadh na bhfíonta, agus tar éis oscailt Chanáil Briare in 1642, a nascadh an Loire agus an tSéin, bhí cuid mhór den trádáil seo dírithe ar an bPáras. Ansin, thosaigh fíonta “Pouilly” a theacht isteach i Sasana, a bhí trádáilte ag Foires de Rouen. Bunaíodh comhlachais saothróirí fíniúna Naomh Uinseann (“confréries vigneronnes”) ag deireadh an seachtú céad déag.

I rith an ochtú céad déag, seoladh fíon “Pouilly” go Montargis, Fontainebleau, Páras agus Versailles. Cuireadh cineálacha fíonchaoire éagsúla sna fíonghoirt, a chumhdaigh 2 000 heicteár: Melon B, Meslier Saint-François B, Sauvignon B agus Chasselas B.

Chonacthas sa dara leath den naoú céad déag athrú suntasach ó tháirgeadh fíona chuig táirgeadh fíonchaora boird (Chasselas B), arna seoladh d’iarnród go dtí margadh Pháras nach raibh soláthar maith déanta air, go dtí gur tharla an ghéarchéim phylloxera in 1890.

In 1923, thug breithiúnas aitheantas ar úsáid an ainm “Pouilly-sur-Loire” le haghaidh fíonta a dhéantar ó chineál Chasselas B. D’eagraigh na táirgeoirí iad féin ina dhiaidh sin, ag bunú shiléar comhoibritheach Pouilly in 1948, agus Confrérie des “Baillis” ina dhiaidh, a raibh mar aidhm acu aird a tharraingt ar fhíonta “Pouilly”. Ó shin i leith, cuirtear cuid mhór an táirge ar an margadh sa bhaile agus onnmhairítear chuig níos mó ná 90 tír é.

In 2009, b’ionann an táirgeadh agus thart ar 1 000 heictilítear as 30 heicteár ar an iomlán d’fhíonghoirt á oibriú ag gnóthaí teaghlaigh go príomha. Is fíonta socra bána iad a bhfuil dath idir buí éadrom agus dath an óir orthu.

Tá siad spleodrach, láidir agus úr. Bíonn blasanna mianracha orthu agus bolaithe bláthanna bána agus torthaí triomaithe iontu, chomh maith le maothlachas éigin. Tugann meascán den aeráid leathmhuirí, suíomh a bhíonn cosanta ó gaotha aniar agus atá gar don Loire, a fheidhmíonn mar rialúchán teochta, dálaí aeráide den scoth don limistéar geografach seo chun cineál Chasselas B a shaothrú.

8.2.   

 

Áirithítear na teochtaí séimhe a thagann as sin le linn thimthriall fáis na fíniúna go n-aibíonn na fíonchaora go cothrom, agus forbraíonn an tsealaíocht idir laethanta teo agus oícheanta fuara i rith thréimhse aibithe na bhfíonchaor dea-bholaithe na bhfíonta agus caomhnaítear a n-úire.

Caomhnaítear sa réigiún seo, ar a ndearnadh athruithe doimhne i gcaitheamh na gcéadta, a dtraidisiúin fíonsaothrúcháin i gcónaí. Fantar sna limistéir a bhfuil acmhainn cháilíochta ard acu, áiteanna inarbh fhearr fíniúnacha ná bairr eile, tiomanta d’fhíonshaothrú.

Léirítear na nósanna sin sa limistéar dáileachta críochaithe, nach n-áirítear ach dáileachta a bhfuil ithreacha éadoimhne iontu, ar fhána ghéar go minic. Sna dálaí sin, is gá plandaí agus a n-acmhainneacht táirgthe a bhainistiú go han-mhaith trí bhíthin dlús plandála ard, treorú fíniúna agus prúnáil mionchúiseach. Léiríonn na teicnící sin saineolas sinseartha pobail dhaonna atá tiomanta dá thraidisiúin fíonsaothraithe agus dá thírdhreach, mar a léirítear trí bhíthin na gcomhlachas saothróirí fíniúna atá ann fós a bunaíodh sa seachtú céad déag.

Léirítear an saineolas sin freisin i gcumas an déantóra fíona, saineolas a tógadh leis na glúnta, chun úrnuacht agus saibhreas an chomhshaoil nádúrtha a tharraingt amach: Fíonta “Pouilly-sur-Loire” atá lán le fíneáltacht.

Na fíonta “Pouilly-sur-Loire”, fíonta ar a thrácht manaigh Charité-sur-Loire sa 12ú céad agus Guy COQUILLE, comhalta an Tríú hEastát sa 16ú céad, a thug faoi deara go raibh fíonta an réigiúin ar bhoird na maithe agus na móruaisle den Ríocht, lean na fíonta sin den dea-cháil a bhí orthu a fheabhsú. Is léiriú den scoth ar an méid sin an trádáil idirnáisiúnta a bhaineann leo.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil 2020:

Roinn Cher: Bannay, Bué, Crézancy-en-Sancerre, Jalognes, Menetou-Râtel, Ménétreol-sous-Sancerre, Montigny, Neuvy-Deux-Clochers, Saint-Satur, Sainte-Gemme-en-Sancerrois, Sancerre, Sury-en-Vaux, Thauvenay, Veaugues, Verdigny agus Vinon.

Roinn Loiret: Beaulieu-sur-Loire, Bonny-sur-Loire, Briare, Gien, Ousson-sur-Loire, Saint-Brisson-sur-Loire agus Thou.

Roinn Nièvre: Alligny-Cosne, Bulcy, Cosne-Cours-sur-Loire, La Celle-sur-Loire, Myennes, Neuvy-sur-Loire, Pougny, Saint-Loup agus Saint-Père.

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

An fhaisnéis roghnach uile, déantar í a phriontáil ar na lipéid i litreacha nach féidir a bheith níos mó, ar airde, ar leithead ná ar thiús, ná dhá oiread mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

Méid na litreacha d’ainm geografach forlíontach “Val de Loire”, ní fhéadfaidh siad a bheith níos mó, ar airde ná ar leithead, ná dhá thrian de mhéid na litreacha lena gcruthaítear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

I gcás fíonta lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh, féadfar ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéad, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas: – ainm áite is ea é atá liostaithe i gclárlann na talún; – bíonn an -ainm le feiceáil ar an dearbhú buainte.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-c8e782e2-9df9-46eb-b243-3eff89c512ec


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.