ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 417A

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
31 Deireadh Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

Europol

2022/C 417 A/01

Fógra Folúntais Europol/2022/TA/AD14/513 — Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol — Stiúrthóireacht na gCumas (Príomh-Oifigeach Faisnéise)

1


GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

Europol

31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 417/1


Fógra Folúntais Europol/2022/TA/AD14/513

Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol — Stiúrthóireacht na gCumas (Príomh-Oifigeach Faisnéise)

(2022/C 417 A/01)

 

1.   MAIDIR LE EUROPOL

Gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) atá lonnaithe sa Háig, an Ísiltír, is ea Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol). Bunaíodh Europol in 1995 le Coinbhinsiún faoi Airteagal K den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Bunaíodh é mar eintiteas de chuid an Aontais in 2009 le Cinneadh 2009/371/CGB (1). Bunaíodh Europol mar Ghníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa (2) agus ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlamint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

Is é an cuspóir atá ag Europol tacú agus treisiú le gníomhaíocht ag údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d’fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhéanann difear do leas coiteann a chumhdaítear le beartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac.

Chun an misean sin a bhaint amach, tá 836 bhall foirne fostaithe in Europol faoi láthair mar aon le saineolaithe náisiúnta, oiliúnaithe, intéirnigh agus conraitheoirí ar iasacht. Leithdháileadh buiséad EUR 192,4 milliún do Europol le haghaidh 2022. Tá Europol ina óstach do phobal mór oifigeach idirchaidrimh forfheidhmithe dlí ó Bhallstáit an Aontais agus ó Thríú Tíortha, ar dlúthchuid iad de thimpeallacht oibre dhinimiciúil Europol.

Is iad seo a leanas na príomhchúraimí atá ar Europol:

faisnéis, lena n-áirítear faisnéis choiriúil, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú,

na Ballstáit a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon fhaisnéis agus aon cheangal idir cionta coiriúla a bhaineann leo,

tacú le gníomhaíochtaí trasteorann malartaithe faisnéise, oibríochtaí trasteorann agus imscrúduithe trasteorann na mBallstát, agus le foirne comhpháirteacha um imscrúdú freisin, lena n-áirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar,

gníomhaíochtaí oibríochtúla agus imscrúdaitheacha a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme chun tacú le gníomhaíocht ag údaráis inniúla na mBallstát agus chun gníomhaíochtaí den sórt sin a neartú,

faisnéis agus tacaíocht anailíseach a chur ar fáil do na Ballstáit i dtaca le mórimeachtaí idirnáisiúnta,

measúnuithe ar bhagairtí, anailísí straitéiseacha agus oibríochtúla agus tuarascálacha ginearálta staide a ullmhú;

saineolas faoi mhodhanna chosc na coireachta, nósanna imeachta imscrúdaitheacha agus modhanna teicniúla agus fóiréinseacha a fhorbairt, a chomhroinnt agus a chur chun cinn, agus comhairle a chur ar fáil do na Ballstáit,

oiliúint speisialaithe a sholáthar agus cabhrú leis na Ballstáit oiliúint a eagrú, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais a sholáthar, laistigh de raon feidhme a chuspóirí agus i gcomhréir leis na hacmhainní foirne agus buiséadacha atá ar fáil dó i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL),

comhoibriú le comhlachtaí ábhartha an Aontais agus leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), go háirithe trí mhalartuithe faisnéise agus trí thacaíocht anailíse sna réimsí a thagann laistigh dá n-inniúlacht a chur ar fáil dóibh,

faisnéis agus tacaíocht a chur ar fáil do struchtúir bhainistithe géarchéime AE agus do mhisin AE arna mbunú ar bhonn an Chonartha ar an Aontas Eorpach, a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol,

lárionaid saineolais Aontais a fhorbairt chun cineálacha áirithe coireachta a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chomhrac,

tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát d’fhonn saghsanna coireachta a chosc agus a chomhrac, ar saghsanna coireachta iad a éascaítear, a chuirtear chun cinn agus a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, lena n-áirítear, i gcomhar leis na Ballstáit, ábhar ar an idirlíon a chur ar aghaidh.

Agus na cúraimí sin á ndéanamh, oibríonn Europol i ndlúthchomhar le Gníomhaireachtaí agus le comhlachtaí eile de chuid an Aontais, go háirithe Frontex, Eurojust, OIPE, CEPOL, eu-LISA, EASO, EMCDDA agus ENISA. Tá INTERPOL ina chomhpháirtí tábhachtach comhair freisin.

Comhdheiseanna

Fostóir comhdheiseanna is ea Europol. Glacann Europol iarratais gan idirdhealú de bhíthin inscne, claonadh gnéis, bunús náisiúnta, eitneach nó sóisialta, reiligiúin nó creideamh, imthosca teaghlaigh, aoise, míchumais, ná tosca eile gan fiúntas. Déantar gach cinneadh fostaíochta bunaithe ar riachtanais ghnó, sainriachtanais an phoist, agus cáilíochtaí, taithí agus scileanna.

Tá an éagsúlacht i réim in Europol agus cuirtear timpeallacht oibre chuimsitheach ar fáil do chách. Déanann Europol a dhícheall lucht saothair éagsúil cumasach a earcú, a fhorbairt agus a choinneáil trí chomhdheiseanna agus neamhchlaontacht a chur i bhfeidhm.

2.   CÚLRA, PRÍOMHCHUSPÓIR AGUS CÚRAIMÍ AN PHOIST

Tá Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Stiúrthóireacht na gCumas agus Príomh-Oifigeach Faisnéise Europol freagrach as comhlíonadh éifeachtach a fhreagrachtaí/freagrachtaí féin faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

Cuimsítear an Rannóg TFC (C1), an Rannóg Riaracháin (C2) agus an tAonad Bainistíochta Faisnéise i Stiúrthóireacht na gCumas.

Tá an Rannóg TFC (C1) freagrach as na cumais agus na réitigh theicneolaíochta chriticiúla a cheapadh, a sheachadadh agus a fheidhmiú chun tacú le misean lárnach agus le próisis tacaíochta Europol. Tá breis is 150 ball foirne agus líon mór sainchomhairleoirí a bhaineann le réimsí sonracha freagrach as an Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide agus as na Córais lena n-áirithítear anailís fheabhsaithe ar fhaisnéis choiriúil agus le malartú na faisnéise sin idir Europol, na Ballstáit agus tríú páirtithe.

Tá an Rannóg Riaracháin (C2) freagrach as seachadadh na seirbhísí seo a leanas a áirithiú, ar mhaithe le leas na seirbhíse agus i gcomhréir leis na Rialacháin Airgeadais agus Foirne agus le forálacha eile is infheidhme:

Acmhainní airgeadais agus daonna Europol a phleanáil agus faireachán a dhéanamh orthu ar an leibhéal corparáideach,

Earcú, riar agus forbairt fhoireann Europol a bhainistiú,

Beartais, próisis agus nósanna imeachta Europol a bhaineann leis an bpleanáil airgeadais, le faireachán ar an mbuiséad agus le cúrsaí riaracháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme,

Riarachán soláthair & conarthaí,

Riarachán deontas.

Tá an tAonad Bainistíochta Faisnéise freagrach as na nithe seo a leanas:

Cur chun feidhme na gcuspóirí a leagtar amach i straitéis Europol maidir leis an mbainistíocht faisnéise, go háirithe chun cumais bainistíochta faisnéise Europol mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais a neartú agus chun gnéithe bainistíochta faisnéise na tacaíochta oibríochtúla a threisiú,

Tacú leis an bPríomh-Oifigeach Faisnéise i bhfeidhmiú a chúraimí/cúraimí,

Comhordú agus bainistíocht a dhéanamh ar tháirgí agus ar sheirbhísí bainistíochta faisnéise Europol i gcomhréir leis an éileamh gnó agus leis an straitéis eagraíochtúil,

Tionscnaimh bainistíochta faisnéise uile Europol a phleanáil agus faireachán a dhéanamh orthu i ndlúthchomhar leis an bhfoireann pleanála straitéisí sa Stiúrthóireacht Rialachais agus i mbainistíocht punann C1 TFC.

Nuálaíocht a chothú chun tairbhe údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, uirlisí intleachta saorga a fhorbairt agus a n-úsáid eiticiúil a fheabhsú ag féachaint do thionchar na hintleachta saorga ar Chearta Bunúsacha agus ar an bPríobháideachas, gníomhú mar fheidhm faireachlainne le haghaidh na nuálaíochta, agus comhordú agus sineirgí le comhpháirtithe nuálaíochta eile a spreagadh.

Cuntasachtaí ginearálta don sealbhóir poist

Faoi mhaoirseacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, beidh na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin i gceannas ar a Stiúrthóireacht féin agus, de bhun Airteagail 54 agus 55 de Rialachán Europol, beidh siad freagrach as na nithe seo a leanas:

tacú agus cabhrú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus leis an mBord Bainistíochta i bhforbairt straitéiseach Europol trí chomhairle agus saineolas a sholáthar ina réimse freagrachtaí faoi seach,

tacú le cruinnithe an Bhoird Bainistíochta a ullmhú agus lena chuid cinntí a chur chun feidhme,

tacú leis an gclársceidealú ilbhliantúil agus leis an gclár oibre bliantúil laistigh dá Stiúrthóireacht faoi seach a ullmhú agus a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus don Bhord Bainistíochta maidir lena gcur chun feidhme,

na cinntí a dhéantar le linn chruinnithe na Stiúrthóireachta a chur chun feidhme ar leibhéal na Stiúrthóireachta,

faireachán a dhéanamh ar phleanáil gnó agus ar bhainistíocht feidhmíochta laistigh den Stiúrthóireacht,

an Stiúrthóireacht a riar, lena n-áirítear trí bhainistíocht pearsanra agus buiséad i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin ábhartha,

ceannaireacht agus treoir a sholáthar don fhoireann d’fhonn na cúraimí agus na cuspóirí a shanntar dóibh a chomhlíonadh,

comhar láidir idir na Stiúrthóireachtaí a chur chun cinn,

naisc straitéiseacha sna réimsí coiriúlachta sonracha a choinneáil ar bun ar leibhéal na Stiúrthóireachta le comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara seachtracha ábhartha,

mórghníomhartha Europol a chur i láthair na meán cumarsáide agus ionadaíocht a dhéanamh ar Europol ag cruinnithe agus comhdhálacha seachtracha agus inmheánacha de réir mar is gá,

aon chúram eile a shannann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dó/di a chur i gcrích.

Gan dochar don cheart atá ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cúraimí agus freagrachtaí an Leas-Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shainiú, beidh an sealbhóir poist freagrach as na nithe seo a leanas, inter alia,

Mar an Príomh-Oifigeach Faisnéise, freagracht a ghlacadh as gach cumas/forbairt TFC/bainistíochta faisnéise in Europol agus gníomhú mar bhainisteoir athruithe le haghaidh aistriú digiteach na hEagraíochta; cur chun feidhme straitéisí bainistíochta faisnéise agus TFC Europol a stiúradh agus a threorú,

Formhaoirseacht a dhéanamh ar an soláthar réiteach TFC, seirbhísí innealtóireachta, bainistíochta táirgí teicniúla agus cothabhála feidhmchlár,

Formhaoirseacht a dhéanamh ar dhearadh, suiteáil agus feidhmiú líonraí cumarsáide agus comhpháirteanna bonneagair TFC gaolmhara le haghaidh Europol, na mBallstát agus tríú páirtithe,

Formhaoirseacht a dhéanamh ar dhearadh agus cur chun feidhme beart chun athléimneacht agus leanúnachas seirbhísí TFC a chosaint; agus freagairt d’aon bhagairt, leochaileacht agus teagmhas ó thaobh TFC de,

I gcomhar leis na Stiúrthóireachtaí, fís oiriúnaitheach inbhuanaithe a fhorbairt le haghaidh bhainistíocht faisnéise Europol agus a áirithiú go bhfuil gach gníomhaíocht TFC/bainistíochta faisnéise i gcomhréir le straitéis Europol,

Nuálaíocht TFC/bainistíochta faisnéise a spreagadh, go háirithe trí fhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn in TFC agus i mbainistíocht faisnéise agus tionscnaimh a mholadh agus a gcur chun feidhme a chomhordú chun buntáiste iomaíoch a bhaint amach agus an gnó digiteach a chur i dtábhacht;

Earcú, riar agus forbairt fhoireann Europol a phleanáil agus a bhainistiú, ar mhaithe le leas na seirbhíse agus i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le forálacha infheidhme eile,

Beartais, próisis agus nósanna imeachta Europol a bhaineann leis an bpleanáil airgeadais agus le cúrsaí riaracháin, lena n-áirítear tuairisciú ar fheidhmíocht an bhuiséid chorparáidigh, a fhorbairt agus a chur chun feidhme,

Formhaoirseacht a dhéanamh ar phleanáil agus ar chur chun feidhme nósanna imeachta tairisceana le haghaidh earraí agus seirbhísí agus bainistíocht conarthaí.

3.   RIACHTANAIS – CRITÉIR INCHÁILITHEACHTA

a.   Ní mór d’iarrthóir:

A bheith ina chomhalta/comhalta d’údarás inniúil de réir bhrí Airteagal 2(a) de Rialachán Europol agus ina náisiúnach de cheann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus cearta iomlána mar shaoránach aige/aici,

Aon oibleagáid arna forchur leis na dlíthe is infheidhme a bhaineann le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta aige/aici,

Teistiméireachtaí carachtair iomchuí a sholáthar maidir lena oiriúnaí atá sé nó sí chun na dualgais lena mbaineann a chomhlíonadh,

A bheith corpacmhainneach chun na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh mar a shonraítear tuilleadh in Airteagal 13 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach (CEOS),

Fianaise a sholáthar ar eolas críochnúil ar cheann de theangacha an Aontais agus ar eolas sásúil ar theanga eile de chuid an Aontais, a mhéid is gá chun na dualgais atá i gceist a chomhlíonadh.

b.   Ní mór na nithe seo a leanas a bheith ag iarrthóir:

Leibhéal oideachais a chomhfhreagraíonn do chúrsa ollscoile a bheith críochnaithe agus é sin á fhianú ag dioplóma nuair is 4 bliana nó níos mó atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile;

Leibhéal oideachais a chomhfhreagraíonn do chúrsa ollscoile a bheith críochnaithe agus é sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is 3 bliana atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile.

Oiliúint ghairmiúil ar leibhéal coibhéiseach i réimse ábhartha agus, tar éis an oiliúint a dhéanamh, an líon blianta de thaithí ghairmiúil ábhartha a léirítear sa tábla thíos ar a laghad:

Fad na hoiliúna gairmiúla

Taithí ghairmiúil bhreise is gá le haghaidh na coibhéiseachta

Níos mó ná 6 mhí agus suas le 1 bhliain amháin

4 bliana

Níos mó ná 1 bhliain amháin agus suas le 2 bhliain

3 bliana

Níos mó ná 2 bhliain agus suas le 3 bliana

2 bhliain

Níos mó ná 3 bliana

1 bhliain amháin

Le cois na riachtanas thuas, taithí oibre gairmiúla 15 bliana ar a laghad tar éis bhronnadh an dioplóma nó tar éis chur i gcrích na taithí gairmiúla breise is gá le haghaidh na coibhéiseachta.

4.   RIACHTANAIS – CRITÉIR ROGHNÚCHÁIN

a.   Taithí ghairmiúil

Riachtanach

Taithí bhainistíochta 10 mbliana ar a laghad i réimse an fhorfheidhmithe dlí, i gcóras riaracháin náisiúnta nó go páirteach i dtimpeallacht AE/idirnáisiúnta,

Taithí ar mheasúnú ar bhainistíocht faisnéise bunriachtanaí nó ar fhorbairtí TFC nó nuálaíochta i réimse an fhorfheidhmithe dlí, chomh maith lena dtionchar ar na páirtithe leasmhara ábhartha ar leibhéal straitéiseach agus ar leibhéal ceaptha beartais araon,

Taithí ar bhainistíocht agus formhaoirseacht a dhéanamh ar bhuiséid mhóra agus ar acmhainní tionscadail in eagraíocht riaracháin phoiblí, i réimse TFC agus na bainistíochta faisnéise más féidir,

Taithí ar chúrsaí straitéiseacha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí agus ar chomhar agus ar rannpháirtíocht le struchtúir chasta páirtithe leasmhara,

Taithí ar an bpleanáil straitéiseach ar leibhéal bainistíochta sinsearaí, i réimse TFC agus na bainistíochta faisnéise más féidir.

Inmhianaithe

Taithí le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, chomh maith le cur i bhfeidhm ionstraimí agus beartais an Aontais i réimse na slándála, go sonrach i gcás ina mbaineann siad le sainordú Europol,

Taithí ar fhormhaoirseacht a dhéanamh ar straitéisí Acmhainní Daonna agus ar a n-ailíniú le straitéisí foriomlána gnó, in eagraíocht riaracháin phoiblí,

Taithí ar bhainistíocht athruithe, go háirithe maidir le nuálaíocht agus bainistíocht faisnéise, go háirithe chun deiseanna a thapú san intleacht shaorga, in eolaíocht sonraí agus i dteicneolaíochtaí eile atá ag teacht chun cinn, atá ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí.

b.   Eolas gairmiúil

Riachtanach

Tuiscint ardleibhéil ar TFC agus ar bhainistíocht faisnéise i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí,

Eolas maith ar chreat dlíthiúil an Aontais mar a bhaineann leis an ailtireacht slándála agus le forfheidhmiú an dlí san Aontas.

c.   Scileanna agus inniúlachtaí ceannaireachta

Fís agus straitéis a fhorbairt — misean, fís agus straitéis den scoth a fhorbairt a mbeidh tionchar meántéarmach agus fadtéarmach acu agus a mbeidh an fhoireann in ann iad a thuiscint agus glacadh leo mar ghné thábhachtach dá n-obair laethúil.

An fheidhmíocht a bhrú chun cinn — misean, fís agus straitéis Europol a chur chun feidhme go réamhghníomhach agus go bríomhar agus ar bhealach a gcuirtear ar a chumas do Europol a chuspóirí eagraíochtúla a chomhlíonadh.

A bheith treallúsach — deiseanna le haghaidh nuálaíochta a shainaithint agus a thapú a mhéid a threisíonn siad lena ábhartha atá Europol mar ghníomhaí tábhachtach ina réimse féin.

Líonrú — caidreamh éifeachtach a bhunú laistigh de Europol agus comhghuaillíochtaí straitéiseacha a fhorbairt leis an timpeallacht sheachtrach.

An gnó a bhainistiú — tuiscint dhomhain a thaispeáint ar an ngnó agus leas a bhaint as an tuiscint sin chun barr feabhais oibríochtúil a bhaint amach.

Daoine a spreagadh — inspreagadh fadtéarmach agus dílseacht don eagraíocht a chothú trí ghníomhú mar eiseamláir agus trí chloí le misean agus luachanna na heagraíochta.

d.   Scileanna ginearálta bainistíochta

An cumas cuspóirí don Stiúrthóireacht a shocrú agus a athbhreithniú laistigh de chreat straitéiseach foriomlán agus de thosaíochtaí na Gníomhaireachta.

An cumas tosaíochtaí a chinneadh agus díriú orthu agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i ndáil le cuspóirí na Stiúrthóireachta agus an Aonaid/na mball foirne atá leagtha síos a bhaint amach, i gcomhar le baill na foirne.

An cumas obair na Stiúrthóireachta a eagrú, a shannadh agus a bhainistiú trí chuspóirí atá idir dhúshlánach agus réalaíoch a leagan amach.

An cumas baill foirne a chumasú, agus a áirithiú go dtuigeann siad an méid atá le déanamh acu agus conas a chuireann a gcuid oibre le cuspóirí na Stiúrthóireachta.

An cumas comhoibrithe a roghnú agus foirne láidre a fhorbairt a mbeidh láidreachtaí comhlántacha acu a oireann do shaothrú éifeachtúil chuspóirí na Stiúrthóireachta.

An cumas baill na foirne a spreagadh chun na torthaí inmhianaithe a bhaint amach agus aiseolas a thabhairt ar bhonn rialta, aitheantas a thabhairt maidir le rath agus leis an ngá feabhas a bhaint amach le cur ar a gcumas a gcuid cuspóirí agus lán a n-acmhainneachta a bhaint amach.

An cumas forbairt gairme agus deiseanna foghlama a fhorbairt do bhaill foirne agus tacú leis sin.

Scileanna cumarsáide

An cumas cumarsáid a dhéanamh go soiléir agus ábhair chasta a chur in iúl go simplí, ó bhéal agus i scríbhinn araon, lena n-áirítear don fhoireann.

An cumas ionchuir a lorg ó bhaill foirne, ó chomhpháirtithe agus ó pháirtithe leasmhara, agus éisteacht leo.

Scileanna idirphearsanta

An cumas déileáil go héifeachtach, go measúil agus go cúirtéiseach le daoine.

An cumas caidreamh oibre bisiúil agus comhoibritheach a fhorbairt leis an lucht ceannais agus le Stiúrthóireachtaí agus le comhghleacaithe eile.

Scileanna idirbheartaíochta

An cumas plé a stiúradh agus na torthaí is fearr agus is féidir a bhaint amach gan caidreamh bisiúil oibre leis na páirtithe eile a chur i mbaol.

Cúrsaí éagsúlachta

An cumas chun caidreamh éifeachtach oibre a bhunú agus a choimeád le comhghleacaithe i dtimpeallacht oibre idirnáisiúnta agus ildisciplíneach.

5.   NÓS IMEACHTA ROGHNÚCHÁIN

Foráiltear don chreat dlíthiúil le haghaidh an nós imeachta earcaíochta seo le Rialachán (AE) 2016/794 arna leasú le Rialachán (AE) 2022/991; Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais, mar a leagtar síos le Rialachán (CEE, Euratom, ECSC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (4) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 423/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5); agus an Cinneadh ón mBord Bainistíochta an 1 Bealtaine 2017 lena nglactar na Rialacha le haghaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a roghnú, síneadh a chur lena dtéarma oifige agus iad a chur as oifig.

Bunóidh an Bord Bainistíochta Coiste Roghnúcháin. Beidh an coiste comhdhéanta de chúigear comhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht do na Ballstáit, rud a shocrófar le crainn a chaithfidh an Bord Bainistíochta, mar aon le hionadaí don Choimisiún agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.

Áireofar ar chúraimí an Choiste:

(a)

na hiarratasóirí go léir a shainaithint atá incháilithe don phost, ar bhonn na gcritéar a leagtar amach san fhógra folúntais;

(b)

measúnú tosaigh a dhéanamh ar na hiarratais ó iarrthóirí incháilithe chun a chinneadh cé na hiarratais ar cheart measúnú breise a dhéanamh orthu, agus a gcáilíochtaí gairmiúla, a scileanna, a dtaithí agus na teistiméireachtaí faoina gcarachtar á gcur san áireamh;

(c)

cuireadh a thabhairt d’iarrthóirí ar an ngearrliosta páirt a ghlacadh i nós imeachta roghnúcháin a bhaineann leis an bpost, lena n-áirítear tástáil scríofa agus agallamh bunaithe ar inniúlacht go hiondúil (N.B. tabharfaidh an Coiste cuireadh don chúigear iarratasóirí ag a bhfuil an scór is airde agus do gach iarratasóir ag a bhfuil scór atá cothrom le scór an 5ú iarratasóir is airde);

(d)

tuarascáil atá réasúnaithe go cuí a dhréachtú ar na hiarratais a fuarthas agus an nós imeachta a leanadh. Áireofar sa tuarascáil sin an liosta d’iarrthóirí incháilithe, ina gcuirfear in iúl cé na hiarrthóirí ar chuir an Coiste agallamh orthu, agus liosta d’iarrthóirí, agus iad rangaithe de réir fiúntais, a chomhlíonann na critéir incháilitheachta uile agus a mheastar a bheith ar na hiarrthóirí is oiriúnaí do na critéir roghnúcháin arna leagan amach san fhógra folúntais.

Déanfaidh ionad measúnaithe seachtrach measúnú ar na hiarratasóirí ar an ngearrliosta. Cuirfidh an t-ionad sin comhairle oibiachtúil ar fáil don Choiste Roghnúcháin ansin.

Féadfaidh an Bord Bainistíochta a chinneadh agallamh a chur ar na hiarrthóirí ar liosta an Choiste Roghnúcháin agus ar aon iarrthóir incháilithe eile ar chuir an coiste agallamh air nó uirthi.

Ar bhonn na tuarascála arna cur isteach ag an gCoiste Roghnúcháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta tuairim réasúnaithe:

ina gcuirfear i láthair an liosta d’iarrthóirí incháilithe,

ina leagfar amach gearrliosta de thriúr iarrthóirí oiriúnacha ar a laghad, agus iad rangaithe de réir fiúntais,

ina ndeimhneofar go gcomhlíonann na hiarratasóirí ar an ngearrliosta na coinníollacha ábhartha fostaíochta agus na critéir incháilitheachta a leagtar amach san fhógra folúntais, d’ainneoin na bhforálacha sonracha maidir le scrúdú leighis dá bhforáiltear in Airteagal 13 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta an tuairim réasúnaithe, lena n-áirítear an gearrliosta molta d’iarrthóirí agus comhad iarratais iomlán gach iarrthóra ar an ngearrliosta, a chur faoi bhráid na Comhairle le cur ar a cumas don Chomhairle cinneadh a dhéanamh, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 54(2) de Rialachán Europol.

Sula gceapfar é nó í, féadfar cuireadh a thabhairt don iarrthóir ar roghnaigh an Chomhairle é nó í teacht os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa. Tabharfaidh an coiste sin tuairim neamhcheangailteach ina dhiaidh sin.

Féadfaidh iarrthóirí a d’fhreastail ar an nós imeachta roghnúcháin aiseolas ar a bhfeidhmíocht a iarraidh laistigh de 3 mhí tar éis an nós imeachta roghnúcháin. Ní bheidh Europol in ann freagra a thabhairt ar cheisteanna faoi aiseolas a fhaightear tar éis na tréimhse sin.

Tá obair agus plé an Choiste Roghnúcháin faoi rún. Tá cosc ar iarrthóirí teagmháil, bíodh sí díreach nó indíreach, a dhéanamh le comhaltaí den Choiste Roghnúcháin agus tá cosc ar dhuine ar bith eile déanamh amhlaidh thar a gceann. Aon cheist nó iarraidh ar fhaisnéis nó ar dhoiciméid i dtaca leis an gcomórtas, ba cheart í a sheoladh chuig mbs@europol.europa.eu

Ach a mbeidh an ceapachán déanta ag an gComhairle, gheobhaidh gach iarrthóir a chuir isteach ar an bpost litir fhoirmiúil i dtaobh thoradh an nós imeachta ó rúnaíocht an Choiste Roghnúcháin. Reáchtálfar an teorainn ama 3 mhí chun gearán a thaisceadh de bhun Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne ó dháta fógra na litreach sin.

6.   TUARASTAL

Scála: AD 14

Is é EUR 15 590,76 (céim 1) nó EUR 16 245,92 (céim 2) an buntuarastal míosúil.

Cinntear céim an ghráid bunaithe ar an taithí ghairmiúil a gnóthaíodh tar éis an oideachais atá riachtanach don phost agus ar aon dul leis na rialacha cur chun feidhme is infheidhme.

Íocann baill foirne cáin an Aontais ag an bhfoinse ach tá tuarastail díolmhaithe ó chánacha náisiúnta. Déantar asbhaintí éigeantacha i ndáil le hárachas sláinte, pinsean agus árachas dífhostaíochta.

Faoi réir na gcoinníollacha is infheidhme a chomhlíonadh, mar a shainítear i Rialacháin Foirne AE (EUSR)/CEOS agus mar a shonraítear tuilleadh i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féadfar liúntais amhail liúntas easaoránachta (16 % den bhun-olltuarastal) nó liúntas cónaithe eachtraigh (4 % den bhun-olltuarastal), liúntas teaghlaigh, liúntas linbh chleithiúnaigh agus/nó liúntas oideachais a dheonú.

Tairbhíonn baill foirne de chumhdach árachais ar fud an domhain faoin gComhscéim Árachais Breoiteachta (JSIS) agus tá árachas acu in aghaidh breoiteachta, an riosca galair ceirde, agus timpistí.

Cuireann Europol socruithe solúbtha oibre ar fáil mar aon le foráil chuimsitheach maidir le saoire bhliantúil chomh maith le saoire tuismitheora, rud a thacaíonn le cothromaíocht shláintiúil oibre is saoil.

Ríomh samplach táscach de thuarastal glan AD 14/1:

(a)

Ball foirne (singil) ag a bhfuil liúntas easaoránachta á fháil (16 %): EUR 13 691,27

(b)

Ball foirne ag a bhfuil beirt leanaí chleithiúnacha faoina chúram agus ag a bhfuil liúntas easaoránachta á fháil (16 %): EUR 16 345,03

Faisnéis tháscach atá san fhaisnéis thuas agus is chun críoch faisnéise amháin a thugtar í. Níl i gceist leis an bhfaisnéis ach léiriú a thabhairt ar an tuarastal glan a d’fhéadfá a thuilleamh i bhfianaise na méideanna is infheidhme faoi láthair de na liúntais a bhaineann leis agus an leibhéal cánachais. Níl aon luach dlíthiúil ag an bhfaisnéis agus ní féidir aon cheart a dhíorthú aisti.

Tá an fhaisnéis bunaithe ar fhigiúirí is infheidhme amhail Eanáir 2022.

7.   TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

Tréimhse phromhaidh

Tá an fhostaíocht don phost seo faoi réir tréimhse phromhaidh 9 mí a chur i gcrích go rathúil. Beidh ar an iarratasóir a n-éireoidh leis dul faoi ghrinnfhiosrúchán slándála a bhaineann leis an bpost le linn na tréimhse sin.

Féadfar an conradh fostaíochta a fhoirceannadh le linn na tréimhse promhaidh nó ag deireadh na tréimhse sin i gcomhréir le hAirteagal 14 de CEOS.

Grinnfhiosrúchán slándála agus deimhniú maidir le dea-iompar

Iarrthóirí a earcaítear le haghaidh poist ag Europol, ceanglaítear orthu deimhniú bailí maidir le dea-iompar a chur ar fáil roimh thús na fostaíochta. Ní mór an deimhniú maidir le dea-iompar a chur ar fáil do Europol roimh shíniú an chonartha fostaíochta. Ní mór d’údaráis ábhartha thír náisiúntachta an iarrthóra an deimhniú maidir le dea-iompar a eisiúint, agus ní bheidh an deimhniú níos sine ná 3 mhí nuair a chuirtear ar fáil do Europol é. Coimeádann Europol de cheart aige féin gan dul ar aghaidh le síniú an chonartha bunaithe ar a bhfuil sa deimhniú nó i gcás nach gcuireann an t-iarrthóir an deimhniú ar fáil do Europol.

Ní chuirtear an deimhniú maidir le dea-iompar in ionad imréiteach slándála bailí atá de dhíth ar gach ball foirne de Europol ar an leibhéal a shonraítear san fhógra folúntais. Mura bhfaightear an t-imréiteach slándála riachtanach roimh dháta éaga na tréimhse promhaidh, féadfar an conradh fostaíochta a fhoirceannadh.

Iarrthóirí a bhfuil imréiteach bailí slándála acu ar an leibhéal a shonraítear san fhógra folúntais nó ar leibhéal níos airde, ní gá dóibh deimhniú maidir le dea-iompar ná imréiteach slándála nua a fháil agus ní mór dóibh cóip de dheimhniú reatha an imréitigh slándála a chur ar fáil do Europol roimh shíniú an chonartha fostaíochta. Déanfaidh Europol bailíocht leanúnach an imréitigh slándála a fhíorú agus a dheimhniú. I gcás ina gcinneann Europol nach bhfuil an t-imréiteach slándála bailí, beidh ar an iarrthóir deimhniú bailí maidir le dea-iompar a chur ar fail roimh shíniú an chonartha fostaíochta. Féadfaidh Europol deireadh a chur leis an gconradh fostaíochta tráth ar bith mura mbíonn toradh deimhneach ar an ngrinnfhiosrúchán slándála agus mura gceadaítear an leibhéal imréitigh is gá nó mura gcuirtear síneadh leis.

Is é seo an leibhéal iarrtha Imréitigh Slándála don phost seo: TRÈS SECRET UE/EU TOP SECRET.

Conradh fostaíochta

An Chomhairle a cheapfaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi, agus fostófar é nó í i gcineál poist Stiúrthóra, faoi theideal poist “Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin”, agus i ngrúpa feidhme AD, grád 14 de bhun Airteagal 2, pointe (a), CEOS agus Iarscríbhinn I EUSR.

4 bliana a mhairfidh an conradh tosaigh. Féadfar an conradh a athnuachan aon uair amháin, ar feadh tréimhse nach faide ná 4 bliana.

Coinníollacha fostaíochta

Sula dtabharfaidh Europol an conradh fostaíochta i gcrích, ní mór don iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi na nithe seo a leanas a dhéanamh:

aon choinbhleacht leasa a dhearbhú,

dul faoi scrúdú leighis réamhfhostaíochta le deimhniú go bhfuil sé/sí corpacmhainneach chun na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh nó, ina ionad sin, an deimhniú a fháil ó Europol go gcomhlíonann sé/sí na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh ó Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin Stiúrthóireacht na gCumas maidir leis an scrúdú leighis réamhfhostaíochta atá le fáil ar www.europol.europa.eu,

i gcás iarrthóirí ar phoist shrianta (lena n-áirítear poist shrianta Iarscríbhinn II) a léirigh ballraíocht d’údarás inniúil i gceann de na Ballstáit, deimhniú a chur ar fáil ar a bhallraíocht/ballraíocht d’údarás inniúil i gceann de na Ballstáit de réir bhrí Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán Europol,

Is é an Háig, an Ísiltír, an áit fostaíochta,

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi théarmaí agus coinníollacha, féach Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh. Tá na Rialacháin ar fáil ar shuíomh gréasáin Europol ag www.europol.europa.eu.

8.   FAISNÉIS BHREISE

Neamhspleáchas agus dearbhú leasanna

Sula rachaidh sé/sí i mbun a chuid/cuid dualgas, ceanglófar ar an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi dearbhú a thabhairt ar an tiomantas atá aige nó aici chun gníomhú go neamhspleách ar mhaithe le leas an phobail agus dearbhú a thabhairt maidir le haon leas atá aige nó aici a bhféadfaí a mheas ina leith go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas.

Oibleagáidí reachtúla tar éis an tseirbhís a fhágáil

De bhun Airteagal 16 de Rialacháin Foirne an Aontais, leanfar den cheangaltas a bheith ar oifigigh an Aontais agus, de réir analaí, ar bhaill foirne shealadacha, tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, iad féin a iompar le hionracas agus le discréid maidir le ceapacháin áirithe nó sochair áirithe a ghlacadh. Maidir leis na baill foirne sin a bhfuil sé ar intinn acu gabháil do ghníomhaíocht ghairme laistigh de 2 bhliain ón tseirbhís a fhágáil, déanfaidh siad a n-institiúid a chur ar an eolas faoi le go bhféadfaidh an institiúid sin cinneadh iomchuí a ghlacadh ina leith. I gcásanna ina mbaineann an ghníomhaíocht bheartaithe leis an obair a rinne an ball foirne sna 3 bliana deiridh seirbhíse agus dá bhféadfadh sí a bheith i gcoinbhleacht le leasanna dlisteanacha na hinstitiúide, féadfar a áireamh ar an gcinneadh atá le glacadh ag an institiúid cosc a chur ar an mball foirne tabhairt faoin ngníomhaíocht nó cead a thabhairt faoi réir aon choinníoll is iomchuí leis. I gcás inarb iarbhaill foirne shinsearacha iad na baill foirne sin, i.e. laistigh de Chreat Rialacháin Europol na Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, sonraítear le hAirteagal 16(3) de Rialacháin Foirne an Aontais go ndéanfaidh “an t-údarás ceapacháin, i bprionsabal, iad a chosc, le linn an 12 mhí tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, a bheith ag gabháil do bhrústocaireacht nó do thathaint maidir le foireann a n-iarinstitiúide le haghaidh a ngnó, a gcliant nó a bhfostóirí ar ábhair a raibh siad freagrach astu le linn na 3 bliana deireanacha sa tseirbhís.”

Fógra Príobháideachais – Próiseas earcaíochta seachtraí agus roghnúcháin Gníomhairí Sealadacha le haghaidh Poist Ardbhainistíochta

Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh i bpróiseas roghnúcháin agus earcaíochta ball foirne ag Europol, tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin sin maidir leis na sonraí pearsanta riaracháin uile atá i seilbh Europol i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán Europol.

Chun faisnéis bhreise a fháil, féach an fógra príobháideachais is infheidhme atá ar fáil ar www.europol.europa.eu.

Príomhdhátaí

Spriocdháta chun iarratas a dhéanamh: 12 Nollaig 2022, ag 23.59, Am Lár na hEorpa

An nós imeachta earcaíochta: An Chéad Ráithe 2023

Dáta tosaithe na fostaíochta: a luaithe a bheidh folúntas ann don phost iarbhír (tá coinne leis sin an 1 Lúnasa 2023).

An próiseas iarratais

A mhéid nach n-athraítear iad seo leis na forálacha sonracha dá bhforáiltear sna Rialacha le haghaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin a roghnú, síneadh a chur lena dtéarma oifige agus iad a chur as oifig, féach TREOIRLÍNTE EARCAÍOCHTA EUROPOL chun tuilleadh sonraí a fháil faoin bpróiseas iarratais agus faoin nós imeachta roghnúcháin. Tá na Treoirlínte ar fáil ar shuíomh gréasáin Europol ag www.europol.europa.eu.

Sonraí teagmhála

Déan teagmháil le mbs@europol.europa.ue chun tuilleadh sonraí a fháil ar an bpróiseas iarratais.


(1)  IO L 121, 15.5.2009, lch. 37.

(2)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).

(3)  Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lch. 1).

(4)  IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 423/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena ndéantar luach saothair agus pinsin oifigigh agus sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh chomh maith leis na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm maidir leo a choigeartú le héifeacht ón 1 Iúil 2012 (IO L 129, 30.4.2014, lch. 12).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).