ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 398

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
17 Deireadh Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2022/C 398/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1

 

Chúirt Ghinearálta

2022/C 398/02

Comhaltaí nua den Chúirt Ghinearálta a chur faoi mhionn

2

2022/C 398/03

Toghadh Uachtarán na Cúirte Ginearálta

2

2022/C 398/04

Toghadh Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta

2

2022/C 398/05

Toghadh Uachtaráin na nDlísheomraí

3

2022/C 398/06

Comhdhéanamh na nDlísheomraí agus sannadh Breithiúna ar na Dlísheomraí

3

2022/C 398/07

Comhdhéanamh an Mhór-Dhlísheomra

7

2022/C 398/08

Ainmniú an Bhreithimh a ghabhfaidh ionad Breithimh nach féidir leis feidhmiú

7

2022/C 398/09

Critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí

8


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2022/C 398/10

Cás C-278/20: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 28 Meitheamh 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne (Mainneachtain Bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Dliteanas na mBallstát i leith damáiste a rinneadh do dhaoine príobháideacha mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais – Sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta – Sárú ar Bhunreacht Ballstáit atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta – Prionsabal an chomhionannais agus prionsabal na héifeachtachta)

9

2022/C 398/11

Cás C-67/22: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 1 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Pharol, SGPS, SA v Autoridade Tributária e Aduaneira (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de rialacha nós imeachta na Cúirte – Airteagail 63 agus 65 CFAE – Saorghluaiseacht chaipitil – Cáin ar ioncam daoine dlítheanacha – Díbhinní arna bhfáil ó chuideachta atá bunaithe i mBallstát na cuideachta is faighteoir – Díbhinní arna bhfáil ó chuideachta atá bunaithe i dtríú tír – Reachtaíocht náisiúnta atá ceaptha deireadh a chur le cánachas dúbailte – Difríocht sa chóir – Srian – Réasúnú – Éifeachtacht na maoirseachta cánach – Easpa oibleagáid chonarthach faisnéis chánach a nochtadh)

10

2022/C 398/12

Cás C-802/21 P: Achomharc arna thabhairt an 19 Nollaig 2021 ag Ioana-Felicia Rosca i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 20 Deireadh Fómhair 2021 i gCás T-434/19, Rosca v an Coimisiún

11

2022/C 398/13

Cás C-344/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) an 27 Bealtaine 2022 – Gemeinde A v Finanzamt

11

2022/C 398/14

Cás T-461/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Hannover (an Ghearmáin) a taisceadh an 12 Iúil 2022 – MK v WB

11

2022/C 398/15

Cás C-474/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) an 15 Iúil 2022 – Laudamotion GmbH v flightright GmbH

12

2022/C 398/16

Cás C-481/22: Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2022 – an Coimisiún v Éire

13

2022/C 398/17

Cás C-496/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 22 Iúil 2022 – EI v SC Brink’s Cash Solutions SRL

13

2022/C 398/18

Cás C-516/22: Caingean arna tabhairt an 29 Iúil 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

14

2022/C 398/19

Cás C-517/22 P: Achomharc arna thabhairt an 2 Lúnasa 2022 ag Eurobolt BV, Fabory Nederland BV, ASF Fischer BV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 18 Bealtaine 2022 i gCás T-479/20, Eurobolt agus páirtithe eile v an Coimisiún

15

2022/C 398/20

Cás C-524/22 P: Achomharc arna thabhairt an 4 Lúnasa 2022 ag Amer Foz i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 18 Bealtaine 2022 i gCás T-296/20, Foz v an Chomhairle

16

2022/C 398/21

Cás C-539/22 P: Achomharc arna thabhairt an 10 Lúnasa 2022 ag Antonio Del Valle Ruíz, Alejandra Pérez Mina, Alejandro Finkler Kudler, Alonso de Garay Gutiérrez, Arantzazu Del Valle Diharce, Arturo Grinberg Kreimerman, Carlos Ruíz Sacristán, Edmundo Del Valle Diharce, Elias Abadi Cherem, Enrique Rojas Blásquez, Eugenio Santiago Clariond Reyes, Fernando Ramos González de Castilla, Gerardo Madrazo Gómez, Germán Larrea Mota Velasco, Jacobo Troice Jalife, Jaime Abadi Cherem, Jorge Esteve Recolons, José Eduardo Del Valle Diharce, José Manuel Fierro Von Mohr, José María Casanueva Y Llaguno, Juan Pablo Del Valle Perochena, Julio Andrés Maza Casas, Luís de Garay Russ, Luis Francisco Suinaga Aguilár, María de Guadalupe Del Valle Perochena, Rogelio Barrenechea Cuenca, Xochitl Montero De Garay, Inmobiliaria Asturval, SA de CV, Bauhaus Partners Ltd, DGFam Fund, LP, Eureka Global Pte Ltd, Fideicomiso 70385-0 Bancomer (Antonio Cosío y Familia), Tanoak Ltd, GBM Capital Bursátil, SA de CV, Fondo de Inversión de Renta Variable, GBM Fondo de Inversión Total, SA de CV, Fondo de Inversión de Renta Variable, GBM Global, SA de CV, Fondo de Inversión de Renta Variable, Grow Investments LP, Grup Bursátil Mexicano, SA de CV, Casa de Bolsa, Hechos con Amor, SA de CV, Miura LP, Simple Investments LP, Terra Gamma Partners CV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Tríú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-510/17, Del Valle Ruíz agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA

18

2022/C 398/22

Cás C-579/22 P: Achomharc arna thabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 ag Anglo Austrian AAB AG atá faoi leacht i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-797/19, Anglo Austrian AAB AG atá faoi leacht v an Banc Ceannais Eorpach

19

2022/C 398/23

Cás C-581/22 P: Achomharc thabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 ag thyssenkrupp AG i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-584/19, thyssenkrupp v an Coimisiún

20

2022/C 398/24

Cás C-587/22: Caingean arna tionscnamh an 8 Meán Fómhair 2022 – An Coimisiún Eorpach v an Ungáir

22

 

Chúirt Ghinearálta

2022/C 398/25

Cás T-642/19: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – JCDecaux Street Furniture Belgium v an Coimisiún (Státchabhair – Beart cabhrach arna chur chun feidhme ag an mBeilg mar thaca le JCDecaux Street Furniture Belgium – Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an beart cabhrach ag luí leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear í a ghnóthú – Buntáiste – Oibleagáid cúiseanna a lua)

23

2022/C 398/26

Cás T-85/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 17 Lúnasa 2022 – Batchelor v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú – Ionadaíocht arna déanamh ag dlíodóir nach bhfuil stádas tríú páirtí neamhspleách maidir leis an iarratasóir aige – Do-ghlacthacht)

23

2022/C 398/27

Cás T-592/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Lúnasa 2022 – Kakuzo v EUIPO – Rauch Fruchtsäfte (Kakuzo) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

24

2022/C 398/28

Cás T-622/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Lúnasa 2022 – Puma v EUIPO – SMB Swisspour (PUMA) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an iarraidh ar chlárúchán – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

25

2022/C 398/29

Cás T-742/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 1 Lúnasa 2022 – Preventicus v EUIPO (NIGHTWATCH) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Cúlghairm an chinnidh a chonspóidtear – Dul in éag ábhar na díospóide – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

25

2022/C 398/30

Cás T-51/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 29 Iúil 2022 – Santos v EUIPO (Cruth súire citris) (Caingean le haghaidh neamhniú – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh – Cruth súire citris – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1)(b) den Rialachán (AE) 2017/1001 – Cinneadh a glacadh tar éis cinneadh a rinneadh roimhe sin a chúlghairm – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

26

2022/C 398/31

Cás T-269/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Lúnasa 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún (Bearta eatramhacha – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 – Údarú margaíochta a dheonú d'fhúmaráit démheitil Polpharma – fúmaráit dé-mheitil – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

26

2022/C 398/32

Cás T-278/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Lúnasa 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún (Nós imeachta eatramhach – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 – Údarú margaíochta a dheonú d'fhúmaráit démheitil Neuraxpharm – fúmaráit dé-mheitil – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

27

2022/C 398/33

Cás T-279/22 R: Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Lúnasa 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún (Bearta eatramhacha – Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine – Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 – Údarú margaíochta a dheonú d'fhúmaráit démheitil Mylan – fúmaráit dé-mheitil – Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí – Easpa práinne)

27

2022/C 398/34

Cás T-458/22: Caingean arna tabhairt an 21 Iúil 2022 – Ryanair v an Coimisiún

28

2022/C 398/35

Cás T-474/22: Caingean arna tabhairt an 1 Lúnasa 2022 – Imasa, Ingeniería y Proyectos v an Coimisiún agus páirtithe eile

29

2022/C 398/36

Cás T-475/22: Caingean arna tabhairt an 1 Lúnasa 2022 – Fundación Pedro Barrié de la Maza, Conde de Fenosa v an Coimisiún agus páirtithe eile

30

2022/C 398/37

Cás T-477/22: Caingean arna tabhairt an 1 Lúnasa 2022 – Calatrava Real State 2015 v an Coimisiún agus páirtithe eile

30

2022/C 398/38

Cás T-512/22: Caingean arna tabhairt an 16 Lúnasa 2022 – an Phortaingéil v an Coimisiún

31

2022/C 398/39

Cás T-516/22: Caingean arna tabhairt an 25 Lúnasa 2022 – Deutsche Glasfaser Wholesale v EUIPO – O2 Worldwide (brightblue)

32

2022/C 398/40

Cás T-518/22: Caingean arna tabhairt an 26 Lúnasa 2022 – GKP v EUIPO – Cristalfarma (TIARA RUBIS)

33

2022/C 398/41

Cás T-519/22: Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2022 – Société des produits Nestlé v EUIPO – European Food (FITNESS)

34

2022/C 398/42

Cás T-535/22: Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – NZ v Commission

35

2022/C 398/43

Cás T-540/22: Caingean arna tabhairt an 2 Meán Fómhair 2022 – an Fhrainc v BRA

36

2022/C 398/44

Cás T-138/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Lúnasa 2022 – Virbac v an Coimisiún

36

2022/C 398/45

Cás T-176/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 29 Lúnasa 2022 – Mellish v an Coimisiún

37


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2022/C 398/01)

Foilseachán deiridh

IO C 389, 10.10.2022

Foilseacháin stairiúla

IO C 380, 3.10.2022

IO C 368, 26.9.2022

IO C 359, 19.9.2022

IO C 340, 5.9.2022

IO C 326, 29.8.2022

IO C 318, 22.8.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


Chúirt Ghinearálta

17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/2


Comhaltaí nua den Chúirt Ghinearálta a chur faoi mhionn

(2022/C 398/02)

Ceapadh Goulielmos Valasidis mar bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh le cinneadh ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh an 27 Aibreán 2022, (1) don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2028, agus cuireadh faoi mhionn é os comhair na Cúirte Breithiúnais an 15 Meán Fómhair 2022.

Ceapadh Steven Verschuur mar bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh le cinneadh ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh an 29 Meitheamh 2022, (2) don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2028, agus cuireadh faoi mhionn é os comhair na Cúirte Breithiúnais an 15 Meán Fómhair 2022.

Ceapadh Elisabeth Tichy-Fisslberger mar bhreitheamh de Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh le cinneadh ó Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh an 20 Iúil 2022, (3) don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2028, agus cuireadh faoi mhionn í os comhair na Cúirte Breithiúnais an 15 Meán Fómhair 2022


(1)  IO L 126, 29.4.2022, lch. 23.

(2)  IO L 173, 30.6.2022, lch. 77.

(3)  IO L 198, 27.7.2022, lch. 16.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/2


Toghadh Uachtarán na Cúirte Ginearálta

(2022/C 398/03)

Ag teacht le chéile dóibh an 16 Meán Fómhair 2022, thogh Breithiúna den Chúirt Ghinearálta, i gcomhréir le hAirteagal 9(1) de na Rialacha Nós Imeachta, an Breitheamh Marc van der Woude, Uasal, mar Uachtarán na Cúirte Ginearálta, don tréimhse ón 16 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2025.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/2


Toghadh Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta

(2022/C 398/04)

I dtionól an 16 Meán Fómhair 2022, rinne Breithiúna na Cúirte Ginearálta, i gcomhréir le hAirteagal 9(4) de na Rialacha Nós Imeachta, an Breitheamh Savvas Papasavvas, Uasal, a thoghadh ina Leas-Uachtarán ar an gCúirt Ghinearálta, ar feadh na tréimhse ón 16 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2025.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/3


Toghadh Uachtaráin na nDlísheomraí

(2022/C 398/05)

An 19 Meán Fómhair 2022, thogh an Chúirt Ghinearálta, i gcomhréir le hAirteagail 9(3) agus 18(1) de na Rialacha Nós Imeachta, mar Uachtaráin ar Dhlísheomraí ina suí le triúr agus cúigear Breithiúna ar feadh na tréimhse ón 19 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2025:

Spielmann, Uasal;

Marcoulli, Uasal;

Schalin, Uasal;

da Silva Passos, Uasal;

Svenningsen, Uasal;

Costeira, Uasal;

Kowalik-Bańczyk, Uasal;

Kornezov, Uasal;

Truchot, Uasal;

Porchia, Uasal.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/3


Comhdhéanamh na nDlísheomraí agus sannadh Breithiúna ar na Dlísheomraí

(2022/C 398/06)

Le linn a comhdhála iomlánaí an 19 Meán Fómhair 2022, chinn an Chúirt Ghinearálta, agus í comhdhéanta de 54 Breithiúna, ocht nDlísheomra comhdhéanta de chúigear Breithiúna a chur ar bun, ina suí le cúigear agus le triúr Breithiúna, a shannadh ar sé fhoirmíocht, agus dhá Dhlísheomra comhdhéanta de seisear Breithiúna, ina suí le cúigear agus le triúr breithiúna, a shannadh ar deich bhfoirmíocht, don tréimhse ón 19 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2025. Is é uachtarán dlísheomra a bheidh ina Uachtarán ar gach foirmíocht de dheich ndlísheomra na Cúirte Ginearálta, arna thoghadh nó arna toghadh go comhuaineach ina Uachtarán ar Dhlísheomra ina suí le triúr agus le cúigear Breithiúna.

Le linn a comhdhála iomlánaí an 23 Meán Fómhair 2022, chinn an Chúirt Ghinearálta, ar thogra ón Uachtarán, Uasal, arna chur isteach de bhun Airteagal 13(2) de Rialacha Nós Imeachta, na Breithiúna a shannadh ar Dhlísheomraí don tréimhse ón 23 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2025 mar seo a leanas:

An chéad Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear breithiúna:

Beidh an Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna, comhdhéanta de Bhreithiúna na foirmíochta de thriúr Breithiúna dár sannadh an cás i dtús báire agus de bheirt Bhreithiúna a ainmnítear as measc an triúir Breithiúna eile ón gCéad Dlísheomra ar bhonn uainíochta.

An chéad Dlísheomra méadaithe, ina shuí le triúr Breithiúna:

Spielmann, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: Valančius, Uasal, agus Mastroianni, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: Valančius, Uasal, agus Brkan, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht C: Valančius, Uasal, agus Gâlea, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Valančius, Uasal, agus Tóth, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht E: Mastroianni, Uasal, agus Brkan, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: Mastroianni, Uasal, agus Gâlea, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht G: Mastroianni, Uasal, agus Tóth, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht H: Brkan, Uasal, agus Gâlea, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht I: Brkan, Uasal, agus Tóth, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht J: Gâlea, Uasal, agus Tóth, Uasal, Breithiúna.

An dara Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:

Beidh an Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna, comhdhéanta de Bhreithiúna na foirmíochta de thriúr Breithiúna dár sannadh an cás i dtús báire agus de bheirt Bhreithiúna a ainmnítear as measc an triúir Breithiúna eile ón dara Dlísheomra ar bhonn uainíochta.

An dara Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:

Marcoulli, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: Frimodt Nielsen, Uasal, agus Schwarcz, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: Frimodt Nielsen, Uasal, agus Tomljenović, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht C: Frimodt Nielsen, Uasal, agus Norkus, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Frimodt Nielsen, Uasal, agus Valasidis, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht E: Schwarcz, Uasal, agus Tomljenović, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: Schwarcz, Uasal, agus Norkus, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht G: Schwarcz, Uasal, agus Valasidis, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht H: Tomljenović, Uasal, agus Norkus, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht I: Tomljenović, Uasal, agus Valasidis, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht J: Norkus, Uasal, agus Valasidis, Uasal, Breithiúna.

An tríú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:

Schalin, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Škvařilová-Pelzl, Uasal, Nõmm, Uasal, Steinfatt, Uasal, agus Kukovec, Uasal, Breithiúna.

An tríú Dlísheomra, ina shuí le triúir Breithiúna:

Schalin, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: Škvařilová-Pelzl, Uasal, agus Nõmm, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: Škvařilová-Pelzl, Uasal, agus Steinfatt, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht C: Škvařilová-Pelzl, Uasal, agus Kukovec, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Nõmm, Uasal, agus Steinfatt, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht E: Nõmm, Uasal, agus Kukovec, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: Steinfatt, Uasal, agus Kukovec, Uasal, Breithiúna.

An ceathrú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:

da Silva Passos, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Gervasoni, Uasal, Półtorak, Uasal, Reine, Uasal, agus Pynnä, Uasal, Breithiúna.

An ceathrú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:

da Silva Passos, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: Gervasoni, Uasal, agus Półtorak, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: Gervasoni, Uasal, agus Reine, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht C: Gervasoni, Uasal, agus Pynnä, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Półtorak, Uasal, agus Reine, Uasal. Breithiúna;

Foirmíocht E: Półtorak, Uasal, agus Pynnä, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: Reine, Uasal, agus Pynnä, Uasal, Breithiúna.

An cúigiú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:

Svenningsen, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Mac Eochaidh, Uasal, Laitenberger, Uasal, de Nanclares, Uaisle, agus Stancu, Uasal, Breithiúna.

An cúigiú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:

Svenningsen, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: Mac Eochaidh, Uasal, agus Laitenberger, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: Mac Eochaidh, Uasal, agus de Nanclares, Uaisle, Breithiúna;

Foirmíocht C: Mac Eochaidh, Uasal, agus Stancu, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Laitenberger, Uasal, agus de Nanclares, Uaisle, Breithiúna;

Foirmíocht E: Laitenberger, Uasal, agus Stancu, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: de Nanclares, Uaisle, agus Stancu, Uasal, Breithiúna.

An séú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:

Costeira, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Kancheva, Uasal, Öberg, Uasal, Zilgalvis, Uasal, agus Tichy-Fisslberger, Uasal, Breithiúna.

An séú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:

Costeira, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: Kancheva, Uasal, agus Öberg, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: Kancheva, Uasal, agus Zilgalvis, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht C: Kancheva, Uasal, agus Tichy-Fisslberger, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Öberg, Uasal, agus Zilgalvis, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht E: Öberg, Uasal, agus Tichy-Fisslberger, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: Zilgalvis, Uasal, agus Tichy-Fisslberger, Uasal, Breithiúna.

An seachtú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:

Kowalik-Bańczyk, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Buttigieg, Uasal, Hesse, Uasal, Dimitrakopoulos, Uasal, agus Ricziová, Uasal, Breithiúna.

An seachtú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:

Kowalik-Bańczyk, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: Buttigieg, Uasal, agus Hesse, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: Buttigieg, Uasal, agus Dimitrakopoulos, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht C: Buttigieg, Uasal, agus Ricziová, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Hesse, Uasal, agus Dimitrakopoulos, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht E: Hesse, Uasal, agus Ricziová, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: Dimitrakopoulos, Uasal, agus Ricziová, Uasal, Breithiúna.

An t-ochtú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:

Kornezov, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, De Baere, Uasal, Petrlík, Uasal, Kecsmár, Uasal, agus Kingston, Uasal, Breithiúna.

An t-ochtú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:

Kornezov, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: De Baere, Uasal, agus Petrlík, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: De Baere, Uasal, agus Kecsmár, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht C: De Baere, Uasal, agus Kingston, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Petrlík, Uasal, agus Kecsmár, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht E: Petrlík, Uasal, agus Kingston, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: Kecsmár, Uasal, agus Kingston, Uasal, Breithiúna.

An naoú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:

Truchot, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Kanninen, Uasal, Frendo, Uasal, Sampol Pucurull, Uasal, agus Perišin, Uasal, Breithiúna.

An naoú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:

Truchot, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: Kanninen, Uasal, agus Frendo, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: Kanninen, Uasal, agus Sampol Pucurull, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht C: Kanninen, Uasal, agus Perišin, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Frendo, Uasal, agus Sampol Pucurull, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht E: Frendo, Uasal, agus Perišin, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: Sampol Pucurull, Uasal, agus Perišin, Uasal, Breithiúna.

An deichiú Dlísheomra méadaithe, ina shuí le cúigear Breithiúna:

Porchia, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra, Jaeger, Uasal, Madise, Uasal, Nihoul, Uasal, agus Verschuur, Uasal, Breithiúna.

An deichiú Dlísheomra, ina shuí le triúr Breithiúna:

Porchia, Uasal, Uachtarán an Dlísheomra;

Foirmíocht A: Jaeger, Uasal, agus Madise, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht B: Jaeger, Uasal, agus Nihoul, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht C: Jaeger, Uasal, agus Verschuur, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht D: Madise, Uasal, agus Nihoul, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht E: Madise, Uasal, agus Verschuur, Uasal, Breithiúna;

Foirmíocht F: Nihoul, Uasal, agus Verschuur, Uasal, Breithiúna.

Beidh an ceathrú, an cúigiú, an naoú agus an deichiú Dlísheomra freagrach as cásanna a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta idir an tAontas Eorpach agus a fhoireann, agus beidh an chéad, an dara, an tríú, an séú, an seachtú agus an t-ochtú Dlísheomra freagrach as cásanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear i dTeideal IV de na Rialacha Nós Imeachta.

Chinn an Chúirt Ghinearálta chomh maith an méid seo a leanas:

Ní shannfar an tUachtarán agus an Leas-Uachtarán ar Dhlísheomra ar bhonn buan;

Le linn gach bliana breithiúnaí, suífidh an Leas-Uachtarán i ngach ceann de na deich nDlísheomra ina shuí le cúigear Breithiúna, ar bhonn cás amháin in aghaidh an Dlísheomra san ord seo a leanas:

an chéad chás arna tharchur, trí chinneadh ón gCúirt Ghinearálta, chuig foirmíocht mhéadaithe ina mbeidh cúigear Breithiúna ón gcéad, ón dara, ón tríú, ón gceathrú agus ón gcúigiú Dlísheomra;

an tríú cás arna tharchur, trí chinneadh ón gCúirt Ghinearálta, chuig foirmíocht mhéadaithe ina mbeidh cúigear Breithiúna ón séú, ón seachtú, ón ochtú, ón naoú agus ón deichiú Dlísheomra.

I gcás ina suífidh an Leas-Uachtarán i nDlísheomra de chúigear Breithiúna, beidh an dlísheomra méadaithe comhdhéanta den Leas-Uachtarán, de Bhreithiúna na foirmíochta de thriúr Breithiúna dár sannadh an cás i dtús báire agus duine de Bhreithiúna eile an Dlísheomra lena mbaineann, arna chinntiú ar bhonn an oird tosaíochta droim ar ais a leagtar síos in Airteagal 8 de na Rialacha Nós Imeachta.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/7


Comhdhéanamh an Mhór-Dhlísheomra

(2022/C 398/07)

Le linn a comhdhála iomlánaí an 23 Meán Fómhair 2022, chinn an Chúirt Ghinearálta, don tréimhse ón 23 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2025 agus i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de na Rialacha Nós Imeachta, gurb iad na cúig Bhreitheamh déag a bheidh sa Mhór-Dhlísheomra: Uachtarán na Cúirte Ginearálta, an Leas-Uachtarán, beirt Uachtarán Dlísheomraí arna n-ainmniú ar bhonn uainíochta, Breithiúna na foirmíochta ina bhfuil triúr, dár sannadh an cás i dtús báire agus an bheirt Bhreithiúna a gcuirfí leis an bhfoirmíocht sin de thriúr Breithiúna dá sannfaí an cás ar fhoirmíocht cúigear Breithiúna, agus seisear Breithiúna arna n-ainmniú ar bhonn uainíochta as measc na mBreithiúna go léir de chuid na Cúirte Ginearálta, cé is moite de na hUachtaráin Dlísheomraí, ag leanúint, ar bhonn malartach, an oird a leagtar síos in Airteagal 8 de na Rialacha Nós Imeachta agus an oird droim ar ais.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/7


Ainmniú an Bhreithimh a ghabhfaidh ionad Breithimh nach féidir leis feidhmiú

(2022/C 398/08)

1.   

Le linn a comhdhála iomlánaí an 23 Meán Fómhair 2022, chinn an Chúirt Ghinearálta, ón 23 Meán Fómhair 2019 ar aghaidh, sna cásanna nach féidir le Breitheamh feidhmiú, dá dtagraítear sa dara habairt d’Airteagal 17(2) agus sa dara habairt d’Airteagal 24(2) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, faoi seach, go ngabhfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta ionad an Bhreithimh nach féidir leis feidhmiú.

2.   

I gcás nach féidir le hUachtarán na Cúirte Ginearálta feidhmiú, ainmneoidh sé Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta chun teacht ina ionad, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de na Rialacha Nós Imeachta.

3.   

I gcás nach féidir le Leas-Uachtarán na Cúirte Ginearálta feidhmiú, ainmneoidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta an Breitheamh a ghabhfaidh a ionad de réir an oird a leagtar síos in Airteagal 8 de na Rialacha Nós Imeachta, cé is moite de na hUachtaráin Dlísheomra.

4.   

Mura féidir leis an mBreitheamh arna ainmniú i gcomhréir le mír 3 feidhmiú agus gur cás maidir leis an tseirbhís shibhialta é an cás nach féidir le Breitheamh feidhmiú ann, de réir mar a leagtar síos i gCinneadh na Cúirte Ginearálta an 23 Meán Fómhair 2022 i dtaca leis na critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí, nó cás maidir le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear i dTeideal IV de na Rialacha Nós Imeachta, ainmneoidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta, de réir an oird a leagtar síos in Airteagal 8 de na Rialacha Nós Imeachta, Breitheamh arna shannadh ar Dhlísheomra ar a bhfuil cúram an chineáil chéanna cásanna agus atá ag an mBreitheamh nach féidir leis feidhmiú chun gabháil ina ionad.

5.   

D’fhonn a chinntiú go ndéanfar an t-ualach oibre a roinnt go cothrom, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta maolú ón ord a leagtar síos in Airteagal 8 de na Rialacha Nós Imeachta, dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4 den chinneadh seo.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/8


Critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí

(2022/C 398/09)

Le linn a comhdhála iomlánaí an 23 Meán Fómhair 2022, leag an Chúirt Ghinearálta síos, i gcomhréir le hAirteagal 25 de na Rialacha Nós Imeachta, na critéir maidir le cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí.

Is iad seo a leanas na critéir:

1.

Sannfar na cásanna chomh luath agus is féidir tar éis an t-iarratas a thaisceadh, gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 28 de na Rialacha Nós Imeachta tráth níos déanaí, ar na Dlísheomraí comhdhéanta de thriúr Breithiúna.

2.

Leithdháilfear cásanna maidir leis an tseirbhís shibhialta, eadhon cásanna a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta idir an tAontas Eorpach agus a fhoireann, ar na ceithre Dhlísheomra atá ainmnithe go sonrach chun na críche sin sa Chinneadh lena sanntar na Breithiúna ar na Dlísheomraí, de réir uainíocht arna cinneadh de réir ord cláraithe na gcásanna sa Chlárlann.

3.

Leithdháilfear cásanna a bhaineann le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear i dTeideal IV de na Rialacha Nós Imeachta ar na sé Dhlísheomra atá ainmnithe go sonrach chun na críche sin sa chinneadh lena sanntar na Breithiúna ar na Dlísheomraí, de réir uainíocht arna cinneadh de réir ord cláraithe na gcásanna sa Chlárlann.

4.

Leithdheáilfear cásanna nach iad na cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 ar na Dlísheomraí de réir dhá uainíocht éagsúla ar leith arna leagan síos de réir ord cláraithe na gcásanna sa Chlárlann:

na cásanna a bhaineann le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta is infheidhme maidir le gnóthais, na rialacha maidir le státchabhair agus na rialacha atá dírithe ar bhearta cosanta tráchtála,

gach cás eile.

5.

Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Ginearálta maolú ó na huainíochtaí dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 chun ceangal idir cásanna áirithe a chur san áireamh nó chun leithdháileadh cothrom an ualaigh oibre a chinntiú.

6.

Leagtar síos na critéir chun cásanna a shannadh ar na Dlísheomraí a liostaítear thuas don tréimhse ón 23 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2025.


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/9


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 28 Meitheamh 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht na Spáinne

(Cás C-278/20) (1)

(Mainneachtain Bhallstáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh - Dliteanas na mBallstát i leith damáiste a rinneadh do dhaoine príobháideacha mar gheall ar sháruithe ar dhlí an Aontais - Sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta - Sárú ar Bhunreacht Ballstáit atá inchurtha i leith an reachtóra náisiúnta - Prionsabal an chomhionannais agus prionsabal na héifeachtachta)

(2022/C 398/10)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (arna ionadú ag J. Baquero Cruz, I. Martínez del Peral agus P. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht na Spáinne (arna hionadú ag L. Aguilera Ruiz, S. Centeno Huerta, A. Gavela Llopis agus J. Rodríguez de la Rúa Puig, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Rinne Ríocht na Spáinne mainneachtain ina cuid oibleagáidí de bhun phrionsabal na coibhéise agus phrionsabal na héifeachtachta trí Airteagal 32(3) go (6) agus an dara fomhír d’Airteagal 34(1) de Ley 40/2015 de Régimen Jurídico del Sector Público (Dlí 40/2015 maidir le córas dlíthiúil na hearnála poiblí) an 1 Deireadh Fómhair 2015, agus an tríú fomhír d’Airteagal 67(1) de Ley 39/2015 del Procedimiento Administrativo Común de las Administraciones Públicas (Dlí 39/2015 maidir le nós imeachta riaracháin choitinn an riaracháin phoiblí) an 1 Deireadh Fómhair 2015 a ghlacadh agus a choinneáil i bhfeidhm, sa chaoi go gcuirtear leis na forálacha sin cúiteamh damáiste a rinne an reachtóir Spáinneach do dhaoine príobháideacha mar gheall ar shárú a dhéanamh ar dhlí an Aontais faoi réir:

an choinníll gurb ann do chinneadh ón gCúirt lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí a chuirtear i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais;

an choinníll go mbeadh cinneadh cinntitheach faighte ag an duine príobháideach dá ndearnadh damáiste, ó chúirt ar bith, lena ndiúltaítear do chaingean a tionscnaíodh i gcoinne an ghnímh riaracháin ba chúis leis an damáiste, gan foráil d’eisceacht i gcásanna ina leanann an damáiste go díreach ó ghníomh nó neamhghníomh den reachtóir, atá ar neamhréir le dlí an Aontais, agus nach bhfuil aon ghníomh riaracháin ann gur féidir agóid a dhéanamh ina choinne;

teorann ama d’urchosc reachta de bhliain amháin ó fhoilsiú chinneadh na Cúirte lena ndearbhaítear go bhfuil an riail le stádas dlí a chuirtear i bhfeidhm ar neamhréir le dlí an Aontais san Iris Oifigiúil, gan cásanna nach bhfuil ann do chinneadh den sórt sin a chumhdach, agus

an choinníll nach féidir ach damáiste a tharla sna cúig bliana roimh an dáta foilsithe sin a chúiteamh, mura bhforáiltear a mhalairt sa chinneadh sin.

2.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3.

Íocfaidh an Coimisiún Eorpach agus Ríocht na Spáinne a gcostais féin.


(1)  IO C 271, 17.08.2020


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/10


Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 1 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo – an Phortaingéil) – Pharol, SGPS, SA v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-67/22) (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de rialacha nós imeachta na Cúirte - Airteagail 63 agus 65 CFAE - Saorghluaiseacht chaipitil - Cáin ar ioncam daoine dlítheanacha - Díbhinní arna bhfáil ó chuideachta atá bunaithe i mBallstát na cuideachta is faighteoir - Díbhinní arna bhfáil ó chuideachta atá bunaithe i dtríú tír - Reachtaíocht náisiúnta atá ceaptha deireadh a chur le cánachas dúbailte - Difríocht sa chóir - Srian - Réasúnú - Éifeachtacht na maoirseachta cánach - Easpa oibleagáid chonarthach faisnéis chánach a nochtadh)

(2022/C 398/11)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Pharol, SGPS, SA

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

An chuid oibríochtúil

Ní mór Airteagail 63 agus 65 CFAE a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta atá ceaptha chun deireadh a chur le cánachas dúbailte eacnamaíoch ar dhíbhinní faoina bhféadfaidh cuideachta a chónaíonn sa Bhallstát lena mbaineann díbhinní a dháileann cuideachta chónaitheach eile uirthi a asbhaint óna brabúis inchánach, ach nach bhféadfaidh siad díbhinní arna ndáileadh ag cuideachta atá bunaithe i dtríú tír a asbhaint, ar an bhforas nach bhfuil aon oibleagáid chonarthach ar an gcuideachta sin faisnéis chánach a sholáthar don Bhallstát cánachais, i gcás ina bhfuil an asbhaint sin faoi réir an choinníll a bhaineann le dliteanas cánach na cuideachta a dhéanann an dáileadh sa tríú tír sin agus, toisc nach bhfuil aon oibleagáid chonarthach ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil, nach féidir an fhaisnéis sin a fháil ón tír sin. Ní cheanglaítear ar Bhallstát deis a thabhairt don cháiníocóir féin fianaise a thabhairt ar aird lena léirítear go gcomhlíontar na coinníollacha is gá chun an asbhaint sin a fháil, i gcás nach féidir leis an mBallstát sin fírinneacht na fianaise sin a fhíorú, mar gheall ar an easpa oibleagáide conarthaí sin.


(1)  Dáta an taiscthe: 02.02.2022


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/11


Achomharc arna thabhairt an 19 Nollaig 2021 ag Ioana-Felicia Rosca i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 20 Deireadh Fómhair 2021 i gCás T-434/19, Rosca v an Coimisiún

(Cás C-802/21 P)

(2022/C 398/12)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Ioana-Felicia Rosca (ionadaí: L.-O. Tufler, avocat)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

Le hOrdú an 07/09/2022, dhiúltaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) don achomharc toisc é a bheith do-ghlactha go follasach go páirteach agus a bheith gan bhunús go follasach go páirteach agus d’ordaigh an Chúirt do Ioana-Felicia Rosca a costais féin a íoc.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/11


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof (an Ghearmáin) an 27 Bealtaine 2022 – Gemeinde A v Finanzamt

(Cás C-344/22)

(2022/C 398/13)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Gemeinde A

Cosantóir: Finanzamt

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

In imthosca amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, maidir le bardas a bhailíonn “cáin leighis scíthe” (de mhéid áirithe in aghaidh an lae) ó chuairteoirí a fhanann sa cheantar bardais (aíonna spá), as saoráidí teo (go háirithe, páirc teo, seomra spá, conairí), de bhun rialacha an bhardais, an bhfeidhmíonn sé, trí shaoráidí teo a chur ar fáil d’aíonna spá i gcoinne íocaíocht na cánach aíochta, gníomhaíocht eacnamaíoch de réir bhrí Airteagal 2(1)(c) de Threoir 2006/112/CE (1), cé go bhfuil na saoráidí teo ar fáil saor in aisce do chách, ar aon nós (agus, go háirithe, do chónaitheoirí nach bhfuil faoi réir na cánach aíochta nó daoine eile nach bhfuil faoi réir na cánach sin)?

2)

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: sna himthosca a luaitear sa chás sna príomhimeachtaí, agus scrúdú á dhéanamh an ndéanfaí “saobhadh suntasach ar an iomaíocht” de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 13(1) de Threoir 2006/112/CE toisc nach gcaitear leis an mbardas mar dhuine inchánach, an bhfuil an margadh geografach ábhartha teoranta do chríoch an bhardais?


(1)  Treoir ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO 2006, L 347, lch. 1).


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/11


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Hannover (an Ghearmáin) a taisceadh an 12 Iúil 2022 – MK v WB

(Cás T-461/22)

(2022/C 398/14)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Hannover

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: MK

Freagróir: WB

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil coimeádaí a ceapadh de réir dlí a dhéanann an ghníomhaíocht sin i gcáil ghairmiúil ina rialaitheoir de réir bhrí Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí – “RGCS”)?

An gceanglaítear air nó uirthi faisnéis a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 15 de RGCS?


(1)  IO 2016 L 119, lch. 1.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/12


Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) an 15 Iúil 2022 – Laudamotion GmbH v flightright GmbH

(Cás C-474/22)

(2022/C 398/15)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt an rinne an tarchur

Bundesgerichtshof (Cúirt Bhreithiúnais na Cónaidhme, an Ghearmáin)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Laudamotion GmbH

Cosantóir: flightright GmbH

Ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialaithe

1.

An gceanglaítear leis an gceart chun cúitimh i leith moille ar eitilt níos faide ná trí huaire tar éis an am teachta sceidealaithe, faoi Airteagail 5, 6 agus 7 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 (1), go gcaithfidh an paisinéir, i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(a) de, é féin a thíolacadh le haghaidh seiceála isteach ag an am a shonróidh an t-aeriompróir, an tionscnóir turas nó an gníomhaire taistil údaraithe, agus tráth nach déanaí ná 45 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe, nó an bhfuil cás moille fada sa chiall thuasluaite díolmhaithe ón gceanglas sin – mar atá sa chás ina gcuirtear eitilt ar ceal?

2.

I gcás nach bhfuil an ceart chun cúitimh díolmhaithe, ar an mbonn amháin go bhfuil moill fhada sa chiall thuas ag tarlú, ón gceanglas ar phaisinéirí iad féin a thíolacadh le haghaidh seiceála isteach, an bhfuil feidhm ag díolúine den sórt sin i gcás ina raibh faisnéis iontaofa go leor ag an bpaisinéir nach dtiocfadh an eitilt ach le moill fhada sa chiall thuasluaite?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/13


Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2022 – an Coimisiún v Éire

(Cás C-481/22)

(2022/C 398/16)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati agus E. Sanfrutos Cano, Gníomhairí)

Cosantóir: Éire

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí mhainneachtain na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine an t-íoscheanglas maidir le luach paraiméadrach do Tríhalaimeatáin – Iomlán a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I de Threoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (1) (an “Treoir”) i 21 chrios soláthair uisce poiblí agus i 9 ngrúpscéim uisce phríobháideach, agus go ndéantar an ghníomh feabhais is gá a luaithe is féidir chun cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine a athchóiriú sna criosanna soláthair uisce poiblí thuasluaite agus i ngrúpscéimeanna príobháideacha uisce, agus trí mhainneachtain tosaíocht a thabhairt dá gníomhforfheidhmiúcháin, ag féachaint, inter alia, don mhéid a sáraíodh an luach paraiméadrach ábhartha agus don bhaol a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine, theip ar Éirinn na hoibleagáidí atá uirthi faoi Airteagail 4(1), i gcomhar le Cuid B d’Iarscríbhinn I, agus 8(2) den Treoir a chomhlíonadh; agus

a ordú d’Éirinn na costais a íoc.

Saincheisteannadlí agus príomhargóintí

Chuaigh an tréimhse fhorordaithe a leagadh síos chun an Treoir a thrasuí in éag an 26 Nollaig 2003, ina bhfuil ceanglais níos déine i bhfeidhm ón 26 Nollaig 2008.


(1)  IO L 330, 5.12.1998, lch. 32.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/13


Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 22 Iúil 2022 – EI v SC Brink’s Cash Solutions SRL

(Cás C-496/22)

(2022/C 398/17)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel București

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: EI

Cosantóir: SC Brink’s Cash Solutions SRL

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcuireann an chéad abairt d’Airteagal 1(1)(b) agus Airteagal 6 de Threoir 98/59/CE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (1), arna léamh i bhfianaise aithrisí 2 agus 6 den Treoir sin, bac ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear d’fhostóir gan dul i gcomhairle leis na hoibrithe lena mbaineann nós imeachta iomarcaíochta comhchoitinne a mhéid nach bhfuil aon ionadaithe ainmnithe acu ná oibleagáid dhlíthiúil iad a ainmniú?

2.

An gcaithfear an chéad abairt d’Airteagal 1(1)(b) agus Airteagal 6 de Threoir 98/59/CE maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna, arna léamh i bhfianaise aithrisí 2 agus 6 den Treoir sin a léiriú mar rud a chiallaíonn, sa chás a thuairiscítear thuas, go gceanglaítear ar an bhfostóir gach fostaí lena mbaineann an nós imeachta iomarcaíochta comhchoitinne a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo?


(1)  Treoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hiomarcaíochtaí comhchoiteanna (IO 1998 L 225, lch. 16).


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/14


Caingean arna tabhairt an 29 Iúil 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

(Cás C-516/22)

(2022/C 398/18)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Armati, P.-J. Loewenthal, T. Maxian Rusche, Gníomhairí)

Cosantóir: Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú, trí fhorfheidhmiú na dámhachtana eadrána arna tabhairt i gCás ICSID Uimh. ARB/05/20 a údarú, gur mhainnigh an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí a chomhlíonadh:

Airteagal 4(3) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 127(1) den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (1) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), trí chinneadh a dhéanamh maidir le léirmhíniú Airteagal 351(1) CFAE agus a chur i bhfeidhm maidir le cur chun feidhme na dámhachtana eadrána cé gur cinneadh an t-ábhar céanna ag cinntí ón gCoimisiún atá ar marthain agus a bhí ag fanacht le breithniú os comhair chúirteanna an Aontais;

Airteagal 351(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 127(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, trí choincheapa “cearta […] tríú tír amháin nó níos mó” agus “dá ndéanann na Conarthaí difear” a a léirmhíniú go mícheart agus a chur chun mífheidhme;

Pointí a agus b den chéad mhír chomh maith leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 127(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, trí mhainneachtain ceist a tharchur maidir le bailíocht an chinnidh ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2014 lena gcuirtear aithne ar an Rómáin gan an dámhachtain eadrána a chur chun feidhme (“an urghaire fionraí 2014”) agus maidir le bailíocht an chinnidh ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2014 lena dtionscnaítear an nós imeachta imscrúdaithe foirmiúil maidir le cur chun feidhme na dámhachtana eadrána ag an Rómáin (2) (“an cinneadh tionscnaimh 2014”) agus trí mhainneachtain, mar chúirt céime deiridh, ceist a tharchur maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais nach raibh ina acte clair ná ina acte éclairé;

Airteagal 108(3) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 127(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, trína ordú don Rómáin a hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais a shárú a n-eascraíonn ón urghaire fionraí 2014 agus ón gcinneadh tionscnaimh 2014;

a ordú do Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Le breithiúnas an 19 Feabhra 2020 in Micula v an Rómáin, d’ordaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe dámhachtain eadrána ó 2013 a rinneadh i gcoinne na Rómáine i bhfabhar infheisteoirí Sualannacha áirithe as sárú ag an Rómáin ar chonradh déthaobhach infheistíochta arna thabhairt i gcrích idir an tSualainn agus an Rómáin in 2003 a fhorghníomhú.

Chinn an Coimisiún cheana féin gurb ionann cur chun feidhme na dámhachtana eadrána agus státchabhair neamhdhleathach agus neamh-chomhoiriúnach ón Rómáin i bhfabhar na n-infheisteoirí sin. Chinn an Chúirt ó shin go sáraíonn an dámhachtain sin rialacha bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha de dhlí an Aontais, go háirithe Airteagal 267 agus 344 CFAE, prionsabail ghinearálta an neamhspleáchais agus na muiníne frithpháirtí, agus feidhmiú institiúidí an Aontais i gcomhréir le creat bunreachtúil an Aontais.

Ar bhonn Airteagal 351(1) CFAE, chinn an Chúirt Uachtarach nach mór an dámhachtain eadrána a fhorfheidhmiú sa Ríocht Aontaithe, d’ainneoin go raibh a forfheidhmiú i gcontrárthacht le dlí an Aontais. Agus an méid sin á dhéanamh aici, sháraigh an Ríocht Aontaithe Airteagal 4(3) CAE agus 108(3), 267(1)(a), (b) agus (3), agus 351(1) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 127(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar.


(1)  IO 2020, L 29, lch. 7.

(2)  Státchabhair — An Rómáin — Státchabhair SA.38517 (2014/C) (ex 2014/NN) — Dámhachtain eadrána Micula v an Rómáin an 11 Nollaig 2013 a chur chun feidhme— Cuireadh chun barúlacha a chur isteach de bhun Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO 2014, C 393, lch. 27)


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/15


Achomharc arna thabhairt an 2 Lúnasa 2022 ag Eurobolt BV, Fabory Nederland BV, ASF Fischer BV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 18 Bealtaine 2022 i gCás T-479/20, Eurobolt agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-517/22 P)

(2022/C 398/19)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Eurobolt BV, Fabory Nederland BV, ASF Fischer BV (ionadaithe: B. Natens agus A. Willems, Advocaten)

Páirtithe eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach, Stafa Group BV

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

seasamh leis an iarratas ag an gcéadchéim agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/611 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2020 lena n-athfhorchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach a forchuireadh le Rialachán (CE) Uimh. 91/2009 ón gComhairle maidir le hallmhairí de cheanglóirí áirithe iarainn nó cruach ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad ar allmhairí arna seoladh ón Malaeisia, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh na Malaeisia iad nó ná bíodh (1) (an Rialachán atá faoi chonspóid) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis na hachomharcóirí; agus

a ordú don Choimisiún costais na n-achomharcóirí agus a chostais féin ó na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus os comhair na Cúirte Breithiúnais a íoc agus a ordú d’aon pháirtí eile san achomharc a gcostais féin a íoc;

nó ar a mhalairt

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais; agus

costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais a fhorchoimeád le haghaidh breithiúnas críochnaitheach ón gCúirt Ghinearálta agus a ordú d’aon pháirtí eile sna himeachtaí a gcostais féin a íoc.

Saincheisteanna agus príomhargóintí

Mar thaca lena n-achomharc, maíonn na hachomharcóirí seacht saincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, maidir le hAirteagal 266 CFAE agus prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta, léirigh an Chúirt Ghinearálta go mícheart iad agus chuir sí chun mífheidhme iad, trína chinneadh go bhféadfadh an Rialachán atá faoi chonspóid dleachtanna frith-dhul a fhorchur go cúlghabhálach an athuair mar aon le bac a chur orthu a aisíoc.

Ar an dara dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 266 CFAE go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme é trína chinneadh go bhféadfadh an Rialachán atá faoi chonspóid sárú ar na bunriachtanacha nóis imeachta in imeachtaí frithdhumpála “a leigheas”.

Ar an tríú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 266 CFAE agus prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme iad trína chinneadh go bhféadfadh an Rialachán atá faoi chonspóid an sárú arna chruthú i mbreithiúnas an 3 Iúil 2019 a “leigheas”, Eurobolt (C-644/17, EU:C:2019:555).

Ar an gceathrú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 264 agus 266 CFAE go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme iad trína chinneadh go bhféadfadh an Coimisiún inniúlacht na Cúirte Breithiúnais a fhorghabháil, agus, ar an gcaoi sin, sháraigh sí Airteagal 296 CFAE.

Ar an gcúigiú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme é trína chinneadh nach n-éilítear aisíocaíocht iomlán dleachtanna sa chás seo leis an bprionsabal sin.

Ar an séú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) , Airteagal 5(1) agus 5(2) CAE, chomh maith le prionsabal an dea-riaracháin go mícheart agus chuir sí chun mífheidhme iad trína chinneadh go bhfuil bunús ceart dlí leis an Rialachán atá faoi chonspóid.

Ar an seachtú dul síos, léirigh an Chúirt Ghinearálta Airteagail 5(1) agus 5(2) CAE agus chuir sí chun mífheidhme iad trína chinneadh go bhféadfadh an Rialachán atá faoi chonspóid bac cinntitheach a chur ar aisíoc na ndleachtanna, arb dleachtanna iad a cuireadh ó bhailíocht sa bhreithiúnas in Eurobolt.


(1)  IO 2020 L141, lch. 1.

(2)  IO 2016 L 176, lch. 21.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/16


Achomharc arna thabhairt an 4 Lúnasa 2022 ag Amer Foz i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Ceathrú Dlísheomra) a tugadh an 18 Bealtaine 2022 i gCás T-296/20, Foz v an Chomhairle

(Cás C-524/22 P)

(2022/C 398/20)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Amer Foz (ionadaí: L. Cloquet, Avocat)

Páirtí eile sna himeachtaí: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní go páirteach, a mhéid is gur diúltaíodh ann do chaingean an achomharcóra le haghaidh neamhniú a bhaineann le gníomhartha coimeádta 2021 mar a shainmhínítear ann;

mar thoradh air sin, Cinneadh (CBES) 2021/855 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an achomharcóir;

mar thoradh air sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/848 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (2) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an achomharcóir;

mar thoradh air sin, a ordú don Chomhairle ainm an achomharcóra a tharraingt siar ó na hiarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle an 31 Bealtaine 2013 maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (3) agus le Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 ón gComhairle an 18 Eanáir 2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (4); agus

dá bhrí sin, a ordú don Chomhairle costais agus caiteachais iomlána na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd atá leagtha amach ag an achomharcóir.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I dtaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir ocht saincheist dlí:

Ar an gcéad dul síos, go bhfuil saobhadh ar an bhfianaise agus ar na himthosca fíorasacha i ndáil leis an bhfianaise ón mblag Pro-Justice.

Ar an dara dul síos, go bhfuil saobhadh ar an bhfianaise agus ar na himthosca fíorasacha i ndáil leis an bhfianaise ó Syria Report.

Ar an tríú dul síos, go bhfuil saobhadh ar an bhfianaise agus ar na himthosca fíorasacha i ndáil leis an bhfianaise ó alt preasa Reuters.

Ar an gceathrú dul síos, go bhfuil saobhadh ar an bhfianaise agus ar na himthosca fíorasacha i ndáil leis an bhfianaise ó ASM International General Trading LLC (na suíomhanna gréasáin Arab News agus Al Arabiya).

Ar an gcúigiú dul síos, go ndearnadh earráid dlí agus cásdlí Anbouba á chur i bhfeidhm ag an gCúirt Ghinearálta (breithiúnais an 21 Aibreán 2015, Anbouba v an Chomhairle, C-630/13 P, EU:C:2015:247, agus an 21 Aibreán 2015, Anbouba v an Chomhairle, C-605/13 P, EU:C:2015:248) agus go háirithe agus critéar an tsraithe táscairí atá sonrach, beacht agus comhsheasmhach a ndóthain á chur i bhfeidhm aici.

Ar an séú dul síos, go ndearnadh earráid dlí agus Airteagail 27 agus 28 de Chinneadh 2013/255/CBES arna leasú le Cinneadh (CBES) 2015/1836 (5) in fine agus Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 36/2012 arna leasú le Rialachán (AE) 2015/1828 (6) á gcur i bhfeidhm ag an gCúirt Ghinearálta.

Ar an seachtú dul síos, go bhfuil saobhadh ar na himthosca fíorasacha i ndáil leis an easpa naisc idir an t-achomharcóir agus an tUasal Samer Foz.

Ar an ochtú dul síos, go ndearnadh earráid dlí agus na rialacha lena rialaítear an dualgas cruthúnais á gcur i bhfeidhm ag an gCúirt Ghinearálta.


(1)  IO 2021 L 188, lch. 90

(2)  IO 2021 L 188, lch. 18.

(3)  IO 2021 L 147, lch. 14.

(4)  IO 2012 L 16, lch. 1.

(5)  Cinneadh (CBES) 2015/1836 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES maidir le bearta sriantacha i gcoinne na Siria (IO 2015 L 266, lch. 75).

(6)  Rialachán (AE) 2015/1828 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria (IO 2015 L 266, lch. 1).


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/18


Achomharc arna thabhairt an 10 Lúnasa 2022 ag Antonio Del Valle Ruíz, Alejandra Pérez Mina, Alejandro Finkler Kudler, Alonso de Garay Gutiérrez, Arantzazu Del Valle Diharce, Arturo Grinberg Kreimerman, Carlos Ruíz Sacristán, Edmundo Del Valle Diharce, Elias Abadi Cherem, Enrique Rojas Blásquez, Eugenio Santiago Clariond Reyes, Fernando Ramos González de Castilla, Gerardo Madrazo Gómez, Germán Larrea Mota Velasco, Jacobo Troice Jalife, Jaime Abadi Cherem, Jorge Esteve Recolons, José Eduardo Del Valle Diharce, José Manuel Fierro Von Mohr, José María Casanueva Y Llaguno, Juan Pablo Del Valle Perochena, Julio Andrés Maza Casas, Luís de Garay Russ, Luis Francisco Suinaga Aguilár, María de Guadalupe Del Valle Perochena, Rogelio Barrenechea Cuenca, Xochitl Montero De Garay, Inmobiliaria Asturval, SA de CV, Bauhaus Partners Ltd, DGFam Fund, LP, Eureka Global Pte Ltd, Fideicomiso 70385-0 Bancomer (Antonio Cosío y Familia), Tanoak Ltd, GBM Capital Bursátil, SA de CV, Fondo de Inversión de Renta Variable, GBM Fondo de Inversión Total, SA de CV, Fondo de Inversión de Renta Variable, GBM Global, SA de CV, Fondo de Inversión de Renta Variable, Grow Investments LP, Grup Bursátil Mexicano, SA de CV, Casa de Bolsa, Hechos con Amor, SA de CV, Miura LP, Simple Investments LP, Terra Gamma Partners CV i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (Tríú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-510/17, Del Valle Ruíz agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA

(Cás C-539/22 P)

(2022/C 398/21)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóirí: Antonio Del Valle Ruíz, Alejandra Pérez Mina, Alejandro Finkler Kudler, Alonso de Garay Gutiérrez, Arantzazu Del Valle Diharce, Arturo Grinberg Kreimerman, Carlos Ruíz Sacristán, Edmundo Del Valle Diharce, Elias Abadi Cherem, Enrique Rojas Blásquez, Eugenio Santiago Clariond Reyes, Fernando Ramos González de Castilla, Gerardo Madrazo Gómez, Germán Larrea Mota Velasco, Jacobo Troice Jalife, Jaime Abadi Cherem, Jorge Esteve Recolons, José Eduardo Del Valle Diharce, José Manuel Fierro Von Mohr, José María Casanueva Y Llaguno, Juan Pablo Del Valle Perochena, Julio Andrés Maza Casas, Luís de Garay Russ, Luis Francisco Suinaga Aguilár, María de Guadalupe Del Valle Perochena, Rogelio Barrenechea Cuenca, Xochitl Montero De Garay, Inmobiliaria Asturval, SA de CV, Bauhaus Partners Ltd, DGFam Fund, LP, Eureka Global Pte Ltd, Fideicomiso 70385-0 Bancomer (Antonio Cosío y Familia), Tanoak Ltd, GBM Capital Bursátil, SA de CV, Fondo de Inversión de Renta Variable, GBM Fondo de Inversión Total, SA de CV, Fondo de Inversión de Renta Variable, GBM Global, SA de CV, Fondo de Inversión de Renta Variable, Grow Investments LP, Grupo Bursátil Mexicano, SA de CV, Casa de Bolsa, Hechos con Amor, SA de CV, Miura LP, Simple Investmnts LP, Terra Gamma Partners CV (ionadaí: J. Pobjoy, Barrister-at-Law)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair (BRA), Ríocht na Spáinne, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Banco Santander, SA

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh breithiúnais, i gcomhréir le measúnú dlíthiúil na Cúirte Breithiúnais; agus

a ordú don Chomhairle costais na n-achomharcóirí sna himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena gcaingean, maíonn na hachomharcóirí dhá shaincheist dlí:

Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid (a) nuair a chinn sí go raibh na hachomharcóirí in ann a gceart chun leighis éifeachtaigh a fheidhmiú faoi Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh in imthosca inar mhainnigh na freagróirí príomhdhoiciméid ar a raibh na freagróirí ag brath a sholáthar agus/nó a bhí ábhartha do na cinntí arb ábhar don iarratas ar neamhniú (Cinneadh SRB/EES/2017/08 ó Sheisiún Feidhmiúcháin BRA an 7 Meitheamh 2017 maidir le scéim réitigh a ghlacadh le haghaidh Banco Popular Español, SA, agus Cinneadh (AE) 2017/1246 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena bhformhuinítear an scéim réitigh le haghaidh Banco Popular Español, SA (1)), lena n-áirítear an leagan neamhfholaithe de Chinneadh SRB, a bhfuil na hachomharcóirí ag iarraidh a chur ar neamhní agus (b) trí mhainneachtain aird a thabhairt do agus/nó gníomhú go comhsheasmhach i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann leis an gceart chun éisteacht chóir a fháil agus comhionannas arm a ráthaítear le hAirteagal 47 de Chairt an Aontais.

Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí nach mór do na hachomharcóirí, chun a shuíomh go ndearna na freagróirí earráid fhollasach measúnaithe, fianaise leordhóthanach a thabhairt ar aird chun go measfaí gur “neamhdhealraitheach” na measúnuithe fíorasacha arna nglacadh ag na freagróirí .


(1)  IO 2017 L 178, lch. 15.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/19


Achomharc arna thabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 ag Anglo Austrian AAB AG atá faoi leacht i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra méadaithe) a tugadh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-797/19, Anglo Austrian AAB AG atá faoi leacht v an Banc Ceannais Eorpach

(Cás C-579/22 P)

(2022/C 398/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Anglo Austrian AAB AG atá faoi leacht (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Banc Ceannais Eorpach, Belegging-Maatschappij “Far-East” BV

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

1.

breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-797/19, Anglo Austrian AAB agus Belegging-Maatschappij “Far-East” v BCE a chur ar ceal,

2.

cinneadh an 14 Samhain 2019, lenar bhain BCE an t-údarú mar institiúid creidmheasa ón achomharcóir, a chur ar neamhní,

3.

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, a mhéid a mheasann an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil sí in ann an cás a chinneadh,

4.

a ordú do BCE costas an achomharcóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, ardaíonn an t-achomharcóir seacht saincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, sháraigh an Chúirt Ghinearálta na teorainneacha dá dlínse agus sháraigh sí dlí an Aontais, Airteagal 263 CFAE sa chás seo, de bharr gur chinn sí go sainráite ceisteanna faoi chonspóid maidir le léiriú agus cur i bhfeidhm dhlí náisiúnta na hOstaire.

Ar an dara dul síos, ba cheart don Chúirt Ghinearálta a chinneadh nach raibh aon inniúlacht ag BCE

a)

toisc nach bhfuil aon inniúlacht ag BCE i dtaobh cinntí i ndáil le reachtaíocht maidir le sciúradh airgid,

b)

toisc nach bhfuil aon údarás ag BCE maidir le cur chun feidhme an dlí náisiúnta,

c)

toisc nach bhfuil aon údarás ag BCE ach i dtaobh smachtbhannaí maidir le cur chun feidhme dhlí an Aontais atá infheidhme go díreach, agus

d)

toisc go bhfuil an mhaoirseacht a dhéanann BCE teoranta don teaglaim de ghníomhaíochtaí taiscí agus creidmheasa.

Ar an tríú dul síos, tá cinneadh na Cúirte Ginearálta gur gcomhlíonadh na coinníollacha i bpointe 2 de mhír 31(3) de FM-GWG (1) agus Airteagal 67(1)(o) de CRD IV (2) bunaithe ar mhíthuiscint ar na coinníollacha sna forálacha sin agus, thairis sin, ar mhíthuiscint ar chinntí rialála agus breithiúnais náisiúnta ar thagair an Chúirt Ghinearálta dóibh.

Ar an gceathrú dul síos, tá earráidí ag baint leis an diúltú do na saincheisteanna dlí atá bunaithe ar an gcás go raibh cúis ann chun an t-údarú a tharraingt siar faoi Airteagal 67(1)(d) de CRD IV agus, de réir an bhreithiúnais faoi achomharc, a bhaineann le breithnithe nach breithnithe bunúsacha iad i dtarraingt siar an údaraithe, ar earráidí iad a fhreagraíonn d’earráidí ar déileáladh leo faoin tríú saincheist dlí.

Ar an gcúigiú dul síos, níl anailís nithiúil déanta ag an gCúirt Ghinearálta ar an dara saincheist dlí lena líomhnaítear go raibh sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

Ar an séú dul síos, tá an diúltú don cheathrú saincheist dlí, lena líomhnaítear go raibh sárú ar chearta cosanta an achomharcóra, bunaithe ar an toimhde atá mícheart ó thaobh dlí de gur bhain sé le sáruithe a tharla roimhe sin amháin, agus ní le cúrsaí mar a bhí ag an am a rinneadh an ceadúnas a tharraingt siar.

Ar an seachtú dul síos, tá earráidí nós imeachta, a chuireann isteach ar leas an achomharcóra, ag baint leis an mbreithiúnas faoi achomharc. Go háirithe, theip ar an gCúirt Ghinearálta a chur in iúl don achomharcóir go raibh athrú bunúsach déanta aige ar a sheasamh dlí féin agus, ina dhiaidh sin, an deis a thabhairt dó aighneachtaí a dhéanamh maidir leis na gnéithe dlí agus fíorasacha ábhartha a bhain leis an athrú sin.


(1)  Dlí Cónaidhme na hOstaire chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta sa mhargadh airgeadais a chosc.

(2)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO 2013 L 176, lch. 338) (“CRD IV”).


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/20


Achomharc thabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 ag thyssenkrupp AG i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-584/19, thyssenkrupp v an Coimisiún

(Cás C-581/22 P)

(2022/C 398/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: thyssenkrupp AG (ionadaithe: M. Klusmann, J. Ziebarth, O. Schley, Rechtsanwälte)

Páirtí eile sna himeachtaí: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

cinneadh C(2019) 4228 final (1) ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2019 i gcás M.8713 — Tata Steel/thyssenkrupp/JV a chur ar neamhní;

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh cinneadh i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais; agus

a ordú don Choimisiún na costais a íoc os comhair na Cúirte Ginearálta agus na Cúirte Breithiúnais.

Saincheisteanna dlí agus sna príomhargóintí

Maíonn an tAchomharcóir nach ndearna an Chúirt Ghinearálta athbhreithniú breithiúnach leordhóthanach ar a iarratas le haghaidh neamhniú os rud é gurbh “athbhreithniú éadrom” amháin a rinne sí ar na pléadálacha. Ina theannta sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair nár cuireadh i bhfeidhm na caighdeáin chearta shubstainteacha chun na margaí ábhartha a shainiú i gcásanna cumaisc agus nuair a chinn sí go raibh bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach (“SIEC”) mar thaca le cinneadh lena gcuirtear cosc ar chumasc, nuair nár cuireadh i bhfeidhm caighdeáin cruthúnais infheidhme, tríd an dualgas cruthúnais a aisiompú go míchuí, agus tríd an bhfianaise atá ar fáil a shaobhadh nó gan í a mheas agus gan breithniú a dhéanamh ar gach saincheist a cuireadh, nó mar mhalairt air sin, trí mhainneachtain réasúnú leordhóthanach a thabhairt chun an t-iarratas tosaigh le haghaidh neamhniú a dhíbhe go hiomlán.

Go bunúsach, aighníonn an tAchomharcóir gur cheart don Chúirt Ghinearálta, agus an cás seo á bhreithniú aici, a fasach féin a urramú lena breithiúnas an 28 Bealtaine 2020, CK Telecoms UK Investments v an Coimisiún (T-399/16, AE:T:2020:217), inar leag sí amach caighdeán i bhfad níos déine d’athbhreithniú breithiúnach i gcásanna cumaisc ná mar a cuireadh i bhfeidhm anseo:

1.

Lena chéad fhoras achomhairc – atá roinnte ina dhá shaincheist – maíonn an tAchomharcóir gur mhainnigh an Chúirt Ghinearálta a hathbhreithniú substainteach leordhóthanach féin a dhéanamh ar na saincheisteanna a cuireadh san iarratas le haghaidh neamhniú trí gan ach cloí, ar an gcéad dul síos, le seiceáil a dhéanamh ar an gcaoi ar láimhseáil an Coimisiún pointí ar leith ar dtús agus trí gan a hathbhreithniú féin a dhéanamh ar cé acu a raibh nó nach raibh an fhianaise a úsáideadh iontaofa agus léirmhínithe i gceart agus cibé an raibh na conclúidí ar a tháinig an Coimisiún ceart agus léirithe go leordhóthanach i bhfianaise ó thaobh na Cúirte Ginearálta féin de freisin. Maíonn an tAchomhardóir, in ainneoin na mbreithiúnas is infheidhme an 10 Iúil 2018, Bertelsmann agus Sony Corporation of America v Impala (C-413/06 P, EU:C:2008:392) agus an 28 Bealtaine 2020, CK Telecoms UK Investments v an Coimisiún (T-399/16, EU:T:2020:217), gur theip ar an gCúirt Ghinearálta an tástáil cheart shubstainteach a chur i bhfeidhm chun dóchúlacht leordhóthanach a leagan síos go dtarlódh BSIÉ (bac suntasach ar iomaíocht éifeachtach) ar na margaí táirgí arna scrúdú ag an gCoimisiún i ndiaidh an chumaisc.

2.

Lena dara foras achomhairc — atá roinnte ina cheithre shaincheist — maíonn an tAchomhardóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus go ndearna sí saobhadh ar fhianaise trí sheasamh go mícheart le sainmhínithe ró-chúnga ar roinnt margaí ábhartha táirgí le haghaidh táirgí cothroma cruach (go háirithe i gcás auto HDG agus cruach lannaithe le haghaidh pacáistíochta), mar thoradh air gur chinn an Coimisiún go dócha go mbeadh BSIÉ ann tar éis an chumaisc ar tugadh fógra ina leith.

3.

Lena tríú foras achomhairc – atá roinnte ina sé shaincheist – maíonn an tAchomhardóir go bhfuil na measúnuithe iomaíocha a d’fhormhuinigh an Chúirt Ghinearálta maidir leis na margaí ábhartha le haghaidh auto HDG agus cruach phacáistithe lochtach mar gheall ar an gCúirt Ghinearálta a bheithag cur dhá theoiric díobhála atá éagsúil go hiomlán le chéile i bhfeidhm go héagórach go comhuaineach (ceannasacht ar leith agus éifeachtaí neamh-chomhordaithe i margaí olagaplacha), trí mhainneachtain sainiú a dhéanamh ar chritéir iomchuí chun glacadh leis gur “fhórsa iomaíoch tábhachtach” é Tata Steel agus maidir leis an “dlúthacht iomaíochta” a mheastar a bheith ann, trí shaobhadh a dhéanamh ar an bhfianaise maidir le srianta a bhaineann le hallmhairí, trí mhainneachtain a mheas go bhfuil ríomhanna HHI míchearta ábhartha do chinneadh an Choimisiúin maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil leis na pointí sin.

4.

Lena cheathrú foras achomhairc, maíonn an tAchomharcóir go ndearna an Chúirt Ghinearálta an fhianaise a shaobhadh agus nár chloígh sí lena chearta cosanta trí mhí-léirmhíniú a thabhairt ar an saincheist a rinneadh maidir le teoiric nua díobhála a chuir an Coimisiún ar aghaidh i mír 1095 den chinneadh atá faoi chonspóid gan deis a thabhairt roimh ré don Achomharcóir éisteacht a fháil maidir leis an bpointe sin agus tástáil shubstainteach mhícheart á cur i bhfeidhm maidir le hiompraíocht hipitéiseach margaidh ArcelorMittal mar mhóriomaitheoir a chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh go cinntitheach agus an tsaincheist tosaigh á díbhe.

5.

Lena chúigiú foras achomhairc, maíonn an tAchomharcóir nár bhreithnigh an Chúirt Ghinearálta an seachtú foras leis an iarratas le haghaidh neamhniú toisc go raibh míthuiscint aici ar an saincheist bhunúsach a mhaígh go raibh an fhianaise saofa ag an gCoimisiún trí argóintí staitistiúla a bhunú ar fhreagraí randamacha agus neamhiomlána ó thríú páirtithe ar iarrataí ar fhaisnéis, gan a áirithiú nach raibh laonfacht roghnúcháin ann.


(1)  Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiúin an 11 Meitheamh 2019 lena ndearbhaítear nach bhfuil comhchruinniú ag luí leis an margadh inmheánach agus le Comhaontú LEE (Cás M.8713 – Tata Steel/ThyssenKrupp/JV) (fógartha faoi uimhir an doiciméid C(2019) 4228); IO 2021, C 24, lch. 23.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/22


Caingean arna tionscnamh an 8 Meán Fómhair 2022 – An Coimisiún Eorpach v an Ungáir

(Cás C-587/22)

(2022/C 398/24)

Teanga an cháis: an Ungáiris

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Sipos agus E. Sanfrutos Cano, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: an Ungáir

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

(1)

a dhearbhú gur mhainnigh an Ungáir Airteagail 3 agus 4 de Threoir 91/271/CEE (1) ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 10 de, a chomhlíonadh ós rud é nár áirithigh sí go mbeadh córais bhaillithe fuíolluisce uirbigh ar fáil do na ceirtleáin uirbeacha Kéthely, Marcali, Zalaegerszeg, Keszthely, Zalakaros, Soltvadkert, Pilisvörösvár, Szécsény, Tolna, Köröm, Nagykőrös, Veresegyház, Kiskunhalas, Tököl, Szigetszentmiklós, Hódmezővásárhely, Szentendre, Mezőtúr, Békés, Dabas, Dunavarsány agus Szentes agus go mbeadh siad nasctha leis na córais chéanna sin, nó go mbeadh córais aonair nó córais iomchuí eile ar fáil lena mbainfí amach an leibhéal céanna cosanta comhshaoil mar a bhaintear amach le córais bhailithe agus chóireála agus go mbeadh fuíolluisce uirbeach a thagann isteach i gcórais bhailithe faoi réir cóireála tánaistí nó cóireála coibhéisí sula ndéanfar é a sceitheadh;

(2)

a dhearbhú gur mhainnigh an Ungáir a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 6, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 10, de Threoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, a chomhlíonadh ós rud é nár áirithigh sí go mbeadh an fuíolluisce ó na ceirtleáin Kéthely, Marcali, Zalaegerszeg, Keszthely agus Zalakaros faoi réir cóireála níos déine ná cóireáil thánaisteach;

(3)

a dhearbhú gur mhainnigh an Ungáir a cuid oibleagáidí faoi Airteagal 15 de Threoir 91/271/cé ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh, ós rud é nár áirithigh sí go mbeadh faireachán leanúnach á dhéanamh ar sceitheadh ó ghléasraí cóireála fuíolluisce uirbigh sna ceirtleáin Kéthely, Marcali, Zalaegerszeg, Keszthely, Zalakaros, Soltvadkert, Pilisvörösvár, Szécsény, Tolna, Köröm, Nagykőrös, Veresegyház, Kiskunhalas, Tököl, Szigetszentmiklós, Hódmezővásárhely, Szentendre, Mezőtúr, Békés, Dabas, Dunavarsány agus Szentes; agus ina theannta sin

(4)

a ordú don Ungáir na costais a íoc.

Pleádálacha dlí agus príomhargóintí

Is éard atá i gceist leis an gcás seo ná gur chuir an Ungáir Treoir 91/271/CEE maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh chun feidhme ar bhealach neamhdhóthanach. Baineann an Treoir seo le bailiú, cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce uirbigh agus le cóireáil agus sceitheadh fuíolluisce ó earnálacha tionsclaíocha áirithe. Is é cuspóir na Treorach an comhshaol a chosaint ó éifeachtaí díobhálacha an sceite fuíolluisce thuasluaite ó earnálacha tionsclaíocha áirithe agus ó cheirtleáin le coibhéis daonra atá níos mó ná 2 000.

Tá an Coimisiún den tuairim gur mhainnigh an Ungáir a cuid oibleagáidí, a eascraíonn, dar leis, as an Treoir, a chomhlíonadh i leith 22 ceirtleán san iomlán (Kéthely, Marcali, Zalaegerszeg, Keszthely, Zalakaros, Soltvadkert, Pilisvörösvár, Szécsény, Tolna, Köröm, Nagykőrös, Veresegyház, Kiskunhalas, Tököl, Szigetszentmiklós, Szentendre Hódmezővásárhely, Mezőtúr, Békés, Dabas, Dunavarsány agus Szentes) laistigh de dhá idirthréimhse ama a leagtar amach sa Chonradh Aontachais (an 31 Nollaig 2008 agus an 31 Nollaig 2010).

Is é an ráta íseal nasc leis na córais bhailiúcháin atá ann cheana féin sna ceirtleáin seo atá ina phríomhchúis leis an staid neamhdhleathach. Ar an dara dul síos, tá fadhb ann toisc go mbíonn úsáid iomarcach agus gan bonn cirt á baint as córais aonair nó córais iomchuí eile sna ceirtleáin seo nach mbaintear an leibhéal cosanta comhshaoil a éilítear leis an Treoir amach leo.


(1)  Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO 1991 L 135, lch. 40).


Chúirt Ghinearálta

17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/23


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meán Fómhair 2022 – JCDecaux Street Furniture Belgium v an Coimisiún

(Cás T-642/19) (1)

(Státchabhair - Beart cabhrach arna chur chun feidhme ag an mBeilg mar thaca le JCDecaux Street Furniture Belgium - Cinneadh lena ndearbhaítear nach bhfuil an beart cabhrach ag luí leis an margadh inmheánach agus lena n-ordaítear í a ghnóthú - Buntáiste - Oibleagáid cúiseanna a lua)

(2022/C 398/25)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: JCDecaux Street Furniture Belgium (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: A. Winckler, G. Babin agus B. Cambier, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Braga da Cruz, C. Georgieva agus D. Recchia, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Clear Channel Belgium (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: P. de Bandt, M. Gherghinaru agus L. Panepinto, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2019) 4466 final ón gCoimisiún, an 24 Meitheamh 2019, maidir le Státchabhair SA.33078 (2015/C) (ex 2015/NN) arna chur chun feidhme ag an mBeilg mar thaca le JCDecaux Belgium Publicité ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do JCDecaux Street Furniture Belgium a costais féin agus iad siúd a thabhaigh an Coimisiún Eorpaigh a íoc.

3)

Ordaítear do Clear Channel Belgium a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 383, 11.11.2019.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/23


Ordú na Cúirte Ginearálta an 17 Lúnasa 2022 – Batchelor v an Coimisiún

(Cás T-85/18) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Ionadaíocht arna déanamh ag dlíodóir nach bhfuil stádas tríú páirtí neamhspleách maidir leis an iarratasóir aige - Do-ghlacthacht)

(2022/C 398/26)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Edward William Batchelor (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: B. Hoorelbeke, Dlíodóir, agus M. Healy, Aturnae)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Konstantinidis agus C. Ehrbar, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh C(2017) 8430 final ón gCoimisiún Eorpach, an 5 Nollaig 2017, sa mhéid is gur diúltaíodh rochtain ar ráiteas eitice riarthóir na hinstitiúide leis agus gur dúradh leis nach raibh aon doiciméad eile ag an gCoimisiún a bhain lena iarratas ar rochtain ar dhoiciméid, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean as bheith do-ghlactha.

2)

Ordaítear do Edward William Batchelor na costais a íoc.


(1)  IO C 152, 30.4.2018.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/24


Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Lúnasa 2022 – Kakuzo v EUIPO – Rauch Fruchtsäfte (Kakuzo)

(Cás T-592/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an fhreasúra - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 398/27)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Kakuzo GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaithe: O. Spieker, A. Schönfleisch agus D. Mienert, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: I. Harrington agus D. Gája, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Rauch Fruchtsäfte GmbH (Rankweil, an Ostair)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh an Chúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Iúil 2021 (Cás R 356/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar an gcaingean.

2)

Ordaítear do Kakuzo GmBH a chostais féin, chomh maith leis na costais a thabhaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), a íoc.


(1)  IO C 502, 13.12.2021.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/25


Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Lúnasa 2022 – Puma v EUIPO – SMB Swisspour (PUMA)

(Cás T-622/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Tarraingt siar an iarraidh ar chlárúchán - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 398/28)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Puma SE (Herzogenaurach, an Ghearmáin) (ionadaithe: M. Schunke agus P. Trieb, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaithe: J. Schäfer agus E. Markakis, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: SMB Swisspour GmbH (Wildau, an Ghearmáin)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh an Chéad Bhoird Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Iúil 2021 (Cás R 2493/2019-1) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar an gcaingean.

2)

Ordaítear do Puma SE a chostais féin, chomh maith leis na costais a thabhaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), a íoc.


(1)  IO C 471, 22.11.2021.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/25


Ordú na Cúirte Ginearálta an 1 Lúnasa 2022 – Preventicus v EUIPO (NIGHTWATCH)

(Cás T-742/21) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Cúlghairm an chinnidh a chonspóidtear - Dul in éag ábhar na díospóide - Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)

(2022/C 398/29)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Preventicus GmbH (Jena, an Ghearmáin) (ionadaí: J. Zecher, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: E. Markakis, i gcáil Gníomhaire)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh an Cheathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 9 Meán Fómhair 2021 (Cás R 1241/2020-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Ní gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar an gcaingean.

2)

Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a chostais féin, chomh maith leis na costais a thabhaigh Preventicus GmbH, a íoc.


(1)  IO C 37, 24.1.2022.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/26


Ordú na Cúirte Ginearálta an 29 Iúil 2022 – Santos v EUIPO (Cruth súire citris)

(Cás T-51/22) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar mharc tríthoiseach de chuid an Aontais Eorpaigh - Cruth súire citris - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1)(b) den Rialachán (AE) 2017/1001 - Cinneadh a glacadh tar éis cinneadh a rinneadh roimhe sin a chúlghairm - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(2022/C 398/30)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Santos (Vaulx-en-Velin, an Fhrainc) (ionadaí: C. Bey, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, i gcáil Gníomhaire)

Ábhar

Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Samhain 2021 (Cás R 281/2020-1).

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.

2)

Ordaítear do Santos na costais a íoc.


(1)  IO C 119, 14.3.2022.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/26


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Lúnasa 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún

(Cás T-269/22 R)

(Bearta eatramhacha - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 - Údarú margaíochta a dheonú d'fhúmaráit démheitil Polpharma - fúmaráit dé-mheitil - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)

(2022/C 398/31)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Badhoevedorp, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Haasbeek agus A. Sipos, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína iarratas bunaithe ar Airteagal 278 agus Airteagal 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar fionraí forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3253 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2022, lena ndeonaítear údarú margaíochta faoin Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d'fhúmaráit démheitil Polpharma – fúmaráit dé-mheitil mar tháirge íocshláinte lena úsáid ag an duine.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Forchoimeádtar na costais.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/27


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Lúnasa 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún

(Cás T-278/22 R)

(Nós imeachta eatramhach - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 - Údarú margaíochta a dheonú d'fhúmaráit démheitil Neuraxpharm - fúmaráit dé-mheitil - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)

(2022/C 398/32)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Badhoevedorp, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Haasbeek agus A. Sipos, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína iarratas bunaithe ar Airteagal 278 agus Airteagal 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar fionraí forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3254 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2022, lena ndeonaítear údarú margaíochta faoin Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d'fhúmaráit démheitil Neuraxpharm – fúmaráit dé-mheitil mar tháirge íocshláinte lena úsáid ag an duine.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Forchoimeádtar na costais.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/27


Ordú Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 4 Lúnasa 2022 – Biogen Netherlands v an Coimisiún

(Cás T-279/22 R)

(Bearta eatramhacha - Táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine - Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 - Údarú margaíochta a dheonú d'fhúmaráit démheitil Mylan - fúmaráit dé-mheitil - Iarratas ar oibriú ordaithe a fhionraí - Easpa práinne)

(2022/C 398/33)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Biogen Netherlands BV (Badhoevedorp, an Ísiltír) (ionadaí: C. Schoonderbeek, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Haasbeek agus A. Sipos, i gcáil Gníomhairí)

Ábhar

Trína iarratas bunaithe ar Airteagal 278 agus Airteagal 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar fionraí forghníomhú Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022) 3252 final ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2022, lena ndeonaítear údarú margaíochta faoin Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d'fhúmaráit démheitil Mylan – fúmaráit dé-mheitil mar tháirge íocshláinte lena úsáid ag an duine.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don iarratas ar bhearta eatramhacha.

2)

Forchoimeádtar na costais.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/28


Caingean arna tabhairt an 21 Iúil 2022 – Ryanair v an Coimisiún

(Cás T-458/22)

(2022/C 398/34)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ryanair DAC (Sord, Éire) (ionadaithe: E. Vahida, F.-C. Laprévote, V. Blanc, D. Pérez de Lamo agus S. Rating, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (AE) [2002/763] ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 C(2021) 9941 final maidir le Státchabhair SA.60165 (2021/C, ex 2021/N) a bhfuil sé beartaithe ag an bPortaingéil í a chur chun feidhme le haghaidh TAP SGPS (1) a chur ar neamhní

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear nach mbunaítear incháilitheacht TAP.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún Eorpach earráid fhollasach mheasúnaithe maidir le léiriú ar an mbaol cur isteach ar sheirbhís thábhachtach agus maidir le ról sistéamach TAP.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nach mbunaítear leis an gcinneadh go bhfuil an plean athstruchtúraithe an plean athstruchtúraithe réadúil, comhleanúnach agus forleathan agus go bhfuil sé oiriúnach chun inmharthanacht fhadtéarmach TAP a thabhairt ar ais gan bheith ag brath ar Státchabhair bhreise laistigh de thréimhse ama réasúnta.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear nach mbunaítear leis an gcinneadh an gá le haghaidh idirghabháil Stáit, agus a héifeacht dreasachta (i.e. mainneachtain comparáid a chur ar fáil le cás malartach inchreidte nach mbaineann Státchabhair leis agus a bhunú go bhfuil roghanna margaidh go léir ídithe ag TAP).

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear nach mbunaítear oiriúnacht na cabhrach leis an gcinneadh.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear nach mbunaítear comhréireacht na cabhrach leis an gcinneadh.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear nach ndéantar athbhreithniú leordhóthanach ar éifeachtaí diúltacha na Státchabhrach leis an gcinneadh.

8.

An t-ochtú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh forálacha sonracha den CFAE agus prionsabail ghinearálta an neamh-idirdhealaithe, saorsholáthar seirbhísí agus saorbhunaíocht leis an gcinneadh.

9.

An naoú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Coimisiún Eorpach a dhualgas cúiseanna a lua.


(1)  IO 2022 L 139, lch. 19.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/29


Caingean arna tabhairt an 1 Lúnasa 2022 – Imasa, Ingeniería y Proyectos v an Coimisiún agus páirtithe eile

(Cás T-474/22)

(2022/C 398/35)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Imasa, Ingeniería y Proyectos, SA (Oviedo, an Spáinn) (ionadaí: J. Álvarez González, Dlíodóir)

Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

breithiúnas a thabhairt chun dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh a dhearbhú toisc gur iompair an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair agus an Banc Ceannais Eorpaigh iad féin go neamhdhleathach agus le faillí leis an méid ar a dtugtar tuairisc san iarraidh;

a ordú don Aontas Eorpach an tsuim EUR 186 195,66 a íoc mar chúiteamh leis an iarratasóir, de réir na dtorthaí ríofa gus cainníochtaithe atá sa tuarascáil ó na saineolaithe atá i gceangal leis an iarraidh, móide an t-ús reachtúil lena mbaineann agus a ordú don chosantóir costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go raibh iompar an Bhoird Réitigh Aonair neamhdhleathach, arbh éard a bhí ann ná rabhaidh ródaigh phoiblí a thabhairt agus gníomhaíochtaí a dhéanamh (go háirithe eolas a sceitheadh) a bhíodh ina n-iompar mífhreagrach ba shiocair le tobthitim i luach phraghas na scaire, lenar cuireadh dlús le réiteach Banco Popular Español, S. A..

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur iompair an Bord Réitigh Aonair agus an Coimisiún Eorpach iad féin le faillí trí réiteach Banco Popular Español, S. A. a ghlacadh agus a fhormhuiniú gan a fhíorú agus a dheimhniú, i gcomhréir le reachtaíocht na hEorpa, gur comhlíonadh na ceanglais agus na réamhchoinníollacha chun an sásra réitigh sin a chur i bhfeidhm agus, ar theacht ar chomhaontú maidir leis an sásra, nár chomhlíon sé reachtaíocht na hEorpa maidir leis an nós imeachta réitigh nó maidir le cearta na scairshealbhóirí agus/nó maidir le sealúchais an Bhainc.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa cúraim ón mBanc Ceannais Eorpach, ar mhaithe le leachtacht Banco Popular Español, S. A. a ráthú agus a réiteach a sheachaint, agus faireachán, maoirseacht, réamhaisnéis agus rialúchán á ndéanamh aige ar na sásraí is gá chomh maith leis na sásraí sin a rialú agus a bhunú.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/30


Caingean arna tabhairt an 1 Lúnasa 2022 – Fundación Pedro Barrié de la Maza, Conde de Fenosa v an Coimisiún agus páirtithe eile

(Cás T-475/22)

(2022/C 398/36)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Fundación Pedro Barrié de la Maza, Conde de Fenosa (La Coruña, an Spáinn) (ionadaí: B. Fernández García, Dlíodóir)

Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

breithiúnas a thabhairt chun dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh a dhearbhú toisc gur iompair an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair agus an Banc Ceannais Eorpaigh iad féin go neamhdhleathach agus le faillí leis an méid ar a dtugtar tuairisc san iarraidh;

a ordú don Aontas Eorpach an tsuim EUR 47 513 972,73 a íoc mar chúiteamh leis an iarratasóir, de réir na dtorthaí ríofa agus cainníochtaithe atá sa tuarascáil ó na saineolaithe atá i gceangal leis an iarraidh, móide an t-ús reachtúil lena mbaineann agus a ordú don chosantóir costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go raibh iompar an Bhoird Réitigh Aonair neamhdhleathach, arbh éard a bhí ann ná rabhaidh ródaigh phoiblí a thabhairt agus gníomhaíochtaí a dhéanamh (go háirithe eolas a sceitheadh) a bhí ina n-iompar mífhreagrach ba shiocair le tobthitim i luach phraghas na scaire, lenar cuireadh dlús le réiteach Banco Popular Español, S. A..

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur iompair an Bord Réitigh Aonair agus an Coimisiún Eorpach iad féin le faillí trí réiteach Banco Popular Español, S.A a glacadh agus a fhormhuiniú gan a fhíorú agus a dheimhniú, i gcomhréir le reachtaíocht na hEorpa, gur comhlíonadh na ceanglais agus na réamhchoinníollacha chun an sásra réitigh sin a chur i bhfeidhm agus, ar theacht ar chomhaontú maidir leis an sásra, nár chomhlíon sé reachtaíocht na hEorpa maidir leis an nós imeachta réitigh nó maidir le cearta na scairshealbhóirí agus/nó maidir le sealúchais an Bhainc.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa cúraim ón mBanc Ceannais Eorpach, ar mhaithe le leachtacht Banco Popular Español, S. A. a ráthú agus a réiteach a sheachaint, agus faireachán, maoirseacht, réamhaisnéis agus rialúchán á ndéanamh aige ar na sásraí is gá chomh maith leis na sásraí sin a rialú agus a bhunú.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/30


Caingean arna tabhairt an 1 Lúnasa 2022 – Calatrava Real State 2015 v an Coimisiún agus páirtithe eile

(Cás T-477/22)

(2022/C 398/37)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Calatrava Real State 2015, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: B. Fernández García, Dlíodóir)

Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

breithiúnas a thabhairt chun dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh a dhearbhú toisc gur iompair an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair agus an Banc Ceannais Eorpaigh iad féin go neamhdhleathach agus le faillí leis an méid ar a dtugtar tuairisc san iarraidh;

a ordú don Aontas Eorpach an tsuim EUR 713 320,65 a íoc mar chúiteamh leis an iarratasóir, de réir na dtorthaí ríofa agus cainníochtaithe atá sa tuarascáil ó na saineolaithe atá i gceangal leis an iarraidh, móide an t-ús reachtúil lena mbaineann agus a ordú don chosantóir costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go raibh iompar an Bhoird Réitigh Aonair neamhdhleathach, arbh éard a bhí ann ná rabhaidh ródaigh phoiblí a thabhairt agus gníomhaíochtaí a dhéanamh (go háirithe eolas a sceitheadh) a bhí ina n-iompar mífhreagrach ba shiocair le tobthitim i luach phraghas na scaire, lenar cuireadh dlús le réiteach Banco Popular Español, S. A..

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur iompair an Bord Réitigh Aonair agus an Coimisiún Eorpach iad féin le faillí, trí réiteach Banco Popular Español, S. A. a ghlacadh agus a fhormhuiniú gan a fhíorú agus a dheimhniú, i gcomhréir le reachtaíocht na hEorpa, gur comhlíonadh na ceanglais agus na réamhchoinníollacha chun an sásra réitigh sin a chur i bhfeidhm agus, ar theacht ar chomhaontú maidir leis an sásra, nár chomhlíon sé reachtaíocht na hEorpa maidir leis an nós imeachta réitigh nó maidir le cearta na scairshealbhóirí agus/nó maidir le sealúchais an Bhainc.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa cúraim ón mBanc Ceannais Eorpach, ar mhaithe le leachtacht Banco Popular Español, S. A. a ráthú agus a réiteach a sheachaint, agus faireachán, maoirseacht, réamhaisnéis agus rialúchán á ndéanamh aige ar na sásraí is gá chomh maith leis na sásraí sin a rialú agus a bhunú.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/31


Caingean arna tabhairt an 16 Lúnasa 2022 – an Phortaingéil v an Coimisiún

(Cás T-512/22)

(2022/C 398/38)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Portaingéile (ionadaithe: P. Barros da Costa, H. Almeida, N. Domingues agus G. Gomes, Gníomhairí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a chur ar neamhní, a mhéid a eisiatar ó mhaoiniú an méid EUR 117 066 097,40 a bhaineann le caiteachas arna dhearbhú ag Poblacht na Portaingéile sa scéim cúnaimh limistéar-bhunaithe i mblianta airgeadais na bhfeachtas 2016, 2017, 2018 agus 2019;

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh earráid maidir le toimhdí na bhfíoras agus an Dlí, ó tharla gur chinn an Coimisiún gur chóir go mbeadh Rialtas na Portaingéile tar éis córas an iarratais geo-spásaigh a chur i bhfeidhm roimh an bhfeachtas 2015 — Sárú ar Airteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún (1) agus Airteagal 72(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a mhéid is gur ghníomhaigh an Coimisiún ar bhonn mícheart agus gur thabhaigh sé earráid Dlí maidir le toimhdí na bhfíoras agus an Dlí trína theacht ar an tuairim nach raibh na húdaráis Phortaingéalacha tar éis measúnú a dhéanamh i gceart ar na méideanna arna n-íoc sna feachtais ó 2016 go 2019, rud a chothaigh riosca don Chiste.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta, de réir bhrí phrionsabal na leordhóthanaí agus de réir bhrí phrionsabal an riachtanais nó na hinmhuireareachta i “Measúnú an cheartúcháin airgeadais”, agus sárú ar phrionsabal an chomhair dhílis — Sárú ar Airteagail 5 agus 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ó tharla gur chuir an Coimisiún ceartúchán ar ráta comhréidh a théann thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí dá saothraítear leis an reachtaíocht a bhaint amach agus nár chuir sé an measúnú réasúnaithe a thaisc na húdaráis náisiúnta san áireamh, arna thabhairt i gcrích agus arna shocrú i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid dlí, réasúnaíocht chontrártha agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta — Sárú ar Airteagal 52 de Rialachán Uimh. 1306/2013 agus Airteagal 5 CAE, ó tharla gur chinn na húdaráis náisiúnta gurbh iad na híocaíochtaí a ndearnadh difir dóibh de dheasca an easnaimh ná iadsan arna ndéanamh i ndáil leis na blianta airgeadais 2016 agus 2017, nuair a tháinig an Rialachán Omnibus i bhfeidhm an 1 Eanáir 2018, agus dá bhrí sin go raibh an méid iomlán EUR 31 843 249,44 arna mholadh ag na húdaráis náisiúnta difriúil go suntasach ó luach an cheartúcháin airgeadais arna chur i bhfeidhm ag an gCoimisiún.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a shonrú — Sárú ar ratio agus cuspóir Rialacháin Tarmligthe Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún, (3) mar go bhfuil easnamh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún de dheasca ráiteas ar chúiseanna míchruinn maidir leis an 12 % agus 66 % den daonra sa limistéar atá incháilithe do ghnáth-sheiceálacha ar an láthair agus seiceálacha cianbhraiteachta, agus as a n-eascraíonn rómheas ar na sonraí ábhartha chun an riosca don Chiste agus an ceartúchán airgeadais ina dhiaidh sin lena mbaineann a mheasúnú dá réir.

5.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta — Sárú ar Airteagal 5 CAE, ó tharla go bhfuil an méid a bhaineann leis an riosca do na Cistí sna feachtais ó 2016 go 2019 iomarcach, sa chaoi go bhfuil na méideanna arna n-eisiamh ó mhaoiniú neamh-chomhréireach.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus traschomhlíontacht (IO L 227, 31.7.2014, lch. 69)

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013, L 347, lch. 549).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí íocaíochta agus comhlachtaí eile, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, urrús agus úsáid an euro (IO L 255, 28.8.2014, lch. 18).


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/32


Caingean arna tabhairt an 25 Lúnasa 2022 – Deutsche Glasfaser Wholesale v EUIPO – O2 Worldwide (brightblue)

(Cás T-516/22)

(2022/C 398/39)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Deutsche Glasfaser Wholesale GmbH (Borken, an Ghearmáin) (ionadaithe: A. Doepner-Thiele agus U. Kelp, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: O2 Worldwide Ltd (Cambridge, an Ríocht Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “brightblue” – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 913 265

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 21 Meitheamh 2022 i gCás R 0024/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 95(1) agus 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/33


Caingean arna tabhairt an 26 Lúnasa 2022 – GKP v EUIPO – Cristalfarma (TIARA RUBIS)

(Cás T-518/22)

(2022/C 398/40)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: GKP GmbH (Ehrenhausen an der Weinstraße, an Ostair) (ionadaí: I. Hödl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Cristalfarma Srl (Milano, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “TIARA RUBIS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 205 571

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 2 Meitheamh 2022 i gCás R 1878/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

mír 2 den chuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

seasamh go huile agus go hiomlán le mír 1 den chuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid; agus

a ordú do EUIPO agus don idirghabhálaí, na costais a íoc, lena n-áirítear costais na gcéimeanna níos luaithe na n-imeachtaí.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí áirithe in aicme 35;

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le hearraí in aicme 5 agus seirbhísí áirithe.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/34


Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2022 – Société des produits Nestlé v EUIPO – European Food (FITNESS)

(Cás T-519/22)

(2022/C 398/41)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Société des produits Nestlé SA (Vevey, an Eilvéis) (ionadaithe: A. Jaeger-Lenz, A. Lambrecht agus A.-C. Salger, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: European Food SA (Drăgăneşti, an Rómáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “FITNESS” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 2 470 326

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 27 Meitheamh 2022 i gCás R 894/2020-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 103(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 70 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún;

Sárú ar Airteagal 72(6) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 70 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/35


Caingean arna tabhairt an 1 Meán Fómhair 2022 – NZ v Commission

(Cás T-535/22)

(2022/C 398/42)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: NZ (ionadaí: H. Tagaras, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

na bearta eagrúcháin nós imeachta a iarrtar i mír 30 [den iarratas], agus beart atá dírithe ar na saincheisteanna a ardaíodh sna míreanna 42, 43 agus 59 [den iarratas] a shoiléiriú, a chur i gcrích;

agus, ag deireadh an nós imeachta,

na cinntí atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

agus, ar aon chuma,

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc in aghaidh an chinnidh ón gCoimisiún Eorpach an 10 Feabhra 2022, a glacadh i bhforghníomhú bhreithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, NZ v an Coimisiún (T-668/20, neamhfhoilsithe, EU:T:2021:667), ag deimhniú an chinnidh gan a ainm a chur ar an bpainéal don chomórtas inmheánach COM/1/AD 10/18, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúiseanna a lua, mí-úsáid cumhachta, sárú ar Airteagal 266 CFAE, go háirithe mar gheall ar dhiúltú an chosantóra na bearta a ghlacadh lena gceadófaí fíor-fhorghníomhú an bhreithiúnais lena ndearnadh neamhniú arna sheachadadh ag an gCúirt Ghinearálta.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an bhfógra comórtais, go háirithe ós rud é go bhfuil comhéifeachtaí an-difriúla curtha i bhfeidhm ag an mbord roghnúcháin sa dá scrúdú béil.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chóir chomhionann de bharr athruithe ar chomhdhéanamh an bhoird roghnúcháin.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar na rialacha lena rialaítear feidhmiú na mbord roghnúcháin agus na gcoistí roghnúcháin, eadhon:

bord roghnúcháin atá comhdhéanta de chomhaltaí malartacha amháin i bhformhór na bhfoirmíochtaí tar éis measúnú a dhéanamh ar na hiarrthóirí, an t-iarratasóir san áireamh;

cineál comhionann na gceisteanna a chuirtear ar na hiarrthóirí le linn na dtrialacha;

an easpa trédhearcachta agus comhleanúnachais atá sna rialacha a úsáidtear chun iarrthóirí a scóráil;

luaineacht chomhdhéanamh an bhoird roghnúcháin.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 27 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, mar gheall ar an sárú atá leagtha amach sa dara saincheist dlí.

7.

An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúraim.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/36


Caingean arna tabhairt an 2 Meán Fómhair 2022 – an Fhrainc v BRA

(Cás T-540/22)

(2022/C 398/43)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stehelin, J.-L. Carré agus E. Timmermans, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh 3/2021 an choiste achomhairc den Bhord Réitigh Aonair an 8 Meitheamh 2022 a chur ar neamhní;

A ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean in aghaidh Chinneadh 3/2021 ó Choiste Achomhairc an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) an 8 Meitheamh 2022 lena ndeimhníonn an Bord cinneadh BRA gan an díolúine ón íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn aonair a dheonú don ghrúpa baincéireachta, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur rialaigh an Coiste Achomhairc go hearráideach sa Chinneadh atá faoi chonspóid, go ndearna BRA léirmhíniú agus cur i bhfeidhm ceart ar Airteagal 12h de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 255, lch. 1) agus gur fhan sé laistigh de theorainneacha a lánrogha féin.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur rialaigh an Coiste Achomhairc go hearráideach, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nár sháraigh BRA prionsabal na deimhneachta dlíthiúla.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur rialaigh an Coiste Achomhairc go hearráideach, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur chomhlíon BRA an oibleagáid réasúin a lua a fhorchuirtear le hAirteagal 296 CFAE.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/36


Ordú na Cúirte Ginearálta an 31 Lúnasa 2022 – Virbac v an Coimisiún

(Cás T-138/21) (1)

(2022/C 398/44)

Teanga an cháis: an Fhraincis

D’ordaigh Uachtarán an Chúigiú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 206 an 31.5.2021.


17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 398/37


Ordú na Cúirte Ginearálta an 29 Lúnasa 2022 – Mellish v an Coimisiún

(Cás T-176/22) (1)

(2022/C 398/45)

Teanga an cháis: an Fhraincis

D’ordaigh Uachtarán an Ochtú Dlísheomra an cás a bhaint ón gclár.


(1)  IO C 222, 7.6.2022.