ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 417

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
31 Deireadh Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 417/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10904 – CVC / MATICMIND / SIO) ( 1 )

1

2022/C 417/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10945 — GIP / MERIDIAM / SUEZ RECYCLING AND RECOVERY UK) ( 1 )

2


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 417/03

Rátaí malairte an euro — 28 Deireadh Fómhair 2022

3

2022/C 417/04

Tuairim ón gCoiste comhairleach maidir le cumaisc ag a chruinniú an 14 Eanáir 2022 maidir le Cinneadh i gcás M.10262 – META (FORMERLY FACEBOOK) / KUSTOMER — Cruinniú trí Ghlao Closchomhdhála – trí Skype for Business — Rapóirtéir: an Spáinn ( 1 )

4

2022/C 417/05

Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta — Cás M.10262 – META (FORMERLY FACEBOOK) / KUSTOMER ( 1 )

6

2022/C 417/06

Achoimre ar an gCinneadh ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2022 lena ndearbhaítear comhchruinniú atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE (Cás M.10262 – META (FORMERLY FACEBOOK) / KUSTOMER) (dá dtugtar fógra faoi dhoiciméad uimhir C(2022) 409) ( 1 )

8

2022/C 417/07

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 )  ( 1 )

13

2022/C 417/08

Nótaí míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

14

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 417/09

Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Modhnú oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta ( 1 )

15


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 417/10

Nochtadh na gcodanna ábhartha den chinneadh féimheachta agus dearbhú dócmhainneachta i leith shócmhainní Sberbank CZ, a.s., faoi Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinstitiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh — Cuireadh chun éileamh a thaisceadh — Teorainneacha ama a bheidh le tabhairt faoi deara — Cuireadh chun tuairimí a bhaineann le héileamh a chur isteach — Teorainneacha ama a bheidh le tabhairt faoi deara

16

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 417/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10934 – VINCI ENERGIES / KONTRON IT SERVICE COMPANIES) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

18

2022/C 417/12

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10960 – EPPE / PZEM SUBSIDIARIES) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

20


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10904 – CVC / MATICMIND / SIO)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 417/01)

An 21 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10904. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10945 — GIP / MERIDIAM / SUEZ RECYCLING AND RECOVERY UK)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 417/02)

An 24 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i bhFraincis amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10945. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/3


Rátaí malairte an euro (1)

28 Deireadh Fómhair 2022

(2022/C 417/03)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

0,9951

JPY

yen na Seapáine

146,79

DKK

krone na Danmhairge

7,4423

GBP

punt steirling

0,86120

SEK

krona na Sualainne

10,9403

CHF

franc na hEilvéise

0,9920

ISK

króna na hÍoslainne

143,30

NOK

krone na hIorua

10,2695

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,465

HUF

forint na hUngáire

411,70

PLN

zloty na Polainne

4,7275

RON

leu na Rómáine

4,9189

TRY

lira na Tuirce

18,5219

AUD

dollar na hAstráile

1,5511

CAD

dollar Cheanada

1,3542

HKD

dollar Hong Cong

7,8107

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7151

SGD

dollar Shingeapór

1,4055

KRW

won na Cóiré Theas

1 417,70

ZAR

rand na hAfraice Theas

18,0530

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,2159

HRK

kuna na Cróite

7,5320

IDR

rupiah na hIndinéise

15 481,88

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6994

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,739

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,724

BRL

real na Brasaíle

5,3270

MXN

peso Mheicsiceo

19,7718

INR

rúipí na hIndia

82,0565


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/4


Tuairim ón gCoiste comhairleach maidir le cumaisc ag a chruinniú an 14 Eanáir 2022 maidir le Cinneadh i gcás M.10262 – META (FORMERLY FACEBOOK) / KUSTOMER

Cruinniú trí Ghlao Closchomhdhála – trí “Skype for Business”

Rapóirtéir: an Spáinn

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 417/04)

Comhchruinniú

1.

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (16 Bhallstát) leis an gCoimisiún gur comhchruinniú de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú (an “Rialachán um Chumaisc”) (1) é an t-idirbheart faoinar tugadh fógra.

Sainiú margaidh

Sainiú an mhargaidh táirgí

2.

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach leis na conclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu sa dréacht-Chinneadh maidir le sainiú na margaí táirgí ábhartha seo a leanas le haghaidh:

a)

Soláthar bhogearraí CRM (comhaontaíonn 16 Bhallstát);

b)

Soláthar seirbhísí cumarsáide “gnólacht le tomhaltóir” (comhaontaíonn 16 Bhallstát);

c)

Soláthar fógraíochta taispeána ar líne (comhaontaíonn 15 Bhallstát. Staonann 1 Bhallstát).

Sainiú an mhargaidh gheografaigh

3.

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach leis na conclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu sa dréacht-Chinneadh maidir le sainiú an mhargaidh gheografaigh ábhartha i gcás táirgí ábhartha seo a leanas le haghaidh:

a)

Soláthar bhogearraí CRM (i.e. ar fud LEE ar a laghad, nó ar bhonn domhanda) (comhaontaíonn 16 Bhallstát);

b)

Soláthar seirbhísí cumarsáide “gnólacht le tomhaltóir” (i.e. ar fud LEE ar a laghad, nó ar bhonn domhanda) (comhaontaíonn 16 Bhallstát);

c)

Soláthar fógraíochta taispeána ar líne (i.e. feadh teorainneacha náisiúnta nó teorainneacha teanga laistigh de LEE) (comhaontaíonn 15 Bhallstát. Staonann 1 Bhallstát).

Measúnú ar an iomaíocht

4.

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach (16 Bhallstát) le measúnú an Choimisiúin gur dócha, (agus go bhfuil dóchúlacht láidir ann fiú) go gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach, mar thoradh ar éifeachtaí ingearacha neamh-chomhordaithe a thagann as an bhforiamh spriocdhírithe ionchuir na soláthróirí bhogearraí CRM de dheasca shrianadh nó dhíghrádú a rochtana ar bhealaí cumarsáide “gnólacht le tomhaltóir” de chuid Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo).

5.

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach le measúnú an Choimisiúin gur dócha nach gcuirfeadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach, mar thoradh ar éifeachtaí cothrománacha neamh-chomhordaithe a thagann as meascán de bhunachair sonraí Meta agus Kustomer agus cumais bailithe sonraí lena n-úsáid chun fógraíocht taispeána ar líne a sholáthar (i.e. trí shuíomh Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) ar an margadh a threisiú). Comhaontaíonn 14 Bhallstát. Staonann 2 Bhallstát.

6.

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach le measúnú an Choimisiúin gur dócha nach gcuirfeadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach, mar thoradh ar éifeachtaí ilchuideachta a thagann as an eintiteas cumaiscthe ag cuachadh fógraíocht taispeána ar líne agus bogearraí CRM le chéile. Comhaontaíonn 14 Bhallstát. Staonann 2 Bhallstát.

Gealltanais

7.

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach le conclúid an Choimisiúin go mbaintear na hábhair imní maidir le foriamh ionchuir sholáthraithe na mbogearraí CRM de dheasca shrianadh nó dhíghrádú a rochtana ar bhealaí cumarsáide “gnólacht le tomhaltóir” de chuid Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) leis an nGealltanas maidir le Rochtain ar API, mar a chuir an Páirtí a Thug Fógra ar fáil an 20 Nollaig 2021. Comhaontaíonn 14 Bhallstát. Staonann 2 Bhallstát.

8.

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach leis an gCoimisiún gur dócha nach ndéanfar leis an idirbheart faoinar tugadh fógra bac suntasach a chur ar an iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach nó in aon chuid shubstaintiúil de, faoi réir chomhlíonadh iomlán na ngealltanas deiridh a chuir an Páirtí a Thug Fógra ar fáil an 20 Nollaig 2021. Comhaontaíonn 13 Bhallstát. Staonann 3 Bhallstát.

Comhoiriúnacht leis an margadh inmheánach agus leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

9.

Comhaontaíonn an Coiste Comhairleach leis an gCoimisiún gur cheart, dá bhrí sin, an comhchruinniú dá dtugtar fógra a dhearbhú mar chomhchruinniú atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus leis an gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (2) i gcomhréir le hAirteagal 2(2) agus Airteagal 8(2) den Rialachán um Chumaisc agus le hAirteagal 57 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Comhaontaíonn 13 Bhallstát. Staonann 3 Bhallstát.

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

(2)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.


31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/6


Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta (1)

Cás M.10262 – META (FORMERLY FACEBOOK) / KUSTOMER

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 417/05)

1.   

An 25 Meitheamh 2021, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú beartaithe , de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh 139/2004 ón gComhairle (2) (“an Rialachán um Chumaisc”) (“an tIdirbheart Beartaithe”) ar fógra é faoina bhfaigheadh Meta Platforms, Inc., ar a dtugtaí Facebook, Inc. roimhe seo, (“Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo)” nó “Facebook”) (3) rialú aonair ar Kustomer, Inc. (“Kustomer”). Chun críoch na tuarascála seo, tagraítear do Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) agus Kustomer le chéile mar “na Páirtithe”.

2.   

An 2 Lúnasa 2021, ghlac an Coimisiún cinneadh chun imeachtaí a thionscnamh de bhun Airteagal 6(1)(c) den Rialachán um Chumaisc, toisc gur ardaíodh ábhar amhrais tromchúiseach sa chéad chéim d’imscrúdú an Choimisiúin maidir le comhoiriúnacht an Idirbhirt Bheartaithe leis an margadh inmheánach.

3.   

An 3 Lúnasa 2021, d’eisigh an Coimisiún cinneadh chuig Facebook de bhun Airteagal 11(3) den Rialachán um Chumaisc inar cheangail sé ar Facebook faisnéis áirithe a sholáthar tráth nach déanaí ná an 10 Lúnasa 2021.

4.   

An 6 Lúnasa 2021, ar iarraidh fhoirmiúil ó Facebook dar dáta 5 Lúnasa 2021, chuir an Coimisiún síneadh 5 lá oibre leis an tréimhse ama de bhun Airteagal 10(3), an chéad fhomhír, den Rialachán um Chumaisc maidir le glacadh an chinnidh de bhun Airteagal 8 den Rialachán um Chumaisc i ndáil leis an Idirbheart Beartaithe, mar a iarradh, de bhun Airteagal 10(3), an dara fomhír den rialachán céanna.

5.   

An 24 Lúnasa 2021, i gcomhaontú le Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo), chuir an Coimisiún síneadh 10 lá oibre leis an tréimhse chun cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 8 den Rialachán um Chumaisc i gcomhréir le hAirteagal 10(3), an dara fomhír, an tríú habairt, den Rialachán um Chumaisc.

6.   

An 18 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún Ráiteas Agóidí a cuireadh faoi bhráid Facebook (“SO”). Tugadh fógra do Facebook maidir le SO ar an lá céanna agus ceadaíodh sprioc-am go dtí an 3 Samhain 2021 do Facebook chun a chuid barúlacha a chur isteach. An 19 Deireadh Fómhair 2021, cuireadh Kustomer ar an eolas freisin maidir le glacadh SO agus tugadh an deis dó leagan neamhrúnda a iarraidh, dá mbeadh sé ag iarraidh barúlacha (ar leithligh) a chur isteach de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (CE) 802/2004 ón gCoimisiún (4).

7.   

In SO, bhí an Coimisiún den réamhthuairim gur dócha, agus go bhfuil dóchúlacht láidir ann fiú, gurb é a thiocfaidh as an Idirbheart bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach de réir bhrí Airteagal 2(3) den Rialachán um Chumaisc. Bheadh an méid sin ann mar thoradh ar éifeachtaí ingearacha neamh-chomhordaithe ar mhargadh LEE nó ar an margadh domhanda le haghaidh bogearraí bainistíochta caidrimh custaiméirí (‘CRM;) le haghaidh seirbhís agus tacaíocht do chustaiméirí, chomh maith le bheith ar an mórmhargadh le haghaidh bhogearraí CRM ar an iomlán, agus ar chodanna féideartha de gach margadh den sórt sin.

8.   

An 19 Deireadh Fómhair 2021, fuair Facebook rochtain ar na doiciméid inrochtana i gcáschomhad an Choimisiúin. Soláthraíodh rochtain ar an gcomhad ina dhiaidh sin an 21 Deireadh Fómhair 2021, an 29 Deireadh Fómhair 2021, an 6 Nollaig 2021, an 8 Nollaig 2021 agus an 10 Nollaig 2021.

9.   

Ní bhfuair mé aon ghearán ná aon iarraidh eile ó na Páirtithe maidir le rochtain ar an gcomhad.

10.   

An 3 Samhain 2021, thug Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) freagra ar RA. Níor iarr na Páirtithe éisteacht fhoirmiúil ó bhéal.

11.   

An 24 Samhain 2021, chuir Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) gealltanais isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus 10(2) den Rialachán um Chumaisc, d’fhonn an tIdirbheart Beartaithe a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE. Sheol an Coimisiún tástáil margaidh de na gealltanais sin an 26 Samhain 2021.

12.   

An 3 Nollaig 2021, sheol an Coimisiún litir fíoras chuig Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo), inar thug sé gnéithe fíorasacha breise chun suntais chun tacú leis na réamhchonclúidí ar thángthas orthu in SO. Bhí roinnt díobh sa chomhad cheana féin tráth SO, agus ní bhfuair an Coimisiún na cinn eile tar éis dó SO a ghlacadh. I ndiaidh anailís bhreise a dhéanamh ar an gcomhad, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfadh na heilimintí sin a bheith ábhartha chun bunús a thabhairt lena chinneadh deiridh.

13.   

An 13 Nollaig 2021, chuir Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) freagra i scríbhinn ar an litir fíoras isteach.

14.   

An 17 Nollaig 2021, i gcomhaontú le Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo), chuir an Coimisiún síneadh 5 lá oibre leis an tréimhse chun cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 8 den Rialachán um Chumaisc i gcomhréir le hAirteagal 10(3), an dara fomhír, an tríú habairt, den Rialachán um Chumaisc.

15.   

An 20 Nollaig 2021, tar éis dóibh aiseolas a fháil ón gCoimisiún maidir lena ngealltanais a chuir siad isteach níos luaithe, chuir Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) a ghealltanais athbhreithnithe agus deiridh isteach, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) agus 10(2) den Rialachán um Chumaisc, d’fhonn an tIdirbheart Beartaithe a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE (na “Gealltanais Deiridh”).

16.   

Leis an dréachtchinneadh dearbhaítear gur comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE atá an tIdirbheart Beartaithe, faoi réir chomhlíonadh iomlán na nGealltanas Deiridh.

17.   

Rinne mé athbhreithniú ar an dréachtchinneadh de bhun Airteagal 16(1) de Chinneadh 2011/695/AE agus bainim de thátal as nach ndéileáiltear ann ach amháin le hagóidí ar ina leith a tugadh an deis do na Páirtithe a gcuid tuairimí a chur in iúl.

18.   

Mar gheall ar an méid thuas, measaim gur urramaíodh feidhmiú éifeachtach na gceart nós imeachta sa chás seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Eanáir 2020.

Dorothe DALHEIMER


(1)  De bhun Airteagail 16 agus 17 de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha an oifigigh éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe (IO L 275, 20.10.2011, lch. 29) (“Cinneadh 2011/695/AE”).

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (Rialachán um Chumaisc CE) (IO L 24, 29.1.2004, lch. 1).

(3)  An 28 Deireadh Fómhair 2021, d’athraigh Facebook, Inc. a ainm go Meta Platforms, Inc.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 802/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle maidir le comhchruinnithe idir gnóthais a rialú (IO L 133, 30.4.2004, lch. 1).


31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/8


Achoimre ar an gCinneadh ón gCoimisiún

an 27 Eanáir 2022

lena ndearbhaítear comhchruinniú atá comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le feidhmiú Chomhaontú LEE

(Cás M.10262 – META (FORMERLY FACEBOOK) / KUSTOMER) (dá dtugtar fógra faoi dhoiciméad uimhir C(2022) 409)

(Is é an leagan Béarla an t-aon leagan barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 417/06)

An 27 Eanáir 2022, ghlac an Coimisiún Cinneadh i gcás cumaisc faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle an 20 Eanáir 2004 maidir le comhchruinnithe a rialú idir gnóthais (1) , agus go háirithe Airteagal 8(2) den Rialachán sin. Is féidir leagan neamhrúnda den Cinneadh iomlán, a aimsiú i dteanga bharántúil an cháis atá ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta, ag an seoladh seo: http://ec.europa.eu/competition/elojade/isef/index.cfm?clear=1&policy_area_id=2

1.   RÉAMHRÁ

(1)

An 25 Meitheamh 2021, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú beartaithe de bhun Airteagal 4 den Rialachán um Chumaisc faoina bhfaigheann Meta Platforms, Inc., ar a dtugtaí Facebook, Inc. roimhe seo, (“Meta” nó “Facebook” nó an “Páirtí a Thug Fógra”,na Stáit Aontaithe) rialú aonair ar Kustomer, Inc. (“Kustomer”, na Stáit Aontaithe) de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc (“na Páirtithe” go comhpháirteach) (“an tIdirbheart”).

(2)

Le Cinneadh dar dáta 2 Lúnasa 2021, chinn an Coimisiún gur ardaigh an tIdirbheart beartaithe ábhar amhrais tromchúiseach maidir lena chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach agus thionscain sé imeachtaí bhun Airteagal 6 (1)(c) den Rialachán um Chumaisc (“Cinneadh Airteagal 6(1)(c)”).

(3)

An 18 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún Ráiteas Agóidí i dtaobh a réamhtuairime gur dócha, agus go bhfuil dóchúlacht láidir ann fiú, gurb é a thiocfaidh as an Idirbheart bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach i gcuid shubstaintiúil den mhargadh inmheánach (an “RA”).

(4)

An 24 Samhain 2021, chuir an Páirtí a Thug Fógra gealltanais isteach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir leis an iomaíocht a shainaithin an Coimisiún (na “Gealltanais Tosaigh”). Tar éis na tástála margaidh, chuir an Páirtí a Thug Fógra sraith dheiridh gealltanas an 20 Nollaig 2021 (na “Gealltanais Deiridh”).

(5)

Rinneadh comhairliúcháin leis na Ballstáit maidir leis an gCinneadh le linn an Choiste Chomhairligh um Chomhchruinnithe an 14 Eanáir 2022, a thug tuairim fhabhrach. Thug an tOifigeach Éisteachta a thuairim fhabhrach ar na himeachtaí ina thuarascáil, a cuireadh isteach an 17 Eanáir 2022.

2.   ACHOIMRE

(6)

Léiríodh san imscrúdú margaidh i gCéim II gurb é a thiocfaidh as an Idirbheart bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach a mhéid a bhaineann le margadh LEE, nó leis an margadh domhanda, le haghaidh bogearraí CRM (nó le cuid fhéideartha den mhargadh sin).

(7)

Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisiún maidir leis an iomaíocht i margadh bhogearraí CRM, chuir an Páirtí a Thug Fógra gealltanais isteach. Tugann na Gealltanais Deiridh aghaidh ar ábhair imní an Choimisiúin.

(8)

Faoi réir chomhlíonadh iomlán na gcoinníollacha agus na n-oibleagáidí a leagtar amach sna Gealltanais Deiridh, dearbhaítear go bhfuil an tIdirbheart comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE agus, dá bhrí sin, glacadh cinneadh maidir le himréiteach de bhun Airteagal 8 (2) den Rialachán um Chumaisc agus le hAirteagal 57 de Chomhaontú LEE an 27 Eanáir 2022.

3.   NA MARGAÍ ÁBHARTHA

(9)

Sainítear na margaí ábhartha seo a leanas leis an gCinneadh:

(a)

Margadh bogearraí CRM, agus an chuid fhéideartha de mhargadh na mbogearraí CRM le haghaidh seirbhís agus tacaíocht do chustaiméirí, a bhféadfaí an dá cheann acu a dheighilt a thuilleadh bunaithe ar (i) an tslí a n-úsáidtear iad, (ii) líon na gcustaiméirí gnó agus (iii) earnáil an tionscail ina bhfuil na custaiméirí gnó gníomhach. Rinne an Coimisiún amach go dtiocfadh bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach sa mhargadh sin as an idirbheart, gan beann ar dheighilt den sórt sin. Cuimsítear LEE ar a laghad, nó fiú an domhan iomlán sa raon feidhme geografach.

(b)

Margadh na seirbhísí cumarsáide “gnólacht le tomhaltóir”, a d’fhéadfadh a bheith deighilte a thuilleadh don mhargadh le haghaidh seirbhísí aisioncrónacha cumarsáide “gnólacht le tomhaltóir” agus don mhargadh níos cúinge fós le haghaidh seirbhísí teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” ar líne (“OTT”). Cuimsítear LEE ar a laghad, nó fiú an domhan iomlán sa raon feidhme geografach.

(c)

Fógraíocht taispeána ar líne, a d’fhéadfadh a bheith deighilte a thuilleadh ag (i) meáin shóisialta ann/as, (ii) fógraí le/gan fhíseán, agus (iii) fón póca/ríomhaire deisce (nó codanna féideartha de na codanna sin). Síneann an raon feidhme geografach feadh teorainneacha náisiúnta nó teorainneacha teanga laistigh de LEE.

4.   MEASÚNÚ AR AN IOMAÍOCHT

(10)

Rinne an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí ingearacha an Idirbhirt a mhéid a bhaineann le foriamh a d’fhéadfadh a bheith ann ó rochtain ar APInna na mbealaí réamhtheachtacha teachtaireachtaí de chuid Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo), rud a dhéanfadh dochar do sholáthraithe bogearraí CRM iartheachtacha.

(11)

Ina theannta sin, rinne an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí cothrománacha an Idirbhirt ar bhunachair sonraí (agus cumais bailithe sonraí), is é sin Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) mar fhoinse sonraí úsáideora, a d’fhéadfaí a úsáid i seirbhísí fógraíochta taispeána ar líne. Murach sin, níl margaí a ndearnadh difear dóibh go cothrománach ag teacht ón Idirbheart.

(12)

Faoi dheireadh, rinne an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí ilchuideachta an Idirbhirt a mhéid a bhaineann le suíomh Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) ar an margadh fógraíochta taispeána ar líne a ghiaráil isteach i margadh CRM.

4.1.   Éifeachtaí ingearacha

4.1.1.   Foriamh na rochtana ar APInna a ghabhann le bealaí teachtaireachtaí Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) rud a dhéanfadh dochar do sholáthraithe bogearraí CRM atá in iomaíocht le chéile (foriamh ionchuir)

(13)

Measann an Coimisiún, bunaithe ar thorthaí an imscrúdaithe margaidh, gur dócha go mbeadh sé de chumas ag Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) dul i mbun foriamh ionchuir a mbealaí teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” chuig soláthraithe bogearraí CRM lena bhfuil siad in iomaíocht. Ar an gcéad dul síos, is ionchur tábhachtach í an rochtain ar bhealaigh teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” OTT do sholáthraithe bogearraí CRM (agus dá gcustaiméirí gnó). Ar an dara dul síos, tá cumhacht mhargaidh ag Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) laistigh den mhargadh cumarsáide “gnólacht le tomhaltóir” (agus codanna féideartha de). Ar an tríú dul síos, tá sé de chumas — go teicniúil agus go conarthach — ag Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) rochtain API ar a bhealaí teachtaireachtaí a shrianadh nó a dhíghrádú, lena n-áirítear an cumas straitéis foriata den sórt sin a dhíriú ar dhlúth-iomaitheoirí Kustomer.

(14)

Ina theannta sin, bunaithe ar thorthaí an imscrúdaithe margaidh, measann an Coimisiún gur dócha go mbeadh dreasacht ag an eintiteas cumaiscthe dul i mbun foriamh ionchuir spriocdhírithe, trí rochtain API ar a bhealaí teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” do sholáthraithe bogearraí CRM áirithe a shrianadh nó a dhíghrádú. Ar an gcéad dul síos, is cosúil gurb ann do go leor gnóthachan leis an eintiteas cumaiscthe ó straitéis foriata, agus go bhfuil na gnóthachain sin éagsúil agus suntasach. Ar an dara dul síos, is féidir na caillteanais don eintiteas cumaiscthe ó straitéis foriata a theorannú go pointe leordhóthanach ag an eintiteas cumaiscthe, trí spriocdhíriú ar dhlúth-iomaitheoirí Kustomer agus trí imthosca géaraitheacha breise.

(15)

Ar deireadh, measann an Coimisiún gur dócha go mbeadh éifeachtaí diúltacha suntasacha ar an iomaíocht sa mhargadh le haghaidh bogearraí CRM (nó le codanna féideartha de), go háirithe i bhfianaise na tábhachta a bhaineann le bealaí teachtaireachtaí Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo), mar ionchur i mbogearraí CRM, dá mbeadh straitéis foriata ionchur spriocdhírithe ann chun rochtain ar APInna a shrianadh nó a dhíghrádú. D‘fhéadfadh an tionchar a bheith an-ghéar mar go bhfuil ról sách tábhachtach ag gnólachtaí a d’fhéadfadh a bheith foriata sa phróiseas iomaíoch (go háirithe mar phríomhspreagthóirí nuálaíochta). D‘fhéadfadh praghsanna níos airde, cáilíocht níos ísle agus nuálaíocht níos lú do chustaiméirí gnó a bheith mar thoradh ar an laghdú sin ar an iomaíocht, rud a d’fhéadfaí a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí.

(16)

Dá bhrí sin, i bhfianaise thorthaí an imscrúdaithe margaidh agus na fianaise a bhí ar fáil dó, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha, agus go bhfuil dóchúlacht láidir ann fiú, gurb é a thiocfaidh as an Idirbheart bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach mar thoradh ar éifeachtaí ingearacha neamh-chomhordaithe a thagann ó naisc ingearacha idir an margadh réamhtheachtach le haghaidh seirbhísí cumarsáide “gnólacht le tomhaltóir” (agus codanna féideartha de) agus an margadh iartheachtach le haghaidh bogearraí CRM (agus codanna féideartha de).

4.2.   Na héifeachtaí cothrománacha

4.2.1.   Bacainní ardaithe ar theacht isteach agus ar fhorleathnú mar thoradh ar charnadh sonraí

(17)

Cé nach bhfuil aon mhargadh sa chiall thraidisiúnta a ndearnadh difear dó go cothrománach ag teacht ón Idirbheart, measann an Coimisiún, tar éis an Idirbhirt, go méadófaí ar infhaighteacht Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) de shonraí atá insaothraithe ó thaobh na tráchtála de, ar féidir iad a fháil ó ghníomhaíochtaí Kustomer.

(18)

Scrúdaigh an Coimisiún an bhféadfadh sé go mbeadh bacainní ardaithe ar iontráil agus ar fhorleathnú ar an margadh d’fhógraíocht taispeána ar líne nó d’aon chuid de mar thoradh ar an gcarnadh sonraí sin.

(19)

Bunaithe ar an gcur chuige a glacadh in Apple/Shazam (2) agus in Google/Fitbit (3) tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil srianta rialála áirithe ann chun cosc a chur ar an teaglaim neamhdhleathach de thacair sonraí amhail na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, agus go háirithe le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an “RGCS”) agus le rialacha an Aontais a bhaineann le príobháideachas agus cosaint rúndachta cumarsáide, go háirithe Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an “Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas”).

(20)

Maidir leis an margadh do sheirbhísí fógraíochta taispeána ar líne, cloíonn an Coimisiún lena chonclúid, mar a leagtar amach in gCinneadh Airteagal 6(1)(c), go bhfuil cumhacht shuntasach sa mhargadh ag Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) agus measann sé go bhfuil an chumhacht atá ag Meta (Facebook roimhe seo) cheana féin roimh an Idirbheart chun sonraí a bhailiú a thugann buntáiste suntasach sonraí.

(21)

Tugann an Coimisiún faoi deara nach bhfuil sciar méadaithe de Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) ar an margadh le haghaidh seirbhísí fógraíochta taispeána ar líne nó aon chuid díobh mar thoradh ar cheannach Kustomer, toisc nach bhfuil Kustomer féin gníomhach ar an margadh seo ná in aon cheann dá chodanna. Thairis sin, ní gnách go mbíonn na sonraí a stóráiltear ar chórais Kustomer faoi úinéireacht / rialú Kustomer féin. Dá bhrí sin, bheadh ar aon soláthraí CRM comhaontú/treoir a fháil óna chustaiméirí gnó sula bhféadfadh sé aon cheann dá chuid sonraí a úsáid.

(22)

A mhéid a bhaineann le carnadh féideartha sonraí, measann an Coimisiún go mbeidh sé de chumas ag Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) custaiméirí gnó a spreagadh chun comhaontú a dhéanamh sonraí a chomhroinnt. Maidir lena méid, luach, éagsúlacht agus treoluas, tá na sonraí seo an-ábhartha chun feabhas a chur ar Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) cumais spriocdhírithe le haghaidh na seirbhísí fógraíochta taispeána ar líne a sholáthraíonn sé. Cé go bhféadfadh rochtain a bheith ag Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) ar go leor nó ar an gcuid is mó de na cineálacha sonraí a d’fhéadfadh sé a fháil trí Kustomer a shealbhú, measann an Coimisiún go bhféadfadh sé rochtain a fháil fós ar chineálacha áirithe nua sonraí.

(23)

Measann an Coimisiún nach dócha go dtiocfaidh méadú suntasach ar na bacainní ar iontráil agus ar fhorleathnú ar an margadh d’fhógraíocht taispeána ar líne nó d’aon chuid de mar gheall ar mhéid Kustomer, ní dócha go dtiocfadh méadú suntasach ar shonraí, fiú amháin agus spriocanna fáis Meta (Facebook roimhe seo) á gcur san áireamh. Thairis sin, is é tátal an Choimisiúin go mbeadh rochtain fós ag iomaitheoirí atá ar an margadh do sheirbhísí fógraíochta taispeána ar líne, nó d’aon chuid díobh, ar shonraí ó chustaiméirí gnó Kustomer, nó de rogha air sin, go bhféadfaidís rochtain a fháil ar thacair sonraí den chineál céanna trí chomhpháirtíochtaí le soláthraithe bhogearraí CRM eile, mar shampla.

(24)

Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, nach gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach i ndáil le soláthar seirbhísí fógraíochta taispeána ar líne nó aon chuid díobh.

4.3.   Na héifeachtaí ilchuideachta

4.3.1.   Suíomh Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) ar an margadh fógraíochta taispeána ar líne a ghiaráil isteach sa mhargadh CRM

(25)

Measann an Coimisiún nach mbeadh an t-eintiteas cumaiscthe in ann dul i mbun straitéis um chuachadh de sheirbhísí fógraíochta taispeána ar líne le bogearraí CRM. In ainneoin chumhacht shuntasach mhargaidh Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) i bhfógraíocht taispeáint ar líne, tá patrúin ceannaigh éagsúla ag na táirgí. Maidir leis sin, léiríodh san imscrúdú gur minic a cheannaítear seirbhísí bogearraí CRM agus seirbhísí fógraíochta taispeána ar líne ar leithligh agus gur dócha go gceannaítear iad eatraimh éagsúla, mar gheall go mbaineann nósanna imeachta ar leithligh nó éagsúla chun iad a cheannach a mbíonn idir lámha ag ranna éagsúla sa chustaiméir gnó céanna.

(26)

Ós rud é go measann an Coimisiún nach mbeadh sé de chumas ag Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) fógraíocht taispeána ar líne a chuachadh le bogearraí CRM, is féidir an cheist a fhágáil ar oscailt an mbeadh sé de dhreasacht ag Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) dul i mbun straitéis cuachta den sórt sin agus an mbeadh tionchar díobhálach aige ar an iomaíocht.

(27)

Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach gcuirfeadh an tIdirbheart bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach mar thoradh ar fhógraíocht taispeána ar líne agus bogearraí CRM a chuachadh, ós rud é nach mbeadh sé de chumas ag Meta (ar Facebook roimhe seo) dul i mbun straitéis den sórt sin.

5.   GNÓTHAIS ARNA GCUR ISTEACH AG NA PÁIRTITHE

(28)

Chun na hábhair imní maidir leis an iomaíocht a thagann ón Idirbheart a bhaint, chuir an Páirtí a Thug Fógra gealltanais isteach i gCéim II.

5.1.   Gealltanais Tosaigh

(29)

Bhí 2 phríomhghné sna Gealltanais Tosaigh, a tairgeadh ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta deiridh an Idirbhirt: (A) gealltanas maidir le rochtain phoiblí ar API, agus (B) gealltanas lárnach maidir le paireacht feidhmiúlachta API.

5.1.1.   An gealltanas maidir le rochtain phoiblí ar API

(30)

Leis an ngealltanas maidir le rochtain phoiblí ar API, gheall Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) rochtain a choinneáil do sholáthraithe tríú páirtí CS CRM le díolacháin in LEE ar APInna a bhealaigh teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” atá ar fáil go poiblí (APInna atá ann cheana agus cinn a bheidh ann amach anseo) ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, go háirithe maidir le (i) critéir incháilitheachta, (ii) praghsáil rochtana API, (iii) feidhmiúlacht nó (iv) feidhmíocht i gcomparáid le húsáideoirí inchomparáide eile na APInna sin.

5.1.2.   An gealltanas maidir le paireacht feidhmiúlachta lárnaí API

(31)

Leis an ngealltanas maidir le paireacht feidhmiúlachta lárnaí API, gheall Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) na feidhmiúlachtaí lárnacha API uile na mbealaí teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” (agus aon fheabhsuithe ar fheidhmiúlachtaí den sórt sin amach anseo) a chuirtear ar fáil do Kustomer a chur ar fáil ar bhonn coibhéiseach do sholáthraithe tríú páirtí CS CRM freisin, fiú mura mbeadh feidhmiúlachtaí den sórt sin cumhdaithe ag an ngealltanas maidir le rochtain phoiblí ar API. Sna Gealltanais Tosaigh sin, sainíodh na feidhmiúlachtaí seo a leanas de chuid na n-Ardán Gnó Messenger , Instagram Messaging agus Whatsapp mar fheidhmiúlachtaí lárnacha API na mbealaí teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir”: seoladh/fáil (i) teachtaireachtaí téacs-bhunaithe, (ii) ceangaltán íomhá, agus (iii) nasc URL.

5.2.   Gealltanais Deiridh

(32)

I ndiaidh na tástála margaidh, mhol an Páirtí a Thug Fógra Gealltanais Deiridh ina raibh roinnt feabhsaithe suntasacha i gcomparáid leis na Gealltanais Tosaigh, go háirithe an méid seo a leanas.

(33)

Ar an gcéad dul síos, méadaíodh an fad ó 5 go 10 mbliana.

(34)

Ar an dara dul síos, i ndáil leis an ngealltanas maidir le rochtain phoiblí ar API, áiríodh gealltanas soiléir nach ngearrfadh Meta (ar a dtugtaí Facebook roimhe seo) costas ar sholáthraithe tríú páirtí bhogearraí CRM le haghaidh seirbhís agus tacaíocht do chustaiméirí i leith rochtain a fháil ar APInna a bhealaigh teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” atá ar fáil go poiblí, ar a raibh rochtain saor in aisce roimh thréimhse an Idirbhirt, agus an ceart á fhorchoimeád aige chun táillí atá réasúnta ó thaobh na tráchtála de bunaithe ar úsáid nó ar toirt a ghearradh.

(35)

Ar an tríú dul síos, i ndáil le tiomantas lárnach feidhmiúlacht-cothromaíocht API, rinne na Gealltanais Deiridh forleathnú suntasach ar an liosta d’fheidhmiúlachtaí lárnacha bealaí teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” APInna, eadhon na feidhmiúlachtaí API uile na mbealaí teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” comhtháite i mbogearraí CRM Kustomer roimh thréimhse an Idirbhirt. Leis na Gealltanais Deiridh tugadh isteach freisin sásra chun feidhmiúlachtaí nua a chur le sainmhíniú ar feidhmiúlachtaí API na mbealaí teachtaireachtaí “gnólacht le tomhaltóir” amach anseo, bunaithe ar úsáid (lena n-áirítear le haghaidh tástála) ag mais chriticiúil d’úsáideoirí gnó uirlis CRM Kustomer.

(36)

Ar an gceathrú dul síos, ní hamháin gur féidir le soláthraithe tríú páirtí CS CRM, a bhfuil díolacháin acu in LEE cheana féin brath ar na Gealltanais Deiridh, ach is féidir le hiontrálaithe nua brath orthu freisin, ar choinníoll go ndíríonn siad go gníomhach ar chustaiméirí in LEE.

5.3.   Measúnú ar na gnóthais arna gcur isteach

(37)

Measann an Coimisiún nach mór gealltanais atá beartaithe, d’fhonn a bheith inghlactha, a bheith in ann comhchruinniú a dhéanamh comhoiriúnach leis an margadh inmheánach mar go gcuireann siad cosc ar bhac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach sna margaí ábhartha uile inar sainaithníodh ábhair imní maidir leis an iomaíocht. Sa chás sin, is gá do na gealltanais deireadh a chur leis na hábhair imní maidir leis an iomaíocht a shainaithin an Coimisiún, eadhon maidir leis an margadh iartheachtach ar fud LEE, nó ar bhonn domhanda, le haghaidh bhogearraí CRM (nó le codanna féideartha de).

(38)

Baineann an Coimisiún de thátal as go dtugann na Gealltanais Deiridh aghaidh go huile agus go hiomlán ar shaincheisteanna na hiomaíochta a ardaíodh leis an Idirbheart. Baineann an Coimisiún de thátal freisin as gur féidir iad a chur chun feidhme go héifeachtach laistigh de thréimhse ghearr ama.

6.   CONCLÚID

Ar na cúiseanna thuasluaite, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid sa Chinneadh, faoi réir comhlíonadh na ngealltanas arna dtabhairt ag an bPáirtí a Thug Fógra, nach gcuirfeadh an t-Idirbheart bac suntasach ar an iomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach nó i gcuid shubstaintiúil de. Dá thoradh sin, dearbhaítear leis an gCinneadh go bhfuil an comhchruinniú comhoiriúnach leis an margadh inmheánach, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) agus Airteagal 8(2) den Rialachán um Chumaisc agus le hAirteagal 57 de Chomhaontú LEE.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lgh. 1.

(2)  Cinneadh ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2018 i gcás M.8788 – Apple/Shazam, aithrisí 225-235.

(3)  Cinneadh ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2020 i gcás M.9660 – Google/Fitbit, aithrisí 403-413.


31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/13


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 417/07)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir/sealbhóirí an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2022) 7402

An 24 Deireadh Fómhair 2022

4-(1,1,3,3-Teitrimeitiolbúitil)feanól, eatocsailithe

(4-treas-OPnEO)

Uimh. CE: -, Uimh. CAS:-

Swords Laboratories Unlimited Company, Bóthar Ráth an Chrúisigh, Mullach Eadrad, D15H6EF Baile Átha Cliath 15, Co Bhaile Átha Cliath, Éire

REACH/22/38/0

Úsáid thionsclaíoch mar ghníomhaí dromchlach in íonú an druga bithchógaisíochta Orencia, a úsáidtear chun airtríteas réamatóideach, airtríteas ideapatach san aos óg agus airtríteas soiriáiteach i ndaoine fásta a chóireáil

an 4 Eanáir 2033

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).


31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/14


Nótaí míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh

(2022/C 417/08)

De bhun Airteagal 9(1), pointe (a), de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), leasaítear leis seo na Nótaí míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (2) mar a leanas:

Ar leathanach 343, i ndiaidh an Nóta míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal 8479 40 00, cuirtear isteach an Nóta míniúcháin seo a leanas:

8479 89 70

Meaisíní suite comhpháirteanna leictreonacha uathoibríocha de chineál a úsáidtear go príomha chun cóimeálacha ciorcad priontáilte a mhonarú nó chuige sin amháin

Cuimsítear faoin bhfo-cheannteideal seo meaisíní cóimeála clár ciorcad priontáilte a úsáidtear chun comhpháirteanna gníomhacha, éighníomhacha nó cónascacha a ghléasadh ar chiorcaid phriontáilte (meaisíní pioc suas agus suigh). Cuirtear na comhpháirteanna sin isteach sa mheaisín go huathoibríoch ar théipeanna (criosanna). Déanann na meaisíní na comhpháirteanna a shuí go díreach ag na suíomhanna atá beartaithe agus gléasann siad iad ar an gciorcad clóite. Tar éis ghléasadh na gcomhpháirteanna, socraítear iad ar an gciorcad clóite trí shádráil nó nascadh teagmhála a dhéanamh orthu, mar shampla. Cé is moite de chóimeáil gaireas leathsheoltóra, is féidir leis na meaisíní sin comhpháirteanna eile a phiocadh suas agus a shuí ar shubstráití”;

agus sa Nóta míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal 8479 89 97, scriostar pointe 3.

Ar leathanach 357, scriostar an Nóta míniúcháin a ghabhann leis an bhfo-cheannteideal 8529 90 92.


(1)  IO L 256, 7.9.1987, lch. 1.

(2)  IO C 119, 29.3.2019, lch. 1.


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/15


Fógra ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Modhnú oibleagáidí seirbhíse poiblí i leith aersheirbhísí sceidealta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 417/09)

Ballstát

an Fhrainc

An t-aerbhealach lena mbaineann

Rodez - Páras (Orly)

Dáta bunaidh theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí

1 Meitheamh 1997

Dáta theacht i bhfeidhm na modhnuithe

20 Eanáir 2024

Seoladh ónar féidir an téacs agus aon fhaisnéis ábhartha agus/nó aon doiciméadacht ábhartha a bhaineann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí a fháil

Ordú an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhí forchurtha ar na haersheirbhísí sceidealta idir Rodez agus Páras (Orly)

NOR : TREA2225691A

https://www.legifrance.gouv.fr

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:

Direction Générale de l’Aviation Civile

DTA/SDS1

50 rue Henry Farman

75 720 Paris Cedex 15

an Fhrainc

Teil. +33 158094321


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Coimisiún Eorpach

31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/16


Nochtadh na gcodanna ábhartha den chinneadh féimheachta agus dearbhú dócmhainneachta i leith shócmhainní Sberbank CZ, a.s., faoi Airteagal 13 de Threoir 2001/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinstitiúidí creidmheasa a atheagrú agus a fhoirceannadh

Cuireadh chun éileamh a thaisceadh — Teorainneacha ama a bheidh le tabhairt faoi deara

Cuireadh chun tuairimí a bhaineann le héileamh a chur isteach — Teorainneacha ama a bheidh le tabhairt faoi deara

(2022/C 417/10)

Sainaithint an fhéichiúnaí: : Sberbank CZ, a.s., faoi leachtú, cuideachta phoiblí theoranta atá corpraithe faoi dhlí Phoblacht na Seice, a bhfuil a oifig chláraithe aige ag U Trezorky 921/2, Jinonice, 158 00 Praha 5, Uimhir Aitheantais: 25083325, a iontráladh sa chlár tráchtála arna choimeád ag Městský soud v Praze (Cúirt Bhardasach Phrág), roinn B, iontráil 4353.

Sainaithint na cúirte dócmhainneachta: Městský soud v Praze (Cúirt Bhardasach Phrág), a bhfuil a seoladh cláraithe aici ag Slezská 9, 120 00 Praha 2, Poblacht na Seice.

Sainaithint an leachtaitheora: Jiřina Lužová, dlíodóir, a bhfuil a seoladh cláraithe aici ag Dušní 866/22, 110 00 Praha 1, Poblacht na Seice, Uimhir Aitheantais: 44686650, ríomhphost: ak@akluzova.cz, uimhir theileafóin +420 222327902.

An 26 Lúnasa 2022, d’eisigh Městský soud v Praze (Cúirt Bhardasach Phrág) cinneadh Uimh. MSPH 95 INS 12575/2022 - A-72 uaithi, cinneadh ina ndearnadh, faoi dhlí Phoblacht na Seice (Acht Uimh. 182/2006 maidir le féimheacht agus nósanna imeachta chun í a láimhseáil (“an tAcht Dócmhainneachta”), arna leasú):

a)

an féichiúnaí, Sberbank CZ, a.s., faoi leachtú, cuideachta phoiblí theoranta arna chorprú agus atá ann faoi dhlí Phoblacht na Seice, a bhfuil a oifig chláraithe aige ag U Trezorky 921/2, Jinonice, 158 00 Praha 5, Uimh Aitheantais: 25083325, a iontráladh sa chlár tráchtála arna choimeád ag Městský soud v Praze (Cúirt Bhardasach Phrág), roinn B, iontráil 4353, (“an Féichiúnaí”), a dhearbhú féimheach; agus

b)

dócmhainneacht dhearbhaithe i leith shócmhainní an Fhéichiúnaí (“an Cinneadh”).

Faoin gcinneadh, ceapadh freisin Jiřina Lužová, dlíodóir, a bhfuil a seoladh cláraithe aici ag Dušní 866/22, 110 00 Praha 1, Poblacht na Seice, Uimhir Aitheantais: 44686650, mar leachtaitheoir don Fhéichiúnaí.

Measfar éilimh ó chreidiúnaithe mar a thaispeántar i gcuntais an Fhéichiúnaí iad a bheith ina n-éilimh thaiscthe. Tabharfar fógra do na creidiúnaithe faoi sin ina n-aonar laistigh de 60 lá ón dearbhú dócmhainneachta. Is é an 25 Deireadh Fómhair 2022 an spriocdháta a bheidh leis sin.

Féadfaidh creidiúnaí a easaontaíonn le méid nó le cineál a éilimh mar a leagtar amach san fhógra de bhun na míre roimhe seo é agóid a thaisceadh leis an leachtaitheoir i scríbhinn laistigh de 4 mhí ó dháta an dearbhaithe dócmhainneachta; mura ndéanfar sin, tuigfear as go n-aontaíonn an creidiúnaí le hábhar an fhógra. Is é an 26 Nollaig 2022 an spriocdháta a bheidh leis sin. Creidiúnaí a bhfuil a sheoladh cláraithe nó a oifig chláraithe aige, nó sainchónaí nó gnáthchónaí air, i mBallstát den Aontas nó i mBallstát den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, féadfaidh sé agóid a dhéanamh i dteanga oifigiúil an Stáit sin. Ní mór an ceanntásc Podání námitky proti výši pohledávky [“Agóid i gcoinne méid éilimh”] sa tSeicis a bheith ar an agóid. Má tá ábhar na hagóide soiléir don leachtaitheoir, cuirfidh sí san áireamh í, fiú mura mbeidh an ceanntásc uirthi. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an leachtaitheoir agóid ina dhiaidh sin a chur san áireamh, ach amháin más soiléir gur seoladh í chuig an údarás atá freagrach as í a sheirbheáil in am trátha. Féadfaidh an leachtaitheoir a chur de cheangal ar chreidiúnaí aistriúchán go Seicis den agóid a chur isteach.

Laistigh de 3 mhí ón sliocht seo den bhreithiúnas a fhoilsiú i Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh creidiúnaí agóid a thaisceadh nach bhfuair sé fógra ón leachtaitheoir de bhun Alt 373(2) den Acht Dócmhainneachta. Sonrófar san agóid méid an éilimh i gcoinne an fhéichiúnaí ar dháta an dearbhaithe dócmhainneachta i leith shócmhainní an fhéichiúnaí. Beidh cóipeanna atá deimhnithe go hoifigiúil d’aon doiciméadacht lena ndearbhaítear an méid líomhnaithe, an dáta a thosóidh an t-éileamh agus cineál an éilimh, agus go háirithe cé acu an éileamh é i gcoinn an eastáit dócmhainneachta (Alt 168 den Acht Dócmhainneachta), an ceann coibhéiseach é le ceann i gcoinne an eastáit dócmhainneachta (Alt 169 den Acht Dócmhainneachta), an éileamh a bhfuil teidlíocht ar shásamh ó urrús comhthaobhach é, an éileamh arna urrú ar bhealach eile é, nó an fo-éileamh é (Alt 172(2) den Acht Dócmhainneachta), agus sonrófar ann aon fhorchoimeádas teidil. Creidiúnaí a bhfuil a sheoladh cláraithe nó a oifig chláraithe aige, nó sainchónaí nó gnáthchónaí air, i mBallstát den Aontas nó i mBallstát den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, féadfaidh sé agóid a dhéanamh i dteanga oifigiúil an Stáit sin. Ní mór an ceanntásc Přihláška pohledávky [“Taisceadh éilimh”] sa tSeicis a bheith ar an agóid. Má tá ábhar na hagóide soiléir don leachtaitheoir, cuirfidh sí san áireamh í, fiú mura mbeidh an ceanntásc uirthi. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an leachtaitheoir agóid ina dhiaidh sin a chur san áireamh, ach amháin más soiléir gur seoladh í chuig an údarás atá freagrach as í a sheirbheáil in am trátha. Féadfaidh an leachtaitheoir a chur de cheangal ar chreidiúnaí aistriúchán go Seicis den agóid a chur isteach.

Jiřina Lužová, dlíodóir, leachtaitheoir do Sberbank CZ, faoi leachtú


NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/18


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10934 – VINCI ENERGIES / KONTRON IT SERVICE COMPANIES)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 417/11)

1.   

An 21 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

VINCI Energies S.A. (“VINCI Energies”, an Fhrainc), fochuideachta de chuid VINCI S.A. (an Fhrainc), máthairchuideachta deiridh VINCI Group.

ocht gcinn de chuideachtaí seirbhíse TF Kontron AG, lena n-áirítear a bhfochuideachtaí díreacha agus indíreacha (“Kontron IT Service Companies”): Amanox Solutions AG (an Eilvéis), S&T Albania SH.p.k. (an Albáin), S&T Serbia d.o.o. (an tSeirbia), hamcos IT Service GmbH (an Ghearmáin), S&T Deutschland GmbH (an Ghearmáin), S&T Mold srl., (an Mholdóiv), CITYCOMP Service GmbH, (an Ghearmáin) agus S&T CEE Holding s.r.o., (an tSlóvaic).

Gheobhaidh VINCI Energies rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Kontron IT Service Companies ina n-iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is eagraíocht éagsúlaithe dhomhanda é VINCI atá gníomhach i lamháltais agus bonneagar, tógáil, oibreacha poiblí, innealtóireacht shibhialta agus fuinneamh. Laistigh de VINCI Group, tá VINCI Energies gníomhach freisin, trína líne bhranda Axians, i réimse na seirbhísí TF. Cuireann líonra cuideachtaí Axians seirbhísí TF ar fáil, amhail bonneagair néalríomhaireachta agus lárionaid sonraí, líonraí fiontair, spás oibre digiteach, feidhmchláir ghnó agus anailísíocht sonraí agus cibearshlándáil.

Tá Kontron IT Service Companies gníomhach i seirbhísí sainchomhairleoireachta a chur ar fáil maidir le bonneagar TF amhail lárionaid sonraí agus néalseirbhísí agus ceapadh coincheap saincheaptha líonra agus slándála TF le haghaidh bonneagar ar an láthair agus bonneagar néalríomhaireachta. Déanann Kontron IT Service Companies bonneagar TF agus feidhmchláir agus réitigh bogearraí a chur chun feidhme, a chomhtháthú agus a sholáthar chomh maith.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le láimhseáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10934 – VINCI ENERGIES / KONTRON IT SERVICE COMPANIES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


31.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 417/20


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10960 – EPPE / PZEM SUBSIDIARIES)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 417/12)

1.   

An 20 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

EP Power Europe, a.s. (“EPPE”, Poblacht na Seice), faoi úinéireacht Ghrúpa EPH (Poblacht na Seice),

PZEM Energy Company B.V. (“PEC”) agus a fhochuideachtaí (a) Sloe Centrale Holding B.V. (“SCH”), (b) Sloe Centrale B.V. (“SCBV”) agus (c) PZEM Tolling Sloe B.V. (“PZEM TOLLING”), agus PZEM Pipe B.V. (“PZEM PIPE”) (is san Ísiltír atá siad uilig), faoi úinéireacht iomlán agus faoi rialú PZEM Ficus nó faoi chomhúinréireacht agus faoi chomhrialú PZEM Ficus agus EDF International.

Gheobhaidh EPPE rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar PEC, SCH, SCBV, PZEM TOLLING and PZEM PIPE ina n-iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá EPPE (Poblacht na Seice) faoi úinéireacht Ghrúpa EPH. Is fóntas fuinnimh atá comhtháite go hingearach é Grúpa EPH a dhéanann roinnt gníomhaíochtaí mar shampla, mianadóireacht ligníte, leictreachas agus teas a tháirgeadh, a dháileadh agus a sholáthar, chomh maith le gás a tharchur, a dháileadh, a stóráil agus a sholáthar,

PZEM Energy Company B.V. (“PEC”) agus a fhochuideachtaí (a) Sloe Centrale Holding B.V. (“SCH”), (b) Sloe Centrale B.V. (“SCBV”) agus (c) PZEM Tolling Sloe B.V. (“PZEM TOLLING”), agus PZEM Pipe B.V. (“PZEM PIPE”) (is san Ísiltír atá siad uilig), tá siad gníomhach in earnáil an fhuinnimh agus earnáil an gháis.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10960 – EPPE / PZEM SUBSIDIARIES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.