|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 437 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 437/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10882 — IRCP / CDC / ADTIM GROUP) ( 1 ) |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 437/02 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN |
|
|
|
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne |
|
|
2022/C 437/03 |
||
|
|
IMEACHTA CÚIRTE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 437/04 |
Caingean a thug Eviny AS in aghaidh Údarás Faireachán CSTE an 27 Meán Fómhair 2022 (Cás E-10/22) |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 437/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10948 — STORA ENSO / DE JONG PAPIER HOLDING / DJV HOLDING) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 437/06 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10956 – AURELIUS INVESTMENT LUX SEVEN / SAPPI FINLAND ONE / SAPPI FINLAND OPERATIONS / SAPPI MAASTRICHT REAL ESTATE / SAPPI STOCKSTADT) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 437/07 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
17.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 437/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10882 — IRCP / CDC / ADTIM GROUP)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 437/01)
An 9 Samhain 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10882. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
17.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 437/2 |
Rátaí malairte an euro (1)
16 Samhain 2022
(2022/C 437/02)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
1,0412 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
145,29 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4386 |
|
GBP |
punt steirling |
0,87483 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,8754 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9795 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
148,90 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,3675 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,355 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
408,18 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,7065 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9206 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
19,3783 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5400 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,3801 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
8,1444 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6897 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4250 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 378,10 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
18,0195 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,3720 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5443 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
16 248,37 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,7323 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
59,678 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
37,103 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,5438 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
20,1227 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
84,5905 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN
An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
|
17.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 437/3 |
FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE
(2022/C 437/03)
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú an chomórtais oscailte seo a leanas:
EPSO/AST/155/22 – Cúntóirí slándála agus sábháilteachta (AST 3) sna réimsí seo a leanas:
|
1. |
An tslándáil oibríochtúil |
|
2. |
An tslándáil theicniúil |
|
3. |
Sábháilteacht agus sláinte ceirde |
Tá an fógra comórtais seo foilsithe i 24 theanga in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 437 A an 17 Samhain 2022.
Tá tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin EPSO: https://epso.europa.eu/
IMEACHTA CÚIRTE
An Coimisiún Eorpach
|
17.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 437/4 |
Caingean a thug Eviny AS in aghaidh Údarás Faireachán CSTE an 27 Meán Fómhair 2022
(Cás E-10/22)
(2022/C 437/04)
An 27 Meán Fómhair 2022, thug Eviny AS caingean in aghaidh Údarás Faireacháin CSTE os comhair Chúirt CSTE, agus is iad Svein Terje Tveit agus Paul Gunnar Hagelund, Arntzen de Besche, Ruseløkkveien 30, 0251 Osló, an Iorua, na habhcóidí a bhí ag ionadaíocht dóibh.
Tá Eviny AS ag iarraidh ar chúirt CSTE an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
1. |
Cinneadh Uimh. 161/22/COL ó Údarás Faireacháin CSTE an 6 Iúil 2022 a neamhniú; agus |
|
2. |
Ordú a thabhairt d’Údarás Faireacháin CSTE costais na n-imeachtaí a íoc. An cúlra dlíthiúil agus an cúlra fíorasach, mar aon le pléadálacha faoin dlí a tugadh ar aird chun tacú leis an méid sin:
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
17.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 437/5 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10948 — STORA ENSO / DE JONG PAPIER HOLDING / DJV HOLDING)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 437/05)
1.
An 03 Samhain 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Stora Enso AB (“Stora Enso”), atá á rialú ag Stora Enso Oyj (an tSualainn), |
|
— |
De Jong Papier Holding B.V. (“De Jong”) (an Ísiltír), |
|
— |
DJV Holding B.V. (“DJV”) (an Ísiltír). |
Gheobhaidh Stora Enso rialú ar De Jong agus DJV ina n-iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Déanann Stora Enso réitigh agus seirbhísí atá bunaithe ar adhmad agus ar bhithmhais a fhorbairt, a tháirgeadh agus a thairiscint le haghaidh réimse tionscal agus feidhmchlár ar fud an domhain agus tá sé gníomhach, i measc nithe eile, i dtáirgeadh ábhar cáis roctha agus pacáistíochta roctha araon, agus tá roinnt gléasraí táirgeachta aige ar fud LEE, |
|
— |
Tá De Jong agus DJV gníomhach den chuid is mó i dtáirgeadh agus i soláthar pacáistíochta roctha sa Benelux, sa Ghearmáin agus sa Ríocht Aontaithe, áit a bhfuil saoráidí táirgeachta acu. Tá tús curtha acu le déanaí freisin le táirgeadh ábhar cáis roctha athchúrsáilte, ábhair atá ag teastáil chun pacáistíocht roctha a tháirgeadh go hiartheachtach. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a d’fhéadfadh a bheith acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10948 — STORA ENSO / DE JONG PAPIER HOLDING / DJV HOLDING
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
17.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 437/7 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10956 – AURELIUS INVESTMENT LUX SEVEN / SAPPI FINLAND ONE / SAPPI FINLAND OPERATIONS / SAPPI MAASTRICHT REAL ESTATE / SAPPI STOCKSTADT)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 437/06)
1.
An 9 Samhain 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
AURELIUS Investment Lux Seven S.à.r.l. (Lucsamburg), cuid de Aurelius group (“Aurelius”, an Ghearmáin), |
|
— |
Sappi Finland I Oy (an Fhionlainn), cuid de Sappi group, |
|
— |
Sappi Finland Operations Oy (an Fhionlainn), cuid de Sappi group, |
|
— |
Sappi Maastricht Real Estate B.V. (an Ísiltír), cuid de Sappi group, |
|
— |
Sappi Stockstadt GmbH (an Ghearmáin), cuid de Sappi group. |
Gheobhaidh Aurelius, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, rialú iomlán ar Sappi Finland I, Sappi Finland Operations, Sappi Maastricht Real Estate agus Sappi Stockstadt (dá ngairtear le chéile “sprioc-eintitis Sappi”).
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is grúpa cothromais phríobháidigh é Aurelius group, atá gníomhach mar infheisteoir san Eoraip agus mar bhainisteoir sócmhainní go hidirnáisiúnta, |
|
— |
Tá na sprioc-eintitis Sappi gníomhach i bpáipéar foilseacháin agus páipéar grafach a mhonarú agus a sholáthar, lena n-áirítear páipéar brataithe meicniúil, páipéar brataithe agus neamhbhrataithe saor ó adhmad chomh maith le bord speisialtachta lena n-áirítear bord bosca fillte agus bord tuartha soladach. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10956 – AURELIUS INVESTMENT LUX SEVEN / SAPPI FINLAND ONE / SAPPI FINLAND OPERATIONS / SAPPI MAASTRICHT REAL ESTATE / SAPPI STOCKSTADT
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
17.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 437/9 |
Foilsiú an doiciméid aonair leasaithe i ndiaidh mionleasú a fhormheas de bhun an dara fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
(2022/C 437/07)
Tá an mionleasú seo formheasta ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an tríú fomhír in Airteagal 6(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).
Is féidir dul i gcomhairle leis an iarratas ar an mionleasú seo a fhormheas i mbunachar sonraí eAmbrosia an Choimisiúin.
DOICIMÉAD AONAIR
“Carne de Cantabria”
Uimh. AE: PGI-ES-0185-AM01 – 16.8.2021
STFC ( ) TGFC (X)
1. Ainm
“Carne de Cantabria”
2. Ballstát nó tríú tír
An Spáinn
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. An cineál táirge
Aicme 1.1. Feoil úr (agus scairteach)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Mairteoil a tháirgtear de réir teicnící beathaithe agus bainistíochta traidisiúnta in Cantabria.
Is ó fhine phórtha Cantabria (bó-ainmhithe a bhfuil imlíne chuasach agus dath crón orthu) a thagann na hainmhithe óna dtógtar an fheoil: Tudanca, Monchina agus Asturiana; chomh maith leis na pórtha Parda de Montaña, Limousin, Pirenaica, Charolais, Blonde d’Aquitaine, Fleckvieh agus hibridithe díobh.
Mar gheall ar aiste bia na n-ainmhithe, atá bunaithe ar innilt ar na féara dúchasacha ar fhéarthailte na sléibhte arda den chuid is mó agus ar fharae ina bhfuil ábhair ó fhéarthailte nádúrtha go príomha, tá na saintréithe seo a leanas ag an bhfeoil a chumhdaítear faoin TGFC tar éis a maraithe agus a hullmhaithe:
|
a) |
Ternera blanca [laofheoil bhán]: ainmhí a mharaítear ar a mhéad ag 8 mí d’aois, feoil idir dath bándearg éadrom agus dath bándearg, agus saill gheal bhán scaipthe go cothrom agus matán teann a bhfuil beagán maoithe ann. |
|
b) |
Ternera [laofheoil]: ainmhí a mharaítear ar a mhéad ag 12 mhí d’aois, feoil idir dath bándearg éadrom agus dath bándearg, agus saill gheal bhán scaipthe go cothrom agus matán teann a bhfuil beagán maoithe ann |
|
c) |
Añojo [eallach bliana]: ainmhí a mharaítear idir 12 agus 24 mhí d’aois, feoil idir dath bándearg agus dath dearg éadrom, agus saill gheal bhán agus matán teann a bhfuil beagán maoithe ann. |
|
d) |
Novilla [bodóg]: ainmhí a mharaítear idir 24 agus 48 mí d’aois, feoil idir dath dearg éadrom agus dath dearg, agus saill ar dhath an uachtair agus matán teann marmarach a bhfuil beagán maoithe ann. |
|
e) |
Buey [bullán]: ainmhí fireann coillte a mharaítear ar a laghad ag 48 mí d’aois, feoil idir dath dearg éadrom agus dath dearg, agus saill ar dhath an uachtair agus matán teann marmarach a bhfuil beagán maoithe ann. |
|
f) |
Vaca [bó]: ainmhí baineann a mharaítear ar a laghad ag 48 mí d’aois, feoil idir dath dearg éadrom agus dath dearg, agus saill ar dhath an uachtair agus matán teann marmarach a bhfuil beagán maoithe ann. |
Aicmiú conablach a chumhdaítear leis an TGFC
|
Saghas |
Cruth conablaigh |
Cumhdach saille |
||||||||
|
S.E.U.R. * S.E.U.R. * S.E.U.R.O. S.E.U.R.O. |
2-3 (cumhdach saille íseal — cumhdach saille) 2-3 (cumhdach saille íseal — cumhdach saille) 2-4 (cumhdach saille íseal — sailleach) 2-4 (cumhdach saille íseal — sailleach) |
|
* |
Le haghaidh na bpórtha Monchina agus Tudanca, tá na cineálacha crutha conablaigh O agus P le ceadú mar gheall ar a saintréithe moirfeolaíocha. |
Ní mór an pH a bheith níos ísle ná 6. Ní mór na conablaigh a aeráil ar feadh 24 uair an chloig ar a laghad.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Le linn na míonna nuair a bhíonn an féarach ag fás, cuirtear na hainmhithe ag innilt ar mhóinéir ísle agus ar fhéaraigh shléibhe araon. I rith an gheimhridh, cuirtear i stábla iad. San fhómhar agus ag tús an earraigh, bíonn na heallaí ag innilt gar do na gabháltais i rith an lae. Bogann siad suas go féaraigh shléibhe i lár mhí na Bealtaine.
Beirtear na laonna i dtús an earraigh go hiondúil agus fanann siad lena máithreacha ar feadh 5-7 mí, agus scoitear go foráiste le linn an ama sin iad (féarach goirt nó farae triomaithe taobh istigh). Le linn na céime críochnaithe, cuirtear dlúthbhianna údaraithe le beatha na n-ainmhithe. Táirgfear na cineálacha ainmhithe mar a leanas:
Ternera Blanca agus Ternera
Tar éis an scoite, ní mór 50 % ar a laghad dá n-aiste bia a theacht ó fharae a tháirgtear in Cantabria.
Tá táirgí nádúrtha agus dlúthbhianna údaraithe le húsáid i gcothú breise agus le linn na tréimhse críochnaithe, nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná 4 mhí.
Añojo
Beidh an aiste bia agus bainistíocht an tréada mar an gcéanna le Ternera.
Ní fhéadfaidh an chéim chríochnaithe a bheith níos faide ná 4 mhí.
Novilla
Sa chéim dhiúil agus tar éis an scoite, beidh aiste bia agus bainistíocht an tréada mar an gcéanna le Ternera.
As sin amach, beidh siad le beathú ar fharae féaraigh nó leasaithe, ag brath ar shéasúr na bliana. Ní fhéadfaidh an chéim chríochnaithe a bheith níos faide ná 4 mhí.
Buey agus Vaca
Tá ainmhithe sna catagóirí seo le cothú ar fharae féaraigh nó leasaithe a tháirgtear in Cantabria.
Ní mór iad a chur ag innilt ar feadh dhá shéasúr ar a laghad agus ní fhéadfaidh an chéim chríochnaithe a bheith níos faide ná 4 mhí.
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe
Táirgeadh agus próiseáil.
Ní mór beostoc atá beartaithe le haghaidh táirgeadh feola a chumhdaítear leis an TGFC a bhreith, a thógáil agus a ramhrú laistigh de chríoch Chomhphobal Féinrialaitheach Cantabria.
Ní mór gníomhaíochtaí an mharaithe, an ullmhaithe agus an ghearrtha a dhéanamh laistigh de chríoch Chomhphobal Féinrialaitheach Cantabria chomh maith.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc., an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
—
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Ní mór gach eallach a bhfuil sé beartaithe iad a mharú a bheith aitheanta go cuí. Ní mór don chóras aitheantais a bheith comhoiriúnach le haon cheann de na modhanna a leagtar síos sa reachtaíocht is infheidhme.
Ní mór gach conablach a chumhdaítear leis an TGFC a mharcáil sa chaoi is go n-aithneofar agus go gcinnteofar a bhunáitíocht. Beidh an mharcáil ar an taobh amuigh den dá leath-chonablach agus beidh aitheantóir inti greamaithe ar bhealach go mbeidh gach aon chuid den chonablach inaitheanta go foirfe agus iad scartha. Ní mór lógó TGFC a bheith ar an aitheantóir mar aon leis an bhfaisnéis uile a cheanglaítear faoin reachtaíocht shonrach.
Ní mór feoil phacáistithe a sheoladh i bpacáistí atá séalaithe go cuí agus atá cosanta ar éilliú seachtrach. Ní mór lipéid uimhrithe agus/nó lipéid thánaisteacha a bheith ar na pacáistí a ghreamaítear ag na monarchana gearrtha roimh sheoladh, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i dtaca leis sin.
Ní mór na lipéid tráchtála, atá uathúil ag gach gnólacht cláraithe, a chur faoi bhráid na hOifige um Cháilíocht Bhia in Cantabria (Oficina de Calidad Alimentaria — ODECA).
Ní mór an fhoclaíocht Indicación Geográfica Protegida “Carne de Cantabria” [TGFC “Carne de Cantabria”] a bheith orthu.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Cumhdaíonn an limistéar geografach críoch iomlán Chomhphobal Féinrialaitheach Cantabria.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Áirítear ar an bpríomhnasc idir “Carne de Cantabria” agus an limistéar geografach cumhdaithe ag TGFC saintréithe sonracha na feola de thoradh aiste bia na n-ainmhithe agus an tslí ina mbainistítear na tréada.
Bíonn tionchar ag na féaraigh agus ag an bhfarae a úsáidtear in aiste bia na n-ainmhithe agus ag bainistíocht shéasúrach na dtréad ar chomhdhéanamh na saille agus ar an uigeacht mhatánach ar a dtugtar tuairisc le haghaidh gach catagóir ainmhithe a leagtar amach i bpointe 3.2.
Cothaíonn aeráid agus rilíf réigiún Cantabria limistéir fhairsinge féaraigh agus tá traidisiún feirmeoireachta beostoic ann a bhfuil nasc láidir leis an gcríoch aige.
Is éard atá sna féaraigh pobail luibheacha nádúrtha atá dulta in oiriúint don aeráid agus do na dálaí ithreach sa limistéar. Tá cuid de na féaraigh tipiciúil do na réigiúin sléibhe agus is céimeanna iad cuid eile sa phróiseas ina gcuirtear móinéir nádúrtha in ionad foraoise nó scrobarnaí.
Sna hísealchríocha, is iondúil go ndéantar na féaraigh le meascán d’fhéir, de léagúim agus de phlandaí eile. Is iad seo na cinn is coitianta:
|
— |
Garbhfhéar (Dactylis glomerata) |
|
— |
Feisciúnna (Festuca pratensis, F. rubra) |
|
— |
Seagalach ilbhliantúil (Lolium perenne) |
|
— |
Seamra (Trifolium pratense, T. repens, T. incarnatum) |
|
— |
Crobh éin (Lotus corniculatus) |
|
— |
Dúmheidic (Medicago lupulina) |
|
— |
Slánlusanna (Plantago lanceolata, P. media) |
|
— |
Mealbhacán (Daucus carota) |
Aeráid an Atlantaigh (agus an bháisteach fhlúirseach rialta a bhaineann léi), éifeacht sciathaithe na sléibhte (a chuireann comhdhlúthú chun cinn agus a choinníonn teochtaí séimh) agus saintréithe na hithreach, tagann siad le chéile chun Cantabria a dhéanamh ina réigiún atá an-oiriúnach d’fhéarach agus dá bhrí sin tá sé idéalach maidir le feirmeoireacht fhairsing eallaigh.
Tá na pórtha ónar féidir feoil faoi chosaint a thógáil oiriúnaithe go foirfe don limistéar táirgthe, rud a áirithíonn cothromaíocht tháirgiúil atá neamhdhíobhálach don chomhshaol idir an beostoc agus an comhshaol dá réir sin.
An córas bainistíochta beostoic agus an córas beathaithe, atá bunaithe ar fhéarach i rith shéasúr an fháis agus ar fharae leasaithe ó fhéarach nádúrtha den chuid is mó sa gheimhreadh, is iad na heilimintí a chinntíonn saintréithe an táirge ó thaobh chumhdach saille agus uigeacht mhatánach de. Tá an fharae d’ardcháilíocht sin in-díleáite go héasca, rud a áirithíonn iontógáil ard agus luach cothaitheach.
Cothaítear eallach atá beartaithe “Carne de Cantabria” a tháirgeadh ag úsáid teicnící agus cleachtais atá bunaithe ar úsáid acmhainní nádúrtha i gcóras beostoic fairsing, le haghaidh thréada neamhaistreacha agus buailteachais araon.
Tá taifid na gcleachtas sin ann ón anallód i leith i go leor doiciméad oifigiúil maidir le síntiúis, socruithe, comhaontuithe, imeachtaí dlí agus foraitheanta a bhaineann le bainistíocht an fhéaraigh. Chomh luath leis an naoú céad, tá taifid dhoiciméadaithe ann de limistéir fhairsinge féaraigh in Cantabria a bhronn Mainistir Santa María del Yermo ar Ardeaglais Oviedo chun innilt bheostoic a dhéanamh.
Léirítear cáil Cantabria mar réigiún le haghaidh feirmeoireacht bheostoic trí bhíthin na n-aontaí beostoic iomadúla atá údaraithe i mbailte áitiúla ón Meánaois i leith. Is é aonach bheostoc Potes, a d’údaraigh Rí Eoin I na Caistíle thiar in 1379, atá i measc na gceann is sine. Is é margadh Torrelavega an ceann is tábhachtaí sa réigiún, a d’údaraigh Rí Séarlas III i bhforaithne ríoga an 1 Eanáir 1767.
Deimhníodh an cháil atá ag “Carne de Cantabria” i suirbhé a rinneadh le gairid, inar léiríodh go bhfuil sé ar eolas ag 90,4 % de dhaoine atá ina gcónaí sa réigiún.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
https://www.alimentosdecantabria.com/documents/3177683/13022902/3-+Pliego+definitivo+rev.03.pdf/8cc857bb-4f85-f04e-ee3f-5cd8affc38b0?t=1614082672359