ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 426

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
9 Samhain 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 426/01

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Creat Sealadach Géarchéime le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin

1

2022/C 426/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10950 – OTPP / MAHINDRA / MSPL) ( 1 )

35


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 426/03

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2186, agus i Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle

36

2022/C 426/04

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

38

2022/C 426/05

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2178, agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2177 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

39

2022/C 426/06

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí sin a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

40

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 426/07

Rátaí malairte an euro — 8 Samhain 2022

41

 

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

2022/C 426/08

Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht chun forálacha maidir le sreafaí sonraí trasteorann a áireamh sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECShttps://edps.europa.eu)

42

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 426/09

Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

44

2022/C 426/10

Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

46

2022/C 426/11

Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

48


 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin: — 2,00 % an 1 Samhain 2022 — Rátaí malairte an euro ( IO C 421, 4.11.2022 )

50


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/1


TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN

Creat Sealadach Géarchéime le haghaidh bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin

(2022/C 426/01)

1.   IONSAÍ NA RÚISE AR AN ÚCRÁIN, A THIONCHAR AR GHEILLEAGAR AN AONTAIS AGUS AN GÁ ATÁ LE BEARTA SEALADACHA STÁTCHABHRACH

(1)

An 22 Feabhra 2022, thug an Rúis aitheantas neamhdhleathach mar eintitis neamhspleácha do na limistéir nach bhfuil faoi rialú rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk san Úcráin. An 24 Feabhra 2022, thug an Rúis fogha míleata gan chúis gan údar faoin Úcráin. Thug an tAontas Eorpach (AE) agus na comhpháirtithe idirnáisiúnta freagairt láithreach ar an sárú tromchúiseach ar iomláine chríochach, ar cheannasacht agus ar neamhspleáchas na hÚcráine trí bhearta sriantacha (smachtbhannaí) a fhorchur. Forchuireadh smachtbhannaí ar an mBealarúis freisin, de dheasca a róil maidir le hionsaí míleata na Rúise a éascú. Glacadh bearta breise le linn na seachtainí ina dhiaidh sin agus d’fhéadfaí bearta eile a ghlacadh de réir mar a thiocfaidh athrú ar chúrsaí. Chinn an Rúis frithbhearta sriantacha eacnamaíocha áirithe (1) dá cuid féin a dhéanamh.

(2)

Beidh iarmhairtí eacnamaíocha ar iomlán an mhargaidh inmheánaigh ag fogha míleata na Rúise faoin Úcráin, ag na smachtbhannaí arna bhforchur agus ag na frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla. Is iomaí bealach, idir dhíreach agus neamhdhíreach, a d’fhéadfadh gnóthais san Aontais a bheith buailte. Féadfaidh tionchar a bheith orthu i bhfoirm éilimh laghdaithe, bristeacha i gconarthaí agus i dtionscadail atá ann cheana, leis an láimhdeachas a chaillfear dá dheasca sin, agus suaitheadh sna slabhraí soláthair, go háirithe maidir le hamhábhair agus réamhtháirgí, nó ionchuir eile gan bheith ar fáil a thuilleadh nó gan bheith inacmhainne go heacnamaíoch.

(3)

De dheasca fogha míleata na Rúise faoin Úcráin, tharla suaitheadh i slabhraí soláthair an Aontais i leith allmhairí táirgí áirithe ón Úcráin, go háirithe gránaigh agus olaí plandúla, agus i leith onnmhairí ón Aontas chuig an Úcráin. Bhí tionchar suntasach ar an margadh fuinnimh agus méaduithe ar phraghsanna leictreachais agus gáis san Aontas. An dóchúlacht go dtabharfadh an Rúis fogha míleata faoin Úcráin, bhí tionchar aige sin ar an margadh fuinnimh cheana féin sna seachtainí roimh an ionsaí fisiciúil. Bíonn tionchar ag praghsanna arda fuinnimh ar roinnt earnálacha eacnamaíocha, lena n-áirítear roinnt de na hearnálacha a bhí buailte go dona ag paindéim COVID-19, amhail an earnáil iompair agus an earnáil turasóireachta. Tá an tionchar le sonrú ar na margaidh airgeadais freisin, go háirithe i ndáil le hábhair imní a bhaineann leis an leachtacht agus luaineacht an mhargaidh i dtrádáil tráchtearraí. Mar gheall ar an bhfogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin, tá easáitiú mór saoránach Úcránach ann go hinmheánach agus i dtíortha comharsanachta, agus tá sruth dídeanaithe isteach chuig an Aontas nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo ag teacht chuig an Aontas, rud a bhfuil iarmhairtí móra daonnúla agus eacnamaíocha ag baint leis.

(4)

An ghéarchéim gheopholaitiúil a d’eascair as an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin, tá tionchar thar a bheith tromchúiseach ag an ngéarchéim sin ar na hearnálacha talmhaíochta, próiseála bia, iascaigh agus dobharshaothraithe freisin. Bíonn praghsanna arda leasacháin mar thoradh ar phraghsanna arda fuinnimh. Na srianta sin ar allmhairí leasacháin ón Rúis agus ón mBealarúis, tá tionchar acu ar an soláthar leasacháin freisin. Is dócha go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an ngéarchéim maidir le soláthar grán (go háirithe arbhar Indiach agus cruithneacht) agus olashíolta (lus na gréine, síol ráibe) nó díorthach stáirse ón Úcráin agus ón Rúis don Aontas, rud a spreagfaidh ardú mór ar phraghsanna beatha beostoic. Is in earnáil na feirmeoireachta stoic is mó a airítear tionchar chomhcheangailte na méaduithe costas sin ar fhuinneamh, leasachán, gráin agus olaí (2). Is tábhachtach an táirgeoir agus an t-onnmhaireoir olaí plandúla í an Úcráin freisin (lus na gréine go háirithe), agus dá bhrí sin, tá méadú ar phraghsanna na dtáirgí sin ag déanamh difear d’oibreoirí san earnáil próiseála bia agus ag cur iallach orthu roghanna eile a lorg.

(5)

Is ábhar imní eile é nach bhféadfaí táirgí an Aontais a bheith ag sreabhadh chun na hÚcráine i gcónaí ná nach bhféadfaí iad a onnmhairiú chun na Rúise ná na Bealarúise ach an oiread mar gheall ar an gcogadh nó na smachtbhannaí. Dhéanfadh an méid sin difear go príomha do na hearnálacha fíona agus biotáille, bianna próiseáilte (lena n-áirítear torthaí agus glasraí próiseáilte), seacláide, milseogra, bainne foirmle do naíonáin, agus bia do pheataí i gcás na Rúise agus torthaí agus glasraí i gcás na Bealarúise, agus d’fhormhór na dtáirgí talmhaíochta i gcás na hÚcráine.

(6)

Is measa an staid mar gheall ar an méadú géar ar chostais táirgeachta, méadú ar tháinig cuid de mar thoradh ar an méadú ar chostais leasacháin nítrigine de dheasca an mhéadaithe as cuimse ar phraghas an gháis nádúrtha, ach mar gheall ar úsáid dhíreach fuinnimh i bpróisis táirgeachta talmhaíochta chomh maith leis sin. Toisc gur táirgeoirí agus onnmhaireoirí tábhachtacha iad an Rúis agus an Bhealarúis maidir leis na trí phríomhchineál leasacháin (nítrigin, fosfar agus potaisiam), beidh na praghsanna leasachán níos airde fós de dheasca smachtbhannaí.

(7)

I bhfianaise an mhéid sin, chinn an Coimisiún an Teachtaireacht seo a ghlacadh chun na critéir a shonrú maidir leis an measúnú ar chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach na bearta státchabhrach a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh chun ceartú a dhéanamh ar na héifeachtaí eacnamaíocha a d’eascair as an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin, agus as na smachtbhannaí a ghlac an tAontas agus na comhpháirtithe idirnáisiúnta ina dhiaidh sin agus na frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla (3). Tá freagairt chomhordaithe eacnamaíoch ó na Ballstáit agus ó institiúidí an Aontais ríthábhachtach chun na hiarmhairtí diúltacha sóisialta agus eacnamaíocha láithreacha san Aontas a mhaolú, chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus poist a chaomhnú agus chun na coigeartuithe struchtúracha is gá a dhéanamh mar fhreagairt ar an staid eacnamaíoch nua atá ann mar thoradh ar an bhfogha míleata a thug an Rúis faoin Úcráin a éascú.

1.1.   Smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas agus na comhpháirtithe idirnáisiúnta

(8)

Tar éis an fhogha gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin, tháinig Comhairle an Aontais Eorpaigh ar chomhaontú maidir le roinnt pacáistí beart sriantach.

(9)

An 23 Feabhra 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le pacáiste ina raibh na nithe seo a leanas: (i) smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne an 351 chomhalta de Dhúma Stáit na Rúise agus 27 nduine aonair eile, (ii) srianta ar chaidreamh eacnamaíoch le limistéir réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú rialtais, agus (iii) srianta ar rochtain na Rúise ar mhargaí agus seirbhísí caipitil agus airgeadais an Aontais (4).

(10)

An 25 Feabhra 2022, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le smachtbhannaí eile i gcoinne na Rúise atá dírithe ar na nithe seo a leanas: (i) an earnáil airgeadais, (ii) na hearnálacha fuinnimh, spáis agus iompair (eitlíocht), (iii) earraí dé-úsáide, (iv) rialú onnmhairiúcháin agus maoiniú onnmhairiúcháin, (v) beartas víosaí, agus (vi) smachtbhannaí breise i gcoinne Rúisigh aonair agus i gcoinne daoine aonair eile (lena n-áirítear Bealarúisigh) (5).

(11)

An 28 Feabhra 2022 chinn an Chomhairle aerspás na hEorpa a chosc ar aerárthaigh na Rúise, agus ghlac sí bearta coisctheacha chun a áirithiú nach mbeidh Banc Ceannais na Rúise in ann a chúlchistí idirnáisiúnta a úsáid ar bhealaí a bhainfeadh an bonn de thionchar na mbeart a rinneadh (6). Ghlac an Chomhairle smachtbhannaí breise i gcoinne daoine Rúiseacha freisin (7).

(12)

An 1 Márta 2022, ghlac an Chomhairle na bearta breise seo a leanas: (i) baineadh bainc áirithe Rúiseacha ón gcóras teachtaireachtaí SWIFT (8), (ii) bearta i gcoinne na bréagaisnéise arna scaipeadh ag na cuideachtaí meán cumarsáide Russia Today agus Sputnik atá faoi úinéireacht Stáit na Rúise (9).

(13)

An 2 Márta 2022 de dheasca ról na Bealarúise maidir leis an ionsaí míleata a éascú, chinn an Chomhairle smachtbhannaí breise a thabhairt isteach ina coinne, smachtbhannaí a bhaineann leis an trádáil in earraí a úsáidtear chun táirgí tobac, táirgí mianraí, táirgí clóiríde potaisiam (“potais”), táirgí adhmaid, táirgí stroighne, táirgí iarainn agus cruach agus táirgí rubair a tháirgeadh nó a mhonarú. Thoirmeasc sí freisin onnmhairiú earraí agus teicneolaíocht dé-úsáide go dtí an Bhealarúis nó lena n-úsáid sa Bhealarúis, onnmhairí earraí agus teicneolaíocht a d’fhéadfadh cuidiú le forbairt mhíleata, theicneolaíoch, cosanta agus slándála na Bealarúise, agus onnmhairí innealra, agus cuireadh srianta ar sholáthar seirbhísí gaolmhara (10). Ghlac an Chomhairle bearta aonair i gcoinne 22 duine aonair ón mBealarúis freisin (11).

(14)

An 9 Márta 2022, ghlac an Chomhairle bearta breise lena ndírítear ar earnáil airgeadais na Bealarúise, lena n-áirítear toirmeasc i dtaca le SWIFT ar thrí bhanc de chuid na Bealarúise, toirmeasc ar idirbhearta le Banc Ceannais na Bealarúise, teorainneacha ar insreabha airgeadais ón mBealarúis chuig an Aontas agus toirmeasc ar nótaí bainc atá ainmnithe in euro a sholáthar don Bhealarúis (12). Thug an Chomhairle bearta sriantacha breise isteach freisin maidir le hearraí loingseoireachta muirí agus teicneolaíocht cumarsáide raidió a onnmhairiú chun na Rúise. Ina theannta sin, d’fhorchuir an Chomhairle bearta sriantacha ar 160 duine breise (13). An 15 Márta 2022 (14), tháinig an Chomhairle ar chomhaontú maidir le bearta breise earnálacha agus aonair i gcoinne na Rúise. Chinn an Chomhairle an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe: (i) na hidirbhearta uile le fiontair áirithe atá faoi úinéireacht an stáit a thoirmeasc, (ii) soláthar aon seirbhíse rátála creidmheasa, mar aon le rochtain ar aon seirbhís síntiúis i ndáil le gníomhaíochtaí rátála creidmheasa, d’aon duine nó eintiteas Rúiseach a thoirmeasc, (iii) cur le liosta na ndaoine a bhfuil baint acu le bonn cosanta agus tionsclaíoch na Rúise, ar a bhforchuirtear srianta onnmhairiúcháin níos déine maidir le hearraí agus teicneolaíocht dé-úsáide a d’fhéadfadh cur le feabhsú teicneolaíoch na Rúise ar a hearnáil cosanta agus slándála, (iv) infheistíochtaí nua in earnáil fuinnimh na Rúise a thoirmeasc, agus srian cuimsitheach a thabhairt isteach ar onnmhairiú trealaimh, teicneolaíochta agus seirbhísí don tionscal fuinnimh, agus (v) tuilleadh srianta trádála a thabhairt isteach maidir le hiarann agus cruach, chomh maith le só-earraí (15). Ina theannta sin, chinn an Chomhairle smachtbhanna a chur ar olagarcaí, brústocairí agus bolscairí tábhachtacha de chuid na Rúise, agus ar phríomhchuideachtaí sna hearnálacha eitlíochta, míleata, dé-úsáide, longthógála agus tógála innealra (16).

(15)

An 3 Meitheamh 2022, ghlac an Comhairle an séú pacáiste smachtbhannaí (17), i bhfianaise an chogaidh fhoghaigh leanúnaigh atá an Rúis a chur ar an Úcráin, thacaíocht na Bealarúise dó, agus na n-ainghníomhartha a thuairiscítear a bheith déanta ag fórsaí armtha na Rúise. Áirítear ar an bpacáiste an méid seo a leanas: 1) toirmeasc ar allmhairí amhola agus táirgí peitriliam scagtha ón Rúis, agus eisceachtaí teoranta ann; 2) toirmeasc SWIFT ar thrí bhanc eile de chuid na Rúise agus ar bhanc amháin de chuid na Bealarúise; agus 3) cur ar fionraí craoladh san Aontas ag trí eagraíocht eile atá faoi úinéireacht Stáit na Rúise. Ghlac an tAontas smachtbhannaí ar 65 dhuine aonair agus 18 n-eintiteas bhreise freisin. Áirítear orthu daoine aonair atá freagrach as na hainghníomhartha a rinneadh in Bucha agus in Mariupol.

(16)

An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle an seachtú pacáiste, dá ngairtear freisin “pacáiste cothabhála agus ailínithe” (18) ina bhfuil na bearta breise seo a leanas: 1) toirmeasc ar allmhairiú óir, 2) ceanglais tuairiscithe neartaithe do dhaoine aonair ar forchuireadh smachtbhannaí orthu; 3) toirmisc spriocdhírithe ar onnmhairiú; 4) toirmeasc ar rochtain ar chalafoirt; 5) smachtbhannaí airgeadais; 6) slándáil bia agus fuinnimh; 7) díolúintí chun críoch míochaine agus cógaisíochta. Chuir an Aontas 54 dhuine aonair agus 10 n-eintiteas leis an liosta de na sócmhainní atá le reo.

(17)

An 5 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle an t-ochtú pacáiste ina bhfuil na bearta breise seo a leanas (19): 1) daoine agus eintitis breise a liostú ar liosta na smachtbhannaí; 2) srianta a leathnú chun oblast Kherson agus oblast Zaporizhzhia a chumhdach; 3) srianta nua a chur ar allmhairí agus ar onnmhairí; 4) caidhp phraghais G7 ar ola a chur chun feidhme; 5) srianta a chur ar fhiontair atá faoi úinéireacht an stáit; 6) srianta a chur ar sheirbhísí airgeadais, seirbhísí comhairleoireachta TF agus seirbhísí gnó eile; agus 7) seachaint smachtbhannaí a dhíspreagadh.

(18)

I ndlúthchomhar leis an Aontas, d’fhorchuir comhpháirtithe idirnáisiúnta smachtbhannaí freisin, go háirithe na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe, Ceanada, an Iorua, an tSeapáin, An Chóiré Theas, an Eilvéis agus an Astráil.

1.2.   Gnóthais agus teaghlaigh a ndéanann praghsanna arda gáis agus leictreachais nó suaitheadh sa soláthar fuinnimh difear dóibh

(19)

De dheasca na géarchéime atá ann faoi láthair tá méadú tagtha ar phraghsanna an gháis agus an leictreachais nach bhfacthas riamh roimhe seo, d’ainneoin go raibh na praghsanna sin ar leibhéil ard cheana féin sa tréimhse roimh an ionsaí. Trí na sreafaí gáis a chur chun úsáide d’aon ghnó chun feidhme cogaidh, tá an Rúis tar éis luaineacht agus neamhchinnteacht shuntasach a chruthú i margaí fuinnimh an Aontais agus an domhain. Tá go leor bearta déanta ag an Aontas agus ag a mBallstáit chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda agus chun soláthairtí fuinnimh a áirithiú. Sa chomhthéacs sin, tagraíonn an Coimisiún don bhosca uirlisí a chur sé i láthair cheana i mí Dheireadh Fómhair 2021 (20) (“Teachtaireacht mhí Dheireadh Fómhair”), Teachtaireacht REPowerEU an 8 Márta 2022 (“an Teachtaireacht REPowerEU”) (21) , (22), Plean REPowerEU (23) an 18 Bealtaine 2022, an Rialachán maidir le Stóráil Gáis (24), Teachtaireacht “Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte” (25) an 20 Iúil 2022, Rialacháin (AE) 2022/1369 maidir le bearta comhordaithe chun an t-éileamh ar ghás a laghdú (26) agus Rialachán (AE) 2022/1854 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (27). An 18 Deireadh Fómhair 2022 ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht maidir leis an Éigeandáil Fuinnimh (28) chun ullmhú, ceannach, agus an tAontas Eorpach a chosaint in éineacht. I gcomhar leis an Teachtaireacht sin, mhol an Coimisiún rialachán éigeandála nua (29) chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna gáis arda san Aontas agus slándáil an tsoláthair a áirithiú don gheimhreadh atá ag teacht. Déanfar sin trí cheannach comhpháirteach gáis, trí shásraí teorannaithe praghsanna ar mhalartán gáis an chiste iontaobhais théamaigh, trí bhearta nua maidir le húsáid thrédhearcach bonneagair agus maidir le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus trí iarrachtaí leanúnacha an t-éileamh ar ghás a laghdú.

(20)

Tá drochthionchar ag praghsanna fuinnimh an-ard ar an ngeilleagar agus ar chumhacht cheannaigh shaoránaigh an Aontais, go háirithe na saoránaigh is leochailí. Mheas an Banc Ceannais Eorpach go dtiocfaidh laghdú 0,1 % ar an bhfíor-OTI sa ráithe dheireanach de 2022 agus go bhfanfaidh sé gan athrú sa chéad ráithe de 2023, go príomha mar gheall ar thionchar an tsuaite sa soláthar fuinnimh, ar mhéadú sa bhoilsciú agus ar an laghdú muiníne a eascraíonn as sin (30). Is dócha go méadóidh praghsanna arda fuinnimh an bhochtaineacht agus go ndéanfaidh siad difear d’iomaíochas gnó. Tá costais mhonaraíochta níos airde roimh thionscail dianfhuinnimh go háirithe. I gcásanna áirithe, tá gnóthais ann a bhféadfadh a ngníomhaíocht leantach san Aontas a bheith i mbaol de dheasca na méaduithe praghsanna sin, gnóthais a bheadh brabúsach murach sin, agus is dócha go mbeadh tionchar aige sin ar an bhfostaíocht.

(21)

Léiríodh go bhfuil an bosca uirlisí a chuir an Coimisiún i láthair i mí Dheireadh Fómhair 2021 úsáideach, agus tá sé curtha i bhfeidhm go forleathan ag go leor Ballstát a bhfuil go leor beart glactha acu ag an leibhéal náisiúnta. Cuireadh leis an mbosca uirlisí in earrach 2022 leis an Teachtaireacht maidir le hidirghabhálacha gearrthéarmacha sa mhargadh fuinnimh agus feabhsuithe fadtéarmacha ar dhearadh an mhargaidh leictreachas (31).

(22)

Leis an Teachtaireacht REPowerEU rinneadh achoimre ar na bearta chun freagairt ar an ardú ar phraghsanna fuinnimh agus chun na stoic gháis a athshlánú le haghaidh an gheimhridh agus leis an bPlean REPowerEU (32) leagtar amach gníomhaíochtaí chun dlús a chur le leathadh amach an fhuinnimh in-athnuaite, an chaomhnaithe fuinnimh agus na héifeachtúlachta fuinnimh, agus chun na soláthairtí fuinnimh a éagsúlú. Má chuirtear dlús leis an aistriú chuig an ngeilleagar glas, laghdófar astaíochtaí, laghdófar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe agus tabharfar cosaint ar arduithe ar phraghsanna. Leis an Rialachán maidir le Stóráil Gáis (33) leagadh síos oibleagáidí nua maidir le méideanna íosta gáis a stóráil chun an soláthar a áirithiú le haghaidh an gheimhridh atá romhainn amach, oibleagáidí lena gceanglaítear ar na Ballstáit saoráidí stórála gáis a líonadh go dtí 80 % faoin 1 Samhain 2022 agus go dtí 90 % faoin dáta céanna sna blianta ina dhiaidh sin.

(23)

De réir mar a tháinig méadú ar na rioscaí maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh agus le suaitheadh de dheasca na géarchéime, thosaigh an tAontas ag ullmhú i gcomhair laghdú fadtréimhseach nó briseadh féideartha iomlán ar an soláthar gáis ón Rúis. Le Plean AE maidir le Laghdú Éilimh (34), leagtar amach bearta, prionsabail agus critéir maidir le laghdú comhordaithe ar an éileamh agus tá Rialachán (AE) 2022/1369 maidir le bearta comhordaithe chun an t-éileamh ar ghás a laghdú (35) ag gabháil leis, Rialachán lena leagtar síos laghdú 15 % ar an éileamh ar ghás i ngach Ballstát mar sprioc dheonach agus lena dtugtar isteach próiseas chun sprioc cheangailteach a thionscain maidir leis an éileamh a laghdú má bhíonn gá leis sin.

(24)

An 6 Deireadh Fómhair 2022 ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/1854 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh chun billí fuinnimh a laghdú le haghaidh saoránaigh agus gnólachtaí Eorpacha. I measc nithe eile, tá bearta i Rialachán (AE) 2022/1854 chun an t-éileamh ar leictreachas a laghdú, rud a chuideoidh le costais an leictreachas a ísliú le haghaidh tomhaltóirí, agus chun barrachas ioncaim na hearnála fuinnimh a athdháileadh ar na custaiméirí deiridh.

1.3.   An gá atá ann le dlúthchomhordú Eorpach i leith bearta náisiúnta cabhrach

(25)

Nuair a chuirtear rialú na státchabhrach san Aontas i bhfeidhm go spriocdhírithe agus go comhréireach, áirithítear go mbeidh na bearta tacaíochta náisiúnta ag cuidiú go héifeachtach leis na gnóthais agus na hoibrithe atá buailte ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair. Le rialú na státchabhrach san Aontas áirithítear freisin nach n-ilroinnfear margadh inmheánach an Aontais agus go mbeidh cothroime iomaíochta ann amach anseo. Tá sé tábhachtach go gcoinneofaí an margadh inmheánach slán chun an brú seachtrach a sheasamh agus chun rásaí fóirdheontas a sheachaint, i gcás inar bhféidir le Ballstáit le pócaí teanna níos mó a chaitheamh ná na comharsan, rud a dhéanfadh dochar don chomhtháthú laistigh den Aontas.

1.4.   Bearta státchabhrach iomchuí

(26)

Mar chuid d’iarracht fhoriomlán na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a d’eascair ón staid gheopholaitiúil, leagtar amach sa Teachtaireacht seo na deiseanna atá ag na Ballstáit faoi rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair chun an leachtacht a áirithiú mar aon le rochtain na ngnóthas ar mhaoiniú, go háirithe i gcás na FBManna atá ag dul i ngleic le dúshláin eacnamaíocha le linn na géarchéime atá ann faoi láthair, agus chun laghdú ar ídiú fuinnimh a dhreasú.

(27)

Faoi mar a leagadh amach i dTeachtaireacht mhí Dheireadh Fómhair, ní hionann bearta a théann chun tairbhe tomhaltóirí neamhthráchtála fuinnimh agus státchabhair, ar choinníoll nach dtéann siad chun tairbhe earnála faoi leith ná gnóthais faoi leith go hindíreach. Is féidir leis na Ballstáit, mar shampla, íocaíochtaí sóisialta sonracha a thabhairt dóibh siúd is mó atá i mbaol, rud a d’fhéadfadh cuidiú leo a mbillí fuinnimh a íoc sa ghearrthéarma, nó is féidir leo tacaíocht a thabhairt le haghaidh feabhsuithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, agus iad ag áirithiú go bhfeidhmeoidh an margadh go héifeachtach.

(28)

Ní hionann bearta a théann chun tairbhe tomhaltóirí tráchtála fuinnimh agus státchabhair, ar choinníoll gur de chineál ginearálta iad na bearta sin. Mar shampla, féadann na bearta neamhroghnacha sin a bheith i bhfoirm laghduithe ginearálta ar chánacha nó ar thobhaigh, ráta laghdaithe ar sholáthar gáis nádúrtha, leictreachais nó téimh ceantair nó costas laghdaithe líonra. A mhéid a cháilítear idirghabhálacha náisiúnta mar chabhair, féadtar a mheas go bhfuil siad comhoiriúnach le rialacha maidir le státchabhair má chomhlíonann siad ceanglais áirithe. Mar shampla, cabhair i bhfoirm laghduithe ar chánacha comhchuibhithe comhshaoil lena n-urramaítear na híosleibhéil chánachais agus na rialacha a leagtar amach sa Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh (36) agus atá i gcomhréir le forálacha Rialacháin Blocdhíolúine, féadfar í a chur chun feidhme sna Ballstáit gan réamhfhógra a thabhairt don Choimisiún ina leith.

(29)

Ag féachaint do ranna 2.1 agus 2.4 den Teachtaireacht seo, féadfar cabhair a dheonú go díreach don tairbhí deiridh nó í a sheoladh trí sholáthróir fuinnimh. Má sheoltar cabhair trí sholáthróir fuinnimh, ní mór don Bhallstát a léiriú go n-oibríonn sé sásra lena gcaomhnaítear an iomaíocht idir soláthróirí agus lena n-áirithítear go gcuirtear an chabhair ar aghaidh chuig an tairbhí deiridh.

(30)

Measann an Coimisiún go bhféadfadh uirlisí atá éagsúil leis na huirlisí a chumhdaítear le 2.1, 2.2 agus 2.3 den Teachtaireacht seo a bheith ag teastáil i gcás riachtanais airgeadais áirithe. D’fhéadfadh sé gurb amhlaidh a bheadh go háirithe má bhíonn an ghéarchéim atá ann faoi láthair ina cúis ní hamháin le riachtanais leachtachta ach le caillteanais nach beag a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chumas an tairbhí a fhiachas a sheirbhísiú agus a d’fhéadfadh riachtanais sócmhainneachta a léiriú. I gcásanna ina ndeonaítear méideanna móra cabhrach do thairbhithe aonair agus i gcás gur cosúil go mbaineann dúshlán le cumas na dtairbhithe sin a bhfiachas a sheirbhísiú, ar bhonn a gcumais tuillimh roimhe seo, féadfaidh na Ballstáit smaoineamh ar fhaisnéis a iarraidh ar na tairbhithe maidir lena gcumas tuillimh réamh-mheasta amach anseo chun leanúint den fhiachas a sheirbhísiú, d’fhonn measúnú a dhéanamh an bhféadfaidh úsáid uirlisí éagsúla, amhail tacaíocht sócmhainneachta, a bheith níos leormhaithe chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais airgeadais, nó an bhféadfaidh sí éirí níos leormhaithe.

(31)

I gcásanna sonracha (37), féadfaidh na Ballstáit a mheas go dteastaíonn tacaíocht sócmhainneachta ó ghnóthais a ndéanann an ghéarchéim atá ann faoi láthair an-difear dóibh, tacaíocht sócmhainneachta nach féidir a sholáthair go leordhóthanach trí fhoinsí príobháideacha amháin. I gcás inar scorfadh gnóthais d’oibríochtaí, nó go laghdóidís a gcuid oibríochtaí, gan an tacaíocht sócmhainneacht sin agus i gcás ina gcuirfeadh scor d’oibríochtaí nó laghdú oibríochtaí margaí fuinnimh nó margaí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo don gheilleagar (nó do shlándáil agus athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh) i mbaol, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an tacaíocht sócmhainneachta sin comhoiriúnach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE.

(32)

Measann an Coimisiún go bhfuil na prionsabail ghinearálta seo a leanas ábhartha go háirithe sa mheasúnú de réir an cháis a bhfuil gá leis:

a.

ní mór an chabhair a bheith riachtanach, iomchuí agus comhréireach (38) chun imeacht tobann na ngnóthas sin ón margadh a sheachaint agus in aon chás níor cheart di dul thar an íosmhéid is gá chun a n-inmharthanacht a áirithiú;

b.

cuideachta ar le grúpa gnó níos mó í nó atá á glacadh ar láimh aige, níl sí incháilithe do chabhair, seachas i gcás inar féidir a léiriú nach de thoradh ar leithdháileadh treallach costas laistigh den ghrúpa iad deacrachtaí na cuideachta, agus go bhfuil na deacrachtaí ró-thromchúiseach chun go ndéileálfadh an grúpa féin leo. Sna cásanna sin, de ghnáth éileofar ranníocaíocht shubstaintiúil ón ngrúpa le costais na mbeart sócmhainneachta;

c.

ní mór státchabhair a dheonú ar théarmaí lena dtugtar cúiteamh réasúnta don Stát amhail sciar iomchuí de ghnóthachain amach anseo i luach an tairbhí, i bhfianaise an mhéid cothromais Stáit a chuirtear isteach i gcomparáid le cothromas na cuideachta atá fágtha tar éis na caillteanais a chur san áireamh, lena n-áirítear caillteanais intuartha murach an beart cabhrach;

d.

i gcás ina nglacann an chabhair foirm fofhiachais nó ionstraimí caipitil hibrideacha eile, ní mór do chúiteamh foriomlán na n-ionstraimí sin saintréithe na hionstraime arna roghnú a chur san áireamh go leormhaith, lena n-áirítear a leibhéal fo-ordaithe agus gach módúlacht íocaíochta;

e.

beidh gá le bearta iomaíochta iomchuí i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i dTreoirlínte maidir le Teacht i gCabhair agus Athstruchtúrú 2014 (39). Ar bhonn sainiúlachtaí gach cáis a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar an timpeallacht iomaíochta ábhartha, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le dífheistiú sócmhainní mar bheart cúiteach freisin. Thairis sin, beidh gá le bearta iompraíochta, lena n-áirítear gealltanais lena n-áirithítear toirmeasc éifeachtach ar íocaíochtaí bónais nó ar íocaíochtaí inathraithe eile, íocaíocht díbhinne, agus éadálacha;

f.

i gcás gach tairbhí, ní mór do na Ballstáit tabhairt faoi mheasúnú inmharthanachta fadtéarmaí agus, i gcás ina measann an Coimisiún gur iomchuí, laistigh de thréimhse shonraithe ní mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoi phlean athstruchtúrúcháin i gcomhréir leis na Treoirlínte maidir le Teacht i gCabhair agus Athstruchtúrú lena fhormheas.

(33)

Iarrtar ar na Ballstáit féachaint an bhféadfaí, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, ceanglais a leagan síos a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó le cinnteacht an tsoláthair chun cabhair a dheonú faoi roinn 2.4 den Teachtaireacht seo. D’fhéadfadh sé sin, mar shampla, a bheith sna foirmeacha seo a leanas (40):

a.

Ceangal a chur ar an tairbhí sciar áirithe den ídiú fuinnimh a shásamh le fuinneamh in-athnuaite, e.g. trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta nó trí infheistíochtaí díreacha i nginiúint fuinnimh ó fhuinneamh in-athnuaite;

b.

Infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh a éileamh, d’fhonn an t-ídiú fuinnimh a laghdú i gcoibhneas leis an aschur eacnamaíoch e.g. tríd an ídiú a laghdú i gcás próisis táirgthe, téimh nó iompair, go háirithe trí bhearta lena gcuirtear chun feidhme moltaí ó iniúchtaí fuinnimh arna ndéanamh de bhun Airteagal 8(2) nó (4) agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/27/AE;

c.

Infheistíochtaí a éileamh chun ídiú gáis nádúrtha a laghdú nó a éagsúlú, e.g. trí bhearta um leictriú a bhaineann úsáid as foinsí in-athnuaite fuinnimh nó trí réitigh chiorclacha amhail athúsáid dramhghás;

d.

Solúbthacht infheistíochtaí a éileamh, le gur fusa a bheidh sé próisis ghnó a chur in oiriúint do chomharthaí praghais ar mhargaí leictreachais.

(34)

Féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú freisin chun an díobháil a rinne tarluithe eisceachtúla a chúiteamh faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE. An státchabhair sin arb é is aidhm di an díobháil a tharlaíonn go díreach de dheasca na dtarluithe eisceachtúla atá ann faoi láthair maidir le hionsaí na Rúise ar an Úcráin a mhaolú, féadfaidh sí iarmhairtí díreacha áirithe a chumhdach freisin, iarmhairtí a bhaineann leis na smachtbhannaí eacnamaíocha a forchuireadh nó leis na frithbhearta a dhéanann difear diúltach don tairbhí i ndáil lena ghníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú nó i ndáil le cuid shonrach agus inscartha dá ghníomhaíocht eacnamaíoch a shaothrú.

(35)

Damáiste arna dhéanamh go díreach de dheasca laghduithe sainordaitheacha ar thomhaltas gáis nádúrtha nó leictreachais a bhféadfadh sé gur ghá do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm, féadfar é a mheas faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE, ar choinníoll nach ndéanfar róchúiteamh.

(36)

Ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi na bearta cabhrach sin agus measúnóidh an Coimisiún iad go díreach faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE. Féadfar an cabhair sin a dheonú do ghnóthais atá i gcruachás.

(37)

I gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1369 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (41), féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bhearta iomchuí chun dreasachtaí a chur ar fáil chun an t-éileamh ar ghás nádúrtha a laghdú go deonach. I gcás ina mbeartóidh na Ballstáit na dreasachtaí sin a thabhairt isteach i gcomhthéacs na géarchéime atá ann faoi láthair, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na bearta sin go díreach faoi Airteagal 107(3)(b) CFAE. Cé go mbeidh gá le measúnú de réir an cháis chuige sin, measann an Coimisiún go bhfuil na gnéithe seo a leanas ábhartha go háirithe:

a.

úsáid phróisis iomaíoch bunaithe ar chritéir thrédhearcacha chun conradh a dhéanamh maidir le méideanna le haghaidh laghdú deonach ar éileamh;

b.

an easpa srianta foirmiúla ar thrádáil nó sreabha trasteorann;

c.

teorannú na ndreasachtaí lena mbaineann go laghduithe ar éileamh amach anseo a théann thar na dreasachtaí sin a dtabharfadh an tairbhí fúthu gan beann ar an mbeart;

d.

laghdú láithreach ar an éileamh gáis comhiomlán deiridh sa Bhallstát lena mbaineann agus seachaint athraithe ar an éileamh ar ghás nádúrtha amháin.

(38)

Féadfaidh na Ballstáit breithniú a dhéanamh freisin ar bhearta chun líonadh saoráidí stórála gáis a dhreasú sa mhéid nach dtugann an margadh dreasachtaí sin a dhéanamh go leormhaith. I gcás ina mbeartóidh na Ballstáit dreasachtaí a dheonú maidir le saoráidí stórála gáis a líonadh i gcomhthéacs na géarchéime atá ann faoi láthair, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dreasachtaí sin go díreach faoi Airteagal 107(3)(b) CFAE (42). Cé go mbeidh gá le measúnú de réir an cháis chuige sin, measann an Coimisiún go bhfuil na gnéithe seo a leanas ábhartha go háirithe:

a.

úsáid phróisis iomaíoch bunaithe ar chritéir thrédhearcacha chun an chabhair a íoslaghdú;

b.

an easpa srianta ar thrádáil nó sreabha trasteorann;

c.

coimircí a bheith ann chun an róchúiteamh a sheachaint;

d.

comhlíonadh na n-oibleagáidí agus na gcoinníollacha maidir le saoráidí stórála gáis a líonadh agus an líonadh sin a dhreasú, oibleagáidí agus coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6a go hAirteagal 6d de Rialachán (AE) 2017/1938 (43), go háirithe na coinníollacha maidir le bearta tacaíochta a leagtar amach in Airteagal 6b, míreanna (2) agus (3).

(39)

Ar bhonn cás ar chás measfaidh an Coimisiún cabhair riachtanach, chomhréireach agus iomchuí fhéideartha, i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Save gas for a safe winter [Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte] (44) agus i gcomhréir leis na pleananna éigeandála náisiúnta um shlándáil an tsoláthair gáis, chun saoráidí a oiriúnú a rannchuideoidh le breosla carbóin eile níos truaillithe a chur in ionad gáis, go ceann tréimhse theoranta ama. Ba cheart an cion astaíochtaí is ísle is féidir a bheith ag aon bhreosla carbóin malartacha eile den chineál sin, agus ba cheart an chabhair a bheith faoi réir iarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus ní mór di éifeachtaí glasála fadtéarmacha i ndiaidh na géarchéime a sheachaint, i gcomhréir le cuspóirí aeráide an Aontais. Féadfar na bearta sin a dhíriú ar an ídiú gáis a laghdú ar bhonn réamhghabhálach nó ar fhreagairt do laghduithe sainordaitheacha ar an éileamh ar ghás nádúrtha, seachas má dhéantar cúiteamh ar bhealach eile (45).

(40)

I bhfianaise na ndúshlán atá ann maidir le hearraí a iompar go dtí an Úcráin agus uaithi, ar bhonn cás ar chás measfaidh an Coimisiún cabhair fhéideartha le haghaidh árachas nó athárachas maidir le hiompar earraí go dtí an Úcráin agus uaithi. I measc nithe eile, beidh ar na Ballstáit a léiriú nach bhfuil an t-árachas nó an t-athárachas ar fáil ar chor ar bith nó go bhfuil sé ar fáil ag rátaí atá i bhfad níos airde ná mar a bhí roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin.

(41)

Ní thagann iompar daoine easáitithe agus ábhair dhaonnúil, i bprionsabal, faoi rialacha an Aontais maidir le státchabhair, fad a bhíonn an Stát ag gníomhú dó i bhfeidhmiú cumhachtaí poiblí (seachas gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh) agus fad nach gceannaítear na seirbhísí iompair ar leibhéal atá os cionn phraghas an mhargaidh.

(42)

Cabhair a dheonaíonn na Ballstáit do ghnóthais faoin Teachtaireacht seo, cabhair a sheoltar trí institiúidí creidmheasa mar idirghabhálaithe airgeadais, rachaidh sí chun tairbhe na ngnóthas sin go díreach. Féadfaidh sí buntáiste neamhdhíreach a bhronnadh ar na hidirghabhálaithe airgeadais, áfach. Mar sin féin, faoi choimircí ranna 2.2 agus 2.3, níl de chuspóir ag na buntáistí neamhdhíreacha sin inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht na n-institiúidí creidmheasa a chaomhnú ná a athbhunú. Dá thoradh sin, ní cháileofaí an chabhair sin mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách faoi Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc) (46) ná faoi Rialachán (AE) 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán an tSásra Réitigh Aonair) (47), agus ní mheasúnófaí í faoi na rialacha maidir le státchabhair is infheidhme i leith na hearnála baincéireachta (48).

(43)

Cabhair a dheonódh Ballstáit d’institiúidí creidmheasa faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE chun díobháil a bhain dóibh go díreach mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair a chúiteamh agus nach ndeonófaí chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht institiúide ná eintitis a chaomhnú ná a athbhunú, ní cháileofaí an chabhair sin mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc ná faoi Rialachán an tSásra Réitigh Aonair, agus ní mheasúnófaí í faoi na rialacha maidir le státchabhair is infheidhme i ndáil leis an earnáil baincéireachta (49).

(44)

Dá dtarlódh sé de dheasca na géarchéime atá ann faoi láthair agus na smachtbhannaí a bhforchuirtear i ndáil leis an ionsaí sin, go mbeadh gá ag na hinstitiúidí airgeadais le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách (féach Airteagal 2(1)(28) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus Airteagal 3(1)(29) de Rialachán an tSásra Réitigh Aonair) i bhfoirm leachtachta, athchaipitlithe, nó birt maidir le sócmhainní bearnaithe, ní mór measúnú an gcomhlíonann an beart coinníollacha Airteagal 32(4)(d)(i), (ii) nó (iii) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc agus Airteagal 18(4)(d)(i), (ii) nó (iii) de Rialachán an tSásra Réitigh Aonair. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha sin, ní mheasfaí go mbeadh an institiúid creidmheasa a gheobhadh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin i mbéal cliseadh nó ar dóigh dó cliseadh.

(45)

A mhéid a thugann na bearta sin aghaidh ar fhadhbanna a bhaineann le hionsaí na Rúise ar an Úcráin agus na smachtbhannaí a forchuireadh i ndáil leis an ionsaí sin, mheasfaí go dtagann siad faoi phointe 45 de Theachtaireacht Baincéireachta 2013 (50), teachtaireacht ina leagtar amach eisceacht ar an gceanglas i ndáil le comhroinnt ualaigh maidir le scairshealbhóirí agus creidiúnaithe sóisearacha.

(46)

Cabhair a dheonaítear faoin Teachtaireacht seo, ní bheidh athshocrú gníomhaíochta táirgthe nó gníomhaíochta eile de chuid an tairbhí ó thír eile in LEE go críoch an Bhallstáit a dheonaíonn an chabhair ina choinníoll di. Dealraíonn sé go mbeadh an coinníoll sin díobhálach don mhargadh inmheánach. Tá an méid sin beag beann ar líon iarbhír na bpost a gcaillfí le linn don tairbhí a bheith ag cur faoi in LEE.

(47)

Ní dheonófar cabhair faoin Teachtaireacht seo do ghnóthais atá faoi smachtbhannaí arna nglacadh ag an Aontas, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh:

a.

daoine, eintitis nó comhlachtaí arna n-ainmniú go sonrach sna gníomhartha dlí lena bhforchuirtear na smachtbhannaí sin;

b.

gnóthais atá faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine, eintiteas nó comhlachtaí a bhfuil na smachtbhannaí arna nglacadh ag an Aontas dírithe orthu; nó

c.

gnóthais atá gníomhach i dtionscail a bhfuil smachtbhannaí arna nglacadh ag an Aontas dírithe orthu, a mhéid a bhainfeadh an chabhair an bonn de chuspóirí na smachtbhannaí lena mbaineann.

1.5.   Infheidhmeacht Airteagal 107(3)(b) CFAE

(48)

De bhun Airteagal 107(3)(b) CFAE féadfaidh an Coimisiún a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach le cabhair an mhargaidh inmheánaigh “suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas”. Sa chomhthéacs sin, rialaigh cúirteanna an Aontais nach mór don suaitheadh tionchar a bheith aige ar gheilleagar iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó ar chuid thábhachtach den gheilleagar sin, agus ní hamháin tionchar a bheith aige ar an ngeilleagar i gceann amháin dá chuid réigiún nó i gcodanna dá chríoch. Thairis sin, tá sé sin i gcomhréir leis an ngá atá le léirmhíniú beacht a dhéanamh ar aon fhoráil eisceachtúil amhail Airteagal 107(3)(b) CFAE (51). Chuir an Coimisiún an léirmhíniú sin i bhfeidhm go comhsheasmhach ina phróiseas cinnteoireachta (52).

(49)

Leis an ionsaí a rinne an Rúis ar an Úcráin, leis na smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas nó ag a chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus na frithbhearta arna ndéanamh, mar shampla ag an Rúis, measann an Coimisiún gur cruthaíodh éiginnteachtaí suntasacha eacnamaíocha, gur cuireadh isteach ar shreabha trádála agus ar shlabhraí soláthair agus gur tháinig méaduithe móra eisceachtúla ar phraghsanna, méaduithe nach raibh coinne leo, go háirithe ar phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais, ach ar phraghsanna ábhar ionchuir agus amhábhar agus earraí príomhúla eile freisin, lena n-áirítear san earnáil agraibhia. I dteannta a chéile, tá na héifeachtaí sin ina gcúis le suaitheadh tromchúiseach ar an ngeilleagar sna Ballstáit uile. Bíonn éifeachtaí díreacha nó indíreacha ag suaitheadh sa slabhra soláthair agus ag an méadú ar an éiginnteacht, agus bíonn tionchar acu ar go leor earnálacha. Ina theannta sin, bíonn tionchar ag ardú ar phraghsanna fuinnimh ar nach mór gach gníomhaíocht eacnamaíoch i ngach Ballstát. Dá réir sin, measann an Coimisiún go mbíonn tionchar ag suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch ar réimse leathan earnálacha eacnamaíocha i ngach Ballstát. Ar an mbonn sin, measann an Coimisiún gurb iomchuí na critéir a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar bhearta státchabhrach a fhéadfaidh na Ballstáit a ghlacadh chun an suaitheadh tromchúiseach sin a leigheas.

(50)

Tá bonn cirt faoi leith le státchabhair agus is féidir a dhearbhú go bhfuil sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar feadh tréimhse teoranta, más rud é go réitíonn sí an ganntanas leachtachta a bhfuil gnóthais ag dul i ngleic leis, gnóthais ar a bhfuil tionchar díreach nó indíreach ag suaitheadh tromchúiseach an gheilleagair arb é fogha míleata na Rúise faoin Úcráin is cúis leis, ag na smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas nó ag a chomhpháirtithe idirnáisiúnta; agus ag na frithbhearta eacnamaíocha arna ndéanamh, mar shampla ag an Rúis.

(51)

Sa Teachtaireacht seo leagann an Coimisiún amach na critéir don mheasúnú comhoiriúnachta a chuirfidh sé i bhfeidhm i bprionsabal maidir leis an gcabhair a dheonóidh na Ballstáit sa chomhthéacs sin faoi Airteagal 107(3)(b) CFAE. Dá bhrí sin, ní mór do na Ballstáit a thaispeáint, maidir leis na bearta státchabhrach a chuirtear in iúl don Choimisiún agus a thagann faoi raon feidhme na Teachtaireachta seo, go bhfuil na bearta sin riachtanach, iomchuí agus comhréireach chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar an Bhallstáit lena mbaineann a leigheas agus go bhfuil ceanglais uile na Teachtaireachta seo á gcomhlíonadh.

(52)

Bearta státchabhrach a dtugtar fógra ina leith agus a ndéantar measúnú orthu faoin Teachtaireacht seo, tá siad ceaptha chun tacú le gnóthais atá gníomhach san Aontas, gnóthais ar a bhfuil tionchar ag fogha míleata na Rúise agus/nó ag iarmhairtí na smachtbhannaí eacnamaíocha arna bhforchur agus na bhfrithbheart díoltach arna ndéanamh, mar shampla ag an Rúis. Ní fhéadfar aon úsáid a bhaint as na bearta cabhrach chun an bonn a bhaint de na héifeachtaí a bheartaítear le smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas nó ag a chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus ní mór dóibh a bheith i gcomhréir iomlán le rialacha frith-imchéimniúcháin na rialachán is infheidhme (53). Thar aon ní eile, maidir le daoine nádúrtha nó le heintitis atá faoi réir na smachtbhannaí, ní mór a sheachaint go mbainfidís tairbhe dhíreach nó indíreach as na bearta sin (54).

(53)

Féadfar bearta státchabhrach a thagann faoi raon feidhme na Teachtaireachta seo a charnadh lena chéile i gcomhréir leis na ceanglais i ranna sonracha na Teachtaireachta seo. Féadfar bearta státchabhrach a chumhdaítear leis an Teachtaireacht seo a charnadh le cabhair faoi Rialacháin de minimis (55) nó le cabhair faoi na Rialacháin Bhlocdhíolúine (56), ar choinníoll go ndéantar forálacha na Rialachán sin agus rialacha na Rialachán sin maidir le carnadh a urramú. Féadfar bearta státchabhrach a chumhdaítear leis an Teachtaireacht seo a charnadh le cabhair a dheonaítear faoin gCreat Sealadach maidir le COVID-19 (57), ar choinníoll go ndéantar na rialacha maidir le carnadh a bhaineann le gach ceann acu a urramú. Nuair a dheonaíonn Ballstáit iasachtaí nó ráthaíochtaí don tairbhí céanna faoin gCreat Sealadach maidir le COVID-19 agus faoin Teachtaireacht seo freisin agus nuair a ríomhtar méid foriomlán phríomhshuim na hiasachta ar bhonn riachtanais leachtachta fhéindearbhaithe an tairbhí, ní mór do na Ballstáit a áirithiú nach gcumhdófaí na riachtanais leachtachta sin le cabhair ach aon uair amháin. Ar an gcaoi chéanna, maidir le cabhair faoin Teachtaireacht seo, féadfar í a charnadh le cabhair faoi Airteagal 107(2)(b) CFAE ach ní fhéadfar róchúiteamh a dhéanamh ar an díobháil a bhain don tairbhí.

2.   BEARTA SEALADACHA STÁTCHABHRACH

2.1.   Méideanna teoranta cabhrach

(54)

Lasmuigh de na féidearthachtaí atá ann faoi láthair agus atá bunaithe ar Airteagal 107(3)(c) CFAE, féadfaidh réiteach iomchuí, riachtanach agus spriocdhírithe a bheith i gceist má thugtar méideanna teoranta cabhrach go sealadach do ghnóthais ar a bhfuil tionchar ag ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus/nó na smachtbhannaí a forchuireadh nó na frithbhearta díoltacha a rinneadh mar fhreagairt orthu.

(55)

Measfaidh an Coimisiún an státchabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas (leagtar amach na forálacha sonracha le haghaidh earnáil na talmhaíochta príomhúla, earnáil an iascaigh agus earnáil an dobharshaothraithe i bpointe 56):

a.

Nach sáróidh an chabhair fhoriomlán EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais ag tráth ar bith (58). Féadfar an chabhair a dheonú i bhfoirm deontais dhíreacha, buntáistí cánach agus íocaíochta nó foirmeacha eile amhail airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí (59), iasachtaí (60) agus cothromas ar choinníoll nach sáraíonn luach ainmniúil iomlán na mbeart sin an uasteorainn fhoriomlán EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais; is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, roimh aon asbhaint chánach nó táille eile;

b.

deonófar an chabhair ar bhonn scéim a bhfuil buiséad measta aici;

c.

deonófar an chabhair tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023 (61);

d.

deonófar an chabhair do ghnóthais a ndéanann an ghéarchéim difear dóibh;

e.

an chabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i bpróiseáil agus i margú táirgí talmhaíochta (62), deonaítear í ar choinníoll nach gcuirfear ar aghaidh go páirteach nó go hiomlán í chuig na táirgeoirí príomhúla agus nach socrófar í ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí arna gcur ar an margadh ag na gnóthais lena mbaineann nó arna gceannach ó na táirgeoirí príomhúla, mura rud é, sa chás deireanach sin, nár cuireadh na táirgí ar an margadh nó gur úsáideadh iad chun críoch neamhbhia amhail driogadh, meatánú nó múiríniú ag na gnóthais lena mbaineann.

(56)

De mhaolú ar phointe 55(a), beidh feidhm ag na coinníollacha sonracha seo a leanas maidir le cabhair a dheonaítear do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, d’earnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, sa bhreis ar choinníollacha phointe 55(b) go (d):

a.

ní sháróidh an chabhair fhoriomlán ag tráth ar bith EUR 250 000 in aghaidh an ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta agus EUR 300 000 in aghaidh an ghnóthais atá gníomhach in earnáil an iascaigh agus earnáil an dobharshaothraithe; (63) féadfar an chabhair a dheonú i bhfoirm deontais dhíreacha, buntáistí cánach agus íocaíochta nó foirmeacha eile amhail airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí (64), iasachtaí (65) agus cothromas ar choinníoll nach sáraíonn luach ainmniúil iomlán na mbeart sin an uasteorainn fhoriomlán ábhartha EUR 250 000 nó EUR 300 000 in aghaidh an ghnóthais; is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, roimh aon asbhaint chánach nó táille eile;

b.

cabhair do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh príomhúil táirgí talmhaíochta, níl an chabhair sin socraithe ar bhonn phraghas nó chainníocht na dtáirgí arna gcur ar an margadh;

c.

cabhair do ghnóthais atá gníomhach in earnálacha an iascaigh agus an dobharshaothraithe, ní bhainfidh an chabhair sin le haon cheann de na catagóirí cabhrach dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(a) go (k), de Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 (66).

(57)

I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach i roinnt earnálacha a bhfuil feidhm ag uasmhéideanna éagsúla maidir leo i gcomhréir le pointe 55(a) agus le pointe 56(a), ní mór don Bhallstát lena mbaineann a áirithiú, ar bhealaí iomchuí, amhail scaradh na gcuntas, go n-urramófar an uasteorainn ábhartha do gach ceann de na gníomhaíochtaí sin agus nach sárófar an t-uasmhéid foriomlán EUR 2 mhilliún in aghaidh an ghnóthais. I gcás ina bhfuil gnóthas gníomhach go heisiach sna hearnálacha a chumhdaítear le pointe 56(a), níor cheart an t-uasmhéid foriomlán EUR 300 000 a shárú in aghaidh an ghnóthais.

(58)

Maidir le bearta a dheonaítear faoin Teachtaireacht seo i bhfoirm airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí, iasachtaí nó ionstraimí inaisíoctha eile, féadfar iad a chomhshó i gcineálacha eile cabhrach amhail deontais, ar choinníoll go ndéanfar an comhshó faoin 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí agus go gcomhlíonfar na coinníollacha sa roinn seo.

2.2.   Tacaíocht leachtachta i bhfoirm ráthaíochtaí

(59)

Chun rochtain ar leachtacht a áirithiú do ghnóthais a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair orthu, is féidir le ráthaíochtaí poiblí maidir le hiasachtaí ar feadh tréimhse teoranta agus maidir le méid na hiasachta a bheith ina réiteach iomchuí riachtanach agus spriocdhírithe le linn na n-imthosca reatha (67).

(60)

Maidir leis an bpríomhshuim iasachta fholuiteach chéanna, ní fhéadfar ráthaíochtaí a dheonaítear faoin roinn seo a charnadh le cabhair a dheonaítear faoi roinn 2.3 den Teachtaireacht seo agus vice versa nó le cabhair a dheonaítear faoi ranna 3.2 nó 3.3 de Chreat Sealadach COVID-19. Féadfar ráthaíochtaí a dheonaítear faoin roinn seo a charnadh le haghaidh iasachtaí éagsúla ar choinníoll nach sáróidh méid foriomlán na hiasachta in aghaidh an tairbhí na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe 61(e) den Teachtaireacht seo. Féadfaidh tairbhí tairbhe a bhaint go comhthreomhar as bearta iomadúla faoin roinn seo ar choinníoll nach sáróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe 61(e).

(61)

Maidir leis an státchabhair sin atá i bhfoirm ráthaíochtaí poiblí, measfaidh an Coimisiún go bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE ar na coinníollacha seo a leanas:

a.

Cuirtear ráthaíochtaí poiblí ar fáil i gcás iasachtaí aonair nua a thugtar do ghnóthais;

b.

Socraítear préimheanna ráthaíochta in aghaidh iasachtaí aonair ar íosleibhéal, rud a mhéadóidh de réir a chéile fad na méaduithe ar an iasacht ráthaithe, mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas:

An cineál faighteora

Le haghaidh an 1ú bliain

Le haghaidh 2ú –3ú bliain

Le haghaidh 4ú -6ú bliain

FBManna

25bps

50bps

100bps

Fiontair mhóra

50bps

100bps

200bps

c.

Mar rogha malartach, féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt faoi scéimeanna, agus an tábla thuas á mheas acu mar bhonn, ach trína bhféadfaí fad ráthaíochta, préimheanna ráthaíochta agus cumhdach ráthaíochta a mhodhnú do gach príomhshuim iasachta fholuiteach ar leith (mar shampla, d’fhéadfadh cumhdach ráthaíochta níos ísle fritháireamh a dhéanamh ar thréimhse níos faide nó d'fhéadfadh sé préimheanna ráthaíochta níos ísle a cheadú); féadfar préimh chomhréidh a úsáid ar feadh ré iomlán na ráthaíochta, má tá sé níos mó ná na préimheanna íosta le haghaidh an 1ú bliain a leagtar amach sa tábla thuas maidir le gach cineál tairbhí, arna choigeartú i gcomhréir le fad tréimhse ráthaíochta agus cumhdach ráthaíochta faoin mír seo;

d.

Deonófar an ráthaíocht faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí;

e.

Ní sháróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí, dá ndeonófar ráthaíocht faoin roinn seo:

i.

15 % de mheánláimhdeachas bliantúil iomlán an tairbhí sna trí thréimhse chuntasaíochta dhúnta dheireanacha (68) ;

ii.

50 % de na costais fuinnimh thar an 12 mhí roimh an mí ina ndéantar an t-iarratas ar chabhair a chur isteach (69) ; nó

iii.

nuair a chuirfidh an Ballstát bonn cirt iomchuí ar fáil don Choimisiún lena mheasúnú (mar shampla i ndáil leis na dúshláin atá roimh an tairbhí le linn na géarchéime reatha) (70), féadfar méid na hiasachta a mhéadú:

chun na riachtanais leachtachta a chumhdach ón tráth a dheonófar iad le haghaidh an 12 mhí atá le teacht i gcás FBManna (71) agus le haghaidh an 6 mhí atá le teacht i gcás fiontair mhóra;

i gcás fiontair mhóra ar gá dóibh comhthaobhachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí trádála ar na margaí fuinnimh, chun riachtanais leachtachta arna ndíorthú ó na gníomhaíochtaí sin a chumhdach ón tráth a dheonófar iad le haghaidh an 12 mhí atá le teacht;

Ba cheart na riachtanais leachtachta a bhunú trí fhéindeimhniúchán an tairbhí (72);

Na riachtanais leachtachta a chumhdaítear cheana féin le bearta cabhrach faoin gCreat Sealadach maidir le COVID-19, ní fhéadfar iad a chumhdach le bearta a ghlactar faoin Teachtaireacht seo;

f.

Tá fad na ráthaíochta teoranta do thréimhse sé bliana ar a mhéad, mura ndéanfar modhnú uirthi de réir phointe 61(c), agus ní fhéadfaidh an ráthaíocht dul thar:

i.

90 % de phríomhshuim na hiasachta i gcás ina n-iompróidh an institiúid chreidmheasa agus an Stát caillteanais go comhréireach agus faoi na coinníollacha céanna; nó

ii.

35 % de phríomhshuim na hiasachta i gcás ina leagtar caillteanais i dtosach ar an Stát agus ina dhiaidh sin amháin ar na hinstitiúidí creidmheasa (i.e. ráthaíocht chéadchaillteanais); agus

iii.

sa dá chás thuas, nuair a thagann laghdú ar mhéid na hiasachta le himeacht ama, mar shampla toisc go bhfuil an iasacht á haisíoc, ní mór an méid faoi ráthaíocht a laghdú go comhréireach;

g.

Ar bhonn bonn cirt iomchuí a sholáthróidh an Ballstát agus de mhaolú ar phointí 61(a), 61(e), 61(f) agus 61(h), féadfar an ráthaíocht phoiblí a sholáthar mar chomhthaobhacht airgeadais neamhchistithe (73) do chontrapháirtithe lárnacha nó do chomhaltaí imréitigh chun riachtanais nua leachtachta a chumhdach a eascraíonn as an ngá comhthaobhachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí trádála imréitithe ar na margaí fuinnimh le haghaidh gnóthais fuinnimh. I gcásanna eisceachtúla féadfaidh an chumhdach le haghaidh na ráthaíochtaí neamhchistithe sin a bheith os cionn 90 %. I gcás na ráthaíochtaí neamhchistithe sin, ní mór don Bhallstát na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

i.

má sháraíonn cumhdach na ráthaíochta 90 %, an gá atá le cumhdach chomh ard sin a léiriú, bunaithe ar fhianaise láidir shonrach, sin agus gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh siad fíorú agus faireachán tráthrialta nach bhfuil na tairbhithe deiridh in ann na riachtanais leachtachta sin a chomhlíonadh trí fhoinsí eile maoiniúcháin inmheánaigh nó sheachtraigh, lena n-áirítear cabhair eile faoin Teachtaireacht seo;

ii.

údar a thabhairt le méid na ráthaíochtaí, méid nach bhféadfaidh a bheith níos mó, in aon chás, ná an méid chun riachtanais leachtachta an 12 mhí atá ag teacht a chumhdach, riachtanais a eascraíonn as an ngá comhthaobhachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí trádála imréitithe ar na margaí fuinnimh. Ní mór do na Ballstáit na riachtanais sin a athbhreithniú go tráthrialta;

iii.

údar a thabhairt leis an tréimhse a ndeonófar an ráthaíocht ina leith, tréimhse is gá a bheith teoranta don 31 Nollaig 2023 agus, in aon chás, tréimhse nach féidir a bheith níos faide ná an tréimhse ina meastar na ráthaíochtaí sin a bheith ina gcomhthaobhacht an-leachtach de réir Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála i ndáil leis na ceanglais ar chontrapháirtithe lárnacha (74), arna leasú;

iv.

a léiriú conas a dhéanfaidh na coinníollacha a bhaineann leis an ráthaíocht a shlógadh aghaidh leormhaith a thabhairt ar imní ó thaobh baol morálta maidir leis an tairbhí agus an t-idirghabhálaí airgeadais. Go háirithe, baineann sé sin leis an gcoinníoll maidir leis na méideanna ráthaithe a aisghabháil ón tairbhí deiridh, coinníoll faoi nach mór an leibhéal céanna tosaíochta, nó leibhéal níos airde, a bheith ag gabháil le héilimh an Bhallstáit ar shócmhainní an tairbhí dheiridh agus a ghabhann le fiachas sinsearach agus iasachtaí eile gan íoc an tairbhí dheiridh;

v.

na préimheanna a chuirfear i bhfeidhm le haghaidh na ráthaíochtaí sin a léiriú, préimheanna is gá a bheith ar a laghad cothrom leis na préimheanna ráthaíochta dá dtagraítear sa tábla i bpointe 61(b) plus 200 bps agus, mura ngearrann an contrapháirtí lárnach nó an comhalta imréitigh aon ráta úis ná táille as an seasamh comhthaobhachta neamhchistithe, ní mór an bonnráta a shainmhínítear i bpointe 64(b) a chur leis;

vi.

a áirithiú go gcomhlíonfar pointí 61(d) agus 61(i) chomh maith. Ní bhaineann an rogha faoi phointe 61(c) le hábhar agus ní bhainfidh an ráthaíocht ach le riachtanais leachtachta a shainítear i bpointe 61(g);

h.

Bainfidh an ráthaíocht le hiasachtaí infheistíochta agus/nó le hiasachtaí caipitil oibre;

i.

Féadfar ráthaíochtaí a sholáthar go díreach do thairbhithe deiridh nó d’institiúidí creidmheasa agus d’institiúidí airgeadais eile mar idirghabhálaithe airgeadais. Ba cheart do na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais eile, a mhéid is féidir, buntáistí na ráthaíochtaí poiblí a chur ar aghaidh chuig na tairbhithe deiridh. Ní mór don idirghabhálaí airgeadais a bheith in ann a thaispeáint go n-oibríonn sé sásra lena n-áirithítear go gcuirtear na tairbhí uile ar aghaidh a mhéid is féidir do na tairbhithe deiridh i bhfoirm méideanna maoiniúcháin níos airde, punanna a bhfuil riosca níos mó ag baint leo, ceanglais chomhthaobhachta níos ísle, préimheanna ráthaíochta níos ísle nó rátaí úis níos ísle ná mar a bheadh gan na ráthaíochtaí poiblí sin.

2.3.   Tacaíocht leachtachta i bhfoirm iasachtaí fóirdheonaithe

(62)

Chun rochtain ar leachtacht a áirithiú do ghnóthais a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair orthu, d’fhéadfadh rátaí úis fóirdheonaithe ar feadh tréimhse teoranta agus méid na hiasachta a bheith ina réiteach iomchuí riachtanach agus spriocdhírithe le linn na n-imthosca reatha.

(63)

Maidir leis an bpríomhshuim iasachta fholuiteach chéanna, iasachtaí a dheonaítear faoin roinn seo ní dhéanfar iad a charnadh le cabhair a dheonaítear faoi roinn 2.2 den Teachtaireacht seo agus vice versa. Féadfar iasachtaí agus ráthaíochtaí a dheonaítear faoin Teachtaireacht seo a charnadh i gcás iasachtaí éagsúla ar choinníoll nach sáróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe 61(e) nó i bpointe 64(e). Féadfaidh tairbhí tairbhe a bhaint go comhthreomhar as iasachtaí fóirdheonaithe iomadúla faoin roinn seo ar choinníoll nach sáróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí na huasteorainneacha a leagtar amach i bpointe 64(e).

(64)

Maidir le státchabhair i bhfoirm iasachtaí fóirdheonaithe mar fhreagairt ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, déanfaidh an Coimisiún í a mheas mar chabhair atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

a.

Ní dheonaítear na hiasachtaí d’institiúidí creidmheasa ná d’institiúidí airgeadais eile;

b.

Féadfar na hiasachtaí a dheonú ar rátaí úis laghdaithe, rátaí atá cothrom ar a laghad leis an mbonnráta (IBOR 1 bhliain amháin nó a choibhéis arna fhoilsiú ag an gCoimisiún (75)) atá ar fáil an 1 Deireadh Fómhair 2022 (76) nó is infheidhme tráth a dheonófar an tacaíocht, móide na corrlaigh riosca creidmheasa mar a leagtar amach sa tábla thíos (77)

An cineál faighteora

Corrlach an riosca creidmheasa le haghaidh an 1ú bliain

Corrlach an riosca creidmheasa le haghaidh

2ú -3ú bliain

Corrlach an riosca creidmheasa le haghaidh 4ú-6ú bliain

FBManna

25bps (78)

50bps (79)

100bps

Fiontair mhóra

50bps

100bps

200bps

c.

Mar rogha mhalartach, féadfaidh na Ballstáit fógra a thabhairt faoi scéimeanna, agus an tábla thuas á mheas mar bhonn, ach trína bhféadfar aibíocht iasachta agus leibhéal na gcorrlach riosca creidmheasa a mhodhnú, mar shampla, féadfar corrlach riosca creidmheasa comhréidh a úsáid le haghaidh thréimhse iomlán na hiasachta, má tá sé níos airde ná an corrlach riosca creidmheasa íosta le haghaidh an 1ú bliain maidir le gach cineál tairbhí, arna choigeartú de réir aibíocht na hiasachta faoin mír seo (80) (81);

d.

Síneofar conarthaí na n-iasachtaí faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí agus is é 6 bliana an fad uasta leo, mura ndéanfar iad a mhodhnú i gcomhréir le pointe 64(c);

e.

Ní sháróidh méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí na méideanna seo a leanas:

i.

15 % de mheánláimhdeachas bliantúil iomlán an tairbhí sna trí thréimhse chuntasaíochta dhúnta dheireanacha (82); nó

ii.

50 % de na costais fuinnimh thar an 12 mhí roimh an mí ina ndéantar an t-iarratas ar chabhair a chur isteach (83);

iii.

agus údar iomchuí tugtha ag an mBallstát don Choimisiún (mar shampla i ndáil leis na dúshláin atá roimh an tairbhí le linn na géarchéime reatha) (84), féadfar méid na hiasachta a mhéadú:

chun na riachtanais leachtachta a chumhdach: ón tráth a dheonófar iad le haghaidh an 12 mhí atá le teacht i gcás FBManna (85) agus le haghaidh na 6 mhí atá le teacht i gcás fiontair mhóra;

i gcás fiontair mhóra ar gá dóibh comhthaobhachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí trádála ar na margaí fuinnimh, chun na riachtanais leachtachta arna ndíorthú ó na gníomhaíochtaí sin a chumhdach ón tráth a dheonófar iad le haghaidh an 12 mhí atá le teacht;

Ba cheart na riachtanais leachtachta a bhunú trí fhéindeimhniúchán an tairbhí (86);

Na riachtanais leachtachta a chumhdaítear cheana féin le bearta cabhrach faoin gCreat Sealadach maidir le COVID-19, ní fhéadfar iad a chumhdach faoin Teachtaireacht seo;

f.

Bainfidh na hiasachtaí le riachtanais infheistíochta agus/nó le hiasachtaí caipitil oibre;

g.

Féadfar iasachtaí a sholáthar go díreach do thairbhithe deiridh nó trí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile mar idirghabhálaithe airgeadais. I gcás den sórt sin, ba cheart do na hinstitiúidí creidmheasa nó na hinstitiúidí airgeadais eile, a mhéid is féidir, buntáistí na rátaí fóirdheonaithe úis ar iasachtaí a chur ar aghaidh chuig na tairbhithe deiridh. Ní mór don idirghabhálaí airgeadais a bheith in ann a thaispeáint go n-oibríonn sé sásra lena n-áirithítear go gcuirtear na buntáistí ar aghaidh chuig na tairbhithe deiridh a mhéid is féidir gan coinníoll a chur ar dheonú iasachtaí fóirdheonaithe faoin roinn seo chun iasachtaí atá ann cheana a athmhaoiniú.

2.4.   Cabhair le haghaidh costais bhreise i ngeall ar mhéaduithe fíor-thromchúiseacha ar phraghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais

(65)

Lasmuigh de na féidearthachtaí atá ann cheana atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE agus na féidearthachtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht seo, d’fhéadfadh tacaíocht shealadach iarmhairtí méaduithe thar a bheith tromchúiseach ar phraghas an gháis nádúrtha agus an leictreachais a mhaolú, ar méaduithe iad arb é ionsaí na Rúise ar an Úcráin is cúis leo. Féadfar an tacaíocht sin a chur ar fáil do ghnóthais ar bhonn a n-ídiú fuinnimh i láthair na huaire nó a n-ídiú fuinnimh stairiúil. Sa chéad chás, leis an tacaíocht bheadh na gnóthais is mó a ndéantar difear dóibh in ann leanúint de ghníomhaíocht eacnamaíoch ach ba lú dreasachtaí chun fuinnimh a choigilt a bheadh i gceist léi. I bhfianaise an ghanntanais soláthairtí gáis san Aontas, tá sé tábhachtach freisin dreasachtaí a choinneáil ar bun le haghaidh laghduithe ar éileamh agus athruithe de réir a chéile i dtreo ídiú gáis a laghdú. D’fhéadfadh tacaíocht bunaithe ar an ídiú fuinnimh stairiúil dreasachtaí margaidh a choinneáil ar bun chun an t-ídiú fuinnimh a laghdú agus chun cuidiú le gnóthais déileáil le hiarmhairtí na géarchéime reatha, ar choinníoll nach ndéanfadh na tairbhithe gníomhaíochtaí táirgthe a laghdú go mór faoin leibhéal a bhfuil gá leis chun na coigiltis fuinnimh spriocdhírithe a bhaint amach agus/nó nach ndéanfaidís ach a n-ídiú a bhogadh áit éigin eile. Dá bhrí sin, iarrtar ar na Ballstáit a cheangal ar thairbhithe gealltanais leormhaithe a thabhairt chuige sin. I gcás aon tréimhse incháilithe, féadfaidh na Ballstáit scéim tacaíochta a chur ar bun ar bhonn an ídithe fuinnimh i láthair na huaire nó an ídithe fuinnimh stairiúil.

(66)

Measfaidh an Coimisiún státchabhair a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

a.

Deonófar an chabhair tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023 (87);

b.

Féadfar an chabhair a dheonú i bhfoirm deontais dhíreacha, buntáistí cánach (88) agus íocaíochta nó foirmeacha eile amhail airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí (89), iasachtaí (90) agus cothromas ar choinníoll nach mó luach ainmniúil iomlán na mbeart sin ná an déine cabhrach agus na huasteorainneacha cabhrach is infheidhme. Is figiúirí comhlána a bheidh sna figiúirí ar fad a úsáidfear, is é sin, roimh aon asbhaint chánach nó táille eile;

c.

Maidir le cabhair arna deonú i bhfoirm airleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí, iasachtaí nó ionstraimí inaisíoctha eile, féadfar í a chomhshó i gcineálacha eile cabhrach amhail deontais, ar choinníoll go ndéanfar an comhshó faoin 30 Meitheamh 2024 ar a dhéanaí;

d.

Deonófar an chabhair ar bhonn scéim a bhfuil buiséad measta aici. Féadfaidh na Ballstáit an chabhair a theorannú do ghníomhaíochtaí a thacaíonn le hearnálacha eacnamaíocha sonracha a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo don gheilleagar nó do shlándáil agus d’athléimneacht an mhargaidh inmheánaigh, agus aird á tabhairt, mar shampla, ar na critéir maidir le tosaíocht a thabhairt do chustaiméirí criticiúla neamhchosanta atá sa Teachtaireacht dar teideal “Coigil Gás le haghaidh Geimhreadh Sábháilte” (91). Mar sin féin, ní mór na teorainneacha sin a dhearadh ar bhealach leathan agus gan teorannú saorga ar thairbhithe féideartha a bheith mar thoradh orthu;

e.

Chun críocha na roinne seo, déantar costais incháilithe a ríomh bunaithe ar an ídiú gáis nádúrtha (lena n-áirítear mar bhunábhar), leictreachais, téimh agus fuaraithe (92) a tháirgtear go díreach ó ghás nádúrtha agus leictreachas a sholáthraíonn an tairbhí (93). Is i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas a ríomhtar an t-uaschostas incháilithe:

(p(t) - p(ref) × 1.5) × q

I gcás ina seasann:

t do mhí áirithe, nó do thréimhse roinnt míonna as a chéile, idir an 1 Feabhra 2022 agus an 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí (“tréimhse incháilithe”)

ref don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021 (“tréimhse thagartha”)

p(t) don mheánphraghas in aghaidh an aonaid a ídíonn an tairbhí sa tréimhse incháilithe (mar shampla, in EUR/MWh)

p(ref) don mheánphraghas in aghaidh an aonaid a ídíonn an tairbhí sa tréimhse thagartha (mar shampla, in EUR/MWh)

q don chainníocht a sholáthraíonn soláthróirí seachtracha agus a ídíonn an tairbhí mar thomhaltóir deiridh (94). Féadfaidh Ballstát é a shocrú mar cheann de na roghanna seo a leanas:

q(t), i.e. ídiú an tairbhí le linn na tréimhse incháilithe, nó

q(ref), i.e. ídiú an tairbhí le linn na tréimhse tagartha.

Ón 1 Meán Fómhair 2022 ar aghaidh, ní féidir le q a bheith níos airde ná 70 % d’ídiú an tairbhí le haghaidh na tréimhse céanna in 2021.

f.

Ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an tairbhí thar 50 % de na costais incháilithe agus ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais thar EUR 4 mhilliún ag tráth ar bith;

g.

Cabhair a dheonófar faoin roinn seo, féadfar í a charnadh le cabhair a dheonófar faoi roinn 2.1, ar choinníoll nach sárófar na huasteorainneacha cabhrach is infheidhme in aghaidh an ghnóthais faoin roinn seo. I gcás an mhéid chéanna ídithe, cabhair a dheonófar faoi roinn seo a ríomhfar ar bhonn ídiú stairiúil (q(ref)), ní fhéadfar í a charnadh le cabhair a dheonófar faoi roinn 2.7.

(67)

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh cabhrach le haghaidh tairbhithe a bhfuil laghdú ar a bhfeidhmiú eacnamaíoch le linn na géarchéime. Féadfaidh na Ballstáit cabhair a dheonú a sháraíonn na luachanna a ríomhadh de bhun phointe 66(f), i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, chomh maith leis na coinníollacha i bpointí 66(a) go (e) agus (g):

a.

Ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an tairbhí thar 40 % de na costais incháilithe agus ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais thar EUR 100 milliún ag tráth ar bith;

b.

I gcás tairbhithe atá incháilithe mar “ghnó dianfhuinnimh” (95), féadfar an chabhair fhoriomlán in aghaidh an tairbhí a ardú go huasmhéid 65 % de na costais incháilithe agus ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais thar EUR 50 milliún ag tráth ar bith. De bhreise air sin, ní mór don tairbhí laghdú 40 % ar a laghad ar EBITDA (96) (gan cabhair a áireamh) le linn na tréimhse incháilithe i gcomparáid leis an tréimhse thagartha a léiriú, sin nó EBITDA diúltach (gan cabhair a áireamh) sa tréimhse incháilithe;

c.

I gcás tairbhithe atá incháilithe mar “ghnó dianfhuinnimh” agus atá gníomhach in earnáil nó i bhfo-earnáil amháin nó níos mó a liostaítear in Iarscríbhinn I (97), féadfar an chabhair fhoriomlán in aghaidh an tairbhí a ardú go huasmhéid 80 % de na costais incháilithe agus ní rachaidh an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais thar EUR 150 milliún ag tráth ar bith. De bhreise air sin, ní mór don tairbhí laghdú 40 % ar a laghad ar EBITDA (gan cabhair a áireamh) le linn na tréimhse incháilithe i gcomparáid leis an tréimhse thagartha a léiriú, sin nó EBITDA diúltach (gan cabhair a áireamh) sa tréimhse incháilithe;

d.

I gcás cabhair a dheonófar faoi phointí 67(a), 67(b) agus 67(c), EBITDA an tairbhí sa tréimhse incháilithe, an chabhair fhoriomlán san áireamh, níor cheart dó dul thar 70 % dá EBITDA sa tréimhse thagartha. I gcásanna ina raibh EBITDA diúltach ann sa tréimhse thagartha, ní fhéadfaidh an chabhair a bheith ina cúis le méadú an EBITDA os cionn 0 sa tréimhse thagartha.

(68)

Faoin roinn seo, féadfaidh an t-údarás deonúcháin réamhíocaíocht a dhéanamh leis an tairbhí. Agus é sin á dhéanamh aige, féadfaidh an t-údarás deonúcháin brath ar mheastacháin de na critéir incháilitheachta sa roinn seo ar choinníoll go n-urramaítear na huasteorainneacha cabhrach sa roinn seo. Bunóidh an t-údarás deonúcháin próiseas chun na ceanglais incháilitheachta agus na huasteorainneacha cabhrach ábhartha a fhíorú ex post ar bhonn sonraí iarbhír agus chun aon íocaíocht chabhrach nach gcomhlíonann na critéir incháilitheachta nó a sháraíonn na huasteorainneacha cabhrach a aisghlámadh tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse incháilithe.

2.5.   Cúnamh chun dlús a chur le leathadh amach fuinnimh in-athnuaite, stórála agus teasa in-athnuaite atá ábhartha le haghaidh REPowerEU

(69)

Lasmuigh de na féidearthachtaí atá ann cheana atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE, i gcomhthéacs an fhogha mhíleata atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin agus Phlean REPowerEU (98), tá sé fíor-riachtanach dlús a chur le hinfhaighteacht fuinnimh in-athnuaite, agus a infhaighteacht a leathnú, ar bhealach costéifeachtach d’fhonn an spleáchas ar allmhairiúcháin de bhreoslaí iontaise de chuid na Rúise a laghdú go tapa agus dlús a chur leis an aistriú fuinnimh. Tá státchabhair chun dlús a chur le húsáid toillte grianfhuinnimh, toillte cumhachta gaoithe, toillte fuinnimh gheoiteirmigh, stórála leictreachais agus teirmeastórála, teasa in-athnuaite agus le táirgeadh hidrigine in-athnuaite agus bithgháis agus bithmheatáin ó dhramhaíl agus iarmhair ina cuid de réiteach iomchuí, riachtanach, spriocdhírithe chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú sa chomhthéacs reatha. I bhfianaise an ghéarghá le cur chun feidhme pras tionscadal a chuireann dlús le leathadh amach fuinnimh in-athnuaite, stórála agus teasa in-athnuaite a áirithiú, tá údar cuí ar bhonn sealadach le simplithe áirithe chun bearta tacaíochta a chur chun feidhme.

(70)

Cabhair chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, hidrigin in-athnuaite, bithghás agus bithmheatán ó dhramhaíl agus iarmhair, stóráil leictreachais agus teirmeastóráil agus teas in-athnuaite a chur chun cinn, measfaidh an Coimisiún an chabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

a.

deonaítear an chabhair le haghaidh ceann amháin de na rudaí seo a leanas:

i.

giniúint grianfhuinnimh fhótavoltaigh nó grianfhuinnimh eile;

ii.

giniúint leictreachais cumhachta gaoithe;

iii.

giniúint fuinnimh gheoiteirmigh;

iv.

stóráil leictreachais nó teirmeastóráil (i gcomhcheangal le ceann de na cineálacha eile infheistíochtaí a chumhdaítear leis an roinn seo freisin);

v.

táirgeadh teasa in-athnuaite, lena n-áirítear trí theaschaidéil a chomhlíonann Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (99);

vi.

táirgeadh hidrigine in-athnuaite;

vii.

táirgeadh bithgháis agus bithmheatáin ó dhramhaíl agus iarmhair, i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta an Aontais de bhun Airteagal 29 de Threoir (AE) 2018/2001 agus Rialachán (AE) 2018/841 (100);

b.

féadfar scéimeanna tacaíochtaí a theorannú do theicneolaíocht amháin nó do roinnt teicneolaíochtaí faoi phointe 70(a) ach níor cheart aon teorannú nó idirdhealú saorga a bheith mar chuid díobh (lena n-áirítear i ndeonú ceadúnas, ceadanna nó lamháltas nuair a bhíonn gá leo) amhail teorannuithe de réir mhéid na dtionscadal, an tsuímh nó gnéithe réigiúnacha nó cineálacha (nó fochineálacha) an-sonrach teicneolaíochtaí laistigh de cheann de na teicneolaíochtaí dá dtagraítear i bpointe 70(a);

c.

deonaítear an chabhair i bhfoirm deontais dhíreacha, airleacain inaisíoctha, iasachtaí, ráthaíochtaí nó buntáistí cánach;

d.

deonaítear an chabhair ar bhonn scéim a bhfuil méid agus buiséad measta aici;

e.

deonaítear an chabhair faoin 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí agus ní mór na suiteálacha a bheith curtha i gcrích agus a bheith ag feidhmiú laistigh de 30 mhí tar éis dháta a deonaithe nó 36 mí tar éis dháta deonaithe na cabhrach le haghaidh suiteálacha gaoithe ón talamh agus hidrigin in-athnuaite. I gcás nach mbaintear an sprioc-am sin amach, ní mór 5 % de mhéid na cabhrach a deonaíodh a aisíoc in aghaidh na míosa, nó méid na cabhrach a laghdú faoi 5 % in aghaidh na míosa, tar éis na chéad 3 mhí de mhoill, méid a ardóidh go 10 % in aghaidh na míosa moille tar éis an séú mí, seachas más tosca nach bhfuil neart ag tairbhí na cabhrach orthu is cúis leis an moill, agus mura bhféadfaí í a thuar go réasúnta (101);

f.

i gcás ina ndeonaítear an chabhair i bhfoirm conarthaí le haghaidh íocaíochtaí cabhrach leanúnacha, níor cheart fad níos faide a bheith ag gabháil leis na conarthaí sin ná 20 bliana tar éis don tsuiteáil chuidithe tosú ag feidhmiú;

g.

deonaítear an chabhair trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear ex ante agus a íoslaghdaíonn riosca na tairisceana straitéisí. Sna critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú, ní mór 70 % ar a laghad a shainiú i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil (102) nó cabhair in aghaidh an aonaid aschuir nó toillte fuinnimh;

h.

níl próiseas tairisceana iomaíoch sainordaitheach nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm buntáistí cánach, a mhéid a dheonaítear í ar an mbealach céanna do na gnóthais incháilithe uile a oibríonn san earnáil gníomhaíochta eacnamaíche chéanna atá sa staid fhíorasach chéanna nó i staid fhíorasach atá comhchosúil i leith aidhmeanna nó cuspóirí an bhirt chabhraigh. Thairis sin, níl próiseas tairisceana iomaíoch sainordaitheach nuair nach sáraíonn an chabhair a dheonaítear in aghaidh an ghnóthais in aghaidh an tionscadail EUR 25 milliún agus nuair is tionscadail bheaga a shainítear mar a leanas iad tairbhithe na cabhrach:

i.

le haghaidh giniúint leictreachais, stóráil leictreachais nó teirmeastórála – tionscadail faoi bhun 1 MW de thoilleadh suiteáilte nó cothrom leis sin;

ii.

maidir le teicneolaíochtaí giniúna teasa agus táirgthe gáis – tionscadail faoi bhun nó cothrom le 1 MW de thoilleadh suiteáilte nó a chomhionann;

iii.

maidir le táirgeadh hidrigine in-athnuaite – tionscadail faoi bhun nó cothrom le 3 MW de thoilleadh suiteáilte nó a chomhionann;

iv.

le haghaidh táirgeadh bithgháis agus bithmheatáin ó dhramhaíl agus iarmhair – tionscadail faoi bhun nó cothrom le 25 000 tona/bliain toilleadh suiteáilte;

v.

le haghaidh tionscadail atá 100 % faoi úinéireacht ag FBM nó ag pobail fuinnimh in-athnuaite – tionscadail faoi bhun nó cothrom le 6 MW de thoilleadh suiteáilte;

vi.

le haghaidh tionscadail atá 100 % faoi úinéireacht ag fiontair bheaga agus micrifhiontair nó ag pobail fuinnimh in-athnuaite le haghaidh giniúint cumhachta gaoithe amháin – tionscadail faoi bhun nó cothrom le 18 MW de thoilleadh suiteáilte.

 

I gcás nach ndeonaítear cabhair le haghaidh tionscadail bheaga i bpróiseas tairisceana iomaíoch, ní sháróidh an déine cabhrach 45 % den chostas infheistíochta iomlán. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 20 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais bheaga agus suas le 10 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide;

i.

ní mór méideanna na hacmhainneachta nó na táirgeachta a lorgaítear tairiscintí ina leith a shocrú chun a áirithiú go mbeidh an próiseas tairisceana iomaíoch go héifeachtach. Ní mór don Bhallstát cruthúnas a thabhairt faoin inchreidteacht go dtiocfaidh an méid a lorgaítear tairiscintí ina leith le tairiscint fhéideartha na dtionscadal. Féadfar sin a dhéanamh le tagairt do cheantanna roimhe seo, do spriocanna teicneolaíochta sa Phlean Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide (103), nó trí shásra coimirce a thabhairt isteach i gcás an riosca de phróiseas tairisceana gann-suibscríofa. I gcás próisis tairisceana iomaíocha a bhíonn gann-suibscríofa arís agus arís eile, ní mór don Bhallstát leigheasanna a thabhairt isteach le haghaidh aon scéim amach anseo a chuireann sé in iúl don Choimisiún maidir leis an teicneolaíocht chéanna;

j.

ní mór an chabhair a dhearadh chun dreasachtaí oibriúcháin éifeachtúla agus comharthaí praghais a chaomhnú. Thairis sin, ní mór an chabhair a dhearadh ar bhealach lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar bhrabúis amhantair, lena n-áirítear nuair atá praghsanna leictreachais nó gáis an-ard, amhail trí mheicníocht aisghlámtha arna sainmhíniú ex ante a chur i bhfeidhm nó tríd an gcabhair a dheonú i bhfoirm conarthaí dhá threo le haghaidh difríochtaí (104);

k.

i gcás ina ndeonaítear an chabhair le haghaidh táirgeadh hidrigine in-athnuaite, ní mór don Bhallstát a áirithiú go dtáirgtear an hidrigin ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch i Treoir (AE) 2018/2001;

l.

níor cheart cabhair faoin mbeart seo a chomhcheangal le cabhair eile le haghaidh na gcostas incháilithe céanna;

m.

féadfar cabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí ar tosaíodh oibreacha ina leith ón 20 Iúil 2022 ar aghaidh; i gcás tionscadail a tosaíodh roimh an 20 Iúil 2022, féadfar cabhair a dheonú más gá chun dlús suntasach a chur leis an infheistíocht nó chun a raon feidhme a leathnú. Sna cásanna sin, ní bheidh ach na costais bhreise i ndáil leis na n-iarrachtaí dlúis nó leis an raon feidhme leathnaithe incháilithe do chabhair;

n.

ní mór don chabhair an tairbhí a spreagadh chun tabhairt faoi infheistíocht, infheistíocht nach ndéanfadh sé, nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó ar bhealach eile, gan an chabhair. Measann an Coimisiún, i bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch eisceachtúil atá roimh ghnóthais mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, gurb é a tharlódh in éagmais na cabhrach, go leanfadh tairbhithe dá ngníomhaíochtaí gan athrú, ar choinníoll nach sárú ar dhlí an Aontais a bheadh i gceist le leanúint dá ngníomhaíochtaí gan athrú;

o.

ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaí an prionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”.

(71)

Cabhair le haghaidh uastoilleadh suiteálacha atá ann cheana féin a mhéadú gan tuilleadh infheistíochtaí a dhéanamh, measfaidh an Coimisiún í a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

a.

beidh an tsuiteáil atá ann cheana nasctha leis an eangach roimh an 1 Deireadh Fómhair 2022 agus thairbhigh sí de chabhair a fhormheas an Coimisiún faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE nó atá díolmhaithe ó fhógra;

b.

tá gá leis an gcabhair chun uastoilleadh suiteálacha atá ann cheana féin a mhéadú d’fhonn a dtoilleadh a mhéadú suas le 1 MW nó a choibhéis in aghaidh na suiteála gan tuilleadh infheistíochtaí a dhéanamh;

c.

deonófar an chabhair faoin 31 Nollaig 2023 agus tiocfaidh deireadh leis an tréimhse incháilithe do thacaíocht faoin mbeart cabhrach faoin 31 Nollaig 2023;

d.

comhlíonfaidh an chabhair na ceanglais a leagtar síos i bpointí 70(a), 70(b), 70(c), 70(d), 70(j) agus 70(k);

e.

níor cheart an chabhair faoin mbeart seo a chomhcheangal le cabhair eile a thacaíonn leis an dtoilleadh breise céanna.

2.6.   Cabhair le haghaidh próisis táirgthe thionsclaíocha a dhícharbónú trí leictriú agus/nó hidrigine in-athnuaite agus hidrigine leictrealaíche a chomhlíonann coinníollacha áirithe agus le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh

(72)

Lasmuigh de na féidearthachtaí atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE, tá státchabhair chun infheistíochtaí i ndícharbónú gníomhaíochtaí tionsclaíochta, go háirithe trí leictriú agus teicneolaíocht a úsáideann hidrigin in-athnuaite agus hidrigin leictrealaíoch a chomhlíonann coinníollacha phointe 73(h), agus i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh in earnáil na tionsclaíochta a éascú ina cuid de réiteach iomchuí, riachtanach, spriocdhírithe chun an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú i gcomhthéacs an fhogha mhíleata atá á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin. I bhfianaise an ghéarghá le dlús a chur leis an bpróiseas le haghaidh cur chun feidhme pras na n-infheistíochtaí sin, tá údar cuí le simplithe áirithe.

(73)

Cabhair le haghaidh infheistíochtaí a bheidh ina gcúis le (i) laghdú substaintiúil ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghníomhaíochtaí tionsclaíochta a bhraitheann ar bhreoslaí iontaise faoi láthair mar fhoinse fuinnimh nó mar amhábhar, nó (ii) laghdú substaintiúil ar ídiú fuinnimh i ngníomhaíochtaí agus próisis tionsclaíochta, measfaidh an Coimisiún an chabhair sin a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(c) CFAE ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

a.

deonófar an chabhair ar bhonn scéim a bhfuil buiséad measta aici;

b.

i bprionsabal, níor cheart an t-uasmhéid cabhrach aonair is féidir a dheonú in aghaidh an ghnóthais a bheith níos mó ná 10 % den bhuiséad iomlán atá ar fáil le haghaidh scéim den sórt sin. Agus údar iomchuí á sholáthar ag an mBallstát don Choimisiún, féadfaidh an Coimisiún glacadh le scéimeanna lena ndéantar foráil maidir le méideanna cabhrach aonair a dheonú atá níos mó ná 10 % den bhuiséad iomlán atá ar fáil don scéim;

c.

deonaítear an chabhair i bhfoirm deontais dhíreacha, airleacain inaisíoctha, iasachtaí, ráthaíochtaí nó buntáistí cánach;

d.

ní mór don infheistíocht (105) é a chur ar a chumas don tairbhí ceann amháin nó an dá cheann de na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

(i)

astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha óna shuiteáil tionsclaíochta a bhraitheann ar bhreoslaí iontaise faoi láthair mar fhoinse fuinnimh nó mar amhábhair a laghdú faoi 40 % ar a laghad i gcomparáid leis an staid roimh an gcabhair, trí bhíthin leictriú na bpróiseas táirgthe, nó trí úsáid hidrigine in-athnuaite agus hidrigine leictrealaíche a chomhlíonann coinníollacha phointe 73(h) thíos chun ionadaíocht a dhéanamh ar bhreoslaí iontaise; chun an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhíorú, tá astaíochtaí iarbhír ó dhóchán bithmhaise le cur san áireamh (106);

(ii)

an t-ídiú fuinnimh i suiteálacha tionsclaíochta i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtugtar cabhair a laghdú faoi 20 % ar a laghad i gcomparáid leis an staid roimh an gcabhair (107);

e.

maidir le hinfheistíochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoin gCóras Trádála Astaíochta (CTA), is é toradh na cabhrach go laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa shuiteáil an tairbhí faoi bhun na dtagarmharcanna ábhartha le haghaidh leithdháileadh saor in aisce a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún (108);

f.

níor cheart an chabhair a úsáid chun méadú ar acmhainneacht táirgeachta foriomlán an tairbhí a mhaoiniú;

g.

i gcás ina ndeonófar an chabhair le haghaidh infheistíocht dícharbónúcháin tionsclaíochta a bhaineann le húsáid hidrigine in-athnuaite, ní mór don Bhallstát a áirithiú go dtairgfear an hidrigin a úsáidfear ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i gcomhréir leis na modheolaíochtaí a leagtar amach le haghaidh breoslaí in-athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch i Treoir (AE) 2018/2001;

h.

féadfar cabhair a dheonú freisin le haghaidh infheistíocht dícharbónúcháin tionsclaíochta a bhaineann le húsáid hidrigine a tháirgtear ó leictreachas i gceann amháin de na cásanna seo a leanas:

(i)

ní tháirgtear an hidrigin ach le linn uaireanta nuair is gléasra giniúna leictreachais saor ó fhoinsí iontaise é an t-aonad giniúna imeallach sa chrios tairisceana ina bhfuil an leictreoir lonnaithe sna tréimhsí socraíochta éagothroime a n-ídítear an leictreachas lena linn. Hidrigin a tháirgtear le linn uaireanta nuair is gléasra giniúna leictreachais in-athnuaite é an t-aonad giniúna imeallach sa chrios tairisceana ina bhfuil an leictreoir lonnaithe sna tréimhsí socraíochta éagothroime a n-ídítear an leictreachas lena linn, agus a áiríodh mar hidrigin in-athnuaite cheana féin de réir bhrí phointe 73(g), ní féidir í a áireamh den dara huair faoin roinn seo;

(ii)

de rogha air sin, táirgtear hidrigin ó leictreachas a thógtar ón eangach agus táirgeann an leictreoir hidrigin ar feadh líon uaireanta lánlóid atá cothrom le líon na n-uaireanta arb iad suiteálacha a tháirgeann leictreachas saor ó fhoinsí iontaise a shocraigh praghas imeallach an leictreachais sa chrios tairisceana, nó ar feadh líon uaireanta lánlóid atá níos lú ná an líon sin; Hidrigin a tháirgtear le haghaidh líon uaireanta lánlóid atá cothrom le líon na n-uaireanta arb iad suiteálacha a tháirgeann leictreachas in-athnuaite a shocraigh praghas imeallach an leictreachais sa chrios tairisceana, nó ar feadh líon uaireanta lánlóid atá níos lú ná an líon sin, agus a áiríodh mar hidrigin in-athnuaite cheana féin de réir bhrí phointe 73(g), ní féidir í a áireamh den dara huair faoin roinn seo;

(iii)

de rogha air sin, ní mór don Bhallstát a áirithiú go mbainfidh an hidrigin leictrealaíoch a úsáidfear coigiltis ghás ceaptha teasa saolré 70 % ar a laghad amach i gcoibhneas le táirge comparáide breoslaí iontaise de 94 g CO2eq/MJ agus go dtiocfaidh sé ó fhoinsí saor ó iontaise. I gcomhréir le cuspóirí REPowerEU, níor cheart gurb é ídiú méadaithe breosla iontaise atá mar thoradh ar an modh a úsáidtear chun na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a leithdháiltear ar an leictreachas a ríomh. Chun críoch na ranna seo, ní féidir a úsáid ach an sciar den hidrigin arna táirgeadh a chomhfhreagraíonn do mheánsciar an leictreachais ó ghléasraí giniúna leictreachais saor ó fhoinsí iontaise, sa tír táirgthe, arna thomhas 2 bhliain roimh an mbliain atá i gceist. An sciar den hidrigin a tháirgtear i gcomhréir leis an bpointe seo agus a chomhfhreagraíonn do mheánsciar an leictreachais ó ghléasraí giniúna leictreachais in-athnuaite, sa tír táirgthe, arna thomhas 2 bhliain roimh an mbliain atá i gceist, ní féidir í a áireamh den dara huair faoin roinn seo sa mhéid gur áiríodh í cheana féin mar hidrigin in-athnuaite de réir bhrí phointe 73(g);

i.

deonófar an chabhair faoin 31 Nollaig 2023 agus beidh sé faoi réir an choinníll go mbeidh an tsuiteáil nó an trealamh a bheidh le maoiniú ag an infheistíocht curtha i gcrích agus ag feidhmiú ina hiomláine laistigh de 30 mhí tar éis dháta a deonaithe nó laistigh de 36 mí tar éis dháta deonaithe na cabhrach le haghaidh infheistíochtaí a bhaineann le húsáid hidrigine in-athnuaite agus leictrealaíoch a chomhlíonann choinníollacha phointe 73(h). I gcás nach mbainfear an sprioc-am amach maidir le cur i gcrích agus tús an fheidhmithe, ní mór 5 % de mhéid na cabhrach a deonaíodh a aisíoc, nó méid na cabhrach a laghdú faoi 5 %, in aghaidh na míosa, tar éis na chéad 3 mhí de mhoill, méid a ardóidh go 10 % in aghaidh na míosa moille tar éis an séú mí, seachas más tosca nach bhfuil neart ag tairbhí na cabhrach orthu is cúis leis an moill, agus mura bhféadfaí í a thuar go réasúnta (109). I gcás ina mbainfear an sprioc-am amach maidir le cur i gcrích agus tús an fheidhmithe, féadfar cabhair i bhfoirm airleacain inaisíoctha a aistriú ina deontais; mura mbainfear, tá an t-airleacan inaisíoctha le haisíoc i dtráthchodanna bliantúla comhionanna laistigh de 5 bliana tar éis dháta deonaithe na cabhrach;

j.

féadfar cabhair a dheonú le haghaidh infheistíochtaí ar tosaíodh oibreacha ina leith ón 20 Iúil 2022 ar aghaidh; i gcás tionscadail a tosaíodh roimh an 20 Iúil 2022, féadfar cabhair a dheonú más gá chun dlús suntasach a chur leis an infheistíocht nó chun a raon feidhme a leathnú. Sna cásanna sin, ní bheidh ach na costais bhreise i ndáil leis na n-iarrachtaí dlúis nó leis an raon feidhme leathnaithe incháilithe do chabhair;

k.

níor cheart an chabhair a dheonú as caighdeáin is infheidhme de chuid an Aontais a chomhlíonadh amháin (110);

l.

ní mór don chabhair an tairbhí a spreagadh chun tabhairt faoi infheistíocht, infheistíocht nach ndéanfadh sé, nó a dhéanfadh sé ar bhealach srianta nó ar bhealach eile, gan an chabhair. Measann an Coimisiún, i bhfianaise na ndúshlán eacnamaíoch eisceachtúil atá roimh ghnóthais mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, gurb é a tharlódh in éagmais na cabhrach, go leanfadh tairbhithe dá ngníomhaíochtaí gan athrú, ar choinníoll nach sárú ar dhlí an Aontais a bheadh i gceist le leanúint dá ngníomhaíochtaí gan athrú;

m.

is iad na costais incháilithe an difear idir costais an tionscadail dá dtugtar cabhair agus an coigilteas costais nó na hioncaim bhreise, i gcomparáid leis an staid in éagmais na cabhrach, thar shaolré na hinfheistíochta;

n.

níor cheart an déine cabhrach a bheith os cionn 40 % de na costais incháilithe. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 10 bpointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais mheánmhéide agus suas le 20 pointe céatadáin i leith cabhair arna deonú do ghnóthais bheaga. Féadfar an déine cabhrach a mhéadú suas le 15 phointe céatadáin freisin i leith infheistíochtaí lena mbainfear amach laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha nó laghdú 25 % ar a laghad ar ídiú fuinnimh i gcomparáid leis an staid roimh an infheistíocht (111);

o.

mar mhalairt ar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 73(m) agus 73(n), féadfar an chabhair infheistíochta a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear ex ante agus a íoslaghdaíonn riosca na tairisceana straitéisí. Sna critéir roghnúcháin iomlána a úsáidtear chun tairiscintí a rangú, ní mór 70 % ar a laghad a shainiú i dtéarmaí cabhair in aghaidh an aonaid cosanta comhshaoil (amhail EUR in aghaidh an tona de laghdú CO2, nó EUR in aghaidh an aonaid fuinnimh arna choigilt). Ní mór gur srian ceangailteach a bheidh sa bhuiséad a bhaineann leis an bpróiseas tairisceana sa dóigh gur féidir coinne a bheith leis nach bhfaighidh na tairgeoirí uile cabhair;

p.

ní mór an scéim a dhearadh ar bhealach lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar bhrabúis amhantair, lena n-áirítear nuair atá praghsanna leictreachais nó gáis nádúrtha an-ard ann, trí mheicníocht aisghlámtha arna sainmhíniú ex ante a chur i bhfeidhm;

q.

níor cheart cabhair faoin roinn seo a chomhcheangal le cabhair eile le haghaidh na gcostas incháilithe céanna.

2.7.   Cabhair le haghaidh laghdú breise ar ídiú leictreachais

(74)

Sa bhreis ar na féidearthachtaí atá ar fáil cheana i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(c) CFAE agus na féidearthachtaí a leagtar amach sa Teachtaireacht seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tacaíocht shealadach chun an laghdú ar ídiú leictreachais a chumhdaítear le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán (AE) 2022/1854 (112) a bhaint amach. D’fhéadfadh an tacaíocht sin cabhrú chun an méadú eisceachtúil ar phraghsanna leictreachais a mhaolú trí ídiú a laghdú i gcás teicneolaíochtaí giniúna leictreachais atá níos costasaí (bunaithe ar ghás faoi láthair). Dá bhrí sin, tá sé chomh tábhachtach céanna dreasachtaí a choinneáil le haghaidh laghduithe ar ídiú leictreachais atá ann cheana agus comhsheasmhacht a áirithiú leis na spriocanna laghdaithe gáis a leagtar síos i Rialachán (AE) 2022/1369 (113). I bhfianaise na ndifríochtaí idir na Ballstáit, tá gá le treoraíocht chun a áirithiú go mbeidh solúbthacht leagtha amach ag critéir a bhfuil sé d’aidhm acu cothrom iomaíochta agus caomhnú shláine an mhargaidh aonair a áirithiú.

(75)

Cabhair le haghaidh laghdú ar ídiú leictreachais, measfaidh an Coimisiún í a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach ar bhonn Airteagal 107(3)(b) CFAE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

a.

ní mór don chabhair cúiteamh airgeadais a sholáthar sa chás go n-íoctar an cúiteamh sin as leictreachas breise nár ídíodh, agus sa chás sin amháin, i gcomparáid leis an ídiú ionchasach (“frithfhíorasach”) in aghaidh na huaire lena mbaineann agus é sin gan an próiseas tairisceana iomaíoch dá dtagraítear i bpointe 75(e) (“laghdú breise ar ídiú”). Chun an laghdú breise ar ídiú a chinneadh, is féidir modheolaíochtaí éagsúla a úsáid. Chun a áirithiú nach ndeonaítear cabhair ach chun éileamh breise a laghdú, ba cheart do na Ballstáit, i gcoitinne, dreasachtaí ó phraghsanna fuinnimh níos airde, aon dreasacht ó íocaíochtaí agus scéimeanna tacaíochta eile, dálaí aimsire agus rioscaí cearrbhachais a chur san áireamh;

b.

ní mór an chabhair a dhearadh sa chaoi is go gcuideoidh sí go príomha le baint amach sprice maidir le laghdú ar ídiú leictreachais a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (AE) 2022/1854 (114). Má tá an chabhair deartha chun dul níos faide ná na spriocanna, ní mór don Bhallstát a léiriú go mbaineann buntáistí breise leis an gcabhair (mar shampla, costais laghdaithe córais fuinnimh nó ídiú laghdaithe gáis), buntáistí comhréireacha a bhfuil gá leo (115) chun suaitheadh tromchúiseach an gheilleagair a leigheas agus an margadh inmheánach á chaomhnú an tráth céanna;

c.

ní mór an chabhair a dheonú ar bhonn scéim a bhfuil méid agus buiséad measta aici;

d.

féadfar cabhair a dheonú i bhfoirmeacha éagsúla lena n-áirítear deontais dhíreacha, iasachtaí agus ráthaíochtaí;

e.

ní mór an chabhair a dheonú trí phróiseas tairisceana iomaíoch atá oscailte, soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear ex ante agus a íoslaghdaíonn riosca na tairisceana straitéisí. Má shainaithnítear riosca róchúitimh, ní mór cabhair a dhearadh ar bhealach lena bhféadfar aghaidh a thabhairt ar bhrabúis amhantair, amhail trí shásra aisghlámtha arna shainmhíniú ex ante a chur ar bun;

f.

ba cheart, i bprionsabal, a bheith in ann gach bealach is féidir a úsáid sa phróiseas tairisceana iomaíoch nó sna próisis tairisceana iomaíocha chun laghdú breise ar ídiú a bhaint amach, go háirithe na bealaí seo a leanas:

i.

tomhaltóirí ag aistriú ídiú leictreachais nó á sheachaint;

ii.

stóráil taobh thiar den mhéadar, chun ídiú a laghdú le linn buaicuaireanta (mura mbeadh aon laghdú breise ar ídiú mar thoradh ar an gcabhair); agus

iii.

sócmhainní giniúna leictreachais taobh thiar den mhéadar nach n-úsáideann gás mar bhreosla. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú giniúint atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise eile a eisiamh;

g.

maidir le pointe 75(f), d’fhéadfaí scéimeanna a theorannú do chatagóir amháin tairbhithe nó do roinnt catagóirí tairbhithe i gceann de na himthosca seo a leanas:

i.

i gcás ina bhfuil difríochtaí i saintréithe (e.g. fad, minicíocht an ghníomhachtaithe) na seirbhísí is féidir le tairbhithe ionchasacha a thairiscint sa chaoi nach féidir a mheas go bhfuil tairiscintí in aghaidh MWh inchomparáide;

ii.

i gcás inar féidir leis na Ballstáit a léiriú don Choimisiún nach ndéanfaí an iomaíocht a shaobhadh go míchuí; nó

iii.

cur chun feidhme tráthúil a áirithiú (e.g. trí scéimeanna atá ann cheana a leathnú);

In aon chás, níor cheart aon teorainn shaorga ná idirdhealú saorga a bheith san áireamh sna scéimeanna. I gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir (AE) 2019/944 (116), níor cheart scéimeanna a theorannú go míchuí do chustaiméirí sonracha ná do ghrúpaí sonracha custaiméirí, lena n-áirítear comhbhailitheoirí;

h.

ní mór na critéir incháilitheachta le haghaidh rannpháirtíochta sa phróiseas tairisceana iomaíoch nó sna próisis tairisceana iomaíocha a bheith trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach. Ní mór do thairbhithe méadrú leictreachais iomchuí (117) a bheith acu cheana féin nó gealltanas a thabhairt é a shuiteáil sula ndéanfar an laghdú breise ar ídiú a sholáthar. Féadfaidh feidhm a bheith ag ceanglas maidir le híosmhéid tairisceana do thairbhithe ar mhaithe le simpliú riaracháin; sa chás sin, níor cheart an t-íosmhéid tairisceana a bheith níos airde ná 10MW agus ní mór comhiomlánú a cheadú chun an tairseach a bhaint amach;

i.

chun é a chur ar a gcumas do thairbhithe a dtairiscintí a phraghsáil go cruinn, ní mór critéir shoiléire oibiachtúla a shainiú agus tuairisc a thabhairt ar an uair a ghníomhachtófar laghdú breise ar ídiú an tairbhí. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé gur ghá coimircí leordhóthanacha — mar shampla randamú éigin ar an ngníomhachtú — a chur i bhfeidhm ionas nach gcruthófar dreasachtaí cearrbhachais amhail boilsciú saorga na gcásanna frithfhíorasacha;

j.

chun iarmhairtí diúltacha ar ídiú gáis a sheachaint, ba cheart do thairbhithe gealltanas a thabhairt nach dtiocfaidh méadú ar a n-ídiú gáis foriomlán mar thoradh ar a laghdú breise ar ídiú leictreachais. Ina theannta sin, i gcás cabhair lena laghdaítear ídiú leictreachais le linn buaicuaireanta, chun na tairbhí a bhaineann le leictreachas a aistriú ó bhuaicuaireanta go dtí “uaireanta seachbhuaice” (118) a bhaint amach agus ag an am céanna gan cur isteach ar an sprioc maidir leis an ídiú foriomlán leictreachais a laghdú, ba cheart do thairbhithe gealltanas a thabhairt gan níos mó ná 150 % “uaireanta seachbhuaice” den laghdú cúitithe ar ídiú leictreachais “buaicuaireanta” a ídiú;

k.

laistigh den phróiseas tairisceana iomaíoch, ní mór tairbhithe a roghnú bunaithe ar an gcostas aonaid is ísle den laghdú breise ar ídiú (in EUR/MWh nó a choibhéis (119)). Féadfaidh na Ballstáit critéir rangaithe bhreise a bheidh oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a thabhairt isteach chun teicneolaíochtaí níos glaise a bhfuil gá leo chun tacú le baint amach chuspóirí cosanta comhshaoil an Aontais a chur chun cinn;

l.

ní mór an luach saothair a dheonú do gach tairbhí bunaithe ar an laghdú breise iarbhír ar ídiú a baineadh amach (seachas an laghdú breise ar ídiú a gheall an tairbhí a bhaint amach);

m.

ní fhéadfaidh an chabhair feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a shaobhadh go míchuí. Féadfaidh na Ballstáit an chabhair a chur ar fáil do rannpháirtíocht trasteorann;

n.

ní mór don laghdú breise ar ídiú a chúiteofar tarlú laistigh de thréimhse chur i bhfeidhm an Airteagail nó na nAirteagal ábhartha de Rialachán (AE) 2022/1854 (120), nó i gcás cabhair a théann níos faide ná na spriocanna sin, faoin 31 Nollaig 2023;

o.

is féidir carnadh a dhéanamh le bearta státchabhrach eile, fad agus a sheachnaítear an róchúiteamh trína áirithiú, mar shampla, go ndeonófar cabhair trí phróiseas tairisceana iomaíoch oscailte. In aon chás, ní féidir cabhair a dheonú má chumhdaítear léi costais incháilithe a chumhdaítear le bearta státchabhrach eile cheana féin.

3.   FAIREACHÁN AGUS TUAIRISCIÚ

(76)

Ní mór do na Ballstáit faisnéis ábhartha a fhoilsiú maidir le gach cabhair aonair os cionn EUR 100 000 (121) a dheonaítear faoin Teachtaireacht seo, agus os cionn EUR 10 000 (122) sna príomhearnálacha talmhaíochta agus iascaigh, ar shuíomh gréasáin cuimsitheach na státchabhrach nó ar uirlis TF an Choimisiúin (123) laistigh de 12 mhí ó thráth an deonaithe.

(77)

Maidir le bearta cabhrach faoi roinn 2.4. den Teachtaireacht seo, nuair is mó ná EUR 50 mhilliún an chabhair fhoriomlán in aghaidh an ghnóthais, ní mór do na Ballstáit ceanglas a chur san áireamh ina scéimeanna nach mór don tairbhí plean a chur faoi bhráid an údaráis deonúcháin, laistigh de bhliain amháin ón tráth a dheonaítear an chabhair, plean ina sonrófar conas a laghdóidh an tairbhí lorg carbóin a ídithe fuinnimh nó conas a chuirfidh sé chun feidhme aon cheann de na ceanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó slándáil an tsoláthair a bhfuil tuairisc orthu i bpointe 33 den Teachtaireacht seo. Beidh feidhm ag an gceanglas sin amhail ón 1 Eanáir 2023.

(78)

Ní mór do na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a chur faoi bhráid an Choimisiúin (124).

(79)

Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcoimeádfar taifid mhionsonraithe maidir le deonú cabhrach dá bhforáiltear sa Teachtaireacht seo. Maidir le taifid den sórt sin, nach mór an fhaisnéis uile is gá a bheith iontu chun a shuíomh gur comhlíonadh na coinníollacha riachtanacha, ní mór iad a choinneáil ar feadh 10 mbliana ar dheonú na cabhrach agus ní mór iad a sholáthar don Choimisiún arna iarraidh sin dó.

(80)

Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh maidir leis an gcabhair a deonaíodh, go háirithe chun a fhíorú ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an beart cabhrach.

(81)

Chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Teachtaireachta seo, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit faisnéis chomhiomlán a sholáthar maidir le húsáid beart státchabhrach chun suaitheadh tromchúiseach an gheilleagair a leigheas i ngeall ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair agus ar na bearta sriantacha gaolmhara.

4.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(82)

Cuireann an Coimisiún an Teachtaireacht seo i bhfeidhm ón 28 Deireadh Fómhair 2022. Cuireann an Coimisiún forálacha na Teachtaireachta seo i bhfeidhm maidir le gach beart a dtabharfar fógra ina leith ón 28 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh, agus maidir le bearta a dtabharfar fógra ina leith roimh an dáta sin.

(83)

Tagann an Teachtaireacht seo in ionad an Chreata Shealadaigh Géarchéime arna ghlacadh an 23 Márta 2022 (125) agus arna leasú an 20 Iúil 2022 (126) (“Creat Sealadach Géarchéime a bhí ann roimhe seo”). Déantar an Creat Sealadach Géarchéime sin a bhí ann roimhe seo a tharraingt siar le héifeacht ón 27 Deireadh Fómhair 2022.

(84)

Ar an iomlán, cabhair arna deonú faoi ranna 2.1 go 2.3 den Chreat Sealadach Géarchéime a bhí ann roimhe seo agus cabhair arna deonú faoi na ranna céanna den Teachtaireacht seo, ag am ar bith ní féidir léi a bheith níos mó ná na huasteorainneacha cabhrach dá bhforáiltear sna ranna sin den Teachtaireacht seo. A mhéid a bhaineann le roinn 2.4, cabhair arna deonú faoin gCreat Sealadach Géarchéime a bhí ann roimhe seo agus cabhair arna deonú faoin Teachtaireacht seo, ní féidir léi a bheith níos mó ná na huasteorainneacha cabhrach dá bhforáiltear sa Teachtaireacht seo le haghaidh na tréimhse incháilithe chéanna. Cabhair arna deonú faoi ranna 2.5 agus 2.6 den Chreat Sealadach Géarchéime a bhí ann roimhe seo, ní féidir í a charnadh le cabhair arna deonú faoi na ranna céanna den Teachtaireacht seo má chumhdaíonn sí na costais incháilithe chéanna.

(85)

I gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cinneadh na rialacha is infheidhme chun measúnú a dhéanamh ar státchabhair neamhdhleathach (127), cuireann an Coimisiún an Teachtaireacht seo i bhfeidhm ar chabhair nach dtugtar fógra ina leith más i ndiaidh ón 28 Deireadh Fómhair 2022 ar aghaidh a dheonaítear í.

(86)

I ngach cás eile, cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm na rialacha a leagtar síos sa Chreat Sealadach Géarchéime a bhí i bhfeidhm tráth deonaithe na cabhrach.

(87)

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar gach roinn faoin Teachtaireacht seo roimh an 31 Nollaig 2023 ar bhonn cúrsaí tábhachtacha iomaíochta nó eacnamaíocha, agus ar bhonn forbairtí idirnáisiúnta freisin. I gcás ina mbeidh sé ina chuidiú, féadfaidh an Coimisiún soiléiriú breise a thabhairt maidir lena chur chuige i leith saincheisteanna áirithe.

(88)

Cinntíonn an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, go ndéantar measúnú tapa ar bhearta nuair a thugtar fógra soiléir iomlán faoi bhearta a chumhdaítear leis an Teachtaireacht seo. Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoina bhfuil ar intinn acu agus fógra a thabhairt maidir le pleananna chun bearta den sórt sin a thabhairt isteach chomh luath agus chomh cuimsitheach agus is féidir. Cuirfidh an Coimisiún treoraíocht agus cúnamh ar fáil do na Ballstáit sa phróiseas sin.

(1)  Mar shampla, an 6 Márta 2022, ghlac Rialtas Chónaidhm na Rúise le Foraithne Uimh. 299 Leasú ar mhír 2 den mhodheolaíocht chun an méid cúitimh a chinneadh a bheidh le híoc le sealbhóir na paitinne agus cinneadh á dhéanamh faoi úsáid an aireagáin nó na samhla áisiúlachta, an cinneadh maidir le húsáid an aireagáin, gan a thoiliú, agus an nós imeachta chun é a íoc. Foráiltear leis an leasú sin ‘gan aon chúiteamh a dhéanamh as úsáid a bhaint as aireagán, samhail áisiúlachta nó dearadh tionsclaíoch de chuid “sealbhóirí paitinne” ó Stáit eachtracha a dhéanann “gníomhartha neamhchairdiúla”.

(2)  Is í an Úcráin an ceathrú soláthróir seachtrach is mó bia don Aontas, agus is príomhsholáthróir gránach (52 % den arbhar Indiach a allmhairítear chuig an Aontas, 19 % den chruithneacht bhog) olaí plandúla (23 %), agus olashíolta (22 %, go háirithe síol ráibe: 72 %) í. Tá praghsanna domhanda bia ard cheana agus d’fhéadfaidís dul in airde fós i bhfianaise na staide.

(3)  Mar shampla, de réir Bhunachar Sonraí Domhanda Brandaí na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), Bhunachar Sonraí Domhanda Dearaí EDMI, agus bhunachar sonraí PatentSight faoi seach, i Márta 2022, bhí thart ar 150 000 trádmharc, 2 000 dearadh tionsclaíoch agus 44 000 paitinn i seilbh ghnólachtaí an Aontais i bhfeidhm sa Rúis. Is leis na hearnálacha seo a leanas den chuid is mó a bhaineann trádmharcanna de chuid ghnólachtaí an Aontais atá faoi chosaint sa Rúis: cógaisíocht, cosmaidí, mótarfheithiclí, ceimiceáin agus earraí tomhaltais, earraí faisin agus só-earraí. I bhfianaise na téarmaíochta doiléire a bhaineann leis an leasú ar mhodheolaíocht an chúitimh atá le híoc le sealbhóirí paitinní le Foraithne Uimh. 299 an 6 Márta 2022 (féach fonóta 1) a ghlac Rialtas na Rúise agus nochtadh eacnamaíoch ghnóthais an Aontais agus a gcuid sócmhainní doláimhsithe sa Rúis, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar leathan agus díobhálach ag frithbheart den sórt sin ar ghnóthais an Aontais.

(4)  Rialachán (AE) 2022/259 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 1); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/260 agus 2022/261 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 3; IO L 42 I, 23.2.2022, lch 15); Rialachán (AE) 2022/262 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 74); Rialachán (AE) 2022/263 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar freagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 77); Cinneadh (CBES) 2022/264 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 95); Cinneadh (CBES) 2022/265 agus 2022/267 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 98; IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 114); agus Cinneadh (CBES) 2022/266 ón gComhairle an 23 Feabhra 2022 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha de chuid na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 42 I, 23.2.2022, lch. 109).

(5)  Cinneadh (CBES) 2022/327 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 48, 25.2.2022, lch. 1); Rialachán (AE) 2022/328 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 49, 25.2.2022, lch. 1); Cinneadh (CBES) 2022/329 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 50, 25.2.2022, lch. 1); Rialachán (AE) 2022/330 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 51, 25.2.2022, lch. 1); Cinneadh (CBES) 2022/331 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 52, 25.2.2022, lch. 1); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/332 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 53, 25.2.2022, lch. 1); Cinneadh (AE) 2022/333 ón gComhairle an 25 Feabhra 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na Rúise maidir le heisiúint víosaí do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus Chónaidhm na Rúise a éascú a chur ar fionraí go páirteach (IO L 54, 25.2.2022, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE) 2022/334 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 57, 28.2.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/335 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 57, 28.2.2022, lch. 4).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 58, 28 Feabhra 2022, lch. 1) agus Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 59, 28 Feabhra 2022, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 63, 2.3.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/346 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 63, 2.3.2022, lch. 5).

(9)  Rialachán (AE) 2022/350 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 65, 2.3.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/351 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 65, 2.3.2022, lch. 5).

(10)  Rialachán (AE) 2022/355 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/356 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (IO L 67, 2.3.2022, lch. 103).

(11)  Rialachán (AE) 2022/345 ón gComhairle an 1 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 63, 2.3.2022, lch. 1), agus Cinneadh (CBES) 2022/354 ón gComhairle an 2 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 63, 2.3.2022, lch. 5).

(12)  Rialachán (AE) 2022/398 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 82, 9.3.2022, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE) 2022/394 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 81, 9.3.2022, lch. 1).

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 87I, 15.3.2022, lch. 1); Rialachán (AE) 2022/428 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 87I, 15.3.2022, lch. 13).

(15)  Rialachán (AE) 2022/428 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 13), agus Cinneadh (CBES) 2022/430 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 56).

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/427 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 1, agus Cinneadh (CBES) 2022/429 ón gComhairle an 15 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 87 I, 15.3.2022, lch. 44).

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 1); Rialachán (AE) 2022/877 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 11); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/878 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 15); Rialachán (AE) 2022/879 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 153, 3.6.2022, lch. 53); Rialachán (AE) 2022/880 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 75); Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 77); Cinneadh (CBES) 2022/882 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 88); Cinneadh (CBES) 2022/883 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 92); Cinneadh (CBES) 2022/884 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 153, 3.6.2022, lch. 128); Cinneadh (CBES) 2022/885 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 153, 3.6.2022, lch. 139).

(18)  Rialachán (AE) 2022/1269 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 193, 21.7.2022, lch. 1), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1270 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad ar an méid sin (IO L 193, 21.7.2022, lch. 133), Cinneadh (CBES) 2022/1271 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 193, 21.7.2022, lch. 196), Cinneadh (CBES) 2022/1272 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 193, 21.7.2022, lch. 219).

(19)  Rialachán (AE) 2022/1903 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/263 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéar nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 1), Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 3), Rialachán (AE) 2022/1905 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 76), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1906 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 79), Cinneadh (CBES) 2022/1907 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 98), Cinneadh (CBES) 2022/1908 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/266 a bhaineann le bearta sriantacha mar fhreagairt ar aitheantas a thabhairt do na limistéir nach bhfuil faoi rialú an rialtais i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ar an ordú fórsaí armtha na Rúise a chur chun na limistéir sin (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 118), Cinneadh (CBES) 2022/1909 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 122).

(20)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2021) 660 final an 13 Deireadh Fómhair 2021 – Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support [Ag dul i ngleic le praghsanna fuinnimh méadaitheacha: bosca uirlisí don ghníomhaíocht agus don tacaíocht].

(21)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2022) 108 final an 8 Márta 2022 – REPowerEU: Comhghníomhaíocht Eorpach ar mhaithe le fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe.

(22)  Tríd an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1), tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit, arna iarraidh sin, maidir le hathchóirithe a cheapadh agus a chur chun feidhme chun fuinneamh níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe a áirithiú.

(23)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2022) 230 final an 18 Bealtaine 2022 – Plean REPowerEU.

(24)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

(25)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2022) 360 final an 20 Iúil 2022 – “Coigil gás le haghaidh geimhreadh sábháilte”.

(26)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(27)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261I, 7.10.2022, lch. 1).

(28)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM/2022/553 final an 18 Deireadh Fómhair 2022 – An Éigeandáil Fuinnimh – ullmhú, ceannach, agus an tAontas Eorpach a chosaint in éineacht.

(29)  Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle, COM/2022/549 final an 18 Deireadh Fómhair 2022 Lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha agus trí thagarmharcanna praghais iontaofa.

(30)  Réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha fhoireann BCE don limistéar euro, Meán Fómhair 2022.

(31)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2022) 236 final an 18 Bealtaine 2022 – Idirghabhálacha Gearrthéarmacha sa Mhargadh Fuinnimh agus Feabhsuithe Fadtéarmacha ar Dhearadh an Mhargaidh Leictreachais – plean gníomhaíochta.

(32)  COM(2022)230 final, 18 Bealtaine 2022.

(33)  Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1938 agus (CE) Uimh. 715/2009 i dtaca le stóráil gáis (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

(34)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Plean AE maidir le Laghdú Éilimh, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2022, https://data.europa.eu/doi/10.2775/705563.

(35)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(36)  Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

(37)  Is gá an idirghabháil a bheith teoranta do chásanna inar chun an leasa choitinn é idirghabháil a dhéanamh.

(38)  I bprionsabal, tá an chabhair comhréireach mura dtéann sí thar struchtúr caipitiúil an tairbhí a athbhunú ag an struchtúr a bhí ann roimh ionsaí na Rúise ar an Úcráin. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhréireacht na cabhrach, cuirfear san áireamh an státchabhair arna fáil nó arna beartú i gcomhthéacs na géarchéime atá ann faoi láthair, agus go háirithe cabhair arna cur ar fáil faoin Teachtaireacht seo.

(39)  Communication from the Commission — Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnóthais neamhairgeadais atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] (IO C 249, 31.7.2014, lch. 1).

(40)  Iarrtar ar na Ballstáit leas a bhaint as na féidearthachtaí chun cabhair a dheonú, cabhair a formheasadh faoi na Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (CEEAG 2022), go háirithe a mhéid a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh nó bearta eile dícharbónaithe.

(41)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(42)  Féach Cinneadh SA.103012 (2022/NN) ón gCoimisiún an 12 Iúil 2022 - Beart dreasachta chun gás nádúrtha a stóráil i saoráid stórála Bergermeer le haghaidh na chéad tréimhse téimh eile.

(43)  Arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1032 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Meitheamh 2022 (IO L 173, 30.6.2022, lch. 17).

(44)  COM(2022) 360/2, 20 Iúil 2022.

(45)  Sampla i gcomhthéacs na giniúna cumhachta is ea Cinneadh SA.103662 (2022/N) ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2022 maidir le státchabhair – An Ghearmáin – Cúltaca soláthair cumhachta ligníte sealadach chun gás a spáráil.

(46)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 190, féach Airteagal 2(1)(28) den Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc.

(47)  IO L 225, 30.7.2014, lch. 1, féach Airteagal 3(1)(29) de Rialachán an tSásra Réitigh Aonair.

(48)  Communication on the recapitalisation of financial institutions in the current financial crisis: limitation of aid to the minimum necessary and safeguards against undue distortions of competition [Teachtaireacht maidir le hathchaipitliú na n-institiúidí airgeadais le linn na géarchéime airgeadais atá ann faoi láthair: teorannú na cabhrach go dtí an t-íosmhéid is gá agus coimircí i gcoinne saobhadh iomaíochta míchuí] (IO C 10, 15.1.2009, lch. 2); Communication from the Commission on the treatment of impaired assets in the Community financial sector [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le sócmhainní bearnaithe a láimhseáil in earnáil airgeadais an Chomhphobail] (IO C 72, 26.3.2009, lch. 1); Communication on the return to viability and the assessment of restructuring measures in the financial sector in the current crisis under the State aid rules [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le filleadh ar an inmharthanacht agus measúnú na mbeart athstruchtúraithe san earnáil airgeadais le linn na géarchéime atá ann faoi láthair faoi na rialacha státchabhrach] (IO C 195, 19.8.2009, lch. 9); Communication from the Commission on the application, from 1 January 2011, of State aid rules to support measures in favour of financial institutions in the context of the financial crisis [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2011, rialacha státchabhrach chun tacú le bearta i bhfabhar institiúidí airgeadais i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais] (IO C 329, 7.12.2010, lch. 7); Communication from the Commission on the application, from 1 January 2012, of State aid rules to support measures in favour of financial institutions in the context of the financial crisis [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Eanáir 2012, rialacha státchabhrach chun tacú le bearta i bhfabhar institiúidí airgeadais i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais] (IO C 356, 6.12.2011, lch. 7); agus Communication from the Commission on the application, from 1 August 2013, of State aid rules to support measures in favour of banks in the context of the financial crisis [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Lúnasa 2013, rialacha státchabhrach chun tacú le bearta i bhfabhar na mbanc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais] (“Teachtaireacht Baincéireachta 2013”) (IO C 216, 30.7.2013, lch. 1).

(49)  Aon bheart chun tacú le hinstitiúidí creidmheasa nó le hinstitiúidí airgeadais eile arb ionann é agus státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE agus nach dtagann faoin Teachtaireacht seo, ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith agus measúnófar é faoi na rialacha ábhartha maidir le státchabhair.

(50)  Mar a shainmhínítear i bhfonóta 48.

(51)  Cásanna uamtha T-132/96 agus T-143/96 Freistaat Sachsen agus páirtithe eile v An Coimisiún, EU:T:1999:326, mír 167.

(52)  Cinneadh 98/490/CE ón gCoimisiún i gCás C 47/96 Crédit Lyonnais (IO L 221, 8.8.1998, lch. 28), pointe 10.1; Cinneadh 2005/345/CE ón gCoimisiún i gCás C 28/02 Bankgesellschaft Berlin (IO L 116, 4.5.2005, lch. 1), pointí 153 et seq.; agus Cinneadh 2008/263/CE ón gCoimisiún i gCás C 50/06 BAWAG (IO L 83, 26.3.2008, lch. 7), pointe 166. Féach Cinneadh ón gCoimisiún i gCás NN 70/07 Northern Rock (IO C 43, 16.2.2008, lch. 1); Cinneadh ón gCoimisiún i gCás NN 25/08 Cúnamh tarrthála do Risikoabschirmung WestLB (IO C 189, 26.7.2008, lch. 3); Cinneadh ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2008 maidir le státchabhair C 9/08 SachsenLB (IO L 104, 24.4.2009, lch. 34); agus Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2017 i gcás SA.32544 (2011/C) Athstruchtúrú TRAINOSE S.A (IO L 186, 24.7.2018, lch. 25).

(53)  Mar shampla, Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(54)  I bhfianaise staid shonrach dhá ghéarchéim i ndiaidh a chéile a rinne difear do ghnóthais ar bhealaí éagsúla, féadfaidh na Ballstáit a roghnú cabhair a chur ar fáil faoin Teachtaireacht seo do ghnóthais atá i gcruachás freisin.

(55)  Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lch. 1); Rialachán (AE) Uimh. 1408/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis san earnáil talmhaíochta (IO L 352, 24.12.2013, lch. 9); Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 190, 28.6.2014, lch. 45); agus Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2012 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis arna deonú do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (IO L 114, 26.4.2012, lch. 8).

(56)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine) (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1); Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (IO L 193, 1.7.2014, lch. 1); agus Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach do ghnóthais atá gníomhach i dtáirgeadh, i bpróiseáil agus i margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 369, 24.12.2014, lch. 37).

(57)  Teachtaireacht ón gCoimisiún - Creat sealadach maidir le bearta státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig reatha COVID-19 (IO C 91I, 20.3.2020, lch. 1), arna leasú le Teachtaireachtaí C(2020) 2215 (IO C 112 I, 4.4.2020, lch. 1), C(2020) 3156 (IO C 164, 13.5.2020, lch. 3), C(2020) 4509 (IO C 218, 2.7.2020, lch. 3), C(2020) 7127 (IO C 340 I, 13.10.2020, lch. 1), C(2021) 564 (IO C 34, 1.2.2021, lch. 6), agus C(2021) 8442 (IO C 473, 24.11.2021, lch. 1) ón gCoimisiún.

(58)  Cabhair a dheonaítear ar bhonn scéimeanna arna bhformheas faoin roinn seo agus a aisíocadh roimh chabhair nua a dheonú faoin roinn seo ní chuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh an uasteorainn lena mbaineann.

(59)  Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 61(i).

(60)  Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 64(g).

(61)  Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm buntáiste cánach, ní mór gur tháinig an dliteanas cánach ar deonaíodh an buntáiste sin ina leith chun cinn tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023.

(62)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2(6) agus Airteagal 2(7) de Rialachán (CE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 193, 1.7.2014, lch. 1).

(63)  Cabhair a dheonaítear ar bhonn scéimeanna arna bhformheas faoin roinn seo agus a aisíocadh roimh chabhair nua a dheonú faoin roinn seo níor cheart go gcuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh an uasteorainn lena mbaineann.

(64)  Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 61(i).

(65)  Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 64(g).

(66)  Rialachán (AE) Uimh. 717/2014 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2014 maidir le hAirteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cabhair de minimis san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe (IO L 90, 28.6.2014, lch. 45).

(67)  Chun críoch na roinne seo, cumhdaítear leis an téarma “ráthaíochtaí poiblí ar iasachtaí” ráthaíochtaí ar tháirgí fachtóireachta áirithe freisin, is é sin ráthaíochtaí maidir le fachtóireacht iontaofa agus maoiniú slabhra soláthair i gcás ina bhfuil sé de cheart ag an bhfachtóir dul ar iontaoibh an fhachtóra. Ní mór táirgí maoinithe slabhra soláthair incháilithe a theorannú do tháirgí nach n-úsáidtear ach amháin tar éis don díoltóir a chuid den idirbheart a fhorghníomhú cheana féin, i.e. seachadadh an táirge nó an tseirbhís. Cumhdaítear léasú airgeadais leis an téarma “ráthaíochtaí poiblí ar iasachtaí” freisin. I gcás ina ndírítear ráthaíochtaí poiblí ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais leachtachta gnóthas ar gá dóibh comhthaobhachtaí airgeadais a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí trádála ar na margaí fuinnimh, i gcásanna eisceachtúla féadfaidh na ráthaíochtaí poiblí sin ráthaíochtaí bainc a chumhdach freisin nó féadfar iad a sholáthar mar chomhthaobhacht airgeadais do chontrapháirtithe lárnacha nó do chomhaltaí imréitigh.

(68)  Nuair is fiontair nuachruthaithe nach bhfuil trí chuntas bhliantúla dúnta acu iad tairbhithe an bhirt, déanfar an uasteorainn is infheidhme dá bhforáiltear i bpointe 61(e)(i) a ríomh bunaithe ar an méid ama atá ann don ghnóthas tráth a dhéanann an gnóthas an t-iarratas ar chabhair.

(69)  Nuair is fiontair nuachruthaithe nach bhfuil taifid acu le haghaidh iomlán an 12 mhí roimhe sin iad tairbhithe an bhirt, déanfar an uasteorainn is infheidhme dá bhforáiltear i bpointe 61(e)(ii) a ríomh bunaithe ar an méid ama atá ann don ghnóthas tráth a dhéanann an gnóthas an t-iarratas ar chabhair.

(70)  D’fhéadfadh baint a bheith ag an mbonn cirt ábhartha le tairbhithe atá gníomhach in earnálacha a bhfuil tionchar ag éifeachtaí díreacha nó indíreacha an ionsaithe orthu, lena n-áirítear smachtbhannaí arna bhforchur ag an Aontas, ag a chomhpháirtithe idirnáisiúnta, chomh maith le frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis, mar shampla. Féadfar a áireamh leis na héifeachtaí sin suaitheadh i slabhraí soláthair nó íocaíochtaí atá gan íoc ón Rúis nó ón Úcráin, rioscaí méadaithe cibear-ionsaithe nó ardú ar phraghsanna i gcás ionchuir shonracha nó amhábhair shonracha a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair orthu.

(71)  Mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

(72)  Féadfar caipiteal oibre agus costais infheistíochta araon a áireamh sa phlean leachtachta. Soiléiríonn an Coimisiún, fad atá an Teachtaireacht seo i bhfeidhm, go bhféadfaidh na Ballstáit ráthaíochtaí poiblí breise a dheonú faoin roinn seo do thairbhithe a bhfuil tacaíocht den sórt sin faighte acu cheana chun riachtanais leachtachta nua nár áiríodh sa mheasúnú ar na riachtanais leachtachta bhunaidh a chur san áireamh. Ní mór d’aon tacaíocht den sórt sin coinníollacha uile na Teachtaireachta seo a chomhlíonadh agus ní mór di a áirithiú nach gcumhdófar na riachtanais leachtachta chéanna ach an t-aon uair amháin.

(73)  Mar a mhínítear i bhfonóta 67 agus murab ionann agus ráthaíochtaí poiblí ar iasachtaí faoin roinn seo a úsáidtear chun soláthar leachtachta go díreach do ghnóthais a éascú, na ráthaíochtaí poiblí a sholáthraítear mar chomhthaobhacht airgeadais faoin bpointe (61)(g) seo, tá siad neamhchistithe agus soláthraítear iad go díreach don chontrapháirtí lárnach nó don chomhalta imréitigh gan aon bhunionstraim.

(74)  IO L 52, 23.2.2013, lch. 41.

(75)  Bonnrátaí arna ríomh i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Communication from the Commission on the revision of the method for setting the reference and discount rates [Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar an modh chun na rátaí tagartha agus lascaine a shocrú] (IO C 14, 19.1.2008, lch. 6) agus arna bhfoilsiú ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta ag https://ec.europa.eu/competition-policy/state-aid/legislation/reference-discount-rates-and-recovery-interest-rates_en.

(76)  I gás iasachtaí a dheonófar go dtí an 31 Nollaig 2022, féadfar bonnráta an 1 Feabhra 2022 a úsáid.

(77)  Má chuirtear tréimhse chairde i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí úis, ní mór na rátaí íosta úis a leagtar amach i bpointe 64(b) a chomhlíonadh agus ní mór ús a fhabhrú ón gcéad lá den tréimhse chairde agus ní mór iad a chaipitliú uair sa bhliain ar a laghad. Beidh fad na gconarthaí iasachta teoranta do shé bliana ón tráth a dheonófar an iasacht ach amháin má dhéantar modhnú air i gcomhréir le pointe 64(c) agus mura sárófar méid foriomlán na n-iasachtaí in aghaidh an tairbhí dá dtagraítear i bpointe 64(e).

(78)  Ba cheart an t-íosráta úis ilghnéitheach (bonnráta móide na corrlaigh riosca creidmheasa) a bheith ar a laghad 10 bps in aghaidh na bliana.

(79)  Ba cheart an t-íosráta úis ilghnéitheach (bonnráta móide na corrlaigh riosca creidmheasa) a bheith ar a laghad 10 bps in aghaidh na bliana.

(80)  Ba cheart an t-íosráta úis ilghnéitheach (bonnráta móide na corrlaigh riosca creidmheasa) a bheith ar a laghad 10 bps in aghaidh na bliana.

(81)  Féach an achoimre ar an gcásdlí maidir le modhnú faoi phointe 64(c) a foilsíodh ar shuíomh gréasáin DG na hIomaíochta ag https://ec.europa.eu/competition-policy/state-aid/ukraine_en.

(82)  Nuair is fiontair nuachruthaithe nach bhfuil trí chuntas bhliantúla dúnta acu iad tairbhithe an bhirt, déanfar an uasteorainn is infheidhme dá bhforáiltear i bpointe 64(e)(i) a ríomh bunaithe ar an méid ama atá ann don ghnóthas tráth a dhéanann an gnóthas an t-iarratas ar chabhair.

(83)  Nuair is fiontair nuachruthaithe nach bhfuil taifid acu le haghaidh iomlán an 12 mhí roimhe sin iad tairbhithe an bhirt, déanfar an uasteorainn is infheidhme dá bhforáiltear i bpointe 64(e)(ii) a ríomh bunaithe ar an méid ama atá ann don ghnóthas tráth a dhéanann an gnóthas an t-iarratas ar chabhair.

(84)  D’fhéadfadh baint a bheith ag an mbonn cirt ábhartha le tairbhithe atá gníomhach in earnálacha a bhfuil tionchar ar leith ag éifeachtaí díreacha nó indíreacha ionsaí na Rúise orthu, lena n-áirítear bearta sriantacha eacnamaíocha arna ndéanamh ag an Aontas agus ag a chomhpháirtithe idirnáisiúnta, chomh maith le frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis. Féadfar a áireamh leis na héifeachtaí sin suaitheadh i slabhraí soláthair nó íocaíochtaí atá gan íoc ón Rúis nó ón Úcráin, luaineacht mhéadaithe praghsanna ar mhargaí fuinnimh agus riachtanais chomhthaobhachta ghaolmhara, rioscaí méadaithe cibear-ionsaithe nó ardú ar phraghsanna i gcás ionchuir shonracha nó amhábhair shonracha a bhfuil tionchar ag an ngéarchéim atá ann faoi láthair orthu.

(85)  Mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

(86)  Féadfar caipiteal oibre agus costais infheistíochta araon a áireamh sa phlean leachtachta. Soiléiríonn an Coimisiún, fad atá an Teachtaireacht seo i bhfeidhm, go bhféadfaidh na Ballstáit iasachtaí fóirdheonaithe breise a dheonú faoin roinn seo do thairbhithe a bhfuil tacaíocht den sórt sin faighte acu cheana chun riachtanais leachtachta nua nár áiríodh sa mheasúnú ar na riachtanais leachtachta bhunaidh a chur san áireamh. Ní mór d’aon tacaíocht den sórt sin coinníollacha uile na Teachtaireachta seo a chomhlíonadh agus ní mór di a áirithiú nach gcumhdófar na riachtanais leachtachta chéanna ach an t-aon uair amháin.

(87)  De mhaolú air sin, nuair nach ndeonaítear an chabhair ach tar éis fíorú ex post ar dhoiciméadacht tacaíochta an tairbhí agus nuair a chinneann na Ballstáit gan an fhéidearthacht a chur san áireamh réamhíocaíochtaí a dheonú i gcomhréir le pointe 68, féadfar cabhair a dheonú go dtí an 31 Márta 2024 ar choinníoll go n-urramófaí an tréimhse incháilithe mar a shainítear i bpointe 66(e) agus na ceanglais i bpointe 68.

(88)  Má dheonaítear an chabhair i bhfoirm buntáiste cánach, ní mór gur tháinig an dliteanas cánach ar deonaíodh an buntáiste sin ina leith chun cinn tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023.

(89)  Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm ráthaíochtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 61(i).

(90)  Nuair a dheonaítear cabhair i bhfoirm iasachtaí faoin roinn seo, beidh feidhm ag na coinníollacha breise i bpointe 64(g).

(91)  COM/2022/360 final.

(92)  I gcas líonraí téimh agus fuaraithe ceantair, féadfaidh sé nach mbeidh sé indéanta i gcónaí an breosla a úsáideann an lárfhoinse a chinneadh go beacht. Sna cásanna sin, féadfaidh na Ballstáit brath ar dheimhniúcháin ó na hoibreoirí téimh ceantair nó ar mheastacháin lena dtugtar le fios meascán breosla na líonraí atá i gceist agus féadfaidh siad an fhaisnéis sin a úsáid chun sciar an ídithe téimh/fuaraithe is féidir a bheith incháilithe le haghaidh cúitimh faoin roinn seo a ríomh.

(93)  Chun críocha roinn 2.4 amháin, ciallaíonn “tairbhí” gnóthas nó eintiteas dlítheanach ar cuid de ghnóthas é.

(94)  Mar a léiríonn an tairbhí e.g. bunaithe ar an mbille faoi seach. Ní áireofar ach ídiú fuinnimh ag úsáideoirí deiridh, ní chuirfear díolacháin agus táirgeadh féin san áireamh. Ní áirítear ídiú fuinnimh na hearnála fuinnimh féin ná caillteanais a tharlaíonn le linn claochlú agus dáileadh fuinnimh.

(95)  Is éard is “gnó dianfhuinnimh” ann ná eintiteas dlítheanach inar ionann ceannacháin táirgí fuinnimh (lena n-áirítear táirgí fuinnimh seachas gás nádúrtha agus leictreachas) agus 3,0 % ar a laghad den luach táirgthe nó den láimhdeachas, bunaithe ar shonraí ó na tuarascálacha cuntasaíochta airgeadais le haghaidh bhliain féilire 2021. De rogha air sin, féadfar sonraí le haghaidh an chéad seimeastair de 2022 a úsáid, agus sa chás sin d’fhéadfadh an tairbhí a bheith incháilithe mar “ghnó dianfhuinnimh” más ionann ceannacháin táirgí fuinnimh (lena n-áirítear táirgí fuinnimh seachas gás nádúrtha agus leictreachas) agus 6,0 % ar a laghad den luach táirgthe nó den láimhdeachas.

(96)  Ciallaíonn EBITDA tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh, gan laguithe aon uaire a áireamh.

(97)  In Iarscríbhinn I liostaítear na hearnálacha agus na fo-earnálacha atá leochaileach go háirithe ar chaillteanas iomaíochais de dheasca na géarchéime fuinnimh, agus déine trádála le tríú tíortha agus déine astaíochtaí na hearnála agus na bhfo-earnála sin ina n-ionadaithe oibiachtúla ina leith. Measfar tairbhí a bheith gníomhach in earnáil nó fo-earnáil a liostaítear in Iarscríbhinn I de réir aicmiú an tairbhí sna cuntais earnálacha náisiúnta nó má ghin ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí a dhéanann sé agus a áirítear in Iarscríbhinn I breis agus 50 % dá láimhdeachas nó dá luach táirgthe le linn 2021.

(98)  COM(2022)230 final, 18 Bealtaine 2022.

(99)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(100)  Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, lch. 1).

(101)  Féadfar a áireamh ar na tosca sin, mar shampla, dianghlasáil shainordaitheach daoine de dheasca paindéime, nó suaití domhanda ar shlabhra soláthair an trealaimh is gá le haghaidh na dtionscadal. Ní áireofar orthu, áfach, moilleanna ar na ceadanna is gá le haghaidh an tionscadail a fháil.

(102)  Amhail EUR in aghaidh an tona de laghdú CO2.

(103)  Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).

(104)  Le conradh le haghaidh difríochta tá an tairbhí i dteideal íocaíocht atá comhionann leis an difear idir praghas “ceangail” agus praghas tagartha seasta – amhail praghas margaidh, in aghaidh an aonaid aschuir. Ina theannta sin, is éard a fhéadfaidh a bheith i gceist le conarthaí le haghaidh difríochta aisíocaíochtaí ó thairbhithe le cáiníocóirí nó le tomhaltóirí le haghaidh tréimhsí inar mó an praghas tagartha ná an praghas ceangail.

(105)  Cabhair le haghaidh infheistíochtaí arb é is aidhm dóibh astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha nó ídiú fuinnimh a laghdú, lena n-áirítear faoi bhun na n-uasteorainneacha i bpointe 73(d) den Teachtaireacht seo, féadfar í a dhíolmhú ó fhógra ar choinníoll go n-urramófar na rialacha i Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine.

(106)  Ní mór an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a thomhas faoi threoir meánastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha a bhí ann sna 5 bliana roimh an iarratas ar chabhair (meánastaíochtaí ar bhonn bliantúil).

(107)  Ní mór an laghdú ar ídiú fuinnimh a thomhas faoi threoir ídiú fuinnimh a bhí ann sna 5 bliana roimh an iarratas ar chabhair (meánídiú ar bhonn bliantúil).

(108)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/447 ón gCoimisiún an 12 Márta 2021 lena gcinntear luachanna tagarmhairc athbhreithnithe le haghaidh lamháltais astaíochtaí a leithdháileadh saor in aisce don tréimhse ó 2021 go 2025 de bhun Airteagal 10a(2) de Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 87, 15.3.2021, lch. 29).

(109)  Féadfar a áireamh ar na tosca sin, mar shampla, dianghlasáil shainordaitheach daoine de dheasca paindéime, nó suaití domhanda ar shlabhra soláthair an trealaimh is gá le haghaidh na dtionscadal. Ní áireofar orthu, áfach, moilleanna ar na ceadanna is gá le haghaidh an tionscadail a fháil.

(110)  Mar a shainítear i bpointe 19(89) den Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022 (IO C 80, 18.2.2022, lch. 1).

(111)  Ní mór an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha nó ar ídiú fuinnimh a thomhas faoi threoir meánastaíochtaí gás ceaptha teasa díreacha nó méanídiú fuinnimh a bhí ann sna 5 bliana roimh an iarratas ar chabhair (meánastaíochtaí/meánídiú ar bhonn bliantúil).

(112)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261I, 7.10.2022, lch. 1).

(113)  Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás (IO L 206, 8.8.2022, lch. 1).

(114)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261I, 7.10.2022, lch. 1).

(115)  Go ginearálta, measfar gá a bheith leis an gcabhair sin má rannchuidíonn sí leis an laghdú ar ídiú gáis a bhaint amach.

(116)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) (IO L 158, 14.6.2019, lch. 125).

(117)  i.e. méadrú lena dtomhaistear ídiú ar leithligh nuair is gá laghdú breise a dhéanamh ar an éileamh agus nuair nach gá sin.

(118)  ní mór “uaireanta seachbhuaice” a shainmhíniú chun ídiú leictreachais a sheachaint go ginearálta nuair a úsáidtear gás chun cumhacht a ghiniúint.

(119)  Mar shampla, i gcás ina roghnaítear na tairbhithe bunaithe ar phraghas an toillte (EUR/MW), le haghaidh laghdú ar ídiú le linn líon seasta uaireanta. Sa chás sin, ní mór líon na n-uaireanta a shainiú ex ante.

(120)  Rialachán (AE) 2022/1854 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le hidirghabháil éigeandála chun aghaidh a thabhairt ar phraghsanna arda fuinnimh (IO L 261I, 7.10.2022, lch. 1).

(121)  Tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a éilítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún. Maidir le hairleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí, iasachtaí, iasachtaí fo-ordaithe agus foirmeacha eile, cuirfear luach ainmniúil na bunionstraime isteach in aghaidh an tairbhí. Maidir le buntáistí cánach agus íocaíochta, féadfar méid cabhrach na cabhrach aonair a léiriú i raonta.

(122)  Tagairt a dhéanamh don fhaisnéis a éilítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún agus in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1388/2014 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2014. Maidir le hairleacain inaisíoctha, ráthaíochtaí, iasachtaí, iasachtaí fo-ordaithe agus foirmeacha eile, cuirfear luach ainmniúil na bunionstraime isteach in aghaidh an tairbhí. Maidir le buntáistí cánach agus íocaíochta, féadfar méid cabhrach na cabhrach aonair a léiriú i raonta.

(123)  Tugann an cuardach poiblí maidir le trédhearcacht státchabhrach rochtain ar shonraí dámhachtana aonair státchabhrach a chuireann na Ballstáit ar fáil i gcomhréir leis na ceanglais trédhearcachta Eorpacha maidir le státchabhair agus is féidir teacht orthu ag https://webgate.ec.europa.eu/competition/transparency/public?lang=en.

(124)  IO L 140, 30.4.2004, lch. 1.

(125)  IO C 131I, 24.3.2022 lch 1.

(126)  IO C 280, 21.7.2022, lch. 1.

(127)  IO C 119, 22.5.2002, lch. 22.


IARSCRÍBHINN I

Earnálacha agus fo-earnálacha atá buailte go mór (1)

 

Cód NACE

Tuairisc

1

0510

Mianadóireacht guail chrua

2

0610

Eastóscadh peitriliam amh

3

0710

Mianadóireacht amhiarann

4

0729

Mianadóireacht mianta miotail eile neamhfheiriúla

5

0891

Mianadóireacht mianraí ceimiceacha agus leasacháin

6

0893

Eastóscadh salainn

7

0899

Mianadóireacht agus cairéalacht eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

8

1041

Monarú olaí agus saillte

9

1062

Monarú stáirsí agus táirgí stáirse

10

1081

Monarú siúcra

11

1106

Monarú braiche

12

1310

Ullmhú agus sníomh snáithíní teicstíle

13

1330

Bailchríochnú teicstílí

14

1395

Monarú ábhar neamhfhite agus earraí déanta as ábhair neamhfhite, seachas éadaí

15

1411

Monarú éadaí leathair

16

1621

Monarú leathán veiníre agus painéal adhmadbhunaithe

17

1711

Monarú laín

18

1712

Monarú páipéir agus páipéarchláir

19

1910

Monarú táirgí oighinn cóic

20

1920

Monarú táirgí peitriliam scagtha

21

2011

Monarú gás tionsclaíoch

22

2012

Monarú ruaimeanna agus líocha

23

2013

Monarú ceimiceán bunúsach eile neamhorgánach

24

2014

Monarú ceimiceán bunúsach eile orgánach

25

2015

Monarú leasúchán agus comhdhúl nítrigine

26

2016

Monarú plaisteach i bhfoirmeacha príomhúla

27

2017

Monarú rubair shintéisigh i bhfoirmeacha príomhúla

28

2060

Monarú snáithíní de dhéantús an duine

29

2110

Monarú buntáirgí cógaisíochta

30

2311

Monarú gloine comhréidhe

31

2313

Monarú tollghloine

32

2314

Monarú snáithíní gloine

33

2319

Monarú agus próiseáil gloine eile, lena n-áirítear earraí teicniúla gloine

34

2320

Monarú táirgí teasfhulangacha

35

2331

Monarú tíleanna ceirmeacha agus leac ceirmeach

36

2332

Monarú brící, tíleanna agus táirgí foirgníochta i gcré bhácáilte

37

2341

Monarú rudaí tí ceirmeacha agus rudaí ornáideacha

38

2342

Monarú daingneán ceirmeach sláintíochta

39

2351

Monarú stroighne

40

2352

Monarú aoil agus plástair

41

2399

Monarú táirgí mianraí neamh-mhiotalacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile

42

2410

Monarú buniarainn agus bunchruach agus fearó-chóimhiotal

43

2420

Monarú feadán, píobán, tollphróifílí agus feisteas gaolmhar, atá déanta as cruach

44

2431

Fuartharraingt barraí

45

2442

Táirgeadh alúmanaim

46

2443

Táirgeadh luaidhe, since agus stáin

47

2444

Táirgeadh copair

48

2445

Táirgeadh miotail neamhfheiriúil eile

49

2446

Próiseáil breosla núicléach

50

2451

Teilgean iarainn


 

Cód Prodcom

Tuairisc

1

81221

Caoilín agus créanna eile caoilíneacha

2

10311130

Prátaí reoite, iad ullmhaithe nó leasaithe (lena n-áirítear prátaí a dhéantar a chócaráil nó a leathchócaráil in ola agus a dhéantar a reo ina dhiaidh sin; seachas le fínéagar nó le haigéad aicéiteach)

3

10311300

Prátaí triomaithe i bhfoirm plúir, mine, calóg, gráinníní agus millíní

4

10391725

Purée agus leafaos dlúth trátaí

5

105122

Púdar bainne iomláin

6

105121

Púdar bainne bhearrtha

7

105153

Cáiséin

8

105154

Lachtós agus síoróip lachtóis

9

10515530

Meadhg agus meadhg modhnaithe i bpúdar, gráinníní nó foirmeacha soladacha eile, bídís comhdhlúite nó ná bídís nó bíodh ábhar milsithe curtha leo nó ná bíodh

10

10891334

Giosta aráin

11

20302150

Cruain agus glónraí inghloinithe, eingeobanna (brait chríche) agus ullmhóidí comhchosúla le haghaidh ceirmeach, cruanadh nó gloine

12

20302170

Lonruithe leachtacha agus ullmhóidí comhchosúla; friochtachán gloine agus gloine eile i bhfoirm púdair, gráinníní nó calóg

13

25501134

Páirteanna feiriúla arna ghaibhniú i ndísle oscailte le haghaidh fearsaidí tarchuir, ceamfhearsaidí, cromfhearsaidí agus cromáin etc.


(1)  Na hearnálacha agus na fo-earnálacha a liostaítear faoi threoir a ndéine astaíochtaí agus a ndéine trádála, comhfhreagraíonn siad dóibh siúd a liostaítear i gCinneadh Tarmligthe (AE) 2019/708 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2019 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cinneadh na n-earnálacha agus na bhfo-earnálacha a mheastar a bhfuil riosca sceite carbóin ag roinnt leo le haghaidh na tréimhse 2021 go 2030 (IO L 120, 8.5.2019, lch. 20).


IARSCRÍBHINN II

Tábla comhghaoil

An Creat Sealadach Géarchéime arna ghlacadh an 23 Márta 2022 agus arna leasú an 20 Iúil 2022

An Creat Sealadach Géarchéime seo

Pointí

(1)-(14)

Pointí

(1)-(14)

Pointe

14bis

Pointe

15

 

 

Pointí Nua

(16)-(17)

Pointe

15

Pointe

18

Pointe

16

Pointe

19

Pointe

17

Pointe

20

Pointe

18

Pointe

21

Pointe

19

Pointe

22

 

 

Pointí Nua

(23)-(24)

Pointe

20

Pointe

25

Pointe

21

Pointe

26

Pointe

22

Pointe

27

Pointe

23

Pointe

28

 

 

Pointí Nua

(29)-(32)

Pointe

24

Pointe

33

Pointe

25

Pointe

34

Pointe

25bis

Pointe

35

Pointe

26

Pointe

36

Pointe

26bis

Pointe

37

Pointe

26ter

Pointe

38

Pointe

26quarter

Pointe

39

Pointe

26quinquies

Pointe

40

Pointe

27

Pointe

41

Pointe

28

Pointe

42

Pointe

29

Pointe

43

Pointe

30

Pointe

44

Pointe

31

Pointe

45

Pointe

32

Pointe

46

Pointe

33

Pointe

47

Pointe

34

Pointe

48

Pointe

35

Pointe

49

Pointe

36

Pointe

50

Pointe

37

Pointe

51

Pointe

38

Pointe

52

Pointe

39

Pointe

53

Pointe

40

Pointe

54

Pointe

41

Pointe

55

Pointe

42

Pointe

56

Pointe

43

Pointe

57

Pointe

44

Pointe

58

Pointe

45

Pointe

59

Pointe

46

Pointe

60

Pointe

47

Pointe

61

 

 

Folitir nua

61(g)

Pointe

47(g)

Pointe

61(h)

Pointe

47(h)

Pointe

61(i)

Pointe

48

Pointe

62

Pointe

49

Pointe

63

Pointe

50

Pointe

64

Pointe

51

Pointe

65

Pointe

52

Pointe

66

Pointe

53

Pointe

67

 

 

Pointe Nua

68

Pointe

53bis

Pointe

69

Pointe

53ter

Pointe

70

 

 

Pointe Nua

71

Pointe

53quarter

Pointe

72

Pointe

53quinquies

Pointe

73

 

 

Pointí Nua

(74)-(75)

Pointe

54

Pointe

76

 

 

Pointe Nua

77

Pointe

55

Pointe

78

Pointe

56

Pointe

79

Pointe

57

Pointe

80

Pointe

58

Pointe

81

Pointe

59

Pointe

82

 

 

Pointí Nua

(83)-(86)

Pointe

60

Pointe

87

Pointe

61

Pointe

88


9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/35


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10950 – OTPP / MAHINDRA / MSPL)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 426/02)

An 4 Samhain 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10950. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/36


Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2186, agus i Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle

(2022/C 426/03)

Cuirtear an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid na ndaoine a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2186 (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir.

Tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas arna n-ainmniú sna hiarscríbhinní thuasluaite, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh, gur cheart do na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1894, agus i Rialachán (AE) 2019/1890 leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine agus na heintitis sin.

Cuirtear in iúl do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890 a bhaineann le bearta sriantacha I bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (féach Airteagal 9 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 15 Iúil 2023, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Chinneadh (CBES ) 2017/2074 agus le hAirteagal 17(4) de Rialachán (AE) 2017/2063.

Tugtar ar aird na ndaoine lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d'Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d'Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 291, 12.11.2019, lch. 47.

(2)  IO L 288, 9.11.2022, lch. 81.


9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/38


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2019/1890 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

(2022/C 426/04)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2186 (1), agus Rialachán (AE) Uimh. 2019/1890.

Is í RELEX.1. san Ard-Stiúrthóireacht um Ghnóthaí Eachtracha, Méadú agus Cosaint Shibhialta rialaitheoir na hoibríochta próiseála sin - RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht), ar féidir dul i dteagmháil léi ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí ARC ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2019/1894, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2186 ón gComhairle, agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1890.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2019/1894 agus i Rialachán (AE) 2019/1890.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar d'aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart rochtana, chomh maith leis an gceart go ndéanfaí ceartúcháin nó an ceart chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 288, 9.11.2022, lch. 81.


9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/39


Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2178, agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2177 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

(2022/C 426/05)

Na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2013/184/CBES (1) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2178 (2) ón gComhairle, agus in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2177 (4) ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma, dírítear a n-aird siúd ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tá cinneadh déanta ag Comhairle an Aontais Eorpaigh gur cheart na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí a ndéantar trácht orthu sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma. Luaitear sna hiontrálacha ábhartha sna hIarscríbhinní sin na forais ar a ndearnadh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann a liostú.

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4b den Rialachán).

Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann, iarraidh, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 3 Márta 2023, ag an seoladh seo a leanas, go ndéanfaí athmhachnamh ar an gcinneadh a rinneadh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1.

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh 2013/184/CBES agus le hAirteagal 4i(4) de Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

Cuirtear in iúl do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 275, agus sa cheathrú agus sa séú mír d’Airteagal 263, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 111, 23.4.2013, lch. 75.

(2)  IO L 286, 8.11.2022, lch. 12.

(3)  IO L 121, 3.5.2013, lch. 1.

(4)  IO L 286, 8.11.2022, lch. 1.


9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/40


Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí sin a bhfuil feidhm maidir leo ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2013/184/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Maenmar/Burma

(2022/C 426/06)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála seo Cinneadh 2013/184/CBES (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2178 ón gComhairle (2), agus Rialachán (AE) Uimh. 401/2013 (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2177 ón gComhairle (4).

Is í Roinn RELEX.1 in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1.

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh 2013/184/CBES, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/2178, agus Rialachán (AE) Uimh. 401/2013, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2177.

Is iad na hábhair sonraí na daoine nádúrtha sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh 2013/184/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 401/2013.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a chomhroinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar do shrianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).


(1)  IO L 111, 23.4.2013, lch. 75.

(2)  IO L 286, 8.11.2022, lch. 12.

(3)  IO L 121, 3.5.2013, lch. 1.

(4)  IO L 286, 8.11.2022, lch. 1.


An Coimisiún Eorpach

9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/41


Rátaí malairte an euro (1)

8 Samhain 2022

(2022/C 426/07)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

0,9996

JPY

yen na Seapáine

146,25

DKK

krone na Danmhairge

7,4378

GBP

punt steirling

0,87378

SEK

krona na Sualainne

10,8373

CHF

franc na hEilvéise

0,9911

ISK

króna na hÍoslainne

146,30

NOK

krone na hIorua

10,2795

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,326

HUF

forint na hUngáire

400,75

PLN

zloty na Polainne

4,6918

RON

leu na Rómáine

4,8978

TRY

lira na Tuirce

18,5991

AUD

dollar na hAstráile

1,5435

CAD

dollar Cheanada

1,3489

HKD

dollar Hong Cong

7,8468

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6860

SGD

dollar Shingeapór

1,4022

KRW

won na Cóiré Theas

1 377,94

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,8397

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,2495

HRK

kuna na Cróite

7,5390

IDR

rupiah na hIndinéise

15 652,76

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7346

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,187

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,220

BRL

real na Brasaíle

5,2030

MXN

peso Mheicsiceo

19,4495

INR

rúipí na hIndia

81,5180


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/42


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht chun forálacha maidir le sreafaí sonraí trasteorann a áireamh sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch

(2022/C 426/08)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin MECShttps://edps.europa.eu)

An 12 Iúil 2022, d’eisigh an Coimisiún Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht chun forálacha maidir le sreabha sonraí trasteorann a áireamh sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (1).

Síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (2) an 17 Iúil 2018. Is é cuspóir ar leithligh an Chomhaontaithe formhór mór na ndleachtanna a íocann cuideachtaí an Aontais agus cuideachtaí Seapánacha agus bacainní trádála teicniúla agus rialála eile a bhaint.

An 23 Eanáir 2019, chinn an Coimisiún toradh leordhóthanachta a ghlacadh i leith na Seapáine. Dá bhrí sin, féadfar sonraí pearsanta a aistriú ó rialaitheoir nó ó phróiseálaí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) chuig eagraíochtaí sa tSeapáin a chumhdaítear leis an toradh leordhóthanachta gan gá le haon údarú breise a fháil.

Tugann MECS dá aire go mbainfeadh an chaibidlíocht go heisiach le sreafaí sonraí trasteorann. Ós rud é gur ghlac an Coimisiún toradh leordhóthanachta i leith na Seapáine in 2019, molann MECS go mionsonrófaí na cúiseanna, in ainneoin an toraidh leordhóthanachta sin, go meastar go bhfuil gá le tuilleadh caibidlíochta maidir le sreafaí sonraí trasteorann.

Is díol sásaimh do MECS an tsonraíocht gur cheart na forálacha maidir le sreafaí sonraí trasteorann a bheith comhleanúnach leis na forálacha cothrománacha i dtaca le sreafaí sonraí trasteorann agus cosaint sonraí pearsanta i gcaibidlíochtaí trádála. Is comhréiteach cothrom idir leasanna poiblí agus leasanna príobháideacha iad na forálacha cothrománacha, a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí Iúil 2018, toisc go gcuireann siad ar chumas an Aontais dul i ngleic le cleachtais chaomhnaithe i dtríú tíortha i ndáil leis an trádáil dhigiteach, agus é á áirithiú ag an am céanna nach féidir comhaontuithe trádála a úsáid chun dúshlán a thabhairt don ardleibhéal cosanta a ráthaítear le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.

Tuigeann MECS na treoracha caibidlíochta agus na forálacha cothrománacha mar bhearta a cheadaíonn, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, bearta lena gceanglófaí ar rialaitheoirí nó ar phróiseálaithe sonraí pearsanta a stóráil in AE/in LEE. Meabhraíonn MECS gur mhol sé le déanaí, in éineacht leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, gur cheart go gceanglófaí ar rialaitheoirí agus próiseálaithe, atá bunaithe in AE/in LEE agus sonraí sláinte leictreonacha pearsanta a phróiseáil laistigh de raon feidhme an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, na sonraí sin a stóráil in AE/in LEE, gan dochar don fhéidearthacht sonraí sláinte leictreonacha pearsanta a aistriú i gcomhréir le Caibidil V den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) (3). Chun aon amhras a sheachaint, molann MECS a shoiléiriú go sainráite sna treoracha caibidlíochta nár cheart go gcuirfeadh na rialacha a caibidlíodh cosc ar AE ná ar na Ballstáit bearta a ghlacadh, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, lena gceanglófaí ar rialaitheoirí nó próiseálaithe sonraí pearsanta a stóráil in AE/in LEE.

1.   RÉAMHRÁ

1.

An 12 Iúil 2022, d’eisigh an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) Moladh le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht chun forálacha maidir le sreafaí sonraí trasteorann a áireamh sa Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (“an Moladh”).

2.

Le cinneadh an 29 Samhain 2012, d’fhormheas an Chomhairle treoracha caibidlíochta maidir leis an gCoimisiún comhaontú saorthrádála a chaibidliú leis an tSeapáin, ar ar a mbonn a ndearna an Coimisiún caibidlíocht ar an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, a síníodh an 17 Iúil 2018 (“an Comhaontú”). Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Feabhra 2019. Is é cuspóir ar leithligh an Chomhaontaithe formhór mór na ndleachtanna a íocann cuideachtaí an Aontais agus cuideachtaí Seapánacha agus bacainní trádála teicniúla agus rialála eile a bhaint.

3.

I gCaibidil 8 den Chomhaontú tá forálacha maidir le trádáil i seirbhísí, i léirscaoileadh infheistíochta agus i dtráchtáil leictreonach. Foráiltear le hAirteagal 8.81 den Chomhaontú, a bhaineann le saorshreabhadh sonraí, “go ndéanfaidh na Páirtithe athmheasúnú laistigh de thrí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo ar an ngá atá le forálacha maidir le saorshreabhadh sonraí a áireamh sa Chomhaontú seo”. Sa chruinniú a bhí aige an 25 Márta 2022, d’iniúch an Comhchoiste arna bhunú le hAirteagal 22.1 den Chomhaontú cé acu an mbainfeadh nó nach mbainfeadh an chomhpháirtíocht eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin tairbhe as forálacha maidir le sreafaí sonraí trasteorann a áireamh sa Chomhaontú. Ar bhonn an iniúchta sin, thug ionadaithe an Aontais Eorpaigh agus na Seapáine, ag an 28ú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin (i mí na Bealtaine 2022), gealltanas machnamh a dhéanamh maidir leis an gcaibidlíocht is gá a sheoladh chun forálacha den chineál sin a chur leis an gComhaontú (4).

4.

Mar a chuirtear in iúl go soiléir i dteideal an Mholta, is é is cuspóir dó a údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an tSeapáin d’fhonn forálacha maidir le sreafaí sonraí a chur sa Chomhaontú.

5.

Eisítear an Tuairim seo ó MECS mar fhreagairt ar chomhairliúchán a rinne an Coimisiún Eorpach an 22 Iúil 2022, de bhun Airteagal 42(1) RGCS (5).

5.   CONCLÚIDÍ

17.

I bhfianaise an méid thuas, déanann MECS na moltaí seo a leanas:

(1)

mionsonrú a dhéanamh in aithris ar na cúiseanna a mheastar go bhfuil gá le tuilleadh caibidlíochta maidir le sreabha sonraí trasteorann, d’ainneoin an Toraidh Leordhóthanachta;

(2)

a shoiléiriú, sna treoracha caibidlíochta atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an Moladh, nár cheart go gcuirfeadh na rialacha a caibidlíodh cosc ar AE ná ar na Ballstáit forchur ar rialaitheoirí agus ar phróiseálaithe, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, sonraí pearsanta a stóráil in AE/in LEE; agus

(3)

tagairt a dhéanamh do chomhairliúchán MECS in aithris.

An Bhruiséil, 9 Lúnasa 2022.

p.o. Leonardo CERVERA NAVAS

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM(2022) 336 final, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:52022PC0336&from=FR

(2)  IO L 330, 27.12.2018, lch. 3.

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.).

(4)  Aithris 2 den Mholadh.

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/44


Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

(2022/C 426/09)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha maidir le húdaruithe a dheonú agus a úsáid le haghaidh sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin, tugann an Aireacht Chomhshaoil fógra leis seo go bhfuil iarratas faighte aici ar réamhthoiliú le haghaidh togra chun láithreán eastósctha Doubrava u Orlové I a bhunú chun an taisce gáis nádúrtha a bhaineann le seam guail Důl Doubrava (uimhir chlárúcháin thaisce 070100) a shaothrú. Baineann an t-iarratas le limistéar polagánach de thart ar 9,537211 km.2. Tá an limistéar suite laistigh de limistéar cadastrach bhardais Horní Lutyně, Doubrava u Orlové, Karviná-Doly, Orlová agus Poruba u Orlové i Réigiún Moravia-Silesia (oirthuaisceart Phoblacht na Seice).

Maidir leis an Treoir a luaitear sa teideal agus le hAlt 24 de Ghníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú, tugann Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice cuireadh do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha atá údaraithe chun gníomhaíochtaí mianadóireachta a dhéanamh (eintitis chonarthacha) iarratas iomaíoch a chur isteach ar réamhthoiliú chun láithreán eastósctha a bhunú sa limistéar atá sonraithe thuas.

Is í an Aireacht Chomhshaoil an t-údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh. Tá na critéir, na coinníollacha agus na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 6(2) den Treoir leagtha amach ina n-iomláine i reachtaíocht Phoblacht na Seice i nGníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú.

Féadfar iarratais a chur isteach le linn na 90 lá tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig an Aireacht Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:

RNDr. Martin Holý

ředitel odboru geologie

Ministerstvo životního prostředí

Vršovická 65

100 10 Praha 10

POBLACHT NA SEICE

Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis don tréimhse sin dul in éag. Déanfar cinneadh ar na hiarratais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ach í a iarraidh ó roinn geolaíochta na hAireachta tríd an seoladh r-phoist martin.holy@mzp.cz.


IARSCRÍBHINN

Image 1


9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/46


Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

(2022/C 426/10)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha i ndáil le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin, tugann an Aireacht Chomhshaoil fógra leis seo go bhfuil iarratas faighte aici ar réamhthoiliú le haghaidh togra chun láithreán eastósctha Lazy I a bhunú chun an taisce gáis nádúrtha a bhaineann le seam guail Důl Lazy (uimhir chlárúcháin taisce 070700) a shaothrú. Baineann an t-iarratas le limistéar polagánach de thart ar 6,066913 km.2. Tá an limistéar suite laistigh de limistéar cadastrach bhardais Orlová, Lazy u Orlové agus Karviná-Doly i Réigiún Moravia-Silesia (oirthuaisceart Phoblacht na Seice).

Maidir leis an Treoir a luaitear sa teideal agus le hAlt 24 de Ghníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú, tugann Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice cuireadh do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha atá údaraithe chun gníomhaíochtaí mianadóireachta a dhéanamh (eintitis chonarthacha) iarratas iomaíoch a chur isteach ar réamhthoiliú chun láithreán eastósctha a bhunú sa limistéar atá sonraithe thuas.

Is í an Aireacht Chomhshaoil an t-údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh. Tá na critéir, na coinníollacha agus na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 6(2) den Treoir leagtha amach ina n-iomláine i reachtaíocht Phoblacht na Seice i nGníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú.

Féadfar iarratais a chur isteach le linn na 90 lá tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig an Aireacht Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:

RNDr. Martin Holý

ředitel odboru geologie

Ministerstvo životního prostředí

Vršovická 65

100 10 Praha 10

POBLACHT NA SEICE

Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis don tréimhse sin dul in éag. Déanfar cinneadh ar na hiarratais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ach í a iarraidh ó roinn geolaíochta na hAireachta tríd an seoladh r-phoist martin.holy@mzp.cz..


IARSCRÍBHINN

Image 2


9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/48


Fógra arna eisiúint ag Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha a bhaineann le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin

(2022/C 426/11)

I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Threoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha i ndáil le húdaruithe a dheonú agus a úsáid chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin, tugann an Aireacht Chomhshaoil fógra leis seo go bhfuil iarratas faighte aici ar réamhthoiliú le haghaidh togra chun láithreán eastósctha Stonava I a bhunú chun an taisce gáis nádúrtha a bhaineann le seam guail Důl 9.květen (uimhir chlárúcháin taisce 070200) a shaothrú. Baineann an t-iarratas le limistéar polagánach de thart ar 11,507524 km.2. Tá an limistéar suite laistigh de limistéar cadastrach bhardais Karviná-Doly, Stonava, Albrechtice u Českého Těšína agus Horní Suchá i Réigiún Moravia-Silesia (oirthuaisceart Phoblacht na Seice).

Maidir leis an Treoir a luaitear sa teideal agus le hAlt 24 de Ghníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú, tugann Aireacht Chomhshaoil Phoblacht na Seice cuireadh do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha atá údaraithe chun gníomhaíochtaí mianadóireachta a dhéanamh (eintitis chonarthacha) iarratas iomaíoch a chur isteach ar réamhthoiliú chun láithreán eastósctha a bhunú sa limistéar atá sonraithe thuas.

Is í an Aireacht Chomhshaoil an t-údarás atá inniúil chun an cinneadh a dhéanamh. Tá na critéir, na coinníollacha agus na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 5(1) agus (2) agus in Airteagal 6(2) den Treoir leagtha amach ina n-iomláine i reachtaíocht Phoblacht na Seice i nGníomh Uimh. 44/1988 maidir le hacmhainní mianraí a chosaint agus a shaothrú (an tAcht Mianadóireachta), arna leasú.

Féadfar iarratais a chur isteach le linn na 90 lá tar éis fhoilsiú an fhógra seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart iad a sheoladh chuig an Aireacht Chomhshaoil ag an seoladh seo a leanas:

RNDr. Martin Holý

ředitel odboru geologie

Ministerstvo životního prostředí

Vršovická 65

100 10 Praha 10

POBLACHT NA SEICE

Ní bhreithneofar iarratais a gheofar tar éis don tréimhse sin dul in éag. Déanfar cinneadh ar na hiarratais tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis don tréimhse sin dul in éag. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ach í a iarraidh ó roinn geolaíochta na hAireachta tríd an seoladh r-phoist martin.holy@mzp.cz..


IARSCRÍBHINN

Image 3


Ceartúcháin

9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 426/50


Ceartúchán ar ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin: — 2,00 % an 1 Samhain 2022 — Rátaí malairte an euro

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 421 an 4 Samhain 2022 )

(2022/C 426/12)

Ar an gclúdach, agus ar leathanach 4, sa teideal:

in ionad:

“2,00 % an 1 Samhain 2022”,

léitear:

“1,25 % an 1 Samhain 2022”.