ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 433

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
15 Samhain 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

An Chomhairle

2022/C 433/01

Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag Teacht le chéile dóibh i dTionól na Comhairle, i ndáil le Cód Iompair Athbhreithnithe maidir le Cánachas Gnó

1

 

MOLTAÍ

 

An Chomhairle

2022/C 433/02

Moladh ón gComhairle an 14 Samhain 2022 lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirtíochta a gcuid gealltanas a chomhlíonadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO)

6


 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 433/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10845 — HG / WCAS / WARBURG PINCUS / NORSTELLA) ( 1 )

13


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

AN CHOMHAIRLE

2022/C 433/04

Seasamh (AE) Uimh. 3/2022 ón gComhairle ar an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara Arna ghlacadh ag an gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 ( 1 )

14

2022/C 433/05

Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 3/2022 ón gComhairle ag an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar na gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara

31


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 433/06

Rátaí malairte an euro — 14 Samhain 2022

36

 

An Chomhairle

2022/C 433/07

Fógra le haghaidh na ndaoine agus an eintitis atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

37

2022/C 433/08

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

38

2022/C 433/09

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/2233 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2229 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin\

40

2022/C 433/10

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2233 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2229 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

41

2022/C 433/11

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

42

2022/C 433/12

Fógra le haghaidh an duine atá faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2234 ón gComhairler agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2230 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

44

2022/C 433/13

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

45

2022/C 433/14

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2235 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2231 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

47

2022/C 433/15

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

48

2022/C 433/16

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird - ABDOLLAHI Hamed, AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, ARBABSIAR Manssor, ASSADI Assadollah, BOUYERI Mohammed, EL HAJJ Hassan Hassan, AL-DIN Izz Hasan, MELIAD Farah, MOHAMMED Khalid Sheikh, SHAHLAI Abdul Reza, SHAKURI Ali Gholam, Al-Aqsa Martyrs’ Brigade, Communist Party of the Philippines’, lena n-áirítear New People’s Army – NPA, Hizballah Military Wing, Ejército de Liberación Nacional (Arm an tSaortha Náisiúnta), Popular Front for the Liberation of Palestine – PFLP, Popular Front for the Liberation of Palestine – General Command, Sendero Luminoso – SL (Shining Path), agus Teyrbazen Azadiya Kurdistan’ – TAK na ndaoine agus na ngrúpaí a áirítear ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (Féach na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/1241 ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1230 ón gComhairle)

50

2022/C 433/17

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

51

 

An Chúirt Iniúchóirí

2022/C 433/18

Tuarascáil bhliantúil ar Chomhghnóthais an Aontais do bhliain airgeadais 2021

52

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 433/19

Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

53


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 433/20

Fógra de bhun Airteagal 29(2) de na rialacháin foirne — Foilsiú folúntais le haghaidh trí fheidhm Stiúrthóra Acmhainní (Grád AD 14) sna hArd-Stiúrthóireachtaí seo a leanas: — Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (INTPA) — Sláinte Phoiblí agus Sábháilteacht Bia — Trádáil (TRADE) — COM/2022/10419

55

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 433/21

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10943 — ENEL / CVC CAPITAL PARTNERS / GRIDSPERTISE) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

56

2022/C 433/22

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10927 — ACTION LOGEMENT / AG2R LA MONDIALE / BNP PARIBAS / JV) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

58

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 433/23

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair

60

2022/C 433/24

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair

64


 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10763 – NORDEA / TOPDANMARK LIV HOLDING) ( IO C 431, 14.11.2022 )

67


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

An Chomhairle

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/1


Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag Teacht le chéile dóibh i dTionól na Comhairle, i ndáil le Cód Iompair Athbhreithnithe maidir le Cánachas Gnó

(2022/C 433/01)

FÓGRAÍONN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT, AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE, AN MÉID A LEANAS,

Á MHEABHRÚ DÓIBH na conclúidí ó Chomhairle ECOFIN an 1 Nollaig 1997 maidir leis an mbeartas cánachais i bhfianaise go bhfuil gá le gníomhaíocht chomhordaithe ar an leibhéal Eorpach chun saobhadh sa mhargadh aonair a laghdú, chun caillteanais shuntasacha ioncaim chánach a chosc agus chun cabhrú le struchtúir chánach a fhorbairt ar bhealach a bheidh níos fabhraí don fhostaíocht,

Á MHEABHRÚ DÓIBH an Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 1 Nollaig 1997, i ndáil le cód iompair maidir le cánachas gnó,

Á MHEABHRÚ DÓIBH na conclúidí ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 maidir le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach agus na forbairtí idirnáisiúnta sna hiarrachtaí i gcoinne na seachanta cánach agus na himghabhála cánach,

Á ADHMHÁIL ACU éifeachtaí dearfacha na hiomaíochta córa agus an gá iomaíochas an Aontais Eorpaigh agus na mBallstát a chomhdhlúthú ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus ag an am céanna á thabhairt dá n-aire go bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha a bheith mar thoradh ar roinnt beart cánach,

Á CHUR I dTÁBHACHT gur tiomantas polaitiúil é an cód iompair agus nach bhfuil éifeacht aige ar chearta ná ar oibleagáidí na mBallstát ná ar réimsí faoi seach na mBallstát agus an Aontais a eascraíonn ó na Conarthaí,

Á CHUR I dTÁBHACHT go n-oibríonn an mheitheal um an gcód iompair mar phiarghrúpa idir na Ballstáit agus cúnamh fíor-riachtanach á fháil aici ón gCoimisiún,

Á AITHINT DÓIBH obair rathúil na meithle um an gcód iompair in éineacht lena cathaoirligh thofa, a d’fhág gur féidir líon mór beart cánach a rolladh siar agus creat cuiditheach comhair a bhunú le tríú tíortha agus le tríú dlínsí,

Á THABHAIRT DÁ nAIRE go nglacann Ardrúnaíocht na Comhairle feidhmeanna rúnaíochta an Ghrúpa,

Á ADHMHÁIL ACU forbairt na nótaí treorach comhaontaithe chun obair rathúil na meithle um an gcód iompair a bheidh ábhartha maidir le gnéithe nós imeachta chomh maith le treoir chomhaontaithe a bhaineann le saincheisteanna substainteacha a chuirtear ar fáil don phobal,

Á ATHDHEARBHÚ, dá bhrí sin, an gá leanúnach le cód iompair do chánachas gnó atá ceaptha chun srian a chur le bearta díobhálacha cánach,

Á CHUR I dTÁBHACHT go bhfuil cóir chothrom laistigh den Aontas agus maidir le tríú tíortha agus dlínsí cánach fós ríthábhachtach chun prionsabail an chóid iompair a chur chun feidhme go comhleanúnach,

Á DHEARBHÚ AN ATHUAIR an toilteanas cur i bhfeidhm an chóid iompair maidir le cánachas gnó a choinneáil chomh trédhearcach agus is féidir gan an rúndacht a chur i mbaol a theastaíonn chun tuairimí agus faisnéis íogair a mhalartú go muiníneach idir comhaltaí na meithle agus le tríú tíortha agus dlínsí cánach, ós rud é go n-áirithítear leis sin obair éifeachtach, dírithe ar thorthaí faoin gcód,

DE BHRÍ gur cheart an cód iompair atá ann cheana maidir le cánachas gnó a leagtar amach sa Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 1 Nollaig 1997 a athbhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua ar an mbealach is éifeachtúla is féidir i dtimpeallacht eacnamaíoch atá ag éirí níos domhandaithe agus níos digitithe,

DÉANANN SIAD DÁ REIR SIN AN CÓD IOMPAIR ATHBHREITHNITHE MAIDIR LE CÁNACHAS GNÓ SEO A LEANAS A FHORMHEAS

Bearta cánach a chumhdaítear

A.

Gan dochar do réimsí inniúlachta faoi seach na mBallstát agus an Aontais, baineann an cód iompair seo, lena gcumhdaítear cánachas gnó (dá ngairtear cód), leis na bearta fabhracha cánach agus na gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu a dhéanann difear nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh ar bhealach suntasach do shuíomh na gníomhaíochta gnó san Aontas.

Áirítear le gníomhaíocht gnó i ndáil leis seo freisin gach gníomhaíocht a dhéantar laistigh de ghrúpa cuideachtaí.

Áirítear dlíthe nó rialacháin agus cleachtais riaracháin araon ar na bearta fabhracha cánach agus gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu (dá ngairtear bearta cánach go comhpháirteach) a chumhdaítear leis an gcód.

B.1.

Laistigh den raon feidhme a shonraítear i mír A, tá bearta fabhracha cánach lena ndéantar foráil maidir le leibhéal éifeachtach cánach atá i bhfad níos ísle, lena n-áirítear cánachas nialasach, ná na leibhéil sin a bhfuil feidhm acu go hiondúil sa Bhallstát atá i gceist le háireamh mar bhearta a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus dá bhrí sin a chumhdaítear leis an gcód seo.

Féadfaidh leibhéal cánachais den sórt sin oibriú de bhua an ráta cánach ainmniúil, an bhoinn cánach nó aon toisc ábhartha eile.

Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil na bearta sin díobhálach, ba cheart an méid seo a leanas, inter alia, a chur san áireamh:

1.

an ndéanfar buntáistí a imfhálú de factode jure ón ngeilleagar baile, e.g., ní thugtar iad ach do neamhchónaitheoirí amháin nó maidir le hidirbhearta a dhéantar le neamhchónaitheoirí, nó ní dhéanann siad difear don bhonn cánach náisiúnta nó

2.

an ndeonófar buntáistí fiú murab ann d’aon fhíorghhníomhaíocht eacnamaíoch agus láithreacht eacnamaíoch shubstaintiúil laistigh den Bhallstát a thairgfeadh buntáistí cánach den sórt sin, nó

3.

maidir leis na rialacha le haghaidh cinneadh brabúis i leith gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa ilnáisiúnta cuideachtaí, an imeoidh siad ó phrionsabail a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, go háirithe na rialacha a comhaontaíodh laistigh de ECFE, nó

4.

an bhfuil easpa trédhearcachta sna bearta cánach, lena n-áirítear i gcás ina maolaítear forálacha dlíthiúla ar leibhéal riaracháin ar bhealach neamh-thrédhearcach.

B.2

Laistigh den raon feidhme a shonraítear i mír A, tá gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta Ballstáit acu, a chruthaíonn deiseanna le haghaidh neamhchánachas dúbailte nó lena bhféadfaí úsáid dhúbailte nó il-úsáid sochar cánach a bheith mar thoradh orthu, i dtaca leis na speansais chéanna, leis an méid céanna ioncaim nó leis an slabhra céanna idirbheart, mar ghnéithe dochar a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus dá bhrí sin a chumhdaítear leis an gcód seo.

D’fhéadfadh éifeachtaí den chineál sin a bheith ann de bhua gné ábhartha de chóras náisiúnta cánach Ballstáit a mbeidh dliteanas cánach níos ísle mar thoradh air, ach amháin an ráta cánach ainmniúil nó cánachas iarchurtha mar ghné de chóras cánach gnóthachan caipitiúil.

Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil gné chánach Bhallstáit a bhfuil feidhm ghinearálta aici díobhálach, ba cheart na critéir charnacha seo a leanas agus nasc cúisíoch díreach eatarthu a chur san áireamh:

1.

nach bhfuil forálacha iomchuí frith-mhí-úsáide ná coimircí leordhóthanacha eile ag gabháil leis an ngné chánach a bhfuil feidhm ghinearálta aici agus mar thoradh uirthi d’fhéadfaí úsáid dhúbailte nó il-úsáid sochar cánach a bheith ann i dtaca leis na speansais chéanna, leis an méid céanna ioncaim nó leis an slabhra céanna idirbheart, nó ceadaítear an méid sin a bheith ann;

2.

go ndéanann an gné chánach a bhfuil feidhm ghinearálta aici difear ar bhealach suntasach do shuíomh na gníomhaíochta gnó san Aontas. Agus measúnú á dhéanamh an gné shuntasach í an ghné chánach maidir le suíomh na gníomhaíochta gnó san Aontas a chinneadh, ba cheart don Mheitheal um an gCód Iompair (Cánachas Gnó) (dá ngairtear an Mheitheal) a chur san áireamh gur féidir tionchar a bheith ag imthosca eile seachas gnéithe cánach ar shuíomh na gníomhaíochta gnó.

Tréimhsí neamhghníomhaíochta agus rollta siar

Tréimhsí neamhghníomhaíochta

C.

Tá na Ballstáit tiomanta gan bearta cánach nua a thabhairt isteach atá díobhálach de réir bhrí an chóid seo. Dá bhrí sin, déanfaidh na Ballstáit na prionsabail is bunús leis an gcód a urramú agus beartas amach anseo á chinneadh acu agus tabharfaidh siad aird chuí ar an bpróiseas athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna E go I agus measúnú á dhéanamh acu an bhfuil aon bheart nua cánach díobhálach.

Rolladh siar

D.

Tá na Ballstáit tiomanta athscrúdú a dhéanamh ar a ndlíthe agus ar a gcleachtais atá ann cheana féin, ag féachaint do na prionsabail is bun leis an gcód agus don phróiseas athbhreithnithe a leagtar amach i míreanna E go I. Leasóidh na Ballstáit na dlíthe agus na cleachtais sin de réir mar is gá d’fhonn aon bhearta díobhálacha cánach a dhíothú nó forálacha iomchuí frith-mhí-úsáide nó coimircí leordhóthanacha eile a ghlacadh i ndáil le bearta cánach díobhálacha agus aird á tabhairt, a luaithe is féidir, ar phléití na Comhairle tar éis phróiseas an athbhreithnithe.

An próiseas athbhreithnithe

Fógra a thabhairt

E.1

I gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus na hoscailteachta, cuirfidh na Ballstáit in iúl dá chéile ar an eolas na bearta cánach atá ann cheana agus atá beartaithe agus a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an chóid faoi dheireadh gach bliana féilire.

Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann a chur in iúl dá chéile bearta cánach atá ann cheana nó atá beartaithe ar ina leith is mian leo cinnteacht a fháil maidir leis an gcód a bheith á chomhlíonadh acu.

In éagmais fógra faoi fhomhíreanna 1 agus 2, iarrtar ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar, arna iarraidh sin do Bhallstát eile nó don Choimisiún, maidir le haon bheart cánach ar dealraitheach a bheith faoi raon feidhme an chóid. I gcás ina bhfuil gá le formheas parlaiminteach le haghaidh bearta cánach atá beartaithe, ní gá an fhaisnéis sin a thabhairt go dtí go bhfógrófar don Pharlaimint iad.

E.2

gcuirfí bearta cánach den chineál sin faoi bhráid na Meithle, ba cheart don Bhallstát tarchuir nó don Choimisiún an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas. Féadfaidh Ballstát eile nó an Coimisiún bearta cánach Ballstát nár tugadh fógra ina leith faoi mhír E.1 a chur faoi bhráid na Meithle arna iarraidh sin do Bhallstát eile nó don Choimisiún. Sula

Maidir le gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu, ba cheart don Bhallstát tarchuir nó don Choimisiún a chur faoi bhráid na Meithle aon fhaisnéis:

i)

lena léirítear go bhfuil ar a laghad ceann amháin de na héifeachtaí a thuairiscítear i mír B.2 ag gabháil leis an ngné chánach, agus

ii)

lenar féidir teacht ar an tuairim go réasúnta go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar shuíomh gníomhaíochtaí gnó san Aontas.

Tuairisc chomhaontaithe

F.1

Féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún a iarraidh deis a bheith acu plé a dhéanamh ar bheart cánach Ballstáit ar tugadh fógra ina leith faoi mhíreanna E1 agus E2. Cinnfidh na Ballstáit ansin an ndéanfar obair leantach agus an ullmhóidh siad an tuairisc chomhaontaithe ar an mbeart sin.

Measúnú

F.2

Ceadófar leis an tuairisc chomhaontaithe measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na bearta cánach atá i gceist díobhálach, i bhfianaise na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu laistigh den Aontas. Maidir le bearta cánach fabhracha, cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin na fachtóirí go léir a shainaithnítear i mír B.1. I ndáil leis na gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu, cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin na fachtóirí go léir a shainaithnítear i mír B.2 agus an treoir faoi mhír L maidir le gnéithe sonracha cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu.

G.

Agus athbhreithniú á dhéanamh aici ar bhearta cánach ar tugadh fógra ina leith, cuireann an Chomhairle i dtábhacht gur gá meastóireacht chúramach a dhéanamh ar na héifeachtaí atá acu ar Bhallstáit eile inter alia i bhfianaise na caoi a ngearrtar cáin ar na gníomhaíochtaí lena mbaineann ar fud an Aontais agus iarrann sí ar an Meitheal breithniú a dhéanamh ar fhachtóirí eacnamaíocha ábhartha agus ar aon sonraí faoina dtionchar a thugtar ar aird dóibh agus méid agus oscailteacht gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh.

A mhéid a úsáidtear na bearta cánach chun tacú le forbairt eacnamaíoch réigiún áirithe, déanfar measúnú i dtaobh an bhfuil na bearta i gcomhréir leis na haidhmeanna atá á lorg agus an bhfuil siad dírithe ar na haidhmeanna sin. Agus measúnú á dhéanamh ar an méid sin, tabharfar aird ar leith ar ghnéithe agus ar shrianta speisialta i gcás na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán beag, gan an bonn a bhaint d’iomláine ná do chomhleanúnachas ord dlíthiúil an Aontais, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus comhbheartais.

Nós imeachta

H.

Leanfaidh an Mheitheal, a bunaíodh leis na conclúidí ón gComhairle an 9 Márta 1998, de mheasúnú a dhéanamh ar na bearta cánach a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an chóid seo agus de mhaoirseacht a dhéanamh ar sholáthar faisnéise maidir leis na bearta sin. Iarrann an Chomhairle ar gach Ballstát agus ar an gCoimisiún ionadaí ardleibhéil agus ionadaí malartach a cheapadh ar an Meitheal sin, a ndéanfaidh ionadaí ó Bhallstát cathaoirleacht air. Tugann Ardrúnaíocht na Comhairle, a chuireann feidhmeanna rúnaíochta ar fáil don Mheitheal, cúnamh do na cathaoirligh thofa. Déanfaidh an Mheitheal, a thiocfaidh le chéile go rialta, na bearta cánach lena meas a roghnú agus a athbhreithniú i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha síos i míreanna E go G. Tabharfaidh an Grúpa tuairisc ar na bearta a ndéanfar measúnú orthu go rialta. Cuirfear na tuarascálacha sin ar aghaidh chuig an gComhairle lena bplé. Áireofar leo na tuairiscí comhaontaithe agus na measúnuithe críochnaitheacha ar na bearta cánach a scrúdaigh sé.

Déanfar doiciméid deiridh, mar a fhormheasfaidh an Chomhairle iad, a chur ar fáil don phobal, agus déanfar doiciméid bhreise a chur ar fáil don phobal, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na rialacha ábhartha.

I.

Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún cabhrú leis an Meitheal an obair ullmhúcháin is gá a dhéanamh dá cruinnithe agus soláthar na faisnéise agus an próiseas athbhreithnithe a éascú. Chuige sin, iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír E a sholáthar don Choimisiún ionas gur féidir leis an gCoimisiún na dréacht-tuairiscí agus na dréachtmheasúnuithe dá dtagraítear i mír F a ullmhú. Ba cheart don Choimisiún cúraimí comhchosúla a dhéanamh le haghaidh na measúnuithe dá dtagraítear i mír N. Níl an Coimisiún rannpháirteach i gcinnteoireacht na Meithle. Déanann ionadaithe na mBallstát torthaí obair na Meithle a bhailíochtú ar leibhéal na Meithle agus cuirtear faoi bhráid na Comhairle iad lena bhformheas.

Státchabhair

J.

Tugann an Chomhairle dá haire go bhféadfadh roinnt de na bearta cánach a chumhdaítear leis an gcód seo teacht faoi raon feidhme na bhforálacha maidir le Státchabhair in Airteagail 107 go 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais. Déantar obair na Meithle gan dochar do dhlí an Aontais. I gcásanna ina dtionscnóidh an Coimisiún imeachtaí maidir le státchabhair, ba cheart don Mheitheal a scrúdú ar na bearta lena mbaineann a chur ar fionraí go dtí go dtiocfaidh deireadh leis an nós imeachta sin maidir le státchabhair. Is féidir réamhthuairisc ar an mbeart, arna dhréachtú ag an gCoimisiún i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann, a chur ar fáil don Mheitheal cheana féin. Ba cheart tuairisc chríochnaitheach a chur ar fáil a luaithe a bheidh deireadh leis an nós imeachta maidir le státchabhair, más gá sin.

Gníomhaíocht chun seachaint agus imghabháil cánach a chomhrac

K.

Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit comhoibriú go hiomlán i gcomhrac na seachanta cánach agus na himghabhála cánach, go háirithe agus faisnéis á malartú go tráthúil idir na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta faoi seach, le dlí an Aontais agus le caighdeáin idirnáisiúnta.

Iarrann an Chomhairle ar an Meitheal plé a dhéanamh, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin, ar shaincheisteanna comhleasa arna bplé i bhfóraim idirnáisiúnta agus a thagann faoi raon feidhme an chóid.

L.

Nuair a mheastar gurb iomchuí sin, d’fhéadfadh an Mheitheal tograí a chur faoi bhráid na Comhairle lena bhformheas le haghaidh treoir ghinearálta faoi raon feidhme a sainordaithe a mhéid is nach bhfuil an treoir ghinearálta atá á beartú cumhdaithe cheana féin le reachtaíocht an Aontais. A luaithe a fhormheasfaidh an Chomhairle í, foilseofar an treoir dheiridh. Go háirithe, cuirfidh an Mheitheal faoi bhráid na Comhairle lena bhformheas tograí le haghaidh treoir maidir le gnéithe sonracha cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu agus a thagann faoi raon feidhme mhír B2, agus déanfar measúnú ar ghnéithe den sórt sin maidir le Ballstáit – i gcomhréir leis na forálacha sin roimhe seo den chód seo – agus treoir den sórt sin á cur san áireamh.

M.

Tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil ról bunúsach ag forálacha frith-mhí-úsáide nó ag bearta cosanta atá i ndlíthe náisiúnta cánach agus i gcoinbhinsiúin um chánachas dúbailte chun an seachaint chánach agus an imghabháil chánach a chomhrac, agus i ndáil le straitéis sheachtrach an Aontais freisin.

Straitéis sheachtrach an Aontais agus raon feidhme geografach an chóid iompair maidir le cánachas gnó

N.

Measann an Chomhairle gurb inmholta gur cheart prionsabail a ghlacadh ar an mbonn geografach is leithne is féidir, prionsabail darb aidhm deireadh a chur le bearta díobhálacha cánach. Chuige sin, tá na Ballstáit tiomanta a gcur chun feidhme a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda trí chomhar a lorg le dlínsí atá lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear trí liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach. Leagtar amach mionsonraí an phróisis liostaithe i gConclúidí ón gComhairle an 5 Nollaig 2017 agus sna hathbhreithnithe agus sna nuashonruithe a rinneadh orthu ina dhiaidh sin agus sna treoirlínte ábhartha nós imeachta don phróiseas faireacháin.

Chuige sin, déanann an Mheitheal measúnuithe rialta ar na dlínsí ábhartha ar bhonn critéir oibiachtúla maidir le trédhearcacht cánach, cánachas cóir agus bearta frith-BEPS a chur chun feidhme.

Déanfaidh an Mheitheal an Chomhairle a chur ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn atá déanta agus a mholadh don Chomhairle an liosta a thabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú a dhéanamh ar an liosta.

O.

Ina theannta sin, tá na Ballstáit tiomanta glacadh phrionsabail an chóid a chur chun cinn i gcríocha nach mbaineann an Conradh leo. Go háirithe, na Ballstáit ag a bhfuil críocha spleácha nó críocha gaolmhara nó ag a bhfuil freagrachtaí speisialta nó sainchumais chánachais i ndáil le críocha eile, ar choinníoll nach bhfuil siad sin i raon feidhme liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach, tá na Ballstáit sin tiomanta, faoi chuimsiú a socruithe bunreachtúla, a áirithiú go gcuirfear na prionsabail sin i bhfeidhm sna críocha sin. I dtaca leis sin, déanfaidh na Ballstáit sin breithniú ar an staid i bhfoirm tuarascálacha chuig an Meitheal, a ndéanfaidh measúnú orthu faoin nós imeachta athbhreithnithe mar a thuairiscítear thuas.

Cur i bhfeidhm, faireachán agus athbhreithniú

P.

Ón 1 Eanáir 2023, gabhann an cód seo ionad an chóid iompair maidir le cánachas gnó a leagtar amach sa Rún ón gComhairle agus ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 1 Nollaig 1997. Mar sin féin, maidir le gnéithe cánach a bhfuil feidhm ghinearálta acu mar a shainmhínítear i mír B.2 iad, beidh feidhm ag míreanna E.1 go F.2 ón 1 Eanáir 2024, agus ní úsáidfear iad ach amháin le haghaidh bearta arna n-achtú nó arna modhnú an 1 Eanáir 2023 nó ina dhiaidh sin.

Chun a áirithiú go gcuirfear an cód chun feidhme go cothrom agus go héifeachtach, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoina bráid ar bhonn bliantúil maidir lena chur chun feidhme agus maidir le státchabhair fhioscach a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Chomhairle agus na Ballstáit athbhreithniú ar fhorálacha an chóid, i gcás inarb iomchuí, go háirithe nuair a bheidh comhdhearcadh nua idirnáisiúnta ann maidir le saincheisteanna ábhartha.


MOLTAÍ

An Chomhairle

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/6


MOLADHÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2022

lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirtíochta a gcuid gealltanas a chomhlíonadh faoi chuimsiú an bhuanchomhair struchtúrtha (PESCO)

(2022/C 433/02)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 46(6) de,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 10 maidir le buanchomhar struchtúrtha arna bhunú le hAirteagal 42 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2017/2315 ón gComhairle an 11 Nollaig 2017 lena mbunaítear buanchomhar struchtúrtha (PESCO) agus lena gcinntear liosta na mBallstát Rannpháirteach (1),

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 4(2)(d) de Chinneadh (CBES) 2017/2315 go bhfuil an Chomhairle le cinntí agus moltaí a ghlacadh maidir le measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú na mBallstát rannpháirteach (na Ballstáit rannpháirteacha) chun na gealltanais a comhaontaíodh a chomhlíonadh, i gcomhréir leis an sásra ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 6 den Chinneadh sin.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 6(3) de Chinneadh (CBES) 2017/2315 go bhfuil an Chomhairle, ar bhonn na tuarascála bliantúla ar PESCO arna tíolacadh ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Ardionadaí), le hathbhreithniú a dhéanamh uair sa bhliain féachaint an bhfuil na gealltanais is ceangailtí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chinneadh sin á gcomhlíonadh fós ag na Ballstáit rannpháirteacha.

(3)

Foráiltear le Foscríbhinn 1 a ghabhann leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis na Conclúidí ón gComhairle an 20 Samhain 2020 maidir le hAthbhreithniú Straitéiseach PESCO 2020 go bhfuil an tArdionadaí le tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme PESCO a chur i láthair faoi mhí Iúil gach bliain, d’fhonn go nglacfaidh an Chomhairle a moladh lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú PESCO faoi mhí na Samhna na bliana sin a chomhlíonadh. Foráiltear le mír 16 den Mholadh ón gComhairle an 6 Márta 2018 maidir le treochlár chun PESCO a chur chun feidhme (2) go bhfuil Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh chun comhairle mhíleata agus moltaí míleata a chur ar fáil don Choiste Polaitiúil agus Slándála chun go mbeidh ar chumas an Choiste an t-athbhreithniú ón gComhairle a ullmhú maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na gealltanais is ceangailtí á gcomhlíonadh fós ag na Ballstáit rannpháirteacha.

(4)

I mír 26 den Mholadh ón gComhairle an 16 Samhain 2021 maidir le comhlíonadh na ngealltanas is ceangailtí a tugadh faoi chuimsiú PESCO a sheicheamhú agus lena sonraítear cuspóirí níos beaichte, agus lena n-aisghairtear Moladh an 15 Deireadh Fómhair 2018 (3) (Moladh an 16 Samhain 2021 maidir le comhlíonadh na ngealltanas is ceangailtí a sheicheamhú), foráiltear go ndéanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a bpleananna náisiúnta cur chun feidhme a athbhreithniú agus a nuashonrú dá réir agus go gcuirfidh siad in iúl do rúnaíocht PESCO iad faoin 10 Márta 2022, agus go bliantúil ina dhiaidh sin faoin dáta céanna i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Chinneadh (CBES) 2017/2315, i bhfianaise an phróisis measúnaithe a leagtar amach in Airteagal 6(3) den Chinneadh sin. Gach bliain eile, tá ráiteas polaitiúil ardleibhéil le bheith ag gabháil leis na pleananna náisiúnta cur chun feidhme ina bhféadfadh na Ballstáit rannpháirteacha cur síos ar a bhfuil bainte amach acu agus tosaíochtaí agus rannchuidithe náisiúnta sonracha a lua agus a dtaithí a roinnt maidir le pleanáil agus rannchuidiú le gach gealltanas níos ceangailtí a chomhlíonadh.

(5)

Foráiltear le mír 28 den Mholadh ón gComhairle an 16 Samhain 2021 maidir le comhlíonadh na ngealltanas is ceangailtí a sheicheamhú, go bhfuil an tArdionadaí leis an Moladh sin a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ar PESCO ó 2022 ar aghaidh, rud a thacóidh leis an measúnú ar chomhlíonadh na ngealltanas is ceangailtí ag gach Ballstát rannpháirteach.

(6)

An 21 Márta 2022, ghlac an Chomhairle an Compás Straitéiseach don tSlándáil agus don Chosaint, ina gcuirtear i dtreis tiomantas na mBallstát na gealltanais uile is ceangailtí a chomhlíonadh faoi 2025, agus leas iomlán a bhaint as an mBuanchomhar Struchtúrtha chun a gcomhar maidir le forbairt cumais a threisiú (4).

(7)

An 18 Bealtaine 2022, ghlac an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí Joint Communication on the Defence Investment Gaps Analysis and Way Forward (DIGA) [Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir leis an Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh] (5).

(8)

An 13 Iúil 2022, chuir an tArdionadaí a Thuarascáil Bhliantúil maidir le stádas chur chun feidhme PESCO (’an Tuarascáil Bhliantúil’) ar fáil don Chomhairle lena n-áirítear maidir le comhlíonadh a ghealltanas ag gach Ballstát rannpháirteach, i gcomhréir lena phleananna náisiúnta cur chun feidhme nuashonraithe athbhreithnithe.

(9)

Ar an mbonn sin, ba cheart don Chomhairle, dá bhrí sin, moladh a ghlacadh lena ndéantar measúnú ar an dul chun cinn a rinne na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais a tugadh faoi chuimsiú PESCO a chomhlíonadh,

TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

I.   Cuspóir agus raon feidhme

1.

Is é is cuspóir don Mholadh seo measúnú a dhéanamh ar na rannchuidithe a rinne na Ballstáit rannpháirteacha chun na gealltanais is ceangailtí a tugadh faoi chuimsiú PESCO a chomhlíonadh. Tá an measúnú bunaithe ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Stádas Chur Chun Feidhme PESCO a chuir an tArdionadaí ar fáil an 13 Iúil 2022 (an “Tuarascáil Bhliantúil”) agus ar na pleananna náisiúnta cur chun feidhme a thíolaic na Ballstáit rannpháirteacha in 2022, a raibh ráitis pholaitiúla ardleibhéil ag gabháil leo.

II.   Torthaí agus moltaí

2.

Leis an Tuarascáil Bhliantúil, tá bonn láidir chun stádas chur chun feidhme PESCO a mheas, lena n-áirítear comhlíonadh an 20 gealltanas is ceangailtí ag gach Ballstát rannpháirteach, i gcomhréir lena phlean náisiúnta cur chun feidhme.

3.

I bhfianaise an chomhthéacs gheopholaitiúil, lena n-áirítear cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine lena gcuirtear síocháin agus slándáil Eorpach agus dhomhanda i mbaol, agus i bhfianaise thimpeallacht na bagartha atá ag síorathrú, is ionstraim luachmhar i gcónaí é PESCO don chomhar agus chun feabhas a chur ar chumais chosanta na mBallstát rannpháirteach. Trína n-iarrachtaí, rannchuidíonn na Ballstáit rannpháirteacha le feabhas a chur ar chumas an Aontais gníomhú mar sholáthraí slándála agus lena neamhspleáchas straitéiseach, agus lena chumas a neartú chun comhoibriú le comhpháirtithe, a shaoránaigh a chosaint, agus a luachanna agus leasanna a chosaint. Ina theannta sin, i bhfianaise na gcuspóirí a glacadh faoi chuimsiú an Chompáis Straitéisigh, tá gá le tuilleadh iarrachtaí chun úsáid a bhaint as acmhainneacht iomlán PESCO. Ach Aontas níos láidre agus níos cumasaí a bheith ann sa tslándáil agus sa chosaint, cuirfear leis an tslándáil dhomhanda agus thrasatlantach, agus comhlánófar ECAT, arb é i gcónaí é, ag na Stáit sin atá ina gcomhaltaí de, bunchloch a gcosanta comhchoitinne.

1.   Pleananna Náisiúnta Cur Chun Feidhme

4.

Ag aithint di gur gá do na Ballstáit rannpháirteacha spriocanna insoláthartha nithiúla a bhaint amach ar bhealach níos fearr agus cur chun feidhme a éascú i ndáil leis na gealltanais níos ceangailtí a chomhlíonadh a luaithe is féidir, agus faoi dheireadh 2025, cuireann an Chomhairle i dtreis go bhfuil dul chun cinn déanta ag na Ballstáit rannpháirteacha, ar leibhéil éagsúla, maidir leis an 20 gealltanas níos ceangailtí a thug siad dá chéile a chur chun feidhme agus maidir le tionscadail a chur chun feidhme. Mar sin féin, ba cheart dóibh dlús a chur leis na hiarrachtaí uile a chomhlíonadh tráth nach déanaí ná 2025, arna iarraidh leis an Moladh ón gComhairle an 16 Samhain 2021 maidir le comhlíonadh na ngealltanas is ceangailtí a sheicheamhú, agus mar a athdhearbhaítear sa Chompás Straitéiseach é. Thairis sin, cuireann an Chomhairle an méid seo i dtreis maidir leis na Ballstáit rannpháirteacha:

(a)

lean siad de mhéadú a dhéanamh ar a gcaiteachas cosanta agus léirigh siad pleananna le haghaidh méaduithe breise in 2022 agus i dtréimhse 2023-25, mar fhreagairt freisin ar chogadh foghach na Rúise faoi Úcráin. Ba cheart an treocht dhearfach sin maidir le caiteachas cosanta agus infheistíocht cosanta a chothabháil san fhadtéarma, agus ba cheart d’fhormhór na mBallstát rannpháirteach méadú suntasach a dhéanamh freisin ar thaighde cosanta agus ar chaiteachas teicneolaíochta chun an 2 % den chaiteachas cosanta iomlán a comhaontaíodh a bhaint amach (tagarmharc coiteann). I ndáil leis an méid sin, ba cheart na huirlisí agus na struchtúir den Aontas atá ar fáil a mheas ina n-iomláine, lena n-áirítear an Mol nuabhunaithe don Nuálaíocht Cosanta Eorpach laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus Scéim Nuálaíochta Cosanta an Aontais Eorpaigh laistigh den Choimisiún, agus leas a bhaint as a n-acmhainneacht;

(b)

is beag dul chun cinn a léiríodh maidir leis an ngealltanas líon na dtionscadal comhoibríoch um chumas cosanta a mhéadú agus maidir leis an infheistíocht ghaolmhar i soláthar trealaimh cosanta agus i dtaighde agus teicneolaíocht chosanta. Chun aghaidh a thabhairt ar Thosaíochtaí Forbartha Cumas an Aontais Eorpaigh agus chun na tagarmharcanna comhchoiteanna comhaontaithe a bhaint amach (20 % den chaiteachas comhoibríoch iomlán ar thaighde agus ar theicneolaíocht chosanta, 35 % den chaiteachas comhoibríoch iomlán ar sholáthar trealaimh cosanta), ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha an úsáid is fearr is féidir a bhaint as tionscnaimh agus uirlisí cosanta an Aontais atá ann cheana, agus ba cheart dóibh infheistíocht chomhoibríoch i réimse na cosanta a mhéadú agus a ghiaráil tuilleadh ar leibhéal an Aontais (6). I ndáil leis sin, moltar dóibh úsáid iomlán a bhaint as torthaí an Athbhreithnithe Chomhordaithe Bhliantúil ar Chosaint (CARD) agus as na moltaí a ghabhann leis, go háirithe na deiseanna comhoibríocha agus na Réimsí Fócais. Agus an Compás Straitéiseach á chur san áireamh, iarrtar orthu freisin, deiseanna nua a thabhairt ar aghaidh i gcreat PESCO, amhail soláthar comhpháirteach a chothú, lena n-áirítear san obair leantach ar an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le DIGA.

(c)

ar an iomlán, rinne siad a rannchuidiú le misin agus oibríochtaí míleata de chuid an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) a chothabháil nó a mhéadú de bheagán, ach tá bearnaí fós ann agus ba cheart iad a líonadh go práinneach. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha feabhas suntasach a chur ar a n-iarrachtaí na gealltanais oibríochtúla a chomhlíonadh, agus prionsabal na foinse aonair fórsaí á chur san áireamh, ós rud é gur ábhar imní fós é an rannchuidiú le misin agus le hoibríochtaí. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha dlús a chur lena rannchuidiú le huainchlár Chathghrúpaí an Aontais agus leis an mBunachar Sonraí Mearfhreagartha. Thairis sin, ba cheart dóibh aghaidh a thabhairt go sonrach ar easnaimh straitéiseacha chumais, eadhon na Spriocanna Ardtionchair Cumais. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha tograí nithiúla a chur ar fáil chun feabhas a chur ar chomhchistiú mhisin agus oibríochtaí CBSC, agus i gcomhthéacs acmhainneacht mhear-imscartha an Aontais freisin, lena n-áirítear trí athmheasúnú a dhéanamh ar raon feidhme agus ar shainiú na gcostas coiteann chun an dlúthpháirtíocht a fheabhsú agus rannpháirtíocht i misin agus oibríochtaí míleata a spreagadh agus i gcostais a bhaineann le freachnamh. Ba cheart bailchríoch a chur go práinneach ar an obair ar an sainmhíniú ar pharaiméadair maidir le cion cothrom na rannchuidithe le misin agus oibríochtaí míleata, mar a iarradh sa Mholadh ón gComhairle an 16 Samhain 2021 maidir le comhlíonadh na ngealltanas is ceangailtí a sheicheamhú. Tá sé sin tábhachtach chun na Ballstáit rannpháirteacha a spreagadh agus chun tacú lena rannchuidiú a mhéadú, de réir a n-acmhainní agus a gcumas, le misin agus oibríochtaí CBSC, lena n-áiritheofar trédhearcacht eatarthu maidir le comhlíonadh a ngealltanas faoi seach;

(d)

tá dul chun cinn beag déanta acu maidir le glacadh uirlisí agus phróisis an Aontais le haghaidh pleanáil agus forbartha cumais mar threoshuíomh don phleanáil náisiúnta agus don chinnteoireacht náisiúnta. Moltar do na Ballstáit rannpháirteacha dlús a chur lena n-iarrachtaí chun úsáid níos córasaí agus níos gníomhaí a bhaint as na hionstraimí sin, lena n-áirítear moltaí CARD, chun a n-acmhainneacht iomlán a nochtadh agus chun easnaimh chumais a shárú ar bhealach comhoibríoch;

(e)

ní thugann siad aghaidh go leordhóthanach ar an tiomantas oibriú le chéile chun easnaimh chumais a shárú. Is fíortheoranta an úsáid a bhaintear as cur chuige comhoibríoch Eorpach go fóill agus ba cheart i bhfad níos mó úsáide a bhaint as. Sna NIPanna atá acu, léiríonn na Ballstáit rannpháirteacha spéis i saothrú mholtaí CARD maidir leis an gcomhar cosanta, go háirithe na deiseanna comhoibríocha sainaitheanta. Chuige sin, ba cheart dóibh na deiseanna sin a áireamh ar bhealach córasach ina bpleanáil náisiúnta agus tuairisciú orthu ina NIPanna. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha tuilleadh oibre a dhéanamh le chéile chun cumais a sholáthar chun struchtúir ceannais agus rialaithe an Aontais a neartú, go háirithe an Cumas Míleata Pleanála agus Seolta (MPCC) mar an struchtúr ceannais agus rialaithe is fearr, agus chun RDC an Aontais a oibríochtú, i gcomhréir leis an gCompás Straitéiseach. Meabhraíodh don Chomhairle gur áirithíodh agus go n-áiritheofar feasta comhleanúnachas an aschuir idir CDP agus CARD, ar thaobh amháin, agus próisis ECAT faoi seach amhail Próiseas Pleanála um Chosaint de chuid ECAT ar an taobh eile, i gcás ina mbíonn ceanglais ag forluí ar a chéile, agus go n-aithneofar san am céanna cineál éagsúil an dá eagraíocht gona bhfreagrachtaí gona mballraíochtaí faoi seach;

(f)

tá sé léirithe acu go n-úsáidtear GEC den chuid is mó mar fhóram Eorpach um fhorbairt cumais. Mar sin féin, tá leibhéal na hinfheistíochta i dtionscadail a forbraíodh i gcreat GEC fós íseal agus ba cheart é a mhéadú, agus é mar aidhm aige ról GEC mar fhóram d’fhorbairt cumais a neartú a thuilleadh freisin;

(g)

is soiléire atá sé léirithe acu go nglacann siad páirt i dtionscadail chomhoibríocha, Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí (EDTIB) á neartú ar fud an Aontais, trí leas a bhaint freisin as tionscnaimh chun cumais chosanta a sholáthar go comhpháirteach. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha na prionsabail sin a léiriú a thuilleadh sna beartais thionsclaíocha agus sna straitéisí fála faoi seach atá acu.

5.

Tugann an Chomhairle dá haire gur deimhníodh sa mheasúnú ar NIPanna nuashonraithe go leanann cur chun feidhme roinnt gealltanas de bheith ag titim chun deiridh má tá siad le comhlíonadh faoi 2025. Agus PESCO á chur chun feidhme a thuilleadh, moltar do gach Ballstát rannpháirteach, dá bhrí sin, na torthaí agus na moltaí a cuireadh i láthair sa Tuarascáil Bhliantúil a chur san áireamh, agus athbhreithniú a dhéanamh dá réir sin ar a rannchuidiú le comhlíonadh na ngealltanas is ceangailtí. Iarrtar ar na Ballstáit rannpháirteacha faisnéis níos mionsonraithe a léiriú ina NIPanna chun na cuspóirí a leagtar amach don dara céim thosaigh de PESCO a bhaint amach. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí conair aníos inbhuanaithe a léiriú chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na ngealltanas uile is ceangailtí i leith PESCO a chomhlíonadh faoi 2025. Dá bhrí sin, ba cheart do rúnaíocht PESCO ceardlann a eagrú a bheadh dírithe ar bhealaí a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar na gealltanais is dúshlánaí, in oirchill an chéad nuashonraithe eile ar NIP.

6.

Tá ráiteas polaitiúil ardleibhéil curtha ag gach Ballstát rannpháirteach lena NIPanna, ráiteas ina leagtar amach an méid is mó atá bainte amach agus ina luaitear tosaíochtaí náisiúnta sonracha agus an rannchuidiú le comhlíonadh na ngealltanas is ceangailtí. Cuireann an Chomhairle i bhfios go láidir ábharthacht na ráiteas polaitiúil maidir le seasaimh na mBallstát rannpháirteach a thíolacadh. Cuireann sí i dtreis a thábhachtaí atá sé an úinéireacht pholaitiúil is gá a áirithiú agus tacú le plé spreagthach ar an leibhéal polaitiúil. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha, in 2024, agus gach bliain eile ina dhiaidh sin, ráiteas polaitiúil ardleibhéil den sórt sin a chur lena NIP arís.

7.

Bhain formhór na mBallstát rannpháirteach leas cheana as an ardán digiteach a d’fhorbair GEC chun a NIPanna a thíolacadh. Moltar do na Ballstáit rannpháirteacha leanúint den leas sin a bhaint as amach anseo, ós rud é go gcuirfidh sé sin ar a gcumas sonraí a úsáid a chuir siad ar fáil cheana féin i gcomhthéacs tionscnaimh chosanta ábhartha de chuid an Aontais agus an t-ualach riaracháin a laghdú.

2.   Tionscadail PESCO

8.

Glacadh 14 thionscadal nua sa cheathrú babhta de thionscadail PESCO i mí na Samhna 2021 (7), rud a fhágann gurb ann do 60 tionscadal PESCO faoi láthair, lena rannchuidítear le comhlíonadh na 20 gealltanas is ceangailtí agus, ar an gcaoi sin, deimhnítear luach chreat PESCO chun tionscadail chomhoibríocha a fhorbairt. Le glacadh thionscadail PESCO lena dtugtar aghaidh ar dheiseanna comhoibríocha, lena n-áirítear Réimsí ábhartha Fócais arna sainaithint le CARD, léiríodh comhleanúnachas méadaitheach idir an dá thionscnamh.

9.

Molann an Chomhairle do na Ballstáit rannpháirteacha úsáid a bhaint as an gcúigiú babhta de thionscadail PESCO, atá le glacadh in 2023, chun tionscadail atá ábhartha go straitéiseach a sheoladh darb aidhm cumais chriticiúla a chur ar fáil agus idirinoibritheacht fórsaí a fheabhsú, agus i gcomhréir freisin le Tosaíochtaí Forbartha Cumais an Aontais a dhíoraítear ó CDP, agus an treoir a comhaontaíodh sa Chompás Straitéiseach. Cuireann an Chomhairle i dtreis go gcuirtear deis ar fáil leis an gcúigiú babhta atá ar na bacáin torthaí an dara timthriall de CARD a thabhairt ar aghaidh, go háirithe trí úsáid na ndeiseanna comhoibríocha sainaitheanta a mhéadú, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil fócas oibríochtúil acu, chomh maith leis na Réimsí Fócais. Meabhraíonn an Chomhairle gur próiseas é PESCO atá faoi stiúir na mBallstát i gcónaí agus iarrann sí ar rúnaíocht PESCO tacú le tograí tionscadail a ghiniúint agus go ndéanfar dul chun cinn breise ina leith de réir mar is iomchuí, agus ar an gcaoi sin é á áirithiú gur fearr a n-ullmhófar tionscadail nua agus go mbainfear amach iad gan mhoill, fiú sa chúigiú babhta.

10.

Tugann an Chomhairle dá haire, go ndearnadh, mar a léiríodh sa tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le tionscadail PESCO, tuarascáil a cuireadh chuig an gComhairle an 29 Meitheamh, dul chun cinn foriomlán maidir leis na tionscadail, agus 18 acu, ar fud na réimsí uile, ag céim an fhorghníomhaithe cheana, agus dhá cheann acu a bhfuil lánchumas oibriúcháin bainte amach acu cheana féin. Is díol sásaimh don Chomhairle freisin go bhfuiltear ag súil go mbeidh torthaí nithiúla ar bheagnach leath de na tionscadail faoi 2025. Áirítear leis sin 77 % de na tionscadail (20 as 26) a sainaithníodh sna Conclúidí ón gComhairle an 20 Samhain 2020 maidir le hAthbhreithniú Straitéiseach PESCO 2020 mar thionscadail a meastar go mbeidh torthaí nithiúla orthu sa tréimhse ama sin. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha machnamh a dhéanamh ar ról feabhsaithe a bheith ag rúnaíocht PESCO chun tacú le cur chun feidhme tionscadal, eadhon trí leas a bhaint as saineolas GEC mar chreat le haghaidh cur chun feidhme tionscadal um chumas comhpháirteach, lena n-áirítear na huirlisí bainistithe tionscadal a thairgtear cheana do na Ballstáit rannpháirteacha, agus saineolas Fhoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh maidir le gnéithe oibríochtúla. Thairis sin, le tacaíocht ó rúnaíocht PESCO de réir mar is iomchuí, ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha feabhas a chur ar an gcumarsáid straitéiseach maidir leis na tionscadail, ar cumarsáid ar dhul chun cinn a dhéanamh ina leith agus ar a úsáidí atá siad don chosaint agus don slándáil Eorpach. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirteacha smaoineamh freisin ar leas a bhaint as cúrsa an Choláiste Eorpaigh um Shlándáil agus um Chosaint maidir le tionscadail PESCO a bhainistiú.

11.

Ag an am céanna, tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil deacrachtaí cur chun feidhme fós ag baint le roinnt tionscadal eile, lena n-áirítear moilleanna maidir le cuspóirí na dtionscadal a bhaint amach. Cuireann an Chomhairle chun suntais gur cheart do na Ballstáit rannpháirteacha iarrachtaí feabhsaithe a dhéanamh chun torthaí nithiúla a bhaint amach mar atá beartaithe, go háirithe i gcás na dtionscadal sin a bunaíodh go hoifigiúil in 2018 nach bhfuil aon spriocanna insoláthartha nithiúla curtha ar fáil acu go fóill. I gcás ina sainaithníonn comhaltaí tionscadail nach féidir le tionscadail na haschuir a bhfuiltear ag súil leo a sholáthar, ba cheart na tionscadail sin a athbheochan nó a dhúnadh chun ábharthacht, éifeachtacht agus inchreidteacht thionscadail uile PESCO a áirithiú. Ar an gcaoi chéanna, iarrtar go gcuirfear tús le gníomhaíochtaí de chuid tionscadail nua laistigh de 6 mhí ón dáta a ghlacfar leo sa PESCO. I gcomhthéacs dhul chun cinn thionscadail PESCO, d’fhéadfadh na Ballstáit rannpháirteach a iarraidh ar rúnaíocht PESCO measúnú a chur ar fáil ina leith sin. Ina theannta sin, d’fhonn rioscaí sainaitheanta do chur chun feidhme tionscadal a mhaolú, d’fhéadfadh comhaltaí tionscadail teacht ar chomhaontú maidir le raon feidhme indéanta, amlínte táscacha an tionscadail agus leithdháileadh na n-acmhainní is gá chun tionscadail PESCO a chur chun feidhme, agus trí chistiú ón Aontas a lorg i gcás inar féidir. D’fhéadfaí a iarraidh ar rúnaíocht PESCO dea-chleachtais a bhailiú le haghaidh tionscadail PESCO a bhainistiú agus a chur chun feidhme, agus iad a roinnt le Ballstáit rannpháirteacha i bhfoirm treoir do chomhordaitheoirí tionscadail.

12.

D’fhéadfadh rúnaíocht PESCO cruinnithe a mholadh agus a éascú idir grúpaí de thionscadail PESCO a bhfuil sineirgí agus comóntachtaí sainaitheanta acu, chun comhar a chur chun cinn agus chun tionchar agus éifeachtúlacht na dtionscadal sin a mhéadú, chun acmhainní a shábháil agus chun dúbailt neamhriachtanach a chosc. I gcás na dtionscadal sin atá beagnach críochnaithe, d’fhéadfadh rúnaíocht PESCO plé a spreagadh agus a éascú maidir le húsáid cumas agus struchtúr gaolmhar a cuireadh ar fáil, lena n-áirítear tionscadail leantacha a d’fhéadfaí a dhéanamh.

13.

Is díol sásaimh don Chomhairle go bhfuil Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada agus an Iorua ag glacadh páirt i dtionscadal na Soghluaisteachta Míleata, ó mhí na Nollag 2021, i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2020/1639 ón gComhairle (8), agus tar éis Cinntí (CBES) 2021/748 (9), (CBES) 2021/749 (10) agus (CBES) 2021/750 (11) ón gComhairle.

Meabhraítear di go bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do chomhpháirtithe a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO amach anseo, i gcomhréir leis an nós imeachta cuiridh atá i gCinneadh (CBES) 2020/1639, agus tugann sí dá haire gur spéis le roinnt comhpháirtithe de chuid an Aontais páirt a ghlacadh i dtionscadail PESCO. I ndáil leis sin, tá an Chomhairle ag súil le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i dtionscadal na Soghluaisteachta Míleata, tar éis an Chinnidh (CBES) 2022/2244 ón gComhairle (12).

III.   An bealach chun tosaigh

14.

Iarrtar ar na Ballstáit rannpháirteacha a NIPanna a nuashonrú agus iad a chur faoi bhráid rúnaíocht PESCO faoin 10 Márta 2023.

15.

Moltar do na Ballstáit rannpháirteacha tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na 20 gealltanas is ceangailtí, chun go gcomhlíonfar iad faoi 2025, agus na dtionscadal gaolmhar, agus na tograí a leagtar amach sa Mholadh seo á gcur san áireamh. Ba cheart, le pléití polaitiúla ardleibhéil rialta idir na Ballstáit rannpháirteacha agus an tArdionadaí, agus ag comhlachtaí ullmhúcháin faoi seach de chuid na Comhairle agus i bhformáidí ábhartha eile, de mhóiminteam polaitiúil agus úinéireacht fheabhsaithe na mBallstát rannpháirteach a áirithiú. Iarrann an Chomhairle ar rúnaíocht PESCO tabhairt faoina ról tacaíochta, sna gníomhaíochtaí a shainaithnítear sa Mholadh seo, lena n-áirítear trí cheardlanna tiomnaithe a eagrú.

16.

Tugann an Chomhairle dá haire go bhfuil PESCO, trína ghealltanais is ceangailtí agus trína thionscadail chomhoibríocha, ina ionstraim thábhachtach don chomhar, go háirithe i bhfianaise na timpeallachta geostraitéisí. Tá ról lárnach ag creat PESCO maidir le tacú le cur chun feidhme an Chompáis Straitéisigh, maidir le haghaidh a thabhairt ar Thosaíochtaí Forbartha Cumas an Aontais agus maidir le leas iomlán a bhaint as torthaí CARD, go háirithe as na deiseanna comhoibríocha sainaitheanta, agus an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le DIGA á cur san áireamh, agus maidir le EDTIB a neartú ar fud an Aontais. Iarrann an Chomhairle freisin go ndéanfaí obair a thabhairt chun cinn maidir le feabhas a chur ar chomhleanúnachas thionscnaimh chosanta an Aontais, agus d’fhonn nósanna imeachta a shimpliú, comhroinnt faisnéise a mhéadú agus tosaíochtaí níos sonraí a chur ar fáil. Is díol sásaimh di gur tionóladh an chéad chruinniú bliantúil de chuid na nAirí Cosanta maidir le tionscnaimh chosanta an Aontais lena dtugtar aghaidh ar fhorbairt cumais, agus leas iomlán á bhaint as na formáidí atá ann cheana, rud a thacódh a thuilleadh le comhleanúnachas thionscnaimh chosanta an Aontais.

17.

Meabhraítear don Chomhairle go ndéanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha, i gcomhthéacs phróiseas Athbhreithnithe Straitéisigh PESCO atá le seoladh roimh dheireadh an dara céim thosaigh de PESCO in 2025, agus mar a luaitear i bhfógra PESCO, ina meabhraítear freisin cineál speisialta bheartas slándála agus cosanta Ballstát áirithe, measúnú ar chomhlíonadh ghealltanais uile PESCO, agus go ndéanfaidh siad gealltanais nua a phlé agus cinneadh a dhéanamh ina leith, chun go gcuirfear tús le céim nua ionsar chomhtháthú slándála agus cosanta na hEorpa. Molann an Chomhairle do na Ballstáit rannpháirteacha, agus tacaíocht á tabhairt ag rúnaíocht PESCO, tús a chur le plé in 2023 maidir leis an Athbhreithniú Straitéiseach atá ar na bacáin, lena n-áirítear maidir le hamlínte agus garspriocanna a d’fhéadfadh a bheith ann.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO L 331, 14.12.2017, lch. 57

(2)  IO C 88, 8.3.2018, lch. 1

(3)  IO C 464, 17.11.2021, lch. 1

(4)  Doic. 7371/22

(5)  JOIN(2022)24 final

(6)  Mar a luadh sa Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le DIGA, tháinig laghdú ar an sciar de sholáthar trealaimh chomhoibríoch cosanta ar an meán ó 11 % in 2020 go dtí thart ar 8 % in 2021 agus, ag an am céanna, b’ionann an caiteachas comhcheangailte ar Thaighde cosanta agus ar Theicneolaíocht chosanta agus 1.2 % den chaiteachas cosanta iomlán in 2020.

(7)  Cinneadh (CBES) 2021/2008 ón gComhairle an 16 Samhain 2021 lena leasaítear agus lena nuashonraítear Cinneadh (CBES) 2018/340 lena mbunaítear liosta na dtionscadal atá le forbairt faoi PESCO (IO L 407, 17.11.2021, lch. 37).

(8)  Cinneadh (CBES) 2020/1639 ón gComhairle an 5 Samhain 2020 maidir leis na coinníollacha ginearálta faoina bhféadfaí cuireadh eisceachtúil a thabhairt do thríú Stáit a bheith rannpháirteach i dtionscadail aonair PESCO (IO L 371, 6.11.2020, lch. 3).

(9)  Cinneadh (CBES) 2021/748 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le rannpháirtíocht Cheanada i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO (IO L 160, 7.5.2021, lch. 106).

(10)  Cinneadh (CBES) 2021/749 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le rannpháirtíocht Ríocht na hIorua i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” (IO L 160, 7.5.2021, lch. 109).

(11)  Cinneadh (CBES) 2021/750 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 maidir le rannpháirtíocht Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO (IO L 160, 7.5.2021, lch. 112).

(12)  Cinneadh (CBES) ón gComhairle 2022/2244 an 14 Samhain 2022 maidir le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe agus Thuaisceart Éireann i dtionscadal “Soghluaisteacht Mhíleata” PESCO (IO L 295, 15.11.2022, lch. 22).


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/13


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10845 — HG / WCAS / WARBURG PINCUS / NORSTELLA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 433/03)

An 10 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10845. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


III Gníomhartha ullmhúcháin

AN CHOMHAIRLE

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/14


SEASAMH (AE) Uimh. 3/2022 ÓN gCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH

chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 433/04)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 157(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Faoi Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), is luach bunaidh de chuid an Aontais é an comhionannas agus is comhluach ag na Ballstáit é i sochaí arb é is sainairí inti an comhionannas idir mná agus fir. Faoi Airteagal 3(3) CAE, tá an tAontas le comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn.

(2)

Le hAirteagal 157(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta a ghlacadh d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha.

(3)

D’fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, le hAirteagal 157(4) CFAE, ceadaítear gníomhaíocht dhearfach trí cheadú do na Ballstáit bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh. Foráiltear le hAirteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) go bhfuil an comhionannas idir mná agus fir le háirithiú i ngach réimse agus nach féidir le prionsabal an chomhionannais cosc a chur ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena bhforáiltear do bhuntáistí sonracha i bhfabhar an ghnéis thearcionadaithe.

(4)

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a d’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún go comhpháirteach in 2017, cuimsítear i measc phrionsabail an cholúin sin nach mór deimhin a dhéanamh de go gcaitear go comhionann le mná agus le fir agus go mbeidh comhdheiseanna acu, lena n-áirítear rannpháirteachas sa mhargadh saothair, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta agus dul chun cinn sa ghairmréim.

(5)

Chun comhionannas inscne a bhaint amach san ionad oibre, tá gá le cur chuige cuimsitheach, lena n-áirítear freisin cinnteoireacht atá cothrom ó thaobh inscne de a chothú laistigh de chuideachtaí ar gach leibhéal, chomh maith leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh. Is réamhriachtanas tábhachtach freisin é comhionannas a áirithiú san ionad oibre chun an bhochtaineacht i measc na mban a laghdú.

(6)

I Moladh 84/635/CEE ón gComhairle (4), moladh do na Ballstáit bearta a dhéanamh lena áirithiú go n-áireofaí le gníomhaíocht dhearfach, a mhéid is féidir, gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar acu ar rannpháirtíocht ghníomhach na mban i gcomhlachtaí cinnteoireachta. I Moladh 96/694/CE ón gComhairle (5), moladh do na Ballstáit an earnáil phríobháideach a spreagadh chun cur le líon na mban ar gach leibhéal cinnteoireachta, go háirithe trí phleananna comhionannais agus cláir um ghníomhaíocht dhearfach a ghlacadh nó laistigh de chreat pleananna agus cláir den sórt sin.

(7)

Is é is aidhm don Treoir seo cur i bhfeidhm phrionsabal an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir a áirithiú agus ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a bhaint amach i measc poist ardbhainistíochta trí shraith ceanglas nós imeachta a bhunú maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra bunaithe ar thrédhearcacht agus fiúntas.

(8)

Le blianta beaga anuas, tá roinnt tuarascálacha curtha i láthair ag an gCoimisiún ina ndéantar breithniú ar an staid maidir le comhionannas inscne i gcinnteoireacht eacnamaíoch. Mhol sé do chuideachtaí liostaithe cur le líon na ndaoine den ghnéas tearcionadaithe ar a mboird trí bhíthin bearta féinrialála agus chun gealltanais nithiúla dheonacha a dhéanamh ina leith sin. Sa teachtaireacht uaidh an 5 Márta 2010 dar teideal A Strengthened Commitment to Equality between Women and Men – A Women's Charter [Gealltanas Neartaithe i leith Comhionannas idir Mná agus Fir – Cairt na mBan], chuir an Coimisiún i dtreis nach mbíonn rochtain iomlán fós ag mná ar chomhroinnt na cumhachta agus na cinnteoireachta sa saol polaitiúil agus sa saol eacnamaíoch ná san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach, agus d’athdhearbhaigh sé a ghealltanas leas a bhaint as a chumhachtaí chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i bpoist lena ngabhann cumhacht sa saol poiblí agus sa gheilleagar a chur chun cinn. Sa teachtaireacht uaidh an 21 Meán Fómhair 2010 dar teideal Strategy for equality between women and men 2010-2015 [Straitéis le haghaidh comhionannas idir mná agus fir 2010-2015], bhí sé ar cheann de na tosaíochtaí a leag an Coimisiún amach feabhas a chur ar chothromaíocht inscne sa chinnteoireacht. Is ceann de na tosaíochtaí a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025] go mbainfí amach comhionannas inscne sa chinnteoireacht agus sa pholaitíocht.

(9)

Sna conclúidí uaithi an 7 Márta 2011 maidir leis an gComhaontú Eorpach um Chomhionannas Inscne (2011-2020), d’aithin an Chomhairle go bhfuil beartais comhionannais inscne ríthábhachtach don fhás eacnamaíoch, don rathúnas agus don iomaíochas. D’athdhearbhaigh sí a tiomantas na bearnaí idir na hinscní a dhúnadh d’fhonn chuspóirí Straitéis Eoraip 2020 a chomhlíonadh, go háirithe i dtrí réimse a bhfuil ábharthacht mhór ag baint leo maidir le comhionannas inscne, eadhon fostaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. D’iarr sí chomh maith go ndéanfaí rannpháirtíocht chothrom idir mná agus fir a chur chun cinn sa chinnteoireacht ar gach leibhéal agus i ngach réimse, chun lánúsáid a bhaint as na tallanna uile. I ndáil leis sin, agus leas á bhaint as an tallann, as an eolas agus as na smaointí go léir atá ar fáil, chuirfí go mór le héagsúlacht achmhainní agus d’fheabhsófaí ionchais ghnó.

(10)

Sa teachtaireacht uaidh an 3 Márta 2010 dar teideal Europe 2020 A strategy for smart, sustainable and inclusive growth [An Eoraip 2020: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach] (“Straitéis Eoraip 2020”), d’aithin an Coimisiún gur réamhchoinníoll é cur le rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair chun borradh a chur faoin bhfás agus chun dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha san Eoraip. Leagadh síos i Straitéis Eoraip 2020 príomhsprioc maidir le ráta fostaíochta 75 % ar a laghad a bhaint amach do dhaonra an Aontais idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois faoi 2020. Tá sé tábhachtach go ndéanfar tiomantas soiléir do dheireadh a chur leis an mbearna phá leanúnach idir na hinscní agus go ndéanfar iarracht atreisithe chun dul i ngleic leis na bacainní uile ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair, lena n-áirítear feiniméan “an tsíleáil ghloine” atá ann i rith an ama. I nDearbhú Porto, a shínigh na Cannairí Stáit nó Rialtais an 8 Bealtaine 2021 (6), luadh gur dhíol sásaimh iad príomhspriocanna nua an Aontais maidir le poist, scileanna agus laghdú bochtaineachta agus an scórchlár sóisialta athbhreithnithe a mhol an Coimisiún sa teachtaireacht uaidh an 4 Márta 2021 dar teideal The European Pillar of Social Rights Action Plan “[Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta]. Leis an bPlean Gníomhaíochta sin, foráiltear, chun an sprioc fhoriomlán de ráta fostaíochta de 78 % ar a laghad i measc dhaonra an Aontais idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois a bhaint amach faoi 2030, gur gá tréaniarracht a dhéanamh an bhearna fostaíochta idir na hinscní a laghdú faoi leath ar a laghad i gcomparáid le 2019. Táthar ag súil go mbeidh éifeacht dhearfach ag rannpháirtíocht na mban i gcinnteoireacht eacnamaíoch, ar bhoird go háirithe, ar fhostaíocht ban sna cuideachtaí lena mbaineann agus ar fud an gheilleagair ar fad. I ndiaidh ghéarchéim COVID-19, tá tábhacht níos mó ná riamh ag an gcomhionannas inscne agus ag an gceannaireacht chuimsitheach, i gcomhréir leis an ngá atá le leas iomlán a bhaint as díorma na ndaoine tréitheacha, idir mhná agus fir, atá ar fáil. Is léir ón taighde go gcumasaítear téarnamh agus athléimneacht trí chuimsiú agus éagsúlacht. Tá siad ríthábhachtach ó thaobh iomaíochas eacnamaíoch an Aontais a áirithiú, nuálaíocht a spreagadh agus caighdeáin ghairmiúla ar bhoird a fheabhsú.

(11)

I rún uaithi an 6 Iúil 2011 maidir le mná agus ceannaireacht ghnó, d’áitigh Parlaimint na hEorpa ar chuideachtaí an tairseach chriticiúil 30 % a bhaint amach faoi 2015, agus 40 % faoi 2020, i dtaobh ballraíocht ban i gcomhlachtaí bainistíochta. D’iarr sí ar an gCoimisiún, dá gcinnfí nach leor na céimeanna a thug cuideachtaí agus na Ballstáit, reachtaíocht a mholadh faoi 2012, lena n-áiritheofaí cuótaí. Bheadh sé tábhachtach go gcuirfí reachtaíocht den sórt sin chun feidhme ar bhonn sealadach agus go spreagfaí leis athrú agus athchóirithe gasta chun deireadh a chur le neamhionannas leanúnach inscne agus steiréitíopaí sa chinnteoireacht eacnamaíoch. I rúin an 13 Márta 2012 agus an 21 Eanáir 2021 uaithi, d’athdhearbhaigh Parlaimint na hEorpa gur iarr sí reachtaíocht ina leith sin.

(12)

Tá sé tábhachtach d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais dea-shampla a thabhairt a mhéid a bhaineann le comhionannas inscne trí, inter alia, chuspóirí a leagan síos le haghaidh ionadaíocht atá cothrom ó thaobh inscne de ar gach leibhéal bainistíochta. Is gá aird ar leith a thabhairt ar bheartais maidir le hearcú na bainistíochta sinsearaí. Dá bhrí sin, i dteachtaireacht uaidh an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: the Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025], chuir an Coimisiún i dtreis gur cheart d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais cothromaíocht inscne i bpoist cheannaireachta a áirithiú. I dteachtaireacht uaidh an 5 Aibreán 2022 dar teideal A new Human Resources Strategy for the Commission [Straitéis Acmhainní Daonna Nua don Choimisiún], gheall an Coimisiún go n-áiritheodh sé comhionannas iomlán inscne ar gach leibhéal dá bhainistíocht faoi 2024. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn agus tuairisceoidh sé go rialta ina leith sin ar a shuíomh gréasáin. Comhroinneann an Coimisiún dea-chleachtais freisin le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tabharfaidh sé tuairisc ar staid na cothromaíochta inscne i bpoist cheannaireachta sna hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin ar a shuíomh gréasáin. Ina cinneadh ón mBiúró an 13 Eanáir 2020, tháinig Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir le spriocanna a leagan síos don chothromaíocht inscne i bpoist bainistíochta sinsearaí agus mheánbhainistíochta do 2024. Leanfaidh Parlaimint na hEorpa d’fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ar gach leibhéal dá bainistíocht agus tá sé d’aidhm aici dea-shampla a thabhairt. Tá an Chomhairle tiomanta, ina Straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú, do chomhionannas inscne a bhaint amach i bpoist bhainistíochta a hArdrúnaíochta (GSC) le corrlach 45 % go 55 % ar a déanaí faoi dheireadh 2026. I bPlean Gníomhaíochta na hArdrúnaíochta maidir le Comhionannas Inscne sa Bhainistíocht, leagtar amach bearta chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(13)

Tá sé tábhachtach go gcothódh agus go bhforbródh cuideachtaí agus gnólachtaí mná tréitheacha, agus go dtacódh siad leo, ar gach leibhéal agus le linn a ngairmréime, chun a áirithiú go dtabharfar deiseanna do mhná cáilithe poist ar bhoird nó poist bainistíochta a ghlacadh.

(14)

Chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus tacú le rannpháirtíocht na mban sa chinnteoireacht, foráiltear le Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), lena gcuirtear cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí chun cinn, go ndéanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun comhroinnt na bhfreagrachtaí cúraim idir mná agus fir a áirithiú trí bhíthin shaoire do thuismitheoirí, saoire atharthachta agus saoire cúramóirí, mar aon leis an tsaoire mháithreachais atá ann cheana. Foráiltear chomh maith leis an Treoir sin don cheart chun socruithe solúbtha oibre a iarraidh.

(15)

Tá roinnt tosca sonracha ag cur isteach ar cheapadh na mban mar stiúrthóirí, tosca a d’fhéadfaí a shárú ní hamháin trí bhíthin rialacha ceangailteacha ach freisin trí bhíthin tionscnaimh oideachais agus dreasachtaí chun dea-chleachtais a chur chun cinn. Ar an gcéad dul síos, tá sé riachtanach feasacht a mhúscailt i scoileanna gnó agus in ollscoileanna ar na tairbhí a bhaineann le comhionannas inscne chun cuideachtaí a dhéanamh níos iomaíche. Is gá freisin athrú rialta stiúrthóirí a spreagadh agus bearta dearfacha a thabhairt isteach chun iarrachtaí na mBallstát agus na gcuideachtaí a chur chun cinn agus a chúiteamh chun cur chuige níos cinntithí a ghlacadh i leith na n-athruithe sin sna comhlachtaí cinnteoireachta eacnamaíche is airde ar gach leibhéal.

(16)

Tá líon mór ban ardcháilithe san Aontas, líon atá ag fás i gcónaí mar is léir ón bhfíoras gur mná iad 60 % de chéimithe ollscoile. Tá sé fíor-riachtanach cothromaíocht inscne ar bhoird a bhaint amach chun úsáid éifeachtúil a bhaint as an díorma atá ann cheana, rud atá ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus eacnamaíocha an Aontais. Deis chaillte, dá bhrí sin, do gheilleagair na mBallstát i gcoitinne, chomh maith lena bhforbairt agus lena bhfás, is ea tearcionadaíocht na mban ar bhoird. Trí leas iomlán a bhaint as díorma na mban tréitheacha atá ann cheana, chuirfí feabhas freisin ar an toradh ar an oideachas i gcás daoine aonair agus na hearnála poiblí araon. Mar thoradh ar mhná a bheith i láthair ar bhoird, admhaítear go forleathan go gcuirtear feabhas ar rialachas corparáideach, mar go bhfeabhsaítear feidhmíocht na foirne agus caighdeán na cinnteoireachta trí mheon níos éagsúla agus níos comhchoitinne a bheith ann lena gcuimsítear réimse níos leithne peirspictíochtaí. Tá sé léirithe ag go leor staidéar gur réamhghníomhaí an tsamhail ghnó, gur cothroime na cinntí agus gur fearr na caighdeáin ghairmiúla ar bhoird a léiríonn an tsochaí mar atá agus riachtanais na dtomhaltóirí de thoradh na héagsúlachta. Spreagann sé an nuálaíocht freisin. Léiríodh i roinnt mhaith staidéar freisin go bhfuil gaol dearfach idir éagsúlacht inscne ar leibhéal ardbhainistíochta agus feidhmíocht airgeadais agus brabúsacht cuideachta, a mbíonn fás suntasach inbhuanaithe fadtéarmach mar thoradh air. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach cothromaíocht inscne a bhaint amach ar bhoird chun iomaíochas an Aontais a áirithiú i ngeilleagar domhandaithe agus chun buntáiste comparáideach a chur ar fáil maidir le tríú tíortha.

(17)

Ní hamháin go ndéantar méadú ar ionadaíocht na mban ar bhoird difear do na mná a cheaptar ar bhoird, ach cuidítear leis sin freisin chun mná tréitheacha a mhealladh chuig an gcuideachta agus chun níos mó ban a bheith ar gach leibhéal bainistíochta agus sa lucht saothair a áirithiú. Dá bhrí sin, dá dtiocfadh méadú ar líon na mban ar bhoird, is dócha go n-imreodh sé sin tionchar dearfach ar an mbearna fostaíochta idir na hinscní agus ar an mbearna phá idir na hinscní araon a dhúnadh.

(18)

In ainneoin fianaise go mbíonn tionchar tairbhiúil ag cothromaíocht inscne ar chuideachtaí iad féin agus ar an ngeilleagar i gcoitinne, agus in ainneoin dhlí an Aontais atá ann cheana lena gcuirtear cosc ar idirdhealú ar bhonn gnéis agus gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais atá ann cheana lena spreagtar féinrialáil, is tearcionadaithe i bhfad na mná go fóill sna comhlachtaí cinnteoireachta is airde i gcuideachtaí ar fud an Aontais. Léiríonn staitisticí go bhfuil cion na mban atá rannpháirteach i gcinnteoireacht ghnó ardleibhéil an-íseal i gcónaí. Mura meastar, fiú, ach leath amháin de dhíorma na ndaoine tréitheacha do phoist cheannaireachta, d’fhéadfaí an próiseas féin agus cáilíocht na gceapachán a chur i mbaol, rud a d’fhágfadh gur mhó an t-amhras a bheadh ann faoi struchtúir chumhachta gnó agus d’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú ar an úsáid éifeachtúil a bhaintear as an gcaipiteal daonna atá ar fáil. Tá sé tábhachtach comhdhéanamh na sochaí a léiriú go dílis i gcinnteoireacht chorparáideach agus go n-úsáidtear acmhainneacht dhaonra iomlán an Aontais. De réir na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne, in 2021, ba mhná iad 30.6 %, ar an meán, de chomhaltaí bord sna cuideachtaí liostaithe is mó, agus níor mhná iad ach 8.5 % de na cathaoirligh. Léirítear leis sin go bhfuil tearcionadaíocht mhíchothrom agus idirdhealaitheach á déanamh ar mhná, rud a bhaineann, ar bhealach soiléir, an bonn de phrionsabail an Aontais maidir le comhionannas deiseanna agus cóir chomhionann do mhná agus d’fhir i réimse na fostaíochta agus na slí beatha. Ba cheart bearta a thabhairt isteach agus a threisiú chun dul chun cinn sa ghairmréim a spreagadh i gcás mná ar gach leibhéal bainistíochta agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú gurb amhlaidh an cás i gcuideachtaí liostaithe, mar gheall ar fhreagracht shuntasach eacnamaíoch agus shóisialta na gcuideachtaí sin. Ina theannta sin, tá sé tábhachtach go dtabharfadh comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais dea-shampla maidir le míchothromaíochtaí inscne atá ann cheana laistigh de chomhdhéanamh a mbord bainistíochta féin a chur ina gceart.

(19)

Tá méadú an-mhall tagtha ar chion na mban ar bhoird le blianta beaga anuas. Ní hionann an ráta feabhais ó Bhallstát go chéile agus tá torthaí an-éagsúil ann mar thoradh air sin. Is mó i bhfad an dul chun cinn a tugadh ar aird sna Ballstáit sin inar tugadh bearta ceangailteacha isteach. Is dócha go dtiocfaidh méadú ar an difear sin mar gheall ar na cuir chuige an-éagsúil atá ann chun an chothromaíocht inscne ar bhoird a fheabhsú. Dá bhrí sin, moltar do na Ballstáit faisnéis a chomhroinnt maidir leis na bearta éifeachtacha arna ndéanamh agus na beartais arna nglacadh ar leibhéal náisiúnta, agus dea-chleachtais a mhalartú, d’fhonn tacú leis an dul chun cinn ar fud an Aontais i dtreo ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar bhoird.

(20)

Ní hamháin go bhfágann an rialáil scaipthe éagsúil nó an easpa rialála ar an leibhéal náisiúnta maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí liostaithe neamhréireanna ó thaobh líon na mban i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus rátaí difriúla feabhsúcháin ar fud na mBallstát ach, ina theannta sin, cruthaítear leis bacainní ar an margadh inmheánach trí cheanglais éagsúla rialachais chorparáidigh a fhorchur ar chuideachtaí liostaithe san Aontas. Na difríochtaí sin i gceanglais dhlíthiúla agus féinrialála maidir le comhdhéanamh bord, d’fhéadfadh deacrachtaí praiticiúla eascairt astu do chuideachtaí liostaithe a oibríonn thar theorainneacha, go háirithe nuair a bhíonn fochuideachtaí á mbunú acu nó i gcumaisc agus éadálacha, agus d’iarrthóirí ar phoist stiúrthóra.

(21)

Is mó iad na míchothromaíochtaí inscne laistigh de chuideachtaí ar leibhéil níos sinsearaí. Ina theannta sin, is i réimsí amhail acmhainní daonna agus cumarsáid a fhaightear go leor de na mná sin a bhfuil poist acu ag leibhéal na bainistíochta sinsearaí, agus is mó seans go bhfostófar fir ar leibhéal sinsearach i mbainistíocht ghinearálta nó i “bainistíocht líne” laistigh den chuideachta. Ós rud é gur as measc iarrthóirí a bhfuil taithí bainistíochta sinsearaí acu a earcaítear daoine do phoist stiúrthóra, tá sé ríthábhachtach go méadófar líon na mban atá ag dul chun cinn i bpoist bhainistíochta den sórt sin laistigh de chuideachtaí.

(22)

Ceann de na príomhthosca lena bhféadfar an Treoir seo a chur chun feidhme i gceart is ea cur i bhfeidhm éifeachtach na gcritéar, a leagfar síos roimh ré agus le trédhearcacht iomlán, do roghnú na stiúrthóirí, agus cáilíochtaí, eolas agus scileanna na n-iarrthóirí á meas ar bhonn comhionann, gan beann ar a n-inscne.

(23)

An easpa trédhearcachta atá ann faoi láthair sa phróiseas roghnúcháin agus i leith na gcritéar cáilithe do phoist stiúrthóra i bhformhór na mBallstát, is bacainn mhór é ar chomhionannas inscne níos fearr i measc stiúrthóirí agus bíonn tionchar diúltach aige ar ghairmréim agus ar shaoirse gluaiseachta na n-iarrthóirí ar phoist bhoird, agus ar chinntí infheisteoirí. Mar gheall ar an easpa trédhearcachta sin, fágtar nach féidir le hiarrthóirí féideartha ar phoist stiúrthóra iarratais a dhéanamh chuig boird inar mó a mbeadh gá lena gcáilíochtaí agus nach féidir leo cur i gcoinne cinntí ceapacháin atá claonta ó thaobh inscne de, rud a chuireann srian ar a saoirse gluaiseachta sa mhargadh inmheánach. Os a choinne sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh straitéisí infheistíochta ag infheisteoirí lena n-éilítear go soláthrófaí faisnéis a bheidh nasctha freisin le saineolas agus inniúlacht na stiúrthóirí. Le níos mó trédhearcachta i leith na gcritéar cáilithe agus an phróisis roghnúcháin do stiúrthóirí, cuirtear ar a gcumas d’infheisteoirí measúnú níos fearr a dhéanamh ar straitéis ghnó na cuideachta agus cinntí eolasacha a dhéanamh. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, nósanna imeachta ceapacháin an bhoird a bheith soiléir agus trédhearcach agus na hiarrthóirí a mheasúnú go hoibiachtúil ar a bhfiúntas aonair, gan beann ar a n-inscne.

(24)

Cé nach bhfuil sé d’aidhm ag an treoir seo comhchuibhiú mionsonraithe a dhéanamh ar dhlíthe náisiúnta maidir leis an bpróiseas roghnúcháin agus na critéir cháilithe do phoist stiúrthóra, is gá, chun an chothromaíocht inscne a bhaint amach, ceanglais íosta áirithe a thabhairt isteach ar chuideachtaí liostaithe nach bhfuil ionadaíocht chothrom inscne acu a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra ar bhonn próiseas roghnúcháin atá trédhearcach agus sainithe go soiléir agus mheasúnú comparáideach oibiachtúil ar a gcáilíochtaí i dtéarmaí oiriúnachta, inniúlachta agus feidhmíocht ghairmiúil de. Is trí bheart ceangailteach a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus ar an gcaoi sin amháin, is féidir cuidiú go héifeachtach le cothrom na Féinne a áirithiú ar fud an Aontais agus deacrachtaí praiticiúla i saol an ghnó a sheachaint.

(25)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an Aontas, dá bhrí sin, cur le líon na mban ar bhoird i ngach Ballstát, chun borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch, soghluaisteacht a spreagadh i margadh an tsaothair, iomaíochas cuideachtaí liostaithe a neartú agus comhionannas inscne éifeachtach a bhaint amach sa mhargadh saothair. Ba cheart an aidhm sin a shaothrú trí cheanglais íosta a leagan síos maidir le gníomhaíocht dhearfach i bhfoirm bearta ceangailteacha. Leis na bearta ceangailteacha sin, ba cheart féachaint le cuspóir cainníochtúil a bhaint amach i leith comhdhéanamh inscne bord cuideachtaí liostaithe, ós rud é go bhfuil na torthaí is fearr bainte amach ag na Ballstáit agus ag tríú tíortha a roghnaigh an modh sin nó modh comhchosúil chun tearcionadaíocht na mban i bpoist cinnteoireachta eacnamaíche a laghdú.

(26)

Tá sé tábhachtach go bhforbródh gach cuideachta liostaithe beartas comhionannais inscne chun ionadaíocht inscne níos cothroime a bhaint amach ar gach leibhéal . D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar na beartais sin iarrthóir baineann agus iarrthóir fireann araon a ainmniú le haghaidh príomhphost, scéimeanna meantóireachta agus treoir maidir le forbairt gairmréime do mhná, agus straitéisí acmhainní daonna atá ceaptha earcaíocht éagsúil a spreagadh.

(27)

Tá tábhacht eacnamaíoch faoi leith ag baint le cuideachtaí liostaithe, baineann infheictheacht ar leith leo agus bíonn tionchar ar leith acu ar an margadh trí chéile. Leagann cuideachtaí den sórt sin síos caighdeáin don gheilleagar i gcoitinne agus is féidir a bheith ag súil leis go leanfaidh cineálacha eile cuideachtaí a gcleachtais. Mar gheall ar chineál poiblí cuideachtaí liostaithe, is ceart níos mó rialála a dhéanamh orthu ar mhaithe le leas an phobail.

(28)

Ba cheart feidhm a bheith ag na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo maidir le cuideachtaí liostaithe.

(29)

Níor cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

(30)

Chun críocha na Treorach seo, ba cheart gurb é an Ballstát ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an gcuideachta liostaithe lena mbaineann an Ballstát is inniúil maidir leis na hábhair a chuimsítear leis an Treoir seo a rialáil. Leis an Treoir seo, ní dhéantar difear do rialacha náisiúnta lena gcinntear an dlí is infheidhme maidir le cuideachtaí i gcás ábhair nach rialaítear leis an Treoir seo.

(31)

Tá córais éagsúla sna Ballstáit i dtaobh struchtúr boird do chuideachtaí liostaithe, agus is é an príomh-idirdhealú eatarthu an difríocht idir déchóras ina mbíonn bord bainistíochta agus bord maoirseachta araon i gceist agus córas aonadach lena gcomhcheanglaítear na feidhmeanna bainistíochta agus na feidhmeanna maoirseachta i mbord amháin. Tá córais mheasctha ann freisin, a bhfuil gnéithe den dá chóras iontu nó faoina dtugtar rogha do chuideachtaí idir samhlacha éagsúla. Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le gach córas boird atá ann cheana sna Ballstáit.

(32)

Le gach córas boird déantar idirdhealú, de jurede facto, idir stiúrthóirí feidhmiúcháin, a mbíonn baint acu le bainistíocht laethúil na cuideachta, agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin a chomhlíonann feidhm mhaoirseachta agus nach mbíonn baint acu le bainistíocht laethúil na cuideachta liostaithe. Is é is aidhm don Treoir seo feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne sa dá chatagóir stiúrthóra araon. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá atá le comhionannas inscne na mbord a mhéadú agus an gá atá le híoslaghdú a dhéanamh ar an gcur isteach ar bhainistíocht laethúil chuideachta, déantar idirdhealú sa Treoir seo idir an dá chatagóir stiúrthóra sin.

(33)

I roinnt Ballstát, de bhun an dlí náisiúnta nó an chleachtais náisiúnta, is féidir nó ní mór gurb iad lucht saothair cuideachtaí, eagraíochtaí na bhfostaithe, nó iad araon, a dhéanann cion áirithe de na stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin a cheapadh nó a thoghadh. Ba cheart feidhm a bheith ag na cuspóirí cainníochtúla, a leagtar síos sa Treoir seo, maidir le stiúrthóirí den sórt sin freisin. Ós rud é, áfach, gur ionadaithe fostaithe iad roinnt stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, ba cheart do na Ballstáit an modh a bhunú lena áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin, agus aird chuí á tabhairt ar na rialacha sonracha maidir le hionadaithe fostaithe a thoghadh nó a ainmniú mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta, agus an tsaoirse vótála á hurramú agus ionadaithe fostaithe á dtoghadh. I bhfianaise na ndifríochtaí i ndlíthe náisiúnta na gcuideachtaí sna Ballstáit, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann na cuspóirí cainníochtúla a chur i bhfeidhm ar leithligh maidir le hionadaithe scairshealbhóirí agus ionadaithe fostaithe.

(34)

Ba cheart do na Ballstáit cuideachtaí liostaithe a chur faoi réir an chuspóra boird a bheith acu ar a mbeidh 40 % ar a laghad dá stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin den ghnéas tearcionadaithe faoin 30 Meitheamh 2026 nó, de rogha air sin, ós rud é go bhfuil sé tábhachtach go méadóidh cuideachtaí liostaithe cion an ghnéis tearcionadaithe i ngach post cinnteoireachta, ba cheart cuideachtaí liostaithe a chur faoi réir an chuspóra boird a bheith acu ar den ghnéas tearcionadaithe a bheidh 33 % ar a laghad dá stiúrthóirí uile faoin 30 Meitheamh 2026, gan beann ar iad a bheith ina stiúrthóirí feidhmiúcháin nó neamhfheidhmiúcháin d’fhonn ionadaíocht inscne níos cothroime a chur chun cinn i measc stiúrthóirí uile.

(35)

Baineann na cuspóirí maidir le 40 % ar a laghad de phoist stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin ar bhoird, nó 33 % ar a laghad de phoist stiúrthóirí uile, a bheith ag daoine den ghnéas tearcionadaithe, leis an gcomhionannas inscne fhoriomlán i measc stiúrthóirí agus ní chuireann siad isteach ar roghnú nithiúil stiúrthóirí aonair ó líon leathan iarrthóirí fireanna agus baineanna i ngach cás ar leithligh. Go háirithe, ní fhágann an Treoir seo go gcuirtear aon iarrthóirí áirithe as an áireamh i leith poist stiúrthóra, ná ní fhágann sí go bhforchuirtear aon stiúrthóirí aonair ar chuideachtaí liostaithe nó ar scairshealbhóirí. Dá bhrí sin, is faoi na cuideachtaí agus na scairshealbhóirí a bheidh an cinneadh fós maidir leis na stiúrthóirí iomchuí.

(36)

De bharr a gcineáil, is iomchuí gnóthais phoiblí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a bheith ina samhail don earnáil phríobháideach. Bíonn tionchar ceannasach ag na Ballstáit ar na gnóthais phoiblí de réir bhrí Airteagal 2, pointe (b), de Threoir 2006/111/CE (8) ón gCoimisiún, atá liostaithe ar mhargadh rialáilte. I ngeall ar an tionchar ceannasach sin, tá na hionstraimí ar fáil do na Ballstáit chun an t-athrú is gá a dhéanamh níos tapa.

(37)

Ní mór sonrú breise a dhéanamh lena chinneadh cén líon post stiúrthóra is gá chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a bhaint amach ós rud é, i bhfianaise mhéid fhormhór na mbord, nach féidir an cion cruinn de 40 % nó, i gcás inarb infheidhme, 33 % a bhaint amach go matamaiticiúil. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é líon na bpost stiúrthóra is gá chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh an líon is gaire do chion 40 %, nó, i gcás inarb infheidhme, 33 %, agus sa dá chás níor cheart gur mhó é ná 49 %.

(38)

Ina cásdlí (9) maidir le gníomhaíocht dhearfach agus maidir le comhoiriúnacht na gníomhaíochta dearfaí sin le prionsabal an neamh-idirdhealaithe bunaithe ar ghnéas, a leagtar síos freisin in Airteagal 21 den Chairt, ghlac Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) leis go bhféadfar, i gcásanna áirithe, tosaíocht a thabhairt don ghnéas tearcionadaithe sa roghnú le haghaidh fostaíochta nó ardú céime, ar choinníoll go mbeidh an t-iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe chomh cáilithe céanna leis an iomaitheoir den ghnéas eile i dtéarmaí oiriúnachta, inniúlachta agus feidhmíocht ghairmiúil, ar choinníoll nach tosaíocht í a bhfuil feidhm uathoibríoch léi agus atá gan choinníoll ach go bhféadfar í a shárú má fhágann cúiseanna a bhaineann go sonrach le hiarrthóir aonair den ghnéas eile gur cuí tosaíocht a bheith ag an iarrthóir sin, agus ar choinníoll go mbeidh an t-iarratas ó gach iarrthóir faoi réir measúnú oibiachtúil ina gcuirfear i bhfeidhm go sonrach na critéir roghnúcháin uile i leith na n-iarrthóirí aonair.

(39)

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás na gcuideachtaí liostaithe sin a bhfuil níos lú ná 40 % de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin ag daoine den ghnéas tearcionadaithe ar a mboird, nó níos lú ná 33 % de na poist stiúrthóra uile, lena n-áirítear stiúrthóirí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin araon, de réir mar is infheidhme, go roghnóidh siad na hiarrthóirí is cáilithe lena gceapadh chuig na poist sin nó lena dtoghadh do na poist sin ar bhonn measúnú comparáideach ar cháilíochtaí iarrthóirí trí chritéir shoiléire, gan débhrí, arna bhfoirmliú ar bhealach neodrach a chur i bhfeidhm, ar critéir iad a bunaíodh roimh an bpróiseas roghnúcháin, d’fhonn an chothromaíocht inscne ar bhoird a fheabhsú. D’fhéadfaí a áireamh le samplaí de na cineálacha critéar roghnúcháin a d’fhéadfadh cuideachtaí liostaithe a chur i bhfeidhm taithí ghairmiúil ar chúraimí bainistíochta nó maoirseachta, taithí idirnáisiúnta, ildisciplíneacht, ceannaireacht, scileanna cumarsáide agus cumais líonraithe agus eolas i réimsí ábhartha sonracha amhail airgeadas, maoirseacht airgeadais, nó bainistíocht acmhainní daonna.

(40)

Agus iarrthóirí á roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, ba cheart tosaíocht a thabhairt don iarrthóir comhcháilithe den ghnéas tearcionadaithe. Níor cheart don tosaíocht sin a bheith ina tosaíocht uathoibríoch neamhchoinníollach, áfach. D’fhéadfadh cásanna eisceachtúla a bheith ann ina bhféadfadh measúnú oibiachtúil ar chás sonrach iarrthóra comhcháilithe den ghnéas eile an tosaíocht a shárú ba cheart, mura ndéanfaí sin, a thabhairt don iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe. D’fhéadfadh a leithéid de shárú rogha a bheith ann, mar shampla, i gcás ina mbeadh feidhm ag beartais éagsúlachta níos leithne ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na cuideachta maidir le stiúrthóirí a roghnú. Mar sin féin, ba cheart sárú chur i bhfeidhm na gníomhaíochta dearfaí a bheith eisceachtúil i gcónaí agus é a bhunú ar mheasúnú cás ar chás, agus ba cheart údar cuí a bheith leis de réir critéir oibiachtúla nár cheart, i gcás ar bith, idirdhealú a dhéanamh in aghaidh an ghnéis tearcionadaithe.

(41)

I mBallstáit ina bhfuil feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra , níor cheart a cheangal ar na cuideachtaí liostaithe na ceanglais sin a chomhlíonadh más cuideachtaí iad inarb ag daoine den ghnéas tearcionadaithe atá 40 % ar a laghad de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin ar a mboird, nó 33 % ar a laghad de na poist stiúrthóra uile, de réir mar is infheidhme.

(42)

Ní hionann i ngach Ballstát ná i ngach cuideachta liostaithe na modhanna chun iarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí orthu go ndéanfadh coiste ainmniúcháin nó gnólachtaí cuardaigh feidhmeannach, mar shampla, na hiarrthóirí a réamhroghnú lena gcur faoi bhráid thionól na scairshealbhóirí. Na ceanglais sin maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, ba cheart iad a chomhlíonadh ag an gcéim iomchuí den phróiseas roghnúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le hairteagail chomhlachais na gcuideachtaí liostaithe lena mbaineann, lena n-áirítear sula dtoghfaidh scairshealbhóirí iarrthóir, tráth a bhfuil gearrliosta á ullmhú mar shampla. I ndáil leis an méid sin, bunaítear leis an Treoir seo caighdeáin íosta maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, rud a fhágann gur féidir na coinníollacha dá bhforáiltear le cásdlí na Cúirte Breithiúnais a chur i bhfeidhm ionas go mbeidh comhionannas inscne ann agus d’fhonn an cuspóir a bhaint amach maidir le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar bhoird cuideachtaí liostaithe. Leis an Treoir seo, ní chuirtear isteach go míchuí ar bhainistíocht laethúil na gcuideachta liostaithe, ós rud é go gcoimeádann siad an tsaoirse chun iarrthóirí a roghnú ar bhonn cáilíochtaí nó ar bhonn tosaíochtaí oibiachtúla ábhartha eile.

(43)

I bhfianaise chuspóirí na Treorach seo a mhéid a bhaineann le cothromaíocht inscne, ba cheart a cheangal ar chuideachtaí liostaithe, arna iarraidh sin d’iarrthóir atá roghnaithe lena cheapadh nó lena ceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena thoghadh nó lena toghadh do phoist stiúrthóra , an t-iarrthóir sin a chur ar an eolas faoi na critéir cháilithe ar a raibh an roghnú bunaithe, faoin measúnú comparáideach oibiachtúil ar na hiarrthóirí faoi na critéir sin agus, i gcás inarb ábhartha, faoi na breithnithe sonracha lenar cinneadh go heisceachtúil tosaíocht a thabhairt d'iarrthóir nach duine den ghnéas thearcionadaithe é nó í. D’fhéadfadh sé a bheith ina thoradh ar cheanglas faisnéise chun eolas den sórt sin a chur ar fáil go gcuirfí teorainn ar an gceart go n-urramófaí an saol príobháideach agus ar an gceart go gcosnófaí sonraí pearsanta, cearta a aithnítear le hAirteagail 7 agus 8, faoi seach, den Chairt. Tá gá le teorainneacha den sórt sin, áfach, agus, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is fíor go gcomhlíonann siad cuspóirí aitheanta i ndáil leis an leas ginearálta. Dá bhrí sin, tá siad i gcomhréir leis na ceanglais maidir le teorainneacha den sórt sin a leagtar síos in Airteagal 52(1) den Chairt agus le cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais. Ba cheart na teorainneacha sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10).

(44)

I gcás ina suíonn iarrthóir den ghnéas thearcionadaithe atá roghnaithe lena cheapadh nó lena ceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena thoghadh nó lena toghadh do phoist stiúrthóra fíorais os comhair cúirte nó os comhair údarás inniúil eile ónar féidir a thoimhdiú go raibh an t-iarrthóir chomh cáilithe céanna leis an iarrthóir a roghnaíodh den ghnéas eile, ba cheart a cheangal ar an gcuideachta liostaithe a léiriú go ndearnadh an rogha cheart.

(45)

Cé go bhféachtar leis an Treoir seo le híoscheanglais a bhunú i bhfoirm bearta ceangailteacha chun comhdhéanamh inscne bhoird a fheabhsú, tá sé tábhachtach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, dlisteanacht cur chuige éagsúil a aithint agus éifeachtacht beart náisiúnta áirithe atá ann cheana féin, a glacadh cheana sa réimse beartais sin, a aithint, ar bearta iad a raibh torthaí sásúla ag baint leo. Rinneadh iarrachtaí cheana i roinnt Ballstát a áirithiú go mbeadh ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ann ar bhoird trí bhearta ceangailteacha a ghlacadh a mheastar a bheith chomh héifeachtach céanna leis na bearta a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart na Ballstáit sin a bheith in ann cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra a chur ar fionraí agus, i gcás inarb ábhartha, na ceanglais a bhaineann le cuspóirí cainníochtúla aonair a bhunú, ar choinníoll go ndéanfar na coinníollacha le haghaidh hionraí a leagtar amach sa Treoir seo a chomhlíonadh. Sna cásanna sin, más rud é gur thug na Ballstáit bearta den sórt sin isteach trí bhíthin an dlí náisiúnta, ba cheart na rialacha slánaithe a leagtar amach sa Treoir seo maidir le líon sonrach na stiúrthóirí a chur i bhfeidhm mutatis mutandis chun measúnú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta sin faoin Treoir seo. I mBallstát ina gcuirtear fionraí den sórt sin i bhfeidhm, ba cheart a mheas go bhfuil na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo bainte amach agus, dá bhrí sin, maidir leis na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo i ndáil le stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó gach stiúrthóirí, ní chuirtear na cuspóirí sin in ionad na bearta naisiúnta ábhartha ná ní chuirtear na cuspóirí sin leis na bearta naisiúnta ábhartha.

(46)

D’fhonn an chothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí a mbíonn baint acu le cúraimí laethúla bainistíochta, ba cheart ceangal a chur ar chuideachtaí liostaithe cuspóirí cainníochtúla dá gcuid féin a leagan síos maidir le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc stiúrthóirí feidhmiúcháin, agus é mar aidhm na cuspóirí sin a bhaint amach faoin dáta a leagtar amach sa Treoir seo. Ba cheart do na cuspóirí sin cabhrú le cuideachtaí dul chun cinn inbhraite a bhaint amach i gcomparáid leis an staid ina bhfuil siad faoi láthair. Níor cheart feidhm a bheith ag an oibleagáid sin maidir le cuideachtaí liostaithe a bhfuil cuspóir 33 % á shaothrú acu i ndáil leis na stiúrthóirí uile, idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin.

(47)

Ba cheart do na Ballstáit a cheangal ar chuideachtaí liostaithe faisnéis a sholáthar ar bhonn bliantúil do na húdaráis inniúla maidir le comhdhéanamh inscne a mbord agus faisnéis maidir leis na bearta a rinneadh d’fhonn na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a bhaint amach, chun a chur ar a gcumas do na húdaráis sin measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag gach cuideachta liostaithe ionsar chothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí a bhaint amach. Ba cheart do chuideachtaí liostaithe an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar bhealach atá iomchuí agus inrochtana go héasca ar a suíomhanna gréasáin agus ba cheart í a áireamh ar thuarascáil bhliantúil na cuideachta. I gcás nár bhain cuideachta liostaithe na cuspóirí cainníochtúla is infheidhme amach, ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin freisin tuairisc ar na bearta nithiúla atá déanta aici go dtí seo nó atá beartaithe aici a dhéanamh amach anseo chun na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo a bhaint amach. Chun ualach riaracháin nach bhfuil gá leis agus dúbailt iarrachtaí a sheachaint, ba cheart an fhaisnéis maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird a bheidh le tuairisciú de bhun na Treorach seo a bheith ina cuid, i gcás inarb infheidhme, de ráiteas rialachais chorparáidigh na gcuideachtaí liostaithe, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus, go háirithe, le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).I gcás inar chuir Ballstáit cur i bhfeidhm Airteagal 6 ar fionraí de bhun Airteagal 12, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí maidir le tuairisciú a leagtar amach sa Treoir seo, ar choinníoll go bhforáiltear oibleagáidí maidir le tuairisciú sa dlí náisiúnta lena n-áirithítear go bhfoilseofar faisnéis maidir leis an dul chun cinn atá bainte amach ag cuideachtaí liostaithe i dtreo ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar a mboird go rialta.

(48)

Na riachtanais a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, an oibleagáid maidir le cuspóir cainníochtúil a leagan síos i ndáil le stiúrthóirí feidhmiúcháin, agus oibleagáidí maidir le tuairisciú, ba cheart iad a fhorfheidhmiú trí phionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha leordhóthanacha ar fáil chun na críche sin. D’fhéadfaí a áireamh i bpionóis den sórt sin fíneálacha nó an deis a bheith ag comhlacht breithiúnach cinneadh a bhaineann le roghnú stiúrthóirí a chur ar neamhní nó a dhearbhú go bhfuil an cinneadh sin ar neamhní go hiomlán. Gan dochar don dlí náisiúnta maidir le pionóis a fhorchur, fad a chomhlíonann cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí sin, níor cheart pionós a ghearradh orthu as mainneachtain na cuspóirí cainníochtúla a bhaineann le hionadaíocht chothrom idir mná agus fir i measc stiúrthóirí a bhaint amach. Níor cheart pionóis a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí liostaithe iad féin más rud é, faoin dlí náisiúnta, nach bhfuil gníomh nó easnamh áirithe inchurtha i leith na cuideachta, ach i leith daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile amhail scairshealbhóirí aonair. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann pionóis a chur i bhfeidhm seachas iad siúd a liostaítear sa liosta neamh-uileghabhálach de phionóis a leagtar amach sa Treoir seo, go háirithe i gcásanna sáruithe tromchúiseacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile ag cuideachta liostaithe a bhaineann leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Treoir seo. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, agus conarthaí poiblí agus lamháltais phoiblí á gcomhlíonadh acu, go gcomhlíonfaidh cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí is infheidhme a bhaineann leis an dlí sóisialta agus saothair, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.

(49)

Ba cheart na Ballstáit nó cuideachtaí liostaithe a bheith in ann bearta níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a áirithiú.

(50)

Ba cheart do na Ballstáit comhlachtaí a ainmniú chun cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí liostaithe a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi. Ina theannta sin, le feachtais faisnéise agus comhroinnt dea-chleachtas a dhéanamh, rannchuideofaí go mór le feasacht ar an tsaincheist a ardú i measc na gcuideachtaí uile agus spreagfaí iad chun cothromaíocht inscne a bhaint amach go réamhghníomhach. Moltar do na Ballstáit, go háirithe, beartais a chur i bhfeidhm chun tacú le FBManna agus iad a dhreasú chun feabhas suntasach a chur ar an gcothromaíocht inscne ar gach leibhéal bainistíochta agus ar bhoird.

(51)

Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear sa Chairt. Go háirithe, rannchuidíonn sí leis an bprionsabal um chomhionannas idir mná agus fir (Airteagal 23 den Chairt) agus an tsaoirse ghairmiúil agus an ceart chun obair a dhéanamh (Airteagal 15 den Chairt) a chomhlíonadh. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar go hiomlán an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil (Airteagal 47 den Chairt). Leis na teorainneacha ar fheidhmiú na saoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 den Chairt) agus ar fheidhmiú an chirt chun maoin a shealbhú (Airteagal 17(1) den Chairt), urramaítear bunbhrí na saoirse agus an chirt sin agus tá siad riachtanach agus comhréireach. Ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má chomhlíonann siad go fírinneach cuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó más gá cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

(52)

Cé go bhfuil gníomhaíocht rialála déanta ag roinnt Ballstát nó féinrialáil molta acu as ar tháinig torthaí measctha, níl gníomhaíocht déanta ag formhór na mBallstát ná níor léirigh siad go bhfuil siad toilteanach gníomhú ar bhealach a mbeadh feabhas leordhóthanach ina thoradh air. Réamh-mheastacháin atá bunaithe ar anailís chuimsitheach ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil maidir leis na treochtaí a bhí ann cheana agus na treochtaí atá ann faoi láthair, agus maidir le rúin, léirítear leo nach mbainfidh na Ballstáit amach tráth ar bith ar feadh i bhfad agus iad ag gníomhú dóibh ina n-aonar, ionadaíocht chothrom idir mná agus fir i measc comhaltaí boird ar fud an Aontais i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo. Cuireann easpa gníomhaíochta sa réimse seo moill ar shaothrú an chomhionannais inscne san ionad oibre go ginearálta, lena n-áirítear maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a dhúnadh, rud is cúis le leithscaradh ingearach. I bhfianaise na n-imthosca sin agus i bhfianaise na neamhréireachtaí idir na Ballstáit i dtéarmaí ionadaíocht chothrom idir mná agus fir ar bhoird, ar neamhréireachtaí iad atá ag dul i méid, ní féidir feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ar bhoird ar fud an Aontais ach amháin trí bhíthin cur chuige comhchoiteann, agus is fearr is féidir an acmhainneacht maidir le comhionannas inscne, iomaíochas agus fás a bhaint amach trí ghníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais seachas trí bhíthin tionscnaimh náisiúnta a bhfuil raon feidhme, uaillmhian agus éifeachtacht éagsúil acu. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a bhaint amach i measc stiúrthóiri na gcuideachta liostaithe trí bhearta éifeachtacha arb é is aidhm leo dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo chomhionannais inscne, agus ag an am céanna, dóthain ama a cheadú do chuideachta liostaithe na socruithe is gá a dhéanamh chun na críche sin, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr fhairsinge agus éifeacht na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, tá an Treoir seo teoranta do chuspóirí agus prionsabail choiteanna a leagan síos agus ní théann sí thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. Tugtar dóthain saoirse do na Ballstáit lena chinneadh cén chaoi is fearr chun na cuspóirí a leagtar síos sa Treoir seo a ghnóthú agus imthosca náisiúnta á gcur san áireamh, go háirithe rialacha agus cleachtais a bhaineann le hearcú ar bhoird. Ní chuireann an Treoir seo isteach ar an bhféidearthacht go gceapfadh cuideachtaí liostaithe na stiúrthóirí is incháilithe, agus foráiltear ann do chreat solúbtha agus tréimhse oiriúnaithe atá fada go leor.

(53)

Ba cheart do na Ballstáit comhoibriú leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta chun iad a chur ar an eolas go héifeachtúil faoi thábhacht, trasuí agus cur chun feidhme na Treorach seo.

(54)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ba cheart teorainn ama a chur leis na cuspóirí atá le baint amach ag cuideachtaí liostaithe agus níor cheart don chuspóir sin fanacht i bhfeidhm ach go dtí go mbeidh dul chun cinn inbhuanaithe bainte amach maidir le comhdhéanamh inscne bord. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Thairis sin, foráiltear leis an Treoir seo do dháta a rachaidh sí in éag. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, ina athbhreithniú, féachaint an gá síneadh a chur le ré na Treorach seo thar an dáta sin.

(55)

I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2011 maidir le doiciméid mhíniúcháin (12), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra faoina mbearta maidir le trasuí, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir na codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta maidir le trasuí. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Críoch

Is é is aidhm don Treoir seo ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a bhaint amach i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe trí bhearta éifeachtacha a bhunú arb é is aidhm dóibh dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo cothromaíocht inscne agus, an tráth céanna, a ndóthain ama a thabhairt do chuideachtaí liostaithe chun na socruithe is gá a dhéanamh chun na críche sin.

Airteagal 2

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le cuideachtaí liostaithe. Níl feidhm ag an Treoir seo maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “cuideachta liostaithe” cuideachta a bhfuil a hoifig chláraithe i mBallstát agus a ligtear a scaireanna isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte de réir bhrí Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE i mBallstát amháin nó níos mó,

(2)

ciallaíonn “bord” comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid cuideachta liostaithe,

(3)

ciallaíonn “stiúrthóir” comhalta boird, lena n-áirítear comhalta ar ionadaí na bhfostaithe é nó í,

(4)

ciallaíonn “stiúrthóir feidhmiúcháin” comhalta de bhord aonadach a bhíonn ag gabháil do bhainistíocht laethúil cuideachta liostaithe nó, i gcás córas débhoird, comhalta den bhord a fheidhmíonn feidhmeanna feidhmiúcháin cuideachta liostaithe,

(5)

ciallaíonn “stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin” comhalta de bhord aonadach seachas stiúrthóir feidhmiúcháin nó, i gcás córas débhoird, comhalta den bhord a dhéanann feidhmeanna formhaoirseachta cuideachta liostaithe,

(6)

ciallaíonn “bord aonadach” bord aonair a dhéanann feidhmeanna bainistíochta agus feidhmeanna maoirseachta cuideachta liostaithe,

(7)

ciallaíonn “córas débhoird” córas ina ndéanann boird ar leithligh feidhmeanna bainistíochta agus feidhmeanna maoirseachta cuideachta liostaithe,

(8)

ciallaíonn “micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide” nó “FBM” cuideachta ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil aici nach mó ná EUR 50 milliún nó iomlán bliantúil ar a clár comhardaithe nach mó ná EUR 43 milliún, nó, i gcás FBM a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, na méideanna coibhéiseacha in airgeadra an Bhallstáit sin.

Airteagal 4

An dlí is infheidhme

Is é an Ballstát ina bhfuil a ceannoifig ag an gcuideachta liostaithe an Ballstát a bheidh inniúil chun ábhair a chumhdaítear faoin Treoir seo a rialáil i leith na cuideachta liostaithe sin. Is é dlí an Bhallstáit sin a bheidh sa dlí infheidhme.

Airteagal 5

Cuspóirí maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cuideachtaí liostaithe faoi réir ceachtar de na cuspóirí seo a leanas, a bheidh le baint amach faoin 30 Meitheamh 2026:

(a)

gur ag daoine den ghnéas tearcionadaithe a bheidh 40 % ar a laghad de phoist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin,

(b)

gur ag daoine den ghnéas tearcionadaithe a bheidh ar a laghad 33 % de phoist stiúrthóra uile, idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás cuideachtaí liostaithe nach bhfuil faoi réir an chuspóra a leagtar síos i mír 1, pointe b, go leagfaidh siad síos cuspóirí cainníochtúla aonair d’fhonn cothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí feidhmiúcháin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé mar aidhm ag cuideachtaí liostaithe den sórt sin cuspóirí cainníochtúla aonair den sórt sin a bhaint amach faoin 30 Meitheamh 2026.

3.   Is é líon na bpost stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin a mheasfar is gá chun an cuspóir a leagtar síos i mír 1, pointe (a), a bhaint amach an líon is gaire don chion 40 %, ach nach mó ná 49 %. Is é líon na bpost stiúrthóra uile a mheasfar is gá chun an cuspóir a leagtar síos i mír 1, pointe (b), a bhaint amach an líon is gaire don chion 33 %, ach nach mó ná 49 %. Leagtar amach na líonta sin san Iarscríbhinn.

Airteagal 6

Modhanna chun na cuspóirí a bhaint amach

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás cuideachtaí liostaithe nach mbaineann na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a) nó (b), amach, de réir mar is infheidhme, go ndéanfaidh siad an próiseas a choigeartú maidir le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra. Roghnófar na hiarrthóirí sin ar bhonn measúnú comparáideach ar cháilíochtaí gach iarrthóra. Chun na críche sin, cuirfear critéir shoiléire, gan débhrí, arna bhfoirmliú ar bhealach neodrach i bhfeidhm go neamh-idirdhealaitheach ó thús deireadh an phróisis roghnúcháin, lena n-áirítear le linn ullmhú fógraí folúntais, na céime réamhroghnúcháin, chéim an ghearrliostaithe agus bhunú na ndíormaí roghnúcháin iarrthóirí. Bunófar critéir den sórt sin roimh an bpróiseas roghnúcháin.

2.   A mhéid a bhaineann le hiarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, áiritheoidh na Ballstáit, nuair a bheidh rogha á déanamh idir iarrthóirí atá comhcháilithe i dtéarmaí oiriúnachta, inniúlachta agus feidhmíocht ghairmiúil, go dtabharfar tosaíocht don iarrthóir den ghnéas tearcionadaithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, má fhágann cúiseanna ar mó tábhacht dhlíthiúil atá leo, amhail saothrú beartas eile éagsúlachta, arna n-agairt i gcomhthéacs measúnaithe oibiachtúil ina gcuirtear cás sonrach iarrthóra den ghnéas eile san áireamh, agus a bheidh bunaithe ar chritéir neamh-idirdhealaitheacha, gur cuí tosaíocht a bheith ag an iarrthóir den ghnéas eile.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh ag iarrthóir a breithníodh le linn roghnú na n-iarrthóirí lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra, go gceanglófar ar chuideachtaí liostaithe an méid seo a leanas a chur in iúl don iarrthóir sin:

(a)

na critéir cháilithe ar a raibh an roghnú bunaithe,

(b)

an measúnú comparáideach oibiachtúil ar na hiarrthóirí faoi na critéir sin, agus

(c)

i gcás inarb ábhartha, na cúinsí sonracha a fhágann gur cuí, ar bhonn eisceachtúil, tosaíocht a bheith ag an iarrthóir nach den ghnéas tearcionadaithe é nó í.

4.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá, i gcomhréir lena gcóras breithiúnach náisiúnta, chun a áirithiú, i gcás ina suíonn iarrthóir nár éirigh leis nó léi agus ar den ghnéas tearcionadaithe é nó í fíorais os comhair cúirte nó údarás inniúil eile ónar féidir a thoimhdiú go raibh an t-iarrthóir sin chomh cáilithe céanna leis an iarrthóir den ghnéas eile a roghnaíodh lena cheapadh nó lena ceapadh chuig post mar stiúrthóirí nó lena thoghadh nó lena toghadh do phost mar stiúrthóir, gur faoin gcuideachta liostaithe a bheidh sé a chruthú nár sáraíodh Airteagal 6(2).

Ní chuirfidh an mhír seo cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí do ghearánaithe.

5.   I gcás ina ndéantar an próiseas chun iarrthóirí a roghnú lena gceapadh chuig poist stiúrthóra nó lena dtoghadh do phoist stiúrthóra trí vóta scairshealbhóirí nó fostaithe, ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí liostaithe a áirithiú go gcuirfear vótálaithe ar an eolas go cuí maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, lena n-áirítear na pionóis a ghearrfaí ar an gcuideachta liostaithe i gcás neamhchomhlíonta.

Airteagal 7

Tuairisciú

1.   Ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí liostaithe faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla, uair sa bhliain, faoi ionadaíocht inscne ar a mboird, lena ndéantar idirdhealú idir stiúrthóirí feidhmiúcháin agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin agus maidir leis na bearta arna ndéanamh d’fhonn na cuspóirí is infheidhme a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb infheidhme, na cuspóirí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5(2) a bhaint amach. Ceanglóidh na Ballstáit ar chuideachtaí liostaithe an fhaisnéis sin a fhoilsiú ar bhealach iomchuí, a mbeidh rochtain éasca uirthi, ar a suímh ghréasáin. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear, déanfaidh na Ballstáit liosta de na cuideachtaí liostaithe a bhfuil ceachtar de na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) bainte amach acu a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta ar bhealach láraithe agus a mbeidh rochtain éasca air.

2.   I gcás nach mbainfidh cuideachta liostaithe amach ceann de na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) ná, i gcás inarb infheidhme, na cuspóirí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5(2), áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na cúiseanna nár baineadh amach na cuspóirí agus tuairisc chuimsitheach ar na bearta atá déanta cheana ag an gcuideachta liostaithe nó atá beartaithe aici a dhéanamh chun iad a bhaint amach.

3.   I gcás inarb infheidhme, áireofar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i ráiteas rialachais chorparáidigh na cuideachta freisin, i gcomhréir le forálacha ábhartha Threoir 2013/34/AE.

4.   Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo i mBallstát a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 ar fionraí de bhun Airteagal 12 i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta d’oibleagáidí maidir le tuairisciú lena n-áirithítear go bhfoilseofar go rialta faisnéis maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag cuideachtaí liostaithe go mbeadh ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir ar a mboird.

Airteagal 8

Pionóis agus bearta breise

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha i ndáil leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe forálacha náisiúnta arna ndéanamh ag cuideachtaí liostaithe, ar forálacha iad a glacadh de bhun Airteagal 5(2) agus Airteagail 6 agus 7, de réir mar is infheidhme, agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin chun feidhme. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha leordhóthanacha ar fáil ionas gur féidir na hoibleagáidí a eascraíonn as an Treoir seo a fhorfheidhmiú. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfar a bheith i gceist le pionóis den sórt sin fíneálacha nó an deis a bheith ag comhlacht breithiúnach cinneadh a bhaineann le roghnú stiúrthóirí arna dhéanamh contrártha leis na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 6 a chur ar neamhní nó a dhearbhú go bhfuil sé ar neamhní go hiomlán. Tabharfaidh na Ballstáit faoin ... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

2.   Ní fhéadfar cuideachtaí liostaithe a chur faoi dhliteanas ach amháin i leith gníomhaíochtaí nó easnaimh is féidir a chur i leith na gcuideachtaí sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit, agus conarthaí poiblí agus lamháltais phoiblí á gcomhlíonadh acu, go gcomhlíonfaidh cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí is infheidhme a bhaineann leis an dlí sóisialta agus saothair, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.

Airteagal 9

Ceanglais íosta

Féadfaidh na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach nó a choinneáil ar bun atá níos fabhraí ná na forálacha a leagtar síos sa Treoir seo chun ionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir a áirithiú i leith cuideachtaí liostaithe arna n-ionchorprú ina gcríoch náisiúnta.

Airteagal 10

Comhlachtaí chun cothromaíocht inscne a chur chun cinn i gcuideachtaí liostaithe

Ainmneoidh na Ballstáit comhlacht amháin nó níos mó chun cothromaíocht inscne ar bhoird a chur chun cinn, chun anailís agus faireachán a dhéanamh uirthi agus chun tacú léi. Chun na críche sin, féadfaidh Ballstáit, mar shampla, na comhlachtaí comhionannais sin atá ainmnithe acu i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13) a ainmniú.

Airteagal 11

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Maidir le Ballstáit a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 ar fionraí de bhun Airteagal 12, cuirfidh siad in iúl láithreach don Choimisiún an fhaisnéislena léirítear gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12.

3.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 12

Cur i bhfeidhm Airteagal 6 a chur ar fionraí

1.   Féadfaidh Ballstát cur i bhfeidhm Airteagal 6 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 5(2) a chur ar fionraí, i gcás inar comhlíonadh, faoin ... [dáta teacht i bhfeidhm na Treorach seo], na coinníollacha uile seo a leanas sa Bhallstát sin:

(a)

is ag daoine den ghnéas tearcionadaithe atá 30 % ar a laghad de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 25 % ar a laghad de na poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe, nó

(b)

maidir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin:

(i)

ceangalítear leis gur ag daoine den ghnéas tearcionadaithe 30 % ar a laghad de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 25 % ar a laghad de na poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe,

(ii)

áirítear ann bearta forfheidhmithe éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha i gcás neamhchomhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i bpointe (i), agus

(iii)

ceanglaítear leis go socróidh na cuideachtaí liostaithe go léir nach gcumhdaítear leis an dlí náisiúnta sin cuspóirí cainníochtúla aonair do na poist stiúrthóra uile.

I gcás inar chuir Ballstát cur chun feidhme Airteagal 6 agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 5(2) ar fionraí ar bhonn ceachtar de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo, measfar gur baineadh amach na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) sa Bhallstát sin.

2.   Chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha le haghaidh fionraí ar bhonn mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) nó (b), is é líon na bpost stiúrthóra a bheidh ag teastáil an líon is gaire don chion 30 % de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 25 % de na poist stiúrthóra uile, ach nach mó ná 39 %. Is amhlaidh a bheidh freisin sa chás inarb amhlaidh, de bhun an dlí náisiúnta, go gcuirtear na cuspóirí cainníochtúla a leagtar síos in Airteagal 5 i bhfeidhm ar leithligh maidir le hionadaithe scairshealbhóirí agus ionadaithe na bhfostaithe.

3.   I gcás nach gcomhlíonfar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo i mBallstát a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 agus, i gcás inarb iomchuí, Airteagal 5(2) ar fionraí de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 6 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 5(2) ar a dhéanaí 6 mhí tar éis do choinníollacha den sórt sin scor de bheith á gcomhlíonadh.

Airteagal 13

Athbhreithniú

1.   Faoin … [bliain amháin tar éis an dáta dá bhforáiltear in Airteagal 11(1)], agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid an Choimisiúin. Áireofar i dtuarascáil den sórt sin, faisnéis chuimsitheach faoi na bearta arna ndéanamh d’fhonn na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 5(1) a bhaint amach, faisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 7 agus, i gcás inarb infheidhme, faisnéis ionadaíoch faoi chuspóirí cainníochtúla aonair a leag cuideachtaí liostaithe síos de bhun Airteagal 5(2).

2.   Na Ballstáit a chuir cur i bhfeidhm Airteagal 6 agus, i gcás inarb ábhartha, Airteagal 5(2) ar fionraí de bhun Airteagal 12, áireoidh siad sna tuarascálacha a luaitear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis lena léirítear an bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12 á gcomhlíonadh agus conas a dhéantar amhlaidh agus lena léirítear an bhfuil dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí acu maidir le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe.

Faoin ... [2 bhliain tar éis an dáta dá bhforáiltear in Airteagal 11(1)], agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh an Coimisiún tuarascáil shonrach ina bhfionnfar, inter alia, an bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1) á gcomhlíonadh agus conas a dhéantar amhlaidh agus, de réir mar is infheidhme, ar thosaigh na Ballstáit ar Airteagal 6 agus Airteagal 5(2) a chur i bhfeidhm arís, i gcomhréir le hAirteagal 12(3).

3.   Faoin 31 Nollaig 2030, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht go háirithe féachaint ar baineadh amach nó nár baineadh amach cuspóirí na Treorach seo.

4.   Sa tuarascáil uaidh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i bhfianaise forbairtí maidir le hionadaíocht idir mná agus fir ar bhoird ar leibhéil éagsúla chinnteoireachta ar fud an gheilleagair, agus á chur san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil an dul chun cinn atá déanta inbhuanaithe go leor, an ionstraim éifeachtúil agus éifeachtach é an Treoir seo chun cothromaíocht inscne ar bhoird a mhéadú. Ar bhonn an mheasúnaithe sin, breithneoidh an Coimisiún an bhfuil gá le síneadh a chur le ré na Treorach seo thar an 31 Nollaig 2038 nó an gá í a leasú, mar shampla trína raon feidhme a leathnú chuig cuideachtaí neamhliostaithe nach dtagann faoin sainmhíniú ar FBManna nó trí athbhreithniú a dhéanamh ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 12(1), an chéad fhomhír, pointe (a), chun dul chun cinn leanúnach a áirithiú le hionadaíocht níos cothroime idir mná agus fir i measc poist stiúrthóra feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin nó poist stiúrthóra uile i gcuideachtaí liostaithe.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm agus dul in éag

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Rachaidh sí in éag an 31 Nollaig 2038.

Airteagal 15

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh i/in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


(1)  IO C 133, 9.5.2013, lch. 68.

(2)  IO C 218, 30.7.2013, lch. 33.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Samhain 2013 (IO C 436, 24.11.2016, lch. 225) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 17 Deireadh Fómhair 2022.

(4)  Moladh 84/635/CEE ón gComhairle an 13 Nollaig 1984 maidir le gníomhaíocht dhearfach do mhná a chur chun cinn (IO L 331, 19.12.1984, lch. 34).

(5)  Moladh 96/694/CE ón gComhairle an 2 Nollaig 1996 maidir le rannpháirtíocht chothrom ban agus fear sa phróiseas cinnteoireachta (IO L 319, 10.12.1996, lch. 11).

(6)  https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2021/05/08/the-porto-declaration/

(7)  Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).

(8)  Treoir 2006/111/CE ón gCoimisiún an 16 Samhain 2006 maidir le trédhearcacht caidrimh airgeadais idir na Ballstáit agus gnóthais phoiblí agus chomh maith leis sin maidir le trédhearcacht airgeadais laistigh de ghnóthais áirithe (IO L 318, 17.11.2006, lch. 17).

(9)  Féach breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 17 Deireadh Fómhair 1995, Kalanke v Freie Hansestadt Bremen, C-450/93, ECLI:EU:C:1995:322; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 11 Samhain 1997, Marschall v Land Nordrhein-Westfalen, C-409/95, ECLI:EU:C:1997:533; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 28 Márta 2000. Badeck and Others, C-158/97, ECLI:EU:C:2000:163; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 6 Iúil 2000Abrahamsson and Anderson, C-407/98, ECLI:EU:C:2000:367.

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(11)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(12)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.

(13)  Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

SPRIOCLÍONTA NA STIÚRTHÓIRÍ DEN GHNÉAS TEARCIONADAITHE

Líon na bpost ar an mbord

An líon íosta stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin den ghnéas tearcionadaithe is gá chun an cuspóir 40 % a chomhlíonadh (Airteagal 5(1), pointe (a))

An líon íosta stiúrthóirí den ghnéas tearcionadaithe is gá chun an cuspóir 33 % a chomhlíonadh (Airteagal 5(1), pointe (b))

1

-

-

2

-

-

3

1 (33,3  %)

1 (33,3  %)

4

1 (25  %)

1 (25  %)

5

2 (40  %)

2 (40  %)

6

2 (33,3  %)

2 (33,3  %)

7

3 (42,9  %)

2 (28,6  %)

8

3 (37,5  %)

3 (37,5  %)

9

4 (44,4  %)

3 (33,3  %)

10

4 (40  %)

3 (30  %)

11

4 (36,4  %)

4 (36,4  %)

12

5 (41,7  %)

4 (33,3  %)

13

5 (38,4  %)

4 (30,8  %)

14

6 (42,9  %)

5 (35,7  %)

15

6 (40  %)

5 (33,3  %)

16

6 (37,5  %)

5 (31,3  %)

17

7 (41,2  %)

6 (35,3  %)

18

7 (38,9  %)

6 (33,3  %)

19

8 (42,1  %)

6 (31,6  %)

20

8 (40  %)

7 (35  %)

21

8 (38,1  %)

7 (33,3  %)

22

9 (40,1  %)

7 (31,8  %)

23

9 (39,1  %)

8 (34,8  %)

24

10 (41,7  %)

8 (33,3  %)

25

10 (40  %)

8 (32  %)

26

10 (38,5  %)

9 (34,6  %)

27

11 (40,7  %)

9 (33,3  %)

28

11 (39,3  %)

9 (32,1  %)

29

12 (41,4  %)

10 (34,5  %)

30

12 (40  %)

10 (33,3  %)


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/31


Ráiteas ar chúiseanna na Comhairle: Seasamh (AE) Uimh. 3/2022 ón gComhairle ag an gcéad léamh chun go nglacfaí Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar na gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara

(2022/C 433/05)

I.   RÉAMHRÁ

1.

Chuir an Coimisiún Eorpach an togra thuasluaite faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 14 Samhain 2012.

2.

Is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb thromchúiseach maidir le tearcionadaíocht na mban ar bhoird cuideachtaí liostaithe.

3.

Le linn a 7ú téarma, d’ainmnigh Parlaimint na hEorpa an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (JURI) agus an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (FEMM) mar choistí atá freagrach go comhpháirteach as an togra reachtach. Cheap an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla Evelyn Regner (SD, AT) agus cheap an Coiste um Chearta na mBan Rodi Kratsa-Tsagaropoulou (EPP, EL) mar chomhrapóirtéirí agus vótáil siad ar an tuarascáil an 14 Deireadh Fómhair 2013. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh, ina raibh 66 leasú, an 20 Samhain 2013 (1).

4.

Le linn an 9ú téarma de Pharlaimint na hEorpa, cheap an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus an Coiste um Chearta na mBan Lara Wolters (SD, NL) agus Evelyn Regner (SD, AT) faoi seach mar chomhrapóirtéirí agus, tar éis don Chomhairle a cur chuige ginearálta maidir leis an togra a bhaint amach, chinn siad go comhpháirteach, an 16 Márta 2022, dul i mbun caibidlíocht idirinstitiúideach, bunaithe ar sheasamh na Parlaiminte ar an gcéad léamh.

5.

Sa Chomhairle, an 1 Feabhra 2013, scrúdaigh an Mheitheal um Cheisteanna Sóisialta an togra ar dtús. Ina theannta sin, ag an gcruinniú sin agus ag cruinnithe ina dhiaidh sin, scrúdaigh an Mheitheal an measúnú tionchair (an 18 Feabhra 2013 agus an 25 Márta 2013).

6.

Cuireadh tuarascálacha ar dhul chun cinn faoi bhráid Chomhairle EPSCO an 20 Meitheamh 2013, an 9 Nollaig 2013, an 19 Meitheamh 2014, an 11 Nollaig 2014 agus an 18 Meitheamh 2015. An 7 Nollaig 2015, scrúdaigh an Chomhairle EPSCO téacs comhréitigh arna chur síos ag an Uachtaránacht ach ní raibh sí in ann teacht ar thromlach cáilithe. Cuireadh tuarascáil ar dhul chun cinn faoi bhráid Chomhairle EPSCO an 15 Meitheamh 2017. Tar éis obair bhreise a dhéanamh ar leibhéil éagsúla, tháinig an Chomhairle ar chur chuige ginearálta an 14 Márta 2022 (2).

7.

Idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2022, rinneadh caibidlíocht idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus, mar éascaitheoir, an Coimisiún, d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an togra. An 7 Meitheamh 2022, tháinig na hidirbheartaithe ar chomhaontú sealadach maidir le téacs comhréitigh - téacs a ndearnadh anailís air agus ar fhormhuinigh Coiste na mBuanionadaithe ina dhiaidh sin é an 15 Meitheamh 2022 (3).

8.

Agus í i mbun a cuid oibre, chuir an Chomhairle tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Feabhra 2013 agus tuairim Choiste na Réigiún an 30 Bealtaine 2013 san áireamh freisin.

9.

I bhfianaise an chomhaontaithe shealadaigh idir na comhreachtóirí agus tar éis athbhreithniú dlí agus teanga a bheith déanta, táthar ag súil go nglacfaidh an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an togra i mí Dheireadh Fómhair 2022.

II.   CUSPÓIR

10.

Leis an togra ón gCoimisiún, leagtar síos cuspóir cainníochtúil 40 % maidir leis an líon daoine den ghnéas tearcionadaithe ar bhoird cuideachtaí liostaithe, agus beidh oibleagáid ar chuideachtaí oibriú i dtreo an chuspóra sin, inter alia, trí rialacha nós imeachta a thabhairt isteach i ndáil le comhaltaí neamhfheidhmiúcháin boird a roghnú agus a cheapadh.

III.   ANAILÍS AR AN SEASAMH ÓN gCOMHAIRLE AR AN gCÉAD LÉAMH

A.   Nóta ginearálta

11.

Bunaithe ar an togra ón gCoimisiún, rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle caibidlíocht agus é mar aidhm acu teacht ar chomhaontú ag céim an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh (luath-chomhaontú ar an dara léamh). Is léiriú iomlán é téacs an dréachtseasaimh ón gComhairle ar an gcomhréiteach ar thángthas air idir na comhreachtóirí.

12.

Tríd is tríd, leis an seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh, deimhníodh an cur chuige a ghlac an Coimisiún ina thogra inar tíolacadh íoschaighdeán le haghaidh nósanna imeachta roghnúcháin atá cothrom agus trédhearcach chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí, ach níor leagadh síos cuótaí ceangailteacha. Le cur chuige ginearálta na Comhairle, a comhaontaíodh níos mó ná naoi mbliana tar éis an tseasaimh ón bParlaimint ar an gcéad léamh, formhuiníodh an cur chuige sin freisin, agus cuireadh i dtábhacht ag an am céanna gur gá aitheantas a thabhairt do na modhanna éagsúla trína bhféadfadh na Ballstáit cuspóirí na Treorach a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta.

13.

Sa chomhréiteach, a léirítear sa seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh, tá na príomhghnéithe a leanas:

B.   Struchtúr agus raon feidhme

a.   An téacs a atheagrú

14.

D’atheagraigh an Chomhairle struchtúr an téacs ar mhaithe le soiléireacht níos fearr agus chun an t-idirdhealú a chur chun suntais idir na cuspóirí atá le saothrú ag cuideachtaí liostaithe agus na modhanna chun iad a bhaint amach (féach Airteagail 5 agus 6) agus chun na forálacha eile a shoiléiriú, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le cuspóirí aonair, tuairisciú agus comhlachtaí chun comhionannas a chur chun cinn (féach Airteagail 5, 7 agus 10). Mar thoradh ar an athstruchtúrú sin, bhíothas in ann feidhmiú an chlásail fionraíochta a shoiléiriú freisin (féach thíos). Le linn na caibidlíochta idir na comhreachtóirí, chun a shoiléiriú go dtarlaíonn fionraí agus an Treoir á cur chun feidhme, aistríodh an t-airteagal ábhartha go dtí an chuid dheireanach den téacs (féach Airteagal 12). Leanann an chuid eile de struchtúr an téacs a comhaontaíodh an loighic a thug an Chomhairle isteach ina cur chuige ginearálta.

b.   Teideal

15.

Níor thagair teideal an togra bunaidh ach amháin do stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin cé go raibh forálacha is infheidhme maidir le stiúrthóirí feidhmiúcháin sa togra freisin. Chun soiléireacht a áirithiú, leasaigh an Chomhairle an teideal chun a mhíniú go gcumhdaíonn an Treoir na stiúrthóirí uile, i.e. stiúrthóirí feidhmiúcháin agus neamhfheidhmiúcháin araon. Rinneadh an soiléiriú céanna freisin i gcás inarb ábhartha ar fud an téacs. Tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an gcur chuige sin le linn na caibidlíochta agus coimeádtar é sa téacs comhréitigh.

c.   Sainmhínithe (Airteagal 3)

16.

Sa téacs comhréitigh, rinneadh na príomh-shainmhínithe a ailíniú le cur chuige ginearálta na Comhairle. Go háirithe, tagraíonn an sainmhíniú ar “cuideachta liostaithe” do chuideachta a bhfuil a hoifig chláraithe i mBallstát, agus a ligtear a scaireanna isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte.

d.   Cuspóirí (Airteagal 5)

17.

Bhí dhá chuspóir mhalartacha sa togra ón gCoimisiún Eorpach cheana féin: 40 % i gcás stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó 33 % i gcás na stiúrthóirí uile, cé gur lú an infheictheacht a tugadh don rogha dheireanach sin. D’athfhoirmigh an Chomhairle an dá chuspóir, rud a d’fhág go raibh siad chomh sainráite céanna lena chéile, d’fhonn an raon feidhme agus na roghanna malartacha atá beartaithe a shoiléiriú. Ní raibh sé measta ag Parlaimint na hEorpa go mbeadh gá le hathrú den sórt sin agus chuir sí a himní in iúl go bhféadfadh sé go mbeadh an chuma air go raibh laghdú ar leibhéal na huaillmhéine. Mar chomhréiteach, athraíodh foclaíocht Airteagal 5 beagán, ionas nach n-úsáidtear an frása “é mar aidhm iad a bhaint amach” a thuilleadh, ach ina ionad sin tagraítear don oibleagáid atá ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil cuideachtaí liostaithe “faoi réir” ceann amháin den dá chuspóir. Fágadh na cuspóirí féin gan athrú, áfach.

e.   Cuideachtaí poiblí vs. cuideachtaí príobháideacha, agus cuideachtaí inar daoine den ghnéas tearcionadaithe iad níos lú ná 10 % de na fostaithe

18.

Ba mhian leis an gComhairle an fhoráil a rinne idirdhealú idir cuideachtaí poiblí agus cuideachtaí príobháideacha a scriosadh toisc na cuideachtaí poiblí sin a bheith faoi réir spriocdháta is luaithe. Ó thaobh na Parlaiminte de, ba mhian léi an fhoráil a scriosadh lenar ceadaíodh do na Ballstáit díolúine a thabhairt ó na príomhfhorálacha do chuideachtaí inar daoine den ghnéas tearcionadaithe iad níos lú ná 10 % de na fostaithe. Mar chomhréiteach, scriosadh an dá fhoráil.

C.   Nósanna imeachta roghnúcháin

a.   Gníomhaíocht dhearfach (Airteagal 6)

19.

Sa seasamh ón bParlaimint bhí roinnt forálacha ab infheidhme maidir leis an gcéim réamhroghnúcháin. Mar chomhréiteach, tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir le foclaíocht ina léirítear go soiléir gur infheidhme gníomhaíocht dhearfach maidir leis an bpróiseas roghnúcháin ar fad. I gcomhréir leis an gcur chuige sin agus i bhfianaise an chásdlí bunaithe ábhartha, sonraítear sa téacs comhréitigh gur cheart don chuspóir i ndáil le feabhsú comhionannais inscne an próiseas iomlán a rialú, lena n-áirítear an próiseas réamhroghnúcháin, agus gur cheart tús áite a thabhairt don ghnéas tearcionadaithe a fhad agus atá ag an iarrthóir na cáilíochtaí céanna agus atá ag an iarrthóir den ghnéas eile, ach ní go huathoibríoch ná go neamhchoinníollach.

b.   Ceanglais faisnéise (Airteagal 6(3))

20.

Leis an seasamh ón bParlaimint, leathnófaí an liosta faisnéise a cheanglófaí ar chuideachtaí a sholáthar d’iarrthóirí nár éirigh leo. Mar chuid den chomhréiteach foriomlán, áfach, coimeádadh na forálacha ábhartha i bhfoirm atá gar don mhéid a mhol an Coimisiún ar an gcéad dul síos.

D.   An clásal fionraíochta (Airteagal 12)

21.

Ina cur chuige ginearálta, de mheon coimhdeachta, rinne an Chomhairle tuilleadh forbartha agus mionchoigeartaithe ar an gclásal fionraíochta atá sa togra ón gCoimisiún, chun solúbthacht riachtanach a sholáthar do na Ballstáit a rinne bearta atá chomh héifeachtach céanna cheana féin chun cothromaíocht inscne ar bhoird cuideachtaí a fheabhsú agus ba cheart, dá bhrí sin, cead a bheith acu na ceanglais nós imeachta a leagtar amach sa Treoir a chur ar fionraí. Mheas an Pharlaimint, áfach, go bhféadfadh sé go bhfuil an clásal fionraíochta atá i dtéacs na Comhairle ró-oscailte, agus doiléir i gcodanna freisin, rud a thabharfadh le tuiscint go raibh lúb ar lár ann. Mar chomhréiteach, chomhaontaigh na comhreachtóirí a shonrú nach mbeadh an clásal fionraíochta ar fáil ach amháin do na Ballstáit sin a ghlac bearta náisiúnta ar léir go raibh siad “chomh héifeachtach céanna”, rud a chiallaíonn gur cheart bearta cainníochtúla ceangailteacha a bheith riachtanach sa reachtaíocht náisiúnta nó torthaí iarbhír a bheith riachtanach i dtéarmaí céatadán sonrach a baineadh amach. Thairis sin, de réir an téacs chomhréitigh, ionas go mbeidh Ballstát in ann leas a bhaint as an gclásal fionraíochta, ní mór na coinníollacha a chomhlíonadh faoi dháta theacht i bhfeidhm na Treorach.

22.

Anuas air sin, áirítear sa chomhréiteach a baineadh amach liosta iata de choinníollacha atá le comhlíonadh ag na Ballstáit chun a bheith i dteideal fionraí agus cur síos níos soiléire ar na croí-eilimintí ba cheart a áireamh sa reachtaíocht náisiúnta. Fágtar ar lár freisin an rogha bhreise atá sa togra ón gCoimisiún - rogha a cheadódh fionraí bunaithe ar mhóiminteam i dtreo dul chun cinn (seachas céatadán sonrach a bheith bainte amach cheana féin). Ina theannta sin, cuireadh foráil isteach san airteagal athbhreithnithe lena gceanglaítear ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar choinníollacha an chlásail fionraíochta i dtuarascáil 2030 uaidh. Anuas air sin, beidh sé de cheangal ar na Ballstáit a bhaineann úsáid as an gclásal fionraíochta tuairisciú ní hamháin maidir le cíbe acu a chomhlíon nó nár chomhlíon siad na coinníollacha is infheidhme agus cén chaoi a ndearna siad amhlaidh, ach freisin maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil tuilleadh dul chun cinn á dhéanamh acu i dtreo ionadaíocht níos cothroime ar an dá ghnéas, rud atá i gcomhréir leis an oibleagáid níos leithne atá orthu tuairisciú i ndáil lena ndul chun cinn i gcoitinne. Sonraítear sa chomhréiteach freisin gurb iad na Ballstáit a chuirfidh an Treoir i bhfeidhm agus gurb é an Coimisiún a thuairisceoidh ar an gcur i bhfeidhm sin.

E.   Dátaí agus spriocdhátaí (Airteagal 5)

23.

I bhfianaise líon na mblianta atá caite ó ceapadh an togra den chéad uair, rinne an Chomhairle na dátaí agus na spriocdhátaí a nuashonrú ina cur chuige ginearálta. Bhí a tuairim glactha cheana féin ag an bParlaimint in 2013, áfach, agus ní raibh deis aici nuashonrú den sórt sin a dhéanamh. Dhírigh an chaibidlíocht idir na comhreachtóirí ar spriocdháta an trasuímh agus ar an spriocdháta a leagadh síos agus tagairt á déanamh do chuspóirí na treorach, agus d’iarr an Pharlaimint go mbeadh féilire níos doichte ann. Leis an gcomhréiteach a comhaontaíodh, filltear ar thréimhse trasuímh chaighdeánach dhá bhliain agus leagtar síos an spriocdháta chun na cuspóirí cainníochtúla a bhaint amach faoin 30 Meitheamh 2026, leath bealaigh idir sainorduithe na gcomhreachtóirí faoi seach.

F.   Pionóis (Airteagal 8)

24.

Bhí bearna shuntasach ann idir an seasamh ón gComhairle ina cur chuige ginearálta, a choinnigh foclaíocht ghearr ghinearálta ina raibh tagairt do “bearta forfheidhmithe,” agus an seasamh ón bParlaimint, a bhí níos mionsonraithe agus a chuirfeadh iallach ar na Ballstáit pionóis shonracha a chur i bhfeidhm amhail fíneálacha, neamhniú ceapachán, agus eisiamh ó thairiscintí poiblí agus ó rochtain ar chistí Eorpacha. Sa téacs comhréitigh a comhaontaíodh, úsáidtear an téarma “pionóis” agus glactar le bunsmaoineamh an Choimisiúin gan fíneálacha ná neamhniú ceapachán a lua ach amháin mar shamplaí. Tá foráil ghinearálta maidir le soláthar poiblí ann freisin, lena gcuirtear iallach ar na Ballstáit a áirithiú, agus conarthaí poiblí agus lamháltais phoiblí á gcomhlíonadh acu, go gcomhlíonfaidh cuideachtaí liostaithe na hoibleagáidí is infheidhme a bhaineann leis an dlí sóisialta agus saothair, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme de chuid an Aontais. Ar deireadh, áiríodh cineál malartach smachtbhanna nó dreasachta neamhfhoirmiúla sa téacs mar chuid den chomhréiteach, eadhon, na Ballstáit a bheith le liosta a fhoilsiú de na cuideachtaí ar éirigh leo na cuspóirí cainníochtúla a leagtar amach sa Treoir a bhaint amach.

G.   Athbhreithniú (Airteagal 13)

25.

Ina seasamh, bheartaigh an Pharlaimint an deis a thabhairt go sainráite don Choimisiún athbhreithniú ar raon feidhme na Treorach a mholadh chun na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Eorpacha, na cuideachtaí neamhliostaithe, na smachtbhannaí agus an clásal fionraíochta a chur san áireamh. Bhí an Chomhairle i bhfabhar foirmliú níos ginearálta, agus é á chur san áireamh go bhfuil an ceart tionscnaimh ag an gCoimisiún i gcás ar bith a mhéid a bhaineann le cinneadh a dhéanamh maidir le tograí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo lena ndéanfaí an Treoir a athbhreithniú nó a fhorlíonadh. Sa téacs comhréitigh, iarrtar ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh, i dtuarascáil 2030 uaidh, ar éifeachtacht na Treorach, an gá a d’fhéadfadh a bheith le raon feidhme na treorach a leathnú tráth is faide anonn chun cuideachtaí neamhliostaithe nach FBManna iad a chumhdach, agus ceann de choinníollacha an chlásail fionraíochta, eadhon an ceann atá bunaithe ar an dul chun cinn a rinneadh (Airteagal 12(1)(a)). Eisiadh FBManna agus institiúidí an Aontais go soiléir ón airteagal maidir le hathbhreithniú mar a leagtar amach é sa chomhréiteach ar thángthas air. Mar sin féin, cuireadh aithris isteach maidir le ról eiseamláireach institiúidí an Aontais chun aird a thabhairt ar na straitéisí comhionannais atá ann cheana (Aithris 12).

H.   Iarscríbhinn theicniúil

26.

Ina seasamh, chuir an Chomhairle iarscríbhinn theicniúil isteach ina leagtar síos líon sonrach na bpost stiúrthóra a mheastar a bheith riachtanach chun na cuspóirí cainníochtúla arna sloinneadh mar chéatadáin sa Treoir a bhaint amach. Tá an iarscríbhinn sin san áireamh sa chomhréiteach a chomhaontaigh na comhreachtóirí.

IV.   CONCLÚID

27.

Caomhnaítear leis an seasamh ón gComhairle príomhchuspóirí an togra ón gCoimisiún Eorpach agus urramaítear go hiomlán an comhréiteach ar thángthas air sa chaibidlíocht neamhfhoirmiúil idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, agus tacaíonn an Coimisiún leis.

28.

Dearbhaíodh an comhréiteach ar tháinig na comhreachtóirí air i litir ó Chathaoirligh Choiste JURI agus Choiste FEMM de chuid Pharlaimint na hEorpa dar dáta an 16 Meitheamh 2022. Táthar ag súil go nglacfaidh an Chomhairle é mar sheasamh ar an gcéad léamh in am trátha.

(1)  P7_TA(2013)0488.

(2)  6468/22 + ADD 1.

(3)  9880/22 + ADD 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/36


Rátaí malairte an euro (1)

14 Samhain 2022

(2022/C 433/06)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0319

JPY

yen na Seapáine

144,86

DKK

krone na Danmhairge

7,4382

GBP

punt steirling

0,87513

SEK

krona na Sualainne

10,7713

CHF

franc na hEilvéise

0,9751

ISK

króna na hÍoslainne

150,30

NOK

krone na hIorua

10,3143

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,289

HUF

forint na hUngáire

407,28

PLN

zloty na Polainne

4,6898

RON

leu na Rómáine

4,9043

TRY

lira na Tuirce

19,1923

AUD

dollar na hAstráile

1,5427

CAD

dollar Cheanada

1,3706

HKD

dollar Hong Cong

8,0852

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6957

SGD

dollar Shingeapór

1,4177

KRW

won na Cóiré Theas

1 369,32

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,8393

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,2906

HRK

kuna na Cróite

7,5465

IDR

rupiah na hIndinéise

16 052,12

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7429

PHP

peso na nOileán Filipíneach

59,040

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,978

BRL

real na Brasaíle

5,4605

MXN

peso Mheicsiceo

20,0985

INR

rúipí na hIndia

83,7779


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Chomhairle

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/37


Fógra le haghaidh na ndaoine agus an eintitis atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

(2022/C 433/07)

Maidir leis na daoine agus leis an eintiteas a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle (4) maidir le bearta sriantacha leathadh agus úsáid arm ceimiceach, dírítear a n-aird siúd ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine agus an t-eintiteas sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 agus i Rialachán (AE) 2018/1542 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach. Luaitear sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin na forais ar a ndearnadh na daoine agus an t-eintiteas lena mbaineann a liostú.

Cuirtear in iúl do na daoine agus don eintiteas lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine agus an t-eintiteas lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, faoin 19 Meitheamh 2023, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chinneadh (CBES ) 2018/1544 agus le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2018/1542.

Cuirtear in iúl do na daoine agus an t-eintiteas lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, sa cheathrú agus sa séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 25.

(2)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 32.

(3)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.

(4)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 1.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/38


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

(2022/C 433/08)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1542 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle (5).

Is í Roinn RELEX.1 san Ard-Stiúrthóireacht um an gCaidreamh Seachtrach – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí ARC ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é is cuspóir don oibríocht phróiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/2232 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1542 ón gComhairle, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2228 ón gComhairle.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2018/1544 agus i Rialachán (AE) 2018/1542.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a chomhroinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 25.

(3)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 32.

(4)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.

(5)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 1.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/40


Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/2233 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2229 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin\

(2022/C 433/09)

Dírítear aird na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1) ar an bhfaisnéis seo a leanas, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2233 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2229 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin. Tugtar na forais leis na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin a ainmniú sna hiontrálacha ábhartha sna hiarscríbhinní sin.

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar an liosta thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 30 Nollaig 2022, ag an seoladh seo a leanas:

Council of the European Union

General Secretariat

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 40.

(3)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

(4)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 9.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/41


Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2233 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2229 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

(2022/C 433/10)

Dírítear aird na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (1) ar an bhfaisnéis seo a leanas, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2233 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2229 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.

Ceanglaítear le hAirteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 nach mór do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí sin tuairisc a thabhairt, roimh an 1 Meán Fómhair 2022 nó laistigh de 6 seachtaine tar éis dháta an liostaithe in Iarscríbhinn I, cibé acu is déanaí, faoi na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leo iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú, chuig údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin suite. Ní mór dóibh oibriú i gcomhar leis an údarás inniúil maidir le fíorú na faisnéise sin. Aon mhainneachtain na hoibleagáidí sin a urramú, measfar gurb éard atá inti, imchéimniú na mbeart maidir le reo sócmhainní agus acmhainní eacnamaíocha.

Ní mór an fhaisnéis atá le tuairisciú a sheoladh chuig údarás inniúil an Bhallstáit ábhartha, trína shuíomh gréasáin mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 (5).

Ní bheidh feidhm go dtí an 1 Eanáir 2023 ag an oibleagáid tuairiscithe faoi Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a mhéid a bhaineann le cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá lonnaithe i mBallstát a raibh oibleagáid tuairiscithe dá samhail leagtha síos aige faoin dlí náisiúnta roimh an 21 Iúil 2022.


(1)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(2)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 40.

(3)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

(4)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 9.

(5)  An leagan comhdhlúite is déanaí ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02014R0269-20220916&qid=1666170179071


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/42


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

(2022/C 433/11)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála seo Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2233 ón gComhairle (3), agus le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2229 ón gComhairle (5).

Is í Roinn RELEX.1 in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag an seoladh seo a leanas:

Council of the European Union

General Secretariat

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2014/145/CBES, arna leasú le Cinntí (CBES) 2022/2233, agus le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2229.

Is daoine nádúrtha a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2014/145/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 iad na hábhair sonraí.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Is ceadmhach pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a rialú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh na hábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725(edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 16.

(3)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 40.

(4)  IO L 78, 17.3.2014, lch. 6.

(5)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 9.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/44


Fógra le haghaidh an duine atá faoi réir na mbeart dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2234 ón gComhairler agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2230 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

(2022/C 433/12)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar aird an duine atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2234 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2230 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin.

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart an duine sin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

Cuirtear in iúl don duine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh an duine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 31 Nollaig 2022, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Tugtar d'aire na ndaoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 d'Airteagal 275, agus i míreanna 4 agus 6 d'Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(2)  IO LI 294, 14.11.2022, lch. 43.

(3)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

(4)  IO LI 294, 14.11.2022, lch. 13.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/45


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

(2022/C 433/13)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na n-ábhar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2011/235/CBES (2), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2234 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2230 ón gComhairle (5).

Is é RELEX.1 in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh - RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, ar féidir dul i dteagmháil leis ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí ARC ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2011/235/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2234, agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2230.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2011/235/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú na gceart ag na hábhair sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(3)  IO LI 293 14.11.2022, lch. 43

(4)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

(5)  IO LI 293 14.11.2022, lch. 13


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/47


Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas, agus na gcomhlachtaí a bhfuil feidhm ag na bearta maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2235 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2231 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

(2022/C 433/14)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar na daoine agus ar na heintitis atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (1), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2235 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2231 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin.

Tá Comhairle an Aontais Eorpaigh tar éis a chinneadh gur cheart na daoine agus na heintitis sin a áireamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine nó na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle roimh an 31 Nollaig 2022, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, mír 2, agus in Airteagal 263, míreanna 4 agus 6, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(2)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 46.

(3)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

(4)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 16.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/48


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo, ar bearta iad dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, eintitis agus comhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin

(2022/C 433/15)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na n-ábhar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh 2011/235/CBES ón gComhairle (2), arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2235 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2231 ón gComhairle (5).

Is é RELEX.1 in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh - RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, ar féidir dul i dteagmháil leis ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí ARC ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2011/235/CBES, arna chur chun feidhme le Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/2235, agus Rialachán (AE) Uimh. 359/2011, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2231.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2011/235/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 359/2011.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú na gceart ag na hábhair sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(3)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 46.

(4)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

(5)  IO L 293, 14.11.2022, lch. 16.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/50


Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird - ABDOLLAHI Hamed, AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, ARBABSIAR Manssor, ASSADI Assadollah, BOUYERI Mohammed, EL HAJJ Hassan Hassan, AL-DIN Izz Hasan, MELIAD Farah, MOHAMMED Khalid Sheikh, SHAHLAI Abdul Reza, SHAKURI Ali Gholam, Al-Aqsa Martyrs’ Brigade, Communist Party of the Philippines’, lena n-áirítear “New People’s Army” – “NPA”, Hizballah Military Wing, Ejército de Liberación Nacional (“Arm an tSaortha Náisiúnta”), Popular Front for the Liberation of Palestine – “PFLP”, Popular Front for the Liberation of Palestine – General Command, Sendero Luminoso – “SL” (“Shining Path”), agus Teyrbazen Azadiya Kurdistan’ – “TAK” na ndaoine agus na ngrúpaí a áirítear ar liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas faoi réir Airteagail 2, 3 agus 4 de Chomhsheasamh 2001/931/CBES ón gComhairle maidir le bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha sonracha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (Féach na hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2022/1241 ón gComhairle agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1230 ón gComhairle)

(2022/C 433/16)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na ndaoine agus na ngrúpaí thuasluaite a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2022/1241 ón gComhairle (1) agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1230 ón gComhairle (2).

Le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle (3), foráiltear gur féidir gach ciste, gach sócmhainn airgeadais agus gach acmhainn eacnamaíoch dá bhfuil ag na daoine agus na grúpaí lena mbaineann a chalcadh, agus nach ceadmhach aon chistí, sócmhainní airgeadais eile ná acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh, go díreach ná go hindíreach.

Cuireadh faisnéis nua ar fáil don Chomhairle a bhaineann le liostú na ndaoine agus na ngrúpaí thuasluaite. Tar éis di an fhaisnéis nua sin a mheas, tá sé ar intinn ag an gComhairle na ráitis ar chúiseanna a leasú dá réir.

Féadfaidh na daoine agus na grúpaí lena mbaineann iarraidh a chur isteach chun na ráitis ar chúiseanna atá á mbeartú maidir lena gcoinneáil ar an liosta thuasluaite a fháil chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh (Ainmníochtaí COMET)

Rue de la Loi 175

B-1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

Rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Ba cheart iarraidh den sórt sin a chur isteach faoin 22 Samhain 2022.

Féadfaidh na daoine agus na grúpaí, tráth ar bith, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chuig an seoladh thuas, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh iad a chur agus a choinneáil ar an liosta. Déanfar na hiarrataí sin a mheas ach a bhfaighfear iad. I ndáil leis an méid sin, tugtar ar aird na ndaoine agus na ngrúpaí lena mbaineann go ndéanann athbhreithniú go tráthrialta ar an liosta de réir Airteagal 1(6) de Chomhsheasamh 2001/931/CBES (4).

Tugtar ar aird na ndaoine agus na ngrúpaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha mar a liostaítear iad san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán d'fhonn údarú a fháil cistí calctha a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach, i gcomhréir le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin.


(1)  IO L 190, 19.7.2022, lch. 133.

(2)  IO L 190, 19.7.2022, lch. 1.

(3)  IO L 344, 28.12.2001, lch. 70.

(4)  IO L 344, 28.12.2001, lch. 93.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/51


Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide sa Túinéis

(2022/C 433/17)

Dírítear aird na ndaoine a liostaítear san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011 ón gComhairle (2), ar an bhfaisnéis seo a leanas, maidir le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise na staide san Iaráin.

Tá faisnéis faighte ag an gComhairle ó údaráis na Túinéise a mheasfar faoi chuimsiú an athbhreithnithe bhliantúil ar na bearta sriantacha a bhaineann leis na daoine uile a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/72/CBES agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 101/2011. Cuirtear na daoine lena mbaineann ar an eolas leis seo go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an fhaisnéis a bhaineann leo a fháil, roimh an 22 Samhain 2022, chuig an seoladh seo a leanas:

Council of the European Union

General Secretariat

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chinneadh 2011/72/CBES agus le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 101/2011.


(1)  IO L 28, 2.2.2011, lch. 62.

(2)  IO L 31, 5.2.2011, lch. 1.


An Chúirt Iniúchóirí

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/52


Tuarascáil bhliantúil ar Chomhghnóthais an Aontais do bhliain airgeadais 2021

(2022/C 433/18)

Foilseoidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a tuarascáil bhliantúil ar Chomhghnóthais an Aontais do bhliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na gComhghnóthas, an 15 Samhain 2022.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ón 17:00 an 15 Samhain 2022 ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa:

 

https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=62403


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/53


Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

(2022/C 433/19)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha i ndáil le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin, tugann an Aireacht Chomhshaoil fógra leis seo go bhfuil iarratas faighte aici ar réamhthoiliú le haghaidh togra chun láithreán eastósctha Karviná-Doly IV a bhunú chun an taisce gáis nádúrtha a bhaineann le seam guail Důl Darkov, suiteáil Uimh 3 (uimhir chlárúcháin taisce 070423) a shaothrú. Baineann an t-iarratas le limistéar polagánach de thart ar 4,49875 km.2. Tá an limistéar suite laistigh de limistéar cadastrach bhardais Karviná-Doly, Stonava agus Darkov i Réigiún Moravia-Silesia (oirthuaisceart Phoblacht na Seice).

Maidir leis an Treoir a luaitear sa teideal agus le hAlt 24 de Ghníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú, tugann Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice cuireadh do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha atá údaraithe chun gníomhaíochtaí mianadóireachta a dhéanamh (eintitis chonarthacha) iarratas iomaíoch a chur isteach ar réamhthoiliú chun láithreán eastósctha a bhunú sa limistéar atá sonraithe thuas.

Is í an Aireacht Chomhshaoil an t-údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh. Tá na critéir, na coinníollacha agus na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 6(2) den Treoir leagtha amach ina n-iomláine i reachtaíocht Phoblacht na Seice i nGníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú.

Féadfar iarratais a chur isteach le linn na 90 lá tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig an Aireacht Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:

RNDr. Martin Holý

ředitel odboru geologie

Ministerstvo životního prostředí

Vršovická 65

100 10 Praha 10

POBLACHT NA SEICE

Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis don tréimhse sin dul in éag. Déanfar cinneadh ar na hiarratais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ach í a iarraidh ó roinn geolaíochta na hAireachta tríd an seoladh r-phoist martin.holy@mzp.cz.


IARSCRÍBHINN

Image 1


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Coimisiún Eorpach

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/55


FÓGRA DE BHUN AIRTEAGAL 29(2) DE NA RIALACHÁIN FOIRNE

Foilsiú folúntais le haghaidh trí fheidhm Stiúrthóra “Acmhainní” (Grád AD 14) sna hArd-Stiúrthóireachtaí seo a leanas:

Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (INTPA)

Sláinte Phoiblí agus Sábháilteacht Bia

Trádáil (TRADE)

COM/2022/10419

(2022/C 433/20)

Tá fógra folúntais foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach (tagairt COM/2022/10419) le haghaidh trí fheidhm Stiúrthóra “Acmhainní” (Grád AD 14) san Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta (INTPA), san Ard-Stiúrthóireacht um Shláinte agus Sábháilteacht Bia (SANTE) agus in Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (TRADE).

Chun téacs an fhógra folúntais a fheiceáil in 24 theanga agus chun d’iarratas a chur isteach, téigh chuig an leathanach gréasáin tiomnaithe seo ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: https://europa.eu/!RNhCDw


NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/56


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10943 — ENEL / CVC CAPITAL PARTNERS / GRIDSPERTISE)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 433/21)

1.   

An 3 Samhain 2022, fuair an Coimisiún fógra faoi chomhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Enel S.p.A. (“Enel”, an Iodáil),

CVC Capital Partners SICAV-FIS S.A. (“CVC Capital Partners”, Lucsamburg),

Gridspertise S.r.l. (“Gridspertise”, an Iodáil), atá faoi rialú Enel faoi láthair.

Gheobhaidh Enel agus CVC Capital Partners comhrialú ar Gridspertise de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna atá an comhchruinniú á dhéanamh.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Enel: gníomhaí domhanda comhtháite atá gníomhach i nginiúint leictreachais agus i ndáileadh agus soláthair gáis,

CVC Capital Partners: cuideachta a sholáthraíonn comhairle i leith cistí infheistíochta agus a dhéanann bainistiú orthu agus a bhfuil leasanna aici i roinnt cuideachtaí atá gníomhach i raon leathan tionscal ar fud an domhain,

Gridspertise: soláthróir trealaimh eangaí cliste le haghaidh oibreoirí córais dáileacháin agus úsáideoirí eangaí.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10943 — ENEL / CVC CAPITAL PARTNERS / GRIDSPERTISE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/58


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10927 — ACTION LOGEMENT / AG2R LA MONDIALE / BNP PARIBAS / JV)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 433/22)

1.   

An 7 Samhain 2022, fuair an Coimisiún fógra faoi chomhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

In’li (an Fhrainc), atá faoi rialú ghrúpa Action Logement (an Fhrainc),

AGLM Immo (an Fhrainc), atá faoi rialú ghrúpa AG2R La Mondiale (an Fhrainc),

Pierre Impact (an Fhrainc), atá faoi rialú BNP Paribas (an Fhrainc),

JV (“an sprioc-ghnóthas”, an Fhrainc).

Gheobhaidh In’li, AGLM Immo agus Pierre Impact comhrialú ar an sprioc-ghnóthas, atá ina chomhfhiontar lánfheidhme, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Is trí cheannach scaireanna i gcuideachta nuabhunaithe, cuideachta atá ina comhfhiontar, atá an comhchruinniú á dhéanamh.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

In’li: cuideachta réadmhaoine, ar fochuideachta de chuid ghrúpa Action Logement atá inti, agus atá gníomhach sa Fhrainc in earnáil na tithíochta sóisialta agus idirmheánaí,

AGLM Immo: fochuideachta de chuid ghrúpa AG2R La Mondiale, a corpraíodh ar mhaithe le héascaíocht a dhéanamh d’úinéireacht sócmhainní réadmhaoine ar fad na gcuideachtaí go léir in AG2R La Mondiale, grúpa árachais atá gníomhach sa Fhrainc agus i Lucsamburg agus a dhéanann sainchúram den árachas pearsanta (árachas pinsean, sláinte, seanaoise agus coigilitis, agus coigiltis, agus leas sóisialta),

Pierre Impact: cuideachta bainistíochta a chuireann seirbhísí réadmhaoine iltáirgeacha éagsúla ar fáil sa Fhrainc agus i roinnt tíortha de chuid LEE,

An Sprioc-Ghnóthas: comhfhiontar lánfheidhme a thabharfaidh faoi ghníomhaíochtaí réadmhaoine sa Fhrainc san earnáil chónaithe.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10927 ACTION LOGEMENT / AG2R LA MONDIALE / BNP PARIBAS / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/60


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair

(2022/C 433/23)

Bronnann an foilsiú seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Cebolla de la Mancha”

Uimh. AE: PGI-ES-02631 – 7.09.2020

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm an TGFC

“Cebolla de la Mancha”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Spáinn

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.    An cineál táirge

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte

3.2.    Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Oinniúin (bleibeanna den speiceas Allium cepa L.), den chineál “Recas”, a bhfuiltear lena ndíol úr agus iomlán.

Ní bheidh feidhm ag an Tásc Geografach faoi Chosaint ach amháin maidir le hoinniúin ina bhfuil cion ábhair thirim idir 5 % agus 10 %, aonadmheáchan idir 165 gram agus 1 000 gram, trastomhas idir 50 mm agus 120 mm agus íoschion siúcra 3.5 oBrix (± 0.5 %).

Is é an cion ábhair thirim atá in “Cebolla de La Mancha” a thugann do na hoinniúin sin a n-uigeacht bhriosc, thathagach, agus is é an t-íoschion siúcra a thugann dóibh an blas maoth, meathchreamhach.

Cruth sféarúil atá ar oinniúin “Cebolla de la Mancha”, agus is inghlactha dífhoirmiú 10 % a bheith iontu ina dtrastomhas ag na poil agus ag an meánchrios.

Ní mór dhá cheann ar a laghad de chraicne nó tiúinicí a bheith ar na hoinniúin, díobh siúd a chinneann dath amuigh an “Cebolla de la Mancha” agus ní mór iad sin a bheith ar dhath an chopair nó an chré-umha dhorcha. Dath bán a chaithfidh a bheith ar an mbleib taobh istigh.

3.3.    Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.    Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Maidir le hionad a dtáirgthe, is éigean, i gcás oinniúin “Cebolla de la Mancha”, gur de tháirgeadh an limistéir gheografaigh a ndéantar cur síos air i bpointe 4 na hoinniúin.

3.5.    Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór na hionaid pacáistíochta a bheith feistithe le córais lenar féidir oinniúin atá cumhdaithe ag an Tásc Geografach faoi Chosaint a phacáistiú ar leithligh ó oinniúin eile.

3.6.    Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ar lipéid na bpacáistí oinniún, ní mór, i dteannta an ainm faoin ndíoltar an táirge, lógó an bhranda “Cebolla de la Mancha” a bheith ann maille leis na focail “Indicación Geográfica Protegida” [Tásc Geografach faoi Chosaint]. Ní mór an lógó sin a chur ar fáil do gach oibreoir a iarrann é agus atá i gcomhlíontacht leis an tsonraíocht. An marc comhréireachta a d’eisigh an t-eintiteas a rinne deimhniú ar an táirge, is féidir an marc sin a bheith ar an lipéad nó gan bheith air, de rogha.

Image 2

4.   Sainiú gonta ar an limistéar geografach

An limistéar ina dtáirgtear an Tásc Geografach faoi Chosaint, comhfhreagraíonn sé do na bardais atá faoi na ceantair seo a leanas: Almansa, Centro, Hellín, Mancha agus Manchuela (cúige Albacete); Campo de Calatrava, Campos de Montiel agus Mancha (cúige Ciudad Real); Mancha Alta, Mancha Baja agus Manchuela (cúige Cuenca) agus La Mancha, La Sagra, Talavera (bardas Talavera amháin) agus Torrijos (cúige Toledo).

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Iarratas ar chlárú “Cebolla de la Mancha” mar TGFC, bunaítear é ar shaintréithe seo a leanas na n-oinniún: den chineál “Recas” iad, cruth sféarúil orthu, cion ábhair thirim 5 %-10 % iontu, dhá fhorchraiceann nó tiúinicí ar a laghad orthu nach mór a bheith ar dhath an chopair nó an chré-umha dhorcha, iad bán taobh istigh, íoschion siúcra 3.5 oBrix iontu, aonadmheáchan idir 165 gram agus 1 000 gram iontu, trastomhas idir 50 mm agus 120 mm iontu. Áirithítear na saintréithe sin de bhíthin an limistéir gheografaigh ina dtáirgtear iad agus an mhodha ina mbainistítear na barra.

5.1.    Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

a)   Rilíf

Faigheann La Mancha uisce a thagann de rith dromchla ó na cnoic agus na sliabhraonta máguaird agus, a bhuí leis an gcumraíocht tírdhreacha sin, tháinig ann do mhachairí torthúla dea-uiscithe ar feadh bhruacha a haibhneacha. Tá toibreacha fíoruisce faoi thalamh ansin freisin agus dá thoradh sin uile tá dálaí ithreach agus aeráide ar leith ann inar fhorbair saothrú na n-oinniún, rud a thugann saintréithe orgánaileipteacha ar leith na huigeachta brisce, tathagaí agus an bhlais mhaoith mheathchreamhaigh.

b)   An aeráid

De bharr na héifeachta ilchríochaí, bíonn na teochtaí an-fhoircneach in Castilla-La Mancha. Bíonn difríochtaí an-mhór (suas le 18 nó 20 céim) idir na teochtaí oíche agus na teochtaí lae.

Is fíorbheagán báistí a chuireann sé ann, 392.83 mm/m2 sa bhliain ar an meán sa limistéar a shainítear chun críoch an Táisc Gheografaigh faoi Chosaint, agus faigheann sé leibhéil arda de thaitneamh na gréine (2 777 n-uair an chloig de thaitneamh na gréine sa bhliain ar an meán) agus imghalú sa samhradh. Ina theannta sin, tá na leibhéil bogthaise coibhneasta go híseal (meánmhéid bliantúil 64 %) agus tá an chúrsaíocht ghaoithe beagnach seasmhach, le meánrith gaoithe 216 km/lá (agus é níos airde ná sin féin, ag 344 km/lá ar an meán, ag stáisiún aimsire Albacete).

c)   Ithreacha

I dtaca le hithreacha de, is uigeacht ithreach dúrabháin nó dúrabháin ghainmhigh is mó atá iontu, iad an-tréscaoilteach agus cion ard mianraí iontu. Cailcreach atá an sainchiseal B agus tá na hithreacha clochach, póiriúil agus furasta a shaothrú. Is lú ná 20 % an cion cré atá san ithir. Alcaileach atá pH na hithreach, agus na luachanna idir 7.5 agus 8.5. Is gnách an cion ábhair orgánaigh a bheith íseal, ag tuairim is 1.5 %. Is i gceapacha éadoimhne d’ithir íseal-torthúil tuairim is 35-40 cm ar doimhneacht a shaothraítear na hoinniúin. I dtaca leis an méid fosfair a bhíonn le fáil ag na plandaí as an ithir, is gnách an leibhéal a bheith idir meánach agus neamhleordhóthanach, ach tá flúirse den photaisiam, den mhaignéisiam agus den chailciam san ithir.

5.2.    Sainiúlacht an táirge

Tá na saintréithe seo a leanas ag oinniúin “Cebolla de la Mancha”:

 

Oinniúin den chineál “Recas” is ea iad.

 

Cruth sféarúil orthu.

 

Cion ábhair thirim idir 5 % agus 10 % iontu, a thugann do na hoinniúin a n-uigeacht bhriosc, thathagach.

 

Dhá fhorchraiceann nó tiúinic, ar a laghad, orthu, nach mór a bheith ar dhath an chopair nó an chré-umha dhorcha.

 

Dath bán ar an taobh istigh.

 

Íoschion siúcra 3.5 oBrix iontu, an rud a thugann dóibh an blas maoth, meathchreamhach.

 

Aonadmheáchan idir 165 gram agus 1 000 gram iontu.

 

Trastomhas idir 50 mm agus 120 mm iontu.

5.3.    Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó saintréithe an táirge (maidir le STFC) nó cáilíocht shonrach, an cháil atá ar an táirge nó saintréith eile atá aige (maidir le TGFC)

Is é an cumasc den ithir agus de dhálaí aeráide, sin agus na cleachtais saothraithe sa limistéir táirgthe a thug gur tháinig an cineál oiniúin “Recas” chun cinn, pór atá in oiriúint go foirfe don limistéar táirgthe seo. Ar mhéad na ráchairte atá ar na hoinniúin as siocair a saintréithe ar leith i dtaca le dath, méid, uigeacht agus blas, tá Castilla-La Mancha ar an réigiún táirgeachta is tábhachtaí sa Spáinn, arae is ann a fhásann breis agus an leathchuid d’fhómhar oinniún na tíre.

Rud eile seachas comhdhéanamh géiniteach na gcineálacha “Recas”, tá nasc díreach idir dath sainiúil an chraicinn agus an uimhir uaireanta an chloig de thaitneamh na gréine a bhíonn sa limistéar, eadhon 2 777 n-uair an chloig de thaitneamh na gréine ar an meán, rud a thugann dhá fhorchraiceann nó tiúinic, ar a laghad, ar a mbíonn dath an chopair nó an chré-umha dhorcha.

Is é 18 go 20 céim raon athraitheachta na teochta ó oíche go lá. I míonna an tsamhraidh bíonn meánteocht na hoíche faoi bhun 20 oC, rud a fhágann go gcaitheann na plandaí oinniún níos lú dá bhfuinneamh le linn an phróisis riospráide oíche agus gur mó an glanmhéid ó fhótaisintéis. Méid bhleibe níos mó an toradh a bhíonn air sin, sna hoinniúin den chineál “Recas” a fhásann sa limistéar lena mbaineann an TGFC. Bíonn na bleibeanna meánach nó mór, sféarúil i gcruth, agus trastomhas idir 50 mm agus 120 mm agus aonadmheáchan idir 165 gram agus 1 000 gram iontu.

An méid potaisiam, maignéisiam agus cailciam a bhíonn le fáil as an ithir sa limistéar táirgthe, is é sin a dhéanann blas milis sainiúil na n-oinniún “Cebolla de la Mancha”. Is é an t-íoschion siúcra 3.5 oBrix atá iontu a thugann do na hoinniúin seo an blas maoth, meathchreamhach.

Ní fhaightear ach fíorbheagán báistí sa limistéar, idir 300 mm/bliain agus 400 mm/bliain. Na leibhéil arda de thaitneamh na gréine agus den imghalú sa samhradh agus, i gcumasc leis sin, na hoícheanta alatheo agus na leibhéil ísle bogthaise coibhneasta, tugann sin uile cion ábhair thirim idir 5 % agus 10 %, rud a thugann do na hoinniúin an uigeacht bhriosc, thathagach.

Dírítear sna cleachtais saothraithe ar thabhairt ar scóig na n-oinniún druidim go maith agus iad ag tarraingt ar dheireadh an phróisis fáis (agus faightear sin nuair a bhíonn an uimhir uaireanta an chloig de thaitneamh na gréine fós go hard, an bhogthaise choibhneasta go híseal, an chúrsaíocht ghaoithe beagnach seasta agus an t-imghalú go hard). A bhuí leis sin agus fairis sin leis na dálaí aeráide sa limistéar, leis na teochtaí ísle agus leis an mbogthaise choibhneasta íseal ar feadh na míonna a gcoinnítear na hoinniúin i stóras, is féidir ardcháilíocht a bheith iontu ar feadh a seilf-ré fada.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

http://pagina.jccm.es/agricul/paginas/comercial-industrial/consejos_new/pliegos/PC_IGP_CEBOLLA_DE_LA_MANCHA-20191202.pdf


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/64


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-ábhair

(2022/C 433/24)

Bronnann an foilseachán seo an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Antakya Künefesi”

Uimh. AE: PGI-TR-02451 – 14.3.2019

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Antakya Künefesi”

2.   Ballstát nó Tríú Tír

Poblacht na Tuirce

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   Cineál táirge

Aicme 2.3. Arán, císte milis, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí eile báicéara

3.2.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm in (1) ag tagairt dó

Tá “Antakya Künefesi” ar cheann den bheagán milseog ina bhfuil cáis sa Tuirc. Le linn an táirgthe, úsáidtear künefelik kadayıf (taos atá cosúil le snáithíní a dhéantar a bhácáil go héadrom), cáis úr “Antakya Künefelik” (cáis le haghaidh künefe), im agus síoróip. Faightear é trí cháis künefelik a bhácáil idir dhá shraith künefelik kadayıf, í measctha le him i dtráidire cothrom agus síoróip a leathadh de réir na milseachta a theastaíonn sula n-itear í. Braitheann méid an tráidire ar líon na sciartha lena gcaitheamh. Itear “Antakya Künefesi” agus é te. Le linn an tomhaltais, bíonn coinne go sínfidh an cháis agus gur amhlaidh a dhéantar na snáithíní.

Is milseog de chruth diosca é “Antakya Künefesi” atá 1-2 cm ar airde. Braitheann trastomhas na milseoige ar líon na gcodanna. Is sa réimse idir 10 cm agus 50 cm a bhíonn sé. De thoradh imoibriúchán maillard, tagann dath donn ar na sraitheanna uachtaracha agus íochtaracha de dhéantús künefelik kadayıf agus im nuair a dhéantar é a bhácáil, agus tagann screamh briosc air. Idir an dá linn, bogann cáis “Antakya Künefelik” sa lár agus éiríonn sé snáithíneach. Tar éis síoróip a chur isteach, bíonn blas milis air. Déantar “Antakya Künefesi” a riaradh agus é fós te de bharr síoróip a chur leis. I staid amh (foirm neamhchócaráilte), is féidir é a reo agus a choinneáil ag -18 °C lena iompar agus lena dháileadh.

3.3.   Beatha (i gcás táirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (i gcás táirgí próiseáilte amháin)

Bainne chun cáis “Antakya Künefelik” a tháirgeadh, ba chóir é a fháil ó chúige Hatay. Faigheann cáis “Antakya Künefelik” a bhlas ó bhainne na mbó a bhíonn ag innilt ar fhlóra saibhir cheantair Hatay.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe

Ní mór “künefelik kadayıf”, “cáis Antakya Künefelik” agus “Antakya Künefesi” a tháirgeadh sa limistéar geografach a shonraítear i bpointe 4.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur i scríbhinn agus a phriontáil go soléite agus i mbealach doscriosta ar phacáistí “Antakya Künefesi”.

trádainm agus seoladh, ainm gairid agus seoladh, nó trádmharc cláraithe na cuideachta

uimhir luchtóige

ainm an earra –“Antakya Künefesi”,

glanmheáchan

seilfré táirge neamhbhácáilte (seachtain amháin ag teocht chuisnithe nó sé mhí ag -18 °C).

ní mór é a bhácáil agus a chaitheamh agus é te díreach tar éis síoróip a chur leis.

an lógó seo a leanas:

Image 3

4.   Sainmhíniú gonta ar an limistéar geografach

Cúige de chuid Hatay is ea réigiún táirgeachta “Antakya Künefesi” (Antakya, Altınözü, Kumlu, Belen, İskenderun, Arsuz, Kırıkhan, Payas, Dörtyol, Hassa, Erzin, Samandağ, Yayladağ, Defne, Reyhanlı). Is ionad lonnaíochta sa phointe is faide ó dheas den Tuirc é Hatay. Is í an Mheánmhuir atá ina thimpeall ar an taobh thiar, an tSiria ar an taobh theas agus thoir de, Adana ar an taobh thiar thuaidh, Osmaniye ar an taobh thuaidh agus Gaziantep ar an taobh thoir thuaidh.

5.   Baint leis an limistéar geografach

An nasc idir “Antakya Künefesi” agus a limistéar geografach, tá sé bunaithe ar chlú an táirge, ar an oideas, ar scileanna táirgthe künefelik kadayıf, ar cháis “Antakya Künefelik” agus “Antakya Künefesi”. Aistríodh an t-oideas agus na scileanna táirgthe ó ghlúin amháin go dtí an chéad ghlúin eile bunaithe ar an gcaidreamh idir an máistir agus an printíseach. Tá ríthábhacht le roinnt pointí chun caighdeán áirithe an táirge a choinneáil ar bun. Mar shampla, is gá roinnt scileanna áirithe chun tiús künefelik kadayıf agus a uigeacht a choigeartú le linn bácála tapa ar thráidire rothlach. Chomh maith leis sin, déantar airíonna snáithíneacha cáis “Antakya Künefelik” a chinneadh le linn tháirgeadh na cáise. Sealbhaítear na scileanna seo tar éis leibhéal áirithe taithí/máistreachta a bhaint amach faoi shúil an mháistir. Tá dhá chomhábhar nach mór a tháirgeadh sa réigiún sainithe, künefelik kadayıf agus cáis Antakya Künefelik.

Faigheann cáis “Antakya Künefelik” a bhlas ó bhainne na mbó a bhíonn ag innilt ar fhlóra saibhir cheantair Hatay. Tá thart ar 2 000 planda ann, agus déantar 300 díobh a thaifeadadh mar phlandaí eindéimeacha. Creidtear gurb iad plandaí eindéimeacha na réigiún a chuireann le blas cháis künefelik, zahter (tím chreige) go háirithe. D’fhonn an saibhreas seo a chaomhnú agus a chur ar taispeáint, thóg gobharnóir Hatay músaem, Músaem Plandaí Aramatacha agus Eindéimeacha, i 2017.

Is cáis ar leith a úsáidtear i dtáirgeadh “Antakya Künefesi” sa mhéid is gur cáis í a tháirgtear go heisiach le haghaidh künefe agus gur cáis künefelik a thugtar uirthi. Is iad na gnéithe is sainiúla de cháis “Antakya Künefelik” go dtáirgtear é ó bhainne bó amh, go bhfuil uigeacht leaisteach aige agus go bhfuil struchtúr “cíoch na circe” ann mar a deirtear, agus pH 4.9-5.2 aige. Tá airíonna snáithíneacha aige ag teochtaí os cionn 65 °C. Is saintréith shainiúil fheidhmiúil de chuid na cáise go síneann sí laistigh de Antakya Künefe agus go bhfuil struchtúr snáithíneach aige nuair a théitear é.

Tá doiciméid i dTaifid Ioslamacha an 18ú aois ina inar tugadh le fios go raibh künefe á dhéanamh (ag an am sin níor úsáideadh ach an focal künefe) mar ghairm in Antakya (Gül, 2008.117). Ón 18ú haois go dtí an 20ú haois, i ndoiciméid i mblianta éagsúla, tugadh faisnéis faoi künefe agus faoi phraghsáil künefe, aicmiú mar ghrúpa gairmiúil, míreanna lena n-úsáid le haghaidh künefe agus a n-oidhreacht. Mar shampla, in Antakya, i dTaifid Ioslamach Uimh. 50 (1898-1901), áiríodh an tráidire künefe i measc na n-earraí, na n-éadaí agus na n-earraí tí in Antakya.

Thug Boyacı faisnéis faoi bhunú Chearnóg Künefeciler sna 1930í uair amháin i leabhar dar teideal “Ó Antakya go Hatay 1870-1976”. Is ann a bhí beirt deartháireacha a dhíoladh “Antakya Künefesi” agus rinne freastal ar mhuintir Antakya san áit ar a dtugtar Köprübaşı idir 1935 agus 1960. Ós rud é gur craiceann dubh a bhí orthu, ba é “Arabach” an leasainm a bhí orthu. Arís, máistir künefe an-cháiliúil ab ea Hacı Arab a dhíoladh Antakya Künefesi idir 1940-1950 i siopa Uimh. 153 a bhí lonnaithe in Uzun Çarşı, ar bácús atá ann inniu. (Nakim, B 2012)

I gcolún nuachtáin dar dáta an 27 Meán Fómhair 1973, Süleyman Okay, ar a dtugtar Abbuş Usta, thug sé sainmhíniú mionsraithe ar cháis Antakya Künefe. (Okay, 2009).

In “Treoir Turasóireachta Hatay” le Kemal Karaömeroğlu a foilsíodh i 1971 (lch. 29-31), áiríodh millíní feola tartair, eascann, feoil mheilte agus burgar burghul i measc na mias a bhaineann le cócaireacht Antakya agus áiríodh künefe mar mhilseog. Le linn comóradh 50 bliain na Poblachta i 1973, rinneadh Hatay a ainmniú mar “Antakya Künefesi” i mbliainiris an chúige. Luaitear “Antakya Künefesi” ar leathanach 129 de “Gníomhaíochtaí Turasóireachta Eacnamaíochta agus Sóisialta in Antakya” a d’fhoilsigh İnayet İnsel i 1976.

Gach bliain déanann Cathair Bhardasach Hatay féile Antakya a eagrú mar gheall ar an mbliain inar tháinig Hatay isteach sa tír dhúchais, agus ullmhaítear an “Antakya Künefesi” is faide le linn na féile, é méadar is faide gach bliain. In 2019, shroich “Antakya Künefesi” 81 mhéadar ar fad.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


Ceartúcháin

15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 433/67


Ceartúchán ar Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10763 – NORDEA / TOPDANMARK LIV HOLDING)

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 431 an 14 Samhain 2022 )

(2022/C 433/25)

Dearbhaítear go bhfuil an foilseachán seo ar neamhní.