ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 450

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
28 Samhain 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 450/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10918 — PETRONAS / DURIO / ORIM HOLDING) ( 1 )

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 450/02

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

2

2022/C 450/03

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

4

2022/C 450/04

Fógra le haghaidh duine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

5

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 450/05

Rátaí malairte an euro — 25 Samhain 2022

6

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

2022/C 450/06

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do shubstaintí de bhunús daonna atá ceaptha lena n-úsáid ag an duine agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/98/CE agus Treoir 2004/23/CE

7

 

An tOmbudsman Eorpach

2022/C 450/07

Tuarascáil Bhliantúil 2021

10

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 450/08

Teachtaireacht ó Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide Ríocht na hÍsiltíre de bhun Airteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid i ndáil le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón

11


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 450/09

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10786 – BNP PARIBAS / CACEIS / JV) ( 1 )

12

2022/C 450/10

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10980 - TOKYU / MARUBENI / ORIX / FUJITSU / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

14

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 450/11

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

16


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10918 — PETRONAS / DURIO / ORIM HOLDING)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 450/01)

An 23 Samhain 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10918. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/2


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

(2022/C 450/02)

Cuirtear an fhaisnéis seo a leanas in iúl don duine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CFSP) 2022/2319 ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí.

An 21 Deireadh Fómhair 2022, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, arna bhunú de bhun Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, duine aonair amháin le liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha.

Féadfaidh an duine aonair lena mbaineann, aon tráth, iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh iad a áireamh ar liosta na Náisiún Aontaithe, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid Choiste na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Ba cheart an iarraidh sin a chur chuig an seoladh seo a leanas:

Focal Point for De-listing

Security Council Subsidiary Organs Branch

Room DC2 2034

United Nations

New York, N.Y. 10017

United States of America

Teil. +1 9173679448

Facs +1 9173670460

R-phost: delisting@un.org

Tá tuilleadh eolais anseo: https://www.un.org/securitycouncil/sanctions/2653.

De dhroim an chinnidh ó na Náisiún Aontaithe, tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart an duine atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe a áireamh ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/2319 agus i Rialachán (AE) 2022/2309. Na forais faoinar liostaíodh an duine aonair lena mbaineann, leagtar amach iad san iontráil ábhartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán.

Cuirtear in iúl don duine aonair lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suímh ghréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2022/2309, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 6 den Rialachán).

Féadfaidh an duine aonair lena mbaineann iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle, in éineacht le doiciméadacht tacaíochta, gur cheart breathnú arís ar an gcinneadh iad a chur ar an liosta thuasluaite, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl don duine aonair lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 307, 28.11.2022, lch. 135.

(2)  IO L 307, 28.11.2022, lch. 17.


28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/4


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

(2022/C 450/03)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is iad Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle (2) agus Rialachán (AE) 2022/2309 ón gComhairle (3) is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin.

Is í Roinn RELEX.1 in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2022/2319 agus Rialachán (AE) 2022/2309.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2022/2319 agus i Rialachán (AE) 2022/2309.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a rialú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh na hábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 307, 28.11.2022, lch. 135.

(3)  IO L 307, 28.11.2022, lch. 17.


28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/5


Fógra le haghaidh duine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin

(2022/C 450/04)

Dírítear aird Vitalii Yuriyovych Zakharchenko atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle (2) maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin, ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá faighte ag an gComhairle ó údaráis na hÚcráine an fhaisnéis a bhreithneofar faoi chuimsiú an athbhreithnithe bhliantúil ar na bearta sriantacha. Leis seo, cuirtear in iúl don duine thuasluaite go bhféadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na heilimintí atá ag an gComhairle ina comhad maidir lena ainmniú a fháil, roimh an 5 Nollaig 2022, leis an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

I dtaca leis sin, cuirtear in iúl don duine lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta ar liosta na ndaoine ainmnithe i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle.


(1)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 26.

(2)  IO L 66, 6.3.2014, lch. 1.


An Coimisiún Eorpach

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/6


Rátaí malairte an euro (1)

25 Samhain 2022

(2022/C 450/05)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0375

JPY

yen na Seapáine

144,62

DKK

krone na Danmhairge

7,4365

GBP

punt steirling

0,85885

SEK

krona na Sualainne

10,8183

CHF

franc na hEilvéise

0,9836

ISK

króna na hÍoslainne

146,50

NOK

krone na hIorua

10,2985

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,367

HUF

forint na hUngáire

411,33

PLN

zloty na Polainne

4,6875

RON

leu na Rómáine

4,9255

TRY

lira na Tuirce

19,3333

AUD

dollar na hAstráile

1,5404

CAD

dollar Cheanada

1,3864

HKD

dollar Hong Cong

8,1084

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6651

SGD

dollar Shingeapór

1,4277

KRW

won na Cóiré Theas

1 383,20

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,7677

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,4425

HRK

kuna na Cróite

7,5473

IDR

rupiah na hIndinéise

16 282,44

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6480

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,795

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,153

BRL

real na Brasaíle

5,5476

MXN

peso Mheicsiceo

20,1069

INR

rúipí na hIndia

84,7145


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/7


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do shubstaintí de bhunús daonna atá ceaptha lena n-úsáid ag an duine agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/98/CE agus Treoir 2004/23/CE

(2022/C 450/06)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECShttps://edps.europa.eu)

An 14 Iúil 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do shubstaintí de bhunús daonna atá ceaptha lena n-úsáid ag an duine agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/98/CE agus Treoir 2004/23/CE (1) (“an Togra”).

Is é is aidhm don Togra rialáil a dhéanamh ar na caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do shubstaintí de bhunús daonna atá ceaptha lena n-úsáid ag an duine (“SoHOnna”) trí shábháilteacht agus cáilíocht a áirithiú d’othair a gcuirtear cóireáil orthu le teiripí ó Shubstaintí de Thionscnamh Daonna agus iad a chosaint go hiomlán ar rioscaí inseachanta a bhaineann le SoHOnna, lena n-áirithítear sábháilteacht agus cáilíocht do dheontóirí SoHOnna agus do leanaí a rugadh ó uibheacha, ó speirm nó ó shuthanna deonaithe, trí chleachtais mhaoirseachta a neartú agus a gcomhchuibhiú a cheadú i measc na mBallstát, trí fhorbairt teiripí nuálacha SoHOnna atá sábháilte agus éifeachtach a éascú agus athléimneacht na hearnála a fheabhsú, rud a mhaolaíonn an baol ganntanais a bheadh ann.

Is díol sásaimh do MECS go bhfuil sé d’aidhm ag an Togra tionchar dearfach a imirt ar chearta bunúsacha na saoránach amhail cosaint sláinte, neamh-idirdhealú, príobháideachas agus toiliú feasach, agus tugann sé dá aire go dearfach ag an am céanna gur cheart cláir lena gcuirtear deonú SoHOnna chun cinn a bhunú ar phrionsabal an deonaithe dheonaigh agus neamhíoctha, altrúchas an deontóra agus na dlúthpháirtíochta idir an deontóir agus an faighteoir. I ndáil leis an méid sin, is díol sásaimh do MECS na tagairtí do phrionsabail shonracha maidir le cosaint sonraí i gcomhthéacs Ardán SoHOnna, go háirithe na forálacha lena dtugtar éifeacht do phrionsabail an teorannaithe de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, chomh maith le ceanglais an riachtanais agus na comhréireachta.

Is díol sásaimh do MECS go gceanglófaí leis an Togra go dtabharfaí toiliú feasach le haghaidh deonú faoi shaoirse agus go gcuirfí deontóirí nó a n-ionadaithe ar an eolas maidir le húsáid bheartaithe an ábhair bhronnta. San am céanna, meabhraíonn MECS nach ionann toiliú feasach an deontóra le deonú ábhair faoi Rialachán SoHOnna, cé gur ceanglas riachtanach eiticiúil agus dlíthiúil é, agus an toiliú dá dtagraítear sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) mar chuid den bhunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil.

Maidir le hathúsáid sonraí, cé gur díol sásaimh do MECS gur sainaithníodh go sainráite na catagóirí sonraí pearsanta uile a liostaítear sa Togra agus an cuspóir sonrach dá ndéanfar iad a phróiseáil, measann sé freisin gur cheart an cuspóir sonrach dá ndéanfaí sonraí a athúsáid a shainaithint go soiléir i dtéarmaí achtúcháin an Togra.

Ar deireadh, molann MECS don chomhreachtóir an fad uasta ar féidir sonraí pearsanta a stóráil lena linn a shainiú go soiléir sa Togra.

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 14 Iúil 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do shubstaintí de bhunús daonna atá ceaptha lena n-úsáid ag an duine agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/98/CE agus Treoir 2004/23/CE.

2.

Áirítear sa Togra bearta arb é is aidhm dóibh:

sábháilteacht agus cáilíocht a áirithiú d’othair a gcuirtear cóireáil orthu le Substaintí de Thionscnamh Daonna (“SoHOnna”) agus iad a chosaint go hiomlán ar rioscaí inseachanta a bhaineann le SoHOnna;

sábháilteacht agus cáilíocht a áirithiú do dheontóirí SoHOnna agus do leanaí a rugadh ó uibheacha, ó speirm nó ó shuthanna deonaithe;

comhchuibhiú cleachtas maoirseachta i measc na mBallstát a neartú agus a cheadú;

forbairt teiripí nuálacha SoHOnna atá sábháilte agus éifeachtach a éascú;

feabhas a chur ar athléimneacht na hearnála, agus riosca ganntanas a mhaolú (2).

3.

Tá an Togra mar chuid d’uaillmhian an Aontais Aontas Sláinte Eorpach níos láidre a thógáil, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh: (2) an tAontas agus a Bhallstáit a chumasú chun paindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach níos fearr (ó thaobh faireachais, anailís sonraí, measúnú riosca, luathrabhaidh agus freagartha de) agus (3) athléimneacht chórais sláinte an Aontais a fheabhsú (3).

4.

Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 14 Iúil 2022, de bhun Airteagal 42(1) RCSAE. Cuireann MECS fáilte roimh an tagairt don chomhairliúchán seo in Aithris 51 den Togra. Maidir leis sin, sonraíonn MECS go dearfach freisin go ndeachthas i gcomhairle leis ar bhonn neamhfhoirmiúil de bhun Aithris 60 RCSAE.

4.   CONCLÚIDÍ

30.

I bhfianaise an mhéid thuasluaite, déanann MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:

(1)

a shoiléiriú nach ionann toiliú feasach le deonú ábhair faoin Rialachán SoHO agus an toiliú dá dtagraítear in RGCS agus atá mar chuid den bhunús dlí chun sonraí pearsanta a phróiseáil;

(2)

soiléiriú a thabhairt ar na críocha sonracha a bhfuil sé beartaithe sonraí pearsanta, más ann dóibh, a bhaineann le deontóirí agus faighteoirí, agus sliocht SoHO, a athúsáid, agus prionsabal eiticiúil agus dlíthiúil an toilithe fheasaigh a leagtar síos faoi Airteagal 3(2) den Chairt á chur san áireamh, mar aon leis na rioscaí móra do na daoine lena mbaineann.

(3)

a shoiléiriú sa Togra an mbeadh sonraí pearsanta á bpróiseáil ag ECDC laistigh d’Ardán SoHOnna agus, dá ndéanfaí sin, an ról a bheadh aige a shainaithint go sainráite de réir bhrí an dlí maidir le cosaint sonraí;

(4)

an cuspóir sonrach dá ndéanfaí na sonraí sin a athúsáid a shainaithint go soiléir i dtéarmaí achtúcháin an Togra, agus na rioscaí arda do na daoine lena mbaineann agus príomhphrionsabal cosanta sonraí an teorannaithe de réir cuspóra á gcur san áireamh go háirithe;

(5)

a shoiléiriú in Airteagail 44, 45 agus 47 den Togra an mbeadh aon phróiseáil ar shonraí pearsanta á déanamh agus, dá ndéanfaí, cuspóir na próiseála sin a shonrú in Airteagal 76 den Togra féin;

(6)

an uastréimhse a bhféadfar sonraí pearsanta a stóráil ina leith a shainiú go soiléir sa Togra féin;

(7)

tagairt a chur isteach do rioscaí a eascraíonn as próiseáil sonraí pearsanta in Airteagal 52 den Togra, maidir leis na cuspóirí i ndáil le cosaint deontóirí SoHOnna, chomh maith le hAirteagal 57 den Togra, maidir leis na cuspóirí a bhaineann le faighteoir SoHOnna agus cosaint don sliocht;

(8)

soiléiriú sainráite a dhéanamh in Airteagal 55(g) den Togra ar an bhfaisnéis atá le próiseáil sa chomhthéacs sin, chomh maith le conas a dhéanfaí measúnú ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht.

An Bhruiséil, 7 Meán Fómhair 2022.

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM(2022) 338 final.

(2)  COM(2022) 338 final, lch. 6.

(3)  COM(2022) 338 final, lgh. 2-3.


An tOmbudsman Eorpach

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/10


Tuarascáil Bhliantúil 2021

(2022/C 450/07)

An 7 Meitheamh 2022, chuir an tOmbudsman Eorpach a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2021 faoi bhráid Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

Tá an Tuarascáil Bhliantúil ar fáil ar shuíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh i ngach ceann de na 24 theanga oifigiúla ag: http://www.ombudsman.europa.eu/ga/activities/annualreports.faces


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/11


Teachtaireacht ó Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide Ríocht na hÍsiltíre de bhun Airteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid i ndáil le sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón

(2022/C 450/08)

Tugann an Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide fógra leis seo go bhfuarthas iarratas ar údarú chun sirtheoireacht a dhéanamh ar hidreacarbóin i mbloic M10 agus M11 mar a léirítear ar an léarscáil atá i gceangal mar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rialachán maidir leis an Mianadóireacht (Mijnbouwregeling). Cumhdaíonn bloc M10 achar 195 km2, agus cumhdaíonn bloc M11 achar 28 km2.

Maidir leis an Treoir dá dtagraítear sa bhrollach agus in Airteagal 15 den Acht Mianadóireachta (Mijnbouwwet), iarrann an Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide, leis seo, ar pháirtithe leasmhara iarratas iomaíoch a chur isteach ar údarú chun sirtheoireacht a dhéanamh ar hidreacarbóin i mbloic M10 agus M11 de scairbh ilchríochach na hÍsiltíre.

Is é an Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide an t-údarás inniúil chun údaruithe a dheonú. Leagtar amach san Acht Mianadóireachta na critéir, na coinníollacha agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 6(2) den Treoir thuasluaite.

Féadfar iarratais a chur isteach le linn na 13 seachtaine tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig:

R-phost: mijnbouwvergunningen@minezk.nl

An Státrúnaí Gnóthaí Eacnamaíocha agus Beartais Aeráide

le cur faoi bhráid: Mr J. L. Rosch, an Stiúrthóireacht um an Aistriú in Úsáid Acmhainní atá go domhain faoi thalamh

Bezuidenhoutseweg 73

Postbus 20401

2500 EK Den Haag

AN ÍSILTÍR

Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis don tréimhse sin dul in éag.

Déanfar cinneadh maidir leis na hiarratais, i bprionsabal, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil trí ghlaoch ar oifig MABEL ar an uimhir theileafóin seo a leanas: +31 703796970.

Teil. +31 703796970.


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/12


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10786 – BNP PARIBAS / CACEIS / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 450/09)

1.   

An 17 Samhain 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

BNP Paribas SA (“BNPP”, an Fhrainc),

CACEIS SA (“CACEIS”, an Fhrainc), atá á rialú ag Crédit Agricole SA (an Fhrainc).

Déanfar seirbhísí iontaoibhe corparáideacha BNPP agus CACEIS sa Fhrainc a chomhcheangal faoi eintiteas nua, agus gheobhaidh BNPP agus CACEIS comhrialú an eintitis nuachruthaithe de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

is é BNPP máthairchuideachta BNP Paribas Group, ar grúpa baincéireachta domhanda é atá gníomhach i mbaincéireacht mhiondíola, i mbainistiú sócmhainní agus i seirbhísí, chomh maith le baincéireacht chorparáideach agus infheistíochta,

is fochuideachta de chuid Crédit Agricole SA é CACEIS agus cuireann sé seirbhísí árachais agus bainistíochta sócmhainní ar fáil do chliaint chorparáideacha, d’infheisteoirí institiúideacha, do bhaincéireacht agus do bhróicéirí.

3.   

Beidh an chuideachta nuachruthaithe, atá ina comhfhiontar, gníomhach i soláthar seirbhísí iontaobhais chorparáidigh sa Fhrainc. Baineann seirbhísí iontaobhais chorparáidigh le bainistiú scairchaipiteal cuideachta (bíodh an chuideachta liostaithe go poiblí nó ná bíodh) agus lena fiachas (bainistiú chlár na n-infheisteoirí, cruinnithe ginearálta agus idirbhearta maidir le hurrúis agus seirbhísí airgeadais gaolmhara, chomh maith le soláthar seirbhísí maidir le scairsheilbh dhíreach fostaithe).

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10786 – BNP PARIBAS / CACEIS / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/14


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10980 - TOKYU / MARUBENI / ORIX / FUJITSU / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 450/10)

1.   

An 18 Samhain 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Tokyu corporation (“Tokyu”, an tSeapáin),

Fujitsu Limited (“Fujitsu”, an tSeapáin),

Marubeni Corporation (“Marubeni”, an tSeapáin),

Orix Corporation (‘Orix, an tSeapáin).

Gheobhaidh Tokyu, Marubeni, Orix agus Fujitsu rialú comhpháirteach ar an gcomhfhiontar (“JV”) de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta ilnáisiúnta Seapánach é Tokyu. Is é rud is príomhghníomhaíocht dó oibriú iarnród i Mórcheantar Thóiceo. Téann sé i mbun forbairt uirbeach freisin agus oibríonn sé gnólacht óstán agus ionad saoire,

is soláthraí ilnáisiúnta Seapánach trealamh agus seirbhísí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide é Fujitsu,

is cuideachta trádála agus infheistíochta é Marubeni agus gníomhaíochtaí gnó éagsúla aige i réimsí fairsinge,

is grúpa seirbhísí airgeadais é ORIX a sholáthraíonn seirbhísí léasaithe. Thairis sin, oibríonn ORIX gnólachtaí iasachta, infheistíochta, árachais saoil, baincéireachta, bainistíochta sócmhainní, agus maoine réadaí, agus gnólachtaí a bhaineann le gluaisteáin agus leis an gcomhshaol agus an bhfuinneamh.

3.   

Is iad na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheidh i ngníomhaíochtaí gnó an JV nua: athfhorbairt a dhéanamh ar Todoroki Ryokuchi, páirc in Kawasaki na Seapáine ina bhfuil gairdíní poiblí, músaem, agus coimpléasc spóirt.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

5.   

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

6.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10980 - TOKYU / MARUBENI / ORIX / FUJITSU / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 450/16


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas, ar leasú ar shonraíocht táirge atá ann le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 450/11)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Arbois”

PDO-FR-A0994-AM01

Dáta teachtaireachta: 28.9.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Limistéar geografach

I bpointe 1(a) agus (b) de Roinn IV de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, cuireadh na focail “déantar” in ionad na bhfocal “cuirtear i gcrích” agus cuireadh na focail “ar bhonn chód geografach oifigiúil 2021” isteach i ndiaidh “Jura”.

Leis an leasú eagarthóireachta sin, ligtear don limistéar geografach a bheith aitheanta le tagairt do leagan 2021 den Chód Geografach Oifigiúil, a choinníonn an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch (INSEE) cothrom le dáta agus a thugann deimhneacht dhlíthiúil don sainiú ar an limistéar geografach.

Tugadh liosta na mbardas atá sa limistéar geografach agus a n-ainmneacha cothrom le dáta gan aon athrú do theorainn an limistéir gheografaigh i gcomhréir leis na hathruithe riaracháin a rinneadh ar an gCód Geografach Oifigiúil.

Leasaíodh pointe 6 doiciméad aonair.

Cuireadh abairt freisin le pointe 1 de Roinn IV ina mínítear go bhfuil léarscáileanna a chumhdaíonn an limistéar geografach ar fáil ar shuíomh gréasáin INAO.

2.   Limistéar díreach in aice láimhe

I bpointe 3(a) de Roinn IV de Chaibidil I den tsonraíocht, cuireadh na focail “bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021” isteach i ndiaidh “na bardais seo a leanas”.

Leis an leasú eagarthóireachta seo is féidir an limistéar atá díreach in aice láimhe a shainaithint le tagairt do leagan 2021 den Chód Geografach Oifigiúil, arna fhoilsiú ag INSEE.

Leis an tagairt seo cuirtear isteach an sainmhíniú ar an limistéar atá díreach in aice láimhe slán ó thaobh an dlí de.

Rinneadh liosta na mbardas lena ndéantar an ceantar atá díreach in aice láimhe, lena n-áirítear a n-ainmneacha, a thabhairt cothrom le dáta, gan athrú a dhéanamh ar an teorainn, chun na hathruithe riaracháin a rinneadh a chur san áireamh.

Leasaíodh an roinn den doiciméad aonair dar teideal “Coinníollacha breise”.

3.   Cineálacha fíniúna

Faoi phointe 1 de Roinn V de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, cuireadh na cineálacha seo a leanas a mheastar gur díol spéise iad ar chúiseanna a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide Aligoté B, Chenin B, Enfariné B, Marsanne B, Roussane B, Sacy B, Béclan N, Franc Noir de Haute-Saône N agus Gamay N leis an liosta sin de chineálacha atá údaraithe chun na fíonta seo a leanas a tháirgeadh:

Fíonta geala socra: Aligoté B, Chenin B, Enfariné N, Marsanne B, Roussane B agus Sacy B;

Fíonta dearga socra agus fíonta rosé socra: Béclan N, Enfariné N, Franc Noir de Haute-Saône N agus Gamay N

Fíonta socra ar féidir iad a lipéadú mar “vin jaune” [fíon buí]: Enfariné N.

Chinn coiste inniúil náisiúnta na hInstitiúide Náisiúnta um Thionscnamh agus Cáilíocht (INAO) an rogha a údarú, maidir le sonrúcháin a chuireann iarratas isteach, cineálacha leasa a thabhairt isteach chun oiriúnú don athrú aeráide nó d’ionchais shochaíocha maidir le táirgí cosanta barr a úsáid.

Is féidir leis na cineálacha fíonchaor sin, a thagann i bpáirt ó réigiún Jura, a bheith ina sócmhainn i gcomhthéacs an téimh dhomhanda. Tá cuid díobh déanach chun aibiú agus ligtear leo chun oiriúnú don riosca seaca, agus soláthraíonn cineálacha eile aigéadacht agus dá bhrí sin táirgtear fíonta níos cothroime leo. Tá na cineálacha sin chomh frithsheasmhach ar a laghad in aghaidh galair agus atá na cineálacha atá údaraithe cheana féin faoin ainmniú. Tá sé i gceist freisin na cineálacha sin a thabhairt isteach chun cur le saintréithe na bhfíonta a chumhdaítear faoin ainmniú.

Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

4.   Rialacha maidir le codanna plandála

I bpointe 2 de Roinn V de Chaibidil I den tsonraíocht táirge, cuireadh foráil isteach lena sonraítear go bhfuil an chuid de chineálacha leasa chun críocha an oiriúnaithe teoranta do 5 % de chineálacha fíonchaor an ghabháltais agus tá feidhm aige sin maidir le gach dáileacht a tháirgeann fíon STFC.

Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

5.   Rialacha prúnála

I bpointe 1(b) de Roinn VI de Chaibidil I den tsonraíocht, leasaíodh na forálacha maidir le prúnáil fíniúnacha chun na cineálacha leasa chun críocha oiriúnaithe a chur san áireamh.

Sa doiciméad aonair, rinneadh an roinn maidir le “Cleachtais fíoneolaíocha shonracha” a nuashonrú dá réir sin.

6.   Rialacha ginearálta maidir le saothrú fíniúna

Le pointe 1(f) de Roinn VI de Chaibidil I den tsonraíocht, déantar méid an leasacháin nítrigine mianraí a theorannú go 40 aonad in aghaidh an heicteáir in aghaidh na bliana chun tionchar na bhfíonghort ar an gcomhshaol a theorannú.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

7.   Cleachtais eile a bhaineann le barra

Ceanglaítear le pointe 2 de Roinn VI de Chaibidil I den tsonraíocht go mbainisteofar an fásra ar dháileachtaí le fána os cionn 15 %, cibé acu a cuireadh nó a féinsílíodh iad, ar mhodhanna meicniúla nó fisiceacha ar gach dara sraith ar a laghad, ionas go gcaomhnófar saintréithe fisiceacha agus bitheolaíocha an chomhshaoil. Cuirtear an fhoráil sin in ionad an tsriain ar fhad na sraitheanna le haghaidh dáileachtaí le fána os cionn 15 %.

Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

8.   Buaint

I bpointe 1(a) de Roinn VII de Chaibidil I den tsonraíocht, scriosadh an fhoráil maidir leis an dáta a shocrú chun tús a chur leis an mbuaint. Scriosadh an fhoráil sin toisc go dtugtar le fios sa tsonraíocht íosmhéid siúcra na bhfíonchaora tráth na buainte, rud a chuireann ar chumas táirgeoirí buaint ag an am ceart i gcomhthéacs dálaí aimsire áirithe na bliana sin agus a suímh gheografaigh.

Ní bhaineann an leasú seo leis an doiciméad aonair.

9.   Táirgeacht

Faoi phointe 2(a) de Roinn VIII de Chaibidil I den tsonraíocht, méadaíodh an uastáirgeacht le haghaidh fíonta geala socra ó 72 go 78 hl/ha. Leis an leasú sin, beidh saothróirí fíona in ann tairbhe a bhaint as blianta ina bhfuil an bhuaint go maith, ós rud é go bhfuil an mheántáirgeacht fhoriomlán ag laghdú.

Leasaíodh an doiciméad aonair faoin gceannteideal “Uastáirgeacht”.

10.   Meascáin de chineálacha fíonchaoire

Luaitear i bpointe 1(a) de Roinn IX de Chaibidil I nach bhféadfaidh cineálacha leasa chun críche an oiriúnaithe a bheith, le chéile nó ar leithligh, mar níos mó ná 10 % de mheascán deiridh na bhfíonta.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

11.   Scaipeadh idir trádstórais údaraithe

Scriosadh pointe 5(b) de roinn IX de Chaibidil I den tsonraíocht, maidir leis an dáta ónar féidir na fíonta a iompar idir stórais údaraithe.

Chun go bhféadfar fíon a aistriú go luath, go háirithe chuig trádálaithe, scriosadh an dáta ónar féidir fíonta a iompar idir stórais údaraithe.

Leasaíodh teideal phointe 5 de roinn IX trí na focail “iompar táirgí agus” a bhaint.

Scriosadh teideal phointe 5(a) de Roinn IX.

Ní dhéanfaidh na leasuithe seo difear don doiciméad aonair.

12.   Nasc leis an limistéar geografach

I bpointe 3 de Roinn X de Chaibidil I den tsonraíocht, scriosadh na focail “fad teoranta na rónna” anois. Tá an leasú sin i gcomhréir leis an leasú ar phointe 2 “Cleachtais saothraithe eile” i Roinn VI de Chaibidil I den tsonraíocht.

Leasaíodh an roinn “Nasc leis an limistéar geografach” den doiciméad aonair.

13.   Ceanglais maidir le dearbhú

I bpointe 2 de Roinn I de Chaibidil II den tsonraíocht, leasaíodh dáta deiridh an dearbhaithe éilimh chun go mbeidh sé i gcomhthráth leis an sprioc-am don dearbhú buainte.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

14.   Na príomhphointí atá le seiceáil agus modhanna meastóireachta

I Roinn I de Chaibidil III den tsonraíocht, leasaíodh tábla na bpríomhphointí atá le seiceáil chun na rialacha nua maidir le dréachtú a chur san áireamh.

Ní dhéanfaidh na leasuithe seo difear don doiciméad aonair.

15.   Tagairt don chomhlacht cigireachta

I Roinn II de Chaibidil III den tsonraíocht, tugadh seoladh an chomhlachta cigireachta dá dtagraítear sa chéad mhír cothrom le dáta.

Scriosadh an dara mír ina luaitear an comhlacht cigireachta chun na rialacha nua maidir le dréachtú don roinn seo de na sonraíochtaí a chomhlíonadh.

Leasaíodh an tríú mír agus scriosadh an ceathrú mír chun na rialacha nua maidir le dréachtú a léiriú.

Ní dhéanfaidh na leasuithe seo difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Arbois

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

15.

Fíon a dhéantar as fíonchaora rísínithe

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Fíonta geala neamhcharbónáitithe

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is dea-shampla iad na fíonta geala den úire, lena ngabhann blas de bholaithe torthaí go minic, chomh maith le fo-thoin de mhianraí agus breochloch. Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta de 10,5 % de réir toirte ag na fíonta geala. Ní bhíonn neart alcóil iomlán de réir toirte na bhfíonta tar éis saibhrithe níos mó ná 14 %. Ag céim an bhuidéalaithe agus tráth a chuirtear ar an margadh miondíola iad, bíonn cion siúcra choipigh (glúcós agus fruchtós) de 3 ghram in aghaidh an lítir nó níos lú ag na fíonta.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Fíonta dearga socra agus fíonta rosé socra

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is saintréith de na fíonta dearga agus rosé í an chastacht aramatach iontach a bhaineann leo. Maidir leis an gcineál Poulsard N, cineál as a táirgtear na fíonta seo, go háirithe laistigh den bhardas de Pupillin, agus speisialtóireacht aige i dtáirgeadh fíona dheirg, tugann sé dath éadrom an rúibín agus boladh torthaí do na fíonta. Leis an gcineál Pinot Noir N, bíonn an dath níos dorcha agus cuireann an chumhracht torthaí dearga i gcuimhne. Maidir leis an gcineál “Trousseau N”, bíonn níos mó tainniní sna fíonta a dhéantar as, uaireanta bíonn an dath ar na fíonta níos déine agus boladh de bholaithe ainmhithe orthu go minic. De réir mar a aibíonn na fíonta dearga (nó rosé), is minic a fhorbraíonn an chumhracht ina nótaí de chasarnach, húmas agus beacáin. Tá neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte de 10 % ag na fíonta dearga agus rosé. Ní bhíonn an neart alcóil iomlán de réir toirte atá ag na fíonta tar éis saibhrithe níos mó ná 13,5 %. Ag céim an bhuidéalaithe agus tráth a chuirtear ar an margadh miondíola iad, bíonn cion aigéid mhalaigh de 0,4 gram in aghaidh an lítir nó níos lú ag na fíonta dearga. Ag céim an bhuidéalaithe agus tráth a chuirtear ar an margadh miondíola iad, bíonn cion siúcra choipigh (glúcós agus fruchtós) de 3 ghram in aghaidh an lítir nó níos lú ag na fíonta.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Fíonta ar a dtugtar “fíon tuí” go traidisiúnta

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is fíon milis é fíon lena ngabhann an téarma “vin de paille”, nó fíon tuí, a fhorbraíonn bolaithe de thorthaí milse, atá cosúil le prúnaí nó oráiste milis, nó mil. Athraíonn cumhracht agus blasanna an fhíona seo, ní hamháin de réir a dtionscnaimh ach freisin ag brath ar na cineálacha fíonchaoire óna dtáirgtear é agus ar shaineolas an táirgeora nó an mháistirfíoncheannaí ábhartha. Bíonn neart íosta alcóil iarbhír de réir toirte 14 % agus neart alcóil iomlán de réir toirte nach lú ná 19 % ag fíonta a bhfuil an téarma traidisiúntavin de paille acu. Ag céim an bhuidéalaithe agus tráth a chuirtear ar an margadh miondíola iad, bíonn cion aigéadachta so-ghalaithe níos lú ná 25 mhilleachoibhéis in aghaidh an lítir ag fíontavin de paille.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   Fíonta a dtugtar tuairisc orthu go traidisiúnta mar vin jaune [fíon buí]

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Is iad an “blas buí” neamh-inchomparáide agus casta, an meascán aramatach de ghallchnónna, úlla, torthaí milse agus spíosraí agus a dhath órdhonn dian na saintréithe is mó atá i gceist le fíon lena ngabhann an téarma “vin jaune”. Tá neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte de 10,5 % ag na fíonta “Vin jaune”. Ag céim an bhuidéalaithe agus tráth a chuirtear ar an margadh miondíola iad, bíonn cion siúcra choipigh (glúcós agus fruchtós) de 3 ghram in aghaidh an lítir nó níos lú ag na fíonta.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíocha shonracha

1.   

 

An modh saothraithe

Is é an dlús plandála íosta le haghaidh na fíniúnacha ná 5 000 planda in aghaidh an heicteáir, cé is moite d’fhíniúnacha a chuirtear ar léibhinn. I gcás fíniúnacha nach bhfuil curtha ar léibhinn, agus i gcás léibhinn a bhfuil níos lú ná dhá shraith fíniúnacha orthu, tá achar uasta de 2 m2 ar fáil do gach planda. Déantar an t-achar sin a ríomh tríd an achar idir rónna agus an spásáil idir plandaí i ngach ró a iolrú. Níor cheart don fhad idir na sraitheanna d’fhíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Ní cheadaítear ach prúnáil Guyot ar ghas amháin nó prúnáil dhúbailte Guyot agus prúnáil mheasctha (atá treoraithe le bheith ina cordon de Royat);

Le haghaidh na gcineálacha a leanas: Chardonnay B, Poulsard N, Savagnin B, Trousseau N, Aligoté B, Chenin B, Enfariné N, Marsanne B, Roussane B, Sacy B, Béclan N, Franc Noir de Haute-Saône N agus Gamay N, tá an líon bachlóg níos lú ná nó cothrom le 20 bachlóg in aghaidh na fíniúna agus 120 000 bachlóg in aghaidh an heicteáir. Agus iad prúnáilte go Guyot amháin nó Guyot dúbailte, is é 10 mbachlóg an líon uasta bachlóg ar an gcána, le huasmhéid de dhá spor le 2 bhachlógar ar gach ceann díobh.

Maidir le cineál Pinot Noir N, tá an líon bachlóg níos lú ná nó cothrom le 80 000 bachlóg in aghaidh an heicteáir. Agus iad prúnáilte go Guyot amháin nó Guyot dúbailte, is é 8 mbachlóg an líon uasta bachlóg ar an gcána, le huasmhéid de dhá spor le 2 bhachlógar ar gach ceann díobh.

Is as fíonchaora a bhuantar de láimh i mbaisceanna a dhéantar na fíonta atá incháilithe chun an téarma traidisiúnta “vin de paille” a bheith orthu.

2.   

 

Cleachtas fíoneolaíocha sonrach

Ní fhéadfaidh an neart alcóil foriomlán de réir toirte tar éis an saibhrithe a bheith níos mó ná 13,5 % le haghaidh fíonta dearga agus fíonta rosé agus 14 % le haghaidh fíonta geala.

Toirmisctear an gualach fíoneolaíocha a úsáid agus fíonta rosé á ndéanamh, bíodh sé leis féin nó measctha in ullmhúcháin. Tá cosc ar sceallóga adhmaid chun na fíonta a thabhairt chun cineáil.

Ceadaítear teicnící laghdúcháin ar úrfhíon le haghaidh fíonta dearga. Tá an ráta uasta maidir le tiúchan páirteach socraithe ag 10 %. Chomh maith leis na forálacha thuas, ní mór do na cleachtais fíoneolaíocha a ghlactar le haghaidh na bhfíonta na ceanglais a chomhlíonadh a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais agus leis an gCód Tuaithe agus Iascach.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Fíonta geala neamhcharbónáitithe

78 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Fíonta dearga socra agus fíonta rosé socra

66 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Fíonta a dtugtar tuairisc orthu go traidisiúnta mar “vin de paille” [fíon tuí]

20 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

a)

Déantar na fíonchaora a bhuain agus déantar na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aoisiú sna bardais seo a leanas de chuid roinn Jura, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021: Abergement-le-Grand, Arbois, Les Arsures, Mathenay, Mesnay, Molamboz, Montigny-lès-Arsures, Les Planches-près-Arbois, Pupillin, Saint-Cyr-Montmalin, Vadans agus Villette-lès-Arbois.

b)

Maidir leis an sonrúchán geografach breise “Pupillin”, baintear na fíonchaora agus déantar na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aoisiú sa bhardas seo a leanas de chuid roinn Jura, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021: Pupillin.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

 

CHARDONNAY B

 

Pinot Noir N

 

Poulsard N – Ploussard

 

Sauvignon Blanc B

 

Trousseau N

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   Tuairisc ar na tosca nádúrtha is ábhartha don nasc

Is éard atá sa limistéar geografach imeall thiar mhasaíf Jura. Tá sé mar chuid de réigiún nádúrtha Revermont, a mbaineann na teorannacha a leanas leis:

ar an taobh thoir, roinneann sé teorainn leis an gcéad ardchlár aolchloiche den Jura, le meánairde de 550 méadar,

ar an taobh thiar, roinneann sé teorainn le talamh cothrom, imeall thoir an machaire Bresse.

Clúdaítear leis an limistéar geografach críoch 13 bhardas i gcantún Arbois, i roinn Jura.

Tá na dáileachtaí a chríochaítear go beacht le haghaidh buaine fíonchaor suite ar na fánaí ar imeall an mhachaire agus tá a n-aghaidh siar go ginearálta. Tá siad suite ar fánaí marla nó cré ón tréimhse Luath-Iúrasach agus ó na tréimhsí Triasacha, agus iad forleagtha le bóthar ar aill atá comhdhéanta d’aolchloch bhuí ón tréimhse Mheán-Iúrasach. Clúdaítear cúpla bunchnoic leo freisin ag bun an phríomhfhána sléibhe, agus í déanta de na créanna céanna. Tá an aill saibhir i scileach aolchloiche a chothaíonn an marla faoina bun agus déanann an scileach an marla a bhriseadh suas freisin. Tá “chailles” [seirt] fite fuaite sa chré i roinnt limistéar, chomh maith le coincréitiú siliciúil a fágadh i ndiaidh bhriseadh suas cuid de na sraitheanna aolchloiche. Tá na dáileachtaí fíonghort suite ag airde idir 250 agus 400 méadar.

Déantar na fíonta atá incháilithe don sonrúchán geografach breise “Pupillin” a tháirgeadh i mbardas Pupillin amháin, agus é suite ó dheas ó Arbois. Agus iad lonnaithe ar an tír-raon cnocach, saibhir i scileach aolchloiche, tá ithreacha a d’fhorbair ar mharla dathlonrach atá an-domhain, créúil agus dlúth ag na dáileachtaí atá marcáilte chun fíonchaora a bhuain.

Tá aeráid fhionnuar aigéanach sa limistéar geografach ina bhfuil tionchair ilchríochacha: Ina measc seo tá raon leathan teochtaí bliantúla, le meán de 10.5 céim ceinteagrád, chomh maith le samhraidh the agus thaise. Bíonn i bhfad níos mó báistí ag réigiún nádúrtha Revermont i gcomparáid leis an machaire máguaird. Is é níos mó ná 1 000 milliméadar an bháisteach bhliantúil, agus í dáilte go cothrom i rith na bliana. Tá an fómhar tirim agus grianmhar go ginearálta, ach bíonn sé gaofar freisin.

Is fachtóirí ríthábhachtacha iad dálaí aeráide an limistéir gheografaigh, atá ag brath ar shaintréithe an láithreáin (fánaí foscúla, draenáil nádúrtha le haghaidh uisce breise, nochtadh uasta do sholas na gréine) chun a bheith in ann fíonghoirt a chur san aeráid réigiúnach dhúshlánach seo. Tugann na haillte an-ard foscadh do na fíonghoirt ón na gaotha aduaidh agus anoir.

8.2.   Tuairisc ar na tosca daonna is ábhartha don nasc

Bhí fíonghoirt Jura ann cheana féin sa tréimhse Cheilteach. Tá neart fianaise ann go bhfuil na fíonghoirt ann ón mbliain 1000 ar aghaidh. Ón 13ú haois ar aghaidh, bhí sciar mór d’fhíonghoirt Arbois i seilbh Thiarnaí Salins, Otto IV, Cunta na Burgúine, agus a chomharbaí, agus “Philip the Bold”, Diúc na Burgúine, ina dhiaidh sin. Chuir na huaisle sin go cinntitheach le forbairt eacnamaíoch na bhfíonghort trína gcuid fíonta a chur chun cinn ar fud na hEorpa agus sna cúirteanna ríoga.

Is as Arbois de Louis Pasteur, an fear a mheastar go minic a bheith mar “athair na fíonóireachta”. Bhí fíonghort aige i gcóngaracht Arbois.

Agus iad loite ag eipidéim phylloxera ag deireadh an 19ú haois, agus buailte arís ina dhiaidh sin ag cogaí agus géarchéimeanna eacnamaíocha an 20ú haois, athshlánaíodh na fíonghoirt a bhuí le dúthracht a gcuid táirgeoirí a chinn iad a shábháil. Sa bhliain 1858, bunaíodh an “Société de viticulture d’Arbois” [Cumann Fíonsaothraithe Arbois], agus ba é a bhí d’aidhm aige “dea-chleachtais a chur chun cinn i saothrú fíniúna agus i dtáirgeadh fíona...”.

Bunaíodh an chéad comharchumann fíona de chuid na Fraince in 1906 in Arbois. Tháinig na táirgeoirí le chéile mar sin ionas go mbeidh rochtain acu ar threalamh fíonóireachta agus saothraithe fíona éifeachtúil agus d’aontaigh siad chun sraith choiteann rialacha a ghlacadh.

In 1908, bunaíodh “Syndicat de défense viticole de l’appellation d’origine du canton d’Arbois” [Cumann chun sonrúchán tionscnaimh chantún Arbois a chosaint], agus d’eagraigh sé chun deimhniú tionscnaimh a eisiúint d’fhonn fíonghoirt Arbois a chosaint.

Thar na glúine, roghnaigh na táirgeoirí trí chineál atá tipiciúil do Jura, Savagnin B, Poulsard N agus Trousseau N. Tá dhá chineál fíonchaor tugtha isteach acu freisin ó fhíonghoirt na Burgúine atá díreach in aice láimhe, is iad sin, Chardonnay B agus Pinot Noir N.

Agus dáileachtaí fhíonghoirt suite ar na fánaí, den chuid is mó ar fhánaí an-ghéar, cuireann sé sin iallach ar na táirgeoirí trioblóid a chur orthu féin chun bheith in ann iad a shaothrú: tá orthu a bheith ag obair le trealamh fhíonghoirt meicnithe ar chriosanna boinn, bainc chré a thógáil, léibhinn a thógáil, etc.

Is speisialtacht Jura é táirgeadh fíonta atá incháilithe chun an t-ainm “vin jaune” a bheith orthu agus baineann bunús doiléir leis na fíonta sin. Tá rialacha dochta leagtha síos ag táirgeoirí réigiún Jura a rialaíonn táirgeadh an fhíona seo: roghnú chineál Savagnin B, forbairt nádúrtha na gcineálacha miocróbacha inghiniúla a tháirgeann an bhrait giosta a chaomhnú (“le voile”), na fíonta a thabhairt chun cineáil i bairillí, etc. Baintear na fíonchaora ag an aibíocht is fearr agus ansin déantar fíon geal tirim astu. Ansin déantar an fíon a aoisiú, gan buidéal, ar feadh íostréimhse de 6 bliana i mbairillí darach. Le linn na tréimhse fada tabhairt chun cineáil sin, forbraíonn brat giosta go nádúrtha ar dhromchla an fhíona. Áirithíonn sé sin go dtarlaíonn ocsaídiú ar bhealach mall agus faghartha le linn tréimhse aibithe an fhíona. Is é an chéim dheireanach buidéalú “vin jaune” i mbuidéil bhunaidh 62 cheintilítear ar a dtugtar “clavelin”.

Is speisialtacht eile de chuid Jura é táirgeadh fíonta ag a bhfuil an téarma “vin de paille”. D’fhonn tiúchan ard siúcra a fháil in aeráid atá sách tais agus fuar, triomaítear crobhaingí roghnaithe fíonchaor as an bhfíniúin ar feadh 6 seachtaine ar a laghad. Crochtar crobhaingí fíonchaor as sreanga iarainn, nó leagtar amach iad i gcliathbhoscaí beaga pollta nó ar racaí triomúcháin, a stóráiltear i bhfoirgnimh atá tirim agus aeráilte go maith ach nach bhfuil téite. Ina dhiaidh sin, déantar na fíonchaora a bhrú go mall, rud a tháirgeann táirgeacht an-íseal i sú, rud a fhágann go bhfuil an úrfhíon an-saibhir i siúcra agus coipeann sé go mall.

In 2009, maidir le táirgeadh bliantúil fíonta ag a bhfuil sonrúchán tionscnaimh “Arbois”, a chumhdaigh 820 heicteár, bhí sé thart ar 15 000 heictilítear d’fhíon dearg nó d’fhíon rosé, 12 000 heictilítear d’fhíon geal, 1 000 heictilítear d’fhíon lena ngabhann an téarma “vin jaune” agus 500 heictilítear d’fhíon lena ngabhann an téarma “vin de paille”. As 252 bhuanaí fíonchaor, próiseálann 55 díobh a mbarr féin chun 60 % den fhíon a tháirgeadh, seasann 3 chomharchumainn fíona do 30 % den táirgeadh fíona agus ceannaíonn 7 dtrádálaí fíonchaora chun an 10 % eile a tháirgeadh.

8.3.   Idirghníomhaíochtaí cúisíocha

Na fíonta ag a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Arbois”, tagann a saintréithe sonracha ó na dáileachtaí atá imlíne go beacht le hithir mharla (meascán de chré agus aolchloch) le clúdach dromchla níos airde ná an meán de scileach aolchloiche, agus as fána na bhfíonghort agus a nochtadh don ghrian freisin. Go domhain síos san ithir, aimsíonn fréamhacha na fíniúna foinse leanúnach fuaraithe agus ar an dromchla, cabhraíonn an scileach leis an ithir a théamh agus a dhraenáil go tapa.

A bhuí le blianta fada de bhreathnóireacht chúramach, bhí na táirgeoirí in ann na cineálacha fíonchaor a phlandáil sna hithreacha is fearr leis na cineálacha sin. Éilíonn na cineálacha “Trousseau N” agus “Savagnin B” coinníollacha ithreach atá an-sonrach. Teastaíonn ithreacha gairbhéil an-te ón gcéad chineál sin, agus teastaíonn ithreacha atá an-chlochach ar an dromchla ach a fhuaraíonn go domhain ón dara cineál.

Tugann an meascán de na fachtóirí ithreach, topagrafacha agus meisea-aeráide sin na coinníollacha is fearr don limistéar geografach chun fíonta geala aramatacha a tháirgeadh, ar fíonta iad a éiríonn le torthúlacht agus mianraí a léiriú chomh maithe le húire a áirithíonn cumas maith aosaithe.

Bainistíonn na saothróirí fíona an fhíniúin go sainiúil agus tá siad in ann a fuinneamh agus méid an bharr a mhaolú a bhuí le modhanna atá dírithe ar tháirgeacht a rialú. Glacann siad cleachtais a chuidíonn le caomhnú na hithreach (stiallacha féir, etc.) chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí eindéimeacha creimthe a bhaineann le fíonghoirt atá curtha ar fhánaí géara ina bhfuil ithreacha marla.

Maidir le fíonta ag a bhfuil an t-ainm geografach breise “Pupillin”, is í an ithir, atá domhain, marlach agus dlúth, ar fhánaí an-ghéar, atá thar a bheith oiriúnach chun fíonta dearga a tháirgeadh, go háirithe iad siúd a dhéantar as an gcineál Poulsard N.

Tá ról ag aeráid dhúshlánach an limistéir gheografaigh féin i bhforbairt shainiúlachtaí “vin jaune”. Cuidíonn an raon leathan teochta idir an samhradh agus an geimhreadh le forbairt na giostaí a fhoirmíonn an brat nó an “voile” ar dhromchla an fhíona agus a thugann an “blas buí” sin dó. An traidisiún a bhaineann leis an bhfíon a thabhairt chun cineáil ar feadh tréimhse an-fhada sula ndéantar é a bhuidéalú, mar a leagtar síos sa tsonraíocht, cuireann sé go mór le saintréithe “vin jaune”. Le linn an aosaithe seo, éireoidh cumhracht an fhíona níos comhchruinnithe agus níos casta.

Cuidíonn an triomach a bheag nó a mhór a bhíonn ann san fhómhar gaofar le rísíniú na bhfíonchaor a úsáidtear chun “vin de paille” a dhéanamh. An tréimhse íosta aosaithe, go dtí an 15 Samhain den 3ú bliain tar éis bhliain na buainte, nach mór 18 mí ar a laghad den tréimhse sin a bheith i bairillí adhmaid, spreagann sí forbairt bolaithe casta agus aibiú na bhfíonta.

In 1285, bhí an fíon “d’Arbois” an-cháiliúil cheana féin, de réir an trúbadóra, Jacques Bretel, duine a d’ól an fíon i gcomhluadar Henri de Briey, Cunta Chiny, a chuir é ar an mbord dá aíonna ag comórtas giústála Chauvency.

Cheannaigh Louis Pasteur fíonghort in Arbois áit a ndearna sé turgnaimh ar choipeadh, rud a chuir deireadh leis an díospóireacht idir Pasteur agus iad siúd a d’áitigh i bhfabhar an teoiric a bhaineann le “giniúint spontáineach”. Chruthaigh sé freisin go gcuireann an micreaflóra áitiúil leis an nasc, atá i gcónaí beagán mistéireach, idir áit agus saintréithe a táirge.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Is é atá sa limistéar atá díreach in aice leis, a shainítear de mhaolú chun na fíonta a dhéanamh, a phróiseáil agus a aosú, críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar an gCód Geografach Oifigiúil do 2021:

Roinn Doubs: Arc-et-Senans, Bartherans, Brères, Buffard, By, Cademène, Cessey, Charnay, Châtillon-sur-Lison, Chay, Chenecey-Buillon, Chouzelot, Courcelles, Cussey-sur-Lison, Echay, Epeugney, Fourg, Goux-sous-Landet, Lavans-Quingey, Liesle, Lombard, Mesmay, Montrond-le-Château, Myon, Palantine, Paroy, Pessans, Quingey, Rennes-sur-Loue, Ronchaux, Rouhe, Rurey, Samson agus Le Val;

Roinn Gard: Abergement-le-Petit, Abergement-lès-Thésy, Aiglepierre, Aresches, Arlay, Augea, Augerans, Augisey, Aumont, Balanod, Bans, Barretaine, Baume-les-Messieurs, Beaufort-Orbagna, Belmont, Bersaillin, Besain, Biefmorin, Bletterans, Blois-sur-Seille, Blye, Bois-de-Gand, Bonnefontaine, Bornay, Bracon, Brainans, Briod, Buvilly, Cernans, Césancey, La Chailleuse (an chuid a bhí i sean-bhardas Saint-Laurent-la-Roche amháin), Chamblay, Chamole, Champagne-sur-Loue, Champrougier, La Chapelle-sur-Furieuse, Chapelle-Voland, La Charme, La Chassagne, Château-Chalon, La Châtelaine, Chatelay, Le Chateley, Châtillon, Chaumergy, Chaussenans, Chaux-Champagny, La Chaux-en-Bresse, Chemenot, Chêne-Sec, Chevreaux, Chille, Chilly-le-Vignoble, Chilly-sur-Salins, Chissey-sur-Loue, Clucy, Colonne, Commenailles, Condamine, Conliège, Cosges, Courbette, Courbouzon, Courlans, Courlaoux, Cousance, Cramans, Cuisia, Darbonnay, Desnes, Les Deux-Fays, Digna, Domblans, Dournon, Ecleux, L’Etoile, Fay-en-Montagne, La Ferté, Le Fied, Fontainebrux, Foulenay, Francheville, Frébuans, Frontenay, Geraise, Germigney, Geruge, Gevingey, Gizia, Grange-de-Vaivre, Graye-et-Charnay, Grozon, Hauteroche, Ivory, Ivrey, Ladoye-sur-Seille, Larnaud, Lavigny, Lemuy, Loisia, Lombard, Lons-le-Saunier, Le Louverot, La Loye, Macornay, Mantry, Marnoz, La Marre, Maynal, Menétru-le-Vignoble, Messia-sur-Sorne, Miéry, Moiron, Molain, Monay, Montagna-le-Reconduit, Montaigu, Montain, Montbarrey, Montholier, Montmarlon, Montmorot, Mont-sous-Vaudrey, Mouchard, Nance, Neuvilley, Nevy-sur-Seille, Nogna, Ounans, Oussières, Pagnoz, Pannessières, Passenans, Perrigny, Le Pin, Picarreau, Plainoiseau, Plasne, Poids-de-Fiole, Poligny, Pont-d’Héry, Pont-du-Navoy, Port-Lesney, Pretin, Publy, Quintigny, Recanoz, Relans, Repots, Revigny, Rosay, Rotalier, Ruffey-sur-Seille, Rye, Saint-Amour, Saint-Didier, Saint-Lamain, Saint-Lothain, Saint-Maur, Saint-Thiébaud, Sainte-Agnès, Saizenay, Salins-les-Bains, Santans, Sellières, Sergenaux, Sergenon, Souvans, Thésy, Thoissia, Toulouse-le-Château, Tourmont, Trenal, Les Trois-Châteaux, Val-d’Epy (an chuid a bhí i sean-bhardas Saint-Laurent-la-Roche Nantey, Val d’Epy agus Senaud amháin), Val-Sonnette, Vaudrey, Vaux-sur-Poligny, Verges, Véria, Vernantois, Le Vernois, Vers-sous-Sellières, Vevy, La Vieille-Loye, Villeneuve-d’Aval, Villeneuve-sous-Pymont, Villerserine, Villers-Farlay, Villers-les-Bois, Villevieux, Le Villey, Vincent-Froideville agus Voiteur.

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Maidir leis an ainm geografach breise “Pupillin”, an limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainiú de mhaolú chun na fíonta a dhéanamh, a ullmhú agus a aosú, is éard atá sa limistéar sin críoch na mbardas dá dtagraítear i bpointí IV (1)(a) agus IV(3)(a), cé is moite de bhardas Pupillin, arb é limistéar geografach an ainm gheografaigh sin é.

Lipéadú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar an t-ainm atá ar an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Arbois” a fhorlíonadh leis an téarma traidisiúnta “vin de paille”.

Féadfar an t-ainm atá ar an sonrúchán tionscnaimh cláraithe “Arbois” a fhorlíonadh leis an téarma traidisiúnta “vin jaune”.

Ní mór an bhliain fíona a lua freisin i bhfíonta atá incháilithe chun an téarma “vin de paille” a bheith acu.

I gcás fíonta a bhfuil an t-ainm geografach breise “Pupillin” orthu, ní mór an t-ainm geografach breise a iontráil tar éis an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe agus ní mór é a phriontáil i litreacha nach bhfuil níos mó, ar leithead ná ar airde, ná litreacha an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe.

I gcás fíonta lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint, féadfar an t-ainm aonaid gheografaigh níos lú a shonrú ar a lipéid, ar choinníoll gurb amhlaidh an méid seo a leanas:

ainm áite is ea é atá liostaithe i gclárlann na talún;

bíonn sé le feiceáil ar an dearbhú buainte.

Na litreacha a úsáidfear chun ainm na háite a phriontáil, ní bheidh siad níos mó ná leath de mhéid na litreacha ina scríobhtar ainm an tsonrúcháin tionscnaimh chláraithe, ó thaobh airde ná leithid de.

Pacáistiú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht an Aontais

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

An buidéal “clavelin”, ar a dtugtar “buidéal vin jaune” freisin, ag a bhfuil toilleadh de thart ar 62 cheintilítear, ní úsáidtear an buidéal sin ach chun fíonta a n-áirítear an téarma traidisiúnta “vin jaune” [fíon buí] ina sonrúchán tionscnaimh, agus na fíonta sin amháin, a bhuidéalú.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-f3ff41c6-ac5a-4378-aec8-0837f4d9d8d6


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.