ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429 |
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 429/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10763 – NORDEA / TOPDANMARK LIV HOLDING) ( 1 ) |
|
2022/C 429/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10911 – PARTNERS GROUP / KOHLBERG / USIC) ( 1 ) |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Chomhairle |
|
2022/C 429/03 |
||
2022/C 429/04 |
||
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 429/05 |
||
|
An Chúirt Iniúchóirí |
|
2022/C 429/06 |
Tuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Staid ag deireadh 2021 |
|
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
2022/C 429/07 |
Fógra ó Rialtas na Danmhairge maidir le deireadh a chur leis an bhféidearthacht ceadúnais le haghaidh taiscéalaíocht agus eastóscadh hidreacarbón a dhámhachtain go comhleanúnach i limistéir shonracha den Danmhairg ( 1 ) |
|
V Fógairtí |
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 429/08 |
||
2022/C 429/09 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10763 – NORDEA / TOPDANMARK LIV HOLDING)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 429/01)
An 18 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10763. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10911 – PARTNERS GROUP / KOHLBERG / USIC)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 429/02)
An 4 Samhain 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10911. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Chomhairle
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429/3 |
Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2201 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2017/2063, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2194 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala
(2022/C 429/03)
Dírítear aird na ndaoine a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2201 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2194 ón gComhairle (4) a bhaineann le sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala ar an bhfaisnéis seo a leanas.
Tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine ainmnithe, tá cinneadh déanta aici gur cheart leanúint de na daoine a ndéantar trácht orthu sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh CBES 2017/2074 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala. Luaitear sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin na forais ar a ndearnadh na daoine lena mbaineann a liostú.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 9 den Rialachán).
Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 3 Iúil 2023, ag an seoladh seo a leanas:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
An Ardrúnaíocht |
RELEX.1 |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Chinneadh (CBES ) 2017/2074 agus le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2017/2063.
Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d'Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d'Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
(1) IO L 295, 14.11.2017, lch. 60.
(2) IO L 292, 11.11.2022, lch. 61.
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429/5 |
Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/2074 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2017/2063 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Veiniséala
(2022/C 429/04)
Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála seo Cinneadh CBES) 2017/2074 (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2201 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) 2017/2063 (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2194 ón gComhairle (5).
Is í Roinn RELEX.1 san Ard-Stiúrthóireacht um an gCaidreamh Seachtrach – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
An Ardrúnaíocht |
RELEX.1 |
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
1048 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
R-phost: sanctions@consilium.europa.eu
Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí
data.protection@consilium.europa.eu
Is é is cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2017/2074, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2201 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2017/2063, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2194 ón gComhairle.
Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2017/2074 agus i Rialachán (AE) 2017/2063.
Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.
Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a chomhroinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.
Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó an ceart chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.
Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.
Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 295, 14.11.2017, lch. 60.
(3) IO L 292, 11.11.2022, lch. 61.
An Coimisiún Eorpach
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429/7 |
Rátaí malairte an euro (1)
10 Samhain 2022
(2022/C 429/05)
1 euro =
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
0,9954 |
JPY |
yen na Seapáine |
145,47 |
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4381 |
GBP |
punt steirling |
0,87298 |
SEK |
krona na Sualainne |
10,8743 |
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9834 |
ISK |
króna na hÍoslainne |
147,50 |
NOK |
krone na hIorua |
10,3615 |
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,361 |
HUF |
forint na hUngáire |
400,95 |
PLN |
zloty na Polainne |
4,7060 |
RON |
leu na Rómáine |
4,8913 |
TRY |
lira na Tuirce |
18,5100 |
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5525 |
CAD |
dollar Cheanada |
1,3467 |
HKD |
dollar Hong Cong |
7,8128 |
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,6984 |
SGD |
dollar Shingeapór |
1,3963 |
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 373,96 |
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
17,6882 |
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
7,2184 |
HRK |
kuna na Cróite |
7,5427 |
IDR |
rupiah na hIndinéise |
15 615,60 |
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,6789 |
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
57,793 |
RUB |
rúbal na Rúise |
|
THB |
baht na Téalainne |
36,700 |
BRL |
real na Brasaíle |
5,2860 |
MXN |
peso Mheicsiceo |
19,4562 |
INR |
rúipí na hIndia |
81,3058 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
An Chúirt Iniúchóirí
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429/8 |
Tuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Staid ag deireadh 2021
(2022/C 429/06)
Foilseoidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a “Tuarascáil maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais Eorpaigh – Staid ag deireadh 2021”, in éineacht leis na freagraí ó na hinstitiúidí, ar an 14 Samhain 2022.
Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa:
https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/annualreport-Performance-2021/annualreport-Performance-2021_GA.pdf
Ag an am céanna sin, beidh forléargas ar an tuarascáil agus ar dhoiciméid ghaolmhara ar fáil ag an nasc seo a leanas:
https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=61258
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429/9 |
Fógra ó Rialtas na Danmhairge maidir le deireadh a chur leis an bhféidearthacht ceadúnais le haghaidh taiscéalaíocht agus eastóscadh hidreacarbón a dhámhachtain go comhleanúnach i limistéir shonracha den Danmhairg
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 429/07)
Maidir le hAirteagal 3(3) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 i dtaca leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid le haghaidh sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón, fógraítear leis seo go scoirtear den nós imeachta um cheadúnais nua le haghaidh taiscéalaíocht agus eastóscadh hidreacarbón a dhámhachtain go comhleanúnach i limistéir shonracha den Danmhairg, ar nós imeachta é a tionscnaíodh leis an bhFógra ó Rialtas na Danmhairge in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach an 19 Feabhra 1997 (1).
Le hAcht Uimh. 2389 an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear an tAcht maidir le húsáid fho-ithir na Danmhairge, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022, chuir Parlaimint na Danmhairge srian ar an limistéar sa Danmhairg inar féidir ceadúnais le haghaidh taiscéalaíocht agus eastóscadh hidreacarbón a dheonú. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAlt 5(1) den Acht maidir le húsáid fho-ithir na Danmhairge, cf. Acht Comhdhlúthúcháin Uimh. 1533 an 16 Nollaig 2019 arna leasú, ní fhéadfar ceadúnais le haghaidh taiscéalaíocht agus eastóscadh hidreacarbón a dheonú ach amháin i limistéar den Mhuir Thuaidh ar scairbh ilchríochach na Danmhairge laistiar de 6° 15′ E (Graben Láir agus limistéir chóngaracha).
Mar thoradh air sin, diúltófar d’aon iarratas ar cheadúnas chun hidreacarbóin a thaiscéaladh agus a eastóscadh lasmuigh den limistéar sonraithe i gcríoch na Danmhairge lastoir de 6° 15′ O.
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó:
Aireacht Aeráide, Fuinnimh agus Fóntas na Danmhairge |
Gníomhaireacht Fuinnimh na Danmhairge |
Carsten Niebuhrs Gade 43 |
1577 Cóbanhávan V |
AN DANMHAIRG |
Teil. +45 33926700
R-phost: ens@ens.dk
Suíomh gréasáin: http://www.ens.dk
V Fógairtí
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429/10 |
Foilsiú iarratais ar fhormheas leasaithe, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí
(2022/C 429/08)
Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.
IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT
Iarratas ar fhormheas ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012
“Prosciutto di Parma”
Uimh. AE: PDO-IT-0067-AM05 – 18.12.2020
STFC (X) TGFC ( )
1. Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach
Consorzio del Prosciutto di Parma |
Largo Piero Calamandrei, 1/a |
43121 Parma |
An Iodáil |
Teil. +39 0521246111
R-phost: ufficiolegale@prosciuttodiparma.com
Tá Consorzio del Prosciutto di Parma [Cumann Cosanta “Prosciutto di Parma”] i dteideal iarratas ar leasú a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13(1) d’Fhoraithne Uimh. 12511 ón Aireacht um Beartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta an 14 Deireadh Fómhair 2013.
2. Ballstát nó tríú tír
An Iodáil
3. Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó
☐ |
Ainm an táirge |
☒ |
Tuairisc ar an táirge |
☒ |
Limistéar geografach |
☒ |
Cruthúnas ar thionscnamh |
☒ |
An modh táirgthe |
☒ |
Nasc |
☒ |
Lipéadú |
☒ |
Eile: rialú |
4. Cineál an leasú nó na leasuithe
☒ |
Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cáilithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
☐ |
Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. |
5. Leasú nó leasuithe
5.1. Athrú eagarthóireachta
Baineadh/scriosadh na nithe seo a leanas:
— |
Baineadh na ranna den tsonraíocht táirge, mar athstruchtúraíodh ina hairteagail ainmnithe go haonarach í. Go sonrach:
|
— |
Scriosadh na hiarscríbhinní a ghabh le leagan na sonraíochta táirge roimhe seo (Iarscríbhinní-Doiciméid thagartha le haghaidh Ranna A/B/C/D/E/F/H) toisc go ndearna siad tagairt do reachtaíocht agus do rialacha nach bhfuil i bhfeidhm a thuilleadh. |
— |
Baineadh an Brollach modheolaíochta toisc gur thug sé tuairisc ar an gcaoi a struchtúraíodh leagan na sonraíochta táirge roimhe seo. |
— |
Tugadh an téarmaíocht i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme ar an ábhar. |
— |
Baineadh na codanna a thagraíonn do ghníomhaíochtaí atá laistigh de shainchúram an chomhlachta rialaithe toisc gur féidir an fhaisnéis sin a fháil sa Phlean Rialaithe. |
— |
Tagairtí do reachtaíocht náisiúnta agus do reachtaíocht Eorpach a aisghaireadh trí bhíthin reachtaíocht níos déanaí ar an ábhar céanna, baineadh iad. |
— |
Tugadh an téarmaíocht i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme ar an ábhar. |
5.2. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint
Le hAirteagal 2 (Saintréithe an táirge), Airteagal 5 (Modh táirgthe “Prosciutto di Parma”) agus Airteagal 8 (Cur i láthair agus lipéadú), déantar tagairt don fhéidearthacht go n-úsáidfí, chomh maith le nó in ionad cneasmharc tionscnamh, stampa an tseamlais, séala agus lógó “choróin an diúic” a bhrandáiltear ar na liamhása, modhanna malartacha a sholáthraíonn mionsonraí tionscnamh an liamháis agus faisnéis faoi rialú agus inrianaitheacht.
Leasaíodh pointí 3.2 agus 3.6 den doiciméad aonair dá réir sin.
5.3. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: Saintréithe an táirge
Luaitear i bpointe (f) d’Airteagal 2 ainm ceimiceach an tsalainn sáile, lena gcuirtear in iúl go soiléir nach gceadaítear aon chineál salainn eile.
Leasaíodh pointe 3.2 den doiciméad aonair dá réir sin.
5.4. Athrú eagarthóireachta: Saintréithe an táirge
Rinneadh na hathruithe seo a leanas ar Roinn B de leagan na sonraíochta táirge roimhe seo:
— |
Is féidir tuairisc ar chruth cruinn an liamháis ó phointe (a) na roinne sin a fháil anois i bpointe (a) d’Airteagal 2, agus bogadh an fhaisnéis ó phointe (a) maidir leis an uasmhéid matáin nocht lastuas de bharr chnámh na leise chuig Airteagal 5.3.b). Is féidir an fhaisnéis faoi mheáchan an táirge chríochnaithe a bhí i bpointe (b) den roinn céanna a fháil anois i pointe (b) d’Airteagal 2. Is féidir na mionsonraí maidir leis an tréimhse íosta leasaithe a fháil anois i bpointe (c) d’Airteagal 2, agus is féidir an tuairisc ó phointe (c) ar dhath na feola nuair a ghearrtar an liamhás a fháil anois i bpointe (d). Is féidir na mionsonraí maidir le dea-bholadh agus blas ó phointe (d) a fháil anois i bpointe (e) d’Airteagal 2. |
— |
Leasaíodh an fhaisnéis faoi raonta glactha na luachanna maidir le cion salainn agus taise agus faoin innéacs próitéilísis, ag athrú na bhfocal “bunaíocht táirgeachta” chuig “saoráid leasaithe”, arb é sin an téarma sonrach ar bhunaíocht táirgeachta “Prosciutto di Parma” atá cláraithe sa chóras rialaithe. |
— |
Scriosadh an tagairt do mheánluachanna a fuarthas i liamhása sampláilte ón sliocht ina dtugtar eolas faoi raonta glactha na luachanna maidir le cion salainn agus taise agus faoin innéacs próitéilísis toisc gurbh fhaisnéis chineálach é sin. Sa chuid ina bpléitear an t-am inar cheart comhlíontacht leis na raonta glactha maidir le cion taise agus salainn agus faoin innéacs próitéilísis a sheiceáil, cuireadh frása níos beaichte in ionad na bhfocal “faoin sprioc-am bunaithe”. |
Leasaíodh pointe 3.2 den doiciméad aonair freisin chun é a thabhairt i gcomhréir le leagan nua na sonraíochta táirge gan aon athrú a dhéanamh don ábhar iarbhír.
5.5. Leasú a dhéanann difear do phríomheilimint: Saintréithe an táirge
Athstruchtúraíodh an fhaisnéis faoi mheáchan an táirge, tréimhse íosta leasaithe agus ceanglais anailíseacha a fuarthas i Roinn B den tsonraíocht táirge roimhe seo agus is féidir í a fháil anois in Airteagal 2 (Saintréithe an táirge). Rinneadh na leasuithe seo a leanas:
— |
Rinneadh athruithe ar an bhfaisnéis meáchain i bpointe (b). Ba ghá é sin toisc go bhfuil na muca a úsáidtear chun “Prosciutto di Parma” a dhéanamh níos troime ná a bhí siad, agus dá bhrí sin is amhlaidh ag na conablaigh, na cosa úra muiceola agus na liamhása iad féin. Go sonrach, ós rud é gur suíodh nach mór meáchan idir 11.8 kg (íosmhéid) agus 18 kg (uasmhéid) a bheith i gcosa úra muiceola a úsáidtear chun liamhása a dhéanamh, agus ós rud é go mbíonn cailleadh meáchain 30 % ar an meán le linn an phróisis leasaithe, ní mór dá bhrí sin idir 8.2 kg (íosmhéid) agus 12.5 kg (uasmhéid) a bheith sa táirge deiridh. |
— |
Méadaíodh an tréimhse íosta leasaithe ó 12 go 14 mhí, mar fágann an méadú ar íosmhéid na gcosa úra muiceola go dtógann sé tréimhse níos faide chun saintréithe orgánaileipteach “Prosciutto di Parma” a bhaint amach, amhail an dath nuair a ghearrtar é, dea-bholadh agus blas. |
— |
Rinneadh athruithe ar na raonta glactha maidir le cion salainn agus taise agus ar an innéacs próitéilísis, ó tharla go mbíonn cion taise níos ísle agus innéacs próitéilísis níos airde ná mar a bunaíodh roimhe seo mar thoradh ar an méadú beartaithe ar an tréimhse íosta leasaithe. Laghdaíodh an uasteorainn maidir le cion salainn bunaithe ar chomhairle náisiúnta ó chomhlachtaí lena n-áirítear an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ag moladh laghdú ar iontógáil sóidiam. |
Leasaíodh na mionsonraí maidir le meáchan an táirge chríochnaithe, tréimhse íosta leasaithe agus na raonta glactha ar luachanna anailíseacha i bpointe 3.2 den doiciméad aonair chomh maith.
5.6. Leasú a dhéanann difear do phríomheilimint: Limistéar táirgthe
Leasaíodh an fhaisnéis a sholáthraítear i Roinn C faoi limistéar tionscnaimh an amhábhair agus cuireadh teideal nua uirthi, agus Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 á chur san áireamh. Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
Cuireadh Friuli-Venezia Giulia le liosta na réigiún toisc go bhfuil géinitic na muc a tógadh ansin cosúil le géinitic na muc ón gcuid eile den limistéar táirgthe “Prosciutto di Parma”, agus tógtar mar an gcéanna iad i dtéarmaí beathaithe agus modhanna feirmeoireachta ainmhithe eile araon. Tá na saintréithe céanna ag na conablaigh agus ag na cosa muiceola a fhaightear tar éis muca a mharú a tógadh sa réigiún sin agus a fhaightear sna réigiúin eile atá ina gcuid den limistéar táirgthe “Prosciutto di Parma” cheana.
Leasaíodh pointí 4 agus 5 den doiciméad aonair dá bhrí sin chun an réigiún Friuli-Venezia Giulia a áireamh leis an limistéar táirgthe.
5.7. Athrú eagarthóireachta: Modh táirgthe “Prosciutto di Parma” – Cineálacha géiniteacha a cheadaítear
An fhaisnéis a fuarthas i Roinn C roimhe seo, athstruchtúraíodh í isteach in Airteagal 5.1 (Cineálacha géiniteacha a cheadaítear), Airteagal 5.2 (Tógáil agus beathú muc) agus Airteagal 5.3.a) (Marú).
Go sonrach, rinneadh na hathruithe seo a leanas:
— |
Chun rialú níos cuimsithí ar an slabhra táirgeachta a éascú, tagraíonn an téacs anois don “liosta de chineálacha géiniteacha a cheadaítear” a fhoilsíonn an Aireacht um Beartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta agus a choinníonn cothrom le dáta é. |
— |
Cuireadh an téarma “H – Trom” leis chun coincheap “muc trom” a shoiléiriú. Tagraíonn an téacs fós d’aicmí cumraíochta conablaigh i lár an scála a bunaíodh le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (“U”, “R” agus “O”) ós rud é nach féidir “Prosciutto di Parma” a dhéanamh ach ó chosa úra muiceola a thógtar ó chonablaigh ó cheann amháin de na haicmí sin. Sonraítear go soiléir anois tábhacht chineáil ghéinití chun conablaigh throma a fháil atá oiriúnach chun “Prosciutto di Parma” a dhéanamh, mar is príomh-shaintréith de tháirgeadh “Prosciutto di Parma” í an ghéinitic. |
Leasaíodh pointe 3.3 den doiciméad aonair dá bhrí sin chun é a thabhairt i gcomhréir le leagan nua na sonraíochta táirge gan aon athrú a dhéanamh don ábhar iarbhír.
5.8. Leasú a dhéanann difear do phríomheilimint: Modh táirgthe “Prosciutto di Parma” – Cineálacha géiniteacha a cheadaítear
Rinneadh na hathruithe seo a leanas ar Roinn C de leagan na sonraíochta táirge roimhe seo:
— |
Athbhreithníodh an fhaisnéis faoi na cineálacha géiniteacha a cheadaítear ó dhearcadh teicniúil, ag soiléiriú gach meascán crosphóraithe féideartha a cheadaítear. Ina theannta sin, cuireadh “collaigh”, a chuireann muca fireanna in iúl, agus “cránacha”, le haghaidh muca baineanna in ionad na tagartha cineálaí do “ainmhithe”. Rinneadh cinneadh gur gá seiceáil chumraíochta a dhéanamh roimh ré chun gur féidir cineálacha géiniteacha oiriúnacha chun “Prosciutto di Parma” a dhéanamh a shainaithint, chun tairbhe na hearnála go léir. Tugadh tábla nua isteach lena léirítear na meascáin ghéiniteacha a cheadaítear chun é a dhéanamh níos soiléire fós cé na hainmhithe crosphóraithe a cheadaítear. |
Leasaíodh pointe 3.3 den doiciméad aonair dá réir sin chun tagairt do na meascáin ghéiniteacha a cheadaítear a áireamh.
5.9. Athrú eagarthóireachta: Modh táirgthe “Prosciutto di Parma” – Tógáil agus beathú muc
Rinneadh na hathruithe seo a leanas ar Roinn C:
— |
Athbhreithníodh an abairt ar chleachtais feirmeoireachta muc chun tagairt shoiléir do leas ainmhithe a áireamh. Sonraítear leis an téacs chomh maith anois gur gá cneasmharcáil le faisnéis tionscnaimh a dhéanamh ar na bainbh agus iad sa seomra breithe fós ar chíoch na cránach, ag soláthar ráthaíocht bhreise maidir le rianú agus inrianaitheacht “Prosciutto di Parma”. |
— |
Scriosadh an tagairt do “bianna ainmhithe a cheadaítear suas le beomheáchan 80 cileagram” toisc gur cuireadh tábla aonair d’ábhair bheatha a cheadaítear isteach ina hionad. |
— |
Cuireadh sainmhíniú an téarma “triosc tirim driogaireachta agus ábhair intuaslagtha” mar nóta (2) leis an tábla aontaithe d’ábhair bheatha chun muca a bheathú in Airteagal 5.2. |
— |
Tagraíonn an tuairisc ar an gcéim críochnaitheora anois don aois íosta mharaithe de 9 mí, a fuarthas i Roinn C roimhe seo. |
Leasaíodh pointe 3.3 den doiciméad aonair dá bhrí sin chun é a thabhairt i gcomhréir le leagan nua na sonraíochta táirge gan aon athrú a dhéanamh don ábhar iarbhír.
5.10. Leasú a dhéanann difear do phríomheilimint: Modh táirgthe “Prosciutto di Parma” – Tógáil agus beathú muc
Rinneadh roinnt athruithe ar an bhfaisnéis ó Roinn C de leagan na sonraíochta táirge roimhe seo ar na céimeanna maidir le tógáil muc, ag cur critéir níos oibiachtúla leis ar mhaithe le rialú níos mó agus chun gur féidir an cur chuige a chur in oiriúint do chéimeanna éagsúla. Áiríodh critéir mheáchain agus aoise maidir leis na céimeanna coisceora agus fáis chun a n-achair a dhéanamh níos soiléire. Maidir leis an gcéim chríochnaitheora, scriosadh an tagairt do bheomheáchan, mar faoin téacs nua ní bhunaítear oiriúnacht mhuice chun an táirge a dhéanamh ar mheánmheáchan beo maidir le baisc muc a thuilleadh, ach ar mheáchan conablaigh aonair.
Go sonrach, rinneadh na hathruithe seo a leanas in Airteagal 5.2:
— |
Áirítear anois le sainmhíniú chéim na mbanbh diúil na focail “ar a laghad”, rud a léiríonn go soiléir gur féidir bainbh a bhaint de dhiúl tar éis 28 lá. An fhéidearthacht maidir le scoitheadh luath ag 21 lá, a bhunaítear i dTreoir 2008/120/CE ón gComhairle agus a trasuíodh i ndlí na hIodáile i gCuid II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Foraithne Reachtach Uimh. 122/2011, cuireadh í sin leis chomh maith. Tagraíonn an téacs anois freisin do bhainbh ar chíoch na cránach nó á gcothú le bainne go saorga chomh maith, don fhéidearthacht iad a bheathú le hábhair bheatha áirithe a cheadaítear, agus don úsáid mianraí, forlíontaí vitimíní agus breiseáin. |
— |
Athbhreithníodh an fhaisnéis ar an gcéim coisceora chun imthosca táirgthe comhaimseartha a léiriú, agus áiríodh critéir aoise agus mheáchain chun achar na céime seo a shoiléiriú agus mar dhá eilimint rialaithe. Tagraíonn an téacs anois don fhéidearthacht na muca a bheathú le hábhair bheatha áirithe a cheadaítear, agus don úsáid mianraí, forlíontaí vitimíní agus breiseáin. |
— |
Athraíodh an meáchan is gá do na muca a bhaint amach ag an gcéim fáis chun cleachtadh feirmeoireachta atá i bhfeidhm faoi láthair a léiriú. Díreach cosúil leis an gcéim coisceora, cuireadh teorainn aoise isteach chomh maith mar dhara eilimint rialaithe. |
— |
In Airteagal 5.2, chun tuiscint a éascú, cumascadh an dá tábla (“Bianna ainmhithe a cheadaítear suas le beomheáchan 80 kg” agus “Bianna ainmhithe do chríochnaitheoirí”) le tábla aonair ina dtugtar mionsonraí maidir le hábhair bheatha atá oiriúnach do mhuca atá ag fás agus do chríochnaitheoirí araon. |
— |
Cé gur cheart go dtagann na hamhábhair a thugtar do mhuca mar bhia ón limistéar geografach ina dtógtar iad, i roinnt blianta d’fhéadfaí nach bhféadfaí go teicniúil 100 % de na hamhábhar sin a fháil go háitiúil mar gheall ar chúiseanna aeráide agus tráchtála. Sa chás sin, de bhun Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún, ráthaítear cáilíocht “Prosciutto di Parma” i gcónaí trína áirithiú go dtagann ar a laghad 50 % d’iontógáil ábhair thirim na muc ar bhonn bliantúil ó na limistéir ina dtógtar iad (Emilia-Romagna, Veneto, Friuli-Venezia Giulia, an Lombaird, Píodmant, Molise, Umbria, an Tuscáin, Marche, Abruzzo agus Lazio). |
— |
Cuireadh roinnt amhábhar leis an liosta – in éineacht le coigeartuithe ar chéatadáin ábhair thirim i gcás inar gá – toisc go dtagann siad ó limistéar tionscnaimh na muc. Mar shampla, tháinig méadú ar chéatadáin roinnt amhábhar toisc gur bhunchloch i gcónaí ag aistí bia traidisiúnta na muc iad agus toisc go bhfástar go coitianta iad – is minic a fhásann na feirmeoirí muc iad ionas go mbeidh siad féin in ann iad a úsáid – sa limistéar tógála muc. Ní athraítear cáilíochtaí “Prosciutto di Parma” mar gheall ar riarachán na n-ábhar sin, agus go deimhin neartaítear an nasc leis an “limistéar tipiciúil”. |
— |
Chun an nasc le limistéar tionscnaimh na muc a neartú, baineadh roinnt amhábhar ón liosta toisc nach dtagann siad ón limistéar sin. |
— |
Tá roinnt amhábhar nach dtagann ó limistéar tionscnaimh na muc ar an liosta toisc nach féidir a áirithiú go teicniúil go bhfaighfear gach amhábhar a ón limistéar sin mar níl an inniúlacht aige cainníochtaí na n-amhábhar is gá a sholáthar. |
— |
Sna leasuithe seo leis an liosta amhábhar, coinníodh cuntas i gcónaí ar infhaighteacht amhábhair bheatha sna 11 réigiún óna bhfaightear muca, chomh maith leis na torthaí ar fad den taighde eolaíochta maidir le beatha. |
— |
Rinneadh na hathruithe sonracha seo a leanas freisin:
|
— |
Scriosadh roinnt ábhar beatha aonair: faighneoga carúib gan shíolta, casabhaigh (casabhach), práta triomaithe, min copra agus min ola seasamain, toisc nach féidir teacht orthu sa limistéar táirgthe; baíon biatais brúite a rinneadh sadhlas de, mar gheall gur ar éigean a bhfuil fáil air ar an margadh agus go n-úsáidtear go príomha é chun ba déiríochta a bheathú; agus lasáit próitéine, mar gheall go bhfuil laghdú tagtha ar an úsáid a bhaintear astu de bharr forbairtí in infhaighteacht ábhair beatha ar an margadh, agus ag tabhairt san áireamh go raibh lasáit próitéine beagnach neamhshuntasach in aiste bia na muc mar gheall ar an gcéatadán díobh a ceadaíodh (suas le 1 % d’ábhar tirim an chandaim). |
— |
In Airteagal 5.2, cuireadh nóta (4) nua leis faoin tábla aontaithe ábhar beatha is féidir a thabhairt do mhuca mar bhia. Mar gheall go bhfuil leibhéil éagsúla saille gairbhe ag ábhair beatha áirithe, sonraítear sa nóta nach féidir leis an uas-rannchuidiú saille gairbhe ó na hábhair sin bheith níos mó ná 2.5 % d’ábhar tirim d’fhonn an leibhéal cumhdaigh saille a cheanglaítear leis an tsonraíocht táirge a áirithiú. |
— |
Anuas ar an uasteorainn 2 % ar aigéad líonoiléach, tá teorainn sa tsonraíocht táirge anois freisin ar shaill gharbh ag 5 % den iontógáil ábhair thirim, chun an leibhéal cumhdaigh saille a cheanglaítear leis an tsonraíocht táirge a áirithiú. Tá an dá chritéar sin fíor-riachtanach mar gheall gur tharla roinnt athruithe a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar cháilíocht cumhdaigh saille na muc: i measc nithe eile, méadaíodh an céatadán grán buí, ceadaítear lipidí a bhfuil leáphointe os cionn 36 °C leo ag céim na gcríochnaitheoirí anois freisin, agus méadaíodh méideanna ceadaithe ábhair beatha áirithe ar foinsí saille iad. |
— |
Cuireadh leis an bhféidearthacht chun mianraí agus breiseáin/vitimíní a úsáid. |
— |
Céim na gcríochnaitheoirí:
|
Leasaíodh pointe 3.3 den doiciméad aonair dá réir sin, ag tabhairt achoimre gairid ar na hábhair bheatha cheadaithe toisc nach bhféadfaí gach leasú tríú páirtí le gnéithe criticiúla sa tsonraíocht táirge a léiriú.
5.11. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: Modh táirgthe “Prosciutto di Parma” – Tógáil agus beathú muc
An fhaisnéis a fuarthas i Roinn C roimhe seo, athstruchtúraíodh í isteach in Airteagal 5.2 (Tógáil agus beathú muc), agus leasaíodh mar a leanas í:
— |
Tá saoirse anois ag fir stoic cinneadh a dhéanamh conas beatha a riaradh ós rud é nach bhfuil aon tionchar ag an rogha sin ar “Prosciutto di Parma”. |
— |
Cuireadh tagairt do bheatha a riaradh tirim – rogha bailí chun muca a bheathú – leis mar aon le rogha leachta níos traidisiúnta, ag tabhairt saoirse d’fhir stoic cinneadh a dhéanamh faoin modh a úsáideann siad. |
— |
Cuireadh foráil leis ina bhfuil tuairisc ar na saintréithe teicniúla agus amhairc den chneasmharc tionscnaimh, íomhá den chneasmharc, agus tábla a thaispeánann cén litir le húsáid sa mharc sin chun an mhí breithe a léiriú. |
Leasaíodh pointe 3.3 den doiciméad aonair dá réir sin, ag tabhairt achoimre gairid ar an gcaoi a riartar beatha toisc nach bhféadfaí gach leasú tríú páirtí le gnéithe criticiúla sa tsonraíocht táirge a léiriú.
5.12. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: Marú agus saintréithe cosa muiceola úra – Marú
Scriosadh an tagairt d’fhad “15 uair an chloig” a bheith le troscadh (Roinn E den leagan roimhe seo den tsonraíocht táirge), toisc nach bhfuil aon riail shoiléir sa reachtaíocht maidir leis an íoslíon uaireanta an chloig de throscadh is gá do mhuca a dhéanamh sula maraítear iad.
Athstruchtúraíodh na rialacha ó Roinn C maidir leis an aois faoinar gá don fhear stoc cosa deiridh banbh a mharcáil le cneasmharc tionscnaimh agus is féidir teacht orthu anois in Airteagal 5.3.a (Marú). Laghdaíodh an aois seo ó 30 lá go 28 lá ar a laghad – d’ainneoin an fhéidearthacht chun bainbh a scoitheadh luath ag 21 lá i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais atá i bhfeidhm faoi láthair – chun rianú agus inrianaitheacht “Prosciutto di Parma” a éascú tuilleadh.
Ní dhéanann an leasú seo aon difear don doiciméad aonair.
5.13. Athrú eagarthóireachta: Marú agus saintréithe cosa muiceola úra – Marú
Na rialacha maidir le marú i Roinn C, athstruchtúraíodh iad isteach in Airteagal 5.3.a) (Marú) agus leasaíodh mar a leanas iad: Athraíodh an téarma “stampa” chuig “cneasmharc tionscnaimh”, mar go bhfuil sé níos beaichte agus go gceadaíonn sé don pháirtí atá freagrach as cneasmharc tionscnaimh a chur ar bhainbh a shainaithint níos soiléire, agus sonraítear leis an téacs anois chomh maith anois gur gá cneasmharcáil le faisnéis tionscnaimh a dhéanamh ar na bainbh agus iad sa seomra breithe fós ar chíoch na cránach. An fhaisnéis a fuarthas i Roinn B roimhe seo, athstruchtúraíodh í isteach in Airteagal 5.3.b) (Saintréithe na gcos úr muiceola), agus leasaíodh mar a leanas í:
— |
Scriosadh an tagairt do “mheáchan idir 7 agus 9 gcileagraim”, toisc nach bhfuil an táirge i gcatagóirí a thuilleadh amhail liamhása “beaga” 7 kg agus liamhása “móra” 9 kg. |
— |
Baineadh amach an tagairt do “ghearrchiumhsóga” (ag tagairt don teorainn ar an méid matáin nochta ó bharr chnámh na leise) ó shaintréithe an táirge críochnaithe chuig saintréithe cosa muiceola úra, mar go seachadtar na cosa úra ón seamlas chuig an saoráid leasaithe réidh le sailleadh. |
Leasaíodh pointe 3.2 den doiciméad aonair dá bhrí sin chun é a thabhairt i gcomhréir le leagan nua na sonraíochta táirge gan aon athrú a dhéanamh don ábhar iarbhír.
5.14. Leasú a dhéanann difear do phríomheilimint: Marú agus saintréithe cosa muiceola úra – Saintréithe na gcosa muiceola úra
An fhaisnéis a fuarthas i Roinn B roimhe seo, athstruchtúraíodh í isteach in Airteagal 5.3.b) (Saintréithe na gcos úr muiceola), agus leasaíodh mar a leanas í:
— |
Tugadh isteach uasteorainn meáchain maidir le cosa úra muiceola, i gcomhréir le huasmheáchan conablaigh muc atá oiriúnach chun “Prosciutto di Parma” a dhéanamh. |
— |
Leasaíodh an íosteorainn ar mheáchan cosa úra muiceola lena áirithiú go bhfuil an t-amhábhar oiriúnach lena leasú ar feadh tréimhse fada – agus am leasaithe méadaithe trí bhíthin an leasaithe seo – agus chun a áirithiú go gcomhlíonann an “Prosciutto di Parma” a eascraíonn as na ceanglais i dtéarmaí datha nuair a ghearrtar é, boladh agus blas. Leasaíodh na huasteorainnacha agus na híosteorainneacha meáchain maidir le cosa úra muiceola i gcomhréir leis an méadú ar mheáchan na muc. |
— |
Athraíodh na rialacha maidir le tiús bhrat na saille ar chosa úra muiceola chun an méadú ar mheáchan na muc agus na gcosa úra iad féin a léiriú. Má bhíonn tiús maith saill dhromchla ann, tugann sé le fios cáilíocht na coise muiceola agus tá sé fíor-riachtanach go mbeadh an chos in ann na tréimhsí fada leasaithe “Prosciutto di Parma” a sheasamh agus saintréithe sainiúla liamhása STFC a áirithiú. |
— |
Méadaíodh an teorainn ar an méid matán nochta ó bharr chnámh na leise ó 9 cm i gcomhréir leis an méadú ar mheáchan na gcos úr. |
Leasaíodh pointe 3.3 den doiciméad aonair dá bhrí sin chun an fhaisnéis sin maidir le meáchan na gcos úr, tiús na saille dromchla agus an teorainn ar an méid matán nochta ó bharr chnámh na leise a léiriú.
5.15. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: Marú agus saintréithe cosa muiceola úra – Saintréithe na gcosa muiceola úra
Athstruchtúraíodh Roinn H isteach in Airteagal 5.3.b) (Saintréithe na gcos úr muiceola), lena n-áirítear anois freisin mionsonraí maidir le saintréithe teicniúla agus amhairc an stampa dhoscriosta a ghreamaíonn an seamlas, lena sonraítear a mhéid agus lena n-áirítear léaráid agus mionsonraí an stampa sin, chun béim níos mó a leagan ar an ngné sin de rianú agus inrianaitheacht le linn na céime maraithe.
Ní dhéanann an leasú seo aon difear don doiciméad aonair.
5.16. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: Próiseas táirgthe
Mionsonraí an mhodha táirgthe a bhí le fáil roimhe sin i Roinn E den tsonraíocht táirge, athstruchtúraíodh iad isteach in Airteagal 5.4 (Próiseas táirgthe) agus leasaíodh mar a leanas iad:
— |
I sonraí chéim (a), nuair a chuirtear cosa muiceola i leataobh, nuair a fhuaraítear agus nuair a bhearrtar iad:
|
— |
Sna mionsonraí maidir le céim (b), an chéim saillte:
|
— |
Sa tuairisc ar chéim (c), an chéim suite:
|
— |
Sa tuairisc ar chéim (d), nuair a nitear agus nuair a thriomaítear na liamhása, scriosadh na focail “scríobtar an craiceann”, mar nach bhfuil aon tionchar ag an oibríocht sin ar an bpróiseas táirgthe agus is leis na saoráidí leasaithe a dtaithí a úsáid chun cinneadh a dhéanamh chun an scríobadh a dhéanamh nó gan é a dhéanamh. |
— |
Sa tuairisc ar chéim (e), ian bhfuil na hullmhúcháin chun crochadh le triomú, blonag a chur ar na liamhása agus ansin na liamhása a chrochadh lena dtriomú:
|
Tá sainmhíniú anois in Airteagal 5.4 ar “saoráid leasaithe táirgeora” d’fhonn sainaithint níos fearr a dhéanamh ar an bpáirtí a ghreamaíonn an séala agus atá freagrach as na céimeanna is tábhachtaí sa phróiseáil, a tharlaíonn sna chéad 6 mhí. Is é an “saoráid leasaithe táirgeora” is gá a shainaithint leis an gcód aitheantais gnó a thaispeántar faoin lógó “choróin an diúic” nuair a mharcáiltear an liamhás ag deireadh an phróisis leasaithe. Sainaithnítear an “saoráid leasaithe táirgeora” freisin ar lipéadú “Prosciutto di Parma” slisnithe, réamhphacáilte, rud a thugann dearbhú níos mó de rianú agus inrianaitheacht.
Tagraítear go soiléir anois sa téacs don fhéidearthacht go n-aistreofaí an táirge ó shaoráid leasaithe amháin go ceann eile, ar choinníoll nach dtarlaíonn sé sin ach tar éis na séú míosa agus go bhfuil an tsaoráid is faighteora cláraithe sa chóras rialaithe freisin. Luaitear sa téacs freisin gur féidir “Prosciutto di Parma” a aistriú chuig trádstóras triomaithe liamhása atá cláraithe sa chóras rialaithe.
Áirítear leis anois léaráid den séala agus tuairisc ar a mhionsonraí chun béim níos mó a leagan ar rianú agus inrianaitheacht “Prosciutto di Parma”.
Athstruchtúraíodh na sonraíochtaí maidir leis an lógó “choróin an diúic” a fuarthas roimhe seo i Roinn H den tsonraíocht táirge agus is féidir iad a fháil in Airteagal 5.4 anois.
Déantar tagairt anois sa téacs freisin don chód a shainaithníonn an “saoráid leasaithe táirgeora” is gá a áireamh sa lógó chun críocha rianaithe agus inrianaitheachta.
Áirítear anois le hAirteagal 5.4 léaráid den lógó “choróin an diúic” a bhrandáiltear ar na liamhása agus tugtar tuairisc ann ar mhionsonraí an lógó sin chun béim níos mó a leagan ar rianú agus inrianaitheacht “Prosciutto di Parma”. Sonraítear anois gur féidir marcálacha aitheantais speisialta a úsáid, d’fhonn rialuithe a éascú ó na húdaráis atá freagrach as comhlíontacht a sheiceáil agus sáruithe féideartha a phionósú.
Leasaíodh pointe 3.6 den doiciméad aonair dá réir sin.
5.17. Leasú a dhéanann difear do phríomheilimint: Próiseas táirgthe
Leasaíodh agus athstruchtúraíodh na rialacha maidir le híosam leasaithe a fuarthas i Roinn E den tsonraíocht táirge roimhe seo agus is féidir anois iad a fháil in Airteagal 5.4 (Próiseas táirgthe). Tar éis an méadú ar íosmheáchan cosa úra muiceola, fadaíodh freisin an tréimhse íosta leasaithe ionas nach dtiocfaidh aon athrú ar shaintréithe sainiúla “Prosciutto di Parma” – amhail dath nuair a ghearrtar é, dea-bholadh agus blas.
Dá bhrí sin, leasaíodh an t-íosam leasaithe i bpointe 3.2 den doiciméad aonair freisin.
5.18. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: Díchnámhú
Tugadh an teideal (Díchnámhú) ar Airteagal 5.5 i gcomhréir leis an gcaoi ar athstruchtúraíodh an téacs chun ord cróineolaíoch na n-oibríochtaí éagsúla agus na gcineálacha éagsúla “Prosciutto di Parma” a léiriú.
Leasaíodh pointe 3.2 den doiciméad aonair dá bhrí sin chun é a thabhairt i gcomhréir le leagan nua na sonraíochta táirge gan aon athrú a dhéanamh don ábhar iarbhír.
5.19. Leasú ar phríomhghné: Slisniú agus pacáil
Scriosadh rialacha slisnithe agus pacála “Prosciutto di Parma” mar gheall nach mbaineann an roinn seo leis an tsonraíocht táirge, agus athstruchtúraíodh an fhaisnéis ón roinn sin agus is féidir teacht uirthi anois in Airteagal 5.6 (Slisniú agus pacáil) agus in Airteagal 8.3 (Lipéadú “Prosciutto di Parma”). Tá sé an méid sin gan dochar don fhíoras go raibh na “rialacha slisnithe” ina gcuid lárnach den tsonraíocht táirge ó 2008 agus go dtagraítear dóibh go sainráite i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1208/2013 ón gCoimisiún.
An ceanglas go ndéanfaí slisniú agus pacáil ar an táirge sa “limistéar tipiciúil” ina ndearnadh é, tá sé i bhfeidhm mar choimirce cáilíochta ó d’fhormheas Cumann Cosanta “Prosciutto di Parma” na “rialacha slisnithe” ar dtús (in 1996). Tá sé mar aidhm leis an gceanglas sin tionscnamh an táirge a ráthú agus rialú a áirithiú, lena n-áirítear i dtéarmaí inrianaitheachta agus barántúlacht a ráthú do thomhaltóirí. Ba cheart a thabhairt faoi deara, d’ainneoin teorainn a chur ar shaorghluaiseacht earraí, gur shuigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go raibh bunús leis an gceanglas mar gheall ar an ngá go ndéanfadh cigirí saineolacha rialuithe éifeachtacha (Breithiúnas an 20 Bealtaine 2003 i gcás C-108/01 – Consorzio del Prosciutto di Parma v Asda Stores Ltd).
Leasaíodh pointí 3.5 agus 3.6 den doiciméad aonair dá réir sin.
5.20. Athrú eagarthóireachta: Slisniú agus pacáil
Tugadh an teideal (Slisniú agus pacáil) ar Airteagal 5.6 i gcomhréir leis an gcaoi ar athstruchtúraíodh an téacs chun ord cróineolaíoch na n-oibríochtaí éagsúla agus na gcineálacha éagsúla “Prosciutto di Parma” a léiriú.
An fhaisnéis a fuarthas i Roinn B roimhe seo, athstruchtúraíodh isteach in Airteagal 5.6 í, agus leasaíodh mar a leanas í:
— |
Soiléiríodh an t-idirdhealú idir an dá chineál formáid pacáiste a úsáidtear le haghaidh “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte, ar a dtugtar “clasaiceach” agus “beir leat” – i chuirtear i láthair cheana féin sna rialacha slisnithe agus pacála “Prosciutto di Parma” atá i gceangal leis an leagan roimhe seo den tsonraíocht táirge. |
— |
Soiléiríodh nár cheart do na modhanna slisnithe a úsáidtear difear a dhéanamh do shaintréithe orgánaileipteacha sainiúla “Prosciutto di Parma” agus go mbaineann an riail seo freisin le liamhás slisnithe réamhphacáilte. |
I gcomhréir le heagrú nua an téacs, cuireadh isteach Airteagal 5.6.a) (Rialacha infheidhme maidir le “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “clasaiceach”) agus rinneadh na leasuithe seo a leanas leis an bhfaisnéis in Airteagal 5.6.a)(iii):
— |
Cuireadh tagairt do “pacáil” leis mar gheall nach féidir “Prosciutto di Parma” slisnithe a phacáil ach sna saoráidí slisnithe féin, ós rud é go leanann pacáil slisniú go láithreach agus déantar an dá phróiseas araon sa seomra céanna. Cuireadh isteach freisin tagairtí do ghníomhaíocht uisce agus teocht stórála liamhás slisnithe réamhphacáilte, mar gheall go mbunaítear le cur i bhfeidhm an leasaithe seo dhá rogha stórála le haghaidh “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte, ag 0 °C-10 °C agus ag 0 °C-25 °C, gan aon athrú lena saintréithe teicniúla faoi seach seachas sin. |
— |
Leasaíodh an tábla ina sonraítear íostréimhsí marthanachta ionas go mbeidh sé níos soiléire agus níos éasca a léamh agus cuirtear i láthair anois in ord ardaitheach iad. Sa dara colún, athraíodh an focal “leasú” chuig “íosleasú” ar mhaithe le soiléireacht. |
Chun an tsonraíocht táirge a dhéanamh níos soiléire, cuireadh isteach Airteagal 5.6.b) (Rialacha sonracha infheidhme maidir le “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “beir leat”).
Leasaíodh pointe 3.5 den doiciméad aonair dá bhrí sin chun é a thabhairt i gcomhréir le leagan nua na sonraíochta táirge gan aon athrú a dhéanamh don ábhar iarbhír.
5.21. Leasú a dhéanann difear do phríomheilimint: Rialacha sonracha infheidhme maidir le “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “clasaiceach”
Leasaíodh agus athstruchtúraíodh an tábla faoi phointe 3 d’Airteagal 12 (Cineálacha “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte), a fuarthas i dtosach sna Rialacha slisnithe agus pacála. Is féidir teacht air anois in Airteagal 5.6.a)(iii), agus tá tagairtí ann d’íostréimhsí marthanachta chun an raon táirgí “Prosciutto di Parma” is féidir a mhargú a leathnú.
Ar dhóigh níos sonraí, chomh maith leis an mbealach traidisiúnta chun “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte a stóráil (ag teochtaí 0 °C-10 °C), cuireadh foirm nua stórála leis ag teocht os cionn 10 °C, mar gheall nach bhfuil reachtaíocht ag roinnt tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, amhail an Eilvéis, lena rialaítear teocht stórála táirgí feola le gníomhaíocht uisce faoi 0.93. Cuireadh tábla nua isteach dá bhrí sin, lena léirítear na rialacha maidir le “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte le teocht stórála 0 °C-25 °C.
Dá bhrí sin, leasaíodh pointe 3.5 den doiciméad aonair chun an íostréimhse marthanachta de “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte a stóráiltear ag 10 °C nó faoina bhun a léiriú agus chun tagairt a dhéanamh do stóráil “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “clasaiceach” ag idir 0 °C agus 25 °C.
5.22. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: Rialú
Cuireadh Airteagal 7 (Rialú) leis i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.
Ní dhéanann an leasú seo aon difear don doiciméad aonair.
5.23. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: “Prosciutto di Parma” iomlán ar an gcnámh agus “Prosciutto di Parma” gan chnámha
Athstruchtúraíodh an fhaisnéis faoi fhormáidí “Prosciutto di Parma” iomlána ar an gcnámh agus gan chnámha, a fuarthas i Roinn H den tsonraíocht táirge roimhe seo in Airteagal 8.1 (“Prosciutto di Parma” iomlán ar an gcnámh) agus 8.2 (“Prosciutto di Parma” gan chnámha) agus leasaíodh mar a leanas í:
— |
Luaitear anois in Airteagal 8.1(a) agus Airteagal 8.2(a) gur gá an t-ainm “Prosciutto di Parma” a thaispeáint sa phríomhréimse amhairc agus go seasfadh sé amach ón bhfaisnéis eile d’fhonn a áirithiú go bhfuil sí infheicthe go hoiriúnach. Sonraítear ann freisin suíomh siombail STFC an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an Aontais. |
— |
Le hAirteagal 8.1(b) agus Airteagal 8.2(b), ceanglaítear go mbeadh na comhábhair liostaithe ar mhaithe le tomhaltóirí, ag sonrú gur féidir an focal coscia (“cos muiceola”) a úsáid mar go sainaithníonn sé go sonrach an chuid d’anatamaíocht na muice a úsáidtear chun “Prosciutto di Parma” a dhéanamh. |
— |
Le hAirteagal 8.1(c) agus Airteagal 8.2(c), ceanglaítear, ar mhaith le tomhaltóirí, gur gá mionsonraí a thabhairt ar lipéid “Prosciutto di Parma” mionsonraí maidir leis an “saoráid leasaithe táirgeora” nó an “saoráid leasaithe margaíochta” – ar gá an péire díobh a chlárú sa chóras rialaithe. |
— |
Cuireadh an cháilíocht “gan chnámha” le hAirteagal 8.2 chun a shoiléiriú gur “Prosciutto di Parma” gan chnámha atá sa táirge a dhíoltar i sciartha. |
— |
In Airteagal 8.2(d) baineadh na focail “dáta táirgthe” chun go mbeadh sé níos soiléire go mbaineann an tagairt leis an dáta leasaithe tosaigh agus ní le haon rud eile. |
Leasaíodh pointe 3.6 den doiciméad aonair dá réir sin chun na hathruithe sin ar lipéadú “Prosciutto di Parma” ar an gcnámh agus gan chnámha a léiriú.
5.24. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte – “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “clasaiceach”
Athstruchtúraíodh an fhaisnéis a fuarthas i Roinn H den tsonraíocht táirge roimhe seo agus bogadh chuig Airteagal 8.3.a) í (“Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “clasaiceach”): Athstruchtúraíodh an fhaisnéis ó Airteagal 13(1), (2), (3), (6) (Dearadh pacáiste) na rialacha slisnithe agus pacála “Prosciutto di Parma” agus is féidir teacht uirthi anois in Airteagal 8.3.a).
Rinneadh na hathruithe seo a leanas freisin:
— |
Tagraítear anois in Airteagal 8.3.a) d’ainm iomlán oifigiúil an tsonrúcháin chosanta (“Prosciutto di Parma”) agus cuireadh isteach rialacha maidir le grafaicí pacáiste chun saintréithe na formáide “clasaiceach” de “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte a shainaithint. |
— |
Athraíodh an fhaisnéis in Airteagal 8.3.a)(v) maidir leis an dronuilleog ina bhfuil an cód a shainaithníonn an pacálaí, “CXX” chuig “LXX”, mar gheall go dtosaíonn na cóid aitheantais slisneora/pacálaí leis an litir “L” sa liosta a tharraing an comhlacht rialaithe aníos. |
Scriosadh Airteagal 14 (Ainm táirgeora pacála) na rialacha slisnithe agus pacála “Prosciutto di Parma”. Athstruchtúraíodh an fhaisnéis a bhí ann agus is féidir í a fháil anois in Airteagal 8.3.a)(ix).
Leasaíodh pointí 3.5 agus 3.6 den doiciméad aonair dá réir sin chun na hathruithe sin ar lipéadú “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte “clasaiceach” a léiriú.
5.25. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte – “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “beir leat”
Athstruchtúraíodh an fhaisnéis ó Airteagal 13(4), (5) (Dearadh pacáiste) na rialacha slisnithe agus pacála “Prosciutto di Parma” agus is féidir teacht uirthi anois in Airteagal 8.3.b) (“Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “beir leat”).
Cuireadh íomhánna le hAirteagal 8.3.b) de phacáiste “Prosciutto di Parma”“beir leat” agus an fhaisnéis táirge chomhfhreagrach chun saintréithe fhormáid “beir leat” den “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte a léiriú.
Leasaíodh dá bhrí sin, an fhaisnéis ar lipéadú “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “beir leat” i bpointe 3.6 den doiciméad aonair, chun achoimre a thabhairt toisc nach féidir mionsonraí iomlána ar na leasuithe seo a thabhairt leis an tsonraíocht táirge.
5.26. Leasú a dhéanann difear do phríomheilimint: “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte – “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “beir leat”
Cuireadh isteach Airteagal 5.6.b)(iv) (Rialacha sonracha infheidhme maidir le “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “beir leat”) chun an réimse formáidí pacála atá ar fáil a leathnú, agus é mar aidhm leis níos mó solúbthachta a thabhairt do chuideachtaí maidir le táirgeadh agus le go mbeidh sé níos éasca freagairt d’éilimh tomhaltóra, agus an tráth céanna ag áirithiú go bhfanann saintréithe orgánaileipteacha “Prosciutto di Parma” mar atá.
Leasaíodh pointe 3.6 den doiciméad aonair dá réir sin.
5.27. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: Rialacha infheidhme maidir le “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “clasaiceach” agus san fhormáid “beir leat” araon
Athstruchtúraíodh an fhaisnéis in Airteagal 15 (Lipéadú) de na Rialacha slisnithe agus pacála “Prosciutto di Parma” isteach in Airteagal 8.3.c) (Rialacha infheidhme maidir le “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “clasaiceach” agus san fhormáid “beir leat” araon) agus leasaíodh iad mar a leanas:
— |
In Airteagal 8.3.c)(ii), athraíodh an téarma “táirgeoir” chuig “saoráid leasaithe táirgeora” ar mhaithe le comhsheasmhacht ó thaobh na téarmeolaíochta. |
— |
In Airteagal 8.3c)(vi) baineadh na focail “dáta táirgthe” le go mbeadh sé níos soiléire go mbaineann an tagairt leis an dáta leasaithe tosaigh agus ní le haon rud eile. |
— |
San fhaisnéis maidir le formáid “clasaiceach”“Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte in Airteagal 8.3.c)(vi), athbhreithníodh an tagairt do stóráil ag idir 0 °C agus 10 °C agus cuireadh tagairt leis do stóráil ag idir 0 °C agus 25 °C chun na raonta teochta éagsúla a léiriú ag ar féidir “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte “clasaiceach” a stóráil. |
— |
San fhaisnéis maidir le formáid “beir leat” de “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte in Airteagal 8.3.c)(vi), sonraítear anois – murab ionann agus an fhormáid “clasaiceach”, is féidir a stóráil idir 0 °C agus 25 °C – ba cheart liamhás san fhormáid seo a stóráil ag teocht idir 0 °C agus 10 °C toisc nach n-úsáidtear idirdhuilliú san fhormáid “beir leat”, rud a fhágann nach bhfuil sé comhoiriúnach le teochtaí stórála suas go dtí 25 °C. |
— |
Le hAirteagal 8.3c)(viii), ceanglaítear go mbeadh na comhábhair liostaithe ar mhaithe le tomhaltóirí, ag sonrú gur féidir an focal coscia (“cos muiceola”) a úsáid. |
— |
Áirítear anois le hAirteagal 8.3.c) íomhánna de phacáistí “Prosciutto di Parma” atá difriúil leis an gcruth tráidire caighdeánach. |
Leasaíodh dá bhrí sin, pointí 3.5 agus 3.6 den doiciméad aonair, chun achoimre a thabhairt toisc nach féidir mionsonraí iomlána a thabhairt ar na leasuithe seo leis an tsonraíocht táirge.
5.28. Leasú nach ndéanann difear do phríomheilimint: Sonraíochtaí breise maidir le cur i láthair agus lipéadú “Prosciutto di Parma”
Athstruchtúraíodh na rialacha maidir le húsáid cáilitheoirí i gcomhar leis an ainm “Prosciutto di Parma”, a fuarthas roimhe seo i Roinn H agus is féidir teacht orthu anois in Airteagal 8.4 (Sonraíochtaí breise maidir le cur i láthair agus lipéadú “Prosciutto di Parma”).
Ina theannta sin, déantar tagairt anois in Airteagal 8.4(e) don fhéidearthacht siombailí an chumainn cosanta a úsáid má tharlaíonn forbairtí i ndeighilt agus deimhniú breise “Prosciutto di Parma”, chun coinneáil suas le ceanglais an mhargaidh.
Ní dhéanann an leasú seo aon difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
“Prosciutto di Parma”
Uimh. AE: PDO-IT-0067-AM05 – 18.12.2020
STFC (X) TGFC ( )
1. Ainm(neacha)
“Prosciutto di Parma”
2. Ballstát nó Tríú Tír
An Iodáil
3. Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra
3.1. An cineál táirge [a liostaítear in Iarscríbhinn XI]
Aicme 1.2: Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)
3.2. Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)
Liamhás prosciutto crudo atá sa táirge, a tirimleasaíodh ar feadh 14 mí ar a laghad, le cruth ciorclach. Baintear an chuid aimhneasach den chos (an crúibín) agus aon neamhfhoirfeacht sheachtrach a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’íomhá an táirge. Meánn sé idir 8.2 kg agus 12.5 kg. Nuair a ghearrtar an liamhás, bíonn dath aonfhoirmeach ar an bhfeoil idir bándearg agus dearg, le bán íon saille fite fuaite inti. I dtéarmaí dea-bholaidh agus blais, is feoil fhíneálta í, ar a bhfuil blas éadrom nach bhfuil mórán goirte ann agus a bhfuil dea-bholadh cumhra, saintréitheach uirthi. Tá luachanna anailíseacha áirithe mar shaintréithe ag na liamhása, eadhon cion fliuchrais 58.0 %-63.0 %, cion salainn sáile (clóiríd sóidiam) 4.2 %-6.0 % agus cion nítrigine intuaslagtha (innéacs próitéilísis) 25.0 %-32.0 %. Ní thástáiltear na luachanna seo ach ó shampla d’fheoil thrua ó bhícéips fhéimearach an liamhása sula marcáiltear é leis an lógó “choróin an diúic”. Nuair a bhíonn an lógó greamaithe air, féadfar “Prosciutto di Parma” a mhargú amhail liamhása iomlána ar an gcnámh nó gan chnámh, mar sciartha pacáilte de mheáchain agus de chruthanna éagsúla, lena n-áirítear leathliamhása, nó mar liamhás slisnithe i bpacáiste oiriúnach. Is féidir bealach malartach aitheantais atá chomh doscriosta agus chomh neamh-inbhainte céanna leis an lógó agus a áirithíonn rianú agus inrianaitheacht “Prosciutto di Parma” a úsáid chomh maith leis nó ina ionad.
Nuair atá sé marcáilte agus díchnámhaithe, féadfar “Prosciutto di Parma” a mhargú amhail liamhás slisnithe réamhphacáilte san fhormáid “clasaiceach” nó “beir leat”.
3.3. Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)
Beatha
Liostaítear na hábhair, cainníochtaí agus modhanna beathaithe a úsáidtear i dtábla aonair. Maidir le leacht beathaithe – lena n-áirítear an cleachtas traidisiúnta de bheatha a riaradh le meadhg agus/nó bláthach – agus ábhar tirim beathaithe, is féidir an dá mhodh a úsáid chun muca a bheathú.
Ní mór gurb ionann 45 % ar a laghad den ábhar tirim a thugtar mar bheatha d’fhásóirí agus gránaigh.
Seo a leanas na hábhair bheathaithe a cheadaítear: beathú glútain arbhair agus/nó beathú glútain arbhair, grán buí, sorgam, eorna, cruithneacht, triteacál, sadhlas grán buí, min arbhair Indiaigh na déise iomláine, min ghráin bhuí, agus/nó min déise arbhair, mionghránaigh, bran cruithneachta agus fotháirgí eile ó phróiseáil cruithneachta, beatha asbhrúcháin rois, min rois, beatha mine rois, baíon biatais díhiodráitithe, laíon torthaí nó laíon tráta (tráta meilte) mar iompróirí réamh-mheasctha, meadhg, bláthach, triosc tirim driogaireachta agus ábhair intuaslagtha, meidic na mbó (triomaithe ag teocht ard), molás, táirgí a fhaightear le linn síolta lus na gréine a úscadh, táirgí a fhaightear le linn síolta ráibe a úscadh, min ginidín grán buí, piseanna, síolta léagúim eile, giostaí, lipidí le leáphointe os cionn 36 °C, min éisc, agus pónairí soighe iomlána rósta agus/nó asbhrúchán soighe.
Ní mór gur gránaigh iad 55 % ar a laghad den ábhar tirim a thugtar do chríochnaitheoirí mar bhia, a bhféadfadh a n-aistí bia a bheith comhdhéanta de na hábhair bheathaithe céanna a liostaítear thuas seachas min éisc agus pónairí soighe iomlána rósta agus/nó asbhrúchán soighe.
Cé gur cheart do na hamhábhair a thugtar do mhuca mar bhia teacht ón limistéar geografach ina dtógtar iad agus saintréithe cáilíochta oiriúnacha a bheith leo chun a áirithiú go mbeathaítear na muca le haiste bia maith, sláintiúil, i roinnt blianta is féidir nach bhféadfaí go teicniúil 100 % de na hamhábhar sin a fháil go háitiúil mar gheall ar chúiseanna aeráide agus tráchtála. Sa chás sin, de bhun Airteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún, ráthaítear cáilíocht “Prosciutto di Parma” i gcónaí trína áirithiú go dtagann ar a laghad 50 % d’iontógáil ábhair thirim na muc ar bhonn bliantúil ó na limistéir ina dtógtar iad (Emilia-Romagna, Veneto, Friuli-Venezia Giulia, an Lombaird, Píodmant, Molise, Umbria, an Tuscáin, Marche, Abruzzo agus Lazio).
Cosa úra
Ní mór do na cosa úra muiceola a úsáidtear chun “Prosciutto di Parma” a dhéanamh a bheith ó shliocht an mhéid a leanas:
a) |
collaigh de na pórtha traidisiúnta, is iad sin Mórmhuc Bhán Iodálach, Muc Lanrásach Iodálach agus Muc Duroc Iodálach, arna bhfeabhsú ag Leabhar Tréada na hIodáile, bídís ina muca folaíochta nó crosphóraithe idir na pórtha sin, agus cránacha de na pórtha traidisiúnta Mórmhuc Bhán Iodálach agus Muc Lanrásach Iodálach, bídís ina muca folaíochta nó crosphóraithe idir na pórtha sin; |
b) |
collaigh de na pórtha traidisiúnta a luaitear in a) agus cránacha crosphóraithe nó cránacha de chineálacha géiniteacha eile ar choinníoll go bpórtar iad faoi scéimeanna roghnaithe agus/nó crosphóraithe ina bhfuil na pórtha Mórmhuc Bhán, Muc Lanrásach nó Muc Duroc chun muca troma a tháirgeadh, agus aidhmeanna na scéimeanna sin comhoiriúnach le haidhmeanna Leabhar Tréada na hIodáile; |
c) |
collaigh agus cránacha de chineálacha géiniteacha eile ar choinníoll go bpórtar iad faoi scéimeanna roghnaithe agus/nó crosphóraithe ina bhfuil na pórtha Mórmhuc Bhán, Muc Lanrásach nó Muc Duroc chun muca troma a tháirgeadh, a bhfuil aidhmeanna na scéimeanna sin comhoiriúnach le haidhmeanna Leabhar Tréada na hIodáile; |
d) |
collaigh de na cineálacha géiniteacha eile a luaitear in c), agus cránacha de na pórtha traidisiúnta dá dtagraítear in a). |
Ní fhéadfaidh cosa úra muiceola a úsáidtear chun an táirge a dhéanamh teacht ón méid seo a leanas:
— |
collaigh nó cránacha; |
— |
sleachta collach nó cránacha nach gcumhdaítear le catagóirí a), b), c) nó d) thuas; |
— |
muca a bhfuil saintréithe neamhfhabhracha acu, go háirithe soghabháltacht i leith struis (Siondróm Struis Mucúil nó PSS). |
Na cosa úra muiceola a úsáidtear chun “Prosciutto di Parma” a tháirgeadh, ní mór dóibh teacht ó chonablaigh a aicmítear faoin gcatagóir “H” – Trom, agus meáchan conablaigh idir 110.1 kg agus 168 kg iontu, agus iad a bheith grádaithe mar “U”, “R”, nó “O” ar scála an Aontais Eorpaigh maidir le haicmiú conablach muc.
Bíonn na saintréithe seo a leanas ag cosa úra muiceola a úsáidtear chun “Prosciutto di Parma” a dhéanamh: Léirítear i sampla a tógadh ó na sraitheanna uachtaracha agus íochtaracha den tsraith shailleach fho-chraicneach teinne saille arna léiriú le luach iaidín nach mó ná 70 agus/nó cion aigéid líonoiléach nach mó ná 15 %. Tiús na saille timpeall ar thaobh amuigh na coise úra muiceola bearrtha, arna thomhas go ceartingearach ó bharr chnámh na leise, níl sé níos lú ná 22 mm. Nuair a sheachadtar an chos chuig an tsaoráid leasaithe, meánn sí idir 11.8 kg agus 18.0 kg chun an íostréimhse 14 mhí a cheadú. Tá dóthain saille ar an bpíosa ar a dtugtar an “choróin” chun cosc a chur ar an gcraiceann teacht den tsraith matáin faoi. Ní mó méid an mhatáin nochta os cionn barr chnámh na leise ná 9 mm (“gearrchiumhsóga”).
3.4. Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe
Maidir le gach céim de tháirgeadh “Prosciutto di Parma”, ó leasú na gcos úr muiceola chuig an bpróiseas triomaithe a chur i gcrích, is gá go dtarlódh siad sa “limistéar táirgthe tipiciúil”, atá lonnaithe i gcúige Parma i réigiún Emilia-Romagna.
3.5. Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Nuair atá sé marcáilte leis an lógó agus/nó an modh aitheantais malartach dá dtagraítear i bpointe 3.2, féadfar “Prosciutto di Parma” a mhargú amhail liamhása iomlána ar an gcnámh nó gan chnámh, mar sciartha pacáilte de mheáchain agus de chruthanna éagsúla, lena n-áirítear leathliamhása, nó mar liamhás slisnithe i bpacáiste oiriúnach.
D’fhonn a cháilíocht, inrianaitheacht agus barántúlacht a chosaint, ní féidir “Prosciutto di Parma” a shlisniú agus a phacáil ach amháin sa “limistéar táirgthe tipiciúil” dá dtagraítear i bpointe 4 thíos. Is gá siombail aitheantais STFC a thaispeáint ar an bpacáistiú ar bhealach ina gcoisctear é óna bhaint nó óna scriosadh, mar a leagtar amach i bpointe 3.6 thíos. Tá an riail seo fíor-riachtanach chun cáilíocht saintréithe “Prosciutto di Parma” a chaomhnú agus chun rianú agus inrianaitheacht an táirge fhoriomláin a áirithiú.
Is féidir “Prosciutto di Parma” slisnithe réamhphacáilte a chur i láthair san fhormáid “clasaiceach” nó san fhormáid “beir leat”. Baineann ceanglais lipéadaithe agus íostréimhsí marthanachta éagsúla leis an dá fhormáid sin.
Nuair a choinnítear ag teocht idir 0 °C agus 10 °C é, is gá go mbeadh luach gníomhaíochta uisce nach mó ná 0.91 agus níos lú ná 60 % den chion fliuchrais ag “Prosciutto di Parma” san fhormáid “clasaiceach”, agus féadfaidh sé íostréimhse marthanachta suas le 180 lá a bheith aige.
Nuair a choinnítear ag teocht idir 0 °C agus 25 °C é, is gá go mbeadh luach gníomhaíochta uisce nach mó ná 0.90 agus níos lú ná 60 % den chion fliuchrais ag “Prosciutto di Parma” san fhormáid “clasaiceach”, agus is gá go bhfaightear é ó liamhása a mheánn suas le 9.5 kg a leasaíodh ar feadh 18 mí ar a laghad. Is gá é a phacáil ag úsáid idirdhuillithe, agus féadfaidh sé íostréimhse marthanachta suas le 30 lá a bheith aige.
Is gá go mbeadh “Prosciutto di Parma” san fhormáid “beir leat” coinnithe ag teocht idir 0 °C agus 10 °C agus go mbeadh luach gníomhaíochta uisce nach mó ná 0.91 agus níos lú ná 60 % den chion fliuchrais aige. Tá a íostréimhse marthanachta teoranta do 25 lá.
3.6. Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe
Is é an lógó “choróin an diúic” (lógó a bhrandáiltear ar na liamhása agus atá comhdhéanta de choróin le cúig phointe agus an t-ainm áite “Parma”) an chéad ghné a úsáidtear chun “Prosciutto di Parma” a shainaithint, agus cé nach bhfuil sé mar chuid den lipéadú, idirdhealaíonn sé é ar an margadh. Is marc atá ann a shainaithníonn agus a cháilíonn “Prosciutto di Parma” agus a bhfuil dhá fheidhm leis, is é sin, an táirge a idirdhealú ó chineálacha eile liamhás prosciutto crudo, rud a thugann dearbhú maidir lena bharántúlacht, agus a ráthaíonn freisin go ndeachaigh an táirge trí na céimeanna táirgthe ar fad a éilítear agus gur thaifead na hoibreoirí lena mbaineann na céimeanna sin ar fad.
Níl úsáid an tsonrúcháin tionscnaimh dlíthiúil ach amháin má bhíonn an lógó seo – agus/nó bealach malartach nó breise sainaithinte dá dtagraítear i bpointe 3.2 – i láthair. Dá uireasa, ní féidir an táirge a lipéadú leis an sonrúchán agus ní féidir é a áireamh ar an bpacáistiú, i ndoiciméid díolacháin nó le linn trádála (liamhása iomlána ar an gcnámh nó gan chnámh, mar sciartha pacáilte de mheáchain agus de chruthanna éagsúla, lena n-áirítear leathliamhása, nó mar liamhás slisnithe i bpacáiste oiriúnach).
Tá an lipéadú seo a leanas sainordaitheach maidir le “Prosciutto di Parma”:
— |
I gcás “Prosciutto di Parma” iomlán ar an gcnámh:
|
— |
I gcás “Prosciutto di Parma” ar an gcnámh agus pacáilte (liamhása iomlána, leathliamhása, nó sciartha):
|
— |
Is gá go mbeadh roinn chaighdeánach den chúinne bairr ar chlé ina dtaispeántar an lógó “choróin an diúic” ar gach pacáiste de “Prosciutto di Parma” – cibé atá sé san fhormáid “clasaiceach” nó “beir leat”: , chomh maith le cód aitheantais pacálaí agus an fhaisnéis seo a leanas:
|
Cé is moite de disossato (gan chnámh) agus affettato (slisnithe), ní féidir an t-ainm díolacháin a cháiliú le haon téarma tuairisciúil – amhail “clasaiceach”, “barántúil”, “breise” nó “oll-” – nó aon téarma nó gné eile.
4. Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach
Tá an “limistéar tipiciúil” ina dtarlaíonn an próiseas déanta liamháis “Prosciutto di Parma” lonnaithe i gCúige Parma i réigiúin Emilia-Romagna na hIodáile. Tá an limistéar seo comhdhéanta de chuid den chúige sin atá lonnaithe 5 km ar a laghad ó dheas ón mbóthar ar a dtugtar Via Emilia, a shíneann ó dheas go dtí go sroicheann sé uasairde 900 méadar. Tá aibhneacha Enza agus Stirone mar theorainneacha oirthir agus iarthair ar an limistéar, faoi seach.
Tá an limistéar geografach ónar féidir an t-amhábhar a fháil níos mó ná an “limistéar tipiciúil”, agus tá sé comhdhéanta de chríoch riaracháin na réigiún Iodálach seo a leanas: Emilia-Romagna, Veneto, Friuli-Venezia Giulia, Lombardy, Piedmont, Molise, Umbria, Tuscany, Marche, Abruzzo agus Lazio.
5. Nasc leis an limistéar geografach
Bíonn saintréithe sonracha “Prosciutto di Parma” ag brath go láidir ar na tosca comhshaoil, nádúrtha agus daonna sa limistéar áitiúil, a bhfuil ról fíor-riachtanach acu chun a ráthú go seastar le caighdeáin ardcháilíochta, sláinte agus bia. Tá saintréithe na n-amhábhar – mar atá ó thréimhse na nÉatrúscach – sonrach don mhicrilimistéar geografach i lár agus i dtuaisceart na hIodáile, lena n-áirítear réigiún Friuli-Venezia Giulia. A bhuíochas leis na dálaí comhshaoil uathúla nach féidir a atáirgeadh in aon áit eile agus tallann ar leith an daonra áitiúil – mar a fheictear sa líon mór gnólachtaí déanta liamháis arna reáchtáil ag teaghlaigh atá fós ag feidhmiú inniu – forbraíodh cúinne beag den chríoch seo ina “limistéar táirgthe tipiciúil” de “Prosciutto di Parma”. Tá Parma lonnaithe i gcroílár na háite ar a dtugtaí Cisalpine Gaul tráth, ar thóg a chónaitheoirí tréada móra muc agus a bhí an-oilte i dtáirgeadh liamhása leasaithe.
Le suíomh an “limistéar táirgthe” seo, cruthaítear dálaí uathúla éiceolaíochta, aeráide agus comhshaoil: laghdaíonn gaoithe farraige ó limistéar Versilla de chósta na Tuscáine agus iad ag dul trí na garráin ológ agus na foraoisí péine in Val di Magra, ansin triomaíonn siad agus iad ag iad ag trasnú bearnais na nAipiníní, ag tógáil boladh na ngarrán castán, sula sroicheann siad an limistéar táirgthe chun “Prosciutto di Parma” a thriomú agus a bhlas éadrom uathúil a thabhairt dó.
Cinntear na céimeanna sa phróiseas seo de réir forbairt muc trom a thógáil, a mharaítear ag aois sean go maith. Tosaíonn sé le húsáid pórtha áitiúla, dúchasacha, téann sé ar aghaidh i gcomhréir le cúinsí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha – go háirithe feirmeoireacht gránaigh agus táirgeadh déiríochta, a chuir cruth ar chleachtais bheathaithe – agus críochnaíonn sé de réir a chéile sa toradh táirgeachta nádúrtha agus uathúil, an táirge STFC.
Tagraítear do liamhás agus don mhodh a úsáidtear chun é a tháirgeadh i bhfoinsí éagsúla doiciméadach leis na céadta bliain anuas, agus is féidir tagairt a fháil don limistéar táirgthe atá ann faoi láthair i liostaí Comhlachas Tráchtála ó 1913. Tá an rud a thosaigh mar ghníomhaíocht cheardaíochta forbartha anois ina phróiseas tionsclaíoch, ach ceann a chaomhnaíonn saintréithe traidisiúnta an táirge.
Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge
Sheol an Aireacht an nós imeachta agóide náisiúnta nuair a foilsíodh an leasú beartaithe maidir le SFTC “Prosciutto di Parma” in Iris Oifigiúil Phoblacht na hIodáile Uimh. 195 an 5 Lúnasa 2020. Tá téacs iomlán na sonraíochta táirge le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas:
http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335
nó mar rogha ar an méid sin:
trí dhul go díreach chuig leathanach baile na hAireachta um Beartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta (http://www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ag barr an scáileáin sa bharra cothrománach), agus ar deireadh ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 429/29 |
Foilsiú iarratais de bhun Airteagal 17(6)Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle
(2022/C 429/09)
Leis an bhfoilseachán sin, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
PRÍOMHSHONRAÍOCHTAÍ AN CHOMHAID THEICNIÚIL
“GRAPPA DELLA VALLE D’AOSTA / GRAPPA DE LA VALLÉE D’AOSTE”
Uimh. AE: PGI-IT-02479 - 30 Lúnasa 2018
1. Ainm
“Grappa della Valle d’Aosta/Grappa de la Vallée d’Aoste”
2. Catagóir na dí biotáillí
Biotáille mhairc fíonchaor (catagóir Uimh. 6 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008)
3. Tuairisc ar an deoch bhiotáilleach
Saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus/nó orgánaileipteacha
— |
Gan dath, ach amháin i gcás plandaí nó caramal a chur leis nó i gcás aosú i gcoimeádáin adhmaid. |
— |
Trédhearcach agus criostalach, le mothú boltanach agus ais-sróine idir, i gcomhthéacs gnéithe aramatacha, bhláth agus torthaíoch ag brath ar an amhábhar a úsáidtear. Ar an gcarball bíonn sé te, bog agus saibhrithe le mothú spíosrach do na táirgí aosaithe.. |
— |
Ní dhéantar é a bhlaistiú, ach amháin mar a sholáthraítear sna modhanna traidisiúnta lena ndéantar soláthar maidir le mil, plandaí aramatacha nó codanna díobh, agus torthaí nó codanna díobh a chur leis. |
Saintréithe sonracha (i gcomparáid le deochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna)
— |
Tá neart alcóil nach lú ná 38 % de réir toirte in “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste” agus tá cion substaintí so-ghalaithe seachas alcól eitile agus meitile cothrom le 140 gram in aghaidh an heictilítir de 100 % toirte alcóil nó níos mó ná sin. |
— |
Maidir le grappa bán, is é an mothú aramatach is coitianta an mothú is saintréith do na cineálacha fíonchaor tionscnaimh (ón gceantar áitiúil den chuid is mó), a léirítear i mblasanna bláthacha/balsamacha/torthaíocha (mar shampla seasmain, sáiste, péitseog, aibreog, torthaí coimhthíocha). I gcás grappa aibí, is féidir an mothú spíosrach a rianú siar go dtí an tréith phlandúil spíosrach atá ag roinnt mhaith cineálacha fíniúna traidisiúnta, chomh maith leis na húscraí adhmadúla a úsáidtear i mbairillí, agus fad an aosaithe féin. |
— |
Tá cion siúcra ann nach mó ná 20 gram in aghaidh an lítir, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe. Áirítear leis an teorainn sin freisin an fhéidearthacht mil a úsáid chun críocha blaistithe.- I gcás ina bhfuil sí tar éis aibiú ar feadh 12 mhí ar a laghad, féadfaidh caramal a bheith inti. |
4. An limistéar geografach lena mbaineann
Críoch iomlán Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta.
5. An modh chun an deoch bhiotáilleach a fháil
Faightear “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste” trí dhriogadh a dhéanamh, gan ach stil bhaisce a úsáid, ar mharc fíonchaor coipthe nó leathchoipthe, go díreach ó ghal uisce nó trí uisce a chur leis an stil (córas daibhche uisce). Chun an grappa a tháirgeadh, ceadaítear moirt fíona leachtaigh nádúrtha a úsáid go dtí suas le huasmhéid 25 kg in aghaidh gach 100 kg den mharc fíonchaor a úsáidtear. Is ó chineálacha atá údaraithe lena saothrú in Valle d’Aosta amháin a fhaightear na hamhábhair. Ní mór na hamhábhair a bheith i riocht caomhnaithe an-mhaith agus ní mór iad a fháil ó fhíonchaora a tháirgtear agus a phróiseáiltear i gcríoch Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta. Ní rachaidh cainníocht an alcóil a fhaightear ón moirt thar 35 % de chainníocht iomlán an alcóil sa táirge críochnaithe. Is féidir an mhoirt fíona leachtaigh nádúrtha a úsáid trí na moirt a chur leis an marc fíonchaor sula ndéantar é a dhriogadh. Ní mór na hoibríochtaí sin a dhéanamh ag an drioglann táirgthe chéanna. Ní mór driogadh an mhairc fíonchaor choipthe nó leathchoipthe, gan ach stil bhaisce a úsáid, a dhéanamh ag níos lú ná 86 % toirte. Féadfar an táirge a fhaightear a athdhriogadh laistigh den teorainnluach sin. Ní mór comhlíonadh na dteorainneacha a fhianú trí thaifid a choimeád ina ndéantar cainníochtaí an mhairc agus cainníochtaí na moirte fíona leachtaigh nádúrtha a chuirtear lena ndriogadh a thaifeadadh gach lá.
In ullmhú “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste”, féadfar mil, plandaí aramatacha nó codanna díobh, chomh maith le torthaí nó codanna díobh, a chur i gcomhréir le modhanna traidisiúnta táirgthe. Is iad seo a leanas na plandaí aramatacha nó codanna díobh a úsáidtear chun “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste” a bhlaistiú: Glycirrhiza glabra L., Ruta graveolens, Juniperus communis L., Juglans regia L., Artemisia umbelliformis L., Artemisia genipi (Weber), Artemisia glacialis L., Rubus idaeus L., Vaccinium myrtillus L., Sambucus nigra L., Achillea millefolium, Achillea moschata (Wulfen), Rosa canina L., Prunus persica L., Vanilla planifoglia J. e A., Laurus nobilis L., Illicium verum H., Pinus cembra L., Thymus L.
Féadfar uasmhéid 20 gram in aghaidh an lítir de shiúcra a chur leis, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.
Féadfar caramal a úsáid mar dhathú le haghaidh grappa atá dhá mhí dhéag ar a laghad d’aois, i gcomhréir le reachtaíocht AE agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme.
Féadfaidh “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste” a aosú i mbairillí, dabhcha agus coimeádáin adhmaid eile nach bhfuil vearnaiseáilte nó brataithe, ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí arna monatóiriú ag údaráis chánach, i saoráidí atá lonnaithe sa réigiún. Ceadaítear na gnáthchóireálacha glantacháin agus caomhnaithe adhmaid.
Ní mór “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste” a dhriogadh laistigh de chríoch an Réigiúin.
6. Nasc leis an timpeallacht gheografach nó leis an tionscnamh
Ní mór na hamhábhair a fháil go heisiach ó fhíonchaora a tháirgtear agus a phróiseáiltear i gcríoch Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta. Is rogha le dálaí aeráide na bhfíonghort ag airde ard (mar ar fud an réigiún Alpach, arb é grappa ar an driogáit chomharthach i gcónaí) sintéis agus carnadh bolaithe cineáil sna craicne fíonchaor. Cuireann teocht íseal an gheimhridh ghairbh Alpach a leanann an fómhar cosc nó laghdú ar an mbaol éilliú baictéarach nó fungais ar an marc fíonchaor stóráilte. I ndeireadh na dála, mar gheall ar chainníocht theoranta an amhábhair agus ar an ngaireacht idir gabháltais déanta fíona agus driogairí, ní féidir ach marc fíonchaor úr nó marc fíonchaor a dhiúscairt leis an stóráil is lú agus is féidir. Cé go ndéanann an tsraith tosca sin teorainn a chur le méideanna táirgeachta, is féidir leis na saintréithe cáilíochta a fheabhsú. Trí úsáid mhionchúiseach a bhaint as saoráidí beaga driogtha baisce is féidir na saintréithe aramatacha nádúrtha de “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste” a eastóscadh i gceart, agus tá sé riachtanach chun driogáití monaichineálacha íona a fháil, rud nach bhféadfaí a dhéanamh i gcás suiteálacha tionsclaíocha leanúnacha.
Tá dlúthbhaint ag táirgeadh “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste”, a dhéantar go traidisiúnta trí dhriogadh díreach an mhairc fíonchaor i stileanna beaga baisce ceardaíochta, leis an gcríoch tionscnaimh. Tá táirgeadh “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste” comhsheasmhach le gairm an réigiúin fíonsaothrúcháin agus leis na héagsúlachtaí leathana sna dálaí comhshaoil agus sna cineálacha a fhástar.
Is é an mothú aramatach is coitianta de na grappa an mothú is saintréith do na cineálacha fíonchaor tionscnaimh (ón gceantar áitiúil den chuid is mó), a léirítear i mblasanna bláthacha/balsamacha/torthaíocha (mar shampla seasmain, sáiste, péitseog, aibreog, torthaí coimhthíocha). I gcás grappa aibí, is féidir an mothú spíosrach a rianú siar go dtí an tréith phlandúil spíosrach atá ag roinnt mhaith cineálacha fíniúna traidisiúnta, chomh maith leis na húscraí adhmadúla a úsáidtear i mbairillí, agus fad an aosaithe féin.
Tá na fíonlanna óna bhfaightear an marc fíonchaor úr agus coipthe gar do na drioglanna; mar thoradh air sin, is féidir an marc a dhriogadh go tapa sula dtosaíonn sé ag meath, rud a fhágann gur féidir saintréithe orgánaileipteacha na bhfíonchaora a chaomhnú. Tá sé sin riachtanach chun na bolaithe agus na comhdhúile a thugann a saintréithe orgánaileipteacha ar iasacht do “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste” a eastóscadh. Cuireann an geimhreadh garbh Alpach go mór leis an toradh sin a bhaint amach.
Ní mór na hamhábhair a fháil go heisiach ó chineálacha fíniúna atá údaraithe lena saothrú in Valle d’Aosta, dá bhforáiltear sa tsonraíocht táirge le haghaidh fíonta DOC “Valle d’Aosta”.
Ní mór tionscnamh na n-amhábhar a bheith inrianaithe ó na doiciméid a ghabhann leo agus ó thaifid na ndriogairí.
Ina theannta sin, mar thoradh ar na ceanglais thar a bheith sriantach maidir le marc fíonchaor (arna chinneadh leis an reachtaíocht náisiúnta) bíonn mórán comhdhúile sa mharc fíonchaor agus, dá bhrí sin, sna táirgí eastósctha agus driogtha a bhaineann leo, le mothú boltanach agus ais-sróine, i dtéarmaí gnéithe aramatacha, ó bhláthach go torthaíoch ag brath ar an amhábhar a úsáidtear. Ar an carball tá sé te, bog agus saibhrithe le mothú spíosrach do na táirgí aosaithe.
An clú atá ar “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste”, tá sé fréamhaithe sa traidisiún ársa a bhaineann le táirgeadh mionscála grappa. Téann na chéad doiciméid stairiúla a thagraíonn do tháirgeadh grappa in Valle d’Aosta siar go dtí 1843 nuair a luann taistealaí Sasanach darb ainm Arthur Thomas táirgeadh grappa in Valle d’Aosta. (P. Malvezzi, 1972, “Viaggiatori inglesi in Valle d’Aosta”). Rinneadh driogadh mairc fíonchaor sa réigiún a thaifeadadh i roinnt foinsí stairiúla ina dhiaidh sin, arna ndriogadh ar dtús ag grúpaí saothraithe fíona ceardaíochta, a chuirtear de chúram níos mó agus níos mó ar dhrioglanna áitiúla a cruthaíodh le linn na tréimhse sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart fiosrúchán talmhaíochta ar dhálaí na haicme talmhaíochta in 1878 a lua (P. Careggio, 2004. “L’inchiesta agraria sulle condizioni della classe agricola. 1885.” Ed. Le Chateau), lámhscríbhinn 1887 ar thalmhaíocht Valle d’Aosta (L. Argentier, 2004. “Leçons sur l’agriculture valdôtaine.” Ed. Le Château), tuarascáil leathan stairiúil san áireamh sa leabhar “Vini e distillati della Valle D‘Aosta” (Vola e Sanguinetti, 1971, ed. Musumeci), agus ar deireadh bailiúchán agallamh le saothraithe fíona ó Valle d‘Aosta (“Vini, vigneti e vignerons dellaValle D‘Aosta ”. P. Cossavella, 2012, Tipografia Valdostana). Tá go leor taifead bolscaireachta ann freisin in annála fheirmeoirí Valle d’Aosta a théann siar go dtí tús an fichiú haois (“Almanach de l’agriculteur valdotain”. 1911, Imprimerie Joseph Marguerettaz; “Messager valdotain” eagráin 1912 agus 1931. Imprimerie Catholique).
7. Forálacha an Aontais Eorpaigh nó forálacha náisiúnta/réigiúnacha
Foraithne Uimh. 5396 ón Aireacht um Beartas Talmhaíochta, Bia agus Foraoiseachta an 27 Samhain 2008 lena leagtar síos, inter alia, ceanglais níos déine don mharc ná na ceanglais a leagtar síos le rialacha AE.
Reacht speisialta Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta.
8. Iarratasóir
Ainm: Istituto Tutela Grappa della Valle d’Aosta.
Seoladh: Zona Industriale 12, 11020 Saint-Marcel Aosta.
9. Forlíonadh leis an tásc geografach agus leis na rialacha sonracha maidir le lipéadú
I dteannta an ainm Iodáilise “Grappa della Valle d’Aosta”, féadfar an t-ainm Fraincise “Grappa de la Vallée d’Aoste” a úsáid freisin, go comhuaineach nó mar mhalairt, faoi Airteagal 38 de Reacht Speisialta Réigiún Féinrialaitheach Valle d’Aosta lena ndeonaítear stádas comhionann don Fhraincis agus don Iodáilis.
Is féidir tagairt a bheith ag gabháil leis an ainmniú “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste”:
a) |
go hainm cineáil fíonchaor aonair, má driogadh an grappa ó amhábhair a tháinig as fíonú an chineáil fíonchaoire sin: ligtear isteach tairseach lamháltais de chineálacha eile fíonchaor, cé is moite díobh siúd go léir nach bhfuil údaraithe lena saothrú in Valle d’Aosta, suas le 15 % de réir meáchain; |
b) |
ainmneacha nach mó ná dhá chineál fíonchaoire, más rud é gur driogadh an grappa ó amhábhair a tháinig go hiomlán as fíonú na gcineálacha fíonchaoire sin. Ní mór na cineálacha fíonchaoire a lua ar an lipéad in ord íslitheach meáchain. Ní fhéadfar cineálacha fíonchaoire arb ionann iad agus níos lú ná 15 % den mheáchan iomlán a chur in iúl ar an lipéad. |
c) |
go ceann de na seacht bhfolimistéar gheografacha den táirge a chumhdaítear leis an tsonraíocht táirge reatha le haghaidh fíona le DOC Valle d’Aosta, ach amháin más ó fhíonú fíonchaor a chomhlíonann an tsonraíocht thuasluaite a thagann na hamhábhair, i gcomhthéacs faisnéis bhreise don tomhaltóir. |
d) |
an modh driogtha, baisc-bhunaithe amháin, agus ar an gcineál stile. |
Maidir leis na grappa sin a bheadh incháilithe níos mó ná ceann amháin de na tagairtí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) thuas a bheith orthu, ní fhéadfaidh ach ceann amháin de na tagairtí sin a bheith ag gabháil leis an ainm.
Ní mór an tagairt d’ainm aon phlandaí aramatach nó codanna díobh, agus torthaí nó codanna díobh, bheith ag gabháil leis an ainm “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste”, a chuirfear leis i gcomhréir leis na modhanna táirgthe traidisiúnta a leagtar amach i roinn (d) den chomhad teicniúil seo.
Má dhéantar iad a aibiú ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí i mbairillí, i ndabhcha nó i gcoimeádáin adhmaid neamhvearnaiseáilte agus neamhbhrataithe i saoráidí aosaithe le haghaidh “Grappa della Valle d’Aosta”/ “Grappa de la Vallée d’Aoste” agus a ndéanann na húdaráis chánach faireachán orthu, féadfar na focail “vecchia” (sean) nó “invecchiata” (aoisithe) a úsáid agus é á chur i láthair agus á chur chun cinn. Féadfar na focail “riserva” (cúltaca) nó “stravecchia” (breis-aosaithe) a úsáid le haghaidh “Grappa della Valle d’Aosta” / “Grappa de la Vallée d’Aoste” atá aosaithe ar feadh 18 mí ar a laghad. Féadfar an tréimhse aibithe a lua i mblianta agus i míonna nó i míonna amháin.
Gan dochar do na forálacha thuas maidir le haosú, chun faisnéis chruinn a chur ar fáil do thomhaltóirí, is féidir an cineál soithigh adhmaid a úsáidtear a shonrú freisin (e.g. barrique, tonneau, caratello, etc.), lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as na haidiachtaí faoi seach, má bhí an grappa stóráilte sa chineál sin coimeádáin ar feadh leath an ama aosaithe íosta is gá don aicme amháin (“invecchiata”, “riserva”).