|
ISSN 1977-107X |
||
|
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381 |
|
|
||
|
An t-eagrán Gaeilge |
Faisnéis agus Fógraí |
65 |
|
Clár |
Leathanach |
|
|
|
II Faisnéis |
|
|
|
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 381/01 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10822 – ARDIAN / TA ASSOCIATES / ODEALIM GROUP) ( 1 ) |
|
|
2022/C 381/02 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10791 – DAIMLER TRUCK / NEXTERA / BFM / JV) ( 1 ) |
|
|
2022/C 381/03 |
|
|
IV Fógraí |
|
|
|
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 381/04 |
|
|
V Fógairtí |
|
|
|
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 381/05 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10923 – PLASTIC OMNIUM / HBPO) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 381/06 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10873 - SANLAM / ALLIANZ / SANLAM ALLIANZ AFRICA JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 ) |
|
|
2022/C 381/07 |
||
|
|
GNÍOMHARTHA EILE |
|
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
2022/C 381/08 |
||
|
2022/C 381/09 |
||
|
2022/C 381/10 |
|
|
|
|
|
(1) Téacs atá ábhartha maidir le LEE. |
|
GA |
|
II Faisnéis
FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/1 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10822 – ARDIAN / TA ASSOCIATES / ODEALIM GROUP)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 381/01)
An 6 Meán Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i bhFraincis amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10822. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/2 |
Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi
(Cás M.10791 – DAIMLER TRUCK / NEXTERA / BFM / JV)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 381/02)
An 8 Meán Fómhair 2022, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:
|
— |
i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta, |
|
— |
i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32022M10791. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh. |
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/3 |
TEACHTAIREACHT ÓN GCOIMISIÚN
An Creat Sealadach chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna in aghaidh trustaí a bhaineann le comhar gnó mar fhreagairt ar chásanna práinne a eascraíonn as ráig COVID-19 atá ann faoi láthair a tharraingt siar
(2022/C 381/03)
(1)
An 8 Aibreán 2020, ghlac an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) Teachtaireacht maidir leis an gCreat Sealadach (“an Creat Sealadach”) (1), ina leagtar amach na príomhchritéir a leanfadh an Coimisiún agus measúnú á dhéanamh aige ar thionscadail chomhair atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar ghanntanas soláthair táirgí agus seirbhísí bunriachtanacha le linn ráig COVID-19. Cumhdaíodh leis sin cineálacha comhair a d’fhéadfadh a bheith ann idir gnóthais chun soláthar agus dáileadh leordhóthanach táirgí agus seirbhísí tearca bunriachtanacha a áirithiú. Tugadh isteach leis an gCreat Sealadach freisin an deis don Choimisiún suaimhneas i scríbhinn a chur ar fáil do ghnóthais (trí “litreacha suaimhnis”ad hoc) i ndáil le tionscadail chomhair shonracha dhea-shainithe a thagann faoi chuimsiú an Chreata Shealadaigh, chun tionscnaimh a éascú is gá a chur chun feidhme go pras d’fhonn dul i ngleic go héifeachtach le ráig COVID-19.
(2)
Ní raibh dáta deiridh sonrach luaite sa Chreat Sealadach le haghaidh a chur i bhfeidhm, ach sonraíodh ann go leanfadh sé de bheith infheidhme go dtí go dtarraingeoidh an Coimisiún siar é, a luaithe a mheasann sé nach ann do na bun-imthosca eisceachtúla a thuilleadh (2).
(3)
Dhá bhliain go leith tar éis thús ráig COVID-19, tugann an Coimisiún dá aire an feabhas foriomlán atá tagtha ar an ngéarchéim sláinte san Eoraip, an maolú ar na bearta sriantacha a bhaineann leo agus na rátaí vacsaínithe atá measartha ard. Is cosúil nach bhfuil fadhbanna ar bith ann a thuilleadh a bhaineann le soláthairtí táirgí agus seirbhísí bunriachtanacha chun COVID-19 a chosc agus a chóireáil.
(4)
Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2022 Fógra athbhreithnithe maidir le treoraíocht neamhfhoirmiúil (3) (an “Fógra”), lenar féidir leis an gCoimisiún treoraíocht neamhfhoirmiúil a thabhairt maidir le ceisteanna nua nó ceisteanna nach bhfuil réitithe a bhaineann le cur i bhfeidhm Airteagail 101 nó 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a thagann chun cinn i gcásanna aonair. Is amhlaidh is mó is féidir le gnóthais treoraíocht a fháil faoi chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta de bharr an Fhógra athbhreithnithe. Is féidir le gnóthais treoraíocht a iarraidh faoin bhFógra athbhreithnithe freisin i gcomhthéacs meath tobann gan choinne ar an staid sláinte agus suaití ar sholáthar táirgí agus seirbhísí bunriachtanacha. Féadfaidh an Coimisiún an treoraíocht a sholáthar faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Fhógra athbhreithnithe.
(5)
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún gurb iomchuí an Creat Sealadach a tharraingt siar, toisc nach ann a thuilleadh do na himthosca eisceachtúla a bhaineann lena ghlacadh.
(6)
A mhéid a bhaineann leis na litreacha suaimhnis aonair a eisíodh faoin gCreat Sealadach, rialaítear a mbailíocht leis na coinníollacha sonracha agus leis an achar a leagtar amach i ngach litir shuaimhnis.
(1) An Creat Sealadach chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna in aghaidh trustaí a bhaineann le comhar gnó mar fhreagairt ar chásanna práinne de dheasca ráig COVID-19 atá ann faoi láthair (IO C 116 I, 8.4.2020, lch. 7).
(2) Féach mír 21.
(3) Fógra ón gCoimisiún maidir le treoraíocht neamhfhoirmiúil i ndáil le ceisteanna nua nó ceisteanna nach bhfuil réitithe a bhaineann le hAirteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus a thagann chun cinn i gcásanna aonair (litreacha treorach).
IV Fógraí
FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH
An Coimisiún Eorpach
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/4 |
Ráta úis arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (1):
0,50 % an 1 Deireadh Fómhair 2022
Rátaí malairte an euro (2)
3 Deireadh Fómhair 2022
(2022/C 381/04)
1 euro =
|
|
Airgeadra |
Ráta malairte |
|
USD |
dollar na Stát Aontaithe |
0,9764 |
|
JPY |
yen na Seapáine |
141,49 |
|
DKK |
krone na Danmhairge |
7,4366 |
|
GBP |
punt steirling |
0,87070 |
|
SEK |
krona na Sualainne |
10,8743 |
|
CHF |
franc na hEilvéise |
0,9658 |
|
ISK |
króna na hÍoslainne |
141,70 |
|
NOK |
krone na hIorua |
10,5655 |
|
BGN |
lev na Bulgáire |
1,9558 |
|
CZK |
koruna Phoblacht na Seice |
24,527 |
|
HUF |
forint na hUngáire |
424,86 |
|
PLN |
zloty na Polainne |
4,8320 |
|
RON |
leu na Rómáine |
4,9479 |
|
TRY |
lira na Tuirce |
18,1240 |
|
AUD |
dollar na hAstráile |
1,5128 |
|
CAD |
dollar Cheanada |
1,3412 |
|
HKD |
dollar Hong Cong |
7,6647 |
|
NZD |
dollar na Nua-Shéalainne |
1,7263 |
|
SGD |
dollar Shingeapór |
1,4015 |
|
KRW |
won na Cóiré Theas |
1 408,25 |
|
ZAR |
rand na hAfraice Theas |
17,5871 |
|
CNY |
renminbi-yuan na Síne |
6,9481 |
|
HRK |
kuna na Cróite |
7,5275 |
|
IDR |
rupiah na hIndinéise |
14 969,79 |
|
MYR |
ringgit na Malaeisia |
4,5383 |
|
PHP |
peso na nOileán Filipíneach |
57,599 |
|
RUB |
rúbal na Rúise |
|
|
THB |
baht na Téalainne |
37,181 |
|
BRL |
real na Brasaíle |
5,1780 |
|
MXN |
peso Mheicsiceo |
19,6040 |
|
INR |
rúipí na hIndia |
79,8980 |
(1) Ráta arna chur i bhfeidhm ar an oibríocht is déanaí a rinneadh roimh an lá léirithe. I gcás tairiscint a mbaineann ráta athraitheach léi, is ionann an ráta úis agus an ráta imeallach.
(2) Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).
V Fógairtí
NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME
An Coimisiún Eorpach
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/5 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10923 – PLASTIC OMNIUM / HBPO)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 381/05)
1.
An 23 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Compagnie Plastic Omnium SE (“Plastic Omnium”, An Fhrainc), atá faoi rialú Burelle SA (An Fhrainc), |
|
— |
HBPO Beteiligungsgesellschaft mbH (“HBPO”, an Ghearmáin), atá á rialú go comhpháirteach faoi láthair ag Plastic Omnium agus Hella GmbH & Co. KGaA (an Ghearmáin). |
Gheobhaidh Plastic Omnium rialú aonair ar HBPO ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Oibríonn Plastic Omnium ar fud an domhain mar sholáthróir Leibhéal 1 mótarfheithiclí, atá speisialaithe i bhforbairt, monarú agus soláthar comhpháirteanna agus modúl/córas, go príomha le haghaidh feithiclí éadroma (go príomha, tuairteoirí, cúlhaistí/comhlaí cúil agus bacóirí, córais stórála agus seachadta breosla, cruacha breosla-cheall, soithí hidrigine agus córais hidrigine chomhtháite), |
|
— |
Iompróirí tosaigh, comhlaí gríle gníomhacha, réitigh mhodúil le haghaidh taobh istigh feithiclí (cróite agus consóil láir), réitigh le haghaidh luchtú feithiclí leictreacha, déanann HBPO iad a fhorbairt, a mhonarú agus a sholáthar le haghaidh feithiclí éadroma, agus déanann sé modúil tosaigh a fhorbairt, a chóimeáil agus a sholáthar le haghaidh na bhfeithiclí sin freisin. |
3.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le caitheamh le comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (2) ón gComhairle, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
4.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10923 – PLASTIC OMNIUM / HBPO
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/7 |
Réamhfhógra faoi chomhchruinniú
(Cás M.10873 - SANLAM / ALLIANZ / SANLAM ALLIANZ AFRICA JV)
Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 381/06)
1.
An 27 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:
|
— |
Sanlam Limited (“Sanlam”, an Afraic Theas), |
|
— |
Allianz SE (“Allianz”, An Ghearmáin), |
|
— |
Sanlam Allianz Africa Proprietary Limited (“Sanlam Allianz Africa”, an Afraic Theas), comhfhiontar nuachruthaithe. |
Gheobhaidh Sanlam agus Allianz comhrialú ar Sanlam Allianz Africa de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus Airteagal 3(4) den Rialachán um Chumaisc.
Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.
2.
Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:|
— |
Is grúpa idirnáisiúnta seirbhísí airgeadais é Sanlam ina bhfuil roinnt árachóirí, soláthraithe seirbhísí airgeadais agus institiúidí airgeadais eile. |
|
— |
Is grúpa domhanda comhtháite seirbhísí airgeadais é Allianz atá ag feidhmiú i dtáirgí árachais saoil agus neamhshaoil agus bainistíochta sócmhainní. |
3.
Feidhmeoidh Sanlam Allianz Africa mar chomhfhiontar árachais saoil agus ginearálta uile-Afracach idir Sanlam agus Allianz. Soláthróidh Sanlam eintitis trína ndéanann sé a chuid gnóthaí árachais agus bainistíochta sócmhainní in Angóla, i mBeinin, sa Bhotsuáin, i mBuircíne Fasó, i gCamarún, sa Chongó, sa Ghabúin, i nGána, sa Ghuine, sa Chósta Eabhair, sa Chéinia, in Madagascar, sa Mhaláiv, i Mailí, ar Oileán Mhuirís, i Maracó, i Mósaimbíc, sa Namaib, sa Nígir, sa Nigéir, i Ruanda, sa tSeineagáil, san Afraic Theas, sa Tansáin, i dTóga, in Uganda agus sa tSaimbia. Soláthróidh Allianz eintitis trína ndéanann sé gnó árachais sa Bhurúin, i gCamarún, san Éigipt, i nGána, sa Chósta Eabhair, sa Chéinia, in Madagascar, i Maracó, sa Nigéir, sa tSeineagáil, sa Tansáin agus in Uganda.
4.
Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.
5.
Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:
M.10873 - SANLAM / ALLIANZ / SANLAM ALLIANZ AFRICA JV
Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:
R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu
Facs +32 22964301
Seoladh poist:
|
European Commission |
|
Directorate-General for Competition |
|
Merger Registry |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
(1) IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/9 |
Fógra ón gCoimisiún maidir le treoir neamhfhoirmiúil a bhaineann le ceisteanna úra nó neamhréitithe maidir le hAirteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thagann chun cinn i gcásanna aonair (treoirlitreacha)
(2022/C 381/07)
I. RIALACHÁN 1/2003
|
1. |
Le Rialachán 1/2003 (1) bunaítear córas forfheidhmiúcháin maidir le hAirteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (“CFAE”). Cé gur ceapadh é chun a chur ar chumas an Choimisiúin díriú ar an bpríomhchúram atá air na rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú go héifeachtach, cruthaítear deimhneacht dhlíthiúil freisin le Rialachán 1/2003 a mhéid a fhoráiltear leis go bhfuil na comhaontuithe (2) a thagann faoi Airteagal 101(1) CFAE ach a chomhlíonann na coinníollacha in Airteagal 101(3) CFAE, go bhfuil na comhaontauithe sin bailí agus infhorfheidhmithe go hiomlán gan réamhchinneadh ó údarás iomaíochta (Airteagal 1 de Rialachán 1/2003). |
|
2. |
Le creat Rialachán 1/2003, cé go bhforáiltear d’inniúlacht chomhthreomhar an Choimisiúin, údarás iomaíochta na mBallstát agus chúirteanna na mBallstát chun Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm ina n-iomláine, cuirtear srian ar na rioscaí a bhaineann le cur i bhfeidhm neamhréireach ag raon beart, rud a áirithíonn gné phríomha na deimhneachta dlíthiúil do chuideachtaí mar a léirítear i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (3), i.e. go gcuirtear na rialacha iomaíochta i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais. |
|
3. |
De ghnáth is maith is féidir le gnóthais measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht a ngníomhaíochtaí sa chaoi is go mbeidh siad in ann cinneadh eolasach a dhéanamh i dtaobh ar cheart leanúint ar aghaidh le comhaontú nó le cleachtas aontaobhach. Tá siad gar do na fíorais agus tá creat na rialachán blocdhíolúine, an cásdlí agus cinntí reatha an Choimisiúin ar fáil dóibh chomh maith le treoir fhairsing maidir le treoirlínte agus fógraí an Choimisiúin, rud a cuireadh ar fáil chun cúnamh breise a thabhairt don fhéinmheasúnú ag gnóthais (4). Tá treoirlínte curtha le chéile ag an gCoimisiún freisin maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) CFAE (5). Leis sin, is féidir le gnóthais i bhformhór mór na gcásanna measúnú iontaofa a dhéanamh ar a gcomhaontuithe maidir le hAirteagal 101 CFAE. |
|
4. |
I gcás ina n-eascróidh fíor-éiginnteacht as cásanna, in ainneoin na ngnéithe thuasluaite, mar go gcuirtear ceisteanna úra nó neamhréitithe i láthair maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 101 nó 102 CFAE, d’fhéadfadh sé gur mhian le gnóthais aonair treoir neamhfhoirmiúil a lorg ón gCoimisiún (6). I gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Roinn II den Fhógra seo, ní bheidh iarratasóir i dteideal aon treoir den sórt sin a fháil de thoradh iarratas ar threoir, mar nach féidir leis an bhFógra seo córas a thabhairt isteach arís a bheadh ar neamhréir le creat féinmheasúnaithe Rialachán 1/2003. Mar sin féin, i gcás ina measann sé gurb iomchuí é agus faoi réir a thosaíochtaí forfheidhmiúcháin, féadfaidh an Coimisiún treoir neamhfhoirmiúil den sórt sin a sholáthar i ráiteas i scríbhinn maidir le léirmhíniú Airteagail 101 nó 102 (treoirlitir). Leagtar amach sonraí na hionstraime seo san Fhógra seo. |
II. CREAT CHUN MEASÚNÚ A DHÉANAMH I dTAOBH AR CHEART TREOIRLITIR A EISIÚINT
|
5. |
Le Rialachán 1/2003 tugtar cumhachtaí don Choimisiún sáruithe ar Airteagail 101 agus 102 CFAE a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus fíneálacha a ghearradh (7). Príomhchuspóir amháin de Rialachán 1/2003 is ea forfheidhmiú éifeachtúil rialacha iomaíochta an Aontais a áirithiú trí chóras féinmheasúnaithe a bhunú, agus ar an gcaoi sin deireadh a chur leis an gcóras fógartha a bhí ann roimhe sin agus ligean don Choimisiún a bheartas forfheidhmiúcháin a dhíriú ar na sáruithe is tromchúisí ar Airteagail 101 agus ar 102 CFAE (8). |
|
6. |
Cé go bhfuil Rialachán 1/2003 gan dochar do chumas an Choimisiúin treoir neamhfhoirmiúil a eisiúint do ghnóthais aonair (9), mar a leagtar amach san Fhógra seo, níor cheart go gcuirfeadh an cumas sin isteach ar phríomhchuspóir Rialachán 1/2003, is é sin forfheidhmiú éifeachtach Airteagail 101 agus 102 CFAE a áirithiú. Dá bhrí sin, ní fhéadfaidh an Coimisiún treoir neamhfhoirmiúil a chur ar fáil do ghnóthais aonair ach a mhéid is atá sé sin ag luí lena thosaíochtaí forfheidhmiúcháin. |
|
7. |
Faoi réir phointe 6, nuair a fhaigheann an Coimisiún iarraidh ar threoirlitir, déanfaidh sé a mheas an iomchuí í a phróiseáil. Ní fhéadfar breithniú ar threoirlitir a eisiúint ach amháin má thugann measúnú prima facie ar fhíorais agus ar bhreithnithe dlíthiúla an iompair nó an iompair bheartaithe le tuiscint, dar leis an gCoimisiún, go bhfuil cúiseanna bailí ann chun soiléirithe a thabhairt maidir le hinfheidhmeacht Airteagail 101 nó 102 CFAE maidir leis an gcomhaontú nó leis an gcleachtas aontaobhach atá i gceist trí bhíthin treoirlitir. Beidh an measúnú prima facie sin bunaithe ar an dá ghné charnacha seo a leanas:
|
|
8. |
De ghnáth ní dhéanfaidh an Coimisiún iarraidh ar threoirlitir a bhreithniú i gceachtar de na cúinsí seo a leanas:
|
|
9. |
Ní bhreithneoidh an Coimisiún aon cheist hipitéiseach ná ní eiseoidh sé treoirlitreacha maidir le comhaontuithe ná cleachtais aontaobhacha nach bhfuil á gcur chun feidhme ag na páirtithe a thuilleadh. Féadfaidh gnóthais, áfach, iarraidh ar threoirlitir a chur faoi bhráid an Choimisiúin i ndáil le ceisteanna arna n-ardú ag comhaontú nó cleachtas aontaobhach atá beartaithe acu, i.e. roimh chur chun feidhme an chomhaontaithe nó an chleachtais aontaobhaigh sin. Sa chás sin, ní mór dul chun cinn leordhóthanach a bheith déanta ar an bpeanáil chun go mbreithneofar iarraidh. |
III. TÁSCA MAIDIR LE CONAS TREOIR A IARRAIDH
|
10. |
Gnóthas nó gnóthais a bhfuil comhaontú nó cleachtas aontaobhach déanta acu nó a bhfuil sé ar intinn acu é sin a dhéanamh, is féidir leo iarraidh a dhéanamh a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme Airteagail 101 nó 102 CFAE maidir le ceisteanna a bhaineann le léiriú arna n-ardú ag comhaontú nó cleachtas aontaobhach den sórt sin. |
|
11. |
Ba cheart iarraidh ar threoirlitir a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:
Nó trí ríomhphost chuig comp-greffe-antitrust@ec.europa.eu |
|
12. |
San iarraidh ar threoirlitir, ba cheart don iarratasóir/na hiarratasóirí na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
|
|
13. |
Sula gcuirfear an iarraidh ar threoirlitir isteach go foirmiúil, féadfaidh an gnóthas/na gnóthais dul i dteagmháil le seirbhísí Ard-Stiúrthóireacht Iomaíochta an Choimisiúin Eorpaigh chun plé a dhéanamh ar an aighneacht atá beartaithe dóibh go neamhfhoirmiúil agus faoi rún. |
IV. AN IARRAIDH A PHRÓISEÁIL
|
14. |
I bprionsabal, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an iarraidh ar bhonn na faisnéise a chuirfear ar fáil agus ní phróiseálfaidh sé iarratais nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i bpointe 12 den Fhógra seo. Mar sin féin, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as faisnéis bhreise atá ar fáil dó ó fhoinsí poiblí, ón gcásdlí roimhe seo, ón gcleachtas cinnteoireachta agus ó threoirlitreacha ar leibhéal an Aontais nó ó aon fhoinse eile agus féadfaidh sé iarraidh ar an iarratasóir/na hiarratasóirí nó, i gcásanna eisceachtúla, ar pháirtithe roghnaithe eile faisnéis bhreise a chur ar fáil, agus rúndacht na faisnéise a chuireann an t-iarratasóir nó a chuireann na hiarratasóirí ar fáil á cosaint ag an am céanna. I gcás ina bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis sin, próiseálann an Coimisiún na sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (11). |
|
15. |
Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a chuirtear faoina bhráid a roinnt le húdaráis iomaíochta na mBallstát agus ionchur a fháil uathu. Féadfaidh sé substaint na hiarrata a phlé le húdaráis iomaíochta na mBallstát sula n-eiseoidh sé treoirlitir. |
|
16. |
Maidir le pointí 13-15 den Fhógra seo, tá feidhm ag na rialacha maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar amach in Airteagal 28(2) de Rialachán 1/2003 maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t-iarratasóir/na hiarratasóirí nó tríú páirtithe roghnaithe eile. |
|
17. |
Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoin ngníomhaíocht atá beartaithe aige a dhéanamh maidir leis an iarraidh ar threoir laistigh de thréimhse réasúnach ama, ag brath ar imthosca gach cáis. I gcás nach n-eiseofar aon treoirlitir, cuirfidh an Coimisiún an t-iarratasóir/na hiarratasóirí ar an eolas i scríbhinn. |
|
18. |
Féadfaidh an t-iarratasóir/na hiarratasóirí a iarraidh nó a n-iarraidh a tharraingt siar tráth ar bith. I gcásanna den sórt sin, ní eiseofar aon treoirlitir. In aon chás, leanann faisnéis a sholáthraítear i gcomhthéacs iarrata ar threoir neamhfhoirmiúil de bheith ar fáil don Choimisiún agus féadfar an fhaisnéis sin a úsáid chun nósanna imeachta ina dhiaidh sin a sheoladh faoi Rialachán 1/2003. |
|
19. |
Tá iarraidh ar threoirlitir gan dochar do chumhacht an Choimisiúin imeachtaí a thionscnamh i gcomhréir le Rialachán 1/2003 maidir leis na fíorais arna gcur i láthair san iarraidh. |
V. TREOIRLITREACHA
|
20. |
Treoirlitir a d’eisigh an Coimisiún:
|
|
21. |
Féadfaidh treoirlitir a bheith teoranta do chuid den cheist /de na ceisteanna a ardaítear san iarraidh. Féadfar gnéithe breise díobh sin a leagtar amach san iarraidh a áireamh ann freisin. Más iomchuí, féadfaidh an Coimisiún teorainn ama a leagan amach chun í a chur i bhfeidhm nó a shonrú go bhfuil an treoirlitir bunaithe ar imthosca fíorasacha áirithe a bheith ann nó gan a bheith ann. |
|
22. |
Foilseofar treoirlitreacha ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin, ag féachaint do leas dlisteanach an iarratasóra/na n-iarratasóirí maidir lena rúin ghnó a chosaint. Tiocfaidh an Coimisiún ar chomhaontú leis an iarratasóir/na hiarratasóirí ar leagan poiblí sula bhfoilseofar an treoirlitir. |
VI. ÉIFEACHTAÍ NA dTREOIRLITREACHA
|
23. |
Ar an céad dul síos, is é is aidhm do na treoirlitreacha cabhrú le gnóthais measúnú eolasach a dhéanamh iad féin ar a gcomhaontuithe nó ar a gcleachtais aontaobhacha. I ndáil leis sin, tá an t-iarratasóir/na hiarratasóirí fós freagrach as féinmheasúnú a dhéanamh ar infheidhmeacht Airteagail 101 nó 102 CFAE. Léiríonn treoirlitreacha barúlacha an Choimisiúin maidir leis na fíorais a cuireadh faoina bhráid agus ní chruthaíonn siad aon cheart ná oibleagáid don iarratasóir/do na hiarratasóirí ná d’aon tríú páirtí. |
|
24. |
Le treoirlitir, ní féidir réamhbhreith a dhéanamh ar mheasúnú na ceiste céanna ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. |
|
25. |
I gcás ina bhfuil comhaontú nó cleachtas aontaobhach ina bhunús fíorasach do threoirlitir, ní chuirtear bac ar an gCoimisiún ina dhiaidh sin an comhaontú céanna nó an cleachtas aontaobhach céanna sin a scrúdú i nós imeachta faoi Rialachán 1/2003. Sa chás sin, cuirfidh an Coimisiún an treoirlitir a bhí ann roimhe sin san áireamh, go háirithe faoi réir athruithe ar na fíorais bhunúsacha, aon ghné nua a aimsíonn an Coimisiún nó a thagann chun cinn trí ghearán, forbairtí i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó athruithe níos leithne ar bheartas agus forbairtí an Choimisiúin ar na margaí lena mbaineann. I bprionsabal agus faoi réir phointe 26 den Fhógra seo, ní ghearrfaidh an Coimisiún aon fhíneáil ar iarratasóir/ar iarratasóirí, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh an t-iarratasóir/na hiarratasóirí a bheidh ag brath de mheon macánta ar threoirlitir an Choimisiúin (12). I gcás ina n-éilítear treoirlitir a mhodhnú nó a chúlghairm ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh an Coimisiún an méid sin a dhéanamh dá réir sin (13). |
|
26. |
Na soiléirithe maidir le hinfheidhmeacht Airteagail 101 nó 102 CFAE a áirítear i dtreoirlitir, tá siad coinníollach go sainráite ar chruinneas agus fírinneacht na faisnéise arna cur ar fáil ag an iarratasóir/na hiarratasóirí agus maidir le haon éagsúlacht ábhartha ón bhfaisnéis arna soláthar ag an iarratasóir/na hiarratasóirí, déanfaidh sí an treoirlitir a chur ó mhaith. |
|
27. |
Ní cinntí ón gCoimisiún iad treoirlitreacha agus ní chuireann siad ceangal ar údaráis iomaíochta na mBallstát ná ar chúirteanna na mBallstát a bhfuil sé de chumhacht acu Airteagail 101 agus 102 CFAE a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, is féidir le húdaráis iomaíochta na mBallstát agus le cúirteanna na mBallstát treoirlitreacha arna n-eisiúint ag an gCoimisiún a chur san áireamh de réir mar is cuí leo i gcomhthéacs cáis. |
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, Lch. 1). Le héifeacht ón 1 Nollaig 2009, rinneadh Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh d’Airteagail 81 agus 82 de Chonradh CE, faoi seach. Tá an dá shraith forálacha comhionann le chéile, go bunúsach. Chun críocha an Fhógra seo, ba cheart tagairtí d’Airteagail 101 agus 102 CFAE a thuiscint mar thagairtí d’Airteagail 81 agus 82, faoi seach, de Chonradh CE i gcás inarb iomchuí. Thug CFAE athruithe áirithe ar an téarmaíocht isteach freisin, amhail “Aontas” a chur in ionad “Comhphobal” agus “cómhargadh” a chur in ionad “margadh inmheánach”. I gcás nach n-athraítear an bhrí, bainfear úsáid as téarmaíocht CFAE tríd an bhFógra seo.
(2) San Fhógra seo, úsáidtear an téarma “comhaontú” le haghaidh comhaontuithe, cinntí ag comhlachais gnóthas agus cleachtais chomhbheartaithe. Tagraíonn an téarma “cleachtais aontaobhacha” d’iompar na ngnóthas ceannasach. Cumhdaíonn an téarma “gnóthais”“comhlachais gnóthas” freisin.
(3) Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh comhdhéanta de dhá chúirt: an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta.
(4) Tá rialacháin, treoirlínte agus fógraí blocdhíolúine eisithe ag an gCoimisiún. Ina theannta sin, foilsíonn an Coimisiún a chinntí. Tá na téacsanna uile le fáil ag: https://ec.europa.eu/competition-policy/index_en
(5) Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún — Fógra — Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 81(3) den Chonradh (IO C 101, 27.4.2004, Lch. 97).
(6) Féach Aithris 38 de Rialachán 1/2003.
(7) Féach. go háirithe Airteagail 7 go 9, 12, 17-24, 29 de Rialachán 1/2003.
(8) Féach go háirithe Aithris 3 de Rialachán 1/2003.
(9) Féach Aithris 38 de Rialachán 1/2003.
(10) Leis an bhFógra seo, fágtar an deis gan athrú d’údaráis iomaíochta na mBallstát treoir a chur ar fáil i gcomhréir lena gcreat dlíthiúil, go háirithe i gcás ina gcomhfhreagraíonn comhaontú nó cleachtas aontaobhach d’úsáid atá teoranta, den chuid is mó, do Bhallstát amháin nó ina bhféadfadh sé go gcomhfhreagródh sé don mhéid sin.
(11) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, Lch. 39).
(12) Ní féidir le hiarratasóir a mhaíomh go bhfuil siad ag brath de mheon macánta ar threoirlitir má tá athrú ábhartha tagtha ar na fíorais ar a bhfuil sé bunaithe.
(13) Chun amhras a sheachaint, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún treoirlitir a mhodhnú nó a chúlghairm sula ndéanfar comhaontú nó cleachtas aontaobhach a scrúdú i nós imeachta faoi Rialachán 1/2003 agus sula ngearrfar fíneálacha ar an iarratasóir/na hiarratasóirí.
GNÍOMHARTHA EILE
An Coimisiún Eorpach
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/14 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 381/08)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Wiebelsberg”
PDO-FR-A0638-AM02
Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Tásc breise
Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.
Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.
Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.
Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
2. Na cineálacha táirge
Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.
Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar geografach
Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d’fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.
Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):
“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).
I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.
4. Limistéar dáileachta críochnaithe
Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:
|
— |
chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht; |
|
— |
leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh; |
|
— |
tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1). |
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
5. Limistéar díreach in aice láimhe
Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.
6. Cineálacha fíniúna
Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.
I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
7. Dlús plandála
Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.
Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.
Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.
8. Riail phrúnála
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.
Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.
9. Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.
Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.

10. Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.
Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.

11. Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte
Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.

Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16,83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.

12. Táirgeachtaí
I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).
Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.
Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.
13. Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.
Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0,4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.
Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
14. An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
15. Toilleadh na fíonlainne
I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.
Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.

16. An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí
I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.
Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.

17. Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe
I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.
Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.

18. Fíonta pacáistithe a stóráil
I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.
Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.

19. Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
|
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
|
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Alsace grand cru Wiebelsberg
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dtáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
An modh saothraithe
Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.
Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.
Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.
2.
An modh saothraithe
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.
3.
An modh saothraithe
Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.
4.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:
|
|
0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, |
|
|
1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile. |
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.
5.
Srian maidir le fíonóireacht
Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.
6.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.
5.2. Uastáirgeacht
1.
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2.
48 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
|
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.
|
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. |
Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.
Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
|
Gewurztraminer Rs |
|
|
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato |
|
|
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato |

Pinot Gris G |
|
|
Riesling B |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Wiebelsberg” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cuidíonn na fíonghoirt le táirgeadh fíonta a lé bhfuil saintréithe sonracha agus a pearsantacht acu.
Is é a thagann as fíneáltacht na n-ithreacha fíonta galánta, a bhfuil aigéadacht bhog mhacánta shéimh acu.
Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.
De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.
Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.
Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.
I saothar Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, moladh go hard an lieu-dit sin, a bhfuil clú air inniu. Tá tagairt le feiceáil san aicmiú ar thír-raonta grand crus na hAlsáise a rinne an saineolaí ar fhíniúnacha Stoltz agus a foilsíodh in 1852.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
|
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.
|
— |
Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller. |
Pacáistiú sa limistéar
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.
Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.
Ainm coitianta
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.
Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.
Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:
|
|
Gewürztraminer |
|
|
Muscat |
|
|
Muscat Ottonel |
|
|
Pinot Gris |
|
|
Riesling. |
Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:
|
— |
an bhliain fíona |
|
— |
ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire. |
Sonrú ar an gcion siúcra
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.
Nasc chuig an tsonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/25 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 381/09)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Engelberg”
PDO-FR-A0385-AM02
Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Tásc breise
Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.
Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.
Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.
Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
2. Na cineálacha táirge
Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.
Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar geografach
Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d’fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.
Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):
“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).
I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.
4. Limistéar dáileachta críochnaithe
Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:
|
— |
chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht; |
|
— |
leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh; |
|
— |
tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1). |
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
5. Limistéar díreach in aice láimhe
Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.
6. Cineálacha fíniúna
Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.
I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
7. Dlús plandála
Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.
Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.
Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.
8. Riail phrúnála
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.
Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.
9. Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.
Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
10. Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.
Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
11. Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte
Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
12. Táirgeachtaí
I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).
Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.
Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.
13. Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.
Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.
Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
14. An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
15. Toilleadh na fíonlainne
I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.
Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
16. An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí
I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.
Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
17. Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe
I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.
Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
18. Fíonta pacáistithe a stóráil
I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.
Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
19. Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ”agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
|
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
|
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Alsace grand cru Engelberg
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dTáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. TUairisc ar an bhFíon nó ar na fíonta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12.5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14.5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18.2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16.4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
An modh saothraithe
Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.
Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0.75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1.50 méadar.
Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.
2.
An modh saothraithe
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.
3.
An modh saothraithe
Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.
4.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:
|
|
0.5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, |
|
|
1.5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile. |
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.
5.
Srian maidir le fíonóireacht
Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.
6.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.
5.2. Uastáirgeacht
1.
60 heictilítear in aghaidh an heicteáir
2.
48 heictilítear in aghaidh an heicteáir
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
|
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. |
Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.
|
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. |
Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.
Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).
7. Cineál/cineálacha fíniúna
|
|
Gewurztraminer Rs |
|
|
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato |
|
|
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato |
|
|
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato |
|
|
Pinot Gris G |
|
|
Riesling B |
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Engelberg” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe ó thuaidh ó bhealach fíona na hAlsáise, cuidíonn na fíonghoirt le táirgeadh fíonta léiritheacha a bhfuil saintréithe sonracha agus pearsantacht uathúil acu.
Tá acmhainneacht ard aosaithe acu, mar atá saintréithe spríosracha, aigéadacht líneach agus iarbhlas salanda a fhorbraíonn le himeacht ama.
Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir leis na fíonchaora aibiú go céimneach agus go hiomlán, rud a fhágann gurb ann do chothromaíocht ghastranómach thirim nó mhín.
Chomh maith leis sin, leis an tiubhú ar an bhfíonchaor agus forbairt an lobhaidh uasail, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí. De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.
Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.
Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.
I saothar Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, moladh go hard an lieu-dit sin, a bhfuil clú air inniu.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú le maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas: — Roinn Haute-Rhin: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Kayserberg, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. — Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.
Pacáistiú sa limistéar
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.
Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.
Ainm coitianta
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid agus i gcomhréir leis na dálaí táirgeachta a leagtar síos sa tsonraíocht.
Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.
Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:
|
|
Gewürztraminer |
|
|
Muscat |
|
|
Muscat Ottonel |
|
|
Pinot Gris |
|
|
Riesling. |
Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:
|
— |
an bhliain fíona |
|
— |
ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire. |
Sonrú ar an gcion siúcra
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.
Nasc chuig an tSonraíocht táirge
https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa
|
4.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 381/36 |
Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún
(2022/C 381/10)
Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).
FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL
“Alsace grand cru Altenberg de Wolxheim”
PDO-FR-A0348-AM02
Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022
TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS
1. Tásc breise
Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.
Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.
Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.
Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
2. Na cineálacha táirge
Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.
Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
3. Limistéar geografach
Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d' fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.
Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):
“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).
I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.
4. Limistéar dáileachta críochnaithe
Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:
|
— |
chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht; |
|
— |
leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh; |
|
— |
tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1). |
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
5. Limistéar díreach in aice láimhe
Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.
Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.
Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.
Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.
6. Cineálacha fíniúna
Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.
I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
7. Dlús plandála
Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.
Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.
Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.
8. Riail phrúnála
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.
Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.
Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.
9. Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.
Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
10. Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta
I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.
Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
11. Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte
Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcóil a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcól de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16,83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.
Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.
12. Táirgeachtaí
I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.
Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).
Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.
Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.
Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.
13. Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.
Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0,4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.
Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
14. An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú
Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
15. Toilleadh na fíonlainne
I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.
Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
16. An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí
I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.
Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.
Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.
17. Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe
I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.
Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
18. Fíonta pacáistithe a stóráil
I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.
Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
19. Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh ‘Alsace grand cru Hengst ‘agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
|
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
|
— |
Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe 10 mí ann. |
I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.
Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.
Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.
20. Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta
I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.
I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”
Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”
Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.
Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.
Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.
21. Nasc leis an limistéar geografach
I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.
Níor leasaíodh an doiciméad aonair.
22. Bearta idirthréimhseacha
I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
23. An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala
Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.
Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.
Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].
Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.
Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
24. Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré
I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.
Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.
DOICIMÉAD AONAIR
1. Ainm(neacha)
Alsace grand cru Altenberg de Wolxheim
2. Cineál táisc gheografaigh
STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint
3. Catagóirí na dTáirgí fíniúna
|
1. |
Fíon |
4. Tuairisc ar an bhFíon nó ar na fíonta
1.
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Fíonta socra agus geala atá iontu.
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12,5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.
Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
2. Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14,5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
3. Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh
TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN
Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.
Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.
Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.
|
Saintréithe anailíseacha ginearálta |
|
|
Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt) |
|
|
Íosmhéid aigéadachta iomláine |
i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir |
|
Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir) |
|
|
Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir) |
|
5. Cleachtais fíonóireachta
5.1. Cleachtais fíoneolaíochta shonracha
1.
An modh saothraithe
Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.
Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.
Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.
Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.
2.
An modh saothraithe
Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.
3.
An modh saothraithe
Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.
4.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:
0,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,
1,5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.
5.
Srian maidir le fíonóireacht
Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.
6.
Cleachtas fíoneolaíochta sonrach
Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.
Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.
5.2. Uastáirgeacht
|
1. |
Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin 60 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
|
2. |
Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh 48 heictilítear in aghaidh an heicteáir |
6. Limistéar geografach críochaithe
Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
|
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin. |
|
— |
Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim. Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach. Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO). |
7. Cineál/cineálacha fíniúna
Gewurztraminer Rs
Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato
Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G
Riesling B
8. Tuairisc ar an nasc (na naisc)
A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Altenberg de Wolxheim” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cuidíonn na fíonghoirt le táirgeadh fíonta a lé bhfuil saintréithe sonracha agus a pearsantacht acu. Rannchuidíonn saintréithe sonracha na méisea-aeráide, mar aon leis an ithir mharla agus aolchloiche duirlinge, le neart na bhfíniúnacha, a struchtúr aigéadach atá comhtháite le salandacht agus a saibhreas aramatach a mhéadaíonn le himeachta ama.
Cuidíonn méisea-aeráid Altenberg de Wolxheim, mar aon leis an ithir mharla agus aolchloiche duirlinge, le diantimthriall fáis fíniúna leanúnach idir am bachlaithe agus am buainte. A neart nádúrtha agus a n-aonchineálacht agus a séimhe atá siad sa bhéal, a bhaineann le haigéadacht fhada agus salandacht leanúnach, is iad sin saintréithe na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad aibí. Tagann méadú ar an saibhreas aramatach tar éis cúpla bliain, agus is féidir na fíonta a aosú ar feadh 10 mbliana nó níos mó.
Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí. Sa chás sin, de bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.
Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.
Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.
Sa saothar le Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, liostaítear an iliomad tagairtí stairiúla do na “lieux-dits”, Altenberg de Wolxheim san áireamh, sa 12ú agus sa 13ú haois go háirithe. Tagraíonn sé do na measúnuithe cáilíochta a rinne na saineolaithe ar fhíonóireacht agus fíoneolaíocht Stoltz, Stoger, Grandidier agus Gérard sa 19ú haois.
9. Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)
Limistéar díreach in aice láimhe
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:
|
— |
Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin. |
|
— |
Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller. |
Pacáistiú sa limistéar
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe
Tuairisc ar an gcoinníoll
Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.
Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.
An bhliain fíona a shonrú
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.
Ainm coitianta
Creat dlíthiúil
Reachtaíocht náisiúnta
Cineál an choinníll breise
Forálacha breise a bhaineann le lipéadú
Tuairisc ar an gcoinníoll
Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.
Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.
Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:
Gewürztraminer
Muscat
Muscat Ottonel
Pinot Gris
Riesling.