ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 465

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
6 Nollaig 2022


Clár

Leathanach

 

 

PARLAIMINT NA hEORPA
SEISIÚN 2022-2023
Suíonna ón 2 go dtí an 5 Bealtaine 2022
Tá na téacsanna arna nglacadh an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an urscaoileadh do bhliain airgeadais 2020 foilsithe in IO L 258, 5.10.2022 .
TÉACSANNA ATÁ GLACTHA

1


 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Parlaimint na hEorpa

 

Dé Máirt 3. Bealtaine 2022

2022/C 465/01

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le I dtreo geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas: ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe (2021/2188(INI))

2

2022/C 465/02

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le plean gníomhaíochta AE don talmhaíocht orgánach (2021/2239(INI))

22

2022/C 465/03

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an ngéarleanúint a dhéantar ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin (2021/2055(INI))

33

2022/C 465/04

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 i dtreo straitéis AE chun oideachas do leanaí ar domhan a chur chun cinn: tionchar phaindéim COVID-19 a mhaolú (2021/2209(INI))

44

2022/C 465/05

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a bhaint amach tríd an bhfiontraíocht agus tríd an bhféinfhostaíocht (2021/2080(INI))

54

2022/C 465/06

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir leis an intleacht shaorga i ré dhigiteach (2020/2266(INI))

65

 

Dé Céadaoin 4. Bealtaine 2022

2022/C 465/07

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maidir le na bearta leantacha ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (2022/2648(RSP))

109

 

Déardaoin 5. Bealtaine 2022

2022/C 465/08

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le cás Osman Kavala sa Tuirc (2022/2656(RSP))

110

2022/C 465/09

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le tuairiscí ar shaothrú orgán atá fós ar siúl sa tSín (2022/2657(RSP))

111

2022/C 465/10

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le cniogbheartaíocht leanúnach ar an lucht freasúra polaitiúil sa Chambóid (2022/2658(RSP))

112

2022/C 465/11

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2021 (2021/2185(INI))

113

2022/C 465/12

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le bagairtí ar an gcobhsaíocht, ar an tslándáil agus ar an daonlathas san Afraic Thiar agus i réigiún na Saiheile san Afraic (2022/2650(RSP))

126

2022/C 465/13

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir (2022/2647(RSP))

127

2022/C 465/14

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le staid na himeartha maidir le comhar AE-na Moldóive (2022/2651(RSP))

128

2022/C 465/15

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le tionchar an chogaidh i gcoinne na hÚcráine ar mhná (2022/2633(RSP))

129

2022/C 465/16

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le tionchar chogadh foghach mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar earnálacha iompair agus turasóireachta an Aontais Eorpaigh (2022/2643(RSP))

138


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Parlaimint na hEorpa

 

Dé Máirt 3. Bealtaine 2022

2022/C 465/17

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh (76/787/CEGC, CEE, Euratom) ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gCinneadh sin (2020/2220(INL) – 2022/0902(APP))

145

2022/C 465/18

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (COM(2021)0656 – C9-0396/2021- 2021/0340(COD))

173

2022/C 465/19

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse cur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL (COM(2022)0039 – C9-0053/2022 – 2022/0027(CNS))

183

2022/C 465/20

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le forálacha acquis Schengen i réimse Chóras Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cipire (COM(2021)0472 – C9-0350/2021 – 2021/0266(NLE))

184

2022/C 465/21

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le Lefteris Christoforou a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0042/2022 – 2022/0802(NLE))

185

2022/C 465/22

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le George Marius Hyzler a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0043/2022 – 2022/0803(NLE))

186

 

Dé Céadaoin 4. Bealtaine 2022

2022/C 465/23

P9_TA(2022)0142
Sainordú Europol a neartú: comhar le páirtithe príobháideacha, próiseáil sonraí pearsanta, agus tacaíocht do thaighde agus nuálaíocht ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (COM(2020)0796 – C9-0401/2020 – 2020/0349(COD))
P9_TC1-COD(2020)0349
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Bealtaine 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

187

2022/C 465/24

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (COM(2021)0223 – C9-0167/2021 – 2021/0114(COD))

191

2022/C 465/25

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le gan aon agóid a dhéanamh i gcoinne rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh deimhnithe cigireachta a eisítear san Úcráin (C(2022)02164 – 2022/2637(DEA))

229

 

Déardaoin 5. Bealtaine 2022

2022/C 465/26

P9_TA(2022)0198
Rialacha idirthréimhseacha maidir le pacáistiú agus lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha maidir le pacáistiú agus lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (COM(2022)0076 – C9-0054/2022 – 2022/0053(COD))
P9_TC1-COD(2022)0053
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 5 Bealtaine 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha maidir le pacáistiú agus lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe nó atá cláraithe i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004

231


Eochair do na siombailí a úsáidtear

*

An nós imeachta comhairliúcháin

***

Nós imeachta an toilithe

***I

An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh

***II

An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh

***III

An gnáthnós imeachta reachtach: an tríú léamh

(Braitheann an cineál nós imeachta ar an mbunús dlí a mholtar sa dréachtghníomh.)

Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa:

Léirítear téacs nua le cló trom iodálach . Léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌ nó cuirtear líne tríd an téacs. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile tríd an téacs nua a aibhsiú le cló trom iodálach agus tríd an téacs atá á ionadú a scriosadh nó trí líne a chur tríd.

GA

 


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/1


PARLAIMINT NA hEORPA

SEISIÚN 2022-2023

Suíonna ón 2 go dtí an 5 Bealtaine 2022

Tá na téacsanna arna nglacadh an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an urscaoileadh do bhliain airgeadais 2020 foilsithe in IO L 258, 5.10.2022 .

TÉACSANNA ATÁ GLACTHA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Parlaimint na hEorpa

Dé Máirt 3. Bealtaine 2022

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/2


P9_TA(2022)0135

Geilleagar gorm inbhuanaithe in AE: ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le “I dtreo geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas: ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe” (2021/2188(INI))

(2022/C 465/01)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 dar teideal A new approach for a sustainable blue economy in the EU – Transforming the EU's Blue Economy for a Sustainable Future [Cur chuige nua i ndáil le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas – Geilleagar Gorm an Aontais a chlaochlú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe] (COM(2021)0240),

ag féachaint d’Airteagail 3, 4, 13, 38, 43 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1004 (2) (CEMID),

ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (3),

ag féachaint don seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil (CGC) agus do na coincheapa atá cumhdaithe ann, amhail teorainneacha pláinéadacha agus teorainneacha éiceolaíocha,

ag féachaint do Threoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat do phleanáil spásúil mhuirí (4),

ag féachaint do Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte (5),

ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (6),

ag féachaint don chomhaontú polaitiúil idir an Pharlaimint agus an Chomhairle an 11 Márta 2021 maidir le Saoráid um Chónascadh na hEorpa 2021-2027,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “Straitéis Bithéagsúlachta AE go dtí 2030: an dúlra a thabhairt ar ais inár saol” (COM(2020)0380), agus do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir leis an straitéis sin (7),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal “Straitéis ón bhfeirm go dtí an forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol” (COM(2020)0381), agus do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an straitéis sin (8),

ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún i Meán Fómhair 2021 dar teideal The EU Blue Economy Report 2021 (9)[Tuarascáil an Gheilleagair Ghoirm 2021],

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2021 maidir le “Critéir inbhuanaitheachta don gheilleagar gorm” (10),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Strategic guidelines for a more sustainable and competitive EU aquaculture for the period 2021 to 2030 [Treoirlínte straitéiseacha maidir le dobharshaothrú AE a bheidh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021- 2030] (COM(2021)0236),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Iúil 2020 dar teideal 'Cur chuige nua maidir le straitéis mhuirí an Atlantaigh – Plean Gníomhaíochta 2.0: Plean gníomhaíochta nuashonraithe do gheilleagar gorm inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch i limistéar Atlantach an Aontais Eorpaigh’ (COM(2020)0329),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí] (COM(2020)0789),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 dar teideal “An EU Strategy to harness the potential of offshore renewable energy for a climate neutral future” [Straitéis AE chun leas a bhaint as an bhfuinneamh inathnuaite amach ón gcósta le haghaidh todhchaí aeráidneodrach] (COM(2020)0741),

ag féachaint do rún uaithi an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le teacht i dtír ar acmhainneacht taighde agus nuálaíochta sa gheilleagar gorm chun poist agus fás a chruthú (11),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2018 dar teideal “Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan: Clár oibre le haghaidh thodhchaí na n-aigéan i gcomhthéacs Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2030” (12),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an tionchar atá ag bruscar muirí ar iascaigh (13),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 maidir le cur chuige nua i leith straitéis mhuirí an Atlantaigh (14),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2021 maidir le tionchar feirmeacha gaoithe amach ón gcósta agus chórais eile fuinnimh inathnuaite ar earnáil an iascaigh (15),

ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 dar teideal “I dtreo comhpháirtíochta níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas” (16),

ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

ag féachaint do na treoirlínte domhanda agus do chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le hiascach agus dobharshaothrú mar a d’fhorbair Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) i gcomhar le AE mar chomhalta,

ag féachaint don tuarascáil ó FAO dar teideal The State of World Fisheries and Aquaculture 2020: Sustainability in Action [Staid an Iascaigh Dhomhanda agus an Dobharshaothraithe, 2020 – Inbhuanaitheacht i mbun gníomhaíochta],

ag féachaint don tionscnamh Líonra na gCalafort Iascaireachta Gorm a sheol FAO i mí Iúil 2018,

ag féachaint do Straitéisí maidir le Calafort Vigo maidir le Fás Gorm do 2016-2020 agus do 2021-2027 (17),

ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún ar an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chuige nua do gheilleagar gorm inbhuanaithe in AE – geilleagar gorm AE a athrú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe (COM(2021)0240),

ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 2 Nollaig 2021 maidir leis an ngeilleagar gorm agus dobharshaothrú inbhuanaithe (NAT-VVI/020),

ag féachaint d’inniúlacht a Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht maidir le clársceidealú muirí agus beartas muirí comhtháite,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Iompar agus Turasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0089/2022),

A.

de bhrí go gcuireann geilleagar gorm AE 4,5 milliún post díreach ar fáil agus go gcuimsíonn sé gach tionscal agus gach earnáil a bhaineann le haigéin, le farraigí agus le cóstaí, bíodh siad lonnaithe sa mhuirthimpeallacht (amhail loingseoireacht, iompar paisinéirí ar muir, iascach agus giniúint fuinnimh) nó ar talamh (amhail calafoirt, longchlóis, turasóireacht chósta agus dobharshaothrú talamhbhunaithe); de bhrí gur cuid leathan, ghasta den gheilleagar é, a bhfuil céimeanna suntasacha glactha aige chun nuachóiriú agus éagsúlú a dhéanamh le deich mbliana anuas, agus a mbeidh ról tábhachtach aige i bhfeabhsú na forbartha comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch;

B.

de bhrí, dá gcuirfí an geilleagar gorm domhanda i gcomparáid le geilleagar náisiúnta, gurbh é an seachtú ceann is mó ar domhan é, agus go mbeadh an t-aigéan mar eintiteas eacnamaíoch ina chomhalta den G7; de bhrí go bhfeidhmíonn sé san éiceachóras is mó ar domhan, ós rud é go bhfuil 80 % de gach cineál beathachruthanna sna haigéin; de bhrí go dtéann an t-aigéan timpeall orainn agus go gcothaíonn sé sinn agus go gcuireann sé acmhainní ríthábhachtacha ar fáil do shláinte an duine, gan trácht ar ghréasán idirghníomhaíochtaí eacnamaíocha;

C.

de bhrí go bhféadfadh forbairt an gheilleagair ghoirm borradh mór a chur faoin bhfás agus faoin bhforbairt eacnamaíoch, chomh maith le poist a chruthú, go háirithe i dtíortha agus i réigiúin cois cósta agus oileáin agus sna réigiúin is forimeallaí;

D.

de bhrí nach ndearnadh earnáil an iascaigh, go háirithe iascaigh ar mionscála, iascaigh chósta agus iascaigh mhionscála, a chur san áireamh go leordhóthanach i straitéis AE don gheilleagar gorm;

E.

de bhrí go gcuirfidh an geilleagar gorm ionchais nua ar fáil agus go gcruthófar poist, go háirithe i réimsí amhail fuinneamh in-athnuaite aigéin, an bithgheilleagar gorm, an bhiteicneolaíocht agus an díshalannú;

F.

de bhrí go bhféadfadh na tosaíochtaí earnála maidir le forbairt an gheilleagair ghoirm a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, ag brath, ar thaobh amháin, ar thaifead forbartha na n-earnálacha traidisiúnta nó na n-earnálacha bunaithe agus, ar an taobh eile, ar acmhainní reatha agus ar acmhainneacht forbartha earnálacha atá ag teacht chun cinn i ngach Ballstát;

G.

de bhrí nach féidir leas a bhaint as acmhainneacht an gheilleagair ghoirm mar chúis chun na farraigí agus na haigéin a chur faoi réir cineálacha dúshaothraithe acmhainní agus samhlacha fáis a bhfuil sé léirithe cheana go bhfuil siad neamh-inbhuanaithe; de bhrí nach mór acmhainní mara agus aigéin a úsáid i gcomhréir leis an ngá atá le bainistiú agus caomhnú fónta na n-acmhainní mara, gan cothromaíocht na n-éiceachóras muirí a athrú;

H.

de bhrí go dtugtar le fios sa Treoir maidir le Pleanáil Spásúil Mhuirí nach mór do na Ballstáit na hidirghníomhaíochtaí atá ann idir gníomhaíochtaí agus úsáidí amhail an dobharshaothrú, an iascaireacht agus suiteálacha agus bonneagair chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite a chur san áireamh mar aon le cáblaí fomhuirí, agus cómhaireachtáil gníomhaíochtaí ábhartha a chur chun cinn agus cur chuige atá bunaithe ar an éiceachóras a chur i bhfeidhm;

I.

de bhrí nach mór do gheilleagar gorm a fhorbróidh laistigh de theorainneacha éiceolaíocha, agus dá bhrí sin ní hamháin na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, ach na hearnálacha muirí uile lena mbaineann, na colúin chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha ar fud an bhoird a urramú go cothrom chun go measfar é a bheith inbhuanaithe;

J.

de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag an gcomhbheartas iascaigh (CBI) caomhnú agus bainistiú cuí acmhainní bitheolaíocha na mara a ráthú agus go bhfuil gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtréimhse agus go ndéanfar iad a bhainistiú ar bhealach atá comhsheasmhach leis na cuspóirí i dtaca le sochair don gheilleagar, don tsochaí agus don fhostaíocht a bhaint amach, agus i dtaca le rannchuidiú le hinfhaighteacht soláthairtí bia.

K.

de bhrí gur cheart do CBI cur le fás táirgiúlachta agus le caighdeán réasúnta maireachtála in earnáil an iascaigh, lena n-áirítear earnáil an iascaigh ar mionscála, chomh maith le margaí cobhsaí, agus gur cheart dó infhaighteacht bia a áirithiú;

L.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, faoi SDG 14, na haigéin, na farraigí agus na hacmhainní muirí a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní sin a chur chun cinn, agus ag an am céanna go bhfuil sé ríthábhachtach, faoi SDG 2, slándáil bia a ráthú; de bhrí go leagtar síos i bhfosprioc 14.1 an cuspóir truailliú muirí den uile chineál a chosc agus a laghdú go suntasach faoi 2025, go háirithe ó ghníomhaíochtaí ar talamh, lena n-áirítear smionagar muirí agus truailliú cothaitheach;

M.

de bhrí go bhfuil an t-aigéan ríthábhachtach don saol ar domhan, ina dtáirgtear 50 % den ocsaigin san atmaisféar, ina n-ionsúitear thart ar 25 % d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin arna dtáirgeadh ag an duine agus 90 % den teas iomarcach sa chóras aeráide, agus chun an aeráid dhomhanda a rialú;

N.

de bhrí go bhfuil athbhunú, caomhnú, caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí ríthábhachtach do shláinte na n-aigéan, ina bhfuil na milliúin speiceas, chun sláinte an phláinéid a chosaint agus chun bunús a thabhairt do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha mara agus muirí;

O.

de bhrí go bhfuil bailiú sonraí chun faireachán agus measúnú eolaíoch a dhéanamh ar stoic sna farraigí agus sna haigéin, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar cibé an bhfuil na stoic sin laistigh de na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte, bunriachtanach dá mbainistiú inbhuanaithe;

P.

de bhrí go bhfuil codanna suntasacha de na haigéin agus de ghrinneall na farraige fós gan saothrú, go háirithe an domhainfharraige, agus de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh taighde chun a áirithiú go mbeidh aon ghníomhaíochtaí faoin ngeilleagar gorm inbhuanaithe go hiomlán;

Q.

de bhrí gur príomhearnálacha sa gheilleagar gorm iad an t-iascach agus an dobharshaothrú agus gur foinse thábhachtach próitéine agus micreachothaitheach iad atá bunriachtanach don tslándáil bia agus do shláinte an duine;

R.

de bhrí go bhfuil bithéagsúlacht mhuirí san Eoraip faoi bhrú, agus go bhfuil cion ard speiceas agus gnáthóg muirí measúnaithe i stádas caomhnaithe “neamhfhabhrach” nó “anaithnid”; de bhrí, maidir le cailliúint na bithéagsúlachta, go bhfuil mórthionchar comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch agus muirí aici ar earnáil iascaigh AE, ar chríocha cósta agus oileáin agus ar na réigiúin is forimeallaí, agus dá bhrí sin go gcaithfear í a aisiompú; de bhrí nach mór an bhithéagsúlacht a athbhunú i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile, agus go háirithe le hearnáil an iascaigh agus le pobal na heolaíochta;

S.

de bhrí gur príomhpháirtithe leasmhara iad pobail chósta agus oileáin sa díospóireacht ar acmhainneacht an gheilleagair ghoirm agus ar bhealaí chun leas a bhaint as;

T.

de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag iascairí agus feirmeoirí éisc AE ar fud AE maidir le féiniúlacht chríochach, traidisiúin chultúrtha, slándáil bia, fostaíocht agus ioncaim a chosaint agus a chur chun cinn;

U.

de bhrí go bhfuil saintréithe agus riachtanais shonracha ag iascach ar mionscála;

V.

de bhrí gur féidir leis an earnáil iascaigh áineasa rannchuidiú le hioncam pobal cósta a éagsúlú mar ghníomhaíocht ardluacha agus turasóireachta inbhuanaithe;

W.

de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag mná in earnáil an iascaigh agus san earnáil dobharshaothraithe; de bhrí gur gá a n-infheictheacht a mhéadú agus rochtain chothrom ar fhostaíocht san earnáil a áirithiú, chomh maith le haitheantas dlíthiúil iomchuí;

X.

de bhrí go leagtar béim le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna) 3, 6, 9 agus 12 ar a thábhachtaí atá sláinte ainmhithe, cáilíocht mhaith uisce, nuálaíocht inbhuanaithe agus tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe sa gheilleagar gorm;

Y.

de bhrí go bhfuil sláinte agus folláine ainmhithe uisceacha nasctha le cáilíocht táirgí bia; de bhrí go bhféadfadh leas agus feirmeoireacht ainmhithe ar chaighdeán íseal an riosca galair agus tinnis a mhéadú;

Z.

de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ag an talmhaíocht talún ar éiceachórais agus iascaigh na mara, go háirithe úsáid leasachán atá bunaithe ar nítrigin agus eotrófú timpeallachtaí uisceacha;

AA.

de bhrí go bhfuil ról an-tábhachtach ag iascairí maidir le bruscar muirí tréigthe a bhailiú san fharraige, bíodh sin trí fheachtais spriocdhírithe a dhéanamh nó trí bhruscar a bhailiú de thaisme le linn oibríochtaí iascaireachta;

AB.

de bhrí nár gnóthaíodh cuspóirí 2020 maidir le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach d’fharraigí na hEorpa agus deireadh a chur leis an ró-iascaireacht;

AC.

de bhrí gurb ionann earnáil iascaigh AE in 2018 agus thart ar 163 600 post, agus cabhlaigh ag gabháil thart ar 4,1 milliún tona éisc bheo in 2019; de bhrí gur táirgeadh 1,1 milliún tona d’orgánaigh uisceacha a raibh luach EUR 3,7 billiún orthu in AE in 2018 (18);

AD.

de bhrí gur glan-allmhaireoir táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe é AE agus go bhfuil sé ag brath i gcónaí ar allmhairí don chuid is mó dá thomhaltas bia uisceach, arb ionann é agus 34 % de luach domhanda na n-allmhairí in 2018; de bhrí nach mór d’allmhairí iascaigh AE, ar a laghad, caighdeáin inbhuanaitheachta a urramú atá cosúil leo siúd in AE; de bhrí nach mór nasc díreach a bheith idir allmhairí iascaigh AE agus poist inbhuanaithe in earnálacha na n-allmhairí, na próiseála agus an mhiondíola;

AE.

de bhrí go raibh tionchar cheana ag éifeachtaí an athraithe aeráide ar iascaigh, ar dhobharshaothrú agus ar phobail chósta AE; de bhrí go raibh tionchar suntasach ag an ngéarchéim aeráide ar shláinte fharraigí na hEorpa le héifeachtaí díobhálacha ar athléimneacht an gheilleagair ghoirm, go háirithe ar an iascach agus ar an dobharshaothrú;

AF.

de bhrí gur chuir paindéim COVID-19 isteach go mór ar roinnt earnálacha sa gheilleagar gorm, go háirithe an turasóireacht chósta agus mhuirí; de bhrí go bhféadfadh an geilleagar gorm cuidiú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a tharla mar thoradh ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair a leigheas;

AG.

de bhrí go raibh tionchar suntasach eacnamaíoch ag paindéim COVID-19 orthu siúd atá fostaithe sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe i ngeall ar na héifeachtaí comhcheangailte a bhí ag cailliúint éilimh agus ag easpa coinníollacha ar go leor soithí chun sábháilteacht sláinte a chumasú; de bhrí go raibh drochthionchar ag an suaitheadh sa mhargadh, arb í an phaindéim is cúis leis, ar iascairí ar fud AE; de bhrí gur éirigh leis na hiascairí fós soláthar bia d’ardcháilíocht a chur ar fáil agus ar an gcúis sin, nach mór aird ar leith a thabhairt ar iascairí i ngeall ar a thábhachtaí atá siad do shlándáil an tsoláthair bia in AE;

AH.

de bhrí gur léirigh staid na paindéime a thábhachtaí atá timpeallacht bhuanseasmhach, arna tacú ag cleachtais inbhuanaithe i mbainistiú a acmhainní, don tsláinte dhomhanda agus do thodhchaí na gcóras bia;

AI.

de bhrí nach mór do phobail chósta a bhfoinsí ioncaim a éagsúlú chun suaití eacnamaíocha agus sóisialta a sheasamh;

AJ.

de bhrí, agus a bhfoinsí ioncaim á n-éagsúlú acu, gur gá do phobail chósta agus iargúlta athléimneacht a chothú i gcoinne suaití amhail na cinn sin arb é an t-athrú aeráide is cúis leo;

AK.

de bhrí go bhfuil an turasóireacht mhuirí agus chósta ina colún den gheilleagar gorm, le níos mó ná leath de chóiríocht turasóireachta an Aontais suite i limistéir chósta agus 30 % d’fhanacht thar oíche ag tarlú in ionaid saoire cois trá; de bhrí go leagtar béim sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le turasóireacht agus iompar in 2020 agus ina dhiaidh sin (COM(2020)0550) ar a thábhachtaí atá sé talamh agus caipiteal nádúrtha muirí na hEorpa a chosaint agus a athbhunú;

AL.

de bhrí gurb ionann turasóireacht mhuirí agus chósta agus 60 % den fhostaíocht sa gheilleagar gorm; de bhrí go bhfuil gá le gairmithe ardcháilithe agus oilte le geilleagar gorm atá iomaíoch, athléimneach agus cóir go sóisialta; de bhrí gur féidir le “poist ghorma” fás agus deiseanna gairme a chur chun cinn;

AM.

de bhrí go bhféadfadh an turasóireacht slatiascaireachta mar earnáil a bheith ina foinse nua ioncaim do phobail chósta agus, ag an am céanna, inbhuanaitheacht agus dea-stádas stoc éisc a áirithiú agus tairbhí sóisialta agus sláinte a sholáthar;

AN.

de bhrí gur rogha turasóireachta inbhuanaithe agus ardluacha agus gníomhaíocht chomhlántach do go leor pobal ar fud na hEorpa atá san iascach áineasa cheana; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an spéis san iascaireacht áineasa in a lán tíortha, go háirithe tar éis phaindéim COVID-19;

AO.

de bhrí go gcuideoidh forbairt bonneagair inbhuanaithe i réigiúin chósta leis an mbithéagsúlacht, le héiceachórais agus tírdhreacha cósta a chaomhnú, rud a neartóidh forbairt inbhuanaithe na turasóireachta agus an gheilleagair cósta;

AP.

de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an ngeilleagar gorm i rathúnas na réigiún is forimeallaí, atá, mar thoradh ar a leithlisiú, ag brath go háirithe ar ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar an ngeilleagar gorm, amhail iompar muirí, loingseoireacht agus turasóireacht;

AQ.

de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag calafoirt maidir le cuspóirí an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe a bhaint amach, agus de bhrí go ndéanfar forbairt inbhuanaithe pobal cósta a chur chun cinn trí inbhuanaitheacht calafort a mhéadú; de bhrí gur mol tábhachtach iad na calafoirt d’iompar earraí agus paisinéirí sna réigiúin is forimeallaí;

AR.

de bhrí go bhfuil calafoirt ríthábhachtach do nascacht agus do gheilleagar na réigiún agus na dtíortha agus go bhfuil ról tábhachtach acu maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, rud a chuidíonn le dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta, mar a luaitear i straitéis nua bhithéagsúlachta an Aontais do 2030; de bhrí go dtiocfaidh athrú ar ról na gcalafort de réir mar a thiocfaidh athrú ar thírdhreach tionsclaíoch na hEorpa (mar shampla, agus an fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta á leathnú);

AS.

de bhrí go bhféadfadh longchlóis AE na deiseanna a eascraíonn as an margadh nuálach do shoithí seirbhíse atá tíosach ar fhuinneamh, margadh atá ag fás go tapa, a thapú;

AT.

de bhrí go ngineann gníomhaíochtaí éagsúla a bhaineann leis an ngeilleagar gorm in aon spás amháin coinbhleachtaí iomaíochta, truaillithe agus bainistithe spáis mhara a mbíonn tionchar acu den chuid is mó ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, go háirithe iascach ar mionscála agus pobail chósta; de bhrí go bhfuil pleanáil spásúil mhuirí ríthábhachtach chun iomaíocht mhéadaithe agus coinbhleachtaí bainistithe spáis farraige a sheachaint;

AU.

de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na Ballstáit, trína bpleananna spásúla muirí, rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe na n-earnálacha fuinnimh ar muir, an mhuiriompair agus na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, agus le caomhnú, cosaint agus feabhsú an chomhshaoil, lena n-áirítear athléimneacht in aghaidh thionchar an athraithe aeráide; de bhrí, i ndáil leis sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar leasanna iascaigh agus dobharshaothraithe agus nár cheart iad a bheith imeallaithe de réir mar a leanann na Ballstáit dá gcuid oibre agus d’athbhreithnithe ina dhiaidh sin ar na pleananna náisiúnta spásúla muirí;

AV.

de bhrí gurb é sprioc Chomhaontú Pháras an téamh domhanda a theorannú go mór faoi bhun 2, 1,5 céim Celsius más féidir, i gcomparáid leis na leibhéil réamhthionsclaíocha;

AW.

de bhrí go soláthraítear fianaise i dTuarascáil Speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide maidir leis an Aigéan agus an Crióisféar in Aeráid atá ag Athrú, ar na tairbhí a bhaineann le heolas eolaíoch a chomhcheangal le heolas áitiúil agus dúchasach chun athléimneacht a fheabhsú;

AX.

de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag AE aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; de bhrí go bhfuil an sprioc beartaithe ag AE astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030; de bhrí go bhfuil an fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta ar cheann de na roghanna atá ar fáil do na Ballstáit chun an sprioc sin a bhaint amach; de bhrí gur cheart dó ról lárnach a bheith aige ó thaobh na cuspóirí sin a bhaint amach trí chur chuige comhtháite ina gcuirtear trí cholún na hinbhuanaitheachta san áireamh;

AY.

de bhrí gur gá togra le haghaidh spriocanna athchóirithe dúlra atá ceangailteach ó thaobh dlí a tharraingt suas faoi straitéis bithéagsúlachta AE do 2030 i gcomhréir leis an gcuspóir 30 % de limistéar muirí AE a chosaint, ar cheart 10 % de a bheith faoi réir dianbhearta caomhnaithe;

AZ.

de bhrí go bhfuil gá le treoirlínte sonracha agus pleanáil fhónta do gach ceann de réigiúin mhuirí AE maidir leis na cuspóirí atá le baint amach i limistéir caomhnaithe mhuirí;

BA.

de bhrí gur fíor-saotharlanna nádúrtha iad na réigiúin is forimeallaí, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de agus gur fíorthearmainn nádúrtha iad a bhfuil cosaint phráinneach ag teastáil uathu, go háirithe mar gheall ar a gcineál oileánda den chuid is mó agus a bhfuil limistéir mhóra chósta acu;

BB.

de bhrí go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch chun éiceachórais a bhainistiú lena gcuirtear san áireamh cúiseanna uile chailliúint na bithéagsúlachta, amhail an t-athrú aeráide, aigéadú na n-aigéan, an chuma ar speicis choimhthíocha, creimeadh cósta, etc.; de bhrí gur gá fís dhomhanda, creat domhanda agus cur chuige bunaithe ar éiceachórais a bheith ann chun acmhainní muirí a bhainistiú agus a chaomhnú;

BC.

de bhrí go bhfuil athrú aeráide ag dul i méid i gcónaí ar phatrúin dáilte agus imirce speiceas éagsúil éisc agus go bhfuil tionchar aige ar iascaigh ar mionscála i dtíortha atá i mbéal forbartha atá níos leochailí dá n-éifeachtaí;

BD.

de bhrí gur bagairt mhór í an iascaireacht neamhdhleathach d’acmhainní muirí, go n-ídítear stoic éisc, go ndíothaítear gnáthóga muirí, go gcruthaítear iomaíocht éagórach agus go gcuirtear slí bheatha na bpobal cósta agus na n-iascach oileán i mbaol;

BE.

de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach do na Ballstáit córas rialaithe iascaigh AE a chur chun feidhme atá simplí, trédhearcach agus éifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna inbhuanaitheachta na hearnála;

BF.

de bhrí, agus éagsúlú á dhéanamh ar thomhaltas, go bhfuil inrianaitheacht fheabhsaithe agus rochtain ar fhaisnéis faoi luachanna cothaitheacha, foinse agus ionad táirgthe bunriachtanach d’iompar na dtomhaltóirí;

Cur chuige domhanda i leith gheilleagar gorm AE

1.

á chur in iúl gur geal léi straitéis nua an Aontais don gheilleagar gorm inbhuanaithe atá ag an gCoimisiún; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an easpa cuspóirí sonracha d’earnálacha éagsúla, go háirithe iascaigh agus dobharshaothrú mar earnálacha tábhachtacha sa gheilleagar gorm; á chur i bhfios nach mór tograí reachtacha agus pleananna gníomhaíochta nua a bheith bunaithe i gcónaí ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil agus ar mheasúnuithe tionchair ar an gcomhshaol, ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar;

2.

á iarraidh sainmhíniú leathan a bheith ann ar an ngeilleagar gorm lena gcuimsítear gach gníomhaíocht earnála agus idir-earnála a bhaineann leis na haigéin, leis na farraigí agus le limistéir chósta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tacaíochta díreacha agus indíreacha, agus ina gcuirtear earnáil an iascaigh san áireamh mar is iomchuí; ag tarraingt aird ar thábhacht leathan na nuálaíochta le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin uile, bídís traidisiúnta nó ag teacht chun cinn;

3.

ag tarraingt aird ar an ngá atá le cur chuige comhtháite a chur chun cinn i leith earnálacha éagsúla den gheilleagar gorm, agus tosaíochtaí na mBallstát á n-aithint agus á n-urramú agus tacú leo i bhforbairt na dtosaíochtaí sin;

4.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ar an iomlán ag earnáil an gheilleagair ghoirm, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, agus gur féidir léi rannchuidiú le tionchair na n-athruithe aeráide a mhaolú, le réitigh dhúlra-bhunaithe a chur chun cinn agus le feabhas a chur ar úsáid acmhainní muirí agus uisceacha;

5.

ag tarraingt aird ar na treochtaí diúltacha agus ar an meath soiléir atá tagtha ar roinnt earnálacha níos traidisiúnta den gheilleagar gorm (amhail iascach, longthógáil agus deisiú long, i measc nithe eile), go háirithe i réigiúin ina bhfeidhmíonn siad mar fhíorghníomhaíochtaí ar ancaire, ag tiomáint gníomhaíochtaí eacnamaíocha suas go réamhtheachtach agus iartheachtach araon, ag cruthú post agus ag cur fás chun cinn; á mheas nár cheart na gníomhaíochtaí ná na réigiúin sin a fhágáil ar lár in aon straitéis maidir leis an ngeilleagar gorm, agus gur cheart go gcuirfí béim ar an deis atá ann don nuálaíocht an meath a taifeadadh a aisiompú;

6.

á thabhairt chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach an geilleagar gorm ina iomláine a chothú chun an geilleagar a athbheochan ina iomláine agus chun gnéithe eacnamaíocha agus sóisialta roinnt earnálacha amhail iompar agus turasóireacht a ndearna paindéim COVID-19 difear mór dóibh a athbhunú;

7.

á iarraidh go ndéanfaí na hionstraimí airgeadais uile atá ar fáil a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus níos comhordaithe, lena n-áirítear na cistí struchtúracha agus infheistíochta, chun an straitéis don gheilleagar gorm a chur chun cinn ar bhealach níos fearr;

8.

á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, riachtanais shonracha na hearnála iascaigh a mheas i gcomhthéacs mhaoiniú an gheilleagair ghoirm (ar an leibhéal earnála, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach) d’fhonn a cumas fáis agus fostaíochta a bhaint amach;

9.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hinfheistíocht níos mó san eolas chun an geilleagar gorm a fhorbairt agus chun feabhas a chur ar an tuiscint ar an muirthimpeallacht, nach mór do AE agus do na Ballstáit maoiniú substaintiúil a chur ar fáil faoi shocruithe lena ndéanfar leanúnachas agus intuarthacht san fhadtéarma;

10.

ag cur béim ar an ngá atá le tacaíocht airgeadais iomchuí don gheilleagar gorm chun infheistíochtaí mórscála a chumasú sa taighde, sa teicneolaíocht agus sa bhonneagar ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tionscal, dá bhrí sin, meastóireacht a dhéanamh ar an tairbhe a bhaineann le comhpháirtíochtaí AE a bhunú le haghaidh iompar muirí, lena n-áirítear leis an earnáil phríobháideach, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha na trádála idirnáisiúnta agus an tslabhra soláthair, chun an nuálaíocht agus an t-iomaíochas a chothú san earnáil, chun cur leis an dícharbónú, chun bonneagar a chruthú do leictreachas cois cladaigh, chun breoslaí malartacha a luchtú agus a sholáthar i gcalafoirt agus i gcríochfoirt lasta, agus pleananna bainistithe dramhaíola a fhorbairt do chalafoirt an Atlantaigh, do chalafoirt na Meánmhara agus do chalafoirt Mhuir Bhailt; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur bunaíodh an Chomhpháirtíocht Eorpach maidir le geilleagar gorm atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide, inbhuanaithe agus táirgiúil, a bhfuil sé mar aidhm leis tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta náisiúnta, réigiúnacha agus AE a ailíniú;

11.

ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscadail nua agus ionstraimí nua a chur ar bun do gheallsealbhóirí uile an gheilleagair ghoirm chun a gcuid gníomhaíochtaí a bhunú ar úsáid fhreagrach agus inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, dícharbónú agus an geilleagar ciorclach; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór an geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt laistigh de theorainneacha éiceolaíocha, a bheith bunaithe ar chomhairle eolaíoch agus timpeallacht shláintiúil mhuirí a chothú;

12.

á chur i bhfáth gur gá cur chuige comhtháite a chur chun feidhme, atá bunaithe ar éiceachórais, i leith na n-earnálacha uile den gheilleagar gorm;

13.

á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha a mholadh, bunaithe ar mheasúnuithe tionchair cuí a dhéanamh ar na tionscnaimh sin ar na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, agus a áirithiú go mbeidh an geilleagar gorm ina cholún bunúsach chun cuspóirí foriomlána an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus straitéisí gaolmhara AE ina dhiaidh sin; á chur i bhfáth nach mór an nuálaíocht a spreagadh leis an athrú ó bhonn ar an ngeilleagar gorm agus cruthú post agus deiseanna eacnamaíocha a spreagadh;

14.

á thabhairt chun suntais gur féidir le pobail chósta agus pobail atá ag brath ar an aigéan rannchuidiú le hearnáil inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm a fhorbairt ina gcuirtear san áireamh a gcúinsí sonracha agus a riachtanais shonracha; á thabhairt chun suntais gur féidir leo treoirthionscadail éagsúla a stiúradh, amhail ar theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta, gníomhaíochtaí dúlra-bhunaithe a fhorbairt agus an méid a chuireann an t-iascach inbhuanaithe agus an dobharshaothrú inbhuanaithe le córais bhia atá sláintiúil, athléimneach agus sábháilte;

15.

á mheas gur cheart go mbeadh baint iomlán ag gach céim d’fhorbairt an gheilleagair ghoirm ag pobail chósta agus oileáin, go háirithe iad siúd a bhfuil baint acu leis an iascach, agus gur sine qua non iad sin chun a acmhainneacht a bhaint amach ó thaobh na nuálaíochta, na fostaíochta, an rathúnais agus na forbartha inbhuanaithe de;

16.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch i leith gach earnáil den gheilleagar gorm a chuireann san áireamh go cuí an t-idirghníomhú atá eatarthu chun a áirithiú nach gcuirfidh gníomhaíochtaí earnáil amháin isteach ar ghníomhaíochtaí earnála eile ná nach gcruthófar coinbhleachtaí leo; ag tabhairt dá haire go bhfuil an méid sin ábhartha freisin maidir le cosaint na muirthimpeallachta; ag cur béim ar an ngá atá le pleanáil spásúil mhuirí atá comhoibríoch, cuimsitheach agus trasearnála; á chur i bhfáth i ndáil leis sin a thábhachtaí atá pleanáil spásúil mhuirí éifeachtach bunaithe ar éiceachóras chun cuspóirí éiceolaíocha, sóisialta agus eacnamaíocha a bhaint amach, inter alia i gcomhthéacs an aistrithe chuig sochaí atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcruthófar sineirgí idir earnálacha le pleanáil spásúlachta mhuirí agus go gcosnófar slite beatha iascairí; á chur in iúl gur oth léi gur chuir formhór na mBallstát moill ar bhunú pleananna spásúla muirí mar a cheanglaítear faoi Threoir 2014/89/AE; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an t-athbhreithniú ar an Treoir in 2022 a thíolacadh go tráthúil agus tionscnaimh cheartaitheacha a chur léi, i gcás inar gá;

17.

á chur i bhfios go láidir nach mór idirghníomhaíochtaí ar an talamh agus ar muir a chur san áireamh sna tionscnaimh lena gcuirfear fís nua an gheilleagair ghoirm inbhuanaithe ar fáil san Aontas;

18.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé socruithe déthaobhacha comhpháirtíochta a bhunú le tríú tíortha, go háirithe comhaontuithe do chomhpháirtíochtaí iascaireachta inbhuanaithe agus don chomhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte; á chur i bhfáth gur cheart féachaint leis na critéir inbhuanaitheachta comhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta is airde a chomhlíonadh sna socruithe déthaobhacha comhpháirtíochta agus gur cheart go mbeidís bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil;

19.

á chur in iúl gur cúis imní di cásanna d’iascaireacht NNN lasmuigh d’uiscí AE; ag meabhrú go ndéanann iascaireacht NNN, a éascaítear leis an gcleachtas bratach áisiúlachta a chur ar foluain, dochar do shlándáil bia agus do shlite beatha daoine i dtíortha cósta, agus go gcruthaítear talamh torthúil don phíoráideacht ag an am céanna; á iarraidh go mbeadh córas láidir domhanda ann chun smachtbhannaí díspreagthacha a fhorchur agus go mbeadh cur chuige ilbhreathnaithe ann maidir le hiascaireacht NNN a chomhrac; ag leagan béim ar an ngá atá le bratacha áisiúlachta agus athrú brataí a theorannú agus le dul i ngleic le trasloingsiú ar muir, toisc gur uirlisí tábhachtacha iad sin chun bealaí éalaithe neamhdhleathacha neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a dhúnadh; á iarraidh ar AE, ar bhonn níos leithne, forbairt acmhainní frithéillithe a neartú trí chomhar a chothú idir gníomhaireachtaí náisiúnta, comhar idirnáisiúnta a mhéadú, maoirseacht ar ghníomhairí iascaigh i dtíortha i mbéal forbartha a fheabhsú le tacaíocht ón Aontas, agus tacaíocht a thabhairt d’ionaid faireacháin, rialaithe agus faireachais réigiúnacha agus do thascfhórsaí;

20.

á chur i bhfáth gur gá dul i ngleic le hiascaireacht NNN ar bhealach atá leanúnach, éifeachtach agus cuimsitheach; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an bplé a bhí aige le stáit a bhfuil cárta buí acu; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an inrianaitheacht táirgí chun cosc a chur ar allmhairiú táirgí bia mara a dhíorthaítear ó iascaireacht neamhdhleathach; á iarraidh ar na Ballstáit cur chuige docht a ghlacadh maidir le báid ó thríú tíortha a bhfuil amhras fúthu a bheith á dtabhairt i dtír;

21.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an idirphlé le tíortha atá ar theorainn na Meánmhara, go háirithe iad siúd atá ar an gcósta theas, agus a thábhachtaí atá sé dlús a chur le maoiniú do línte tionscadail lena ndírítear ar chomhar idirnáisiúnta in earnálacha an gheilleagair ghoirm (Interreg Next Med, Clár Interreg Euro-MED 2021-2027, Meánmhuir Athraigh, etc.);

22.

á chur i bhfáth go bhfuil caighdeáin inbhuanaitheachta níos ísle ag roinnt cabhlach ó lasmuigh den Aontas, ag iascaireacht sna limistéir chéanna agus ag onnmhairiú táirgí iascaigh chuig margadh na hEorpa, rud a dhéanann dochar d’iomaíochas iascairí na hEorpa;

23.

ag cur béim ar an ngá atá le cothrom iomaíochta a bhunú le táirgí a allmhairítear ó thríú tíortha, lena n-áiritheofar go dtáirgfear gach táirge iascaigh agus dobharshaothraithe a thomhlaítear in AE trí chórais bhia inbhuanaithe agus go gcomhlíonfaidh siad cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais; á iarraidh ar an gCoimisiún gach beart is gá a ghlacadh chun timpeallacht ghinearálta chothrom iomaíochta a ráthú faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála agus go háirithe i gcomhaontuithe trádála AE;

24.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de chearta agus dálaí oibre náisiúnach tríú tír atá ag obair ar shoithí AE a neartú, agus pá cuibhiúil a áirithiú dóibh siúd uile atá ag obair sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe agus i ngach earnáil eile den gheilleagar gorm;

25.

ag cur béim ar an ngá atá ann comhar a neartú agus gníomhaíochtaí a chomhordú le fóraim iltaobhacha leanúnacha, amhail Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, chomh maith le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus le próisis idirnáisiúnta agus iltaobhacha eile lena mbaineann, chun cosaint, caomhnú, bainistiú inbhuanaithe agus athshlánú na bithéagsúlachta muirí agus fionnuisce a chur chun cinn, agus rannchuidiú le SDGanna eile ag an am céanna; á chur i bhfáth go dtugtar deis mhaith le COP15 in Kunming na Síne teacht ar chomhaontú maidir le bearta domhanda i ndáil leis an méid sin;

26.

ag cur sonrú sa chuspóir maidir le 30 % d’aigéan an domhain a chosaint faoi 2030, ach ag tabhairt rabhadh nár cheart é a dhéanamh ar chostas na slándála bia, na n-iascairí agus na dtáirgeoirí dobharshaothraithe, na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil;

27.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Coimisiún tiomanta do thrí cinn de limistéir ollmhóra mhuirí faoi chosaint a ainmniú san Aigéan Theas; á chur in iúl nár éirigh arís eile leis an gCoimisiún um Chaomhnú Acmhainní Muirí Beo san Antartach (CCAMLR) teacht ar chomhaontú maidir leis na limistéir chosanta sin in 2021;

28.

ag cur béim ar ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach atá freagrach as cuidiú le limistéir mhuirí bhreise faoi chosaint a shainaithint agus a ainmniú, in éineacht leis na Ballstáit;

29.

ag meabhrú go léiríonn comhlacht taighde atá ag dul i méid, go háirithe ón Tuarascáil Speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide maidir leis an Aigéan agus an Criosféar in Aeráid atá ag Athrú, go mbaintear amach níos fearr cuspóirí maidir leis an mbithéagsúlacht agus maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, nuair a bheidh smacht díreach ag iascairí agus pobail áitiúla ar bhainistiú na n-acmhainní ar a bhfuil siad ag brath; á chur i bhfáth go bhfuil éiceachórais atá á mbainistiú ag pobail chósta i measc na n-éiceachóras is saibhre agus is táirgiúla agus go gcuireann siad freisin le limistéir chósta a oiriúnú d’iarmhairtí an athraithe aeráide; ag cur sonrú i rioscaí a bhaineann le grabáil aigéin ar phleanáil spásúlachta mhuirí; á chur i bhfios, dá réir sin, gur gá iascaigh ar mionscála a áirithiú, rialachas freagrach tionachta a áirithiú, agus tairbhithe ghnóthais AE atá ag feidhmiú in earnáil an gheilleagair ghoirm a choinneáil cuntasach má sháraíonn a ngníomhaíochtaí cearta an duine;

30.

á iarraidh ar an Aontas agus ar na tíortha comhpháirtíochta brath ar shaineolas dúchasach ina gcuid straitéisí maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus bainistiú rannpháirteach a chur chun cinn go gníomhach, rud a léiríodh go bhfuil sé éifeachtach ó thaobh athléimneacht na bpobal cósta a mhéadú;

31.

á mheas gur cheart go nglacfadh rialachas idirnáisiúnta aigéan cur chuige idirearnálach i leith an gheilleagair ghoirm, lena n-áiritheofar cóir chomhionann do gach gníomhaíocht eacnamaíoch mhuirí; ag tacú leis an aigéan a bheith aitheanta mar shócmhainn chomhroinnte na daonnachta, agus á iarraidh go mbeadh comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe (SFPAnna) i gcomhréir i gcónaí le SDGanna 2030, le hoibleagáidí agus cuspóirí comhshaoil an Aontais agus le hoibleagáidí agus cuspóirí CBI;

32.

á chur in iúl gur cúis imní di gur minic nach dtéann tacaíocht earnála a chuireann SFPAnna ar fáil chun tairbhe don iascach áitiúil agus do phobail chósta i dtríú tíortha agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún SFPAnna a nascadh go dlúth le clársceidealú forbartha inbhuanaithe AE;

33.

á chur i bhfios go láidir nach mór SFPAnna a bheith ina uirlis chun geilleagair ghorma áitiúla a fhorbairt; á mheas gur deacair meastóireacht a dhéanamh ar rannchuidiú SFPAnna i dtaca le baint amach na spriocanna forbartha inbhuanaithe sna tíortha comhpháirtíochta de dheasca easpa sonraí; ag áitiú ar AE méadú a dhéanamh ar thrédhearcacht, bailiú sonraí (go háirithe ar ghabhálacha, clárú soithí agus dálaí saothair) agus ceanglais tuairiscithe SFPAnna agus bunachar sonraí socheacnamaíoch láraithe a bhunú do gach soitheach de chuid an Aontais beag beann ar an áit a n-oibríonn siad;

34.

ag leagan béim ar an ngá atá ann na geallsealbhóirí uile a áireamh in idirbheartaíocht SFPAnna agus le linn na tréimhse lena cur chun feidhme agus a áirithiú go gcuirfear riachtanais na bpobal is mó a ndéanann na comhpháirtíochtaí sin difear dóibh san áireamh;

35.

ag cáineadh an easpa faireacháin ar chur chun feidhme agus úsáid chuí an chistithe; á chur in iúl gur cúis imní di gur minic nach dtéann tacaíocht earnála faoi SFPAnna chun tairbhe d’iascairí ar mionscála; á iarraidh ar an gCoimisiún SFPAnna a nascadh go dlúth le cabhair um fhorbairt an Aontais d’fhonn breisluach a fheabhsú do phobail chósta; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú go réamhghníomhach maidir leis na bealaí ina n-úsáidtear tacaíocht earnála chun an úsáid a bhaintear as airgead poiblí AE a rianú ar bhealach níos fearr;

36.

á chur in iúl gur díol sásaimh di ról na gcoinbhinsiún réigiúnach mara agus na n-eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna); á iarraidh ar an gCoimisiún sainorduithe uaillmhianacha a chur chun cinn do ERBInna chun acmhainní iascaigh a chosaint i dtíortha atá i mbéal forbartha agus in uiscí idirnáisiúnta, go háirithe trí bhainistiú stoic a fheabhsú do speicis amhail tuinníní trópaiceacha, ábhar muirí aischurtha a laghdú, cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm chun caomhnú na speiceas atá i mbaol agus éiceachórais leochaileacha mhuirí a áirithiú, agus trí fheabhas a chur ar na sonraí atá ar fáil, ar chomhlíonadh agus ar thrédhearcacht na cinnteoireachta;

37.

á iarraidh, ar bhonn níos leithne, go bhfeabhsófaí cleachtais bainistithe iascaigh agus faireachán, agus go ndéanfaí éicilipéadú agus teicneolaíochtaí nua amhail blocshlabhra a fhorbairt, d’fhonn inrianaitheacht táirgí a fheabhsú;

38.

á iarraidh ar AE cúnamh teicniúil a chur ar fáil do tháirgeoirí tíortha i mbéal forbartha, go háirithe táirgeoirí ar mionscála;

39.

ag meabhrú gur cheart do gach stát atá páirteach in iascach san Afraic Thiar ERBI a bhunú – go háirithe chun stoic chomhroinnte amhail éisc pheiligeacha bheaga a shaothrú – de réir mar a cheanglaítear faoin dlí idirnáisiúnta, faoi dhlíthe ábhartha náisiúnta, faoi bheartais iascaigh Phan-Afracacha agus réigiúnacha, agus faoi ionstraimí eile; á chreidiúint gur cheart go gcomhlíonfadh an córas bainistíochta sin cur chuige réamhchúraim agus bunaithe ar éiceachóras, lena n-áiritheofar go mbeidh an ghabhálacha iomlán incheadaithe laistigh de theorainneacha bitheolaíocha sábháilte;

40.

ag tathant ar AE iascach ar mionscála san Afraic a chur chun cinn agus a chosaint ar bhealach éifeachtach, ar príomhsholáthraithe slite beatha na n-aigéan iad, mar bhunchloch don tascfhórsa gorm idir an tAontas agus an Afraic amach anseo, amhail trí mhaoiniú a thabhairt do chur chun feidhme threoirlínte idirnáisiúnta FAO maidir le hiascach inbhuanaithe ar mionscála;

41.

á chur i bhfáth gur féidir le táirgeadh mine éisc agus ola éisc, i measc tosca eile, cur leis an ró-iascaireacht i dtíortha i mbéal forbartha, go háirithe san Afraic Thiar; á iarraidh go ndéanfaí bearta díchill chuí éigeantacha chun a áirithiú go mbeidh slabhra soláthair thionscal iomlán an bhia mara cothrom, inrianaithe go hiomlán, saor ó tháirgí ó iascaireacht NNN agus nach bhfuil baint acu le sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine agus sclábhaíocht;

42.

á chur in iúl gur geal léi an ról atá ag coinbhinsiúin réigiúnacha farraige agus ag ERBInna ó thaobh rialachas a neartú bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus gur cheart go mbeadh fáil éasca ag gach oibreoir air sin;

43.

á iarraidh ar an gCoimisiún sainorduithe uaillmhianacha a chur chun cinn do ERBInna chun acmhainní iascaigh a chosaint i dtíortha atá i mbéal forbartha agus in uiscí idirnáisiúnta, go háirithe i ndáil le bainistiú stoic a fheabhsú do speicis amhail tuinníní trópaiceacha, chun ábhar muirí aischurtha a laghdú, agus an cur chuige réamhchúraim á chur i bhfeidhm chun go gcosnófaí caomhnú na speiceas atá i mbaol, na héiceachórais leochaileacha mhuirí, agus trí fheabhas a chur ar na sonraí atá ar fáil, ar chomhlíonadh agus ar thrédhearcacht na cinnteoireachta;

44.

á iarraidh ar an gCoimisiún go saothrófaí, ar bhonn gníomhach, agus go gcuirfí chun cinn na spriocanna maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide a chomhtháthú sna SFPAnna agus i gcinnteoireacht ERBI;

45.

á iarraidh bearta AE agus ó na Ballstáit chun dlús a chur lena n-iarrachtaí feabhas a chur ar rialachas domhanda iascaigh, go háirithe trí shásraí amhail an Tionscnamh Trédhearcachta maidir le hIascaigh (FiTI);

46.

á mheabhrú nach mór bainistiú inbhuanaithe acmhainní bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus na measúnuithe tionchair socheacnamaíocha is fearr a bheith ina bpríomhthosaíocht chun spriocanna an chláir oibre straitéisigh AE a bhaint amach agus nach mór é a áireamh freisin i socruithe déthaobhacha comhpháirtíochta;

47.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gníomhaíochtaí iomadúla sa gheilleagar gorm de bhreis ar na gníomhaíochtaí traidisiúnta, gur cheart staidéir tionchair a bheith ag gabháil i gcónaí le gníomhaíochtaí nua a fhorbairt, agus gur cheart cur chuige eolaíoch trédhearcach, chomh maith le comhairliúcháin éifeachtacha agus rannpháirtíocht chothrom ó na hearnálacha uile atá buailte, a ghlacadh chun eagrú inbhuanaithe na ngníomhaíochtaí sin laistigh den gheilleagar gorm a éascú;

48.

á thabhairt chun suntais gur nasc lárnach í an earnáil mhuirí don nascacht idirnáisiúnta, don chóras trádála domhanda, do gheilleagar an Aontais, dá iomaíochas agus do réigiúin an Aontais; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar ról na gcalafort, ar an ngá atá le hinfheistíochtaí i mbonneagar cliste agus ar fhorbairt agus bainistiú na gcalafort, lenar cheart a n-acmhainneacht a mhéadú tuilleadh chun freastal ar fhás na trádála;

49.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i gcalafoirt atá suite ar chóstaí an Aontais chun díriú ar naisc atá in easnamh leis an gcúlchríoch, leis na cuspóirí foriomlána iompar a dhéanamh níos athléimní agus calafoirt a iompú ina n-ardáin lóistíochta agus ina mbraislí straitéiseacha d’iompar ilmhódach, do ghiniúint fuinnimh, do stóráil agus do dháileadh, agus do thurasóireacht; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-áireofaí beart margadh-bhunaithe mar sprioc de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta maidir le gáis cheaptha teasa ó mhuiriompar a laghdú chun scéim fritháirimh carbóin a chur chun feidhme sa loingseoireacht idirnáisiúnta agus chun bealach réalaíoch i dtreo laghduithe astaíochtaí a áirithiú;

50.

á thabhairt chun suntais go bhfuil sé mar aidhm leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis maidir le soghluaisteacht inbhuanaithe agus cliste na chéad soithí astaíochtaí nialasacha a thabhairt chun an mhargaidh faoi 2030, agus go bhfuil taighde suntasach maoinithe ag an Aontas cheana féin ar hibridiú agus leictriú soithí trí Fhís 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh tacaíochta a thabhairt do shoithí leictreacha do bhealaí gearra;

51.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscadail tosaíochta a thabhairt chun críche a áirítear sa Ghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) do limistéir an Atlantaigh, na Meánmhara agus Mhuir Bhailt, go háirithe i limistéir trasteorann agus mar chuid de threoirlínte TEN-T amach anseo agus de Shaoráid um Chónascadh na hEorpa 2021-2027, chun cistiú leormhaith a chur chun cinn, a shimpliú agus a infheistiú i bhforbairt iomlán mhótarbhealaí TEN-T na farraige chun comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar loingseoireacht ghearrthurais chun earraí a dháileadh níos forleithne trí chalafoirt a nascann oileáin ar an mórthír agus ar chóras iompair ilmhódaigh cuimsitheach; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach slabhraí iompair gan uaim agus inbhuanaithe a chruthú do phaisinéirí agus do lasta i ngach modh iompair, agus go háirithe iompar d’iarnród, iompar muirí agus iompar d’uiscebhealaí intíre; ag creidiúint gur cheart do thionscadail aird ar leith a thabhairt ar na riachtanais nascachta agus inrochtaineachta atá ag na réigiúin fhorimeallacha, na réigiúin oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí i limistéir an Atlantaigh, na Meánmhara agus Mhuir Bhailt;

52.

á thabhairt chun suntais gur féidir calafoirt a úsáid chun borradh a chur faoin ngeilleagar gorm, ós rud é go bhfuil ról lárnach acu i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha na hearnála sin, agus a áirithiú go ndéanfar a astriú i dtreo na soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste i gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; á iarraidh ar an gCoimisiún maoiniú AE níos mó a ath-leithdháileadh ar mhaithe le feabhas a chur ar éifeachtúlacht iompair, ar inrochtaineacht chroíchalafoirt TEN-T agus ar laghdú costas, lena n-áirítear infheistíocht i ndreidireacht leanúnach, i ndoimhniú cainéal agus bearta forbartha acmhainní eile i gcalafoirt roghnaithe; á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit gur gá tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i mbonneagar calafoirt atá inbhuanaithe agus cliste chun cur ar chumas calafort a bheith ina moil ilmhódach agus ina moil iompair, chomh maith le moil fuinnimh do chórais leictreachais chomhtháite, hidrigin agus breoslaí malartacha eile, agus suíomhanna tástála le haghaidh athúsáid dramhaíola agus an geilleagar ciorclach;

53.

á chur in iúl go dtréaslaíonn sí le Calafort Vigo as bheith ar an gcalafort ceannródaíoch AE a chuir an Straitéis Eorpach maidir leis an bhFás Gorm chun feidhme den chéad uair;

54.

á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnamh na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta maidir le Calafoirt Iascaireachta Ghoirm, a bhfuil sé mar aidhm leis treoirlínte a dhréachtú maidir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta i ndáil le calafoirt iascaireachta atá i mbun aistriú chuig samhlacha an gheilleagair ghoirm, chun a n-inbhuanaitheacht a fheabhsú tríd an gcomhshaol a chosaint agus na tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha a chur chun cinn; ag tacú le FAO chun oifig bhuan a bhunú i gCalafort Vigo chun Líonra Domhanda Calafort Gorm a fhorbairt agus a bhainistiú;

Athléimneacht, iomaíochas agus poist

55.

á aithint nach mór iarrachtaí téarnaimh AE a dhíriú ar chuspóirí inbhuanaitheachta, iomaíochais agus fáis; ag cur béim ar an ngá atá le hionstraimí maoinithe inbhuanaithe chun an t-aistriú sin a bhrú chun cinn, lena n-áirítear tríd an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a neartú;

56.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le forbairt inbhuanaithe slabhraí luacha iascaireachta ar mionscála agus dobharshaothraithe, ó iascaire go tomhaltóirí, trí chomhchuibhiú modhanna iascaireachta agus dobharshaothraithe atá roghnaíoch, neamhscriosach agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn, trí mhalartú eolais le comhphobal taighde AE a éascú agus trí mhodhanna tráchtálaithe inbhuanaithe le haghaidh táirgí iascaigh a chur chun cinn, agus ualaí riaracháin á laghdú ag an am céanna;

57.

ag cur béim ar an ngá atá ann aitheantas a thabhairt do luach socheacnamaíoch na hiascaireachta áineasa agus an méid a chuireann sí le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas; ag cur béim ar an ngá atá le níos mó sonraí agus sonraí níos fearr faoi iascaigh áineasa, lena n-áirítear an méid a chuireann sé le hearnáil na turasóireachta, na hidirghníomhaíochtaí atá aici le hiascairí ar mionscála, an tionchar atá aici ar an gcomhshaol, chomh maith lena tábhacht shocheacnamaíoch;

58.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá iascaireacht ar mionscála agus chósta don gheilleagar gorm agus d’fhéiniúlacht chultúrtha pobal i réigiúin agus in oileáin ar an gcósta;

59.

á iarraidh ar na Ballstáit critéir thrédhearcacha agus oibiachtúla a chur chun feidhme go hiomlán mar a leagtar amach in Airteagal 17 de CBI agus deiseanna iascaireachta á leithdháileadh acu;

60.

ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir le hiascaireacht áineasa san fharraige agus i bhfionnuisce intíre agus uiscebhealaí goirt, agus aird á tabhairt ar an tionchar comhshaoil agus ar luach socheacnamaíoch na gníomhaíochta sin, chun a áirithiú go ndéanfar earnáil an iascaigh agus earnáil an dobharshaothraithe a bhainistiú ar bhealach cóir agus cothrom, agus chun infheistíocht níos mó a spreagadh i bhforbairt gníomhaíochtaí pobail cósta;

61.

ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil spásúil mhuirí chuimsitheach chun iomaíochas don spás a íoslaghdú ar chostas gníomhaíochtaí eile, amhail iascaireacht agus gníomhaíochtaí nua an gheilleagair ghoirm á bhforbairt; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag iascaigh agus ag an dobharshaothrú agus nach mór infheictheacht cheart a thabhairt do na hearnálacha sin sa gheilleagar gorm, agus á iarraidh dá bhrí sin go mbeadh straitéis ann chun idirghníomhaíocht idir gníomhaíochtaí éagsúla an gheilleagair mhuirí agus ghoirm talún a chur chun cinn ar bhealach a rachaidh chun tairbhe dóibh uile;

62.

ag tathant ar an gCoimisiún tacú le forbairt scéimeanna um tháirgeadh fuinnimh faoi stiúir an phobail, lena gcuirtear ar chumas na bpobal cósta, lena n-áirítear iascairí, páirt iomlán a ghlacadh i bpleanáil agus i bhforbairt an táirgthe fuinnimh inathnuaite agus brabúis a athinfheistiú ar ais sa phobal áitiúil;

63.

á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha na pleanála spásúla muirí, meánna sonracha stairiúla agus traidisiúnta na n-iascairí a ainmniú mar limistéir a bheidh saor i gcónaí ó shuiteálacha fuinnimh inathnuaite amach ón gcósta;

64.

á chur i bhfáth nár cheart feirmeacha gaoithe amach ón gcósta a thógáil ach amháin más féidir a ráthú nach mbeidh drochthionchar comhshaoil, éiceolaíoch, eacnamaíoch, socheacnamaíoch ná soch-chultúrtha acu ar iascairí agus ar tháirgeoirí dobharshaothraithe, i gcomhréir le cuspóirí an gheilleagair ghoirm agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

65.

á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh amhail an Fhaireachlann um Chumhachtaí Gaoithe Muirí, fóram arna sheoladh ag Rialtas Réigiúnach na Gailíse chun deiseanna agus úsáidí cothromaíochta na farraige a shainaithint a d’fhéadfadh dul in iomaíocht lena chéile, lena n-ionchorpraítear an earnáil thionsclaíoch, earnáil an iascaigh mhuirí agus eintitis agus eagraíochtaí gaolmhara;

66.

ag tabhairt dá haire gur earnáil atá ag dul i méid sa gheilleagar gorm aigéan é an tionscal eastóscach; ag leagan béim ar an dualgas atá ar stáit gan bearta a dhéanamh, lena n-áirítear tionscadail forbartha ar mórscála, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shlite beatha iascairí ar mhionscála intíre agus mara, dá gcríocha nó do chearta rochtana, agus a ndualgas measúnuithe ex ante a dhéanamh ar thionscadail tionscail eastóscacha arna bhfeidhmiú ag eintitis phríobháideacha chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith acu ar chearta an duine ar phobail iascaireachta áitiúla;

67.

á iarraidh go gcruthófaí fóram AE le haghaidh idirphlé a bheidh trédhearcach agus lena n-áiritheofar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile agus cothromaíocht chumhachta eatarthu chun comhar idir earnálacha, comhroinnt taithí agus réiteach coinbhleachtaí a chothú;

68.

ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh chun borradh a chur faoi na deiseanna infheistíochta atá ar fáil faoin gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID) nua, mar aon le cláir eile de chuid an Aontais amhail an Sásra um Théarnamh agus Athléimneacht nó Fís Eorpach, le haghaidh cleachtais inbhuanaithe iascaireachta agus le haghaidh gníomhaíochtaí dobharshaothraithe inbhuanaithe, agus chun a áirithiú go mbeidh pobail cois cósta, iargúlta agus thar lear in ann a ngeilleagair a éagsúlú;

69.

á iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar dhea-chleachtais CEMID chun tionscadail turasóireachta iascaigh áineasa a fhorbairt agus leanúint de mhaoiniú na dtionscadal sin trí CEMID;

70.

ag cur béim ar an ngá atá ann straitéisí níos cuimsithí a fhorbairt chun na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe agus críocha cósta a chur in oiriúint d’iarmhairtí an athraithe aeráide agus don tionchar atá aige ar phobail agus ar a slite beatha; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé go gcuirfeadh gach earnáil leis an maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an seachtú agus leis an ochtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil;

71.

á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí sa Chomhbheartas Iascaigh coinníollacht shóisialta, cosúil leis an gcoinníollacht a cruthaíodh leis an gcomhbheartas talmhaíochta nua, lena bhféadfaí foráil a dhéanamh do smachtbhannaí ar úinéirí soithí iascaireachta, ar tháirgeoirí dobharshaothraithe agus ar thairbhithe eile de chuid an Chreata Eorpaigh um Chobhsaíocht Airgeadais (CEMID), mura n-áirithítear leo dálaí oibre leormhaithe dá n-oibrithe go léir, dá n-oibrithe séasúracha agus imirceacha san áireamh; á thabhairt chun suntais go bhfuil an choinníollacht shóisialta sin bunriachtanach chun dínit na háite oibre agus cearta sóisialta oibrithe iascaigh agus dobharshaothraithe a chosaint, lena rannchuidítear le ceartas sóisialta a bhaint amach do chách;

72.

á mheas go bhfuil níos mó slándála post, sábháilteacht ag an obair, aigéin fholláine lena soláthraítear tuilleamh agus slándáil shóisialta níos fearr in earnáil an iascaigh agus in earnáil an dobharshaothraithe bunriachtanach chun mná agus glúnta óga a mhealladh, agus ar an gcaoi sin a áirithiú go ndéanfar iad a athnuachan agus go leanfaidh siad de bheith marthanach;

73.

á chur in iúl gur díol sásaimh di ról na mban i slabhraí luacha inbhuanaithe iascaireachta agus dobharshaothraithe agus á iarraidh dá bhrí sin go ndéanfaí dálaí oibre cuibhiúla, tuarastail chomhionanna, slándáil shóisialta, chomh maith le hinfheictheacht agus ionadaíocht i struchtúir agus i bpróisis cinnteoireachta a ráthú;

74.

á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag an iascaireacht agus ag an dobharshaothrú ó thaobh poist a chruthú agus an geilleagar a chothú in go leor áiteanna san Aontas, agus go bhfuil níos mó ná leath de na poist áitiúla i roinnt mhaith pobal cósta agus oileánach, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí;

75.

á chur i bhfáth, chun inbhuanaitheacht, iomaíochas agus feidhmíocht eacnamaíoch na hearnála iascaigh agus na hearnála dobharshaothraithe a fheabhsú, gur gá cothrom iomaíochta a ráthú d’oibreoirí AE i ngeilleagar domhanda, agus díriú ar ghairmoiliúint, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, ar aitheantas ar an leibhéal Eorpach don oiliúint sin, do sheirbhísí comhairliúcháin agus do scaipeadh eolais theicniúil agus eolaíoch agus do chleachtais nuálacha, agus aitheantas á thabhairt don mhéid a dhéanann na comhlachais trádála i ndáil leis sin;

76.

á chur i bhfáth gur gá breisluach a chur le táirgí iascaigh ar an gcéad díolachán, go háirithe táirgí ó iascaireacht ar mionscála chun ioncam agus pá na n-iascairí a mhéadú;

77.

á iarraidh ar an gCoimisiún cineálacha nua turasóireachta muirí agus cósta inbhuanaithe a fhorbairt, cineálacha nua gníomhaíochtaí turasóireachta a threisiú, sruthanna ioncaim breise a chur ar fáil agus fostaíocht ó cheann ceann na bliana a mhéadú chun cur le luach na limistéar muirí agus cósta, agus an comhshaol agus an oidhreacht chultúrtha ghorm a chosaint agus gnáthóga mara agus cósta a chaomhnú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá an geilleagar ciorclach in earnáil na turasóireachta ó thaobh cleachtais níos inbhuanaithe a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe don fhorbairt áitiúil; ag aithint gur cheart d’earnáil na turasóireachta teagmháil a dhéanamh le pobail chósta agus nach mór tacaíocht a thabhairt di chun éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an bhonneagair agus iomaíochas na n-ionad mara agus turasóireachta a threisiú;

78.

ag aithint go bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag an turasóireacht chósta ar thíortha atá i mbéal forbartha, ach gur féidir léi díobháil a dhéanamh nuair a fhorbraítear ollstraitéisí turasóireachta, rud a fhágann gur lú an rochtain ar bhia agus an tomhaltas do thomhaltóirí áitiúla agus gur féidir léi an comhshaol muirí agus féiniúlachtaí cultúrtha a scriosadh; á iarraidh ar AE samhlacha turasóireachta atá cothrom agus ag a bhfuil ísealtionchar a chur chun cinn.

79.

ag cur béim ar an ngá atá ann ár gcaipiteal nádúrtha agus ár n-oidhreacht a chaomhnú chun turasóireacht inbhuanaithe (amhail éiceathurasóireacht) a spreagadh, agus á iarraidh ar na Ballstáit bithéagsúlacht a chosaint trí ghníomhaíochtaí caomhnaithe muirí a chur i gcrích go práinneach, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann, chun éiceachórais mhuirí agus chósta a chosaint, a athbhunú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí líonraí muirí Natura 2000;

80.

á iarraidh ar an gCoimisiún turasóireacht inbhuanaithe mhuirí, oileáin agus chósta a áireamh i ngníomhaíochtaí gaolmhara agus i gcláir ghaolmhara, tacú le tionscnaimh lena spreagtar éagsúlú na turasóireachta cósta, muirí agus mara, agus gan gníomhaíochtaí turasóireachta agus fostaíocht a bheith chomh séasúrach; ag cur béim ar an ngá atá ann sonraí níos fearr a bhailiú maidir leis an méid a chuireann turasóireacht slatiascaireachta áineasa le geilleagar an chósta agus le geilleagar an oileáin;

81.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an geilleagar gorm sna réigiúin is forimeallaí, go háirithe dá n-earnálacha turasóireachta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, clár iompair a chruthú ina mbeadh roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus le hoileánachas (POSEI Transport) chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na n-oileán agus na réigiún is forimeallaí ar bhealach níos dírí agus chun tacú le hoibriú roinnt bealaí tráchtála chun na n-áiteanna sin;

82.

ag tacú le cleachtais inbhuanaithe sa turasóireacht chósta agus mhuirí, ós rud é go bhfuil siad riachtanach d’iomaíochas limistéir an Atlantaigh na Meánmhara agus Mhuir Bhailt agus i gcruthú post ardluacha san oideachas gorm agus sa ghairmoiliúint; á chur i bhfáth go gcuirfeadh oiliúint shonrach maidir le gníomhaíochtaí an gheilleagair ghoirm le feasacht a mhúscailt maidir le héiceachórais mhuirí agus leis an ngá atá ann iad a chosaint;

83.

á iarraidh ar an gCoimisiún comhairliúchán leathan a dhéanamh leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus leis na geallsealbhóirí gaolmhara go léir d’fhonn réitigh shaincheaptha a shainaithint do phobail áitiúla agus réigiúnacha;

84.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun teacht aniar na hearnála turasóireachta a chur chun cinn i gcoinne na n-iarmhairtí a bheidh ag paindéimí sa todhchaí nó ag imeachtaí suaiteacha eile a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do ghníomhaíochtaí turasóireachta, agus tionscnaimh iomchuí a fhorbairt chun feabhas a chur ar dhálaí oibre agus fostaíochta na n-oibrithe san earnáil chun a tarraingteacht a mhéadú agus chun cuidiú le lánacmhainneacht an gheilleagair ghoirm a bhaint amach;

85.

ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le luamhaireacht agus seoltóireacht don turasóireacht mhuirí; ag cur béim ar ról an chultúir áitiúil agus an ghastranómachais i bhforbairt thurasóireacht chósta na hEorpa agus ar an tábhacht a bhaineann le turasóireacht trá agus faoi uisce, turasóireacht slatiascaireachta, éiceathurasóireacht, spórt uisce agus tionscal na cúrsála;

86.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá limistéir mhuirí faoi chosaint mar ionstraim chun na haigéin a chosaint; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb ionann na limistéir sin agus deis chun turasóireacht eolaíochta a fhorbairt;

87.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Coimisiún ag díriú ar an turasóireacht inbhuanaithe agus “mhall” agus go bhfuil sé d’aidhm aige pacáistí tacaíochta a fhorbairt (Treoirphlean do Chomhaontuithe Glasa Áitiúla) chun tacú le haistriú glas do chathracha agus do réigiúin; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh na hoileáin iargúlta agus na pobail cois cósta príomhról a bheith acu san aistriú sin;

88.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an rannchuidiú a dhéanann an iascaireacht áineasa mhuirí agus an turasóireacht a chruthaíonn sí don gheilleagar gorm a aithint, chomh maith le hacmhainneacht na hearnála sin tuilleadh deiseanna eacnamaíocha a chur ar fáil i bpobail chósta;

89.

á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh acmhainneacht an gheilleagair ghoirm san áireamh go leordhóthanach agus pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta arna maoiniú ag NextGenerationEU á ndréachtú agus á measúnú;

90.

á iarraidh go gcruthófaí creat airgeadais iomchuí chun forbairt an gheilleagair ghoirm agus cruthú post a spreagadh, lena gcomhtháthaítear agus lena gcomhordaítear na hionstraimí airgeadais éagsúla atá ar fáil – na cistí struchtúracha agus infheistíochta (CEMID, CFRE, CSE, an Ciste Comhtháthaithe), Fís Eorpach 2021-2027 agus cinn eile; ag tarraingt aird ar an ngá atá ann na hionstraimí sin a chomhoiriúnú níos fearr do riachtanais na ngeallsealbhóirí agus scaipeadh forleathan na ndeiseanna reatha;

91.

á iarraidh go ndéanfar plé cuimsitheach ar leibhéal an Aontais leis an earnáil, agus éifeachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha na rialacha maidir le cumas iascaireachta a thomhas á gcur san áireamh, ar thionchar na rialacha sin ar an iascach agus ar shaol na n-iascairí, agus rialú dian ar an acmhainn iascaireachta á choimeád ag an am céanna;

92.

ag cur béim ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann le gníomhaíochtaí longthógála agus deisithe long agus lena n-idirghaol le hearnálacha eile, amhail earnáil na turasóireachta muirí; á mheas go bhféadfadh tiomantas don nuálaíocht theicneolaíoch agus leibhéal ard speisialtóireachta, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le gnóthachain ó thaobh breisluacha de, comhthéacsanna nach bhfuil chomh neamhchosanta ar iomaíocht idirnáisiúnta a chruthú agus go bhféadfadh sé cabhrú chun an cor chun donais atá ag tarlú san earnáil a aisiompú; ag áitiú gur cheart tacaíocht shonrach a chur ar fáil chun tionscal longthógála sna Ballstáit a athbheochan agus a nuachóiriú ina fhoirmeacha éagsúla;

93.

ag tabhairt dá haire go bhfuil cabhlaigh cheardaíochta agus mhionscála an Aontais an-sean, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, go bhfuil meánaois an-ard ag a soithí agus go bhfuil siad neamhshábháilte do na daoine atá ag obair orthu agus do na gabhálacha araon, á athdhearbhú go bhfuil gá le tacaíocht ó CEMID chun soithí nua a cheannach, gan méadú ar ghabhálacha a bheith mar thoradh air sin, lena n-urramaítear uastáirgeacht inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil;

94.

á mheabhrú go bhfuil na cabhlaigh iascaireachta sna réigiúin is forimeallaí i riocht an-lag, i gcásanna áirithe, agus go bhfuil siad ina mbaol do shábháilteacht na n-iascairí agus don chomhshaol; á mheas, sa chomhthéacs sin, gur gá teacht ar réitigh chun feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre d’iascairí, chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus chun feabhas a chur ar raon agus ar chaomhnú na ngabhálacha; ag cur béim ar an ngá atá ann a áirithiú go leanfar de phróitéiní sláintiúla ardcháilíochta a sholáthar, i ndálaí atá go hiomlán sábháilte agus slán, ar lú an tionchar a bheidh acu ar an gcomhshaol agus gan an acmhainn iascaireachta a mhéadú;

95.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle ionstraim tacaíochta a chruthú a bheadh cosúil le POSEI le haghaidh iascaigh chun éifeachtaí na hoileánachta ar na réigiúin is forimeallaí a mhaolú;

96.

á thabhairt chun suntais go bhféadfaí gné mhuirí an Aontais a úsáid ar bhealach inbhuanaithe san Atlantach, rud a éilíonn infheistíocht níos cothroime sna hoileáin, sna réigiúin is forimeallaí agus sna calafoirt chósta, chomh maith le leathnú go leor dá gcuid beart agus méadú ar a n-acmhainn stórála agus ar a dtrealamh láimhseála lastais, atá an-tábhachtach do tháirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

An t-aistriú gorm

97.

á iarraidh go ndéanfaí ionstraimí a fhorbairt chun leas a bhaint as acmhainní muirí ar bhealach inbhuanaithe agus chun geilleagar na n-aigéan a éagsúlú, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do tháirgí nua a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta agus a thagann astu, ar féidir leo luach a chur lenár n-oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha, go háirithe trí roghanna turasóireachta ardcháilíochta a chur ar fáil;

98.

ag cur béim ar an ngá atá le creat comhtháite beartais mhuirí AE a bhaint amach lena n-áirithítear comhsheasmhacht idir straitéis bhithéagsúlachta an Aontais, an Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc, an beartas aeráide agus CBI;

99.

á mheas gur cheart don earnáil dobharshaothraithe leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar roinnt paraiméadar, agus d’fheabhas a chur orthu, bunaithe ar ghníomhaíochtaí atá bunaithe ar fhianaise, lena n-áirítear leas éisc agus dlús stocála éisc; á mheas, thairis sin, gur cheart staidéir mheasúnaithe tionchair a dhéanamh chun feabhas a chur ar leas éisc, lena n-áirítear a dtimpeallacht a shaibhriú, cáilíocht an uisce a choinneáil laistigh de theorainneacha a bhaineann leis an leas mar bhealach chun galair agus leathadh na ngalar sin a laghdú, an gá atá le hantaibheathaigh a laghdú, leanúint de thruailliú a laghdú, torthaí níos fearr ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a bhaint amach, agus athléimneacht an athraithe aeráide a mhéadú;

100.

ag tabhairt dá haire gur gá speicis éisc a éagsúlú i ndobharshaothrú AE, lena n-áirítear speicis ísealtrófacha agus speicis neamh-fheoiliteacha, chun inbhuanaitheacht na hearnála a fheabhsú;

101.

ag cur béim ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an dobharshaothrú, go háirithe maidir le cruthú post agus slándáil an tsoláthair bia, agus maidir leis an aistriú chuig córais bia inbhuanaithe a éascú; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach an brú ar acmhainní muirí a laghdú trí roghanna malartacha agus foinsí beatha a bhainistítear go hinbhuanaithe, seachas éisc fhiáine a ghabhtar, a fhorbairt agus trí úsáid níos mó a bhaint astu, trí chailliúint na bithéagsúlachta sna haigéin agus sna farraigí a aisiompú; á chur i bhfáth nach mór úsáid an spáis mhuirí chun críocha dobharshaothraithe a rialáil i gceart; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá creat dlíthiúil atá soiléir agus iontaofa lena gcuirtear chun cinn rochtain ar uisce leis na ráthaíochtaí uile is gá;

102.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh inbhuanaitheacht stoic éisc fhiáine in uiscí an Aontais agus in uiscí tríú tíortha bagairt a dhéanamh ar an méadú atá tagtha ar úsáid na mine éisc agus na hola éisc i ndobharshaothrú an Aontais;

103.

ag cur béim ar an ngá atá ann gach beart a chur chun feidhme chun forbairt iomaíoch an iascaigh agus an dobharshaothraithe a áirithiú i ngeall ar an tábhacht a bhaineann leo ó thaobh shlándáil an tsoláthair bhia de;

104.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe ó thaobh soláthar próitéine de, rud atá bunriachtanach do shlándáil an tsoláthair bia, chomh maith le forbairt shocheacnamaíoch na bpobal áitiúil agus cruthú post ar fud an domhain; ag meabhrú, go háirithe, go mbraitheann beagnach aon bhilliún duine, i dtíortha i mbéal forbartha den chuid is mó, ar iasc agus ar bhia mara le haghaidh a bpríomhfhoinse próitéine ainmhithe; ag tabhairt dá haire go mbraitheann níos mó ná 90 % d’iascairí gabhála agus d’oibrithe iascaireachta an domhain ar iascaigh ar mionscála; á chur in iúl gur oth léi go raibh tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar dhaoine atá fostaithe in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe;

105.

á chur i bhfáth nach mór bia inbhuanaithe ó na haigéin, ó na farraigí agus ó fhoinsí fionnuisce a tháirgeadh trí iascaireacht fhreagrach agus dobharshaothrú inbhuanaithe freagrach amháin, agus nach mór do gach táirge iascaigh agus dobharshaothraithe a thomhlaítear in AE teacht as córais bia inbhuanaithe, agus lánurraim á tabhairt do theorainneacha an phláinéid; á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí inbhuanaitheachta a tharraingt suas le haghaidh táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe ó AE bunaithe ar chomhairle eolaíoch, agus caighdeáin inbhuanaithe chomhchosúla a éileamh do tháirgí a allmhairítear isteach i margadh an Aontais;

106.

á thabhairt chun suntais go bhfuil AE freagrach as 1 % de tháirgeadh domhanda algaí, agus á mheas dá bhrí sin gur cheart do na Ballstáit agus do CEMID táirgeadh algaí mara a spreagadh; á chur i bhfáth go bhfuil algaí ar cheann de na réitigh amach anseo chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, amhail algaí a úsáid chun dé-ocsaíd charbóin a ghabháil, trí ábhair eile a ionadú in earnálacha eacnamaíocha éagsúla, nó é a úsáid mar tháirge cothaitheach lena chaitheamh ag an duine, toisc go bhféadfadh sé a bheith ina mhórfhoinse próitéine agus de mhicreachothaithigh ar ardchaighdeán;

107.

á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar na réitigh uile chun deiseanna a fhorbairt do tháirgeadh agus d’úsáid algaí, agus freisin breithniú a dhéanamh ar na roghanna maoiniúcháin chun dlús a chur le táirgeadh algaí; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú go tapa chun údarú algaí a chumasú mar bhia-ábhar nua trí na costais a bhaineann le cur i bhfeidhm a laghdú agus rochtain níos éasca ar an margadh a cheadú, agus cáilíocht agus sábháilteacht táirgí á n-áirithiú ag an am céanna;

108.

á chreidiúint gur gá samhlacha dobharshaothraithe inbhuanaithe a chur chun cinn a d’fhéadfadh cuidiú le caomhnú na n-éiceachóras a thugann cosaint ar éifeachtaí an athraithe aeráide; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir an dobharshaothrú táirgthe agus an dobharshaothrú próiseála próitéine, go háirithe nuair a bhaineann na cleachtais sin le cleachtais a chuireann brú ar inbhuanaitheacht na n-acmhainní muirí; á mheas gur cheart go dtáirgfí ábhair bheatha atá beartaithe d’iascaigh agus dobharshaothraithe trí thalmhaíocht agus trí iascaireacht inbhuanaithe, agus gur cheart, dá bhrí sin, aon táirge a fhaightear ó iascaireacht NNN nó ó ró-iascaireacht a eisiamh;

109.

á mheas gur féidir le táirgeadh micrea-algaí úsáid mine éisc neamh-inbhuanaithe in iascaigh a laghdú; ag cur béim ar an ngá atá ann an dobharshaothrú orgánach a fhorbairt agus a chur chun cinn tuilleadh, mar go bhfuil acmhainneacht mhór fáis aige, agus gur féidir leas a bhaint as uirlisí agus maoiniú AE chun na críche sin; á iarraidh go ndéanfaí bailiú, próiseáil agus scaipeadh níos fearr ar staidreamh maidir le táirgeadh dobharshaothraithe orgánaigh;

110.

á iarraidh go gcuirfí CBI i bhfeidhm ar bhealach ginearálta maidir le cabhlaigh iascaireachta uile an Aontais chun a áirithiú go mbainisteofar gníomhaíochtaí iascaigh agus dobharshaothraithe ar bhealach inar féidir sochair shocheacnamaíocha a ghiniúint, lena gcuirfí le hinfhaighteacht táirgí bia, chomh maith le tionchar a ngníomhaíochtaí ar leith ar ghnáthóga agus ar éiceachórais mhuirí a íoslaghdú, agus líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil lenar féidir an uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach; á mheas nach mór é a chur i bhfeidhm agus saintréithe na n-imchuach éagsúil farraige á gcur san áireamh;

111.

ag leagan béim ar ról na n-earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe agus a ngairmithe san aistriú fuinnimh agus ar an athrú aeráide a mhaolú trí dhícharbónú agus cur chun cinn gníomhaíochtaí amhail bruscar muirí a bhailiú lena gcuidítear le geilleagar ciorclach;

112.

ag tabhairt rabhadh go ndéanann dumpáil dramhaíola ar muir agus gach cineál truailleán, go háirithe ó gach cineál plaistigh, dochar don chomhshaol, go mbíonn caillteanais thromchúiseacha eacnamaíocha ann d’earnáil an iascaigh agus do ghníomhaíochtaí eile, agus go mbíonn tionchar aici ar shláinte an duine tríd an mbiashlabhra ar fad; á chur in iúl gur geal léi cinneadh CEMID maoiniú a chur ar fáil d’iascairí chun trealamh iascaireachta caillte a aisghabháil, a bhailiú, a athúsáid agus a athchúrsáil, chomh maith le bruscar muirí eile; á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil moill ann maidir le cuspóirí na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a bhaint amach agus á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur cheart feachtais feasachta agus oiliúint bhreise d’iascairí a chur chun cinn;

113.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht níos gníomhaí a thabhairt do nuachóiriú agus d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála iascaigh, go háirithe iascaigh ar mionscála, ag iarraidh trealamh iascaireachta a dhéanamh níos roghnaí, agus tionchar na hiascaireachta ar an gcomhshaol a laghdú;

114.

ag leagan béim ar ról Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla (19), lena leagtar amach na bearta caomhnaithe lena rialaítear conas, cá háit agus cathain is féidir iascaireacht a dhéanamh, chun speicis íogaire agus gnáthóga íogaire a chosaint ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach araon, lena méadaítear an táirgeacht iascaireachta, agus lena laghdaítear an tionchar ar éiceachórais mhuirí, go háirithe trí roghnaíocht mhéadaithe;

115.

á mheas go bhfuil sé tábhachtach sonraí a bhailiú go leanúnach chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar chritéir inbhuanaitheachta agus chun cosc a chur ar bhunú limistéar iascaireachta inar sainaithníodh VMEnna;

116.

á iarraidh ar AE dul i ngleic go práinneach leis na tionchair dhíobhálacha a bhíonn ag teicnící iascaireachta amhail gléas grinnill, sruthlíonta, saighní grinnill nó feistí comhbhailithe éisc ar an aeráid, ar shláine ghrinneall na farraige, ar dhaonraí éisc agus ar speicis íogaire (mar fhoghabháil), lena n-áirítear trí úsáid na dteicnící sin a theorannú;

117.

á iarraidh, go háirithe, ar AE cosc a chur ar an úsáid a bhaintear as teicnící díobhálacha ina limistéir mhuirí atá faoi dianchosaint, agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil; á iarraidh go n-úsáidfear CEMID chun tacaíocht éifeachtach a chur ar fáil don aistriú chuig teicnící iascaireachta atá níos roghnaí agus nach ndéanann an dochar céanna do chabhlaigh iascaireachta AE;

118.

á iarraidh ar AE cláir taighde eolaíoch a sheoladh agus a mhaoiniú chun gnáthóga muirí ar mhórán carbóin in uiscí an Aontais a mhapáil mar bhonn chun limistéir a ainmniú mar limistéir mhuirí atá faoi dhianchosaint, d’fhonn linnte carbóin mara a chosaint agus a athbhunú i gcomhréir le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus chun éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, go háirithe iad siúd ar ghrinneall na farraige, i gcomhréir leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí, lena gcosnófar iad ó ghníomhaíochtaí daonna a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcolún uisce agus carbón a scaoileadh isteach ann, amhail oibríochtaí iascaireachta grinnill;

119.

á iarraidh ar AE toirmeasc a chur ar na gníomhaíochtaí tionsclaíocha eastóscacha uile a dhéanann damáiste don chomhshaol, amhail mianadóireacht agus eastóscadh breoslaí iontaise i limistéir mhuirí faoi chosaint;

120.

á chur i bhfáth gurb í an domhainfharraige an áit is mó éagsúlacht speiceas agus éiceachóras ar domhan, lena soláthraítear earraí agus seirbhísí comhshaoil ríthábhachtacha, lena n-áirítear ceapadh fadtéarmach carbóin, agus go bhfuil dálaí timpeallachta mar shaintréith aici a fhágann go bhfuil sí an-leochaileach do shuaitheadh daoine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, tacú le moratóir idirnáisiúnta ar mhianadóireacht ar ghrinneall na domhainfharraige;

121.

á iarraidh go n-úsáidfear uirlisí reachtacha agus neamhreachtacha chun an Straitéis Bhithéagsúlachta a chur chun feidhme, agus go neartófaí na gníomhaíochtaí lena ndírítear ar chuspóirí na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí a bhaint amach, chun an bhithéagsúlacht mhuirí a chaomhnú agus éiceachórais dhíghrádaithe a athbhunú agus chun iomaíochas san iascach, sa dobharshaothrú agus in earnálacha gaolmhara eile a chur chun cinn;

122.

á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí; á iarraidh ar an gCoimisiún, agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an Treoir, í a ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise Bithéagsúlachta go 2030 agus an ochtú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol;

123.

á iarraidh go ndéanfaí bearta práinneacha chun iascaireacht NNN a chomhrac, atá fós ar cheann de na bagairtí is tromchúisí do shláinte na n-éiceachóras agus d’iomaíochas eacnamaíoch na hearnála iascaigh féin; á iarraidh go mbeidh níos mó comhsheasmhachta idir beartais trádála agus iascaigh AE chun a áirithiú go ndéanfar iascaireacht NNN a chomhrac go héifeachtach;

Comhar, eolas agus nuálaíocht

124.

á iarraidh go mbeadh comhar níos fearr ann idir lucht acadúil, ionaid taighde agus nuálaíochta, údaráis phoiblí agus lucht tionscail chun úsáid trealaimh, modhanna, teicnící agus cleachtas a chur chun cinn bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil, lena bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus sábháilteacht ag an obair, ar an bhfás eacnamaíoch agus ar an iomaíochas, agus ar inbhuanaitheacht chomhshaoil; á mheabhrú a thábhachtaí atá litearthacht na n-aigéan chun an tsochaí a chur ar an eolas agus chun na saoránaigh agus na geallsealbhóirí uile a spreagadh chun dearcthaí eolasacha agus freagracha a ghlacadh maidir leis an aigéan agus na hacmhainní atá aige;

125.

ag tabhairt dá haire gur gné thábhachtach iad sonraí iontaofa, ardcháilíochta agus comhchuibhithe aigéin i gclaochlú inbhuanaithe an gheilleagair ghoirm;

126.

á thabhairt chun suntais nach féidir an acmhainneacht a bhaineann le straitéis don gheilleagar gorm a bhaint amach ach amháin trí chomhar na ngeallsealbhóirí uile; ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as sonraí agus as an intleacht shaorga san iompar muirí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar socheacnamaíoch uathoibriú agus dhigitiú na hearnála;

127.

á iarraidh ar an gCoimisiún moil eolais eolaíoch a fhorbairt agus a fheabhsú tuilleadh amhail Seirbhís Mhuirí Copernicus agus an Líonra Breathnóireachta agus Sonraí Muirí Eorpach, lena gcuirtear eolas fíorluachmhar ar fáil ar fharraigí agus ar aigéin na hEorpa; á chur i bhfios go méadaíonn iascaireacht áineasa eolas faoin timpeallacht uisceach chomh maith leis an ngealltanas an timpeallacht sin a chosaint;

128.

á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh misean aigéin mar chuid den chlár Fís 2030; á iarraidh go mbeadh níos mó soiléireachta agus cumarsáide ann maidir leis an sceideal do ghlaonna ar thairiscintí a bhaineann leis an misean sin;

129.

ag cur béim ar an ngá atá ann bailiú sonraí maidir le faireachán socheacnamaíoch agus faireachán comhshaoil a chomhchuibhiú, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar éiceachórais bheo agus ar stoic éisc; á chur i bhfáth gur cheart na sonraí a bhailítear a chur san áireamh freisin chun tionchar gníomhaíochtaí muirí eile a rialáil;

130.

á chreidiúint gur gá an teorainn olltonnáiste, mar chritéar chun acmhainn iascaireachta a thomhas, a chur in oiriúint do réaltacht na hearnála agus don ghá atá ann innill níos nua-aimseartha, níos lú truaillithe agus níos tíosaí ar fhuinneamh a úsáid; ag tathant ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, na critéir sin a athbhreithniú chun feabhas a chur ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre agus maireachtála, chomh maith leis na hathruithe is gá a cheadú chun feabhas a chur ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil, chun níos mó oibrithe óga a mhealladh chuig an earnáil agus chun a áirithiú nach mbeidh tionchar níos lú ar an gcomhshaol agus nach dtiocfaidh méadú ar an acmhainn iascaireachta;

131.

á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí comhsheasmhacha a bhailiú lena gcumasófaí bainistiú cliste na turasóireachta cósta agus lena seachnófaí brú ar éiceachórais agus ar phobail áitiúla, chomh maith le hiomaíocht le gníomhaíochtaí traidisiúnta, amhail iascaireacht ar mionscála agus chósta;

132.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá na bearta bainistithe agus oiriúnaithe is gá chun pobail chósta, gnáthóga agus bithéagsúlacht a chosaint, agus a d’fhágfadh go gcaithfí cistí go maith i bhfianaise thionchair ollmhóra an athraithe aeráide agus na gcostas a bhaineann leo; á iarraidh ar an gCoimisiún córas rabhaidh agus breathnóireachta a bhunú maidir le stoirmeacha agus tuilte níos minice, faireachán comhshaoil agus sláinte leormhaith a chur ar fáil agus taighde a dhéanamh ar réamhrabhaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chásanna agus ar bhearta éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar arduithe a d’fhéadfadh teacht ar leibhéal na mara agus ar eachtraí adhaimsire;

133.

á mheabhrú go bhfuil uirlisí ann amhail an clár Eorpach CleanSeaNet, arb é is aidhm dóibh faireachán a dhéanamh ar thruailliú ola; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil comhar réigiúnach, lena n-áirítear le tríú tíortha, bunriachtanach, go háirithe sa Mheánmhuir; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an malartú faisnéise agus an comhar idir tíortha a fheabhsú; ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le pleanáil spásúil mhuirí atá comhoibríoch, cuimsitheach agus trasearnála agus a chuireann ábhair imní socheacnamaíocha, chomhshaoil agus bithéagsúlachta san áireamh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-aistriú fuinnimh, inar féidir le hearnáil an gheilleagair ghoirm teicneolaíochtaí in-athnuaite giniúna cumhachta amach ón gcósta a chur chun cinn, amhail fuinneamh taoide, tonnta, gréine agus gaoithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacú le tionscal na loingseoireachta agus an iompair mhuirí a dhícharbónú, teicneolaíochtaí inbhuanaithe a fhorbairt agus úsáid foinsí fuinnimh in-athnuaite agus astaíochtaí ísle a mhéadú;

134.

ag tacú le prionsabal na forbartha inbhuanaithe faoi chuimsiú an gheilleagair ghoirm mar spreagadh d’fhás eacnamaíoch san Aontas, go háirithe i réigiúin an Atlantaigh, na Meánmhara agus Mhuir Bhailt, mar bhealach chun na gníomhaíochtaí earnála agus trasearnála uile a bhaineann le haigéin, farraigí agus limistéir chósta, lena n-áirítear iompar muirí, tógáil agus deisiú long, biteicneolaíocht, turasóireacht inbhuanaithe, gaoth ón talamh, iascaireacht tráchtála agus áineasa, dobharshaothrú, agus fuinneamh tonnta agus taoide; á iarraidh ar an gCoimisiún taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur chun cinn lena gcuirtear leis an turasóireacht inbhuanaithe, le héifeachtúlacht acmhainní agus le fuinneamh in-athnuaite; á chur i bhfáth go háirithe go bhféadfadh an fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta a bheith ina chuid thábhachtach de chóras fuinnimh na hEorpa faoi 2050; agus á iarraidh go gcruthófaí dreasachtaí agus cistiú le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar calafoirt chun seirbhísiú thionscal an fhuinnimh inathnuaite amach ón gcósta a éascú;

135.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil a ról á bhaint amach agus á choinneáil ag AE mar cheannaire teicneolaíochta, tallann a choinneáil agus fuinneamh a tháirgeadh, agus aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an muirthimpeallacht a laghdú ag an am céanna;

136.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá nuálaíocht san iascaireacht chun feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil agus eacnamaíoch na hiascaireachta, agus á iarraidh cur chuige nua i leith na nuálaíochta nach n-eascróidh méadú ar an acmhainn iascaireachta as an nuálaíocht agus as an nuachóiriú;

137.

ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na réigiúin oibriú le chéile d’fhonn tionscnaimh áitiúla a chur chun cinn agus tacú leo chun slite beatha, traidisiúin agus oidhreacht chultúrtha a bhaineann leis an iascach agus leis an dobharshaothrú a chaomhnú;

138.

á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise staid leochaileach na réigiún is forimeallaí, tacaíocht láidir a chur ar fáil don nuálaíocht agus don taighde, agus é mar aidhm léi cleachtais agus teicnící nuálacha, comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha a fhorbairt san iascach agus sa dobharshaothrú sna réigiúin sin, agus ar an gcaoi sin ról ceannasach a thabhairt do na réigiúin sin i rialachas na n-aigéan;

139.

á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar mór comhshaoil agus socheacnamaíoch ag an mbruscar muirí sna réigiúin sin, agus dá bhrí sin á iarraidh ar an gCoimisiún lárionad a bhunú chun truailliú plaisteach muirí a chomhrac, i réigiún forimeallach más féidir, agus saineolas aige i nuálaíocht, i bhforbairt agus i gcomhar le geallsealbhóirí agus comhlachais iascaigh agus dobharshaothraithe, agus é de chúram air straitéisí agus beartais inbhuanaitheachta a ghlacadh a d’fhéadfaí a mhacasamhlú i réigiúin eile;

140.

á mheas go bhfuil sé tábhachtach feasacht dhearfach tomhaltóirí a ardú maidir le luach cothaitheach táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe; á chur i bhfios go bhfuil sé fíor-riachtanach faisnéis iomchuí a thabhairt do thomhaltóirí chun athruithe a dhéanamh ar na nósanna tomhaltais agus chun tomhaltas táirgí mara nach bhfuil ar eolas chomh maith ó uiscí na hEorpa a chur chun cinn;

141.

ag cur béim ar an ngá atá ann feasacht tomhaltóirí a ardú maidir le táirgí atá bunaithe ar algaí, glacadh tomhaltóirí a mhéadú, agus feasacht tomhaltóirí a ardú maidir le cur amú bia; á athdhearbhú nach mór faisnéis do thomhaltóirí a fheabhsú trí lipéadú éifeachtach, lena n-áirítear lipéadú inbhuanaitheachta;

o

o o

142.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

(1)  IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.

(2)  IO L 247, 13.7.2021, lch. 1.

(3)  IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.

(4)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 135.

(5)  IO L 288, 6.11.2007, lch. 27.

(6)  IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.

(7)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.

(8)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0425.

(9)  https://blueindicators.ec.europa.eu/sites/default/files/2021_06_BlueEconomy_Report-2021.pdf.

(10)  https://cinea.ec.europa.eu/system/files/2021-05/Sustainability% 20criteria%20for%20the%20blue%20economy%20.pdf.

(11)  IO C 316, 22.9.2017, lch. 64.

(12)  IO C 458, 19.12.2018, lch. 9.

(13)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 14.

(14)  IO C 117, 11.3.2022, lch. 30.

(15)  IO C 99, 1.3.2022, lch. 88.

(16)  IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.

(17)  http://bluegrowthvigo.eu/

(18)  https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php?title=Fishery_statistics# Fisheries:_the_factors_of_production.

(19)  IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/22


P9_TA(2022)0136

Plean gníomhaíochta AE maidir le talmhaíocht orgánach

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le plean gníomhaíochta AE don talmhaíocht orgánach (2021/2239(INI))

(2022/C 465/02)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagail 39, 192(1) agus 349 de,

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,

ag féachaint do Chomhaontú Pháras a comhaontaíodh ag an 21ú Comhdháil de Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Márta 2021 maidir le plean gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach a fhorbairt (COM(2021)0141),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (1),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (2)

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol (3),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc” le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (5),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (6),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 19 Iúil 2021 maidir leis an bplean gníomhaíochta chun talmhaíocht orgánach a fhorbairt,

ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2018 maidir le straitéis Eorpach chun barra próitéine a chur chun cinn – táirgeadh plandaí próitéine agus plandaí léagúmacha a spreagadh in earnáil talmhaíochta na hEorpa (7),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an straitéis “ón bhfeirm go dtí an forc”,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2021 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach AE a fhorbairt,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 2 Nollaig 2021 maidir le plean gníomhaíochta AE don fheirmeoireacht orgánach,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0126/2022),

A.

de bhrí go gcuirtear in iúl sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta chun táirgeadh orgánach a fhorbairt (plean gníomhaíochta orgánaí, OAP) go bhfuil an Comhaontú Glas, agus na straitéisí ón bhfeirm go dtí an forc agus na bithéagsúlachta faoina scáth, fíorthábhachtach chun an t-aistriú i dtreo córas bia níos inbhuanaithe a bhainistiú, go háirithe iarrachtaí feirmeoirí a neartú chun an comhshaol a chosaint, bithéagsúlacht a chaomhnú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an talmhaíocht i gcoitinne agus ag an talmhaíocht orgánach go háirithe chun an cuspóir sin a bhaint amach;

B.

de bhrí, tar éis 12 mhí, go bhfuil liosta den reachtaíocht thánaisteach ar fad nach mór a theastaíonn chun Rialachán (AE) 2018/848 a theacht i bhfeidhm réidh anois, cé nach amhlaidh atá i gcás an rialacháin tharmligthe lena rialaítear táirgeadh salainn orgánaigh;

C.

de bhrí go gcaithfear tosaíocht a thabhairt do na próisis nádúrtha leis an rialachán tarmligthe, gan breiseáin ná astaíochtaí carbóin le linn an ullmhúcháin, arb iad is saintréith don salann mara chun deimhniúchán orgánach a thabhairt dó;

D.

de bhrí nach mór do chóras bia na hEorpa bia cothaitheach a tháirgtear go hinbhuanaithe a sheachadadh ar phraghsanna inacmhainne agus slándáil bia a áirithiú ar bhealach lena n-áirithítear sochaí shláintiúil agus pláinéad sláintiúil, lena gcuirtear leis an bhfolláine shóisialta agus eacnamaíoch, lena gcosnaítear sláinte na n-éiceachóras agus shaoránaigh na hEorpa araon, agus lena n-áirithítear brabúsacht an táirgthe talmhaíochta agus, dá bhrí sin, slí mhaireachtála chóir d’fheirmeoirí; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú go bhfuil an méadú ar an méid talún a úsáidtear le haghaidh feirmeoireacht orgánach ag teacht le cumas an mhargaidh táirgí orgánacha a ionsú;

E.

de bhrí go gceanglaítear ar fheirmeoirí le Rialachán (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha tréimhse tiontaithe a chomhlíonadh ar lena linn a chaithfidh siad na rialacha uile maidir le táirgeadh orgánach a chur i bhfeidhm;

F.

de bhrí go bhféadfadh suas le trí bliana a bheith sa tréimhse sin; de bhrí, le linn na tréimhse sin, go gcaithfidh feirmeoirí costais táirgthe níos airde a sheasamh gan leas a bhaint as praghsanna margaidh níos airde ar tháirgí orgánacha;

G.

de bhrí go bhfuil tairbhí éagsúla don chomhshaol ag baint leis an talmhaíocht orgánach, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa laghdaithe, agus go bhfuil sé d’acmhainn aici cabhrú le hearnáil na talmhaíochta páirt a ghlacadh sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, oiriúnú don athrú aeráide agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thábhachtacha amhail cailliúint post i limistéir thuaithe, torthúlacht ithreach agus caillteanas bithéagsúlachta, chomh maith le hathléimneacht a chur chun cinn i gcoinne na ndúshlán eacnamaíoch;

H.

de bhrí go bhfuil éagsúlacht talmhaíochta agus slabhraí níos giorra idir feirmeoirí agus tomhaltóirí tábhachtach do chóras bia sláintiúil agus inbhuanaithe;

I.

de bhrí gur féidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach rannchuidiú le cothromaíocht uaillmhianach a bhaint amach ó thaobh na hinbhuanaitheachta de ó thaobh na heacnamaíochta, na sóisialta agus an chomhshaoil de, lena gcothaítear cosaint ithreach, uisce agus bithéagsúlachta agus leas ainmhithe, agus go dtugann sí deiseanna do dhaoine óga dul isteach i ngairm na feirmeoireachta;

J.

de bhrí go bhfuil caighdeáin chomhshaoil agus leasa ainmhithe in AE i measc na gcaighdeán is airde ar domhan; de bhrí go bhfuil 30 % níos mó bithéagsúlachta ag talamh feirmeoireachta orgánaí, go dtéann sé chun tairbhe pailneoirí agus go gcuireann sé teorainn le húsáid leasachán saorga agus táirgí cosanta plandaí;

K.

de bhrí gur féidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach cur le hathbheochan limistéar tuaithe, le cruthú fostaíochta, le hinbhuanaitheacht feirmeacha beaga, le tomhaltóirí agus táirgeoirí a thabhairt níos gaire dá chéile, le naisc leis an ngeilleagar áitiúil a fheabhsú agus le hiolraitheoirí eacnamaíocha dearfacha a spreagadh; de bhrí go dtugtar isteach leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) nua bearta uaillmhianacha nua chun táirgeadh inbhuanaithe, lena n-áirítear feirmeoireacht orgánach, a spreagadh;

L.

de bhrí go bhfuil sé riachtanach a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí, a bhfuil méadú ag teacht ar thábhacht na nithe a itheann siad, agus earnáil na lónadóireachta, in ann roghanna eolasacha agus comhfhiosacha a dhéanamh agus bia á cheannach acu;

M.

de bhrí gur gá a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas mar is ceart faoi na tairbhí a bhaineann le táirgí orgánacha a ídiú agus go ndéantar iad a chosaint ar lipéid, ar phacáistíocht agus ar fhógraíocht atá míthreorach d’aon ghnó;

N.

de bhrí gur fhás limistéar talmhaíochta iomlán AE faoin bhfeirmeoireacht orgánach go 13,8 milliún heicteár in 2019; de bhrí gurb ionann é faoi láthair agus 8,5 % de limistéar iomlán talmhaíochta AE a úsáidtear; de bhrí, idir 2010 agus 2019, go bhfuil méadú faoi dhó tagtha ar luach mhargadh orgánach AE;

O.

de bhrí gur tháinig méadú ar dhíolachán miondíola táirgí orgánacha ó EUR 18 mbilliún go EUR 41 bhilliún sa tréimhse 2009-2019; de bhrí go sáraíonn an méadú ar an táirgeadh orgánach forbairt an mhargaidh orgánaigh i gcodanna de AE, le difríochtaí suntasacha sa tomhaltas orgánach ar fud na mBallstát; de bhrí go bhfuil táirgeadh táirgí orgánacha an-íseal nó nach ann dó i gcodanna áirithe de AE, agus éagothromaíochtaí móra idir na Ballstáit, idir 0,5 % agus 26,5 % den limistéar atá ar fáil agus atá dírithe ar an earnáil;

P.

de bhrí go bhfuil 23 ghníomhaíocht san áireamh in OAP, lena gcuirtear bonn láidir ar fáil chun an earnáil orgánach a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe; de bhrí go mbeartaítear athbhreithniú meántéarma a dhéanamh ar OAP in 2024 agus gur bunaíodh “Lá Orgánach AE” bliantúil, ar deis é chun feabhas a chur ar infheictheacht agus ar aitheantas na feirmeoireachta orgánaí agus chun feasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí a bhaineann le táirgeadh orgánach, toisc go meastar gur “ceannairí na talmhaíochta inbhuanaithe” iad feirmeoirí orgánacha;

Q.

de bhrí go ndírítear go háirithe le Rialachán (AE) 2018/848, a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022, ar mhuinín tomhaltóirí as táirgí orgánacha a mhéadú trí rialuithe agus rialacha níos déine maidir le hallmhairí;

R.

de bhrí gur foilsíodh na treoirlínte straitéiseacha do dhobharshaothrú AE atá níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021 go 2030 i mBealtaine 2021 agus go ndéanfar iad a fhorbairt sna Pleananna Straitéiseacha Náisiúnta;

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta chun an táirgeadh orgánach a fhorbairt, an cuspóir limistéar talmhaíochta AE a mhéadú faoin bhfeirmeoireacht orgánach faoi 2030 tríd an soláthar agus an t-éileamh a fhorbairt, agus aitheantas an Choimisiúin don fheirmeoireacht orgánach mar cheann de na príomhghnéithe ar bhealach AE chun córais bia níos inbhuanaithe a bhaint amach, agus úsáid á baint as cleachtais talmhaíochta níos inbhuanaithe, úsáid níos éifeachtúla á baint as foinsí in-athnuaite, caighdeáin níos airde á n-áirithiú do leas ainmhithe agus cuidiú le hioncaim níos airde a áirithiú d’fheirmeoirí na hEorpa;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh maidir leis an sciar de limistéar talmhaíochta an Aontais atá faoi fheirmeoireacht orgánach; á mheas go gcuideoidh forbairt na feirmeoireachta orgánaí, lena gcuirfear go leor seachtrachtaí dearfacha agus tairbhí dearfacha ar fáil don mhaolú ar an athrú aeráide, don bhithéagsúlacht agus don chosaint ithreach, do bhaint amach straitéisí chuspóirí na feirme go dtí an forc agus na bithéagsúlachta; á aithint, ag an am céanna, gur ann d’ acmhainneacht do shamhlacha táirgthe inbhuanaithe eile agus do mhodhanna feirmeoireachta inbhuanaithe eile, amhail táirgeadh comhtháite agus rialú bitheolaíoch, chun cur le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais;

3.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil difear suntasach idir an sciar den talamh talmhaíochta atá faoi fheirmeoireacht orgánach i measc na mBallstát; á chur i bhfáth nach mór é sin a chur san áireamh agus beartais agus ionstraimí á bhforbairt lena ndírítear ar an táirgeadh orgánach a fheabhsú agus ag tathant ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar thacú le na Ballstáit atá ag titim ar gcúl;

4.

á áitiú gur cheart na bearta agus na hionstraimí go léir a mholtar i ndáil leis sin a bheith bunaithe ar anailísí críochnúla agus ar mheasúnuithe tionchair; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór don reachtaíocht agus do na pleananna gníomhaíochta oibriúcháin dóthain solúbthachta a bheith iontu chun na difríochtaí idir cineál agus dálaí na talmhaíochta orgánaí sna Ballstáit a chur san áireamh;

5.

á chur i bhfios gur gá don Choimisiún, le tabhairt isteach Rialachán nua (AE) 2018/848 maidir le táirgeadh orgánach in 2022, aistriú rianúil agus tomhaiste ó sheanreachtaíocht orgánach AE a áirithiú ionas go mbeidh an earnáil orgánach in ann eolas a chur ar na rialacha nua go tapa agus go hiontaofa; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar an rialachán nua cúig bliana tar éis a chur chun feidhme, d’fhonn aon choigeartuithe is gá a dhéanamh;

6.

á chur i bhfios go láidir nach mór forbairt agus fás na hearnála orgánaí agus na limistéar orgánach, mar a fhoráiltear sa straitéis ón bhfeirm go dtí an forc, ag a bhfuil ról lárnach chun ceantair thuaithe bheoga a athbheochan agus a chothabháil, a bheith faoi thionchar an mhargaidh agus forbairtí iomlánaíocha sa slabhra soláthair a bheith ag gabháil leo, lena n-áirítear próiseáil, mar aon le bearta beartais chun soláthar agus éileamh breise ar bhia orgánach a spreagadh agus chun muinín na dtomhaltóirí a áirithiú;

7.

ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go bhféadfaí forbairt chothrom a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige sin, i gcomhréir le cumas an mhargaidh táirgeadh orgánach a ionsú, chun brabúsacht an mhargaidh orgánaigh agus na feirmeoireachta orgánaí amach anseo san Aontas a chosaint;

8.

ag cur béim ar a riachtanaí atá sé, sa chomhthéacs sin, deireadh a chur le hualaí iomarcacha riaracháin; á chur i bhfáth nach amháin gur cheart do thomhaltóirí táirgí orgánacha atá toilteanach praghas níos airde a íoc tacú le tairbhí comhshaoil na feirmeoireachta orgánaí, ach gur cheart do bhuiséad CBT freisin luach saothair cuí a thabhairt d’fheirmeoirí orgánacha ar na hearraí poiblí sonracha a sholáthraíonn siad trí chosaint an chomhshaoil agus acmhainní nádúrtha, trí ionchuir a laghdú agus trí thacú le caighdeáin níos airde maidir le leas ainmhithe;

9.

á thabhairt chun suntais gur cheart tús áite a thabhairt d’inbhuanaitheacht talmhaíochta agus d’athléimneacht chóras bia an Aontais a spreagadh, agus gur gné lárnach í an fheirmeoireacht orgánach chun cuspóirí comhshaoil agus aeráide a bhaint amach; á mheas gur féidir le nuálaíocht inbhuanaithe i gcleachtais amhail an fheirmeoireacht orgánach agus, ar bhonn níos leithne, an agrai-éiceolaíocht, níos mó éagsúlachta a chruthú laistigh de na córais feirmeoireachta;

10.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé tábhachtach córais feirmeoireachta éagsúla a bheith ann ag an am céanna, ós rud é go bhfuil an éagsúlacht ríthábhachtach ó thaobh shlándáil agus athléimneacht an chórais bia de, agus go dtéann sí chun tairbhe don fhorbairt inbhuanaithe; á chur i bhfios nach ann d’aon mhúnla aonair feirmeoireachta atá oiriúnach do na tíortha agus do na réigiúin uile, agus á chur i bhfáth gur cheart tairbhí na samhlacha éagsúla feirmeoireachta inbhuanaithe a aithint;

11.

á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé leanúint den táirgeacht orgánach a mhéadú chun lorg éiceolaíoch méadaithe ó tháirgeadh bia i dtíortha nach bhfuil san Aontas a chosc fad is a dhéantar níos mó tiontaithe go samhail na feirmeoireachta orgánaí i réigiúin an Aontais;

12.

á thabhairt le fios, chun go n-éireoidh le plean gníomhaíochta de chuid an Aontais, go gcaithfidh sé na Ballstáit a spreagadh agus a shlógadh, chomh maith le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus na sainiúlachtaí a bhaineann leo agus na túsphointí éagsúla atá acu á gcur san áireamh; á chreidiúint gur cheart ról a bheith ag OAPanna réigiúnacha agus áitiúla, i gcás inarb ábhartha, i bhforbairt na hearnála orgánaí;

13.

á chur in iúl, dá bhrí sin, gur cheart na Ballstáit a spreagadh a gcuid straitéisí náisiúnta féin don fheirmeoireacht orgánach a bhunú agus a gcuid pleananna gníomhaíochta oibriúcháin náisiúnta agus/nó réigiúnacha féin a fhorbairt, i gcomhar leis na Pleananna Straitéiseacha Náisiúnta, ar cheart leibhéal ard uaillmhéine a bheith acu maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach a fhorbairt, ina mbeadh cuspóirí réadúla agus nithiúla, gníomhaíochtaí, amchláir agus buiséid, lena n-áirítear dreasachtaí d’fheirmeoirí, lena n-éascófaí rogha a dhéanamh agus tacú le tionscnaimh ón mbun aníos;

14.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-urramófar na coinníollacha sin go hiomlán agus na Pleananna Straitéiseacha Náisiúnta arna dtíolacadh ag na Ballstáit á bhformheas agus a áirithiú go gcuirfear acmhainní leordhóthanacha airgeadais ar fáil, in éineacht leis na huirlisí is éifeachtaí, chun na cuspóirí ábhartha a bhaint amach i dtéarmaí fhorbairt na hearnála; ag leagan béim ar an ngá atá le fios gnó agus dea-chleachtais a mhalartú, ós rud é go bhfuil níos mó taithí ag roinnt Ballstát maidir le pleananna náisiúnta uaillmhianacha a cheapadh agus a chur chun feidhme;

15.

á iarraidh ar an gCoimisiún na malartuithe sin a áireamh faoi chuimsiú na gcruinnithe leantacha poiblí atá beartaithe; á thabhairt chun suntais gur cheart do na pleananna gníomhaíochta oibriúcháin náisiúnta intuarthacht agus soiléireacht a chruthú d’fheirmeoirí agus don tionscal, agus ar an gcaoi sin forbairt na hearnála orgánaí agus tráchtálú táirgí orgánacha a spreagadh;

16.

á chur in iúl gur geal léi raon feidhme an rialacháin maidir le feirmeoireacht orgánach a leathnú chun táirgí áirithe a bhfuil dlúthbhaint acu leis an talmhaíocht a áireamh, ar táirgí iad nach liostaítear in Iarscríbhinn I de CFAE, amhail salann; á chur in iúl gur ábhar imní di, áfach, faoin tuarascáil maidir le salann orgánach a d’fhoilsigh an Sainghrúpa um Chomhairle Theicniúil maidir le Táirgeadh Orgánach (EGTOP) an 6 Lúnasa 2021, ós rud é go bhfuil sé i bhfabhar lipéad orgánach AE a leathnú chuig modhanna táirgthe nach gcomhlíonann prionsabail Rialachán (AE) 2018/848; dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún gan comhairle EGTOP a leanúint;

17.

á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit dul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí uile, go háirithe feirmeoirí orgánacha agus comhlachais orgánacha, comharchumainn, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, an tionscal agraibhia feadh an tslabhra luacha, mórdhíoltóirí agraibhia, ionadaithe tomhaltóirí agus na hearnála príobháidí agus an tionscal fáilteachais, lena n-áirítear lónadóirí agus comhlachais oideachais bia ar mórscála, mar aon le saoránaigh, i bpróiseas comhairleach agus a bpleananna gníomhaíochta oibriúcháin náisiúnta agus/nó réigiúnacha á gceapadh, á nglacadh, á n-athbhreithniú agus á gcur chun feidhme acu chun na sineirgí is fearr is féidir a bhaint amach agus chun an cuspóir a bhaineann le limistéar méadaithe faoin bplean orgánach a bhaint amach, mar a chinntear sa Phlean Straitéiseach Náisiúnta;

18.

á aithint go gcuireann táirgeadh orgánach torthaí eacnamaíocha níos fearr ar fáil d’fheirmeoirí, ach gur minic a bhíonn costais táirgthe níos airde i gceist leis agus, dá bhrí sin, go n-éilítear praghsanna margaidh agus tacaíocht dhíreach leordhóthanach chun na costais sin a aisghabháil d’fhonn tuilleamh cothrom a lamháil d’fheirmeoirí;

19.

á chur i bhfios go bhféadfadh praghsanna níos airde do thomhaltóirí a bheith ina mbacainn ar mhéadú, ach go bhfuil gá leo faoi láthair chun an earnáil orgánach a chothabháil; á mheabhrú nach bhfuil aon mhargadh ann i gcásanna áirithe do tháirgí talmhaíochta orgánacha, lena gcuirtear iallach ar fheirmeoirí iad a dhíol mar ghnáth-tháirgí talmhaíochta ar phraghas níos ísle;

20.

á mheabhrú go bhfuil caighdeáin an-ard táirgthe i gceist leis an bhfeirmeoireacht orgánach; ag cur béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar inacmhainneacht táirgí orgánacha agus ar inrochtaineacht na dtáirgí sin; á chur i bhfios go láidir nach mór tacaíocht a thabhairt do tháirgeoirí i bpróiseas an tiontaithe go táirgeadh orgánach agus go gcaithfidh siad tairbhe a bhaint as breisluach na feirmeoireachta orgánaí; ag tabhairt dá haire, amhail i gcás gnáth-tháirgí, go rachadh sé chun tairbhe d’fheirmeoirí agus do thomhaltóirí araon an luach a dháileadh níos fearr ar na gníomhaithe sa bhiashlabhra orgánach;

21.

ag aithint go lamhálfar, le forbairt na hearnála orgánaí, barainneachtaí scála sa phróiseáil agus sa lóistíocht a mhéadóidh éifeachtúlacht agus a mbeidh costais níos ísle mar thoradh orthu; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an Treoir maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála chun an earnáil a fhorbairt agus chun a áirithiú nach mbeidh corrlaigh bhrabúis ró-ard ag miondíoltóirí ar tháirgí orgánacha; á mheas freisin go bhféadfaí táirgí orgánacha a áireamh sna cláir laistigh den Chiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, fad is atá soláthar leordhóthanach ar fáil;

22.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Coimisiún ag obair chun leas foriomlán na n-ainmhithe a fheabhsú agus ag tabhairt le fios go bhfuarthas amach i suirbhé Eorabharaiméadair 2020 maidir le talmhaíocht agus CBT go mbaineann 80 % de shaoránaigh AE le feirmeoireacht orgánach le hurraim níos mó do leas ainmhithe; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé tacú le feirmeoireacht orgánach beostoic;

23.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dlús a chur le forbairt an dobharshaothraithe orgánaigh agus a mhargadh san Aontas, chomh maith le héileamh na dtomhaltóirí ar na táirgí sin agus an mhuinín atá acu astu a neartú; á thabhairt chun suntais go dtagann ceann amháin as gach ceithre tháirge iascaigh ón dobharshaothrú; á chur i bhfios, áfach, ós rud é gurb iad allmhairí, arb ionann iad agus 60 % den soláthar iomlán, a sholáthraítear formhór na dtáirgí sin, go bhfuil acmhainneacht ollmhór fáis ann nach mór dúinn leas a bhaint as chun dobharshaothrú Eorpach i gcoitinne agus dobharshaothrú orgánach go háirithe a fhorbairt;

24.

ag leagan béim ar an ngá atá ann na bearta maidir le dobharshaothrú orgánach a chomhordú leis na treoirlínte straitéiseacha nua do dhobharshaothrú AE a bheidh níos inbhuanaithe agus níos iomaíche don tréimhse 2021 go 2030 agus d’fhorbairt na hearnála sna Ballstáit agus sna réigiúin;

An t-éileamh a spreagadh agus muinín na dtomhaltóirí a áirithiú

25.

ag tacú leis an gCoimisiún faisnéis faoi lógó orgánach AE a chur chun cinn agus a roinnt tuilleadh i measc tomhaltóirí, lena n-áirítear trí scéimeanna scoile, lenar cheart sciar níos mó a thabhairt do tháirgí orgánacha nuair a dhéanfar athbhreithniú ar na scéimeanna scoile, agus in institiúidí eile amhail tithe altranais; ag tacú le cur chun cinn na lógónna orgánacha áitiúla atá ann i roinnt Ballstát agus lena dtairgtear na ráthaíochtaí céanna ar a laghad le lógó orgánach AE agus go n-úsáidtear iad in éineacht leis; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh scéimeanna scoile mar bhonn do phlé oideolaíoch maidir le cothú agus bia inbhuanaithe agus gur cheart bearta a bheith ag gabháil leo atá dírithe ar leanaí a chur ar an eolas agus ar oideachas a chur ar leanaí faoi aistí bia níos fearr;

26.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfar le suirbhéanna tomhaltóirí ar orgánaigh trí ghníomhaíochtaí chun feasacht a ardú tuilleadh maidir leis na tairbhí a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht orgánach don tsláinte, don fholláine agus d’ardcháilíocht saoil, agus ag an am céanna a áirithiú nach mbainfear an bonn ó mhuinín na dtomhaltóirí as sábháilteacht agus inbhuanaitheacht na ngnáthmhodhanna feirmeoireachta san Aontas; ag leagan béim ar an ngá atá ann faisnéis chruinn a chur ar fáil chun a áirithiú nach lagaíonn na tionscnaimh nua atá á bhforbairt maidir le lipéadú inbhuanaithe bia lógó orgánach AE ná nach gcruthóidh siad mearbhall don tomhaltóir maidir lena raon feidhme agus lena mbrí faoi seach;

27.

á chur in iúl gur ábhar imní di faoi lipéid mhíthreoracha, faoi phacáistíocht agus faoi fhógraíocht mhíthreorach, rud a fhágann gur deacair do thomhaltóirí idirdhealú a dhéanamh idir gnáththáirgí agus táirgí orgánacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil Rialachán (AE) 2018/848 agus rialuithe neamhspleácha rialta mar bhonn do mhuinín tomhaltóirí as táirgí orgánacha agus á iarraidh ar na Ballstáit cumarsáid a dhéanamh go soiléir ar lógó orgánach AE;

28.

ag leagan béim ar an ról a bheidh ag ollmhargaí agus ag na slabhraí soláthair bia éagsúla chun lógó orgánach an Aontais a chur chun cinn agus chun tacú leis; ag fanacht leis na tionscnaimh a bheidh ag an gCoimisiún amach anseo lena ndírítear ar thomhaltóirí a threorú níos fearr maidir le bia a roghnú trí lipéadú, cur chun cinn agus feachtais faisnéise, bunaithe ar fhondúireachtaí eolaíocha atá fónta, neamhspleách agus oibríochtúil agus modheolaíochtaí iomlána agus comhleanúnacha; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh lipéadú éigeantach lena léirítear áit tionscnaimh tháirgí bia uile an Aontais an trédhearcacht agus an inrianaitheacht a mhéadú go suntasach, agus dá réir sin calaois agus modhanna táirgthe neamhdhleathacha a chomhrac, chomh maith le muinín na dtomhaltóirí a fheabhsú;

29.

á mheabhrú go bhfuil riachtanais na gcistineacha gairmiúla éagsúil ó riachtanais na dteaghlach; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé breisluach a chruthú don slabhra soláthair agus cur le leibhéal próiseála táirgí orgánacha chun freagairt do riachtanais na gcistineacha gairmiúla;

30.

á chreidiúint gur cheart an t-athbhreithniú ar sholáthar poiblí glas (SPG) 2019 a phoibliú ar bhealach níos fearr sna Ballstáit chun feasacht a fheabhsú agus chun spreagadh láidir a thabhairt do ghníomhaíocht lena ndírítear ar tháirgeadh orgánach a chur chun cinn agus chun tacú le haiste bia atá níos sláintiúla agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol in institiúidí amhail scoileanna, ospidéil, tithe scoir agus príosúin, agus go bhféadfar méid dramhaíola táirgí orgánacha sna Ballstáit ina bhfuil barrachais a laghdú freisin; á chreidiúint gur cheart d’institiúidí AE dea-shampla a thabhairt ina saoráidí féin; á mheas, chun úsáid SPG a mhéadú, go bhfuil sé riachtanach comhordú a dhéanamh leis an earnáil trína heagraíochtaí ionadaíocha d’fhonn a áirithiú go n-oibreoidh an soláthar ar bhealach rianúil;

31.

á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá imscrúduithe ar na bacainní struchtúracha agus lóistíochúla atá ann faoi láthair agus úsáid chritéir SPG a chur chun cinn sna Ballstáit, chomh maith le gníomhaíochtaí chun faisnéis, oideachas agus cur chun cinn orgánach a fheabhsú chun an beart sin a dhéanamh níos éifeachtaí; á chur in iúl gur cheart an méadú ar úsáid SPG a chinneadh ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis an éileamh náisiúnta agus leis na spriocanna a leagtar amach sna pleananna gníomhaíochta oibriúcháin náisiúnta; á chreidiúint nach mór do SPG béim láidir a chur ar tháirgí orgánacha AE, rud a spreagfadh an táirgeadh agus a chuideodh le AE a spriocanna aeráide a bhaint amach;

32.

á chur i bhfáth nach mór an táirgeadh orgánach agus an phróiseáil orgánach a fhorbairt ar bhealach iomchuí ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, agus feirmeoirí orgánacha áitiúla bainteach leis; ag tacú le forbairt córas réigiúnach inbhuanaithe bia a bheidh bunaithe ar chomhar a mbeidh na geallsealbhóirí uile bia páirteach ann; á chur in iúl gur oth léi an easpa sonraí fíoraithe maidir le glacadh táirgí orgánacha i gceaintíní poiblí agus i mbialanna poiblí;

33.

á chur i bhfios go bhfuil ról tábhachtach ag údaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, in éineacht le comhlachais feirmeoirí agus mórdhíoltóirí agraibhia, chun tacú le struchtúrú na hearnála orgánaí i dtéarmaí táirgthe, comhphróiseála, lóistíochta agus trádála, rochtain ar thalamh a éascú d’fheirmeoirí orgánacha, comhar a éascú idir na táirgeoirí féin, idir táirgeoirí agus tomhaltóirí agus le seirbhísí bia;

34.

ag cur béim, ina theannta sin, ar an ról a bheidh ag na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta chun feasacht an phobail a mhúscailt maidir le gach cineál modhanna feirmeoireachta inbhuanaithe, maidir le táirgí orgánacha a sholáthar i gceaintíní agus maidir le cláir oideachais a fhorbairt do réamhscoileanna agus do scoileanna;

35.

á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur uirlis éifeachtach iad margaí feirmeoirí ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach chun an bhearna idir táirgeoirí agus tomhaltóirí a dhúnadh agus gur cheart iad a chur chun cinn; á mheabhrú freisin go gcuireann údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus comhlachais feirmeoirí cúnamh teicniúil an-luachmhar ar fáil d’fheirmeoirí orgánacha agus do na feirmeoirí atá á dtiontú, rud atá ríthábhachtach chun na cleachtais sin a chur chun feidhme, agus a bhfuil cistiú leordhóthanach ó CBT agus ó fhoinsí eile ag teastáil ina leith;

36.

á thabhairt cun suntais nach mór do na húdaráis uile a áirithiú go leanfar, leis an gcreat rialála, d’fhorbairt na hearnála a chumasú agus a spreagadh, agus ualaí riaracháin á n-íoslaghdú ag an am céanna; á mheabhrú go bhfuil baint ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha i roinnt mhaith Ballstát le fada le tacú le forbairt na feirmeoireachta orgánaí, go háirithe trí chláir forbartha tuaithe a bhainistiú agus a chur chun feidhme;

37.

ag cur béim ar an bhfíoras, agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach ann, go bhfuil gá le cur chuige atá íogair ó thaobh áite de, i gcomhréir le réamhchoincheap Chlár Oibre Críochach 2030, chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais éagsúla atá ag limistéir thuaithe, fho-uirbeacha agus uirbeacha ar fud na hEorpa;

38.

á thabhairt chun suntais go mbeidh rath na bpleananna gníomhaíochta oibriúcháin ag brath ar rannpháirtíocht níos láidre na hearnála príobháidí chun éileamh a spreagadh agus ioncam cothrom a sholáthar d’fheirmeoirí, go háirithe i dtíortha ina bhfuil margaí agus táirgeadh orgánach nach bhfuil chomh forbartha sin; á iarraidh ar an gCoimisiún sraith ionstraimí a shainaithint chun a chur ar chumas na mBallstát slabhraí miondíola a spreagadh chun cabhrú go gníomhach le faisnéis a chur chun cinn agus a chur ar fáil maidir leis an tábhacht a bhaineann le tomhaltas orgánach, agus chun slabhraí soláthair orgánaigh áitiúla a chruthú; á chur i bhfios go láidir nach mór gur ó éileamh príobháideach níos airde go príomha a thiocfadh méadú ar an táirgeadh orgánach agus nach ó dhreasachtaí polaitiúla amháin a thiocfaidh sé;

39.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar thrédhearcacht an tslabhra soláthair bia orgánaigh agus ar inrianaitheacht níos fearr i ngach próiseas táirgthe agus dáileacháin i gcomhréir leis na héilimh ó thomhaltóirí Eorpacha go mbeadh níos mó faisnéise acu maidir le tionscnamh agus modhanna táirgthe na n-earraí bia a chaitheann siad; á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh dheonacha ó mhiondíoltóirí chun táirgí comhshó a cheannach ar phraghas níos airde agus á chreidiúint gur cheart tionscnaimh den sórt sin a chur chun cinn;

40.

ag tabhairt aird chuí ar na deacrachtaí atá roimh mhiondíoltóirí na táirgí tiontaithe sin a mhargú le tomhaltóirí mar gheall ar easpa rialacha margaíochta comhchuibhithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhearta chun a margaíocht a éascú, amhail trí lipéadú comhchuibhithe;

41.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach don Choimisiún, do na Ballstáit agus do na geallsealbhóirí páirt ghníomhach a ghlacadh chun bealaí a shainaithint inar féidir na sásraí deimhniúcháin agus rialaithe atá ann cheana a dhéanamh níos láidre chun calaois sa táirgeadh orgánach agus sa trádáil orgánach a chosc;

42.

á chreidiúint go gcaithfidh na sásraí deimhniúcháin agus rialaithe a bheith níos oiriúnaí don talamh d’fheirmeoirí orgánacha agus nach mór an próiseas a shimpliú, lena n-áirítear trí réitigh TF;

43.

ag cur béim ar an bhfíoras nach mór aird ar leith a thabhairt ar na nósanna imeachta chun comhlachtaí deimhniúcháin a údarú; á chur i bhfáth go bhfuil an próiseas deimhniúcháin maidir le tiontú go feirmeoireacht orgánach anásta i gcónaí agus gur deacair é a chur chun feidhme agus gur cheart é a éascú, go háirithe d’fheirmeoirí beaga; á mheas gur cheart tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí chun costais deimhniúcháin a chumhdach;

44.

ag cur béim ar an ngá atá le córais Eorpacha chomhchuibhithe chun ionchuir le haghaidh feirmeoireacht orgánach a dheimhniú chun iomadú deimhnithe príobháideacha a bhfuil ceanglais éagsúla agus córais rialaithe éagsúla acu a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena chomhchuibhiú ar fud an Aontais trí OAP;

45.

ag tathant ar an gCoimisiún seiceálacha custaim a neartú trí bhíthin sásraí rialaithe díreacha aontaithe i gcomhar leis na Ballstáit agus i gcomhréir iomlán le prionsabal na coimhdeachta, chun cosc a chur ar chalaois bia, ar thruailliú agus ar allmhairiú táirgí nach gcomhlíonann caighdeáin an AE maidir le táirgeadh orgánach, chomh maith leis an mbaol a sheachaint go gcuirfí earnáil orgánach AE faoi mhíbhuntáiste iomaíoch mar gheall ar easpa cóineasaithe dhomhanda caighdeán agus costais mhéadaithe a bheith ann do thomhaltóirí; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar an ngá atá le rannpháirtíocht níos mó ó na húdaráis chustaim ábhartha chun cáilíocht agus sábháilteacht táirgí orgánacha a ráthú agus chun a áirithiú go mbeidh iomaíocht chothrom ann idir táirgeoirí laistigh den Aontas agus lasmuigh de;

46.

á chur in iúl gur oth léi nach ndéantar tagairt ar bith sa phlean gníomhaíochta orgánaí do na deacrachtaí agus na costais throma arna gcruthú don earnáil de bharr an ghá atá ann bearta oiriúnacha a chur i bhfeidhm le linn saothrú, buainte, iompair, stórála agus próiseála chun táirgí neamhúdaraithe a choinneáil amhail, mar shampla, OGManna as an slabhra táirgthe orgánach;

47.

á chur i bhfáth go n-aithnítear go hidirnáisiúnta táirgí talmhaíochta de thionscnamh AE ar mhaithe lena gcáilíocht; á mheas gur gá gníomhaíochtaí dearfacha agus cur chun cinn trádála chun táirgí orgánacha AE a chur chun cinn tuilleadh go hidirnáisiúnta; á aithint, i ndáil leis an méid sin, go bhféadfadh ról a bheith ag beartas cur chun cinn AE maidir le táirgeadh orgánach; á chur i bhfios go láidir gur cheart aitheantas a thabhairt don réimse leathan modhanna, cleachtas agus táirgí inbhuanaithe a bhaineann le táirgeadh in AE;

48.

á chur i bhfios, maidir le tásca geografacha, a fhaigheann tacaíocht ó bheartas cur chun cinn AE, go gcuireann siad go mór le fás eacnamaíoch i roinnt mhaith ceantar tuaithe agus gur treoir thábhachtach de chuid thalmhaíocht na hEorpa iad; á iarraidh go gcuirfeadh an Coimisiún an Pharlaimint ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht atá ann an margadh orgánach a leathnú agus go gcuirfeadh sé dlús leis an gcaibidlíocht atá ar bun faoi láthair chun an t-athrú ó choibhéis go comhlíonadh chaighdeáin AE maidir le hallmhairiú táirgí orgánacha a bhaint amach;

49.

ag tacú leis an aistriú domhanda chuig córais bhia inbhuanaithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart, le gníomhaíocht ar leibhéal AE, lena n-áirítear go háirithe straitéis an Chomhaontaithe Ghlais, díriú ar fheasacht chomhshaoil a ardú go rialta ar scála domhanda; á chur in iúl gur oth léi nach dtugann comhaontuithe saorthrádála dóthain airde uaireanta ar dhifríochtaí móra i gcaighdeáin táirgthe talmhaíochta idir AE agus tríú tíortha maidir le cosaint an chomhshaoil agus leas ainmhithe, rud a chuireann bac ar fheirmeoirí AE tuilleadh infheistíochtaí comhshaoil a dhéanamh, lena n-áirítear i dtáirgeadh orgánach;

An tiontú a spreagadh agus an slabhra luacha iomlán a threisiú

50.

á mheas, chun uaillmhianta na bPleananna Straitéiseacha Náisiúnta a chomhlíonadh, go bhfuil buiséad leormhaith CBT, chomh maith le comhoiriúnacht le cistí nó cláir Eorpacha eile, bunriachtanach chun dreasachtaí a chruthú d’fheirmeoirí a spreagadh chun cleachtais feirmeoireachta orgánaí a chothabháil agus tiontú chuig cleachtais feirmeoireachta orgánaí, trí bhearta forbartha tuaithe a bhfuil acmhainní leormhaithe acu nó trí éiciscéimeanna a bheidh tarraingteach ó thaobh airgeadais de, nó meascán den dá cheann;

51.

á iarraidh go mbeadh rochtain ag feirmeoirí traidisiúnta agus orgánacha araon ar éiciscéimeanna agus go ndearfaí iad ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh siad comhoiriúnach agus comhlántach le bearta agra-chomhshaoil-aeráide (AECManna); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé tacú le feirmeoirí orgánacha tar éis chéim an tiontaithe; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin san fheirmeoireacht orgánach trí na beartais phoiblí ábhartha, fiontraíocht i measc na mban a chur chun cinn agus tacú le feirmeacha beaga agus meánmhéide orgánacha inmharthana a fhorbairt;

52.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil meath tagtha ar bhuiséad CBT le fiche bliain anuas ag an am céanna leis na ceanglais a fhorchuirtear ar earnáil na talmhaíochta; ag tabhairt dá haire, faoin CBT reatha, nach bhfuil ach 1,8 % den bhuiséad á chaitheamh ar bhearta chun tacú leis an bhfeirmeoireacht orgánach agus gur díol sásaimh di go gceadaítear leis an CBT nua, go háirithe trí éiciscéimeanna agus trí bhearta forbartha tuaithe, níos mó solúbthachta a thabhairt do na Ballstáit chun na méideanna atá dírithe ar an earnáil orgánach a mhéadú;

53.

ag cur sonrú san acmhainneacht a bhaineann le slabhraí soláthair bia gearra, áitiúla agus séasúracha, agus deiseanna margaíochta díreacha, lena n-áirítear margaí na bhfeirmeoirí, do tháirgeoirí orgánacha agus do gheilleagair thuaithe chun sochair don chomhshaol agus do leas ainmhithe a sholáthar, agus ioncam á áirithiú freisin, fostaíocht á caomhnú agus á cruthú, beogacht na gceantar tuaithe á áirithiú agus an bhearna idir táirgeoirí agus tomhaltóirí AE á dúnadh; á chur i bhfáth go bhfuil forbairt an mhargaidh ríthábhachtach d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála orgánaí;

54.

á iarraidh ar na Ballstáit dóthain acmhainní a leithdháileadh ar infheistíochtaí lena n-éascófar forbairt slabhraí gearra bia, amhail trí líon na seamlas soghluaiste nó líon na saoráidí próiseála ar an bhfeirm a mhéadú; á mheas gur cheart úsáid slabhraí soláthair áitiúla a chur chun cinn i nósanna imeachta soláthair phoiblí; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart bacainní breise a bheith i margadh inmheánach an Aontais mar thoradh ar an mbéim a chuirtear ar tháirgeadh áitiúil agus ar shlabhraí gearra;

55.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ról gníomhach a imirt maidir le feabhas a chur ar struchtúr na slabhraí soláthair orgánaigh agus acmhainn na n-eagraíochtaí táirgeoirí orgánacha a fhorbairt; ag tathant ar na Ballstáit “idirghabhálacha earnála” a úsáid agus gach beart atá ar fáil a úsáid chun feabhas a chur ar eagrú táirgeoirí orgánacha i ngach earnáil ábhartha agus chun cabhrú leo i gcás rótháirgeadh sealadach;

56.

á chur i bhfáth go bhféadfadh sé go mbeadh níos lú cumhachta margála i gconarthaí tráchtála ag feirmeacha orgánacha, a bhfuil a dtáirgeadh níos lú ó thaobh méide agus costais dá bhrí sin, agus go bhféadfadh sé, dá bhrí sin, a bheith an-leochaileach do chleachtais tráchtála éagóracha, go háirithe i bhfoirm íocaíochtaí moillithe as earraí meatacha, cealuithe ag an nóiméad deireanach nó iachall a chur ar sholáthraithe íoc as táirgí neamhdhíolta nó táirgí dramhaíola; ag leagan béim ar an ngá atá le coinníollacha conarthacha soiléire agus le haitheantas cothrom a thabhairt d’obair na dtáirgeoirí talmhaíochta orgánacha agus á chreidiúint gur cheart uirlisí amhail conarthaí sa slabhra soláthair a chur chun cinn;

57.

á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht a thugann an Coimisiún do bhithcheantair a fhorbairt, ar a dtugtar éiciréigiúin freisin, laistigh de na Ballstáit, ós rud é gur de chineál ilfheidhmiúil iad, go gcuireann siad slabhraí soláthair gairide chun cinn agus go gcruthaítear sineirgí, inter alia, idir feirmeoirí, tomhaltóirí, cuideachtaí próiseála, miondíoltóirí, tionscal na fáilteachais agus lónadóireacht, agus fiontair chultúrtha; á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a chur ar fáil do na Ballstáit maidir leis na hionstraimí a d’fhéadfadh siad a úsáid chun forbairt bithcheantar a chur chun cinn, agus aird ar leith á tabhairt ar limistéir uirbithe; ag tabhairt dá haire go bhfuil rath na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ag brath ar chomhtháthú láidir réigiúnach agus ar rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach;

58.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cur leis an malartú struchtúrtha eolais agus dea-chleachtas maidir le feirmeoireacht orgánach i measc na mBallstát agus na bhfeirmeoirí; ag cur béim ar na buntáistí a bhaineann le comhar a threisiú idir eolaithe, ollscoileanna eolaíochta talmhaíochta agus an earnáil oideachais níos leithne, seirbhísí comhairleacha nó comhairleoirí, feirmeoirí agus a gcomhlachais agus a n-eagraíochtaí, agus an tsochaí; ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá le himirt i bhforbairt an táirgthe orgánaigh ag na seirbhísí neamhspleácha comhairleacha feirme nach mór do na Ballstáit a áireamh ina bPleananna Straitéiseacha faoi CBT agus ag leagan ar an ngá atá ann acmhainní leordhóthanacha airgeadais a leithdháileadh orthu;

59.

ag tabhairt dá haire gur léiríodh i dtuarascáil an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde dar teideal Modelling environmental and climate ambition in the agricultural sector with the CAPRI model’ (8) [An uaillmhian chomhshaoil agus aeráide a shamhaltú in earnáil na talmhaíochta le samhail CAPRI] go bhfuil gá le gnóthachain táirgiúlachta i ndáil leis an bhfeirmeoireacht orgánach agus bainistiú cothaitheach, ar féidir iad a fheabhsú, inter alia, trí fheirmeoireacht bheacht, trí theicneolaíochtaí digiteacha nua agus trí theicnící nuálacha eile;

60.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh uirlisí digiteacha nuálacha cur go mór leis an trédhearcacht agus leis an inrianaitheacht, agus ar an gcaoi sin calaois agus modhanna táirgthe neamhdhleathacha a chomhrac, chomh maith le muinín na dtomhaltóirí a fheabhsú; dá bhrí sin, ag spreagadh an Choimisiúin, lena n-áirítear trí na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT, a áirithiú go mbainfear úsáid níos mó as teicneolaíochtaí digiteacha, amhail feirmeoireacht bheacht agus blocshlabhra san fheirmeoireacht orgánach; á chur i bhfáth, áfach, go gcomhlánaíonn na teicneolaíochtaí sin cur chuige na hinbhuanaitheachta sistéamaí i leith na feirmeoireachta orgánaí agus nach mór príobháideachas, brabúsacht agus neamhspleáchas feirmeoirí ó thaobh sonraí de a áirithiú;

Feabhas a chur ar an méid a chuireann an fheirmeoireacht orgánach leis an inbhuanaitheacht

61.

á athdhearbhú a thábhachtaí atá taighde agus nuálaíocht maidir le hinbhuanaitheacht earnáil na feirmeoireachta orgánaí agus maidir le hionchais na sochaí a chomhlíonadh maidir leis an mbithéagsúlacht, leis an athrú aeráide agus leis an oiriúnú aeráide, le leas ainmhithe agus le húsáid éifeachtúil acmhainní, agus gur díol sásaimh di an rún atá ag an gCoimisiún cistiú an chláir Fís Eorpach a chur ar leataobh chun tacú leis na haidhmeanna sin; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur gá taighde agus nuálaíocht chun tiontú go talmhaíocht orgánach a spreagadh, lena n-áirítear táirgeadh beostoic, chun roghanna malartacha a aimsiú i gcás ionchuir áirithe san fheirmeoireacht agus sa phróiseáil araon chun táirgeacht a mhéadú agus chun a áirithiú go mbeidh fáil ar an mbeatha próitéine, vitimíní, táirgí cosanta plandaí, go háirithe réitigh bhithrialaithe, leasacháin agus acmhainní géiniteacha chun córais láidre feirmeoireachta a fhorbairt tuilleadh agus chun an chaoinfhulaingt do thriomach, lotnaidí agus galair a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún comhar idir pobail taighde atá ag obair ar bhia orgánach agus ar ghnáthbhia agus ar fheirmeoireacht orgánach agus traidisiúnta a spreagadh agus a chothú, go háirithe tríd an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht Talmhaíochta (EIP-AGRI);

62.

ag spreagadh cur chuige eolaíochtbhunaithe maidir le torthúlacht na hithreach agus an gá atá le nuálaíochtaí a fhorbairt, a ghlacadh agus a dhreasú i bhfoinsí núíosacha cothaitheach plandaí san fheirmeoireacht orgánach, lena n-áirítear méadú ar athchúrsáil cothaitheach trí phróiseáil agus deighilt leormhaith cothaitheach agus, i gcás inarb oriúnach agus inarb iomchuí, táirgí leasacháin a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite, amhail dramhaíl bhithmhaise agus aoileach ainmhithe chun easnaimh fhadtéarmacha cothaitheach a sheachaint; á mheabhrú a thábhachtaí atá aoileach beostoic mar leasachán orgánach agus ag spreagadh é a úsáid ar bhealach inbhuanaithe sa timthriall saothraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar ábhair nua athchúrsáilte ina bhfuil cothaithigh riachtanacha plandaí (fosfar, potaisiam agus nítrigin) chun go gcuirfear iad amach anseo ar liosta na n-ábhar ionchuir i Rialachán (AE) 2018/848, i gcomhréir le prionsabail na feirmeoireachta orgánaí agus lena n-áirithítear cáilíocht, sábháilteacht agus muinín na dtomhaltóirí;

63.

á iarraidh go ndéanfar tuilleadh taighde agus faisnéise maidir leis na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le bithspreagthaigh plandaí agus feabhsaitheoirí bithbhunaithe ithreach a úsáid sna córais feirmeoireachta orgánaí agus maidir leis an gcaoi a gcuireann siad le hionsú cothaitheach agus le feidhmíocht níos fearr sa tsamhail táirgthe sin, chun go bhféadfar iad a ghlacadh i gcoitinne agus chun cabhrú leis an mbearna idir táirgeacht orgánach agus an táirgeacht thraidisiúnta a laghdú; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na míchothromaíochtaí i mbuiséid na gcothaitheach i gcórais feirmeoireachta orgánaí trí úsáid a bhaint as teaglaim leormhaith, a bhaineann go sonrach leis an bhfeirm, de chothaithigh sheachtracha éagsúla, chomh maith le fosú bitheolaíoch nítrigine;

64.

ag leagan béim ar a phráinní atá sé go bhforbrófar táirgeadh próitéiní orgánacha plandaí agus táirgeadh léagúm orgánach, lena n-áirítear i gcórais foráiste, atá le spreagadh san Aontas Eorpach, chun spleáchas na hearnála orgánaí ar allmhairí a laghdú; ag tathant ar an gCoimisiún plean straitéiseach tiomnaithe a tharraingt suas i ndáil leis an méid sin;

65.

á chur in iúl gur geal léi an méid a chuireann an fheirmeoireacht orgánach le húsáid lotnaidicídí sintéiseacha a laghdú agus á iarraidh ar an gCoimisiún, agus an reachtaíocht nua maidir le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí á dréachtú aige, táirgí bithrialaithe a shainiú agus infhaighteacht réiteach bithrialaithe agus substaintí nádúrtha a mhéadú, a bhfuil deis acu úsáid i bhfad níos leithne a bhaint astu, tríd an bpróiseas meastóireachta agus údaraithe a fheabhsú agus a bhrostú;

66.

ag déanamh rún ó Pharlaimint an 15 Feabhra 2017 a mheabhrú don Choimisiún agus do na |Ballstáit maidir le lotnaidicídí ar de bhunús bitheolaíoch a mbaineann riosca íseal leo (9) agus á chur i bhfáth gur gá tacú le táirgí cosanta plandaí eile atá sábháilte, éifeachtach agus inacmhainne a fhorbairt, agus a n-úsáid níos leithne a spreagadh, go háirithe tríd an nós imeachta údaraithe do shubstaintí bunúsacha agus leathnú ar a n-úsáid a éascú, mar ghné thábhachtach i bhforbairt an táirgthe orgánaigh; ag cur béim ar an ngá atá ann na coinníollacha a chruthú do rochtain chomhionann ar tháirgí cosanta plandaí orgánacha agus leasacháin sna Ballstáit; á chur i bhfáth go bhféadfadh iarmhair lotnaidicíde, atá sa chomhshaol, difear a dhéanamh do tháirgí orgánacha chomh maith;

67.

á chur i bhfios nár cheart go mbeadh feirmeoirí orgánacha, a ráthaíonn ardchaighdeáin chomhshaoil, freagrach as rioscaí lasmuigh dá smacht agus á iarraidh ar an gCoimisiún comhchuibhiú a chur chun cinn tuilleadh i ndáil le torthaí na n-iarmhar lotnaidicíde a láimhseáil;

68.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá síolta orgánacha ardchaighdeáin, ábhar ilchineálach agus cineálacha plandaí ardtáirgeachta atá ar fáil go leordhóthanach, cineálacha dúchasacha agus cineálacha atá oiriúnaithe go háitiúil; ag léiriú a n-acmhainneachta maidir le hathléimneacht i gcoinne galair plandaí agus tionchar an athraithe aeráide a neartú; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát dlús a chur leis na hiarrachtaí, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí sonracha, chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh na síolta orgánacha agus á chreidiúint go gcuideofaí le hidirthréimhsí chun an méid sin a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéantar acmhainní airgeadais leordhóthanacha a leithdháileadh chun taighde a dhéanamh ar shíolta orgánacha agus ar phórú ainmhithe;

69.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú le cláir maidir le pórtha áitiúla a chaomhnú agus a roghnú, ar cláir iad, i bhfianaise a láidre atá siad, a oireann don fheirmeoireacht orgánach go háirithe; ag leagan béim ar an ngá atá ann tacú le pórú traidisiúnta barr chun cineálacha sláintiúla athléimneacha a fhorbairt agus freisin an gá atá le modhanna nua-aimseartha, inbhuanaithe agus nuálacha agus síolta orgánacha agus cleachtais talmhaíochta nua á bhforbairt, agus ardleibhéal cosanta á choinneáil do shláinte an duine agus don chomhshaol;

70.

ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag nuálaíochtaí eolaíocha i bpórú plandaí, go háirithe maidir le feabhas a chur ar fhriotaíocht cineálacha, ó thaobh éagsúlacht na n-acmhainní géiniteacha a chothú agus ó thaobh córais táirgthe bia a neartú, agus ag meabhrú nach gceadaítear síolta géinmhodhnaithe (OGM) a úsáid sa talmhaíocht orgánach;

71.

ag tacú leis an rún atá ag an gCoimisiún anailís ar bhreathnóirí margaidh an Aontais a leathnú chun táirgí orgánacha a chuimsiú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cur leis an mbailiú agus feabhas a chur ar infhaighteacht sonraí cruinne agus tráthúla, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach, maidir leis an earnáil orgánach chun tuiscint níos fearr a fháil ar na héifeachtaí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta atá aici;

72.

á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí leis sin sonraí maidir leis an méid a chuireann an earnáil le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, mar aon le sonraí maidir le táirgeadh, próiseáil agus tomhaltas, lena n-áirítear in earnáil an fháilteachais agus i gceaintíní poiblí, maidir le trádáil laistigh den Aontas agus le tíortha nach bhfuil san Aontas agus maidir le praghsanna táirgeoirí agus praghsanna miondíola, roghanna tomhaltóirí, struchtúir slabhra soláthair, luach breise agus sciar na bhfeirmeoirí i slabhraí soláthair; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhfuil na sonraí sin bunriachtanach chun beartas AE maidir le táirgeadh orgánach a mhúnlú agus chun faireachán a dhéanamh air agus chun bearta a dhéanamh chun míchothromaíochtaí soláthair agus éilimh a leigheas, chun measúnú a dhéanamh ar threochtaí tomhaltais agus táirgthe agus chun trédhearcacht agus muinín san earnáil a mhéadú;

73.

ag aithint na hacmhainneachta a bhaineann le spás coiteann Eorpach do shonraí talmhaíochta chun cur leis an eolas agus leis an muinín atá ag tomhaltóirí, chomh maith le hinrianaitheacht sa slabhra soláthair orgánach a fheabhsú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé bunriachtanach riachtanais na dtomhaltóirí a shainaithint trí mheasúnuithe ábhartha chun éileamh a spreagadh; á iarraidh ar na Ballstáit torthaí eacnamaíocha na hearnála orgánaí a chur in iúl ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún, maidir leis méadú ar an bhfeirmeoireacht orgánach ó thaobh an athraithe aeráide agus na slándála bia araon san Aontas Eorpach, staidéir chuimsitheacha agus anailísí cuimsitheacha a dhéanamh ar an tionchar a bheadh aige;

o

o o

74.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(2)  IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(3)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 25.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0425.

(5)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.

(6)  IO L 435, 6.12.2021, lch. 262.

(7)  IO C 390, 18.11.2019, lch. 2.

(8)  Barreiro Hurle, J., Bogonos, M., Himics, M., Hristov, J., Perez Dominguez, I., Sahoo, A., Salputra, G., Weiss, F., Baldoni, E. agus Elleby, C., Modelling environmental and climate ambition in the agricultural sector with the CAPRI model, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2021.

(9)  IO C 252, 18.7.2018, lch. 184.


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/33


P9_TA(2022)0137

An ghéarleanúint a dhéantar ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an ngéarleanúint a dhéantar ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin (2021/2055(INI))

(2022/C 465/03)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 2, 8 agus 26 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

ag féachaint d’Airteagail 2, 4, 18, 24, 26 agus 27 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

ag féachaint d’Airteagail 2 agus 13 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha,

ag féachaint d’Airteagail 6 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

ag féachaint d’Airteagal 17 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagail 10, 14, 21 agus 22 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 9 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha, d’Airteagal 2 den chéad Phrótacal a ghabhann leis, agus d’Airteagal 12 de Phrótacal Uimh. 12 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,

ag féachaint do Choinbhinsiún 1948 na Náisiún Aontaithe um Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe,

ag féachaint do Choinbhinsiún 1979 na Náisiún Aontaithe maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,

ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta,

ag féachaint do Dhearbhú an 25 Samhain 1981 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le gach Cineál Éadulaingthe agus Idirdhealaithe atá bunaithe ar Reiligiún nó Creideamh a Dhíothú,

ag féachaint do Dhearbhú an 18 Nollaig 1992 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga,

ag féachaint do rún an 24 Márta 2011 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le héadulaingt, steiréitíopáil dhiúltach agus stiogmatú daoine, agus idirdhealú, gríosú chun foréigin agus foréigean i gcoinne daoine atá bunaithe ar reiligiún nó ar chreideamh a chomhrac,

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Rabat an 5 Deireadh Fómhair 2012, maidir le cosc a chur le tacaíocht a thabhairt d’fhuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach arb é atá ann gríosadh chun idirdhealaithe, naimhdis nó foréigin,

ag féachaint do chinneadh ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe lenar socraíodh an 22 Lúnasa mar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe i gCuimhne ar Íospartaigh Gníomhartha Foréigin Bunaithe ar Chreideamh nó ar Reiligiún, arna ghlacadh an 28 Bealtaine 2019,

ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 21 Eanáir 2021 maidir le cultúr na síochána agus na caoinfhulaingthe a chur chun cinn chun láithreacha reiligiúnacha a choimirciú,

ag féachaint do thuarascálacha an 15 Iúil 2019 agus an 3 Márta 2021 ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le saincheisteanna mionlaigh chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ag tabhairt aghaidh go háirithe ar an gcoincheap “mionlach” agus ar spriocdhíriú forleathan ar mhionlaigh trí fhuathchaint sna meáin shóisialta,

ag féachaint do thuarascáil an 12 Deireadh Fómhair 2020 ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh, lenar tugadh aghaidh ar an tábhacht a bhaineann le saoirse reiligiúin nó creidimh a chosaint do chách ar mhaithe le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme go rathúil agus conas atá daoine ar de mhionlaigh reiligiúnacha nó creidimh iad i mbaol “go bhfágfaí chun deiridh iad”,

ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an 28 Nollaig 2020 ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le cearta daoine a bhaineann le mionlaigh náisiúnta nó eitneacha, reiligiúnacha agus teanga,

ag féachaint do Dhearbhú Marrakech an 27 Eanáir 2016 maidir le Cearta Mionlach Reiligiúnach i bPobail ina bhfuil Móramh Moslamach go Príomha,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Samhain 2009 maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 21 Feabhra 2011 maidir le héadulaingt, idirdhealú agus foréigean ar bhonn reiligiúin nó creidimh,

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 maidir le tosaíochtaí AE i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2021,

ag féachaint do Threoirlínte AE an 24 Meitheamh 2013 maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint,

ag féachaint do Threoirlínte AE maidir le Cearta an Duine an 18 Márta 2019 maidir le neamh-idirdhealú sa ghníomhaíocht sheachtrach,

ag féachaint do thuarascálacha ón Toscaire Speisialta um chur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh de AE,

ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE 2020-24 maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, a bheidh le maoiniú faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027,

ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (COM(2018)0460), agus don togra leasaithe ina thaobh (COM(2020)0459),

ag féachaint do bhronnadh Dhuais Sakharov Pharlaimint na hEorpa um Shaoirse Smaointeoireachta ar Raif Badawi in 2015, Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar in 2016 agus Ilham Tohti in 2019,

ag féachaint do rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2013 maidir le hidirdhealú ar bhonn sainaicme (1), go háirithe mír 6 de maidir le reiligiún mar thoisc thrasnach san idirdhealú agus sa mhí-úsáid,

ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2019 maidir le Treoirlínte AE agus sainordú Thoscaire Speisialta AE maidir le cur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh de AE (2),

ag féachaint do rún uaithi an 4 Feabhra 2016 maidir le holldúnmharú córasach na mionlach reiligiúnach ag ISIS/Daesh, mar a thugtar air (3),

ag féachaint do rún uaithi an 4 Iúil 2017 maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chearta an duine i gcomhthéacs coireanna cogaidh, agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, lena n-áirítear cinedhíothú (4),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Márta 2018 maidir leis an staid sa tSiria (5),

ag féachaint do rúin uaithi an 4 Deireadh Fómhair 2018 maidir le mórchoinneáil threallach na nUigiúrach agus na gCasacach i Réigiún Uathrialach Xinjiang Uigiúr (6), an 18 Aibreán 2019 maidir leis an tSín, go háirithe staid na mionlach reiligiúnach agus eitneach (7), an 19 Nollaig 2019 maidir le staid na nUigiúrach sa tSín (Cáblaí na Síne) (8) agus an 17 Nollaig 2020 maidir le saothar éigeantais agus staid na nUigiúrach i réigiún Réigiún Uathrialach Xinjiang Uigiúr (9),

ag féachaint do rúin uaithi an 7 Iúil (10) agus an 15 Nollaig 2016 (11), an 14 Meán Fómhair (12) agus an 14 Nollaig 2017 (13), agus an 19 Meán Fómhair 2019 (14) maidir le Maenmar agus staid mhuintir Róihinse,

ag féachaint do rúin uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le staid na saoirsí san Ailgéir (15), agus an 26 Samhain 2020 maidir le staid chearta an duine atá ag dul in olcas san Ailgéir, go háirithe cás an iriseora Khaled Drareni (16),

ag féachaint do rún uaithi an 19 Nollaig 2019 maidir le sáruithe ar chearta an duine lena n-áirítear saoirsí reiligiúin i mBuircíne Fasó (17),

ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir leis an Nigéir, go háirithe na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh le déanaí (18),

ag féachaint do rúin uaithi an 29 Aibreán 2021 maidir le dlíthe blaisféime sa Phacastáin, go háirithe cás Shagufta Kausar agus Shafqat Emmanuel (19), agus ina luaitear cás Asia Bibi freisin, an 14 Aibreán 2016 maidir leis an bPacastáin, go háirithe an t-ionsaí in Lahore (20), agus an 13 Nollaig 2018 maidir leis an Iaráin, go háirithe cás Nasrin Sotoudeh (21),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar an mbeartas eachtrach (22),

ag féachaint do mholadh uaithi an 29 Aibreán 2021 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an India (23),

ag féachaint do mholadh uaithi an 9 Meitheamh 2021 don Chomhairle maidir leis an 75ú agus an 76ú seisiún de chuid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (24),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus ar bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2018 (25), go háirithe míreanna 42, 43 agus 45 de,

ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus ar bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2019 (26), go háirithe míreanna 103, 104, 106 agus 107 de,

ag féachaint do ghníomhaíochtaí Idirghrúpa Pharlaimint na hEorpa maidir le Saoirse Reiligiúin nó Creidimh agus Caoinfhulaingt Reiligiúnach,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0071/2022),

A.

de bhrí go bhforáiltear i gconarthaí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, mar aon le dlíthe idirnáisiúnta agus le dlíthe AE, do chaighdeáin maidir le cearta daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad a chosaint mar dhlúthchuid de chearta an duine;

B.

de bhrí go n-áirítear leis an gceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin an tsaoirse creideamh a roghnú nó gan creideamh a roghnú, an tsaoirse reiligiún nó creideamh a bhunú, a athrú, a athrú nó a thréigean gan aon srianta, agus an tsaoirse a bheith ag duine a reiligiún nó a chreideamh a nochtadh, ar bhonn aonair nó laistigh de phobal agus go príobháideach nó go poiblí, a mhéid a bhaineann le hadhradh, teagasc, cleachtadh agus coimeád; de bhrí go bhfuil i gceist leis an tsaoirse sin freisin an ceart atá ag eagraíochtaí reiligiúnacha, tuata agus neamhfhaoistiniúla pearsantacht dhlítheanach aitheanta a bheith acu; de bhrí go n-áirítear freisin le saoirse reiligiúin nó creidimh an ceart tuairimí criticiúla nó aoracha a nochtadh maidir le reiligiúin agus údaráis reiligiúnacha mar léiriú dlisteanach ar an tsaoirse smaointeoireachta nó ar chruthú ealaíne;

C.

de bhrí, de réir Airteagal 21 CAE, go ndéanann tAontas meas ar dhínit an duine agus uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint mar chuid de phrionsabail threoracha an bheartais eachtraigh atá aige;

D.

de bhrí go ndéantar sárú ar shaoirse reiligiúin nó creidimh i líon suntasach tíortha ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil líon mór daoine ina gcónaí i dtíortha ina ndéantar sáruithe tromchúiseacha ar shaoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh a fhorchur nó a fhulaingt;

E.

de bhrí go ndéanann gníomhaithe éagsúla – bídís ina rialtais, gníomhaithe neamhstáit nó meascán den dá rud – idirdhealú agus géarleanúint ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiún agus go bhféadfadh sé go mbíonn cineálacha éagsúla i gceist leo, amhail marú, céasadh, ionsaithe fisiciúla, ollcharcrú, gabhálacha treallacha, fuadach forfheidhmithe, bású seachbhreithiúnach, comhéigean, iompú éigeantais, fuadach, luathphósadh agus pósadh éigeantais, foréigean inscnebhunaithe, éigniú, drochíde fhisiciúil agus mheabhrach, úsáid éigeantais rialaithe breithe agus ginmhilleadh éigeantais, saothar éigeantais agus easáitiú éigeantais, gáinneáil ar dhaoine, bagairtí, eisiamh, cóir idirdhealaitheach agus éagórach, ciapadh, díshealbhú, teorannú ar rochtain ar shaoránacht, ar oifigí tofa, ar fhostaíocht, ar oideachas, ar an tsláinte agus ar sheirbhísí riaracháin, scriosadh ionad adhartha, reiligí agus oidhreachta cultúrtha, agus fuathchaint as líne agus ar líne;

F.

de bhrí gur géire anois an ghéarleanúint agus an foréigean i gcoinne mionlaigh chreidimh agus reiligiúnacha i roinnt tíortha de bharr phaindéim COVID-19; de bhrí, thairis sin, go raibh an ghéarchéim sláinte ina leithscéal do roinnt tíortha bearta géarleanúna nár bhain leis an bpaindéim a ghlacadh; de bhrí go bhfuil mionlaigh chreidimh agus reiligiúnacha tar éis éirí an-leochaileach i leith ionfhabhtuithe COVID-19 agus bhás dá bharr mar gheall ar rochtain éagothrom ar chúram leighis leormhaith;

G.

de bhrí go mbíonn mná ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, ach go háirithe, i mbaol breis idirdhealaithe agus foréigin, ar nithe iad ceachtar atá nasctha tosca trasnacha amhail inscne, reiligiún, sainaicme, cúlra eitneach, éagothroime cumhachta agus patrarcacht, agus ar spreagadh reiligiúnach nó creidimh is údar leo i roinnt cásanna; de bhrí gur mó deacrachtaí a bhíonn acu a gceart a fheidhmiú maidir le pobal reiligiúnach nó creidimh a fhágáil, i ngeall ar easpa neamhspleáchas sóisialta nó eacnamaíoch, bagairtí foréigin nó bagairtí go gcaillfidís coimeád a leanaí;

H.

de bhrí gur ann i gcónaí d’fhoréigean agus idirdhealú inscnebhunaithe atá fothaithe ar fhíréanú reiligiúnach; de bhrí go bhfuil gníomhaithe stáit agus neamhstáit ag leanúint d’idirdhealú agus foréigean a dhéanamh ar mhná agus daoine LGBTIQ+ in ainm an reiligiúin; de bhrí go gcuireann gníomhaithe stáit agus neamhstáit toirmeasc, in ainm an reiligiúin, ar an tsláinte ghnéis agus an tsláinte atáirgthe agus ar na cearta a bhaineann leo (SRHR);

I.

de bhrí gur cheart do rialtais náisiúnta agus do ghníomhaithe idirnáisiúnta aon ghéarleanúint ar bhonn reiligiúin nó creidimh a cháineadh go géar agus freagairt uirthi go pras;

J.

de bhrí gur cuid d’fhéiniúlacht chultúrtha pobal iad na deasghnátha a bhaineann le creidimh dhúchasacha nó le reiligiúin dhúchasacha; de bhrí go bhfuil an ceart ag pobail dhúchasacha a struchtúir institiúideacha agus a ngnásanna sainiúla, spioradáltacht, traidisiúin, nósanna imeachta agus deasghnátha a chur chun cinn, a fhorbairt agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;

K.

de bhrí go ndealraíonn sé go bhfuil mionlaigh reiligiúnacha i mbeagnach gach réigiún ar domhan i mbaol a n-ainmnithe mar “ghrúpaí sceimhlitheoireachta” agus baill dá gcuid a bheith á ngabháil faoi chúisimh “an antoisceachais” nó “gníomhaíochtaí neamhdhleathacha”; de bhrí go bhfuil leas á bhaint ag roinnt rialtas as riachtanais slándála náisiúnta agus as bearta frithsceimhlitheoireachta chun ballraíocht i ngrúpaí reiligiúnacha nó creidimh áirithe nó gníomhaíochtaí na ngrúpaí sin a choiriúlú; de bhrí go mbaineann an cur chuige sin an bonn go mór ó fheidhmiú an chirt chun saoirse reiligiúin nó creidimh;

L.

de bhrí gur minic a bhíonn ionadaíocht náisiúnta leordhóthanach de dhíth ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha; de bhrí gur minic a dhéantar riachtanais agus leasanna na mionlach sin a eisiamh le reachtaíocht agus go mbaineann rialtais seift as raon bearta seachbhreithiúnacha lena ndéantar géarleanúint ar na mionlaigh sin nó lena ndéantar iad a mhídhlisteanú nó a stiogmatú;

M.

de bhrí gurb amhlaidh, i roinnt mhaith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna ar fud an domhain, a bhí ionsaithe cultúrtha ina n-uirlis chun foréigean siombalach a imirt agus chun oidhreacht chultúrtha a pholaitiú; de bhrí gur chuir gnéithe reiligiúnacha na gcoinbhleachtaí sin go díreach le géarchéimeanna daonnúla, easáitiú, imirce agus sáruithe ar chearta reiligiúnacha agus cultúrtha agus ar dhínit an duine; de bhrí gur féidir leis na coinbhleachtaí agus na géarchéimeanna sin sochaithe, tíortha, réigiúin, grúpaí eitneacha agus pobail a dheighilt agus a scoilteadh agus riosca na coinbhleachta foréigní a mhéadú; de bhrí, dá bhrí sin, gur féidir le scriosadh agus creachadh na hoidhreachta cultúrtha a bheith ina arm cogaidh agus ina chomhartha rabhaidh faoi oll-ainghníomhartha amach anseo; de bhrí, thairis sin, gur bacainní móra ar an idirphlé, ar an tsíocháin agus ar an athmhuintearas iad an scriosadh agus an creachadh sin;

N.

de bhrí go bhfágann scriosadh na hoidhreachta cultúrtha go mbíonn pobail, go háirithe pobail reiligiúnacha, leochaileach toisc go mbaintear cuid thábhachtach dá bhféiniúlacht díobh; de bhrí gur féidir le grúpaí antoisceacha agus páirtithe eile i gcoinbhleacht a dtionchar a scaipeadh go héasca i limistéir inar lagaíodh féiniúlachtaí agus comhtháthú sóisialta a lagú agus inar treisíodh deighiltí i bpobail;

O.

de bhrí, i gcásanna coireanna idirnáisiúnta atá bunaithe ar reiligiún nó ar chreideamh, gur fágadh lucht déanta na gcoireanna saor ó phionós, cé is moite de roinnt bheag eisceachtaí, agus, dá bhrí sin, go rabhthas in ann leanúint de na hainghníomhartha;

P.

de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar stáit agus údaráis phoiblí, i gcomhréir le Coinbhinsiún 1948 na Náisiún Aontaithe um Chinedhíothú, ní hamháin pionós a ghearradh ar dhéantóirí cinedhíothaithe, ach freisin an choir sin a chosc ar an gcéad dul síos;

1.

ag athdhearbhú a tiomantais dhaingin i leith cearta daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad ar fud an domhain a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear a gceart chun a gcreideamh nó a reiligiún a ghlacadh, a athrú, a roghnú, a léiriú, a chleachtadh nó a thréigean, i gcomhréir le prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe; ag cáineadh go láidir gach géarleanúint, foréigean, gríosú chun foréigin agus gnímh sceimhlitheoireachta lena ndírítear ar aon mhionlach ar fhorais chreidimh nó reiligiúin, nó ar na forais go bhfuil creideamh nó reiligiún in easnamh; á chur i bhfáth go bhféadfadh sé, i gcásanna áirithe, gur cinedhíothú nó coireanna i gcoinne an chine dhaonna atá i gceist le sáruithe ar chearta sin an duine; á cháineadh go mbíonn na sáruithe sin á séanadh agus go mbíonn iarrachtaí ar bun beag is fiú a dhéanamh díobh, agus á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta dá ndíothú agus go dtacaíonn sí leis na híospartaigh;

2.

á chur i bhfáth gur ar stáit atá an phríomhfhreagracht cearta daonna daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad a chur chun cinn agus a choimirciú, lena n-áirítear a gceart chun a reiligiún nó a gcreideamh a chleachtadh faoi shaoirse agus a gceart gan creideamh a bheith acu, agus iad a chosaint ar sháruithe ar na cearta sin, go háirithe coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus cinedhíothú;

3.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil sé riachtanach, gan beann ar chreideamh, reiligiún, smaointeoireacht ná coinsias, a áirithiú go gcuimsítear an uile dhuine sa tsochaí ina bhfuil sé nó sí agus sa saol polaitiúil, socheacnamaíoch agus cultúrtha, agus go bhfuil sé riachtanach freisin a áirithiú go dtugtar urraim dá ndínit, dá saoránacht, dá gcearta mar dhaoine aonair agus dá saoirse;

4.

á chur i bhfáth gur cearta daonna dá dtugtar cosaint faoin dlí idirnáisiúnta iad saoirse smaointeoireachta, saoirse coinsiasa, saoirse creidimh agus reiligiúin, lena n-áirítear an tsaoirse chun adhradh, chun coimeád, chun cleachtadh agus chun teagasc, an tsaoirse chun creideamh a bheith ag an duine nó gan creideamh a bheith ag an duine, an tsaoirse chun tuairimí diachúla, neamhdhiachúla, agnóiseacha agus andiacha a bheith ag an duine, agus an ceart chun creideamh a shéanadh; á chur i bhfáth go raibh cur chun cinn agus cosaint na gceart sin ina rannchuidiú le cearta an duine agus an daonlathas a bheith á dtabhairt ar aghaidh i suíomhanna éagsúla, lena n-áirítear i dtimpeallachtaí diansmachta; á aithint gur minic a bhíonn sáruithe ar na cearta sin ina siocair le héadulaingt nó gur measa a bhíonn éadulaingt dá mbarr, agus gur minic gur táscairí luatha iad ar fhoréigean agus coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann;

5.

á mheabhrú go rannchuidítear go mór leis an gcobhsaíocht shóisialta agus pholaitiúil, le bochtanas a laghdú, leis an rialachas daonlathach agus le coinbhleachtaí a chosc nuair a dhéantar an t-idirdhealú in aghaidh na mionlach uile a chomhrac gan beann ar a dtraidisiúin, a gcreidimh ná a reiligiún;

6.

ag cur béim ar an bhfíoras gur minic a bhíonn géarleanúint ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin fite fuaite le forais ar leith eile, go háirithe na forais sin a atá nasctha le bunadh náisiúnta nó eitneach, le hinscne nó le sainaicme; ag leagan béim ar na cásanna ina ndéantar géarleanúint ar ghrúpaí creidimh nó reiligiúnacha, lena n-áirítear na cásanna nuair is mór a líon ar chríoch stáit nó nach bhfuil siad sa mhionlach ó thaobh na déimeagrafachaíochta de, ach ina bhfuil siad i staid leochaileach a fhágann go bhfuil sé éasca foréigean a imirt orthu agus iad a chur faoi dhiansmacht; á thabhairt chun suntais freisin go bhféadfadh sé go ndéanfaí sáruithe tromchúiseacha ar chearta daonna iompaitheach a fhágann creideamh tromlaigh, lena n-áirítear príosúnacht, colscaradh éigeantais, fuadach, foréigean fisiciúil agus dúnmharú;

7.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di feiniméan domhanda na leibhéal arda comhéigin, idirdhealaithe, ciaptha, foréigin agus diansmachta i gcoinne daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, ar feiniméan é atá ag dul i dtreis i réigiúin áirithe; á thabhairt dá haire go ndéanann sé difear don iomaí pobal reiligiúnach, amhail Búdachas, Críostaíocht, Hiondúchas, Ioslam agus Giúdachas, i measc reiligiúin eile, chomh maith le grúpaí daoine ar aindiachaithe, daonnachaithe nó agnóisithe iad nó nach bhfuil baint acu le haon chreideamh ná reiligiún;

8.

á chur in iúl gur saoth léi an ghéarleanúint bhreise, lena n-áirítear rabhartaí gríosaithe chun fuatha agus maruithe atá roimh eagraíochtaí neamhreiligiúnacha, tuata agus daonnachacha i roinnt tíortha ar fud an domhain agus nach bhfacthas a leithéid cheana; ag cáineadh go bhfuil líon gan áireamh de dhaoine aonair agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta faoi ionsaí as creidimh reiligiúnacha a cheistiú go síochánta, a cháineadh nó a aoradh; á chur i bhfáth go dtéann an sárú leanúnach sin ar an tsaoirse smaointeoireachta agus tuairimí a nochtadh thar theorainneacha geografacha agus cultúrtha, lena n-áirítear laistigh de Bhallstáit an Aontais;

9.

ag cur béim ar an bhfíoras go n-áirítear ar dhéantóirí na ngníomhartha géarleanúna réimis fhorlámhacha, rialtais a bhfuil claonadh acu ardcheannas pobal eitneach nó reiligiúnach ceannasach a fhorchur ar mhionlaigh, eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, páirtithe nó grúpaí antoisceacha polaitiúla agus reiligiúnacha, agus freisin, ar uairibh, baill teaghlaigh, cairde agus comharsana na n-íospartach, mar shampla i gcás ina n-athraíonn íospartaigh a ndílseacht reiligiúnach nó ina n-athraíonn siad í;

10.

á chur in iúl gur geal léi an ról dearfach atá ag roinnt pobail chreidimh agus reiligiúnacha agus ag roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha creideamhbhunaithe a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí daonnúla i limistéir choinbhleachta, leis an gcomhrac i gcoinne an díghrádaithe comhshaoil, le bheith i bhfách leis an tsíocháin agus an athmhuintearas, agus le rannchuidiú leis an bhforbairt;

11.

á aithint go bhfuil ról suntasach ag eaglaisí, ag eagraíochtaí creideamhbhunaithe (FBOnna) agus ag institiúidí agus cumainn eile chreidimh agus reiligiúin i gcreatlach shóisialta na dtíortha atá i mbéal forbartha;

12.

á chur i bhfios go láidir go n-imríonn FBOnna áirithe ról tábhachtach ó thaobh straitéise de agus iad ag dul i bhfeidhm ar bhaill dá bpobail chun teacht ar sheasamh tuisceana agus abhcóideachta maidir le saincheisteanna ríthábhachtacha amhail VEID, cúram sláinte gnéis agus atáirgthe, agus cumhachtú cailíní agus ban;

13.

ag tabhairt dá haire gur minic gurb iad na heaglaisí agus institiúidí eile chreidimh agus reiligiúin agus FBOnna, agus iad sin amháin, a sholáthraíonn cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta eile i limistéir iargúlta i dtíortha áirithe atá i mbéal forbartha agus i suíomhanna a mbíonn coinbhleacht iontu;

14.

á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart oiliúint a chur ar ghníomhaithe daonnúla maidir leis na híogaireachtaí ar leith atá ag grúpaí mionlaigh agus creidimh i suíomhanna inar easáitíodh daoine chun cabhair agus cosaint níos cuimsithí a thabhairt do raon pobal ar dídeanaithe iad;

Ag dul i ngleic leis na príomhdhúshláin a bhaineann leis an géarleanúint ar mhionlaigh reiligiúnacha

15.

á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé go dtabharfaí chun cuntais déantóirí sáruithe ar chearta an duine i gcoinne daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé imscrúduithe cuimsitheacha a dhéanamh ar sháruithe ar chearta an duine, a áirithiú go bhfuil rochtain éifeachtach ag íospartaigh agus ag a dteaghlaigh ar an gceartas agus ar leigheasanna, agus cúiteamh leormhaith a thabhairt dóibh; á iarraidh go rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i mbun oibre go práinneach le sásraí agus coistí ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe chun dlús a chur lena gcuid imscrúduithe ar sháruithe ar chearta an duine atá á ndéanamh faoi láthair i gcoinne mionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha ar fud an domhain; á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, go dtacaíonn sí leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus ag leagan béim ar a thábhachtaí atá a ról maidir leis na coireanna is tromchúisí a ionchúiseamh; á thabhairt dá haire go gcumhdaítear le Reacht na Róimhe coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus cinedhíothú i gcoinne grúpaí ar bhonn creidimh nó reiligiúin, agus go mbunaítear leis bunchreat dlí idirnáisiúnta chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac; á iarraidh go dtabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit níos mó tacaíocht airgeadais don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus á iarraidh ar bhallstáit na Náisiún Aontaithe a bheith tiomanta don chomhrac i gcoinne na saoirse ó phionóis sa chomhthéacs sin trí Reacht na Róimhe a dhaingniú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá oibriú ar mhaithe le gníomhartha foréigin atá bunaithe ar chreideamh nó ar reiligiún a chosc, go háirithe coireanna idirnáisiúnta, amhail cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh; á chur i bhfáth gur gá don Aontas agus do na Bhallstáit sásraí a chur chun feidhme lena gcuirfear ar a gcumas faireachán a dhéanamh, i gcomhréir le Creat Anailíse na Náisiún Aontaithe maidir le Coireanna is Ainghníomhartha, ar chomharthaí luathrabhaidh agus ar thosca riosca maidir le coireanna idirnáisiúnta, anailís a dhéanamh orthu agus freagairt orthu go cuimsitheach, lena n-áirítear i gcomhréir leis an dualgas coir an chinedhíothaithe a chosc agus a phionósú;

16.

á thabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, gur tearc i gcónaí an tuairisciú a dhéantar ar fud an domhain ar an gcuid is mó de na coireanna fuatha atá bunaithe ar chreideamh agus ar reiligiún agus nach ndéantar ionchúiseamh ina leith; á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar Bhallstáit an Aontais oibriú le tríú tíortha maidir le bearta a ghlacadh chun eachtraí coireanna fuatha a chosc agus a chomhrac, agus maidir le reachtaíocht a ghlacadh lena gcomhlíontar ina n-iomláine caighdeáin idirnáisiúnta maidir leis an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus le saoirse creidimh agus reiligiúin; á iarraidh freisin ar rialtais córais chuimsitheacha bailithe sonraí a bhunú maidir le coireanna fuatha agus gníomhartha idirdhealaitheacha eile i gcoinne pobail chreidimh nó reiligiúnacha;

17.

á iarraidh ar an gComhairle agus ar Bhallstáit an Aontais smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar dhaoine aonair agus eintitis atá freagrach as treascairtí nó sáruithe tromchúiseacha nó córasacha ar an tsaoirse reiligiúin nó creidimh, amhail dá bhforáiltear i gcóras domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine;

18.

á chur in iúl gur cúis uafáis di an géarú ar an ngéarleanúint ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha le linn phaindéim COVID-19; ag cáineadh an fhíorais go ndearnadh ceap milleáin de dhaoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, gur cuireadh ina leith gurb iad ba shiocair le víreas COVID-19 a bheith á leathadh, agus go ndearnadh idirdhealú orthu a mhéid a bhaineann le cúram sláinte poiblí, cúnamh bia nó cabhair dhaonnúil, nó gur diúltaíodh rochtain ar nithe sin dóibh, ar bhonn critéir chreidimh nó reiligiúnacha;

19.

á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh soláthar na cabhrach daonnúla a bheith saor ó aon chineál idirdhealaithe, agus ag cáineadh go láidir aon idirdhealú bunaithe ar chleamhnacht reiligiúnach agus cabhair dhaonnúil á dáileadh;

20.

á iarraidh go n-aithneoidh an tAontas agus na Ballstáit na cearta, na creidimh agus na luachanna atá ag pobail dhúchasach agus go ngeallfaidh siad go dtabharfaidh siad aghaidh, ar bhealach cuimsitheach trí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, ar an idirdhealú sonrach atá á dhéanamh ar phobail dhúchasacha bunaithe ar a gcreidimh;

21.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di cur i bhfeidhm dlíthe blaisféime agus reiligiúnacha a mbíonn forlámhas acu ar dhlíthe náisiúnta i roinnt tíortha; á chur in iúl gur saoth léi go ndírítear go sonrach agus go méadaitheach ar mhná agus cailíní ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad agus é mar chuspóir díobháil a dhéanamh dá bpobal ina iomláine; á chur i bhfáth go bhfuil siad neamhchosanta go háirithe ar ionsaithe foréigneacha, fuadach, éigniú, foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, tiontú éigeantais, steiriliú éigeantais agus ginmhilleadh éigeantais, ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantais agus luathphósadh, agus carcrú baile; ag cáineadh go láidir na sáruithe sin go léir ar chearta daonna na mban agus na gcailíní sin, agus á chur i bhfáth gur forbhásaí fós staid a gceart daonna i ngeall ar na bearta dianghlasála a glacadh le linn phaindéim COVID-19 agus gur chuir siad srianta breise lena rochtain ar fhaisnéis;

22.

ag cáineadh gach gnímh foréigin, géarleanúna, comhéigin agus idirdhealaithe agus gach gríosaithe chun foréigin, géarleanúna, comhéigin agus idirdhealaithe ar dhaoine aonair ar bhonn inscne nó gnéaschlaonta, lena n-áirítear ag ceannairí reiligiúnacha nó bunaithe ar spreagadh reiligiúnach nó creidimh; á chur i bhfáth nach féidir le cosaint an “traidisiúin” ná “na moráltachta poiblí” a bheith ag teacht salach, i gcás ar bith, ar fhorálacha idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, nach mór do stáit cloí leo; ag leagan béim, go háirithe, ar idirdhealú san fhostaíocht, san oideachas, sa rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha, i dtithíocht agus i gcúram sláinte; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di mí-úsáid agus ionstraimiú an chreidimh nó an reiligiúin chun beartais, dlíthe, lena n-áirítear dlíthe coiriúla, nó srianta idirdhealaitheacha a forchur a thagann salach ar chearta dhaoine LGBTIQ, ban agus cailíní agus a bhaineann an bonn ó na cearta sin, agus lena gcuirtear srian leis an rochtain ar sheirbhísí bunúsacha, amhail oideachas agus sláinte, lena n-áirítear cearta gnéis agus atáirgthe, chun ginmhilleadh a choiriúlú i ngach cás, chun adhaltranas a choiriúlú nó chun cleachtais reiligiúnacha lena sáraítear cearta an duine a éascú; á iarraidh go n-aisghairfear na beartais, na dlíthe nó na srianta ábhartha a thrasuitear go minic sa reachtaíocht náisiúnta mar shrianta tuata;

23.

ag cáineadh na gcultas reiligiúnach a dhíríonn a gcuid gníomhaíochtaí ar phobail an diaspóra ó thíortha atá i mbéal forbartha trí scéimeanna chun tairbhiú ar bhonn airgeadais de leochaileachtaí na bpobal imirceach sin san Eoraip agus lena ndéantar dearcadh claonta ar an saol a chur chun cinn, ar dearcthaí iad a mbíonn homafóibe, trasfhóibe agus fuath ban ina gcuid díobh go minic;

24.

ag cáineadh na sáruithe ar chearta an duine, na mí-úsáide gnéasaí, an tseicteachais agus mí-iompair airgeadais arna ndéanamh ag misin agus ceannairí reiligiúnacha i roinnt tíortha atá i mbéal forbartha;

25.

ag cáineadh na húsáide a bhaintear as reachtaíocht maidir leis an tslándáil, ceannairc, díshocracht an oird phoiblí, gríosú chun foréigin agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais mar ionstraim chun géarleanúint a dhéanamh ar dhaoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad nó iad a choiriúlú, chun cleachtadh nó léiriú a gcreidimh nó a reiligiúin a eisreachtú nó a chosc, chun ionaid adhartha a dhúnadh agus chun ballraíocht i gcomhlachais chreidimh nó reiligiúnacha nó clárú na gcomhlachas sin a dhíspreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS faireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta sin, agus an tsaincheist sin a tharraingt anus go leanúnach in idirphlé déthaobhach leis na rialtais lena mbaineann; ag tathant ar Bhallstáit an Aontais diúltú d’aon iarraidh ó údaráis eachtracha ar chomhar breithiúnach agus póilíneachta i gcásanna breithiúnacha aonair má tá siad bunaithe ar reachtaíocht den sórt sin;

26.

ag cáineadh go láidir aon chleachtas coinneála comhéigní i gcampaí athoideachais arna rith ag an stát, aon saothar éigeantais nó aon dúshaothrú daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, i gcás ina n-áirítear ar na cuspóirí iallach a chur ar na daoine sin a reiligiún a thréigean agus asamhlú sa chultúr, sa teanga nó sa smaointeoireacht atá i réim; ag cáineadh freisin na húsáide a bhaintear go forleathan as teicneolaíochtaí faireachais dhigitigh chun faireachán a dhéanamh ar dhaoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad agus chun iad a rialú agus a chur faoi chois;

27.

á chur in iúl gur saoth léi na srianta ar rochtain ar dhoiciméadacht agus clárú dlíthiúil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair ar de mhionlaigh reiligiúnacha agus chreidimh iad, agus á mheabhrú gur ceart atá sa chéannacht dhlíthiúil nach mór a ráthú ar bhealach comhionann don uile dhuine;

28.

á chur in iúl gur saoth léi go ndéanann na húdaráis i níos mó ná 70 tír ar domhan dlíthe coiriúla a fhorfheidhmiú nó go bhféachann siad le reachtaíocht nua a thabhairt isteach lena bhforáiltear do phionóis as blaisféime, eiriceacht, séanadh creidimh, clúmhilleadh nó maslú reiligiúin, agus iompú creidimh, lena n-áirítear pionós an bháis; á thabhairt dá haire go mbaintear leas díréireach as na dlíthe atá i bhfeidhm cheana i gcoinne daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, agus go ndéanann siad timpeallacht foréigin, idirdhealaithe agus éadulaingthe reiligiúnach a chothú, ar timpeallacht í a bhféadfadh foréigean droinge ar phobail mionlach agus scriosadh áiteanna adhartha a bheith i gceist léi; á iarraidh ar an Aontas a idirphlé polaitiúil leis na tíortha uile lena mbaineann a threisiú d’fhonn na dlíthe sin a aisghairm; á chur i bhfáth go rachadh sé chun tairbhe do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le tacaíocht do chur chun cinn na saoirse reiligiúin iarrachtaí a bheith á ndéanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit oibriú le chéile chun dlíthe blaisféime a dhíothú ar fud an domhain; á iarraidh go dtabharfaidh an tAontas dea-shampla i ndáil leis an méid sin trí aghaidh a thabhairt ar a staid inmheánach;

29.

á chur i bhfáth gur gá cosaint a thabhairt do chosantóirí chearta an duine, do dhlíodóirí, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do ghníomhaithe na sochaí sibhialta a thacaíonn leo siúd a ndéantar géarleanúint orthu ar fhorais chreidimh nó reiligiúin agus a chosnaíonn iad; á cháineadh go dtéitear i muinín an staonta blaisféime, an staonta creidimh agus líomhaintí eile ar fhorais reiligiúin, chun creidimh nó líomhaintí eile atá bunaithe ar fhorais reiligiúnacha, chun bheith níos déine ar na daoine agus na heagraíochtaí sin a mhéid a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí dlisteanacha, lena n-áirítear ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta;

30.

á chur i bhfáth gur cheart do stáit ina bhfuil seirbhís mhíleata éigeantach lamháil d’agóid choinsiasach, lena n-áirítear ar fhorais reiligiúin nó chreidimh, agus foráil a dhéanamh do sheirbhís náisiúnta mhalartach;

31.

á mheas, maidir le claontacht agus steiréitíopaí lena gcuirtear le níos mó teannas, míthuiscintí, dearcthaí idirdhealaitheacha agus dímheasa, go bhféadfadh sé go mbeidís á gcothú leis an easpa eolais faoi éagsúlacht na reiligiún agus na gcreideamh do dhaoine aonair agus do phobail agus leis an easpa aitheantais a thugtar don éagsúlacht sin; á mheabhrú, mar a luaigh Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, nach bhfuil oideachas poiblí lena n-áirítear teagasc i reiligiún nó creideamh ar leith comhsheasmhach leis an gceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, mura rud é go ndéantar forálacha maidir le díolúintí nó roghanna malartacha neamh-idirdhealaitheacha lena bhfreastalófaí ar mhianta na ndaoine lena mbaineann agus a gcaomhnóirí;

32.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cuir chuige straitéiseacha agus tionscnaimh oideachais lena gcuimsítear oideachas agus idirphlé idirchultúrtha, idirchreidimh agus idir-reiligiúnach, lena n-áirítear le ceannairí reiligiúnacha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun dul i ngleic leis an ngéarleanúint, an éadulaingt agus an fhuathchaint i leith mionlaigh ar fhorais an chreidimh nó an reiligiúin; á thabhairt chun suntais gur féidir le hidirphlé idirchultúrtha, idirchreidimh agus idir-reiligiúnach a bheith ina spreagadh chun iontaoibh, meas agus tuiscint a fhorbairt agus chun meas frithpháirteach agus athmhuintearas a chothú, ionas gur féidir foghlaim conas maireachtáil i bhfochair a chéile faoi shíocháin agus go cuiditheach i gcomhthéacs ilchultúrtha;

33.

á thabhairt dá haire go mbíonn daoine sna tíortha atá i mbéal forbartha thar a bheith leochaileach maidir le hidé-eolaíochtaí antoisceacha, agus go bhfuil oideachas ardcháilíochta ar cheann de na slite chun an radacú a chomhrac; á thabhairt dá haire gur minic a chuireann gluaiseachtaí antoisceacha easpa láithreachta an stáit i limistéir tuaithe chun tairbhe dóibh féin;

34.

á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil ag méadú ar an dúshaothrú atá á dhéanamh ar ardáin agus líonraí meán sóisialta mar spásanna don imeaglú chun fuath agus foréigean a ghríosú; á thabhairt chun suntais go bhfuil fuathchaint ar líne agus as líne ó dhaoine aonair agus grúpaí eagraithe ar fud an speictrim pholaitiúil agus reiligiúnaigh á fulaingt i gcónaí ag mionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha, agus á iarraidh ar rialtais aghaidh a thabhairt uirthi agus cur ina coinne;

Neartú a dhéanamh ar bheartas eachtrach agus gníomhaíochtaí eachtracha an Aontais chun cosaint a thabhairt don tsaoirse creidimh agus reiligiúin atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad

35.

á thabhairt dá haire go bhfuil post Thoscaire Speisialta an Aontais um chur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas Eorpach folamh le níos mó ná bliain anuas; á iarraidh an athuair ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún measúnú trédhearcach, cuimsitheach a dhéanamh maidir le héifeachtacht agus breisluach phost an Toscaire Speisialta, acmhainní leormhaithe a sholáthar don Toscaire Speisialta, agus tacú ar bhealach leormhaith lena sainordú, a cháil agus a dhualgais institiúideacha; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún trédhearcacht a ráthú maidir le hainmniú, sainordú, gníomhaíochtaí agus oibleagáidí tuairiscithe an Toscaire Speisialta; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh dualgais an Toscaire Speisialta dírithe ar chur chun cinn na saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh, agus ar chur chun cinn an chirt gan creideamh a bheith ag an duine, chirt an tséanta creidim agus an chirt tuairimí andiacha a bheith ag an duine, agus aird á tabhairt san am céanna ar chás na neamhchreidmheach atá i mbaol; á mholadh go n-oibreodh an Toscaire Speisialta go dlúth agus ar bhealach comhlántach le hIonadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine agus le Meitheal na Comhairle um Chearta an Duine (COHOM);

36.

á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar Bhallstáit an Aontais aghaidh a thabhairt ar chásanna géarleanúna atá bunaithe ar chreideamh nó ar reiligiún mar cheann de thosaíochtaí bheartas eachtrach an Aontais um chearta an duine, i gcomhréir le plean gníomhaíochta an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas don tréimhse 2020-2024; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige ilsrathach ilghníomhaí chun an tsaoirse creidimh nó reiligiúin a chosaint agus a chur chun cinn, ar cur chuige é lena gcuimseofaí cearta an duine, idirphlé, idirghabháil agus réiteach gus cosc coinbhleachtaí i gcomhar leis an iliomad gníomhaithe stáit agus neamhstáit, amhail FBOanna, ceannairí reiligiúnacha, grúpaí neamhchreidmheach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine; á iarraidh go ndéanfaí comhar feabhsaithe le tionscnaimh na Náisiún Aontaithe i ndáil leis an ábhar sin; á iarraidh an athuair go ndéanfar athbhreithniú tráthrialta poiblí ar Threoirlínte an Aontais maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh, lena lamháiltear do mheasúnú ar a gcur chun feidhme agus ar thograí ar mhaithe lena nuashonrú; á thabhairt dá haire go bhforáiltear i dTreoirlínte an Aontais do mheastóireacht ar a gcur chun feidhme arna déanamh ag COHOM tar éis thréimhse 3 bliana, agus nach ndearnadh aon mheastóireacht den sórt sin a chomhroinnt ná a chur ar fáil don phobal; á mheas gur cheart aird a tharraingt sa mheastóireacht sin ar dhea-chleachtais, réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú a shainaithint agus moltaí nithiúla a sholáthar maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte, i gcomhréir le hamlíne agus garspriocanna sonraithe; á iarraidh go n-áireofaí an mheastóireacht i dTuarascálacha Bliantúla an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas ar fud an Domhain; á iarraidh freisin go ndéanfaí tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte a chur in iúl go tráthrialta don Pharlaimint;

37.

á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus na Ballstáit sásraí cosanta dlíthiúla agus institiúideacha a neartú chun cearta an duine a áirithiú i gcás baill mhionlaigh chreidimh agus reiligiúnacha agus i gcás aon duine i staid leochaileach, lena n-áirítear mná agus cailíní, daoine d’eitneachtaí nó sainaicmí éagsúla, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, imircigh, dídeanaithe agus daoine atá easáitithe go hinmheánach, agus daoine LGBTIQ, chun go mbeidh lánchosaint acu ar bhonn a gceart bunúsach agus nach ndéanfar idirdhealú orthu mar gheall ar a gcreideamh nó a reiligiún;

38.

á chur i bhfios go láidir gur mór an spreagadh coinbhleachtaí ar fud an domhain é ionstraimiú reiligiúin agus creidimh; á chur i bhfáth go gcuirtear de cheangal ar an-chuid daoine aonair agus pobal dul ar imirce nó iad féin a easáitiú go hinmheánach de bharr na géarleanúna agus an idirdhealaithe ar fhorais an reiligiúin agus an chreidimh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit an Aontais cúnamh a thabhairt do na daoine easáitithe ar fad, lena n-áirítear iad siúd ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, ar mian leo filleadh ar a dtír dhúchais dá ndeoin féin nuair a fhágann na dálaí ábhartha agus slándála gur féidir sin a dhéanamh agus nach ann a thuilleadh do na dálaí ba shiocair lena n-imeacht, go háirithe trí rannchuidiú lena slí bheatha agus le hatógáil a gcuid tithíochta agus ar a mbunbhonneagair, amhail scoileanna agus ospidéil;

39.

á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus a chomhpháirtithe machnamh ar mhapáil a dhéanamh ar ról an reiligiúin i gcoinbhleachtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí dearfacha reatha de chuid ceannairí reiligiúnacha a shainaithint agus páirt a ghlacadh iontu, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le hiarrachtaí síocháin a thógáil agus coinbhleachtaí a anailísiú agus a chosc, agus ar éisteacht le glórtha éagsúla atá ionadaíoch ar ghrúpaí reiligiúnacha móraimh agus mionlaigh araon agus iad a mheasúnú;

40.

á chur i bhfios maidir le mionlaigh, ag éirí as foréigean a bheith á dhéanamh orthu le linn coinbhleachtaí, go bhféadfaidís a bheith i mbaol ionsaithe breise i suíomhanna dídeanaithe de bharr míthuiscintí ar phrionsabail dhaonnúla na neodrachta agus na huilíochta agus de bharr toimhdí forleathana faoin reiligiún a bheith neamhriachtanach nó dealaitheach;

41.

ag tathant ar SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an ngéarleanúint ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin a áireamh le haghaidh gach cáis ábhartha, mar chuid de na straitéisí tíre maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas do 2021-2024; á iarraidh ar SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais saincheisteanna ginearálta agus cásanna sonracha maidir le géarleanúint nó idirdhealú ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha a tharraingt aníos go comhleanúnach agus idirphlé á dhéanamh le tíortha comhpháirtíochta ar chearta an duine agus i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine, agus cur chuige atá dírithe ar thorthaí á leanúint agus lena n-áirítear gné na hinscne; á iarraidh an athuair go dtabharfar rochtain d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa ar inneachar na straitéisí tíre sin; á thabhairt faoi deara go bhfuil grúpaí aindiachais agus neamhreiligiúnacha ag fás go tapa agus gur cheart caitheamh go cothrom leo faoi chreat beartais an Aontais;

42.

á chur i bhfios gurb iad gníomhaithe neamhstáit is príomhfhoinsí idirdhealaithe in aghaidh na mionlach i roinnt tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gan díriú go huile ar idirdhealú rialtasbhunaithe agus a bheith ag obair le tíortha comhpháirtíochta chun dul i ngleic le cúiseanna an idirdhealaithe shóisialta in aghaidh mionlach, go háirithe i gcomhthéacs na fuathchainte;

43.

á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais agus ar ionadaíochtaí na mBallstát tacú le cosantóirí chearta an duine agus le hiriseoirí atá gníomhach i ndáil le mionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha agus, i gcás inarb iomchuí, eisiúint víosaí éigeandála a éascú agus dídean shealadach a sholáthar i mBallstáit an Aontais nuair a bhíonn na daoine aonair sin i mbaol;

44.

á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’fheachtais shóisialta lena ndéantar tuiscint agus feasacht ar grúpaí creidimh agus reiligiúnacha nach iad an móramh iad, go háirithe daonnachaithe agus aindiachaithe i dtíortha ina mbíonn cineálacha idirdhealaithe atá an-tromchúiseach rompu, a chur chun cinn;

45.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS grinnscrúdú a dhéanamh ar an staid ina bhfuil cearta daonna mionlach creidimh nó reiligiúnacha i dtríú tíortha agus ar chur chun feidhme ghealltanais ghaolmhara na dtíortha sin faoi chomhaontuithe déthaobhacha leis an Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh, go háirithe, ar incháilitheacht tríú tíortha i ndáil leis an méid sin faoi Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife; ag moladh córas lena ndéanfaí fabhair a dheonú de réir a chéile do thríú tír bunaithe ar a mhéid a chomhlíonann sí a cuid gealltanas maidir le cearta an duine, lena n-áirítear maidir leis an tsaoirse reiligiúin nó creidimh;

46.

á chur i bhfáth gur cheart don Aontas na dúshláin nithiúla a bhíonn roimh mhionlaigh reiligiúnacha, eitneacha agus theanga go minic agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar chúnamh daonnúil de bharr imeallaithe, spriocdhíriú gníomhach nó lagstaid shocheacnamaíoch a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar rochtain éifeachtach na mionlach ar chúnamh daonnúil agus a áirithiú nach ndéantar neamhaird ar mhionlaigh ina bheartas daonnúil;

47.

á chur in iúl gur saoth léi scriosadh agus lot láithreacha reiligiúnacha, ar cuid dhílis den oidhreacht chultúrtha iad, agus á iarraidh go ndéanfar iad a chosaint agus a athchóiriú; á mholadh go n-áireodh an tAontas cosaint na hoidhreachta cultúrtha mar ghné de ghníomhaíochtaí seachtracha a bheartais eachtraigh agus é mar aidhm an tsíocháin a chaomhnú, an t-athmhuintearas a chur chun cinn agus coinbhleachtaí a chosc; á mholadh go mbainfeadh an tAontas leas as comhar maidir leis an oidhreacht chultúrtha mar chuid de bhearta cothaithe muiníne i bpróisis síochána;

48.

á iarraidh ar an gCoimisiún maoiniú leormhaith a áirithiú do shaincheisteanna a bhaineann le cosaint daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, faoin gclár téamach maidir le cearta an duine faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda; á iarraidh go n-áiritheoidh an tAontas go n-urramófar prionsabail an iolrachais, na neodrachta agus na cothroime agus staonfaidh sé go docht ó bheith ag treisiú le beartais nó reachtaíocht lena dtacaítear le grúpa creidimh nó reiligiúnach amháin thar ghrúpaí eile agus cistí á leithdháileadh chun na críche sin;

49.

á mholadh go neartófaí rannpháirteachas iltaobhach an Aontais d’fhonn an urraim do mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha a chur chun cinn agus a phríomhshruthú i mbeartais maidir le cearta an duine ar fud an domhain; á iarraidh go gcuirfidh an tAontas agus na Ballstáit feabhas ar an gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, le Comhairle na hEorpa agus leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) chun géarú ar an idirphlé oscailte agus cuiditheach leis an Aontas Afracach, le hEagraíocht na Stát Meiriceánach, le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, le hEagraíocht na Comhdhála Ioslamaí agus le heagraíochtaí réigiúnacha eile, agus comhghuaillíochtaí a chothú le tríú tíortha nó le grúpaí stát a bhfuil an dearcadh céanna acu ar mhaithe le freagairtí idirnáisiúnta a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine a mbíonn ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe iad siúd is leochailí nó iad siúd is mó a ndírítear orthu i limistéir choinbhleachta; á mholadh go leanfaidh an tAontas de bheith ina phríomhurraitheoir rún maidir le saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus i gComhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; á iarraidh go dtabharfaidh an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe faoi thionscnaimh chomhpháirteacha chun dul i ngleic leis an ngéarleanúint agus an t-idirdhealú ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha agus ar neamhchreidmhigh; á iarraidh ar an Aontas dlús a chur leis an gcomhar le Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, go háirithe trí nósanna imeachta speisialta Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, trí Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine agus tríd an Rapóirtéir Speisialta maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh; á mholadh freisin go ndéanfadh toscairí speisialta um shaoirse reiligiúin nó creidimh ar fud Bhallstáit an Aontais a ndea-chleachtais a chomhroinnt agus go n-oibreodh siad i ndlúthchomhar le chéile;

50.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an 22 Lúnasa mar an Lá Idirnáisiúnta i gCuimhne ar Íospartaigh Gníomhartha Foréigin Bunaithe ar Reiligiún nó ar Chreideamh; á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit an Aontais aird ar leith a thabhairt ar an lá sin agus iad ag pleanáil, agus a bheith i dteagmháil go gníomhach le mionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha chun a léiriú go bhfuil siad tiomanta dá saoirsí a chur chun cinn agus a chosaint, agus chun oibriú ar mhaithe le gníomhartha foréigin agus éadulaingte ina gcoinne a chosc amach anseo;

o

o o

51.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus chuig Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine, chuig rialtais agus chuig parlaimintí na mBallstát agus chuig na Náisiúin Aontaithe.

(1)  IO C 181, 19.5.2016, lch. 69.

(2)  IO C 411, 27.11.2020, lch. 30.

(3)  IO C 35, 31.1.2018, lch. 77.

(4)  IO C 334, 19.9.2018, lch. 69.

(5)  IO C 162, 10.5.2019, lch. 119.

(6)  IO C 11, 13.1.2020, lch. 25.

(7)  IO C 158, 30.4.2021, lch. 2.

(8)  IO C 255, 29.6.2021, lch. 60.

(9)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 114.

(10)  IO C 101, 16.3.2018, lch. 134.

(11)  IO C 238, 6.7.2018, lch. 112.

(12)  IO C 337, 20.9.2018, lch. 109.

(13)  IO C 369, 11.10.2018, lch. 91.

(14)  IO C 171, 6.5.2021, lch. 12.

(15)  IO C 232, 16.6.2021, lch. 12.

(16)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 126.

(17)  IO C 255, 29.6.2021, lch. 45.

(18)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 83.

(19)  IO C 506, 15.12.2021, lch. 77.

(20)  IO C 58, 15.2.2018, lch. 151.

(21)  IO C 388, 13.11.2020, lch. 127.

(22)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 63.

(23)  IO C 506, 15.12.2021, lch. 109.

(24)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 150.

(25)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 25.

(26)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 94.


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/44


P9_TA(2022)0138

Straitéis AE chun oideachas do leanaí ar domhan a chur chun cinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 i dtreo straitéis AE chun oideachas do leanaí ar domhan a chur chun cinn: tionchar phaindéim COVID-19 a mhaolú (2021/2209(INI))

(2022/C 465/04)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989,

ag féachaint d’Airteagal 26 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, d’Airteagal 18 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, d’Airteagal 13 agus d’Airteagal 14 den Chúnant Idirnáisiúnta maidir le Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus d’Airteagal 10 den Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,

ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna) a glacadh in 2015 agus do Thuarascáil Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2021 na Náisiún Aontaithe,

ag féachaint do na Barúlacha Ginearálta ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (1),

ag féachaint do threoirlínte na Náisiún Aontaithe maidir le Cúram Malartach Leanaí an 18 Nollaig 2009,

ag féachaint do Staidéar Domhanda na Náisiún Aontaithe maidir le Leanaí a mbaintear an tSaoirse díobh an 11 Iúil 2019,

ag féachaint don achoimre ar bheartas na Náisiún Aontaithe an 15 Aibreán 2020 dar teideal The impact of COVID-19 on children [Tionchar COVID-19 ar leanaí], agus don fhreagairt dhearfach air sin arna comhthreorú ag AE agus ag Grúpa Tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib agus arna síniú ag 173 thír,

ag féachaint do fhreagairt bheartais ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta an 19 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal What is the impact of the COVID-19 pandemic on immigrants and their children? [Cad é tionchar phaindéim COVID-19 ar inimircigh agus ar a leanaí?],

ag féachaint do Coinbhinsiún UNESCO in aghaidh Leithcheal san Oideachas, a glacadh an 14 Nollaig 1960,

ag féachaint do bhróisiúr UNICEF, UNESCO agus an Bhainc Dhomhanda dar teideal Mission: Recovering Education in 2021 [Misean: An tOideachas a Thabhairt Slán in 2021],

ag féachaint d’Airteagal 49 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagal 11 de Chairt na hAfraice um Chearta agus Leas an Linbh, 1990,

ag féachaint d’Airteagail 17 agus 25 den Chairt Afracach um Chearta an Duine agus Cearta Pobal, 1981,

ag féachaint d’Airteagal 31 de Dhearbhú Chearta an Duine Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, 2012,

ag féachaint d’Airteagal 14 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagail 3(5) agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

ag féachaint do thuarascáil Chlár Forbartha na Náisiún Aontaithe ó mhí Aibreáin 2021 dar teideal Leaving No One Behind: Impact of COVID-19 on the Sustainable Development Goals (SDGs) [Gan aon duine a fhágáil chun deiridh: Tionchar COVID-19 ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna),

ag féachaint don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí,

ag féachaint don Bhliain Idirnáisiúnta um Shaothar Leanaí a Dhíothú 2021 agus do chur chuige neamhfhulaingthe an Choimisiúin i leith fostú leanaí,

ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2019 maidir le cearta leanaí tráth chomóradh 30 bliain Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (2),

ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2021 maidir leis an gcoinbhleacht sa tSiria – 10 mbliana tar éis an éirí amach (3),

ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0058/2022),

A.

de bhrí go bhfuil beagnach cúig mhilliún duine ar fud an domhain tar éis bás a fháil mar gheall ar phaindéim COVID-19, lena spreagtar rialtais ar fud an domhain bearta eisceachtúla a achtú chun scaipeadh víreas COVID-19 a shrianadh, lena n-áirítear scoileanna a dhúnadh agus rochtain ar shaoráidí oideachais a theorannú;

B.

de bhrí go ngéaraítear ar ghéarchéim sláinte COVID-19 leis na hathraithigh nua, agus leis na coinbhleachtaí agus géarchéimeanna eile, lena n-áirítear an ghéarchéim aeráide, go leantar den bhaol méadaithe atá ann do leanaí ar fud an domhain go dtitfidh siad faoi bhun íosleibhéil inniúlachta;

C.

de bhrí gur ceart bunúsach daonna atá aitheanta go hidirnáisiúnta gurb ea rochtain ar an oideachas, ceart atá fíor-riachtanach chun cearta eile an duine a fheidhmiú; de bhrí go bhfuil bunoideachas éigeantach agus uilíoch agus inrochtana do chách i gceist leis an gceart chun oideachais;

D.

de bhrí go measann UNICEF go bhfuil bliain iomlán oideachais caillte ag níos mó ná 168 milliún leanbh i ngeall ar dhúnadh scoile de bharr chuibhriú COVID-19, agus go léirítear le sonraí UNESCO gur cuireadh isteach go mór ar an oideachas do 800 milliún mac léinn ar fud an domhain, a chaill dhá thrian de bhliain acadúil ar an meán;

E.

de bhrí, ó mhí an Mhárta 2020, go mb’éigean do thart ar 194 thír scoileanna a dhúnadh ar bhonn náisiúnta i ngeall ar phaindéim COVID-19, lena ndearnadh difear do níos mó ná 1,8 billiún foghlaimeoir scoile ar fud an domhain agus a chuir deireadh lena rochtain ar an oideachas agus ar shochair ríthábhachtacha eile a chuireann scoileanna ar fáil; de bhrí go bhfuil scoileanna i roinnt réigiún dúnta fós; de bhrí go ndearnadh leanaí a nochtadh d’fhoréigean, mí-úsáid agus dúshaothrú ar bhonn méadaitheach i ngeall ar dhúnadh scoileanna, lena n-áirítear i gcomhthéacs intíre; de bhrí gurb iad na leanaí leochaileacha agus imeallaithe is mó a n-imrítear tionchar orthu le dúnadh páirteach nó iomlán scoile trí mhéadú a dhéanamh ar na héagothromaíochtaí atá ann faoi láthair sna córais oideachais agus trí chur isteach ar gach gné dá saol laethúil;

F.

de bhrí, de réir UNICEF, go bhfuil aon trian de leanaí ar fud an domhain nach bhfuil rochtain acu ar an idirlíon, lena gcruthaítear bacainn ar rochtain ar an gcianfhoghlaim/an fhoghlaim dhigiteach; de bhrí go mbeidh gá fós le cláir chianfhoghlama agus theagaisc tar éis phaindéim COVID-19, go háirithe i dtíortha atá buailte ag tubaistí nádúrtha agus coinbhleachtaí; de bhrí go bhfuil dúshláin nua cruthaithe ag an ríomh-fhoghlaim do mhúinteoirí ó thaobh foghlaim na mac léinn a éascú agus idirghníomhaíocht shóisialta a chothabháil de; de bhrí, le paindéim COVID-19 agus na bearta nuálacha meara a glacadh chun foghlaim leanúnach do leanaí a áirithiú go dtugtar deis an t-oideachas a athshamhlú ar bhonn níos réamhbhreathnaithí, níos cuimsithí, níos solúbtha agus níos athléimní; de bhrí nach foláir do chláir chianfhoghlama a bheith inrochtana do gach leanbh, agus na dúshláin shocheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann do leanaí á gcur san áireamh leo, mar aon leis an easpa rochtana atá acu ar an idirlíon, ar chraoltaí nó ar na meáin dhigiteacha;

G.

de bhrí go ndearna iarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID-19 ar thuismitheoirí tionchar a imirt ar shláinte, ar dhea-bhail agus ar rochtain a leanaí ar an oideachas; de bhrí, le dúnadh na scoileanna go mba léir nach raibh tuismitheoirí ullamh don chianscolaíocht agus don scolaíocht bhaile; de bhrí gur cuireadh d’iallach ar roinnt tuismitheoirí a bhíonn ag obair agus atá gan acmhainní airgeadais nó roghanna malartacha eile, a leanaí a fhágáil ag baile ina n-aonar, agus gurbh ann do dhaoine eile, mná den chuid is mó, a rinneadh díomhaoin dá mbuíochas, agus teaghlaigh á mbrú, dá bhrí sin, i dtreo na bochtaineachta;

H.

de bhrí go ndearna níos mó ná 90 % de thíortha cianfhoghlaim de chineál éigin a thabhairt isteach le linn dhúnadh éigeandála na scoileanna; de bhrí gurbh iad na leanaí a bhí rannpháirteach sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas ba mhó a bhain tairbhe as an gcianfhoghlaim, lenar fágadh na leanaí a bhí ar an leibhéal réamh-bhunscoile i mbaol ó bheith neamhullamh don bhunoideachas;

I.

de bhrí go bhfuil thart ar 1,8 trilliún uair an chloig d’fhoghlaim phearsanta caillte ag páistí scoile ar fud an domhain ó thús phaindéim COVID-19 agus go raibh corradh le 39 billiún béilí inscoile a bhí fágtha gan ithe ar fud an domhain i ngeall ar dhúnadh scoileanna (4);

J.

de bhrí, i bhfad roimh phaindéim COVID-19, go raibh géarchéim foghlama dhomhanda os comhair an domhain cheana féin, ní hamháin tríd an rochtain shriantach a bhí ar an oideachas i ngeall ar an mbochtaineacht, comaitéirí fada chuig an scoil is gaire, noirm dhíobhálacha inscne, idirdhealú in aghaidh grúpaí leochaileacha, rioscaí agus coinbhleachtaí comhshaoil, ach freisin trí scolaíocht nach gá gurb é an fhoghlaim a bhíonn mar thoradh uirthi; de bhrí go raibh an phaindéim ina siocair le staid chriticiúil na leanaí i roinnt réigiún coinbhleachta a dhéanamh níos measa fós, ar minic leis mar shaintréithe, inter alia, méadú ar an neamhshláine, leochaileacht mhéadaithe i leith thionchair an athraithe aeráide agus ionsaithe ar institiúidí oideachais, lena bhfágtar leanaí faoi bhaol méadaithe go ndéanfar iad a rannpháirtiú i gcoinbhleacht, rud arb ionann agus sárú tromchúiseach ar chearta an linbh agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta; de bhrí gur ann do 617 milliún leanbh agus déagóir ar fud an domhain nach bhfuil ar a gcumas íosleibhéil inniúlachta a bhaint amach sa léitheoireacht (5) agus sa mhatamaitic, cé go bhfuil dhá thrian díobh ar scoil;

K.

de bhrí go bhfuil díothú déanta ag COVID-19 ar dhíol 20 bliain de ghnóthachain oideachais; de bhrí go raibh 101 mhilliún leanbh sa bhreis – 9 % díobh siúd i ngráid 1-8 – faoi bhun íosleibhéil inniúlachta léitheoireachta in 2020 (6);

L.

de bhrí go meastar nach sroichfidh 825 mhilliún leanbh breise aosacht leis na scileanna meánscolaíochta atá ag teastáil uathu don obair agus don saol faoi 2030; de bhrí nach bhfuil na milliúin leanaí agus daoine óga a d’fhreastail go rialta ar scoileanna ag forbairt na scileanna a bhfuil gá acu leo chun bheith rannpháirteach go rathúil sa mhargadh fostaíochta, a lánacmhainneacht a bhaint amach agus rannchuidiú lena bpobail;

M.

de bhrí go bhfuil mórthionchar eacnamaíoch ag dúnadh na scoileanna ós rud é go gcuirtear cosc ar leanaí agus ar dhaoine óga na scileanna riachtanacha a fhorbairt, a lánacmhainneacht a bhaint amach agus ullmhú don saol, rud ar minic leis a bheith ina shiocair leis an dífhostaíocht agus, dá bhrí sin, le méaduithe ar éagothromaíocht, lena bhfágtar, dá bhrí sin, gur lú deiseanna atá ann;

N.

de bhrí, de réir na Náisiúin Aontaithe, go bhfuil 11 mhilliún foghlaimeoir bunscoile agus meánscoile ar fud an domhain – 5,2 milliún ar cailíní iad – i mbaol gan filleadh ar an oideachas i ndiaidh dúnadh scoileanna a bhaineann le COVID-19 (7); de bhrí, a fhaide a bhíonn leanaí gan freastal ar an scoil, a airde an dóchúlacht go bhfágfaidh siad an t-oideachas ar fad; de bhrí go bhféadfadh an staid sin an bonn a bhaint ó na torthaí a gnóthaíodh i réimse an oideachais agus i dtreo na spriocanna forbartha inbhuanaithe a baineadh amach, agus go háirithe iad siúd a bhaineann leis an mbochtaineacht a laghdú, leis an tsláinte agus leis an dea-bhail, agus le hoideachas ar ardcháilíocht;

O.

de bhrí go mbaineann tionchair inscne ar leith le dúnadh scoileanna agus go bhfuil baol ann go ndéanfar éagothromaíochtaí a leathnú leo; de bhrí go meastar go bhféadfadh méadú a theacht ar thoircheas na ndéagóirí mar thoradh ar dhúnadh scoileanna le linn géarchéimeanna; de bhrí go bhfuil cailíní nach bhfuil ar scoil neamhchosanta go díréireach ar bhaol an luathphósta, an phósta éigeantais agus an dúshaothraithe ghnéasaigh; de bhrí go meastar go bhféadfadh dhá mhilliún cas eile de chiorrú ball giniúna ban tarlú sna deich mbliana amach romhainn; de bhrí go bhféadfaí bac a chur ar líon suntasach cailíní ó fhilleadh ar an scoil nuair a athosclóidh siad i bhfianaise beartais idirdhealaitheacha áirithe a bheith ann lena gcuirtear toirmeasc ar chailíní torracha agus ar mháithreacha óga freastal ar scoil;

P.

de bhrí go bhfuil 129 milliún cailín ann ar fud an domhain nach bhfuil ag freastal ar scoil, lena n-áirítear 32 mhilliún cailín atá in aois bhunscoile, 30 milliún cailín atá in aois meánscoile íochtaraí agus 67 milliún cailín in aois meánscoile uachtaraí; de bhrí gur éirigh le níos lú ná leath de na tíortha ar fud an domhain paireacht inscne a bhaint amach i rannpháirtíocht sa bhunoideachas; de bhrí, leis an aistriú chuig an gcianfhoghlaim, go bhfágtar go bhfuil leanaí, go háirithe cailíní, ó na teaghlaigh is boichte agus is leochailí i mbaol go mór an scoil a fhágáil go buan nó ar feadh tréimhsí fada;

Q.

de bhrí gur san Afraic Fho-Shahárach atá 9 gcinn as na 10 náisiún is deacra atá ann do chailíní chun oideachas a fháil iontu agus gurb í an Afganastáin an náisiún eile, áit ina ndearna an Talaban oideachas iar-bhunscoile a cheilt ar chailíní trí ordú a thabhairt do mheánscoileanna gan athoscailt ach do bhuachaillí amháin; de bhrí, le beartas doiléir agus gealltanais éiginnte agus neamhchomhlíonta an Talaban i leith oideachas do chailíní, go bhfuil na milliún cailíní san Afganastáin thar a bheith imníoch faoina gcuid oideachais, ní nach ionadh; de bhrí gur tháinig roinnt tionscnaimh idirnáisiúnta chun cinn ó ollscoileanna agus ó dhaoine aonair agus cianoideachas á thairiscint acu do chailíní agus do mhná na hAfganastáine;

R.

de bhrí, de réir roinnt údaráis náisiúnta agus réigiúnacha um fhorfheidhmiú an dlí, go bhfuil leanaí nach bhfuil ag freastal ar an scoil – go háirithe cailíní agus leanaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste, amhail leanaí ar de bhunadh mionlaigh iad, leanaí ó phobail tuaithe agus dúchais agus leanaí imirceacha, lena n-áirítear dídeanaithe, leanaí faoi mhíchumas agus leanaí i gcúram agus leanaí a chaill a dtuismitheoirí agus/nó a seantuismitheoirí i ngeall ar phaindéim COVID-19, as measc nithe eile – leochaileach go díréireach i leith dúshaothrú, saothar leanaí agus foréigean teaghlaigh, lena n-áirítear a bheith ina bhfinnéithe ar fhoréigean, ar bhulaíocht ar líne agus ar choireanna eile amhail dúshaothrú agus mí-úsáid ghnéasach (8);

S.

de bhrí, anuas ar na costais shóisialta ollmhóra, go measann an Banc Domhanda go bhféadfadh dúnadh scoileanna ar bhonn domhanda agus a mhairfeadh tréimhse 5 mhí, caillteanais foghlama ag a bhfuil luach reatha USD 10 trilliún a ghiniúint; de bhrí go bhféadfadh sé go gcosnódh caillteanas foghlama suas le USD 161 mhilliún in aghaidh an lae;

T.

de bhrí, ar an drochuair, go raibh dúnadh na scoileanna bunriachtanach chun leathadh COVID-19 a theorannú; de bhrí gur mó atá i gceist le scoileanna ná áiteanna inar féidir le leanaí foghlaim, os rud é gur áiteanna iad inar féidir teacht le chéile agus gur moil iad freisin a chuireann tacaíocht meabhairshláinte agus shíceasóisialta ar fáil; de bhrí, de réir UNESCO agus UNICEF, nach é amháin go ndéanann dúnadh scoileanna difear don cheart chun oideachais ach don cheart chun sláinte freisin, le níos mó ná 80 milliún leanbh ag cailliúint amach ar vacsaínithe príomhúla mar thoradh ar dhúnadh scoileanna; de bhrí go gciallaítear le dúnadh scoileanna nach bhfuil múinteoirí in ann a bheith san airdeall ar chomharthaí mí-úsáide nó easpa cúraim chuí ó thaobh na dtuismitheoirí de; de bhrí, de réir Oifig Taighde UNICEF – Innocenti agus an Chláir Dhomhanda Bia, go mbíonn tionchar freisin ag dúnadh scoileanna ar an gceart chun dea-chothaithe agus chun rochtain ar bhéile laethúil; de bhrí gur féidir le cláir bia scoile dreasachtaí a sholáthar do na leanaí is leochailí chun filleadh ar scoil; de bhrí go gcuireann dúnadh scoileanna isteach go mór ar dhea-bhail mheabhrach leanaí ós rud é gur féidir le leanaí a bheith neamhchosanta ar fhoréigean agus strus sa bhaile; de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha agus iarmhairtí síceasóisialta fadtréimhseacha a bheith mar thoradh ar dhúnadh scoileanna, lena n-áirítear dúlagar, imní mhéadaithe agus féinmharú, de réir mar a dhéantar teagmháil shóisialta a cheilt ar leanaí;

U.

de bhrí go ndéantar an éagothromaíocht shóisialta a atreisiú le luathfhágáil na scoile agus go bhféadfaí difear a dhéanamh leis do chobhsaíocht agus do rathúnas tíre, lena gcuirtear i mbaol, dá bhrí sin, todhchaí na milliún leanbh ar domhan agus lena n-imrítear mórthionchar ar ghlúin ina hiomláine; de bhrí go bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an t-oideachas bunriachtanach chun cur i gcoinne an antoisceachais agus radacú leanaí agus daoine óga;

V.

de bhrí, de réir Thuarascáil Oideachais UNHCR 2021, go bhfuil leath na leanaí uile is dídeanaithe nach bhfreastalaíonn ar an scoil; de bhrí go ndéantar leanaí is dídeanaithe a eisiamh ó dheiseanna cianfhoghlama; de bhrí gur minic le dálaí maireachtála plódaithe na ndídeanaithe ar leanaí iad, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí i gcampaí dídeanaithe, éascú a dhéanamh ar scaipeadh an víris agus bac a chur ar chomhlíonadh na rialacha sláintíochta; de bhrí gurb ionann staid COVID-19 sna campaí agus géarchéim do leanaí, ós rud é gur minic lena lán leanaí córais imdhíonachta lagaithe nó bunfhadhbanna sláinte a bheith acu le linn a mblianta múnlaitheacha, lena méadaítear ar an mbaol atá ann dóibh go ngéarófar ar a gcás agus iad ag déileáil leis an víreas marfach seo; de bhrí nach bhfuil seirbhísí sláinte oiriúnacha ag formhór na gcampaí dídeanaithe chun freagairt go leormhaith do riachtanais leanaí agus a dteaghlaigh;

W.

de bhrí go ndéantar difear díréireach do thíortha ar ioncam íseal le dáileadh éagothrom vacsaíní COVID-19;

1.

á aithint agus á chur in iúl gur mór aici obair na múinteoirí, na n-oideoirí uile agus na foirne tacaíochta, a thug aghaidh go mear ar phaindéim COVID-19 agus a d’áirithigh go leanfaí leis an bpróiseas foghlama do pháistí agus do dhéagóirí; ag moladh tionscnamh ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus áitiúla na sochaí sibhialta, ó shaoránaigh phríobháideacha agus ó ghnólachtaí chun teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide, cúrsaí cianfhoghlama agus ábhair foghlama eile a chur ar fáil do leanaí, go háirithe i dtíortha ina bhfuil rochtain theoranta ag leanaí ar an gcianfhoghlaim nó nach bhfuil rochtain acu ar fhoghlaim ar chor ar bith; ag tathant ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar na Ballstáit cur chuige atá bunaithe ar chearta an linbh a chur chun cinn i leith iarrachtaí domhanda chun maolú a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID-19 ar rochtain ar an oideachas do leanaí, agus cur chuige atá bunaithe ar phrionsabail an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn, ag gníomhú ar mhaithe le leas an linbh agus rannpháirtíocht an linbh;

2.

á aithint gur saincheist thrasearnálach é an t-oideachas a bhaineann le gach gné den fhorbairt inbhuanaithe;

3.

á chur in iúl gur geal léi na gealltanais a tugadh ag Comhdháil Dhomhanda UNESCO 2021 maidir le hOideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe agus roimh ghlacadh Dhearbhú Bheirlín; á áitiú go n-áiritheofar oideachas ar ardchaighdeáin do leanaí uile mar chumasóir do na SFInna uile agus ag cur béim ar a thábhachtaí agus atá sé forbairt inbhuanaithe a chomhtháthú i ngach leibhéal oideachais agus oiliúna ó oideachas luath-óige go hoideachas treasach agus oideachas aosach, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, oideachas seachfhoirmiúil agus oideachas neamhfhoirmiúil;

4.

á áitiú go mbeidh AE ar thús cadhnaíochta mar chumhacht oideachasúil a chuireann ar chumas na mBallstát a n-acmhainneacht a chur i bhfeidhm ina hiomláine chun tacú le hoideachas do leanaí ar fud an domhain agus chun a ndiongbháilteacht a dhearbhú maidir leis an tsaincheist sin; á chur i bhfios go láidir an príomhról a bheidh ag an Limistéar Eorpach Oideachais sa todhchaí maidir le deis thábhachtach a chur ar fáil le haghaidh chomhoibriú idirnáisiúnta sa bhreis a bheith ann chun sineirgí maidir le hoideachas lasmuigh den Eoraip a fhorbairt ar mhaithe le cineálacha chur chuige agus réitigh chomhchoiteanna a fhorbairt i dtaca le dúshláin chomhchoiteanna; ag tathant ar an gCoimisiún chun a dhá oiread fuinnimh a chur ina chuid iarrachtaí chun straitéis a shainiú chun na críche sin, lena n-áirítear achoimre cuspóirí soiléire;

5.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an ceart chun oideachais a ráthú do leanaí agus an deis a thabhairt do gach leanbh filleadh ar scoil agus á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit tacú le húdaráis tríú tíre tosaíocht a thabhairt d’athoscailt na scoile ina bpleananna téarnaimh, lena n-áirítear tacaíocht do mhúinteoirí chun cabhrú le leanaí an bhearna san fhoghlaim a dhúnadh agus tacaíocht a thabhairt do dhea-bhail leanaí, ós rud é go bhfuil scoileanna ríthábhachtach d’fhoghlaim, do shábháilteacht, do shláinte, do chothú agus do dhea-bhail fhoriomlán leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt d’údaráis tríú tír chun a áirithiú go mbeidh gach leanbh in ann leas a bhaint as a gceart chun bunoideachais agus gníomhaíocht a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh an t-oideachas meánscoile ar fáil agus inrochtana; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit tacú le húdaráis tríú tír modhanna digiteacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus rochtain ar an idirlíon a éascú do chách;

6.

á mheas nach foláir tosaíocht a thabhairt d’fheabhas a chur ar shlógadh acmhainní intíre, do chosaint agus do mhéadú mór an chaiteachais intíre ar earnálacha sóisialta, go háirithe an t-oideachas agus an tsláinte, agus d’fheabhsú cháilíocht an chaiteachais sin i bpleananna náisiúnta téarnaimh agus i gcláir cúnaimh atá á reáchtáil ag institiúidí airgeadais AE agus ag institiúidí idirnáisiúnta airgeadais; á áitiú, sa chomhthéacs sin, go ndéanfar leithdháileadh agus maoiniú cothrom a áirithiú ionas nach ndéanfar leanaí faoi mhíbhuntáiste, faoi bochtaineacht agus imeallaithe – le béim ar leith ar chailíní – daoine óga agus teaghlaigh a fhágáil chun deiridh; á thabhairt chun suntais nach foláir do leas an linbh a bheith mar threoir ag gach iarracht a dhéanfar chun maolú a dhéanamh ar thionchar phaindéim COVID-19 ar an rochtain ar an oideachas agus nach foláir do na bearta sin urraim a thabhairt do chearta an linbh maidir lena bheith ar an eolas, a bheith cumhachtaithe agus an deis a bheith acu éisteacht a fháil;

7.

á chur i bhfáth gur den bhunriachtanas é staid shóisialta na dtuismitheoirí a chur i gcuntas agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh a bhfuil laghdú déanta ar a n-ioncam de dheasca thionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19;

8.

á aithint nach foláir d’oideachas ar ardchaighdeáin a bhaint amach a bheith mar thosaíocht i gcomhair cúnamh oifigiúil forbartha an Aontais agus na mBallstát;

9.

ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine atá ina gcónaí i suíomhanna dídeanaithe mar thoradh ar an easáitiú éigeantach; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tarchur scileanna i gcampaí dídeanaithe agus tacaíocht láidir oideachais a thabhairt do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe chun tacú lena lánpháirtiú agus lena rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí a ghineann ioncam;

10.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar airgeadais buan na paindéime ar chistiú le haghaidh an oideachais, ós rud é nach ndearna tromlach bhallstáit UNESCO an tairseach de 4–6 % OTI nó de 15–20 % de chaiteachas poiblí a bhaint amach go fóill;

11.

á thabhairt chun suntais an éagothromaíocht sna hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an bpaindéim i ngeall ar rochtain mhíchothrom ar vacsaíní, lena bhfágtar gur ann do chumais éagothroma chosanta; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir deireadh a chur leis an bpaindéim ach amháin má dhéantar amhlaidh ar fud an domhain agus nach mór rochtain a bheith ag cách ar vacsaíní; á iarraidh ar na Ballstáit a rannchuidiú le clár COVAX na Náisiún Aontaithe agus a éifeachtúlacht fhoriomlán a mhéadú chun rochtain ar vacsaíní COVID-19 a áirithiú do thríú tíortha ionas go mbeidh siad in ann feachtais vacsaínithe COVID-19 náisiúnta a chur i bhfeidhm atá i gcomhréir leis na treoirlínte atá leagtha síos ag na húdaráis sláinte poiblí inniúla náisiúnta agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun a áirithiú go bhfillfidh siad go mear ar scoileanna; ag tathant ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar lena gcomhghuaillithe trasatlantacha agus lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun borradh a chur faoi sholáthar domhanda vacsaíní COVID-19, lena n-áiritheofar dáileadh cothrom ar na tíortha agus ar na pobail is mó atá i ngátar, agus lena ndíreofar ar rochtain dhomhanda ar tháirgí leighis inacmhainne a bhaineann le COVID-19 a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar shrianta domhanda táirgeachta agus ar ghanntanais soláthair;

12.

ag tathant ar an Aontas, i gcomhar leis na Stáit Aontaithe agus le baill eile den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), uas-scálú a dhéanamh ar an táirgeadh agus ar an raon roghanna soláthair chun rochtain chothrom a áirithiú ar dhiagnóisic, vacsaíní, teiripe agus táirgí sláinte ábhartha eile is gá chun COVID-19 a shrianadh, a chosc agus a chóireáil agus chun a áirithiú go mbainfear na cuspóirí sin amach faoin 12ú Comhdháil Aireachta de chuid EDT;

13.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit tacú le húdaráis tríú tíortha chun oibríochtaí “scoil shábháilte” a mhaoiniú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear soláthairtí sláinteachais a sholáthar agus faisnéis maidir le níochán lámh agus bearta sláinteachais eile a chomhroinnt, mar aon leis an leanúnachas ar sheirbhísí cothaithe do leanaí atá in aois na scoile agus do dhéagóirí a choimeád; á chur i bhfáth go bhfuil béilí scoile agus uisce glan ríthábhachtach chun cothú, fás agus forbairt leanaí a áirithiú ós rud é gur dreasacht láidir iad do leanaí – go háirithe cailíní agus iad siúd ó na pobail is boichte agus is mó atá imeallaithe – filleadh ar an scoil a luaithe a bheidh deireadh leis na srianta; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, an ról lárnach is féidir a bheith ag múinteoirí agus gníomhaithe sa tsochaí shibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí chreideamhbhunaithe, pobail reiligiúnacha agus ENRanna, i gcur chun cinn na sláinte agus i bpaindéim COVID-19 a chomhrac, mar aon le tacú le leanaí agus lena dteaghlaigh na dúshláin agus na deacrachtaí a eascraíonn as an ngéarchéim sláinte a shárú, lena bhfeabhsaítear a ndea-bhail agus lena ndéantar cláir oiliúna agus oideachais a chur ar fáil;

14.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit tacú le húdaráis tríú tír pleananna maolaithe riosca agus bainistithe riosca a chur ar bun trí phleanáil athléimneachta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé pleanáil theagmhasach agus pleananna freagartha géarchéime a fhorbairt agus a ráthú anois chun an baol go ndéanfar COVID-19 a tharchur i scoileanna a laghdú agus chun laghdú a dhéanamh ar thionchar dhúnadh na scoileanna ar leanaí agus ar a dteaghlaigh, go háirithe ar na leanaí is boichte agus is imeallaí, mar aon leo siúd atá faoi mhíchumais thromchúiseacha; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil gá le tosaíocht a thabhairt do leanaí i limistéir ina bhfuil coinbhleacht agus don rochtain atá acu ar oideachas ardcháilíochta;

15.

á chur i bhfios go láidir an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag dúnadh scoileanna ar fhreagrachtaí gairmiúla tuismitheoirí agus iad ag tabhairt aire dá leanaí ag an am céanna; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé acmhainní agus treoir chuí a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag obair, maidir leis an gcianoideachas, gníomhaíochtaí seach-churaclaim, agus modhanna tacaíochta síceolaíocha chun cothromaíocht a fháil idir obair ón mbaile agus scolaíocht bhaile;

16.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacaíocht oideachasúil agus shíceasóisialta a chur ar fáil do leanaí agus do theaghlaigh nach foláir dóibh féinleithlisiú chun an riosca a bhaineann le galair thógálacha a íoslaghdú, d’fhonn strus agus imní sa bhaile a laghdú;

17.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt d’údaráis tríú tíortha chun treoir réamhghníomhach a eisiúint maidir le dea-chleachtais san chianfhoghlaim, agus chun a áirithiú go mbainfear úsáid as uirlisí, curaclaim agus teicneolaíocht atá iomchuí agus sábháilte agus go gcuirfear ar fáil iad do leanaí ó theaghlaigh ar ioncam íseal, do leanaí ó cheantair thuaithe, do leanaí ó phobail dúchais agus do leanaí imirceacha do leanaí imeallaithe agus do leanaí faoi mhíchumais nó a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, do leanaí atá faoi chúram malartach, do leanaí atá ina gcónaí i limistéir iargúlta nó i dtimpeallachtaí ina bhfuil saoirse bainte díobh nó nach bhfuil rochtain idirlín uileláithreach iontu; á thabhairt chun suntais go bhfuil deis ann i gcás foghlaim dhigiteach lena gcuirtear ar chumas na n-institiúidí oideachais gach leanbh a shroicheadh ar mhórluas agus ar mhórscála, agus comhpháirtíochtaí a chothú ag an am céanna agus dul i mbun oibre le réimse leathan gníomhaithe ón tsochaí shibhialta agus ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha; á áitiú, áfach, nach foláir don infheistíocht san fhoghlaim dhigiteach féachaint le laghdú a dhéanamh ar an deighilt dhigiteach agus a bheith comhthéacs-shonrach, i gcomhréir le leas an linbh agus ní chun aimhleasa na tacaíochta a thabharfar do bhonneagar agus do bhaill foirne an oideachais bhunúsaigh, mar aon leis an bhfoghlaim i bpearsa; á mheabhrú, áfach, nach raibh rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha cothrom ná forleathan fós le linn na paindéime; á mheas go bhfuil gá le hinfheistíocht mhór san earnáil sin, ó thaobh oiliúna agus maoinithe de araon; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint d’acmhainní inrochtana oideachasúla agus rochtain oscailte ar uirlisí digiteacha a chur ar fáil do mhúinteoirí, do thuismitheoirí agus do mhic léinn; á chur i bhfáth, ina leith sin, nach foláir príobháideachas leanaí agus cosaint sonraí pearsanta a ráthú i dtaca le gach uirlis dhigiteach agus nach foláir aird chuí a thabhairt ar inneachar a fhreagraíonn do chúrsaí inscne agus ar na réaltachtaí éagsúla a bhaineann le saol leanaí;

18.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS cistiú stóinsithe a choinneáil don oideachas trí na hionstraimí airgeadais uile de chuid an Aontais atá ar fáil, i gcomhréir leis an tagarmharc 10 % maidir le hoideachas in ionstraim na hEorpa Domhanda, agus cistiú breise a chur ar fáil chun méadú a dhéanamh ar athléimneacht i gcoinne géarchéimeanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí;

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit tacú le húdaráis tríú tíortha chun cúram iomchuí do leanaí a áirithiú, lena n-áirítear trí phlean teagmhais a chur i bhfeidhm maidir le cúram do leanaí a fhágtar ina ndílleachtaí nó a fhágtar gan cúram iomchuí i ngeall ar chásanna tromchúiseacha COVID-19 lena n-éilítear go dtugtar cúramóirí daoine fásta chun an ospidéil;

20.

á iarraidh ar an gCoimisiún nasc a bhunú idir gníomhaíochtaí infheistíochta laghdaithe riosca a d’fhéadfadh a bheith ann agus tacaíocht airgeadais le haghaidh rochtain ar an oideachas agus ar ghairmoiliúint, go háirithe le bonneagar cuí agus oiliúint chuí a chur ar bun do mhúinteoirí, faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – An Eoraip Dhomhanda;

21.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS tacú le rialtais tríú tíortha chun córais oideachais a fhreagraíonn do chúrsaí inscne agus córais chuimsitheacha níos láidre a thógáil agus a fhorbairt tuilleadh, agus deireadh a chur le gach cineál foréigin inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus na gcailíní; á mheabhrú go bhfuil rochtain na mban ar an oideachas leagtha síos mar cheart bunúsach ag na Náisiúin Aontaithe; á chreidiúint, mar ábhar tosaíochta, gur cheart go mbeadh méadú ar oideachas na gcailíní agus tacú le rannpháirtíocht na mban san oideachas agus i ngairmeacha san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM) mar phríomhsprioc beartais do AE agus don phobal forbartha idirnáisiúnta; á áitiú, ina leith sin, gur gá go mbeadh cailíní in ann a n-oideachas a chur i gcrích agus rochtain a bheith acu ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí aois-oiriúnach, saor ó idirdhealú agus ó laofacht inscne agus le comhionannas deiseanna chun a n-acmhainneacht a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le haghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an oideachas, ar bacainní iad a bhaineann le hinscne, amhail dlíthe, beartais agus noirm shoch-chultúrtha dhíobhálacha lena gcuirtear cosc ar chailíní leanúint leis an oideachas i gcás toirchis, pósadh nó máithreachais; ag moladh go rachfar i ngleic le steiréitíopaí inscne agus le noirm shoch-chultúrtha dhíobhálacha tríd an oideachas, agus go ndéanfar foréigean a chosc trí chlársceidealú oideachais inscne-íogair;

22.

á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil rochtain ag na milliúin cailíní ar fud an domhain ar an oideachas, agus go bhfágtar iad, dá bhí sin, neamhchosanta ar spleáchas agus i mbaol níos airde ón bhforéigean agus ón dúshaothrú, go háirithe i gcásanna ina ndéanann na húdaráis i gcumhacht rochtain chórasach ar an oideachas, ar an obair agus ar an saol poiblí a cheilt ar mhná agus ar chailíní; ag diúltú do mhí-úsáid agus d’ionstraimiú aon chleachtais a dhéanann idirdhealú maidir le rochtain ar an oideachas agus a fhorchuireann dúnadh scoileanna; á iarraidh go gcuirfear deireadh leis na cleachtais sin agus ag tathant go ndéanfar na scoileanna uile do chailíní agus do mhná a athoscailt;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS an méid a baineadh amach le 20 bliain anuas maidir leis an oideachas do mhná agus do chailíní san Afganastáin a chaomhnú agus a neartú tuilleadh; ag tathant go ndéanfar an cistiú is gá a leithdháileadh laistigh de phacáiste AE maidir le cabhair dhaonnúil don Afganastáin chun a chur ar chumas na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta agus áitiúla éascú a dhéanamh ar athoscailt na saoráidí oideachais do mhná agus do chailíní agus chun cláir chianfhoghlama a fhorbairt mar bheart sealadach; á iarraidh go dtabharfaí aird den chineál céanna ar oideachas leanaí agus daoine óga na hAfganastáine i dtíortha ina bhfuil dídeanaithe ón Afganastáin;

24.

á chur i bhfios go láidir nach foláir an ceart chun oideachais agus faisnéise maidir le sláinte gnéis agus atáirgthe, pleanáil teaghlaigh, modhanna frithghiniúnacha nua-aimseartha, ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, agus cúraim sláinte máthartha, réamhbhreithe agus iarbhreithe a ráthú do gach duine;

25.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit, chomh maith le rialtais náisiúnta tríú tíortha, cláir shonracha a fhorbairt chun tionchar meabhairshláinte agus síceasóisialta na ráige COVID-19 ar leanaí, ar mhúinteoirí agus ar a bpobail a bhainistiú agus a mhaolú, agus feachtais choisctheacha shonracha a cheapadh a bheidh dírithe ar leanaí, ar thuismitheoirí agus ar mhúinteoirí maidir leis na rioscaí a bhaineann leis an idirlíon a úsáid, amhail ciapadh, gáinneáil, mí-úsáid ghnéasach agus bulaíocht ar líne mar aon le pleananna speisialta a chur chun cinn chun cabhrú le leanaí agus lena dtuismitheoirí arb íospartaigh na gcleachtas sin iad;

26.

ag leagan béim ar an ngá atá le cláir oideachais gnéasachta chuimsitheacha atá oiriúnach do aois, fianaise-bhunaithe, chun leochaileacht na gcailíní agus na mban óg i leith breith linbh luath agus toircheas neamhbheartaithe, pósadh leanaí, striapachas, tarchur VEID agus foréigean inscnebhunaithe a laghdú;

27.

ag tabhairt dá haire go bhfuil cóimheas na ndaltaí le gairmithe oilte sa réigiún Fo-Shahárach ard i gcónaí, in ainneoin iarrachtaí éagsúla AE agus an chúnaimh a chuireann sé ar fáil; á thabhairt chun suntais na meáin réigiúnacha de 58 ndalta in aghaidh an mhúinteora oilte ar leibhéal na bunscoile, agus 43 dhalta in aghaidh gach múinteora oilte ar leibhéal na meánscoile; á chur i bhfios go bhfuil a lán tíortha atá i mbéal forbartha ag streachailt le húsáid éifeachtach a bhaint as acmhainní agus nach n-eascraíonn níos mó foghlama ná caipiteal daonna níos fearr as caiteachas méadaithe ar oideachas go minic; ag leagan béim ar ról na múinteoirí ar gach leibhéal chun foghlaim a éascú, ar thábhacht na teicneolaíochta don fhoghlaim agus ar bhainistiú éifeachtúil scoileanna agus córas oideachais sna tíortha sin; á mheabhrú gur gá ar a laghad 15 mhilliún múinteoir a fhostú, de réir UNESCO, chun na spriocanna a bhaineann le hoideachas a bhaint amach san Afraic fho-Shahárach faoi 2030, i gcomhréir le SFI 4;

28.

á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit tacú le húdaráis na dtíortha comhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ina gcórais oideachais agus é mar aidhm leis iad a chumasú chun géarchéimeanna amach anseo a sheasamh, agus córais a dhéanamh níos athléimní agus níos cuimsithí, trí chláir athshlánaithe foghlama a chur chun feidhme agus trí bhuiséid oideachais a chosaint, le hinfheistíochtaí tiomnaithe in oideachas ardcháilíochta, inacmhainne agus cuimsitheach, lena n-áirítear infheistíochtaí in uirlisí teicneolaíochta an oideachais, in oiliúint múinteoirí agus in acmhainní eile chun a áirithiú go ndéanfaidh leanaí agus daoine óga a lánacmhainneacht a bhaint amach, go mbeidh siad ullmhaithe don saol agus nach gcaillfidh siad na deiseanna chun dul isteach i margadh an tsaothair níos déanaí sa saol, agus urraim á tabhairt do riachtanais oideachais agus do chearta gach linbh; á thabhairt chun suntais nach foláir go gcuimseofar ábhair foghlama éagsúla, lena n-áirítear ábhar clóite, i gcláir chianfhoghlama a cheapfar chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna amach anseo chun bheith inrochtana do na leanaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus is imeallaithe;

29.

á chur in iúl gur geal léi Dearbhú Pháras EOECNA: Glao Domhanda ar Infheistíocht i dTodhchaí an Oideachais; ag tathant ar thíortha ar fud an domhain chun oideachas a mheas mar infheistíocht seachas caiteachas; á chreidiúint go bhfuil cúnamh airgeadais leordhóthanach agus éifeachtach san oideachas ina réamhriachtanas chun an bhochtaineacht a dhíothú agus dea-bhail a fheabhsú, go háirithe ag tréimhse nuair atá acmhainní poiblí á dteorannú ar bhonn méadaitheach agus éilimh in iomaíocht le chéile in earnálacha atá buailte go dona amhail an tsláinte agus an t-oideachas; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú le haghaidh an oideachais a mhéadú go mór ina straitéisí forbartha agus cúnaimh idirnáisiúnta;

30.

á chur i bhfios go láidir gurb iad daoine óga na sócmhainní is luachmhaire chun borradh a chur faoi fhorbairt eacnamaíoch tíortha i mbéal forbartha;

31.

á mheabhrú go bhfuil an comhphobal domhanda tiomanta do cháilíocht an oideachais a fheabhsú faoi 2030 (SFI 4);

32.

á iarraidh go méadófar malartuithe oideachais idirnáisiúnta idir daoine óga san Afraic agus san Aontas, trí chláir amhail Erasmus agus Erasmus d’Fhiontraithe Óga, atá dírithe ar chabhrú le fiontraithe nua na scileanna ábhartha a fháil chun gnólachtaí a bhainistiú;

33.

á iarraidh ar na Ballstáit a chur san áireamh go bhfuil géarchéim sláinte COVID-19 tar éis géarú a dhéanamh ar staid na ndaoine sin a choinnítear i gcampaí sa tSiria agus na leanaí Eorpacha uile atá á gcoinneáil sna campaí sin a aisdúichiú láithreach, lena n-áiritheofar go dtabharfar tús áite do leas an linbh;

34.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gairmoiliúint agus “cláir dara seans” a áireamh sna pleananna téarnaimh chun cabhrú le leanaí agus le daoine óga dul isteach i margadh an tsaothair; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS, ar na Ballstáit agus ar thríú tíortha ionchais inmhianaithe a chur ar fáil do dhaoine óga amach anseo;

35.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíocht san oiliúint agus san oideachas a thionlacan le tacaíocht do chruthú post chun ionchas níos fearr a chur ar fáil amach anseo don chéad ghlúin eile de dhaoine óga san Afraic agus i réigiúin eile atá i mbéal forbartha; ag tabhairt dá haire go mbaineann tábhacht ar leith le comhpháirtíocht phoiblí-phríobháideach chun SFI 8 maidir le rochtain ar obair chuibhiúil a bhaint amach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-oideachas meánscoile agus an ghairmoiliúint, atá bunriachtanach d’infhostaitheacht na hóige agus don fhorbairt inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire ina theannta sin go bhfuil gá, ar an gcéad dul síos, le tacaíocht d’oideachas ar ardchaighdeán agus le hoiliúint ghairmiúil a chur chun cinn chun soghluaisteacht agus rochtain ar mhargaí agus ar chearta a mhéadú i measc daoine óga san Afraic atá ag dul i méid;

36.

á iarraidh ar AE infheistíocht sa ghairmoiliúint agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chothú agus struchtúir oideachais a neartú, i gcomhar leis an earnáil phríobháideach, chun leas a bhaint as an gcaipiteal daonna;

37.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá forbairt ghairmiúil leanúnach agus atá tacaíocht airgeadais fheabhsaithe do mhúinteoirí, agus iad a chumhachtú chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanais foghlama i measc a mac léinn ionas go mbeidh siad in ann freagairt dá ndálaí aonair sóisialta, teaghlaigh agus meabhairshláinte, agus chun teicneolaíocht dhigiteach a ionchorprú ina dteagasc; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá leis an deis a thapú agus leas a bhaint as cistí téarnaimh COVID-19 agus as bearta nuálacha meara ar baineadh úsáid astu chun cianfhoghlaim a áirithiú le linn na paindéime chun an t-oideachas a athshamhlú agus chun córais a thógáil atá níos réamhbhreathnaitheacha, níos cuimsithí, níos solúbtha agus níos athléimní; á chreidiúint nach foláir don chur chuige nua seo aghaidh a thabhairt ar chaillteanais foghlama, luathfhágáil scoile a chosc, agus leas sóisialta agus mothúchánach mac léinn, múinteoirí agus foirne a áirithiú;

38.

ag cur béim ar ról an oideachais sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, an oideachais do shaoránacht agus don tsaorálaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tríú tíortha aitheantas do scileanna boga a fheabhsú; á áitiú go gcuirfear cleachtais na dlúthpháirtíochta agus na meantóireachta idirghlúine chun cinn ar mhaithe le héagothroime, eisiamh agus luathfhágáil scoile a laghdú;

39.

á iarraidh go ndéanfar malartuithe domhanda eolais agus soghluaisteacht dhomhanda a luathú ar gach leibhéal an oideachais agus idir tíortha agus réigiúin agus laistigh díobh freisin, agus stair chasta agus chonspóideach na gcaidreamh domhanda á haithint agus béim á leagan ar a thábhachtaí agus atá sé oidhreacht, féiniúlacht chultúrtha, stair, ealaín agus saoránacht dhomhanda a chur chun cinn trí oideachas; ag tabhairt dá haire go bhfuil deis ann malartuithe ar líne agus taisteal a chomhcheangal chun na críche sin;

40.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé forbairt agus neartú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí múscailte feasachta a bhaineann leis an athrú aeráide agus le cosaint an chomhshaoil agus lena dtionchar ar leanaí agus ar ghlúnta a bheidh ann sa todhchaí; á iarraidh go mbeidh an t-oideachas comhshaoil ina phríomhchomhpháirt de churaclaim scoile;

41.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ról an chorpoideachais i scoileanna, ós rud é go bhfuil gníomhaíocht coirp agus stíl shláintiúil mhaireachtála ríthábhachtach maidir le sláinte foghlaimeoirí a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS, dá bhrí sin, tacú leis na húdaráis náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh saoráidí leormhaithe agus sábháilte spóirt ar fáil i scoileanna agus go gcuirfear oiliúint ar mhúinteoirí cáilithe spóirt;

42.

ag tabhairt aird ar an ngá atá le leas a bhaint as na sineirgí idir cultúr agus an t-oideachas ar mhaithe le sochaithe inbhuanaithe, ionchuimsitheacha agus athléimneacha a mhúnlú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS, ina leith sin, tacú leis na húdaráis náisiúnta ealaín agus cultúr a áireamh i gcuraclaim scoile agus i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim chun eispéiris oideachasúla agus foghlama foghlaimeoirí i dtríú tíortha a fheabhsú;

43.

á mheas nach foláir do na rialtais náisiúnta – agus dá n-údaráis inniúla náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla – cumarsáid a dhéanamh le leanaí ar bhealach atá fabhrach do leanaí chun míniú a thabhairt ar na bearta a rinneadh chun leathadh COVID-19 a theorannú ar mhaithe le feasacht a mhúscailt faoi thionchar, riosca agus bagairtí COVID-19 agus leanaí a chur ar an eolas faoina gcearta;

44.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé scileanna a aimsiú, go háirithe trí fhoghlaim aghaidh ar aghaidh, lena gcuirfear ar chumas leanaí dul chun cinn a dhéanamh ar feadh a saolta, amhail maidir le caidrimh phearsanta, scileanna staidéir, comhbhá agus comhoibriú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeidh leanaí in ann a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí súgartha agus fóillíochta, mar atá aitheanta in Airteagal 31 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh; á iarraidh go ndéanfar bearta chun an taitneamh a bhaineann leanaí as gníomhaíochtaí fóillíochta agus cultúir a fheabhsú, mar chearta iontu féin agus mar mheán chun a meabhairshláinte agus dea-bhail ghinearálta a fheabhsú;

45.

ag athdhearbhú a hiarrata ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe nach bhfuil Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh daingnithe acu go fóill déanamh amhlaidh, agus béim á leagan aici ar a thábhachtaí atá sé go mbeidh an ionstraim lárnach seo um chearta an duine éifeachtach ar fud an domhain;

46.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le meastóireacht agus faireachán ceart a dhéanamh ar thionchar na dtionscnamh a tugadh isteach le linn na géarchéime, chun na bearnaí agus na heasnaimh a shainaithint agus chun a chinneadh conas is féidir iad a leigheas;

47.

ag tabhairt a gealltanais i leith an t-oideachas a dhéanamh ina phríomhábhar díospóireachtaí in obair thoscaireachtaí parlaiminteacha, go suntasach trí chomhthionóil pharlaiminteacha amhail Comhthionól Parlaiminteach ACP-AE.

48.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1)  Go háirithe, Barúil Ghinearálta Uimh. 5 maidir le bearta ginearálta chur chun feidhme an Choinbhinsiúin um Chearta an Linbh; Uimh. 6 maidir leis an gcaoi a gcaitear le leanaí gan tionlacan agus leanaí scartha lasmuigh dá dtír thionscnaimh; Uimh. 10 maidir le cearta leanaí sa chóras um cheartas d’ógánaigh; Uimh. 12 maidir le ceart an linbh éisteacht a fháil; Uimh. 13 maidir le ceart an linbh chun saoirse ó gach cineál foréigin; Uimh. 14 maidir le ceart an linbh go dtabharfar tús áite dá leas; Uimh. 15 maidir le ceart an linbh chun an caighdeán sláinte is airde is féidir a theachtadh; agus Uimh. 16 maidir le hoibleagáidí Stáit maidir le tionchar na hearnála gnó ar chearta leanaí.

(2)  IO C 232, 16.6.2021, lch. 2.

(3)  IO C 474, 24.11.2021, lch. 130.

(4)  Oifig Taighde UNICEF, COVID-19: Missing More Than a Classroom – The impact of school closures on children’s nutrition, [Níos Mó in Easnamh ná Seomra Ranga Amháin – Tionchar dhúnadh na scoileanna ar chothú leanaí], Eanáir 2021.

(5)  UNESCO, Bileog Eolais Uimh. 46, More Than One-Half of Children and Adolescents are not Learning Worldwide [Níos Mó ná Leath de Leanaí agus de Dhéagóirí ar fud an Domhain Nach bhFuil ag Foghlaim], Meán Fómhair 2017.

(6)  Tuarascáil Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe 2021, 15 Iúil 2021.

(7)  UNESCO, How many students are at risk of not returning to school?, [Cé mhéad scoláirí atá i mbaol gan filleadh ar an scolaíocht?].an 30 Iúil 2020.

(8)  Preaseisiúint an 19 Meitheamh 2020 ó Europol dar teideal Exploiting isolation: sexual predators increasingly targeting children during COVID pandemic, [Dushaothrú an uaignis: creachadóirí gnéis ag díriú níos mó ar leanaí le linn phaindéim COVID].


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/54


P9_TA(2022)0139

Neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a bhaint amach tríd an bhfiontraíocht agus tríd an bhféinfhostaíocht

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a bhaint amach tríd an bhfiontraíocht agus tríd an bhféinfhostaíocht (2021/2080(INI))

(2022/C 465/05)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint d’Airteagail 21(1), 23 agus 33(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal “Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025” (COM(2020)0152),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal “Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach” (COM(2020)0103),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal “Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht” (COM(2020)0274),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal “An tAontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2021-2030” (COM(2021)0101),

ag féachaint do staidéar ó Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta sa Choimisiún in 2020 dar teideal Women in the Digital Age [Mná sa Ré Dhigiteach],

ag féachaint don rún uaithi an 19 Eanáir 2016 maidir le tosca seachtracha arb é atá iontu constaicí ar fhiontraíocht na mban san Eoraip (1),

ag féachaint do rún uaithi an 28 Aibreán 2016 maidir le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban sa ré dhigiteach (2),

ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le cumhachtú eacnamaíoch na mban sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí in AE (3),

ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2018 maidir le mná agus cailíní a chumhachtú tríd an earnáil dhigiteach (4),

ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 dar teideal “An bhearna inscne san earnáil dhigiteach a dhúnadh – rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar digiteach” (5),

ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime (6),

ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 ar Stráitéis AE maidir le Comhionannas Inscne (7),

ag féachaint do rún uaithi an 10 Meitheamh 2021 maidir le comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn san oideachas agus i ngairmeacha i réimse na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (ETIM) (8),

ag féachaint do staidéar dar teideal The Professional Status of Rural Women in the EU [Stádas Gairmiúil na mBan Tuaithe in AE] a d’fhoilsigh an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla ina hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha i mí na Bealtaine 2019,

ag féachaint do staidéar dar teideal Enhancing Women’s Economic Empowerment through Entrepreneurship and Business Leadership in OECD Countries [Cumas Eacnamaíoch na mBan a Fheabhsú trí Fhiontraíocht agus Ceannaireacht Ghnó i dTíortha OECD] a d’fhoilsigh an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) faoin Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, um Shaothar agus um Ghnóthaí Sóisialta in 2014,

ag féachaint do staidéar dar teideal International Survey of Adult Financial Literacy [Suirbhé Idirnáisiúnta ar Litearthacht Airgeadais Aosach] a d’fhoilsigh OECD in 2020,

ag féachaint do Chaibidil 2 den staidéar dar teideal The Missing Entrepreneurs 2019: Policies for Inclusive Entrepreneurship [Fiontraithe atá ar Iarraidh 2019: Beartais maidir le Fiontraíocht Chuimsitheach], a d’fhoilsigh OECD i mí na Nollag 2019,

ag féachaint don Innéacs Comhionannais Inscne ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE),

ag féachaint d’Airteagal 6 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar chearta daoine faoi mhíchumas,

ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna),

ag féachaint don scórchlár ar Mhná san Earnáil Dhigiteach,

ag féachaint don staidéar dar teideal Women’s entrepreneurship and self-employment, including aspects of gendered Corporate Social Responsibility [Fiontraíocht agus féinfhostaíocht na mban, lena n-áirítear gnéithe d’fhreagracht shóisialta chorparáideach inscneach], arna fhoilsiú ag an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla san Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha i mí Bealtaine 2020,

ag féachaint don staidéar dar teideal Funding women entrepreneurs – How to empower growth [Fiontraithe ban a chistiú – Conas fás a chumhachtú] ó Sheirbhís Chomhairleach InnovFin sa Bhanc Eorpach Infheistíochta i mí an Mheithimh 2020,

ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0096/2022),

A.

de bhrí gur bunluach agus príomhchuspóir de chuid an Aontais agus réamhchoinníoll bunúsach é an comhionannas inscne chun go mbeidh mná agus cailíní in ann leas iomlán a bhaint as cearta an duine, agus go bhfuil sé bunriachtanach chun iad a chumhachtú agus lán a gcumais a fhorbairt agus sochaí inbhuanaithe agus chuimsitheach a bhaint amach; de bhrí go bhfuil iarmhairtí diúltacha sóisialta agus eacnamaíocha ag idirdhealú atá bunaithe ar steiréitíopaí agus neamhionannais, chomh maith le hidirdhealú trasnach mar gheall ar inscne, cine, bunadh eitneach nó sóisialta nó míchumas, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne nó léiriú inscne, i measc rudaí eile, agus go mbíonn tionchar aige sin ar an gcaoi a dtéann mná i ngleic le dúshláin, lena n-áirítear dul i mbun fiontraíochta agus dul i mbun féinfhostaíochta;

B.

de bhrí go gcuireann fiontraíocht na mban borradh faoi fhuascailt agus cumhachtú na mban; de bhrí go raibh an t-ioncam meánach bliantúil d’fhiontraithe lánaimseartha idir 2014 agus 2018 comhionann d’fhir agus do mhná (9); de bhrí go bhfuil neamhspleáchas agus cumhachtú eacnamaíoch na mban lárnach chun cearta na mban agus comhionannas inscne a bhaint amach agus go n-áirítear leo an cumas a bheith rannpháirteach go cothrom i margaí saothair, rochtain ar acmhainní táirgiúla agus smacht a bheith acu orthu, smacht a bheith acu ar a gcuid ama féin, a saol agus a gcomhlachtaí féin, féinchomhlíonadh agus rannpháirtíocht fhóinteach sa chinnteoireacht eacnamaíoch ar gach leibhéal; de bhrí gur gá dlús a chur le fiontraíocht agus le féinfhostaíocht na mban chun neamhspleáchas eacnamaíoch a chur chun cinn agus go gcaithfidh go mbeidh bearta iomchuí ag gabháil leis sin chun rannpháirtíocht chomhionann na mban i margaí saothair a áirithiú, mar aon le pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar luach comhionann, rochtain ar obair chuibhiúil agus comhroinnt agus aitheantas freagrachtaí baile agus cúraim;

C.

de bhrí gurb ionann na mná agus an fhoinse fiontraíochta agus cheannaireachta is mó san Eoraip nár baineadh leas aisti go fóill; de bhrí go raibh a dhá oiread seans ann go dtosódh mná ar fud OECD a ngnóthaí féin i gcomparáid leis na mná sin in AE (10); de bhrí gur foinse tearcúsáidte d’fhás eacnamaíoch inbhuanaithe, cruthú post agus acmhainneacht nuálaíochta iad fiontraithe ban agus mná féinfhostaithe agus de bhrí gur uirlis thábhachtach é cur chun cinn na foinse fáis sin chun cumhachtú eacnamaíoch agus neamhspleáchas na mban a chothú; de bhrí go gcuireann cumhachtú eacnamaíoch na mban le táirgiúlacht agus go méadaíonn sé éagsúlú eacnamaíoch agus comhionannas ioncaim; de bhrí gur gá féinfhostaíocht a aithint mar chineál oibre a chuidíonn le poist a chruthú agus le dífhostaíocht a laghdú; de bhrí gur léir ó staidéir go mbíonn stíl éagsúil bhainistíochta agus cheannaireachta ag mná ná ag fir agus go dtéann éagsúlacht inscne i bhfoirne chun tairbhe don tsochaí agus don gheilleagar (11); de bhrí go neartódh tacaíocht d’fhiontraithe ban agus do mhná féinfhostaithe freisin iomaíochas AE agus, dá bhrí sin, gur cheart do AE agus dá Bhallstáit gach gníomhaíocht fiontraíochta lena gcruthaítear poist agus ioncaim, agus dá bhrí sin breisluach don ghnó agus don tsochaí, a chur chun cinn;

D.

de bhrí gur mó an seans go nglacfaidh mná i réigiúin tuaithe agus i réigiúin faoi mhíbhuntáiste páirt i bhfiontraíocht agus i bhféinfhostaíocht ná iad siúd i réigiúin uirbeacha agus i réigiúin atá faoi bhláth eacnamaíoch (12); de bhrí gur measa na deiseanna fostaíochta do mhná i gceantair thuaithe in AE ná na deiseanna fostaíochta d’fhir i gceantair thuaithe agus do mhná i gceantair uirbeacha; de bhrí go bhfuil sciar na mban féinfhostaithe i gceantair thuaithe beagán níos airde ná an sciar i gceantair iomlána; de bhrí go bhfuil 30 % d’fheirmeacha in AE á reáchtáil ag mná, mar dhaoine féinfhostaithe (13);

E.

de bhrí gur cheart a mheas gur foinse nach bhfuil leas á bhaint aisti iad fiontraithe ban i dtaca le nuálaíocht agus forbairt, go háirithe i gcomhthéacs aistriú glas agus aistriú digiteach na hEorpa agus a téarnaimh eacnamaíoch tar éis ghéarchéim COVID-19; de bhrí go raibh tionchar díréireach ag géarchéim COVID-19 ar mhná, go háirithe iad siúd atá ag obair san fhostaíocht fhorbhásach, in earnálacha baineannaithe agus sa gheilleagar neamhfhoirmiúil, agus go raibh tionchar suntasach eacnamaíoch agus fostaíochta aici orthu mar gheall ar mhéadú ar fhreagrachtaí cúraim agus baile, rochtain shrianta ar shláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo chomh maith le foréigean agus ciapadh inscnebhunaithe; de bhrí go bhféadfadh geilleagar na hEorpa tairbhe a bhaint as fás OTI de EUR 16 bhilliún trí níos mó ban a spreagadh chun dul isteach i margadh na bpost digiteach; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar an gcomhionannas inscne agus fiontraíocht na mban a chumhachtú chun dlús a chur le téarnamh na hEorpa agus an téarnamh sin a dhaingniú;

F.

de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach chun deiridh ar SAM agus ar an tSín maidir le teicneolaíochtaí a fhorbairt i réimsí na hintleachta saorga agus na dteicneolaíochtaí blocshlabhra, mar shampla; de bhrí gur cuideachtaí de chuid na Síne agus Stáit Aontaithe Mheiriceá den chuid is mó a bhí sna gnólachtaí nuathionscanta a raibh an luach ab airde orthu ar domhan in Aibreán 2021; de bhrí gur cheart don Aontas Eorpach cumais nuálaíochta na mban Eorpach a aithint agus tacú leo chun teicneolaíochtaí a fhorbairt;

G.

de bhrí nach bhfuil sna mná ach 34,4 % de dhaoine féinfhostaithe in AE agus 30 % d’fhiontraithe nuathionscanta AE, rud a dheimhníonn go bhfuil na bearnaí inscne is mó sa ghníomhaíocht fiontraíochta le fáil san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh; (14) de bhrí nach bhfuil ach 34 % de phoist bhainistíochta in AE ag mná (15); de bhrí go dtugann taithí roimh ré i bpoist bhainistíochta na scileanna agus an mhuinín is gá do dhaoine a ngnólachtaí féin a bheith acu (16); de bhrí go bhféadfadh fadhbanna a bheith ag mná féinfhostaithe i roinnt Ballstát leis an easpa cosaint shóisialta, amhail saoire bhreoiteachta, saoire mháithreachais, saoire atharthachta agus saoire tuismitheora le pá; de bhrí gur mó an seans go mbuailfidh an bhochtaineacht mná féinfhostaithe;

H.

de bhrí go bhfuil sé casta gnó a bhunú agus a reáchtáil san Aontas mar gheall ar na ceanglais agus na nósanna imeachta maorlathacha agus riaracháin éagsúla, rud a chuireann bac ar níos mó ban a spreagadh le bheith ina bhfiontraithe; de bhrí go bhfuil bacainní éagsúla os comhair na mban, go háirithe bacainní eacnamaíocha, reachtacha agus sóisialta, maidir leis an bhfiontraíocht a shaothrú ná mar atá os comhair na bhfear; de bhrí go gcruthaítear na bacainní sin bunaithe ar steiréitíopaí inscne a chuireann le hidirdheighilt inscne san oideachas, easpa oiliúint ar leith, leibhéal níos ísle de mhuinín fiontraíochta, rochtain níos lú ar fhaisnéis agus ar thacaíocht airgeadais agus rialtais, níos lú uirlisí do líonraí sóisialta agus gnó, claonadh inscne agus deacrachtaí an saol oibre agus saol an teaghlaigh a thabhairt le chéile, mar gheall ar an easpa bonneagar cúraim, go háirithe cúram leanaí, agus mar gheall ar an steiréitíopa go ndéanann mná an chuid is mó de chúram agus obair tí; de bhrí gur dóchúla go dtuairisceoidh mná ná fir uaireanta solúbtha oibre mar spreagadh chun dul i mbun fiontraíochta agus féinfhostaíochta (17); de bhrí gur féidir leis an bhfiontraíocht agus leis an bhféinfhostaíocht i measc na mban a bheith ina n-ionstraim luachmhar freisin chun an obair agus an saol pearsanta a thabhairt le chéile; de bhrí nach measann ach 34,5 % de mhná in AE agus 37,7 % de mhná in OECD ó 2014 go 2018 go raibh na scileanna agus an t-eolas riachtanach acu chun a ngnó féin a thosú; de bhrí go bhfuil sé nach mór 10 % níos dóchúla go dtuairisceodh mná eagla go gclisfeadh orthu i gcomparáid leis na fir (18); de bhrí go bhfuil bearna litearthachta airgeadais ann idir fir agus mná; de bhrí go bhfeidhmíonn an bhearna sin mar bhac do mhná agus rochtain á fáil acu ar mhaoiniú, agus go gcuireann sí bac orthu páirt a ghlacadh go muiníneach i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus airgeadais (19);

I.

de bhrí go ndéanann struchtúir agus steiréitíopaí díobhálacha an neamhionannas a bhuanú; de bhrí go mbíonn tionchar fós ag róil agus steiréitíopaí inscne ar roinnt an tsaothair sa bhaile, san oideachas, san ionad oibre agus sa tsochaí; de bhrí gur mná is mó a dhéanann cúram gan phá agus obair tí, rud a mbíonn tionchar aige ar a bhfostaíocht agus ar a ndul chun cinn gairme agus a chuireann leis an mbearna phá agus phinsin idir na hinscní; de bhrí nach mór do na Ballstáit bearta maidir le cothromaíocht oibre is saoil, amhail an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil, a thrasuí go práinneach agus go cuí agus iad a chomhlánú le bearta breise chun go mbeadh níos mó fear páirteach in obair gan phá;

J.

de bhrí go mbaineann tábhacht le rochtain ar líonraí, meantóireacht agus cur chun cinn fiontraithe ban mar eiseamláirí chun mná a spreagadh chun an fhiontraíocht a mheas mar ghairm bheatha agus chun cumhachtú eacnamaíoch na mban a mhéadú; de bhrí gur féidir le héagsúlacht eiseamláirí a bheith tarraingteach do mhná ó chúlraí éagsúla;

K.

de bhrí gur ndearna roinnt cuideachtaí príobháideacha gníomhaíochtaí amhail meantóireacht, líonrú agus tacaíocht chun rochtain na mban ar mhaoiniú agus ar theicneolaíocht a mhéadú ar mhaithe le tacú le fiontraíocht na mban a áireamh ina gcuid straitéisí um fhreagracht shóisialta chorparáideach;

L.

de bhrí go léiríonn staidreamh go mbíonn níos mó deacrachtaí ag fiontraithe ban ná ag fir maoiniú agus caipiteal a thiomsú; de bhrí nach bhfuil i gcuideachtaí faoi stiúir ban fós ach cion an-bheag d’fhaighteoirí infheistíochta; de bhrí go bhfuair foirne bunaitheacha ar fir uile iad 93 % den chaipiteal ar fad a infheistíodh i gcuideachtaí teicneolaíochta Eorpacha in 2018 (20); de bhrí nár leithdháileadh ach 32 % de chistiú caipitil fiontair ar chuideachtaí a bhfuil ar a laghad aon fheidhmeannas amháin acu ar bean í (21); de bhrí nach sainaithnítear nuálaíochtaí na mban mar nuálaíochtaí agus smaointe a bhfuil gealladh fúthu chomh minic céanna agus nach dtugtar an t-aitheantas céanna dóibh; de bhrí, in ainneoin go bhfuair siad tacaíocht airgeadais níos ísle, go gcruthaíonn gnólachtaí faoi stiúir na mban i Réigiún na hEorpa Láir agus Thoir níos fearr ná gnólachtaí arna mbunú ag fir agus caipiteal táirgiúil 96 % níos airde acu (22);

M.

de bhrí go léiríonn na sonraí go ngineann fiontraithe ban níos mó ioncaim, cé go bhfaigheann siad níos lú tacaíocht airgeadais;

N.

de bhrí nach mná iad ach 10 % de na haingil ghnó san Eoraip (23), agus nach bhfuil ach tearcionadaíocht ag mná i measc infheisteoirí cothromais phríobháidigh sa digitiú; de bhrí nach bhfuil ach 10 % de na poist shinsearacha uile i ngnólachtaí cothromais phríobháidigh agus caipitil fiontair ar fud an domhain (24) ag mná; de bhrí go léiríonn roinnt staidéar gur gnách le bainisteoirí infheistíochta caipiteal a sholáthar agus iad siúd atá cosúil leo féin a fhostú, a fhágann mná, go háirithe iad siúd ó chúlraí éagsúla agus a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar idirdhealú trasnach, i measc cúiseanna eile mar gheall ar a gcúlra eacnamaíoch ciníoch, eitneach nó socheacnamaíoch, faoi mhíbhuntáiste soiléir; de bhrí go bhfuil dhá nó trí oiread de sheans ann go ndéanfaidh gnólachtaí caipitil fiontair a bhfuil comhpháirtithe ban iontu infheistíocht i ngnólachtaí atá faoi stiúir na mban (25); De bhrí go bhfuil easpa ban i róil chinnteoireachta i ngnólachtaí caipitil fiontair ar cheann de phríomhfhoinsí na bearna leanúnaí maoinithe d’fhiontair atá á stiúradh ag mná in AE (26); de bhrí gurb é ceann de na príomhchúiseanna eile leis an mbearna leanúnach sa chistiú d’fhiontair atá á stiúradh ag mná in AE go bhfuil níos lú seans ann go mbeidh mná ná fir ag lorg maoiniú seachtrach amhail iasachtaí bainc, caipiteal fiontair nó maoiniú ó chláir stáit, agus ina ionad sin go dtéann siad i muinín an fhéinmhaoinithe trí choigilteas pearsanta nó trí chistiú pearsanta ó bhaill teaghlaigh (27); de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach bearta a chur chun feidhme chun ionadaíocht chothrom ar mhná a bhaint amach agus éiceachóras airgeadais cothrom ó thaobh inscne de a fhorbairt, timpeallacht níos fabhraí a chruthú ar leibhéal AE agus acmhainní buiséadacha leordhóthanacha a chur ar fáil chun go gcruthófar na coinníollacha cistiúcháin is gá agus an líonra riachtanach d’infheisteoirí ban do chuideachtaí atá á stiúradh ag mná le go mbeidh rath orthu;

O.

de bhrí go bhfuil sé Bhallstát tar éis 11 chiste phríobháideacha a chruthú chun an bhearna sa chistiú d’fhiontraithe ban a líonadh, agus go n-úsáideann na cistí sin breithnithe inscne a thacaíonn leis an éagsúlacht ina gcritéir infheistíochta; de bhrí go bhfuair cuid de na cistí sin tacaíocht náisiúnta nó tacaíocht ó AE, ar rud é sin a léiríonn an ról tábhachtach atá ag an mbeartas poiblí i dtaca le fiontraíocht a chur chun cinn (28);

P.

de bhrí go bhfuil dúshláin ann i dtaca le fiontraíocht a thomhas go héifeachtach in AE;

Q.

de bhrí gur mná iad phríomhoifigigh feidhmiúcháin níos lú ná 8 % de na príomhchuideachtaí;

R.

de bhrí gur fir a bhí i 59 % d’eolaithe agus d’innealtóirí in AE in 2018 agus nach raibh sna mná ach 41 %, ar bearna í de 18 % (29); de bhrí go bhfuil noirm shóisialta, steiréitíopaí, díspreagadh cultúrtha agus ionchais inscne maidir le roghanna gairme, a neartaítear go minic trí ábhar oideachais agus trí churaclaim, ar dhá cheann de na príomhchúiseanna le leithscaradh inscne san ardoideachas agus i margadh an tsaothair;

S.

de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh líon comhionann ban agus fear mar fhiontraithe ag an Eoraip chun a áirithiú go ndéanfar ábhar agus táirgí a éagsúlú; de bhrí go raibh a oiread céanna de sheans ann idir 2014 agus 2018 go ndéanfadh gnólachtaí nuathionscanta a bhí á stiúradh ag mná táirgí agus seirbhísí nua a thairiscint i gcomparáid leis na gnólachtaí sin a bhí á stiúradh ag fir in AE (30), rud a léiríonn nach mór a mheas go bhfuil na mná agus na fir ag feidhmiú chomh maith céanna sa nuálaíocht; de bhrí gur féidir cáilíocht agus éagsúlacht na nuálaíochtaí, na dtáirgí agus na seirbhísí a fheabhsú ach níos mó ban a spreagadh le bheith ina bhfiontraithe;

T.

de bhrí go ndearna Líonra Eorpach na nAmbasadóirí d’Fhiontraíocht na mBan breis agus 650 cruinniú náisiúnta a eagrú go dtí seo agus go ndeachaigh siad i bhfeidhm ar os cionn 61 000 bean ar mhaith leo a bheith ina bhfiontraithe; de bhrí gur thacaigh ambasadóirí an líonra le níos mó ná 250 fiontar nua faoi stiúir na mban a chruthú chomh maith le roinnt clubanna líonraithe agus tacaíochta gnó do mhná (31);

U.

de bhrí go raibh níos mó daoine ann in 2020 a raibh aithne acu ar dhuine a d’éirigh as gnó ná mar a bhí ar dhuine a chuir gnó ar bun (32), rud a tharraing aird ar an tábhacht a bhaineann le talamh torthúil a chothú do gach cineál fiontraíochta, agus a bheith nasctha le geilleagair eile, chun bheith ar an airdeall i gcónaí maidir le deiseanna nua, agus poist na todhchaí a chosaint;

V.

de bhrí gurb ionann an bhearna phá idir na hinscní in AE agus 14,1 % agus nach bhfuil ach athrú beag tagtha uirthi le 10 mbliana anuas; de bhrí go mbaineann 24 % den bhearna phá idir na hinscní le ró-ionadaíocht na mban in earnálacha atá measartha íseal, amhail na hearnálacha cúraim, sláinte agus oideachais;

W.

de bhrí go n-éilíonn an fhiontraíocht eolas agus scileanna; de bhrí go gcuirtear le cumasú eacnamaíoch agus fás eacnamaíoch níos cuimsithí na mban agus na gcailíní nuair a dhéantar a ngnóthachtáil san oideachas a mhéadú; de bhrí go bhfágann oideachas ar feadh an tsaoil, uas-sciliú agus athoiliúint, go háirithe chun coinneáil suas le claochluithe tapa teicneolaíocha agus digiteacha, go méadaítear deiseanna gairmiúla na mban agus na gcailíní agus go bhfuil siad sin tábhachtach dá sláinte, folláine agus cáilíocht saoil;

X.

de bhrí gur cheart go mbeadh an fhiontraíocht inrochtana do gach bean lena n-áirítear mná faoi mhíchumas, mná scothaosta agus iad siúd a bhfuil cúlra ciníoch nó eitneach mionlaigh acu; de bhrí go bhféadfadh sé a bheith níos deacra do mhná faoi mhíchumas a gcuid gnólachtaí féin a chur ar bun; de bhrí nach bhfuil fiontraíocht i measc mná scothaosta á cur chun cinn cé gur cheart mná scothaosta a mheas mar acmhainneacht luachmhar don fhás eacnamaíoch nach bhfuil leas á baint aisti; de bhrí gur féidir le cur chun cinn na fiontraíochta i measc mná ar imircigh iad deiseanna iontacha a chur ar fáil chun iad a lánpháirtiú i margadh an tsaothair agus a neamhspleáchas agus a gcumhachtú eacnamaíoch a chothú;

Cláir fiontraíochta, oideachas agus forbairt inniúlachtaí

1.

á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn fiontraíocht na mban le neamhspleáchas eacnamaíoch na mban agus a gcumhachtú a mhéadú, rud atá ina réamhchoinníoll riachtanach chun sochaithe atá comhionann ó thaobh inscne de a bhaint amach agus rud ba cheart a spreagadh agus a chur chun cinn ar fud AE; ag tabhairt dá haire go dtreisíonn neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a rannpháirtíocht chomhionann i margadh an tsaothair, go bhfágann sé gur féidir smacht a choinneáil ar acmhainní táirgiúla agus go gcuireann sé feabhas ar rannpháirtíocht sa chinnteoireacht eacnamaíoch ar gach leibhéal, chomh maith le cumhachtú eacnamaíoch agus féinchinntiúchán, atá ríthábhachtach chun cearta na mban agus comhionannas inscne a bhaint amach; á thabhairt chun suntais gur cheart gach bean atá ag iarraidh dul i mbun gníomhaíocht fiontraíochta a spreagadh chun an chéim sin a ghlacadh, ós rud é go gcruthaíonn reáchtáil gnó poist agus ioncaim agus, ar an gcaoi sin, breisluach do ghnólachtaí agus don tsochaí ina hiomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena chuid iarrachtaí ráta fostaíochta na mban san Eoraip a mhéadú agus an rochtain atá acu ar mhargadh an tsaothair a éascú, lena n-áirítear trí bhreis dreasachtaí a chur ar fáil chun fiontraíocht na mban a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le trédhearcacht pá;

2.

á chur in iúl gur oth léi nach gcuireann mná gnólachtaí ar bun ná nach gcoinníonn siad gnólachtaí ar bun a oiread céanna agus a dhéanann fir; ag tathant ar na Ballstáit athchóirithe atá fabhrach do lucht gnó a thabhairt isteach chun an comhionannas a chur chun cinn agus fiontraíocht na mban a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí dianscrúdú ar leibhéal AE ar riachtanais agus rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, chomh maith le leithscaradh cothrománach agus ingearach sa mhargadh saothair;

3.

á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh de chuid an Choimisiúin amhail Women TechEU agus an Clár um Cheannaireacht na mBan ón gComhairle Nuálaíochta Eorpach agus cruthú líonraí Eorpacha éagsúla le haghaidh fiontraithe ban; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh den chineál sin a chur chun cinn ar bhealach níos gníomhaí trí dhíriú ar chumas fáis inbhuanaithe AE agus tacú leis an méid atá bainte amach ag fiontraithe ban ina n-éagsúlacht uile; ag spreagadh an Choimisiúin chun líonraí a neartú lena ndíreofar ar fhiontraíocht na mban ar an leibhéal Eorpach chun borradh a chur faoin nuálaíocht agus faoin gcomhar idir líonraí náisiúnta, líonraí AE agus líonraí idirnáisiúnta; ag tabhairt dá haire gur féidir margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh a neartú le tuilleadh comhar trasteorann idir fiontraithe ban;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a áireamh ina dtionsncaimh toisc gur féidir le cuideachtaí príobháideacha ról luachmhar a bheith acu mar chomhairleoirí agus scileanna ábhartha agus speisialaithe a thabhairt d’fhiontraithe ban; ag tathant ar an gCoimisiún líonrú uile-Eorpach fiontraithe ban a éascú agus tacú lena gcomhar; á iarraidh ar an gCoimisiún cláir a bhunú lena gcothófar cruthaitheacht sa nuálaíocht, chun fiontraíocht i margadh an tsaothair a áirithiú, agus lena áirithiú go bhféadfaidh le mná breisluach a chur ar fáil don tsochaí;

5.

á thabhairt chun suntais gur féidir le caidrimh mheantóireachta idir fiontraithe a bhfuil taithí acu agus fiontraithe ar tosaitheoirí iad a bheith tairbheach don dá thaobh agus cuidiú le feasacht a ardú faoin bhfiontraíocht, dul i ngleic le hamhrais maidir le dul isteach san earnáil fiontraíochta agus malartú faisnéise agus comhairle a chothú i measc fiontraithe ban;

6.

á thabhairt chun suntais a riachtanaí agus a thábhachtaí atá sé fiontraithe agus infheisteoirí ban a aithint agus a chur chun cinn mar eiseamláirí agus mar mheantóirí, agus a áirithiú go ndéanfaidh na heiseamláirí sin ionadaíocht ar mhná ina n-éagsúlacht uile; ag cur sonrú, i ndáil leis sin, i nDuais AE do Nuálaithe Ban 2021 agus i Líonra Eorpach na nAmbasadóirí d’Fhiontraíocht na mBan, a spreagann mná chun machnamh a dhéanamh ar an bhfiontraíocht mar ghairm; á iarraidh ar an gCoimisiún aird a tharraingt ar fhiontraithe agus infheisteoirí móra ban mar eiseamláirí trí fheachtas a sheoladh ar fud na hEorpa chun feasacht a mhúscailt maidir le hacmhainneacht na fiontraíochta a dhíríonn ar mhná den chuid is mó agus cás-staidéir a dhéanamh ar fhiontraithe ban;

7.

á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht fhóinteach ar mhná ó chúlraí éagsúla i rólanna cinnteoireachta agus go mbeidh gníomhaíochtaí agus beartais shonracha ann chun a gcumhachtú eacnamaíoch a chur chun cinn; á iarraidh go n-áiritheofaí go n-áireofaí i ngach beart d’fhiontraíocht na mban dearcadh trasnach chun a áirithiú go bhfaighidh gach bean an chabhair agus an tacaíocht ábhartha agus nach bhfágfar aon bhean ar lár;

8.

á chur in iúl gur geal léi na cláir phoiblí agus phríobháideacha sna Ballstáit d’fhiontraíocht na mban, ina n-áirítear gnéithe den líonrú, meantóireacht, oiliúint, cóitseáil agus seirbhísí comhairliúcháin agus comhairle ghairmiúil maidir le cúrsaí dlíthiúla agus fioscacha chun tacú le fiontraithe ban agus chun comhairle a chur orthu, agus chun a neamhspleáchas eacnamaíoch a chur chun cinn; á thabhairt dá haire go dtugann tuarascálacha agus teistiméireachtaí i seacht mBallstát le fios go bhfuil tionchar dearfach ag na cláir sin; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar EIGE sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú ó na Ballstáit uile agus anailís a dhéanamh ar thionchar clár d’fhiontraíocht na mban; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dea-chleachtais a roinnt chun neart a chur le sciar na bhfiontraithe ban agus na mban féinfhostaithe laistigh den Aontas agus chun an sciar sin a mhéadú; á iarraidh ar na Ballstáit straitéis oiliúna dea-fhorbartha a chur chun cinn chun leibhéil éagsúla oiliúna a chur ar fáil, ó ardú feasachta agus faisnéis go dtí oiliúint speisialaithe agus ardoiliúint, agus aitheantas a thabhairt do na deiseanna agus do na srianta éagsúla a bhaineann le timpeallachtaí sonracha gnó agus leis an raon leathan saintréithe agus riachtanas atá ag fiontraithe ban, agus aird ar leith á tabhairt ar chothromaíocht oibre is saoil; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hionaid ilfhreastail a chuireann cúrsaí agus oiliúint, mar shampla, laistigh de réimse leathan disciplíní, amhail cuntasaíocht agus margaíocht, ar fáil d’fhiontraithe nach bhfuil mórán taithí nó cáilíochtaí acu nó nach bhfuil aon taithí nó cáilíochtaí acu; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí, leis an tionscnamh sin, níos mó ban a spreagadh le bheith ina bhfiontraithe;

9.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar EIGE staidreamh atá cothrom le dáta agus inchomparáide a chur ar fáil chun críoch anailís a dhéanamh ar thábhacht eacnamaíoch fiontraithe agus daoine féinfhostaithe, agus na catagóirí éagsúla laistigh den fhiontraíocht agus den fhéinfhostaíocht i ndáil le tionscal agus inscne chun sciar na bhfiontraithe ban nó na mban féinfhostaithe a shainaithint; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar bhailiú sonraí, staidrimh, taighde agus anailíse atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, go háirithe maidir le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair agus i réimsí amhail an fhostaíocht neamhfhoirmiúil, an fhiontraíocht, rochtain ar mhaoiniú agus ar sheirbhísí cúraim sláinte, obair gan phá, an bhochtaineacht agus tionchar na gcóras cosanta sóisialta; ag meabhrú an ról atá ag EIGE i ndáil leis an méid sin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí sin a úsáid chun measúnuithe tionchair inscne ar a bheartais agus ar a chláir, agus ar bheartais agus cláir ghníomhaireachtaí agus institiúidí eile AE, a chur chun feidhme go héifeachtach;

10.

á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí ábhair ETIM, an t-oideachas digiteach agus an litearthacht airgeadais a chur chun cinn ar bhealach níos fearr agus go músclófaí níos mó feasachta ina dtaobh, chun steiréitíopaí san oideachas, san oiliúint, i gcuraclaim scoile agus sa ghairmthreoir a chomhrac; á iarraidh go n-áiritheofaí go rachadh níos mó ban isteach sna hearnálacha sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh stíleanna bainistíochta agus ceannaireachta níos ilghnéithí ann lena dtabharfaí breisluach do na hearnálacha sin agus lena gcuirfí lena bhforbairt; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an léargas atá ann ar fhiontraíocht na mban a leathnú chun go mbeadh níos mó earnálacha san áireamh inti ná STEM agus TF chun agus foirmeacha éagsúla fiontraíochta a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a chur chun feidhme chun éagsúlú fiontraíochta a fheabhsú agus chun foirmeacha sóisialta agus comhchoiteanna d’fhiontraíocht na mban a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi oiliúint, taighde agus staidéir shonracha a bhaineann leis an bhfiontraíocht; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé oideachas agus gairmeacha a chur chun cinn maidir le maoiniú do mhná chun tacú le líonra iontaofa infheisteoirí ban a fhorbairt agus ag cur béim an am céanna ar an ngá atá ann mná a chumhachtú le bheith neamhspleách ó thaobh an gheilleagair de agus le bheith rathúil mar fhiontraithe;

11.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil mná faoi ghannionadaíocht i bpoist cheannaireachta, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn ar gach leibhéal den chinnteoireacht i réimsí an ghnó agus na bainistíochta; á iarraidh go ndéanfaí an Treoir maidir le Mná ar Bhoird a chaibidliú go pras; á thabhairt chun suntais gur gá níos mó faisnéise agus faisnéis níos fearr a chur ar fáil maidir leis an bhfiontraíocht mar rogha tharraingteach ghairme, do mhná óga ar scoil agus do mhná lasmuigh den lucht saothair atá ag smaoineamh ar obair a thosú nó ar fhilleadh ar an obair araon; á iarraidh ar an gCoimisiún cláir tacaíochta fiontraíochta a chur chun cinn do dhaoine scothaosta, agus ag tabhairt dá haire gur féidir, leis sin, teacht ar mhná a fhágtar as an áireamh sa mhargadh saothair; ag cur béim ar an ngá atá le beartais a chur chun cinn chun gnólachtaí ardfháis a spreagadh chomh maith le fás agus forbairt i bhfiontair mheánmhéide agus i bhfiontair níos mó chun a áirithiú go mbeidh níos mó ban ina bhfiontraithe agus chun tacú leis an bhfás inbhuanaithe; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún feasacht ar bheartais tacaíochta i measc fiontraithe ban a mhéadú tuilleadh agus laghdú a dhéanamh ar bhacainní maorlathacha agus riaracháin ar rochtain ar chláir lena ndírítear ar chothú na fiontraíochta; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun tacaíocht a spreagadh ó shaineolaithe agus ó chomhairleoirí ar féidir leo, mar mheantóirí, muinín fiontraithe ban a chothú agus iad a threorú trí gach céim de phróiseas na fiontraíochta, agus na gnéithe uile atá i gceist á gcur san áireamh, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le reachtaíocht, cáin, riarachán, eacnamaíocht, agus cuntasaíocht, chomh maith le saincheisteanna dlíthiúla, foirmiúla, saothair agus earcaíochta;

12.

á chur in iúl gur gá aitheantas a thabhairt d’acmhainneacht fiontraíochta na mban i ngach earnáil agus i ngach réimse oideachais, lena n-áirítear na réimsí sin a bhfuil forlámhas ag mná orthu, amhail cúram sláinte agus teagasc; á thabhairt chun suntais gur gá tuilleadh oiliúna agus deiseanna athoiliúna a chur ar fáil d’fhostaithe agus dóibh siúd atá ag aistriú ón bhfostaíocht go dtí an fhéinfhostaíocht; á iarraidh ar an gCoimisiún an fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách; á thabhairt chun suntais nach mór an ghné fiontraíochta a aithint freisin i ngach clár don óige ar an leibhéal Eorpach; ag spreagadh na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil chun infheistíocht a dhéanamh i gcláir athscilithe agus uas-scilithe a bheidh dírithe ar mhná féinfhostaithe agus ar fhiontraithe ban, agus béim ar leith á leagan ar athsciliú litearthachta airgeadais;

Rochtain ar chaipiteal

13.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gá fiontraíocht agus féinfhostaíocht na mban a aithint mar chásanna infheistíochta brabúsacha agus mar fhoinsí fáis eacnamaíoch agus cruthaithe post;

14.

á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún feasacht a mhéadú agus rochtain níos éasca ar mhaoiniú a éascú d’fhiontraithe ban agus do mhná féinfhostaithe, lena n-áirítear cineálacha malartacha maoinithe, agus a chinntiú go bhfuil maoiniú ar fáil agus go mbainfidh an maoiniú amach iad; ag tabhairt dá haire gur mó seans go mbainfidh fiontraithe ban úsáid as foinsí malartacha amhail slua-iasachtú agus ardáin mhaoiniúcháin; ag tabhairt dá haire gur éirigh go maith le micrichreidmheasanna i gcásanna áirithe chun níos mó ban a spreagadh chun a ngnó féin a chur ar bun; ag aithint an tionchar a bhaineann le beartais chistiúcháin agus an tionchar dearfach is féidir a bheith acu ar mhná; ag spreagadh na mBallstát agus na n-údarás réigiúnach agus áitiúil chun úsáid a bhaint as Cistí Struchtúracha na hEorpa atá ann faoi láthair chun díriú ar fhiontraithe ban agus ar mhná féinfhostaithe agus iad a chur chun cinn; ag tathant ar an gCoimisiún líonra Eorpach d’infheisteoirí atá aireach ar inscne a bhunú; á mheas go mbeidh líonra den sórt sin in ann naisc, líonraí agus deiseanna cistithe ábhartha a chur ar fáil do chuideachtaí faoi stiúir ban; á chur i bhfáth go bhfuil gá le feachtais ardaithe feasachta agus faisnéise maidir le deiseanna cistiúcháin AE atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo d’fhiontraithe ban chun tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil d’úinéirí gnó ar mná iad agus d’fhiontraithe ban agus infheictheacht ceannairí ban a mhéadú ionas gur féidir leo eiseamláirí níos láidre a chur ar fáil agus steiréitíopaí reatha a bhriseadh; ag tathant ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta d’fhiontraíocht na mban a bhunú mar chuid den Acht um Ghnólachtaí Beaga agus, mar chuid de, imeacht uile-Eorpach fiontraíochta, nuálaíochta agus infheistíochta a chur ar bun ina dtabharfar le chéile eolaithe, fiontraithe, gnólachtaí nuathionscanta agus, thar aon ní eile, infheisteoirí cothromais phríobháidigh, chun borradh a chur faoi dheiseanna nua gnó do mhná;

15.

á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí ó chistí infheistíochta príobháidí tiomnaithe ina n-ionchorpraítear critéir inscne ina measúnuithe infheistíochta chun aghaidh a thabhairt ar thearc-chistiú fiontar faoi stiúir ban; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cláir chomhinfheistíochta le cistí caipitil fiontair agus le haingil ghnó a bhfuil béim infheistíochta á cur acu ar mhná agus ar chláir mheantóireachta d’fhiontraithe ban; á mheas go mbeadh sé sin ina ghníomhaíocht chumhachtach chun an t-éiceachóras a chothú ón mbonn aníos;

16.

á chur in iúl gur geal léi cistí poiblí agus príobháideacha lena gcuirtear beartais maidir le comhionannas inscne, éagsúlacht agus cuimsiú chun feidhme; ag cur sonrú, i ndáil leis sin, sa tionscnamh um Thiomantas don Éagsúlacht, arb é an chéad tionscnamh ar domhan é ina bhfuil tiomantas tugtha ag cistí príobháideacha tomhas agus rianú a dhéanamh ar ionadaíocht inscne agus tuairisciú bliantúil poiblí a dhéanamh ar a dtorthaí;

17.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag micrichreidmheasanna maidir le cuimsiú airgeadais na mban a fheabhsú trí bhacainní margaidh agus sóisialta sna margaí airgeadais a shárú; ag tabhairt dá haire gurb é an buntáiste a bhaineann le micreamhaoiniú go dtugann sé deis d’fhiontraithe ban dreasachtaí láidre a bheith acu chun gnó inbhuanaithe a chruthú ós rud é nach mór dóibh an iasacht a aisíoc, agus go bhfuil an ionstraim seo deartha go sonrach do riachtanais na ndaoine a mbíonn deacrachtaí acu rochtain a fháil ar chreidmheas traidisiúnta;

18.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rianú agus faireachán córasach ar fud an Aontais ina iomláine a dhéanamh ar shonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, chun sonraí ardcháilíochta maidir le cláir chistiúcháin AE agus náisiúnta a áirithiú; á mheabhrú, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé sonraí comhionannais a bhailiú chun faisnéis a fháil maidir le taithí fhorluiteach an idirdhealaithe, agus á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé sin a bheith mar bhunús le cinntí beartais níos eolaí amach anseo agus le feabhsú neamhspleáchas eacnamaíoch na mban; ag tabhairt dá haire nach mór gné fiontraíochta na mban a aithint agus beartais a bhaineann leis an ngnó agus le FBManna á gceapadh chun creat beartais leormhaith a áirithiú lena dtabharfar tacaíocht d’fhiontraíocht na mban agus don nuálaíocht leis an éagsúlacht;

Creat níos fearr d’fhiontraithe ban

19.

á iarraidh ar na Ballstáit moladh 2019 ón gComhairle maidir le rochtain éifeachtach ar chórais agus teidlíochtaí cosanta sóisialta a áirithiú, lena n-áirítear pinsin agus saoire do gach oibrí féinfhostaithe, a chur chun feidhme, agus na prionsabail uile a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme mar bhealach chun neamh-idirdhealú a áirithiú agus comhionannas inscne a chothú;

20.

á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún príomhshruthú inscne a thabhairt isteach ag gach céim de phróiseas deartha beart tacaíochta d’fhiontraithe ban agus dul i gcomhairle le grúpa éagsúil d’fhiontraithe ban atá ann faoi láthair chun a áirithiú go ndéanfar na bearta tacaíochta sin a ailíniú agus go mbeidh siad ag teacht le hionchais agus le riachtanais na mban;

21.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gá bacainní riaracháin roimh thosú gnólachta a bhaint ionas go mbeidh sé níos tarraingtí do mhná, lena n-áirítear mná ar imircigh iad, a bheith ina bhfiontraithe nó a bheith féinfhostaithe; á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar phacáistí riaracháin caighdeánaithe a fhorbairt le haghaidh fiontraithe chun dul i mbun na luathchéimeanna a bhaineann le gnó a thosú; á chreidiúint go n-éascóidh an méid sin an t-ualach riaracháin in idirghníomhaíocht le húdaráis áitiúla amhail údaráis chánach, bardais, etc.;

22.

á thabhairt chun suntais gur gá éiceachóras nuálaíochta na hEorpa a fhorbairt chun níos mó ban a chumhachtú chun gnólachtaí inbhuanaithe brabúsacha agus nuálaíocht inbhuanaithe bhrabúsach a chruthú chun iomaíochas, fás eacnamaíoch agus cruthú post in AE a neartú;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún na bearta a leagtar amach ina theachtaireacht maidir le Rialáil Níos Fearr agus ina straitéis FBM a chur chun feidhme gan mhoill.

24.

ag cur béim ar an ngá atá le treoir agus le foirmeacha, nósanna imeachta agus próisis shimplithe chun cabhrú le fiontraithe ban atá féinfhostaithe dul tríd an tírdhreach rialála, mar shampla ar mhaithe leis an onnmhairiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil micrifhiontair agus FBManna go háirithe ag streachailt cheana féin le heaspa acmhainní maidir le hoibleagáidí comhlíonta ar fud na mBallstát a leanúint agus a bhainistiú; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát meastóireacht a dhéanamh ar an treoir agus ar an riarachán agus, i gcás inar gá, iad a fheabhsú;

25.

á chur in iúl gur geal léi clár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr; á chreidiúint gurb ionann toilteanas an Choimisiúin an cur chuige “ceann amháin isteach, ceann amháin amach” a chur chun feidhme agus céim thábhachtach i dtreo an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, a íoslaghdú, ionas go mbeidh sé níos tarraingtí do mhná a bheith ina bhfiontraithe nó a bheith féinfhostaithe;

26.

á iarraidh ar na Ballstáit dreasachtaí cánach feabhsaithe nó struchtúir chánach sholúbtha a bhreithniú chun feabhas a chur ar chreatchoinníollacha don fhiontraíocht agus don fhéinfhostaíocht; ag féachaint chuig cánachas fiontraithe sna luathchéimeanna, mar shampla, tráth a bhféadfaí é a dhéanamh níos tarraingtí do mhná a bheith ina bhfiontraithe nó a bheith féinfhostaithe trí cháin a ghearradh ar ioncam amháin nó moill a chur ar íocaíochtaí cánach chun caipiteal a dhaingniú;

27.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cothromaíocht oibre is saoil agus seirbhísí sóisialta ardcháilíochta agus inacmhainne mar réamhriachtanais d’fhiontraithe ban agus do mhná féinfhostaithe; á aithint go gcuireann fiontraíocht na mban agus an fhéinfhostaíocht an tsolúbthacht ar fáil chun cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a bhaint amach; á aithint a thábhachtaí atá sé go bhféadfaí freagrachtaí tí agus freagrachtaí cúraim a roinnt go cothrom chun cothromaíocht oibre is saoil a bhaint amach, ar cothromaíocht í atá riachtanach chun go mbeidh mná in ann dul i mbun fiontraíochta agus féinfhostaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a áirithiú trí shaoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire tuismitheora agus saoire cúramóra níos fearr, trí uaireanta oibre solúbtha agus trí shaoráidí cúraim leanaí ar an láthair, agus tríd an teilea-obair a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais go bhfuil difríochtaí móra idir uaireanta oibre agus patrúin oibre i gceantair thuaithe i gcomparáid le ceantair uirbeacha agus go bhfuil sé tábhachtach cúram leanaí atá curtha in oiriúint do riachtanais shonracha na mban i réimsí éagsúla a chur ar fáil; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla tacú le creataí sóisialta, amhail do dhaoine scothaosta agus do chleithiúnaithe, agus forálacha cúraim leanaí níos solúbtha agus deiseanna níos solúbtha do shaoire tuismitheora a chur ar fáil, ós rud é go bhfuil siad bunriachtanach chun níos mó ban a spreagadh agus a chumasú le bheith ina bhfiontraithe; á iarraidh ar na Ballstáit spriocanna Barcelona a chur chun feidhme, lena n-áiritheofar go gcumhdófar na riachtanais sin trí infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí cúraim ardchaighdeáin, inrochtana agus inacmhainne agus chun iad a nuachóiriú ionas nach mbeidh ar mhná rogha a dhéanamh idir an teaghlach agus rannpháirtíocht i margadh an tsaothair; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir ról ríthábhachtach a bheith ag cumasú agus feabhsú breise deiseanna do mhná a bheith ina bhfiontraithe chun an bhearna phá idir na hinscní sna Ballstáit a dhúnadh; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí atá déanta cheana féin ag roinnt Ballstát maidir leis an ábhar sin, agus ag tathant orthu rochtain ar sheirbhísí cúraim leanaí agus cúraim fhadtéarmaigh ar ardchaighdeán a áirithiú, chun rochtain do dhaoine féinfhostaithe a chur chun cinn agus chun an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a thrasuí agus a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an Treoir sin; ag aithint difríochtaí náisiúnta sa bheartas sóisialta agus urraim don choimhdeacht; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé chun leasa na mBallstát samhlacha oibre atá fabhrach do theaghlaigh a chur chun cinn;

28.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur chinn an Chúirt Iniúchóirí, ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 10/21 maidir le príomhshruthú inscne i mbuiséad an Aontais, nár chuir an Coimisiún príomhshruthú inscne chun feidhme go leordhóthanach agus nár bhain sé úsáid leordhóthanach as sonraí agus as táscairí a bhí imdhealaithe de réir inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún buiséadú a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a chur chun feidhme chun a áirithiú go mbainfidh mná agus fir an tairbhe chéanna as an gcaiteachas poiblí, lena n-áirítear in Next Generation EU agus gach beart téarnaimh eacnamaíoch;

o

o o

29.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO C 11, 12.1.2018, lch. 35.

(2)  IO C 66, 21.2.2018, lch. 44.

(3)  IO C 346, 27.9.2018, lch. 6.

(4)  IO C 390, 18.11.2019, lch. 28.

(5)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 232

(6)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 191.

(7)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 208.

(8)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 137.

(9)  OECD, The Missing Entrepreneurs – Policy for Inclusive Entrepreneurship [Fiontraithe atá ar Iarraidh: Beartais maidir le Fiontraíocht Chuimsitheach], OECD Publishing, Páras, 2019.

(10)  OECD, The Missing Entrepreneurs – Policy for Inclusive Entrepreneurship [Fiontraithe atá ar Iarraidh: Beartais maidir le Fiontraíocht Chuimsitheach], OECD Publishing, Páras, 2019.

(11)  Bajcar, B. agus Babiak, J., Gender Differences in Leadership Styles: Who Leads more Destructively? [Difríochtaí Inscne i Stíleanna Ceannaireachta: Cé acu na Ceannairí is Scriosaí], an 34ú Comhdháil de chuid IBIMA, Maidrid, Samhain 2019. https://www.researchgate.net/publication/337534934_Gender_Differences_in_Leadership_Styles_Who_Leads_more_Destructively

(12)  Roinn Beartais Pharlaimint na hEorpa um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, The professional status of rural women in the EU [Stádas gairmiúil na mban tuaithe in AE], an Bhruiséil, Bealtaine 2019. https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2019/608868/IPOL_STU(2019)608868_EN.pdf

(13)  Ibid.

(14)  An Monatóir Fiontraíochta Domhanda, Women’s Entrepreneurship 2020/21: Thriving Through Crisis [Fiontraíocht na mBan 2020/21: Bláthú tráth Géarchéime], Londain, 2021.

https://gemconsortium.org/report/gem-202021-womens-entrepreneurship-report-thriving-through-crisis

(15)  Eurostat, Women in Management [Mná sa Bhainistíocht], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2020.

(16)  Foss, L., Henry, C., Ahl, H. agus Mikalsen, G., Women’s entrepreneurship policy research: a 30-year review of the evidence [Taighde ar bheartas fiontraíochta na mban: Athbhreithniú 30 bliana ar an bhfianaise], Small Business Economics, 53(2), lch. 409-429.

(17)  OECD, The Missing Entrepreneurs – Policy for Inclusive Entrepreneurship [Fiontraithe atá ar Iarraidh: Beartais maidir le Fiontraíocht Chuimsitheach], OECD Publishing, Páras, 2019.

(18)  Ibid.

(19)  OECD, OECD/INFE 2020 International Survey of Adult Financial Literacy [Suirbhé Idirnáisiúnta OECD/INFE 2020 ar Litearthacht Airgeadais Aosach], OECD Publishing, Páras, 2020.

(20)  Skonieczna, A. agus Castellano, L., Gender Smart Financing. Investing In and With Women: Opportunities for Europe [Maoiniú Cliste Inscne. Infheistiú i agus le Mná: Deiseanna don Eoraip], European Economy Discussion Papers, Uimh. 129, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, Iúil 2020.

(21)  An Coimisiún Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta, Funding women entrepreneurs: How to empower growth [Fiontraithe ban a chistiú – Conas fás a chumhachtú], 2018.

(22)  Mná i gCaipiteal Fiontair, Experior Venture Fund agus Unconventional Ventures, Funding in the CEE Region Through the Lens of Gender Diversity and Positive Impact, [Maoiniú i Réigiún na hEorpa Láir agus Thoir trí lionsa na hÉagsúlachta Inscne agus an Tionchair Dhearfaigh], 2021.

(23)  EBAN, Statistics Compendium – European Early Stage Market Statistics [Coimre Staidrimh – Luathstaidreamh Margaidh Eorpach], EBAN, an Bhruiséil, 2019.

(24)  An Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta, Moving Towards Gender Balance in Private Equity and Venture Capital [Gluaiseacht i dtreo Cothromaíocht Inscne i gCothromas Príobháideach agus Caipiteal Fiontair], an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta, Washington DC, 2019.

(25)  Mná i gCaipiteal Fiontair, Experior Venture Fund agus Unconventional Ventures, Funding in the CEE Region Through the Lens of Gender Diversity and Positive Impact, [Maoiniú i Réigiún na hEorpa Láir agus Thoir trí lionsa na hÉagsúlachta Inscne agus an Tionchair Dhearfaigh], ar líne.

(26)  An Coimisiún Eorpach, Gender Smart Financing. Investing In and With Women: Opportunities for Europe [Maoiniú Cliste Inscne. Infheistiú i agus le Mná: Deiseanna don Eoraip], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, Iúil 2020.

(27)  OECD, The Missing Entrepreneurs – Policy for Inclusive Entrepreneurship [Fiontraithe atá ar Iarraidh: Beartais maidir le Fiontraíocht Chuimsitheach], OECD Publishing, Páras, 2021.

(28)  Eurofound, Female entrepreneurship: Public and private funding [Fiontraíocht na mban: Cistiú poiblí agus príobháideach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2019.

(29)  Eurostat, Women in science and technology [Mná san eolaíocht agus sa teicneolaíocht], Products Eurostat News, 2 Deireadh Fómhair 2020.

(30)  OECD, The Missing Entrepreneurs – Policy for Inclusive Entrepreneurship [Fiontraithe atá ar Iarraidh: Beartais maidir le Fiontraíocht Chuimsitheach], OECD Publishing, Páras, 2019.

(31)  https://ec.europa.eu/growth/smes/supporting-entrepreneurship/women-entrepreneurs/support-tools-and-networks-women_en

(32)  Monatóir Fiontraíochta Domhanda, 2021/2022 Global Report – Opportunity Amid Disruption [Tuarascáil Dhomhanda – Deis i lár cur isteach], GEM, Londain, 2022. https://www.gemconsortium.org/reports/latest-global-report


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/65


P9_TA(2022)0140

An Intleacht Shaorga i Ré Dhigiteach

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir leis an intleacht shaorga i ré dhigiteach (2020/2266(INI))

(2022/C 465/06)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 4, 16, 26, 114, 169, 173, 179, 180, 181 agus 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus Barúil Ghinearálta Uimh. 25 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 2 Márta 2021 maidir le cearta leanaí i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach,

ag féachaint don mholadh ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) maidir le heitic na hintleachta saorga a ghlac Comhdháil Ghinearálta UNESCO ag an 41ú seisiún aici an 24 Samhain 2021,

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (1) agus do Threoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 maidir le straitéis de chuid an Aontais i dtaca le cearta an linbh (COM(2021)0142),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid chumais chibearchosanta an Aontais (2),

ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir leis na dúshláin agus na hionchais a bhaineann le córais iltaobhacha rialaithe arm ollscriosta agus le córais dí-armála (3),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí – RGCS) (4),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (5),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (6),

ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2021 maidir le rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh maidir leis an Intleacht Shaorga) agus gníomhartha reachtacha áirithe de chuid an Aontais a leasú (COM(2021)0206),

ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le rialachas sonraí Eorpach (COM(2020)0767),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach (7),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1092 (8),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (9),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (10),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2018 dar teideal “Artificial Intelligence for Europe” [An Intleacht Shaorga don Eoraip] (COM(2018)0237),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Nollaig 2018 maidir le plean comhordaithe um an intleacht shaorga (COM(2018)0795),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 maidir le muinín a chothú san intleacht shaorga duine-lárnaithe (COM(2019)0168),

ag féachaint do Pháipéar Bán an 19 Feabhra 2020 ón gCoimisiún dar teideal “Artificial Intelligence – a European approach to excellence and trust” [An Intleacht Shaorga – cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín] (COM(2020)0065),

ag féáchaint don Pháipéar Uaine ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 dar teideal “Ageing: Fostering solidarity and responsibility between generations” [Aosú: Dlúthpháirtíocht agus freagracht a chothú idir na glúnta] (COM(2021)0050);

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le Straitéis Eorpach maidir le sonraí (COM(2020)0066),

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal “Shaping Europe’s digital future” [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (COM(2020)0067),

ag féachaint do na teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 maidir le straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip (COM(2020)0102) agus an 5 Bealtaine 2021 dar teideal “Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery” [Straitéis Tionsclaíochta Nua 2020 a nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa] (COM(2021)0350),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal “Digital Education Action Plan 2021-2027 – Resetting education and training for the digital age” [Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 – Athshocrú a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint don ré dhigiteach] (COM(2020)0624),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal “2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade” [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Dhigiteacha] (COM(2021)0118),

ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Clár Beartais Path to the Digital Decade’ [An Chonair i dtreor na nDeich mBliana Dhigiteacha] (COM(2021)0574),

ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún an 28 Iúil 2020 dar teideal “European enterprise survey on the use of technologies based on artificial intelligence” [Suirbhé fiontair Eorpach ar úsáid teicneolaíochtaí atá bunaithe ar an intleacht shaorga],

ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún an 26 Samhain 2020 dar teideal Energy-efficient cloud computing technologies and policies for an eco-friendly cloud market’ [Teicneolaíochtaí agus beartais néalríomhaireachta atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de don néalríomhaireacht atá neamhdhíobhálach don chomhshaol],

ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Feabhra 2020 maidir le himpleachtaí sábháilteachta agus dliteanais na hIntleachta Saorga, idirlíon na rudaí nithiúla agus na róbataice (COM(2020)0064),

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Márta 2021 maidir le straitéis chibearshlándála an Aontais do na deich mbliana digiteacha,

ag féachaint do thuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga an 8 Aibreán 2019 dar teideal “Ethics guidelines for trustworthy AI” [Treoirlínte Eitice le haghaidh IS Iontaofa],

ag féachaint do thuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga an 8 Aibreán 2019 dar teideal “A definition of AI: main capabilities and disciplines” [Sainmhíniú ar IS: Príomhacmhainneachtaí agus Disciplíní],

ag féachaint do thuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga an 26 Meitheamh 2019 dar teideal “Policy and investment recommendations for trustworthy AI” [Moltaí beartais agus infheistíochta le haghaidh IS iontaofa],

ag féachaint don fhoilseachán ó UNESCO ó mhí an Mhárta 2019 dar teideal “I’d blush if I could: closing gender divides in digital skills through education”,

ag féachaint do thuarascáil Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an 14 Nollaig 2020 dar teideal “Getting the future right – Artificial intelligence and fundamental rights” [An todhchaí a réiteach mar is ceart – an intleacht shaorga agus cearta bunúsacha],

ag féachaint don mholadh ó Chomhairle na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir leis an intleacht shaorga an 22 Bealtaine 2019,

ag féachaint d’ardán na Náisiún Aontaithe le haghaidh idirphlé maidir leis an intleacht shaorga: IS do Chruinniú Mullaigh Domhanda an Chéasta,

ag féachaint dp Phrionsabail IS G20 an 9 Meitheamh 2019,

ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an 28 Meitheamh 2021 maidir leis an intleacht shaorga i réimse na sláinte agus do shé cinn de theroirphrionsabail dá dearadh agus dá húsáid,

ag féachaint don tuairim féintionscnaimh ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 31 Bealtaine 2017 dar teideal tee own-initiative opinion of 31 May 2017 entitled “Artificial Intelligence – The consequences of artificial intelligence on the (digital) single market, production, consumption, employment and society” [An Intleacht Shaorga – Tionchair na hintleachta saorga ar an margadh aonair (digiteach), táirgeadh, tomhaltas, fostaíocht agus an tsochaí] (11)’,

ag féachaint do thuarascáil ón nGrúpa Saineolaithe ar Dhliteanais agus ar Nuatheicneolaíochtaí (Foghrúpa na Nuatheicneolaíochtaí) an 21 Samhain 2019 dar teideal “Liability for Artificial Intelligence and other emerging digital technologies” [Dliteanas don Intleacht Shaorga agus teicneolaíochtaí digiteacha eile atá ag teacht chun cinn],

ag féachaint don fhoilseachán ón gCoiste Ad hoc um an Intleacht Shaorga (CAHAI) i gComhairle na hEorpa i mí na Nollag 2020 dar teideal “Towards Regulation of AI systems – Global perspectives on the development of a legal framework on Artificial Intelligence systems based on the Council of Europe’s standards on human rights, democracy and the rule of law” [I dtreo Rialáil na gcóras IS – Peirspictíochtaí domhanda maidir le creat dlíthiúil a fhorbairt i ndáil le córais intleachta saorga atá bunaithe ar chaighdeáin Chomhairle na hEorpa maidir le cearta an duine, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta],

ag féachaint do pháipéar oibre na hInstitiúide Ollscoile Eorpaí i mí Dheireadh Fómhair 2020 dar teideal “Models of Law and Regulation for AI” [Samhlacha Dlí agus Rialála don intleacht shaorga],

ag féachaint don tuarascáil chomhpháirteach ó Trend Micro Research, ó Institiúid Idir-réigiúnach na Náisiún Aontaithe um Thaighde ar an gCoireacht agus um Cheartas agus ó Europol an 19 Samhain 2020 dar teideal “Malicious Uses and Abuses of Artificial Intelligence” [Úsáidí Mailíseacha agus Mí-Úsáid na hIntleachta Saorga],

ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla ón gCoimisiún le haghaidh 2019- 2024 dar teideal “A Union that strives for more: my agenda for Europe”[Aontas níos uaillmhianaí: An clár oibre agamsa don Eoraip],

ag féachaint do bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Iúil 2020 i gcás C-311/18 (Schrems II),

ag féachaint dá rún an 16 Feabhra 2017 le moltaí don Choimisiún maidir le rialacha an dlí shibhialta i leith na róbataice (12),

ag féachaint dá rún an 1 Meitheamh 2017 maidir le tionsclaíocht na hEorpa a dhigitiú (13),

ag féachaint dá rún an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Creat Beartais an Aontais um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Moltaí maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo “Fís Nialais” (14),

ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 maidir le córais arm uathrialaitheach (15),

ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2019 maidir le beartas tionsclaíoch cuimsitheach Eorpach i dtaca leis an intleacht shaorga agus an róbataic (16),

ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2020 dar teideal “Automated decision-making processes: ensuring consumer protection and free movement of goods and services” [Próisis chinnteoireachta uathoibríocha: cosaint tomhaltóirí agus saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a áirithiú] (17),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 uaithi ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le córas dliteanais shibhialta i leith na hintleachta saorga, (18),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 ar chearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga (19),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil moltaí don Choimisiún faoi chuimsiú gnéithe eitice den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara (20),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir leis an intleacht shaorga: ceisteanna i ndáil le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an dlí idirnáisiúnta a mhéid a dhéantar difear don Aontas i réimse na n-úsáidí sibhialta agus míleata agus an údaráis stáit lasmuigh de raon feidhme an cheartais choiriúil (21),

ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 dar teideal “Shaping the digital future of Europe: removing barriers to the functioning of the digital single market and improving the use of AI for European consumers” [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú: deireadh a chur le bacainní ar fheidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh agus feabhas a chur ar úsáid IS do thomhaltóirí Eorpacha] (22),

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le straitéis Eorpach i ndáil le sonraí (23),

ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir leis an intleacht shaorga san oideachas, sa chultúr agus san earnáil chlosamhairc (24),

ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla (25).

ag féachaint don staidéar a rinne an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha (AS IPOL) i mí an Mheithim 2021 dar teideal “Artificial Intelligence diplomacy – Artificial Intelligence governance as a new European Union external policy tool” [Taidhleoireacht na hintleachta saorga – rialachas na hintleachta saorga mar uirlis nua beartais sheachtraigh an Aontais Eorpaigh],

ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí na Bealtaine 2021 dar teideal “Challenges and limits of an open source approach to Artificial Intelligence” [Dúshláin agus teorainneacha cur chuige foinse oscailte i leith na hintleachta saorga],

ag féachaint do staidéar ó DG IPOL i mí na Bealtaine 2021 dar teideal “Artificial Intelligence market and capital flows – AI and the financial sector at crossroads” [Margadh na hintleachta saorga agus sreafaí caipitil – uair na cinniúna don instleacht shaorga IS agus an earnáil an airgeadais],

ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí an Mheithimh 2021 dar teideal “Improving working conditions using Artificial Intelligence” [Feabhas a chur ar dhálaí oibre trí leas a bhaint as an Intleacht Shaorga],

ag féachaint don staidéar ó AS IPOL i mí na Bealtaine 2021 dar teideal “The role of Artificial Intelligence in the European Green Deal” [Ról na hintleachta saorga sa Chomhaontú Glas don Eoraip],

ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí Iúil 2021 dar teideal “Artificial Intelligence in smart cities and urban mobility” [An Intleacht Shaorga i gcathracha cliste agus soghluaisteacht uirbeach],

ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí Iúil 2021 dar teideal “Artificial Intelligence and public services” [An Intleacht Shaorga agus Seirbhísí poiblí],

ag féachaint do staidéar ó DG IPOL i mí Iúil 2021 dar teideal “European Union data challenge” [Dúshlán sonraí an Aontais Eorpaigh],

ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí an Mheithimh 2020 dar teideal “Opportunities of Artificial Intelligence” [Na Deiseanna a bhaineann leis an Intleacht Shaorga],

ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí Dheireadh Fómhair 2021 dar teideal “Europe’s Digital Decade and Autonomy” Deich mBliana Digiteacha agus Neamhspleáchas Digiteach na hEorpa],

ag féachaint do staidéar ó AS IPOL i mí Eanáir 2022 dar teideal “Identification and assessment of existing and draft EU legislation in the digital field” [An reachtaíocht atá ann cheana agus dréacht-reachtaíocht an Aontais sa réimse digiteach a shainaithint agus a mheasúnú],

ag féachaint do staidéar ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) i mí Mheán Fómhair 2020 dar teideal “Civil liability regime for artificial intelligence – European added value assessment” [An córas dliteanais shibhialta le haghaidh na hintleachta saorga – measúnú ar bhreisluach Eorpach],

ag féachaint do staidéar ó Aonad um Réamhamharc Eolaíoch de chuid EPRS i mí na Nollag 2020 dar teideal “Data subjects, digital surveillance, AI and the future of work” [Ábhair sonraí, faireachas digiteach, intleacht shaorga agus todhchaí na hoibre],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Mheán Fómhair 2020 dar teideal “European framework on ethical aspects of artificial intelligence, robotics and related technologies” [Creat Eorpach maidir le gnéithe eiticiúla na hintleachta saorga, na róbataice agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an mhárta 2020 dar teideal “The ethics of artificial intelligence: Issues and initiatives” 'Eitic na hintleachta saorga: Saincheisteanna agus tionscnaimh],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an Mheithimh 2020 dar teideal “Artificial Intelligence: How does it work, why does it matter, and what can we do about it?” [An Intleacht Shaorga: Conas a oibríonn sí, cén fáth a bhfuil sí tábhachtach agus céard is féidir linn a dhéanamh faoi?],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Iúil 2020 dar teideal “Artificial Intelligence and Law enforcement – Impact on Fundamental Rights” [An Intleacht Shaorga agus Forfheidhmiú an Dlí – Tionchar ar Chearta Bunúsacha],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an Mheithimh 2020 dar teideal “The impact of the General Data Protection Regulation (GDPR) on artificial intelligence” [Tionchar an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ar an intleacht shaorga],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Aibreáin 2020 dar teideal “The White Paper on Artificial Intelligence” [An Páipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga],

ag féachaint do thuarascáil ó EPRS í mí Mheán Fómhair 2021 dar teideal “Protecting civic space in the EU” [Spás na sochaí sibhialta san Aontas a chosaint],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Feabhra 2021 dar teideal “The future of work: Trends, challenges and potential initiatives” [Todhchaí na hoibre: Treochtaí, dúshláin agus tionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an Mheithimh 2021 dar teideal “Robo-advisors: How they are fit in the existing regulatory framework”, in particular with regard to investor protection?’ [Róba-chomhairleoirí: Conas atá siad ag teacht le creat rialála an Aontais atá ann cheana, go háirithe maidir le cosaint infheisteoirí?],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Mheán Fómhair 2021 dar teideal “China’s ambitions in artificial intelligence” [Uaillmhianta na Síne san intleacht shaorga],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí an Mheithimh 2021 dar teideal “What if we chose new metaphors for artificial intelligence?” [Céard a tharlóidh má roghaímid meafair nua le haghaidh na hintleachta saorga?],

ag féachaint do staidéar ó EPRS in Eanáir 2018 dar teideal “Understanding artificial intelligence” [An intleacht shaorga a thuiscint],

ag féachaint do staidéar ó EPRS i mí Iúil 2021 dar teideal “Tackling deepfakes in European policy” [Dul i ngleic le domhainbhrionnú i mbeartas Eorpach],

ag féachaint do pháipéar oibre an Choiste Speisialta um Intleacht Shaorga in Ré Dhigiteach (AIDA) i mí Feabhra 2021 dar teideal “Artificial Intelligence and Health” An Intleacht Shaorga agus Sláinte],

ag féachaint do pháipéar oibre AIDA i mí an Mhárta 2021 dar teideal “Artificial Intelligence and the Green Deal” [An Intleacht Shaorga agus an Comhaontú Glas],

ag féachaint do pháipéar oibre AIDA i mí an Mhárta 2021 dar teideal “The External Policy Dimensions of AI”“Gnéithe Beartais Eachtraigh IS”,

ag féachaint do pháipéar oibre AIDA í mí Bealtaine 2021 dar teideal “AI and Competitiveness” [IS agus Iomaíochas],

ag féachaint do pháipéar oibre AIDA í mí an Mheithimh 2021 dar teideal “AI and the Future of Democracy” [IS agus Todhchaí an Daonlathais],

ag féachaint do pháipéar oibre AIDA i mí an Mheithimh 2021 maidir le “AI agus an Margadh Saothair”,

ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste Speisialta um Intleacht Shaorga in Ré Dhigiteach (A9-0088/2022),

1.    Réamhrá

1.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an domhan ar tí tús a chur leis an gceathrú réabhlóid thionsclaíoch; á chur i bhfios, i gcomparáid leis na trí réabhlóid roimhe seo, a tionscnaíodh trí ghal, leictreachas agus ansin ríomhairí a thabhairt isteach, go dtarraingíonn an ceathrú tonn a chuid fuinnimh ó fhlúirse sonraí agus ó algartaim chumhachtacha agus cumas ríomhaireachta; á chur i bhfáth go bhfuil réabhlóid dhigiteach an lae inniu múnlaithe de bharr a scála dhomhanda, cóineasú gasta, agus thionchar ollmhór na bhforbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn ar stáit, ar gheilleagair, ar shochaithe, ar chaidreamh idirnáisiúnta agus ar an gcomhshaol; á aithint go bhfuil tionchar éagsúil ag athrú radacach ar an scála sin ar chodanna éagsúla den tsochaí, ag brath ar na cuspóirí atá acu, ar an suíomh geografach nó ar an gcomhthéacs socheacnamaíoch; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór an t-aistriú digiteach a mhúnlú agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus ar bhealach lena bhfreastalódh teicneolaíochtaí digiteacha ar an gcine daonna;

2.

á thabhairt faoi deara gur spreag an réabhlóid dhigiteach, ag an am céanna, iomaíocht dhomhanda mar thoradh ar an luach eacnamaíoch ollmhór agus na cumais theicneolaíocha atá tar éis teacht chun cinn i ngeilleagair a chuireann an méid is mó acmhainní ar fáil do thaighde, d’fhorbairt agus do mhargú na bhfeidhmeanna intleachta saorga (IS); ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-iomaíochas digiteach agus an neamhspleáchas straitéiseach oscailte ina phríomhchuspóir beartais i roinnt tíortha; á chur i bhfáth go bhfuil méadú ag teacht ar an tuiscint i measc lucht cinnteoireachta go bhféadfadh teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn difear a dhéanamh do stádas cumhachta geopholaitiúil tíre iomláine;

3.

á chur i bhfios go bhfuil an Eoraip, a leag caighdeáin idirnáisiúnta síos ar feadh na gcéadta blianta, a bhí ina ceannaire teicneolaíoch agus a bhí chun tosaigh sa mhonaraíocht ardleibhéil san imscaradh, tar éis titim ar gcúl, go bhfuil sí ag forbairt agus ag infheistiú i bhfad níos lú ná geilleagair amhail na Stáit Aontaithe nó an tSín sa mhargadh digiteach, cé go bhfuil sí réasúnta iomaíoch fós in aschur taighde téamach IS; á aithint go bhfuil baol ann go ndéanfar imeallú ar ghníomhaithe Eorpacha i gcaighdeáin dhomhanda a fhorbairt agus sa dul chun cinn sa teicneolaíocht agus go dtabharfar dúshlán luachanna Eorpacha;

4.

á thabhairt chun suntais, ar an gcéad dul síos, gur ionstraim chúblála agus mhí-úsáide iad uirlisí digiteacha i lámha roinnt gníomhaithe corparáideacha agus i lámha rialtas uathlathach chun an bonn a bhaint ó chórais pholaitiúla dhaonlathacha, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le haighneas idir córais pholaitiúla; á mhíniú go dtugann an spiaireacht dhigiteach, an sabaitéireacht, an chogaíocht ar scála íseal agus feachtais bhréagaisnéise dúshlán do shochaithe daonlathacha;

5.

á chur i bhfáth go bhfágann cineál na samhlacha gnó digiteacha gur féidir mórchéimeanna inscálaitheachta agus éifeachtaí gréasáin a bheith ann; á chur i bhfios go bhfuil, i go leor margaí digiteacha, comhchruinniú margaidh, rud a thugann deis do líon beag ardán teicneolaíochta, a bhfuil a bhformhór bunaithe faoi láthair sna Sáit Aontaithe, a bheith ina gceannródaithe ar nuálaíochtaí ceannródaíocha teicneolaíochta, a mheallann na smaointe, an tallann agus na cuideachtaí is fearr agus a bhaineann brabúsacht neamhghnách amach; ag tabhairt rabhadh gur dócha go leathnófar suíomhanna ceannasacha margaidh sa gheilleagar sonraíbhunaithe isteach sa gheilleagar IS atá ag teacht chun cinn; á chur i bhfios nach bhfuil ach ocht gcinn de na 200 cuideachta dhigiteach is fearr sa lá atá inniu ann lonnaithe san Aontas Eorpach; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach fíormhargadh aonair digiteach a thabhairt chun críche i ndáil leis an méid sin;

6.

ag cur béim ar an bhfíoras, mar thoradh air sin, go bhfuil an iomaíocht dhomhanda le haghaidh ceannaireacht teicneolaíochta ina thosaíocht san Aontas; á chur i bhfáth, mura ngníomhóidh an tAontas go tapa agus go misniúil, go mbeidh air rialacha agus caighdeáin a leagtar síos ag daoine eile a leanúint agus go bhfuil an baol ann go mbeadh éifeachtaí díobhálacha aige ar an gcobhsaíocht pholaitiúil, ar an tslándáil shóisialta, ar chearta bunúsacha, ar shaoirsí aonair agus ar an iomaíochas eacnamaíoch;

7.

á áitiú go bhfuil IS ar cheann de na príomhtheicneolaíochtaí éiritheacha laistigh den cheathrú réabhlóid thionsclaíoch; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé de chumhacht ag IS an geilleagar digiteach a spreagadh, mar go gceadaítear léi táirgí agus seirbhísí nuálacha a thabhairt isteach, chun rogha tomhaltóirí a mhéadú agus gur féidir leis na próisis táirgthe a dhéanamh níos éifeachtúla; ag sonrú go bhfuiltear ag súil go gcuirfidh an intleacht shaorga níos mó ná EUR 11 trilliún leis an ngeilleagar domhanda faoi 2030; á chur i bhfáth, ag an am céanna, go laghdaíonn teicneolaíochtaí intleachta saorga gníomhú dhaonna; á thabhairt chun suntais gur cheart go leanfadh IS de bheith ina teicneolaíocht atá dírithe ar an duine, go lenfadh sí de bheith iontaofa agus nár cheart go ngabhfadh sí ionad neamhspleáchas an duine agus nár cheart go gcaillfí saoirse an duine aonair dá bharr; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh an ceathrú réabhlóid thionsclaíoch seo cuimsitheach agus nach bhfágfar aon duine ar lár;

8.

á mholadh go bhfuil iomaíocht dhomhanda ann do cheannaireacht IS; á chur i bhfios go ngeallann teicneolaíochtaí intleachta saorga go gcuirfear luach ollmhór eacnamaíoch ar fáil do na geilleagair sin a fhorbraíonn, a tháirgeann agus a ghlacann na teicneolaíochtaí sin go brabúsach, agus do na tíortha sin ina gcruthaítear luach den sórt sin; á chur i bhfios go láidir nach teicneolaíocht uilechumhachtach í an intleacht shaorga, ach gur sraith éifeachtúil uirlisí agus teicnící í a fhéadfar a chur chun tairbhe don tsochaí; á mhíniú go mbraitheann an chaoi a bhfeidhmíonn teicneolaíochtaí ar an gcaoi a ndearaimid iad; á chur i bhfios gur dhearbhaigh an tAontas go bhfuil sé ar intinn aige a bheith ina cheannródaí agus creat rialála a bhunu maidir leis an intleacht shaorga; á chur i bhfáth, mar sin féin, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an tAontas in ann an cur chuige rialála a shainiú, lena n-áirítear cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint, agus gníomhú mar shraith dhomhanda caighdeán; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá iomaíochas Eorpach san intleacht shaorga agus cumas an Aontais an timpeallacht rialála a mhúnlú ar an leibhéal idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go bhféadfadh rioscaí aonair agus sochaíocha eascairt ó úsáid áirithe a bheith á baint as an intleacht shaorga, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh cearta bunúsacha a chur i mbaol agus gur cheart, dá bhrí sin, do lucht déanta beartas aghaidh a thabhairt orthu, agus ar an gcaoi sin go bhféadfadh IS a bheith ina hionstraim lena bhfreastalaítear ar dhaoine agus ar an tsochaí, lena saothrófar an leas coiteann agus an leas ginearálta;

9.

ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le creat soiléir rialála, tiomantas polaitiúil agus meon níos réamhbhreathnaithí, nach bhfuil le sonrú rómhinic faoi láthair, ionas go n-éireoidh le gníomhaithe Eorpacha sa ré dhigiteach agus go mbeidh siad ina gceannairí teicneolaíochta san intleacht shaorga; á chur in iúl gurb í a conclúid, bunaithe ar an gcur chuige sin, gur féidir le saoránaigh agus gnólachtaí an Aontais araon tairbhe a bhaint as an intleacht shaorga agus as an deis iontach a chuireann sí ar fáil chun borradh a chur faoin iomaíochas, lena n-áirítear i ndáil le rathúnas agus folláine; á chur i bhfios go láidir nach mór creataí rialála a mhúnlú ar bhealach nach bhforchuirfí bacainní gan údar leo chun cosc a chur ar ghníomhaithe Eorpacha a bheith rathúil sa ré dhigiteach, go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna); á thabhairt chun suntais gur cheart infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a mhéadú go suntasach chun timpeallacht a chruthú ina dtagann níos mó scéalta ratha Eorpacha chun cinn agus ina bhforbraítear níos mó an mór-roinn seo againne;

10.

á thabhairt chun suntais go bhfuil dul chun cinn mear na teicneolaíochta arna thabhairt isteach ag an intleacht shaorga ag éirí níos dofhuascailte ó fhormhór na réimsí gníomhaíochta daonna agus go mbeidh tionchar aige freisin ar shlite beatha gach duine nach bhfuil na scileanna acu chun iad a oiriúnú go tapa go leor do na teicneolaíochtaí nua sin; á chur i bhfios, cé gur féidir, tríd an litearthacht dhigiteach a bhaint amach trí uasoiliúint agus athoiliúint, cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar go leor de na hábhair imní shocheacnamaíocha a eascraíonn astu, ba cheart aghaidh a thabhairt ar na tionchair sin freisin i gcomhthéacs na gcóras leasa shóisialta, an bhonneagair uirbigh agus tuaithe, agus na bpróiseas daonlathach;

11.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cearta, cuspóirí agus leasanna na mban agus na bpobal mionlaigh a léiriú san aistriú digiteach; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, nach ndearna mná suas ach 22 % de ghairmithe domhanda IS in 2018, fadhb nach bhfónann ach chun steiréitíopaí agus claontacht a bhuanú agus a bhuanú; á aithint go bhfuil gá leis na cearta chun comhionannais os comhair an dlí, an phríobháideacht, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus rannpháirtíocht sa saol cultúrtha agus polaitiúil a chaomhnú agus teicneolaíochtaí intleachta saorga á n-úsáid, go háirithe do phobail mhionlaigh;

2.    Deiseanna, rioscaí agus bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le húsáid IS: sé chás-staidéar a scrúdaigh Coiste AIDA

12.

ag meabhrú go bhfuil IS bunaithe ar bhogearraí lena n-úsáidtear samhlacha dóchúlaíocha agus réamh-mheas algartamach do shraith cuspóirí sonracha; á chur i bhfios gur scáththéarma é an téarma IS lena gcumhdaítear raon leathan teicneolaíochtaí, teicnící agus cineálacha cur chuige, idir shean agus nua, ar fearr an tuiscint atá orthu mar “chórais faisnéise saorga”, a thagraíonn d’aon chórais mheaisínbhunaithe ar minic gur beag an méid a bhíonn i gcoiteann acu ná mar a bhíonn á threorú ag sraith áirithe cuspóirí atá sainithe ag an duine, a bhfuil leibhéil éagsúla neamhspleáchais acu ina gcuid gníomhaíochtaí, agus a fheidhmíonn ag úsáid réamh-mheastachán, moltaí nó modhanna cinnteoireachta atá bunaithe ar shonraí atá ar fáil; ag tabhairt dá haire cé go bhfuil roinnt de na teicneolaíochtaí sin in úsáid go forleathan cheana féin, tá cinn eile fós á bhforbairt nó cinne eile nach bhfuil iontu ach coincheapa tuairimeacha fiú a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo;

13.

á chur i bhfios go bhfuil difríocht shuntasach idir intleacht shaorga shiombalach, an príomh-chur chuige i leith IS ó na 1950idí go dtí na 1990idí, agus meaisínfhoghlaim, agus IS sonraí-tiomáinte, arb í is mó a bhí i réim ó na 2000idí i leith; á shoiléiriú gur forbraíodh IS le linn an chéad rabharta trí eolas agus taithí saineolaithe a ionchódú isteach i sraith rialacha a chuir meaisín i gcrích an tráth sin;

14.

ag tabhairt dá haire, sa dara rabharta, go bhfuil próisis foghlama uathoibrithe algartaim bunaithe ar phróiseáil méideanna móra sonraí, an cumas ionchuir a thabhairt le chéile ó iliomad foinsí éagsúla agus léiriú casta a dhéanamh ar thimpeallacht ar leith, agus patrúin a shainaithint ina bhfuil córais IS níos casta, níos uathrialaithí agus níos teimhneacha, rud ar féidir le torthaí nach féidir a mhíniú go héacsa eascairt uaidh; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur féidir an intleacht shaorga atá ann faoi láthair a mhiondealú i roinnt mhaith fofhearann agus teicnící éagsúla, cé go bhfuil an domhainfhoghlaim, mar shampla, ina fo-réimse den mhaisínfhoghlaim, ar fo-réimse í de IS;

15.

ag tabhairt dá haire cé go bhfuil IS an lae inniu tar éis éirí i bhfad níos éifeachtaí agus níos cumhachtaí ná intleacht shaorga shiombalach, a bhuí leis na méaduithe suntasacha i gcumais ríomhaireachta, ní féidir léi fós ach tascanna atá sainithe go soiléir a réiteach i nideoga a bhaineann go sonrach le réimse ar leith amhail ficheall nó aithint íomhánna agus nach bhfuil a ríomhchlárú deartha chun na gníomhaíochtaí a dhéanann an córas IS a aithint go hiomlán; á thabhairt chun suntais nach bhfuil “intleacht” sa chiall dhaonna ag córais IS – murab ionann agus an méid a thugann a n-ainm le fios; á chur i bhfios, dá bhrí sin, go dtagraítear di mar AI “cúng” nó “lag” agus nach bhfuil inti fós níos ach uirlis lena soláthraítear moltaí agus réamh-mheastacháin; ag tabhairt dá haire, mar shampla, go n-oibríonn carranna féintiomána trí chomhcheangal de chórais éagsúla IS aontaisc a bhfuil ar a gcumas, le chéile, léarscáil tríthoiseach de thimpeallú na feithicle a chur ar fáil chun go bhféadfaidh a chóras oibriúcháin cinntí a dhéanamh;

16.

á thabhairt chun suntais go bhfuil go leor cúiseanna imní a bhaineann leis an intleacht shaorga bunaithe ar choincheapa teoiriciúila amhail intleacht shaorga ghinearálta, sárintiúlacht shaorga agus sainiúlacht lena bhféadfadh, go teoiriciúil, an intleacht shaorga feidhmiú níos fearr ná intleacht an duine i roinnt mhaith réimsí; á chur i bhfáth go bhfuil amhras ann an féidir an intleacht shaorga tuairimeach sin a bhaint amach fiú lenár dteicneolaíochtaí agus lenár ndlíthe eolaíocha; á chreidiúint, mar sin féin, nach mór do na reachtóirí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí atá ag baint le cinnteoireacht IS-bhunaithe faoi láthair toisc go bhfuil sé soiléir go follasach go bhfuil éifeachtaí díobhálacha amhail idirdhealú ciníoch agus gnéis inchurtha cheana féin i leith cásanna áirithe inar imscaradh IS gan choimircí;

17.

á chur i bhfios go láidir go mbaineann riosca íseal le formhór na gcóras IS atá in úsáid faoi láthair; ag tagairt, mar shampla, d’aistriúchán uathoibríoch, “Meaisíní Eureka”, meaisíní cearrbhachais agus róbait a dhéanann próisis atriallacha monaraíochta; á chur in iúl gurb í a conclúid gur féidir roinnt cásanna úsáide a aicmiú mar chásanna contúirteacha agus go bhfuil gá le gníomh rialála agus le coimircí éifeachtacha i gcásanna den sórt sin, mura bhfuil siad i bhfeidhm cheana féin;

18.

ag moladh go mbeadh díospóireacht phoiblí ann maidir le conas acmhainneacht ollmhór na hintleachta saorga atá bunaithe ar luachanna bunúsacha Eorpacha a fhiosrú, ar bhonn phrionsabail na trédhearcachta, na hinmhínitheachta, na cothroime, na cuntasachta, na freagrachta agus na hiontaofachta, chomh maith leis an bprionsabal gur cheart go mbeadh an intleacht shaorga agus an róbataic dírithe ar an duine agus gur cheart iad a fhorbairt chun gníomhaíocht an duine a chomhlánú; á chur i bhfáth, i líon suntasach réimsí de shaol an duine, idir inbhuanaitheacht agus chúram sláinte, gur féidir leis an intleacht shaorga tairbhí a chur ar fáil mar uirlis chúnta d’úsáideoirí agus do ghairmithe, rud a mhéadaíonn cumas an duine gan bac a chur ar a gcumas gníomhú gan bhac agus cinneadh a dhéanamh; á chur i bhfáth gur cheart prionsabail agus ceanglais eiticiúla na hintleachta saorga a chomhaontaítear a chur i bhfeidhm i ngach réimse den chur i bhfeidhm na hintleachta saorga, ag tógáil ar na coimircí is gá, rud a mhéadóidh muinín na saoránach, agus ar an gcaoi sin lena mbainfidh siad tairbhe as an intleacht shaorga;

19.

á chur i bhfios go láidir go n-athraíonn leibhéal an riosca a bhaineann le hiarratas IS ar leith go mór ag brath ar dhóchúlacht agus ar dhéine an dochair; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur cheart na ceanglais dhlíthiúla a choigeartú chuige sin, i gcomhréir le cur chuige rioscabhunaithe agus aird chuí á tabhairt, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis, ar phrionsabal an réamhchúraim; á chur i bhfáth, i gcásanna reatha nó i gcásanna a bheidh ann amach anseo, lena mbaineann ardriosca do chearta bunúsacha agus do chearta an duine leis na córais intleachta saorga, go bhfuil gá le maoirseacht iomlán ar an duine agus le hidirghabháil rialála agus, i bhfianaise luas na forbartha teicneolaíche, gur gá rialáil a dhéanamh le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a bheith solúbtha agus oiriúnaithe don todhchaí;

20.

á léiriú go dtugtar aghaidh go mion sa tuarascáil seo ar shé chás-staidéar IS, ina dtugtar breac-chuntas ar na deiseanna a chuireann IS ar fáil san earnáil faoi seach, ar na rioscaí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu agus ar na bacainní lena gcuirtear cosc ar an Eoraip leas iomlán a bhaint as na tairbhí a bhaineann le hintleacht shaorga; á thabhairt chun suntais go léirítear sna cás-staidéir roinnt de na cásanna úsáide IS is tábhachtaí sa lá atá inniu ann agus, ag an am céanna, go léiríonn siad roinnt de phríomhábhair na n-éisteachtaí poiblí a thionóil Coiste AIDA le linn a shainordaithe, eadhon sláinte, an Comhaontú Glas, beartas seachtrach agus slándáil, iomaíochas, todhchaí an daonlathais agus mhargadh an tsaothair;

(a)   IS agus sláinte

21.

á chur in iúl go bhfeictear di gur féidir leis an anailís mhodheolaíoch ar mhéideanna móra sonraí, lena n-áirítear tríd an intleacht shaorga, teacht ar réitigh nua nó feabhas a chur ar theicnící reatha san earnáil sláinte a d’fhéadfadh dlús mór a chur le taighde eolaíoch, beatha daoine a shábháil agus cúram othar a fheabhsú trí chóireálacha nuálacha agus diagnóis níos fearr a chur ar fáil agus timpeallachtaí tacúla a chothú do stíleanna maireachtála sláintiúla; á thabhairt chun suntais gur féidir le córais IS cuidiú freisin le hinrochtaineacht, athléimneacht agus inbhuanaitheacht na gcóras sláinte, agus ag an am céanna buntáiste iomaíoch a thabhairt d’earnálacha Eorpacha TFC agus cúraim sláinte má dhéantar na rioscaí bunúsacha a bhainistiú go hiomchuí;

22.

á thabhairt chun suntais gur cheart úsáid IS in earnáil na sláinte a bheith fréamhaithe i gceanglais eiticiúla láidre amhail rochtain chothrom ar chúram sláinte, príobháideachas, dliteanas, trédhearcacht, inmhínitheacht, iontaofacht, cuimsitheacht agus inléiritheacht tacar sonraí, agus maoirseacht leanúnach dhaonna; á chur i bhfáth nach mór, le dearadh córas atá bunaithe ar an intleacht shaorga, aghaidh a thabhairt ar an riosca go ndéanfar acmhainní a leithdháileadh go mícheart ar dhaoine aonair bunaithe ar chatagóiriú lochtach nó claonta, teicneolaíocht tosaíochta nó teicneolaíocht mhífheidhmiúil, as a n-eascraíonn mídhiagnóis, drochíde nó gan cóireáil a dhéanamh ar chor ar bith; á chreidiúint gur cheart feidhm a bheith ag na caighdeáin eiticiúla is airde maidir le gach feidhm cúraim sláinte agus gur cheart rialacha eiticiúla a bhunú ag céim an-luath ina bhforbairt agus ina ndearadh, i.e. eitic trí dhearadh; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh baol a bheith ann d’fholláine agus do chearta bunúsacha na n-othar leis an gcinnteoireacht uathoibrithe in iarratais cúraim sláinte agus á chur i bhfáth nach mór, dá bhrí sin, ról tacaíochta a bheith ag IS sa chúram sláinte, agus gur cheart maoirseacht ghairmiúil ar an duine a choimeád i gcónaí; á iarraidh go gcaomhnódh IS i ndiagnóis leighis i gcórais sláinte poiblí an caidreamh idir dochtúir an othair agus a bheith comhsheasmhach leis an mionn Hipeacraitéach i gcónaí; ag tabhairt dá haire, áfach, go gcuireann IS feabhas ar chruinneas an scagtha agus go bhfuil diagnóisí IS ag feidhmiú níos fearr cheanqa féin ná diagnóisí na ndochtúirí i roinnt cásanna; á chur in iúl go bhfeictear di nach dtugann na creataí dliteanais atá ann cheana deimhneacht dhlíthiúil leordhóthanach agus nach gcumhdaíonn siad ceart na n-othar chun sásaimh dhlíthiúil i gcás ina ndeantar mídhiagnóis agus cóireáil mhícheart trí intleacht shaorga; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an togra reachtach maidir le dliteanas IS; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tábhachtach gairmithe sláinte mar úsáideoirí córais intleachta saorga a chosaint, chomh maith le hothair mar fhaighteoirí deiridh, agus faisnéis leordhóthanach agus thrédhearcach a chur ar fáil dóibh;

23.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil réitigh IS-bhunaithe á n-úsáid nó á dtástáil cheana féin i suímh chliniciúla agus é mar aidhm leo tacú le diagnóis, le prognóis, le cóireáil agus le rannpháirtíocht na n-othar, agus ar an gcaoi sin dlús a chur leis an gcóireáil agus feabhas a chur uirthi agus idirghabhálacha nach bhfuil gá leo a laghdú; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur féidir le hintleacht shaorga feabhas a chur ar leigheas pearsantaithe agus ar chúram othar; ag tabhairt dá haire go gcumhdaítear raon leathan réimsí sláinte faoi láthair leis an intleacht shaorga, lena n-áirítear sláinte phoiblí, seirbhísí cúraim, féinchúram agus córais sláinte; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag na sonraí; á chur in iúl go bhfeictear di go bhfuil feidhmchláir a bhfuil gealladh fúthu le haghaidh IS chun faisnéis a asbhaint as íomhánna agus as feistí leighis eile chun bonn eolais a chur faoi anailís iartheachtach agus ag tabhairt dá haire gur féidir le halgartaim domhainfhoghlama léim chainníochtúil a bhaint amach i dtascanna cliniciúla éagsúla;

24.

á thabhairt chun suntais gur féidir teicneolaíochtaí intleachta saorga a chur i bhfeidhm maidir le taighde, forbairt agus olltáirgeadh cógas agus go bhfuil sé d’acmhainn acu dlús a chur le forbairt drugaí, cóireálacha agus vacsaíní nua ar chostas níos ísle; á chur in iúl go bhfeictear di gur féidir le IS cabhrú chun toradh na bhfreagairtí ar chóireálacha a thuar agus gur féidir léi cur ar chumas dochtúirí straitéisí teiripeacha a choigeartú i gcomhréir le saintréithe géiniteacha nó fiseolaíocha aonair le leibhéil chruinnis mhéadaitheacha nuair atá siad bunaithe ar shonraí ardcháilíochta agus ar thoimhdí fónta, rud a mhéadaíonn éifeachtacht an chúraim choiscthigh, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais eiticiúla uile maidir le maoirseacht ghairmiúil ar bhailíochtú cliniciúil, príobháideachas, cosaint sonraí agus toiliú feasach; ag tabhairt dá haire gur féidir anailís a dhéanamh ar mhórshonraí sláinte le cúnamh IS chun dlús a chur le próiseáil na sonraí sin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh an ríomhaireacht ardfheidhmíochta idir-inoibritheach leis an intleacht shaorga, mar go mbraitheann mórearnálacha eacnamaíocha, lena n-áirítear monaraíocht, sláinte agus cógaisíocht, ar ríomhaireacht ardfheidhmíochta;

25.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag réitigh IS-bhunaithe cóireálacha agus forbairt drugaí a chur in oiriúint do riachtanais shonracha na n-othar agus feabhas a chur ar an rannpháirtíocht le geallsealbhóirí agus le rannpháirtithe sa chóras cúraim sláinte; á chur in iúl go bhfeictear di go dtacaíonn IS agus rochtain ar thacair sonraí ábhartha, nuashonraithe agus ionadaíocha, a bhfuil anaithnidiú agus cáilíocht ard acu, i gcomhréir le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, le gairmithe cúraim sláinte chun cabhrú leo cúram níos fearr a chur ar fáil dá n-othair agus aiseolas, treoir agus tacaíocht níos pearsanta a chur ar fáil, sábháilteacht othar a chur chun cinn agus teiripe a dhéanamh níos éifeachtaí; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé sin a bheith an-úsáideach ó thaobh an chorpais eolais eolaíoch atá ag dul i méid a roghnú agus a athbhreithniú ar mhaithe le léargais ábhartha a bhaint amach do ghairmithe sláinte; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh saoránaigh ó na Ballstáit go léir in ann a sonraí sláinte a roinnt lena rogha soláthraithe cúraim sláinte agus húdaráis; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, gur gá dreasachtaí a chruthú don uas-sciliú, athoiliúint agus seach-sciliú d’oibrithe i ngairmeacha sláinte;

26.

á chur in iúl go bhfeictear di go bhfuil dlús curtha ag an gcomhrac i gcoinne COVID-19 le taighde ar theicneolaíochtaí nua agus le cur in úsáid teicneolaíochtaí nua, go háirithe feidhmeanna IS, ar mhaithe le feabhas a chur ar bhrath cásanna, ar chúram cliniciúil agus ar thaighde teiripeach, agus gur leagadh béim ar úsáideacht na hintleachta saorga chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le cistiú agus sonraí ardcháilíochta chun faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar leathadh ráigeanna galar tógálach agus chun leathadh ráigeanna galar tógálach a shamhaltú, i gcomhréir leis an dlí maidir le cosaint sonraí; ag tabhairt dá haire, áfach, gur léiríodh leis an taithí a fuarthas ar fheidhmchláir IS le linn COVID-19 roinnt de na teorainneacha atá le húsáid na hintleachta saorga i diagnóisic leighis (26);

27.

á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht ag baint le córais intleachta saorga chun an t-ualach ar chórais sláinte agus ar ghairmithe sláinte a laghdú go háirithe agus chun cur le réitigh chun cúram a chur ar fáil do phobail atá ag dul in aois go tapa san Eoraip agus sa domhan agus iad a chosaint ar ghalair chontúirteacha;

28.

á thabhairt chun suntais gur féidir an-chuid ama a spáráil ar oibrithe cúraim sláinte a d’fhéadfaí a chaitheamh ar chuairteanna othar trí fheidhmchláir intleachta saorga atá sábháilte agus éifeachtúil a úsáid le haghaidh cúraimí riaracháin nach gá n-éilíonn gníomhaíocht dhaonna;

29.

á chur i bhfáth gur féidir le feidhmchláir sláinte tomhaltóirí atá bunaithe ar IS cabhrú le stádas sláinte an duine aonair a rianú trí ghnáthghléasanna amhail fóin chliste, lena gceadaítear d’úsáideoirí sonraí a sholáthar dá ndeoin féin a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn le luathrabhaidh agus le foláirimh maidir le tinnis a d’fhéadfadh a bheith bagrach don bheatha amhail strócanna nó stadanna cairdiacha; á chur i bhfáth go bhféadfaí, le feidhmchláir sláinte atá bunaithe ar IS, iompar sláintiúil a spreagadh freisin agus féinchúram freagrach a chumhachtú do dhaoine aonair trí mhodhanna breise a thabhairt d’othair chun faireachán a dhéanamh ar a sláinte féin agus ar a stíl mhaireachtála féin agus trí fheabhas a chur ar chruinneas an scagtha a dhéanann gairmithe cúraim sláinte; á chur i bhfios, áfach, go bhfuil íogaireacht ar leith ag baint le sonraí pearsanta sláinte agus go bhfuil baol ina leith go ndéanfaí sonraí a shárú nó mí-úsáid a bhaint astu, agus á chur i bhfios go láidir gur gá caighdeáin láidre chibearshlándála a chur i bhfeidhm maidir le feidhmchlár sláinte ar bith;

30.

á chur i bhfáth go bhfuil IS san earnáil sláinte ag brath go háirithe ar mhéideanna móra sonraí pearsanta, ar chomhroinnt sonraí, ar sonraí ar ardchaighdeán, ar inrochtaineacht sonraí agus ar idir-inoibritheacht sonraí chun acmhainneacht iomlán IS agus sláinte a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá nascadh taifead leictreonach sláinte le ríomhchórais um ordú oideas a éascú chun lamháil do ghairmithe sláinte a bhfuil baint acu le cúram othar rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá faoin othar, faoi réir a thoiliú nó a toiliú a fháil;

31.

á chur in iúl gur díol sásaimh di spás Eorpach sonraí sláinte a chruthú chun sonraí ar chaighdeán an-ard a thógáil lena n-úsáid in earnáil na sláinte; á mheas go n-áiritheofaí, le hidirnascadh agus idir-inoibritheacht an bhonneagair ríomhaireachta ardfheidhmíochta leis an spás Eorpach sonraí sláinte, go mbeadh tacair mhóra sonraí sláinte ar ardchaighdeán ar fáil, ar tacair iad atá tábhachtach maidir le taighde a dhéanamh ar phaiteolaíochtaí agus cóireáil a dhéanamh orthu, go háirithe galair neamhchoitianta agus riochtaí péidiatraiceacha;

32.

á chur i bhfáth gur gá muinín a chothú trí idir-inoibritheacht agus tuilleadh comhoibrithe a chur chun cinn idir gairmithe éagsúla cúraim sláinte a fhónann do na hothair chéanna; á chur i bhfáth gur gá oiliúint a chur ar fáil do ghairmithe cúraim sláinte maidir le teicnící agus cuir chuige IS; á chur i bhfáth gur gá mímhuinín a chomhrac, amhail trí leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an anaithnidithe sonraí agus an bhréagainmnaithe, agus saoránaigh, gairmithe sláinte agus cinnteoirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir leis na húsáidí, na tairbhí agus na rioscaí a bhaineann le IS i réimse na sláinte, chomh maith le forbróirí IS a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi na dúshláin agus na rioscaí a bhaineann le próiseáil sonraí íogaire sa réimse sin;

33.

á chreidiúint, ina theannta sin, go bhfuil gá le caighdeáin eiticiúla agus dlíthiúla atá ceangailteach agus láidir agus le cearta in-fhorfheidhmithe sásaimh chun éiceachóras muiníne a chur chun cinn i measc saoránach agus chun sonraí sláinte a chosaint go leormhaith ar mhí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar rochtain neamhdhleathach; ag aontú leis an gCoimisiún gur cheart go mbeadh rochtain shlán ag saoránaigh ar thaifead leictreonach cuimsitheach sonraí a bhaineann lena sláinte agus gur cheart go gcoinneodh siad smacht ar shonraí pearsanta a bhaineann lena sláinte agus go mbeadh siad in ann iad a roinnt go slán, agus cosaint éifeachtach do sonraí pearsanta agus cibearshlándáil láidir ann, le tríú páirtithe údaraithe; á thabhairt chun suntais gur cheart rochtain neamhúdaraithe agus scaipeadh neamhúdaraithe a thoirmeasc agus nach mór cosaint sonraí pearsanta othar a ráthú i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí;

34.

á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go bhfuil baol ann go ndéanfaí cinntí claonta as a n-eascródh idirdhealú agus sáruithe ar chearta an duine; á chur i bhfáth gur gá, dá bhrí sin, le seiceálacha neamhchlaonta a dhéanamh ar na halgartaim agus ar na tacair sonraí a úsáidtear, agus le tuilleadh taighde ar na modhanna agus ar an laofacht atá leabaithe i gcórais IS oilte a chur chun cinn chun conclúidí neamheiticiúla agus idirdhealaitheacha a sheachaint i réimse na sonraí maidir le sláinte an duine;

35.

á chur i bhfáth gur gá RGCS a chur i bhfeidhm go héifeachtúil agus go haonfhoirmeach ar fud AE chun dúshláin amhail éiginnteacht dhlíthiúil agus easpa comhair in earnáil na sláinte a shárú; á chur i bhfáth go mbíonn moill ar fhionnachtana eolaíocha agus ualach maorlathach ar thaighde sláinte mar thoradh ar na dúshláin sin i gcásanna áirithe; á chur i bhfáth go bhféadfaí comhar a mhéadú agus comhroinnt sonraí a spreagadh don taighde agus don nuálaíocht in earnáil sláinte na hEorpa dá gcruthófaí spás Eorpach shonraí sláinte lena ráthófaí cearta othar agus iniomparthacht sonraí;

36.

ag tabhairt dá haire gur féidir le IS rannchuidiú le dul chun cinn tapa na dteicneolaíochtaí nua, amhail íomháú inchinne, a bhfuil feidhmeanna tábhachtacha acu cheana féin sa leigheas ach lena mbaineann rioscaí suntasacha don ghníomhú daonna agus do léiriú ceart bunúsach gan gá toiliú a éileamh; a chur in iúl gur cúis imní di an easpa reachtaíochta maidir le sonraí néareolaíocha agus á chreidiúint gur cheart do AE gach iarracht a dhéanamh a bheith ina cheannaire domhanda maidir le teicneolaíochtaí sábháilte néareolaíocha a fhorbairt;

(b)   IS agus an Comhaontú Glas

37.

á thabhairt chun suntais gurb iad Eoraip atá oiriúnach don ré dhigiteach agus an Comhaontú Glas an dá phríomhthosaíocht atá ag an gCoimisiún do na blianta atá le teacht; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go rannchuideoidh an t-aistriú digiteach leis an bhforbairt inbhuanaithe a bhaint amach agus go gcuirfear an t-aistriú glas chun cinn; á mheas go n-éilítear leis sin dlús a chur leis an nuálaíocht atá comhoiriúnach le spriocanna aeráide agus caighdeáin chomhshaoil AE; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé go mbeadh feidhmchláir IS in ann tairbhí comhshaoil agus eacnamaíocha a bhaint amach agus cumais réamh-mheastacha a neartú, ar cumais iad féidir leo rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus le sprioc AE a bheith ar an gcéad ilchríoch a bheidh aeráidneodrach faoi 2050; á mheas go bhféadfadh úsáid IS astaíochtaí gás ceaptha teasa domhanda a laghdú suas le 4 % faoi 2030 (27); á mheas, de réir roinnt meastachán, go bhféadfadh teicneolaíochtaí TFC astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 10 n-uaire níos mó ná a lorg féin (28), ach ag aithint go n-éilítear leis sé sin roghanna deartha comhfhiosacha agus gníomhaíocht rialála; ag tabhairt rabhadh, ag an am céanna, go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag an ídiú méadaitheach fuinnimh i stóráil na dtacar mór sonraí atá ag teastáil chun córais IS a thraenáil; á mheabhrú go n-ídíonn trácht sonraí agus bonneagar TFC thart ar 7 % de leictreachas an domhain sa lá atá inniu ann, figiúr a mheastar a dtiocfaidh méadú 13 % air faoi 2030 mura gcuirfear na coimircí cearta i bhfeidhm; á chur in iúl, thairis sin, go bhféadfaidh dianúsáid amhábhar chun micreaphróiseálaithe agus feistí ardteicneolaíochta a thógáil, ar micreaphróiseálaithe agus feistí iad a bhaineann úsáid as IS, rannchuidiú leis an tionchar diúltach sin freisin; á chur i bhfios go láidir, chun lorg mór láimhe ach lorg beag coise de IS ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a ráthú, nach mór na tionchair dhiúltacha dhíreacha agus indíreacha chomhshaoil sin a chur san áireamh agus gur gá córais IS a dhearadh chun tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn, úsáid acmhainní agus ídiú fuinnimh a theorannú, oibríochtaí próiseála nach bhfuil gá leo a sheachaint agus damáiste don chomhshaol a chosc; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le faisnéis agus sonraí ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar thionchar comhshaoil earnáil TFC;

38.

á chur in iúl gur ábhar imní di nár chuir ach sé Bhallstát béim láidir ar fheidhmchláir IS ina n-iarrachtaí chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach; á mheas gur féidir IS a úsáid chun faisnéis a bhailiú agus a eagrú atá ábhartha do phleanáil comhshaoil, do chinnteoireacht agus do bhainistiú agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mbeartas comhshaoil, mar shampla maidir le haer níos glaine, ar féidir le feidhmchláir IS faireachán a dhéanamh ar thruailliú agus rabhadh a thabhairt maidir le guaiseacha; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí IS agus na réitigh dhigiteacha sin a úsáid i roinnt earnálacha chun réitigh atá tíosach ar acmhainní a mhéadú ó scála;

39.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá córais IS-bhunaithe chun cathracha agus sráidbhailte cliste a fhorbairt trí úsáid acmhainní a bharrfheabhsú agus athléimneacht bonneagair a mhéadú, lena n-áirítear trí thrácht a thuar agus a laghdú, trí bhainistiú cliste fuinnimh, trí chúnamh éigeandála agus dramhaíl, mar atá ann cheana féin i roinnt cathracha agus bardas ar fud AE; á chur i bhfáth gur féidir le réitigh IS-bhunaithe cuidiú tuilleadh le pleanáil uirbeach, ailtireacht, tógáil agus próisis innealtóireachta chun astaíochtaí, am tógála, costais agus dramhaíl a laghdú;

40.

á chur i bhfáth nach dtarlóidh an t-aistriú fuinnimh gan an digitiú; á thabhairt chun suntais, le IS, go bhféadfar faireachán, barrfheabhsú agus laghdú a dhéanamh ar thomhaltas agus táirgeadh fuinnimh, agus tacú le fuinneamh inathnuaite a chomhtháthú in eangacha leictreachais atá ann cheana freisin; á chur i bhfios go bhfuil sé d’acmhainn ag méadair chliste, soilsiú éifeachtúil, néalríomhaireacht agus bogearraí dáilte in éineacht le comhpháirt IS, patrúin úsáide fuinnimh a chlaochlú agus úsáid fhreagrach a chur chun cinn;

41.

á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le rialú uathoibrithe a mhéadú ar mhaithe le slándáil an tsoláthair fuinnimh mar thoradh ar chastacht mhéadaitheach córais aistrithe fuinnimh, ina bhfuil méadú tagtha ar ghiniúint luaineach in-athnuaite agus athruithe i mbainistiú lóid; á chur i bhfáth go bhféadfadh IS dul chun tairbhe do shlándáil an tsoláthair, go háirithe maidir le líonraí uisce, gáis agus leictreachais a oibriú, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chothabháil agus a rialú; ag tabhairt dá haire, áfach, go dtabharfar isteach le teicneolaíochtaí eangaí feabhsaithe le IS na milliúin comhpháirteanna cliste a mbeidh leochaileachtaí coiteanna acu, lena gcuirfear líon mór pointí ionsaithe féideartha leis na líonraí fuinnimh agus lena méadófar leochaileachtaí an bhonneagair chriticiúil, mura gcuirfear na forálacha iomchuí cibearshlándála i bhfeidhm; á mheas go bhfuil tuilleadh infheistíochta agus taighde de dhíth i gcás eangacha cliste;

42.

á mheas go bhfuil sé d’acmhainn ag IS agus ag feidhmchláir dhigiteacha eile le haghaidh soghluaisteachta agus iompair sreafaí tráchta a bharrfheabhsú agus an tsábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, lena n-áirítear trí éifeachtúlacht na gcóras iompair a mhéadú; á chur i bhfios gur féidir le IS eolas a chur ar fáil do dhearadh agus do bhainistiú fuinnimh feithiclí atá tíosach ar fhuinneamh; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú suntasach tagtha ar na roghanna maidir le seirbhísí síbe aipbhunaithe, roinnt síob agus roinnt carranna agus go n-úsáidtear IS go minic sna seirbhísí soghluaisteachta sin trí phleanáil éifeachtúil bealaigh agus trí phointí bailithe a roghnú;

43.

á chreidiúint gur féidir ról claochlaitheach a bheith ag IS in earnáil na talmhaíochta, ag tacú le teacht chun cinn modhanna nua buainte, lena n-áirítear buaint a thuar agus acmhainní talmhaíochta a bhainistiú; á chur i bhfáth gur earnáil ríthábhachtach í an talmhaíocht inar féidir le IS astaíochtaí agus úsáid lotnaidicídí, leasachán, ceimiceán agus uisce a laghdú trína n-úsáid a dhíriú ar an méid beacht agus i limistéar níos cúinge; á chur i bhfáth, thairis sin, gur féidir le IS rannchuidiú le hathbhunú na bithéagsúlachta trí fhaireachán a dhéanamh ar speicis atá i mbaol nó trí ghníomhaíochtaí dífhoraoisithe a rianú; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le treoirlínte imlonnaithe agus modheolaíochtaí measúnaithe caighdeánaithe a fhorbairt chun tacú le “IS glas” i réimsí amhail eangacha cliste, feirmeoireacht bheacht, cathracha cliste agus inbhuanaithe, agus i bpobail; á chur in iúl go bhfuil sí tuairim go bhfuil sé d’acmhainn ag IS, i bhfoirm na feirmeoireachta beaichte, táirgeadh bia ar an bhfeirm chomh maith le bainistíocht níos leithne talún a bharrfheabhsú trí phleanáil úsáide talún a fheabhsú, athruithe san úsáid talún a thuar agus faireachán a dhéanamh ar shláinte barr, agus go bhfuil sé d’acmhainn aige claochlú a dhéanamh ar theagmhais adhaimsire a thuar;

44.

á chur i bhfáth gur féidir le IS rannchuidiú leis an ngeilleagar ciorclach trí phróisis táirgthe, tomhaltais agus athchúrsála agus iompraíocht a dhéanamh níos tíosaí ar acmhainní agus trí thrédhearcacht úsáide ábhair a mhéadú, mar shampla maidir le foinsiú eiticiúil amhábhar agus dramhaíl laghdaithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’acmhainn ag IS an tuiscint atá ag gnólachtaí ar a n-astaíochtaí, lena n-áirítear i slabhraí luacha, a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, cuidiú leo a spriocanna aonair astaíochtaí a choigeartú agus a bhaint amach; á cur i bhfios go láidir gur féidir le huirlisí digiteacha cabhrú le gnólachtaí na céimeanna riachtanacha a chur chun feidhme i dtreo iompraíocht níos inbhuanaithe, go háirithe FBManna a bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní acu é sin a dhéanamh murach sin;

45.

á thabhairt chun suntais nach féidir IS a úsáid faoi láthair chun an tionchar ar an gcomhshaol a thomhas go hiomlán; á mheas go bhfuil gá le níos mó staidéar a dhéanamh ar ról IS i ndáil le tionchar ar an gcomhshaol a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le níos mó sonraí maidir leis an gcomhshaol chun léargas breise a fháil agus tuilleadh dul chun cinn a spreagadh trí réitigh IS; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí a áirithiú, trí IS a úsáid chun sonraí maidir le hastaíochtaí CO2 a nascadh go córasach le sonraí maidir le patrúin táirgthe agus tomhaltais, le slabhraí soláthair agus le bealaí lóistíochta, go mbraithfear gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar dearfach nó diúltach acu;

(c)   Beartas seachtrach agus an ghné slándála de IS

46.

á athdhearbhú go bhfuil AE ag iarraidh teacht ar chomhaontú domhanda maidir le comhchaighdeáin chun leas freagrach a bhaint as IS, rud atá fíorthábhachtach; á chreidiúint, ar bhonn prionsabail áfach, go bhfuil sé d’acmhainn ag daonlathais den dearcadh céanna oibriú le chéile chun an díospóireacht idirnáisiúnta maidir le creat IS a mhúnlú go comhpháirteach ar bhealach a ndéanann cearta an duine agus an smacht reachta a urramú, chun oibriú le chéile i dtreo noirm agus prionsabail chomhchoiteanna áirithe, caighdeáin theicniúla agus eiticiúla, agus treoirlínte maidir le hiompar freagrach stáit, go háirithe faoi scáth eagraíochtaí idir-rialtasacha amhail na Náisiúin Aontaithe agus ECFE, agus ar an gcaoi sin an t-iltaobhachas, an fhorbairt inbhuanaithe, an idir-inoibritheacht agus comhroinnt sonraí a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta; ag tacú leis an obair atá á déanamh ag Meitheal Oscailte na Náisiún Aontaithe maidir le TFC agus slándáil idirnáisiúnta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearta cothaithe muiníne bunriachtanach chun leibhéal an idirphlé agus na muiníne a mhéadú; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh níos mó trédhearcachta i dtaobh úsáid IS chun cuntasacht níos fearr a áirithiú;

47.

á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscnaimh iltaobhacha a rinneadh le déanaí chun treoirlínte agus caighdeáin a fhorbairt d’úsáid IS a bheidh freagrach ó thaobh eitice de, amhail prionsabail ECFE maidir le IS, an Chomhpháirtíocht Dhomhanda maidir le IS, moladh UNESCO maidir le heitic IS, Cruinniú Mullaigh Domhanda “AI for Good”, moltaí Chomhairle na hEorpa le haghaidh creat dlíthiúil a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le IS, agus treoir bheartais UNICEF maidir le IS do leanaí; á chur in iúl gur díol sásaimh di an obair atá á déanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le caighdeáin IS agus an dul chun cinn atá déanta leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú maidir le himpleachtaí rialachais IS;

48.

á chur in iúl gur díol sásaimh di, thairis sin, bunú agus oibríochtú na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe; ag moladh an toraidh a bhí ar chéad chruinniú na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta in Pittsburgh; á mheas gur fóram féideartha é an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta le haghaidh comhordú domhanda idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe chun rialacha domhanda maidir le IS agus caighdeáin dhomhanda theicneolaíocha a chosnaíonn ár gcomhluachanna a leagan síos, chun borradh a chur faoi infheistíocht chomhpháirteach, taighde comhpháirteach agus forbairt chomhpháirteach, agus chun comhordú polaitiúil níos dlúithe a dhéanamh in institiúidí idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an teicneolaíocht agus le IS;

49.

á thabhairt chun suntais gur féidir le AE ról lárnach a imirt i dtaobh caighdeáin dhomhanda a leagan síos, mar an chéad bhloc ar domhan chun reachtaíocht maidir le IS a thabhairt isteach; á chur i bhfáth go bhféadfadh creat dlíthiúil an Aontais maidir le IS an Eoraip a chur ar thús cadhnaíochta san earnáil agus gur cheart, dá bhrí sin, é a chur chun cinn ar fud an domhain trí oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta uile agus, ag an am céanna, leanúint den idirphlé criticiúil agus eitic-bhunaithe le tríú tíortha a bhfuil samhlacha agus caighdeáin rialachais malartacha acu maidir le IS;

50.

á thabhairt dá haire go bhfuil caighdeáin agus comhaontuithe comhair sínithe ag Rialtas na Síne le 52 thír trína Tionscnamh Creasa agus Bóthair; ag tabhairt rabhadh, ós rud é nach bhfuil roinnt de na caighdeáin sin, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí IS agus go háirithe i ndáil le faireachas rialtais agus saoirsí aonair, ag teacht le cearta an duine agus le luachanna AE, gur dúshlán don Aontas é gníomhaíochas caighdeán na Síne;

51.

á chur i bhfáth go mbaineann rioscaí suntasacha le teicneolaíochtaí IS, go háirithe teicneolaíochtaí nár dearadh agus nár forbraíodh iad leis na nósanna imeachta rialaithe sainráite atá i bhfeidhm agus a úsáidtear go míchuí agus gan formhaoirseacht a dhéanamh orthu in ionaid ceannais mhíleata nó i saoráidí lainseála diúracán, agus go bhféadfadh siad coinbhleacht chómhalartach uathoibrithe a ghéarú;

52.

ag tabhairt dá haire go meastar gur deis chinniúnach in oibríochtaí míleata é córais IS a úsáid i bhforbairtí a bhaineann leis an gcosaint trí anailís a dhéanamh ar shonraí, an cumas tuilleadh castachta suímh a léiriú, an fhéidearthacht cruinneas maidir le targaidí a fheabhsú, an lóistíocht a bharrfheabhsú agus dul i mbun coinbhleachtaí armtha le riosca laghdaithe go ndéanfaí díobháil fhisiciúil do phobail shibhialtacha agus do phearsanra míleata féin, chomh maith le sonraí a úsáid chun modhanna gníomhaíochta a fhorbairt amhail cluichí cogaíochta; ag tabhairt rabhadh, áfach, go bhféadfadh tairseach níos ísle d’úsáid fornirt agus, dá bhrí sin, níos mó coinbhleachtaí a bheith mar thoradh air sin; á dhearbhú nach féidir le meaisíní cinntí daonna a dhéanamh a bhaineann le prionsabail dhlíthiúla an idirdhealaithe, na comhréireachta agus an réamhchúraim; á dhearbhú gur cheart daoine a choinneáil i gceannas ar an gcinneadh airm a imlonnú agus a úsáid agus a choinneáil freagrach as fórsa marfach a úsáid agus as cinntí idir beatha agus bás; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart córais arm IS-bhunaithe a bheith faoi réir caighdeán domhanda agus faoi réir cód iompair eiticiúil idirnáisiúnta mar thaca le himlonnú teicneolaíochtaí IS in oibríochtaí míleata, agus lán-urraim a thabhairt don dlí daonnúil idirnáisiúnta agus donn dlí um chearta an duine agus i gcomhréir le dlí agus luachanna an Aontais;

53.

á chur in iúl gur cúis imní di an taighde míleata agus na forbairtí teicneolaíocha atá á saothrú i roinnt tíortha maidir le córais arm uathrialach marfach nach bhfuil aon rialú fónta ag an duine orthu; ag tabhairt dá haire go bhfuil córais arm uathrialach marfach in úsáid cheana féin i gcoinbhleachtaí míleata; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile go gcuirfí toirmeasc idirnáisiúnta ar fhorbairt, táirgeadh agus úsáid córas arm uathrialach marfach agus go gcuirfí tús le caibidlíocht éifeachtach maidir lena dtoirmeasc; á chur i bhfios nach féidir a cheadú i gcás ar bith córais atá cumasaithe do IS a chur in ionad na cinnteoireachta daonna a bhaineann le prionsabail dhlíthiúla an idirdhealaithe, na comhréireachta agus an réamhchúraim;

54.

ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint le teicneolaíocht IS mar mhodh cineálacha éagsúla cogaíochta hibridí agus trasnaíocht eachtrach a shaothrú; ag sonrú go bhféadfaí í a shlógadh, mar shampla, chun bréagaisnéis a spreagadh, trí róbait nó cuntais bhréige sna meáin shóisialta a úsáid, chun idirthuilleamaíocht a úsáid mar arm, trí fhaisnéis luachmhar a bhailiú nó rochtain ar líonra a dhiúltú do choimhlinteoirí, chun suaitheadh a chruthú i gcórais eacnamaíocha agus airgeadais tíortha eile, chun an díospóireacht pholaitiúil a thruailliú agus chun buntáiste a thabhairt do ghrúpaí antoisceacha, nó chun toghcháin a chúbláil chun daonlathais a dhíchobhsú;

55.

á thabhairt chun suntais go bhféadfaí a áireamh freisin ar theicneolaíochtaí IS bogearraí mailíseacha cumhachtaithe ag IS, bradaíl aitheantais, nimhiú sonraí nó cineálacha eile meaisínfhoghlama sáraíochta atá ina gcúis le córais eile IS ionchur a mhíthuiscint; á thabhairt le fios, go háirithe, go bhfuil méadú tagtha i ndomhainbhrionnuithe, nach gá cibirionsaithe a bheith iontu ach a mbíonn amhras faoi bharántúlacht an ábhair dhigitigh ar fad mar thoradh orthu, lena n-áirítear físeáin, agus dá bhrí sin, nach mór aird ar leith a thabhairt orthu ó thaobh ceanglais trédhearcachta de; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh domhainbhrionnuithe cur le timpeallacht leathan mímhuiníne poiblí in IS, chomh maith le deighilt shochpholaitiúil níos doimhne laistigh dár sochaithe;

56.

ag léiriú gur cruthaíodh leochaileachtaí nua lena n-éilítear bearta láidre cibearshlándála chun bagairtí a chosc trí úsáid a bhaint as córais IS i líon suntasach de phríomhbhonneagar criticiúil amhail eangacha fuinnimh agus iompair, an earnáil spáis, an slabhra bia, bonneagar baincéireachta agus airgeadais, agus saoráidí ospidéil; á thabhairt le fios, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá comhar agus comhroinnt faisnéise agus gníomhaíocht ar leibhéal AE agus i measc na mBallstát araon; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé athléimneacht na n-eintiteas criticiúil i leith bagairtí hibrideacha a chothú;

57.

ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh rioscaí slándála a bheith ag baint le cumais IS freisin, ós rud é go bhféadfadh siad a bheith ina gcúis le muinín a bheith ag daoine astu sa chaoi is go mbeadh níos mó muiníne acu astu ná as a mbreithiúnas féin; ag tabhairt dá haire nach bhfuil sé indéanta i ngach cás cur chuige an duine i mbun idirghabhála a úsáid mar shásra ceartaitheach; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé léirithe le turgnaimh gur féidir leis sin leibhéal uathrialach IS a mhéadú thar an ról tacaíochta dar dearadh é ar dtús agus go gciallaíonn sé go gcailleann daoine deiseanna taithí a fháil agus a gcuid scileanna agus a gcuid eolais ar chórais IS a bheachtú; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le sábháilteacht trí dhearadh agus formhaoirseacht fhónta dhaonna bunaithe ar oiliúint iomchuí chomh maith le coimircí iomchuí slándála agus príobháideachta i gcórais IS ardriosca chun an claonadh uathoibrithe sin a shárú;

58.

á thabhairt chun suntais, áfach, gur féidir IS a úsáid chun cliseadh cumhachta a thuar agus riachtanais chothabhála a shainaithint, agus é cruinn go maith; ag sonrú, ina theannta sin, gur féidir é a úsáid chun méideanna móra sonraí a shintéisiú trí asbhaint uathoibrithe faisnéise nó trí aicmiú uathoibrithe faisnéise, agus chun patrúin shonracha a bhrath; á chur i bhfáth go lamhálfaí, leis na gnéithe sin, tuar agus measúnú níos fearr a dhéanamh ar leibhéal na bagartha agus ar leochaileachtaí córais, próisis chinnteoireachta níos tapa, imoibríocht fheabhsaithe agus feistí críochphointe a dhaingniú ar bhealach níos éifeachtaí;

59.

á chur i bhfios go láidir, go háirithe, an acmhainneacht bhunúsach a bhaineann le cur ar chumas gníomhaireachtaí forfheidhmithe an dlí gníomhaíocht choiriúil a shainaithint agus a chomhrac le cabhair ó theicneolaíocht IS; á chur i bhfios go láidir go n-éilítear áfach, le gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí den sórt sin a bhaineann le IS, lán-urraim a thabhairt do chearta bunúsacha, formhaoirseacht dhocht dhaonlathach, rialacha soiléire trédhearcachta, bonneagar cumhachtach TF, formhaoirseacht dhaonna, fostaithe ardoilte agus rochtain ar shonraí ábhartha ardcháilíochta;

(d)   IS agus iomaíochas

60.

ag tabhairt dá haire go mbeidh níos mó agus níos mó táirgí agus seirbhísí feadh an tslabhra luacha idirnasctha go luath amach anseo, agus go mbeidh ról tábhachtach ag IS agus ag uathoibriú in go leor próiseas monaraíochta, oibríochtaí agus samhlacha gnó; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá taighde bunúsach chun éiceachórais thionsclaíocha IS a fhorbairt chomh maith le hinfheistíocht shuntasach chun riarachán poiblí digiteach a chur chun cinn agus chun bonneagar digiteach a uasghrádú;

61.

ag tabhairt á haire, in ainneoin an mhéadaithe shuntasaigh atá tagtha ar chaipiteal fiontair agus ar mhaoiniú luathchéime eile le dhá bhliain anuas, go bhfuil go leor tionscal na hEorpa tite ar gcúl agus gur neamhleor fós na leibhéil mhaoinithe atá ann faoi láthair in AE agus gur cheart iad a mhéadú go suntasach chun teacht le dinimiceas éiceachórais IS tosaigh amhail Silicon Valley agus áiteanna eile; ag cur béim ar an struchtúr líonra braislí ar leith atá ag éiceachóras nuálaíochta AE, seachas éiceachórais nuálaíochta láraithe (a fhaigheann tacaíocht ón stát);

62.

á chur i bhfios go láidir gur féidir le IS a bheith ina dheis chinniúnach d’iomaíochas thionscal AE agus go bhfuil sé d’acmhainn aige táirgiúlacht a mhéadú, dlús a chur leis an nuálaíocht, próisis mhonaraíochta a fheabhsú agus cuidiú le faireachán a dhéanamh ar athléimneacht shlabhraí soláthair na hEorpa;

63.

á thabhairt le fios go bhfuil an baol ann go gcuirfí isteach ar shlabhraí soláthair mar gheall ar dhíchúpláil eacnamaíoch nó teagmhais thubaisteacha amhail paindéimí nó feiniméin a bhaineann leis an athrú aeráide; á chur i bhfáth gur féidir, trí IS a úsáid, cabhrú le patrúin suaite i slabhraí soláthair a bhrath agus cothabháil réamh-mheastach a chur ar an eolas fúthu, rud a d’fhéadfadh tacú le héagsúlú soláthróirí;

64.

ag tabhairt dá haire gur minic a fuair cuideachtaí a thionscain cur isteach digiteach gnóthachain shuntasacha i sciar den mhargadh; ag tabhairt dá haire go léirítear i staidéir a rinneadh le déanaí gur dócha go dtarlóidh an patrún sin arís agus é níos déine fiú ós rud é gur minic a bhailíonn cuideachtaí a ghlacann IS méideanna móra sonraí, rud a chuireann feabhas ar a seasamh iomaíoch; á chur in iúl gur cúis imní di na rioscaí a bhaineann le comhchruinniú margaidh chun dochair FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta mar thoradh air sin;

65.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an dearcadh sin ina chúis imní go háirithe ós rud é gur dócha go mbeidh ceannas ar theicneolaíochtaí IS ag na cuideachtaí teicneolaíochta is mó atá ann cheana, ar geatóirí chuig margaí iad, agus an chuid is mó den luach a ghintear á fháil acu ag an am céanna; á chur i bhfáth, ós rud é gurb iad na sonraí a bhailítear ó na cuideachtaí teicneolaíochta móra céanna a chuireann earnáil IS chun cinn den chuid is mó, ar cuideachtaí iad a thairgeann rochtain d’úsáideoirí ar sheirbhísí mar mhalairt ar shonraí agus ar nochtadh d’fhógraí spriocdhírithe, gur dócha go mbeidh an ceannas margaidh atá acu cheana ina spreagthóir ann féin do thuilleadh ceannais margaidh; á chur i bhfios go bhfuil ceanncheathrú go leor de na cuideachtaí teicneolaíochta sin lasmuigh de AE, ach fós go n-éiríonn leo an luach a ghintear trí shonraí faoi chustaiméirí Eorpacha a ghabháil, agus ar an gcaoi sin go bhfuil buntáiste iomaíoch á bhaint amach acu;

66.

á chur in iúl gur díol sásaimh an teachtaireacht a tháinig ón gCoimisiún le déanaí ina n-iarrtar go dtabharfaí na rialacha iomaíochta cothrom le dáta chun iad a chur in oiriúint don ré dhigiteach (29) agus á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag bearta ex ante, lena n-áirítear an Ionstraim um Margaí Digiteacha a bheidh ann amach anseo, i dtaobh comhchruinniú a fhrithchothromú sula dtiocfaidh sé chun cinn; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, gur féidir ról a bheith ag an gcomhar caighdeánaithe agus rialála maidir le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin, trí fhorbairt dhomhanda táirgí agus seirbhísí a éascú beag beann ar a suíomh fisiciúil;

67.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach á imirt ag FBManna agus ag gnólachtaí nuathionscanta maidir le teicneolaíochtaí IS a thabhairt isteach go dtí AE mar gurb ionann iad agus formhór na gcuideachtaí uile agus gur foinse ríthábhachtach nuálaíochta iad; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil bacainní suntasacha maidir le fás ar fud na hEorpa roimh ghnólachtaí nuathionscanta IS a bhfuil gealladh fúthu de dheasca margadh aonair digiteach neamhiomlán agus éagsúlacht rialála i roinnt mhaith Ballstát, nó, nuair a thagann méadú orthu, go bhfaigheann cuideachtaí móra teicneolaíochta iad; á chur in iúl gurb oth léi gur minic a bhíonn easpa maoinithe, nósanna imeachta casta riaracháin agus easpa scileanna leormhaithe agus easpa rochtain ar fhaisnéis ag FBManna; ag tabhairt dá haire gur cheadaigh údaráis iomaíochta AE an chuid is mó de tháthcheangail eachtracha de chuideachtaí Eorpacha um IS agus róbataic san am a chuaigh thart;

68.

á chur i bhfáth go bhféadfaí fadhbanna go hiomlán nua a bhaineann go sonrach le IS a chruthú laistigh den mhargadh aonair trí úsáid dhian a bhaint as algartaim, e.g. chun praghsanna a shocrú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé a bheith deacair, mar shampla, d’údaráis in aghaidh trustaí claonpháirteachas praghsanna a chruthú idir córais socraithe praghsanna atá faoi stiúir IS; á chur in iúl, thairis sin, go bhféadfadh an líon beag soláthraithe IS atá rannpháirteach cheana féin i dtrádáil stoc a bheith ina riosca sistéamach do na margaí airgeadais, lena n-áirítear trí chlaonpháirteachas; á chur i bhfáth gur féidir le claonpháirteachas algartamach a bheith an-deacair a shainaithint, ós rud é nach gá do chórais atá bunaithe ar IS cumarsáid a dhéanamh le chéile ar an mbealach céanna ina ndéanann daoine maidir le cleachtais chlaonpháirteacha, rud ar féidir leis a bheith dodhéanta intinn chlaonpháirteach a chruthú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil riosca ag baint leis sin do chobhsaíocht an mhargaidh agus gur gá do AE agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta straitéisí agus uirlisí iomchuí a fhorbairt; á thabhairt chun suntais, ina theannta sin, go bhfuil riosca sistéamach ann do na margaí airgeadais mar thoradh ar úsáid fhorleathan samhlacha agus córais trádála algartamacha gan aon idirghníomhaíocht dhaonna, ar nithe iad a chuir go mór le gluaiseachtaí margaidh san am a chuaigh thart, agus ar dócha go ndéanfaidh siad amhlaidh arís amach anseo;

69.

ag tabhairt dá haire go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil ag roinnt mhaith cuideachtaí IS laistigh de AE faoi láthair maidir leis an gcaoi ar féidir leo a gcuid táirgí agus seirbhísí a fhorbairt ar bhealach muiníneach mar thoradh ar chonstaicí maorlathacha, forluí idir reachtaíocht earnáil-shonrach atá ann cheana agus an easpa caighdeáin agus noirm seanbhunaithe IS;

70.

á thabhairt chun suntais go bhfuil dúshlán ann do chuideachtaí IS ó thaobh rialú cáilíochta agus cosaint tomhaltóirí de; á chinneadh go bhfuil trédhearcacht agus iontaofacht bunriachtanach chun a áirithiú go mbeidh buntáiste iomaíoch ag cuideachtaí AE, mar is leis na tosca sin a chinnfear amach anseo an nglacfaidh an margadh le táirge nó seirbhís ar deireadh;

71.

ag tabhairt dá haire, cé gur ón Eoraip a thagann 26 % de na foilseacháin taighde ardluacha maidir le IS, nach iarratasóirí Eorpacha iad ach ceithre cinn den 30 iarratasóir is mó (13 %) atá i mbun paitinnithe IS ar fud an domhain agus nach gnólachtaí Eorpacha iad ach 7 % de ghnólachtaí atá i mbun paitinnithe IS ar fud an domhain;

72.

á mheas go bhfuil comhchuibhiú agus forfheidhmiú soiléir agus trédhearcach de dhíth ar dhlíthe maoine intleachtúla AE, mar aon le creat cothrom, in-fhorfheidhmithe agus intuartha chun cosaint maoine intleachtúla a áirithiú do ghnólachtaí Eorpacha, agus go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta;

73.

á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil an úsáid a bhaineann FBManna as cosaint maoine intleachtúla íseal i gcónaí, ós rud é gur minic nach mbaineann FBManna úsáid as cosaint maoine intleachtúla toisc nach bhfuil siad go hiomlán ar an eolas faoina gcearta ná nach bhfuil dóthain acmhainní acu chun iad a chaomhnú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá faisnéis agus staidreamh maidir le cosaint maoine intleachtúla i measc FBManna atá gníomhach in earnálacha dlútheolais agus á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí, lena n-áirítear nósanna imeachta clárúcháin simplithe agus táillí riaracháin níos ísle, chun eolas níos fearr a chur ar fáil do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta agus chun rochtain ar chosaint maoine intleachtúla a éascú dóibh; ag tabhairt dá haire gur cheart seasamh AE mar bhunaitheoir caighdeán domhanda a neartú chun cabhrú le cuideachtaí AE a gcearta IS a chosaint; á chur i bhfáth go bhfuil iomaíochas agus tarraingteacht idirnáisiúnta fréamhaithe i margadh aonair láidir agus athléimneach, lena n-áirítear cosaint agus forfheidhmiú maoine intleachtúla;

74.

á thabhairt le fios go bhfuil anailísíocht sonraí, chomh maith le rochtain ar shonraí neamhphearsanta, comhroinnt agus athúsáid sonraí neamhphearsanta bunriachtanach cheana féin do go leor táirgí agus seirbhísí atá faoi stiúir sonraí sa lá atá inniu ann, ach go mbeidh siad tábhachtach chun córais IS atá ar na bacáin a fhorbairt agus a imlonnú; á chur i bhfáth, áfach, nach bhfuil an chuid is mó de na sonraí neamhphearsanta arna nginiúint in AE in úsáid go dtí seo, cé go bhfuil margadh aonair le haghaidh sonraí fós á dhéanamh;

75.

á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé rochtain ar shonraí agus comhroinnt sonraí, agus caighdeáin oscailte agus teicneolaíocht foinse oscailte a éascú mar bhealach chun infheistíochtaí a fheabhsú agus borradh a chur faoin nuálaíocht i dteicneolaíochtaí IS in AE; ag sonrú go mbeadh comhchuibhiú níos fearr ar léirmhínithe na n-údarás náisiúnta cosanta sonraí agus ar threoir maidir le sonraí measctha agus maidir le teicnící díphearsantaithe úsáideach d’fhorbróirí IS;

76.

á thabhairt chun suntais gur féidir ról a bheith ag IS i dtaobh cuidiú le gníomhú forfheidhmiúcháin údarás Eorpach agus náisiúnta, go háirithe i réimsí an chustaim agus an fhaireachais margaidh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir nósanna imeachta trádála agus custaim a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos costéifeachtaí le IS, tríd an gcomhlíonadh a mhéadú agus trína áirithiú nach dtiocfaidh ach táirgí atá sábháilte isteach sa mhargadh aonair; ag cur sonrú sa sampla den chóras Measúnaithe agus Bainistithe Ioncaim Ghníomhaireacht Seirbhísí Teorann Cheanada (CARM), a shimplíonn go mór nósanna imeachta allmhairithe agus onnmhairithe ag baint úsáid as measúnú riosca cáilithe maidir le IS agus bainistiú faisnéise digitithe cuíchóirithe chun an gá atá le cigireachtaí fada a laghdú;

(e)   IS agus an margadh saothair

77.

ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar IS ar an margadh saothair, ar an ionad oibre agus ar an réimse sóisialta ag éirí níos mó de réir a chéile agus gurb ilghnéitheach é tionchar an athruithe teicneolaíochta ar an obair agus ar an bhfostaíocht; ag cur béim ar an bhfíoras go n-eascraíonn roinnt dúshláin eiticiúla, dlíthiúla agus dúshláin a bhaineann le fostaíocht as úsáid IS sa réimse sin; á chur in iúl gur ábhar imní di, i dtéarmaí an mhargaidh saothair, go bhféadfaí an lucht saothair a atheagrú mar thoradh ar an digitiú agus go bhféadfadh deireadh teacht le hearnálacha áirithe fostaíochta; á chreidiúint go bhféadfaí cur le táirgiúlacht chaipitil agus saothair, le nuálaíocht, le fás inbhuanaithe agus le cruthú post dá nglacfaí IS in éineacht leis an mbonneagar tacaíochta, an t-oideachas agus an oiliúint is gá;

78.

á chur i bhfáth cé go bhféadfadh IS teacht in ionad roinnt cúraimí, lena n-áirítear cúraimí atriallacha, troma, diansaothair nó cúraimí contúirteacha, go bhféadfadh sé cabhrú freisin le feabhas a chur ar scileanna, le cáilíocht na hoibre a mhéadú agus le fostaíocht nua breisluacha níos airde a chruthú, rud a d’fhágfadh níos mó ama do thascanna spreagúla agus d’fhorbairt gairme; á chur i bhfáth go bhfuil IS ag ionadú daoine nó ag cur leo faoi láthair i bhfothacar cúraimí ach nach bhfuil iarmhairtí comhiomlána suntasacha inbhraite aici i margadh an tsaothair go fóill (30); á chur i bhfáth, áfach, má mhéadaíonn IS gairmeacha ardscileanna agus má théann sé in áit gairmeacha ar bheagán oiliúna, go bhféadfaí an neamhionannas ioncaim a mhéadú; á chur in iúl, thairis sin, nach mór aon impleachtaí eacnamaíocha agus sóisialta a eascraíonn as sin a mhaolú le bearta iomchuí, le taighde agus fadbhreathnaitheacht agus ullmhú ina leith trí infheistíocht a dhéanamh in athsciliú agus in uas-sciliú an lucht saothair agus béim á leagan ar ghrúpaí tearcionadaithe amhail mná agus mionlaigh, ar dócha gurb iad sin na daoine is mó a ndéanfaidh an t-aistriú sin difear dóibh, agus tríd an éagsúlacht a chur chun cinn i ngach céim d’fhorbairt córas IS; á chur in iúl gur ábhar imní di go bhféadfadh IS próisis dí-oiliúna a dhéanamh agus obair ar bheagán pá agus ar bheagán neamhspleáchais a chruthú agus a leabú agus cur le hobair neamhthipiciúil, sholúbtha (nó “phoistíneachta”); á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh míchothromaíochtaí cumhachta idir an bhainistíocht agus na fostaithe agus doiléire faoi chinnteoireacht a bheith mar thoradh ar bhainistiú algartamach;

79.

á thabhairt chun suntais go gcuirtear deis ar fáil le glacadh IS chun athrú cultúrtha suntasach a chothú laistigh d’eagraíochtaí, lena n-áirítear trí shábháilteacht níos fearr san ionad oibre, trí chothromaíocht oibre is saoil níos fearr, agus tríd an gceart chun dícheangail, deiseanna oiliúna agus treoir níos éifeachtaí a chur ar fáil d’fhostaithe; ag cur béim, i ndáil leis sin, ar na moltaí ó ECFE ina gcuirtear i bhfáth go bhféadfadh laghdú ar an am oibre a bheith mar thoradh ar uathoibriú, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus sláinte oibrithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh feidhmchláir IS, a thugann cumhacht don duine, deiseanna nua fostaíochta a chruthú freisin, go háirithe dóibh siúd a bhí go dtí seo, de bharr srianta amhail míchumais nó cúinsí maireachtála, ceangailte le poist a raibh níos lú cáilíochtaí ag teastáil ina leith; á chur i bhfáth go bhfuil gá le leas a bhaint as cúnamh IS san ionad oibre chun am a chur ar fáil do dhaoine chun cáilíocht a n-aschuir a fheabhsú seachas an t-ualach oibre amháin a mhéadú;

80.

ag cáineadh an mhéadaithe atá tagtha ar an leas a bhaintear as faireachas atá spreagtha ag IS san ionad oibre, rud a tharlaíonn go minic gan oibrithe a bheith ar an eolas faoi, gan trácht ar thoiliú a fháil uatha, go háirithe i gcomhthéacs na teilea-oibre freisin; á chur in iúl nár cheart an cleachtas sin a cheadú, ós rud é go bhfuil sé thar a bheith mí-úsáideach maidir leis an gceart bunúsach chun príobháideachta, le cosaint sonraí agus le dínit dhaonna an oibrí agus le cearta sóisialta agus saothair, agus go bhfuil éifeachtaí diúltacha aige freisin ar mheabhairshláinte oibrithe i ngeall ar mhéid an chur isteach, a éifeacht iomlán nó neamh-idirdhealaitheach, agus an easpa coimircí atá ann do dhaoine aonair a ndéantar difear dóibh;

81.

á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil baol comhchosúil faireachais ann freisin i dtimpeallacht na scoile, agus méadú ag teacht ar ghlacadh córas IS i scoileanna, rud a bhaineann an bonn de chearta bunúsacha leanaí; ag tabhairt dá haire go gcuimsíonn na himpleachtaí a bhaineann le IS do phríobháideacht, do shábháilteacht agus do shlándáil leanaí speictream leathan, ó thairbhí a bhaineann leis an gcumas bagairtí atá os comhair leanaí a thuiscint ar bhealach níos sonraí agus le tuilleadh cruinnis, go dtí na rioscaí a bhaineann le sáruithe neamhbheartaithe príobháideachta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le grinnscrúdú agus le coimircí comhfhreagracha de bharr na n-impleachtaí dearfacha agus diúltacha araon do phríobháideacht, do shábháilteacht agus do shlándáil leanaí; á chur i bhfáth, thairis sin, nach mór aird agus cosaint ar leith a thabhairt do leanaí agus córais IS á bhforbairt mar gheall ar a nádúr atá go háirithe íogair agus a leochaileachtaí sonracha;

82.

á chur i bhfáth go bhfuil sé fíorthábhachtach go gcuirfí cláir chuimsitheacha um fhorbairt scileanna ar fáil do dhaoine aonair i ngach céim den saol, ionas go mbeidh siad in ann leanúint de bheith táirgiúil in ionad oibre atá ag síorathrú agus ionas go seachnófar iad a eisiamh ón margadh saothair; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí an lucht saothair a oiriúnú ó thaobh oideachas IS, foghlaim ar feadh an tsaoil agus athoiliúint de; á thabhairt chun suntais go bhfuil coincheapa reatha na foghlama agus na hoibre sainithe go rómhór ag an saol réamhdhigiteach, rud atá ag cur le bearna scileanna atá ag dul i méid agus le deighilt nua dhigiteach do shaoránaigh nach bhfuil rochtain acu ar spás digiteach slán; á chur i bhfáth go gcuidítear, trí litearthacht dhigiteach a fheabhsú, le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, go háirithe na spriocanna a bhaineann le hoideachas, le caipiteal daonna agus le bonneagar; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí an dul chun cinn atá déanta maidir le heolas ar chineálacha nua oibre agus foghlama mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 a fhiosrú tuilleadh;

83.

á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar litearthacht dhigiteach agus ar scileanna digiteacha do chách chun leas iomlán a bhaint as an digitiú; á chreidiúint gur réamhchoinníoll í an litearthacht dhigiteach le go mbeidh muinín ag na saoránaigh as IS agus go mbeidh feasacht ag an bpobal ar an tionchar a bhaineann leis; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé oiliúint bhunúsach a áireamh i scileanna digiteacha agus in IS sna córais oideachais náisiúnta; á chreidiúint go bhféadfadh cur i bhfeidhm agus forbairt theicneolaíocht IS i réimse na dteangacha mionlaigh cur le heolas fúthu agus lena n-úsáid; á chur i bhfáth go dtuairiscíonn níos mó ná 70 % de ghnólachtaí go bhfuil easpa foirne le scileanna leormhaithe digiteacha agus IS acu mar bhac ar infheistíocht; á chur in iúl gur cúis imní di amhail ó 2019 go raibh 7,8 milliún saineolaí TFC in AE, ag a raibh ráta fáis bliantúil 4,2 % roimhe sin, líon i bhfad níos lú ná an 20 milliún saineolaí atá ag teastáil i réimsí tábhachtacha amhail anailís sonraí mar atá réamh-mheasta ag an gCoimisiún;

84.

á chur in iúl gur cúis imní di an bhearna fhairsing idir na hinscní sa réimse sin, agus nach bhfuil ach duine amháin as seisear speisialtóirí TFC agus duine amháin as gach triúr céimithe eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) ina mná (31); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an bhearna idir na hinscní fós ag leanúint ar aghaidh, go háirithe i réimse na ngnólachtaí nuathionscanta, agus go ndeachaigh USD 92 as gach USD 100 a infheistíodh i gcuideachtaí teicneolaíochta Eorpacha chuig foirne bunaidh a bhí comhdhéanta go hiomlán d’fhir in 2019; ag moladh go ndéanfaí tionscnaimh spriocdhírithe chun tacú le mná in ETIM, chun an bhearna fhoriomlán scileanna san earnáil sin a dhúnadh; á chur i bhfáth go mbíonn algartaim chlaonta mar thoradh ar an mbearna sin, ar ndóigh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cailíní a chumhachtú agus a spreagadh i dtreo gairmeacha ETIM agus deireadh a chur leis an mbearna idir na hinscní sa réimse sin;

(f)   IS agus todhchaí an daonlathais

85.

á thabhairt le fios go bhfuil sé d’acmhainn ag IS, ar thaobh amháin, cuidiú le hearnáil phoiblí níos trédhearcaí agus níos éifeachtúla a thógáil, ach ar an taobh eile, go bhfuil na forbairtí teicniúla i réimse IS, arna dtiomáint go minic ag loighic fáis agus brabús, an-tapa agus an-dinimiciúil, rud a fhágann gur deacair do lucht déanta beartas tuiscint leordhóthanach a bheith acu ar an gcaoi a n-oibríonn feidhmchláir nua IS agus ar na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ag na feidhmchláir sin, cé go bhfuil sé de dhualgas orthu creat a chur ar fáil chun a áirithiú go gcomhlíonann IS na cearta bunúsacha agus gur féidir é a úsáid chun tairbhe don tsochaí; á thabhairt chun suntais go mbíonn éagsúlachtaí ann freisin i réamhaisnéisí ó shaineolaithe maidir leis an tionchar a bheidh ag IS amach anseo, rud a thugann le fios go bhféadfadh sé a bheith deacair ar na saineolaithe sin fiú na torthaí a bhaineann le himlonnú teicneolaíochtaí nua IS a thuar; ag áitiú, dá bhrí sin, gur gá do reachtóirí, mar gheall ar an éiginnteacht sin, aird chuí a thabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim maidir le IS a rialáil; á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach dul i gcomhairle le saineolaithe a bhfuil saineolas agus cúlraí éagsúla acu chun reachtaíocht láidir, inoibrithe agus a sheasfaidh an aimsir a chruthú; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh éiginnteacht dhlíthiúil a bheith ar cheann de na baic is mó ar an nuálaíocht; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá sé litearthacht IS a chur chun cinn i measc na saoránach, lena n-áirítear ionadaithe tofa agus údaráis náisiúnta;

86.

ag tabhairt rabhadh, dá bhrí sin, nach mbíonn timthriallta reachtaíochta ag teacht le luas an dul chun cinn teicneolaíochta go minic, rud a chuireann iallach ar lucht déanta beartas breith suas agus an claonadh a bheith ann cásanna úsáide atá sa mhargadh cheana féin a rialáil; á thabhairt le fios nach mór anailís uileghabhálach ar chomhréireacht agus ar riachtanas a dhéanamh roimh chur chuige fónta rialála i leith IS, ionas nach gcuirfear bac ar an nuálaíocht agus ar iomaíochas chuideachtaí AE;

87.

á chur i bhfáth, trí úsáid a bhaint as IS chun sonraí bithmhéadracha a fháil, go bhféadfadh sé a bheith ionsáite agus díobhálach nó tairbhiúil don duine aonair, agus don phobal i gcoitinne;

88.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go mbaineann ceisteanna ríthábhachtacha eiticiúla agus dlíthiúla le teicneolaíochtaí IS sin; ag tabhairt dá haire, le teicneolaíochtaí áirithe IS, go gcumasaítear uathoibriú na próiseála faisnéise ar scála nach bhfacthas riamh roimhe, rud a réitíonn an bealach le haghaidh ollfhaireachais agus cur isteach neamhdhleathach eile agus atá ina bhagairt ar chearta bunúsacha, go háirithe na cearta chun príobháideachta agus chun cosaint sonraí;

89.

á chur i bhfáth go n-úsáideann mórán réimis fhorlámhacha córais IS chun smacht a bheith acu ar a saoránaigh, chun ollfhaireachas, spiaireacht agus faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a rangú nó chun srian a chur le saoirse gluaiseachta; á chur i bhfáth, maidir le húdaráis phoiblí aon chineál scórála normataí saoránach a dhéanamh, go háirithe laistigh de réimse fhorfheidhmiú an dlí, an rialuithe teorann agus na mbreithiúna, mar aon lena húsáid ag cuideachtaí príobháideacha agus daoine aonair, go mbíonn cailliúint neamhspleáchais agus phríobháideachta mar thoradh air, go mbaineann rioscaí idirdhealaithe leis agus nach bhfuil sé i gcomhréir le luachanna Eorpacha; á mheabhrú go bhfuil teicneolaíochtaí amhail cibearfhaireachas agus aitheantas bithmhéadrach, ar féidir iad a úsáid chun na gcríoch sin, faoi réir Rialachán AE maidir le Rialú ar Onnmhairiú; á chur in iúl gur cúis mhór imní di agus go gcáineann sí cásanna ina ndíolann cuideachtaí AE córais bhithmhéadracha a bheadh neamhdhleathach lena n-úsáid laistigh de AE do réimis fhorlámhacha i dtíortha nach tíortha de chuid AE iad;

90.

á thabhairt dá haire nach amháin go bhfuil smacht suntasach ag ardáin ardteicneolaíochta sa lá atá inniu ann ar rochtain ar fhaisnéis agus ar a dáileadh, ach go mbaineann siad úsáid freisin as teicneolaíochtaí IS chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chéannacht an duine, a iompar agus a eolas ar stair chinnteoireachta; á chreidiúint gurb amhlaidh próifíliú den sórt sin agus rioscaí do chórais dhaonlathacha mar aon le cosaint na gceart bunúsach agus neamhspleáchas na saoránach; á chur i bhfáth go gcruthaíonn sé sin éagothroime cumhachta agus go bhfuil rioscaí sistéamacha ann a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don daonlathas;

91.

á chur i bhfios gur féidir ardáin dhigiteacha a úsáid, lena n-áirítear trí fheidhmchláir mhargaíochta atá á spreagadh ag IS, i gcomhair trasnaíocht eachtrach agus chun bréagaisnéis agus domhainbhrionnuithe a scaipeadh, ag gníomhú mar líonraí bolscaireachta, trollála agus ciaptha agus é mar aidhm leo an bonn a bhaint ó phróisis toghcháin; á chur i bhfáth go gcumasaíonn an mheaisínfhoghlaim, go háirithe, úsáid spriocdhírithe sonraí pearsanta chun dul i gcion ar vótálaithe nach bhfuil ar an eolas trí theachtaireachtaí pearsanta agus áititheacha a chruthú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá oibleagáidí láidre trédhearcachta a fhorfheidhmítear go héifeachtach;

92.

á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí IS a úsáid freisin, áfach, chun gníomhaíochtaí frithdhaonlathacha agus neamheiticiúla ar ardáin a laghdú, agus mar mhodh chun dáileadh na bréagnuachta agus na fuathchainte a theorannú, cé gur léiríodh drochthorthaí go dtí seo sna tástálacha a dhéantar ar a cumas inneachar comhthéacs-sonrach a thuiscint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag úsáideoirí mar thoradh ar theanga dheighilteach, agus sin an fáth go mbeadh baint na teanga sin i gcoinbhleacht dhíreach le samhail ghnó na n-ardán sin atá bunaithe ar rannpháirtíocht úsáideoirí a uasmhéadú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór réitigh IS-chumhachtaithe a bheith bunaithe ar urraim iomlán don tsaoirse cainte agus don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, agus ar fhianaise láidir ina bhfabhar, sula n-úsáidfear iad ar deireadh;

93.

á chur i bhfáth gur minic a tharlaíonn claonadh i gcórais IS, go háirithe maidir le córais domhainfhoghlama, mar gheall ar easpa sonraí éagsúla agus ardchaighdeáin oiliúna agus tástála, mar shampla i gcás ina n-úsáidtear tacair sonraí nach bhfuil ionadaíoch a ndóthain do ghrúpaí leochaileacha, nó i gcás ina bhfuil sainmhíniú an chúraim nó na socruithe ceanglais iontu féin claonta; á thabhairt dá haire go bhféadfadh claonadh teacht chun cinn freisin mar gheall ar easpa éagsúlachta a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirne forbróirí, lena n-athdhearbhaítear claontachtaí intreacha, mar gheall ar líon teoranta sonraí oiliúna agus tástála, nó i gcás inar bhain forbróir claonta IS den algartam; á chur i bhfios go gcruthaítear difreáil réasúnaithe d’aon ghnó freisin chun feidhmíocht foghlama IS a fheabhsú faoi imthosca áirithe;

94.

á chur i bhfáth nár cheart go dtarlódh an claonadh struchtúrach atá sa tsochaí arís ná nár cheart é a mhéadú fiú trí bhíthin tacair sonraí ar cháilíocht íseal; ag sonrú, i ndáil leis sin, go bhfoghlaimíonn algartaim a bheith chomh hidirdhealaitheach leis na sonraí lena bhfuil siad ag obair agus, mar thoradh ar shonraí oiliúna ar cháilíocht íseal nó claontachtaí agus idirdhealú a thugtar faoi deara sa tsochaí, go bhféadfadh sé gurb ann do chinntí atá idirdhealaitheach go bunúsach, a chuireann leis an idirdhealú laistigh den tsochaí; á thabhairt dá haire, áfach, gur féidir claontachtaí IS a cheartú uaireanta; ag baint de thátal as sin gur gá, dá bhrí sin, modhanna teicniúla a chur i bhfeidhm agus sraitheanna éagsúla rialaithe a bhunú i ndáil le córais IS, lena n-áirítear na bogearraí, na halgartaim agus na sonraí a úsáideann siad agus a tháirgeann siad, chun an riosca sin a íoslaghdú; ag áitiú gur féidir agus gur cheart úsáid a bhaint as IS chun claontachtaí agus idirdhealú a laghdú agus chun cearta comhionanna agus athrú sóisialta dearfach a chur chun cinn inár sochaithe, lena n-áirítear trí cheanglais normatacha maidir le tacair sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur ar chórais IS; á chur i bhfáth gurb é ceann de na bealaí is éifeachtaí chun claontacht a laghdú i gcórais IS ná a áirithiú, a mhéid is indéanta sin faoi dhlí an Aontais, go bhfuil fáil ar an méid is féidir de shonraí neamhphearsanta chun críoch oiliúna agus don mheaisínfhoghlaim;

(g)

Torthaí athfhillteacha i ngach ceann de na sé chás-staidéar

95.

á thabhairt dá haire go bhfuil buntáistí agus deiseanna sochaíocha soiléire ann a bhaineann le teicneolaíochtaí IS a ghlacadh, ar nithe iad nach féidir a bhaint ach amháin má thugtar aghaidh ar bhacainní idirdhisciplíneacha san Aontas, i gcomhréir le cearta, luachanna agus reachtaíocht bhunúsach; á chur in iúl gur féidir féachaint ar fhorluí reachtaíochta, ilroinnt an mhargaidh, constaicí maorlathacha, easpa bonneagar digiteach inrochtana agus scileanna digiteacha sa tsochaí níos leithne, agus infheistíocht neamhleor sa taighde agus san fhorbairt, go háirithe mar bhacainní ar chur i bhfeidhm rathúil IS iontaofa sna réimsí uile a ndéantar anailís orthu;

96.

ag baint de thátal as na cás-staidéir a scrúdaíodh, ina theannta sin, go bhfuil cásanna úsáide áirithe ann a bhfuil baol ag baint leo nó atá díobhálach, ach nach gá gur teicneolaíochtaí IS-sonracha iad féin ach a réimsí cur i bhfeidhm; ag aithint gur gá aghaidh a thabhairt ar ábhair imní dhlisteanacha a bhaineann leis na rioscaí sin sa rialáil a dhéanfar amach anseo chun go n-aimseofar cur i bhfeidhm leathan do theicneolaíochtaí IS in AE;

97.

á chur in iúl, cé go bhfuil sé tábhachtach na rioscaí a bhaineann le IS a scrúdú agus a chatagóiriú, gur léirigh na cás-staidéir gur féidir le teicneolaíochtaí IS frithbhearta éifeachtacha a chur ar fáil dúinn atá in ann na rioscaí sin a mhaolú nó deireadh a chur leo; á chur i bhfios go láidir, toisc go bhfuil IS fós ag luathchéimeanna na forbartha i gcomhthéacs níos leithne na dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, nach bhfuil acmhainneacht iomlán IS chomh maith leis na rioscaí a bhaineann léi cinnte; á chur i bhfios gur gá breathnú ní hamháin ar rioscaí do dhaoine aonair, ach ar an dochar sochaíoch agus neamhábharach níos leithne; ag cur sonrú sna míchothromaíochtaí suntasacha a bhaineann le cumhacht an mhargaidh sna margaí sonraí agus sa gheilleagar IS atá taobh leo; á chur i bhfáth go bhfuil iomaíocht chóir agus bacainní ar iomaíocht do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna ríthábhachtach chun na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le IS a dháileadh go cothrom i dtéarmaí eacnamaíocha agus sochaíocha, ar buntáistí iad a dhealraíonn a bheith suntasach san Aontas agus ar fud an domhain;

3.    Áit an Aontais san iomaíocht dhomhanda maidir le IS

98.

ag féachaint ar an iomaíocht ghéar dhomhanda IS, nach bhfuil AE tar éis a thoilmhianta ina leith a bhaint amach go fóill; ag scrúdú iomaíochas domhanda an Aontais sna ranna seo a leanas ó thaobh IS de, trína cur i gcomparáid le IS na Síne agus na Stát Aontaithe, ag díriú ar thrí ghné lárnacha: cur chuige rialála, staid an mhargaidh agus infheistíochtaí; á aithint, áfach, nach féidir idirdhealú a dhéanamh go héasca thar theorainneacha náisiúnta le margaí agus corparáidí trasnáisiúnta toisc go bhfuil custaiméirí, scairshealbhóirí, fostaithe agus soláthróirí ag formhór na gcuideachtaí teicneolaíochta in a lán tíortha éagsúla;

(a)   Cur chuige rialála

99.

á thabhairt dá haire nár thug na Stáit Aontaithe reachtaíocht chothrománach isteach go fóill sa réimse digiteach, agus go bhfuil siad dírithe go dtí seo ar dhlíthe earnáil-sonracha agus ar infheistíochtaí a éascú, lena n-áirítear trí bhearta cánach maidir le nuálaíocht san earnáil phríobháideach, go háirithe i measc a n-ollchuideachtaí teicneolaíochta agus a n-ollscoileanna ceannródaíocha; á thabhairt dá haire, in ainneoin na bhforbairtí a rinneadh le déanaí a léiríonn ról ceaptha beartais níos gníomhaí, gur léiríodh le cur chuige na Stát Aontaithe go dtí seo, den chuid is mó, béim ar threoir dhlíthiúil a chur ar fáil do ghnólachtaí, infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail taighde agus deireadh a chur le bacainní a mheastar a bheith ar an nuálaíocht;

100.

á chur i bhfáth gur éirigh le Gníomh Thionscnamh AI Mheiriceá 2019 ath-ailíniú beag a thabhairt isteach, toisc sa bhreis ar mhaoiniú a athdhíriú, athoiliúint a dhéanamh ar oibrithe agus an bonneagar digiteach a neartú, gur fhógair Rialtas na Stát Aontaithe go bhforbrófaí comhchaighdeáin do IS iontaofa; á thabhairt dá haire, áfach, go ndearnadh na 10 bprionsabal a bhí mar thoradh air sin a fhoirmliú ar bhealach an-leathan chun go mbeadh gach gníomhaireacht rialtais in ann rialacháin earnáil-sonracha a chruthú; ag dréim leis, cé go bhfuil sé i gceist ag rialtas reatha na Stát Aontaithe bille nua de chearta a thabhairt chun cinn chun díobháil IS a theorannú in 2022, go mbeidh cur chuige na Stát Aontaithe fós faoi thionchar an mhargaidh;

101.

á thabhairt chun suntais gur chuir Uachtarán na Síne, Xi Jinping, béim chomh luath le 2013 ar thábhacht na dteicneolaíochtaí sa gheopholaitíocht, ar ról na mbeartas poiblí maidir le cuspóirí fadtéarmacha a shainiú agus gur deis iad teicneolaíochtaí IS chun a cumhacht mhíleata a athsheoladh; á chur i bhfáth freisin gur chuir Rialtas na Síne plean “Made in China 2025” ar aghaidh in 2015 agus Plean Forbartha AI na Chéad Ghlúine Eile in 2017, a raibh spriocanna soiléire ag an dá cheann acu go mbeadh an tSín ina cheannaire domhanda in IS faoi 2030; á thabhairt dá haire go ndearnadh cur síos breise i bpáipéar bán um chaighdeánú IS na Síne 2018 ar an gcaoi ar féidir leis an ngeilleagar margaidh sóisialach caighdeáin idirnáisiúnta a fhorbairt agus a bheith rannpháirteach go straitéiseach in eagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú; á thabhairt dá haire gur tugadh isteach rialacha maidir le córais moltóirí chomh maith le cód eitice maidir le IS sa tSín;

102.

á thabhairt dá haire go ndéanann an tSín, ar an ardán domhanda, comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta IS a chur chun cinn go gníomhach mar bhealach chun a cleachtais faireachais IS-bhunaithe, a córas scórála sóisialta agus a straitéisí cinsireachta féin a onnmhairiú; ag cur béim ar an bhfíoras go n-úsáidtear infheistíocht throm thar lear faoin tionscnamh “Digital Silk Road” freisin mar bhealach chun tionchar na Síne agus a teicneolaíocht IS a scaipeadh ar fud an domhain, a bhféadfadh impleachtaí forleathana a bheith acu sa bhreis ar chaighdeáin theicneolaíocha a fhorchur nó iomaíochas teicneolaíoch a choinneáil; ag baint de thátal as sin go bhfuil cur chuige Rialtas na Síne bunaithe, dá bhrí sin, ar IS a úsáid ar bhonn intíre chomh maith le teicneolaíochtaí IS a onnmhairiú bunaithe ar chaighdeáin réamhchinntithe atá i gcomhréir le hidé-eolaíocht Rialtas na Síne;

103.

á thabhairt dá haire gur chuir an Coimisiún tús lena chuid oibre maidir le IS a rialáil in 2018 trí straitéis Eorpach IS a fhoilsiú, trí Shainghrúpa Ardleibhéil a bhunú agus trí phlean comhordaithe (32) a thabhairt isteach chun “IS atá déanta san Eoraip” a chothú; á thabhairt dá haire gur moladh i bPáipéar Bán 2020 maidir le IS bearta agus roghanna beartais éagsúla le haghaidh rialachán IS a bheidh ann amach anseo agus gurbh é a bhí mar thoradh air ar deireadh ná Gníomh cothrománach IS (33), a tíolacadh mar aon le plean comhordaithe athbhreithnithe maidir le IS (34) i mí Bealtaine 2021; á chur in iúl gur fhoilsigh 20 Ballstát straitéisí IS náisiúnta amhail ó Mheitheamh 2021, agus go bhfuil seacht gcinn eile ag na céimeanna ullmhúcháin deiridh maidir lena nglacadh;

104.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gné lárnach de chur chuige rialála an Aontais é béim láidir ar mhargadh aonair digiteach Eorpach a fhorbairt chomh maith le breithnithe eiticiúla atá i gcomhréir le bunluachanna chearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha; á aithint, dá mbunófaí an chéad chreat rialála do IS ar domhan, go bhféadfaí giaráil Aontais agus buntáiste an cheannródaí a bhaint amach maidir le caighdeáin idirnáisiúnta IS a leagan síos bunaithe ar chearta bunúsacha agus maidir le “IS iontaofa” atá dírithe ar an duine a onnmhairiú go rathúil ar fud an domhain; á chur i bhfios go láidir gur gá tacú leis an gcur chuige sin trí chomhordú rialála agus cóineasú le comhpháirtithe idirnáisiúnta;

(b)   Staid an mhargaidh

105.

á thabhairt dá haire go bhfuil ceanncheathrú sna Stát Aontaithe ag a lán de na 100 cuideachta IS is ceannródaíche ar fud an domhain, cé nach bhfuil ach líon beag díobh in AE; á thabhairt dá haire go bhfuil na Stáit Aontaithe ar thús cadhnaíochta freisin i líon iomlán na ngnólachtaí nuathionscanta IS;

106.

á chur i bhfios go bhfuil ollchuideachtaí teicneolaíochta na Stát Aontaithe tar éis roinnt cuideachtaí digiteacha Eorpacha a éadáil le blianta beaga anuas; á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Choimisiúin dul i ngleic le héadálacha a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar iomaíocht éifeachtach sa mhargadh digiteach agus srian a chur le héadálacha maraithe; á chur i bhfios, áfach, go bhféadfadh an éadáil a bheith mar phríomhchuspóir ag cruthaitheoirí gnólachtaí nuathionscanta agus a lucht cistiúcháin, i gcásanna áirithe, mar mhodh dlisteanach amháin chun tairbhe a bhaint as a gcuid smaointe;

107.

á chur i bhfáth, cé go bhfuil na Stáit Aontaithe agus an tSín ag iarraidh dlús a chur le húsáid teicneolaíochtaí IS san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, go bhfuil glacadh IS ar gcúl san Aontas; á chur in iúl nach raibh ach 7 % de chuideachtaí AE a bhfuil 10 bhfostaí ar a laghad acu ag úsáid teicneolaíochtaí IS in 2020, le difríochtaí suntasacha i measc na mBallstát agus i measc earnálacha éagsúla gnó;

108.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di, cé go bhfuil margadh digiteach aontaithe ag na Stáit Aontaithe agus ag an tSín a bhfuil tacar comhleanúnach rialacha acu, nach bhfuil margadh aonair digiteach an Aontais tugtha chun críche go fóill agus go bhfuil bacainní gan údar fós ann; á chur i bhfáth go bhféadfaí forbairt táirgí agus seirbhísí IS a mhoilliú tuilleadh leis an obair leanúnach ar 27 straitéis náisiúnta éagsúla maidir le IS;

109.

ag cur béim ar an bhfíoras freisin go gcuireann neamhréireachtaí i ndlí AE, forluí idir tionscnaimh reachtacha éagsúla, contrárthachtaí idir dlíthe an Aontais agus dlíthe náisiúnta, léirmhínithe dlíthiúla éagsúla agus easpa forfheidhmiúcháin i measc na mBallstát cosc ar mhachaire comhréidh agus go bhfuil an baol ann go gcruthóidh siad éiginnteacht dhlíthiúil do chuideachtaí Eorpacha toisc go bhféadfadh sé a bheith deacair orthu a chinneadh cibé atá nó nach bhfuil a gcuid nuálaíochtaí IS i gcomhréir le dlí AE;

110.

á thabhairt dá haire go bhfuil ilroinnt an mhargaidh le haghaidh cuideachtaí IS níos measa fós mar gheall ar easpa comhchaighdeán agus noirm i roinnt earnálacha, lena n-áirítear maidir le hidir-inoibritheacht sonraí; á chur in iúl gur oth léi an riosca rialála a thagann as moill a chur ar an reachtaíocht, amhail an Rialachán maidir le ríomh-Phríobháideachas; á thabhairt chun suntais, mar shampla, go bhfuil dúshlán sonraí os comhair forbróirí IS in AE nach bhfuil ag a gcontrapháirtithe sna Stáit Aontaithe ná sa tSín mar gheall ar an margadh aonair digiteach Eorpach a bheith neamhiomlán; á thabhairt dá haire gur minic nach mbíonn dóthain sonraí ar ardcháilíocht acu chun oiliúint agus tástáil a dhéanamh ar a n-algartaim, agus go mbíonn siad ag streachailt le heaspa spásanna sonraí earnálacha agus idir-inoibritheacht trasearnála, mar aon le srianta ar shreafaí sonraí trasteorann;

(c)   Infheistíochtaí

111.

á thabhairt dá haire go n-infheistíonn cuideachtaí agus rialtais Eorpacha i bhfad níos lú i dteicneolaíochtaí IS ná mar a dhéanann na Stáit Aontaithe nó an tSín; á chur i bhfios, cé go bhfuil méadú suntasach ag teacht ar infheistíochtaí príobháideacha i dtionscal IS AE, go bhfuil AE fós ag gann-infheistiú go suntasach in IS i gcomparáid le réigiúin cheannasacha eile, ós rud é gurb ionann infheistíochtaí na Stát Aontaithe agus na Síne agus breis agus 80 % de na hinfheistíochtaí cothromais bliantúla de EUR 25 bhilliún in IS agus blocshlabhra, cé nach bhfuil i sciar an Aontais ach 7 % nó thart ar EUR 1,75 billiún; á chur i bhfáth nach bhfuil méid margaí den chineál céanna sna Stáit Aontaithe bainte amach fós ag leachtacht mhargaí maoiniúcháin AE do chuideachtaí teicneolaíochta; á thabhairt dá haire go bhfuil na Stáit Aontaithe chun tosaigh freisin i gcistiú caipitil fiontair agus cothromais phríobháidigh, a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo do ghnólachtaí nuathionscanta IS, le EUR 12,6 billiún in 2019, in aghaidh EUR 4,9 billiún don tSín agus EUR 2,8 billiún don Aontas; á thabhairt dá haire, mar thoradh air sin, go bhfuil fiontraithe IS san Eoraip ag trasnú an Atlantaigh chun a gcuid gnólachtaí sna Stáit Aontaithe a mhéadú;

112.

á chur in iúl, in éineacht le tionscnaimh náisiúnta, go bhfuil infheistíocht phoiblí bhliantúil mheasta AE in IS arb ionann é agus EUR 1 bhilliún (35) i bhfad níos ísle ná an EUR 5,1 billiún a infheistítear gach bliain sna Stáit Aontaithe agus suas le EUR 6,8 billiún sa tSín (36); á chur in iúl, áfach, gur tháinig méadú 70 % ar chistiú poiblí AE do thaighde agus nuálaíocht IS idir 2017 agus 2020, i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, agus in 2019, gur infheistigh AE idir EUR 7,9 billiún agus 9 mbilliún in IS, arbh ionann é agus 39 % níos mó ná an bhliain roimhe sin; ag aithint na bpleananna atá ag an gCoimisiún agus á chur in iúl gur geal léi iad, ar pleananna iad chun an infheistíocht a mhéadú tuilleadh tríd an gclár don Eoraip dhigiteach, Fís Eorpach, InvestEU, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, an Ciste Eorpach Infheistíochta, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa sa Teileachumarsáid agus cláir éagsúla de chuid an bheartais comhtháthaithe, a chomhlánófar agus a ghiarálfar tuilleadh leis an sprioc íosta chaiteachais 20 % don aistriú digiteach sna pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, mar a chomhaontaigh an Coimisiún agus na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag cur béim láidir, áfach, ar an tuarascáil a tháinig ón mBanc Eorpach Infheistíochta le déanaí, lena ndéantar bearna infheistíochta an Aontais in IS agus i dteicneolaíochtaí blocshlabhra a chainníochtú ag EUR 5-10 billiún in aghaidh na bliana;

113.

á chur i bhfáth go bhfuil iomaíocht láidir ann d’fhostaithe cáilithe i gcuideachtaí IS taobh istigh de AE, rud atá níos measa mar gheall ar 42 % de dhaonra an Aontais nach bhfuil scileanna digiteacha bunúsacha acu; á chur i bhfáth gur gá oiliúint a chur ar líon níos airde céimithe dea-oilte, lena n-áirítear mná, agus iad a mhealladh, chun obair a dhéanamh san earnáil dhigiteach;

114.

á thabhairt dá haire, cé go bhfuil pobal taighdeoirí den scoth ag AE i dtaobh IS, go bhfuil imirce daoine oilte i gcás thaighdeoirí AE fós ina shaincheist; á chur i bhfáth gur gá bearta chun taighdeoirí ceannródaíocha a mhealladh; á thabhairt dá haire nár chaith AE ach 2,32 % dá OTI ar thaighde agus ar fhorbairt in 2020, agus gur chaith na Stáit Aontaithe 3,08 %; ag meabhrú nach mór do na Ballstáit seasamh lena dtiomantas 3 % dá OTI a infheistiú sa taighde agus san fhorbairt, chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais sa réimse digiteach a áirithiú;

115.

á thabhairt dá haire nach mór bonneagar digiteach an Aontais a thabhairt cothrom le dáta go substaintiúil, agus nach bhfuil ach 25 % de mhuintir an Aontais in ann nascadh le líonra 5G, i gcomparáid le 76 % de mhuintir na Stát Aontaithe; á thabhairt dá haire nach bhfuil bonneagar digiteach ardfheidhmíochta leordhóthanach ag an Aontas le spásanna sonraí idir-inoibritheacha, rátaí agus méideanna arda tarchuir, iontaofacht agus moilleanna gearra; á chur i bhfáth gur gá tacú le héiceachórais IS Eorpacha a bhfuil braislí barr feabhais acu;

(d)   Conclúid

116.

ag baint an tátal as sin gurb iad na Stáit Aontaithe an ceannródaí foriomlán in IS mar go bhfuil siad chun tosaigh in go leor catagóirí, agus go bhfuil cuideachtaí le ceanncheathrú sna Stáit Aontaithe atá ar thús cadhnaíochta i bhforbairt teicneolaíochta i réimsí amhail an néalríomhaireacht agus cumais ríomhaireachta ardfheidhmíochta, agus chomh maith leis sin a mhéid a bhaineann le hinfheistíocht, mealladh tallann, taighde agus bonneagar IS; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil an tSín, a bhí ag titim ar gcúl go mór i ngach táscaire i gcomparáid leis na Stáit Aontaithe cúpla bliain ó shin, ag breith orthu go tapa; ag aithint go bhfuil sé de bhuntáiste ag an dá thír go bhfuil margadh aonair aontaithe iontu agus go bhfuil tiomantas níos láidre iontu leanúint de bheith ar thús cadhnaíochta i dtaobh IS;

117.

á chur i bhfáth, in ainneoin sheasamh láidir AE maidir le bogearraí tionsclaíocha agus róbataic, go bhfuil gníomhaithe AE fós taobh thiar dá bpiaraí ó na Stáit Aontaithe agus ón tSín i roinnt mhaith catagóirí; á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE plean uaillmhianach a fhorbairt do IS Eorpach atá dírithe ar an duine; á thabhairt dá haire go bhfuil AE chun tosaigh, áfach, maidir le cur chuige rialála; á chur i bhfios go gcaithfear díriú ar thaighde agus nuálaíocht, ar scileanna, ar bhonneagar agus ar infheistíocht i straitéis inmharthana AE chun bheith níos iomaíche maidir le IS, agus ag an am céanna iarracht a dhéanamh creat rialála a bhunú a bheidh dírithe ar an todhchaí, cothrománach agus fabhrach don nuálaíocht chun IS a fhorbairt agus a úsáid, agus a áirithiú ag an am céanna go gcosnófar cearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais agus an smacht reachta;

118.

á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar diúltach ag Brexit ar iarrachtaí AE a lorg domhanda IS a neartú, ós rud é go raibh an Ríocht Aontaithe ar na príomhthíortha an Aontais i dtaobh IS; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart go leanfadh an Ríocht Aontaithe de bheith ina comhpháirtí luachmhar de chuid AE, ag neartú iomaíochas an dá chomhpháirtí agus ag cur comhbhreathnuithe rialála chun cinn i leagan amach caighdeán domhanda;

119.

ag baint de thátal as sin go bhfuil AE fós i bhfad óna mhian a bhaint amach maidir le bheith iomaíoch i dtaobh IS ar an leibhéal domhanda, agus go bhféadfadh an baol a bheith ann go dtitfidh sé níos faide ar gcúl i gcatagóirí áirithe; á mheas go bhfuil deis ann an staid sin a athrú trí ghníomhaíocht mhear maidir le Treochlár AE i ndáil le IS a leagtar amach thíos;

120.

á shonrú, ós rud é nach bhfuil an chumhacht reachtach ag AE aghaidh a thabhairt ar na pointí ar fad a liostaítear i dTreochlár AE i ndáil le IS, go molann an coiste speisialta plé breise ardleibhéil agus próisis pholaitiúla bhreise a shaothrú i measc institiúidí AE agus na mBallstát chun cur chuige níos comhchuibhithe maidir le IS a éileamh agus chun cabhrú leis na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a chomhordú; ag tagairt, i ndáil leis an méid sin, do chlár oibre 2000 Liospóin AE, a raibh ról tábhachtach aige, in ainneoin an cháinte, i dtreorú bheartais AE thar thréimhse 20 bliain agus i gcoinneáil suas leis an mbrú ar na Ballstáit athchóiriú a dhéanamh;

4.    “Eoraip atá oiriúnach don ré dhigiteach” – Treochlár chun bheith ina cheannaire domhanda

(a)   Timpeallacht rialála fhabhrach

i.   REACHTÓIREACHT

121.

á iarraidh ar an gCoimisiún gan gníomhartha reachtacha a mholadh ach amháin i bhfoirm rialacháin le haghaidh dlíthe nua digiteacha i réimsí amhail IS, ós rud é nach mór don mhargadh aonair digiteach dul faoi phróiseas fíor-chomhchuibhithe; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de, mar thoradh ar fhorbairt mhear teicneolaíochta, gur cheart go mbeadh an reachtaíocht dhigiteach solúbtha i gcónaí, bunaithe ar phrionsabail, neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, oiriúnaithe don todhchaí agus comhréireach, agus cur chuige riosca-bhunaithe á ghlacadh i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar chearta bunúsacha a urramú agus ar ualach riaracháin breise nach bhfuil gá leis a chosc do FBManna, gnólachtaí nuathionscanta, lucht acadúil agus taighde; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá ardleibhéal deimhneachta dlíthiúla agus, dá bhrí sin, gur gá critéir, sainmhínithe agus oibleagáidí infheidhmeachta atá láidir, praiticiúil agus gan débhrí i ngach téacs dlíthiúil maidir le díol, úsáid nó forbairt teicneolaíochtaí IS;

122.

á chreidiúint go bhfuil an clár oibre maidir le rialáil níos fearr ríthábhachtach chun go n-éireoidh le straitéis IS AE; á chur i bhfáth gur gá díriú ar shásraí athbhreithnithe, oiriúnaithe, cur chun feidhme agus forfheidhmithe na ndlíthe atá ann cheana sula ndéanfar gníomhartha reachtacha nua a mholadh;

123.

ag tathant ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair ex-ante cuimsitheacha a dhéanamh le fadbhreathnaitheacht agus le hanailís riosca leordhóthanach sula n-eiseofar moltaí nua digiteacha i réimsí amhail IS; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart reachtaíocht ábhartha atá ann cheana a mhapáil agus a mheas go córasach i measúnuithe tionchair, agus aon fhorluí nó coinbhleachtaí a chosc;

124.

á mholadh gur cheart dlíthe nua i réimsí amhail IS a chomhlánú le caighdeáin Eorpacha atá forbartha ag geallsealbhóirí a chur chun cinn; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE a dhícheall a dhéanamh chun ilroinnt a sheachaint agus go bhféadfadh caighdeáin idirnáisiúnta a bheith ina dtagairt úsáideach, ach gur cheart do AE tús áite a thabhairt dá chaighdeáin féin a fhorbairt; á thabhairt chun suntais gur cheart caighdeáin den sórt sin a bheith mar thoradh ar iomaíocht chóir ar mhaithe leis na caighdeáin is fearr laistigh den Aontas, ar cheart do AE agus d’eagraíochtaí um chaighdeánú freagairt dóibh; á thabhairt dá haire go bhféadfaí caighdeáin theicniúla agus treoracha deartha a chomhcheangal le scéimeanna lipéadaithe mar bhealach chun muinín tomhaltóirí a chothú trí sheirbhísí agus táirgí iontaofa a chur ar fáil; ag cur béim ar ról eagraíochtaí um chaighdeánú AE maidir le caighdeáin theicniúla úrscothacha a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le heisiúint sainorduithe um chaighdeánú chuig na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach (37);

125.

á mhíniú go bhféadfadh ardán deimhniúcháin oscailte éiceachóras muiníne a bhunú a mbeadh baint ag rialtais, an tsochaí shibhialta, gnólachtaí agus geallsealbhóirí eile leis;

126.

á iarraidh ar an bParlaimint, ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle feabhas a chur ar a gcumas déileáil le coinbhleachtaí inniúlachta inmheánacha a mhéid a bhaineann le hábhair uileghabhálacha amhail IS, toisc go bhfuil baol ann go gcuirfeadh coinbhleachtaí den sórt sin moill ar an nós imeachta reachtach, agus go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha aige sin ó thaobh theacht i bhfeidhm na reachtaíochta de;

ii.   RIALACHAS AGUS FORFHEIDHMIÚ

127.

á iarraidh go ndéanfaí reachtaíocht a bhaineann le IS a chomhordú, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais;

128.

á mhíniú gur cur chuige rialachais a bhfuil gealladh faoi iad fóraim chomhairliúcháin atá bunaithe ar gheallsealbhóirí, amhail an Bord um Nuálaíocht Sonraí, atá le bunú leis an Acht um Rialachas Sonraí, nó an Chomhghuaillíocht Eorpach IS, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí príobháideacha-poiblí, amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, Imeallríomhaireacht agus Néalríomhaireacht; á mhíniú tuilleadh go gcuireann an cur chuige sin ar chumas éiceachóras IS an Aontais a phrionsabail, a luachanna agus a chuspóirí a chur i ngníomh agus leasanna sochaíocha a léiriú ar leibhéal an chóid bogearraí;

129.

á thabhairt chun suntais, mar gheall ar an “bhfadhb mear”, gur gá díriú go speisialta ar fhorfheidhmiú éifeachtach ex-post ag cúirteanna agus ag gníomhaireachtaí rialála mar aon le cineálacha cur chuige ex-ante chun dul i ngleic le dúshláin dlí a eascraíonn as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; ag tacú, dá bhrí sin, le húsáid boscaí gainimh rialála, lena dtabharfaí deis uathúil d’fhorbróirí AI turgnamh a dhéanamh ar bhealach tapa, athraitheach agus rialaithe faoi mhaoirseacht na n-údarás inniúil; á thabhairt dá haire go mbeadh na boscaí gainimh rialála sin ina spásanna turgnamhacha chun córais IS agus samhlacha nua gnó a thástáil faoi fhíorchoinníollacha domhanda i dtimpeallacht rialaithe sula rachaidh siad isteach sa mhargadh;

iii.   CREAT DLÍTHIÚIL LE HAGHAIDH IS

130.

á thabhairt chun suntais go bhfuil “Bealach Eorpach” i ndomhan digitithe á chruthú ag cuspóir bunúsach straitéis dhigiteach an Aontais, agus na straitéise IS; á shoiléiriú gur cheart go mbeadh an cur chuige sin dírithe ar an duine, iontaofa, faoi threoir ag prionsabail eiticiúla agus bunaithe ar choincheap an gheilleagair shóisialta margaidh; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an duine aonair agus cosaint a gceart bunúsach i gcónaí mar chroílár na mbreithnithe polaitiúla agus reachtacha uile;

131.

ag aontú leis an gconclúid a bhain an Coimisiún amach ina Pháipéar Bán 2020 maidir le hintleacht shaorga gur gá creat dlíthiúil riosca-bhunaithe a bhunú do IS, lena gcumhdófar go háirithe caighdeáin ardleibhéil eiticiúla bunaithe ar thrédhearcacht, in-iniúchacht agus cuntasacht, in éineacht le forálacha maidir le sábháilteacht táirgí, rialacha iomchuí dliteanais agus forálacha earnáil-sonracha, agus ag an am céanna dóthain solúbthachta agus deimhneachta dlíthiúla agus machaire comhréidh a chur ar fáil do ghnólachtaí agus d’úsáideoirí chun glacadh le IS agus nuálaíocht IS a chothú;

132.

á chur i bhfios go bhfuil breisluach treorach ag gabháil le glacadh leis na coincheapa, leis an téarmaíocht agus leis na caighdeáin a d’fhorbair ECFE mar inspioráid don sainmhíniú ar IS sa reachtaíocht; á chur i bhfáth go mbeadh buntáiste ag AE dá ndéanfaí amhlaidh maidir le córas rialachais idirnáisiúnta IS amach anseo a mhúnlú;

133.

á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de nár cheart IS mar theicneolaíocht a rialáil i gcónaí, ach gur cheart go mbeadh leibhéal na hidirghabhála rialála comhréireach leis an gcineál riosca aonair agus/nó sochaíoch a thabhaítear trí úsáid a bhaint as córas IS; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir cásanna úsáide IS a mbaineann riosca ard leo agus cásanna úsáide AI a mbaineann riosca íseal leo; ag baint de thátal as sin go bhfuil gá le coimircí reachtacha breise diana don chéad chatagóir sin agus go bhféadfadh sé go n-éileodh cásanna úsáide a mbaineann riosca íseal leo ceanglais trédhearcachta d’úsáideoirí deiridh agus do thomhaltóirí in a lán cásanna;

134.

á shonrú gur cheart córais AI a aicmiú mar “ardriosca” a bhunú ar a n-úsáid nithiúil agus ar chomhthéacs, cineál, dóchúlacht, déine agus do-aisiompaitheacht fhéideartha na díobhála a mbeifí ag súil léi mar shárú ar chearta bunúsacha agus rialacha sláinte agus sábháilteachta mar a leagtar síos i ndlí an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh treoraíocht agus cur chun cinn malartaithe dea-chleachtas le haghaidh forbróirí IS ag gabháil leis an aicmiú sin; á chur i bhfáth nach mór an ceart chun príobháideachta a urramú i gcónaí agus gur cheart d’fhorbróirí AI a ráthú go gcomhlíonfar go hiomlán na rialacha maidir le cosaint sonraí;

135.

á chur i bhfios go láidir nach mór do chórais IS ar dócha go n-idirghníomhóidh siad le leanaí nó go ndéanfaidh siad difear dóibh ar shlí eile a gcearta agus a leochaileachtaí a chur san áireamh agus na caighdeáin is airde atá ar fáil a chomhlíonadh ó thaobh sábháilteachta, slándála agus príobháideachais d’aon ghnó agus mar réamhshocrú;

136.

á thabhairt dá haire go bhféadfadh na timpeallachtaí ina n-oibríonn córais IS a bheith éagsúil i dtimpeallacht gnólacht le gnólacht (B2B) i gcomparáid le timpeallacht gnólacht le tomhaltóir (B2C); á chur i bhfios gur gá cearta tomhaltóirí a chosaint go dlíthiúil trí reachtaíocht maidir le cosaint tomhaltóirí; á chur i bhfáth, cé gur féidir le cuideachtaí dúshláin dliteanais agus dúshláin dlí eile a réiteach go tapa agus go costéifeachtach trí mhodhanna conarthacha le comhpháirtithe gnó go díreach, go bhféadfadh sé go mbeadh gá le reachtaíocht chun gnólachtaí beaga a chosaint ar dhrochúsáid cumhachta margaidh ag gníomhaithe ceannasacha trí ghaibhniú tráchtála nó teicneolaíoch, trí bhacainní ar iontráil sa mhargadh nó trí fhadhbanna faisnéise neamhshiméadracha; á thabhairt chun suntais gur gá freisin riachtanais FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a bhfuil ceanglais chasta acu a chur san áireamh, ionas nach mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le cuideachtaí móra, a bhfuil na hacmhainní acu chun ranna suntasacha dlíthiúla agus comhlíonta a choinneáil;

137.

á chur i bhfios go láidir gur gá cur chuige atá bunaithe ar phrionsabail a chur i bhfeidhm i ndáil le ceisteanna eiticiúla oscailte a eascraíonn as féidearthachtaí nua teicneolaíocha a eascraíonn as díol agus úsáid feidhmchláir IS, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as prionsabail bhunúsacha éigeantacha amhail prionsabal na neamh-dhíobhálachta, an prionsabal maidir le dínit an duine agus cearta bunúsacha a urramú, agus cosaint an phróisis dhaonlathaigh; á thabhairt dá haire gur gnéithe tábhachtacha eile chun an geilleagar IS a mhúnlú iad dea-chleachtais i bhforbairt IS, amhail IS atá dírithe ar an duine, rialachas freagrach agus prionsabail na trédhearcachta agus na hinmhínitheachta, chomh maith le prionsabail IS inbhuanaithe atá go hiomlán ailínithe le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe;

138.

á aithint nach féidir i gcónaí algartaim IS a “dhí-laobhadh” go hiomlán toisc go bhfuil sárchuspóir na sonraí saor ó earráidí an-deacair nó dodhéanta le baint amach; á thabhairt dá haire, fiú amháin i gcóras IS a tástáladh, go mbeidh fíorchásanna domhanda ann a d’fhéadfadh torthaí claonta a sholáthar nuair a imscarfar é i dtimpeallacht atá éagsúil le comhdhéanamh a chuid sonraí oiliúna agus tástála; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh trédhearcacht na dtacar sonraí agus na n-algartaim a fheabhsú, comhoibriú go dlúth le forbróirí IS chun claontacht struchtúrach na sochaí a fhrithchothromú agus a laghdú agus rialacha éigeantacha maidir le dícheall cuí maidir le cearta an duine a mheas ag céim luath san fhorbairt;

139.

á mhíniú thairis sin go bhféadfadh sé nach bhféadfaí oibleagáidí fóinteacha trédhearcachta nó inmhínitheachta do chórais IS a chur chun feidhme i ngach cás; á thabhairt dá haire gur gá cearta maoine intleachtúla agus rúin trádála a chosaint ar chleachtais neamhdhleathacha amhail spiaireacht thionsclaíoch;

140.

á chur in iúl go gcaithfidh an creat reachtach maidir le maoin intleachtúil leanúint de dhreasú agus de chosaint a thabhairt do nuálaithe IS trí phaitinní a dheonú dóibh mar luach saothair as na nithe a chruthaíonn siad a fhorbairt agus a fhoilsiú; á bhaint de thátal as sin go seasfaidh na dlíthe atá ann cheana an aimsir den chuid is mó, ach ag moladh coigeartuithe áirithe, lena n-áirítear comhtháthú gnéithe foinse oscailte, chomh maith le húsáid an tsoláthair phoiblí chun sainordú a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, do bhogearraí foinse oscailte le haghaidh réitigh IS; ag moladh foirmeacha nua ceadaithe paitinne a mholadh chun a áirithiú go mbeidh uirlisí ar fáil do réigiúin agus do thionscnaimh nach bhféadfadh íoc astu murach sin;

141.

á mheas go bhféadfadh féinmheasúnuithe riosca ex-ante éigeantacha bunaithe ar rialacha agus ar chaighdeáin shoiléire, chomh maith le measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí, arna gcomhlánú le measúnuithe comhréireachta tríú páirtí le comhartha CE ábhartha agus iomchuí, in éineacht le forfheidhmiú ex-post trí fhaireachas margaidh, a bheith úsáideach chun a áirithiú go mbeidh córais IS ar an margadh sábháilte agus iontaofa; á chreidiúint gur cheart caighdeáin agus treoraíocht maidir le comhlíonadh reachtaíochta IS a fhorbairt, chun cosc a chur ar FBManna a bhrú amach as an margadh, le dlúth-rannpháirtíocht gnólachtaí beaga, atá ailínithe go hidirnáisiúnta a mhéid is féidir agus atá ar fáil saor in aisce;

142.

á thabhairt dá haire, chun sábháilteacht táirgí a mhéadú agus chun sainaithint lochtanna a fheabhsú, gur cheart d’fhorbróirí IS ardriosca a áirithiú go gcoimeádfar logaí inrochtana de ghníomhaíocht algartamach ar bhealach slán; á mheas, i gcás inarb ábhartha, gur cheart d’fhorbróirí córais IS ardriosca a dhearadh ina mbeadh sásraí leabaithe – “cnaipí stad” – le haghaidh idirghabháil an duine chun stad a chur le gníomhaíochtaí uathoibrithe go sábháilte agus go héifeachtúil tráth ar bith agus chun cur chuige duine i mbun idirghabhála a áirithiú; á mheas gur cheart go mbeadh aschur agus réasúnaíocht an chórais IS intuigthe i gcónaí ag an duine;

143.

ag aithint na ndúshlán dlíthiúil atá ann mar gheall ar chórais IS, agus gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar chodanna sonracha de na rialacha dliteanais atá ann cheana; ag tnúth, i ndáil leis an méid sin, le cur i láthair an togra reachtaigh ón gCoimisiún maidir le dliteanas IS; á chur i bhfáth go bhféadfadh an Treoir maidir le Dliteanas Táirgí (38) agus na córais dliteanais náisiúnta lochtbhunaithe, i bprionsabal, a bheith ina reachtaíocht lárnach chun an dochar is mó a dhéanann IS a chomhrac; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh torthaí míchuí a bheith ann i gcásanna áirithe, ach ag tabhairt rabhaidh gur cheart, in aon athbhreithniú, go gcuirfí an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le sábháilteacht táirgí san áireamh agus gur cheart é a bheith bunaithe ar bhearnaí a shainaithneofar go soiléir agus a sheasfadh an aimsir agus a d’fhéadfaí a chur chun feidhme go héifeachtach agus a d’fhéadfadh cosaint daoine aonair in AE a áirithiú;

144.

á chur i bhfios go láidir nár cheart don chreat dlíthiúil an leibhéal céanna freagrachta pearsanta as riosca a thuiscint is atá ag daoine fásta a chur ar leanaí;

145.

á thabhairt dá haire go bhféadfar athruithe áirithe ar na sainmhínithe dlíthiúla ar “tháirge”, lena n-áirítear feidhmeanna bogearraí comhtháite, seirbhísí digiteacha agus spleáchas idirtháirgí, agus ar “tháirgeoir”, lena n-áirítear oibreoir innill, soláthraí seirbhíse agus soláthraí sonraí, a mheas chun a áirithiú go bhfuil cúiteamh ar fáil as díobháil de bharr na dteicneolaíochtaí sin; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart cur chuige róleathan nó róchúng a sheachaint maidir leis an sainmhíniú ar “tháirge”;

146.

á chur i bhfios, i ngeall ar shaintréithe na gcóras IS, amhail a gcastacht, a nascacht, a dteimhneacht, a leochaileacht, a n-acmhainneacht a bheith modhnaithe trí nuashonruithe, a n-acmhainneacht féinfhoghlama agus a n-uathriail a d’fhéadfadh a bheith ann, chomh maith leis an iliomad gníomhaithe a bhfuil baint acu lena bhforbairt, lena n-imscaradh agus lena n-úsáid, go bhfuil dúshláin shuntasacha os comhair éifeachtacht fhorálacha creata dliteanais náisiúnta agus an Aontais; á mheas, dá bhrí sin, cé nach bhfuil aon ghá ann le hathbhreithniú iomlán ar chórais dliteanais dhea-fheidhmiúla, go bhfuil gá ann le coigeartuithe sonracha agus comhordaithe ar na córais dliteanais chun go seachnófar staid ina mbeadh daoine a fhulaingíonn díobháil nó a ndéantar damáiste dá maoin fágtha gan chúiteamh; á shonrú, cé gur cheart córais ardriosca IS a bheith faoi réir diandlíthe dliteanais, in éineacht le cumhdach árachais éigeantach, gur cheart aon ghníomhaíochtaí, feistí nó próisis eile atá á spreagadh ag córais IS a dhéanann díobháil nó damáiste a bheith faoi réir dliteanais lochtbhunaithe fós; á chreidiúint gur cheart, mar sin féin, go mbeadh duine a fhulaingíonn ag tairbhiú den toimhde gur ar an oibreoir a luíonn an milleán, mura bhfuil an t-oibreoir in ann a chruthú gur chloí sé leis an dualgas cúraim;

iv.   DÚSHLÁN SONRAÍ AE

147.

ag cur sonraí sna conclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu sa teachtaireacht uaidh ó 2020 dar teideal “Straitéis Eorpach le haghaidh sonraí” agus ar tháinig an Pharlaimint orthu i rún uaithi an 25 Márta 2021 ar an ábhar céanna, ina luaitear go bhfuil sé ríthábhachtach spás Eorpach aonair sonraí a chruthú i dteannta spásanna sonraí earnálacha a fhorbairt agus díriú ar chomhchaighdeáin chun inscálaitheacht thapa a áirithiú maidir le réitigh IS san Aontas agus níos faide i gcéin, agus chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte agus rathúnas eacnamaíoch an Aontais a áirithiú; á mheabhrú go bhfuil nasc riachtanach ann idir infhaighteacht sonraí ardcháilíochta agus forbairt na bhfeidhmchlár IS; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur gá seirbhísí néalríomhaireachta láidre, iontaofa agus idir-inoibritheacha a chur ar fáil laistigh den Aontas, chomh maith le réitigh lena ndéantar anailísíocht dhíláraithe sonraí agus ailtireacht imeallríomhaireachta a ghiaráil; á iarraidh ar an gCoimisiún cearta a shoiléiriú chun sonraí a rochtain, a úsáid agus a chomhroinnt do shealbhóirí sonraí neamhphearsanta comhchruthaithe; á chur i bhfáth nach mór go mbeadh rochtain ar shonraí indéanta go teicniúil, lena n-áirítear trí chomhéadain chaighdeánaithe idir-inoibritheacha agus trí bhogearraí idir-inoibritheacha; á chur i bhfáth go n-eascraíonn níos lú nuálaíochta as bacainní ar chomhroinnt sonraí, go laghdaítear an iomaíocht agus go gcuirtear struchtúir olagaplacha mhargaidh chun cinn, a bhfuil baol mór ann go leanfaidh siad de bheith ann sa mhargadh comharsanachta le haghaidh feidhmeanna IS;

148.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sileanna sonraí a oscailt agus rochtain ar shonraí a chothú do thaighdeoirí agus do chuideachtaí IS mar a leagtar amach sa rún ón bParlaimint maidir le straitéis sonraí na hEorpa; á chur i bhfáth go ndéanann míchothromaíochtaí sa mhargadh a dhíorthaíonn ó shrianadh sonraí méadaithe ag cuideachtaí príobháideacha méadú ar bhacainní ar iontráil sa mhargadh agus go laghdaítear rochtain agus úsáid níos leithne ar shonraí, rud a fhágann go bhfuil sé deacair go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus do thaighdeoirí na sonraí a theastaíonn uathu a fháil nó a cheadúnú chun a n-algartaim a thraenáil; á chur i bhfios go láidir gur gá an deimhneacht dhlíthiúil is gá agus an bonneagar teicniúil idir-inoibritheach a bhunú, agus sealbhóirí sonraí san Eoraip a spreagadh chun a méideanna móra sonraí neamhúsáidte a chur ar fáil; á mheas go gcuidíonn comhroinnt dheonach sonraí idir gnólachtaí, bunaithe ar shocruithe cothroma conarthacha, leis an sprioc sin a bhaint amach; á aithint, áfach, nach gá go ráthófaí rochtain leormhaith ar shonraí do FBManna le comhaontuithe conarthacha B2B mar gheall ar éagothromaíochtaí i gcumhacht nó i saineolas caibidlíochta; á thabhairt chun suntais go n-éascaíonn margaí sonraí oscailte comhroinnt sonraí trí chabhrú le cuideachtaí agus taighdeoirí IS sonraí a fháil nó a cheadúnú uathu siúd ar mian leo sonraí a chur ar fáil ar mhargaí den sórt sin, lena n-áirítear catalóga sonraí, agus cead a thabhairt do shealbhóirí sonraí agus d’úsáideoirí idirbhearta comhroinnte sonraí a chaibidliú; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin na rialacha maidir le seirbhísí idirghabhála sonraí san Acht um Rialachas Sonraí;

149.

á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh ón néalchónaidhm Eorpach, amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach um Shonraí Tionsclaíocha, Imeallríomhaireacht agus Néalríomhaireacht, chomh maith le tionscadal GAIA-X, a bhfuil sé d’aidhm léi bonneagar sonraí cónaidhme a fhorbairt agus éiceachóras a chruthú lena gceadófar inscálaitheacht, idir-inoibritheacht agus féinchinntiúchán soláthraithe sonraí; á thabhairt dá haire go gcabhródh leabhar rialacha néalríomhaireachta de chuid an Aontais lena dtiomsófaí reachtaíocht atá ann cheana agus tionscnaimh féinrialála chun prionsabail agus luachanna coiteanna de chuid an Aontais a aistriú ina bpróisis agus seiceálacha inghníomhaithe do chleachtóirí teicniúla;

150.

á mholadh go ndéanfaí idir-inoibritheacht sonraí a neartú tuilleadh agus go mbunófaí caighdeáin chomhchoiteanna chun sreabhadh sonraí idir meaisíní agus eintitis éagsúla a éascú, chun comhroinnt sonraí a fheabhsú idir tíortha agus earnálacha agus chun go mbeifear in ann tacair sonraí ardcháilíochta a chruthú ar mhórscála; á thabhairt dá haire go bhféadfaí ról lárnach a imirt freisin maidir le dlús a chur le comhroinnt sonraí trí chaighdeáin oscailte, bogearraí foinse oscailte, ceadúnais choiteanna chruthaitheacha agus comhéadain feidhmchláir (APInna) oscailte don chlársceidealú a spreagadh; ag cur sonrú sa ról atá ag spásanna coiteanna sonraí Eorpacha maidir le saorghluaiseacht sonraí a éascú i ngeilleagar sonraí na hEorpa;

151.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ráthú go bhforfheidhmeofar coinníollacha cothroma conarthacha ar bhealach níos láidre laistigh de raon feidhme na rialacha iomaíochta, agus é mar aidhm acu aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí i gcumhacht an mhargaidh gan cur isteach gan bonn cirt ar shaoirse chonarthach, agus go mbeidh na húdaráis in aghaidh trustaí feistithe agus go mbeidh na hacmhainní acu chun dul i ngleic le treochtaí comhchruinnithe sonraí; á chur i bhfios go láidir go gcuirfeadh spásanna Eorpacha sonraí ar chumas cuideachtaí comhoibriú le chéile ar bhonn níos dlúithe, agus dá bhrí sin á mheas go bhfuil gá le tuilleadh treoraíochta agus soiléireacht dhlíthiúil do ghnólachtaí maidir le dlí iomaíochta agus comhar i dtaca le comhroinnt agus comhthiomsú sonraí; á chur i bhfáth nár cheart go ndéanfadh comhar sonraí, lena n-áirítear chun traenáil a dhéanamh ar fheidhmchláir IS nó i dtionscal idirlíon na rudaí nithiúla (IoT), foirmiú cairtéal a éascú ná bacainní a chruthú d’iontrálaithe nua i margadh ar chúinse ar bith; ag cur béim ar an bhfíoras gur tábhachtach soiléiriú a dhéanamh ar chearta conarthacha na bhforbróirí agus na gcuideachtaí IS a rannchuidíonn le sonraí a chruthú trí algartaim nó meaisíní IoT a úsáid, agus go háirithe na cearta chun rochtain a fháil ar shonraí, ar inaistritheacht sonraí, ar pháirtí eile a ghríosú chun deireadh a chur le húsáid sonraí, agus sonraí a cheartú nó a scriosadh;

152.

á iarraidh ar na Ballstáit, maidir le sonraí atá i seilbh rialtais, an Treoir maidir le Sonraí Oscailte (39) a chur chun feidhme go tapa agus an tAcht um Rialachas Sonraí a chur i bhfeidhm i gceart, trí thacair sonraí ardluacha a chur ar fáil saor in aisce go hidéalach agus iad a sholáthar i bhformáidí meaisín-inléite agus in APInna; á chur i bhfáth go laghdódh an tionscnamh sin na costais a bheadh ann do chomhlachtaí poiblí i dtaca lena gcuid sonraí a scaipeadh agus a athúsáid agus go gcabhródh sé go mór le taighdeoirí agus le cuideachtaí AE feabhas mór a chur ar a dteicneolaíochtaí digiteacha i réimsí amhail IS;

153.

á iarraidh go ndéanfaí RGCS a chur chun feidhme go haonfhoirmeach ar fud an Aontais tríd an sásra comhsheasmhachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go pras agus trí léirmhínithe éagsúla náisiúnta an dlí a ailíniú; á fhionnadh gur gá freisin na húdaráis cosanta sonraí a fheistiú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear le saineolas teicniúil;

154.

ag cur sonrú i dtreoir phraiticiúil 2019 ón gCoimisiún maidir le conas tacair mheasctha sonraí a phróiseáil; á thabhairt le fios gurb é an rogha is fearr i gcónaí do thaighdeoirí agus do chuideachtaí IS an rogha nach ndéantar tacair sonraí a roinnt leo i ngeall ar éiginnteacht i dtaobh na sonraí a bheith anaithnid go leordhóthanach;

155.

á mheas gur léargas úsáideach é Tuairim 05/2014 ó Mheitheal Oibre Airteagal 29 um Chosaint Sonraí an 10 Aibreán 2014 maidir le teicnící anaithnidithe, a bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh air; á iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) treoirlínte a ghlacadh bunaithe ar chásanna sonracha úsáide agus ar chásanna ábhartha le haghaidh cineálacha éagsúla rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí agus cásanna éagsúla próiseála, lena n-áirítear seicliosta leis na ceanglais uile nach mór a chomhlíonadh chun sonraí a dhéanamh anaithnid go leor; á thabhairt dá haire, áfach, nach féidir le teicnící anaithnidithe cosaint iomlán agus iomlán ar phríobháideachas a ráthú faoi láthair, mar go bhfuil sé léirithe ag turgnaimh go n-éiríonn le córais nua-aimseartha IS, ina ainneoin sin féin, duine a athaithint;

156.

á iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí tuilleadh treorach a eisiúint do thaighdeoirí agus do chuideachtaí i réimsí amhail IS maidir le conas sonraí pearsanta a phróiseáil go héifeachtach lasmuigh den Aontas ar bhealach atá i gcomhréir le RGCS;

157.

á mholadh tuilleadh taighde a chistiú maidir le cineálacha cur chuige “príobháideachas trí dhearadh” a chaighdeánú, chomh maith le réitigh chripteagrafacha agus meaisínfhoghlaim chaomhnaithe príobháideachais a chur chun cinn, mar go bhfuil sé ríthábhachtach a áirithiú gur féidir sonraí ar ardcháilíocht a úsáid chun oiliúint a chur ar algartaim agus chun tascanna IS a dhéanamh gan príobháideacht a shárú; á thabhairt dá haire go léirítear gealltanas freisin le hiontaobhais sonraí, deimhnithe d’fheidhmchláir IS ardriosca, córais bainistithe faisnéise pearsanta agus úsáid sonraí sintéiseacha;

158.

á spreagadh go ndéanfadh an tAontas agus a chuid Ballstát tionscadal ECFE a bunaíodh le déanaí maidir le rochtain iontaofa rialtais ar shonraí pearsanta atá i seilbh na hearnála príobháidí a ghiaráil mar phointe tagartha do lucht déanta beartas ar fud an domhain d’fhonn réiteach idirnáisiúnta agus cóineasú rialála na ndea-chleachtas sa réimse sin a bhaint amach; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cumasóir ríthábhachtach don nuálaíocht dhigiteach san Eoraip saorshreabhadh sonraí agus meiteashonraí thar theorainneacha idirnáisiúnta, agus acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí á urramú go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, staonadh ó cheanglais logánaithe sonraí a fhorchur, seachas i gcás ina gceanglaítear sin chun cearta bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear cosaint sonraí, nó i gcásanna teoranta, comhréireacha agus réasúnaithe ina bhfuil an beartas sin chun leasa an Aontais nó ina bhfuil sé riachtanach cloí le caighdeáin Eorpacha;

159.

á iarraidh ar an gCoimisiún freagra a thabhairt ar an rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) go bhfuil Sciath Phríobháideachais AE-SAM neamhbhailí trí na bearta uile is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil aon chinneadh leorgachta nua i ndáil leis na Stáit Aontaithe ag teacht go hiomlán le RGCS, le Cairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus le gach gné de bhreithiúnas CBAE, agus sreafaí trasatlantacha sonraí á simpliú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chainteanna maidir le leorgacht sonraí a shaothrú le tíortha eile nach bhfuil san Aontas, ós rud é gurb é sin an bealach is fearr chun beartais cosanta sonraí an Aontais a chur chun cinn agus chun malartú idirnáisiúnta sonraí a cheadú;

(b)   An margadh aonair digiteach a chomhlánú

i.   STRAITÉISÍ IS NÁISIÚNTA

160.

á iarraidh ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid straitéisí IS, toisc go bhfuil roinnt díobh fós doiléir agus nach bhfuil spriocanna soiléire acu, lena n-áirítear maidir le hoideachas digiteach don tsochaí ina hiomláine chomh maith le hardcháilíochtaí do speisialtóirí; á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit gníomhaíochtaí nithiúla, inchainníochtaithe agus sonracha, agus iad ag iarraidh sineirgí a chruthú eatarthu;

161.

á iarraidh ar an gCoimisiún cabhrú leis na Ballstáit tosaíochtaí a leagan amach agus a straitéisí náisiúnta agus a dtimpeallachtaí rialála náisiúnta a ailíniú a mhéid is féidir chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú ar fud an Aontais; á thabhairt le fios, cé gur bealach maith chun dea-chleachtais a bhunú é éagsúlacht cur chuige náisiúnta, go mbeadh bacainní móra roimh fhorbróirí agus taighdeoirí IS dá mbeidís faoi réir paraiméadair oibriúcháin éagsúla agus oibleagáidí rialála éagsúla i ngach ceann de na 27 mBallstát;

ii.   BACAINNÍ MARGAIDH

162.

ag tathant ar an gCoimisiún leanúint dá chuid oibre maidir le deireadh a chur le bacainní gan údar ar chomhlánú iomlán an mhargaidh aonair dhigitigh, lena n-áirítear idirdhealú tírbhunaithe míchuí, aitheantas frithpháirteach neamhiomlán ar cháilíochtaí gairmiúla, nósanna imeachta ró-ualacha maidir le rochtain ar an margadh, costais arda gan ghá maidir le comhlíonadh rialála agus nósanna imeachta éagsúla um measúnú comhréireachta, agus aghaidh a thabhairt ar úsáid mhinic maoluithe a mbíonn rialacha éagsúla i ndlínsí éagsúla Ballstát mar thoradh orthu; á thabhairt chun suntais, i gcás cuideachtaí atá ag feidhmiú i dtimpeallacht trasteorann, gur díol sásaimh iad rialacha uile-AE maidir leis IS, murab ionann agus cur chuige ilroinnte tír-ar-thír, ar forbairt í a chothóidh ceannaireacht Eorpach maidir le forbairt agus imscaradh IS;

163.

á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le bunú fíor-aontas na margaí caipitil; á chur i bhfáth gur gá rochtain ar acmhainní airgeadais a fheabhsú, go háirithe do FBManna, do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis;

164.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil leis an gcaibidlíocht maidir le comhaid reachtacha atá ar feitheamh arb é is aidhm dóibh an margadh aonair digiteach a thabhairt chun críche go pras;

165.

á iarraidh ar an gCoimisiún forfheidhmiú comhsheasmhach rialacha an mhargaidh aonair a áirithiú;

166.

á thabhairt dá haire gur cheart an creat reachtach nua a nuashonrú go cúramach agus a ailíniú le táirgí agus seirbhísí digiteacha; á mholadh go ndíreofar ar nósanna imeachta comhlíonta a nuachóiriú agus a shimpliú trí roghanna digiteacha a thabhairt isteach in ionad modhanna analógacha agus páipéarbhunaithe atá ann cheana lena gceadófar do chuideachtaí, mar shampla, an comhartha CE digiteach, lipéadú leictreonach nó treoracha sábháilteachta digiteáilte a úsáid;

167.

ag spreagadh an Choimisiúin chun tacú le gnólachtaí as líne ar mian leo dul ar líne; á spreagadh go reáchtálfaí feachtais faisnéise bhreise atá dírithe ar FBManna agus ar ghnólachtaí nuathionscanta in oirchill reachtaíocht nua agus reachtaíocht AE a bheidh ann amach anseo ina leith sin, chomh maith le méadú ar fhorfheidhmiú na rialacha faireachais margaidh mar bhealach chun muinín tomhaltóirí Eorpacha a mhéadú;

iii.   COTHROM IOMAÍOCHTA

168.

á chur in iúl go bhfuil sí lánchinnte gur gá na creataí iomaíochta agus in aghaidh trustaí náisiúnta agus Eorpacha atá ann faoi láthair a athchóiriú chun díriú níos fearr ar mhí-úsáid chumhacht an mhargaidh agus ar chlaonpháirteachas algartamach sa gheilleagar digiteach, agus ar shaincheisteanna a bhaineann le carnadh sonraí, agus chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le monaplachtaí nua atá ag teacht chun cinn gan an nuálaíocht a chur i mbaol; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur formheasadh an Ionstraim um Margaí Digiteacha go luath; á iarraidh go ndéanfaí breithniú sonrach ar shaincheisteanna iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann i réimse IS;

169.

á thabhairt dá haire gur cheart, leis an athchóiriú sin, cur chuige fianaise-bhunaithe a neartú agus luach na sonraí agus impleachtaí na n-éifeachtaí líonra a chur san áireamh níos mó, rialacha soiléire a thabhairt isteach do phríomhardáin an mhargaidh agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú maidir le comhar sa gheilleagar digiteach;

170.

á rá, ina leith sin, gur cheart don Choimisiún a chleachtais maidir le sainmhíniú ar an margadh a oiriúnú chun margaí a shainiú ar bhealach níos cruinne agus i gcomhréir le réaltachtaí nua-aimseartha an mhargaidh san earnáil dhigiteach, chun anailís dhinimiciúil a dhéanamh agus chun dearcadh fadtéarmach a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar bhrúnna iomaíocha;

171.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta cur lena n-iarrachtaí faireachán a dhéanamh ar na margaí digiteacha ar bhonn leanúnach, agus ar an gcaoi sin srianta iomaíochta agus baic iomaíochta a shainaithint, agus ina dhiaidh sin bearta ceartaitheacha a fhorchur níos minice ar chuideachtaí a bhaineann mí-úsáid as a gceannasacht nó a bhíonn ag gabháil d’iompar frithiomaíoch;

172.

á iarraidh ar na Ballstáit an maoiniú d’údaráis iomaíochta agus acmhainn theicniúil na n-údarás iomaíochta a mhéadú go suntasach chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú go héifeachtach agus go mear sa gheilleagar digiteach atá tapa agus casta; á chur i bhfios go láidir gur cheart d’údaráis iomaíochta dlús a chur le himeachtaí mí-úsáide agus, i gcás inar gá, bearta eatramhacha a chur i bhfeidhm chun iomaíocht chothrom a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus cearta cosanta nós imeachta cuideachtaí á ráthú ag an am céanna;

(c)   Bonneagar glas digiteach

i.   NASCACHT AGUS CUMHACHT RÍOMHAIREACHTA

173.

á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar an uaillmhian atá aige 75 % d’fhiontair Eorpacha a dhreasú chun glacadh le seirbhísí néalríomhaireachta, mórshonraí agus IS faoi 2030 chun bheith iomaíoch ar fud an domhain i gcónaí agus dlús a chur lena spriocanna maidir le neodracht aeráide chun a áirithiú go mbainfear amach iad faoi 2050; á fhionnadh nach leor an leithdháileadh de EUR 2,07 billiún de mhaoiniú le haghaidh bonneagar digiteach faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa;

174.

á chur i bhfáth gur gá teicneolaíochtaí nua próiseála sonraí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, ar teicneolaíochtaí iad lena gcuimsítear an buntáiste, toisc go n-athraítear líon agus próiseáil na sonraí le haghaidh IS, agus ar an gcaoi sin bogadh ó shamhlacha lárnaithe néalbhunaithe bonneagair i dtreo dílárú méadaithe cumas próiseála sonraí; ag tathant go neartófaí an infheistíocht agus an taighde i gcnuasaigh dháilte ríomhaireachta, nóid chiumhaise agus tionscnaimh dhigiteacha micrearialaitheora; á thabhairt dá haire go bhféadfadh sé go mbeadh sé níos déine ar acmhainní bogadh i dtreo úsáid fhorleathan a bhaint as réitigh chiumhais, ós rud é go gcailltear buntáistí an chomhthiomsaithe barrfheabhsaithe agus á chur i bhfáth gur cheart féachaint ar chostas/tairbhe comhshaoil na mbonneagar imeallach ar leibhéal sistéamach i straitéis néal Eorpach, lena n-áirítear úsáid fuinnimh IS a bharrfheabhsú;

175.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le crua-earraí cumhachtacha chun algartaim sofaisticiúla a dhéanamh inúsáidte, lena n-áirítear ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus chandamach agus IoT; á iarraidh go méadófaí go leanúnach ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach spriocdhírithe le haghaidh réitigh nuálacha lena laghdófaí ídiú fuinnimh, lena n-áirítear éicidhearthóireacht bogearraí; á iarraidh go bhforbrófaí caighdeáin maidir le húsáid acmhainní de réir bonneagair dhigitigh ar leibhéal an Aontais a thomhas, bunaithe ar dhea-chleachtais; á chur in iúl gur cúis imní di géarchéim dhomhanda na micreaphróiseálaí agus, ina leith sin, á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún maidir leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna chun spleáchas reatha an Aontais ar sholáthraithe seachtracha a laghdú; ag tabhairt rabhadh, áfach, maidir leis na rioscaí a bheidh ann amach anseo maidir le ró-acmhainn sa mhargadh agus ag tabhairt rabhadh go ndéanfar timthriall na hinfheistíochta a bhreithniú go cúramach;

176.

á thabhairt chun suntais nach mór bonneagar feidhmiúil tapa le haghaidh IS a bheith bunaithe ar nascacht ardluais dhigiteach atá cothrom agus sábháilte, lena n-éilítear rolladh amach 5G i ngach ceantar uirbeach faoi 2030, chomh maith le rochtain leathan ar líonraí leathanbhanda sárghasta agus ar bheartas speictrim le coinníollacha ceadúnais lena n-áirithítear intuarthacht, lena gcothaítear infheistíocht fhadtéarmach agus nach ndéantar iomaíocht a shaobhadh leo; ag tathant ar na Ballstáit leanúint de bhosca uirlisí 5G a chur chun feidhme; á iarraidh go gcuirfí an Treoir maidir le Laghdú Costais Leathanbhanda (40) i bhfeidhm chun cur in úsáid líonraí a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a dhéanamh ar 5G; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gníomhú i gcoinne leathadh na bréagaisnéise a bhaineann le líonraí 5G a bhfuil straitéis cumarsáide de chuid an Aontais acu; á thabhairt le fios, ina leith sin, go gcuirfidh díospóireacht leathan agus chuimsitheach ar deireadh le muinín a chruthú i measc saoránach maidir leis na gníomhaíochtaí i dtreo líonraí móibíleacha a fhorbairt ar bhonn leanúnach;

177.

á iarraidh ar an gCoimisiún cláir ama a bhunú do na Ballstáit, do chathracha, do réigiúin agus do thionscal agus feabhas a chur ar na próisis formheasa riaracháin do 5G; á iarraidh go gcuirfí níos mó cistí ar fáil i réigiúin ina bhfuil an earnáil phoiblí freagrach as an rolladh amach, chun nascacht ardluais a thabhairt do phobail iargúlta agus chun rannchuidiú leis an mbearna dhigiteach a dhúnadh; á iarraidh go mbeadh tacaíocht ann do thionscadail leathanbhanda agus nascachta faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, le rochtain níos éasca d’údaráis áitiúla chun tearcúsáid na gcistí poiblí a sheachaint;

178.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an idirghníomhú idir IS agus an chéad bhabhta eile den bhonneagar digiteach, lena gcuirfear ar chumas na hEorpa a bheith ar thús cadhnaíochta i líonraí na chéad ghlúine eile, lena n-áirítear 6G;

179.

á iarraidh go mbeadh straitéis shoiléir ann maidir le húsáid snáithín-opta líonra agus maidir le feidhmiú céimneach leathanbhanda i limistéir thuaithe, rud atá ríthábhachtach freisin do theicneolaíochtaí diansonraí amhail IS; á iarraidh, ina leith sin, go dtabharfadh an Banc Eorpach Infheistíochta tacaíocht mhéadaithe do thionscadail nascachta i limistéir thuaithe;

180.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhaontuithe maidir le comhroinnt bonneagair, ar infheistíocht shuntasach í atá riachtanach chun líonraí a chur in úsáid agus chun feidhmiú go mear chun na spriocanna a leagtar síos leis an gCoiste Digiteach a bhaint amach, ar comhaontuithe iad atá ríthábhachtach freisin chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn agus chun ídiú fuinnimh a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil na hiarrachtaí sin fós ag an tús agus gur gá iad a leathnú tuilleadh;

ii.   INBHUANAITHEACHT

181.

ag tathant ar an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le bonneagar digiteach glas a dhéanamh neodrach ó thaobh na haeráide de agus tíosach ar fhuinneamh faoi 2030 i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras agus a bheith comhtháite le clár beartais an Aontais maidir le Bheart Glas; lena n-áirítear trí mheasúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcomhshaol a bhaineann le himscarthaí mórscála de chórais IS-bhunaithe, agus riachtanais mhéadaithe fuinnimh forbartha agus úsáide IS á gcur san áireamh; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht iltaobhach dhomhanda chun leas a bhaint as IS sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus i gcoinne dhíghrádú comhshaoil agus éiceolaíoch, chomh maith le cailliúint na bithéagsúlachta;

182.

ag tathant go mbainfí úsáid as IS chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas fuinnimh i mbardais agus chun bearta éifeachtúlachta fuinnimh a fhorbairt;

183.

ag aithint go bhfuil roinnt feidhmchláir IS ar mhórscála dian ar shonraí agus ar acmhainní agus go bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol; á mheabhrú gur cheart córais IS a dhearadh, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh IS inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh an chomhshaoil de agus an t-aistriú glas, neodracht aeráide agus geilleagar ciorclach á gcur san áireamh;

184.

á iarraidh ar an gCoimisiún spreagadh a thabhairt d’úsáid ionad sonraí atá tíosach ar fhuinneamh ar féidir leo tacú le neodracht carbóin;

185.

á thabhairt chun suntais go gcuireann an easpa comhroinnte faisnéise atá ag lárionaid sonraí faoi láthair bac ar an bhféidearthacht gníomhaíocht phoiblí leordhóthanach a dhéanamh agus forléargas comparáideach a bheith acu ar fheidhmíocht chomhshaoil na lárionad sonraí; á iarraidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar líon na measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol a rinneadh ar fhorbairt IS; á iarraidh go bhforbrófaí ceanglais chun a áirithiú go mbeidh fianaise iomchuí ar fáil chun lorg comhshaoil na bhfeidhmchlár IS ar mhórscála a thomhas; á thabhairt le fios gur gá atá le rialacha agus treoirlínte soiléire le haghaidh measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol i ndáil leis IS, lena n-áirítear measúnuithe ilchritéar ar an saolré; á iarraidh go mbeadh rochtain oscailte ar phríomhtháscairí feidhmíochta comhshaoil na lárionad sonraí, go bhforbrófaí caighdeáin AE agus go gcruthófaí lipéid AE um an néalríomhaireacht ghlas;

186.

á iarraidh go mbeadh plean don gheilleagar ciorclach ann le haghaidh teicneolaíochtaí digiteacha agus IS agus á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas slabhra láidir athchúrsála TFC a dhaingniú;

187.

á mholadh go gcothófaí úsáid réitigh atá bunaithe ar IS a chothú, i gcomhréir leis an aistriú glas agus digiteach i ngach earnáil, chun caighdeáin inbhuanaithe do ghnólachtaí a chomhordú agus chun faireachán ar éifeachtúlacht fuinnimh agus bailiú faisnéise maidir le hastaíochtaí agus maidir le saolré táirgí a chumasú;

188.

á iarraidh ar an gCoimisiún comórtais agus misin a sheoladh le haghaidh réitigh IS a théann i ngleic le fadhbanna sonracha comhshaoil agus an ghné sin den chlár Fís Eorpach agus den chlár don Eoraip dhigiteach a neartú; á mheabhrú gur cheart tionscadail a bhaineann le hacmhainneacht IS aghaidh a thabhairt ar ábhair imní chomhshaoil ar bhonn taighde agus nuálaíochta atá freagrach agus eiticiúil;

189.

á iarraidh ar an gCoimisiún critéir chomhshaoil a fhorbairt agus leithdháileadh bhuiséad AE, maoiniú agus nósanna imeachta soláthair phoiblí le haghaidh IS a cheangal ar a bhfeidhmíocht chomhshaoil;

190.

á iarraidh ar an gCoimisiún cathracha cliste a chothú, lena gcumhdaítear foirgnimh chliste, eangacha cliste, gluaisteáin nasctha, ardáin soghluaisteachta, seirbhísí poiblí agus lóistíocht; ag tacú le forbairt bailiúchán coiteann de dhea-chleachtais le haghaidh tionscadal agus iarratas; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dea-chomhar idir rialtais stáit agus rialtais áitiúla, agus i measc a ngníomhaireachtaí agus a bpáirtithe príobháideacha, i gcathracha cliste;

191.

á chur i bhfáth gur gá prionsabail a shainiú chun a áirithiú gur féidir sonraí ábhartha aeráide agus inbhuanaitheachta a chomhtháthú nuair a bheidh spásanna sonraí inbhuanaitheachta nua á mbunú;

192.

á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú leis na Ballstáit agus leis an earnáil phríobháideach chun saoráidí tástála a bhunú agus chun tacú leo ina bhféadfar iarratais IS a thástáil ar a bhfeidhmíocht inbhuanaitheachta agus treoir a thabhairt maidir le conas lorg comhshaoil an iarratais sin a fheabhsú; á spreagadh go ndéanfaí na saoráidí tástála atá ann cheana a oiriúnú chun díriú ar chásanna úsáide i dtáirgeadh ciorclach;

193.

á iarraidh ar an gCoimisiún bonneagar iompair inbhuanaithe a bhaineann úsáid as IS a chur chun cinn chun éifeachtúlacht a mhéadú, truailliú a laghdú agus inoiriúnaitheacht do riachtanais úsáideoirí a chur chun cinn;

(d)   Éiceachóras bairr feabhais

i.   TALLANN

194.

á iarraidh ar an gCoimisiún creat scileanna IS a chruthú do dhaoine aonair, ag cur leis an gcreat inniúlachta digití, chun deiseanna oiliúna agus foghlama ábhartha IS a chur ar fáil do shaoránaigh, d’oibrithe agus do ghnólachtaí agus chun feabhas a chur ar chomhroinnt eolais, dea-chleachtas, agus litearthacht sna meáin agus litearthacht sonraí idir eagraíochtaí agus cuideachtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon; á iarraidh ar an gCoimisiún bogadh go gasta chun an creat inniúlachta sin a chruthú trí chur le scéimeanna oideachais IS atá ann cheana; á mholadh go mbunófaí spás sonraí maidir le scileanna IS chun tacú le hoiliúint scileanna Eorpacha ar leibhéil earnála agus réigiúnacha i ngach Ballstát; á chur i bhfáth nach mór fáil agus múineadh scileanna digiteacha agus IS a bheith inrochtana do chách, go háirithe do mhná agus do ghrúpaí leochaileacha; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le cúrsaí saor in aisce ar líne a fheabhsaíonn oiliúint bhunúsach in IS;

195.

ag tathant ar infheistíocht i dtaighde tuiscint níos fearr a fháil ar na treochtaí struchtúracha AI-bhainteacha i margadh an tsaothair, lena n-áirítear na scileanna a bhfuil éileamh níos airde orthu nó atá i mbaol ganntanas amach anseo chun eolas a chur ar fáil do scéimeanna aistrithe fostaithe;

196.

á thabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di an easpa beart spriocdhírithe agus córasach maidir le hoiliúint ghairmiúil do dhaoine fásta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais a fhorbairt lena n-áirítear infheistíocht iomchuí chun an lucht saothair a athoiliúint agus a uas-sciliú, lena n-áirítear saoránaigh a chur ar an eolas faoin gcaoi a n-oibríonn algartaim agus an tionchar a bhíonn acu ar an saol laethúil; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith orthu siúd a chaill a bpost nó atá i mbaol iad a chailleadh mar gheall ar an aistriú digiteach, agus é mar aidhm iad a ullmhú chun oibriú le teicneolaíochtaí a bhaineann leis IS agus le TFC; á iarraidh ar an gCoimisiún dreasachtaí agus infheistíocht a dhéanamh i gcomhpháirtíochtaí scileanna il-gheallsealbhóirí chun dea-chleachtais a thástáil; á mholadh go ndéanfaí faireachán ar chruthú post d’ardchaighdeán a bhaineann leis IS san Aontas;

197.

á chur i bhfáth nach féidir na bearnaí digiteacha atá ann cheana a dhúnadh ach amháin le bearta spriocdhírithe cuimsitheacha i dtreo na mban agus na ndaoine scothaosta araon agus dá bhrí sin á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí suntasacha i mbearta spriocdhírithe uasoiliúna agus oideachais chun na bearnaí digiteacha sin a dhúnadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cultúr agus dálaí oibre atá comhionann ó thaobh na hinscne de a chothú ina leith sin;

198.

á iarraidh ar an gCoimisiún comhionannas inscne a chur chun cinn i gcuideachtaí a bhíonn ag obair ar ghníomhaíochtaí a bhaineann leis IS agus le TFC, lena n-áirítear trí thionscadail faoi stiúir na mban san earnáil dhigiteach a mhaoiniú agus trí líon íosta taighdeoirí mná atá rannpháirteach i nglaonna cistiúcháin taighde a bhaineann leis IS agus le TFC a chur chun cinn;

199.

á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar an nganntanas tallann trí fhás, mealladh agus coinneáil na tallainne is fearr a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh maidir lena sprioc 20 milliún saineolaí TFC a bheith fostaithe san Aontas; á chur i bhfáth go gcaithfidh an tAontas Eorpach tuarastail iomaíocha, dálaí oibre níos fearr, comhar trasteorann agus bonneagar iomaíoch a chumasú chun na daoine is fearr ó thaobh cumas IS de a choinneáil agus chun imirce daoine oilte a chosc;

200.

ag cur béim ar an mbreisluach a bhaineann le creat Aontais simplithe agus cuíchóirithe a bheith ann chun tallann idirnáisiúnta a mhealladh in earnáil na teicneolaíochta chun an sreabhadh tallainne agus an tsoghluaisteacht a chumasú laistigh den Aontas agus ón gcoigríoch, feabhas a chur ar an rochtain atá ag tallann idirnáisiúnta ar mhargadh saothair an Aontais agus oibrithe agus mic léinn a mhealladh ar éileamh; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le huirlisí agus reachtaíocht nua nuálacha chun cabhrú le fostóirí a mheaitseáil le hoibrithe ionchasacha TFC, chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais i margadh an tsaothair agus chun aithint cáilíochtaí agus scileanna idirnáisiúnta a éascú; á mholadh go gcruthófaí linn tallann agus ardán meaitseála de chuid an Aontais chun bheith ina ionad ilfhreastail do dhaoine tréitheacha idirnáisiúnta ar mian leo cur isteach ar obair san Aontas, agus d’fhostóirí a lorgaíonn fostaithe ionchasacha thar lear; á iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme chur i bhfeidhm Chárta Gorm AE a leathnú chun a áirithiú go leanfaidh an Eoraip de bheith oscailte do dhaoine tréitheacha domhanda;

201.

á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaithe ar chianobair thar theorainneacha na mBallstát chun ligean d’fhostaithe AE agus idirnáisiúnta oibriú go cianda i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu; á mholadh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar chonstaicí reachtacha agus eile ar chianobair agus aghaidh a thabhairt orthu sin i dtograí reachtacha ina dhiaidh sin;

202.

ag cur béim ar an ngá atá le comhtháthú nuálaíochta a neartú i measc réigiúin an Aontais agus ar fud na mBallstát, ós rud é gur féidir tallann a dháileadh go héagothrom;

203.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cosaint iomchuí a áirithiú do chearta agus d’fholláine oibrithe, amhail neamh-idirdhealú, príobháideachas, neamhspleáchas agus dínit an duine agus IS agus bainistiú algartamach á n-úsáid, lena n-áirítear maidir le cleachtais faireachais mhíchuí; á chur i bhfáth, nuair a úsáidtear IS ag an obair, nach mór d’fhostóirí a bheith trédhearcach maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear í agus maidir leis an tionchar atá aici ar dhálaí oibre agus á chur i bhfáth go láidir gur cheart oibrithe a chur ar an eolas i gcónaí agus go rachfaí i gcomhairle leo sula n-úsáidfear feistí agus cleachtais atá bunaithe ar IS; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór d’algartaim maoirseacht dhaonna a dhéanamh i gcónaí agus go gcaithfidh a gcinntí a bheith cuntasach, inchonspóide agus, i gcás inarb ábhartha, inchúlaithe; á chreidiúint gur cheart spreagadh a thabhairt don oiliúint ar fhorbróirí algartam i dtaca le saincheisteanna eiticiúla, trédhearcachta agus frith-idirdhealaitheacha;

204.

á iarraidh go mbeadh straitéis Eorpach ann maidir le húsáid shábháilte IS i gcás leanaí atá deartha chun leanaí a chur ar an eolas faoi idirghníomhú leis IS d’fhonn iad a chosaint ar rioscaí agus ar dhíobháil fhéideartha;

205.

á iarraidh ar na Ballstáit scileanna digiteacha agus litearthacht a dhéanamh mar chuid den oideachas bunúsach agus den fhoghlaim ar feadh an tsaoil; á iarraidh go mbeadh córas oideachais IS ann lena gcothófar litearthacht dhigiteach, scileanna digiteacha agus an athléimneacht dhigiteach ó chéim luath, ag tosú leis an mbunoideachas; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le toil pholaitiúil, acmhainní leordhóthanacha agus taighde eolaíoch chun curaclaim éifeachtacha don oideachas digiteach a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún tabhairt isteach cúrsaí IS agus ríomhinniúlachta a chur chun cinn sna scoileanna, sna hollscoileanna agus sna hinstitiúidí oideachais uile san Eoraip; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le forbairt scileanna den chineál sin san oideachas aosach a mhéid is atá sa bhunoideachas nó sa mheánoideachas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnamh beartais cuimsitheach agus comhsheasmhach a chur ar bun maidir le scileanna agus oideachas IS ar leibhéal an Aontais, chomh maith le tionscnamh reachtach maidir leis IS san ionad oibre;

206.

ag tarraingt aird ar an ngá atá le curaclaim ollscoile ildisciplíneacha lena ndírítear ar scileanna digiteacha agus ar scileanna IS, lena n-áirítear sa tsláinte, agus ar an ngá atá le hionaid taighde thrasdisciplíneach; á chreidiúint gur cheart béim a leagan freisin ar bhealaí i dtreo tuilleadh oideachais chun speisialtóireacht a dhéanamh in IS (e.g. céimeanna Máistreachta agus PhD agus staidéar páirtaimseartha);

207.

á iarraidh ar na Ballstáit tús áite a thabhairt d’fhorbairt modhanna nuálaíocha teagaisc agus curaclaim nuálacha i réimsí STEM agus i gcláreagrú STEM, go háirithe cáilíocht na matamaitice agus na hanailíse staidrimh a neartú chun algartaim IS a thuiscint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit disciplíní acadúla STEM a chur chun cinn chun líon na mac léinn sna réimsí sin a mhéadú; á chur i bhfáth go mbeidh disciplíní eile a idirghníomhaíonn le disciplíní STEM ríthábhachtach freisin chun scileanna digiteacha a chur chun cinn;

208.

ag spreagadh na mBallstát rannpháirtíocht na mban i staidéir STEM, TFC agus i ngairmeacha a bhaineann le IS a chur chun cinn chun comhionannas inscne a bhaint amach, lena n-áirítear trí sprioc a shainiú do rannpháirtíocht taighdeoirí ban i dtionscadail STEM agus IS;

209.

á chur i bhfáth gur cheart, leis an oideachas digiteach, feasacht a mhúscailt freisin maidir le gnéithe den saol laethúil a bhféadfadh an ríomhfhoghlaim difear a dhéanamh dóibh, lena n-áirítear innill mholta, fógraíocht spriocdhírithe, algartaim sna meáin shóisialta agus domhainbhrionnuithe; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hoideachas breise sna meáin chun cuidiú le scileanna nua digiteacha agus IS a chur i gcomhthéacs na hathléimneachta digití agus, dá bhrí sin, á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht agus formhuiniú do gach saoránach i dtaca le cúrsaí nua litearthachta IS atá inrochtana cheana féin;

210.

á iarraidh go ndéanfaí bearta chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach saoráid oideachais ar leathanbhanda, chomh maith le bonneagar láidir don fhoghlaim dhigiteach; á chur i bhfáth gur gá na hacmhainní ríomhaireachta leormhaithe is gá chun oiliúint a chur ar shamhlacha IS, atá ag éirí níos costasaí de réir a chéile, a sholáthar d’ollscoileanna Eorpacha agus dá líonraí; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh na scileanna agus na huirlisí IS is gá ag múinteoirí; á iarraidh go ndíreofar níos mó ar oiliúint theicniúil do mhúinteoirí agus go bhforbrófaí uirlisí nuálacha múinteoireachta agus foghlama;

211.

á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht i dtionscnaimh scileanna don aos óg códaithe chun scileanna na hóige agus cáilíochtaí ardleibhéil san IS a chothú, lena n-áirítear acadaimh chódaithe, cláir scoile samhraidh agus scoláireachtaí a bhaineann go sonrach leis IS; den tuairim gur cheart sealanna oiliúna de chuid an Aontais maidir le Deiseanna Digiteacha a leathnú tuilleadh go dtí an ghairmoiliúint;

ii.   TAIGHDE

212.

á iarraidh ar AE infheistíocht sa taighde ar IS agus ar phríomhtheicneolaíochtaí eile a mhéadú, amhail róbataic, ríomhaireacht chandamach, micrileictreonaic, IoT, nanaitheicneolaíocht agus priontáil 3D; á iarraidh ar an gCoimisiún treochlár Eorpach don taighde straitéiseach a fhorbairt agus a choinneáil le haghaidh IS, ar treochlár é lena dtabharfar aghaidh ar na mórdhúshláin idirdhisciplíneacha inar féidir le IS a bheith mar chuid den réiteach; á chur i bhfios go láidir gur cheart infheistíochtaí a dhíriú ar chásanna ar dóigh dóibh réitigh inbhuanaithe, folláine agus cuimsiú sa tsochaí a mhéadú;

213.

á mholadh do na Ballstáit uile cion níos airde dá n-olltáirgeacht intíre a chaitheamh ar thaighde ar theicneolaíochtaí digiteacha; ag tathant go ndéanfaí an clár Fís Eorpach a neartú go leanúnach, go háirithe a chomhpháirtíocht IS, sonraí agus róbataic agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach; ag tathant go ndéanfaí an clár don Eoraip dhigiteach a leathnú agus á mheas gur cheart maoiniú EUR 7,6 billiún atá leithdháilte air a mhéadú;

214.

á chur i bhfáth gur gá tús áite a thabhairt don taighde ar leibhéal an Aontais i réimse IS; á iarraidh ar an gCoimisiún struchtúr an mhaoinithe taighde a shimpliú, lena n-áirítear ceanglais agus próisis maidir le hiarratais ar dheontais; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht na n-athbhreithnithe a dhéantar ar thogra agus intuarthacht na n-ionstraimí maoinithe agus a n-uainiú a mhéadú chun tacú le pleanáil fhadtéarmach, agus leas á bhaint as treochlár taighde IS na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún níos mó iarratas a mhaoiniú i réimse IS trí ionstraimí éagsúla a chomhcheangal, amhail an Chomhairle Eorpach um Thaighde, Gníomhaíochtaí Marie Curie, an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht;

215.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do chistiú do thaighde IS atá freagrach go sóisialta, lena rannchuidítear le teacht ar réitigh a dhéanann cearta bunúsacha a choimirciú agus a chur chun cinn, agus cláir chistiúcháin a sheachaint lena mbaineann riosca do-ghlactha do na cearta sin, lena n-áirítear córais chistiúcháin ollfhaireachais, scórála sóisialta agus córais eile a bhféadfadh tionchair dhiúltacha shóisialta a bheith mar thoradh orthu, chomh maith le teicneolaíochtaí a rannchuidíonn le dochar don chomhshaol;

216.

á spreagadh go ndéanfaí tuilleadh post múinteoireachta maidir leis IS a chruthú in ollscoileanna Eorpacha, tuarastail leormhaithe a chruthú le haghaidh taighde ar IS agus tuilleadh maoiniú poiblí a sholáthar chun oiliúint chuí a chur ar thaighdeoirí agus ar dhaoine tréitheacha atá ann faoi láthair agus an chéad ghlúin eile díobh a choinneáil agus imirce daoine oilte a chosc; á chur i bhfáth gur gá na constaicí maorlathacha a laghdú do thaighdeoirí ollscoile chun rochtain a fháil go héasca ar chistí agus á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí a sholáthar chun idirnascacht dhigiteach a mhéadú i measc ollscoileanna laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát; ag tathant go bhforbrófaí líonraí leathana le haghaidh IS ar fud ollscoileanna, institiúidí taighde agus na hearnála príobháidí san Eoraip, chomh maith le lárionaid taighde ildisciplíneacha IS tiomanta;

217.

á mholadh go neartódh ollscoileanna an maoiniú do thionscadail taighde fheidhmigh ina gcuirtear gnéithe IS san áireamh;

218.

á iarraidh ar an gCoimisiún aistrithe eolais idir taighde IS agus an pobal a fheabhsú trí líonraí gnó agus pointí teagmhála a bhunú le gairmithe dlí agus sainchomhairleoirí gnó in ollscoileanna, chomh maith le painéil saoránach, ardáin eolaíochta agus sochaí a bhunú agus páirt a thabhairt don phobal i gcláir taighde IS a chumadh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé aistriú rianúil ón saol acadúil go dtí an tionscal agus an breisluach a bhaineann le gaireacht idir an dá cheann d’éiceachórais IS agus d’ionaid thionsclaíocha rathúla agus dinimiciúla;

219.

á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le haistrithe eolais san Aontas ó thaighde agus eolaíocht go feidhmeanna IS sa tionsclaíocht agus san earnáil phoiblí; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cruthaíodh comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí ar leith maidir le IS; á iarraidh ar an gCoimisiún lárionaid sonraí IS a bhunú, arna bhforbairt go comhpháirteach leis an earnáil tionsclaíochta agus leis an tsochaí shibhialta; á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le láithreáin tástála le haghaidh IS; ag déanamh tagairt shonrach don Chomhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach, don Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha agus don Chomhghnóthas Líonraí agus Córas Cliste;

220.

á iarraidh go mbunófaí tithe solais IS faoi chreat an chláir Fís Eorpach, ag baint leas as na líonraí d’ionaid réigiúnacha barr feabhais IS atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus é mar aidhm comhghuaillíocht a thógáil d’eagraíochtaí láidre taighde Eorpacha a roinnfidh treochlár coiteann chun tacú le barr feabhais sa taighde bunúsach agus feidhmeach, iarrachtaí náisiúnta IS a ailíniú, nuálaíocht agus infheistíochtaí a chothú, tallann IS a mhealladh agus a choinneáil san Eoraip, agus sineirgí agus barainneachtaí scála a chruthú; á chreidiúint go bhfuil sé d’acmhainn ag an gcoincheap tí solais na daoine is fearr agus is cliste ó thíortha thar lear a mhealladh, chomh maith le hinfheistíocht shuntasach phríobháideach a thabhairt isteach san Eoraip;

221.

á chur in iúl, thairis sin, gur cheart tithe solais IS, i gcomhar le hinstitiúidí taighde agus tionscail eile, a chistiú go leordhóthanach; á thabhairt chun suntais ar na buntáistí a bhaineann le boscaí gainimh rialála atá dea-scartha chun táirgí, seirbhísí agus cineálacha cur chuige IS a thástáil i bhfíorthimpeallacht dhomhanda rialaithe sula gcuirtear ar an margadh iad;

222.

á thabhairt le fios gur céim thábhachtach chun cinn é Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha (MNDEnna) a ainmniú faoin gclár don Eoraip Dhigiteach chun éiceachóras den scoth in IS a fhorbairt atá bunaithe ar bhraislí tionscail-ollscoileanna; ag cáineadh, áfach, go bhfuil na critéir maidir le hainmniú MNDE fós doiléir agus dá bhrí sin go bhfuil difríocht idir MNDEnna ar fud na hEorpa maidir lena gcumais agus lena bhforbairt, agus go bhfuil an t-idirghníomhú le moil dhigiteacha eile arna n-ainmniú ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus faoi chreat an chláir Fís Eorpach fós doiléir; á mholadh, dá bhrí sin, go bhfuil gá le tuilleadh comhordaithe agus iarrachtaí i dtaobh caiteachais, agus chomh maith leis sin i dtaobh bhunú chnuasach foriomlán comhoibritheach mhoil dhíláraithe IS atá bunaithe ar chreat uile-Aontais le haghaidh saineolas dlíthiúil, sonraí, maoiniú, agus dreasachtaí; á chur in iúl gur díol sásaimh di na tionscnaimh ón gCoimisiún chun líonraí nuathionscanta a bhunú ar fud AE agus níos faide i gcéin freisin, amhail an Eoraip Nua-thionscanta agus an Eoraip um Ghnólachtaí, an Mheánmhuir chun malartuithe smaointe, gnó agus deiseanna líonraithe a chothú;

223.

á mholadh go ndéanfaí tionscnaimh atá ann cheana a mhéadú agus a ailíniú, amhail an tSaotharlann Eorpach um Fhoghlaim agus um Chórais Chliste agus Cónaidhm na Saotharlann um Thaighde ar IS san Eoraip, agus tionscadail shuaitheanta, amhail Líonra IS HumanE agus AI4EU, d’fhonn spriocanna agus tionscadail forbartha, atá uaillmhianach, comhoibríoch agus ar fud an Aontais a chur chun cinn;

(e)   Éiceachóras muiníne

i.   AN TSOCHAÍ AGUS IS

224.

á mholadh, sa bhreis ar oiliúint IS atá molta, go gcuirfidh AE agus a chuid Ballstát feachtais ardaithe feasachta ar bun, lena n-áirítear plé poiblí ar an leibhéal áitiúil, mar bhealach breise chun saoránaigh a shroicheadh, chun na saoránaigh a chur ar an eolas agus chun cumhacht a thabhairt dóibh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna, na rioscaí agus an tionchar sochaíoch, dlíthiúil agus eiticiúil a bhaineann le IS chun cur tuilleadh le hiontaofacht agus daonlathú IS; á chur in iúl go bhfuil sí lánchinnte go gcabhródh an méid sin, i gcomhthráth le creat dlíthiúil soiléir fónta a chruthú maidir le IS atá dírithe ar an duine agus iontaofa, chun imní na saoránach a laghdú, ar ábhair imní iad a d’fhéadfadh a bheith bainteach le húsáid fhorleathan IS san Eoraip;

225.

á iarraidh ar an Aontas a áirithiú go ndéanfaidh IS prionsabail dhaonlathacha agus cearta bunúsacha a fhorbairt, a úsáid agus a úsáid go hiomlán agus go gcloífear leis an dlí ar bhealach atá in ann sásraí faireachais a chomhrac agus nach gcuirfidh sé isteach go míchuí ar thoghcháin ná nach gcuirfidh sé le scaipeadh na bréagaisnéise;

226.

á chur i bhfáth nár cheart do rialtais ná do ghnólachtaí ach córais iontaofa IS a imscaradh agus a sholáthar, ar córais iad a dheartar, i gcás inarb ábhartha, chun seasamh le cearta na n-oibrithe agus chun oideachas ardchaighdeáin agus litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus nach méadaíonn siad an bhearna idir na hinscní ná an t-idirdhealú trí chomhdheiseanna do chách a chosc;

227.

ag tacú le coigeartuithe ar dhlíthe cosanta tomhaltóirí mar bhealach eile chun muinín in IS a fhorbairt, mar shampla tríd an gceart a thabhairt do thomhaltóirí a fhios a bheith acu an bhfuil siad ag idirghníomhú le gníomhaire IS, rud a chuirfeadh ar a gcumas athbhreithniú daonna a dhéanamh ar chinntí IS, agus trí mhodh a thabhairt dóibh faireachas tráchtála nó praghsáil phearsantaithe a chomhrac;

228.

á chur i bhfáth gur cheart teicneolaíochtaí áirithe IS a thabhairt isteach san ionad oibre, amhail na teicneolaíochtaí sin a úsáideann sonraí oibrithe, i gcomhairle le hionadaithe na n-oibrithe agus leis na comhpháirtithe sóisialta; á thabhairt le fios gur cheart go mbeadh oibrithe agus a n-ionadaithe in ann faisnéis a iarraidh ó fhostóirí maidir leis na sonraí a bhailítear, i gcás ina stóráiltear na sonraí sin, maidir leis an gcaoi a bpróiseáiltear na sonraí sin agus maidir leis na cosaintí atá i bhfeidhm chun iad a chosaint;

229.

á iarraidh ar AE a áirithiú go léiríonn córais IS a éagsúlacht chultúrtha agus an t-ilteangachas chun claonadh agus idirdhealú a chosc; á thabhairt chun suntais gur gá éagsúlacht a chur chun cinn sna foirne a fhorbraíonn, a chuireann chun feidhme agus a dhéanann measúnú ar na rioscaí a bhaineann le feidhmchláir shonracha IS, chun aghaidh a thabhairt ar laofacht in IS; á chur i bhfáth gur gá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a úsáid chun algartaim IS a mheas agus chun anailís inscne a dhéanamh mar chuid de mheasúnuithe riosca uile IS;

230.

á chur i bhfios go láidir á thábhachtaí atá taighde agus faireachán leanúnach ar thionchar IS ar ghnéithe éagsúla den tsochaí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon; á mholadh go mbeadh Eurostat agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais rannpháirteach sa mhéid sin;

231.

á thabhairt chun suntais, bunaithe ar thorthaí an chórais faireacháin, go bhféadfaí ciste aistrithe Eorpach a mheas chun cabhrú le bainistiú a dhéanamh, mar shampla, ar chaillteanas post in earnálacha leochaileacha nó ar fud na réigiún;

ii.   RÍOMHRIALACHAS

232.

á iarraidh ar na Ballstáit Dearbhú Thaillinn maidir le ríomhsheirbhísí rialtais a chur i gcrích, saoránaigh a chur i gcroílár na seirbhísí agus sásraí a chur ar bun chun seirbhísí poiblí digiteacha ó cheann go ceann atá gan teorainneacha, idir-inoibritheach, pearsantaithe, soláimhsithe agus ó cheann go ceann a sholáthar do gach saoránach ar gach leibhéal den riarachán poiblí; den tuairim gur cheart gurbh é an cuspóir a bheadh ann seirbhísí digiteacha agus ríomhsheirbhísí Rialtais atá bunaithe ar IS a sholáthar do shaoránaigh as seo go ceann cúig bliana, agus iad fós ag cur idirghníomhaíocht dhaonna ar fáil; á mheabhrú go mbeidh ról lárnach ag cistí na Saoráide um Théarnamh agus Athléimneacht agus ag na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta ina leith sin; á iarraidh ar chomhlachtaí poiblí tacaíocht a thabhairt don IS san earnáil phoiblí agus í a fhorbairt; á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-athbhreithniú ar Rialachán eIDAS (41) agus an ról atá aige maidir le soláthar seirbhísí poiblí digiteacha a threisiú; á chur i bhfáth nár cheart aon duine a fhágáil ar lár agus gur cheart go mbeadh roghanna eile as líne ar fáil i gcónaí;

233.

á iarraidh ar an gCoimisiún an plean gníomhaíochta ríomhrialtais a athnuachan agus sineirgí a chruthú leis an gclár don Eoraip Dhigiteach chun tacú le riaracháin phoiblí agus IS á glacadh acu i gcomhréir le straitéis bogearraí foinse oscailte na hEorpa;

234.

á thabhairt chun suntais go bhfuil ról suntasach ag ríomhsheirbhísí rialtais i bhforbairt an gheilleagair sonraí agus na nuálaíochta digití sa mhargadh aonair digiteach; á thabhairt dá haire gur gnéithe ríthábhachtacha d’úsáid ríomhsheirbhísí rialtais ar fud an Aontais iad comhoibriú agus comhroinnt dea-chleachtas ar fud riaracháin phoiblí agus thar theorainneacha; á iarraidh go mbeadh nósanna imeachta riaracháin phoiblí caighdeánaithe, cuíchóirithe ann le haghaidh malartuithe níos éifeachtúla ar fud Bhallstáit an Aontais agus gach leibhéal riaracháin;

235.

á thabhairt dá haire go bhfuil gá le saineolaithe oilte chun seirbhísí ardchaighdeáin ar líne a fhorbairt; á chur i bhfáth gur gá beartais earcaíochta agus oiliúna rialtais a mhéadú do dhaoine a bhfuil scileanna digiteacha acu a bhfuil eolas acu ar IS;

236.

á iarraidh go ndéanfaí cur chun feidhme na tairsí aonair digití a spreagadh agus go ndéanfaí ardáin idir-inoibritheacha a chuireann seirbhísí trasteorann ar fáil san Aontas a fhorbairt, agus caighdeáin choiteanna slándála á gcomhlíonadh i ngach Ballstát ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart breathnú ar leathnú a d’fhéadfaí a dhéanamh thar an tacar teoranta seirbhísí a áirítear faoi láthair i Rialachán (AE) 2018/1724 (42) lena mbunaítear tairseach aonair dhigiteach;

237.

á chur i bhfáth go gcuireann ardáin chomhairliúcháin phoiblí institiúidí an Aontais agus na mBallstát le rannpháirtíocht agus le rochtain ar fhaisnéis dhigiteach; á mholadh go ndéanfaí infheistíocht i bhfeabhsuithe ar inúsáidteacht agus ar inrochtaineacht, amhail achoimrí agus faisnéis a sholáthar i níos mó ná teanga amháin, chomh maith le margaíocht thiomnaithe agus for-rochtain spriocdhírithe d’ardáin dhigiteacha rannpháirtíochta poiblí;

238.

á mholadh go gcuirfí dlús leis an idirphlé idirghníomhach agus pearsanta le saoránaigh an Aontais trí chomhairliúcháin leis na saoránaigh ar líne, trí fhormáidí idirphlé le páirtithe leasmhara nó trí fheidhmeanna digiteacha chun trácht a dhéanamh ar reachtaíocht agus ar thionscnaimh AE;

iii.   R-SHLÁINTE

239.

á iarraidh go ndéanfaí dearadh atá dírithe ar an duine agus cur chuige atá bunaithe ar fhianaise i leith IS ina ndírítear ar chúram sláinte pearsantaithe, dírithe ar an othar, costéifeachtach agus ar ardchaighdeán, a fhorbrófar i ndlúthchomhar le gairmithe sláinte agus le hothair, agus maoirseacht dhaonna agus cinnteoireacht á caomhnú ag an am céanna; ag tathant go dtabharfaí tús áite do chistiú, spriocanna straitéiseacha a leagan síos, comhar a chothú agus feidhmchláir IS a ghlacadh i gcúram sláinte mar earnáil ríthábhachtach ina bhféadfadh na deiseanna a chuirtear ar fáil le IS buntáistí ollmhóra a chur ar fáil do shláinte agus d’fholláine na saoránach, fad agus a dhéantar na rioscaí dúchasacha a bhainistiú go hiomchuí;

240.

á thabhairt chun suntais gur cheart glacadh IS i suíomhanna cúraim sláinte a chur chun cinn mar uirlis chun an t-ualach ar ghairmithe cúraim sláinte a laghdú agus chun cabhrú leo díriú ar chúraimí cliniciúla, agus ní mar ionadaí do ghairmithe cúraim sláinte nó mar ghníomhaí neamhspleách laistigh de chórais sláinte; á chur i bhfáth gur gá leibhéal cáilíochta, sábháilteachta agus slándála a áirithiú ar aon dul leis an bpróiseas formheasa rialála maidir le cógais, vacsaíní agus feistí leighis; á iarraidh modh atá cosúil le triail chliniciúil chun tástáil a dhéanamh ar leorgacht IS agus chun faireachán a dhéanamh ar imscaradh IS i suímh chliniciúla; á fhionnadh go mbeadh sé tairbhiúil a mheas cé na seirbhísí cúraim sláinte is féidir a uathoibriú go heitic agus go freagrach;

241.

á mheas gur cheart rochtain chothrom ar chúram sláinte mar phrionsabal a leathnú chuig feidhmeanna IS a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear córais chun galair a bhrath, bainistiú riochtaí ainsealacha, soláthar seirbhísí sláinte agus fionnachtain drugaí; ag cur béim ar an ngá atá le bearta iomchuí a ghlacadh chun dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann leis an tsláinte ó thaobh na scoilte digití, na laofachta algartamaí agus an idirdhealaithe, agus imeallú daoine leochaileacha nó mionlach cultúrtha, a bhfuil rochtain theoranta acu ar chúram sláinte;

242.

ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte nár cheart go gceadófaí do chuideachtaí árachais ná d’aon soláthraí seirbhíse eile atá i dteideal rochtain a fháil ar fhaisnéis arna stóráil i bhfeidhmchláir ríomhshláinte úsáid a bhaint as na sonraí sin chun idirdhealú a dhéanamh agus praghsanna á socrú;

243.

á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur céimeanna sa treo ceart iad tionscadail agus tionscnaimh reatha an Aontais, amhail EU4 Health, na spásanna sonraí sláinte Eorpacha agus an tArdán Eorpach maidir le Clárú Galar Neamhchoitianta toisc go dtugann siad deis do na Ballstáit acmhainní a chomhthiomsú, comhar tairbheach a mhéadú idir córais sláinte agus malartú slán caomhnaithe príobháideachais sonraí ardcháilíochta le haghaidh taighde agus nuálaíochta a chumasú;

244.

á iarraidh go ndéanfaí creat “IS sa tSláinte” a dhaingniú agus a shuí go cuí dlíthiúil ar leibhéal an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil go leor leibhéal riosca ann a thagann chun cinn de réir a chéile, i gcaitheamh dhul chun cinn theicneolaíochtaí IS;

245.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh treorach maidir le sonraí sláinte a phróiseáil faoi RGCS chun lántairbhe a bhaint as acmhainneacht IS ar mhaithe le daoine aonair, agus cearta bunúsacha á n-urramú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún comhchuibhiú níos tapúla agus níos fearr a dhéanamh ar chaighdeáin lena rialaítear próiseáil sonraí sláinte ar fud na mBallstát, lena n-áirítear comhroinnt, anaithnidiú agus idir-inoibritheacht na sonraí sin;

246.

á iarraidh ar an gCoimisiún comhtháthú na rialacha eiticiúla a chur chun cinn ag gach céim d’fhorbairt, de dhearadh agus d’úsáid fheidhmchláir IS; á chur i bhfáth gur gá tuilleadh taighde a chur chun cinn maidir leis na modhanna agus na laofachtaí atá leabaithe i gcóras intleachta saorga oilte chun conclúidí neamheiticiúla agus idirdhealaitheacha a sheachaint nuair a chuirtear i bhfeidhm iad ar shonraí maidir le sláinte an duine; á mholadh go gcruthófaí Cód Iompair AE chun sonraí sláinte a phróiseáil i gcomhréir iomlán le RGCS;

247.

á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar thionscnamh maidir le néarchearta arb é is aidhm dó an inchinn a chosaint ar thrasnaíocht, ar ionramháil agus ar rialú néarteicneolaíochta atá cumhachtaithe ag an intleacht shaorga; ag spreagadh an Choimisiúin clár oibre néarcheart a chur chun cinn ar leibhéal na Náisiún Aontaithe chun néarchearta a chur san áireamh i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, go nithiúil maidir le cearta na céannachta, saorthoil, príobháideacht mheabhrach, rochtain chomhionann ar an dul chun cinn i méadú inchinne agus cosaint ar chlaonadh algartamach;

248.

á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar chreat dlíthiúil le haghaidh comhairliúcháin leighis ar líne;

249.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le bearta lena gcuirtear chun cinn rochtain chomhionann ar chúram sláinte agus lena bhfeabhsaítear glacadh réitigh IS ag soláthraithe cúraim sláinte;

250.

á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le sásra comhair a bhunú i gcomhthéacs agus oibriú spás Eorpach do shonraí sláinte chun comhroinnt sonraí sláinte a chothú agus tacú le forbairt taifead sláinte leictreonach i gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin is infheidhme; á áitiú go gcuirfí feabhas ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil do gach saoránach de chuid an Aontais trí uirlisí digiteacha a chumasú oibriú mar is ceart (e.g. bunaithe ar algartaim féinfhoghlama nó ar anailís ar mhórsonraí); á mholadh go gcuirfí na sonraí arna stóráil i gcomhréir le RGCS ar fáil le haghaidh tuilleadh taighde, chomh maith le forbairt drugaí agus cóireálacha indibhidiúlaithe nua;

251.

á chur i bhfios go láidir gur gá scileanna digiteacha agus IS a chur san áireamh in oideachas gairmithe cúraim sláinte, chomh maith le heolas ar reachtaíocht cosanta sonraí an Aontais agus ar dhéileáil le sonraí íogaire, lena n-áirítear anaithnidiú sonraí a chur chun cinn;

252.

á iarraidh go mbeadh treoir ann maidir le hinfheidhmeacht creataí dliteanais agus córais formheasa chomhchuibhithe d’fheidhmchláir leighis atá bunaithe ar an intleacht shaorga agus do chógais arna bhforbairt nó arna dtástáil leis an intleacht shaorga agus leis an mheaisínfhoghlaim; á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar dhíobháil a eascraíonn as leithdháileadh neamhleor acmhainní nó easpa soláthair cúraim trí chórais mholtóra IS in earnáil an chúraim sláinte in aon athchóiriú rialála a bheidh ann amach anseo; ag cur béim ar an ngá le dea-chleachtais, caighdeáin agus critéir iomchuí chun iarratais ar chúram sláinte a dheimhniú agus a fhormheas i gcomhréir le rioscaí dliteanais;

253.

á iarraidh ar an gCoimisiún samhlacha réamh-mheastacha duinelárnacha a chur ar fáil do phaindéimí, agus úsáid a bhaint astu, ina dtagann tacair sonraí éagsúla le chéile i bhfíor-am chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht;

(f)   Straitéis tionsclaíochta

i.   PLEANÁIL AGUS INFHEISTÍOCHTAÍ STRAITÉISEACHA

254.

á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur cheart don Aontas an intleacht shaorga agus an geilleagar sonraí a chur i gcroílár straitéis tionsclaíoch digiteach uaillmhianach, agus é mar aidhm aige cuideachtaí agus fiontraithe nuálacha a chumhachtú dul san iomaíocht le haghaidh na nuálaíochtaí is fearr teicneolaíochta agus samhlacha gnó san Eoraip agus sa domhan agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a threisiú agus caighdeáin fhónta dhlíthiúla, eiticiúla, teicneolaíochta agus slándála á mbunú do chórais uile IS agus do na comhpháirteanna uile a bheartaítear a úsáid i margadh aonair an Aontais;

255.

ag spreagadh an Choimisiúin an anailís ar mhórshonraí IS a úsáid chun cabhrú le tástálacha struis a dhéanamh chun athléimneacht slabhraí luacha agus spleáchais a mhapáil;

256.

á áitiú ar an gCoimisiún anailís chuimsitheach a dhéanamh ar láidreachtaí agus laigí chun leochaileachtaí AE a chinneadh, réimsí criticiúla agus spleáchais ardriosca a shainaithint, ionchais réalaíocha theicniúla agus eacnamaíocha a bhunú maidir leis an intleacht shaorga agus measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí sna hearnálacha uile i dtionscal na hEorpa; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún comhoibriú leis na geallsealbhóirí ábhartha chun na críche sin;

257.

á mholadh gur cheart don Aontas, ar bhonn na hanailíse sin, straitéis tionscalaíochta fhadtéarmach don intleacht saorga a cheapadh agus a ghlacadh, ar straitéis í a mbeadh fís shoiléir aici don chéad deich mbliana eile mar shíneadh ar an gCompás Digiteach; á mhíniú gur cheart an straitéis sin a chomhlánú le córas faireacháin a mbeadh príomhtháscairí feidhmíochta agus nuashonruithe bliantúla ann; á chur i bhfáth, áfach, gur gá an líon ollmhór tionscnamh aonair a sheol an Coimisiún chun tacú le tionscal IS an Aontais a chomhdhlúthú agus a chuíchóiriú sula ndéanfar iad a ionchorprú sa straitéis thionsclaíoch nua seo don intleacht saorga;

258.

á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas conas is féidir an straitéis fhoriomlán thionsclaíoch a chomhlánú trí infheistíocht phoiblí spriocdhírithe; á thabhairt le fios, áfach, go bhféadfadh cláir infheistíochta iomarcacha do theicneolaíochtaí casta, i gcásanna áirithe, cur leis an riosca do leithdháileadh éifeachtúil caipitil a chur as a riocht agus go bhféadfadh infheistíocht thréigthe teacht as; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur dlúthchuid de straitéis thionsclaíoch an Aontais é an chumhacht a thabhairt do ghnólachtaí, fiontraithe agus taighdeoirí chun réitigh teicneolaíochta IS atá bunaithe ar fhiontraíocht phríobháideach a fhorbairt agus a mhargú, lena n-áirítear trí chothrom iomaíochta a fhorfheidhmiú agus tríd an margadh aonair digiteach agus aontas na margaí caipitil a thabhairt chun críche; á mholadh go n-éascófaí an rochtain ar mhaoiniú, go mór mór ionstraimí maoinithe riosca, go háirithe le haghaidh maoiniú luathchéime; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chion na n-acmhainní atá tiomnaithe don intleacht shaorga trí InvestEU agus tríd an gclár don Eoraip dhigiteach agus, i gcás inarb iomchuí, é a mhéadú go suntasach;

259.

á chur i bhfáth gur gá creat an Aontais a glacadh le déanaí maidir le scagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach choigríche (43) agus an rialachán a athbhreithníodh le déanaí maidir le córas an Aontais i ndáil le rialú onnmhairithe ítimí dé-úsáide a chur chun feidhme go mear (44); á thabhairt le fios gur cheart breathnú ar IS, chomh maith leis an róbataic agus bonneagar digiteach eile, mar earnáil ríthábhachtach; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh cosaint na gceart maoine intleachtúla agus eis-sreabhadh teicneolaíochtaí criticiúla faoi réir forfheidhmiú níos láidre;

260.

á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach don Eoraip bonneagar digiteach leormhaith a chur ar fáil di féin; á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh amhail an Tionscnamh maidir le Próiseálaí Eorpach, an Ionstraim Eorpach um Shliseanna, a moladh le déanaí, agus an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach;

ii.   FBMANNA AGUS GNÓLACHTAÍ NUATHIONSCANTA

261.

á mholadh go gcuirfí tacaíocht ar leibhéal an Aontais agus an rialtais ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta intleachta saorga trí rochtain a bheith acu ar chaipiteal príobháideach agus ar fhostaithe oilte, tríd an gcumas tacair sonraí ar ardchaighdeán a sholáthar chun algartaim a oiliúint agus tríd an gcumas oibriú thar theorainneacha na mBallstát; á chur i bhfáth, ina theannta sin, gur uirlis an-éifeachtach beartais phoiblí chun tacú le geilleagar nuathionscanta é forfheidhmiú éifeachtach dhlí na hiomaíochta chun mí-úsáid ceannasachta margaidh a chosc agus chun bacainní ar iontráil sa mhargadh a chomhrac; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, gur cheart do AE cur lena iarrachtaí bealaí agus seirbhísí forbartha a chur ar fáil do FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta; á mheas go bhféadfaí a áireamh leis sin córas meantóireachta a thabhairt isteach lena nasctar gnólachtaí atá dírithe ar an intleacht shaorga le gnólachtaí beaga ar mian leo an teicneolaíocht a chur chun feidhme; á chur i bhfáth gur minic an neamhábaltacht íocadh as foirne dlí measartha mór a bheith ina bhac iontrála ar thimpeallachtaí casta rialála do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontraithe; á chur i bhfios go láidir gur gá go mbeadh rochtain ag FBManna ar thacaíocht shonrach dhlíthiúil agus theicniúil; á thabhairt chun suntais, chomh maith leis sin, gur gá comhpháirtíochtaí a chothú ina bhféadfadh cuideachtaí atá á spreagadh ag IS agus iad siúd atá ag teacht isteach sa mhargadh dul i gcomhar le chéile; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhairleoireacht níos fearr agus tacaíocht níos nithiúla a chur ar fáil trí líonraí, moil dhigiteacha, oiliúnóirí IS, meantóireacht gnó, cuairteanna ar an láthair agus clinicí dlíthiúla; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cláir malartaithe daoine le daoine, amhail Erasmus d’Fhiontraithe Óga, agus gur cheart iad a fhorbairt agus a spreagadh tuilleadh;

262.

á mholadh go laghdófaí an t-ualach riaracháin do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta san intleacht shaorga, mar shampla trí oibleagáidí tuairiscithe, faisnéise nó doiciméadachta a chuíchóiriú, agus trí threoir a thabhairt maidir le comhchaighdeáin dhlí an nós imeachta shibhialta atá le glacadh ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme gan mhoill an pointe rochtana aonair digiteach chun tairseach AE aonair ar líne a bhunú i dteangacha éagsúla ina bhfuil na nósanna imeachta agus na foirmiúlachtaí uile is gá chun oibriú i dtír eile de chuid an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh rochtain éasca ar gach pointe teagmhála aonair arna bhunú ar an leibhéal náisiúnta tríd an tairseach aonair dhigiteach agus gur cheart dóibh faisnéis a chur ar fáil agus seirbhísí riaracháin a thairiscint sna Ballstáit, lena n-áirítear i ndáil le rialacha maidir le CBL agus faisnéis faoi cheanglais maidir le soláthar seirbhísí, agus úsáid á baint as téarmaíocht inrochtana agus le hinfhaighteacht iomlán, le foireann cabhrach oilte a chuirfidh tacaíocht éifeachtach sholáimhsithe ar fáil;

263.

ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na bealaí ina bhféadfaidh Ballstáit an Aontais tacú le FBManna agus le gnólachtaí nuathionscanta an méid seo a leanas: buntáistí cánach do thaighde domhain, rochtain níos fearr ar chumais ríomhaireachta agus tacair sonraí ardcháilíochta agus tacaíocht do scabhtáil teicneolaíochta agus d’oideachas, oiliúint agus athoiliúint d’fhostaithe IS;

264.

á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn rochtain níos fearr ar an soláthar poiblí ó FBManna agus ó ghnólachtaí nuathionscanta san intleacht shaorga; ag tathant ar an gCoimisiún athdhearadh a dhéanamh ar nósanna imeachta iarratais do thairiscintí poiblí agus do mhaoiniú clár AE chun deis chothrom a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna tionscadail soláthair phoiblí, agus deontais taighde agus forbartha a dhámhachtain dóibh; ag meabhrú, i ndáil leis an méid sin, chláir rathúla GovTech a thacaigh le rannpháirtíocht gnólachtaí beaga sa soláthar poiblí digiteach; á chur i bhfáth gur cheart scéimeanna sciar-rogha do ghnólachtaí nuathionscanta IS ar fud na hEorpa a chur chun cinn freisin;

iii.   AN TARDÁN IDIRNÁISIÚNTA

265.

á chur in iúl gur cheart do AE ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla maidir le comhghuaillíocht teicneolaíochta láidir a bheadh bunaithe ar bhunluach, ag obair i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis chun comhchaighdeáin rialála a bhunú, tairbhe a bhaint as dea-chleachtais i réimsí na hintleachta saorga, cearta príobháideachta, sreafaí sonraí agus rialacha iomaíochta, agus leochaileachtaí straitéiseacha a réiteach trí thógáil ar shócmhainní a chéile agus acmhainní a chomhthiomsú i réimsí ina bhfuil sé chun tairbhe an dá thaobh é sin a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas tacú go gníomhach freisin le comhar idirnáisiúnta neartaithe maidir leis an intleacht shaorga eiticiúil, iontaofa agus dhuinelárnach i bhfóraim iltaobhacha agus dhéthaobhacha ábhartha, mar shampla laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, an Fóram Domhanda Eacnamaíoch agus G20; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gur bunaíodh an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta (TTC) idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, ina liostaítear an comhar maidir le caighdeáin IS mar phríomhthosaíocht agus lena n-áitítear, i bhfianaise a acmhainne straitéisí, nach mór an TTC a threisiú le gné idirpharlaiminteach, agus Parlaimint na hEorpa agus Comhdháil SAM rannpháirteach ann;

266.

á mholadh go mbunófaí meitheal shonrach thrasatlantach maidir leis an intleacht shaorga freisin, lena n-áirítear ionadaithe ó rialtais, ó eagraíochtaí um chaighdeánú, ón earnáil phríobháideach agus ón tsochaí shibhialta, chun obair a dhéanamh ar chomhchaighdeáin agus ar threoirlínte eiticiúla don intleacht shaorga; á mholadh go mbunófaí ardán fadtéarmach chun an intleacht shaorga agus saincheisteanna tábhachtacha eile digiteacha agus trádála a mhalartú, bunaithe ar an TTC atá ann faoi láthair, in éineacht le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn;

267.

á chur i bhfios go láidir gur cheart do AE úsáid IS a bheidh freagrach go sóisialta agus go heiticiúil a chur chun cinn agus comhoibriú le comhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú chun caighdeáin maidir le heitic, sábháilteacht, iontaofacht, idir-inoibritheacht agus slándáil a fheabhsú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh is déanaí maidir le caighdeánú a sheol gníomhaithe amhail Comhchoiste Teicniúil na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú agus an Coimisiún Idirnáisiúnta Leictriteicniúil arb é is aidhm leo cóid éagsúla intleachta saorga a chomhchuibhiú ar fud an domhain; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart don Eoraip caighdeáin a chur chun cinn agus a fhorbairt, lena n-áirítear i réimsí na monaraíochta cliste, Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT), róbataic agus anailísíocht sonraí; á mholadh go gcuirfí tacaíocht níos fearr ar fáil don lucht acadúil, don tsochaí shibhialta agus do FBManna chun páirt a ghlacadh i bhfóraim um chaighdeánú;

268.

ag tacú le tionscnamh Ríomhthrádála na hEagraíochta Domhanda Trádála chun beartas cuimsitheach, ardcháilíochta, fianaise-bhunaithe agus spriocdhírithe a fhorbairt a mbeidh brí ó thaobh na tráchtála de chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr le bacainní ar thrádáil dhigiteach; á chur i bhfios go láidir gur cheart go léireofaí prionsabail an dea-rialachais sa chomhaontú agus gur cheart go dtabharfaí an cumas do na rialtais cur i gcoinne na caomhnaitheachta digití, agus muinín na dtomhaltóirí á cosaint agus á cur chun cinn agus fíorluach á chruthú don gheilleagar domhanda ag an am céanna;

269.

á mholadh don Choimisiún leanúint d’aghaidh a thabhairt ar bhacainní trádála nach bhfuil údar leo, go háirithe bacainní neamhtharaife nó srianta ar rochtain ar an margadh do chuideachtaí IS Eorpacha i dtríú tíortha; á chur i bhfáth gur cheart leas gníomhach a bhaint as an mbeartas trádála, comharsanachta agus forbartha chun an díospóireacht idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga a mhúnlú agus chun prionsabail eiticiúla Eorpacha IS a chur chun cinn;

(g)   Slándáil

i.   IS AGUS FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ

270.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cumas gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí maidir le gníomhaíocht choiriúil a shainaithint agus a chomhrac, agus cúnamh á fháil ó theicneolaíocht na hintleachta saorga;

271.

á chur i bhfáth go bhféadfaí mí-úsáid a bhaint as an intleacht shaorga i bhforfheidhmiú an dlí chun dochar a dhéanamh, lena n-áirítear idirdhealú uathoibrithe agus cóireáil neamhdhleathach do shaoránaigh, agus gur beag bealach cúitimh a chuirtear ar fáil ag an am céanna; ag tathant ar na Ballstáit ceanglais fhóinteacha maidir le formhaoirseacht dhaonna a chur chun feidhme agus modhanna cúitimh a ráthú dóibh siúd atá faoi réir cinntí arna gcur i gcrích ag an intleacht shaorga;

272.

á mholadh gur cheart don Aontas páirt a ghlacadh i gcur chuige na reachtaíochta boige arna mbunú ag Institiúid Taighde na Náisiún Aontaithe um an gCoireacht agus um Cheartas Idir-réigiúnach, a bhfuil sraitheanna straitéisí oibríochtúla IS forbartha aici agus a bhfuil tús curtha aici le comhpháirtíocht le Interpol, a bheidh ina fhóram uathúil don idirphlé agus don chomhar maidir leis an intleacht shaorga idir gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí, lucht tionscail, lucht léinn agus an tsochaí shibhialta, i gcomhréir go hiomlán le acquis an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas;

273.

ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ag Europol maidir le huirlisí IS a fhorbairt, a oiliúint agus a bhailíochtú chun an choireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus an chibearchoireacht a chomhrac i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus urraim iomlán á tabhairt do bhunluachanna AE, go háirithe an neamh-idirdhealú agus toimhde na neamhchiontachta;

274.

á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní airgeadais agus daonna Mhol Nuálaíochta an Aontais don tSlándáil Inmheánach a neartú; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí Eurojust, Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus Europol chun sraith straitéisí de phrionsabail cuntasachta uilíocha a fhorbairt le haghaidh úsáid na hintleachta saorga ag cleachtóirí ceartais agus slándála inmheánaí (creat AP4AI); á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht thiomnaithe airgeadais a chur ar fáil don tionscnamh seo chun caighdeáin agus luachanna cuntasachta AE i réimse na hintleachta saorga a chur chun cinn;

ii.   AN CHIBEARSHLÁNDÁIL

275.

á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar i réimse na cibearshlándála ar an leibhéal Eorpach chun cur ar chumas an Aontais agus na mBallstát acmhainní a chomhthiomsú ar bhealach níos fearr, comhordú agus cuíchóiriú níos éifeachtúla a dhéanamh ar bheartais náisiúnta cibearshlándála, fothú acmhainní cibearshlándála agus ardú feasachta a mhéadú tuilleadh, agus eolas agus cúnamh teicniúil maidir leis an gcibearshlándáil a chur ar fáil go pras do FBManna, agus d’earnálacha traidisiúnta eile chomh maith;

276.

ag spreagadh an Aontais a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le cripteagrafaíocht láidir agus caighdeáin slándála eile a fhorbairt lena gcuirtear le muinín i gcórais intleachta saorga agus lena n-áirítear idir-inoibritheacht na gcóras sin; á thabhairt chun suntais, chun cóineasú idirnáisiúnta a chruthú i réimse na maoirseachta riosca TFC, gur cheart cur leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana agus iad a chur san áireamh a mhéid is féidir;

277.

á mholadh go dtabharfaí isteach ceanglais chothrománacha chibearshlándála bunaithe ar an reachtaíocht atá ann cheana agus, i gcás inarb iomchuí, ar ghníomhartha reachtacha cothrománacha nua chun ilroinnt a chosc agus cur chuige comhsheasmhach cibearshlándála a áirithiú i ngach grúpa táirgí; ag tabhairt dá haire, amach anseo, go bhféadfadh táirgí IS ar an margadh aonair digiteach a bhfuil an mharcáil comhréireachta CE orthu seasamh d’ardleibhéal sábháilteachta fisiciúla agus do leibhéal leordhóthanach riosca cibear-athléimneachta agus lena dtabharfaí le fios go bhfuil reachtaíocht ábhartha de chuid an Aontais á comhlíonadh;

278.

á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit ceanglais chibearshlándála do chórais intleachta saorga a dhreasú trí bheartais soláthair phoiblí, lena n-áirítear trí phrionsabail eiticiúla, slándála agus sábháilteachta áirithe a dhéanamh éigeantach chun feidhmeanna intleachta saorga a sholáthar, go háirithe in earnálacha ríthábhachtacha;

279.

á iarraidh go ndéanfadh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) measúnuithe riosca slándála sna hearnálacha, ag tosú le hearnálacha poiblí agus príobháideacha araon, a bhfuil na húsáidí is mó riosca agus is íogaire acu a bhaineann leis an intleacht shaorga, agus a bhfuil an acmhainneacht is mó acu tionchar diúltach a imirt ar shláinte, ar shábháilteacht, ar shlándáil agus ar chearta bunúsacha an duine; á chur i bhfáth gur cheart do ENISA, in éineacht leis an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Comhordúcháin Náisiúnta, measúnú a dhéanamh ar theagmhais chibearshlándála agus é mar chuspóir leis sin bearnaí agus leochaileachtaí nua a shainaithint agus comhairle a chur ar institiúidí an Aontais go tráthúil maidir le gníomhartha ceartaitheacha leormhaithe;

280.

ag spreagadh cuideachtaí a úsáideann, a fhorbraíonn nó a imlonnaíonn córais atá cumasaithe ag intleacht shaorga agus atá gníomhach sa mhargadh aonair digiteach chun straitéis chibearshlándála atá soiléir agus a ndéanfar meastóireacht neamhspleách uirthi a fhorbairt, bunaithe ar a staid riosca aonair; ag spreagadh go gcuirfí córais IS san áireamh i samhaltú bagairtí agus i mbainistiú rioscaí slándála; á mholadh go dtacóidh an Coimisiún, ENISA agus na húdaráis náisiúnta leis an bpróiseas sin;

281.

á thabhairt le fios gur cheart go gcumhdófaí a saolré iomlán leis na ceanglais chibearshlándála do tháirgí IS; á thabhairt chun suntais go gcaithfidh sé a bheith soiléir freisin go gcaithfidh gach cuideachta sa slabhra soláthair a ról a ghlacadh chun cur le táirgí athléimneacha intleachta saorga a chruthú; á chur in iúl gur cheart na ceanglais nua a bheith bunaithe ar an riosca gaolmhar atá sa ghrúpa táirgí sonrach agus ar an méid tionchair a bhíonn acu ar an leibhéal riosca chun ualaí díréireacha ar FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a sheachaint;

282.

á mholadh go gcuirfí san áireamh tionscnaimh atá ann cheana i mBallstáit áirithe, amhail Catalóg na Gearmáine um Chomhlíonadh Critéir na Seirbhíse Néalríomhaireachta IS nó clár deimhniúcháin IS Mhálta, chun scéim deimhniúcháin uile-Aontais le haghaidh IS iontaofa a fhorbairt;

iii.   AN CHIBEARCHOSAINT

283.

á áitiú ar na Ballstáit beartas gníomhach a shaothrú maidir le cibearthaidhleoireacht Eorpach trí chibear-ionsaithe a fhaigheann tacaíocht choigríche a cháineadh, agus lucht eagraithe na n-ionsaithe sin a aimsiú, lena n-áirítear cibearionsaithe atá cumhachtaithe ag an intleacht shaorga, agus leas á bhaint as bosca uirlisí iomlán thaidhleoireacht an Aontais ag an am céanna; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear i mbosca cibearuirlisí an Aontais Eorpaigh deireadh a chur le cabhair airgeadais agus smachtbhannaí i gcoinne na dtíortha sin nó na n-ionadaithe sin a ghlacann páirt i gcibearghníomhaíochtaí mailíseacha nó ionsaithe hibrideacha, lena n-áirítear feachtais bhréagaisnéise, nó a dhéanann urraíocht ar chibearchoireacht; á aithint, go pointe áirithe, go bhfuil an chibearchosaint atá cumhachtaithe ag IS níos éifeachtaí más ann do roinnt modhanna agus bearta ionsaitheacha, ar choinníoll go bhfuil an úsáid a bhainfear astu comhlíontach leis an dlí idirnáisiúnta;

284.

á mholadh, thairis sin, go neartófaí cumais chibearshlándála laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, lena n-áirítear trí chórais atá bunaithe ar an intleacht shaorga a úsáid chun tacú le freagairt chomhordaithe agus thapa ar chibear-ionsaithe; á mholadh go ndéanfaí faireachán ar chur chun feidhme na mbeartas cibearchosanta i ngach Ballstát agus go ndéanfaí measúnú ar leithdháileadh acmhainní ábhartha laistigh den Aontas;

285.

á chur i bhfáth gur gá anailís a dhéanamh ar thionchar IS ar shlándáil na hEorpa agus moltaí a fhorbairt maidir leis an mbealach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua slándála ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis na Ballstáit, leis an earnáil phríobháideach, le taighdeoirí, le heolaithe agus leis an tsochaí shibhialta;

286.

ag spreagadh na mBallstát bearta a ghlacadh chun cúiteamh a thabhairt do leochaileacht agus d’aimsiú agus tacú le hiniúchtaí ar tháirgí, ar chórais agus ar phróisis atá bunaithe ar an intleacht shaorga;

iv.   ÚSÁID MHÍLEATA IS

287.

ag tabhairt dá haire nach mór aon úsáid a bhaintear as IS mhíleata a bheith faoi réir diansásraí rialaithe agus maoirseachta an duine, faoi réir prionsabail eiticiúla agus faoi réir urraim iomlán do chearta idirnáisiúnta an duine agus don dlí daonnúil; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur cheart do AE oibriú lena chomhpháirtithe atá ar aon intinn leis ar chreat idirnáisiúnta chun taighde, forbairt agus úsáid shábháilte armra atá cuidithe ag an intleacht shaorga lena n-athneartaítear an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear i gcomhthéacs dhlí na coinbhleachta armtha; ag meabhrú na norm agus na bprionsabal idirnáisiúnta, amhail comhréireacht i bhfeidhm, nach mór a urramú agus teicneolaíochtaí míleata nua á bhforbairt agus á n-úsáid;

288.

ag tabhairt dá haire go bhfuil teicneolaíochtaí IS-bhunaithe ina gcomhpháirt níos tábhachtaí de threalamh agus de straitéis mhíleata; á chur i bhfáth gur cheart caitheamh le húsáidí eisiacha míleata agus náisiúnta na hintleachta saorga mar úsáidí atá ar leithligh ó chásanna úsáide sibhialtaí; á mheabhrú go ndéileáiltear le saincheisteanna a bhaineann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn sa réimse míleata sa Ghrúpa Saineolaithe Rialtais maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse na gcóras arm uathrialach marfach, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann leis an intleacht shaorga, agus ina ndéantar ionadaíocht ar Bhallstáit an Aontais;

289.

á chur in iúl gur geal léi Compás Straitéiseach AE a bheidh ann amach anseo, atá le creat agus leibhéal áirithe uaillmhéine a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe slándála agus cosanta na hintleachta saorga; á mheabhrú go gcuirfear ar chumas na mBallstát agus an Aontais, leis an mBuanchomhar Struchtúrtha faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta agus faoin gCiste Eorpach Cosanta, infheistíochtaí, cumais agus idir-inoibritheacht a fheabhsú i réimse na dteicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear IS;

290.

á thabhairt le fios gur cheart do AE breathnú ar an intleacht shaorga mar chomhpháirt ríthábhachtach de cheannasacht theicneolaíoch na hEorpa;

291.

á chinneadh gur cheart do na Ballstáit leanúint d’oiliúint a chur ar a bhfoireann mhíleata chun a áirithiú go bhfuil na scileanna digiteacha is gá acu chun an intleacht shaorga a úsáid i gcórais rialaithe, oibríochtúla agus chumarsáide; á chur in iúl gur geal léi cur chuige an Chiste Eorpaigh Cosanta maidir le córais arm uathrialach marfach agus Airteagal 10(6) de; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Ciste Eorpach Cosanta chun tacú le comhar trasteorann idir tíortha an Aontais sa taighde míleata ar an intleacht shaorga, teicneolaíochtaí cosanta úrscothacha a fhorbairt agus an bonneagar is gá a thógáil, eadhon lárionaid sonraí a bhfuil cibearchumais láidre acu;

292.

á iarraidh ar an gComhairle seasamh comhpháirteach maidir le córais arm uathrialaitheach a ghlacadh lena n-áiritheofar rialú fónta daonna ar fheidhmeanna criticiúla na gcóras arm; á áitiú go gcuirfí tús le caibidlíocht idirnáisiúnta maidir le hionstraim a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí lena dtoirmeascfaí córais arm atá go hiomlán uathrialach; á thabhairt le fios gur cheart go gcinnfí le comhaontú idirnáisiúnta den sórt sin go gcaithfidh gach arm marfach IS a bheith faoi réir formhaoirseacht agus rialú dhaonna atá fiúntach, rud a chiallaíonn go bhfanann daoine ar an eolas, agus go bhfuil siad freagrach, dá bhrí sin, as an gcinneadh sprioc a roghnú agus gníomhaíocht mharfach a dhéanamh;

293.

á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe le ECAT i réimse na cibearchosanta agus á iarraidh ar chomhghuaillithe ECAT tacú leis na hiarrachtaí iltaobhacha chun úsáid mhíleata na hintleachta saorga a rialáil;

5.    Conclúid: gairm phráinneach chun gnímh!

294.

á chreidiúint gur spreag an claochlú digiteach leanúnach, ina bhfuil ról lárnach ag IS, iomaíocht dhomhanda le haghaidh ceannaireachta teicneolaíochta; á chur i bhfáth gur thit AE chun deiridh go dtí seo agus gur fhág sé sin go bhfuil an baol ann go bhforbrófar caighdeáin theicneolaíocha amach anseo gan rannchuidiú leordhóthanach ón Aontas, go minic ó ghníomhaithe neamhdhaonlathacha, ar dúshlán é don chobhsaíocht pholaitiúil agus don iomaíochas eacnamaíoch; á chinneadh nach mór do AE gníomhú mar bhunaitheoir caighdeán domhanda maidir leis an intleacht shaorga;

295.

á thabhairt chun suntais, cé gur minic a léirítear í mar bhagairt dhothuartha, gur féidir leis an intleacht shaorga a bheith ina huirlis chumhachtach dhigiteach agus ina dheis chinniúnach do go leor gnéithe tábhachtacha, lena n-áirítear trí tháirgí agus seirbhísí nuálacha a thairiscint, tríd an rogha don tomhaltóir a mhéadú agus trí na próisis táirgthe a dhéanamh níos éifeachtúla; ag tabhairt dá haire go bhfuil buntáistí agus deiseanna soiléire ann le glacadh na dteicneolaíochtaí IS don tsochaí ina hiomláine, lena n-áirítear i réimsí an chúraim sláinte, na hinbhuanaitheachta, na slándála agus an iomaíochais; á thabhairt le fios, ag an am céanna, go bhfuil baol ann go laghdóidh teicneolaíochtaí IS idirghabháil an duine agus go ndéanfar ionadú ar neamhspleáchas an duine; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na tairbhí agus na rioscaí sin mar threoir agus mar bhonn eolais don rialáil agus don chumarsáid phoiblí maidir leis an intleacht shaorga;

296.

á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’acmhainn ag an Aontas an díospóireacht idirnáisiúnta maidir leis an intleacht shaorga a mhúnlú agus rialacha agus caighdeáin chomhchoiteanna a fhorbairt ar fud an domhain, lena gcuirfear cur chuige IS atá dírithe ar an duine, iontaofa agus inbhuanaithe chun cinn atá go hiomlán i gcomhréir le cearta bunúsacha; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil gá le gníomhaíocht mhear chun sainchur chuige Eorpach i leith na hintleachta saorga a chomhdhlúthú ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus, mar sin, gur gá do AE teacht ar chomhaontú go luath maidir le straitéis chomhpháirteach IS agus creat rialála comhpháirteach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhordú agus comhar níos dlúithe le comhpháirtithe daonlathacha atá ar aon intinn leo chun noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta na teicneolaíochta a mhúnlú;

297.

á chur i bhfáth go bhfuil AE fós i bhfad óna mhian a chomhlíonadh maidir le bheith iomaíoch san intleacht shaorga ar fud an domhain; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar a thábhachtaí atá sé rialacha agus caighdeáin chomhchuibhithe, deimhneacht dhlíthiúil agus cothroime iomaíochta a chur ar fáil chun glacadh agus nuálaíocht intleachta saorga a chothú, lena n-áirítear trí dheireadh a chur le bacainní riaracháin nach bhfuil gá leo do ghnólachtaí nuathionscanta, do FBManna agus don tsochaí shibhialta; á aithint go mbíonn tionchar difriúil ag athrú radacach den mhéid sin ar chodanna éagsúla den tsochaí agus ag cur béim ar an bhfíoras nach mór urraim iomlán a bheith á tabhairt ag an aistriú digiteach do chearta bunúsacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar an bParlaimint, lena n-áirítear a choistí ábhartha, obair leantach a dhéanamh ar na moltaí arna n-eisiúint i dTreochlár AE don intleacht shaorga;

298.

á iarraidh go mbeadh timpeallacht rialála ann le haghaidh IS lena gcuirfear rialachas éifeachtach agus cosaint ceart bunúsach ar fáil, agus lena n-éascófar ag an am céanna rochtain iomaíoch ar mhargaí digiteacha do ghníomhaithe ar gach méid chun an nuálaíocht agus an fás eacnamaíoch a chur chun cinn ar mhaithe le cách; á chur i bhfios go láidir go bhfuil geilleagar sonraí atá iomaíoch, inrochtana agus cothrom, agus é bunaithe ar chomhchaighdeáin, ina réamhriachtanas d’fhorbairt agus d’oiliúint leordhóthanach na hintleachta saorga; á thabhairt i bhfios, sa chomhthéacs sin, go bhfuil baol ann go leathnófar comhdhlúthacht an mhargaidh sa gheilleagar sonraíbhunaithe isteach sa gheilleagar le haghaidh feidhmchláir IS;

299.

á chinneadh go bhfuil gá le leibhéal i bhfad níos láidre comhtháthaithe agus comhchuibhithe sa mhargadh aonair digiteach chun malartú trasteorann a chur chun cinn agus chun a ráthú go mbeidh na rialacha agus na caighdeáin chéanna i bhfeidhm ar fud an Aontais chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le huaillmhian dhigiteach an Aontais i réimsí amhail intleacht shaorga; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur gá d’institiúidí AE mí-úsáid chumhacht an mhargaidh a chomhrac chun cothrom iomaíochta a bhaint amach;

300.

á chinneadh nach mór bearta riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfidh an t-aistriú digiteach leis an aistriú glas agus nach gcuirfidh sé bac air; á chinneadh go bhfuil cumais láidre bonneagair agus nascachta ag teastáil ó chórais IS; á chur i bhfáth, leis an mbonneagar digiteach i gcomhréir leis an gComhaontú Glas, go ndíreofar ar gach earnáil agus ar gach slabhra luacha agus gur cheart go leanfadh sé prionsabail an gheilleagair chiorclaigh; á chur i bhfáth, áfach, nach mbeidh feidhm ag an intleacht shaorga muna n-úsáidtear an bonneagar digiteach mar is cuí, lena n-áirítear leathanbhanda, snáithín, nóid chiumhaise agus 5G; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé laghdú a dhéanamh ar ídiú fuinnimh agus ar úsáid acmhainní atá ag méadú chun bonneagar digiteach atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2030;

301.

á thabhairt chun suntais go mbeidh tionchar ag an dul chun cinn mear teicneolaíochta a tugadh isteach leis an intleacht shaorga ar shlite beatha gach duine nach bhfuil na scileanna acu dul in oiriúint tapa go leor do na teicneolaíochtaí nua sin; á chur in iúl go bhféadfadh uasoiliúint agus athoiliúint cabhrú le haghaidh a thabhairt ar go leor de na hábhair imní shocheacnamaíocha a eascraíonn astu, ach á chur i bhfáth gur cheart aghaidh a thabhairt ar na tionchair sin freisin i gcomhthéacs na gcóras leasa shóisialta, an bhonneagair uirbigh agus tuaithe agus na bpróiseas daonlathach; á chinneadh go bhfuil sé riachtanach na modhanna chun scileanna digiteacha a shealbhú a chur ar fáil do dhaoine chun glacadh nuálaíochtaí san intleacht shaorga a chur chun cinn, glacadh na bhfeidhmchlár atá bunaithe ar an intleacht shaorga a mhéadú agus gan aon duine a fhágáil ar lár; á chur i bhfáth, chun litearthacht agus athléimneacht dhigiteach a mhéadú, gur gá tús a chur le hoideachas atá bunaithe ar TFC agus STEM ag céim luath agus go mbeadh teacht air i gcónaí ag gach céim den saol; á mheas gur den ríthábhacht iad tionscnaimh chun éiceachórais IS sármhaitheasa a bhunú, tallann IS a mhealladh chuig AE agus imirce daoine oilte a chomhrac;

302.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá dírithe ar an intleacht shaorga i ndáil le cearta bunúsacha, agus ar an gcaoi sin ligean do IS a bheith ina hionstraim lena bhfreastalaítear ar dhaoine agus ar an tsochaí agus lena saothrófar leas coiteann agus leas ginearálta; á chinneadh gur gá cearta bunúsacha na saoránach a chosaint i ngach gné den saol, lena n-áirítear i gcomhthéacs úsáid na hintleachta saorga sa réimse poiblí agus san ionad oibre, chun muinín san intleacht shaorga a chothú ina measc; ag cur béim, go háirithe, ar an ngá atá ann cearta, cuspóirí agus leasanna na mban agus na bpobal mionlaigh a léiriú san aistriú digiteach; á chur i bhfáth go gcaithfidh seirbhísí poiblí agus a struchtúir riaracháin dea-shampla a thabhairt; á chur i bhfáth nach mór don Aontas dlús a chur le glacadh na gcóras atá bunaithe ar an intleacht shaorga agus le ríomhrialachas chun úsáid shlán na hintleachta saorga a éascú sna riaracháin phoiblí; á chur i bhfáth, thairis sin, gur féidir le IS teacht ar réitigh nua in earnáil an chúraim sláinte, i gcás ina ndéantar bainistiú iomchuí ar na rioscaí agus i gcás ina leathnaítear go hiomlán rochtain chothrom ar chúram sláinte mar phrionsabal d’fheidhmchláir IS a bhaineann le sláinte;

303.

á chinneadh nár cheart go ndéanfadh straitéis IS an Aontais neamhaird ar cheisteanna agus ábhair imní mhíleata agus shlándála a thagann chun cinn trí theicneolaíochtaí IS a imlonnú ar fud an domhain; á chur i bhfáth gur gá comhar idirnáisiúnta le comhpháirtithe atá ar aon intinn linn a mhéadú chun cearta bunúsacha a choimirciú agus ag an am céanna comhoibriú chun bagairtí nua teicneolaíochta a íoslaghdú;

o

o o

304.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(2)  IO C 132, 24.3.2022, lch. 102.

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0504.

(4)  IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

(5)  IO L 166, 11.5.2021, lch. 1.

(6)  IO L 170, 12.5.2021, lch. 1.

(7)  IO L 303, 28.11.2018, lch. 59.

(8)  IO L 170, 12.5.2021, lch. 149.

(9)  IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.

(10)  IO L 256, 19.7.2021, lch. 3.

(11)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 1.

(12)  IO C 252, 18.7.2018, lch. 239.

(13)  IO C 307, 30.8.2018, lch. 163.

(14)  IO C 132, 24.3.2022, lch. 45.

(15)  IO C 433, 23.12.2019, lch. 86.

(16)  IO C 449, 23.12.2020, lch. 37.

(17)  IO C 294, 23.7.2021, lch. 14.

(18)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 107.

(19)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 129.

(20)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 63.

(21)  IO C 456, 10.11.2021, lch. 34.

(22)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 204.

(23)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 37.

(24)  IO C 15, 12.1.2022, lch. 28.

(25)  IO C 132, 24.3.2022, lch. 17.

(26)  Roberts, M., Driggs, D., Thorpe, M. et al., “Common pitfalls and recommendations for using machine learning to detect and prognosticate for COVID-19 using chest radiographs and CT scans”, Nature Machine Intelligence, 3, lgh. 199-217, 15 Márta 2021.

(27)  Staidéar AS IPOL, Opportunities of Artificial Intelligence [Na deiseanna a bhaineann leis an Intleacht Shaorga], Meitheamh 2020.

(28)  Páipéar Oibre AIDA, Artificial Intelligence and the Green Deal [An Intleacht Shaorga agus an Comhaontú Glas], Márta 2021.

(29)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Samhain 2021 maidir le beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua (COM(2021)0713).

(30)  Acemoglu, D., et al., AI and Jobs: Evidence from Online Vacancies, National Bureau of Economic Research, Nollaig 2020.

(31)  Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha] (COM(2021)0118),

(32)  An Coimisiún Eorpach, Plean Comhordaithe maidir leis an Intleacht Shaorga (COM(2018)0795).

(33)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (COM(2021)0206).

(34)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Cur Chuige Eorpach um an Intleacht Shaorga a chothú (COM(2021)0205).

(35)  Sonraí ó 2018.

(36)  Koerner, K., (How) will the EU become an AI superstar?, Deutsche Bank, Márta 2020.

(37)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(38)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha, IO L 210, 7.8.1985, lch. 29.

(39)  Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).

(40)  Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú (IO L 155, 23.5.2014, lch. 1).

(41)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).

(42)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 1.

(43)  IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1.

(44)  IO L 206, 11.6.2021, lch. 1.


Dé Céadaoin 4. Bealtaine 2022

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/109


P9_TA(2022)0141

Bearta leantacha maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maidir le na bearta leantacha ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (2022/2648(RSP))

(2022/C 465/07)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


Déardaoin 5. Bealtaine 2022

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/110


P9_TA(2022)0199

Cás Osman Kavala sa Tuirc

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le cás Osman Kavala sa Tuirc (2022/2656(RSP))

(2022/C 465/08)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/111


P9_TA(2022)0200

Tuairiscí ar shaothrú orgán atá fós ar siúl sa tSín

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le tuairiscí ar shaothrú orgán atá fós ar siúl sa tSín (2022/2657(RSP))

(2022/C 465/09)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/112


P9_TA(2022)0201

Cniogbheartaíocht leanúnach ar an lucht freasúra polaitiúil sa Chambóid

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le cniogbheartaíocht leanúnach ar an lucht freasúra polaitiúil sa Chambóid (2022/2658(RSP))

(2022/C 465/10)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/113


P9_TA(2022)0202

Beartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2021 (2021/2185(INI))

(2022/C 465/11)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 101 go 109 de,

ag féachaint do na rialacha, treoirlínte, rúin, comhairliúcháin phoiblí, teachtaireachtaí agus doiciméid ábhartha ón gCoimisiún maidir leis an iomaíocht,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 7 Iúil 2021 maidir le Beartas Iomaíochta 2020 (COM(2021)0373) agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a foilsíodh an dáta céanna mar dhoiciméad tacaíochta (SWD(2021)0177),

ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2020 (1),

ag féachaint do Thuairim (ECON-VII/015) ó Choiste na Réigiún ar an tuarascáil ón gCoimisiún an 7 Iúil 2021 maidir le beartas iomaíochta 2020 (COM(2021)0373),

ag féachaint d’obair leantach an Choimisiúin maidir le ó rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 ar an mbeartas iomaíochta – tuarascáil bhliantúil 2019 (2),

ag féachaint do theachtaireachtaí ón gCoimisiún an 19 Márta 2020, an 3 Aibreán 2020, an 8 Bealtaine 2020, an 29 Meitheamh 2020, an 13 Deireadh Fómhair 2020, an 28 Eanáir 2021 agus an 18 Samhain 2021 maidir le creat sealadach um bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig reatha COVID-19 (C(2021)8442),

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (COM(2021)0223),

ag féachaint do chéad tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún an 23 Samhain 2021 maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (3),

ag féachaint don phacáiste rialála lena n-áirítear tograí ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha (an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha) (COM(2020)0825) agus maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach (an Ionstraim um Margaí Digiteacha) (COM(2020)0842),

ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát a chumhachtú le bheith ina bhforfheidhmitheoirí níos éifeachtaí agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú (4),

ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 12 Iúil 2021 maidir leis an meastóireacht ar fhógra ón gCoimisiún an 9 Nollaig 1997 maidir leis an sainmhíniú ar mhargadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail (SWD(2021)0199),

ag féachaint don staidéar tacaíochta a ghabhann leis an meastóireacht ar fhógra ón gCoimisiún maidir leis an sainmhíniú ar mhargadh ábhartha chun críocha dhlí iomaíochta an Chomhphobail, a choimisiúnaigh Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta (AS COMP) de chuid an Choimisiúin agus a foilsíodh i mí an Mheithimh 2021 (5),

ag féachaint don tuarascáil ó na comhairleoirí speisialta dar teideal Competition policy for the digital era [Beartas iomaíochta don ré dhigiteach] a choimisiúnaigh AS COMP agus a foilsíodh in 2019 (6),

ag féachaint don tuarascáil dar teideal Consumer vulnerability across key markets in the European Union [Leochaileacht tomhaltóirí thar phríomh-mhargaí an Aontais Eorpaigh], a cuireadh le chéile d’Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí an Choimisiúin (7) agus a foilsíodh in 2016,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Samhain 2021 maidir le beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua (COM(2021)0713) agus don iarscríbhinn a ghabhann léi,

ag féachaint do theachtaireacht agus treochlár ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (8),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 i ndáil leis na treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (9),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2021 i ndáil leis na treoirlínte maidir le státchabhair chun infheistíochtaí um maoiniú riosca a chur chun cinn (10),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 maidir leis na treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair (C(2021)8838),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip] (COM(2020)0102), agus do theachtaireacht uaidh an 5 Bealtaine 2021 lena ndéantar an straitéis sin a nuashonrú (COM(2021)0350),

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1237 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (11),

ag féachaint do theachtaireacht an 21 Nollaig 2021 chuig an gCoimisiún maidir le formheas ábhar an dréachta le haghaidh teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (C(2021)9817),

ag féachaint do rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 ar na treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil (CEEAG) (12),

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 24/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) dar teideal The Commission’s EU merger control and antitrust proceedings: a need to scale up market oversight [Imeachtaí an Choimisiúin um rialú cumasc agus in aghaidh trustaí in AE: an gá atá le huas-scálú ar mhaoirseacht margaidh],

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 dar teideal Guidance on the application of the referral mechanism set out in Article 22 of the Merger Regulation to certain categories of cases [Treoir faoin sásra tarchuir a leagtar amach in Airteagal 22 den Rialachán maidir le Cumaisc a chur i bhfeidhm maidir le catagóirí áirithe cásanna] (C(2021)1959),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Iúil 2021 maidir le formheas ábhar an dréachta le haghaidh rialachán ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (C(2021)5026) agus an iarscríbhinn a ghabhann léi, agus don iarscríbhinn a ghabhann le teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Iúil 2021 maidir le fógra an Choimisiúin i ndáil le treoirlínte maidir le srianta ingearacha (C(2021)5038),

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (COM(2021)0564),

ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0064/2022),

A.

de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag beartas iomaíochta AE – go háirithe tráth na héiginnteachta agus an dá chlaochlú – maidir le hiomaíocht éifeachtach a áirithiú chun nuálaíocht, cruthú post, fás, iomaíochas agus fiontraíocht a spreagadh, dálaí cothroma eacnamaíocha a shocrú, go háirithe trí nuálaíocht a spreagadh a chuidíonn le teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, rud ar féidir leis cuidiú linn níos mó a dhéanamh dá réir sin, agus níos lú dochair a dhéanamh don chomhshaol ag an am céanna, agus leithdháileadh éifeachtach acmhainní a chur chun cinn, rogha níos fearr agus praghsanna cothroma a chur ar fáil do thomhaltóirí, agus athléimneacht an mhargaidh aonair a chothú;

B.

de bhrí go bhfuil sé mar aidhm le beartas iomaíochta an Aontais a áirithiú go gcosnófar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach; de bhrí go bhfuil tionchar doshéanta ag an mbeartas iomaíochta ar leasanna eacnamaíocha sonracha na n-úsáideoirí deiridh a cheannaíonn earraí nó seirbhísí;

C.

de bhrí go ndeachaigh an Coimisiún i ngleic le ráig ghéarchéim COVID-19 gan mhoill trí rialacha speisialta iomaíochta a ghlacadh, ar rialacha iad ar cheart dóibh a bheith sealadach i gcónaí;

D.

de bhrí nach mór go ndéanfaí gnólachtaí a spreagadh le beartas iomaíochta chun infheistíocht a dhéanamh agus chun úsáid a bhaint as bonneagar agus uirlisí digiteacha atá níos forbartha (e.g. néalteicneolaíocht, micreaphróiseálaithe agus intleacht shaorga) agus as teicneolaíochtaí monaraíochta a dhéanann níos lú truaillithe agus atá níos éifeachtúla;

E.

de bhrí go bhfuil gá ag an gCoimisiún le tacar iomchuí agus éifeachtach ionstraimí, modhanna agus uirlisí chun forfheidhmiú dian beartais iomaíochta a áirithiú agus chun rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú agus chun a gcur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú i gceart, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le príomhthosaíochtaí beartais; de bhrí gur gá don Choimisiún gníomhú ar bhealach neamhchlaonta agus oibiachtúil chun creidiúnacht bheartas iomaíochta AE a chaomhnú;

F.

de bhrí go bhfuil creat rialála iomchuí don bheartas iomaíochta riachtanach chun margadh AE ina iomláine a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí idirnáisiúnta agus d’infheisteoirí ar mian leo oibriú in AE, chomh maith le bonn monaraíochta AE níos láidre a chothú agus poist a chruthú san Aontas;

G.

de bhrí go bhfuil ríthábhacht le neamhspleáchas polaitiúil na n-údarás náisiúnta iomaíochta chun neamhchlaontacht agus creidiúnacht an bheartais iomaíochta a áirithiú;

H.

de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach rialacha iomaíochta an Aontais agus a chuid beartas maidir le tionsclaíocht agus le trádáil idirnáisiúnta a thabhairt chun réitigh ar bhealach cothrom chun gníomhaíochtaí de chuid an tslabhra luacha a chur ar bun sa bhaile an athuair agus chun iomaíochas domhanda a threisiú;

I.

de bhrí go bhfuil margaí digiteacha ag éirí níos comhchruinnithe agus go bhfuil seans ann go léireofaí leo leibhéil infheistíochta níos ísle sa nuálaíocht agus suaitheadh foriomlán mar thoradh ar dhinimic an mhargaidh a bheith ag dul in olcas agus ar chumhacht mhéadaithe an mhargaidh;

J.

de bhrí go bhfuil leibhéil arda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe san Eoraip tagtha ar phraghsanna tráchtearraí fuinnimh, agus go raibh praghsanna gáis 400 % níos costasaí i bhfómhar 2021 ná in earrach na bliana céanna, i ngeall, inter alia, ar an easpa iomaíochta domhanda i margadh an tsoláthair gáis;

K.

de bhrí gur cheart go mbeadh beartas iomaíochta AE oiriúnach don dá aistriú inbhuanaithe;

L.

de bhrí go bhfuil malartú agus comhar idirnáisiúnta bunriachtanach chun cothrom iomaíochta domhanda agus iomaíoch a bhaint amach; de bhrí nach mór beartas iomaíochta AE a bheith ina cholún atá mar bhuntaca do shláine agus d’athléimneacht an mhargaidh aonair, agus ag an am céanna go gcuideoidh sé le tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach, go háirithe tríd an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a éascú ar bhealach comhordaithe;

M.

de bhrí go bhfuil comhar idirnáisiúnta agus ionstraimí nua amhail an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha bunriachtanach chun a áirithiú go ndídhreasaítear tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad ó ghnóthais atá gníomhach san Aontas a fhóirdheonú ar bhonn saofa, i gcomhréir le rialacha an mhargaidh aonair a thoirmeascann cleachtais den sórt sin ar pháirt na mBallstát agus ghnólachtaí AE; de bhrí gur cheart do AE beartais agus cleachtais na dtíortha agus na n-eintiteas nach tíortha ná eintitis den Aontas Eorpach iad a urramú agus dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu ina leith sin;

N.

de bhrí go bhfuil gá le comhordú feabhsaithe idir spriocanna beartais an Aontais faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais agus faoi chuimsiú Chomhaontú Pháras ar thaobh amháin agus rialacha iomaíochta ar an taobh eile;

Breithnithe ginearálta

1.

ag cur béim ar an bhfíoras gur gá na dúshláin a eascraíonn as paindéim COVID-19 a chur san áireamh go leormhaith agus gur cheart gurb é a bheadh sa treoirphrionsabal ná bearta sonracha tacaíochta a chéimniú amach go réasúnta ar bhealach forásach agus comhréireach, agus comhlíonadh iomlán rialacha iomaíochta AE á n-áirithiú ag an am céanna lena gcosnaítear cothrom iomaíochta agus iomaíochas ár gcuideachtaí, go háirithe maidir le riachtanais thionsclaíocha AE; á chur i bhfios gur cheart, de réir mar a rachaidh an téarnamh eacnamaíoch ar aghaidh, go n-éireodh bearta tacaíochta níos sonraí de réir a chéile, sula ndéanfar iad a chéimniú amach go hiomlán ar deireadh; ag cur béim ar an ngá atá ann éifeachtaí aille a sheachaint agus cosc a chur ar théarnamh neamhshiméadrach agus ar an mbaol go mbeadh níos mó dibhéirseachta laistigh den mhargadh aonair;

2.

á thabhairt chun suntais go bhfuil beartas iomaíochta arb é is aidhm dó cothrom iomaíochta a áirithiú i ngach earnáil, agus ar an gcaoi sin nuálaíocht agus ardchaighdeán a spreagadh, agus níos mó roghanna a thabhairt do thomhaltóirí ríthábhachtach chun feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a ráthú; ag tarraingt aird ar na cleachtais dhíobhálacha a eascraíonn as beartais maidir le praghas miondíola molta, a bhaineann an bonn den mhargadh inmheánach agus den iomaíocht idir cuideachtaí;

3.

ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart do AE a bheith ag brath go rómhór ar shlabhraí soláthair domhanda, go háirithe sna hearnálacha a shainaithnítear a bheith tábhachtach le haghaidh neamhspleáchas straitéiseach agus le haghaidh geilleagar athléimneach agus inbhuanaithe, ar slabhraí iad a léiríodh le linn na paindéime a bheith leochaileach;

4.

ag cur sonrú i gcomhairliúchán an Choimisiúin maidir leis na treoirlínte um chur i bhfeidhm dhlí iomaíochta AE maidir le comhaontuithe cómhargála i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair; á iarraidh ar an gCoimisiún gach oibrí aonair féinfhostaithe a áireamh sna treoirlínte, ar líne agus as líne araon;

5.

á mheas go laghdaítear corrlaigh bhrabúis agus leibhéil praghsanna le hiomaíocht mhéadaithe sa mhargadh táirgí, agus ar an gcaoi sin go rannchuidíonn sé leis an mboilsciú a mhaolú;

6.

á iarraidh go bhforbrófaí córas éifeachtach ionstraimí rialála agus forfheidhmiúcháin atá dea-oiriúnaithe agus comhlántach chun an t-aistriú digiteach agus glas a éascú, mar aon le forbairt thionsclaíoch agus cóineasú lena gcuirfí fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cruthú post chun cinn in AE; á chur in iúl nach mór an dá aistriú a bheith ina bpróiseas cruthaithe post agus ina ndeis do ghnólachtaí AE buntáiste iomaíoch a fháil i gcur chun feidhme an aistrithe, agus ar an gcaoi sin borradh a chur faoi iomaíochas AE; ag tarraingt aird ar an Dlí Aeráide Eorpach, nach féidir a chuspóirí a bhaint amach i ndáiríre ach trí infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí;

7.

á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil cuntas teiste ag beartas iomaíochta AE a bheith éifeachtach trí fhreagairt d’fhorbairtí nua sa mhargadh; á iarraidh go mbeadh beartas láidir agus éifeachtach iomaíochta ann agus go ndéanfaí é a fhorfheidhmiú, ionas go mbeidh geilleagar AE in ann an bealach chun téarnaimh a leanúint agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach ar bhealach inbhuanaithe agus cuimsitheach, go sóisialta agus go críochach; á thabhairt chun suntais nach mór a áirithiú, le haon oiriúnuithe, go leanfar den nuálaíocht a spreagadh i mbeartas iomaíochta AE i ndáil leis an dá aistriú, go gcothófar athléimneacht an mhargaidh aonair agus go gcaomhnófar geilleagar sóisialta margaidh atá an-iomaíoch, agus go n-áiritheofar ag an am céanna go mbainfidh custaiméirí tairbhe as praghsanna córa;

8.

á thabhairt chun suntais gurb iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma gheilleagar na hEorpa, arb ionann iad agus 99,8 % de na gnólachtaí uile in AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil FBManna ríthábhachtach maidir le fás eacnamaíoch agus lánpháirtiú sóisialta in AE a áirithiú toisc go gcuireann siad go mór le cruthú post agus le breisluach; á chur in iúl gurb oth léi go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag FBManna rochtain a fháil ar mhaoiniú in ainneoin a ndeiseanna fáis;

9.

á chur in iúl gur díol sásaimh di moltaí 2021 ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le neodracht iomaíoch agus á iarraidh ar an gCoimisiún neodracht iomaíoch a choinneáil i dtimpeallacht rialála an mhargaidh inmheánaigh;

10.

á mheabhrú gurb ionann seirbhísí agus an earnáil gníomhaíochta eacnamaíche is mó in AE ó thaobh oll-bhreisluacha de agus go bhfuil an margadh aonair do sheirbhísí go mór taobh thiar den mhargadh aonair le haghaidh earraí; á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar na bacainní nach bhfuil údar leo atá fós ann i ndáil le forbairt an mhargaidh aonair do sheirbhísí, lena n-áirítear trí rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di, sa chomhthéacs sin, an Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Rialáil Intíre ar Sheirbhísí, a ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun an rómhaorlathas i dtrádáil seirbhísí a laghdú;

11.

á mheabhrú an tuarascáil ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta in 2021 maidir le hiomaíocht, nuálaíocht agus fás cuimsitheach, ina luaitear go bhfuil iomaíocht agus fás atá dírithe ar nuálaíocht ríthábhachtach chun dlús a chur le gnóthachain táirgiúlachta agus chun tacú leis an bhfás leathan; ag tabhairt dá haire go luaitear sa tuarascáil freisin go bhféadfadh beartais chun tacú leis an nuálaíocht feabhas a chur ar an dinimiceas gnó agus cumhacht an mhargaidh a laghdú.

12.

ag athdhearbhú gur gá na hionstraimí iomaíochta atá ann cheana a athbhreithniú go mion agus a chur chun feidhme go héifeachtach, agus, más iomchuí, ionstraimí nua a fhorbairt a bheidh iomchuí d’imscrúduithe sna margaí digiteacha;

13.

á thabhairt chun suntais gur gá dul i ngleic go leormhaith leis na dúshláin nua trí éifeachtacht na n-imscrúduithe a mhéadú trí úsáid a bhaint as ionstraimí nua a eascraíonn as modhanna ríomhaireachtúla (e.g. mórshonraí, intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim/domhainfhoghlaim) i bhforfheidhmiú beartais iomaíochta;

14.

á mheas gur cheart díriú sa ghrinn-athbhreithniú ar shláine an mhargaidh aonair a chosaint, fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn ar mhaithe le tomhaltóirí agus cearta tomhaltóirí a neartú ar líne agus as líne araon; á chreidiúint, áfach, nár cheart, in imthosca ar bith, go mbeadh socruithe eisceachtúla ina ndeiseanna chun maoiniú poiblí – cibé acu maoiniú náisiúnta nó maoiniú AE – a dhíriú ar chuideachtaí a chaipitliú nach bhfuil inmharthana ó thaobh an gheilleagair de nó nach bhfuil aon leas straitéiseach ag baint leo don phobal;

15.

ag cur sonrú i bhforairdeall an Choimisiúin i dtaobh rialacha maidir le státchabhair a fhorfheidhmiú i réimse an chánachais agus á iarraidh ar an gCoimisiún a choinneáil airdeallach; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt cinntí a rinne an Coimisiún le déanaí i gcásanna ardphróifíle i réimse an chánachais a neamhniú; á iarraidh ar an gCoimisiún ceachtanna riachtanacha a bhaint ó na breithiúnais d’fhonn an baol go ndéanfaí neamhniú a íoslaghdú i gcásanna a bheidh ann amach anseo sa réimse sin;

Beartais mar fhreagairt ar phaindéim COVID 19

16.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh athnuachan sé mhí ar an gcreat sealadach le haghaidh bearta státchabhrach, creat a bunaíodh mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19 agus atá ceaptha dlús a chur leis an téarnamh; ag cur béim ar an bhfíoras gurb é an chúis leis an athnuachan ná gur cuireadh fad le héifeachtaí eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19 i roinnt príomhthionscal mar thoradh ar athraitheacha nua den víreas a tháinig chun cinn; á mheabhrú go bhforbraítear scéimeanna státchabhrach ar leibhéal na mBallstát, rud a d’fhéadfadh míchothrom iomaíochta a chruthú do na gnólachtaí atá ag feidhmiú sa mhargadh aonair; ag tathant ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar aon iarmhairtí saofa den sórt sin; ag tathant ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an ilroinnt a d’fhéadfadh a bheith ann i ndáil le straitéis Eorpach maidir le tionsclaíocht agus an ilroinnt sin a sheachaint;

17.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tráthúil ar an gcreat sealadach státchabhrach a sholáthar a luaithe is féidir chun go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann díospóireacht pholaitiúil láidir agus bunaithe ar fhíricí a bheith aici agus ar mhaithe le hobair a dhéanfar amach anseo ar bheartas iomaíochta AE;

18.

ag tabhairt dá haire gur feithiclí iomchuí iad na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRPanna) chun dlús a chur leis an téarnamh agus chun aghaidh a thabhairt ar athruithe struchtúracha sna geilleagair náisiúnta; á chreidiúint gur cheart déileáil le bearta státchabhrach atá mar chuid de NRRPanna ar bhealach solúbtha agus mar ábhar tosaíochta; á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt ar infheistíochtaí a dhéantar faoi NRRPanna chun go bhféadfar rannpháirtíocht phríobháideach a fhorbairt sa mheántéarma; á mheabhrú nach mór do bhearta NRRP na ceanglais uile a leagtar amach faoin Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a urramú (13), go háirithe na colúin ghlasa agus dhigiteacha;

19.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an mheastóireacht atá beartaithe ar na rialacha maidir le seirbhísí sláinte agus sóisialta lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta (SGEI) chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na rialacha sin na cuspóirí atá leo agus go mbeidh siad oiriúnach don fheidhm atá leo; á mheabhrú gur gá SGEI ar ardcháilíocht a sholáthar do shaoránaigh;

20.

ag athdhearbhú go bhfuil sé bunriachtanach i gcónaí lamháil do státchabhair i gcomhthéacs SGEI ar mhaithe le marthanas roinnt pobal ar fud na hEorpa, go háirithe i gcomhthéacs tacaíocht stáit atá tiomnaithe do réigiúin scoite, iargúlta, nó forimeallacha san Aontas;

21.

ag cur béim ar na deacrachtaí a chruthaigh an phaindéim i dtionscal fáilteachais an Aontais; ag aithint an chúnaimh atá dírithe ar an earnáil;

22.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go seolfadh an Coimisiún agus na Ballstáit treochlár i ndiaidh COVID-19 chun an tacaíocht phoiblí a sholáthraítear i bhfianaise phaindéim COVID-19 a chéimniú amach, ina mbeidh státchabhair neamhshaofa agus spriocdhírithe níos fearr ionas nach gcuirfear isteach ar théarnamh eacnamaíoch, ar iomaíochas agus ar fhás agus chun poist ardcháilíochta a áirithiú; á thabhairt chun suntais gur leithdháileadh méid suntasach státchabhrach chun tacú le gnólachtaí iarmhairtí na mbeart imshrianta paindéime a mhaolú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá dinimic an mhargaidh inmheánaigh a mheas le linn an phróisis nuair a bheidh Ballstáit mhóra in ann níos mó státchabhrach a sholáthar ná Ballstáit bheaga, rud a d’fhéadfadh ilroinnt an mhargaidh aonair a bheith mar thoradh air;

23.

ag tabhairt dá haire go raibh na bearta tacaíochta a deonaíodh le linn ghéarchéim COVID-19 neamhghnách agus riachtanach i bhfianaise na géarchéime sláinte agus eacnamaíche nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ach nár cheart an leibhéal urghnách tacaíochta poiblí sin a bheith ar an ngnáthleibhéal nua;

24.

á chur i bhfáth go bhfuil gá le treochlár tar éis COVID-19 FBManna ó limistéir thuaithe agus limistéir bheagfhorbartha a chur san áireamh, ar gá rochtain ar mhargaí níos leithne a sholáthar dóibh, agus deireadh a chur leis na fadhbanna spásúlachta a eascraíonn as míbhuntáistí geografacha, agus é mar aidhm tacaíocht chomhionann, deiseanna cothroma agus forbairt chothrom a sholáthar do FBManna den sórt sin ar fud an mhargaidh aonair;

Beartas iomaíochta maidir leis an bhforfheidhmiú agus an domhandú

25.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé iomaíochas chuideachtaí Eorpacha a chosaint i gcomhthéacs iomaíochta domhanda atá ag méadú, gach iarracht a dhéanamh cómhalartacht a bhaint amach, agus iomaíocht chothrom a áirithiú sa mhargadh aonair; ag tabhairt dá haire nach mór anailís a dhéanamh go cúramach ar an timpeallacht idirnáisiúnta agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an sainmhíniú ar an margadh ábhartha i gcásanna iomaíochta agus rialaithe cumasc; á iarraidh ar an gCoimisiún dearcadh cuimsitheach agus fadréimseach a fhorbairt maidir leis an margadh ábhartha chun deis a thabhairt do chuideachtaí Eorpacha dul in iomaíocht go héifeachtach ar bhonn domhanda; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cothrom iomaíochta ar an leibhéal domhanda;

26.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá idirphlé struchtúrtha domhanda agus comhar maidir le beartas iomaíochta a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le státchabhair;

27.

á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí an Choimisiúin feabhas a chur ar fhorfheidhmiú rialacha an mhargaidh aonair sa treoir maidir le tástáil chomhréireachta do ghairmeacha rialáilte (14) trí nósanna imeachta um shárú a thionscnamh; á iarraidh ar na Ballstáit an tástáil chomhréireachta a chur chun feidhme i gceart agus rialacha náisiúnta á bhforchur acu; á chur in iúl go láidir go bhféadfadh easpa cur chun feidhme cuí rialacha AE maidir le tástáil chomhréireachta tomhaltóirí a chur faoi mhíbhuntáiste i ndeireadh na dála i bhfoirm praghsanna iomarcacha, an bonn a bhaint d’fhorbairt seirbhísí nuálacha nó fiú rochtain níos ísle ar sheirbhísí a bheith mar thoradh air;

28.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán nua maidir le fóirdheontais eachtracha agus é mar aidhm laghdú a dhéanamh ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh an margadh aonair a shaobhadh, an bhearna forfheidhmiúcháin a dhúnadh, leasa an Aontais a chosaint agus cothrom iomaíochta a thabhairt do chuideachtaí Eorpacha agus do na gnóthais uile atá gníomhach sa mhargadh inmheánach trí na hionstraimí faoi dhlí iomaíochta AE agus na príomhchodanna díobh a úsáid; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé creat rialála Eorpach a chur chun cinn lena spreagfar infheistíocht eachtrach agus gnó ó chuideachtaí idirnáisiúnta in AE;

29.

á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh feidhm ag rialacha AE maidir le státchabhair i dtaca le gach cuideachta atá gníomhach sa mhargadh aonair; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas a bheith oscailte i gcónaí d’infheistíochtaí dhíreacha eachtracha agus ag tarraint aird ar bheartais spriocdhírithe agus ar infheistíochtaí spriocdhírithe chun poist a chur ar bun sa bhaile an athuair agus chun seachtrachtaí dearfacha sóisialta agus comhshaoil a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithnithe ar chumaisc, scagadh ar infheistíocht dhíreach eachtrach agus rialú um fhóirdheontais eachtracha a dhéanamh ar bhealach comhleanúnach;

30.

ag tabhairt dá haire gur féidir le beartais agus bearta náisiúnta cánach tionchar a bheith acu ar bhailiú cánach i mBallstáit eile; ag athdhearbhú go bhféadfaí cánachas a úsáid uaireanta chun státchabhair indíreach a dheonú, rud a chruthódh míchothrom iomaíochta sa mhargadh inmheánach, agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur mhol an Coimisiún nach ndeonódh na Ballstáit tacaíocht airgeadais do chuideachtaí a bhfuil naisc acu le tearmainn chánach; á mheabhrú gur iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an mbealach ina bhféadfaí dul i ngleic le héifeachtaí saofa a eascraíonn as rannpháirtíocht na dtairgeoirí a úsáideann tearmainn chánach chun cáin a sheachaint;

31.

á mheabhrú go bhfuarthas amach san anailís eimpíreach a rinneadh do staidéar 2021 ó ECFE go bhféadfadh sé go raibh maoiniú níos ísle ná an margadh ag cur leis an gcumas iomarcach i roinnt earnálacha, agus gur cosúil freisin go bhfuil fóirdheontais comhghaolaithe go diúltach le táirgiúlacht dhaingean; ag tabhairt dá haire gur léiríodh imní shuntasach i dtorthaí ECFE freisin maidir le heaspa trédhearcachta i ndáil le maoiniú atá faoi bhun an mhargaidh; á chreidiúint gur cheart do AE díriú go héifeachtach ar iarmhairtí diúltacha na bhfóirdheontas eachtrach ar an margadh inmheánach, agus na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an rialáil á gcur san áireamh, lena n-áirítear an t-ualach riaracháin agus rialála, frithbhearta agus an tionchar ar infheistíocht agus ar an bhfás;

32.

á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den bheartas iomaíochta a fhorfheidhmiú go docht agus go neamhchlaonta agus gach iarracht a dhéanamh san am céanna leanúint ar aghaidh leis an idirphlé cuiditheach agus an comhar i dtaca le saincheisteanna teicneolaíocha agus eacnamaíocha a bhfuil tábhacht leo le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí atá ar aon intinn leis; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh na húdaráis iomaíochta náisiúnta na margaí a chaomhnú agus cothrom iomaíochta a áirithiú le linn ráig COVID-19; ag cur béim ar an ról méadaithe atá acu i gcúrsaí a bhaineann le geilleagar na n-ardán;

33.

á chur in iúl gur díol sásaimh di gur seoladh an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe agus an tIdirphlé Comhpháirteach maidir le Beartas Iomaíochta Teicneolaíochta, a mbeidh sé mar aidhm acu an caidreamh eacnamaíoch agus trasatlantach a dhoimhniú bunaithe ar luachanna coiteanna; ag tabhairt dá haire go bhfuil macasamhail an chlaochlaithe ar rialacha AE i leith cuideachtaí ardáin dhigitigh le fáil sna Stáit Aontaithe i bhfoirm tionscnaimh reachtacha inchomparáide agus imscrúduithe aonair;

34.

á chur i bhfáth gur féidir le comhaontuithe comhair tiomnaithe le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad i réimse an bheartais iomaíochta rannchuidiú go fóinteach lena éifeachtacht agus ag aithint a thábhachtaí atá na húdaráis náisiúnta iomaíochta ó thaobh beartas iomaíochta AE a fhorfheidhmiú agus a áirithiú;

Beartas iomaíochta agus státchabhair atá oiriúnach do na dúshláin nua

35.

á chur in iúl gur díol sásaimh di sainordú caibidlíochta Pharlaimint na hEorpa maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha mar a glacadh sa seisiún iomlánach agus á chur i bhfáth go bhfuil Parlaimint na hEorpa sásta oibriú chun an chaibidlíocht maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha a thabhairt chun críche go pras agus chun go dtiocfaidh na rialacha nua i bhfeidhm;

36.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear na bearta rialála nua chun feidhme go réidh agus go pras, agus sineirgí á n-áirithiú agus aon fhorluí idir na bearta atá ann cheana agus na bearta atá ar na bacáin nó aon dúbláil orthu á seachaint aige san am céanna;

37.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na cúraimí rialála agus forfheidhmiúcháin a tharmligean go tapa agus ar bhealach trédhearcach laistigh dá chuid seirbhísí chun deireadh a chur le neamhéifeachtúlachtaí agus ualaí riaracháin; ag athdhearbhú go bhféadfadh rochtain theoranta ar shonraí ábhartha bac a chur ar iontráil rannpháirtithe ar an margadh; á chur i bhfáth go bhfuil an claochlú digiteach ag cur leis an ngá atá le forfheidhmiú an bheartais iomaíochta a oiriúnú; á chur i bhfáth gur gá saineolas sonrach maidir le saincheisteanna digiteacha a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, acmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha agus leormhaithe a leithdháileadh ar fhorfheidhmiú na hIonstraime um Margaí Digiteacha a eagrú; á chreidiúint gur cheart go mbainfeadh cásanna comhlántacha in aghaidh trustaí agus maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha, cibé acu ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais, tairbhe a bhaint as sruth feabhsaithe comhordaithe agus forfheidhmithe tríd an ionstraim nua a oiriúnú don chreat iomaíochta atá ann faoi láthair;

38.

á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar thrédhearcacht an phróisis meastóireachta ar státchabhair, ar cheart go n-áireofaí leis réasúnaíocht shoiléir, tuairisc ar státchabhair, agus táscairí intomhaiste lena bhféadfaí faireachán agus meastóireacht ex post a dhéanamh; á chur i bhfios, dá bhrí sin, gur gá faireachán ex post a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na gcásanna státchabhrach a glacadh; á chreidiúint gur cheart torthaí chéim an chomhairliúcháin a nochtadh freisin;

39.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an breithiúnas a thug Cúirt Ghinearálta AE (15) le déanaí, lena ndeimhnítear measúnú an Choimisiúin i ndáil le mí-úsáid cheannasachta ar an margadh agus ar cruthúnas é ar chur i bhfeidhm éifeachtach rialacha traidisiúnta iomaíochta AE i gcomhthéacs an gheilleagair dhigitigh agus ar sampla é den chur i bhfeidhm sin freisin, go háirithe maidir leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus idirghníomhú na n-ardán domhanda digiteach le cuideachtaí Eorpacha eile; ag cur sonrú sa phróiseas fada dlíthiúil a bhaineann le cásanna in aghaidh trustaí (16) agus ag dréim leis go gcuideoidh na huirlisí nua atá ar fáil faoin Ionstraim um Margaí Digiteacha le hiompar frithiomaíoch a réiteach ar bhonn níos tapa;

40.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-athbhreithniú ar ionstraimí dhlí iomaíochta AE mar a thugtar achoimre air i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Samhain 2021; á mheabhrú, áfach, nár cheart forbairt uirlisí nua, i gcás inar gá, ná úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí atá ann cheana a chur as an áireamh leis sin; á mheas gur cheart measúnuithe iomaíochta a oiriúnú d’fhorfheidhmiú bheartas iomaíochta AE agus do dhinimic an mhargaidh atá ag athrú;

41.

á chur in iúl gur díol sásaimh di diongbháilteacht an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar théarmaí éagóracha chun tacú le trédhearcacht ó thaobh praghsanna de agus chun cleachtais tráchtála éagóracha agus neamhréasúnacha a sheachaint; ag tarraingt aird ar an méadú atá ag teacht ar líon na gcleachtas dúshaothraithe agus eisiatach, amhail féintosaíocht;

42.

ag cur sonrú sna moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (17) gur cheart don Choimisiún cur chuige níos réamhghníomhaí a leanúint trí fhaisnéis ábhartha an mhargaidh a bhailiú agus a phróiseáil ar bhealach comhsheasmhach agus costéifeachtach agus cásanna a roghnú chun imscrúdú a dhéanamh orthu faoi chritéir atá ualaithe go soiléir, mar shampla trí chóras scórála a úsáid; ag leagan béim ar an ngá atá leis na rialacha nua, i gcomhréir leis na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, chun feabhas a chur ar thuairisciú thorthaí na ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin, seachas díriú ar thuairisciú na ngníomhaíochtaí;

43.

á mheabhrú gur cheart glacadh le hiompar maidir le brabús a lorg agus nár cheart go gcuirfí ina leith go bhfuil sé frithiomaíoch gan cúiseanna oibiachtúla agus fíorasbhunaithe a bheith leis; á mheabhrú go bhfuil toirmeasc ar iompar frithiomaíoch agus nach bhfuil toirmeasc ar iompar hipiriomaíoch; á chur i bhfios nach foras leordhóthanach imní ann féin é go meallann tairiscint ar leith go leor tomhaltóirí mar gheall ar a háisiúlacht; á iarraidh ar an gCoimisiún idirdhealú a dhéanamh idir na hiompair sin chun críocha fhorfheidhmiú na ndlíthe in aghaidh trustaí;

44.

á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú leanúnach atá á dhéanamh ar na rialacha maidir le státchabhair, a bhfuil sé mar aidhm leis comhsheasmhacht a áirithiú leis na prionsabail rialála sheanbhunaithe agus leis na cinn nua agus atá ábhartha maidir leis an dá aistriú;

45.

á chur i bhfáth go ndéanann an Coimisiún meastóireacht ar chásanna maidir le státchabhair de réir an cháis agus á thabhairt chun suntais gur cheart feabhas a chur ar thrédhearcacht an phróisis meastóireachta ar chásanna maidir le státchabhair; ag aithint gur uirlis thábhachtach iad na Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) i bhfianaise gur ann do chlistí margaidh soiléire agus dea-dhoiciméadaithe; ag athdhearbhú gur cheart, mar shlat tomhais, státchabhair a leithdháileadh ar IPCEInna a chaitheamh ar thaighde agus ar fhorbairt;

46.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe athbhreithniú a dhéanamh ar na codanna gaolmhara de Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (GBER) (18);

47.

ag cur sonrú i dtreoirlínte nua ón gCoimisiún i ndáil le rialacha maidir le státchabhair i réimse na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (CEEAG) agus ina iarrachtaí chun treoirlínte 2014 a neartú agus iad a ailíniú leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus ag tacú le glacadh treoirlínte nua chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus chomhshaoil a chothromú; ag áitiú go bhfuil státchabhair atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ríthábhachtach chun cuspóirí aeráide, fuinnimh agus cosanta comhshaoil AE a bhaint amach, agus aistriú cóir á áirithiú ag an am céanna; ag dearbhú go bhfuil infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha sna teicneolaíochtaí atá ag teastáil don aistriú glas tábhachtach chun an Dlí Aeráide Eorpach a chomhlíonadh, agus go háirithe maidir le réitigh nuálacha cheannródaíocha agus ardteicneolaíochtaí ábhartha a fhorbairt a bhfuil gá leo chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach; á chur i bhfáth go n-éileofar le leibhéal uaillmhéine an phacáiste “Oiriúnú do 55” go bhfaighidh earnálacha áirithe sonracha méid áirithe tacaíochta poiblí chun an t-aistriú a sheasamh;

48.

á iarraidh go dtabharfaí aird, leis na treoirlínte, orthu siúd atá ag fulaingt mar thoradh ar an méadú ar chostais fuinnimh, agus san am céanna go gcuimhneofaí ar an toradh cuilitheach a bheidh aige sin ar gheilleagar AE agus ar a iomaíochas seachtrach, agus ar an tionchar socheacnamaíoch a bheidh ag an ardú ar phraghas na n-earraí fuinnimh agus deiridh araon ar shaoránaigh AE;

49.

á chur in iúl gur díol sásaimh di an chaibidil nua in CEEAG maidir le cúnamh chun gníomhaíochtaí guail, scealla ola agus móna a dhúnadh go luath; á chur i bhfios go láidir go bhfuil céimniú amach an ghuail ar cheann de na spreagthóirí is tábhachtaí den dícharbónú agus á mheabhrú an rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 inar iarr sí go dtabharfaí isteach coimircí soiléire maidir le céimniú amach breoslaí iontaise, agus go bhféadfadh dátaí éigeantacha dúnta a bheith ar áireamh sna coimircí sin; á mheabhrú, ina theannta sin, go luaitear sa rún sin nár cheart éifeachtaí glasála astaíochtaí gás ceaptha teasa ná cruthú sócmhainní tréigthe a bheith mar thoradh ar na rialacha maidir le státchabhair nó nár cheart na rialacha sin cur leo, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán agus cur i bhfeidhm a dhéanamh, i gcás inar féidir, ar bhearta chun éifeachtaí glasála a sheachaint, ar bhealach atá go hiomlán i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais, agus an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19, cruthú post in AE agus iomaíochas á choimirciú ag an am céanna;

50.

á chreidiúint go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí na straitéisí glasa agus digiteacha a phríomhshruthú chun tacú le haistriú AE; á iarraidh ar an gCoimisiún an cur chuige a chuimsiú sna coinníollacha a bheidh ann amach anseo le haghaidh státchabhrach trí mheasúnú a dhéanamh ar an Rialachán de minimis (19) ar dhul in éag dó; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí athshúil a thabhairt ar na huasteorainneacha de minimis, agus na réaltachtaí eacnamaíocha atá os comhair na mBallstát á gcur san áireamh, agus na spriocanna atá le baint amach i réimsí an chomhshaoil, an fhuinnimh agus an aistrithe dhigitigh á n-aithint ag an am céanna;

51.

á chur in iúl gur ábhar imní di an chaoi a dteipeann ar nascacht na réigiún oileánach, imeallach agus iargúlta san Aontas Eorpach, geall leis, le linn séasúir chiúine chun dochair do chónaitheoirí agus do ghnólachtaí sna réigiúin sin; á iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar chinntí maidir le státchabhair maidir le nascacht i réigiúin oileánacha, imeallacha agus iargúlta an Aontais, go háirithe ós rud é go bhfuil siad an-dian ag an bpaindéim;

52.

á iarraidh go mbeifí cúramach agus tionscal aerlínte AE á chomhdhlúthú, i bhfianaise na méideanna ollmhóra státchabhrach a údaraíodh d’aerlínte áirithe AE, chun a áirithiú nach mbeidh aerlínte in ann iomaitheoirí beaga AE a dhíchur nó dul i gceannas orthu mar thoradh air sin;

53.

ag tabhairt dá haire go bhfuil iliomad díoltóirí i roinnt margaí sonracha le haghaidh sonraí airgeadais, agus cé nach bhfuil sciar ceannasach den mhargadh ag aon cheann acu, go bhfuil an iomaíocht fós an-íseal; ag tabhairt dá haire gur léiríodh nach leor na bearta chun feabhas a chur ar an iomaíocht sa mhargadh sin;

54.

ag aithint gur cheart acmhainní a leithdháiltear ar AS COMP an Choimisiúin a bheith fóirsteanach dá hualach oibre agus dá raon cúraimí; á mheas gur gá saineolas sonrach a áirithiú i gcomhthéacs an gheilleagair dhigitigh;

55.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil an mheiteachruinne faoi réir creataí reachtacha ábhartha, amhail an creat príobháideachais agus cosanta sonraí, reachtaíocht dhigiteach agus an creat iomaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, a áirithiú go réamhghníomhach go bhfuil cuideachtaí agus eintitis atá ag obair ar an meiteachruinne agus sa mheiteachruinne ag cloí leis na creataí reachtacha thuasluaite;

56.

á chur in iúl gur saoth léi na díoth-éadálacha níos luaithe a bhí lasmuigh de raon feidhme Rialachán CE maidir le Cumaisc (20);

Cumaisc

57.

ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí an gealltanas a thug sé athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfógra uaidh maidir leis an sainmhíniú ar mhargadh ábhartha a bhaint amach chun críocha dlí iomaíochta AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil glao ar fhianaise seolta ag an gCoimisiún i dtaca le hathbhreithniú agus nuashonrú ar an bhfógra uaidh maidir le sainmhíniú ar mhargadh; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart an t-athbhreithniú sin a nuashonrú agus a chur in oiriúint chun an méadú ar an iomaíocht dhomhanda, staid na hiomaíochta amach anseo agus an dá aistriú a léiriú, lena n-áirítear saintréithe athraitheacha margaidh d’éiceachóras an mhargaidh dhigitigh, margaí iltaobhacha, an tábhacht a bhaineann le sonraí agus margaí praghais nialasaigh;

58.

á mheabhrú gur foinse shuntasach cumhachta eacnamaíche agus giarála iad sonraí agus á mheas gur cheart tosca neamhairgeadaíochta a chur san áireamh agus margaí digiteacha á sainmhíniú;

59.

á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar threoirlínte na gcumasc a athbhreithniú chun an dúshlán a bhaineann le hiomaíochas tionsclaíoch AE a chur san áireamh; á chur in iúl gur díol sásaimh di ról an Aonaid um Thosaíochtaí agus um Chomhordú Straitéiseach laistigh de AS COMP maidir le tarraingt ar shaineolas Ard-Stiúrthóireachtaí uile an Choimisiúin le linn imscrúdú a dhéanamh ag AS COMP ar chásanna; á chreidiúint go bhféadfaí saineolas an Choimisiúin ar straitéis thionsclaíoch agus earnála a neartú chun cuidiú le foirne imscrúdaithe AS COMP chun indéantacht agus iarmhairtí na leigheasanna maidir le tosaíochtaí an Choimisiúin a shainaithint;

60.

ag aithint go rannchuidíonn Rialachán CE maidir le Cumaisc le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus á iarradh ar an gCoimisiún leanúint dá phríomhphrionsabail a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú;

61.

ag cur béim ar an bhfíoras nach paraiméadar uilechuimsitheach é an praghas i gcónaí le haghaidh sainmhíniú margaidh sa gheilleagar digiteach; á thabhairt chun suntais go dtugtar rochtain do thomhaltóirí i margaí praghais nialasaigh ar tháirgí agus ar sheirbhísí mar mhalairt ar a gcuid sonraí agus, dá bharr sin, nochtar iad do phróifíliú agus d’fhógraíocht ina bhfuil feidhmiúlachtaí, amhail cáilíocht, príobháideachas, próiseáil sonraí agus aird, ina bparaiméadair níos oiriúnaí; á mheabhrú nach í an tástáil a bhaineann le praghsanna an t-aon mhodh atá ar fáil don Choimisiún agus an margadh táirgí ábhartha á shainiú aige;

62.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil na modhanna teicneolaíocha agus bailiú na sonraí pearsanta atá ag teastáil do phearsantú ar líne agus d’idirdhealú praghais fairsing, go bhfuil siad ag forbairt go gasta agus gur deacair iad a bhrath; á mheabhrú go bhféadfaidh margaí ar líne, ardáin agus na meáin shóisialta anailísíocht sonraí agus teicnící próifílithe a úsáid chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na fógraíochta ar leibhéal na dtomhaltóirí aonair, rangú tairiscintí a phearsantú, nó praghsanna a athrú chun an costas a bhaineann le seirbhísí a chur in oiriúint do chustaiméirí aonair a léiriú;

63.

ag athdhearbhú go bhfuil sonraí ríthábhachtach ó thaobh an mhargaidh dhigitigh de; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an úsáid is fearr a bhaint as an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus tuilleadh tograí reachtacha a chur le chéile, ar an dul céanna leis an Ionstraim Sonraí;

64.

ag aithint threoir an Choimisiúin maidir le gnéithe áirithe d’Airteagal 22 den Rialachán CE maidir le Cumaisc; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go bhféadfadh sé nach leor an tionscnamh sin chun an rialachán a chur in oiriúint do riachtanais na samhlacha gnó nua-aimseartha, amhail i dtaca le díoth-éadálacha a d’fhéadfadh an nuálaíocht a chur i mbaol; á iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm praiticiúil a threorach a shoiléiriú chun a áirithiú go bhfuil sí soláimhsithe do na húdaráis náisiúnta agus do na páirtithe cumaisc araon;

65.

á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a rialacha maidir le cumaisc agus éadáil sa mhéid a bhaineann le sonraí pearsanta a mheasúnú; á iarraidh, go háirithe, ar an gCoimisiún breithniú agus measúnú iomlán a dhéanamh ar shócmhainní sonraí pearsanta ar an gcaoi chéanna le sócmhainní fisiciúla traidisiúnta eile go léir nuair a chinntear cumaisc agus éadálacha digiteacha; ag tathant ar an gCoimisiún dearcadh níos leithne a ghlacadh agus meastóireacht á déanamh ar chumaisc dhigiteacha agus measúnú a dhéanamh ar thionchar an chomhchruinnithe sonraí; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh comhchruinniú rialaithe ar acmhainní luachmhara sonraí nach bhfuil in-mhacasamhlaithe teacht as spriocanna le hacmhainní sonraí sonracha a éadáil agus go bhféadfadh rochtain níos fearr ar shonraí a bheith mar thoradh air sin do pháirtithe cumaisc ná dá n-iomaitheoirí; á chur i bhfáth go bhféadfadh comhdhlúthú sonraí trí chumaisc ceannasacht a neartú nó lamháil don eintiteas éadála cumhacht mhargaidh a ghiaráil, agus go bhféadfadh sé imní foriaimh a ardú in amanna;

66.

á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis na tionscnaimh atá ann cheana chun comhoibriú a mhéadú idir rialtóirí in aghaidh trustaí agus rialtóirí príobháideachais sonraí chun mí-úsáid sonraí corparáideacha a rialú agus chun cuideachtaí a chosc ó shonraí tomhaltóirí a úsáid chun buntáiste iomaíoch éagórach a bhaint amach;

67.

ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé nach mbeadh na tairseacha láimhdeachais oiriúnach chun gach cás a bhrath ar cheart d’údaráis iomaíochta athbhreithniú a dhéanamh orthu i gcásanna cumaisc;

68.

á chur in iúl gur cheart go mbeadh na húdaráis náisiúnta in ann an fhaisnéis a fhaightear, mar thoradh ar Airteagal 12 den Ionstraim um Margaí Digiteacha a chur i bhfeidhm, a úsáid chun scrúdú ar chomhchruinniú a iarraidh de bhun Airteagal 22 den Rialachán maidir le Cumaisc;

Imeachtaí in aghaidh trustaí agus cairtéil

69.

ag tacú le hathbhreithniú suntasach ar an gcóras atá ann faoi láthair maidir le comhaontuithe ingearacha, le mionathrú ar na rialacha tearmainn, agus le glacadh rialacha chun freastal ar riachtanais na ngnólachtaí ríomhthráchtála agus ardáin chun cosc a chur le srianta margaidh a thagann as éifeachtaí difriúla na gcomhaontuithe sin, agus ailíniú leis na rialacha atá ann faoi láthair maidir le margaí digiteacha a áirithiú san am céanna;

70.

ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil na himeachtaí in aghaidh trustaí rófhada le blianta beaga anuas, rud a chuireann moill ar chinntí a bhfuil géarghá leo agus a bhfuil, dá bharr sin, tionchar diúltach acu ar fhorfheidhmiú dhlí na hiomaíochta, go háirithe i gcás margaí digiteacha atá ag fás go tapa; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil géarghá leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha, chomh maith le himeachtaí in aghaidh trustaí;

71.

ag tabhairt dá haire gur oscail an Coimisiún imscrúduithe in aghaidh trustaí ar iompar frithiomaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann in earnáil na teicneolaíochta fógraíochta ar líne; ag moladh go bhféadfadh an Coimisiún staidéar margaidh a dhéanamh ar an earnáil in AE chun saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar an iomaíocht a imscrúdú;

72.

ag tabhairt dá haire go dtiocfaidh méadú suntasach sna blianta amach romhainn ar earnáil Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) ach ag aithint go bhfuil easnaimh ann fós san earnáil sin, amhail easpa idir-inoibritheachta, rud a d’fhéadfadh iomaíocht agus rogha tomhaltóirí a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís chríochnúil a ullmhú ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar an margadh inmheánach, lena n-áirítear measúnú costais is tairbhe ar aon idirghabháil rialála; á chur in iúl gur díol sásaimh di an fiosrúchán earnála a rinne an Coimisiún ar IoT agus á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh, i gcás inar gá, maidir le caighdeáin, iniomparthacht sonraí agus rochtain;

73.

á chur in iúl gur cúis mhór imní di i gcónaí an comhchruinniú forleathan i slabhra talmhaíochta agus soláthair bia CE; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún anailís chríochnúil a dhéanamh go práinneach ar fhairsinge agus éifeacht comhghuaillaíochtaí ceannaigh, agus ar an gcaoi sin aird ar leith a dhíriú ar iomaíocht chóir agus ar níos mó trédhearcachta a ráthú i gcleachtais tráchtála slabhraí ollmhargaí agus hipearmhargaí, go háirithe i gcás ina ndéanann cleachtais den sórt sin difear do luach branda agus rogha táirgí nó ina gcuireann siad teorainn leis an nuálaíocht nó le hinchomparáideacht praghsanna;

74.

ag tabhairt dá haire nach leor an t-oiriúnú a rinneadh ar an Rialachán Ingearach Blocdhíolúine (VBER) (21) agus ar na Treoirlínte Ingearacha gaolmhara (22) ó thaobh forbairtí margaidh le déanaí, go háirithe an fás atá tagtha ar dhíolacháin ar líne agus ar ardáin ar líne; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil an Coimisiún ag obair faoi láthair ar a thogra chun an rialachán agus na treoirlínte a oiriúnú ar bhealach níos fearr; ag thabhairt dá haire go bhfuil ábhair imní fós ann maidir le hearnáil na n-earraí marthanacha, ina bhfuil monaróirí ag dul i mbun iomaíocht dhíreach leis an ngréasán dáileacháin trí mhodhnú a dhéanamh ar théarmaí conarthacha an chaidrimh dáileacháin ingearaigh, agus go gcuirtear iad faoi bhuntáiste iomaíochta ar an gcaoi sin agus go ndéantar fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhrú amach as an margadh; á chur i bhfáth go bhfuil digitiú na hearnála earraí marthanacha ina ábhar imní freisin ó thaobh iomaíochta de; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear san áireamh in aon athbhreithniú a dhéanfar amach anseo mí-úsáid comhaontuithe um dháileadh roghnaitheach, lipéadú agus bearta eile chun ceannach, dáileadh agus athdhíol earraí thar theorainneacha a chosc;

75.

á mheas go bhféadfadh an t-idirdhealú a dhéantar sna dréacht-treoirlínte don athbhreithniú ar VBER idir cothabháil praghsanna athdhíola, rud a shaobhann an margadh, agus an t-íosphraghas fógartha, rud a d’fhéadfaí a cheadú faoi imthosca agus coinníollacha áirithe, a bheith ina uirlis chun tacú le FBManna iomaíocht ionsaitheach ar phraghsanna sna margaí ar líne a sheasamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, chun na críche sin, soiléirú a thabhairt sna treoirlínte ar na coinníollacha nach ionann an t-íosphraghas fógartha agus cothabháil praghsanna athdhíola;

76.

ag athdhearbhú a hiarrata go dtabharfadh an Coimisiún aghaidh ar an éifeacht fhrithiomaíoch atá ag srianta ar an soláthar críochach (TSCanna) d’fhonn margadh aonair lánfheidhmiúil a bhaint amach agus leas a bhaint as na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis do thomhaltóirí; ag athdhearbhú gur féidir le TSCanna teacht chun cinn trí chleachtais éagsúla, amhail diúltú soláthair, bagairt a dhéanamh deireadh a chur le soláthar do dháileoir ar leith, teorainn a chur leis na cainníochtaí atá ar fáil lena ndíol, difreáil neamhmhínithe a dhéanamh ar raonta táirgí agus ar phraghsanna idir na Ballstáit agus teorainn a chur le roghanna teanga le haghaidh pacáistiú táirgí;

77.

á mheabhrú a hiarraidh roimhe seo ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi nó ar bhacainní eile ar dhíolacháin trasteorann ar líne atá fós ann, mar a sainaithníodh sa chéad athbhreithniú gearrthéarmach ar an Rialachán maidir le Geobhlocáil (23), agus deireadh a chur leis an ngeobhlocáil nó na bacainní sin; ag aithint gur seoladh an t-idirphlé leis na geallsealbhóirí sa chomhthéacs sin;

78.

ag cur béim ar a thábhachtaí atá an comhar idir na húdaráis náisiúnta iomaíochta sa Ghréasán Eorpach Iomaíochta (ECN); á thabhairt chun suntais gur bunchloch de chuid na hIonstraime um Margaí Digiteacha, mar atá sí faoi láthair, a mhéid a rannchuidíonn siad leis an bhforfheidhmiú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme Threoir (AE) 2019/1 (24); á chur in iúl gur díol sásaimh di trasuí Threoir (AE) 2019/1 isteach i ndlí náisiúnta sna Ballstáit, agus ar an gcaoi sin go dtugtar cumhacht d’údaráis iomaíochta náisiúnta a bheith ina bhfeidhmitheoirí níos éifeachtaí ar bheartas iomaíochta; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeifear in ann rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr ar bhonn neamhspleách agus neamhchlaonta le cumais neartaithe na n-údarás iomaíochta náisiúnta maidir le himscrúdú agus cinnteoireacht, mar aon le leibhéil leordhóthanacha acmhainní daonna agus airgeadais; ag moladh go méadófaí cumas anailíseach na n-údarás iomaíochta náisiúnta chun cur ar a gcumas aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na castachtaí a thagann chun cinn i bhforfheidhmiú dhlí na hiomaíochta i margaí digiteacha; ag moladh, thairis sin, go gcomhoibreodh na húdaráis iomaíochta náisiúnta chun dea-chleachtais a chomhroinnt agus oibriú i dteannta a chéile le húdaráis inniúla eile chun cur chuige ildisciplíneach a ghlacadh maidir le forfheidhmiú neamh-chomhtháite a bhriseadh síos, ós rud é go bhféadfadh iompar frithiomaíoch tarlú i réimsí cosanta sonraí nó dlí tomhaltóirí freisin;

79.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas do na húdaráis náisiúnta maoirseachta agus iomaíochta, agus ag athdhearbhú go bhfuil gá ann, ar gá é atá ag síormhéadú, bealaí cumarsáide, faisnéise agus comhair níos éifeachtaí a áirithiú ar leibhéal an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis, gur gá na hacmhainní riachtanacha daonna, airgeadais agus teicneolaíochta a chur ar fáil do na húdaráis sin chun a gcúraimí a fheidhmiú i gceart; á thabhairt chun suntais, ar deireadh, a thábhachtaí atá sé na ceanglais is déine maidir le trédhearcacht agus neamhspleáchas a choimeád i dtaca le sainorduithe na n-údarás sin, ó na sásraí maidir le ceapadh go dtí na rialacha maidir le rochtain ar fhaisnéis;

80.

á chur i bhfáth nach mór forfheidhmiú a bheith neamhspleách i gcónaí agus leas a bhaint as uirlisí scagtha atá oiriúnach don fheidhm agus as acmhainní daonna a bhfuil na cáilíochtaí iomchuí acu, chun déileáil go héifeachtúil le líon na gcásanna atá ag dul i méid agus le cineálacha cásanna atá níos dúshlánaí;

81.

á mheabhrú nárbh fhéidir grinnanailís a dhéanamh ar Threoir 2014/104/AE (25) de dheasca moill a bheith ar an trasuí agus easpa faisnéis ábhartha maidir leis na cásanna breithiúnacha; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin féin, faireachán a dhéanamh go leanúnach ar chur chun feidhme na treorach agus torthaí na hanailíse a fhoilsiú;

82.

á mheas gur cheart go mbeadh ról gníomhach ag an bParlaimint sa díospóireacht pholaitiúil ar bheartas iomaíochta; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa níos rannpháirtí mar bhreathnóir i ngníomhachtaí na meithleacha agus na sainghrúpaí, amhail an Líonra Idirnáisiúnta um Iomaíocht (LII) agus ECFE, chun níos mó eolais a fháil sa réimse agus chun go mbeadh sí cothrom le dáta i dtaobh forbairtí chun go mbeadh sí níos ullmhaithe dá ról mar chomhreachtóir; á chur i bhfáth gur cheart don Pharlaimint a bheith rannpháirteach i Seachtainí um Iomaíocht AE agus i gcruinnithe eile a dtugtar cuireadh d’ionadaithe na mBallstát chucu; ag tabhairt dá haire gur dóigh úsáideach í an Mheitheal um Iomaíocht chun malartuithe idir Parlaimint na hEorpa agus AS COMP a chothú;

83.

ag cáineadh ionsaitheacht gan chúis agus gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur díol sásaimh di na bearta urghnácha atá á gcur i bhfeidhm ag AE chun cabhrú le muintir na hÚcráine; ag tacú le bearta atá dírithe ar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ar ghnólachtaí a chabhraíonn le dídeanaithe teitheadh chuig an Aontas ó thíortha atá thíos le cogadh;

84.

á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid agus, más iomchuí, leas a bhaint as an tsolúbthacht is gá i gcreat státchabhrach AE chun cur ar chumas na mBallstát tacaíocht a thabhairt do na cuideachtaí agus do na hearnálacha is mó atá thíos le hionsaitheacht mhíleata leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar cuideachtaí agus gnólachtaí iad a ndéanfar dochar dóibh leis na smachtbhannaí arna bhforchur ar an Rúis;

o

o o

85.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig parlaimintí náisiúnta na mBallstát agus chuig údaráis iomaíochta naisiúnta agus, i gcás in arb iomchuí, réigiúnacha na mBallstát.

(1)  IO C 67, 8.2.2022, lch. 2.

(2)  IO C 362, 8.9.2021, lch. 22.

(3)  Tuarascáil ón gCoimisiún an 23 Samhain 2021 dar teideal First Annual Report on the screening of foreign direct investments into the Union [Céad Tuarascáil Bhliantúil maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh] (COM(2021)0714).

(4)  IO L 11, 14.1.2019, lch. 3.

(5)  https://ec.europa.eu/competition-policy/system/files/2021-06/kd0221712enn_market_definition_notice__1.pdf

(6)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, Montjoye, Y., Schweitzer, H., Crémer, J., Competition policy for the digital era [Beartas iomaíochta don ré dhigiteach], Oifig na bhFoilseachán, 2019, https://data.europa.eu/doi/10.2763/407537.

(7)  An Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Thomhaltóirí, Sláinte, Talmhaíocht agus Bia, “Leochaileacht tomhaltóirí thar phríomh-mhargaí an Aontais Eorpaigh: tuarascáil deiridh”, Oifig na bhFoilseachán, 2016, https://data.europa.eu/doi/10.2818/056024.

(8)  IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.

(9)  IO C 80, 18.2.2022, lch. 1.

(10)  IO C 508, 16.12.2021, lch. 1.

(11)  IO L 270, 29.7.2021, lch. 39.

(12)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0441.

(13)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(14)  Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le tástáil comhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha (IO L 173, 9.7.2018, lch. 25).

(15)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 10 Samhain 2021, Google agus Alphabet v an Coimisiún, T-612/17, ECLI:EU:T:2021:763.

(16)  Ibid.

(17)  Tuarascáil Speisialta Uimh. 24/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, The Commission’s EU merger control and antitrust proceedings: a need to scale up market oversight [Imeachtaí an Choimisiúin um rialú cumasc agus in aghaidh trustaí in AE: an gá atá le huas-scálú ar mhaoirseacht margaidh], an 19 Samhain 2020.

(18)  IO L 187, 26.6.2014, lch. 1.

(19)  IO L 352, 24.12.2013, lch. 1.

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(21)  Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lch. 1).

(22)  IO C 130, 19.5.2010, lch. 1.

(23)  Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).

(24)  IO L 11, 14.1.2019, lch. 3.

(25)  IO L 349, 5.12.2014, lch. 1.


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/126


P9_TA(2022)0203

Bagairtí ar an gcobhsaíocht, ar an tslándáil agus ar an daonlathas san Afraic Thiar agus i réigiún na Saiheile san Afraic

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le bagairtí ar an gcobhsaíocht, ar an tslándáil agus ar an daonlathas san Afraic Thiar agus i réigiún na Saiheile san Afraic (2022/2650(RSP))

(2022/C 465/12)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/127


P9_TA(2022)0204

Éisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir (2022/2647(RSP))

(2022/C 465/13)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/128


P9_TA(2022)0205

Staid na himeartha maidir le comhar AE-na Moldóive

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le staid na himeartha maidir le comhar AE-na Moldóive (2022/2651(RSP))

(2022/C 465/14)

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/129


P9_TA(2022)0206

Tionchar an chogaidh i gcoinne na hÚcráine ar mhná

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le tionchar an chogaidh i gcoinne na hÚcráine ar mhná (2022/2633(RSP))

(2022/C 465/15)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus d’Airteagail 8, 10, 78 agus 83 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Reacht na Róimhe ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC) an 17 Iúil 1998,

ag féachaint do Choinbhinsiúin na Ginéive, go háirithe do Choinbhinsiún (IV) maidir le Cosaint Daoine Sibhialta in Aimsir Chogaidh,

ag féachaint do Dhearbhú NA an 20 Nollaig 1993 maidir le Foréigean in aghaidh na mBan a Dhíothú,

ag féachaint do Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil an 31 Deireadh Fómhair 2000 agus dá rúin leantacha 1820 (19 Meitheamh 2008); 1888 (30 Meán Fómhair 2009); 1889 (5 Deireadh Fómhair 2009); 1960 (16 Nollaig 2010); 2106 (24 Meitheamh 2013); 2122 (18 Deireadh Fómhair 2013); 2242 (13 Deireadh Fómhair 2015); 2467 (23 Aibreán 2019) agus 2493 (29 Deireadh Fómhair 2019),

ag féachaint do Dhearbhú NA an 30 Lúnasa 1961 maidir le maidir le Laghdú ar Líon na nDaoine gan Stát,

ag féachaint do Chomhshocrú Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe maidir le Dídeanaithe,

ag féachaint do Mholadh Ginearálta Uimh. 38 (2020) ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú an 6 Samhain 2020 maidir leis an ngáinneáil ar mhná agus ar chailíní i gcomhthéacs na himirce domhanda,

ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 11 Bealtaine 2011 chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl),

ag féachaint do Threoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (1) (an Treoir um Chosaint Shealadach),

ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena suitear gur ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (2),

ag féachaint do Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (3),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le Straitéis AE chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac, 2021-2025, (COM(2021)0171),

ag féachaint do theachtaireacht an 23 Márta 2022 dar teideal “Fáilte a chur rompu siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin: an Eoraip a ullmhú chun freastal ar na riachtanais” (COM(2022)0131),

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 8 Márta 2022 chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (COM(2022)0105),

ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (4),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir le leanaí agus daoine óga atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a bheith á gcosaint ag an Aontas Eorpach (5),

ag féachaint do rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE (6),

ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal EU Gender Action Plan (GAP) III: an ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in EU external action, [Plean Gníomhaíochta Inscne AE (GAP) III: clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais] (JOIN(2020)0017),

ag féachaint don cheist chuig an gCoimisiún maidir le tionchar an chogaidh i gcoinne na hÚcráine ar mhná (O-00015/2022 – B9-0012/2022),

ag féachaint do Rialacha 136(5) agus 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

A.

de bhrí gur chuir ionradh na hÚcráine ag an Rúis iallach ar líon mór daoine teitheadh ón tír; de bhrí, ó thús ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine an 24 Feabhra 2022, de réir Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR), gur theith thart ar 5 mhilliún dídeanaí ón Úcráin go dtí AE (7); de bhrí go meastar gur mná agus leanaí iad 90 % de na dídeanaithe (8);

B.

de bhrí gur easáitíodh 7,1 milliún (9) duine eile laistigh den Úcráin, lena n-áirítear mná agus leanaí a bhfuil cúram sláinte agus meabhairshláinte de dhíth orthu, deiseanna fostaíochta, scolaíocht chuí do leanaí agus cóiríocht agus cosaint ar fhoréigean gnéasach agus inscnebhunaithe; de bhrí go raibh taithí roimhe sin ar easáitiú ag 13,5 % díobh siúd a easáitíodh le déanaí le linn 2014-2015; de bhrí go bhfuil an t-easáitiú inmheánach ag cur brú ar bhardais na hÚcráine, agus de bhrí gurb iad na mná, sna réigiúin a mheastar gur réigiúin idirthurais, atá thíos leis go sonrach; de bhrí gur gá tacaíocht chuí a bhunú do na bardais a bhfuil daoine easáitithe ina dtír féin á n-óstáil acu;

C.

de bhrí gur minic a thagann mná chuig AE lena leanaí nó leanaí a dteaghlaigh agus a gcairde sínte; de bhrí gur cláraíodh thart ar 2 300 mionaoiseach neamhthionlactha go dtí seo; de bhrí go meastar go bhfuil líon níos airde i dtuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta; de bhrí nach meastar leanaí ó institiúidí cúraim amhail dílleachtlanna a bheith neamhthionlactha; de bhrí go léirítear sna tuarascálacha is déanaí go ndearnadh thart ar leathmhilliún sibhialtach Úcránach a dhíbirt go héigeantach, lena n-áirítear go leor ban agus leanaí (10);de bhrí go ndearnadh níos mó ná 2 300 leanbh a fhuadach agus a easáitiú go héigeantach chun na Rúise; á mheabhrú go dtoirmeasctar faoi Choinbhinsiún na Ginéive “aistriú daoine aonair nó ollaistrithe foréigneacha, chomh maith le díbirt daoine cosanta ó chríoch faoi fhorghabháil […]”;

D.

de bhrí gur theith thart ar 2,8 milliún duine go dtí an Pholainn, gur theith thart ar 763 000 duine go dtí an Rómáin, 476 000 go dtí an Ungáir agus go dtí an Ungáir 346 000 go dtí an tSlóvaic; de bhrí go leanann cion suntasach de na dídeanaithe de bheith ag taisteal chuig Ballstáit eile; de bhrí go bhfuil thart ar 1 mhilliún dídeanaí tar éis bogadh ar aghaidh ón bPolainn go Ballstáit eile, agus 1,5 milliún dídeanaí fágtha sa Pholainn, rud a fhágann gurb í an Pholainn an tír de chuid an Aontais ag a bhfuil an cion is airde dídeanaithe per capita; de bhrí gurb í an Ostair an dara tír sa rangú sin faoi láthair, agus Poblacht na Seice agus an Eastóin ina dhiaidh sin (11); de bhrí go ndéantar freastal ar mhná gan teagmhálacha i dtíortha ar nós na Polainne i suanliosanna poiblí agus i hallaí spóirt; de bhrí go bhfuil gá le dul níos faide ná na réitigh shealadacha sin agus réitigh shistéamacha a fhorbairt chun a áirithiú nach bhfanfaidh mná i bhfoscadh poiblí agus iad i mbaol bochtaineachta ná tráma eile; de bhrí go bhfuil géarghá le cóiríocht shábháilte do mhná, go háirithe do mhná torracha, do mhná scothaosta agus d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh;

E.

de bhrí gur fhág thart ar 428 000 dídeanaí an Úcráin tríd an Moldóiv; de bhrí go bhfuil thart ar 100 000 dídeanaí fós ag fanacht sa Mholdóiv, rud a chuireann brú mór ar bhonneagar agus ar sheirbhísí na tíre; de bhrí, i gcomhthéacs Ardán Dlúthpháirtíochta AE, go bhfuil gealltanas tugtha ag seacht mBallstát AE, lena n-áirítear an Ostair, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, an Liotuáin, an Ísiltír agus an Spáinn, chomh maith leis an Iorua, fáilte a chur roimh 14 500 duine ar idirthuras sa Mholdóiv go dtí seo;

F.

de bhrí go bhfuil mná agus cailíní go háirithe i mbaol le linn na ngéarchéimeanna daonnúla agus easáitithe, ós rud é go leanann siad, ar bhealach díréireach, de bheith ina n-íospartaigh idirdhealaithe bunaithe ar noirm inscne agus ar fhoréigean inscnebhunaithe; de bhrí, cé go raibh teagmhálacha laistigh de AE den chuid is mó ag na chéad dídeanaithe a tháinig ar teitheadh ón Úcráin, nach bhfuil pointe teagmhála ná líonra tacaíochta in AE ag formhór na ndaoine atá ag teacht isteach anois;

G.

de bhrí gur fhreagair saoránaigh AE, an tsochaí shibhialta agus na Ballstáit do na dídeanaithe a bhí ag teacht isteach agus iad ag teitheadh ón Úcráin le dlúthpháirtíocht gan fasach; de bhrí gur thionscain Comhairle an Aontais Eorpaigh den chéad uair an Treoir um Chosaint Shealadach (TPD), lena gcuirtear deis ar fáil do thairbhithe, ar feadh bliain amháin ar a laghad, ar tréimhse í a bhféadfaí síneadh a chur léi, le haghaidh ceadanna cónaithe agus rochtain ar fhostaíocht, ar chóiríocht oiriúnach nó ar thithíocht, ar leas sóisialta nó ar chóir mhaireachtála más gá, ar chúram sláinte agus leighis, agus, do mhionaoisigh, ar oideachas, chomh maith le deis a thabhairt do theaghlaigh athaontú;

H.

de bhrí go raibh cur i bhfeidhm TPD míchothrom agus gur roghnaigh ocht mBallstát ar a laghad gan daoine a bhfuil ceadanna cónaithe fadtéarmacha acu agus náisiúnaigh tríú tír eile san Úcráin a áireamh ina raon feidhme; de bhrí gur minic nach bhfuil dídeanaithe aitheanta san Úcráin agus daoine eile a bhfuil cosaint choibhéiseach acu in ann taisteal laistigh de AE mar nach n-aithníonn roinnt Ballstát a ndoiciméid taistil; de bhrí go bhfuil fadhbanna móra ag baint leis sin do mhná a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar a ndara heasáitiú (12);

I.

de bhrí, go dtí seo, gurb iad na heagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag feidhmiú ar an láthair, an tsochaí shibhialta agus oibrithe deonacha, agus rialtais agus údaráis áitiúla chomh maith, a rinne formhór na n-iarrachtaí chun cás na ndídeanaithe, ar mná iad den chuid is mó, a mhaolú; de bhrí go bhfuil gá le tacaíocht leanúnach chun dea-chomhar a áirithiú idir agus eagraíochtaí ar an mbunleibhéal agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus de bhrí go bhfuil feabhas ag teacht ar an gcomhordú eatarthu ó thús na coinbhleachta agus an tsreafa dídeanaithe; de bhrí go bhfuil na heintitis áitiúla ag feidhmiú mar chuid thábhachtach den eagraíocht i dtíortha óstacha; de bhrí go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar na Ballstáit cosaint dídeanaithe a áirithiú faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí AE, lena n-áirítear TPD, agus, dá bhrí sin, gur gá dóibh dlús a chur lena n-iarrachtaí chun comhordú ar an láthair a éascú agus dáileadh níos fearr cúraimí a áirithiú;

J.

de bhrí gur cheart aird ar leith a thabhairt ar chás na ndídeanaithe ban atá ag fulaingt idirdhealú trasnach, amhail mná Romacha, ná Dubha, mná gan stát, mná faoi mhíchumas, mná imirceacha, mná ar a ndéantar ciníochú agus daoine LGBTIQ+, lena n-áirítear mná trasinscneacha nach bhféadfaí a gcéannacht a aithint, go háirithe sa Pholainn agus san Ungáir, i gcás ina ndearnadh bearta i gcoinne daoine LGBTIQ+; de bhrí gur cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar mhná de bhunadh Afracach a ndéantar ciníochú orthu agus ar náisiúnaigh tríú tír ag trasnuithe teorann; de bhrí gur minic nach ndéantar tuairisciú ar na grúpaí ban sin ag na teorainneacha agus nach ndéantar doiciméadú orthu mar gheall ar an idirdhealú agus ar an bhforéigean bunaithe ar inscne, rud a chiallaíonn go bhfuil sé dofheicthe i gcónaí;

K.

de bhrí gur minic a bhíonn mná níos sine, go háirithe iad siúd nach bhfuil pointí teagmhála acu in AE, i mbaol a leithlisithe gan naisc teaghlaigh ná naisc phobail níos leithne; de bhrí go bhfuil siad leochaileach go háirithe mar gheall ar bhacainní teanga agus easpa rochtana ar sheirbhísí sóisialta agus tacaíochta, lena n-áirítear rochtain ar chógais agus ar bhia;

L.

de bhrí go bhfuil tionchar ag an gcogadh san Úcráin ar mhná, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil idirdhealú trasnach os a gcomhair, ar bhealaí sonracha agus go bhfuil sé ag cur leis an neamhionannas atá ann cheana féin; de bhrí go bhfuil formhór na dteaghlach san Úcráin ag brath ar mhná anois agus go bhfuil siad i staideanna forbhásacha agus an-leochaileach mar gheall ar an nganntanas leanúnach bia, uisce agus fuinnimh laistigh den Úcráin;

M.

de bhrí gur fhan go leor ban san Úcráin agus go bhfuil siad tar éis slógadh chun comhraic nó chun tacaíocht neamh-chomhraic a chur ar fáil; de bhrí gur mná iad thart ar 15 % d’arm na hÚcráine agus go bhfuil thart ar 300 000 bean i láthair an chatha faoi láthair; de bhrí gur gabhadh mná ar saighdiúirí iad san Úcráin; de bhrí go bhfuil comharthaí ann go ndearnadh bansaighdiúirí ón Úcráin i mbraighdeanas a chéasadh, a uirísliú agus go ndearnadh foréigean gnéis ina n-aghaidh; de bhrí go bhfuil tuairiscí ar dhrochíde den sórt sin scanrúil; de bhrí go bhfuil sé fíorthábhachtach, maidir le forálacha Choinbhinsiún na Ginéive maidir le cóireáil dhaonnachtúil a chur ar phríosúnaigh chogaidh (Airteagal 13); de bhrí gurb iad na mná an dara líne chosanta freisin, tacaíocht neamh-chomhraic á soláthar acu chomh maith le lóistíocht ríthábhachtach lena n-áirítear cúnamh chun sibhialtaigh a aslonnú; de bhrí go bhfuil mná a fágadh ar gcúl san Úcráin, nach bhfuil cead acu an tír a fhágáil, amhail iad siúd atá ag obair i mbonneagair chriticiúla, nó nach bhfuil toilteanach nó ábalta an tír a fhágáil;

N.

de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtuairiscí neamhoifigiúla ó mharthanóirí, ach freisin tuarascálacha faisnéise, maidir leis an bhforéigean gnéasach sa choinbhleacht; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar na tuairiscí go bhfuil éigniú, ciapadh gnéasach, céasadh, ollbhású agus an cinedhíothú á n-úsáid níos minice ag arm na Rúise mar airm chogaidh in aghaidh an daonra sibhialtach san Úcráin;

O.

de bhrí gur coir chogaidh é foréigean gnéasach agus inscne-bhunaithe (GBV) a úsáid mar arm agus gur cheart, dá bhrí sin é a ionchúiseamh de réir fhorálacha an dlí idirnáisiúnta agus Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, go háirithe Airteagail 7 agus 8 de, lena sainmhínítear éigniú, sclábhaíocht ghnéasach, striapachas éigeantais, toircheas éigeantais agus steiriliú éigeantais nó aon chineál foréigin gnéis mar choireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh agus iad comhionann le céastóireacht agus coireanna cogaidh tromchúiseacha eile, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar gníomhartha den sórt sin go córasach le linn coinbhleachtaí idirnáisiúnta nó inmheánacha, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le foréigean gnéis agus foréigean eile i gcoinne ban agus cailíní;

P.

de bhrí go bhfuil an teist iarbhír maidir le ceartas a sheachadadh ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh fós íseal, agus de bhrí go bhfuil cásanna ciontuithe sa réimse sin a cuireadh ar ceal (breithiúnas i gcoinne Jean-Pierre Bemba ó Phoblacht Dhaonlathach an Chongó);

Q.

de bhrí go bhfuil easpa infhaighteachta agus inrochtaineachta seirbhísí iomchuí foréigin inscne-bhunaithe do dhídeanaithe, lena n-áirítear in ionaid ghlactha, ina n-ábhar imní suntasach; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go n-áireofaí leis an bhfreagairt ar an ngéarchéim seo foréigean bunaithe ar inscne a chosc agus seirbhísí freagartha láithreacha;

R.

de bhrí go bhfuil an t-easáitiú agus an sreabhadh ollmhór dídeanaithe mar thoradh ar an gcogadh san Úcráin agus go bhfuil na dálaí ann chun ardú tobann a bheith ar gháinneáil ar dhaoine; de bhrí go bhfuil tuairiscí suntasacha neamhoifigiúla ann maidir leis na rioscaí a bhaineann le gáinneáil ar dhaoine i ndáil le dídeanaithe, go háirithe mná agus leanaí neamhthionlactha, a thit i lámha gáinneálaithe nó a thuairiscítear a bheith ar iarraidh, agus gur minic a bhaineann gáinneálaithe mí-úsáid as staid leochaileach na ndídeanaithe trí ligean orthu gur soláthraithe iompair iad, bíodh sé i gcarr ar cheachtar taobh de na teorainneacha nó ag stáisiúin traenach nó bus;

S.

de bhrí go bhfuil tuairim is 80 000 bean ag feitheamh le breith san Úcráin; de bhrí go bhfuil an staid dheacair ar an láthair mar thoradh ar easpa rochtana cuí ar shláinte gnéis agus atáirgthe agus ar chearta do mhná atá fós sa tír; de bhrí go bhfuil an rochtain ar shláinte agus ar chearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) ag éirí níos deacra do na dídeanaithe atá ag teacht isteach in AE;

T.

de bhrí go dteastaíonn rochtain ó mhná ar raon iomlán na seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe lena n-áirítear frithghiniúint, frithghiniúint éigeandála, cúram ginmhillte dlíthiúil agus sábháilte, cúram réamhbhreithe agus cúnamh oilte le linn breith clainne; de bhrí go gcuireann bacainní sa Pholainn agus san Ungáir isteach go mór ar rochtain ar fhrithghiniúint éigeandála, de bharr ceanglais oideas dochtúra; de bhrí, i gcás na Polainne, na Rómáine agus na Slóvaice, go bhfuil bacainní eacnamaíocha ann maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí bunúsacha le haghaidh sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe toisc nach bhfuil siad cumhdaithe ag árachas sláinte poiblí ná ag scéimeanna fóirdheontais, rud a fhágann go bhfuil ar dhídeanaithe an costas iomlán as póca a íoc nó cabhair a lorg ó eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta chun na costais a bhaineann leo a íoc; de bhrí go bhfuil toirmeasc nach mór iomlán ar ghinmhilleadh i bhfeidhm sa Pholainn;

U.

de bhrí go bhfaigheann abhcóidí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha na céadta glaonna ó mhná torracha atá ag teitheadh ón Úcráin agus nach féidir leo deireadh a chur lena dtoircheas de dheasca an choisc de facto ar ghinmhilleadh sa Pholainn; de bhrí nach bhfuil ginmhilleadh míochaine le linn toircheas luath dleathach sa tSlóvaic agus nach bhfuil sé ar fáil san Ungáir; de bhrí gur éignigh ionsaitheoirí na Rúise go leor ban le linn na coinbhleachta, go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ar fhrithghiniúint éigeandála, ar phróifiolacsas iartheagmhála agus ar sheirbhísí ginmhillte sábháilte agus dleathacha san Úcráin agus i dtíortha óstacha agus idirthurais; de bhrí nach mór do gach tír óstach, lena n-áirítear an Pholainn, a n-oibleagáid a chomhlíonadh, lena n-áirítear faoin dlí náisiúnta, chun rochtain ar chúram ginmhillte a áirithiú do mhná a tháinig chun bheith torrach mar thoradh ar éigniú; de bhrí gur seirbhísí cúraim sláinte riachtanacha iad seirbhísí SRHR agus gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag cách orthu, lena n-áirítear rochtain ar chúram agus ar sheirbhísí ginnmhilte atá sábháilte agus dlíthiúil i ngach uile chúinse;

V.

de bhrí go gceadaíonn reachtaíocht na hÚcráine do mháthairionadaíocht agus don Úcráin breis agus an ceathrú cuid de mhargadh máthairionadaíochta tráchtála an domhain agus gur de bharr na máthairionadaíochta in aghaidh na bliana a bheirtear idir 2 000 agus 2 500 leanbh sa tír; de bhrí, mar gheall ar an gcogadh, go bhfuil deacrachtaí móra ag máithreacha ionaid leanúint dá dtoircheas i ndálaí atá fabhrach dá bhfolláine, chomh maith le rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte le linn toircheas, breithe agus iarthuismeadh; de bhrí gur iarr roinnt gníomhaireachtaí ionaid ar mháithreacha ionaid gan teitheadh ón Úcráin roimh an mbreith; de bhrí go bhfuil leanaí nuabheirthe an-leochaileach, agus go bhfágann an cogadh go bhfuil sé deacair do dhaoine a bhfuil sé ar intinn acu a bheith ina dtuismitheoirí údarás tuismitheora a ghlacadh agus d’institiúidí poiblí glacadh lena gcaomhnóireacht agus lena gcúram faoi dhálaí leormhaithe, nuair is gá;

1.

ag déanamh cáineadh an athuair ar an ionsaí míleata neamhdhlíthiúil, gan chúis agus gan údar a rinne Cónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine agus ar ionradh na tíre ag Cónaidhm na Rúise, agus ag cáineadh gach coir chogaidh atá á déanamh i gcoinne an daonra sibhialtach, lena n-áirítear mná agus cailíní ina n-éagsúlacht uile;

2.

á iarraidh an athuair ar institiúidí an Aontais oibriú go tapa ionsar stádas tír is iarrthóir AE a thabhairt don Úcráin, i gcomhréir le hAirteagal 49 CAE agus ar bhonn tuillteanais, agus idir an dá linn, leanúint den obair i dtreo lánpháirtiú na hÚcráine i margadh aonair AE i gcomhréir leis an gComhaontú Comhlachais chun mná agus cailíní na hÚcráine a chosaint go leormhaith;

3.

ag moladh na dlúthpháirtíochta a léirigh saoránaigh an Aontais, an tsochaí shibhialta, na Ballstáit agus an tAontas féin i leith na hÚcráine agus na ndaoine atá ag teitheadh ón Úcráin; á chur i bhfios go ndearnadh iarrachtaí, ó thús an chogaidh, chun cás na mbanteifeach atá ar a dteitheadh ón Úcráin a mhaolú trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag feidhmiú ar an láthair, go háirithe eagraíochtaí áitiúla ban, chomh maith le saorálaithe, údaráis áitiúla, agus rialtais áitiúla agus náisiúnta, go háirithe iad siúd de chuid na mBallstát agus na dtíortha comharsanachta, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

4.

á chur i bhfáth nach féidir glacadh le haon chineál idirdhealaithe, lena n-áirítear ar bhonn náisiúntachta, stádas cónaithe, creidimh nó reiligiúin, cine, dath, eitneachta, inscne, aoise, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, cúlra socheacnamaíoch, gnéithe géiniteacha, míchumais nó teanga agus nach mór iad a chosc go gníomhach;

5.

á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear TPD chun feidhme i gceart agus ina iomláine ar fud na 27 mBallstát agus a áirithiú go mbainfidh dídeanaithe mná atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin tairbhe iomlán as na cearta a chumhdaítear ann, go háirithe maidir le seirbhísí sláinte, máithreachas, cúram leanaí agus rochtain ar mhargadh an tsaothair; á mheas gur cheart go mbeadh ról ag an gCoiste Parlaiminteach Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, de réir a shainordaithe nuashonraithe, chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo sna Ballstáit a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin; á iarraidh cur chun feidhme réidh agus cothrom a bheith ann chun a áirithiú go gcuirfear an TPD i bhfeidhm go cothrom i gcás náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cead cónaithe fadtéarmach acu agus i gcás grúpaí eile náisiúnach tríú tír atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin;

6.

ag déanamh cáineadh láidir ar úsáid an fhoréigin ghnéasaigh agus an fhoréigin inscnebhunaithe mar arm cogaidh agus á chur i bhfáth gur coir chogaidh atá i gceist leis sin, mar aon le foréigean gnéasach agus foréigean inscne sna hionaid idirthurais laistigh den Úcráin agus ar fud an Aontais; á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtuairiscí faoi gháinneáil ar dhaoine, faoin bhforéigean gnéasach, faoi dhúshaothrú, faoi éigniú agus faoi mhí-úsáid a mbíonn ar mhná agus ar leanaí aghaidh a thabhairt orthu agus iad ag teitheadh ón Úcráin agus ag teacht chun na hEorpa; á iarraidh ar thíortha AE aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na mban agus na gcailíní in ionaid ghlactha agus a áirithiú go mbeidh seirbhísí foréigin inscnebhunaithe agus bealaí tarchuir agus sásraí gearáin ar fáil láithreach laistigh de phobail i dteangacha agus i bhformáidí atá inrochtana do gach grúpa; á iarraidh ar AE agus ar na tíortha aíochta agus na tíortha idirthurais rochtain a ráthú ar sheirbhísí i leith sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, go háirithe frithghiniúint éigeandála, próifiolacsas iartheagmhála agus cúram ginmhillte, lena n-áirítear do mharthanóirí éignithe; á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit tacú le heagraíochtaí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta a sholáthraíonn seirbhísí agus foscadh do mharthanóirí foréigin inscnebhunaithe i measc dídeanaithe ban agus cailíní;

7.

á chur in iúl gur díol sásaimh di go n-áirítear mná atá ag teitheadh ó choinbhleacht armtha agus gur iarradh tacaíocht shonrach a chur ar fáil sa togra ón gCoimisiún le haghaidh treoir maidir le foréigean bunaithe ar inscne; ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-easáitiú agus an sreabhadh dídeanaithe ón gcogadh san Úcráin bunaithe ar inscne den chuid is mó; á iarraidh ar an Aontas freagairt íogair ó thaobh inscne de a ghlacadh ar an ngéarchéim agus tús áite a thabhairt don chosaint ar an bhforéigean gnéis agus ar an bhforéigean inscnebhunaithe agus tús áite a thabhairt do na dídeanaithe uile atá ar a dteitheadh ón Úcráin, lena n-áirítear iad siúd atá fós sa tír, ar sheirbhísí riachtanacha sláinte gnéis agus atáirgthe;

8.

ag cur béim ar an ngá atá le tacaíocht speisialaithe a thabhairt do mhná agus do chailíní a tháinig slán ón bhforéigean nó a bhfuil foréigean agus mí-úsáid ghnéasach feicthe acu agus á iarraidh ar na Ballstáit cláir tacaíochta den sórt sin a bhunú ina mbeidh tacaíocht agus comhairleoireacht shíceolaíoch agus mheabhrach iomchuí maidir leis an tsláinte chun a dtaithí thrámach a shárú; ag cur béim ar an ngá atá le sásraí cuí tuairiscithe agus doiciméadaithe a chur ar bun laistigh den Úcráin agus den Aontas, lena n-áirítear chun comhordú a dhéanamh ar bhailiú teistiméireachtaí íospartach, chun na cásanna lena n-ionchúiseamh a thabhairt os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus chun déantóirí na coire a thabhairt chun cuntais; á iarraidh ar AE tacú leis na hiarrachtaí sin trí chistí agus trí shaineolas agus trí lóistíocht; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé ardán a bhunú chun cásanna d’fhoréigean gnéis agus d’fhoréigean inscnebhunaithe a bhaineann le cogadh a thaifeadadh freisin d’fhonn a áirithiú go mbeidh dálaí leormhaithe ann chuige sin, amhail ateangairí speisialaithe;

9.

á chur in iúl go gcáineann sí go láidir an díbirt, an t-iompar agus an t-athlonnú a dhéantar ar mhná na hÚcráine agus ar a leanaí chun na Rúise, agus gur cúis imní di iad sin a bheith á ndeanamh, mar atá tuairiscithe go forleathan sna meáin agus ag grúpaí chearta an duine; á chur i bhfáth gur sárú é ar Choinbhinsiúin na Ginéive; á áitiú go gcuirfí ar ais láithreach chun na hÚcráine gach saoránach Úcránach a díbríodh go héigeantach chun na Rúise;

10.

á chur in iúl gur cúis imní di leas agus an áit a bhfuil na daoine sin atá curtha i bpríosún ag fórsaí Rúiseacha, go háirithe príosúnaigh mhná, mar gheall ar a nochtadh uathúil do chineálacha áirithe foréigin inscnebhunaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, ar Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge freagracht a ghlacadh as an áit ina bhfuil príosúnaigh ar mná iad a shainaithint agus as a gcóireáil chothrom dhaonnachtúil a áirithiú;

11.

á chur i bhfios go láidir gur gá rochtain leanúnach a bheith ag mná agus cailíní ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe (SRHS) le linn coinbhleachta agus easáitiú, lena n-áirítear rochtain ar sheachadadh sábháilte, seirbhísí pleanála teaghlaigh, ginmhilleadh dleathach agus sábháilte nó bainistiú cliniciúil ar éigniú; á iarraidh go gcuirfí maoiniú ar fáil chun SRHS atá riachtanach agus chabhraíonn le sábháil beatha daoine a sholáthar i gcomhréir leis an bPacáiste Íosta Seirbhíse Tosaigh de chuid na Náisiún Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le moil triáise a chur ar fáil sna tíortha óstacha chun cúram sláinte práinneach a thairiscint do dhídeanaithe agus chun socrú a dhéanamh iad a aistriú láithreach chuig Ballstáit eile AE; á thabhairt chun suntais gur gá do na moil triáise riachtanais atá íogair ó thaobh ama de a shainaithint do SRHS, amhail frithghiniúint éigeandála, cúram ginmhillte dlíthiúil agus sábháilte agus cúram cnáimhseach éigeandála chomh maith le saineolaithe ar fhoréigean gnéis agus inscnebhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta breise a úsáid, cistí AE agus sásraí chun freagairt do chosaint an fhoréigin gnéis agus inscnebhunaithe agus riachtanais SRHR na hÚcráine, go háirithe trína iarraidh go gcuirfí tráchtearraí sláinte gnéis agus atáirgthe san áireamh sa Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus trí threalamh sláinte dínite a sheoladh, lena n-áirítear frithghiniúnaigh agus fearais sláinte atáirgthe gnéis i bpacáistí daonnúla agus i gconbhuanna daonnúla chuig an Úcráin agus chuig na tíortha comharsanachta idirthurais nó aíochta do dhídeanaithe, go háirithe nuair is gá sin chun srianta náisiúnta ar SRHR a shárú;

12.

á chur i bhfáth go bhfuil an gháinneáil ar dhaoine chun teacht i dtír gnéasach agus chun críoch eile fós ar cheann de na rioscaí is mó do mhná agus do leanaí atá ag teitheadh ón Úcráin agus atá i staid an-leochaileach; ag tabhairt dá haire, fiú roimh an gcogadh, go raibh mná na hÚcráine i measc na n-íospartach ba mhinice de chuid na gáinneála ar dhaoine chuig an Aontas Eorpach; ag tathant ar na Ballstáit sábháilteacht agus saoirse ó theacht i dtír gnéasach a ráthú do mhná agus do chailíní ar dídeanaithe iad, lena n-áirítear trí iompar sábháilte agus comhordaithe a chur ar fáil idir na Ballstáit; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an Aontas na líonraí gáinneála a shainaithint agus a ionchúiseamh, ar líonraí iad a bhaineann tairbhe as teacht i dtír gnéasach ar mhná agus ar chailíní ar dídeanaithe iad; ag athdhearbhú go gcuireann striapachas le gáinneáil ar mhná leochaileacha; ag moladh do AE tacú leis an Úcráin infheistiú i mbearta múscailte feasachta agus coisc frithgháinneála ar thaobh na hÚcráine, mar shampla trí fhaisnéis faoi na rioscaí sin a scaipeadh; á chur i bhfáth go bhfuil máithreacha ionaid i staid a bhfuil leochaileacht agus forbhásacht ar leith ag baint leo; á áitiú go láidir gurb é an príomhleas atá i gceist ná saol na mban agus nár cheart cosc a chur orthu an Úcráin a fhágáil más mian leo é sin a dhéanamh; á mheabhrú nach féidir glacadh le teacht i dtír gnéasach chun críocha máthairionadaíochta ná atáirgthe agus gur sárú ar dhínit an duine agus ar chearta an duine é;

13.

ag cáineadh chleachtas na máthairionadaíochta, a d’fhéadfadh mná ar fud an domhain a chur i mbaol a ndúshaothraithe, go háirithe iad siúd atá níos boichte agus atá leochaileach, amhail i gcomhthéacs an chogaidh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit aird ar leith a thabhairt ar mháithreacha ionaid a chosaint le linn toirchis, breithe agus iarthuismeadh agus urraim a thabhairt dá gcearta uile, chomh maith le cearta na leanaí nuabheirthe;

14.

ag leagan béim ar an tionchar tromchúiseach a bhíonn ag an máthairionadaíocht ar mhná, ar a gcearta agus ar a sláinte, ar na hiarmhairtí diúltacha don chomhionannas inscne agus ar na dúshláin a eascraíonn as impleachtaí trasteorann an chleachtais sin, mar a tharla i gcás na mban agus na leanaí atá thíos leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit imscrúdú a dhéanamh ar ghnéithe an tionscail seo, ar chomhthéacs socheacnamaíoch agus ar staid na mban torracha, chomh maith leis na hiarmhairtí ar a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus ar fholláine na leanaí; á iarraidh go dtabharfaí isteach bearta ceangailteacha chun aghaidh a thabhairt ar mháthairionadaíocht, chun cearta ban agus leanaí nuabheirthe a chosaint;

15.

á chur in iúl gur geal léi gur ghníomhachtaigh an Coimisiún an comhar laistigh de líonra na rapóirtéirí náisiúnta maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine agus, i ndáil leis an méid sin, gur gníomhachtaíodh comhar póilíneachta maidir leis an bhfrithgháinneáil, lena n-áirítear maidir le hardán EMPACT, agus gur cuireadh foirne Europol chuig na tíortha atá ar theorainn na hÚcráine; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do na hiarrachtaí sin trí acmhainní airgeadais leordhóthanacha a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais;

16.

á chur in iúl gur geal léi an plean comhchoiteann 10 bpointe a cuireadh faoi bhráid na n-airí gnóthaí baile an 28 Márta 2022 ina gcuimsítear plean an Choimisiúin le haghaidh comhordú Eorpach níos láidre maidir le fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh i gcoinne na hÚcráine; ag tabhairt dá haire go moltar, faoin bplean 10 bpointe, nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha agus treoirlínte maidir le glacadh leanaí agus tacaíocht a thabhairt dóibh agus mionaoisigh neamhthionlactha a aistriú; á chur in iúl gur geal léi gur forbraíodh plean coiteann frithgháinneála laistigh den phlean 10 bpointe a bheidh bunaithe ar straitéis AE maidir leis an ngáinneáil ar dhaoine a chomhrac (2021-2025), faoi cheannaireacht Chomhordaitheoir Frithgháinneála AE; á iarraidh go nglacfaí gan mhoill é; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta i mbearta frithgháinneála san Úcráin, amhail uimhir líne cabhrach ar fud an Aontais go sonrach d’íospartaigh dídeanaithe nó dóibh siúd atá i mbaol gáinneáil ar dhaoine nó foréigean gnéasbhunaithe nó inscnebhunaithe, ar líne í atá saor in aisce agus faireachán á dhéanamh uirthi san Úcráin;

17.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar chomhordú ag trasnuithe teorann agus ag saoráidí glactha, a áirithiú go gclárófar dídeanaithe go cruinn agus go mbeidh rochtain acu ar na doiciméid is gá; á chur in iúl gur geal léi an clár clárúcháin do shaorálaithe a chuidíonn le dídeanaithe, chun súil a choinneáil ar na daoine a thugann cabhair; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh feabhais a chur ar na hiarrachtaí maidir le coireanna a d’fhéadfadh a bheith ag dídeanaithe a chosc agus dul i ngleic leo, amhail gáinneáil ar dhaoine, foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, teacht i dtír agus mí-úsáid; á chur i bhfáth go láidir, maidir le gáinneáil ar dhaoine de gach cineál, go háirithe ar mhaithe le teacht i dtír gnéasach ag máistirí striapach, ag úinéirí drúthlainne, agus ag ceannaitheoirí seirbhísí gnéis, ach chun críoch eile freisin, ar cheann de na rioscaí is mó do na dídeanaithe ar mná iad agus do leanaí atá ag teitheadh ón Úcráin; á iarraidh ar fhórsaí póilíneachta na mBallstát agus ar Europol faireachán agus feachtais feasachta a reáchtáil i bpointí idirthurais a úsáideann gáinneálaithe, amhail stáisiúin traenach agus bus, stáisiúin peitril, mótarbhealaí nó aerfoirt, trínar féidir leo a n-íospartaigh a smuigleáil, chomh maith le hionaid fáiltithe dídeanaithe inar féidir díriú ar íospartaigh;

18.

á mholadh do na Ballstáit leas a bhaint as an gcúnamh a chuireann gníomhaireachtaí an Aontais ar fáil maidir le dídeanaithe ar mná iad a óstáil; ag cur béim ar an ngá atá le hardán clárúcháin uile-Aontais do dhaoine atá ag cur isteach ar chosaint shealadach, mar a mhol an Coimisiún, ar cosaint í a bhfuil gá ar leith léi chun tacú le hiarrachtaí mionaoiseach neamhthionlactha a rianú agus a athaontú, ach freisin maidir leo siúd atá i mbaol gáinneála, amhail mná agus cailíní;

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún treoir aonfhoirmeach a ullmhú agus a chur i bhfeidhm go pras chun leanaí a ghlacadh agus chun tacú leo, go háirithe cailíní óga agus mná scothaosta, lena n-áirítear le linn nósanna imeachta chun leanaí gan tionlacan a aistriú, cúram malartach eatramhach a chur ar fáil agus leanaí a athaontú le baill teaghlaigh;

20.

á chur i bhfios go gcuireann na Ballstáit óstacha tacaíocht ar fáil do na milliúin dídeanaithe atá ag teitheadh ón Úcráin, go háirithe mná agus leanaí, a bhfuil tionchar acu ar a seirbhísí sóisialta, cúraim sláinte, cúraim leanaí agus oideachais; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar na riachtanais agus na beartais atá ann cheana a oiriúnú, lena n-áirítear ionstraimí airgeadais amhail cistí struchtúracha, agus cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de á choinneáil; a iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit a mhéid is féidir sa chúram sin, agus aird ar leith á tabhairt ar mhná agus ar chailíní óga; ag moladh na n-iarrachtaí atá á ndéanamh ag na Ballstáit chun freagracht a roinnt tríd an Ardán Dlúthpháirtíochta agus ag spreagadh go ndéanfaí an comhar sin a fheabhsú tuilleadh;

21.

ag tabhairt dá haire go bhfuil sé riachtanach go mbeadh rochtain ag dídeanaithe ban ar shlite beatha, lena n-áirítear an cumas chun obair agus ioncam a thuilleamh a luaithe is féidir; á iarraidh go mbeadh cláir speisialta agus cúrsaí teanga, chomh maith le rochtain uilíoch ar chúram leanaí, chun comhtháthú i margadh saothair AE a éascú;

22.

á chur i bhfáth go gcuirtear san áireamh riachtanais na mban atá ag fulaingt idirdhealú trasnach mar gheall ar a gcúlra ciníoch nó eitneach, míchumas, náisiúntacht, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne nó léiriú inscne, lena n-áirítear iad siúd a d’fhulaing foréigean gnéasach, go háirithe trí shocruithe glactha nó cúraim atá sábháilte agus iomchuí a chur ar fáil agus trína áirithiú nach ndéanfar idirdhealú ag pointí trasnaithe teorann; ag cur béim ar an ngá atá ann sonraí imdhealaithe a bhailiú agus a anailísiú de réir inscne, aoise, míchumais, náisiúntachta agus an chinn scríbe (más eol sin) d’fhonn tacú le pleanáil ghearrthéarmach agus fhadtéarmach seirbhísí agus saoráidí iomchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach bhfuil idirdhealú á dhéanamh ar mhná Romacha atá ag teitheadh ón Úcráin agus go mbeidh siad in ann bogadh laistigh den Aontas; á iarraidh ar na Ballstáit cosaint na forbartha sin a ráthú agus TPD á chur chun feidhme;

23.

á chur in iúl gur geal léi an maoiniú ón Aontas a cuireadh ar fáil do dhídeanaithe atá ag teitheadh ón Úcráin, lena n-áirítear tríd an gClár um Théarnamh don Chomhtháthú agus Críocha na hEorpa (REACT-EU), tríd an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus trí Ghníomhaíocht an Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE), lena gcuirfí ar chumas thíortha agus réigiúin an Aontais tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do dhaoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin; á iarraidh go mbeadh na cistí sin íogair ó thaobh inscne de; á áitiú gur cheart don Pharlaimint maoirseacht a dhéanamh ar an gcaoi a gcaitear na cistí, go háirithe i dtíortha ina bhfuil sáruithe leanúnacha ar an smacht reachta amhail an Pholainn agus an Ungáir; á athdhearbhú gur bunphrionsabal de chuid an Aontais é prionsabal an phríomhshruthaithe inscne agus an bhuiséadaithe inscne;

24.

á chur i bhfios go dteastaíonn tacaíocht airgeadais agus ábhartha níos dírí ó AE agus ó na Ballstáit ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun comhordú ar an láthair a éascú agus chun dáileadh níos fearr ar na freagrachtaí éagsúla a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar chomhordú na cabhrach daonnúla i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear UNHCR, Mná na Náisiún Aontaithe, Ciste Daonra na Náisiún Aontaithe, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus gníomhaireachtaí eile de chuid na Náisiún Aontaithe, chomh maith leis an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce agus Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, agus rochtain láithreach agus dhíreach ar mhaoiniú a áirithiú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann cúnamh ar fáil do dhídeanaithe na hÚcráine, go háirithe do chomhionannas inscne, do SRHR agus d’eagraíochtaí um chearta na mban agus do chosantóirí chearta an duine i ngach Ballstát idirthurais agus óstála dídeanaithe; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ról a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus dul i gcomhairle leo agus le húdaráis áitiúla maidir le hinfhaighteacht an chistithe agus maidir leis an gcaoi a gcaitear é agus a leithdháiltear é;

25.

á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit dul i ndlúthchomhairle le heagraíochtaí a bhíonn ag troid ar son chearta na mban, na gcailíní agus na ngrúpaí imeallaithe, go háirithe ar an láthair, ach freisin agus cinntí beartais á ndéanamh i ndáil leis an gcogadh sin; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht ar leith do chosantóirí ar chearta an duine ar mná iad atá fós gníomhach san Úcráin agus go dtabharfaí cosaint dóibh;

26.

ag cur béim ar an obair ollmhór atá déanta ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ag grúpaí gníomhaithe chun cabhrú le mná a bhfuil rochtain acu ar SRHR agus go bhfuil a saoirse féin á cur i mbaol ag a gcomhaltaí, amhail Justyna Wydrzyńska, a cúisíodh faoi dhlí frith-ghinmhillte na Polainne as piollaí ginmhillte liachta a sholáthar do bhean eile; á iarraidh ar an gCoimisiún na cosantóirí ban sin ar chearta an duine a chosaint agus tacú leo i gcoinne aon ghéarleanúint a d’fhéadfadh a bheith i ndán dóibh;

27.

á thabhairt chun suntais go mbíonn deacracht ar leith a bhíonn ag teaghlaigh LGBTIQ+ agus teorainneacha á dtrasnú acu; á chur i bhfáth go bhfuil an baol ann go ndéanfaí leanaí, ar lánúineacha comhghnéis iad a dtuismitheoirí, a scaradh ó thuismitheoir amháin nó ón mbeirt tuismitheoirí; á iarraidh ar na Ballstáit comhpháirtíochtaí de facto agus teaghlaigh a chur san áireamh agus an Treoir um Chosaint Shealadach á cur chun feidhme;

28.

ag meabhrú staid dheacair agus na mbacainní ar dhaoine trasinscneacha, lena n-áirítear trasmhná nó mná trasinscneacha agus idirghnéasacha ag a bhfuil an marcóir inscne fireann ina bpasanna, agus na bacainní atá ar na daoine sin ina bpasanna, nach féidir leo teitheadh ón Úcráin; á mheabhrú nach féidir le daoine trasinscneacha nach gcomhfhreagraíonn a ndoiciméid aitheantais lena gcéannacht dul trí sheicphointí inmheánacha agus go bhféadfar iad a eisiamh ó bhearta cosanta sibhialta; á chur i bhfios nach bhfuil sé de chumas ag campaí fáiltithe arna mbunú ag saorálaithe ná ag an tsochaí shibhialta freastal ar gach duine; á chur i bhfáth go bhfuil deacrachtaí ag daoine trasinscne rochtain a fháil ar chóireálacha hormónacha; á mheabhrú go n-aicmíonn EDS cóireálacha den sórt sin agus cógais shonracha eile do dhaoine trasinscneacha agus idirghnéasacha mar chóireálacha agus mar sin de, agus gur cheart iad a áireamh i bpacáistí cabhrach daonnúla; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais agus comhordaithe a fháil ón Aontas i ndáil leis an méid sin; á iarraidh ar AE iarraidh ar an Úcráin na nósanna imeachta a shimpliú chun go mbeidh na mná sin in ann teitheadh ón Úcráin; á iarraidh ar Bhallstáit AE cógais agus cóireáil iomchuí a chur ar fáil tar éis do na mná sin an teorainn a thrasnú;

29.

á mheas gur gá tacaíocht chuí a bhunú do na bardais san Úcráin a bhfuil daoine easáitithe ina dtír féin á n-óstáil acu chun go mbeidh na daoine sin a easáitíodh ina dtír féin in ann fanacht ina dtír féin sula mbeidh siad in ann filleadh abhaile; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin maidir leis na riachtanais atá ag mná agus cailíní atá easáitithe ina dtír féin;

30.

ag meabhrú Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus na rún uile a rinneadh ina dhiaidh sin agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme iad; á áitiú go n-áireofaí mná ina n-éagsúlacht uile agus ina ngrúpaí imeallaithe i gcosc coinbhleachtaí, i réiteach, in idirghabháil, agus i gcaibidlíocht na síochána, ar fud gach conaire agus á iarraidh dá bhrí sin ar institiúidí AE tascfhórsa a bhunú ina n-áirítear mná agus an tsochaí shibhialta ar an láthair; á iarraidh go ndéanfadh an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) cúnamh a chur ar fáil i bhfoirm cistí oiliúna do mhná agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha san Úcráin chun cur ar a gcumas a bheith rannpháirteach i réiteach coinbhleachta agus in iarrachtaí atógáil tar éis coinbhleachta; ag iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar chomhionannas inscne ina gcuid iarrachtaí deireadh a chur leis an gcogadh seo;

31.

ag cur sonrú sa staid achrannach a bhíonn ag an Moldóiv maidir lena bonneagar agus a seirbhísí go mór faoi bhrú; á chur in iúl gur geal léi na gealltanais maidir le hathlonnú faoin Ardán Dlúthpháirtíochta chun cabhrú leis an Moldóiv agus í ag iarraidh dídeanaithe atá ag teitheadh ón Úcráin a óstáil; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leanúint dá n-iarrachtaí tuilleadh cúnaimh a thabhairt don Mholdóiv trí fhreagracht a roinnt agus trí chúnamh sonrach a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais na mban agus na gcailíní atá ina ndídeanaithe;

32.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig na Náisiúin Aontaithe,

(1)  IO L 212, 7.8.2001, lch. 12.

(2)  IO L 71, 4.3.2022, lch. 1.

(3)  IO L 101, 15.4.2011, lch. 1.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0052.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0120.

(6)  IO C 404, 6.10.2021, lch. 202.

(7)  https://data2.unhcr.org/en/situations/ukraine

(8)  https://www.unrefugees.org/emergencies/ukraine/

(9)  https://www.iom.int/news/71-million-people-displaced-war-ukraine-iom-survey

(10)  https://www.reuters.com/world/europe/moscow-has-deported-500000-people-russia-ukraine-lawmaker-says-2022-04-20/

(11)  https://data2.unhcr.org/en/situations/ukraine#:~:text=Share%20this%20page%3A-,Ukraine%20Situation%3A%20Moldova%20Refugee%20Border%20Monitoring,(14%2D03%2D2022)&text=Almost%20three%20million%20refugees%20have,displaced%20to%20Moldova%20(UNHCR)

(12)  https://ecre.org/wp-content/uploads/2022/03/Information-Sheet-%E2%80%93-Access-to-territory-asylum-procedures-and-reception-conditions-for-Ukrainian-nationals-in-European-countries.pdf


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/138


P9_TA(2022)0207

Tionchar chogadh foghach mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar earnálacha iompair agus turasóireachta an Aontais Eorpaigh

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 maidir le tionchar chogadh foghach mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar earnálacha iompair agus turasóireachta an Aontais Eorpaigh (2022/2643(RSP))

(2022/C 465/16)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Rialachán (CE) 2022/334 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 (1),

ag féachaint don phlean gníomhaíochta maidir le“Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint – D’Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta”, a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022,

ag féachaint do chruinniú neamhfhoirmiúil na n-airí iompair an 8 Aibreán 2022,

ag féachaint do Chomhshocrú Domhanda 2018 maidir le Dídeanaithe,

ag féachaint do Dhearbhú Versailles ó Chinn Stáit nó Rialtais an Aontais an 11 Márta 2022,

ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le hionsaitheacht na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2),

ag féachaint do rún uaithi an 24 Márta 2022 maidir leis an ngá atá le plean gníomhaíochta práinneach AE chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú laistigh den Aontas agus lasmuigh de i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin (3),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir le Conclúidí chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022: lena n-áirítear a bhfuil ag tarlú sa chogadh i gcoinne na hÚcráine agus smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise agus a gcur chun feidhme (4),

ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir le leanaí agus daoine óga atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin a bheith á gcosaint ag an Aontas Eorpach (5),

ag féachaint do Phlean 10-bPointe na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh maidir le hÚsáid Ola a Laghdú,

ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

A.

de bhrí go bhfuil cúig phacáiste smachtbhannaí glactha ag AE mar fhreagairt ar chogadh foghach mídhleathach, gan chúis, gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

B.

de bhrí go bhfuiltear ag dréim leis gur buille níos déine don Rúis a bheidh sa rabharta nua smachtbhannaí in earnálacha an iompair de bhóthar agus an mhuiriompair;

C.

de bhrí gur fhógair an Rúis, an 28 Feabhra 2022, mar fhrithbheart, toirmisc ar úsáid aerspás na Rúise lena n-imrítear tionchar ar aerárthaí ó 36 thír, lena n-áirítear Ballstáit AE;

D.

de bhrí gur laghdaigh an Chomhairle Eorpach líne an dréachtbhuiséid i gcomhair soghluaisteacht mhíleata faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa ó EUR 6,5 billiún go EUR 1,69 billiún mar chuid den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021 go 2027;

E.

de bhrí, agus aerspás na hÚcráine dúnta, go bhfuil stop curtha le thart ar 3,3 % de ghluaiseachtaí aerthráchta na n-aerphaisinéirí san Eoraip, anuas ar na heitiltí paisinéirí idir an Rúis agus an Eoraip, arbh ionann iad agus 5,7 % de thrácht iomlán na hEorpa in 2021;

F.

de bhrí in 2020, go ndearna thart ar 535 soitheach a raibh bratach na Rúise ar foluain acu cuairt a thabhairt ar thart ar 8 848 gcalafort de chuid Bhallstáit an Aontais;

G.

de bhrí go bhfuil an staid sa Mhuir Dhubh agus i Muir Mheoid imithe in olcas toisc go bhfuil cabhlach na Rúise ag cur bac ar an réigiún agus ar chodanna de na farraigí sin a fógraíodh mar chrios cogaidh, mar aitheantas ar an mbaol slándála a bhaineann leis don mhuirthrácht a bheadh ag seoladh sa limistéar;

H.

de bhrí go bhfuil ionsaí déanta ag cabhlach na Rúise ar shoithí le húinéirí AE nó le hoibreoirí AE sa limistéar sin;

I.

de bhrí gurb ionann maraithe na hÚcráine agus na Rúise 14,5 % den lucht saothair domhanda loingseoireachta, agus go mbraitheann cabhlaigh AE orthu go mór;

J.

de bhrí go bhfuil imní ag dul i méid maidir le slándáil agus inoibritheacht fhoriomlán an iompair d’iarnród agus an muiriompar chuig an Úcráin agus ón Úcráin;

K.

de bhrí go bhfuil ardú tagtha ar phraghas an bhreosla le roinnt míonna anuas, agus go bhfuil an staid sin ag dul in olcas mar gheall ar chogadh foghach mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus go bhfuil breosla ar cheann de na costais is airde d’oibreoirí agus d’úsáideoirí iompair;

L.

de bhrí go bhfuil buille brúidiúil eile i ndán do na cinn scríbe turasóireachta in go leor tiortha san Aontas tar éis 2 bhliain den phaindéim a raibh éifeacht mhillteach aici ar an earnáil cheana féin;

1.   

ag athdhearbhú, a láidre agus is féidir, a cáinte ar chogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, mar aon le rannpháirtíocht na Bealarúise sa chogadh sin, agus ag éileamh go gcuirfidh an Rúis deireadh láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin agus go dtarraingeoidh sí siar gach fórsa agus trealamh míleata ó chríoch iomlán na hÚcráine, ar críoch í atá aitheanta go hidirnáisiúnta;

2.   

á chur in iúl gur geal léi na smachtbhannaí i gcoinne na Rúise nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus atá ag teacht chun cinn mar fhreagairt ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus á iarraidh ar AE leanúint de smachtbhannaí éifeachtacha a mheas agus a ghlacadh in earnáil an iompair ar mhaithe leis an mbonn a bhaint ó mhaoiniú mheaisín cogaidh Putin; á chur i bhfáth gurb é seo an chéad uair a díríodh ar an earnáil iompair go sainráite i smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise;

3.   

á mheabhrú gur modh straitéiseach é an t-iompar don Aontas Eorpach chun dlúthpháirtíocht agus tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin agus dá daoine atá ag fulaingt, ó thaobh lóistíochta, cabhair dhaonnúil agus aslonnú agus soghluaisteacht dídeanaithe de;

4.   

ag cáineadh go láidir an chaoi a bhfuil fórsaí Rúiseacha ag díriú go toiliúil ar bhonneagar iompair san Úcráin, rud a chuireann bac ar chumas údaráis na hÚcráine sibhialtaigh a aslonnú agus earraí agus soláthairtí riachtanacha a iompar do dhaoine atá i ngátar; ag áitiú ar an Aontas cúnamh airgeadais a thabhairt don Úcráin chun cabhrú léi a bonneagar iompair a athbhunú;

5.   

á chur in iúl gur geal léi na bearta a ghlac an Coimisiún chun cabhrú leis na Ballstáit, le hoibreoirí iompair agus le hoibrithe leanúint d’oibríochtaí iompair agus chun tacú le hiompar dídeanaithe ón Úcráin agus le hiompar na cabhrach daonnúla; ag aithint chrógacht na n-oibrithe iompair san Úcráin, ag cur a mbeatha i mbaol agus iad ag leanúint de bheith ag obair chun daoine agus earraí a iompar;

6.   

á chur in iúl gur geal léi na treoirlínte oibríochtúla a ghlac an Coimisiún chun a áirithiú go mbeidh daoine san Úcráin gan doiciméid bhailí ar bord oibreoirí iompair an Aontais;

7.   

ag moladh oibreoirí iompair na hEorpa as saorthaisteal ar thraenacha, ar bhusanna, ar longa agus ar eitleáin a thairiscint do shaoránaigh na hÚcráine agus an iliomad tionscnamh ó chomhlachais agus daoine aonair ar fud an Aontais Eorpaigh, as iompar earraí agus daoine saor in aisce chuig teorainn na hÚcráine agus uaithi a chur ar fáil; ag cur i bhfáth i gcás go leor Úcránach atá toilteanach filleadh ar a dtír féin nó atá ag iarraidh lóistín a fháil i mBallstát eile, nach bhfuil praghas an ticéid acu; á iarraidh ar oibreoirí traenach leanúint de rochtain saor in aisce a thabhairt d’Úcránaigh ar thraenacha gan áirithint agus ar shuíocháin gan áirithint freisin;

8.   

á chur i bhfios go bhfuil tionchar freisin ag an gcoinbhleacht leanúnach mar aon le frithbheart na Rúise i gcoinne smachtbhannaí AE ar earnáil iompair an Aontais, atá suaite go mór gan beann ar an modh iompair;

9.   

á thabhairt chun suntais go bhfuil ardú praghsanna breosla agus an suaitheadh sna slabhraí lóistíochta agus soláthair i measc na bpríomhiarmhairtí a dhéanann difear do gach modh iompair agus a chruthaíonn neamhchinnteacht mhór sna margaí;

10.   

á chreidiúint gur cheart tacú le hoibreoirí iompair atá bunaithe in AE agus atá faoi úinéireacht AE agus a bhfuil naisc acu le margadh na Rúise agus iad ag iarraidh a n-oibríochtaí iompair a atreorú ón Rúis;

11.   

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú eacnamaíoch agus sóisialta a dhéanamh mar ábhar práinne ar iarmhairtí an chogaidh ar gach modh iompair i margadh AE agus tacaíocht a chur ar fáil go mear, más gá, lena n-áirítear trí bhearta breise reachtacha agus/nó airgeadais, chun na héifeachtaí diúltacha a mhaolú agus chun a áirithiú go mbeidh cothrom iomaíochta ann agus go dtabharfar cothrom na féinne d’earnálacha iompair na hEorpa;

12.   

ag cur i bhfios nár cheart go mbainfí an bonn, ar bhonn sealadach nó buan, ó chearta na n-oibrithe iompair mar thoradh ar an ngéarchéim;

Eitlíocht

13.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar tromchúiseach atá ag an gcoinbhleacht ar earnáil na heitlíochta ó thaobh costais oibriúcháin de, lena bhfágtar go bhfuil iompar paisinéirí agus lasta araon níos costasaí; á chur i bhfáth gur cuireadh iallach ar chuideachtaí aerlíne, de bharr na smachtbhannaí agus na toirmisc aeir le chéile, a n-eitiltí a chur ar fionraí nó a athródú; á chur i bhfios, thairis sin, go bhfuil ó thrí go ceithre uair an chloig gach aon bhealach ar an uasmhéid i gceist leis na síntí ar na haerbhealaí a bhfuil gá leo chun aerspás na Rúise agus na Bealarúise a sheachaint, rud atá ina shiocair le saincheisteanna maidir le hathbhreoslú (staideanna breise, costais bhreise, dá bhrí sin), agus uaireanta oibre níos faide do na criúnna ná na huaireanta sin dá bhforáiltear i rialacháin AE;

14.

á chur i bhfios o bhfuil an Úcráin agus an Rúis i measc na bpríomhtháirgeoirí tíotáiniam, atá ar an bpríomhmhiotal a úsáidtear i monarú aerárthaí, agus go bhféadfadh tionchar a bheith ag an gcoinbhleacht leanúnach ar an soláthar sa ghearrthéarma;

15.

á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar straitéis tacaíochta d’aerlínte AE agus dá lucht saothair atá buailte go dona, ag paindéim COVID-19 ar dtús agus ag an toirmeasc ar thraseitilt aerspás na Rúise agus na Bealarúise anois, ag praghsanna arda breosla agus ag éileamh atá ag laghdú; á chur i bhfáth, áfach, an gá atá le machaire comhréidh agus iomaíocht chóir a áirithiú idir aerlínte, go háirithe agus tacaíocht airgeadais á cur ar fáil;

16.

á chur in iúl gur saoth léi go ndearna an Rúis, i sárú soiléir ar rialacha idirnáisiúnta maidir le heitlíocht shibhialta (Coinbhinsiún Chicago), dlí a fhormheas lena ndéantar eitleáin atá ar léas ó chuideachtaí eachtracha a athchlárú i gclár aerárthaí na Rúise; á áitiú nach féidir glacadh le gadaíocht den sórt sin agus á éileamh go ndéanfar na na heitleáin atá i gceist a thabhairt ar ais dán-úinéirí dleathacha; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón gCoimisiún iompróirí na Rúise a oibríonn aerárthaí a chumhdaítear leis an athchlárú sin a áireamh ar an Liosta Aershábháilteachta, ós rud é nach bhfuil an cumas maoirseachta ar shábháilteacht aeracmhainneachta ag údaráis na Rúise do na céadta aerárthach athchláraithe; á chur i bhfáth gurb iad údaráis na Rúise amháin a bheidh freagrach as beatha a saoránach féin a chur i mbaol agus iad ag cur na n-aerárthaí goidte sin i mbun oibríochta i spéartha na Rúise gan ar a gcumas na ceanglais slándála is gá a chomhlíonadh;

17.

á iarraidh go leanfaidh an tAontas de bheith ag gníomhú chun stop a chur le hamhais ó Ghrúpa Wagner agus le throdaithe eachtracha ón tSiria etc. ó dhul i mbun troda go héifeachtach san Úcráin chun ainghníomhartha a dhéanamh i gcoinne an daonra shibhialta; á iarraidh, dá bhrí sin, go n-éileoidh an tArdionadaí go háirithe ar rialtais na Tuirce, na Seoirsia, na hAsarbaiseáine agus na hIaráice, chomh maith le rialtais phoblacht na hÁise Láir, a n-aerspás a dhúnadh d’aon eitleán de chuid mhíleata na Rúise, na hIaráine nó na Siria nó d’aon eitleán cairte, nó d’aon aerlínte rialta, a iompraíonn a leithéid d’amhais; á iarraidh go ndéanfaidh AE aon aerlíne a d’fhéadfadh páirt a ghlacadh san iompar sin a dhúliostú;

Muirí

18.

á chur in iúl gur geal léi an tríú colún den chúigiú pacáiste smachtbhannaí ón gCoimisiúin i gcoinne na Rúise a bhaineann leis an toirmeasc ar shoithí a bhfuil bratach na Rúise ar foluain acu agus ar shoithí a bhíonn á n-oibriú ag an Rúis ó rochtain a fháil ar chalafoirt an Aontais; á chreidiúint go bhféadfadh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí ról tábhachtach a imirt ina leith sin, maidir le liosta soiléir a chur ar fáil de shoithí na Rúise a mbeidh toirmeasc orthu ó chalafoirt AE, agus na soithí sin a chuir bratach eile ar foluain nó a athchláraíodh ón 24 Feabhra 2022 i leith á gcur san áireamh;

19.

á iarraidh, áfach, go rachfar níos faide ná na bearta sin chun cosc a chur ar a n-inchéimniúcháin agus diultú do na soithí sin uile teacht isteach chuig calafoirt AE, gan beann ar cé leis iad nó cé a oibríonn iad, más rud é go dtugann siad i dtír ag calafoirt na Rúise freisin le linn a dtriall, ach amháin nuair is gá ar chúiseanna daonnúla a bhfuil údar maith leo; á chur in iúl gur geal léi cheana féin an cinneadh deonach a rinne roinnt de na cuideachtaí loingseoireachta is mó ar domhan atá lonnaithe san Eoraip, chun stop a chur le gach áirithint lasta chuig an Rúis agus ón Rúis go dtí go bhfógrófar a mhalairt;

20.

á iarraidh go mbeidh toirmeasc ar gach long ar mian léi teacht isteach i gcalafort AE ó bhreosla a thógáil ar bord i gcalafoirt na Rúise nó a thógáil ó longa buncaeireachta na Rúise ar muir;

21.

á chreidiúint gur cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, ina leith sin, treoir a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach smachtbhannaí den sórt sin, lena gcoinnítear machaire comhréidh do chalafoirt AE;

22.

á iarraidh ar na rialtais agus ar na húdaráis inniúla phoiblí, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE araon, a gcuid freagrachtaí a ghlacadh chucu féin agus dóthain foirne agus acmhainní a phleanáil chun a áirithiú go gcuirfear na bearta i bhfeidhm go rianúil, lena seachnófar tuilleadh moilleanna i slabhra soláthair atá suaite cheana féin;

23.

ag tabhairt dá haire go bhfuil líon mór long blocáilte sna réigiúin faoi láthair; á thabhairt chun suntais iarrataí ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit sábháilteacht agus slándáil don loingseoireacht idirnáisiúnta sa limistéar a áirithiú mar ábhar práinne, agus go n-áiritheofar sábháilteacht na maraithe go háirithe; á iarraidh go ndéanfar athsholáthrú práinneach ar na longa lena mbaineann maidir leis na soláthairtí ríthábhachtacha atá de dhíth ar a maraithe, agus go ndéanfar conair mhuirí ghorm shábháilte a chur chun feidhme chun go bhféadfar maraithe agus longa a aslonnú go sábháilte ó na limistéir ardriosca agus atá buailte sa Mhuir Dhubh agus i Muir Mheoid;

24.

á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil roinnt mianach farraige ar snámh gan srian ag bagairt le déanaí ar bheatha maraithe agus paisinéirí, mar aon le sreafaí trádála idirnáisiúnta sa Mhuir Dhubh, agus á iarraidh go dtabharfar tacaíocht idirnáisiúnta d’iarrachtaí dímhianaithe na dtíortha atá in aice láimhe;

25.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an tionchar atá ag loingseoireacht idirnáisiúnta, lóistíocht, slabhraí soláthair agus praghsanna breoslaí, go háirithe i rátaí lasta, san earnáil mhuirí;

Iarnród

26.

á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil toirmeasc díreach ar oibríochtaí iompair d’iarnród le Iarnróid na Rúise de thuras na huaire; ag tabhairt dá haire, áfach, gur cuireadh Iarnróid na Rúise le liosta na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dlíthiúla atá faoi réir srianta airgeadais;

27.

á chur i bhfios gur féidir le traenacha fós taisteal tríd an Rúis, go háirithe na traenacha lasta a oibríonn idir an Eoraip agus an tSín; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil tionchar drámatúil ag an gcoinbhleacht ar shreabha lasta iarnróid idir an Áise agus an Eoraip, lena gcruthaítear éiginnteacht do ghnólachtaí a oibríonn traenacha agus lasta loingseoireachta;

28.

á chur i bhfáth go bhfuil bacainní fisiciúla le sárú ag an lastas ar thraenacha lasta, agus na mílte vaigíní greamaithe i scuainí ag teorainn na hÚcráine agus thíortha an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an Úcráin agus í ag iarraidh na sreabha tráchta a scaradh, naisc nua a bhunú agus bealaí trádála meara a shocrú, rud atá thar a bheith práinneach d’iompar earraí meatacha amhail cruithneacht; ag cur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis an méid sin, an tionscnamh “Getreidebrücke”, lena bhfuil oibreoirí iarnróid na hÚcráine agus oibreoirí iarnróid an Aontais ag comhoibriú chun a áirithiú go bhféadfaidh earraí talmhaíochta agus innealra talmhaíochta teacht isteach san Úcráin agus imeacht aisti; ar an gcaoi chéanna, is díol sásaimh di iarrachtaí na Rómáine línte iarnróid neamhúsáidte a athúsáid lena nasctar an Rómáin leis an Úcráin agus lena bhféadfaí an brú ar bhealaí iompair san Úcráin agus amach aisti a mhaolú tuilleadh; ag creidiúint gur cheart do AE tionscnaimh den chineál sin a spreagadh agus a éascú;

29.

á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an Úcráin agus leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh aici naisc iarnróid idir an Úcráin agus AE a neartú;

30.

ag moladh laochas na n-oibrithe iarnróid Úcránacha atá tiomanta, d’ainneoin a mbeatha a bheith fós i mbaol, daonra na hÚcráine a aslonnú ó limistéir chogaidh, leanúint de bheith ag seachadadh post, íocaíochtaí pinsin, leigheas agus earraí daonnúla agus bia, maoin cuideachtaí, institiúidí agus eagraíochtaí náisiúnta a iompar chun réigiúin shábháilte na hÚcráine, agus a áirithiú go bhféadfar leanúint de thrádáil idirnáisiúnta agus de theagmhálacha taidhleoireachta gníomhacha ar an leibhéal is airde;

31.

á mheas gur chuir ionsaí na Rúise ar an Úcráin agus na riachtanais iompair a tháinig as sin in iúl go láidir gur gá do chóras iarnróid AE freastal ar líon níos airde paisinéirí agus lastais; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit dlús a chur le caighdeánú, comhchuibhiú agus idir-inoibritheacht na gcóras iarnróid ar fud na mBallstát uile agus á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus ar na heasnaimh atá fágtha;

32.

á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur láithreach leis an gcaibidlíocht leis an Úcráin maidir le léirscaoileadh iompair idirnáisiúnta d’iarnród agus d’iompar lasta d’uiscebhealaí intíre chun bealaí iompair a áirithiú agus chun slabhraí soláthair gan bhriseadh a ráthú do tháirgí talmhaíochta agus do thráchtearraí eile chun na hEorpa agus chun an chuid eile den domhan;

33.

á chur i bhfios go láidir crógacht roinnt oibrithe iarnróid ón mBealarúis a bhfuil sabaitéireacht déanta acu ar imscaradh fhórsaí na Rúise atá ag ionsaí na hÚcráine agus á iarraidh ar shaoránaigh uile na Rúise agus na Bealarúise leanúint lena sampla de fhrithbheartaíocht shibhialta in aghaidh an chogaidh uafásaigh fhoghaigh seo;

Bóthar

34.

á chur in iúl gur geal léi gníomhaíocht an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfillfidh tiománaithe trucailí Eorpacha ón limistéar coinbhleachta, agus go n-iomprófar earraí de bhóthar chuig an Úcráin agus chuig an Moldóiv;

35.

á chur in iúl gur geal léi na smachtbhannaí lenar cuireadh toirmeasc ar ghnóthais iompair de bhóthar atá bunaithe sa Rúis agus sa Bhealarúis le déanaí ó earraí a iompar de bhóthar laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh, ós rud é go gcuirfidh siad teorainn mhór le roghanna thionscal na Rúise príomhearraí a fháil;

36.

á chur i bhfios go bhfuil an baol ann go mbeidh bacainní rialála i gceist le hiompar earraí chuig an Úcráin agus chuig na Ballstáit sin atá ag síneadh léi, atá ag déileáil le hinsreabhadh mór dídeanaithe; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna a ghlac an Coimisiún chun bearta áirithe a shoiléiriú agus a spreagadh, bearta áirithe lena n-éascaítear na hoibríochtaí iompair de bhóthar a rinneadh sna himthosca eisceachtúla a cruthaíodh le hionsaitheacht na Rúise i gcoinne na hÚcráine, amhail cártaí tiománaithe sealadacha a thabhairt do thiománaithe ón Úcráin atá ag feidhmiú san Aontas nach bhfuil in ann filleadh ar an Úcráin chun a gcártaí a athnuachan, díolúintí sealadacha a ghlacadh ó rialacha maidir le hamanna tiomána agus tréimhsí scíthe, agus sláinte agus sábháilteacht an tiománaí á áirithiú, díolúine ó dholaí a íoc le haghaidh iompair a mheastar a bheith ina seirbhís éigeandála agus díolúintí ó údarú iompair i leith gach táirge a iompar a bhfuil gá leo le haghaidh cúram leighis; á thabhairt chun suntais go bhfuil tiománaithe trucailí na hÚcráine san Eoraip faoi theannas mór mar gheall ar an gcogadh ina dtír féin; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a chur chun feidhme chun cabhrú le tiománaithe trucaile ón Úcráin teacht le chéile arís lena dteaghlaigh a easáitíodh san Aontas Eorpach agus a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit cúnamh ar fáil do thiománaithe atá i ngátar;

37.

á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhéachaint ar bhealaí chun tacú le hiompar paisinéirí nó le haon chineál earraí i dtreo/ón Úcráin agus a tíortha comharsanachta AE mar chabhair dhaonnúil agus foráil a dhéanamh maidir leis an bhfaoiseamh is gá i dtaca le dolaí bóthair, táillí bonneagair, rochtain le linn deireadh seachtaine, cánachas etc.;

38.

ag tacú le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe maidir le hiompar earraí de bhóthar idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tús a chur láithreach le cur i bhfeidhm an chomhaontaithe ar bhonn sealadach;

39.

ag tacú leis an togra ón gCoimisiún comhaontuithe iompair a thabhairt i gcrích leis an Úcráin agus leis an Moldóiv, trí iompar de bhóthar a léirscaoileadh go páirteach dá dtarlóirí, lena lamhálfar d’earraí tábhachtacha onnmhairiúcháin a aistriú ó bhealaí farraige – nach bhfuil ar fáil faoi láthair mar gheall ar ionsaitheacht mhíleata na Rúise – agus chun úsáid mhéadaithe a bhaint as calafoirt farraige an Aontais chun earraí a onnmhairiú agus a allmhairiú chuig an Úcráin agus amach aisti; ag tacú go láidir, ina leith sin, le hathshlánú mear a dhéanamh ar na naisc iarnróid agus uiscebhealaí a tréigeadh roimhe seo atá idir an Úcráin agus an Rómáin go háirithe;

40.

ag cur béim ar a ríthábhachtaí atá sé go n-osclófaí conairí iompair ghlais isteach san Úcráin agus amach aisti ionas go bhféadfar na hionchuir riachtanacha ar fad a chur ar fáil don Úcráin chun a táirgeadh talmhaíochta (e.g. lotnaidicídí, leasacháin agus síolta) a mhéadú agus chun go bhféadfar leanúint de mhalartuithe talmhaíochta leis an Úcráin;

TEN-T agus soghluaisteacht mhíleata

41.

á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) a leathnú chuig tríú tíortha comharsanachta agus ag tathant leas a bhaint as an athbhreithniú TEN-T atá ar siúl faoi láthair chun díriú ar infheistíocht i bhfad níos mó i ndáil le naisc bonneagair iompair leis na Balcáin Thiar, leis an Moldóiv, leis an tSeoirsia agus leis an Úcráin; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa athbhreithniú leanúnach TEN-T a dhéanamh go comhpháirteach mar dheis chun athbhreithniú a dhéanamh ar na léarscáileanna nua TEN-T a moladh i mí na Nollag 2021 agus aguisín a mholadh don Úcráin, don Mholdóiv agus don tSeoirsia, go háirithe chun iad féin a chur in oiriúint do na riachtanais iompair atá go hiomlán nua mar thoradh ar chogadh foghach mídhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin Comhphobal Iompair AE-Oirthear na hEorpa nó “Chomhpháirtíocht an Oirthir” a mholadh, lena n-áirítear Creat Infheistíochta Oirthear na hEorpa, a d’fhéadfaí a mhúnlú go páirteach ar Chomhphobal Iompair na mBalcán Thiar;

42.

á chur i bhfáth go bhfuil gá lena bhfad níos mó uaillmhéine a chur ar thionscadal an Aontais maidir leis an tsoghluaisteacht mhíleata agus ina leith sin, á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht Bhallstáit AE chun dlús a chur leis na hiarrachtaí atá ar siúl chun feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata ar fud an Aontais Eorpaigh;

43.

á athdhearbhú gurb oth go mór léi an cinneadh ón gComhairle Eorpach an t-imchlúdach deiridh maidir leis an líne buiséid soghluaisteachta míleata nua-chruthaithe faoi chlár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE II) 2021-2027 a chiorrú go mór, agus na figiúirí faoi Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 á nglacadh aici agus á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an bonn á bhaint ónár slándáil choiteann Eorpach anois leis an mbotún sin; á iarraidh ar an gCoimisiún réitigh a aimsiú agus a chur i láthair chun líne bhuiséid na soghluaisteachta míleata a mhéadú go suntasach faoi chlár CEF II agus ag moladh go mbainfear leas as na cistí nár úsáideadh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) ina leith sin; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar measúnú críochnúil ar ghnéithe den tsoghluaisteacht mhíleata agus go dtabharfar aghaidh orthu ó thaobh bonneagair agus maoinithe de araon, d’fhonn an comhar trasteorann agus an tsoghluaisteacht is fearr is féidir a áirithiú laistigh den Aontas; á iarraidh, ina leith sin, ar an gCoimisiún tacaíocht spriocdhírithe a mholadh do mhórthionscadail bhonneagair lena nascfar na Ballstáit uile ar bhealach níos fearr agus naisc bhonneagair iompair leis na Balcáin Thiar, leis an Moldóiv, leis an tSeoirsia agus leis an Úcráin a mhéadú; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfar neartú ar na mórbhonneagair dé-úsáide uile a théann i dtreo teorainn Thoir an Aontais;

44.

á iarraidh ar an gCoimisiún an cistiú is gá a chur ar fáil i mBallstáit AE chun bonneagar dé-úsáide a fhorbairt a mbeidh ról straitéiseach ag gabháil leis chun freastal ar na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo; ag cur béim ar a riachtanaí atá sé feabhas a chur ar acmhainneacht an Aontais measúnú agus rialú a dhéanamh ar úinéireacht agus ar infheistíochtaí i réimse an bhonneagair straitéisigh, mar ghné lárnach chun slándáil an Aontais agus ár saoránach a ráthú;

45.

á iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh “Tairseach Dhomhanda” a leagan amach tuilleadh, chun infheistíochtaí bonneagair comhpháirteacha a chothú go háirithe sna tíortha sin ina bhfuil luachanna uilíocha á roinnt linn. In ionad an réimse a fhágáil faoi lámha uathlathas, ní foláir don Eoraip rogha mhalartach atá tarraingteach ó thaobh an gheilleagair de agus atá bunaithe ar luach a thairiscint d’infheistíochtaí bonneagair i dtríú tíortha atá níos boichte. I dtaca leis an iarracht sin, ba cheart go dtiocfadh an Eoraip agus mórdhaonlathais eile amhail na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Astráil, an tSeapáin nó an Chóiré Theas le chéile;

Ardú ar phraghsanna fuinnimh maidir leis an iompar

46.

á chur i bhfáth go mbeadh tionchar ag meascán praghsanna fuinnimh agus iompair níos airde ar na saoránaigh uile, agus go háirithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal, agus go mbeadh riosca níos mó ann maidir le bochtaineacht iompair; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil tionchar díreach ag costas breosla níos airde le haghaidh iompar eitlíochta, iompar de bhóthar agus muiriompar ar phraghsanna earraí agus seirbhísí deiridh agus go bhfuil tionchar ag an méadú ar phraghsanna breosla ar théarnamh earnáil na turasóireachta ón bpaindéim;

47.

á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le “REPowerEU: gníomhaíocht chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe”agus ag tacú leis an ngá atá ann fuinneamh na hEorpa a dhéanamh neamhspleách go gasta ó fhoinsí fuinnimh na Rúise, a d’fhéadfadh a bheith ina dheis ag an am céanna chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nár thug an Coimisiún aghaidh fós ar an méadú ar phraghas an bhreosla d’oibreoirí iompair; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís dhomhain a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch atá ag praghsanna breosla ar iompar agus ar shoghluaisteacht AE, agus bearta breise a ghlacadh chun freagairt do na praghsanna atá ag ardú san iompar i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

48.

á chur in iúl gur geal léi na bearta urghnácha a ghlac roinnt Ballstát agus arb é is aidhm dóibh an méadú ar phraghsanna breosla amhail laghdú sealadach cánach a mhaolú agus á iarraidh ar an gCoimisiún critéir chomhpháirteacha agus chomhordaithe a chur i dtoll a chéile agus glacadh na mbeart sin ag na húdaráis náisiúnta a éascú;

49.

á iarraidh ar an gCoimisiún, agus go háirithe ar rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, bearta a chur chun feidhme feadh phlean 10-bpointe na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh chun úsáid ola a laghdú, lena n-áirítear úsáid níos mó a bhaint as féidearthachtaí oifige baile, Domhnaí saor ó charranna i gcathracha, iompar poiblí, micrea-shoghluaisteacht, siúl agus rothaíocht a chur chun cinn tuilleadh, méadú a dhéanamh ar roinnt gluaisteán, tiomáint éifeachtúil a chur chun cinn do thrucailí lasta agus earraí a sheachadtar, traenacha ardluais agus oíche a úsáid seachas eitleáin, i gcás inar féidir, aerthaisteal don lucht gnó a sheachaint agus i gcás inar ann do roghanna malartacha, treisiú a dhéanamh ar ghlacadh feithiclí leictreacha agus feithiclí níos éifeachtaí;

50.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le táirgeadh, soláthar agus stóráil breoslaí in-athnuaite/fuinnimh intíre an Aontais a mhéadú go suntasach agus éagsúlú soláthairtí fuinnimh an Aontais Eorpaigh a mhéadú tuilleadh, agus trí bhreoslaí malartacha a allmhairiú go gearrthéarmach, lena n-áirítear trí chríochfoirt chalafoirt an Aontais do GNL mar bhreosla idirthréimhseach, agus tionchar agus sócmhainní tréigthe á seachaint go cúramach ag an am céanna, agus i gcomhréir le spriocanna aeráide AE; á chur i bhfios, thairis sin, gur gá idirnaisc fuinnimh idir na Ballstáit a neartú, go háirithe idir leithinis na hIbéire agus an chuid eile den Eoraip;

51.

á mheas gur cheart sineirgí agus comhlántachtaí TEN-T agus GTE-F a chur chun cinn, agus deiseanna cistiúcháin agus leibhéil cistithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo á n-áirithiú go hiomlán maidir le forbairt TEN-T;

Turasóireacht

52.

á chur i bhfáth gur fhág ionsaitheacht choiriúil leanúnach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a rian ollmhór ar thionscail na turasóireachta, go háirithe i gceantair teorann. Tá turasóirí ag diúltú taisteal chuig Ballstáit áirithe den AE, amhail an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an Bhulgáir nó na Stáit Bhaltacha, mar gheall ar a chóngaraí atá an teorainn leis an Úcráin, agus atá faitíos roimh an gcogadh. In ainneoin a gcuid fadhbanna féin, tá tionscail turasóireachta na dtíortha thuasluaite ag cabhrú le dídeanaithe ón Úcráin; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeidh comhbheartas turasóireachta Eorpach ann agus go háirithe plean gníomhaíochta ina mbeidh tacaíocht éifeachtach airgeadais chun cabhrú leis an earnáil agus leis na cinn scríbe is measa atá buailte chun na géarchéimeanna is déanaí de Covid-19 agus ionsaitheacht choiriúil na Rúise i gcoinne na hÚcráine a shárú;

53.

ag athdhearbhú a tacaíochta láidre maidir le Sásra Eorpach um Bainistiú Géarchéime a chur ar bun d’earnáil turasóireachta AE chun freagairt leormhaith agus mhear a thabhairt ar ghéarchéimeanna ollmhóra, amhail paindéimí, cogaí, tionchar ghéarchéim dhaonnúil an athraithe aeráide; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé réitigh chistiúcháin a áireamh i gcas ganntanas gearrthéarmach airgeadais a eascraíonn as na géarchéimeanna sin agus a thábhachtaí atá sé foráil a dhéanamh freisin do chreataí agus do straitéisí meántéarmacha agus fadtéarmacha;

54.

á thabhairt chun suntais go n-ardóidh costais mhéadaitheacha fuinnimh agus earraí bia, atá ag dul in olcas mar gheall ar an gcogadh, na costais d’fhiontair turasóireachta, agus don slabhra luacha iomlán, agus go háirithe do FBManna atá ag streachailt cheana féin tar éis 2 bhliain den phaindéim; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit an faoiseamh is gá a chur ar fáil trí bheartais chánach agus go sonrach trí fhaoisimh chánach, agus ar an gCoimisiún leas a bhaint as cistí AE chun leachtacht FBManna a fheabhsú; á chur i bhfáth, ina leith sin, go gcuirfear moill bhreise ar théarnamh na hearnála agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tacaíocht phoiblí atá ann cheana a choimeád, lena n-áirítear trí aisíocaíochtaí ar oibleagáidí a thiocfaidh chun cinn a chur siar;

55.

á thabhairt chun suntais gur léirigh paindéim COVID agus an ghéarchéim chogaidh atá san Úcráin faoi láthair go bhfuil géarghá le “Gníomhaireacht AE don turasóireacht” a bhunú; á chreidiúint go bhfuil an comhordú ríthábhachtach chun tionscal turasóireachta AE a athshlánú mar réiteach gearrthéarmach, agus gur cheart roinn speisialta turasóireachta laistigh de cheann de na gníomhaireachtaí atá ann cheana a chur ar bun go mear agus gur cheart go mbeadh sé freagrach as “branda turasóireachta AE” nua a chruthú lena gcuirfear an Eoraip chun cinn mar cheann scríbe sábháilte, inbhuanaithe agus cliste do chách; á iarraidh go mbeidh feachtas coiteann AE ann chun an Eoraip a chur chun cinn mar cheann scríbe d’fhonn turasóirí a mhealladh chuig na cinn scríbe is mó a bhraitheann ar thurasóirí ón Rúis agus ón Úcráin;

56.

á iarraidh ar na Ballstáit tacú le hóstáin AE agus le seirbhísí cíosa gearrthéarmacha a bhfuil dídeanaithe ón Úcráin á n-óstáil acu;

57.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dídeanaithe ón Úcráin á n-earcú cheana féin ag fiontair Turasóireachta agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na gníomhaíochtaí sin trí chlár airgeadais sealadach AE a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas lucht oibre na turasóireachta, ar fadhb ábhartha í in earnáil na turasóireachta tar éis na paindéime;

o

o o

58.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1)  IO L 57, 28.2.2022, lch. 1.

(2)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0052.

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0099.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0121.

(5)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0120.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Parlaimint na hEorpa

Dé Máirt 3. Bealtaine 2022

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/145


P9_TA(2022)0129

Toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh (76/787/CEGC, CEE, Euratom) ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gCinneadh sin (2020/2220(INL) – 2022/0902(APP))

(2022/C 465/17)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Dhearbhú an 9 Bealtaine 1950 lenar moladh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC) a bhunú mar chéad chéim i dtreo chónaidhm na hEorpa,

ag féachaint don Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (“an Ionstraim Thoghcháin”) atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976, arna leasú le Cinneadh 2002/772/CE, Euratom, ón gComhairle an 25 Meitheamh agus an 23 Meán Fómhair 2002 (1), agus le Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 (2),

ag féachaint do na Conarthaí, agus go háirithe d’Airteagail 2, 3, 9, 10, 14 agus 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus d’Airteagail 8, 20, 22, 223(1) agus 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus d’Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach,

ag féachaint do Phrótacal Uimh. 7 maidir le Pribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Threoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin chuig Parlaimint na hEorpa do shaoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (3),

ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir le nós imeachta toghcháin Pharlaimint na hEorpa, agus go háirithe do rún uaithi an 15 Iúil 1998 maidir le dréacht-nós imeachta toghcháin lena n-ionchorpraítear prionsabail chomhchoiteanna do thoghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (4), do rún uaithi an 22 Samhain 2012 maidir leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa in 2014 (5), do rún uaithi an 4 Iúil 2013 maidir le feabhas a chur ar na socruithe praiticiúla chun na toghcháin Eorpacha a reáchtáil in 2014 (6), agus do rún uaithi an 11 Samhain 2015 maidir le hAthchóiriú dhlí toghcháin AE (7),

ag féachaint do rúin uaithi an 13 Márta 2013 (8) agus an 7 Feabhra 2018 (9) ar chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa,

ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir le hathbhreithniú ar na toghcháin Eorpacha (10),

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (11), go háirithe Airteagail 13, 21 agus 31 de,

ag féachaint do Chreat-Chomhaontú an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach,

ag féachaint don tuarascáil faisnéise ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le fíorchearta vótála daoine faoi mhíchumas i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, a glacadh ina seisiún iomlánach an 20 Márta 2019 (12) agus dá thuairim bhreise maidir leis an ngá atá le fíorchearta a ráthú do dhaoine faoi mhíchumas chun vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa a glacadh an 2 Nollaig 2020 (13),

ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD), arna dhaingniú ag an Aontas in 2010, agus ag na Ballstáit go léir, agus d’Airteagal 29 de maidir le rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus poiblí,

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal “Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030” (COM(2021)0101),

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2020 maidir le plean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (COM(2020)0790),

ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), agus go háirithe Airteagail 11, 11, 23 39 di,

ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus go háirithe prionsabal 1 de,

ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, agus go háirithe Airteagal 25 de,

ag féachaint d’obair an Aontais Idirpharlaimintigh (IPU) maidir le comhionannas inscne, go háirithe a Phlean Gníomhaíochta do pharlaimintí atá inscne-íogair,

ag féachaint don óráid ar Staid an Aontais 2021 inar fhógair Ursula von der Leyen gurb í an bhliain 2022 bliain na hóige,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún do Bhliain Eorpach na hÓige 2022,

ag féachaint do Rialacha 46 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0083/2022),

A.

de bhrí, ó 1976 i leith, nuair a réitigh an Ionstraim Thoghcháin an bealach do thoghadh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach den chéad uair, gur iarr Parlaimint na hEorpa go leanúnach go ndéanfaí dlí toghcháin na hEorpa a athchóiriú agus go dtéann sí i dtreo nós imeachta toghcháin atá níos fíre, níos aonfhoirmí agus níos Eorpaí;

B.

de bhrí gur tairgeadh céim dhearfach chun tosaigh le Conradh Liospóin trí cheart Pharlaimint na hEorpa togra a thionscnamh maidir leis an Ionstraim Toghcháin agus maidir lena comhdhéanamh a dheimhniú;

C.

de bhrí gur bhain athruithe tábhachtacha eile i gConradh Liospóin go háirithe le foclaíocht Airteagal 14 CAE, ina luaitear go bhfuil an Pharlaimint le bheith comhdhéanta d’ionadaithe ó shaoránaigh an Aontais seachas pobail na mBallstát, chomh maith leis an tagairt do ról na Parlaiminte i dtoghadh Uachtarán an Choimisiúin, ar cheart a bheith tofa agus torthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh;

D.

de bhrí gur bunaíodh fasach leis an nós imeachta do thoghcháin 2014 maidir le ról na Parlaiminte i roghnú Uachtarán an Choimisiúin; de bhrí nárbh fhéidir an nós imeachta sin a bheith mar chuid d’athchóiriú foriomlán ar dhlí toghcháin na hEorpa, rud a chuidigh leis an gcúlra polaitiúil a chruthú chun prionsabal an phríomhiarrthóir a dhífheidhmiú gan choinne tar éis thoghcháin Eorpacha 2019; de bhrí gur cheart a chur de chúram ar an iarrthóir tosaigh, a bhfuil an líon foriomlán is airde suíochán faighte ag a eintiteas polaitiúil Eorpach, tromlach comhghuaillíochta a bhunú sa Pharlaimint nuathofa ar dtús maidir le hiarrthóir a ainmniú d’Uachtarán an Choimisiúin; de bhrí, i gcás nach féidir tromlach comhghuaillíochta a bhaint amach, gur cheart an cúram a shannadh don chéad iarrthóir tosaigh eile; de bhrí go bhfuil an Pharlaimint ag súil go rachaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gcomhairle le ceannairí na n-eintiteas polaitiúil Eorpach agus na ngrúpaí parlaiminteacha sin chun an próiseas ainmniúcháin a chur ar an eolas, agus go measann sí go bhféadfaí an próiseas iarrathóra tosaigh sin a chur ar bhonn foirmiúil trí chomhaontú polaitiúil idir na heintitis pholaitiúla Eorpacha agus trí Chomhaontú Idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus an Chomhairle Eorpach;

E.

de bhrí go léirítear i roinnt forálacha comhchoiteanna san Ionstraim Thoghcháin Eorpach atá ann faoi láthair an bealach i dtreo feabhsuithe riachtanacha, lena n-áirítear na cinn sin lena bhforáiltear go dtoghfaí iarrthóirí trí ionadaíocht chionmhar trí úsáid a bhaint as córas liostaí nó as córas an aonvótá inaistrithe; ar mhaithe leis an tsaoirse chun toghlaigh a bhunú ar an leibhéal náisiúnta; chun uastairseach toghcháin 5 % a thabhairt isteach sna toghlaigh náisiúnta mar mhodh chun a ráthú go bhfuil an Pharlaimint in ann feidhmiú; agus chun cosc a chur ar na Feisirí dé-shainordú a bheith acu sa Pharlaimint náisiúnta agus i bParlaimint na hEorpa;

F.

de bhrí, in ainneoin roinnt céimeanna chun cinn maidir le comhchaighdeáin le haghaidh nósanna imeachta toghcháin a shainiú do Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil toghcháin Eorpacha, sa lá atá inniu ann, fós á rialú faoi dhlíthe náisiúnta den chuid is mó agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le tuilleadh feabhsuithe chun nós imeachta atá aonfhoirmeach i ndáiríre a bhunú do thoghcháin Eorpacha;

G.

de bhrí gurbh é an ráta vótála a cláraíodh i dtoghcháin Eorpacha 2019 an líon is airde in aon toghchán do Pharlaimint na hEorpa le 20 bliain anuas; de bhrí go bhfolaíonn an ráta rannpháirtíochta éagothromaíochtaí móra idir na Ballstáit; de bhrí gur comhartha dearfach é an ráta vótála méadaithe agus go léiríonn sé go bhfuil saoránaigh, agus go háirithe ag na glúine is óige den Aontas, ag léiriú níos mó spéise i bhforbairt lánpháirtiú na hEorpa, mar a léirítear freisin le torthaí Eorabharaiméadar speisialta an 9 Márta 2021; de bhrí go gciallaíonn an ráta sin fós nach raibh ach leath de shaoránaigh an Aontais rannpháirteach; de bhrí go léiríonn níos mó spéise i dtoghcháin Eorpacha go n-éilíonn saoránaigh an Aontais gníomhaíocht thapa ón Aontas i réimse an athraithe aeráide, an téarnaimh eacnamaíoch, chosaint chearta an duine agus an smachta reachta, na himirce, agus ról an Aontais Eorpaigh sa chaidreamh idirnáisiúnta; de bhrí nach mór iarrachtaí cumarsáide a dhéanamh chun leas na saoránach i saincheisteanna Eorpacha agus ról na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a mhéadú ina leith sin;

H.

de bhrí gur féidir an treocht maidir le líon na vótálaithe a bheith ag dul i méid a fheabhsú má neartaítear an nasc agus an chuntasacht idir vótálaithe agus iarrthóirí agus má chothaítear an ghné uile-Aontais;

I.

de bhrí, le córas toghcháin feidhmiúil, go gcothaítear muinín agus tacaíocht i measc an daonra agus go méadaítear muinín shaoránaigh an Aontais ina gcumas an tsochaí a athrú go daonlathach trí vótáil;

J.

de bhrí go bhfuil formheas Chinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 fós ar feitheamh ach nach gcuirtear bac leis sin ar na hathruithe is gá ar chórais toghcháin an Aontais;

K.

de bhrí go bhféadfadh móiminteam polaitiúil atá ag dul i méid ar fud na hEorpa an fhéidearthacht a thairiscint eilimintí agus forálacha a thabhairt isteach a neartódh gné Eorpach na dtoghchán;

L.

de bhrí gur cheart cur chuige iomchuí chun dlí toghcháin Eorpach a athchóiriú a bheith bunaithe ar urraim do phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus ar íoschaighdeáin chomhchoiteanna a thabhairt isteach;

M.

de bhrí gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an athchóiriú ar nós imeachta toghcháin Pharlaimint na hEorpa feabhas a chur ar an díospóireacht phoiblí dhaonlathach agus thrasnáisiúnta agus ar ghné na dtoghchán Eorpach agus ar dhlisteanacht dhaonlathach phróiseas cinnteoireachta an Aontais, an tsaoránacht san Aontas a threisiú, feidhmiú Pharlaimint na hEorpa agus rialachas an Aontais a fheabhsú, obair Pharlaimint na hEorpa a dhéanamh níos dlisteanaí agus níos reachtaí trí fhíorcheart tionscnaimh a thabhairt di, prionsabail an chomhionannais toghcháin agus comhdheiseanna a neartú, go háirithe idir mná agus fir, éifeachtacht an chórais chun toghcháin Eorpacha a reáchtáil a fheabhsú, agus Feisirí de chuid Parlaimint na hEorpa a thabhairt níos gaire dá vótálaithe, agus go háirithe an dream is óige ina measc;

N.

de bhrí go n-iarrtar i Moladh 16 ó Phainéal Saoránach Eorpach 2 maidir leis an daonlathas Eorpach /Luachanna agus cearta, an smacht reachta, slándáil na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa dlí toghcháin do Pharlaimint na hEorpa lena gcomhchuibhítear coinníollacha toghcháin (aois vótála, dáta toghcháin, ceanglais do thoghcheantair, d’iarrthóirí, do pháirtithe polaitiúla agus dá maoiniú), agus go mbeadh ceart vótála ag saoránaigh Eorpacha do pháirtithe éagsúla ar leibhéal an Aontais Eorpaigh atá comhdhéanta d’iarrthóirí ó Bhallstáit éagsúla, agus go bhféadfadh saoránaigh vóta a chaitheamh fós do pháirtithe náisiúnta agus trasnáisiúnta araon le linn idirthréimhse leordhóthanach;

O.

de bhrí go moltar sa Tuarascáil ar Smaointe don Óige a eisíodh mar thoradh ar an gCruinniú Eorpach um an Óige (EYE) ón 22 go dtí an 23 Deireadh Fómhair 2021 go n-úsáidfí liostaí trasnáisiúnta, ina dtabharfaí liosta iarrthóirí náisiúnta do vótálaithe, agus liosta breise le hiarrthóirí ó gach Ballstát; de bhrí, leis an tuarascáil sin, go dtacaítear freisin le forfheidhmiú phróiseas an iarrthóra tosaigh;

P.

de bhrí, sa Tríú Tuarascáil Eatramhach ar ardán digiteach ilteangach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, go meastar gur bhain ceann de na tograí a pléadh níos minice, agus smaoineamh a formhuiníodh go forleathan, le cruthú liostaí toghcháin trasnáisiúnta uile-Aontais;

Q.

de bhrí gur iarradh sa chomhaontú polaitiúil meántéarma “Our priorities for Europeans” [Ár dtosaíochtaí do mhuintir na hEorpa], a d’fhormhuinigh ceannairí EPP, Ghrúpa S&D agus Ghrúpa Renew an 17 Eanáir 2022, go gcuirfí “próiseas iarrthóirí tosaigh mar aon le liostaí trasnáisiúnta le líon leordhóthanach suíochán i bhfeidhm do na chéad toghcháin Eorpacha eile”;

R.

de bhrí nach mór prionsabail na comhréireachta agus an chomhionannais deiseanna a mheas i ndáil le mionlaigh, atá faoi ghannionadaíocht i bParlaimint na hEorpa; de bhrí go ndearbhaíonn tuairim is 20 Feisire as 705 gur de mhionlach iad (=2,8 %) (14); de bhrí go n-aithníonn Coimisiún na Veinéise an ról atá ag suíocháin ráthaithe forchoimeádta do chomhaltaí de mhionlaigh náisiúnta, tairseacha toghcháin níos ísle i gcórais toghcháin chomhréireacha do pháirtithe a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh náisiúnta nó ainmniú toghcheantair chun rannpháirtíocht na mionlach sa phróiseas cinnteoireachta a fheabhsú (15);

S.

de bhrí go raibh an fhéidearthacht chun nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach a fhorbairt atá bunaithe ar vótáil chomhchoiteann dhíreach cumhdaithe sna Conarthaí ó 1957 i leith;

T.

de bhrí go ndéanfaí an ceart atá ag saoránaigh uile an Aontais a bheith rannpháirteach, ar bhonn comhionann, i saol daonlathach an Aontais, a chur chun cinn trí chomhchuibhiú méadaitheach a dhéanamh ar an nós imeachta do thoghcháin chuig Parlaimint na hEorpa sna Ballstáit go léir, rud a neartódh gné pholaitiúil an lánpháirtithe Eorpaigh freisin;

U.

de bhrí go rannchuidíonn páirtithe polaitiúla Eorpacha le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus, dá bhrí sin, gur cheart ról níos láidre a bheith acu sna feachtais le haghaidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa chun a n-infheictheacht a fheabhsú agus chun an nasc idir vóta do pháirtí náisiúnta ar leith agus an tionchar atá aige ar mhéid grúpa pholaitiúil Eorpaigh i bParlaimint na hEorpa agus ar ainmniú Uachtarán an Choimisiúin a shoiléiriú;

V.

de bhrí go n-iarrtar ar chomhlachais vótálaithe nó ar eintitis toghcháin nach mbaineann le páirtí polaitiúil Eorpach ról a bheith acu sna feachtais le haghaidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa chun rannpháirtíocht na saoránach sna próisis toghcháin a mhéadú;

W.

de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór maidir leis an nós imeachta chun iarrthóirí a ainmniú sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ó Bhallstát go Ballstát agus ó pháirtí go páirtí, go háirithe maidir le caighdeáin trédhearcachta, dhaonlathacha agus chomhionannais inscne; de bhrí, áfach, go bhfuil nósanna imeachta oscailte, trédhearcacha agus daonlathacha lena n-urramaítear comhionannas inscne chun iarrthóirí a roghnú bunriachtanach chun muinín a chothú sa chóras polaitiúil;

X.

de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir leis na spriocdhátaí chun bailchríoch a chur ar liostaí toghcháin roimh thoghcháin Eorpacha, idir 17 lá agus 83 lá faoi láthair; de bhrí, leis sin, go mbíonn seasamh éagothrom ag iarrthóirí agus vótálaithe ar fud an Aontais maidir leis an am a chaithfidh siad i mbun feachtais nó chun machnamh a dhéanamh ar a rogha vótála;

Y.

de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir na spriocdhátaí chun an rolla toghthóirí a thabhairt chun críche roimh thoghcháin Eorpacha agus go bhféadfadh sé a bheith deacair faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit maidir le vótálaithe (atá dírithe ar vótáil dhúbailte a sheachaint), nó dodhéanta fiú;

Z.

de bhrí go neartófaí daonlathas na hEorpa agus go ndéanfaí toghadh Uachtarán an Choimisiúin agus a chuntasacht nó a cuntasacht a dhlisteanú tuilleadh dá mbunófaí toghlach uile-Aontais ina mbeadh iarrthóir gach teaghlaigh pholaitiúil ar bharr liostaí do phost Uachtarán an Choimisiúin; de bhrí go bhféadfadh sé sin rannchuidiú le spás polaitiúil Eorpach a thógáil agus na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a dhéanamh bunaithe go fírinneach ar shaincheisteanna Eorpacha seachas ar shaincheisteanna nach bhfuil ach leas náisiúnta ag baint leo;

AA.

de bhrí, gur chinn na Cinn Stáit agus Rialtais, ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu ar an 23 Feabhra 2018, leanúint lena machnamh, chomh maith leis an obair theicniúil, dhlíthiúil agus pholaitiúil, maidir leis an tsaincheist a bhaineann leis na liostaí trasnáisiúnta atá á mbunú do thoghcháin 2024;

AB.

de bhrí nach dtugann na Ballstáit uile an deis dá saoránaigh vótáil ón gcoigríoch, agus i measc na saoránach sin a dhéanann amhlaidh, tá éagsúlacht mhór ann maidir leis na coinníollacha chun an ceart vótála a dheonú dóibh; de bhrí go gcuirfeadh sé leis an gcomhionannas toghcháin dá dtabharfaí ceart do shaoránaigh uile an Aontais a bhfuil cónaí orthu lasmuigh den Aontas a bheith rannpháirteach i dtoghcháin; de bhrí, áfach, nach mór do Bhallstáit a gcórais riaracháin a chomhordú ar bhealach níos fearr chun cosc a chur ar vótálaithe vótáil in dhá Bhallstát éagsúla;

AC.

de bhrí gur mian le go leor daoine faoi mhíchumas vótáil ag stáisiún vótála; de bhrí, in 12 Bhallstát mar gheall ar rialacha náisiúnta, nach féidir aistriú ón stáisiún vótála atá sannta ar bhonn na háite cónaithe go ceann eile atá níos oiriúnaí i bhfianaise mhíchumas an vótálaí; de bhrí go sonraítear go sainráite in Airteagal 29 de UNCRPD go ngeallann Páirtithe an Stáit a áirithiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach go héifeachtach agus go hiomlán sa saol polaitiúil agus poiblí ar bhonn comhionann le daoine eile; de bhrí gur cheart deireadh a chur le haon bhacainní ar an gceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe bacainní dlíthiúla do dhaoine fásta faoi mhíchumas a dhearbhaítear a bheith faoi éagumas dlíthiúil, lena ráthaítear inrochtaineacht le linn an phróisis toghcháin, lena n-áirítear trí chórais rannpháirtíochta bhreise a sholáthar chun an ceart chun vótála a fheidhmiú, go háirithe trí phostvótáil;

AD.

de bhrí gur cheart údarás toghcháin, ag gníomhú dó mar chomhlacht neamhspleách agus a áirithíonn cur chun feidhme ceart an dlí toghcháin Eorpaigh, a chur ar bun ar leibhéal an Aontais mar líonra d’údaráis teagmhála aonair na mBallstát, toisc go n-éascófaí leis sin rochtain ar fhaisnéis maidir leis na rialacha lena rialaítear na toghcháin Eorpacha, chomh maith leis an bpróiseas a chuíchóiriú, an toghlach uile-Aontais go háirithe a bhainistiú agus agus tréith Eorpach na dtoghchán sin a fheabhsú;

AE.

de bhrí go bhféadfadh vótáil tríd an bpost a chur ar chumas níos mó vótálaithe a bheith rannpháirteach agus stiúradh na dtoghchán Eorpach a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos tarraingtí do vótálaithe, agus ag an am céanna na caighdeáin cosanta sonraí is airde is féidir a áirithiú agus vótáil a choinneáil ag stáisiúin vótála mar ghnáthnós; de bhrí go bhféadfaidh na Ballstáit uirlisí vótála comhlántacha a sholáthar chun rannpháirtíocht a fheabhsú amhail seachvótáil, vótáil leictreonach nó vótáil ar an idirlíon, i gcomhréir lena dtraidisiúin náisiúnta; de bhrí gur chuir go leor comhlachtaí náisiúnta a dhéanann cosaint ar shaoirsí digiteacha amhras in iúl maidir le vótáil ar líne; de bhrí go bhfuil deacrachtaí méadaithe ag baint le vótáil ar líne maidir leis na bunphrionsabail lena rialaítear oibríochtaí toghcháin (rúndacht na ballóide, cineál pearsanta agus saor na vótála, macántacht oibríochtaí toghcháin, faireachán éifeachtach ar an vótáil agus rialú a posteriori ag an mbreitheamh toghcháin); de bhrí gur féidir na deacrachtaí sin a shárú trí chomhchreat rialúcháin agus nós imeachta rialúcháin ina n-áirithítear na caighdeáin is airde maidir le cosaint sonraí, ionracas an toghcháin, trédhearcacht, iontaofacht, rúndacht na vótála;

AF.

de bhrí go mbunaítear le hAirteagal 7(1) den Ionstraim maidir le toghadh feisirí do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976“go mbeidh oifig chomhalta de Pharlaimint na hEorpa ar neamhréir le hoifig chomhalta den Choimisiún”;

1.

ag moladh go ndéanfaí athchóiriú ar a nós imeachta toghcháin leis an gcuspóir réimse poiblí Eorpach a mhúnlú ar bhealach nithiúil, trí íoschaighdeáin chomhchoiteanna agus athruithe reachtacha a mholadh roimh thoghcháin Eorpacha 2024;

2.

á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach trédhearcacht agus cuntasacht dhaonlathach na Parlaiminte a fheabhsú, trí ghné Eorpach na dtoghchán a neartú, go háirithe trí na toghcháin Eorpacha a athrú ina dtoghchán Eorpach aonair, go háirithe trí thoghlach uile-Aontais a bhunú, seachas 27 dtoghchán náisiúnta ar leithligh a bhailiú, agus is mar sin a eagraítear toghcháin Eorpacha sa lá atá inniu ann;

3.

á chreidiúint gur cheart go mbeadh ról níos lárnaí ag páirtithe polaitiúla Eorpacha, comhlachais vótálaithe agus eintitis toghcháin Eorpacha eile i bpróiseas na dtoghchán Eorpach, gur cheart dóibh a bheith infheicthe go soiléir do vótálaithe, agus gur cheart tacaíocht agus cistiú leordhóthanach a thabhairt dóibh chun go gcuirfear ar a gcumas a ról a chomhlíonadh;

4.

á mheabhrú go bhfuil raon de chórais toghcháin éagsúla agus de chearta vótála éagsúla ar fud an Aontais mar thoradh ar chultúir éagsúla toghcháin; á mheas gur féidir le híoschaighdeáin dhaonlathacha choiteanna sa dlí toghcháin Eorpach fíordhíospóireacht phoiblí Eorpach a chur chun cinn agus comhionannas shaoránaigh an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear maidir leis an méid seo a leanas: an ceart chun vótála, an ceart chun páirtí, comhlachas vótálaithe nó entitis toghcháin eile a chlárú agus an ceart chun seasamh i dtoghcháin; rochtain ar bhallóidí; iarrthóirí a chur sa iomaíocht, lena n-áirítear comhionannas inscne; inrochtaineacht vótála do gach saoránach, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas; nó an méid a tharlaíonn lá na dtoghchán;

5.

á iarraidh go mbunófaí creat comhchoiteann, le tagarmharcanna agus íoschaighdeáin do rialacha toghcháin ar fud an Aontais, agus á mholadh go ndíreofaí ar chomhordú láidir le bearta náisiúnta chun croílár a thograí a chur chun feidhme;

6.

ag iarraidh ar institiúidí an Aontais go ndéanfaí na tosaíochtaí, arna sainaithint ag saoránaigh an Aontais, a chur san áireamh i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;

7.

ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ag an gCoimisiúin mar éascaitheoir sna cainteanna institiúideacha idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir leis an athchóiriú ar an dlí toghcháin Eorpach; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach dul i mbun idirphlé cuiditheach leis an gCoimisiún, inter alia, chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an Líonra Eorpaigh um Chomhar maidir le Toghcháin, mar a bunaíodh in 2019, agus inspioráid a bhaint astu;

8.

ag tabhairt chun suntais na naisc idir na bearta atá molta don athbhreithniú ar an Ionstraim Thoghcháin, agus Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 agus Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas, Nollaig 2020, de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, go háirithe na naisc idir gnéithe amhail:

an chaoi a rialaítear toghcháin, eadhon le rialacha nach bhfuil infheidhme ach amháin laistigh de dhlínse ar leith nó an chaoi a bhféadfadh sé nár ceapadh iad agus an spás ar líne gan teorainneacha á chur san áireamh,

an comhar idir údaráis rialála na mBallstát, a bhfuil gá é a neartú,

trédhearcacht san fhógraíocht pholaitiúil agus sa chumarsáid pholaitiúil, ar cheart í a léiriú freisin i bhforálacha an Dlí Toghcháin;

9.

á mheas gur príomhghné é an comhionannas inscne chun ionadaíocht i dtoghcháin a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an feabhas foriomlán a tháinig ar chomhionannas inscne sna toghcháin dheireanacha, ach á chur i bhfáth go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit, agus nár thogh cuid acu bean ar bith sa Pharlaimint; á iarraidh go dtabharfaí isteach bearta lena n-áiritheofar comhdheiseanna do mhná agus d’fhir a bheith tofa gan cearta daoine neamhdhénártha a shárú, trí úsáid a bhaint as liostaí zipeáilte nó cuótaí;

10.

á chur in iúl gur oth léi nach ndéantar ionadaíocht ar fhormhór na mionlach náisiúnta agus teanga i bParlaimint na hEorpa de ghnáth; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhfuil bac éifeachtach ar thairseacha toghcháin do pháirtithe a dhéanann ionadaíocht ar phobail mhionlaigh a bhíonn ag feidhmiú i dtoghlaigh náisiúnta aonair nó i dtoghcheantair mhóra, ina bhfuil dlús ard daonra; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart go bhforálfaí leis an dlí toghcháin Eorpach don fhéidearthacht díolúintí ó thairseacha arna soláthar go náisiúnta, a chuir ar fáil d’eintitis a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh náisiúnta agus teanga aitheanta;

11.

á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go nglacfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha agus náisiúnta agus comhlachais vótálaithe agus eintitis toghcháin Eorpacha eile araon nósanna imeachta daonlathacha, eolasacha agus trédhearcacha chun iarrthóirí a roghnú do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear an iarrthóir tosaigh, lena n-áiritheofar rannpháirtíocht dhíreach saoránach aonair ar comhaltaí páirtithe iad, lena n-áirítear toghadh toscairí, ach gan a bheith teoranta do thoghadh toscairí; á mheas gur cheart go mbeadh an fhaisnéis is gá maidir le hinniúlachtaí agus feidhmíocht na n-iarrthóirí uaillmhianacha ag gabháil leis an roghnú daonlathach sin;

12.

á chreidiúint gur cheart cead a bheith ag vótálaithe uile na hEorpa vóta a chaitheamh dá rogha iarrthóra le haghaidh Uachtarán an Choimisiúin, agus gur cheart go mbeadh iarrthóirí tosaigh in ann seasamh i ngach Ballstát ar liostaí uile-Aontais, arna n-ainmniú ag páirtí polaitiúil Eorpach, ag comhlachas vótálaithe Eorpach nó ag eintiteas toghcháin Eorpach eile, ag cur comhchlár toghcháin ar aghaidh;

13.

ag iarraidh ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha, ar chomhlachais vótálaithe Eorpacha agus ar eintitis toghcháin Eorpacha a n-iarrthóirí a ainmniú do phost Uachtarán an Choimisiúin 12 sheachtain ar a laghad roimh lá an toghcháin; á mheas gur cheart nósanna imeachta daonlathacha ceangailteacha agus trédhearcacht maidir leis an roghnú a áirithiú; ag dréim leis go gcuirfear iarrthóirí sa chéad áit ar an liosta comhfhreagrach den toghlach uile-Aontais;

14.

á iarraidh go bhfeabhsófaí infheictheacht na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, na gcomhlachas vótálaithe Eorpach agus na n-eintiteas toghcháin Eorpach eile trí fheachtais meán agus ar pháipéir bhallóide agus ar na hábhair toghcháin uile; á chinneadh gur cheart do pháirtithe náisiúnta agus comhlachais vótálaithe, i gcás inarb infheidhme, a gcleamhnacht leis na páirtithe polaitiúla Eorpacha, nó le heintitis toghcháin Eorpacha eile agus leis an iarrthóir tosaigh comhfhreagrach a léiriú le linn an fheachtais toghcháin;

15.

á thabhairt dá haire go gcabhródh straitéis chomhordaithe meán ar leibhéal Eorpach chun cumhdach agus faireachán na dtoghchán Eorpach a áirithiú chun suim na saoránach iontu a mhéadú;

16.

ag dréim leis go dtiocfaidh ceannairí na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na ngrúpaí parlaiminteacha ar chomhaontú maidir le léiriú comhchoiteann don Chomhairle Eorpach ar bhonn thoradh na dtoghchán Eorpach agus ar bhonn thromlach sa Pharlaimint nuathofa maidir le hiarrthóir a ainmniú d’Uachtarán an Choimisiúin; ag dréim leis go rachaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gcomhairle leis na ceannairí sin de chuid na n-eintiteas polaitiúil Eorpach agus na ngrúpaí parlaiminteacha chun an próiseas ainmniúcháin a chur ar an eolas; á mheas go bhféadfaí an próiseas iarrathóra tosaigh sin a chur ar bhonn foirmiúil trí chomhaontú polaitiúil idir na heintitis pholaitiúla Eorpacha agus trí Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach;

17.

á mholadh go mbunófaí an cleachtas do ghrúpaí parlaiminteacha leasmhara chun “comhaontú reachtais” a thabhairt i gcrích d’fhonn a áirithiú go ndéanfar obair leantach pholaitiúil ar na toghcháin Eorpacha agus mar bhealach chun tromlach a bhaint amach laistigh den Pharlaimint sula gceapfar an Coimisiún;

18.

á mheas, maidir le toghlach uile-Aontais a thabhairt isteach, as a dtoghfar ochtar Feisire is fiche de Pharlaimint na hEorpa, gan difear a dhéanamh do líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a thoghfar i ngach Ballstát, agus ina mbeidh iarrthóir gach teaghlaigh pholaitiúil don phost mar Uachtarán ar an gCoimisiún ar bharr liostaí, go bhfuil deis ann feabhas a chur ar an ngné dhaonlathach agus thrasnáisiúnta de na toghcháin Eorpacha; á chreidiúint gur féidir an sprioc maidir le toghlach uile-Aontais a bhunú a bhaint amach má áirithítear comhionannas inscne chomh maith le cothromaíocht gheografach, trína ráthú nach gcuirfear Ballstáit bheaga faoi mhíbhuntáiste iomaíoch i gcomparáid leis na Ballstáit is mó; á mholadh, ina leith sin, ionadaíocht cheangailteach gheografach a thabhairt isteach sna liostaí don toghlach uile-Aontais, agus á mholadh do pháirtithe polaitiúla Eorpacha, comhlachais Eorpacha vótálaithe agus eintitis toghcháin Eorpacha eile iarrthóirí a cheapadh ar na liostaí uile-Aontais a thagann ó na Ballstáit uile;

19.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil bunú toghlaigh uile-Aontais ina dtoghtar Feisirí ar bhonn liostaí trasnáisiúnta ar comhréir leis na Conarthaí, agus go háirithe le hAirteagal 14(2) CAE; á mheas go bhfuil dlús polaitiúil á chur le tacaíocht do dhlí toghcháin Eorpach aonfhoirmeach le liostaí uile-Aontais, agus le córas ceangailteach d'iarrthóirí tosaigh;

20.

á chreidiúint gur luamhán iad liostaí uile-Aontais is féidir a úsáid chun ionadaíochas a dhéanamh agus chun páirtithe polaitiúla Eorpacha agus comhlachais vótálaithe éifeachtacha a chruthú;

21.

á mholadh forálacha comhchoiteanna lena rialaítear caiteachas atá nasctha leis an bhfeachtas toghcháin Eorpach a áireamh do gach eintiteas a nglactar leis chun críche liosta iarrthóirí d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sa toghlach uile-Aontais a chur síos; á iarraidh go ndéanfar comhordú láidir leis an athbhreithniú atá ar na bacáin ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir leis an ábhar sin;

22.

á mheas go bhféadfar cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus eintitis toghcháin Eorpacha eile ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid chun feachtais arna seoladh ag na heintitis toghcháin Eorpacha a mhaoiniú i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa sa toghlach uile-Aontais ina nglacann siad féin nó a gcomhaltaí páirt; á mheas go ndéanfar cistiú agus teorannú caiteachas toghcháin sna toghlaigh náisiúnta a rialú i ngach Ballstát lena fhorálacha náisiúnta;

23.

á mheabhrú go n-athraíonn an aois íosta incháilitheachta chun seasamh mar iarrthóir ar fud na 27 mBallstát ó 18 go 25 agus go n-athraíonn an aois íosta incháilitheachta chun vótáil ó 16 go 18; á iarraidh go dtabharfaí isteach aois aonair chomhchuibhithe do chearta vótála éighníomhacha agus gníomhacha, faoi seach, ar fud na mBallstát agus á mholadh dóibh aois íosta vótála a thabhairt isteach ag 16 bliana d’aois, gan dochar d’orduithe bunreachtúla atá ann cheana lena mbunaítear aois íosta vótála ó 18 nó 17 mbliana d’aois; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go léireofaí na cearta agus na dualgais atá ag daoine óga na hEorpa cheana féin i roinnt Ballstát dá dtabharfaí ceart vótála ag aois 16 bliana d’aois;

24.

Beartaíonn sé go dtabharfaí isteach an fhéidearthacht ionadaí a fháil, ar bhonn sealadach, d’Fheisirí atá ar shaoire mháithreachais, atharthachta, thuismitheoireachta agus saoire bhreoiteachta fhada;

25.

á mheas gur gnéithe riachtanacha iad trédhearcacht an phróisis toghcháin agus rochtain ar fhaisnéis iontaofa chun feasacht pholaitiúil Eorpach a ardú agus chun ráta vótála toghcháin a áirithiú atá ard go leor chun a bheith ina shainordú ó na toghthóirí; á thabhairt chun suntais gur cheart saoránaigh a chur ar an eolas i bhfad roimh ré – go háirithe 12 sheachtain roimh na toghcháin – faoi na hiarrthóirí atá ag seasamh sna toghcháin Eorpacha agus faoi chleamhnacht na bpáirtithe polaitiúla náisiúnta nó na gcomhlachas toghcháin náisiúnta le páirtí polaitiúil Eorpach nó comhlachas toghcháin Eorpach;

26.

á mholadh go ndéanfaí bearta a ghlacadh agus cosaintí a chur i bhfeidhm chun cur isteach eachtrach sa phróiseas toghcháin a sheachaint;

27.

á thabhairt chun suntais go bhfuil éagsúlacht mhór ann i measc na mBallstát maidir leis na spriocdhátaí chun an rolla toghthóirí a thabhairt chun críche roimh thoghcháin Eorpacha; á mholadh rolla toghthóirí na hEorpa a bhunú agus caighdeán coiteann a leagan síos chun an rolla náisiúnta toghthóirí a bhunú agus a thabhairt chun críche tráth nach déanaí ná 14 seachtaine roimh lá an toghcháin, chun an fhaisnéis faoi vótálaithe a dhéanamh níos cruinne agus chun malartú faisnéise idir na Ballstáit a dhéanamh níos éasca, chomh maith le cosc ar vótáil dhúbailte a éascú, lena áirithiú go mbeidh vótáil dhúbailte den sórt sin, cibé acu an toradh ar bhotún riaracháin nó ar sháruithe ar an dlí toghcháin atá i gceist, faoi réir pionós éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar leibhéal náisiúnta, agus go mbíonn bearta ceartaitheacha mar thoradh ar sin ag na Ballstáit;

28.

á mholadh go mbunófaí Údarás Eorpach um Thoghcháin a bheidh i gceannas ar fhaisnéis faoi na toghcháin Eorpacha a chomhordú, ar fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chaighdeáin choiteanna an dlí toghcháin Eorpaigh agus ar dhíospóidí ina leith a réiteach, ar rolla toghthóirí na hEorpa a bhainistiú, ar thorthaí na dtoghchán a fhógairt, agus ar mhaoirseacht a dhéanamh ar mhalartú faisnéise maidir le vótáil ag saoránaigh an Aontais lasmuigh dá dtír dhúchais; á mheas go bhféadfadh comhlacht den sórt sin malartú éifeachtúil faisnéise a éascú, agus go háirithe dea-chleachtas a chomhroinnt, idir comhlachtaí náisiúnta; á mholadh go mbeadh bainistiú chlár na liostaí toghcháin don toghlach uile-Aontais mar chúram bunriachtanach ar an Údarás Eorpach um Thoghcháin; á iarraidh ar na húdaráis bhuiséadacha a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag an Údarás Eorpach um Thoghcháin chun a chúraimí a chomhlíonadh;

29.

á mholadh gur cheart íoschaighdeáin chomhchoiteanna a shainiú chun ceanglais aonfhoirmeacha a thabhairt isteach chun liostaí toghcháin a bhunú;

30.

á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain ar vótáil i dtoghcháin Eorpacha a éascú agus a ráthú go mbeidh gach duine a bhfuil ceart vótála acu, lena n-áirítear saoránaigh an Aontais atá ina gcónaí lasmuigh dá dtír thionscnaimh, iad siúd nach bhfuil áit chónaithe bhuan acu, iad siúd atá ina gcónaí i suíomhanna cónaithe dúnta, iad siúd a bhfuil taithí acu ar easpa dídine agus príosúnaigh, in ann an ceart sin a fheidhmiú; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar fhaisnéis agus vótáil ar bhonn comhionann a áirithiú do gach saoránach, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas trí chead a thabhairt, mar shampla, áitribh oiriúnaithe a ligean ar cíos nuair nach ndéantar struchtúir phoiblí a oiriúnú;

31.

á iarraidh ar na Ballstáit bearta a thabhairt isteach chun inrochtaineacht ar na toghcháin do shaoránaigh faoi mhíchumas a uasmhéadú, lena gcumhdaítear, i measc nithe eile agus i gcás inarb iomchuí, faisnéis agus clárú vótála, stáisiúin vótála, bothanna agus gairis vótála agus páipéir bhallóide; á mholadh go ndéanfar socruithe iomchuí a chur chun feidhme atá curtha in oiriúint do nósanna imeachta vótála náisiúnta chun vóta na saoránach faoi mhíchumas a éascú, amhail an deis stáisiúin vótála, stáisiúin vótála dúnta i bpríomháiteanna, agus úsáid teicneolaíochtaí cúnta, formáidí agus teicnící amhail Braille, cló mór, faisnéis fuaimebhunaithe, stionsail thadhlacha, faisnéis atá éasca le léamh agus cumarsáid i dteanga chomharthaíochta a roghnú; á iarraidh ar na Ballstáit cúnamh a cheadú do dhaoine faoi mhíchumas vótáil trí dhuine dá rogha féin, i gcás inar gá agus arna iarraidh sin dóibh;

32.

á iarraidh ar na Ballstáit ceanglais chomhchoiteanna a thabhairt isteach lena gceadófar do shaoránaigh uile an Aontais atá ina gcónaí nó atá ag obair i dtríú tír an ceart a thabhairt dóibh a vóta a chaitheamh i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa;

33.

á chreidiúint gur gá postvótáil a thabhairt isteach do vótálaithe nach bhfuil in ann dul chuig na stáisiúin vótála ar lá an Toghcháin, agus go bhféadfadh sé sin stiúradh na dtoghchán Eorpach a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos tarraingtí do vótálaithe in imthosca sonracha nó eisceachtúla; á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar uirlisí comhlántacha feabhsaithe a thabhairt isteach amhail réamhvótáil fhisiciúil agus seachvótáil, chomh maith le vótáil leictreonach agus vótáil ar líne, i gcomhréir lena dtraidisiúin náisiúnta féin, agus moltaí Chomhairle na hEorpa sna réimsí sin á gcur san áireamh agus le cosaintí iomchuí chun iontaofacht, sláine agus rúndacht na vótála, inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, trédhearcacht i ndearadh agus in úsáid córas leictreonach agus idirlín a áirithiú, an fhéidearthacht maidir le hathchomhaireamh láimhe nó leictreonach gan rúndacht an vóta a chur i mbaol, agus cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme;

34.

á chreidiúint go gcruthófaí toghchán uile-Eorpach níos comhleanúnaí dá mbunófaí lá vótála comhchoiteann Eorpach agus, dá bhrí sin, á mholadh go socrófaí an 9 Bealtaine mar lá Toghcháin Eorpaigh, beag beann ar lá na seachtaine ina mbeidh sé, agus leis an bhféidearthacht go mbeadh an lá sin ina lá saoire poiblí; á mheas go bhfuil sé tábhachtach go bhfógrófaí na chéad réamh-mheastacháin oifigiúla maidir le torthaí na dtoghchán ag an am céanna sna Ballstáit go léir ar an lá toghcháin ag 21:00 Am Lár na hEorpa;

35.

á mheas go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú, tar éis gach toghcháin, go ndéanfar tuarascáil cur chun feidhme a tharraingt suas leis an aidhm meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na dtoghchán Eorpach mar aon le feabhsuithe a mholadh, más gá;

36.

ag moladh go ndéanfaí athchóiriú ar na Conarthaí chun oifig comhalta den Choimisiún Eorpach agus oifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa a chomhoiriúnú sa tréimhse idir bunú na Parlaiminte agus toghadh an Choimisiúin;

37.

á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar na Conarthaí, agus go háirithe ar Airteagal 223 CFAE maidir leis na forálacha is gá chun Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, ag bogadh ó aontoilíocht na Comhairle agus ó dhaingniú náisiúnta go dtí cinnteoireacht trí thromlach cáilithe sa Chomhairle;

38.

ag glacadh leis an togra atá i gceangal agus á chur faoi bhráid na Comhairle;

39.

á threorú dá hUachtarán an rún reachtach seo mar aon leis an togra atá i gceangal leis seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig parlaimintí agus rialtais na mBallstát.

(1)  IO L 283, 21.10.2002, lch. 1.

(2)  IO L 178, 16.7.2018, lch. 1.

(3)  IO L 329, 30.12.1993, lch. 34.

(4)  IO C 292, 21.9.1998, lch. 66,

(5)  IO C 419, 16.12.2015, lch. 185.

(6)  IO C 75, 26.2.2016, lch. 109.

(7)  IO C 366, 27.10.2017, lch. 7.

(8)  IO C 36, 29.1.2016, lch. 56.

(9)  IO C 463, 21.12.2018, lch. 83.

(10)  IO C 425, 20.10.2021, lch. 98.

(11)  IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.

(12)  https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/opinions-information-reports/information-reports/real-right-persons-disabilities-vote-european-parliament-elections-information-report

(13)  https://www.eesc.europa.eu/en/our-work/opinions-information-reports/opinions/need-guarantee-real-rights-persons-disabilities-vote-european-parliament-elections-additional-opinion

(14)  Bunaithe ar shonraí ó Idirghrúpa Pharlaimint na hEorpa do Mhionlaigh Thraidisiúnta, Pobail Náisiúnta agus Teangacha

(15)  Bailiúchán Tuairimí agus Tuarascálacha Choimisiún na Veinéise maidir le Córais Toghcháin agus Mionlaigh Náisiúnta CDL-PI(2019)004, go háirithe a Thuarascáil ar an Dlí Toghcháin agus Mionlaigh Náisiúnta CDL-INF (2000).


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Togra le haghaidh

RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE

maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, lena n-aisghairtear Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle agus an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal leis an gCinneadh sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 223(1) de,

Ag féachaint don togra ó Pharlaimint na hEorpa,

Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (1) (“an Ionstraim Thoghcháin”), atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom, ón gComhairle (2), i bhfeidhm an 1 Iúil 1978 agus leasaíodh í ina dhiaidh sin le Cinneadh 2002/772/CE, Euratom ón gComhairle (3) agus le Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle (4).

(2)

De réir Airteagal 223(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), leagann an Chomhairle síos na forálacha is gá do thoghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, ag gníomhú di d’aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa ar thogra arna tharraingt suas ag Parlaimint na hEorpa.

(3)

Bunaítear le hAirteagal 8 CFAE prionsabal an phríomhshruthaithe inscne trínar cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an Aontas deireadh a chur le neamhionannais inscne agus comhionannas inscne a chur chun cinn ina ghníomhaíochtaí go léir.

(4)

Le Conradh Liospóin, ní hamháin gur tugadh cumhacht tionscnaimh do Pharlaimint na hEorpa maidir leis na forálacha a bhaineann lena Fheisirí a thoghadh, ach tá athrú tagtha freisin ar chineál shainordú na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa, rud a fhágann go bhfuil siad ina n-ionadaithe díreacha ar shaoránaigh an Aontais. Is athruithe bunúsacha iad sin ba cheart a léiriú i ndlí toghcháin Eorpach nuachóirithe trí ghnéithe nua a chur isteach arb é is aidhm dóibh dlisteanacht dhaonlathach a fheabhsú agus fairsinge ról agus inniúlachtaí Pharlaimint na hEorpa a léiriú ar bhealach níos cruinne.

(5)

In ainneoin fhorálacha na hIonstraime Toghcháin, eagraítear toghcháin do Pharlaimint na hEorpa den chuid is mó i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta, rialacha atá an-éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, rud a fhágann go bhfuil raon córas éagsúil toghcháin ann. Bíonn toghcháin do Pharlaimint na hEorpa ar siúl ar laethanta éagsúla, agus caitear vótaí do pháirtithe náisiúnta le hiarrthóirí náisiúnta ar bhonn cláir náisiúnta. Dá ndéanfaí na córais toghcháin éagsúla sin a chomhfhogasú trí dhlí toghcháin Eorpach níos aontaithe a ghlacadh bunaithe ar phrionsabail agus rialacha comhchoiteanna soiléire, d’áiritheofaí comhionannas do shaoránaigh uile an Aontais, agus neartófaí réimse poiblí na hEorpa.

(6)

Is cuid den chóras polaitiúil i go leor Ballstát iad tairseacha toghcháin agus rannchuidíonn siad le forbairt dinimic seasmhach an rialtais agus an fhreasúra laistigh de Pharlaimintí. Chun iomaíocht pholaitiúil chothrom a chosaint, níor cheart go mbeadh na tairseacha sin níos mó ná 5 %.

(7)

Le tairseacha toghcháin, níor cheart difear a dhéanamh don seans atá ann do mhionlaigh náisiúnta agus teanga aitheanta a bheith rannpháirteach i saol polaitiúil an Aontais agus ionadaíocht a bheith acu i bParlaimint na hEorpa. Ba cheart do mhionlaigh náisiúnta nó teanga aitheanta leas a bhaint as díolúintí ó aon tairseacha a chuirtear ar fáil ar leibhéal náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag díolúintí ó thairseacha náisiúnta freisin maidir le páirtithe polaitiúla nó comhlachais vótálaithe a ritheann i dtoghcháin Eorpacha i gceathrú cuid de na Ballstáit a bhfuil ainmneacha agus lógónna na n-eintiteas Eorpach a bhfuil siad cleamhnaithe leo san áireamh ina gcuid páipéar ballóide.

(8)

De réir Airteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is í an Chomhairle Eorpach a mholfaidh an t-iarrthóir ar Uachtaránacht an Choimisiúin, ag féachaint do na toghcháin Eorpacha, agus ansin is í Parlaimint na hEorpa a thoghfaidh an tUachtarán. Chun léiriú iomchuí a thabhairt don cheart sin, ba cheart an réimse poiblí Eorpach a fhorbairt ar bhealach ina mbeadh cead ag gach vótálaí Eorpach an t-iarrthóir is fearr leo d’Uachtarán an Choimisiúin a chur in iúl. Chun go dtarlóidh sé sin, ní mór do na hiarrthóirí tosaigh arna n-ainmniú ag páirtithe polaitiúla Eorpacha, ag comhlachais vótálaithe Eorpacha nó ag eintitis toghcháin Eorpacha eile, a bheith in ann seasamh le clár toghcháin comhchoiteann i ngach Ballstát. D’fhonn tromlach a áirithiú laistigh den Pharlaimint sula gceapfar an Coimisiún, ba cheart do ghrúpaí parlaiminteacha leasmhara cleachtas a bhunú chun “comhaontuithe reachtacha” a thabhairt i gcrích lena n-áiritheofar go ndéanfar obair leantach pholaitiúil ar na toghcháin Eorpacha. Trí phróiseas, ar cheart é a chur ar bhonn foirmiúil ar bhonn comhaontú polaitiúil idir na heintitis pholaitiúla Eorpacha, ba cheart a chur de chúram ar an iarrthóir tosaigh a bhfuil an líon foriomlán is airde suíochán faighte ag a eintiteas polaitiúil Eorpach tromlach comhghuaillíochta a bhunú sa Pharlaimint nuathofa ar dtús maidir le hiarrthóir a ainmniú d’oifig Uachtarán an Choimisiúin. Sa chás nach féidir tromlach comhrialtais a bhaint amach, ba cheart an tasc a shannadh don chéad iarrthóir tosaigh eile. Chun eolas a dhéanamh don phróiseas ainmniúcháin, ba cheart d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí dul i gcomhairle le ceannairí na n-eintiteas polaitiúil Eorpach agus na ngrúpaí parlaiminteacha sin. D’fhéadfaí próiseas an iarrthóra tosaigh a chur ar bhonn foirmiúil trí bhíthin comhaontú polaitiúil idir na heintitis pholaitiúla Eorpacha agus trí bhíthin Comhaontú Idirinstitiúideach idir an Pharlaimint agus an Chomhairle Eorpach.

(9)

Ba cheart toghlach uile-Aontais, ina mbeadh iarrthóir gach teaghlaigh pholaitiúil d’Uachtarán an Choimisiúin ar bharr na liostaí, a chruthú de bhreis ar na toghlaigh náisiúnta, chun gné dhaonlathach agus uile-Eorpach na dtoghchán Eorpach a fheabhsú. Ba cheart an toghlach uile-Aontais sin a bheith faoi réir rialacha mionsonraithe agus soiléire lena n-áirithítear go n-urramaíonn liosta na n-iarrthóirí prionsabail an chomhionannais inscne agus na comhréireachta geografaí agus na hionadaíochais, agus go háirithe go gcuirtear leasanna na mBallstát beag agus meánmhéide san áireamh go hiomlán.

(10)

Tá ról lárnach ag páirtithe polaitiúla Eorpacha, comhlachais Eorpacha vótálaithe agus eintitis toghcháin Eorpacha eile chun díospóireacht pholaitiúil fíor-Eorpach a chothú. De réir Airteagal 10(4) CAE, “[r]annchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl”. Dá bhrí sin, ba cheart ról níos lárnaí a bheith ag páirtithe polaitiúla Eorpacha, comhlachais Eorpacha vótálaithe agus eintitis toghcháin Eorpacha eile i bpróiseas na dtoghchán Eorpach. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a thabhairt dóibh páirt iomlán a ghlacadh i bhfeachtais toghcháin Eorpacha, agus liostaí uile-Aontais a chur síos, ionas go mbeidh siad ar eolas ag toghthóirí agus níos infheicthe dóibh, ar pháipéir bhallóide agus in ábhair feachtais agus foilseacháin araon.

(11)

Ba cheart na coinníollacha maidir le roghnú iarrthóirí agus maidir le hiarrthóireachtaí a chur isteach a bheith réasúnach, cothrom, daonlathach, comhréireach agus ba cheart go n-urramófaí leo na prionsabail a leagtar síos le Cód Dea-Chleachtais maidir le hÁbhair Thoghcháin an Choimisiúin Eorpaigh de chuid Chomhairle na hEorpa maidir le Daonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise). Ina theannta sin, sa phlean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (5), tá gealltanas tugtha ag an gCoimisiún rochtain ar rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn, lena mbaineann cuimsitheacht agus comhionannas sa rannpháirtíocht dhaonlathach, chomh maith le cothromaíocht inscne sa pholaitíocht agus sa chinnteoireacht. Ina straitéis 2020-2025 maidir le comhionannas inscne (6), luaigh an Coimisiún go bhfuil “comhdheiseanna rannpháirtíochta bunriachtanach don daonlathas ionadaíoch ar gach leibhéal”. Is príomhghnéithe iad an comhionannas inscne chomh maith le nósanna imeachta daonlathacha trédhearcacha agus cinntí eolasacha chun iarrthóirí a roghnú sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear an iarrthóir tosaigh, chun cothrom na Féinne a áirithiú do na heintitis toghcháin Eorpacha uile agus chun ionadaíochas agus daonlathas a threisiú. Ar chúiseanna comhionannais, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail sin maidir le gach liosta iarrthóirí sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa sna toghlaigh náisiúnta agus sa toghlach uile-Aontais araon.

(12)

Tá trédhearcacht an phróisis toghcháin agus rochtain ar fhaisnéis iontaofa thráthúil faoi vótálaithe agus faoi iarrthóirí tábhachtach chun iontaofacht an phróisis toghcháin a áirithiú, chun feasacht pholaitiúil Eorpach a ardú agus chun ráta ard vótála a bhaint amach. Tá sé tábhachtach malartú faisnéise faoi vótálaithe a éascú idir na Ballstáit chun an vótáil dhúbailte a sheachaint. Ina theannta sin, ba cheart saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas faoi na hiarrthóirí atá ag seasamh sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, agus i gcás inarb infheidhme faoi chleamhnacht na bpáirtithe polaitiúla náisiúnta le páirtí polaitiúil Eorpach, i bhfad roimh na toghcháin sin. Is gá, dá bhrí sin, liosta toghthóirí Eorpacha agus teorainneacha ama éigeantacha a bhunú chun rolla toghthóirí a bhunú ar leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta agus chun liostaí na n-iarrthóirí a bhunú.

(13)

Údarás Eorpach um Thoghcháin a fheidhmíonn sainordú neamhspleách agus atá comhdhéanta de chomhaltaí a bhfuil an saineolas agus an taithí riachtanach is gá acu, tá sé sár-riachtanach chun an toghlach uile-Aontais a bhainistiú. Ba cheart a áireamh ar phríomhchúraimí an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus díospóidí a réiteach i ndáil le caighdeáin choiteanna an dlí toghcháin Eorpaigh; rolla toghthóirí na hEorpa a bhainistiú; torthaí an toghcháin a fhógairt; agus malartú éifeachtúil faisnéise agus dea-chleachtas idir comhlachtaí náisiúnta a áirithiú.

(14)

Chun a áirithiú go mbeidh cistí leordhóthanacha ag eintitis toghcháin Eorpacha chun a dteachtaireachtaí agus a gcláir pholaitiúla a chur in iúl do shaoránaigh an Aontais, ba cheart cistí leordhóthanacha a chur ar fáil don fheachtas toghcháin sa toghlach uile-Aontais.

(15)

Chun rannpháirtíocht vótálaithe i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a spreagadh, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh don phostvótáil agus d’fhéadfadh siad réamhvótáil fhisiciúil agus seachvótáil a cheadú freisin. Agus na moltaí ón gComhairle ina leith sin á gcur san áireamh, agus chun lántairbhe a bhaint as na féidearthachtaí a ghabhann le forbairtí teicneolaíocha, d’fhéadfadh na Ballstáit vótáil leictreonach agus ar líne a cheadú freisin, agus inrochtaineacht na gcóras leictreonach agus idirlín, iontaofacht na dtorthaí leis an bhféidearthacht go bhféadfaí athchomhaireamh a dhéanamh, rúndacht na vótála, cosaint sonraí pearsanta, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, agus trédhearcacht iomlán i ndearadh agus in úsáid na gcóras leictreonach agus idirlín á n-áirithiú, chomh maith le hinrochtaineacht a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas agus do gach saoránach.

(16)

Tá sé de cheart ag saoránaigh an Aontais páirt a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais, go háirithe trí vótáil nó trí sheasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart an ceart chun vótála agus chun seasamh mar iarrthóir, agus rochtain ar fhaisnéis agus ar vótáil a áirithiú freisin ar bhonn comhionann do gach saoránach, lena n-áirítear do dhaoine faoi mhíchumas. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun a cheadú do shaoránaigh uile an Aontais an ceart chun vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú, lena n-áirítear iad siúd atá ina gcónaí nó atá ag obair i dtíortha lasmuigh den Aontas, nach bhfuil áit chónaithe bhuan acu, atá gan dídean, a bhfuil pianbhreith príosúnachta á chur isteach acu san Aontas nó atá ina gcónaí i suíomhanna cónaithe dúnta amhail ospidéil, institiúidí síciatracha agus suíomhanna cúraim sláinte eile, tithe scoir agus altranais do sheandaoine nó suíomhanna cónaithe do dhaoine faoi mhíchumas. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a thabhairt isteach, ionas go mbeidh daoine atá ina gcónaí i suíomhanna cónaithe dúnta in ann a gceart vótála a fheidhmiú. Ba cheart riachtanais speisialta na ndaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh agus rochtain ar fhaisnéis, ar ábhair vótála agus ar shaoráidí vótála á n-áirithiú.

(17)

Athraíonn an aois íosta chun an ceart vótála agus an ceart chun seasamh mar iarrthóir a fheidhmiú ar fud na 27 mBallstát ó 16 go 18. Ba cheart aois chomhchuibhithe amháin le haghaidh vótála agus seasamh mar iarrthóir a thabhairt isteach ar fud an Aontais chun comhionannas a áirithiú agus chun idirdhealú a sheachaint maidir le rochtain ar na cearta fíorbhunúsacha sibhialta agus polaitiúla sin. Gan dochar d’orduithe bunreachtúla atá ann cheana lena mbunaítear aois íosta vótála ag 18 nó 17 mbliana d’aois, ba cheart an aois íosta le haghaidh vótála a shocrú ag 16 bliana d’aois. Ba cheart an aois íosta chun seasamh mar iarrthóir a shocrú ag 18 mbliana d’aois. Beag beann ar a n-inniúlacht dhlíthiúil, ba cheart cearta polaitiúla a bheith ag gach duine faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile.

(18)

Tá éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir leis na spriocdhátaí chun liostaí na n-iarrthóirí a chur síos do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus chun na rollaí toghthóirí a bhunú roimh thoghcháin Eorpacha. Chun a áirithiú go mbeidh an t-am céanna ar fáil ag iarrthóirí agus ag vótálaithe ar fud an Aontais le haghaidh feachtais nó le haghaidh machnaimh, agus chun malartú faisnéise a éascú idir na Ballstáit maidir le vótálaithe, ba cheart na sprioc-amanna chun liostaí na n-iarrthóirí a chur síos agus chun na rollaí toghthóirí a bhunú a bheith mar an gcéanna ar fud an Aontais.

(19)

Chun a áirithiú go mbeidh páirtithe polaitiúla Eorpacha, comhlachais vótálaithe Eorpacha agus eintitis toghcháin Eorpacha eile infheicthe go leor, tá gá le rialacha soiléire agus trédhearcacha maidir le feachtasaíocht agus maidir le hábhair toghcháin oifigiúla. Ba cheart go gcuirfeadh rialacha den sórt sin ar chumas páirtithe polaitiúla Eorpacha, comhlachais vótálaithe Eorpacha agus eintitis toghcháin Eorpacha eile aon chineál ábhar cumarsáide poiblí agus ábhar feachtais toghcháin a úsáid. Ba cheart go gcuirfeadh rialacha den sórt sin ar chumas páirtithe polaitiúla Eorpacha, comhlachais vótálaithe Eorpacha agus eintitis toghcháin Eorpacha eile a gcleamhnachtaí a chur in iúl in aon chineál cumarsáide poiblí, in ábhair feachtais toghcháin agus in ábhair oifigiúla toghcháin amhail páipéir bhallóide. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna do pháirtithe polaitiúla Eorpacha, do chomhlachas vótálaithe Eorpach agus d’eintitis toghcháin Eorpacha eile maidir leis an bhfeachtas toghcháin a bhaineann leis an toghlach uile-Aontais.

(20)

Le hIonstraim Thoghcháin 1976, bunaíodh tréimhse chomhchoiteann thoghcháin, a thugann an chumhacht do na Ballstáit an dáta beacht agus an t-am a shocrú do na toghcháin laistigh den tréimhse sin. Chun go mbeidh toghchán uile-Eorpach ann i ndáiríre, ní mór lá vótála Eorpach comhchoiteann a bheith ann. Ba cheart na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a reáchtáil an 9 Bealtaine, Lá na hEorpa, chun comóradh Dhearbhú Schuman an 9 Bealtaine 1950 a cheiliúradh. Ba cheart don Údarás Toghcháin Eorpach torthaí an toghcháin a fhógairt agus a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(21)

Maidir le feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghtar as na toghlaigh náisiúnta, i gcás go n-éireoidh sé nó sí as nó go bhfaighidh sé nó sí bás, nó go dtarraingítear siar a shainordú nó a sainordú, ba cheart an folúntas a thiocfaidh as sin a líonadh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta. Ba cheart don chéad iarrthóir eile ar na liostaí ábhartha, arna dtoghadh sa toghlach uile-Aontais, folúntais i suíocháin Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a líonadh. Ba cheart go bhféadfaí íonadaithe ar bhonn sealadach a chur in áit Feisirí de Pharlaimint na hEorpa freisin i gcásanna saoire máithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire bhreoiteachta thromchúiseach.

(22)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis na ceanglais theicniúla, lena n-áirítear an fhormáid agus na sonraí atá le soláthar, chun rolla toghthóirí na hEorpa a bhunú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na forálacha is gá a bhunú chun Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i gcomhréir le nós imeachta toghcháin aonfhoirmeach maidir leis an toghlach uile-Aontais agus le prionsabail is coiteann do na Ballstáit uile, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo na forálacha is gá chun Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i gcomhréir le nós imeachta aonfhoirmeach toghcháin maidir leis an toghlach uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 15 agus le prionsabail is coiteann do na Ballstáit uile.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “páirtí polaitiúil” comhlachas saoránach a shaothraíonn cuspóirí polaitiúla agus a aithnítear i ndlíchóras Ballstáit amháin ar a laghad, nó atá bunaithe i gcomhréir leis an dlíchóras sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus lena n-áirítear iad siúd a bhfuil sé ar intinn acu comhghuaillíocht Eorpach de pháirtithe polaitiúla náisiúnta agus/nó comhlachais náisiúnta vótálaithe a bhunú nó dul isteach ann chun liosta iarrthóirí a chur síos don toghlach uile-Aontais agus feachtasaíocht a dhéanamh ann;

(2)

ciallaíonn “comhlachas vótálaithe” comhlachas saoránach a shaothraíonn cuspóirí polaitiúla agus, seachas a bheith bunaithe mar pháirtí polaitiúil, atá cláraithe mar chomhlachas saoránach i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear na comhlachais sin a bhfuil sé beartaithe acu comhghuaillíocht Eorpach de pháirtithe polaitiúla náisiúnta agus/nó comhlachais vótálaithe a bhunú nó dul isteach inti chun liosta iarrthóirí a chur síos don toghlach uile-Aontais agus feachtasaíocht a dhéanamh ann;

(3)

ciallaíonn “comhghuaillíocht Eorpach de pháirtithe polaitiúla náisiúnta agus/nó comhlachais vótálaithe” comhaontas toghcháin de pháirtithe polaitiúla náisiúnta agus/nó de chomhlachais náisiúnta vótálaithe, atá cláraithe in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, arna slánú suas go dtí an tslánuimhir is gaire i gcás inar gá, a chuireann síos liosta iarrthóirí don toghlach uile-Aontais, agus a dhéanann feachtasaíocht don toghlach sin;

(4)

ciallaíonn “páirtí polaitiúil Eorpach” comhaontas polaitiúil de pháirtithe polaitiúla náisiúnta a shaothraíonn cuspóirí polaitiúla agus atá cláraithe leis An tÚdarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 chun liosta iarrthóirí don toghlach uile-Aontais a chur síos agus feachtasaíocht a dhéanamh ann;

(5)

ciallaíonn “comhlachas Eorpacha vótálaithe” comhlachas trasnáisiúnta saoránach atá cláraithe in aon cheathrú de na Ballstáit ar a laghad, arb ionann é agus 0,02 % ar a laghad den daonra vótála sna Ballstáit ábhartha, a shaothraíonn cuspóirí polaitiúla, ach nach bhfuil bunaithe mar pháirtí polaitiúil Eorpach, agus a aithnítear chun críche liosta iarrthóirí don toghlach uile-Aontais a chur síos agus feachtasaíocht a dhéanamh sa toghlach uile-Aontais;

(6)

ciallaíonn “comhghuaillíocht toghcháin Eorpach” comhaontas toghcháin de dhá pháirtí pholaitiúla Eorpacha nó níos mó agus/nó comhlachais vótálaithe Eorpacha a chuireann liosta iarrthóirí ar fáil don toghlach uile-Aontais agus a bhíonn i mbun feachtasaíochta sa toghlach sin, a bhféadfaidh páirtithe polaitiúla náisiúnta agus/nó comhlachais vótálaithe náisiúnta a bheith páirteach ann, ar choinníoll nach bhfuil siad cleamhnaithe le páirtí polaitiúil Eorpach;

(7)

ciallaíonn 'comhaontas pholaitiúil' comhar struchtúrtha idir páirtithe polaitiúla agus/nó saoránaigh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

(8)

ciallaíonn “eintiteas toghcháin Eorpach” chomhghuaillíocht Eorpach de pháirtithe polaitiúla náisiúnta agus/nó comhlachais vótálaithe, páirtí polaitiúil Eorpach, comhlachas Eorpach vótálaithe, comhghuaillíocht toghcháin Eorpach nó comhaontas polaitiúil;

(9)

ciallaíonn “liosta uile-Aontais” liosta na n-iarrthóirí a chuireann eintiteas toghcháin Eorpach isteach sa toghlach uile-Aontais.

Airteagal 3

Forálacha náisiúnta

Beidh an nós imeachta toghcháin chun Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh á rialú ag an Rialachán seo. Déanfar ábhair nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo a rialú i ngach Ballstát lena fhorálacha náisiúnta.

Ní dhéanfaidh na forálacha náisiúnta sin difear do chineál comhréireach an chórais vótála.

Áiritheoidh siad ar aon nós go n-urramófar caighdeáin dhaonlathacha, as a dtiocfaidh ceanglais dhaonlathacha agus chomhréireacha maidir le páirtí polaitiúil nó comhlachas vótálaithe a chlárú agus maidir le liosta iarrthóirí a thíolacadh do na toghlaigh náisiúnta agus don toghlach uile-Aontais.

Airteagal 4

An ceart vótála

1.   Beidh an ceart vótála ag gach saoránach den Aontas atá 16 bliana d’aois, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, beag beann ar a n-inniúlacht dhlíthiúil, i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa gan dochar d’orduithe bunreachtúla atá ann cheana lena mbunaítear aois íosta vótála 18 mbliana d’aois nó 17 mbliana d’aois.

2.   Ní vótálfaidh aon saoránach den Aontas, atá i dteideal vóta a chaitheamh, níos mó ná uair amháin in aon toghchán d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna toghlaigh náisiúnta nó sa toghlach uile-Aontais.

3.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh vótáil dhúbailte sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

Airteagal 5

An ceart chun seasamh mar iarrthóir

1.   Beidh an ceart ag gach saoránach den Aontas ó 18 mbliana d’aois ar aghaidh seasamh mar iarrthóir do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i dtoghlach náisiúnta nó i dtoghlach uile-Aontais, nó sa dá cheann.

2.   Ní bheidh aon saoránach den Aontas atá i dteideal seasamh mar iarrthóir ina iarrthóir nó ina hiarrthóir i níos mó ná toghlach náisiúnta amháin ná ní bheidh sé nó sí ar níos mó ná liosta amháin do thoghlach náisiúnta nó ar níos mó ná liosta amháin uile-Aontais in aon toghchán do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 6

Ceart vótála a fheidhmiú

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh saoránaigh uile an Aontais, lena n-áirítear iad siúd atá ina gcónaí nó atá ag obair i dtríú tír, iad siúd nach bhfuil áit chónaithe bhuan acu, iad siúd atá ina gcónaí i suíomhanna cónaithe dúnta, iad siúd atá gan dídean nó iad siúd a bhfuil pianbhreith príosúnachta á chur isteach acu san Aontas, in ann a gceart vótála i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú.

2.   Maidir leis na saoránaigh sin a bhfuil pianbhreith príosúnachta á chur isteach acu san Aontas, ní dochar mír 1 don dlí náisiúnta nó do chinntí cúirte a thugtar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 7

Inrochtaineacht

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain chomhionann ag gach saoránach, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar ábhair ábhartha, ar shaoráidí vótála agus ar stáisiúin vótála.

2.   Bunaithe ar a gcórais vótála náisiúnta, cuirfidh na Ballstáit socruithe iomchuí i bhfeidhm a mbeidh sé mar aidhm leo feidhmiú an chirt vótála ag daoine faoi mhíchumas a éascú, go neamhspleách agus faoi rún.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas, arna iarraidh sin dóibh, cúnamh chun vótáil ó dhuine dá rogha féin.

Airteagal 8

Postvótáil

1.   Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le postvótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, lena n-áirítear do shaoránaigh atá ina gcónaí i dtríú tír, agus glacfaidh siad bearta lena n-áiritheofar go mbeidh postvótáil inrochtana, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas. Glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun iontaofacht agus rúndacht na vótála, agus cosaint sonraí pearsanta a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

2.   Féadfaidh na Ballstáit féidearthachtaí breise vótála a sholáthar trí réamhvótáil fhisiciúil, trí sheachvótáil agus trí vótáil trí chórais leictreonacha agus idirlín.

I gcás vótála leictreonaí, ar an idirlíon agus seachvótála, glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun iontaofacht, sláine agus rúndacht na vótála, trédhearcacht i ndearadh agus in úsáid na gcóras leictreonach agus idirlín, an fhéidearthacht go ndéanfaí athchomhaireamh de láimh nó go leictreonach a áirithiú gan cur isteach ar rúndacht na vótála ná ar chosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

Airteagal 9

Bunú na rollaí náisiúnta toghthóirí agus an rolla toghthóirí Eorpach

1.   Chun vótáil dhúbailte sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bhrath agus a sheachaint, is é an spriocdháta do bhunú an rolla toghthóirí i ngach Ballstát tráth nach déanaí ná 14 seachtaine roimh lá an Toghcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(1). Is féidir earráidí ar rolla na dtoghthóirí a cheartú go dtí lá an Toghcháin.

2.   Chun an rolla toghthóirí na hEorpa a bhunú, soláthróidh na húdaráis náisiúnta inniúla na sonraí uile is gá don Údarás Eorpach um Thoghcháin i gcomhréir le hAirteagal 18. Déanfar na critéir a bheidh le clárú ar an rolla náisiúnta toghthóirí a rialú le forálacha náisiúnta.

3.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na ceanglais theicniúla, lena n-áirítear an fhormáid agus na sonraí atá le soláthar chun liosta toghthóirí na hEorpa a bhunú chun mír 2 den Airteagal seo a chur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 29.

Airteagal 10

Prionsabail roghnúcháin na n-iarrthóirí

1.   Déanfaidh gach páirtí polaitiúil, comhlachas vótálaithe, comhghuaillíochtaí toghcháin agus eintitis toghcháin Eorpacha atá rannpháirteach i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa nósanna imeachta daonlathacha, trédhearcacht agus comhionannas inscne a urramú, trí bhearta a bhfuil sé d’aidhm acu a áirithiú go mbeidh comhdheiseanna ag gach duine incháilithe a bheith tofa, agus comhdhéanamh de chuid Pharlaimint na hEorpa a léiríonn éagsúlacht an Aontais Eorpaigh, agus a n-iarrthóirí á roghnú le haghaidh toghchán do Pharlaimint na hEorpa. Bainfear amach comhionannas inscne ag brath ar chórais toghcháin na mBallstát agus ar aon nós sa toghlach uile-Aontais trí úsáid a bhaint as liostaí zipeáilte nó cuótaí, gan cearta daoine neamhdhénártha a shárú.

2.   Féadfaidh comhalta de pháirtí polaitiúil, comhlachas vótálaithe nó eintiteas toghcháin Eorpach gearán réasúnaithe maidir le neamhchomhlíonadh na nósanna imeachta daonlathacha, trédhearcachta agus critéir chomhionannais inscne a leagtar síos san Airteagal seo, a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta atá freagrach nó an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin.

Airteagal 11

Liostaí na n-iarrthóirí a chur síos

1.   12 sheachtain roimh lá an Toghcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(1) a bheidh mar sprioc-am chun liostaí na n-iarrthóirí a chur síos do thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.

2.   Tráth nach déanaí ná 12 sheachtain roimh lá an Toghcháin, soláthróidh na heintitis toghcháin Eorpacha doiciméad don Údarás Eorpach um Thoghcháin lena léireofar go dtoilíonn na hiarrthóirí uile go gcuirfí san áireamh iad ar an liosta uile-Aontais. Áireofar sa doiciméad sin ainmneacha iomlána na n-iarrthóirí agus a gcárta aitheantais nó a n-uimhreacha pas. Síneoidh na hiarrthóirí é agus léireofar ann dáta agus áit an tsínithe.

Airteagal 12

Córas toghcháin

1.   Is trí vótáil chomhchoiteann dhíreach a dhéanfar na toghcháin agus beidh siad comhionann, saor agus rúnda. Beidh dhá vóta ag gach vótálaí, ceann amháin chun Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh sna toghlaigh náisiúnta agus ceann eile chun Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a thoghadh sa toghlach uile-Aontais.

2.   Toghfar feisirí de Pharlaimint na hEorpa mar ionadaithe do shaoránaigh an Aontais ar bhonn na hionadaíochta cionmhaire, sna toghlaigh náisiúnta agus sa toghlach uile-Aontais.

3.   Sna toghlaigh náisiúnta, toghfar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí úsáid a bhaint as aon chóras náisiúnta ionadaíochta cionmhaire a bhaintear úsáid as sna Ballstáit go coitianta.

4.   Sa toghlach uile-Aontais, toghfar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí úsáid a bhaint as an gcóras liostaí iata.

Airteagal 13

Tairseach thoghcháin

1.   Féadfaidh na Ballstáit íostairseach a leagan síos maidir le leithdháileadh suíochán. Ar an leibhéal náisiúnta, ní rachaidh an tairseach sin thar 5 % de na vótaí bailí a caitheadh.

2.   Maidir le toghlaigh náisiúnta, ina bhfuil níos mó ná 60 suíochán, socrófar tairseach agus ní bheidh sé níos lú ná 3,5 % de na vótaí bailí a chaitear sa toghlach lena mbaineann.

3.   Ní dochar na tairseacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 do dhíolúintí arna ndéanamh sa dlí náisiúnta do pháirtithe polaitiúla nó do chomhlachais vótálaithe a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh náisiúnta nó teanga aitheanta.

4.   Déanfar díolúine ó thairseacha náisiúnta a leagtar síos i mír 2 do pháirtithe polaitiúla nó comhlachais vótálaithe, atá cláraithe sa cheathrú cuid de na Ballstáit agus a fhaigheann milliún vóta ar a laghad ar fud an Aontais, a áiríonn ina bpáipéar ballóide náisiúnta ainm agus lógó aonair an eintitis toghcháin Eorpaigh a bhfuil siad cleamhnaithe leis, agus nuair is iomchuí, arna chur in oiriúint do theangacha na mBallstát lena mbaineann.

5.   Ní bheidh aon íostairseach maidir le leithdháileadh suíochán sa toghlach uile-Aontais dá dtagraítear in Airteagal 15.

Airteagal 14

Toghlaigh náisiúnta

I gcomhréir lena staid náisiúnta shonrach agus gan dochar d’Airteagal 15, féadfaidh gach Ballstát toghlaigh aonair a bhunú le haghaidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó a thoghlimistéar a fhoroinnt ar bhealach difriúil, gan difear a dhéanamh do chineál comhréireach an chórais vótála i gcoitinne.

Féadfaidh na Ballstáit toghlaigh aonchomhalta a bhunú a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh theangeolaíocha nó eitneacha, ar náisiúnaigh thar lear, ar na réigiúin is forimeallaí nó ar chríocha thar lear i gcomhréir le rialacháin náisiúnta, gan difear a dhéanamh do chineál comhréireach an chórais vótála.

Airteagal 15

Toghlach uile-Aontais

1.   Beidh toghlach amháin ann a bheidh comhdhéanta de chríoch iomlán an Aontais Eorpaigh as a dtoghfar 28 Feisire de Pharlaimint na hEorpa sa chéad toghchán d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

I gcás toghcháin d'Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa ina dhiaidh sin, cinnfear méid an toghlaigh uile-Aontais leis an gCinneadh ón gComhairle Eorpach lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa.

2.   Ní dochar an toghchán, maidir leis an toghlach uile-Aontais, d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh i ngach Ballstát.

3.   Féadfaidh gach eintiteas toghcháin Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 2, liostaí uile-Aontais a chur faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin.

4.   Ní fhéadfaidh aon eintiteas toghcháin Eorpach níos mó ná liosta uile-Aontais amháin a chur isteach. Ní fhéadfaidh páirtithe náisiúnta agus comhlachais náisiúnta vótálaithe tacú ach le liosta amháin ar fud an Aontais.

5.   Beidh ainm agus lógó an eintitis toghcháin Eorpaigh faoi seach ar bhallóidí na liostaí uile-Aontais.

6.   I gcás iarrthóirí a bhfuil cónaí orthu i dtríú tír, is í áit chónaithe an iarrthóra, chun críocha an liosta uile-Aontais a tharraingt suas, an áit chónaithe dheireanach a bheidh aige/aici sular fhágadar an tAontas Eorpach. I gcás iarrthóirí a rugadh i dtríú tír agus a bhfuil cónaí orthu i dtríú tír, beidh an áit chónaithe, chun an liosta uile-Aontais a tharraingt suas, ag freagairt do Bhallstát náisiúntachta an iarrthóra.

7.   Áireofar ar na liostaí uile-Aontais líon iarrthóirí atá comhionann le líon na sainorduithe dá dtagraítear i mír 1.

8.   Déanfaidh na heintitis toghcháin Eorpacha na liostaí uile-Aontais a tharraingt suas i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 10(1).

9.   Chun cothromaíocht gheografach a áirithiú, roinntear na liostaí uile-Aontais i ranna de thrí shliotán. Tá gach ceann de na trí shliotán sin le líonadh le hiarrthóir amháin ó gach ceann de na trí ghrúpa Ballstát mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn I agus mar a léirítear in Iarscríbhinn II.

10.   Maidir le hiarrthóirí a bhfuil cónaí orthu in aon cheann de na Ballstáit i ngach ceann de na trí ghrúpa Ballstát a áirítear in Iarscríbhinn I, athróidh an t-ord sin i ngach roinn liosta de thrí shliotán suas go dtí an sliotán liosta a chomhfhreagraíonn don uimhir a thagann as líon iomlán na suíochán a roinnt faoi dhó, agus déanfar é a shlánú suas go dtí an chéad slánuimhir eile i gcás inar gá.

11.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) daonra iomlán na mBallstát a ríomh ar bhonn na sonraí is déanaí arna soláthar ag na Ballstáit, i gcomhréir le modh arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

12.   Déanfar leithdháileadh na suíochán ar na liostaí uile-Aontais bunaithe ar na torthaí comhiomlánaithe sa toghlach uile-Aontais i gcomhréir le córas D'Hondt, mar seo a leanas:

(a)

cuirtear líon na vótaí a fuair na hiarrthóirí in ord ó na vótaí is airde go dtí an líon is ísle, i gcolún;

(b)

déantar líon na vótaí a fuair gach iarrthóireacht a roinnt ar 1,2,3, etc., suas go dtí uimhir atá cothrom le líon na suíochán a chomhfhreagraíonn don toghlach, lena mbunaítear tábla atá cosúil leis an gceann atá in Iarscríbhinn III. Déanfar na suíocháin a shannadh do na hiarrthóirí a fhaigheann na cóimheasa is airde sa tábla, in ord íslitheach;

(c)

más rud é go bhfuil dhá shuíochán a chomhfhreagraíonn d’iarrthóireachtaí éagsúla san áit chéanna ar an liosta líonta, leithdháiltear an suíochán ar an liosta a fuair an líon is mó vótaí. Má bhíonn beirt iarrthóirí ann a bhfuil an líon céanna vótaí acu, socrófar an chéad chomhscór trí chrannchur agus socraítear na cinn ina dhiaidh sin ar bhealach eile.

13.   Soláthróidh craoltóirí poiblí Eorpacha agus náisiúnta am craolacháin i gcomhréir le torthaí an toghcháin roimhe sin don toghlach uile-Aontais, lena n-áiritheofar am íosta craolacháin do gach liosta uile-Aontais.

Airteagal 16

Feachtais toghcháin na n-eintiteas toghcháin Eorpach a mhaoiniú

Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Chaibidlí IV agus V de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le feachtais toghcháin na n-eintiteas toghcháin Eorpach a mhaoiniú.

Airteagal 17

Forálacha coiteanna a bhaineann le feachtais toghcháin

1.   Ní chuirfear tús le feachtasaíocht toghcháin go dtí 8 seachtaine roimh lá an Toghcháin.

2.   Is éard atá i gceist le feachtasaíocht toghcháin vótaí a iarraidh ar vótálaithe i dtoghchán chuig Parlaimint na hEorpa trí ábhar clóite nó digiteach agus formáidí eile cumarsáide poiblí, fógraíochta sna meáin, agus imeachtaí poiblí. Áireofar in ábhair feachtais toghcháin lógó agus tagairt d’fhorógra nó do chlár an eintitis toghcháin Eorpaigh a bhfuil an páirtí náisiúnta cleamhnaithe leis.

3.   Beidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar ábhair feachtais toghcháin.

4.   Sna toghlaigh náisiúnta, beidh na páipéir bhallóide a úsáidfear i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa aonfhoirmeach, tabharfaidh siad infheictheacht chomhionann d’ainmneacha, d'acrainmneacha, do shiombailí agus lógónna, más ann dóibh, na bpáirtithe polaitiúla náisiúnta agus/nó na gcomhlachas náisiúnta vótálaithe, agus d’ainmneacha na n-eintiteas toghcháin Eorpach nuair atá siad cleamhnaithe le haon cheann acu, agus beidh liosta ainmneacha na n-iarrthóirí agus, i gcás inarb iomchuí, ainmneacha na n-ionadaithe orthu, san ord ina mbeidh siad ar na liostaí toghcháin ábhartha.

5.   Beidh na rialacha maidir le hábhair toghcháin a chur sa phost chuig vótálaithe i dtoghcháin do Parlaimint na hEorpa mar a chéile leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm i gcomhair toghcháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sa Bhallstát lena mbaineann.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna d’eintitis toghcháin Eorpacha mar a thugtar do pháirtithe polaitiúla náisiúnta agus comhlachais náisiúnta vótálaithe maidir leis an bhfeachtas toghcháin a bhaineann leis an toghlach uile-Aontais.

7.   Déanfaidh na Ballstáit tréimhse forchoimeádta toghcháin Eorpach 48 n-uair an chloig a chur chun feidhme roimh lá an Toghcháin, tráth nach gceadófar ceisteanna a chur ar thoghthóirí faoina bhfuil ar intinn acu vótáil.

Airteagal 18

Údarás Teagmhála

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás teagmhála, a bheidh freagrach as na sonraí faoi vótálaithe is gá chun an rolla toghthóirí Eorpach a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus faoi iarrthóirí, a mhalartú lena gcomhghleacaithe sna Ballstáit eile agus leis an Údarás Eorpach um Thoghcháin arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 28.

2.   Tosóidh an t-údarás teagmhála dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a chosaint, ar na sonraí a luaitear in Airteagail 9 agus 10 de Threoir 93/109/CE (10) ón gComhairle maidir le saoránaigh an Aontais a cuireadh isteach ar na rollaí náisiúnta toghthóirí agus ar an rolla toghthóirí Eorpach nó atá ina n-iarrthóirí, i mBallstát nach náisiúnaigh de iad, a tharchur chuig na contrapháirtithe sin agus chuig an Údarás Eorpach um Thoghcháin, tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh lá an Toghcháin.

Airteagal 19

Lá an Toghcháin

1.   Déanfar toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a reáchtáil an 9 Bealtaine den bhliain dheireanach de théarma parlaiminteach, dá dtagraítear in Airteagal 20 (an “Lá an Toghcháin”).

2.   Le linn uaireanta oscailte na stáisiún vótála agus ó leathuair an chloig sula n-osclaíonn na stáisiúin vótála, beidh toirmeasc ar aon ghníomhaíochtaí polaitiúla sna stáisiúin vótála nó gar dóibh, gan dochar d’aon ghníomhaíocht a eagraítear chun Lá na hEorpa a cheiliúradh sna Ballstáit.

3.   Tiocfaidh deireadh leis na toghcháin sna Ballstáit go léir faoi 21:00 am áitiúil lá an Toghcháin. Chun an difríocht ama a chur san áireamh, féadfar toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a reáchtáil an 8 Bealtaine den bhliain dheireanach de théarma parlaiminteach i dtíortha agus i gcríocha an Aontais thar lear.

4.   Ní dhéanfaidh na Ballstáit torthaí a gcomhairimh a phoibliú go hoifigiúil ná ar bhonn sealadach go dtí tar éis dheireadh na vótála, i gcomhréir le mír 3, sa Bhallstát arb iad a dtoghthóirí na daoine deiridh le vótáil.

5.   Féadfaidh Ballstáit lá an Toghcháin a fhógairt mar lá saoire náisiúnta.

Airteagal 20

Torthaí an toghcháin a chinneadh agus a fhoilsiú

1.   Déanfaidh an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin torthaí na dtoghchán sa toghlach uile-Aontais agus sna toghlaigh náisiúnta a fhógairt, san ord sin, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na húdaráis teagmhála.

2.   Foilseofar torthaí oifigiúla na dtoghchán in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 21

Téarma parlaiminteach agus sainordú

1.   Tosóidh an téarma 5 bliana, a ndéantar Feisirí de Parlaimint na hEorpa a thoghadh ina leith, ag oscailt an chéad seisiúin i ndiaidh gach toghcháin (an “téarma parlaiminteach”).

2.   Cuirfear tús le téarma oifige gach Feisire de Pharlaimint na hEorpa agus tiocfaidh deireadh leis i gcomhréir leis an téarma parlaiminteach (an “sainordú”).

Airteagal 22

Comóradh na Parlaiminte

Sa bhreis ar an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 229 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tiocfaidh Parlaimint na hEorpa le chéile, gan a bheith de riachtanas í a chomóradh, ar an gcéad Mháirt tar éis tréimhse míosa a bheith caite ó lá an Toghcháin.

Airteagal 23

Fíorú na ndintiúr

Fíoróidh Parlaimint na hEorpa dintiúir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.

Chun na críche sin, tabharfaidh sí dá haire na torthaí arna ndearbhú go hoifigiúil ag na Ballstáit agus arna bhfógairt ag an Údarás Eorpach um Thoghcháin.

Airteagal 24

Neamhréireachtaí

1.   Beidh oifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa ar neamhréir leis na hoifigí seo a leanas:

comhalta de rialtas Ballstáit,

comhalta de pharlaimint náisiúnta nó réigiúnach nó tionól ag a bhfuil cumhachtaí reachtacha,

comhalta den Choimisiún Eorpach,

Breitheamh, Abhcóide Ginearálta nó Cláraitheoir Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh,

comhalta den Chúirt Iniúchóirí,

an tOmbudsman Eorpach,

comhalta den Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta,

comhalta de Choiste na Réigiún,

comhalta de choistí nó de chomhlachtaí eile arna mbunú de bhun Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach chun críocha cistí an Aontais a bhainistiú nó cúram buan díreach riaracháin a dhéanamh,

comhalta de Bhord Stiúrthóirí, de Choiste Bainistíochta nó d’fhoireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta,

oifigeach nó seirbhíseach gníomhach d’institiúidí an Aontais Eorpaigh nó de na sainchomhlachtaí a ghabhann leo nó den Bhanc Ceannais Eorpach.

2.   Féadfaidh gach Ballstát rialacha náisiúnta breise a ghlacadh maidir le neamhréireacht le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 27, déanfar feisirí de Pharlaimint na hEorpa, a dtiocfaidh mír 1 agus mír 2 chun bheith infheidhme maidir leo le linn an téarma pharlaimintigh, a ionadú.

Airteagal 25

Gníomhaíochtaí parlaiminteacha seachtracha

Nuair a thoghfar iad, ainmneoidh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa an bardas agus, más infheidhme, an réigiún, laistigh dá mBallstát cónaithe, as a ndéanfaidh siad gníomhaíochtaí parlaiminteacha seachtracha.

Airteagal 26

Vóta pearsanta agus neamhspleách

1.   Vótálfaidh feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar bhonn aonair agus ar bhonn pearsanta. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha ná ní bhfaighidh siad sainordú ceangailteach.

2.   Beidh na pribhléidí agus na díolúintí ag feisirí de Pharlaimint na hEorpa a bhaineann leo de bhua Phrótacal Uimh. 7 ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ón tráth a dhearbhófar go hoifigiúil iad a bheith tofa do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 27

Folúntais

1.   Beidh suíochán folamh nuair a thiocfaidh deireadh le sainordú Feisire de Pharlaimint na hEorpa mar thoradh ar an bhFeisire sin éirí as oifig nó fáil bháis, nó mar gheall ar tharraingt siar a shainordaithe nó a sainordaithe.

2.   I gcás ina bhfaigheann Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna thoghadh sa toghlach uile-Aontais bás, ina n-éiríonn Feisire den sórt sin as oifig nó ina dtarraingnítear sainordú Feisire den sórt sin siar, cuirfidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin ar an eolas láithreach.

Líonfar an folúntas ag an gcéad iarrthóir eile ar an liosta iarrthóirí inar toghadh ar dtús an Feisire a fuair bás, a d'éirigh as nó a tarraingíodh siar a shainordú.

3.   Faoi réir fhorálacha eile an Rialacháin seo, leagfaidh gach Ballstát síos nósanna imeachta iomchuí chun aon suíochán atá folamh le linn an téarma pharlaimintigh a líonadh, don chuid eile den tréimhse sin.

4.   I gcás ina ndéantar foráil shainráite i ndlí Ballstáit maidir le sainordú Feisire de Pharlaimint na hEorpa a tharraingt siar, tiocfaidh deireadh leis an sainordú sin de bhun na bhforálacha dlíthiúla sin. Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta Parlaimint na hEorpa ar an eolas ina leith.

5.   I gcás ina mbeidh suíochán folamh mar thoradh ar éirí as nó bás, cuirfidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa é sin in iúl láithreach d’údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann agus don Údarás Eorpach um Thoghcháin.

6.   I gcás ina bhfógraíonn an Pharlaimint go bhfuil folúntas ann maidir le suíochán feisire a toghadh ón toghlach uile-Aontais, cuirfidh an tUachtarán an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin ar an eolas ina leith, agus iarrfaidh sé air an suíochán a líonadh ar feadh an tréimhse atá fágtha den sainordú gan mhoill.

Líonfar folúntais i suíocháin feisirí de Pharlaimint na hEorpa arna dtoghadh ón toghlach uile-Aontais leis an gcéad iarrthóir eile ar an liosta ábhartha, de réir an oird tosaíochta.

7.   Féadfaidh an Pharlaimint, ar iarraidh ón bhFeisire lena mbaineann, agus le comhaontú an Bhallstáit lena mbaineann nó an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin, a mholadh go ndéanfar an Feisire lena mbaineann a ionadú ar bhonn sealadach i gcás saoire mháithreachais, saoire atharthachta nó saoire do thuismitheoirí nó i gcás saoire de dheasca breoiteacht throm.

Nuair atá suíochán folamh go sealadach ar aon cheann de na cúiseanna a leagtar amach sa chéad fhomhír, cuirfear an chéad iarrthóir eile ar an liosta ábhartha in ionad an Fheisire lena mbaineann go sealadach ar feadh tréimhse 16 seachtaine, agus féadfaidh an t-iarrthóir sin a chinneadh cé acu an líonfaidh nó nach líonfaidh sé an folúntas. Má dhiúltaítear an folúntas a líonadh ní chaillfear an áit ar an liosta ábhartha d’fholúntais amach anseo. Féadfar an tréimhse 16 seachtaine a athnuachan.

Airteagal 28

An tÚdarás Eorpach um Thoghcháin

1.   Bunaítear leis seo Údarás Eorpach um Thoghcháin (an “An tÚdarás Eorpach um Thoghcháin”) chun na críocha seo a leanas:

(a)

cur chun feidhme ceart an Rialacháin seo a áirithiú chomh maith leis an bpróiseas toghcháin sa toghlach uile-Aontais a stiúradh agus faireachán a dhéanamh air;

(b)

an nós imeachta is infheidhme maidir le gearáin faoi Airteagal 10(2) a shainiú a mhéid a bhaineann leis an toghlach uile-Aontais;

(c)

na feidhmeanna uile a bhaineann leis an bpróiseas toghcháin sa toghlach uile-Aontais a fheidhmiú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis na húdaráis teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 18;

(d)

a fhíorú go gcomhlíonann na heintitis toghcháin Eorpacha na coinníollacha maidir le liostaí uile-Aontais a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 15;

(e)

rolla toghthóirí na hEorpa a bhunaítear in Airteagal 9 a bhainistiú;

(f)

torthaí toghcháin a fhógairt i gcomhréir le hAirteagal 20;

(g)

rialú ar aon díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn as forálacha an Rialacháin seo seachas na díospóidí sin a eascraíonn as na forálacha náisiúnta dá dtagraítear sa Rialachán seo.

Féadfaidh an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin cúnamh a thabhairt freisin i gcás deacrachtaí a bhaineann le léirmhíniú ar na liostaí arna gcur isteach ag na húdaráis náisiúnta.

2.   Beidh an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin neamhspleách agus déanfaidh sé a chuid feidhmeanna a fheidhmiú i lánchomhlíonadh an Rialacháin seo.

3.   Déanfaidh an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin na liostaí uile-Aontais a fhógairt 11 seachtain roimh lá an Toghcháin.

Déanfaidh sé Clár de na liostaí uile-Aontais éagsúla, arna dtíolacadh ag na heintitis toghcháin Eorpacha, a bhunú agus a bhainistiú. Cuirfear an fhaisnéis ar an gClár ar fáil go poiblí.

Ina chinntí, tabharfaidh an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin lánaird ar na cearta bunúsacha chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir.

4.   Ceapfaidh gach Ballstát comhalta amháin den Údarás Eorpach um Thoghcháin, arna roghnú as ollúna dlí nó eolaíochta polaitiúla agus saineolaithe eile i gcórais toghcháin ar bhonn a gcáilíochtaí gairmiúla agus cothromaíocht inscne á hurramú. Toghfaidh comhaltaí an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin a uachtarán, a leas-uachtarán agus a rúnaí trí thromlach simplí, le vótaí ar leithligh. Féachfaidh an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin le cinntí a ghlacadh trí chomhthoil. Mura féidir cinneadh a dhéanamh trí chomhthoil, déanfaidh an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin cinneadh trí vóta tromlaigh shimplí.

Beidh comhaltaí uile an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgais. Ní iarrfaidh siad treoracha ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon institiúid nó rialtas ná ó aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht. Ní bheidh siad ina bhFeisirí nó ina nIar-Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, de pharlaimintí náisiúnta nó de rialtais náisiúnta. Ina theannta sin, ní aon sainordú toghcháin acu, ná ní bheidh siad ina n-oifigigh ná ina seirbhísigh eile d’aon institiúid an Aontais nó d’aon pháirtí polaitiúil Eorpach ná d’aon chomhlachas Eorpach vótálaithe, ná d’aon fhondúireacht pholaitiúil Eorpach.

Ceapfar comhaltaí an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin ar feadh téarma 5 bliana a bheidh inathnuaite aon uair amháin.

5.   Déanfaidh uachtarán an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin ionadaíocht thar ceann an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin agus áiritheoidh sé cur chun feidhme chinntí uile an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin thar a cheann.

Staonfaidh uachtarán an Údaráis ó aon ghníomh atá ar neamhréir le nádúr a chuid nó a cuid dualgas.

Más rud é nach gcomhlíonann comhalta den Údarás Eorpach um Thoghcháin, lena n-áirítear an tUachtarán, na coinníollacha is gá chun a dhualgais nó a dualgais a chomhlíonadh a thuilleadh, féadfar é nó í a bhriseadh as a phost nó as a post trí vóta arna tacú le trí chúigiú ar a laghad de chomhaltaí an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin ar bhonn tuarascála ina leagtar amach togra réasúnaithe maidir le dífhostú.

Cuirfear tús le téarma 5 bliana an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin 2 bhliain go leith tar éis thús an téarma pharlaimintigh. Cuirfear tús leis an gcéad sainordú de chuid an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin a luaithe is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcás folúntas a tharlaíonn san Údarás Eorpach um Thoghcháin de bharr éirí as oifig, scoir, dífhostaithe nó báis, líonfar é i gcomhréir leis an nós imeachta chéanna is infheidhme maidir leis an gcéad cheapachán.

6.   Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Údarás Eorpach um Thoghcháin agus beidh na hoifigí, an fhoireann, na seirbhísí agus na saoráidí tacaíochta riaracháin is gá aige chun a fheidhmeanna a chur i gcrích.

7.   Laistigh de 9 mí tar éis na dtoghchán Eorpach, cuirfidh an tÚdarás Eorpach um Thoghcháin tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le heagrú na dtoghchán Eorpach agus maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir lena aidhmeanna a bhaint amach.

8.   Déanfar costais an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin, lena n-áirítear luach saothair a chomhaltaí, a mhaoiniú le leithreasuithe ó bhuiséad ginearálta an Aontais.

Beidh leithreasuithe buiséadacha leordhóthanach chun oibriú iomlán agus neamhspleách an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin a áirithiú. Déanfaidh uachtarán an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin dréachtphlean buiséadach don Údarás Eorpach um Thoghcháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus cuirfear ar fáil go poiblí é. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa dualgais an Oifigigh Údarúcháin i ndáil leis na leithreasuithe sin a tharmligean chuig uachtarán an Údaráis Eorpaigh um Thoghcháin.

Airteagal 29

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina Choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 30

Aisghairm

1.   Déantar an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, chomh maith le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle lena leagtar síos an Ionstraim sin, a aisghairm.

2.   Déanfar tagairtí don ionstraim aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 31

Clásal athbhreithnithe

Tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis gach toghcháin Eorpaigh, déanfaidh Parlaimint na hEorpa, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Thoghcháin, tuarascáil thíolacadh maidir le feidhmiú foriomlán an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, más iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 32

Teacht i bhfeidhm

1.   Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an gcéad lá den mhí tar éis a fhormheasa ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra d’Ardrúnaíocht na Comhairle nuair a bheidh a gcuid nósanna imeachta náisiúnta tugtha chun críche.

IARSCRÍBHINN I

TÁBLA – 27 mBALLSTÁT AE DE RÉIR CATAGÓIRÍ DAONRA

Catagóirí

Ballstát

Daonra iomlán

Grúpa A

(37,9 milliún - 83,1 milliún)

An Ghearmáin

83 166 711

An Fhrainc

67 320 216

An Iodáil

59 641 488

An Spáinn

47 332 614

An Pholainn

37 958 138

Grúpa B

(6,9 milliún - 19,3 milliún)

An Rómáin

19 328 838

An Ísiltír

17 407 585

An Bheilg

11 522 440

An Ghréig

10 718 565

An tSeicia

10 693 939

An tSualainn

10 327 589

An Phortaingéil

10 295 909

An Ungáir

9 769 526

An Ostair

8 901 064

An Bhulgáir

6 951 482

Grúpa C

(0,5 milliún - 5,8 milliún)

An Danmhairg

5 822 763

An Fhionlainn

5 525 292

An tSlóvaic

5 457 873

An Chróit

4 964 440

An Chróit

4 058 165

An Liotuáin

2 794 090

An tSlóivéin

2 095 861

An Laitvia

1 907 675

An Eastóin

1 328 976

An Chipir

888 005

Lucsamburg

626 108

Málta

514 564

Foinse: https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/tps00001/default/table?lang=en

IARSCRÍBHINN II

Sampla praiticiúil de liosta uile-Aontais ag baint úsáid as an ngrúpa trí chatagóir ina bhfuil 28 suíochán.

Is samplaí iad A2, A3, A4, A5, B1, B2, B3, B4, B5, B7, B8, B9, B10, C1, C2, C3, C4, C5, C6, C7, C8, C9, C10, C11, C12, E6 d’iarrthóirí ó na Ballstáit de réir catagóire daonra

Sampla de liosta uile-Aontais

Ranna

Uimhir shliotáin

Iarrthóirí ó

Roinn 1

1

A1

2

B7

3

C7

Roinn 2

4

B10

5

C5

6

A3

Roinn 3

7

A2

8

C3

9

B7

Roinn 4

10

B5

11

C3

12

A4

Roinn 5

13

A5

14

C12

15

B9

Roinn 6

16

A4

17

A2

18

B2

Roinn 7

19

B3

20

A1

21

B8

Roinn 8

22

C1

23

C2

24

B4

Roinn 9

25

A5

26

C8

27

B1

Roinn 10

28

B7

IARSCRÍBHINN III

Sampla praiticiúil – Modh D’Hondt

Sampla praiticiúil: 1 000 000 vóta bailí caite i dtoghlach a thoghann 5 Feisirí.

A (350 000 vóta), B (300 000 vóta), C (150 000 vóta), D (100 000 vóta), E (70 000 vóta), F (30 000 vóta)

Rannán

1

2

3

4

5

A

350 000

175 000

116 666

87 500

70 000

B

300 000

150 000

100 000

75 000

60 000

C

150 000

75 000

50 000

37 500

30 000

D

100 000

50 000

33 333

25 000

20 000

E

70 000

35 000

23 333

17 500

14 000

F

30 000

15 000

10 000

7 500

6 000

Mar thoradh, faigheann A 2 shuíochán, faigheann B 2 shuíochán agus faigheann C suíochán amháin.


(1)  IO L 278, 8.10.1976, lch. 5.

(2)  Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 (IO L 278, 8.10.1976, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2002/772/CE, Euratom ón gComhairle an 25 Meitheamh agus an 23 Meán Fómhair 2002 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom (IO L 283, 21.10.2002, lch. 1).

(4)  Cinneadh (AE, Euratom) 2018/994 ón gComhairle an 13 Iúil 2018 lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh Feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 (IO L 178, 16.7.2018, lch. 1), nach bhfuil i bhfeidhm.

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (COM(2020)0790).

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún dar teideal “Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025” (COM(2020)0152).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (IO L 317, 4.11.2014, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IO L 330, 10.12.2013, lch. 39).

(10)  Treoir 93/109/CE ón gComhairle an 6 Nollaig 1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le feidhmiú an chirt chun vótáil agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad (IO L 329, 30.12.1993, lch. 34).


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/173


P9_TA(2022)0130

Leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (COM(2021)0656 – C9-0396/2021- 2021/0340(COD)) (1)

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 465/18)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Ag an seachtú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 4 go dtí an 15 Bealtaine 2015, comhaontaíodh peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir (“peinteaclóraifeanól”) a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ag an naoú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 29 Aibreán go dtí an 10 Bealtaine 2019, comhaontaíodh déchófól chomh maith le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. I bhfianaise na leasuithe sin ar an gCoinbhinsiún agus chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl ina bhfuil na substaintí sin a bhainistiú i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, is gá Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú freisin trí pheinteaclóraifeanól, déchófól agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú sna hIarscríbhinní agus teorainn tiúchana gach ceann ar leith díobh a lua.

(2)

Ag an seachtú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 4 go dtí an 15 Bealtaine 2015, comhaontaíodh peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir (“peinteaclóraifeanól”) a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. Ag an naoú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún, a tionóladh ón 29 Aibreán go dtí an 10 Bealtaine 2019, comhaontaíodh déchófól chomh maith le haigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú in Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. I bhfianaise na leasuithe sin ar an gCoinbhinsiún agus chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl ina bhfuil na substaintí sin a bhainistiú i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, is gá Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú freisin trí pheinteaclóraifeanól, déchófól agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara a chuimsiú sna hIarscríbhinní agus teorainn tiúchana gach ceann ar leith díobh a lua freisin .

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

Liostaíodh peinteaclóraifeanól roimhe in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) le Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún (24), agus luach 100 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn IV agus luach 1 000  mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn V. Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 le Rialachán (AE) 2019/1021, ach fágadh peinteaclóraifeanól ar lár go neamhbheartaithe ón Rialachán sin. Is gá, dá bhrí sin, Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú chun peinteaclóraifeanól a chur san áireamh.

(3)

Liostaíodh peinteaclóraifeanól roimhe in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) le Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún (24), agus luach 100 mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn IV agus luach 1 000  mg/kg luaite maidir leis in Iarscríbhinn V. Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 le Rialachán (AE) 2019/1021, ach fágadh peinteaclóraifeanól ar lár go neamhbheartaithe ón Rialachán sin. Is gá, dá bhrí sin, Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú chun peinteaclóraifeanól a chur san áireamh anois .

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

Tá teorainneacha tiúchana cheana féin ann in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir leis na substaintí nó na grúpaí substaintí seo a leanas: a) suim na tiúchana éitir teitreabrómaidhéfheinile, éitir peinteabrómaidhéfheinile, éitir heicseabrómaidhéfheinile, éitir heipteabrómaidhéfheinile agus éitir deacabrómaidhéfheinile (seachas an t-éitear deiridh, éitear nach liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin); b) Heicseabrómaiciogladóideacán; c) Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna); agus d) débheinsea-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF). De bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/1021, is iomchuí na teorainneacha tiúchana in Iarscríbhinn IV a leasú maidir leis na substaintí sin chun a dteorainnluachanna a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Chun bheith comhsheasmhach leis an liosta d’éitir défheinile pholabróimínithe (PBDEnna) a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart an tsubstaint éitear deacabrómaidhéfheinile a chuimsiú i measc na PBDEnna a liostaítear sa tríú colún d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

(4)

Tá teorainneacha tiúchana cheana féin ann in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 maidir leis na substaintí nó na grúpaí substaintí seo a leanas: a) suim na tiúchana éitir teitreabrómaidhéfheinile, éitir peinteabrómaidhéfheinile, éitir heicseabrómaidhéfheinile, éitir heipteabrómaidhéfheinile agus éitir deacabrómaidhéfheinile (seachas an t-éitear deiridh, éitear nach liostaítear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin); b) Heicseabrómaiciogladóideacán; c) Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna); agus d) débheinsea-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF). De bhun Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) 2019/1021, is iomchuí na teorainneacha tiúchana in Iarscríbhinn IV a leasú maidir leis na substaintí sin chun a dteorainnluachanna a oiriúnú i gcomhréir leis an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil. Chun bheith comhsheasmhach leis an liosta d’éitir défheinile pholabróimínithe (PBDEnna) a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart an tsubstaint éitear deacabrómaidhéfheinile a chuimsiú i measc na PBDEnna a liostaítear sa tríú colún d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán sin.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)

Tá aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara molta ag an gCoiste um Athbhreithniú ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha (POPRC) lena liostú faoi Iarscríbhinn A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún gan díolúintí sonracha  (5a) tar éis an phróifíl riosca agus an mheastóireacht ar bhainistiú riosca a chur i gcrích maidir leis na substaintí sin . Tá sé beartaithe go ndéanfar cinneadh maidir le PFHxS, a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara a áireamh, ag Coinbhinsiún Stócólm, a bhí le bheith ar siúl ar dtús i mí Iúil 2021, agus atá le bheith ar siúl i mí an Mheithimh 2022 anois mar thoradh ar éabhlóid dhiúltach phaindéim COVID-19 i roinnt mhaith tíortha Eorpacha. Maidir le cuspóirí an Choinbhinsiúin, is iomchuí, dá bhrí sin, bunaithe ar an measúnú tionchair reatha  (5b) agus chun a áirithiú go ndéanfar dramhaíl ina bhfuil na substaintí sin a bhainistiú i gcomhréir le forálacha an Choinbhinsiúin, Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 a leasú cheana féin trí aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara a chuimsiú sna hIarscríbhinní agus teorainn tiúchana gach ceann ar leith díobh a lua . Ba cheart don Choimisiún na leasuithe sin ar Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a léiriú in Iarscríbhinní eile de Rialachán (AE) 2019/1021 chun comhsheasmhacht a áirithiú.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Na teorainneacha tiúchana a mholtar in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, socraíodh iad trí bhíthin na modheolaíochta céanna lenar bunaíodh na teorainneacha tiúchana i leasuithe a rinneadh roimhe seo ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004. Na teorainneacha tiúchana a mholtar, ba cheart iad a bheith sa chaoi go mbainfear amach leo an cuspóir maidir le leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol, cosaint lena ngabhann scriosadh nó claochlú do-aisiompaithe na substaintí lena mbaineann. Agus na teorainneacha sin á socrú, ba cheart an cuspóir beartais leathan a chur san áireamh, eadhon gnóthú an chuspóra maidir le geilleagar aeráidneodrach ciorclach, a chumhdaítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip (26) .

(6)

Na teorainneacha tiúchana a mholtar in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, socraíodh iad trí bhíthin na modheolaíochta céanna lenar bunaíodh na teorainneacha tiúchana i leasuithe a rinneadh roimhe seo ar Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004. Ba cheart prionsabal an réamhchúraim, mar a leagtar amach sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) é a bheith mar bhuntaca leis na teorainneacha tiúchana atá beartaithe agus ba cheart é a bheith mar aidhm leo deireadh a chur, nuair is féidir, le scaoileadh POPanna sa chomhshaol, chun go mbainfear amach leo an cuspóir maidir le leibhéal ard cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaol, cosaint lena ngabhann scriosadh nó claochlú do-aisiompaithe na substaintí lena mbaineann. Agus na teorainneacha sin á socrú, ba cheart an cuspóir beartais leathan a chur san áireamh maidir leis an uaillmhian truailliú nialasach a bhaint amach chun críche timpeallacht atá saor ó thocsainí, athchúrsáil a mhéadú, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, timthriallta ábhair neamhthocsaineacha a fhorbairt i gcás nár cheart substaintí atá faoi thoirmeasc a thabhairt isteach an athuair ar mhargadh AE trí ghníomhaíochtaí athchúrsála, agus geilleagar ciorclach, a chumhdaítear sa Chomhaontú Glas don Eoraip (26).

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

Na teorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021, ba cheart iad a bheith stuama agus go gcuirfidh siad le cur i bhfeidhm chumarsáid an choimisiúin an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal “Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí” ina moltar sraith chuimsitheach gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le húsáid nó éilliú substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS).

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b)

Chun cosc a chur ar dhramhaíl éillithe a mheascadh le dramhaíl nó ábhair eile agus chun inrianaitheacht níos fearr agus cóireáil éifeachtach dramhaíola ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha a áirithiú, is gá neamh-chomhsheasmhacht a sheachaint idir na forálacha maidir le dramhaíl ina bhfuil truailleáin orgánacha mharthanacha a leagadh amach i dtosach i Rialachán (CE) Uimh. 850/2004, a aisghairtear anois le Rialachán (AE) 2019/1021, agus na forálacha sin a leagtar amach ina dhiaidh sin. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, a mheas an bhfuil sé iomchuí a aithint go bhfuil dramhaíl ina bhfuil aon truailleáin orgánacha mharthanacha a sháraíonn na teorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 le haicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach agus togra reachtach a chur ar aghaidh, i gcás inarb iomchuí, chun Treoir 2009/98/CE nó Cinneadh 2014/955/AE, nó iad araon, a leasú dá réir;

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 1 a

“Déanfaidh an Coimisiún a mheas an mbeadh sé iomchuí Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl nó Cinneadh 2014/955/AE ón gCoimisiún  (1a) , nó iad araon, a leasú chun a aithint go bhfuil dramhaíl ina bhfuil aon truailleáin orgánacha mharthanacha a sháraíonn na teorainneacha tiúchana a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1021 le haicmiú mar dhramhaíl ghuaiseach, agus, i gcás inarb iomchuí, bunaithe ar an measúnú sin agus tráth nach déanaí ná 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm na reachtaíochta seo, togra reachtach a chur ar aghaidh chun an Treoir nó an Cinneadh, nó iad araon, a leasú dá réir.”

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe a– tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

“Peinteaclóraifeanól, a shalainn agus a eistir

87-86-5 agus eile

201-778-6 agus eile

100 mg/kg

Déchófól

115-32-2

204-082-0

50 mg/kg

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

335-67-1 agus eile

206-397-9 agus eile

1 mg/kg

 

 

 

( PFOA agus a shalainn),

 

 

 

40 mg/kg

 

 

 

(comhdhúile PFOA -ghaolmhara)”

Leasú

“Peinteaclóraifeanól (PCP), a shalainn agus a eistir

87-86-5 agus eile

201-778-6 agus eile

100 mg/kg

Déchófól

115-32-2

204-082-0

50 mg/kg

Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA), a shalainn agus a chomhdhúile PFOA-ghaolmhara

335-67-1 agus eile

206-397-9 agus eile

0,1   mg/kg

 

 

 

(PFOA agus a shalainn),

 

 

 

20 mg/kg

 

 

 

( suim de chomhdhúile PFOA-ghaolmhara)’

Aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara

355-46-4 agus eile

355-46-4 agus eile

0,1   mg/kg

 

 

 

(PFHxS agus a shalainn),

 

 

 

20 mg/kg

 

 

 

(comhdhúile PFHxS- ghaolmhara)”

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe a– tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

“Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna)

85535-84-8

287-476-5

1 500  mg/kg”

Leasú

“Alcáin C10-C13, clóra (pairifíní clóirínithe gearrshlabhracha) (SCCPanna)

85535-84-8

287-476-5

420 mg/kg”

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe c– tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

“Éitear teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O

40088-47-9 agus eile

254-787-2 agus eile

Suim na dtiúchaintí éitir teitreabrómaidhéfheinile, éitir peinteabrómaidhéfheinile, éitir heicseabrómaidhéfheinile, éitir heipteabrómaidhéfheinile agus éitir deacabrómaidhéfheinile:

Éitear peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O

32534-81-9 agus eile

251-084-2 agus eile

Éitear heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O

36483-60-0 agus eile

253-058-6 agus eile

Éitear heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O

68928-80-3 agus eile

273-031-2 agus eile

Éitear bis(peinteabrómaifeinil) (éitear deacabrómaidhéfheinile; decaBDE) C12Br10O

1163-19-5 agus eile

214-604-9 agus eile

 

 

 

(a)

go dtí an [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae roimh an dáta atá sa phointe seo a leanas], 500 mg/kg

 

 

 

(b)

ón [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] amach, 200 mg/kg nó, más airde, suim thiúchan na substaintí sin i gcás inarb ann dóibh i meascáin nó in earraí, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, an ceathrú colún, pointe 2, maidir leis na substaintí éitear teitreabrómaidhéfheinile, éitear peinteabrómaidhéfheinile, éitear heicseabrómaidhéfheinile, éitear heipteabrómaidhéfheinile agus éitear deacabrómaidhéfheinile.”

Leasú

“Éitear teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O

40088-47-9 agus eile

254-787-2 agus eile

Suim na dtiúchaintí éitir teitreabrómaidhéfheinile C12H6Br4O , éitir peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O , éitir heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O , éitir heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O agus éitir deacabrómaidhéfheinile C12Br10O :

Éitear peinteabrómaidhéfheinile C12H5Br5O

32534-81-9 agus eile

251-084-2 agus eile

Éitear heicseabrómaidhéfheinile C12H4Br6O

36483-60 agus eile

253-058-6 agus eile

Éitear heipteabrómaidhéfheinile C12H3Br7O

68928-80-3 agus eile

273-031-2 agus eile

Éitear bis(peinteabrómaifeinil) (éitear deacabrómaidhéfheinile; decaBDE) C12Br10O

1163-19-5 agus eile

214-604-9 agus eile

 

 

 

(a)

go dtí an [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae roimh an dáta atá sa phointe seo a leanas], 200 mg/kg Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an teorainn tiúchana sin agus, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na Conarthaí, glacfaidh sé togra reachtach chun an luach sin a ísliú tráth nach déanaí ná [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

 

 

 

(b)

scriosta”

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe d– tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

“Débheinsea-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF) agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna)

 

 

5 μg/kg  (2)

Leasú

“Débheinsea-p-dé-ocsainí polaclóirínithe agus débheinseafúráin pholaclóirínithe (PCDD/PCDF) agus défheinilí polaclóirínithe dé-ocsainiúla (dl-PCBanna)

 

 

1 μg/kg  (2)

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1 –pointe e – tábla

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn IV – tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

“Heicseabrómaiciogladóideacán(4)

25637-99-4, 3194-55-6, 134237-50-6, 134237-51-7, 134237-52-8

247-148-4 221-695-9

500 mg/kg”

Leasú

“Heicseabrómaiciogladóideacán(4)

25637-99-4, 3194-55-6, 134237-50-6, 134237-51-7, 134237-52-8

247-148-4 221-695-9

(a)

go dtí an [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta an lae roimh an dáta atá sa phointe seo a leanas], 200 mg/kg

 

 

 

Athbhreithneoidh an Coimisiún an teorainn tiúchana sin agus, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir leis na Conarthaí, glacfaidh sé togra reachtach chun an luach sin a ísliú go 100 mg/kg tráth nach déanaí ná [Nóta chuig Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 5 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].”

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe iv (nua)

Rialachán (AE) 2019/1021

Iarscríbhinn V – Roinn 2 – Tábla

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), a shalainn agus a chomhdhúile PFHxS-ghaolmhara: 50 mg/kg (PFHxS agus a shalainn), 2 000  mg/kg (comhdhúile PFHxS-ghaolmhara).


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0092/2022).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7).

(24)  Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 109, 24.4.2019, lch. 6).

(23)  Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE (IO L 158, 30.4.2004, lch. 7).

(24)  Rialachán (AE) 2019/636 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 109, 24.4.2019, lch. 6).

(5a)   POPRC-15/1

(5b)   SWD(2021)0300

(26)  COM(2019)0640

(26)  COM(2019)0640

(1a)   Cinneadh ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena leasaítear Cinneadh 2000/532/CE maidir leis an liosta dramhaíola de bhun Threoir 2008/98/CE

(2)  Ríomhtar an teorainn de réir shuim na PCDDanna, na PCDFanna agus na dl-PCBanna agus de réir na bhfachtóirí coibhéise tocsaineachta (TEFanna) a leagtar amach sa tríú fomhír, sa tábla, de Chuid 2 d’Iarscríbhinn V.”

(2)  Ríomhtar an teorainn de réir shuim na PCDDanna, na PCDFanna agus na dl-PCBanna agus de réir na bhfachtóirí coibhéise tocsaineachta (TEFanna) a leagtar amach sa tríú fomhír, sa tábla, de Chuid 2 dIarscríbhinn V.”


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/183


P9_TA(2022)0131

Comhchóras cánach breisluacha (CBL): síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe a d’fhéadfadh a bheith soghabhálach do chalaois agus le tréimhse chur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh chalaois CBL *

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse cur i bhfeidhm an tsásra aistrithe táillí roghnaigh i ndáil le soláthairtí earraí agus seirbhísí áirithe atá soghabhálach do chalaois agus le tréimhse cur i bhfeidhm an tSásra Frithghnímh Mhear in aghaidh na calaoise CBL (COM(2022)0039 – C9-0053/2022 – 2022/0027(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

(2022/C 465/19)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2022)0039),

ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0053/2022),

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0128/2022),

1.

ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an tsásra aistrithe táillí sula gcuirfear aon síneadh breise ar a thréimhse iarratais;

3.

á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa;

4.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;

5.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/184


P9_TA(2022)0132

Forálacha acquis Schengen i réimse Chóras Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm sa Chipir *

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le forálacha acquis Schengen i réimse Chóras Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Cipire (COM(2021)0472 – C9-0350/2021 – 2021/0266(NLE))

(Comhairliúchán)

(2022/C 465/20)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0472),

ag féachaint d’Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0350/2021),

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0082/2022),

1.

ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2.

á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

3.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;

4.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/185


P9_TA(2022)0133

Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – Lefteris Christoforou

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le Lefteris Christoforou a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0042/2022 – 2022/0802(NLE))

(Comhairliúchán)

(2022/C 465/21)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0042/2022),

ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0132/2022),

A.

de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 10 Feabhra 2022, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Lefteris Christoforou a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.

de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir an ainmní, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ón ainmní chomh maith le freagraí an ainmní ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C.

de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht leis an ainmní ina dhiaidh sin an 21 Aibreán 2022, éisteacht ina ndearna an t-ainmní ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.

ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Lefteris Christoforou ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar eolas, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/186


P9_TA(2022)0134

Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí – George Marius Hyzler

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 maidir le George Marius Hyzler a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0043/2022 – 2022/0803(NLE))

(Comhairliúchán)

(2022/C 465/22)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0043/2022),

ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0130/2022),

A.

de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 10 Feabhra 2022, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le George Marius Hyzler a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.

de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir an ainmní, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ón ainmní chomh maith le freagraí an ainmní ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C.

de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht leis an ainmní ina dhiaidh sin an 21 Aibreán 2022, éisteacht ina ndearna an t-ainmní ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.

ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú George Marius Hyzler ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar eolas, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.

Dé Céadaoin 4. Bealtaine 2022

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/187


P9_TA(2022)0142

Sainordú Europol a neartú: comhar le páirtithe príobháideacha, próiseáil sonraí pearsanta, agus tacaíocht do thaighde agus nuálaíocht ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (COM(2020)0796 – C9-0401/2020 – 2020/0349(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 465/23)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0796),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 88 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0401/2020),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint don chomhaontú sealadach a d'fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 11 Feabhra 2022 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0290/2021),

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

ag tabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.

ag tabhairt dá haire na ráitis ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

4.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

5.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

P9_TC1-COD(2020)0349

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Bealtaine 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/991.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráitis ón gCoimisiún maidir le Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1)

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an tsásra lenar féidir le Europol moltaí a dhéanamh go n-eiseofar foláirimh i gCóras Faisnéise Schengen

Mar chuid den mheastóireacht a dhéanfaidh an Coimisiún faoi Airteagal 68(3) de Rialachán (AE) 2016/794, trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, tuairisceoidh an Coimisiún ar thionchar oibríochtúil an tsásra nua a bhunaítear le hAirteagal 4(1)(r) de Rialachán (AE) 2016/794. Faoin sásra sin, féadfaidh Europol a mholadh do na Ballstáit, ar bhonn sonraí a fhaigheann Europol ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, foláirimh faisnéise a chur isteach chun leas an Aontais i gCóras Faisnéise Schengen maidir le daoine atá páirteach sa sceimhlitheoireacht nó i gcoireacht thromchúiseach agus eagraithe. Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht sin ar bhonn tuarascálacha a sholáthróidh Europol maidir leis na moltaí a bheidh déanta le haghaidh foláirimh i gCóras Faisnéise Schengen agus maidir leis na foláirimh a bheidh curtha isteach ag na Ballstáit ina dhiaidh sin i gCóras Faisnéise Schengen.

Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an gcaidreamh idir Europol agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh

I dtuairim an Choimisiúin, ní féidir leis na forálacha maidir leis an gcaidreamh idir Europol agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”), mar a leagtar amach in Airteagal 20a de Rialachán (AE) 2016/794, na hoibleagáidí ar Europol a eascraíonn as Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle a theorannú, agus dá bhrí sin déanfar iad a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an Airteagal deireanach sin.

Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis na forálacha i ndáil le comhar Europol le tríú tíortha

A mhéid a bhaineann le rialacha maidir le comhar Europol le tríú tíortha, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil gá le comhaontú idirnáisiúnta faoi Airteagal 218 den Chonradh i gcás aon aistriú sonraí pearsanta ó Europol chuig tríú tír ar bhonn “ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí”, mar a fhoráiltear dó cheana in Airteagal 25(1)(b) de Rialachán (AE) 2016/794. Tugann an Coimisiún dá aire freisin, maidir le haon aistriú sonraí pearsanta ó Europol chuig tríú tír ar bhonn measúnú ar choimircí iomchuí arna ndéanamh ag Europol, nach mór na ceanglais a leagtar amach i gcásdlí (2) Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, rud a fhágann go gceanglaítear ar Europol a chinneadh go soláthraíonn an leibhéal cosanta sonraí sa tríú tír coibhéis bhunúsach ó thaobh na cosanta sonraí de. Má cheadaítear aistrithe sonraí ar bhonn measúnú den chineál sin gan gá a bheith ann réamhthoiliú a fháil ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar a fhoráiltear dó le hAirteagal 25(6) de Rialachán (AE) 2016/794, beidh baol ann go ndéanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí idirghabháil ina dhiaidh sin ar bhonn measúnú éagsúil ar na coimircí cosanta sonraí agus d’fhéadfadh sin tionchar diúltach a imirt ar an gcomhar i bhforfheidhmiú an dlí.

Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an gcomhar idir Europol agus Interpol a neartú

Meabhraíonn an Coimisiún go bhféachann sé, sa chaibidlíocht leanúnach maidir le comhaontú comhair idir an tAontas Eorpach agus Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (ICPO-INTERPOL), agus i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta a thug an Chomhairle (3), leis an gcomhar idir Europol agus Interpol a neartú, agus na forbairtí is déanaí maidir leis an sceimhlitheoireacht agus leis an gcoireacht thromchúiseach eagraithe trasteorann agus trasnáisiúnta a chomhrac á gcur san áireamh aige, mar aon leis na riachtanais oibríochtúla atá ann faoi láthair agus le sainordú Europol. Tá an Coimisiún ag iarraidh a áirithiú, i gcomhréir leis na treoracha caibidlíochta a thug an Chomhairle (4), go soláthraítear leis an gcomhaontú an bunús dlí chun Europol a údarú chun rochtain a fháil ar bhunachair sonraí ábhartha Interpol chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh.

Ráiteas ón gComhairle maidir leis na fógraí dearga ó Interpol faoi chuimsiú ghlacadh Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5)

I gcomhthéacs an chomhair leanúnaigh idir an tAontas agus Interpol, is díol sásaimh don Chomhairle an dul chun cinn atá déanta ag Interpol maidir le sásraí inmheánacha a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh – sula bhfoilseofar agus sula scaipfear na fógraí dearga – ar aon sárú ar bhunreacht Interpol. Leanfaidh na Ballstáit de thacaíocht a thabhairt do Interpol maidir leis na hiarrachtaí sin, agus is díol sásaimh dóibh gur chuir ionadaí de chuid Interpol eolas ar fáil, ar leibhéal na meithle Comhairle, maidir le hiarrachtaí Interpol chun mí-úsáid na bhfógraí dearga ar chúiseanna polaitiúla nó chun sárú ar chearta an duine a chosc, agus iarrann siad go ndéanfar malartú leanúnach tráthrialta ar an ábhar idir Interpol agus na “Biúrónna Lárnacha Náisiúnta”, chun tuilleadh feasachta a mhúscailt faoin ngníomhaíocht atá le déanamh ag na Ballstáit i gcomhar le Interpol. Leanfaidh an Chomhairle de thacaíocht a thabhairt do Interpol caighdeáin agus nósanna imeachta reatha INTERPOL maidir le cáilíocht agus comhlíontacht sonraí a chur chun cinn agus iarrfaidh sí ar Interpol ar bhonn tráthrialta an Chomhairle a chur ar an eolas ar leibhéal na meithle.


(1)  Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lch. 1)

(2)  Tuairim 1/15, Comhaontú PNR AE agus Ceanada, EU:C:2017:592 (26.7.2017); breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Schrems, C-362/14, EU:C:2015:650; breithiúnas an 16 Iúil 2020, C-311/18, Schrems II, EU:C:2020:559.

(3)  Cinneadh (AE) 2021/1312 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú comhair idir an tAontas Eorpach agus Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (ICPO-INTERPOL).

(4)  Cinneadh (AE) 2021/1312 ón gComhairle an 19 Iúil 2021 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le haghaidh comhaontú comhair idir an tAontas Eorpach agus Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (ICPO-INTERPOL).

(5)  Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lch. 1)


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/191


P9_TA(2022)0143

Fóirdheontais eachtracha shaobhacha ***I

Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach (COM(2021)0223 – C9-0167/2021 – 2021/0114(COD)) (1)

(An gnáthnós imeachta reachtach an chéad léamh)

(2022/C 465/24)

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)

Ag an am céanna, d’fhéadfadh gnóthais fóirdheontais a fháil ó thríú tíortha lena gcuirtear cistí poiblí ar fáil a úsáidtear ansin, mar shampla, chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mhaoiniú sa mhargadh inmheánach in aon earnáil den gheilleagar, amhail rannpháirtíocht i dtairiscintí soláthair phoiblí, nó éadálacha gnóthas, lena n-áirítear gnóthais a bhfuil sócmhainní straitéiseacha acu amhail bonneagar criticiúil agus teicneolaíochtaí nuálacha. Níl na fóirdheontais sin faoi réir rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair faoi láthair.

(2)

Ag an am céanna, d’fhéadfadh gnóthais fóirdheontais a fháil ó thríú tíortha a úsáidtear ansin, mar shampla, chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a mhaoiniú sa mhargadh inmheánach in aon earnáil den gheilleagar, amhail rannpháirtíocht i dtairiscintí soláthair phoiblí, nó éadálacha gnóthas, lena n-áirítear gnóthais a bhfuil sócmhainní straitéiseacha acu amhail bonneagar criticiúil agus teicneolaíochtaí nuálacha. Níl na fóirdheontais sin faoi réir rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair faoi láthair. Tá ábhair imní den chineál céanna i bhfeidhm i ndáil le fiontair atá faoi úinéireacht stáit.

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

Cé gur cheart go gcumhdófaí na hearnálacha eacnamaíocha uile faoin Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar earnálacha a bhfuil leas straitéiseach don Aontas ag baint leo agus ar bhonneagair chriticiúla, amhail na cinn sin a luaitear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Leasú 3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a)

Ba cheart an Rialachán seo a bheith comhleanúnach agus comhordaithe leis na hionstraimí atá ann cheana, amhail Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle  (1a) , Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1b) nó Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1c) nó Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1d) . Agus na hionstraimí éagsúla á gcur i bhfeidhm aige, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar roinnt éifeachtach na faisnéise riachtanaí a áirithiú chun cur chuige cuimsitheach a choimirciú.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos chun imscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha a bhfuil saobhadh iarbhír nó féideartha á dhéanamh acu sa mhargadh inmheánach agus, i gcás inarb ábhartha, ba cheart an saobhadh sin a cheartú. D’fhéadfadh fóirdheontais eachtracha an margadh inmheánach a shaobhadh más rud é go mbíonn an gnóthas a bhaineann tairbhe as an bhfóirdheontas eachtrach ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú leis an Rialachán seo maidir le gach gnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas. I bhfianaise thábhacht na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a shaothraíonn FBManna, agus an méid a rannchuidíonn siad le príomhspriocanna beartais an Aontais a chomhlíonadh, tugtar aird ar leith ar thionchar an Rialacháin seo orthu.

(6)

Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos chun imscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha a bhfuil saobhadh iarbhír nó féideartha á dhéanamh acu ar an margadh inmheánach agus, i gcás inarb ábhartha, ba cheart an saobhadh sin a cheartú. D’fhéadfadh fóirdheontais eachtracha an margadh inmheánach a shaobhadh más rud é go mbíonn an gnóthas a bhaineann tairbhe as an bhfóirdheontas eachtrach ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas. Ba cheart go rannchuideodh cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú cuí an Rialacháin seo le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh in aghaidh saobhadh atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha agus ar an gcaoi sin uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a neartú. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha a bhunú leis an Rialachán seo maidir le gach gnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch san Aontas. I bhfianaise thábhacht na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a shaothraíonn FBManna, agus an méid a rannchuidíonn siad le príomhspriocanna beartais an Aontais a chomhlíonadh, tugtar aird ar leith ar thionchar an Rialacháin seo orthu.

Leasú 5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a)

Ós rud é gur cuid lárnach de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo iad údaráis ábhartha na mBallstát, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhoibríonn agus go gcomhordaíonn a n-údaráis go héifeachtach leis an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann comhar struchtúrtha a chur ar bun chun faisnéis a roinnt agus comhordú a dhéanamh.

Leasú 6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)

Ba cheart d’údaráis phoiblí tríú tír ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach. Féadfar an ranníocaíocht airgeadais a dheonú trí eintitis phoiblí nó eintitis phríobháideacha. Cibé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn eintiteas poiblí ranníocaíocht airgeadais, ba cheart é sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás agus aird chuí á tabhairt ar eilimintí amhail saintréithe an eintitis ábhartha agus an timpeallacht dhlíthiúil agus eacnamaíoch atá i réim sa tír ina bhfeidhmíonn an t-eintiteas, lena n-áirítear ról an rialtais sa gheilleagar. Féadfar ranníocaíochtaí airgeadais a dheonú freisin trí eintiteas príobháideach más rud é gur féidir a chuid gníomhaíochtaí a shannadh don tríú tír.

(9)

Ba cheart do thríú tír ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil, go díreach nó go hindíreach. Féadfar an ranníocaíocht airgeadais a dheonú trí eintitis phoiblí nó eintitis phríobháideacha. Cibé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn eintiteas poiblí ranníocaíocht airgeadais, ba cheart é sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás agus aird chuí á tabhairt ar eilimintí amhail saintréithe an eintitis ábhartha agus an timpeallacht dhlíthiúil agus eacnamaíoch atá i réim sa tríú tír ina bhfeidhmíonn an t-eintiteas, lena n-áirítear ról an rialtais i ngeilleagar an tríú tír sin . Féadfar ranníocaíochtaí airgeadais a dheonú freisin trí eintiteas príobháideach más rud é gur féidir a chuid gníomhaíochtaí a shannadh don tríú tír. Ba cheart bearta tacaíochta atá coibhéiseach go heacnamaíoch le ranníocaíocht airgeadais a mheas mar ranníocaíocht airgeadais freisin. D’fhéadfaí a áireamh sa ranníocaíocht airgeadais sin freisin cás ina bhfuil rochtain phribhléideach ag an tairbhí ar a mhargadh intíre, eadhon trí chearta eisiacha nó speisialta mar aon le heisceachtaí roghnaíocha de jure nó de facto ar rialacha is infheidhme nó bearta coibhéiseacha, chun earraí nó seirbhísí a sholáthar sa tríú tír arna dtabhairt faoin dlí náisiúnta nó chun tairbhe margaidh faoi chuing intíre de bharr na ndálaí dlíthiúla agus eacnamaíocha atá i réim. D’fhéadfadh buntáiste iomaíoch saorga a bheith mar thoradh air sin, buntáiste a d’fhéadfaí a ghiaráil i margadh inmheánach agus, ar an gcaoi sin, éifeacht shaofa aon fhóirdheontas a dhéanamh níos measa.

Leasú 7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)

Ba cheart go dtabharfadh an ranníocaíocht airgeadais sin tairbhe do ghnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch sa mhargadh inmheánach. Ní fóirdheontas eachtrach atá i ranníocaíocht airgeadais a thairbhíonn d’eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha. Ba cheart a chinneadh gurb ann do thairbhe ar bhonn tagarmharcanna comparáideacha, amhail cleachtas infheistíochta infheisteoirí príobháideacha, rátaí maoinithe a d’fhéadfaí a fháil ar an margadh, cóireáil chánach inchomparáide, nó luach saothair leordhóthanach ar earra nó ar sheirbhís ar leith. Mura bhfuil tagarmharcanna ar fáil atá inchomparáide go díreach, d’fhéadfaí tagarmharcanna atá ann cheana a choigeartú nó d’fhéadfaí tagarmharcanna malartacha a bhunú bunaithe ar mhodhanna measúnaithe a nglactar leo go ginearálta.

(10)

Ba cheart go dtabharfadh ranníocaíocht airgeadais tairbhe do ghnóthas atá ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch sa mhargadh inmheánach. Ní fóirdheontas eachtrach atá i ranníocaíocht airgeadais a thairbhíonn d’eintiteas atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí neamheacnamaíocha. Ba cheart a chinneadh gurb ann do thairbhe ar bhonn tagarmharcanna comparáideacha, amhail cleachtas infheistíochta infheisteoirí príobháideacha, rátaí maoinithe a d’fhéadfaí a fháil ar an margadh, cóireáil chánach inchomparáide, nó luach saothair leordhóthanach ar earra nó ar sheirbhís ar leith. Mura bhfuil tagarmharcanna ar fáil atá inchomparáide go díreach, d’fhéadfaí tagarmharcanna atá ann cheana a choigeartú nó d’fhéadfaí tagarmharcanna malartacha a bhunú bunaithe ar mhodhanna measúnaithe a nglactar leo go ginearálta. Féadfaidh praghsáil aistrithe tairbhe a thabhairt agus féadfar a mheas gurb ionann í agus ranníocaíocht airgeadais mura bhfuil sí i gcomhréir le gnáthdhálaí an mhargaidh.

Leasú 8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a)

Meastar fóirdheontas eachtrach a bheith deonaithe ón uair a bheidh an tairbhí i dteideal an fóirdheontas a fháil. Ní coinníoll riachtanach í íocaíocht iarbhír an fhóirdheontais chun fóirdheontas a thabhairt faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Leasú 9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Agus na táscairí sin á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfadh an Coimisiún eilimintí éagsúla a chur san áireamh amhail méid an fhóirdheontais i ndearbhthéarmaí nó i ndáil le méid an mhargaidh nó le luach na hinfheistíochta. Mar shampla, maidir le comhchruinniú, agus i gcomhthéacs an chomhchruinnithe sin go gcumhdaíonn fóirdheontas eachtrach cuid mhór de phraghas ceannaigh na sprice, is dócha go mbeidh saobhadh ag baint leis. Ar an gcaoi chéanna, is dócha go mbeidh saobhadh ann mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha lena gcumhdaítear cuid mhór de luach measta conartha a dhámhfar i nós imeachta soláthair phoiblí. Más rud é go ndeonaítear fóirdheontas eachtrach do chostais oibriúcháin, dealraíonn sé gur mó an dóchúlacht go mbeadh sé ina chúis le saobhadh ná mar a mbeadh dá ndeonófaí é do chostais infheistíochta. Féadfar a mheas gur lú an dóchúlacht go mbeadh fóirdheontais eachtracha a thugtar do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ina gcúis le saobhadh ná fóirdheontais eachtracha a thugtar do ghnóthais mhóra. Ina theannta sin, ba cheart saintréithe an mhargaidh, agus go háirithe na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh, amhail bacainní iontrála, a chur san áireamh. Maidir le fóirdheontais eachtracha as a dtagann ró-acmhainn trí shócmhainní neamheacnamaíocha a chothú nó trí infheistíocht a spreagadh i méaduithe acmhainní nach mbeadh tógtha murach sin, is dócha go mbeidh siad ina gcúis le saobhadh. Maidir le fóirdheontas eachtrach a thugtar do thairbhí a léiríonn leibhéal íseal gníomhaíochta sa mhargadh inmheánach, a thomhaistear mar shampla ó thaobh an láimhdeachais a bhaintear amach san Aontas, is lú an dóchúlacht go mbeadh saobhadh ann i gcomparáid le fóirdheontas eachtrach a thugtar do thairbhí a bhfuil leibhéal níos suntasaí gníomhaíochta aige sa mhargadh inmheánach. Ar deireadh , ba cheart a mheas, mar riail ghinearálta, nach dócha go ndéanfaidh fóirdheontais eachtracha nach mó ná EUR  5  milliún an margadh inmheánach a shaobhadh de réir bhrí an Rialacháin seo.

(14)

Agus na táscairí sin á gcur i bhfeidhm, d’fhéadfadh an Coimisiún eilimintí éagsúla a chur san áireamh amhail méid an fhóirdheontais i ndearbhthéarmaí nó i ndáil le méid an mhargaidh nó le luach na hinfheistíochta. Mar shampla, maidir le comhchruinniú, agus i gcomhthéacs an chomhchruinnithe sin go gcumhdaíonn fóirdheontas eachtrach cuid mhór de phraghas ceannaigh na sprice, is dócha go mbeidh saobhadh ag baint leis. Ar an gcaoi chéanna, is dócha go mbeidh saobhadh ann mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha lena gcumhdaítear cuid mhór de luach measta conartha a dhámhfar i nós imeachta soláthair phoiblí. Más rud é go ndeonaítear fóirdheontas eachtrach do chostais oibriúcháin, dealraíonn sé gur mó an dóchúlacht go mbeadh sé ina chúis le saobhadh ná mar a mbeadh dá ndeonófaí é do chostais infheistíochta. Féadfar a mheas gur lú an dóchúlacht go mbeadh fóirdheontais eachtracha a thugtar do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide ina gcúis le saobhadh ná fóirdheontais eachtracha a thugtar do ghnóthais mhóra. Ina theannta sin, ba cheart saintréithe an mhargaidh, agus go háirithe na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh, amhail bacainní iontrála, a chur san áireamh. Maidir le fóirdheontais eachtracha as a dtagann ró-acmhainn trí shócmhainní neamheacnamaíocha a chothú nó trí infheistíocht a spreagadh i méaduithe acmhainní nach mbeadh tógtha nó ceannaithe murach sin, is dócha go mbeidh siad ina gcúis le saobhadh. Maidir le fóirdheontas eachtrach a thugtar do thairbhí a léiríonn leibhéal íseal gníomhaíochta sa mhargadh inmheánach, a thomhaistear mar shampla ó thaobh an láimhdeachais a bhaintear amach san Aontas, is lú an dóchúlacht go mbeadh saobhadh ann i gcomparáid le fóirdheontas eachtrach a thugtar do thairbhí a bhfuil leibhéal níos suntasaí gníomhaíochta aige sa mhargadh inmheánach. Is féidir éabhlóid na gníomhaíochta eacnamaíche a chur san áireamh freisin ionas go mbeidh an Coimisiún in ann beart a dhéanamh nuair atá leibhéal gníomhaíochta gnóthais beag, ach go meastar go dtiocfaidh fás mór air. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann a mheas ina mheasúnú ar shaobhadh an bhfuil córas éifeachtach ag tríú tír chun na fóirdheontais atá ann a rialú atá ar a laghad coibhéiseach leis an gcóras san Aontas agus a thabharfadh gur lú seans go saobhfadh fóirdheontais arna ndeonú tríú tír den sórt sin an margadh inmheánach de réir bhrí an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, tríú tíortha a spreagadh chun córais rialaithe fóirdheontais den sórt sin a fhorbairt, lena n-áirítear trí chomhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú, ar comhaontuithe iad ina bhfuil forálacha substainteacha cothroma iomaíochta agus trí thríú tíortha a spreagadh chun oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le fóirdheontais a chomhlíonadh agus chun ailíniú leis an Aontas maidir le tionscnaimh i dtaca le feabhas a chur ar rialacha idirnáisiúnta maidir le fóirdheontais agus le neodracht iomaíochta, go háirithe laistigh de EDT. Ba cheart a mheas, mar riail ghinearálta, nach dócha go ndéanfaidh fóirdheontais eachtracha nach mó ná EUR  4  mhilliún an margadh inmheánach a shaobhadh de réir bhrí an Rialacháin seo. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a dhréachtú agus a fhoilsiú ina mbeadh tuilleadh sonraí maidir le measúnú a dhéanamh ar chineál saobhach fóirdheontais chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do gach rannpháirtí sa mhargadh. Ba cheart samplaí agus cásanna tipiciúla d’fhóirdheontais shaobhacha agus neamhshaobhach a bheith sna treoirlínte freisin.

Leasú 10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

Ba cheart don Choimisiún éifeachtaí dearfacha an fhóirdheontais eachtraigh ar fhorbairt na gníomhaíochta eacnamaíche fóirdheontais ábhartha a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún na héifeachtaí dearfacha sin a chur i gcomparáid le héifeachtaí diúltacha fóirdheontais eachtraigh ó thaobh saobhadh sa mhargadh inmheánach d’fhonn an beart sásaimh cuí a chinneadh, más infheidhme, nó glacadh le gealltanais. D’fhéadfadh sé go mbainfí de thátal as an gcothromaíocht freisin nár cheart aon bheart sásaimh a fhorchur. Is lú seans gur mó na héifeachtaí dearfacha ná diúltacha ag na catagóirí d’fhóirdheontais eachtracha a mheastar gur dócha go ndéanfaidh siad saobhadh sa mhargadh inmheánach.

(16)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann éifeachtaí dearfacha an fhóirdheontais eachtraigh ar fhorbairt na gníomhaíochta eacnamaíche fóirdheontais ábhartha ar an margadh inmheánach agus a mhéid a chuireann sé le baint amach cuspóirí beartais phoiblí a chur san áireamh, lena n-áirítear cuspóirí sóisialta agus comhshaoil. Ba cheart don Choimisiún na héifeachtaí dearfacha sin a chur i gcomparáid le héifeachtaí diúltacha fóirdheontais eachtraigh ó thaobh saobhadh sa mhargadh inmheánach d’fhonn an beart sásaimh cuí a chinneadh, más infheidhme, nó glacadh le gealltanais. Sa chothromú, ba cheart go gcuirfí san áireamh na héifeachtaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon agus go leanfaí leis an gcuspóir ghinearálta dul i ngleic le saobhadh atá cruthaithe ag fóirdheontais eachtracha. Ina anailís, ba cheart don Coimisiún na prionsabail ghinearálta a chuirtear i bhfeidhm a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhoiriúnacht státchabhrach leis an margadh aonair. D’fhéadfadh sé go mbainfí de thátal as an gcothromaíocht freisin nár cheart aon bheart sásaimh a fhorchur. Is lú seans gur mó na héifeachtaí dearfacha ná diúltacha ag na catagóirí d’fhóirdheontais eachtracha a mheastar gur dócha go ndéanfaidh siad saobhadh sa mhargadh inmheánach. Ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún san áireamh freisin éifeachtaí dearfacha na bhfóirdheontas a thugtar chun suaití tromchúiseacha náisiúnta nó domhanda sa gheilleagar a leigheas. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt maidir le cur i bhfeidhm na tástála cothromaithe, lena n-áirítear na critéir a bheidh le húsáid.

Leasú 11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20a)

D’fhéadfadh an gnóthas atá faoi imscrúdú a thairiscint nó d’fhéadfadh an Coimisiún ceangal a chur ar na gnóthais lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena rannpháirtíocht i nósanna imeachta um sholáthar poiblí amach anseo san Aontas ar feadh tréimhse iomchuí ama. Ní fhéadfaidh ionchais dhlisteanacha ar thaobh an ghnóthais a bheith mar thoradh ar chur isteach an fhógra sin, nó ar an bhfreagra ón gCoimisiún nó ar an easpa freagartha, nach bhféadfaidh an Coimisiún, tráth níos déanaí, tús a chur le himscrúdú ar fhóirdheontais choigríche fhéideartha chuig an ngnóthas atá rannpháirteach sa nós imeachta soláthair phoiblí.

Leasú 12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún, ar a thionscnamh féin, scrúdú a dhéanamh ar aon fhaisnéis maidir le fóirdheontais eachtracha. Chuige sin, is gá nós imeachta a bhunú ina mbeidh dhá chéim, eadhon athbhreithniú tosaigh agus imscrúdú domhain.

(21)

Ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún, ar a thionscnamh féin, scrúdú a dhéanamh ar aon fhaisnéis maidir le fóirdheontais eachtracha. Chuige sin, is gá nós imeachta a bhunú ina mbeidh dhá chéim, eadhon athbhreithniú tosaigh agus imscrúdú domhain. Ba cheart don Choimisiún treoir a fhoilsiú maidir leis na critéir chun an nós imeachta sin a thosú. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann gníomhú ar fhaisnéis a fhaightear ó aon fhoinse ábhartha, lena n-áirítear Ballstáit agus gnóthais nó comhpháirtithe sóisialta ar fud an Aontais. Ba cheart don Choimisiún pointe teagmhála a bhunú chuige sin.

Leasú 13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22)

Ba cheart cumhachtaí imscrúdaitheacha leordhóthanacha a thabhairt don Choimisiún chun an fhaisnéis uile is gá a bhailiú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige faisnéis a iarraidh ar aon ghnóthas nó ar aon chomhlachas gnóthas le linn an nós imeachta iomláin. Chomh maith leis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar gheall ar mhainneachtain an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil go tráthúil nó as faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar. D’fhéadfadh an Coimisiún ceisteanna a chur ar na Ballstáit nó ar thríú tíortha freisin. Thairis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún cuairteanna aimsithe faisnéise a thabhairt ar áitreabh Aontais an ghnóthais, nó, faoi réir é a bheith comhaontaithe ag an ngnóthas agus an tríú tír lena mbaineann, ar áitreabh an ghnóthais sa tríú tír. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún freisin cinntí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil mura gcomhoibríonn an gnóthas atá i gceist.

(22)

Ba cheart cumhachtaí agus acmhainní imscrúdaitheacha iomchuí a thabhairt don Choimisiún chun an fhaisnéis uile is gá a bhailiú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige faisnéis a iarraidh ar aon ghnóthas nó ar aon chomhlachas gnóthas le linn an nós imeachta iomláin. Chomh maith leis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur mar gheall ar mhainneachtain an fhaisnéis a iarrtar a chur ar fáil go tráthúil nó as faisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar. Ar mhaithe le gné athchomhairleach an Rialacháin seo a threisiú, ba cheart an deis a bheith ann bearta sásaimh, gealltanais, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chur i bhfeidhm go comhuaineach más gá. D’fhéadfadh an Coimisiún ceisteanna a chur ar na Ballstáit nó ar thríú tíortha freisin. Thairis sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún cuairteanna aimsithe faisnéise a thabhairt ar áitreabh Aontais an ghnóthais, nó, faoi réir é a bheith comhaontaithe ag an tríú tír lena mbaineann, ar áitreabh an ghnóthais sa tríú tír. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún freisin cinntí a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil mura gcomhoibríonn an gnóthas atá i gceist.

Leasú 14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)

Ba cheart ionstraimí iomchuí a bheith ag an gCoimisiún chun éifeachtacht na ngealltanas agus na mbeart sásaimh a áirithiú. Mura gcomhlíonann an gnóthas lena mbaineann cinneadh lena ngabhann gealltanais, cinneadh lena bhforchuirtear bearta sásaimh, nó cinneadh lena n-ordaítear bearta eatramhacha, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur.

(26)

Ba cheart ionstraimí iomchuí a bheith ag an gCoimisiún chun éifeachtacht na ngealltanas agus na mbeart sásaimh a áirithiú. Mura gcomhlíonann an gnóthas lena mbaineann cinneadh lena ngabhann gealltanais, cinneadh lena bhforchuirtear bearta sásaimh, nó cinneadh lena n-ordaítear bearta eatramhacha, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gCoimisiún fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur atá sách athchomhairleach . Ba cheart don Choimisiún cásanna ath-neamhchomhlíonta a thabhairt san áireamh agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla á bhfochur aige. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart sin.

Leasú 15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)

Faoi bhun na dtairseach fógartha, d’fhéadfadh an Coimisiún a éileamh go dtabharfaí fógra faoi chomhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith fóirdheonaithe agus nár cuireadh chun feidhme fós nó go dtabharfaí fógra faoi thairiscintí a d’fhéadfadh a bheith fóirdheonaithe sula ndámhfar conradh poiblí, má mheasann sé go mbeadh athbhreithniú ex-ante tuillte ag an gcomhchruinniú nó ag an tairiscint de bharr an tionchair a bheadh acu san Aontas. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freisin athbhreithniú a dhéanamh, ar a thionscnamh féin, ar chomhchruinnithe atá curtha chun feidhme cheana nó ar chonarthaí poiblí a bronnadh.

(31)

Faoi bhun na dtairseach fógartha, ba cheart don Choimisiún a éileamh go dtabharfaí fógra faoi chomhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith fóirdheonaithe agus nár cuireadh chun feidhme fós nó go dtabharfaí fógra faoi thairiscintí a d’fhéadfadh a bheith fóirdheonaithe sula ndámhfar conradh poiblí, má mheasann sé go mbeadh athbhreithniú ex-ante tuillte ag an gcomhchruinniú nó ag an tairiscint de bharr an tionchair a bheadh acu san Aontas. Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún freisin athbhreithniú a dhéanamh, ar a thionscnamh féin, ar chomhchruinnithe atá curtha chun feidhme cheana nó ar chonarthaí poiblí a bronnadh.

Leasú 16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 32 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(32a)

I gcomhthéacs an tsásra athbhreithnithe ex ante do chomhchruinnithe, ba cheart go mbeadh na gnóthais lena mbaineann in ann comhairliúcháin réamhfhógartha a iarraidh leis an gCoimisiún bunaithe ar mheon macánta, leis an aidhm eisiach treoir a fháil maidir le cibé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na tairseacha foirmeálta.

Leasú 17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 35

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(35)

Ba cheart a áirithiú go n-urramófar na prionsabail lena rialaítear soláthar poiblí, go háirithe an chomhréireacht, an neamh-idirdhealú, an chóir chomhionann agus an trédhearcacht, i ndáil le gach gnóthas atá rannpháirteach sa nós imeachta soláthair phoiblí, beag beann ar imscrúduithe a thionscnaítear agus atá ar feitheamh de bhun an Rialacháin seo.

(35)

Ba cheart a áirithiú go n-urramófar na prionsabail lena rialaítear soláthar poiblí, go háirithe an chomhréireacht, an neamh-idirdhealú, an chóir chomhionann agus an trédhearcacht, i ndáil le gach gnóthas atá rannpháirteach sa nós imeachta soláthair phoiblí, gan beann ar imscrúduithe a thionscnaítear agus atá ar feitheamh de bhun an Rialacháin seo. Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí is infheidhme i réimsí an dlí comhshaoil, shóisialta agus saothair.

Leasú 18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 36

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(36)

Maidir le fóirdheontais eachtracha lena gcumasaítear do ghnóthas tairiscint a chur isteach, ar tairiscint í a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi, i ndáil leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí lena mbaineann, ba cheart a mheas go gcruthaíonn siad saobhadh iarbhír nó féideartha i nós imeachta soláthair phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart an saobhadh sin a mheasúnú ar bhonn na sraithe táscairí neamh-uileghabhálaí a thuairiscítear in aithrisí 13 agus 14 agus ar bhonn choincheap na tairisceana a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi. Leis na táscairí, ba cheart go mbeifí in ann a chinneadh conas a dhéanann an fóirdheontas eachtrach an iomaíocht a shaobhadh trí staid iomaíochta gnóthais a fheabhsú agus trína chur ar a chumas tairiscint a chur isteach a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi. Ba cheart an deis a thabhairt do ghnóthais bonn cirt a thabhairt nach bhfuil buntáiste míchuí ag baint leis an tairiscint, lena n-áirítear trí na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 69(2) de Threoir 2014/24/AE a thabhairt ar aird. Níor cheart an toirmeasc ar dhámhachtain a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás nach féidir bonn cirt a thabhairt do chineál buntáisteach na tairisceana a thairbhíonn d’fhóirdheontais eachtracha, dá ndámhfaí an conradh don tairiscint agus nár thairg an gnóthas a chuir an tairiscint isteach gealltanais iomchuí agus leordhóthanach chun an saobhadh a bhaint go hiomlán agus go héifeachtach.

(36)

Maidir le fóirdheontais eachtracha lena gcumasaítear do ghnóthas tairiscint a chur isteach, ar tairiscint í a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi, i ndáil leis na hoibreacha, na soláthairtí nó na seirbhísí lena mbaineann, ba cheart a mheas go gcruthaíonn siad saobhadh iarbhír nó féideartha i nós imeachta soláthair phoiblí. Dá bhrí sin, ba cheart an saobhadh sin a mheasúnú ar bhonn na sraithe táscairí neamh-uileghabhálaí a thuairiscítear in aithrisí 13 agus 14 agus ar bhonn choincheap na tairisceana a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi. Leis na táscairí, ba cheart go mbeifí in ann a chinneadh conas a dhéanann an fóirdheontas eachtrach an iomaíocht a shaobhadh trí staid iomaíochta gnóthais a fheabhsú agus trína chur ar a chumas tairiscint a chur isteach a bhfuil buntáiste míchuí ag baint léi. Ba cheart an deis a thabhairt do ghnóthais bonn cirt a thabhairt nach bhfuil buntáiste míchuí ag baint leis an tairiscint, lena n-áirítear trí na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 69(2) de Threoir 2014/24/AE a thabhairt ar aird. Níor cheart an toirmeasc ar dhámhachtain a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás nach féidir bonn cirt a thabhairt do chineál buntáisteach na tairisceana a thairbhíonn d’fhóirdheontais eachtracha, dá ndámhfaí an conradh don tairiscint agus nár thairg an gnóthas a chuir an tairiscint isteach gealltanais iomchuí agus leordhóthanach chun an saobhadh a bhaint go hiomlán agus go héifeachtach. Mar thoradh ar chinneadh a ghlacadh lena gcuirtear toirmeasc ar dhámhachtain an chonartha, déantar an gnóthas lena mbaineann a eisiamh ó rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair phoiblí.

Leasú 19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 37

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(37)

Agus cineál an tsásra athbhreithnithe ex ante le haghaidh chomhchruinnithe agus dámhachtainí soláthair phoiblí á gcur san áireamh, agus an gá atá le deimhneacht dhlíthiúil maidir leis na hidirbhearta sonracha sin, ní féidir leis an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh arís ar a thionscnamh féin ar chomhchruinniú nó ar thairiscint soláthair phoiblí ar tugadh fógra ina leith agus a measúnaíodh faoi na nósanna imeachta. Maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ar cuireadh an Coimisiún ar an eolas fúthu tríd an nós imeachta um fhógra a thabhairt, d’fhéadfadh sé, áfach, go mbeadh siad ábhartha lasmuigh den chomhchruinniú nó den nós imeachta soláthair. Chun faisnéis a bhailiú faoi fhóirdheontais eachtracha, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún imscrúduithe a sheoladh ar earnálacha sonracha den gheilleagar, ar chineálacha áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó ar úsáid ionstraimí áirithe fóirdheontais eachtracha.

(37)

Agus cineál an tsásra athbhreithnithe ex ante le haghaidh chomhchruinnithe agus dámhachtainí soláthair phoiblí á gcur san áireamh, agus an gá atá le deimhneacht dhlíthiúil maidir leis na hidirbhearta sonracha sin, ní féidir leis an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh arís ar a thionscnamh féin ar chomhchruinniú nó ar thairiscint soláthair phoiblí ar tugadh fógra ina leith agus a measúnaíodh faoi na nósanna imeachta. Maidir le ranníocaíochtaí airgeadais ar cuireadh an Coimisiún ar an eolas fúthu tríd an nós imeachta um fhógra a thabhairt, d’fhéadfadh sé, áfach, go mbeadh siad ábhartha lasmuigh den chomhchruinniú nó den nós imeachta soláthair. Chun faisnéis a bhailiú faoi fhóirdheontais eachtracha, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún imscrúduithe a sheoladh ar earnálacha sonracha den gheilleagar, ar chineálacha áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó ar úsáid ionstraimí áirithe fóirdheontais eachtracha. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann an fhaisnéis a fuarthas ó na himscrúduithe margaidh sin a úsáid sa chreat nósanna imeachta faoin Rialachán seo.

Leasú 20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43)

Ba cheart don Aontas an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais agus le Comhaontú EDT agus ba cheart dó a bheith comhsheasmhach leis na gealltanais a tugadh faoi chomhaontuithe eile trádála agus infheistíochta ar páirtithe iontu an tAontas nó na Ballstáit.

(43)

Ba cheart don Aontas an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais agus le Comhaontú EDT agus ba cheart dó a bheith comhsheasmhach leis na gealltanais a tugadh faoi chomhaontuithe eile trádála agus infheistíochta ar páirtithe iontu an tAontas nó na Ballstáit. Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar d’fhorbairt rialacha iltaobhacha chun aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais shaobhacha.

Leasú 21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(43a)

Chun forbairt rialacha iltaobhacha a spreagadh chun aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais shaobhacha agus ar na bunchúiseanna leo, is gá idirphlé tríú tír a chur ar bun. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach gurb ann d’fhóirdheontais eachtracha shaobhacha shistéamacha, nó i gcás ina gcreideann sé gurb ann dóibh, ba cheart go mbeadh sé in ann dul i mbun idirphlé leis an tríú tír atá i gceist chun roghanna atá dírithe ar scor nó ar mhodhnú na bhfóirdheontas saobhach a fháil d’fhonn deireadh a chur lena n-éifeachtaí saobhacha sa mhargadh inmheánach. I gcás ina bhforáiltear i gcomhaontú déthaobhach idir an tAontas agus tríú tír do shásra comhairliúcháin lena gcumhdaítear fóirdheontais eachtracha shaobhacha shistéamacha a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, ba cheart an sásra sin a úsáid chun an t-idirphlé i dtríú tír a éascú. Ba cheart freisin go mbeadh an Coimisiún in ann iarracht a dhéanamh scor nó modhnú na bhfóirdheontas eachtrach saobhach a fháil tríd an ábhar a ardú in aon fhóram ábhartha idirnáisiúnta nó trí chomhar le haon tríú tír eile a ndéanann na fóirdheontais shaobhacha shistéamacha chéanna difear di, nó le haon tríú tír leasmhar. Níor cheart go gcuirfeadh an t-idirphlé sin bac ar an gCoimisiún imscrúduithe a oscailt nó leanúint leo faoin Rialachán seo, ná níor cheart go mbeadh sé ina rogha mhalartach ar bhearta sásaimh. Ba cheart don Choimisiún, gan moill mhíchuí, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi fhorbairtí ábhartha.

Leasú 22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 47

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(47)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh . Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú chun foirm agus inneachar na bhfógraí maidir le comhchruinnithe agus na ranníocaíochtaí airgeadais a leagan amach i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, sonraí maidir le nochtadh, foirm agus inneachar na gceanglas trédhearcachta, ríomh na dteorainneacha ama, coinníollacha agus teorainneacha ama le haghaidh gealltanais agus rialacha mionsonraithe maidir leis na céimeanna nós imeachta a bhaineann le himscrúduithe i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(47)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú chun foirm agus inneachar na bhfógraí maidir le comhchruinnithe agus na ranníocaíochtaí airgeadais a leagan amach i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, sonraí maidir le nochtadh, foirm agus inneachar na gceanglas trédhearcachta, ríomh na dteorainneacha ama, coinníollacha agus teorainneacha ama le haghaidh gealltanais agus rialacha mionsonraithe maidir leis na céimeanna nós imeachta a bhaineann le himscrúduithe i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. Ba cheart don Choimisiún na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú den chéad uair tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 47 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(47a)

Ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún nós imeachta simplithe a bhunú ina gcaitheann an Coimisiún le comhchruinnithe áirithe nó le nós imeachta um sholáthar poiblí áirithe ar an mbonn go ndealraíonn sé gur lú an seans go gcruthóidh siad saobhadh iomaíochta ar an margadh inmheánach de bharr fóirdheontais eachtracha.

Leasú 24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 48

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(48)

Chun cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach san fhadtéarma, d’fhonn a áirithiú go gcumhdófar go leordhóthanach cásanna a imscrúdaítear trí fhógraí agus ex officio araon, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le leasú a dhéanamh ar na tairseacha fógartha maidir le comhchruinnithe agus nósanna imeachta soláthair phoiblí, catagóirí áirithe gnóthas a dhíolmhú ó na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt faoin Rialachán seo, chomh maith le léasú a dhéanamh ar na teorainneacha ama maidir leis an athbhreithniú tosaigh agus na himscrúduithe doimhne ar chomhchruinnithe ar tugadh fógra ina leith nó ranníocaíochtaí poiblí ar tugadh fógra ina leith. Maidir le ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí, ba cheart an chumhacht chun na gníomhartha sin a ghlacadh a fheidhmiú ar bhealach lena gcuirtear leasanna FBManna san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí agus na gníomhartha sin á n-ullmhú, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr  (47) . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe .

(48)

Chun cothrom iomaíochta a áirithiú sa mhargadh inmheánach san fhadtéarma freisin, d’fhonn a áirithiú go gcumhdófar go leormaith cásanna a imscrúdaítear trí fhógraí agus ex officio araon, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht an Rialacháin seo, lena n-áirítear ar na tairseacha fógartha a leagtar amach in Airteagail 18 agus 27, dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis a theacht i bhfeidhm, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, agus an mheastóireacht sin a thíolacadh trí thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle . Ba cheart go cuimseofaí measúnú sa tuarascáil sin ar cheart leasú a dhéanamh ar an Rialachán seo . I gcás ina moltar sa tuarascáil an Rialachán a leasú, féadfaidh togra reachtach a bheith ag gabháil leis, go háirithe i ndáil le leasú a dhéanamh ar na tairseacha fógartha maidir le comhchruinnithe agus nósanna imeachta soláthair phoiblí, catagóirí áirithe gnóthas a dhíolmhú ó na hoibleagáidí maidir le fógra a thabhairt faoin Rialachán seo , tairseacha fógartha níos ísle a thabhairt isteach a bhaineann go sonrach le hearnálacha eacnamaíocha áirithe nó tairseacha difreáilte le haghaidh cineálacha éagsúla conarthaí soláthair phoiblí , chomh maith le léasú a dhéanamh ar na teorainneacha ama maidir leis an athbhreithniú tosaigh agus na himscrúduithe doimhne ar chomhchruinnithe ar tugadh fógra ina leith nó ranníocaíochtaí poiblí ar tugadh fógra ina leith. Maidir le ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí, ba cheart an mheastóireacht a chur i gcrích ar bhealach lena gcuirtear leasanna FBManna san áireamh. Ba cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as measúnú costais is tairbhe cainníochtaithe agus measúnú ex-ante ar an tionchar ar infheistíochtaí agus ar leas tomhaltóirí. Le linn a mheastóireachta, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo a aisghairm, má mheasann sé go bhfuil an Rialachán seo iomarcach go hiomlán de dheasca rialacha iltaobhacha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais shaobhacha .

Leasú 25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le himscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha a bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh acu agus maidir leis an saobhadh sin a cheartú. D’fhéadfadh an saobhadh sin teacht chun cinn i ndáil le haon gníomhaíocht eacnamaíoch, agus go háirithe i gcomhchruinnithe agus i nósanna imeachta soláthair phoiblí.

(1)   Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta maidir le himscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais eachtracha a bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh acu agus maidir leis an saobhadh sin a cheartú , d’fhonn cothrom iomaíochta a áirithiú . D’fhéadfadh an saobhadh sin teacht chun cinn i ndáil le haon ghníomhaíocht eacnamaíoch, agus go háirithe i gcomhchruinnithe agus i nósanna imeachta soláthair phoiblí.

Leasú 26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe a – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

áireofar an méid seo a leanas i ranníocaíocht:

(a)

áireofar an méid seo a leanas , inter alia, i ranníocaíocht airgeadais:

Leasú 27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe a – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

aistriú cistí nó dliteanas, amhail instealltaí caipitil, deontais, iasachtaí, ráthaíochtaí iasachta, dreasachtaí fioscacha, fritháireamh caillteanas oibriúcháin, cúiteamh ar ualaí airgeadais a d’fhorchuir údaráis phoiblí, maitheamh fiachais, babhtálacha fiachais ar chothromas nó athsceidealú;

(i)

aistriú cistí nó dliteanas, amhail instealltaí caipitil, deontais, iasachtaí, ráthaíochtaí iasachta, dreasachtaí fioscacha , díolúintí cánach, fritháireamh caillteanas oibriúcháin, cúiteamh ar ualaí airgeadais a d’fhorchuir údaráis phoiblí, maitheamh fiachais, babhtálacha fiachais ar chothromas nó athsceidealú;

Leasú 28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe a – pointe ii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii)

ioncam leanúnach atá dlite thairis sin;

(ii)

ioncam leanúnach atá dlite thairis sin;

Leasú 29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe a – pointe ii a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iia)

cearta speisialta nó eisiacha nach bhfuarthas luach saothair leormhaith ina leith; nó

Leasú 30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe a – pointe iii

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii)

soláthar earraí nó seirbhísí nó ceannach earraí agus seirbhísí;

(iii)

soláthar earraí nó seirbhísí nó ceannach earraí seirbhísí, mura rud é go ndéantar an soláthar nó an ceannach sin tar éis nós imeachta tairisceana iomaíoch, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus neamhchoinníollach ;

Leasú 31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)   Measfar saobhadh sa mhargadh inmheánach a bheith ann i gcás inar dócha go bhfeabhsódh fóirdheontas eachtrach staid iomaíochta an ghnóthais lena mbaineann sa mhargadh inmheánach agus, ar an gcaoi sin, go mbeadh tionchar diúltach iarbhír nó féideartha á imirt aige ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Cinnfear cibé acu an ann do shaobhadh sa mhargadh inmheánach ar bhonn táscairí, lena bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh:

(1)   Measfar saobhadh sa mhargadh inmheánach a bheith ann i gcás inar dócha go bhfeabhsódh fóirdheontas eachtrach staid iomaíochta an ghnóthais lena mbaineann sa mhargadh inmheánach agus, ar an gcaoi sin, go mbeadh tionchar diúltach iarbhír nó féideartha á imirt aige ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Cinnfear cibé acu an ann do shaobhadh sa mhargadh inmheánach ar bhonn táscairí, lena ndéanfar an méid seo a leanas , inter alia, a áireamh:

Leasú 32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

staid an ghnóthais agus na margaí lena mbaineann;

(c)

staid an ghnóthais , lena n-áirítear a mhéid, agus na margaí lena mbaineann agus go háirithe measúnú ar cibé an bhfuil an gnóthas lena mbaineann ag feidhmiú faoi úinéireacht, faoi rialú, faoi mhaoirseacht bheartais nó faoi threoir údaráis an tríú tír ;

Leasú 33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

leibhéal ghníomhaíocht eacnamaíoch an ghnóthais lena mbaineann sa mhargadh inmheánach;

(d)

leibhéal agus éabhlóid ghníomhaíocht eacnamaíoch an ghnóthais lena mbaineann sa mhargadh inmheánach agus ar a mhargadh intíre ;

Leasú 34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)   Ní dócha go ndéanfaidh fóirdheontas eachtrach saobhadh sa mhargadh inmheánach más rud é gur faoi bhun EUR  5 mhilliún é ina iomláine thar aon tréimhse leantach trí bliana fhioscacha.

(2)   Ní dócha go ndéanfaidh fóirdheontas eachtrach saobhadh sa mhargadh inmheánach más rud é gur faoi bhun EUR  4 mhilliún é ina iomláine thar aon tréimhse leantach trí bliana fhioscacha.

Leasú 35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)     Féadfaidh an Coimisiún breithniú a dhéanamh an bhfuil córas i bhfeidhm ag an tríú tír chun measúnú ar fhóirdheontais a dhéanamh, inar chinn an Coimisiún go gcuirtear ráthaíochtaí ar fáil, sa dlí agus i gcleachtas, go bhfuil ann don leibhéal cosanta i gcoinne idirghabháil mhíchuí stáit i bhfórsaí an mhargaidh agus in iomaíocht éagórach atá comhionann ar a laghad leis an leibhéal cosanta laistigh den Aontas, cibé an ndearnadh an fóirdheontas a imréiteach faoin gcóras sin agus an ndealraíonn sé go bhfuil an t-imréiteach sin ábhartha freisin maidir leis na héifeachtaí ar an margadh inmheánach.

Leasú 36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2b)     Chun éifeachtúlacht agus trédhearcacht a áirithiú, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo 24 mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear mínithe agus samplaí faoin gcaoi a gcuirfear gach táscaire i bhfeidhm. Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, na treoirlínte sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choimeád ar an eolas.

Leasú 37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

fóirdheontas maoinithe onnmhairiúcháin arna dheonú ag tríú tír nach sínitheoir í le Socrú ECFE maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil;

Leasú 38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2b)

fóirdheontas eachtrach do ghnóthas atá gníomhach in earnáil a bhfuil ró-acmhainneacht struchtúrtha ina saintréith aici;

Leasú 39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)    Déanfaidh an Coimisiún, má tá údar leis, éifeachtaí diúltacha an fhóirdheontais eachtraigh maidir le saobhadh sa mhargadh inmheánach a chúiteamh le héifeachtaí dearfacha ar fhorbairt na gníomhaíochta eacnamaíche ábhartha.

(1)    Féadfaidh an Coimisiún, má tá údar leis, éifeachtaí diúltacha an fhóirdheontais eachtraigh maidir le saobhadh sa mhargadh inmheánach a chúiteamh le héifeachtaí dearfacha ar fhorbairt na gníomhaíochta eacnamaíche ábhartha ar an margadh inmheánach .

Leasú 40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)     Ar a dhéanaí 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, foilseoidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, lena n-áirítear ar na critéir a úsáidtear sa chothromú. Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, na treoirlínte sin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choimeád ar an eolas.

Leasú 41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)   Chun an saobhadh sa mhargadh inmheánach a leigheas, ar saobhadh iarbhír nó féideartha é mar thoradh ar fhóirdheontas eachtrach, féadfaidh an Coimisiún bearta sásaimh a fhorchur . Féadfaidh an gnóthas lena mbaineann gealltanais a thairiscint freisin .

(1)    Gan dochar d’Airteagal 5, forchuirfidh an Coimisiún bearta sásaimh chun an saobhadh sa mhargadh inmheánach a leigheas, ar saobhadh iarbhír nó féideartha é mar thoradh ar fhóirdheontas eachtrach , ach amháin más rud é gur ghlac sé gealltanais a thairgeann an gnóthas lena mbaineann de bhun mhír 1a .

Leasú 42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)     Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na gealltanais a thairgeann an gnóthas lena mbaineann, i gcás ina leigheasfaidh na gealltanais sin an saobhadh ar an margadh inmheánach go hiomlán agus go héifeachtach. Trí ghlacadh leis na gealltanais sin, déanfaidh an Coimisiún iad a cheangal ar an ngnóthas i gcinneadh lena ngabhann gealltanais i gcomhréir le hAirteagal 9(3). Déanfaidh an Coimisiún faireachán go gcomhlíonann an gnóthas na gealltanais arna gcomhaontú.

Leasú 43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)   Le gealltanais nó bearta sásaimh déanfar an saobhadh sa mhargadh inmheánach atá mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a leigheas go hiomlán agus go héifeachtach.

(2)   Le gealltanais nó bearta sásaimh déanfar an saobhadh sa mhargadh inmheánach atá go hiarbhír mar thoradh nó a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar fhóirdheontais eachtracha a leigheas go hiomlán agus go héifeachtach.

Leasú 44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)   Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist le gealltanais nó bearta sásaimh:

(3)   Féadfaidh an méid seo a leanas , inter alia, a bheith i gceist le gealltanais nó bearta sásaimh:

Leasú 45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

rochtain a thairiscint faoi choinníollacha córa neamh-idirdhealaitheacha ar bhonneagar a fuair fóirdheontais eachtracha shaobhacha nó ar thacaigh na fóirdheontais sin leis ach amháin má fhoráiltear don rochtain chóir neamh-idirdhealaitheacha sin cheana féin le reachtaíochta atá i bhfeidhm san Aontas;

(a)

rochtain a thairiscint faoi choinníollacha córa neamh-idirdhealaitheacha ar bhonneagar nó saoráid a fuair fóirdheontais eachtracha shaobhacha nó ar thacaigh na fóirdheontais sin leis nó léi ach amháin má fhoráiltear don rochtain chóir neamh-idirdhealaitheacha sin cheana féin le reachtaíochta atá i bhfeidhm san Aontas;

Leasú 46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

acmhainneacht nó láithreacht sa mhargadh a laghdú;

(b)

acmhainneacht nó láithreacht sa mhargadh a laghdú , lena n-áirítear trí bhíthin gníomhaíocht tráchtála shealadach a chur ar an margadh inmheánach ;

Leasú 47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3 – pointe h a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ha)

ceangal a chur ar na gnóthais lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún faoi aon rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair phoiblí san Aontas amach anseo go ceann tréimhse iomchuí i gcás ina bhfuil luach measta an chonartha phoiblí faoi bhun na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 27.

Leasú 48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 3 – pointe h b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(hb)

a cheangal ar na gnóthais atá i gceist a struchtúr rialachais a oiriúnú.

Leasú 49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)    Féadfaidh an Coimisiún ceanglais maidir le tuairisciú agus trédhearcacht a fhorchur.

(4)    Déanfaidh an Coimisiún ceanglais maidir le tuairisciú agus trédhearcacht a fhorchur.

Leasú 50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)     Má thairgeann gnóthas gealltanais a leigheasann an saobhadh sa mhargadh inmheánach go hiomlán agus go héifeachtach, féadfaidh an Coimisiún glacadh leo agus iad a cheangal ar an ngnóthas i gcinneadh lena ngabhann gealltanais i gcomhréir le hAirteagal 9(3).

scriosta

Leasú 51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)   I gcás ina mbeartaíonn an gnóthas atá i gceist an fóirdheontas eachtrach a aisíoc, lena n-áirítear ráta úis iomchuí, glacfaidh an Coimisiún leis an aisíocaíocht sin mar ghealltanas más féidir leis a fháil amach an bhfuil an aisíocaíocht trédhearcach agus éifeachtach , agus an riosca go dtiocfaí thart air á chur san áireamh.

(6)   I gcás ina mbeartaíonn an gnóthas atá i gceist an fóirdheontas eachtrach a aisíoc, lena n-áirítear ráta úis iomchuí, ní ghlacfaidh an Coimisiún leis an aisíocaíocht sin mar ghealltanas ach amháin i gcás inar féidir leis a fhionnadh an bhfuil an aisíocaíocht trédhearcach agus an leigheasann sé na héifeachtaí saobhacha go héifeachtach agus go leormhaith, agus an riosca go dtiocfaí thart air á chur san áireamh.

Leasú 52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis ó aon fhoinse maidir le fóirdheontais eachtracha a líomhnaítear a bheith saobhach.

Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, scrúdú a dhéanamh ar fhaisnéis ó aon fhoinse , lena n-áirítear ó Bhallstáit agus ó ghnóthais nó ó chomhpháirtithe sóisialta uile-Aontais , maidir le fóirdheontais eachtracha a líomhnaítear a bheith saobhach.

 

Bunóidh an Coimisiún pointe teagmhála trínar féidir an fhaisnéis sin a thuairisciú go rúnda.

 

Cuirfidh an Coimisiún an t-údarás poiblí ar an eolas faoin obair leantach arna déanamh.

 

Tiomsóidh na húdaráis phoiblí inniúla sonraí agus malartóidh siad sonraí leis an gCoimisiún.

 

Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte ar na critéir chun athbhreithniú ex officio a oscailt 24 mhí i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

an gnóthas lena mbaineann a chur ar an eolas; agus

(b)

an gnóthas lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, na Ballstáit a chur ar an eolas; agus

Leasú 54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis measúnú tosaigh a dhéanamh, nach bhfuil aon fhoras leordhóthanach ann chun an t-imscrúdú domhain a thionscnamh, toisc nach bhfuil fóirdheontas eachtrach ann nó toisc nach bhfuil aon tásc ann go bhfuil saobhadh iarbhír nó féideartha sa mhargadh inmheánach, dúnfaidh sé an t-athbhreithniú tosaigh agus cuirfidh sé an gnóthas lena mbaineann ar an eolas.

(3)   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis measúnú tosaigh a dhéanamh, nach bhfuil aon fhoras leordhóthanach ann chun an t-imscrúdú domhain a thionscnamh, toisc nach bhfuil fóirdheontas eachtrach ann nó toisc nach bhfuil aon tásc ann go bhfuil saobhadh iarbhír nó féideartha sa mhargadh inmheánach, dúnfaidh sé an t-athbhreithniú tosaigh agus cuirfidh sé an gnóthas agus na Ballstáit lena mbaineann , agus Parlaimint na hEorpa , ar an eolas.

Leasú 55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh ag fóirdheontas eachtrach de bhun Airteagail 3 go 5, féadfaidh sé bearta sásaimh a fhorchur (“cinneadh le bearta sásaimh”).

(2)   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil an margadh inmheánach á shaobhadh ag fóirdheontas eachtrach de bhun Airteagail 3 agus 4 agus gan dochar d’Airteagal 5, déanfaidh sé bearta sásaimh a fhorchur (“cinneadh le bearta sásaimh”) , ach amháin má ghlacann sé le gealltanais de bhun mhír 3 .

Leasú 56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfaidh an Coimisiún bearta eatramhacha a dhéanamh, sna cásanna seo a leanas:

Féadfaidh an Coimisiún bearta eatramhacha a dhéanamh , lena n-áirítear le linn thréimhse an réamh-athbhreithnithe, sna cásanna seo a leanas:

Leasú 57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh teorainn ama le bearta eatramhacha agus féadfar iad a shíneadh i gcás ina bhfuil léiriú fós ann maidir le héifeachtaí saobhacha nó baol tromchúiseach go ndéanfaí damáiste don iomaíocht ar an margadh inmheánach.

Leasú 58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)    Féadfaidh an Coimisiún na cigireachtaí is gá a dhéanamh ar ghnóthais.

(1)    Chun a chuid dualgas a sannadh dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích, déanfaidh an Coimisiún , i gcás inar gá, cigireachtaí ar ghnóthais.

Leasú 59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

dul isteach in aon áitreabh agus talamh de chuid an ghnóthais lena mbaineann;

(a)

dul isteach in aon áitreabh, ar aon talamh agus in aon chóir iompair de chuid an ghnóthais lena mbaineann;

Leasú 60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún cigireachtaí a dhéanamh i gcríoch tríú tír, ar choinníoll go bhfuil a thoiliú tugtha ag an ngnóthas lena mbaineann agus go bhfuil fógra oifigiúil tugtha do rialtas an tríú tír agus gur aontaigh sé leis an gcigireacht. Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 12(1), (2) agus (3), pointí (a) agus (b).

Chun na dualgais a shanntar dó leis an Rialachán seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún cigireachtaí a dhéanamh i gcríoch tríú tír, ar choinníoll go bhfuil fógra oifigiúil tugtha do rialtas an tríú tír agus gur aontaigh sé leis an gcigireacht. Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 12(1), (2) agus (3), pointí (a) agus (b).

Leasú 61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)   Féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás ina ndéanann gnóthas lena mbaineann nó comhlachas gnóthas, d’aon ghnó nó le faillí, an méid seo a leanas:

1.    Déanfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás ina ndéanann gnóthas lena mbaineann nó comhlachas gnóthas lena mbaineann , d’aon ghnó nó le faillí, an méid seo a leanas:

Leasú 62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 5 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)   I gcás nach gcomhlíonann gnóthas lena mbaineann cinneadh lena ngabhann gealltanais de bhun Airteagal 9(3), cinneadh lena n-ordaítear bearta eatramhacha de bhun Airteagal 10 nó cinneadh lena bhforchuirtear bearta sásaimh de bhun Airteagal 9(2), féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, na nithe seo a leanas a fhorchur:

5.   I gcás nach gcomhlíonann gnóthas nó comhlachas gnóthas lena mbaineann cinneadh lena ngabhann gealltanais de bhun Airteagal 9(3), cinneadh lena n-ordaítear bearta eatramhacha de bhun Airteagal 10 nó cinneadh lena bhforchuirtear bearta sásaimh de bhun Airteagal 9(2), féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, na nithe seo a leanas a fhorchur:

Leasú 63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

go bhfuil an gnóthas a fuarthas nó ceann amháin ar a laghad de na gnóthais atá i mbun cumaisc bunaithe san Aontas agus go ngineann sé láimhdeachas comhiomlán EUR 500 milliún ar a laghad san Aontas; agus

(a)

go bhfuil an gnóthas a fuarthas nó ceann amháin ar a laghad de na gnóthais atá i mbun cumaisc bunaithe san Aontas agus go ngineann sé láimhdeachas comhiomlán EUR  400  milliún ar a laghad san Aontas; agus

Leasú 64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

go bhfuair na gnóthais lena mbaineann ranníocaíocht chomhiomlán airgeadais de níos mó ná EUR 50 milliún ó thríú tíortha sna trí bliana féilire sular tugadh fógra.

(b)

gur deonaíodh do na gnóthais go léir lena mbaineann ranníocaíocht chomhiomlán airgeadais de níos mó ná EUR 50 milliún ó thríú tíortha sna trí bliana féilire sular tugadh fógra.

Leasú 65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 4 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

go bhfuil an comhfhiontar féin nó ceann dá mháthairghnóthais bunaithe san Aontas agus go ngineann sé láimhdeachas comhiomlán EUR  500  milliún ar a laghad san Aontas; agus

(a)

go bhfuil an comhfhiontar bunaithe san Aontas agus go ngineann sé láimhdeachas comhiomlán EUR  400  milliún ar a laghad san Aontas; agus

Leasú 66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 4 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

go bhfuair an comhfhiontar féin agus a mháthairghnóthais ranníocaíocht airgeadais chomhiomlán ó thríú tíortha arbh fhiú níos mó ná EUR 50 milliún iad sna trí bliana féilire sular tugadh fógra.

(b)

gur deonaíodh don chomhfhiontar féin agus dá mháthairghnóthais ranníocaíocht airgeadais chomhiomlán ó thríú tíortha arbh fhiú níos mó ná EUR 50 milliún iad sna trí bliana féilire sular tugadh fógra.

Leasú 67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)   Mura n-éiríonn leis na gnóthais lena mbaineann a n-oibleagáid maidir le fógra a thabhairt a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chomhchruinniú infhógartha i gcomhréir leis an Rialachán seo trí fhógra faoin gcomhchruinniú sin a iarraidh. Sa chás sin, ní bheidh an Coimisiún faoi cheangal ag na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus (4).

(4)   Mura n-éiríonn leis na gnóthais lena mbaineann a n-oibleagáid maidir le fógra a thabhairt a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chomhchruinniú infhógartha i gcomhréir leis an Rialachán seo trí fhógra faoin gcomhchruinniú sin a iarraidh. Sa chás sin, ní bheidh an Coimisiún faoi cheangal ag na teorainneacha ama dá dtagraítear in Airteagal 23(1) agus (4).

Leasú 68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)   Féadfaidh an Coimisiún fógra a iarraidh roimh ré maidir le haon chomhchruinniú nach bhfuil ina chomhchruinniú infhógartha de réir bhrí Airteagal 18 tráth ar bith sula gcuirfear chun feidhme é i gcás ina measann an Coimisiún gur bhain na gnóthais lena mbaineann tairbhe as fóirdheontais eachtracha sna trí bliana roimh an gcomhchruinniú. Measfar gur comhchruinniú infhógartha an comhchruinniú sin chun críocha an Rialacháin seo.

(5)   Féadfaidh an Coimisiún fógra a iarraidh roimh ré maidir le haon chomhchruinniú nach bhfuil ina chomhchruinniú infhógartha de réir bhrí Airteagal 18 tráth ar bith sula gcuirfear chun feidhme é i gcás ina measann an Coimisiún gur deonaíodh fóirdheontais eachtracha do na gnóthais lena mbaineann sna trí bliana roimh an gcomhchruinniú. Measfar gur comhchruinniú infhógartha an comhchruinniú sin chun críocha an Rialacháin seo.

Leasú 69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 27 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)   Chun críche Airteagal 28, measfar ranníocaíocht eachtracha airgeadais infhógartha i nós imeachta soláthair phoiblí de chuid an Aontais a bheith ann i gcás ina mbeidh luach measta an tsoláthair phoiblí sin cothrom le nó níos mó ná EUR  250  milliún.

(2)   Chun críche Airteagal 28 den Rialachán seo , measfar ranníocaíocht eachtracha airgeadais infhógartha i nós imeachta soláthair phoiblí de chuid an Aontais a bheith ann i gcás ina mbeidh luach measta iomlán an tsoláthair phoiblí sin , arna ríomh i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos in Airteagal 5 de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 16 de Threoir 2014/25/AE, cothrom le nó níos mó ná EUR 200 milliún.

Leasú 70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)   An oibleagáid fógra a thabhairt faoi ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais faoin mír seo, cuimseoidh sí oibreoirí eacnamaíocha, grúpaí oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 26(2) de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 19(2) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 37(2) de Threoir 2014/25/AE, príomhfhochonraitheoirí agus príomhsholáthróirí. Measfar gur príomhfhochonraitheoirí nó príomhsholáthróirí é fochonraitheoir nó soláthróir i gcás ina n-áirithítear lena rannpháirtíocht príomhghnéithe de chomhlíonadh an chonartha agus in aon chás inar mó sciar eacnamaíoch a ranníocaíochta ná 30 % de luach measta an chonartha.

(2)   An oibleagáid fógra a thabhairt faoi ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais faoin mír seo, cuimseoidh sí oibreoirí eacnamaíocha, grúpaí oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 26(2) de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 19(2) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 37(2) de Threoir 2014/25/AE, príomh-fhochonraitheoirí agus príomhsholáthróirí. Measfar gur príomh-fhochonraitheoirí nó príomhsholáthróirí é fochonraitheoir nó soláthróir inar mó sciar eacnamaíoch a ranníocaíochta ná 20 % de luach measta an chonartha.

Leasú 71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)   I gcás grúpaí oibreoirí eacnamaíocha, príomhfhochonraitheoirí agus príomhsholáthróirí, áiritheoidh an príomhoibreoir eacnamaíoch fógra a thabhairt.

(3)   I gcás grúpaí oibreoirí eacnamaíocha, príomh-fhochonraitheoirí agus príomhsholáthróirí, áiritheoidh an príomhoibreoir eacnamaíoch fógra a thabhairt. Ní bheidh an príomhoibreoir eacnamaíoch faoi dhliteanas i leith faisnéis a sholáthair a phríomh-fhochonraitheoirí nó a phríomhsholáthraithe.

Leasú 72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 28 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)   I gcás ina measann an Coimisiún go bhféadfadh sé gur bhain gnóthas tairbhe as fóirdheontais eachtracha sna trí bliana roimh thíolacadh na tairisceana nó an iarraidh ar rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair phoiblí, féadfaidh sé fógra a iarraidh faoi na ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais a fuair an gnóthas sin in aon nós imeachta soláthair phoiblí nach bhfuil infhógartha faoi Airteagal 27(2) nó a thagann faoi raon feidhme mhír 5 den Airteagal seo, tráth ar bith roimh dhámhachtain an chonartha. A luaithe a iarrann an Coimisiún fógra faoin ranníocaíocht airgeadais sin, meastar gur ranníocaíocht eachtrach airgeadais infhógartha í i nós imeachta soláthair phoiblí.

(6)   I gcás ina measann an Coimisiún go bhféadfadh sé gur deonaíodh fóirdheontais eachtracha do ghnóthas sna trí bliana roimh thíolacadh na tairisceana nó an iarraidh ar rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair phoiblí, féadfaidh sé fógra a iarraidh faoi na ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais a fuair an gnóthas sin in aon nós imeachta soláthair phoiblí nach bhfuil infhógartha faoi Airteagal 27(2) nó a thagann faoi raon feidhme mhír 5 den Airteagal seo, tráth ar bith roimh dhámhachtain an chonartha. A luaithe a iarrann an Coimisiún fógra faoin ranníocaíocht airgeadais sin, meastar gur ranníocaíocht eachtrach airgeadais infhógartha í i nós imeachta soláthair phoiblí.

Leasú 73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tosaigh tráth nach déanaí ná 60  lá tar éis dó an fógra a fháil.

(2)   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tosaigh a chur i gcrích tráth nach déanaí ná 40  lá tar éis dó an fógra a fháil.

Leasú 74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 29 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndúntar an t-imscrúdú domhain a ghlacadh tráth nach déanaí ná 200  lá tar éis dó an fógra a fháil. In imthosca eisceachtúla, féadfar síneadh a chur leis an teorainn ama sin tar éis dul i gcomhairle leis an údarás conarthach nó leis an eintiteas conarthach lena mbaineann.

(4)   Féadfaidh an Coimisiún cinneadh lena ndúntar an t-imscrúdú domhain a ghlacadh tráth nach déanaí ná 120  lá tar éis dó an fógra a fháil. In imthosca eisceachtúla, féadfar síneadh 20 lá a chur leis an teorainn ama sin tar éis dul i gcomhairle leis an údarás conarthach nó leis an eintiteas conarthach lena mbaineann.

Leasú 75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)   Ní fhéadfar an conradh a dhámhachtain ar ghnóthas a mbeidh dearbhú á chur isteach aige faoi Airteagal 28 sula nglacfaidh an Coimisiún aon cheann de na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 30 nó sula rachaidh an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 29(4) in éag ach amháin má shuitear sa mheastóireacht a dhéantar ar thairiscintí gur chuir an gnóthas atá i gceist an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch isteach.

(3)   Ní fhéadfar an conradh a dhámhachtain ar ghnóthas a mbeidh dearbhú á chur isteach aige faoi Airteagal 28 sula nglacfaidh an Coimisiún aon cheann de na cinntí dá dtagraítear in Airteagal 30 nó sula rachaidh an teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 29(4) den Rialachán seo in éag ach amháin má shuitear sa mheastóireacht a dhéantar ar thairiscintí gur chuir an gnóthas atá i gceist an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch isteach , mar a shainmhínítear in Airteagal 67(2) de Threoir 2014/24/AE agus in Airteagal 82(2) de Threoir 2014/25/AE . Féadfar faisnéis a bhaineann le fóirdheontais eachtracha shaobhacha, lena n-áirítear aon amhras go ndearnadh dearbhú bréagach, a thuairisciú don Choimisiún.

Leasú 76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)   I ngach cás, cuirfidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach an Coimisiún ar an eolas faoi aon chinneadh a bhaineann le toradh an nós imeachta soláthair phoiblí.

(6)   I ngach cás, cuirfidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinneadh a bhaineann le toradh an nós imeachta soláthair phoiblí.

Leasú 77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 31 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)   Déanfar na prionsabail lena rialaítear soláthar poiblí, lena n-áirítear comhréireacht, neamh-idirdhealú, cóir chomhionann, agus trédhearcacht, a urramú a mhéid a bhaineann le gach gnóthas a bhfuil baint aige leis an nós imeachta soláthair phoiblí. Ní bheidh de thoradh ar an imscrúdú ar fhóirdheontais eachtracha de bhun an Rialacháin seo go ndéileálfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach leis an ngnóthas lena mbaineann ar bhealach atá contrártha do na prionsabail sin.

(7)   Déanfar na prionsabail lena rialaítear nósanna imeachta soláthair phoiblí, lena n-áirítear comhréireacht, neamh-idirdhealú, cóir chomhionann, trédhearcacht, chomh maith le comhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le dlí agus caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus saothair is infheidhme i gcomhlíonadh an chonartha , a urramú a mhéid a bhaineann le gach gnóthas atá páirteach sa nós imeachta um sholáthar poiblí. Ní bheidh de thoradh ar an imscrúdú ar fhóirdheontais eachtracha de bhun an Rialacháin seo go ndéileálfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach leis an ngnóthas lena mbaineann ar bhealach atá contrártha do na prionsabail sin.

Leasú 78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 32 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)   Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas comhiomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar na gnóthais lena mbaineann i gcás ina ndéanfaidh siad, d’aon ghnó nó le faillí, faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar i bhfógra de bhun Airteagal 28 nó i bhforlíonadh leis sin;

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, fíneálacha nach mó ná 1 % dá láimhdeachas comhiomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a fhorchur ar na gnóthais lena mbaineann i gcás ina ndéanfaidh siad, d’aon ghnó nó le faillí, faisnéis mhícheart nó mhíthreorach a sholáthar i bhfógra agus dearbhuithe de bhun Airteagal 28 nó i bhforlíonadh leis sin;

Leasú 79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)   Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais ar tugadh fógra ina leith i gcomhthéacs comhchruinnithe faoi Airteagal 19 a bheith ábhartha agus féadfar measúnú a dhéanamh uirthi arís i ndáil le gníomhaíocht eacnamaíoch eile.

1.   Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais ar tugadh fógra ina leith i gcomhthéacs comhchruinnithe faoi Airteagal 19 a bheith ábhartha agus féadfar measúnú a dhéanamh uirthi arís faoin Rialachán seo i ndáil le gníomhaíocht eacnamaíoch eile.

Leasú 80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 33 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)   Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais ar tugadh fógra ina leith i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí faoi Airteagal 28 a bheith ábhartha agus féadfar measúnú a dhéanamh uirthi arís i ndáil le gníomhaíocht eacnamaíoch eile.

2.   Féadfaidh ranníocaíocht airgeadais ar tugadh fógra ina leith i gcomhthéacs nós imeachta soláthair phoiblí faoi Airteagal 28 a bheith ábhartha agus féadfar measúnú a dhéanamh uirthi arís faoin Rialachán seo i ndáil le gníomhaíocht eacnamaíoch eile.

Leasú 81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 34 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)   I gcás ina dtugann an fhaisnéis atá ar fáil bunús le hamhras réasúnach go bhféadfadh fóirdheontais eachtracha in earnáil áirithe, maidir le cineál áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó bunaithe ar ionstraim fhóirdheontais áirithe, an margadh inmheánach a shaobhadh, féadfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh a dhéanamh ar an earnáil áirithe, ar an gcineál áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó ar úsáid na hionstraime fóirdheontais lena mbaineann. Le linn an imscrúdaithe margaidh sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na gnóthais nó ar na comhlachais gnóthas lena mbaineann an fhaisnéis is gá a sholáthar agus féadfaidh sé na cigireachtaí is gá a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát nó ar an tríú tír lena mbaineann faisnéis a sholáthar freisin.

(1)   I gcás ina dtugann an fhaisnéis atá ar fáil bunús le hamhras réasúnach go bhféadfadh fóirdheontais eachtracha in earnáil áirithe, maidir le cineál áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó bunaithe ar ionstraim fhóirdheontais áirithe, an margadh inmheánach a shaobhadh, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú margaidh ar an earnáil áirithe, ar an gcineál áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó ar úsáid na hionstraime fóirdheontais lena mbaineann. Le linn an imscrúdaithe margaidh sin, iarrfaidh an Coimisiún ar na gnóthais nó ar na comhlachais gnóthas lena mbaineann an fhaisnéis is gá a sholáthar agus féadfaidh sé na cigireachtaí is gá a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát nó ar an tríú tír lena mbaineann faisnéis a sholáthar freisin.

Leasú 82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 34 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)    Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a fhoilsiú ar thorthaí a imscrúdaithe margaidh ar earnálacha áirithe, ar chineálacha áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó ar ionstraimí fóirdheontais áirithe agus barúlacha a iarraidh ó pháirtithe leasmhara.

(2)    Déanfaidh an Coimisiún , i gcás inarb ábhartha, tuarascáil a fhoilsiú ar thorthaí a imscrúdaithe margaidh ar earnálacha áirithe, ar chineálacha áirithe gníomhaíochta eacnamaíche nó ar ionstraimí fóirdheontais áirithe agus barúlacha a iarraidh ó pháirtithe leasmhara.

Leasú 83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 34 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 34a

 

Idirphlé tríú tír

 

1.     I gcás, tar éis imscrúdú margaidh a dhéanamh de bhun Airteagal 34, go bhfaigheann an Coimisiún amach go bhfuil ann d’fhóirdheontais shistéamacha shaobhacha eachtracha ann, nó i gcás ina dtugann faisnéis eile atá ar fáil bunús amhrais réasúnta maidir le fóirdheontais den chineál sin a bheith ann, féadfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, dul i mbun idirphlé leis an tríú tír atá i gceist chun roghanna atá dírithe ar scor nó ar mhodhnú na bhfóirdheontas a fhiosrú d’fhonn deireadh a chur lena n-éifeachtaí saobhacha ar an margadh inmheánach.

 

2.     Ní chuirfidh an t-idirphlé sin cosc ar an gCoimisiún gníomhaíocht bhreise a dhéanamh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear imscrúduithe a oscailt nó leanúint leo nó bearta eatramhacha nó sásaimh a chur i bhfeidhm.

 

3.     Féadfaidh an Coimisiún féachaint le scor nó modhnú na bhfóirdheontas sistéamach saobhach a fháil tríd an ábhar a ardú in aon fhóram idirnáisiúnta iomchuí freisin.

 

4.     Féadfaidh an Coimisiún dul i mbun comhairliúcháin nó comhair, thar ceann an Aontais, le haon tríú tír eile a ndéanann na fóirdheontais shistéamacha shaobhacha chéanna difear di nó le haon tríú tír leasmhar, d’fhonn scor nó modhnú na bhfóirdheontas a fháil. D’fhéadfadh comhordú i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta agus comhordú mar fhreagairt do na fóirdheontais shistéamacha shaobhacha a bheith i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí.

 

5.     Déanfaidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi fhorbairtí ábhartha.

Leasú 84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 35 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)   Maidir le cumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 9, beidh siad faoi réir tréimhse teorann deich mbliana, ag tosú ar an lá a dheonaítear fóirdheontas eachtrach don ghnóthas lena mbaineann. Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún faoi Airteagail 8, 11, 12 nó 13 maidir le fóirdheontas eachtrach, brisfidh sí an tréimhse teorann. I ndiaidh gach briste, cuirfear tús athuair leis an tréimhse teorann.

(1)   Maidir le cumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 9, beidh siad faoi réir tréimhse teorann deich mbliana, ag tosú ar an lá a dheonaítear fóirdheontas eachtrach don ghnóthas lena mbaineann. Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún faoi Airteagail 8, 11, 12 , 13 nó 34 maidir le fóirdheontas eachtrach, brisfidh sí an tréimhse teorann. I ndiaidh gach briste, cuirfear tús athuair leis an tréimhse teorann.

Leasú 85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 40 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)     Tá an Rialachán seo gan dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle  (1a) .

Leasú 86

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 40 – mír 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)   Ní dhéanfar imscrúdú de bhun an Rialacháin seo agus ní dhéanfar bearta a fhorchur ná a choinneáil ar bun i gcás ina mbeadh imscrúdú nó bearta den sórt sin ag teacht salach ar oibleagáidí an Aontais atá mar thoradh ar aon chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha a rinne sé. Go háirithe, ní dhéanfar aon ghníomhaíocht faoin Rialachán seo a bheadh ina gníomhaíocht sonrach in aghaidh fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 32.1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh. Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar an Aontas a chearta a fheidhmiú ná a oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

(7)   Ní dhéanfar imscrúdú de bhun an Rialacháin seo agus ní dhéanfar bearta a fhorchur ná a choinneáil ar bun i gcás ina mbeadh imscrúdú nó bearta den sórt sin ag teacht salach ar oibleagáidí an Aontais atá mar thoradh ar aon chomhaontú idirnáisiúnta ábhartha a rinne sé. Go háirithe, ní dhéanfar aon ghníomhaíocht faoin Rialachán seo a bheadh ina gníomhaíocht sonrach in aghaidh fóirdheontais de réir bhrí Airteagal 32.1 den Chomhaontú maidir le Fóirdheontais agus Bearta Frithchúitimh agus á deonú ag tríú tír ar bhall den Eagraíocht Domhanda Trádála í . Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar an Aontas a chearta a fheidhmiú ná a oibleagáidí faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh.

Leasú 87

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 42 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

foirm, ábhar agus sonraí nós imeachta fógraí maidir le comhchruinnithe de bhun Airteagal 19;

(a)

foirm, ábhar agus sonraí nós imeachta fógraí maidir le comhchruinnithe de bhun Airteagal 19 , lena n-áirítear nós imeachta simplithe féideartha ;

Leasú 88

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 42 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

foirm, ábhar agus sonraí nós imeachta fógraí maidir le ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais i nósanna imeachta soláthair phoiblí de bhun Airteagal 28;

(b)

foirm, ábhar agus sonraí nós imeachta fógraí maidir le ranníocaíochtaí eachtracha airgeadais i nósanna imeachta soláthair phoiblí de bhun Airteagal 28 , lena n-áirítear nós imeachta simplithe féideartha ;

Leasú 89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 42 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a)     Déanfar an chéad ghníomh cur chun feidhme nó na chéad ghníomhartha cur chun feidhme lena gcumhdaítear na heilimintí go léir dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Leasú 90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 44

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 44

scriosta

Gníomhartha tarmligthe

 

(1)     Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na gcríoch seo a leanas:

 

(a)

lena leasaítear na tairseacha d’fhógraí mar a leagtar amach in Airteagail 18 agus 27, i bhfianaise chleachtas an Choimisiúin le linn na chéad chúig bliana de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus éifeachtacht an chur i bhfeidhm á cur san áireamh;

 

(b)

catagóirí áirithe gnóthas lena mbaineann a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt de bhun Airteagail 19 agus 28, i bhfianaise chleachtas an Choimisiúin le linn na chéad chúig bliana de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás inar féidir, leis an gcleachtas sin, gníomhaíochtaí eacnamaíocha a shainaithint nuair nach dócha go ndéanfaidh fóirdheontais eachtracha saobhadh sa mhargadh inmheánach;

 

(c)

na hamlínte maidir le hathbhreithniú agus imscrúduithe doimhne a leagtar amach in Airteagail 24 agus 29 a leasú.

 

(2)     Glacfar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 45.

 

Leasú 91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 45

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 45

scriosta

An tarmligean a fheidhmiú

 

(1)     Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

 

(2)     Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 44 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama, tréimhse a thosóidh dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

 

(3)     Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 44 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

 

(4)     Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.

 

(5)     A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

 

(6)     Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 44 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

 

Leasú 92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Laistigh de chúig bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo , tuarascáil a mbeidh tograí reachtacha ábhartha ag gabháil léi, i gcás ina mheasann an Coimisiún gurb iomchuí sin .

1.    Laistigh de dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus meastóireacht ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir lena chur i bhfeidhm . Áireofar san athbhreithniú sin measúnú ar na tairseacha fógartha a leagtar amach in Airteagal 18 agus in Airteagal 27 agus ar a n-éifeachtaí ar acmhainneacht an Choimisiúin an Rialachán seo a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtach .

Leasú 93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 46 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.     I gcás ina moltar sa tuarascáil leasuithe ar an Rialachán seo agus i gcás ina measfaidh an Coimisiún gurb iomchuí sin i bhfianaise a chleachtais agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm agus éifeachtacht an chur i bhfeidhm á cur san áireamh, féadfaidh tograí reachtacha ábhartha a bheith ag gabháil leis an tuarascáil, lena n-áirítear:

 

a)

chun na tairseacha maidir le fógraí a leasú mar a leagtar amach in Airteagail 18 agus 27;

 

b)

catagóirí áirithe gnóthas lena mbaineann, amhail cistí rachmais cheannasaigh nó cistí pinsin de mheon meon macánta, a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt de bhun Airteagal 19 agus Airteagal 28 go háirithe i gcás inar féidir, le cleachtas an Choimisiúin, gníomhaíochtaí eacnamaíocha a shainaithint nuair nach dócha go ndéanfaidh fóirdheontais eachtracha saobhadh ar an margadh inmheánach;

 

c)

tairseacha sonracha d’fhógraí d’earnálacha eacnamaíocha áirithe nó tairseacha difreáilte le haghaidh cineálacha éagsúla conarthaí soláthair phoiblí a bhunú, go háirithe i gcás inar féidir, le cleachtas an Choimisiúin, gníomhaíochtaí eacnamaíocha a shainaithint i gcás inar dóchúla go ndéanfaí an margadh inmheánach a shaobhadh le fóirdheontais eachtracha, lena n-áirítear maidir le hearnálacha straitéiseacha agus bonneagar criticiúil;

 

d)

na hamlínte maidir le hathbhreithniú agus imscrúduithe doimhne a leagtar amach in Airteagail 24 agus 29 a leasú.

 

e)

an Rialachán seo a aisghairm, má mheasann an Coimisiún go bhfuil an Rialachán seo iomarcach go hiomlán de bharr rialacha iltaobhacha chun aghaidh a thabhairt ar fhóirdheontais shaobhacha.

Leasú 94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 47 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fóirdheontais eachtracha a deonaíodh le linn na ndeich mbliana roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcás ina ndéanfaidh na fóirdheontais eachtracha sin saobhadh sa mhargadh inmheánach tar éis thús chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(1)   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le fóirdheontais eachtracha a deonaíodh le linn na seacht mbliana roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcás ina ndéanfaidh na fóirdheontais eachtracha sin saobhadh sa mhargadh inmheánach tar éis thús chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.


(1)  Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0135/2022).

(1a)   Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc AE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(1b)   Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(1c)   Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha eachtracha isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).

(1d)   Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh soláthair phoiblí an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha (Ionstraim soláthair phoiblí idirnáisiúnta – IPI) (IO L …).

(47)   Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

(1a)   Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargadh soláthair phoiblí an Aontais agus nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht i leith rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Idirnáisiúnta – IPI) (IO L…).


6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/229


P9_TA(2022)0197

Neamhagóid i dtaobh gníomh tarmligthe: forálacha idirthréimhseacha le haghaidh deimhnithe cigireachta a eisítear san Úcráin

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le gan aon agóid a dhéanamh i gcoinne rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 a mhéid a bhaineann leis na forálacha idirthréimhseacha le haghaidh deimhnithe cigireachta a eisítear san Úcráin (C(2022)02164 – 2022/2637(DEA))

(2022/C 465/25)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don rialachán tarmligthe ón gCoimisiún (C(2022)02164),

ag féachaint do litir ón gCoimisiúin an 11 Aibreán 2022 ag iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa a dhearbhú nach ndéanfaidh sí aon agóidí i gcoinne an rialacháin tharmligthe,

ag féachaint do litir an 20 Aibreán 2022 ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe chuig an gCathaoirleach ar Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí,

ag féachaint d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 38(8), pointe (a)(ii), Airteagal 46(7), pointe (b), agus Airteagal 57(3) de,

ag féachaint do Riail 111(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don mholadh le haghaidh cinneadh ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

ag féachaint don fhíoras nach ndearnadh aon agóidí laistigh den tréimhse a leagtar síos i Riail 111(6), sa tríú fleasc agus sa cheathrú fleasc, dá Rialacha Nós Imeachta, ar tréimhse í a chuaigh in éag an 3 Bealtaine 2022,

A.

de bhrí gurb é atá in ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022 dúshlán eisceachtúil do na húdaráis rialaithe agus do na comhlachtaí rialaithe a aithníodh chun táirgí orgánacha a onnmhairiú ón Úcráin chuig an Aontas, dúshlán nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, agus de bhrí go bhfuil cur isteach ar sheirbhísí poist san Úcráin freisin;

B.

de bhrí nach féidir le údaráis rialaithe áirithe agus comhlachtaí rialaithe áirithe a aithnítear san Úcráin chun táirgí orgánacha a onnmhairiú chuig an Aontas deimhnithe cigireachta a eisiúint le ríomhshéala cáilithe (ríomhshéala), mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún (2), toisc nach bhfuil ríomhshéala ag na húdaráis rialaithe ná ag na comhlachtaí rialaithe sin go léir;

C.

de bhrí nach féidir leis na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe úsáid a bhaint as an bhféidearthacht an deimhniú cigireachta a eisiúint ar pháipéar, i gcomhréir leis an bhforáil idirthréimhseach in Airteagal 11(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ach an oiread, i bhfianaise go bhfuil cur isteach ar sheirbhísí poist san Úcráin faoi láthair;

D.

de bhrí, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé go bhféadfaí leanúint de tháirgí orgánacha a fhágann an Úcráin a onnmhairiú chuig an Aontas, gur mhol an Coimisiún i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 go gceadófaí d’údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe san Úcráin an deimhniú cigireachta a tháirgeadh go dtí an 30 Meitheamh 2022, agus go gceadófaí iad a chur isteach in TRACES i bhformáid leictreonach gan ríomhshéala a chur i bhfeidhm;

E.

de bhrí, mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ar an bhfreagairt láithreach a bhí riachtanach, gur cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 24 Feabhra 2022,

1.

á dhearbhú nach bhfuil aon agóidí á ndéanamh aici i gcoinne an rialacháin tharmligthe;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2306 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha maidir leis na rialuithe oifigiúla i leith coinsíneachtaí de tháirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a bheartaítear a allmhairiú isteach san Aontas agus maidir leis an deimhniú cigireachta (IO L 461, 27.12.2021, lch. 13).


Déardaoin 5. Bealtaine 2022

6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 465/231


P9_TA(2022)0198

Rialacha idirthréimhseacha maidir le pacáistiú agus lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta ***I

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Bealtaine 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha maidir le pacáistiú agus lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (COM(2022)0076 – C9-0054/2022 – 2022/0053(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

(2022/C 465/26)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0076),

ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 agus d’Airteagal 168(4), pointe (b), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0054/2022),

ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022 (1),

tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Aibreán 2022 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.

ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


P9_TC1-COD(2022)0053

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 5 Bealtaine 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha idirthréimhseacha maidir le pacáistiú agus lipéadú táirgí íocshláinte tréidliachta atá údaraithe nó atá cláraithe i gcomhréir le Treoir 2001/82/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/839.)