ISSN 1977-107X |
||
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393 |
|
![]() |
||
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
Clár |
Leathanach |
|
|
II Faisnéis |
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 393/01 |
Imeachtaí a thionscnamh (Cás M.10658 – NORSK HYDRO / ALUMETAL) ( 1 ) |
|
2022/C 393/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10872 – GEELY / RENAULT / RENAULT KOREA MOTORS) ( 1 ) |
|
2022/C 393/03 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10766 – DANSKE BANK / LANSFORASAKRINGAR BANK / NORDEA / SBAB BANK / SEB / HANDELSBANKEN / SWEDBANK / JV) ( 1 ) |
|
IV Fógraí |
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 393/04 |
||
|
An Chomhairle |
|
2022/C 393/05 |
||
|
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT |
|
2022/C 393/06 |
|
V Fógairtí |
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 393/07 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10895 — ATHORA / AXA CUSTOMER SOLUTIONS) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
2022/C 393/08 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10638 – ALD / LEASEPLAN) ( 1 ) |
|
2022/C 393/09 |
||
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
2022/C 393/10 |
||
2022/C 393/11 |
||
2022/C 393/12 |
||
2022/C 393/13 |
||
2022/C 393/14 |
||
2022/C 393/15 |
||
2022/C 393/16 |
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/1 |
Imeachtaí a thionscnamh
(Cás M.10658 – NORSK HYDRO / ALUMETAL)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 393/01)
An 6 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún imeachtaí a thionscnamh sa chás thuasluaite tar éis dó cinneadh a dhéanamh go bhfuil ábhair imní thromchúiseacha ann maidir leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi ó thaobh a chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach de. Le tionscnamh na n-imeachtaí cuirtear tús le himscrúdú dara céim i ndáil leis an gcomhchruinniú ar tugadh fógra faoi, agus déantar sin gan dochar don chinneadh críochnaitheach maidir leis an gcás. Tá an cinneadh bunaithe ar Airteagal 6(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha faoin gcomhchruinniú atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Chun go gcuirfear barúlacha san áireamh go hiomlán mar chuid den nós imeachta, ba cheart na barúlacha sin a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le facs (+32 22964301), le ríomhphost chuig COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu nó tríd an bpost, agus é sin a dhéanamh faoin tagairt Uimh. M.10658 – NORSK HYDRO / ALUMETAL, chuig an seoladh seo a leanas:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10872 – GEELY / RENAULT / RENAULT KOREA MOTORS)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 393/02)
An 28 Meán Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10872. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/3 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10766 – DANSKE BANK / LANSFORASAKRINGAR BANK / NORDEA / SBAB BANK / SEB / HANDELSBANKEN / SWEDBANK / JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 393/03)
An 4 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10766. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/4 |
Rátaí malairte an euro (1)
12 Deireadh Fómhair 2022
(2022/C 393/04)
1 euro =
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
0,9706 |
JPY |
yen na Seapáine |
142,34 |
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4399 |
GBP |
punt steirling |
0,87840 |
SEK |
krona na Sualainne |
11,0200 |
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9664 |
ISK |
króna na hÍoslainne |
140,10 |
NOK |
krone na hIorua |
10,4145 |
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,561 |
HUF |
forint na hUngáire |
429,65 |
PLN |
zloty na Polainne |
4,8495 |
RON |
leu na Rómáine |
4,9400 |
TRY |
lira na Tuirce |
18,0427 |
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5525 |
CAD |
dollar Cheanada |
1,3395 |
HKD |
dollar Hong Cong |
7,6192 |
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7372 |
SGD |
dollar Shingeapór |
1,3941 |
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 384,66 |
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
17,6876 |
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
6,9603 |
HRK |
kuna na Cróite |
7,5290 |
IDR |
rupiah na hIndinéise |
14 907,04 |
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,5448 |
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
57,148 |
RUB |
rúbal na Rúise |
|
THB |
baht na Téalainne |
36,902 |
BRL |
real na Brasaíle |
5,1378 |
MXN |
peso Mheicsiceo |
19,4522 |
INR |
rúipí na hIndia |
79,8955 |
(1) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
An Chomhairle
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/5 |
CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meán Fómhair 2022
lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe
(2022/C 393/05)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le saoirse ghluaiseachta d’oibrithe laistigh den Aontas (1), agus go háirithe Airteagail 23 agus 24 de,
Ag féachaint do liostaí na n-iarrthóirí a chuir Rialtais na mBallstát faoi bhráid na Comhairle,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Trí bhíthin na gCinntí uaithi an 21 Meán Fómhair 2020 (2), an 11 Nollaig 2020 (3), an 13 Aibreán 2021 (4), an 21 Meitheamh 2021 (5) agus an 21 Meán Fómhair 2021 (6), cheap an Chomhairle comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe (an “Coiste”) don tréimhse ón 25 Meán Fómhair 2020 go dtí an 24 Meán Fómhair 2022. |
(2) |
Fanfaidh na comhaltaí in oifig go dtí go gcuirfear comhaltaí nua ina n-ionad nó go ndéanfar iad a athcheapadh. |
(3) |
Ba cheart comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste a cheapadh go ceann tréimhse 2 bhliain, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceaptar, leis seo, na daoine seo a leanas ina gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe don tréimhse ón 25 Meán Fómhair 2022 go dtí an 24 Meán Fómhair 2024:
I. IONADAITHE RIALTAIS
Tír |
Comhaltaí |
Comhaltaí malartacha |
An Bheilg |
Stéphane BALTAZAR LOPES Anne ZIMMERMANN |
Lisa VERSCHINGEL |
An Bhulgáir |
Atanas KOLCHAKOV Tatiana GUEORGUIEVA |
Marina YANEVA |
An tSeicia |
Andrea VESELÁ Petra SILOVSKÁ |
Antonín SEIDEL |
An Danmhairg |
|
|
An Ghearmáin |
|
|
An Eastóin |
Maria JESKOVA Kaja TOOMSALU |
|
Éire |
Séamus McCARTHY Thomas LEWIS |
|
An Ghréig |
|
|
An Spáinn |
Ainara DORREMOCHEA FERNÁNDEZ Amaya ECHALECU ELSO |
Juan Carlos DOMINGO VARONA |
An Fhrainc |
Jonathan REDT-GENSINGER |
Lilia OSSIAN |
An Chróit |
|
|
An Iodáil |
|
|
An Chipir |
|
|
An Laitvia |
Ilze ZVĪDRIŅA Svetlana DJAČKOVA |
Linda PAUGA |
An Liotuáin |
Rasa MALAIŠKIENĖ Daiva LIUGIENĖ |
Agnė PECIUKEVIČIENĖ |
Lucsamburg |
|
|
An Ungáir |
Rita ANTÓNI Henriett GEDEI |
Katalin GERGELY |
Málta |
Mario XUEREB Kristina BUSUTTIL |
Graziella CAUCHI |
An Ísiltír |
Ghislaine WIDERA Gaby BLOM-FABER |
Alexandra HUISMAN |
An Ostair |
Heinz KUTROWATZ Martha Isabel ROJAS PINEDA |
Phillipp KAINZBAUER |
An Pholainn |
Marcin WIATRÓW |
Piotr DOLNY |
An Phortaingéil |
|
|
An Rómáin |
Auraş MARINESCU Gabriela Cornelia NEDELCU |
Oana Elena MITEA |
An tSlóivéin |
Greta Metka BARBO ŠKERBINC Tilen ZUPAN |
Bojan KRAUT |
An tSlóvaic |
Andrea VAŇOVIČOVÁ Martina JANÍKOVÁ |
Ľubica RŮŽIČKOVÁ |
An Fhionlainn |
Olli SORAINEN Saila HEINIKOSKI |
Nea BRANDT |
An tSualainn |
Stina HAMBERG Jens ÖLANDER |
Waltraud HEINRICH |
II. IONADAITHE CEARDCHUMAINN
Tír |
Comhaltaí |
Comhaltaí malartacha |
An Bheilg |
Nathalie DIESBECQ Sihame FATTAH |
|
An Bhulgáir |
Аtanaska TODOROVA Aleksandar ZAGOROV |
|
An tSeicia |
Vít SAMEK Jiří VAŇÁSEK |
Jan ČERMÁK |
An Danmhairg |
|
|
An Ghearmáin |
|
|
An Eastóin |
Piia ZIMMERMANN |
|
Éire |
Gerry LIGHT Ethel BUCKLEY |
David JOYCE |
An Ghréig |
|
|
An Spáinn |
José Antonio MORENO DÍAZ Ana María CORRAL JUAN |
Cristina FACIABEN LACORTE |
An Fhrainc |
Jean-Baptiste CALLEBOUT Pauline MOREAU-AVILA |
Hélène DEBORDE |
An Chróit |
|
|
An Iodáil |
|
|
An Chipir |
|
|
An Laitvia |
Nataļja PREISA Kaspars RĀCENĀJS |
Linda ROMELE |
An Liotuáin |
Janina MATUIZIENĖ Ričardas GARUOLIS |
Vesta SHARABAYKA |
Lucsamburg |
|
|
An Ungáir |
Judit CZUGLERNÉ IVÁNY Piroska KÁLLAY |
Gábor KÁRTYÁS |
Málta |
Chris ATTARD Kevin ABELA |
|
An Ísiltír |
Anna LACZEWSKA L. van KELLE |
C. MULLER |
An Ostair |
Johannes PEYRL Michael TRINKO |
Sarah BRUCKNER |
An Pholainn |
Magdalena KOSSAKOWSKA Lech Maciej ZAKROCKI |
Katarzyna BARTKIEWICZ |
An Phortaingéil |
|
|
An Rómáin |
Corneliu CONSTANTINOAIA Liviu APOSTOIU |
Dan BAJAN |
An tSlóivéin |
Marko TANASIĆ Tjaša ŠKEDELJ |
|
An tSlóvaic |
Jana BERINCOVÁ Marek ŠVEC |
Andrej BUCH |
An Fhionlainn |
Eve KYNTÄJÄ Miika SAHAMIES |
Taina VALLANDER |
An tSualainn |
Magnus LUNDBERG Mattias SCHULSTAD |
Helena LARSSON |
III. IONADAITHE EAGRAÍOCHTAÍ FOSTÓIRÍ
Tír |
Comhaltaí |
Comhaltaí malartacha |
An Bheilg |
Annick HELLEBUYCK Hilde THYS |
Ineke DE BISSCHOP |
An Bhulgáir |
Jasmina SARAIVANOVA Ivan ZAHARIEV |
Martin STOYANOV |
An tSeicia |
Vladimíra DRBALOVÁ Luděk MAZUCH |
Jiří PUTNA |
An Danmhairg |
|
|
An Ghearmáin |
|
|
An Eastóin |
Annika SEPP Kristi SUUR |
Thea TREIER |
Éire |
Kara McGANN Nichola HARKIN |
Meadhbh COSTELLO |
An Ghréig |
|
|
An Spáinn |
Miriam PINTO LOMEÑA Isabel YGLESIAS JULIÁ |
Luis MÉNDEZ LÓPEZ |
An Fhrainc |
Pierre MARIN Anne VAUCHEZ |
Isabelle MAÎTRE |
An Chróit |
|
|
An Iodáil |
|
|
An Chipir |
|
|
An Laitvia |
Ilona KIUKUCĀNE Inese STEPIŅA |
Jānis PUMPIŅŠ |
An Liotuáin |
Danas ARLAUSKAS |
Aurelija MALDUTYTĖ |
Lucsamburg |
|
|
An Ungáir |
Júlia VARGA István KOMORÓCZKI |
Terézia BOROSNÉ BARTHA |
Málta |
Jean Pierre SCHEMBRI Kevin BORG |
Kevin MIZZI |
An Ísiltír |
A.P.M.G. SCHOENMAECKERS A. REIJNDERS |
S. FOK |
An Ostair |
Maximilian BUCHLEITNER Julia KLEIN |
Claudia GOLSER-ROET |
An Pholainn |
Jakub BIŃKOWSKI Iwona SZMITKOWSKA |
Grażyna SPYTEK-BANDURSKA |
An Phortaingéil |
|
|
An Rómáin |
Cristina PASAT Lorena SANDU |
Amelia POPESCU |
An tSlóivéin |
Danijel LAMPERGER Lina FRATNIK ANDRIĆ |
Urška SOJČ |
An tSlóvaic |
Branislav JANČUŠKA Andrej BEŇO |
Paulína POKORNÁ |
An Fhionlainn |
Mikko RÄSÄNEN Mikko VIELTOJÄRVI |
Karoliina RASI |
An tSualainn |
Amelie BERG Tor HATLEVOLL |
Anna SVANESTRAND |
Airteagal 2
Ceapfaidh an Chomhairle na comhaltaí nár ainmníodh fós ar dháta níos déanaí.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) IO L 141, 27.5.2011, lch. 1.
(2) Cinneadh ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe (IO C 315 I, 23.9.2020, lch. 5).
(3) Cinneadh ón gComhairle an 11 Nollaig 2020 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe don Chipir (IO C 432 I, 14.12.2020, lch. 1) agus Cinneadh ón gComhairle an 11 Nollaig 2020 lena gceaptar comhalta amháin agus comhalta malartach amháin den Choiste Chomhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe d’Éirinn agus do Mhálta (IO C 432 I, 14.12.2020, lch. 3).
(4) Cinneadh ón gComhairle an 13 Aibreán 2021 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe don Iodáil (IO C 149 I, 27.4.2021, lch. 1).
(5) Cinneadh ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gceaptar comhalta amháin den Choiste Chomhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe don Phortaingéil (IO C 244 I, 22.6.2021, lch. 1).
(6) Cinneadh ón gComhairle an 21 Meán Fómhair 2021 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha den Choiste Comhairleach um Shaorghluaiseacht Oibrithe don Ungáir (IO C 384 I, 22.9.2021, lch. 3).
FÓGRAÍ Ó BHALLSTÁIT
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/10 |
Nuashonrú ar an liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (1)
(2022/C 393/06)
An liosta de cheadanna cónaithe dá dtagraítear in Airteagal 2(16) de Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (2), foilsítear an liosta sin ar bhonn na faisnéise a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 39 de Chód Teorainneacha Schengen.
Chomh maith lena fhoilsiú san Iris Oifigiúil, tá nuashonrú rialta ar fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Imirce agus Gnóthaí Baile.
LIOSTA DE CHEADANNA CÓNAITHE A EISÍTEAR AG NA BALLSTÁIT
AN FHRAINC
Le cur in ionad an liosta a foilsíodh in IO C 126, 12.4.2021, lch. 1.
1. Ceadanna cónaithe a eisítear i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach
Ceadanna cónaithe ón bhFrainc:
— |
Carte de séjour temporaire comportant une mention particulière qui varie selon le motif du séjour autorisé (Cead cónaithe sealadach a bhfuil foclaíocht shonrach air, a athraíonn de réir na gcúiseanna atá leis an bhfanacht údaraithe)
|
— |
Carte de séjour pluriannuelle, d'une durée de validité maximale de 4 ans (Cead cónaithe ilbhliantúil, bailí ar feadh ceithre bliana ar a mhéad) |
— |
Carte de séjour portant la mention “retraité” et “conjoint de retraité” (Cead cónaithe ar a bhfuil na focail “an duine ar scor” nó “céile an duine ar scor”) |
— |
Carte de résident (Cárta cónaitheora) |
— |
Carte de résident permanent (Cárta cónaitheora bhuain) |
— |
Carte de résident portant la mention “résident de longue durée-CE” (Cárta cónaitheora ar a bhfuil na focail “cónaitheoir fadtéarma-AE”) (N.B.: tugadh “Cárta cónaitheora fhadtéarmaigh CE” ar an gcárta sin freisin go dtí an 16 Meitheamh 2011, ansin “Cárta cónaitheora fhadtéarmaigh — an Comhphobal Eorpach”) |
— |
Carte de résident délivrée aux ressortissants andorrans (Cárta cónaitheora a eisítear chuig náisiúnaigh Andóra) |
— |
Certificat de résidence d’Algérien (Deimhniú cónaithe do náisiúnaigh na hAilgéire) |
— |
Carte de séjour de membre de famille d'un citoyen de l'Union/EEE/Suisse (Cead cónaithe a eisítear chuig baill teaghlaigh shaoránaigh AE/LEE/na hEilvéise) |
— |
Carte de séjour portant la mention Article 50 TUE délivrée aux Britanniques et membres de leurs familles bénéficiaires de l’accord de retrait du Royaume-Uni de l’Union européenne (Cead cónaithe ar a bhfuil na focail “Airteagal 50 CAE” a eisítear chuig náisiúnaigh Bhriotanacha agus chuig baill dá dteaghlaigh a chumhdaítear leis an gcomhaontú maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach) Ceadanna Monacacha (lena n-áirítear de bhun chinneadh ón gCoiste Feidhmiúcháin an 23 Meitheamh 1998 maidir le ceadanna Monacacha [SCH/Com-ex(98) 19]: |
— |
Carte de séjour de résident temporaire de Monaco (Cead cónaithe sealadach - Monacó) |
— |
Carte de séjour de résident ordinaire de Monaco (Gnáthchead cónaithe - Monacó); |
— |
Carte de séjour de résident privilégié de Monaco (Cead cónaithe pribhléideach- Monacó); |
— |
Carte de séjour de conjoint de ressortissant monégasque (Cead cónaithe do chéile duine de náisiúntacht Mhonacó). |
2. Gach doiciméad eile a eisítear chuig náisiúnaigh tríú tír lena n-údaraítear fanacht sa chríoch nó dul isteach arís inti
— |
Autorisation provisoire de séjour (Údarú sealadach le fanacht) |
— |
Récépissés de renouvellement de demande de titre de séjour, accompagnés du titre de séjour périmé ou d’un visa D de long séjour d’une durée de validité comprise entre 4 et 12 mois, périmé (à l’exclusion du visa D comportant la mention “Dispense temporaire de carte de séjour”) (Admhálacha ar iarratas athnuaite ar chead cónaithe, mar aon leis an gcead cónaithe atá imithe in éag nó víosa fadfhanachta de chineál-D atá imithe in éag, atá bailí ar feadh tréimhse idir 4 mhí agus 12 mhí (cé is moite de víosaí cineál-D a bhfuil “Dispense temporaire de carte de séjourour” marcáilte orthu (“Díolmhaithe go sealadach ó chead cónaithe”)) |
— |
Attestation de prolongation d’instruction d’une demande de titre de séjour, accompagnée du titre de séjour périmé ou d'un visa D de long séjour périmé d'une durée de validité comprise entre 4 et 12 mois, (à l'exclusion du visa D comportant la mention “Dispense temporaire de carte de séjour”) (Deimhniú lena gcuirtear síneadh leis an scrúdú a dhéantar ar iarratas ar chead cónaithe, mar aon leis an gcead cónaithe atá imithe in éag nó víosa fadfhanachta de chineál-D atá imithe in éag, atá bailí ar feadh tréimhse idir 4 mhí agus 12 mhí (cé is moite de víosaí cineál-D a bhfuil “Dispense temporaire de carte de séjour” marcáilte orthu (“Díolmhaithe go sealadach ó chead cónaithe”)). |
— |
Attestation de décision favorable sur une demande de titre de séjour (Deimhniú lena dtugtar cruthúnas ar chinneadh fabhrach maidir le hiarratas ar chead cónaithe). |
— |
Attestation d’enregistrement de demande de titre de séjour en ligne délivrée aux ressortissants britanniques dans le cadre de l’application de l’accord de retrait du Royaume-Uni de l’Union européenne (Deimhniú maidir le hiarratas ar líne ar chead cónaithe a eisítear chuig náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe faoi chuimsiú chur i bhfeidhm Chomhaontú um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach). |
— |
Attestation de decision favorable sur une demande de renouvellement de titre de sejour (Deimhniú lena gcruthaítear cinneadh fabhrach maidir le hiarratas ar chead cónaithe a athnuachan) |
— |
Attestation de decision favorable sur une demande de duplicata de titre de sejour (Deimhniú lena gcruthaítear cinneadh fabhrach maidir le hiarratas ar chead cónaithe i ndúblach) |
Doiciméid a eisítear chuig mionaoisigh eachtrannacha
— |
Document de circulation pour étrangers mineurs (DCEM) (Doiciméad taistil do mhionaoisigh eachtrannacha) |
— |
Titre d'identité républicain pour étrangers mineurs (TIREM) (Doiciméad aitheantais Phoblacht na Fraince do mhionaoisigh eachtrannacha) |
N.B.: Scoireadh de dhoiciméad aitheantais Phoblacht na Fraince a eisiúint ón 1 Márta 2019. Doiciméid a eisíodh níos luaithe, atá bailí go dtí an 1 Márta 2024, tá na doiciméid sin fós in úsáid.
Titres de voyage délivrés aux bénéficiaires de la protection internationale
(Doiciméid taistil a eisítear chuig tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta)
— |
Titre de voyage pour réfugié (Doiciméad taistil do dhídeanaithe) |
— |
Titre d’identité et de voyage (Doiciméad aitheantais agus taistil) |
Carte de frontalier délivrée aux Britanniques et membres de leurs familles bénéficiaires de l’accord de retrait du Royaume-Uni de l’Union européenne
(Cead tráchta teorann a eisítear chuig náisiúnaigh Bhriotanacha agus do bhaill dá dteaghlaigh a chumhdaítear leis an gcomhaontú maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach)
Titres de séjour spéciaux
(Ceadanna cónaithe speisialta) (Tá gach cead cónaithe speisialta marcáilte de réir stádas an tsealbhóra)
Liosta na ndaoine atá ag glacadh páirt i dturas scoile laistigh den Aontas Eorpach
Liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo
IO C 271, 14.11.2007, lch. 14.
IO C 331, 31.12.2008, lch. 13.
IO C 308, 18.12.2009, lch. 20.
IO C 343, 13.10.2017, lch. 12.
IO C 509, 17.12.2021, lch. 10.
(1) Féach liosta na bhfoilseachán a foilsíodh roimhe seo ag deireadh an nuashonraithe seo.
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/14 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10895 — ATHORA / AXA CUSTOMER SOLUTIONS)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 393/07)
1.
An 5 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
Athora Holding Ltd. (“Athora”, Beirmiúda), faoi rialú deiridh Apollo Global Management, Inc. (“Apollo”, SAM), |
— |
Axa Customer Solutions Aktiengesellschaft (“Axa Customer Solutions”, an Ghearmáin), faoi rialú deiridh AXA S.A. (an Fhrainc). |
Gheobhaidh Athora rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Axa Customer Solutions ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
Tá Athora gníomhach san árachas agus san athárachas, san Ísiltír, sa Bheilg, san Iodáil agus sa Ghearmáin go príomha. Tá Athora faoi rialú Apollo, bainisteoir sócmhainní malartacha domhanda, |
— |
Tá Axa Customer Solutions gníomhach in árachas saoil, sa Ghearmáin den chuid is mó. Tá punann dúnta árachais saoil aige de bhlianachtaí agus de dhearlaicí iarchurtha, arb ionann é agus EUR 19 mbilliún i sócmhainní faoi riarachán. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Mar sin féin, forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (2) ón gComhairle, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10895 — ATHORA / AXA CUSTOMER SOLUTIONS
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo a leanas:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/16 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10638 – ALD / LEASEPLAN)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 393/08)
1.
An 5 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
— |
ALD S.A. (“ALD”, an Fhrainc), |
— |
LP Group B.V. (“LeasePlan”, an Ísiltír). |
Gheobhaidh ALD rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Lease Plan ina iomláine.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:
— |
ALD: réitigh shoghluaisteachta, go príomha léasú feithiclí agus seirbhísí bainistíochta gaolmhara. Tá ALD faoi rialú Société Générale S.A. (an Fhrainc), sin grúpa seirbhísí baincéireachta agus airgeadais a bhfuil a cheanncheathrú i bPáras, |
— |
LeasePlan: bainistíocht flít agus cuideachta soghluaisteachta tiománaithe. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10638 – ALD / LEASEPLAN
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
European Commission |
Directorate-General for Competition |
Merger Registry |
1049 Bruxelles/Brussel |
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/17 |
Fógra faoi iarraidh maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 34 de Threoir 2014/25/AE
Iarraidh ó Eintiteas Conarthach
(2022/C 393/09)
An 19 Aibreán 2022, fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagal 35 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). Is í Poblacht na hIodáile a chuir an iarraidh isteach, thar ceann Poste Italiane S.p.A. Ba é an 20 Aibreán 2022 an chéad lá oibre eile tar éis an iarraidh a fháil.
Baineann an iarraidh seo le gníomhaíochtaí maidir le soláthar seirbhísí bainistithe seirbhísí poist san Iodáil. Foilsíodh an fógra ábhartha ar leathanach uimhir 21 d’IO C 263 an 8 Iúil 2022. Ba é an 18 Samhain 2022 an sprioc-am tosaigh.
De bhun an ceathrú fomhír de mhír 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2014/25/AE, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an sprioc-am le comhaontú uathu siúd a rinne an iarraidh ar dhíolúine lena mbaineann. Mar a chomhaontaigh an Coimisiún agus an t-iarratasóir, cuirtear síneadh 37 lá oibre leis seo leis an tréimhse atá ar fáil don Choimisiún chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarraidh sin.
Dá bhrí sin, rachaidh an sprioc-am deiridh in éag an 18 Eanáir 2023.
(1) Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le nósanna imeachta soláthair ag eintitis a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/18 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 393/10)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Bruderthal”
PDO-FR-A0336-AM02
Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Tásc breise
Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.
Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.
Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.
Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
2. Na cineálacha táirge
Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.
Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar geografach
Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d' fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.
Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):
“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).
I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.
4. Limistéar dáileachta críochnaithe
Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:
— |
chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht; |
— |
leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh; |
— |
tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1). |
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
5. Limistéar díreach in aice láimhe
Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.
6. Cineálacha fíniúna
Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.
I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
7. Dlús plandála
Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.
Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.
Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.
8. Riail phrúnála
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.
Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.
9. Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.
Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.

10. Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.
Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.

11. Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte
Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.

Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.

12. Táirgeachtaí
I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).
Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.
Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.
13. Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.
Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.
Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
14. An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
15. Toilleadh na fíonlainne
I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.
Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.

16. An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí
I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.
Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.

17. Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe
I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.
Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.

18. Fíonta pacáistithe a stóráil
I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.
Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.

19. Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Alsace grand cru Bruderthal
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth iad d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a bhfuil struchtúr aigéadach saibhir mar shaintréith acu mar aon le fíonchaora atá aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
An modh saothraithe
Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.
Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.
Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.
2.
An modh saothraithe
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.
3.
An modh saothraithe
Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.
4.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:
|
0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, |
|
1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile. |
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.
5.
Srian maidir le fíonóireacht
Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.
6.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.
5.2. Uastáirgeacht
1.
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2.
48 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. |
Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.
Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
Gewurztraminer Rs |
|
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato |
|
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato |

Pinot Gris G |
|
Riesling B. |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí aeráidefabhracha a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Bruderthal” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil a saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.
Tugtar chun cinn leis an ithir chré aolchloiche salandacht agus aigéadacht ceannasach nádúrtha sna fíonta a chothromaítear le haibiú feabhsaithe.
Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.
De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.
Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.
Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller. |
Pacáistiú sa limistéar
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.
Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.
Ainm coitianta
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.
Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.
Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:
|
Gewürztraminer |
|
Muscat |
|
Muscat Ottonel |
|
Pinot Gris |
Riesling.
Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:
— |
an bhliain fíona |
— |
ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire. |
Sonrú ar an gcion siúcra
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/30 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 393/11)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Gloeckelberg”
PDO-FR-A0377-AM02
Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Tásc breise
Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.
Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cfheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.
Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.
Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
2. Na cineálacha táirge
Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.
Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar geografach
Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d' fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.
Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):
“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).
I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.
4. Limistéar dáileachta críochnaithe
Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:
— |
chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht; |
— |
leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh; |
— |
tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1). |
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
5. Limistéar díreach in aice láimhe
Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.
6. Cineálacha fíniúna
Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.
I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
7. Dlús plandála
Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.
Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.
Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.
8. Riail phrúnála
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.
Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.
9. Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.
Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
10. Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.
Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
11. Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte
Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
12. Táirgeachtaí
I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).
Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.
Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.
13. Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.
Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.
Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
14. An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
15. Toilleadh na fíonlainne
I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.
Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
16. An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí
I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.
Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
17. Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe
I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.
Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
18. Fíonta pacáistithe a stóráil
I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.
Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
19. Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Alsace grand cru Gloeckelberg
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
An modh saothraithe
Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.
Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.
Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.
2.
An modh saothraithe
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.
3.
An modh saothraithe
Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.
4.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:
|
0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, |
|
1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile. |
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.
5.
Srian maidir le fíonóireacht
Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.
6.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.
5.2. Uastáirgeacht
1. Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
48 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. |
Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.
Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
Gewurztraminer Rs
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G
Riesling B.
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí aeráide fabhracha a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Gloeckelberg” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil a saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.
Mar gheall ar na dálaí aibithe luatha táirgtear fíonta tathagacha saibhre casta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí, a bhíonn botraíteasaithe uaireanta. Le himeacht ama forbraítear iontu comhchuibheas deas suntasach idir siúcraí agus aigéid.
Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.
De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.
Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.
Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller. |
Pacáistiú sa limistéar
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.
Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.
Ainm coitianta
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.
Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.
Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:
Gewürztraminer
Muscat
Muscat Ottonel
Pinot Gris
Riesling.
Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:
— |
an bhliain fíona |
— |
ceann d'fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire. |
Sonrú ar an gcion siúcra
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/41 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 393/12)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Sonnenglanz”
PDO-FR-A0625-AM02

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ”agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Alsace grand cru Sonnenglanz
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
An modh saothraithe
Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.
Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.
Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.
2.
An modh saothraithe
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.
3.
An modh saothraithe
Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.
4.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:
|
0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, |
|
1,.5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile. |
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.
5.
Srian maidir le fíonóireacht
Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.
6.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.
5.2. Uastáirgeacht
1.
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2.
48 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. |
Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.
Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
Gewurztraminer Rs |
|
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato |
|
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato |
|
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato |
|
Pinot Gris G |
|
Riesling B. |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí aeráide fabhracha ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Sonnenglanz” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil a saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.
Mar gheall ar charachtar tirim te an grand cru sin tugtar do na fíonta aigéadacht theann atá bog san am céanna. Chomh maith leis sin, is saintréith díobh bolaithe boga casta galánta a thagann as an ró-aibiú, rud a fhágann go mbíonn siad beagán éadrom líofa. Tá fíonta “Alsace grand cru Sonnenglanz” in oiriúint don aosú, agus forbraíonn siad bolaithe mianracha, agus fágann sin go bhfuil siad an-indíleáite.
Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.
De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.
Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.
Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller. |
Pacáistiú sa limistéar
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.
Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.
Ainm coitianta
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.
Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.
Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:
|
Gewürztraminer |
|
Muscat |
|
Muscat Ottonel |
|
Pinot Gris |
|
Riesling. |
Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:
— |
an bhliain fíona |
— |
ceann d'fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire. |
Sonrú ar an gcion siúcra
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/52 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 393/13)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Mandelberg”
PDO-FR-A0334-AM02
Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Tásc breise
Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.
Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.
Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.
Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
2. Na cineálacha táirge
Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.
Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar geografach
Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d’fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.
Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):
“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).
I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.
4. Limistéar dáileachta críochnaithe
Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:
— |
chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht; |
— |
leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh; |
— |
tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1). |
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
5. Limistéar díreach in aice láimhe
Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.
6. Cineálacha fíniúna
Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.
I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
7. Dlús plandála
Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.
Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.
Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.
8. Riail phrúnála
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.
Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.
9. Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.
Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
10. Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.
Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
11. Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte
Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16,83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
12. Táirgeachtaí
I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).
Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.
Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.
13. Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.
Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0,4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.
Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
14. An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
15. Toilleadh na fíonlainne
I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.
Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
16. An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí
I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.
Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
17. Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe
I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.
Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
18. Fíonta pacáistithe a stóráil
I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.
Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
19. Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ”agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Alsace grand cru Mandelberg
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
An modh saothraithe
Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.
Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.
Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.
2.
An modh saothraithe
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.
3.
An modh saothraithe
Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.
4.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:
|
0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, |
|
1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile. |
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.
5.
Srian maidir le fíonóireacht
Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.
6.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.
5.2. Uastáirgeacht
1.
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2.
48 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. |
Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.
Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
Gewurztraminer Rs
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato
Pinot Gris G
Riesling B
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí méisea-aeráide fabhracha a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Mandelberg” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr dá bhfuil ann. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil na mílte miondifríochtaí, a saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.
Tá torthaíocht shuntasach agus fíneáltacht mhór ag na fíonta, ar saintréithe iad den ithir ina bhfuil mórchuid cailciam agus carbónáití maignéisiam. Is ar a gcarachtar saibhir olartha atá a gcáilíochtaí coinneála bunaithe.
Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.
De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.
Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.
Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.
I saothar Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, moladh go hard an lieu-dit sin, a bhfuil clú air inniu.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller. |
Pacáistiú sa limistéar
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.
Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.
Ainm coitianta
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.
Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.
Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:
Gewürztraminer
Muscat
Muscat Ottonel
Pinot Gris
Riesling.
Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:
— |
an bhliain fíona |
— |
ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire. |
Sonrú ar an gcion siúcra
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/64 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 393/14)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Goldert”
PDO-FR-A0373-AM02

20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Alsace grand cru Goldert
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fionnta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16.4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíon oireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1. |
Córais traenála: dlús plandála An modh saothraithe Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha. Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar. Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar. Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh. |
2. |
Córais traenála: riail phrúnála An modh saothraithe Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda. |
3. |
Buaint An modh saothraithe Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh. |
4. |
Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte Cleachtas fíoneolaíochta sonrach Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú: 0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, 1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile. Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú. |
5. |
Táirgeadh Srian maidir le fíonóireacht Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid. |
6. |
Na fíonta a aibiú Cleachtas fíoneolaíochta sonrach Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad. Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad. |
5.2. Uastáirgeacht
1. |
Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin 60 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
2. |
Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh 48 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. |
Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.
Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
Gewurztraminer Rs |
|
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato |
|
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato |
|
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato |
|
Pinot Gris G |
|
Riesling B |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Goldert” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr dá bhfuil ann. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.
Mar gheall ar an méisea-aeráid is féidir fíonta a bhfuil struchtúr aigéadachta foluití acu a tháirgeadh. Tá siad torthaíoch, saibhir, toirtiúil agus casta.
Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.
De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.
Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.
Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller. |
Pacáistiú sa limistéar
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.
Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.
Ainm coitianta
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.
Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.
Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:
Gewürztraminer
Muscat
Muscat Ottonel
Pinot Gris
Riesling.
Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:
— |
an bhliain fíona |
— |
ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire. |
Sonrú ar an gcion siúcra
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/75 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 393/15)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Steingrubler”
PDO-FR-A0630-AM02
Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Tásc breise
Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.
Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.
Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.
Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
2. Na cineálacha táirge
Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.
Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar geografach
Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d’fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.
Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):
“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).
I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.
4. Limistéar dáileachta críochnaithe
Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:
— |
chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht; |
— |
leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh; |
— |
tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1). |
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
5. Limistéar díreach in aice láimhe
Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.
6. Cineálacha fíniúna
Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.
I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
7. Dlús plandála
Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.
Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.
Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.
8. Riail phrúnála
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.
Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.
9. Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.
Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
10. Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.
Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
11. Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte
Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
12. Táirgeachtaí
I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).
Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.
Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.
13. Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.
Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.
Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
14. An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
15. Toilleadh na fíonlainne
I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.
Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
16. An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí
I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.
Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
17. Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe
I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.
Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
18. Fíonta pacáistithe a stóráil
I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.
Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
19. Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ”agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Alsace grand cru Steingrubler
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dTáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhFíon nó ar na fíonta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12.5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14.5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18.2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16.4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
An modh saothraithe
Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.
Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0.75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1.50 méadar.
Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.
2.
An modh saothraithe
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.
3.
An modh saothraithe
Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.
4.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:
|
0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, |
|
1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile. |
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.
5.
Srian maidir le fíonóireacht
Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.
6.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.
5.2. Uastáirgeacht
1.
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2.
48 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. |
Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.
Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
Gewurztraminer Rs
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato
Pinot Gris G
Riesling B
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí aeráide fabhracha a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Steingrubler” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil a saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.
Aibíonn an grand cru seo sách déanach, mar go bhfuil sléibhte Vosges in aice láimhe. Is saintréithe de na fíonta aigéadacht úr agus fíneáltacht mhór aramatach a léirítear níos fearr le himeacht ama.
Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.
De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.
Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.
Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.
I saothar Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, moladh go hard an lieu-dit sin, a bhfuil clú air inniu.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller. |
Pacáistiú sa limistéar
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.
Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.
Ainm coitianta
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.
Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.
Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:
Gewürztraminer
Muscat
Muscat Ottonel
Pinot Gris
Riesling.
Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:
— |
an bhliain fíona |
— |
ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire. |
Sonrú ar an gcion siúcra
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.
Nasc chuig an tSonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa
13.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 393/86 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 393/16)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Osterberg”
PDO-FR-A0412-AM02
Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Tásc breise
Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.
Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.
Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.
Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
2. Na cineálacha táirge
Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.
Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar geografach
Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d' fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.
Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):
“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).
I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.
4. Limistéar dáileachta críochnaithe
Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:
— |
chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht; |
— |
leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh; |
— |
tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1). |
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
5. Limistéar díreach in aice láimhe
Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.
6. Cineálacha fíniúna
Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.
I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
7. Dlús plandála
Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.
Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.
Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.
8. Riail phrúnála
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.
Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.
9. Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.
Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
10. Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.
Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
11. Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte
Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
12. Táirgeachtaí
I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).
Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.
Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.
13. Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.
Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.
Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
14. An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
15. Toilleadh na fíonlainne
I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.
Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
16. An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí
I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.
Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
17. Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe
I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.
Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
18. Fíonta pacáistithe a stóráil
I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.
Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
19. Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
‘Alsace grand cru Osterberg
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dTáirgí fíniúna
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhFíon nó ar na fíonta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12.5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14.5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18.2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16.4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
An modh saothraithe
Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.
Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0.75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1.50 méadar.
Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.
2.
An modh saothraithe
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.
3.
An modh saothraithe
Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.
4.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:
|
5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, |
|
5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile. |
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.
5.
Srian maidir le fíonóireacht
Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.
6.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.
5.2. Uastáirgeacht
1.
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2.
48 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. |
Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.
Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
Gewurztraminer Rs
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato
Pinot Gris G
Riesling B
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Osterberg” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr dá bhfuil ann. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.
Cuidíonn suíomh aibithe dhéanaigh an grand cru le haigéadacht agus salandacht shuntasach a fhorbairt. Mar gheall ar na saintréithe sin is féidir fíonta láidre cothromaithe gan troime a tháirgeadh. Tá acmhainneacht iontach aosaithe sna fíonta sin.