ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 443

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
22 Samhain 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 571ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (ar an láthair), 13.7.2022 – 14.7.2022

2022/C 443/01

Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Ionchur i gclár oibre 2023 an Choimisiúin Eorpaigh

1

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 571ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (ar an láthair), 13.7.2022 – 14.7.2022

2022/C 443/02

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cánachas ar theilea-oibrithe trasteorann agus ar a bhfostóirí (tuairim féintionscnaimh)

15

2022/C 443/03

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Céannacht dhigiteach, ceannasacht sonraí agus an bealach chuig aistriú cóir digiteach do shaoránaigh atá ina gcónaí sa tsochaí faisnéise (tuairim féintionscnaimh)

22

2022/C 443/04

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hAnailís ar ról na sochaí sibhialta eagraithe sa chomhaontú nua idir an tAontas Eorpach agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC), lena n-áirítear staid na gcomhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche (CCEnna) sa chreat seo (tuairim féintionscnaimh)

29

2022/C 443/05

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta nua AE-SAM faoi lán seoil: tosaíochtaí maidir le gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí agus na coimircí a bhfuil gá leo (tuairim féintionscnaimh)

37

2022/C 443/06

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Beartas um an Óige sna Balcáin Thiar, mar chuid den Chlár Oibre um Nuálaíocht do na Balcáin Thiar (tuairim féintionscnaimh)

44

2022/C 443/07

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Costas na neamh-Eorpa — buntáistí an Mhargaidh Aonair (tústuairim)

51

2022/C 443/08

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cánachas digiteach (tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Seicia)

58

2022/C 443/09

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Comhionannas inscne (Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Seicia)

63


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 571ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (ar an láthair), 13.7.2022 – 14.7.2022

2022/C 443/10

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr (COM(2022) 143 final — 2022/0092 (COD))

75

2022/C 443/11

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022) 71 final)

81

2022/C 443/12

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le haraíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tír (COM(2022) 120 final – 2022/0074 (COD))

87

2022/C 443/13

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidie leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (COM(2022) 105 final)

93

2022/C 443/14

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: COVID-19 — Ullmhacht agus Freagairt an Aontais a chothú: Ag breathnú chun cinn (COM(2022) 190 final)

101

2022/C 443/15

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún: Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha (COM(2022) 141 final)

106

2022/C 443/16

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an treochlár maidir le teicneolaíochtaí slándála agus cosanta (COM(2022) 61 final)

112

2022/C 443/17

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (COM(2022) 134 final — 2022/0089 (COD))

116

2022/C 443/18

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás (COM(2022) 140 final) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (COM(2022) 142 final – 2022/0095(COD))

123

2022/C 443/19

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (COM(2022) 156 final — 2022/0104 (COD)) (níl leagan Gaeilge ann) agus maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha agus lena mbunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (COM(2022) 157 final — 2022/0105 (COD))

130

2022/C 443/20

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún – Slándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh inacmhainne: Roghanna maidir le bearta láithreacha agus ullmhúchán a dhéanamh don gheimhreadh seo chugainn (COM(2022) 138 final)

140

2022/C 443/21

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha sealadacha, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, a bhaineann le doiciméid tiománaithe arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht (COM(2022) 313 final — 2022/0204 (COD)) (níl leagan Gaeilge ann)

144

2022/C 443/22

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (COM(2022) 222 final)

145


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 571ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (ar an láthair), 13.7.2022 – 14.7.2022

22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/1


Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Ionchur i gclár oibre 2023 an Choimisiúin Eorpaigh

(2022/C 443/01)

Rapóirtéirí:

Mariya MINCHEVA

Stefano PALMIERI

Kinga JOÓ

Bunús Dlí

Riail 52(4) de na Rialacha Nós Imeachta

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

196/0/0

1.   Réamhrá

1.1.

Léiriú atá sa phaindéim agus sa chogadh san Úcráin ar a ríthábhachtaí agus atá sé don Aontas é féin a ullmhú i gceart dá bhféadfadh titim amach gan choinne amach anseo. Cuirtear chun suntais leis sin ról na ngníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta maidir le comharthaí beaga a thabhairt faoi deara agus cásanna éagsúla a d’fhéadfadh a bheith ann a leagan amach agus, ar an gcaoi sin, an bealach a réiteach do lucht ceaptha beartas an Aontais, comhpháirtithe sóisialta, agus gníomhaithe eile de chuid na sochaí sibhialta leis an athléimneacht a fheabhsú, le haghaidh a thabhairt ar rioscaí agus le deiseanna a thapú. Molann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) béim i bhfad níos mó a chur ar na hathruithe geopholaitiúla, ní hamháin san Eoraip ach níos faide i gcéin (1) freisin, sna gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta straitéisí, lena n-áirítear an tionchar a imríonn siad ar an tslándáil, ar an trádáil, ar chás na ndídeanaithe agus ar a lánpháirtiú sna sochaithe óstaigh.

1.2.

Mar gheall ar an bpaindéim agus an cogadh, tugadh chun solais arís a chumhachtaí agus a thábhachtaí atá an tsochaí shibhialta agus na hinstiúidí dá cuid ó thaobh aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na ngéarchéimeanna agus cabhair a thabhairt do dhaoine. Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, aitheantas níos mó a thabhairt don tábhacht a bhaineann leis an tsochaí shibhialta agus a cuid institiúidí trí ról suntasach a thabhairt do na hinstitiúidí sin i gceapadh beartas an Aontais.

1.3.

Is éard is bunús le neart domhanda an Aontais a luachanna coiteanna atá bunaithe ar an daonlathas, an smacht reachta agus an tsamhail eacnamaíoch agus shóisialta atá aige. Tar éis tuairt amháin i ndiaidh tuairt eile, is léir a thábhachtaí agus atá sé geilleagar Eorpach a bhfuil teacht aniar níos mó ann a thógáil agus an ghoimh a bhaint as iarmhairtí tánaisteacha na ngéarchéimeanna éagsúla (boilsciú, praghas an fhuinnimh agus na n-amhábhar ag dul i méid, ganntanais soláthairtí, bristeacha sa slabhra soláthair). Ní mór don Eoraip an spleáchas agus an neamhchosaint ar sholáthróirí nach féidir brath orthu a laghdú agus, san am céanna, comhghuaillíochtaí a thógáil le comhpháirtithe a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá ag an Aontas agus foinsí soláthair an Aontais a éagsúlú.

1.4.

Cé is moite den fhuinneamh, is ón Rúis agus ón Úcráin a thagann sciar maith de na miotail a allmhairítear isteach san Aontas, rudaí atá riachtanach le haghaidh roinnt tionscail straitéiseacha (2). Onnmhaireoirí suntasacha roinnt táirgí talmhaíochta, amhail grán agus olashíolta, is ea an dá thír. Mar gheall ar an mbriseadh ar na honnmhairí ó na tíortha sin, tá méadú ollmhór tagtha cheana féin ar phraghsanna tráchtearraí talmhaíochta ar fud an domhain. Tá na hiarmhairtí le brath go háirithe sna tíortha is boichte ar domhan agus is iad na daoine is boichte is mó a bheidh thíos leis. I dtaca leis sin, tá CESE ag iarraidh an athuair go gcuirfear dlús le forbairt na huathrialach straitéisí agus teicneolaíche don Eoraip agus tá béim á leagan aige ar an ngá atá le srian a chur le spleáchas an Aontais ó thaobh fuinnimh, amhábhair ríthábhachtacha agus bia de (3).

1.5.

Chun iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha agus sóisialta a sheachaint, ní mór go mbeidh beartas fuinnimh réalaíoch ag an Aontas agus go mbeidh sé ina chabhair ó thaobh an t-aontas fuinnimh a thógáil agus na spriocanna aeráide a bhaint amach gan ualach breise a chur ar thomhaltóirí ná oibrithe leochaileacha ná an bonn a bhaint ó iomaíochas ghnólachtaí an Aontais. Ní mór don Aontas a dhícheall a dhéanamh lena gcuspóirí uaillmhianacha aeráide a bhaint amach ach slándáil agus cobhsaíocht an tsoláthair fuinnimh a áirithiú freisin ar chostas inacmhainne do na gnólachtaí agus na saoránaigh.

1.6.

Bhí sochaithe na hEorpa buailte go dona cheana féin ag an bpaindéim. Buille tubaisteach eile is ea an ghéarchéim atá ann faoi láthair arb í an chuid is leochailí den tsochaí is mó atá thíos léi. Ní mór an dlúthpháirtíocht agus an cóineasú sóisialta a bheith ina dtreoir freisin le haghaidh na mbeartas Eorpach atá le teacht: beidh ar gach duine íobairt a dhéanamh mar chuid den fhreagairt ar an gcogadh san Úcráin, agus ní mór a chinntiú go roinnfear an t-ualach ar bhealach cóir cothrom. D’fhéadfadh an Coimisiún a thuilleadh plé a dhéanamh leis na Ballstáit maidir le huirlisí fadtéarma a d’fhéadfaí a úsáid, i.e. scéimeanna athárachais dífhostaíochta, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sistéamacha atá ag dul in olcas de dheasca na géarchéime leanúnaí. Ba cheart éifeachtaí Ionstraim SURE agus an úsáid bhreise a d’fheadfaí a bhaint aisti a chíoradh agus a phlé leis na comhpháirtithe sóisialta.

1.7.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach rialáil níos fearr a choimeád ina tosaíocht agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar reachtóirí an Aontais gach gné den chóras um rialáil níos fearr an Aontais a dhoimhniú agus a chur chun cinn ar bhonn comhsheasmhach agus úsáid chórasach a bhaint as na huirlisí agus na treoirlínte maidir le rialáil níos fearr ina gcuid oibre. Chuige sin, tá CESE ag moladh don Choimisiún leanúint air na prionsabail agus na huirlisí maidir le rialáil níos fearr a chur chun cinn ar fud a chuid seirbhísí go léir.

1.8.

Ba cheart cur chuige na forbartha inbhuanaithe a ghlacadh mar chuspóir uileghabhálach lárnach i gcás na mbeartas, na gclár agus na mbeart go léir. Chun borradh a chur faoin téarnamh ó na géarchéimeanna, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith ag dréim le beartais agus tionscnaimh lena ndéanfaí tairbhe eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil san am céanna, i.e. an timpeallacht ghnó a neartú, dálaí oibre agus maireachtála a fheabhsú, agus an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach ciorclach a éascú.

1.9.

I dtaca le géarchéimeanna, tá dlúthbhaint ag téarnamh agus athléimneacht an Aontais le fás inbhuanaithe, cóineasú sóisialta, timpeallacht fhabhrach ghnó agus forbairt dhearfach na fostaíochta agus na ndálaí fostaíochta, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an plean gníomhaíochta a ghabhann leis agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. I gcás aon bheart beartais a dhéanfar, ní mór go bhféachfar le gnó, fiontraíocht agus cruthú post inbhuanaithe a chothú, agus le feabhas a chur freisin ar dhálaí oibre agus maireachtála.

1.10.

D’ainneoin na bhfadhbanna práinneacha atá ann, tá sé ríthábhachtach gan dearmad a dhéanamh ar bhunaidhmeanna an Aontais, cuir i gcás cur chun feidhme éifeachtach an mhargaidh aonair, ná ar riachtanais fadtéarma, cuir i gcás an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac d’fhonn todhchaí rathúil a áirithiú do shaoránaigh agus gnólachtaí. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún leanúint d’infheistíocht i dtaighde agus i nuálaíocht a éascú agus a mholadh, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá, ar gá é atá ag dul i méid, atá le réitigh a aimsiú agus le feabhas a chur ar an athléimneacht i dtaca le rioscaí geo-eacnamaíocha, sóisialta, sláinte agus comhshaoil.

1.11.

De bhreis ar an margadh inmheánach a neartú agus spleáchas criticiúil a laghdú, is gá rath a bheith ar an onnmhairiú má táthar chun stádas níos mó a bhaint amach ar bhonn idirnáisiúnta. Ba cheart don Choimisiún iniúchadh a dhéanamh ar ar féidir a dhéanamh chun cur le hiomaíochas ghnólachtaí na hEorpa i gcoitinne agus, go háirithe, ar an gcaoi ar féidir cuidiú le cuideachtaí an Aontais seasamh níos láidre a bheith acu i margaí domhanda na teicneolaíochta, na dtáirgí agus na réiteach ar mheigithreochtaí agus dúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide. Ní mór dó acmhainn a earnála sláinte a neartú freisin, ó thaobh feabhas a chur ar thaighde agus modheolaíochtaí d’fhonn an t-éileamh ar chúram sláinte atá ag dul i méid agus paindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a láimhseáil. Ní mór a chur san áireamh leis sin tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus nuálaithe na hEorpa caighdeáin a fhorbairt agus a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, óir cruthaíonn caighdeáin margaí.

1.12.

Má tá ról domhanda níos mó le bheith ag an Aontas, beidh gá le haontacht dhaingean agus comhiarracht ó na Ballstáit. Ba cheart don Choimisiún tógáil ar an aontacht a baineadh amach le linn na ngéarchéimeanna agus bealaí a aimsiú chun feabhas a chur ar théarnamh agus iomaíochas fadtéarma an Aontais agus ar dhea-bhail na saoránach ar bhealach a bhraithfeadh níos mó agus níos mó ar an nuálaíocht agus ar scileanna in áit státchabhrach nó bacainní ar thrádáil agus ar chomhar. Sa chaidreamh atá ag an Aontas leis an domhan mór, ba cheart dó leanúint air ag cuidiú leis an mbochtaineacht a dhíothú agus le cearta an duine a chosaint.

2.   An Comhaontú Glas don Eoraip

2.1.

Tá a thacaíocht tugtha ag CESE do chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (CGE) agus tá sé curtha in iúl aige gur gá tabhairt faoi ar bhealach a thugann cothrom na Féinne do gach cuid den tsochaí, ar choinníoll go n-áiritheofar slándáil an tsoláthair bia don Eoraip agus slándáil an tsoláthair fuinnimh ar phraghas réasúnta freisin. Baineann sé sin, i measc nithe eile, leis an bpacáiste “Oiriúnach do 55”, rud a imreoidh tionchar míchothrom ar earnálacha, gnólachtaí, réigiúin, pobail agus daoine aonair ar fud na hEorpa. Tá CESE ag áitiú go bhfuil rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta tábhachtach ag céim na pleanála agus an chur chun feidhme araon. Tá sé ríthábhachtach tacú leis na saoránaigh agus grúpaí na ngeallsealbhóirí agus iad á n-eagrú féin chun páirt ghníomhach a ghlacadh san aistriú chuig sochaí ísealcharbóin.

2.2.

Tá CESE ag tabhairt dá aire, i gcás na dtionscnamh a bhaineann le CGE, gur gá tionscnaimh chomhlántacha a bheith iontu a threiseoidh a chéile ar fud réimsí na haeráide, an fhuinnimh, an iompair, na foirgníochta, na tionsclaíochta, na foraoiseachta agus na gcóras bia, má táthar chun geilleagar iomaíoch cothrom aeráidneodrach ciorclach a bhaint amach. Tá comhlántacht níos fearr á hiarraidh freisin ag CESE idir an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.

2.3.

Chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an aistrithe chuig fás atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de agus atá i gcomhréir le CGE, tá CESE ag éileamh tacar táscairí cuí a fhorbairt de bhreis ar an olltáirgeacht intíre. Ba cheart scórchlár achomair a dhearadh a mbeadh ní ba mhó ná olltáirgeacht intíre i gceist leis agus a ionchorprú i scórchlár CGE agus i bpróiseas rialachais eacnamaíoch na hEorpa. Ní mór eolas a dhéanamh leis freisin don fhorbairt beartas, feabhas a chur ar an gcumarsáid leis agus socrú spriocanna a chur chun cinn leis.

2.4.

Tá CESE i bhfách leis an aidhm atá leis an Tacsanomaíocht Eorpach le haghaidh Gníomhaíochtaí Inbhuanaithe (“Tacsanomaíocht AE”), mar atá infheistíochtaí a dhíriú ar thionscadail agus gníomhaíochtaí inbhuanaithe. Chuige sin, tharraing an Coimisiún suas tacar rialacha lena chinneadh cé na hinfheistíochtaí ar féidir infheistíochtaí (glasa) comhshaoil a thabhairt orthu. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar an tacsanomaíocht a fhorbairt ar bhealach ina gcuirfear san áireamh riachtanais na sochaí amhail slándáil an tsoláthair fuinnimh agus an tsoláthair amhábhar agus tráchtearraí bunriachtanacha, agus go ndíreofar níos mó ar ghnéithe den inbhuanaitheacht shóisialta amhail cearta na n-oibrithe agus cearta an duine, agus inniúlachtaí na mBallstát, córais éagsúla caidrimh thionsclaíoch agus an fhéidearthacht measúnú oibiachtúil a dhéanamh i gcomhthéacs na rochtana ar mhaoiniú á n-urramú. Ón gcéad lá riamh, tá CESE ag áitiú nach féidir rath a bheith ar an gComhaontú Glas ach amháin más comhaontú sóisialta é freisin. I dtaca leis na gnéithe sóisialta den tacsanomaíocht, tá CESE ag obair ar thuairim féintionscnaimh faoi láthair maidir leis an tacsanomaíocht shóisialta agus na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann léi. Ba cheart an tacsanomaíocht a úsáid freisin i gcomhthéacs chaighdeán an Bhanna Ghlais Eorpaigh. Tá sé tábhachtach, dar le CESE, tacsanomaíochtaí a ailíniú go hidirnáisiúnta i gcreat an Ardáin Idirnáisiúnta um Maoiniú Inbhuanaithe.

2.5.

Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní arb ann dóibh ón taobh sóisialta agus saothair de CGD, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún bearta beartais breise a mholadh chun an ghné shóisialta agus shaothair de CGD a neartú, agus cuspóirí sóisialta uaillmhianacha a chur leis, i gcomhréir le Dearbhú Porto, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus treoirlínte na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair i dtaca le hAistriú Cóir. Thar aon ní eile, tá CESE ag iarraidh ar institiúidí an Aontais mapáil agus anailís a dhéanamh ar an tionchar a imreoidh an t-aistriú glas ar an bhfostaíocht agus ar scileanna sna tíortha, réigiúin agus earnálacha éagsúla, lena n-áirítear an tionchar ar fhochonraitheoirí agus ar shlabhraí luacha iartheachtacha. Tá CESE ag iarraidh freisin go n-áiritheofar go mbeidh straitéisí le haghaidh aistriú cóir sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide. De bhreis air sin, tá sé tábhachtach athruithe i saol na hoibre a thuar agus a bhainistiú, lena n-áirítear trí thacaíocht spriocdhírithe, cuir i gcás feabhas a chur ar na scileanna riachtanacha, cosaint shóisialta a áirithiú, agus an tsochaí go léir a dhéanamh páirteach i múnlú an aistrithe, agus trí thograí breise freisin chun infheistíochtaí ollmhóra poiblí agus príobháideacha a chruinniú chun tacú leis na haistrithe, agus méid agus raon feidhme an Chiste um Aistriú Cóir a mhéadú go suntasach go mbeidh sé in ann chuig na dúshláin.

2.6.

Tá CESE ag iarraidh go n-áiritheofar go gcuirfidh creat rialála an Aontais ar chumas ghnólachtaí an Aontais, FBManna san áireamh, a bheith chun tosaigh ó thaobh an ghnó ghlais de, agus go gcuirfidh sé cosc san am céanna ar an táirgeadh a chur as a áit agus go mbeidh sé ina chosaint ar an mbaol ó allmhairí a mbaineann tionchar comhshaoil níos measa leo. Tá tábhacht ar leith leis an méid sin i gcás na dtionscal is mó atá dian ar fhuinneamh. Tá CESE ag iarraidh freisin, i gcás na tacaíochta a thugtar do FBManna, go mbeidh tuiscint níos fearr ann agus bainistiú níos fearr á dhéanamh maidir leis na ceanglais aeráide agus chomhshaoil atá ag dul i méid a dhírítear orthu ar bhonn díreach agus indíreach araon.

2.7.

Tá CESE ag iarraidh go dtabharfar tacaíocht láidir nuálaíochta do na tionscail chun teicneolaíochtaí, ábhair, táirgí, próisis táirgthe, agus samhlacha gnó atá glas a fhorbairt agus a thabhairt ar an bhfód, trí éascú a dhéanamh, mar shampla, ar chláir maidir le hidrigin, ceallraí, leathsheoltóirí, gabháil agus úsáid carbóin, agus cleachtais an gheilleagair chiorclaigh i réimsí éagsúla amhail an pacáistiú.

2.8.

D’fhonn cur le tionchar domhanda an Aontais maidir leis an maolú ar an athrú aeráide, ba cheart dó dálaí iomaíocha a chur ar fáil do thionscail an Aontais ar mhaithe leis na deiseanna a thapú onnmhairiú a dhéanamh i gcomhthéacs an éilimh dhomhanda ar theicneolaíochtaí agus réitigh aeráide agus, ar an gcaoi sin, “lámhlorg” carbóin an Aontais a mhéadú.

2.9.

Tá ag éirí go maith le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha tionscadail thionsclaíocha mórscála agus trasteorann a fhorbairt i réimsí straitéiseacha. Tá na comhghuaillíochtaí tionsclaíocha sin, mar aon le tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna), ríthábhachtach don téarnamh agus do chur chun cinn na gcaighdeán Eorpach agus na bpríomhtheicneolaíochtaí, go háirithe i réimsí nach féidir leis an margadh féin na torthaí inmhianaithe a bhaint amach iontu nó ina bhfuil sé á shaobhadh.

2.10.

Ba cheart cur leis an dul chun cinn i dtreo fíor-aontas fuinnimh chun an t-aistriú chuig córas fuinnimh inacmhainne sábháilte iomaíoch slán inbhuanaithe a áirithiú. I bhfianaise na ndúshlán atá ann faoi láthair de dheasca chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine, ba cheart don Choimisiún díriú ar bhearta lena mbainfeadh na buntáistí ba mhó ó thaobh chuspóirí uile an aontais fuinnimh de agus lena dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin is práinní agus na spriocanna fadtéarma araon san aon am amháin.

2.11.

Mar gheall ar a bhfuil ar siúl san Úcráin, tháinig ann do Theachtaireacht REPpowerEU (4) agus, ar iarraidh ón gComhairle Eorpach, do Phlean REPowerEU mar aon le tograí (5) ina diaidh, rud ar féidir leis, má chuirtear chun feidhme i gceart é, dlús suntasach a chur le baint amach an neamhspleáchais fuinnimh agus na hinbhuanaitheachta fuinnimh san Aontas Eorpach. An sprioc atá ann deireadh a chur leis an spleáchas ar ghás na Rúise agus ar bhreoslaí iontaise eile dá cuid, leis sin a bhaint amach tá gá le héagsúlú práinneach ar sholáthróirí agus foinsí fuinnimh, mar aon le dlúthpháirtíocht níos mó agus bearta fadtéarma leis an aistriú chuig an aeráidneodracht a chur chun cinn, agus tréithe na mBallstát agus na réigiún éagsúil agus na foinsí malartacha atá ar fáil á gcur san áireamh. Mar sin féin, chun a áirithiú go n-éireoidh leis an bpróiseas, ní mór infheistíocht leordhóthanach phríobháideach agus phoiblí a mhealladh, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí an bheartais chomhtháthaithe, i measc cistí eile nach iad, á gcur chun lántairbhe. Mar a cuireadh in iúl cheana (6), dúshlán mór is ea an t-éileamh ar ghás na Rúise a laghdú faoi dhá thrian faoi dheireadh 2022 agus fágann sé go bhfuil gá le héagsúla, ar thaobh amháin, go háirithe trí bhíthin an gháis nádúrtha leachtaithe agus an bhithmheatáin sa ghearrthéarma, agus ar an taobh eile de, trí bhíthin éifeachtúlachta fuinnimh agus leathnú amach an fhuinnimh in-athnuaite. Ba cheart bacadh bonneagair lena gcruthófaí srianta maidir leis na roghanna malartacha réalaíocha a d’fhéadfaí a úsáid amach anseo a sheachaint agus ba cheart infheistíochtaí a dhíriú, a mhéid is féidir, ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus ar an mbonneagar lena mbaineann. Ní mór dlúthbhaint a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta leis na tograí beartais sin, má táthar chun a áirithiú go nglacfaidh an tsochaí leo, go mbeidh siad inbhuanaitheach agus go n-éireoidh leo. De bhreis air sin, chun cur leis an méid is féidir a dhéanamh i bhfreagairt ar ghéarchéimeanna seachtracha, bheadh gá le struchtúr buan comhordúcháin i gComhairle an Aontais Eorpaigh.

2.12.

Beidh ról tábhachtach ag an gcomhtháthú a dhéanfar ar mhargadh fuinnimh an Aontais amach anseo maidir le hinacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair fuinnimh a fheabhsú. Chun na críche sin, tá gá le acmhainneacht idirnaisc leordhóthanach (7) agus ní mór bonneagar comhfhreagrach a thabhairt ar an bhfód, go háirithe i gcás “oileáin” fuinnimh (amhail Leithinis na hIbéire (8)). Chun buntáiste iomaíoch an Aontais a chur chun cinn i réimse an fhuinnimh in-athnuaite agus chun a áirithiú nach gcuirfear slándáil an tsoláthair i mbaol de dheasca an fuinneamh in-athnuaite a thabhairt ar an bhfód, ba cheart treochlár réalaíoch a tharraingt suas maidir le bonneagar éifeachtúil fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt agus a thabhairt ar an bhfód, lena n-áirítear acmhainní stórála agus idirnasc tarchurtha leordhóthanach lena bhféadfaí fuílleach an táirgthe a onnmhairiú chuig Ballstáit eile. D’fhonn bonneagar an fhuinnimh ghlain a thabhairt ar an bhfód go tapa, ní mór do na Ballstáit dlús a chur le deonú ceadanna.

2.13.

Chun cothroime iomaíochta a fheabhsú, ba cheart don Aontas praghsáil dhomhanda carbóin a chur chun cinn. Ba cheart cánachas carbóin a fhorbairt agus a chuíchóiriú ionas go bhfreagródh sé go siméadrach don tionchar ar an aeráid agus go gcuirfí san áireamh ann bearta chun carbón a cheapadh ón atmaisféar. Lena chois sin, ba cheart do CESE féachaint lena sprioc a bhaint amach deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais maidir le foinsí fuinnimh atá díobhálach don aeráid agus don chomhshaol, agus a áirithiú san am céanna gur ar bhealach cóir a tharlóidh an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach.

2.14.

Is bagairt mhór é an t-ardú tobann atá ag teacht ar phraghsanna leictreachais i láthair na huaire, ó thaobh bochtaineacht fuinnimh a mhéadú agus iomaíochas na gcuideachtaí a úsáideann fuinneamh a laghdú. Tá CESE ag iarraidh bearta a n-éireodh leo tionchar na bpraghsanna fuinnimh arb airde anois iad a mhaolú agus bochtaineacht fuinnimh a chosc, lena n-áirítear i measc theaghlaigh an Aontais. Tá gá freisin le bearta sealadacha dea-spriocdhírithe chun teorainn a chur le tionchar arduithe tobanna na bpraghsanna fuinnimh chun cabhrú le FBManna agus le tionscail dianfhuinnimh teacht slán as an ngéarchéim.

2.15.

Mar chuid den mhachnamh fadtéarma ar an gcaoi a bhfuil an margadh fuinnimh ag freagairt do thuairteanna, tá sé tábhachtach aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na n-arduithe ar phraghas an fhuinnimh (praghas an gháis i láthair na huaire), mar a mhol an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), tar éis di measúnú (9) a dhéanamh le déanaí ar dhearadh an mhargaidh leictreachais agus ar an gcóras praghsála a bhaineann leis i láthair na huaire. De bhreis air sin, d’fhéadfaí cuimhneamh ar athbhreithniú a dhéanamh maidir le margaí a bhfuil soláthar mór fuinnimh iontu, agus ina bhféadfaí an gnáthfheidhmiú a shaobhadh dá bharr sin.

2.16.

Ba cheart na saoránaigh agus na tomhaltóirí a bheith i gcroílár an aistrithe fuinnimh, i bhfoirm tacaíocht don fhuinneamh pobail agus don úinéireacht áitiúil agus trí na tomhaltóirí fuinnimh a iompú ina dtáirgeoirí is tomhaltóirí. Tá CESE ag iarraidh go mbeidh faisnéis thrédhearcach ann, go ndéanfar comhairliúchán agus go reáchtálfar feachtais oideachais chun na saoránaigh a ghríosú ar son an aistrithe fuinnimh.

2.17.

Tá CESE ag iarraidh freisin go dtabharfar aird níos mó ar fhadhbanna a bhaineann leis an aistriú chuig sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de, go háirithe i ndáil le tionscail a bhfuil am ag teastáil uathu ar chúiseanna éagsúla teicniúla agus/nó airgeadais chun oiriúnú a dhéanamh agus iad féin a choinneáil iomaíoch sa mhargadh.

2.18.

Ba dhíol sásaimh do CESE gur tugadh Rialachán TEN-T cothrom le dáta chun go mbeadh sé ag teacht ní b’fhearr le cuspóirí agus riachtanais an lae. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar aithint na dtosaíochtaí agus ar shainiú an ghréasáin lena nascfar príomhchathracha, mórchathracha, calafoirt, aerfoirt agus críochfoirt uile na mBallstát, arna bhunú ar na conairí Eorpacha. Ba cheart a áireamh i measc na gconairí, de réir mar is iomchuí, “droichid farraige” nó naisc ard-dlúis rialta róró ar muir idir calafoirt na gconairí. Maidir le comhtháthú críochach, tá CESE den bharúil nach mór nasc níos fearr a thógáil idir na conairí croíghréasáin agus na gnéithe réigiúnacha, uirbeacha agus áitiúla. Ní mór na bearnaí a aithint freisin idir riachtanais theicniúla TEN-T agus riachtanais na soghluaisteachta míleata chun dé-úsáid an bhonneagair iompair a chur chun feidhme.

2.19.

Mar gheall ar an aga tionscanta sách fada a bhaineann le tionscadail TEN-T, tá CESE i bhfách le creat Eorpach rialála agus maoiniúcháin chun cobhsaíocht mheántéarma agus fadtéarma a chur ar fáil i gcás conairí agus tionscadal go dtí go dtabharfar an gréasán Eorpach chun críche. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfar pleananna náisiúnta práinneacha maidir le gnáthchistiú agus cistiú urghnách chun bonneagar TEN-T a chothabháil agus go ndéanfar plean faireacháin ar an leibhéal Eorpach maidir leis an gcroíghréasán.

2.20.

I bhfianaise a riachtanaí agus atá ról na heitlíochta san Aontas, tá CESE ag iarraidh cur chuige cuimsitheach éifeachtach chun téarnamh agus fás na heitlíochta inbhuanaithe a chur chun cinn.

2.21.

Chun cur leis na hiarrachtaí astaíochtaí ón iompar ar bóthar a laghdú, tá CESE ag iarraidh dálaí rialála fabhracha le haghaidh feithiclí iompair earraí móra agus troma agus le haghaidh meascáin feithiclí laistigh de na Ballstáit lena mbaineann agus eatarthu. Ba cheart don Choimisiún Eorpach machnamh a dhéanamh ar a bhfuil i ndán don iompar lastais amach anseo agus na dúshláin ar leith a bhainfidh leis, agus ar an nganntanas tiománaithe leoraithe a bhfuiltear ag súil leis sna blianta atá amach romhainn, ó thaobh laghad na hathnuachana atá ar bun ó ghlúin go glúin de agus ó thaobh dálaí deacra oibre de. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach lastas ilmhódach a fhorbairt chun an lastas iarnróid a dhéanamh níos tarraingtí mar chuid de shlabhra lóistíochta iomlán, mar aon le feabhas a chur ar dhálaí oibre na n-oibrithe iompair.

2.22.

Is díol sásaimh do CESE forbairt chreat soghluaisteachta uirbí an Aontais agus tá sé ag éileamh an t-iompar uirbeach, go háirithe an t-iompar poiblí, a dhéanamh níos cuimsithí agus, leis sin, comhionannas deiseanna a chur chun cinn idir na saoránaigh.

2.23.

Chun an tsoghluaisteacht inbhuanaithe chliste a fheabhsú, tá tionscnamh láidir á impí ag CESE ar an gCoimisiún chun tionscadail dhigiteacha mhórscála a sheoladh maidir leis an iompar, rud a bhfuil géarghá leis, cuir i gcás, ó thaobh ilmhódúlacht éifeachtúil de agus ó thaobh úsáid acmhainneachta a bharrfheabhsú.

2.24.

Ós rud é go bhfuil na naisc idir na córais fuinnimh, iompair agus dhigiteacha ag dul i dtreis i gcónaí, tá gá le gréasáin atá comhtháite ó thaobh fuinnimh, iompair agus teicneolaíocht dhigiteach de. D’fhonn sineirgí a fheabhsú agus athléimneacht na mbonneagar foriomlán a mhéadú, tá CESE ag iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar na scrogaill agus na leochaileachtaí ollmhóra a bhaineann le hidirnaisc na gcóras sin sa lá atá inniu ann agus san fhadtéarma araon.

2.25.

Tá CESE ag iarraidh go méadófar freisin athléimneacht an ghréasáin fuinnimh, iompair agus dhigitigh i dtaca leis an athrú aeráide, guaiseacha nádúrtha, agus tubaistí arb é an cine daonna is cúis leo, chun fiúntas marthanach an bhonneagair a chothú agus a choimeád. Tríd is tríd, is éard atá á iarraidh ag CESE ná bearta chun feabhas a chur ar an oiriúnú don athrú aeráide agus do na tionchair a ghabhann leis.

2.26.

Chun inbhuanaitheacht na gcóras bia agus iomaíochas na dtáirgeoirí Eorpacha a chosaint, tá CESE ag iarraidh go gcothófar uathriail straitéiseach oscailte, lena n-áirítear uathriail níos fearr ó thaobh próitéine de, go n-áiritheofar cómhalartacht caighdeán trádála (caighdeáin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil), go gcuirfear taighde chun cinn, go bhfeabhsófar an digitiú, go bhforbrófar teicneolaíochtaí agus síolta nuálacha, agus go gcuirfear praghsanna córa chun cinn lena gcuimseofar costais ionchuir níos airde agus costais ar mhaithe le hinbhuanaitheacht mhéadaithe.

2.27.

Ba cheart an Comhbheartas Talmhaíochta agus an Comhbheartas Iascaigh a bheith ina gcabhair mhór ó thaobh córais bhia atá níos inbhuanaithe agus níos athléimní a chur ar bun. Ní mór rannpháirtíocht struchtúrtha leathan na sochaí sibhialta a áirithiú i gcur chun feidhme na straitéise “ón bhfeirm go dtí an forc”. Sa togra le haghaidh creat reachtach maidir le córais bhia inbhuanaithe, ba cheart spriocanna soiléire, táscairí agus sásra faireacháin agus scórchlár láidir a bheith ann.

3.   Eoraip atá oiriúnach don ré dhigiteach

3.1.

Leis an bpaindéim agus an cogadh san Úcráin, tarraingíodh aird ar a ríthábhachtaí agus atá teicneolaíochtaí digiteacha agus ar an ngá atá leis go gcuirfear le ceannasacht dhigiteach an Aontais. Chuir CESE in iúl cheana féin gur díol sásaimh dó an Compás Digiteach agus an Chonair i dtreo na Deacáide Digití agus tá sé ag iarraidh go dtabharfar isteach go héifeachtúil an sásra rialachais agus go n-éascófar cur chun feidhme tapa na spriocanna. Tarraingíodh aird freisin, de thoradh na paindéime, ar na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an aistriú digiteach agus tá CESE ag iarraidh go neartófar an t-idirphlé sóisialta ag an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus tionsclaíoch chun a áirithiú gur aistriú cóir a bheidh ann freisin.

3.2.

Tá CESE den tuairim gur rud riachtanach é an comhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit ó thaobh dul chun cinn a mheas agus measúnú a dhéanamh ar na bearta atá ag teastáil chun na spriocanna a bhaint amach, lena n-áirítear trí mheán tionscadail iltíortha. Tá CESE ag iarraidh freisin go gcuirfear an tuarascáil ar Staid na Deacáide Digití le comhroinnt an eolais agus an dea-chleachtais idir na Ballstáit.

3.3.

Tá béim leagtha ag CESE ar an ngá atá leis an gclaochlú digiteach a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe cuimsitheach a dhíríonn ar an duine daonna agus a oireann do chách, gan an deighilt dhigiteach atá ann faoi láthair a dhéanamh níos measa fós ná neamhionannais nua a chruthú, agus go n-áirithítear leis, ó thaobh na n-oibrithe de, dálaí oibre maithe, cothromaíocht idir an obair agus an saol, agus na caighdeáin sláinte agus sábháilteachta. Chun na críche sin, tá sé tábhachtach freisin athruithe i saol na hoibre a thuar agus a bhainistiú, agus leas á baint as an idirphlé sóisialta ag leibhéil éagsúla agus feabhas á chur ar na scileanna riachtanacha agus ar na dálaí oibre cuí, lena n-áirítear sa teilea-obair agus san obair ardáin, agus meastóireacht ar leibhéal an Aontais a lorg ar an gceart chun dícheangail.

3.4.

Is cumasóirí riachtanacha iad an infheistíocht i mbonneagar digiteach lena n-áirítear inrochtainneacht níos fearr agus forbairt an mhargaidh aonair le haghaidh sonraí chun dea-fhorbairt dhigiteach a chur chun cinn i réigiúin uile an Aontais. Tá CESE ag iarraidh go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil bearta lena gcuirfear feabhas ar shaorghluaiseacht na sonraí, agus cosaint chuí sonraí, príobháideachais agus maoine intleachtúla á háirithiú san am céanna.

3.5.

Ba cheart don Aontas leanúint den dul chun cinn i dtreo córas nascachta spásbhunaithe slán uathrialaitheach a bhunú chun seirbhísí cumarsáide satailíte a sholáthar a mbeifí in ann brath orthu agus a bheadh athléimneach, rud a chuirfeadh leis an teacht atá ar an leathanbhanda ardluais agus an nascacht gan stró ar fud na hEorpa.

3.6.

Tá sé tábhachtach, dar le CESE, leanúint de chórais chliste iompair a fhorbairt i dtreo spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta, rud a chiallaíonn éifeachtúlacht fheabhsaithe agus réamhchoinníollacha ó thaobh dálaí oibre feabhsaithe de, agus ó thaobh ilmhódúlacht shaoráideach de freisin.

3.7.

Measann CESE go bhfuil sé réasúnta a bheith ag brath ar rannpháirtithe láidre i margadh na hEorpa chun seirbhísí airgeadais digiteacha a chur chun feidhme. Tá CESE den bharúil go bhfuil géarghá le beart chun earnáil an chriptea-airgeadra a dhéanamh trédhearcach agus chun úsáideoirí deiridh an airgeadais dhigitigh a chosaint, cobhsaíocht airgeadais a chosaint, sláine earnáil airgeadais an Aontais a chosaint, agus cothroime iomaíochta a áirithiú i measc na n-oibreoirí éagsúla sa chóras eacnamaíoch agus airgeadais agus chun earnáil an chriptea-airgeadra a bhrú freisin i dtreo córais oibriúcháin atá níos inbhuanaithe agus nach bhfuil chomh dian céanna ar fhuinneamh.

3.8.

Ós rud é gur cumasóirí bunriachtanacha an chlaochlaithe dhigitigh iad scileanna agus inniúlachtaí, tá CESE ag iarraidh go ndéanfar forbairt leanúnach ar bhealaí chun ardtallann a mhéadú agus scileanna agus inniúlachtaí na saoránach agus na n-oibrithe a fheabhsú d’fhonn na deiseanna a ghabhann leis an digitiú a thapú níos fearr agus na rioscaí a bhaineann leis a bhainistiú.

3.9.

Má táthar chun borradh a chur faoi bharrfheabhas an Aontais sa réimse digiteach, beidh dálaí fabhracha ag teastáil ó chuideachtaí an Aontais ó thaobh nuálaíochta, infheistithe agus feidhmithe de, i gcomparáid lena bhfuil ag a lucht iomaíochta lasmuigh den Aontas. Mar gheall ar a oiriúnaí agus atá na comharchumainn ó thaobh tacaíocht a thabhairt don rannpháirtíocht chuimsitheach i rialú na n-ardán digiteach, tá sé á mholadh ag CESE tograí a chur ar fáil lena gcuirtear chun cinn forbairt ardáin dhigiteacha na gcomharchumann.

3.10.

Agus gnólachtaí nuálacha á gcur chun cinn, ní mór a áirithiú gur féidir leis na gnólachtaí uile, lena n-áirítear micrifhiontair, FBManna agus fiontair an gheilleagair shóisialta, a bheith rannpháirteach sa dul chun cinn agus tairbhe a bhaint as. Tá sé tábhachtach, dar le CESE, feabhas a chur ar an nglacadh atá leis an intleacht shaorga agus ardteicneolaíochtaí eile, ach ní mór a aithint freisin go mbíonn dúshláin mhóra roimh chuid mhór de na FBManna i dtaca le fiú na teicneolaíochtaí digiteacha bunúsacha a ghlacadh.

3.11.

Tá sé ag éirí níos tábhachtaí do na gníomhaithe go léir, gach cuid de na slabhraí luacha san áireamh, aird chuí a thabhairt ar an gcibearshlándáil, agus is léire ná riamh, i bhfianaise na ngéarchéimeanna, a thábhachtaí agus atá sí ó thaobh dea-fheidhmiú an gheilleagair agus na sochaí de agus ó thaobh naisc idirnáisiúnta a chothú. Chuige sin, ní mór do na Ballstáit gníomhaíocht níos láidre a dhéanamh, lena n-áirítear comhar arna éascú ag an gCoimisiún. Lena chois sin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh an bhréagaisnéis a chomhrac, ach a chinntiú san am céanna nach mbainfear leas as sin chun srian a chur le saoirsí sibhialta, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh.

3.12.

Tá CESE ag iarraidh go gcruinneofar maoiniú poiblí agus príobháideach araon chun infheistíocht i dtaighde agus i nuálaíocht, san oideachas agus san oiliúint, agus i mbonneagar teicniúil a éascú. Toisc ghinearálta eile a mhúnlaíonn an fhorbairt dhigiteach is ea an creat rialála. Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach go spreagfar leis na rialacháin atá á bhforbairt nuálaíocht, infheistíocht agus cothroime iomaíochta, i gcomhréir le cearta an duine agus le cuspóirí comhshaoil agus aeráide.

3.13.

Ós rud é go bhfuil an digitiú ar cheann de na fórsaí tiomána tábhachtacha i gcónaí ó thaobh fás eacnamaíoch domhanda de, creideann CESE gur cheart iarracht a dhéanamh le beartais a bhaineann le cánachas an gheilleagair dhigitigh fás eacnamaíoch agus trádáil agus infheistíocht trasteorann a chur chun cinn, in áit bac a chur ar an méid sin.

3.14.

Tá sé tábhachtach cothroime iomaíochta agus córas riailbhunaithe a bheith mar bhonn faoi na gníomhaíochtaí digiteacha ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin, agus bunchloch is ea an margadh aonair ar a dtógtar an mórthionchar a imríonn an tAontas ar fud an domhain. Tá CESE ag moladh raon leathan uirlisí a úsáid, ó ghníomhaíochtaí taidhleoireachta go comhar nuálaíochta agus comhaontuithe trádála, chun cur chuige atá dírithe ar an duine agus iontaofacht na dteicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn. Má tá an tAontas le bheith ina bhunaitheoir caighdeán ar bhonn domhanda, ní mór dó a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh iomaíochais de ar bhonn domhanda, rud a mbeidh comhar seasta idir na Ballstáit ag teastáil chuige.

4.   Geilleagar a théann chun tairbhe don phobal

4.1.

An fhorbairt shocheacnamaíoch atá ann faoi láthair, tá sí ar bun san am céanna agus an-chuid éiginnteachta ann agus paindéim COVID-19 ar siúl i gcónaí, éiginnteacht ar measa fós í de dheasca an chogaidh san Úcráin agus an teannais gheopholaitiúil leis an Rúis atá ag dul in olcas. Tá sé ríthábhachtach go neartóidh agus go gcomhordóidh na Ballstáit go héifeachtúil a mbeartais eacnamaíocha, sláinte agus shóisialta, go dtabharfaidh siad aghaidh éifeachtach ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus go n-áiritheoidh siad go gcoinnítear fónta an t-airgeadas poiblí. San am céanna, ní mór dóibh cáilíocht agus comhdhéanamh a gcuid infheistíochtaí poiblí a fheabhsú chun na hacmhainní airgeadais is gá a chur ar fáil, lena n-áirítear trí infheistíocht phríobháideach a spreagadh, d’fhonn tacú le claochlú soch-éiceolaíoch an gheilleagair, agus an aidhm a bheith acu ardleibhéal fostaíochta, poist ardcháilíochta, dea-bhail, agus ioncam leordhóthanach a áirithiú, agus a áirithiú ag an am céanna nach laghdófar a spreagtha atá an pobal a bheith gníomhach ar mhargadh an tsaothair.

4.2.

Ba cheart don Aontas díriú ar bhuntáiste iomaíoch a thabhairt do thionscail na hEorpa agus ar phoist mar bhunús an rathúnais agus ar an gcomhrac i gcoinne na héagothroime agus na bochtaineachta sa phróiseas téarnaimh. Is é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR) ionstraim threorach bheartas sóisialta an Aontais agus ba cheart é a bheith i gcroílár na straitéise téarnaimh chun a áirithiú go mbeadh an téarnamh eacnamaíoch agus an téarnamh sóisialta fite fuaite ina chéile. Ba cheart don Aontas díriú ar thacaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha trí bheartais ghníomhacha chuimsitheacha a mbeadh seirbhísí sóisialta riachtanacha agus cumasúcháin ag gabháil leo.

4.2.1.

De thoradh rath comhtheagmhasach Next Generation EU agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, ba cheart breathnú orthu mar uirlisí éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim atá ann anois de dheasca an chogaidh, rud ar dócha go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ann do gheilleagar na hEorpa dá dheasca. Leis na huirlisí sin, comhlánaítear na sásraí struchtúracha arb ann dóibh cheana féin chun fás eacnamaíoch agus cóineasú aníos a chothú, dálaí maireachtála a chosaint, agus síocháin agus cobhsaíocht shóisialta a áirithiú laistigh den Aontas.

4.3.

Ba cheart don Aontas agus do na rialtais náisiúnta bearta a dhéanamh chun tionchar an chogaidh san Úcráin a mhaolú d’fhonn an méadú ar phraghsanna agus ar chostais fuinnimh a bheidh le híoc ag teaghlaigh agus ag fiontair a íoslaghdú agus chun tacú leis an ngeilleagar agus le fostaíocht trí na bearta éigeandála atá ann faoi láthair a choigeartú. Chun cabhrú le fiontair déileáil leis na géarchéimeanna agus poist a chruthú agus a choimeád, ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar thionchair na paindéime agus an chogaidh ar ghnólachtaí an Aontais, idir bheag agus mhór, agus a bheith réidh chun na bearta tacaíochta sealadacha is gá a dhéanamh, agus dálaí cothroma iomaíochta á n-áirithiú san am céanna.

4.4.

Tacaíonn CESE go láidir leis an gcuspóir infheistíochtaí a atreorú sa chaoi is go gcuirfidh siad le haistriú an Aontais chuig geilleagar inbhuanaithe. Leis sin, is gá a bheith san airdeall ar úsáid mhíthreorach “an tsnasa ghlais” nó “an tsnasa inbhuanaithe”. Glacann an Coiste leis go dtabharfaidh an Coimisiún go gníomhach páirt do na comhpháirtithe sóisialta agus don tsochaí shibhialta i gceapadh agus cur chun feidhme an mhaoinithe inbhuanaithigh.

4.5.

Ní mór spás fioscach iomchuí a bheith ag Ballstáit an Aontais le cur i gcoinne dhrochiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta an chogaidh san Úcráin. Cuireann sé sin a thuilleadh leis an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais. Mar sin féin, ní mór do na Ballstáit an t-airgeadas poiblí a dhaingniú le linn tréimhsí maithe fáis, rud a chuirfidh ar a gcumas beart a dhéanamh le linn cúluithe eacnamaíocha. Sa chomhthéacs sin, tá fainic á cur ag CESE an athuair gan clásal éalaithe ginearálta a dhíghníomhachtú roimh am.

4.5.1.

De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe athchothromaithe a bheidh dírithe ar an rathúnas, lena leagfar an bhéim chéanna ar réimse príomhchuspóirí beartais, amhail fás inbhuanaithe cuimsitheach, lánfhostaíocht agus obair chuibhiúil, geilleagar sóisialta margaidh iomaíoch agus bainistiú cobhsaí an airgeadais phoiblí. Má táthar chun cur leis an rathúnas do na hEorpaigh go léir, ní mór geilleagar Eorpach iomaíoch a bheith ann atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de.

4.5.2.

Lena chois sin, beidh geilleagair ina n-aithneofar sna beartais fhioscacha náisiúnta gur gá cúlchistí ioncaim a thógáil tráth an fháis, agus an infheistíocht is gá do rathúnas amach anseo á háirithiú san an am céanna, beidh siad níos athléimní ó thaobh dul i ngleic le drochthionchair an choir chun donais eacnamaíoch.

4.5.3.

Is rud riachtanach a bheidh i bhforfheidhmiú cuí an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, arna athbhreithniú tar éis an t-athbhreithniú leanúnach a bheith tugtha chun críche, in éineacht, más féidir, le rialacha simplithe agus le comhthimthriallacht laghdaithe, chun cabhrú leis na Ballstáit an t-airgeadas poiblí a chur ar bhonn inbhuanaithe agus chun muinín na n-infheisteoirí a neartú. In aon chreat fioscach amach anseo caithfear (a) airgeadas poiblí inbhuanaithe a chur chun cinn a mbeidh níos mó infheistíochtaí poiblí san áireamh ann; (b) beartas frith-thimthriallach a chur san áireamh, agus (c) solúbthacht bhreise agus difreáil thírshonrach a cheadú a mhéid a bhaineann le conairí coigeartaithe fiachais, agus an inbhuanaitheacht fhioscach á háirithiú san am céanna. Ar bhonn níos sonraí, ar cheann de phríomh-mholtaí CESE maidir leis an gcreat fioscach a athbhreithniú, tá riail óir a thabhairt isteach maidir le hinfheistíochtaí poiblí, gan an chobhsaíocht mheántéarma fhioscach ná airgeadais ná luach an euro a chur i mbaol, mar aon le riail chaiteachais.

4.5.4.

Ní mór do na parlaimintí náisiúnta agus do Pharlaimint na hEorpa araon an ról suntasach atá acu a chaomhnú amach anseo i dtaca le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais d’fhonn cuntasaíocht dhaonlathach an Aontais a neartú. Thug CESE dá aire an smaoineamh scéim dífhostaíochta a bhunú, a áiríodh ar dtús i dtosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin Eorpaigh. I bhfianaise iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 agus an chogaidh reatha san Úcráin, d’fhéadfadh an Coimisiún a thuilleadh plé a dhéanamh leis na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta maidir le huirlisí fadtéarma a d’fhéadfaí a úsáid, i.e. scéimeanna athárachais dífhostaíochta, chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sistéamacha.

4.6.

Bhí ról buntábhachtach ag Ionstraim SURE (10) go dtí seo maidir leis an ngoimh a bhaint as buille na paindéime, agus is léir gur uirlis éifeachtach atá inti. Ina dhiaidh sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfar measúnú ar an bhféidearthacht úsáid bhreise a bhaint as an ionstraim sin.

4.7.

Tá dlúthbhaint ag doimhniú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta le neartú an rialachais eacnamaíoch, lena n-áirítear bailchríoch a chur ar an aontas baincéireachta agus margaí caipitil agus ról an tSeimeastair Eorpaigh a threisiú maidir le fás, comhtháthú, cuimsitheacht, iomaíochas agus cóineasú a mhéadú.

4.8.

Measann CESE, i bhfianaise na ndúshlán arb ann dóibh de dheasca an chogaidh, agus go háirithe an ghá atá le caiteachas ar chosaint agus ar fhuinneamh araon, ar gá é atá ag dul i méid, go bhféadfadh an tAontas Eorpach sásraí nua acmhainní dílse a bhunú.

4.9.

I ngeall ar ilroinnt na margaí caipitil sna Ballstáit, is deacair do ghnólachtaí teacht a bheith acu ar acmhainní airgeadais sa mhargadh caipitil aonair. Dá bhrí sin, is gá tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh chun aontas na margaí caipitil a chur i gcrích. Chun aontas na margaí caipitil agus an t-aontas baincéireachta a dhoimhniú, ba cheart díriú ar na bealaí cistithe a neartú agus ar rannchuidiú na hearnála príobháidí leis na hiarrachtaí infheistíochta a chur chun cinn. Leis sin, tá CESE ag iarraidh go mbainfear an chothromaíocht cheart amach idir comhroinnt riosca agus laghdú riosca agus is díol sásaimh dó go háirithe na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an faireachán ar rioscaí sistéamacha a eascraíonn as an ngéarchéim aeráide a neartú. De bhreis air sin, tá sé tábhachtach freisin aird a thabhairt ar na rioscaí inbhuanaitheachta sóisialta, rioscaí lena gcuirtear an comhtháthú sóisialta i mbaol de dheasca mhéadú na mbearnaí dáileacháin. Maidir le rialáil an mhargaidh airgeadais, ba cheart freisin tosaíocht a thabhairt don éifeachtúlacht ar an gcastacht agus ardchosaint tomhaltóirí a chur ar fáil.

4.10.

Ba cheart na geallsealbhóirí uile a bheith rannpháirteach i bhforbairt agus i gcur chun feidhme beart chun litearthacht airgeadais agus éifeachtúlacht na rialacha cosanta a fheabhsú agus i laghdú na neamhshiméadrachtaí faisnéise idir soláthraithe seirbhísí airgeadais agus saoránaigh.

4.11.

Ba cheart margadh aonair na hEorpa a chur chun lántairbhe. D’fhéadfaí gnóthachain eacnamaíocha a fháil ach an reachtaíocht atá ann cheana a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr agus níos éifeachtaí agus an reachtaíocht chéanna a dhoimhniú. Má bhaintear a thuilleadh bacainní ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, rachaidh sé chun tairbhe do gach duine – custaiméirí, oibrithe agus gnólachtaí. Braitheann dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair freisin ar shábháilteacht agus ar cháilíocht na n-earraí agus na seirbhísí.

4.12.

Is údar imní do CESE gur ann d’iomaíocht éagórach cánach laistigh den Aontas, rud a spreagann an tseachaint cánach. Tá an Coiste den bharúil gurb éard atá ag teastáil ó aontas airgeadaíochta éifeachtach ná beartas fioscach comhleanúnach agus comhsheasmhacht idir rialacha fioscacha na mBallstát ar cuid dó iad. Mhol CESE cheana freisin comhshocrú Eorpach a sheoladh chun calaois chánach, imghabháil cánach, seachaint cánach agus sciúradh airgid a chomhrac go héifeachtach.

4.13.

Is é an toradh a bhíonn ar an maorlathas iomarcach go n-íocann an tsochaí costais nach bhfuil gá leo. Níor cheart don Aontas Eorpach a bheidh ann amach anseo díriú ar an micreabhainistiú ach a bheith faoi threoir phrionsabal na rialála níos fearr. Níor cheart déanamh amhlaidh, áfach, dá bhfágfadh sé go mbeadh ísliú céime i ndán do na hardchaighdeáin cosanta tomhaltóirí, sóisialta, saothair agus comhshaoil ar cuid de dhlúth agus d’inneach an gheilleagair shóisialta margaidh iad. Ar an leibhéal Eorpach, d’fhéadfaí cur le hinniúlacht na gcomhpháirtithe sóisialta ó thaobh fadhbanna a réiteach, cuir i gcás d’fhonn cothromaíocht a aimsiú idir leasanna éagsúla.

4.14.

Is inniúlacht lárnach í an fhiontraíocht maidir le feabhas a chur ar an iomaíochas, ar an nuálaíocht agus ar an dea-bhail agus maidir le geilleagar sóisialta agus glas a fhorbairt, go háirithe i gcomhthéacs an téarnaimh i ndiaidh na paindéime. D’fhéadfaí an dífhostaíocht a laghdú, go háirithe i measc daoine óga, ach an t-oideachas fiontraíochta a spreagadh d’fhonn scileanna fiontraíochta a fhorbairt. Tá an fhiontraíocht de gach aon sórt agus i ngach aon earnáil (lena n-áirítear turasóireacht, tionsclaíocht, geilleagar ardán, an geilleagar sóisialta, gairmeacha liobrálacha) ríthábhachtach ó thaobh an fháis eacnamaíoch, na nuálaíochta, na fostaíochta agus an chuimsithe de. Tá sé tábhachtach go n-aithneofar agus go dtabharfar aghaidh ar na deacrachtaí atá ag FBManna (go háirithe gnólachtaí an-bheag ar minic gur gnólachtaí teaghlaigh iad) agus rochtain á fáil acu ar an margadh aonair, go háirithe i gcomhthéacs na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún tabhairt faoi ghníomhaíochtaí nithiúla a chláir oibre chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá roimh an margadh aonair a sainaithníodh cheana (11).

4.15.

Tá CESE i bhfách le meascán beartas eacnamaíoch a ghlacadh lena mbainfear leas éifeachtach as na hacmhainní intíre atá ar fáil, idir phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear na hacmhainní airgeadais a cruthaíodh faoi chuimsiú na hionstraime téarnaimh Next Generation EU agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta. Is údar imní do CESE le tamall a laghad rannpháirtíochta atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ann, rud a aithnítear. Tá an tsochaí shibhialta eagraithe ag iarraidh nósanna imeachta níos foirmiúla lena n-éascófar fíormhalartuithe le linn chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus le linn na meastóireachta arna déanamh orthu. Ba cheart prionsabal na comhpháirtíochta a bheith ina threoirphlean maidir le sásra éifeachtach le haghaidh rannpháirtíochta na sochaí sibhialta.

4.16.

Tá CESE i bhfabhar na dtograí reachtacha ón gCoimisiún i réimse an chánachais cuideachta agus molann sé an comhordú a rinne sé leis an bplé domhanda ar leibhéal na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta/an Chreata Chuimsithigh d’fhonn teacht ar chomhdhearcadh domhanda.

4.17.

Tá tacaíocht CESE ag aon iarracht ar bith a dhíreoidh ar na costais chomhlíontachta a íocann cuideachtaí agus údaráis chánach na hEorpa a laghdú agus an córas nua cánach á cheapadh. Is gá nach mbeidh gnólachtaí na hEorpa faoi mhíbhuntáiste iomaíoch. Is saincheist chasta é cur chun feidhme iomlán Cholún a Dó den chomhaontú cánach domhanda a mbeidh neart ama agus iarrachta ag teastáil ina thaobh, ó chuideachtaí agus ó údaráis chánach araon. Is chun fíor-leasa an Aontais agus Bhallstáit an Aontais é go nglacfaí agus go gcuirfí chun feidhme go haonfhoirmeach agus in aon am amháin san Aontas agus i mbloic thrádála eile rialacha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta.

4.18.

Ní mór aird ar leith a thabhairt ar an bhfiontraíocht shóisialta i bhfianaise an róil a d’fhéadfadh a bheith ag an gcineál sin fiontraíochta ó thaobh an ghéarchéim a shárú. Beidh ról lárnach ag cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta le haghaidh an gheilleagair shóisialta maidir leis an earnáil sin a neartú. Ní mór gurb é an toradh a bheidh ar éiceachóras sonrach an gheilleagair shóisialta a shainiú sa straitéis nua thionsclaíoch, go ndéanfar bearta nithiúla chun an geilleagar sóisialta a dhéanamh glas, digiteach agus athléimneach.

4.19.

I ndiaidh na paindéime, tá gá níos mó le soghluaisteacht foghlama ardchaighdeáin a chothú do chách agus na torthaí foghlama lena ngabhfaidh a aithint agus, dá bhrí sin, tá CESE ag moladh Limistéar Eorpach Oideachais ceart a chur ar bun faoi 2025 ar son Eoraip ina gcuirfí an fhoghlaim chun cinn. Bainfear an méid sin amach trí bhíthin cistiúcháin agus, thar aon rud eile, trí mheán comhar trasearnála i réimse an oideachais.

4.20.

Le beartas tomhaltóirí comhaimseartha, ní mór a áirithiú go bhfuil na cearta agus an chosaint is gá ag na tomhaltóirí. A bhuí leis an margadh aonair, tá sé níos fusa do thomhaltóirí agus gnólachtaí an Aontais earraí agus seirbhísí a cheannach agus a dhíol thar theorainneacha, bíodh sin ar líne nó as líne. Chuige sin, is gá do thomhaltóirí a bheith in ann muinín a bheith acu as an margadh, agus tá gá freisin le reachtaíocht spriocdhírithe agus le forfheidhmiú éifeachtach. Caithfidh faisnéis agus oiliúint do thomhaltóirí cabhrú leo freisin roghanna níos freagraí a dhéanamh.

4.21.

Ní mór an rochtain ar rannpháirtíocht saorálaithe a fheabhsú agus a mhéadú ó thaobh raoin agus cáilíochta de. Ba cheart a bhféadfaí a dhéanamh ó thaobh oibrithe deonacha a mhealladh ó gach uile aoisghrúpa agus cúlra a scrúdú agus a chur chun feidhme laistigh de chreataí nuálacha solúbtha lena gcuirfí deiseanna nua ar fáil. Ba cheart don Aontas Bliain Eorpach na nOibrithe Deonacha a dhéanamh de 2025. Ómós cuí a bheadh ann d’iarrachtaí agus do thionchar na n-oibrithe deonacha le linn ghéarchéim COVID-19 agus an chogaidh san Úcráin. Tharraingeodh sé sin béim ar a thábhachtaí agus atá siad don tsláinte agus don dea-bhail san Eoraip agus ar an ról atá acu i dtéarnamh agus i dtodhchaí na hEorpa.

4.22.

Toisc ríthábhachtach shóisialta agus eacnamaíoch is ea na gairmeacha liobrálacha sna Ballstáit go léir agus is orthu siúd atá cúram na seirbhísí poiblí tábhachtacha i réimsí amhail réimse na sláinte, an cheartais, na slándála, na dteangacha agus na n-ealaíon. Dá thoradh sin, is gá measúnú tionchar ar leith a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bheadh ag tograí reachtacha ar na gairmeacha liobrálacha sula nglacfar le reachtaíocht Eorpach agus i ndiaidh a glactha. I ndáil leis sin, tabharfaidh an reachtóir Eorpach aird go háirithe ar na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag an ualach maorlathach ar na gairmeacha liobrálacha.

5.   Eoraip níos láidre sa Domhan

5.1.

Tá CESE ag iarraidh go mbeidh timpeallacht trádála idirnáisiúnta ann a bheidh oscailte, cothrom, cuimsitheach agus intuartha agus a bheidh ina fórsa tacaíochta don daonlathas agus an smacht reachta, don tsíocháin agus an chobhsaíocht, don inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil, agus d’ord trádála domhanda a bheidh oscailte, cothrom agus riailbhunaithe. Ní mór don Eoraip rialacha trádála domhanda a chosaint, cothroime iomaíochta a áirithiú agus cothromaíocht a bhaint amach idir uathriail straitéiseach agus oscailteacht roimh an trádáil idirnáisiúnta trí bhonn láidir tionsclaíoch agus slabhraí soláthair idirnáisiúnta athléimneacha a chur chun cinn.

5.2.

Mar sin féin, is léir ónar thit amach sa tSín le blianta beaga anuas agus ó ionsaí leanúnach na Rúise freisin nach bhfágann méadú ar an trádáil idirnáisiúnta i gcónaí go gcuirfear le próisis an daonlathais. Dá bhrí sin, ní mór don Aontas a chuid luachanna bunúsacha, cuir i gcás urraim do chearta an duine, an smacht reachta agus saoirse na meán, a chur chun cinn sa bheartas trádála atá aige.

5.3.

Feictear do CESE go bhfuil sé tábhachtach leanúint d’aghaidh a thabhairt ar spleáchas criticiúil an Aontais ar thríú tíortha. Baineann sé sin go háirithe le fuinneamh, amhábhair, bia, táirgí sláinte, bonneagar agus teicneolaíochtaí. Baineann sé freisin leis an ngné thionsclaíoch de na beartais slándála, chosanta agus spáis. Ní mór don Aontas, thar aon rud eile, athbhreithniú a dhéanamh ar a laghad acmhainn thionsclaíoch atá aige agus ar a spleáchas ar chomhpháirtithe nach féidir brath orthu.

5.4.

San am céanna, chun uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a neartú agus ról domhanda an Aontais a dhéanamh níos láidre, tá gá le comhar le comhpháirtithe i réimsí éagsúla, lena n-áirítear i réimse na trádála. Tá CESE ag iarraidh go gcríochnófar an chaibidlíocht maidir le comhaontuithe trádála déthaobhacha agus go bhforbrófar comhar iltaobhach laistigh den Eagraíocht Dhomhanda Trádála. De bhreis air sin, dá gcuirfí borradh faoin gcaidreamh le comhpháirtithe Mheiriceá Laidinigh, arna bhunú ar comhaontuithe nuachóirithe, deis thráthúil a bheadh ann don Aontas a sheasamh a neartú.

5.5.

Tá CESE ag leagan béim ar ról ríthábhachtach na sochaí sibhialta sa trádáil agus tá sé ag cur i dtreis an gá atá le borradh a chur faoin gcomhar leis an tsochaí shibhialta, ó mhúnlú na n-uirlisí agus na gcomhaontuithe trádála (comhaontuithe saorthrádála, comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche agus comhaontuithe infheistíochta) go faireachán a dhéanamh orthu. Leis sin, chabhrófaí le cuspóirí straitéis nua trádála an Aontais a bhaint amach, óir d’áiritheofaí go gcuideodh na comhaontuithe trádála arna dtabhairt i gcrích le forbairt atá inbhuanaithe ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an chomhshaoil de san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta lena mbainfeadh araon.

5.6.

Is gá freisin comhar a dhéanamh i réimsí an iompair, na seirbhísí digiteacha agus an fhuinnimh, réimsí lenar cuireadh deiseanna nua ar fáil, e.g. don chomhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Ní mór idirnasc níos fearr a bheith ann idir na conairí croíghréasáin agus an chuid eile den domhan, i gcás earraí agus paisinéirí. Tá CESE ag iarraidh go mbunófar fóram chun comhtháthú ghréasán TEN-T leis an gcuid eile den domhan a éascú, lena n-áirítear tíortha comharsanachta.

5.7.

Tá CESE den bharúil gur gá don Aontas cur chuige níos réamhghníomhaí agus níos éifeachtaí a ghlacadh chun cúram a dhéanamh de leasanna thionscail na hEorpa trí chothroime iomaíochta iomaíoch a bhunú agus trí dhul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála, trí bhíthin na ndlíthe trádála atá ann cheana, go háirithe dlíthe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais.

5.8.

Tá an Coiste den bharúil gur gá ról idirnáisiúnta an euro a neartú óir is uirlis thábhachtach é chun seasamh domhanda na hEorpa a fheabhsú agus tá sé ag iarraidh go ndíreofar níos mó ar na cúiseanna a bhaineann le ról idirnáisiúnta an euro a bheith ag dul i laige, agus go dtabharfar an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta chun críche.

5.9.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar na hiarrachtaí chun cur chuige an Aontais i leith na trádála agus i leith fhorbairt inbhuanaithe na ngealltanas saothair agus comhshaoil araon a thabhairt isteach san Eagraíocht Dhomhanda Trádála. Ba cheart go n-áireofaí leis sin tuilleadh machnaimh maidir le rannpháirtíocht struchtúrtha gach comhchoda den tsochaí shibhialta i bpróisis na hEagraíochta Domhanda Trádála, ós rud é nach féidir fíor-inbhuanaitheacht a bheith ann gan rannpháirtíocht na sochaí sibhialta.

5.10.

Níl Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta éifeachtach go leor a thuilleadh agus níl a raon feidhme leathan go leor a thuilleadh chun dul i ngleic le tubaistí a bhaineann leis an athrú aeráide agus le cuid de na rioscaí éagsúla arb ann dóibh laistigh agus lasmuigh de chríoch an Aontais. De bhreis ar an úsáid sheanbhunaithe a bhaintear as maidir le tubaistí nádúrtha, baintear leas as an sásra chun dul i ngleic le rioscaí amhail paindéimí, rioscaí móra tionsclaíocha, truailliú muirí mórscála, iarmhairtí cibearionsaithe ar líonraí leictreachais nó uisce óil agus ar na bonneagair riachtanacha uile, agus chun géarchéimeanna daonnúla a bhaineann leis an inimirce a bhainistiú.

5.11.

Ní mór aghaidh níos fearr a thabhairt ar an nasc idir an chosaint shibhialta ghearrthéarma agus bainistiú fadtéarma na cabhrach daonnúla agus ní mór comhordú níos fearr a dhéanamh air. Chuige sin, measann CESE gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le gníomhaireacht Eorpach um chosaint shibhialta agus um chabhair dhaonnúil a bhunú mar shásra praiticiúil chun gníomhaíochtaí beartais eachtraigh níos láidre a dhéanamh.

5.12.

Tá CESE á thabhairt dá aire nach ann fós don idirphlé ná ceapadh beartas atá cuimsitheach agus rannpháirteach i roinnt mhaith tíortha comhpháirtíochta agus go bhfuil an spás le haghaidh idirphlé sibhialta agus sóisialta á laghdú de réir a chéile, d’ainneoin na tacaíochta a chuireann an Coimisiún ar fáil. Tá CESE ag moladh go mbunóidh an Coimisiún, i gcomhar le CESE, “Scórchlár an Spáis Shibhialta”, is é sin tionscadal píolótach chun staid an idirphlé shibhialta agus shóisialta a thomhas ar bhonn bliantúil i gcuid de na tíortha comhpháirtíochta, agus tús a chur leis an tionscadal le tíortha na mBalcán Thiar nó le tíortha EUROMED.

6.   An dóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn

6.1.

Ní mór na córais sláinte i mbeagnach gach tír san Eoraip a neartú, agus béim a leagan ar chosc agus ar rochtain a ráthú do chách ar struchtúir ardchaighdeáin sláinte poiblí, ar sheirbhísí sláinte bunúsacha, lena n-áirítear vacsaíní, agus ar chúram fadtéarma. Tá freagairt straitéiseach phráinneach ag teastáil ar shaincheisteanna meabhairshláinte.

6.2.

Tá CESE á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach tacaíocht a thabhairt chun éiceachóras cúraim sláinte na hEorpa a choinneáil láidir agus comhordaithe mar is rud é sin a rannchuidíonn le huathriail straitéiseach thionsclaíoch an Aontais, le ceannasacht teicneolaíochta an Aontais agus le hardchaighdeán saoil shaoránaigh an Aontais. Ba cheart mapáil agus anailís ón mbun aníos a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar cé na cineálacha spleáchais go baileach atá sna spleáchais a sainaithníodh agus chun dul i ngleic leis na leochaileachtaí agus na ganntanais ábhar straitéiseach atá ann.

6.3.

Tá an imirce ar cheann de na saincheisteanna is mó tosaíocht i gcónaí mar gheall ar an tionchar a imríonn sí ar chúrsaí déimeagrafaice, ar gheilleagar agus ar bheartais an Aontais (fostaíocht, gnóthaí sóisialta, margadh an tsaothair, beartais lánpháirtíochta, rialú teorann, an comhrac in aghaidh an chiníochais, na seineafóibe, an phobalachais agus an idirdhealaithe). Ní mór an cruth deiridh a chur ar Chomhshocrú Nua an Aontais maidir le hImirce agus Tearmann agus ar an gComhchóras Eorpach Tearmainn de réir fíorchothromaíocht idir an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht, agus oibleagáidí an Aontais agus na mBallstát de réir an dlí idirnáisiúnta.

6.4.

Is léir ón ngéarchéim dídeanaithe atá ag titim amach de dheasca an chogaidh san Úcráin a thábhachtaí agus atá an tsaincheist sin agus feictear inti an chaoi ar cheart don Aontas dul i ngleic lena leithéid de chás: de bhreis ar chosaint a thabhairt láithreach bonn do na dídeanaithe, agus ar cheadanna sealadacha cónaithe agus oibre a thabhairt isteach, ní mór bearta a dhéanamh ar bhonn práinne chun daoine a lánpháirtiú i sochaí agus margaí saothair na mBallstát agus ní mór cistiúchán cuí a chur ar fáil do rialtais agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar an láthair.

6.5.

Is é 2022 Bliain Eorpach na hÓige. Is éard is aidhm leis sin aitheantas a thabhairt do na híobairtí agus na dúshláin a bhain le saol na ndaoine óga le linn phaindéim COVID-19 agus a bhaineann lena saol go fóill, trí dheiseanna a chur ar fáil dóibh páirt a ghlacadh ann ar gach leibhéal agus béim ar leith á leagan ar shaincheisteanna glasa, ar an gcuimsiú, ar shaincheisteanna digiteacha agus ar phríomhshruthú na hóige ar fud bheartas uile an Aontais. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh oidhreacht nithiúil ag an mbliain agus, go deimhin, go ndíreofar ar dhaoine óga gach uile bhliain leis na tionscnaimh ar leibhéal an Aontais. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, leanúint dá gcuid oibre san obair leantach ar an mBliain in 2023 agus ina dhiaidh.

7.   Iarracht úr ar son dhaonlathas na hEorpa

7.1.

Tá gá le bearta chun feabhas a chur ar an idirphlé sibhialta le geallsealbhóirí agus grúpaí sa tsochaí, agus ina measc féin, rud a thabharfadh úinéireacht dóibh ar bheartais a mbíonn tionchar díreach acu orthu, agus fíor-rannpháirtíocht dóibh iontu, agus ról na saoránach a chur chun cinn maidir le todhchaí na hEorpa a thógáil.

7.2.

Tá cúpla bealach ann cheana a bhfuil ról tábhachtach acu i rannpháirtíocht na saoránach ar an leibhéal Eorpach, amhail an tionscnamh ó na saoránaigh. Mar sin féin, ní leor na bealaí sin chun go mbeidh rannpháirt fhóinteach ag saoránaigh an Aontais agus is gá uirlisí rannpháirtíochta (lena n-áirítear ríomh-rannpháirtíocht) a bheith níos cuimsithí, a úsáid ar bhealach struchtúrtha, a bheith inrochtana do chách, agus, thar aon rud eile, is gá tionchar níos mó a bheith acu.

7.3.

Mar chuid den smaoineamh sin, ba cheart ról institiúideach CESE a fheabhsú agus é a chumhachtú mar ionadaí aitheanta na sochaí sibhialta eagraithe lena chomhairle a roinnt mar chuid de phróiseas ceaptha beartas an Aontais agus freisin mar éascaitheoir agus ráthóir gníomhaíochtaí daonlathais rannpháirtíochta amhail idirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le painéil saoránach. Is gné ríthábhachtach de shaol daonlathach an Aontais Eorpaigh é sochaí shibhialta bhríomhar a bheith ann.

7.4.

Tá an Coiste ag moladh do lucht ceaptha beartas an Aontais straitéisí comhtháite Eorpacha (inmheánacha agus seachtracha) maidir leis an tsochaí shibhialta a bhunú, lena n-áirítear beartais arna mbunú air seo a leanas: aitheantas níos fearr a thabhairt don earnáil agus don idirphlé sibhialta, colún ar leith i bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, an measúnú bliantúil ar an smacht reachta agus straitéis Eorpach maidir leis an tsochaí shibhialta san áireamh; creataí dlíthiúla agus cruthú na cothroime iomaíche Eorpaí a éascú; rochtain ar an gcistiú poiblí; sásraí faireacháin agus cosanta ar leibhéal an Aontais.

7.5.

Tá sé ríthábhachtach díriú ar an obair leantach ar thograí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa d’fhonn beart a dhéanamh de réir éilimh na saoránach. Tá súil ag CESE go ngeallfaidh gach institiúid Eorpach cur chuige cuiditheach uaillmhianach, i gcomhréir lena ról agus lena inniúlachtaí, i gcás chéimeanna uile na hoibre leantaí, lena n-áirítear tograí reachtacha. Tá CESE réidh lena ról a chomhlíonadh agus lena áirithiú go ndéanfar obair leantach chuí ar thorthaí na Comhdhála, agus má tá coinbhinsiún le heagrú ní mór ról suntasach a bheith aige.

7.6.

Chun muinín sa mhéadú a atógáil agus chun na bealaí ina gcothaíonn an tAontas caidreamh lena chomhghuaillithe nádúrtha sa réigiún a neartú, creideann CESE go láidir gur cheart don Aontas rannpháirt shoiléir a thabhairt do thíortha na mBalcán Thiar sna gníomhaíochtaí arb é is aidhm leo torthaí na Comhdhála ar Thodhchaí an Aontais a chur chun feidhme.

7.7.

De thoradh an chogaidh san Úcráin, is ann anois do chomhghníomhaíocht agus comhtháthú Eorpach i bpríomhearnálacha amhail an chosaint agus an beartas eachtrach, a oiread sin nach bhféadfaí a shamhlú fiú cúpla mí ó shin. Is díol sásaimh do CESE an tiomantas a cuireadh in iúl i nDearbhú Versailles maidir le húsáid níos mó a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána agus tá sé ag cur i bhfios go láidir gur cheart don Aontas bogadh i dtreo lánpháirtiú polaitiúil níos láidre, rud ar a bhféadfaí comhbheartas eachtrach Eorpach a bhunú. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit tús a chur láithreach bonn le córas cosanta a chur chun feidhme ar fíorchóras cosanta coiteann agus éifeachtach é a chuirfeadh go mór le cumas na hEorpa í féin a chosaint (12). I gcás cinneadh a dhéanfar ar leibhéal an Aontais ina thaobh sin, ba cheart Parlaimint na hEorpa a bheith páirteach ann mar is í ionadaí díreach an phobail í de réir na gConarthaí.

7.8.

Ní mór Parlaimint na hEorpa, mar aon le CESE, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bheith rannpháirteach sna pleananna teagmhais chun iarmhairtí eacnamaíocha an chogaidh a chomhrac. Go háirithe, i gceapadh na gcodanna éagsúla de straitéis Repower EU.

7.9.

Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le rannpháirtíocht ghníomhach na ndaoine óga sa tsochaí agus i bpróisis ceaptha beartas agus i bpróisis chinnteoireachta, ós rud é gurb iad na leanaí agus na daoine óga a mbeidh orthu íoc as an bhfiachas poiblí ollmhór atá á chruthú ag tíortha faoi láthair chun dul i ngleic le hiarmhairtí na paindéime agus a mbeidh orthu maireachtáil le hiarmhairtí na gcéimeanna atá á nglacadh faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar an staid slándála nua san Eoraip. Tá gá freisin le cur chuige comhordaithe Eorpach arna bhunú ar bheartais agus creataí dlíthiúla láidre chun fáinne fí an mhíbhuntáiste idirghlúine a bhriseadh. Ba cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an sprioc uaillmhianach arna leagan síos chun an líon is mó leanaí agus daoine óga is féidir a thógáil amach as an mbochtaineacht.

7.10.

Tá CESE á chur i bhfios gur cheart aghaidh a thabhairt ar chomhionannas inscne agus ar phríomhshruthú inscne i ngach gné de cheapadh agus cur chun feidhme dhlí an Aontais, go háirithe ós rud é gur ann anois do mhíchothromaíochtaí inscne níos measa fós de dheasca na paindéime agus an choir chun donais a chruthaigh sí.

7.11.

Tá sé ríthábhachtach nach dtiocfaidh aon fhreagairt ar dhálaí eisceachtúla salach ar an smacht reachta nó nach gcuirfear i mbaol dá barr an daonlathas, scaradh na gcumhachtaí ná cearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais. Ní mór ionstraimí nua an Aontais chun cearta bunúsacha agus an smacht reachta a chosaint a chur chun cinn, mar shampla an Timthriall Athbhreithniúcháin ar an Smacht Reachta agus an sásra chun coinníoll a chur le cistiú an Aontais maidir leis na cearta bunúsacha agus an smacht reachta a urramú. Ní mór an méid sin a chur san áireamh go háirithe i gcinntí sealadacha íogaire, amhail craoltóirí áirithe a chosc, srian a chur le saorghluaiseacht daoine, nó aon chinneadh eile arna ghlacadh le linn na paindéime agus an chogaidh araon.

7.12.

Mhol CESE cheana féin cairt uile-Eorpach um chearta agus freagrachtaí tuaithe agus uirbeacha a ghlacadh agus tá sé ag iarraidh go gcruthófar múnla rialachais le haghaidh an Chomhshocraithe um an Tuath ina n-áireofar rialtais áitiúla agus gnólachtaí áitiúla, idir ghnólachtaí príobháideacha agus neamhbhrabúis, go ndéanfar obair de réir struchtúr áitiúil daonlathach agus comhpháirtíochta sóisialta chun a áirithiú go gcloisfear guthanna áitiúla agus go n-éireofar leis an bhfís fadtéarma a chur chun feidhme.

7.13.

Maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá CESE ag iarraidh go gcuirfear struchtúir láidre rialachais ar bun chun na geallsealbhóirí uile a dhéanamh páirteach i gceapadh bhearta an Chomhaontaithe, an méid seo a leanas san áireamh:

ardán a chruthú do gheallsealbhóirí an Chomhshocraithe Aeráide Eorpaigh, a mbeidh gníomhaithe aeráide ar gach leibhéal páirteach ann,

fóram a chruthú maidir le cúrsaí aeráide a mhaoiniú chun rochtain ar airgead a éascú agus bacainní a bhaint;

rannpháirt chuí na struchtúr Eorpach le haghaidh idirphlé sóisialta atá ann cheana a áirithiú;

na Ballstáit a spreagadh chun páirt a thabhairt d’údaráis réigiúnacha, comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta in ullmhú na bpleananna náisiúnta um aistriú cóir,

daoine óga a dhéanamh páirteach ar bhonn níos córasaí sa phróiseas cinnteoireachta maidir leis an inbhuanaitheacht agus toscaire de chuid an aosa óig a áireamh i dtoscaireacht oifigiúil an Aontais chuig cruinnithe Chomhdháil na bPáirtithe;

nasc struchtúrach a thógáil idir an pacáiste “Oiriúnach do 55” agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

leanúint den tógáil ar an rath a bhí ar an obair chomhpháirteach idir an Coimisiún agus CESE maidir le hArdán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagar Chiorclaigh.

7.14.

Ba cheart d’institiúidí an Aontais ról bunthábhachtach na sochaí sibhialta a aithint freisin maidir leis na cearta bunúsacha agus an smacht reachta a chur chun cinn agus maidir le cur in iúl leordhóthanach luachanna agus phrionsabail an Aontais a éascú. Dá réir sin, ní mór ról na sochaí sibhialta sa Timthriall Athbhreithniúcháin ar an Smacht Reachta a neartú, lena n-áirítear fóram geallsealbhóirí a chur ar bun.

7.15.

De bhreis air sin, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach rannpháirtíocht ionadaithe na sochaí sibhialta a áirithiú, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí eile lena mbaineann, maidir le clár beartais na Deacáide Digití agus treochláir náisiúnta ghaolmhara a mhúnlú, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu.

7.16.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach rialáil níos fearr a choimeád ina tosaíocht agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún, a chuid seirbhísí go léir san áireamh, agus ar reachtóirí an Aontais, gach gné den chóras um rialáil níos fearr an Aontais a dhoimhniú agus a chur chun cinn ar bhonn leanúnach agus úsáid chórasach a bhaint as na huirlisí agus na treoirlínte maidir le rialáil níos fearr ina gcuid oibre.

7.17.

Tá CESE á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún bunús a thabhairt le gach togra reachtach i gcónaí trí mheasúnú tionchair lánfhorbartha a chur ar fáil ina leith. Ba cheart don Choimisiún measúnuithe tionchair cuí a dhéanamh freisin ar aon straitéisí a bheidh ann amach anseo, chun na tionchair a shainaithint go luath agus chun réamh-mheas níos fearr a dhéanamh ar chomhéifeachtaí na dtionscnamh aonair.

7.18.

Tá CESE á chur i bhfáth nach mór na hionstraimí maidir le rialáil níos fearr a bheith neodrach ó thaobh beartais de agus a bheith scartha go soiléir ón gcinnteoireacht pholaitiúil, rud ba cheart a fhágáil faoi na comhlachtaí polaitiúla dlisteanacha ainmnithe.

Sna nósanna imeachta comhairliúcháin phoiblí a bhaineann leis na tograí ón gCoimisiún, ní mór ionchur ó fháil ó gheallsealbhóirí éagsúla agus cothromaíocht a bhaint amach ó thaobh an ionchuir sin de freisin. Chuige sin, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le nósanna imeachta ar líne a chomhlánú le hidirphlé struchtúrtha le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ag gach céim den phróiseas ceaptha beartas, lena n-áirítear céim an chur chun feidhme agus na meastóireachta.

7.19.

Tá CESE ag iarraidh go sonrach ar an gCoimisiún agus go háirithe ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) CESE féin a dhéanamh go hiomlán páirteach sa timthriall fadbhreathnaitheachta atá aige agus tacaíocht a thabhairt dó chun scrúdú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta atá ar bun cheana féin ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ceardchumainn agus comhlachais ghnó.

7.20.

Tá an Coiste ag iarraidh freisin go ndéanfar an comhar a neartú go leanúnach san obair meastóireachta ex-post ar thionscnaimh éagsúla.

7.21.

Is léiriú iad an phaindéim agus an cogadh san Úcráin araon ar a phráinní agus atá an gá le gníomhaíocht níos mó a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach chun saoirse agus iolrachas na meán agus an iriseoireacht neamhspleách ardchaighdeáin a chosaint.

An Bhruiséil, 14 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 35

(2)  Rún ó CESE maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige, (IO C 290, 29.7.2022, lch. 1).

(3)  Rún ó CESE maidir leis an “gCogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige”, (IO C 290, 29.7.2022, lch. 1).

(4)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/ip_22_1511

(5)  https://ec.europa.eu/info/publications/key-documents-repowereu_en

(6)  Tuairim ó CESE maidir le “REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláinte agus níos inbhuanaithe”, (IO C 323, 26.8.2022, lch. 123).

(7)  Tá an idirnascacht ar cheann de spriocanna an Aontais cheana féin (ar a laghad 15 % faoi 2030, ach tá roinnt tíortha i bhfad ar gcúl leis): https://energy.ec.europa.eu/topics/infrastructure/electricity-interconnection-targets_en

(8)  Doiciméad ón gCoimisiún maidir le “Oileáin Fuinnimh”: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/de/MEMO_18_4622

(9)  Measúnú deiridh ACER ar dhearadh mhargadh mórdhíola leictreachais an Aontais Eorpaigh

(10)  An Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht Shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a Mhaolú i gCás Éigeandála (SURE).

(11)  Féach mar shampla “Business Journey on the Single Market: Practical Obstacles and Barriers” [Turas gnó sa mhargadh aonair: constaicí agus bacainní praiticiúla] SWD(2020) 54 final, an Bhruiséil, 10.3.2020 (níl leagan Gaeilge ann).

(12)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 1.


TUAIRIMÍ

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 571ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (ar an láthair), 13.7.2022 – 14.7.2022

22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/15


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cánachas ar theilea-oibrithe trasteorann agus ar a bhfostóirí

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 443/02)

Rapóirtéir:

Krister ANDERSSON

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

1.7.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

195/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Aithníonn an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na dúshláin atá ann do chórais idirnáisiúnta chánachais an lae inniu, i ngeall ar an méadú ar an teilea-obair trasteorann. Baineann sé sin go háirithe le cánachas ar phá agus leis an gcánachas ar bhrabúis cuideachtaí.

1.2

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún Eorpach go bhféadfadh cánachas dúbailte ar a n-ioncam a bheith ag bagairt ar fhostaithe na teilea-oibre trasteorann, agus diospóidí fadálacha agus costasacha a bheith ann idir na fostaithe sin agus údaráis chánach na mBallstát dá bharr. Ag brath ar an gcaoi a gcaitheann córas cánachais tíre le hioncam eachtrach, d’fhéadfadh oibleagáid a bheith ar fhostaí freisin dhá dhearbhú cánach ar leith a chomhlíonadh, ag tráthanna difriúla b’fhéidir, de bharr spriocdhátaí difriúla idir na Ballstáit maidir le cánacha a chomhdú. Is bacainní iad na hualaí rialála ar mhargadh aonair atá éifeachtúil. Ba cheart do na Ballstáit aird chuí a dhíriú ar na bacainní sin agus comhaontuithe maidir le cáin á síneadh.

1.3

Maidir le cánachas brabús cuideachta, bheadh baol ann go bhféadfadh teilea-oibrithe idirnáisiúnta buanbhunaíocht (PE) a chruthú trí thaisme don chuideachta i dtír seachas tír na cuideachta féin. Dá ndéanfaí buanbhunaíocht a bhunú i dtír eile, chuirfí iallach ar chuideachta a hioncam corparáide a roinnt go beacht idir an dá láthair, agus dá réir sin a bheith faoi réir oibleagáidí difriúla maidir le comhdú agus dliteanais chánach.

1.4

Is geal le CESE na bearta sealadacha cánach a ghlac na Ballstáit an tráth ba mheasa den phaindéim agus an treoir a d’eisigh ECFE le linn na paindéime. Thug na bearta sin deis d’fhostaithe agus d’fhostóirí trasteorann leanúint dá ngníomhaíochtaí gnó, agus áirithíodh leo nach mbeadh cánachas dúbailte ag bagairt orthu, rud a chuir ar chumas gnólachtaí leanúint de thacaíocht a thabhairt do gheilleagar agus d’oibrithe an Aontais ag tráth criticiúil.

1.5

Cuireann CESE i bhfios a thábhachtaí atá sé na córais chánachais a nuashonrú a thuilleadh chun freagairt ar riachtanais thimpeallacht oibre an lae inniu. Rinneadh an creat cánach corparáide idirnáisiúnta a athchóiriú le déanaí trí chomhaontú maidir le Creatphacáiste Cánach Cuimsitheach ECFE/G20 a bhfuil dhá cholún ann. Má roghnaíonn tuilleadh fostaithe fostaíocht na teilea-oibre, d’fhéadfadh sé nár mhór na rialacha cánachais idirnáisiúnta le haghaidh daoine aonair a athbhreithniú freisin. Go sonrach, níor mhór gurbh fhurasta na rialacha a chomhlíonadh.

1.6

Measann CESE gur den riachtanas é go n-áiritheofaí le rialacha cánachais a bhaineann leis an teilea-obair trasteorann nach mbeidh cánachas dúbailte ná neamhchánachas dúbailte ann d’fhostaithe ná d’fhostóirí. Chun a áirithiú go mbeidh cuideachtaí den uile mhéid in ann deiseanna maidir leis an teilea-obair a thairiscint, is den tábhacht é go gcuirfí deireadh le haon oibleagáidí riaracháin a bhaineann le cánachas na dteilea-oibrithe trasteorann nó go ndéanfaí iad a íoslaghdú, ar a laghad.

1.7

Cé go n-aithníonn CESE go bhfuil sé de cheart ag tíortha cinneadh a dhéanamh maidir le cánacha a ghearradh ina dtíortha, mar aon leis an ráta cánach, b’fhearr dá ndéanfaí na prionsabail chánachais le haghaidh teilea-obair trasteorann a chomhaontú ar an leibhéal domhanda. Mar sin féin, nuair a chuirtear san áireamh an leibhéal soghluaisteachta atá ann san Aontas, soghluaiseacht a eascraíonn as an tsaorghluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair, tá cúiseanna ann chun aghaidh a thabhairt ar an gceist ar leibhéal an Aontais sula dtiocfar ar réiteach domhanda. Cé go bhféadfadh cuir chuige éagsúla a bheith ann, is den tábhacht go ndéanfaí ardleibhéal comhordaithe a bhaint amach san Aontas Eorpach.

1.8

Tá CESE á chur i bhfáth gur cheart rialacha furasta a bheith ann d’fhostaithe agus d’fhostóirí araon. Rogha amháin is ea go gcomhaontódh na Ballstáit gan cáin a ghearradh ar fhostaithe mura bhfuil líon na laethanta oibre sa tír níos mó ná 96 lá i mbliain fhéilire. Tugann CESE dá aire go mbaintear úsáid as ionstraim iltaobhach (MLI) mar uirlis chun cur chun feidhme tráthúil rialacha cánach nua a éascú, sa Chreatphacáiste Cánach Cuimsitheach de chuid ECFE.

1.9

Molann CESE don Choimisiún a mheas an mbeadh sé indéanta ionad ilfhreastail a bhunú, faoi mar atá i gcás CBL. Theastódh sa chás sin go ndéanfadh an fostóir tuairisciú i gcás teilea-oibrithe trasteorann ar an líon laethanta oibre a chaith na teilea-oibrithe sin ag obair sa tír chónaithe agus sa tír ina bhfuil an fostóir lonnaithe. Ach an fhaisnéis sin a bheith acu, bheadh ar chumas na n-údarás cánach measúnú a dhéanamh faoin tír ina mbeadh ioncam inchánach, nó ar an sciar den ioncam a bheadh inchánach i ngach tír ar leith.

1.10

Dá bhforbrófaí córas ionaid ilfhreastail le haghaidh teilea-oibrithe trasteorann, d’fhéadfadh sé feidhmiú mar chéad chéim i mbonneagar a chuirfeadh ar chumas fostaithe agus fostóirí na díospóidí cánach idir na Ballstáit a laghdú, agus ag an am céanna, a áirithiú go ngearrtar cánacha i gceart, agus nach mbeadh ar an duine aonair comhdú a dhéanamh i dtíortha iomadúla.

2.   Cúlra

2.1

D’athraigh paindéim COVID-19 saol na n-oibrithe agus na ngnólachtaí ar bhealaí nach bhfacthas cheana. Ar na treochtaí ba shuntasaí le linn phaindéim COVID-19, bhí an méadú ar an teilea-obair (1), mar thoradh ar shrianta taistil agus teorainneacha rialtais leis an líon daoine a d’fhéadfadh a bheith i láthair in oifigí chun scaipeadh víreas COVID-19 a laghdú. Rinne gnólachtaí agus fostaithe tréaniarrachtaí a ngníomhaíochtaí laethúla a dhigiteáil (e.g. le huirlisí ar líne i gcomhair cruinnithe) chun cúrsaí a éascú d’fhostaithe a bhí ag obair ón mbaile. Sa tslí sin, bhí ar chumas gnólachtaí leanúint den seachadadh earraí agus seirbhísí (riachtanacha) do chustaiméirí agus tacaíocht a thabhairt do gheilleagar, fostaíocht, trádáil agus fás eacnamaíoch an Aontais dá réir.

2.2

Mar go laghdaítear an t-am taistil comaitéireachta, feictear go ngabhann breis solúbthachta leis an teilea-obair, rud a d’fhéadfadh an strus ar fhostaithe a laghdú agus cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a áirithiú (2). Ina theannta sin, d’fhéadfadh an méadú ar an teilea-obair cuidiú chun an neodracht carbóin a bhaint amach, ar sprioc de chuid an Aontais é. Ós rud é gur ón iompar a eascraíonn sciar mór d’astaíochtaí an Aontais, d’fhéadfadh sé go laghdófaí astaíochtaí carbóin agus brú tráchta mar thoradh ar mhéadú ar an teilea-obair (3). Leis an aistriú chuig an teilea-obair, tá seans ann gur lú éileamh a bheidh ar spás oifige, rud a d’ísleodh na costais astaíochtaí ó fhoirgnimh oifigí (i.e. téamh agus fuarú).

2.3

Cé go bhfuilimid ag bogadh i dtreo “iar-ré COVID-19” agus go bhfuil na rátaí vacsaínithe ard ar fud an Aontais, agus cé go bhfuilimid ag súil go bhfillfidh roinnt oibrithe ar a n-oifigí, is ar éigean a dhéanfar aisiompú iomlán ar an gclaonadh i dtreo na teilea-oibre. I suirbhé Eurofound ó mhí an Mhárta 2021, léirigh 46 % d’fhostaithe san Aontas gurbh fhearr leo leanúint de bheith ag obair ón mbaile “gach lá” nó “cúpla uair sa tseachtain” nuair a bheadh an phaindéim thart (4). Feictear, dá réir sin, go mbeidh an teilea-obair ina cuid dár gcultúr oibre.

2.4

Leis an méadú ar an teilea-obair trasteorann, cruthaítear dúshláin do chórais chánachais an lae inniu. Cé nach feiniméan nua í an obair trasteorann, ardaítear saincheisteanna maidir le rialacha idirnáisiúnta cánach leis an bhféidearthacht go mbeadh fostaí in ann a bheith ag obair ón mbaile i dtír eile, go háirithe más rud é go gcaitheann fostaí sciar suntasach laethanta oibre sa tír chónaithe nó i dtríú tír, seachas san áit thraidisiúnta ina mbeadh an ghníomhaíocht ar siúl. Baineann sé sin go háirithe le cánachas ar phá agus leis an gcánachas ar bhrabúis cuideachtaí. Is cinnte gur féidir cásanna den sórt sin teacht chun cinn i “réigiúin teophointe” atá suite i ngar do Bhallstáit eile ó thaobh tíreolaíochta de, ach leis an bhfás agus leis an bhforbairt ar uirlisí teileachomhdhála, dealraíonn sé go dtiocfaidh méadú ar na cásanna sin ar bhonn níos leithne.

2.5

I dtéarmaí cánachais ar phá, d’fhéadfadh oibrithe a bhfuil cónaí orthu i mBallstát amháin (an dlínse chónaithe), ach atá ag obair le haghaidh cuideachta atá suite i mBallstát eile (an dlínse fhoinseach) a bheith faoi réir cánachas dúbailte, agus d’fhéadfadh an dá dhlínse cáin a ghearradh ar an ioncam. Chun cás den sórt sin a sheachaint, rinneadh comhaontuithe déthaobhacha um chánachas dúbailte a thabhairt i gcrích idir tíortha, iad bunaithe go minic ar Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE ar Ioncam agus ar Chaipiteal (OECD-MTC). I Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE leagtar síos mar phrionsabal ginearálta nár cheart cáin a ghearradh ar ioncam ó fhostaíocht ach sa dlínse chónaithe amháin. Mar sin féin, má dhéantar an obair i dtír eile (i.e. an stát foinseach), féadfaidh an stát foinseach cáin a ghearradh ar an ioncam inchurtha i leith na laethanta a oibríodh sa stát sin, ar choinníoll go bhfanann an fostaí 183 lá ar a laghad sa stát foinseach i mbliain, nó go n-íocann fostóir sa stát foinseach an luach saothair, nó go n-íocann buanbhunaíocht den fhostóir sa stát foinseach an luach saothair.

2.6

I gcomhréir le Samhailchoinbhinsiún Cánach ECFE, maidir le fostaí a chónaíonn i dtír éigin seachas a thír gnáthghníomhaíochta oibre, beidh deighilt sna cearta maidir le cáin a ghearradh ar ioncam oibre idir an dlínse chónaithe agus an dlínse fhoinseach ar bhonn pro rata ag bagairt air ón gcéad lá.

2.7

D’fhonn a sheachaint go leithroinnfí ar an toirt ioncam as obair trasteorann, agus ós rud é gur teimpléad atá sa samhailchoinbhinsiún nach bhfuil d’oibleagáid ar na Ballstáit é a leanúint, tá rialacha eile á gcur i bhfeidhm ag tíortha áirithe, amhail struchtúir de minimis. Sa chás sin, is sa tír chónaithe amháin a ghearrtar cáin ar ioncam an fhostaí, ar choinníoll nach sáraíonn an fostaí líon áirithe laethanta nuair atá sé as láthair ón áit ghnáthghníomhaíochta (5).

2.8

Mar thoradh ar bhearta a glacadh le linn na paindéime, amhail ceanglais dhochta maidir le coraintín agus srianta ar an taisteal trasteorann, bhí ar roinnt mhaith oibrithe, go háirithe oibrithe teorann, dul i mbun na teilea-oibre ina dtír chónaithe seachas ina ngnáth-thír gníomhaíochta. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, ghlac roinnt mhaith Ballstát bearta sealadacha chun nach gcaillfeadh dlínsí foinseacha go hiomlán a gceart chun cáin a ghearradh. Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le “meabhráin tuisceana”, faoina ndéanfaí na laethanta uile a oibríodh in oifig bhaile a mheas ina ghníomhaíocht sa Bhallstát ina dtarlaíonn an ghníomhaíocht oibre de ghnáth. Ní bheadh feidhm aige sin ach amháin i gcás oibrithe faoi réir staid eisceachtúil COVID-19, agus ní bheadh feidhm aige ar na hoibrithe trasteorann a raibh teilea-obair ar siúl acu roimh an bpaindéim. Is cosúil nár cuireadh síneadh leis na bearta sealadacha sin tar éis an 30 Meitheamh 2022 agus fillfidh na tíortha ar ghnáthstruchtúir Shamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE nó de minimis. Sa tslí chéanna d’eisigh ECFE treoraíocht maidir le cáin a ghearradh ar ioncam “oibrithe sáinnithe” (oibrithe a sáinníodh i ndlínse fhoinseach ar feadh i bhfad de bharr srianta taistil, rialacha coraintín etc., a bhain le COVID-19) (6).

2.9

De réir an Choimisiúin Eorpaigh (7), d’fhéadfadh cánachas dúbailte ar a n-ioncam a bheith ag bagairt ar fhostaithe na teilea-oibre trasteorann, agus díospóidí (fadálacha agus costasacha) a bheith ann idir na fostaithe sin agus na Ballstáit mar thoradh air. Ag brath ar an gcaoi a gcaitheann córas cánachais tíre le hioncam eachtrach, d’fhéadfadh oibleagáid a bheith ar fhostaithe freisin dhá dhearbhú cánach ar leith a chomhlíonadh, ag tráthanna difriúla b’fhéidir, de bharr spriocdhátaí difriúla idir na Ballstáit maidir le cánacha a chomhdú. D’fhéadfadh castachtaí teacht chun cinn freisin i gcás inar gá costais chánach áirithe atá riachtanach chun ioncam a ghiniúint a roinnt go beacht idir an dá Bhallstát. D’fhéadfadh fostaí na teilea-oibre trasteorann deiseanna a chailleadh freisin maidir le sochair chánach nó creidmheasanna cánach.

2.10

Go ginearálta, níl cáiníocóirí neamhchónaitheacha a bhfuil ioncam acu ó dhá Bhallstát nó níos mó, amhail oibrithe taistil, oibrithe séasúracha, lucht spóirt, ealaíontóirí agus pinsinéirí, incháilithe chun go gcuirfear imthosca pearsanta agus teaghlaigh san áireamh ar na bealaí céanna is a chuirtear na gnéithe sin san áireamh do cháiníocóirí cónaitheacha. De réir rialú (8) Schumacker, ní mór do na Ballstáit sochair chánach den sórt sin a dheonú do neamhchónaitheoirí, má thuilleann na cáiníocóirí a n-ioncam uile nó beagnach a n-ioncam uile sa Bhallstát sin. Cuireann roinnt Ballstát tairseach i bhfeidhm lena leagtar síos gur gá 90 % den ioncam iomlán a thuilleamh sa Bhallstát sin chun na sochair chánach sin a dheonú. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhacainn ar an tsaorghluaiseacht ós rud é go mbeidh ar a laghad páirtchaillteanas ar na sochair chánach sin mar thoradh ar aon ioncam os cionn sciar 10 % den ioncam iomlán i mBallstáit eile, toisc nach mbainfear amach a thuilleadh an tairseach chun na sochair chánach sin a dheonú ina n-iomláine. Ba cheart do na Ballstáit a cheadú go gcuirfí cúinsí pearsanta agus teaghlaigh san áireamh, má thuilleann neamhchónaitheoirí 75 % d’ioncam an cháiníocóra sa stát foinseach.

2.11

Is bacainní iad na hualaí rialála ar mhargadh aonair atá éifeachtúil. Ba cheart do na Ballstáit aird chuí a dhíriú ar na bacainní sin agus comhaontuithe maidir le cáin á síneadh.

2.12

Maidir le cánachas brabús cuideachta, bheadh baol ann go bhféadfadh teilea-oibrithe idirnáisiúnta buanbhunaíocht (PE) a chruthú trí thaisme don chuideachta i dtír seachas tír na cuideachta féin. Dá ndéanfaí buanbhunaíocht a bhunú i dtír eile, chuirfí iallach ar chuideachta a hioncam corparáide a roinnt go beacht idir an dá láthair, agus dá réir sin, a bheith faoi réir oibleagáidí difriúla maidir le hoibleagáidí comhdaithe agus dliteanais chánach.

2.13

D’fhéadfadh sé nach bhfuil líon ard cuideachtaí, go háirithe FBManna nach bhfuil struchtúr idirnáisiúnta acu, ar an eolas go bhfuil feidhmeanna éagsúla agus nádúr difriúil acu, mar gheall go bhfuil cuid dá bhfoirne ag obair ó thír eile. Ciallaíonn sé sin gur gá dóibh brabúis a leithdháileadh agus cloí le ceanglais i ndáil le rialacha maidir le praghsáil aistrithe, chomh maith le ceanglais tuairiscithe. B’fhéidir nach bhfuil roinn cánachais ag FBManna nó rochtain acu ar chomhairleoirí agus tá a gcostais comhlíontachta an-ard cheana féin. De réir staidéir de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, caitheann cuideachtaí sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas Eorpach méid bliantúil iomlán atá thart ar EUR 204 bhilliún chun oibleagáidí a chomhlíonadh a bhaineann le cáin chorparáide, CBL, ranníocaíochtaí agus cánacha a bhaineann le pá, cánacha maoine agus réadmhaoine agus cánacha áitiúla. Ar an meán, tabhaíonn fiontair costas bliantúil ar fiú thart ar 1,9 % dá láimhdeachas (9) chun a n-oibleagáidí cánach a chomhlíonadh. D’fhéadfaí inmharthanacht na cuideachta a chur i mbaol le haon ardú breise.

2.14

De bharr ábhair imní ag éirí as an bhféidearthacht go gcruthófaí buanbhunaíochtaí mar thoradh ar an teilea-obair trasteorann, d’eisigh ECFE treoir maidir leis an topaic (10) i mí Aibreáin 2020 agus i mí an Mhárta 2021. Mheas ECFE nár cheart buanbhunaíochtaí a chruthú don fhostóir a bheith mar thoradh ar an athrú eisceachtúil agus shealadach ar an áit ina raibh fostaithe ag obair (11). Go ginearálta, d’áitigh ECFE fiú sa chás go bhfuil cuid de ghnó fiontair ar siúl ag láthair amhail oifig bhaile an duine aonair, nár cheart teacht ar an gconclúid go bhfuil an láthair sin ar fáil ag an bhfiontar díreach mar go raibh sí á húsáid ag duine éigin (e.g. fostaí) atá ag obair don fhiontar. Maidir le hiallach a bheith ar fhostaí obair ón mbaile de bharr phaindéim COVID-19 agus bearta sláinte poiblí, d’áitigh ECFE go bhfuil easpa buaine agus leanúnachais ag baint leis sin, chun áit chónaithe a áireamh mar bhuanbhunaíocht don fhostóir.

2.15

Agus é á chur i bhfios go láidir aige a eisceachtúla a bhí paindéim COVID-19, thug ECFE dá aire dá leanfadh fostaithe de bheith ag obair ón mbaile i ndiaidh na paindéime, agus dá bhrí sin, dá mbeadh leibhéal áirithe buaine agus leanúnachais ag baint lena n-oifig baile, nár ghá gur buanbhunaíocht ghnó a bheadh mar thoradh air an méid sin. Ba é tuairim ECFE nár mhór breathnú arís ar na fíricí agus cúinsí sonracha i gcás staideanna den sórt sin. I gcás daoine a bhfuil poist chinnteoireachta acu, ba mhinic a cheistigh na húdaráis chánach ar bunaíodh buanbhunaíocht.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Is díol mór sásaimh do CESE na hiarrachtaí a rinne cuideachtaí agus oibrithe le linn phaindéim COVID-19 chun leanúint dá n-oibríochtaí gnó trí úsáid a bhaint as uirlisí digiteacha. De bharr na gcúinsí nach bhfacthas riamh cheana a d’eascair as paindéim COVID-19 agus na bearta sláinte a cuireadh i bhfeidhm mar thoradh uirthi, bhí ar chuideachtaí agus oibrithe a dtimpeallacht oibre a oiriúnú chun go bhféadfaidís leanúint dá n-oibríochtaí gnó agus earraí agus seirbhísí a sholáthar, agus sa tslí sin, tacaíocht a thabhairt do gheilleagar an Aontais, don fhostaíocht agus don fhás.

3.2

De réir mar a dhéantar tuilleadh dul chun cinn ar uirlisí oifige ar líne (e.g. bogearraí cruinnithe ar líne) tabharfar níos mó deiseanna d’fhostaithe áirithe cuid dá ngníomhaíochtaí oibre a dhéanamh ón mbaile, ar bhonn atá níos éifeachtúla nó chomh héifeachtúil céanna, feictear dúinn go méadóidh líon na dteilea-oibrithe (trasteorann) san Aontas. Ní mór do reachtóirí na rialacha atá ann faoi láthair a chur in oiriúint do ré nua.

3.3

Cé go bhfuil féidearthachtaí éagsúla ann maidir leis an teilea-obair, ag brath ar an earnáil agus ról an phoist, measann CESE gur cheart an méadú ar an teilea-obair a bheith ina dhíol sásaimh agus é a spreagadh a mhéid is féidir. Chomh maith le solúbthacht bhreise d’fhostaithe, d’fhéadfadh sé a bheith ina bhuntáiste do chlár oibre AE maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, óir is lú daoine a bheidh ag taisteal chun na hoibre, rud a laghdóidh astaíochtaí iompair agus truailliú an aeir. Aithníonn CESE gur topaic í a mbaineann ábharthacht ar leith léi don Aontas agus do shaorghluaiseacht oibrithe sa Mhargadh Aonair.

3.4

Aithníonn CESE na dúshláin ar leith atá ann don chóras cánach idirnáisiúnta i ngeall ar an méadú ar an teilea-obair trasteorann. Tugann CESE dá aire na constaicí a bhí a dtuairisciú ag fostaithe maidir le cúrsaí oibre trasteorann, fiú roimh an bpaindéim (12). Is geal le CESE na bearta sealadacha cánach a ghlac na Ballstáit nuair a bhí an phaindéim faoi lán seoil agus an treoir a d’eisigh ECFE lena linn. Thug na bearta sin deis d’fhostaithe agus d’fhostóirí trasteorann leanúint dá ngníomhaíochtaí gnó, agus áirithíodh leo nach mbeadh cánachas dúbailte ag bagairt orthu, rud a chuir ar chumas gnólachtaí leanúint de thacaíocht a thabhairt do gheilleagar agus d’oibrithe an Aontais ag tráth criticiúil.

3.5

Cuireann CESE i bhfios go láidir, áfach, a thábhachtaí atá sé go dtabharfar na córais chánachais cothrom le dáta a thuilleadh chun freagairt do riachtanais thimpeallacht oibre an lae inniu. Go háirithe, tá sé tábhachtach nach ndídhreasófar d’fhostóirí, agus socruithe teilea-oibre á n-éagrú acu, fostaithe a fhostú ó lasmuigh de dhlínse an fhostóra mar gheall ar bhacainní cánachais. Ar an gcaoi chéanna, níor cheart rialacha cánachais a bheith ina mbac ar fhostaithe agus iarratas á dhéanamh acu ar phoist trasteorann.

3.6

Measann CESE gur den riachtanas é go n-áiritheofaí le rialacha cánachais a bhaineann leis an teilea-obair trasteorann nach mbeidh cánachas dúbailte ná neamhchánachas dúbailte ann d’fhostaithe ná d’fhostóirí. Chun a áirithiú go mbeidh cuideachtaí den uile mhéid in ann deiseanna maidir leis an teilea-obair a thairiscint, is den tábhacht é go gcuirfí deireadh le haon oibleagáidí riaracháin a bhaineann le cánachas na dteilea-oibrithe trasteorann nó go ndéanfaí iad a íoslaghdú, ar a laghad (13).

3.7

Rinneadh an creat cánach corparáide idirnáisiúnta a athchóiriú le déanaí trí chomhaontú maidir le Creatphacáiste Cánach Cuimsitheach/ECFE a bhfuil dhá cholún ann. Má roghnaíonn tuilleadh fostaithe fostaíocht na teilea-oibre, d’fhéadfadh sé nár mhór na rialacha cánachais idirnáisiúnta le haghaidh daoine aonair a athbhreithniú freisin. Go sonrach, níor mhór gurbh fhurasta na rialacha a chomhlíonadh.

3.8

Is geal le CESE na pléití ar an ábhar sin ar chuir an Coimisiún tús leo, in éineacht leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí an Ardáin um Dhea-Rialachas Cánach, d’fhonn na córais chánach a uasdátú agus chun léiriú a thabhairt ar thimpeallacht oibre an lae inniu bunaithe ar theilea-obair mhéadaithe. Tagraíonn CESE do phléití a bhí ann cheana ar an ábhar seo mar chuid den Teachtaireacht Removing cross-border tax obstacles for EU citizens [Constaicí cánach trasteorann a bhaint ar mhaithe le saoránaigh AE] agus sa tuarascáil ó ghrúpa saineolaithe CE dar teideal Ways to Tackle Cross-Border Tax Obstacles Facing Individuals in the EU [Ag Dul i nGleic leis na Constaicí Cánach roimh Dhaoine Aonair san Aontas] (14).

4.   Barúlacha sonracha

4.1

Cé go n-aithníonn CESE go bhfuil sé de cheart ag tíortha cinneadh a dhéanamh maidir le cánacha a ghearradh ina dtíortha, mar aon leis an ráta cánach, b’fhearr dá ndéanfaí na prionsabail chánachais le haghaidh teilea-obair trasteorann a chomhaontú ar an leibhéal domhanda. Mar sin féin, nuair a chuirtear san áireamh an leibhéal soghluaisteachta atá ann san Aontas, soghluaiseacht a eascraíonn as an tsaorghluaiseacht laistigh den Mhargadh Aonair, tá cúiseanna ann chun aghaidh a thabhairt ar an gceist ar leibhéal an Aontais sula dtiocfar ar réiteach domhanda. Cé go bhfuil cuir chuige éagsúla indéanta ann, is den tábhacht ardleibhéal comhordaithe a bhaint amach idir Ballstáit an Aontais agus, a mhéid is féidir, le tríú tíortha (mar shampla an Ríocht Aontaithe agus an Eilvéis).

4.2

Ba cheart rialacha furasta a bheith ann d’fhostaithe agus d’fhostóirí. Rogha amháin is ea go gcomhaontódh na Ballstáit gan cáin a ghearradh ar fhostaithe mura bhfuil líon na laethanta oibre sa tír níos mó ná 96 lá i mbliain fhéilire. Tugann CESE dá aire go mbaintear úsáid as ionstraim iltaobhach (MLI) mar uirlis chun cur chun feidhme tráthúil rialacha cánach nua a éascú, sa Chreatphacáiste Cánach Cuimsitheach de chuid ECFE.

4.3

Dealraíonn sé, áfach, go bhfuil gá le rialacha níos uaillmhianaí lena gceadaítear teilea-obair trasteorann. Dá gcuirfí an riail maidir le 183 lá i bhfeidhm, bheadh níos mó solúbthachta ann d’fhostóirí agus bheadh sé níos dóchúla go mbainfí amach cuspóirí comhshaoil. De réir mar a mhéadaítear líon na laethanta, tagann méadú freisin ar an ngá atá le córas tuairiscithe caighdeánaithe de chineál éigin, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sásra cúitimh éigin a bhunú chun ioncam ó cháin a aistriú idir tíortha (15).

4.4

Molann CESE don Choimisiún a mheas an bhféadfadh ionad ilfhreastail a chruthú, mar atá déanta do limistéar CBL (16). Theastódh sa chás sin go ndéanfadh an fostóir tuairisciú i gcás teilea-oibrithe trasteorann ar an líon laethanta oibre a chaith na teilea-oibrithe sin ag obair sa tír chónaithe agus sa tír ina bhfuil an fostóir lonnaithe. Ach an fhaisnéis sin a bheith acu, bheadh ar chumas na n-údarás cánach measúnú a dhéanamh faoin tír ina mbeadh ioncam inchánach, nó ar an sciar den ioncam a bheadh inchánach i ngach tír ar leith. Fuair moladh den sórt sin tacaíocht ó ghrúpa saineolaithe CE sa tuarascáil uathu dar teideal Ways to tackle cross border tax obstacles facing individuals in the EU [Ag Dul i nGleic leis na Constaicí Cánach roimh Dhaoine Aonair san Aontas] (17). D’fhéadfadh scéim cúitimh i leith ioncam cánach i measc tíortha a bheith nasctha leis an bhfaisnéis arna tuairisciú san ionad ilfhreastail. Níor cheart é a bheith de cheangal ar an gcáiníocóir cáin a íoc ach le húdarás fioscach amháin.

4.5

Is iondúil go mbíonn ar an bhfostóir cánacha ar phá agus ar thuarastail an fhostaí a choinneáil siar. Ina theannta sin, is minic a íoctar ranníocaíochtaí slándála sóisialta le scéimeanna pinsin phoiblí agus le sochair shóisialta eile don fhostaí ar leithligh ach iad bunaithe ar ioncam an fhostaí (18). Laghdófaí go suntasach an t-ualach riaracháin dá bhféadfadh an fostóir na tobhaigh sin a íoc thar ceann an fhostaí ar bhealach a chuirfeadh ar chumas an ionaid ilfhreastail na cistí a leithdháileadh ar an tír is faighteoir cheart. Faoi chóras den sórt sin, bheadh dlúthchomhar ag teastáil idir na húdaráis chánach agus comhdú leictreonach.

4.6

Tá sé iarrtha arís agus arís eile ag CESE go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir údaráis chánach na mBallstát. Ach comhar den sórt sin a bheith ann, shimpleofaí an saol do ghnáthshaoránaigh agus gnólachtaí, agus chuirfí leis na féidearthachtaí maidir leis an gcalaois agus an imghabháil cánach a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí. Chun an imghabháil cánach a chomhrac, tá sé fíorthábhachtach an comhlíonadh a shimpliú.

4.7

Dá bhforbrófaí ionaid ilfhreastail le haghaidh teilea-oibrithe trasteorann, d’fhéadfadh sé feidhmiú mar chéad chéim i mbonneagar a chuirfeadh ar chumas fostaithe agus fostóirí na díospóidí cánach idir na Ballstáit a laghdú, agus ag an am céanna, a áirithiú go ngearrtar cánacha i gceart, agus nach mbeadh ar an duine aonair comhdú a dhéanamh i dtíortha iomadúla.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Aithnítear a thábhachtaí atá conarthaí fostaíochta, ranníocaíochtaí slándála sóisialta, cearta pinsin, ábhair imní sláinte agus sábháilteachta (fisiciúla agus intinne), an tionchar ar eagraíochtaí an mhargaidh saothair, iomaíochas etc., ach dírítear sa tuairim seo ar chánachas díreach ar fhostaithe agus ar fhostóirí i gcás ina bhfuil fostaí fostaithe i ngnólacht i dtír amháin agus cuid áirithe den am oibre á caitheamh aige thar lear trí úsáid a bhaint as uirlisí na teilea-oibre. Ní dhíríonn an tuairim ar oibrithe ar postú, oibrithe trasteorann, mar a shainmhínítear iad i gcomhaontuithe déthaobhacha, ná oibrithe féinfhostaithe a mbíonn plé acu le díolacháin trasteorann.

(2)  The impact of teleworking and digital work on workers and society. [Tionchar na teilea-oibre agus na hoibre digití ar oibrithe agus ar an tsochaí].

(3)  The impact of teleworking and digital work on workers and society. [Tionchar na teilea-oibre agus na hoibre digití ar oibrithe agus ar an tsochaí].

(4)  Eurofound: Labour market change: Teleworkability and the COVID-19 crisis: a new digital divide? [Athrú ar an margadh saothair: An cumas chun teilea-obair a dhéanamh agus géarchéim COVID-19: deighilt dhigiteach nua?] Páipéar oibre WPEF20020.

(5)  Clúdaíonn na struchtúir seo an teilea-obair, ach freisin an oiliúint agus misin.

(6)  Updated guidance on tax treaties and the impact of the COVID-19 pandemic [Treoir nuashonraithe maidir le conarthaí cánach agus tionchar phaindéim COVID-19], ECFE.

(7)  Tax in an Increasingly Mobile Working Environment: Challenges and Opportunities [An Cánachas i dTimpeallacht Oibre atá ag éirí níos soghluaiste: Dúshláin agus Deiseanna], ó Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin “an tArdán um Dhea-Rialachas Cánach”.

(8)  Féach Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa an 14 Feabhra 1995 i gCás C-279/93 Schumacker.

(9)  Tax compliance costs for SMEs: An update and a complement: final report [Costais FBManna maidir le comhlíonadh cánach: nuashonrú agus comhlánú: tuarascáil chríochnaitheach], 2022.

(10)  Updated guidance on tax treaties and the impact of the COVID-19 pandemic [Treoir nuashonraithe maidir le conarthaí cánach agus tionchar phaindéim COVID-19] OECD Secretariat analysis of tax treaties and the impact of the COVID-19 crisis [Anailís Rúnaíocht ECFE ar chonarthaí cánach agus tionchar ghéarchéim COVID-19].

(11)  OECD Secretariat analysis of tax treaties and the impact of the COVID-19 crisis [Anailís Rúnaíocht ECFE ar chonarthaí cánach agus ar thionchar ghéarchéim COVID-19].

(12)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le bacainní cánach trasteorann a dhíchur do shaoránaigh an Aontais, (COM(2010) 769 final), lch. 4 (níl leagan Gaeilge ann): saoránaigh de chuid an Aontais a bhogann thar lear chun obair a dhéanamh go sealadach nó go buan nó trasna teorainneacha gach lá le dul chun na hoibre, déanann siad gearán thar aon rud eile faoi na deacrachtaí a bhaineann le liúntais, faoisimh chánach agus asbhaintí a fháil ó údaráis chánach eachtracha. Déanann siad gearán go minic freisin faoi rátaí cánach forchéimnitheacha níos airde a chuirtear i bhfeidhm ar neamhchónaitheoirí agus faoi chánachas níos airde ar ioncam eachtrach. Luaitear fadhbanna a bhaineann le cánachas dúbailte go minic freisin, a eascraíonn as coinbhleachtaí maidir le cónaí chun críoch cánach, teorainneacha ar an méid creidmheasa atá ar fáil faoi chonarthaí déthaobhacha um chánachas dúbailte agus fiú easpa conarthaí den sórt sin i gcásanna áirithe.

(13)  Beidh ar oibrithe a bhfuil cónaí orthu go buan i mBallstát eile seachas an tír ina bhfuil an gnólacht lonnaithe, agus a oibríonn go cianda, aghaidh a thabhairt ar roinnt mhaith ceisteanna i ndiaidh na paindéime, amhail: cén córas slándála sóisialta a bheidh infheidhme; cén údarás cánach a mbeidh ar an bhfostóir cánacha a íoc ar ioncam; an mbeidh an fostóir in ann leanúint den cháin iarchoimeádta a dhéanamh; an mbeidh gá an caidreamh fostaíochta a chlárú leis na hoifigí fostaíochta inniúla i dtír chónaithe nua an oibrí; cén reachtaíocht saothair ba cheart a bheith i bhfeidhm maidir leis an gcaidreamh fostaíochta etc.

(14)  Ways to tackle cross-border tax obstacles facing individuals within the EU [Bealaí chun dul i ngleic leis na bacainní cánach trasteorann atá os comhair daoine aonair laistigh den Aontas].

(15)  Is é is aidhm don scéim cúitimh a forbraíodh le haghaidh cánachas corparáideach idirnáisiúnta cuid den bhrabús i gcuideachtaí an-bhrabúsacha a leithdháileadh ar an tír díolacháin (Méid A i gColún 1). Tá sé tábhachtach go mbeadh aon scéim cúitimh idir tíortha de bharr teilea-obair trasteorann chomh simplí agus is féidir. Ba cheart gurb iad líon na laethanta agus an t-ioncam tuillte na príomhpharaiméadair a chuirfear san áireamh.

(16)  Chuir an tAontas ionad ilfhreastail CBL (MOSS) ar bun chun an t-ualach ar ghnólachtaí a bhíonn ag díol le tomhaltóirí i mBallstáit eile de chuid an Aontais a laghdú. Cuireann ionad ilfhreastail ar chumas gnólachtaí tuairisceán CBL amháin a chur isteach ina ndearbhaítear na díolacháin i mBallstáit iomadúla, seachas ceangal a bheith orthu clárú le haghaidh CBL i ngach tír.

(17)  Ways to tackle cross-border tax obstacles facing individuals within the EU [Bealaí chun dul i ngleic leis na bacainní cánach trasteorann atá os comhair daoine aonair laistigh den Aontas].

(18)  Aithníonn CESE gur gá aghaidh a thabhairt freisin ar an tionchar ar shochair amhail pinsin etc., má roinntear ranníocaíochtaí slándála sóisialta idir tíortha. D’fhéadfadh sé go ndíreoidh CESE ar an ábhar sin amach anseo.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/22


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Céannacht dhigiteach, ceannasacht sonraí agus an bealach chuig aistriú cóir digiteach do shaoránaigh atá ina gcónaí sa tsochaí faisnéise

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 443/03)

Rapóirtéir:

Dumitru FORNEA

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

Tuairim féintionscnaimh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

21.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

179/1/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

A bhuí le dul chun cinn teicneolaíoch agus éabhlóid na dteicneolaíochtaí digiteacha, tá deiseanna tábhachtacha cruthaithe ag biteicneolaíochtaí agus ag córais cumarsáide leictreonaí chun sochaithe atá faoi bhláth eacnamaíoch agus atá níos cuimsithí agus níos córa a chomhdhlúthú. San am céanna, tá an-chuid bagairtí contúirteacha tar éis teacht chun cinn don chine daonna.

1.2.

D’fhonn slándáil an chine dhaonna agus na creatlaí sóisialta a chothú atá de dhíth chun go bhféadfadh gach uile dhuine saol breá sásúil a chaitheamh ar an bpláinéad seo, ní mór dúinn a áirithiú nach leatromach iad na huirlisí nua rialachais a fhorchuirtear leis an réabhlóid dhigiteach agus thionsclaíoch agus nach bhfágfaidh siad go mbeidh saol laethúil an duine ag brath ar ionchorprú éigeantach isteach i gcórais theicneolaíocha dhigiteacha a rialaítear ar bhealach neamhdhaonlathach.

1.3.

Tá na hinstitiúidí poiblí leochaileach i dtaobh gníomhaithe neamhstáit a bhfuil rochtain dhíreach acu ar eolas, paitinní, teicneolaíochtaí agus cistí infheistíochta. Creideann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) nach mór ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa a chur san áireamh i ngach forbairt beartais amach anseo agus nach mór an reachtaíocht a fhorlíonadh le rialacháin shainráite atá go hiomlán infheidhme agus le caighdeáin chomhchoiteanna ar fud na mBallstát uile.

1.4.

Déanann forbairtí teicneolaíochta difear do chearta agus saoirsí an-chuid saoránach. Tá CESE teann air gur cheart gach earnáil a úsáideann sonraí pearsanta agus sonraí beatha a rialáil ar bhealach soiléir atá i gcomhréir go hiomlán le cearta bunúsacha an duine agus tá sé á iarraidh go ndéanfaí an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a thabhairt cothrom le dáta dá réir.

1.5.

Tá CESE suite de nár cheart don chéannacht dhigiteach, na modhanna digiteacha íocaíochta ná na hardáin fhíorúla agus ardáin na réaltachta breisithe a bheith ach ina n-uirlisí lena gcomhlánaítear an saol fisiciúil mar a bhí sular glacadh na teicneolaíochtaí sin agus nár cheart dóibh teacht go hiomlán in áit gnásanna eiseacha eile a d’fhorbair an cine daonna agus atá tugtha chun foirfeachta acu i gcaitheamh na mílte blianta ar an saol seo.

1.6.

Tá CESE ag iarraidh go mbeidh forálacha soiléire frith-idirdhealaithe i ngach togra reachtach amach anseo maidir leis an gcéannacht dhigiteach agus tá sé glan i gcoinne córas a thabhairt isteach lena gcoinneofaí súil ghéar ar shaoránaigh na hEorpa, lena rianófaí iad agus/nó lena ndéanfaí faireachán ar a ngníomhaíochtaí agus ar a n-iompar. Ina theannta sin, dar le CESE, tá sé riachtanach go mbeidh an tsochaí shibhialta eagraithe rannpháirteach go domhain sa phróiseas cur chun feidhme.

1.7.

Tá CESE tagtha ar an tuairim gur cheart aon tionscnamh chun na saoránaigh a lánpháirtiú i gcóras na céannachta digití Eorpaí a bhunú ar staidéir tionchair agus ar shuirbhéanna cuimsitheacha socheolaíocha. Níor cheart an cinneadh deiridh a dhéanamh ach amháin le toiliú saor agus eolasach na saoránach.

1.8.

Creideann CESE, má táthar chun dul go daonlathach ionsar sochaí chothrom dhigiteach a ghlacfaidh saoránaigh an Aontais léi, nach mór don Choimisiún Eorpach measúnuithe tionchair a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas:

An gá millteanach mór atá ann le haghaidh fuinnimh gach uile uair agus gach uile lá d’fhonn an bonneagar teicneolaíoch domhanda a chothabháil chun tacú le rochtain shábháilte gan bhriseadh ar chóras digiteach arb é is aidhm dó feidhmiúlachtaí criticiúla agus straitéiseacha na sochaí daonna a aistriú;

An tionchar atá ag digitiú agus uathoibriú idirghníomhaíocht an duine ar an gcáilíocht saoil agus ar dhálaí oibre, go háirithe ó thaobh an chaidrimh dhaonna de, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar a fhorleithne atá an t-uaigneas, saincheisteanna meabhairshláinte, lagú na héirime cognaí agus mothúchánaí agus an baol méadaithe atá ann maidir leis an gcoimhthíos sóisialta;

Na bearta polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta is gá chun go rachaidh an tsochaí in oiriúint do na hathruithe cainníochtúla sa mhargadh saothair;

An chibearshlándáil, agus an méadú atá tagtha ar éagsúlacht agus castacht ghníomhaíochtaí na haiceálaithe ina leith, agus cúrsaí a bhaineann le forbairt bhrostaithe Idirlíon na Rudaí Nithiúla a fhágann go bhfuil prótacail rochtana leochaileach agus tréscaoilteach.

1.9.

Tá CESE tagtha ar an tuairim gur cheart an tslándáil sonraí a bheith doshannta agus is cúis díomá dó nach í slándáil na tiachóige digití Eorpaí a bheidh ann amach anseo príomhthosaíocht an togra reachtaigh ón gCoimisiún.

1.10.

Measann CESE nach mór foráil shoiléir a dhéanamh, i ngach togra reachtach AE maidir leis an intleacht shaorga, do chuntasacht iomlán i leith neamhfheidhmithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Ní mór an chothromaíocht cheart a aimsiú idir forbairtí trédhearcacha agus inrianaithe a áirithiú agus gan rúin tráchtála a nochtadh.

1.11.

Ba é CESE an chéad institiúid Eorpach a d’iarr cur chuige “duine i gceannas”, agus tá sé á athdhearbhú aige an gá atá le roinnt sraitheanna rialaithe chun a áirithiú go n-urramófar é.

1.12.

Tá CESE go hiomlán i gcoinne bunachair sonraí phríobháideacha aghaidh-aitheanta, ach amháin chun críocha coireachta, agus aon chineáil córais scórála shóisialta óir sáraíonn siad sin bunluachanna agus cearta an Aontais Eorpaigh.

1.13.

Creideann CESE gur cheart na sonraí arna dtáirgeadh san Aontas a stóráil ar fhód an Aontais agus gur cheart iad a chosaint ar aon rochtain sheach-chríochach. Ina theannta sin, creideann CESE nach mór toiliú eolasach maidir le húsáid sonraí a chur chun feidhme le haghaidh sonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta araon agus tá sé ag iarraidh, arís eile, RGCS a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

1.14.

Is cúis imní do CESE na héagothromaíochtaí atá ag dul i méid idir na Ballstáit agus an easpa cosanta atá ann do ghrúpaí leochaileacha agus tá sé ag iarraidh in athuair go gcuirfeadh an tAontas r-chuimsiú chun deise dó féin ar bhealach nach bhfágfadh aon duine ar lár. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an nglúin aosta.

1.15.

Tá CESE ag iarraidh go mbeadh córas láidir oideachais dhigitigh san Eoraip trína bhféadfaí an lucht saothair a ullmhú le haghaidh dúshláin theicneolaíocha agus cabhrú leo poist ardcháilíochta a fháil. Ní mór cláir um an litearthacht dhigiteach a chur chun feidhme i ngach Ballstát, mar aon le cláir le haghaidh na foghlama digití ar feadh an tsaoil, ranganna teagaisc foclóra agus an oiliúint phraiticiúil.

1.16.

Measann CESE gur den ríthábhacht é páirt a thabhairt d’fhostaithe san aistriú digiteach ionas go bhféadfadh siad tuiscint a fháil ar na rioscaí agus na deiseanna a bheidh ann amach anseo le go bhféadfaí eolas a aistriú agus scileanna nua a fháil.

2.   Cúlra

2.1.

Is suim le saoránaigh na hEorpa an dul chun cinn maidir le réitigh teicneolaíochta digití a chur chun feidhme le go mbeadh na nósanna imeachta riaracháin atá riachtanach sa saol laethúil sa tsochaí nó chun déileáil leis na húdaráis níos simplí. Is é is aidhm don tuairim seo feasacht a mhúscailt i measc na gcinnteoirí náisiúnta agus chinnteoirí na hEorpa maidir leis na hábhair is cúis imní don tsochaí shibhialta eagraithe i ndáil leis na héifeachtaí díobhálacha sochaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann a mhéid a bhaineann le húsáid bhrostaithe na dteicneolaíochtaí digiteacha.

2.2.

Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, tá dlús curtha le claochlú digiteach na sochaithe agus brúdh ar na saoránaigh na teicneolaíochtaí nua a chur chun deise dóibh féin le haghaidh na hoibre, an staidéir agus gníomhaíochtaí laethúla eile. Chruthaigh sé deiseanna do ghnólachtaí agus do na saoránaigh uasghrádú digiteach agus dul chun cinn a dhéanamh.

2.3.

Tá míniú ar na buntáistí a bhaineann le cur chun feidhme fada fairsing na céannachta digití ar fáil i ndoiciméid éagsúla na n-institiúidí Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta domhanda. I ndáil leis sin, is é an doiciméad is déanaí atá ann an togra le haghaidh Rialachán a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí (1), a foilsíodh an 3 Meitheamh 2021.

2.4.

Is é is aidhm don Choimisiún Eorpach creat le haghaidh na céannachta digití Eorpaí a chur ar fáil bunaithe ar an athbhreithniú ar an gcreat reatha, le go mbeadh réiteach ríomh-shainaitheantais ag ar a laghad 80 % de na saoránaigh faoi 2030 chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí riachtanacha (2). Ní mór na hacmhainní daonna agus airgeadais riachtanacha a bheith ag na húdaráis phoiblí chun go bhféadfadh siad forbairtí teicneolaíocha digiteacha a chur san áireamh agus a rialú.

2.5.

Mar fhianaise air sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go léiríonn an tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (3), a d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach in 2021, go mba é 56 % sciar na ndaoine a raibh ar a laghad scileanna bunúsacha digiteacha acu in 2020. Faraor, níl scileanna bunúsacha digiteacha ag cuid mhór de dhaonra an Aontais go fóill, cé go bhfuil siad ag teastáil i bhformhór na bpost. Maíonn roinnt mhaith saoránach go bhfuil scileanna digiteacha acu, ach, tar éis súil níos géire a thabhairt ar an scéal, níl i gceist leis na scileanna sin ach cumas a bheith acu úsáid bhunúsach a bhaint as na deiseanna atá ar fáil dóibh a bhuí leis an idirlíon (brabhsáil agus líonrú sóisialta) agus na pacáistí bogearraí arna gcur ar fáil ag Microsoft Office nó ag Mac OS.

2.6.

Maidir leis an intleacht shaorga, léirigh staidéar a d’fhoilsigh an Banc Eorpach Infheistíochta (4) le déanaí go bhfuil an Eoraip fós chun deiridh ar chumhachtaí eacnamaíocha domhanda eile. Luadh sa staidéar sin gurbh fhiú breis agus 80 % de na hinfheistíochtaí cothromais bliantúla de EUR 25 bhilliún iad infheistíochtaí na Stát Aontaithe agus na Síne le chéile i dteicneolaíochtaí na hintleachta saorga agus blocshlabhra. Níl in infheistíochtaí an Aontais ach 7 %, agus tá an bhearna iomlán infheistíochta idir EUR 5 agus 10 mbilliún in aghaidh na bliana.

2.7.

Mhol an Coimisiún an bhearna sin a dhúnadh agus EUR 1 bhilliún a infheistiú san intleacht shaorga in aghaidh na bliana, suim ar cheart cur léi le hinfheistíocht phríobháideach agus le hacmhainní dílse na mBallstát. An sprioc atá ann ná infheistíocht ar luach EUR 20 billiún in aghaidh na bliana a bhaint amach sna deich mbliana amach romhainn (5).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

A bhuí le dul chun cinn teicneolaíoch go ginearálta agus éabhlóid na dteicneolaíochtaí digiteacha, tá deiseanna ollmhóra cruthaithe ar fud an domhain le scór bliain anuas ag biteicneolaíochtaí agus ag córais cumarsáide leictreonaí chun sochaithe atá faoi bhláth eacnamaíoch agus atá níos cuimsithí agus níos córa a chomhdhlúthú.

3.2.

San am céanna, gan conradh sóisialta nua agus creat rialála atá curtha in oiriúint do na teicneolaíochtaí nua sin a bhfuil tionchar bunathraitheach acu, tá an-chuid bagairtí contúirteacha tar éis teacht chun cinn don chine daonna (amhail caillteanas post mar gheall ar an dul chun cinn agus an úsáid a bhaintear as an uathoibriú, an sárú príobháideachais, an laofacht algartamach a bhíonn ann de dheasca drochshonraí, luaineacht sa mhargadh, etc.), go mór mór i bhfianaise na n-iarrachtaí gan stad arna ndéanamh ag na mórchuideachtaí domhanda teicneolaíochta a gcuid táirgí agus seirbhísí a chur i bhfeidhm agus iad ag teacht thart ar an gcorpas reachtaíochta atá ann cheana ar an leibhéal idirnáisiúnta agus an leibhéal náisiúnta lena ndéantar cearta bunúsacha an duine a ráthú.

3.3.

Tá na hinstitiúidí rialtais náisiúnta agus idirnáisiúnta leochaileach i dtaobh gníomhaithe neamhstáit a bhfuil rochtain dhíreach acu ar eolas, paitinní, teicneolaíochtaí agus cistí infheistíochta, óir is minic nach dtuigeann baill foirne na n-institiúidí sin an tionchar iomlán sochaíoch a bhíonn ag teicneolaíochtaí nua ar chearta na saoránach agus cearta na dtomhaltóirí. Tá CESE suite de nach mór breithnithe maidir le ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a chur san áireamh i ngach forbairt beartais amach anseo.

3.4.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an reachtaíocht a shoiléiriú agus a fhorlíonadh le rialacháin shainráite atá go hiomlán infheidhme agus le caighdeáin chomhchoiteanna ar fud na mBallstát uile, lena n-áirítear na freagrachtaí gaolmhara, óir déantar na teicneolaíochtaí a bhaineann le céannacht dhigiteach a bhainistiú formhór an ama le halgartaim ríomhaire agus an intleacht shaorga, rudaí nach féidir a bheith freagrach as aon bhotún a dhéanann siad.

3.5.

Is ann cheana do roinnt mhaith cásanna, a ndearnadh iad a scrúdú go mion, inar tharla go ndearnadh difear do dhaoine nó ina ndearnadh iad a dhaoradh go héagórach mar gheall ar chinntí míchearta ar tháinig algartaim ríomhaire agus an intleacht shaorga orthu. Mar shampla, cuirtear na cinnteoirí sna fórsaí slándála agus póilíneachta amú de dheasca thorthaí míchearta na n-algartam ríomhaire amhail “an intleacht shaorga”, “aghaidh-aithint”, “an mheaisínfhoghlaim”, “anailís ar shonraí agus réamhaisnéis”, “bileoga ama agus scóir”, etc. Mar thoradh air sin, déantar difear do chearta agus saoirsí an-chuid daoine.

3.6.

Dá bhrí sin, maidir leis na rialacha dlíthiúla a fhorbrófar chun réimse na céannachta digití agus na teicneolaíochtaí a bhaineann léi a chumhdach, ní mór iad sin a bhunú go príomha ar thrédhearcacht iomlán, ar fhaisnéis cheart agus iomlán maidir leis na húsáideoirí, agus ar thoiliú saor agus eolasach na n-úsáideoirí. Ní mór a áirithiú sna rialacha sin chomh maith cosaint iomlán do chibirleochaileachtaí uile na líonraí cumarsáide soghluaiste agus a ngléasanna, etc. Ar na cúiseanna sin, tá CESE ag éileamh, maidir le gach earnáil a úsáideann sonraí pearsanta agus sonraí beatha, amhail an chéannacht dhigiteach nó na líonraí cumarsáide soghluaiste 5G, an intleacht shaorga etc., nach mór iad sin a rialáil ar bhealach sainiúil soiléir agus i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha an duine.

4.   Barúlacha sonracha

Céannacht dhigiteach

4.1.

A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme na céannachta digití san Eoraip, tá bainistíocht sonraí ríthábhachtach chun cosaint na saoránach a áirithiú agus a bpríobháideachas a choimirciú. Ní mór comhlíonadh iomlán an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a áirithiú.

4.2.

Tá saoránaigh na hEorpa i gcroílár aon chlár agus beartas a chuirtear chun feidhme san Aontas. Is mór ag CESE an togra ón gCoimisiún maidir le hAitheantas Digiteach do mhuintir uile na hEorpa (6), ina sonraítear gur chóir é a fhágáil de rogha an duine aonair céannacht dhigiteach a úsáid nó gan i a úsáid, agus tá sé go mór i bhfách leis. Mar sin féin, measann CESE go bhfuil beag is fiú á dhéanamh den tionchar a bheadh ag eisiamh na ndaoine sin a roghnóidh gan céannacht dhigiteach a fháil agus tá sé á áitiú aige an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad agus an ceart chun dícheangail a chur chun feidhme go soiléir i reachtaíocht an Aontais.

4.3.

Tá CESE ag iarraidh go mbeidh forálacha soiléire frith-idirdhealaithe i ngach togra reachtach amach anseo maidir leis an ábhar seo. Cibé an chúis a gcinnfeadh saoránach gan ghné den sórt sin a úsáid, bídís cúiseanna maidir le cosaint sonraí, anaithnideacht nó eile, níor cheart é nó í a chur faoi mhíbhuntáiste nó é nó í a imeallú i gcomparáid le húsáideoirí gníomhacha eile. Ba cheart sonraí aonair a bheith faoi úinéireacht an duine faoi seach i gcónaí agus, san am céanna, ba cheart an chosaint do chearta an duine a bheith mar bhonn do chur chun feidhme na céannachta digití. D’fhonn cosaint sonraí agus slándáil a ráthú, mar aon leis an urraim don saol príobháideach, molann CESE go ndéanfadh comhlacht seirbhíse poiblí, atá faoi údarás an Stáit agus faoi réir rialú daonlathach ag na parlaimintí náisiúnta, céannacht dhigiteach shaoránaigh an Aontais a bhainistiú i ngach Ballstát.

4.4.

Ba cheart é a bheith de chuspóir ag an gcéannacht dhigiteach a thabhairt isteach san Eoraip nascacht shlán agus éasca a chur ar fáil do thomhaltóirí. Caithfidh an chéannacht sin sonraí agus soláthar seirbhíse poiblí níos fearr, cláir rialtais spriocdhírithe fheabhsaithe agus níos mó éifeachtúlachta sa mhargadh creidmheasa, i measc rudaí eile, a sholáthar. Tá CESE i bhfabhar cás den sórt sin. Mar sin féin, tugann CESE dá aire go mbaineann sraith rioscaí le cur chun feidhme na céannachta digití ó thaobh príobháideachais agus cosaint sonraí de agus tá sé glan i gcoinne córas a thabhairt isteach lena gcoinneofaí súil ghéar ar shaoránaigh na hEorpa, lena rianófaí iad agus/nó lena ndéanfaí faireachán ar a ngníomhaíochtaí agus ar a n-iompar.

4.5.

Gné thábhachtach den chur chun feidhme is ea an chibearshlándáil ós rud é go bhfuil baol mór ann go haiceálfaí sonraí pearsanta agus airgeadais. Tá CESE ag tnúth leis an leagan deiridh den reachtaíocht atá beartaithe agus an comhaontú idir na Ballstáit maidir leis na caighdeáin, na sonraíochtaí teicniúla agus na gnéithe idir-inoibritheacha, reachtaíocht ar cheart a bheith curtha i bhfeidhm faoi mhí Dheireadh Fómhair 2022. Measann CESE gur cheart don tsochaí shibhialta eagraithe, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, na heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) agus an lucht acadúil, a bheith rannpháirteach go domhain sa chur chuige cur chun feidhme.

4.6.

Tá an chalaois fós ar cheann de na rioscaí is mó a bhaineann le cur chun feidhme na céannachta digití. Tiocfaidh méadú ar na teachtaireachtaí fioscaireachta a fhaighimid ar fad sa lá atá inniu ann, agus díreofar iad ar na grúpaí is leochailí san Eoraip. Measann CESE nach ndearnadh na saincheisteanna slándála a bhaineann leis an ábhar sin a chainníochtú go leordhóthanach agus is cúis díomá dó nach í slándáil na tiachóige digití Eorpaí a bheidh ann amach anseo an tsaincheist is tábhachtaí sa togra ón gCoimisiún Eorpach a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí. Tharla calaois shintéiseach céannachta in áiteanna eile ar domhan inar cuireadh córais chomhchosúla chun feidhme agus ba cheart don Aontas cur amach a fháil ar na saincheisteanna sin agus dul i ngleic leo roimh an gcóras a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, measann CESE gur cheart an tslándáil sonraí a bheith doshannta.

An intleacht shaorga

4.7.

Tá an intleacht shaorga de dhíth ar an margadh aonair d’fhonn forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh. Tá an intleacht shaorga bunaithe ar algartaim a dteastaíonn méid ollmhór sonraí príobháideacha agus meiteashonraí uathu. Caithfidh an tsochaí leas a bhaint as na forbairtí teicneolaíochta agus an eolaíocht fheidhmeach atá bunaithe ar algartaim. Faraor, agus teicneolaíochtaí intleachta saorga á gcur chun feidhme, ní mór é a áirithiú go mbeidh sé de chumas ar na pobail a dhéantaí iad a imeallú go stairiúil, déileáil leis na cláir agus nach gcuirfear leis na héagothromaíochtaí sóisialta atá ann cheana.

4.8.

Ba é CESE an chéad institiúid Eorpach a d’iarr cur chuige duine i gceannas a úsáid le haghaidh córais intleachta saorga (7). Tá sé á athdhearbhú ag CESE go bhfuil sé ríthábhachtach gur ag daoine a bheadh an focal scor agus gur iadsan a bheadh i gceannas ar an bpróiseas cinnteoireachta a mhéid a bhaineann le forbairtí meaisín.

4.9.

D’fhéadfaí an chosaint maoine intleachtúla a úsáid mar argóint le haghaidh forbairtí intleachta saorga nach bhfuil trédhearcach. Measann CESE nach mór an chothromaíocht cheart a aimsiú idir forbairtí trédhearcacha agus inrianaithe a áirithiú agus gan rúin tráchtála a nochtadh. Thairis sin, ní mór foráil shoiléir a dhéanamh, i ngach togra reachtach AE maidir leis an intleacht shaorga, do chuntasacht iomlán i leith neamhfheidhmithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus ba cheart an dliteanas a chur ar na forbróirí, na códóirí, na dearthóirí intleachta saorga agus na húinéirí cearta.

4.10.

Tá CESE den tuairim gur cheart na teicneolaíochtaí intleachta saorga a chur chun feidhme ar bhealach atá inbhuanaithe go sóisialta, á gcur san áireamh cearta an duine, na luachanna Eorpacha, an comhionannas inscne, an éagsúlacht chultúrtha, leasanna na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus cearta maoine intleachtúla.

4.11.

Is gá tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar Rialachán RGCS d’fhonn a chinntiú go bhfuil dlí na hEorpa á chomhlíonadh agus á urramú go hiomlán ag na halgartaim agus tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí comhrialacha eiticiúla a fhorbairt lena n-áiritheofaí rochtain shaor ar chóid foinse na n-algartam.

4.12.

Tá sé d’acmhainn ag an intleacht shaorga cuidiú leis na spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach, ach chaithfí a chur san áireamh an méid ollmhór fuinnimh atá de dhíth leis na córais sin a fheidhmiú, mar aon leis na dúshláin eile a bhaineann leis na costais sheachtracha a inmheánú. Molann CESE faireachán níos fearr a dhéanamh ar an ngné sin agus tá sé ag iarraidh ar na cuideachtaí digiteacha dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh astaíochtaí carbóin a laghdú.

4.13.

Ó thaobh na bpríomhréimsí de, amhail an chosaint nó an chibearshlándáil, ní mór a ráthú go mbeadh daoine i gceannas ar na róbait agus tá CESE ag iarraidh creat an-sonrach a bhunú ar leibhéal an Aontais leis an méid sin a áirithiú, agus lena áirithiú go bhféadfadh daoine idirghábháil a dhéanamh i gcónaí chun na botúin arna ndéanamh ag córas cinnteoireachta uathoibrithe a chur ina gceart.

4.14.

Tá CESE glan i gcoinne bunachair sonraí phríobháideacha aghaidh-aitheanta, ach amháin chun críocha coireachta, agus aon chineáil córais scórála shóisialta óir sáraíonn siad sin bunluachanna agus cearta an Aontais Eorpaigh.

4.15.

Ó thaobh na ngnéithe sóisialta de, tá imní ar CESE go mbeidh tionchar as cuimse ag forbairtí intleachta saorga ar na margaí saothair, rud a d’fhéadfadh géarchéim dífhostaíochta a thosú. Thairis sin, d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar iompar an duine agus an leisciúlacht agus an éadromántacht a adhaint.

Mórshonraí

4.16.

Is díol sásaimh do CESE an Gníomh Sonraí (8) a d’eisigh an Coimisiún Eorpach i bhFeabhra 2022 agus measann sé gur creat eiticiúil é le haghaidh próiseáil thrédhearcach sonraí pearsanta arna déanamh leis na saoránaigh agus na gnólachtaí a ghineann na sonraí sin i gceannas orthu. Anuas air sin, a bhuí leis an nGníomh, is féidir le líon níos mó geallsealbhóirí agus saoránach úsáid a bhaint as na sonraí, le buntáistí breise do na tomhaltóirí, na gnólachtaí agus na húdaráis phoiblí, rud a fhágann go mbeidh geilleagar cothrom atá bunaithe ar shonraí ann.

4.17.

Tá méideanna móra sonraí ar fáil anois do na húdaráis phoiblí agus do dhornán mórchuideachtaí teicneolaíochta amhail Google, Facebook (Meta), TikTok nó Amazon. Ar an drochuair, níl ach líon srianta geallsealbhóirí inniu a bhaineann tairbhe as na sonraí sin agus tá imní ar CESE go ndéantar na sonraí a tháirgtear san Aontas a stóráil agus a phróiseáil lasmuigh den Eoraip agus go mbaintear tairbhe astu taobh amuigh di freisin (9). Measann CESE go mbeidh sé deacair ceannasacht dhigiteach an Aontais a bhaint amach gan a chuid mórchuideachtaí AE teicneolaíochta féin, gan sonraí Eorpacha a stóráil ar fhód an Aontais agus gan na sonraí sin a chosaint ar aon rochtain sheach-chríochach.

4.18.

Agus mórshonraí á mbainistiú, ní mór cearta an duine a urramú i gcónaí, de réir mar a chumhdaítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais (10) iad, go háirithe nuair a úsáidtear algartaim sa phróiseas cinnteoireachta. Ní chumhdaíonn soláthraithe néalseirbhíse atá bunaithe san Aontas ach cuid bheag den mhargadh idirnáisiúnta, atá lán le cuideachtaí ó na Stáit Aontaithe den chuid is mó. Fágann sé sin go bhfuil an tAontas faoi mhíbhuntáiste agus nach bhfuil lántairbhe á baint aige as na deiseanna infheistíochta atá sa mhargadh próiseála sonraí. Tá sé ag cur bac freisin ar iomaíochas na gcuideachtaí móra agus ar an bhféidearthacht atá acu dul i méid agus margaí a bhaint amach. Tá cosc á chur aige freisin ar uas-scálú FBManna. Tréaslaíonn CESE an Teachtaireacht ón gCoimisiún Beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua (11) agus an tábhacht a leagtar ar an gclaochlú digiteach i ndáil le creat iomaíochais an Aontais amach anseo a athmhúnlú.

4.19.

Measann CESE gur cheart toiliú eolasach maidir le húsáid sonraí a chur chun feidhme le haghaidh sonraí pearsanta agus sonraí neamhphearsanta araon. Tá CESE ag iarraidh arís eile go ndéanfaí RGCS a uasghrádú dá réir sin.

An t-aistriú cóir digiteach agus an litearthacht dhigiteach san Aontas

4.20.

Tugann CESE dá aire go bhfuil athrú ag teacht ar an margadh saothair agus go bhfuil níos mó earnálacha ag gearán faoin easpa lucht saothair oilte agus cáilithe. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil laghdú ar cháilíochtaí agus go bhfuil easnamh fios gnó agus saineolais ann.

4.21.

D’iarr CESE i dtuairimí roimhe seo Aontas a bheith ann a chuirfeadh an r-chuimsiú chun deise dó féin ar bhealach nach bhfágfadh aon duine ar lár. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, tá fás ag teacht ar na héagothromaíochtaí idir na Ballstáit agus tá cosaint fós in easnamh do na grúpaí leochaileacha, go háirithe don ghlúin aosta, an grúpa is leochailí.

4.22.

Is cúis imní do CESE an bhearna dhigiteach atá san Aontas faoi láthair agus tá sé ag iarraidh go gcuirfí cláir um an litearthacht dhigiteach chun feidhme i ngach Ballstát ar bhealach comhordaithe. Tá sé ag iarraidh freisin go bhfíorófaí an fhoghlaim dhigiteach ar feadh an tsaoil san Aontas, lena n-áirítear réitigh foinse oscailte mar roghanna saor in aisce in áit foinsí tráchtála. Foghlaimítear scileanna digiteacha ar dtús trí ranganna teagaisc foclóra agus ar deireadh trí oiliúint phraiticiúil.

4.23.

Is den ríthábhacht é páirt a thabhairt d’fhostaithe san aistriú digiteach ionas go bhféadfadh siad tuiscint a fháil ar na rioscaí agus, san am céanna, na deiseanna a bheidh ann amach anseo. Chun timpeallachtaí oibre a athrú, tá gá le heolas a aistriú agus scileanna nua a fháil. Chuige sin freisin, ní mór dálaí oibre feabhsaithe a chur ar fáil le haghaidh na ndaoine a oibríonn trí mheán ardáin dhigiteacha saothair.

4.24.

Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeadh córas láidir oideachais dhigitigh san Eoraip trína bhféadfaí an lucht saothair a ullmhú le haghaidh dúshláin theicneolaíocha agus cabhrú leo poist ardcháilíochta a fháil, agus meabhraíonn sé, ar an ábhar sin, Creat-chomhaontú na gComhpháirtithe Sóisialta Eorpacha maidir leis an Digiteáil.

4.25.

Chuir CESE i bhfáth cheana an gá atá le hinniúlachtaí daingne ETIM san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic a fheabhsú tuilleadh (12).

An Bhruiséil, an 14 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a mhéid a bhaineann le creat a bhunú le haghaidh na Céannachta Digití Eorpaí (COM(2021) 281 final).

(2)  Aitheantas Digiteach do mhuintir uile na hEorpa.

(3)  https://digital-strategy.ec.europa.eu/en/policies/desi.

(4)  EIB study: Artificial intelligence, blockchain and the future of Europe: How disruptive technologies create opportunities for a green and digital economy.

(5)  An Coimisiún Eorpach – A European approach to artificial intelligence [Cur chuige Eorpach maidir leis an intleacht shaorga] (níl leagan Gaeilge ann).

(6)  Aitheantas Digiteach do mhuintir uile na hEorpa, COM(2021) 281 final.

(7)  IO C 288, 31.8.2017, lch. 1 (níl leagan Gaeilge ann).

(8)  An Coimisiún Eorpach – Gníomh Sonraí.

(9)  Thuairiscigh Eurostat nár bhain ach 36 % d’fhiontair AE úsáid as néalseirbhísí in 2020, agus go mba le haghaidh ríomhphoist nó stóráil a d’úsáid siad iad; taobh leis sin, níor úsáideadh ach 19 % de na cuideachtaí néalseirbhísí.

(10)  IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(11)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach – A competition policy fit for new challenges [Beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua] (COM(2021) 713 final) (níl leagan Gaeilge ann).

(12)  OI C 14, 15.1.2020, lch. 46 (níl leagan Gaeilge ann), OI C 10, 11.1.2021, lch. 40 (níl leagan Gaeilge ann), OJ C 228, 5.7.2019, p. 16 níl leagan Gaeilge ann)., OJ C 75, 10.3.2017, p. 6 (níl leagan Gaeilge ann)., OJ C 374 16.9.2021, p. 11 (níl leagan Gaeilge ann).


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/29


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hAnailís ar ról na sochaí sibhialta eagraithe sa chomhaontú nua idir an tAontas Eorpach agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC), lena n-áirítear staid na gcomhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche (CCEnna) sa chreat seo

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 443/04)

Rapóirtéir:

Carlos TRINDADE

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

21.10.2021

Bunús Dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

9.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

170/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tugann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) dá aire go bhfuil creat luachanna agus cuspóirí bunaithe ag an Aontas Eorpach le fada an lá lena rialaítear a chaidreamh leis na Stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC), ar creat é atá dírithe go sonrach ar na nithe seo a leanas: an daonlathas, an dea-rialachas, cearta an duine, fás inbhuanaithe cuimsitheach agus obair chuibhiúil, an tsoghluaisteacht agus an imirce a chur chun deise, forbairt dhaonna, an comhshaol agus toilteanas cur le chéile ar an leibhéal domhanda i gcás réimsí comhleasa. I bhfianaise an chaidrimh le tríú tíortha comharsanachta, is gá an tslándáil a chur le liosta na gcuspóirí sin.

1.2.

Tacaíonn CESE leis an gcreat luachanna agus cuspóirí sin, atá leagtha amach i raon comhaontuithe idirnáisiúnta le Stáit ACC ó 1960 i leith agus faoinar chuir an tAontas Eorpach a chaidreamh maidir le trádáil agus comhar um fhorbairt i gcrích.

1.3.

Ar an mórgóir, tá CESE i bhfách leis an gComhaontú nua agus tá súil aige go bhféadfaidh na páirtithe é a shíniú gan mhoill; molann sé na hiarrachtaí móra atá déanta ag na páirtithe uile maille leis na gealltanais nach beag atá tugtha acu, agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe á n-úsáid mar chreat tagartha.

1.4.

Thar aon ní eile, tá CESE á mholadh go láidir don Choimisiún gur cheart machnamh domhain a dhéanamh ar struchtúr an chomhair um fhorbairt atá ina bhonn faoin gComhaontú nua agus faoi na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCEnna) chomh maith le cinntí nua a dhéanamh ina leith, á chur san áireamh an taithí a fuarthas ó COVID-19 (rud a mhúsclaíonn saincheist an bhonneagair chriticiúil sláinte) agus iarmhairtí geopholaitiúla an chogaidh san Úcráin (lena n-áirítear slándáil an tsoláthair bia, praghsanna fuinnimh agus bagairtí don daonlathas). Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil gá le freagairtí níos casta agus níos práinní i Stáit ACC mar thoradh ar an dá mhórimeacht dhomhanda sin, atá tar éis athrú ó bhonn a chur ar an tírdhreach domhanda, agus gur gá cineál comhair idirnáisiúnta a chothú atá an-difriúil leis an gcineál comhair atá ann faoi láthair.

1.5.

Is cúis áthais do CESE go n-aithnítear sa Chomhaontú nua tábhacht an róil atá ag na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus ag na comhpháirtithe sóisialta, agus tréaslaíonn sé leis na páirtithe sínitheacha gur dhearbhaigh siad tábhacht an róil sin.

1.6.

Is díol mór sásaimh do CESE go ndéantar tagairt (cé go ndifríonn an fhoclaíocht ó áit go chéile) arís agus arís eile sa Chomhaontú nua, cibé acu sa bhunsraith choiteann nó i ngach ceann de na prótacail réigiúnacha é, don tábhacht a bhaineann le sásraí institiúideacha um rannpháirtíocht, faisnéis, éisteacht agus comhairliúchán struchtúrtha leis an tsochaí shibhialta (sásraí institiúideacha) a bheith ann.

1.7.

Cuireann CESE in iúl go bhfuil a sásraí institiúideacha féin ag na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta, lena gcuireann siad barúlacha, moltaí agus cáineadh dá gcuid in iúl go foirmiúil. Is den ríthábhacht sásraí institiúideacha a bheith ann atá á rialú ag an dlí agus ag feidhmiú ar bhealach foirmiúil, ina mbíonn na heagraíochtaí sochaí sibhialta (a chleachtann an t-idirphlé sibhialta) agus na comhpháirtithe sóisialta (a ghlacann páirt san idirphlé sibhialta) rannpháirteach, beag beann ar an ainm a thugtar orthu (coistí eacnamaíocha, sóisialta agus cultúir, comhairlí comhairliúcháin, fóraim, ardáin, líonraí d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, buanchomhdhálacha nó aon ainm eile), d’fhonn cur leis an díospóireacht phoiblí agus dhaonlathach. Ach na sásraí institiúideacha sin a chur ar bhonn foirmiúil, is mó an teacht aniar a bheidh sa tsochaí óir cuireann an próiseas sin go mór leis an tsaoránacht agus spreagadh is ea é don saol daonlathach.

1.8.

Tugann CESE dá aire gur mór idir staid na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sásraí institiúideacha san Aontas agus a staid i stáit ACC, mar gheall ar dhifríochtaí eacnamaíocha, sóisialta, cultúir agus polaitiúla ó réigiún, foréigiún agus tír go chéile. I Stáit ACC, ní féidir a shéanadh gur saintréith dá gcuid gníomhaíochtaí í an neamhfhoirmiúlacht, rud is gá a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus i gcur chun feidhme agus i bhfeidhmiú na sásraí institiúideacha. Mura ndéanfar amhlaidh, ní bhainfidh an pobal i gcoitinne tairbhe as torthaí an Chomhaontaithe nua. Tá CESE den tuairim go bhfuil géarghá le réitigh a aimsiú lenar féidir na deacrachtaí atá ann cheana a shárú, go háirithe deacrachtaí a bhaineann le cumas teicniúil agus tacaíocht airgeadais do na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta. Creideann CESE go bhfuil stór dea-chleachtas in úsáid san Aontas Eorpach agus i dtíortha ESACC ba cheart a shainaithint agus a chur i gcúrsaíocht i dtíortha eile. Sampla amháin de sin is ea Coiste Leantach AE-ACC agus is acmhainn dó an cúram sin a chur i gcrích.

1.9.

Maidir lena rannpháirtíocht sa phróiseas sin, tá sé mar aidhm ag CESE na sásraí institiúideacha atá beartaithe a chur chun feidhme, tacú leis na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus leis na comhpháirtithe sóisialta i dtíortha ACC, agus iad a chur chun cinn, agus ar an gcaoi sin aitheantas a thabhairt don ról atá acu mar chinn feadhna ar an bhforbairt inbhuanaithe, go háirithe i bhfianaise SDG uimhir 17 de chuid na Náisiún Aontaithe.

1.10.

Molann CESE don Choimisiún é a leagan amach mar chuspóir dó féin, i gcomhréir le struchtúr an Chomhaontaithe nua, ceithre shásra institiúideacha a bhunú, mar atá: an chéad cheann, idir an tAontas Eorpach agus ESACC, bunaithe ar an mbunsraith choiteann; an dara ceann, idir an tAontas Eorpach agus an Afraic, bunaithe ar Phrótacal Réigiúnach AE-na hAfraice; an tríú ceann, idir an tAontas Eorpach agus Muir Chairib, bunaithe ar Phrótacal Réigiúnach AE-Mhuir Chairib agus, an ceathrú ceann, idir an tAontas Eorpach agus an tAigéan Ciúin, bunaithe ar Phrótacal Réigiúnach AE-an Aigéin Chiúin.

1.11.

Molann CESE don Choimisiún freisin go mbunófaí coistí comhairleacha faoi chuimsiú na CCEnna. Dearbhaíonn CESE nach féidir ról na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta / na gcomhpháirtithe sóisialta sna CCEnna a shárú agus gur cheart é a threisiú. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE leis na moltaí a rinneadh i dtuairim REX/536, ar moltaí iad ba cheart a chur chun feidhme sna CCEnna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus measann sé gur sárshampla den rud is dea-chleachtas ann é Coiste Comhairleach Cariforum, ar sampla é ba cheart a scaipeadh agus a mhacasamhlú.

1.12.

Molann CESE go mór don Choimisiún gur cheart na sásraí institiúideacha éagsúla a bheidh le cur i bhfeidhm faoin gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus ESACC (bunsraith choiteann + prótacail réigiúnacha + CCEnna) a eagrú i gceart amach anseo d’fhonn sineirgí a chruthú agus acmhainní a bharrfheabhsú, go háirithe acmhainní airgeadais. Beifear in ann a aithint, a bhuí leis na sásraí institiúideacha, má dhíríonn siad ar a misean go dlúth docht, má fheidhmíonn siad mar líonra agus má oibríonn siad le chéile mar chóras aonair struchtúrtha, a thábhachtaí atá siad d’athléimneacht na sochaithe, don fhás eacnamaíoch agus d’fholláine daoine.

1.13.

Tá CESE á mholadh go láidir gur cheart don Choimisiún ionstraimí airgeadais a chur ar bun chun tacú le cláir agus le tionscadail staidéir agus fadbhreathnaitheachta a dhíríonn ar staid na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta i dtíortha ACC, á chur san áireamh a riachtanais maidir le ceannairí a chumhachtú, a stóinseacht theicniúil agus cur chun feidhme na sásraí institiúideacha atá beartaithe. Cuireann CESE i bhfios go láidir gurb é an aidhm atá ann rannchuidiú ar an mbealach sin le heagraíochtaí sochaí sibhialta daonlathacha nó comhpháirtithe sóisialta daonlathacha a neartú faoin gComhaontú nua, a bhuí sin le gníomhaíocht inniúil agus rannpháirtíocht ghníomhach óna gcomhaltaí.

1.14.

Tá CESE ag tathant go mór ar an gCoimisiún tacú leis an obair a dhéanann Coiste Leantach AE-ACC in CESE, arb é an t-aon sásra institiúideach é atá i réim faoi láthair faoi Chomhaontú nua AE-ESACC agus a mbeidh ról treisithe aige sa phróiseas sin, go háirithe a bhuí leis an idirphlé struchtúrtha, d’fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh: (i) tuarascálacha, tionscadail agus tuairimí iomchuí a sholáthar do na hinstitiúidí; (ii) rannpháirtíocht geallsealbhóirí ó stáit ACC a spreagadh (iii) rannchuidiú le bunú na sásraí institiúideacha atá beartaithe.

2.   Barúlacha ginearálta maidir leis an gcomhthéacs stairiúil agus cuspóirí straitéiseacha

2.1.

In 2016, d’fhormheas an tAontas tacar de thosaíochtaí comhleasa sa chomhpháirtíocht athnuaite le tíortha Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC), a athdhearbhaíodh i ndoiciméid ina dhiaidh sin agus atá dírithe go sonrach ar na nithe seo a leanas: an daonlathas, an dea-rialachas, cearta an duine, fás inbhuanaithe cuimsitheach agus obair chuibhiúil, an tsoghluaisteacht agus an imirce a chur chun deise, forbairt dhaonna, an comhshaol agus toilteanas cur le chéile ar an leibhéal domhanda i gcás réimsí comhleasa (1). Féadtar saincheisteanna slándála a chur leis an liosta sin, d’fhonn caidreamh na dtíortha sin leis na comharsana is gaire dóibh a chur san áireamh. Leis an gcatagóiriú seo comhdhlúthaítear seanchuspóirí an Aontais Eorpaigh sa réimse sin.

2.2.

Tá na cuspóirí sin curtha ar bhonn foirmiúil ag an Aontas trí chomhaontuithe idirnáisiúnta: ar an gcéad dul síos, trí Choinbhinsiún Yaoundé, ina dhiaidh sin trí Choinbhinsiún Lomé agus Comhaontú Cotonou, agus anois tríd an gcaibidlíocht ar Chomhaontú iar-Cotonou. San am céanna, tá CCEnna tugtha i gcrích ag an Aontas Eorpach le roinnt stát ACC nó le grúpaí díobh.

2.3.

Is iad na CCEnna an ionstraim gheilleagrach is ginearálta dá bhfuil ann chun an straitéis sin a chur i bhfeidhm. Is é is cuspóir leo Stáit ACC a lánpháirtiú go réidh agus de réir a chéile i ngeilleagar an domhain agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus béim á leagan acu ag an am céanna ar an gcaoi ar gá na difríochtaí idir leibhéil forbartha na bPáirtithe agus na gnéithe sonracha eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhaineann le gach geilleagar, agus go háirithe méid na neamhfhoirmiúlachta i ngach stát nó foréigiún, a chur san áireamh sa chaibidlíocht.

2.4.

I bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim, mar atá na deacrachtaí a bhí le sárú ag na córais sláinte, na hiarmhairtí díobhálacha ar an ngeilleagar, an méadú ar na neamhionannais shóisialta agus ar an mbochtaineacht, fadhbanna struchtúracha maidir le rochtain a fháil ar chógais agus ar vacsaíní nó lena dtáirgeadh, éifeachtacht na n-uirlisí digiteacha, bagairtí ar chearta an duine agus ar an daonlathas, agus an spleáchas ollmhór eacnamaíoch, inter alia, tá CESE den tuairim gur cuireadh chun suntais an gá atá le hathmhachnamh a dhéanamh ar struchtúr an chomhair um fhorbairt. Ba cheart an méid sin a chur san áireamh i gcur chun feidhme agus athdhearadh straitéisí AE-ESACC.

3.   Barúlacha sonracha maidir le Comhaontú iar-Cotonou

3.1.

Agus é 15 bliana ar an bhfód, rinneadh measúnú ar Chomhaontú Cotonou in 2015 agus sainaithníodh na buanna agus na laigí a ghabhann leis.

3.2.

Bhíothas ag súil leis go rachadh Comhaontú Cotonou in éag i mí Feabhra 2020. Mar sin féin, de dheasca a íogaire a bhí roinnt de na hábhair a pléadh agus de dheasca na paindéime, ní rabhthas in ann an Comhaontú a athnuachan ar an dáta a bhí socraithe agus b’éigean fanacht go dtí mí Aibreáin 2021 nó gur chuir an tAontas agus ESACC a n-inisealacha le téacs an chomhaontaithe comhpháirtíochta athnuaite, ar a dtugtar “Comhaontú iar-Cotonou”, de ghnáth.

3.3.

D’fhonn éagsúlacht na dtíortha sínitheacha a chur san áireamh agus d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go leithleach é i gcás na réigiún uile lena mbaineann, áirítear sa Chomhaontú nua bunsraith choiteann agus tá trí phrótacal réigiúnacha cheangailteacha ag gabháil leis (don Afraic, do Mhuir Chairib agus don Aigéan Ciúin). Toisc a chasta atá an struchtúr seo, ní mór do Choiste Leantach AE-ACC a bheith níos réamhghníomhaí amach anseo.

3.4.

Léiríonn na tosaíochtaí sa Chomhaontú nua gealltanas na bPáirtithe SDGanna na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus freagraíonn siad do shé réimse faoi leith: (i) cearta an duine, daonlathas agus rialachas; (ii) síocháin agus slándáil; (iii) forbairt dhaonna (lena n-áirítear sláinte, oideachas, sláintíocht, slándáil bia, comhtháthú sóisialta, cultúr agus comhionannas inscne, chomh maith le gealltanais maidir le comhar um fhorbairt); (iv) fás eacnamaíoch agus forbairt chuimsitheach inbhuanaithe (lena n-áirítear cur chuige bunaithe ar CCEnna); (v) inbhuanaitheacht comhshaoil agus an t-athrú aeráide; (vi) imirce agus soghluaisteacht. Tá na tosaíochtaí sin ríthábhachtach do na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta.

3.5.

Ba cheart a chur leis na tosaíochtaí sin an gá atá ann dul i ngleic le héifeachtaí phaindéim COVID-19 san Aontas agus i dtíortha ACC, ó thaobh cur i gcoinne an bhaoil go mbainfear an bonn den daonlathas agus ó thaobh an téarnaimh eacnamaíoch agus shóisialta, ar an ábhar gur lú an dóchas atá ann go dtarlóidh an téarnamh sin i Stáit ACC agus i ngeall ar an méadú ar bhochtaineacht agus ar neamhionannas a tharlóidh mar thoradh air sin.

3.6.

Thar aon ní eile, cuireann CESE i bhfios go bhfuil saincheist an bhonneagair chriticiúil i dtíortha ACC fós chomh tábhachtach agus a bhí riamh, rud a léirigh an phaindéim dúinn. Tá dlúthbhaint ag an bhforbairt inbhuanaithe le bonneagar athléimneach a spreagann gníomhaíocht eacnamaíoch agus dul chun cinn sóisialta, agus a thacaíonn leo, agus tá ról cinntitheach aici ó thaobh na SDGanna i gClár Oibre 2030 agus i gClár Oibre na hAfraice 2063 a bhaint amach. Cuireann CESE i bhfios go láidir gur coinníoll riachtanach i gcónaí é an comhar um fhorbairt maidir le cur chun feidhme, cé nach leor é, agus cuireann sé i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tuilleadh airde a thabhairt air i dtíortha ACC.

3.7.

I ndáil leis sin, leagann CESE béim go háirithe ar a thábhachtaí atá bonneagar criticiúil sláinte. Tá sé ríthábhachtach gurb ann do sheirbhís sláinte uilíoch i Stáit ACC atá sorochtana agus saor in aisce den chuid is mó ar mhaithe le folláine an phobail agus leis an bhforbairt inbhuanaithe. Go háirithe, ach rochtain mhear a bheith acu ar vacsaíní (paitinní agus acmhainn theicniúil don táirgeacht áitiúil), fágfaidh sin teacht aniar i sochaithe ACC i gcás aon phaindéimí a d’fhéadfadh teacht a fhad leo amach anseo. Tugann CESE dá aire nach gcuirtear an t-ábhar tábhachtach sin san áireamh sa Chomhaontú nua agus iarrann sé ar an Aontas Eorpach agus ar ESACC é a chur sa mheá agus an comhaontú á chur chun feidhme.

3.8.

Measann CESE go bhfágann an staid gheopholaitiúil atá ann faoi láthair san Eoraip agus ar an leibhéal domhanda, go háirithe iarmhairtí an chogaidh san Úcráin (lena n-áirítear slándáil bia, praghsanna fuinnimh agus bagairtí ar an daonlathas), nach foláir iarmhairtí na staide sin ar an gcomhar um fhorbairt go ginearálta agus ar na CCEnna go háirithe a chur san áireamh sa Chomhaontú nua. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an mbaol go rachaidh gníomhairí éagsúla in iomaidh le chéile murab ionann agus riamh chun tionchar a bheith acu ar stáit ACC mar gheall ar an staid mar atá faoi láthair agus tá sé ag iarraidh ar an Aontas Eorpach cur lena chumas comhar a dhéanamh leis na tíortha sin, go háirithe i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta agus cultúir.

3.9.

Maidir le sásraí foirmiúla um rannpháirtíocht, faisnéis, éisteacht agus comhairliúchán struchtúrtha leis an tsochaí shibhialta (“sásraí institiúideacha”), is díol mór sásaimh do CESE na ráitis seo a leanas sa Chomhaontú: ar an gcéad dul síos, bunóidh na Páirtithe sásraí oscailte trédhearcacha le haghaidh comhairliúchán struchtúrtha le geallsealbhóirí (2); déanfaidh na Páirtithe sásraí a bhunú le haghaidh comhairliúcháin (3); déanfaidh na Páirtithe sásraí comhairliúcháin agus idirphlé a bhunú agus a fhorbairt (4), nó ar deireadh thiar, déanfaidh na Páirtithe foráil maidir le sásraí comhairliúcháin agus sásraí idirphlé (5).

4.   Barúlacha sonracha maidir leis na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCEnna) idir an tAontas Eorpach agus tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

4.1.

Tháinig seacht gcomhaontú réigiúnacha i bhfeidhm de dhroim na gcaibidlíochtaí a rinneadh ar naoi CCE éagsúla, agus tugadh na comhaontuithe sin i gcrích le 32 as 79 dtír ACC (14 díobh i Muir Chairib, 14 dtír san Afraic agus ceithre thír san Aigéan Ciúin). Tá cúig cinn de na seacht gcomhaontú sin á gcur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, toisc nár dhaingnigh Ballstáit uile an Aontais iad go fóill. Níl an dá cheann eile, a tugadh i gcrích leis an Afraic Thiar agus an Afraic Thoir, á gcur i bhfeidhm go sealadach fós de bharr moill a bheith ar thíortha san Afraic iad a shíniú agus a dhaingniú. Tá 21 stát eile tar éis caibidlíocht maidir le CCEnna atá fós le cur chun feidhme a thabhairt chun críche.

4.2.

Cuireann CESE in iúl go bhfuil idir dheiseanna agus rioscaí ag roinnt le CCEnna. Tá sé ríthábhachtach comhpháirtíocht chomhionann a áirithiú, lena gcuirfear fás eacnamaíoch ar fáil ach lena n-áiritheofar folláine agus ceartas sóisialta anuas air sin. Tá géarghá le gníomhaíocht na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta / na gcomhpháirtithe sóisialta chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

4.3.

Mar sin féin, tá na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta san Aontas Eorpach agus sna stáit chomhpháirtíochta tar éis na CCEnna a cháineadh.

4.4.

Baineann an cáineadh sin le dearadh na CCEnna agus leis an gcaoi a bhféadfaidís teorainn a chur leis an bhfás táirgiúil i dtíortha ACC, cé go ndearnadh foráil maidir le tionscail náisiúnta, amhail tionscail agraibhia, i measc tionscal eile, a chosaint. Buntáiste a bhaineann leis na CCEnna is ea an tsaorthrádáil a éascaíonn siad idir an tAontas agus ESACC, ach i roinnt cásanna bíonn sé de dhrochthionchar aici an t-ioncam custaim a laghdú, go háirithe cánacha ar thrádáil sheachtrach a laghdú. Ina theannta sin, féadann sí an bonn a bhaint de mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide nó de chomharchumainn, arb iad is bunús don gheilleagar teaghlaigh, i ngeall ar na difríochtaí idir leibhéil eacnamaíocha an Aontais Eorpach agus Stáit ACC, rud a chuir roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta in iúl go láidir.

4.5.

Cuirtear ról na sochaí sibhialta san áireamh sna CCEnna ar bhealaí éagsúla. Is iomaí foirm a shamhlaítear leis agus fágann sé leibhéil éagsúla tionchair ag eagraíochtaí sochaí sibhialta agus iad ag plé agus ag monatóireacht na gcomhaontuithe sin. Mar shampla, bunaíodh Coinbhinsiún Sochaí Sibhialta an Chósta Eabhair mar thoradh ar CCE leis an gCósta Eabhair, faoinar bunaíodh tionscadal (6) chun monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an CCE sin ar an ngeilleagar teaghlaigh. Ina theannta sin, toisc go ndíríonn na cruinnithe inmheánacha ar “fhorbairt inbhuanaithe”, fágann sin tionchar teoranta ag an tsochaí shibhialta ar ábhair eile.

4.6.

Déantar foráil i roinnt CCEnna do chomhlachtaí breise amhail Comhchoiste Parlaiminteach, faoi mar is fíor i gcás Cariforum agus CCE na hAfraice Thiar.

4.7.

Ós rud é go luaitear go sainráite sna CCEnna go gcuirtear iad san áireamh i dtosaíochtaí Chomhaontú Cotonou, tugann an Comhaontú nua deis do na páirtithe sínitheacha rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a chothú ar bhealach níos leithne, níos comhchuibhithe agus níos institiúidithe agus ba cheart leas iomlán a bhaint as sin. Is amhlaidh sin go háirithe toisc go ndearnadh dul chun cinn go mall sa réimse sin, rud is léir ón measúnú a rinne an tAontas ar a chur chun feidhme i mí Mheán Fómhair 2021. Is é an bealach is éifeachtaí chun na sásraí institiúideacha dá bhforáiltear sna CCEnna a chur i bhfeidhm ná go ndéanfaidh institiúidí poiblí na heagraíochtaí sochaí sibhialta / na comhpháirtithe sóisialta a chur ar an eolas faoin bpróiseas ar bhealach tráthúil mionsonraithe agus cuireadh a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh ar bhealach struchtúrtha agus ligean dóibh tabhairt faoi staidéir agus tograí réasúnaithe.

5.   Barúlacha sonracha maidir le coincheap na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-ionadaíochas, lena ngníomhaíocht agus lena sásraí institiúideacha

5.1.

Cuireann CESE roimhe feidhmiú mar “Teach na Sochaí Sibhialta Eorpaí”. Comhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea CESE a bunaíodh faoi Airteagal 13 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tá sé comhdhéanta de 329 gcomhalta a dhéanann ionadaíocht ar fhostóirí (Grúpa I), oibrithe (Grúpa II) agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (Grúpa III). Is é an sásra institiúideach Eorpach é trína gcuireann na grúpaí sainleasa sin a dtuairimí in iúl maidir le saincheisteanna reatha an Aontais mar chuid d’idirphlé struchtúrtha.

5.2.

Tugann CESE dá aire go n-áirítear ar na heagraíochtaí sochaí sibhialta comhlachais a bhfuil raon leathan cuspóirí acu. Déanann siad ionadaíocht ar chomhaltaí atá cláraithe agus a imríonn ról sa tsochaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas: gníomhaíocht a dhéanamh chun folláine daoine a chur chun cinn, gníomhaíocht a dhéanamh chun an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus chun dul i ngleic leis an eisiamh, cearta agus leasanna sóisialta, eacnamaíocha, cultúir agus gairmiúla an phobail agus/nó grúpaí saoránach a chosaint, an comhshaol a chosaint agus dul i ngleic leis an athrú aeráide, an fód a sheasamh ar son chearta an duine, sceithireacht (faireachas), rabhadh a thabhairt agus brú a chur ar chomhlachtaí stáit, chun leasanna a gcomhaltaí a chosaint agus seasamh lena luachanna sochaíocha.

5.3.

Is iad réaltachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus polaitiúla na sochaí, a bhfuil raon leathan agus éagsúil eagraíochtaí ag feidhmiú inti, a chinneann cineál na n-eagraíochtaí sin. Dá réir sin, níor cheart dúinn a mheas gurb iad an príomhghníomhaí iad i gcur chun cinn na forbartha inbhuanaithe in ainneoin an róil thábhachtaigh fhiúntaigh atá acu.

5.4.

Cuireann CESE i bhfios go láidir, i bhfianaise na réaltachta ilghnéithí sin, nach mór aird chuí a thabhairt ar an ardleibhéal neamhfhoirmiúlachta eacnamaíche agus sóisialta atá i réim i gcoitinne i stáit ACC agus ar saintréithe nach beag iad den chaidreamh sóisialta agus institiúideach iontu agus a chinneann an caidreamh sin. Sa chomhthéacs sin, is iondúil go mbíonn deacrachtaí móra ag eagraíochtaí sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta agus iad ag iarraidh institiúidí, tacaíocht eacnamaíoch agus gníomhaíochtaí foirmiúla a bhunú, a eagrú agus a fheidhmiú. Ba cheart tacaíocht airgeadais eisceachtúil a chur ar fáil do na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta sin. Mura ndéanfar amhlaidh, ní bheidh siad in ann rannchuidiú, trína gcuid rannpháirtíochta agus gníomhaíochta, leis an bhforbairt inbhuanaithe, le feidhmiú na saoránachta ná le hathléimneacht dhaonlathach a dtíre.

5.5.

Braitheann na gníomhaíochtaí a dhéanann eagraíochtaí sochaí sibhialta ar an ról sóisialta is mian leo a bheith acu (cibé acu claonadh sibhialta nó polaitiúil a bheidh ann), ar a méid, ar an tábhacht shóisialta a shamhlaíonn a gcomhaltaí agus a sochaí leo, ar an gceannaireacht a bhaineann siad amach, ar an maoiniú a theastaíonn uathu le haghaidh a gcuspóirí agus, i ndáil leis sin, ar aon srianta a chuireann a ndeontóirí airgeadais orthu.

5.6.

Fágann laigí na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta i gcoitinne go mbíonn orthu dul san iomaíocht chun maoiniú a fháil, uaireanta ní eatarthu féin amháin é ach le comhlachtaí poiblí freisin. Fágann na laigí sin gur deacra dóibh a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích agus a bheith rannpháirteach i sásraí institiúideacha náisiúnta agus/nó idirnáisiúnta. Ar a mhuin sin, féadfaidh siad spleáchais ar a lucht tacaíochta airgeadais agus/nó ar a n-údaráis stáit a chruthú.

5.7.

Meastar gur eagraíochtaí sochaí sibhialta iad na ceardchumainn agus na comhlachais ghnó, dá ngairtear comhpháirtithe sóisialta ar iad a thógáil le chéile, ach ós rud é go bhfuil a nádúr uathúil, tá a bhféiniúlacht uathúil féin acu freisin atá éagsúil le féiniúlacht na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta. Déanann na comhpháirtithe sóisialta ionadaíocht thar ceann a gcomhaltaí, go háirithe comhaltaí eacnamaíocha, agus déanann siad a leasanna siúd a chosaint, os comhair comhlachtaí stáit, trí chomhairliúchán sonrach agus sásraí cómhargála, nó trí idirghníomhú le chéile, go háirithe le linn caibidlíochta agus cómhargála. Tá struchtúr comhsheasmhach ag na comhpháirtithe sóisialta, is féidir leo léiriú soiléir a thabhairt ar leasanna a gcomhaltaí, tá fad saoil acu, ar ndóigh, agus acquis stairiúil aitheanta, tá réimse gníomhaíochta agus idirghníomhaíochta acu atá bunaithe agus dea-shainithe, agus go ginearálta, tá sé de chumas iontu féinmhaoiniú a dhéanamh.

6.   Barúlacha sonracha maidir le Comhaontú iar-Cotonou agus leis an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta

6.1.   An tsochaí shibhialta agus comhpháirtithe sóisialta i gComhaontú iar-Cotonou

6.1.1.

Sa dúshraith choiteann den Chomhaontú nua, agus i ngach ceann de na trí phrótacal réigiúnacha a ghabhann leis, bronntar ról gníomhach ar an tsochaí shibhialta. Ní chuirtear an ról sin ar bhonn foirmiúil, áfach, ós rud é go bhfágann an Comhaontú nua faoi na Páirtithe sínitheacha (AE-ESACC) é an creat institiúideach le haghaidh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a shainiú, lena n-áirítear sásraí institiúideacha a bhunú. Leis sin, ardaítear an cheist mhórthábhachtach maidir le conas a chinntiú go mbeidh na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar an leibhéal náisiúnta agus trasnáisiúnta araon.

6.1.2.

Trí na príomhshocruithe eagraíochtúla a chur san áireamh, amhail a mbunreacht dlíthiúil, a n-ionadaíochas, roghnú a n-ionadaithe, agus íoscheanglais maidir le minicíocht na gcruinnithe, cruthófar dinimic a chuirfidh le ról na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta, óir is iad sin geallsealbhóirí an phróisis seo.

6.1.3.

Tá ról sonrach ag na geallsealbhóirí sin i ngeall ar a leasanna féin, agus níor cheart é a mheascadh leis an ról atá ag páirtithe polaitiúla sa tsochaí. Ba cheart rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí sonracha agus ba cheart níos mó a bheith i gceist léi ná plé ginearálta. A bhuí lena gcuid staidéar, tuairimí agus tograí, a chuirfidh siad faoi bhráid na n-institiúidí, cuirfidh siad bonn eolais faoi dhíospóireachtaí agus faoi chinntí. Is é an bealach is fearr a chuirfidh ar a gcumas do na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta rannchuidiú le rialtas oscailte ná trí shásraí institiúideacha a bhunú lena dtabharfar páirt ghníomhach do gheallsealbhóirí sa phróiseas, a bheidh féinbhainistithe agus a bheidh bunaithe ar rialacha nós imeachta seanbhunaithe, lena n-éascófar scaipeadh faisnéise agus idirghníomhaíochtaí le chéile trí chomhairliúchán agus trí idirphlé struchtúrtha (7).

6.1.4.

Baineann tábhacht nach beag le ceist an mhaoinithe. D’uireasa cistiú leordhóthanach, roghnaíoch agus trédhearcach, ní ráthófar rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta / na gcomhpháirtithe sóisialta, bíodh sin ag na cruinnithe nó, thar aon rud eile, san obair thaighde fheidhmigh roimh ré, arb é atá i gceist léi bailiú sonraí agus dréachtú staidéar agus tuairimí.

6.2.   An staid mar atá faoi láthair san Aontas Eorpach agus i stáit ACC ó thaobh na sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta de

6.2.1.   An Eoraip

Ó thaobh na hEorpa de, tá na mílte comhlachas, eagraíochtaí, cónaidhmeanna, comhcheangal, ardán agus fóram ann ar an leibhéal náisiúnta agus Eorpach. Is ó eagraíochtaí sochaí sibhialta, ón earnáil ghnó (fiontair phríobháideacha, micrifhiontair agus fiontair bheaga, idir phoiblí agus shóisialta) agus ó earnáil na gceardchumann a thagann siad, agus tá roinnt ailínithe eagrúcháin eatarthu.

6.2.2.   An Afraic, Muir Chairib agus an tAigéan Ciúin (ACC)

6.2.2.1.

A fhad a bhaineann le Stáit ACC, tá réimse leathan de struchtúir éagsúla iontu i gcás eagraíochtaí sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta, i ngeall ar staid eacnamaíoch, shóisialta, pholaitiúil agus stairiúil gach réigiúin, fo-réigiún agus stáit agus, i gcásanna áirithe, bíonn easpa idirghníomhaíochta eatarthu i ngeall air sin. Is iomaí sampla den dea-chleachtas a fhaightear iontu chomh maith le mórchuid deacrachtaí agus easnamh.

6.2.2.2.

Ina theannta sin, bíonn deacrachtaí ag na heagraíochtaí sochaí sibhialta / na comhpháirtithe sóisialta faisnéis ghinearálta nó faisnéis shonrach a fháil faoin gComhaontú nua nó faoi na CCEnna (nuair is ann dóibh), nó ní bhíonn faisnéis ar bith ar fáil ina dtaobh, ní áirím an easpa fóram i gcoitinne le haghaidh rannpháirtíochta agus plé struchtúrtha le hinstitiúidí poiblí.

6.2.2.3.

I bhfianaise na réaltachta ilchineálaí seo, ba cheart staidéar a dhéanamh ar an dá ghné ar an láthair, d’fhonn samplaí den dea-chleachtas a scaipeadh, agus iarracht a dhéanamh deacrachtaí agus easnaimh a shárú ag an am céanna chun borradh a chur faoi stádas na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus chun a ról a chur chun cinn. A bhuí leis an gcur chuige sin, beifear in ann tacú leis na sásraí institiúideacha atá ann cheana agus cruthú sásraí eile a chur chun cinn.

6.2.3.   Coiste Leantach AE-ACC

Faoi láthair, faoi chuimsiú an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus tíortha ACC, tá brath na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta ar Choiste Leantach AE-ACC, ar cuid de CESE é agus ar a bhfuil, ar bhonn paireachta, 12 thoscaire ón Aontas Eorpach / CESE agus 12 thoscaire ó thíortha ACC arna n-ainmniú ag eagraíochtaí sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta dá gcuid (faoi láthair ochtar ón Afraic, beirt ó Mhuir Chairib agus beirt ón Aigéan Ciúin), arna gceapadh ag an tsochaí shibhialta eagraithe ó gach ceann de na réigiúin agus i gcomhréir leis an gcothromaíocht leasanna.

7.   Barúlacha sonracha maidir le conas eagraíochtaí sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn agus tacú leo ina ról mar thiomántóirí don fhorbairt inbhuanaithe

7.1.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach na sásraí institiúideacha atá beartaithe a chur ar bhonn foirmiúil agus cuireann sé in iúl gurb é sin an príomhchuspóir atá aige sa réimse seo.

7.2.

Tá CESE á mholadh go tréan, tar éis don Chomhaontú nua a bheith sínithe go críochnaitheach, go ngabhfadh an Coimisiún air féin a mholadh do ESACC agus do na tíortha lena mbaineann go gcruthófaí na dálaí riachtanacha polaitiúla, eagrúcháin agus airgeadais chun na sásraí institiúideacha sin a chur chun feidhme.

7.3.

Tá CESE á áiteamh go láidir ar thíortha ACC a bheith chomh tiomanta céanna don phróiseas sin.

7.4.

Tugann CESE dá aire go bhforáiltear le struchtúr an Chomhaontaithe nua go mbunófar sásra institiúideach a bheidh nasctha leis an mbunsraith choiteann agus a mbeidh ionadaithe ón Aontas Eorpach agus ó ESACC páirteach ann. Ag an am céanna, ceadaítear leis na prótacail réigiúnacha sásra institiúideach a bhunú i ngach réigiún (san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin) a mbeidh baint ag ionadaithe ón réigiún sin agus ón Aontas Eorpach leis. Dá bhrí sin, is éard a bheidh ann ceithre shásra institiúideacha (córas 1 + 3), lena gcumhdófar an Comhaontú nua ina iomláine.

7.5.

Tugann CESE dá aire go bhfuil sásraí institiúideacha, eadhon na coistí comhairleacha, á mbeartú freisin faoi chuimsiú na CCEnna, mar atá i gcás na gcomhaontuithe a tugadh i gcrích le Cariforum, leis an Afraic Thiar agus leis an Afraic Thoir.

7.6.

Tá CESE á chur in iúl go háirithe go mbeidh iarracht mhór eagraíochtúil agus líonraithe ag teastáil, mar chóras aonair struchtúrtha, i dtaca leis an tsraith iomlán de shásraí institiúideacha, d’fhonn sineirgí a chruthú, dúbláil iarrachtaí a sheachaint, acmhainní a chur in úsáid agus an leas is fearr is féidir a bhaint astu, go háirithe na hacmhainní airgeadais.

7.7.

Tá CESE á mholadh go spreagfadh an Coimisiún toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh i dtíortha ESACC chun tacú le tionscadail na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta, go háirithe iad siúd atá dírithe ar fheasacht a mhúscailt i measc a gcomhaltaí agus a gceannairí, ar oiliúint a chur ar fáil dóibh siúd agus cur lena n-acmhainneacht, ar chumas teicniúil na n-eagraíochtaí a neartú agus ar dhlús a chur le cruthú sásraí institiúideacha. Tá CESE á mholadh don Choimisiún, agus a mbuanna éagsúla á meas aige, gur cheart tosaíocht a thabhairt d’iarratais eagraíochtaí sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta ó thíortha ACC ar iarratais eile.

7.8.

Tá CESE á mholadh go mbunódh an Coimisiún cláir lena bhféadfaí, agus sásraí institiúideacha á gcur chun feidhme aige, staidéar a dhéanamh ar an staid mar atá ar an láthair. Áirítear leis sin na deiseanna agus na deacrachtaí do na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta maille leis na struchtúir éagsúla atá ann cheana (ardáin, fóraim, etc.). Bheadh sé mar aidhm samplaí den dea-chleachtas (atá ann cheana i gcomhthéacs chaidreamh AE-ESACC) a bhailiú agus a chomhroinnt. Tá CESE á mholadh go mbeadh ról cinntitheach ag eagraíochtaí sochaí sibhialta / comhpháirtithe sóisialta ó thíortha ACC sa staidéar seo, agus gur ról cainníochtúil agus cáilíochtúil araon a bheadh ann.

7.9.

Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart do Choiste Leantach AE-ACC é féin a neartú ó thaobh eagrúcháin de a bhuí sin le breis acmhainní, comhaltaí agus toscairí i dtreo go mbeidh sé in ann cur leis an bpróiseas sin ar bhealach níos fearr agus a mhisean a chomhlíonadh.

7.10.

Tá CESE á mholadh go láidir go ndéanfadh an Coimisiún maoiniú an phróisis sin a chomhtháthú sna hionstraimí airgeadais atá ann i láthair na huaire. Tugann CESE aird ar leith ar an gcaoi a bhfuil cistiú de dhíth ar na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta faoi chomhair a gcuid gníomhaíochtaí, ós rud é nach leor an féinmhaoiniú. Tá CESE á mheabhrú, mar gheall ar an tsainghné gheografach den Chomhaontú nua, go dteastaíonn acmhainní airgeadais le haghaidh fheidhmiú na sásraí institiúideacha agus le haghaidh rannpháirtíocht eagraíochtaí sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta, acmhainní nach bhfuil faoi réir acu. Fiú amháin agus úsáid á baint as dianteicnící rialaithe bainistíochta agus teicneolaíochtaí digiteacha nua-aimseartha, tá sé thar a bheith tábhachtach tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na heagraíochtaí sochaí sibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta. Tá CESE ag iarraidh go láidir ar an Aontas Eorpach, ar thíortha ESACC agus ar na Ballstáit cláir shonracha tacaíochta a ghlacadh le haghaidh ghníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta agus le haghaidh sásraí institiúideacha a fheidhmiú, mar is cuí.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Comhpháirtíocht athnuaite le tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, 1016, lgh. 7-8.

(2)  Bunsraith choiteann an Chomhaontaithe, Airteagal 95.

(3)  Prótacal Réigiúnach don Afraic, Airteagal 5.

(4)  Prótacal Réigiúnach do Mhuir Chairib, Airteagal 7.

(5)  Prótacal Réigiúnach don Aigéan Ciúin, Airteagal 7.

(6)  Tacaíocht maidir le hacmhainn oibríochtúil eagraíochtaí sochaí sibhialta an Chósta Eabhair a neartú, d’fhonn tacú le faireachán na saoránach ar an gcomhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche eatramhach leis an gCósta Eabhair.

(7)  Prionsabal arna shainiú ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/37


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta nua AE-SAM faoi lán seoil: tosaíochtaí maidir le gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí agus na coimircí a bhfuil gá leo

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 443/05)

Rapóirtéir:

Timo VUORI

Comhrapóirtéir:

Tanja BUZEK

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

21.10.2021

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

09.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

173/0/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Clár oibre dearfach trasatlantach a thógáil. Is féidir leis an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe (TTC) a bheith mar chuid lárnach de chlár oibre chun borradh a chur faoin gcomhpháirtíocht le bealaí iontaofa comhair. In ainneoin ár ngeilleagar trasatlantach, arb iad is cúis le tuairim is leath de OTI an domhain agus cuid mhór de shreabhadh trádála agus infheistíochta an domhain, bíonn bacainní trádála, infheistíochta, oibre, taistil agus staidéir fós roimh an gcaidreamh atá againn ar dhá thaobh an Atlantaigh.

1.2.

Ar thús cadhnaíochta i dtaca lenár luachanna agus ár dtrádáil riailbhunaithe a chosaint. In aimsir an tsuaite gheopholaitiúil, tá freagracht mhór ar na geilleagair is mó ar domhan, ar an Aontas Eorpach agus ar na Stáit Aontaithe, in éineacht le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leo, creat comhair nua-aimseartha a chur ar aghaidh don trádáil agus don teicneolaíocht, lena dtacófar le geilleagar oscailte inbhuanaithe agus saorthrádáil chóir agus lena n-urramófar luachanna daonlathacha, obair chuibhiúil agus cearta an duine.

1.3.

An gá atá le freagairt do shuaitheadh sa mhargadh. Tar éis an iliomad géarchéimeanna leanúnacha a bheith ann, ní mór do na comhpháirtithe trasatlantacha bealaí a aimsiú go tapa chun athléimneacht ár sochaithe daonlathacha oscailte a neartú, lena n-áirítear trí shlabhraí domhanda luacha agus soláthair agus slándáil fuinnimh a áirithiú, go háirithe i bhfianaise an ghéarghá atá le dul ar iontaoibh foinsí malartacha in ionad sholáthairtí fuinnimh agus amhábhar na Rúise. Ina theannta sin, ní mór don Aontas agus do na Stáit Aontaithe iarracht níos mó a dhéanamh chun an t-iltaobhachas a neartú agus chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide, chun a áirithiú nach mbainfear an bonn den tsaorthrádáil chóir agus chun aghaidh a thabhairt ar na stáit fhorlámhacha arb iad is cúis le míshocracht sa mhargadh.

1.4.

Muinín a chothú bunaithe ar chomhar frithpháirteach cobhsaí. Ní mór don dá pháirtí páirt a ghlacadh i struchtúr idirphlé buan a thógáil don Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta, d’fhonn torthaí nithiúla a bhaint amach sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, amach ó thimthriallta polaitiúla toghchán agus athruithe riaracháin. Ina theannta sin, faoin gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta, ní mór don Aontas agus do na Stáit Aontaithe díriú ar chur chuige níos straitéisí agus níos cothrománaí maidir le saincheisteanna trádála agus teicneolaíochta. Ba cheart don deich Meitheal faoin gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta iarracht a dhéanamh cur chuige iomlánaíoch a chomhordaítear go héifeachtach a bhaint amach maidir leis an gcomhar agus cineálacha cur chuige oibre neamh-chomhtháite nach bhfuil gá leo a sheachaint.

1.5.

Rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a neartú. Chun nach dteipfidh ar chaibidlíocht uaillmhianach trádála mar a tharla roimhe seo, is é trédhearcacht agus rannpháirtíocht láidir na bpáirtithe leasmhara ar dhá thaobh an Atlantaigh an t-aon bhealach amháin chun go mbainfidh an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta a spriocanna amach. Dá bhrí sin, glacfaidh Coiste Eacanamícoh agus Sóisialta na hEorpa (CESE) páirt ghníomhach laistigh de struchtúir na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta agus déanfaidh sé iarracht a bheith rannpháirteach mar gheallsealbhóir uathúil de chuid na sochaí sibhialta i gcruinnithe aireachta na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta. Sa chomhthéacs sin, tá sé á chur in iúl arís ag CESE gur oth leis nach ndearnadh an Sainghrúpa um Chomhaontuithe Trádála a athnuachan agus nár cuireadh aon struchtúr buan inchomparáide i bhfeidhm maidir le comhairliúchán le geallsealbhóirí.

1.6.

Idirphlé Sonrach Trasatlantach maidir le Saothar. Tá tacaíocht léirithe ag CESE san am a chuaigh thart don Idirphlé Trasatlantach do Ghnólachtaí agus do Thomhaltóirí agus dá bhrí sin is díol sásaimh dó an fógra aireachta i bPáras le déanaí maidir le hIdirphlé Trípháirteach Trádála agus Saothair a bhunú, lena gcruthófaí cainéal foirmiúil do chomhpháirtithe sóisialta ar dhá thaobh an Atlantaigh chun bonn eolais a chur faoin bpróiseas TTC agus chun caidreamh trádála agus infheistíochta trasatlantach a mhúnlú. Sa chomhthéacs sin, tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an éagothroime i ndaonlathas an tsaothair mar gheall ar neamhdhaingniú sé Choinbhinsiún bhunúsacha de chuid EIS agus an tionchar atá aige ar chothroime iomaíochta sa trádáil.

2.   Barúlacha ginearálta — méadú ar an ngá atá le comhpháirtíocht níos dlúithe idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe

2.1.

CESE agus an t-idirphlé trasatlantach: le blianta beaga anuas, tá faireachán á dhéanamh ag CESE ar shaincheisteanna polaitiúla agus trádála trasatlantacha agus tá tuairimí na sochaí sibhialta eagraithe san Aontas curtha in iúl aige. Ina theannta sin, bíonn idirphlé rialta ag CESE le hinstitiúidí an Aontais agus le riarachán SAM agus, go háirithe, leis an tsochaí shibhialta ar thaobh eile an Atlantaigh. Le seoladh TTC nua, ina mbeidh deich Meitheal agus éisteachtaí rialta, éilítear ar CESE a sheasamh maidir le tosaíochtaí TTC a thabhairt cothrom le dáta.

2.2.

Freagracht na ngeilleagar is mó ar domhan: tá sé á chur i dtábhacht ag CESE go bhfuil an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó ag an Aontas Eorpach agus ag na Stáit Aontaithe agus go bhfuil an caidreamh eacnamaíoch is comhtháite ar domhan acu. Cé gurb í an tSín an fhoinse allmhairithe is mó san Aontas Eorpach in 2021, is iad na Stáit Aontaithe an comhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó gan amhras atá ag an Aontas Eorpach go dtí seo. Sa chóras iltaobhach trádála atá faoi bhrú mar gheall ar ghéarchéimeanna na hEagraíochta Domhanda Trádála, dhá bhliain de phaindéim COVID-19 atá fós ag dul ar aghaidh agus anois an cogadh san Úcráin, is leis an gcaidreamh trasatlantach a shainítear an geilleagar domhanda. Is é an tAontas Eorpach nó na Stáit Aontaithe an comhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó i mbeagnach gach tír eile sa gheilleagar domhanda. Ní sprioc ann féin í an chomhpháirtíocht thrasatlantach ach ní mór di na luachanna coiteanna, na leasanna coiteanna agus na comhfhreagrachtaí a fhorbairt. Ba cheart don Aontas agus do na Stáit Aontaithe a bheith ina n-ancaire don daonlathas, don tsíocháin agus don tslándáil ar fud an domhain, don smacht reachta agus do chearta an duine do chách (1).

2.3.

Dlús a chur le comhpháirtíocht straitéiseach níos dlúithe idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe: tá CESE ag tabhairt dá aire, mar gheall ar an iliomad géarchéimeanna domhanda atá ar siúl faoi láthair nach rabhthas ag súil leo, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh na geilleagair is mó ar domhan — an tAontas agus na Stáit Aontaithe mar aon le stáit dhaonlathacha eile atá ar aon intinn leo a bhfuil geilleagair mhargaidh acu atá oscailte agus riailbhunaithe — a gcomhar polaitiúil agus eacnamaíoch a dhoimhniú chun ár luachanna uilíocha a chosaint agus rathúnas, daonlathas agus an smacht reachta, slándáil agus cearta an duine a neartú. As na dúshláin sin ar fad, is í an tsíocháin a tháinig chun cinn mar phríomhthosaíocht agus an beartas idirnáisiúnta á stiúradh. San am céanna, níor cheart dúinn glacadh a thuilleadh le haon ghníomhaíochtaí stáit in aghaidh an oird idirnáisiúnta, ná leosan a leanann iompar faille sa trádáil idirnáisiúnta.

2.4.

Príomhról na trádála agus na teicneolaíochta sa gheopholaitíocht: tá CESE ag athdhearbhú nach mbaineann an trádáil agus an teicneolaíocht le saincheisteanna rialála amháin ach le huirlisí riachtanacha chun na luachanna uilíocha sin a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain. Ní mór don Aontas agus do na Stáit Aontaithe an comhar eatarthu a dhoimhniú agus torthaí nithiúla a bhaint amach ar an leibhéal iltaobhach agus déthaobhach. Tugann TTC deis uathúil chun comhar straitéiseach ardleibhéil a bhunú maidir le trádáil agus teicneolaíocht, rud a sháraíonn na socruithe comhair ad hoc atá ann faoi láthair agus a théann níos faide ná toghcháin AE agus SAM agus athruithe institiúideacha ar riaracháin.

2.5.

Ardán don idirphlé agus don chomhar: ní athsheoladh ar an gComhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta (TTIP) é, agus níor cheart breathnú air mar sin. Mar sin féin, is féidir ceachtanna úsáideacha a bhaint as an gcaibidlíocht sin nár éirigh léi. Níor cheart amhras a chaitheamh ar institiúidí ná ar phróisis chinnteoireachta an Aontais mar gheall ar chuspóirí agus nósanna imeachta TTC, agus san am céanna, ní mór rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí a fheabhsú. Níor cheart amhras a chaitheamh ach oiread ar chaighdeáin an Aontais lena léirítear ár luachanna: baineann an méid sin go háirithe le prionsabal an réamhchúraim atá i gcroílár chur chuige an Aontais maidir le caighdeáin a leagan síos. Tá CESE ag teacht leis an tuairim go bhfuil comhar maidir le caighdeáin nasctha freisin le creataí dlíthiúla éagsúla agus go n-éilíonn sé grinnanailísí ar shaincheisteanna teicniúla, chomh maith le measúnú ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil, ar cheart iad ar fad a dhéanamh cás ar chás. Mar shampla, léiríonn an creat-chomhaontú nua maidir le sreafaí sonraí i bprionsabal gur féidir leis an Aontas Eorpach agus le Stáit Aontaithe Mheiriceá oibriú chun comhthoil a bhaint amach maidir le saincheisteanna íogaire.

2.6.

Tacaíocht láidir do gheallsealbhóirí: tá CESE ag tabhairt dá aire go bhfuil tacaíocht ghinearálta curtha in iúl cheana féin ag geallsealbhóirí gnó agus geallsealbhóirí eile na sochaí sibhialta, san Aontas agus sna Stáit Aontaithe, don TTC agus do na hábhair a sainaithníodh sna deich meitheal. Is cosúil go bhfeiceann comhpháirtithe trasatlantacha an breisluach a bhaineann le comhpháirtíocht thrasatlantach straitéiseach agus comhar rialála níos dlúithe. Tá bacainní gan údar fós ar thrádáil, ar infheistíocht agus ar obair. Ina theannta sin, d’fhéadfadh na comhpháirtithe trasatlantacha a n-iomaíochas domhanda a neartú le chéile, iomaíochas atá fite fuaite le spriocanna na forbartha inbhuanaithe, an cheartais shóisialta, an mheasa ar chearta an duine, ardchaighdeáin saothair agus ardchaighdeáin chomhshaoil. Mar sin féin, chun torthaí a bhaint amach, ní mór don dá thaobh a bheith ar an eolas faoi chuspóirí, cur chuige agus modhanna a chéile d’fhonn comhchreat nua trádála a fhorbairt.

2.7.

Rannpháirtíocht fheabhsaithe le geallsealbhóirí tar éis nár éirigh leis an idirphlé idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir leis an tsochaí shibhialta: tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur gné ríthábhachtach den chomhthéacs trasatlantach é an t-idirphlé neartaithe leis an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear sa TTC. Tá tábhacht ar leith ina leith sin leis an ngá atá le hidirphlé comhpháirteach faoi chearta na saoránach, athléimneacht i gcoinne na bréagaisnéise, saoirse na meán, gníomhú ar son na haeráide, cearta sóisialta agus cosaint tomhaltóirí, mar aon leis an tacaíocht don daonlathas (2). Is féidir leis an gcomhpháirtíocht thrasatlantach dul céim níos faide i dtreo comhtháthú trasatlantach níos dlúithe fós a bhaint amach inár ngeilleagair, lena n-áirítear comhchreat don trádáil, don teicneolaíocht agus don infheistíocht.

3.   Barúlacha sonracha – príomhthosaíochtaí do ghnólachtaí, d’oibrithe agus do thomhaltóirí

3.1.

Dar le CESE, léiríonn TTC a idirnasctha atá an dá gheilleagar is mó ar domhan, chomh maith le bheith ina fhóram uathúil chun comhar níos fearr a fhorbairt maidir le beartas trádála agus saincheisteanna rialála margaidh ar fud an Atlantaigh. Dá bhrí sin, creideann CESE gur cheart don TTC díriú ar phríomhthosaíochtaí áirithe ó thaobh gnó, oibrithe agus tomhaltóirí de.

3.2.

Trádáil iltaobhach nua-aimseartha atá riailbhunaithe: ní mór don Aontas agus do na Stáit Aontaithe freagracht agus ceannaireacht chomhpháirteach a léiriú san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus ní mór dóibh tacú le samhail éifeachtach iltaobhach, ina mbeidh beartas trádála forchéimnitheach lena gcuirfear gnéithe comhshaoil agus sóisialta san áireamh (3). Tá dúshláin roimh an Aontas agus SAM araon ó chleachtais a shaobhann an margadh ag geilleagair neamh-mhargaidh, lena n-áirítear gníomhaíocht éagórach agus idirdhealaitheach a bhaineann le fiontair atá faoi úinéireacht stáit, fóirdheontais stáit, tobhaigh agus cánacha.

3.3.

Athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála a threorú: ba cheart don TTC díriú ar bhealaí chun feabhas a chur ar chóras iltaobhach trádála EDT agus ar an Sásra um Réiteach Díospóidí, ós rud é go bhfuil ról lárnach aici maitrís iltaobhach éifeachtach a chur ar bun le haghaidh clár oibre forásach trádála ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna comhshaoil agus sóisialta. Ní mór don Aontas agus do na Stáit Aontaithe a bheith i gceannas ar athchóiriú uaillmhianach EDT agus clár oibre nua-aimseartha EDT a chur chun cinn lena gcuirfear deireadh le geasa (i.e. gnéithe sóisialta den trádáil) agus lena dtabharfar aghaidh ar na dúshláin inbhuanaitheachta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Chuige sin, iarrann CESE ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe socruithe comhar straitéiseach a bhunú leis na príomh-chomhpháirtithe trádála maidir le saincheisteanna iltaobhacha tosaíochta (4).

3.4.

Obair chuibhiúil sa trádáil idirnáisiúnta (5): tá CESE ag áitiú ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe comhar níos dlúithe a chur chun cinn idir an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) d’fhonn obair chuibhiúil agus caighdeáin saothair a chur chun cinn trí ionstraimí trádála. Ba cheart do na toghcháin is déanaí d’ardstiúrthóirí nua sa dá eagraíocht cabhrú chun spreagadh nua a thabhairt sa réimse sin. Ba cheart comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta saothair, mar a leagann EIS síos iad agus mar a ndéanann EIS faireachán orthu, a bheith mar chuid den díospóireacht faoi stiúir an Aontais agus na Stát Aontaithe maidir le hathchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Ós sampla dearfach agus deis é chun an t-athmhachnamh uaillmhianach sin a neartú, cuireann CESE in iúl gur díol sásaimh dó an togra a rinne SAM maidir le haghaidh a thabhairt ar fhadhb dhomhanda an tsaothair éignithe ar shoithí iascaireachta, ar togra é a rinneadh i gcomhthéacs na gcaibidlíochtaí atá ar siúl faoi láthair i ndáil le fóirdheontais iascaigh EDT (6). Ba cheart do chomhpháirtithe trasatlantacha úsáid bhreise a bhaint as an gcomhar atá eatarthu chun oibriú i dtreo bunús dlí níos láidre chun cearta saothair bunúsacha EIS a chuimsiú san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (7). Ba cheart cur chuige comparáideach maidir le caibidlí a bhaineann le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (TSD) agus a n-infhorfheidhmitheacht éifeachtach i gComhaontuithe Saorthrádála (CSTanna) a áireamh ar shaincheisteanna comhleasa déthaobhacha saothair (8). Le fada an lá, d’iarr CESE go gcuirfí cur chuige forfheidhmithe athchóirithe smachtbhannaí i bhfeidhm maidir le caibidlí TSD agus ba dhíol sásaimh dó ionstraimí forfheidhmithe nuálacha sa Chomhaontú idir Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo (USMCA) (9).

3.5.

Ag obair le chéile i bhfóraim idirnáisiúnta: d’fhéadfadh TTC fóram a chur ar fáil chun comhar athneartaithe i gcúrsaí saothair agus fostaíochta a ullmhú i bhfóraim idirnáisiúnta, go háirithe ag EIS agus ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE). Ba cheart dícheall cuí a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú mar chuid den chomhar treisithe sin. Ba cheart do TTC fothú acmhainneachta comhpháirteach a spreagadh, go háirithe chun sábháilteacht agus sláinte ceirde (OSH) a chur chun cinn ar fud an domhain, agus ba cheart dó comhthionscadail a fhorbairt, mar shampla maidir le cigireacht saothair a chur ar fáil i dtríú tíortha. Dá ndéanfaí Coinbhinsiúin maidir le sláinte agus sábháilteacht ceirde a chur san áireamh i mbunchaighdeáin oibre na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair mar atá beartaithe, chuirfí limistéar torthúil ar fáil don chomhar. Is ábhar mór imní é saothar éignithe agus ba cheart cur chuige an Aontais agus SAM, go háirithe maidir le hallmhairiú earraí a tháirgtear trí chleachtais den sórt sin sa tSín, a chomhordú. Ba cheart scaipeadh cineálacha nua fostaíochta ar fud an domhain, go háirithe obair ardáin, arna stiúradh ag na Stáit Aontaithe agus ag cuideachtaí an Aontais, a phlé sna Meithleacha TTC ábhartha, lena n-áirítear ionchur ó thaobh an tsaothair de.

3.6.

Athléimneacht agus inbhuanaitheacht sna slabhraí soláthair domhanda: ba cheart don TTC straitéisí a fhorbairt chun athléimneacht níos fearr a bhaint amach trí inbhuanaitheacht na slabhraí soláthair domhanda a áirithiú agus trína áirithiú gur féidir leo feidhmiú mar is ceart. Ba cheart don Aontas agus do na Stáit Aontaithe leochaileachtaí coiteanna a shainaithint agus oibriú le chéile, mar shampla, i dtaca le hinfhaighteacht amhábhar criticiúil agus táirgí amhail leathsheoltóirí. Ba cheart do chomhpháirtithe trasatlantacha aird a tharraingt láithreach bonn ar chur chuige caighdeánaithe maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh atá go hiomlán i gcomhréir le clár oibre uaillmhianach inbhuanaitheachta amhail an Comhaontú Glas don Eoraip. Thairis sin, ba cheart dóibh machnamh a dhéanamh ar ghníomhaíocht chomhpháirteach chun feabhas a chur ar an gcumas táirgthe, ar na hinfheistíochtaí agus ar an lóistíocht ábhartha. Ba cheart do TTC oibriú i dtreo díchill chuí éigeantaigh chomhchoiteann i slabhraí soláthair, bunaithe ar an dea-chleachtas, chun samhail a bhunú do cheanglais inbhuanaitheachta domhanda i slabhraí luacha.

3.7.

Tacú leis an ngeilleagar glas: ba cheart do TTC díriú ar an gcomhar maidir le teicneolaíochtaí glasa agus aeráide agus beartais aistrithe córa. Ba cheart don Aontas agus do na Stáit Aontaithe creat idirnáisiúnta agus caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le maolú ar an athrú aeráide, geilleagar ciorclach, maoiniú inbhuanaithe, teicneolaíocht coigilte fuinnimh, caighdeáin ghlasa agus shóisialta sa soláthar poiblí, éicilipéadú agus tuairisciú inbhuanaitheachta. Thairis sin, ba cheart do chomhpháirtithe trasatlantacha obair a dhéanamh ar mhaithe le creat iltaobhach maidir le léirscaoileadh trádála earraí comhshaoil a bhaint amach faoi thionscnaimh reatha, eadhon an Comhaontú maidir le hEarraí Comhshaoil, an Plé Struchtúrtha maidir le hinbhuanaitheacht trádála agus comhshaoil agus an tIdirphlé Neamhfhoirmiúil maidir le Truailliú Plaisteach. Ba cheart do TTC díriú ar Shásraí Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha atá éifeachtach agus comhordaithe d’fhonn samhail a bhunú do chreat domhanda agus chun coinbhleachtaí trádála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a sheachaint.

3.8.

An digiteáil agus geilleagair nua: ba cheart do TTC díriú ar chomhar maidir le caighdeáin teicneolaíochta, taighde agus beartais i réimse na hintleachta saorga, Idirlíon na Rudaí Nithiúla, 6G, agus teicneolaíochtaí ceallraí, teicneolaíochtaí candamacha agus teicneolaíochtaí blocshlabhra. Ba cheart nuálaíocht agus caighdeánú a chothú leis an gcreat, ach ní mór bunbhreithnithe beartais ríthábhachtacha a bheith ann. Is minic a bhíonn gné oibre ag baint le réimsí nua teicneolaíochta amhail an intleacht shaorga a éilíonn straitéisí láidre um intleacht shaorga agus um shonraí, lena bhforáiltear ar dtús do chreat dlíthiúil agus cumhachtaithe Eorpach bunaithe ar chearta an duine, agus, dá bhrí sin, lena n-áirítear rialacha eiticiúla, cearta saothair agus ceardchumainn. Cé nach féidir na rialacha ceannann céanna a bheith ann ar an dá thaobh, ba cheart idir-inoibritheacht creataí a bheith mar sprioc. Ina theannta sin, is gá comhcheanglais rialála a shoiléiriú maidir le teicneolaíochtaí aeráidneodracha, leis an mbiteicneolaíocht agus leis an teicneolaíocht sláinte. Ba cheart don Aontas agus do na Stáit Aontaithe prionsabail atá bunaithe ar luach a chur chun cinn do chaighdeáin idirnáisiúnta d’fhonn ceannaireacht dhomhanda a choinneáil sna geilleagair nua sin. Ba cheart do TTC athléimneacht ár sochaithe daonlathacha a neartú freisin, d’fhonn feachtais bhréagaisnéise spriocdhírithe atá treoraithe ag an intleacht shaorga a chosc, agus feabhas a chur ar shlándáil na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) chun dul i ngleic le cibearionsaithe a fhaigheann tacaíocht ón Stát.

3.9.

Sonraí agus príobháideachas: ba cheart do TTC díriú ar chomhar chun a áirithiú, mar thoradh ar theicneolaíocht digiteach agus sonraí a roinnt idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas amach anseo, go mbeidh éiceachóras oscailte idirnáisiúnta ann le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta de chuid na teicneolaíochta is forbartha chun freastal ar chustaiméirí agus ar shaoránaigh ar fud an domhain agus go gcosnófar a gceart bunúsach chun príobháideachta sonraí agus go gcaomhnófar an spás beartais do rochtain agus rialú ar shonraí poiblí agus an cumas atá acu cuideachtaí ilnáisiúnta digiteacha a rialú san am céanna. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas agus do na Stáit Aontaithe creat nua d’aistrithe sonraí a chur i gcrích gan mhoill, agus aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna ba chúis le neamhbhailíochtú na Scéithe Príobháideachais, agus comhluachanna príobháideachais agus slándála a chaomhnú.

3.10.

Rialuithe onnmhairiúcháin: ba cheart do TTC obair a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus ar bhunteicneolaíochtaí lena n-áiritheofaí an ról lárnach atá ag córais iltaobhacha rialaithe onnmhairí toisc go bhfuil siad an-ábhartha don Aontas agus do na Stáit Aontaithe araon chun daonlathas, cearta an duine agus sochaí oscailte le geilleagar margaidh a chur chun cinn. Mar shampla, éilíonn smachtbhannaí éifeachtacha trádála rialú éifeachtach onnmhairiúcháin i gcoinne stáit a bhfuil mí-úsáid á baint acu as trádáil agus teicneolaíocht agus a bhaineann an bonn den tsíocháin, den tslándáil agus de chearta an duine. Ba cheart don Aontas agus do na Stáit Aontaithe oibriú le chéile chun comhghuaillíochtaí a fhorbairt le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun dul i ngleic le dúshláin agus chun cothrom na Féinne a áirithiú.

3.11.

Caighdeánú: ba cheart do TTC díriú ar chomhar idir na comhlachtaí um chaighdeánú, chomh maith leis na prionsabail theoranta maidir le glacadh frithpháirteach. Tá córais caighdeánaithe an Aontais agus na Stát Aontaithe difriúil óna chéile. Go háirithe, níl an prionsabal “táirge amháin agus caighdeán amháin a nglactar i ngach áit”, ar colún de mhargadh aonair an Aontais é, le fáil sna Stáit Aontaithe. San Eoraip, nuair a ghlactar caighdeán nua, déantar caighdeáin náisiúnta atá ag teacht salach ar an gcaighdeán nua sin a tharraingt siar. Sna Stáit Aontaithe, glactar le caighdeáin éagsúla ar an margadh, rud a fhágann go bhfuil sé deacair ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a thuiscint cén ceann is fearr a d’oirfeadh dá línte táirgí. Is minic gur cuideachtaí beaga iad sin nach bhfuil mórán d’acmhainní acu ach a bhfuil ardleibhéal speisialtóireachta acu i margadh nideoige atá mar bhonn lena n-iomaíochas.

3.12.

FBManna: d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith ag an gcomhar rialála faoi TTC maidir le trádáil agus infheistíocht a éascú, chomh maith le feabhas a chur ar iomaíochas gnólachtaí beaga go háirithe. Bíonn FBManna, go háirithe, ag súil go gcuirfear deiseanna nua ar fáil, ós rud é nach bhfuil na hacmhainní acu le dul i ngleic le timpeallachtaí rialála éagsúla ar dhá thaobh an Atlantaigh, murab ionann agus gnólachtaí móra. San am céanna, ba mhó an deis a bheadh ag fiontair mhóra tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe dá mbeadh na córais rialála níos comhoiriúnaí (10).

3.13.

Bia agus talmhaíocht: dar le CESE, tá sé tábhachtach, le cois obair na Comhairle Trádála agus Teicneolaíochta, go bhfuil an t-ardán nua um chomhar trasatlantach maidir le talmhaíocht curtha ar bun ag an Aontas agus na Stáit Aontaithe, ar ardán é atá ceaptha chun dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda a bhaineann leis an inbhuanaitheacht, leis an athrú aeráide agus leis an tslándáil bia. Tá comhar idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus chun inbhuanaitheacht a chothú ríthábhachtach chun an todhchaí dhian dheacair atá i ndán dúinn mar shochaí dhomhanda a mhaolú. Cuireadh leis an dúshlán sin leis an gcogadh san Úcráin agus leis an tionchar láithreach a bhí aige sin ar an soláthar bia domhanda. Tá an t-athrú aeráide ag cur isteach cheana féin ar shlite beatha feirmeoirí ar bhealaí doimhne, idir luaineacht na haimsire foircní agus triomaigh thromchúiseacha, idir thuilte agus fhalscaithe, agus teagmhais thurraingeacha eile a chuireann ár mbailte, ár gcathracha agus ár bpobail i mbaol. Ní mór don Aontas agus do na Stáit Aontaithe aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin.

3.14.

Tomhaltóirí: mar chuid d’obair TTC, tá sé tábhachtach coimircí a chur i bhfeidhm lena áirithiú nach n-úsáidfear próiseas an chomhair rialála chun an bonn a bhaint de chaighdeáin shóisialta, saothair, tomhaltóirí agus chomhshaoil. Ina áit sin, ba cheart é a bheith d’aidhm aige na caighdeáin sin a chomhchuibhiú agus feabhas a chur orthu. Má chomhlíontar na coinníollacha sin, ní hé amháin go mbeidh tairbhí eacnamaíocha i gceist ach d’fhéadfaí cúram na rialtóirí a éascú freisin trí chuspóirí beartais phoiblí a bhaint amach. Thairis sin, is féidir comhar trasatlantach a fhorbairt trí anailís a roinnt, trí chórais luathrabhaidh i gcoinne táirgí agus seirbhísí contúirteacha ó thríú tíortha a roinnt agus trí idirphlé maidir le forfheidhmiú feabhsaithe dlíthe. D’fhonn imeacht ón gcóineasú éigeantach, a shaothraigh TTIP go foirmiúil, ní mór don Aontas agus do na Stáit Aontaithe an clár oibre nua um chomhar deonach sin a chur ina cheart chun cabhrú lena saoránaigh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a bhaineann leis an ré dúshlánach seo.

4.   Aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní agus ar na coimircí is gá

4.1.

Is é TTC is fearr a léiríonn gur féidir leis an Aontas agus na Stáit Aontaithe céimeanna nithiúla a ghlacadh i dtreo fíorchomhar trádála agus teicneolaíochta agus go bhfuil a gcaidreamh bunaithe ar chomhpháirtíocht fhóinteach. Mar sin féin, tá saincheisteanna ríthábhachtacha áirithe nach mór do TTC dul i ngleic leo chun go mbeidh rath air:

tiomantas straitéiseach láidir ó cheannaireacht an Aontais agus na Stát Aontaithe araon,

comhfhís shoiléir do chuspóirí agus do phróisis TTC,

an gá atá le breisluach a chruthú tríd an gcomhar, trí thorthaí dearfacha nithiúla a bhaint amach,

an gá atá le roinnt iarrachtaí a dhéanamh chun cur chuige comhpháirteach a fhorbairt i leith caighdeáin chomhpháirteacha,

an gá atá le próiseas soiléir a bhunú maidir le saincheisteanna teicniúla mionsonraithe a réiteach,

sásraí éifeachtacha for-rochtana maidir leis an gcinnteoireacht pholaitiúil a fhorbairt san Aontas agus sna Stáit Aontaithe araon,

próiseas rannpháirtíochta gníomhaí agus struchtúrtha a chur ar bun le geallsealbhóirí gnó, ceardchumainn agus geallsealbhóirí eile na sochaí sibhialta,

comhordú, comhsheasmhacht agus cur chuige iomlánaíoch a fhorbairt i leith an phróisis oibre ina iomláine; ag cur le ceachtanna a foghlaimíodh ó chaibidlíocht TTIP agus ó ghníomhaíochtaí déthaobhacha roimhe seo maidir le próiseas, trédhearcacht agus for-rochtain phoiblí,

freagracht ar an tsochaí shibhialta ar thaobh eile an Atlantaigh a bheith ag gabháil leis an bpróiseas sin ar bhealach feasach.

4.2.

Tá sé ríthábhachtach i gcónaí do CESE ardleibhéal leasanna poiblí an Aontais sa chomhar trasatlantach rialála a chosaint. Athdhearbhaíonn sé go láidir gur bunriachtanas é na hardchaighdeáin atá ann cheana a chosaint. Chomh maith le deiseanna trádála a fheabhsú, ba cheart don chomhar rialála sábháilteacht, sláinte agus dea-bhail eacnamaíoch agus sóisialta na saoránach ar dhá thaobh an Atlantaigh a fheabhsú freisin. Tá CESE ag iarraidh gealltanais breise nach n-athrófar reachtaíocht an Aontais maidir le bia, mar shampla, agus go gcoinneoidh an tAontas na srianta ar hormóin, ar thionscnóirí fáis agus ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe (11).

4.3.

Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt, faoi chuimsiú TTC, ar an éagothroime i ndaonlathas an tsaothair agus ar an tionchar atá aige sin ar chothroime iomaíochta sa trádáil. Tá sé á chur in iúl ag CESE an athuair nár dhaingnigh na Stáit Aontaithe ach dhá cheann de na hocht mBunchoinbhinsiún Saothair de chuid EIS, agus eochairchoinbhinsiúin chumasúcháin in easnamh iontu, go háirithe Coinbhinsiún 87 maidir le Saoirse Comhlachais agus Coinbhinsiún 98 maidir leis an gCeart chun Cómhargála (12).

5.   Rannpháirtíocht fhóinteach na ngeallsealbhóirí i bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó phróiseas TTIP

5.1.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur cheart don phróiseas TTC a bheith trédhearcach, inmhínithe agus grúpaí leasa phoiblí a rannpháirtiú ann ar bhealach fóinteach. Ba cheart dlúthbhaint a bheith aige le beartas cumarsáide feabhsaithe agus gníomhach maidir le nádúr an TTC. Thar aon ní eile, ní mór don chlár oibre maidir le comhar leanúint de bheith ina ardán chun eolas a chur ar fáil agus dea-chleachtais a mhalartú, agus ní ina uirlis uathoibríoch chun tionchar a imirt ar phróisis reachtacha agus chinnteoireachta a chéile ná chun a chéile a dhíspreagadh ó chosaintí a fheabhsú.

5.2.

Ní mór do gheallsealbhóirí a bheith in ann ionchur a chur ar fáil do gach ceann de na deich meitheal d’fhonn cur chuige neamh-chomhtháite a sheachaint. Cé gur de chineál níos trasearnála í an mheitheal um dhúshláin trádála dhomhanda agus go soláthraíonn sí an príomhfhóram le haghaidh plé saothair, tagann ábhair imní ghaolmhara chun cinn faoi shainchúram roinnt meithleacha eile, go háirithe i ndáil le saincheisteanna an tslabhra soláthair, an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn, agus cosaint sonraí.

5.3.

Measann CESE gur cuspóirí uileghabhálacha den chomhar sin iad cosaint agus leas tomhaltóirí. Ní mór d’idirphlé éagsúil TTC a bheith trédhearcach do gheallsealbhóirí. Ní mór ról ceannasach a bheith ag rialtóirí ábhartha agus speisialtóirí ábhartha earnála chun comhar rialála a fhorbairt.

5.4.

Chomh maith leis na cruinnithe spriocdhírithe maidir le comhphlé leis an tsochaí shibhialta, ba cheart cruinnithe ullmhúcháin agus faisnéisithe a phleanáil leis na geallsealbhóirí roimh gach cruinniú de chuid Chomhairle TTC agus ina ndiaidh. Sampla luachmhar den chomhairliúchán le páirtithe leasmhara ab ea iar-Ghrúpa Comhairleach TTIP a bhunaigh Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, agus bhí sé de cheart CESE a áireamh ann. B’fhóram é freisin ina bhféadfadh balleagraíochtaí tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin agus ar na deiseanna a bhaineann le trádáil do na leasanna éagsúla a raibh ionadaíocht á déanamh ag dreamanna eile orthu. Chuidigh sé le caidreamh a chothú idir na heagraíochtaí éagsúla.

5.5.

Sa chomhthéacs sin, tá sé á chur in iúl ag CESE arís eile gur oth leis nach ndearnadh an sainghrúpa um chomhaontuithe trádála a athnuachan. Ba chéim an-dearfach í i straitéis an Choimisiúin chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a fheabhsú maidir le beartas trádála agus chun trédhearcacht a mhéadú. Léirigh sé freisin leanúnachas loighciúil Ghrúpa Comhairleach TTIP.

5.6.

San am a chuaigh thart, chuir CESE in iúl go dtacaíonn sé leis an Idirphlé Trasatlantach le haghaidh Gnó agus Tomhaltóirí agus d’iarr sé go dtabharfaí aitheantas d’Idirphlé Trasatlantach Saothair coibhéiseach.

An Bhruiséil, an 14 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 56.

(2)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 56.

(3)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 56.

(4)  IO C 374, 16.9.2021, lch. 73.

(5)  Chuir CESE moltaí nithiúla ar fáil in IO C 429, 11.12.2020, lch. 197; obair leanúnach in SOC/727: Obair chuibhiúil ar fud an domhain, an rapóirtéir Maria del Carmen Barrera Chamorro, a glacadh i mí Mheán Fómhair 2022.

(6)  IO C 374, 16.9.2021, lch. 73

(7)  Bealaí féideartha chun cinn a d’fhéadfadh bheith i gceist le ráiteas léirmhínitheach faoi Airteagal IX:2 de Chomhaontú EDT a mheas, léirmhíniú a dhearbhú ar an eisceacht maidir le moráltacht phoiblí (Airteagal XX de GATT 1994 agus Airteagal XIV de GATS), cearta bunúsacha saothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) a chur san áireamh agus an ról a d’fhéadfadh a bheith ag cinntí EIS a leagan amach in aon imeachtaí dlíthiúla maidir leis an tsaincheist.

(8)  Dea-shampla ar féidir cur leis is ea Comparative Analysis of Trade and Sustainable Development Provisions in Free Trade Agreements, LSE, Feabhra 2022, arna choimisiúnú ag an Aontas Eorpach, go háirithe maidir le Sásra Mearfhreagartha an Chomhaontaithe idir Ceanada, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Stáit Aontaithe Mheicsiceo (USMCA), https://www.lse.ac.uk/business/consulting/assets/documents/TSD-Final-Report-Feb-2022.pdf

(9)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 40

(10)  IO C 487, 28.12.2016, lch. 30.

(11)  IO C 487, 28.12.2016, lch. 30.

(12)  Is iad C29 maidir le Saothar Éignithe, C100 maidir le Luach Saothair Comhionann, C111 maidir le hIdirdhealú (Fostaíocht agus Slí Bheatha) agus C138 maidir leis an Aois Íosta na Bunchoinbhinsiúin Saothair eile nár daingníodh.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/44


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Beartas um an Óige sna Balcáin Thiar, mar chuid den Chlár Oibre um Nuálaíocht do na Balcáin Thiar

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 443/06)

Rapóirtéir:

Ionuţ SIBIAN

Comhrapóirtéir:

Andrej ZORKO

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

20.1.2022

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

9.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

165/2/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Agus an dul chun cinn a rinneadh maidir le creataí beartais fónta don óige a fhorbairt á aithint dó ag Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE), tá sé ag iarraidh ar rialtais chomhpháirtithe na mBalcán Thiar tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i mbeartais óige fianaisebhunaithe lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin forbartha a bhíonn ag daoine óga. D’fhonn rath na forbartha inbhuanaithe a áirithiú i bpobail áitiúla, creideann CESE gur gá forbairtí institiúideacha, cláir agus beartais a bhunú ar na dearcthaí a bhíonn ag daoine óga i dtaobh fhorbairt an duine. Thairis sin, tá CESE suite de gur réamhriachtanas maidir le hathruithe dearfacha a éascú agus cás daoine óga a fheabhsú iad leithdháiltí leordhóthanacha agus trédhearcacha buiséid a chur ar fáil d’fhorbairt an bheartais um an óige.

1.2.

Tá CESE ag iarraidh ar rialtais náisiúnta na mBalcán Thiar cloí le príomhdhoiciméid an Aontais Eorpaigh i dtaobh an bheartais um an óige, d’fhonn tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a mbeartais náisiúnta um an óige agus cur ar chumas daoine óga páirt a ghlacadh i gceapadh beartas.

1.3.

Creideann CESE gur réamhriachtanas iad sonraí ardcháilíochta óige-íogaire a bhailiú go córasach le go bhféadfar beartais eolasacha agus bearta tacaíochta a chruthú do dhaoine óga, go háirithe grúpaí leochaileacha de dhaoine óga. Go háirithe, ní mór feabhas mór a chur ar an gcóras chun sonraí a bhaineann leis an ngné shóisialta den ról a bhíonn ag daoine óga a bhailiú agus a phróiseáil (1).

1.4.

Chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhrac in aghaidh na bochtaineachta agus feabhas a chur ar cháilíocht an oideachais, tá CESE den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta agus na heagraíochtaí sochaí sibhialta rannpháirteach d’fhonn athchóiriú níos leithne a dhéanamh le go bhféadfar cearta sóisialta agus ionchais daoine óga a fheabhsú. Ba cheart ról níos mó a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag eagraíochtaí sochaí sibhialta eile san idirphlé maidir le hathchóirithe sóisialta agus eacnamaíocha. Ba cheart a áirithiú leis an tacaíocht dhíreach ón Aontas go gcuirfear dearcthaí na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí sochaí sibhialta san áireamh.

1.5.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí cláir agus struchtúir réigiúnacha an Aontais a threisiú, d’fhonn teagmháil a dhéanamh le níos mó daoine óga sna Balcáin Thiar trí dheiseanna oideachais, soghluaisteachta, oibre deonaí agus fostaíochta a chur ar fáil dóibh.

1.6.

Tá CESE ag iarraidh go ndíreofar níos mó ar an ngairmoideachas agus ar an ngairmoiliúint, trí scéimeanna printíseachta a nascadh leis an bhfoghlaim acadúil ar an dara agus an tríú leibhéal. Creideann an Coiste nach mór an dlúthchomhar idir an beartas oideachais agus oiliúna agus an pobal gnó a fheabhsú agus gur cheart díriú níos mó ar inniúlachtaí seachas ar cháilíochtaí.

1.7.

Is díol sásaimh do CESE an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, ina n-iarrtar feabhas a chur ar an rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, go háirithe i gcás daoine óga agus mná, grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus mionlaigh, go háirithe na Romaigh. Ba cheart do chur chun feidhme an Phlean sin cur leis an bhfiúntas do dhaoine óga.

1.8.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí an Ráthaíocht don Aos Óg sna Balcáin Thiar a chur chun feidhme i bhfianaise na moltaí ón gComhairle maidir le Ráthaíocht threisithe don Aos Óg (2).

1.9.

D’fhonn Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme sna Balcáin Thiar, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí le hacmhainní na seirbhísí poiblí fostaíochta agus a bhfoirne i dtíortha an réigiúin.

1.10.

Tá CESE ag tarraingt aird ar an tábhacht a bhaineann leis an gcomhar idir comhpháirtithe éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na dífhostaíochta i measc na hóige. Ba cheart comhpháirtíochtaí a bhunú ar gach leibhéal rialtais, idir soláthraithe na Ráthaíochta don Aos Óg agus geallsealbhóirí ábhartha, amhail comhpháirtithe sóisialta, institiúidí oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí don óige agus eagraíochtaí sochaí sibhialta eile.

1.11.

Creideann CESE gur cheart aird a thabhairt ar fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe sóisialta agus ar fhorbairt an idirphlé shóisialta agus na cómhargála d’fhonn dálaí oibre forbhásacha a mhaolú agus cáilíocht na bpost a fheabhsú. Tá CESE ag iarraidh ar chomhpháirtithe sóisialta na mBalcán Thiar, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal earnála, daoine óga a rannpháirtiú go gníomhach ina ngníomhaíochtaí uile, lena n-áirítear an chómhargáil.

1.12.

Trí na deiseanna a chruthaíonn Bliain Eorpach na hÓige a chur san áireamh, bliain atá á ceiliúradh in 2022, tá CESE suite de nár cheart an cur chuige chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh daoine óga agus an Eoraip a thabhairt níos gaire do dhaoine óga a bheith teoranta do dhaoine óga a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach, agus dóibhsean amháin; ba cheart daoine óga as gach tír sna Balcáin Thiar a áireamh ann.

1.13.

I gcomhréir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, tá CESE á mholadh don Aontas agus do chomhpháirtithe an Aontais sna Balcáin Thiar uirlis measúnaithe tionchair ó thaobh na hóige de a thabhairt isteach. D’fhágfadh an measúnú tionchair sin go gcuirfí daoine óga san áireamh le linn na bpróiseas ceaptha beartas agus go bhféadfaí beartais atá níos spriocdhírithe a chruthú agus aon bhearta maolaithe a theastódh le go seachnófaí an tionchar diúltach ar dhaoine óga a shainaithint.

1.14.

Creideann CESE go bhfuil gá le hiarrachtaí ó rialtais chomhpháirtithe na mBalcán Thiar chun an comhar réigiúnach a leagan síos mar thosaíocht bheartais. Agus é ag tacú leis an athrú sin agus ag cur an chomhair réigiúnaigh chun cinn mar thosaíocht bheartais, ba cheart don Aontas tacú leis na Balcáin Thiar chun príomhréimsí agus bealaí a shainaithint lena bhféadfaí athruithe a chur chun cinn do shaoránaigh thíortha uile na mBalcán Thiar, go háirithe do dhaoine óga.

1.15.

Sna Conclúidí ó Chruinniú Mullaigh 2021 na mBalcán Thiar i mBeirlín ar cuid de Phróiseas Bheirlín (3) é, leagtar béim ar an ngá atá ann na heagraíochtaí agus na líonraí don óige a neartú. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar bhealaí chun tacú le struchtúir ábhartha don óige, e.g. comhairlí náisiúnta don óige agus brateagraíochtaí óige sna Balcáin Thiar, ar an leibhéal réigiúnach, lena n-éascaítear idirphlé réigiúnach maidir leis an mbeartas um an óige.

1.16.

Creideann CESE go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun ionadaíocht pholaitiúil agus oideachas polaitiúil daoine óga a neartú, tríd an ngnáthpholaitíocht agus trí struchtúir na hóige, e.g. comhairlí náisiúnta na n-óg, comhairlí áitiúla nó bardais. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh tuilleadh tacaíochta a thabhairt do na Balcáin Thiar le go bhféadfaidh na tíortha sin feabhas a chur ar an ról a bhíonn ag daoine óga.

1.17.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil gníomhaíochtaí breise beartaithe faoin gClár Oibre um Nuálaíocht do na Balcáin Thiar chun tacú lena rannpháirtíocht i gcláir uile an Aontais Eorpaigh lena gcumhdaítear an taighde, an nuálaíocht, an t-oideachas, an cultúr, an óige agus an spórt. Agus an comhghaol dearfach idir an tsoghluaisteacht oideachais nó oiliúna agus rannpháirtíocht shibhialta agus pholaitiúil na ndaoine óga á gcur san áireamh, d’fhéadfaí ról daoine óga a chur chun cinn mar thoradh ar iarrachtaí breise ina leith sin.

1.18.

Tá CESE á dhearbhú athuair a thábhachtaí atá daoine óga do thodhchaí na mBalcán Thiar agus, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé bearta nithiúla a dhéanamh chun go mbeidh ionchais agus deiseanna do dhaoine óga ar fáil sa réigiún amach anseo, lena gcuirfear ar a gcumas fanacht agus dul chun cinn a dhéanamh (4). Tá sé thar a bheith tábhachtach daoine óga a rannpháirtiú go pras i ndearadh agus i gcur chun feidhme na n-athruithe sóisialta agus polaitiúla.

2.   Réamhrá

2.1.

De réir Eurostat (5), tá an líon iomlán daoine óga sna Balcáin Thiar cothrom le thart ar 3,6 milliún duine, líon arb ionann é agus thart ar 21 % den daonra iomlán. Is ag an gCosaiv (*1) atá an sciar is airde de dhaoine óga sa daonra iomlán (26,29 %), agus ina dhiaidh sin an Albáin (23,4 %), an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (20,37 %), an Mhacadóin Thuaidh (20,32 %), Montainéagró (19,49 %) agus an tSeirbia (16,8 %). Níl mórán difríochta idir an cóimheas idir fir agus mná i measc na n-óg ó stát go stát sna Balcáin Thiar, ach sciar na bhfear a bheith beagán níos airde – is fir iad 51,16 % de dhaonra na n-óg sna Balcáin Thiar agus is mná iad 48,84 % (6).

2.2.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag comhpháirtithe na mBalcán Thiar ó thaobh a gcreat beartais don óige a bhunú agus a chomhdhlúthú tuilleadh, trí dhlíthe, straitéisí agus pleananna gníomhaíochta ábhartha a ghlacadh. Mar sin féin, ní mór córas lánfheidhmiúil don óige a fhorbairt, lena n-áiritheofar cumhachtú daoine óga agus rannpháirtíocht éifeachtach daoine óga sa chinnteoireacht. Tá laigí éagsúla ann, mar shampla, saincheisteanna polaitiúla níos leithne agus easpa toilteanais tosaíocht a thabhairt don óige mar bheartas idirinstitiúideach agus trasearnála, agus cineálacha an-sonrach deacrachtaí maidir le faireachán agus meastóireacht chórasach a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur chun feidhme an bheartais um an óige, ar bhailiú sonraí maidir leis agus ar a fhoilsiú (7).

2.3.

Agus é mar aidhm leas daoine óga a chur chun cinn, ba cheart aird a thabhairt freisin ar chearta leanaí a chaomhnú. Cuireann gníomhaíochtaí beartais inbhuanaithe i ndáil leis sin le folláine leanaí agus is tacaíocht bhreise iad leis an aistriú buanna go haois an ógánaigh agus an duine fhásta óig.

3.   Caipiteal daonna a fhorbairt

3.1.

Tá leibhéal agus ábharthacht an oideachais ríthábhachtach d’ionchais fostaíochta, d’fhorbairt ghairme agus do chuimsiú sóisialta daoine óga sa réigiún. Mar sin féin, léiríonn na córais oideachais go fóill go bhfuil easnaimh ann maidir le freastal ar gach mac léinn agus maidir leis na scileanna cuí a thabhairt do chéimithe óga. Fágann naisc neamhleora nó neamhéifeachtúla le sraitheanna beartais eile amhail an fhostaíocht, an geilleagar, na seirbhísí sóisialta agus an chosaint shóisialta go mbíonn a lán leanaí agus daoine óga i mbaol an scoil a fhágáil róluath, an eisiaimh shóisialta agus na bochtaineachta (8).

3.2.

D’fhonn geilleagar dinimiciúil a thógáil, ní mór do na Balcáin Thiar infheistíocht a dhéanamh san eolas agus i bhforbairt scileanna daoine óga. Tá athchóirithe ar an gcóras oideachais ríthábhachtach chun iarrachtaí forbartha a chur chun cinn (9). Ní mór do na Balcáin Thiar feabhas a chur fós ar a bhfeidhmíocht agus a áirithiú go bhfaigheann daoine óga na bunscileanna a theastaíonn, agus ní mór dóibh an bhearna feidhmíochta idir iad agus an tAontas a laghdú.

3.3.

B’fhadhb sheanbhunaithe í an eisimirce as na Balcáin Thiar mar gheall ar shaincheisteanna eacnamaíocha, sóisialta agus institiúideacha, rud a chuireann ionchais forbartha an réigiúin i mbaol. Tá gach dóchúlacht ann nach dtiocfaidh aon mhaolú ar an eisimirce sa chuid is mó den réigiún sna blianta beaga amach romhainn, ach ní dócha go gcuirfidh sin bac ar ghlacadh na mbeartas cuí chun daoine óga a choinneáil sa réigiún. Bíonn cúiseanna éagsúla ag daoine leis an réigiún a fhágáil, ach is minic a bhíonn na cúiseanna sin dírithe ar na deacrachtaí a bhainfeadh le hardchaighdeán saoil a bhaint amach dóibh féin agus dá dteaghlaigh dá bhfanfaidís sa réigiún. Tá caipiteal daonna an réigiúin, rud atá riachtanach don fhás eacnamaíoch, ag ísliú de thoradh imirce daoine oilte agus, ag an am céanna, tá ag teip ar an mbonneagar sóisialta atá ann cheana dálaí maireachtála na ndaoine sin a fhanann sa bhaile a fheabhsú. Is gá bearta cuí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta freisin chun cúrsaíocht daoine oilte a dhéanamh den imirce daoine oilte.

3.4.

Is cúis mhór imní fós an ollghluaiseacht daoine amach as an gcuid is mó de thíortha na mBalcán Thiar, ós rud é go mbíonn tionchar aige sin ar ionchais eacnamaíocha, shóisialta agus pholaitiúla réigiúin atá fós chun deiridh ar an Aontas go heacnamaíoch. Tá sé deacair an líon iomlán daoine a d’fhág an réigiún a thabhairt le fios go cruinn. Léiríonn na sonraí (10) go mbíonn daoine ag fágáil an réigiúin i gcónaí. Idir 2012 agus 2018, d’fhág 155 000 duine an réigiún gach bliain ar an meán chun a n-aghaidh a thabhairt ar thír de chuid ECFE; in 2018 amháin, d’fhág 175 000 duine an réigiún (11).

3.5.

Chomh maith le hionchais eacnamaíocha níos fearr ar an gcoigríoch, léiríodh freisin i staidéir éagsúla an ról tábhachtach a bhíonn ag institiúidí poiblí ardcháilíochta agus iontaofa le daoine a mhealladh chun dul ar imirce. Tugadh le fios in anailís de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (12) (2016), ainneoin go bhfuil gach cineál imircigh ag lorg deiseanna eacnamaíocha níos fearr thar lear, go mbíonn daoine ardoilte ag iarraidh bogadh freisin mar gheall ar dhrochcháilíocht na n-institiúidí ina dtír dhúchais (éilliú agus finíochas maidir le fostaíocht a fháil), agus go mbíonn daoine ar bheagán oiliúna meallta ag na córais sochar sóisialta atá níos mó agus níos iontaofa ar an gcoigríoch (13). Bíonn ardleibhéal éillithe sa réigiún ina phríomhchúis le gluaiseachtaí imirceach amach as an réigiún, agus mar bharr ar an donas níl muinín ag 63 % de na daoine sa réigiún as na forais bhreithiúnacha ná reachtacha (14).

3.6.

Bíonn fonn mór ar dhaoine óga sa réigiún bogadh thar lear chun deiseanna níos fearr a fháil, rud a fhágann go bhfuil líon ard daoine óga i measc líon iomlán na n-eisimirceach. Mar shampla, sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, sa Mhacadóin Thuaidh agus san Albáin, bíonn fonn ar 50 % de na daoine óga cónaí agus dul ag obair thar lear ar feadh tréimhse níos faide ná 20 bliain, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chaillteanas mór san fhadtéarma do thodhchaí dhéimeagrafach agus eacnamaíoch an réigiúin (15). Is é is cúis leis an ardleibhéal imirce i measc an aosa óig sna Balcáin Thiar, go háirithe, nach bhfuil daoine óga in ann rochtain a fháil ar oideachas ar ardchaighdeán (agus na deiseanna teoranta eacnamaíocha a bhíonn ann nuair a bhaintear céim ollscoile amach), rud a thugann ar a lán daoine deiseanna oideachais a lorg thar lear. In 2018, thug 6 % de mhic léinn ollscoile sa réigiún faoina gcuid staidéir i dtír iasachta (ba 3 % an meán san Aontas Eorpach).

3.7.

Ní thacaíonn bonneagar sóisialta na mBalcán Thiar a dhóthain leis an gcumas atá sa réigiún bonn láidir caipitil dhaonna a fhorbairt agus a chothabháil, go háirithe i gcomhthéacs eis-sreabhadh caipitil dhaonna trí imirce daoine oilte. Bíonn ar earnálacha oideachais fhormhór na dtíortha dul i ngleic le heaspa maoinithe agus ganntanas acmhainní, rudaí is cúis le rochtain easpach ar oideachas agus torthaí nach bhfuil barrmhaith. Ní éiríonn le torthaí oideachais nach bhfuil barrmhaith, ach oiread, na scileanna riachtanacha a theastóidh ó na glúine atá le teacht a áirithiú le go mbeidh siad in ann freastal ar na riachtanais atá ag gnólachtaí atá ann cheana agus cabhrú le gnólachtaí nua a fhorbairt.

3.8.

Tá sé ríthábhachtach an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcaipiteal daonna le go bhféadfar cur leis an iomaíochas agus dul i ngleic leis an dífhostaíocht. Bíonn ar lucht saothair an lae inniu réimse scileanna idirdhisciplíneacha a bheith acu, mar aon leis an gcumas oiriúnú, agus meon fiontraíoch, agus bíonn gá slándáil shóisialta iomchuí a áirithiú ag an am céanna.

3.9.

Ní mór do na córais oideachais agus na curaclaim reatha an infhostaitheacht i measc na nglún óg a athchóiriú agus a neartú tríd an ngairmoideachas agus gairmoiliúint, an t-oideachas digiteach agus an fhiontraíocht a chur chun cinn.

3.10.

Ba cheart cumas fiontraíochta daoine óga a spreagadh agus a chur chun cinn. Ní mór do lucht ceaptha beartas a áirithiú go bhfuil timpeallacht fhabhrach ann do dhaoine óga le go bhféadfaidh siad a ngnó féin a thosú agus a bheith ina bhfiontraithe agus tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus rochtain níos éasca ar mhaoiniú a chur ar fáil dóibh.

3.11.

Sa domhan atá ag forbairt go tapa sa lá atá inniu ann, is den riachtanas é an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, samhlacha nua gnó, cumas taighde agus nuálaíochta agus forbairt réiteach teicneolaíoch nua don aistriú glas. Chuige sin, tá sé tábhachtach cur le líon na ndaoine óga, go háirithe mná óga, a bhfuil inniúlachtaí STEM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic) agus scileanna digiteacha acu.

3.12.

Tá na poist atá ann cheana á n-athrú ó bhonn ag an aistriú glas, tá roinnt post á scriosadh, agus poist nua á gcruthú a dteastaíonn scileanna nua glasa agus digiteacha lena n-aghaidh. Caithfidh an córas oideachais agus oiliúna é féin a chur in oiriúint don éileamh méadaitheach ar scileanna nua. Ba cheart na cláir oideachais agus oiliúna a chur ag luí leis na riachtanais ghnó atá ag athrú agus leis an dá aistriú, glas agus digiteach.

4.   Dúshláin a bhaineann le fostaíocht na n-óg sna Balcáin Thiar

4.1.

Is iad na príomhdhúshláin atá le sárú ag an mbeartas fostaíochta don aos óg sa réigiún ná na geallsealbhóirí ar na leibhéil éagsúla rialtais agus sna réimsí éagsúla beartais (seirbhísí fostaíochta, oideachais, tithíochta agus sláinte) a chomhordú; na laigí i gcáilíocht na gcóras oideachais agus na lochtanna atá ar theagasc na scileanna a theastaíonn sa mhargadh saothair; neamhéifeachtúlachtaí sa phróiseas cuardaigh fostaíochta as a dtagann mímheaitseáil scileanna agus tréimhsí fada sula n-aistrítear ón scoil agus ón ollscoil go dtí an obair; an oiread sin fostaíochta forbhásaí atá ann i ngeilleagair áirithe; an ganntanas fostaíochta do dhaoine óga; an easpa saoráidí cúraim leanaí chun tacú le mná atá ag filleadh ar an obair agus an leibhéal ard oibre neamhfhoirmiúla atá ann.

4.2.

Bíonn daoine óga sna Balcáin Thiar faoi mhíbhuntáiste ar mhargaí saothair an réigiúin. In 2020, bhí an ráta fostaíochta i measc an aosa óig san aoisghrúpa 15-24 bliana faoi bhun 27 % ar fud réigiún iomlán na mBalcán Thiar, agus bhí an ráta dífhostaíochta i measc an aosa óig san aoisghrúpa 15-24 bliana os cionn 26 % (i gcomparáid le 16,8 % sna 27 mBallstát san aoisghrúpa 15-24 bliana), agus bhí sé beagnach cothrom le 50 % sa Chosaiv (16).

4.3.

Tá an céatadán de dhaoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna) san aoisghrúpa 15-24 bliana cothrom le 23,7 % ar an meán sna Balcáin Thiar, sin idir 15,9 % sa tSeirbia agus 37,4 % sa Chosaiv, i gcomparáid le 11,1 % san Aontas Eorpach san aoisghrúpa 15-24 bliana (17).

4.4.

Is dífhostaithe go fadtéarmach atá beagnach dhá thrian de na daoine óga atá dífhostaithe sa Mhacadóin Thuaidh, sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus sa Chosaiv, agus dhá thrian de na mná óga atá dífhostaithe i Montainéagró.

4.5.

Tá an ráta rannpháirtíochta (ráta gníomhaíochta) daoine óga sa lucht saothair níos ísle freisin ná mar atá san Aontas Eorpach agus tá bearna mhór inscne sa rannpháirtíocht sa lucht saothair, rud a léiríonn, go pointe áirithe, go bhfuil ganntanas saoráidí cúraim leanaí ann do mháithreacha óga ar mian leo dul isteach sa mhargadh saothair. Léirítear an bhearna idir na hinscní i rátaí fostaíochta na mban óg freisin, rátaí atá faoi bhun rátaí fostaíochta na bhfear óg i ngach áit sa réigiún. Na háiteanna sin ina bhfuil na rátaí dífhostaíochta is airde i measc na n-óg (an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia), bíonn ráta dífhostaíochta na mban óg níos airde ná an ráta sin i measc na bhfear. Os a choinne sin, tá ráta dífhostaíochta na mban óg faoi bhun ráta dífhostaíochta na bhfear óg san Albáin agus i Montainéagró, mar atá san Aontas Eorpach freisin.

4.6.

Bíonn daoine óga faoi mhíbhuntáiste ar na margaí saothair. Tá sciar níos airde de chonarthaí sealadacha ag daoine óga i ngach geilleagar sa réigiún ná mar atá san Aontas Eorpach, go háirithe sa Chosaiv agus i Montainéagró, áit arb é an cineál sin conartha atá ag níos mó ná dhá thrian de na daoine óga atá fostaithe, agus ag a leath sa tSeirbia. Is féidir le fostaíocht fhorbhásach den chineál sin dochar a dhéanamh do dhea-bhail an duine agus do tháirgiúlacht na ngeilleagar sin.

4.7.

Ba cheart tús áite a thabhairt do riachtanais daoine óga, go háirithe i bhfianaise líon ard na ndaoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna). Ní mór béim a leagan ar an ngá atá le bearta atá bunaithe ar shampla na Ráthaíochta don Aos Óg, go mór mór le linn géarchéime. Cabhróidh sé sin le tairiscint fostaíochta, bhreisoideachais, phrintíseachta nó oiliúna a thabhairt do dhaoine óga, agus, ar an gcaoi sin, cuirfear réitigh agus deiseanna ar fáil do dhaoine óga agus cabhróidh sé chun dul i ngleic le himirce daoine oilte.

5.   Daoine óga sna Balcáin Thiar mar fhórsa tábhachtach don chomhar réigiúnach agus do chur chun cinn na lánpháirtíochta Eorpaí

5.1.

Ba cheart do rathúnas na dtíortha sin agus a gcóineasú leis an Aontas a bheith bunaithe ar phrionsabail na cuimsitheachta, na hiontaoibhe agus an chomhair. Tá CESE á chur in iúl gur thug rialtais thíortha na mBalcán Thiar gealltanas cloí le bunluachanna Eorpacha an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach, mar aon leis an athmhuintearas, nuair a thug siad faoi athchóirithe a dhéanamh faoi stiúir an Aontais agus pleananna infheistíochta a chur chun feidhme (18).

5.2.

Tá CESE den tuairim freisin go bhfuil an comhar réigiúnach sna Balcáin Thiar ríthábhachtach do phróiseas an mhéadaithe, agus gur cheart é a neartú tuilleadh chun athrú a chur chun cinn. Peirspictíocht iontaofa Eorpach an phríomhdhreasacht agus an spreagadh don athrú sa réigiún. Is príomhuirlis í maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus an meas ar chearta bunúsacha a chur chun cinn, rudaí atá ar an bpríomhspreagadh don chomhtháthu eacnamaíoch agus ar an gcrann taca riachtanach maidir leis an athmhuintearas agus an chobhsaíocht réigiúnach a chothú (19).

5.3.

Tuigeann CESE gur seoladh roinnt tionscnamh tábhachtach Eorpach agus réigiúnach le blianta beaga anuas, go háirithe maidir le réigiún na mBalcán Thiar, d’fhonn é a thabhairt níos gaire don Aontas Eorpach, agus, freisin, chun an comhar i measc daoine óga a neartú. Is é an tAontas an príomh-chomhpháirtí straitéiseach sa réigiún i gcónaí, agus cuireann sé cistí agus tacaíocht ar fáil trí chláir éagsúla (an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, Erasmus+, etc.). Ina theannta sin, leanadh dea-shampla na hOifige Óige Franc-Ghearmánaí nuair a seoladh an Oifig Réigiúnach um Chomhar na hÓige (RYCO) in 2016 d’fhonn meon athmhuintearais agus comhair idir na daoine óga sa réigiún a chur chun cinn trí bhíthin cláir malartaithe ógra.

5.4.

Tá ról tábhachtach ag RYCO ó thaobh feabhas a chur ar an gcomhar i measc daoine óga sna Balcáin Thiar. Bhí ríthábhacht leis an tacaíocht a thug an tAontas chun comhar réigiúnach na hóige a dhéanamh níos éifeachtaí, rud atá ina ghné riachtanach ar mhaithe leis an tsíocháin agus an chobhsaíocht sa réigiún. Ach ní le hiarrachtaí RYCO amháin ba cheart ról na ndaoine óga a neartú maidir le hionchais an réigiúin a chur chun cinn.

5.5.

Ar cheann de na gradaim a bhronnann Fóram Eorpach na nÓg tá Príomhchathair Óige na hEorpa. Tá an gradam sin ceaptha daoine óga a chumhachtú, cur leis an ról atá acu agus féiniúlacht Eorpach a neartú sna cathracha. Is é Tiorána Príomhchathair Óige na hEorpa in 2022. Tríd an mana “An t-aos óg a chur i mbun gnímh”, is é an príomhchuspóir atá leis an mbliain i dTiorána rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh trí dhíriú ar riachtanais daoine óga, anois agus sa todhchaí. Tá gníomhaíochtaí sa chlár atá dírithe ar an obair dheonach a chur chun cinn, eagraíochtaí don óige a chumhachtú, agus líonraí agus sineirgí a chruthú idir daoine óga ar fud na hEorpa.

5.6.

A bhuí leis an gcomhar agus le gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí arna n-eagrú i gcomhar le chéile ag institiúidí an Aontais agus ag geallsealbhóirí an bheartais um an óige sna Balcáin Thiar, ba cheart go gcuirfí tuilleadh tacaíochta ar fáil do chur chun feidhme rathúil an Chláir Oibre um Nuálaíocht do na Balcáin Thiar.

5.7.

Na hiarrachtaí a dhéantar chun na Balcáin Thiar a rannpháirtiú i gcláir óige an Aontais, ba cheart iad a chomhordú leis na cláir a bhíonn á dtairiscint ag RYCO. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach cabhrú leis na Balcáin Thiar bealaí a aimsiú chun scéimeanna soghluaisteachta idir-réigiúnacha nua a bhunú.

6.   Guth daoine óga sna Balcáin Thiar a ardú

6.1.

Is é is aidhm do chlár oibre polaitiúil an Aontais maidir leis an gClár Oibre um Nuálaíocht do na Balcáin Thiar ceapadh beartas fianaisebhunaithe a éascú (20). Is cuid mhór den mhéid a iarrann an tAontas ar na tíortha uile atá i gcéim an réamhaontachais staitisticí iontaofa trédhearcacha a chur ar fáil (21).

6.2.

Is é an cuspóir atá le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 rannpháirtíocht chuimsitheach dhaonlathach na ndaoine óga uile sna próisis dhaonlathacha agus sa tsochaí a spreagadh agus a chur chun cinn, ról gníomhach a thabhairt dóibh, tacú le hionadaíocht daoine óga ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta agus úsáid cineálacha nuálacha agus malartacha rannpháirtíochta daonlathaí a fhiosrú agus a chur chun cinn, e.g. uirlisí an daonlathais dhigitigh (22).

6.3.

Is sásra idirphlé seanbhunaithe idir daoine óga agus lucht na cinnteoireachta í an uirlis Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh. Is díol sásaimh do CESE na tograí ón gCoimisiún chun tógáil ar an sásra sin agus chun é a thabhairt isteach sa chreat um chomhar réigiúnach sna Balcáin Thiar, lena n-áiritheofar go gcuirfear tuairimí agus riachtanais daoine óga agus eagraíochtaí óige san áireamh agus tosaíochtaí an bheartais um an óige á sainiú. Thairis sin, ba cheart na próisis agus na sásraí rannpháirtíochta atá ann cheana agus a bhfuil ról ag daoine óga sna Balcáin Thiar iontu a spreagadh agus a chur chun cinn.

6.4.

De réir an Innéacs um Rannpháirtíocht Daoine Óga (23), tá ionadaíocht daoine óga sna Balcáin Thiar sa saol polaitiúil an-íseal go fóill. Léiríonn sonraí a fuarthas le déanaí go gcreideann tromlach mór (78 %) gur cheart ról níos mó a bheith ag daoine óga sa pholaitíocht (24).

6.5.

Tacaíonn CESE go láidir le rannpháirtíocht daoine óga sna próisis chinnteoireachta maidir leis na saincheisteanna sin a mbíonn tionchar acu orthu. Chomh maith le ról an duine aonair, tá ról na n-eagraíochtaí óige ríthábhachtach maidir le seasamh daoine óga a chur chun cinn sna réimsí polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta. Dá bhrí sin, is gá aird a thabhairt ar an tábhacht a bhaineann le maoiniú agus tacaíocht do na heagraíochtaí sochaí sibhialta d’fhonn riachtanais daoine óga a shásamh, rud ar díríodh air sa Rialachán maidir le Cúnamh Réamhaontachais III agus sa mhodheolaíocht um méadú.

6.6.

Meastar gur táscairí tábhachtacha iad stádas socheacnamaíoch agus gnóthachtáil oideachais maidir le claonadh an duine vótáil nó páirt a ghlacadh i gcineálacha eile rannpháirtíochta polaitiúla. Tríd an anailís staidrimh ar an leibhéal réigiúnach, tugtar léargas comhsheasmhach ar na héagothromaíochaí socheacnamaíocha a bhíonn i gceist sa ról a bhíonn ag daoine óga i Réigiún na mBalcán Thiar (25).

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Fondúireacht Ana agus Vlade Divac, Youth Participation Index for 2020, lch. 31.

(2)  Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 A Bridge to Jobs – Reinforcing the Youth Guarantee and replacing the Council Recommendation of 22 April 2013 on establishing a Youth Guarantee [Droichead chun na Fostaíochta – lena dtreisítear an Ráthaíocht don Aos Óg agus lena n-ionadaítear Moladh an 22 Aibreán 2013 ón gComhairle maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú]; (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1).

(3)  Cruinniú Mullaigh na mBalcán Thiar de Phróiseas Bheirlín, Cruinniú Mullaigh Bheirlín 2021, Conclúid an Chathaoirligh.

(4)  An Dearbhú Críochnaitheach ón 8ú Fóram de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar.

(5)  Basic figures on Western Balkans and Turkey, Bileoga eolais, eagrán 2022.

(*1)  Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas agus tá sé ag teacht le Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

(6)  An Chomhairle um Chomhar Réigiúnach, Mapping of Youth Policies and Identification of Existing Support and Gaps in Financing of Youth Actions in the Western Balkans — Tuarascáil chomparáideach, Eanáir 2021, lch. 4.

(7)  An Chomhairle um Chomhar Réigiúnach, Mapping of Youth Policies and Identification of Existing Support and Gaps in Financing of Youth Actions in the Western Balkans — Tuarascáil chomparáideach, Eanáir 2021, lch. 4.

(8)  An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), Unlocking youth potential in South Eastern Europe and Turkey: Skills development for labour market and social inclusion, 2020.

(9)  Léiríonn torthaí Chlár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) do 2018 leibhéil arda tearcghnóthachtála (mic léinn a bhfuil ag cliseadh orthu Leibhéal 2 ar scála PISA a bhaint amach sa léitheoireacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht) sna príomhinniúlachtaí i mbeagnach gach tír sna Balcáin Thiar.

(10)  Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa: Social Infrastructure in the Western Balkans – Increasing the region’s economic resilience, enhancing human capital and counteracting the effects of brain drain, Samhain 2021.

(11)  De thoradh saincheisteanna éagsúla, baintear an bonn de chruinneas na bhfigiúirí imirce do Réigiún na mBalcán Thiar, rud a chuireann bac leis na deiseanna maidir le comparáidí cuimsitheacha a dhéanamh idir tíortha.

(12)  Emigration and Its Economic Impact on Eastern Europe, 2016.

(13)  Is féidir leis tarlú i dtíortha na mBalcán Thiar nach mbíonn clúdach ceart sochar slándála sóisialta ann agus go gcuirtear moill, uaireanta, ar íoc na sochar.

(14)  An Chomhairle um Chomhar Réigiúnach, Balkan Barometer 2020: Public Opinion Survey.

(15)  Lavric, Tomanovic, & Jusic, FES Youth Study Southeast Europe 2018/2019.

(16)  An Chomhairle um Chomhar Réigiúnach, Study on Youth Employment in the Western Balkans, 2021.

(17)  An Chomhairle um Chomhar Réigiúnach, Study on Youth Employment in the Western Balkans, 2021.

(18)  REX/184, An Dearbhú Críochnaitheach ón 8ú Fóram de chuid na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar, lch. 3.

(19)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 88.

(20)  An Clár Oibre um Nuálaíocht, Taighde, Oideachas, Cultúr, an Óige agus Spórt do na Balcáin Thiar.

(21)  An Coimisiún Eorpach – Caibidlí an acquis i gcéim na hidirbheartaíochta.

(22)  Teachtaireacht ón gCoimisiún Engaging, Connecting and Empowering young people: a new EU Youth Strategy [Daoine óga a thabhairt le chéile agus ról agus cumhacht a thabhairt dóibh: Straitéis nua Óige an Aontais Eorpaigh], (COM(2018) 269 final).

(23)  Fondúireacht Ana agus Vlade Divac, Youth Participation Index for 2020.

(24)  Friedrich Ebert Stiftung (2019), Jusic, Political alienation of a precarious generation, lch. 5.

(25)  Friedrich Ebert Stiftung (2019), Jusic, Political alienation of a precarious generation, lch. 5.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/51


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Costas na neamh-Eorpa — buntáistí an Mhargaidh Aonair

(tústuairim)

(2022/C 443/07)

Rapóirtéir:

Philip VON BROCKDORFF

Comhrapóirtéir:

Emilie PROUZET

Comhairliúchán

Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 26.1.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

27.6.2022

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

63/1/1

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

194/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Creideann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gurb é is aidhm don mhargadh aonair feabhas a chur ar chaighdeáin an leasa trí chóineasú sóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach, lena ndírítear ar éagothromaíochtaí a laghdú agus a áirithiú nach mbeidh míchothromaíochtaí sóisialta atá ag dul in olcas ina mbacainní tromchúiseacha do lánpháirtiú na hEorpa.

1.2.

Tá CESE den tuairim nach mór fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi théacsanna náisiúnta a d’fhéadfadh bac a chur ar an margadh inmheánach agus nach mór tagairt a dhéanamh dóibh agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Mura ndéanfar an méid sin, d’fhanfadh na nósanna imeachta sin de bheith neamhéifeachtach agus chruthófaí bacainní nach bhfuil gá leo.

1.3.

Maidir le deimhniúchán náisiúnta, molann CESE do na Ballstáit gealltanas a thabhairt bearta náisiúnta nach bhfuil chomh sriantach sin a bhaint amach tríd an gcomhar feabhsaithe.

1.4.

Iarrann CESE freisin go ndéanfaí treoracha a caibidlíodh cheana agus a ndearnadh vótáil orthu cheana a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, amhail an pacáiste maidir le Rialáil Níos Fearr.

1.5.

Creideann CESE gur céim ríthábhachtach iad an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) (1) agus Gníomh na Margaí Digiteacha (DMA) (2) chun cothrom iomaíochta a bhaint amach i measc oibreoirí sna margaí digiteacha. Chomh maith leis sin, ba cheart comhchuibhiú uasta Ghníomh na Margaí Digiteacha a bheith ina thosaíocht.

1.6.

Mar an gcéanna, tá saorshreabhadh sonraí ríthábhachtach don nuálaíocht Eorpach, d’fhás gnólachtaí agus chun tacú leis an Margadh Aonair Digiteach.

1.7.

Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil srianta ar an soláthar críochach (TSCanna) ag cur bac ar fhorbairt an mhargaidh aonair, agus iarrann sé ar an gCoimisiún Eorpach aghaidh a thabhairt ar an éifeacht fhrithiomaíoch a bhíonn ag TSCanna.

1.8.

Molann CESE cur chuige comhordaithe idir na Ballstáit maidir le margú táirgí atá thíos leis an ngéarchéim san Úcráin. Tá srianta soláthair as cuimse ann mar gheall ar an ngéarchéim a tharla mar thoradh ar ionsaí na Rúise.

1.9.

Molann CESE bearta beartais náisiúnta níos éifeachtaí agus dreasachtaí soghluaisteachta a chur ar fáil lena leagtar béim ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, amhail tairbhí laistigh den fhostaíocht d’oibrithe an Aontais.

1.10.

Cé go n-aithníonn an Coiste gur tionscadal casta é aontas na margaí caipitil (CMU), tugann sé dá aire go bhfuil 27 margadh caipitil agus airgeadais fós ag an Aontas nach n-oibríonn mar mhargadh amháin, rud a chuireann teorainn le hacmhainneacht an mhargaidh aonair.

1.11.

Ag an am seo a bhfuil éiginnteacht mhór ann, is gá a áirithiú go mbeidh beartas iomaíochta ann a bheidh dírithe go háirithe ar na haistrithe a gheall an tAontas Eorpach a bhaint amach. Thairis sin, ní féidir aon chineál dumpála tráchtála, sóisialta, rialála, fioscaí nó comhshaoil a dhéanann an iomaíocht a shaobhadh a cheadú.

1.12.

Ar deireadh, tá CESE den tuairim gur cheart “uathriail straitéiseach oscailte” a ghlacadh, go háirithe i bpríomhearnálacha, chun cuidiú le hathléimneacht, éagsúlú agus clár oibre uaillmhianach don trádáil a chothú.

2.   Cúlra

2.1.   Cuspóir an mhargaidh aonair

2.1.1.

Ba é cuspóir mhargadh aonair an Aontais deireadh a chur le bacainní ar ghluaiseachtaí earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine d’fhonn táirgiúlacht agus iomaíochas a fheabhsú ar fud an Aontais.

2.2.   Freagracht chomhroinnte an mhargaidh aonair

2.2.1.

Freagracht chomhroinnte is ea feidhmiú an mhargaidh aonair idir an tAontas agus na Ballstáit. Mar atá cúrsaí, áfach, tá roinnt mhaith difríochtaí fós ann maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais. I roinnt mhaith cásanna, is féidir a mheas nach bhfuil údar leis na difríochtaí sin nó go bhfuil siad díréireach agus, ar aon chuma, go gcuireann siad bac ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí.

2.3.   Freagracht na mBallstát

2.3.1.

Go hoibiachtúil, d’fhéadfadh forais bhailí a bheith ann maidir le héagsúlachtaí idir na Ballstáit, ach ní thugtar na réasúnuithe sin i gcónaí. Uaireanta ní dhéanann na Ballstáit iarracht an bonn cirt a chothromú ar an leibhéal náisiúnta i gcomparáid leis na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar an margadh aonair. Mar thoradh air sin, tá líon ard bacainní rialála agus neamhrialála laistigh den Aontas a dhéanann an margadh aonair “neamhiomlán” agus ilroinnte, amhail:

reachtaíocht náisiúnta a dhlisteanú bunaithe ar an toimhde go bhfuil prionsabal na coimhdeachta á chur i bhfeidhm,

cásanna ina nach dtugtar aitheantas do phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, a cheaptar a bheith ann,

iomadú de ró-thrasuí, ar a dtugtar rórialáil, agus neamhchomhlíontacht le rialtais agus parlaimintí náisiúnta maidir le téacsanna dlí AE arna gcomhaontú ar leibhéal an Aontais a thrasuí. Go bunúsach, tagann roinnt bacainní a mbíonn tionchar acu ar an margadh aonair chun cinn mar gheall go gcuirtear reachtaíocht an Aontais i bhfeidhm go mícheart nó go neamhiomlán, agus go gcuireann na Ballstáit rialacha náisiúnta i bhfeidhm atá bunoscionn le cuspóirí an mhargaidh aonair. Dá bhrí sin, bíonn iarmhairtí dochracha ag cur chun feidhme míchruinn nó mícheart na mBallstát agus easpa forfheidhmiúcháin an Choimisiúin ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta do shaoránaigh agus do ghnólachtaí araon,

bearta Eorpacha atá ar na bacáin a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta agus iarrachtaí na rialtas agus na bparlaimintí cur i bhfeidhm bheartais an Aontais a réamh-mheas trí thús áite a thabhairt do leasanna náisiúnta in ainneoin bheartais an Aontais atá fós á bhforbairt ag an gCoimisiún. Sampla de sin is ea beartas an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach,

an tosaíocht a thugtar do leasanna náisiúnta maidir le cúrsaí a bhaineann le héiceachórais straitéiseacha Eorpacha.

2.4.   Costas eacnamaíoch na srianta ar an margadh aonair

2.4.1.

Léiríonn na samplaí dá dtagraítear thuas na costais is mó a bhaineann le neamh-Eoraip. I roinnt staidéar, leagtar béim ar na gnóthachain eacnamaíocha ollmhóra a eascraíonn as margadh aonair “iomlán”. Léiríodh sa tuarascáil forléargais ó Pharlaimint na hEorpa go bhfuil idir EUR 650 billiún agus EUR 1,1 trilliún in aghaidh na bliana i gceist leis sin, i.e. idir 5 % agus 8,6 % de OTI an Aontais (3).

2.4.2.

Sa staidéar céanna de chuid RAND Europe, staideár a rinneadh do Pharlaimint na hEorpa, rinneadh imscrúdú ar an tionchar eacnamaíoch a bheadh ag bacainní trádála níos ísle ar an margadh aonair. De réir an staidéir, bheadh tairbhí eacnamaíocha idir EUR 183 bhilliún agus EUR 269 mbilliún in aghaidh na bliana mar thoradh ar an tionchar a bheadh ag sreafaí trádála feabhsaithe, ag fás eacnamaíoch agus ag cruthú post mar gheall ar bhacainní trádála níos ísle (4).

2.4.3.

A mhéid a bhaineann le tairbhí féideartha nach mbaintear leas astu, tá tábhacht ar leith ag baint le meastachán an Choimisiúin ar mhargadh aonair digiteach lán-chomhtháite. Tá sé luaite ag an gCoimisiún go gcuirfeadh sé an nuálaíocht chun cinn, go gcuirfeadh sé EUR 415 bhilliún le geilleagar an Aontais gach bliain agus go gcruthódh sé na céadta míle post nua (5).

2.4.4.

Léiríonn an méid sin na sochair eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann (agus na sochair slándála sóisialta lena mbaineann) a chuirfeadh margadh aonair níos iomláine ar fáil. Is é sin le rá, is ionann sin agus an costas eacnamaíoch iomlán nó an breisluach caillte agus leas poiblí comhchoiteann neamh-Eorpach.

2.4.5.

In ainneoin na srianta atá air, chuidigh an margadh inmheánach go dtí seo rathúnas eacnamaíoch an Aontais a chaomhnú agus a chothú. Mar sin féin, ní mór iomaíochas agus athléimneacht gheilleagar an Aontais a neartú trí thuilleadh athchóirithe a dhéanamh ar an margadh aonair agus trí aghaidh a thabhairt ar spleáchais straitéiseacha. Ní mór an cultúr fiontraíochta san Aontas Eorpach a chur chun cinn freisin, cultúr ina gcuirtear tacaíocht níos éifeachtaí ar fáil do ghnólachtaí nuálacha de gach méid, go háirithe do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna), agus do ghnólachtaí nuathionscanta ionas go mbeidh rath orthu agus go mbeidh siad in ann cur le sochaithe níos athléimní agus níos comhtháite. Gné eile atá chomh tábhachtach céanna is ea go n-éascóidh margadh aonair dea-fheidhmiúil an fhís maidir le hEoraip níos sóisialta — Eoraip a chuireann folláine na saoránach ar bharr an chláir oibre pholaitiúil, agus a chuidíonn le leibhéal níos ísle sóisialta a sheachaint.

3.   Srianta

3.1.

Áirítear ar na srianta atá ann cheana na srianta sin a bhaineann le rialáil, le saincheisteanna dlí náisiúnta, le saincheisteanna cánach, le cúrsaí lóistíochta agus soláthair, agus le difríochtaí níos caolchúisí i measc Bhallstáit an Aontais, rud a fhágann go bhfuil dúshláin fós ag baint leis an trádáil ar fud an Aontais.

3.2.

Tá bac á chur ag na srianta ar phríomhearnálacha eacnamaíocha freisin, amhail earnáil na seirbhísí, atá ilroinnte ar bhonn náisiúnta, i ngeall ar an méid seo a leanas:

rialacha náisiúnta atá sriantach go stairiúil. Is minic a bhíonn bonn cirt leo de bharr phrionsabal na coimhdeachta,

cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm lochtach na Treorach um Sheirbhísí lena gcuirtear bac ar shaoirse bunaíochta, ar shaorghluaiseacht seirbhísí agus ar an tsaoirse chun seirbhís a sholáthar,

dlíthe trádála náisiúnta a chuireann bac ar ghnólachtaí a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh sa tslí ar mian leo é sin a dhéanamh. Is minic a chuireann na dlíthe sin bac ar iomaíochas na hearnála, a bhíonn siad caomhnaitheach agus a dhíspreagann siad gnólachtaí dlisteanacha iontaofa i mBallstáit eile infheistíocht a dhéanamh,

ceanglais náisiúnta a chuireann bac ar shaorghluaiseacht earraí. Is minic nach gcuireann na Ballstáit ceanglais theicniúla náisiúnta nua in iúl de réir an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), agus nach gcuireann siad prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i bhfeidhm i ngníomhaíochtaí neamh-chomhchuibhithe, mar atá i dtreoracha maidir le rórialáil, etc.

3.3.

Tugann CESE le fios go bhfuil nósanna imeachta maidir le sárú fada, costasach agus go bhfuil an toradh éiginnte. I gcás gnólachtaí, tá costas ró-ard ag baint leis sin agus cuireann sé drogall orthu a ngnó a leathnú nó infheistíocht a dhéanamh in áiteanna eile san Aontas. Ina theannta sin, fágann na srianta sin nach mbíonn rogha níos mó, seirbhís fheabhsaithe agus praghsanna níos ísle ar fáil do thomhaltóirí. Iarrann CESE freisin go ndéanfadh an Coimisiún gníomhaíocht níos láidre agus nósanna imeachta um shárú á gcur i bhfeidhm aige.

3.4.

Tá tionchar ag an gcostas sin ar an ngeilleagar i gcoitinne, cuireann sé teorainn leis an iomaíochas, leis an acmhainneacht fáis, agus le tuilleadh forbartha ar gheilleagar an chórais mhargaidh.

3.5.

Faoi mar a tharlaíonn i ngeilleagar ar bith, bíonn tionchar ag suaití seachtracha ar an Aontas, ach is iad beartais náisiúnta na mBallstát aonair, mar aon leis na bearta a dhéantar chun fás eacnamaíoch a spreagadh, a chineann an fhreagairt a thugtar ar na suaití sin agus conas a fhreagraíonn na margaí. Leis an gcogadh san Úcráin, nochtadh spleáchas an Aontais ar shlabhraí luacha domhanda. Is dócha go mbeidh tionchar difriúil ag an ngéarchéim reatha ar earnálacha, ach níl aon amhras ach gur nochtadh lagaí sa mhargadh aonair, go háirithe na srianta ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, agus tráchtearraí riachtanacha.

3.6.

Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil thart ar 82 % de na táirgí a thrádáiltear sa Mhargadh Aonair faoi réir rialacha comhchuibhithe agus go dtagann thart ar 18 % den trádáil earraí laistigh den Aontas faoi raon feidhme phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh. Mar sin féin, tá cásanna nua ann fós de rialacha teicniúla náisiúnta a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad bunoscionn le dlí an Aontais. Ina theannta sin, i roinnt mhaith Ballstát, tá borradh tagtha le déanaí ar na ceanglais náisiúnta maidir le lipéadú le haghaidh táirgí bia agus deochanna a bhfuil bonn cirt leo mar gheall ar chosaint tomhaltóirí agus an chomhshaoil. Ag an am céanna, níl prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ag feidhmiú go rianúil. Rud a thacaíonn leis an méid sin is ea go bhfuair 71 % de FBManna a rinne iarratas ar an gcóras aitheantais fhrithpháirtigh d’earraí neamh-chomhchuibhithe cinneadh lenar diúltaíodh dóibh rochtain a bheith acu ar an margadh.

4.   Aghaidh a thabhairt ar na srianta

4.1.

Leis na bearta dá dtagraítear thíos, bheadh sé níos éasca leas a bhaint as roinnt de na gnóthachain eacnamaíocha a d’fhéadfadh teacht as an margadh aonair.

4.2.   Úsáid níos éifeachtaí a bhaint as na huirlisí atá ann cheana

4.2.1.

Tá CESE den tuairim nach mór fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach faoi dhréacht-téacsanna náisiúnta a d’fhéadfadh bac a chur ar an margadh inmheánach agus nach mór tagairt a dhéanamh dóibh agus meastóireacht a dhéanamh orthu. Mura dtabharfadh na Ballstáit gealltanas maidir le fógra a thabhairt agus tagairt/meastóireacht a dhéanamh, leanfaidh na nósanna imeachta sin de bheith neamhéifeachtach. Dá bhrí sin, tá gá le faireachas níos éifeachtaí chun tacú le comhchuibhiú rialáil an mhargaidh táirgí ar fud Bhallstáit an Aontais. Mar shampla, tháinig borradh ar shrianta náisiúnta le déanaí in earnáil na miondíola i ngeall ar údaruithe agus ceanglais ábhair áitiúla. Tagann sé sin salach ar Airteagal 28 agus 30 den Chonradh agus déantar aththástáil náisiúnta go minic ar cheannacháin táirgí, a cuireadh ar an margadh aonair go dleathach cheana féin. Maidir le seirbhísí, tá CESE den tuairim freisin nach bhfuil an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí ag feidhmiú mar is ceart. I ndáil leis an tsaoirse bunaíochta, is oth le CESE a thabhairt faoi deara nár tháinig na Ballstáit ar chomhréiteach maidir leis an togra le haghaidh treoir maidir le fógraí. Neartódh an téacs sin an oibleagáid atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi dhréachtdlíthe nó dréachtrialacháin maidir le scéimeanna údarúcháin do sheirbhísí (agus, dá bhrí sin, do phleanáil bhaile) (7). Áitíonn CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit freisin faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil maidir leis an mbonn cirt agus leis an gcomhréireacht a chuirtear i bhfeidhm nuair a thugann na Ballstáit fógra faoi rialacha teicniúla. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go dtabharfar an grinnscrúdú iomchuí do na ceanglais a dtugtar fógra ina leith, gan beann ar an nós imeachta um fhógra a thabhairt (8) a úsáidtear. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar chroílár na faidhbe, creideann CESE go mbeadh gá le haistriú breise reachtaíochta ó chomhchuibhiú íosta go comhchuibhiú uasta.

4.2.2.

Ábhar imní eile is ea go gcuirtear bearta i bhfeidhm a thagann roimh rialachán AE atá beartaithe, amhail deimhniúchán náisiúnta, a cuireadh i bhfeidhm agus é mar aidhm shainráite leibhéal áirithe cosanta a sholáthar, go háirithe san earnáil agraibhia. Dar le CESE, is srianta caomhnaitheacha glan amach iad na srianta sin, ach nuair a chuirtear chun solais iad, is minic a bhíonn an próiseas lena n-aistarraingítear iad mall agus trom, rud a fhágann go bhfuil srianta den sórt sin ar mhiondíoltóirí i bhfeidhm ar feadh i bhfad rófhada. Chun é sin a chosc, creideann CESE go bhféadfadh na Ballstáit, ina ionad sin, gealltanas a thabhairt bearta náisiúnta nach bhfuil chomh sriantach sin a ghlacadh, rud atá bunaithe ar an gcomhar feabhsaithe agus a údaraítear leis an gConradh. Chomh maith leis sin, tagraíonn CESE don táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach mar chreat caighdeánach chun tacú leis an margadh aonair a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm i réimsí eile.

4.2.3.

Tá CESE den tuairim freisin go bhféadfadh an Seimeastar Eorpach a bheith ina uirlis éifeachtach chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, go háirithe trí ghníomhaíocht chomhréireach arna déanamh ag an gCoimisiún, mura gcloítear le gealltanais maidir le moltaí tír-shonracha (CSRanna), lena n-áirítear trí chistí AE a chur ar fionraí. Tá sé sin ag teacht le treoir an Choimisiúin do na Ballstáit maidir leis na pleananna téarnaimh agus athléimneachta, lena gcuirtear béim ar dheireadh a chur le bacainní rialála agus neamhrialála ar an margadh inmheánach, chomh maith leis na coinníollacha faoinar gá do na Ballstáit ceanglais an tSeimeastair Eorpaigh a chomhlíonadh.

4.2.4.

Ar deireadh, iarrann CESE go ndéanfaí treoracha a caibidlíodh cheana agus a ndearnadh vótáil orthu cheana a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach. I dtaca leis sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit gealltanas a thabhairt an pacáiste maidir le Rialáil Níos Fearr a chur chun feidhme ar bhonn measúnuithe tionchair ar ardchaighdeán.

4.3.   Leas a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair dhigitigh

4.3.1.

Creideann CESE go gcuireann an geilleagar digiteach atá ag dul i méid deiseanna ar fáil don fhás eacnamaíoch, agus go bhféadfaí na gnóthachain eacnamaíocha a bhaint amach trí sheirbhísí digiteacha a chomhtháthú níos mó ar fud na mBallstát.

4.3.2.

I bhfianaise an méid sin, creideann CESE gur céim ríthábhachtach iad an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus Gníomh na Margaí Digiteacha (DMA) chun cothrom iomaíochta a bhaint amach i measc oibreoirí sna margaí digiteacha. Trí dhíriú ar sheirbhísí sonracha gan beann ar shuíomh an tsoláthraí seirbhíse nó ar an dlí is infheidhme maidir le soláthar na seirbhíse, tugann DSA agus DMA aghaidh ar cheist na córa comhionainne idir oibreoirí Eorpacha agus oibreoirí domhanda ar líne ar bhealach ciallmhar. Ina theannta sin, tá sé mar phríomhthosaíocht ag CESE ilroinnt bhreise an mhargaidh inmheánaigh de dheasca iomadú na reachtaíochta náisiúnta a chosc.

4.3.3.

D’fhéadfaí gnóthachain shuntasacha airgeadais a ghiniúint freisin tríd an úsáid a bhaintear as seirbhísí ar líne a mhéadú agus trí fheabhas a chur ar an mbonneagar digiteach laistigh den Aontas. Sa chomhthéacs sin, molann an Coimisiún bogadh i dtreo córais ríomhsholáthair agus ríomhshonrasctha lánfheidhmiúla. De réir meastachán, tugtar le fios go bhféadfadh tionchar nach beag a bheith ag aistriú iomlán chuig ríomhsholáthar. D’fhéadfadh sé EUR 50 billiún go EUR 75 bhilliún in aghaidh na bliana a ghiniúint (9).

4.3.4.

Ar deireadh, tá CESE den tuairim go bhfuil saorshreabhadh sonraí ríthábhachtach do nuálaíocht na hEorpa, d’fhás gnólachtaí de gach méid, do chruthú post, agus chun margadh aonair digiteach a bhaint amach. Tá an reachtaíocht a thacaíonn le saorshreabhadh sonraí i bhfeidhm cheana féin. Mar sin féin, ba cheart aon cheanglais logánaithe sonraí nach bhfuil údar leo a sheachaint.

4.4.   Srianta ar an soláthar a dhíbhlocáil

4.4.1.

Tugann CESE dá aire gur chuidigh Rialachán 2018 maidir le Geobhlocáil an tráchtáil a éascú laistigh den Aontas. Mar sin féin, tá tomhaltóirí Eorpacha fós faoi réir geobhlocáil earraí agus seirbhísí. Go deimhin, cuireann CESE béim ar an bhfíoras go bhfuil TSCanna leanúnacha ann a d’fhéadfadh teacht chun cinn trí chleachtais éagsúla, amhail diúltú don soláthar nó bagairt stop a chur le soláthar dáileora ar leith, agus teorainn a chur leis na cainníochtaí atá ar fáil le díol ag na Ballstáit; difríochtaí doshéanta i raonta táirgí agus i bpraghsanna idir na Ballstáit; nó teorainn a chur le roghanna teanga maidir le pacáistiú táirgí. Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil bac á chur ag TSCanna ar fhorbairt an mhargaidh aonair agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis do thomhaltóirí. Iarrann sé ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an éifeacht fhrithiomaíoch a bhíonn ag TSCanna d’fhonn margadh aonair lánfheidhmiúil a bhaint amach.

4.4.2.

Mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin, tugadh chun solais go bhfuil rioscaí slándála ollmhóra ann maidir le fuinnimh agus bia, agus gur gá don Aontas cur chuige straitéiseach aontaithe a ghlacadh chun dul i ngleic leis na rioscaí sin. Creideann CESE gur féidir le margadh aonair dea-fheidhmiúil tacú leis an straitéis sin agus le cuid de na brúnna ar phraghsanna a bhfuil an cumhacht cheannaigh á lagú acu ar fud an Aontais. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE na hiarrachtaí ar leibhéal an Aontais le haghaidh comhair maidir le ceannach comhpháirteach gáis (ar bhonn deonach) chun an brú ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú.

4.4.3.

Is oth le CESE, áfach, nach ndearnadh iarracht go dtí seo cur chuige comhordaithe a ghlacadh idir na Ballstáit i gcás táirgí eile atá thíos leis an ngéarchéim san Úcráin.

4.5.   Soghluaisteacht trasteorann oibrithe agus gairmithe a fheabhsú

4.5.1.

Is dúshlán fós í soghluaisteacht trasteorann oibrithe agus gairmithe ar fud an Aontais Eorpaigh, rud a chuireann teorainn le soláthar agus a chruthaíonn neamhréireanna in earnálacha amhail earnáil na teicneolaíochta faisnéise agus earnáil na hardteicneolaíochta, d’ainneoin bheartais an Aontais arb é is aidhm dóibh saorghluaiseacht daoine a éascú. Tugann sonraí Eorpacha agus náisiúnta le fios go bhfuil leibhéal na soghluaisteachta idir tíortha agus laistigh de thíortha íseal i gcónaí, i gcomparáid leis na leibhéil idirnáisiúnta.

4.5.2.

Go sonrach, molann CESE bearta beartais náisiúnta níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm lena gcuirfear dreasachtaí soghluaisteachta ar fáil agus béim á leagan ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair, amhail sochair laistigh den fhostaíocht d’oibrithe an Aontais agus tríú tíortha a bhfuil stádas dídeanaí acu. I dtaca leis sin, creideann CESE go spreagfadh tíortha óstacha níos mó soghluaisteachta dá dtairgfeadh siad dreasachtaí airgeadais chun post a ghlacadh i mBallstát eile nó i réigiún eile. Ina theannta sin, ní mór iarrachtaí breise a dhéanamh chun feabhas a chur ar fhaisnéis maidir le poist i dtíortha eile san Aontas, chomh maith le cúnamh athlonnaithe a chur ar fáil chun tacú leis an lóistíocht atá i gceist le bogadh go tír eile, e.g. cóiríocht a fháil, clárú chun críocha cánach, scoil a aimsiú do leanaí, cúnamh a fháil chun post a fháil do chomhpháirtithe, etc. Tugann CESE rabhadh, áfach, go raibh soghluaisteacht an lucht saothair thíos leis an gcur chuige ilroinnte a glacadh go dtí seo. Ní mór a sheachaint go nglacfaí tuilleadh beartas neamheagraithe ar an leibhéal náisiúnta.

4.5.3.

Tá sé fós ina shaincheist ar fud an Aontais aitheantas a thabhairt do dhioplómaí agus do cháilíochtaí, rud atá riachtanach chun folúntais a líonadh ina bhfuil ganntanais lucht saothair fós. Tá CESE den tuairim go mbraitheann an córas atá ann cheana go rómhór ar rialtais aonair, córas ina bhfuil saoirse ag na Ballstáit a gcuid rialacha féin a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go gcuirtear cur chuige níos comhchuibhithe i bhfeidhm ar fud na mBallstát maidir le dioplómaí agus cáilíochtaí eile a aithint.

4.5.4.

Ar deireadh, ní féidir soghluaisteacht oibrithe agus gairmithe an Aontais a fheabhsú ach amháin má dhéantar na forálacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr agus má chuirtear feabhas ar an rochtain ar fhaisnéis agus ar an gcomhar idir na Ballstáit. Tugann CESE dá aire go bhféadfadh sé go mbeadh drogall ar Bhallstáit aonair níos mó athchóirithe a dhéanamh ar an margadh aonair mar gheall ar eagla a bheith orthu go gcaillfí poist ar bhonn gearrthéarmach agus go mbeadh earnálacha thíos leis an méid sin, go háirithe sna tíortha sin atá tite ar gcúl cheana, chomh maith le tíortha/earnálacha ísealtáirgeachta. Go teoiriciúil, chuideodh an tsaorghluaiseacht oibrithe le dul i ngleic leis an tsaincheist sin, ach ó dhearcadh náisiúnta, d’fhéadfadh sé go gcaillfí acmhainní agus d’fhéadfadh imirce daoine oilte a bheith mar thoradh air sin idir an dá linn.

4.6.   Feabhas a chur ar shreafaí caipitil agus ar sheirbhísí airgeadais ar fud an Aontais

4.6.1.

Tá an méid sin fíor chomh maith i gcás mhargaí caipitil an Aontais. Aithníonn CESE gur tionscadal casta é Aontas na Margaí Caipitil (CMU) arb é is aidhm dó margaí caipitil Bhallstáit an Aontais a neartú agus a chomhtháthú tuilleadh. Ní mór bearta agus leasuithe rialála a ghlacadh i raon leathan réimsí agus tá freagrachtaí ag baint leis sin, ní hamháin ar leibhéal an Aontais, ach ar leibhéal na mBallstát freisin. Tugann CESE dá aire go meastar in 2022 gur sprioc a bhainfear amach sa todhchaí níos faide i gcéin í an sprioc maidir le bailchríoch a chur ar Aontas na Margaí Caipitil. D’ainneoin roinnt dul chun cinn, go háirithe maidir le Pacáiste an Aontais maidir le Téarnamh na Margaí Caipitil, tá 27 margadh caipitil fós ag an Aontas nach n-oibríonn mar aon mhargadh amháin. Tá maoiniú na hEorpa deighilte go fóill i ngeall ar na teorainneacha idir tíortha, agus braitheann coigilteoirí agus infheisteoirí go mór ar thimpeallachtaí náisiúnta. Is fíor sin freisin i gcás seirbhísí airgeadais i gcoitinne, lena n-áirítear seirbhísí airgeadais miondíola agus coigiltis intíre.

4.6.2.

Creideann CESE go gcuireann an méid sin srian ar an téarnamh eacnamaíoch agus ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh aonair. Tá na buntáistí eacnamaíocha a bhaineann le hAontas na Margaí Caipitil soiléir, ach chun Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt chun críche, beidh gá go ndéanfadh gach Ballstát gníomh. Níor mhór go gcuirfí chun feidhme go héifeachtach na tionscnaimh atá faoi stiúir an Choimisiúin, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar ról idirnáisiúnta an euro a neartú. Ina theannta sin, níor cheart beag is fiú a dhéanamh den ról atá ag an digiteáil maidir le hAontas na Margaí Caipitil a éascú.

4.7.   Toil pholaitiúil i bhfad níos láidre chun deireadh a chur le srianta ar an margadh aonair

4.7.1.

Ag an am seo a bhfuil éiginnteacht mhór ann, ba mhaith le CESE go mbeadh beartas iomaíochta ann a bheadh dírithe go háirithe ar na haistrithe a bhfuil tús curtha leo ag an Aontas. Chun na hathruithe sin a bhaint amach, beidh gá le beartais uaillmhianacha trádála agus infheistíochta, le hinfheistíochtaí urghnácha poiblí agus príobháideacha, le nuálaíocht, le tuilleadh dul chun cinn sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil, agus le margadh aonair dea-fheidhmiúil. Ní mór creat dlíthiúil agus airgeadais a bheith ann chun tacú leis an méid sin lena n-áiritheofar cothrom iomaíochta sa mhargadh do na geallsealbhóirí uile, do na réigiúin uile agus do na saoránaigh uile ar fud an Aontais. I ndáil leis sin, is gnéithe tábhachtacha iad sláine an mhargaidh inmheánaigh agus neamh-ilroinnte an mhargaidh sin. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh margadh aonair dea-fheidhmiúil agus beartais iomaíochta ann lena gcuirfear ar chumas gnólachtaí agus tomhaltóirí rochtain a fháil ar iomaíocht ollmhór margaidh bunaithe ar an gcothrom iomaíochta, rud a spreagfaidh éifeachtúlacht agus nuálaíocht, agus a chuirfidh timpeallacht ar fáil inar féidir le gnólachtaí rathúla fás.

4.7.2.

Creideann CESE go mbeifear in ann iomaíocht, nuálaíocht agus gnóthachain táirgiúlachta a fhorbairt trí chomhchuibhiú agus trí chonstaicí ar an tsaorghluaiseacht ar an gcríoch a bhaint. Níor cheart aon chineál dumpála tráchtála, sóisialta, rialála, fioscaí nó comhshaoil a shaobhann an iomaíocht a cheadú. Tá súil ag CESE go n-urramóidh na Ballstáit uile an méid sin agus go n-éileoidh siad go n-urramóidh ár gcomhpháirtithe seachtracha ár bpríomhluachanna bunúsacha agus ár mbunchearta bunúsacha, bíodh siad sa réimse sóisialta, gnó nó comhshaoil.

4.7.3.

Tugann CESE rabhadh nár cheart breathnú ar an margadh aonair a thuilleadh mar leagan galánta de chomhaontú trádála domhanda a bhféadfaí a shaintréithe a choigeartú le linn caibidlíochta. Tá i bhfad níos mó i gceist leis an margadh aonair ná sin. Baineann sé freisin le feabhas a chur ar chaighdeáin an leasa trí chóineasú sóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach, lena ndírítear ar éagothromaíochtaí a laghdú agus a áirithiú nach mbeidh míchothromaíochtaí sóisialta atá ag dul in olcas agus an méadú ar an mbochtaineacht ina mbacainní tromchúiseacha do lánpháirtiú na hEorpa. Chun na críche sin, leagann CESE béim ar chearta bunúsacha sóisialta agus na n-oibrithe maidir le pá agus dálaí oibre cuibhiúla, ní hamháin san idirghníomhaíocht a bhíonn acu le saoirsí eacnamaíocha, ach freisin i ndáil leis an margadh inmheánach agus an margadh saothair, leis an iomaíocht agus le haon bheart beartais eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear réimsí amhail an rialachas eacnamaíoch, an trádáil, an digiteáil agus an comhshaol, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin. Tá sé mar aidhm leis freisin neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta a chosaint agus a neartú, lena mbunaítear nasc soiléir le cearta sóisialta comhchoiteanna a urramú agus a chur chun cinn. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar na cearta bunúsacha sna Conarthaí a chosaint agus a choimirciú freisin.

4.7.4.

Aithníonn CESE gur gá don mhargadh aonair freagairt go leanúnach d’athruithe sa teicneolaíocht, don domhandú, d’fhorbairtí san oideachas, sna margaí saothair agus caipitil, agus go háirithe do ghéarchéimeanna agus coinbhleachtaí domhanda. Mar atá cúrsaí faoi láthair, níl aon spás ann do thograí “gnó mar is gnách” — ní mór an staid géarchéime atá ann faoi láthair agus na cúinsí athraithe a chur san áireamh agus reachtaíocht á beartú.

4.7.5.

Tá CESE den tuairim freisin gur cheart “uathriail straitéiseach oscailte” a ghlacadh, go háirithe i bpríomhearnálacha. Chabhródh sé sin chun cur leis an athléimneacht trí oscailteacht, trí chlár oibre uaillmhianach trádála, trí chomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn, trí éagsúlú, agus tríd an gcaomhnaitheacht a sheachaint.

4.7.6.

Ar deireadh, is oth le CESE a thabhairt dá aire, roimh chomóradh 30 bliain an mhargaidh aonair Eorpaigh, go bhfuil an margadh inmheánach neamhiomlán i gcónaí.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  COM(2020) 825 final (IO C 286, 16.7.2021, lch. 70).

(2)  COM(2020) 842 final (IO C 286, 16.7.2021, lch. 64).

(3)  https://www.rand.org/blog/2017/11/why-the-eu-single-market-has-still-not-reached-its.html

(4)  https://www.rand.org/blog/2017/11/why-the-eu-single-market-has-still-not-reached-its.html

(5)  https://www.rand.org/blog/2017/11/why-the-eu-single-market-has-still-not-reached-its.html

(6)  IO L 241, 17.9.2015, lch. 1.

(7)  2016/0398(COD); https://eur-lex.europa.eu/procedure/GA/2016_398

(8)  Staidéar ar mheasúnú comhréireachta na mBallstát agus ceanglais a bhaineann le bunaíocht miondíola á nglacadh acu de bhun Threoir 2006/123/CE.

(9)  https://www.rand.org/blog/2017/11/why-the-eu-single-market-has-still-not-reached-its.html


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/58


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cánachas digiteach

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Seicia)

(2022/C 443/08)

Rapóirtéir:

Benjamin RIZZO

Comhrapóirtéir:

Petru Sorin DANDEA

Comhairliúchán

26.1.2022, litir ó Mikuláš BEK, Aire Gnóthaí Eorpacha

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

1.7.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

200/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is cúram bunúsach anois é prionsabail agus rialacha leordhóthanacha a fhorbairt maidir le cánachas an gheilleagair dhigitigh, cúram atá ar an Aontas Eorpach agus ar rialálaithe idirnáisiúnta eile, d’fhonn beartais fhioscacha a nuachóiriú agus a oiriúnú do na riachtanais atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

1.2.

Tá CESE á mholadh, a luaithe a thiocfar ar chomhaontú idirnáisiúnta maidir le Colún 1 de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le cearta cánach a leithdháileadh, go ndéanfaí na rialacha comhfhreagracha a chur chun feidhme go gasta san Aontas Eorpach i gcomhar leis na mórpháirtithe trádála eile agus i gcomhthráth leo.

1.3.

Measann CESE go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag an Aontas Eorpach maidir le cánachas an gheilleagair dhigitigh. Níor mhór gur laistigh de chomhaontú idirnáisiúnta arna dhéanamh idir ECFE/G20 a d’imreofaí ról den sórt sin áfach, amhail a tharla cheana i gcás Cholún 2 maidir leis an sásra in aghaidh chreimeadh an bhoinn.

1.4.

Measann CESE go mbeidh sé ríthábhachtach Colún 1 agus Colún 2 a chur chun feidhme laistigh den Aontas Eorpach a luaithe is indéanta, agus ardleibhéal comhsheasmhachta a bheith á bhaint amach laistigh den chomhaontú idirnáisiúnta a idirbheartófar laistigh d’ionad trádála ECFE/G20. Ba cheart Colúin 1 agus 2 a fheiceáil mar phacáiste rialála uileghabhálach cuimsitheach atá comhtháite go frithpháirteach.

1.5.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhféadfadh tionscnamh reachtach Eorpach maidir le cáin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach a bheith chun leas an mhargaidh inmheánaigh, rud a thabharfadh creat níos éifeachtaí gan amhras i gcomparáid le tionscnaimh náisiúnta ar leith. Dá ndéanfadh na Ballstáit éagsúla rialacha dá gcuid féin agus iad neamh-chomhordaithe a thabhairt isteach, is ilroinnt bhreise ar fud an Aontais a thiocfadh as, rud a ghinfeadh neamhchinnteacht chánach agus a bheadh ina bhac ar an iomaíochas.

1.6.

Tá CESE á mholadh go ndéanfaí comhaontú idirnáisiúnta maidir le Colún 1 a dhíreodh ar chóras éifeachtach cánachais a chothú ina dtugtar aird ar phrionsabail na neodrachta agus na córa comhionainne, agus a d’fhéadfadh acmhainneacht na nuálaíochta atá cumhdaithe sa gheilleagar digiteach a chaomhnú ar thaobh amháin, agus a d’áiritheodh go n-íocfadh gnólachtaí ard-digitithe a sciar cothrom le buiséid náisiúnta ar an taobh eile.

1.7.

Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí comhaontú idirnáisiúnta maidir le Colún 1 ina seachnófaí rialacha an-chasta, a mhéid is féidir, agus a bheadh dírithe ar thrédhearcacht, intuarthacht agus simpliú riaracháin a bhaint amach agus ar chostais chomhlíontachta a choinneáil íseal. D’fhéadfaí deiseanna chun dul timpeall ar na rialacha nua-chomhaontaithe a chruthú le córas róchasta, rud a bhainfeadh dá n-éifeachtacht.

1.8.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir go bhfuil an-tábhacht ag baint le dlíthe cánach idirnáisiúnta dea-cheaptha i leith gnólachtaí digiteacha ó thaobh cleachtais um sheachaint cánach agus imghabháil cánach a chosc agus ó thaobh córas cánachais a dhearadh atá cothrom, daingean agus forásach. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh cothrom iomaíochta i réimse an chánachais ar bhrabús corparáide ó tharla, le blianta beaga anuas, gur éirigh le cuideachtaí leas a bhaint as sainrialacha cánach i mBallstáit áirithe, agus a ráta cánach éifeachtach a laghdú go mór dá réir.

1.9.

Tá CESE den tuairim gur cheart a chur san áireamh, i gcreat rialála iomchuí chun cáin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach, a mhéid a bhítear ag brath ar shócmhainní doláimhsithe arb ann dóibh mar thoradh ar an digiteáil. Cuireann na sócmhainní sin go mór le cumas cuideachtaí gníomhaíochtaí gnó ábhartha a fhorbairt i ndlínse gan bheith i láthair inti go fisiciúil.

1.10.

Tá CESE á thabhairt le fios gur minic a dhéanann gnólachtaí digiteacha sonraí úsáideoirí a shaothrú ar mhaithe le luach a ghiniúint. Ní chuimsítear modh den sórt sin chun luach a ghiniúint faoi na córais chánach reatha, rud a chruthaíonn mímheaitseáil idir giniúint luacha agus cánachas. Ba cheart díriú ar an gceist áirithe sin laistigh de Cholún 1.

1.11.

Tá CESE á athdhearbhú gur rud fíorthábhachtach i gcónaí é cur chuige a ghlacadh chun nach mbeidh rioscaí cánachais dhúbailte ná rioscaí neamhchánachais neamhbheartaithe in aon dlínse. Ar an dóigh sin, laghdófar costais chomhlíontachta do chuideachtaí Eorpacha a mhéid is féidir. Chuige sin, faoin gcomhaontú maidir le Colún 1 agus faoi na rialacha chun é a thrasuí, ba cheart go ndéanfaí na tionscnaimh éagsúla atá glactha ag Ballstáit go dtí seo a chomhchuibhiú chun nach mbeidh neamhréireachtaí agus bealaí éalaithe ann.

1.12.

Tá súil le Dia ag CESE go bhféadfaí teacht ar chomhaontú inmharthana maidir le Colún 1 a luaithe agus is féidir ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, agus is oth leis go bhfuil srianta fós ag cur cosc ar chomhaontú chomh bunúsach a thabhairt i gcrích.

2.   Comhthéacs bunriachtanach

2.1.

Is ar phrionsabail a forbraíodh i dtús an 20ú haois, agus páirtoiriúnú déanta orthu ó shin, a bhunaítear na rialacha reatha idirnáisiúnta maidir le cáin chorparáide. Ní oireann siad dá bhfeidhm a thuilleadh sa lá atá inniu ann agus ní fhónann siad do gheilleagar domhandaithe agus digitithe. Fágann sé sin nach bhfuil ioncaim ó chánacha á leithdáileadh go cothrom ar thíortha agus gur ann fós do chleachtais chánach dhíobhálacha a théann chun aimhleasa do na cistí poiblí agus don iomaíocht chóir.

2.2.

Dá réir sin, is cúram bunúsach é anois prionsabail agus rialacha leordhóthanacha a fhorbairt maidir le cánachas an gheilleagair dhigitigh, cúram atá ar an Aontas Eorpach agus ar rialálaithe eile ar fud an domhain araon, d’fhonn beartais fhioscacha a nuachóiriú agus a oiriúnú do na riachtanais reatha agus amach anseo.

2.3.

Is ar réiteach dhá cholún a tógadh Creat Cuimsitheach ECFE/G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach ag éirí as geilleagar ina bhfuil an digiteáil agus an domhandú ag dul i méid i gcónaí.

2.4.

Faoi Cholún 1 féachfar le brabúis agus cearta maidir le cáin a ghearradh ar na Fiontair Ilnáisiúnta is mó, cuideachtaí digiteacha san áireamh, a dháileadh ar dhóigh níos cothroime. Tríd is tríd, cuirfear de cheangal ar ghnólachtaí ilnáisiúnta cuid dá gcánacha ioncaim a íoc sna tíortha ina bhfuil a dtomhaltóirí lonnaithe. Ar an dóigh sin, cruthófar nasc idir brabúis agus na háiteanna ina bhfuil na húsáideoirí agus na tomhaltóirí lena mbaineann lonnaithe.

2.5.

Déantar foráil sa chomhaontú a bhaineann le brabús a athdháileadh faoi Cholún 1 maidir le deireadh a chur le cánacha seirbhísí digiteacha agus le bearta cosúla ábhartha eile nó iad a chur ar fhionraí. Leis sin, cuirtear críoch le teannais trádála ag éirí as míchobhsaitheacht an chórais cánach idirnáisiúnta.

2.6.

Féachfar faoi Cholún 2 lena áirithiú go n-íocfaidh cuideachtaí ilnáisiúnta móra, agus cuideachtaí digiteálaithe go háirithe, íosráta cánach corparáide éifeachtach 15 %. Is é is aidhm dó sin creat rialála a leagan síos trínar féidir aistriú brabús a dhíspreagadh agus cosc a chur ar iomaíocht chánach dhíobhálach i measc dlínsí. Ar an dóigh sin, d’fhéadfaí teorainneacha ar iomaíocht i réimse na cánach corparáide a bhaint, go praiticiúil, agus íosráta cánach corparáide a bhaint amach a ligfidh do thíortha a mboinn chánach a chosaint. Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit uile teacht ar chomhaontú polaitiúil maidir leis na rialacha sin gan mhoill, agus is oth leis nach ann do chomhdhearcadh críochnaitheach ina leith go fóill.

2.7.

Rinneadh comhaontú idirnáisiúnta maidir le Colún 2 agus an Creat ionchuimsitheach laistigh d’fhóram ECFE/G20 agus thug institiúidí AE faoina dtrasuí go cuí trí bhíthin togra le haghaidh Treorach atá á phlé ag an gComhairle faoi láthair (1).

2.8.

Tá comhdhearcadh idirnáisiúnta comhchoiteann ina leith á thógáil i gcónaí laistigh de ECFE/G20, rud a dearbhaíodh trí chomhairliú ECFE maidir le Colún 1 le deireanas atá ag bailiú aiseolais maidir leis na dréachtrialacha ón bpobal, ainneoin nach léiriú iad na rialacha sin ar chomhdhearcadh maidir le substaint an doiciméid (2).

2.9.

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach moladh reachtach maidir le cánachas an gheilleagair dhigitigh in 2018, moladh nár brúdh chun cinn go príomha toisc nach raibh comhdhearcadh idirnáisiúnta comhchoiteann leathan ann maidir leis na rialacha a bhí le cur chun feidhme faoi Cholún 1.

2.10.

Idir an dá linn, d’fhaomh institiúidí an Aontais an Ionstraim um Margaí Digiteacha a bhfuil d’aidhm aici struchtúr iomaíoch na margaí digiteacha a rialáil. Maidir leis an méid sin, ghlac an tAontas Eorpach cur chuige rialála atá úrnua cuimsitheach agus atá éagsúil ó na cineálacha cur chuige atá glactha ag mórbhloic thrádála eile, amhail SAM, an tSín agus tíortha éiritheacha eile.

2.11.

Measann CESE, amhail a tharla leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha, go bhféadfadh an tAontas ról ceannasach a imirt maidir le cánachas an gheilleagair dhigitigh freisin. Níor mhór gur laistigh de chomhaontú idirnáisiúnta arna dhéanamh idir ECFE/G20 a d’imreofaí ról den sórt sin, áfach, amhail a tharla cheana i gcás Cholún 2.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá CESE go láidir den tuairim, i gcomhthéacs dhigiteáil an gheilleagair, nach mór comhordú a dhéanamh ar bhonn domhanda i gcás aon athrú ar na rialacha a bhaineann le cearta cánachais maidir le brabúis a dháileadh i measc tíortha, agus leas á baint as rialachas domhanda agus na rialacha atá iomchuí agus éifeachtach, chun gur fearr a shaothrófar buntáistí an domhandaithe. Ní mór na réitigh nithiúla a cheapfar a bheith mar thoradh ar chomhaontú leathan idirnáisiúnta lena n-áirítear an oiread dlínsí agus is féidir. Rud eile de, ní mór aird chuí a thabhairt ar thionchair éagsúla na rialacha nua ar na Ballstáit bheaga agus a gcuid impleachtaí dóibh, ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, na tionchair agus na himpleachtaí i gcás Ballstáit níos mó.

3.2.

Tuigeann CESE gur spreag an digiteáil éabhlóid shuntasach sa gheilleagar agus go bhfuil éifeachtaí dearfacha ag baint léi dár sochaí, agus go mbaineann féidearthachtaí iontacha leis an digiteáil freisin chun riaracháin chánach a chumasú agus go bhfeidhmíonn sí mar uirlis chun seirbhísí níos fearr a sholáthar do bhuiséid náisiúnta agus do na saoránaigh. Beidh sé de cheangal ar an Aontas cabhrú le húdaráis chánach na mBallstát agus iad a chomhordú chun go mbeidh ar a gcumas déileáil leis an gcóras nua agus le comhthéacs eacnamaíoch an-athraitheach.

3.3.

Aontaíonn CESE leis an gcinneadh i dTuarascáil Deiridh 2015 maidir le Gníomhaíocht 1 de Thionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, ina luaitear gur léir gurb é an geilleagar digiteach an “gnáthgheilleagar” anois, murab ionann is riamh. Rinneadh digiteáil éachtach ar an-chuid gnólachtaí in imeacht na mblianta agus cuireadh dlús leis an bpróiseas sin le linn dhianghlasálacha COVID-19 le deireanas. Is minic a spreagann claonadh den sórt sin deighilt idir na brabúis ollmhóra atá á dtuilleamh ag ardáin dhigiteacha agus na háiteanna fisiciúla ina lonnaítear na húsáideoirí agus na tomhaltóirí ábhartha a íocann táille. Is feiniméan é a bhféadfaí aird a thabhairt air amach anseo freisin maidir le hoibleagáidí slándála sóisialta.

3.4.

A luaithe a dhéanfar comhaontú idirnáisiúnta maidir le Colún 1 de Chreat Cuimsitheach ECFE/G20, lena mbaintear cothromaíocht amach idir na seasaimh éagsúla a léiríodh go dtí seo, is é moladh CESE go ndéanfar Colún 1 – amhail Colún 2 cheana – a chur chun feidhme gan mhoill freisin san Aontas, i gcomhordú le mórpháirtithe trádála eile, agus an margadh inmheánach a chomhdhlúthú sa tslí sin i gcomhréir le hAirteagail 113-115 den Chonradh.

3.5.

Measann CESE go mbeidh sé ríthábhachtach Colún 1 agus Colún 2 araon a chur chun feidhme laistigh den Aontas Eorpach a luaithe is indéanta, agus le hardleibhéal comhsheasmhachta leis an gcomhaontú idirnáisiúnta a idirbheartaíodh laistigh d’ionad trádála ECFE/G20. Ba cheart breathnú ar Cholúin 1 agus 2 mar phacáiste rialála uileghabhálach ina ndéantar comhtháthú frithpháirteach, pacáiste a chuirfear chun feidhme gan mhoill ar fud an Aontais Eorpaigh.

3.6.

Tugann CESE dá aire go bhféadfaí tionscnamh reachtach Eorpach maidir le cáin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach a bheith chun leas an mhargaidh inmheánaigh, rud a thabharfadh creat níos éifeachtaí gan amhras i gcomparáid le tionscnaimh náisiúnta ar leith. Dá ndéanfadh na Ballstáit éagsúla rialacha neamh-chomhordaithe dá gcuid féin a thionscnamh, agus prionsabail agus critéir éagsúla á leanúint maidir le cánachas, is ilroinnt bhreise ar fud an Aontais a bheadh mar thoradh air, rud a ghinfeadh neamhchinnteacht chánach agus a bheadh ina bhac ar an iomaíochas. Tá CESE á mholadh go mbeadh sásra láidir um réiteach díospóidí ann, agus é dírithe ar dheis a thabhairt do na Ballstáit saincheisteanna a thiocfadh chun cinn a réiteach.

3.7.

Ba cheart an comhaontú idirnáisiúnta maidir le Colún 1 a bheith dírithe ar chóras éifeachtach cánachais a bhaint amach atá i gcomhréir le prionsabail na neodrachta agus na córa comhionainne. Ar a mhuin sin, ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin comhaontú den chineál sin: (i) acmhainneacht na nuálaíochta atá cumhdaithe sa gheilleagar digiteach a chaomhnú ar thaobh amháin agus (ii) a áirithiú go n-íocfaidh gnólachtaí ar ardleibhéal digiteála a sciar cothrom le buiséid náisiúnta agus leis an tsochaí, ar an taobh eile.

3.8.

Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí comhaontú idirnáisiúnta maidir le Colún 1 ina seachnófaí rialacha an-chasta, a mhéid is féidir, agus a bheadh dírithe ar thrédhearcacht, intuarthacht agus simpliú riaracháin a bhaint amach, agus na costais maidir le comhlíonadh a choinneáil íseal. Dá mba chóras róchasta é d’fhéadfaí deiseanna chun dul timpeall ar na rialacha nua-chomhaontaithe a chruthú cinnte, rud a bhainfeadh dá n-éifeachtacht.

3.9.

Tá CESE á chur i bhfios go láidir go n-éiríonn le dlíthe cánach idirnáisiúnta dea-cheaptha i leith gnólachtaí digiteacha cosc a chur ar chleachtais um sheachaint cánach agus imghabháil cánach agus córas cánachais a dhearadh atá cothrom, forásach, daingean agus éifeachtúil.

3.10.

Tá CESE á chur i bhfáth, dá réir sin, go dtabharfar isteach le Colún 2 an dá riail intíre a bheidh le leagan síos agus, ar bhonn níos sonraí:

A.

rialacha idirnasctha intíre (na Rialacha Domhanda in aghaidh Chreimeadh an Bhoinn Cánach (GLoBE)) ina bhfuil: (i) Riail maidir le hIoncam a Áireamh (IIR) trína bhforchuirtear breisiú cánach ar mháthaireintiteas i ndáil le hioncam comheintitis a ngearrtar cáin ar ráta íseal air, (ii) Riail maidir le Ganníocaíocht Cánach (UTPR) faoina ndiúltaítear asbhaintí nó faoina n-éilítear coigeartú coibhéiseach a mhéid nach bhfuil ioncam ísealchánach comheintitis faoi réir cánach faoi IIR,

B.

riail chonradhbhunaithe (an Riail Faoi-Réir-Cánach (RFRC)) faoina gceadaítear do dhlínsí foinseacha cánachas foinseach teoranta a fhorchur ar íocaíochtaí páirtithe gaolmhara áirithe atá faoi réir cáin faoi bhun íosráta.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Tá CESE á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach cothrom iomaíochta a bheith ann maidir le réimse cánachais an bhrabúis corparáide. D’éirigh le cuideachtaí áirithe leas a bhaint as rialacha sonracha cánach i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas, agus a ráta cánach éifeachtach a laghdú. Bhí easpa trédhearcachta ar na cúiseanna le toradh den sórt sin agus bhí neart cásanna íogaire ann a bhain le cuideachtaí ilnáisiúnta atá gníomhach i réimse na seirbhísí digiteacha.

4.2.

Tá CESE den tuairim gur cheart a chur san áireamh, i gcreat rialála iomchuí chun cáin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach, a mhéid a bhítear ag brath ar shócmhainní doláimhsithe arb ann dóibh mar thoradh ar an digiteáil. Cuireann na sócmhainní sin go mór le cumas cuideachtaí gníomhaíochtaí suntasacha gnó a fhorbairt i ndlínse gan bheith i láthair go fisiciúil. Ba cheart na rialacha agus na prionsabail chánach idirnáisiúnta atá ann faoi láthair a chur in oiriúint don chomhthéacs eacnamaíoch nua sin.

4.3.

Tá CESE á thabhairt le fios go mbraitheann gnólachtaí digiteacha go mór ar shócmhainní doláimhsithe chun ábhar a chruthú, go háirithe trí leas a bhaint as sonraí úsáideoirí agus iad a shaothrú chun luach a ghiniúint. Ní chuimsítear an modh sin chun luach a ghiniúint faoi na córais chánach reatha, rud a chruthaíonn mímheaitseáil idir giniúint luacha agus cánachas. Ba cheart díriú go cuí ar an gceist shonrach sin laistigh de Cholún 1.

4.4.

Tá CESE á athdhearbhú go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí cur chuige a ghlacadh chun nach mbeidh rioscaí cánachais dhúbailte ná rioscaí neamhchánachais neamhbheartaithe in aon dlínse agus faoina ndéanfar na costais chomhlíontachta do chuideachtaí Eorpacha a laghdú a mhéid is féidir. Chuige sin, faoin gcomhaontú maidir le Colún 1 agus na rialacha chun é a thrasuí, ba cheart go ndéanfaí na tionscnaimh éagsúla atá glactha ag Ballstáit go dtí seo a chomhchuibhiú óir d’fhéadfadh na difríochtaí sin neamhréireachtaí agus bealaí éalaithe a spreagadh.

4.5.

Tá CESE á thabhairt chun cuimhne go bhfuil an oiread sin cánacha digiteacha aontaobhacha ann agus go bhfágann sé sin gur féidir le dlínsí éagsúla cearta cánach a éileamh maidir leis na brabúis chéanna ar raidhse bealaí difriúla agus, in amanna, forluiteacha. Is nithe iad sin atá ar na príomhthosca a chothaíonn agus a spreagann an iarracht chasta chun comhdhearcadh domhanda a bhaint amach maidir le moladh ECFE i leith Cholún 1.

4.6.

Ba cheart, dá réir sin, a ráthú faoi Cholún 1 go mbainfear na cánacha náisiúnta atá ar sheirbhísí digiteacha agus bearta cosúla eile atá ar chuideachtaí. Sin rud ríthábhachtach chun comhdhearcadh a áirithiú idir roinnt de na mórdhlinsí maidir le Colún 1 agus chun rialacha nua a sheachaint a d’fhéadfaí a mheas mar “idirdhealaitheach” faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) agus a bhféadfadh iarmhairtí nach raibh coinne leo ó thaobh peirspictíocht trádála idirnáisiúnta a bheith i gceist leo.

4.7.

Tá súil le Dia ag CESE go bhféadfaí comhaontú idirnáisiúnta inmharthana a bhaint amach maidir le Colún 1 a luaithe agus is féidir agus is oth leis na srianta atá fós ag cur cosc ar chomhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích.

4.8.

Measann CESE, a luaithe a dhéanfar Colúin 1 agus 2 a chur chun feidhme, gur cheart seirbhísí a sholáthraítear trí ardáin a bhíonn in úsáid ag tomhaltóirí Eorpacha a ionchorprú go hiomlán i gcóras CBL. Is gné bhunriachtanach é sin chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cánach a bhaineann leis an ngeilleagar digiteach. Ní mór a rá nach léir go ngearrtar táille ar sheirbhísí cumarsáide digiteacha agus ar chustaiméirí líonraí sóisialta a bhfuil rochtain acu ar na seirbhísí sin, rud a spreagann ceist faoin gcaoi a bhféadfaí CBL a ghearradh le réasún. Is acmhainn dhílis iad ioncaim ó CBL i mbuiséad AE agus measann CESE go bhfuil sé tábhachtach seirbhísí digiteacha a chuimsiú sa bhonn cánach freisin.

4.9.

Measann CESE go mbeidh sé riachtanach teacht ar chothromaíocht réasúnach idir athdháileadh na gcánacha ar bhrabúis chorparáide i measc tíortha ar glan-onnmhaireoirí iad agus tíortha ar glan-allmhaireoirí iad, agus i measc tíortha na dtáirgeoirí agus na dtomhaltóirí freisin, chun nach mbeidh an fhéidearthacht go gcomhlíonfadh tíortha a gcuspóirí sóisialta agus comhshaoil, i measc nithe eile, á cur i mbaol.

4.10.

Tá CESE á thabhairt dá aire go mbaineann dúshláin leis an digiteáil ach go gcruthaíonn sí deiseanna le haghaidh na n-údarás cánach freisin. Mar thoradh ar mhéideanna móra sonraí tríú páirtí a bheith ar fáil do na húdaráis chánach, cruthaítear deis an tuairisciú a uathoibriú a thuilleadh, rud a shábhálann idir am agus airgead. D’fhéadfaí leas a bhaint as bailiú sonraí freisin chun dul i ngleic le tearcthuairisciú, seachaint cánach nó calaois. Maidir leis na réitigh bhogearraí atá in úsáid ag riaracháin chánach éagsúla chun sonraí díolachán a thaifeadadh tráth a dhéantar idirbheart – sonraí a d’fhéadfaí a chur faoi bhráid na n-údarás cánach láithreach bonn – tá siad ag cur go sonrach le hioncaim CBL tíortha áirithe cheana féin.

4.11.

Ar deireadh, chun léargas breise níos mionsonraithe a fháil ar ábhair shonracha, tá aird á tarraingt ag CESE ar an tuairm uaidh Pacáiste reachtach maidir le frithsciúradh airgid (3), agus ar an dá thuairim uaidh maidir leis an gcomhrac i gcoinne seachaint cánach: Cánachas gnó don 21ú haois (4) agus Comhrac a chur ar úsáid eintiteas caoch (5).

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Féach an tuairim ó CESE Cánachas íosta éifeachtach cuideachtaí, (IO C 290, 29.7.2022, lch. 52).

(2)  Consultation on the Draft Rules for Nexus and Revenues Sourcing Under Pillar 1 – Amount A, ECFE, 4 Feabhra 2022.

(3)  Féach an tuairim ó CESE: Pacáiste reachtach maidir le frithsciúradh airgid, (IO 152, 6.4.2022, lch. 89).

(4)  Féach an tuairim ó CESE Cánachas Gnó don 21ú haois, (IO C 275, 18.7.2022, lch. 40).

(5)  Féach an tuairim ó CESE Comhrac a chur ar úsáid eintiteas caoch, (IO C 290, 29.7.2022, lch. 45).


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/63


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Comhionannas inscne

(Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Seicia)

(2022/C 443/09)

Rapóirtéir:

Milena ANGELOVA

Iarraidh ó Uachtaránacht na Seicia ar an gComhairle

26.1.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

22.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

194/13/13

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) á chur i bhfáth nach féidir an comhionannas inscne a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe mura gcothaítear cultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil, cultúr a bhaineann le saol iomlán an duine agus ina soláthraítear bearta a chuirtear in oiriúint do na saintréithe agus na riachtanais ar leith a bhaineann le gach céim den saol sin. Ós rud é gur ceist chultúir atá ann, ní féidir an sprioc sin a bhaint amach le beartais agus bearta aonair amháin, tá aitheantas, úinéireacht agus tiomantas leanúnach gach gníomhaí den tsochaí de dhíth.

1.2.

Ní mór cultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil a chothú ó thús na luath-óige trí shampla a thabhairt do leanaí sa teaghlach, agus leanúint den sampla sin ar feadh na naíscolaíochta agus gach céime den scoil. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit, trína mbeartas oideachais féin, an teagasc inscne-neodrach a chur chun cinn, idir eolas, scileanna sóisialta agus chomhthéacsanna foghlama atá saor ó steiréitíopaí inscne.

1.3.

Chun cultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil a chothú a thuilleadh, ní foláir comhionannas inscne a chothú i ngach gníomhaíocht eacnamaíoch agus shochaíoch, lena n-áirítear gnólachtaí, seirbhísí poiblí agus an saol polaitiúil. Creideann CESE gur bealach riachtanach é le dul chun cinn a dhéanamh an comhionannas inscne a fhothú go córasach i gcomhthéacsanna éagsúla.

1.4.

Tá sé á mholadh ag CESE go ndéanfaidh na Ballstáit, arna dtacú ag an gCoimisiún agus CESE, i dteannta comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, feachtas múscailte feasachta agus faisnéise a mbeidh raon fada fairsing aige a sheoladh chun cultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil a chur chun cinn. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an ról lárnach atá ag na meáin thraidisiúnta agus na meáin shóisialta araon mar ardáin ar ar féidir dearcthaí a mhúnlú.

1.5.

Leis an bhfeachtas, ba cheart aird na gcinnteoirí a tharraingt ar staid agus dul chun cinn an chomhionannais inscne sa Bhallstát lena mbaineann agus na Ballstáit a spreagadh chun dea-shampla a lorg ina chéile agus dea-chleachtas a roinnt eatarthu féin. Chomh maith leis sin, ba cheart do ghníomhaithe polaitiúla, cinnteoirí agus eagraíochtaí poiblí ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla tríd an gcomhionannas inscne a fheabhsú ina gcuid gníomhaíochtaí féin.

1.6.

I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a bhíonn ag cinntí polaitiúla ar shaol an tsaoránaigh, tá comhionannas inscne thar a bheith tábhachtach maidir le rannpháirtíocht sa chinnteoireacht pholaitiúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach. Ar mhaithe le sciar na bpolaiteoirí ban a mhéadú ar gach leibhéal, caithfear feasacht na vótálaithe, mar aon le feasacht gach páirtí a ainmníonn na hiarrthóirí, a mhéadú agus cultúr a chothú ina spreagtar mná le páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol polaitiúil, agus ina gcuirtear ar a gcumas déanamh amhlaidh.

1.7.

Tá CESE ag iarraidh arís eile ar an lucht ceaptha beartas ar gach leibhéal, ós rud é go bhfuil gá le bearta a thabhairt isteach i roinnt réimsí beartais chun an comhionannas inscne a fheabhsú, prionsabal an phríomhshruthaithe inscne a leanúint agus gné an chomhionannais inscne a chur san áireamh i ngach cinneadh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le buiséadú, infheistiú agus cistiú, soláthar poiblí san áireamh.

1.8.

I bhfianaise na ndúshlán atá ag teacht chun cinn mar gheall ar an daonra a bheith ag dul in aois agus an gá atá lena chinntiú gur ann do lucht saothair oilte, is tábhachtaí fós cuimsitheacht na margaí saothair. Dá bhrí sin, is den ríthábhacht é aon chonstaic atá ann a bhaint agus dreasachtaí a chur ar fáil le haghaidh rannpháirtíocht fhoriomlán na mban i margaí saothair, beag beann ar ghairm, tasc nó aois. Mar shampla, ó thaobh feabhas a chur ar an gcomhionannas inscne de, tá ról ag socruithe solúbtha oibre, saoire tuismitheora agus cánachas, chomh maith le cineálacha eile dreasachtaí. Maille le creataí reachtacha, ba cheart na módúlachtaí praiticiúla a leagan síos trí úsáid a bhaint as na deiseanna atá ann cómhargáil a dhéanamh idir na comhpháirtithe sóisialta.

1.9.

Ós rud é nach mór an téarnamh tar éis na paindéime a dhéanamh i gcomhréir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, is riachtanaí fós inniúlachtaí eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM). Ó thaobh comhionannas inscne de agus ó thaobh leithscaradh a chosc, tá sé tábhachtach cailíní a mhealladh chun staidéar a dhéanamh ar ábhair ETIM, agus, san am céanna, níos mó buachaillí a mhealladh chun staidéar a dhéanamh agus cur isteach ar ghairmeacha i réimse an chúraim agus an oideachais. Ba cheart na gnéithe sin a leabú sa ghairmthreoir agus i mbearta chun foireann a choinneáil.

1.10.

Tá CESE den tuairim gur den ríthábhacht é ceannaireacht na mban a chur chun cinn i ngnólachtaí, in eagraíochtaí poiblí agus in eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta. Tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit, eagraíochtaí gnó agus na comhpháirtithe sóisialta cláir oiliúna agus mheantóireachta a sheoladh atá dírithe ar cheannairí ban agus mná ar iarrthóirí iad ar róil mar stiúrthóirí in eagraíochtaí poiblí nó ar róil ar an mbord nó mar fheidhmeannach sinsearach i ngnólachtaí, ceardchumainn agus eagraíochtaí príobháideacha. Is díol sásaimh dó chomh maith an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air le déanaí i dtaobh na Treorach maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí a liostaítear ar stocmhalartáin agus tá sé ag iarraidh ar institiúidí an Aontais an Treoir sin a chur i bhfeidhm go pras agus go héifeachtúil.

1.11.

Ní mór aon chonstaic atá roimh fhiontraíocht na mban a bhaint chomh maith. Ós rud é gur réamhriachtanas le haghaidh fiontraíochta é rochtain ar mhaoiniú, ní mór a áirithiú go bhfuil rochtain chothrom ag mná ar mhaoiniú príobháideach agus ar chistiú poiblí araon. Chomh maith leis sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht phoiblí iomchuí a dhéanamh i dtionscadail a dhéanann an comhionannas inscne a fheabhsú, lena n-áirítear i mbonneagar digiteach agus bonneagar cúraim.

1.12.

Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí aird chuí ar chomhionannas inscne agus aghaidh á tabhairt ar an tsaincheist maidir le dídeanaithe ón Úcráin. Baineann sé sin le tacaíocht do leanaí chun rochtain a fháil ar chúram agus scolaíocht, le mná a lánpháirtiú i margaí saothair trí fhostaíocht ar ardcháilíocht, agus le rochtain ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Freagra atá sa tuairim seo ar an iarraidh ó Uachtaránacht na Seicia breathnú ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh comhionannas inscne de agus ó thaobh na n-uirlisí agus bearta atá ann maidir lena fheabhsú i gcomhthéacsanna éagsúla, mar shampla an saol tar éis na paindéime, téarnamh agus fostaíocht, cumhachtú daoine óga, oideachas agus scileanna, fiontraíocht agus ceannaireacht chorparáideach, cothromaíocht oibre is saoil, agus an tsaincheist maidir le himirce agus dídeanaithe, lena n-áirítear i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin. Tugadh aghaidh ar na saincheisteanna sin roimhe seo i dtuairimí ó CESE atá ann cheana agus tá aghaidh á tabhairt ar roinnt mhaith gnéithe eile comhionannais inscne i dtuairimí eile ó CESE (1), a raibh, mar shampla, saincheisteanna amhail dálaí oibre agus pá, bonneagar cúraim, bochtaineacht agus bochtaineacht fuinnimh, agus foréigean inscnebhunaithe san áireamh iontu.

2.2.

Príomhchúis le daoine a bheith fágtha ar chúl is ea an t-idirdhealú eindéimeach, lena n-áirítear an t-idirdhealú ar bhonn gnéis. Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil an comhionannas inscne fréamhaithe i luachanna an Aontais (2) agus go bhfuil cur chuige iomlánaíoch agus cothrománach ag teastáil chun an comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus deireadh a chur le héagothromaíochtaí. Ní féidir an comhionannas inscne a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe mura gcothaítear cultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil, cultúr a bhaineann le saol iomlán an duine agus ina soláthraítear bearta a chuirtear in oiriúint do na saintréithe agus na riachtanais ar leith a bhaineann le gach céim den saol sin.

2.3.

Ní mór cultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil a chothú ó thús na luath-óige trí shampla a thabhairt do leanaí sa teaghlach, trí chearta comhionanna gach baill den teaghlach a choimirciú, trí iompar fulangach a thaispeáint mar an t-iompar a mbítear ag súil leis, agus trí spás agus am príobháideach gach duine a urramú. Ba cheart gach claontacht maidir le gníomhaíochtaí, tascanna agus obair a roinnt ar bhonn “baineann” agus “fireann” a sheachaint, agus gan aon chineál iompair mhíchothroim a léiriú ná a mhúineadh. Bainfear an méid sin amach ar bhonn a fhoghlamtha i mbun a dhéanta agus tosófar air ag céim chomh luath le cúram na haire don leanbh agus don naíonán, cúram a roinnfidh an bheirt tuismitheoirí go cothrom eatarthu féin agus uainíocht chóir á déanamh acu ar a chéile. Déanfaidh siad an méid sin go léir ar bhealach tacúil ionas nach sárófar a gcearta faoi seach chun príobháideachais, chun obair a dhéanamh agus chun sosa. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a seacht ndícheall a dhéanamh tacú leis an mbeirt tuismitheoirí a saol príobháideach agus a saol gairmiúil a thabhairt le chéile agus roghanna iomchuí a thabhairt do theaghlaigh. Tá sé fíorthábhachtach go gcuirfear an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil chun feidhme go héifeachtach agus go ndaingneofar oideachas agus cúram luath-óige inrochtana agus inacmhainne.

2.4.

Tosaíonn lánpháirtiú leanaí sa tsochaí chomh luath agus a thosaíonn siad sa naíolann agus ansin ar an naíscoil. Dá bhrí sin, ní mór do na cineálacha sin saoráidí cúraim teagasc agus oiliúint láidir a fhorbairt i dtaobh chultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil. Is leor ann féin gur mná iad an chuid is mó de na hoibrithe a fhostaítear i roinnt mhaith de na saoráidí sin leis an steiréitíopa nó an chreidiúint a chur i dtreis gur cúram do mhná é leanaí a thógáil agus aire a thabhairt dóibh.

2.5.

Is é an chéad phríomhchéim eile atá le glacadh ná teagasc inscne-neodrach agus comhthéacsanna foghlama saor ó steiréitíopaí inscne a chur ar fáil do dhaoine óga i rith bhlianta na scoile. Tá beag is fiú déanta in go leor Ballstát dá thábhachtaí atá sé sin. Is den ríthábhacht é, mar shampla, suim na leanaí in ábhair ETIM a chothú de réir a bhfuil ar siúl ina n-inchinn seachas de réir a n-inscne, chun a áirithiú go ndéanfar na hinniúlachtaí atá acu agus an cumas atá iontu a spreagadh agus a fhorbairt ina iomláine ionas go rachaidh sé chun tairbhe dóibh sa chuid eile dá saol. Anuas ar ghné an eolais, tá sé chomh tábhachtach céanna a áirithiú go bhfoghlaimeoidh leanaí agus daoine óga scileanna sóisialta agus scileanna riachtanacha eile agus go bhforbróidh siad éirim mhothúchánach ar bhealach inscne-neodrach, gan aon lipéadú míchothrom ná claontachtaí a bhrú orthu. Tá sé sin bainteach freisin le droim láimhe a thabhairt le steiréitíopaí inscne a bhaineann le cuma an duine.

2.6.

Is gné ríthábhachtach de chultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil é féinmheas agus féinmhuinín a chothú i leanaí agus i ndaoine óga, rud a d’fhéadfadh, sa chás is fearr, bonn a chur faoi mheon dearfach as a dtiocfadh tuiscint ar cad is comhionannas ann agus a bhfíorófaí an comhionannas dá thoradh sa chuid eile dá saol.

2.7.

D’fhonn comhionannas inscne a fheabhsú, cuidiú le forbairt gairme agus coinneáil post, agus leithscaradh a chosc i gcúrsaí léinn agus gairme, tá sé tábhachtach gairmthreoir a chur ar fáil ina n-urramaítear an comhionannas inscne. Cé go bhfuil sé tábhachtach cailíní a mhealladh chun staidéar a dhéanamh ar ábhair ETIM, tá sé tábhachtach freisin níos mó buachaillí a mhealladh chun staidéar a dhéanamh agus cur isteach ar ghairmeacha i réimse an chúraim agus an oideachais, go háirithe i bhfianaise riachtanais chúraim mhéadaitheacha an daonra atá ag dul in aois (3).

2.8.

Chun tacú le cultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil i rith na haosachta go léir, ní foláir an comhionannas inscne a chothú i saol an teaghlaigh agus in aon ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus sochaíocha araon, lena n-áirítear gnólachtaí, seirbhísí poiblí agus an saol polaitiúil. Ós rud é gur ábhar cultúir é sin, ní féidir an sprioc sin a bhaint amach le beartais agus bearta aonair, tá aitheantas, úinéireacht agus tiomantas leanúnach gach gníomhaí den tsochaí de dhíth. Sa tSualainn, cuir i gcás, tír a bhfuil rialtas feimineach inti dar leis an rialtas féin, glactar cur chuige lena n-áirithítear go bhfuil eolas agus taithí na bhfear agus na mban araon in úsáid chun dul chun cinn i ngach gné den tsochaí a spreagadh (4).

2.9.

Ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh, creideann CESE go bhfuil sé riachtanach an comhionannas inscne a fhothú go córasach i gcomhthéacsanna éagsúla, agus an creat iomchuí dlíthiúil agus beartais a áirithiú san am céanna. Tá sé á mholadh ag CESE go ndéanfaidh na Ballstáit, arna dtacú ag an gCoimisiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, i dteannta comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta, feachtas múscailte feasachta agus faisnéise a mbeidh raon fada fairsing aige a sheoladh chun cultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil a chur chun cinn. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an ról lárnach atá ag na meáin thraidisiúnta agus na meáin shóisialta araon mar ardáin ar ar féidir dearcthaí a mhúnlú, mar shampla leis an bhfhógraíocht.

2.10.

Leis an bhfeachtas, ba cheart aird na gcinnteoirí a tharraingt ar staid agus dul chun cinn an chomhionannais inscne sa Bhallstát lena mbaineann, leis an méid sin a thomhas de réir an Innéacs Comhionannais Inscne, cuir i gcás. Chomh maith leis sin, ba cheart na Ballstáit a spreagadh leis an bhfeachtas chun dea-shampla a lorg ina chéile agus dea-chleachtais a roinnt. Ba cheart do na húdaráis riaracháin phoiblí agus d’eagraíochtaí poiblí ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla tríd an gcomhionannas inscne a fheabhsú ina gcuid gníomhaíochtaí féin. Mar dhea-chleachtas, tá CESE ag moladh go ndéanfaidh na gníomhaithe sin, i dteannta ceardchumann, eagraíochtaí fostaithe agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhdhéanamh a mboird bhainistíochta agus mhaoirseachta ó thaobh inscne de a chur in iúl don phobal. Ar mhaithe leis an mbraistint dhearfach sin a mhúscailt i measc an tsochaí trí chéile, ba cheart teachtaireachtaí diongbháilte maidir leis na buntáistí a bhaineann le comhionannas inscne a dhíriú go háirithe ar fhir agus buachaillí san fheachtas.

2.11.

I bhfianaise an tionchair shuntasaigh a bhíonn ag cinntí polaitiúla ar shaol an tsaoránaigh, tá comhionannas inscne thar a bheith tábhachtach maidir le rannpháirtíocht sa chinnteoireacht pholaitiúil ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus bardasach. Is gá cur le feasacht na vótálaithe, chomh maith le feasacht na bpáirtithe a ainmníonn na hiarrthóirí, má táthar chun an sciar de na polaiteoirí ar mná iad a mhéadú.

2.12.

Ós rud é go bhfuil gá le bearta a thabhairt isteach i roinnt réimsí beartais chun comhionannas inscne a fheabhsú, tá CESE ag iarraidh arís eile ar an lucht ceaptha beartas ar na leibhéil iomchuí prionsabal an phríomhshruthaithe a leanúint agus gné an chomhionannais inscne a chur san áireamh i ngach cinneadh, lena n-áirítear cinntí maidir le buiséid, infheistiú agus cistiú, agus freisin i dtaobh soláthar poiblí. Ní mór freisin faireachán agus measúnú cuí a dhéanamh ar an bpríomhshruthú inscne. Anuas air sin, tá cur chuige iomlánach ag teastáil le haghaidh an chomhionannais inscne, agus aird ar leith á tabhairt ar na cásanna ina bhfuil an comhionannas inscne i gceist i dteannta saintréithe eile, amhail míchumas, bunadh eitneach, tuismitheoireacht aonair, stádas socheacnamaíoch, aois nó claonadh gnéis agus mar sin de.

2.13.

Tá CESE ag moladh d’institiúidí, Ballstáit agus geallsealbhóirí uile an Aontais úsáid ghníomhach a bhaint as an obair luachmhar atá déanta ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), mar shampla i gcás a bhaineann le sonraí agus staidreamh atá imdhealaithe ó thaobh inscne de. Ba mhaith le CESE a léiriú chomh maith a thábhachtaí atá cuimsiú gníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta a mhéid a bhaineann le comhionannas inscne a chur chun cinn, ós rud é go bhfuil sé sin nasctha, ar go leor bealaí, go díreach leis an margadh saothair agus le dálaí oibre. Príomhuirlis is ea an chómhargáil chun an comhionannas inscne i saol na hoibre a bhaint amach. Tá sé tábhachtach chomh maith CESE a úsáid mar ardán gníomhach chun obair ar chultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil a chothú.

3.   Barúlacha sonracha — fostaíocht sa téarnamh ón bpaindéim

3.1.

Cé gur ghoill paindéim COVID-19 ar mhná agus fir araon, ní hionann na tionchair a bhí aici orthu agus cuireadh i mbaol an dul chun cinn a rinneadh sna Ballstáit le deich mbliana anuas, ó thaobh na héagothromaíochtaí inscne i saol na hoibre a laghdú, de dheasca éifeachtaí na géarchéime. Ní hamháin go bhfuil an chothromaíocht oibre is saoil curtha as a riocht de dheasca na paindéime, ach is iad na mná is measa atá buailte aici i ngeall ar chaillteanas post nó dífhostaíocht shealadach, ós rud é gurb iad na hearnálacha siúd a bhfuil na mná mar thromlach iontu is mó dá ndearnadh difear (5). Is mó is dóichí freisin go bhfaighfí tuairisc ó fhiontraithe ar mná iad gur dúnadh gnólacht de dheasca na paindéime ná go bhfaighfí tuairisc ó fhear. Ba san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh a bhí an bhearna ba mhó a tuairiscíodh idir na hinscní, áiteanna a bhfuil seans 50 % níos mó iontu go ndéanfadh mná seachas fir scor a thuairisciú (6).

3.2.

Ó thaobh an chomhionannais inscne agus na héagsúlachta de, tá sé ar cheann de phríomhdhúsláin an téarnaimh tar éis na paindéime a áirithiú go bhfuil na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta íogair ó thaobh inscne de agus go bhfuil gníomhaíochtaí spriocdhírithe san áireamh iontu chun an comhionannas inscne a fheabhsú sa mhargadh saothair. Leis na bearta sin, ba cheart na dálaí cuí a chruthú le haghaidh na fiontraíochta agus chun gnó a dhéanamh, lena n-áirítear creat fioscach tacúil agus na constaicí atá roimh fhiontraíocht na mban a bhaint.

3.3.

Tá baint ag an ngá atá le costaicí a bhaint agus dreasachtaí a chur ar fáil le rannpháirtíocht fhoriomlán na mban i margaí saothair, beag beann ar ghairm agus tasc. Tá baint aige sin freisin le mná ó liath go leanbh. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach páirt a thabhairt do dhaoine óga sna margaí saothair trí dheiseanna a chur ar fáil dóibh le haghaidh poist ardcháilíochta, tá sé tábhachtach freisin deiseanna a chur ar fáil do dhaoine scothaosta a gcion féin a dhéanamh ar bhealach cuí (7). I bhfianaise na ndúshlán atá ag teacht chun cinn mar gheall ar an daonra a bheith ag dul in aois agus lucht saothair oilte a bheith ag dul i laghad i roinnt earnálacha, is tábhachtaí fós cuimsitheacht na margaí saothair, ó thaobh na maicreacnamaíochta de chomh maith.

3.4.

Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá leis an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a thrasuí go huaillmhianach agus go héifeachtach chomh maith. D’fhonn cothromaíocht oibre is saol níos fearr a chur chun cinn agus a éascú do thuismitheoirí, leagfar síos na módúlachtaí praiticiúla i bpróiseas na cómhargála, arb í sin an ionstraim cheart chun na réitigh agus na cleachtais is fearr a chur san áireamh ar mhaithe le leas na n-oibrithe agus na ngnólachtaí. Mar shampla, i dteannta socruithe solúbtha oibre agus saoire solúbtha tuismitheora atá íoctha, tá ról maidir leis an gcomhionannas inscne a fheabhsú ag cánachas agus dreasachtaí eile chun go bhfanfaidh mná sa mhargadh saothair. Ach pá iomchuí a bheith ann do shaoire atharthachta, go háirithe sna chéad mhíonna, spreagfaí an t-athair saoire níos faide a ghlacadh, rud a bheadh cabhrach dó chun caidreamh níos dlúithe a chothú leis an leanbh agus a chabhródh leis an máthair teacht ar ais chuici féin, agus a cothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú san am céanna. Cabhraíonn cánachas ar leith ar ioncam céilí leis an mbeirt tuismitheoirí a spreagadh le bheith gníomhach sa mhargadh saothair. Ní foláir a thabhairt faoi deara, maidir le bearta a éascaíonn agus a dhreasaíonn obair, go cuireann siad le pinsin níos cuibhiúla freisin.

3.5.

Cé gur tháinig méadú le deich mbliana anuas ar rannpháirtíocht na mban i margaí saothair, is ann go fóill do leithscaradh soiléir inscne (8). Níl deireadh go fóill leis na héagothromaíochtaí maidir le rochtain na mban ar oideachas agus ar dheiseanna eacnamaíocha, cé gur san Eoraip atá na rátaí is lú éagothromaíocht i gcomparáid le háiteanna eile ar domhain, bíodh is go bhfuil roinnt difríochtaí idir Iarthar agus Oirthear na hEorpa (9). Chomh maith leis sin, d’iarr CESE go dtabharfar bearta isteach go pras chun na bearnaí pá agus pinsin idir fir agus mná a dhúnadh i ngach réimse agus earnáil, go háirithe trí bhearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá (10), agus tá sé á chur i bhfáth aige gur de dheasca na bearna pá gur measa an bhearna phinsin, rud atá ina bhagairt ar na mná go háirithe.

Thairis sin, déanann an comhthéacs cultúrtha agus steiréitíopaí traidisiúnta difear do na roghanna a dhéanann mná maidir le gairm. Mar shampla, tá i bhfad níos mó ban ná fir ag obair i réimse an oideachais, réimse an chúraim, réimse an tsláinte agus i réimsí sóisialta, agus tá i bhfad níos mó fear ag obair in earnálacha amhail an earnáil tógála agus tionscail throma.

3.6.

Agus comhionannas inscne á chur chun cinn mar chuid de chlár oibre cuimsitheach inbhuanaithe um fhorbairt tionscail, ní mór iarrachtaí a dhíriú ní hamháin ar iomaíochas earnálacha eacnamaíocha a bhfuil líon suntasach ban ag obair iontu cheana a neartú, ach freisin ar a chur ar a gcumas a bheith rannpháirteach in earnálacha agus róil nua. De réir mar a thagann mná isteach in earnálacha agus gairmeacha a gcoinnítí amach astu iad, beidh earnálacha atá ag teacht chun cinn in ann borradh a chur fúthu féin trí thacair scileanna níos saibhre agus níos ilghnéithí a chur chun lántairbhe. Tá sé riachtanach poist ardcháilíochta a thairiscint chun a áirithiú nach gcuirfear na héagothromaíochtaí inscne atá ann cheana féin ar aghaidh chuig na hearnálacha nua sin.

3.7.

Tá leithscaradh inscne le feiceáil san oideachas freisin. Cé go mbaineann mná céimeanna amach ó institiúidí oideachais tríú leibhéal agus go ngabhann siad don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, is fearr leo ábhair nach iad an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic iad. Ós rud é nach mór an téarnamh tar éis na paindéime a dhéanamh i gcomhréir leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, tá ról níos riachtanaí fós ag inniúlachtaí ETIM. Ina theannta sin, is den ríthábhacht scileanna mothúchánacha (mar shampla, scileanna pearsanta agus sóisialta) i dteannta inniúlachtaí feidhmiúla óir tá siad sin ina mbonn le hathléimneacht, neart meabhrach, bainistíocht coinbhleachta, comhoibriú agus cumarsáid fhíorasach a éascú. Go deimhin, ní mór díriú sa todhchaí ar an éirim réasúnach agus an éirim mhothúchánach. Ní mór an t-oideachas mothúchánach a chuimsiú i gcultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil, ós rud é gur shonraigh an Fóram Eacnamaíoch Domhanda 2021 go bhfuil an chruthaitheacht, an éirim mhothúchánach agus an cumas fadhbanna casta a réiteach i measc na seacht scil is mó a theastaíonn ón duine sa lá atá inniu ann (11).

3.8.

I ndáil leis an gclaochlú digiteach, is féidir leithscaradh soiléir inscne a fheiceáil san oideachas agus i margaí saothair i dtéarmaí dáileadh céimithe sa teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC), speisialtóirí TFC, agus eolaithe agus innealtóirí in earnálacha ardteicneolaíochta.

3.9.

Is den ríthábhacht é suim cailíní in ETIM a mhúscailt chun go gcuimseofaí go rathúil i ngairmeacha na todhchaí iad. Anuas air sin, tá bearta dírithe agus cláir forbartha ag teastáil chun cuidiú lena mealladh i dtreo gairmeacha a bhaineann le ETIM agus chun go bhfanfadh siad sna gairmeacha sin. I gceann 10 mbliana, beidh scileanna digiteacha de dhíth i 9 bpost as gach 10 gcinn (12). Sa saol oibre amach anseo, rachfar i dtreo gairmithe teicneolaíochta amhail innealtóirí ríomhaireachta agus speisialtóirí TFC. Is mná iad 65 % de na fostaithe san Eoraip. Faraor, níl iontu ach 17 % de lucht saothair TFC na hEorpa. Ina theannta sin, maidir leis na poist a ngabhfaidh an teicneolaíocht iad faoi 2026, meastar gur poist atá ag mná a bheidh i gceist le 57 % acu (13).

3.10.

Tá rannpháirtíocht na mban i bhforbairt na hintleachta saorga ríthábhachtach d’fhonn algartaim a sheachaint atá bunaithe ar shonraí claonta maidir leis an bhfíorshaol agus a thugann, mar sin, torthaí atá claonta. Tá gá le cur chuige trasnach sa réimse seo chomh maith. Anuas air sin, ós rud é go bhfuil rochtain ar nascacht ardluais agus ar na scileanna digiteacha is bonn le claochlú digiteach rathúil, ní mór fáil agus rochtain a bheith ag gach duine orthu, beag beann ar inscne, aois, míchumas, cúlra socheacnamaíoch, ná suíomh geografach.

3.11.

Ó thaobh an aistrithe ghlais de, cruthaíonn gannionadaíocht na mban i réimsí na teicneolaíochta fadhbanna chomh maith ós rud é go bhfuil gá le forbairt agus tabhairt isteach an-chuid réitigh theicneolaíocha dhifriúla chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus fadhbanna comhshaoil.

3.12.

Cé nach mór scileanna digiteacha agus glasa a mheas mar dhlúthchuid de gach gairm, d’fhéadfadh sé go meallfaidís daoine óga níos mó ná oibrithe níos sine. Ar an taobh eile de, tá difríocht shoiléir ann idir scileanna TFC a bhaineann leis an obair, mar shampla bainistíocht sonraí agus foilsitheoireacht deisce, agus an litearthacht dhigiteach a shamhlaítear atá ag daoine óga go coitianta, eadhon teachtaireachtaí a sheoladh agus an t-idirlíon a úsáid mar chaitheamh aimsire.

3.13.

Seachas inniúlachtaí ETIM, tá sé tábhachtach freisin cailíní a spreagadh chun staidéar a dhéanamh ar ábhair eacnamaíochta agus bhainistíochta d’fhonn iad a ullmhú le haghaidh róil cheannaireachta. Thairis sin, tá sé tábhachtach iad a threorú chun scileanna fiontraíochta agus scileanna bainistithe riosca a fhoghlaim agus a bhféinmhuinín a neartú chun dul i ngleic le siondróm an phasadóra agus é a sheachaint (14). Ag breathnú ar shaintréitheacht an struis i mná, is cosúil go bhfuil claonadh acu chun pearsantachtaí níos indírithí, seachas pearsantachtaí eisdíritheacha, i gcásanna strusmhara. Is ea a bhíonn de thoradh air sin nach dtéann mná sa tóir ar phoist oscailte mar gheall go mbíonn eagla orthu roimh thráchtanna diúltacha ó dhaoine eile, rud a ghoilleann go pearsanta orthu, nach mothaíonn siad go bhfuil siad cáilithe mura gcomhlíonann siad, nó fiú róchomhlíonann siad, na sonraíochtaí sa chur síos ar an bpost, agus nach dteastaíonn uathu gur mar gheall ar iarracht cuóta a bhaint amach a thabharfaí post dóibh. Déantar é sin a nascadh siar go minic le creidiúntaí agus údair eagla (neamh-chomhfhiosacha). Cé go bhfuil gá le bearta praiticiúla ar leibhéal na modhanna teagaisc agus foghlama agus ar leibhéal na gairmthreorach chun scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú, ba cheart na cuspóirí sin a cheangal freisin leis an gclár ginearálta múscailte feasachta maidir le cultúr an chomhionannais inscne ar feadh an tsaoil.

3.14.

Gné shonrach amháin nach mór aghaidh a thabhairt uirthi ná laofacht inscne sa chúram sláinte mar gheall ar easpa taighde, oideachas atá bunaithe ar fhir, mídhiagnóis agus cóireáil easnamhach. Is furasta diagnóis mhícheart nó cógas mícheart a bheith ann mar gheall ar aineolas ar éagsúlachtaí atá bunaithe ar ghnéas agus inscne toisc nach ionann siomptóim na mban agus siomptóim na bhfear nó toisc go mbíonn dáileogacht drugaí bunaithe ar thrialacha cliniciúla arna ndéanamh go príomha ag fir. Tá easnamh taighde ann freisin maidir le riochtaí atá sonrach do mhná, amhail inmheatróis agus sos míostraithe, agus tá easpa sonraí ann freisin atá imdhealaithe ó thaobh inscne de sa taighde, rud a fhágann go bhfuil sé deacair na meicníochtaí a bhaineann le saincheisteanna sláinte a thuiscint agus freagairt iomchuí a fháil, mar shampla, don riosca níos airde do mhná go dtiocfadh COVID-19 fadmharthanach orthu.

3.15.

Ar mhaithe leis an tionchar diúltach atá ag cógas leighis laofa ar rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, tá CESE ag cur i bhfáth nach mór éagsúlachtaí atá bunaithe ar ghnéas agus inscne a chur san áireamh, agus aghaidh a thabhairt orthu, i straitéisí uile na hEorpa maidir le sláinte agus cógaisíocht. Thairis sin, ní mór ceart na mban chun cinntí neamhspleácha a dhéanamh maidir lena gcorp féin a urramú ina iomláine.

4.   Barúlacha sonracha — cothromaíocht oibre is saoil

4.1.

Ó thaobh na cothromaíochta oibre is saoil de, tá an-tábhacht ag baint leis an gcomhionannas inscne don gheilleagar agus don tsochaí ós rud é go bhfuil dlúthbhaint aige le folláine, fostaíocht agus rannpháirtíocht fhoriomlán i margaí saothair, agus freisin le gairmeacha agus róil san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Baineann sé sin le tascanna agus cúraimí éagsúla i ngnólachtaí, riarachán agus cinnteoireacht pholaitiúil.

4.2.

Is mó an dúshlán atá roimh mhná ná fir i dtaobh cothromaíocht oibre is saoil toisc gur mó an sciar den obair tí agus freagrachtaí cúraim neamhíoctha a dhéanann mná ná fir. De réir an Innéacs Comhionannais Inscne (15) (16), tá laghdú tagtha ó 2010 ar scór an Aontais Eorpaigh i dtaobh réimse an ama, rud a úsáidtear chun dáileadh na hoibre tí agus na bhfreagrachtaí cúraim a thomhas. Léiriú is ea na héagsúlachtaí suntasacha ó Bhallstát go Ballstát ar na difríochtaí atá iontu i dtaobh córais náisiúnta agus cúltúir theaghlaigh.

4.3.

Tá méadú tagtha ar an méid brú atá ar theaghlaigh maidir leis an gcothromaíocht oibre is saoil mar gheall ar an bpaindéim. Baineann sé sin go háirithe le mná agus máithreacha aonair agus, san am céanna, i dtaobh cúram leanaí, tá comharthaí ann a léiríonn gur laghdaigh an bhearna idir an hinscní toisc teilea-obair a bheith á déanamh ag an mbeirt tuismitheoirí (17). A bhuí leis an teilea-obair, tá go leor deiseanna ann cur leis an gcomhionannas inscne, agus d’fhéadfadh luach sa bhreis teacht as an gcomhordú feabhsaithe. Mar sin féin, tá foláireamh á thabhairt ag CESE chomh maith gur gá a áirithiú nach in olcas a rachaidh dáileadh na hoibre sa bhaile idir mná agus fir, rud atá éagothrom mar atá, mar gheall ar an teilea-obair a bheith ann (18). Rinne an phaindéim difear do chothromaíocht oibre is saoil na mban i róil éagsúla, lena n-áirítear fiontraithe, bainisteoirí, agus fostaithe. Níor cheart a ligean i ndearmad gur minic a bhíonn braistint dhifriúil ag mná i leith na cuntasachta agus na freagrachta nuair a bhaineann sé le “aire a thabhairt do dhaoine eile”.

4.4.

Tá go leor tosca a bhaineann le comhionannas inscne ag brath ar an mbonneagar sóisialta náisiúnta, rud a bhfuil ról tábhachtach aige maidir le rannpháirtíocht níos mó i margaí saothair agus cothromaíocht níos fearr oibre is saoil a bhaint amach. Is iad na córais is léire atá i gceist leis sin ná an córas cúraim, saoire tuismitheora, agus bearta fostaíochta.

4.5.

Tá CESE den tuairim, mar a luaigh sé cheana féin (19), go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfidh na Ballstáit an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil chun feidhme ar bhealach uaillmhianach, éifeachtúil agus tráthúil, d’fhonn roghanna iomchuí agus níos cothromaí a thabhairt do theaghlaigh, lena n-áirítear saoire tuismitheora íoctha níos fearr don bheirt tuismitheorí a chur chun cinn. Ag an am céanna, ní mór na riachtanais atá ag gnólachtaí, go háirithe FBManna, a chur san áireamh agus an Treoir á cur chun feidhme.

4.6.

Tá CESE á chur i bhfáth an gá atá le hinfheistíocht ó na Ballstáit i gcineálacha éagsúla bonneagair cúraim, lena n-áirítear cúram leanaí, cúram iarscoile, cúram daoine aosta, agus cúram do dhaoine faoi mhíchumas, ar mhaithe le hinrochtaineacht agus inacmhainneacht a áirithiú do chách. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit, i dteannta na gcomhpháirtithe sóisialta, ionstraimí iomchuí a ullmhú a chabhróidh le teaghlaigh rochtain éasca éifeachtach a bheith acu ar sheirbhísí tacaíochta agus cúraim.

4.7.

Lena chois sin, tá meon úr de dhíth ar gach leibhéal chun an comhionannas inscne i dtaobh na cothromaíochta oibre is saoil a fheabhsú. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach an smaointeoireacht steiréitipiciúil a laghdú agus a bhriseadh ó thaobh na ról sa teaghlach de. Baineann ríthábhacht freisin le cleachtais fostaíochta lena spreagtar an chothromaíocht oibre is saoil do mhná agus fir araon.

5.   Barúlacha sonracha — ceannaireacht

5.1.

Bíodh is go n-áirithítear an comhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú ag an obair leis an reachtaíocht, tacaítear le rannpháirtíocht na mban agus na bhfear i gceannaireacht ghnó ní hamháin trí dheiseanna comhionanna a chur ar fáil, ach freisin, trí bhíthin na mbuntáistí níos ginearálta eacnamaíocha agus sochaíocha a bhaineann leis an rannpháirtíocht sin, mar atá rannchuidiú le dearcthaí níos leithne, le cruthaitheacht agus le hiomaíochas (20). Is chun leasa na gcuideachtaí é úsáid a bhaint as ardoideachas agus buanna na mban trína bheith ag tacú le láithreacht na mban ar bhoird agus i róil cheannaireachta eile. Chuige sin, is gá lántuiscint a bheith ann ar na buntáistí a bhaineann leis an éagsúlacht, agus freisin ar an tionchar diúltach a imrítear ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí nuair nach gcuirtear an éagsúlacht chun cinn i ngach réimse.

5.2.

Cé go bhféadfaí an-chuid eile a dhéanamh fós leis an scéal a fheabhsú, chonacthas an dul chun cinn ba mhó ar scór an Aontais san Innéacs Comhionannais Inscne ó bhí 2010 ann i réimse na cumhachta, mar a ndéantar dul chun cinn sa chinnteoireacht pholaitiúil agus eacnamaíoch a thomhas. Bá é an dul chun cinn ba shuntasaí a chonacthas an méadú a tháinig ar líon na mban ar bhoird na gcuideachtaí liostaithe móra. Ba é sin ba chúis leis an gcuid is mó den mhéadú a tháinig ar scór an Innéacs (21).

5.3.

Ní hionann na modhanna trína bhfeabhsaítear an éagsúlacht inscne ar bhoird comhlachtaí ó Bhallstát go Ballstát (22) agus tá difríochtaí soiléire ann maidir le cúrsaí mar atá anois agus an dul chun cinn a rinneadh le himeacht aimsire. Tá cuótaí náisiúnta éigeantacha, idir 25 % agus 40 %, glactha ag roinnt Ballstát le haghaidh cuideachtaí móra liostaithe (23). Ar an taobh eile de, tá líon Ballstát ann atá thar mheán an Aontais nó a bhfuil dul chun cinn suntasach déanta acu gan na cuótaí, agus iad ag brath ar fhéinrialú. Sa Fhrainc, áit ar tugadh an reachtaíocht isteach in 2011, is ionann na mná agus os cionn 40 % de na comhaltaí boird agus tá ocht dtír ann ar mná iad os cionn aon trian de na comhaltaí boird atá ann. San am céanna, tá roinnt Ballstát ann ar lú ná 10 % sciar na mban iontu. Is ionann an sciar meánach san Aontas agus thart ar 30 %.

5.4.

Baineann na difríochtaí sin le cuideachtaí aonair chomh maith. Cé go bhfuil an-dul chun cinn léirithe ag na cuideachtaí ardleibhéil, is lú an t-athrú atá le sonrú i gcás na gcuideachtaí atá ag an leibhéal is ísle ó thaobh rangú na gcuideachtaí de (24). Chomh maith leis sin, cé gur ceannairí feidhmiúcháin iad comhaltaí boird go minic, b’fhiú a thabhairt faoi deara, maidir leis na tíortha a léiríonn na torthaí is fearr maidir le líon na mban atá i mbun róil príomhoifigigh feidhmiúcháin i gcuideachtaí móra, gur cosúil nach ionann na tíortha sin agus iad siúd a bhfuil na torthaí is fearr acu ó thaobh comhaltaí ar bhoird cuideachtaí de (25).

5.5.

Mar sin, is cosúil go bhfuil níos mó ná aon mhíniú amháin ar na difríochtaí idir na Ballstáit. Ní haon ionadh é sin, á chur san áireamh go bhfuil ról nach beag ag na difríochtaí idir na traidisiúin agus na cultúir náisiúnta i bhforbairt comhionannais inscne. Níl aon rud níos tábhachtaí ná tacú le forbairt dhearfach, dea-chleachtais a roinnt agus foghlaim ó thaithí daoine eile.

5.6.

Ina theannta sin, tá conclúidí agus moltaí ó CESE maidir leis an ábhar á gcur in iúl aige in athuair (26), agus is díol sásaimh dó an comhaontú polaitiúil ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air le déanaí i dtaobh na Treorach maidir leis an gcothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin cuideachtaí liostaithe, a mhol an Coimisiún in 2012. Tá an Coiste ag iarraidh ar institiúidí an Aontais an Treoir sin a chur i bhfeidhm go pras agus go héifeachtúil. Is iad na Ballstáit, agus comhairle á fáil acu ó na comhpháirtithe sóisialta, is fearr atá in ann na bearta praiticiúla is fearr agus is iomchuí a chinneadh chun sciar na mban ar na boird a mhéadú, á choinneáil i gcuimhne gurb iad úinéirí na gcuideachtaí a chinneann comhaltaí an bhoird.

5.7.

Tá CESE den tuairim go bhfuil sé tábhachtach ceannaireacht na mban a chur chun cinn trí chláir chomhchoiteanna do cheannairí ban agus do mhná atá ina n-iarrthóirí ar phoist ar bhoird nó mar fheidhmeannach sinsearach i ngnólachtaí, agus freisin trí oiliúint agus meantóireacht aonair (27). Tá sé sin ina spreagadh do na cuideachtaí infheistiú i gcláir den sórt sin, a bhféadfaí tacú leo le cistiú ón Aontas chomh maith. Ba cheart cothrom an phá a fhaigheann fir a bhfuil na róil chéanna acu a thabhairt do mhná agus ardú céime bainte amach acu chuig róil shinsearacha chorparáideacha, de réir phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann, prionsabal a bhfuil CESE go hiomlán ina fhabhar.

6.   Barúlacha sonracha — fiontraíocht

6.1.

Agus an fhiontraíocht á cur chun cinn, ní mór leas a bhaint as lánacmhainneacht fhéith chruthaitheach na mban agus a gcuid inniúlachtaí. Tá sé léirithe ag fiontraithe ar mná iad go bhfuil siad láidir agus athléimneach freisin in aimsirí géarchéime agus anoird (28).

6.2.

Go deimhin, tháinig an phaindéim anuas go trom ar fhiontraithe ar mná iad, agus sciar díréireach de na freagrachtaí cúraim á iompar acu, scéal nach ndearna an t-easpa seirbhísí cúraim leanaí agus an dianghlasáil ach é a fhágáil níos measa. Ina ainneoin sin, d’éirigh le roinnt mhaith fiontraithe ar mná iad an comhthéacs nua gnó a chur chun a leasa féin agus a bheith ina n-údair spreagtha ag daoine eile, go háirithe ag mná eile, le bheith ina bhfiontraithe iad féin chomh maith agus tuilleadh gnólachtaí a thosú. Bhí éifeachtaí dearfacha aige sin amhail cruthú post agus an fholláine fheabhsaithe a ghabhann leis sin.

6.3.

Tá roinnt de na rátaí is ísle san Eoraip ó thaobh fhiontraíocht na mban de i gcomparáid le cás na mban in áiteanna eile ar domhan (5,7 % i gcomparáid leis an 11 % arb é an meán domhanda é). Míniú amháin air sin is ea go bhfuil rogha níos mó post ag mná i dtíortha na hEorpa, i gcomparáid le háiteanna eile ar domhan. Mar sin féin, ba é ganntanas post an chúis ba choitianta a luadh i leith gnólachtaí a thionscnamh, rud a luaigh níos mó ban ná fir (29).

6.4.

Réamhriachtanas fiontraíochta is ea rochtain ar mhaoiniú agus ní mór rochtain chothrom a áirithiú ó thaobh maoiniú príobháideach agus cistiú poiblí araon de. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí na critéir a bhaineann le maoiniú ábhartha, amhail an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a mheasúnú d’fhonn comhionannas san fhiontraíocht a chur chun cinn, agus freisin chun infheistíocht a spreagadh i dtionscadail lena bhfeabhsaítear an comhionannas inscne, lena n-áirítear sa bhonneagar digiteach agus sa bhonneagar cúraim.

6.5.

Tá sé i bhfad níos dóichí san Eoraip nach mbeadh ach líon beag fostaithe (idir duine amháin agus cúigear) ag an mbean a bhfuil a gnóthas féin aici, nó gur dhuine féinfhostaithe í. Tá seans níos mó ann gur mhná ó aoisghrúpaí níos sine a bheadh i gceannas ar fhiontair. Cé go measann mná gur rogha tharraingteach í an fhiontraíocht agus go bhfuil siad, ar an meán, ardoilte, tuairiscíonn siad go mbraitheann siad nach bhfuil bua iontach fiontraíochta acu, a mhéid a bhaineann le deiseanna nua gnó a fheiceáil, na scileanna a bheith acu gnólacht a thionscnamh agus gan ligean don eagla go gclisfeadh orthu cur as dóibh (30).

6.6.

I dteannta cúiseanna cultúrtha, d’fhéadfadh an cineál sin braistinte teacht as na fadhbanna a bhaineann le héilimh na hoibre agus éilimh an teaghlaigh a chumasc le chéile. De thoradh air sin, d’fhéadfadh sé tarlú go gcloífeadh fiontraithe ar mná iad le hearnálacha áirithe agus go mbeadh leisce orthu a ngnólachtaí a fhorbairt. Chun fiontraíocht na mban a spreagadh, ní mór tacú le mná an lámh in uachtar a fháil ar na braistintí agus gnéithe sriantacha sin (31). I gcomhréir leis an gClár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr, arb é straitéis ardleibhéil an Aontais é chun a áirithiú go mbainfidh reachtaíocht an Aontais a cuspóirí amach ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla i gcoitinne, féadfar tuilleadh dreasachtaí a chur ar fáil trí bhearta a shimplíonn nósanna imeachta riaracháin agus a laghdaíonn costais chomhlíontachta, gan an bonn a bhaint ó leibhéal cosanta na reachtaíochta ábhartha (32).

7.   Barúlacha sonracha — dídeanaithe ón Úcráin

7.1.

Tá géarchéim dhaonnúil gan réamhshampla ann de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud a chruthaigh na céadta míle dídeanaithe, ar mná agus leanaí iad a bhformhór, atá ag lorg tearmainn i mBallstáit an Aontais Eorpaigh. Tá a seacht ndícheall á dhéanamh ag na Ballstáit uile, le tacaíocht ón tsochaí shibhialta, chun aire a thabhairt do na dídeanaithe, chun freastal orthu agus chun iad a lánpháirtiú sna margaí saothair, ach is iomaí dúshlán atá ann a bhfuil réitigh níos fearr ó thaobh comhordú de dhíth orthu (33).

7.2.

Ós rud é gur mná a bhfuil clann acu formhór na ndídeanaithe, tá rochtain ar sheirbhísí cúraim shóisialta, naíolanna, naíonraí agus scoileanna ina bac orthu a fhágann nach féidir na mná sin a lánpháirtiú sa mhargadh saothair. Thairis sin, is gnéithe lárnacha den lánpháirtiú sin iad an bhacainn teanga a shárú, oideachas agus cáilíochtaí na ndídeanaithe a aithint agus athsciliú agus uas-sciliú pras. Ní mór na háiseanna atá de dhíth chun cianobair a dhéanamh, amhail nasc idirlín agus gléasanna, a dhaingniú óir gur cuid de na huirlisí atá ag teastáil chun dul i ngleic leis an tsaincheist sin iad.

7.3.

Tá cur chuige níos comhordaithe idir na Ballstáit á iarraidh ag CESE agus an Treoir bheartais maidir le tacú le hionchuimsiú dídeanaithe ón Úcráin san oideachas: breithnithe, príomhphrionsabail agus cleachtais (34) á cur chun feidhme acu. Chomh maith leis sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach gach deis féideartha cistiúcháin a chur i ngníomh, go háirithe le haghaidh na mBallstát atá ag tabhairt isteach líon ollmhór dídeanaithe.

7.4.

Le linn cogaí agus teitheadh ó choinbhleachtaí, bíonn mná níos leochailí i dtaobh teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach. Is minic éigniú ina arm sa chogaíocht. I gcás na ndídeanaithe ban ón Úcráin, agus go háirithe ina gcás siúd a ndearnadh éigniú orthu, tá sé thar a bheith tábhachtach rochtain a bheith acu ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear frithghiniúint, frithghiniúint éigeandála, cúram sábháilte ginmhillte, agus cúram tráma síceolaíochta. Níor cheart iallach a chur ar mhná choíche leanúint de thoircheas nach bhfuil ag teastáil uathu. Níor cheart é a bheith ina chúis choíche le bac a chur ar mhná tír chontúirteach a fhágáil nach bhfuil seirbhísí den sórt sin i mBallstát ar leith. Ní mór do na Ballstáit uile rochtain ar na seirbhísí sin a áirithiú do gach dídeanaí. Go ginearálta, ní mór cúram tráma a thairiscint go réamhghníomhach do gach dídeanaí, mura ndéantar amhlaidh cuirfear bonn le dálaí as a bhféadfadh coinbhleachtaí agus mothúcháin dhiúltacha teacht ina dhiaidh sin, rud a rachadh chun dochair ar fad do na Stáit lena mbaineann. Sa réimse sin, tá géarghá le tairiscintí hibrideacha ísealtairsí tacaíochta agus ní mór tacú go comhsheasmhach le cistiú gnólachtaí nuathionscanta den sórt sin.

7.5.

Saincheist eile nach mór aghaidh a thabhairt uirthi is ea stádas vacsaínithe na ndídeanaithe, go háirithe na leanaí. A bhuí leis na cláir vacsaínithe dhea-fhorbartha do leanaí atá san Eoraip, tá deireadh curtha le roinnt mhaith galair chontúirteacha, amhail polaimiailíteas, bolgach, cineálacha áirithe heipitítis agus tuilleadh nach iad. Chun an t-éacht sin a chaomhnú, ní mór do na Ballstáit a gcórais cúraim sláinte a chur i mbun oibre. Bheadh treoracha ar leibhéal an Aontais ina gcabhair mhór sa phróiseas sin. Tagann castachtaí sa bhreis chun cinn ós rud é go mbíonn rochtain ar chúram sóisialta, amhail naíscoileanna nó scoileanna, faoi réir stádas vacsaínithe comhlíonta i mórán Ballstát.

7.6.

Ba cheart an deis a thapú amach anseo, agus an Úcráin á hatógáil, an comhionannas inscne i measc na nÚcránach a fheabhsú tríd an oideachas, an cúram sláinte, an bonneagar sóisialta agus an bonneagar digiteach a fhorbairt, i measc nithe eile nach iad.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  SOC/723 (Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), IO C 364, 28.10.2020, lch. 77, IO C 240, 16.7.2019, lch. 3, IO C 228, 5.7.2019, lch. 103.

(2)  Féach mar shampla, Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(3)  IO C 194, 12.5.2022, lch. 19.

(4)  https://sweden.se/life/equality/gender-equality.

(5)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 13.

(6)  Global Entrepreneurship Monitor.

(7)  Chun teacht ar thuilleadh gnéithe a bhaineann le hinscne agus dul in aois, féach freisin IO C 194, 12.5.2022, lch. 19.

(8)  An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE).

(9)  An tInnéacs Domhanda maidir leis an mBearna idir na hInscní.

(10)  IO C 341, 24.8.2021, lch. 84.

(11)  Tá bealaí aimsithe ag UP’N’CHANGE (www.upnchange.com), gnólacht nuathionscanta digiteach ar bhunaigh mná é, le leas a bhaint as saineolas domhain ar an tsíceolaíocht agus ar an gcóitseáil chun uirlisí digiteacha simplí a chruthú a chabhróidh le daoine scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaitheachta a fhorbairt. Is é fís UP’N’CHANGE acmhainn fostaithe a chur chun lántairbhe agus, chuige sin, baineann sé feidhm as uirlisí digiteacha lena chur ar chumas eagraíochtaí rath inbhuanaithe a bhaint amach. Óir, leis an tacar ceart scileanna, beidh comhoibriú éifeachtach ann. Má tá comhoibriú éifeachtach ann, beidh nuálaíocht ann. Agus, má tá nuálaíocht ann, beidh fás ann do chách.

(12)  An Cruinniú Bliantúil den Fhóram Domhanda Eacnamaíoch 2020.

(13)  Ibid.

(14)  Feiniméan an phasadóra, e.g. amhras a bheith ar dhuine faoina chumas nó faoina cumas agus faoina bhuanna nó faoina buanna féin, rud a d’fhéadfadh leisce a chur air nó uirthi cur isteach ar róil cheannaireachta nó róil a mbaineann ardstádas leo. Baineann sé seo go háirithe le daoine atá tugtha don mhachnamh, a mbíonn claonadh acu conlú chucu féin i gcúinsí strusmhara, agus a mbíonn deacrachtaí acu déileáil le daoine a léiríonn féinmhuinín láidir.

(15)  An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), https://eige.europa.eu/publications/gender-equality-index-2020-report/progress-gender-equality-most-notable-company-boards.

(16)  Eurofound.

(17)  Sevilla agus Smith 2020.

(18)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 13.

(19)  IO C 129, 11.4.2018, lch. 44.

(20)  Féach freisin IO C 318, 23.12.2009, lch. 15 agus IO C 341, 21.11.2013, lch. 6.

(21)  An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), Statistical brief: gender balance in corporate boards 2020 [Coimre staidrimh EIGE: an chothromaíocht inscne ar bhoird chorparáideacha 2020].

(22)  An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE).

(23)  https://eige.europa.eu/news/countries-legislated-quotas-could-achieve-gender-balance-parliaments-2026-those-without-may-take-close-twenty-years.

(24)  European Women on Boards https://europeanwomenonboards.eu/wp-content/uploads/2021/01/EWoB-Gender-Diversity-Index-2020.pdf.

(25)  Foinsí éagsúla arna gcur le chéile ag Comhlachas Tráchtála na Fionlainne, https://naisjohtajat.fi/wp-content/uploads/sites/28/2019/01/women-directors-and-executives-report-2018.pdf.

(26)  IO C 133, 9.5.2013, lch. 68.

(27)  Sárshampla amháin de sin is ea na cláir oiliúna agus thacaíochta a chuireann WKÖ ar fáil – https://www.wko.at/service/Women_in_Business.html.

(28)  Women's Entrepreneurship 2020/21: Thriving Through Crisis. Arna fhoilsiú ag Global Entrepreneurship Research Association, London Business School, ISBN: 978-1-9160178-8-7.

(29)  Ibid.

(30)  Global Entrepreneurship Monitor.

(31)  Féach freisinIO C 299, 4.10.2012, lch. 24.

(32)  SME focus – Long-term strategy for the European industrial future. An Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha i bParlaimint na hEorpa. Údar: Stephanus Johannes SMIT, PE 648.776 – Aibreán 2020.

(33)  Ag tógáil ar mholtaíIO C 242, 23.7.2015, lch. 9.

(34)  https://www.schooleducationgateway.eu/en/pub/resources/publications/policy-guidance-on-refugees.htm.


IARSCRÍBHINN

Diúltaíodh don leasú seo a leanas, ar caitheadh ar a laghad an ceathrú cuid de na vótaí a caitheadh ar a shon, le linn na díospóireachta (Riail 43(2) de na Rialacha Nós Imeachta):

LEASÚ 1

Arna chur síos ag:

ANGELOVA Milena

BLIJLEVENS René

KONTKANEN Mira-Maria

MINCHEVA Mariya

PILAWSKI Lech

VADÁSZ Borbála

SOC/731— Comhionannas inscne

Pointe 3.5

Le leasú mar seo a leanas:

Tuairim na rannóige

Leasú

Cé gur tháinig méadú le deich mbliana anuas ar rannpháirtíocht na mban i margaí saothair, is ann go fóill do leithscaradh soiléir inscne (1). Níl deireadh go fóill leis na héagothromaíochtaí maidir le rochtain na mban ar oideachas agus ar dheiseanna eacnamaíocha, cé gur san Eoraip atá na rátaí is lú éagothromaíocht i gcomparáid le háiteanna eile ar domhain, bíodh is go bhfuil roinnt difríochtaí idir Iarthar agus Oirthear na hEorpa (2). Chomh maith leis sin, d’iarr CESE go dtabharfar bearta isteach go pras chun na bearnaí pá agus pinsin idir fir agus mná a dhúnadh i ngach réimse agus earnáil, go háirithe trí bhearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá (3), agus tá sé á chur i bhfáth aige gur de dheasca na bearna pá gur measa an bhearna phinsin, rud atá ina bhagairt ar na mná go háirithe.

Thairis sin, déanann an comhthéacs cultúrtha agus steiréitíopaí traidisiúnta difear do na roghanna a dhéanann mná maidir le gairm. Mar shampla, tá i bhfad níos mó ban ná fir ag obair i réimse an oideachais, réimse an chúraim, réimse an tsláinte agus i réimsí sóisialta, agus tá i bhfad níos mó fear ag obair in earnálacha amhail an earnáil tógála agus tionscail throma.

Cé gur tháinig méadú le deich mbliana anuas ar rannpháirtíocht na mban i margaí saothair, is ann go fóill do leithscaradh soiléir inscne (1). Níl deireadh go fóill leis na héagothromaíochtaí maidir le rochtain na mban ar oideachas agus ar dheiseanna eacnamaíocha, cé gur san Eoraip atá na rátaí is lú éagothromaíocht i gcomparáid le háiteanna eile ar domhain, bíodh is go bhfuil roinnt difríochtaí idir Iarthar agus Oirthear na hEorpa (2). Chomh maith leis sin, d’iarr CESE go dtabharfar bearta isteach go pras chun na bearnaí pá agus pinsin idir fir agus mná a dhúnadh i ngach réimse agus earnáil, go háirithe trí bhearta maidir le trédhearcacht pá a chur chun cinn  (3), agus tá sé á chur i bhfáth aige gur de dheasca na bearna pá gur measa an bhearna phinsin, rud atá ina bhagairt ar na mná go háirithe.

Thairis sin, déanann an comhthéacs cultúrtha agus steiréitíopaí traidisiúnta difear do na roghanna a dhéanann mná maidir le gairm. Mar shampla, tá i bhfad níos mó ban ná fir ag obair i réimse an oideachais, réimse an chúraim, réimse an tsláinte agus i réimsí sóisialta, agus tá i bhfad níos mó fear ag obair in earnálacha amhail an earnáil tógála agus tionscail throma.

Toradh na vótála:

Ar son:

93

In aghaidh:

114

Staonadh:

12


(1)  An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE).

(2)  An tInnéacs Domhanda maidir leis an mBearna idir na hInscní.

(3)  SOC/678.

(1)  An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE).

(2)  An tInnéacs Domhanda maidir leis an mBearna idir na hInscní.

(3)  SOC/678.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 571ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (ar an láthair), 13.7.2022 – 14.7.2022

22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/75


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE a mhéid a bhaineann le tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas trí chosaint níos fearr ar chleachtais éagóracha agus trí fhaisnéis níos fearr

(COM(2022) 143 final — 2022/0092 (COD))

(2022/C 443/10)

Rapóirtéir:

Thierry LIBAERT

Comhrapóirtéir:

Gonçalo LOBO XAVIER

 

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 12.4.2022

 

Parlaimint na hEorpa, 7.4.2022

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

27.6.2022

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

82/0/3

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

209/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis na tograí ón gCoimisiún Eorpach chun cumas tomhaltóirí a neartú maidir leis an aistriú glas a chur chun cinn. Iarrann sé ar an gCoimisiún leibhéal ard uaillmhéine a choinneáil, ós rud é go bhfuil tionchar dearfach ag an tionscadal seo ar an ngeilleagar, ar an tsochaí agus ar an gcomhshaol.

1.2.

Leagann CESE béim ar an ngá atá ann gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis ar fáil go córasach do thomhaltóirí, go háirithe maidir le páirteanna spártha agus lámhleabhair deisiúcháin, agus maidir le nuashonruithe ar bhogearraí atá beartaithe.

1.3.

Áitíonn CESE ar an gCoimisiún a chuid uaillmhéine a léiriú trí thacú leis an bprionsabal maidir le hinnéacs deisiúcháin do tháirgí donna agus bána. Ba cheart don innéacs sin ionchais tomhaltóirí a chomhlíonadh maidir leis an éagsúlacht táirgí a chumhdaítear agus maidir leis na critéir a chuirfear san áireamh.

1.4.

Chomh maith le hindeisitheacht na dtáirgí sin, creideann CESE gur cheart don Choimisiún dul ar aghaidh leis an bprionsabal maidir le lipéadú coiteann agus simplí lena léirítear marthanacht na dtáirgí sna blianta atá le teacht.

1.5.

Ina theannta sin, ba cheart oiliúint na ndeisitheoirí nua agus uas-sciliú na ndeisitheoirí atá ann faoi láthair a spreagadh, ós rud é gur gné ríthábhachtach é sin chun an deisiú a fhorbairt agus gur foinse thábhachtach fostaíochta é dár mór-roinn. Iarrann CESE ar an Eoraip freisin a spleáchas ar amhábhair a laghdú d’fhonn a cumas a neartú chun páirteanna spártha a dheisiú agus a fheistiú. Mar an gcéanna, tá beartas um ationsclú atá dáiríre agus éifeachtach ag teastáil ón Eoraip. Léiríodh leis an ngéarchéim na laigí atá ann ar cheart iad a mheas mar dheis chun téarnamh a dhéanamh.

1.6.

Chomh maith leis an ngá atá le taispeáint thréimhse na ráthaíochta dlíthiúla a fhorfheidhmiú, is gá tomhaltóirí a chosaint níos fearr ar mhearbhall idir ráthaíochtaí dlíthiúla agus tráchtála. Thairis sin, i gcomhthéacs na ráthaíochta, ba cheart tús áite a bheith ag an deisiú ar an athsholáthar, gan teorainn a chur le saoirse na dtomhaltóirí réiteach ar a bhfadhb a roghnú.

1.7.

Chun saolré táirgí níos faide a spreagadh, tacaíonn CESE le cleachtais tráchtála nua a chur leis an liosta gníomhaíochtaí a mheastar a bheith míthreorach. Maidir le trí phointe, áfach, iarrann CESE ar an gCoimisiún dul níos faide ná an oibleagáid faisnéis a chur ar fáil.

na teicnící a tugadh isteach chun saolré na dtáirgí a ghiorrú: dar le CESE, ba cheart na cleachtais sin a áireamh mar chleachtais mhargaíochta mhíthreoracha, sa bhreis ar an easpa faisnéise,

neamh-indeisitheacht roinnt earraí: arís, d’fhéadfaí a mheas gur cleachtais mhargaíochta mhíthreoracha iad bacainní d’aon ghnó ar dheisiú, agus ní hamháin an easpa faisnéise ar an ábhar,

nuashonraithe ar dócha go mbeidh mífheidhmeanna mar thoradh orthu: i ndáil leis sin, is gá in-aisiompaitheacht an nuashonraithe a fhorchur.

1.8.

Ní mór cosaint níos fearr ar fhógraíocht mhíthreorach a bheith ag gabháil le neartú chumas an tomhaltóra chun gníomhú. Sa chiall sin, ní mór don chreat dlíthiúil don fhógraíocht prionsabail na forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú ar bhealach níos fearr.

1.9.

Dá bhrí sin, ní mór don fhógraíocht toirmeasc a chur ar aon mhaíomh gan bhunús, mar a tharlaíonn go minic maidir leis an neodracht carbóin, agus maidir le haon tagairt nó léiriú iompraíochta atá contrártha do chosaint an chomhshaoil agus caomhnú acmhainní nádúrtha. Tá gá freisin le cumhachtaí níos mó chun maíomh comhshaoil a fhíorú.

1.10.

D’fhonn mearbhall a sheachaint agus i bhfianaise iomadú na lipéad comhshaoil atá féinfhógartha go minic, ní mór don Choimisiún Eorpach béim níos mó a chur ar an éicilipéad Eorpach agus ar an ngá atá le nósanna imeachta deimhniúcháin maidir le lipéadú.

1.11.

Iarrann CESE ar an Aontas cosaint sceithirí ar shaintréithe comhshaoil táirgí a neartú d’fhonn bheith ar an airdeall faoi chleachtais mhargaíochta mhíthreoracha.

1.12.

Ar deireadh, iarrann CESE ar an gCoimisiún feasacht láidir na dtomhaltóirí a chur chun cinn maidir le saincheisteanna an tomhaltais fhreagraigh.

2.   Éirim an doiciméid ón gCoimisiún

2.1.

Tá sé mar aidhm ag an togra seo le haghaidh treorach cearta tomhaltóirí a neartú trí dhá threoir a leasú lena gcosnaítear leasanna tomhaltóirí ar leibhéal an Aontais: Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le cleachtais tráchtála éagóracha agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le cearta tomhaltóirí. Tá sé mar aidhm ag an togra cur le geilleagar ciorclach, glan agus glas san Aontas trí chur ar a gcumas do thomhaltóirí cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le ceannacháin agus, ar an mbealach sin, rannchuidiú le tomhaltas níos inbhuanaithe. Dírítear leis freisin ar chleachtais tráchtála éagóracha a chuireann tomhaltóirí ar míthreoir maidir le roghanna tomhaltais inbhuanaithe.

2.2.

Bhí an togra ar cheann de na tionscnaimh a leagadh amach sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí (3) agus sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (4) agus leanann sé an Comhaontú Glas don Eoraip (5).

2.3.

Cuirtear san áireamh leis an togra sraith beart d’fhonn an reachtaíocht atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta chun a áirithiú go gcosnófar tomhaltóirí agus go bhféadfaidh siad rannchuidiú go gníomhach leis an aistriú glas. Faoi láthair, ceanglaítear ar thrádálaithe leis an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí faoi phríomhthréithe na n-earraí nó na seirbhísí.

2.4.

Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil aon cheanglas ann faisnéis a sholáthar maidir le heaspa ráthaíochtaí tráchtála marthanachta, ní thugtar spreagadh leordhóthanach do tháirgeoirí leis an Treoir seo na ráthaíochtaí sin a sholáthar do thomhaltóirí. Léiríonn taighde, i gcás ina dtairgtear táirgí do thomhaltóirí le ráthaíocht tráchtála, gur minic a bhíonn an fhaisnéis faoi ráthaíochtaí tráchtála den sórt sin, agus an chaoi a ngearrtar táille ar thomhaltóirí, doiléir, neamhbheacht nó neamhiomlán, rud a fhágann gur deacair do thomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir táirgí agus an ráthaíocht tráchtála a idirdhealú ón ráthaíocht dhlíthiúil (éigeantach) (6).

2.5.

Thairis sin, níl ceanglais shonracha sa Treoir chun faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le hindeisitheacht earraí. An fhaisnéis sin, a chabhródh le deisiú earraí a chur chun cinn agus a bheadh an-luachmhar chun cabhrú le tomhaltóirí rannchuidiú le geilleagar ciorclach, níl sé ar fáil ag an díolphointe den chuid is mó. Léiríonn staidéir a rinneadh le déanaí go maíonn suas le 80 % de thomhaltóirí san Aontas go bhfuil deacracht acu eolas a fháil ar cé chomh héasca is atá sé táirge a dheisiú (7).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Sa lá atá inniu ann, bíonn an chuid is mó de thomhaltóirí na hEorpa ag gearán go bhfuil easpa faisnéise ann faoi thionchair an tomhaltais ar an gcomhshaol. Deimhníodh an méid sin leis an gcomhairliúchán a d’eagraigh an Coimisiún. In 2012, léirigh Eorabharaiméadar a rinne an Coimisiún maidir le “iompraíocht agus dearcadh na dtomhaltóirí Eorpacha i leith táirgí glasa” go raibh 92 % de fhreagróirí na hEorpa i bhfabhar faisnéis a sholáthar maidir le saolré táirgí.

3.2.

Tá an easpa faisnéise seo díobhálach, toisc gur dócha go spreagfaidh faisnéis shoiléir inléite athrú iompraíochta. Dheimhnigh CESE an méid sin i staidéar a rinne sé inar ghlac 3 000 tomhaltóir páirt. Is éard a bhí i gceist leis an staidéar ionsamhlú inar cuireadh faisnéis ar fáil maidir le saolré táirgí tomhaltais laethúla ar shuíomh siopadóireachta. De réir an staidéir sin, d’fhéadfaí díolacháin na dtáirgí fadsaoil a mhéadú 56 % tríd an bhfaisnéis sin a chur ar fáil.

3.3.

Tá tábhacht shóisialta mhór ag baint leis an easpa faisnéise do thomhaltóirí. Fágann na deacrachtaí a bhaineann le cumhacht ceannaigh go bhfuil sé níos tábhachtaí fós tacú le grúpaí sóisialta meánmhéide agus faoi mhíbhuntáiste i dtreo tomhaltas níos freagraí. Is bealach é feabhas a chur ar fhaisnéis do thomhaltóirí trí mhodhanna simplí chun tomhaltas freagrach a dhéanamh níos inrochtana do na daoine is leochailí.

3.4.

Trí fhaisnéis níos fearr a chur ar fáil do thomhaltóirí, neartófar samhail ghnó na ngnólachtaí Eorpacha. I bhfianaise na rioscaí maidir le dumpáil a bhaineann le hallmhairí táirgí saora, beidh FBManna agus a gcliaint in ann a n-infheictheacht i measc na dtomhaltóirí a mhéadú agus beidh siad in ann cáilíocht na dtáirgí a dheartar san Eoraip a chur chun cinn.

3.5.

Is féidir le miondíoltóirí agus siopaí fisiciúla Eorpacha dearcadh dearfach a ghlacadh i leith na bhforbairtí reachtacha seo atá ag teacht chun cinn, mar gur dócha go gcuirfidh siad lena mbuntáiste comparáideach ar bhrandaí ar líne. Déantar an ról comhairleach a chuireann an díoltóir fisiciúil ar fáil a threisiú leis an bhfaisnéis nua a chuirtear ar fáil don tomhaltóir. Cuidíonn forbairtí den sórt sin le fostaíocht san Aontas a neartú. Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór go mbeidh na hacmhainní daonna iomchuí ag an Eoraip. Iarrann sé ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí, go háirithe FBManna agus oiliúint á cur ar fáil acu.

3.6.

Cé go bhfuil sé fíorthábhachtach faisnéis iomchuí ar an gcomhshaol a sholáthar, is gá a áirithiú go gcuirfear éagsúlacht na dtionchar comhshaoil san áireamh. Tá an tionchar ar an aeráid, a thomhaistear i bhfoirm astaíochtaí gás ceaptha teasa, ina ghné lárnach den díospóireacht phoiblí, ach níl ann ach cuid den tionchar ar an gcomhshaol. Mar shampla, léiríonn anailísí ar shaolré táirgí go dtagann an tionchar comhshaoil don chuid is mó d’earraí tomhaltais ó eastóscadh acmhainní agus ó tháirgeadh táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina thosaíocht chomhshaoil fad saoil na dtáirgí a fhadú.

3.7.

Mar sin féin, a mhéid a bhaineann le gach ceann de na gnéithe sin, níl meántomhaltas mhuintir na hEorpa inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Mar shampla, de réir ríomh an loirg éiceolaíoch, bheadh gá le 2,8 pláinéad chun go mbeadh muintir na hEorpa in ann leanúint leis an stíl mhaireachtála atá aici faoi láthair.

3.8.

I roinnt mhaith cásanna, laghdaítear saolré táirgí de bharr dearadh táirgí, bíodh sé trí phróisis theicniúla, trí bhacainní a dheisiú nó trí theicnící bogearraí. Tá an dífheidhmeacht anabaí mar thoradh air sin ar cheann de na príomhghnéithe a chuireann le míshásamh na dtomhaltóirí, ar íospartaigh iad de neamhshiméadracht láidir faisnéise.

3.9.

Ar deireadh, tugann CESE dá aire go bhfuil sé níos tábhachtaí fós ceannasacht na hEorpa a neartú de bharr an chogaidh san Úcráin. Maidir leis an méid sin, ba cheart tionscnaimh a chuireann le saolré níos fearr táirgí, go háirithe iad siúd a bhaineann le miotail straitéiseacha, a spreagadh.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.   Faisnéis bhreise a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le marthanacht earraí

4.1.1.

I bhfianaise an tábhacht a bhaineann le saincheisteanna maidir le saolré táirgí, is gá faisnéis do thomhaltóirí a fheabhsú. Sa chiall sin, cuireann CESE in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún soláthar faisnéise maidir le hinfhaighteacht páirteanna spártha, le lámhleabhair úsáideora nó leis an tréimhse a chumhdaítear le nuashonruithe bogearraí a chórasú.

4.1.2.

Ba cheart a mheabhrú, cé go bhfuil an easpa faisnéise díobhálach, go mbeadh an iomarca faisnéise nó an iomarca faisnéis theicniúil chomh díobhálach céanna.

4.1.3.

Tugann CESE rabhadh don Choimisiún maidir leis na míbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le faisnéis nua a thugtar trí bhíthin r-lipéad nó cód QR. Chomh maith leis an tionchar chomhshaoil breise a bhíonn ag na teicnící sin, ba cheart a mheabhrú gur bac breise é aon ghníomh breise (e.g. go mbeadh gá d’fhón póca a úsáid chun cliceáil agus gabháil scáileáin a dhéanamh) ar an tomhaltas freagrach.

4.1.4.

Is céim sa treo ceart é an togra ón gCoimisiún, ós rud é go nasctar leis dúshláin na cumarsáide le dúshláin a bhaineann le dífheidhmeacht anabaí na dtáirgí. Is é an chéad chéim chun faisnéis do thomhaltóirí a neartú innéacs deisiúcháin a thabhairt isteach don oiread táirgí agus is féidir, mar a tugadh isteach sa Fhrainc in 2021. Tá an indeisitheacht ar cheann de na gnéithe is intomhaiste go héasca de mharthanacht táirge.

4.1.5.

Chun dul i ngleic leis na dúshláin, ní mór an t-innéacs deisiúcháin a cheapadh ar bhealach uaillmhianach agus ní mór é a bhunú ar dhá ghné ar a laghad. Ar thaobh amháin, ní mór dó a mhéid táirgí leictreacha agus leictreonacha agus fearais tí is féidir a chumhdach. Ar an taobh eile, ní mór gach gné den indeisitheacht a ionchorprú, lena n-áirítear an costas deisiúcháin (praghas na bpáirteanna spártha) agus coinníollacha na tacaíochta bogearraí.

4.1.6.

Dar le CESE, ba cheart do bheartas uaillmhianach maidir le faisnéis do thomhaltóirí dul níos faide ná an indeisitheacht. Baineann ionchais na dtomhaltóirí den chuid is mó le marthanacht táirgí, seachas leis an bhféidearthacht iad a dheisiú. Tá trácht déanta cheana féin ag CESE ar an bpointe seo (8). Ba cheart don Aontas innéacs simplí maidir le marthanacht táirgí a bheith aige, lena n-ionchorpraítear an indeisitheacht, an stóinseacht agus cé chomh héasca a bheadh sé na táirgí sin a uasghrádú, rud a chuirfeadh go hindíreach le hationsclú na hEorpa. Ní mór an prionsabal sin a áireamh sna tograí ón gCoimisiún, ionas nach dtabharfar neamhaird ar cheann d’ionchais phríomha na dtomhaltóirí. Ní mór é a chur chun feidhme de réir a chéile agus a fhorálacha cur chun feidhme a chomhordú go soiléir leis na geallsealbhóirí.

4.1.7.

Is gá tuilleadh oibre a dhéanamh ar chosaintí chun faisnéis do thomhaltóirí a fheabhsú. Ar an gcéad dul síos, ní mór don Choimisiún prionsabal simplí a athdhearbhú: gur cheart an ráthaíocht um chomhréireacht (Treoir (AE) 2019/771 ó Pharliament na hEorpa agus ón gComhairle (9)) a thaispeáint i ngach áit, mar aon le fad na ráthaíochta sin, i siopaí fisiciúla agus ar líne, do gach táirge lena mbaineann. Go deimhin, ní mór an dlí atá ann cheana a chur i bhfeidhm sula gcuirfear cearta nua isteach.

4.1.8.

Is díol sásaimh do CESE gur cuireadh san áireamh na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag tomhaltóirí ráthaíochtaí tráchtála a idirdhealú ó ráthaíochtaí dlíthiúla. Dá bhrí sin, is díol sásaimh dó go bhfuil sé mar aidhm ag an gCoimisiún nach gcruthófar mearbhall leis na ráthaíochtaí tráchtála sin.

4.1.9.

D’fhonn a héifeachtaí dearfacha ar chosaint an chomhshaoil a mhéadú, d’fhéadfaí deisiú an táirge a chur chun cinn mar chuid den ráthaíocht, seachas táirge nua a chur ar fáil. Is féidir leis an Aontas tús áite a thabhairt don deisiú ar an athsholáthar i gcás ina gcliseann táirge tríd an deisiú a dhéanamh níos éasca, níos tapúla agus níos áisiúla do thomhaltóirí.

4.1.10

. I gcomhar leis na forálacha sin, dá ndéanfaí feasacht na saoránach a ardú, chuirfí ar bhonn níos forleithne fós leis an athrú sin ar an tomhaltas. Dá bhrí sin, ní mór feachtais maidir leis na dea-nósanna tomhaltais ar cheart a ghlacadh (maidir le faisnéis, earraí athláimhe, cothabháil táirgí) a chur chun cinn nó a thionscnamh fiú le tacaíocht ón tsochaí shibhialta eagraithe, a bhféadfadh ról lárnach a bheith aici sa togra seo.

4.2.   Na forálacha a neartú trí dhul thar an oibleagáid faisnéis a thabhairt

4.2.1.

Trí phionós a ghearradh ar an easpa faisnéise amháin, réiteodh an tAontas Eorpach an bealach chun na cleachtais sin a dhlisteanú, ar cleachtais iad nach bhfuil ar aon dul le cosaint an tomhaltóra agus le cosaint an chomhshaoil. Ní féidir leis an Aontas an easpa faisnéise a thoirmeasc maidir le teicníc arb é is aidhm di saolré táirge a theorannú, ach ní mór dó cosc a chur ar an gcleachtas sin ann féin. Is é sin le rá, ní bheadh sé intuigthe go gcuirfeadh an tAontas in iúl go bhfuil an dífheidhmeacht ceadaithe chomh fada agus atá faisnéis do thomhaltóirí ag gabháil léi. Ní mór don fhoráil teachtaireacht shoiléir a sheoladh chuig na monaróirí nach féidir táirgí san Eoraip a dhearadh sa chaoi is go gclisfidh siad roimh am.

4.2.2.

Ar an gcaoi chéanna, tá baol ag baint le foclaíocht eile sa Treoir nach ndéanfar tomhaltóirí a chosaint go leordhóthanach. Ní leor iallach a chur ar an monaróir a chur in iúl don tomhaltóir nach féidir earra a dheisiú. Ní mór toirmeasc a chur ar an gcleachtas féin maidir le hearraí a tháirgeadh chun nach féidir iad a dheisiú.

4.2.3.

Mar is eol do CESE agus don Choimisiún Eorpach, is minic a thagann nuashonruithe bogearraí as bogearraí atá ró-stóráilte agus dian ar fhuinneamh agus a laghdaíonn saolré an trealaimh nasctha. Leis an reachtaíocht, ba cheart dul níos faide ná é a cheangal ar an monaróir an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na héifeachtaí díobhálacha a bheadh ag nuashonrú. Arís eile, tá sé éasca a shamhlú conas is féidir an fhaisnéis seo a chur i bhfolach i lár sreabhadh faisnéise dearfa faoin nuashonrú seo, rud a fhágann go nglacann an tomhaltóir leis.

4.3.   Cleachtais a laghdaíonn cumhacht na dtomhaltóirí gníomhú a rialú agus pionós a ghearradh orthu

4.3.1.

Tugann an Coimisiún le fios, mar is ceart, go bhfuil cleachtais a bhaineann le “snasú glas” ar cheann de na príomhchonstaicí maidir le faisnéis a chuireann an t-aistriú glas chun cinn a chur ar fáil do thomhaltóirí. Léirítear sa dréacht-treoir, mar is ceart, gur gá pionós a ghearradh ar mhaoímh cineálacha a bhaineann leis an gcomhshaol, ar maíomh iad atá infhíoraithe.

4.3.2.

Is díol sásaimh do CESE an toirmeasc ar lipéid inbhuanaitheachta a thaispeáint nach bhfuil faoi réir scéim fhoirmiúil deimhniúcháin. Dá bhforbrófaí innéacs Eorpach de réir a chéile agus ar bhonn comhordaithe, mar a mholtar sa tuairim seo, bheifí in ann aghaidh a thabhairt ar an ngá sin.

4.3.3.

Is minic a bhíonn drochthionchar ag maíomh eile ar dhea-fhaisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí. Tá sé dlisteanach úsáid feidhmíochta comhshaoil a thoirmeasc nuair nach mbaineann sé ach le tréith amháin de chuid an táirge nó nuair nach bhfuil ann ach cur i bhfeidhm oibleagáidí dlíthiúla nó cleachtais choitinn.

4.3.4.

Chun tomhaltas freagrach a spreagadh, ní mór lipéid a neartú chun fíorbhearta comhshaoil a dheimhniú freisin. Sa chiall sin, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, ní bhaintear mórán úsáide as an éicilipéad Eorpach. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar thacaíocht a thabhairt chun an lipéad sin a dhéanamh níos inrochtana agus chun feachtas cumarsáide iomchuí a fhorbairt.

4.3.5.

I gcomhréir leis na pointí sin, ní mór don chreat dlíthiúil don fhógraíocht prionsabail na forbartha inbhuanaithe a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear creat láidir chun fógraíocht a dhéanamh ar na táirgí is truaillitheacha, rud atá ar aon dul le tuairim CESE ar an gceist seo le déanaí (10).

4.3.6.

Ar an gcaoi chéanna, cé nár cheart don fhógraíocht maíomh a bhaineann leis an gcomhshaol a úsáid don táirge iomlán nuair nach mbaineann siad ach le gnéithe áirithe den táirge sin, ní mór don fhógraíocht toirmeasc a chur ar aon mhaíomh gan bhunús freisin, mar a tharlaíonn go minic maidir leis an neodracht carbóin, agus maidir le haon tagairt nó léiriú iompraíochta atá contrártha do chosaint an chomhshaoil agus caomhnú acmhainní nádúrtha. Ina theannta sin, ní mór don fhógraíocht toirmeasc a chur ar aon léiriú a d’fhéadfadh beag is fiú a dhéanamh de chleachtais nó smaointe atá contrártha do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, nó a d’fhéadfadh na cleachtais agus na smaointe sin a chur chun cinn.

4.3.7.

D’fhonn rabhaidh luatha a eisiúint maidir le cleachtais mhargaíochta mhíthreoracha, is minic a bhíonn gá le faisnéis uathu siúd a chuireann táirgí ar an margadh iad féin. Sa lá atá inniu ann, áfach, is beag sceithire atá sa réimse seo, mar gheall go bhfuil eagla orthu roimh dhíoltas. Ba cheart a bheith in ann an nós imeachta sceithireachta a luaitear i dTreoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) a chur i bhfeidhm ar na sceithirí sin.

Ní bheidh na forálacha sin go léir lánéifeachtach ach amháin má dhéantar iad a chomhordú le gníomhaithe eacnamaíocha a dhéanann ionadaíocht ar fhiontair mhóra agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide, mar aon leis na comhpháirtithe sóisialta, comhlachais tomhaltóirí agus, ar bhonn níos leithne, leis an tsochaí shibhialta. Measann CESE gur beartas lárnach é sin sa mhéid is go ndeimhníonn sé múnla iomaíoch margaidh a oiriúnaíodh do shaincheisteanna comhshaoil, ar samhail í a bhaineann le tomhaltóirí agus le hiomaíochas oibreoirí eacnamaíocha Eorpacha agus atá comhoiriúnach do dhúshláin a bhaineann le ceannasacht na hEorpa.

An Bhruiséil, an 14 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.

(2)  IO L 304, 22.11.2011, lch. 64.

(3)  COM(2020) 696 final, 13 Samhain 2020.

(4)  COM(2020) 98 final, 11 Márta 2020.

(5)  COM(2019) 640 final,11 Nollaig 2019.

(6)  An Coimisiún Eorpach, Consumer market study on the functioning of legal and commercial guarantees for consumers in the EU [Staidéar ar an Margadh Tomhaltóirí maidir le feidhmiú ráthaíochtaí dlíthiúla agus tráchtála do thomhaltóirí san Aontas], 2015. Staidéar a rinneadh chun tacú le measúnú tionchair an Choimisiúin Eorpaigh: Study on Empowering Consumers Towards the Green Transition, [Staidéar maidir le tomhaltóirí a chumhachtú chun páirt a ghlacadh san aistriú glas], Iúil 2021. Commercial warranties: are they worth the money? [Barántaí tráchtála: an fiú an t-airgead iad?] ECC-Net, Aibreán 2019.

(7)  An Coimisiún Eorpach, Behavioural Study on Consumers’ engagement in the circular economy [Staidéar Iompair ar Rannpháirtíocht na dTomhaltóirí sa gheilleagar ciorclach], 2018, lch. 81.

(8)  IO C 67, 6.3.2014, lch. 23.

(9)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28).

(10)  IO C 105, 4.3.2022, lch. 6.

(11)  IO L 305, 26.11.2019, lch. 17.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/81


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937

(COM(2022) 71 final)

(2022/C 443/11)

Rapóirtéir:

Antje GERSTEIN

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 4.4.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 05/04/2022

Bunús dlí

Airteagal 50(1)(2)() agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

27.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

179/6/14

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra ós céim thábhachtach chun cinn é chun creat reachtach AE comhleanúnach a bhunú maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí lena gcuirtear chun cinn an urraim do chearta an duine mar dhualgas ar ghnólachtaí agus ar stiúrthóirí. Deimhneacht dhlíthiúil a bhaint amach do chuideachtaí, d’fhostaithe agus dá ngeallsealbhóirí eile go léir is ea an sprioc ba cheart a bheith ann.

1.2.

Ar an ábhar sin, tá CESE á iarraidh go gcuimhneodh comhreachtóirí ar choincheap na cothroime iomaíochta agus, ar a laghad, príomhfhorálacha a bheartú atá comhchuibhithe ina n-iomláine chun neamhréireachtaí saobhacha idir dlíthe na mBallstát maidir le trasuí a sheachaint.

1.3.

Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine. Is iad sin an tagarmharc lena leagtar amach go soiléir dualgais agus freagrachtaí na ngníomhaithe uile (stáit, gnólachtaí, an tsochaí shibhialta, ceardchumainn agus ionadaithe na bhfostaithe) agus ag a bhfuil samhail trí cholún “Cosaint, Meas agus Leigheas” chun feabhas a chur ar staid chearta an duine feadh na slabhraí soláthair agus luacha ar fud an domhain. De réir oibleagáidí dlí idirnáisiúnta na Stát maidir le cearta an duine, ní mór dóibh cearta an duine aonair a urramú, a chosaint agus a chomhlíonadh laistigh dá gcríoch agus/nó laistigh dá ndlínse.

1.4.

Ní féidir athrú sistéamach inbhuanaithe a dhéanamh ar an láthair ach amháin trí thacú le tíortha agus é a chur ar a gcumas a ndualgas maidir le cearta an duine a chosaint a chomhlíonadh ar dhóigh níos fearr. Tá freagracht shoiléir ar chuideachtaí cearta an duine a urramú. Ní féidir leo, áfach, teacht in ionad ról ríthábhachtach agus dea-fheidhmiú an Stáit. Sa chomhthéacs sin, is mór ag CESE an tionscnamh reachtach a d'fhógair an Coimisiún lena dtabharfar aghaidh go sonrach ar shaothar éignithe.

1.5.

Tá CESE á iarraidh go ndéanfaí idirdhealú soiléir sa treoir idir na drochthionchair a bhfuil fiontar ina chúis leo nó a bhfuil tionchar aige orthu agus na tionchair nach bhfuil fiontar ina chúis leo nó nach bhfuil tionchar aige orthu ach a bhfuil nasc díreach acu lena chuid oibríochtaí, táirgí nó seirbhísí trí chaidreamh gnó. Ní mór a aithint go bhfuil gá le cur chuige rioscabhunaithe maidir le dícheall cuí agus go bhféadfadh córas socraithe tosaíochta bunaithe ar an measúnú riosca a bheith i gceist leis.

1.6.

Ba mhian le CESE a chur in iúl nach mór do lucht ceaptha beartas cuimhneamh ar sheasamh dúshlánach MFBManna agus a áirithiú go mbeidh uirlisí tacaíochta ar fáil ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta nuair a thiocfaidh an reachtaíocht maidir le dícheall cuí i bhfeidhm.

1.7.

Tá próiseas leanúnach i gceist le dícheall cuí corparáideach a fheidhmiú agus ní mór ceardchumainn agus ionadaithe na bhfostaithe a bheith rannpháirteach ann má tá rath le bheith air. Tá CESE ag iarraidh go gcuimhneofaí ar chreat an Aontais maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe a fhorbairt a thuilleadh. Sa chomhthéacs sin, is féidir treoir agus tacaíocht a chur ar fáil a bhuí leis an ról atá á imirt ag ionadaithe eagraithe agus tofa na bhfostaithe, mar shampla bunaithe ar obair na gComhairlí Oibreacha Eorpacha nó ar Chreat-Chomhaontuithe Idirnáisiúnta agus i seomraí boird cuideachtaí, i gcás inarb infheidhme.

1.8.

Is ábhar imní do CESE é go bhfuil neart coincheapa dlíthiúla doiléire sa togra ón gCoimisiún, coincheapa a bhféadfaí bríonna éagsúla a bhaint astu. Ar an ábhar sin, measann sé gur gá sainmhíniú níos fearr a thabhairt ar théarmaí amhail “caidreamh gnó seanbhunaithe”, “slabhra luacha iartheachtach” agus “bearta iomchuí” toisc go sainmhíníonn siad nó go gcinneann siad, ní hamháin raon feidhme na treorach, ach freisin na ceanglais, smachtbhannaí agus dliteanais díchill chuí lena mbaineann, nó go mbíonn tionchar aige orthu.

1.9.

Tá CESE á iarraidh go mbeadh an togra níos soiléire a mhéid a bhaineann le grúpaí agus oibleagáidí díchill chuí. Seachas tagairt a dhéanamh do “cuideachta” (Airteagal 3(a)), measann CESE go mbeadh “grúpa cuideachtaí” ní b’oiriúnaí agus ní ba chomhleanúnaí a mhéid a bhaineann le sásraí nochta, nósanna imeachta tuairiscithe, láimhseáil tuarascálacha/gearáin agus oideachas laistigh de chuideachtaí.

2.   Cúlra an togra ón gCoimisiún

2.1.

Is príomhábhar spéise don Aontas Eorpach, dá Bhallstáit, do ghnólachtaí Eorpacha, d’oibrithe agus don tsochaí shibhialta iad cearta an duine. Is iad aistriú an Aontais chuig geilleagar glas aeráidneodrach agus an plean uaillmhianach atá aige Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach (1) is bunús le rannpháirtíocht dhomhain an Aontais sa chlár oibre maidir le gnó agus cearta an duine. Agus é go hiomlán i bhfách leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana agus leis an méid a baineadh amach leo, eadhon Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine (2) agus Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta (3), tá béim mhór á leagan ag CESE ar chomhleanúnachas beartas leis na hionstraimí sin. Tá sraith chuimsitheach de chearta a bhaineann le fiontair ilnáisiúnta agus le saothar ilnáisiúnta ar áireamh sa Dearbhú ó EIS ar Phrionsabail Thríthaobhacha maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus leis an mBeartas Sóisialta, ina dtagraítear go sonrach do na coinbhinsiúin agus na moltaí maidir leis an tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair. Ba cheart, dá bhrí sin, breithniú a dhéanamh air. Tá CESE ag iarraidh freisin go mbeadh comhleanúnachas idir beartais náisiúnta agus reachtaíocht Eorpach atá á dréachtú faoi láthair agus lena gcumhdaítear réimsí comhchosúla nó lena n-áirítear rialacha maidir le dícheall cuí. Ar shamplaí áirithe de reachtaíocht den chineál sin tá an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (4), an togra le haghaidh Rialachán maidir le táirgí atá bainteach leis an dífhoraoisiú (5), an togra le haghaidh Rialachán nua maidir le cadhnraí (6), an Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe (7), Tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe (8) agus tionscnamh reachtach an Choimisiúin atá ar na bacáin lena gcuirfear toirmeasc éifeachtach ar tháirgí a dhéantar le saothar éignithe a chur ar mhargadh an Aontais (toirmeasc margaidh) (9).

2.2.

Tar éis do roinnt Ballstát (10) reachtaíocht náisiúnta maidir le dícheall cuí corparáideach a eisiúint, tá mian níos mó ann cothroime iomaíochta Eorpach a chruthú do chuideachtaí laistigh den Aontas agus ilroinnt a sheachaint. Chuige sin, chuir an Coimisiún Eorpach an togra seo chun tosaigh le haghaidh creat cothrománach chun gnólachtaí a spreagadh a gcion féin a dhéanamh chun cearta an duine agus an comhshaol a urramú.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá athrú as cuimse ag teacht ar an ngeopholaitíocht de dheasca ionsaí na Rúise ar an Úcráin, ionsaí nach rabhthas ag súil leis. Dá thoradh sin, tá athmheasúnú bunúsach á dhéanamh ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus ar na spleáchais sa gheilleagar domhandaithe agus tá dlús á chur leis an iarracht atá ar bun san Eoraip tuilleadh neamhspleáchais a bhaint amach i bpríomhréimsí straitéiseacha. I bhfianaise an athchoigeartaithe fhorleathain ar shlabhraí soláthair a bheidh ann dá bharr sin, beidh gá le machnamh a dhéanamh ar an gcaidreamh atá idir dícheall cuí agus an dualgas cloí le smachtbhannaí arna gcinneadh go polaitiúil agus a chuireann teorainn le raon feidhme an ghnó. Dá bhrí sin, is éard atá á iarraidh ag CESE cur chuige praiticiúil lena gcuirtear dálaí iarbhír nua gnó san áireamh agus lena gcuirtear ar fáil an chomhairle a bhfuil géarghá léi.

3.2.

I bhfianaise a chasta atá slabhraí soláthair an lae inniu, ní mór tús áite a thabhairt do chríochnúlacht seachas luas agus a bheith tuisceanach agus mionsonraí na Treorach seo á ndearadh. De bhreis ar chaighdeáin agus ionstraimí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a urramú ina n-iomláine, is é an pointe tosaigh ba cheart a bheith ann i gcónaí féachaint le gnéithe seanbhunaithe de Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) a chomhtháthú ar bhealach praiticiúil éifeachtach. Ar a bharr sin, ba cheart iarmhairtí/tionchar na Treorach seo ar chineálacha éagsúla cuideachtaí Eorpacha (e.g. MFBManna, struchtúir ghabháltais a oibríonn go hidirnáisiúnta) a mheas go cúramach.

3.3.

Tá CESE á chur i bhfáth nach bhfuil sa Treoir atá beartaithe ach gné amháin de chlár oibre AE i bhfad níos cuimsithí chun inbhuanaitheacht chomhshaoil, obair chuibhiúil agus cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain. Ní féidir athrú sistéamach inbhuanaithe a dhéanamh ar an láthair ach amháin trí thacú le tíortha agus é a chur ar a gcumas a ndualgas maidir le cearta an duine a chosaint a chomhlíonadh ar dhóigh níos fearr. Tá freagracht shoiléir ar chuideachtaí cearta an duine a urramú. Ní féidir leo, áfach, teacht in ionad ról ríthábhachtach agus dhea-fheidhmiú an Stáit, go háirithe dualgas an Stáit cosaint a thabhairt ar sháruithe ar chearta an duine laistigh dá chríoch agus dá dhlínse trí bhearta iomchuí a dhéanamh chun sáruithe dá leithéid a chosc, a imscrúdú, a phionósú agus a cheartú trí bheartais éifeachtacha, reachtaíocht, rialacháin agus breithniú.

3.4.

Tá sé d’oibleagáid ar chuideachtaí cloí leis na dlíthe is infheidhme agus tá freagracht orthu cearta an duine a urramú i gcomhréir le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe. Ní mór dóibh próiseas feidhmiúil díchill chuí a chur chun feidhme chun urraim do chearta an duine a áirithiú feadh na slabhraí luacha. Tá sé de dhualgas ar na Ballstáit agus ar a rialtais an dlí a chur orthu siúd a sháraíonn cearta an duine. Is iad seolaithe chearta an duine agus na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta lena ngabhann iad. Tá a lán cumhachtaí forfheidhmithe ag na Ballstáit, mar is ceart, nach bhfuil ag cuideachtaí agus nár chóir a bheith acu riamh. Áirítear ar na cumhachtaí sin cigearacht a dhéanamh ar áiteanna oibre, fíneálacha a eisiúint, sócmhainní a urghabháil, ceadúnais ghnó a chúlghairm, daoine faoi dhrochamhras a ghabháil, mí-úsáideoirí líomhnaithe a chúiseamh agus coirpigh chiontaithe a chur i bpríosún.

3.5.

Tá béim á leagan ag CESE air gur gá fós tús áite a thabhairt don chlaochlú glas, don chosaint shóisialta, do chearta an duine, lena n-áirítear cearta ceardchumann agus cearta na n-oibrithe. Ba cheart ról lárnach a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le trédhearcacht iontaofa a chruthú i ndáil le sáruithe ar chearta an duine agus ar chearta comhshaoil agus maidir le maoirseacht a dhéanamh ar an gceanglas a leagtar amach i Rialachán an Aontais maidir le Tacsanomaíocht chun go mbeidh infheistíochtaí i gcomhréir leis an gceanglas “gan dochar suntasach a dhéanamh” agus go gcomhlíonfar coimircí íosta (11).

3.6.

Is maith a thuigeann na ceardchumainn agus ionadaithe na n-oibrithe nuair a d’fhéadfadh mí-iompar tarlú. Ar an ábhar sin, tá CESE á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt d’ionadaithe na n-oibrithe agus do cheardchumainn maidir le próisis díchill chuí a chur ar bun (mapáil riosca), faireachán a dhéanamh orthu (cur chun feidhme) agus sáruithe a thuairisciú (sásraí foláirimh). Ní éireoidh leis an gclaochlú chuig geilleagair inbhuanaithe atá níos sóisialta agus níos éiceolaí mura bhfuil comhpháirtíocht shóisialta thairbheach ann.

3.7.

Tá CESE á thabhairt dá aire nach mór an liosta de chearta idirnáisiúnta an duine ar cheart an treoir a bheith bunaithe orthu a shainiú go soiléir chun deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt d’fhiontair, rud atá de dhíth orthu sa saol gnó idirnáisiúnta. Creideann CESE gur cheart an scrúdú ar chaighdeáin chearta an duine a aithnítear i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe (12) a bheith faoi réir dícheall cuí corparáideach. Ar na prionsabail sin tá prionsabail a bhaineann le bunchaighdeáin oibre EIS (gan saothar éignithe, saothar leanaí agus idirdhealú, agus saoirse comhlachais), le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine (13) agus na Cúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (14) agus ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (15). Ina theannta sin, leagtar amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (16), i gCoinbhinsiún Eorpach Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine (17), i gCairt Shóisialta na hEorpa (18) agus sa Dearbhú ó EIS ar Phrionsabail Thríthaobhacha maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus leis an mBeartas Sóisialta (19) na cearta, na luachanna agus na prionsabail atá mar threoir ag an Aontas Eorpach ina iomláine.

3.8.

Tá CESE den tuairim nach mór feabhas soiléir a chur ar an Treoir de ghrá comhchuibhiú, soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bhaint amach. D’fhéadfaí creat éigeantach maidir le dícheall cuí a shocrú trí chaighdeán comhaontaithe a chur i bhfeidhm a fhorfheidhmeofaí trí smachtbhannaí comhréireacha, éifeachtacha agus athchomhairleacha. Bheadh gá, áfach, le dliteanas a bhunú ar shárú ar shraith de chearta an duine a bheadh sainithe go soiléir.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Is ábhar imní do CESE é go bhfuil neart coincheapa dlíthiúla doiléire sa togra ón gCoimisiún, coincheapa a bhféadfaí bríonna éagsúla a bhaint astu agus a bhféadfaidh údaráis agus cúirteanna náisiúnta a chur i bhfeidhm ar dhóigheanna difriúla. Measann CESE go háirithe gur gá sainmhíniú níos fearr a thabhairt ar an téarma “caidreamh gnó seanbhunaithe”, mar go sainmhínítear leis, ní hamháin raon feidhme na Treorach, ach freisin na ceanglais maidir le dícheall cuí, smachtbhannaí agus dliteanais i leith damáistí. Tá sainmhíniú níos láidre ag teastáil freisin ar choincheap na “slabhraí luacha iartheachtacha”. Ní faoin gcuideachta atá sé gníomhaíochtaí a custaiméirí a rialú agus freagracht a ghlacadh astu (20). Ní mór na “bearta iomchuí” a mheastar a dhéanfaidh cuideachtaí chun bheith díolmhaithe ó dhliteanas a shainiú ar bhealach níos fearr agus samplaí a thabhairt leo mar thaca. Agus an meall mór ar deireadh, is doiléir na hoibleagáidí atá beartaithe do stiúrthóirí rannchuidiú na “geallsealbhóirí” a chur san áireamh.

4.2.

Ní hamháin go n-áirítear sa slabhra luacha soláthraithe díreacha agus indíreacha, i.e. gníomhaíochtaí “réamhtheachtacha”, faoi mar a mholtar sa dréacht-Treoir, áirítear ann freisin úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, diúscairt táirge nó seirbhíse, i.e. gníomhaíochtaí “iartheachtacha” nó deireadh ré. Go deimhin, bíonn fadhbanna éagsúla praiticiúla mar thoradh ar ghníomhaíochtaí “iartheachtacha” a rianú. Go sonrach, is é is dóichí go mbeidh sé níos deacra fós táirge a rianú tar éis é a chur ar an margadh ná soláthar amhábhar agus comhpháirteanna a rianú. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás táirgí athchúrsáilte, ar minic nach féidir iad a rianú.

4.3.

Ba cheart a bheith ag súil go ndearfadh gnólachtaí a bpróisis díchill chuí maidir le cearta an duine atá ar dhóigh rioscabhunaithe agus go mbeadh siad i gcomhréir leis an tionchar féideartha agus an tionchar iarbhír a bheidh acu. Ar an gcúis sin, tá CESE den bharúil gur gá an raon feidhme a mhúnlú dá réir, chun comhpháirtithe conarthacha díreacha nó comhpháirtithe indíreacha a chumhdach. Sa dara cás sin, d’fhéadfaí a bheith ag súil leis, má tá sé réasúnta de réir chúinsí an cháis, go ndéanfaí beart chun méid an drochthionchair a chosc, a mhaolú, a laghdú nó deireadh a chur leis, mar shampla i gcás ardleibhéal comhtháthaithe ingearaigh. Is ann don modh freagrachta seanbhunaithe sin sa reachtaíocht atá ann cheana, mar shampla, i ndáil le hinrianaitheacht, faoi Bhunrialachán AE (Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21)). Leis sin, éilítear ar chuideachtaí córais agus nósanna imeachta a bhunú bunaithe ar an bprionsabal “céim siar – céim chun tosaigh” chun a chinneadh cé hé soláthróir díreach agus ceannaitheoir díreach a gcuid táirgí (gan an tomhaltóir deiridh a chur san áireamh). Is oiriúnach an cur chuige seanbhunaithe toisc gur féidir gach páirtí aonair sa slabhra luacha a choinneáil freagrach go soiléir as próisis ar féidir leis tionchar a imirt orthu.

4.4.

D’fhéadfadh modh earnála a áireamh i gcur chuige rioscabhunaithe freisin. Is geal le CESE go n-aithnítear sa Treoir atá beartaithe go bhfuil sonraíochtaí earnála i mbeartais díchill chuí ar gá aird a thabhairt orthu. Tá CESE ag iarraidh ar chomhreachtóirí na tionscnaimh agus na caighdeáin thábhachtacha il-gheallsealbhóirí a ceapadh in earnálacha atá thar a bheith leochaileach (amhail cócó, bananaí agus ola phailme) a chur san áireamh.

4.5.

Tá CESE á mheabhrú go n-éilítear le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe Uimh. 15 agus Uimh. 22 leigheasanna i gcásanna ina bhfuil fiontar ina chúis le sáruithe ar chearta an duine nó inar rannchuidigh sé leo. Mar sin féin, ní chuirtear de cheangal ar chuideachta le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe leigheasanna a chur ar fáil nuair is cuideachta eile sa slabhra soláthair is cúis leis an drochthionchar. Is léiriú iad na forálacha sin ar an mbunphrionsabal dlíthiúil nár cheart dliteanas a fhorchur ach amháin i gcás ina bhfuil nasc soiléir intuartha ann idir an damáiste a dhéantar don duine díobhálaithe agus an gnólacht atá freagrach as an damáiste sin. Ar an gcaoi chéanna, leagtar béim i dTreoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta nach leor féachaint le drochthionchar a chosc i slabhraí soláthair óir ní aistrítear freagracht ó eintiteas atá ina chúis le drochthionchar ar an bhfiontar a bhfuil caidreamh gnó aige leis. Chun críoch comhleanúnachais, measann CESE nár cheart dliteanas sibhialta a chur ar chuideachtaí faoi Threoir an Aontais ach amháin i gcás ina bhfuil siad ina gcúis le sárú ar chearta an duine nó inar rannchuidigh siad leis (i.e. ina gcúis leis go pointe áirithe).

4.6.

Aontaíonn CESE le cur chuige an Choimisiúin nach mór smachtbhannaí a bheith ag na húdaráis náisiúnta atá “éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach”. I gcás faillí agus intinne, ba cheart don údarás a bheith in ann fíneálacha iomchuí a shocrú. Mar sin féin, ba cheart raon feidhme na smachtbhannaí a shainiú ar an leibhéal Eorpach.

4.7.

Tá CESE á iarraidh go mbeadh an togra níos soiléire maidir le grúpaí agus oibleagáidí díchill chuí. Sa téacs reatha agus, go sonrach, sa sainmhíniú ar “cuideachta” (Airteagal 3(a)), tuigtear go bhfuil feidhm ag ceanglais na Treorach maidir le cuideachtaí aonair seachas grúpaí cuideachtaí. Thabharfadh sé sin le tuiscint go mbeadh cuideachta ó Bhallstát a bhfuil fochuideachtaí aici atá ag feidhmiú i mBallstáit eile faoi réir cinntí údarás maoirseachta éagsúil, rud a bheadh deacair ó thaobh na praiticiúlachta de agus níos liopasta. Is iomaí buntáiste atá ag baint le réiteach grúpa, ina measc níos mó comhleanúnachais maidir le sásraí nochta, nósanna imeachta tuairiscithe, láimhseáil tuarascálacha/gearán agus oiliúint agus feasacht laistigh de chuideachta. Aithnítear é seo sa togra le haghaidh Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach ina ndéantar foráil maidir le díolúine d’fhochuideachtaí má dhéantar tuairisciú ag leibhéal an ghrúpa. Is fearr a bheifí in ann dul i ngleic leis na difríochtaí sa reachtaíocht náisiúnta is dócha a bheidh ann agus an Treoir seo á trasuí sna 27 mBallstát dá mbeadh réiteach grúpa ann. Is féidir leis a bheith i gcomhréir leis an leibhéal is airde nó dul thairis. Ar na cúiseanna sin, measann CESE gur cheart tús áite a thabhairt do réiteach grúpa maidir le dícheall cuí.

4.8.

Bíodh is go mbaineann an oibleagáid maidir le dícheall cuí le cuideachtaí móra den chuid is mó beidh tionchar indíreach aici ar MFBManna. Is é is cúis leis sin go méadóidh cuideachtaí a thagann faoi raon feidhme na Treorach a n-éilimh ar sholáthraithe maidir le cur chun feidhme Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe, maidir lena dtuairisciú neamh-airgeadais agus maidir le bainistíocht a tslabhra soláthair féin. Is fusa do chuideachtaí móra ná do chuideachtaí beaga an iarracht shuntasach sin a dhéanamh agus níl na cuideachtaí beaga sin curtha san áireamh i raon feidhme na reachtaíochta sin go fóill. Is lú go mór an tionchar atá ag cuideachtaí beaga chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le cearta an duine ina slabhra soláthair agus tá i bhfad níos lú acmhainní acu chun measúnuithe riosca cuimsitheacha a dhéanamh. Tá CESE á mholadh go mbunódh an Coimisiún Eorpach deasc chabhrach a sholáthróidh faisnéis atá inrochtana go héasca maidir le rioscaí a bhaineann le cearta an duine i dtíortha agus i réigiúin. Ba cheart geallsealbhóirí a bheith in ann dul i dteagmháil le deasc chabhrach dá leithéid agus go bhféadfadh tíortha comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta comhoibriú léi. Ba cheart don deasc chabhrach sin tacú freisin le fothú acmhainneachta na soláthróirí i dtríú tíortha agus a bhfeidhmíocht chomhshaoil a neartú. Sa bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit cúnamh a chur ar fáil, go háirithe do MFBManna, ar bhealach praiticiúil, sonrach agus éifeachtúil agus é bunaithe ar chomhar struchtúrach leis na heagraíochtaí ionadaíocha lena mbaineann. Measann CESE gur den bharrthábhacht é go mbeadh raon feidhme na gcuideachtaí a dtugtar aghaidh orthu leis an Treoir seo i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha eile de chuid an Aontais a luaitear faoi mír 2.1.

4.9.

Tá CESE á thabhairt dá aire go bhfuil an earnáil airgeadais curtha san áireamh go sainráite ag an gCoimisiún sa togra. Áirítear leis an maoiniú inbhuanaithe cearta an duine a urramú agus is gné thábhachtach é chun an geilleagar a athrú ó bhonn i gcaoi go mbeidh sé níos glaise agus níos sóisialta. Mar sin féin, tá an méid atá sa togra maidir le nósanna imeachta fíorúcháin i ndáil le hiasachtú nó maoiniú fós doiléir agus is baolach go ndéanfaí forálacha na Treorach, nach n-áirítear go sainráite inti MFBManna, a leathnú go hindíreach de facto. Beidh tionchar indíreach aige sin ar MFBManna mar sholáthraithe i slabhra an tsoláthair agus, dá bhrí sin, beidh dúshláin ollmhóra le sárú acu.

4.10.

Is feasach do CESE go bhfuil Rialachas Corparáideach Inbhuanaithe nasctha le tiomantas soiléir inchreidte stiúrthóirí, lena n-áirítear próiseas díchill chuí a bhunú i gcuideachta atá láidir dea-fheidhmiúil. Is é is aidhm dó cuideachtaí a thabhairt chun cuntais as tionchar a gcuid oibríochtaí. Tá aird á tarraingt ag CESE ar an Treoir maidir le Cearta Scairshealbhóirí ina soiléirítear an chaoi a bhfuil feidhmíocht cuideachtaí agus stiúrthóirí nasctha le cúrsaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (22). Tá CESE á thabhairt dá uídh nach mór a áireamh i measc dualgais stiúrthóirí oibleagáidí díchill chuí iontaofa atá bunaithe ar chóras smachtbhannaí i gcásanna nach n-urramaíonn cuideachtaí iad. Inbhuanaitheacht éiceolaíoch, shóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach is ea an sprioc ba cheart a bheith ag geallsealbhóirí uile cuideachta, seachas scairshealbhóirí amháin. I roinnt Ballstát tá sé éigeantach deis a thabhairt d’ionadaithe na n-oibrithe a dtuairimí a chur in iúl i seomraí boird. Ba cheart reachtaíocht agus rialacha náisiúnta den chineál sin a urramú.

4.11.

Thug CESE dá aire Bord um Ghrinnscrúdú Rialála de chuid an Choimisiúin féin agus go bhfuil amhras air faoi gnéithe a bhfuil níos mó i gceist leo ná dícheall cuí trína chur in iúl, inter alia, nach bhfuil sé soiléir cén fáth gur gá dualgais na stiúrthóirí a rialáil sa bhreis ar cheanglais maidir le dícheall cuí agus nach mór an breisluach a bhaineann le dualgais na stiúrthóirí a mhíniú agus a mheasúnú ar bhealach níos fearr ós rud é go n-éilítear leis an rogha maidir le dícheall cuí bainistíocht riosca agus tuiscint ar leasanna na ngeallsealbhóirí (23). Ina fhianaise sin, feictear do CESE go bhfuil gá le tuilleadh forbartha i ndáil leis sin agus nach mór dualgais stiúrthóirí a chur ag luí ar dhóigh níos fearr le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais.

An Bhruiséil, an 14 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  A/RES/70/1.

(2)  Thacaigh Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine leis na prionsabail threoracha sin i rún 17/4 uaithi an 16 Meitheamh 2011 (A/HRC/RES/17/4).

(3)  ECFE (2011), Treoirlínte ECFE d’Fhiontair Ilnáisiúnta, Foilsitheoireacht ECFE, http://dx.doi.org/10.1787/9789264115415-en

(4)  COM(2021) 189 final, IO C 517, 22.12.2021, lch. 51.

(5)  COM(2021) 706 final.

(6)  COM(2020) 798 final.

(7)  COM(2022) 142 final.

(8)  IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.

(9)  https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13480-Toirmeasc-a-chur-ar-thairgi-a-thairgtear-a-eastosctar-no-a-bhuaintear-le-saothar-eignithe_ga

(10)  An Fhrainc (Loi relative au devoir de vigilance, 2017), an Ghearmáin (Sorgfaltspflichtengesetz, 2021), an Ísiltír (Wet zorgplicht kinderarbeid 2019).

(11)  IO C 152, 6.4.2022, lch. 105.

(12)  Prionsabal Treorach Uimh. 12 (Tráchtaireacht, mír 2).

(13)  A/RES/217(III).

(14)  A/RES/2200A (XXI).

(15)  A/RES/2200A(XXI).

(16)  IO C 326, 26.10.2012, lch. 391.

(17)  https://www.echr.coe.int/documents/convention_eng.pdf

(18)  https://rm.coe.int/CoERMPublicCommonSearchServices/DisplayDCTMContent?documentId=090000168048b059

(19)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 136.

(20)  Tá rialacha i ndáil leis sin le fáil i ndlí an Aontais maidir le hoibríochtaí iartheachtacha, i.e. maidir le rialú onnmhairithe ar ábhair íogaire (earraí dé-úsáide, earraí míleata).

(21)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.

(22)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/ga/TXT/PDF/?uri=CELEX:32017L0828&from=EN; Airteagal 9a.

(23)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52021PC0206&qid=1631191374303


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/87


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a mhéid a bhaineann le haraíonacht socraíochta, soláthar trasteorann seirbhísí, comhar maoirseachta, soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta agus ceanglais maidir le taisclanna lárnacha urrús tríú tír

(COM(2022) 120 final – 2022/0074 (COD))

(2022/C 443/12)

Rapóirtéir:

Kęstutis KUPŠYS

Comhrapóirtéir:

Christophe LEFÈVRE

Comhairliúchán

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 12.4.2022

Parlaimint na hEorpa, 4.4.2022

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus Comhtháthú Eacnamaíoch agus Sóisialta

Dáta a glactha sa rannóg

1.7.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

185/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Ar an mórgóir, measann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur leordhóthanach agus gurb éifeachtach na réitigh a mhol an Coimisiún Eorpach ar na cúig phríomh-shaincheist a sainaithníodh le linn phróiseas athbhreithnithe an Rialacháin maidir le taisclanna lárnacha urrús (CSDR). A bhuí le nósanna imeachta socraíochta níos éifeachtúla san Aontas Eorpach, beidh na margaí caipitil níos tarraingtí d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí araon, agus tabharfar céim amháin chun cinn sinn agus iarracht á déanamh againn Aontas na Margaí Caipitil a bhaint amach.

1.2.

Is díol sásaimh do CESE na tionscnaimh chomhréireacha ón gCoimisiún chun fógra a chur in ionad na gceanglas atá ann cheana maidir leis an nós imeachta pas, chomh maith le togra le haghaidh comhar maoirseachta níos fearr trí choláistí maoirseoirí a chur ar bun a bheidh iomchuí agus nach mbainfidh aon dúbailt oibre leo.

1.3.

Maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta, feictear do CESE go bhfuil deiseanna breise ann ach leas a bhaint as réitigh atá bunaithe ar shocraíocht in airgead bainc ceannais. Má táthar chun raon rioscaí éagsúla a laghdú a thuilleadh, ba cheart breis úsáide a bhaint as an ardán Urrúis-Target2 (T2S) le haghaidh socraíocht ilairgeadra urrús in airgead bainc ceannais.

1.4.

Measann CESE gur tairbheach an ní an togra reatha ón gCoimisiún a fhorlíonadh leis na forálacha maidir le ról lárnach T2S a aithint don bhonneagar Eorpach um shocraíocht urrús, agus go bhfágfaidh sé, ag an am céanna, gur féidir an tsaincheist maidir le tearcfhorbairt seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta ag na Taisclanna Lárnacha Urrús (TLUnna) a réiteach freisin, más réiteach i bpáirt féin é.

1.5.

Tugann CESE dá aire go bhfuil an chuid is conspóidí den togra – an cur chuige “dhá chéim” faoina bhféadfaí na ceannaigh isteach shainordaitheacha a chur chun feidhme – fós ina rogha dhea-chothromaithe. Níor cheart ceannaigh isteach shainordaitheacha a chur san áireamh go dtí go ndéanfar mionscrúdú ar na bunchúiseanna atá le teipeanna socraíochta agus go dtí gur léir an mbainfear torthaí sásúla amach le bearta eile atá dírithe ar theipeanna socraíochta a laghdú.

1.6.

Is maith is eol do CESE go bhfuil an Córas Píolótach le haghaidh Teicneolaíocht Mórleabhar Dáilte (DLT) ina chuid thábhachtach de chomhthéacs reachtach an athbhreithnithe ar CSDR, agus tá rabhadh á thabhairt uaidh aige san am céanna nár cheart, le cruthú “bosca gainimh rialála”, go leagfaí síos fasach i dtaca leis na caighdeáin atá ann cheana maidir le hiompar margaidh agus cosaint infheisteoirí a ísliú. Ba cheart ról lárnach a bheith ag na TLUnna maidir le líonraí DLT a bhainistiú, arna sainiú ar bhealach a laghdaíonn an riosca contrapháirtí. Ina theannta sin, tá CESE ar son rialáil mhaoirseachta níos fairsinge a dhéanamh chun gur féidir smachtbhannaí a fhorfheidhmiú agus tá sé á mholadh gur cheart go gcuirfeadh CSDR de cheangal ar na TLUnna, ar a n-eisitheoirí, agus ar a rannpháirtithe buansásra inmharthana a chur ar bun chun sonraí a mhalartú agus a roinnt le chéile a bhaineann le smachtbhannaí Eorpacha comhchoiteanna a chur i bhfeidhm.

2.   Cúlra

2.1.

Is éard is TLUnna ann eintitis a shealbhaíonn agus a riarann urrúis agus lenar féidir idirbhearta urrús a phróiseáil trí chuntas reatha (1). Is iad na TLUnna a oibríonn an bonneagar lena n-áirithítear gur féidir idirbhearta urrús a chur i gcrích. De ghnáth, is “socraíocht” a thugtar ar phríomhsheirbhís na TLUnna. San Aontas Eorpach, socraíonn na TLUnna (2) atá ann cheana idirbhearta ar fiú breis mhór agus EUR 1 000 trilliún iad in aghaidh na bliana (suim is mó ná a sheachtó oiread d’olltáirgeacht intíre an Aontais (3) nó a sheacht n-oiread déag níos mó ná luach neamhíoctha na n-urrús go léir atá á sealbhú ar chuntais TLUnna (4)). Cuireann TLUnna croísheirbhísí eile ar fáil freisin, amhail (i) seirbhís nótaire, i.e. súil a choinneáil ar urrúis nua-eisithe, agus (ii) seirbhís cothabhála lárnach, i.e. gach athrú ar shealbhú na n-urrús sin a thaifeadadh. Maidir le TLUnna atá ag feidhmiú laistigh de theorainneacha náisiúnta, bhí nósanna imeachta seanbhunaithe éifeachtúla ann leis na blianta, ach de réir mar a rinneadh na margaí a idirnascadh murab ionann is riamh agus de réir mar a tháinig méadú ar idirbhearta trasteorann san Eoraip, ba léire ná riamh an gá a bhí le socraíochtaí trasteorann agus seirbhísí eile a chomhchuibhiú.

2.2.

Maidir le Rialachán 2014, a tugadh isteach tar éis ghéarchéim airgeadais 2008, tháinig sé i bhfeidhm an 17 Meán Fómhair 2014, agus cuireadh chun feidhme de réir a chéile é (5). D’fhág sin feabhas nach beag ar an timpeallacht iarthrádála, lena n-áirítear trí thréimhse socraíochta chaighdeánaithe a leagan síos, trí fheabhas a chur ar an araíonacht socraíochta trasteorann, trí rialacha comhsheasmhacha a thabhairt isteach do TLUnna san Aontas Eorpach (e.g. ceadúnú, údarú, maoirseacht), agus trína áirithiú go mbíonn saoirse ag eisitheoir urrús a rogha TLU féin a thoghadh.

2.3.

Ar cheann de na nithe is mó a ndearnadh dul chun cinn air sa Rialachán is ea an araíonacht socraíochta, mar atá tugadh isteach bearta chun teipeanna socraíochta a chosc agus chun dul i ngleic le teipeanna den sórt sin, más ann dóibh. Os a choinne sin, mar a léiríodh sa mheasúnú breise a rinneadh, níor leor na bearta sin, toisc gur measa i bhfad i gcónaí na táscairí AE um theipeanna socraíochta ná táscairí lárionad airgeadais eile, fiú amháin nuair a chuirtear san áireamh a ilroinnte atá margaí caipitil an Aontais Eorpaigh i gcomórtas le margaí an-aonchineálach in áiteanna eile (6).

2.4.

Cumhdaíodh sa Rialachán freisin feabhsú nach beag eile a bhfuil sé mar aidhm leis sreafaí caipitil trasteorann a éascú – an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile (nó “an nós imeachta pas”, rud atá cosúil leis an gcreat uile-AE maidir le baincéireacht atá ag feidhmiú go maith) – rud ba spreagadh do TLUnna a ngníomhaíochtaí a leathnú amach thar theorainneacha náisiúnta. Sainmhíníodh sa Rialachán freisin soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta ag TLUnna (seirbhísí a thacaíonn le socraíocht urrús), agus na ceanglais shonracha stuamachta maidir leis na rioscaí creidmheasa a bhaineann leis na seirbhísí sin á gcomhlíonadh go docht acu. Ar a shon sin, níor tháinig den chreat dlíthiúil go ndearnadh córas seirbhísí socraíochta an Aontais Eorpaigh a chomhtháthú an oiread a bhí ag teastáil agus bhí drogall ar TLUnna seirbhísí coimhdeacha a ghlacadh de chúram orthu féin nó dul ar iontaoibh nós imeachta costasach pas.

2.5.

I mí an Mhárta 2022, thug an Coimisiún, ag gníomhú dó i gcomhréir le hAirteagal 75 den Rialachán lena sainordaítear athbhreithniú a dhéanamh, togra isteach chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán 2014 (dá ngairfear anseo feasta “an tAthbhreithniú ar CSDR” nó “an tAthbhreithniú”tout court). Tugtar aghaidh ann ar na cúig phríomh-shaincheist seo a leanas:

(i)

na ceanglais throma a bhaineann leis an nós imeachta pas,

(ii)

comhar lag maoirseachta,

(iii)

ceanglais dhíréireacha maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta,

(iv)

easnaimh as a dtagann socraíochtaí teipthe,

(v)

faisnéis nach leor maidir le gníomhaíochtaí a chuireann TLUnna tríú tír ar fáil san Aontas Eorpach.

2.6.

An 22 Meitheamh 2015, in aon tráth, geall leis, le teacht i bhfeidhm CSDR, cé gur beag beann ar a chéile a tharla, seoladh T2S mar an chéad ardán le haghaidh socraíocht ilairgeadra urrús in airgead bainc ceannais (7). I gcás chliaint na TLUnna (ar bainc iad go hiondúil) atá nasctha leis an ardán T2S, fágann sin go mbíonn ina gcumas rogha a dhéanamh idir socraíocht Euro in airgead bainc tráchtála agus/nó in airgead bainc ceannais. Trí urrúis a shocrú in airgead bainc ceannais trí bhíthin an ardáin T2S, is féidir le TLUnna rochtain a thabhairt dá gcliaint ar chomhthiomsú leachtachta aonair Sheirbhísí TARGET an Eurochórais maidir le comhthaobhacht, íocaíochtaí agus socraíocht urrús. Ar an ábhar sin, laghdaíodh go mór an leachtacht is gá chun idirbhearta ar fud na hEorpa a shocrú. Mar sin féin, ní raibh aon iarmhairt aige sin ar na costais ar chúiseanna éagsúla, go príomha toisc go bhfuil an margadh fós ilroinnte de réir línte airgeadra: in 2019, chuaigh táillí T2S ó 15 cent in aghaidh an idirbhirt “seachadadh in áit íocaíochta” go 23,5 cent (8). Tá T2S fós lasmuigh de raon feidhme an togra ón gCoimisiún maidir leis an Athbhreithniú ar CSDR a eisíodh i mí an Mhárta 2022.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Mar atá luaite sa tuairim ó CESE Aontas na Margaí Caipitil: Aontas do dhaoine agus do ghnólachtaí – Plean gníomhaíochta nua (9), is díol sásaimh do CESE na tionscnaimh ón gCoimisiún chun fís uaillmhianach Aontas na Margaí Caipitil a chur i ngníomh, arb é is aidhm di ligean do chaipiteal gluaiseacht ar fud an Aontais ar mhaithe le tomhaltóirí, infheisteoirí agus cuideachtaí. I measc na 16 bheart a leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil, ceann de na bearta is tábhachtaí ná feabhas a chur ar sheirbhísí socraíochta trasteorann (Gníomhaíocht 13), toisc gur léir cé na heasnaimh atá ar an leagan reatha den rialachán agus go gcreidtear go dtiomáinfidh gníomhaíocht reachtach ghasta Aontas na Margaí Caipitil chun cinn.

3.2.

Maidir leis na cúig phríomh-shaincheist atá sainaitheanta ag an gCoimisiún, as ar eascair an tAthbhreithniú féin, measann CESE gur leor agus gurb éifeachtach an bealach chun cinn atá leagtha amach.

3.3.

Céim mhór i dtreo córas socraíochta a bheidh níos comhchuí agus níos idirnasctha is ea an togra chun fógra a chur in ionad na gceanglas atá ann cheana maidir leis an nós imeachta pas, a mheastar a bheith doiléir nó trom (rud a chiallaíonn nach féidir leis na Ballstáit diúltú d’iarratas ó TLU), ar córas é a fhágfaidh costais laghdaithe ar na TLUnna sin atá toilteanach seirbhísí trasteorann a chur ar fáil dá réir. Ní fios fós, áfach, cén chaoi a gcuideoidh na bearta tacaíochta sin leis na costais atá ar eisitheoirí agus infheisteoirí a laghdú. Ba cheart a áirithiú, thar ní ar bith eile, go gcoinneoidh na húdaráis mhaoirseachta i dtíortha óstacha cúram na maoirseachta ar an margadh acu féin.

3.4.

Mar thoradh ar an ngá a bhí le costais a laghdú agus comhar maoirseachta a fheabhsú ag an am céanna, d’eisigh an Coimisiún togra dírithe ar choláistí maoirseoirí a bhunú agus tacaíonn CESE go mór leis sin mar bheart iomchuí dea-chothromaithe. Is díol sásaimh do CESE nár tugadh isteach ach coláiste amháin do na TLUnna seachas dhá choláiste ar leith, rud a áiritheoidh nach mbeidh TLUnna faoi réir “coláiste an nós imeachta pas” agus “coláiste ar leibhéal grúpa” san am céanna. Ba cheart go spárálfaí costais dá bharr sin agus gur chuidiú é le sineirgíochtaí maoirseachta nach beag a bhaint amach.

3.5.

Ceann de na príomhfheabhsuithe a cuireadh ar chreat soláthair na seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta, baineann sé leis an leasú ar Airteagal 54(4) den Rialachán, a dtacaíonn an Coiste go láidir leis, ar an ábhar go gceadaíonn sé do TLUnna soláthar na seirbhísí thuasluaite a lorg, ní hamháin ó institiúidí creidmheasa ainmnithe, ach ó TLUnna eile freisin.

3.5.1.

Aithníonn CESE, áfach, go bhféadfadh an t-athrú sin cur lena bhfuil de rioscaí ann don chobhsaíocht airgeadais. Cé gur fiúntach le CESE an cuspóir faoina gcuirfear feabhas ar sholáthar seirbhísí trasteorann mar thoradh ar bhacainní níos ísle maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha de chineál baincéireachta, agus go bhfuil an dóchas céanna aige ina leith, feictear dó go bhfuil deiseanna ann ach leas a bhaint as réitigh atá bunaithe ar shocraíocht in airgead bainc ceannais, rud atá níos sábháilte ann féin. Is fíor nár mhór aghaidh a thabhairt air sin, den chuid ba mhó, lasmuigh de raon feidhme CSDR, e.g. trí T2S a leathnú, airgeadraí digiteacha an bhainc ceannais mórdhíola a fhorbairt, bacainní dlí a bhaint, etc.

3.5.2.

Ní léir, áfach, an bealach iomchuí é an bealach atá roghnaithe ag an gCoimisiún chun sainordú a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun sainiú a dhéanamh ar thairseach faoinar féidir leis na hinstitiúidí creidmheasa na seirbhísí coimhdeacha sin de chineál baincéireachta a sholáthar. Ar an taobh dearfach den scéal, is fearr a d’fhéadfadh an tÚdarás seo calabrú tairsí a dhéanamh agus is mó an scóip a bheidh ag an gCoimisiún, más gá sin. Ina dhiaidh sin is uile, tá aird tarraingthe ag CESE ó am go chéile (10) ar shaincheist na gcomhreachtóirí a gceiltear orthu an chumhacht chun cinneadh a dhéanamh ar ábhair shuntasacha sa ghníomh reachtach a pléadh. Tá CESE ag iarraidh, dá bhrí sin, go ndéileálfaí le cúrsaí eacnamaíocha tábhachtacha faoin ngnáthnós imeachta reachtach (11).

3.6.

Ní beag an fháilte atá roimh na céimeanna chun feabhas a chur ar an araíonacht socraíochta. Tacaíonn CESE freisin leis gur áiríodh soiléirithe agus eisceachtaí i roinnt cásanna san Athbhreithniú, a bhaineann le saincheist na haraíonachta socraíochta. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcinneadh ón gCoimisiún gan ceannaigh isteach shainordaitheacha a thabhairt isteach láithreach bonn, d’fhéadfadh na ceannaigh isteach sin a bheith infheidhme, más gá, i gcás nach bhfeabhsóidh an córas pionós uaidh féin na teipeanna socraíochta san Aontas Eorpach. Is cosúil go maolaíonn tabhairt isteach sásraí cur ar aghaidh, a chuirfeadh cosc ar chascáid ceannach isteach sainordaitheach, laigí bunúsacha (nó an eagla go gcuirfí an córas i bhfeidhm go fo-optamach) atá i gcóras na gceannach isteach sainordaitheach atá beartaithe. Measann CESE gur cur chuige stuama é an cur chuige “dhá chéim” maidir le ceannaigh isteach shainordaitheacha agus creideann sé go mbeidh margaí caipitil na hEorpa níos tarraingtí d’eisitheoirí agus d’infheisteoirí araon san fhadtéarma dá réir.

3.7.

Tá tábhacht thar cuimse le TLUnna tríú tír nuair a chuimhnítear ar thóraíocht an Aontais Eorpaigh ar neamhspleáchas straitéiseach oscailte. Is díol sásaimh do CESE an ceanglas a tugadh isteach in Airteagal 25 leasaithe de CSDR, ina luaitear gur cheart do na TLUnna sin a bhfuil sé i gceist acu seirbhísí socraíochta a sholáthar faoi dhlí Ballstáit fógra a thabhairt don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM). Tacaíonn CESE freisin leis na bearta a tugadh isteach leis an Athbhreithniú lena rialaítear gnéithe eile d’oibríochtaí TLUnna tríú tír san Aontas Eorpach, rud a fhágfaidh cothrom iomaíochta ann maille le timpeallacht níos iomaíche.

4.   Barúlacha sonracha

Ról T2S

4.1.

Ós rud é go bhfuil tábhacht nach beag ag baint le T2S, tá CESE den tuairim gur cheart creat comhleanúnach maoirseachta agus formhaoirseachta a shocrú i ndáil le ról an ardáin sin sa chóras socraíochta foriomlán. Ba cheart uasghrádú a dhéanamh ar na comhaontuithe deonacha atá ann faoi láthair idir an Banc Ceannais Eorpach (BCE), an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), údaráis inniúla náisiúnta na TLUnna atá rannpháirteach in T2S agus na bainc cheannais atá i mbun formhaoirseacht ar na TLUnna chun a áirithiú go gcuirfidh an creat reachtach nua róil shoiléire ar fáil do na húdaráis rannpháirteacha uile, mar atá na húdaráis inniúla náisiúnta, na bainc cheannais maille le BCE mar fhormhaoirseoirí ceannais agus ESMA ina cháil mar mhaoirseoir. D’fhéadfadh an creat feabhsaithe sin a bheith i bhfoirm coláiste maoirseoirí.

4.2.

Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh ar na comhreachtóirí an t-ardán socraíochta sistéamaí T2S a áireamh i raon feidhme CSDR agus na coinníollacha a chothú chun socraíocht a ghlacadh go forleathan tríd an uirlis T2S san Aontas Eorpach (12). Is gá sin a dhéanamh ionas go bhféadfaidh an córas ilairgeadra sin feidhmiú go lánacmhainneach ar deireadh, in ainneoin an amhrais, ní nach ionadh, atá ar na bainc cheannais agus ar na TLUnna i dtíortha nach bhfuil sa limistéar euro ina leith. Ba cheart ról T2S maidir le comhchuibhiú sreabh sonraí agus faisnéise a aithint agus a áireamh freisin sa togra reachtach ós gné ríthábhachtach é sin le gur féidir le TLUnna seirbhísí a chur ar fáil go héifeachtach.

4.3.

Faoi láthair, déantar faireachán ar T2S ar bhonn roinnt Prionsabal maidir le Bonneagar Margaidh Airgeadais atá áirithe i gCreat Formhaoirseachta BCE – cur chuige “éadrom” lena n-aithnítear tábhacht shistéamach an ardáin sin don Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ní fheictear do CESE aon choinbhleachtaí rialála a bheith ann a dhéanfadh difear do neamhspleáchas BCE (rud nach bhfuil amhras faoi) toisc gur féidir a mheas gur uirlis bhonneagair é T2S le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, ar uirlis í atá níos forbartha, ar roinnt cúiseanna, faoi “scáth” BCE seachas in áiteanna eile. Ar a mhuin sin, tá difríocht idir rannpháirtíocht BCE i socraíocht urrús tríd an ardán agus feidhmeanna clasaiceacha an bhainc ceannais, rud a fhágann gan dabht ar bith gur gá T2S a áireamh in CSDR d’fhonn is go mbeidh creat rialála comhleanúnach agus éifeachtach ann.

Maoirseacht ar an gcóras araíonachta socraíochta

4.4.

Tugann CESE dá aire go bhfuil an chuid is conspóidí den togra – an cur chuige “dhá chéim” faoina bhféadfaí na ceannaigh isteach shainordaitheacha a chur chun feidhme – fós ina rogha dhea-chothromaithe ar féidir dul ar a muinín go dtí gur léir an mbainfear torthaí sásúla amach le bearta eile atá dírithe ar theipeanna socraíochta a laghdú.

4.5.

Creideann CESE, áfach, gur fearr agus gur doimhne an tuiscint a bheadh ann ar na cúiseanna atá le teipeanna socraíochta ach aghaidh a thabhairt ar an gceist seo a luaithe is féidir. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí isteach spriocdháta faoina ndéanfaí measúnú ar an dul chun cinn maidir le táscairí um theipeanna socraíochta, agus ar na bunchúiseanna atá le teipeanna socraíochta, i bhfoirm tuarascála poiblí arna dréachtú ag an údarás inniúil, sa chás is fearr laistigh de thréimhse bliana tar éis do chóras na bpionós teacht i bhfeidhm.

4.6.

Cé go bhfuil dreamanna áirithe ar son deireadh a chur scun scan leis an oibleagáid maidir le ceannaigh isteach shainordaitheacha, is mó atá CESE ar a fhaichill ina leith, i bhfianaise líon na dteipeanna socraíochta atá tarlaithe (i gcomparáid le mórdhlínsí airgeadais eile freisin), ar líon é atá i bhfad ró-ard, dar leis. Dá mbainfí rogha beartais shuntasach ó bhosca uirlisí an Choimisiúin, ní i bhfeabhas a rachadh cúrsaí maidir leis sin. Is cosúil gur rogha oiriúnach é gníomh cur chun feidhme a ghlacadh sa chás áirithe seo.

4.7.

Aithníonn CESE go bhfuil bealach an-éifeachtach ann a bhrostóidh meath tapa ar líon na dteipeanna socraíochta, mar atá cur lena bhfuil de phionóis ann cheana go dtí go mbainfear amach an chothromaíocht cheart. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar theipeanna socraíochta a bhfuil cleachtais “díol folamh” ag baint leo. D’fhéadfaí dul i muinín ceannaigh isteach shainordaitheacha i gcás nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann, agus iad inchurtha chun feidhme go han-aireach tar éis comhairliúcháin chuí le rannpháirtithe sa mhargadh má theipeann ar gach réiteach eile.

4.8.

Sula rachfar i mbun gnímh, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar bhearta atá dírithe ar shlabhraí idirghabhálaithe a ghiorrú. Ní mór scrúdú críochnúil a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis an úsáid fhorleathan a bhaintear as an teicníc “réamh-mheaitseála”. Ón uair go dtarlaíonn go leor teipeanna (teicniúla) mar gheall ar mhoilleanna i slabhraí socraíochta fada, ní féidir ceannaigh isteach shainordaitheacha a fhorchur gan an cúinse sin a chur san áireamh agus sula ndéanfar bearta iomchuí a chur chun feidhme chun giorrú “slabhraí ceannais” socraíochta a spreagadh.

“Sócmhainní digiteacha” a shocrú laistigh de chóras socraíochta TLU

4.9.

Leis an méadú atá tagtha ar “sócmhainní digiteacha”, tarraingíodh aird ar idirnascthacht fheidhmiúil na seirbhísí trádála agus socraíochta i dtaca le sócmhainn ar leith. Is millteanach an acmhainneacht atá ann anois má ghlactar le teicneolaíocht mórleabhar dáilte san earnáil airgeadais agus in earnálacha eile. Má tá trádáil agus socraíocht “sócmhainní traidisiúnta” le bheith iomaíoch i gcónaí i gcomórtas le trádáil agus socraíocht “sócmhainní digiteacha”, ba cheart cead a bheith ag TLUnna a saoráidí trádála féin a bhunú gan stró le haghaidh na n-ionstraimí lena socraíonn siad na hidirbhearta. Tá CESE láneolach faoi gur cuid thábhachtach de chomhthéacs reachtach an Athbhreithnithe ar CSDR é an córas píolótach le haghaidh teicneolaíocht mórleabhar dáilte. Tá CESE i bhfách leis go gcuirfí siar aon athrú ar CSDR a bhfuil sé mar aidhm leis acmhainneacht iomlán na teicneolaíochta mórleabhar dáilte a chur i ngníomh go dtí go nglacfar an togra ón gCoimisiún maidir leis an gcóras píolótach thuasluaite. Mar sin féin, mar bheart eatramhach, molann CESE go bhféadfaí saoráid trádála iltaobhach a bhunú le haghaidh ionstraimí a shocrófaí laistigh de chóras socraíochta TLU. Ba cheart breathnú ar shaoráid trádála iltaobhach a choinneáil mar sheirbhís choimhdeach de réir bhrí Roinn B, cuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le CSDR.

4.10.

Tugann CESE rabhadh nár cheart le cruthú “bosca gainimh rialála” fasach a bhunú i dtaca le caighdeáin reatha iompraíochta sa mhargadh a ísliú agus i dtaca le hinfheisteoirí a chosaint. Trí phróisis socraíochta a bhogadh go hiomlán go líonraí atá bunaithe ar an teicneolaíocht mórleabhar dáilte, cuirfear leis an éifeachtúlacht toisc go laghdaíonn sin na costais idirbhirt ghaolmhara agus an riosca a bhaineann leo nuair a bhíonn slabhra rófhadaithe idirghabhálaithe á ghiorrú. Mar sin féin, ní shárófar an riosca contrapháirtí trí leas a bhaint as líonraí teicneolaíochta mórleabhar dáilte. Tá sé thar a bheith tábhachtach a áirithiú go saineofar na ceanglais maidir le rannpháirtíocht sna líonraí sin ar bhealach a laghdaíonn an riosca contrapháirtí. Ba cheart ról lárnach a bheith ag TLUnna i mbainistiú an bhonneagair.

Smachtbhannaí a fhorfheidhmiú

4.11.

Tá an tAthbhreithniú ar CSDR ar siúl ag tráth an-dúshlánach agus cogadh á fhearadh ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine. Dearadh bonneagar margaidh airgeadais na hEorpa ar chaoi a ligfeadh dó suaití mar sin a sheasamh, ina theannta sin, tá ról lárnach ag an gcuid thábhachtach (shistéamach) de – líonra na TLUnna – i dtaca lena áirithiú go gcuirfear smachtbhannaí an Iarthair i leith na Rúise chun feidhme mar is ceart ar an leibhéal oibríochtúil. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún an treoir is gá a chur ar fáil i gcásanna ina dteagmhaíonn gníomhaíochtaí a bhaineann le smachtbhannaí le “críocha aineoil”, rud a chruthaíonn éiginnteacht i measc gníomhaithe margaidh. Is féidir cuid d’fhorálacha na treorach “tob-réitigh” sin a chur san áireamh freisin lena n-úsáid chun an togra maidir leis an Athbhreithniú a fheabhsú a thuilleadh, rud a fhágann gur mó a bheidh sé inchurtha le dúshláin amach anseo.

4.12.

I bhfianaise a bhfuil ag titim amach ar an leibhéal idirnáisiúnta, tá CESE á mholadh gur cheart go gcuirfeadh CSDR de cheangal ar na TLUnna, ar a n-eisitheoirí, agus ar a rannpháirtithe buansásra inmharthana a chur ar bun chun sonraí a mhalartú agus a roinnt le chéile a bhaineann le smachtbhannaí Eorpacha comhchoiteanna a chur i bhfeidhm. Níor cheart go dtitfeadh sé amach, áfach, go bhfágfaí gníomhaíocht ar lár ar an ábhar nach bhfuil na rannpháirtithe éagsúla in ann teacht ar chonclúid ar cheart di, murach sin, a bheith simplí nó ar a laghad inbhainte amach (i.e. má bhreithnítear i gcomhpháirt í), agus ar an ábhar sin amháin. Is ceart agus is láncheart a fhiafraí ar cheart breathnú ar TLUnna mar ionstraim dlí iomchuí ina leith sin, bíodh sin mar atá, tá CESE á mholadh go mbeadh rialachán maidir le maoirseacht níos láidre ann chun smachtbhannaí a fhorfheidhmiú.

An Bhruiséil, an 14 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Is féidir urrúis a shealbhú i bhfoirm fhisiciúil nó i bhfoirm cuntais reatha.

(2)  Tá 26 TLU ann móide dhá TLU idirnáisiúnta. Foinse: Clár ÚEUM.

(3)  Bunaithe ar shonraí ó Eurostat maidir le OTI in 2021, i.e. EUR 14,4 trilliún.

(4)  Ag deireadh 2020, bhí urrúis dar luach os cionn EUR 56 thrilliún ar seilbh i gCórais Socraíochta Urrús an Aontais Eorpaigh. Sonraí arna nginiúint tríd an mBunachar Sonraí maidir le Staitisticí Trádála, Imréitithe agus Socraíochta Urrús, an Banc Ceannais Eorpach. Ceadaíodh é an 4 Bealtaine 2022.

(5)  IO C 299, 4.10.2012, lch.76.

(6)  Thit líon na dteipeanna socraíochta i leith cothromas, arna ríomh mar chéatadán de líon iomlán na n-idirbheart, go 3 % roimh shuaitheadh an mhargaidh a tharla de thoradh COVID-19, ach ó shin i leith mhéadaigh siad arís go 4.5 %. Mar chéatadán den luach, mhéadaigh an cóimheas ó 6 %, mar a bhí roimh Mhárta 2020, go 9 % in Eanáir 2021 Foinse: Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair. Mar sin féin, léiríonn an taithí a fuarthas ar an margadh go dtarlaíonn formhór na “dteipeanna” toisc go sroicheann an treoir socraíochta an córas socraíochta trí bhíthin shlabhra na n-idirghabhálaithe tar éis an lae arna ainmniú ag na páirtithe deiridh mar “lá na socraíochta beartaithe”.

(7)  An córas Urrúis-Target2. Faoi láthair tá 19 TLU ó 20 tír Eorpach nasctha le T2S. Is féidir krone na Danmhairge a shocrú ar T2S, rud atá amhlaidh ó mhí Dheireadh Fómhair 2018 i leith.

(8)  Praghsáil an chórais Urrúis-Target2

(9)  IO C 155, 30.4.2021, lch. 20.

(10)  Le déanaí, i dtuairim ó CESE Athbhreithniú ar an gcreat Sócmhainneacht II, a glacadh i mí Feabhra 2022, féach pointe 2.3. IO C 275, 18.7.2022, lch. 45.

(11)  Tuairim ó CESE Athbhreithniú ar an gcreat Sócmhainneacht II. IO C 275, 18.7.2022, lch. 45.

(12)  Cé is moite de krone na Danmhairge, ní féidir aon airgeadra eile nach euro é a shocrú tríd an gcóras T2S, toisc go bhfuil drogall ar ghníomhaithe ábhartha lasmuigh de chóras socraíochta an limistéir euro páirt a ghlacadh ann agus iad ag brath rompu go bhfeicfidh siad cad a tharlóidh.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/93


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidie leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac

(COM(2022) 105 final)

(2022/C 443/13)

Rapóirtéir:

José Antonio MORENO DÍAZ

Comhrapóirtéir:

Ody NEISINGH

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

22.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

200/7/7

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) nuálaíocht rialála na treorach maidir le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac agus an cur chuige trasnach a ghlactar inti. Tá treoir den chineál sin iarrtha ar bhonn forleathan ag an tsochaí.

1.2.

Ina theannta sin, i bhfianaise na gcineálacha éagsúla foréigin a mbíonn mná thíos leo, chomh maith le fairsinge an fhoréigin sin, tá sé ríthábhachtach nach mbeidh na beartais a úsáidtear chun dul i ngleic leis neodrach. Ní mór iad a leagan amach bunaithe ar ghné inscne atá soiléir agus aonchiallach, agus iad a bheith deartha sa chaoi go mbeidh sé níos éasca an tábhacht a bhaineann leo agus a n-éifeachtacht a thuiscint.

1.3.

Ba mhaith le CESE a chur in iúl go measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach agus gur ábhar práinne é go ndaingneofaí Coinbhinsiún Uimh. 190 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Foréigean agus Ciapadh agus Coinbhinsiún Iostanbúl i ngach Ballstát nach bhfuil an méid sin déanta acu go fóill, agus go ndaingneodh an tAontas an dá Choinbhinsiún sin freisin.

1.4.

Creideann CESE gur cheart gach cineál foréigin in aghaidh na mban a áireamh sa treoir sin, amhail foréigean institiúideach, teacht i dtír gnéasach agus atáirgthe, ciapadh san ionad oibre, foréigean inscne sa teaghlach, tíolacadh ceimiceach, ciapadh sráide, ciapadh gnéasach ar bhonn gnéis nó inscne, steiriliú éigeantach na mban faoi mhíchumas, i measc nithe eile.

1.5.

Creideann CESE nach mór foréigean in aghaidh na mban a áireamh mar cheann de na coireanna Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 83(1) CFAE.

1.6.

Creideann CESE gur cheart bearta sonracha a áireamh i gcreat an idirphlé shóisialta agus na cómhargála chun a áirithiú go gcoinneoidh íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban a bpost agus go ndéanfar íospartaigh nach bhfuil post acu a lánpháirtiú sa mhargadh saothair.

1.7.

I gcomhréir leis an gcur chuige a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Coiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW), measann CESE gur cheart an téarma “mná striapachais” a úsáid in ionad “oibrithe gnéis”.

1.8.

Creideann an Coiste gur cheart gnéithe, amhail bagairtí a rinneadh ar an íospartach, ar a mhuintir nó ar a chairde san am atá thart, mar aon le brabús, a bheith san áireamh sna himthosca géaraitheacha.

1.9.

Ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar mhná agus ar chailíní ó mhionlaigh eitneacha nó chultúrtha, amhail na Romaigh, mná imirceacha, go háirithe iad siúd atá i staid neamhrialta riaracháin, agus cailíní agus mná dídeanaithe atá ag teitheadh ó chogadh.

1.10.

Iarrann CESE freisin go dtabharfaí aird ar leith ar mhná atá faoi mhíchumas, a nochtar níos mó d’fhoréigean inscnebhunaithe mar gheall ar a stádas míchumais.

1.11.

Maidir le cibearchiapadh, creideann sé gur cheart an easpa toilithe agus nochtadh an phobail a bheith ina gcinealácha cibirchiaptha.

1.12.

Creideann an Coiste gur cheart íospartaigh a tharchur chuig na seirbhísí tacaíochta ní hamháin ar bhealach tráthúil comhordaithe, ach gur cheart é sin a bheith ina ábhar tosaíochta agus práinne chomh maith.

1.13.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach seirbhísí sláinte, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, a chomhtháthú leis an liosta de sheirbhísí tacaíochta bunriachtanacha d’íospartaigh, agus tathantaíonn sé ar gach Ballstát den Aontas gach bacainn ar rochtain ar fhrithghiniúint éigeandála agus ar sheirbhísí maidir le foirceannadh toirchis tar éis éignithe a bhaint go práinneach.

1.14.

Tá CESE den tuairim nach mór bearta lena ndírítear ar chosc a chur ar an ionsaitheoir ciapadh a dhéanamh ar an íospartach nó dul i dteagmháil leis nó léi go fisiciúil a áireamh le srianta éigeandála agus le horduithe cosanta chun sláine fhisiceach agus shíceolaíoch na n-íospartach a chosaint.

1.15.

Creideann CESE gur cheart é a bheith foráilte go sainráite go mbeidh na sásraí agus na bearta uile chun tacú le híospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh saor in aisce agus inrochtana go héasca.

1.16.

Tarraingíonn an Coiste aird ar nach bhfuil na seirbhísí comhairliúcháin agus cúraim lena ndírítear ar an gciapadh gnéasach ag an obair ach de chineál seachtrach, agus a theoranta atá sé sin. Leagann sé béim ar nach luaitear tábhacht an idirphlé shóisialta, na cómhargála agus na rannpháirtíochta agus na caibidlíochta is gá leis na comhpháirtithe sóisialta.

1.17.

I bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn an t-oideachas chun róil agus steiréitíopaí inscne a mhúnlú, ba cheart an ról coisctheach atá aige – go háirithe trí oideachas cuimsitheach gnéasachta – a bheartú ag gach céim den oideachas, agus ba cheart rannpháirtíocht an phobail oideachais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta (go háirithe comhlachais fheimineacha), comhpháirtithe sóisialta agus pobail lena mbaineann a áireamh go sainráite sa chomhar institiúideach.

1.18.

Creideann an Coiste gur cheart tosaíocht a bheith ag leas an linbh ar chearta cuairte, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le teagmháil shábháilte a áirithiú i dtéarmaí fisiciúla agus mothúchánacha araon.

1.19.

Is díol sásaimh don Choiste gur cuireadh ciorrú ball giniúna ban san áireamh sa Treoir mar choir shonrach.

1.20.

Creideann CESE gur cheart na sáruithe níos leithne ar shláinte ghnéis agus atáirgthe agus ar chearta gnéis agus atáirgthe a chomhrac freisin mar chineálacha foréigin in aghaidh na mban, amhail foréigean gínéiceolaíoch agus cnáimhseach, toircheas éigeantais agus cúram ginmhillte a dhiúltú. Tugann CESE dá aire freisin agus is cúis imní dó nach gcuirtear san áireamh sa sainmhíniú ar fhoréigean in aghaidh na mban na srianta atá ann faoi láthair ar fhoirceannadh toirchis a dhéantar go sábháilte agus go neamhshrianta nó ar chiapadh (a tharlaíonn go príomha i gcomharsanacht clinicí) a mbíonn na mná a roghnaíonn go toilteanach an rogha sin thíos leis.

1.21.

Tugann an Coiste dá aire, agus is cúis imní dó, nach n-áirithítear go mbeidh saol maith ag dílleachtaí, lena n-áirítear na dílleachtaí sin ar íospartaigh den fhoréigean in aghaidh na mban iad, inar féidir leo maireachtáil faoi shaoirse agus comhionannas.

1.22.

Is cúis mhór imní do CESE go bhfuil sé mar aidhm ag an eite dheis antoisceach cur in aghaidh tograí maidir le comhionannas idir fir agus mná. Tá sé thar a bheith buartha go ndiúltaítear ar bhonn córasach go bhfuil ann d’fhoréigean struchtúrach (foréigean a dhéantar ar bhean díreach ós rud é gur bean í). Ní hamháin go mbaineann an diultú sin an bonn den chomhionannas idir fir agus mná, ach is ionsaí é chomh maith ar na luachanna agus na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE.

1.23.

Molann an Coiste go n-áireofaí tuarascáil eacnamaíoch sa Treoir chun cur chun feidhme éifeachtach na mbeart arna nglacadh trí mhaoiniú poiblí leordhóthanach a áirithiú.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Is é an foréigean in aghaidh na mban an léiriú is tromchúisí ar an idirdhealú in aghaidh na mban. Is éard atá ann córas smachta a eascraíonn as an éagothroime idir mná agus fir. Treisítear an éagothroime sin agus téann sí in olcas i ngeall ar an gcóras sin.

2.2.

Is cúis mhór imní do CESE go bhfuil sé mar aidhm ag an eite dheis antoisceach cur in aghaidh tograí maidir le comhionannas idir fir agus mná. Tá sé thar a bheith buartha go ndiúltaítear ar bhonn córasach go bhfuil ann d’fhoréigean struchtúrach (foréigean a dhéantar ar bhean díreach ós rud é gur bean í). Ní hamháin go mbaineann an diultú sin an bonn den chomhionannas idir fir agus mná, ach is ionsaí é chomh maith ar na luachanna agus na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE.

2.3.

Tá sé ar cheann de phríomhchuspóirí na Straitéise Eorpaí um Chomhionannas Inscne 2020-2025 deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe. Tá sé mar aidhm leis freisin, i measc nithe eile, steiréitíopaí inscne a chomhrac, deireadh a chur leis an mbearna phá san fhostaíocht agus i bhfreagrachtaí cúraim, rannpháirtíocht chothrom a bhaint amach in earnálacha éagsúla den gheilleagar agus cothromaíocht inscne a bhaint amach sa phróiseas cinnteoireachta agus sa ghníomhaíocht pholaitiúil.

2.4.

Tá an foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní ar cheann de na cineálacha idirdhealaithe inscne is seasta agus sáraíonn sé cearta an duine. San Aontas Eorpach, seachnaíonn leath na mban (53 %) áiteanna nó cásanna áirithe mar gheall ar an eagla atá orthu roimh ionsaí fisiceach nó gnéasach (1) agus maíonn aon trian díobh gur íospartaigh d’fhoréigin fisiciúil nó gnéasach iad (33 %).

2.5.

I bhfianaise na gcineálacha éagsúla foréigin a mbíonn mná thíos leo, chomh maith le fairsinge an fhoréigin sin, tá sé ríthábhachtach nach mbeidh na beartais a úsáidtear chun dul i ngleic leis an bhforéigean sin neodrach. Ní mór iad a leagan amach bunaithe ar ghné inscne atá soiléir agus aonchiallach, agus iad a bheith deartha sa chaoi go mbeidh sé níos éasca an tábhacht a bhaineann leo agus a n-éifeachtacht a thuiscint.

2.6.

Gach lá, bíonn mná i mbaol foréigin ina n-ionad oibre, go háirithe iad siúd atá ag obair san earnáil iompair (deir 63 % de mhná san earnáil sin gur tharla gníomh foréigin amháin ar a laghad dóibh le déanaí) (2) agus i seirbhísí agus i ndíolacháin (3).

2.7.

Tá méadú tagtha freisin ar an bhforéigean teaghlaigh mar gheall ar na bearta dianghlasála a cuireadh i bhfeidhm chun srian a chur leis an ngéarchéim sláinte a tharla mar thoradh ar phaindéim COVID-19 (4).

2.8.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé mar aidhm leis an treoir atá beartaithe foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac d’fhonn a áirithiú go mbeidh ardleibhéal sábháilteachta ann agus go mbainfear leas iomlán as cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun cóir chomhionann agus neamh-idirdhealaithe. Cé go gcreideann CESE go bhfuil gá le cur chuige an dlí choiriúil chun foréigean in aghaidh na mban a chomhrac, ní mór cur chuige iomlánaíoch agus cuimsitheach a bheith ag gabháil leis chun foréigean fireann a chosc, a chomhrac agus a dhíothú.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Is díol sásaimh do CESE nuálaíocht rialála na treorach maidir le foréigean in aghaidh na mban a chomhrac agus an cur chuige trasnach a ghlactar inti. Mar sin féin, tugann sé rabhadh faoin ngá atá le prótacail, feachtais ardaithe feasachta agus feachtais maidir le cáilíochtaí a chur ar bun do ghairmithe chun cosc a chur ar an bhforéigean institiúideach, agus ar an locht a chur ar an íospartach bunaithe ar thosca seachtracha nach mbaineann leis an ngníomh foréigneach. Áirítear ar na tosca sin cuma nó dearcadh an íospartaigh, stádas, bunús nó aon saintréith nó cás eile.

3.2.

I ndáil leis an méid sin, cé gur díol sásaimh é do CESE an soiléiriú maidir le coincheapa agus imeachtaí coiriúla a rinneadh sa Treoir ar shainmhínithe ar chineálacha áirithe foréigin in aghaidh na mban, tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí aghaidh sa togra ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus go mbeadh sainmhíniú ginearálta ar an bhforéigean inscnebhunaithe ann amhail an sainmhíniú atá in Airteagal 1 agus Airteagal 2 de Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le díothú an fhoréigin in aghaidh na mban (1993) nó in Airteagal 3 de Choinbhinsiún Iostanbúl.

3.3.

Creideann CESE gur cheart foréigean in aghaidh na mban a áireamh mar cheann de na coireanna Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 83(1) CFAE.

3.4.

Is díol sásaimh do CESE coiriúlú an éignithe ar bhonn easpa toilithe amháin, gan an réamhriachtanas go mbeadh ann d’fhorneart nó do bhagairtí chun duine a chúiseamh. Leis an sainmhíniú dlíthiúil seo, ionchorpraítear an cion sin i gcomhréir le Coinbhinsiún Iostanbúl: ba cheart an coincheap sin a chur i bhfeidhm maidir le cineálacha nua éignithe amhail “tíolacadh ceimiceach”, mar a thugtar air.

3.5.

Aithníonn CESE a thábhachtaí atá sé bearta sonracha a ionchorprú chun cosaint a thabhairt d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe i réimse an teaghlaigh agus chun go mbeidh rochtain acu ar an gceartas. Iarrann sé, áfach, go n-áireofaí an cineál foréigin sin i measc na gcionta a leagtar amach sa treoir, lena mbunaítear creat coiteann le haghaidh pionós, imthosca géaraitheacha, dlínse agus tréimhsí teorann.

3.6.

Deir níos mó ná leath de mhná san Eoraip (55 %) gur íospartaigh gnéaschiaptha iad (5). Dá bhrí sin, creideann CESE nach féidir neamhshuim a dhéanamh den chineál seo foréigin in aghaidh na mban sa togra, a mhéid a bhaineann leis na sainmhínithe atá beartaithe ann agus na forálacha a dhéantar ann maidir le pionóis, imthosca géaraitheacha, dlínse agus tréimhsí teorann (6).

3.7.

D’fhulaing aon trian de na mná a ghlac páirt sa suirbhé ciapadh gnéasach san ionad oibre (7). Measann CESE, dá bhrí sin, go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí aghaidh sa Treoir ar an gcineál seo foréigin, chomh maith le cur chun feidhme agus nuashonrú na ngníomhaíochtaí sonracha arna ndéanamh ag fostóirí chun dul i ngleic leis an gciapadh gnéasach agus leis an gciapadh bunaithe ar ghnéas san ionad oibre, lena n-áirítear cibearfhoréigean nó cibearbhulaíocht (8). Iarrann CESE, dá bhrí sin, go n-áireofaí an ciapadh ag an ionad oibre.

3.8.

Is i gcoinne a leanaí go háirithe a dhéantar an foréigean ionadach, i.e. an cineál foréigin a fhulaingíonn mná mar thoradh ar fhoréigean a dhéantar i gcoinne a muintireacha nó a gcairde chun drochíde mhothúchánach a dhéanamh ar na mná sin. Creideann CESE gur cheart tosaíocht a bheith ag leas an linbh ar chearta cuairte, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann maidir le teagmháil shábháilte leis an leanbh a áirithiú i dtéarmaí fisiciúla agus mothúchánacha araon.

3.9.

Ós rud é gur gné fhíorthábhachtach é an neamhspleáchas airgeadais chun íospartaigh an fhoréigin a dhéantar laistigh de theaghlaigh a chumhachtú agus chun cuidiú leo teacht chucu féin, tugann CESE dá aire agus is cúis imní dó nach n-áirítear aon bhearta nithiúla san idirphlé sóisialta agus sa chómhargáil chun a áirithiú go gcoinneoidh íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban a bpost agus go ndéanfar íospartaigh nach bhfuil post acu a lánpháirtiú sa mhargadh saothair.

3.10.

Bunaithe ar thorthaí thuarascáil Pharlaimint na hEorpa maidir le teacht i dtír gnéasach agus striapachas agus a thionchar ar an gcomhionannas inscne (9), i gcomhréir le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW) agus Moladh Ginearálta Uimh. 38 ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú an 6 Samhain 2020 maidir leis an ngáinneáil ar mhná agus ar chailíní i gcomhthéacs na himirce domhanda, creideann CESE gurb iomchuí tagairt a dhéanamh dóibh mar “mná i striapachas” seachas mar “oibrithe gnéis”.

3.11.

Le Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) atá thíos léi a chosaint, meastar go bhfuil toiliú an íospartaigh neamhbhailí i gcás fornirt, comhéigin, mí-úsáid cumhachta nó daoine i riocht soghonta, nó i gcás ina dtugtar nó ina fhaightear íocaíochtaí nó sochair chun toiliú a fháil. Measann CESE gur cheart soláthar nó leas a bhaint as teacht i dtír gnéasach a chur san áireamh sna pionóis dá bhforáiltear i gCaibidil 2 den Treoir ina dtugtar aghaidh ar “cionta a bhaineann le teacht i dtír gnéasach”.

3.12.

Cuireann CESE in iúl go bhfuil an imní chéanna air agus atá ar Rapóirtéir Speisialta Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (11) maidir leis an méadú atá tagtha ar an máthairionadaíocht. Tá CESE ar aon intinn le Parlaimint na hEorpa (12) gur cineál dúshaothraithe atáirgthe í a sháraíonn dínit na mban. Measann sé, dá bhrí sin, gur cheart a mheas gur cineál foréigin in aghaidh na mban é cleachtas den sórt sin – nuair is idirbheart dlíthiúil atá ann ina mbaineann aon cheann de na páirtithe brabús nó tairbhe as, lena n-áirítear trí phoiblíocht– agus gur cheart é a mheas ar an leibhéal céanna le teacht i dtír gnéasach (agus é a chur san áireamh i gCaibidil 2 agus in Airteagal 1).

3.13.

Is é an foréigean in aghaidh na mban an sárú is forleithne ar chearta an duine san Aontas, ach tá sé níos forleithne i measc na mban agus na gcailíní leochaileacha, agus ní mór aird ar leith a thabhairt ar mhná agus cailíní ó mhionlaigh eitneacha agus/nó chultúrtha, amhail na Romaigh.

3.14.

Tacaíonn CESE le gach beart reachtach iomchuí chun mná atá faoi mhíchumas a chosaint ar gach cineál dúshaothraithe, foréigin agus mí-úsáide, lena n-áirítear gnéithe gnéasbhunaithe. Tacaíonn sé freisin le bearta iomchuí chun an méid sin a chosc, lena n-áirítear cineálacha iomchuí cúnaimh lena gcuirtear san áireamh saincheisteanna inscne maidir le mná atá faoi mhíchumas. Chuige sin, tacaíonn CESE le maoirseacht éifeachtach na n-údarás neamhspleách ar gach saoráid agus clár atá ceaptha tacaíocht a thabhairt do mhná faoi mhíchumas.

3.15.

Tacaíonn CESE freisin leis na bearta iomchuí uile chun téarnamh fisiciúil, cognaíoch agus síceolaíoch, athshlánú agus ath-imeascadh sóisialta na mban faoi mhíchumas ar íospartaigh iad de gach cineál foréigin nó mí-úsáide a chur chun cinn, lena n-áirítear trí sheirbhísí cosanta a sholáthar. Iarrann sé go dtabharfaí aird ar leith freisin ar mhná faoi mhíchumas, a nochtar níos mó d’ionsaithe gnéasbhunaithe mar gheall ar a stádas mar dhaoine atá faoi mhíchumas (steiriliú éigeantach, éagumas dlíthiúil arna fhógairt ag baill teaghlaigh).

3.16.

Ní mór mná imirceacha, go háirithe má tá siad i staid riaracháin neamhrialta, a chosaint trí chead cónaithe uathrialaitheach agus sealadach a dheonú láithreach nuair a dhéanann siad gearán (13). Ina theannta sin, má thagann easpa doiciméadachta dlíthiúla chun cinn le linn an phróisis, níor cheart na húdaráis inniúla imirce a chur ar an eolas.

3.17.

Is díol sásaimh do CESE go n-áirítear an chibearbhulaíocht agus comhroinnt neamh-chomhthoiliúil ábhair phearsanta nó chúblála mar chineálacha foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní. Mar sin féin, tá imní air faoin gceanglas nach mór na hábhair sin a chur ar fáil don “iliomad úsáideoirí” chun go measfar iad mar chion. Tá an ceanglas sin doiléir, éiginnte agus is féidir bríonna éagsúla a bhaint as. Ní thugtar aghaidh leis ar an damáiste a dhéantar i ndáiríre do chlú an duine, rud is féidir a bheith níos tromchúisí mura dhéantar an t-ábhar a roinnt ach amháin le daoine ó dhlúthchiorcal sóisialta, teaghlaigh nó oibre an íospartaigh. Creideann an Coiste gur cheart easpa toilithe agus nochtadh don phobal a mheas mar chibearchiapadh, gan a mheas ar roinneadh ábhar leis an iliomad úsáideoirí nó, nach roinneadh é ach le go leor nó líon mór úsáideoirí (Airteagal 7(a) agus (b), Airteagal 8(c) agus Airteagal 9(a)).

3.18.

Leis an úsáid fhorleathan a bhaintear as an idirlíon agus as na meáin shóisialta, is minice a dhéantar comhroinnt ábhair ina bhfuil ábhar gnéasach, rud a mbíonn tionchar níos mó aige agus, dá bhrí sin, a dhéanann níos mó dochair don íospartach. Is díol imní don Choiste é an cleachtas forleathan sin agus measann sé gur cheart na pionóis agus an tréimhse theorann a bhaineann leis dá bhforáiltear in Airteagal 7 a bheith coibhéiseach leo siúd a leagtar síos in Airteagal 12 agus in Airteagal 15 don chibearstalcaireacht (Airteagal 8).

3.19.

Is díol sásaimh do CESE an ceanglas maidir le hoiliúint shonrach a chur ar fáil do na húdaráis inniúla maidir le gearáin faoi na cionta a chumhdaítear leis an Treoir a ghlacadh agus a sheoladh. Measann sé, áfach, gur cheart bearta sonracha a bheith ann chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht an chórais, chomh maith le foráil maidir le pionóis shonracha i gcás nach gcomhlíonann na húdaráis inniúla prionsabal an díchill chuí Airteagal 37(6)

3.20.

Is díol sásaimh don Choiste an ceanglas go mbeidh saineolas “leordhóthanach” ag na daoine, na haonaid, agus na seirbhísí a dhéanann imscrúdú agus ionchúiseamh ar fhoréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní, go háirithe oifigigh dlí, údaráis agus foireann cúirte, breithiúna, ionchúisitheoirí, dlíodóirí, soláthraithe tacaíochta íospartach agus seirbhísí ceartais aisiríoch, gairmithe cúraim, seirbhísí sóisialta agus oideachais agus baill foirne ábhartha eile a d’fhéadfadh teacht i dteagmháil le grúpaí leochaileacha nó le híospartaigh. Tugann CESE rabhadh, áfach, go bhfhéadfadh barúlacha éagsúla a bheith ann maidir le cad is saineolas leordhóthanach nó neamhdhóthanach ann. Ós rud é go bhfuil easpa oiliúna agus feasachta na ngníomhaithe lena mbaineann ar cheann de na príomhearráidí maidir le hidirghabhálacha sa réimse sin, molann CESE go mbeadh feidhm ag an gceanglas maidir le hoiliúint shonrach ní hamháin ar ghairmithe a láimhseálann gearáin nó a mbíonn teagmháil acu le híospartaigh, ach freisin dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an bpróiseas imscrúdaithe nó ionchúisimh dá bhforáiltear i gCaibidil 3 (Airteagal 17 (1)).

3.21.

Gné ríthábhachtach do chúiteamh, athshlánú agus téarnamh na n-íospartach is ea an luas lena gcuirtear cabhair ar fáil dóibh. Dá bhrí sin, measann CESE gur cheart ní hamháin go ndéanfaí íospartaigh a tharchur chuig seirbhísí tacaíochta ar bhealach tráthúil comhordaithe, ach gur cheart é sin a bheith ina ábhar tosaíochta agus práinne chomh maith (Airteagal 20 (2)).

3.22.

Is díol sásaimh do CESE na bearta atá beartaithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh ar sheirbhísí tacaíochta cuimsitheacha, saincheaptha, ginearálta agus speisialaithe a fhreagraíonn dá riachtanais shonracha. Mar sin féin, is oth leis nach ndéantar tagairt sa liosta maidir le tacaíocht speisialaithe a cheanglaítear ar na Ballstáit a chur ar fáil d’íospartaigh (Airteagal 27(1)) ach do thacaíocht ag an gcéim dhlíthiúil nó sa phróiseas imscrúdaithe agus breithiúnach, agus nach luaitear ann rochtain ar sheirbhísí sláinte, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, mar rud atá fíorthábhachtach d’íospartaigh. Ina theannta sin, tugann CESE dá aire agus is cúis mhór imní dó nach ndéantar tagairt shonrach do sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear frithghiniúint éigeandála agus ginmhilleadh, mar sheirbhísí tacaíochta atá ní hamháin riachtanach ach a bhfuil géarghá leo freisin, ar cheart rochtain a bheith ag íospartaigh foréigin ghnéasaigh orthu (Airteagal 28). Dar leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, d’fhéadfadh foréigean cruálach, mídhaonna nó táireach a bheith i gceist nuair a chuirtear iallach ar bhean toircheas mar thoradh ar éigniú a thabhairt i gcrích. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach seirbhísí sláinte, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, a chomhtháthú leis an liosta de sheirbhísí tacaíochta bunriachtanacha d’íospartaigh, agus tathantaíonn sé ar gach Ballstát den Aontas gach bacainn ar rochtain ar fhrithghiniúint éigeandála agus ar sheirbhísí maidir le foirceannadh toirchis tar éis éignithe a bhaint go práinneach.

3.23.

Is mó atá an foréigean inscnebhunaithe ag bagairt ar mhná a easáitíodh agus mná atá ag teitheadh ó choinbhleacht. Is minic a úsáidtear an foréigean gnéasach mar arm cogaidh, agus is mó an baol atá ann go mbeidh mná agus cailíní ina n-íospartaigh de gháinneáil ar dhaoine agus de theacht i dtír gnéasach. Cuireann CESE i bhfios go láidir go bhfuil tacaíocht, cosaint agus rochtain ar sheirbhísí sláinte bunriachtanacha, amhail cúram le haghaidh tráma síceolaíochta agus rochtain ar sheirbhísí gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear frithghiniúint éigeandála agus cúram ginmhillte, ríthábhachtach agus gur cheart iad a chur ar fáil i ngach tír Eorpach.

3.24.

Tá CESE den tuairim nach mór bearta lena ndírítear ar chosc a chur ar an ionsaitheoir ciapadh a dhéanamh ar an íospartach nó dul i dteagmháil leis nó léi go fisiciúil a áireamh le srianta éigeandála agus le horduithe cosanta chun sláine fhisiceach agus shíceolaíoch na n-íospartach a chosaint. Baineann sé sin ní hamháin le srian nó toirmeasc ar rochtain ar áit chónaithe nó oibre an íospartaigh (Airteagal 21(1)), ach freisin leis an spás poiblí i gcoitinne, lena n-áirítear cásanna ina bhféadfaí gaireacht idir an t-íospartach agus an t-ionsaitheoir a mheas mar iompar contúirteach an chiontóra/an amhrastaigh Airteagal 21(2)

3.25.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil na línte cabhrach teileafóin inrochtana go héasca agus saor in aisce d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh agus go gcuirtear sainchúram ar fáil in ionaid éigeandála um fhoréigean gnéasach. Mar sin féin, measann sé gur cheart é a bheith foráilte go sainráite go mbeidh an rochtain chéanna i gceist leis na sásraí agus na bearta uile chun tacú le híospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh, mar aon le faisnéis faoi chearta na n-íospartach sin agus nósanna imeachta le haghaidh sásaimh agus cúitimh.

3.26.

Is díol áthais dó chomh maith go n-áirítear tacaíocht speisialaithe i gcás an chiaptha ghnéasaigh san ionad oibre agus go mbeidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan sin ina mbeartais choisctheacha. Mar sin féin, tarraingíonn sé aird ar nach bhfuil na seirbhísí comhairliúcháin agus cúraim ach de chineál seachtrach (Airteagal 30), agus a theoranta atá sé sin. Leagann sé béim freisin ar nach luaitear tábhacht an idirphlé shóisialta, na cómhargála agus na rannpháirtíochta agus na caibidlíochta is gá leis na comhpháirtithe sóisialta, go háirithe le ceardchumainn mar ionadaithe dlisteanacha ar leasanna agus ar chearta oibrithe. Tugann sí dá aire freisin, agus is ábhar imní dó, go bhfuil “idirghabháil” beartaithe sa chineál seo foréigin in aghaidh na mban.

3.27.

I ndáil leis an méid sin, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach agus gur ábhar práinne é go ndaingneofaí Coinbhinsiún Uimh. 190 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Foréigean agus Ciapadh agus Coinbhinsiún Iostanbúl i ngach Ballstát nach bhfuil an méid sin déanta acu go fóill, agus go ndaingneodh an tAontas an dá Choinbhinsiún sin freisin.

3.28.

Is díol sásaimh don Choiste na bearta coisctheacha in aghaidh an fhoréigin inscnebhunaithe san oideachas, lena n-áirítear an t-oideachas cuimsitheach gnéasachta neartú. Mar sin féin, i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn an t-oideachas chun róil agus steiréitíopaí inscne a mhúnlú, ba cheart an fhoráil sin a bheartú ag gach céim den oideachas, agus ba cheart rannpháirtíocht an phobail oideachais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta (go háirithe comhlachais fheimineacha), na gcomhpháirtithe sóisialta agus na bpobal lena mbaineann a áireamh go sainráite sa chomhar institiúideach (Airteagal 36(2)).

3.29.

Is díol sásaimh do CESE freisin an comhar agus an comhordú idir na Ballstáit maidir le sonraí a bhailiú agus maidir le himscrúdú a dhéanamh ar chúiseanna, leitheadúlacht agus éifeachtaí an fhoréigin in aghaidh na mban. Mar sin féin, tá imní air faoi cé chomh láidir atá an gealltanas ar féidir a spreagadh leis an bhfoclaíocht “tacóidh na Ballstáit” (Airteagal 44(7)), ós rud é gur cuireadh amháin atá san fhoclaíocht sin do na Ballstáit dul i mbun gnímh. Tá CESE den tuairim go mbeadh sé i bhfad níos éifeachtaí agus níos uaillmhianaí gealltanas a ghlacadh lena n-éilítear bearta sonracha nithiúla a ghlacadh trí spriocdháta sonrach a leagan síos (Airteagal 44(7)).

3.30.

I ngeall ar an diaspóra imirce atá ina chónaí i dtíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh, is gá cineálacha foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní atá mar chuid de noirm chultúrtha na bpobal tionscnaimh sin a chur san áireamh. Dá bhrí sin, díol sásaimh don Choiste gur cuireadh ciorrú ball giniúna ban san áireamh sa Treoir mar choir shonrach. Mar sin féin, tugann sé rabhadh gur gá a bheith fíorchúramach chun go seachnófar, sna feachtais ardaithe feasachta nó coisc, stiogmatú mhná na bpobal sin, agus go mbeidh feidhm ag an íogaireacht chultúrtha dá bhforáiltear in Airteagal 37(2) maidir le feachtais choiscthe freisin agus iarmhairtí an chiorraithe ball giniúna ban á n-aithint. Creideann an Coiste, i ndáil leis sin, go bhfuil sé ríthábhachtach oibriú leis na pobail atá i gceist agus laistigh de na pobail sin chun tábhacht chultúrtha an chleachtais a chosc agus a dhíghníomhachtú (Airteagal 36 (6)) (14).

3.31.

Is díol sásaimh do CESE an t-aitheantas a tugadh don ghinmhilleadh éigeantach agus don steiriliú éigeantach mar chineálacha sonracha foréigin. Mar sin féin, ba cheart sáruithe níos leithne ar shláinte ghnéis agus atáirgthe agus ar chearta gnéis agus atáirgthe a chomhrac freisin mar chineálacha foréigin in aghaidh na mban, amhail foréigean gínéiceolaíoch agus cnáimhseach, toircheas éigeantais agus cúram ginmhillte a dhiúltú. Tugann CESE dá aire freisin agus is cúis imní dó nach gcuirtear san áireamh sa sainmhíniú ar fhoréigean in aghaidh na mban na srianta atá ann faoi láthair ar fhoirceannadh toirchis a dhéantar go sábháilte agus go neamhshrianta nó ar chiapadh (a tharlaíonn go príomha i gcomharsanacht clinicí) a mbíonn na mná a roghnaíonn go toilteanach an rogha sin thíos leis.

3.32.

Tugann an Coiste dá aire, agus is cúis imní dó, nach n-áirithítear go mbeidh saol maith ag dílleachtaí, lena n-áirítear na dílleachtaí sin ar íospartaigh den fhoréigean in aghaidh na mban iad, inar féidir leo maireachtáil faoi shaoirse agus comhionannas. Chun go mbeidh an méid sin indéanta, ní mór dóibh a bheith in ann an staid leochaileach ina bhfuil siad, arb é an foréigean a d’fhulaing siad is cúis léi, a shárú agus cúiteamh de chineál éigean a fháil. Is measa fós an staid leochaileach sin i gcás inar dúnmharaíodh a máithreacha. Sa chás deireanach sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh sé níos éasca do na leanaí sin rochtain a fháil ar na damáistí sibhialta a bhfuil siad i dteideal a fháil mar gheall ar na cionta a rinneadh ina gcoinne. Tá sé fíorthábhachtach freisin dlús a chur leis an bpróiseas oidhreachta i ndiaidh an chiona, ionas go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar a gcuid sócmhainní agus ar a gcearta oidhreachta gan mhoill (15).

3.33.

Is oth le CESE nach bhfuil aon tuarascáil eacnamaíoch ag gabháil leis an Treoir seo agus, dá bhrí sin, nach ráthaítear maoiniú poiblí na treorach ná na seirbhísí agus na ngníomhaíochtaí a mholtar inti.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), 2014 Violence against women: an EU-wide survey [Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé ar leibhéal an Aontais Eorpaigh].

(2)  ETF (2019), Time's Up for Violence Against Women! [Is mithid gníomhú chun an foréigean in aghaidh na mban a chomhrac].

(3)  Eurofound (2017), 6th European Working Conditions Survey [An 6ú Suirbhé Eorpach maidir le Coinníollacha Oibre].

(4)  An tAontas Eorpach (2021), 2021 report on gender equality in the EU [Tuarascáil 2021 maidir le comhionannas inscne san Aontas Eorpach].

(5)  Suirbhé bunaithe ar agallaimh le 42 000 bean. Foinse: Violence against women: an EU-wide survey [Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé ar leibhéal an Aontais Eorpaigh], Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, 2014.

(6)  D’fhonn na gealltanais a rinneadh ag an ócáid Me Too a chur i gcrích, ócáid a reáchtáladh i mí Feabhra 2019 i bParlaimint na hEorpa, inar iarradh ar iarrthóirí thoghcháin mhí na Bealtaine tiomantas láidir a léiriú chun dul i ngleic leis an gciapadh gnéasach go sonrach.

(7)  Suirbhé bunaithe ar agallaimh le 42 000 bean. Foinse: Violence against women: an EU-wide survey [Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé ar leibhéal an Aontais Eorpaigh], Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, 2014.

(8)  I ndáil leis sin, déanann CESE tagairt d’Airteagal 48 den Dlí Orgánach 3/2007 an 22 Márta 2007, ós rud é go léirítear leis dea-chleachtais sa Spáinn maidir le comhionannas inscne substainteach.

(9)  Tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa maidir le teacht i dtír gnéasach agus striapachas agus a thionchar ar an gcomhionannas inscne (2013/2103 (INI)). An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne. Rapóirtéir: Mary Honeyball. A7-0071/2014. 3 Feabhra 2014. Féach freisin an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2021 maidir le cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint (2020/2029(INI)).

(10)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1).

(11)  Na Náisiúin Aontaithe. An Chomhairle um Chearta an Duine. Tuarascáil ón Rapóirtéir Speisialta maidir le Díol agus Teacht i dTír Gnéasach Leanaí, lena n-áirítear striapachas leanaí, pornagrafaíocht leanaí agus ábhar a bhaineann le mí-úsáid ar leanaí. A/HRC/37/60. An Chomhairle um Chearta an Duine. An 37ú seisiún. 26 Feabhra – 23 Márta 2018.

(12)  Mar a luaitear sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Nollaig 2015 maidir leis an Tuarascáil Bhliantúil ar Chearta an Duine agus ar an Daonlathas ar fud an Domhain agus maidir le beartas an Aontais Eorpaigh ar an ábhar, 2015/2229 (INI), a cháineann an mháthairionadaíocht mar chleachtas lena mbaintear an bonn de dhínit na mban ós rud é go n-úsáidtear a gcoirp agus a bhfeidhmeanna atáirgthe mar thráchtearra, iarrann CESE go ndéanfaí scrúdú práinneach ar dhlíthiúlacht an chleachtais sin, i bhfianaise na n-ionstraimí éagsúla um chearta an duine, agus go gcuirfí toirmeasc ar chleachtais a bhaineann leas as feidhmeanna atáirgthe agus lena n-úsáidtear corp chun sochair airgeadais nó eile, go háirithe i gcás na mban leochaileach i dtíortha i mbéal forbartha.

(13)  Sa réimse seo, is dea-chleachtas é dlí inimirce na Spáinne (Airteagal 31(a) den Dlí Orgánach 4/2000).

(14)  The Multisectorial Academic Program to prevent and combat female Genital Mutilation(FGM/C) [An Clár Acadúil Ilearnála chun ciorrú ball giniúna ban a chosc agus a chomhrac]. An Coimisiún Eorpach, 2016-2018.

(15)  I ndáil leis sin, déanann CESE tagairt don Dlí Orgánach 2/2022 an 21 Márta 2022 maidir le feabhas a chur ar chosaint na ndílleachtaí ar íospartaigh an fhoréigin inscne iad, ós rud é go léirítear leis dea-chleachtais sa Spáinn.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/101


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: COVID-19 — Ullmhacht agus Freagairt an Aontais a chothú: Ag breathnú chun cinn

(COM(2022) 190 final)

(2022/C 443/14)

Rapóirtéir ginearálta:

Sára FELSZEGHI

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 28.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

199/0/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá dochar déanta ag paindéim COVID-19 do shaol laethúil na ndaoine, don earnáil sláinte, do gheilleagair náisiúnta agus don tsochaí. A bhuí leis an taithí a fuarthas agus na ceachtanna a foghlaimíodh ón bpaindéim, mar aon le taighde a rinneadh uirthi, beidh ar chumas CESE réitigh fhadtéarmacha a mholadh a fhágfaidh an tAontas Eorpach níos ullmhaithe feasta chun bagairtí sláinte a eascraíonn ní hamháin as COVID-19 ach as galair theagmhálacha eile a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe, agus chun freagairt choiteann na mBallstát agus an comhordú ar an leibhéal domhanda a neartú agus a fheabhsú.

1.2.

Chuige sin, creideann Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) gur gá don Aontas cumas freagartha láithreach a fhorbairt, ag tarraingt ar na hionstraimí atá ann cheana, d’fhonn a bheith ullamh chun freagartha láithreach bonn i gcás ina dtiocfaidh tuilleadh athraitheach nó paindéimí eile chun cinn. Tá CESE á mholadh go dtarraingeofaí straitéis suas a chuirfeadh – tar éis sainiúlachtaí náisiúnta gach Ballstáit a chomhtháthú agus tar éis na hiarrachtaí agus na rúin éagsúla a thabhairt i leith a chéile – bosca uirlisí casta ar fáil dúinn ina mbeadh gach gné den chosc (vacsaíniú, bearta eipidéimeolaíocha, oideachas, cumarsáid, etc.), cóireáil (táirgí íocshláinte, cúram othar, athshlánú leighis, cúram, etc.), athshlánú (san ionad oibre, ar scoil) agus cúram fadtéarmach (ag díriú orthu siúd a bhfuil COVID fadmharthanach orthu), chomh maith le rochtain ar acmhainní eacnamaíocha atá ann cheana agus ar acmhainní breise eacnamaíocha a chinntiú.

1.3.

Tá an vacsaíniú ar cheann de cholúin an choisc. Cuireann sé bac sa tslí san am céanna ar dhá lúb thábhachtacha sa slabhra eipidéimeolaíoch (atá déanta suas de thrí lúb ar fad: foinse an ionfhabhtaithe, an bealach tarchurtha agus an t-orgánach soghabhálach), mar atá foinse an ionfhabhtaithe agus an t-orgánach soghabhálach, tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, agus an straitéis sin á cur chun feidhme, go ndéanfaí anailís leanúnach uirthi agus go gcuirfí nuálaíochtaí nua san áireamh. Faoin tráth seo, tá an tAontas Eorpach agus formhór na mBallstát araon tar éis na deacrachtaí tosaigh sin a shárú agus tá a straitéis vacsaínithe féin acu. A bhuí le straitéis vacsaíní an Aontais, tá dóthain vacsaíní sábháilte éifeachtúla ar fáil don uile dhuine. Mar sin féin, tá na rátaí ar a ndéantar vacsaíniú ina stad agus/nó tá siad faoi bhun an chothroim i gcuid de Bhallstáit an Aontais (1). Is mó fós an riosca atá ann ar an ábhar nach bhfuil an vacsaín chomh héifeachtach céanna i leith daoine nach bhfuil teanndáileog faighte acu go fóill (ina measc siúd tá thart ar naoi milliún duine atá 60 bliain d’aois nó os a chionn) (2).

1.4.

Creideann CESE gurb é is cúis leis sin, i measc nithe eile, gan oiread céanna daoine san airdeall ar an víreas, feachtais neamhéifeachtúla faisnéise agus oideachais, agus an bhréagaisnéis. Dá bhrí sin, tá CESE á mholadh go ndéanfaí na nithe seo a leanas: an córas cumarsáide san Aontas agus sna Ballstáit a neartú, bréagaisnéis a bhrath go luath agus bearta a dhéanamh chun cur ina coinne, agus a áirithiú go ndéanfar vacsaíní casta nuafhorbartha a fhorbairt agus a sholáthar, vacsaíní a chosnóidh an pobal ar athraithigh nua agus ionfhabhtuithe casta araon (e.g. COVID-19 + an fliú).

1.5.

Ós rud é gur paindéim dhomhanda í seo, ba cheart dúinn breathnú níos faide ó bhaile ná Ballstáit an Aontais agus bearta vacsaínithe á mbeartú againn. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE go mór leis na hiarrachtaí atá ar siúl ag an Aontas Eorpach agus ag cuid dá Bhallstáit, ag gníomhú dóibh de mheon phrionsabal na dlúthpháirtíochta (Foireann na hEorpa), chun tacaíocht a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta (3) san Aontas Afracach (mar a leagadh amach ag cruinniú mullaigh mhí Feabhra 2022), ní hamháin maidir le vacsaíniú, ach freisin chun cuidiú leo aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na paindéime ó thaobh na sláinte de agus ón taobh socheacnamaíoch, ina theannta sin.

1.6.

Beart eipidéimeolaíoch tábhachtach eile is ea go ndéanfadh gach Ballstát aonair cúraimí sláinte poiblí a shainiú agus a chur chun feidhme, mar chuid de na bearta maolúcháin pobail. Creideann CESE gur cheart ról tábhachtach a bheith ag institiúidí an Aontais i leith an chomhordúcháin agus na treorach teicniúla d’fhonn cur chun feidhme agus éifeachtúlacht na gcúraimí sláinte poiblí a neartú agus córas cosanta athléimneach a áirithiú.

1.7.

Ó tá ag dul de dhéine an riosca eipidéime, tá leasú déanta ag gach tír faoi seach ar a straitéis tástála. Is iad na daoine a ndéantar tástáil orthu anois ná iad siúd a mbíonn siomptóim COVID-19 le haithint orthu maille lena ndlúth-theagmhálaithe, daoine atá i mbaol tinneas tromchúiseach agus daoine a bhíonn i dteagmháil go rialta le grúpaí leochaileacha (e.g. oibrithe in earnálacha na sláinte agus an chúraim shóisialta). Ós rud é go bhfágann sin laghdú ar líon na ndaoine a ndéantar tástáil orthu, is é is dóichí go mbeidh sé níos deacra sonraí eipidéimeolaíocha a léirmhíniú. Dá bhrí sin, is den ríthábhacht iontaofacht na dtástálacha a áirithiú chomh maith lena n-ionadaíche atá siad ó thaobh na heipidéimeolaíochta, d’fhonn pointí tagartha úsáideacha i leith treochtaí eipidéimeolaíocha a sholáthar ar son na mearfhreagartha.

1.8.

Baineann Ballstáit aonair úsáid as mearthástálacha antaiginí chun cur lena n-acmhainneacht fhoriomlán tástála, go háirithe nuair a bhíonn teorainn le hacmhainneachtaí PCR nó nuair a bhíonn agaí tionscanta níos giorra de dhíth de thoradh riachtanais chliniciúla. Chuir an Coiste Slándála Sláinte meitheal thiomnaithe theicniúil ar bun chun liosta coiteann an Aontais de mhearthástálacha antaiginí a chomhlíonann na critéir shonracha feidhmíochta maidir le brath SARS-CoV-2 (4) a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. D’fhéadfadh sé go ráthófaí leis sin, ar thaobh amháin, laghdú ar líon na mbréagdheimhneach/mbréagdhiúltach sna torthaí (rud atá tábhachtach chun léargas réalaíoch a fháil ar an staid eipidéimeolaíoch agus chun cur le héifeachtúlacht na mbeart eipidéimeolaíoch) agus, ar an taobh eile, go ráthófaí brath iontaofa ionfhabhtuithe a thiocfaidh chun cinn de dheasca sócháin nua.

1.9.

I dtaca le bearta eipidéimeolaíocha eile, ba cheart béim ar leith a leagan ar thábhacht na haerála. Ní féidir róbhéim a chur ar a thábhachtaí atá an aeráil nádúrtha rialta, is leor a bheith aireach ina taobh agus is furasta tabhairt fúithi. Ní hamhlaidh sin don aeráil mheicniúil. Mura féidir an córas aerála a dhíghalrú go héifeachtúil, nó mura leor an aeráil féin, is ar an taobh istigh, den chuid is mó, a dhéanfar SARS-CoV-2 a tharchur (e.g. i mbloic oifigí, ionaid oibre, scoileanna, ionaid siopadóireachta, etc.). Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit cuimhneamh ar úsáid a bhaint as feistí ar a bhfuil scagairí ardcháilíochta (5), go háirithe sna háiteanna thuasluaite. Chuige sin, ní foláir do na Ballstáit neartú ar na maidí (i réimsí na nuálaíochta teicniúla agus an airgeadais). Ós rud é go bhfuil ag dul d’fhórsa na heipidéime, tá deireadh curtha ag formhór na mBallstát leis an oibleagáid maidir le maisc a chaitheamh (seachas in institiúidí cúraim sláinte). Os a choinne sin, tá CESE á mholadh, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha (os cionn 60 bliain d’aois, daoine a bhfuil tinnis ainsealacha orthu, daoine neamhvacsaínithe, etc.), go leanfaí de bheith ag caitheamh masc i seomraí a mbíonn tarraingt mhór orthu agus gan dóthain aerála iontu, ar an gcóras iompair phoiblí, etc., agus go leanfaí den scaradh sóisialta, agus de dhíghalráin lámh a úsáid, toisc gur cuidiú na bearta sin freisin leis an mbaol ionfhabhtúcháin a laghdú agus lena chinntiú gur lú an seans go dtiocfaidh borradh faoin eipidéim athuair.

1.10.

Tagann CESE leis an seasamh gairmiúil nár cheart cuspóir an fhaireachais eipidéimeolaíoch a bheith bunaithe a thuilleadh ar shainaithint agus tuairisciú gach cáis, ach ar mheastacháin iontaofa ar dhéine an ionfhabhtúcháin sa phobal, ar a fhorleitheadúla atá na foirmeacha tromchúiseacha den ghalar agus ar éifeachtúlacht vacsaíní, agus tacaíonn sé leis an seasamh sin. Agus leas á bhaint acu as digitiú na sonraí sláinte, ba cheart do na Ballstáit straitéisí a fhorbairt chun córais faireachais fairtheora (6) a athbhunú atá bunaithe ar chóireáil phríomhúil agus thánaisteach ghéar-ionfhabhtuithe riospráide, agus mar chomhlánú air sin ba cheart dóibh córais faireacháin eile a neartú, amhail córais faireacháin ar fhuíolluisce. Chun gur féidir na sonraí sin a léirmhíniú, tá sé thar a bheith tábhachtach na critéir le haghaidh córas tuairiscithe aonair a fhorbairt a luaithe is féidir, mar fhreagracht chomhroinnte de chuid an Aontais agus na mBallstát.

1.11.

Más áil linn go mbeadh glacadh ag saoránaigh na mBallstát leis na bearta riachtanacha eipidéimeolaíocha agus go mbeidís rannpháirteach go gníomhach iontu, tá sé tábhachtach na naisc chúisíocha a thuiscint. Tá CESE á mholadh go gcuirfí córas oideachais ar bun lena gcumhdófaí an líonra sláinte, an t-oideachas scoilbhunaithe, an t-oideachas san ionad oibre agus na meáin. Cé is moite de na Ballstáit, ba cheart don Aontas Eorpach agus don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a bheith freagrach freisin as an ábhar riachtanach teagaisc a ullmhú. D’fhéadfadh sé sin cur go mór le clúdach vacsaínithe agus le comhar an daonra i dtaca le heipidéimí a chosc, chomh maith le scaipeadh agus éifeacht na bréagnuachta a laghdú.

1.12.

Bhain gníomhaithe áirithe leas as an bpaindéim d’fhonn cur isteach a dhéanamh agus faisnéis a ionramháil chun a leasa féin, lena n-áirítear bréagaisnéis, ar mhaithe le héiginnteachtaí, eagla agus fíorábhair imní na saoránach a mhéadú agus teacht i dtír orthu, rud a chuir beatha daoine i mbaol agus, anuas air sin, rud a chuir freagairt éifeachtúil ar phaindéim COVID-19 agus muinín an phobail as na hinstitiúidí a bhí ag déileáil leis an bpaindéim i gcontúirt. Cé is moite de na bearta atá déanta ag an Aontas agus ag na Ballstáit go dtí seo, tá CESE á mholadh do na Ballstáit córas faireacháin agus rátála a chur ar bun a dhéanfadh, de bhreis ar bhréagnuacht a bhrath, faisnéis arna deimhniú ag saineolaithe a “lipéadú”, rud a chruthódh barántúlacht agus fírinneacht na faisnéise sin. Tá gá le cumarsáid mhaith láidir faoin méid sin ionas go mbeadh teacht ag saoránaigh na mBallstát ar an bhfaisnéis sin ina dteanga dhúchais féin.

1.13.

Ní haon dóithín COVID-19 a leigheas, i dteannta cógais a chur ar fáil, is gá díriú ar chúram othar, athshlánú leighis/gairme agus cúram fadtéarmach. Tá CESE á mholadh go ndéanfaí treoirlíne a ullmhú a chumhdóidh na cúraimí uile a bhaineann le cóireáil, a thabharfar cothrom le dáta go rialta agus a bheidh ar fáil ar líne (i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh).

1.14.

I measc na gcúraimí sin, gan an chóireáil leighis féin a bhacadh, is mór an tábhacht a bhaineann leis an athshlánú agus tá tábhacht thar cuimse leis do shláinte agus d’fholláine an aosa óig agus na n-oibrithe. Áirithíonn an tseirbhís sláinte ceirde/scoile go mbeidh rath ar an athshlánú ceirde / athshlánú scoile, toisc go gcuireann siad conair shaincheaptha ar fáil atá bunaithe ar ualach oibre / éileamh fisiciúil, rud a laghdaíonn go suntasach líon na laethanta saoire breoiteachta / an ráta neamhláithreachta agus rud a chuireann dlús leis an bpróiseas athshlánaithe agus a éascaíonn d’aon duine a buaileadh breoite imeascadh athuair. Dá bhrí sin, tá CESE á mholadh, tar éis athshlánú institiúideach na n-othar, go bhfágfaí a n-athshlánú ina dhiaidh sin faoin gcóras sláinte ceirde/scoile, rud a chruthódh ar leibhéal na mBallstát an cúlra dlíthiúil agus airgeadais atá de dhíth le haghaidh athshlánú rathúil, rud a bhainfear amach trí chomhar idir an fostóir (a chruthóidh na dálaí oibre is gá), an tseirbhís sláinte ceirde/scoile (lena soláthrófar cúlra gairmiúil saincheaptha don athshlánú) agus an fostaí (mar rannpháirtí gníomhach). Cruthaíonn sin buntáistí nach beag i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus leis an ngeilleagar, cibé acu do na Ballstáit nó don Aontas é sin.

1.15.

Is galar casta é COVID-19 a mbíonn tionchar díreach agus indíreach aige ar shláinte an duine. Cé nach bhfuilimid eolach sa tslánchruinne fós ar éifeachtaí uile an ghalair, is eol dúinn gur galar é a fhágann athlasadh ar dhaoine áirithe agus a chuireann isteach ar na horgáin go léir nach mór (an croí, na scamhóga, na duáin, na horgáin fhéinghluaiste agus dhíleácha, cumas meabhrach an othair, etc.) agus go leanann othair de shiomptóim a bhrath go ceann seachtainí nó míonna tar éis dóibh an chuid is measa den ghalar a chur díobh, feiniméan ar a dtugtar “COVID fadmharthanach”. Bíonn cúram agus athshlánú speisialaithe de dhíth ar na daoine sin. Tá CESE á mholadh gur cheart do na Ballstáit, bonn ar bhonn le tacaíocht (theicniúil agus eacnamaíoch) an Aontais, an tsláinte cheirde a éascú chun gur féidir seirbhísí meabhairshláinte coisctheacha a chur ar fáil a mbeadh rochtain éasca ag oibrithe (gairmithe meabhairshláinte nó síceolaithe de réir reachtaíocht an Bhallstáit) orthu, óir ba chuidiú é sin le hathshlánú daoine a bhfuil neamhoird mheabhracha orthu (meath cumais chognaíoch, cumas foghlama laghdaithe, leibhéil éagsúla dúlagair). Is mó fós an tábhacht atá leis sin nuair a chuimhnítear air nach mbaineann neamhoird mheabhracha le hothair atá buailte le COVID fadmharthanach amháin: d’fhéadfadh na cúinsí a thionscain an phaindéim (dianghlasáil, éiginnteacht, eagla, uaigneas, etc.) tús a chur le dúlagar freisin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le galair andúile nó i gcásanna tromchúiseacha le féinmharú fiú amháin, agus bheadh iarmhairtí móra aige sin don tsláinte phoiblí, don gheilleagar agus don tsochaí.

1.16.

Níl a gcothrom féin d’acmhainní eacnamaíocha ag Ballstáit uile an Aontais. Chun éifeachtúlacht, comhordú agus inbhuanaitheacht a áirithiú i réimse na sláinte / i gcórais sláinte poiblí agus i dtionscal na sláinte araon, tá CESE á mholadh go sannfadh an tAontas acmhainní airgeadais tiomnaithe (mar chomhlánú orthu sin atá ar fáil cheana) don straitéis theicniúil, rud a chuirfeadh ar chumas na mBallstát córais chosanta éifeachtúla inbhuanaithe athléimneacha a thógáil a bheadh ar aon leibhéal le chéile.

2.   Achoimre ar an seasamh a glacadh

Is fada a théann iarsma ilchineálach phaindéim COVID-19 a fhad a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, ár gcórais sláinte, ár ngeilleagair agus ár modh maireachtála iomlán de. Tá leanúnachas i gceist leis na tograí a rinne CESE faoi Chonclúidí agus moltaí – mar chuid de bhearta maolúcháin an Chomhphobail – agus leanfaidh siad de bheith ag fónamh d’inbhuanaitheacht, éifeachtúlacht agus athléimneacht an chórais. Creidimid nach mbeidh sa sámhnas seo ar an bpaindéim ach seal, agus cé gur mór an cuidiú é an chaoi ar ciorraíodh anuas iarracht ar na bearta maolaithe (is cuidiú é go háirithe do na saoránaigh, do na córais sláinte agus do na gníomhaithe eacnamaíocha), ní mór dúinn a bheith ullamh i gcás ina dtiocfaidh athbhorradh faoin bpaindéim, is den riachtanas, dá bhrí sin, leanúint de na hiarrachtaí atá ar siúl. Tá súil ag CESE leis, ach glacadh a bheith lena chuid tograí, go gcuirfear tuilleadh eile le cumas an Aontais agus na mBallstát géarchéimeanna sláinte a chosc, ullmhú ina gcomhair agus freagairt dóibh, lena gcumas aghaidh a thabhairt ar bhealach inbhuanaithe ar bhagairtí sláinte a eascraíonn ní hamháin as COVID-19, ach as galair theagmhálacha eile freisin, agus lena gcumas freagairt choiteann na mBallstát agus an comhordú ar an leibhéal domhanda a neartú agus a fheabhsú.

3.   Athruithe atá molta i ndáil leis na tograí atá á mbreithniú

3.1.

Chun an straitéis atá ann cheana a chomhlánú / a fhadú, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh straitéis chasta a tharraingt suas a chuirfeadh – tar éis sainiúlachtaí náisiúnta gach Ballstáit a chomhtháthú agus tar éis na hiarrachtaí agus na rúin éagsúla a thabhairt i leith a chéile – bosca uirlisí casta ar fáil dúinn ina mbeadh gach gné den chosc (vacsaíniú, bearta eipidéimeolaíocha, oideachas, cumarsáid, etc.), cóireáil (táirgí íocshláinte, cúram othar, athshlánú leighis, cúram fadtéarmach, etc.), athshlánú (san ionad oibre, ar scoil) agus cúram fadtéarmach (ag díriú orthu siúd a bhfuil COVID fadmharthanach orthu), chomh maith le rochtain ar acmhainní eacnamaíocha atá ann cheana agus ar acmhainní eacnamaíocha amach anseo a chinntiú.

3.2.

Dá bhrí sin, tá sé á mholadh ag CESE go ndéanfaí na nithe seo a leanas: an córas cumarsáide agus na meáin san Aontas agus sna Ballstáit araon a neartú, bréagaisnéis a bhrath go luath agus bearta a dhéanamh chun cur ina coinne, agus a áirithiú go ndéanfar vacsaíní casta nuafhorbartha a fhorbairt agus a sholáthar, vacsaíní a chosnóidh an pobal ar athraithigh nua agus ar ionfhabhtuithe casta (e.g. COVID-19 + an fliú).

3.3.

Chun bréagaisnéis a chosc, ba cheart córas faireacháin agus rátála a chur i bhfeidhm a dhéanfadh, de bhreis ar bhréagnuacht a bhrath, faisnéis arna deimhniú ag saineolaithe a “lipéadú”, rud a chruthódh barántúlacht agus fírinneacht na faisnéise sin do shaoránaigh uile an Aontais.

3.4.

Ba cheart ról tábhachtach a bheith ag institiúidí an Aontais agus ag CESE i leith an chomhordúcháin, i leith treoir theicniúil a chur ar fáil agus, ag an am céanna, i leith dóthain eolais a thabhairt don tsochaí shibhialta, rud a d’fhágfadh go bhféadfaidís cuidiú leis an bpróiseas cur chun feidhme, le héifeachtúlacht na gcúraimí sláinte poiblí agus le córas cosanta athléimneach a áirithiú.

3.5.

Ba cheart acmhainní airgeadais tiomnaithe a sholáthar (cur lena bhfuil d’acmhainní ann cheana) chun deireadh a chur leis na míchothromaíochtaí eacnamaíocha ó thaobh cosanta de.

3.6.

Tá CESE á mholadh córas oideachais a thabhairt isteach sna Ballstáit uile lena gcumhdófaí an líonra sláinte, an t-oideachas scoilbhunaithe, an t-oideachas san ionad oibre agus na meáin. Cé is moite de na Ballstáit, ba cheart páirt a bheith ag an Aontas Eorpach agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus an t-ábhar riachtanach teagaisc á ullmhú.

3.7.

Tar éis a n-athshlánaithe institiúidigh, ba cheart athshlánú na n-othar atá téarnaithe ó COVID-19 a chur ina dhiaidh sin de chúram ar an gcóras sláinte ceirde/scoile, rud a chruthódh an cúlra dlíthiúil agus airgeadais (i gcomhréir le sainiúlachtaí náisiúnta) atá de dhíth le haghaidh athshlánú rathúil, rud a bhainfear amach trí chomhar idir an fostóir (a chruthóidh na dálaí oibre is gá), an tseirbhís sláinte ceirde/scoile (lena soláthrófar cúlra gairmiúil saincheaptha don athshlánú) agus an fostaí (mar rannpháirtí gníomhach).

4.   Barúlacha ginearálta

4.1.

Maidir le straitéis an Choimisiúin Eorpaigh (7), arb é is aidhm di a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí an Aontais Eorpaigh cuspóirí polaitiúla foriomlána an Aontais a cheapadh i gcomhar leis na Ballstáit agus i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta, dar le CESE go bhfuil sí bunriachtanach. Áirítear ar na cuspóirí sin freagairt an Choimisiúin Eorpaigh don choróinvíreas (8) agus plean téarnaimh an Choimisiúin Eorpaigh (9). Is éard atá sa phacáiste spreagtha is mó dár maoiníodh riamh san Eoraip buiséad fadtéarmach an Aontais mar aon le NextGenerationEU, eadhon an ionstraim shealadach a ceapadh chun borradh a chur faoin téarnamh.

4.2.

Ar a mhuin sin, léiriú eile ar a thábhachtaí atá na tograí atá á bplé is ea an chaoi a bhfuil, bonn ar bhonn leis an tuairim seo, dréacht-tuairim féintionscnaimh (INT/989) maidir le hullmhacht éigeandála beartaithe freisin. Leis an tuairim sin, tá sé d’aidhm ag CESE rannchuidiú leis an bplé agus leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo maidir le hullmhacht i gcás éigeandálaí, agus go háirithe maidir leis an tionchar a bheidh aige sin ar ghnólachtaí ó thaobh an mhargaidh aonair, an táirgthe agus an tomhaltais de.

4.3.

I dtuairim amháin dá chuid (10), chuir CESE a sheasamh i láthair faoin togra ón gCoimisiún Eorpach maidir le cruthú an Údaráis Eorpaigh um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA), arb é an misean atá aige éigeandálaí sláinte trasteorann a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh go mear. Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh sin, ach is ábhar imní dó an ról an-teoranta atá tugtha ag HERA do Pharlaimint na hEorpa, do na húdaráis réigiúnacha, do na comhlachtaí árachais sláinte agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus tá sé á mholadh go ndéanfaí tuilleadh trédhearcachta a áirithiú trí struchtúr HERA a leasú agus go ndéanfaí amhlaidh freisin i gcás na gcistí a chaitheann HERA agus a chaitear faoina scáth.

4.4.

Luaitear sa tuairim ó CESE (11) gur cheart do Dheimhniú Digiteach COVID an Aontais na constaicí éagsúla a bhíonn sa bhealach ar thaistealaithe a laghdú, a oiread is féidir, agus go ndéanfaí éascaíocht dóibh agus iad i mbun taistil le linn phaindéim COVID-19, mar sin féin, tá sé á chur chun suntais aige nár cheart go bhfágfadh an Deimhniú Digiteach gan iallach a bheith ar thaistealaithe bearta laghdaithe riosca eile a chomhlíonadh, óir ba cheart féachaint ar an Deimhniú mar a bheadh straitéis shealadach ann le haghaidh tíortha a bhfuil buansásra de dhíth orthu faoina bhféadfaí athmheasúnú leanúnach a dhéanamh ar an Deimhniú tar éis a ghlactha.

4.5.

Is ábhar gairdis ag CESE gur dhréachtaigh sé roinnt tuairimí le déanaí a bhfuil sé d’aidhm acu ullmhú faoi chomhair éigeandáil COVID-19. Ar cheann de na tuairimí sin tá SOC/665 (12) a n-áirítear i measc na bpríomhargóintí a dhéantar inti gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag gach duine ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta ar ardchaighdeán, gur gá bearta iomchuí a dhéanamh chun feabhas a chur ar dhálaí oibre, sláinte agus sábháilteacht oibrithe cúraim sláinte, gur cheart rochtain ar an vacsaíniú a bheith ina leas poiblí i gcónaí, agus gur cheart rochtain a bheith ag cách ar nuálaíochtaí leighis agus ar fhreagairtí leighis, beag beann ar a n-ioncam agus ar an mBallstát nó an réigiún ina bhfuil cónaí orthu. I bhfianaise shainordú athnuaite an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú, tá sé á chur chun suntais ag CESE a thábhachtaí atá sé laghdú na n-éagothromaíochtaí sláinte atá san Aontas a chur i gcroílár obair an Lárionaid, agus galair neamhtheagmhálacha a chur san áireamh freisin. Maidir leis an ról treisithe atá ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), tá CESE á mholadh go n-áiteofaí ar na Grúpaí Stiúrtha Leigheasra agus Feistí Leighis dul i gcomhairle go fóinteach leis an tsochaí shibhialta agus leis na comhpháirtithe sóisialta.

4.6.

I dtuairim eile uaidh (13), mhol CESE gur cheart sásra Eorpach um chomhordú agus um mear-idirghabháil a chur in úsáid a luaithe is féidir. Ba cheart tascfhórsa saineolaithe a chur ar bun láithreach le go bhféadfadh sé feidhmiú mar chomhordaitheoir eolais agus acmhainní chun líonra de na lárionaid víreolaíochta agus eipidéimeolaíochta is fearr agus de na cumais dhiagnóiseacha is fearr a chruthú. Tá CESE den tuairim nach féidir leis an gclár sláinte torthaí a bhaint amach i ndáiríre d’uireasa cur chuige cuimsitheach a mbeidh páirt ann ag eagraíochtaí idirnáisiúnta (lena n-áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte), ag an gCoinbhinsiún ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, agus ag na geallsealbhóirí sin san earnáil sláinte is mó eolas ar chásanna daoine ar an láthair, gan trácht ar mheasúnú rialta a dhéanamh ar na cuspóirí atá ann.

4.7.

I dtuairim eile fós uaidh (14), cuireann CESE in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil sé beartaithe soláthar cógas sábháilte, ardcháilíochta agus inacmhainne agus inbhuanaitheacht airgeadais chórais sláinte na mBallstát a áirithiú tríd an Straitéis Chógaisíochta nua, chomh maith le hiomaíochas an tionscail cógaisíochta a chur chun cinn. Cuirtear béim sa tuairim sin ar a lárnaí atá ról margaidh inmheánaigh atá dea-fheidhmiúil, cothrom agus éifeachtúil, lena ndéantar, ar thaobh amháin, fíornuálaíocht leighis a bhfuil fíor-bhreisluach aici do chúram sláinte a chur chun cinn agus a chúiteamh agus, ar an taobh eile, lena neartaítear an iomaíocht le haghaidh rochtain chothrom inacmhainne ar chógais leighis.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  https://www.ecdc.europa.eu/en/news-events

(2)  ECDC, Faireachán a dhéanamh ar vacsaíniú COVID-19, https://ec.europa.eu/health/health-security-and-infectious-diseases/crisis-management_en

(3)  https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/fs_22_870

(4)  An Mheitheal Theicniúil um Thástálacha Diagnóiseacha COVID-19, https://ec.europa.eu/health/health-security-and-infectious-diseases/crisis-management_en#technical-working-group-on-covid-19-diagnostic-tests.

(5)  Mar shampla, feistí glantacháin aeir neamhspleácha ar a bhfuil scagairí cáithníneacha ardéifeachtúlachta, nó scagairí eile atá chomh héifeachtúil céanna leo, agus ionradaíocht gheirmicídeach ultraivialait (UVGI), feistí i nduchtanna córas téimh, aerála agus aerchóirithe, nó feistí i seomraí a chuirtear in ionad atá ard a dhóthain (trealamh UVGI suiteáilte gar don tsíleáil).

(6)  Is éard is faireachas fairtheora ann faireachán a dhéanamh ar a fhorleitheadúla atá galair áirithe trí bhíthin líonra deonach dochtúirí, saotharlann agus seirbhísí sláinte poiblí chun measúnú a dhéanamh ar chobhsaíocht stádas sláinte an daonra nó ar aon athrú air.

(7)  https://ec.europa.eu/info/strategy_ga

(8)  https://ec.europa.eu/info/live-work-travel-eu/coronavirus-response_ga

(9)  https://ec.europa.eu/info/strategy/recovery-plan-europe_ga

(10)  IO C 275, 18.7.2022, lch. 58.

(11)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 146 (níl leagan Gaeilge ann).

(12)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 109 (níl leagan Gaeilge ann).

(13)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 251 (níl leagan Gaeilge ann).

(14)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 53 (níl leagan Gaeilge ann).


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/106


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún: Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha

(COM(2022) 141 final)

(2022/C 443/15)

Rapóirtéir:

Florian MARIN

Comhrapóirtéir:

Antonello PEZZINI

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

24.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

202/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Tá sé d’acmhainn ag an tionscal teicstíle cur le spriocanna comhshaoil an Aontais, agus caithfidh sé a bheith cuntasach as an tionchar a bheidh aige ar an gcomhshaol. Ní mór an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir costais deireadh ré do tháirgeoirí teicstíle agus iomaíochas an tionscail.

1.2

D’fhonn glacadh leis an aistriú ciorclach agus an t-aistriú digiteach, tá bearta iomchuí agus solúbtha de dhíth ar éiceachóras na dteicstílí lena dtabharfar aghaidh ar na saintréithe ar leith atá aige. Ní mór don chruthaitheacht agus don nuálaíocht inbhuanaithe a bheith mar dhlúthchuid den Straitéis maidir le Teicstílí.

1.3

Tacaíonn an CESE leis na ceanglais chuimsitheacha lipéadaithe a bhaineann le hathchúrsáil agus lorg comhshaoil táirgí teicstíle mar d’fhéadfaidís tomhaltóirí a spreagadh chun táirgí inbhuanaithe a roghnú agus cáilíocht a lorg seachas cainníocht, ach chuige sin beidh gá le measúnú tionchair críochnúil agus feachtas faisnéise mórscála ar an leibhéal Eorpach.

1.4

Is cúis imní do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na cleachtais iomaíochta éagóracha, agus tá sé ag iarraidh go mbeidh faireachas margaidh méadaithe ann ar tháirgí allmhairithe agus comhordú agus comhar níos fearr idir na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar bearta a chur i gcrích chun cothromaíocht a áirithiú idir na gníomhaithe i slabhraí soláthair teicstíle agus molann sé dea-chleachtais dhomhanda na hinbhuanaitheachta a chur ar bun, i gcomhréir iomlán le caighdeáin theicniúla CEN, CENELEC agus ETSI, agus béim á leagan san am céanna ar an gceart chun sláinte agus cosaint an chomhshaoil.

1.5

Measann CESE gur gá comhaontuithe trádála atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a neartú, agus míreanna inbhuanaitheachta agus cosanta chearta an duine a thabhairt isteach laistigh de Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife do thíortha i mbéal forbartha.

1.6

Bhí CESE ag súil go leagfaí níos mó béime ar ghnéithe sóisialta san earnáil, ós rud é nach mór don aistriú glas a bheith fite fuaite leis an aistriú cóir. Ba cheart tionscnaimh eile a ullmhú a bhaineann leis an idirphlé sóisialta agus leis an gcómhargáil.

1.7

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil gá le hinfheistíochtaí agus le cláir chun cumas na n-institiúidí cigireachta agus cumas oibríochtúil na gcomhpháirtithe sóisialta chun faireachán a dhéanamh ar chomhaontuithe domhanda, ar chearta bunúsacha agus ar chearta oibrithe a chomhdhlúthú. Ní mór d’úsáid chliste cistí comhtháthaithe rannchuidiú le héagothromaíochtaí idir na Ballstáit agus na réigiúin a laghdú.

1.8

Measann CESE gur cheart cúnamh forlíontach a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le comhar trasteorann, faireachas margaidh, rialú éifeachtach agus caighdeáin chomhchuibhithe, agus tá sé ag iarraidh go mbeidh próiseas faireacháin fornáisiúnta ann.

1.9

Tacaíonn CESE le dícheall cuí éigeantach i dtaca le cuideachtaí uile an Aontais, le tacaíocht shonrach do FBManna d’fhonn na rialacha a chomhlíonadh, agus tá sé ag iarraidh go mbeidh bearta diana ann lena gcuirfear toirmeasc ar chaidreamh eacnamaíoch le heintitis a úsáideann saothar leanaí nó nach n-urramaíonn dálaí oibre cuibhiúla, mar a shonraítear i gcroíchoinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair.

1.10

Ba cheart critéir shóisialta agus chomhshaoil do mhaoiniú tionscadal a áireamh i gcistí AE a infheistítear san earnáil sin, agus tá CESE ag iarraidh go mbeidh tionscnamh tiomnaithe de chuid an Aontais a mbeidh na comhpháirtithe sóisialta, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon, rannpháirteach ann, chun feabhas a chur ar shlándáil shóisialta, ar dhálaí oibre, ar shláinte agus ar shábháilteacht ag an obair agus ar phá san earnáil teicstílí.

1.11

Éilíonn an t-aistriú chuig samhlacha gnó inbhuanaithe nua atá bunaithe ar éicidhearthóireacht beartais éifeachtacha a bhaineann le hábhair agus dearadh, táirgeadh agus dáileadh, forbairt an mhargaidh, úsáid agus athúsáid, bailiú agus athchúrsáil. Ní mór é a chomhlánú le deiseanna méadaithe maoinithe agus dreasachtaí breise do tháirgeoirí áitiúla próisis táirgeachta a aistriú i dtreo táirgí ardcháilíochta, marthanacha agus in-athchúrsáilte.

1.12

Ba cheart don scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a bheidh ann amach anseo athchúrsáil snáithín go snáithín a chur chun cinn in ionad próisis chiorclaíochta mheabhlacha, agus ní mór pointí bailithe leordhóthanacha a bheith ag gabháil léi i ngach réigiún de gach Ballstát, lena n-áirítear i gceantair thuaithe.

1.13

Tá CESE ag iarraidh go n-eagrófar feachtais náisiúnta lena gcuirfear chun cinn deiseanna saothair san earnáil teicstílí, chomh maith le cláir mhaoiniúcháin le haghaidh uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar an lucht saothair, mar aon le cláir ghairmoiliúna agus printíseachtaí a chur chun feidhme.

1.14

Tá CESE ag iarraidh go mbeidh rialacha sóisialta agus comhshaoil ann a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith agus atá comhchuibhithe maidir le soláthar poiblí san Aontas. Ba cheart coiste trípháirteach Eorpach a bhunú, a mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach ann, chun faireachán a dhéanamh ar na critéir shóisialta nó chomhshaoil i gcleachtais cheannaigh san earnáil teicstílí, agus chun tacú leo.

2.   Gnéithe iomaíochais

2.1

Tá CESE ag tabhairt dá aire na huaillmhianta a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún (1), ach measann sé nach bhfuil sa Teachtaireacht sin ach ráiteas faoi na céimeanna riachtanacha agus faoi ghníomhaíochtaí reachtacha, gealltanais agus gníomhartha tarmligthe a dhéanfar amach anseo, seachas gníomhaíochtaí nithiúla lena ndíreofar go roghnaitheach ar an earnáil teicstílí agus lena mbainfear amach na spriocanna ar son na hearnála sin. Bhí CESE réidh chun páirt a ghlacadh i bplé níos mionsonraithe agus bhí sé ag súil go fonnmhar leis sin, ach is mór aige gur tugadh teicstílí isteach sa phlé agus measann sé gur cheart don 16 thionscnamh reachtacha a fógraíodh agus a bheidh ann amach anseo a bheith comhleanúnach, réadúil agus in-fhorfheidhmithe.

2.2

Is éiceachóras fíor-chomhchodach é an t-éiceachóras teicstíle, lena mbaineann saintréithe ar leith do gach comhpháirt a dteastaíonn bearta iomchuí agus oiriúnaitheacha ina leith. D’fhonn aistriú ciorclach digiteach atá iomchuí agus inbhuanaithe a áirithiú, ní mór cur chuige céim ar chéim a ghlacadh agus aghaidh á tabhairt ar na sainiúlachtaí sin, agus ní cur chuige a oireann do chách. Leis an gcogadh san Úcráin agus an méadú ar phraghsanna fuinnimh, tá ualach breise ar tháirgiúlacht agus ar fheidhmíocht na hearnála.

2.3

Mar thoradh ar an méadú tapa atá tagtha ar shiopadóireacht ar líne, tá dúshlán anois ann do chuideachtaí teicstíle ó thaobh an iomaíochais de, rud a fhágann go bhfuil an tionscal ag streachailt, go háirithe i gcoinne ardáin mhóra. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar chuideachtaí atá ag feidhmiú i roinnt Ballstát agus i dtríú tíortha. Measann CESE go bhfuil gá le rialáil na margaí digiteacha agus faireachán fornáisiúnta agus gur cheart cúnamh forlíontach a chur ar fáil do na Ballstáit i dtaca le comhar trasteorann, faireachas margaidh, rialú éifeachtach agus caighdeáin chomhchuibhithe.

2.4

An beartas ceannaigh, an gaol idir brandaí agus fochonraitheoirí éagsúla, an líon mór táirgeachta agus na praghsanna ísle, is tosca iad ar fad a chuireann le sáruithe ar chearta an duine agus ar chearta saothair. Leis an tionchar ollmhór atá ag brandaí ar leibhéal an tslabhra soláthair, is féidir an bonn a bhaint d’iarrachtaí monaróirí cearta saothair agus cearta an duine a urramú agus coinníollachtaí comhshaoil a chomhlíonadh. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar bearta a chur i gcrích chun cothromaíocht a áirithiú idir na gníomhaithe sna slabhraí soláthair. Thairis sin, molann CESE go láidir go dtabharfar aird chuí i straitéis an Aontais maidir le teicstílí agus i ngach gníomhaíocht ghaolmhar a bheidh ann amach anseo, ar shaintréithe FBManna ar bhealach iomchuí agus go ndéanfar measúnú tionchair sonrach roimh na bearta uile agus go ngabhfaidh an measúnú sin leo.

2.5

Is cúis imní do CESE na cleachtais éagóracha iomaíochta agus tá sé ag iarraidh go ndéanfar faireachas margaidh méadaithe ar tháirgí allmhairithe, go háirithe maidir le táirgí deiridh a thagann ó thríú tíortha agus atá ag teacht isteach sa mhargadh aonair. Tá gá le comhordú agus comhar níos fearr idir na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú chun táirgí sábháilte comhlíontacha a chur ar fáil do thomhaltóirí.

2.6

Tá sé á chur in iúl ag CESE nach mór do na ceanglais éicidhearthóireachta don earnáil teicstílí marthanacht, in-athchúrsáilteacht, indeisitheacht agus in-athúsáideacht na dtáirgí a chur san áireamh, mar aon le srianta ar úsáid ceimiceán, chomh maith le cearta sóisialta, ar mo i bhfad iad ná na gnéithe “clasaiceacha” den innealtóireacht deartha. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE an gá atá le cothromaíocht a aimsiú idir na costais deireadh ré a bheidh ann do tháirgeoirí teicstílí agus iomaíochas an tionscail.

2.7

Is féidir le comhaontuithe saorthrádála cuidiú le hobair chuibhiúil, slabhraí soláthair cothroma agus idirphlé sóisialta a chur chun cinn ar an leibhéal earnála. Measann CESE gur den riachtanas láithreach é na caibidlí maidir leis an trádáil agus forbairt inbhuanaithe a neartú laistigh de na comhaontuithe trádála atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, agus míreanna inbhuanaitheachta agus cosanta chearta an duine a thabhairt isteach laistigh de Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife do thíortha i mbéal forbartha. Ba cheart measúnuithe ex-ante agus ex-post ar chearta an duine agus ar an tionchar ar an gcomhshaol a úsáid sa phróiseas caibidlíochta, le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta, agus ba cheart dóibh tréimhse mhór ama laistigh den chuideachta a chumhdach.

2.8

Ba cheart agus ní mór d’fhiontair an gheilleagair shóisialta agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a bheith rannpháirteach agus tacaíocht a thabhairt dóibh agus féadfaidh siad rannchuidiú go mór leis na spriocanna comhshaoil a bhaint amach don éiceachóras teicstíle. I bhfianaise an méid plaistigh a úsáidtear chun éadaí a tháirgeadh, tá CESE den tuairim gur cheart don Aontas breithniú a dhéanamh ar cháin a ghearradh ar shnáithíní sintéiseacha nua-tháirgthe, d’fhonn úsáid plaistigh iomlán as an nua a laghdú. Ina theannta sin, ba cheart dáileadh spáis tionscail, spriocanna réigiúnacha agus spriocanna geobheartais, agus forbairt tuaithe a chur san áireamh i bpróisis deisithe, bailithe dramhaíola, roghnúcháin agus athchúrsála.

3.   Inbhuanaitheacht, ciorclaíocht agus an t-aistriú glas

3.1

Ba mhaith le CESE a chur in iúl go láidir, amach ó na forbairtí a dhéanfar san aistriú i dtreo éiceachóras teicstíle a bheidh níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos digití amach anseo, gur mó na tairbhí a bhaineann le saolré táirgí a fhadú ná le hathchúrsáil a dhéanamh orthu. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE freisin gur gá fíormhargadh an Aontais a chruthú d’amhábhair thánaisteacha, agus measann sé gur féidir leis an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le hábhair theicstíle thánaisteacha má urramaítear na ceanglais athchúrsála. Is féidir rannchuidiú a bhaint amach trí Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (2).

3.2

Tá CESE i bhfabhar na hoibleagáide maidir le hinrianaitheacht agus trédhearcacht mhéadaithe i dtaca le líon na dtáirgí a dhéanann cuideachtaí móra a aischur agus a scriosadh. Ina theannta sin, tá CESE ag iarraidh ar na comhreachtóirí tacú leis an gCoimisiún a chumhachtú chun toirmisc a thabhairt isteach maidir le táirgí teicstíle nár díoladh a scriosadh agus spreagadh a thabhairt, i gcás inar gá, chun táirgí teicstíle a dheonú do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste nó d’eintitis a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí carthanachta.

3.3

Bíonn tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag truailliú micreaphlaisteach arb é dearadh na dteicstílí atá ann faoi láthair is cúis leis. Tacaíonn CESE leis an gconclúid ón gCoimisiún gurb iad na próisis táirgthe atá ann faoi láthair is mó is cúis leis sin, go háirithe feiniméan an “mhearfhaisin”.

3.4

Tá sé á chur in iúl ag CESE go dteastaíonn tacaíocht airgeadais ó chuideachtaí chun teicneolaíochtaí sórtála uathoibrithe a ghlacadh le haghaidh teicstílí nach bhfuil ath-inchaite, chomh maith le saoráidí athchúrsála feabhsaithe a fhorbairt, lena n-áirítear an fhéidearthacht moil athchúrsála agus sórtála áitiúla agus réigiúnacha a dhearadh. Ina theannta sin, ní mór forbairt an bhonneagair do dheisiú éadaí, amhail stórais agus siopaí, a bheith ina shaincheist thábhachtach do gheallsealbhóirí an tionscail. I ndáil leis sin, molann CESE an tionscnamh EURATEX chun cúig mhol athchúrsála teicstíle ar a dtugtar “ReHubs” a chruthú gar do réigiúin teicstíle agus éadaigh na hEorpa chun dramhaíl teicstíle ó earnálacha tionsclaíocha, réamhthomhaltais agus iarthomhaltais a bhailiú, a shórtáil, a phróiseáil agus a athchúrsáil. Measann CESE go bhfuil gá le caighdeáin theicniúla, chomhshaoil, shóisialta agus fuinnimh do tháirgí athchúrsáilte, agus gur cheart iad a thrasuí agus a chur i bhfeidhm ar leibhéal ISO agus a chur isteach sna comhaontuithe trádála idirnáisiúnta.

3.5

Is cúis imní do CESE gur féidir dramhaíl teicstíle a onnmhairiú mar tháirgí athláimhe agus measann sé go bhfuil gá le beart a dhéanamh láithreach ina leith sin ar leibhéal an Aontais. Ní mór rialuithe éifeachtacha maidir le ceimiceáin a chur chun feidhme ar fud gach slabhra luacha. Anuas air sin, tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfear dea-chleachtais dhomhanda na hinbhuanaitheachta ar bun lena gceanglófar ar cheannaitheoirí agus ar úinéirí branda a sheiceáil agus a éileamh go bhfuil caighdeáin theicniúla CEN, CENELEC agus ETSI á gcomhlíonadh.

3.6

Measann CESE nach mór rialacha sóisialta agus comhshaoil atá earnáilsonrach agus comhchuibhithe maidir le soláthar poiblí a fhorbairt san Aontas, lena n-éascaítear rannpháirtíocht trasteorann agus cothroime iomaíochta agus é mar sprioc dheiridh acu córais éigeantacha agus chomhchuibhithe a bheith ann ar fud an Aontais. Ba cheart coiste trípháirteach Eorpach a bhunú, a mbeidh na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach ann, chun faireachán a dhéanamh ar na critéir shóisialta agus chomhshaoil i gcleachtais cheannaigh san earnáil teicstílí, agus chun tacú leo.

4.   Tomhaltóirí agus an digiteáil

4.1

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach measúnú tionchair a ullmhú maidir le feabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar lipéadú teicstílí a tháirgtear nó a dhíoltar sa mhargadh inmheánach. Ní mór rochtain chothrom ar fhaisnéis a áirithiú do thomhaltóirí maidir le scór deisithe, inrianaitheacht agus faisnéis ar an lipéad digiteach. Measann CESE go bhféadfadh ceanglais chuimsitheacha lipéadaithe maidir le hathchúrsáil agus lorg comhshaoil na dtáirgí teicstíle a bheith ina spreagadh tábhachtach do thomhaltóirí i dtaca le táirgí teicstíle níos inbhuanaithe a roghnú.

4.2

Creideann CESE gur féidir le feachtas faisnéise mórscála ar an leibhéal Eorpach cabhrú le saoránaigh roghanna eolasacha inbhuanaithe a dhéanamh, agus gur cheart dreasachtaí a chur ar fáil do thomhaltóirí chun cáilíocht níos fearr a roghnú de rogha ar chainníocht níos mó, mar shampla trí rátaí éagsúla CBL a chur i bhfeidhm le haghaidh táirgí inbhuanaithe/neamh-inbhuanaithe sa mhargadh inmheánach.

4.3

Tá ról tábhachtach ag sonraí trédhearcacha agus comhroinnte maidir le táirgí, comhpháirteanna athchúrsáilte agus athúsáidte, scriosadh earraí, ceimiceáin a úsáidtear sa phróiseas táirgthe, tionchar sóisialta agus saothair an phróisis táirgthe agus tionchar gach cuideachta ar an gcomhshaol sa slabhra soláthair maidir le faireachán a dhéanamh ar na slabhraí soláthair sin. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach creat sonraí oscailte a chruthú agus saor-rochtain a áirithiú do thomhaltóirí, don tsochaí shibhialta agus do na comhpháirtithe sóisialta chun staid chomhshaoil agus shóisialta na hearnála teicstílí a fheabhsú. Measann CESE nach mór litearthacht dhigiteach na dtomhaltóirí a chur san áireamh agus gur cheart ábhar na sonraí a dhíriú ar na geallsealbhóirí uile sa slabhra soláthair. Ní mór an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá atá le sonraí trédhearcacha agus cosaint chearta maoine na tionsclaíochta.

4.4

Is díol imní do CESE go ndéantar níos lú ná 1 % de theicstílí an domhain a athchúrsáil ina dteicstílí nua (3), agus measann sé gur cheart, leis an scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a bheidh ann amach anseo, na dreasachtaí cuí a chur ar fáil lena ndéanfaí athchúrsáil snáithín go snáithín a chur chun cinn in ionad próisis chiorclaíochta mheabhlacha amhail úsáid poileistir ó bhuidéil phlaisteacha athchúrsáilte, cuir i gcás.

5.   Oideachas agus dálaí oibre

5.1

Tá sé á thabhairt le fios ag CESE go bhféadfaí níos mó mionsonraí a thabhairt maidir leis na gnéithe sóisialta san earnáil teicstílí agus go mba dhíol sásaimh dó dá gcuirfí níos mó tionscnamh ar bun. Ní mór an t-aistriú glas a bheith fite fuaite leis an aistriú cóir, agus is údar díomá do CESE nár fógraíodh tuilleadh tionscnamh a bhaineann leis an idirphlé sóisialta agus leis an gcómhargáil.

5.2

Tugtar le tuiscint le hathdháileadh cóir breisluacha laistigh de shlabhraí soláthair agus le táirgí níos freagraí go ndéanfar cómhargáil a chomhdhlúthú, go dtiocfaidh laghdú ar fhoirmeacha neamhthipiciúla fostaíochta agus go ndéanfar rialuithe cuí maidir le dálaí oibre. Mar aon le claochlú na hearnála i dtreo táirgeadh inbhuanaithe agus teicneolaíochtaí digiteacha, tá géarghá le hoibrithe oilte. I gcomparáid leis na blianta roimhe sin, tá riachtanais na hearnála ag dul i dtreo fostaithe meánoilte agus ardoilte.

5.3

Tá fadhb thromchúiseach roimh an earnáil maidir le haosú agus ní mheastar go bhfuil poist in earnáil na dteicstílí tarraingteach don ghlúin óg. Is mná iad formhór na n-oibrithe san earnáil, agus cruthaíonn sé sin níos mó brú sóisialta ar an éiceachóras. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar ghnéithe tuaithe, ar fheirmeoirí beaga agus ar an ról atá acu i slabhraí soláthair domhanda. Tá CESE ag iarraidh go n-eagrófar feachtais shonracha i ngach Ballstát ina gcuirtear chun cinn deiseanna saothair san earnáil teicstílí, chomh maith le cláir mhaoiniúcháin le haghaidh uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar an lucht saothair atá ann cheana, mar aon le cláir ghairmoiliúna agus printíseachtaí a chur chun feidhme i ngach Ballstát d’fhonn poist teicstíle ar ardcháilíocht a chruthú. Ba cheart d’institiúidí airgeadais coinníollachtaí sóisialta a chur san áireamh ina gcaighdeáin feidhmíochta mar choinníoll conarthach le haghaidh maoinithe.

5.4

Is fadhb i gcónaí iad sáruithe ar chearta saothair agus ar dhálaí oibre (obair fhorbhásach, drochphá, easpa sláinte agus sábháilteachta san ionad oibre, saothar éignithe), agus is léir nach leor tionscnaimh dheonacha éagsúla (iniúchtaí sóisialta, comhaontuithe domhanda, cóid iompair). Molann CESE cumas na n-institiúidí cigireachta a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, comhleanúnachas agus cóineasú na modhanna agus na gcritéar cigireachta, oiliúint do chigirí agus comhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Tá infheistíochtaí chun cumas oibríochtúil na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú d’fhonn faireachán a dhéanamh ar chomhaontuithe domhanda, ar chearta bunúsacha agus ar chearta oibrithe fíorthábhachtach. Ní mór úsáid chliste a bhaint as cistí comhtháthaithe chun rannchuidiú le héagothromaíochtaí idir na Ballstáit agus na réigiúin san Aontas a laghdú.

5.5

I gcomhthéacs slabhraí luacha atá an-chasta agus an-ilroinnte, tá gá le cur chuige comhlántach chun an bealach i dtreo na hinbhuanaitheachta agus an cheartais shóisialta a bhaint amach. Tá caidreamh cumhachta neamhshiméadrach agus cleachtais éagóracha iomaíochta tar éis an bealach a réiteach do dhúshaothrú oibrithe agus samhail táirgeachta nach bhfuil baint aici le teorainneacha comhshaoil. Measann CESE go bhfuil gá le sásra gearán ar an leibhéal Eorpach agus i ngach Ballstát le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta eagraithe chun cur chun feidhme cuí na straitéise a áirithiú, agus chun urraim a thabhairt do chearta an duine, do chearta oibrithe agus do choinníollachtaí comhshaoil, d’fhonn a áirithiú nach ndéanfar dúshaothrú uiríslithe ar oibrithe.

5.6

Is mór ag CESE gur eisíodh an togra le haghaidh Treoir i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach (4) le déanaí agus measann sé go bhfuil gá le dícheall cuí éigeantach i dtaca le cuideachtaí uile an Aontais, le tacaíocht shonrach do FBManna d’fhonn na rialacha a chomhlíonadh, agus tá sé ag iarraidh go mbeidh bearta diana ann lena gcuirfear toirmeasc ar chaidreamh eacnamaíoch le heintitis a úsáideann saothar leanaí nó nach n-urramaíonn dálaí oibre cuibhiúla, mar a shonraítear i gcroíchoinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair. Ina theannta sin, tá CESE á thabhairt dá aire na srianta atá ann cheana i roinnt tíortha maidir le gníomhaíochtaí ceardchumainn, agus measann sé gurb iadsan ba chúis le tionóiscí tionsclaíocha, dálaí oibre géara agus mídhaonna, drochphá, easpa trealaimh chosanta bhunúsaigh, etc.

5.7

Níor cheart saoirse comhlachais, an ceart chun ceardchumann a bhunú agus dul i bpáirt leis ná an ceart chun cómhargála a bheith ina mbacainní d’oibrithe teicstíle. Maidir le cistí an Aontais a infheistítear san earnáil teicstílí ar leibhéal an Aontais, ba cheart critéir shóisialta agus chomhshaoil a áireamh i maoiniú tionscadal a chuirtear isteach sa ghreille mheastóireachta. Mar gheall ar shainiúlacht na hearnála teicstílí, tá CESE ag iarraidh go mbeidh tionscnamh tiomnaithe de chuid an Aontais ann chun feabhas a chur ar shlándáil shóisialta, ar dhálaí oibre, ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair agus ar phá a bheidh dírithe go sonrach ar an tionscal teicstíle, agus go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ann, laistigh agus lasmuigh den Aontas araon.

6.   Cistiú agus infheistíochtaí

6.1

Creideann CESE go bhfuil comhdhlúthú iomaíochais earnáil teicstíle na hEorpa agus laghdú a loirg carbóin ag brath ar bheartas comhtháite idirghaolmhar táirgí maille le rialáil níos láidre, ionstraimí margaidh agus dreasachtaí, caighdeáin nua agus faisnéis iomchuí do thomhaltóirí, do mhonaróirí agus do gheallsealbhóirí eile. Is féidir leis an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an riosca maidir le sceitheadh carbóin a laghdú agus a áirithiú go gcuirfear an lorg comhshaoil san áireamh ina iomláine i bpraghas na n-allmhairí.

6.2

Chun aistriú chuig samhlacha gnó nua inbhuanaithe a áirithiú, tá gá le beartais éifeachtacha a bhaineann le hábhair agus dearadh, táirgeadh agus dáileadh, forbairt an mhargaidh, úsáid agus athúsáid, bailiú agus athchúrsáil, agus ní mór deiseanna méadaithe maoinithe agus dreasachtaí a chur ar fáil do tháirgeoirí áitiúla chun na próisis táirgthe a athrú, taighde a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nua agus iad a chur chun feidhme, beartais inbhuanaithe maidir le bainistiú dramhaíola a ghlacadh agus leas a bhaint as an líon mór sonraí atá ar fáil, mar aon le cruthaitheacht chultúrtha a chur chun cinn. Aithníonn CESE an ról atá ag earnálacha cruthaitheacha teicstíle maidir le réitigh nuálacha a ghiniúint a mbíonn tionchar dearfach acu ar earnálacha eile agus a chuidíonn le borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa.

6.3

Ní mór na gealltanais aeráide a chur i bhfeidhm ar leibhéal an tslabhra soláthair, ós rud é nach leis na brandaí na monarchana ina ndéantar na táirgí. Ba cheart dreasachtaí a bhronnadh freisin ar chuideachtaí atá aeráidneodrach agus a úsáideann fuinneamh atá 100 % in-athnuaite. Agus leas iomlán á bhaint as na cistí tiomnaithe faoi Next Generation EU, cuirfear le hinfheistíochtaí straitéiseacha, fás eacnamaíoch, rathúnas agus cruthú post a áirithiú, go háirithe do FBManna.

6.4

Teastaíonn comhchreat Eorpach agus tacaíocht airgeadais ón tionscal chun táirgí ardcháilíochta, marthanacha agus in-athchúrsáilte a chur ar fáil. Is féidir an méid sin a bhaint amach le mórinfheistíocht i dtaighde agus forbairt agus i gcláir Eorpacha ar mhórscála a mhaoiníonn agus a thacaíonn le comhoibriú idir cuideachtaí móra agus FBManna, le rannpháirtíocht dhíreach na gcomhpháirtithe sóisialta, an lucht acadúil agus na ngeallsealbhóirí eile.

6.5

Chomh maith le scéim freagrachta leathnaithe táirgeora a thabhairt isteach, ní mór pointí bailithe leordhóthanacha a chruthú i ngach réigiún de na Ballstáit, lena n-áirítear sna ceantair thuaithe. Tá CESE ag iarraidh go ndéanfar bearta sonracha a chur i gcrích a bheidh tiomnaithe do FBManna chun cur leis an gcumas inrianaitheacht agus trédhearcacht a chur ar fáil ar leibhéal an tslabhra soláthair agus chun nasc cuí le monaróirí a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga.

An Bhruiséil, an 14 Iúil 2022

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha.

(2)  Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh.

(3)  An Coimisiún Eorpach – Straitéis maidir le teicstílí.

(4)  Togra le haghaidh Treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus an iarscríbhinn.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/112


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an treochlár maidir le teicneolaíochtaí slándála agus cosanta

(COM(2022) 61 final)

(2022/C 443/16)

Rapóirtéir:

Maurizio MENSI

Comhrapóirtéir:

Jan PIE

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

24.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

165/1/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn CESE go hiomlán le cuspóirí an Treochláir maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta, eadhon feabhas a chur ar thaighde, ar fhorbairt teicneolaíochta agus ar nuálaíocht agus spleáchas straitéiseach an Aontais ar theicneolaíochtaí criticiúla agus ar shlabhraí luacha le haghaidh na slándála agus na cosanta a laghdú. Is amhlaidh is tráthúla atá an Treochlár seo i bhfianaise ionsaí na Rúise ar an Úcráin.

1.2.

Is díol sásaimh do CESE a uaillmhianaí atá an sprioc maidir le cur chuige cuimsitheach a fhorbairt thar an deighilt shibhialta-mhíleata lena gcuimsítear leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta. Tá an iarracht seo chomh casta is atá sé dúshlánach agus glacfaidh sí am. Bíodh sin mar atá, ba cheart tabhairt fúithi go gasta. Oscailt súl atá in ionradh na hÚcráine agus is gá gníomhú i bhfad níos tapa ná mar is gnách.

1.3.

Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh a bhfreagairtí láithreacha ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine i gcomhréir le hábhar agus cuspóirí an Treochláir, ar iarracht fhadtéarmach é sin. Ní foláir infheistíochtaí gearrthéarmacha náisiúnta cosanta a chomhordú ar an leibhéal Eorpach ionas nach mbeidh tuilleadh ilroinnte agus dúblála ann. Níor cheart soláthairtí réamhdhéanta ó thríú tíortha a bheith ina mbac ar thionscadail forbartha Eorpacha atá ar siúl nó atá beartaithe.

1.4.

Tá CESE á mholadh go mbeadh rialachas soiléir, acmhainní substaintiúla agus seasamh láidir institiúideach ag an bhFaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla. Is geal le CESE an dlúthchomhar atá beartaithe leis na Ballstáit agus tá sé á iarraidh aige go mbeadh fóram breise ann le haghaidh malartuithe leis an earnáil tionsclaíochta, a bhfuil an t-eolas is fearr aici ar theicneolaíochtaí, slabhraí soláthair agus spleáchas ríthábhachtach.

1.5.

Creideann CESE nach mór a áirithiú go nglacfar le torthaí na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla i dtreochláir agus go n-iompófar na torthaí sin i dtreochláir shuaitheanta. Ní féidir an t-aistriú idir céimeanna éagsúla an timthrialla teicneolaíochta tionsclaíochta a bhainistiú go rathúil ach amháin más léir cé leis na tionscnaimh agus na freagrachtaí lena mbaineann. Tá gá le comhleanúnachas agus sineirgí ní hamháin ar bhonn cothrománach, idir cláir shibhialta agus chláir TFTN, ach freisin ar bhonn ingearach, idir cláir TFTN agus cláir cur in úsáid.

1.6.

Creideann CESE go bhfuil simpliú agus cuíchóiriú clár agus ionstraimí AE chun tacú le TFTN an-tábhachtach ar mhaithe leis na faighteoirí féin.

1.7.

Tá CESE á mholadh go mbunófaí ionad ilfhreastail ar líne do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, mar atá “Cúinne FBManna an Aontais” ar líne ina bhféadfaí sonraí réamhshainithe a chur isteach agus faisnéis shaincheaptha a fháil ar ais faoin gclár nó faoi na cláir AE is oiriúnaí trínar bhféadfar tacaíocht a chur ar fáil.

2.   Cúlra

2.1.

Is freagairt é an Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta ar an iarraidh ón gComhairle Eorpach an 25-26 Feabhra 2021, mar atá, an bealach a réiteach chun taighde, forbairt teicneolaíochta agus nuálaíocht a fheabhsú agus spleáchas straitéiseach an Aontais i réimse na dteicneolaíochtaí criticiúla agus slabhraí luacha le haghaidh na slándála agus na cosanta a laghdú.

2.2.

Leis an nuashonrú ar an Straitéis Tionsclaíochta nua do 2020 “Margadh Aonair níos láidre a thógáil do théarnamh na hEorpa” i mí na Bealtaine 2021, deimhníodh gur príomhspreagadh i gcónaí í an cheannaireacht teicneolaíochta d’iomaíochas agus do nuálaíocht an Aontais, go háirithe i gcás teicneolaíochtaí criticiúla. I bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis i mí Feabhra 2021, aithníodh go bhfuil teicneolaíochtaí suaiteacha agus cumasúcháin de thionscnamh na hearnála sibhialta níos tábhachtaí ná riamh do shlándáil agus cosaint na hEorpa agus gur gá crostoirchiú idir teicneolaíochtaí sibhialta agus cosanta a chur chun cinn.

2.3.

Ar an ábhar sin, cinneadh an Treochlár a tharraingt suas, ar doiciméad straitéiseach é lena bhféachtar le cur chuige cuimsitheach a fhorbairt i leith teicneolaíochtaí cosanta agus slándála thar an deighilt shibhialta-mhíleata lena gcomhcheanglaítear cláir de chuid an Aontais maille le cláir náisiúnta. Is é is cuspóir don Treochlár ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa a neartú i bpríomhearnálacha straitéiseacha trí chomhleanúnachas na mbeartas agus na n-ionstraimí ábhartha uile de chuid an Aontais a fheabhsú, idir Fís Eorpach agus an Ciste Eorpach Cosanta, ón Ionstraim Eorpach um Shliseanna (1) go dtí an Ionstraim um Shonraí (2), ón Rialachán maidir le rialú ar infheistíochtaí díreacha coigríche (3) go dtí an Rialachán maidir le rialú ar fhóirdheontais eachtracha (4), agus ón Treoir NIS 2 (5) atá beartaithe go dtí an Treoir CER (6). Leagtar amach sa doiciméad creat beartais choincheapúil leathan ina dtagraítear do roinnt ábhair idirnasctha agus is é is cuspóir dó rannchuidiú le “compás straitéiseach” an Aontais maidir le slándáil agus cosaint (7). Eisíodh é in éineacht le Teachtaireacht maidir le rannchuidiú an Choimisiúin le cosaint na hEorpa, ina n-iarrtar go mbeadh margadh cosanta Eorpach níos comhtháite agus níos iomaíche ann i gcomhthéacs geopholaitiúil agus teicneolaíoch atá ag síorathrú, go háirithe tríd an gcomhar laistigh den Aontas a neartú, trí chostais a laghdú agus trí éifeachtacht oibríochtúil a fheabhsú.

2.4.

Leagtar amach sa Treochlár maidir le teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta bealach chun iomaíochas agus athléimneacht earnálacha slándála agus cosanta an Aontais a fheabhsú bunaithe ar na gnéithe seo a leanas: teicneolaíochtaí criticiúla agus spleáchas straitéiseach a mhapáil; faireachán agus measúnú a dhéanamh ar theicneolaíochtaí criticiúla agus slabhraí luacha, ar bhearnaí agus spleáchas teicneolaíochta (tríd an bhFaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla atá á bunú faoi láthair); taighde dé-úsáide agus nuálaíocht a spreagadh ar leibhéal an Aontais; iarraidh ar na Ballstáit cur chuige comhordaithe uile-AE a fhorbairt i gcomhthéacs an chompáis straitéisigh; tacú leis an nuálaíocht agus an fhiontraíocht sa tslándáil agus sa chosaint trí raon uirlisí nua; agus Scéim Nuálaíochta Cosanta AE a chruthú, i bpáirt leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, chun a n-iarrachtaí faoi seach a thabhairt le chéile faoi aon bhrat amháin.

2.5.

Gné thábhachtach den Treochlár is ea an sprioc spleáchais sainaitheanta a laghdú i réimse na dteicneolaíochtaí criticiúla agus na slabhraí luacha. Agus an méid sin á chur san áireamh, tá sé á mholadh ag an gCoimisiún breithnithe cosanta a chomhtháthú, i gcás inarb iomchuí, i bpríomhthionscnaimh tionsclaíochta agus teicneolaíochta an Aontais (e.g. comhghuaillíochtaí agus caighdeáin), tuairisciú a dhéanamh ar an ngá atá le measúnuithe riosca a dhéanamh ar shlabhraí soláthair an bhonneagair chriticiúil (go háirithe san earnáil dhigiteach) agus scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche a neartú trí na Ballstáit uile a spreagadh chun sásra náisiúnta um scagadh a bhunú.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Léirítear go cruinn sa Treochlár an timpeallacht teicneolaíochta atá ag forbairt de réir a chéile, timpeallacht ina bhfuil teicneolaíochtaí criticiúla le haghaidh na slándála agus na cosanta á spreagadh níos mó ná riamh ag an nuálaíocht ó earnálacha tráchtála. Is mór ag CESE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cur chuige cuimsitheach a fhorbairt thar an deighilt shibhialta-mhíleata lena gcuimsítear leibhéal an Aontais agus an leibhéal náisiúnta. Mar sin féin, is cúram dúshlánach casta atá ann óir beidh athrú ó bhonn ar an gcur chuige reatha ag teastáil chuige sin. Glacfaidh sé am é sin a dhéanamh ach ba cheart tabhairt faoi go gasta. Creideann CESE go daingean nach mór féachaint ar ionradh na Rúise ar an Úcráin mar oscailt súl agus gur gá gníomhú i bhfad níos tapa ná mar is gnách.

3.2.

San am céanna, tá CESE á chur i bhfáth gur plean fadtéarmach é an Treochlár agus nach mór a bheith cinnte nach mbeidh sé ar neamhréir le cinntí reatha soláthair na mBallstát atá dírithe ar na bearnaí cumais is práinní a dhúnadh a luaithe is féidir. Creideann CESE go láidir nach foláir infheistíochtaí gearrthéarmacha náisiúnta a chomhordú ar an leibhéal Eorpach ionas nach mbeidh tuilleadh ilroinnte agus dúblála ann agus chun a áirithiú nach millfidh soláthairtí réamhdhéanta ó thríú tíortha faoi Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí trí bheith ina mbac ar thionscadail forbartha Eorpacha atá ar siúl nó atá beartaithe.

3.3.

Tá CESE den tuairim freisin gur den tábhacht, má táthar chun sineirgí a chothú, breathnú ní hamháin ar theicneolaíochtaí agus ar shlabhraí luacha aonair, ach freisin ar an éiceachóras ina bhfuil na slabhraí luacha sin leabaithe. Go deimhin, is dóichí go dtarlóidh (nó go dtosóidh) aistrithe teicneolaíochta idir cuideachtaí laistigh d’éiceachóras den chineál sin.

3.4.

Tá an aird a thugtar sa Treochlár ar theicneolaíochtaí dé-úsáide agus na sineirgí idir an tslándáil, an chosaint agus an spás tábhachtach le go mbainfear amach aidhmeanna an Aontais sna réimsí sin. San am céanna, ní críoch iontu féin iad dé-úsáid agus sineirgí agus ní leor iad iontu féin ach an oiread. Is é cuspóir uileghabhálach an Treochláir go mbeidh Aontas ann atá athléimneach agus in ann é féin a chosaint ar ionsaithe mórscála (idir ionsaithe hibrideacha agus ionsaithe míleata). Fágann sé sin gur gá freisin an infheistíocht sa chosaint agus sa tslándáil a mhéadú agus fíortheicneolaíochtaí cosanta a áireamh sa Treochlár.

3.5.

Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar an gcostas eacnamaíoch agus sóisialta a bhaineann le spleáchas criticiúil agus ar an easpa ceannasachta teicneolaíochta sa chosaint.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Beidh an Fhaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla ina dlúthchuid den chur chuige atá beartaithe. Déanfaidh sí teicneolaíochtaí criticiúla, a gcur i bhfeidhm féideartha agus slabhraí luacha agus soláthair lena mbaineann a shainaithint agus faireachán agus measúnú a dhéanamh orthu, agus déanfaidh sí faireachán freisin ar bhearnaí sa teicneolaíocht agus ar bhunchúiseanna an spleáchais straitéisigh agus na leochaileachtaí. Chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, tá béim á leagan ag CESE air gur gá acmhainní substaintiúla, seasamh láidir institiúideach agus rialachas soiléir a bheith ag an bhFaireachlann.

4.2.

Creideann CESE gur den tábhacht tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbunófar an Fhaireachlann agus ar an gcaoi a bhfeidhmeoidh sí i gcleachtas. Má tá sí chun an sainchúram atá aici a chomhlíonadh, ní mór don Fhaireachlann cuspóirí, rialacha agus critéir a bhunú chun teicneolaíochtaí a mheasúnú. Chun teicneolaíochtaí criticiúla a shainaithint, beidh uirthi dlúthnaisc a bhunú le próisis um riachtanais agus cumais a shainaithint agus le próisis phleanála. Beidh gá freisin tacsanomaíocht oiriúnach a fhorbairt a bheidh infheidhme maidir le cosaint, slándáil agus spás, más féidir, chun cumais agus teicneolaíochtaí a chur ag luí le chéile. Chuige sin, tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh an Fhaireachlann i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) agus le heagraíochtaí eile. Ar deireadh, má tá sí chun spleáchais ríthábhachtacha a shainaithint, beidh ar an bhFaireachlann eolas agus tuiscint an-mhaith a fháil ar na slabhraí luacha agus soláthair atá mar bhuntaca fúthu.

4.3.

Tá sé beartaithe tuarascáil rúnaicmithe a chur faoi bhráid na mBallstát gach dhá bhliain. Tá amhras ar CESE faoin tréimhse fhada seo idir tuairiscí i bhfianaise na ndálaí teicneolaíocha agus tionsclaíocha atá ag athrú go tapa. An fhaisnéis a bhailíonn an Fhaireachlann, faisnéis an-íogair a bheidh ann ós rud é gurb ionann spleáchais chriticiúla a leagan amach agus leochaileachtaí a thuairisciú. Ina fhianaise sin, is gá an fhaisnéis a aicmiú agus a bhainistiú mar is cuí agus a áirithiú go ndéanfar na seasaimh a ghlacann sí a chur in oiriúint go tapa don timpeallacht straitéiseach atá ag athrú.

4.4.

Beartaítear freisin sa Treochlár go mbunófar grúpa saineolaithe leis na Ballstáit faoi chuimsiú na Faireachlainne d’fhonn faisnéis a mhalartú i dtimpeallacht rúnaicmithe. Tá sé á mholadh go mór ag CESE freisin nasc láidir buan a bhunú leis an tionscal cosanta, an tionscal slándála agus tionscail an aeraspáis san Eoraip ós iad na tionscail sin a bhfuil an t-eolas is fearr acu ar shlabhraí soláthair agus ar spleáchais chriticiúla. Ní mór sásraí iomchuí a aimsiú chun go bhféadfar faisnéis rúnda a mhalartú go hiontaofa leis an tionscal.

4.5.

Creideann CESE gur den riachtanas a áirithiú go nglacfar le torthaí na Faireachlainne um Theicneolaíochtaí Criticiúla i dtreochláir agus go n-iompófar na torthaí sin i dtreochláir shuaitheanta. Ní féidir aistrithe idir céimeanna éagsúla an timthrialla teicneolaíochta tionsclaíochta a bhainistiú go rathúil ach amháin má tá an úinéireacht agus na freagrachtaí soiléir ag gach aon chéim. Tá gá, dá bhrí sin, le comhleanúnachas agus sineirgí ní hamháin ar bhonn cothrománach, idir cláir shibhialta agus chláir TFTN, ach ar bhonn ingearach freisin, idir cláir TFTN agus cláir cur in úsáid.

4.6.

Chun an chibearshlándáil agus an chibearchosaint a neartú, molfaidh an Coimisiún gníomhaíocht rialála maidir leis an gcibear-athléimneacht agus iarrfaidh sé ar eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe chibearshlándála agus phríobháideachais a chur le chéile. Cuirfidh sé freisin, i gcomhar leis na Ballstáit, le hullmhacht do chibeartheagmhais mhórscála. Creideann CESE go diongbháilte gur cheart cur le cibearchumais, ní hamháin ó thaobh na cosanta de ach ó thaobh an ionsaithe de freisin.

4.7.

Dar le CESE, is casta agus droch-chomhordaithe atá na cláir agus ionstraimí AE chun tacú le TFTN, a leagtar amach i mBosca 2 (ar leathanaigh 7 agus 9) den Treochlár. Ar an ábhar sin, measann sé gur gá simpliú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar mhaithe leis na faighteoirí féin. Táthar á mholadh ionad ilfhreastail ar líne a bhunú do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta. Ag tosú ag treoirthréimhse le FBManna i réimse na cosanta agus na slándála, d’fhéadfaí sonraí réamhshainithe a chur isteach a bhuí le “Cúinne FBManna an Aontais” ar líne agus forbhreathnú tosaigh a fháil ar an gclár nó na cláir is oiriúnaí trínar féidir tacaíocht phoiblí a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais.

4.8.

Tugtar le fios sa Treochlár, mar is ceart, go bhfuil uirlisí beartais eile ag an Aontas seachas na cláir agus na hionstraimí TFTN atá aige a d’fhéadfadh cuidiú le spleáchais straitéiseacha a laghdú san earnáil slándála agus san earnáil cosanta. Creideann CESE go bhfuil na huirlisí sin tábhachtach chun an bhearna idir an fhorbairt agus an tionsclaíocht a dhúnadh, i.e. glacadh sa mhargadh le torthaí TFTN.

4.9.

Fadhb mhór is ea a áirithiú go gceannaíonn na Ballstáit ó sholáthraithe Eorpacha nuair a bheidh ann don teicneolaíocht chriticiúil agus í maoinithe i bpáirt le tacaíocht phoiblí ón Aontas. Gan beartas ceannaigh chomhsheasmhach a bheith ann ar leibhéal an Aontas agus ar leibhéal na mBallstát araon, tá CESE á chur in iúl go bhfuil imní air nach mbeidh margaí Eorpacha, de bharr a hilroinnte agus a lú atá siad ar scála domhanda, in ann na barainneachtaí scála is gá a bhaint amach chun costais a laghdú agus chun gníomhaíocht leordhóthanach a ghiniúint chun gnólachtaí nuathionscanta a bhunú. Ar an iomlán, d’fhéadfadh margadh iomlán na hEorpa a bheith an-mhór murach an caiteachas comhordaithe (8).

An Bhruiséil, an 14 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Ionstraim um Shliseanna don Eoraip, COM(2022) 45 final, 8 Feabhra 2022.

(2)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí), COM(2022) 68 final, 23 Feabhra 2022.

(3)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh, (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).

(4)  Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fóirdheontais eachtracha a shaobhann an margadh inmheánach, COM(2021) 223 final, 5 Bealtaine 2021.

(5)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148, 16 Nollaig 2020, COM(2020) 823 final.

(6)  Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil, COM(2020) 829 final, 16 Nollaig 2020.

(7)  Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Bhruiséil, 21 Márta 2022.

(8)  Caitear USD 750 billiún in aghaidh na bliana ar chosaint i SAM agus caitear idir USD 200 agus USD 300 uirthi sa tSín (is iomaí foinse atá ann ina leith sin). Caitheann NATO (a bhfuil tíortha Eorpacha, lena n-áirítear an Iorua, páirteach ann ach nach bhfuil an Ríocht Aontaithe ná an Tuirc páirteach ann) USD 250,7 billiún ar chosaint in aghaidh na bliana.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/116


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

(COM(2022) 134 final — 2022/0089 (COD))

(2022/C 443/17)

Rapóirtéir:

Decebal-Ștefăniță PADURE

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 7.4.2022

An Chomhairle, 12.4.2022

Bunús dlí

Airteagal 192(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

30.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

203/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa CESE an tionscnamh ón gCoimisiún chun togra a chur ar aghaidh le haghaidh rialacháin nua a neartódh an córas reatha um thásca geografacha (TGanna) do tháirgí talmhaíochta, do dheochanna biotáilleacha agus d’fhíonta. Tá rannchuidiú TGanna le forbairt na gceantar tuaithe agus le caomhnú a bpobal, a dtírdhreach agus a n-oidhreacht chultúrtha fíorthábhachtach agus b’fhiú an córas is fearr agus is éifeachtaí agus is féidir a bheith ann in a leith. Bhí ann don obair sin atá nasctha le réigiúin shonracha, lena bhfios gnó, lena gcríocha agus lena gcultúir i bhfad sular cruthaíodh bunús dlí AE di. Tá sé ríthábhachtach an córas sin a chaomhnú agus an chosaint is mó is féidir a ráthú dó.

1.2.

Ba mhaith le CESE a chur i bhfios gur córas atá ag feidhmiú go maith é córas na TGanna, a ndearnadh athbhreithniú air le déanaí (2021), mar chuid de ghlacadh an athbhreithnithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 maidir le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta (CEM) (1). Iarrann CESE ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an méid sin a chur san áireamh agus aon mhodhnú a mholtar leis an athbhreithniú nua a mheasúnú agus a dhearadh go cúramach chun a áirithiú go neartóidh sé an córas i ndáiríre.

1.3.

Creideann CESE gur córas ar leith atá sna TGanna, córas a bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis ná ceart maoine intleachtúla agus nár cheart é a bhainistiú mar thrádmharc. Ar an ábhar sin, iarrann CESE ar institiúidí an Aontais meastóireacht chúramach a dhéanamh ar an ngá agus ar an mbreisluach a bhaineann le cúraimí bainistíochta TG a tharmligean ó DG AGRI chuig gníomhaireacht sheachtrach sula ndéanfar aon chinneadh. Bheadh sé tábhachtach a mheas freisin an bhfuil an saineolas agus an t-eolas is gá ag an ngníomhaireacht ainmnithe chun na cúraimí tarmligthe a bhainistiú go hinniúil. Ba cheart do DG AGRI leanúint de bheith an príomhghníomhaí i gceannas ar bhainistíocht TGanna, agus ba cheart do DG GROW aitheantas agus cosaint an chórais sin a áirithiú ar an leibhéal idirnáisiúnta trí chomhaontuithe trádála agus trí ardú feasachta.

1.4.

Measann CESE gur cheart aon tarmligean inniúlachtaí a mhionsonrú go cruinn i gcorp an rialacháin agus gur cheart é a theorannú do chúraimí riaracháin. Ba cheart é a bheith faoi DG AGRI amháin aon chinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas, leasuithe, cealú nó cur i gcoinne TGanna. Ina theannta sin, ba cheart a shoiléiriú leis an togra gur cheart clárú TGanna agus aon nós imeachta eile a bhaineann le bainistiú TGanna a bheith saor in aisce i gcónaí, is cuma cén eagraíocht atá i mbun an phróisis.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE an bhféidearthacht go n-áireofaí gealltanais maidir le hinbhuanaitheacht i TGanna. Spreagann sé na comhreachtóirí, áfach, dul i gcomhairle le táirgeoirí TGanna chun a mheas cibé an n-áireofar na gealltanais sin maidir le hinbhuanaitheacht go díreach i sonraíochtaí na TGanna nó ar bhealach ad hoc.

1.6.

Creideann CESE gur cheart critéir maidir le haitheantas gealltanas um inbhuanaitheacht a áireamh go díreach sa rialachán agus ní trí ghníomhartha tarmligthe atá le glacadh tráth níos déanaí, chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do ghrúpaí táirgeoirí atá sásta gealltanais den sórt sin a ghlacadh.

1.7.

Tá sé ríthábhachtach grúpaí táirgeoirí a neartú agus a chumhachtú an oiread is féidir. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an moladh go dtabharfaí cumhachtaí do na grúpaí sin maidir le húsáid TGanna mar chomhábhair agus maidir lena gcosaint ar an idirlíon. Mar sin féin, ba cheart acmhainní breise a chur ar fáil do ghrúpaí táirgeoirí lasmuigh de bhuiséad an chomhbheartais talmhaíochta chun na cumhachtaí sin a fheidhmiú.

1.8.

Maidir le bainistiú inmheánach agus comhdhéanamh na ngrúpaí táirgeoirí, iarrann CESE ar na comhreachtóirí dul i gcomhairle le heagraíochtaí táirgeoirí TG chun an ghné seo den togra a mheas. Iarrann sé orthu freisin a áirithiú nach mbeidh táirgeoirí beaga TG faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le táirgeoirí móra laistigh de na grúpaí sin.

1.9.

Go ginearálta, is den ríthábhacht é TGanna a chosaint. I ndáil leis sin, tá an chosaint ar aon tabhairt chun cuimhne ríthábhachtach agus is díol sásaimh do CESE aon ghnéithe a d’fhéadfadh an chosaint sin a atreisiú. Is ábhar imní do CESE, áfach, go bhféadfadh áireamh sainmhínithe mionsonraithe a bheith fritorthúil toisc nach ndéanfaí é a oiriúnú don chleachtas seo a athraíonn le himeacht ama. Molann CESE an sainmhíniú a scriosadh agus dul i muinín chásdlí Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa ina ionad sin.

1.10.

Chun a áirithiú go mbeidh tomhaltóirí a bhfuil táirgí TG á gceannach acu go hiomlán ar an eolas, molann an Coiste cód QR a úsáid ina soláthraítear nasc chuig an bhfaisnéis a bhaineann leis an TG ar chlár eAmbrosia, chomh maith le láithreán gréasáin an táirgeora agus an deimhniú táirgeora.

1.11.

Tá feasacht tomhaltóirí ríthábhachtach le go n-éireoidh le TGanna. Iarrann CESE go dtacófar go láidir le TGanna i mbeartas an Aontais chun táirgí talmhaíochta a chur chun cinn agus go mbainfeadh táirgeoirí TG tairbhe as tacaíocht agus saineolas margaíochta a chuireann an Coimisiún nó na Ballstáit ar fáil. Creidimid freisin gur cheart do na Ballstáit dámhachtain pointí breise i bpróisis soláthair do tháirgí atá deimhnithe mar TGanna a chur chun cinn. Ina theannta sin, molann CESE go mbunódh an togra feachtais ardaithe feasachta don chóras TG, lena gcuirfí amach teachtaireachtaí a bhaineann le leas an phobail ar chainéil phoiblí náisiúnta agus ar chainéil teilifíse an Aontais.

1.12.

Ar deireadh, iarrann CESE ar na comhreachtóirí bearta a chur san áireamh sa rialachán chun an córas TG a chur chun cinn i measc táirgeoirí agus an saineolas agus an tacaíocht riaracháin atá de dhíth orthu a chur ar fáil dóibh chun a dtáirgí a chlárú, mar aon le haon chineál eile cúnaimh atá de dhíth, go háirithe i réigiúin atá faoi ghannionadaíocht sa scéim TG.

2.   Réamhrá

2.1.

Uirlis atá sna tásca geografacha (TGanna) a fhágann gur féidir táirgí a shainaithint a bhfuil a gcáilíochtaí, a gcáil agus a n-airíonna intreacha eile nasctha le heilimintí daonna agus nádúrtha a bhaineann le réigiún sonrach. Tá TGanna aitheanta agus cumhdaithe go hoifigiúil i ndlí an Aontais ó 1970 i leith maidir le fíon agus ó 1992 ar aghaidh maidir le táirgí talmhaíochta agus earraí bia (2).

2.2.

D’éirigh go han-mhaith leis an mbeartas AE seo, lena méadaítear ioncam táirgeoirí trí bhreisluach a chruthú dá dtáirgí (ar an meán, tá praghas táirge TG 2,11 oiread níos airde ná an praghas ar tháirge inchomparáide neamh-TG), agus lena gcuirtear dlús le forbairt na réigiún agus na bpobal tuaithe lena mbaineann. Bhí ról tábhachtach ag TGanna freisin maidir le roinnt teicnící sonracha talmhaíochta, cineálacha plandaí agus pórtha ársa ainmhithe a chaomhnú. Faoi láthair, is iad TGanna is cúis le 7 % de dhíolacháin agraibhia iomlán an Aontais agus 15,5 % dá onnmhairí iomlána (3).

2.3.

Ó nádúr, tá dlúthbhaint ag TGanna le réigiúin shonracha agus a bpobail tuaithe. Tríd an nasc pribhléideach seo agus a bhreisluach eacnamaíoch, ní hamháin go rannchuidíonn TGanna le forbairt eacnamaíoch na réigiún agus na bpobal sin, ach cuidíonn siad freisin lena n-oidhreacht chultúrtha agus a bhféiniúlacht a chaomhnú agus fiú a neartú.

2.4.

Is uirlis iontach é an nasc dobhriste idir TG agus a réigiún freisin chun dílonnú a chosc agus chun poist a chaomhnú i limistéir thuaithe Eorpacha.

2.5.

Mar gheall ar an gcineál bainistíochta ar leith a bhaineann leo, bainistíocht a dhéantar trí ghrúpaí táirgeoirí atá ceangailte le réigiúin shonracha, agus a thugann leibhéal smachta do tháirgeoirí príomhúla ar a ndáileadh, tá sé léirithe ag TGanna freisin go gcruthaíonn siad luach réamhtheachtach a théann chun sochair do tháirgeoirí príomhúla.

2.6.

Tá an daingniú seo i réigiún, agus i muintir agus i dtalamh an réigiúin sin, i gcroílár na TGanna agus déanann sé idirdhealú idir iad agus brandaí atá ceangailte le cuideachtaí.

2.7.

I gcomhthéacs bhunú an Chomhbheartais Talmhaíochta nua a glacadh ar deireadh in 2021 (CBT) agus go háirithe an athbhreithnithe ar an Rialachán maidir le CEM, rinneadh roinnt leasuithe ar an gcóras TGanna chun an t-ualach riaracháin ar tháirgeoirí a mhaolú agus chun a rialú ar na TGanna a tháirgeann siad a neartú, agus an t-ardleibhéal cáilíochta a bhaineann leis na táirgí sin á chaomhnú. Measann an earnáil go bhfuil na modhnuithe sin thar a bheith dearfach.

2.8.

I gcomhthéacs a Straitéise “Ón bhFeirm go dtí an Forc”, chinn an Coimisiún dul ar aghaidh le hathbhreithniú nua ar an gcóras TGanna chun é a fheabhsú tuilleadh agus chun a mhéid a rannchuidíonn sé leis an inbhuanaitheacht a mhéadú. An 31 Márta 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an togra le haghaidh Rialachán maidir le tásca geografacha an Aontais Eorpaigh le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, agus scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/213, (AE) 2017/1001 agus (AE) 2019/787 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (4). Is iad cuspóirí an togra a fógraíodh ná an córas a chuíchóiriú tuilleadh, cosaint agus rialuithe TGanna a láidriú, grúpaí táirgeoirí a chumhachtú agus an inbhuanaitheacht a chomhtháthú ar bhealach níos fearr.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE cuspóirí an Choimisiúin agus creideann sé gur shainaithin an Coimisiún go beacht na heilimintí atá le modhnú chun an córas seo atá ag feidhmiú go maith cheana féin a fheabhsú, amhail: simpliú agus comhchuibhiú roinnt nósanna imeachta, an fhéidearthacht gealltanais inbhuanaitheachta dheonacha a áireamh i dtáirgeadh TGanna, grúpaí táirgeoirí a chumasú trí chearta breise, cosaint TG ar an idirlíon a neartú nó rialuithe a fhorghníomhú ar bhealach níos fearr.

3.2.

Cé go dtacaítear sa togra seo le cuspóirí bailí agus gur sainaithníodh go beacht ann na heilimintí a dteastaíonn roinnt coigeartuithe uathu chun iad a bhaint amach, cuireann CESE in iúl an imní atá air maidir le roinnt de na modhnuithe atá beartaithe do na heilimintí sin.

3.3.

Ba mhaith le CESE a chur i bhfios go láidir freisin go bhfuil an córas TG ag feidhmiú go maith cheana féin agus go bhfuil feabhas curtha air cheana féin le hathbhreithniú 2021 ar CEM. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndearfaí an t-athbhreithniú nua seo go cúramach chun an córas agus an t-athbhreithniú a rinneadh le déanaí a neartú. Creideann CESE gur cheart d’institiúidí an Aontais a bheith cúramach chun aon ghníomhaíocht réamh-mheasta a sheachaint a bhféadfadh athbhreithniú a thagann salach ar a chuspóirí a bheith mar thoradh air, rud a lagódh an beartas rathúil seo.

3.4.

Chun a chinntiú go neartóidh an t-athbhreithniú nua seo an córas TG i ndáiríre, creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh baint ag táirgeoirí TG an oiread agus is féidir sa phróiseas agus éisteacht lena gcuid saineolais, riachtanais agus mianta.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Níor cheart cailliúint chreidiúnacht na dtomhaltóirí sa chóras a bheith mar thoradh ar shimpliú an nós imeachta clárúcháin TG, atá dírithe ar tharraingteacht na scéime seo do tháirgeoirí a mhéadú. Tá rath na TGanna bunaithe ar a n-íomhá cáilíochta agus barántúlachta do thomhaltóirí. Ní mór a bheith cúramach gan na heilimintí sin a chur i gcontúirt agus an nós imeachta clárúcháin á shimpliú.

4.2.

Cumasctar leis an togra na nósanna imeachta uile maidir le clárú, leasú, cealú agus cosaint TGanna maidir le táirgí talmhaíochta, fíonta agus biotáille. Maidir le rialuithe, cumascann sé nósanna imeachta maidir le táirgí talmhaíochta agus deochanna biotáilleacha, agus coimeádann TGanna fíona a rialacha féin. Is díol sásaimh do CESE an cuíchóiriú seo ar na nósanna imeachta ach ba mhaith leis a chur i bhfios go láidir nár cheart dul níos faide, d'fhonn sainiúlachtaí gach earnála a chaomhnú.

4.3.

Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach an fhéidearthacht rogha a dhéanamh idir cur i gcoinne nó díreach “ráiteas agóide” a thaisceadh sna trí mhí tar éis don Choimisiún iarratas táirge a fhoilsiú. Is dócha go laghdóidh an “ráiteas agóide” seo, ar ráiteas/barúil é ar iarratas an táirge ach nach gcuireann i gcoinne a chlárú, an t-ualach riaracháin a bhaineann le freasúraí a bhainistiú.

4.4.

Is cineál uathúil ceart maoine intleachtúla iad TGanna atá an-difriúil ó thrádmharcanna mar gheall ar a nasc intreach le réigiún ar leith, a chultúr, a phobail tuaithe, a thírdhreach agus stair na gcleachtas talmhaíochta. Agus na sainiúlachtaí sin á gcur san áireamh, tá CESE in amhras faoin togra ón gCoimisiún roinnt gnéithe de bhainistíocht TG a aistriú chuig Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) nó chuig aon ghníomhaireacht eile nach bhfuil an t-eolas teicniúil talmhaíochta agus tuiscint dhomhain ar nádúr na TGanna aige, rud a bhfuil ag DG AGRI amháin. I dtaca leis sin, ba cheart an gá le haon tarmligean cúraimí a léiriú, agus ba cheart cumas na gníomhaireachta a ainmnítear chun cúraimí den sórt sin a dhéanamh a léiriú freisin. Ina theannta sin, i ngeall ar an tábhacht a bhaineann leis an nasc idir TGanna agus an talmhaíocht, chomh maith le haon íogaireachtaí polaitiúla a bhaineann lena mbainistiú, measann CESE gur cheart é a bheith faoi DG AGRI amháin aon chinneadh maidir le clárú, nósanna imeachta freasúra nó leasuithe a dhéanamh.

4.5.

Tá an tarmligean cúraimí chuig EUIPO a thuairiscítear sa togra doiléir. I ngeall ar na rioscaí a bhaineann le cúraimí maidir le bainistiú TGanna a tharmligean chuig comhlacht nach bhfuil aon eolas talmhaíochta ar leith aige, creideann CESE gur cheart aon tarmligean a mhionsonrú go beacht agus a theorannú go díreach sa rialachán agus ní trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

4.6.

Is cosúil nach leor an faireachán ar fheidhmíocht EUIPO maidir le bainistiú TGanna, mar atá leagtha síos sa togra, chun bainistiú cuí na TGanna a áirithiú. Chun faireachán iomchuí a áirithiú, ba cheart critéir mheastóireachta bheachta a leagan síos go díreach sa togra. Measann CESE freisin gur cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a bheith i dteideal na cúraimí tarmligthe a athdháileadh ar ais do DG AGRI i gcás go léireodh an faireachán easnaimh i mbainistíocht cúraimí EUIPO.

4.7.

I bhfianaise a thábhachtaí atá TGanna i dtrádáil an Aontais, ba cheart do DG GROW TGanna an Aontais a aithint agus a chosaint i ngach comhaontú trádála agus iad a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta.

4.8.

Tugtar isteach leis an togra an fhéidearthacht do ghrúpaí táirgeoirí TG gealltanais inbhuanaitheachta a chomhtháthú i gceanglais TGanna. Maidir leis sin, ba mhaith le CESE a chur i bhfios go láidir go bhfuil gnéithe inbhuanaitheachta san áireamh i TGanna cheana féin, mar gheall ar a nádúr intreach atá fréamhaithe laistigh dá gcóngaracht do réigiún, agus do phobal tuaithe agus tírdhreach an réigiúin sin. I ndáil leis sin, is mór ag CESE go bhfuil sé beartaithe leis an togra cuimsiú gealltanas inbhuanaitheachta breise le haghaidh TGanna a choinneáil deonach. Mar sin féin, is cinnte gur deis mhaith í an fhéidearthacht atá ag táirgeoirí a gcuid táirgí a dhéanamh níos inbhuanaithe chun a mhéid a rannchuidíonn TGanna leis an inbhuanaitheacht a fheabhsú tuilleadh.

4.9.

Tá an inbhuanaitheacht comhdhéanta de thrí cholún éagsúla: comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go léireoidh gealltanais maidir le hinbhuanaitheacht le haghaidh TGanna gach ceann de na trí cholún sin, toisc gur féidir le TGanna rannchuidiú ní hamháin le hinbhuanaitheacht comhshaoil, ach freisin le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta, mar gheall ar an bhfostaíocht agus an breisluach a chruthaíonn siad i limistéir thuaithe.

4.10.

Moltar sa togra gealltanais maidir le hinbhuanaitheacht a chomhtháthú go díreach i sonraíochtaí TG. Chiallódh sé sin go mbeadh sé casta agus go mbeadh roinnt mhaith ama ag teastáil chun na gealltanais sin a áireamh nó a mhodhnú, mar go mbeadh gá leis an nós imeachta leasaithe TG a chur i bhfeidhm. Chiallódh sé freisin go mbeadh ar gach táirgeoir TG den sórt sin na gealltanais sin a leanúint maidir le hinbhuanaitheacht agus, mar sin, nach bhféadfadh siad idirdhealú a dhéanamh eatarthu féin ar an margadh, bunaithe ar inbhuanaitheacht a gcuid táirgí. Is minic a bhíonn idirdhealú margaidh idir táirgeoirí an TG céanna ina shaincheist do TGanna móra. Ar na cúiseanna sin, measann CESE gur cheart d’institiúidí an Aontais dul i gcomhairle le táirgeoirí TG chun a mheas ar cheart na gealltanais maidir le hinbhuanaitheacht a leabú go díreach i sonraíocht TG nó an mbeadh sé níos iomchuí iad a áireamh i scéim ad hoc.

4.11.

Measann CESE go bhféadfadh sé go gcuirfí táirgeoirí i gcás éiginnteachta a d’fhéadfadh iad a dhíspreagadh ó ghealltanais inbhuanaitheachta le haghaidh TGanna a ghlacadh, i ngeall ar an bhféidearthacht gníomhartha tarmligthe lena leagtar síos critéir maidir le haithint na gcaighdeán inbhuanaitheachta atá ann cheana a ghlacadh tráth níos déanaí.

4.12.

Ní mór ról na ngrúpaí táirgeoirí TGanna, a chaithfidh a dtásca geografacha féin a bhainistiú agus a fhorbairt chun an táirge, a n-íomhá agus a dtomhaltóirí a chosaint, a neartú in ionad é a lagú.

4.13.

D'fhéadfadh sé go ndéanfadh rannpháirtíocht oifigeach poiblí agus eagraíochtaí tomhaltóirí i bhfeidhmiú inmheánach na ngrúpaí táirgeoirí mar atá leagtha síos sa togra obair na ngrúpaí sin a dhéanamh níos casta fós.

4.14.

Agus é á chur san áireamh gur cheart don chóras TGanna leanúint de bheith ina mheán chun feirmeoirí a chosaint, níor cheart aitheantas grúpaí táirgeoirí mar atá molta in Airteagal 33(2) a bhunú ach ar chion na dtáirgeoirí a ndéantar ionadaíocht ar a son agus ní ar chion chainníocht an TG a tháirgeann na grúpaí táirgeoirí. Murab amhlaidh an cás, ba cheart d’institiúidí an Aontais uirlisí a áireamh sa togra lena bhféadfaí cosc a chur ar chásanna ina gcuireann mionlach de tháirgeoirí móra TG bac le cinntí a dtacaíonn tromlach mór de tháirgeoirí an TG céanna leo.

4.15.

Níl an chúis atá le deighilt a chruthú idir dhá chineál grúpaí táirgeoirí éagsúla a cuireadh chun cinn sa togra thar a bheith soiléir. Fiafraíonn CESE an ndéanfadh sé sin bainistiú na TGanna níos casta fós seachas é a fheabhsú.

4.16.

Sainmhínítear sa togra “grúpa táirgeoirí” mar “aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil táirgeoirí nó próiseálaithe, den chuid is mó, atá ag obair leis an táirge céanna”. Ní áirítear sa sainmhíniú seo táirgeoirí amhábhar. I bhfianaise an róil bhunriachtanaigh a imríonn táirgeoirí amhábhar sna Sonrúcháin Tionscnaimh Faoi Chosaint (STFCanna), d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí a iarraidh go n-áireofaí iad sna “grúpaí táirgeoirí aitheanta” le haghaidh STFCanna.

4.17.

Sa chás ina luaitear TG mar chomhábhar táirge, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún chun roinnt rialaithe a thabhairt do ghrúpaí táirgeoirí ar an úsáid sin maidir le hainm an táirge phróiseáilte agus lena mhargaíocht Neartódh sé seo cumas na ngrúpaí táirgeoirí íomhá ardcháilíochta a dtáirge a rialú.

4.18.

Tá TGanna i mbaol áirithe de chleachtais calaoise, mar gheall ar a mbreisluach. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach a gcosaint a neartú agus rialuithe a fheabhsú. Áirítear sa togra roinnt gnéithe suimiúla maidir leis an ngné seo, amhail: comhar feabhsaithe agus malartú faisnéise, mar aon le cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, deimhniú a bhunú do tháirgeoirí TGanna, nó an fhéidearthacht ainm fearainna chúlghairm nó a aistriú. Is cosúil go bhfuil easpa uaillmhéine ag baint le roinnt tograí eile atá níos sainiúla maidir le TGanna a chosaint ar an idirlíon, nó nach bhfuil na huirlisí is gá ann chun an chosaint sin a fhorghníomhú. Cuireann CESE i bhfios go láidir gur cheart an ceart a thabhairt do tháirgeoirí a dtáirgí a chosaint, ach níor cheart a mheas in aon chás go bhfuil siad freagrach as déanamh amhlaidh. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit leanúint den fhreagracht maidir le TGanna a chosaint, agus ba cheart dóibh gach iarracht is gá a dhéanamh chun an chosaint sin a áirithiú.

4.19.

Measann CESE go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach TGanna a chosaint ó chleachtas calaoiseach na tabhartha chun cuimhne. Bhí an chosaint sin san áireamh cheana féin sa reachtaíocht lena rialaítear an córas TG. Leis an togra, cuirtear sainmhíniú ar thabhairt chun cuimhne ar fáil. Creideann an Coiste go bhfuil baol ann go lagófaí an chosaint ó chleachtais den sórt sin de réir mar a fhorbraíonn siad le himeacht ama, má chuirtear sainmhíniú an-bheacht ar thabhairt chun cuimhne ar fáil. Molann CESE an sainmhíniú a scriosadh agus dul i muinín chásdlí Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa ina ionad sin.

4.20.

Tá níos mó ná 3 300 TG cláraithe anois. Mar sin féin, níl thart ar 80 % de na TGanna sin suite ach i 6 Bhallstát de chuid an Aontais (5). Léiríonn sé seo go soiléir go bhfuil roinnt mhaith Ballstát de chuid an Aontais tearcionadaithe laistigh den chóras TG. Ina theannta sin, tá baol ann go dtiocfadh méadú ar an mbearna sin de réir mar a fhorbraíonn na Ballstáit ina bhfuil líon mór TGanna an saineolas atá acu maidir lena mbainistíocht phraiticiúil agus riaracháin a d’fhéadfadh dul chun sochair do tháirgeoirí nua atá ag iarraidh a gcuid táirgí a chlárú, fad a bhraitheann táirgeoirí i mBallstáit eile nach bhfuil siad in ann an clárú dá gcuid táirgí a dhéanamh. Is oth le CESE nach bhfuil bearta curtha ar fáil sa togra chun tacú le táirgeoirí agus TGanna á gclárú acu, chun an próiseas sin a éascú dóibh agus chun an córas a chur chun cinn dóibh.

4.21.

Sa mheastóireacht ón gCoimisiúin a foilsíodh in 2021, leagtar béim ar an bhfíric go bhfuil TGanna fós ag fulaingt de bharr easpa feasachta tomhaltóirí i roinnt tíortha (6). Chuige sin, tá feachtais mhargaíochta agus chur chun cinn ríthábhachtach, mar atá léirithe ag an tionchar atá ag feachtais chur chun cinn an Aontais le haghaidh TGanna. Measann CESE gur cheart uirlisí chun tacú le cur chun cinn agus le hardú feasachta le haghaidh TGanna a áireamh san athbhreithniú ar an gcóras.

4.22.

Tugtar isteach leis an togra cruthú deimhnithe do tháirgeoirí a chomhlíonann sonraíochtaí TG. Measann CESE, dá ndéanfaí iad a dhearadh go cúramach agus a bhainistiú go maith, go bhféadfadh deimhnithe den sórt sin trádáil a éascú, agus ardleibhéal cosanta in aghaidh na calaoise a chaomhnú. D’fhéadfadh cód QR maidir le táirgí TG rochtain dhíreach a thabhairt ar an deimhniú seo freisin.

5.   Focal scoir

5.1.

Is beartas AE thar a bheith rathúil é an córas TG a d’fhág gur féidir “fios gnó” uathúil agus oidhreacht chultúrtha a chaomhnú chomh maith le hioncam táirgeoirí a mhéadú agus ceantair thuaithe a athbheochan. Mar a luaitear sa mheastóireacht ón gCoimisiún a foilsíodh in 2021 (7), tá an beartas seo sách éifeachtach, agus neartaigh na leasuithe a tugadh isteach leis an Rialachán nua maidir le CEM an beartas tuilleadh. Moltar leis an athbhreithniú nua, mar atá leagtha síos sa togra ón gCoimisiún, roinnt modhnuithe breise a d’fhéadfadh éifeachtúlacht an bheartais a mhéadú tuilleadh. Mar sin féin, is gá roinnt soiléirithe a dhéanamh maidir le modhnuithe eile a mholtar, agus is dócha go mbeidh baol ann go ndéanfaí nósanna imeachta níos casta nó go lagófaí nádúr intreach an chórais TGanna a bhí ag croílár a rathúlachta, i ngeall ar mhodhnuithe eile, amhail rannpháirtíocht EUIPO. Ba cheart do DG AGRI leanúint de bheith an príomhghníomhaí i gceannas ar bhainistíocht TGanna, agus ba cheart do DG GROW aitheantas agus cosaint an chórais sin a áirithiú ar an leibhéal idirnáisiúnta trí chomhaontuithe trádála agus trí ardú feasachta.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas (IO L 435, 6.12.2021, lch. 262).

(2)  https://ec.europa.eu/info/food-farming-fisheries/food-safety-and-quality/certification/quality-labels/geographical-indications-register/

(3)  https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/c1d86ba1-7b09-11eb-9ac9-01aa75ed71a1

(4)  COM(2022) 134 final.

(5)  https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/c1d86ba1-7b09-11eb-9ac9-01aa75ed71a1/language-ga

(6)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=SWD:2021:427:FIN

(7)  ibidem.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/123


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás

(COM(2022) 140 final)

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE

(COM(2022) 142 final – 2022/0095(COD))

(2022/C 443/18)

Rapóirtéir:

Thomas WAGNSONNER

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 16.5.2022

Parlaimint na hEorpa, 2.5.2022

An Chomhairle, 10.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 192 (1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Thalmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

30.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

205/1/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is mór ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) na tograí faoin bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, agus tacaíonn sé go háirithe leis an mbealach chun táirgí a dhéanamh níos inbhuanaithe. Tá sé den tuairim freisin gur rud riachtanach atá sa chur chuige dlíthiúil comhchuibhithe. Mar sin féin, tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil éiginnteacht ann fós maidir le gnéithe go leor den togra le haghaidh an Rialacháin nua maidir le hÉicidhearthóireacht atá faoi réir líon mór gníomhartha tarmligthe. Chomh maith leis sin, molann CESE, i bhfianaise an ghá atá ann an t-ídiú acmhainní a laghdú agus an aeráid a chosaint, é a chur chun feidhme ar bhealach níos tapa agus níos uaillmhianaí.

1.2.

Tugann CESE aird ar leith ar an tuiscint nach mbeidh rath ar an ngeilleagar ciorclach ach amháin má tá gach oibreoir eacnamaíoch – idir na táirgeoirí, na tomhaltóirí, agus na hoibrithe – mar aon leis na húdaráis phoiblí rannpháirteach ann agus ar an eolas ina thaobh. Ar mhaithe le cur chun feidhme ar fónamh, is den riachtanas rialacha iomchuí soiléire a bheith ann, rialacha maithe comhsheasmhacha chun cothrom iomaíochta a thabhairt do tháirgí inbhuanaithe.

1.3.

Is díol sásaimh do CESE eilimintí nua a bheith sa Rialachán: leathnú an raoin feidhme, na ceanglais nua éicidhearthóireachta (inbhuanaitheacht, indeisitheacht, athchúrsáil, tionchar ar an gcomhshaol, astaíochtaí CO2, etc.), chomh maith leis na ceanglais faisnéise tríd an bpas táirge digiteach agus na lipéid, agus tá béim ar an tábhacht atá le faisnéis chruinn iomchuí, go háirithe le haghaidh na dtomhaltóirí.

1.4.

Tacaíonn CESE leis an toirmeasc ar earraí gan díol a scriosadh, is é sin earraí a dtuigtear ina leith gur earraí nua iad, earraí a tugadh ar ais, sin nó earraí indeisithe. Is díol sásaimh dó freisin go dtugtar aghaidh leis an Rialachán, i gcomhar leis an bPacáiste le haghaidh Geilleagar Ciorclach, ar ábhair imní atá ann cheana, an glas-snasú nó an dífheidhmeacht, cuir i gcás.

1.5.

Comhlacht tacaíochta don chur chun feidhme is ea an Fóram Éicidhearthóireachta, fóram a bhfuil cúraimí go leor air. Sa chás seo, ba cheart deis a thabhairt do na geallsealbhóirí agus d’ionadaithe uile na sochaí sibhialta, na comhpháirtithe sóisialta san áireamh, smaointe agus moltaí a chur chun cinn chun feabhas a chur ar an bpróiseas.

1.6.

Tá CESE ar an eolas faoi na dúshláin atá roimh na táirgeoirí agus na gnólachtaí, go háirithe na dúshláin atá roimh na FBManna, agus, san am céanna, ba cheart ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a sheachaint. Thairis sin, is léir dó go bhfuil deis ann leas a bhaint as caighdeáin maidir le hinbhuanaitheacht táirgí chun lipéad nua a chruthú do tháirgí Eorpacha — “Made in Europe”.

1.7.

Na huirlisí atá ann maidir le dearbhú comhlíontachta agus féinrialáil, is uirlisí iad a chuireann scóip ar fáil do lucht gnó. Rialú éifeachtúil comhordaithe idir na Ballstáit maille le faisnéis chóiriúil le haghaidh na dtomhaltóirí, is neartú muiníne atá sa mhéid sin i gcomhair an aistrithe ó gheilleagar líneach go geilleagar ciorclach.

1.8.

Is trua le CESE nach bhfuil an ghné shóisialta cumhdaithe ag an Rialachán. Dhealródh sé nach leor é tagairt a dhéanamh don togra ón gCoimisiún maidir leis an Treoir i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach.

2.   Cúlra na tuairime

2.1.

Tá an córas eacnamaíoch líneach ag cur an iomarca brú ar na hacmhainní domhanda atá ann. Le linn an ama idir comhdháil aeráide na Náisiún Aontaithe i bPáras agus an chomhdháil a bhí acu i nGlaschú, ídíodh níos mó ná leath-thrilliún tona d’acmhainní nua. Luaitear i dTuarascáil 2022 (1) maidir le Bearna Chiorclacha nach ndéantar athchúrsáil ach ar 8,6 % den mhéid a úsáidtear ar fud an domhain. Is é sin le rá, tá uasteorainn ciorclaíochta ann is mó ná 90 %. Is éifeachtach a thagann leis an ngeilleagar ciorclach laghdú a chur ar ídiú acmhainní.

2.2.

Is rud é atá aitheanta san Eoraip gur gá na hacmhainní atá ann a spáráil. Is é an Coimisiún Eorpach a mhol an Comhaontú Glas don Eoraip, is é sin straitéis fáis an Aontais chun sochaí a chruthú a bheidh cothrom rathúil, sochaí ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha atá iomaíoch agus é éifeachtach ó thaobh úsáid na n-acmhainní de. Tá fadhbanna sa slabhra soláthair de dheasca na paindéime agus de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, rud a fhágann gur géire feasta an gá atá le gníomhaíocht. Tá ganntanas acmhainní agus ardú praghsanna ag goilleadh ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí i réimsí éagsúla go leor.

2.3.

Is éard atá ann go sonrach gur thíolaic an Coimisiún Eorpach na tionscnaimh seo a leanas faoin bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach ag deireadh mhí an Mhárta 2022:

An Teachtaireacht ón gCoimisiún “Féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás”

Togra le haghaidh Rialachán maidir le héicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe

Plean Oibre 2022-2024 maidir leis an Éicidhearthóireacht agus le Lipéadú Fuinnimh

Straitéis AE le haghaidh teicstílí inbhuanaithe ciorclacha

Togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán um Tháirgí Foirgníochta

Togra chun na tomhaltóirí a chumhachtú le haghaidh an aistrithe chuig an ngeilleagar glas

2.4.

Sa tuairim seo, tá aghaidh á tabhairt ar an teachtaireacht féachaint leis gur táirgí inbhuanaithe an gnás (COM(2022) 140 final) agus ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh táirgí inbhuanaithe a leagan síos agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/125/CE (COM(2022) 142 final — 2022/0095 (COD)).

2.5.

Tá béim sa Teachtaireacht ar an ngá atá le hathmhachnamh ar an múnla eacnamaíoch líneach atá i réim, sin agus dul i dtreo geilleagar ciorclach. Tiocfaidh borradh faoin iomaíochas, cruthófar poist nua, agus cuirfear táirgí inbhuanaithe ar fáil do thomhaltóirí ach cur chuige comhchuibhithe a bheith ann ar fud na hEorpa. Ionas go bhféadfar é sin a dhéanamh, tá gá le cur chuige nua i leith táirgí a tháirgeadh, cur chuige a rachaidh níos faide leis an scéal ná na híoscheanglais atá ann i láthair na huaire (REACH, an lipéadú fuinneamh, pacáistiú, etc.).

2.6.

Beifear ag cur go han-mhór le raon feidhme an Rialacháin nua maidir le hÉicidhearthóireacht, agus maidir leis na tionscnaimh earnáilsonracha le haghaidh teicstílí, táirgí foirgníochta, etc., is mór a chuirfidh siadsan le spáráil na n-acmhainní agus leis an éifeachtúlacht fuinnimh. Thar aon ní eile, leis an ábhar nua chun síneadh a chur le saolré na dtáirgí (an inbhuanaitheacht, an indeisitheacht, athchúrsáil níos fearr, etc.), sin agus chun feabhas a chur ar an bhfaisnéis faoi tháirgí trí bhíthin an phas táirge dhigitigh, beidh ar chuideachtaí cáilíochtaí agus tionchar saolré a gcuid táirgí a chur i láthair ar bhealach trédhearcach. Cuirfear ar a gcumas do na tomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir táirgí a chomhlíonann spriocanna inbhuanaitheachta na hEorpa, agus cuirfear ar a gcumas dóibh na táirgí sin a mheas.

2.7.

Tá bearta tionlacain ann a dhéanann comhlánú ar na ceanglais táirge atá sa Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht. A bhuí le faisnéis éigeantach faoi na buntáistí atá le baint as na táirgí, sin agus faoi leas an chomhshaoil, chomh maith le faisnéis faoi dheisiú, faoi mharthanacht agus faoin gcosc ar an snas glas, is amhlaidh a dhéanfar seasamh agus muinín na dtomhaltóirí a neartú. Mar gheall ar na seiceálacha ar tháirgí a dhéanann údaráis phoiblí agus leis an bhfaireachán trédhearcach ar chomhlíonadh na gcritéar i leith na dtáirgí, tá cinnteacht ann maidir le rogha táirgí ardcháilíochta, agus, ar an gcaoi sin, tá cothrom iomaíochta á ráthú d’oibreoirí eacnamaíocha.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tá CESE i bhfabhar, i bprionsabal, chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh agus an tionscnaimh um tháirgí inbhuanaithe, mar is éard is mana don inbhuanaitheacht sa chás áirithe seo gnéithe den chomhshaol, den gheilleagar agus den saol sóisialta a nascadh le chéile. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh gach oibreoir eacnamaíoch riachtanais nua dhúshlánacha a chomhlíonadh. Caithfidh na cuideachtaí féachaint leis go gcuirfidh siad an táirgeadh mar aon le dearadh a gcuid táirgí i dtreo na hinbhuanaitheachta, agus féachaint le heolas a chur ar fáil ina dtaobh. Ní mór do na tomhaltóirí é sin a thuiscint, agus ar bhonn na faisnéise atá acu, ní mór dóibh an cinneadh “ceart” a dhéanamh ar bhealach freagrach. Meastar go bhfuil gá le feachtais iomchuí le feasacht na dtomhaltóirí a mhúscailt ina leith seo. Beidh faireachán éifeachtach ag teastáil lena áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna agus nach gcuirfear de dhroim seoil iad, mar is dochar a dhéanfadh sin don seasamh atá ag an Eoraip, sin nó is baol gur amhras i leith an aistrithe ghlais an toradh a bheadh air. Is é cuspóir atá ann thairis sin poist mhaithe a chruthú, feabhas a chur ar chúrsaí forbartha, dearcadh cuimsitheach ar an scéal a thabhairt i gceist, agus tomhaltóirí agus custaiméirí a bhfuil buntáiste an eolais acu.

3.2.

Leagtar síos caighdeáin nua sa Rialachán seo agus leis an ngeilleagar ciorclach araon. Ionas gur féidir na ceanglais sin a ghlacadh, agus brí agus beocht a chur iontu, agus próiseas an gheilleagair chiorclaigh a bheith mar thoradh orthu, beidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha – tomhaltóirí, monaróirí, fiontraithe, ceardchumainn agus institiúidí taighde – a bheith rannpháirteach sa phróiseas sin ar bhealach réamhghníomhach. Is cuidiú a bheidh ann faisnéis ábhartha maidir le deiseanna agus cuspóirí a chur ar fáil agus na geallsealbhóirí a spreagadh in am trátha.

3.3.

Tacaíonn CESE le cur chuige comhchuibhithe an Rialacháin agus na ngníomhartha tarmligthe toisc go bhfágann an cur chuige sin go seachnaítear an ilroinnt agus go dtugtar aghaidh ar shainiúlachtaí na dtáirgí, ar inacmhainneacht na dtomhaltóirí agus ar an iomaíocht. Is deis don Eoraip iad na táirgí inbhuanaithe, deis do na gnólachtaí, don nuálaíocht, deis ar phoist nua, agus cuirtear mianta na dtomhaltóirí san áireamh fad a bhaineann leis an tionchar ar an gcomhshaol agus an ré a mhaireann na táirgí.

3.4.

Is díol sásaimh do CESE an raon feidhme a bheith á leathnú le táirgí breise a thabhairt san áireamh, agus is díol sásaimh dó chomh maith céanna ceanglais níos déine a bheith ann. Tugann CESE dá aire go bhfuil rudaí nua ann do na cuideachtaí monaraíochta, an pas táirge digiteach, mar shampla, sin agus na rialacha maidir le hearraí nár díoladh, mar aon leis na rialacha atá sonrach ó thaobh an táirge de, ach níl neart air sin má tá i ndán go dtiocfaidh an geilleagar ciorclach chun cinn. Ag an am céanna, bunóidh sé caighdeán nua “Déanta san Eoraip”, agus cruthóidh sé deiseanna eacnamaíocha i réimsí an deartha, na diúscartha agus an deisiúcháin.

3.5.

Tá CESE á thabhairt le fios gur gá comhleanúnachas a áirithiú i ngach réimse reachtaíochta lena mbaineann. Áirítear leis sin comhleanúnachas an ama agus an ábhair i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta seo, ionas nach dtarlóidh laghdú ar an éifeachtacht de thoradh ilroinnt reachtaíochta agus na gcleachtas éagsúil atá ann ar fud na mBallstát. Mar sin féin, ní lú is tábhachtach comhleanúnachas a áirithiú i réimsí tábhachtacha tacaíochta eile de chuid na reachtaíochta, an Treoir ón gCoimisiún Eorpach i dtaca le dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach, mar shampla, nó na rialacha maidir le dramhaíl, rud atá tábhachtach don phróiseas ciorclach, lena n-áirítear bearta onnmhairiúcháin, an Rialachán maidir le Faireachas Margaidh, etc.

3.6.

Aithníonn CESE an gá atá le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus ó tharla nithe go leor ar easpa cinnteachta sna gníomhartha sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún plean oibre níos mionsonraithe a chur ar fáil chomh maith. Is é is aidhm dó sin a áirithiú go gcumhdaítear líon mór táirgí leis na gníomhartha tarmligthe. San am céanna, ba cheart eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na ceardchumainn a bheith páirteach ann ó thús na hoibre.

3.7.

Tugann CESE dá aire gur píosa reachtaíochta an-chasta é an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht, píosa reachtaíochta a chuirfidh athrú ar an tsamhail eacnamaíoch atá ann faoi láthair. Tá CESE den tuairim gurb é is riachtanach an reachtaíocht sin a chur chun feidhme go tapa ach go cóiriúil. Dá bhrí sin, tá acmhainní daonna leordhóthanacha ag teastáil chun na gníomhartha tarmligthe sin a chur chun feidhme. Ós rud é go mbeidh ceanglais nua á gcur i bhfeidhm ar na tomhaltóirí, na gnólachtaí, lucht deisiúcháin, agus na húdaráis mhaoirseachta chomh maith, meastar gur gá freisin gach páirtí eacnamaíoch a bheith rannpháirteach a dhóthain sa phróiseas faisnéise.

3.8.

Ba cheart eintitis phoiblí a bheith ar thús cadhnaíochta sa soláthar glas sa phróiseas soláthair phoiblí a bhfuil siad freagrach as. Mar sin féin, d’fhéadfaidís tionchar níos mó a bheith acu ach an soláthar glas a bheith ina choinníoll sna treoirlínte maoiniúcháin do thacaíocht nó fóirdheontais, i gcláir infheistíochta éagsúla an Aontais le cuideachtaí nó le haghaidh tríú páirtithe, cuir i gcás.

3.9.

Tugann CESE dá aire gur buntáiste don tomhaltóir atá sna ceanglais éicidhearthóireachta, agus gur cheart gur buntáiste soiléir so-aitheanta a bheadh ansin. Is cuimsithí na ceanglais atá ann faoi seo sa Rialachán nua maidir le hÉicidhearthóireacht, agus, dá bhrí sin, tharlódh méadú ar chostas na dtáirgí sa siopa, ach tharlódh, ag an am céanna, laghdú costais a bheith i gceist de bharr feabhas ar an bhfeidhmíocht, ar an marthanacht, ar an uasghrádú agus ar an indeisitheacht, chomh maith leis an luach ag an deireadh ré a bheadh níos airde. Trealamh a úsáid atá níos éifeachtaí ó thaobh fuinnimh de, sin bealach le fuinneamh a spáráil agus le hairgead a choigilt. Ó thaobh luach ar airgead de, is fearr táirgí marthanacha ná táirgí nach maireann i bhfad. De bharr an togra nua le haghaidh treorach, d’fhéadfadh na tomhaltóirí EUR 285 (2) a choigilt in aghaidh na bliana ar an meán. Tá béim sa Rialachán ar an inacmhainneacht, agus ba cheart na buiséid éagsúla teaghlaigh a chur san áireamh san fhoráil sin d’fhonn a áirithiú nach rud eisiach a bheidh san éicidhearthóireacht. Is tábhachtaí, dá bhrí sin, tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na tomhaltóirí nuair atá táirgí inbhuanaithe á gceannach acu den chéad uair, agus i gcomhair na huaire atá táirgí inbhuanaithe le deisiú acu.

3.10.   Gnéithe comhshaoil

3.10.1.

Is éard atá san éicidhearthóireacht achainí ar dhaoine lena gcur ag smaoineamh ar bhealach ciorclach. Cuireann CESE an pointe sin i bhfios i ndáil leis an méid seo a leanas go háirithe:

Reachtóireacht agus bearta rialaithe: dá mbeadh maolú ann i gcás na ngníomhartha tarmligthe, sin nó dá mbeadh eisceachtaí ann ina dtaobh, nó dá dtarlódh ceachtar den dá rud sin i gcás na ngealltanas deonach, bheadh lúb ar lár ann a bheadh in éadan na spriocanna. Na ceanglais éicidhearthóireachta, na ceanglais feidhmíochta agus faisnéise, lena n-áirítear paraiméadair na dtáirgí, is ceanglais iad ar cheart comhsheasmhacht a bheith iontu ar an leibhéal cuí.

Cuideachtaí atá in ainm agus smaoineamh a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag saolré an táirge ar an gcomhshaol, ar úsáid an táirge go fadtéarmach, ar an éascaíocht i gcóiriú agus i ndeisiú an táirge le linn a dheartha, nó smaoineamh ar an táirge a tháirgfear le cur i gcomharbas air i ndeireadh a ré. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeánú na dtáirgí chomh maith. I measc na samplaí a luaitear anseo, tá na tomhais éagsúla a bhíonn ar bhoinn nó ar cháblaí luchtaithe.

Na tomhaltóirí arb éard atá dlite dóibh nuair atá cinneadh maidir le ceannach á dhéanamh acu faisnéis riachtanach a fháil faoi tionchar an táirge ar an gcomhshaol, maidir le saolré an táirge, a dheisiú, a úsáid i ndeireadh a ré, sin agus a dhiúscairt.

3.10.2.

Is í an athchúrsáil, tar éis úsáid an táirge ar feadh i bhfad, agus tar éis a athúsáide, an chéad chuid eile den Rialachán a bhaineann le bheith tíosach ar acmhainní. Is é aidhm atá ann méadú a chur ar an méid den táirge is féidir a athchúrsáil, ar in-athchúrsáilteacht na dtáirgí, agus ar luach na n-earnálacha athchúrsála agus deisithe. Tacaíonn CESE leis an gcuspóir, ach meabhraíonn sé go bhfuil roinnt bacainní teicniúla, dlíthiúla agus coincheapúla fós le sárú.

An machnamh atá déanta ar thimthriall na n-ábhar, léiríonn sé na bearnaí ollmhóra a chaithfear a líonadh leis an athrú a thabhairt i gcrích. Mar shampla, ba cheart rátaí athchúrsála níos airde a bheith ann i dteannta na gcuótaí íosta i gcás úsáid ábhair athchúrsáilte, nó in-athchúrsáilteacht theoiriciúil (3) táirgí a bheith comhsheasmhach le hindéantacht theicniúil na hathchúrsála agus le cur chun feidhme praiticiúil na mbeart athchúrsála. In earnáil na bplaisteach, mar shampla, tá gá le go leor athruithe sa ndearadh agus sa dtáirgeadh sula ndéantar amhábhair thánaisteacha a chóireáil ar bhealach éagsúil le hamhábhair phríomhúla (4).

Is deis don Eoraip í an athchúrsáil freisin. Mar shampla, is ina n-amhábhar nó ina dtáirgí a onnmhairítear na mianraí miotalacha luachmhara. Ina dhiaidh sin déantar a ndiúscairt nó a gcur ar fáil sa saol ar bheagán costais. Tá gluaisteáin agus dramhaíl leictreonach go mór i gceist leis sin. Ba cheart iad sin a mheas agus a láimhseáil in aicme na n-ábhar in-athúsáidte. Is é leas na haeráide táirgí a bhaint ó chéile, iad a athphróiseáil, agus iad a athchúrsáil. Cruthaíonn siad breisluach nach beag agus poist nua chomh maith céanna (5). Sa mhéid sin ar fad, is ríthábhachtach freisin an chothromaíocht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta a chur san áireamh.

3.10.3.

Is díol sásaimh do CESE an méid atá beartaithe sa togra maidir le gníomhú in aghaidh earraí nár díoladh, agus tá sé den tuairim gur féidir a bheith níos uaillmhianaí arís sa chur chuige sin. Ó thaobh na sochaí de, ní rud inmhianaithe táirgí atá iomlán a bheith á scriosadh, lena n-áirítear táirgí nua, chomh maith le táirgí a cuireadh ar ais, sin agus táirgí is féidir a dheisiú, mar níl ansin ach cur amú acmhainní. An moladh a rinne an Coimisiún nach ndéanfaí ar an gcéad chéim ach taifid a iarraidh ar chuideachtaí agus díolmhú a bheith ann i gcás na FBManna, sin moladh a bhfuil easnamh ann dar le CESE. Nuair is trí ghníomhartha tarmligthe atá sé i gceist bearta níos láidre a dhéanamh, is leor de chúis amhrais sin ann féin faoi na cuspóirí a bheith á gcur i gcrích go héifeachtach. Tacaíonn CESE leis an gcosc a chuirfí ar tháirgí gan díol a bheith á scriosadh, ar choinníoll nach mbeadh contúirt iontu. Ba cheart iarraidh ar ghnólachtaí agus ar ardáin mhiondíola cleachtais ghnó a thabhairt chun cinn a chuirfeadh laghdú suntasach ar líon na dtáirgí a thugtar ar ais, sin agus ar na stoic a bhíonn gan díol. Ba cheart na tomhaltóirí a chur ar an eolas freisin faoin tionchar ar an gcomhshaol atá ag earraí a thugtar ar ais.

3.11.   Gnéithe eacnamaíocha

3.11.1.

Cuireann CESE in iúl gur díol sásaimh, i bprionsabal, do FBManna an togra le haghaidh Rialacháin ach nach gan sceipteachas atáthar ag féachaint air ach oiread. Tá teorainn leis na hacmhainní (daonna) atá ar fáil do FBManna. Thar aon ní eile, is le gach atá de dhíth ar FBManna mar aon leis na riachtanais atá acu a rachaidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear sa Rialachán i ngleic. Ina theannta sin, bíonn deacrachtaí ag FBManna páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta soláthair phoiblí atá de dhíth. Dá bhrí sin, ba cheart réitigh a lorg lena chur ar a gcumas páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta ábhartha. Sa deireadh thiar, ó thaobh FBManna de, is éard atá ag teastáil comhlántacht idir an Rialachán maidir le Táirgí Inbhuanaithe agus na rialacha sonracha a bhaineann leis na táirgí. Ar an gcaoi sin, seachnófar dúbláil na gcostas agus ualach an rómhaorlathais.

3.11.2.

Tá ról lárnach ag na deisitheoirí le fad saoil a bhaint as na táirgí. Dá bhrí sin, ba cheart é a dhéanamh níos éasca do na deisitheoirí, do na gnólachtaí athúsáide socheacnamaíocha agus do thionscnaimh deisithe áitiúla/na sochaí sibhialta a n-áit féin a ghlacadh sa tsamhail chiorclach seo. Maidir leis an nGearmáin agus an Ostair, ba thairbheach an rud a bhí ann i gcás tionscnaimh dheisiúcháin árachas a bheith acu le haghaidh an deisithe, rud a thug de dhlisteanas dóibh san am céanna obair dheisiúcháin a dhéanamh.

3.12.

Aithnítear sa Teachtaireacht gur tábhachtach na huirlisí iad na samhlacha nua gnó ciorclacha (6). Ní mór dóibh a bheith tarraingteach, faiseanta agus na gnólachtaí agus na tomhaltóirí a spreagadh, agus ní mór dóibh a áirithiú go mbeidh dálaí oibre iomchuí ann. Tá samhlacha den chineál sin ann cheana sa chleachtas, an geilleagar comhroinnte, mar shampla, an táirge mar sheirbhís agus íoc de réir na húsáide. Molann CESE úsáid na n-ardán dea-chleachtais atá ann cheana a spreagadh agus iad a chur in oiriúint do dhúshláin reatha an gheilleagair chiorclaigh. I measc na samplaí atá liostaithe, tá BauKarussell: i gcás ábhar a dhéantar a scartáil nó a athchóiriú, is iadsan a tháirgeann é d’úsáideoirí eile. Sampla eile is ea na gréasáin deisithe a ligeann don tomhaltóir dul i dteagmháil leis an deisitheoir. Mar sin féin, is iomaí bunachar sonraí nach bhfuil mealladh na soláthraithe ná na n-úsáideoirí iontu.

3.13.

Dar le CESE is mithid aird na dtomhaltóirí a dhíriú ar an ngnó inbhuanaithe agus na táirgí a úsáid go deireadh na ré atá luaite leo. Maidir le táirgí atá fós ag feidhmiú ach gan iad á n-úsáid a thuilleadh (e.g. ríomhairí glúine, fóin phóca, tóstaeir, etc.), tá staidéir acadúla (7) ann a léiríonn go gcoinnítear sna tithe iad ar feadh suas le sé bliana. Dá bhrí sin, tá gá le dreasachtaí iomchuí do thomhaltóirí chun táirgí nach bhfuil á n-úsáid a thuilleadh a choinneáil i dtimthriall na húsáide.

3.14.   Gnéithe sóisialta

3.14.1.

Is trua le CESE nach bhfuil an ghné shóisialta cumhdaithe ag an Rialachán. Is cosúil nach leor tagairt don togra ón gCoimisiún maidir leis an Treoir i dtaca le dícheall cuí (8) maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach, ós rud é gur léir sa Treoir sin go dtugtar tús áite do chur chuige atá dírithe ar phróisis i leith slabhraí luacha domhanda agus nach bhféadfaí saincheisteanna sóisialta atá sonrach ó thaobh an táirge de a chumhdach go leordhóthanach. Cuireann CESE i bhfios go neamhbhalbh, ó thaobh na hinbhuanaitheachta de, nach mór déileáil i gcónaí le gach ceann de na trí ghné, eadhon an inbhuanaitheacht eacnamaíoch, an inbhuanaitheacht shóisialta agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil, agus tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún an Rialachán a athscrúdú féachaint an rud ciallmhar a bheadh ann gnéithe sóisialta táirgeshonracha a chur san áireamh freisin.

3.14.2.

Cuireann CESE in iúl nach post inbhuanaithe gach post glas, mura gcuirtear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar fad san áireamh. Ní mór comhlíonadh na gcaighdeán saothair a áirithiú, go háirithe ar chúiseanna iomaíochta.

3.14.3.

Rinne tionscadal de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta Eorpacha (9) staidéar ar thionchar an gheilleagair chiorclaigh ar an bhfostaíocht agus ar dhálaí oibre. D’fhéadfadh an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach idir 250 000 agus 700 000 post nua a chruthú faoi 2030. Tá éagsúlacht mhór tionchair ann ó earnáil go chéile agus ó réigiún go chéile. Is d’earnáil na dramhaíola agus d’earnáil an deisiúcháin is mó a rachaidh an scéal chun tairbhe, ach is diúltach an tionchar a imreofar ar earnáil na mianadóireachta agus ar earnáil na gceimiceán. Beidh lucht saothair ag teastáil a mbeidh oiliúint mhaith orthu freisin (e.g. bainistiú dramhaíola). Ní mór féachaint chuige go ginearálta go mbeidh poist mhaithe ar fáil agus go n-íocfar luach saothair cuibhiúil leis na hoibrithe. Is trua le CESE nach bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún faoi láthair idirphlé sóisialta a chur ar bun chun iarmhairtí an aistrithe chuig an ngeilleagar ciorclach a chur san áireamh.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.   Faisnéis sa phas táirge digiteach, ar na lipéid agus ar na héicilipéid

4.1.1.

Is díol sásaimh do CESE rochtain a bheith ar fhaisnéis chuimsitheach faoin táirge sa phas táirge digiteach. Ba cheart rochtain a bheith ag na gníomhaithe uile ar feadh an tslabhra soláthair ar an bhfaisnéis ar bhealach spriocdhírithe agus ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir. Ba cheart don fhaisnéis sin a bheith ar an mbuneolas a chabhróidh leis an tomhaltóir cinntí a dhéanamh i leith an gheilleagair chiorclaigh maidir le ceannach, athúsáid, deisiú agus diúscairt laistigh den timthriall. Áirítear orthu sin an cion CO2 atá sa táirge, an cion den tearc-chré, na comhábhair ghuaiseacha, ábhar nach féidir a athchúrsáil, liosta na bpáirteanna indeisithe, a infhaighte atá siad nó, i gcás bogearraí, an chomhoiriúnacht agus na costais atá ag gabháil leo. Is díol sásaimh do CESE deis a bheith ann faisnéis maidir le gnéithe eile den inbhuanaitheacht a chur san áireamh sa phas táirge digiteach (10). Molann CESE, ina leith sin, innéacs deisiúcháin a chur leis an bpas táirge digiteach, innéacs ina mbeadh faisnéis faoi indeisitheacht, go mór mór faoi chomhpháirteanna tábhachtacha a bhíonn le hathrú de bharr a gcaite, faoi phraghas na bpáirteanna spártha agus faoina n-infhaighteacht le himeacht ama, chomh maith le faisnéis faoi na coinníollacha oibre faoinar monaraíodh na táirgí. Ba cheart an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil freisin do na tomhaltóirí i bhfoirm fhisiciúil, an ráthaíocht, mar shampla, sin nó an cion CO2 atá sa táirge.

Níor chóir gur uirlis a bheadh sa bpas digiteach sin a thabharfadh ar chuideachtaí tarraingt ar acmhainní breise (bailiú sonraí), ach uirlis a ionchorpraíonn córais atá ann cheana. Mar sin féin, ós de na ceanglais atá ann sonraí atá íogair a sholáthar, sonraí atá ag éirí níos trédhearcaí i rith an ama, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá freisin le hathbhreithniú ar chomhsheasmhacht an chinnidh maidir le cearta maoine tionsclaíocha.

4.1.2.   Lipéid

An fhaisnéis faoin táirge atá le cur ar fáil do na tomhaltóirí, faisnéis atá le leagan síos sna gníomhartha tarmligthe, is ar na lipéid ba cheart í a chur in iúl. Ba mhaith le CESE aird a dhíriú ar sholáthar faisnéise atá ceart soiléir trédhearcach do na custaiméirí, mar atá, sonraí faoi thionchar an táirge ar an aeráid, an t-ábhar atá ann agus an comhdhéanamh atá air, faoi chomhlíonadh chaighdeáin na n-oibrithe, an mharthanacht agus an indeisitheacht, ceithre rud a bhfuil tábhacht mhór leo.

4.1.3.   Éicilipéid

Is le formheas saineolaí a dhéantar táirgí agus seirbhísí go leor a dheimhniú faoin Éicilipéad Eorpach. Is é aidhm atá ann é a bheith níos fusa do na tomhaltóirí leas an chomhshaoil, an mharthanacht agus ardcháilíocht a shainaithint, agus a chur i gcomparáid le táirgí eile. Níl sna ceanglais maidir leis an éicilipéad ach comhlánú ar an reachtaíocht táirgí atá bunaithe ar an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht, ní hionann agus í a ionadú, agus an rialú a dhéanann na húdaráis faoin Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht, ní mór dóibh an fhaisnéis ar na héicilipéid a chumhdach freisin.

4.2.   Láithreacha margaidh ar líne

Is tábhachtach an rud cothrom na hiomaíochta a bheith ag gach oibreoir eacnamaíoch agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag rialacha dliteanais do mhargaí ar líne, go háirithe i gcás nach ngníomhaíonn aon ghníomhaí eile sa slabhra soláthair i gcoinne táirge neamhchomhlíontach (11).

4.3.

Faireachas margaidh – rialú, toirmisc, agus fíneálacha: is ar na Ballstáit a chuirtear an cúram sin, agus is sa Chóras Faisnéise agus Cumarsáide maidir le Faireachas Margaidh (ICSMS) a fhoilsítear an t-eolas faoin neamhchomhlíonadh, is é sin an córas tuairiscithe agus faisnéise Eorpach i gcomhair táirgí a meastar iad a bheith neamhchomhlíontach nó contúirteach. Tá CESE i bhfabhar an togra chun an faireachas margaidh a leathnú agus a fheabhsú, toisc gan 10 % go 25 % de na táirgí a ndearnadh suirbhé orthu a bheith ag comhlíonadh rialacha na Treorach maidir le hÉicidhearthóireacht (12). Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann a gcuid cúraimí a chur i gcrích, is gá acmhainní a chur ar fáil don fhaireachas margaidh. Maidir le neamhchomhlíonadh go háirithe, níor mhór a áirithiú gurb éard a dhéanfaidh na húdaráis faireachais margaidh fógraí faoi neamhchomhlíonadh a fhiosrú go cuí. Is trua a rá gurb iomaí drochshampla atá ann d’imghabháil an mheasúnaithe comhréireachta. Tharla a leithéid le déanaí: cás maidir le caitheamh masc cosantach. Ba cheart do na húdaráis seiceálacha randamacha a dhéanamh go rialta. Ba cheart ról a bheith ag eagraíochtaí tomhaltóirí freisin mar sceithirí inniúla i gcásanna de neamhchomhlíonadh. Ba cheart dó sin tarlú go tapa agus go héifeachtach, de bhreis ar an Treoir maidir le caingne ionadaíocha chun leasanna coiteanna na dtomhaltóirí a chosaint. Chun faireachas éifeachtach a dhéanamh ar an margadh sna Ballstáit uile, tá gá le ról an-ghníomhach a bheith ag an gCoimisiún Eorpach sa réimse seo, ionas go mbeidh cothrom iomaíochta ann do gach gnólacht sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, a bhuíochas sin do leibhéal cothrom rialaithe a bheith ann. Ina theannta sin, tarraingítear aird ar an deis atá ann feabhas a chur ar leathanach baile ICSMS maidir lena inúsáidte atá sé agus maidir leis an bhfaisnéis atá ann.

4.4.

Is díol sásaimh do CESE an Fóram Éicidhearthóireachta agus rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí uile sa phróiseas sin, ach meabhraíonn sé nach mór aird a thabhairt ar fheidhmiú éifeachtach an Fhóraim sin agus ar fhreagrachtaí, ar inniúlachtaí, agus ar acmhainní i leith na gcúraimí atá air. Mar shampla, ní féidir leis an bhFóram meastóireacht a dhéanamh ar bhearta féinrialála. Is cúram é seo do na húdaráis nó don Choimisiún Eorpach.

4.5.

Níor cheart leas a bhaint as na bearta sin ach i gcásanna eisceachtúla, mar ionstraim mhalartach ar ghníomh tarmligthe do ghrúpa táirgí. Má chuirtear i bhfeidhm iad, ba cheart na critéir iontu maidir le soiléire, cumhdach margaidh agus cáilíocht a bheith gaolmhar leis na critéir sna gníomhartha tarmligthe.

4.6.

Ba mhaith le CESE tagairt shainráite a dhéanamh do Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (13) i gcomhthéacs na tuairime seo. I mí an Mhárta 2017, rinne CESE agus an Coimisiún Eorpach tionscnamh an Ardáin sin a sheoladh go comhpháirteach, tionscnamh a thacaíonn le comhpháirtíochtaí nua, sin agus le réitigh le tuilleadh forbartha a chur ar an ngeilleagar ciorclach ar fud na hEorpa. Is éard is cuspóir dó freisin léiriú a dhéanamh ar an rannchuidiú tábhachtach is féidir leis an ngeilleagar ciorclach a dhéanamh le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme.

An Bhruiséil, an 14 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Circle Economy: The Circularity Gap Report 2022, Project Platform for Accelerating the Circular Economy (PACE).

(2)  https://ec.europa.eu/info/energy-climate-change-environment/standards-tools-and-labels/products-labelling-rules-and-requirements/energy-label-and-ecodesign/about_en#Energysavings.

(3)  Pomberger, R. (2020). Über theoretische, praktische und reale Recyclingfähigkeit https://doi.org/10.1007/s00506-020-00721-5, https://doi.org/10.1007/s00506-019-00648-6

(4)  Teachtaireacht dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach sa Gheilleagar Ciorclach], COM(2018) 28 final.

(5)  IO C 220, 9.6.2021, lch. 118.

(6)  Féach INT/778 An nuálaíocht mar spreagadh do shamhlacha nua gnó (tuairim), IO (C 303, 19.8.2016, lch. 28). (níl leagan Gaeilge ann).

(7)  Éisteacht phoiblí, NAT/851, Cur i láthair ó Gudrun Obersteiner, 29.4.2022.

(8)  COM(2022) 71 final.

(9)  https://www.etuc.org/en/publication/european-social-partners-project-circular-economy-and-world-work-0

(10)  COM(2022) 142 final – 2022/0095(COD), lch 29, pointe 26.

(11)  Mar eolas: INT/957 Athbhreithniú ar an Treoir maidir le sábháilteacht táirgí (IO C 105, 4.3.2022, lch 99) –Tá aghaidh á tabhairt anseo cheana ar ghnéithe tábhachtacha den tsábháilteacht táirgí.

(12)  J. Bürger/G. Paulinger, Vienna Chamber of Labour (2022) https://emedien.arbeiterkammer.at/viewer/resolver?urn=urn:nbn:at:at-akw:g-5230098, lch. 88.

(13)  https://circulareconomy.europa.eu/platform/


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/130


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) agus Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl

(COM(2022) 156 final — 2022/0104 (COD)) (níl leagan Gaeilge ann)

agus maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tuairisciú ar shonraí comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha agus lena mbunaítear an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha

(COM(2022) 157 final — 2022/0105 (COD))

(2022/C 443/19)

Rapóirtéir:

Stoyan TCHOUKANOV

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 2.5.2022 (do COM(2022) 156 final)

Parlaimint na hEorpa, 5.5.2022 (do COM(2022) 157 final)

An Bhruiséil, 10.5.22

Bunús dlí

Airteagal 192 (1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

30.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

183/3/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go láidir le cur chuige comhcheangailte agus le comhsheasmhacht na mbeartas chun éiceachórais agus sláinte an duine a chosaint ar éifeachtaí díobhálacha an truaillithe agus san am céanna chun tairbhí eile a chur ar fáil go hindíreach do shaoránaigh agus do thionscal an Aontais araon. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an t-athbhreithniú ar an treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (1) agus ar an Rialachán maidir leis an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach) a bheith á dhéanamh.

1.2.

Creideann CESE gur ríthábhachtach na 10 mbliana atá romhainn le haghaidh uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip do 2050 maidir le truailliú nialasach agus comhshaol saor ó thocsainí, agus níos mó ná riamh faoin am seo, tá solúbthacht agus soiléireacht de dhíth orainn sa phróiseas rialála.

Bainteach le IED:

1.3.

Is éard a mholtar in Airteagal 15(3) athbhreithnithe mar réamhshocrú nua, lena gceadaítear do scríbhneoirí na teorainnluachanna astaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a leagan síos atá comhsheasmhach leis na hastaíochtaí is ísle is féidir a bhaint amach trí BAT [Teicnící is Fearr atá ar Fáil] a chur i bhfeidhm sa tsuiteáil. Measann CESE gur díol sásaimh é an soiléiriú sin agus gur soiléiriú é atá comhsheasmhach le IED chun truailliú a chosc ag an bhfoinse. Le linn an cheadaithe, ní mór raon feidhme agus imlíne chruinn na teicneolaíochta a chur san áireamh chun an chomparáid BAT-ábhartha a úsáid.

1.4.

Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil gá le soiléiriú i leith na bpointí seo a leanas: cén bunús a bheadh le hanailís féidearthachta ar an oibreoir agus cé na critéir féidearthachta a bheadh ag gabháil léi? Seachas Tuarascáil Tagartha an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (JRC) maidir le doiciméid tagartha BAT (BREFanna), sin agus soláthraithe eile teicnící, an gcuimseoidh sí na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus an pobal lena mbaineann chun an anailís sin a bhailíochtú? Cén ról atá ag an údarás ceadaithe?

1.5.

Creideann CESE go bhféadfaí na feabhsuithe seo a leanas a dhéanamh chun na forálacha a thabhairt chun éifeachtachta: nasc leis na critéir chun BAT a chinneadh (Iarscríbhinn III faoi láthair) ionas go mbeidh deis ag na hoibritheoirí údar a lua leis an éifeacht trasmheáin ábhartha a d’fhéadfadh srian a chur ar an méid a bhainfeadh na BAT-AELanna amach. Ba cheart don togra uasbhailíocht mhaolaithe a shocrú e.g. [3] / [4] bliana ionas nach dtabharfar buntáiste iomaíochta míchuí d’oibreoirí a bhaineann úsáid go hatriallach as na maoluithe ná as síneadh ama. D’fhéadfaí tuairimí i leith leasanna tionscail éagsúla a chur san áireamh ach dul i gcomhairle roimh ré le trí sholáthróir teicneolaíochta neamhspleácha ar a laghad. Ba cheart coinníollacha níos soiléire a shocrú e.g. measúnú tionchair iomlán i gcoinne na roghanna atá beartaithe d’uas-chomhoiriúnacht leis an BAT is déine, lena n-áirítear comhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil, mar aon le comhoiriúnacht an mheasúnaithe sin le huaillmhian nialasach an truaillithe.

1.6.

Molann CESE go láidir leanúint go dlúth de spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais, agus táscairí ceannlíne a leagan síos san am céanna i dtaobh leis na cuspóirí éagsúla atá ag na meáin.

1.7.

Aontaíonn CESE le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa gur cheart brí shoiléir a chur sa phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as an truailliú. Chomh maith leis na costais eacnamaíocha a bhfuil luach airgid curtha orthu vs. cóimheasa sochar sochaíoch, ba cheart anailís a dhéanamh freisin ar chostais na sochaí vs. táscairí tairbhí sochaíocha agus táscairí comhshaoil. Ba cheart tairbhí sláinte agus cosanta aeráide a áireamh ar na sochair chomhshaoil; níor cheart don mhodh costais damáiste ach na modhanna is cosantaí a úsáid, e.g. modh Luach Saoil Staitisticiúil na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) arna oiriúnú do leibhéil praghsanna ECFE/SAM.

1.8.

Is éard a mheasann CESE nach é an dúshlán atá le sárú sainaithint teicnící ceannródaíocha (an nuálaíocht) ach a gcur in úsáid ar scála tionsclaíoch. D’fhéadfadh bac príomha a bheith ar inmheánú na gcostas seachtrach. Na cistí a ghintear ó leibhéil na gcostas damáiste, d’fhéadfaí iad a athchainéalú i “ciste AE um thruailliú agus aistriú tionscail” nó i gcistí eile atá ann cheana mar na cistí nuachóirithe agus nuálaíochta. Ba cheart go bhféadfadh na hoibreoirí iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar úsáid na gcistí sin i bpróiseas tairisceana iomaíoch d’fhonn foráil a dhéanamh do dhreasachtaí le haghaidh an aistrithe atá riachtanach chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích. Ní mór an cúram cuí a dhéanamh go dtacóidh an t-ath-chomhshó agus an t-athrú le hathfhorbairt eacnamaíoch áitiúil agus inbhuanaithe, a bheidh ag teacht go hiomlán le “aistriú cóir” a bheidh inghlactha go sóisialta. Ba cheart tacaíocht a chur ar fáil do thionscail agus do sheirbhísí a chuireann go mór le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ní mór aird ar leith a thabhairt air seo: gach ciste a ghintear chun tacú leis an aistriú, ní mór é a bhainistiú ar leibhéal an Aontais, ionas go seachnófar scéimeanna Státchabhrach más ann dóibh, agus scéim chomhchuibhithe uile-Eorpach a thabhairt in inmhe, scéim a chomhlíonfaidh prionsabal mhargadh aonair an Aontais.

1.9.

Measann CESE go bhfuil tábhacht le cosaint na haeráide, agus go bhforáiltear leis an gcreat do chur chuige comhcheangailte maidir leis na hionstraimí éagsúla atá ar láimh. Níor cheart go mbraithfeadh bearta coiscthe truaillithe ar cibé acu atá cás gnó ann chun an t-athrú aeráide a chosaint nó nach bhfuil. Tacaíonn CESE go láidir le cur chuige comhcheangailte agus le comhsheasmhacht na mbeartas ionas go mbeidh tairbhí eile ann go hindíreach. Le hAirteagal 9(1) tá srian ar na Ballstáit bearta breise a leagan síos maidir le hoibreoirí atá faoi réir scéim trádála ETS an Aontais, agus is fearr dá bhrí sin an scéim a scriosadh. Má scriostar an fhoráil seo, ní bheidh an tionscal faoi réir teorainnluachanna astaíochtaí gás ceaptha teasa láithreach bonn (LVCanna GCT).

1.10.

Creideann CESE go bhféadfaí an-fheabhas a chur ar éifeachtacht an ghlactha BAT agus na sochar poiblí a bhaineann le glacadh BAT agus na sochair phoiblí, go háirithe i gcás ollghléasraí dócháin.

1.11.

Tá CESE á chur i bhfios freisin gur gá feabhas a chur ar an gcothrom iomaíochta – maidir le loscadh dramhaíola, déanfar comhlíonadh ELV a áirithiú le linn an oibriúcháin éifeachtaigh (EOT). I gcás oibreoirí Mórshonraí Dócháin (LCP), d’fhéadfaí neamhaird a dhéanamh d’astaíochtaí a tharlaíonn nuair atá an tosú agus an múchadh ag tarlú. An oibríocht fhéideartha maidir le miondealú ar an laghdú, sin rud atá doghlactha dar le CESE.

1.12.

Chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir chun feidhme ar bhealach comhréireach costéifeachtach, tá CESE á mholadh go láidir go ndéanfaí raon feidhme na Treorach a oiriúnú leis an aonad beostoic in aghaidh an heicteáir i gcás feirmeoireacht fhairsing beostoic. Ba cheart an feirmeoireacht ainmhithe saor-raoin a thabhairt san áireamh go leordhóthanach.

1.13.

Moladh roinnt deiseanna chun feabhas a chur ar an measúnú comhlíontachta. Mar sin féin, leagfar amach na mionsonraí i ngníomh cur chun feidhme nach nglacfar ach dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach nua. Creideann CESE go bhfuil sin ródhéanach agus gur cheart forálacha a leagan síos lena n-éilítear íosmhinicíochtaí calabraithe le haghaidh feistí faireacháin agus ceanglas maidir le leibhéil neamhchinnteachta a thomhas ionas nach rachaidh siad thar na leibhéil atá ailínithe leis na leibhéil a bhaintear amach le trealamh tomhais úrscothach.

1.14.

Measann CESE go bhfuil fiúntas éigin ann maidir le níos mó ná feabhsuithe incriminteacha a chur chun cinn ar leibhéal na suiteála amháin, nuair a theastaíonn aistriú níos tapúla agus níos cuimsithí ó thaobh na modhanna táirgthe de. Moltar na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith ina réimsí tosaíochta: táirgeadh agus caomhnú fuinnimh; cáilíocht an uisce agus seirbhísí soláthair; aistriú a dhéanamh ar tháirgeadh próitéíní plandaí/ainmhithe agus cineálacha eile bia agus dí; bainistiú na n-acmhainní; rud a chur in ionad na gceimicí arb ábhar imní iad; feabhsú agus torthúlacht na hithreach.

Bainteach leis an Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha (PRTR Eorpach):

1.15.

Chaill an togra an deis chun foráil a dhéanamh maidir le húsáid níos éifeachtaí a bhaint as faisnéis feidhmíochta a gineadh cheana laistigh den tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh (Airteagal 14(1) de IED), le húsáid chun críoch tagarmharcála agus comhlíonta. Dá mbeadh foirm chomhchuibhithe ionchuir maidir le hoibleagáid tuairiscithe ann ina mbeadh inneachar éigeantach don tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh, rud a chumasódh baint uathoibríoch na faisnéise sin laistigh de Thairseach na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, is mór a d’fheabhsófaí an rochtain ar fhaisnéis thábhachtach ar fheidhmíocht ar leibhéal an Aontais do ghrúpaí éagsúla d’úsáideoirí deiridh.

1.16.

Tá CESE á chur i bhfios gur fearr an rochtain ar fhaisnéis feidhmíochta a bheadh ann i ndáil leis na codanna faoin gCóras Bainistíochta Comhshaoil (EMS). Tá sé beartaithe go dtuairisceofaí go leor de na heilimintí sin (e.g. úsáid acmhainní agus athúsáid uisce, cosc ar dhramhaíl, ionadú agus úsáid substaintí guaiseacha) faoi PRTR Eorpach cheana, agus trí chuíchóiriú a dhéanamh ar an tuairisciú a bhaineann le IED chun faisnéis a chomhtháthú sa Tairseach, is amhlaidh a laghdófaí an t-ualach riaracháin agus thabharfadh sé breisluach d’úsáideacht na faisnéise sin.

1.17.

Trí thairseacha tuairiscithe a choinneáil, méadófar an t-ualach riaracháin ar údaráis inniúla mar go mbeadh céimeanna measúnaithe breise ag teastáil chun a fhíorú an sáraítear na tairseacha truailleán. I gcás ina bhfuil sonraí monatóireachta ann, ba cheart iad a úsáid agus a thuairisciú. Mura ndéanfar amhlaidh, chaillfí faisnéis shuimiúil maidir leis na fórsaí spreagtha a raibh scaoileadh faoi bhun na dtairseach tuairiscithe de thoradh orthu. Dá bhrí sin, ní aontaíonn CESE leis na tairseacha tuairiscithe.

1.18.

Ó 2004 i leith, níl aon athrú tagtha ar an liosta truailleán atá faoi réir a dtuairiscithe. Ní shíleann CESE gur iomchuí moill a chur ar liostú na dtruailleán sainaitheanta is ábhar imní. Na truailleáin uile a aithnítear in Airteagal 14, is truailleáin iad atá faoi réir oibleagáidí tuairiscithe cheana féin. Ní léir do CESE breisluach a bheith ann mura ndéantar tagairt ach do shubstaintí is údar mór imní, substaintí atá údaraithe cheana in Iarscríbhinn XIV, áit a mbaineann forálacha IED le “substaintí guaiseacha”. Dá bhrí sin, measann CESE gur cheart liosta níos leithne de shubstaintí is údar imní a liostú go díreach in Iarscríbhinn II de PRTR, mar thuairisciú éigeantach ar chóid dramhaíola an Aontais.

1.19.

Creideann CESE gur cheart go gcumasódh Tairseach na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil teorainneacha ceadanna a chomparáid le suiteálacha comhchosúla, ó thaobh an choisc a dhéanann siad ar thruailliú an chomhshaoil, rud a tharlódh ar an leibhéal domhanda go hidéalach. Tá CESE á mholadh an fhaisnéis atá á ghiniúint cheana ó cheanglais IED/BAT agus EMS a chomhtháthú. Is do chuspóirí triaracha PRTR a thagraíonn Airteagal 1 de Phrótacal PRTR Chív chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis a fheabhsú, rud a d’éascódh rannpháirtíocht an phobail sa chinnteoireacht chomhshaoil, mar aon le rannchuidiú le cosc agus le laghdú a chur ar thruailliú an chomhshaoil. Níor tugadh aghaidh go leordhóthanach ar an dá chuspóir dheireanacha sin.

1.20.

Ar deireadh, maidir leis an tagarmharcáil feidhmíochta chomhshaoil a chumasú, sin agus comhlíonadh a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais, mar aon le cothabháil TF agus deasca cabhracha a fhorbairt, i bpáirt le hiarrachtaí chun na críche sin a fhrithpháirtiú (buiséad agus uirlisí), measann CESE go sásódh na nithe sin leasanna grúpaí úsáideoirí deiridh i bhfad níos leithne agus níos éagsúla, rud a spreagfadh an tionscal chun dea-chleachtas maidir le cosc ar thruailliú a mhalartú thar mar a dhéanann siad faoi láthair.

2.   Cúlra

2.1.

Is í an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (IED) 2010/75/AE an ionstraim AE is tábhachtaí dá bhfuil dírithe ar chosc an truaillithe san fhoinse ar bhealach comhtháite, chun ardleibhéal cosanta comhshaoil a ghnóthú i gcás gníomhaíochtaí tionsclaíocha ar scála mór. Dá bhrí sin, tá sé d’acmhainn aige brí nithiúil a thabhairt don uaillmhian féin-dhearbhaithe maidir le an truailliú nialasach, agus cuirfidh sé feabhas ar chúrsaí sláinte chomh maith. Is tástáil é an t-athbhreithniú a rinne lucht déanta cinntí an Aontais chun a léiriú go bhfuil siad macánta faoi uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur i bhfeidhm le forálacha sonracha.

2.2.

Cuireadh tús leis an meastóireacht faoin gComhaontú Glas don Eoraip. Tá tuairimí éagsúla ann i measc ionadaithe ó chomhlachais trádála áirithe de chuid oibreoirí tionsclaíocha agus ionadaithe eile ón tsochaí shibhialta, agus laistigh de ghrúpaí páirtithe leasmhara an tionscail lena mbaineann freisin.

2.3.

Tá athbhreithniú déanta ar an togra athbhreithnithe IED, mar aon leis an athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 (2) lena mbunaítear an Clár Eorpach um Scaoileadh agus Aistriú Truailleán (PRTR Eorpach). Is leis an Rialachán seo a chuirtear Prótacal UNECE Kyiv PRTR ó 2006 chun feidhme (3).

2.4.

Forléargas ginearálta ar an togra athbhreithnithe maidir le IED: is éard is aidhm dhearbhaithe don Choimisiún Eorpach (CE) “an reachtaíocht a thiontú ina creat a mbeidh súil aici ar an todhchaí agus í oiriúnach don athchóiriú tionsclaíoch atá ag teastáil le haghaidh an aistrithe ghlais”. Seo a leanas na blocanna tógála atá faoi: 1. éifeachtacht fheabhsaithe; 2. an nuálaíocht; 3. acmhainní agus ceimicí; 4. an dícharbónú. Braitheann cur chun feidhme na mbloc tógála sin go díreach ar raon feidhme IED, rud a leagtar amach in Iarscríbhinn I, rud a bhféadfaí a mheas gurb é an cúigiú bloc tógála é.

2.5.

Forléargas ginearálta ar an togra athbhreithnithe maidir le PRTR Eorpach: is éard is sprioc don togra athbhreithnithe maidir le PRTR Eorpach ar thuairisciú faisnéise comhshaoil ó shuiteálacha tionsclaíocha, togra lena mbunaítear Tairseach Astaíochtaí Tionsclaíoch, comhtháthú na sruthanna tuairiscithe a fheabhsú trí bhíthin bunachar ar líne (Tairseach Astaíochtaí Tionsclaíoch na Gníomhaireachtaí Eorpaí Comhshaoil ar líne (4)). Is é aidhm atá ann 90 % ar a laghad den fhaisnéis eisiúna a chumhdach. Níl aon athrú tagtha ar liosta na substaintí truaillithe agus ar na tairseacha maidir leis an scaoileadh.

3.   Barúlacha ginearálta maidir le IED

3.1.

Is iad na príomhionchais ón tsochaí shibhialta (5) cosaint na haeráide a bhaint amach trí “cur chuige comhcheangailte” (ordú agus rialú agus ETS), athdhearadh ar a raon feidhme, táscairí feidhmíochta chun an claochlú a threorú, solúbthacht agus uaillmhian níos treise maidir le ceadanna a shrianadh agus próiseas réamhbhreathnaitheach cinnteoireachta BAT lena dtabharfaí tús áite do leas an phobail.

3.2.

Ó thaobh na dtionscal de, tá níos mó éagsúlachta ann.

3.2.1

Maidir leis an cúigiú sprioc thrasnach, áfach, sprioc dá dtagraítear i bpointe/mír 2.4 thuas, tá ceann de na príomh-chomhpháirteanna in easnamh, is é sin an gá atá le fuinneamh in-athnuaite breise thar an éifeachtúlacht fuinnimh féin.

3.2.2

Tá gá le hanailís chomparáideach chun an iliomad neamh-chomhchuibhithe a sheachaint (2 go 4) sa reachtaíocht a bhaineann leis na hastaíochtaí céanna, rud a d’fhéadfadh a bheith ina dhíol mearbhaill. Mar shampla, ó thaobh na n-iompróirí fuinnimh de, dealraíonn sé go bhfuil ETS níos spreagúla ná na rialuithe comhuaineacha eile.

3.2.3

Ba cheart an próiseas eisiúna ceadanna a chuíchóiriú, a threisiú agus a shimpliú. Tá gá le forbairt acmhainní na n-údarás agus ullmhú an phróisis ab fhearr chun an nós imeachta a dhéanamh tapa éifeachtúil. Tá súil leis go mbeidh an togra le haghaidh achoimre ar chead ina chúnamh chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin.

3.2.4

Tá gá le cothromaíocht mhionchoigeartaithe idir smachtbhannaí (inspreagadh diúltach) agus dreasachtaí, i bhfabhar an dara ceann, chun torthaí a chosc/laghdú ar thruailliú a bhaint amach níos túisce.

3.3.

Is díol sásaimh do chomhlachais ionadaíocha na n-oibrithe an togra a bheith ann; tá na hoibrithe tiomanta d’aistriú glas na dtionscal, agus meabhraíonn siad nach dúshlán teicneolaíoch atá ann ach dúshlán sóisialta. Ní mór an cúram cuí a chur ar fáil ionas go mbainfidh an pobal agus oibrithe i gcoitinne tairbhe as iarrachtaí níos leithne chun truailliú a chosc, iarrachtaí a bhfuil gá leo chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur ar bun, iarrachtaí a bheidh iomlán comhsheasmhach le haistriú cóir. Dar le comhlachais na n-oibrithe go dtacaíonn rialacha níos déine maidir le cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine leis an lucht saothair agus le poist ardcháilíochta a bheith ag teacht chun cinn nuair a thagann an tionscal féin in inmhe a inbhuanaithe. Tá samplaí maithe ann, an t-aistriú ón gCruach Glas sa tSualainn, cuir i gcás. Caighdeáin atá níos déine i leith an truaillithe, is caighdeáin iad a dtig leo infheistíochtaí a mhealladh chun bonneagar tionscail an Aontais a chur in oiriúint d’uaillmhian an truaillithe nialasaigh. Tacaíonn comhlachas na n-oibrithe le dlús a chur le hiarrachtaí ionadú a dhéanamh ar shubstaintí guaiseacha contúirteacha a tháirgtear agus a úsáidtear i ngníomhaíochtaí tionsclaíocha, agus dá réir sin tacaíonn siad le trédhearcacht fheabhsaithe agus le rochtain níos fusa ar fhaisnéis i leith chóras bainistithe na gceimiceán.

4.   Barúlacha sonracha maidir leis an athbhreithniú ar IED

4.1.   Bloc tógála 1: glacadh BAT a bheith níos déine le linn an cheadaithe

4.1.1

Aithnítear ar cheann de theipeanna móra an togra go bhfuil formhór na gcoinníollacha ceada ag teacht leis na leibhéil truaillithe is scaoilte a cheadaítear faoi na BAT-AE(P)Lanna ábhartha (na leibhéil astaíochtaí ghaolmhara) (Airteagal 15(3)). Mar réamhshocrú nua in Airteagal 15(3) leasaithe, is é an socrú a mholtar do na scríbhneoirí a dhéanamh na luachanna teorantacha astaíochtaí is srianta atá comhsheasmhach leis na hastaíochtaí is ísle is féidir a ghnóthú, agus chuige sin BAT a chur i bhfeidhm sa tsuiteáil. Measann CESE gur díol sásaimh é an soiléiriú sin agus gur soiléiriú é atá comhsheasmhach le IED chun truailliú a chosc ag an bhfoinse. Le linn an cheadaithe, ní mór raon feidhme agus imlíne chruinn na teicneolaíochta a chur san áireamh chun an chomparáid BAT-ábhartha a úsáid.

4.1.2

Tagairt don raon “dian” atá indéanta go teicniúil sa mhír dheireanach, sin rud a bheadh comhsheasmhach go hinmheánach agus bheadh sé níos ailínithe leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

4.1.3

Ligeann an togra don oibreoir anailís a dhéanamh ar indéantacht an sprioc is déine a aimsiú sna leibhéil astaíochtaí a ghabhann le BAT (BAT-AEL) agus an fheidhmíocht is fearr is féidir leis an tsuiteáil a léiriú trí BAT a chur i bhfeidhm mar a thuairiscítear i gconclúidí BAT. Tá gá le soiléirithe maidir leis an bhforáil seo (féach moltaí).

Foráil mhaoluithe (Airteagal 15(4))

4.1.4

Leis an tagairt do thoirmeasc a chur ar aon mhaolú i gcás a d’fhéadfadh comhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil a chur i mbaol, aistrítear an cur chuige réamhchúraim agus coisctheach go foclaíocht dhlíthiúil atá níos soiléire, agus dá bhrí sin is ag tacú leis atáthar, agus is ag tacú le ceanglais faireacháin bhreise atáthar freisin chun tionchar ar an timpeallacht ghlactha a thomhas.

Modh soiléirithe maidir le conas measúnuithe costais-sochair a dhéanamh

4.1.5

Is in Iarscríbhinn II nua a mholtar modh an mheasúnaithe costais agus sochair (CBA) mar chuid de phrionsabail nua a bheidh le comhlíonadh nuair atá maoluithe á ndeonú. Ba cheart sochair sláinte agus sochair cosanta na haeráide a áireamh ar na sochair chomhshaoil, ní hé an modh damáiste agus costas ba cheart a úsáid ach na modhanna is cosantaí e.g. modh Luach Staidrimh EEA a oiriúnaíodh do leibhéil praghsanna ECFE/SAM, bunaithe ar thuarascáil EEA (Tuarascáil ETC/ATNI 04/2020) (6).

4.1.6

Ba cheart an modh feabhsaithe CBA a úsáid freisin chun leibhéil na smachtbhannaí agus an chúitimh a shocrú, agus is é ba cheart a úsáid freisin le cinneadh cad is rud “inmharthana ar bhonn eacnamaíoch” ann i gcomhthéacs chinneadh BAT. Dá gcuirfí an modh sin i bhfeidhm chun inmheánú córasach a dhéanamh ar na costais sheachtracha, d’fhéadfaí acmhainní breise a ghiniúint, acmhainní a d’fhéadfaí a ath-leithdháileadh chun glacadh teicnící ceannródaíocha atá ag teacht chun cinn.

An bhaint le sceitheadh uisce

4.1.7

Na ceanglais maidir le coibhéis na leibhéal cosanta a bhaint amach i gcás sceitheadh indíreach fuíolluisce, is ceanglais iad a tugadh chun doichte (Airteagal 15(1)). Formhór na bpáirtithe leasmhara, eadhon an tsochaí shibhialta agus tionscal an tsoláthair uisce, tá siad i bhfabhar na n-athruithe a rinneadh ar an togra nua, ós rud é go gcuireann sé coinníollachtaí leis na coinníollacha faoina bhféadfadh an sceitheadh indíreach tarlú. Is dearfach an rud béim a bheith ar choibhéis ualach an truaillithe, agus is dearfach an rud gurb amhlaidh atá gan dochar d’Airteagal 18 (comhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil) i ngach cás. D’fhéadfaí foclaíocht níos neamhbhailbhe a úsáid chun caolú a thoirmeasc, agus ba cheart cur chuige “nialasach” a shocrú le haghaidh liosta truailleán athchailcreach i gcomhréir leis an oibleagáid neamh-mheatha a bhfuil feidhm aici i gcomhthéacs chosaint an uisce.

4.1.8

D’fhéadfadh breisluach ní ba mhó a bheith leis an bhforáil dá socrófaí é ag pointe scaoilte bith-dhíghrádaitheachta/spriocluach bith-dhíghrádaitheachta a bheadh le gnóthú.

An tsolúbthacht a shrianadh trí nuashonrú a dhéanamh ar líontán sábhála an Aontais

4.1.9

Dá mba é ceanglas a bhí ann gan ligean ach do na Gléasraí Móra Dócháin gan dul thar raon caighdeánach an BAT-AEL, gléasraí dar lón tine an lignít, d’fhéadfaí ualach bliantúil damáiste don tsláinte luach EUR 42,2 billiún ar a laghad a sheachaint. Ós rud é gur ar shonraí astaíochtaí 2000-2001 atá íoscheanglais cheangailteacha Iarscríbhinn V bunaithe, creideann CESE gur cheart luachanna teorann astaíochtaí Iarscríbhinn V a leasú, sin agus na forálacha sa chóras comhlíonta, lena n-ailíniú leis na leibhéil astaíochtaí a ghabhann le BAT agus leis na leibhéil ghaolmhara a ghabhann le AELanna caighdeánacha atá ann le haghaidh LCPanna dóite guail/ligníte an 2017 LCP BREF3 athbhreithnithe. Níl aon údar luaite sa togra faoin bhfáth nár athbhreithníodh líontán sábháilteachta AE, líontán atá as dáta.

Easnaimh eile a dhéanann difear diúltach d’éifeachtacht spriocanna IED

4.1.10

Ba cheart bearta níos soiléire a shonrú i dtéacs dlíthiúil Airteagal 18 EQS (e.g. oibriú laghdaithe), bearta a bhfuil oibleagáid leo atá bunaithe ar thorthaí, d’fhonn a áirithiú go mbeidh oibleagáid ar an údarás inniúil bearta réamhghabhálacha a ghlacadh (e.g. “maolán sábháilteachta” na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil), nasc sainráite in Airtegal 21(5) le cláir náisiúnta um rialú ar thruailliú aeir, pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus treoirlínte EDS (7) maidir le cáilíocht an aeir, agus ba cheart Airteagal 3(6) a leasú dá réir.

Faisnéis atreisithe maidir le feidhmíocht chothrom na hiomaíochta agus maidir le comhlíonadh a chur chun cinn

4.1.11

Lig an togra an deis uaidh chun foráil a dhéanamh maidir le húsáid níos éifeachtaí a bhaint as faisnéis feidhmíochta atá á ghiniúint cheana laistigh den tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh (Airteagal 14(1) de IED), foirm chomhchuibhithe ionchuir maidir le hoibleagáid tuairiscithe lenar féidir an fhaisnéis sin a asbhaint go huathoibríoch laistigh de Thairseach LEE, rud a chuirfeadh feabhas suntasach ar an rochtain ar an bpríomhfhaisnéis feidhmíochta.

4.1.12

Creideann CESE gur cheart forálacha maidir le comhlíonadh a chur chun cinn a leagan síos feasta, ina measc sin íosmhinicíochtaí calabraithe chun faireachán a dhéanamh ar ghléasanna, sin agus leibhéil neamhchinnteachta a thomhas ionas nach rachaidh siad tharastu, agus iad a bheith ailínithe leis an úrscothacht.

Cearta atreisithe Aarhus

4.1.13

Tá feabhsuithe déanta ar roinnt gnéithe a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail agus an rochtain ar cheartas, rud eile a raibh Cás Coiste um Chomhlíonadh Aarhus ina spreagadh dó (8). Is le leigheasanna éifeachtacha agus leis an rochtain ar chúirteanna a bhaineann na ráthaíochtaí nua faoi Airteagal 25, agus is díol sásaimh iad a bheith ann. Creideann CESE, áfach, gur cheart foráil Airteagal 25 a leasú le gníomhartha nó misin a rinneadh faoi IED a áireamh ann, ní hionann agus gan ach na gníomhartha nó na misin a bhaineann le hAirteagal 24 a bheith san áireamh ann. Ina theannta sin, ba cheart imscrúdú córasach cúramach a dhéanamh má tá na héilimh ar fhaisnéis rúnda gnó i gcomhréir le creat ábhartha Aarhus, agus a mhéid atá sin amhlaidh.

4.2.   Bloc tógála 2: “Tacú leis an nuálaíocht”

4.2.1

Measann CESE nach bhfuil uirlisí soiléire ná dreasachtaí soiléire sa togra chun “nuálaíocht” ar fónamh a chothú. Ar an gcéad dul síos, mar gheall ar easpa príomhtháscairí feidhmíochta (KPIanna), agus ar easpa spriocanna atá dírithe ar thorthaí, ní léir cén nuálaíocht atá le tabhairt i gcrích. Tá roinnt forálacha ann a chuirfeadh tús le glacadh “Teicnící atá ag Teacht Chun Cinn” (ET). Mar sin féin, na critéir chun measúnaithe ar cad is teicníc ann atá ag teacht chun cinn, is critéir iad atá bunaithe ar na leibhéil ullmhachta teicneolaíochta agus orthu sin amháin.

4.2.2

Ní beag is dóigh le CESE go bhfuil spriocdháta 2050 le haghaidh an “aistriú” ag teacht salach ar spriocanna an Aontais maidir le truailliú astaíochtaí agus laghdú astaíochtaí, sin agus ar na srianta atá ann de bharr na dteorainneacha pláinéadacha. Is de phróiseas atá bunaithe ar an eolaíocht ba cheart clocha mílte agus KPIanna a shainiú feasta, agus ba cheart ENRanna agus geallsealbhóirí ábhartha eile a áireamh iontu go sainráite.

4.2.3

Ba cheart ról foirmiúil a thabhairt do pháirtithe leasmhara eile i bhforbairt na bpleananna claochlaithe, sin agus i malartú faisnéise BREF AE. Liosta na bpáirtithe leasmhara a luaitear i bhforáil an Lárionaid Nuálaíochta um Chlaochlú agus Astaíochtaí Tionsclaíocha (INCITE), lena n-áirítear EEA, is oiriúnaí an liosta oiriúnaí atá ann. Ba cheart grúpaí leasmhara éagsúla a spreagadh ionas gur chothroime an rannpháirtíocht a bheadh ann, agus ba cheart ENRanna sa saol acadúil agus ENRanna eile i réimse chosaint na sláinte a thabhairt san áireamh más féidir.

4.2.4

Measann CESE gur cheart príomhtháscairí feidhmíochta ag a bhfuil spriocanna gníomhaíochta atá faoi cheangal ama a fhorbairt agus measann sé go bhféadfaí iad a chur le hIarscríbhinn III a ghabhann le IED, mar shampla, iarscríbhinn a bhaineann leis na critéir maidir le cinneadh BAT. D’fhéadfaí na príomhtháscairí feidhmíochta sin a úsáid chun athbhreithniú ar BREF agus chun an próiseas don phlean claochlaithe a threorú. Ba cheart an t-athbhreithniú sin a dhéanamh de phróiseas tráthúil a bheadh deartha go maith, próiseas ina mbeadh clocha míle a d’fhéadfaí a phleanáil roimh ré, chun foráil a dhéanamh do na táscairí luatha agus don tacaíocht phleanála chuí.

4.2.5

Tá CESE á mholadh go socrófaí prionsabail íosta, lena n-áiritheofar tús áite a thabhairt do chosc an truaillithe ar laghdú an truaillithe, agus scagthástáil comhoiriúnachta a bheith ann féachaint an bhfuil teicnící sainaitheanta (atá ag teacht chun cinn) comhoiriúnach leis an acquis agus leis na spriocanna a leagtar síos i leith an truaillithe nialasaigh.

4.3.   Bloc tógála 3: Acmhainní agus Ceimicí

4.3.1

Airteagal 15(3)(a) lena gceanglaítear go mbeidh Luachanna na dTeorainneacha Feidhmíochta Comhshaoil laistigh de na leibhéil astaíochtaí a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) agus leibhéil feidhmíochta comhshaoil eile (BAT-AEPLanna), is Airteagal é nach bhfuil comhsheasmhach a dhóthain le ceangal a chur ar oibreoirí BAT a chur i bhfeidhm, agus ba cheart go mbeadh sé ag freagairt do leibhéal docht raonta BAT-AEPL a bhaineann le caighdeáin “gléasra nua”, i gcás ina ndéantar difreáil i gConclúid BAT-Chonclúid chomhfhreagrach. Is díol sásaimh do CESE ról níos láidre a bheith ag BAT i ndáil le húsáid acmhainní; ní hamháin gurb iad leas an chomhshaoil iad agus leas shláinte an duine, ach cuireann siad cás gnó ar fáil d’oibreoirí chomh maith.

4.3.2

Tá béim ag comhlachais ionadaíocha na n-oibrithe agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha freisin ar na buntáistí a bhaineann le substaintí guaiseacha agus contúirteacha a ionadú agus a chosc, rud a fhágann, i ndeireadh na dála, gur lú cásanna a bheidh ann de ghalair a tholgtar de bharr na hoibre (an ailse, mar shampla, an galar is minice is cúis leis an mbás i saol na oibre). Tá CESE á chur i bhfios gur fearr an rochtain a bheadh ann, agus gur fearr an léirmhíniú ar fhaisnéis feidhmíochta a bheadh ann, ach comhtháthú díreach a bheith i dTairseach na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil.

4.4.   Bloc tógála 4: Tacú leis an dícharbónú

4.4.1

Tá sé de laige sa togra seo nach n-éireodh leis IED a chur in oiriúint do chosaint na haeráide. Measann CESE go bhfuil tábhacht le cosaint na haeráide. Tacaíonn CESE go láidir le cur chuige comhcheangailte agus le comhsheasmhacht na mbeartas ionas go mbeidh tairbhí eile ann go hindíreach.

4.4.2

Mhol an tsochaí shibhialta na forálacha seo a leanas a leagan síos i dtéacs IED: ba cheart an “neodracht aeráide” a chur leis ina critéar breise BAT; Airteagal 9(1) a scrios; socraítear na bearta dícharbónaithe freisin laistigh de na Pleananna Aistrithe e.g. 100gCO2eq/kWh ón 1 Eanáir 2035 amach, agus 0gCO2eq/kWh faoi 2040 ar a dheireanaí. An leictriú éigeantach agus na ceanglais i leith malairt bhreosla.

4.4.3

Is dearcadh eile atá ag lucht tionscail, agus ina ionad sin, is é an cur chuige cás ar chás ghlacfadh sé, go dtí go mbeadh éifeachtaí féideartha ag an Treoir neartaithe maidir le EU-ETS. B’fhearr leosan moladh an Choimisiúin Eorpaigh agus an t-athbhreithniú a chur siar go dtí lár 2028. Is é an phríomhargóint atá ann go bhfuil córas EU-ETS níos solúbtha d’oibreoirí chun cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu bearta dá gcuid beart féin atá éifeachtúil ó thaobh costais de lena gcur chun feidhme.

4.5.   Athdhearadh/leathnú an raoin feidhme (pointí earnála)

Dianghníomhaíochtaí beostoic (cuimsiú an eallaigh, tairseacha leasaithe éanlaithe agus muc)

4.5.1

Mhol an Coimisiún roinnt athruithe maidir le tógáil beostoic ar scála tionsclaíoch bunaithe ar Aonaid Beostoic (LSU) (9). Tá an Coimisiún ag súil le EUR 5,5 billiún in aghaidh na bliana ina shochar sláinte, agus meastar go mbeidh costas comhlíontachta luach EUR 265 milliún nó mar sin ag gabháil leis sin.

4.5.2

Baineann na príomhathruithe leis an gcóras ceadaithe, agus moltar córas ceadaithe “éadrom” i gCaibidil VIa nua. I gcás CESE, ní léir cé mar a dhéanfar an truailliú a laghdú mura bhfuil i gceist ach an scóip atá ann a leathnú. Na bearta atá le cur chun feidhme trí “rialacha oibriúcháin” (Airteagal 70i), níor sainíodh iad fós, agus is amhlaidh a bheidís faoi réir ghníomh tarmligthe na Comhairle Eorpaí. Is cosúil gurb é 2030 spriocdháta an chomhlíonta más ea.

4.5.3

Is éard is mó is ábhar imní don tsochaí shibhialta go bhfuil an baol ann go n-úsáidfeadh na Ballstáit córas clárúcháin atá ag teacht salach ar shocrú na gceanglas i nósanna imeachta ceada cás ar chás (e.g. stádas na timpeallachta glactha, go háirithe i gcás níotráití agus leathadh aoiligh). Is céim siar a bheadh ansin do ghníomhaíochtaí Roinn 6.6 (muca agus éineoil) atá á rialáil ag IED faoi láthair. Is éard atá ag teastáil nasc simplí leis na caighdeáin cháilíochta chomhshaoil agus acmhainn ghlactha na talún a chomhlíonadh. Ba cheart truailliú ón dobharshaothrú a bheith á chumhdach freisin. Ar deireadh, is doiléir an fhoclaíocht atá i gCaibidil (Airteagal 70f) maidir le tábhacht na saincheisteanna.

4.5.4

Seo a leanas an seasamh atá ag na heagraíochtaí ionadaíocha. Is cosúil go bhfuil sé róluath le tógáil stoic a chur san áireamh fós: ní féidir na luachanna scaradh aoiligh ábhartha a choigeartú, ach is ar bhun an chineáil bia a thugtar do na hainmhithe a fhéachtar lena meas; na meastúcháin chothroma atá ann, taispeánann siad raon is mó ná +/– 100 % timpeall ar an meán. Is leithne fós an raon sin áit a mbíonn na hainmhithe ar innilt, mar sa chás sin is amhlaidh a scaipeann na hastaíochtaí; níl aon staidéar anailíseach JRC ar fáil ná níl a leithéid ar na liostaí; na hoibreoirí a bheith ar easpa eolais agus ar ghannchuid acmhainní i dtiomsú, i soláthar, agus i dtuairisciú faisnéise den sórt sin.

4.5.5

Is é is cuspóir do IED ardleibhéal foriomlán cosanta comhshaoil a ghnóthú le haghaidh suiteálacha tionsclaíocha ar an scála mór-. Fágann an togra ón gCoimisiún go mbeidh feirmeacha ag a bhfuil stoc ainmhithe de 150 aonad beostoic nó níos mó (mar “thairseach”) cumhdaithe ag forálacha IED beag beann ar an teicneolaíocht tógála a úsáidtear. Go praiticiúil, ciallaíonn sin go mbeidh feirmeacha teaghlaigh go leor faoi raon feidhme na Treorach, agus dá bhrí sin beidh siad faoi réir na rialacha céanna le suiteálacha móra tionsclaíocha eile (e.g. táirgeadh stroighne nó cruach). Ionas go gcuirfear an Treoir chun feidhme ar bhealach comhréireach costéifeachtach, tá CESE á mholadh go láidir an tairseach a ardú i gcás gabháltais beostoic, ardú a bheadh bunaithe ar mheasúnú tionchair leordhóthanach nua ar theicneolaíochtaí tógála.

4.5.6

Measann CESE gur cheart soiléiriú a thabhairt maidir le hábhar na rialacha oibríochta (70i), eadhon na rialacha is éifeachtaí chun na haidhmeanna sonraithe a bhaineann le cosc ar thruailliú a bhaint amach, agus iad sin a bheith comhréireach do na hoibreoirí san am céanna. Tá difreáil ann i dtaobh na hainmhithe a bheith á mbeathú faoi dhíon cuid den bhliain nó ar feadh na bliana ar fad, agus i dtaobh cén cineál beart ba cheart a dhéanamh chun aoileach a bhainistiú. Molann CESE tuilleadh dreasachtaí d’fheirmeacha tógála stoic a léiríonn an dea-chleachtas comhshaoil, más feirmeacha saor-raoin iad, go háirithe an fheirmeoireacht orgánach agus cleachtais feirmeoireachta eile lena n-urramaítear leas na n-ainmhithe; b’fhearr na feirmeacha sin a bheith in oiriúint do phórtha áitiúla agus do phórtha neamhchoitianta más féidir. Leis an gcreat nua, ba cheart cleachtais inbhuanaithe a chur chun cinn agus níor cheart optamú a dhéanamh ar na modhanna diantógála beostoic e.g. ba cheart tuilleadh rialuithe a dhéanamh ar an aer i gceann an phíobáin. Tá moltaí úsáideacha maidir le tagarmharcanna barr feabhais i ndoiciméad EMAS 2018 maidir leis an doiciméad tagartha earnála i leith na gcleachtas bainistíochta comhshaoil ab fhearr in earnáil na talmhaíochta (10), moltaí a bheadh ina mbunús ar fónamh chun na caighdeáin sin a shainiú.

4.5.7

Maidir leis an dobharshaothrú, is éiceachóras casta atá ann, éiceachorás a chuireann astaíochta uaidh is fíor, ach éiceachorás a bhfuil sochar agus tairbhe sineirgeach ann don chomhshaol chomh maith: micrea-aeráid, rialú teochta, cáilíocht an aeir, uisce na dtithe, gabháil carbóin, bithéagsúlacht etc. Dá bhrí, ní féidir astaíochtaí a mheas astu féin gan tagairt do rudaí eile. Níl mionstaidéar anailíseach ar bith ar an Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC)-ar fáil, fiú ar liosta doiciméad tagartha BAT. Teastaíonn sainmhíniú an-bheacht ar leaganacha BAT de bharr líon ard na dteicneolaíochtaí atá ann cheana a bhfuil cuid acu neodrach ó thaobh na haeráide de.

Gníomhaíochtaí mianadóireachta mianraí

4.5.8

Tá an Coimisiún Eorpach á mholadh go n-áireofaí roinnt cineálacha gníomhaíochtaí mianadóireachta mianraí agus miotalacha sa raon feidhme. Tacaíonn CESE leis sin toisc go bhféadfadh sé tionchar suntasach a imirt ar an gcomhshaol, toisc go gcothaíonn sé aimsiú slán éiceolaíoch na n-acmhainní atá le baint as an talamh ar an mbealach is éifeachtúla, agus toisc dá bhrí sin go bhfeabhsódh sé an glacadh atá ag an bpobal leis. Is dóigh go mbeidh méadú mór ag teacht ar an éileamh ar mhianraí criticiúla san Aontas, rud a chiallaíonn go mbeidh brú breise ar ghníomhaíochtaí nua mianadóireachta. I bhformhór na gcásanna, is ar an leibhéal náisiúnta atá na gníomhaíochtaí sin á rialú cheana, agus thacódh cur chuige AE leis an gcothrom iomaíochta.

Monarú na gCadhnraí Giga-Watt in aghaidh na huaire a chur san áireamh

4.5.9

Moltar sa togra ón gCoimisiún monarú cadhnraí ian-litiam a chur faoi raon feidhme IED nuair atá ceallraí/pacáistí á gcur le chéile, ceallraí ar mó ná 3,5 GWh in aghaidh na bliana an acmhainn táirgeachta atá iontu. Is mar gheall ar thorthaí atá ag teacht chun cinn atá CESE ag tacú leis sin, torthaí a thugann le fios go bhféadfadh na gníomhaíochtaí sin tionchar mór a imirt ar an gcomhshaol, go háirithe ar ídiú an uisce agus ar úsáid na miotal guaiseach. Mar gheall ar leictriú an iompair agus leictriú na bhfeidhmchlár eile, is earnáil í seo atá ag fás léi go tapa. Ní léir, áfach, cén fáth ar íslíodh an tairseach acmhainne 2,5 GWh ag an nóiméad deiridh sa chéad togra.

Líonadh talún

4.5.10

Is éard a mholann an Coimisiún Eorpach na ceanglais a bhaineann le líonadh na talún a neartú, agus dá bhrí sin ní leathnú ar an raon feidhme atá i gceist. Dá mbeadh BAT ann maidir le líonadh na talún, bheadh feabhas ar an tionchar a bhíonn aige ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, go háirithe ó thaobh astaíochtaí meatáin a chosc / a ghabháil. Is in 1999 a foilsíodh an Treoir um Líonadh Talún (11), rud atá i gcontráthacht leis an méid a luaitear sa Treoir féin, is é sin nach bhfuil aon chaighdeán BAT ann maidir le líonadh na talún. Deirtear go sainráite (i roinn 5.3) freisin go bhfuil gníomhaíochtaí cóireála anaeróbaigh cumhdaithe ag an gcóireáil bhitheolaíocha. Tacaíonn CESE leis an dá shoiléiriú sin.

5.   Barúlacha ginearálta maidir leis an athbhreithniú ar PRTR Eorpach)

5.1.

Ní mór do PRTRanna 3 chuspóir idirnasctha ar a laghad a chur chun feidhme, faoi mar a shonraítear in Airteagal 1 de Phrótacal PRTR Chív (féach Pointe 1.19).

5.2.

Measann CESE gur rud ríthábhachtach tairseacha sonraí comhtháite a bheith ann, tairseacha atá nua-aimseartha soláimhsithe, ionas gur cinnte go ndéanfar rianú ar an dul chun cinn sa chosc ar thruailliú agus sa chuntasacht phoiblí. Cé gur díol sásaimh do CESE roinnt de na forálacha nua seo a bheith ann, an tuairisciú córasach ar ionchuir, cuir i gcás (tomhaltas, ábhair, tionchair ar shlabhra an tsoláthair), sin agus faisnéis a chur i gcomhthéacs, an tuairisciú ar astaíochtaí idirleata, uas-éascacht don úsáideoir, mar aon le comhtháthú na sruthanna tuairiscithe éagsúla, is tromchúiseach an t-ábhar imní atá ann maidir leis na ceanglais is sonraí i.e. conas tagarmharcáil agus cur chun cinn an chomhlíonta a chumasú.

6.   Barúlacha sonracha (athbhreithniú PRTR Eorpach)

6.1.

Níl CESE cinnte gurb é an bealach cuí le dul chun cinn a dhéanamh moill a chur ar liostú na dtruailleán is ábhar imní.

6.2.

Measann CESE gur dlisteanach is suim leis na saoránaigh faisnéis úsáideach a fháil faoin lorg a fhágann táirgí ar an gcomhshaol.

6.3.

Dearbhaíonn an Coimisiún Eorpach go bhfuil sé d’aidhm aige 90 % ar a laghad de scaoileadh gach truailleáin a bhaint as an aer, as an uisce agus as an talamh, lena n-áirítear tairseacha nialasacha i gcás substaintí a bhfuil guais an-ard iontu don chomhshaol nó do shláinte an duine.

6.4.

Má bhíonn ar na húdaráis inniúla cloí leis na tairseacha tuairiscithe, is amhlaidh a mhéadóidh an t-ualach riaracháin atá orthu: ba cheart sonraí faireacháin a úsáid nuair is ann dóibh, agus dá bhrí sin ba cheart iad a thuairisciú. Bunaithe ar an méid thuas, is ag easaontú leis na tairseacha tuairiscithe atá CESE.

6.5.

Measann CESE gur féidir feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht an tuairiscithe. Ba cheart go bhféadfadh na hoibreoirí tuairisc na faisnéise faireacháin a chur ar Thairseach na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil go díreach; a bhformhór sin is ar chórais fhaireachán leanúnach na n-astaíochtaí (CEM) atá siad bunaithe. I mBallstát go leor, sin agus sa tSín agus sna Stáit Aontaithe freisin, cuirtear sonraí loma CEM ar fáil go díreach don phobal a thúisce a bhíonn siad ann (nó laistigh de mhí) sa bhunachar sonraí láraithe. Níl an ghné seo á tairiscint ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil fós. Dar le CESE go mbainfí cuid den ualach riaracháin agus den ualach measúnaithe comhlíonta de na húdaráis inniúla ach cur ar a gcumas do na hoibreoirí tuairisciú go díreach chuig EEA, rud a d’fhágfadh san am céanna gur thúisce a bheadh rochtain ag úsáideoirí deiridh éagsúla ar an bhfaisnéis. D’fhágfaí freagracht an bhailíochtaithe agus freagracht an fhorfheidhmithe faoin údarás inniúil trí bhíthin cearta speisialta rochtana; d’fhéadfaí nod a chur leis na hiontrálacha maidir leis an stádas atá acu (bailíochtú fós le déanamh/arna bhailíochtú).

An Bhruiséil, an 14 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO L 334, 17.12.2010, lch. 17.

(2)  IO L 33, 4.2.2006, lch. 1.

(3)  https://unece.org/environment-policy/public-participation/prtrs-protocol-text

(4)  https://industry.eea.europa.eu/

(5)  https://eeb.org/library/ngo-preliminary-assessment-of-the-european-commissions-proposal-for-revised-ied-and-e-prtr

(6)  https://www.eionet.europa.eu/etcs/etc-atni/products/etc-atni-reports/etc-atni-report-04-2020-costs-of-air-pollution-from-european-industrial-facilities-200820132017

(7)  https://www.who.int/news-room/feature-stories/detail/what-are-the-who-air-quality-guidelines

(8)  ACCC/C/2014/121 EU: https://unece.org/acccc2014121-european-union.

(9)  Is ar Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 808/2014 ón gCoimisiún a bunaíodh tosca LSU.

(10)  IO L 145, 8.6.2018, lch. 1, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX:32018D0813

(11)  IO L 182, 16.7.1999, lch. 1, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A31999L0031


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/140


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus chuig Coiste na Réigiún – Slándáil an tsoláthair agus praghsanna fuinnimh inacmhainne: Roghanna maidir le bearta láithreacha agus ullmhúchán a dhéanamh don gheimhreadh seo chugainn

(COM(2022) 138 final)

(2022/C 443/20)

Rapóirtéir:

Alena MASTANTUONO

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

21.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

188/3/13

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Ní mór an Teachtaireacht atá idir lámha a mheas i gcomhthéacs foriomlán REPowerEU, arb é is príomhchuspóir dó imeacht ó bhreoslaí iontaise na Rúise. Is tromchúiseach an cás atá ann faoi láthair agus tá freagairt nach bhfacthas a leithéid roimhe agus an leibhéal is airde dlúthpháirtíocht agus muinín i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ag teastáil chuige. Tá plean éifeachtúil de dhíth ar an Eoraip lena ndéanfaí foráil do chásanna éagsúla ganntanais fuinnimh, lena leagfaí amach an chaoi ar cheart dul i ngleic leis na cásanna sin le gníomhaíocht chomhpháirteach ó Bhallstáit an Aontais agus an bealach is éifeachtúla chun bonneagar fuinnimh a úsáid agus a fhorbairt tuilleadh. Tá gníomhaíochtaí comhpháirteacha ó na Ballstáit á moladh ag CESE chun freagairt don ghá atá le bonneagar cuí agus lena úsáid éifeachtúil.

1.2.

Dá laghdófaí spleáchas ar ghás na Rúise, bheadh tuilleadh neamhspleáchais ann agus bheadh gá chuige sin le húsáid níos mó a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil san Aontas, lena n-áirítear, i measc rudaí eile, tabhairt isteach pras foinsí in-athnuaite fuinnimh. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, na hacmhainní atá ar fáil dó agus an acmhainneacht atá aige cheana a úsáid a oiread is féidir chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas atá sa soláthar fuinnimh. Ní bheidh, áfach, fáil leordhóthanach ná éasca ar fhoinsí áitiúla agus beidh ar an Aontas, dá bhrí sin, comhpháirtíochtaí nua a bhunú le tíortha iontaofa. I ndáil leis sin, tá sé á chur in iúl ag CESE a thábhachtaí atá sé a choinneáil i gcuimhne go cúramach, agus comhpháirtíochtaí fuinnimh á mbunú le tríú tíortha, an tionchar atá ag an spleáchas ar thíortha nach dtagann leis an Aontas ar a chuid luachanna nó ar thíortha a bhfuil réimis i bhfeidhm iontu a bhfhéadfaí cur síos orthu mar réimis dhoicheallacha.

1.3.

Is é an gás is bunchúis leis na praghsanna arda leictreachais atá ann faoi láthair. Is é an t-aon réiteach gan locht atá ann táirgeadh agus úsáid foinsí in-athnuaite leictreachais a mhéadú go leibhéal a chomhlíonfadh an t-éileamh leictreachais.

1.4.

Cé go ndírítear sa Teachtaireacht ar bhearta gearrthéarmacha chun slándáil an tsoláthair agus praghsanna inacmhainne a áirithiú, ní mór iad a chur san áireamh i gcreat cuspóirí níos fadtéarmaí. Tá CESE den tuairim gur den ríthábhacht é cloí go buan agus go comhsheasmhach le bunchuspóirí uile córais fuinnimh inbhuanaithe, arb iad sin slándáil an tsoláthair, costais réasúnta agus praghsanna réasúnta, agus inbhuaine comhshaoil.

1.5.

Níl aon amhras ach gurb í tacaíocht dhíreach an rogha is réadúla mar bheart éigeandála. D’fhéadfadh sé a bheith ina chabhair do na Ballstáit ioncam méadaithe ó CBL agus ó cháin fuinnimh a úsáid chun na bearta sin a mhaoiniú. Maidir le haon bhearta tacaíochta atá dírithe ar an ngéarchéim a mhaolú, ba cheart iad a bheith sealadach agus dírithe go sonrach orthu siúd is mó atá thíos léi, cibé acu saoránaigh, FBManna nó tionscail dianfhuinnimh iad. Tá laigí sa Teachtaireacht, áfach, agus é á shonrú inti gur faoi na tomhaltóirí atá sé chomh maith iarracht shuntasach a dhéanamh chun tomhaltas gáis a laghdú. Mar sin, ní rogha inbhuanaithe é an cúiteamh nach dtiocfadh laghdú ar an tomhaltas gáis as.

1.6.

Sa chás seo, níor cheart bearta sealadacha spriocdhírithe a bheith ag teastáil ach sna Ballstáit sin a bhfuil na héifeachtaí is lú saobhadh acu ar mhargadh an Aontais, nó bearta ar leibhéal an Aontais nach gcuirfeadh iarrachtaí dícharbónaithe nó soláthar fuinnimh i mbaol. Ar an iomlán, tá baol ann go rachadh idirghabhálacha sa mhargadh i gcoinne cuspóirí níos fadtéarmaí trí éiginnteachtaí infheistíochta a chruthú agus trí dhícharbónú i dtionscal an fhuinnimh a dhíspreagadh. Tá CESE ar aon tuairim le conclúidí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), mar atá gur léiríodh gur margadh dea-fheidhmiúil é an margadh fuinnimh ó thaobh ciorrú leictreachais, nó fiú cliseadh leictreachais in áiteanna áirithe, a sheachaint.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tar éis don Chreimil a chinneadh stop a chur leis an ngás a sholáthar do roinnt tíortha san Eoraip, thug ceannairí Eorpacha faoi deara a thromhchúisí atá an cás, a bhfuil freagairt nach bhfacthas a leithéid roimhe agus an leibhéal is airde dlúthpháirtíocht agus muinín i measc Bhallstáit an Aontais ag teastáil chuige. Tá plean éifeachtúil de dhíth ar an Eoraip lena ndéanfaí foráil do chásanna éagsúla ganntanais fuinnimh, lena leagfaí amach an chaoi ar cheart dul i ngleic leis na cásanna sin le gníomhaíocht chomhpháirtíocht ó Bhallstáit an Aontais agus an bealach is éifeachtúla chun bonneagar fuinnimh a úsáid.

2.2.

Ní mór an Teachtaireacht atá idir lámha a mheas i gcomhthéacs foriomlán REPowerEU, arb é is príomhchuspóir dó imeacht ó bhreoslaí iontaise na Rúise. I ndáil leis sin, tá tagairt á déanamh ag CESE dá thuairimí roimhe seo (1) ina gcumhdaítear dearcthaí agus teachtaireachtaí maidir le bearta gearrthéarmacha agus fadtéarmacha araon chun freagairt do dhúsláin na faidhbe sin.

2.3.

Cé go ndírítear sa Teachtaireacht ar bhearta gearrthéarmacha chun slándáil an tsoláthair agus praghsanna inacmhainne a áirithiú, is gá iad sin a mheas i gcreat cuspóirí níos fadtéarmaí. Tá CESE den tuairim gur den ríthábhacht é cloí go buan agus go comhsheasmhach le bunchuspóirí uile córais fuinnimh inbhuanaithe, arb iad sin slándáil an tsoláthair, costais réasúnta agus praghsanna réasúnta, agus inbhuaine comhshaoil. Ní mór a thabhairt faoi deara go mbíonn níos mó ama ag teastáil chun roinnt mhaith beart, go háirithe infheistíochtaí móra, a chur i gcrích sa chleachtas agus go mb’fhéidir go mbeadh gá le bearta comhréitigh gearrthéarmacha chun teacht tríd an gcás éigeandála.

2.4.

In éagmais cur chuige cuimsitheach, tá baol mór ann go rachfaí i ngleic le gnéithe géara den ghéarchéim le bearta neamhleora nó, sa chás is measa, a théann i gcoinne na mbunchuspóirí. Ní mór é a bheith ina thosaíocht ghlan don Aontas Eorpach rochtain chothrom ar fhuinneamh ar phraghsanna inacmhainne agus slándáil an tsoláthair fuinnimh ar chostais réasúnta a áirithiú, agus, san am céanna, iarracht a dhéanamh aeráidneodracht a bhaint amach.

3.   Barúlacha sonracha – slándáil an tsoláthair gáis ar chostas réasúnta

3.1.

Moltar comhghníomhaíochtaí Eorpacha sa Teachtaireacht chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist an tsoláthair gáis. Ar na bearta atá molta, tá comhpháirtíochtaí AE a dhéanamh le tríú tíortha agus ceannachán comhchoiteann a éascú, chomh maith le comhbheartas stórála gáis a cheapadh.

3.2.

Dá laghdófaí spleáchas ar ghás na Rúise, bheadh tuilleadh neamhspleáchais ann agus bheadh gá chuige sin le húsáid níos mó a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil san Aontas, lena n-áirítear tabhairt isteach foinsí in-athnuaite fuinnimh. Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, na hacmhainní atá ar fáil dó agus an acmhainneacht atá aige cheana a úsáid a oiread is féidir chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas atá sa soláthar fuinnimh.

3.3.

Is ríshoiléir, áfach, nach mbeidh fáil leordhóthanach ná éasca ar fhoinsí áitiúla agus go mbeidh ar an Aontas, dá bhrí sin, comhpháirtíochtaí nua a bhunú le tríú tíortha. I ndáil leis sin, tá sé á chur in iúl ag CESE a thábhachtaí atá sé a choinneáil i gcuimhne go cúramach, agus comhpháirtíochtaí fuinnimh á mbunú le tríú tíortha, an tionchar atá ag an spleáchas ar thíortha nach dtagann leis an Aontas ar a chuid luachanna nó ar thíortha a bhfuil réimis i bhfeidhm iontu a bhfhéadfaí cur síos orthu mar réimis dhoicheallacha.

3.4.

Ag teacht leis an méid sin, ba cheart don Aontas mionanailís a dhéanamh ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le hallmhairiú hidrigine ó thríú tíortha agus féachaint le réitigh iomchuí a aimsiú laistigh den Aontas Eorpach.

3.5.

Tá ról lárnach i slándáil an tsoláthair fuinnimh ag críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe (GNL), saoráidí stórála gáis agus píblínte le haghaidh soláthair éagsúlaithe. D’fhonn na hacmhainní atá ar fáil san Aontas a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, beidh ar an Eoraip infheistíochtaí ollmhóra a dhéanamh i mbonneagar agus i dtaighde, forbairt agus nuálaíocht (TFN). Tá gníomhaíochtaí comhpháirteacha ó na Ballstáit á moladh ag CESE mar fhreagairt don ghá atá le bonneagar cuí agus lena úsáid éifeachtúil. Tá aird á tarraingt ag CESE ar thionscadail atá ar bun amhail an long críochfoirt GNL atá á comhléasú ag an bhFionlainn agus an Eastóin.

3.6.

Tacaíonn CESE go mór leis na rialacha nua maidir le stóráil gáis arna gcomhaontú go tapa ag comhreachtóirí na hEorpa. Cabhróidh saoráidí stórála gáis atá líonta go maith chun geimhreadh sábháilte a áirithiú (2022/2023), chun cosaint a thabhairt ar shuaitheadh praghsanna, chun muintir na hEorpa a chosaint ar an mbochtaineacht fuinnimh agus chun iomaíochas ghnólachtaí na hEorpa a dhaingniú.

3.7.

I gcomhréir lena Thuairim maidir le beartas stórála gáis an Aontais (2), creideann CESE gurb éard atá sa chomhar le tríú tíortha ná beart comhlántach le hinfheistíochtaí i mbonneagar nua, beart a chuirfidh le slándáil fuinnimh na hEorpa. Tá CESE ag áitiú ar an gComhairle agus ar an bParlaimint machnamh a dhéanamh ar úsáid a bhaint as saoráidí stórála gáis i dtíortha comharsanacha iontaofa, lena n-áirítear san Úcráin. Chabhródh an méid sin le soláthar slán a chinntiú.

4.   Barúlacha sonracha – aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda leictreachais

4.1.

Mar gheall ar an méadú tobann a tháinig ar phraghsanna fuinnimh i ndiaidh na paindéime, praghsanna atá ag dul in olcas fós de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin, tá raon leathan tomhaltóirí thíos leis agus tá an bhochtaineacht fuinnimh ag dul i méid ar fud na hEorpa. Iad siúd a raibh an bhochtaineacht fuinnimh ag bagairt orthu cheana féin, tá siad níos measa as anois, agus na tomhaltóirí nach raibh fadhb acu a gcuid billí fuinnimh a íoc roimhe seo, tá siadsan i mbaol na bochtaineachta.

4.2.

Tá roinnt tionscnamh foilsithe ag an gCoimisiún cheana féin chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh agus a dtionchair, lena n-áirítear an bosca uirlisí maidir le gníomhaíocht agus tacaíocht (3) agus na roghanna arna gcur i láthair sa Teachtaireacht maidir le REPowerEU chun tacú le saoránaigh leochaileacha, sin agus cabhrú leis na fiontair is mó atá thíos leis na praghsanna arda, dálaí na dtionscal dianfhuinnimh, a gcostais táirgthe a mhaolú agus feabhas a chur ar iarrachtaí maidir le dícharbónú. Is díol sásaimh do CESE go bhfuil FBManna cumhdaithe sna bearta tacaíochta freisin, rud atá ríthábhachtach, dar leis.

4.3.

Is díol sásaimh do CESE go ndéantar anailís sa Teachtaireacht atá idir lámha ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le roghanna éagsúla chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda leictreachais agus a dtionchair ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí. Tá dhá chineál birt i gceist leis na roghanna sin: tacaíocht airgeadais chun tionchair praghsanna arda a mhaolú, agus bearta le haghaidh idirghabhálacha sa mhargadh arb é is aidhm dóibh tionchar a bheith acu ar na praghsanna féin.

4.4.

Níl aon amhras ach gurb í an tacaíocht dhíreach an rogha is réadúla mar bheart éigeandála. D’fhéadfadh sé a bheith ina chabhair do na Ballstáit ioncam méadaithe ó CBL agus ó cháin fuinnimh a úsáid chun na bearta sin a mhaoiniú. Maidir le haon bhearta tacaíochta atá dírithe ar an ngéarchéim a mhaolú, ba cheart iad a bheith sealadach agus dírithe go sonrach orthu siúd is mó atá thíos léi, cibé acu saoránaigh, FBManna nó tionscail dianfhuinnimh iad. Tá laigí sa Teachtaireacht, áfach, agus é á shonrú inti gur faoi na tomhaltóirí atá sé chomh maith iarracht shuntasach a dhéanamh chun tomhaltas gáis a laghdú. Mar sin, ní rogha inbhuanaithe é an cúiteamh nach dtiocfadh laghdú ar an tomhaltas gáis as.

4.5.

Mar atá curtha in iúl, mar is ceart, sa Teachtaireacht, níl aon réiteach gan locht. Bainfidh iarmhairt dhiúltach le haon idirghabháil a dhéanfar sa mhargadh fuinnimh. Ina lán cásanna, is éard a bheadh i gceist ná saobhadh margaidh, costais fhioscacha, briseadh soláthair, nó tionchar diúltach ar infheistíochtaí nó ar iompar tomhaltóirí. I mbeagán focal, d’fhéadfadh sé cur isteach ar iarrachtaí maidir leis an dícharbónú nó slándáil an tsoláthair a chur i mbaol.

4.6.

Léiriú atá sa phictiúr arna thabhairt ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, ar a chasta atá an dúshlán trípháirteach atá roimh an Eoraip: slándáil an fhuinnimh, praghsanna inacmhainne agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Leis seo, tá sé á léiriú an athuair an gá atá le cur chuige cuimsitheach i leith gach aon bheartas agus gach aon bhirt, agus le comhsheasmhacht agus rannchuidiú na mbeartas agus na mbeart sin le cuspóir inbhuanaitheacht fhoriomlán an chórais fuinnimh a áirithiú.

4.7.

Mar atá curtha in iúl sa Teachtaireacht, níl aon réiteach ann a d’oirfeadh do gach cás, rud a fhágann go bhfuil saoirse ag na Ballstáit an réiteach is oiriúnaí dá dtír féin a aimsiú. I gcás mhargadh fuinnimh an Aontais, áfach, d’fhéadfadh iarmhairt a bheith ag aon idirghabháil a dhéanfaí in aon chuid den mhargadh ar an gcuid eile de. Mar sin, níor cheart bearta sealadacha spriocdhírithe a bheith ag teastáil ach sna Ballstáit sin a bhfuil na héifeachtaí is lú saobhadh acu ar mhargadh an Aontais, nó bearta ar leibhéal an Aontais nach gcuirfeadh iarrachtaí dícharbónaithe nó soláthar fuinnimh i mbaol.

4.8.

I gcomhréir leis an tuarascáil a d’eisigh ACER le déanaí (4), tá CESE ar aon tuairim leis an gconclúid gur léiríodh gur margadh dea-fheidhmiúil é an margadh fuinnimh ó thaobh ciorrú leictreachais, nó fiú cliseadh leictreachais in áiteanna áirithe, a sheachaint. Is é measúnú ACER gur fiú cloí le dearadh an mhargaidh mar atá sé faoi láthair. Anuas air sin, is dócha go mbeadh roinnt de na feabhsuithe níos fadtéarmaí riachtanach chun go bhféadfaí conair uaillmhianach dhícharbónaithe an Aontais a bhaint amach faoin gcreat sna 10-15 bliana amach romhainn, agus é sin a dhéanamh ar chostas níos lú agus slándáil an tsoláthair a áirithiú san am céanna. Tá sé á léiriú ag CESE nach mór aon athrú ar dhearadh an mhargaidh a bhunú ar anailís chúramach ar na hiarmhairtí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a bhainfeadh leis.

4.9.

Tá CESE ar aon tuairim leis an gCoimisiún gurb é an gás is bunchúis leis na praghsanna arda leictreachais atá ann faoi láthair, rud a chuireann na praghsanna leictreachais in airde trí bhíthin praghsáil imeallchostais. Ba é an réiteach ab fhearr ar an bhfadhb seo táirgeadh agus úsáid foinsí in-athnuaite leictreachais a mhéadú go leibhéal a chomhlíonfadh an t-éileamh ar leictreachas.

4.10.

Tá CESE den tuairim go gcruthófaí fadhbanna le huasteorainn ar phraghsanna nó le hidirghabhálacha eile sa mhargadh mórdhíola fuinnimh toisc go ndéanfaí comharthaí riachtanacha praghais a shaobhadh mar gheall orthu agus toisc go mbeadh castacht ag baint leo maidir le leibhéal “ceart” na bpraghsanna a chinneadh. Ní laghdaíonn bearta fioscacha amhail “cáin amhantair” praghsanna. Féachtar ar na bearta sin, ina áit sin, mar fhoinse ioncaim. Ar an iomlán, tá baol ann go rachadh idirghabhálacha sa mhargadh i gcoinne cuspóirí níos fadtéarmaí trí éiginnteachtaí infheistíochta a chruthú agus trí dhícharbónú i dtionscal an fhuinnimh a dhíspreagadh.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 123 agus IO C 323, 26.8.2022, lch. 129.

(2)  IO C 323, 26.8.2022, lch. 129.

(3)  COM(2021) 660 final.

(4)  Measúnú deiridh ACER ar dhearadh mhargadh mórdhíola leictreachais an Aontais Eorpaigh.


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/144


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha sealadacha, i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin, a bhaineann le doiciméid tiománaithe arna n-eisiúint ag an Úcráin i gcomhréir lena reachtaíocht

(COM(2022) 313 final — 2022/0204 (COD)) (níl leagan Gaeilge ann)

(2022/C 443/21)

Comhairliúchán

An Chomhairle, 28.6.2022

Parlaimint na hEorpa, 4.7.2022

Bunús dlí

Airteagal 91 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

195/4/3

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


22.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 443/145


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

(COM(2022) 222 final)

(2022/C 443/22)

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 6.6.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 15.6.2022

Bunús dlí

Airteagal 91 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

571

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

201/2/1

Ós rud é go bhfuil ábhar an togra formhuinithe ag an gCoiste agus gurb é a mheas nach gá dó aon bharúil a thabhairt uaidh, chinn sé tuairim a eisiúint lena bhformhuinítear an téacs atá beartaithe.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG