ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 407

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
24 Deireadh Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 407/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10347 — SYNTHOS / TRINSEO (SYNTHETIC RUBBER BUSINESS)) ( 1 )

1

2022/C 407/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10725 — SK CAPITAL PARTNERS / POLYMER ADDITIVES HOLDINGS) ( 1 )

2

2022/C 407/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10902 — FEV CONSULTING / MITSUBISHI CORPORATION / JV) ( 1 )

3


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 407/04

Rátaí malairte an euro — 21 Deireadh Fómhair 2022

4

 

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 407/05

Scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach

5


 

V   Fógairtí

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 407/06

Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

11


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 407/1


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10347 — SYNTHOS / TRINSEO (SYNTHETIC RUBBER BUSINESS))

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 407/01)

An 21 Deireadh Fómhair 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10347. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 407/2


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10725 — SK CAPITAL PARTNERS / POLYMER ADDITIVES HOLDINGS)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 407/02)

An 15 Iúil 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10725. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 407/3


Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10902 — FEV CONSULTING / MITSUBISHI CORPORATION / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 407/03)

An 14 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10902. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 407/4


Rátaí malairte an euro (1)

21 Deireadh Fómhair 2022

(2022/C 407/04)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

0,9730

JPY

yen na Seapáine

147,59

DKK

krone na Danmhairge

7,4382

GBP

punt steirling

0,87728

SEK

krona na Sualainne

11,0868

CHF

franc na hEilvéise

0,9855

ISK

króna na hÍoslainne

141,10

NOK

krone na hIorua

10,4315

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,511

HUF

forint na hUngáire

412,88

PLN

zloty na Polainne

4,7885

RON

leu na Rómáine

4,9125

TRY

lira na Tuirce

18,0988

AUD

dollar na hAstráile

1,5646

CAD

dollar Cheanada

1,3465

HKD

dollar Hong Cong

7,6376

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7347

SGD

dollar Shingeapór

1,3917

KRW

won na Cóiré Theas

1 404,32

ZAR

rand na hAfraice Theas

18,0021

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0504

HRK

kuna na Cróite

7,5325

IDR

rupiah na hIndinéise

15 199,12

MYR

ringgit na Malaeisia

4,6101

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,287

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

37,349

BRL

real na Brasaíle

5,1117

MXN

peso Mheicsiceo

19,5521

INR

rúipí na hIndia

80,7390


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 407/5


Scéimeanna ríomh-shainaitheantais ar tugadh fógra ina leith de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach (1)

(2022/C 407/05)

Teideal na scéime

modhanna ríomh-shainaitheantais faoin scéim ar tugadh fógra ina leith

Ballstát a thugann fógra

An leibhéal dearbhaithe

An t-údarás atá freagrach as an scéim

Dáta a fhoilsithe san Iris Oifigiúil

Córas ríomh-shainaitheantais na Gearmáine bunaithe ar Rialú Rochtana Breisithe

Cártaí Aitheantais Náisiúnta

Ríomhchead Cónaithe

Cárta ríomh-shainaitheantais le haghaidh Saoránaigh den Aontas agus Náisiúnaigh LEE

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

Ard

Aireacht Chónaidhme um Ghnóthaí Intíre

Alt-Moabit 140

10557 Beirlín

DGI2@bmi.bund.de

+49 30 186810

26.9.2017

14.12.2020

SPID – Córas poiblí um Shainaitheantas Digiteach

Modhanna ríomhshainaitheantais SPID arna gcur ar fáil ag:

Aruba PEC S.p.A.

Namirial S.p.A.

InfoCert S.p.A.

In.Te.S.A. S.p.A.

Poste Italiane S.p.A

Register S.p.A.

Sielte S.p.A.

Telecom Italia Trust Technologies S.r.l.

an Iodáil

Ard

Substaintiúil Íseal

AgID - An Ghníomhaireacht um an Iodáil

Dhigiteach

Viale Liszt 21

00144 Roma

eidas-spid@agid.gov.it

+39 06 85264 407

10.9.2018

Lepida S.p.A.

 

 

 

13.9.2019

Córás Náisiúnta um Shainaithint agus Fíordheimhniú (NIAS)

Cárta Aitheantais Pearsanta (eOI)

Poblacht na Cróite

Ard

An Aireacht Riaracháin Phoiblí, Poblacht na Cróite

Maksimirska 63

10000 Ságrab

e-gradjani@uprava.hr

7.11.2018

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Cárta aitheantais

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Cárta RP

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Digi-ID

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: e-Residency Digi-ID

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: Mobiil-ID

Scéim ríomh-shainaitheantais na hEastóine: cárta aitheantais taidhleoireachta

Cárta aitheantais

Cárta RP

Digi-ID

e-Residency Digi-ID

Mobiil-ID

Cárta aitheantais taidhleoireachta

Poblacht na hEastóine

Ard

Bord na bPóilíní agus an Gharda Teorann

Pärnu mnt 139

15060 Taillinn

eid@politsei.ee

+372 612 3000

7.11.2018

Documento Nacional de Identidad electrónico (DNIe)

Cárta aitheantais na Spáinne (DNIe)

Ríocht na Spáinne

Ard

Aireacht um Ghnóthaí Intíre - Ríocht na Spáinne

C/ Julián González Segador, s/n

28043 Madrid

divisiondedocumentacion@policia.es

7.11.2018

Cárta aitheantais náisiúnta Lucsamburg (cárta ríomh-shainaitheantais)

Cárta ríomh-shainaitheantais Lucsamburg

Ard-Diúcacht Lucsamburg

Ard

An Aireacht um Ghnóthaí Baile

BP 10

L-2010 Lucsamburg

minint@mi.etat.lu

secretariat@ctie.etat.lu

+352 2478 4600

7.11.2018

Scéim na Beilge FAS um ríomh-shainaitheantais/ cártaí ríomh-shainaitheantais

Cárta ríomh-shainaitheantais do shaoránach den Bheilg

Cárta ríomh-shainaitheantais d’eachtrannaigh

Ríocht na Beilge

Ard

Service public fédéral “Stratégie et appui” (BOSA)/Direction générale “Transformation digitale”

Simon Bolivarlaan 30

1000 Brussel

eidas@bosa.fgov.be

27.12.2018

Cartão de Cidadão (CC)

Cárta aitheantais náisiúnta na Portaingéile (cárta ríomh-shainaitheantais)

Poblacht na Portaingéile

Ard

AMA – Gníomhaireacht um Nuachóiriú Riaracháin

Rua de Santa Marta 55, 3o

1150 - 294 Liospóin

ama@ama.pt

+351217231200

28.2.2019

Ríomh-shainaitheantas na hIodáile bunaithe ar an gcárta Aitheantais Náisiúnta (CIE)

Carta di Identità Elettronica (CIE)

an Iodáil

Ard

Aireacht um Ghnóthaí Intíre

Piazza del Viminale 1

00184 Roma

segreteriaservizidemografici@interno.it

+39 06 465 27751

13.9.2019

Scéim ríomh-shainaitheantais náisiúnta Phoblacht na Seice

Cárta ríomh-shainaitheantais na Seice

Poblacht na Seice

Ard

Aireacht um Ghnóthaí Intíre Phoblacht na Seice

Nad Štolou 936/3

Bosca P.O. 21

170 34 Prág 7

eidas@mvcr.cz

13.9.2019

Creat Iontaoibhe na hÍsiltíre maidir le Ríomh-Shainaithint (Afsprakenstelsel Elektronische Toegangsdiensten)

Modhanna a eisítear faoi eHerkenning (le haghaidh gnólachtaí)

Ríocht na hÍsiltíre

Ard

Substaintiúil

Aireacht um Ghnóthaí Intíre agus Caidrimh Ríochta - Logius

Postbus 96810

2509 JE Den Haag

info@eherkenning.nl

13.9.2019

Scéim ríomh-shainaitheantais na Slóvaice

Cárta ríomh-shainaitheantais na Slóvaice

Poblacht na Slóvaice

Ard

Oifig Leas-Phríomh-Aire Phoblacht na Slóvaice um Infheistíochtaí agus Faisnéisíocht

Štefánikova 15

811 05 an Bhratasláiv

eidas@vicepremier.gov.sk

+421 2 2092 8177

18.12.2019

Scéim ríomh-shainaitheantais na Laitvia

eID karte

eParaksts karte

eParaksts karte+

eParaksts

an Laitvia

Ard

Substaintiúil

Oifig Saoránachta agus Gnóthaí ImirceAireacht Gnóthaí Baile Phoblacht na Laitvia

Čiekurkalna 1. līnija 1 k-3

LV-1026, Rīga

rigas.1.nodala@pmlp.gov.lv

Lárionad Stáit na Laitvia don Raidió agus don Teilifís (LVRTC)

Ērgļu iela 14 Rīga LV-1012

eparaksts@eparaksts.lv

18.12.2019

An scéim Bheilgeach FAS um ríomh-shainaitheantais/ itsme®

Aip itsme®

Ríocht na Beilge

Ard

Service public fédéral “Stratégie et appui” (BOSA)/Direction générale “Transformation digitale”

Simon Bolivarlaan 30

1000 Brussel

eidas@bosa.fgov.be

18.12.2019

Scéim ríomh-shainaitheantais na Danmhairge (NemID)

Eochairchárta NemID

Aip NemID

Ceadchomhartha NemID

NemID ar chruaearraí

NemID IVR

Mórchárta NemID (eochairchárta)

Ríocht na Danmhairge

Substaintiúil

Gníomhaireacht um Dhigitiú na hAireachta Airgeadais

Landgreven 4

1017 Cóbanhávan K

digst@digst.dk

+45 3392 5200

8.4.2020

Chave Móvel Digital (CMD)

Eochair Dhigiteach Mhóibíleach (eID móibíleach)

Poblacht na Portaingéile

Ard

AMA – Gníomhaireacht um Nuachóiriú Riaracháin

Rua de Santa Marta 55 3o

1150 - 294 Liospóin

ama@ama.pt

+351217231200

8.4.2020

Scéim ríomh-shainaitheantais na Liotuáine

(ATK - Asmens tapatybės kortelė)

Cárta Aitheantais Náisiúnta na Liotuáine

Poblacht na Liotuáine

Ard

Aireacht um Ghnóthaí Intíre

Phoblacht na Liotuáine

Šventaragio str. 2

Vilnius LT-01510

bendrasisd@vrm.lt

+37052717130

21.8.2020

Scéim ríomh-shainaitheantais na hÍsiltíre (DigiD)

DigiD

Ríocht na hÍsiltíre

Substaintiúil

Ard

Caidrimh Ríochta - Logius

Postbus 96810 2509 JE

an Háig

logiussecretariaatproductiehuis@logius.nl

21.8.2020

Scéim ríomh-shainaitheantais Mhálta: (Identity Malta)

Ríomhchárta aitheantais (Cárta ríomh-shainaitheantais) Doiciméad cónaithe (Cárta e-RP)

Poblacht Mhálta

Ard

Identity Malta

Castagna Building Valley Road, Msida

enquiries@identitymalta.com

+35625904900

10.12.2021

Scéim ríomh-shainaitheantais na Fraince (FranceConnect+ /The Digital Identity La Poste)

L’Identité numérique La Poste (Aip La Poste)

Poblacht na Fraince

Substaintiúil

DINUM (Riarachán Idir-aireachta um Dhigitiú)

20 avenue de Ségur 75007 PARIS

eidas@franceconnect.gouv.fr

10.12.2021

Ríomh-shainaitheantas na Sualainne (Svensk e-legitimation)

Freja eID Plus

Ríocht na Sualainne

Substaintiúil

Gníomhaireacht um Rialachas Digiteach

Storgatan 37

852 30 Sundsvall

an tSualainn

e-legitimation@digg.se

+46 77 111 44 00

18.2.2022

Scéim ríomh-shainaitheantais MitID na Danmhairge

Aip Mhóibíleach MitID Aip MitID

Slis MitID le slándáil feabhsaithe

Taispeáint cóid MitID Léitheoir cóid fuaime MitID

Pasfhocal MitID

Ríocht na Danmhairge

Substaintiúil

Ard

Gníomhaireacht um Rialachas Digiteach

Landgreven 4, 1301 København K

digst@digst.dk/

eIDAS@digst.dk

+ 45 33925200

24.10.2022

Scéim ríomh-shainaitheantais na hIorua ID bainc

ID bainc

Ríocht na hIorua

Ard

Gníomhaireacht na hIorua um Aistriú Digiteach

Post box 1382 Vika, 0114 Oslo, An Iorua

Post@Digdir.no

+ 47 22 45 10 00

24.10.2022

Scéim ríomh-shainaitheantais na hIorua ID Buypass

ID Buypass

Ríocht na hIorua

Ard

Gníomhaireacht na hIorua um Aistriú Digiteach

Post box 1382 Vika, 0114 Oslo, An Iorua

Post@Digdir.no

+ 47 22 45 10 00

24.10.2022


(1)  IO L 257, 28.8.2014, lch. 73.


V Fógairtí

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

24.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 407/11


Foilsiú leasaithe chaighdeánaigh fhormheasta, ar leasú atá ann ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásca geografacha faoi chosaint san earnáil táirgí talmhaíochta agus earraí bia, dá dtagraítear in Airteagal 6b(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún

(2022/C 407/06)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 6b(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 664/2014 ón gCoimisiún (1).

Formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint de thionscnamh Ballstáit a chur in iúl

(Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012)

“Χαλλούμι/Halloumi/Hellim”

Uimh. AE: PDO-CY-01243-AM01 – 1.8.2022

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm an táirge

“Χαλλούμι/Halloumi/Hellim”

2.   An ballstát ina bhfuil an limistéar geografach

An Chipir

3.   Údarás an bhallstáit atá ag cur an leasaithe chaighdeánaigh in iúl

An Roinn Talmhaíochta – An Aireacht Talmhaíochta, Forbartha Tuaithe agus Comhshaoil

4.   Tuairisc ar an leasú (na leasuithe) formheasta

I gcomhréir leis an Doiciméad Aonair agus leis an tSonraíocht, agus leis na sonraí eolaíochta a thacaíonn leo, ní dhéanann na leasuithe formheasta difear do thréithe fisiceacha, ceimiceacha, agus/ná orgánaileipteacha an táirge ná do nasc an táirge leis an limistéar geografach. Fianaítear sin chomh maith leis an bhfíoras go bhfuil saintréithe an táirge, a dtugtar tuairisc orthu sa Doiciméad Aonair agus sa tSonraíocht agus a ghabhann go bunúsach le tréithe an bhainne gabhair agus caorach, bainteach agus nasctha leis an gcineál bainne, i.e. bainne gabhair agus caorach, agus ní le bainne pórtha áirithe. Thairis sin, is mar gheall ar fhlóra áitiúil a ithe, bíodh sé úr nó triomaithe, a dhéanann roinnt de shaintréithe an bhainne gabhair agus caorach, a dtugtar tuairisc orthu sa Doiciméad Aonair agus sa tSonraíocht, difear do shaintréithe Χαλλούμι (Halloumi)/Hellim. Níl aon tásc sa tSonraíocht ná sa Doiciméad Aonair áfach, ná aon sonraí eolaíochta, a nascann saintréithe Χαλλούμι (Halloumi)/Hellim le cineál beatha áirithe agus/ná le céatadán ar leith de bheatha agus/ná le teaglaim pórtha áirithe (caoirigh agus gabhair) lena dtugtar cineál beatha áirithe agus céatadán áirithe de bheatha dóibh. Dá bhrí sin, aon eisiamh pórtha agus teorainneacha céatadáin ar bheatha, seachas iad siúd dá ndéantar foráil sa reachtaíocht (Rialachán (AE) Uimh. 664/2014), déanann siad iarratas STFC Χαλλούμι (Halloumi)/Hellim sa chleachtas casta agus ní bhíonn aon tionchar dearfach acu ar chor ar bith ar cháilíocht an táirge agus/nó ar nasc an táirge leis an limistéar sainmhínithe a neartú.

Thairis sin, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go simplíonn na leasuithe formheasta freisin an nós imeachta i leith comhlíontachta leis an tsonraíocht STFC Χαλλούμι (Halloumi)/Hellim a fhíorú, rud a fhágann gur féidir rianú níos fearr a dhéanamh.

Sa Doiciméad Aonair, i Roinn 3.3 “Beatha agus amhábhair”, leasaítear an dara mír faoin teideal “Amhábhair”, a dhéanann tagairt do phórtha ainmhithe táirgthe lena n-úsáidtear a mbainne i dtáirgeadh Χαλλούμι (Halloumi)/Hellim, mar a leanas:

“Tagann an bainne gabhair agus caorach ó phórtha áitiúla agus ó phórtha eile, lena n-áirítear a gcrosphóraithe, a thógtar laistigh den limistéar geografach sainithe.”

Ina theannta sin, i Roinn 3.3 “Beatha agus amhábhair” den Doiciméad Aonair, leasaítear an dara mír faoin teideal “Beatha” mar a leanas:

“Tagann an bainne caorach agus gabhair ó phórtha áitiúla agus ó phórtha eile, lena n-áirítear a gcrosphórtha, a bhíonn ag innilt i rith na bliana, ag brath ar dhálaí aimsire. Is go háitiúil a tháirgtear an farae garbh ar fad in aiste bia na gcaorach agus na ngabhar (foráiste glas, féar tirim, sadhlas, tuí/coinleach agus innilt ar phlandaí fiáine). ‘Maidir le forlíonta beatha, féadfar gránaigh, lena n-áirítear eorna agus grán buí, beatha próitéine amhail min pónaire soighe scilligthe, coirtithe, táirgí agus fotháirge d’amhábhair éagsúla amhail bran cruithneachta, agus substaintí neamhorgánacha, vitimíní agus micreachothaitheacha a úsáid.”

Is mar gheall ar an éileamh méadaithe ar bhainne atá feirmeoirí ag lorg pórtha nua, pórtha níos táirgiúla a bhfuil cáilíocht níos fearr ag a mbainne. Fágann sé sin i ndáiríre, go bhfuil sé níos casta an nós imeachta maidir leis an mbainne atá beartaithe le haghaidh táirgeadh Χαλλούμι (Halloumi)/Hellim a iniúchadh agus a rianú. Thairis sin, maidir le forlíonta beatha, mar gheall ar an gclaonadh chun gránaigh eile agus beatha próitéine a áireamh, is toisc dhiúltach é chun céatadán sonrach a shocrú maidir le heorna agus bran a chuireann bac suntasach ar an bpróiseas iniúchta.

Dá bhrí sin, chun iniúchtaí a shimpliú agus a éascú agus comhlíontacht iomlán leis an tsonraíocht a áirithiú, cuirfear na leasuithe formheasta i bhfeidhm.

Tuairisc ar an táirge

Úsáidfear an t-ainm “Halloumi” ar fud an téacs, arb ionann é agus na hainmneacha a léirítear thuas i.e.:

 

“Χαλλούμι” (Halloumi)/“Hellim”

Tá dhá chineál Halloumi ann – úr agus aibí.

Déantar Halloumi úr as gruthanna a tháirgtear trí bhainne a ghruthú le binid. Cócaráiltear agus múnlaítear an cháis sa chruth is saintréith di. Bíonn sí leath-chrua agus leaisteach, í fillte (i gcruth dronuilleogach nó leath-chiorclach), dath idir bán agus scothbhuí éadrom uirthi, bíonn uigeacht bhalctha aici agus gearrtar go héasca í, agus bíonn boladh agus blas uirthi is saintréith di. Bíonn boladh láidir bainne/meidhg uaithi agus bíonn dea-bholadh agus blas de mhiontas uirthi, boladh clóis uaithi agus blas láidir, goirt uirthi. Is é 46 % an cion taise uasta, is é 43 % an cion saille íosta (ina meáchan tirim) agus is é 3 % an cion salainn uasta.

Déantar Halloumi aibí as gruthanna a tháirgtear trí bhainne a ghruthú le binid. Cócaráiltear agus múnlaítear an cháis sa chruth is saintréith di agus fágtar í le haibiú sa mheadhg saillte ar feadh 40 lá ar a laghad. Bíonn sí leath-chrua agus leaisteach, í fillte (i gcruth dronuilleogach nó leath-chiorclach), dath idir bán agus scothbhuí uirthi, bíonn uigeacht bhalctha aici agus gearrtar go héasca í, agus bíonn boladh agus blas uirthi is saintréith di. Bíonn boladh láidir bainne/meidhg uaithi agus bíonn dea-bholadh agus blas de mhiontas uirthi, boladh clóis uaithi agus blas láidir, goirt uirthi; bíonn blas beagáinín searbh agus an-ghoirt uirthi. Is é 37 % an cion taise uasta, is é 40 % an cion saille íosta (ina meáchan tirim), is é 6 % an cion salainn uasta agus is é 1,2 % an aigéadacht (arna léiriú mar aigéad lachtach ina meáchan tirim).

Bíonn meáchan idir 150 agus 350 gram ar cháiseanna Halloumi.

DOICIMÉAD AONAIR

“Χαλλούμι/Halloumi/Hellim”

Uimh. AE: PDO-CY-01243-AM01 – 1.8.2022

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm nó ainmneacha [STFC nó TGFC]

“Χαλλούμι/Halloumi/Hellim”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Chipir

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mBia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.3. Cáiseanna

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Úsáidfear an t-ainm “Halloumi” ar fud an téacs, arb ionann é agus na hainmneacha a léirítear thuas i.e.:

 

“Χαλλούμι” (Halloumi)/“Hellim”

Tá dhá chineál Halloumi ann – úr agus aibí.

Déantar Halloumi úr as gruthanna a tháirgtear trí bhainne a ghruthú le binid. Cócaráiltear agus múnlaítear an cháis sa chruth is saintréith di. Bíonn sí leath-chrua agus leaisteach, í fillte (i gcruth dronuilleogach nó leath-chiorclach), dath idir bán agus scothbhuí éadrom uirthi, bíonn uigeacht bhalctha aici agus gearrtar go héasca í, agus bíonn boladh agus blas uirthi is saintréith di. Bíonn boladh láidir bainne/meidhg uaithi agus bíonn dea-bholadh agus blas de mhiontas uirthi, boladh clóis uaithi agus blas láidir, goirt uirthi. Is é 46 % an cion taise uasta, is é 43 % an cion saille íosta (ina meáchan tirim) agus is é 3 % an cion salainn uasta.

Déantar Halloumi aibí as gruthanna a tháirgtear trí bhainne a ghruthú le binid. Cócaráiltear agus múnlaítear an cháis sa chruth is saintréith di agus fágtar í le haibiú sa mheadhg saillte ar feadh 40 lá ar a laghad. Bíonn sí leath-chrua agus leaisteach, í fillte (i gcruth dronuilleogach nó leath-chiorclach), dath idir bán agus scothbhuí uirthi, bíonn uigeacht bhalctha aici agus gearrtar go héasca í, agus bíonn boladh agus blas uirthi is saintréith di. Bíonn boladh láidir bainne/meidhg uaithi agus bíonn dea-bholadh agus blas de mhiontas uirthi, boladh clóis uaithi agus blas láidir, goirt uirthi; bíonn blas beagáinín searbh agus an-ghoirt uirthi. Is é 37 % an cion taise uasta, is é 40 % an cion saille íosta (ina meáchan tirim), is é 6 % an cion salainn uasta agus is é 1,2 % an aigéadacht (arna léiriú mar aigéad lachtach ina meáchan tirim).

Bíonn meáchan idir 150 agus 350 gram ar cháiseanna Halloumi.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Maidir leis an mbainne a úsáidtear chun Halloumi a dhéanamh, tá feidhm, gan dochar d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 664/2014, ag an méid a leanas:

Tagann an bainne gabhair agus caorach ó phórtha áitiúla agus ó phórtha eile, lena n-áirítear a gcrosphóraithe, a bhíonn ag innilt i rith na bliana, ag brath ar dhálaí aimsire. Is go háitiúil a tháirgtear an farae garbh ar fad in aiste bia na gcaorach agus na ngabhar (foráiste glas, féar tirim, sadhlas, tuí/coinleach agus innilt ar phlandaí fiáine). Maidir le forlíonta beatha, féadfar gránaigh, lena n-áirítear eorna agus grán buí, beatha próitéine amhail min pónaire soighe scilligthe, coirtithe, táirgí agus fotháirge d’amhábhair éagsúla amhail bran cruithneachta, agus substaintí neamhorgánacha, vitimíní agus micreachothaitheacha a úsáid.

Tagann an bainne bó ó bha dubha agus bána a choinnítear i gcróite agus a bheathaítear ar fhoráiste, ar fhéar tirim, ar shadhlas agus ar thuí a tháirgtear sa Chipir, ó phlandaí foráiste dúchasacha den chuid is mó, agus ar fhorlíonta beatha. Go sonrach, is foráiste a tháirgtear go háitiúil atá in aiste bia na mba (35–40 %) (plandaí glasa foráiste, féar tirim, sadhlas agus tuí/coinleach). Is iad eorna, grán buí, soighe agus bran den chuid is mó atá sa 60–65 % atá fágtha in aiste bia na mba. Maidir leis na forlíonta beatha, táirgtear 20 % den eorna agus den bhran go háitiúil, agus allmhairítear an soighe agus an grán buí.

Bainne (bainne caorach nó gabhair nó meascán díobh, a bhfuil nó nach bhfuil bainne bó curtha leis), binid (ach nach binid muice é), duilleoga miontais Cipireacha úra nó triomaithe (Mentha viridis) agus salann. Ní mór cion an bhainne caorach nó gabhair nó meascán de a bheith níos mó ná cion an bhainne bó. I bhfocail eile, nuair a úsáidtear bainne bó mar aon le bainne caorach nó gabhair nó meascán díobh, ní fhéadfaidh cion an bhainne bó sa Halloumi a bheith níos mó ná cion an bhainne caorach nó gabhair nó an meascán díobh. Is bainne lánmhéathrais Cipireach é an bainne a úsáidtear chun Halloumi a dhéanamh. Ní mór an bainne a bheith paistéartha nó téite chuig teocht os cionn 65 °C. Níor cheart gur bainne comhdhlúite é ná go mbeadh sa bhainne aon cheann den mhéid a leanas: púdar bainne, bainne comhdhlúite, salainn cáiséine, dathúcháin, leasaithigh nó breiseáin eile. Níor cheart antaibheathacha, lotnaidicídí ná substaintí díobhálacha eile a bheith ann.

Tagann an bainne gabhair agus caorach ó phórtha áitiúla agus ó phórtha eile, lena n-áirítear a gcrosphóraithe, a thógtar laistigh den limistéar geografach sainithe.

Tugadh an bainne bó a thagann ó bha dubha agus bána isteach de réir a chéile sa Chipir, ag tosú ag tús an 20ú haois, agus atá dulta in oiriúint go han-mhaith anois do dhálaí áitiúla.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

An bainne caorach, gabhair agus bó atá ina amhábhar chun cáis “Halloumi” a tháirgeadh, is sa limistéar geografach sainithe a tháirgtear é. Táirgtear Halloumi féin laistigh den limistéar geografach sainithe chomh maith.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór cáis “Halloumi” a phacáistiú laistigh den limistéar geografach mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas: (a) díreach i ndiaidh a tháirgthe, ní mór “Halloumi” a phacáistiú chun tuilleadh aibithe a chosc, (b) ní féidir cur isteach ar an bpróiseas táirgthe (táirgeadh leanúnach), (c) chun inrianaitheacht a áirithiú, maidir leis an bpacáistiú, ní mór don táirgeoir é a dhéanamh agus ní mór é a lipéadú dá réir, (d) chun cosc a chur ar aon cháis a tháirgtear lasmuigh de chríoch na Cipire a chur ar an margadh mar Halloumi STFC, chun cáilíocht agus tionscnamh an táirge a ráthú agus chun a áirithiú gur féidir na rialuithe riachtanacha a dhéanamh.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Maidir le comhdhéanamh an bhainne a úsáidtear chun “Halloumi” a tháirgeadh, i gcásanna ina n-úsáidtear meascán de bhainní, ní mór cineálacha éagsúla an bhainne a lua ar an lipéad, in ord laghdaitheach an chéatadáin.

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Teorainneacha riaracháin de cheantair na Niocóise, Limassol, Larnaca, Famagusta, Paphos agus Kyrenia.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tosca nádúrtha: Aeráid na Meánmhara atá sa Chipir ar samhraí teo, tirime agus geimhrí séimhe, fliucha is saintréith di. Bíonn ról tábhachtach ag tír-raoin an oileáin freisin: titeann méid cuibheasach ard báistí ar na sléibhte, agus bíonn tionchar aige sin ar hidreolaíocht agus ar chomhshaol na limistéar níos ísle, toisc go ritheann uisce ó fhoinsí isteach sna sruthanna iomadúla ar feadh roinnt míonna i ndiaidh shéasúr na báistí. Maidir le méid na Cipire, tá ceann de na flóraí is saibhre sa Mheánmhuir aici i ngeall ar a struchtúr geolaíoch, a haeráid, a suíomh geografach, an fharraige thart timpeall ar an gCipir agus an chumraíocht talún (Tsintidis et al., 2002). Tá 1 908 speiceas dhifriúla plandaí sa Chipir, 140 acu atá eindéimeach, i.e. ní fhaightear iad ach amháin sa Chipir (Roinn na bhForaoisí, 2004). Ar deireadh, i measc phórtha áitiúla na n-ainmhithe déiríochta sa Chipir tá an chaora eireabaill ramhair áitiúil a chuaigh in oiriúint go maith don aeráid thirim agus teochtaí arda an limistéir, agus na gabhair Machaira agus Pissouri áitiúla. Is cineálacha pórtha áitiúla iad an chaora Chíos agus gabhar na Damaisce (a tugadh isteach sna 1950idí agus 1930idí faoi seach), toisc go bhfuil saintréithe moirfeolaíocha agus táirgeachta acu atá scartha uathu siúd atá ag na pobail tionscnaimh, ag leanúint de chlár póraithe náisiúnta atá ann le fada.

Tosca daonna: léiríonn tagairtí staire go raibh cáil ar tháirgeadh “Halloumi” sa Chipir ón aois is ársa. Luaitear Halloumi mar “calumi” i gcóidéacs ina bhfuil cúig lámhscríbhinn maidir le stair na Cipire a choinnítear i leabharlann Mhúsaem Correr sa Veinéis. Ó 1554, is é sin an tagairt scríofa is sine do Halloumi ar thángthas air go dtí anois. Tá tagairtí níos sine do Halloumi chomh maith, inter alia le Archimandrite Kyprianos in 1788.

Tá tábhacht an Halloumi i saol mhuintir na háite le feiceáil go soiléir trí ealaín (filíocht, litríocht) agus an ról lárnach a bhíodh aici i seónna talmhaíochta (Lyssi, 1939). I measc an liosta d’aicmí agus duaiseanna airgid agus coinníollacha iontrála don Seó Talmhaíochta, a foilsíodh sa Ghréigis agus sa Tuircis araon, tá táirgí ar féidir a chur isteach sa chomórtas san áireamh. “Hellim” an t-ainm Tuircise atá ar “Halloumi”. Úsáideann táirgeoirí Halloumi Turcach na Cipire an dá ainm dár dtáirge traidisiúnta nó an t-ainm “Hellim” amháin. Tá neart fianaise ann go dtagraíonn an dá ainm “Halloumi” agus “Hellim” don táirge Cipireach traidisiúnta, lena n-úsáidtear an dá ainm (nuachtán Halkin Sesi, 1959 agus 1962 agus pacáistíocht táirgthe le haghaidh onnmhairiú a bhfuil an dá ainm air).

Tá an dlúthnasc idir an táirge agus muintir an oileáin soiléir ón bhfíoras gur sloinnte Cipireacha coitianta iad “Halloumas”, “Hallouma”, “Halloumakis” agus “Halloumis” sa lá atá inniu ann.

Ón aois ársa bhíodh Halloumi ina ghné thábhachtach in aiste bia mhuintir na Cipire (Bevan, 1919; Pitcairn, 1934; Zigouris, 1952) agus d’fhreastail sé ar riachtanais theaghlaigh na Cipire ar feadh na bliana. Ba é Halloumi “cáis cháiliúil na Cipire, a táirgeadh ar bhealach speisialta”, i measc an bhia is coitianta a cuireadh le harán i ngach teaghlach Cipireach, agus é riachtanach do gach teaghlach tuaithe (Xioutas, 2001). Chomh maith le Halloumi a bheith á ithe go háitiúil, ón aois ársa onnmhairíodh Halloumi chuig tíortha éagsúla (Archimandrite Kyprianos, 1788), lena n-áirítear an Éigipt, an tSiria, an Ghréig, an Tuirc, an Phalaistín, an Fhrainc, an tSúdáin, an Ríocht Aontaithe, Meiriceá, an Astráil agus an tSín (Dawe, 1928).

Tá an próiseas táirgthe uathúil, go háirithe na céimeanna maidir leis an táirge a chócaráil ag teocht ard ar feadh aga áirithe, filleadh an ghrutha agus an miontas a chur leis. Tá sé an-tábhachtach na gruthanna a chócaráil toisc, de réir staidéar ábhartha, go gcuireann sé le saintréithe orgánaileipteacha an táirge. Go sonrach, is trí na gruthanna a chócaráil ag teocht ard a tháirgtear leibhéil arda de chomhdhúile ceimiceacha bunúsacha áirithe a chuidíonn le blas Halloumi a chinneadh. Is lachtóin iad roinnt de na comhdhúile sin, amhail deilte-dóideacalachtón (ar blas torthaí is saintréith dó) agus deilte-deacalachtón (ar blas uachtair is saintréith dó), ach is céatóin mheitile iad roinnt acu, ar blas ar nós bainne is saintréith dóibh. (P.Papademas, 2000).

Is rud é filleadh tipiciúil an ghrutha, ar cuid den próiseas traidisiúnta é, a dhealaíonn Halloumi ó gach cáis eile. Úsáideadh cleachtas an fhillte mar, go traidisiúnta, d’fhág sé seo go raibh sé níos éasca chun na cáiseanna a chur i gcoimeádáin, áit ar coinníodh sa mheadhg iad. Chomh maith leis sin, cuirtear na duilleoga miontais idir sraitheanna an ghrutha (le linn an phróisis fillte) ionas go gcoinnítear san áit sin iad, rud a thugann an chumhracht is saintréith don táirge deiridh. Tugann úsáid an mhiontais (Mentha viridis) ag an gcéim fillte an chumhracht is saintréith don táirge deiridh a bhuí leis an terpenes pulegone (“teirpéin miontais”) agus carvone atá ann (Papademas agus Robinson, 1998). Is ag na táirgeoirí áitiúla a bhfuil an t-eolas faoin bpróiseas táirgthe.

Sainiúlacht an táirge

Áirítear ar shaintréithe sonracha an táirge an méid a leanas:

(a)

an t-airí nach leathann nó nach léann an táirge ag teochtaí arda (is féidir é a ithe ní hamháin mar atá ach é a fhriochadh, a ghríoscadh, etc., freisin);

(b)

cóireáil teasa an ghrutha sa mheadhg ag teocht atá os cionn 90 oC ar feadh 30 nóiméad ar a laghad, rud atá ina shainghné den phróiseas táirgthe agus a chuireann le saintréithe sonracha orgánaileipteacha an táirge;

(c)

filleadh an ghrutha a thugann an cruth is saintréith dó;

(d)

a shaintréithe orgánaileipteacha (a bhfuil boladh agus blas air is saintréithe dó – bíonn boladh láidir de bhainne/mheadhg uaidh agus bíonn dea-bholadh agus blas de mhiontas air, boladh clóis uaidh agus blas láidir, goirt air) arb é an bainne caorach agus bainne gabhair is cúis leo go príomha, lena ndéantar difear don bhainne ag aiste bia na n-ainmhithe, ag an miontas a chuirtear leis le linn an phróisis táirgthe agus ag na comhdhúile so-ghalaithe a chruthaítear le linn chóireáil teasa an ghrutha sa mheadhg; agus

(e)

a thréith thraidisiúnta a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin a thagann ón bhfíoras go ndéantar an táirge sa Chipir ón aois ársa de réir an mhodha thraidisiúnta a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin, agus is ag na táirgeoirí áitiúla a bhfuil an t-eolas faoin bpróiseas sin anois.

Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus cáilíocht nó tréithe an táirge (maidir le STFC) nó cáilíocht áirithe an táirge, an cháil atá air nó saintréithe eile an táirge (maidir le TGFC)

Is i sainiúlacht aeráide Meánmhara an oileáin atá an nasc idir Halloumi agus an timpeallacht gheografach. Téann an fásra áitiúil arna n-ithe ag na hainmhithe déiríochta ó chéim an fhéaraigh ghlais go farae leath-thirim agus ar deireadh farae tirim, ag cloí le céimeanna is saintréith don mhiocraeráid áitiúil. Tá roinnt de na plandaí sin eindéimeach. Bíonn tionchar ríthábhachtach ag an bhfásra áitiúil Cipireach sin arna n-ithe ag na hainmhithe, bíodh sé úr nó triomaithe, ar cháilíocht an bhainne agus ar shaintréithe sonracha na cáise ina dhiaidh sin (Papademas, 2000). Toisc bacillus Lactobacillus cypricasei (lactobacillus as cáis Chipireach) a bheith i láthair, rud nár aonraíodh ach as Halloumi Cipireacha agus as sin amháin, is dearbhú leis an nasc idir micreaflóra an oileáin agus an táirge é (Lawson et al., 2001). Chomh maith leis sin, cuirtear go mór le blas an táirge is saintréith dó trí mhiontas Cipireach a chur leis. Tosca eile a dhéanann difear do shaintréithe orgánaileipteacha an táirge, go háirithe do bhlas agus do bholadh an táirge, ná an cineál bainne a úsáidtear, toisc go mbíonn aigéid shailleacha a bhfuil meáchan móilíneach íseal iontu sa bhainne, agus na comhdhúile so-ghalaithe a chruthaítear sa phróiseas táirgthe.

Maidir leis an nasc idir tosca a bhaineann leis an duine agus an táirge, meastar gur cáis thraidisiúnta sa Chipir é Halloumi toisc, mar a thuairiscítear i bpointe 5.1, go raibh ról an-tábhachtach aici i saol agus in aiste bia mhuintir an oileáin, idir Chipirigh Ghréagacha agus Chipirigh Thurcacha, ón aois ársa agus tugadh an t-eolas faoin bpróiseas táirgthe ar aghaidh ó ghlúin go glúin. An cruth fillte is saintréith di agus a sainairí nach leánn sí ag teochtaí arda, tá siad aici de bharr an phróisis thraidisiúnta táirgthe sin a tugadh ar aghaidh ó ghlúin go glúin.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

http://www.moa.gov.cy/moa/da/da.nsf/All/82B33F7D83ABF5A8C225879C00346BA5?OpenDocument


(1)  IO L 179, 19.6.2014, lch. 17.