ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 408

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

Imleabhar 65
24 Deireadh Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2022/C 408/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2022/C 408/02

Cás C-184/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Vilniaus apygardos administracinis teismas – an Liotuáin) – OT v Vyriausioji tarnybinės etikos komisija (Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta – Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8 agus 52(1) – Treoir 95/46/CE – Airteagal 7(c) – Airteagal 8(1) – Rialachán (AE) 2016/679 – Pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1), agus an dara fomhír d’Airteagal 6(3) – Airteagal 9(1) – Próiseáil riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh – Cuspóir a bhaineann le leas an phobail – Comhréireacht – Próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta – Rialacha náisiúnta lena gceanglaítear na sonraí atá i ndearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha daoine nádúrtha a oibríonn sa tseirbhís phoiblí nó stiúrthóirí ar chomhlachais nó ar eagraíochtaí a fhaigheann cistí poiblí a fhoilsiú ar an idirlíon – Coinbhleachtaí leasa agus éilliú san earnáil phoiblí a chosc)

2

2022/C 408/03

Cásanna uamtha C-273/20 agus C-355/20: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht – an Ghearmáin) – Bundesrepublik Deutschland v SW (C-273/20), BL, BC (C-355/20) (Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Beartas Inimirce – Ceart chun athaontú teaghlaigh – Treoir 2003/86/CE – Airteagal 10(3)(a) – Airteagal 16(1)(b) – An coincheap leanbh mionaoiseach – An coincheap saol éifeachtach an teaghlaigh – Duine lánaoise a dhéanann iarratas ar athaontú teaghlaigh le mionaoiseach ar deonaíodh stádas dídeanaí dó – Dáta ábhartha chun stádas mionaoiseach a mheas)

3

2022/C 408/04

Cás C-279/20: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht – an Ghearmáin) – Bundesrepublik Deutschland v XC (Tarchur chun réamhrialú – Limistéar saoirse, slándála agus ceartais – Beartas Inimirce – Ceart chun athaontú teaghlaigh – Treoir 2003/86/CE – An chéad fhomhír d’Airteagal 4(1)(c) – An coincheap leanbh mionaoiseach – Airteagal 16(1)(b) – An coincheap saol éifeachtach an teaghlaigh – Leanbh a dhéanann iarratas ar athaontú teaghlaigh lena athair ar deonaíodh stádas dídeanaí dó – Dáta ábhartha chun stádas mionaoiseach a mheas)

4

2022/C 408/05

Cás C-332/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Roma Multiservizi spa, Rekeep spa v Roma Capitale, Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato (Tarchur chun réamhrialú – Soláthar poiblí – Conarthaí lamháltais – Foirmiú cuideachta chaipitil mheasctha – Bainistíocht seirbhís scoile chomhtháite a leithdháileadh ar an gcuideachta sin – Comhpháirtí príobháideach a cheapadh de réir nós imeachta tairisceana – Treoir 2014/23/AE – Airteagal 38 – Treoir 2014/24/AE – Airteagal 58 – Infheidhmeacht – Critéir intí – Ceanglas maidir le rannpháirtíocht íosta an chomhpháirtí phríobháidigh i gcaipiteal na cuideachta caipitil measctha – Rannpháirtíocht indíreach an údaráis chonarthaigh i gcaipiteal an chomhpháirtí phríobháidigh – Critéir roghnúcháin)

5

2022/C 408/06

Cás C-352/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Kúria– an Ungáir) – HOLD Alapkezelő Befektetési Alapkezelő Zrt. v Magyar Nemzeti Bank (Tarchur chun réamhrialú – Dlíthe a chomhfhogasú – Treoir 2009/65/CE – Gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) – Treoir 2011/61/AE – Cistí infheistíochta malartacha – Beartais agus cleachtais luacha saothair i ndáil le bainisteoirí sinsearacha cuideachta bhainistíochta UCITS nó bainisteoir ciste infheistíochta malartach – Díbhinní arna ndáileadh ar bhainisteoirí sinsearacha áirithe – Coincheap an luacha saothair – Airteagal 17(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun maoine)

6

2022/C 408/07

Cás C-391/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Latvijas Republikas Satversmes tiesa- an Laitvis) – imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ag Boriss Cilevičs agus páirtithe eile (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 49 CFAE – Saoirse bunaíochta – Srian – Bonn cirt – Eagrúchán an chórais oideachais – Institiúidí ardoideachais – Oibleagáid chun cláir oideachais a sholáthar i dteanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann – Airteagal 4(2) CAE – Féiniúlacht náisiúnta Bhallstáit – Cosaint agus cur chun cinn teanga náisiúnta Bhallstáit – Prionsabal na comhréireachta)

7

2022/C 408/08

Cás C-411/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Bremen – an Ghearmáin) – S v Familienkasse Niedersachsen-Bremen der Bundesagentur für Arbeit (Tarchur chun réamhrialú – Saoránacht an Aontais Eorpaigh – Saorghluaiseacht Daoine – Cóir chomhionann – Treoir 2004/38/CE – Airteagal 24, míreanna 1 agus 2 – Sochair slándála sóisialta – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Airteagal 4 – Sochair teaghlaigh – Eisiamh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta le linn na chéad trí mhí dá bhfanacht sa Bhallstát óstach)

7

2022/C 408/09

Cás C-501/20: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Audiencia Provincial de Barcelona – an Spáinn) – M P A v LC D N M T (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora – Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 – Airteagail 3,6 go 8 agus 14 – An coincheap gnáthchónaí – Dlínse, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála – Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 – Airteagail 3 agus 7 – Náisiúnaigh dhá Bhallstát éagsúla, a bhfuil cónaí orthu i dtríú Stát mar bhaill foirne ar conradh atá sannta do Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh don tríú Stát sin – Dlínse a chinneadh – Forum necessitatis)

8

2022/C 408/10

Cás C-588/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Hannover – an Ghearmáin) – Landkreis Northeim v Daimler AG (Tarchur chun réamhrialú – Iomaíocht – Cairtéil – Airteagal 101 CFAE – Gníomhaíochtaí i leith damáistí de bharr sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta an Aontais – Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena suitear sárú – Nós imeachta socraíochta – Táirgí lena mbaineann an sárú – Trucailí speisialta – Trucailí bhailithe bruscair)

9

2022/C 408/11

Cás C-614/20: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tallinna Halduskohus – an Eastóin) – AS Lux Express Estonia v Majandus- ja Kommunikatsiooniministeerium (Tarchur chun réamhrialú – Rialachán Uimh. 1370/2007 – Seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar – Oibleagáid a chur de cheangal le rialacha ginearálta chun aicmí áirithe de na paisinéirí a iompar saor in aisce – Oibleagáid ar an údarás inniúil chun cúiteamh as seirbhís poiblí a dheonú do na hoibreoirí – Modh ríomha)

10

2022/C 408/12

Cás C-624/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amstardam – an Ísiltír) – E.K. v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2003/109/CE – Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad – Raon feidhme – Náisiúnach ó thríú tír ag a bhfuil ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE aige – Airteagal 3(2)(e) – Cónaí ar chúiseanna sealadacha amháin – Coincheap uathrialach de chuid dhlí an Aontais)

11

2022/C 408/13

Cás C-659/20: Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – Poblacht na Seice) – ET v Ministerstvo životního prostředí (Tarchur chun réamhrialú – Speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú – Rialachán (CE) Uimh. 338/97 – Airteagal 8(3)(d) – Coincheap eiseamail de speicis ainmhíocha a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas – Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 – Airteagal 1(3) – Coincheap an stoic phórúcháin – Airteagal 54(2) – Comhdhéanamh an stoic phórúcháin – Rialú ginealaigh)

12

2022/C 408/14

Cás C-716/20: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal de Justiça – an Phortaingéil) — RTL Television GmbH v Grupo Pestana S.G.P.S., S.A., SALVOR – Sociedade de Investimento Hoteleiro, S.A. (Tarchur chun réamhrialú – Cóipcheart agus cearta gaolmhara – Craoladh satailíte agus atarchur cábla – Treoir 93/83/CEE – Airteagal 1(3) – Coincheap atarchur cábla – Soláthraí atarchur nach bhfuil stádas oibreora cábla aige – Dáileadh comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe clár teilifíse nó raidió arna gcraoladh ar shatailít agus atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, arna ndéanamh ag oibreoir óstáin, trí mheán mias satailíte, cábla agus glacadóirí teilifíse nó raidió – Éagmais)

13

2022/C 408/15

Cás C-720/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgericht Cottbus – an Ghearmáin) – RO, a bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil aici v Bundesrepublik Deutschland (Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas maidir le tearmann – Critéir agus sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (Baile Átha Cliath III) – Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag mionaoiseach sa Bhallstát inar rugadh é – Tuismitheoirí an mhionaoisigh sin ar deonaíodh stádas dídeanaí dóibh i mBallstát eile roimhe sin – Airteagal 3(2) – Airteagal 9 – Airteagal 20(3) – Treoir 2013/32/AE – Airteagal 33(2)(a) – Inghlacthacht an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus freagracht as scrúdú a dhéanamh air)

14

2022/C 408/16

Cás C-19/21: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag zittingsplaats Haarlem – an Ísiltír) – I, S v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (Tarchur chun réamhrialú – Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 – Critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Airteagal 8(2) agus Airteagal 27(1) – Mionaoiseach neamhthionlactha a bhfuil gaol aige i láthair go dleathach ar chríoch Ballstáit eile – Diúltú ag an mBallstát sin don iarratas ar ghabháil ar láimh an mhionaoisigh – Ceart chun leigheas éifeachtach don mhionaoiseach nó don ghaol sin i gcoinne an chinnidh diúltaithe – Airteagail 7, 24 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Tús áite a thabhairt do leas an linbh)

15

2022/C 408/17

Cásanna uamtha C-80/21 go dtí C-82/21: Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Warszawy – Śródmieścia w Warszawie – an Pholainn) – E.K., S.K. v D.B.P. (C-80/21), agus B.S., W.S. v M. (C-81/21), et B.S., Ł.S. v M. (C-82/21), (Tarchur chun réamhrialú – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) – Comhaontuithe creidmheasa morgáiste – Na héifeachtaí atá ag cinneadh go bhfuil téarma éagórach – Tréimhse teorann – Prionsabal na héifeachtachta)

15

2022/C 408/18

Cás C-98/21: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (Cúirt Chónaidhme Fhioscach, an Ghearmáin)) – Finanzamt R v W-GmbH (Tarchur chun réamhrialú – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagail 2(1), 9(1), 167, 168(a) – Asbhaint cánach ionchuir – Coincheap duine inchánach – Cuideachta sealbhaíochta – Caiteachas a bhaineann le ranníocaíochtaí scairsealbhóra comhchineáil lena fhochuideachtaí – Gan ranníocaíocht ó chaiteachas ar chostais ghinearálta – Gníomhaíochtaí fochuideachtaí atá díolmhaithe ó cháin den chuid is mó)

17

2022/C 408/19

Cás C-263/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo — an Spáinn) — Asociación Multisectorial de Empresas de la Electrónica, las Tecnologías de la Información y la Comunicación, de las Telecomunicaciones y de los Contenidos Digitales (Ametic) v Administración del Estado agus páirtithe eile (Tarchur chun réamhrialú – Cóipcheart agus cearta gaolmhara – Treoir 2001/29/CE – Airteagal 5(2)(b) – Ceart eisiach atáirgthe – Eisceacht – Cóipeáil le haghaidh úsáid phríobháideach – Táille – Díolúine ex-ante – Deimhniú díolúine arna eisiúint ag eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach faoi rialú cuideachtaí bainistíochta cóipchirt amháin – Cumhachtaí maoirseachta an eintitis sin)

17

2022/C 408/20

Cás C-267/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie – an Rómáin) – Uniqa Asigurări SA v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală de Soluţionare a Contestaţiilor, Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 56 – Soláthar seirbhísí árachais – Áit an iatáin cánach – Seirbhísí socraíochta éileamh a sholáthraíonn cuideachtaí tríú páirtí in ainm agus thar ceann árachóra)

18

2022/C 408/21

Cás C-294/21: Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation du Grand-Duché de Luxembourg – Lucsamburg) – Stát Lucsamburg, Administration de l’enregistrement, des domaines et de la TVA v Navitours Sàrl (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – An Séú Treoir 77/388/CEE – Airteagal 2(1) – Raon feidhme – Idirbhearta inchánach – Airteagal 9(2)(b) – Áit seirbhísí iompair – Siúlóidí turasóireachta ar an Moselle – Abhainn faoi réir stádas condominium)

19

2022/C 408/22

Cás C-319/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Corte d'appello di Venezia – an Iodáil) – Agecontrol SpA v ZR, Lidl Italia Srl (Tarchur chun réamhrialú – Talmhaíocht – Comheagrú na margaí – Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 – Torthaí agus glasraí úra pacáistithe – Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 543/2011 – Seiceáil na comhlíontachta – Iompar chuig díolphointe ar leis an gcuideachta mhargaíochta chéanna é – Doiciméad tionlacain – Léiriú an tír thionscnaimh)

20

2022/C 408/23

Cás C-368/21: Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg – an Ghearmáin) – R.T. v Hauptzollamt Hamburg (Tarchur chun réamhrialú – an tAontas Custaim – Cód Custaim an Aontais – Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 – An áit a dtabhaítear an fiach custaim – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 30 – Airteagal 60 – Airteagal 71(1) – Teagmhas inchánach agus inmhuirearacht i leith CBL ar allmhairiú – An áit a dtabhaítear an fiach cánach – Cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh oibleagáide a fhorchuirtear le reachtaíocht chustaim an Aontais – Áit allmhairiú na n-earraí a chinneadh – Modh iompair atá cláraithe i dtríú tír agus arna thabhairt isteach san Aontas Eorpach in aghaidh an rialacháin chustaim)

20

2022/C 408/24

Cás C-399/21: Breithiúnas na Cúirte (Naoú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Svea Hovrätt – an tSualainn) – IRnova v FLIR Systems AB (Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála – Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 – Airteagal 24(4) – Dlínse eisiach – Dlínse i ndáil le clárú nó bailíocht paitinní – Raon feidhme – Iarratas ar phaitinn arna thaisceadh agus arna dheonú i dtríú tír – Stádas an aireagóra – Dílseánach an chirt chun aireagáin)

21

2022/C 408/25

Cás C-422/21: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Ministero dell'Interno v TO (Tarchur chun réamhrialú – Daoine a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta – Treoir 2013/33/AE – Airteagal 20 (4) agus (5) – Iompar fíorfhoréigneach – Ceart na mBallstát na smachtbhannaí is infheidhme a chinneadh – Raon feidhme – Leas na dálaí ábharacha glactha a tharraingt siar)

22

2022/C 408/26

Cás C-507/21 P: Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 – Puma SE agus páirtithe eile v an Coimisiún Eorpach (Achomharc – Dumpáil – Allmhairí coisbhirt áirithe le huachtair leathair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Vítneam – Forghníomhú bhreithiúnas na Cúirte i gCásanna Uamtha C-659/13 agus C-34/14 – Dleacht frithdhumpála chinntitheach a athchur – Dlínse ratione temporis – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe)

22

2022/C 408/27

Cás C-188/22: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Opolu – an Pholainn) – VP (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála – Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 – Fianaise a ghlacadh – Ráiteas i scríbhinn ó dhuine ar a bhfuil sainchónaí i mBallstát seachas Ballstát na cúirte inniúla – Féidearthacht dul i muinín an bhealaigh dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta chun fianaise a ghlacadh agus gan dul i muinín an bhealaigh dá dtagraítear leis an Rialachán sin)

23

2022/C 408/28

Cás C-205/22: Ordú na Cúirte Breithiúnais an 8 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Alba Iulia – an Rómáin) – C.D.A. v I.J., N.L. (Cás a bhaint ón gclár)

23

2022/C 408/29

Cás C-36/22 P: Achomharc arna thabhairt an 14 Eanáir 2022 ag Silvia González Sordo agus páirtithe eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 24 Samhain 2021 i gCás T-642/21, Gonzáles Sordo agus páirtithe eile v an Coimisiún

24

2022/C 408/30

Cás C-37/22 P: Achomharc arna thabhairt an 14 Eanáir 2022 ag GZ agus páirtithe eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 24 Samhain 2021 i gCás T-687/21, GZ agus páirtithe eile v an Coimisiún (*1)  ( *1 )

24

2022/C 408/31

Cás C-38/22 P: Achomharc arna thabhairt an 18 Eanáir 2022 ag José Antonio Santos Cañibano agus páirtithe eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 24 Samhain 2021 i gCás T-649/21, Santos Cañibano agus páirtithe eile v an Coimisiún

25

2022/C 408/32

Cás C-39/22 P: Achomharc arna thabhairt an 18 Eanáir 2022 ag Enol Velasco Granda agus páirtithe eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra) a tugadh an 24 Samhain 2021 i gCás T-658/21, Velasco Granda agus páirtithe eile v an Coimisiún

25

2022/C 408/33

Cás C-40/22 P: Achomharc arna thabhairt an 18 Eanáir 2022 ag Ramón Baides Fernández agus páirtithe eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra) a tugadh an 24 Samhain 2021 i gCás T-659/21, Baides Fernández agus páirtithe eile v an Coimisiún

25

2022/C 408/34

Cás C-195/22 P: Achomharc arna thabhairt an 4 Márta 2022 ag Plataforma de Trabajador@s Temporales del Ayuntamiento de Zaragoza (PTTAZ) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra) a tugadh an 27 Eanáir 2022 i gCás T-736/21, PTTAZ v an Coimisiún

26

2022/C 408/35

Cás C-400/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh an 16 Meitheamh 2022 – VT, UR v Conny GmbH

26

2022/C 408/36

Cás C-427/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne BG

27

2022/C 408/37

Cás C-430/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne VB

27

2022/C 408/38

Cás C-432/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022– Imeachtaí coiriúla i gcoinne PT, SD

28

2022/C 408/39

Cás C-438/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 4 Iúil 2022 – Em akaunt BG ЕООD v Zastrahovatelno aktsionerno druzhestvo Armeets AD

28

2022/C 408/40

Cás C-441/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 5 Iúil 2022 – Zamestnik-ministar na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto i rakovoditel na Upravlyavashtia organ na operativna programa Regioni v rastezh 2014-2020 v Obshtina Razgrad

30

2022/C 408/41

Cás C-443/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), a taisceadh a 5 Iúil 2022 – Zamestnik ministar na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto i rakovoditel na Natsionalnia organ po programa INTERREG V-A Rumania – Bulgaria 2014-2020 v Obshtina Balchik

31

2022/C 408/42

Cás C-450/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) a taisceadh an 6 Iúil 2022 – Caixabank SA agus páirtithe eile v ADICAE agus páirtithe eile

32

2022/C 408/43

Cás C-468/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Spetsialisiran nakazatelen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 13 Iúil 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne VB

33

2022/C 408/44

Cás C-534/22 P: Achomharc arna thabhairt an 10 Lúnasa 2022 ag Roberto Aquino i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-253/21, Aquino v an Pharlaimint

33

2022/C 408/45

Cas C-546/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 16 Lúnasa 2022 – GF v Schauinsland-Reisen GmbH

34

2022/C 408/46

Cás C-265/21: Ordú Uachtarán Dhara Dlísheomra na Cúirte Breithiúnais an 21 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Cour d'appel de Bruxelles – an Bheilg) – AB, AB-CD v Z EF

35

2022/C 408/47

Cás C-481/21: Ordú Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 9 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wiesbaden – an Ghearmáin) – TX v Bundesrepublik Deutschland

35

 

Chúirt Ghinearálta

2022/C 408/48

Cás T-483/22: Caingean arna tabhairt an 4 Lúnasa 2022 – Genzyme Europe v an Coimisiún

36

2022/C 408/49

Cás T-507/22: Caingean arna tabhairt an 19 Lúnasa 2022 – Schrom Farms v an Coimisiún

37

2022/C 408/50

Cás T-536/22: Caingean arna tabhairt an 31 Lúnasa 2022 – PAN Europe v an Coimisiún

38

2022/C 408/51

Cás T-541/22: Caingean arna tabhairt an 2 Meán Fómhair 2022 – Sanity Group v EUIPO – AC Marca Brands (Sanity Group)

38

2022/C 408/52

Cás T-542/22: Caingean arna tabhairt an 4 Meán Fómhair 2022 – Martin Rodrigo v EUIPO – Louis Vuitton Malletier (CALIFORNIA Dreaming by Made in California)

39

2022/C 408/53

Cás T-543/22: Caingean arna tabhairt an 5 Meán Fómhair 2022 – Laboratorios Ern v EUIPO – BRM Extremities (BIOPLAN)

40

2022/C 408/54

Cás T-549/22: Caingean arna tabhairt an 6 Meán Fomhair 2022 – Prolactal v EUIPO – Prolàctea (PROLACTAL)

40

2022/C 408/55

Cás T-552/22: Caingean arna tabhairt an 7 Meán Fómhair 2022 – mataharispaclub v EUIPO – Rouha (SpaClubMatahari)

41

2022/C 408/56

Cás T-555/22: Caingean arna tabhairt an 9 Meán Fómhair 2022 – an Fhrainc v an Coimisiún

42

2022/C 408/57

Cás T-565/22: Caingean arna tabhairt an 13 Meán Fómhair 2022 – HF v an Pharlaimint

43

2022/C 408/58

Cás T-474/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Meán Fómhair 2022 – Schenk Italia v EUIPO – Consorzio per la tutela dei vini Valpolicella (AMICONE)

43

2022/C 408/59

Cás T-608/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Meán Fómhair 2022 –Automobiles Citroën v EUIPO – Polestar (Ionadaíocht ar dhá chevron inbhéartaithe)

44

2022/C 408/60

Cás T-625/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Meán Fómhair 2022 – Automobiles Citroën v EUIPO – Polestar (Ionadaíocht ar dhá chevron inbhéartaithe)

44


 


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2022/C 408/01)

Foilseachán deiridh

IO C 398, 17.10.2022

Foilseacháin stairiúla

IO C 389, 10.10.2022

IO C 380, 3.10.2022

IO C 368, 26.9.2022

IO C 359, 19.9.2022

IO C 340, 5.9.2022

IO C 326, 29.8.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/2


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Vilniaus apygardos administracinis teismas – an Liotuáin) – OT v Vyriausioji tarnybinės etikos komisija

(Cás C-184/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta - Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagail 7, 8 agus 52(1) - Treoir 95/46/CE - Airteagal 7(c) - Airteagal 8(1) - Rialachán (AE) 2016/679 - Pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1), agus an dara fomhír d’Airteagal 6(3) - Airteagal 9(1) - Próiseáil riachtanach chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh - Cuspóir a bhaineann le leas an phobail - Comhréireacht - Próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta - Rialacha náisiúnta lena gceanglaítear na sonraí atá i ndearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha daoine nádúrtha a oibríonn sa tseirbhís phoiblí nó stiúrthóirí ar chomhlachais nó ar eagraíochtaí a fhaigheann cistí poiblí a fhoilsiú ar an idirlíon - Coinbhleachtaí leasa agus éilliú san earnáil phoiblí a chosc)

(2022/C 408/02)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Vilniaus apygardos administracinis teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: OT

Cosantóir: Vyriausioji tarnybinės etikos komisija

Idiragraí: Fondas “Nevyriausybinių organizacijų informacijos ir paramos centras”

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 7(c) de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) agus Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór iad a léirmhíniú mar a leanas: coisctear reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear d’fhoilsiú ar líne de dhearbhú maidir le leasanna príobháideacha a cheanglaítear ar aon stiúrthóir eagraíochta a fhaigheann cistí poiblí a thaisceadh, a mhéid, go háirithe, a bhfuil baint ag an bhfoilsiú sin le sonraí pearsanta a bhaineann lena chéile, lena chomhchónaitheoir nó lena pháirtí agus le gaolta nó le daoine ar a aithne a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le coinbhleacht leasa nó le haon idirbheart a cuireadh i gcrích le linn an dá mhí féilire dhéag dheireanacha agus atá luach níos mó ná EUR 3 000 air.

2)

Maidir le hAirteagal 8(1) de Threoir 95/46 agus Airteagal 9(1) de Rialachán 2016/679, ní mór iad a léirmhíniú mar a leanas: is ionann an foilsiú de shonraí pearsanta, ar sonraí iad lena bhféadfaí gnéaschlaonadh duine nádúrtha a nochtadh go hindíreach, ar shuíomh idirlín an údaráis phoiblí atá freagrach as na dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha a bhailiú agus a n-ábhar a sheiceáil agus próiseáil a bhaineann le catagóirí speisialta sonraí pearsanta, de réir bhrí na bhforálacha sin.


(1)   IO C 255, 03.08.2020.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/3


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht – an Ghearmáin) – Bundesrepublik Deutschland v SW (C-273/20), BL, BC (C-355/20)

(Cásanna uamtha C-273/20 agus C-355/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Beartas Inimirce - Ceart chun athaontú teaghlaigh - Treoir 2003/86/CE - Airteagal 10(3)(a) - Airteagal 16(1)(b) - An coincheap “leanbh mionaoiseach” - An coincheap “saol éifeachtach an teaghlaigh” - Duine lánaoise a dhéanann iarratas ar athaontú teaghlaigh le mionaoiseach ar deonaíodh stádas dídeanaí dó - Dáta ábhartha chun stádas mionaoiseach a mheas)

(2022/C 408/03)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesrepublik Deutschland

Cosantóirí: SW (C-273/20), BL, BC (C-355/20)

Páirtithe leasmhara: Stadt Darmstadt (C-273/20), Stadt Chemnitz (C-355/20)

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 16(1)(a) de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh a léirmhíniú sa chaoi, i gcás athaontaithe teaghlaigh idir tuismitheoirí agus dídeanaí mionaoiseach neamhthionlactha, de bhun Airteagal 10(3)(a) den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(f) de, nach “coinníoll”, de réir bhrí an Airteagal 16(1)(a) sin, é go bhfuil an dídeanaí sin fós mionaoiseach ar dháta an chinnidh a bhaineann leis an iarratas ar iontráil agus cónaí chun críocha athaontaithe teaghlaigh arna chur isteach ag tuismitheoirí an athaontaithe, lena gceadaítear de na Ballstáit iarratas den sórt sin a dhiúltú mura gcomhlíontar é. Ina theannta sin, ní mór na forálacha sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 13(2) den Treoir sin, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina dtiocfaidh deireadh, i gcás den sórt sin, le ceart cónaithe na dtuismitheoirí lena mbaineann a luaithe a bhfuil aosacht bainte amach ag an leanbh.

2)

Ní mór Airteagal 16(1)(b) de Threoir 2003/86 a léirmhíniú sa chaoi, chun a mheas go bhfuil saol teaghlaigh éifeachtach ann, de réir bhrí na forála sin, i gcás athaontaithe teaghlaigh idir tuismitheoir agus leanbh ar deonaíodh stádas dídeanaí dó, nuair a bheidh an leanbh sin tagtha in aois roimh ghlacadh an chinnidh a bhaineann leis an iarratas ar iontráil agus cónaí chun críocha athaontaithe teaghlaigh arna chur isteach ag an tuismitheoir sin, ní leor sinsearacht dhíreach na chéad chéime amháin. Mar sin féin, ní gá go mbeadh an leanbh athaontaithe agus an tuismitheoir lena mbaineann ina gcónaí lena chéile sa teaghlach céanna nó ina gcónaí faoin díon céanna chun go mbainfidh an tuismitheoir sin leas as athaontú teaghlaigh. D’fhéadfadh gur leor cuairteanna ó am go chéile, chomh fada agus is féidir, agus teagmhálacha rialta d’aon chineál chun a mheas go bhfuil na daoine sin ag athchothú caidreamh pearsanta agus mothúchánach agus chun a fhianú go bhfuil saol teaghlaigh éifeachtach ann. Ina theannta sin, ní féidir a cheangal ar an leanbh athaontaithe agus ar an tuismitheoir lena mbaineann tacaíocht airgeadais a thabhairt dá chéile ach an oiread.


(1)   IO C 378, 09.11.2020.

IO C 348, 19.10.2020.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/4


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht – an Ghearmáin) – Bundesrepublik Deutschland v XC

(Cás C-279/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Limistéar saoirse, slándála agus ceartais - Beartas Inimirce - Ceart chun athaontú teaghlaigh - Treoir 2003/86/CE - An chéad fhomhír d’Airteagal 4(1)(c) - An coincheap “leanbh mionaoiseach” - Airteagal 16(1)(b) - An coincheap “saol éifeachtach an teaghlaigh” - Leanbh a dhéanann iarratas ar athaontú teaghlaigh lena athair ar deonaíodh stádas dídeanaí dó - Dáta ábhartha chun stádas mionaoiseach a mheas)

(2022/C 408/04)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Bundesrepublik Deutschland

Cosantóir: XC

Páirtí leasmhara: Landkreis Cloppenburg

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór an chéad fhomhír d’Airteagal 4(1)(c) de Threoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh a léirmhíniú sa chaoi gurb é an dáta a chuir an tuismitheoir athaontaithe a iarratas ar thearmann isteach d’fhonn stádas dídeanaí a fháil an dáta ar cheart tagairt a dhéanamh dó chun a chinneadh an leanbh mionaoiseach é an leanbh de chuid athaontaithe ar deonaíodh stádas dídeanaí dó, de réir bhrí na forála sin, i gcás ina bhfuil an leanbh sin tagtha in aois sular deonaíodh an stádas dídeanaí don tuismitheoir athaontaithe agus sular tíolacadh an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh, ar choinníoll gur tugadh isteach iarratas ar athaontú teaghlaigh laistigh de trí mhí ó aitheantas stádas dídeanaí don tuismitheoir athaontaithe.

2)

Ní mór Airteagal 16(1)(b) de Threoir 2003/86 a léirmhíniú sa chaoi, chun a mheas go bhfuil saol teaghlaigh éifeachtach ann, de réir bhrí na forála sin, i gcás athaontaithe teaghlaigh idir leanbh mionaoiseach agus ar deonaíodh stádas dídeanaí dó, nuair a bheidh an leanbh sin tagtha in aois roimh stádas dídeanaí a dheonú don tuismitheoir athaontaithe agus sula tíolacadh an t-iarratas ar athaontú teaghlaigh, ní leor an caidreamh dlíthiúil tuismitheora-linbh amháin. Mar sin féin, ní gá go mbeadh an tuismitheoir athaontaithe agus an leanbh lena mbaineann ina gcónaí lena chéile sa teaghlach céanna nó ina gcónaí faoin díon céanna chun go mbainfidh an leanbh sin leas as athaontú teaghlaigh. D’fhéadfadh gur leor cuairteanna ó am go chéile, chomh fada agus is féidir, agus teagmhálacha rialta d’aon chineál chun a mheas go bhfuil na daoine sin ag athchothú caidreamh pearsanta agus mothúchánach agus chun a fhianú go bhfuil saol teaghlaigh éifeachtach ann. Ina theannta sin, ní féidir a cheangal ar an tuismitheoir athaontaithe agus ar an leanbh lena mbaineann tacaíocht airgeadais a thabhairt dá chéile ach an oiread.


(1)   IO C 378, 09.11.2020.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/5


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Roma Multiservizi spa, Rekeep spa v Roma Capitale, Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

(Cás C-332/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Soláthar poiblí - Conarthaí lamháltais - Foirmiú cuideachta chaipitil mheasctha - Bainistíocht “seirbhís scoile chomhtháite” a leithdháileadh ar an gcuideachta sin - Comhpháirtí príobháideach a cheapadh de réir nós imeachta tairisceana - Treoir 2014/23/AE - Airteagal 38 - Treoir 2014/24/AE - Airteagal 58 - Infheidhmeacht - Critéir intí - Ceanglas maidir le rannpháirtíocht íosta an chomhpháirtí phríobháidigh i gcaipiteal na cuideachta caipitil measctha - Rannpháirtíocht indíreach an údaráis chonarthaigh i gcaipiteal an chomhpháirtí phríobháidigh - Critéir roghnúcháin)

(2022/C 408/05)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Roma Multiservizi spa, Rekeep spa

Cosantóirí: Roma Capitale, Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

I láthair: Consorzio Nazionale Servizi Soc. coop. (CNS)

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 58 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2365 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2017, a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ón nós imeachta atá dírithe, ar thaobh amháin, ar chuideachta chaipitil mheasctha a bhunú agus, ar an taobh eile, conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain don chuideachta sin i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an eisiamh sin toisc, mar gheall ar rannpháirtíocht indíreach an údaráis chonarthaigh sin i gcaipiteal an oibreora eacnamaíoch sin, go sárófaí rannpháirtíocht uasta an údaráis chonarthaigh sin i gcaipiteal na cuideachta seo, mar atá leagtha síos sna doiciméid tairisceana, dá roghnódh an t-údarás conarthach céanna an t-oibreoir eacnamaíoch sin mar chomhpháirtí dó, sa mhéid is go dtiocfaidh méadú ar an riosca eacnamaíoch a iompraíonn an t-údarás conarthach céanna mar thoradh ar róchaiteachas den sórt sin.

2)

Ní mór Airteagal 38 de Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain, arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2366 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2017, a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh údarás conarthach oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ón nós imeachta atá dírithe, ar thaobh amháin, ar chuideachta chaipitil mheasctha a bhunú agus, ar an taobh eile, lamháltas seirbhíse a dhámhachtain don chuideachta sin i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an eisiamh sin toisc, mar gheall ar rannpháirtíocht indíreach an údaráis chonarthaigh sin i gcaipiteal an oibreora eacnamaíoch sin, go sárófaí rannpháirtíocht uasta an údaráis chonarthaigh sin i gcaipiteal na cuideachta seo, mar atá leagtha síos sna doiciméid tairisceana, dá roghnódh an t-údarás conarthach céanna an t-oibreoir eacnamaíoch sin mar chomhpháirtí dó, sa mhéid is go dtiocfaidh méadú ar an an riosca eacnamaíoch a iompraíonn an t-údarás conarthach céanna mar thoradh ar róchaiteachas den sórt sin.


(1)   IO C 329, 5.10.2020


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/6


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Kúria– an Ungáir) – HOLD Alapkezelő Befektetési Alapkezelő Zrt. v Magyar Nemzeti Bank

(Cás C-352/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Dlíthe a chomhfhogasú - Treoir 2009/65/CE - Gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS) - Treoir 2011/61/AE - Cistí infheistíochta malartacha - Beartais agus cleachtais luacha saothair i ndáil le bainisteoirí sinsearacha cuideachta bhainistíochta UCITS nó bainisteoir ciste infheistíochta malartach - Díbhinní arna ndáileadh ar bhainisteoirí sinsearacha áirithe - Coincheap “an luacha saothair” - Airteagal 17(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - An ceart chun maoine)

(2022/C 408/06)

Teanga an cháis: an Ungáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Kúria

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: HOLD Alapkezelő Befektetési Alapkezelő Zrt.

Cosantóir: Magyar Nemzeti Banc

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagail 14 go 14b de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (UCITS), arna leasú le Treoir 2014/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014, Airteagal 13(1) de Threoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le Bainisteoirí Cistí Infheistíochta Malartacha, agus míreanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann léi, agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,

a léiriú sa chaoi go bhfuil:

na forálacha a bhaineann le beartais agus cleachtais luacha saothair infheidhme maidir leis na díbhinní arna n-íoc ag cuideachta, arb é a gnáthghnó bainistiú a dhéanamh ar ghnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (UCITS) agus Cistí Infheistíochta Malartacha (CIManna), go díreach nó go hindíreach do chuid dá fostaithe a chomhlíonann dualgais an stiúrthóra bainistíochta, an bhainisteora infheistíochta nó an bhainisteora punainne de bhun a gceart chun maoine i leith scaireanna na cuideachta sin, i gcás ina bhféadtar le beartas íocaíochta na ndíbhinní sin na fostaithe a spreagadh chun rioscaí iomarcacha a ghlacadh a dhéanfadh dochar do leasanna UCITS nó CIManna arna mbainistiú ag an gcuideachta sin agus do leasanna a n-infheisteoirí agus gur féidir leis, dá bhrí sin, teacht timpeall ar na ceanglais a eascraíonn ó na forálacha sin a éascú.


(1)   IO C 423, 07.12.2020


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/7


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Latvijas Republikas Satversmes tiesa- an Laitvis) – imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh ag Boriss Cilevičs agus páirtithe eile

(Cás C-391/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 49 CFAE - Saoirse bunaíochta - Srian - Bonn cirt - Eagrúchán an chórais oideachais - Institiúidí ardoideachais - Oibleagáid chun cláir oideachais a sholáthar i dteanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann - Airteagal 4(2) CAE - Féiniúlacht náisiúnta Bhallstáit - Cosaint agus cur chun cinn teanga náisiúnta Bhallstáit - Prionsabal na comhréireachta)

(2022/C 408/07)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Latvijas Republikas Satversmes tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Boriss Cilevičs, Valērijs Agešins, Vjačeslavs Dombrovskis, Vladimirs Nikonovs, Artūrs Rubiks, Ivans Ribakovs, Nikolajs Kabanovs, Igors Pimenovs, Vitālijs Orlovs, Edgars Kucins, Ivans Klementjevs, Inga Goldberga, Evija Papule, Jānis Krišāns, Jānis Urbanovičs, Ļubova Švecova, Sergejs Dolgopolovs, Andrejs Klementjevs, Regīna Ločmele-Luņova, Ivars Zariņš

Páirtí leasmhar: Latvijas Republikas Saeima

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 49 CFAE a léirmhíniú sa chaoi nach gcuireann sé bac ar reachtaíocht de chuid Ballstáit a fhorchuireann, i bprionsabal, ar institiúidí ardoideachais an oibleagáid chun teagasc a sholáthar go heisiach i dteanga oifigiúil an Bhallstáit sin, ar choinníoll go bhfuil údar leis an reachtaíocht sin ar fhorais a bhaineann lena fhéiniúlacht náisiúnta a chosaint, is é sin le rá, go bhfuil sí riachtanach agus comhréireach le cosaint an chuspóra arna shaothrú go dlisteanach a bhaint amach.


(1)   IO C 359, 26.10.2020.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/7


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Bremen – an Ghearmáin) – S v Familienkasse Niedersachsen-Bremen der Bundesagentur für Arbeit

(Cás C-411/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Saoránacht an Aontais Eorpaigh - Saorghluaiseacht Daoine - Cóir chomhionann - Treoir 2004/38/CE - Airteagal 24, míreanna 1 agus 2 - Sochair slándála sóisialta - Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 - Airteagal 4 - Sochair teaghlaigh - Eisiamh náisiúnaigh de chuid Ballstát eile nach bhfuil ag obair le haghaidh íocaíochta le linn na chéad trí mhí dá bhfanacht sa Bhallstát óstach)

(2022/C 408/08)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Bremen

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: S

Cosantóir: Familienkasse Niedersachsen-Bremen der Bundesagentur für Arbeit

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 4 de Rialachán Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 29 Aibreán 2004, maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, a léirmhíniú mar chosc ar reachtaíocht Bhallstáit faoina ndiúltaítear “sochair teaghlaigh”, de réir bhrí Airteagal 3(1)(j) den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(z) de, do shaoránach de chuid an Aontais ar náisiúnach de Bhallstát eile é a bhfuil gnáthchónaí air ar chríoch an chéad Bhallstáit agus atá neamhghníomhach go heacnamaíoch sa mhéid is nach bhfuil sé fostaithe go sochrach sa Stát sin, le linn na chéad trí mhí dá fhanacht ar chríoch an Bhallstáit sin, agus go dtugann an Ballstát sin sochair den sórt sin dá náisiúnaigh féin atá neamhghníomhach go heacnamaíoch, lena n-áirítear sna chéad trí mhí tar éis dóibh filleadh ar an mBallstát sin tar éis dóibh úsáid a bhaint as a cheart, de réir dhlí an Aontais, chun gluaiseachta agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch Ballstáit eile.

Ní mór Airteagal 24(2) de Threoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gceart atá ag saoránaigh an Aontais agus ag a mbaill teaghlaigh chun gluaiseachta agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1612/68 agus lena n-aisghairtear Treoracha 64/221/CEE, 68/360/CEE, 72/194/CEE, 73/148/CEE, 75/34/CEE, 75/35/CEE, 90/364/CEE, 90/365/CEE agus 93/96/CEE, a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil sé infheidhme maidir le reachtaíocht den sórt sin.


(1)   IO C 423, 07.12.2020


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/8


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Audiencia Provincial de Barcelona – an Spáinn) – M P A v LC D N M T

(Cás C-501/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora - Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 - Airteagail 3,6 go 8 agus 14 - An coincheap “gnáthchónaí” - Dlínse, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála - Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 - Airteagail 3 agus 7 - Náisiúnaigh dhá Bhallstát éagsúla, a bhfuil cónaí orthu i dtríú Stát mar bhaill foirne ar conradh atá sannta do Thoscaireacht an Aontais Eorpaigh don tríú Stát sin - Dlínse a chinneadh - Forum necessitatis)

(2022/C 408/09)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Audiencia Provincial de Barcelona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M P A

Cosantóir: LC D N M T

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 3(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus freagracht tuismitheora, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000, agus Airteagal 3(a) agus (b) de Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála, a léirmhíniú sa chaoi, chun críocha gnáthchónaí a chinneadh, de réir bhrí na bhforálacha sin, nach féidir é a bheith mar fhachtóir lena gcinntear stádas ball foirne conarthach an Aontais Eorpaigh na céilí lena mbaineann, arna sannadh do tharmligean de chuid an Aontais Eorpaigh chuig tríú Stát agus a líomhnaítear go bhfuil stádas taidhleoireachta acu sa Tríú Stát sin.

2)

Ní mór Airteagal 8(1) de Rialachán Uimh. 2201/2003 a léirmhíniú sa chaoi, chun críocha gnáthchónaí linbh a chinneadh, nach bhfuil an nasc atá comhdhéanta de náisiúntacht na máthar agus de chónaí an linbh sin, roimh cheiliúradh an phósta, i mBallstát na cúirte ar tugadh iarratas ar fhreagracht tuismitheora os a comhair ábhartha, cé nach leor an fíoras gur rugadh na leanaí mionaoiseacha sa Bhallstát sin agus go bhfuil a náisiúntacht acu.

3)

I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt i mBallstát rialú a dhéanamh ar iarratas ar dhíscaoileadh an phósta de bhun Airteagail 3 go 5 de Rialachán Uimh. 2201/2003, ní mór Airteagal 7 den Rialachán sin, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6 de, a léirmhíniú sa chaoi, de bharr gur náisiúnach de Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an chúirt a tugadh an cás os a comhair é an cosantóir sna príomhimeachtaí, go bhfuil cosc ar chur i bhfeidhm an chlásail a bhaineann le dlínse iarmharach dá bhforáiltear san Airteagal 7 sin chun dlínse na cúirte sin a bhunú, gan bac a chur, áfach, ar chúirteanna an Bhallstáit ar náisiúnach de é ó dhlínse a bheith acu éileamh den sórt sin a éisteacht de bhun rialacha dlínse náisiúnta an Bhallstáit sin.

I gcás nach bhfuil dlínse ag aon chúirt i mBallstát rialú a dhéanamh ar iarratas maidir le freagracht tuismitheora de bhun Airteagail 8 go 13 de Rialachán Uimh. 2201/2003, ní mór Airteagal 14 den Rialachán sin a léirmhíniú sa chaoi nach gcuirtear bac ar chur i bhfeidhm an chlásail a bhaineann le dlínse iarmharach dá bhforáiltear san Airteagal 14 sin de bharr gur náisiúnach de Bhallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an chúirt ar tugadh an cás os a comhair é an cosantóir sna príomhimeachtaí.

4)

Ní mór Airteagal 7 de Rialachán Uimh. 4/2009 a léirmhíniú sa chaoi:

i gcás nach bhfuil gnáthchónaí ar na páirtithe uile sa díospóid in ábhar a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála i mBallstát, go bhféadfar dlínse atá bunaithe, i gcásanna eisceachtúla, ar an forum necessitatis, dá dtagraítear san Airteagal 7 sin, a shuíomh mura bhfuil dlínse ag aon chúirt de chuid Ballstáit de bhun Airteagail 3 go 6 den Rialachán sin, más rud é nach féidir le réasún an nós imeachta a thionscnamh nó a sheoladh sa tríú Stát a bhfuil dlúthbhaint ag an díospóid leis, nó más rud é go bhfuil sé dodhéanta, agus má tá nasc leordhóthanach ag an díospóid sin le Ballstát na cúirte ar tugadh an cás os a comhair;

chun a mheas, i gcásanna eisceachtúla, nach féidir le réasún imeachtaí a thionscnamh nó a sheoladh i dtríú Stát, tá sé tábhachtach, tar éis anailís réasúnaithe a dhéanamh ar na heilimintí mionsonraithe a cuireadh ar aghaidh i ngach cás sonrach, go bhfuil bac, le dlí nó le fírinne, ar rochtain ar cheartas sa tríú Stát sin, go háirithe trí choinníollacha nós imeachta a chur i bhfeidhm atá idirdhealaitheach nó contrártha do ráthaíochtaí bunúsacha chun triail choir a fháil, gan é a bheith de cheangal ar an bpáirtí atá ag brath ar an Airteagal 7 sin a léiriú gur thionscain siad, nó go ndearna siad iarracht an nós imeachta sin a thionscnamh os comhair chúirteanna an tríú Stát céanna, agus

chun a mheas nach mór nasc leordhóthanach a bheith ag díospóid le Ballstát na cúirte ar tugadh an cás os a comhair, gur féidir brath ar náisiúntacht ceann de na páirtithe.


(1)   IO C 423, 07.12.2020.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/9


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Hannover – an Ghearmáin) – Landkreis Northeim v Daimler AG

(Cás C-588/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Iomaíocht - Cairtéil - Airteagal 101 CFAE - Gníomhaíochtaí i leith damáistí de bharr sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta an Aontais - Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena suitear sárú - Nós imeachta socraíochta - Táirgí lena mbaineann an sárú - Trucailí speisialta - Trucailí bhailithe bruscair)

(2022/C 408/10)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Hannover

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Landkreis Northeim

Cosantóir: Daimler AG

Páirtithe leasmhara: Iveco Magirus AG, Traton SE, atá mar chomharba ar MAN SE, MAN Truck & Bus agus MAN Truck & Bus Deutschland GmbH, Schönmackers Umweltdienste GmbH & Co. KG

An chuid oibríochtúil

Ní mór an Cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 19 Iúil 2016, ar bhfuil fógra tugtha ina leith faoin tagairt C(2016) 4673 final, maidir le himeachtaí faoi Airteagal 101 [CFAE] agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE (Cás AT.39824 – Trucailí) a léirmhíniú sa chaoi go dtagann trucailí speisialta, lena n-áirítear trucailí bhailithe bruscair, faoi na táirgí atá clúdaithe ag an gcairtéal a sainaithníodh sa chinneadh seo.


(1)   IO C 53, 15.02.2021.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/10


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Tallinna Halduskohus – an Eastóin) – AS Lux Express Estonia v Majandus- ja Kommunikatsiooniministeerium

(Cás C-614/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Rialachán Uimh. 1370/2007 - Seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d'iarnród agus de bhóthar - Oibleagáid a chur de cheangal le rialacha ginearálta chun aicmí áirithe de na paisinéirí a iompar saor in aisce - Oibleagáid ar an údarás inniúil chun cúiteamh as seirbhís poiblí a dheonú do na hoibreoirí - Modh ríomha)

(2022/C 408/11)

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Tallinna Halduskohus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AS Lux Express Estonia

Cosantóir: Majandus- ja Kommunikatsiooniministeerium

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 2(e) de Rialachán Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 1191/69 agus (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) 2016/2338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016,

a léirmhíniú sa chaoi:

go gcumhdaítear leis an coincheap “oibleagáid seirbhíse poiblí”, dá dtagraítear san fhoráil sin, oibleagáid ar ghnóthais a áirithíonn, ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, seirbhís phoiblí iompair de bhóthar agus d’iarnród, a leagtar síos i bhforáil náisiúnta reachtach, chun aicmí áirithe de na paisinéirí a iompar, go háirithe, leanaí d’aois réamhscoile agus catagóirí áirithe daoine faoi mhíchumas, saor in aisce agus gan cúiteamh a fháil ón Stát.

2)

Ní mór Airteagail 3(2) agus 4(1)(b)(i) de Rialachán Uimh. 1370/2007, arna leasú le Rialachán 2016/2338,

a léirmhíniú sa chaoi:

go bhfuil sé de cheangal ar na húdaráis inniúla cúiteamh a dheonú do na gnóthais a áirithíonn, ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, seirbhís phoiblí iompair de bhóthar agus d’iarnród i leith na glanéifeachta airgeadais, cibé deimhneach nó diúltach, ar na costais a thabhófar agus ar ioncam a ghinfear i gcomhlíonadh na hoibleagáide atá ar na gnóthais sin, a bhunófar le riail ghinearálta, chun aicmí áirithe de na paisinéirí, go háirithe, leanaí d’aois réamhscoile agus aicmí áirithe daoine atá faoi mhíchumas a iompar saor in aisce.

3)

Ní mór Airteagal 3(2) agus pointe 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Uimh. 1370/2007, arna leasú ag Rialachán 2016/2338.

a léirmhíniú sa chaoi:

nach mór cúiteamh, i leith na glanéifeachta airgeadais, cibé deimhneach nó diúltach, ar na costais a thabhófar agus ar ioncam a ghinfear i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí taraife a bhunófar le rialacha ginearálta, a bhfuil sé d'aidhm acu uastaraifí a chinneadh d’aicmí áirithe de na paisinéirí, a dheonú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagail 4 go 6 agus san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin, ar dhóigh a sheachnóidh an róchúiteamh. Ní féidir leis an gcúiteamh dul thar mhéid a fhreagraíonn don ghlanéifeacht airgeadais ar coibhéis le hiomlán na n-éifeachtaí, cibé deimhneach nó diúltach, a bheidh ag comhlíonadh na hoibleagáide seirbhíse poiblí ar chostais agus ar ioncam an oibreora seirbhíse poiblí, a mheastar trí chomparáid a dhéanamh idir an staid ina gcomhalltar an oibleagáid seirbhíse poiblí agus an staid a bheadh ann mura ndéanfaí an oibleagáid a chomhall.


(1)   IO C 35, 01.02.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/11


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 7 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amstardam – an Ísiltír) – E.K. v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-624/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 2003/109/CE - Stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad - Raon feidhme - Náisiúnach ó thríú tír ag a bhfuil ceart cónaithe faoi Airteagal 20 CFAE aige - Airteagal 3(2)(e) - Cónaí ar chúiseanna sealadacha amháin - Coincheap uathrialach de chuid dhlí an Aontais)

(2022/C 408/12)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Amstardam

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: E.K.

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le stádas náisiúnach tríú tír ar cónaitheoirí fadtéarmacha iad a léirmhíniú sa chaoi gur coincheap uathrialach de dhlí an Aontais é coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, nach mór a léirmhíniú go haonfhoirmeach ar chríoch na mBallstát go léir.

2.

Ní mór Airteagal 3(2)(e) de Threoir 2003/109 a léirmhíniú sa chaoi nach gcumhdaíonn coincheap an chónaithe “ar chúiseanna sealadacha amháin”, dá dtagraítear ann, cónaí náisiúnaigh tríú tír faoi Airteagal 20 CFAE ar chríoch an Bhallstáit ar náisiúnach de an saoránach den Aontas lena mbaineann.


(1)   IO C 128, 12.04.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/12


Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud – Poblacht na Seice) – ET v Ministerstvo životního prostředí

(Cás C-659/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú - Rialachán (CE) Uimh. 338/97 - Airteagal 8(3)(d) - Coincheap “eiseamail de speicis ainmhíocha a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas” - Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 - Airteagal 1(3) - Coincheap an “stoic phórúcháin” - Airteagal 54(2) - Comhdhéanamh an stoic phórúcháin - Rialú ginealaigh)

(2022/C 408/13)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ET

Cosantóir: Ministerstvo životního prostředí

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 865/2006 ón gCoimisiún an 4 Bealtaine 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle maidir le speicis fána agus flóra fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú,

a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn:

nach gcumhdaítear leis an gcoincheap “stoic pórúcháin”, de réir bhrí na forála sin, sinsear na n-eiseamal a tógadh in oibríocht phórúcháin, nach raibh riamh faoi úinéireacht nó i seilbh na hoibríochta sin.

2.

Ní mór Airteagal 54(2) de Rialachán Uimh. 865/2006, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 17 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabal um chosaint ionchais dhlisteanacha,

a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn:

go bhfuil cosc ar eiseamal, atá á choinneáil ag tógálaí, de speiceas ainmhí atá liostaithe in Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán Uimh. 338/97, a mheas mar speiceas a rugadh agus a tógadh i mbraighdeanas, de réir bhrí Airteagal 8(3) den Rialachán sin, i gcás ina bhfuair tríú páirtí sinsir an eiseamail sin, nach cuid de stoc pórúcháin an tógálaí sin iad, roimh theacht i bhfeidhm na Rialachán sin, ar bhealach a dhéanfadh dochar do mharthanas an speicis lena mbaineann san fhiántas.


(1)   IO C 62, 22.02.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/13


Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal de Justiça – an Phortaingéil) — RTL Television GmbH v Grupo Pestana S.G.P.S., S.A., SALVOR – Sociedade de Investimento Hoteleiro, S.A.

(Cás C-716/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cóipcheart agus cearta gaolmhara - Craoladh satailíte agus atarchur cábla - Treoir 93/83/CEE - Airteagal 1(3) - Coincheap “atarchur cábla” - Soláthraí atarchur nach bhfuil stádas oibreora cábla aige - Dáileadh comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe clár teilifíse nó raidió arna gcraoladh ar shatailít agus atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, arna ndéanamh ag oibreoir óstáin, trí mheán mias satailíte, cábla agus glacadóirí teilifíse nó raidió - Éagmais)

(2022/C 408/14)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal de Justiça

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: RTL Television GmbH

Cosantóirí: Grupo Pestana S.G.P.S., S.A., SALVOR – Sociedade de Investimento Hoteleiro, S.A.

An chuid oibríochtúil

An gcaithfear Airteagal 1(3) de Threoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta a bhaineann le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur cábla, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 8(1) de,

a léirmhíniú sa chiall:

nach ndéantar foráil ann maidir le haon cheart eisiach d’eagraíochtaí craolacháin chun atarchur cábla a údarú nó a thoirmeasc de réir bhrí na forála sin, agus

nach ionann dáileadh comhuaineach, neamhathraithe agus neamhghiorraithe clár teilifíse nó raidió arna gcraoladh ar shatailíte agus atá beartaithe lena bhfáil ag an bpobal, i gcás ina ndéanann aon duine nach dáileoir cábla é an t-athchur, amhail, oibreoir óstáin.


(1)   IO C 110 an 29.03.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/14


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgericht Cottbus – an Ghearmáin) – RO, a bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil aici v Bundesrepublik Deutschland

(Cás C-720/20) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas maidir le tearmann - Critéir agus sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta - Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (Baile Átha Cliath III) - Iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag mionaoiseach sa Bhallstát inar rugadh é - Tuismitheoirí an mhionaoisigh sin ar deonaíodh stádas dídeanaí dóibh i mBallstát eile roimhe sin - Airteagal 3(2) - Airteagal 9 - Airteagal 20(3) - Treoir 2013/32/AE - Airteagal 33(2)(a) - Inghlacthacht an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus freagracht as scrúdú a dhéanamh air)

(2022/C 408/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgericht Cottbus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: RO, a bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil aici

Cosantóir: Bundesrepublik Deutschland

An chuid oibríochtúil

1.

Ní mór Airteagal 20(3) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát,

a léirmhíniú sa chaoi:

nach bhfuil sé infheidhme de réir analaí i gcás ina dtaisceann mionaoiseach agus a thuismitheoirí iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát inar rugadh an mionaoiseach sin, cé go bhfuil cosaint idirnáisiúnta ag a thuismitheoirí cheana féin i mBallstát eile.

2.

Ní mór Airteagal 33(2)(a) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar

a léirmhíniú sa chaoi:

nach bhfuil sé infheidhme de réir analaí maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag mionaoiseach i mBallstát i gcás nach é an mionaoiseach sin é féin, ach a thuismitheoirí, ar tairbhithe iad de chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile.


(1)   IO C 88, 15.03.2021.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/15


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Rechtbank Den Haag zittingsplaats Haarlem – an Ísiltír) – I, S v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-19/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 - Critéir agus sásraí chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta - Airteagal 8(2) agus Airteagal 27(1) - Mionaoiseach neamhthionlactha a bhfuil gaol aige i láthair go dleathach ar chríoch Ballstáit eile - Diúltú ag an mBallstát sin don iarratas ar ghabháil ar láimh an mhionaoisigh - Ceart chun leigheas éifeachtach don mhionaoiseach nó don ghaol sin i gcoinne an chinnidh diúltaithe - Airteagail 7, 24 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Tús áite a thabhairt do leas an linbh)

(2022/C 408/16)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag zittingsplaats Haarlem

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: I, S

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, arna léamh in éineacht le hAirteagail 7, 24 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léirmhíniú sa chiall is:

go gceanglaíonn sé ar an mBallstát ar díríodh iarraidh ar ghabháil ar láimh chuige, bunaithe ar Airteagal 8(2) den Rialachán sin, ceart achomhairc bhreithiúnaigh a thabhairt i gcoinne a chinnidh chun diúltú don mhionaoiseach neamhthionlactha, de réir bhrí Airteagal 2(j) den Rialachán sin, a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ach ní ar ghaol an mhionaoisigh sin, de réir bhrí Airteagal 2(h) den Rialachán céanna.


(1)   IO C 128, 12.04.2021.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/15


Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Warszawy – Śródmieścia w Warszawie – an Pholainn) – E.K., S.K. v D.B.P. (C-80/21), agus B.S., W.S. v M. (C-81/21), et B.S., Ł.S. v M. (C-82/21),

(Cásanna uamtha C-80/21 go dtí C-82/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Treoir 93/13/CEE - Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra - Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) - Comhaontuithe creidmheasa morgáiste - Na héifeachtaí atá ag cinneadh go bhfuil téarma éagórach - Tréimhse teorann - Prionsabal na héifeachtachta)

(2022/C 408/17)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy dla Warszawy – Śródmieścia w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: E.K., S.K. (C-80/21), B.S., W.S. (C-81/21), B.S., Ł.S. (C-82/21)

Cosantóirí: D.B.P. (C-80/21), M. (C-81/21), M. (C-82/21)

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra

a léiriú mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh an breitheamh náisiúnta a chinneadh nach éagórach téarma iomlán conartha arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir, ach na heilimintí den téarma lena gcruthaítear an éagóir, rud a fhágann go bhfanfaidh an téarma i bhfeidhm go páirteach, tar éis na heilimintí sin a scriosadh, i gcás inarb ionann scriosadh den sórt sin agus ábhar an téarma sin a leasú trína shubstaint a athrú, atá le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur.

2)

Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13

A léiriú mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh an breitheamh náisiúnta, tar éis dó a chinneadh go bhfuil téarma éagórach neamhbhailí, téarma atá i gconradh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir, nach bhfuil gá le neamhniú an chonartha ina iomláine mar thoradh air, féadfaidh an breitheamh náisiúnta foráil fhorlíontach den dlí náisiúnta a chur in ionad an téarma sin.

3)

Ní mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13

a léiriú mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a fhéadfaidh an breitheamh náisiúnta, tar éis dó a chinneadh go bhfuil téarma éagórach neamhbhailí, téarma atá i gconradh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus díoltóir nó soláthróir a bhfuil gá le cur ó bhail an chonartha ina iomláine mar thoradh air, léiriú ar thoil na bpáirtithe, nó foráil fhorlíontach den dlí náisiúnta, a chur in ionad an téarma neamhbhailí chun cealú an chonartha sin a sheachaint cé gur cuireadh an tomhaltóir ar an eolas faoi iarmhairtí chur ó bhail an chonartha sin agus gur ghlac sé leo.

4)

Ní mór Treoir 93/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta,

a léiriú mar seo a leanas:

cuirtear cosc leis ar chásdlí náisiúnta ar dá réir a thosaíonn an tréimhse teorann deich mbliana le haghaidh chaingean an tomhaltóra lena n-iarrtar aisíocaíocht suimeanna a íocadh go míchuí le díoltóir nó soláthróir i bhforghníomhú téarma éagórach atá i gconradh creidmheasa ar an dáta de gach gníomhaíocht a dhéanann an tomhaltóir, fiú mura raibh an tomhaltóir in ann, ar an dáta sin, cineál éagórach an téarma chonarthaigh a thuiscint nó mura raibh eolas aige ar nádúr éagórach an téarma chonarthaigh sin, agus gan a chur san áireamh go raibh tréimhse aisíocaíochta ag an gconradh sin, sa chás seo tríocha bliain, a bhí i bhfad níos faide ná an tréimhse teorann dlíthiúil deich mbliana.


(1)   IO C 242, 21.06.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/17


Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (Cúirt Chónaidhme Fhioscach, an Ghearmáin)) – Finanzamt R v W-GmbH

(Cás C-98/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagail 2(1), 9(1), 167, 168(a) - Asbhaint cánach ionchuir - Coincheap “duine inchánach” - Cuideachta sealbhaíochta - Caiteachas a bhaineann le ranníocaíochtaí scairsealbhóra comhchineáil lena fhochuideachtaí - Gan ranníocaíocht ó chaiteachas ar chostais ghinearálta - Gníomhaíochtaí fochuideachtaí atá díolmhaithe ó cháin den chuid is mó)

(2022/C 408/18)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Finanzamt R

Cosantóir: W-GmbH

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 168(a) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 167 den Treoir sin,

Ní mór léirmhíniú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl cuideachta sealbhaíochta, a dhéanann idirbhearta aschuir inchánach chun tairbhe fochuideachtaí, i dteideal asbhaint cánach ionchuir a ghearrtar ar sholáthairtí a fhaigheann sí ó thríú páirtithe agus a thugann sí do na fochuideachtaí mar mhalairt ar scair a dheonú i mbrabúis ghinearálta, i gcás, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil nasc díreach láithreach idir na seirbhísí ionchuir a fhaightear agus idirbhearta na cuideachta sealbhaíochta féin ach ina ionad sin le gníomhaíochtaí, na bhfochuideachtaí atá díolmhaithe ó cháin den chuid is mó, ar an dara dul síos, nach n-áirítear na seirbhísí ionchuir a fhaightear i bpraghas na n-idirbheart inchánach i bhfabhar na bhfochuideachtaí, agus, ar an tríú dul síos, nach bhfuil siad ina gcuid de chostais ghinearálta ghníomhaíocht eacnamaíoch na cuideachta sealbhaíochta féin.


(1)   IO C 182, 10.05.2021.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/17


Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo — an Spáinn) — Asociación Multisectorial de Empresas de la Electrónica, las Tecnologías de la Información y la Comunicación, de las Telecomunicaciones y de los Contenidos Digitales (Ametic) v Administración del Estado agus páirtithe eile

(Cás C-263/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cóipcheart agus cearta gaolmhara - Treoir 2001/29/CE - Airteagal 5(2)(b) - Ceart eisiach atáirgthe - Eisceacht - Cóipeáil le haghaidh úsáid phríobháideach - Táille - Díolúine ex-ante - Deimhniú díolúine arna eisiúint ag eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach faoi rialú cuideachtaí bainistíochta cóipchirt amháin - Cumhachtaí maoirseachta an eintitis sin)

(2022/C 408/19)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Supremo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Asociación Multisectorial de Empresas de la Electrónica, las Tecnologías de la Información y la Comunicación, de las Telecomunicaciones y de los Contenidos Digitales (Ametic)

Cosantóirí: Administracíon del Estado, Entidad de Gestión de Derechos de los Productores Audiovisuales (EGEDA), Asociación para el Desarrollo de la Propiedad Intelectual (ADEPI), Artistas Intérpretes o Ejecutantes, Sociedad de Gestión de España (AIE), Artistas Intérpretes, Entidad de Gestión de Derechos de Propiedad Intelectual (AISGE), Ventanilla Única Digital, Derechos de Autor de Medios Audiovisuales (DAMA), Centro Español de Derechos Reprográficos (CEDRO), Asociación de Gestión de Derechos Intelectuales (AGEDI), Sociedad General de Autores y Editores (SGAE)

An chuid oibríochtúil

1)

An gcaithfear Airteagal 5(2)(b) de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise agus prionsabal na córa comhionainne

a léirmhíniú sa chiall nach:

gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina gcuirtear de chúram ar dhuine dlítheanach, atá bunaithe agus faoi rialú ag eagraíochtaí bainistithe um chearta maoine intleachtúla, bainistiú díolúintí ó íocaíocht agus cúiteamh as cóipeáil phríobháideach a aisíoc, i gcás ina bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta nach mór deimhniú díolúine agus aisíocaíochtaí a dheonú in am trátha agus i gcomhréir le critéir oibiachtúla nach gceadaíonn don duine dlítheanach sin diúltú d’iarratas ar dheonú deimhnithe nó aisíocaíochta den sórt sin ar bhonn breithnithe a bhaineann le corrlach lánroghnach a fheidhmiú agus féadfaidh cinntí an duine sin lena dhiúltaítear iarraidh den sórt sin a bheith ina n-ábhar achomhairc os comhair comhlacht neamhspleách.

2)

An gcaithfear Airteagal 5(2) (b) de Threoir 2001/29 agus prionsabal na córa comhionainne

a léirmhíniú sa chiall nach:

gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar de chumhacht do dhuine dlítheanach, atá bunaithe agus á rialú ag eagraíochtaí bainistithe um chearta maoine intleachtúla agus a bhfuil sé de chúram air díolúintí ó íocaíocht agus aisíoc cúitimh as cóipeáil phríobháideach a bhainistiú, rochtain a iarraidh ar an bhfaisnéis is gá chun na cumhachtaí maoirseachta a thugtar dó i ndáil leis sin a fheidhmiú, gan é a bheith indéanta, go háirithe, brath ar rúndacht na cuntasaíochta tráchtála dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta, agus é a bheith d’oibleagáid ar an duine dlítheanach sin cineál rúnda na faisnéise a fhaightear a choimirciú.


(1)   IO C 329 an 16.08.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/18


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie – an Rómáin) – Uniqa Asigurări SA v Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală de Soluţionare a Contestaţiilor, Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili

(Cás C-267/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 56 - Soláthar seirbhísí árachais - Áit an iatáin cánach - Seirbhísí socraíochta éileamh a sholáthraíonn cuideachtaí tríú páirtí in ainm agus thar ceann árachóra)

(2022/C 408/20)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Uniqa Asigurări SA

Cosantóirí: Agenţia Naţională de Administrare Fiscală – Direcţia Generală de Soluţionare a Contestaţiilor, Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 56(1)(c) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léirmhíniú sa chaoi go socrófar éilimh ar sheirbhísí arna soláthar ag cuideachtaí tríú páirtí, in ainm agus thar ceann cuideachta árachais, nach dtagann faoi na “seirbhísí comhairleoirí, innealtóirí, oifigí dearaidh, dlíodóirí, cuntasóirí agus seirbhísí eile den chineál céanna, chomh maith le [de] phróiseáil sonraí agus [de] soláthar faisnéise” dá dtagraítear san fhoráil sin.


(1)   IO C 349, 30.08.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/19


Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation du Grand-Duché de Luxembourg – Lucsamburg) – Stát Lucsamburg, Administration de l’enregistrement, des domaines et de la TVA v Navitours Sàrl

(Cás C-294/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - An Séú Treoir 77/388/CEE - Airteagal 2(1) - Raon feidhme - Idirbhearta inchánach - Airteagal 9(2)(b) - Áit seirbhísí iompair - Siúlóidí turasóireachta ar an Moselle - Abhainn faoi réir stádas condominium)

(2022/C 408/21)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour de cassation de la Grand-Duché de Luxembourg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Stát Lucsamburg, Administration de l’enregistrement, des domaines et de la TVA

Cosantóir: Navitours Sàrl

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 2(1) agus Airteagal 9(2)(b) den Séú Treoir 77/388/CEE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1977 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le cánacha láimhdeachais – Comhchóras cánach breisluacha: bonn aonfhoirmeach measúnachta, arna leasú le Treoir 91/680/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1991,

a léirmhíniú sa chaoi:

nach mór seirbhísí loingseoireachta turasóireachta arna ndéanamh ag soláthraí seirbhíse atá bunaithe i mBallstát, laistigh de chríoch arb é atá ann, de bhua conradh idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích idir é agus Ballstát eile, críoch chomhchoiteann atá faoi cheannasacht an dá Bhallstát sin agus nach bhfuil faoina réir aon mhaolú dá bhforáiltear le dlí an Aontais, a bheith cáinteach ag an mBallstát sin, a mhéid nár ghearr an Ballstát eile cáin ar na seirbhíse sin cheana féin. Cuireann cánachas ceann de na Ballstáit ar an tseirbhís sin cosc ar an mBallstát eile iad a fhorchur freisin, gan dochar don fhéidearthacht atá ag an dá Bhallstát sin cánachas na seirbhísí a sholáthraítear laistigh den chríoch sin a rialáil, go háirithe trí chomhaontú, ar choinníoll go seachnaítear neamhchánachas ar ioncam agus cánachas dúbailte.


(1)   IO C 191, 10.05.2022


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/20


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Corte d'appello di Venezia – an Iodáil) – Agecontrol SpA v ZR, Lidl Italia Srl

(Cás C-319/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Talmhaíocht - Comheagrú na margaí - Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 - Torthaí agus glasraí úra pacáistithe - Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 543/2011 - Seiceáil na comhlíontachta - Iompar chuig díolphointe ar leis an gcuideachta mhargaíochta chéanna é - Doiciméad tionlacain - Léiriú an tír thionscnaimh)

(2022/C 408/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte d'appello di Venezia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Agecontrol SpA

Cosantóirí: ZR, Lidl Italia Srl

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 5(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle i ndáil leis na hearnálacha torthaí agus glasraí agus torthaí agus glasraí próiseáilte, arna léamh i bhfianaise Airteagal 8 den Rialachán sin agus Airteagail 113 agus 113a de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i leith táirgí talmhaíochta áirithe (an Rialachán maidir le CEM Aonair), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 361/2008 ón gComhairle an 14 Aibreán 2008, a léirmhíniú sa chaoi nach gceanglaítear ar shealbhóir na dtáirgí sin doiciméad tionlacain a eisiúint chun comhlíonadh na gcaighdeán margaíochta do tháirgí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a rialú. Mar sin féin, nuair a eisíonn an sealbhóir sin doiciméad den sórt sin, ní mór dó, ag gach céim de mhargaíocht na dtáirgí sin, ainm agus tír thionscnaimh na dtáirgí céanna a lua, beag beann go bhfuil na sonraí seachtracha a cheanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 543/2011 sofheicthe agus doscriosta cheana féin ar cheann de na taobhanna dá bpacáistíocht, ar chlár fógraí atá infheicthe laistigh den mhodh iompair lena n-iompraítear iad agus ar na sonraisc arna n-eisiúint ag soláthraí na dtáirgí sin.


(1)   IO C 310, 02.08.2021.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/20


Breithiúnas na Cúirte (an Naoú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Hamburg – an Ghearmáin) – R.T. v Hauptzollamt Hamburg

(Cás C-368/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - an tAontas Custaim - Cód Custaim an Aontais - Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 - An áit a dtabhaítear an fiach custaim - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 30 - Airteagal 60 - Airteagal 71(1) - Teagmhas inchánach agus inmhuirearacht i leith CBL ar allmhairiú - An áit a dtabhaítear an fiach cánach - Cinneadh maidir le neamhchomhlíonadh oibleagáide a fhorchuirtear le reachtaíocht chustaim an Aontais - Áit allmhairiú na n-earraí a chinneadh - Modh iompair atá cláraithe i dtríú tír agus arna thabhairt isteach san Aontas Eorpach in aghaidh an rialacháin chustaim)

(2022/C 408/23)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Hamburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: R.T.

Cosantóir: Hauptzollamt Hamburg

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 30 agus Airteagal 60 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir (AE) 2018/2057 ón gComhairle an 20 Nollaig 2018

a léiriú mar seo a leanas:

chun críocha na cánach breisluacha, tá áit allmhairithe feithicle atá cláraithe i dtríú Stát agus a tugadh isteach san Aontas Eorpach de shárú ar an rialachán custaim suite sa Bhallstát ina gcónaíonn údar neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí arna bhforchur leis an rialachán custaim agus ina n-úsáideann an duine sin an fheithicil.


(1)   IO C 382, 20.09.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/21


Breithiúnas na Cúirte (Naoú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Svea Hovrätt – an tSualainn) – IRnova v FLIR Systems AB

(Cás C-399/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta - Dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála - Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 - Airteagal 24(4) - Dlínse eisiach - Dlínse i ndáil le clárú nó bailíocht paitinní - Raon feidhme - Iarratas ar phaitinn arna thaisceadh agus arna dheonú i dtríú tír - Stádas an aireagóra - Dílseánach an chirt chun aireagáin)

(2022/C 408/24)

Teanga an cháis: an tSualainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Svea Hovrätt

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: IRnova AB

Cosantóir: FLIR Systems AB

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála, a léiriú sa chaoi: nach mbaineann sé le díospóid chun a chinneadh, i gcomhthéacs caingne arna tabhairt de bhun stádais aireagóra nó comh-aireagóra arna éileamh, pé acu ar dhuine é dílseánach an chirt chun aireagán arna gcumhdach ag iarratais ar phaitinn arna dtaisceadh agus arna ndeonú i dtríú tíortha nó nach ea.


(1)   IO C 368, an 13.09.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/22


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 1 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Ministero dell'Interno v TO

(Cás C-422/21) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Daoine a dhéanann iarratas ar chosaint idirnáisiúnta - Treoir 2013/33/AE - Airteagal 20 (4) agus (5) - Iompar fíorfhoréigneach - Ceart na mBallstát na smachtbhannaí is infheidhme a chinneadh - Raon feidhme - Leas na dálaí ábharacha glactha a tharraingt siar)

(2022/C 408/25)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Ministero dell'Interno

Cosantóir: TO

An chuid oibríochtúil

1)

Ní mór Airteagal 20(4) de Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a léirmhíniú sa chaoi go mbaineann sé le hiompar fíorfhoréigneach a ghlactar lasmuigh d’ionad chóiríochta.

2)

Ní mór Airteagal 20(4) agus (5) de Threoir 2013/33 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar pionós ar iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a ghlac le hiompar fíorfhoréigneach i leith státseirbhísigh, arb é atá ann leas na dálaí ábharacha glactha a tharraingt siar, de réir bhrí Airteagal 2(f) agus (g) den Treoir sin, a bhaineann le tithíocht, bia nó éadaí, ós rud é go mbeadh sé d'éifeacht aige an bhféidearthacht freastal ar a chuid riachtanas is bunúsaí a bhaint den iarratasóir. Maidir le smachtbhannaí eile a fhorchur faoi Airteagal 20(4), ní foláir, i ngach cás, na coinníollacha atá leagtha amach i mír 5 den Airteagal sin a urramú, go háirithe na coinníollacha a bhaineann le prionsabal na comhréireachta agus dínit an duine a urramú.


(1)   IO C 368, 13.09.2021.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/22


Breithiúnas na Cúirte (an Deichiú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 – Puma SE agus páirtithe eile v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-507/21 P) (1)

(Achomharc - Dumpáil - Allmhairí coisbhirt áirithe le huachtair leathair de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Vítneam - Forghníomhú bhreithiúnas na Cúirte i gCásanna Uamtha C-659/13 agus C-34/14 - Dleacht frithdhumpála chinntitheach a athchur - Dlínse ratione temporis - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe)

(2022/C 408/26)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Puma SE, Puma United Kingdom Ltd, Puma Nordic AB, Austria Puma Dassler GmbH, Puma Italia Srl, Puma France SAS, Puma Denmark A/S, Puma Iberia, SL, Puma Retail AG (ionadaithe: J. Cornelis agus E. Vermulst, advocaten)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati, G. Luengo agus T. Maxian Rusche, i gcáil gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don achomharc.

2)

Ordaítear do Puma SE, Puma United Kingdom Ltd, Puma Nordic AB, Austria Puma Dassler GmbH, Puma Italia Srl, Puma France SAS, Puma Denmark A/S, Puma Iberia SL, Puma Retail AG a gcostais féin, chomh maith leis na costais a thabhaigh an Coimisiún Eorpaigh, a íoc.


(1)   IO C 431, 25.10.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/23


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 8 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Opolu – an Pholainn) – VP

(Cás C-188/22) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála - Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 - Fianaise a ghlacadh - Ráiteas i scríbhinn ó dhuine ar a bhfuil sainchónaí i mBallstát seachas Ballstát na cúirte inniúla - Féidearthacht dul i muinín an bhealaigh dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta chun fianaise a ghlacadh agus gan dul i muinín an bhealaigh dá dtagraítear leis an Rialachán sin)

(2022/C 408/27)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Opolu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VP

Páirtí eile: KS arna ionadú ag AS

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagail 1 agus 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i ndáil le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta agus thráchtála a léiriú amhail: nach gá go ndlitear ar chúirt Bhallstáit ar mian léi éisteacht le duine ar a bhfuil sainchónaí i mBallstát eile, lena leithéid d’fhianaise a ghlacadh, dul i muinín na mbealaí chun fianaise a ghlacadh dá dtagraítear leis an Rialachán seo, ach go bhféadfadh sí dul i muinín ráiteas i scríbhinn ón duine sin, i gcomhréir le dlí an Bhallstáit ina bhfuil an chúirt seo, gan údarú a fháil ón gcomhlacht lárnach nó ó údarás inniúil an Bhallstáit iarrtha, de réir bhrí Airteagal 3 den Rialachán sin.


(1)  Dáta an taiscthe: 11.03.2022.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/23


Ordú na Cúirte Breithiúnais an 8 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Alba Iulia – an Rómáin) – C.D.A. v I.J., N.L.

(Cás C-205/22) (1)

(Cás a bhaint ón gclár)

(2022/C 408/28)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Alba Iulia

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: C.D.A.

Cosantóirí: I.J., N.L.

An chuid oibríochtúil

Baintear Cás C-205/22 ó chlár na Cúirte Breithiúnais.


(1)  Dáta an taiscthe: 16.3.2022.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/24


Achomharc arna thabhairt an 14 Eanáir 2022 ag Silvia González Sordo agus páirtithe eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 24 Samhain 2021 i gCás T-642/21, Gonzáles Sordo agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-36/22 P)

(2022/C 408/29)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóirí: Silvia González Sordo, Marta Calzado Melida, Evangelina Camino Nates, María José Canoura González, Félix Fernández Gascón, María Isabel Martínez de Lecea, José Antonio Pardo Cuesta, Natalia Ruisanchez Cáceres, María Ángeles Sáez Díaz, Mónica Ruiz Maccione, Ignacio Serrulla Rech, Celia Baños Olavarri, David Buitrago Cobo, Ana María Pardo García, Adriana Castillo Jiménez, José Manuel Salazar Castillo, María Lorena Tresgallo Salmón, Luis Alfredo Barroso Prados, Ana Isabel Alegre Rubio, Emilio-Joaquín Barrio Fernández de la Pradilla, Zulema Alexandra Lemolt García-Lago (ionadaí: B. González González, abogada)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

Le hordú an 6 Meán Fómhair 2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) don achomharc toisc gur follas nach raibh bunús leis agus chinn sí nach mór do na hachomharcóirí a gcostais féin a íoc.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/24


Achomharc arna thabhairt an 14 Eanáir 2022 ag GZ agus páirtithe eile (*1) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 24 Samhain 2021 i gCás T-687/21, GZ agus páirtithe eile (*1) v an Coimisiún

(Cás C-37/22 P)

(2022/C 408/30)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóirí: GZ (*1), FK (*1), AT (*1), DH (*1), ML (*1), ZX (*1), FO (*1), RT (*1), JC (*1) (ionadaí: B. González González, abogada)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

Le hordú an 6 Meán Fómhair 2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) don achomharc toisc gur follas nach raibh bunús leis agus chinn sí nach mór do na hachomharcóirí a gcostais féin a íoc.


(*1)  Tá an fhaisnéis scriosta nó ionadaithe laistigh den chreat maidir le sonraí pearsanta agus/nó rúndacht a chosaint.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/25


Achomharc arna thabhairt an 18 Eanáir 2022 ag José Antonio Santos Cañibano agus páirtithe eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 24 Samhain 2021 i gCás T-649/21, Santos Cañibano agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-38/22 P)

(2022/C 408/31)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóirí: José Antonio Santos Cañibano, Ruth Hompanera Lanzós, Judith Lapresa Isla, José Manuel Arias García, María del Mar Barba Barba, María Isabel Bernárdez Rodríguez, Mónica Camara Torio, Adriana Canella Suárez, Eladio Cano Nieto, Pilar Carbajales García, Luis De Miguel Ribón, Luis Ángel Díaz Suárez, Daniel Fernández González, Cristina Fernández Somoano, Pedro García Parada, Inmaculada Garcia Perez, Susana González González, Pedro Óscar González Menéndez, José Manuel González Riopedre, Carlos Ángel Lazo Reguera, Salvador Llorens García, José Luis Lozano Garrido, Fernando Luiña Vela, Miguel Mera Vega, Abel Miravalles Pindas, Rafael Munguria Rubio, María Montserrat Muñiz Fernández, Aurora Nicolás Herreros, Verónica Pereira Torres, Ernesto Real Arias, Javier Rodríguez Lana, María Belén Rodríguez Menéndez, José Javier Rodríguez Mier, Concepción Rodríguez Rodríguez, María Elena Rodríguez Suárez, Alejandro Sánchez Gión, José Luis Santos Lobato, Susana Solís García, María de los Ángeles Ugido López, María Elvira Vega Fernández, Isabel María Vilalta Suárez, Antonio Villabela Pataño, María José Fernández Gutiérrez, Lourdes Cano Nieto (ionadaí: B. González González, abogada)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

Le hordú an 6 Meán Fómhair 2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) don achomharc toisc gur follas nach raibh bunús leis agus chinn sí nach mór do na hachomharcóirí a gcostais féin a íoc.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/25


Achomharc arna thabhairt an 18 Eanáir 2022 ag Enol Velasco Granda agus páirtithe eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra) a tugadh an 24 Samhain 2021 i gCás T-658/21, Velasco Granda agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-39/22 P)

(2022/C 408/32)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóirí: Enol Velasco Granda, María José Díaz Rodríguez, Silvia García Miguélez, Beatriz González Carvajal, Antonia Trinidad González Castro, Isabel Merediz Gutiérrez, María Miranda García, Ana Moreira Varillas, Lucía Villa Gutiérrez (ionadaí: B. González González, abogado)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

Le hordú an 6 Meán Fómhair 2022 dhíbh an Chúirt Bhreithiúnas (Ochtú Dlísheomra) an t-achomharc toisc é a bheith gan bhunús go follasach agus d’ordaigh sí do na hachomharcóirí a gcostais féin a íoc.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/25


Achomharc arna thabhairt an 18 Eanáir 2022 ag Ramón Baides Fernández agus páirtithe eile i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra) a tugadh an 24 Samhain 2021 i gCás T-659/21, Baides Fernández agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-40/22 P)

(2022/C 408/33)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóirí: Ramón Baides Fernández, Alberto Baranda Álvarez, José Luis Bermúdez Cuetos, Juan Carlos Campos Menéndez, María Gloria Díaz Blanco, José Vicente Galán Soto, María José González Delgado, María Rosario López Rodríguez, Erundina Prieto Álvarez, Mónica Regueira Álvarez, Patricia Sánchez Caballero (ionadaí: B. González González, abogado)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

Le hordú an 6 Meán Fómhair 2022 dhíbh an Chúirt Bhreithiúnas (Ochtú Dlísheomra) an t-achomharc toisc é a bheith gan bhunús go follasach agus d’ordaigh sí do na hachomharcóirí a gcostais féin a íoc.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/26


Achomharc arna thabhairt an 4 Márta 2022 ag Plataforma de Trabajador@s Temporales del Ayuntamiento de Zaragoza (PTTAZ) i gcoinne ordú na Cúirte Ginearálta (Ochtú Dlísheomra) a tugadh an 27 Eanáir 2022 i gCás T-736/21, PTTAZ v an Coimisiún

(Cás C-195/22 P)

(2022/C 408/34)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: Plataforma de Trabajador@s Temporales del Ayuntamiento de Zaragoza (PTTAZ) (ionadaí: B. González González, abogado)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

Le hordú an 6 Meán Fómhair 2022 dhíbh an Chúirt Bhreithiúnas (Ochtú Dlísheomra) an t-achomharc toisc é a bheith gan bhunús go follasach agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/26


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh an 16 Meitheamh 2022 – VT, UR v Conny GmbH

(Cás C-400/22)

(2022/C 408/35)

Teanga an cháís: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Berlin

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí: VT, UR

Cosantóir: Conny GmbH

An cheist a tharchuirtear

An mbeadh sé ar comhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 8(2) de Threoir 2011/83/AE (1) dá ndéanfaí foráil den dlí náisiúnta (sa chás seo, an dara abairt d’Alt 312j(3), agus Alt 312j(4) de BGB, sa leagan a raibh feidhm aige idir an 13 Meitheamh 2014 agus an 27 Bealtaine 2022) a léirmhíniú ionas go ndéanfaí lena raon feidhme, mar a dhéantar leis an dara fomhír d’Airteagal 8(2) de Threoir 2011/83/AE, cás a chlúdach, ar cás é nach bhfuil an tomhaltóir faoi cheangal gan choinníoll an trádálaí a íoc ag an bpointe a thugtar an conradh i gcrích trí mheáin leictreonacha, ach má chomhlíontar coinníollacha áirithe eile – mar shampla, i gcás go n-éiríonn le caingean a raibh an trádálaí faoi threoracha í a thabhairt ina dhiaidh sin, agus sa chás sin amháin, nó i gcás ina dtugtar fógra foirmiúil do thriú páirtí ina dhiaidh sin?


(1)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, lch. 64).


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/27


Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven kasatsionen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne BG

(Cás C-427/22)

(2022/C 408/36)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven kasatsionen sad

Cúisí

BG

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear an sainmhíniú ar institiúid creidmheasa in Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a léiriú sa chaoi nach mór creidmheas a dheonú go heisiach ó chístí a fuarthas ón bpobal mar thaiscí nó cistí inaisíoctha eile nó an bhféadfadh institiúid creidmheasa creidmheas a dheonú ó chístí ó fhoinsí eile freisin?

2.

Conas ba chóir ábhar “ionstraim[e] arna heisiúint i bhfoirm ar bith ag na húdaráis ar ar deonaíodh an ceart an gnó a dhéanamh” de réir bhrí Airteagal 4(1)(42) de Rialachán AE Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a léiriú, agus an gcuimsíonn sé an scéim údarúcháin trí cheadúnas agus an scéim údarúcháin trí chlárúchán araon le haghaidh na n-oibríochtaí creidmheasa?


(1)   IO 2013 L 176, lch. 1.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/27


Iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne VB

(Cás C-430/22)

(2022/C 408/37)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Spetsializiran nakazatelen sad

Cúisí

VB

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 8(4) de Threoir 2016/343 (1) a léiriú sa chaoi go bhfuil ar chúirt náisiúnta a chiontaíonn cúisí in absentia, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 8(2), tagairt shainráite a dhéanamh do cheart an chúisí na himeachtaí a athoscailt, atá de cheart aige faoi Airteagal 9 den Treoir sin, ionas gur féidir é a chur ar an eolas, go háirithe nuair atá sé á choimeád d’fhonn an phianbhreith a fhorfheidhmiú, faoin gceart sin níos déanaí? Tá an cheist ina thaobh sin ann toisc nach bhforáiltear sa dlí náisiúnta go ndéanfar cúisí a ciontaíodh in absentia a chur ar an eolas faoina cheart go n-athosclófar na himeachtaí nuair atá sé i gcoimeád chun an phianbhreith a fhorfheidhmiú; ní fhoráiltear ach an oiread do pháirt a bheith ag cúirt agus barántas gabhála Eorpach á eisiúint chun an phianbhreith sin a fhorfheidhmiú.

An gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 8(4) de Threoir 2016/343, go háirithe an frása “go ndéanfar iad a chur ar an eolas freisin faoin deis atá ann agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh agus faoin gceart chun trialach nua nó chun leighis dlí eile, i gcomhréir le hAirteagal 9”, a léiriú sa chaoi go mbaineann sé le heolas faoi cheart, a aithnítear go hoifigiúil, chun go ndéanfar na himeachtaí a athoscailt, nó an mbaineann sé le heolas faoin gceart chun athoscailt na n-imeachtaí a iarraidh, lena ndéantar an bonn cirt leis an iarraidh sin a scrúdú níos déanaí?


(1)  Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla (IO 2016 L 65, lch. 1).


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/28


Iarraidh ar réamhrialú ón Spetsializiran nakazatelen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022– Imeachtaí coiriúla i gcoinne PT, SD

(Cás C-432/22)

(2022/C 408/38)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Spetsializiran nakazatelen sad

Cúisithe sna príomhimeachtaí

PT, SD

Na ceisteanna a tharchuirtear

I gcomhthéacs imeachtaí coiriúla a bhaineann le cúisimh i dtaobh cionta a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, an bhfuil dlí náisiúnta lena gceanglaítear ar chúirt, nach í an chúirt atá ag éisteacht an cháis agus a raibh an fhianaise go léir tugtha os a comhair, scrúdú a dhéanamh ar an ábhar i gcomhaontú a chuir an t-ionchúisitheoir poiblí agus cúisí i gcrích, nuair is é an chúis leis an gceanglas sin ná go bhfuil comhchúisithe eile ann nach bhfuil comhaontú curtha i gcrích acu, i gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 19(1) CAE agus leis an gcéad agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt?

An bhfuil dlí náisiúnta lena bhforáiltear nach ndéanfar comhaontú chun deireadh a chur le himeachtaí coiriúla a fhormheas ach amháin i gcás ina n-aontaíonn na cúisithe eile go léir agus a n-abhcóidí cosanta i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chinneadh Réime 2004/757 (1), Airteagal 4 de Chinneadh Réime 2008/841 (2), an dara habairt d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 52, arna léamh in éineacht le hAirteagal 47, den Chairt?

An gceanglaítear, faoin dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ar chúirt, tar éis di comhaontú a scrúdú agus a fhormheas, diúltú do scrúdú a dhéanamh ar na cúisimh i gcoinne na gcúisithe eile más rúd é gur rialaigh sí ar an gcomhaontú sin i mbealach nach bhfuil aon ráiteas maidir lena rannpháirtíocht ná aon tuairim maidir lena gciontacht ann?


(1)  Cinneadh Réime 2004/757/CGB ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos forálacha íosta maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann gníomhartha coiriúla agus maidir le pionóis i réimse na gáinneála neamhdhleathaí ar dhrugaí (IO 2004 L 335, lch. 8)

(2)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO 2008 L 300 lch. 42).


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/28


Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski rayonen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 4 Iúil 2022 – “Em akaunt BG” ЕООD v “Zastrahovatelno aktsionerno druzhestvo Armeets” AD

(Cás C-438/22)

(2022/C 408/39)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski rayonen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: “Em akaunt BG” ЕООD

Cosantóir: “Zastrahovatelno aktsionerno druzhestvo Armeets” AD

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 101(1) CFAE, arna léiriú de réir bhrí an bhreithiúnais i gCásanna Uamtha C-427/16 agus C-428/16 (1), CHEZ Elektro Bulgaria, a thuiscint sa chaoi go bhféadfadh cúirteanna náisiúnta gan riail sa dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm lena bhforáiltear nach bhfuil an chúirt i dteideal a ordú don páirtí caillteach na costais a íoc i leith táillí dlíodóirí i suim atá níos lú ná íosmhéid arna leagan síos i rialachán nach bhfuil eisithe ach ag comhlacht proifisiúnta dlíodóirí, amhail Vissh advokatski savet (Uaschomhairle Bharra na Bulgáire), i gcás nach bhfuil an rialachán sin teoranta do chuspóirí dlisteanacha a bhaint amach, agus sin ní hamháin maidir leis na páirtithe conarthacha ach freisin maidir le tríú páirtithe a n-ordófaí dóibh costais na n-imeachtaí a íoc?

2.

An gcaithfear Airteagal 101(1) CFAE, arna léiriú de réir bhrí an bhreithiúnais i gCásanna Uamtha C-427/16 agus C-428/16, CHEZ Elektro Bulgaria, a thuiscint sa chaoi nach mór glacadh leis go bhfuil na cuspóirí dlisteanacha lena dtugtar bonn cirt do chur i bhfeidhm riail sa dlí naisiúnta lena bhforáiltear nach bhfuil cúirt i dteideal a ordú don pháirtí caillteach na costais i leith táillí dlíodóirí a íoc i suim atá níos lú ná íosmhéid arna leagan síos i rialachán atá eisithe ag comhlacht proifisiúnta dlíodóirí, amhail Uaschomhairle Bharra na Bulgáire, sainithe sa dlí agus go bhféadfadh an chúirt gan an riail náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcás nach gcinneann sí go dtéitear níos faide ná na cuspóirí sin i gcás ar leith nó, os a choinne sin, an gcaithfear glacadh leis nach bhfuil feidhm ag an riail dlí náisiúnta mura gcinntear gur baineadh na cuspóirí sin amach?

3.

De réir Airteagal 101 CFAE, i dteannta Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (2), cén páirtí, in imeachtaí sibhialta ina n-ordaítear don pháirtí caillteach na costais a íoc, atá faoi cheangal a chruthú go bhfuil cuspóir dlisteanach ann agus go bhfuil sé comhréireach é a shaothrú trí rialachán arna eisiúint ag comhlacht proifisiúnta dlíodóirí maidir leis na suimeanna is lú a cheadaítear i leith táillí dlíodóirí, i gcás ina n-éilítear laghdú sna táillí dlíodóirí ar an bhforas go bhfuil siad iomarcach: an páirtí atá ag lorg ordú maidir leis na costais nó an páirtí caillteach atá ag lorg laghdú sna táillí?

4.

An gcaithfear Airteagal 101(1) CFAE, arna léiriú de réir bhrí an bhreithiúnais i gCásanna Uamtha C-427/16 agus C-428/16, CHEZ Elektro Bulgaria, a thuiscint sa chaoi nach mór d’údarás poiblí, amhail an Narodnoto sabranie (an Tionól Náisiúnta, an Bhulgáir), agus glacadh na n-íosmhéideanna do tháillí á tharmligean aige do chomhlacht proifisiúnta dlíodóirí trí rialachán, na modhanna sonracha lena bhféadfaí comhréireacht na srianta a chinneadh a lua go sainráite, nó an gcaithfidh sé a chur de cheangal ar an gcomhlacht proifisiúnta iad a phlé agus an rialachán á éisiúint (mar shampla, sna nótaí míniúcháin a ghabhann leis an dréacht nó i ndoiciméid ullmhúcháin eile), agus, mura gcuirtear modhanna den sórt sin san áireamh, an gcaithfidh an chúirt, más iomchuí, diúltú don rialachán a chur i bhfeidhm gan scrúdú á dhéanamh ar na méideanna sonracha, agus an leor go raibh plé réasúnaithe ar na modhanna sin chun glacadh leis go bhfuil an riail teoranta don mhéid sin is gá chun na cuspóirí dlisteanacha arna leagan síos sa dlí a bhaint amach?

5.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 4, an gcaithfear Airteagal 101(1) CFAE, arna léiriú de réir bhrí an bhreithiúnais i gCásanna Uamtha C-427/16 agus C-428/16, CHEZ Elektro Bulgaria, a thuiscint sa chaoi go gcaithfidh an chúirt na cuspóirí dlisteanacha, lena dtugtar bonn cirt do chur i bhfeidhm riail dlí náisiúnta lena bhforáiltear nach bhfuil an chúirt i dteideal a ordú don pháirtí caillteach na costais a íoc i leith táillí dlíodóirí i suim atá níos lú ná íosmhéid arna leagan síos i rialachán atá eisithe ag comhlacht proifisiúnta dlíodóirí, amhail Uaschomhairle Bharra na Bulgáire, agus comhréireacht na gcuspóirí sin, a chinneadh i bhfianaise na n-éifeachtaí ar an méid sonrach dá bhforáiltear don chás, agus diúltú don mhéid sin a chur i bhfeidhm nuair a théann sé níos faide ná an méid is gá chun na cuspóirí a bhaint amach, nó an gcaithfidh an chúirt imscrúdú a dhéanamh, i bprionsabal, ar chineál na gcritéar dá bhforáiltear sa rialachán chun an méid a chinneadh agus ar an mbealach ina leagtar amach na critéir sin, agus, má chinneann sí nach bhfuil, i gcásanna áirithe, gá leo chun na cuspóirí a bhaint amach, gan an riail atá i gceist a chur i bhfeidhm i ngach cás?

6.

Má ghlactar leis gurb é cuspóir dlisteanach na n-íostáillí ná seirbhísí dlí d’ardchaighdeán a ráthú, an gceadaítear faoi Airteagal 101(1) CFAE go ndéanfaí na híosmhéideanna a leagan síos i bhfianaise na ngnéithe seo amháin: an cineál cáis (ábhar na díospóide), an leas substaintiúil sa chás agus, i bpáirt, líon na n-éisteachtaí a bhí ann, gan critéir eile, amhail castacht na bhfíoras, na rialacha náisiúnta agus idirnáisiúnta lena mbaineann agus araile, a chur san áireamh?

7.

Má chiallaíonn an freagra ar Cheist 5 nach mór don chúirt náisiúnta measúnú ar leith a dhéanamh i ngach cás i dtaobh an féidir leis na cuspóirí dlisteanacha maidir le cúnamh dlí éifeachtach a ráthú bonn cirt a thabhairt do chur i bhfeidhm riail dlí maidir le íosmhéideanna táillí, cad iad na critéir nach mór don chúirt úsáid a bhaint astu chun comhréireacht íosmhéid na dtáillí i gcás sonrach a mheas má tá sí den tuairim go bhfuil íosmhéid ann d’fhonn cúnamh dlí éifeachtach ar an leibhéal náisiúnta a ráthú?

8.

An gcaithfear Airteagal 101(1) CFAE, i dteannta an triú mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léiriú sa chaoi nach mór a chur san áireamh, agus measúnú á dhéanamh ar Cheist 7, na rialacha arna bhformheas ag an bhfeidhmeannas maidir leis na táillí atá iníoctha ag an Stát do dhlíodóirí arna gceapadh ag na cúirteanna féin, arb ionann na táillí sin – de bharr tagairt sa dlí – agus an t-uasmhéid atá iníoctha do na páirtithe a n-éiríonn leo i gcás ina raibh comhairleoir inmheánach dlí acu?

9.

An gcaithfear Airteagal 101(1) CFAE, i dteannta an triú mír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léiriú sa chaoi go bhfuil ar an gcúirt náisiúnta, agus measúnú á dhéanamh ar Cheist 7, leibhéal táillí a shainiú atá leordhóthanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le cúnamh dlí d’ardchaighdeán a ráthú agus nach mór di comparáid a dhéanamh idir é sin agus an leibhéal atá sa riail dlí agus na cúiseanna a lua don leibhéal atá ceart dar léi?

10.

An gcaithfear Airteagal 101(2) CFAE, i dteannta na bprionsabal maidir le héifeachtacht leigheasanna nós imeachta náisiúnta agus an toirmeasc ar mhí-úsáid ceart, a léiriú sa chaoi go bhfuil ar chúirt náisiúnta, i gcás ina gcinneann sí go sáraíonn cinneadh de chomhlachas gnóthas an toirmeasc ar iomaíocht a chosc, agus íostaraifí á socrú aige dá bhaill gan aon chúis bhailí a bheith ann don idirghabháil sin, na rátaí taraifí arna leagan síos sa chinneadh sin a chur i bhfeidhm, toisc go bhfuil siad ina léiriú ar na praghsanna iarbhír margaidh ar na seirbhísí lena mbaineann an cinneadh, ós rud é go bhfuil ar gach duine a sholáthraíonn an tseirbhís sin a bheith ina bhall den chomhlachas sin?


(1)  ECLI:EU:C:2017:890

(2)  Rialachán (CE) Uimh 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO 2003 L 1, lch. 1).


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/30


Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 5 Iúil 2022 – Zamestnik-ministar na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto i rakovoditel na Upravlyavashtia organ na operativna programa “Regioni v rastezh” 2014-2020 v Obshtina Razgrad

(Cás C-441/22)

(2022/C 408/40)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Zamestnik-ministar na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto i rakovoditel na Upravlyavashtia organ na operativna programa “Regioni v rastezh” 2014-2020

Freagróir: Obshtina Razgrad

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gceadaítear le hAirteagal 72(1)(e), arna léamh i dteannta Airteagal 72(4)(a) agus (b), de Threoir 2014/24 (1) riail náisiúnta nó cleachtas maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm na rialach sin ar dá réir nach féidir sárú ar na forálacha maidir le modhnú substaintiúil ar chonarthaí poiblí a agairt ach i gcás ina bhfuil comhaontú/iarscríbhinn lena modhnaítear an conradh i scríbhinn sínithe ag na páirtithe?

2.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar an gcéad cheist: An gceadaítear le hAirteagal 72(1)(e), arna léamh i dteannta Airteagal 72(4)(a) agus (b), de Threoir 2014/24 riail náisiúnta nó cleachtas maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm na rialach sin ar dá réir is féidir modhnú mídhleathach a dhéanamh ar chonarthaí poiblí ní hamháin trí chomhaontú i scríbhinn atá sínithe ag na páirtithe, ach freisin trí chomhchleachtas de chuid na bpáirtithe atá contrártha leis na forálacha i dtaobh conarthaí a mhodhnú agus atá le feiceáil sna cumarsáidí agus sa pháipéarachas a bhaineann leis sin (mar a tharla sna príomhimeachtaí), lena bhféadfaí teacht ar an gconclúid go raibh comhthoil ann maidir leis an modhnú sin?

3.

An gceadaítear le hAirteagal 72(1)(e), arna léamh i dteannta Airteagal 72(4)(a) agus (b), de Threoir 2014/24 riail náisiúnta nó cleachtas maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm na rialach sin ar dá réir nach mór, i gcás ar nós an cháis sna príomhimeachtaí (ina raibh uasteorainn ama agus an spriocdháta deiridh maidir le comhlíonadh an chonartha leagtha síos i ndoiciméid an chonartha; ina raibh an teorainn ama ina táscaire freisin sa mhodheolaíocht chun tairiscintí a mheas; ina raibh sárú ar an uasteorainn ama agus ar an spriocdháta deiridh a bhí leagtha síos sna doiciméid agus an conradh á chomhlíonadh go hiarbhír, cé nach raibh aon imthosca neamh-intuartha ann; inar ghlac an t-údarás conarthach leis an gcomhlíonadh gan ghearán agus gan pionós a ghearradh mar gheall ar an moill) comhlíonadh an chonartha atá contrártha leis na coinníollacha sa chonradh agus sa chuid sin de dhoiciméid an chonartha a bhaineann leis an teorainn ama, nuair nach bhfuil aon imthosca neamh-intuartha ná gearáin ón údarás conarthach ann, a léiriú sa chaoi gur cineál comhlíonta nach bhfuil i gcomhréir leis an gconradh atá ann agus ní modhnú substaintiúil mídhleathach ar an gconradh i ndáil leis an gcuid a bhaineann leis an teorainn ama don chomhlíonadh?


(1)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94 lch. 65).


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/31


Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir), a taisceadh a 5 Iúil 2022 – Zamestnik ministar na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto i rakovoditel na Natsionalnia organ po programa “INTERREG V-A Rumania – Bulgaria 2014-2020” v Obshtina Balchik

(Cás C-443/22)

(2022/C 408/41)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Zamestnik ministar na regionalnoto razvitie i blagoustroystvoto i rakovoditel na Natsionalnia organ po programa “INTERREG V-A Rumania – Bulgaria 2014-2020”

Freagróir: Obshtina Balchik

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gceadaítear le hAirteagal 72(1)(e), arna léamh i dteannta Airteagal 72(4)(a) agus (b), de Threoir 2014/24 (1) riail náisiúnta nó cleachtas maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm na rialach sin ar dá réir nach féidir sárú ar na forálacha maidir le modhnú substaintiúil ar chonarthaí poiblí a agairt ach i gcás ina bhfuil comhaontú/iarscríbhinn lena modhnaítear an conradh i scríbhinn sínithe ag na páirtithe?

2.

I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar an gcéad cheist: An gceadaítear le hAirteagal 72(1)(e), arna léamh i dteannta Airteagal 72(4)(a) agus (b), de Threoir 2014/24 riail náisiúnta nó cleachtas maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm na rialach sin ar dá réir is féidir modhnú mídhleathach a dhéanamh ar chonarthaí poiblí ní hamháin trí chomhaontú i scríbhinn atá sínithe ag na páirtithe, ach freisin trí chomhchleachtas de chuid na bpáirtithe atá contrártha leis na forálacha i dtaobh conarthaí a mhodhnú agus atá le feiceáil sna cumarsáidí agus sa pháipéarachas a bhaineann leis sin (mar a tharla sna príomhimeachtaí), lena bhféadfaí teacht ar an gconclúid go raibh comhthoil ann maidir leis an modhnú sin?

3.

An gcumhdaítear freisin leis an téarma “ullmhú dícheallach … na dámhachtana” de réir bhrí aithris [109] de Threoir 2014/24, sa chuid a bhaineann leis an teorainn ama chun na gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm, measúnú ar na rioscaí i ndail le gnáthchoinníollacha aimsire a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar chomhlíonadh an chonartha in am agus measúnú ar thoirmisc reachtacha ar chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí le linn tréimhse áirithe a thagann laistigh den tréimhse do chomhlíonadh an chonartha?

4.

An gcumhdaítear leis an téarma “imthosca neamh-intuartha” de réir bhrí Threoir 2014/24 imthosca amháin a thagann chun cinn tar éis an conradh a dhámhachtain (mar a fhoráiltear san fhoráil náisiúnta i mír 2(27) den Dopalnitelni razporedbi na Zakona za obshtestvenite porachki (Forálacha breise maidir leis an Dlí um sholáthar poiblí)) agus nach bhféadfaí a bheith ag súil leo fiú dá ndéanfaí ullmhú dícheallach réasúnta, ar imthosca iad nach bhféadfaí a chur i leith cleachtais ná neamhghníomhartha de chuid na bpáirtithe, ach a fhágann go bhfuil comhlíonadh i gcomhréir leis na coinníollacha a comhaontaíodh dodhéanta? Mar mhalairt air sin, an é nach gceanglaítear leis an Treoir go dtiocfaidh na himthosca sin chun cinn tar éis dhámhachtain an chonartha?

5.

An ionann gnáthchoinníollacha aimsire, nach “imthosca neamh-intuartha” iad de réir bhrí aithris [109] de Threoir 2014/24, agus an toirmeasc reachtach a fógraíodh roimh dhámhachtain an chonartha ar oibreacha tógála le linn tréimhse áirithe agus bonn cirt gan an conradh a chomhlíonadh in am? Maidir leis sin, an bhfuil rannpháirtí (ag tabhairt an aire is cuí agus ag gníomhú de mheon macánta) freagrach, agus an teorainn ama sa tairiscint á ríomh, as na gnáthrioscaí a ghabhann le comhlíonadh an chonartha in am a chur san áireamh?

6.

An gceadaítear le hAirteagal 72(1)(e), arna léamh i dteannta Airteagal 72(4)(a) agus (b), de Threoir 2014/24 riail náisiúnta nó cleachtas maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm na rialach sin ar dá réir is féidir modhnú mídhleathach a dhéanamh ar chonradh poiblí i gcás ar nós an cháis sna príomhimeachtaí nuair is ionann an teorainn ama chun an conradh a chomhlíonadh laistigh de theorainneacha áirithe agus coinníoll chun páirt a ghlacadh sa nós imeachta dámhachtana (agus nuair a dhéantar an rannpháirtí a eisiamh mura gcomhlíontar na teorainneacha sin); nuair nár comhlíonadh an conradh in am mar gheall ar ghnáthchoinníollacha aimsire agus toirmeasc reachtach ar ghníomhaíochtaí a fógraíodh roimh dhámhachtain an chonartha, i gcás ina bhfuil na himthosca sin cumhdaithe in ábhar agus teorainn ama an chonartha agus nach ionann iad agus imthosca neamh-intuartha; nuair a glacadh le comhlíonadh an chonartha gan ghearán agus gan pionós conarthach mar gheall ar mhoill a éileamh, agus, mar thoradh air sin, gur modhnaíodh coinníoll substaintiúil i ndoiciméid an chonartha a chinn an timpeallacht iomaíochta agus aistríodh an chothromaíocht eacnamaíoch sa chonradh i bhfábhar an chonraitheora?


(1)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94 lch. 65).


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/32


Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Supremo (an Spáinn) a taisceadh an 6 Iúil 2022 – Caixabank SA agus páirtithe eile v ADICAE agus páirtithe eile

(Cás C-450/22)

(2022/C 408/42)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Supremo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Caixabank SA, Caixa Ontinyent SA, Banco Santander SA, atá ina chomharba dlíthiúil ar Banco Popular Español SA agus Banco Pastor SA, Targobank, SA, Credifimo SAU, Caja Rural de Teruel SCC, Caja Rural de Navarra SCC, Cajasiete Caja Rural SCC, Liberbank SA, Banco Castilla La Mancha SA, Bankia SA, atá ina chomharba dlíthiúil ar Banco Mare Nostrum SA, Unicaja Banco, SA, Caja Rural de Asturias SA, Caja de Arquitectos SCC (Arquia Bank SA), Nueva Caja Rural de Aragón SC, Caja Rural de Granada SCC SA, Caja Rural del Sur SCC, Caja Rural de Jaén, Barcelona y Madrid SCC, Caja Rural de Albacete, Ciudad Real y Cuenca SCC (Globalcaja), Caja Laboral Popular SCC (Kutxa), Caja Rural Central SCC, Caja Rural de Extremadura SCC, Caja rural de Zamora SCC, Banco Sabadell SA, Banca March SA, Ibercaja, Banca Pueyo SA

Cosantóirí: ADICAE, M. A. G. G., M. R. E. M., A. B. C., Óptica Claravisión SL, A. T. M., F. A. C., A. P. O., P. S. C., J. V. M. B., oidhre C. M. R.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An dtagann measúnú teibí a dhéantar ar chlásail a úsáideann níos mó ná céad institiúidí airgeadais sna milliúin conarthaí baincéireachta, chun críocha grinnscrúdú a dhéanamh ar thrédhearcacht mar chuid de ghníomhaíocht chomhchoiteann, faoi Airteagal 4(1) de Threoir 93/13/CEE, (1) a mhéid a thagraítear leis do na himthosca a bhaineann le tabhairt i gcrích an chonartha, agus faoi Airteagal 7(3) den Treoir sin, a mhéid a thagraítear leis do chlásail chomhchosúla, gan aird a thabhairt ar an leibhéal faisnéise réamhchonarthaí arna chur ar fáil maidir leis an ualach dlíthiúil agus eacnamaíoch nó maidir leis na himthosca eile a bhaineann le gach cás agus an conradh á thabhairt i gcrích?

2.

An bhfuil sé i gcomhréir le hAirteagail 4(2) agus 7(3) de Threoir 93/13/CEE go bhféadfaí grinnscrúdú teibí a dhéanamh ar thrédhearcacht ó thaobh an ghnáth-thomhaltóra de i gcás ina ndírítear roinnt tairiscintí conartha ar ghrúpaí sonracha éagsúla tomhaltóirí nó i gcás ina bhfuil iomaí eintiteas a thairg conarthaí le réimsí gnó fíor éagsúla ó thaobh eacnamaíochta agus geografaíochta de, le linn tréimhse ama an-fhada ina raibh borradh faoi eolas an phobail maidir lena leithéid de chlásail?


(1)  Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993, L 95, lch. 29).


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/33


Iarraidh ar réamhrialú ón Spetsialisiran nakazatelen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 13 Iúil 2022 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne VB

(Cás C-468/22)

(2022/C 408/43)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Spetsialisiran nakazatelen sad

Cúisí

VB

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil foráil náisiúnta ar nós an tríú mír d’Airteagal 423 de NPK, lena bhforáiltear go bhfuil ar dhuine a dhéanann iarratas ar thriail nua toisc nach raibh sé i láthair agus nach raibh feidhm ag aon cheann de na cásanna in Airteagal 8(2) [den Treoir] dul os comhair na cúirte go pearsanta chun scrúdú a fháil ar shubstaint an iarratais sin, i gcomhréir le hAirteagal 9 (1) de Threoir 2016/343 agus prionsabal na héifeachtachta?


(1)  Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta agus den cheart a bheith i láthair in imeachtaí coiriúla a neartú (IO 2016 L 65, lch. 1).


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/33


Achomharc arna thabhairt an 10 Lúnasa 2022 ag Roberto Aquino i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-253/21, Aquino v an Pharlaimint

(Cás C-534/22 P)

(2022/C 408/44)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Achomharcóir: Roberto Aquino (ionadaithe: L. Levi, S. Rodrigues, avocats)

Páirtí eile sna himeachtaí: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

cinneadh a ghlacadh ar an gcás, agus dá bharr go ndearbhóidh an Chúirt Bhreithiúnas go bhfuil bunús maith leis an gcaingean ag an gcéad chéim;

a ordú don chosantóir costais uile an dá imeacht a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

1.

Earráid dlí maidir le léiriú earráideach an chritéir amhrais a thugann teideal don riarachán idirghabháil a dhéanamh sa phróiseas toghcháin chun Biúró an Choiste Foirne a thoghadh — Réasúnaíocht fhriththráthach — Sárú ar an gceart chun saoirse comhlachais agus comhthionóil (Airteagal 12 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh) mar a léirítear sa toirmeasc ar aon chur isteach gan údar ón riarachán sa phróiseas toghcháin sin.

2.

Aicmiú mícheart doiciméad áirithe arna tharraingt suas ar iarraidh ón gcosantóir chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas toghcháin — Sárú ag an gCúirt ar a hoibleagáid cúiseanna a lua.

3.

Saobhadh an chomhaid agus léiriú earráideach ar na rialacha is infheidhme maidir le cruinnithe tionscnaimh an Choiste Foirne — Sárú ar chearta na cosanta.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/34


Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 16 Lúnasa 2022 – GF v Schauinsland-Reisen GmbH

(Cas C-546/22)

(2022/C 408/45)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeactaí

Iarratasóir: GF

Cosantóir: Schauinsland-Reisen GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 12(3) de Threoir (AE) 2015/2302 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil bainteacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (Treoir um thaisteal láneagraithe) a léirmhíniú sa chaoi gur leor, ionas go mbeadh eagraí in ann brath ar chúinsí neamhghnácha dosheachanta nach féidir conradh a chomhlíonadh dá mbarr, gur thug an t-údarás is inniúil rabhaidh taistil a eisiúnt i mBallstát an chustaiméara rabhadh ar an leibhéal is airde i leith na tíre is ceann scríbe roimh thús an turais atá beartaithe?

2.

I gcás freagra dearfach ar cheist 1:

An gá Airteagal 12(3) de Threoir (AE) 2015/2302 a léirmhíniú sa chiall nárbh ann d’aon chúinsí neamhghnácha dosheachanta i gcás ina bhfuil taistealaí ar an eolas maidir leis an rabhadh agus le héiginnteacht maidir le forbairt na paindéime as sin amach, ach a dhearbhaigh go raibh fonn air leanúint ar aghaidh leis an turas, agus nach mbeadh sé dodhéanta go ndéanfadh an t-éagraí é?


(1)  Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil bainteacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO 2015 L 326, lch. 1).


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/35


Ordú Uachtarán Dhara Dlísheomra na Cúirte Breithiúnais an 21 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Cour d'appel de Bruxelles – an Bheilg) – AB, AB-CD v Z EF

(Cás C-265/21) (1)

(2022/C 408/46)

Teanga an cháis: an Fhraincis

D’ordaigh Uachtarán Dhara Dlísheomra na Cúirte na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.


(1)   IO C 263 an 05.07.2021


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/35


Ordú Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 9 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Wiesbaden – an Ghearmáin) – TX v Bundesrepublik Deutschland

(Cás C-481/21) (1)

(2022/C 408/47)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

D’ordaigh Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an cás a bhaint ón gclár.


(1)   IO C 422, an 18.10.2021


Chúirt Ghinearálta

24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/36


Caingean arna tabhairt an 4 Lúnasa 2022 – Genzyme Europe v an Coimisiún

(Cás T-483/22)

(2022/C 408/48)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Genzyme Europe BV (Amstardam, an Ísiltír) (ionadaithe: P. Bogaert, B. Van Vooren agus M. Oyarzabal Arigita, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh nach “substaint ghníomhach nua” é avalglucosidase alfa, atá le fáil nó atá curtha in iúl i gCinneadh C(2022) 4531 final ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2022, a neamhniú;

Airteagal 5 den Chinneadh sin ón gCoimisiún, lena ndearbhaítear nach ndéanfaí an táirge íocshláinte Nexviadyme – avalglucosidase alfa a aicmiú mar tháirge íocshláinte dílleachta, a neamhniú; agus

a ordú don Choimisiún Eorpach costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 10(1) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 (1) agus ar Airteagal 14(11) de Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 (2) agus earráid fhollasach measúnaithe, chomh maith le ráiteas ar chúiseanna (i gcoinne na chéad coda den chinneadh atá faoi chonspóid, ina ndiúltaítear don stádas mar “substaint ghníomhach nua”).

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin, mar a leagtar síos in Airteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (i gcoinne na chéad coda den chinneadh atá faoi chonspóid, ina ndiúltaítear don stádas mar “substaint ghníomhach nua”).

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 5(12)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta, (3) earráid fhollasach measúnaithe agus ráiteas ar chúiseanna neamhleor (i gcoinne na chéad coda den chinneadh atá faoi chonspóid – Aistarraingt ainmniúcháin dílleachta).


(1)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67), arna leasú.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO 2004 L 136, lch. 1), arna leasú.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999 maidir le táirgí íocshláinte dílleachta (IO 2000 L 18, lch. 1), arna leasú.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/37


Caingean arna tabhairt an 19 Lúnasa 2022 – Schrom Farms v an Coimisiún

(Cás T-507/22)

(2022/C 408/49)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Schrom Farms spol. s r. o. (Velké Albrechtice, Poblacht na Seice) (ionadaithe: S. Sobolová agus O. Billard, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an caingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 an 8 Meitheamh 2022 lena n-eisiatar caiteachas áirithe ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh, ar caiteachas é arna thabhú ag na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (ar tugadh fógra ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3543) (IO 2022 L 157, lch. 15) a neamhniú, a mhéid a bhfuil sé mar uirlis lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais caiteachas a bhaineann le deontas arna bhronnadh ag udaráis de chuid na Seice ar an iarratasóir dar luach EUR 30 606,96;

a ordú don Choimisiún costais an iarratasóra a íoc; agus

ordú a dhéanamh i leith aon bheart is cuí.

Saincheisteana dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nach leor an spreagadh atá ann chun caiteachas a eisiamh ó mhaoiniú an Aontais, ar caiteachas é a bhaineann leis an deontas arna bhronnadh ag udaráis de chuid na Seice ar an iarratasóir dar luach EUR 30 606,96, i.e. nach bhfuil aon ráiteas ar chúiseanna ann, ar sárú é sin ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir cearta bunúsacha an iarratasóra, gó díreach agus go hindíreach, toisc nach bhfuair an t-iarratasóir deis a chuid tuairimí a chur in iúl le linn an iniúchta a rinneadh roimh don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith glactha, cé go líomhnaítear go ndéantar dochar, leis an gcinneadh sin, don deontas a bronnadh ar an iarratasóir.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nach bhfuil dlínse ag an gcosantóir dlí inmheánach na mBallstát a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear nár chruthaigh an cosantóir cén ábhar a bhí i ndlí na Seice agus go ndearna sé earráid trína léirmhíniú agus trína chur i bhfeidhm.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear, chomh maith leis sin, go ndearna an cosantóir earráid trí dhlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, mar mheas sé go mícheart gur sáraíodh Airteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO 2018 L 193, lch. 1), agus mar chuir sé rialacha de chuid na Seice maidir le coimhlintí leasa i bhfeidhm de shárú ar bhunphrionsabail dhlí an Aontais, lena n-áirítear bunphrionsabal na córa comhionainne agus neamh-idirdhealú.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/38


Caingean arna tabhairt an 31 Lúnasa 2022 – PAN Europe v an Coimisiún

(Cás T-536/22)

(2022/C 408/50)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Pesticide Action Network Europe (PAN Europe) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaí: A. Bailleux, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús léi;

an cinneadh, arna chur in iúl go bailí don iarratasóir an 18 Iúil 2022, lena ndiúltaítear don iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2049 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 lena déantar formheas na substainte gníomhaí cipirmeitrin mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (1);

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar oibleagáid an Aontais ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don chomhshaoil a ráthú, mar a leagtar amach in Airteagail 9, 11, 168(1) agus 191(1) CFAE agus Airteagail 35 agus 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO 2021, L 420, lch. 6.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/38


Caingean arna tabhairt an 2 Meán Fómhair 2022 – Sanity Group v EUIPO – AC Marca Brands (Sanity Group)

(Cás T-541/22)

(2022/C 408/51)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sanity Group GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: B. Koch agus V. Wolf, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Pairtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: AC Marca Brands, SL (Barcelona, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Sanity Group” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 110 653

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 22 Meitheamh 2022 i gCás R 2107/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/39


Caingean arna tabhairt an 4 Meán Fómhair 2022 – Martin Rodrigo v EUIPO – Louis Vuitton Malletier (CALIFORNIA Dreaming by Made in California)

(Cás T-542/22)

(2022/C 408/52)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Andres Carlos Martin Rodrigo (Fuente el Saz de Jarama, an Spáinn) (ionadaí: J. L. Donoso Romero, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Louis Vuitton Malletier (Páras, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc atá faoi chonspóid: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi chonspóid: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh CALIFORNIA Dreaming by Made in California – Iarratas ar chlárú Uimh 18 224 612

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 2 Meitheamh 2022 i gCás R 2242/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine;

dá bhrí sin, ní mór an cur i gcoinne a dhiúltú ina iomláine; agus, dá bharr sin, ní mór an t-iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh a dheonú i ndáil leis na hearraí agus seirbhísí go léir;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais a íoc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/40


Caingean arna tabhairt an 5 Meán Fómhair 2022 – Laboratorios Ern v EUIPO – BRM Extremities (BIOPLAN)

(Cás T-543/22)

(2022/C 408/53)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Laboratorios Ern, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: S. Correa Rodríguez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: BRM Extremities Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc faoi chonspóid: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi chonspóid: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh BIOPLAN – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 095 065

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 6 Meitheamh 2022 i gCás R 2147/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO, agus do BRM Extremities Srl i gcás ina gcinneann BRM Extremities Srl go ndéanfaidh sé idiragairt sna himeachtaí seo, na costais a íoc.

Saincheist dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/40


Caingean arna tabhairt an 6 Meán Fomhair 2022 – Prolactal v EUIPO – Prolàctea (PROLACTAL)

(Cás T-549/22)

(2022/C 408/54)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Prolactal GmbH (Hartberg, an Ostair) (ionadaithe: H. Roerdink agus S. Janssen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Prolàctea, SAU (Castrogonzalo, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an Aontas Eorpach i ndáil leis an marc “PROLACTAL” – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 475 897

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Bealtaine 2022 i gCás R 752/2021-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid, a mhéid a bhaineann sé le Prolactal, a neamhniú;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;

Sárú ar phrionsabail an ionchais dhlisteanaigh agus na deimhneachta dlíthiúla, ar an bhforas go bhfuil cinneadh EUIPO nach gcomhlíontar ceanglais Airtegal 10(1) EUTMDR leis na hiarrataí le haghaidh cruthúnas úsáide arna gcomhdú ag Prolactal, agus go bhfuil siad do-ghlactha mar sin, ar neamhréir leis na torthaí de;

Sárú ar Airtegal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

Sárú ar phrionsabail an ionchais dhlisteanaigh agus na deimhneachta dlíthiúla mar chuaigh an dualgas cruthúnais arna forchur ag EUIPO thar raon ar fhéadfaí a mheas go mbeadh an t-iarratasóir in ann a chur ar fáil mar fhianaise ar chómhaireachtáil;

Sárú ar chásdlí ábhartha maidir leis an dóchúlacht mhearbhaill a mhionscrúdú go ginearálta.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/41


Caingean arna tabhairt an 7 Meán Fómhair 2022 – mataharispaclub v EUIPO – Rouha (SpaClubMatahari)

(Cás T-552/22)

(2022/C 408/55)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an tSeicis

Páirtithe

Iarratasóir: mataharispaclub s.r.o. (Mníšek pod Brdy, Poblacht na Seice) (ionadaí: M. Diamant, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Alena Rouha (Prág, Poblacht na Seice)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: An páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais “SpaClubMatahari” – Trádmharc de chuid an Aontais Uimh. 17 642 661

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú bord achomhairc de EUIPO an 30 Meitheamh 2022 i gCás R 937/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

A ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 60(1)(a) agus Airteagal 60(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/42


Caingean arna tabhairt an 9 Meán Fómhair 2022 – an Fhrainc v an Coimisiún

(Cás T-555/22)

(2022/C 408/56)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stehelin, A. Daniel agus E. Leclerc, Gníomhairí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Fógra comórtais oscailte EPSO/AD/400/22 dar teideal “Riarthóirí (AD 7) agus Saineolaithe (AD 9) i Réimsí an Tionscail Cosanta agus an Spáis” arna fhoilsiú an 16 Meitheamh 2022 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (1);

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go gcothaítear idirdhealú teangabhunaithe gan údar maith leis an bhFógra comórtais oscailte EPSO/AD/400/22 dar teideal “Riarthóirí (AD 7) agus Saineolaithe (AD 9) i Réimsí an Tionscail Cosanta agus an Spáis” (“an Fógra faoi chomórtas atá faoi chonspóid”).

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceanglas seirbhísigh sibhialta ag a bhfuil na caighdeáin is airde ó thaobh inniúlachta, feidhmíochta agus ionracais de.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go seachnaítear na nósanna imeachta arna leagan síos ag na Conarthaí lena gcinntear na rialacha i dtaobh theangacha institiúidí an Aontais leis an bhFógra comórtais atá faoi chonspóid.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid faoina bhfuil an tAontas Eorpach a shaibhreas éagsúlachta cultúrtha agus teanga a urramú, agus coimirciú agus forbairt na hoidhreachta cultúrtha de thábhacht Eorpach a ráthú.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a thabhairt.


(1)   IO 2022, C 233A, lch. 1.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/43


Caingean arna tabhairt an 13 Meán Fómhair 2022 – HF v an Pharlaimint

(Cás T-565/22)

(2022/C 408/57)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: HF (ionadaí: A. Tymen, Dlíodóir)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi,

agus dá réir sin,

cinneadh an 3 Samhain 2021 a chur ar neamhní, lena ndiúltaítear d’iarratas an iarratasóra ar chúnamh an 11 Nollaig 2014;

a mhéid is gá, cinneadh an 3 Meitheamh 2022, a fuarthas an 7 Meitheamh 2022, lena ndiúltaítear gearán an iarratasóra an 3 Feabhra 2022, a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir damáistí a íoc, arna socrú ex aequo et bono ag EUR 50 000, mar chúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir;

a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go raibh neamhrialtachtaí sa nós imeachta arna leanúint ag an gCoiste, sárú ar Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sárú ar Airteagal 24 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”).

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go raibh earráidí measúnaithe, sárú ar an dualgas cúnamh a thabhairt agus sárú ar Airteagal 12a agus 24 de na Rialacháin Foirne.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/43


Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Meán Fómhair 2022 – Schenk Italia v EUIPO – Consorzio per la tutela dei vini Valpolicella (AMICONE)

(Cás T-474/21) (1)

(2022/C 408/58)

Teanga an cháis: an Iodáilis

D’ordaigh Uachtarán an séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)   IO C 382, 20.9.2021.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/44


Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Meán Fómhair 2022 –Automobiles Citroën v EUIPO – Polestar (Ionadaíocht ar dhá chevron inbhéartaithe)

(Cás T-608/21) (1)

(2022/C 408/59)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)   IO C 471, 22.11.2021.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 408/44


Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Meán Fómhair 2022 – Automobiles Citroën v EUIPO – Polestar (Ionadaíocht ar dhá chevron inbhéartaithe)

(Cás T-625/21) (1)

(2022/C 408/60)

Teanga an cháis: an Béarla

D’ordaigh Uachtarán an séú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)   IO C 471, 22.11.2021.