ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 388

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
10 Deireadh Fómhair 2022

Clár

Leathanach

II   Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 388/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10594 – SECURITAS / STANLEY SECURITY) ( 1 )

1

2022/C 388/02

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10869 – P2X EUROPE / NVG / P2X PORTUGAL JV) ( 1 )

2

2022/C 388/03

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10889 – CNP / CVA) ( 1 )

3

An Banc Ceannais Eorpach

2022/C 388/04

FÓGRA ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH LENA NAISTARRAINGÍTEAR AN FÓGRA MAIDIR LE SMACHTBHANNAÍ A FHORCHUR I LEITH SÁRUITHE AR CHEANGLAIS TUAIRISCITHE STAIDRIMH UM CHLÁR COMHARDAITHE

4

IV   Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 388/05

Rátaí malairte an euro — 7 Deireadh Fómhair 2022

5

2022/C 388/06

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid (Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 )  ( 1 )

6

V   Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

2022/C 388/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10886 – INEOS / SINOPEC / SHANGHAI SECCO PETROCHEMICAL) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

7

2022/C 388/08

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10893 – QUATTROR / IMTC / MTD) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

9

2022/C 388/09

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10945 – GIP / MERIDIAM / SUEZ RECYCLING AND RECOVERY UK GROUP HOLDINGS LTD) ( 1 )

11

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

2022/C 388/10

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

13

2022/C 388/11

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

21

2022/C 388/12

32

2022/C 388/13

44

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/1

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10594 – SECURITAS / STANLEY SECURITY)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 388/01)

An 13 Iúil 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10594. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/2

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10869 – P2X EUROPE / NVG / P2X PORTUGAL JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 388/02)

An 27 Meán Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10869. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/3

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10889 – CNP / CVA)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 388/03)

An 3 Deireadh Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10889. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

An Banc Ceannais Eorpach

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/4

FÓGRA ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH LENA NAISTARRAINGÍTEAR AN FÓGRA MAIDIR LE SMACHTBHANNAÍ A FHORCHUR I LEITH SÁRUITHE AR CHEANGLAIS TUAIRISCITHE STAIDRIMH UM CHLÁR COMHARDAITHE

(2022/C 388/04)

Foráiltear le hAirteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (1) (BCE), i gcás go mainníonn gníomhaire tuairiscithe atá faoi réir ceanglais tuairiscithe agus a chónaíonn i mBallstát na hoibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn as an Rialachán sin agus as rialacháin nó cinntí an BCE lena sainítear agus lena bhforchuirtear ceanglais tuairiscithe staidrimh an BCE, go bhféadfaidh an BCE smachtbhannaí a fhorchur. Foilsíodh roinnt gnéithe den bheartas um smachtbhannaí san Fhógra ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le forchuireadh smachtbhannaí i leith sáruithe ar cheanglais tuairiscithe staidrimh um chlár comhardaithe (2). Tugadh aghaidh ar na gnéithe sin ina dhiaidh sin i gCinneadh BCE/2010/10 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Lúnasa 2010 maidir le neamhchomhlíonta ceanglas tuairiscithe staidrimh (3) agus tugtar aghaidh orthu anois i Rialachán (AE) 2022/1917 ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Meán Fómhair 2022 maidir le nósanna imeachta um shárú i gcásanna neamhchomhlíonta ceanglais tuairiscithe staidrimh (BCE/2022/31) (4) agus Cinneadh (AE) 2022/1921 ón mBanc Ceannais Eorpach an 29 Meán Fómhair 2022 maidir leis an modheolaíocht chun smachtbhanna i leith sáruithe líomhnaithe ar cheanglais tuairiscithe staidrimh ríomh (BCE/2022/32) (5).

Aistarraingítear leis seo Fógra 2004/C 195/10 le héifeacht an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 318, 27.11.1998, lch. 8.

(2)  IO C 195, 31.7.2004, lch. 8.

(3)  IO L 226, 28.8.2010, lch. 8.

(4)  IO L 263, 10.10.2022, lch. 6.

(5)  IO L 263, 10.10.2022, lch. 59.

IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/5

Rátaí malairte an euro (1)

7 Deireadh Fómhair 2022

(2022/C 388/05)

1 euro =

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

0,9797

JPY

yen na Seapáine

141,92

DKK

krone na Danmhairge

7,4381

GBP

punt steirling

0,87383

SEK

krona na Sualainne

10,8555

CHF

franc na hEilvéise

0,9700

ISK

króna na hÍoslainne

140,70

NOK

krone na hIorua

10,4498

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,517

HUF

forint na hUngáire

423,85

PLN

zloty na Polainne

4,8595

RON

leu na Rómáine

4,9415

TRY

lira na Tuirce

18,2090

AUD

dollar na hAstráile

1,5266

CAD

dollar Cheanada

1,3437

HKD

dollar Hong Cong

7,6906

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,7328

SGD

dollar Shingeapór

1,3996

KRW

won na Cóiré Theas

1 381,42

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,6222

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9715

HRK

kuna na Cróite

7,5270

IDR

rupiah na hIndinéise

14 933,14

MYR

ringgit na Malaeisia

4,5556

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,747

RUB

rúbal na Rúise

THB

baht na Téalainne

36,602

BRL

real na Brasaíle

5,1075

MXN

peso Mheicsiceo

19,6430

INR

rúipí na hIndia

80,5460

(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/6

Achoimre ar Chinntí ón gCoimisiún Eorpach maidir le húdaruithe chun na substaintí a liostaítear in Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH) a chur ar an margadh agus/nó iad a úsáid

(Foilsithe de bhun Airteagal 64(9) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (1) )

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 388/06)

Cinntí lena ndeonaítear údarú

Tagairt an chinnidh (2)

Dáta an Chinnidh

Ainm na substainte

Sealbhóir an údaraithe

Uimhir an údaraithe

Úsáid údaraithe

Dáta éaga na tréimhse athbhreithnithe

Na cúiseanna atá leis an gcinneadh

C(2022) 6874

3 Deireadh Fómhair 2022

tríchlóireitiléin (TCE)

Uimh. CE 201-167-4; Uimh. CAS 79-01-6

SAFECHEM Europe GmbH, Tersteegenstr. 25, 40474 Düsseldorf, An Ghearmáin

REACH/22/31/0/R1

Úsáid thionsclaíoch mar cheimiceán próisis (córais iata) i dtáirgeadh Ábhar Alcantara

31 Nollaig 2030

I gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, is mó na sochair shocheacnamaíocha ná an riosca do shláinte an duine de bharr úsáid na substainte agus níl aon substaint ná teicneolaíocht mhalartach ann atá oiriúnach.

(1)  IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.

(2)  Tá an cinneadh le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ag: http://ec.europa.eu/growth/sectors/chemicals/reach/about/index_en.htm

V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/7

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10886 – INEOS / SINOPEC / SHANGHAI SECCO PETROCHEMICAL)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 388/07)

1.   

An 30 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

INEOS AG (“INEOS”, an Eilvéis),

China Petroleum and Chemical Corporation (“SINOPEC”, an tSín), fiontar faoi úinéireacht stáit,

Shanghai SECCO Petrochemical Co., Ltd. (“Shanghai SECCO Petrochemical”, an tSín), faoi rialú SINOPEC.

Gheobhaidh INEOS agus SINOPEC rialú comhpháirteach ar Shanghai SECCO Petrochemical de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is ilchuideachta atá faoi úinéireacht phríobháideach é INEOS a tháirgeann raon ceimiceán lena n-áirítear peitriceimiceáin, ceimiceáin speisialtachta agus táirgí ola,

Is grúpa peitriliam agus peitriceimiceach a bhfuil a cheanncheathrú i mBéising é SINOPEC,

Is táirgeoir próipiléine, polapróipiléine, aicrilinítríle, eitiléine, poileitiléine, stiréine, polaistiréine, bútaidhé-éine agus tolúéine é Shanghai SECCO Petrochemical.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (2) ón gComhairle, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10886 – INEOS / SINOPEC / SHANGHAI SECCO PETROCHEMICAL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/9

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10893 – QUATTROR / IMTC / MTD)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 388/08)

1.   

An 3 Deireadh Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

QuattroR SGR S.p.A. (“QuattroR”, an Iodáil),

International Medical Technology Collective S.C.A. (“IMTC”, Lucsamburg), faoi rialú Investindustrial S.A. (“Investindustrial”, Lucsamburg),

Medical Technology and Devices SA (“MTD”, an Eilvéis).

Gheobhaidh QuattroR agus IMTC rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar MTD.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas:

Bainistíonn QuattroR ciste cothromais phríobháidigh Iodálach agus faoi láthair rialaíonn sé cúig chuideachta punainne i réimse na hinnealtóireachta, na lóistíochta agus na monaraíochta,

Tá IMTC ina fhoghnólacht infheistíochta de chuid Investindustrial, grúpa infheistíochta a dhíríonn ar thomhaltóirí agus fóillíocht, cúram sláinte agus seirbhísí, monaraíocht thionsclaíoch agus teicneolaíocht,

Is grúpa teicneolaíochta leighis atá lonnaithe san Eilvéis é MTD, grúpa a dhearann, a fhorbraíonn agus a sholáthraíonn feistí leighis ar fud an domhain, go háirithe feistí bainistithe diaibéitis, feistí géara caighdeánacha agus sábháilteachta, feistí leictreomíochaine agus táirgí cúraim créachta.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le láimhseáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10893 – QUATTROR / IMTC / MTD

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 229 64301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/11

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10945 – GIP / MERIDIAM / SUEZ RECYCLING AND RECOVERY UK GROUP HOLDINGS LTD)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 388/09)

1.   

An 30 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Global Infrastructure Management LLC (“GIP”, na Stáit Aontaithe),

Meridiam S.A.S., (“Meridiam”, an Fhrainc),

Suez Recycling and Recovery UK Group Holdings Ltd (“Activité Déchets Non Dangereux UK”, an Ríocht Aontaithe).

Gheobhaidh GIP agus Meridiam, trí Suez S.A (comhghnóthas idir GIP agus Meridiam), rialú comhpháirteach ar Activité Déchets Non Dangereux UK ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Déantar an comhchruinniú trí urrúis Activité Déchets Non-Dangereux UK, sraith sócmhainní agus scairshealbha in earnáil na dramhaíola neamhghuaisí sa Ríocht Aontaithe.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Maidir le GIP : bainisteoir cistí bonneagair neamhspleách a infheistíonn in earnálacha an iompair, an fhuinnimh, na dramhaíola agus an uisce,

Maidir le Meridiam : is gníomhaí domhanda é atá speisialaithe i bhforbairt, i maoiniú agus i mbainistiú fadtéarmach an bhonneagair, go háirithe in earnálacha (i) na soghluaisteachta, (ii) an aistrithe fuinnimh agus (iii) an bhonneagair chomhshaoil agus shóisialta,

Activité Déchets Non Dangereux UK : gníomhach in earnáil na dramhaíola neamhghuaisí sa Ríocht Aontaithe, go háirithe maidir le bailiú, sórtáil, athchúrsáil, aisghabháil (fuinneamh agus ábhair) agus diúscairt dramhaíola tí, tráchtála agus tionsclaíche.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta a fhoilsithe seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10945 – GIP / MERIDIAM / SUEZ RECYCLING AND RECOVERY UK GROUP HOLDINGS LTD

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

Commission européenne

Direction générale de la concurrence

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/13

Foilsiú teachtaireachta maidir le formheas leasaithe chaighdeánaigh ar shonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 388/10)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Huşi”

PDO-RO-A1583-AM03

Dáta na teachtaireachta: 12 Iúil 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

Coinníollacha sonracha maidir le lipéadú a chur leis

Cuirtear forálacha breise leis an tsonraíocht maidir le tásca roghnacha ar lipéadú fíonta a thagraíonn do mhodhanna áirithe táirgthe (téarmaí a úsáid a chomharthaíonn cleachtais fíonóireachta arna gcur i bhfeidhm ar fud an domhain a thugann a gcuid saintréithe céadfacha sainiúla do na fíonta, atá tábhachtach don tomhaltóir maidir le cáilíocht, aibíocht agus aosú).

Tá Caibidil XII den tsonraíocht agus pointe 9 den doiciméad aonair leasaithe.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Huşi

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh Faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Saintréithe orgánaileipteacha

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

1.

Muscat Ottonel: dath buí tuí / dath tréan buí, dea-bholadh tipiciúil, comhchuí, maothlach.

2.

Sauvignon: glasbhuí, dea-bholadh tréan bláthanna fíniúna, blátha troim, citris ghlais, tagann blas torthaí, mealbhacáin air le haois.

3.

Pinot Gris: dath buí ar dhath na líomóide, scothghlas, boladh úlla an tsamhraidh nó an fhéir atá díreach bainte, beagáinín searbh.

4.

Fetească regală: dath buí ar dhath na líomóide, órga, boladh bhláthanna an ghoirt, féar tirim a baineadh le déanaí atá cúpla lá d’aois, mil, blas torthaí.

5.

Fetească albă: dath buí ar dhath na tuí / scothghlas, dea-bholadh tipiciúil na fíniúna faoi bhláth, agus míne nádúrtha thipiciúil.

6.

Riesling italian: dath buí ar dhath na tuí, dea-bholadh fíonchaoire ag aibiú, blas rud beag aigéadach, bríomhar, blas torthaí, maothlach, iarbhlas deas.

7.

Zghihară de Huşi: glasbhuí, blas torthaí, dea-bholadh úill ghlais, toradh citris, blas aigéadach.

8.

Chardonnay: buí órga, dea-bholadh bláthanna acáise, iarracht de bholadh ime úire, bláthach, aigéadacht chothrom.

9.

Tămâioasă Românească: buí scothghlas/tuí, dea-bholadh sainiúil na túise agus basal.

10.

Aligoté: dath buí ar dhath na tuí, iarbhlas beagáinín searbh.

11.

Pinot noir: dath an rúibín, dea-bholadh silíní, sútha talún, silíní searbha, maoth.

12.

Fetească neagră: dath an ghairnéid, iarracht de bholadh prúnaí, tathagach.

13.

Cabernet Sauvignon: dath dearg liathchorcra, dea-bholadh cuiríní dearga, mónóga, sméara dubha, go leor luibheanna.

14.

Merlot: dearg geal/dúdhearg, dea-bholadh sméar aibí, veilbhitiúil.

15.

Băbească neagră: dearg geal, cumhracht bláthanna, tainneach.

16.

Busuioacă de Bohotin: dath chraiceann oinniúin, boladh pheitil róis agus basal, fada.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt):

15

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt):

10,5

Íosmhéid aigéadachta iomláine:

4,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

18

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

250

2.   Saintréithe orgánaileipteacha

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Saintréithe orgánaileipteacha ginearálta na bhfíonta arna bhfáil ó na cineálacha geala Grasă de Cotnari, Muscadelle, Semillon, Riesling de Rhin:

Bíonn dea-bholaithe den scoth ag gabháil leis na cineálacha aramatacha agus leath-aramatacha a d’fhéadfadh scata dea-bholaithe nó siúcraí a chruthú, agus difreáil shoiléir mar thoradh air sin idir na táirgí a thairgtear don tomhaltóir.

Saintréithe orgánaileipteacha ginearálta na bhfíonta arna bhfáil ó na cineálacha dearga Syrah, Zweigelt, Sangiovese, Nebbiolo, Barbera:

Feictear carnadh méadaithe tainniní daite sna fíonta chomh maith le comhchruinniú comhionann a gcarachtair aramataigh. Is rídhócha gurb é an t-athrú ar aeráid an cheantair le blianta beaga anuas is cúis leis sin.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt):

15

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt):

10,5

Íosmhéid aigéadachta iomláine:

4,5 i ngraim in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar aigéad tartarach

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir):

20

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

250

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Cleachtais saothraithe

Cleachtas saothraithe

íosmhéid 3 000 planda/ha nó íosmhéid 75 % de phlandaí, i gcomparáid leis an bhfíonghort réamh-mheasta.

uisciú: ní cheadaítear ach le linn triomaigh amháin agus le fógra ó ONVPV (An Oifig Náisiúnta Fíniúna agus Fíona, nuair a laghdaíonn an cion uisce san ithir ag doimhneacht 100 cm go 50 % den ETG (eatramh taise gníomhaí), trí chaighdeáin réasúnta uisciúcháin (400-600 m3/ha) a chur i bhfeidhm.

glasbhuaint – líon na dtriopall fíonchaoire a laghdú ag am an aibithe má sháraíonn an táirgeacht ionchasach na huasteorainneacha atá ceadaithe de réir na sonraíochtaí.

2.   Táirgeadh na bhfíonta

Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

I ndálaí aeráide áirithe, a mbíonn tionchar dearfach acu, in éineacht leis an bhféidearthacht maidir le cineálacha áirithe, ar thorthaí plandálacha sa limistéar críochaithe, bheifí in ann fíonta lena ngabhann STFC Huși lasmuigh den limistéar críochaithe freisin a phróiseáil, sa limistéar comharsanach san áit ina ngabhann an acmhainn is fearr leis na hionaid fíona.

Cuimsíonn an limistéar comharsanach atá ainmnithe chun na críche sin (i gcomhair fíonóireacht thapa, coipeadh ag teochtaí rialaithe, chun acmhainneacht aramatach cineálacha áirithe a chaomhnú lena n-áirítear Fetească regală, Sauvignon, Muscat Ottonel, Tămâioasă românească, Busuioacă de Bohotin) na bailte agus na sráidbhailte seo a leanas i gContae Vrancea:

Panciu, Movilița;

Odobești, Unirea, Jariștea, Bolotești;

Obrejița, Tâmboiești, Popești, Budești, Cârligele, Vârteșcoiu, Câmpineanca.

3.   Táirgeadh fíona ghil nó rosé

Cleachtas sonrach fíoneolaíochta

Is féidir fíonta geala agus rosé a fháil ó na cineálacha Pinot gris agus Traminer roz, ag brath ar roghanna an táirgeora, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí a chaomhnaíonn cáilíocht STFC na bhfíonchaor agus na bhfíonta a tháirgtear ó na cineálacha sin.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Cineálacha Aligoté, Fetească Regală, Zghihară de Huși, Crâmpoșie Selecționată, Francușă, Plăvaie, Donaris, Grasă de Cotnari

16 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.   Cineálacha Riesling Italian, Semillon, Băbească Gri, Codană, Portugais Bleu

16 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

3.   Cineálacha Riesling de Rhin, Muscadelle, Fetească Albă, Chardonnay, Aromat de Iași, Syrah, Sangiovese, Nebbiolo, Barbera

15 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

4.   Cineálacha Muscat Ottonel, Sauvignon, Pinot Gris, Tămâioasă Românească, Șarba, Traminer roz, Busuioacă de Bohotin, Merlot, Zweigelt

13 500 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

5.   Cineálacha Cabernet Sauvignon, Fetească Neagră, Pinot Noir, Negru Aromat, Băbească Neagră

12 600 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.   Fíonta geala agus rosé, cineálacha Aligoté, Fetească Regală, Zghihară de Huși, Crâmpoșie Selecționată, Francușă agus Plăvaie

123 heictilítear in aghaidh an heicteáir

7.   Fíonta geala agus rosé, cineálacha Grasă de Cotnari, Donaris, Riesling Italian, Semillon, Băbească Gri, Codană agus Portugais Bleu

123 heictilítear in aghaidh an heicteáir

8.   Fíonta dearga, Codană agus Portugais Bleu

119 heictilítear in aghaidh an heicteáir

9.   Fíonta geala agus rosé, cineálacha Riesling de Rhin, Muscadelle, Fetească Albă, Chardonnay agus Aromat de Iași

115 heictilítear in aghaidh an heicteáir

10.   Fíonta dearga, cineálacha Syrah, Sangiovese, Nebbiolo agus Barbera

111 heictilítear in aghaidh an heicteáir

11.   Fíonta geala agus rosé, cineálacha Muscat Ottonel, Sauvignon, Pinot Gris, Tămâioasă Românească, Șarba agus Traminer roz

104 heictilítear in aghaidh an heicteáir

12.   Fíonta dearga, cineálacha Busuioacă de Bohotin, Merlot agus Zweigelt

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

13.   Fíonta rosé, cineálacha Cabernet Sauvignon, Fetească Neagră, Pinot Noir, Negru Aromat, Băbească Neagră

97 heictilítear in aghaidh an heicteáir

14.   Fíonta rosé, cineálacha Cabernet Sauvignon, Fetească Neagră, Pinot Noir, Negru Aromat agus Băbească Neagră

93 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Tá an limistéar atá críochaithe chun fíonta a tháirgeadh lena ngabhann an sonrúchán tionscnaimh rialáilte 'HUŞI' suite sna limistéir seo a leanas i gContae Vaslui:

1.1.

Sonrúchán “HUȘI”:

Baile Huși;

Bardas Duda-Epureni, sráidbhailte Epureni, Duda;

Bardas Pădureni, sráidbhailte Pădureni, Văleni, Leoști, Ivănești, Rusca;

Bardas Tătărăni, sráidbhailte Tătărăni, Crăsnășeni, Bălțați, Manțu;

Bardas Stănilești, sráidbhailte Stănilești, Pogănești;

Bardas Buneşti-Avereşti, sráidbhailte Buneşti, Avereşti, Armăşeni, Tăbălăeşti, Plopi;

Bardas Arsura, sráidbhailte Arsura, Fundătura, Pâhnești;

Bardas Drânceni, sráidbhailte Drânceni, Ghermănești, Râșești;

Bardas Boțești, sráidbhailte Boțești, Gugești;

Bardas Banca, sráidbhailte Banca, Stoișești, Sârbi, Țifu;

Bardas Fălciu, sráidbhailte Fălciu, Bozia, Copăceana, Rânzești;

Bardas Blăgești, sráidbhailte Blăgești, Igești.

1.2.

Fo-shonrúchán “VUTCANI”:

Bardas Vutcani, sráidbhailte Vutcani, Mălăiești;

Bardas Roșiești, sráidbhailte Roșiești, Gara Roșiești, Valea lui Darie;

Bardas Şuletea, sráidbhailte Şuletea, Râşcani, Fedeşti;

Bardas Epureni, sráidbhaile Horga;

Bardas Berezeni, sráidbhailte Berezeni, Rânceni, Mușata.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Aligoté B - Plant de trois, Plant gris, Vert blanc, Troyen blanc

Aromat de Iași B

Barbera N

Busuioacă de Bohotin Rs - Schwarzer Muscat, Muscat fioletovâi, Muscat violet cyperus, Tămâioasă violetă

Babeasca gri G

Băbească neagră N - Grossmuttertraube, Hexentraube, Crăcana, Rară neagră, Căldăruşă, Serecsia

Cabernet-Sauvignon N - Petit Vidure, Burdeos tinto

Chardonnay B - Gentil blanc, Pinot blanc Chardonnay

Codană N

Crâmpoşie selecţionată B

Donaris B

Fetească albă B - Păsărească albă, Poama fetei, Mädchentraube, Leanyka, Leanka

Fetească neagră N - Schwarze Mädchentraube, Poama fetei neagră, Păsărească neagră, Coada rândunicii

Fetească regală B - Königliche Mädchentraube, Königsast, Kiralyleanka, Dănășană, Galbenă de Ardeal

Frâncuşă B - Vinoasă, Mildweisser, Mustoasă de Moldova, Poamă creaţă

Grasă de Cotnari B - Dicktraube, Grasă, Köver szölö

Merlot N - Bigney rouge

Muscadelle B - Moscatello bianco, Mouscadet doux

Muscat Ottonel B – Muscat Ottonel blanc

Nebbiolo N

Negru Aromat N

Pinot Gris G - Affumé, Grauer Burgunder, Grauburgunder, Grauer Mönch, Pinot cendré, Pinot Grigio, Ruländer

Pinot noir N - Blauer Spätburgunder, Burgund mic, Burgunder roter, Klăvner Morillon Noir

Pinot Noir N - Spätburgunder, Pinot nero

Plăvaie B - Bălană, Plăvană, Poamă bălaie

Portugais Bleu N - Blauer Portugieser, Oporto, Portugieser

Riesling de Rhin B - Weisser Riesling, White Riesling

Riesling italian B - Olasz Riesling, Olaszriesling, Welschriesling

Sangiovese N - Brunello di Montalcino, Morellino

Sauvignon B - Sauvignon verde

Syrah N - Shiraz, Petit Syrah

Semillon B - Semillon blanc

Traminer Rose Rs - Rosetraminer, Savagnin Rose, Gewürztraminer

Tămâioasă românească B - Busuioacă de Moldova, Muscat blanc à petit grains

Tămâioasă românească B - Rumänische Weihrauchtraube, Tamianka

Zghihară de Huși B - Zghihară, Zghihară galbenă, Zghihară verde bătută

Zweigelt N - Blauerzweigelt, Negru de Zweigelt, Zweigelt blau

Şarba B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

Nasc leis an limistéar críochaithe

Cruthaíonn an tsubstráit liteolaíoch cumhdach lena ngabhann típeolaíocht éagsúil. D’fhéadfaí mollasail mhalartacha steipe agus steipe foraoise a fháil in ithir ghlárach chré ar leibhéal foraoise. Maidir leis na hithreacha is forleithne i Logán Huși, seornaiseom cambach agus ithir liath, is iad na cinn is luachmhaire d’fhíonghoirt, mar go bhfeabhsaíonn a n-uigeacht ar nós gainimh/cré tréithe fisiceacha in éineacht lena n-airíonna bunúsacha bithcheimiceacha: dianghníomhaíocht bhitheolaíoch, cion mór húmais, ardacmhainn malartaithe caitiain, imoibriú neodrach beagáinín aigéadach, sáithiú ard bunanna agus cothaitheach.

Cruthaítear an rilíf ag sraith de chnoic chruinne leithne ar an áis thiar thuaidh - thoir theas. Tá treoshuíomhanna, tréithe moirfeolaíocha agus fánaí difriúla ag na cnoic. Sa limistéar fíonsaothraithe seo tugtar fo-aonaid éagsúla le chéile: limistéar cnocach amháin ag airde thart ar 300 m agus limistéar níos ísle de bhunchnoic ag airde 150 m ar an meán. Tá treoshuíomhanna, tréithe moirfeolaíocha agus fánaí difriúla ag na cnoic atá mar chúlra ag cuid de na fíonghoirt sa limistéar.

Tá logán Huși teorannaithe ag cnoic arda ó dheas, san iarthar agus ó thuaidh agus ag gleann Prut ar an taobh thoir, agus is ionann é agus os cionn 70 % d’fhíonghoirt sa limistéar. Tosaíonn na gleannta a scarann cnoic an réigiúin le fánaí beagáinín neamhshiméadrach sa mhachaire cósta le cumhdach cnocach, agus cruthaíonn siad slabhra logán (Voloseni, Huși, Epureni, Novaci, Diuca, Fundătura, Arsura, Ghermănești) a chuimsíonn, in éineacht le cnoic níos airde an logáin, na limistéir is luachmhaire don fhíonsaothrú.

Aeráid mheasartha na mór-roinne a bhíonn i réim agus gnéithe measartha ilchríochach le fáil sna cnoic agus í leath-bhóireach i logán Huși.

Is ionann an t-ionradantas gréine domhanda agus thart ar 120 kcal/CMP/bliain, is ionann meánfhad na gréine in aghaidh na bliana agus 2 000 uair an chloig ar chnoic arda agus os cionn 2 100 uair an chloig i logán Huși agus i ngleann Prut. I bhfianaise na meánluachanna bliantúla radantacha agus teirmeacha gréine, tugaimid faoi deara go bhfanann siad ard le linn an tséasúir fáis, rud atá tairbhiúil ó thaobh fhorbairt agus aibiú na bhfíonchaor.

Tagann na príomhghaotha ón iarthar, ón iarthuaisceart agus ón tuaisceart, agus i dteannta a chéile is ionann iad agus 60 % de ghaotha bliantúla agus saintréithe Föhn ag gabháil leo nuair a shéideann siad síos fánaí na gcnoc chuig an logán. Leis an ngaoth anoir aduaidh, an Crivăț go háirithe, méadaítear an sioc, agus bíonn an ghaoth anoir agus an ghaoth anoir aneas te agus tirim sa samhradh, rud lena méadaítear an triomach, agus braitear an dá cheann go dian i logán Huși agus i dtuilemhá Prut araon.

Tá dhá phríomhbhealach sa líonra hidreagrafach a dhraenálann críoch an bhaile: an Drăslăvăț sa deisceart agus an Răiești, a chruthaítear ó Turbata agus ó Șara sa tuaisceart. Tagann siad le chéile ar an taobh thoir den bhaile chun abhainn Huși a chruthú. Tá saintréithe hidreagrafacha troma ag gabháil le sruthanna Drăslăvăț agus Răiești. San earrach, nuair a leáitear an sneachta go tapa mar thoradh ar theochtaí méadaithe, nó tar éis báisteach throm sa samhradh, iompraíonn na sruthanna méideanna móra uisce, agus iad ag cur thar bruach uaireanta.

Fíonta tirime nó milse nó fíonta licéir, geala, rosé nó dearga a tháirgtear sa limistéar seo. Fíonta éadroma a bhíonn iontu de ghnáth, ní bhíonn siad ró-eastóscach, bíonn neart alcóil measartha iontu, iad beagáinín aigéadach i dtuaisceart an limistéir agus “buaic” san aigéadacht i limistéar Averești, áit a bhféadann an aigéadacht nádúrtha 11-12 ghram d’aigéad tartarach in aghaidh an lítir a shroicheadh i mblianta áirithe, rud a chiallaíonn gur limistéar den scoth é seo chun fíonta súilíneacha a tháirgeadh.

Bíonn dath éadrom ar fhíonta dearga i dtuaisceart an limistéir agus bíonn siad tréandaite sa deisceart.

Tháinig na chéad doiciméid scríofa a thagraíonn d’fhíonghoirt sna limistéir ina bhfuil fíonghoirt an lae inniu suite roimh an gcéad taifead ina n-ainmnítear baile Huși. In acht le Alexander the Good in 1415, leagtar amach teorainneacha an tsean-fhíonghoirt. I ndoiciméad eile dátaithe mí Lúnasa 1436 léirítear go raibh plandálacha fíniúna sna limistéir fíonsaothrúcháin Epureni - Pâhnești - Huși. Tá sé luaite i ndoiciméid ón am sin go ndearnadh fíniúna a phlandáil go tréan i bhfíonghoirt Saca agus Ochi idir 1600 agus 1662; ba leis an tiarna áitiúil fíniúna Huși.

Tá seantaifid le fáil de cháilíocht den scoth na bhfíonta ó Huși, a scríobh taistealaithe ón gcoigríoch i Moldóiv na meánaoise, go háirithe Marco Bandinus in 1646: “In Huși, seanlonnaíocht d’fhíonghoirt Mholdóvacha, táirgtear fíon an-bhlasta agus cumhra a mbíonn éileamh mór air”. Scríobh an cartagrafaí cáiliúil Dimitrie Canetmir, a rugadh i sráidbhaile Silișteni gar do Huși (athainmníodh an sráidbhaile ó shin in ómós dó) in “Descriptio Moldaviae”“go ndéantar an fíon is fearr in Cotnari agus ina dhiaidh sin tá fíon Huși”.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Tásc lipéadaithe

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint HUŞI a fhorlíonadh, ag brath ar leasanna na dtáirgeoirí, trí cheann amháin de na hainmneacha fíonghoirt aonair seo a leanas (fíonta arna dtáirgeadh go heisiach ó na gabháltais sin): DUDA-EPURENI, PĂDURENI, DEALUL LOHAN, DEALUL DOBRINA, DEALUL ŞARA, DEALUL OCHI, DEALUL GALBENA, DEALUL OGRADA, DEALUL PODGORIA, CERDACUL LUI VODĂ, DEALUL MĂNĂSTIRII, AVEREŞTI, PÎHNEŞTI, ARSURA, DEALUL DRAGALINA, DEALUL ROŞIORI, PODINA, ARMĂŞENI, DEALUL PRIBEASCA, BUNEŞTI, MOVILA LUI ANDREI, DEALUL CÂLCEA, COLINA MĂNĂSTIRII, LA SCHIT, DEALUL LUI MOȚOC.

Dálaí margaíochta

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar lipéadú fíonta a dhéanamh ar bhealach ar bith ar choinníoll go léirítear an fhaisnéis shainordaitheach sa réimse radhairc céanna. Níl an lipéad ná an frithlipéad sainordaitheach, féadfar lipéadú a dhéanamh i gcomhpháirt amháin nó níos mó, is féidir aon chruth a bheith ar na lipéid agus iad déanta as aon ábhar agus aon teicníc á húsáid.

Féadfar an téarma traidisiúnta a úsáid freisin sa lipéadú dá bhforáiltear sa reachtaíocht atá i bhfeidhm le haghaidh fíonta lena léirítear cáilíocht na buainte mar thoradh ar an gcion siúcra tráth na buainte (nuair a bhíonn lobhadh uasal sna fíonchaora).

Tásca a úsáidtear i gcur i láthair/lipéadú

Creat dlíthiúil:

I Reachtaíocht an Aontais

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar roinnt tásc a thagraíonn do mhodhanna áirithe táirgthe a úsáid ar bhonn saorálach, mar a leanas:

féadfar na tásca “fermentat in barrique” [coipthe i mbairillí], “maturat in barrique” [aibithe i mbairillí] “fermentat în prezența așchiilor de stejar” [coipthe i láthair slisíní darach agus “maturat în prezența așchiilor de stejar” [aibithe i láthair slisíní darach) a thaispeáint ar an lipéadú i Rómáinis, nó féadfar téarmaí i dteangacha a úsáidtear go hidirnáisiúnta a úsáid chun an tomhaltóir a chur ar an eolas go mbaintear úsáid as an bpróiseas luaite, amhail aon cheann de na tásca seo a leanas:

“fumé” nó “deataithe” nó “tóstáilte” i mBéarla, cibé atá nó nach bhfuil an téarma in éineacht leis a shainíonn déine na cóireála teasa arna cur i bhfeidhm ar an adhmad darach a úsáidtear, i.e. “éadrom”, “measartha” nó “trom”.

“fumé” nó “fumée” i bhFraincis, cibé atá nó nach bhfuil an téarma in éineacht leis a thugann tuairisc ar dhéine na cóireála teasa arna cur i bhfeidhm ar an adhmad darach a úsáidtear, i.e. “légère”, “moyenne”, “forte” nó “petite fumé”, “demi fumé”, “intense fumé”.

Féadfaidh na tásca sin a bheith in aon teanga eile a úsáidtear go hidirnáisiúnta nó i dteanga na tíre ina bhfuil sé beartaithe an táirge fíona a mhargú má roghnaíonn an táirgeoir fíona amhlaidh, chun an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi úsáid cleachtas arna gcur i bhfeidhm ar fud an domhain chun fíonta a fháil lena ngabhann saintréithe céadfacha sainiúla.

I gcás fíonta a théann faoi thréimhse aibithe nó aosaithe ar na moirt, féadfaidh an lipéad téarmaí a chuimsiú mar “sur lie”, “bâttonnage” nó “aosaithe ar na moirt”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://www.onvpv.ro/sites/default/files/caiet_de_sarcini_doc_husi_modif_cf_cererii_1422_14.06.2019_si_486_02.03.2022_no_track_changes_0.pdf

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/21

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 388/11)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Ollwiller”

PDO-FR-A0413-AM02

Dáta teachtaireachta: 22.7.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Tásc breise

Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.

Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.

Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.

Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

2.   Na cineálacha táirge

Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.

Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

3.   Limistéar geografach

Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d' fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.

Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):

“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.

4.   Limistéar dáileachta críochnaithe

Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:

chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht;

leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh;

tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1).

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

5.   Limistéar díreach in aice láimhe

Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.

6.   Cineálacha fíniúna

Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.

I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

7.   Dlús plandála

Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.

Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.

Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.

8.   Riail phrúnála

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.

Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.

9.   Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.

Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.

10.   Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.

Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.

11.   Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.

Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.

12.   Táirgeachtaí

I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).

Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.

Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.

13.   Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.

Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.

Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

14.   An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

15.   Toilleadh na fíonlainne

I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.

Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.

16.   An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí

I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.

Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.

17.   Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe

I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.

Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.

18.   Fíonta pacáistithe a stóráil

I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.

Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.

19.   Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ”agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Alsace grand cru Ollwiller

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0.75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí le dálaí na méisea-aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Ollwiller” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil na mílte miondifríochtaí, saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.

Cuidíonn saintréithe créúla na hithreach agus an fliuchras íseal le táirgeadh fíonta móra a bhfuil struchtúr casta agus aigéadacht shuntasach acu, a léirítear go hiomlán tar éis dóibh a bheith aosaithe ar feadh roinnt blianta.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d'fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/32

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 388/12)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Frankstein”

PDO-FR-A0346-AM02

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Alsace grand cru Frankstein

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0.75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí aeráide fabhracha a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Frankstein” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil a saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.

Tugann na mianraí a tharraingítear ó dhoimhneacht an eibhir d’fhíonta Frankstein an blas mianrach an-sásúil arb é is bun lena gcáil. Tá aigéadacht dhíreach ingearach acu a athraíonn an t-iarbhlas ó bhonn. Tugann an aigéadacht sin mar aon leis an mianracht dea-bholaithe meantóil chun cinn. Leis na heilimintí sin tugtar do na fíonta fíneáltacht faoi leith, castacht agus cothromaíocht a fhágann gur furasta iad a phéireáil le bia. Tagann fíonta Frankstein chun barr a léirithe tar éis dóibh a bheith aosaithe sa bhuidéal ar feadh roinnt blianta.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

I saothar Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, moladh go hard an lieu-dit sin, a bhfuil tagairtí ann dó ó 1291 anall.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d'fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 388/44

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 388/13)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Mambourg”

PDO-FR-A0411-AM02

Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Tásc breise

Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.

Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.

Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.

Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

2.   Na cineálacha táirge

Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.

Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

3.   Limistéar geografach

Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d’fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.

Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):

“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.

4.   Limistéar dáileachta críochnaithe

Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:

chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht;

leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh;

tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1).

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

5.   Limistéar díreach in aice láimhe

Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.

6.   Cineálacha fíniúna

Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.

I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

7.   Dlús plandála

Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.

Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.

Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.

8.   Riail phrúnála

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.

Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.

9.   Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.

Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

10.   Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.

Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

11.   Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

12.   Táirgeachtaí

I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).

Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.

Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.

13.   Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.

Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.

Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

14.   An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

15.   Toilleadh na fíonlainne

I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.

Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

16.   An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí

I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.

Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

17.   Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe

I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.

Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

18.   Fíonta pacáistithe a stóráil

I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.

Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

19.   Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Alsace grand cru Mambourg

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir, agus iad tainneach uaireanta. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1.50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí aeráide fabhracha a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Mambourg” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cumasaíonn na fíonghoirt táirgeadh fíonta a bhfuil a saintréithe sonracha agus a bpearsantacht uathúil acu.

Le carachtar te grianmhar an grand cru, aolchloch láidir na hithreach agus an soláthar uisce rialta, tugtar do na fíonta neart agus léiritheacht mhór ag a bhfuil saintréith thainneach. Ní mór an fíon a choinneáil ar feadh roinnt blianta chun cothromaíocht na n-eilimintí sin a bhaint amach. Faoin am sin beidh na fíonta dian-aramatach, saibhir agus galánta agus beidh nótaí torthaí aibí agus bláthacha acu.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.