ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 412

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
27 Deireadh Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 412/01

Ráiteas ón gCoimisiún

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 412/02

Rátaí malairte an euro — 26 Deireadh Fómhair 2022

2

2022/C 412/03

Tuairim ón gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha ag an gcruinniú a bhí aige an 17 Samhain 2021 maidir le dréacht Chinneadh i gcás AT.40127 – Glasraí stánaithe — Rapóirtéir: Éire ( 1 )

3

2022/C 412/04

Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta — AT.40127 – Glasraí stánaithe ( 1 )

4

2022/C 412/05

Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún an 19 Samhain 2021 maidir le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.40127 – Glasraí stánaithe) (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad uimhir C(2021) 8259 final)  ( 1 )

6

2022/C 412/06

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006)  ( 1 )

9

2022/C 412/07

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006)  ( 1 )

10

2022/C 412/08

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 )  ( 1 )

11

 

An Chúirt Iniúchóirí

2022/C 412/09

Tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaireachtaí an Aontais do bhliain airgeadais 2021

12

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 412/10

Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 )

13


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 412/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10953 – ADD / TOTALENERGIES / TOTAL EGYPT) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

14

2022/C 412/12

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10892 – APOLLO / HINES / VI-BA / AEDES) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

16


 

Ceartúcháin

 

Ceartúchán ar Theachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha idir na Ballstáit ( IO C 288, 29.7.2022 )

18


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/1


Ráiteas ón gCoimisiún

(2022/C 412/01)

Aithníonn an Coimisiún a thábhachtaí atá an t-iomaíochas, an nuálaíocht agus an infheistíocht i seirbhísí digiteacha, go háirithe maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta. Chun na críche sin, tá an Coimisiún tiomanta micrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus gnólachtaí nuathionscanta a éascú agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha á chomhlíonadh acu, go háirithe trí chláir ábhartha a shlógadh i bhfabhar na nuálaíochta, úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha agus an chaighdeánaithe.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/2


Rátaí malairte an euro (1)

26 Deireadh Fómhair 2022

(2022/C 412/02)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0023

JPY

yen na Seapáine

147,32

DKK

krone na Danmhairge

7,4381

GBP

punt steirling

0,86603

SEK

krona na Sualainne

10,9530

CHF

franc na hEilvéise

0,9917

ISK

króna na hÍoslainne

143,50

NOK

krone na hIorua

10,3408

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,535

HUF

forint na hUngáire

408,09

PLN

zloty na Polainne

4,7548

RON

leu na Rómáine

4,8806

TRY

lira na Tuirce

18,6461

AUD

dollar na hAstráile

1,5466

CAD

dollar Cheanada

1,3568

HKD

dollar Hong Cong

7,8678

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7249

SGD

dollar Shingeapór

1,4104

KRW

won na Cóiré Theas

1 422,11

ZAR

rand na hAfraice Theas

18,0212

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,1948

HRK

kuna na Cróite

7,5320

IDR

rupiah na hIndinéise

15 589,27

MYR

ringgit na Malaeisia

4,7262

PHP

peso na nOileán Filipíneach

58,493

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,862

BRL

real na Brasaíle

5,2944

MXN

peso Mheicsiceo

19,8501

INR

rúipí na hIndia

82,2060


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/3


Tuairim ón gCoiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha ag an gcruinniú a bhí aige an 17 Samhain 2021 maidir le dréacht Chinneadh

i gcás AT.40127 – Glasraí stánaithe

Rapóirtéir: Éire

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 412/03)

1.   

Comhaontaíonn comhaltaí an Choiste Comhairleach (ocht mBallstát) leis an gCoimisiún maidir leis an iompraíocht fhrithiomaíoch a cumhdaíodh leis an dréachtchinneadh, gurb ionann í agus comhaontú agus/nó cleachtas comhbheartaithe idir gnóthais de réir bhrí Airteagal 101 de CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE.

2.   

Comhaontaíonn comhaltaí an Choiste Comhairleach (ocht mBallstát) leis an gCoimisiún gurb é cuspóir an chomhaontaithe agus/nó an chleachtais chomhbeartaithe go gcuirfear srian leis an iomaíocht de réir bhrí Airteagal 101 de CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE.

3.   

Comhaontaíonn comhaltaí an Choiste Comhairleach (ocht mBallstát) le measúnú an Choimisiúin a mhéid a bhaineann leis an bhfad a mhair an sárú.

4.   

Comhaontaíonn comhaltaí an Choiste Comhairleach (ocht mBallstát) le dréachtchinneadh an Choimisiúin a mhéid a bhaineann leis na seolaithe.

5.   

Comhaontaíonn comhaltaí an Choiste Comhairleach (ocht mBallstát) leis an gCoimisiún gur cheart fíneáil a ghearradh ar sheolaithe an dréachtchinneadh i leith an tsáraithe a raibh baint acu leis.

6.   

Comhaontaíonn comhaltaí an Choiste Comhairleach (ocht mBallstát) leis an gCoimisiún i ndáil le méid deiridh na fíneála, bunaithe ar Threoirlínte 2006 maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú, fíneálacha a fhorchuirtear de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán Uimh. 1/2003 agus Fógra Trócaire 2006.

7.   

Molann comhaltaí an Choiste Comhairleach (ocht mBallstát) go bhfoilseofaí a Thuairim in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/4


Tuarascáil Deiridh an Oifigigh Éisteachta (1)

AT.40127 – Glasraí stánaithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 412/04)

Réamhrá

1.

An dréachtchinneadh, a díríodh chuig Conserve Italia Soc. coop. agricola agus Conserves France SA (le chéile, “Conserve Italia”), baineann sé le sárú ar Airteagal 101 CFAE agus ar Airteagal 53 de Chomhaontú LEE a mhéid a bhaineann le cineálacha áirithe glasraí stánaithe a sholáthar do mhiondíoltóirí agus/nó do chustaiméirí de chuid an tionscail seirbhísí bia laistigh den LEE.

2.

Sa chás seo, mar thoradh ar nós imeachta socraíochta (2), an 27 Meán Fómhair 2019 ghlac an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 7(1) agus Airteagal 23(2) de Rialachán Uimh. 1/2003 (3) maidir le […] (4), […] (5) agus […] (6) (le chéile, na “páirtithe socraíochta”) (7).

3.

Tar éis do rannpháirtíocht tosaigh Conserve Italia sa nós imeachta socraíochta, chuir sé an Coimisiún ar an eolas nach dtabharfadh sé isteach aighneacht socraíochta de bhun Airteagal 10a(2) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004. Dá bhrí sin, lean an Coimisiún den imscrúdú ar iompar Conserve Italia faoin nós imeachta caighdeánach.

Nós imeachta i scríbhinn

4.

Tosaíodh an t-imscrúdú mar thoradh ar iarratas ar dhíolúine ó fhíneálacha arna chur isteach ag [...] an 11 Meitheamh 2013, de bhun phointí 14 agus 15 den Fhógra Trócaire (8).

5.

Ón 1 go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2013, rinne an Coimisiún cigireachtaí faoi Airteagal 20(4) de Rialachán Uimh. 1/2003 in áitreabh na bpáirtithe socraíochta agus in áitreabh Conserve Italia.

6.

An 17 Deireadh Fómhair 2013, rinne Conserve Italia iarratas ar dhíolúine ó fhíneálacha faoi phointe 14 den Fhógra Trócaire nó, mar mhalairt air sin, laghdú ar fhíneálacha faoi phointe 27 den Fhógra Trócaire.

7.

An 17 Feabhra 2017, thionscain an Coimisiún imeachtaí i gcoinne na bpáirtithe uile de bhun Airteagal 11(6) de Rialachán Uimh. 1/2003 agus Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 773/2004.

8.

An 22 Feabhra 2017, chuir an Coimisiún Conserve Italia ar an eolas faoin rún tosaigh a bhí aige laghdú fíneála a chur i bhfeidhm laistigh de bhanda sonraithe, mar a fhoráiltear i bpointe 26 den Fhógra Trócaire.

9.

Idir Márta 2017 agus Meitheamh 2019, reáchtáil an Coimisiún caibidlíocht faoi shocraíocht leis na páirtithe i gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach i bpointí 14 go 19 den Fhógra Socraíochta (9).

10.

An 7 Bealtaine 2019, chuir Conserve Italia an Coimisiún ar an eolas nach dtabharfadh sé isteach aighneacht socraíochta. Dá bhrí sin, lean an Coimisiún den imscrúdú ar iompar Conserve Italia faoin nós imeachta caighdeánach.

11.

An 5 Deireadh Fómhair 2020 Glacadh Ráiteas Agóidí (“SO”) faoin nós imeachta caighdeánach agus tugadh fógra ina leith do Conserve Italia an 6 Deireadh Fómhair 2020.

12.

Tugadh rochtain do Conserve Italia ar an gcomhad in áitreabh an Choimisiúin ón 7 go dtí an 11 Nollaig 2020, agus trí thacaíocht leictreonach freisin an 7 Nollaig 2020. Ní bhfuair an t-oifigeach éisteachta aon iarratas maidir le rochtain ar an gcomhad.

13.

I dtús báire, thug Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta (“AS na hIomaíochta”) sprioc-am sé seachtaine chun freagra a thabhairt ar an SO. D’iarr Conserve Italia síneadh ar an teorainn ama agus dheonaigh Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta síneadh ama dó go dtí an 1 Márta 2021.

14.

Chuir Conserve Italia isteach a fhreagra ar an SO an 1 Márta 2021. Ina fhreagra, d’iarr Conserve Italia a argóintí a fhorbairt ag éisteacht ó bhéal.

Nós imeachta ó bhéal

15.

Tionóladh an éisteacht ó bhéal an 4 Bealtaine 2021 (10). Chuaigh an éisteacht ó bhéal ar aghaidh go rianúil agus ní dhearnadh aon ghearáin nós imeachta.

An dréachtchinneadh

16.

Cinneadh sa dréachtchinneadh gur sháraigh Conserve Italia Airteagal 101(1) CFAE agus Airteagal 53(1) de Chomhaontú LEE trí pháirt a ghlacadh, ón 15 Márta 2000 go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2013, i sárú aonair leanúnach lena gcumhdaítear an LEE ar fad, ar sárú é ina raibh comhordú praghsanna, comhroinnt margaidh agus malartú faisnéise a bhí íogair ó thaobh na tráchtála de i ndáil le cineálacha áirithe glasraí stánaithe a dhíol le miondíoltóirí agus/nó leis an tionscal seirbhísí bia san LEE.

17.

De bhun Airteagal 16 de Chinneadh 2011/695/AE, tá scrúdú déanta agam an mbaineann an dréachtchinneadh le hagóidí amháin a bhfuil an deis tugtha do na páirtithe a gcuid tuairimí a chur in iúl ina leith. Tháinig mé ar an gconclúid go mbaineann.

18.

I bhfianaise an méid thuas, measaim gur urramaíodh feidhmiú éifeachtach chearta nós imeachta na bpáirtithe sna himeachtaí sa chás seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Samhain 2021.

Dorothe DALHEIMER


(1)  De bhun Airteagail 16 agus 17 de Chinneadh 2011/695/AE ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an 13 Deireadh Fómhair 2011 maidir le feidhm agus téarmaí tagartha an oifigigh éisteachta in imeachtaí iomaíochta áirithe (IO L 275, 20.10.2011, lch. 29) (“Cinneadh 2011/695/AE”).

(2)  De bhun Airteagal 10a de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir leis an gCoimisiún imeachtaí a sheoladh de bhun Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 123, 27.4.2004, lch. 18), arna leasú (“Rialachán Uimh. 773/2004”)

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (“Rialachán Uimh. 1/2003”).

(4)  Ba iad na heintitis dhlíthiúla a bhí faoi réir na n-imeachtaí [...].

(5)  Ba iad na heintitis dhlíthiúla a bhí faoi réir na n-imeachtaí [...].

(6)  Ba iad na heintitis dhlíthiúla a bhí faoi réir na n-imeachtaí [...].

(7)  Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2019, Achoimre arna fhoilsiú in IO C 434/8 an 15.12.2020. Chuir an t-oifigeach éisteachta tuarascáil chríochnaitheach i láthair cheana féin de bhun Airteagal 16 de Chinneadh 2011/695/AE tráth a glacadh an Cinneadh ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2019, a foilsíodh in IO C 434/7 an 15.12.2020.

(8)  Fógra ón gCoimisiún maidir le díolúine ó fhíneálacha agus laghdú fíneálacha i gcásanna cairtéil (IO C 298, 8.12.2006, lch. 17);

(9)  Fógra ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta socraíochta i bhfianaise na gCinntí arna nglacadh de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gcásanna cairtéil (IO C 167, 2.7.2008, lch. 1).

(10)  De bharr phaindéim leanúnach an choróinvíris, tionóladh an éisteacht ó bhéal go cianda trí fhíschomhdháil chriptithe chomh maith le seomra fíorúil éisteachta (gréasán-sruthaithe) a bhí cosanta le pasfhocal do dhaoine nár ghá dóibh labhairt ag an éisteacht ó bhéal.


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/6


Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún

an 19 Samhain 2021

maidir le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 53 de Chomhaontú LEE

(Cás AT.40127 – Glasraí stánaithe)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad uimhir C(2021) 8259 final)

(An téacs san Iodáilis amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 412/05)

An 19 Samhain 2021, ghlac an Coimisiún cinneadh a bhain le himeacht faoi Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus faoi Airteagal 53 de Chomhaontú LEE. I gcomhréir le forálacha Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (1) , foilsíonn an Coimisiún anseo ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionós arna fhorchur, ag féachaint do leas dlisteanach na ngnóthas a rúin ghnó a chosaint.

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Baineann an Cinneadh le sárú aonair leanúnach ar Airteagal 101(1) den Chonradh agus ar Airteagal 53(1) de Chomhaontú LEE.

(2)

Dírítear an Cinneadh chuig na heintitis dhlíthiúla seo a leanas (dá ngairtear “seolaithe” le chéile): Conserve Italia Soc. coop. agricola (“Conserve Italia SCA”) agus Conserves France S.A. (“Conserves France”) (i dteannta a chéile, “Conserve Italia”). Tá na seolaithe ina gcuid den ghrúpa Conserve Italia.

2.   TUAIRISC AR AN gCÁS

2.1.   Nós imeachta

(3)

Tar éis iarratas ar dhíolúine a fháil i mí an Mheitheamh 2013 ó tháirgeoir glasraí stánaithe nár díríodh air sa Chinneadh, rinne an Coimisiún cigireachtaí gan réamhfhógra ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2013 in áitreabh Conserve Italia agus in áitreabh táirgeoirí eile glasraí stánaithe. An 17 Deireadh Fómhair 2013, rinne Conserve Italia iarratas ar dhíolúine ó fhíneálacha faoi phointe (14) den Fhógra Trócaire nó, mar mhalairt air sin, laghdú ar fhíneáil faoi phointe (27) den Fhógra Trócaire (2).

(4)

An 17 Feabhra 2017, thionscain an Coimisiún imeachtaí faoi Airteagal 11(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 agus faoi Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 (3) i gcoinne Conserve Italia agus táirgeoirí eile glasraí stánaithe eile (“na páirtithe”) chun caibidlíocht socraíochta a chur ar bun faoin bhFógra Socraíochta (4). Rinneadh caibidlíocht socraíochta leis na páirtithe idir mí an Mhárta 2017 agus mí an Mheithimh 2019. Ina dhiaidh sin, chuir gach páirtí seachas Conserve Italia iarraidh fhoirmiúil ar shocraíocht isteach de bhun Airteagal 10a (2) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004.

(5)

Ós rud é gur roghnaigh Conserve Italia gan iarraidh fhoirmiúil ar shocraíocht a chur isteach, lean an Coimisiún den imscrúdú ar iompar Conserve Italia faoin nós imeachta caighdeánach.

(6)

An 17 Samhain 2021 d’eisigh Coiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha tuairim fhabhrach agus an 19 Samhain 2021 ghlac an Coimisiún an Cinneadh i gcoinne Conserve Italia.

2.2.   Achoimre ar an sárú

(7)

Baineann an Cinneadh le sárú maidir le cineálacha áirithe glasraí stánaithe a dhíol le miondíoltóirí agus/nó leis an tionscal seirbhísí bia.

(8)

Bhain an sárú aonair leanúnach le trí chomhaontú chothrománacha idirghaolmhara trína ndearna Conserve Italia agus na táirgeoirí eile glasraí stánaithe lena mbaineann a n-iompar tráchtála ar an margadh a chomhordú: (i) comhaontú lena gcumhdaítear díolacháin lipéad príobháideach (a dhíoltar faoi bhrandaí miondíoltóirí) glasraí stánaithe mar shampla pónairí glasa, piseanna, meascán piseanna agus cairéid, agus macedoine glasraí (5) le miondíoltóirí san LEE, go háirithe sa Bheilg, sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus san Ísiltír; (ii) comhaontú lena gcumhdaítear díolacháin lipéad príobháideach (a dhíoltar faoi bhrandaí miondíoltóirí, mar atá thuas) arbhar milis stánaithe le miondíoltóirí san LEE, go háirithe sa Bheilg, sa Ghearmáin, sa Danmhairg, in Éirinn, sa Spáinn, sa Fhrainc, san Iodáil, i Lucsamburg, san Ísiltír, san Ostair, sa Phortaingéil, san Iorua, san Fhionlainn, sa tSualainn agus sa Ríocht Aontaithe; agus (iii) comhaontú lena gcumhdaítear díolacháin brandaí dílse agus lipéad príobháideach de ghlasraí stánaithe de gach cineál (6), lena n-áirítear meascáin de ghlasraí agus ullmhóidí agus miasa glasraí stánaithe (ach gan meascáin, sailéid agus ullmhóidí nach bhfuil glasraí mar phríomh-chomhábhar acu a áireamh) le miondíoltóirí (7) agus leis an tionscal seirbhísí bia sa Fhrainc. Ní raibh Conserve Italia rannpháirteach ach sa chéad dá chomhaontú.

(9)

Is éard a bhí sa sárú socrú na bpraghsanna díola (méaduithe sna praghsanna, praghsanna íosta, spriocphraghsanna) agus comhordú an bheartais praghsála agus an struchtúir praghsála; leithdháileadh cuótaí méideanna agus sciartha den mhargadh; leithdháileadh custaiméirí agus margaí; comhordú na dtairiscintí agus na dtairiscintí praghais atá le cur faoi bhráid miondíoltóirí agus/nó an tionscail seirbhísí bia; comhordú coinníollacha agus lacáistí eile díolacháin, lena n-áirítear straitéis mhargaíochta agus beartas cur chun cinn; agus malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

(10)

Cumhdaigh an sárú an LEE ar fad agus mhair sé ón 19 Eanáir 2000 go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2013.

2.3.   Seolaithe agus fad ama

(11)

Is iad Conserve Italia Soc. coop. agricola agus Conserves France S.A seolaithe an Chinnidh. Tá siad faoi dhliteanas i leith an tsáraithe ar feadh na tréimhse seo a leanas: ón 15 Márta 2000 (agus ón 20 Deireadh Fómhair 2000 a mhéid a bhaineann leis an gcomhaontú maidir le arbhar milis stánaithe) go dtí an 1 Deireadh Fómhair 2013.

2.4.   Réitigh

(12)

Leis an gCinneadh, cuirtear Treoirlínte 2006 maidir le Fíneálacha (8) i bhfeidhm agus gearrtar fíneálacha ar na seolaithe.

2.4.1.   Bunmhéid na fíneála

(13)

Agus na fíneálacha á socrú aige, chuir an Coimisiún san áireamh na nithe seo a leanas: meándíolacháin Conserve Italia glasraí stánaithe a chumhdaíodh leis an gcairtéal laistigh den LEE don tréimhse 2000-2013, go bhfuil comhordú praghsanna agus comhroinnt an mhargaidh i measc na srianta is díobhálaí ar an iomaíocht, an fad a mhair an sárú, gur chumhdaigh an sárú an LEE ar fad agus gur cuireadh chun feidhme go críochnúil é, agus chuir sé méid breise leis an bhfíneáil chun gnóthais a dhíspreagadh ó dhul i mbun na gcleachtas sin.

2.4.2.   Coigeartuithe ar an mbunmhéid

(14)

Chuir an Coimisiún imthosca maolaitheacha i bhfeidhm i gcás Conserve Italia, i bhfianaise go raibh ról níos teoranta aige sa sárú agus nár ghlac sé páirt sa sárú ar an mbealach céanna leis na páirtithe eile.

2.4.3.   Teorainn láimhdeachais 10 % a chur i bhfeidhm

(15)

Sháraigh bunmhéid na fíneála (roimh chur i bhfeidhm an laghdú trócaire) 10 % de láimhdeachas domhanda iomlán an ghrúpa Conserve Italia sa bhliain ghnó roimh dháta an Chinnidh. Dá bhrí sin, cuireadh an srian sin le huasteorainn bhunmhéid na fíneála.

2.4.4.   Fógra Trócaire 2006 a chur i bhfeidhm

(16)

Dheonaigh an Coimisiún laghdú 50 % ar an bhfíneáil do Conserve Italia.

2.4.5.   Éagumas Íocaíochta

(17)

Chuir Conserve Italia iarratas isteach ar laghdú ar a fhíneáil ar an bhforas nach raibh ar a chumas í a íoc. Rinne an Coimisiún measúnú ar an iarratas sin agus tháinig sé ar an gconclúid gur cheart glacadh leis go páirteach.

3.   CONCLÚID

(18)

De bhun Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003, forchuireadh an fhíneáil seo a leanas ar Conserve Italia Soc. coop. agricola agus Conserves France S.A., dliteanas comhpháirteach agus leithleach: EUR 20 000 000.

(1)  IO L 1, 4.1.2003, lch. 1.

(2)  IO C 298, 8.12.2006, lch. 17.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir leis an gCoimisiún imeachtaí a sheoladh de bhun Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE (IO L 123, 27.4.2004, lch. 18), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 622/2008 ón gCoimisiún (IO L 171, 1.7.2008, lch. 3) agus le Rialachán (AE) 2015/1348 ón gCoimisiún (IO L 208, 5.8.2015, lch. 3).

(4)  Fógra ón gCoimisiún maidir le nósanna imeachta socraíochta a reáchtáil i bhfianaise na gCinntí arna nglacadh de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle i gcásanna cairtéil (IO C 167, 2.7.2008, lch. 1).

(5)  Ní dhearna Conserve Italia ach pónairí glasa, piseanna, agus meascán de piseanna agus cairéid stánaithe a tháirgeadh.

(6)  Seachas trátaí stánaithe, beacáin, tarsainn nó ológa, agus táirgí stánaithe a bhfuil na príomh-chomhábhair sin iontu.

(7)  Díolacháin táirgí lipéid phríobháidigh le miondíoltóirí nach mbaineann ach leis na táirgí nach gcumhdaítear leis an dá chomhaontú eile.

(8)  Treoirlínte maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú, fíneálacha a fhorchuirtear de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (IO C 210, 1.9.2006, lch. 2).


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/9


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 412/06)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir/sealbhóirí an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2022) 7381

20 Deireadh Fómhair 2022

4-(1,1,3,3-Teitrimeitiolbúitil)feanól, eatocsailithe

(4-treas-OPnEO)

Uimh. CE: -, Uimh. CAS:-

Merck KGaA, Frankfurter Strasse, 64293 Darmstadt, an Ghearmáin

REACH/22/34/0

Mar amhábhar le haghaidh GMP Triton® X-100 Emprove® a mhonarú i gcomhréir le caighdeáin IPEC Europe [An Chomhairle Idirnáisiúnta Támhán Cógaisíochta san Eoraip]

04 Eanáir 2033

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/10


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 412/07)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir/sealbhóirí an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2022) 7405

20 Deireadh Fómhair 2022

4-(1,1,3,3-Teitrimeitiolbúitil)feanól, eatocsailithe

(4-treas-OPnEO)

Uimh. CE: -, Uimh. CAS:-

Wallac Oy, Mustionkatu 6, 20750 Turku, an Fhionlainn

REACH/22/39/0

Foirmliú 4-treas-OPnEO i dtuaslagáin feabhsúcháin agus réitigh chaighdeánacha agus chothabhála DELFIA a úsáidtear i measúnachtaí Diagnóiseacha In Vitro agus i dtáirgí RUO chomh maith le hionstraimí a chothabháil mar chomhábhar criticiúil don phróiseas braite agus cion eoraipiam (nó cion lantainíde eile) den tuaslagán measúnachta á thomhas

an 4 Eanáir 2033

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.

REACH/22/39/1

I dtuaslagáin feabhsúcháin agus i réitigh chaighdeánacha agus chothabhála DELFIA mar chomhábhar criticiúil don phróiseas braite agus cion eoraipiam (nó cion lantainíde eile) á thomhas i measúnachtaí Diagnóiseacha In Vitro agus i dtáirgí RUO nó le linn ionstraimí a chothabháil


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/11


Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 412/08)

Cinneadh lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir/sealbhóirí an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2022) 7411

20 Deireadh Fómhair 2022

4-(1,1,3,3-Teitrimeitiolbúitil)feanól, eatocsailithe

(4-treas-OPnEO)

Uimh. CE: -, Uimh. CAS:-

Lonza Biologics Porriño SL, La Relba s/n, 36400 Porriño (Pontevedra), an Spáinn

REACH/22/35/0

Díghníomhachtú víris trí chóireáil tuaslagóra/ghlantach i monarú comhábhar gníomhach cógaisíochta íocshláinte athchuingreach (APInna) ó shaothráin cheall mhamacha

04 Eanáir 2033

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol de bharr úsáidí na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.


(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: Údarú (europa.eu).


An Chúirt Iniúchóirí

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/12


Tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaireachtaí an Aontais do bhliain airgeadais 2021

(2022/C 412/09)

Foilseoidh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaireachtaí an Aontais do bhliain airgeadais 2021, mar aon le freagraí na ngníomhaireachtaí, an 27 Deireadh Fómhair 2022.

Más maith leat an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil, is féidir é sin a dhéanamh ón 17:00 an 27 Deireadh Fómhair 2022 ag suíomh gréasáin Chúirt Iniúchóirí na hEorpa:

 

https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=62271


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/13


Fógra faisnéise ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 412/10)

Ballstát

an Fhrainc

An t-aerbhealach lena mbaineann

Castres – Páras (Orly)

Tréimhse bhailíochta an chonartha

An 1 Meitheamh 2023 go dtí an 31 Bealtaine 2027

Sprioc-am chun iarratais agus tairiscintí a chur isteach

6 Eanáir 2023, 12.00 (am Pháras)

An seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus an fhaisnéis uile ábhartha agus/nó gach doiciméad ábhartha a fháil maidir leis an gcuireadh chun tairisceana agus leis an oibleagáid seirbhíse poiblí

Syndicat Mixte de l’aéroport régional

de Castres-Mazamet

CCI Tarn

40 allée Alphonse Juin 81 100 Castres

FRANCE

Teil. +33 563514614

R-phost: f.chambert@tarn.cci.fr

Nó ó phróifíl an cheannaitheora ar an ardán seo a leanas:

http://marches-publics.maires81.asso.fr/


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/14


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10953 – ADD / TOTALENERGIES / TOTAL EGYPT)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 412/11)

1.   

An 19 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Abu Dhabi National Oil Company for Distribution PJSC (“ADD”, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha), atá faoi úinéireacht Abu Dhabi National Oil Company PJSC (“ADNOC”),

TotalEnergies Marketing Afrique SAS (“TotalEnergies”, an Fhrainc), fochuideachta faoi lánúinéireacht TotalEnergies S.E.,

TotalEnergies Marketing Egypt LLC (“Total Egypt”, an Éigipt), fochuideachta TotalEnergies.

Gheobhaidh ADD agus TotalEnergies rialú comhpháirteach ar Total Egypt de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna (2).

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Déanann ADD margaíocht ar tháirgí peitriliam agus dáileann sé iad ar fud raon éagsúil earnálacha gnó,

Tá TotalEnergies i mbun taighde, tionscal agus trádáil hidreacarbón agus a ndíorthach ina bhfoirmeacha go léir agus, ar bhonn níos ginearálta, i mbun gníomhaíochtaí comhchosúla i réimse an fhuinnimh ar fud an domhain agus go háirithe ar mhór-roinn na hAfraice.

3.   

Tá Total Egypt i mbun miondíol breosla, miondíol nach miondíol breosla é (seirbhísí miondíola bia agus seirbhísí nite carranna), bealaí, breosla eitlíochta, agus dáileadh breosla i mbulc san Éigipt.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (3) ón gComhairle, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10953 — ADD / TOTALENERGIES / TOTAL EGYPT

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

an Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  Is trí bhíthin cuótaí, seachas scaireanna, atá TotalEnergies faoi úinéireacht agus mar thoradh air sin, is é a bheidh i gceist leis an éadáil atá beartaithe cuótaí a fháil seachas scaireanna.

(3)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/16


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10892 – APOLLO / HINES / VI-BA / AEDES)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 412/12)

1.   

An 18 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Apollo Global Real Estate Management, L.P. (“Apollo”, SAM),

Hines International Real Estate Holdings L.P. (“Hines”, SAM),

VI-BA S.r.l. (“VI-BA”, an Iodáil),

Aedes SIIQ S.p.A. (“Aedes”, an Iodáil)

Gheobhaidh Apollo, Hines agus VI-BA (“na Faighteoirí”) comhrialú ar Aedes de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is bainisteoir domhanda sócmhainní malartacha é Apollo,

Is gnólacht domhanda i mbun infheistíocht, forbairt agus bainistíocht réadmhaoine é Hines,

Tá VI-BA i mbun infheistíocht, tógáil, forbairt, léasú agus díol réadmhaoine.

3.   

Is cuideachta infheistíochta réadmhaoine é Aedes, ar leis punann 65 maoin eastáit réadaigh atá suite i dtuaisceart na hIodáile den chuid is mó agus a úsáidtear go príomha le haghaidh spás miondíola agus oifige.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (2) ón gComhairle, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10892 – APOLLO / HINES / VI-BA / AEDES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

an Coimisiún Eorpach

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


Ceartúcháin

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 412/18


Ceartúchán ar Theachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Rialachán (Euratom) Uimh. 1493/93 ón gComhairle maidir le loingsiú substaintí radaighníomhacha idir na Ballstáit

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 288 an 29 Iúil 2022 )

(2022/C 412/13)

Ar leathanach 1, “An Bheilig”:

in ionad:

“Rue Ravensteinstraat 36”,

léitear:

“Rue du Marquis/Markiesstraat 1

Boîte/bus 6 A

1000 Bruxelles/Brussel”.

Ar leathanach 2, “An Fhionlainn”:

in ionad:

“P.O. Box 14

FI-00881 Helsinki”,

léitear:

“Jokiniemenkuja 1

FI-01370 Vantaa”.

Ar leathanach 3, “An Pholainn”:

in ionad:

“Rphost: secretariat.dor@paa.gov.pl”,

léitear:

“Rphost: sekretariat.dor@paa.gov.pl”.