ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 404A

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
20 Deireadh Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

 

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

2022/C 404 A/01

Fógra Comórtais Oscailte — EPSO/AD/401/22 — Riarthóirí (AD 6) i réimsí an fhuinnimh, na haeráide agus an chomhshaoil

1


GA

 


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA RIARACHÁIN

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

20.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

CA 404/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/401/22 — RIARTHÓIRÍ (AD 6) I RÉIMSÍ AN FHUINNIMH, NA hAERÁIDE AGUS AN CHOMHSHAOIL

(2022/C 404 A/01)

An sprioc-am le hiarratas a dhéanamh: an 22 Samhain 2022 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile

ÁBHAR

1.

FORÁLACHA GINEARÁLTA 2

2.

DUALGAIS AN PHOIST 2

3.

NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA 2

3.1.

Coinníollacha ginearálta 2

3.2.

Coinníollacha sonracha — teangacha 2

3.3.

Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre 2

4.

CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS? 4

4.1.

Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais 4

4.2.

Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo 5

4.3.

Céimeanna an chomórtais 6

5.

COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA 8

IARSCRÍBHINN I

— Na príomhdhualgais 9

IARSCRÍBHINN II

— Rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte 12

IARSCRÍBHINN III

— Samplaí d’íoscháilíochtaí 19

IARSCRÍBHINN IV

— an Talent Screener: critéir agus próiseas roghnúcháin 28

1.   FORÁLACHA GINEARÁLTA

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha chun painéil a thiomsú as a bhféadfaidh an Coimisiún Eorpach go príomha, agus go háirithe Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (ENER), an Ard-Stiúrthóireacht um Ghníomhú ar son na hAeráide (CLIMA), agus Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil (ENV), baill nua den tseirbhís shibhialta a earcú mar “riarthóirí” (grád AD 6).

Is iad an fógra comórtais seo agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis creat dlí ceangailteach an chomórtais seo.

An líon iarrthóirí atá á lorg don phainéal:

Réimse 1

Fuinneamh

54

Réimse 2

An aeráid

49

Réimse 3

An comhshaol

52

Cuimsíonn an fógra comórtais oscailte seo trí réimse. Ní féidir le hiarrthóir iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin acu. Ní mór d’iarrthóirí an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin agus ní fhéadfaidh siad í a athrú i ndiaidh dóibh an fhoirm iarratais a bhailíochtú.

2.   DUALGAIS AN PHOIST

Féach Iarscríbhinn I le haghaidh eolas faoi phríomhdhualgais an phoist.

Ní mór d’iarrthóirí a n-éireoidh leo a bheith toilteanach dul faoi imréiteach slándála mar atá sonraithe i roinn 5 de na rialacha ginearálta maidir le comórtais oscailte (Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhfógra seo).

3.   NA COINNÍOLLACHA INCHÁILITHEACHTA

Ní mór d’iarrthóirí gach ceann de na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán.

3.1.   Coinníollacha ginearálta

Ní mór don iarrthóir:

(a)

a chearta mar shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach a theachtadh,

(b)

aon oibleagáid i dtaca le seirbhís mhíleata atá air de réir an dlí náisiúnta a bheith comhlíonta aige,

(c)

na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun dualgais an phoist a dhéanamh.

3.2.   Coinníollacha sonracha — teangacha

Ní mór don iarrthóir eolas a bheith aige ar dhá theanga ar a laghad de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, mar a fhoráiltear i roinn 4.2.1 thíos.

3.3.   Coinníollacha sonracha — cáilíochtaí agus taithí oibre

Tá samplaí d’íoscháilíochtaí in Iarscríbhinn III.

3.3.1.    Réimse 1  — fuinneamh

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 1, ní mór d’iarrthóir ceann amháin de na nithe seo a leanas a bheith aige:

(i)

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: eolaíochtaí ceimiceacha, eacnamaíocht agus airgeadas, innealtóireacht, dlí, eolaíochtaí beatha agus domhaneolaíochtaí, matamaitic, fisic, eolaíochtaí sóisialta nó daonnachtaí, agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin,

(ii)

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann amháin nó níos mó de na réimsí dá dtagraítear i bpointe 3.3.1.(a)(i) thuas, agus 4 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin.

(b)

Measfar an taithí dá dtagraítear i bpointe 3.3.1.(a)(i) thuas a bheith ábhartha má bhaineann sé go díreach le dualgais an phoist i réimse 1, a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhfógra seo, agus má fuarthas í i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Aistriú fuinnimh agus comhtháthú córas fuinnimh, lena dtugtar le chéile na hearnálacha ídithe fuinnimh éagsúla (iompar, tionsclaíocht, foirgnimh) agus iompróirí fuinnimh (leictreachas, teas, gás, breoslaí), lena n-áirítear trí leictriú, táirgeadh breoslaí in-athnuaite agus méadú ar éifeachtúlacht fuinnimh.

(ii)

Soláthar, táirgeadh agus giniúint fuinnimh (foinsí in-athnuaite, lena n-áirítear bithfhuinneamh), leictreachas, hidrigin, gás, ola agus líonraí fuinnimh (gás nádúrtha, gás nádúrtha leachtaithe, hidrigin agus gáis ísealcharbóin, leictreachas, ola, líonraí téimh ceantair, fuinneamh núicléach).

(iii)

Éileamh fuinnimh lena n-áirítear foirgnimh agus fearais (leictreachas, teas, giniúint leictreachais comhtháite san fhoirgneamh), éileamh fuinnimh tionsclaíoch (leictreachas, teas, gabháil agus stóráil carbóin), éileamh fuinnimh san iompar (leictreachas, breoslaí, hidrigin), agus seirbhísí fuinnimh.

3.3.2.    Réimse 2  — an aeráid

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 2, ní mór d’iarrthóir ceann amháin de na nithe seo a leanas a bheith aige:

(i)

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: eolaíochtaí beatha (bitheolaíocht, luibheolaíocht, éiceolaíocht, zó-eolaíocht, bainistiú dúlra, etc), domhaneolaíochtaí (geolaíocht, meitéareolaíocht, aigéaneolaíocht, réalteolaíocht, eolaíocht athraithe aeráide, etc.), eolaíochtaí comhshaoil, innealtóireacht (ábhair, meicniúil, leictreach, ceimiceach, etc.), eacnamaíocht, matamaitic, eolaíochtaí ceimiceacha, fisic, agus/nó eolaíochtaí iompraíochta agus sóisialta (antraipeolaíocht, eolaíocht pholaitiúil, socheolaíocht, síceolaíocht shóisialta, etc.), agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin,

(ii)

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr i réimse seachas na réimsí dá dtagraítear i bpointe 3.3.2.(a)(i) thuas, agus 5 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin,

(iii)

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: eolaíochtaí beatha (bitheolaíocht, luibheolaíocht, éiceolaíocht, zó-eolaíocht, bainistiú dúlra), domhaneolaíochtaí (geolaíocht, meitéareolaíocht, aigéaneolaíocht, réalteolaíocht, eolaíocht athraithe aeráide, etc.), eolaíochtaí comhshaoil, innealtóireacht (ábhair, meicniúil, leictreach, ceimiceach, etc.), eacnamaíocht, matamaitic, eolaíochtaí ceimiceacha, fisic, agus/nó eolaíochtaí iompraíochta agus sóisialta (antraipeolaíocht, eolaíocht pholaitiúil, socheolaíocht, síceolaíocht shóisialta, etc.), agus 4 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin,

(iv)

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad ar baineadh dioplóma amach dá bharr i réimse seachas na réimsí dá dtagraítear i bpointe 3.3.2.(a)(iii) thuas, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin.

(b)

Measfar an taithí oibre dá dtagraítear i bpointí 3.3.2.(a)(i) go (iv) thuas a bheith ábhartha má bhaineann sé go díreach le dualgais an phoist i réimse 2, a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhfógra seo, agus má fuarthas í i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Forbairt agus cur i bhfeidhm uirlisí samhaltaithe nó uirlisí cainníochtúla eile chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a mhaolú ar fud an gheilleagair nó ar leibhéal na hearnála, nó atá ábhartha do thionchair an athraithe aeráide agus don oiriúnú dó.

(ii)

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a thomhas agus a fhíorú agus/nó tuairisciú orthu.

(iii)

Margaí carbóin agus córais trádála astaíochtaí.

(iv)

Gníomhaíochtaí atá ábhartha don mhaolú ar an athrú aeráide nó don oiriúnú dó sna hearnálacha nó sna réimsí beartais seo a leanas: úsáid talún agus talmhaíocht, feithiclí agus breoslaí, substaintí ídithe ózóin agus a n-ionadaithe, oiriúnú don athrú aeráide, maoiniú don aeráid.

(v)

Earnálacha teicneolaíochta ísealcharbóin agus earnálacha teicneolaíochta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide. Áirítear leis sin teicneolaíochtaí ísealcharbóin sna réimsí seo a leanas: giniúint, úsáid agus bonneagar fuinnimh, gabháil, úsáid agus stóráil carbóin, foirgnimh, iompar, earnálacha tionsclaíochta éagsúla, talmhaíocht agus úsáid talún, dramhaíl.

3.3.3.    Réimse 3 — an comhshaol

(a)

Chun bheith incháilithe do réimse 3, ní mór d’iarrthóir ceann amháin de na nithe seo a leanas a bheith aige:

(i)

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana ar a laghad, ar baineadh dioplóma amach i réimse ábhartha dá bharr agus 3 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin a bhaineann go díreach le dualgais an phoist i réimse 3, mar a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhfógra seo,

(ii)

leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad, ar baineadh dioplóma amach i réimse ábhartha dá bharr agus 4 bliana ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh sin a bhaineann go díreach le dualgais an phoist i réimse 3, mar a luaitear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhfógra seo.

(b)

Measfar an dioplóma dá dtagraítear i bpointe 3.3.3.(a)(i) agus (ii) thuas a bheith ábhartha má fuarthas é i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

(i)

Eolaíochtaí comhshaoil,

(ii)

Eolaíochtaí beatha (bitheolaíocht, luibheolaíocht, éiceolaíocht, zó-eolaíocht, etc.),

(iii)

Domhaneolaíochtaí (hidreolaíocht, aigéaneolaíocht, geolaíocht, etc.),

(iv)

Eolaíochtaí ceimiceacha,

(v)

Innealtóireacht chomhshaoil,

(vi)

Dlí,

(vii)

Eacnamaíocht.

4.   CONAS A EAGRÓFAR AN COMÓRTAS?

4.1.   Forléargas ar nósanna imeachta an chomórtais

Eagrófar an comórtas seo sna céimeanna seo a leanas:

Iarratas (féach roinn 4.3.1.).

Seiceáil incháilitheachta (féach roinn 4.3.2.).

An Talent Screener (féach roinn 4.3.3.).

An tIonad Measúnaithe (féach roinn 4.3.4.):

(i)

trialacha réasúnaíochta,

(ii)

2 thriail lena ndéantar na hinniúlachtaí ginearálta a thástáil: cás-staidéar agus agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí, agus

(iii)

triail amháin lena ndéantar na hinniúlachtaí réimse-shonracha a mheasúnú: agallamh réimse-shonrach.

Doiciméid tacaíochta a sheiceáil agus painéil a thiomsú (féach roinn 4.3.5.).

Déanfar modh seachadta na dtrialacha (go cianda/go fisiceach) mar aon leis na sonraí agus na treoracha riachtanacha eile a shonrú sna litreacha ina mbeidh an cuireadh chun na dtrialacha.

Má dhéantar na trialacha go fisiceach, cinnteoidh EPSO go mbeidh na dálaí faoina ndéanfaidh na hiarrthóirí na trialacha i gcomhréir leis na moltaí atá leagtha síos ag na húdaráis sláinte phoiblí ábhartha (an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú/údaráis eile, idir Eorpach agus náisiúnta).

I gcás na dtrialacha réasúnaíochta agus an chás-staidéir, ní mór do na hiarrthóirí coinne a dhéanamh de réir na dtreoracha a gheobhaidh siad ó EPSO. Go hiondúil, tairgfidh EPSO roinnt dátaí d’iarrthóirí ar a bhféadfaidh siad na trialacha réasúnaíochta a dhéanamh agus dáta amháin ar a bhféadfaidh siad an cás-staidéar a dhéanamh. Bíonn teorainn leis na tréimhsí inar féidir an choinne agus na trialacha a dhéanamh.

4.2.   Teangacha a úsáidtear sa chomórtas seo

4.2.1.    Riachtanais teanga

Ní mór d’iarrthóir sa chomórtas seo eolas cuimsitheach a bheith aige (leibhéal C1 ar a laghad) ar cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil a bheith aige (leibhéal B2 ar a laghad) ar theanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh. Ní mór an Béarla a roghnú mar cheann amháin de na teangacha sin.

Ní mór na híosleibhéil thuasluaite a bheith agat i dtaca le gach inniúlacht teanga (labhairt, scríobh, léamh agus éisteacht) atá iarrtha san fhoirm iarratais. Tá na hinniúlachtaí sin leagtha amach i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.

Baineann na riachtanais teanga sa chomórtas seo go príomha le sainiúlacht dhualgais na mball foirne a oibríonn in AS ENER, AS CLIMA agus AS ENV an Choimisiún Eorpaigh. Tá na riachtanais chéanna i bhfeidhm sna réimsí go léir a chumhdaítear san fhógra seo.

Is é an Béarla a úsáideann foireann AS ENER, AS CLIMA agus AS ENV san obair anailíse, sa chumarsáid agus cruinnithe inmheánacha, san chumarsáid le páirtithe leasmhara seachtracha, chun tuarascálacha, seisiúin faisnéise, óráidí agus reachtaíocht a dhréachtú, chun foilseacháin a ullmhú, chun dualgais eile atá luaite in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bhfógra seo a dhéanamh agus chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna speisialtóireachta. Úsáidtear an Béarla freisin i gcomhairliúcháin idirsheirbhíse, sa chumarsáid idirinstitiúideach agus sna nósanna imeachta iniúchta. Dá bhrí sin, tá eolas maith ar an mBéarla riachtanach chun go mbeidh iarrthóirí in ann dul i mbun oibre láithreach tráth na hearcaíochta.

Is dá réir sin ba cheart d’iarrthóirí an teanga a roghnú atá le húsáid chun an roinn “Talent Screener” den fhoirm iarratais a líonadh isteach mar aon leis na teangacha atá le húsáid sna trialacha (féach roinn 4.2.2. thíos).

4.2.2.    Iarratas agus teangacha na dtrialacha

Is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha sna céimeanna éagsúla den chomórtas:

Céim an chomórtais

Trialacha

Teanga

An t-iarratas

Aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh seachas

an roinn “Talent Screener” nach mór a líonadh isteach i mBéarla

An t-ionad measúnaithe

Trialacha réasúnaíochta

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais seachas an Béarla

Cás-staidéar

Béarla

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

Béarla

Agallamh réimse-shonrach

Béarla

Beidh ar iarrthóirí a n-éireoidh leo an réimse iomlán scileanna agus inniúlachtaí — go ginearálta agus ar bhonn réimse-shonrach — a léiriú i mBéarla. Dá bhrí sin tá sé riachtanach príomhghnéithe an roghnúcháin — bunaithe ar thrialacha agus ar cháilíochtaí — a eagrú sa teanga seo.

Tá feidhm aige sin maidir leis an Talent Screener, na trialacha lena ndéantar measúnú ar na hinniúlachtaí ginearálta (cás-staidéar agus agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí), chomh maith leis an triail lena ndéantar measúnú ar na hinniúlachtaí réimse-shonracha.

Is é a bhíonn de thoradh ar líon srianta teangacha tuilleadh homaigineachta freisin agus dá bhrí sin comparáid níos fearr ar thuillteanais na n-iarrthóirí. Go háirithe, fágann sé go mbíonn an Bord Roghnúcháin in ann baill a shannadh d’iarrthóirí beag beann ar a n-eolas theangacha agus gan dul i muinín aistriúchán.

4.2.3.    Teangacha cumarsáide

Sa chumarsáid idir na hiarrthóirí agus EPSO, beidh an méid seo a leanas i bhfeidhm:

a)

I gcumarsáid — tríd an gcuntas EPSO nó trí ríomhphost — idir EPSO agus iarrthóir a chuir iarratas bailí isteach, déanfaidh EPSO cumarsáid leis an iarrthóir lena mbaineann i gceann amháin de na teangacha ar dhearbhaigh an t-iarrthóir eolas a bheith aige orthu ar leibhéal B2 nó níos airde sa roinn “Cumas léitheoireachta” san fhoirm iarratais.

b)

I gcás iarrataí agus gearáin dá dtagraítear i bpointí 4.2.1. agus 4.2.2. de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte (in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhFógra seo), moltar d’iarrthóirí a n-iarrataí nó a ngearáin a dhéanamh i mBéarla. Freagróidh EPSO mar a luaitear faoi phointe a).

c)

Maidir le haon cheist eile ó iarrthóirí ar EPSO a chuirfear tríd an bh foirm theagmhála ar líne, is féidir le hiarrthóirí cumarsáid a dhéanamh le EPSO in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus freagróidh EPSO na hiarrthóirí i gceann de na teangacha inar thug siad le fios go mbeadh siad toilteanach freagra a fháil.

4.3.   Céimeanna an chomórtais

4.3.1.    An t-iarratas

Chun iarratas a dhéanamh ní mór cuntas EPSO a bheith ag iarrthóir. Iarrthóirí nach bhfuil cuntas EPSO acu fós, beidh orthu cuntas a chruthú. Ní ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a chruthú agus ní mór an cuntas sin a úsáid le haghaidh gach iarratais.

Ní mór d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin EPSO ( https://epso.europa.eu/ga/job-opportunities/open-for-application ) faoin sprioc-am seo:

An 22 Samhain 2022 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile.

Tá an fhoirm iarratais ar líne le fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Is féidir le hiarrthóirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach in aon cheann díobh seachas an roinn “Talent Screener” nach mór a líonadh isteach i mBéarla.

Is ionann bailíochtú iarratais agus dearbhú ar a fhocal ón iarrthóir go gcomhlíonann sé na coinníollacha ar fad atá luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”. Nuair a bheidh an fhoirm iarratais bailíochtaithe acu, ní fhéadfaidh siad aon athrú eile a dhéanamh uirthi. Is fúthu atá sé féachaint chuige go mbeidh an t-iarratas líonta isteach agus bailíochtaithe faoin sprioc-am.

Ní mór d’iarrthóirí cóipeanna scanta de na doiciméid tacaíochta a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais, an roinn “Talent Screener” san áireamh, a uaslódáil chuig a gcuntas EPSO. Cuirfidh EPSO sonraí breise agus treoracha breise ar fáil.

4.3.2.    Seiceáil incháilitheachta

Is éard atá i gceist leis an tseiceáil incháilitheachta fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha incháilitheachta a leagtar amach i roinn 3 (“Na Coinníollacha Incháilitheachta”) den fhógra seo. Déanfar é sin ar bhonn na ndearbhuithe a rinne na hiarrthóirí san fhoirm iarratais, faoi réir fíorúcháin a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na doiciméid tacaíochta. Na doiciméid a thacaíonn le dearbhuithe na n-iarrthóirí maidir leis an incháilitheacht, déanfaidh an bord roghnúcháin iad a fhíorú ag céim níos déanaí den chomórtas (féach roinn 4.3.5).

4.3.3.    An Talent Screener

I gcás na n-iarrthóirí a mheasfar a bheith incháilithe, déanfaidh an Bord Roghnúcháin roghnú ar bhonn cáilíochtaí. Chuige sin, déanfaidh an Bord Roghnúcháin measúnú comparáideach ar bhuanna na n-iarrthóirí incháilithe ar fad mar a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an bhfógra seo.

Ar bhonn an mheasúnaithe sin, tiomsóidh an Bord Roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in ord na marcanna foriomlána. Na hiarrthóirí a mbeidh na marcanna is airde acu, tabharfar cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe.

An marc a bhronnfar ag céim an talent screener, ní chuirfear an marc sin leis an marc deiridh foriomlán (féach roinn 4.3.5.).

Na doiciméid a thacaíonn le freagraí na n-iarrthóirí ar cheisteanna an Talent Screener, déanfaidh an Bord Roghnúcháin iad a fhíorú ag céim níos déanaí den chomórtas (féach roinn 4.3.5).

4.3.4.    An t-ionad measúnaithe

Tabharfar cuireadh chuig céim an ionaid measúnaithe d’uasmhéid trí oiread an lín iarrthóirí atáthar a lorg le haghaidh gach réimse (mar aon leis na hiarrthóirí a chríochnaigh cothrom le chéile don áit dheireanach atá ar fáil).

Is éard atá i gceist leis an ionad measúnaithe cumas réasúnaíochta, inniúlachtaí ginearálta agus inniúlachtaí réimse-shonracha na n-iarrthóirí a mheasúnú.

a)   Trialacha réasúnaíochta

Eagrófar sraith trialacha réasúnaíochta de réir an leagain amach seo a leanas:

Trialacha

Teanga

Líon na gceisteanna

Fad tréimhse

Marcáil

Pasmharc

Réasúnaíocht bhriathartha

Teanga oifigiúil de chuid an Aontais seachas an Béarla

20 ceist

35 nóiméad

0 go 20

20/40

Réasúnaíocht uimhriúil

10 gceist

20 nóiméad

0 go 10

Réasúnaíocht theibí

10 gceist

10 nóiméad

0 go 10

Níl aon phasmharc ann in aghaidh na trialach. Mar sin féin, ní mór d’iarrthóirí pasmharc 20/40 ar a laghad a ghnóthú san iomlán, na hinniúlachtaí uile le chéile. An marc a ghnóthófar sna trialacha sin, ní chuirfear iad leis an marc deiridh foriomlán (féach roinn 4.3.5.).

b)   Trialacha lena ndéantar na hinniúlachtaí ginearálta a mheasúnú

Déanfar na hinniúlachtaí ginearálta a mheasúnú le dhá thriail a dhéanfar i mBéarla, mar a shonraítear sa tábla seo a leanas:

Inniúlacht

Triail

Marcáil

Pasmharc

1.

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cás-staidéar

0 go 10

40/80

2.

Cumarsáid

Cás-staidéar

0 go 10

3.

Cáilíocht agus torthaí

Cás-staidéar

0 go 10

4.

Foghlaim agus forbairt

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

0 go 10

5.

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

Cás-staidéar

0 go 10

6.

Buanseasmhacht

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

0 go 10

7.

Obair bhuíne

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

0 go 10

8.

Cumas ceannaireachta

Agallamh suíomhúil ar bhonn inniúlachtaí

0 go 10

Níl aon phasmharc ann in aghaidh na hinniúlachta. Mar sin féin, ní mór d’iarrthóirí pasmharc 40/80 ar a laghad a ghnóthú san iomlán, na hinniúlachtaí uile le chéile. Is amhlaidh a chuirfear an marc a ghnóthófar leis an marc deiridh foriomlán (féach roinn 4.3.5.).

c)   Agallamh réimse-shonrach

Déanfar na hinniúlachtaí réimse-shonracha a mheasúnú le hagallamh réimse-shonrach a dhéanfar i mBéarla, agus marcálfar é mar seo a leanas:

Triail

Marcáil

Pasmharc

Agallamh réimse-shonrach

0 go 100

50/100

Is amhlaidh a chuirfear an marc a ghnóthófar leis an marc deiridh foriomlán (féach 4.3.5.)

d)   Eagrú thrialacha an ionaid measúnaithe

Cuirfear fógra chuig iarrthóirí faoi thorthaí a dtrialacha réasúnaíochta a luaithe a bheidh an chuid sin den tástáil críochnaithe agus a bheidh na torthaí próiseáilte. I gcás nach ngnóthóidh na hiarrthóirí an pasmharc riachtanach sna trialacha réasúnaíochta, cuirfear an cuireadh agus/nó an choinne chun trialacha an ionad measúnaithe ar ceal go huathoibríoch agus ní dhéanfaidh siad na trialacha sin. Má tharlaíonn sé idir an dá linn go bhfuil aon cheann de thrialacha eile an ionaid measúnaithe déanta ag an iarrthóir cheana, ní dhéanfar torthaí na dtrialacha sin a phróiseáil, agus ní chuirfear na torthaí sin in iúl don iarrthóir.

Na hiarrthóirí a ghnóthóidh na marcanna riachtanacha uile san ionad measúnaithe agus a mbeidh ceann de na marcanna foriomlána is airde acu sna trialacha inniúlachtaí réimse-shonracha agus sna trialacha lena ndéantar inniúlachtaí ginearálta agus réimse-shonracha a mheasúnú, déanfar a gcuid comhad a sheiceáil mar atá sonraithe i roinn 4.3.5.

4.3.5.    Doiciméid tacaíochta a sheiceáil agus painéil ionadaithe a bhunú

Déanfaidh an Bord Roghnúcháin scrúdú ar dhoiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí tar éis chéim an ionaid measúnaithe agus sula mbunóidh siad na painéil. Glacfaidh sé an seasamh deiridh maidir le hincháilitheacht na n-iarrthóirí trí chomparáid a dhéanamh idir (i) na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí san fhoirm iarratais (na ranna “Oideachas agus oiliúint”, “Taithí oibre” agus “Talent Screener” san áireamh) agus (ii) na doiciméid a d’uaslódáil na hiarrthóirí chuig a gcuntas EPSO chun tacú leis na dearbhuithe sin.

Chun na painéil ionadaithe a thiomsú, déanfaidh an bord roghnúcháin comhaid na n-iarrthóirí a bhfuil na marcanna foriomlána is airde acu a sheiceáil, de réir ord íslitheach na marcanna, go dtí go sroichfear an líon iarrthóirí atá á lorg le haghaidh gach réimse. Ní sheiceálfar comhaid na n-iarrthóirí eile.

Ar na painéil ionadaithe sin de réir gach réimse, ní bheidh ach ainmneacha na n-iarrthóirí incháilithe sin a ghnóthaigh gach pasmharc riachtanach i ngach triail, agus a bhfuil ceann de na marcanna foriomlána is airde acu, as 180, sna trialacha lena ndéantar inniúlachtaí ginearálta agus inniúlachtaí réimse-shonracha a mheasúnú. Anseo, is ionann “180” agus suim na marcanna is airde is féidir sna trialacha chun inniúlachtaí ginearálta a mheasúnú (80) agus san agallamh réimse-shonrach (100).

Is de réir ord aibítre a bheidh na hainmneacha ar an bpainéal. Cuirfear na painéil ar fáil do na seirbhísí earcaíochta.

Na hiarrthóirí uile a rinne na trialacha lena ndéantar measúnú ar inniúlachtaí ginearálta agus réimse-shonracha agus ar próiseáladh a gcuid torthaí mar a luaitear i roinn 4.3.4.(d), gheobhaidh siad pas inniúlachtaí ina mbeidh aiseolas cáilíochtúil ón mBord Roghnúcháin. Pasanna inniúlachtaí na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, cuirfear ar fáil iad do na seirbhísí earcaíochta freisin.

Ní hionann duine a bheith ar phainéal agus aon cheart a bheith aige ar phost ná ráthaíocht a bheith aige go bhfaighidh sé post.

5.   COMHDHEISEANNA AGUS SOCRUITHE RÉASÚNTA

Déanann EPSO a dhícheall a chinntiú go bhfuil comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile.

Na hiarrthóirí atá faoi mhíchumas nó ar rud é go bhféadfadh an riocht sláinte ina bhfuil siad bac a chur orthu na trialacha a dhéanamh, ba cheart dóibh é sin a lua san fhoirm iarratais agus na céimeanna a leanúint chun socruithe réasúnta a iarraidh, de réir an chur síos sna Rialacha Ginearálta atá i gceangal leis an bhfógra seo (féach Iarscríbhinn II, faoi roinn 1.3.). Tar éis dó iarraidh na n-iarrthóirí agus na doiciméid tacaíochta ábhartha a scrúdú, féadfaidh EPSO socruithe réasúnta a thabhairt má mheastar go bhfuil gá leis.

Tá tuilleadh eolais faoi bheartas comhdheiseanna EPSO agus faoi conas socruithe réasúnta a iarraidh ar shuíomh gréasáin EPSO.


IARSCRÍBHINN I

NA PRÍOMHDHUALGAIS

Réimse 1 — fuinneamh

Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sa réimse seo, cuirfidh siad le forbairt córais fuinnimh atá nuálach, athléimneach agus comhtháite lena soláthraítear soláthar leanúnach fuinnimh atá inacmhainne, slán, iontaofa agus glan do shaoránaigh agus do ghnólachtaí agus lena gcruthaítear dálaí le haghaidh neamhspleáchas fuinnimh an Aontais.

Ar an liosta seo a leanas tá cuid de na príomhdhualgais a d’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí a n-éireoidh leo a dhéanamh:

1.

Cur le forbairt bheartas agus reachtaíocht an Aontais i réimse an fhuinnimh agus an próiseas cinnteoireachta a éascú trí ionchur i scríbhinn nó ó bhéal a chur ar fáil, anailísí ullmhúcháin a dhéanamh, agus trí dhul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara.

2.

Anailísí socheacnamaíocha, dlíthiúla agus/nó eolaíocha a dhéanamh d’fhonn cinnteoireacht agus ceapadh beartais a éascú i réimse an fhuinnimh. Idirchaidreamh a dhéanamh le saineolaithe teicniúla, gníomhaithe an mhargaidh fuinnimh, grúpaí comhairleacha tionscail, comhlachtaí eolaíocha, coistí eolaíocha agus institiúidí eolaíocha i réimse an fhuinnimh agus/nó na haeráide, agus bearta iomchuí beartais agus/nó reachtacha a dhéanamh d’anailísí eolaíocha, teicniúla, agus socheacnamaíocha.

3.

Obair le saineolaithe teicniúla agus mbun plé le páirtithe leasmhara chun reachtaíocht theicniúil, cóid ghréasáin nó treoirlínte a ullmhú agus/nó a leasú i réimse an fhuinnimh.

4.

Comhordú a dhéanamh le seirbhísí ábhartha an Choimisiún Eorpaigh, leis na Ballstáit, le tríú tíortha, le hinstitiúidí airgeadais agus institiúidí ábhartha eile agus le páirtithe leasmhara i dtaca le cur chun feidhme mhargadh inmheánach fuinnimh an Aontais agus beartais an Aontais maidir leis an aistriú fuinnimh lena n-áirítear i réimsí amhail iompar, forbairt réigiúnach, cánachas, nó taighde agus nuálaíocht.

5.

A áirithiú go ndéantar an reachtaíocht atá ann cheana i réimse an fhuinnimh a chur chun feidhme go cuí, go ndéantar faireachán cuí uirthi agus go ndéantar meastóireacht chuí uirthi: teagmhálacha a choinneáil le riaracháin agus rialtóirí náisiúnta; ceisteanna ó shaoránaigh, ó chuideachtaí, ó eagraíochtaí neamhbhrabúis agus ó údaráis phoiblí a fhreagairt, bainistiú a dhéanamh ar cheisteanna parlaiminteacha agus ar iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid; gearáin agus céimeanna réamhdhlíthíochta de sháruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh a láimhseáil; cúnamh a thabhairt maidir le dlíthíocht a láimhseáil os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

6.

Páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht idirnáisiúnta agus idirinstitiúideacha maidir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh i réimse an fhuinnimh agus freastal ar chruinnithe le Comhairle an Aontais Eorpaigh, le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoimisiún Eorpach, leis an mBanc Ceannais Eorpach, agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí.

7.

Cumarsáid agus obair thathanta a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha: páirt a ghlacadh i gceardlanna agus labhairt ag seimineáir agus comhdhálacha maidir le beartas fuinnimh agus reachtaíocht fuinnimh an Aontais, seisiúin faisnéise agus clúdach preasa a ullmhú, a áirithiú go mbeidh ionadaíocht ag an gCoimisiún i gcruinnithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara.

Réimse 2 — an aeráid

Cuirfidh iarrthóirí a n-éireoidh leo sa réimse seo le hiarrachtaí chun an t-athrú aeráide a chomhrac ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Ar an liosta seo a leanas tá cuid de na príomhdhualgais a d’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí a n-éireoidh leo a dhéanamh:

1.

Cur le forbairt bheartas agus reachtaíocht an Aontais i réimse an bheartais aeráide, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

a)

beartais a bhaineann le córas trádála astaíochtaí an Aontais (CTA AE),

b)

na spriocanna náisiúnta maidir le gás ceaptha teasa a laghdú,

c)

an rialachán a chumhdaíonn astaíochtaí agus ionsúcháin na hearnála úsáide talún,

d)

astaíochtaí a thomhais, a thuairisciú agus a fhíorú,

e)

na caighdeáin feidhmíochta CO2 le haghaidh carranna, veaineanna agus feithiclí tromshaothair,

f)

straitéis an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú,

g)

beartais agus ionstraimí maoiniúcháin le haghaidh teicneolaíocht ísealcharbóin (an Ciste don Nuálaíocht),

h)

beartais chun maoiniú don aeráid a chur chun cinn,

i)

beartais lena dtugtar aghaidh ar an aistriú cóir, agus

j)

caiteachas aeráide a phríomhshruthú i mbuiséad an Aontais.

2.

Athbhreithniú agus meastóireacht a dhéanamh ar reachtaíocht aeráide atá ann cheana.

3.

Anailísí socheacnamaíocha, dlíthiúla agus/nó eolaíocha a dhéanamh d’fhonn cinnteoireacht agus ceapadh beartais a éascú i réimse na haeráide. Idirchaidreamh a dhéanamh le saineolaithe teicniúla, gníomhaithe an mhargaidh fuinnimh, grúpaí comhairleacha tionscail, comhlachtaí eolaíocha, coistí eolaíocha agus institiúidí eolaíocha i réimse na haeráide, an fhuinnimh, an iompair, na talmhaíochta, etc., agus bearta iomchuí beartais agus/nó reachtacha a dhéanamh d’anailísí eolaíocha, teicniúla, agus socheacnamaíocha.

4.

Obair le saineolaithe teicniúla agus dul i mbun plé le páirtithe leasmhara chun reachtaíocht theicniúil a ullmhú agus/nó a leasú i réimse an mhaolaithe ar an athrú aeráide agus an oiriúnaithe aeráide.

5.

Comhordú a dhéanamh le seirbhísí ábhartha an Choimisiún Eorpaigh, leis na Ballstáit, le tríú tíortha, le hinstitiúidí airgeadais agus institiúidí ábhartha eile agus le páirtithe leasmhara i dtaca le cur chun feidhme bheartas intíre an Aontais maidir leis an aeráid lena n-áirítear i réimsí amhail fuinnimh, iompar, talmhaíocht, dramhaíl, maoiniú inbhuanaithe forbairt réigiúnach, cánachas, nó taighde agus nuálaíocht.

6.

A áirithiú go ndéantar an reachtaíocht atá ann cheana i réimse na haeráide a chur chun feidhme go cuí, go ndéantar faireachán cuí uirthi agus go ndéantar meastóireacht chuí uirthi: teagmhálacha a choinneáil le riaracháin agus rialtóirí náisiúnta; ceisteanna ó shaoránaigh, ó chuideachtaí, ó eagraíochtaí neamhbhrabúis agus ó údaráis phoiblí a fhreagairt, bainistiú a dhéanamh ar cheisteanna parlaiminteacha agus ar iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid; gearáin agus céimeanna réamhdhlíthíochta de sháruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh a láimhseáil; cúnamh a thabhairt maidir le dlíthíocht a láimhseáil os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

7.

Páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht idirinstitiúideacha maidir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh i réimse na haeráide agus freastal ar chruinnithe le Comhairle an Aontais Eorpaigh, le Parlaimint na hEorpa, leis an gCiste Eorpach Infheistíochta, agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Ullmhúchán a dhéanamh, in éineacht le Ballstáit an Aontais, don chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, agus páirt a ghlacadh inti. For-rochtain le tríú tíortha a eagrú i réimse na haeráide chun gníomhú domhanda ar son na haeráide a spreagadh.

8.

Cumarsáid agus obair thathanta a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha: páirt a ghlacadh i gceardlanna agus labhairt ag comhdhálacha maidir le beartas agus reachtaíocht aeráide an Aontais; seisiúin faisnéise agus clúdach preasa a ullmhú, a áirithiú go mbeidh ionadaíocht ag an gCoimisiún i gcruinnithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara.

Réimse 3 — an comhshaol

Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sa réimse seo, cuirfidh siad leis na hiarrachtaí chun geilleagar inbhuanaithe ciorclach a chumasú, geilleagar ina gcosnófar agus ina n-athbhunófar an bhithéagsúlacht agus na héiceachórais, ina laghdófar rioscaí sláinte a bhaineann leis an gcomhshaol, agus ina mbeidh an fás díchupláilte ó úsáid acmhainní.

Ar an liosta seo a leanas tá cuid de na príomhdhualgais a d’fhéadfaí a iarraidh ar iarrthóirí a n-éireoidh leo a dhéanamh:

1.

Cur le cur chun feidhme an acquis atá ann cheana i réimse an chomhshaoil agus faireachán a dhéanamh air, lena n-áirítear trí na modhanna seo a leanas:

a)

reachtaíocht atá ann cheana a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil nó trí chumhachtaí cur chun feidhme agus tarmligthe a fheidhmiú,

b)

idirchaidreamh a dhéanamh le saineolaithe teicniúla, comhlachtaí eolaíocha, coistí eolaíocha agus institiúidí eolaíocha i réimse an chomhshaoil agus cur leis an obair leantach ar bhearta beartais agus/nó ar bhearta reachtacha,

c)

gearáin a láimhseáil agus déileáil leis na bearta is gá i nósanna imeachta maidir le sárú; cúnamh a thabhairt maidir le dlíthíocht a láimhseáil os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

d)

teagmhálacha a choinneáil le riaracháin náisiúnta, ceisteanna ó shaoránaigh, ó chuideachtaí, ó eagraíochtaí neamhbhrabúis agus ó údaráis phoiblí a fhreagairt, bainistiú a dhéanamh ar cheisteanna parlaiminteacha agus ar iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid.

2.

Páirt a ghlacadh i bhforbairt bhreise ar bheartais agus reachtaíocht an Aontais i réimse an chomhshaoil agus an próiseas cinnteoireachta a éascú trí ionchur i scríbhinn nó ó bhéal a chur ar fáil, anailísí ullmhúcháin a dhéanamh, agus trí dhul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, lena n-áirítear trí na modhanna seo a leanas:

a)

anailísí socheacnamaíocha, dlíthiúla agus/nó eolaíocha a dhéanamh chun cinnteoireacht agus ceapadh beartais a éascú i réimse an chomhshaoil,

b)

idirchaidreamh a dhéanamh le saineolaithe teicniúla, comhlachtaí eolaíocha, coistí agus institiúidí i réimse an chomhshaoil agus cur le hionchur le haghaidh bearta beartais agus/nó reachtacha,

c)

páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht idirinstitiúideacha maidir le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a ghlacadh i réimse an chomhshaoil agus freastal ar chruinnithe leis an gComhairle agus le Parlaimint na hEorpa, leis an gCoimisiún Eorpach agus le hinstitiúidí ábhartha eile.

3.

Páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht idirnáisiúnta i réimse an chomhshaoil agus freastal ar chruinnithe le hinstitiúidí nó comhlachtaí idirnáisiúnta ábhartha eile.

4.

Cumarsáid agus obair thathanta a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara i réimse an chomhshaoil: páirt a ghlacadh i gceardlanna le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha agus labhairt ag comhdhálacha maidir le beartas agus reachtaíocht comhshaoil an Aontais; seisiúin faisnéise agus clúdach preasa a ullmhú, a áirithiú go mbeidh ionadaíocht ag an gCoimisiún i gcruinnithe leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara.

Deireadh IARSCRÍBHINN I. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


IARSCRÍBHINN II

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE COMÓRTAIS OSCAILTE

FAISNÉIS GHINEARÁLTA

Gach áit a ndéantar tagairt do dhaoine d’inscne ar leith i bpróiseas roghnúcháin de chuid EPSO, glactar leis gur ag tagairt do dhaoine d’aon inscne eile atáthar freisin.

Maidir leis an áit dheireanach le dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, rachaidh siad ar fad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis, tabharfar cuireadh chun na chéad chéime eile den phróiseas dó.

Maidir leis an áit dheireanach ar an bpainéal, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad go léir ar an bpainéal. Aon iarrthóir a ligfear isteach sa chomórtas arís mar thoradh ar achomharc ar éirigh leis ag an gcéim seo den chomórtas, cuirfear ar an bpainéal é.

1.   NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH

1.1.   Coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha

Tá coinníollacha ginearálta agus coinníollacha sonracha gach réimse nó próifíle (eolas ar theangacha san áireamh), tá siad luaite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta”.

Maidir le cáilíochtaí, taithí oibre agus eolas ar theangacha, bíonn na coinníollacha sonracha ina leith éagsúil ó phróifíl go chéile. San iarratas, ba cheart duit a oiread eolais is féidir a thabhairt, a bhaineann le dualgais an phoist , i dtaobh do cháilíochtaí agus do thaithí oibre (nuair a iarrtar sin) de réir an méid atá ráite sa roinn “Na coinníollacha incháilitheachta” thuas.

(a)

Dioplómaí agus/nó teastais: Caithfidh gach dioplóma, is cuma cé acu i mBallstát den Aontas nó i dtír nach Ballstát den Aontas í a eisíodh, a bheith aitheanta ag comhlacht oifigiúil de chuid Ballstáit, e.g. roinn oideachais. Cuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh na difir idir córais oideachais.

Maidir le hoideachas iar-mheánscoile agus oiliúint ghairmiúil, oiliúint theicniúil agus sainoiliúint, luaigh na hábhair a ndearnadh staidéar orthu, fad an chúrsa agus cé acu cúrsa lánaimseartha, cúrsa páirtaimseartha nó rang oíche a bhí ann.

(b)

Maidir le taithí oibre (má iarrtar sin), ní chuirfear san áireamh í ach amháin i gcás ina mbaineann sí le dualgais an phoist agus más rud é:

gur fíorobair éifeachtach a bhí inti,

gur obair ar íocaíocht a bhí inti,

go raibh caidreamh íochtaránachta nó soláthar seirbhíse i gceist léi, agus

faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

obair dheonach: más obair ar íocaíocht a bhí inti agus go raibh na huaireanta oibre sa tseachtain agus an fad a mhair an phost ar nós uaireanta oibre agus fad gnáthphoist,

tréimhsí oiliúna: más tréimhsí oiliúna ar íocaíocht a bhí iontu,

seirbhís mhíleata éigeantach: is cuma cé acu sular baineadh an dioplóma amach nó ina dhiaidh a rinneadh an tseirbhís mhíleata, agus ní chuirfear san áireamh tréimhse seirbhíse níos faide ná an tréimhse atá leagtha síos i ndlí an Bhallstáit i gceist,

saoire mháithreachais/atharthachta/altramais: má bhí an tsaoire leagtha síos sa chonradh fostaíochta,

dochtúireacht: 3 bliana ar a mhéad a chuirfear san áireamh, ar choinníoll gur baineadh amach an dochtúireacht, agus is cuma cé acu obair ar íocaíocht nó obair gan íocaíocht a bhí sa dochtúireacht, agus

obair pháirtaimseartha: is ar bhonn pro rata a ríomhfar obair pháirtaimseartha, ar bhonn an lín uaireanta an chloig a oibríodh, e.g. mheasfaí gur 3 mhí oibre ab ea obair leath-ama a mhair 6 mhí.

1.2.   Doiciméid tacaíochta

Ag céimeanna éagsúla den phróiseas roghnúcháin, iarrfar ort doiciméad oifigiúil a sholáthar a chruthaíonn do náisiúntacht (e.g. pas, cárta aitheantais), agus ní mór an doiciméad sin a bheith bailí an dáta deiridh le hiarratais a dhéanamh (i gcás iarratas ina bhfuil dhá chuid, is é dáta deiridh na chéad choda den iarratas an dáta sin).

Ní mór bunchóipeanna nó cóipeanna deimhnithe de na nithe seo a leanas a chur ar fáil i leith gach tréimhse oibre:

doiciméid ó iarfhostóir(í) agus ó fhostóir(í) reatha ina bhfuil cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh luaite, dáta tosaigh agus dáta deiridh na tréimhse, agus suaitheantas agus stampa oifigiúil an chomhlachta ar an bpáipéar mar aon le hainm agus síniú an duine a bhí i gceannas; nó

conradh/conarthaí fostaíochta agus an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh, maille le cur síos mionsonraithe ar na dualgais a rinneadh;

(i gcás taithí oibre gan tuarastal, e.g. féinfhostaíocht nó fostaíocht sna gairmeacha liobrálacha) sonraisc nó foirmeacha ordaithe agus na dualgais a rinneadh sonraithe iontu, nó aon doiciméad tacaíochta oifigiúil eile a bhaineann le hábhar;

(i gcás comórtais d’ateangairí comhdhála ina n-iarrtar taithí oibre), doiciméid a léiríonn an líon laethanta a oibríodh agus na teangacha a ndearnadh ateangaireacht astu agus go dtí iad, agus a bhain go sonrach le hateangaireacht chomhdhála.

Is gnách nach dteastaíonn aon doiciméad tacaíochta chun d’eolas ar theangacha a chruthú, ach amháin i gcás comórtas do theangeolaithe agus sainphróifílí áirithe.

Féadfar iarraidh ort, ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, breis eolais nó breis doiciméad a chur ar fáil. Cuirfidh EPSO in iúl duit cé na doiciméid tacaíochta nach mór duit a chur ar fáil agus cathain nach mór iad a chur ar fáil.

1.3.   Comhdheiseanna agus cóirithe réasúnta

Má tá tú faoi mhíchumas nó má tá fadhb shláinte agat, agus go bhféadfadh sin bac a chur ort na trialacha a dhéanamh, luaigh sin i d’iarratas agus abair cén bealach is féidir freastal go réasúnta ort. Má thagann míchumas nó fadhb shláinte ort i ndiaidh duit an t-iarratas a bhailíochtú, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas a luaithe is féidir é ar an dóigh thíosluaite.

Tabhair do d’aire nach mór duit, chun go gcuirfear d’iarratas san áireamh, teastas ó chomhlacht stáit de chuid do Bhallstáit nó teastas dochtúra a thabhairt do EPSO. Scrúdófar do chuid doiciméad tacaíochta sa chaoi is go bhféadfar freastal réasúnta a dhéanamh ort más gá.

Má bhíonn aon fhadhb rochtana agat, nó má bhíonn tuilleadh eolais de dhíth ort, is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann inrochtana EPSO:

trí ríomhphost (EPSO-accessibility@ec.europa.eu); nó

tríd an bpost:

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

EPSO ACCESSIBILITY

L107 02/DCS

1049 Bruxelles/Brussels

BELGIQUE/BELGIË

2.   CÉ A DHÉANFAIDH MEASÚNÚ ORM?

Ceaptar bord roghnúcháin chun iarrthóirí a chur i gcomparáid le chéile agus na hiarrthóirí is fearr díobh a roghnú ar bhonn inniúlachtaí, buanna agus cáilíochtaí, i bhfianaise na riachtanas atá leagtha amach san fhógra comórtais seo. Is é an bord roghnúcháin sin a chinneann leibhéal deacrachta thrialacha an chomórtais agus a fhaomhann a bhfuil iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

Chun neamhspleáchas an bhoird roghnúcháin a chinntiú, tá diantoirmeasc ar iarrthóirí agus ar aon duine nach ball den bhord é iarracht a dhéanamh dul i dteagmháil le haon cheann de bhaill an bhoird, ach amháin le linn trialacha ós rud é gur cuid díobh plé díreach a bheith ag iarrthóirí agus ag an mbord le chéile.

Iarrthóirí ar mian leo a gcás a mhíniú nó a gcearta a éileamh, is i scríbhinn is éigean dóibh sin a dhéanamh, agus aon chomhfhreagras atá acu do bhall ar leith de bhord roghnúcháin, is chuig EPSO is éigean dóibh é a chur. Cuirfidh EPSO an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mbord. Tá toirmeasc ar na hiarrthóirí aon chumarsáid dhíreach nó indíreach nach gcomhlíonann na nósanna imeachta sin a dhéanamh, agus is féidir go ndícháileofar ón gcomórtas iad dá bharr

Meastar gur coinbhleacht leasa é cóngas gaoil nó nasc ordlathach a bheith idir iarrthóir agus ball de bhord roghnúcháin, go háirithe. Iarrtar ar bhaill bord roghnúcháin aon chóngas dá leithéid a chur in iúl do EPSO a luaithe a fhaigheann siad a fhios sin. Measfaidh EPSO gach cás ar bhonn leithligh agus déanfaidh sé aon bheart is iomchuí. Mura ndéantar sin is féidir go mbeidh mar thoradh air go gcuirfear bearta araíonachta i bhfeidhm ar an mball den bhord roghnúcháin agus go ndícháileofar an t-iarrthóir ón gcomórtas (féach 4.4).

Foilsítear ainmneacha bhaill an bhoird roghnúcháin ar shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/ga) roimh thosach an ionaid measúnaithe/roimh thosach chéim an mheasúnaithe.

3.   CUMARSÁID

3.1.   Cumarsáid a dhéanamh le EPSO

Ba cheart duit breathnú i do chuntas EPSO dhá uair sa tseachtain ar a laghad chun go mbeidh tú ar an eolas faoi dhul chun cinn atá déanta agat sa chomórtas. Mura féidir leat sin a dhéanamh de dheasca fadhb theicniúil ar thaobh EPSO, ní mór duit EPSO a chur ar an eolas faoi sin láithreach agus sin a dhéanamh trí shuíomh gréasáin EPSO, agus ar an dóigh sin amháin (https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category).

Forchoimeádann EPSO an ceart gan eolas a thabhairt atá tugtha go soiléir san fhógra comórtais seo, in iarscríbhinní an fhógra comórtais seo, nó ar shuíomh gréasáin EPSO, an roinn “ceisteanna coitianta” san áireamh.

I ngach comhfhreagras a bhaineann le hiarratas, iarrtar ort d’ainm a lua (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO), mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

Dá réir sin, forchoimeádann EPSO an ceart deireadh a chur le haon chomhfhreagras atá míchuí (i.e. comhfhreagras atá liodánach, tarcaisneach, agus/nó nach mbaineann le hábhar).

3.2.   Rochtain ar fhaisnéis

Tá cearta sonracha ag iarrthóirí sonraí áirithe a bhaineann leo go pearsanta a rochtain, cearta atá acu de bharr na hoibleagáide cúiseanna a thabhairt, ionas go bhféadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinntí diúltúcháin.

Ach i dteannta na hoibleagáide sin cúiseanna a thabhairt, tá rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin le cur san áireamh, rúndacht a chinntíonn neamhspleáchas an bhoird agus oibiachtúlacht an roghnaithe. Ar chúiseanna rúndachta, ní féidir an meon atá ag baill aonair de bhord roghnúcháin i leith measúnuithe ar iarrthóirí aonair ná i leith measúnuithe comparáideacha, ní féidir sin a nochtadh.

Na cearta rochtana sin, is cearta iad a bhaineann go sonrach le hiarrthóirí i gcomórtas oscailte, agus is féidir nach mbeidh aon cheart ag iarrthóirí sa bhreis ar na cearta a luaitear sa roinn seo faoin reachtaíocht atá ann maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid.

3.2.1.   Faisnéis a nochtar go huathoibríoch

Gheobhaidh tú go huathoibríoch an t-eolas seo a leanas ar fad i do chuntas EPSO i ndiaidh gach céim de phróiseas roghnúcháin an chomórtais:

na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire: do thorthaí agus tábla a bhfuil na freagraí a thug tú ann mar aon le huimhir nó tagairt na bhfreagraí cearta. Ní féidir, ar chúinse ar bith, rochtain a fháil ar théacs ná ar fhreagraí na gceisteanna;

incháilitheacht: deirtear cé acu ar tugadh cead duit páirt a ghlacadh sa chomórtas nó nár tugadh; murar tugadh an cead sin duit, deirtear cé na coinníollacha incháilitheachta nár comhlíonadh,

Talent Screener: do thorthaí agus tábla ina bhfuil ualú gach ceiste, na pointí a tugadh do na freagraí a thug tú agus do scór iomlán,

na réamhthrialacha: do thorthaí,

na trialacha idirmheánacha: do thorthaí, mura bhfuil tú ar na hiarrthóirí ar tugadh cuireadh chun na chéad chéime eile dóibh,

an t-ionad measúnaithe/céim an mheasúnaithe: mura bhfuil tú dícháilithe, do phas inniúlachtaí ina léireofar na marcanna foriomlána a ghnóthaigh tú i ngach inniúlacht agus ráiteas an bhoird roghnúcháin ina mbeidh aiseolas cainníochtúil agus cáilíochtúil ar a fheabhas a chruthaigh tú san ionad measúnaithe/i gcéim an mheasúnaithe.

Is é is gnáiche nach nochtann EPSO d’iarrthóirí aon cheann de na téacsanna a úsáideadh sna trialacha ná i gcleachtaí na dtrialacha arae bíonn sé beartaithe iad sin a úsáid arís i gcomórtais eile. I gcás trialacha áirithe, ámh, is féidir go ndéanfaidh EPSO, ar bhonn eisceachtúil, na téacsanna sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin, ar chuntar:

go bhfuil na trialacha thart,

go bhfuil na torthaí socraithe agus gur cuireadh in iúl do na hiarrthóirí iad, agus

nach bhfuil sé beartaithe iad a úsáid arís i gcomórtas eile.

3.2.2.   Faisnéis a iarraidh

Is ceadmhach duit cóip neamhcheartaithe de do chuid freagraí sna trialacha scríofa a iarraidh, ar chuntar gur ceisteanna iad nach bhfuil sé beartaithe a úsáid arís i gcomórtas eile. Ní dhéanfar, ar chúinse ar bith, freagraí chleachtaí an bhosca isteach ríomhphoist ná freagraí cás-staidéar a chur ar fáil.

Tá scripteanna ceartaithe agus na sonraí marcála, go háirithe, faoi chumhdach rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus ní nochtfar iad.

Féachann EPSO leis an oiread faisnéise is féidir a chur ar fáil d’iarrthóirí, i gcomhréir leis an oibleagáid atá air cúiseanna a thabhairt, le rúndacht imeachtaí an bhoird roghnúcháin agus leis na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. Is i bhfianaise na dtosca sin a mheasfar gach iarraidh ar fhaisnéis.

Is tríd an roinn “teagmháil a dhéanamh linn” ar shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category) ba cheart gach iarraidh ar fhaisnéis a dhéanamh, laistigh de dheich lá tar éis fhoilsiú do thorthaí i do chuntas EPSO.

4.   GEARÁIN AGUS DEACRACHTAÍ

4.1.   Saincheisteanna teicniúla agus eagraíochtúla

Má thagann mórdheacracht theicniúil nó eagraíochtúil romhat ag céim ar bith den phróiseas roghnúcháin, iarrtar ort EPSO a chur ar an eolas ina thaobh sa chaoi go bhféadfar an cás a bhreathnú agus beart a dhéanamh chun é a leigheas. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category).

Iarrtar ort d’ainm (an t-ainm a thug tú i do chuntas EPSO) a lua i ngach comhfhreagras, mar aon le d’uimhir iarratais agus uimhir thagartha an phróisis roghnúcháin.

I gcás fadhb a tharla san ionad trialacha nó le linn trialacha cianda iarrtar ort:

na feitheoirí a chur ar an eolas láithreach sa chaoi gur féidir réiteach a aimsiú. I gcás ar bith, iarraidh ar na feitheoirí an gearán atá agat a chur i scríbhinn, agus

teagmháil a dhéanamh le EPSO tráth nach déanaí ná 3 lá féilire i ndiaidh na trialach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category) agus cur síos gairid a thabhairt dóibh ar an bhfadhb.

I gcás fadhb lasmuigh den ionad trialacha (e.g. fadhb a bhaineann le coinne a dhéanamh le haghaidh trialach, nó fadhb theicniúil le linn trialacha cianda sula nasctar le feitheoir thú), lean na treoracha i do chuntas EPSO agus ar shuíomh gréasáin EPSO agus déan teagmháil le EPSO láithreach trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category).

I gcás fadhbanna a bhaineann le d’iarratas, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le EPSO láithreach agus go cinnte roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, trí shuíomh gréasáin EPSO (https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category). Má chuirtear ceist isteach níos lú ná 5 lá oibre roimh an sprioc-am le hiarratas a dhéanamh, is féidir nach bhfreagrófar roimh an sprioc-am iad.

4.2.   Nósanna imeachta um athbhreithniú inmheánach

4.2.1.   Earráidí sna ceisteanna ilrogha ar ríomhaire

Déanann EPSO agus na boird roghnúcháin grinnrialú cáilíochta go seasta ar an mbunachar de cheisteanna ilrogha.

Má mheasann tú nár fhéad tú ceann amháin nó níos mó de na ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a fhreagairt toisc earráid a bheith inti nó iontu, tá tú i dteideal iarraidh ar an mbord roghnúcháin an cheist nó na ceisteanna a athbhreithniú (faoin “nós imeachta neodrúcháin”).

Faoin nós imeachta sin féadfaidh an bord roghnúcháin cinneadh ar an gceist ina bhfuil an earráid a chur ar ceal agus na marcanna don cheist sin a athdháileadh ar na ceisteanna eile. Is d’iarrthóirí a raibh an cheist earráideach le freagairt acu, agus dóibh siúd amháin, a dhéanfaidh an t-athríomh pointí difear. Ní thiocfaidh aon athrú dá thoradh sin ar scéim mharcála na dtrialacha a leagtar amach sna codanna ábhartha den fhógra comórtais seo.

Ag seo an dóigh le gearán a dhéanamh faoi thriail ceisteanna ilrogha ar ríomhaire:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category),

sprioc-am: ní mór an gearán a dhéanamh laistigh de 3 lá féilire tar éis an dáta a rinne tú na trialacha ar ríomhaire,

faisnéis bhreise: déan cur síos ar an gceist ionas go bhféadfar í a aithint, agus mínigh chomh soiléir agus is féidir cad í an earráid a deirtear a bheith ann.

Gearáin a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama nó gearáin nach bhfuil cur síos soiléir iontu ar an gceist/ar na ceisteanna atá á conspóid/á gconspóid agus ar an earráid/na hearráidí a deirtear a bheith ann, ní chuirfear san áireamh iad.

Gearáin nach bhfuil luaite iontu, cuir i gcás, ach fadhbanna aistriúcháin a deirtear a bheith ann, agus gan aon sonraí eile tugtha, ní chuirfear san áireamh iad.

Is é an nós imeachta athbhreithniúcháin céanna atá i bhfeidhm maidir le hearráidí i gcleachtadh an bhosca isteach ríomhphoist.

4.2.2.   Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar aon chinneadh a rinne an bord roghnúcháin nó EPSO lena gcinntear do thorthaí nó lena gcinntear cé acu a rachaidh tú ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas nó a dhíbreofar thú.

Is féidir iarrataí ar athbhreithniú a bheith bunaithe ar:

míréireacht ábhartha i bpróiseas an chomórtais, agus/nó

an bord roghnúchán nó EPSO gan na Rialacháin Foirne (1), an fógra comórtais, iarscríbhinní an fhógra comórtais agus/nó an cásdlí a chomhlíonadh.

Tabhair do d’aire nach ceadmhach duit agóid a dhéanamh in aghaidh bhailíocht aon mheasúnú a rinne an bord roghnúcháin ar a fheabhas a chruthaigh tú i dtriail ná in aghaidh a ábhartha atá do chuid cáilíochtaí agus taithí oibre. Is breith fiúntais measúnú sin an bhoird roghnúcháin agus ní haon chruthúnas é iarrthóir a bheith ag easaontú leis an mbreith a thug an bord ar a thrialacha, a thaithí agus/nó a cháilíochtaí, ní haon chruthúnas sin go bhfuil earráid déanta ag an mbord. Ní bheidh toradh dearfach ar aon iarraidh ar athbhreithniú a dhéanfar ar an mbonn sin.

Ag seo an dóigh le hiarraidh ar athbhreithniú a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category),

sprioc-am: ní mór an iarraidh a dhéanamh laistigh de 10 lá féilire tar éis an dáta a foilsíodh an cinneadh atá á chonspóid,

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Iarrataí a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

Laistigh de 15 lá oibre gheobhaidh tú admháil go bhfuarthas d’iarraidh. An comhlacht a rinne an cinneadh atá á chonspóid, déanfaidh sé anailís air agus déanfaidh sé cinneadh i leith d’iarrata, agus a luaithe is féidir é cuirfear freagra réasúnaithe chugat.

Más toradh dearfach a bhíonn ar d’iarraidh, cuirfear isteach sa phróiseas roghnúcháin arís thú ag an gcéim a raibh tú dulta a fhad leis nuair a díbríodh thú, is cuma cén chéim atá sroichte sa chomórtas faoin tráth sin.

4.3.   Modhanna eile le conspóid a dhéanamh

4.3.1.   Gearáin riaracháin

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat gearán riaracháin a chur faoi bhráid Stiúrthóir EPSO ina cháil mar údarás ceapacháin.

Ní fhéadfaidh tú gearán a dhéanamh i gcoinne cinneadh a rinneadh, nó i gcoinne cinneadh nach ndearnadh, a bhfuil tionchar díreach láithreach aige ar do stádas dlí mar iarrthóir, ach amháin más léir gur sáraíodh rialacha an phróisis roghnúcháin. Ní féidir le Stiúrthóir EPSO breith fiúntais a thug bord roghnúcháin a chur ar ceal (féach roinn 4.2.2).

Ag seo an dóigh le gearán riaracháin a dhéanamh:

nós imeachta: déan teagmháil le EPSO trí shuíomh gréasáin EPSO amháin (https://epso.europa.eu/ga/epso-faqs-by-category),

sprioc-am: laistigh de 3 mhí tar éis fógra a bheith tugtha faoin gcinneadh atá á chonspóid nó tar éis an dáta ar cheart cinneadh a bheith déanta roimhe,

faisnéis bhreise: luaigh go soiléir an cinneadh atá á chonspóid agat agus cúiseanna na conspóide.

Gearáin a gheofar i ndiaidh an sprioc-ama, ní chuirfear san áireamh iad.

4.3.2.   Achomhairc bhreithiúnacha

I do cháil mar iarrthóir i gcomórtas oscailte, tá sé de cheart agat achomharc breithiúnach a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta, faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

Tabhair do d’aire nach mbeidh achomhairc i gcoinne cinntí a rinne EPSO seachas an bord roghnúcháin, nach mbeidh siad inghlactha os comhair na Cúirte Ginearálta mura ndearnadh achomharc riaracháin roimhe sin faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne (féach roinn 4.3.1). Go háirithe, is amhlaidh atá i gcás cinntí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta ghinearálta, arb é EPSO a dhéanann iad seachas an bord roghnúcháin.

Ag seo an dóigh le hachomharc breithiúnach a dhéanamh:

nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin na Cúirte Ginearálta (https://curia.europa.eu/jcms/).

4.3.3.   An tOmbudsman Eorpach

Is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach agus gach duine atá ina chónaí san Aontas Eorpach gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman Eorpaigh.

Sula ndéanfaidh tú sin, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis na hinstitiúidí agus na comhlachtaí lena mbaineann agus na foirmeáltachtaí riaracháin iomchuí a chomhlíonadh (féach ranna 4.1–4.3).

Ní bheidh mar thoradh ar ghearán a chur faoi bhráid an Ombudsman síneadh a chur leis na sprioc-amanna atá ann le gearáin riaracháin nó achomhairc bhreithiúnacha a dhéanamh.

Ag seo an dóigh le gearán a chur faoi bhráid an Ombudsman:

nós imeachta: gabh chuig suíomh gréasáin an Ombudsman Eorpaigh (https://www.ombudsman.europa.eu/ga/home).

4.4.   Dícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin

Féadfar tú a dhícháiliú ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin má fhaigheann EPSO amach:

gur chruthaigh tú níos mó ná cuntas EPSO amháin,

go ndearna tú iarratas ar theaglaim réimsí nó próifílí nach bhfuil ceadaithe,

nach gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta ar fad,

go ndearna tú dearbhuithe bréagacha nó dearbhú nach raibh na doiciméid chuí mar thaca leis,

nár fhreagair tú na ceisteanna sa Talent Screener;

nár chomhlíon tú téarmaí agus coinníollacha na dtástálacha a eagraítear go cianda;

nach ndearna tú coinne chun ceann amháin nó níos mó de na trialacha a dhéanamh nó nach ndearna tú ceann amháin nó níos mó de na trialacha féin,

go ndearna tú séitéireacht i dtriail,

nár dhearbhaigh tú san fhoirm iarratais na teangacha nach mór a bheith agat, de réir an fhógra comórtais seo, nó nár dhearbhaigh tú na híosleibhéil a theastaíonn sna teangacha sin,

gur fhéach tú le dul i dteagmháil le ball den bhord roghnúcháin ar dhóigh neamhúdaraithe,

nár chuir tú in iúl do EPSO go bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann a bhaineann le ball den bhord roghnúcháin,

gur i dteanga seachas an teanga/na teangacha a leagadh síos san fhógra comórtais seo a líon tú isteach d’iarratas (cuirfear san áireamh go bhféadfadh údar a bheith le teanga eile a úsáid i gcásanna áirithe, e.g. ainmneacha dílse, teidil oifigiúla, teidil poist sna doiciméid tacaíochta agus in ainmneacha/teidil dioplómaí); agus/nó

go ndearna tú nó gur scríobh tú sainmharc i dtrialacha scríofa a mharcáiltear gan aon ainm luaite leo nó i dtrialacha praiticiúla.

Ina theannta sin, mura ghlac tú páirt i dtriail nascachta ach go ndearna tú trialacha cianda ina dhiaidh sin agus go raibh fadhbanna nascachta agat, forchoimeádann EPSO an ceart gan an triail a athsceidealú.

Caithfidh daoine atá ag lorg post in institiúidí an Aontais Eorpaigh a léiriú go bhfuil siad sár-ionraic. Aon duine a dhéanann calaois nó iarracht ar chalaois, is féidir go ngearrfar pionós air, rud a d’fhéadfadh é a dhéanamh neamh-incháilithe do chomórtais eile ina dhiaidh sin.

5.   IMRÉITEACH SLÁNDÁLA

Ní mór leibhéal iomchuí an údaraithe slándála a bheith ag gach ball foirne den Choimisiún Eorpach a bhíonn ag láimhseáil faisnéis íogair agus faisnéis rúnaicmithe lena mbaineann ardleibhéal rúndachta (faisnéis rúnaicmithe AE).

Dá bhrí sin, is féidir go n-iarrfar ar na hiarrthóirí ar éirigh leo i gcomórtas, i gcás poist áirithe, deimhniú bailí ar imréiteach slándála pearsanra a bheith acu, nó a bheith in inmhe ceann a fháil in am trátha.

D’fhéadfadh sé, mar sin, mar réamhchoinníoll earcaíochta i gcás poist áirithe, go n-iarrfaí ar na hiarrthóirí ar éirigh leo an nós imeachta imréitigh slándála a dhéanann údarás inniúil náisiúnta Bhallstát a náisiúntachta a ghlacadh orthu féin.

Moltar do na hiarrthóirí iad féin a chur ar an eolas faoin bpróiseas roghnúcháin sula ndéanfaidh siad iarratas ar an gcomórtas seo.

Beidh na riachtanais sin sonraithe go soiléir san fhógra folúntais le haghaidh an phoist lena mbaineann.

6.   COSAINT SONRAÍ

Déanfar do shonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

Féach freisin an ráiteas príobháideachais sonrach maidir le cosaint sonraí pearsanta mar chuid de chomórtas oscailte (3).

Deireadh IARSCRÍBHINN II, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


(1)  Rialachán Uimh. 31 (CEE), 11 (CEFA) lena leagtar síos Rialacháin Foirne na nOifigeach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Chomhphobail Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh d’Fhuinneamh Adamhach (IO 45, 14.6.1962, lch. 1385/62) Téacs comhdhlúite: https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A01962R0031-20220101

(2)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)

(3)  https://epso.europa.eu/ga/protection-your-personal-data.


IARSCRÍBHINN III

SAMPLAÍ D’ÍOSCHÁILÍOCHTAÍ DE RÉIR AN BHALLSTÁIT AGUS DE CHUID NA RÍOCHTA AONTAITHE AGUS DE RÉIR AN GHRÁID, A FHREAGRAÍONN, I bPRIONSABAL, DO NA CINN A IARRTAR SNA FÓGRAÍ COMÓRTAIS

Cliceáil anseo má tá leagan soléite de na samplaí ag teastáil uait

TÍR

AST-SC 1 go AST-SC 6

AST 1 go AST 7

AST 3 go AST 11

AD 5 go AD 16

Oideachas meánscoile (lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-oideachas iar-mheánscoile)

Oideachas iar-mheánscoile (cúrsa ardoideachais nach cúrsa ollscoile é nó cúrsa gearr ollscoile a mhair 2 bhliain ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (a mhair 3 bliana ar a laghad)

Oideachas ar leibhéal ollscoile (4 bliana nó níos mó)

Belgique — België — Belgien

Certificat de l’enseignement secondaire supérieur (CESS)/Diploma secundair onderwijs

Diplôme d’aptitude à accéder à l’enseignement supérieur (DAES)/Getuigschrift van hoger secundair onderwijs

Diplôme d’enseignement professionnel/Getuigschrift van het beroepssecundair onderwijs

Candidature/Kandidaat

Graduat/Gegradueerde

Bachelor/Professioneel gerichte Bachelor

Bachelor académique (180 crédits)

Academisch gerichte Bachelor (180 ECTS)

Licence/Licentiaat

Master

Diplôme d’études approfondies (DEA)

Diplôme d’études spécialisées (DES)

Diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS)

Gediplomeerde in de Voortgezette Studies (GVS)

Gediplomeerde in de Gespecialiseerde Studies (GGS)

Gediplomeerde in de Aanvullende Studies (GAS)

Agrégation/Aggregaat

Ingénieur industriel/Industrieel ingenieur

Doctorat/Doctoraal diploma

България

Диплома за завършено средно образование

Специалист по …

 

Диплома за висше образование

Бакалавър

Магистър

Česko

Vysvědčení o maturitní zkoušce

Vysvědčení o absolutoriu (Absolutorium) + diplomovaný specialista (DiS.)

Diplom o ukončení bakalářského studia (Bakalář)

Diplom o ukončení vysokoškolského studia

Magistr

Doktor

Danmark

Bevis for:

Studentereksamen

Højere Forberedelseseksamen (HF)

Højere Handelseksamen (HHX)

Højere Afgangseksamen (HA)

Bac pro: Bevis for Højere Teknisk Eksamen (HTX)

Videregående uddannelser

= Bevis for = Eksamensbevis som (erhvervsakademiuddannelse AK)

Bachelorgrad (BA eller BS)

Professionsbachelorgrad

Diplomingeniør

Kandidatgrad/Candidatus

Master/Magistergrad (mag.art)

Licenciatgrad

ph.d.-grad

Deutschland

Abitur/Zeugnis der allgemeinen Hochschulreife

Fachabitur/Zeugnis der Fachhochschulreife

 

Fachhochschulabschluss

Bachelor

Hochschulabschluss/Fachhochschulabschluss/Master

Magister Artium/Magistra Artium

Staatsexamen/Diplom

Erstes Juristisches Staatsexamen

Doktorgrad

Eesti

Gümnaasiumi lõputunnistus + riigieksamitunnistus

Lõputunnistus kutsekeskhariduse omandamise kohta

Tunnistus keskhariduse baasil kutsekeskhariduse omandamise kohta

Bakalaureusekraad (min 120 ainepunkti)

Bakalaureusekraad (< 160 ainepunkti)

Rakenduskõrghariduse diplom

Bakalaureusekraad (160 ainepunkti)

Magistrikraad

Arstikraad

Hambaarstikraad

Loomaarstikraad

Filosoofiadoktor

Doktorikraad (120–160 ainepunkti)

Éire/Ireland

Ardteistiméireacht, Grád D3, I 5 ábhar/Leaving Certificate Grade D3 in 5 subjects

Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT)/Leaving Certificate Vocational Programme (LCVP)

Teastas Náisiúnta/National Certificate

Gnáthchéim bhaitsiléara/Ordinary bachelor degree

Dioplóma náisiúnta (ND, Dip.)/National diploma (ND, Dip.)

Ardteastas (120 ECTS)/Higher Certificate (120 ECTS)

Céim onóracha bhaitsiléara (3 bliana/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)/Honours bachelor degree (3 years/180 ECTS) (BA, B.Sc, B.Eng)

Céim onóracha bhaitsiléara (4 bliana/240 ECTS)/Honours bachelor degree (4 years/240 ECTS)

Céim ollscoile/University degree

Céim mháistir (60-120 ECTS)/Master’s degree (60-120 ECTS)

Dochtúireacht/Doctorate

Ελλάδα

Απολυτήριο Γενικού Λυκείου Απολυτήριο Κλασικού Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνικού Επαγγελματικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Πολυκλαδικού Λυκείου

Απολυτήριο Ενιαίου Λυκείου

Απολυτήριο Τεχνολογικού Επαγγελματικού Εκπαιδευτηρίου

Δίπλωμα επαγγελματικής κατάρτισης (ΙΕΚ)

 

Πτυχίο ΑΕΙ (πανεπιστημίου, πολυτεχνείου, ΤΕΙ)

Μεταπτυχιακό Δίπλωμα Ειδίκευσης (2ος κύκλος)

Διδακτορικό Δίπλωμα (3ος κύκλος)

España

Bachillerato + Curso de Orientación Universitaria (COU)

Bachillerato

BUP

Diploma de Técnico especialista

FP grado superior (Técnico superior)

Diplomado/Ingeniero técnico

Licenciatura

Máster

Ingeniero

Título de Doctor

France

Baccalauréat

Diplôme d’accès aux études universitaires (DAEU)

Brevet de technicien

Diplôme d’études universitaires générales (DEUG)

Brevet de technicien supérieur (BTS)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Diplôme d’études universitaires scientifiques et techniques (DEUST)

Licence

Maîtrise

Maîtrise des sciences et techniques (MST), maîtrise des sciences de gestion (MSG), diplôme d’études supérieures techniques (DEST), diplôme de recherche technologique (DRT), diplôme d’études supérieures spécialisées (DESS), diplôme d’études approfondies (DEA), master 1, master 2 professionnel, master 2 recherche

Diplôme des grandes écoles

Diplôme d’ingénieur

Doctorat

Hrvatska

Svjedodžba o državnoj maturi

Svjedodžba o završnom ispitu

Stručni pristupnik/pristupnica

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Baccalaureus/Baccalaurea (sveučilišni prvostupnik/prvostupnica)

Stručni specijalist

Magistar struke

Magistar inženjer/magistrica inženjerka (mag. ing)

Doktor struke

Doktor umjetnosti

Italia

Diploma di maturità (vecchio ordinamento)

Perito ragioniere

Diploma di superamento dell’esame di Stato conclusivo dei corsi di studio di istruzione secondaria superiore

Diploma universitario (DU)

Certificato di specializzazione tecnica superiore

Attestato di competenza (4 semestri)

Diploma di laurea — L (breve)

Diploma di laurea (DL)

Laurea specialistica (LS)

Master di I livello

Dottorato di ricerca (DR)

Κύπρος

Απολυτήριο

Δίπλωμα = Programmes offered by Public/Private Schools of Higher Education (for the latter accreditation is compulsory)

Higher Diploma

 

Πανεπιστημιακό Πτυχίο/Bachelor

Master

Doctorat

Latvija

Atestāts par vispārējo vidējo izglītību

Diploms par profesionālo vidējo izglītību

Diploms par pirmā līmeņa profesionālo augstāko izglītību

Bakalaura diploms (min. 120 kredītpunktu)

Bakalaura diploms (160 kredītpunktu)

Profesionālā bakalaura diploms

Maģistra diploms

Profesionālā maģistra diploms

Doktora grāds

Lietuva

Brandos atestatas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštesniojo mokslo diplomas

Profesinio bakalauro diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Aukštojo mokslo diplomas

Bakalauro diplomas

Magistro diplomas

Daktaro diplomas

Meno licenciato diplomas

Luxembourg

Diplôme de fin d’études secondaires et techniques

BTS

Brevet de maîtrise

Brevet de technicien supérieur

Diplôme de premier cycle universitaire (DPCU)

Diplôme universitaire de technologie (DUT)

Bachelor

Diplôme d’ingénieur technicien

Master

Diplôme d’ingénieur industriel

DESS en droit européen

Magyarország

Gimnáziumi érettségi bizonyítvány

Szakközépiskolai érettségi-képesítő bizonyítvány

Felsőfokú szakképesítést igazoló bizonyítvány (Higher Vocational Programme)

Főiskolai oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 180 credits)

Egyetemi oklevél

Alapfokozat (Bachelor degree 240 credits)

Mesterfokozat (Master degree) (Osztatlan mesterképzés)

Doktori fokozat

Malta

Advanced Matriculation or GCE Advanced level in 3 subjects (2 of them grade C or higher)

Matriculation certificate (2 subjects at Advanced level and 4 at Intermediate level including Systems of Knowledge with overall grade A-C) + Passes in the Secondary Education Certificate examination at Grade 5

2 À Levels (passes A-C) + a number of subjects at Ordinary level, or equivalent

MCAST diplomas/certificates

Higher National Diploma

Bachelor’s degree

Bachelor’s degree

Master of Arts

Doctorate

Nederland

Diploma VWO

Diploma staatsexamen (2 diploma’s)

Diploma staatsexamen voorbereidend wetenschappelijk onderwijs (Diploma staatsexamen VWO)

Diploma staatsexamen hoger algemeen voortgezet onderwijs (Diploma staatsexamen HAVO)

Kandidaatsexamen

Associate degree (AD)

Bachelor (WO)

HBO bachelor degree

Baccalaureus of «Ingenieur»

HBO/WO Master’s degree

Doctoraal examen/Doctoraat

Österreich

Matura/Reifeprüfung

Reife- und Diplomprüfung

Berufsreifeprüfung

Kollegdiplom/Akademiediplom

Fachhochschuldiplom/Bakkalaureus/Bakkalaurea

Universitätsdiplom

Fachhochschuldiplom

Magister/Magistra

Master

Diplomprüfung, Diplom-Ingenieur

Magisterprüfungszeugnis Rigorosenzeugnis

Doktortitel

Polska

Świadectwo dojrzałości

Świadectwo ukończenia liceum ogólnokształcącego

Dyplom ukończenia kolegium nauczycielskiego

Świadectwo ukończenia szkoły policealnej

Licencjat/Inżynier

Magister/Magister inżynier

Dyplom doktora

Portugal

Diploma de Ensino Secundário

Certificado de Habilitações do Ensino Secundário

 

Bacharel Licenciado

Licenciado

Mestre

Doutorado

România

Diplomă de bacalaureat

Diplomă de absolvire (colegiu universitar)

Învățământ preuniversitar

Diplomă de licenţă

Diplomă de licenţă

Diplomă de inginer

Diplomă de urbanist

Diplomă de master

Certificat de atestare (studii academice postuniversitare)

Diplomă de doctor

Slovenija

Maturitetno spričevalo (spričevalo o poklicni maturi) (spričevalo o zaključnem izpitu)

Diploma višje strokovne šole

Diploma o pridobljeni visoki strokovni izobrazbi

Univerzitetna diploma

Magisterij

Specializacija

Doktorat

Slovensko

Vysvedčenie o maturitnej skúške

Absolventský diplom

Diplom o ukončení bakalárskeho štúdia (Bakalár)

Diplom o ukončení vysokoškolského štúdia

Bakalár (Bc.)

Magister

Magister/Inžinier

ArtD.

Suomi/Finland

Ylioppilastutkinto tai peruskoulu + kolmen vuoden ammatillinen koulutus – Studentexamen eller grundskola + treårig yrkesinriktad utbildning

Todistus yhdistelmäopinnoista (Betyg över kombinationsstudier)

Ammatillinen opistoasteen tutkinto – Yrkesexamen på institutnivå

Kandidaatin tutkinto – Kandidatexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 120 opintoviikkoa – studieveckor)

Maisterin tutkinto – Magisterexamen/Ammattikorkeakoulututkinto – Yrkeshögskoleexamen (min. 160 opintoviikkoa – studieveckor)

Tohtorin tutkinto (Doktorsexamen) joko 4 vuotta tai 2 vuotta lisensiaatin tutkinnon jälkeen – antingen 4 år eller 2 år efter licentiatexamen

Lisensiaatti/Licentiat

Sverige

Slutbetyg från gymnasieskolan (3-årig gymnasial utbildning)

Högskoleexamen (80 poäng)

Högskoleexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Yrkeshögskoleexamen/Kvalificerad yrkeshögskoleexamen, 1–3 år

Kandidatexamen (akademisk examen omfattande minst 120 poäng, varav 60 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 10 poäng)

Meriter på grundnivå: Kandidatexamen, 3 år, 180 högskolepoäng (Bachelor)

Magisterexamen (akademisk examen omfattande minst 160 poäng, varav 80 poäng fördjupade studier i ett ämne + uppsats motsvarande 20 poäng eller två uppsatser motsvarande 10 poäng vardera)

Licentiatexamen

Doktorsexamen

Meriter på avancerad nivå:

Magisterexamen, 1 år, 60 högskolepoäng

Masterexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Meriter på forskarnivå:

Licentiatexamen, 2 år, 120 högskolepoäng

Doktorsexamen, 4 år, 240 högskolepoäng

United Kingdom

General Certificate of Education Advanced level — 2 passes or equivalent (grades A to E)

BTEC National Diploma

General National Vocational Qualification (GNVQ), advanced level

Advanced Vocational Certificate of Education, À level (VCE À level)

Higher National Diploma/Certificate (BTEC)/SCOTVEC

Diploma of Higher Education (DipHE)

National Vocational Qualifications (NVQ)

Scottish Vocational Qualifications (SVQ) level 4

(Honours) Bachelor degree

NB: Master’s degree in Scotland

Honours Bachelor degree

Master’s degree (MA, MB, MEng, MPhil, MSc)

Doctorate

NOTE:

UK diplomas awarded in 2020 (until 31 December 2020) are accepted without an equivalence. UK diplomas awarded as from 1 January 2021 must be accompanied by an equivalence issued by a competent authority of an EU Member State.

Deireadh IARSCRÍBHINN III, cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs


IARSCRÍBHINN IV

AN TALENT SCREENER: CRITÉIR AGUS PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN

A.   Critéir roghnúcháin an Talent Screener

Sa roinn seo liostaítear na critéir roghnúcháin a chuirfidh an Bord Roghnúcháin i bhfeidhm ag céim an Talent Screener sa chomórtas.

A.1.    Réimse 1 — fuinneamh

1.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre in anailís mhargaidh agus/nó i bhforbairt agus cothabháil uirlisí samhaltaithe atá ábhartha don fhorbairt beartais, i réimse an fhuinnimh. Áirítear leis sin uirlisí amhail samhlacha fuinnimh cothromaíochta páirtí, samhaltú earnáil na cumhachta, samhaltú measúnaithe comhtháite, samhaltú cothromaíochta ginearálta, micreashamhaltú agus macrashamhaltú.

2.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre in ionstraimí airgeadais, i maoiniú tionscadail, i dtionscadail infheistíochta ar fud an tslabhra luacha fuinnimh ar fad, idir sholáthar/éileamh domhanda, sásraí margaidh, bhonneagar agus slándáil soláthair, i gceann amháin nó níos mó de na réimsí dá dtagraítear i roinn 3.3.1.(b) den fhógra seo.

3.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i ndlí fuinnimh a fhorbairt, a chur chun feidhme agus/nó a fhorfheidhmiú, agus faireachán a dhéanamh air, san earnáil phoiblí nó phríobháideach.

4.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i mbeartas/straitéis/rialachán a dhearadh, a chur chun feidhme nó iad a chur faoi chaibidil nó faireachán a dhéanamh orthu i gceann amháin nó níos mó de na réimsí dá dtagraítear i roinn 3.3.1.(b) den fhógra seo.

5.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i dteicneolaíochtaí digiteacha a fhorbairt, a chur chun feidhme nó a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear teicneolaíochtaí a bhaineann leis an gcibearshlandáil, i gceann amháin nó níos mó de na réimsí dá dtagraítear i roinn 3.3.1.(b) den fhógra seo.

6.

Taithí oibre i seirbhísí tomhaltóirí, rannpháirtíocht saoránach, soláthar nó díol i gceann amháin nó níos mó de na réimsí dá dtagraítear i roinn 3.3.1.(b) den fhógra seo.

7.

Taithí oibre i bhforbairt nó cur in úsáid teicneolaíochtaí nuálacha atá ábhartha d’fhuinneamh, lena n-áirítear fuinnimh breosla iontaise, fuinnimh núicléach, fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh, teicneolaíochtaí fuinnimh ísealcharbóin, teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin, teicneolaíochtaí tionsclaíocha, agus hidrigin, i gceann amháin nó níos mó de na réimsí dá dtagraítear i roinn 3.3.1.(b) den fhógra seo.

8.

Dioplóma céime nó iarchéime san innealtóireacht nó i réimse an fhuinnimh, nó i speisialtóireacht acadúil (lena n-áirítear tráchtas) i réimse an fhuinnimh a baineadh amach agus iad ag gabháil do chéim ollscoile nó iarchéime, nó d’oiliúint speisialta i réimse an fhuinnimh.

A.2.    Réimse 2 — an aeráid

1.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i bhforbairt agus cothabháil uirlisí samhaltaithe atá ábhartha d’fhorbairt beartais i réimse na haeráide, lena n-áirítear uirlisí lena gcumhdaítear fuinneamh, iompar, tionscal, dramhaíl, talmhaíocht, earnálacha úsáide talún, agus uirlisí lena gcumhdaítear tionchair ar an aeráid. Áirítear leis sin uirlisí samhaltaithe amhail samhlacha cothromaíochta páirtí, samhaltú measúnaithe comhtháite, samhaltú truaillithe, samhaltú cothromaíochta ginearálta, tionchair an athraithe aeráide agus samhaltú oiriúnúcháin, samhaltú úsáide talún, etc.

2.

Bliain amháin ar a laghad te thaithí oibre a bhaineann le forbairt nó cur in úsáid teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide nó taighde fúthu. Áirítear leis sin teicneolaíochtaí i réimse giniúna fuinnimh, úsáide fuinnimh agus bonneagair fuinnimh, teicneolaíochtaí gabhála agus stórála carbóin, teicneolaíochtaí don iompar de bhóthar, don iompar ar muir agus don iompar eitlíochta, teicneolaíochtaí dramhaíola agus athchúrsála, teicneolaíochtaí ionadaíocha do shubstaintí ídithe ózóin, agus teicneolaíochtaí lenar féidir oiriúnú don athrú aeráide agus dul i ngleic leis na tionchair a ghabhann leis.

3.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i réimse na margaí carbóin nó fuinnimh (go háirithe an margadh do lamháltais chóras an Aontais i ndáil le trádáil astaíochtaí), lena n-áirítear taithí mar anailísí, trádálaí nó rialtóir margaidh.

4.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre sa réimse maidir le truailleáin chomhshaoil a thuairisciú, a fhíorú nó faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa, mar shampla ag cuideachta phríobháideach, eagraíocht neamhbhrabúis, nó ar leibhéal na hearnála, na bpáirtithe leasmhara nó an rialtais.

5.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i réimse na nguaiseacha nó na dtionchar maidir leis an athrú aeráide agus leochaileachtaí gaolmhara agus roghanna oiriúnúcháin, nó i bhforbairt seirbhísí ábhartha aeráide lenar féidir oiriúnú níos fearr don athrú aeráide.

6.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre (i) i réimse na dtáirgí maoinithe aeráide, lena n-áirítear na seirbhísí sin a fhorbairt, nó (ii) mar anailísí margaidh ar na seirbhísí sin.

7.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i bhforbairt agus cur chun feidhme beartais atá ábhartha don aeráid i réimse na húsáide talún agus na talmhaíochta, feithiclí agus breoslaí, agus substaintí ídithe ózóin agus a n-ionadaithe.

A.3.    Réimse 3 — an comhshaol

1.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre ag déanamh anailísí socheacnamaíocha, dlíthiúla, beartais agus/nó eolaíocha i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha seo a leanas: an geilleagar ciorclach (lena n-áirítear beartas maidir le táirgí inbhuanaithe, ceimiceáin inbhuanaithe agus dramhaíl inbhuanaithe), an maoiniú inbhuanaithe, an bhithéagsúlacht, cosaint/caomhnú/athbhunú foraoise agus ithreach, bainistiú fionnuisce agus uisce mara, dul i ngleic le truailliú ithreach, uisce nó aeir, nó rialachas comhshaoil.

2.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i ndearadh beartas, straitéisí nó rialachán, iad a chaibidliú nó a chur chun feidhme nó faireachán a dhéanamh orthu i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha seo a leanas: geilleagar ciorclach, maoiniú inbhuanaithe, bithéagsúlacht, cosaint/caomhnú/athbhunú foraoise agus ithreach, bainistiú uisce, dul i ngleic le truailliú ithreach, uisce nó aeir.

3.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i bhforbairt agus/nó cur in úsáid teicneolaíochtaí nuálacha comhshaoil lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas: geilleagar ciorclach, bithéagsúlacht, cosaint/caomhnú/athbhunú foraoise agus ithreach, bainistiú uisce, dul i ngleic le truailliú ithreach, uisce nó aeir.

4.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre ag obair do chuideachtaí príobháideacha nó d’eagraíochtaí neamhbhrabúis, nó ar leibhéal an rialtais réigiúnaigh, náisiúnta nó idirnáisiúnta ag déanamh faireacháin ar tháscairí ábhartha comhshaoil, á dtuairisciú nó á bhfíorú (e.g. i ndáil le truailliú, bainistiú uisce nó cailliúint bithéagsúlachta).

5.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre ag obair do chuideachtaí príobháideacha nó d’eagraíochtaí neamhbhrabúis ar leibhéal an rialtais réigiúnaigh, náisiúnta nó idirnáisiúnta ag áirithiú chur chun feidhme cuí an acquis atá ann cheana i réimse an chomhshaoil.

6.

Bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre i bhforbairt, anailísiú, agus/nó cur in úsáid táirgí maoinithe inbhuanaithe i réimse an chomhshaoil, nó ag déanamh anailísí margaidh do na táirgí/seirbhísí sin.

B.   Nós imeachta

B.1.    An t-ord ina ndéanfar measúnú ar na hiarratais a chinneadh

1.

Agus an roinn “Taithí Oibre” dá n-iarratas á líonadh isteach acu, beidh ar na hiarrthóirí, i ngach iontráil, an céatadán den am a caitheadh le ceann amháin nó níos mó de na “cúraimí” ó liosta ar leith a chur in iúl, ar liosta é a fhreagraíonn den chuid is mó do na critéir roghnúcháin atá sa liosta i Roinn A thuas. Ar an gcaoi sin, beifear in ann fad foriomlán na taithí (i laethanta) a ríomh i dtaca le cúram ar leith.

2.

Tabharfaidh an Bord Roghnúcháin ualú (ó 1 go dtí 3) do gach cúram agus do gach ceist sa Talent Screener (féach mír 1 i roinn B.2 thíos), a léiríonn a dtábhacht choibhneasta.

3.

Déanfar líon foriomlán na laethanta a caitheadh ar chúram ar leith (féach mír 1 thuas) a iolrú faoin ualú a thugann an Bord Roghnúcháin don chúram sin. Leis sin — i gcás gach iarrthóra — cuirfear marc in aghaidh an chúraim ar fáil mar aon leis an marc comhiomlán le haghaidh na gcúraimí ar fad.

4.

Déanfar an rangú a tharraingt suas in ord íslitheach de réir mharcanna comhiomlána na n-iarrthóirí.

5.

Na marcanna agus an rangú a leagtar síos i gcomhréir leis an roinn seo, ní chuirfear san áireamh iad chun a chinneadh cé na hiarrthóirí ar féidir leo dul ar aghaidh chun na chéad chéime eile den chomórtas. Is é an Bord Roghnúcháin amháin a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chun na chéad chéime eile den chomórtas, ar bhonn na marcanna ualaithe a bronnadh i gcomhréir le Roinn B.2.

B.2.    Iarrthóirí a roghnú tríd an Talent Screener

1.

Agus an roinn “Talent Screener” den fhoirm iarratais á líonadh isteach, ní mór do na hiarrthóirí uile aon tacar amháin ceisteanna a fhreagairt agus an t-eolas a iarrtar a thabhairt. Beidh na ceisteanna sin bunaithe ar na critéir roghnúcháin a liostaítear i roinn A thuas. Is ar bhonn na bhfreagraí a thug na hiarrthóirí ar cheisteanna an “Talent Screener”, agus ar a bhonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí. Ní mór do na hiarrthóirí gach eolas ábhartha a thabhairt sna freagraí ar cheisteanna an “Talent Screener”, fiú má cuireadh an t-eolas céanna isteach cheana i ranna eile den fhoirm iarratais. Déanfar neamhshuim d’aon tagairtí do dhoiciméid a uaslódáladh chuig cuntas EPSO an iarrthóra ná d’aon tagairtí eile (amhail naisc chuig suíomhanna gréasáin). Ní chuirfear san áireamh ach an téacs a líon an t-iarrthóir isteach sna réimsí cuí, mar fhreagra ar na ceisteanna a bhaineann leis an Talent Screener.

2.

Is in ord íslitheach an rangaithe a leagadh síos i gcomhréir le roinn B.1 a rachaidh an Bord Roghnúcháin ar aghaidh go dtí an measúnú ar fhreagraí na n-iarrthóirí sa roinn “Talent Screener” san fhoirm iarratais.

3.

Scrúdóidh an Bord Roghnúcháin freagraí an Talent Screener a thug na hiarrthóirí ar fad agus bronnfaidh sé marc ó 0 go dtí 4 do gach freagra. Iolrófar na pointí sin faoin ualú a shocróidh an Bord Roghnúcháin i dtaca le gach ceist sa Talent Screener (féach roinn B.1, mír 2 thuas). Ar deireadh, déanfar pointí ualaithe gach ceiste sa “Talent Screener” a shuimiú chun marc foriomlán a fháil.

4.

Déanfaidh an Bord Roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí in aghaidh an réimse in ord na marcanna foriomlána a bronnadh de réir mhír 3.

5.

Na hiarrthóirí a ghnóthóidh na marcanna is airde, tabharfar cuireadh dóibh chun na chéad chéime eile den chomórtas.

Deireadh IARSCRÍBHINN IV. Cliceáil anseo chun filleadh ar an bpríomhthéacs