ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 389

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
10 Deireadh Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

2022/C 389/01

Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt Bhreithiúnais

2022/C 389/02

Cás C-465/22: Ordú na Cúirte Breithiúnais an 16 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Amtsgericht Hamburg – an Ghearmáin) – flightright GmbH v Brussels Airlines SA/NV (Aeriompar – Cúiteamh do phaisinéirí aeir i gcás moill fhada ar eitilt – Nasceitilt – Moill ar ócáid na chéad eitilte – Easpa nasc conarthach idir an paisinéir agus iompróir aeir an Chomhphobail a rinne an dara eitilt – Gníomh le haghaidh cúitimh i gcoinne an iompróra aeir a rinne an dara eitilt)

2

2022/C 389/03

Cás C-413/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 21 Meitheamh 2022 – Vapo Atlantic, S.A v Entidade Nacional Para o Setor Energético E.P.E., Fundo de Eficiência Energética, Fundo Ambiental

2

2022/C 389/04

Cás C-416/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) (Centro de Arbitragem Administrativa — CAAD) a taisceadh an 21 Meitheamh 2022 – EDP — Energias de Portugal, S.A. v Autoridade Tributária e Aduaneira

3

2022/C 389/05

Cás C-428/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – DEVNIA TSIMENT AD v Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia Darzhaven rezerv i voennovremenni zapasi

4

2022/C 389/06

Cás C-437/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus (an Eastóin) a taisceadh an 4 Iúil 2022 – R.M. agus E.M. v Eesti Vabariik (Põllumajanduse Registrite ja Informatsiooni Amet)

5

2022/C 389/07

Cás C-466/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen Sad — Veliko Tarnovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 12 Iúil 2022 – V.B. Trade OOD v Direktor na direktsia obzhalvane i danachno osiguritelna praktika – Veliko Tarnovo pri tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite

6

2022/C 389/08

Cás C-473/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Markkinaoikeus (an Fhionlainn) a taisceadh an 15 Iúil 2022 – Mylan AB v Gilead Sciences Finland Oy, Gilead Biopharmaceutics Ireland UC, Gilead Sciences Inc.

7

2022/C 389/09

Cás C-497/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 22 Iúil 2022 – EM v Roompot Service B.V.

7

2022/C 389/10

Cás C-509/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) arna taisceadh an 27 Iúil 2022 — Agenzia delle Dogane e dei Monopoli v Girelli Alcool Srl

8

2022/C 389/11

Cás C-522/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 4 Lúnasa 2022 – GE v British Airways plc

9

2022/C 389/12

Cás C-551/22 P: Achomharc arna thabhairt an 17 Lúnasa 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-481/17, Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA

9

 

Chúirt Ghinearálta

2022/C 389/13

Cás T-409/22: Caingean arna tabhairt an 30 Meitheamh 2022 – Glonatech v REA

11

2022/C 389/14

Cás T-450/22: Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2022 – Sberbank Europe v BRA

12

2022/C 389/15

Cás T-453/22: Caingean arna tabhairt an 21 Iúil 2022 – BASF agus Páirtithe Eile v an Coimisiún

13

2022/C 389/16

Cás T-501/22: Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – an Ostair v an Coimisiún

14

2022/C 389/17

Cás T-506/22: Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – CrossFit v EUIPO – Pitk Pelotas (CROSSWOD EQUIPMENT)

15

2022/C 389/18

Cás T-509/22: Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2022 – Bimbo v EUIPO – Bottari Europe (BimboBIKE)

16

2022/C 389/19

Cás T-511/22: Caingean arna tabhairt an 23 Lúnasa 2022 – Olimp Laboratories v EUIPO – Schmitzer (HPU AND YOU)

17

2022/C 389/20

Cás T-517/22: Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2022 – Aldi v EUIPO – Heredero de Navarra (LYTTOS)

18

2022/C 389/21

Cás T-520/22: Caingean arna tabhairt an 28 Lúnasa 2022 – Karić v an Chomhairle

18

2022/C 389/22

Cás T-521/22: Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2022 – Golovaty v an Chomhairle

19

2022/C 389/23

Cás T-522/22: Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2022 – QU v an Chomhairle

20

2022/C 389/24

Cás T-528/22: Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2022 – Belaruskali v an Chomhairle

21

2022/C 389/25

Cás T-529/22: Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2022 – QT v BEI

22

2022/C 389/26

Cás T-534/22: Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2022 – Belarusian Potash Company v an Chomhairle

23

2022/C 389/27

Cás T-415/18: Ordú na Cúirte Ginearálta an 25 Lúnasa 2022 – Silgan Closures agus Silgan Holdings v an Coimisiún

24

2022/C 389/28

Cás T-808/19: Ordú na Cúirte Ginearálta an 25 Lúnasa 2022 – Silgan International agus Silgan Closures v an Coimisiún

24


GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/1


Foilseacháin deiridh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

(2022/C 389/01)

Foilseachán deiridh

IO C 380, 3.10.2022

Foilseacháin stairiúla

IO C 368, 26.9.2022

IO C 359, 19.9.2022

IO C 340, 5.9.2022

IO C 326, 29.8.2022

IO C 318, 22.8.2022

IO C 311, 16.8.2022

Is féidir teacht ar na téacsanna sin anseo:

EUR-Lex: http://eur-lex.europa.eu


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt Bhreithiúnais

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/2


Ordú na Cúirte Breithiúnais an 16 Lúnasa 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Amtsgericht Hamburg – an Ghearmáin) – flightright GmbH v Brussels Airlines SA/NV

(Cás C-465/22) (1)

(Aeriompar - Cúiteamh do phaisinéirí aeir i gcás moill fhada ar eitilt - Nasceitilt - Moill ar ócáid na chéad eitilte - Easpa nasc conarthach idir an paisinéir agus iompróir aeir an Chomhphobail a rinne an dara eitilt - Gníomh le haghaidh cúitimh i gcoinne an iompróra aeir a rinne an dara eitilt)

(2022/C 389/02)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Hamburg

Páirtithe

Iarratasóir: flightright GmbH

Cosantóir: Brussels Airlines SA/NV

An chuid oibríochtúil

Baintear Cás C-465/22 de Chlár na Cúirte.


(1)  Dáta comhdaithe: 12.07.2022


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/2


Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) a taisceadh an 21 Meitheamh 2022 – Vapo Atlantic, S.A v Entidade Nacional Para o Setor Energético E.P.E., Fundo de Eficiência Energética, Fundo Ambiental

(Cás C-413/22)

(2022/C 389/03)

Teanga an cháis: an Phortaingéil

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal Administrativo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Vapo Atlantic, S.A.

Cosantóirí: Entidade Nacional Para o Setor Energético E.P.E., Fundo de Eficiência Energética, Fundo Ambiental

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An gcaitear Airteagail 3(4), agus 18 de Threoir 2009/28 (1) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí, lena gcinntear go bhféadfadh oibreoirí eacnamaíocha, agus de rogha eile acu, údar maith a thabhairt do chomhlíonadh na gcritéar céanna, chun críocha spriocanna ionchorpraithe bithbhreoslaí a chomhlíonadh, trí (i) bhithbhreoslaí a ionchorprú leis an mbreosla iontaise, nó trí (ii) dheimhnithe bithbhreoslaí a cheannach ó oibreoirí eile a mbeadh farasbarr acu?

2)

An gcaitear Airteagail 3(4), agus 18 de Threoir 2009/28 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí, lena síntear an fhéidearthacht na bithbhreoslaí a ionchorprú go fisiciúil chuig táirgeoirí bithbhreoslaí a bhfuil stádas trádstórais chánach acu amháin, agus nach síntear an fhéidearthacht sin chuig eintitis atá faoi oibleagáid bithbhreoslaí a ionchorprú agus a allmhairíonn breosla faoi stádas coinsíní cláraithe, a d’fhéadfadh leas a bhaint as an bhféidearthacht atá ann deimhnithe bithbhreoslaí a cheannach, faoi phionós cúiteamh a íoc (arb ionann é go hábhartha agus fíneáil)?

3)

An ndéantar difear don fhreagra ar an gceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú roimhe seo más rud é, tráth na dteagmhas a thit amach, nach raibh deimhnithe ann do bhithbhreoslaí a bhí ar an margadh lena ndíol, sa chaoi gur dodhéanta a gceannach d’oibreoir beag — nó nárbh fhéidir leis amhlaidh a dhéanamh ach amháin le deacrachtaí móra —, agus murar eagraigh Direção-Geral de Energia e Geologia (Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh agus na Geolaíochta, “DGEG”) na ceantanna lena mbaineann, agus gur fágadh dá réir sin gurbh é an t-aon rogha amháin a bhí aige ná cúiteamh a íoc (arb ionann é go hábhartha agus fíneáil)?

4)

An gcaitear Airteagal 18(3) de Threoir 2009/28 a léiriú sa chaoi go bhforchuirtear go ndéanfaí iniúchtaí neamhspleácha (i gcás na reachtaíochta náisiúnta, nósanna imeachta um fhíorú) mar réamhriachtanas chun an scéim inbhuanaithe a chur chun feidhme?

5)

An gcuirtear cosc le hAirteagal 18(3) de Threoir 2009/28 ar chóras náisiúnta um fhíorú critéir inbhuanaitheachta, nár ceadaíodh leis, i ngníomh, d’ainneoin gur foráladh leis do chomhlachtaí fíorúcháin a chreidiúnú chun nósanna imeachta um fhíorú ar chomhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta a leanúint (i gcomhréir le hAirteagal 18(3) den Treoir sin), comhlachtaí dá leithéid sin a roghnú de dheasca easnaimh iarratas ar thairiscintí, ag an am céanna go gceanglaítear ar oibreoirí eacnamaíocha a léiriú go bhfuiltear ag cloí leis na critéir sin, gan aon iniúchadh neamhspleách a dhéanamh orthu?

6)

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar na ceisteanna le haghaidh réamhrialú roimhe seo, an gcaitear Airteagal 34 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá faoi chonspóid sna príomhimeachtaí, arna léiriú sa chaoi a gcuirtear síos uirthi sna ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú thuasluaite?


(1)  Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/3


Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal Administrativo (an Phortaingéil) (Centro de Arbitragem Administrativa — CAAD) a taisceadh an 21 Meitheamh 2022 – EDP — Energias de Portugal, S.A. v Autoridade Tributária e Aduaneira

(Cás C-416/22)

(2022/C 389/04)

Teanga an cháis: an Phortaingéil

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Arbitral Tributário (Centro de Arbitragem Administrativa — CAAD)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: EDP — Energias de Portugal, S.A.

Cosantóir: Autoridade Tributária e Aduaneira

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An gcaitear a mheas gur “idirbhearta domhanda”, de réir bhrí chásdlí CBAE sna breithiúnais arna dtabhairt in Isabele Gielen (C-299/13) (1) agus Air Berlin (C-573/16) (2), iad na hidirbhearta seo: i) tairiscint ar bhannaí a fháil trí cheannach airgid ii) eisiúint bannaí, agus iii) tairiscint phoiblí ar shuibscríobh scaireanna?

2)

An gcaitear an teilgean “aon fhoirmiúlacht lena mbaineann” in Airteagal 5(2)(b) de Threoir 2008/7/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008, (3) a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear seirbhísí idirghabhála airgeadais leis, a gcuirtear ar fáil ar bhonn choimhdeach i dtaca leis na hidirbhearta seo: i) tairiscint ar bhannaí a fháil trí cheannach airgid ii) eisiúint bannaí, agus iii) tairiscint phoiblí ar shuibscríobh scaireanna?

3)

An féidir Airteagal 5(2)(b) de Threoir 2008/7/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar dhleacht stampála a ghearradh ar tháillí i leith seirbhísí idirghabhála airgeadais arna soláthar ag banc maidir le i) hathcheannach ionstraimí fiachais ii) hurrúis shoshannta a eisiúint agus lena gcur ar an margadh iii) méadú caipitil trí na scaireanna arna n-eisiúint a shuibscríobh go poiblí, lena n-áirítear sna seirbhísí sin an oibleagáid infheisteoirí a shainaithint agus dul i dteagmháil leo chun críche na hurrúis a dháileadh, orduithe ceannaigh nó suibscríofa a fháil, agus i gcásanna áirithe, na hurrúis shoshannta is ábhar don tairiscint a cheannach?

4)

Ar chóir freagra éagsúil a thabhairt ar na ceisteanna roimhe seo ag brath ar sholáthar na seirbhísí airgeadais a bheith sainordaitheach faoin dlí nó roghnach?


(1)  EU:C:2014:2266.

(2)  EU:C:2017:772.

(3)  Treoir 2008/7/CE ón gComhairle an 12 Feabhra 2008 maidir le cánacha indíreacha ar chruinniú caipitil (IO 2008, L 46, lch. 11)


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/4


Iarraidh ar réamhrialú ó Administrativen sad Varna (an Bhulgáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – “DEVNIA TSIMENT” AD v Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia “Darzhaven rezerv i voennovremenni zapasi”

(Cás C-428/22)

(2022/C 389/05)

Teanga an cháis: an Bhulgairis

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad Varna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“DEVNIA TSIMENT” AD

Cosantóir: Zamestnik-predsedatel na Darzhavna agentsia “Darzhaven rezerv i voennovremenni zapasi”

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

Ag féachaint do chuspóir na Treorach agus Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidrimh i dtaca le fuinneamh agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta de bhun Airteagal 52(1) i gcomhar le hAirteagal 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE (2) ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhféadfar oibleagáid a chur ar dhaoine a chuir fáltais laistigh den Chomhphobal de chóc peitriliam chun críocha táirgthe faoi Phointe 3.4.23 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 i gcrích cúlstoc a chruthú?

2.

An gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) den Treoir a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil na cineálacha táirgí nach mór cúlstoc dóibh a chruthú agus a choimeád teoranta do chuid de na cineálacha táirgí a leagtar síos in Airteagal 2(i) den Treoir sin, i gcomhar le Caibidil 3.4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008?

3.

An gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) den Treoir a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar dhuine a dhéanann fáltais nó allmhairiú laistigh den Chomhphobal de chineál amháin de na táirgí dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) den Treoir, i gcomhar le Caibidil 3.4 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008, cúlstoc de chineál eile táirge dhifriúil a chruthú agus a choimeád?

4.

An gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) den Treoir a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht i gceist sna príomhimeachtaí, lena bhforáiltear go bhfuil oibleagáid ar dhuine stoc a chruthú agus a choimeád de tháirge nach n-úsáideann sé le linn a ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus nach mbaineann leis an ngníomhaíocht sin, sa chaoi is go mbíonn ualach mór airgeadais i gceist leis sin freisin (nach bhféadfaí, mar thoradh air sin, a chomhlíonadh sa chleachtas) toisc nach bhfuil an táirge sin ag an duine agus nach ndéanann sé é a allmhairiú ná a choimeád?

5.

Más freagra diúltach a thabharfar ar aon cheann de na ceisteanna sin: Ag féachaint do chuspóir na Treorach agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta de bhun Airteagal 52(1), i gcomhar le hAirteagal 17, den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an gcaithfear aithris 33 agus Airteagail 1, 3, 8, agus 2(i) agus (j) de Threoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar Bhallstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfadh allmhaireoir de chineál áirithe táirge a bheith faoi oibleagáid ach cúlstoc den chineál sin táirge amháin a bhí ina ábhar den allmhairiú a chruthú agus a choimeád?


(1)  IO 2008 L 304, lch. 1.

(2)  IO 2009 L 265, lch. 9.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/5


Iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus (an Eastóin) a taisceadh an 4 Iúil 2022 – R.M. agus E.M. v Eesti Vabariik (Põllumajanduse Registrite ja Informatsiooni Amet)

(Cás C-437/22)

(2022/C 389/06)

Teanga an cháis: an Eastóinis

An chúirt a rinne an tarchur

Riigikohus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóirí ar phointe dlí: R.M. agus E.M.

Páirtí eile is páirtí díobháilithe: Eesti Vabariik (arna ionadú ag Põllumajanduse Registrite ja Informatsiooni Amet)

Vorlagefragen

1.

In imthosca amhail na himthosca sna príomhimeachtaí, mar thoradh ar Airteagal 7 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (1) ón gComhairle an 18 Nollaig 1995, in éineacht le hAirteagal 56(1) agus Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 agus Airteagal 35(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 (3) ón gCoimisiún an 11 Márta 2014, an bhfuil bunús ann, ag a bhfuil éifeachtaí díreacha dlíthiúla aige, chun cúnamh a fuarthas trí chalaois ó mhaoiniú ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a fháil ar ais ó na hionadaithe d’eintiteas dlíthiúil is tairbhí a rinne dearbhuithe bréagacha d’aon ghnó chun an cúnamh a fháil trí chalaois?

2.

In imthosca amhail na himthosca sna príomhimeachtaí, ina gcinntear gur tugadh cúnamh arna mhaoiniú ag CETFT, mar thoradh ar chalaois, do chuideachta faoi dhliteanas teoranta (Osaühing), an féidir caitheamh leis na hionadaithe den chuideachta is tairbhí a rinne an chalaois agus a bhí ina n-úinéirí tairbhiúla ag an am a fuarthas an cúnamh trí chalaois mar thairbhithe de réir bhrí Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 agus Airteagal 35(6) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014?


(1)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO 1995 L 312, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, na coinníollacha chun íocaíochtaí a dhiúltú agus a tharraingt siar agus na pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus tras-chomhlíonadh (IO 2014 L 181, lch. 48).


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/6


Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen Sad — Veliko Tarnovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 12 Iúil 2022 – “V.B. Trade” OOD v Direktor na direktsia “obzhalvane i danachno osiguritelna praktika” – Veliko Tarnovo pri tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite

(Cás C-466/22)

(2022/C 389/07)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen Sad Veliko Tarnovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir:“V.B. Trade” OOD

Cosantóir: Direktor na direktsia “obzhalvane i danachno osiguritelna praktika” – Veliko Tarnovo pri tsentralno upravlenie na Natsionalnata agentsia za prihodite

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

An gcaithfear an nath “éifeacht dhlíthiúil ríomhshínithe […] mar fhianaise […]” in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 910/2014 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE a léiriú sa chaoi go bhfuil ar chúirteanna na mBallstát glacadh leis, sa chás go gcomhlíontar na ceanglais i bpointí (10), (11) agus (12) d’Airteagal 3 den Rialachán nó nach bhfuil conspóid ann fúthu, nach mór a mheas a priori nach bhfuil aon amhras ná díospóid ann go bhfuil ann don shíniú ná faoin údarthacht a líomhnaítear ina leith agus an gcaithfear é a léiriú sa chaoi, sa chás go gcomhlíontar ceanglais na bhforálacha sin, go gceanglaítear ar chúirteanna na mBallstát a aithint go bhfuil luach/fórsa fianaise ag an ríomhshíniú cáilithe atá comhionann leis sin atá i gceist le síniú lámhscríofa, ach sin amháin sa mhéid dá bhforáiltear sa chóras dlí náisiúnta iomchuí maidir leis an síniú lámhscríofa sin?

2.

An gcaithfear an nath “ní shéanfar […] in imeachtaí dlíthiúla […]” in Airteagal 25(1) den Rialachán sin a léiriú sa chaoi go bhfuil cosc iomlán ar chúirteanna náisiúnta na mBallstát na féidearthachtaí nós imeachta dá bhforáiltear ina gcórais dlí a úsáid chun conspóid a dhéanamh maidir leis an luach fianaise atá ag éifeacht dhlíthiúil an ríomhshínithe dá bhforáiltear sa Rialachán sin, nó an gcaithfear é a léiriú sa chaoi nach gcuirtear, leis an bhforáil sin, cosc leis an bhféidearthacht ceanglais phointí (10), (11) agus (12) d’Airteagal 3 den Rialachán sin a bhréagnú, agus úsáid á bhaint ag cúirteanna náisiúnta na mBallstát as na hionstraimí is infheidhme faoina ndlíthe nós imeachta, agus ar an gcaoi sin ag cur ar chumas na bpáirtithe i ndíospóid os comhair na gcúirteanna fórsa agus luach fianaise an ríomhshínithe dá bhforáiltear a bhréagnú?


(1)  IO 2014 L 257, lch. 73.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/7


Iarraidh ar réamhrialú ón Markkinaoikeus (an Fhionlainn) a taisceadh an 15 Iúil 2022 – Mylan AB v Gilead Sciences Finland Oy, Gilead Biopharmaceutics Ireland UC, Gilead Sciences Inc.

(Cás C-473/22)

(2022/C 389/08)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Markkinaoikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Mylan AB

Cosantóir: Gilead Sciences Finland Oy, Gilead Biopharmaceutics Ireland UC, Gilead Sciences Inc.

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil foráil chúitimh is infheidhme san Fhionlainn atá bunaithe ar dhiandliteanas amhail an fhoráil dá dtagraítear thuas (i míreanna 16 go 18 den iarraidh ar réamhrialú seo) i gcomhréir le hAirteagal 9(7) den Treoir um fhorfheidhmiú (1)?

2.

I gcás go dtugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist, cén cineál dliteanais i leith damáistí ar a bhfuil an dliteanas faoi Airteagal 9(7) den Treoir um fhorfheidhmiú bunaithe mar sin? An nglacfar leis go mbaineann an dliteanas sin le cineál dliteanais atá bunaithe ar locht, le cineál dliteanais atá bunaithe ar mhí-úsáid ceart nó le dliteanas atá bunaithe ar chúiseanna eile?

3.

Maidir leis an dara ceist, cad iad na himthosca nach mór a chur san áireamh chun a chinneadh go bhfuil ann don dliteanas?

4.

Go háirithe, i ndáil leis an tríú ceist, an ndéanfar an cinneadh bunaithe ar na himthosca amháin a bhí ar eolas nuair a fuarthas bearta eatramhacha nó an bhféadfaí a chur san áireamh, mar shampla, gur dearbhaíodh, níos déanaí, tar éis na bearta eatramhacha a fháil, go raibh an ceart maoine intleachtúla, i gcás ina raibh na bearta eatramhacha bunaithe ar an sárú a líomhnaíodh ina leith, ar neamhní ab initio, agus, más féidir, cén tábhacht atá leis sin?


(1)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO 2004 L 157, lch. 45).


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/7


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 22 Iúil 2022 – EM v Roompot Service B.V.

(Cás C-497/22)

(2022/C 389/09)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir agus achomharcóir: EM

Cosantóir agus freagróir: Roompot Service B.V.

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear an chéad abairt d’Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 (1) a léirmhíniú sa chaoi go dtagann conradh a thugtar i gcrích idir duine príobháideach agus léasóir tráchtála tithe saoire maidir le bungaló a ligean go gearrthéarmach i bpáirc saoire arna hoibriú ag an léasóir, agus lena bhforáiltear, i dteannta leis an mbungaló a ligean ar cíos, do ghlanadh ag deireadh an fhanachta agus soláthar éadaí leapa mar sheirbhísí breise, faoi dhlínse eisiach an Stáit ina bhfuil an cíos-mhaoine sin suite, gan beann ar cé acu an leis an léasóir nó le tríú páirtí an bungaló saoire?


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/8


Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) arna taisceadh an 27 Iúil 2022 — Agenzia delle Dogane e dei Monopoli v Girelli Alcool Srl

(Cás C-509/22)

(2022/C 389/10)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Agenzia delle Dogane e dei Monopoli

Cosantóir: Girelli Alcool Srl

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

Ar an gcéad dul síos, an gá coincheap na n-imthosca neamh-intuartha as a n-eascraíonn caillteanais a thabhaítear faoi shocruithe fionraí dleachta, de réir bhrí Airteagal 7(4) de Threoir 2008/118/CE, (1) a léirmhíniú amhail i gcás force majeure, mar imthosca neamhghnácha agus neamh-intuartha lasmuigh den choimeádaí údaraithe, nach féidir a sheachaint in ainneoin go ndearna sé gach réamhchúram ar an gcás, agus go seachnaítear go hoibiachtúil aon fhéidearthacht a rialaithe?

2)

Ar an dara dul síos, chun dliteanas a eisiamh i gcás imthosca neamh-intuartha, an bhfuil na réamhchúram is gá á nglacadh chun an teagmhas díobhálach a sheachaint ábhartha, agus má tá, cé chomh ábhartha a bhfuil sé?

3)

Faoi réir an chéad dá cheist, an bhfuil foráil amhail Airteagal 4(1) decreto legislativo 26 ottobre 1995 n. 504 (Foraithne Reachtach Uimh. 504 an 26 Deireadh Fómhair 1995), lena ndéantar gnáthfhaillí (arna déanamh ag an duine céanna nó ag tríú páirtithe) a chothromú le himthosca neamh-intuartha agus force majeure, atá i gcomhréir le forálacha Airteagal 7(4) de Threoir 2008/118/CE, nach leagtar síos aon choinníollacha eile ann, go háirithe maidir le “locht” dhéantóir nó an rannpháirtí gníomhach?

4)

Ar deireadh, an féidir an téarma “nó de thoradh ar údarú ó údaráis inniúla an Bhallstáit” atá in Airteagal 7(4) freisin, a thuisicint sa chiall go bhféadfadh an Ballstát catagóir ghinearálta bhreise (faillí beag) a shainaithint a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don sainmhíniú ar scaoileadh lena thomhailt i gcás ina scriostar nó ina gcaillfear an táirge, nó an féidir nach n-áireofaí clásal den sórt sin leis an téarma sin, ach ní mór a thuiscint, a mhalairt air sin, go dtagraíonn sé do chásanna sonracha, a údaraítear ina n-aonar nó a shainaithnítear ar bhealach eile le fasaigh ina sainítear na heilimintí oibiachtúla?


(1)  Treoir 2008/118/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir leis na comhshocruithe ginearálta maidir le dleacht mháil agus lena n-aisghairtear Treoir 92/12/CEE (IO 2009 L 9, lch. 12).


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/9


Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 4 Lúnasa 2022 – GE v British Airways plc

(Cás C-522/22)

(2022/C 389/11)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Frankfurt am Main

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: GE

Cosantóir: British Airways plc

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear Airteagal 8(1)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004, (1) i gcomhar le hAirteagal 7(3) de, a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfaidh paisinéir a d’íoc as eitilt go páirteach i “mílte de chuid duine a eitlíonn go minic” (Vielfliegermeilen) aisíocaíocht i mílte (amháin) a éileamh ón aeriompróir oibriúcháin, nach é a chomhpháirtí conarthach é, ina leith sin?

2.

Má thugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra dearfach ar an gcéad cheist:

An gcuirtear cosc le Rialachán Uimh. 261/2004 ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar, i gcás nach ndéantar an aisíocaíocht i bhfoirm mílte, contrártha don oibleagáid chomhfhreagrach faoi Airteagal 8(1)(a) den Rialachán sin, cúiteamh in ionad feidhmíochta a éileamh ón aeriompróir oibriúcháin, nó an bhfuil an paisinéir faoi cheangal ag an iarratas bunaidh ar aisíocaíocht i bhfoirm mílte?

3.

Má thugann an Chúirt Bhreithiúnais freagra diúltach ar an gcéad cheist:

I gcás ina bhféadfaidh an paisinéir aisíocaíocht in airgead a éileamh freisin nó má dhéantar é a aisíoc in airgead, an gcaithfear Airteagal 8(1)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004, i gcomhar le hAirteagal 7(3) de, a léirmhíniú sa chaoi go n-aisíocfaidh an t-aeriompróir oibriúcháin leis an bpaisinéir an méid airgid lena bhféadfadh sé athródú a cheannach, gan úsáid a bhaint as mílte agus faoi choinníollacha iompair inchomparáide, chuig a cheann scríbe a luaithe is féidir nó ar dháta níos déanaí ar a chaoithiúlacht, faoi réir infhaighteacht suíocháin, mar aisíocaíocht ar chostas an ticéid […] ar an bpraghas ar ceannaíodh é?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/9


Achomharc arna thabhairt an 17 Lúnasa 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Tríú Dlísheomra Méadaithe) an 1 Meitheamh 2022 i gCás T-481/17, Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus SFL v BRA

(Cás C-551/22 P)

(2022/C 389/12)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Flynn, D. Triantafyllou, A. Nijenhuis, P. Němečková agus A. Steiblytė, Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno, Stiftung für Forschung und Lehre (SFL), an Bord Réitigh Aonair (BRA), Ríocht na Spáinne, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, Banco Santander, SA

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

(1)

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Meitheamh 2022 i gcás Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) v an Bord Réitigh Aonair (T-481/17, EU:T:2022:311) a chur ar neamhní a mhéid a dhearbhaigh an Chúirt Ghinearálta go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú ag an gcéad chéim inghlactha ann;

(2)

a dhearbhú go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh i gcás T-481/17 ag an gcéad chéim do-ghlactha agus, dá bhrí sin, í a dhíbhe ina hiomlán; agus

(3)

a ordú do Fundación Tatiana Pérez de Guzmán el Bueno agus do Stiftung für Forschung und Lehre (SFL) (iarratasóirí ag an gcéad chéim) na costais arna dtabhú ag an gCoimisiúin sna himeachtaí arna seoladh os comhair na Cúirte Ginearálta agus sna himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir trí fhoras achomhairc agus éilíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta na hearráidí dlí seo a leanas:

earráid agus Airteagal 263(4) CFAE agus Airteagal 18(7) de SRMR (1) á léiriú a mhéid a bhaineann siad leis an scéim réitigh a aicmiú mar ghníomh inchonspóide (an chéad fhoras achomhairc),

earráid agus Airteagal 263(4) CFAE á léiriú agus sárú ar na cearta ag an gCoimisiún chun cosaint a fháil a mhéid a mainníodh an chaingean le haghaidh neamhniú a dhíriú ar údar an ghnímh chríochnaithigh atá ceangailteach ó thaobh dlí de (an dara foras achomhairc), agus,

go bhfuil na cúiseanna a sonraíodh sa bhreithiúnas ag teacht salach ar a chéile, mar thoradh ar chinneadh na Cúirte Ginearálta go bhfuil an chaingean le haghaidh neamhniú na scéime réitigh atá faoi chonspóid inghlactha, cé go gcinneann an Chúirt Ghinearálta nach dtagann an scéim réitigh sin i bhfeidhm agus nach bhfuil tionchar aici atá ceangailteach ó thaobh dlí de ach amháin trí chinneadh ón gCoimisiúin (tríú foras achomhairc).


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).


Chúirt Ghinearálta

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/11


Caingean arna tabhairt an 30 Meitheamh 2022 – Glonatech v REA

(Cás T-409/22)

(2022/C 389/13)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Global Nanotechnologies AE schediasmou anaptyxis paraskevis kai emporias ylikon nanotechnologies (Glonatech) (Lamía, an Ghréig) (ionadaí: N. Scandamis, Dlíodóir)

Cosantóir: An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú gur chomhlíon an t-iarratasóir a cuid oibleagáidí conarthacha mar ba cheart agus go bhfuil sé go hiomlán de cheart aici go n-íocfaí di na costais a éilítear i ndáil le Tionscadal SANAD, agus Nóta Dochair Uimh. 3242113938 a chur ar leataobh toisc é a bheith ina shárú ar na dlíthe is infheidhme trína dhearbhú go bhfuil na costais ar diúltaíodh dóibh neamh-incháilithe; agus

a ordú do REA na costais ó na himeachtaí os comhair na Cúirte seo a íoc, nó, sa chás nach ndeonaítear do na horduithe a éilítear sa chaingean seo, a staonadh ó ordú don iarratasóir na costais a íoc i bhfianaise chastacht an cháis.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I dtaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur cheart a dhearbhú go bhfuil an “Final Audit Report”, a bhaineann leis na liúntais d’fhostaithe ar iasacht a cheadaítear d’iarratasóir le haghaidh comhroinnt eolais agus soghluaisteacht idir earnálacha, lasmuigh de raon feidhme an Chomhaontaithe (GA) toisc gur mheas REA go raibh sé eisceachtúil i bhfianaise maoiniú ar ráta comhréidh atá cuí ag féachaint do tháirgeacht agus do thaighde de réir torthaí agus, mar sin, nach bhfuil sé faoi réir fíorú ex-post, agus, ina theannta sin, toisc é a bheith déanta go sofheicthe ar bhealach fiosrúchánach de bharr amhras a bheith léirithe ann gurbh ann d’earráidí córasacha nach ndearbhaítear a bheith córasach mar sin féin, agus leas á bhaint mar sin as téarmaí a bhaineann le cineálacha nós imeachta éagsúla.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear, de rogha air sin, dá ndéanfaí an rialú sin a mheas sa chaoi is go raibh sé laistigh de raon feidhme GA, gur cheart tabhairt faoina leithéid de rialú mar fhíorú ex ante arna dhéanamh ag an oifigeach údarúcháin agus é bunaithe ar fhianaise ó shásraí fiosrúcháin leictreonacha a bunaíodh ag an eagraíocht óstála (KU), a bhfuil cúram ar leith air sonraí maidir le fostaithe ar iasacht a bhailiú ina áitreabh féin, agus an cosantóir ag déanamh faireachán air sin. Trína mhainneachtain é sin a dhéanamh, sháraigh an cosantóir téarmaí GA agus í i mbun measúnú ceart a dhéanamh de réir na ndlithe is infheidhme.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear, fiú dá ndéanfaí an t-iniúchadh a mheas sa chaoi is go raibh sé laistigh de raon feidhme an chonartha, agus gurbh ar an iarratasóir a thit an dualgas cruthúnais mar ábhar prionsabail, gur thángthas ar an gcinneadh chun diúltú do na costais maidir le fostaithe ar iasacht, le linn fíorúcháin ex post le haghaidh earráidí córasacha nach raibh ag teacht lena leithéid d’fhíorúcháin de bharr tagairt a bhí á déanamh do mhaoiniú ar ráta comhréidh leo, trí shárú ar an bprionsabal maidir le meon macánta, le linn chur i bhfeidhm Rialachán Airgeadais 2018/1046 (1), a bhí i bhfeidhm tráth a rinneadh an t-iniúchadh (Airteagal 181 (2)), ach, chomh maith leis sin, le linn fheidhmiú ginearálta an chonartha: chinn an t-eintiteas iniúchóireachta, agus lánrogha neamhdhleathach á feidhmiú aige, nárbh leor iniúchadh feidhmíochta i leith maoiniú ar ráta comhréidh lena ndéanfaí é a mheas ar bhonn sonraí stairiúla deimhnithe in-iniúchta de chuid an tairbhithe, agus, de rogha air sin, thug sí fabhar do chineálacha áirithe fianaise a bhí bainteach le teagmhais ar tharla na gníomhaíochtaí a chlúdaítear le maoiniú ar ráta comhréidh dá mbarr. Toisc gur tiontaíodh ord na gcruthúnas ar a cheann mar sin, baineadh den iarratasóir an ceart chun a cuid oibleagáidí conarthacha a léirmhíniú ionas gur chun a leasa a mbeidís i gcomhthéacs dlí ina raibh doiléireacht téarmaí arna cruthú ag an Rialachán Airgeadais (966/2012) (2), a bhí i bhfeidhm ag an am sin, agus arna cruthú le hiompar bréagnaitheach an iarratasóra agus faireacháin a dhéanamh aici ar chur i bhfeidhm GA chomh maith.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur cheart, agus aird chuí á tabhairt ní hamháin ar éagsúlacht na fianaise tacaíochta, idir inmheánach agus sheachtrach, ach, chomh maith leis sin, ar an mbéim mhíthreorach a leagadh roimh an chur i bhfeidhm agus lena linn sin, neamhaird a thabhairt ar mhí-oiriúintí agus ar bhearnaí a bhí le feiceáil san fhianaise nó, ar a laghad, gur cheart an tábhacht a bhaineann leo a aithint mar is cuí ach gan diúltú dóibh ina n-iomlán toisc iad a bheith córasach, go háirithe i gcás gur cheart neamhaird a thabhairt orthu toisc go mbeadh feidhm neamhábhartha nó dhiomaibhseach acu de réir phrionsabal ginearálta na comhréireachta.


(1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, IO L 193, 2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) ón gComhairle Uimh. 1605/2002, IO L 298, 2012, lch. 1.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/12


Caingean arna tabhairt an 18 Iúil 2022 – Sberbank Europe v BRA

(Cás T-450/22)

(2022/C 389/14)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Sberbank Europe AG (Vín, an Ostair) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

A dhearbhú go bhfuil an cinneadh ón mBord an 1 Márta 2022, lena ndearbhaíodh nach bhfuil gníomhaíocht réitigh ag teastáil, ar neamhní de réir Airteagal 264 CFAE a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

a ordú don Bhord Réitigh Aonair costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndeachaigh an Bord thar a dhlínse trí chinneadh a ghlacadh i ndáil leis an iarratasóir seachas staonadh ó aon ghníomhaíochtaí i gcomhréir lena chinneadh nár comhlíonadh na coinníollacha in Airteagal 18 de Rialachán “SRA” (1).

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur mhainnigh an Bord an ceart chun éisteacht a fháil a thabhairt don iarratasóir .

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear nár thug an Bord ráiteas dóthanach ar chúiseanna.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear nár thug an Bord aird chuí ar na riachtanais faoi Airteagal 18(1)(b) de Rialachán SRA.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear nár thug an Bord nó Banc Ceannais na hEorpa aird ar fhionraíocht dhliteanais an iarratasóra.

6.

An séú saincheist lena n-éilítear gur sháraigh an Bord prionsabal na comhréireachta trína mhainneachtain neart roghanna follasacha eile, nach mbeadh chomh trom sin, a mheas, lena n-áirítear an t-iarratasóir a aistriú chuig scairshealbhóir eile.

7.

An seachtú saincheist lena n-éilítear gur mhainnigh an Bord an plean réitigh a leanúint gan an cinneadh sin a mhíniú in aon chaoi a mbeadh dealramh leis.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/13


Caingean arna tabhairt an 21 Iúil 2022 – BASF agus Páirtithe Eile v an Coimisiún

(Cás T-453/22)

(2022/C 389/15)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: BASF SE (Ludwigshafen am Rhein, an Ghearmáin), Dow Europe GmbH (Horgen, an Eilvéis), Nouryon Functional Chemicals BV (Arnhem, an Ísiltír) (ionadaithe: J.P. Montfort agus P. Chopova-Leprêtre, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/692 ón gComhairle an 16 Feabhra 2022 lena leasaítear, chun í a oiriúnú do dhul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (“an Rialachán atá faoi chonspóid”), (1) a neamhniú, a mhéid a dtugtar isteach aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe nua leis le haghaidh trí shubstaint, eadhon N-carbocsaimeitilaimínbis(eitiléintrilo)teitrea (aigéad aicéiteach) agus a shalainn pheinteasóidiam agus pheinteapotaisiam (dá ngairtear “DTPA” nó “an tsubstaint” le chéile), i.e. Aithris 2 agus 3, Airteagail 1 agus 2 agus an Iarscríbhinn leis an Rialachán atá faoi chonspóid, a mhéid a bhaineann siad le DTPA agus, go sonrach, na hiontrála a cuireadh, de bhíthin na hIarscríbhinne leis an Rialachán atá faoi chonspóid, isteach go Cuid 3 d’Iarscríbhinn VI le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (“Rialachán CLP”), (2) le haghaidh na substaintí aonair:

N-carbocsaimeitilaimínbis(eitiléintrilo)teitrea (aigéad aicéiteach);

(carbocsaláiteomeitil)imínibis(eitiléintrilo)teatraicéatáit pheinteasóidiam;

2,2’,2’,2’’,2’’-(eatán-1,2-dé-ilnítríoló)peintea-aicéatáit pheinteapotaisiam.

a ordú don chosantóir na costais go léir ó na himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear, nuair a glacadh leis an Rialachán atá faoi chonspóid, gur sáraíodh na critéir aicmithe a bunaíodh in Airteagal 36(1) agus Roinn 3.7.2.2.1 d’Iarscríbhinn I leis an Rialachán CLP, toisc nach bhfuil “an tsaintréith shonrach sin lena ndéantar dochar ar atáirgeadh” ag DTPA. Más rud é go dtugadh aon éifeachtaí forbraíochta faoi deara in ainmhithe ar nochtadh dáileoig DTPA an-ard ar fad dóibh, is éard atá i gceist leis na héifeachtaí sin “éifeachtaí forbraíochta tánaisteacha neamhshonracha” nach féidir rud a aicmiú mar rud atá tocsaineach don atáirgeadh mar gheall orthu.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid trí Roinn 3.7.2.2.2 d’Iarscríbhinn I leis an Rialachán CLP a shárú, mar mhainnigh údaráis de chuid an Aontais tionchar féideartha tocsaineachta máthar a mheas agus a chur san áireamh mar ba chuí agus DTPA á aicmiú acu. Is é easpa since a bhíonn mar thoradh ar DTPA, rud a chuireann isteach ar hoiméastáis na máthar i bhfrancaigh, agus is an hoiméastáis sin a spreagann na héifeachtaí forbraíochta tánaisteacha neamhshonracha. Leis an méid sin, ní féidir údarás a thabhairt le haicmiú DTPA mar rud atá tocsaineach don atáirgeadh de réir ceanglais Rialachán CLP.

3.

An tríú saincheist lena n-éilítear gur glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid trí Roinn 3.7.2.1.1 agus Tábla 3.7.1(a) d’Iarscríbhinn I leis an Rialachán CLP a shárú, toisc nach féidir “a ghlacadh leis go láidir”, de bhonn na fianaise atá ar fáil, go bhféadfadh éifeachtaí ar atáirgeadh i ndaoine a bheith mar thoradh ar DTPA, agus nárbh ann d’aon “fhianaise shoiléir” go bhféadfadh éifeachtaí ar atáirgeadh a bheith mar thoradh ar DTPA sa chás nach mbíonn aon éifeachtaí tocsaineacha eile ann (i.e., tocsaineachta na máthar). Arís, gan a leithéid d’eilimintí sin, níl bonn ann le DTPA a aicmiú mar rud atá tocsaineach don atáirgeadh, catagóir 1B.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh dualgas an Choimisiúin faoi Airteagal 37(5) den Rialachán CLP chun a dhearbhú gur “cuí” an t-aicmiú comhchuibhithe a mholtar tríd an Rialachán atá faoi chonspóid a ghlacadh. Thug an Coimisiún tacaíocht do na tuairimí ón gCoiste um Measúnú Riosca (“RAC”) gan leanúnachas ná iontaofacht na dtuairimí sin a fhíorú, agus gan a fhíorú an féidir leis na tuairimí sin údarás a thabhairt leis an aicmiú a mholtar. Dá gcuirfeadh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile maidir le saintréithe DTPA san áireamh, mar a d’iarr Aighnitheoir an tSainchomhaid (“AS”) air cúpla uair idir 2018 agus 2022, ní aicmeodh sé DTPA mar rud atá tocsaineach don atáirgeadh, catagóir 1B.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear, nuair a glacadh leis an Rialachán atá faoi chonspóid, gur sáraíodh an ceanglas nós imeachta in Airteagal 37(4) den Rialachán CLP faoinar gá dul i gcomhairle maidir leis na tuairimí RAC féin, seachas dul i gcomhairle ach amháin maidir leis an moladh ar aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe ón Aighnitheoir.

6.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear, nuair a glacadh an Rialachán atá faoi chonspóid gan measúnú tionchair a dhéanamh roimh ré agus a dhoiciméadú mar is ceart, gur sháraigh an Coimisiún a chuid gealltanais faoin gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus prionsabal an dea-riaracháin.


(1)  IO 2022 L 129, lch. 1.

(2)  IO 2008 L 353, lch. 1.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/14


Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – an Ostair v an Coimisiún

(Cás T-501/22)

(2022/C 389/16)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: J. Schmoll agus A. Kögl, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3543 final agus arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 10 Meitheamh 2022, L 157, lch. 15, a chur ar neamhní, a mhéid a eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh an caiteachas a thabhaigh Poblacht na hOstaire agus a dearbhaíodh faoi CERT arna leagan amach san iarscríbhinn leis an gCinneadh sin faoi mhír bhuiséid 6200, línte 1 go 8, lúide na méideanna a liostaítear faoi mhír bhuiséid 08020601, de shuim iomlán EUR 68 146 449,98;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí a leanas.

1.

An chéad saincheist dlí

Sháraigh an cosantóir Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1) a mhéid a d’fhorchuir sé ceartúchán airgeadais tríd an gcinneadh cur chun feidhme atá faoi chonspóid cé gur chuir an t-iarratasóir an chomhéifeacht laghdaithe i leith leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta d’fheirmeoirí fhéarach na nAlp i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 24(6) de Rialachán AE Uimh. 1307/2013. (2) Dá bhrí sin, rinneadh an ceartúchán airgeadais lena mbaineann go mícheart.

2.

An dara saincheist dlí

Sháraigh an cosantóir Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a d’fhorchuir sé ceartúchán airgeadais in ainneoin go raibh úsáid an chúlchiste náisiúnta don ghníomhaíocht feabhais a glacadh i dtaca le feirmeoirí talaimh féaraigh (Hutweide) agus an laghdú líneach a rinneadh d’fhonn a chinntiú nach sárófar an uasteorainn náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. Áitíonn an t-iarratasóir go raibh sé i dteideal brath ar Airteagal 30(7)(b) nó Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 chun na gníomhartha sin a ghlacadh. Dá bhrí sin, rinneadh an ceartúchán airgeadais lena mbaineann go mícheart.

3.

An tríú saincheist dlí

Sháraigh an cosantóir Airteagal 52(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a dhiúltaigh sé freisin maoiniú do chaiteachas CERT a rinneadh roimh an 26 Samhain 2016 – agus, dá bhrí sin, breis agus 24 mhí roimh an dáta a thug an cosantóir fógra faoi na torthaí ar an bhfíorú i litir an 27 Samhain 2018.

4.

An ceathrú saincheist dlí

Sháraigh an cosantóir an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE, a mhéid atá teipthe glan air freagairt d’argóintí an iarratasóra a bhaineann le féarach na nAlp a rangú bunaithe ar dhlíthe na gcúigí a bhaineann le féarach na nAlp agus mar sin gur theip air cúiseanna leordhóthanacha agus cuí a thabhairt don líomhain gur sháraigh an t-iarratasóir an prionsabal maidir le hoibiachtúlacht agus cóir chomhionann agus an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 á cur i bhfeidhm aige.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608).


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/15


Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – CrossFit v EUIPO – Pitk Pelotas (CROSSWOD EQUIPMENT)

(Cás T-506/22)

(2022/C 389/17)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: CrossFit LLC (Boulder, Colorado, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: D. Mărginean, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Pitk Pelotas, SL (Noain, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmharc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh CROSSWOD EQUIPMENT – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 064 486

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 22 Meitheamh 2022 i gCás R 325/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cuid den chinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú;

a ordú do Pitk Pelotas, SL na costais arna dtabhú ag CrossFit, LLC sa chaingean seo, sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, agus sna himeachtaí os comhair an Rannáin Freasúra a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, toisc gur chinn an Chéad Bhord Achomhairc go mícheart nach ann do bhaol mearbhaill leis na trádmharcanna níos luaithe de chuid CROSSFIT;

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, toisc gur chinn an Chéad Bhord Achomhairc go mícheart nach ann do bhaol mearbhaill le trádmharc níos luaithe CROSS;

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, toisc gur chinn an Chéad Bhord Achomhairc go mícheart gur mhainnigh an t-iarratasóir cáil an trádmhairc níos luaithe dá chuid CROSSFIT san Aontas a chruthú, i ndáil leis na seirbhísí in Aicme 41.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/16


Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2022 – Bimbo v EUIPO – Bottari Europe (BimboBIKE)

(Cás T-509/22)

(2022/C 389/18)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Bimbo, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Carbonell Callicó, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Bottari Europe Srl (Pomponesco, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh BimboBIKE – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 274 340

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 16 Meitheamh 2022 i gCás R 2110/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú;

a dhearbhú nach bhfuil feidhm ag an ordú faoinar gcaithfidh an t-iarratasóir na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc a íoc;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí atá ag déanamh idiragairt na costais go léir ón díospóid os chomhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta os comhair an Bhoird Achomhairc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 109 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/17


Caingean arna tabhairt an 23 Lúnasa 2022 – Olimp Laboratories v EUIPO – Schmitzer (HPU AND YOU)

(Cás T-511/22)

(2022/C 389/19)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Olimp Laboratories sp. z o.o. (Dębica, an Pholainn) (ionadaí: M. Kondrat, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Sonja Schmitzer (Teltow, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh HPU AND YOU – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 174 721

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Meitheamh 2022 i gCás R 1888/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú agus an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO le haghaidh athbhreithnithe, nó,

an cinneadh atá faoi chonspóid, ina ndearbhaítear gurb ann d’fhorais choibhneasta le diúltú don iarratas ar chlárú thrádmharc Uimh. 18 174 721 do gach earra agus seirbhís in aicmí 5, 35 agus 44, agus ina ndearbhaítear nach ndéanfar an trádmharc a chlárú, a athrú;

na costais a dhámhachtain i bhfabhar an iarratasóra.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar an phrionsabal na gcosúlachtaí idir trádmharcanna;

Sárú ar phrionsabal chosaint an ionchais dhlisteanaigh agus ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/18


Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2022 – Aldi v EUIPO – Heredero de Navarra (LYTTOS)

(Cás T-517/22)

(2022/C 389/20)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Aldi GmbH & Co. KG (Mülheim an der Ruhr, an Ghearmáin) (ionadaithe: N. Lützenrath, C. Fürsen, M. Minkner agus A. Starcke, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Heredero de Navarra, SL (Mendavia, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “LYTTOS” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 126 191

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón dara Bord Achomhairc de EUIPO an 18 Bealtaine 2022 i gCás R 1462/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/18


Caingean arna tabhairt an 28 Lúnasa 2022 – Karić v an Chomhairle

(Cás T-520/22)

(2022/C 389/21)

Teanga an cháis: An Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Bogoljub Karić (Belgrad, an tSeirbia) (ionadaí: R. Lööf, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1) a chur ar neamhní,

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (2) (“na hAchtanna a chonspóidtear”) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, agus

a ordú don Chomhairle a costais féin agus na costais a thabhaítear thar ceann an iarratasóra maidir leis an gcaingean seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar an gceart chun cosaint a fháil. Ar an gcéad dul síos, éilítear nár luadh na cúiseanna go leordhóthanach. Toisc nár leagadh amach le soiléireacht leordhóthanach conas a chinn an Chomhairle go raibh feidhm ag na critéir mhalartacha in Airteagail 3(1)(b) agus 4(1)(b) de Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne na Bealarúise (3) maidir leis an iarratasóir, sáraítear an dara mír d’Airteagal 296 CFAE leis na hAchtanna a chonspóidtear. Ar an dara dul síos, líomhnaítear sárú ar phrionsabal na freagrachta pearsanta ar an bhforas go sáraítear, leis na hAchtanna a chonspóidtear, cearta bunúsacha an iarratasóra de shárú ar phrionsabal na freagrachta pearsanta toisc nár rinneadh an leas a fuair an t-iarratasóir ó réimeas na Bealarúise, nó an tacaíocht a thug an t-iarratasóir dó, a shainaithint.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear earráid fhollasach measúnaithe. Ar dtús, líomhnaítear nár cruthaíodh go raibh leasá fháil ó réimeas Lukashena ná tacaíocht á thabhairt dó. Tá na hAchtanna a chonspóidtear neamhbhailí mar thoradh ar earráid fhollasach measúnaithe mar gheall gur glacadh iad gan tacaíocht fianaise leordhóthanach. Thairis sin, líomhnaítear nár cruthaíodh iompar a bhí ábhartha ó thaobh ama de. Níl na hAchtanna a chonspóidtear ach pionósach, agus tá siad, dá bhrí sin, neamhdhleathach, sa mhéid is nach dtagraítear leis an bhfianaise tacaíochta ach do chúinsí stairiúla amháin.

3.

An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear cur isteach díréireach ar chearta bunúsacha an iarratasóra. Baineadh amach cuspóir na nAchtanna a chonspóidtear le bearta reachtacha eile; dá bhrí sin, is cur isteach díréireach iad ar chearta bunúsacha an iarratasóra.


(1)  IO 2022 L 153, lch. 77.

(2)  IO 2022 L 153, lch. 1.

(3)  IO 2012 L 285, lch. 1.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/19


Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2022 – Golovaty v an Chomhairle

(Cás T-521/22)

(2022/C 389/22)

Teanga an cháis: An Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Ivan Ivanovich Golovaty (Soligorsk, an Bhealarúis) (ionadaí: V. Ostrovskis, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir (Iarscríbhinn A.2);

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (2) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir (Iarscríbhinn A.3);

a ordú don Chomhairle costais agus caiteachais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta.

Tá roinnt téarmaí sna cúiseanna le liostú an iarratasóra nach bhfuil sainmhínithe sna hAchtanna a chonspóidtear ná sa chásdlí. Mar thoradh air sin, níl an bhrí atá leo soiléir don iarratasóir, agus ní féidir leis iad a thuiscint gan athbhrí ná cinneadh a dhéanamh conas gníomhú i gcomhthéacs na mbeart a ghlac an Chomhairle ina choinne.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear earráid fhollasach measúnaithe.

Theip ar an gComhairle an bealach a bhaineann an t-iarratasóir leas as réimeas Lukashenka nó a dtacaíonn sé leis a léiriú. Mar sin, theip ar an gComhairle a chruthú go mbaineann an t-iarratasóir leas as réimeas Lukashenka nó go dtacaíonn sé leis.

Theip ar an gComhairle an bealach ina bhfuil an t-iarratasóir freagrach as cur faoi chois na sochaí sibhialta a léiriú. Mar sin, theip ar an gComhairle a chruthú go bhfuil an t-iarratasóir freagrach as cur faoi chois na sochaí sibhialta.

Tá an chuid is mó den fhianaise a thug an Chomhairle ar aird neamhiontaofa, míchruinn nó neamhbhainteach leis an iarratasóir nó leis na cúiseanna leis an liostú.

3.

An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú díréireach ar chearta maoine.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a thabhairt.

6.

An séú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar an bprionsabal maidir le cearta na cosanta a urramú.


(1)  IO 2022 L 153, lch. 77.

(2)  IO 2022 L 153, lch. 1.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/20


Caingean arna tabhairt an 29 Lúnasa 2022 – QU v an Chomhairle

(Cás T-522/22)

(2022/C 389/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: QU (ionadaithe: R. Martens agus V. Ostrovskis, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/883 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (1) (“an Cinneadh Leasaithe”), a neamhniú, ar an gcéad dul síos, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus, ar an dara dul síos, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/878 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena cuirtear i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (2) (“an Rialachán Leasaithe”), a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais go léir ó na himeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

I dtaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 2 den Chinneadh Leasaithe agus Airteagal 3 den Rialachán Leasaithe ar an bhforas go ndearna an Chomhairle earráid dlí trí Chritéar (g) d’Airteagal 2(1) den Chinneadh Leasaithe agus Airteagal 3(1) den Rialachán Leasaithe a chur i bhfeidhm ar an iarratasóir go mícheart, gan na fíricí a scrúdú go géar agus gan cúiseanna a thabhairt ar chúiseanna iad a bheadh leordhóthanach chun bearta sriantacha a ghlacadh in aghaidh duine.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”), Airteagal 41 (2) den Chairt um Chearta Bunúsacha (“An Chairt”), agus Airteagail 2 agus 4 den Chinneadh Leasaithe ar an bhforas nár thug an Chomhairle cúiseanna a bheadh chomh sainiúil agus chomh nithiúil go dtabharfaí údar leis an gcinneadh bearta sriantacha a ghlacadh i gcoinne an iarratasóra, de réir Airteagal 4 den Chinneadh agus Airteagal 3 den Rialachán; is follas na hearráidí atá déanta aige agus é i mbun anailíse agus trína mhainneachtain fáil amach cén fáth an dtiocfadh an t-iarratasóir faoi cheann de na critéir a shonraítear sa Chinneadh Leasaithe, gan na fíricí a scrúdú go géar agus gan cúiseanna a thabhairt a bheadh leordhóthanach chun bearta sriantacha a ghlacadh in aghaidh duine.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagail 41 agus 48 den Chairt ar an bhforas nár chuir an Chomhairle an Comhad Fianaise ar fáil don Iarratasóir chomh luath sin is go mbeadh sé in ann a chuid cearta a chosaint; gur fhorchuir an Chomhairle teorann 14 lá chun tuairimí a chuir i láthair agus nár chuir sé an Comhad Fianaise i láthair go dtí nach raibh fágtha ach lá amháin roimh an spriocdháta; ní raibh am ar bith ag an iarratasóir ionas go mbeadh sé in ann an Comhad Fianaise a mhionscrúdú agus a chuid tuairimí a chur i láthair, cé gur cheart don Chomhairle a dhóthain ama a thabhairt don iarratasóir, ionas go mbeadh sé in ann an Comhad Fianaise a mhionscrúdú agus a chuid tuairimí a chur i láthair, agus gur cheart dó a dheimhniú go raibh meas á léiriú ar gach ceart cosanta.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 296 CFAE, agus Airteagail 16 agus 45 den Chairt ar an bhforas gur ghlac an Chomhairle bearta sriantacha díréireacha i gcoinne an iarratasóra de bhonn líomhaintí fíorasacha neamh-chomhthacaithe nach féidir údarás a thabhairt leo in aon chaoi.


(1)  IO 2022, L 153, lch. 92.

(2)  IO 2022, L 153, lch. 15.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/21


Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2022 – Belaruskali v an Chomhairle

(Cás T-528/22)

(2022/C 389/24)

Teanga an cháis: An Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Belaruskali AAT (Soligorsk, an Bhealarúis) (ionadaí: V. Ostrovskis, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (2) a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir (le chéile, “na hAchtanna a chonspóidtear”); agus

a ordú don Chomhairle costais agus caiteachais na n-imeachtaí a íoc

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta.

Sáraítear cearta bunúsacha an duine leis na hAchtanna a chonspóidtear, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir.

Sáraítear conarthaí idirnáisiúnta leis na hAchtanna a chonspóidtear, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir.

Sáraítear na cuspóirí atá leagtha amach i mbunúis dhlíthiúla an Aontais Eorpaigh leis na hAchtanna a chonspóidtear.

Sáraítear an prionsabal nach mór bearta a bheith dírithe leis na hAchtanna a chonspóidtear a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir – déanann siad difear don daonra sibhialta ní hamháin sa Bhealarúis, ach ar fud an domhain.

Sáraítear prionsabal na deimhneachta dlíthiúla leis na hAchtanna a chonspóidtear. Tá roinnt téarmaí sna cúiseanna le liostú an iarratasóra nach bhfuil sainmhínithe sna hAchtanna a chonspóidtear ná sa chásdlí. Mar thoradh air sin, níl an bhrí atá leo soiléir don iarratasóir, agus ní féidir leis iad a thuiscint gan athbhrí ná cinneadh a dhéanamh conas gníomhú i gcomhthéacs na mbeart a ghlac an Chomhairle ina choinne.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear earráid fhollasach measúnaithe.

Theip ar an gComhairle an bealach a bhaineann an t-iarratasóir leas as réimeas Lukashenka nó a dtacaíonn sé leis a léiriú. Mar sin, theip ar an gComhairle a chruthú go mbaineann an t-iarratasóir leas as réimeas Lukashenka nó go dtacaíonn sé leis.

Theip ar an gComhairle an bealach ina bhfuil an t-iarratasóir freagrach as cur faoi chois na sochaí sibhialta a léiriú. Mar sin, theip ar an gComhairle a chruthú go bhfuil an t-iarratasóir freagrach as cur faoi chois na sochaí sibhialta.

Tá an chuid is mó den fhianaise a thug an Chomhairle ar aird neamhiontaofa, míchruinn nó neamhbhainteach leis an iarratasóir nó leis na cúiseanna leis an liostú.

3.

An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a thabhairt.


(1)  IO 2022 L 153, lch. 77.

(2)  IO 2022 L 153, lch. 1.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/22


Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2022 – QT v BEI

(Cás T-529/22)

(2022/C 389/25)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: QT (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

A dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

mar thoradh air sin,

cinneadh an 28 Meán Fómhair 2021, maidir le EUR 61 186,61 a haisghabháil, agus cinneadh an 20 Bealtaine 2022, lena dhíbhtear don achomharc trí bhealaí oifigiúla ón iarratasóir, a neamhniú;

a ordú do BEI an méid a aisghabhadh a aisíoc, ar gá a mhéadú ar ráta ús mainneachtana arna socrú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta móide dhá phointe céatadáin;

a ordú don BEI na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean i gcoinne an chinnidh ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) an 28 Meán Fómhair 2021, maidir le EUR 61 186,61 a haisghabháil ar íocadh an tsuim sin go mícheart i dtaca le liúntais oideachais, liúntais linbh chleithiúnaigh agus sochair a bhaineann leis sin, le haghaidh na tréimhse idir Iúil 2014 agus Bealtaine 2017, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil locht ann toisc easpa inniúlachta údar an achta.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh tréimhse teorann cúig bliana faoi Airteagal 16.3 de na forálacha riaracháin atá infheidhme ar fhoireann BEI (“na Rialacha Foirne”).

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagal 16 de na Rialacha Foirne, nach gcomhlíontar na coinníollacha um aisghabháil fúthu, chomh maith leis an tréimhse teorann cúig bliana.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagail 2.2.3 agus 2.2.4 de na Rialacha Foirne agus gurbh ann d’earráid fhollasach measúnaithe.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/23


Caingean arna tabhairt an 30 Lúnasa 2022 – Belarusian Potash Company v an Chomhairle

(Cás T-534/22)

(2022/C 389/26)

Teanga an cháis: An Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Belarusian Potash Company AAT (Mionsc, an Bhealarúis) (ionadaí: V. Ostrovskis, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/881 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (1) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/876 ón gComhairle an 3 Meitheamh 2022 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a(1) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin (2) a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir (le chéile, “na hAchtanna a chonspóidtear”); agus

a ordú don Chomhairle costais agus caiteachais iomlána na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd a thabhaigh an t-iarratasóir maidir lena chosaint.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear go sáraítear prionsabal na dlíthiúlachta leis na hAchtanna a chonspóidtear.

Tá roinnt téarmaí sna cúiseanna le liostú an iarratasóra nach bhfuil sainmhínithe sna hAchtanna a chonspóidtear ná sa chásdlí. Mar thoradh air sin, níl an bhrí atá leo soiléir don iarratasóir, agus ní féidir leis iad a thuiscint gan athbhrí ná cinneadh a dhéanamh conas gníomhú i gcomhthéacs na mbeart a ghlac an Chomhairle ina choinne.

2.

An dara saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus an oibleagáid cúiseanna a lua.

3.

An tríú saincheist dlí lena líomhnaítear earráid fhollasach measúnaithe.

Tá an chuid is mó den fhianaise a thug an Chomhairle ar aird neamhiontaofa, míchruinn nó neamhbhainteach leis an iarratasóir nó leis na cúiseanna leis an liostú.

Theip ar an gComhairle an bealach a bhaineann an t-iarratasóir leas as réimeas Lukashenka nó a dtacaíonn sé leis a léiriú. Mar sin, theip ar an gComhairle a chruthú go mbaineann an t-iarratasóir leas as réimeas Lukashenka nó go dtacaíonn sé leis.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.


(1)  IO 2022 L 153, lch. 77.

(2)  IO 2022 L 153, lch. 1.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/24


Ordú na Cúirte Ginearálta an 25 Lúnasa 2022 – Silgan Closures agus Silgan Holdings v an Coimisiún

(Cás T-415/18) (1)

(2022/C 389/27)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

D’ordaigh Uachtarán an Naoú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 294, 20.8.2018.


10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/24


Ordú na Cúirte Ginearálta an 25 Lúnasa 2022 – Silgan International agus Silgan Closures v an Coimisiún

(Cás T-808/19) (1)

(2022/C 389/28)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

D’ordaigh Uachtarán an Naoú Dlísheomra an cás a bhaint den chlár.


(1)  IO C 27, 27.1.2020.