ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 395

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
14 Deireadh Fómhair 2022

Clár

Leathanach

II   Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 395/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10858 – RAFFLES / APG / CMGO / TSH) ( 1 )

1

IV   Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 395/02

Rátaí malairte an euro — 13 Deireadh Fómhair 2022

2

An Chomhairle

2022/C 395/03

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

3

2022/C 395/04

Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1944 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1936 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

4

2022/C 395/05

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a bheidh faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/1943 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle, arna leasú ag Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1935 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

5

2022/C 395/06

Fógra le haghaidh duine amháin atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

6

2022/C 395/07

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

7

2022/C 395/08

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1943 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1935 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

8

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

2022/C 395/09

Teachtaireacht ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí ( 1 )

10

2022/C 395/10

Teachtaireacht ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal — Bunú oibleagáidí seirbhíse poiblí i ndáil le haersheirbhísí sceidealta ( 1 )

11

V   Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

2022/C 395/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10561 – CINTRA / ABERTIS / ITINERE / BIP & DRIVE) ( 1 )

12

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

2022/C 395/12

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

14

2022/C 395/13

25

2022/C 395/14

36

2022/C 395/15

47

2022/C 395/16

58

2022/C 395/17

69

2022/C 395/18

80

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/1

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10858 – RAFFLES / APG / CMGO / TSH)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 395/01)

An 27 Meán Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10858. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/2

Rátaí malairte an euro (1)

13 Deireadh Fómhair 2022

(2022/C 395/02)

1 euro =

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

0,9739

JPY

yen na Seapáine

142,94

DKK

krone na Danmhairge

7,4385

GBP

punt steirling

0,86513

SEK

krona na Sualainne

11,0098

CHF

franc na hEilvéise

0,9725

ISK

króna na hÍoslainne

140,50

NOK

krone na hIorua

10,3525

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,569

HUF

forint na hUngáire

430,65

PLN

zloty na Polainne

4,8303

RON

leu na Rómáine

4,9355

TRY

lira na Tuirce

18,1041

AUD

dollar na hAstráile

1,5495

CAD

dollar Cheanada

1,3443

HKD

dollar Hong Cong

7,6440

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7314

SGD

dollar Shingeapór

1,3949

KRW

won na Cóiré Theas

1 392,71

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,8173

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9945

HRK

kuna na Cróite

7,5310

IDR

rupiah na hIndinéise

14 952,86

MYR

ringgit na Malaeisia

4,5691

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,352

RUB

rúbal na Rúise

THB

baht na Téalainne

36,843

BRL

real na Brasaíle

5,1214

MXN

peso Mheicsiceo

19,4442

INR

rúipí na hIndia

79,9981

(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).

An Chomhairle

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/3

Fógra le haghaidh na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

(2022/C 395/03)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas le cur faoi bhráid DIAW Malick, WAGUÉ Ismaël, MAÏGA Choguel, MAÏGA Ibrahim Ikassa, DIARRA Adama Ben, ar a dtugtar freisin Ben Le Cerveau, ar daoine agus eintitis iad a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn Ia a ghabhann le Rialachán (AE) 2017/1770 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí.

Tá an Chomhairle ag smaoineamh ar na bearta sriantacha a choinneáil ar bun i gcoinne na ndaoine thuasluaite, bunaithe ar ráitis leasaithe ar chúiseanna. Cuirtear in iúl do na daoine seo, leis seo, go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na ráitis ar chúiseanna lena n-ainmniú atá beartaithe a fháil, roimh an 21 Deireadh Fómhair 2022, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

(1)  IO L 251, 29.9.2017, lch. 23.

(2)  IO L 251, 29.9.2017, lch. 1.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/4

Fógra le haghaidh na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1944 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1936 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

(2022/C 395/04)

Maidir leis na daoine agus leis na heintitis a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1944 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle (3), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1936 ón gComhairle (4) maidir le bearta sriantacha leathadh agus úsáid arm ceimiceach, dírítear a n-aird siúd ar an bhfaisnéis seo a leanas.

Tar éis di athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí arna n-ainmniú sna hiarscríbhinní thuasluaite, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh, gur cheart do na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544, agus Rialachán (AE) 2018/1542 leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine agus na heintitis sin.

Cuirtear in iúl do na daoine agus do na heintitis lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1542, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 3 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine agus na heintitis lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, faoin 1 Iúil 2023, a chur faoi bhráid na Comhairle, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críoch athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chinneadh (CBES ) 2018/1544 agus le hAirteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2018/1542.

Cuirtear in iúl do na daoine agus na heintitis lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, sa cheathrú agus sa séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 25.

(2)  IO L 268, 14.10.2022, lch. 24.

(3)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.

(4)  IO L 268, 14.10.2022, lch. 7.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/5

Fógra le haghaidh na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a bheidh faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/1943 ón gComhairle, agus i Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle, arna leasú ag Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1935 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

(2022/C 395/05)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle (1), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1943 ón gComhairle (2), agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle (3), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1935 ón gComhairle (4) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

Tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí ainmnithe, tá cinneadh déanta aici gur cheart na daoine a ndéantar trácht orthu sna hIarscríbhinní thuasluaite a áireamh i gcónaí ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle.

Tugtar ar aird na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear ar na suíomhanna gréasáin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1935, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua, chun údarú a fháil cistí reoite a úsáid chun bunriachtanais nó íocaíochtaí sonracha a chumhdach.

Féadfaidh na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú an chinnidh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, roimh an 1 Meitheamh 2023, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Cuirfear aon bharúlacha a gheofar san áireamh chun críche athbhreithniú tréimhsiúil na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2019/1720, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1943 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

Tugtar ar aird na ndaoine, a n-eintiteas agus na gcomhlachtaí lena mbaineann freisin gur féidir an cinneadh ón gComhairle a chonspóid os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 275, an dara mír, agus in Airteagal 263, sa cheathrú agus sa séú mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 262, 15.10.2019, lch. 58.

(2)  IO L 268, 14.10.2022, lch. 22.

(3)  IO L 262, 15.10.2019, lch. 1.

(4)  IO L 268, 14.10.2022, lch. 5.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/6

Fógra le haghaidh duine amháin atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle agus i Rialachán (AE) 267/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine

(2022/C 395/06)

Dírítear an fhaisnéis seo a leanas ar Ahmad Vahidi (uimh. 13), ar duine é atá liostaithe i gCuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2010/413/CBES ón gComhairle (1) agus i gCuid I d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 267/2012 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na hIaráine.

Tá sé i gceist ag an gComhairle d’ainm a chur san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2011/235/CBES (3) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine agus ar eintitis áirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú san Iaráin, agus in Aguisín I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 359/2011 (4) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis, agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise a bhfuil ag tarlú san Iaráin.

Cuirtear in iúl don duine sin, leis seo, go bhféadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an ráiteas ar chúiseanna lena ainmniú atá beartaithe a fháil, faoin 25 Deireadh Fómhair 2022, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Secrétariat général

RELEX.1

Rue de la Loi 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu.

(1)  IO L 195, 27.7.2010, lch. 39.

(2)  IO L 88, 24.3.2012, lch. 1.

(3)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 51.

(4)  IO L 100, 14.4.2011, lch. 1.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/7

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1542 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne leathadh agus úsáid arm ceimiceach

(2022/C 395/07)

Dírítear aird na n-ábhar sonraí ar an bhfaisnéis seo a leanas, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2018/1544 ón gComhairle (2), arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1944 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1542 ón gComhairle (4), arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1936 ón gComhairle (5).

Is í Comhairle an Aontais Eorpaigh – agus Ard-Stiúrthóir RELEX (Gnóthaí Eachtracha) in Ardrúnaíocht na Comhairle ag gníomhú ar a son – rialaitheoir na hoibríochta próiseála sin; is é RELEX.1 an roinn ar a bhfuil cúram na hoibríochta próiseála, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

rphost: sanctions@consilium.europa.eu

Is é is cuspóir don oibríocht próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2018/1544, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/1944, agus Rialachán (AE) Uimh. 2018/1542, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1936.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2018/1544 agus i Rialachán (AE) 2018/1542.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a chomhroinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

(1)  IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.

(2)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 25.

(3)  IO L 268, 14.10.2022, lch. 24.

(4)  IO L 259, 16.10.2018, lch. 12.

(5)  IO L 268, 14.10.2022, lch. 7.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/8

Fógra le haghaidh na n-ábhar sonraí a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1943 ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1935 ón gComhairle, a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

(2022/C 395/08)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird na n-ábhar sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle (2), arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/1943 ón gComhairle (3), agus Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle (4), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1935 ón gComhairle (5), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

Is í Roinn RELEX.1 in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh – RELEX Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:

An tOifigeach Cosanta Sonraí

data.protection@consilium.europa.eu

Is é cuspóir na hoibríochta próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2019/1720, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/1943, agus Rialachán (AE) 2019/1716, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1935.

Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2019/1720, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1943, agus i Rialachán (AE) 2019/1716, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1935 ón gComhairle.

Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.

Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a roinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.

Gan dochar d'aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart chun rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a dtéann bailíocht an bhirt in éag, nó go ceann ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.

Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh ábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).

(1)  IO L 295, 21.11.2018, lgh. 39.

(2)  IO L 262, 15.10.2019, lgh. 58.

(3)  IO L 268, 14.10.2022, lgh. 22.

(4)  IO L 262, 15.10.2019, lgh. 1.

(5)  IO L 268, 14.10.2022, lgh. 5.

FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/10

Teachtaireacht ón gCoimisiún de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Cuireadh chun tairisceana i leith oibriú aersheirbhísí sceidealta i gcomhréir le hoibleagáidí seirbhíse poiblí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 395/09)

Ballstát

An tSualainn

Na haerbhealaí lena mbaineann

Arvidsjaur–Stócólm/Arlanda

Gällivare–Stócólm/Arlanda

Hagfors–Stócólm/Arlanda

Hemavan–Stócólm/Arlanda

Kramfors-Stócólm/Arlanda

Lycksele–Stócólm/Arlanda

Pajala–Luleå

Sveg–Stócólm/Arlanda

Torsby–Stócólm/Arlanda

Vilhelmina–Stócólm/Arlanda

Östersund–Umeå

Mora – Stócólm/Arlanda

Tréimhse bailíochta an chonartha

An 27 Deireadh Fómhair 2023 - an 26 Deireadh Fómhair 2027

An sprioc-am faoinar gá tairiscintí a chur isteach

2 mhí ó fhoilsiú an fhógra seo

Seoladh ónar féidir téacs an chuiridh chun tairisceana agus aon fhaisnéis ábhartha agus/nó aon doiciméadacht ábhartha a bhaineann leis an tairiscint phoiblí agus leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí modhnaithe a fháil

Suíomh gréasáin le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis an tairiscint:

Riarachán Iompair na Sualainne maidir le Soláthairtí

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil le:

Riarachán Iompair na Sualainne

Teileafón 0771 921921

Teileafón Idirnáisiúnta +46 771921921

Teagmhálaí: Lisa Berglund

R-phost: lisa.a.berglund@trafikverket.se

Seoladh: Trafikverket

781 89 Borlänge

AN tSUALAINN

Suíomh gréasáin: www.trafikverket.se

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/11

Teachtaireacht ón gCoimisiún de bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal

Bunú oibleagáidí seirbhíse poiblí i ndáil le haersheirbhísí sceidealta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 395/10)

Ballstát

An tSualainn

Na haerbhealaí lena mbaineann

Arvidsjaur–Stócólm/Arlanda

Gällivare–Stócólm/Arlanda

Hagfors–Stócólm/Arlanda

Hemavan–Stócólm/Arlanda

Kramfors-Stócólm/Arlanda

Lycksele–Stócólm/Arlanda

Pajala–Luleå

Sveg–Stócólm/Arlanda

Torsby–Stócólm/Arlanda

Vilhelmina–Stócólm/Arlanda

Östersund–Umeå

Mora – Stócólm/Arlanda

Dáta theacht i bhfeidhm na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí

An 27 Deireadh Fómhair 2023

Seoladh ónar féidir an téacs agus aon fhaisnéis ábhartha agus/nó aon doiciméadacht ábhartha a bhaineann leis na hoibleagáidí seirbhíse poiblí modhnaithe a fháil

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil le:

Riarachán Iompair na Sualainne

781 87 Borlänge

AN tSUALAINN

Teil. 0771 921921

Idirnáisiúnta +46 771921921

Teagmhálaí: Lisa Berglund

R-phost: lisa.a.berglund@trafikverket.se

Suíomh gréasáin: www.trafikverket.se

V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/12

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10561 – CINTRA / ABERTIS / ITINERE / BIP & DRIVE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 395/11)

1.   

An 7 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Cintra Infraestructuras España, S.L. (“Cintra”, an Spáinn), faoi úinéireacht an Ghrúpa Ferrovial (an Spáinn),

Abertis Autopistas España, S.A. (“Abertis”, an Spáinn), faoi rialú Atlantia S.p.A (“Atlantia”, an Iodáil) agus Actividad de Construcción y Servicios, S.A. (“ACS”, an Spáinn),

Itínere Infraestructuras (“Itínere”, an Spáinn), faoi rialú Corsair Capital LLC (“Corsair”, na Stáit Aontaithe),

Bip & Drive E.D.E. S.A. (“Bip & Drive”, an Spáinn).

Gheobhaidh Cintra, Abertis agus Itínere rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar ‘Bip & Drive.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá Cintra gníomhach i dtógáil, feabhsú, cothabháil agus bainistiú bóithre agus mótarbhealaí, agus láimhseálann sé lamháltais ar bhóithre dola sa Spáinn. Tá sé faoi úinéireacht an Ghrúpa Ferrovial, grúpa éagsúlaithe a oibríonn go hidirnáisiúnta san earnáil tógála, i lamháltais bhonneagair, sa teileachumarsáid agus sna seirbhísí. Is gnóthas fochuideachta de chuid Ferrovial é an grúpa cuideachtaí Cintra, faoi cheannas Cintra, agus déanann sé forbairt bhonneagair iompair dó,

Tá Albertis mar chuid de Albertis Group, grúpa a bhainistíonn bonneagar soghluaisteachta agus teileachumarsáide ar fud an domhain. San Aontas Eorpach, tá sé gníomhach sa Spáinn agus sa Fhrainc den chuid is mó, agus san Iodáil ar bhonn níos lú. Tá Albertis faoi rialú comhpháirteach Atlantia agus ACS. San Eoraip, bainistíonn Atlantia mótarbhealaí (sa Spáinn agus sa Phortaingéil) agus aerfoirt (san Iodáil agus sa Fhrainc) faoi lamháltas agus cuireann sé seirbhísí soghluaisteachta ar fáil. Déanann ACS gníomhaíochtaí maidir le tógáil, lamháltais agus seirbhísí, agus tá sé gníomhach san Eoraip, i Meiriceá agus san Áise,

Bainistíonn Itínere lamháltais ar bhóithre dola sa Spáinn. Tá sé faoi rialú Corsair, gnólacht infheistíochta atá dírithe ar chuideachtaí bonneagair atá ag dul i méid i Meiriceá Thuaidh agus san Eoraip. Cé is moite de Itínere, níl aon ghníomhaíocht eile ag Corsair sa Spáinn,

Is dáileoir gaireas íocaíochta leictreonaí é Bip & Drive le haghaidh mótarbhealaí sa Spáinn, agus dáileann sé trealamh infheithicle go háirithe.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Mar sin féin, forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10561 – CINTRA / ABERTIS / ITINERE / BIP & DRIVE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/14

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 395/12)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Kirchberg de Ribeauvillé”

PDO-FR-A0339-AM02

Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Tásc breise

Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.

Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.

Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.

Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

2.   Na cineálacha táirge

Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.

Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

3.   Limistéar geografach

Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d' fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.

Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):

“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.

4.   Limistéar dáileachta críochnaithe

Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:

chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht;

leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh;

tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1).

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

5.   Limistéar díreach in aice láimhe

Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.

6.   Cineálacha fíniúna

Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.

I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

7.   Dlús plandála

Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.

Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.

Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.

8.   Riail phrúnála

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.

Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.

9.   Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.

Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.

10.   Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.

Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.

11.   Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.

Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.

12.   Táirgeachtaí

I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).

Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.

Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.

13.   Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.

Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.

Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

14.   An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

15.   Toilleadh na fíonlainne

I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.

Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.

16.   An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí

I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.

Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.

17.   Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe

I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.

Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.

18.   Fíonta pacáistithe a stóráil

I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.

Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.

19.   Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ”agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Alsace grand cru Kirchberg de Ribeauvillé

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B.

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí le dálaí na méisea-aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Kirchberg de Ribeauvillé” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil na mílte miondifríochtaí, saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.

Bíonn uaireanta fada gréine ann agus aibiú mall fada de thoradh na leoithne oíche fionnuaire ar a dtugtar Tahlwendala agus, dá bharr sin, táirgtear fíonta aramatach, olartha agus casta sa bhéal agus tá salandacht mhaith acu agus aigéadacht fholuiteach theann, rud a thugann cothromaíocht agus fad dóibh. Is minic a bhíonn boladh beagáinín spíosrach orthu. Téann na fíonta i mianracht agus i gcastacht le himeacht ama.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

I saothar Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, moladh go hard an lieu-dit sin, a bhfuil clú air inniu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d'fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/25

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 395/13)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Vorbourg”

PDO-FR-A0632-AM02

Alsace grand cru Vorbourg

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Tá fíonta bána Vorbourg tathagach méith agus tá blas mianrach orthu agus salandacht shuntasach acu. Tá iarbhlas tainneach orthu. Dea-bholaithe torthaíocha (torthaí citris, péitseog bhán, piorra, etc.) atá chun tosaigh. Is í an aigéadacht aibí cnámh droma an fhíona. Diandath domhain a bhíonn orthu agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí le dálaí na méisea-aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Vorbourg” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta léiritheacha ina bhfuil miondifríochta agus a bhfuil carachtar sonrach agus pearsantacht uathúil acu.

Sa grand cru te grianmhar sin, is saintréith de na fíonta blas mianrach fíneálta a bhaineann leis an aolchloch atá i láthair san ithir agus san fho-ithir. Mar gheall ar na marlaí agus an chré throm mhionscairithe táirgtear fíonta tathagacha, méithe a bhfuil blas mianrach orthu agus salandacht shuntasach acu. Tá an t-iarbhlas tainneach créúil.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d'fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/36

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 395/14)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Altenberg de Bergbieten”

PDO-FR-A0349-AM02

Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Tásc breise

Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.

Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.

Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.

Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

2.   Na cineálacha táirge

Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.

Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

3.   Limistéar geografach

Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d' fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.

Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):

“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.

4.   Limistéar dáileachta críochnaithe

Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:

chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht;

leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh;

tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1).

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

5.   Limistéar díreach in aice láimhe

Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.

6.   Cineálacha fíniúna

Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.

I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

7.   Dlús plandála

Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.

Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.

Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.

8.   Riail phrúnála

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.

Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.

9.   Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.

Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

10.   Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.

Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

11.   Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16,83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

12.   Táirgeachtaí

I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).

Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.

Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.

13.   Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.

Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.

Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

14.   An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

15.   Toilleadh na fíonlainne

I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.

Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

16.   An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí

I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.

Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

17.   Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe

I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.

Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

18.   Fíonta pacáistithe a stóráil

I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.

Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

19.   Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

g

1.   Ainm(neacha)

Alsace grand cru Altenberg de Bergbieten

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0.75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1.50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí aeráide fabhracha a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Alsace grand cru Altenberg de Bergbieten tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil a saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.

Struchtúr tathag na bhfíonta, a n-aigéadacht ghlan agus a ndea-bholaithe fadmharthanacha, is é is cúis leis an méid sin gurb é an marla atá chun tosaigh sa lieu-dit. Tá gipseam ann, arb é atá ann saintréith uathúil an tsonrúcháin, a thugann struchtúr tainneach agus blas sainiúil do na fíonta.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

I saothar Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, moladh go hard an lieu-dit sin, a bhfuil clú air inniu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d'fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

NASC CHUIG AN tsonraíocht TÁIRGE

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/47

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 395/15)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Marckrain”

PDO-FR-A0333-AM02

Alsace grand cru Marckrain

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.

Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.

Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.

Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.

Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,.5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.

Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.

Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.

Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Marckrain” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr dá bhfuil ann. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.

Mar gheall ar an ithir dhomhain a bhfuil an aolchloch ina saintréith di is féidir fíonta láidre torthaíocha a fháil ar a bhfuil blasanna spíosracha. Le haigéadacht shuntasach aibí na bhfíonta fágtar go mbíonn cothromaíocht iontu agus is féidir iad a choinneáil ar feadh tréimhse fhada.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/58

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 395/16)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Kitterlé”

PDO-FR-A0335-AM02

Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Tásc breise

Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.

Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.

Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.

Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

2.   Na cineálacha táirge

Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.

Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

3.   Limistéar geografach

Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d’fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

‘Alsace grand cru Kitterlé

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Kitterlé” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr dá bhfuil ann. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.

Mar gheall ar an ngaineamhchloch agus ar an treoshuíomh sármhaith is suaithinseach dea-bholaithe fíneálta agus tiúchan ard na bhfíonta.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

I saothar Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, moladh go hard an lieu-dit sin, a bhfuil clú air inniu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/69

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 395/17)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Steinklotz”

PDO-FR-A0636-AM02

Alsace grand cru Steinklotz

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dTáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhFíon nó ar na fíonta

1.

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí aeráide fabhracha a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Steinklotz” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil a saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d'fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Nasc chuig an tSonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 395/80

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 395/18)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Pfingstberg ”

PDO-FR-A0387-AM02

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Alsace grand cru Pfingstberg

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Pfingstberg” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr dá bhfuil ann. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.

Léirítear neart na haolchloiche trí láine a chur iontu, a gcastacht aramatach a fhorbairt agus neart a leagtar béim air le comhchuibheas fíor-aoibhinn a eascraíonn as an aeráid mheasartha agus an aolchloch.