ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 375

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
30 Meán Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste na Réigiún

 

An 150ú seisiún iomlánach de CnaR, 29.6.2022-30.6.2022

2022/C 375/01

Rún maidir leis na tograí ó Choiste Eorpach na Réigiún i bhfianaise Chlár Oibre 2023 an Choimisiúin Eorpaigh

1

2022/C 375/02

Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an toradh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus an obair a leanfaidh í

9

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste na Réigiún

 

An 150ú seisiún iomlánach de CnaR, 29.6.2022-30.6.2022

2022/C 375/03

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Straitéis Artach nua an Aontais Eorpaigh

15

2022/C 375/04

Teachtaireacht ón gCoimisiún – EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life (2021 2030) [Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021 2030)]

21

2022/C 375/05

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Pacáiste um Méadú 2021

26

2022/C 375/06

Tuairim ó Choiste Eorpacha na Réigiún – Aistriú éiceolaíoch – Cén chothromaíocht atá le baint amach idir glacadh an phobail agus na riachtanais chomhshaoil ó thaobh cathracha agus réigiún de, d’fhonn pobail a bhfuil teacht aniar iontu a thógáil?

34

2022/C 375/07

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cur chun feidhme cistí glasa ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach

41


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste na Réigiún

 

An 150ú seisiún iomlánach de CnaR, 29.6.2022-30.6.2022

2022/C 375/08

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

45

2022/C 375/09

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

64

2022/C 375/10

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Ionstraim Eorpach um Shonraí

112


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste na Réigiún

An 150ú seisiún iomlánach de CnaR, 29.6.2022-30.6.2022

30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/1


Rún maidir leis na tograí ó Choiste Eorpach na Réigiún i bhfianaise Chlár Oibre 2023 an Choimisiúin Eorpaigh

(2022/C 375/01)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN,

ag féachaint don mhéid seo a leanas:

an Prótacal maidir le Comhar leis an gCoimisiún Eorpach ó mhí Feabhra 2012,

an Rún ó CnaR maidir lena Thosaíochtaí Polaitiúla do 2020-2025 (1),

an tuarascáil deiridh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa,

an t-ionchur ó pharlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu a fuarthas faoi chuimsiú an chomhaontaithe comhair idir CnaR agus CALRE,

rún ó CnaR maidir le toradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa,

á mholadh don Choimisiún Eorpach na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích trína Chlár Oibre do 2023:

Todhchaí na hEorpa

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na moltaí a glacadh ag seisiún iomlánach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa maidir le hAontas Eorpach níos daonlathaí, níos inbhuanaithe agus níos cothroime a bheith ann. Tá CnaR tiomanta rannchuidiú le cur chun feidhme na tuarascála deiridh, lena n-áirítear na hathchóirithe institiúideacha is gá chun nasc láidir a áirithiú idir saoránaigh agus a n-ionadaithe tofa ar gach leibhéal. Tá a thograí leagtha amach ag CnaR i rún ar leithligh maidir le hathruithe agus nuashonruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na conarthaí agus ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha;

2.

Ag iarraidh go n-áireofaí i gclár oibre an Choimisiúin Eorpaigh tionscnaimh nithiúla lena gcuirfí na tograí sin chun feidhme, go háirithe d’fhonn modhanna rannpháirtíochta áitbhunaithe a fhorbairt agus gné bhuan de phróiseas cinnteoireachta an Aontais a dhéanamh de na modhanna sin, agus inniúlachtaí reachtacha na n-údarás réigiúnach á n-urramaú i gcónaí;

3.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó, dá bhrí sin, an togra maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa lena ndírítear ar chóras Comhairleoirí AE a chruthú, ar togra é a thionscain CnaR mar bhealach chun an bhearna idir institiúidí an Aontais agus saoránaigh an Aontais a laghdú tuilleadh. Tá CnaR tiomanta don togra seo a chur chun feidhme i gcomhar leis an gCoimisiún trí Líonra Eorpach na gComhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla, agus tríd an tionscadal Building Europe with Local Councillors [An Eoraip a thógáil i gcomhar leis na Comhairleoirí Áitiúla]. Molann CnaR freisin an rannpháirtíocht is leithne is féidir a bheith ag polaiteoirí agus riarthóirí áitiúla óga i bpróisis reachtóireachta an Aontais Eorpaigh, tríd an gclár Polaiteoirí Tofa Óga a chur chun cinn freisin;

4.

á iarraidh go mbeadh daoine óga rannpháirteach ar bhealach níos fearr sna próisis dhaonlathacha agus go mbeadh bealaí struchtúracha ann chun teagmháil a dhéanamh le daoine óga (e.g. comhairlí na n-óg); den tuairim gur réamhriachtanas tábhachtach é an t-oideachas sibhialta le go bhféadfar saoránaigh a chumhachtú, ionas go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh sa saol daonlathach ar bhealach eolasach agus gníomhach; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tionscnaimh a mholadh sa chlár oibre uaidh le go bhféadfar curaclam uile-Eorpach a fhorbairt maidir leis an oideachas sibhialta, le luachanna daonlathacha Eorpacha a chur chun cinn, leis an smaointeoireacht chriticiúil, le scileanna digiteacha agus litearthacht sna meáin, i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

5.

ag tathant ar an gCoimisiún nós imeachta tapa a threorú arb é is aidhm leis réiteach sásúil buan a fháil ar fhadhb na géarchéime daonnúla sa Mheánmhuir, réiteach a dhíreofar, ar an gcéad dul síos, ar bheatha na n-imirceach a chosaint, ach freisin ar urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha a áirithiú freisin. Tá CnaR agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sásta obair i ndlúthchomhar a dhéanamh;

6.

á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid chórasach a bhaint as an ngreille mheastóireachta ar choimhdeacht agus tograí reachtacha á dtíolcadh aige i réimsí beartais a bhaineann le hinniúlachtaí comhroinnte nó comhordaithe;

An Úcráin

7.

á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún Eorpach Saoráid Eorpach a bhunú do Dhídeanaithe na hÚcráine ar an leibhéal áitiúil, ní mar chiste nua ach mar uirlis oibríochtúil chomhlántach chun an rómhaorlathas a laghdú agus rochtain mhear a thabhairt do cheannairí áitiúla ar na cistí reatha;

8.

á chur i bhfáth go bhféadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as cistiú Ghníomhaíocht an Chomhtháthaithe le haghaidh Dhídeanaithe san Eoraip chun réitigh shaincheaptha a fhorbairt chun daoine de bhunadh imirceach a lánpháirtiú ar bhonn fadtéarmach, trí bhíthin infheistíochtaí i dtithíocht, san oideachas, san fhostaíocht, sa tsláinte, i gcuimsiú sóisialta agus i gcúram sóisialta, nó i seirbhísí sóisialta eile. Ba cheart tacaíocht éigeandála a chur ar fáil do dhídeanaithe is cuma cén tír thionscnaimh arb as dóibh;

9.

ag iarraidh ar an gCoimisiún togra a ullmhú maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an nGníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip chun réitigh ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha a bhreithniú le haghaidh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach d’fhonn riachtanais airgeadais leanúnacha a bhaineann le géarchéim na hÚcráine a shásamh; á iarraidh, freisin, go dtabharfaí isteach bearta láidre chun an gháinneáil ar dhaoine a chosc agus déileáil léi, mar aon le bearta cosanta lena áirithiú go bhfuil teacht ag dídeanaithe ar chúram leighis agus síceolaíoch agus ar chearta maidir le sláinte atáirgthe; i bhfách le pacáiste um chosaint leanaí (“Child Protection Package”) do leanaí ón Úcráin ar dídeanaithe iad agus ag iarraidh bearta speisialta a thacóidh le dídeanaithe leochaileacha;

10.

á athdhearbhú, maidir le cur chun feidhme an phrionsabail “ceann amháin isteach, ceann amháin amach”, dá réir nach gceadaítear ualaí reachtacha nua a thabhairt isteach ach amháin sa chás gur baineadh ualaí a bhí ann roimhe sin, gurb é an bonn cirt bunúsach atá leis an reachtaíocht uile i bpobail dhaonlathacha an glansochar a uasmhéadú don tsochaí ina hiomláine agus nach mór cuspóirí reachtacha agus ardchaighdeáin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an Aontais a chaomhnú;

11.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur cuireadh an Treoir um Chosaint Shealadach i ngníomh; á chur i bhfáth go dtarlaíonn sé nuair a aithnítear cearta saorghluaiseachta agus neamhspleáchas dídeanaithe go maolaítear ar an mbrú ar na córais náisiúnta tearmainn agus ar na hacmhainní glactha sna réigiúin teorann; Mar sin féin, tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar ábharthacht a Thogra le haghaidh Rialachán maidir le hionstraimiú i réimse na himirce agus an tearmainn agus ar an sainmhíniú ar ionstraimiú sa dréacht-athbhreithniú ar Chód Teorainneacha Schengen, toisc go mbeadh feidhm acu freisin maidir le dídeanaithe ón Úcráin a bhfuil leas á bhaint ag réimeas na Rúise astu mar uirlis chogaidh, rud a fhágann, dá bhrí sin, go bhfuil baol ann go dtiocfaí salach ar an Treoir um Chosaint Shealadach;

12.

ag tacú go láidir le plean téarnaimh Eorpach a chruthú don Úcráin chun geilleagar na hÚcráine a athbheochan, a bonneagar scriosta a atógáil, agus tacaíocht a thábhairt di san athchóiriú daonlathach ar institiúidí agus seirbhísí poiblí na tíre; sa chomhthéacs sin, bunóidh CnaR Comhghuaillíocht Cathracha agus Réigiún ar mhaithe leis an Úcráin a atógáil ina dtabharfar le chéile údaráis áitiúla agus réigiúnacha san Eoraip agus san Úcráin, d’fhonn ról lárnach a thabhairt don fhéinrialú i bpleanáil straitéiseach na hatógála, an próiseas déabhlóide agus an rialachas il-leibhéil san Úcráin a chur chun feidhme a thuilleadh agus an dea-rialachas áitiúil agus réigiúnach a fheabhsú; ag aontú freisin leis an iarraidh ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha na hÚcráine agus an Aontais comhpháirtíochtaí a athbheochan agus a chur ar bun, lena n-áirítear nascadh cathracha agus réigiún, mar dhlúthpháirteanna de phróiseas na hatógála; Tá CnaR i bhfabhar bearta lena maolófar iarmhairtí fadtéarmacha sóisialta agus eacnamaíocha chogadh na Rúise san Úcráin do réigiúin agus do chathracha an Aontais Eorpaigh;

13.

á chur i bhfios gur láidre i réigiúin ar leith éifeachtaí na mbeart ceartaitheach arna nglacadh mar chuid de nósanna imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha na mBallstát, cuir i gcás na réigiúin a shainaithnítear in Airteagal 349 CFAE, réigiúin a bhfuil geilleagar agus sochaí atá an-íogair ó thaobh turraingí eisginiúla agus beartais eacnamaíocha a thagann salach ar a chéile de;

Téarnamh agus comhtháthú

14.

den tuairim dá ndéanfaí an clásal éalaithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú, i bhfianaise na géarchéime fuinnimh, na héagobhsaíochta geopholaitiúla agus an téarnaimh ó phaindéim COVID-19, go bhféadfadh tionchar suntasach eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheith aige. Tá CnaR á iarraidh, dá bhrí sin, go bhfanfadh an clásal ginearálta éalaithe gníomhach go dtí go gcuirfear creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe i bhfeidhm. Tá CnaR i bhfách freisin leis an iarraidh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa go ndéanfaí athchóiriú ar an Seimeastar Eorpach d’fhonn a dhlisteanacht dhaonlathach agus rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a mhéadú trí bhíthin cóid iompair arna bhunú ar an gcód iompair maidir leis an gcomhpháirtíocht a ghabhann leis na cistí struchtúracha;

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, i bhfianaise chur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta atá ar siúl faoi láthair, go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán i gcinnteoireacht, clársceidealú agus cur chun feidhme na bpleananna sin d’fhonn na rioscaí a eascraíonn as an easpa comhordaithe le foinsí eile maoinithe, lena n-áirítear an comhtháthú, a mhaolú agus an comhleanúnachas agus sineirgí le straitéisí forbartha áitiúla a neartú, dhá rud atá ríthábhachtach chun cuspóirí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaint amach;

16.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról cinntitheach ag an acmhainneacht a bhaineann le beartas comhtháthaithe Eorpach maidir le míchothromaíochtaí críochacha na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a íoslaghdú — go háirithe iad siúd a bhfuil breisluach níos airde acu — agus maidir le dáileadh réigiúnach níos cothroime an ioncaim san Eoraip, rud nach n-áirithítear leis an margadh inmheánach agus an domhandú amháin. Mar sin, caithfear é a choinneáil i measc na bpríomhsmaointe ar fiú machnamh a dhéanamh orthu;

17.

go mór i bhfabhar an phrionsabail “gan aon dochar a dhéanamh don chomhtháthú” a moladh san 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, lena gcuirtear chun suntais go bhfuil an comhtháthú ar cheann de luachanna ginearálta an Aontais Eorpaigh; á mholadh tús luath a chur le próiseas machnaimh críochnúil faoi na dúshláin fhadtéarmacha a bhaineann leis an gcomhtháthú agus faoin gcaoi ar féidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus beartais eile AE aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin; ag tacú, maidir leis sin, leis an gCoimisiún agus é beartaithe aige sásra a bheidh chun leas na tuaithe a bhunú mar chuid de phróiseas trína gcuirfidh na beartais uile le comhtháthú na limistéar tuaithe, ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal an Bhallstáit agus ar an leibhéal fonáisiúnta;

18.

á iarraidh go mbunófaí, mar chuid de mheastóireacht 2023 ar fhís fhadtéarmach 2040 maidir le limistéir thuaithe an Aontais Eorpaigh, tograí sonracha a mbeadh acmhainní, ionstraimí airgeadais agus spriocanna cainníochtúla ag dul leo, agus go gcuirfí tionchar chogadh na hÚcráine ar na limistéir thuaithe san áireamh freisin; á iarraidh go nglacfaí clár oibre réamhbhreathnaitheach maidir le limistéir thuaithe na hEorpa, clár oibre a thacódh leis an talmhaíocht agus an táirgeadh áitiúil, a chabhródh le comhtháthú na limistéar uirbeach agus na limistéar tuaithe, a chuirfeadh san áireamh staid na réigiún atá thíos leis de dheasca míbhuntáistí buana nádúrtha nó déimeagrafacha, a neartódh athléimneacht ó thaobh bia de agus a chuirfeadh le hathbheochan inbhuanaithe sna pobail tuaithe agus i réigiúin fhorimeallacha;

19.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlús a chur leis na hiarrachtaí cumarsáide maidir le beartais Eorpacha i gceantair thuaithe, ar ceantair iad a bhraitheann scoite amach ó na próisis díospóireachta agus nach mbíonn ar an eolas go minic faoi na bealaí rannpháirtíochta a chuireann na hinstitiúidí ar fáil dóibh;

20.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach an straitéis nua do na Réigiúin is Forimeallaí san Aontas a chur i ngníomh, idir a raon feidhme agus a téagar uile, ar réigiúin iad a ndearna an phaindéim difear ar leith dóibh, agus a ndéanann fós, agus atá, ar an iomlán, leochaileach maidir leis an ngéarchéim idirnáisiúnta a d’eascair as an gcogadh san Úcráin;

21.

ag teacht le Comhdháil na dTionól Reachtach Réigiúnach agus le Parlaimint na hEorpa, maidir leis na dúshláin, riachtanais, agus saintréithe déimeagrafacha ar leith a bhfuil ar na réigiúin fhorimeallacha agus oileánacha dul i ngleic leo, lena n-áirítear oileánraí agus na réigiúin is forimeallaí, go bhfuil gá le tacaíocht thiomnaithe spriocdhírithe ón Aontas, cuir i gcás sna haistrithe glasa agus digiteacha, lena n-áirítear cláir thaighde agus infheistíochta lena ndíreofaí ar acmhainneacht na réigiún sin i réimsí an fhuinnimh in-athnuaite, na talmhaíochta inbhuanaithe agus an iascaigh inbhuanaithe, chosaint na mara agus na bithéagsúlachta, agus i dtaca le laghdú a dhéanamh ar na míbhuntáistí iomadúla struchtúracha agus buana a bhfuil na críocha sin den Aontas thíos leo, cuir i gcás na deacrachtaí atá ag na réigiúin sin maidir lena lorg CO2 a laghdú;

22.

ag teacht le Parlaimint na hEorpa maidir le comhshocrú um na hoileáin agus clár oibre de chuid an Aontais le haghaidh na n-oileán a chur chun tosaigh, i gcomhar leis na príomh-gheallsealbhóirí, mar atá údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, oibreoirí eacnamaíocha agus sóisialta, an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, dála an chomhshocraithe uirbigh agus an chomhshocraithe um an tuath atá le teacht amach anseo; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar chás ilchineálach chríocha oileánacha an Aontais Eorpaigh;

23.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach na gníomhartha reachtacha is gá a thionscnamh chun an straitéis do na réigiúin is forimeallaí a chur chun feidhme maidir le “tús áite a thabhairt do dhaoine, fás inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, leas a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí san Aontas”, ar léiriú í ar thiomantas buanseasmhach an Choimisiúin do na réigiúin sin trí bhíthin cur chuige áitbhunaithe agus tacaíochta saincheaptha i gcomhréir leis an gConradh;

24.

á chur i bhfáth gur féidir le bailte beaga agus sráidbhailte ról ríthábhachtach a imirt maidir le próisis chomhtháite forbartha críochaí a cheapadh agus a chur chun feidhme, agus tá sé á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a rólsan san infheistiú críochach comhtháite agus i bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a chur chun cinn agus uirlisí críochacha eile a chur chun cinn lena dtacaítear le tionscnaimh arna mbunú ag na Ballstáit trí líonra tacaíochta comhairleach a chruthú laistigh den bheartas comhtháthaithe chun a n-úsáid a chothú, go háirithe i measc na limistéar beag uirbeach arb iad na lárionaid réigiúnacha iad, agus chun a áirithiú go dtacóidh na rialtais náisiúnta le gach tionscnamh um infheistiú críochach comhtháite agus um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, go háirithe na réigiúin sin is mó a bhfuil gá acu leis, cuir i gcás réigiúin bheagfhorbartha agus iad siúd a thit chun deiridh ó thaobh forbairt áitiúil de;

25.

den bharúil gur léiriú atá sna géarchéimeanna éagsúla atá os comhair an Aontais Eorpaigh faoi láthair ar an ngá atá le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a choinneáil ar bun agus fuinneamh úr reachtach a thabhairt dó in 2023 agus tá sé á chur in iúl, dá bhrí sin, de réir na Chéad Tuarascála Bliantúla maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, gur sáraíodh an íosmhéid 37 % de chistí na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a leithdháileadh ar an aistriú glas;

An t-aistriú glas agus an inbhuanaitheacht

26.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dul i mbun plé leis na rialtais áitiúla agus réigiúnacha i dtaobh chur chun feidhme na dtionscnamh a d’eascair as Comhshocrú Aeráide Ghlaschú agus a eascróidh as conclúidí COP27 amach anseo, agus tacaíocht a thabhairt don chomhar il-leibhéil agus don ionchur ar an leibhéal áitiúil; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach aitheantas a thabhairt don ról atá ag na rialtais áitiúla agus réigiúnacha maidir le spriocanna Chomhaontú Pháras agus spriocanna na taidhleoireachta aeráide fonáisiúnta a bhaint amach; á iarraidh ar na páirtithe uile dul i gcomhar le chéile mar chuid de chreat uaillmhianach domhanda bithéagsúlachta don tréimhse tar éis 2020 d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an fhís atá i gcoiteann againn faoi 2050, is é sin an duine agus an dúlra a bheith ag cómhaireachtáil go suaimhneach le chéile;

27.

á chur in iúl gur ábhar imní dó é go bhfuil an dul chun cinn maidir le hoiriúnú don athrú aeráide moillithe i gcomparáid leis na hard-uaillmhianta a fógraíodh i straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, agus leis na huaillmhianta méadaithe ar an leibhéal domhanda, rud a cuireadh i bhfáth san achainí a rinne UNFCCC sprioc dhomhanda a leagan síos maidir leis an oiriúnú don athrú aeráide;

28.

ag iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal na neamhthuilleamaíochta fuinnimh a chomhtháthú go córasach i gcreat reachtach an Aontais, trí bhearta córasacha a chur chun cinn maidir le fuinneamh a spáráil, chun cabhrú leis an aistriú go fuinneamh glan, in-athnuaite, inacmhainne agus slán agus dlús a chur leis an aistriú sin; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na comhreachtóirí oibriú le chéile ar chreat reachtach fónta lena ndéanfar an bhochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a mheas agus a throid; á iarraidh go gcuirfear CnaR san áireamh sa Ghrúpa Comhordúcháin um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha; á chur i bhfáth gur uirlis ríthábhachtach iad pobail fuinnimh in-athnuaite maidir le húsáid fhorleathan na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus córas fuinnimh atá díláraithe agus slán a bhaint amach; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú leis na húdaráis réigiúnacha chun dul i ngleic leis na bacainní atá ar fhorbairt na n-údarás sin agus dreasachtaí breise a cheapadh, mar aon le tacaíocht a thabhairt don infheistiú is gá sa phróiseas sin. á chur i bhfios, i ndáil leis sin, nár cheart dearmad a dhéanamh ar réigiúin ina mbeidh an t-aistriú fuinnimh níos costasaí mar gheall ar a leithlisiú fuinnimh, cuir i gcás oileáin agus na réigiúin is forimeallaí;

29.

ag iarraidh ar an gCoimisiún dul chun cinn a dhéanamh maidir le creat reachtach buan a chruthú don Chomhaontú Glas, creat ina gcuimseofar níos fearr na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus ina n-áireofar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar bhealach struchtúrtha in athbhreithniú críochnúil ar an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide;

30.

ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair Chúnant Eorpach na Méaraí, agus do thionscnaimh amhail an misean Eorpach do chathracha aeráidneodracha agus cliste, mar phríomhuirlis chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme i gcathracha agus i réigiúin ar fud an Aontais agus chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na spriocanna maidir le hoiriúnú a bhaint amach;

31.

ag iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhar leis na Ballstáit maidir le creat tacaíochta agus maoiniúcháin a bhunú d’fhonn dlús a chur leis na spriocanna athchóiriúcháin le haghaidh foirgnimh phoiblí fhonáisiúnta ar mhaithe le féidearthacht na gcaighdeán sin mar atá leagtha amach sa Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh a áirithiú; á mheabhrú an athuair, maidir leis sin, an tábhacht a bhaineann le maoiniú díreach a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh, maille le treoir agus tacaíocht bhreise a chur ar fáil dóibh, go háirithe chun foirgnimh stairiúla a athchóiriú;

32.

tiomanta leanúint de bheith ag obair i gcomhar le hArdán Gheallsealbhóirí na Straitéise maidir le Truailliú Nialasach, cur chuige il-leibhéil a chur chun cinn maidir leis an bplean gníomhaíochta maidir leis an truailliú nialasach, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh agus, ag céim níos faide anonn, scórchlár a bhunú d’fheidhmíocht ghlas réigiúin an Aontais;

33.

á chur in iúl go dtacaíonn sé le Bliain Eorpach na gCathracha Níos Glaise a ainmniú agus go bhfuil sé réidh le páirt ghníomhach a ghlacadh sa tionscnamh sin;

34.

ag tacú le cur chuige iomlánaíoch áitbhunaithe agus limistéarbhunaithe maidir le beartais chomhshaoil agus tá sé á iarraidh an athuair dlí muirí a bheith ann, ar an mbonn céanna is ann don dlí aeráide;

35.

á iarraidh go mbeadh béim níos láidre ar na slabhraí breisluacha gairide agraibhia agus go n-aithneofaí cé chomh héagsúil agus atá na córais táirgthe ar fud na hEorpa, lena n-áirítear córais táirgthe mhalartacha, atá dírithe ar chórais áitiúla agus réigiúnacha táirgthe, phróiseála agus mhargaíochta a chur chun cinn d’fhonn cur leis an neamhspleáchas bia ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; á iarraidh go mbeadh tacaíocht níos láidre ann do chomhthionscadail áitiúla ina mbíonn páirt ag próiseálaithe, údaráis áitiúla, feirmeacha, gnóthais foraoise, trádálaithe, comharchumainn, comhlachais táirgí áitiúla agus tomhaltóirí áitiúla chun tairiscint bia áitiúil a fhorbairt;

36.

ag leagan béim ar an ngá atá ann bearta a fhorbairt trí bheartais ghearrthéarmacha agus mheántéarmacha tacaíochta eacnamaíche agus shóisialta struchtúracha lena ndírítear ar an rochtain ar chóras bia níos inbhuanaithe agus níos sláintiúla a éascú do na grúpaí is leochailí, agus ar an gcaoi sin cuidiú leis an murtall agus an míchothú a chomhrac, lena n-áirítear an plean gníomhaíochta AE atá le tarraingt suas don tréimhse i ndiaidh 2020 maidir leis an murtall i measc leanaí;

37.

á iarraidh go mbeadh córas éifeachtach rialachais il-leibhéil ann ina nascfaí misin Eorpacha le straitéisí forbartha áitiúla agus réigiúnacha, le bearta téarnaimh COVID-19, agus le cistiú nuálaíochta trí na Cistí Struchtúracha, ar mhaithe le hAontas níos glaise, níos sláintiúla, níos cuimsithí agus níos athléimní a bhaint amach;

38.

ag tacú go láidir leis an ngníomhaíocht phíolótach is déanaí “Comhpháirtíochtaí um Nuálaíocht Réigiúnach” maidir le coincheap na speisialtóireachta cliste a nascadh le cur chuige an mhisin san aistriú glas agus aistriú digiteach; á mholadh don Aontas tacaíocht bhreise a chur ar fáil chun na misin chríche, maille le héiceachórais nuálaíochta áitiúla trí na moil LET, a chur chun cinn, le go bhféadfaidh ról gníomhach a bheith acu sa Limistéar Eorpach Taighde (LET) agus maidir leis an mbearna nuálaíochta atá san Aontas a dhúnadh;

39.

á chur i bhfáth nach bhféadfar an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua a chur chun feidhme ach trí chur chuige rialachais il-leibhéil agus áitbhunaithe a bheith ann, cur chuige arna cheapadh mar líonra idirnasctha de mhoil áitiúla agus réigiúnacha seachas mar ionad geografach amháin; á dhearbhú an athuair an togra ó CnaR maidir le scéim dearbhán sho-úsáidte lena dtabharfaí tacaíocht phraiticiúil do na cathracha agus na réigiúin le go bhféadfaidís páirt a ghlacadh i bpobal an tionscnaimh Bauhaus Eorpach Nua;

40.

ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún gné na hinscne a phríomhshruthú tuilleadh ina phróisis bheartais, go háirithe trí mhodheolaíocht a chur chun cinn lena ndéanfar measúnú ar an tionchar a bheidh ag cláir AE ar ghné na hinscne;

41.

ag aithint go hiomlán an ghá le beart dearfach maidir le spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach in earnáil an iompair; den bharúil nach mór gach modh iompair éirí níos inbhuanaithe, agus ní mór don iompar de bhóthar astaíochtaí a laghdú trí mheascán de bhreoslaí malartacha atá inbhuanaithe go fadtéarmach agus d’fheithiclí saor ó astaíochtaí. Tá sé tábhachtach freisin an saolré iomlán a chur san áireamh ionas go n-íoslaghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tobar go dtí an roth, ní hamháin ag an bpíobán sceite. I bhfianaise an athraithe mhóir atá de dhíth in earnáil na mótarfheithiclí i ngach réigiún chun a ráthú nach bhfágfar aon réigiún ar lár, áitíonn CnaR ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag caighdeáin níos déine maidir le hastaíochtaí CO2 mótarfheithiclí agus veaineanna trí shásra Eorpach a thabhairt isteach chun tacú le haistriú cóir agus cothrom ón taobh sóisialta de i réigiúin thionscal mótarfheithiclí na hEorpa agus shlabhra soláthair an tionscail sin;

An t-aistriú digiteach agus an earnáil tionsclaíochta

42.

ag moladh go láidir torthaí taighde agus dea-chleachtais a scaipeadh ar ghníomhaithe áitiúla i réimse na nuálaíochta — eadhon trí thionscnaimh amhail an tArdán um Malartú Eolais (KEP) agus An Eolaíocht sna Réigiúin, chomh maith le gníomhaíochtaí leanúnacha na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí, lena ndírítear go príomha ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar chuideachtaí a bhfuil acmhainn ardfháis iontu laistigh de réigiúin na hEorpa;

43.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an obair a rinne an Coimisiún faoin ngluaiseacht “Join, Boost, Sustain”; á chur in iúl go bhfuil sé toilteanach leanúint dá ghníomhaíochtaí sainiúla maidir le táscairí digiteacha áitiúla agus réigiúnacha agus tacú leis an gCoimisiún Eorpach chun uirlisí oiriúnacha a chur ar fáil do chathracha agus do bhardais le go bhféadfaidh siad an claochlú digiteach a thomhas;

44.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, i bhfianaise na tuairime ó CnaR An Comhtháthú Digiteach, dul i gcomhar le CnaR agus le comhlachais áitiúla agus réigiúnacha maidir le (1) conas is féidir bearnaí digiteacha atá ag méadú a aithint agus faireachán a dhéanamh orthu, (2) conas is féidir an tAontas a dhéanamh níos comhtháite ar bhonn digiteach agus (3) conas is féidir moltaí maidir leis an gclaochlú digiteach a rinne CnaR agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a chur chun feidhme;

45.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún maidir leis an nGníomh um Shonraí agus go bhfuil sé ag tnúth le dréacht-rialachán maidir leis an nGníomh um an Straitéis Idir-inoibritheachta lenar cheart comhroinnt chothrom agus chothromasach sonraí a éascú, go háirithe idir údaráis phoiblí ar leibhéil éagsúla agus idir eintitis phríobháideacha, agus lena gcuirfear leis an muinín atá ag cuideachtaí príobháideacha agus údaráis phoiblí as a chéile;

46.

á chur in iúl go bhfuil sé ag tnúth le foilsiú tionscnaimh reachtaigh nua chun ionstraim éigeandála a chruthú le haghaidh an mhargaidh aonair agus gur díol sásaimh dó an fógra ón gCoimisiún go mbeidh sé d’aidhm ag an ionstraim sin rialachas Eorpach an mhargaidh aonair a threisiú tráth géarchéime d’fhonn suaitheadh a thuar agus a chosc; ag iarraidh ar na gníomhaithe ábhartha uile, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a bheith rannpháirteach i sásraí ullmhachta agus freagartha i gcomhair géarchéimeanna;

47.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá straitéis thionsclaíoch níos comhordaithe agus níos leithne ó thaobh na polaitíochta de, ionas nach bhfágfar ar lár na réigiúin is iargúlta atá easpach maidir le lonnú tionscail agus maidir le héagsúlú na struchtúr eacnamaíoch, ach leis an bhféidearthacht cuideachtaí seirbhísí a bhunú a bheadh comhlántach le cuideachtaí tionsclaíocha a bhfuil sé mar aidhm leis an straitéis Eorpach iad a athlonnú i gcríoch an Aontais;

48.

á mholadh an athuair go ndéanfadh an Coimisiún an beartas tionsclaíochta a bheidh aige amach anseo a nascadh le riachtanais a bheidh ann sa todhchaí, agus ceachtanna ó éiceachórais réigiúnacha iomaíocha, tábhacht na bpríomhtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus an gá atá le cothromaíocht a bhaint amach idir iomaíochas agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte á gcur san áireamh san am céanna;

49.

ag moladh don Choimisiún Eorpach an nasc idir an Beartas Comhtháthaithe agus ionú na Státchabhrach sa Bheartas Iomaíochta a fheabhsú agus a neartú, trí úsáid chómhaoinithe REACT-EU a cheadú i gcás gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi chuimsiú an chreata sealadaigh géarchéime um státchabhach chun tacú leis an ngeilleagar tar éis don Rúis ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin;

Comhar trasteorann agus an tsoghluaisteacht

50.

á thabhairt dá aire go bhfuil bacainní dlí agus riaracháin fós ina mbac ar fhorbairt na réigiún teorann san Eoraip; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ionstraim a mholadh le haghaidh comhordú idir na Ballstáit le linn dóibh treoracha AE a thrasuí lena sheachaint go gcruthófaí constaicí nua dlí ag na teorainneacha; ag iarraidh ar an gCoimisiún, freisin, tús a chur arís leis an bplé leis an gComhairle i dtaobh Rialachán ECBM (an Sásra Trasteorann Eorpach) atá beartaithe, nó ionstraim eile a bheartú lena bhféadfadh réigiúin teorann na hEorpa teacht ar réitigh éifeachtúla ar na bacainní atá le sárú acu;

51.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra a thíolacadh d’fhonn cothabháil an chomhair trasteorann talún agus mhuirí a áirithiú i gcás géarchéim uile-Aontais nó réigiúnach agus cistiú leordhóthanach a thabhairt do thionscadail lena bhforbraítear an nascacht agus an idirmhódúlacht trasteorann. Ba cheart a áirithiú i gcónaí sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa glaonna sonracha chun naisc thrasteorann atá in easnamh a leigheas agus ba cheart do INTERREG cur leis an maoiniú a thugtar chun dul i ngleic leis na scrogaill iompair sin. Ba cheart na hinfheistíochtaí fadtéarmacha agus inbhuanaithe tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus trí na bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh (NPBInna) maoiniú a chur ar fáil freisin do thionscadail trasteorann;

52.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an comhairliúchán poiblí a thionscain an Coimisiún Eorpach Brain drain – mitigating challenges associated with population decline; á iarraidh an athuair go ndéanfaí cineálacha éagsúla freagairtí a shainaithint agus a chur chun feidhme maidir le gach fo-chuid d’fheiniméan na himirce daoine oilte — inimirce daoine oilte, cur amú éirime, cúrsaíocht daoine oilte agus aisimirce — mar aon le himirce an fhórsa saothair oilte;

53.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-athbhreithniú uaillmhianach a rinneadh ar na treoirlínte chun na gréasáin thras-Eorpacha iompair (TEN-T) a fhorbairt, go háirithe nóid uirbeacha a chomhtháthú níos fearr sa ghréasán fadraoin agus rialachas na gconairí Eorpacha a fheabhsú. Mar sin féin, teastóidh maoiniú suntasach ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal réigiúnach le go bhféadfar an bonneagar a chur chun feidhme i gcomhréir leis na spriocdhátaí do gach sraith den ghréasán. Chun leanúnachas agus infhaighteacht an mhaoinithe a áirithiú, molann CnaR tús a chur leis an bplé faoin gcéad leagan eile den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE 3);

54.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún maidir leis an gcreat nua don tsoghluaisteacht uirbeach; á iarraidh, ag an am céanna, níos mó béime a chur ar chur chun cinn na soghluaisteachta gníomhaí agus an iompair phoiblí. Is gá aghaidh a thabhairt ar na bearnaí suntasacha cistiúcháin atá i ndán do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i limistéir uirbeacha agus pheirea-uirbeacha, chomh maith leis an gcuimsitheacht iompair a áirithiú do na réigiúin tuaithe, d’fhonn cuspóirí dícharbónaithe an Aontais a bhaint amach;

Cosaint shóisialta, oideachas agus an óige

55.

á dhearbhú an athuair gur gá daoine óga a rannpháirtiú níos mó sna próisis dhaonlathacha agus sna cinntí ar gach leibhéal rialachais; á chur i bhfáth go bhfágfadh príomhshruthú na hóige sna réimsí beartais ábhartha uile go mbeadh an tAontas in ann oidhreacht láidir a áirithiú do Bhliain Eorpach na hÓige, 2022;

56.

ag leagan béim ar an ngá atá ann rochtain a éascú ar chosaint shóisialta, ar thithíocht inacmhainne agus inbhuanaithe do chách — agus go háirithe do dhaoine óga — lena n-áirítear trí mhaoiniú AE, agus dul i ngleic leis an bhfostaíocht fhorbhásach i measc na n-óg, mar fhreagairt ar an gcás tromchúiseach a bhfuil ar aos óg na hEorpa dul i ngleic leis tar éis phaindéim COVID-19;

57.

ag tathant ar an gCoimisiún Eorpach creat rialála Eorpach a mholadh chun deireadh a chur le tréimhsí oiliúna gan íocaíocht;

58.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach clár Eorpach tithíochta a bhunú, lena dtabharfaí aghaidh go héifeachtach ar na dúshláin agus na deiseanna atá roimh an earnáil tithíochta tríd an straitéis “rabharta athchóiriúcháin” a chur chun feidhme i gceart; á iarraidh, dá bhrí sin, eisceacht a dhéanamh i gcás infheistíochtaí i dtithíocht fhadtéarmach le nach n-áireofar iad mar chaiteachas struchtúrach náisiúnta nó coibhéiseach mar atá sainithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis;

59.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise na mórdhúshlán atá tagtha chun cinn sa tsochaí le blianta beaga anuas, nuashonrú a dhéanamh ar mholadh 2011 ón gComhairle maidir le beartais choisctheacha chun luathfhágáil na scoile a laghdú;

60.

á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé feabhas a chur ar an oideachas digiteach, mar phríomhchuspóir straitéiseach don teagasc agus don fhoghlaim ardcháilíochta sa ré dhigiteach. Trí scileanna digiteacha a bhaint amach, tugtar cumhacht do shaoránaigh an lae inniu agus do na saoránaigh a bheidh ann amach anseo, rud a chuirfidh ar a gcumas déileáil ar bhealach níos rathúla leis an gceathrú réabhlóid thionsclaíoch (réabhlóid dhigiteach) atá ann faoi láthair agus leis an gcúigiú réabhlóid atá ar na bacáin le hearnáil na tionsclaíochta 5.0.;

61.

á dhearbhú an athuair gur gá Colún Eorpach na gCeart Sóisialta maille leis na príomhspriocanna ábhartha atá ann do 2030 a chur chun feidhme ina n-iomláine; ag tathant ar an gCoimisiún, ina leith sin, straitéis chuimsitheach Eorpach i gcoinne na bochtaineachta a chur ar fáil, agus foráil a dhéanamh freisin maidir le sásraí éifeachtacha faireacháin agus bailithe sonraí, lena n-áirítear ar an leibhéal fonáisiúnta;

62.

á iarraidh go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach i ndearadh agus i gcur chun feidhme na dtograí le haghaidh margaí saothair cuimsitheacha agus beartais shóisialta níos láidre;

Sláinte, cosaint shibhialta agus turasóireacht

63.

i bhfách go huile agus go hiomlán leis an moladh ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an teacht aniar atá i gcórais sláinte na hEorpa a neartú; á mheabhrú gur bainistiú díláraithe a dhéantar ar na córais sin in dhá thrian de na Ballstáit, rud a fhágann go bhfuil na réigiúin ina bpáirtithe tábhachtacha sa phlé a dhéanfar ar aon bheartais nua atá dírithe ar spleáchas an Aontais ar sholáthraithe cógas ón gcoigríoch a laghdú agus i gcur chun feidhme na mbeartas sin, i gcomhordú an taighde agus an mhaoinithe, sa dlús a chuirfí le stoc-charnadh straitéiseach, i neartú na monaraíochta agus in aon athbhreithniú a dhéanfaí ar leochaileacht na gcóras sláinte; ag iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, machnamh a dhéanamh ar reachtaíocht nua, de chineál na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna, d’fhonn cur le neamhspleáchas an Aontais i réimse na gcomhábhar gníomhach, na gcógas réamhdhéanta, agus maidir le gach cineál frithbhirt leighis;

64.

ag súil leis go molfaidh an Coimisiún tograí nithiúla maidir le cur chun feidhme na moltaí ó CnaR i ndáil leis an Treoir maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a éascú d’othair, do ghairmithe sláinte, d’árachóirí sláinte agus d’údaráis phoiblí; á iarraidh go sonrach go dtabharfaí níos mó comhairle agus tacaíochta gníomhaí (lóistíochta, dlí agus airgeadais) do na réigiúin teorann a bhfuil lámh acu i gcomhar cúraim sláinte trasteorann (nó a bhfuil sé beartaithe acu sin a dhéanamh);

65.

ag súil leis go molfaidh an Coimisiún bearta san athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an reachtaíocht chógaisíochta lena áirithiú go mbeidh rochtain phras ag gach othar ar chógais leighis nuálacha, riachtanacha agus inacmhainne, beag beann ar an áit ina bhfuil cónaí orthu, agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna leis an nganntanas cógaisíochta;

66.

á chur in iúl an athuair go bhfuil gá le plean soiléir maidir le tiomantas fadtéarmach don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus do na hionstraimí ann, agus an maoiniú chuige sin a neartú, maidir le tubaistí a chosc agus ullmhú dóibh agus maidir leis an acmhainneacht choiteann phráinnfhreagartha, go háirithe i bhfianaise tubaistí níos casta agus níos minice a bheith ann. Tá CnaR ullamh chun cabhrú le hobair an Líonra Eolais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta i gcomhar le saineolaithe réigiúnacha agus áitiúla sa bhainistiú tubaistí;

67.

ag leanúint de straitéis nua a iarraidh maidir le turasóireacht na hEorpa, agus tá sé á iarraidh ar an gCoimisiún Clár Oibre Turasóireachta Eorpach 2030/2050 a thíolacadh ar deireadh chun tacú le dé-aistriú (glas agus digiteach) chinn scríbe turasóireachta na hEorpa, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí, chun borradh a chur faoina n-iomaíochas agus chun téarnamh an gheilleagair agus fostaíocht turasóireachta agus athsheoladh athléimneach gníomhaíochtaí agus feidhmiú an chirt chun turasóireachta sábháilte agus iomlán ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh a éascú;

Comhar seachtrach

68.

ag súil leis go ndéanfaidh an Coimisiún obair leantach maidir leis an iarraidh ó CnaR níos mó tábhachta a thabhairt don ghné réigiúnach sa chaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach agus go ndéanfaidh sé machnamh ar bhealaí agus ar mhodhanna chun baint struchtúrach, trí CnaR, a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis an gcomhpháirtíocht leis an Ríocht Aontaithe agus le creat institiúideach an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair. Amach ón gComhaontú sin, cuireann CnaR i bhfáth gur cheart don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe leas a bhaint as na deiseanna comhair atá ann, deiseanna nár baineadh leas astu go fóill, idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha an Aontais agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha na Ríochta Aontaithe, chun aghaidh a thabhairt le chéile ar dhúsláin atá i gcoiteann acu, amhail bainistiú inbhuanaithe na Mara Thuaidh, Mhuir nIocht agus Mhuir Éireann, nó cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach;

69.

á iarraidh ar an gCoimisiún, agus reachtaíocht turasóireachta á ceapadh aige, na srianta breise atá ar na réigiúin is forimeallaí a chur san áireamh, ar srianta iad atá ag brath go mór ar an turasóireacht dá bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha, agus ag tabhairt rabhadh, sa chomhthéacs sin, gur gá cistiú cuí a áirithiú chun inrochtaineacht agus an t-aistriú aeráide agus digiteach a choimirciú sna réigiúin sin;

70.

á mholadh go gcuirfí creat le haghaidh gníomhaíocht fhonáisiúnta san áireamh go foirmiúil i bpróiseas UNFCCC agus sa bheartas Eorpach aeráide a thiocfaidh as an bpróiseas sin;

71.

á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don ról a d’fhéadfadh a bheith ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus ag an gcomhar idir piaraí chun cur leis an tsíocháin agus leis an rathúnas i dtríú tíortha, amhail Tionscnamh na Niocóise;

72.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tuairimí ón gCoimisiún Eorpach maidir le hiarratas na hÚcráine, na Seoirsia agus na Moldóive ar bhallraíocht san Aontas agus gur díol áthais dó freisin an cinneadh ón gComhairle Eorpach stádas tír is iarrthóir a bhronnadh ar an Úcráin agus an Mholdóiv agus an pheirspictíocht Eorpach a aithint i gcás na Seoirsia; sa chomhthéacs sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú agus anailís dhomhain a dhéanamh ar an gcaidreamh le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus béim níos mó a leagan leis sin ar a gcuid iarrachtaí ar son an lánpháirtithe;

73.

á chur in iúl go bhfuil sé i bhfách le tíortha uile na mBalcán Thiar teacht isteach san Aontas Eorpach, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir aontachais uile; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé comharthaí dearfacha a chur chuig tíortha na mBalcán Thiar d’fhonn a rannpháirtíocht sa phróiseas a bhaineann le ballraíocht a chothú, ar próiseas fada é ar an drochuair;

74.

ag treorú dá Uachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig institiúidí an Aontais Eorpaigh agus chuig na hUachtaránachtaí ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

An Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  COR-2020-01392-00-00-RES-TRA.


30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/9


Rún ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir leis an toradh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus an obair a leanfaidh í

(2022/C 375/02)

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Ag féachaint don mhéid seo a leanas:

a Rúin maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 12 Feabhra 2020 (1) agus an 7 Bealtaine 2021 (2), agus maidir leis an méid a chuir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 27 Eanáir 2022 (3);

forógra Marseille ó cheannairí áitiúla agus réigiúnacha CnaR: “Is sna réigiúin, sna cathracha agus sna sráidbhailte a thosaíonn an Eoraip” an 4 Márta 2022 (4);

an Tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022 (5);

an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Bealtaine 2022 maidir leis an obair leantach ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (6);

an tuarascáil ó Ghrúpa Ardleibhéil Choiste na Réigiún um an Daonlathas (7);

an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 maidir leis an nglao ar Choinbhinsiún chun na Conarthaí a athbhreithniú (8);

an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach an 17 Meitheamh 2022 maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (9);

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó conclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa (dá ngairfear “an Chomhdháil” anseo feasta) mar a formhuiníodh iad ag seisiún iomlánach na Comhdhála an 30 Aibreán 2022 agus mar a cuireadh faoi bhráid Uachtaránacht na Comhairle, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh iad an 9 Bealtaine 2022, agus aitheantas á thabhairt ag an am céanna dá dhúshlánaí atá sé for-rochtain éifeachtach agus fíorchur chuige ón mbun aníos a áirithiú;

2.

i bhfách go mór leis an iarraidh ó na saoránaigh go mbeadh an tAontas Eorpach ní ba dhaonlathaí, ní ba thrédhearcaí, ní ba chothroime agus ní b’inbhuanaithe agus den tuairim go bhfuil gá chuige sin le hobair leantach phras éifeachtach chun cuspóirí agus tograí na Comhdhála a iompú ina dtionscnaimh pholaitiúla agus ina ngníomhaíochtaí nithiúla, lena n-áirítear trí bhíthin comhar idirinstitiúideach níos gníomhaí;

3.

á thabhairt chun suntais go ndéantar tagairt in go leor de na tograí a moladh sa tuarascáil deiridh ar an gComhdháil do rannpháirtíocht ghníomhach na réigiún agus na n-údarás áitiúil, pé acu a bhaineann sin le dearadh nó le cur i gcrích tionscnamh a d’fhéadfadh an tAontas Eorpach a dhruidim leis na saoránaigh;

4.

den tuairim go bhfuil gá le hathbhreithnithe a dhéanamh ar na Conarthaí má táthar chun tabhairt faoi athchóiriú uaillmhianach ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtreo gur féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn agus tuilleadh trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais, rud a thabharfaidh cumhacht do na saoránaigh agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, dá bhrí sin, gur iarr Parlaimint na hEorpa Coinbhinsiún tríd an nós imeachta trínar féidir athbhreithniú a dhéanamh ar na Conarthaí a ghníomhachtú (Airteagal 48 CAE);

5.

den tuairim gur cheart ról iomlán a bheith ag comhaltaí Choiste Eorpach na Réigiún sa Choinbhinsiún a bheidh ann amach anseo d’fhonn ionadaíocht a dhéanamh ar ghuthanna an mhilliún polaiteoir, nó os a chionn sin, a thoghtar go réigiúnach agus go háitiúil san Eoraip, agus gur cheart é sin a bheith le haithint ar chomhdhéanamh an Choinbhinsiúin, agus é á chur san áireamh freisin go ndéanann cuid de na polaiteoirí sin ionadaíocht ar réigiúin a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu;

6.

á chur in iúl, mar sin féin, gur oth leis nár cuireadh san áireamh sa tuarascáil deiridh go leor de na smaointe a cuireadh i láthair san Ardán Digiteach Ilteangach, cuir i gcás iad siúd a bhaineann le stádas oifigiúil teangacha agus an fhreagairt ar mhianta na n-eintiteas fostáit, in ainneoin líon suntasach formhuinithe a bheith faighte ag na smaointe sin;

An daonlathas Eorpach

7.

(40) (10) á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur aithníodh sa Chomhdháil cineál il-leibhéil an daonlathais ionadaíoch Eorpaigh, agus gur moladh lena linn CnaR a athchóiriú trí ról feabhsaithe a thabhairt dó, i dtaca le struchtúr institiúideach an Aontais, nuair a thagann ábhair a bhfuil tionchar críochach acu i dtreis. Measann CnaR gur cheart go bhfeabhsódh an t-athchóiriú sin raon feidhme na réimsí beartais a bhfuil gné chríochach acu agus nach foláir dul i gcomhairle leis ina dtaobh; is intuigthe as sin go ndéanfar athbhreithniú ar Airteagal 43 (CBT/iascach), Airteagal 79 (imirce) agus Airteagal 114 (clásal ginearálta an mhargaidh aonair) CFAE, mar aon le hathbhreithniú ar Airteagal 13 CAE agus Airteagal 294, Airteagal 300 agus Airteagal 307 CFAE;

8.

den tuairim, a fhad a bhaineann le réimsí an chomhairliúcháin éigeantaigh, gur cheart do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún Eorpach agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh cúiseanna réasúnaithe a thabhairt mura gcuirfear tuairimí ó CnaR san áireamh. Ba cheart rochtain a thabhairt do CnaR freisin ar na cruinnithe tríthaobhacha comhchinnteoireachta, bunaithe ar athbhreithniú ar an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr;

9.

(39.3) á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gComhdháil maidir le hainmneacha institiúidí an Aontais a athrú chun a bhfeidhmeanna agus a ról faoi seach i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais a shoiléiriú do na saoránaigh. Chuige sin, tá sé á mholadh ag CnaR go n-athrófaí a ainm féin d’fhonn léiriú níos fearr a thabhairt ar fhreagrachtaí polaitiúla agus dlíthiúla a chomhaltaí, mar aon leis an ról atá aige mar thionól Eorpach na réigiún agus na mbardas.

10.

ag iarraidh go mbeadh sineirgí idirinstitiúideacha níos fearr ann chun ról níos mó a thabhairt do CnaR in obair an Choimisiúin Eorpaigh, Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle an Aontais Eorpaigh (e.g. coistí, coimisiúin agus meithleacha) i ngeall ar a chumas eolas maith agus tuiscint níos fearr a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn an tAontas ar an láthair;

11.

(40, 40.2, 40.4) á chur in iúl gur díol sásaimh dó na nithe seo a leanas: an chaoi a n-aithnítear go bhfuil an choimhdeacht ghníomhach agus an rialachas il-leibhéil ina bprionsabail lárnacha agus ina ngnéithe bunúsacha d’fheidhmiú an Aontais agus den chuntasacht dhaonlathach; an achainí a rinneadh úsáid a bhaint ar bhonn córasach as sainmhíniú ar an rud is coimhdeacht ann arna chomhaontú go comhchoiteann ag institiúidí uile an Aontais d’fhonn a shoiléiriú cén leibhéal ar a gcaithfear cinntí a dhéanamh, cibé acu ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil é sin; agus an méadú ar an sásra rabhaidh coimhdeachta atá molta d’fhonn gach parlaimint réigiúnach laistigh den Aontas Eorpach a bhfuil cumhacht reachtach aici a chuimsiú leis. Tá CnaR i bhfách leis an iarraidh go dtabharfaí de dheis do na parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha sin a bhfuil cumhacht reachtach acu tionscnaimh reachtacha a mholadh ar leibhéal an Aontais amach anseo. Ba cheart do na tograí sin a thabhairt chun soiléireachta nach ealaín don choimhdeacht cosc a chur ar bheart a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach, ach gurb é is feidhm di an leibhéal rialtais is príomha a shainaithint, bíodh sin trí chumhachtaí foirmiúla eisiacha, nó trí chumhachtaí comhroinnte foirmiúla leis na leibhéil eile a thacaíonn leis na cuspóirí beartais;

12.

den tuairim, ina cheann sin, gur cheart athbhreithniú ar Airteagal 5(3) CAE, ar Phrótacal uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach agus ar Phrótacal Uimh. 2 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a bheith mar thoradh ar na tograí thuasluaite a bhaineann le coimhdeacht. Ba cheart a chuimsiú leis an athbhreithniú sin go mbronnfaí an tábhacht chéanna ar phrionsabal na comhréireachta agus ar phrionsabal na coimhdeachta, rud a thabharfadh ról don Choiste sa chéim ex ante d’fhaireachán na coimhdeachta, mar atá sainithe thuas, agus freisin prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm ar phróisis rialachais an Aontais níos minice agus ar bhealach níos fearr. Idir an dá linn, ba cheart an Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr san Aontas a chur in oiriúint chun feabhas a chur cheana féin ar ról an Choiste sa chreat institiúideach atá ann faoi láthair d’fhonn is gur fusa a shainaithint cén leibhéal rialachais ba cheart a bheith chun tosaigh, á chur san áireamh measúnuithe tionchair chríochaigh CnaR, a chuid oibre maidir le díonadh tuaithe, agus a scéim nua feabhsaithe maidir le Rialáil Níos Fearr agus Coimhdeacht Ghníomhach;

13.

(36) ag tacú leis na tograí ón gComhdháil atá dírithe ar an daonlathas ionadaíoch a chomhlánú trí rannpháirtíocht na saoránach i ndaonlathas na hEorpa a mhéadú ar gach leibhéal. Ba cheart é sin a chur chun feidhme trí chineálacha nua rannpháirtíochta saoránach a institiúidiú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh trí bhíthin comhphlé leis na saoránaigh arna roghnú go randamach maidir le hábhair shonracha. Tá CnaR ag iarraidh an athuair go mbunófaí sásra buan agus áitbhunaithe le haghaidh idirphlé leis na saoránaigh, agus tacaíocht á fáil aige ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena n-áiritheofaí cumarsáid sa dá threo idir na saoránaigh agus institiúidí an Aontais, rud a d’fhágfadh go mbeadh tuiscint níos fearr ann ar an tionchar áitiúil agus réigiúnach a bhíonn ag beartais AE ar fud an Aontais; á chur i bhfáth gur gá a ráthú go sroichfidh an sásra sin saoránaigh ó gach aoisghrúpa, ó gach bunadh agus ó gach cúlra; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, go bhfuil gá le claonadh trasteorann san idirphlé i réigiúin teorann chun fíor-bhreisluach Eorpach a chruthú; á mheas gur gá Airteagal 11 CAE, mar aon le hAirteagal 24 agus Airteagal 227 CFAE, a leasú chun sásraí um rannpháirtíocht saoránach atá ann cheana a chuíchóiriú;

14.

tiomanta leanúint d’idirphlé áitiúil a eagrú leis na saoránaigh agus de thionscnaimh struchtúrtha maidir leis an daonlathas rannpháirtíochta a eagrú a d’fhéadfadh cur leis an mbuansásra;

15.

(37) á chur in iúl gur díol sásaimh dó an smaoineamh go ndéanfaí cumarsáid níos gníomhaí faoi bheartais agus polaitíocht an Aontais, ní hamháin mar chuid de na toghcháin Eorpacha ach freisin i gcomhthéacs na dtoghchán náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

16.

(36.6) á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gComhdháil maidir le córas de chomhairleoirí áitiúla AE a chruthú mar bhealach chun an t-achar idir institiúidí agus saoránaigh an Aontais a laghdú; á ghealladh an togra seo a chur chun feidhme i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach trí Líonra Eorpach na gComhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla (11) atá ag fás go tapa agus tríd an tionscadal An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla (12);

17.

ag tnúth le togra ón gCoimisiún Eorpach amach anseo a bheidh dírithe ar chuidiú a thabhairt acmhainneacht na ngníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a chothú chun sraith nua d’idirphlé díláraithe leis na saoránaigh a sheoladh bunaithe ar chur chuige breithniúcháin (13);

18.

(39) á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gComhdháil atá dírithe ar fheabhas a chur ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh d’fhonn a áirithiú gur féidir leis an Aontas gníomhú, go háirithe d’fhonn cur i bhfeidhm na cinnteoireachta a leathnú trí vótáil trí thromlach cáilithe;

19.

(39.2) ag tacú leis na tograí ón gComhdháil maidir le ról níos dlúithe a thabhairt do na parlaimintí náisiúnta sa nós imeachta reachtach; ag iarraidh go gcuirfí riachtanais an dara seomra san áireamh sa chomhthéacs sin;

Luachanna agus Cearta, an Smacht Reachta, an tSlándáil

20.

(25.1, 25.3) á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur iarradh go gcloífí go hiomlán leis na luachanna agus na prionsabail a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i ngach Ballstát agus gur coinníollacha doshannta, do-athraithe agus sine qua non iad maidir le ballraíocht agus aontachas AE. Ós rud é gur bunleibhéal dlisteanachta daonlathaí iad na rialtais áitiúla agus réigiúnacha atá san Aontas, breis agus 80 000 díobh san iomlán, tá CnaR ag iarraidh go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go leanúnach i gcur chun cinn luachanna na Cairte agus san fhaireachán a dhéanfar ar chomhlíonadh na bprionsabal a bhaineann léi. Creideann CnaR, dá bhrí sin, go bhfuil a rannpháirtíocht féin san idirphlé idirinstitiúideach maidir leis an gCairt agus leis an bpróiseas faireacháin ar an smacht reachta fíor-riachtanach;

21.

(25.4) i bhfách le raon feidhme an Rialacháin maidir le Coinníollacht a chur i bhfeidhm agus a mheas go héifeachtach, ós rud é go ndéantar fionraí íocaíochtaí nó ceartuithe airgeadais a fhorchur i gcás ina sáraítear prionsabal an smachta reachta. Athdhearbhaíonn an Coiste go bhfuil sé den tuairim, i gcás na mbeart sin, gur cheart do thairbhithe a fhaigheann cistiú ón Aontas, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus nach bhfuil freagrach as na sáruithe ar an smacht reachta, a bheith i dteideal tacaíocht airgeadais a fháil ón mBallstát lena mbaineann go fóill (14); á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin gur iarradh meastóireacht a dhéanamh ar ionstraimí eile an smachta reachta agus breithniú a dhéanamh ar na bealaí dlíthiúla is gá chun pionós a ghearradh ar sháruithe ar phrionsabal an smachta reachta;

22.

(29.2, 29.4, 29.5) á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur iarradh an infheistíocht phoiblí san oideachas, sa tsláinte, i gcúram leanaí agus daoine scothaosta, sa chothromaíocht oibre agus saoil agus i réimsí tábhachtacha eile a mhéadú agus a éascú chun cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a Phlean Gníomhaíochta a chur chun cinn, rud a léiríonn do na saoránaigh an ghné shóisialta den Aontas Eorpach agus a chuid oibre chun feabhas a chur ar a gcáilíocht saoil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé Aontas Comhionannais a áirithiú, áit nach mbeidh aon ghlacadh le hidirdhealú, trí uirlisí dlíthiúla, beartais, critéir uile-Aontais agus ionstraimí ábhartha eile;

An tAthrú Aeráide, Fuinneamh agus an Comhshaol

23.

(3.1, 2.3) á thabhairt chun suntais go n-aithnítear ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach maidir le haistriú glas atá cuimsitheach cóir;

24.

i bhfách leis an uaillmhian dlús a chur leis an aistriú glas; á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tóir ar chathracha níos glaise tríd an bpleanáil uirbeach agus an tógáil uirbeach, trí úsáid a bhaint as réitigh dhúlra-bhunaithe chun an bhithéagsúlacht a chur chun cinn agus trí straitéisí lena gcuirfear deireadh leis an mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta. Á chur i bhfios, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua;

25.

(3, 4.1, 4.4, 31.2) á chur chun suntais gur gá, faoi chuimsiú aistriú cóir éiceolaíoch agus digiteach, aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin fhorimeallacha agus oileánacha, lena n-áirítear gach oileánra agus na réigiúin uile is forimeallaí, go háirithe d’fhonn a nascacht agus úsáid an bhonneagair phoiblí ar bhonn cothrom leis an gcuid eile de chríocha an Aontais a áirithiú;

26.

(3) ag tacú le cuspóir na Comhdhála maidir le slándáil fuinnimh na hEorpa a fheabhsú agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais Eorpaigh a bhaint amach, gan aon réigiún a fhágáil ar lár agus fuinneamh leordhóthanach inacmhainne inbhuanaithe a chur ar fáil dá shaoránaigh; ag iarraidh, ina leith sin, go mbeadh rochtain dhíreach ar chistí AE ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chuireann tionscadail an Chomhaontaithe Ghlais chun feidhme, agus aird ar leith á tabhairt ar réigiúin ina bhfuil córais fuinnimh iargúlta;

27.

suite de, má táthar chun obair leantach a dhéanamh ar na tograí ón gComhdháil, gur cheart comhar idirinstitiúideach níos feiceálaí a chur chun feidhme trí, inter alia, Meitheal an Choiste um an gComhaontú Glas ar an Leibhéal Áitiúil, feachtas cumarsáide CnaR maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an tIdirphlé Il-Leibhéil maidir le Fuinneamh agus leis an Aeráid; á mheas gur cheart an comhar atá ag CnaR faoi láthair le geallsealbhóirí amhail Cúnant Méaraí an Aontais Eorpaigh (maidir leis an bhfeachtas “Cities’ Energy Saving Sprint”) agus ag institiúidí AE eile (amhail Ardán an Choimisiúin Eorpaigh um Gheallsealbhóirí na Straitéise maidir le Truailliú Nialasach) a threisiú;

28.

tiomanta leanúint de ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn i leith beartais aeráide agus bithéagsúlachta trí ghníomhaíochtaí taidhleoireachta aeráide ar an leibhéal fonáisiúnta agus i gcreat UNFCCC; den tuairim gur cheart creataí éagsúla na Náisiún Aontaithe maidir leis an aeráid, an comhshaol agus SDGanna a bheith chomh comhsheasmhach agus chomh hidirnasctha agus is féidir, d’fhonn cur chun feidhme córasach a chur chun cinn agus d’fhonn pleanáil iomarcach a sheachaint. Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tacú le prionsabal an rialachais il-leibhéil agus cur chuige ón mbun aníos a chur chun cinn agus an sprioc dhomhanda maidir le hoiriúnú á sainiú;

29.

(3.8) á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur iarradh aistriú cóir chun oibrithe agus poist a chosaint, rud a éilíonn gné láidir chríochach i ngach cuid de, d’fhonn an cur chuige áitbhunaithe a áirithiú i gcomhréir le riachtanais shonracha na bpobal éagsúil. Tá CnaR ag iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh sásra Eorpach ann chun tacú le haistriú cóir glan rathúil do réigiúin tionscail gluaisteán agus soláthair na hEorpa trí chur chuige il-leibhéil rialachais agus comhpháirtíochta a bhunú le haghaidh pleanáil beartais agus gníomhaíocht bhuiséadach atá iomchuí agus éifeachtach;

An tSláinte

30.

(10.2, 10.3) á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur iarradh cur le hinniúlacht an Aontais i réimse na sláinte; ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar Airteagal 4 CFAE chun sláinte agus cúram sláinte a áireamh i measc na n-inniúlachtaí comhroinnte idir an tAontas agus na Ballstáit. Faoi mar a cuireadh chun suntais sna tograí ón gComhdháil, ba cheart leis an athrú sin aird iomlán a thabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta agus ar an ról lárnach atá ag gníomhaithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta i gcúrsaí sláinte;

31.

(10.6, 12.15) i bhfách leis gur iarradh rochtain oscailte ar chóireálacha atá ann cheana agus gur iarradh cógais leighis ar fud an Aontais a bheadh ar chaighdeán comhionann agus ar chostas cothrom áitiúil. Tá CnaR á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil ról ríthábhachtach ag an gcomhar cúraim sláinte trasteorann;

Geilleagar níos láidre, Ceartas Sóisialta agus Poist

32.

(11.3) ag tacú go mór leis an iarraidh ón gComhdháil athbhreithniú a dhéanamh ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh agus ar an Seimeastar Eorpach chun príomhchuspóirí an Aontais maidir le comhordú eacnamaíoch agus fioscach a chur chun cinn ar bhealach níos fearr bonn ar bhonn leis na haistrithe córa glasa agus digiteacha, chomh maith leis an gceartas sóisialta. Athdhearbhaíonn CnaR an iarraidh ón gComhdháil go mbeadh ról níos láidre ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ról nach mór a chur chun feidhme trí bhíthin “Cód Iompair” d’fhonn a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach sa Seimeastar Eorpach, ar cód é a bheadh ar aon mhúnla leis an gCód Iompair i ndáil le Comhpháirtíocht is infheidhme faoi chuimsiú na gcistí struchtúracha. Chuirfeadh Cód den sórt sin le haghaidh an tSeimeastair Eorpaigh feabhas ar éifeachtúlacht an phróisis agus ar a dhlisteanacht dhaonlathach araon. Ina theannta sin, tá CnaR ag iarraidh go ndéanfaí na SDGanna a chomhtháthú go sainráite athuair i leagan athchóirithe den Seimeastar Eorpach d’fhonn téarnamh inbhuanaithe áitbhunaithe a bhaint amach;

33.

(13, 14) ar aon fhocal leis an gComhdháil atá ar a dícheall ag iarraidh cur chun feidhme iomlán Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a phríomhspriocanna do 2030 a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus urraim á tabhairt do roinnt na n-inniúlachtaí agus do phrionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus do na hinniúlachtaí atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chomh maith le neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta. Tacaíonn CnaR freisin leis an togra ón gComhdháil le haghaidh Prótacal maidir le Dul Chun Cinn Sóisialta a áireamh sna Conarthaí agus ba ghá athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 3 CAE agus ar Airteagail 9, 151 agus 152/157 CFAE chuige sin;

34.

(15) láidir air gur cheart déileáil faoi phráinn agus go héifeachtúil leis an aistriú déimeagrafach. Ar a mhuin sin, tá CnaR á chur chun suntais na contúirtí don gheilleagar, agus don daonlathas ina iomláine, a bhaineann leis an neamhionannas sóisialta, eacnamaíoch, críochach agus digiteach atá ag dul i méid, arb é an toradh a bhíonn air, inter alia, imirce daoine oilte, agus tá béim á leagan aige, dá bhrí sin, air gur gá cur le tarraingteacht na réigiún dídhaonraithe, ar réigiún iad atá ag dul in aois, trí infheistíocht agus tacaíocht, go háirithe do dhaoine óga agus do theaghlaigh; tá CnaR á chur i bhfios go láidir freisin gur gá aird a thabhairt ar na réigiúin sin a bhfuil míchothromaíochtaí daonra iontu a eascraíonn as mórdhlúis daonra, go háirithe i limistéir fhorimeallacha agus oileánacha, ar limistéir iad atá an-leochaileach i leith brú ard daonna agus a bhfuil deacrachtaí acu maidir le bonneagar poiblí a bhainistiú;

35.

á chur chun suntais na tagairtí éagsúla sa tuarascáil ar an gComhdháil don ghá atá le tuilleadh comhtháthaithe agus ag leagan béim ar ról an chomhtháthaithe mar luach foriomlán de chuid an Aontais Eorpaigh agus ar an bprionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú”, a cuireadh chun cinn le déanaí san ochtú Tuarascáil faoin gComhtháthú. Feictear do CnaR go bhfuil gá le dlúthchomhar idir CnaR (agus a Chomhghuaillíocht um Chomhtháthú) agus institiúidí an Aontais Eorpaigh chun an prionsabal a chur i bhfeidhm i gceapadh beartais an Aontais amach anseo agus i gclárthréimhse 2021-2027 an bheartais comhtháthaithe;

36.

(12) ag tacú go mór leis gur iarradh an comhar trasteorann a neartú d’fhonn comhtháthú agus athléimneacht na réigiún teorann a fheabhsú, agus i bhfách leis an tagairt don Rialachán maidir le Sásra Trasteorann Eorpach, a d’fhéadfadh feabhas nach beag a chur ar an gcomhar trasteorann agus ar shlite beatha na saoránach a bhfuil cónaí orthu i réigiúin teorann. Is oth le CnaR, áfach, nach ann d’aon tograí atá dírithe ar na fadhbanna nach mór do réigiúin teorann aghaidh a thabhairt orthu ó lá go lá, agus tagraíonn sé don Rún Fís don Eoraip: A bhFuil i nDán don Chomhar Trasteorann, a d’eisigh sé in 2021, ina leagtar amach roinnt tograí chun tacú le réigiúin teorann agus chun feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann i gcoitinne;

37.

á chur in iúl gur cúis aiféala dó nach ann ach oiread d’aon tograí atá dírithe ar na réigiúin atá thíos le míbhuntáistí móra buana nádúrtha, amhail oileáin (lena n-áirítear oileánraí agus na réigiúin is forimeallaí) nó réigiúin shléibhtiúla, a bhfuil gá acu le tacaíocht shonrach ón Aontas Eorpach agus le measúnú tionchair críochnúil ar na beartais chun a bhforbairt a áirithiú faoi dhálaí atá comhionann leis na dálaí sa chuid eile de chríocha an Aontais Eorpaigh;

An Claochlú Digiteach

38.

(4.4, 12.14, 31) á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-aitheantas a thug an Chomhdháil don chomhtháthú digiteach mar chomhlánú ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; ag moladh go ndéanfaí an comhtháthú digiteach a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais Eorpaigh agus ag iarraidh go ndéanfaí Airteagal 175 CFAE a athbhreithniú dá réir sin. Cuireann CnaR chun suntais freisin an tsaincheist shíoraí maidir le hinfhaighteacht sonraí faoin gclaochlú digiteach ar an leibhéal fonáisiúnta, agus, dá bhrí sin, leanfaidh sé de chóras trínar féidir an aibíocht dhigiteach a thomhas ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a fhorbairt agus a chur chun feidhme i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach;

An Imirce

39.

(43.2) ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag na bardais agus ag na réigiúin maidir le himircigh agus dídeanaithe a lánpháirtiú go rathúil, agus ag iarraidh go ndíreofaí tuilleadh airde ar na beartais lánpháirtíochta sa phlé ar leibhéal an Aontais maidir leis an imirce. Tacaíonn CnaR go mór leis an togra ón gComhdháil faoina méadófaí tacaíocht airgeadais, lóistíochta agus oibríochtúil an Aontais, lena n-áirítear an tacaíocht a thugtar do na húdaráis áitiúla, do na rialtais réigiúnacha agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun bainistiú a dhéanamh ar chéadghlacadh imirceach agus iarrthóirí tearmainn, lena n-áirítear tacaíocht thiomnaithe chun mionaoisigh imirceacha neamhthionlactha a ghlacadh, rud a thionscnódh lánpháirtiú éifeachtach dídeanaithe agus imirceach rialta san Aontas nó aisdúichiú imirceach neamhrialta; á chur i bhfios gur cheart Airteagal 79(4) CFAE a leasú i ndáil leis sin d’fhonn is go bhféadfaí dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt ní hamháin do ghníomhaíocht na mBallstát, ach freisin, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na coimhdeachta, dá n-údaráis áitiúla agus réigiúnacha, d’fhonn lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha a chónaíonn go dlíthiúil ar a gcríocha a chur chun cinn, gan beann ar a dtír thionscnaimh;

40.

(44.2) ar aon fhocal leis an togra ón gComhdháil maidir le córas Bhaile Átha Cliath a athbhreithniú d’fhonn an dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chothrom na freagrachta i measc na mBallstát a ráthú, a chomhordófar ar an leibhéal Eorpach agus a chuideoidh le brú imirce ar réigiúin túslíne an Aontais Eorpaigh a mhaolú;

An tOideachas, an Cultúr, an Óige agus an Spórt

41.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na tograí ón gComhdháil maidir le tábhacht an oideachais mar mhodh chun saoránacht ghníomhach Eorpach a chur chun cinn. I ndáil leis sin, tá sé tiomanta forbairt a dhéanamh ar a threoirthionscadal maidir le Luachanna Eorpacha a Chur Chun Cinn trí mheán an Oideachais agus an Chultúir, lena n-áirítear na dea-chleachtais is fearr a shainaithint ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ar fud an Aontais Eorpaigh. Is mór ag CnaR na tograí ón gComhdháil arb é is aidhm dóibh comhordú a dhéanamh ar leibhéal na gclár oideachais éagsúil uile san Aontas, agus glacadh le hábhar náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

42.

(47.7) á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur iarradh iarrachtaí ar leith a dhéanamh chun imirce daoine oilte ó réigiúin agus ó thíortha áirithe laistigh den Aontas a sheachaint de thoradh easpa deiseanna a bheith ar fáil, go háirithe do dhaoine óga. Chuige sin, tacaíonn sé leis an éileamh ón gComhdháil go ndéanfaí gníomhaíocht níos cinntithí maidir le slándáil post, le cáilíocht agus luach saothair cóir post agus cúrsaí oiliúna, le rochtain chomhionann ar an gcosaint shóisialta agus le deiseanna tithíochta inacmhainne do dhaoine óga (go háirithe iad siúd ó ghrúpaí leochaileacha). Ba cheart na bearta sin a bheith dírithe ar na bearnaí críochacha atá ann cheana a dhúnadh maidir le deiseanna don óige sa saol agus lena bhfolláine san Aontas;

43.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an raidhse tagairtí don taighde agus don nuálaíocht atá sa tuarascáil ar an gComhdháil; á chur chun suntais gur gá an deighilt nuálaíochta a dhúnadh agus gur gá straitéisí nuálaíochta áitbhunaithe agus misin chríochacha a fhí ar a chéile, mar a rinneadh le déanaí leis an nGníomh Píolótach maidir leis an Nuálaíocht Réigiúnach;

44.

(36.9) i bhfách le seiceáil ar thionchar na reachtaíochta ar an óige a thabhairt isteach, arbh é a bheadh ann ó cheart sásra measúnaithe tionchair dírithe ar an aos óg agus a bheadh infheidhme maidir le reachtaíocht agus beartais an Aontais i réimsí atá ábhartha do dhaoine óga. Ba cheart an sásra sin a bheith dírithe ar leasanna fadtéarmacha agus ar an ngá atá le rannpháirtíocht ghníomhach an aosa óig i gcinnteoireacht an Aontais a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, agus ba cheart tionchar dearfach na dtograí reachtacha Eorpacha ar shaol daoine óga a thomhas leis. Ina fhianaise sin, cuireann CnaR chun suntais a ndéanann sé ar mhaithe leis an iarracht sin trína líonra féin, Polaiteoirí Tofa Óga, agus trí Chairt Eorpach um an Óige agus um an Daonlathas a chomhdhréachtú in éineacht le Fóram Eorpach na nÓg;

45.

(48.2) á chur in iúl gur díol sásaimh dó ionchais na saoránach i leith an éagsúlacht Eorpach a chur chun cinn agus a chosaint; i bhfách, i ndáil leis sin, leis na moltaí ón gComhdháil maidir leis an ilteangachas agus na teangacha réigiúnacha a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur gá aird agus cosaint bhreise a thabhairt do mhionteangacha agus do theangacha réigiúnacha, ós rud é gurb iad is teanga dhúchais do roinnt mhaith Eorpach agus ós rud é gur cuid d’oidhreacht chultúrtha luachmhar iad;

An tAontas Eorpach sa Domhan

46.

(25.1, 38.1) á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur iarradh ar institiúidí an Aontais gníomhú mar “ambasadóirí faoi choinne ár samhla daonlathaí” i dtíortha eile, agus béim á leagan aige ar a bhfuil ar siúl ag CnaR le roinnt blianta anuas sa chomhar a dhéanann sé leis na tíortha is iarrthóirí, le hiarrthóirí ionchasacha agus le tíortha comhpháirtíochta ó Chomharsanachtaí Oirthir agus Deiscirt an Aontais;

47.

den tuairim go mbeidh atógáil na hÚcráine ar cheann de na próisis is dúshlánaí don Aontas agus dá chomhpháirtithe idirnáisiúnta. I ndáil leis sin, is mian le CnaR aird a tharraingt ar a thionscnamh maidir le Comhghuaillíocht na gCathracha agus na Réigiún a bhunú ar mhaithe le hAtógáil na hÚcráine lena dtabharfar le chéile na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san Eoraip agus san Úcráin, d’fhonn ról lárnach a thabhairt don fhéinrialtas sa phleanáil straitéiseach atógála, d’fhonn an próiseas déabhlóide agus an rialachas il-leibhéil san Úcráin a chur chun feidhme a thuilleadh agus d’fhonn an dea-rialachas áitiúil/réigiúnach a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhar idir piaraí a éascú;

48.

á threorú dá Uachtarán an Rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Uachtaránachtaí na Fraince, na Seicia agus na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

An Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  COR-2020-00192-00-00-RES-TRA.

(2)  COR-2021-01674-00-00-RES-TRA.

(3)  COR-2021-06503-00-00-RES-TRA.

(4)  Forógra Marseille ó cheannairí áitiúla agus réigiúnacha CnaR:“Is sna réigiúin, sna cathracha agus sna sráidbhailte a thosaíonn an Eoraip”.

(5)  20220509RES29121.pdf (europa.eu).

(6)  2022/2648(RSP).

(7)  https://cor.europa.eu/ga/news/Pages/Report-of-the-High-Level-Group-on-European-Democracy.aspx

(8)  2022/2705(RSP).

(9)  COM(2022) 404 final.

(10)  Freagraíonn na huimhreacha i gcló trom atá idir lúibíní, a ráiníonn ag tús pointí éagsúla, do thograí agus bearta Chruinniú Iomlánach na Comhdhála, atá áirithe sa Tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa an 9 Bealtaine 2022.

(11)  https://building-europe-with-local-councillors.europa.eu/index_ga

(12)  https://cor.europa.eu/ga/engage/Pages/Network-of-Regional-and-Local-EU-Councillors.aspx

(13)  COM(2022)404 final.

(14)  Rún maidir leis an méid a chuir na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (COR-2021-06503).


TUAIRIMÍ

Coiste na Réigiún

An 150ú seisiún iomlánach de CnaR, 29.6.2022-30.6.2022

30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/15


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún maidir le Straitéis Artach nua an Aontais Eorpaigh

(2022/C 375/03)

Rapóirtéir:

Mirja VEHKAPERÄ (FI/Renew Europe)

Doiciméad tagartha:

JOIN(2021) 27 final (níl leagan Gaeilge ann)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

1.

ag moladh an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála as an Teachtaireacht chomhpháirteach a d’eisigh siad an 13 Deireadh Fómhair 2021, lena gcuirtear in iúl a thiomanta atá an tAontas le fada an lá an tArtach a fhorbairt agus comhar a dhéanamh sa réimse sin. Á chur in iúl gur díol sásaimh dó na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí atá leagtha amach sa Teachtaireacht sin a bhfuil sé mar aidhm leo Artach síochánta inbhuanaithe rathúil a áirithiú. Á aithint go bhfuil gá le hiarrachtaí comhpháirteacha ar leibhéil éagsúla, mar atá an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal idirnáisiúnta, d’fhonn na dúshláin atá le sárú san Artach a fhreagairt;

2.

ag aontú leis gur príomhlimistéar straitéiseach don Aontas Eorpach é an tArtach ó thaobh an athraithe aeráide, amhábhar agus saincheisteanna geostraitéiseacha de; á thabhairt dá aire gur díol spéise é an tArtach murab ionann agus riamh, lena n-áirítear do stáit nach stáit Artacha iad;

3.

á chur in iúl nach bhfuil sainmhíniú geografach an réigiúin Artaigh soiléir. Is féidir a mheas gurb é an limistéar atá suite ó thuaidh den Chiorcal Artach lár an Artaigh féin. Áirítear leis sin an t-aigéan Artach agus na críocha a bhaineann le hocht Stát éagsúla: Ceanada, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Iorua, an tSualainn, an Danmhairg, na Stáit Aontaithe agus Cónaidhm na Rúise;

4.

á thabhairt dá aire go n-áirítear ar na limistéir ina bhfuil an mhórchríoch a chumhdaítear leis an tuairim seo limistéir atá suite go díreach laisteas den Chiorcal Artach, áit a ndéanann dálaí san Artach difear nach beag do na dálaí comhshaoil agus socheacnamaíocha agus d’fhorbairt an bhonneagair;

5.

á chur in iúl nach monailit atá sa réigiún Artach ach gur réigiún an-mhór agus ilchineálach é: ar thaobh amháin, tá ceantair áirithe cúl le faobhar ann a bhfuil dálaí foircneacha nádúrtha iontu chomh maith le timpeallacht leochaileach agus dlús daonra íseal, agus, ar an taobh eile, tá réigiúin an-fhorbartha, uirbithe ann ina bhfuil scileanna láidre le fáil, daonra ardoilte agus cumas láidir nuálaíochta, amhail cuid an Aontais Eorpaigh de réigiún an Artaigh;

6.

á thabhairt dá aire go bhfuil na milliúin daoine ina gcónaí san Artach agus go mbraitheann an líon sin ar an gcaoi a sainítear an ceantar. Cónaíonn thart ar cheithre mhilliún áitritheoir sa cheantar atá suite lastuaidh den Chiorcal Artach. Tá roinnt náisiúntachtaí ann chomh maith le breis agus 40 pobal dúchasach éagsúil. Is saoránaigh den Aontas Eorpach iad sciar suntasach de dhaonra an réigiúin;

7.

á thabhairt dá aire go bhfuil a rian fágtha ar chlaochlú an Artaigh ag sraith d’athruithe comhshaoil, sóisialta, cultúrtha, polaitiúla agus slándála atá idirnasctha. Is athruithe dinimiciúla, tapa agus doimhne iad sin agus baint acu, murab ionann agus riamh, le forbairt atá ar siúl ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal domhanda;

8.

á chur chun suntais, fiú sula ndearna an Rúis ionradh ar an Úcráin, go raibh méadú nach beag tagtha ar ghníomhaíochtaí míleata i mórán limistéar san Artach, go háirithe nuair a neartaíodh na cumais mhíleata i gcuid na Rúise den Artach;

Artach sábháilte cobhsaí síochánta

9.

ag cáineadh go tréan an ionraidh mhíleata neamhdhleathaigh gan chúis gan údar a rinne an Rúis ar an Úcráin agus á chur in iúl gur cúis imní dó an t-athrú geopholaitiúil a chruthaíonn sé sin d’ord slándála na hEorpa agus na héifeachtaí iarmharta ar an Artach a leanfaidh as;

10.

ag leagan béim ar an ngá atá ann gach is féidir a dhéanamh ó thaobh an chomhair idirnáisiúnta de chun a áirithiú go mbeidh an tArtach sábháilte, cobhsaí agus síochánta, agus á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé comhar síochánta a chothabháil agus a chur chun cinn sa réigiún Artach, agus tacú leis, trí bhíthin roinnt struchtúr comhair atá ann cheana, go mór mór an Chomhairle Artach ós é an fóram is mó tábhacht don chomhar impholach Artach, ar an leibhéal duine le duine agus ar an leibhéal idir-rialtasach araon. D’fhonn cobhsaíocht a bhaint amach, ní mór don Aontas Eorpach aitheantas a thabhairt freisin do ról agus d’acmhainneacht na gcreataí idirnáisiúnta neamhrialtasacha comhair ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach amhail Fóram Mhéaraí an Artaigh, NSPA, Fóram an Tuaiscirt, Comhairle Eacnamaíoch an Artaigh agus Ollscoil an Artaigh (UArctic), chun idirphlé a chur chun cinn d’fhonn tacú leis an gcobhsaíocht; is féidir breisluach suntasach a chruthú leis na creataí fonáisiúnta sin trí thorthaí a chur ar fáil maidir le fíorthionscadail agus trí na comhpháirtithe nach bhfuil chomh srianta céanna ag forbairtí polaitiúla ardleibhéil a thabhairt le chéile; ag iarraidh ar institiúidí an Aontais dul i gcomhar leo agus oibriú leo;

11.

den tuairim gur tábhachtach an ní é go leanfaidh Comhairle Eora-Artach Réigiún Mhuir Barents agus Comhairle Réigiúnach Mhuir Barents den fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i réigiún Mhuir Barents; tá comhar an Aontais Eorpaigh i réigiún Mhuir Bhailt nasctha freisin le pacáiste comhair an Artaigh;

12.

á chur chun suntais an luach marthanach atá le Comhairle an Artaigh agus ag athdhearbhú a thacaíochta don institiúid sin agus dá cuid oibre, atá freagrach do mhuintir an Artaigh, lena n-áirítear na pobail dhúchasacha. Le fada an lá, tá croíphrionsabail na ceannasachta agus na hiomláine críochaí, bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta, mar bhonn le hobair Chomhairle an Artaigh. Tar éis don Rúis na prionsabail sin a shárú, tá obair na Comhairle sin ar fionraí go fóill. Ní mór machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an gComhairle leanúint den obair thábhachtach a bhí ar siúl aici i bhfianaise na gcúinsí atá i réim faoi láthair; ag athdhearbhú na hiarrata atá á déanamh aici le 21 bhliain anuas “stádas breathnóra” an Aontais Eorpaigh a bhronnadh ar Chomhairle an Artaigh;

13.

ag aithint a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann agus idirnáisiúnta i limistéar cosanta sibhialta an Artaigh chomh maith le cineálacha éagsúla bainistithe géarchéime;

An tAthrú Aeráide

14.

ar cóimheon leis an gCoimisiún Eorpach gurb é an t-athrú aeráide an bhagairt is mó ar an Artach. Tá éifeachtaí iarmhartacha ollmhóra le tabhairt faoi deara ar fud na hEorpa agus an phláinéid de thoradh teochtaí a bheith ag ardú trí huaire níos tapúla ná mar atá sa chuid eile den domhan agus de thoradh leá oighir agus coscairt talaimh shíorshioctha;

15.

á mholadh don Aontas Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta sa ghníomhú ar son na haeráide san Artach; á chur chun suntais, áfach, a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide san Artach agus ar an oiriúnú dó ar bhonn leathan mar chuid d’fhorbairt shocheacnamaíoch an réigiúin. Ní mór do bheartais aeráide fhadtéarmacha san Artach a bheith cóir ó thaobh an gheilleagair, na sochaí agus an réigiúin de, ionas go mbeidh a gcur chun feidhme éifeachtach agus glacadh leo ar leibhéal an phobail. Ciallaíonn sé sin nach mór tacaíocht a thabhairt do na réigiúin, do na hearnálacha agus do na hoibrithe is mó atá thíos leis an athrú;

16.

á chur chun suntais an tionchar tromchúiseach a bheidh ag an athrú aeráide san Artach ar chathracha agus ar réigiúin ar fud na hEorpa, de thoradh leibhéil farraige a bheith ag ardú, mar shampla, rud a fhágfaidh nach féidir cónaí a dhéanamh i roinnt limistéar cois cósta, nó de thoradh sruthanna aigéanacha modhnaithe agus patrúin frasaíochta mhodhnaithe. Is é an tosaíocht is mó gan dabht ar bith cur i gcoinne an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil san Artach. Ba cheart don Aontas Eorpach dlús a chur lena chuid taighde ar an athrú aeráide san Artach;

17.

á chur chun suntais go bhfuil an tAontas tiomanta limistéar inbhuanaithe rathúil a dhéanamh den réigiún Artach, rud a nascann tiomantas an Aontais don Artach go dlúth leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le geilleagar gorm an Aontais;

18.

den tuairim nach mór machnamh a dhéanamh ar an mbealach ina bhféadfar an Comhaontú Glas agus an pacáiste aeráide “Oiriúnach do 55” a chur chun feidhme, agus gnéithe sonracha na coda sin de réigiún an Artaigh ar leis an Aontas í á gcur san áireamh d’fhonn cóir chomhionann a áirithiú. Cuir i gcás, ní mór dálaí sonracha na loingseoireachta geimhridh san Artach a mheas ó thaobh trádáil astaíochtaí de;

19.

den tuairim nach mór do gach gníomhaíocht san Artach a bheith bunaithe ar theacht aniar an dúlra, ar chosaint na haeráide, ar phrionsabail na forbartha inbhuanaithe agus ar urramú chearta na ndaoine uile atá ina gcónaí sa réigiún. Is sa chomhthéacs sin is féidir aghaidh a thabhairt ar na leasanna eacnamaíocha agus ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch inbhuanaithe, de réir threoirlínte an Phrótacail Infheistíochta Artaigh don infheistíocht fhreagrach san Artach;

An tArtach agus na pobail a chónaíonn ann

20.

ar cóimheon leis an gCoimisiún Eorpach go huile is go hiomlán gurb iad na daoine a bhfuil cónaí orthu san Artach is príomhthosaíocht ó thaobh forbairt inbhuanaithe agus sochaithe athléimneacha de, agus ag leagan béim ar na dúshláin dhéimeagrafacha agus ar an gcaoi a mbeidh gá, má táthar chun slí inbhuanaithe chun tosaigh a aimsiú, le hidirphlé cuimsitheach agus le rannpháirtíocht fhóinteach sa chinnteoireacht ar gach leibhéal;

21.

á chur chun suntais an ról atá ag cathracha an Artaigh, ar príomhghníomhaithe iad san fhorbairt agus san oiriúnú don chomhthéacs athraitheach. Cuidíonn infheistíochtaí i mbonneagar uirbeach inbhuanaithe, iompar, digiteáil, bainistiú dramhaíola, an geilleagar ciorclach agus réitigh atá tíosach ar fhuinneamh, ar thaobh amháin, agus infheistíochtaí sóisialta i réimsí amhail an t-oideachas agus an tsláinte, ar an taobh eile, le timpeallacht maireachtála ardcháilíochta tharraingteach, gnólachtaí nua, etc. a chruthú. Tá tábhacht le cathracha freisin d’fhonn a chinntiú go leanfaidh an tArtach de bheith bríomhar agus iomaíoch, agus go leanfaidh daoine de chónaí a dhéanamh ann, á aithint san am céanna gur sláine a bheidh an tArtach má bhíonn cónaí ann;

22.

Tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, tacú le cathracha an Artaigh, a bheith ina chomhpháirtí acu, agus oibriú i ndlúthchomhar leo, go háirithe le Fóram Mhéaraí an Artaigh a thugann le chéile ionadaithe ó rialtais áitiúla ó ocht dtír, idir Bhallstáit agus tríú tíortha, a bhfuil cuid dá líomatáiste san Artach, maidir le roinnt tionscadail shonracha agus réimsí sonracha, amhail an aeráidneodracht agus an éifeachtúlacht fuinnimh, pleanáil uirbeach, sochaí chuimsitheach, poist, scileanna, daoine tréitheacha a mhealladh agus cathracha sláintiúla cliste. Á chur chun suntais gur ionstraim don taidhleoireacht bhog é Fóram Mhéaraí an Artaigh, ar cheart stádas breathnóra a thabhairt dó sa Chomhairle Artach chun gur féidir leis ionadaíocht a dhéanamh ar na pobail Artacha uile, lena n-áirítear na pobail dhúchasacha. Den tuairim gur cheart d’Fhóram Mhéaraí an Artaigh a bheith ina chomhpháirtí ag institiúidí an Aontais Eorpaigh san idirphlé il-leibhéil agus sa cheapadh beartas a bhíonn ar siúl aige maidir le todhchaí an Artaigh; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach machnamh a dhéanamh ar bhealaí nithiúla chun an sprioc sin a bhaint amach;

23.

á mholadh don Choimisiún Eorpach, i gcomhpháirt le Fóram Mhéaraí an Artaigh, clár oibre uirbeach don Artach a dhearadh do chathracha inbhuanaithe, rathúla, tarraingteacha agus bríomhara an Artaigh a bheidh oiriúnach don todhchaí agus acmhainní leordhóthanacha a dhíriú ar chur chun feidhme an chláir oibre sin. D’fhéadfadh an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta a dhréachtú freisin chun smaointe nithiúla a mholadh maidir le conas ról breise a thabhairt d’Fhóram Mhéaraí an Artaigh in obair an Choimisiúin;

24.

á chur in iúl go bhfuil gá le beartas tuaithe cliste, nua-aimseartha agus comhar uirbeach-tuaithe san Artach chun srian a chur leis an sreabhadh acmhainní ó limistéir thuaithe agus chun cur le forbairt inniúlachta agus feabhas a chur ar dhálaí maireachtála i limistéir thuaithe an Artaigh;

25.

á thabhairt chun suntais go bhfuil acmhainneacht fáis idirnáisiúnta ag tionscail chultúir agus chruthaitheachta an Artaigh, in éineacht le hearnáil na turasóireachta, toisc gur acmhainn dóibh poist a chur ar fáil agus an réigiún a dhéanamh níos tarraingtí, mar shampla, do mhná agus do dhaoine óga. Tá sé fíorthábhachtach go dtabharfadh an tAontas Eorpach tacaíocht d’fhorbairt an tionscail. Is fiú a thabhairt faoi deara gur roghnaíodh Umeå na Sualainne (2014), Bodø na hIorua (2024) agus Oulu na Fionlainne (2026) mar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa;

26.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé idirphlé a chur chun cinn i measc daoine óga agus ról a thabhairt dóibh i dtaca le straitéis Artach an Aontais Eorpaigh a cheapadh agus a chur chun feidhme; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach infheistíocht a dhéanamh san aos óg, san oideachas agus i gcláir um shoghluaisteacht agus malartú mac léinn, lena n-áirítear malartuithe fíorúla; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach cuid an Aontais Eorpaigh de réigiún an Artaigh a chur chun cinn go gníomhach mar chuid den chlár DiscoverEU, ós rud é gur minic a thugtar neamhaird sa phróiseas sin ar réigiúin iargúlta agus ar réigiúin nach bhfuil mórán daonra chun cónaithe iontu;

27.

á thabhairt dá aire, i bhfianaise Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, nach mór d’institiúidí an Aontais dul i mbun caibidlíocht le pobail dhúchasacha sa réigiún trína gcomhlachtaí ionadaíocha féin maidir le haon ghníomhaíocht a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do phobail dhúchasacha; i ndáil leis sin, ba cheart don Aontas tacú leis an gcuspóir toscaireacht de chuid na Sámach a bhunú sa Bhruiséil arna thionscnamh ag Comhairle na Sámach;

28.

den tuairim gur gá cur leis an bhfeasacht agus fios gnó laistigh den Choimisiún Eorpach agus d’institiúidí eile maidir le stádas agus riachtanais shonracha na bpobal dúchasach uile atá san Artach;

Samhail eacnamaíoch inbhuanaithe athléimneach don Artach

29.

den tuairim nach mór machnamh a dhéanamh ar an mbealach ina bhféadfar an Comhaontú Glas agus an pacáiste aeráide “Oiriúnach do 55” a chur chun feidhme, ag cur san áireamh gnéithe sonracha na coda sin den réigiún Artach ar leis an Aontas í d’fhonn cóir chomhionann a áirithiú, agus aird á tabhairt ar chúinsí sonracha nádúrtha an réigiúin Artaigh;

30.

á chur chun suntais nach mór forbairt inbhuanaithe an réigiúin Artaigh a bhunú ar a mbuanna críochacha agus ar an gcomhphleanáil fhadtéarmach. Ní mór tacú le hacmhainneacht an fháis ghlais sa chuid sin den réigiún Artach ar leis an Aontas í, bunaithe ar chur chuige áitbhunaithe, ar shaineolas uathúil a mhuintire, a chathracha, a réigiún agus a acmhainní nádúrtha. Bunchlocha is ea an rialachas il-leibhéil, an t-idirphlé agus an urraim fhrithpháirteach chun úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní agus le haghaidh gnólachtaí nua d’fhonn fostaíocht a chinntiú agus luach a chruthú;

31.

á thabhairt dá aire gur féidir leis an Artach eolas, táirgí, acmhainní agus fuinneamh a chur ar fáil don Eoraip, ar nithe iad atá ríthábhachtach chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach. Áirítear ar thionscail láidre an Aontais Eorpaigh atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha san Artach táirgeadh fuinnimh, turasóireacht, mianadóireacht, foraoiseacht, bithgheilleagar agus iascach, agus tacaíonn móracmhainneacht teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) an réigiúin leis an aistriú sin; ag iarraidh ar an Aontas tacú le haistriú na dtionscal sin d’fhonn earnálacha inbhuanaithe a dhéanamh díobh. Is féidir leis an speisialtóireacht chliste creat a chur ar fáil d’fhonn leochaileachtaí a chur chun deise don réigiún;

32.

á chur i bhfáth nach mór d’fhorbairt inbhuanaithe an Artaigh dul chun tairbhe na bpobal áitiúil, thar aon dream eile. Á aithint a thábhachtaí atá sé go mbeadh rochtain ag an Aontas Eorpach ar na hamhábhair mhórthábhachtacha atá riachtanach don aistriú glas; á thabhairt dá aire, áfach, go mbeadh impleachtaí suntasacha ag saothrú na n-amhábhar sin do gheilleagair, do chomhshaol agus d’áitritheoirí na Stát Artach;

33.

á thabhairt dá aire, agus níos mó ná 70 % de dhromchla a dtalún faoi fhoraoisí, go bhfuil réigiúin thuaidh na Sualainne, na Fionlainne agus na hIorua ar na réigiúin is dlúithe foraois san Eoraip agus ar na honnmhaireoirí is mó ar domhan de tháirgí foraoiseachta. Tá tionchar ag earnáil na foraoiseachta sa réigiún Artach ar shaol na bpobal Artach ar go leor bealaí, ós rud é gur foinse rathúnais agus gnó í chomh maith le foinse caitheamh aimsire agus gníomhaíochtaí amuigh faoin aer. Tá ról ríthábhachtach ag foraoisí freisin maidir leis an athrú aeráide a mhaolú agus ba cheart Straitéis Foraoise nua an Aontais Eorpaigh do 2030 a bheith ina treoirphrionsabal chun feabhas a chur ar chainníocht agus ar cháilíocht fhoraoisí an Aontais, ach mar sin féin, teastaíonn tacaíocht agus infheistíocht ó na réigiúin dhlúthfhoraoiseacha ó thuaidh chun geilleagar bithbhunaithe agus foraoiseacht ghlas nua-aimseartha inbhuanaithe a chothú ar shlí atá i dtiúin le saintréithe sonracha na réigiún sin;

34.

den tuairim nach mór don Artach gníomhaíochtaí gnó lenar féidir poist a chruthú amach anseo a chur chun cinn go gníomhach. De réir meastachán a foilsíodh go luath in 2022, tá acmhainneacht infheistíochta thart ar EUR 150 billiún idir seo agus 2030 ag an gcuid sin den réigiún Artach ar leis an Aontas í, a bhfuil cuid mhór di curtha síos do chur i gcrích an aistrithe ghlais. Leagtar béim ar infheistíochtaí i gcruach atá neodrach ó thaobh carbóin de, i monarú ceallraí agus in eastóscadh mianraí. In earnáil an fhuinnimh, is ar ghiniúint fuinnimh gaoithe a dhírítear;

35.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-aistriú fuinnimh ríthábhachtach don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide; tá gá le bealaí nua a aimsiú chun fuinneamh a tháirgeadh agus a ídiú. Ní mór don Aontas Eorpach díriú ar earnáil fuinnimh an Artaigh a nuachóiriú d’fhonn a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a neartú. Toisc go mbíonn fuinneamh iontaise á allmhairiú aige, fágann sin an réigiún leochaileach i leith na geopholaitíochta agus na margaí domhanda; á aithint gur ó thuaidh atá an réiteach gearrthéarmach ar spleáchas fuinnimh an Aontais le fáil;

36.

á chur chun suntais go bhfuil sé ríthábhachtach, san Artach, mar a bhfuil táirgeadh fuinnimh ar siúl, tionscail dianfhuinnimh agus timpeallacht dhúshlánach le haghaidh iompair agus bonneagair inbhuanaithe, go n-áiritheofar aistriú cothrom fuinnimh agus oiriúnú dó ó thaobh dhaonra agus thionscal an réigiúin. Ar na réimsí ba cheart a áireamh le haghaidh infheistíochtaí tá fuinnimh in-athnuaite, teicneolaíochtaí fuinnimh agus réitigh fuinnimh don todhchaí, amhail cnuasaigh in-athnuaite hidrigine agus ceallraí, táirgeadh díláraithe fuinnimh, téarnamh teasa agus digiteáil na hearnála fuinnimh;

37.

á chur in iúl go gcuirfidh an t-éileamh méadaitheach ar amhábhair de bharr leictriú na sochaí brú ar an mianadóireacht inbhuanaithe agus ar an bpróiseáil inbhuanaithe san Artach. Tá taisce ollmhór mianraí tearc-chré le fáil i réigiún an Artaigh, rud a chuideodh leis an Aontas Eorpach a spleáchas ar an tSín a laghdú, ós í an tSín a sholáthraíonn 90 % de na mianraí sin chuige faoi láthair. Ba cheart don Aontas a áirithiú go mbeidh ról lárnach ag an Artach i gComhghuaillíocht Amhábhar an Aontais Eorpaigh, agus dúlra an Artaigh á chosaint san am céanna, in ainneoin leasanna an Aontais i dtaca le deiseanna mianadóireachta agus amhábhar a shaothrú. Tá scileanna den chéad scoth ag gníomhaithe Eorpacha san Artach a théann chun tairbhe dóibh sna tionscail inbhuanaithe agus sa phróiseáil ar fud an tslabhra luacha. Ba cheart don Chomhairle Artach aird a thabhairt ar an méid sin;

38.

ag leagan béim ar an ngá atá ann cistiú AE a dhíriú ar chaoi a thacóidh le hinbhuanaitheacht infheistíochtaí san Artach agus a áiritheoidh inbhuanaitheacht na n-infheistíochtaí sin, agus ar chaoi a bhainfidh cothromaíocht amach idir forbairt fhreagrach acmhainní nádúrtha agus cosaint an chomhshaoil, d’fhonn leas iomlán a bhaint as acmhainneacht agus cumhacht chlaochlaitheach an Artaigh ós féidir leis claochlú glas, gorm agus digiteach an Aontais a thiomáint chun cinn;

Oideachas agus taighde

39.

á thabhairt dá aire gur réamhriachtanas lárnach do bheocht agus do tharraingteacht an Artaigh iad an taighde ardcháilíochta agus rochtain ar oideachas; á chur chun suntais go bhfuil imirce daoine oilte ar cheann de na dúshláin is mó atá le sárú ag an réigiún Artach, cibé acu daoine oilte atá ag fágáil an cheantair iad nó daoine a fhágann an ceantar ar thóir oideachais agus nach bhfilleann abhaile ina dhiaidh sin; ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha oibriú i gcomhar le chéile agus samplaí den dea-chleachtas a mhalartú le chéile faoi conas dul i ngleic leis an dúshlán sin;

40.

ag leagan béim ar an ngá atá ann na hinstitiúidí réigiúnacha oideachais agus taighde, agus a líonraí siúd, a bheith rannpháirteach i gceapadh bheartas taighde an Artaigh, agus a dtuigtear le taighde Artach a leathnú d’fhonn na gníomhaíochtaí taighde a chuireann leis an bhforbairt inbhuanaithe agus a théann chun tairbhe do mhuintir an Artaigh a áireamh ann, seachas féachaint air mar thaighde polach amháin. Ach éiceachóras nuálaíochta an Artaigh a bhunú, ar bhonn straitéisí cliste speisialtóireachta, chuirfí le forbairt réigiúnach na coda sin den réigiún Artach ar leis an Aontas í agus ba mhó na deiseanna nuálaíochta agus comhair a bheadh ann;

41.

ag iarraidh go gcuirfí acmhainní leordhóthanacha ar fáil chun na cuspóirí ar ar cinneadh a bhaint amach. Ba cheart an tArtach a shainaithint mar ábhar leathan trasearnála sna cláir éagsúla chistiúcháin agus ba cheart sineirgí idir na cláir a chur chun cinn. I dteannta Fís Eorpach agus Erasmus+, áirítear ar na hionstraimí ábhartha eile na cinn sin a bhfuil bonn réigiúnach fúthu amhail Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus cláir um chomhar críochach;

Nascacht

42.

den tuairim nach mór modhanna glasa iompair a fhorbairt go tapa bonn ar bhonn leis an aistriú tionsclaíoch glas, agus fóirdheonú a dhéanamh ar an aistriú ó bhreoslaí iontaise go modhanna amhail iompar leictreach agus iompar faoi thiomáint hidrigine; á chur in iúl go bhfuil tábhacht nach beag leis an tslándáil aeriompair san Artach freisin. Rogha mhalartach inbhuanaithe is ea na herárthaí leictreacha;

43.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó síneadh chonair TEN-T sa chuid sin den réigiún Artach ar leis an Aontas í agus á chur chun suntais a thábhachtaí atá sé naisc iompair a neartú, idir naisc thuaidh-theas agus thoir-thiar, d’fhonn na réigiúin atá nasctha le gréasáin iompair an Aontais i dtuaisceart na hIorua, sa tSualainn agus san Fhionlainn a idirnascadh agus chun gur féidir naisc leis an aigéan Artach a chruthú. Den tuairim nach mór gnéithe sonracha an Artaigh a chur san áireamh ar bhealach níos fearr i rialacháin TEN-T, amhail achair fhada, loingseoireacht gheimhridh agus daonra tearc, d’fhonn tacú le forbairt mol iompair san Artach a bhfuil tábhacht straitéiseach leo;

44.

á thabhairt dá aire go mbíonn tionchar ag an infheistiú i mbonneagar agus in iompar sa réigiún Artach ar an réigiún máguaird agus go gcuireann sé le dálaí oibriúcháin an réigiúin agus lena iomaíochas, lena n-áirítear a fhad a bhaineann le forbairt shóisialta, tionsclaíocht agus slándáil soláthair ó thaobh na hEorpa de;

45.

imníoch faoin spéis mhéadaithe atá léirithe ag tríú tíortha sa réigiún, mar shampla suim mhéadaitheach na Síne in úinéireacht an bhonneagair chriticiúil, i dtógáil cáblaí fomhuirí agus sa loingseoireacht dhomhanda; den tuairim gur ríthábhachtach an ní é ról a bheith ag an Aontas Eorpach mar infheisteoir sa réigiún, ionas gur féidir a áirithiú nach mbeidh tionscadail mhórscála san Artach á ndéanamh ag tríú páirtithe;

46.

á chur in iúl go láidir go bhfuil tábhacht nach beag le tiomantas an Aontais míchothromaíochtaí digiteacha a cheartú sna limistéir Artacha. Chun go mbeidh glacadh forleathan le teicneolaíochtaí móibíleacha ardluais den chúigiú agus den séú glúin san Artach, ní mór don Aontas Eorpach infheistíocht a dhéanamh chun naisc chnámh droma agus teicneolaíochtaí satailíte a neartú san Fhionlainn, sa tSualainn agus san Iorua. Tá naisc éifeachtacha chnámh droma ag teastáil san Artach don leibhéal íseal aga folaigh is gá le haghaidh réitigh slándála agus teilileighis, mar shampla. Dhá ní atá fite fuaite ina chéile is ea sábháilteacht agus iomaíochas idirnáisiúnta réigiúin fhorimeallacha Artacha na hEorpa a dhaingniú, ar thaobh amháin, agus an digiteáil a neartú, ar an taobh eile. D’fhéadfaí réitigh talún a aimsiú freisin, rud a chiallaíonn gur den tábhacht meascán de theicneolaíochtaí oiriúnacha a shainaithint atá in ann nascacht chobhsaí iontaofa neamhchostasach a chruthú. Agus deiseanna agus seirbhísí digiteacha nua á gcruthú, tá sé ríthábhachtach dul i gcomhairle le grúpaí éagsúla chun a áirithiú go bhfreastalóidh na réitigh nua ar riachtanais na n-úsáideoirí. Ar a mhuin sin, tá ról tábhachtach ag an nascacht i gcur chun cinn na sábháilteachta agus na forbartha inbhuanaithe;

Tuilleadh den Aontas Eorpach san Artach agus tuilleadh den Artach san Aontas

47.

á mholadh don Choimisiún Eorpach leanúint ar aghaidh lena thogra chun ionad ilfhreastail a chur ar bun d’fhonn uirlisí a chomhthiomsú agus cistiú a chur ar fáil d’fhorbairt an Artaigh;

48.

ag iarraidh ar uachtaránacht reatha na Comhairle agus ar na huachtaránachtaí a bheidh ann amach anseo a áirithiú go mbeidh saincheisteanna a bhaineann leis an Artach mar thosaíocht ar chlár oibre an Aontais;

49.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do chur chun feidhme bheartas Artach an Aontais Eorpaigh. Á aithint gur gá feabhas a chur ar an gcomhordú agus ar an gcomhar laistigh den Aontas maidir le saincheisteanna Artacha ar gach leibhéal den chinnteoireacht, agus gur gá a áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach go hiomlán sa rialachas il-leibhéil, i gcur chun feidhme straitéis Artach an Aontais Eorpaigh agus in ionstraimí maoiniúcháin an Aontais;

50.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar SEGS Fóram na nGeallsealbhóirí Artacha agus Idirphlé na bPobal Dúchasach a eagrú sa chuid sin den réigiún Artach ar leis an Aontas í i gcomhpháirtíocht le gníomhaithe réigiúnacha agus áitiúla, agus aird níos mó a dhíriú amach anseo ar ghuth a thabhairt don aos óg. Chun leanúnachas an idirphlé a áirithiú, tá CnaR ag moladh d’ionadaithe institiúidí an Aontais Eorpaigh dlús a chur lena rannpháirtíocht in imeachtaí agus i gcruinnithe sa réigiún a bhaineann leis an mbeartas maidir leis an Artach;

51.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach machnamh a dhéanamh ar Fhóram Comhairliúcháin a bhunú a mbeidh sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bheartas Artach an Aontais. Faoi choimirce an Fhóraim sin, d’fhéadfaí na príomh-gheallsealbhóirí a thabhairt le chéile, lena n-áirítear na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla;

52.

á thabhairt dá aire gurb iontach an deis é beartas nua Artach an Aontais a bheith á fhoilsiú i gcomhthráth le tús na clárthréimhse nua 2021-2027 óir cuideoidh sin leis an mbeartas a chur chun feidhme go rathúil; á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil ionstraimí éagsúla cistiúcháin ann, go háirithe faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoi na cláir um chomhar críochach Eorpach; in aiféala faoi gur minic, áfach, nach mbíonn an acmhainneacht riaracháin agus airgeadais ag eagraíochtaí beaga chun tairbhe iomlán a bhaint astu. Ba cheart ionstraimí cistiúcháin an Aontais san Artach a chur in oiriúint do riachtanais chríochacha shonracha an Artaigh agus do na hacmhainní sonracha atá ann, lena n-áirítear riachtanais na ndaoine dúchasacha;

53.

á thabhairt dá aire go gcuirtear ar fáil le cláir beartais comhtháthaithe an Aontais agus go háirithe le cláir thrasteorann Interreg creat tábhachtach le haghaidh teagmhálacha duine le duine ó theorainn go chéile, agus saintréithe sonracha an Artaigh á gcur san áireamh. Os a choinne sin, ba cheart tuilleadh deiseanna a bheith ann comhpháirtithe ó thíortha Artacha nach bhfuil san Aontas Eorpach a mhealladh chun comhoibriú impholach chomh maith le soghluaisteacht agus comhoibriú thuaidh-thuaidh a chur chun cinn;

54.

á thabhairt dá aire ar deireadh thiar go mbeidh tábhacht straitéiseach i gcónaí ag an réigiún Artach don Aontas Eorpach sna blianta atá amach romhainn agus gur gá don Aontas leanúint den dul chun cinn atá déanta aige trí chur leis an gcomhar iltaobhach agus leis an rialachas il-leibhéil, rud a fhágfaidh ról ag muintir an Artaigh ina leith, d’fhonn is gur féidir an ceann is fearr a fháil ar na dúshláin a bhaineann le staid gheopholaitiúil, timpeallacht nádúrtha agus dálaí sonracha socheacnamaíocha an réigiúin Artaigh agus leas a bhaint as acmhainneacht iomlán na n-aistrithe glasa, gorma agus digiteacha.

An Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/21


Teachtaireacht ón gCoimisiún – EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life (2021 2030) [Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021 2030)]

(2022/C 375/04)

Rapóirtéir:

János Ádám KARÁCSONY (HU/ECR) Leas-Uachtarán Chomhairle Contae Pest Megye

Doiciméad tagartha:

Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Straitéis maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021 2030)

COM(2021) 615 final (níl leagan Gaeilge ann)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an teachtaireacht EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life (2021-2030) [Straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021-2030)]; á chur in iúl go bhfuil sé ar aon fhocal leis an gCoimisiún Eorpach gur dúshlán casta é an comhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais, ós bagairt é ar luachanna bunúsacha na hEorpa. á thabhairt le fios, ach ról gníomhach a bheith aige ina leith, go bhféadfadh Coiste Eorpach na Réigiún cur le Straitéis AE an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú (2021-2030) trína áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach ina cur chun feidhme; den bharúil nach mór é a bheith d’aidhm choiteann ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go léir Aontas atá saor ón bhfrithsheimíteachas a bhaint amach;

2.

á chur in iúl gur cúis imní dó torthaí an dara suirbhé maidir le hidirdhealú agus coir fuatha i gcoinne na nGiúdach san Aontas Eorpach, Experiences and perceptions of antisemitism [Taithí agus tuiscintí ar an bhfrithsheimíteachas], a d’fhoilsigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha in 2018, inar deimhníodh go gcreideann naonúr as gach deichniúr Giúdach go bhfuil méadú tagtha ar an bhfrithsheimíteachas ina dtír féin, agus go measann 85 % de Ghiúdaigh gur fadhb thromchúiseach é an frithsheimíteachas;

3.

á chur in iúl gur geal leis go bhfuil straitéis an Choimisiúin bunaithe ar chomhairliúchán leathan leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear údaráis náisiúnta agus réigiúnacha, pobail agus eagraíochtaí Giúdacha, saineolaithe neamhspleácha agus taighdeoirí, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus geallsealbhóirí eile;

4.

á chur i bhfáth gur dlúthchuid de chultúr na hEorpa é an cultúr Giúdach agus nach mór oidhreacht chultúrtha na nGiúdach a chosaint agus a chur chun cinn i gcathracha agus i réigiúin an Aontais ar dhóigh a spreagann muintir na hEorpa chun béim a chur ar oidhreacht chultúrtha na nGiúdach agus í a mheas mar chuid ríthábhachtach de chultúr agus de dhóigh bheatha na hEorpa; á chur i bhfios nach mór don Eoraip aird a tharraingt ar na mílte bliain de thraidisiúin a bhaineann le saol na nGiúdach agus ar na samplaí iomadúla tábhachtacha den obair mhór atá déanta ag daoine den chreideamh Giúdach nó ó chúlra Giúdach i leith ár sochaí agus ár gcultúir chomhroinnte; den bharúil, i ndáil leis sin, gur den tábhacht dlús a chur leis an gcomhar idir na réigiúin agus an tsochaí shibhialta;

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur athdhearbhaigh an Coimisiún a thiomantas daingean soiléir don chomhrac domhanda i gcoinne an fhrithsheimíteachais; ag teacht leis nach féidir glacadh le haon chineál frithsheimíteachais, gríosaithe chun fuatha nó foréigin agus nach bhfuil sé ag luí le luachanna agus aidhmeanna an Aontais Eorpaigh agus a chuid Ballstáit. Is prionsabail doshannta iad sin. Ina fhianaise sin uile, is den ríthábhacht é go ndéanfadh gach údarás idirnáisiúnta, náisiúnta agus fonáisiúnta cosc agus cur i gcoinne an fhrithsheimíteachais a phríomhshruthú i ngach cineál agus i ngach réimse beartais;

6.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó tiomantas an Choimisiúin dul i mbun idirphlé rialta le Parlaimint na hEorpa agus le parlaimintí náisiúnta na mBallstát d’fhonn gníomhaíocht dhaingean spreagadh ar mhaithe leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus saol na nGiúdach a chothú; á thabhairt le fios, sa bhreis air sin, go gcuirfí tuilleadh feabhais ar éifeachtúlacht na straitéise dá leathnófaí an cuireadh sin chuig gníomhaithe réigiúnacha;

7.

den tuairim gurb iomchuí conclúid na straitéise go mbaineann gach cineál fuatha an bonn de luach an duine agus nach bhfuil siad ag luí leis na luachanna ar ar a son a seasann an tAontas; á chur in iúl, cé gur geal leis go bhfuil an straitéis sin mar chuid d’iarrachtaí an Choimisiúin gach cineál fuatha, idirdhealaithe agus ciníochais a chomhrac, go bhfuil sé den bharúil gur gá dul céim eile agus prionsabal an neamhfhulaingtheachais i gcoinne an fhrithsheimíteachais a fhógairt;

8.

á mheabhrú gur gá don Aontas Eorpach, bunaithe ar Airteagal 17 CFAE, idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a bheith aige le heaglaisí, le comhlachais reiligiúnacha agus le heagraíochtaí neamhchreidmheacha agus gur cheart do CnaR idirphlé den sórt sin a fhorbairt freisin;

Gach cineál frithsheimíteachais a chosc agus a chomhrac

9.

den tuairim go bhfuil conclúid na straitéise ceart, is é sin go n-áirítear ar na cineálacha is coitianta den fhrithsheimíteachas atá ann faoi láthair frithsheimíteachas a bhaineann le hIosrael agus gur ar líne a mbíonn ar Ghiúdaigh san Eoraip aghaidh a thabhairt ar chuid mhór díobh siúd (1);

10.

ag tacú go hiomlán leis an gcoincheap gur cheart é a bheith ina chleachtas caighdeánach ag na Ballstáit agus ag a n-údaráis leas a bhaint as an sainmhíniú ar an bhfrithsheimíteachas arna chur ar fáil ag an gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta um Chuimhne ar an Uileloscadh (IHRA) chun cuidiú leo patrúin fhrithsheimíteacha agus léirithe éagsúla den fhrithsheimíteachas a aithint; á thabhairt le fios, ach gníomh a aithint mar ghníomh frithsheimíteach agus é a ainmniú dá réir, go gcothaítear muinín as na húdaráis agus na cúirteanna, agus go bhfágann sé go mbíonn daoine níos toilteanaí coireanna frithsheimíteacha a thuairisciú;

11.

I gcomhréir leis an sainmhíniú thuasluaite: a) ba cheart gníomhaíochtaí frithsheimíteacha a mheas mar chionta coiriúla má shainmhínítear amhlaidh sa dlí (go háirithe séanadh an Uileloiscthe nó scaipeadh ábhar frithsheimíteach). Ní féidir úsáid téarmaíocht mhailíseach nó dhíobhálach (Uileloscadh, cinedhíothú, apartheid) a mheas mar cháineadh dlisteanach ar phobail Ghiúdacha nó ar aidhmeanna ginearálta nó iompar stát na nGiúdach; b) ba chart gníomhartha coiriúla a mheas mar ghníomhartha frithsheimíteacha i gcás ina roghnaítear spriocanna na ngníomhartha sin, cibé cé acu daoine nó maoin iad – amhail foirgnimh, scoileanna, ionaid adhartha agus reiligí – toisc gur Giúdaigh iad nó go meastar iad a bheith nasctha le Giúdaigh; c) ba cheart idirdhealú frithsheimíteach agus gan deiseanna agus seirbhísí atá ar fáil ag daoine eile a chur ar fáil do Ghiúdaigh a ionchúiseamh agus pionós a ghearradh as;

12.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur fhormhuinigh na Ballstáit an straitéis agus go bhfuil gealltanas tugtha acu cheana féin dul i ngleic ar bhealach coisctheach leis an bhfrithsheimíteachas agus é a chomhrac trí straitéisí náisiúnta agus cur i gcoinne cineálacha eile idirdhealaithe, amhail ciníochas agus seineafóibe, agus an t-antoisceachas. Sampla amháin is ea Aontas an Chomhionannais: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025 (2);

13.

i bhfabhar a mhaítear sa straitéis go bhfuil rannpháirtíocht níos fearr eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na bpobal Giúdach ríthábhachtach má tá rath chun bheith ar an straitéis. Ní mór freisin feabhas a chur ar chomhoibriú gníomhach leis na heintitis sin agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil dá dtionscnaimh trí cláir chistiúcháin AE atá ann cheana agus cistí sonracha a shannadh chun na spriocanna sin a chur chun feidhme;

14.

á chur in iúl gur mór aige tiomantas an Choimisiúin tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí agus do thionscadail chun gach cineál frithsheimíteachais a chomhrac agus a thaifeadadh tríd an gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) ar fiú EUR 1,55 billiún a chistiú (3), maille le raon leathan de chláir eile de chuid an Aontais (4). Ar an dóigh sin, thabharfaí aghaidh ar chineál trasnach an fhrithsheimíteachais tríd an bhfrithghiúdachas a chomhrac agus dlisteanacht Stát Iosrael a cheistiú, maille le aird leordhóthanach a thabhairt ar chuimhneachán ar an Uileloscadh;

15.

á mholadh, chun muinín as gníomhaíocht stáit a chothú, gur cheart daoine teagmhála a cheapadh i seirbhísí slándála náisiúnta agus réigiúnacha agus bealaí cumarsáide agus bearta comhordaithe a bhunú, go háirithe i gcás géarchéime;

16.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an cinneadh ón gCoimisiún Meitheal ad hoc maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac a bhunú mar struchtúr buan d’fhonn tacú le cur chun feidhme na straitéise agus chun cuidiú le hiarrachtaí na mBallstát, ionadaithe ón bpobal Giúdach agus geallsealbhóirí eile a chomhordú; ag iarraidh ar an gCoimisiún aird faoi leith a thabhairt ar chastacht na bpobal Giúdach san Eoraip agus ionadaithe na meithle á roghnú acu d’fhonn a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chomhionann ar gach aicme agus ar gach gluaiseacht reiligiúnach;

17.

á chur in iúl gur cás leis go ndearnadh ciapadh frithsheimíteach ar 44 % d’Eorpaigh óga Giúdacha (5); den bharúil go bhfuil géarghá leis an bhfuathchaint agus leis an gcoir fuatha a chomhrac go sainráite, mar aon leis an antoisceachas foréigneach agus leis an sceimhlitheoireacht i gcoinne na nGiúdach; á chur in iúl gur cúis mhór imní dó torthaí an tsuirbhé a rinne an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha ar thaithí daoine Giúdacha ar choireanna fuatha i 12 Bhallstát an Aontais. Sa suirbhé sin, deir 35 % de fhreagróirí go bhfuil an cineál seo ráitis cloiste acu cheana: “úsáideann Giúdaigh a stádas mar íospartaigh an Uileloiscthe chun a leasa féin” (6), agus measann 53 % de mhuintir na hEorpa gur fadhb ina dtír féin é séanadh an Uileloiscthe (7); ag tathant, agus an méid sin á chur san áireamh, go nglacfaí go pras leis an togra ón gCoimisiún Eorpach chun cur le liosta na gcoireanna AE chun an fhuathchaint agus an fhuathchoireacht a chumhdach ann, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí rialacha íosta uile-Aontais a bhunú chun cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú;

18.

ar aon dul leis an gCoimisiún go bhfuil ról thar a bheith tábhachtach ag na Ballstáit agus ag eintitis áitiúla agus réigiúnacha maidir leis an gcomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais agus maidir le saol na nGiúdach a chothú agus an straitéis á cur chun feidhme acu; ag tabhairt gealltanais go ndíreoidh sé níos mó ar shaincheist an fhrithsheimíteachais amach anseo d’fhonn rannchuidiú le cur chun feidhme straitéis AE maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus le malartú dea-chleachtas a chur chun cinn;

19.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach atá ag an gCoimisiún do 2021-2024 chun tacú le cláir oiliúna agus le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta chun dul i ngleic leis an bhfrithsheimíteachas do ghairmithe ceartais agus forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear tríd an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL); á chur in iúl cheart ábhar ardaithe feasachta faoin bhfrithsheimíteachas agus oiliúint leordhóthanach a bheith ar fáil freisin d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha;

20.

á chur i bhfios go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go dtiomsófaí sonraí inchomparáide maidir le cásanna den fhrithsheimíteachas sna Ballstáit agus go dtacófaí leis an modheolaíocht agus le bunú nósanna imeachta bailithe sonraí trí chistí agus cláir spriocdhírithe;

21.

ar aon fhocal leis an gCoimisiún gur cheart aird bhreise a thabhairt ar an bhfrithsheimíteachas ar líne a chomhrac; á thabhairt le fios go bhféadfadh radacú agus, ar deireadh, foréigean fisiciúil a bheith mar thoradh ar scéalta comhcheilge frithsheimíteacha agus ar shiombailí, earraí cuimhneacháin agus litríocht a bhaineann leis na Naitsithe, agus ar an gcaoi a scaiptear iad ar líne. Ina fhianaise sin, tá tábhacht ar leith ag baint leis na hoibleagáidí sonracha ar oibreoirí, a leagtar amach ina gcód iompair, san Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus san Ionstraim um Margaí Digiteacha;

22.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé aird níos mó a thabhairt ar an gcaoi le déileáil le hábhar neamhdhleathach ar ardáin meán sóisialta. Tá nósanna imeachta um fhorfheidhmiú an dlí, nósanna imeachta breithiúnacha agus nósanna imeachta sibhialta breithiúnacha tábhachtach chuige sin. Ba cheart géarleanúint a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar ráitis a dhéantar ar líne nó ar na meáin shóisialta ar cion coiriúil iad; den tuairim, ar an ábhar sin, gur gá reachtaíocht AE agus reachtaíocht náisiúnta maidir leis an ábhar sin a neartú. ag áitiú, dá bhrí sin, ar na Ballstáit an Cinneadh Réime maidir leis an gciníochas agus an tseineafóibe a chomhrac a thrasuí agus a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán (8);

Saol na nGiúdach a chosaint agus a chothú san Aontas Eorpach

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil rún daingean ag an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit agus le pobail Ghiúdacha trí chistiú EUR 24 mhilliún a chur ar fáil dóibh chun cosaint do shionagóga agus d’ionaid adhartha a neartú; ag tarraingt aird air go bhféadfadh na sonraí aontaithe a bhailítear maidir le teagmhais a bheith ina gcuidiú ag an gCoimisiún, in éineacht le Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh, chun iniúchadh a dhéanamh ar na bagairtí sonracha atá ann do dhaoine Giúdacha, do phobail Ghiúdacha agus d’ionaid adhartha d’fhonn rioscaí sonracha slándála a thuiscint, a chosc, a chosaint ar dhóigh níos fearr agus freagairt dóibh;

24.

ag cur béim air go ndeir 68 % de mhuintir na hEorpa go bhfuil siad “aineolach” ar stair na nGiúdach in ainneoin go bhfuil Giúdaigh i láthair san Eoraip leis na cianta (9); den bharúil gur gá é a bheith mar thosaíocht cur le feasacht agus eolas na ndaltaí óga ar stair, reiligiún agus cultúr na nGiúdach. Tá cáilíocht na n-ábhar teagaisc agus na lámhleabhar teagaisc thar a bheith tábhachtach chuige sin. Is den bhunriachtanas claontachtaí sochaíocha a dhíchur agus é a chur chun cinn gur cuid de shochaí na hEorpa é saol na nGiúdach;

25.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-aitheantas a thug an Coimisiún don ról tábhachtach atá ag an spórt agus ag na meáin i gcur chun cinn an chuimsithe; á thabhairt le fios go bhféadfadh rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí Giúdacha agus soláthar tacaíochta trí chláir spriocdhírithe a bheith níos éifeachtaí chun steiréitíopaí agus míthuiscintí frithsheimíteacha a chomhrac;

26.

á chur in iúl gur geal leis an creat gníomhaíochta Eorpach maidir le hoidhreacht chultúrtha (10) (lena n-áirítear beart sonrach maidir le reiligí Giúdacha san Eoraip); ag tarraingt aird air freisin, áfach, go bhfuil chuid mhór sionagóga agus láithreacha eile de chuid na nGiúdach san Eoraip atá tréigthe. Sa bhreis ar chabhair réigiúnach, bheadh gá le cláir bhreise chun fréamhacha cultúrtha na hEorpa a neartú trí na háiteanna tábhachtacha sin a athbhunú agus iad a chosaint ar an loitiméireacht;

27.

á chur in iúl gur mór aige a thiomanta atá an Coimisiún d’oideachas agus do thaighde ar shaol na nGiúdach, ar an bhfrithsheimíteachas agus ar an Uileloscadh agus go bhfuil sé aitheanta aige go bhfuil an méid sin bunriachtanach má táthar chun tuiscint a fháil ar an bhfrithsheimíteachas sa lá atá inniu ann agus féachaint chuige nach dtarlóidh a leithéid ainghníomhartha choíche arís. Bíodh sin mar atá, ní mór raon feidhme teoranta chlár ESCE (11)/chlár ODIHR (12) agus chlár UNESCO (13) a neartú i roinnt Ballstát;

Oideachas, taighde agus cuimhneachán ar an Uileloscadh

28.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó plean an Choimisiúin chun suirbhé uile-Aontais a mhaoiniú maidir le claontaí frithsheimíteacha ar fud an Aontais Eorpaigh (14), ag tógáil freisin ar an taithí atá ag roinnt mhaith Ballstát agus ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud an Aontais;

29.

á chur i bhfáth, cé go dtagann an t-oideachas faoi inniúlachtaí na mBallstát, gur den riachtanas athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar oideachais a úsáidtear in institiúidí oideachais san Eoraip a bhaineann leis an nGiúdachas, leis an bhfrithsheimíteachas, leis an Uileloscadh, agus le hIosrael sa lá atá inniu ann. Ba cheart an t-ábhar sin a bheith go hiomlán i gcomhréir le caighdeáin UNESCO maidir le síocháin, caoinfhulaingt, cómhaireachtáil agus neamhfhoréigean. Thairis sin, ba cheart cistí AE a dheonú chun téacsleabhair a mhaoiniú a chomhlíonann na caighdeáin thuasluaite uile de chuid UNESCO. Tá sé riachtanach oiliúint chuí a chur ar mhúinteoirí ar gach leibhéal oideachais chun aghaidh a thabhairt ar an bhfrithsheimíteachas agus chun dul i ngleic leis an gclaontacht san oideachas agus trína bhíthin (15). Ach dea-chleachtais a roinnt i measc oideachasóirí agus traenálaithe agus leibhéil éagsúla rialachais arb é is cúram dóibh beartais oideachais agus oiliúna a cheapadh agus a chur chun feidhme, d’fhéadfaí cur leis an gcomhrac i gcoinne míthuiscintí agus steiréitíopaí;

30.

á chur i bhfáth gur cúis bhuartha dó go bhfuil gníomhartha frithsheimíteacha ag teacht chun cinn athuair i scoileanna agus a dheacra atá sé anois ag múinteoirí áirithe teagasc faoi Shoah; ag teacht leis gur cheart é a chur ar chumas múinteoirí an frithsheimíteachas, Shoah, saol agus stair na nGiúdach a phlé, lena n-áirítear i seomraí ranga ilchultúrtha; á chur i bhfáth, ar an ábhar sin, go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh na Ballstáit tacaíocht oideolaíoch níos fearr ar fáil do mhúinteoirí – go háirithe múinteoirí staire – agus do phríomh-mháistrí scoile agus iad ag múineadh faoin Dara Cogadh Domhanda agus, ar bhonn níos ginearálta, agus aghaidh á tabhairt acu ar shaincheist an fhrithsheimíteachais. á chur i bhfios go bhfuil gá ar leith le malartuithe struchtúrtha le múinteoirí chun athbhreithniú agus feabhsú a dhéanamh ar na hábhair teagaisc a úsáidtear sna Ballstáit agus sna réigiúin;

31.

á chur in iúl gur geal leis go bhfuil gníomhaíochtaí fós á maoiniú ag an gCoimisiún sna Ballstáit chun an frithshemíteachas a chomhrac ar bhonn córasach, chun saol na nGiúdach a chothú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus chun eolas a chur chun cinn maidir le saol réigiúnach agus áitiúil na nGiúdach, maille le malartuithe le pobail áitiúla; ag leagan béim air gur cheart tacú le gníomhaíochtaí den chineál sin trí chláir de chuid an Aontais amhail Fís Eorpach agus CERV;

32.

ag tacú go mór le tionscadail taighde idirnáisiúnta maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chosc, amhail tionscadail chomparáideacha maidir leis an gcaoi a múintear an frithsheimíteachas i scoileanna; á iarraidh go dtacófaí go sonrach leo trí chistí Eorpach;

33.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comóradh a dhéanamh ar ghníomhartha gaisciúla na ndaoine neamh-Ghiúdacha ar fud na hEorpa a thug a mbeatha chun cuidiú leis na Giúdaigh le linn an Shoah;

34.

ag tacú le forbairt chomhordaithe trasteorann na n-ábhar teagaisc ilteangach maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chosc maille le lámhleabhair teagaisc atá inrochtana go digiteach agus saor in aisce;

35.

den bharúil go bhfuil sé ríthábhachtach sásraí a neartú chun rialú a dhéanamh ar mhaoiniú grúpaí a dhéanann, ar scáth eagraíochtaí neamhrialtasacha, an ghluaiseacht Boycott, Divestment Sanctions (BDS) a chur chun cinn nó a thugann údar leis an sceimhlitheoireacht agus a spreagann í;

36.

á chur in iúl gur mór aige obair an Bhonneagair Eorpaigh um Thaighde ar an Uileloscadh (EHRI) (16); den bharúil go bhfuil sé tábhachtach go ndaingneofaí todhchaí an taighde, an chomórtha agus an oideachais trasnáisiúnta ar an Uileloscadh amach anseo, fiú nuair a thiocfaidh deireadh leis an tionscadal in 2024. Is é sin an tionscnamh taighde um an Uileloscadh a fhaigheann an cistiú is mó ón Aontas;

Ar thús cadhnaíochta sa chomhrac domhanda i gcoinne an fhrithsheimíteachais

37.

á chur in iúl gur geal leis gur admhaigh an Coimisiún go bhfuil Iosrael ina chomhpháirtí lárnach ag an Aontas Eorpach sa chomhrac domhanda i gcoinne an fhrithsheimíteachais; á chur i bhfios, thairis sin, go bhfuil sé go hiomlán i bhfách leis an gcomhar leis an Meitheal ad hoc a bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus le Meitheal Pharlaimint na hEorpa i gcoinne an FhrithSheimíteachais (WGAS);

38.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh ról ag na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ina leith sin, maille le pobail Ghiúdacha agus an tsochaí shibhialta, d’fhonn dlisteanacht an phlean gníomhaíochta a neartú agus d’fhonn an frithsheimíteachas san Eoraip a chomhrac ar dhóigh níos éifeachtaí. Tá sé tábhachtach freisin dea-chleachtais a roinnt idir tíortha éagsúla agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear na cuspóirí agus na bearta a leagtar amach le haghaidh an oideachais, na reachtaíochta nó an taighde arna gceapadh ag leibhéil éagsúla rialachais;

39.

den tuairim, ós rud é go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sa líne thosaigh sa chomhrac i gcoinne an fhrithsheimíteachais agus i gcothú shaol na nGiúdach, gur cheart deis a bheith acu páirt a ghlacadh i malartuithe, comhairliúcháin rialta agus idirphlé le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh;

40.

á thabhairt le fios gur féidir le CnaR, i gcás inarb iomchuí, cur leis an obair a bhíonn ar bun ag an Meitheal ad hoc maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac arna bunú ag an gCoimisiún; á chur in iúl go bhfuil sé toilteanach cuireadh a thabhairt d’ionadaithe na Meithle chun freastal ar chruinnithe ábhartha de chuid an Choiste;

41.

á chur in iúl go leanfaidh sé an iarraidh ón gCoimisiún chun dea-shampla a thabhairt agus chun feabhas a chur ar a ionadaíche atá baill foirne CnaR trí bhearta earcaíochta agus roghnúcháin.

An Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Braitheann 79 % de Ghiúdaigh san Eoraip gur cuireadh iad i gcionta le gníomhaíochtaí a rinne Stát Iosrael. Deir 69 % díobh nach bhfuil siad ar a suaimhneas i ngeall ar an gcoinbhleacht Arabach-Iosraelach (an dara suirbhé ó FRA 2018): https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2018-experiences-and-perceptions-of-antisemitism-survey_en.pdf).

(2)  COR-2020-04617.

(3)  C(2021) 2699 final: https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/c_2021_2699_f1_commission_implementing_decision_en_v3_p1_1177590.pdf); Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna: https://ec.europa.eu/info/funding-tenders/opportunities/portal/screen/programmes/cerv.

(4)  An clár um Cheartas, Fís Eorpach, Clár Eoraip na Cruthaitheachta, Erasmus+, an Ciste Slándála Inmheánaí, cistí an bheartais chomhtháthaithe, an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI), agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA).

(5)  Young Jewish Europeans: perceptions and experiences of antisemitism, FRA, 2019: https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2019-young-jewish-europeans_en.pdf.

(6)  Experiences and perceptions of antisemitism Second survey on discrimination and hate crime against Jews in the EU, FRA, 2018: https://fra.europa.eu/sites/default/files/fra_uploads/fra-2018-experiences-and-perceptions-of-antisemitism-survey_en.pdf.

(7)  Féach Eorabharaiméadar Speisialta 484, Perceptions of anitsemitism, 2019: https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2220.

(8)  Cinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/ALL/?uri=CELEX%3A32008F0913

(9)  Suirbhéanna – Eorabharaiméadar (europa.eu).

(10)  Creat gníomhaíochta Eorpach maidir leis an oidhreacht chultúrtha.

(11)  ESCE: An Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

(12)  ODIHR: an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine.

(13)  UNESCO: Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe.

(14)  Kovács, A., Fischer, G., Antisemitic Prejudices in Europe: Survey in 16 European Countries, Action and Protection League, 2021: European antisemitism survey, APL – Action & Protection League (apleu.org).

(15)  Addressing Anti-Semitism in Schools: Training Curricula, foilseachán arna gceapadh ag ODIHR i gcomhar le UNESCO.

(16)  https://www.ehri-project.eu/


30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/26


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Pacáiste um Méadú 2021

(2022/C 375/05)

Rapóirtéir:

Anna Magyar (HU/ECR), Comhalta de Thionól Chontae Csongrád-Csanád

Doiciméid tagartha:

Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – 2021 Communication on EU enlargement policy [Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú] – COM(2021) 644 final (níl leagan Gaeilge ann);

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Albania 2021 Report [Tuarascáil 2021 maidir leis an Albáin] – SWD(2021) 289 final (níl leagan Gaeilge ann);

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Bosnia and Herzegovina 2021 Report [Tuarascáil 2021 maidir leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin] – SWD(2021) 291 final/2 (níl leagan Gaeilge ann);

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Kosovo* 2021 Report [Tuarascáil 2021 maidir leis an gCosaiv*] – SWD(2021) 292 final/2 (níl leagan Gaeilge ann);

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Montenegro 2021 Report [Tuarascáil 2021 maidir le Montainéagró] – SWD(2021) 293 final/2 (níl leagan Gaeilge ann);

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – North Macedonia 2021 Report [Tuarascáil 2021 maidir leis an Macadóin Thuaidh] – SWD(2021) 294 final (níl leagan Gaeilge ann);

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Serbia 2021 Report [Tuarascáil 2021 maidir leis an tSeirbia] – SWD(2021) 288 final (níl leagan Gaeilge ann);

Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin – Montenegro 2021 Report [Tuarascáil 2021 maidir leis an Tuirc] – SWD(2021) 290 final/2 (níl leagan Gaeilge ann).

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

Barúlacha ginearálta

1.

á thabhairt dá aire le teann spéise Teachtaireacht 2021 ón gCoimisiún Eorpach maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú, na tuarascálacha ar na tíortha is iarrthóirí – an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an Tuirc, agus na tuarascálacha ar thíortha is iarrthóirí ionchasacha – an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv (1);

2.

á mheabhrú uaillmhianta Eorpacha agus rogha Eorpach na hÚcráine a luaitear sa Chomhaontú Comhlachais. An 28 Feabhra 2022, agus an ceart atá ag an Úcráin a cinniúint féin a roghnú á fheidhmiú aici, thíolaic Uachtarán na hÚcráine iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach; ag iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún naisc a neartú a thuilleadh agus an chomhpháirtíocht a dhoimhniú chun tacú leis an Úcráin agus a conair Eorpach á saothrú aici, i gcomhréir le forálacha ábhartha na gConarthaí;

3.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur dearbhaíodh ag Cruinniú Mullaigh AE-na mBalcán Thiar a bhí ar siúl in Brdo i mí Dheireadh Fómhair 2021 gur leas straitéiseach coiteann agus rogha straitéiseach choiteann é próiseas méadaithe na mBalcán Thiar, próiseas atá bunaithe ar athchóirithe inchreidte arna ndéanamh ag comhpháirtithe, ar choinníollacht chothrom dhocht agus ar phrionsabal na dtuillteanas dílis;

4.

ag tabhairt dá aire iarratais fhoirmiúla na Seoirsia agus na Moldóive chun teacht isteach san Aontas Eorpach; ag iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún tacú leo agus iarracht á déanamh acu dul isteach san Aontas nuair a bheidh na critéir maidir le méadú comhlíonta acu;

5.

á chur i bhfáth go bhfuil sé i bhfách le tíortha uile na mBalcán Thiar, an Úcráin, an Mholdóiv agus an tSeoirsia teacht isteach san Aontas Eorpach, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir aontachais uile; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé, maidir leis sin, comharthaí dearfacha a chur chucu d’fhonn a rannpháirtíocht sa phróiseas a bhaineann le ballraíocht a chothú, ar próiseas fada é ar an drochuair; á chur i bhfios go láidir go bhfágadh easpa fíorpheirspictíocht iontaofa AE go mbeadh frustrachas i measc na dtíortha comhpháirtíochta agus go mbeadh baol ann go mbeadh tionchar breise ag tríú tíortha sa réigiún;

6.

á thabhairt le fios athuair nach féidir athchóiriú a dhéanamh ar an riarachán poiblí i dtíortha na mBalcán Thiar mura bhfuil ann do dhea-rialachas ar an leibhéal áitiúil; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach a ionchorprú in athchóiriú an riaracháin phoiblí bearta agus ionstraimí tacaíochta maidir le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa phróiseas athchóirithe foriomlán;

7.

á mheabhrú gur ar an leibhéal fonáisiúnta a chuirtear 70 % den acquis communautaire chun feidhme; á mholadh go ndéanfaí plé ar dhea-chleachtais i gcomhthéacs an chomhair leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus a rannpháirtíochta a mhéid a bhaineann le cúrsaí méadaithe agus iad a chur i bhfeidhm, ós comhpháirtithe straitéiseacha iad sa phróiseas agus ós príomhghníomhaithe iad chun a áirithiú go mbeidh rath ar an méadú do na saoránaigh;

8.

ag iarraidh ar an gCoimisiún an leas is fearr is féidir a bhaint as TAIEX agus Nascadh chun cur le forbairtí institiúideacha agus fothú acmhainneachta ar an leibhéal áitiúil sna tíortha is iarrthóirí nó sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha; á chur in iúl gur geal leis gur leathnaíodh TAIEX chun na húdaráis áitiúla a chumhdach ann;

9.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an chothromaíocht fhoriomlán dhearfach i dtíortha uile na mBalcán Thiar, rud a fhágann go bhféadfar tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh; ag iarraidh ar gach tír lena mbaineann a dtiomantas do luachanna agus do chaighdeáin an Aontais a léiriú; á chur i bhfios go láidir go bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a mbeartais i leith tríú tíortha a ailíniú de réir a chéile le beartais an Aontais Eorpaigh;

10.

ag iarraidh ar na páirtithe uile lena mbaineann a bheith rannpháirteach ar bhealach cuiditheach i dtreo gur féidir tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh gan mhoill, tar éis don Chomhairle a gcreataí caibidlíochta a fhormheas;

11.

á chur in iúl gur geal leis gur athdhearbhaíodh stiúradh polaitiúil sa mhodheolaíocht fheabhsaithe i leith an mhéadaithe agus, dá thoradh sin, gur reáchtáladh comhdhálacha idir-rialtasacha polaitiúla ar bhonn rialta lenar cuireadh deis ar fáil d’idirphlé ardleibhéil;

12.

ag tabhairt dá aire le teann imní go dtagann ann d’fhorbairtí nach bhfuiltear a iarraidh i dtíortha an mhéadaithe de dheasca mhoilliú phróiseas an mhéadaithe, eadhon cailliúint iontaoibh na saoránach, imirce leanúnach, toilteanas laghdaithe athchóirithe polaitiúla ríthábhachtacha a dhéanamh agus nochtadh breise do thionchar ó thríú páirtithe a bhíonn de shíor ag féachaint lena dtionchar a leathnú sa réigiún, lena n-áirítear an Rúis agus an tSín;

13.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó teacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) lena soláthraítear na cistí le haghaidh athchóirithe bunúsacha inbhuanaithe sna tíortha is tairbhithe;

14.

ag tabhairt a thacaíochta do chur chun feidhme an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, trínar féidir cur go mór leis an aistriú glas, leis an digiteáil, leis an mbonneagar iompair agus fuinnimh, leis an bhforbairt shóisialta agus leis an bhforbairt réigiúnach; á thabhairt chun cuimhne a tábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an smacht reachta, ar an bhfrithéilliú, ar an trédhearcacht agus ar an dea-rialachas, agus an Clár Oibre Glas do na Balcáin Thiar a chur chun feidhme go hiomlán; á mheabhrú go bhfuil ról tábhachtach ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis sin agus gur cheart dóibh, ar an gcúis sin, a bheith rannpháirteach sa chur chun feidhme;

15.

ag iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla sna tíortha is tairbhithe, an leas is fearr a bhaint as cistí IPA III agus IPARD; ag athdhearbhú na dtairbhí a bhaineann le cur chuige LEADER óir cuireann an fhorbairt tuaithe go mór le forbairt eacnamaíoch agus le struchtúir dhéimeagrafacha fhónta;

16.

ag iarraidh go mbeadh dlúthchomhar ann i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na sochaí sibhialta agus na bpainéal saineolaithe maidir leis an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint sna Balcáin Thiar, agus foinsí in-athnuaite fuinnimh a chur in ionad gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe de réir a chéile, agus tuairimí na bpobal áitiúil a thacaíonn leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus le haistriú glas cóir don réigiún á gcur san áireamh;

17.

á chur in iúl gur údar áthais dó gur tháinig an scéim “fánaíocht ar tháillí baile” i bhfeidhm sna Balcáin Thiar an 1 Iúil 2021; á chur i bhfios go láidir gur cheart tuilleadh caibidlíochta a dhéanamh ina leith agus é mar aidhm leis sin muirir fánaíochta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a laghdú freisin;

18.

ag leagan béim air nach féidir an clár oibre maidir le fás eacnamaíoch agus cruthú post sna Balcáin Thiar a bhaint amach ina iomláine gan na deiseanna a bhaineann leis an bhforbairt eacnamaíoch áitiúil a thapú agus cúinsí gnó a fheabhsú i bpobail áitiúla; i bhfách le tionscnaimh arb é is aidhm dóibh idirphlé níos struchtúrtha a spreagadh le bardais agus le líonraí bardas sna réigiún trí chomhairliúcháin rialta, lena n-áirítear comhairliúcháin a eagrófar tar éis Lá an Mhéadaithe agus trí phlé a dhéanamh le linn na meithleacha ábhartha; á chur i bhfios go láidir, i dtaca leis sin de, an tábhacht a bhaineann le cruinnithe ar an láthair chun féachaint ar gach bealach dá bhfuil ann agus chun cur le teagmhálaithe díreacha i leith comhthionscadal;

19.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tacaíocht chuimsitheach a thug an tAontas do rialtais na mBalcán Thiar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ar tháinig ann dóibh de dheasca phaindéim COVID-19 agus chun freagairt go héifeachtach do na riachtanais sláinte agus shocheacnamaíocha phráinneacha; á thathant ar thíortha an mhéadaithe, i dteannta an Choimisiúin Eorpaigh, páirt a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcomhordú éifeachtúil i bhfianaise an róil lárnaigh atá acu maidir le haghaidh a thabhairt ar an bpaindéim;

20.

ag cur béim ar an ról atá ag cistí AE chun claontaí diúltacha déimeagrafacha a chomhrac i bhformhór thíortha an mhéadaithe; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta i gclársceidealú na gcistí sin;

21.

ag leagan béim ar an ngá atá le cumarsáid níos éifeachtúla, ar an leibhéal áitiúil freisin, d’fhonn aird a tharraingt ar na tairbhí a bhaineann le lánpháirtiú an Aontais agus d’fhonn cur i gcoinne na bréagaisnéise;

22.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar, maille le cistí IPA, chun tacú le hearnálacha a bhaineann leis an leibhéal áitiúil, amhail an turasóireacht;

23.

á athdhearbhú go bhfuil an smacht reachta agus feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha ina mbonn daingean faoi fheidhmiú na mBallstát agus gur príomhréimsí iad a ndéanann an tAontas measúnú ina leith maidir le dul chun cinn na dtíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht a thomhas; á chur in iúl gur cúis imní dó a laghad dul chun cinn atá déanta agus an iliomad dúshlán atá sa réimse seo, gur ann fós do ghnéithe den ghreamú stáit, nach bhfuil dóthain á baint amach sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus an éillithe, nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta á dhéanamh i réimse an athchóirithe bhreithiúnaigh, mar aon leis na hainghníomhartha i gcoinne na meán cumarsáide atá á dtuairisciú i gcuid de na dtíortha is iarrthóirí agus na tíortha is iarrthóirí ionchasacha;

24.

á chur i bhfáth gur reámhchoinníoll é go mbeadh timpeallacht thacúil ann le haghaidh fhorbairt agus fheidhmiú na meán neamhspleách, maille le sochaí shibhialta gníomhach láidir, má táthar chun athchóirithe casta ar phróiseas aontachais an Aontais a choinneáil ar siúl agus a dhéanamh do-athraithe, chomh maith le forbairt a dhéanamh ar an daonlathas áitiúil; á iarraidh go ndéanfar faireachán treisithe ar phróisis dhaonlathacha agus ar shaoirse na meán, lena n-áirítear i ndáil le paindéim COVID-19;

25.

á chur i bhfáth go bhfuil príomhról ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i ngeall ar a ngaireacht don phobal, maidir le luachanna Eorpacha a chur chun cinn agus a urramú, cosaint a thabhairt do na cearta bunúsacha agus gach mionlach a chosaint agus gur féidir leo a bheith ina gcomhpháirtithe agus ina gceannairí tábhachtacha chun dul i ngleic leis an gciníochas agus leis an bhfuathchaint, chun an t-idirdhealú a chomhrac, chun an comhionannas inscne a chur chun cinn, chun grúpaí leochaileacha agus mionlaigh a chosaint agus chun an comhtháthú sóisialta a chothú; á chur i bhfáth, i dtaca leis sin de, gur den fíorthábhacht cearta na mionlach náisiúnta a chosaint;

26.

á chur in iúl go bhfuil sé suite de gur féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, i ngeall ar a ról sonrach mar lucht ceaptha beartas áitiúil agus soláthraithe seirbhísí poiblí ar an leibhéal áitiúil, ról níos mó a ghlacadh chun déileáil le roinnt easnamh i réimse an smachta reachta agus na gceart bunúsach ach, chomh maith leis sin, chun rialachas trédhearcach agus cuntasach na mbeartas áitiúil a neartú agus cearta grúpaí leochaileacha a chosaint ar dhóigh níos fearr;

27.

ag iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a éascú níos mó ná riamh maidir le bealaí inar féidir le saoránaigh páirt níos mó a ghlacadh in ullmhú buiséid áitiúla agus beartais áitiúla trí bhearta amhail buiséadú rannpháirtíochta; á chur in iúl go bhfuil sé sásta tacú go hiomlán leis sin;

Barúlacha tírshonracha

28.

go hiomlán i bhfabhar tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh a luaithe is féidir, tar éis don Chomhairle a gcreataí caibidlíochta a fhormheas, d’fhonn tacaíocht pholaitiúil a léiriú do phróiseas an mhéadaithe, a inchreidteacht a athbhunú agus an gealltanas maidir le ballraíocht iomlán a athdhearbhú;

29.

á mheabhrú gur gá dul chun cinn a dhéanamh san idirphlé idir Béalgrád agus Pristine arna éascú ag an Aontas i dtreo an aontachais; ag iarraidh ar na páirtithe lena mbaineann dul chun cinn gasta a dhéanamh i bpróiseas an normalaithe, comhaontuithe ar thángthas orthu roimhe seo a chur chun feidhme agus dul ar aghaidh leis an gcomhaontú cuimsitheach atá ceangailteach ó thaobh dlí de;

AN tSEIRBIA

30.

á thabhairt dá aire an dul chun cinn foriomlán atá déanta sa chaibidlíocht aontachais leis an tSeirbia go dtí seo; á iarraidh go gcuirfí dlús leis na hathchóirithe agus go neartófaí iad sna réimsí seo a leanas: an smacht reachta agus na cearta bunúsacha (lena n-áirítear neamhspleáchas an chórais bhreithiúnaigh), an comhrac i gcoinne an éillithe, saoirse na meán, láimhseáil intíre coireanna cogaidh agus an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe; á iarraidh, ar a mhuin sin, go ndéanfaí dul chun cinn maidir leis an idirphlé idir Béalgrád agus Pristine a normalú, faoi mar a leagtar amach sa Chreat Caibidlíochta, lena gcinnfear luas foriomlán na caibidlíochta aontachais;

31.

á chur in iúl gur geal leis gur osclaíodh Cnuasach lena dtugtar spreagadh nua do lánpháirtiú gach tíre is iarrthóir nó gach tíre is iarrthóir ionchasach, lena neartaítear creidiúnacht an phróisis aontachais agus lena gcuirtear an mhodheolaíocht fheabhsaithe i bhfeidhm;

32.

á chur in iúl gur mór aige an dul chun cinn atá déanta maidir leis an athchóiriú bunreachtúil lena dtreisítear neamhspleáchas na mbreithiúna; ag iarraidh ar an tSeirbia na dlíthe agus an reachtaíocht ar fad is gá a achtú chun na hathchóirithe a chur i gcrích ar an leibhéal áitiúil; ag iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar athchóirithe atá ar bun cheana agus tuairisciú críochnúil a thabhairt ina leith sna chéad tuarascálacha tírshonracha eile;

33.

ag áitiú ar údaráis na Seirbia ar gach leibhéal rialachais a bheith tiomanta go daingean do luachanna an Aontais agus iad a chur chun cinn, agus mianta lánpháirtíochta na tíre sin leis an Aontas Eorpach agus an caidreamh leis an Aontas mar phríomh-chomhpháirtí polaitiúil agus eacnamaíoch na Seirbia a chur in iúl go soiléir;

34.

á chur in iúl go bhfuil sé ag dréim leis go gcoinneofar leis an tiomantas d’athchóirithe sa tSeirbia, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le tuilleadh caibidlí a oscailt go luath;

35.

ag iarraidh ar an tSeirbia gníomhú ar bhealach níos cinntithí chun feabhas a chur ar an timpeallacht maidir le saoirse tuairimíochta agus obair na meán neamhspleách, chomh maith le dul chun cinn a dhéanamh sa chomhrac i gcoinne an éillithe;

36.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó tiomantas na Seirbia comhar réigiúnach a chur chun cinn go gníomhach; ag moladh don tSeirbia leanúint dá hiarrachtaí chun an dea-chaidreamh comharsanachta agus an comhar trasteorann a neartú;

37.

á chur in iúl gur geal leis gur chinn an tSeirbia tacú leis an rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir leis an sárú ar shláine críche na hÚcráine mar fhreagairt ar ionsaí míleata na Rúise, ionsaí atá gan chúis gan údar; ag iarraidh ar an tSeirbia í féin a ailíniú go hiomlán le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear leis na smachtbhannaí uile i gcoinne na Bealarúise agus Chónaidhm na Rúise, d’fhonn a tacaíocht do phrionsabail agus do luachanna an Aontais Eorpaigh a athdhearbhú, maille lena tiomantas oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe Eorpacha ar mhaithe leis an tsíocháin;

MONTAINÉAGRÓ

38.

á thabhairt dá aire an deighilt idir na páirtithe polaitiúla a fhágann gur deacair dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht, agus is ábhar imní dó é sin; ag tathant ar an rialtas nua agus ar na páirtithe polaitiúla dlús a chur leis na hathchóirithe a bhfuil gá leo chun caibidlí a dhúnadh, go háirithe i réimse an smachta reachta;

39.

ag moladh do Mhontainéagró an leibhéal dul chun cinn a bhí déanta aige roimhe seo sa chaibidlíocht aontachais a choinneáil agus, más féidir, a neartú, agus béim ar leith á leagan ar na tagarmharcanna eatramhacha a leagtar amach i gCaibidlí 23 agus 24 a chomhlíonadh; á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach go n-éireoidh leis an méid chun má táthar chun dul chun cinn a dhéanamh sa chaibidlíocht fhoriomlán agus i ndúnadh sealadach aon chaibidil eile;

40.

á chur i bhfáth nach mór comhrac a chur ar an éilliú agus an tionchar polaitiúil in institiúidí poiblí laistigh de shrianta an smachta reachta faoi choinníollacha na trédhearcachta agus na cuntasachta má táthar chun an riarachán poiblí a dhípholaitiú ar gach leibhéal rialachais;

41.

ag aithint dó na hiarrachtaí tiomanta atá á ndéanamh ag Montainéagró agus na torthaí inmholta atá léirithe aige i réimse na mbeart póilíneachta agus ionchúisimh atá ag éirí níos éifeachtúla i gcoinne na coireachta eagraithe; á iarraidh, áfach, ar Mhontainéagró aghaidh a thabhairt go práinneach ar na heasnaimh ina córas ceartais choiriúil, lena n-áirítear an chaoi a láimhseáiltear cásanna coireachta eagraithe sna cúirteanna;

42.

ag iarraidh ar an gCoimisiún tathant ar Mhontainéagró dlús a chur lena iarrachtaí chun ceapadh beartas trédhearcach agus cuimsitheach a áirithiú, lena n-áiritear rialú láraithe níos mó ar cháilíocht na gcomhairliúchán poiblí le geallsealbhóirí;

43.

ag iarraidh ar an gCoimisiún aird leanúnach a thabhairt ar na ceanglais maidir le trédhearcacht san airgeadas poiblí, agus aird á tabhairt freisin ar leochaileacht sheachtrach airgeadais Mhontainéagró;

AN ALBÁIN

44.

á chur in iúl gur geal leis gur lean an Albáin d’aird a dhíriú ar na hathchóirithe is gá a dhéanamh chun teacht isteach san Aontas, d’ainneoin a dhúshlánaí a bhí sé aghaidh a thabhairt ar thionchar sóisialta agus eacnamaíoch na paindéime; á thabhairt le fios, bunaithe ar a bhfuil bainte amach ag an Albáin, gur cheart tús a chur le caibidlíocht aontachais gan mhoill tar éis don Chomhairle an creata caibidlíochta a fhormheas;

45.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur tionóladh olltoghcháin rathúla dea-eagraithe an 25 Aibreán 2021, bunaithe ar an athchóiriú toghcháin i gcomhréir le moltaí ESCE/ODIHR;

46.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó ráta ailínithe CBES na hAlbáine, ar comhartha láidir é go bhfuil an tír tiomanta dá conair i dtreo an Aontais. Choinnigh an Albáin idirphlé cuiditheach ar bun le tíortha comharsanachta agus lean sí de bheith rannpháirteach i roinnt tionscnamh um chomhar réigiúnach agus, ina cheann sin, bhí sí ina cathaoirleach ar ESCE in 2020;

47.

ag leagan béim air go bhfuil na chéad torthaí ar chur chun feidhme an athchóirithe chuimsithigh ar an gceartas le feiceáil sa Chúirt Bhunreachtúil agus san Ard-Chúirt; á chur in iúl gur geal leis gur cuireadh síneadh le sainordú na n-institiúidí grinnfhiosrúcháin;

48.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le borradh a chur faoin gcomhrac i gcoinne an éillithe agus faoin gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, lena n-áirítear trí dhlús a chur leis an gcomhar le Ballstáit an Aontais agus le Europol; á mheabhrú, áfach, a phráinní atá an comhrac i gcoinne líonraí gainneála ar dhrugaí;

49.

á iarraidh ar an Albáin leanúint den athchóiriú riaracháin críochach atá ar siúl aici agus é a chomhdhlúthú mar chuid de chlár níos leithne lena ndírítear ar dhlús a chur leis an dílárú, neamhspleáchas fioscach áitiúil a neartú agus acmhainneacht na mbardas a mhéadú;

50.

ag tathant ar an Albáin na fodhlíthe atá ar feitheamh maidir le cearta mionlaigh a ghlacadh agus a chur chun feidhme go pras i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile. Baineann an méid sin go háirithe le féinaithint agus úsáid teangacha mionlaigh agus cumas an Choiste Stáit maidir le Mionlaigh Náisiúnta, rud is gá a mhéadú;

51.

á iarraidh go dtreiseofaí a thuilleadh ról chomhairle chomhairleach na hAlbáine um fhéinrialú áitiúil agus náisiúnta, mar dhea-shampla de conas ról na n-údarás áitiúil sa phróiseas ceaptha beartas a chur ar bhonn foirmiúil;

52.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur glacadh an Dlí maidir leis an Daonáireamh; ag tnúth le seoladh rianúil trédhearcach an Daonáirimh atá ar na bacáin a mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach ann agus a bheidh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;

53.

á mholadh go mbunófaí comhchoiste comhairliúcháin leis an Albáin; á mholadh, dá bhrí sin, go ndéanfadh rialtas na hAlbáine iarraidh chun na críche sin agus go ndéanfadh an Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais an dearbhú ábhartha;

54.

ag iarraidh ar an Albáin leanúint de na hiarrachtaí atá ar bun cheana chun athchóiriú cuimsitheach ar an earnáil talún a chur chun feidhme agus cearta maoine a chomhdhlúthú, agus é sin a dhéanamh ar bhealach trédhearcach trí chomhairliúcháin a reáchtáil leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar fhalsú doiciméad agus an próiseas maidir le clárú agus cúiteamh a chur chun cinn go pras;

AN MHACADÓIN THUAIDH

55.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go bhfuil an chothromaíocht fhoriomlán maidir le hathchóirithe in ullmhúchán na Macadóine Thuaidh maidir le haontachas leis an Aontas dearfach, rud a fhágann go bhféadfar tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh; á chur i bhfios gur cheart, bunaithe ar a bhfuil bainte amach ag an Macadóin Thuaidh, tús a chur le caibidlíocht aontachais gan a thuilleadh moille, tar éis don Chomhairle an creat® caibidlíochta a fhormheas, toisc go milleann an easpa dul chun cinn faoi inchreidteacht an bheartais iomláin um méadú;

56.

á chur in iúl gur geal leis go raibh páirtithe freasúra na parlaiminte rannpháirteach ar bhonn leanúnach in obair na Parlaiminte agus, i gcásanna áirithe, gur chuidigh siad le reachtaíocht thábhachtach maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas a chur i bhfeidhm; ag iarraidh ar an Macadóin Thuaidh iarracht bhreise a dhéanamh chun ról na Parlaiminte mar fhóram um idirphlé cuiditheach polaitiúil a neartú, go háirithe maidir le clár oibre athchóirithe an Aontais;

57.

á chur in iúl go bhfuil sé éagórach an Mhacadóin Thuaidh agus an Albáin a mheas i dteannta a chéile i gcinntí maidir le méadú sa Chomhairle agus nach léirítear leis uaillmhian an Aontais féin measúnú a dhéanamh ar fhorbairt na dtíortha aontachais ar bhonn leithligh; á thathant ar na páirtithe lena mbaineann teacht ar chomhaontú lena bhféadfar tús a chur leis an gcaibidlíocht; go mór i bhfabhar na chéad chomhdhálacha idir-rialtasacha a thionól leis an dá thír is iarrthóir a luaithe is féidir;

58.

á iarraidh go gcuirfí le hacmhainní riaracháin agus teicniúla na struchtúr oibríochtúil atá freagrach as cistí AE a bhainistiú, ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal áitiúil araon, go háirithe i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus an aistrithe ghlais;

59.

á chur in iúl gur mór aige na hiarrachtaí atá déanta i réimse an chomhair réigiúnaigh, rud a fhágann gur éirigh leis an Macadóin Thuaidh dea-chaidreamh a choinneáil le tíortha comharsanacha agus leanúint de bheith gníomhach i dtionscnaimh réigiúnacha; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé torthaí nithiúla a bhaint amach agus Comhaontú Prespa leis an nGréig a chur chun feidhme de mheon macánta mar chuid de phróiseas an mhéadaithe;

60.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó ráta ailínithe CBES 96 % na Macadóine Thuaidh agus a rannpháirtíocht ghníomhach i misin bainistithe géarchéime an Aontais;

AN BHOISNIA AGUS AN HEIRSEAGAIVÉIN

61.

á chur in iúl gur cúis bhuartha dó an dul chun cinn teoranta atá déanta ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin maidir leis na príomh-athchóirithe is gá a dhéanamh chun stádas tír is iarrthóir a fháil;

62.

ag athdhearbhú a laghad ullmhúcháin atá déanta ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht AE a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, nach mór don tír dlús suntasach a chur leis an bpróiseas chun an acquis communautaire a ghlacadh;

63.

á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha dó na céimeanna atá á nglacadh ag Republika Srpska chun tarraingt siar ó fhórsaí armtha, córas breithiúnach agus córas cánach na Boisnia; ag tacú go mór le sláine críche na tíre;

64.

ag iarraidh ar an mBoisnia agus an Heirseagaivéin breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus Chúirt Bhunreachtúil na Boisnia agus na Heirseagaivéine a chur chun feidhme agus an dlí toghcháin a leasú d’fhonn is go ndéanfar ionadaíocht dhlisteanach ar na trí bhunphobal sna hinstitiúidí stáit agus gur féidir gach saoránach a thoghadh chun aon institiúid;

AN CHOSAIV

65.

á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir leis na moltaí ón gCoimisiún agus na moltaí dearfacha ó Pharlaimint na hEorpa, a dtacaíonn CnaR go láidir leo, léirscaoileadh na víosaí a dheonú;

66.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhaontú cuimsitheach, a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí, chun an caidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv a normalú ionas gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh ar a gconairí Eorpacha faoi seach; ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint lena chuid iarrachtaí chun teacht ar réitigh maidir le comhlachas bardas de mhóramh Seirbiach a bhunú sa Chosaiv;

67.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur glacadh an Straitéis um an Smacht Reachta agus an Plean Gníomhaíochta maidir leis an Smacht Reachta i mí Lúnasa 2021 ina sainaithnítear na príomhdhúshláin a bhaineann le neartú an smachta reachta;

68.

á athdhearbhú a thábhachtaí atá athchóirithe reachtacha chun a áirithiú go soiléireofar roinnt na gcumhachtaí agus an mhaoinithe idir na rialtais láir agus na rialtais áitiúla;

69.

á athdhearbhú go bhfuil sé ag súil leis go n-urramófar na comhaontuithe uile ar thángthas orthu san am atá caite agus go gcuirfear chun feidhme gan mhoill iad. Ba cheart don dá pháirtí gníomhaíochtaí a sheachaint a bhaineann an bonn den chobhsaíocht agus den reitric nach bhfuil fabhrach don idirphlé;

AN TUIRC

70.

á thabhairt dá aire le teann aiféala go bhfuil an Tuirc fós ag titim siar i réimsí bunúsacha an acquis communautaire agus go bhfuil meath suntasach tagtha ar chur chun feidhme agus fhorfheidhmiú chearta an duine, ar an smacht reachta agus ar na saoirsí bunúsacha, arb iad luachanna bunaidh an Aontais iad; á chur i bhfios go láidir nár cuireadh céimeanna praiticiúla i láthair sa phlean gníomhaíochta nua um chearta an duine, cé gur díol sásaimh é i bprionsabal, chun na fadhbanna is géire sa réimse sin a leigheas agus nach mór iarrachtaí éifeachtacha a dhéanamh chuige sin;

71.

á athdhearbhú go bhfuil sé ag súil leis go n-urramófar na comhaontuithe uile ar thángthas orthu san am atá caite agus go gcuirfear chun feidhme gan mhoill iad; ag iarraidh ar an Tuirc staonadh ó bhriogadh athnuaite nó gníomhaíochtaí aontaobhacha a sháraíonn an dlí idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí a sheachaint a bhaineann an bonn den chobhsaíocht agus den reitric nach bhfuil fabhrach don idirphlé;

72.

á chur in iúl an athuair gur cúis imní dó go bhfuil laghdú i gcoitinne tagtha ar na srianta agus ceartúcháin éifeachtacha atá sa chóras polaitiúil; ag cáineadh an chleachtais leanúnaigh lena ndéantar méaraí arna dtoghadh go dleathach a dhífhostú le lámh láidir agus oifigigh arna gceapadh ag an rialtas a chur ina n-ionad, chomh maith le hionadaithe áitiúla eile a ghabháil; ag iarraidh ar an Tuirc, i gcomhréir leis an gCairt Eorpach um Fhéinrialú Áitiúil agus le moltaí Choimisiún na Veinéise, staonadh ó bhearta lena gcuirtear bac ar an daonlathas áitiúil agus a dhéanann dochar don timpeallacht dhaonlathach i gcoitinne, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil; á thabhairt le fios gur cheart don Tuirc freisin dlús a chur lena comhar le Comhairle na hEorpa agus lena comhlachtaí agus institiúidí ábhartha, aghaidh a thabhairt ar a bpríomh-mholtaí, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus ionstraimí idirnáisiúnta eile chearta an duine a bhfuil an Tuirc ina páirtí iontu a chur chun feidhme ina n-iomláine agus breithiúnais uile na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a fhorghníomhú i gcomhréir le hAirteagal 46 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR); ag iarraidh ar an Tuirc aontú athuair do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac;

73.

ag aithint dó na hiarrachtaí móra atá déanta ag an Tuirc i réimse na himirce. Óstálann sí os cionn 4 mhilliún duine agus freastalaíonn sí ar a gcuid riachtanas; ag iarraidh ar an Tuirc a áirithiú go gcuirfear Ráiteas AE-na Tuirce 2016 chun feidhme go hiomlán agus go neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear i ndáil le Poblacht na Cipire, agus gan dearmad a dhéanamh ar an oibleagáid atá uirthi aon bhearta is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar bhealaí nua farraige nó talún don imirce neamhdhleathach ón Tuirc go dtí an tAontas, agus comhoibriú le stáit chomharsanachta; á iarraidh, sa bhreis air sin, go ndéanfaí an Comhaontú um Athligean Isteach idir an tAontas agus an Tuirc a chur chun feidhme go hiomlán agus go héifeachtach i leith na mBallstát uile; á thabhairt dá aire go bhfuil comhar i réimse an cheartais agus na ngnóthaí baile le Ballstáit uile an Aontais ríthábhachtach i gcónaí; á chur i bhfios nach nglacfaidh sé le haon iarracht a dhéanann tríú tíortha imircigh a dhúshaothrú chun críoch polaitiúil;

74.

á iarraidh go n-urramófaí go hiomlán ceannasacht Bhallstáit uile an Aontais; ag cáineadh na gcéimeanna aontaobhacha a ghlac an Tuirc in Varosha; tiomanta i gcónaí do réiteach cuimsitheach a fháil ar cheist na Cipire faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus de réir na rún ábhartha de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; ag iarraidh ar an Tuirc tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh chun an caidreamh le Poblacht na Cipire a normalú;

75.

á thabhairt dá aire gur dhaingnigh Parlaimint na Tuirce Comhaontú Pháras; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé páirt a thabhairt do na rialtais áitiúla maidir le beartais a cheapadh a bhaineann leis an réimse seo; á chur in iúl gur geal leis an díghéarú sa Mheánmhuir Thoir tar éis don Tuirc gníomhaíochtaí druileála neamhdhleathacha maidir le hidreacharbón i limistéir mhuirí na Cipire a chur ar fionraí; á chur i bhfios go láidir gur gá coinneáil leis sin; ag iarraidh ar an Tuirc ceannasacht na mBallstát uile a urramú, go háirithe sa Ghréig agus sa Chipir, a mhéid a bhaineann lena n-uiscí teorann agus lena n-aerspás;

76.

ag tabhairt dá aire go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta maidir le dlús a chur le hionsú chistí IPA II agus maidir le haghaidh a thabhairt ar roinnt laigí struchtúracha, go háirithe i réimse na n-acmhainní, na talmhaíochta agus an chomhtháthaithe (Cnuasach 5);

77.

á athdhearbhú gur chun leas straitéiseach an Aontais é caidreamh comhoibritheach comhthairbheach a chothú leis an Tuirc; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bealaí cumarsáide a choinneáil oscailte chun difríochtaí a réiteach agus chun teannas a éascú trí idirphlé agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta;

78.

ag iarraidh ar an Tuirc a hoibleagáidí faoin gCreat Caibidlíochta a chomhlíonadh, lena n-áirítear cur chun feidhme iomlán neamh-idirdhealaitheach an Phrótacail Bhreise a ghabhann leis an gComhaontú Aontachais leis an Aontas i leith na mBallstát uile; á athdhearbhú nach mór gach Ballstát a aithint; ag iarraidh an athuair ar an Tuirc í féin a ailíniú diaidh ar ndiaidh le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais agus an treocht atá ag éirí níos diúltaí i rith an ama a aisiompú mar ábhar tosaíochta; á mheabhrú an seasamh atá aige maidir le haontachas Ballstát le heagraíochtaí idirnáisiúnta; á thabhairt dá aire le teann aiféala go bhfuil an Tuirc fós ag bogadh níos faide ón Aontas Eorpach; á mheabhrú an chonclúid a thug an Chomhairle roimhe seo inar tugadh ar aird nach bhfuil siúl ar bith i ndáiríre ar chaibidlíocht aontachais na Tuirce faoi láthair agus nach féidir smaoineamh faoi aon chaibidlí eile a oscailt ná a dhúnadh;

Ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bpróiseas an mhéadaithe

79.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bpróiseas an ailínithe leis an Aontais agus i gcur i bhfeidhm rialacha an Aontais amach anseo agus nach mór dlús a chur leis an gcomhar idir an leibhéal lárnach agus an leibhéal áitiúil sa phróiseas lánpháirtíochta, go háirithe i réimsí an chomhchuibhithe dhlíthiúil, na forbartha eacnamaíche agus infheistíochta, athchóiriú an riaracháin phoiblí (lena n-áirítear forbairt na seirbhíse poiblí áitiúil), na talmhaíochta agus na slándála bia, an bheartais aeráide agus an aistrithe ghlais, an tsoláthair phoiblí, an bheartais shóisialta;

80.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó seoladh an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar ós príomhuirlis é chun tacú le téarnamh eacnamaíoch agus forbairt na dtíortha sin; á mheabhrú go bhfuil an plean a chuir an Coimisiún i láthair faoi deara aon trian de OTI na mBalcán Thiar, rud a chuireann le príomhsheasamh an Aontais mar dheontóir; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht thráthúil agus iomchuí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa chur chun feidhme;

81.

á chur in iúl gur geal leis teacht i bhfeidhm Rialachán IPA (IPA III) lena soláthraítear EUR 9 mbilliún as an infheistíocht EUR 30 billiún a chuirtear ar fáil leis an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta; á chur in iúl gur díol sásaimh dó go dtugtar aitheantas don ghné áitiúil agus don teagmháil idir daoine i Rialachán IPA agus sa phróiseas clársceidealaithe lena mbaineann; ag iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí comhar a éascú idir an leibhéal lárnach agus an leibhéal áitiúil agus comhar trasteorann a éascú ar an leibhéal áitiúil chomh maith, lena n-áirítear idir na Ballstáit agus na tíortha is tairbhithe, d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as na cistí atá ar fáil;

82.

á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá iolrachas polaitiúil i gcórais dhaonlathacha; á chur i bhfáth i ndáil leis sin gur dúshláin mhóra do dhaonlathais áitiúla i roinnt de thíortha an mhéadaithe iad an t-iolrachas polaitiúil atá in easnamh nó cur faoi chois feidhmeanna oifigeach tofa a bhaineann le páirtithe an fhreasúra ar an leibhéal áitiúil agus imeaglú na n-oifigeach sin agus go gcuireann siad bacainní ar Aontachas leis an Aontas;

83.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach uirlisí praiticiúla a fhorbairt chun tacú le fothú éifeachtach acmhainneachta do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna Balcáin Thiar, lena n-áirítear trí chláir shonracha um thacaíocht théamach agus trí thionscadail áitiúla um chúnamh teicniúil, agus trí mhalartuithe leanúnacha, meantóireacht agus líonraíocht chomh maith; ag iarraidh ar an gCoimisiún tagairt do thionscnaimh den chineál sin a áireamh sna tuarascálacha bliantúla;

84.

á chur in iúl gur mór aige go bhfuil líonra de phointí teagmhála um lánpháirtiú AE á bhforbairt i mbardais, arna gcomhordú ag toscaireachtaí AE sna tíortha is iarrthóirí nó sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha; á mholadh, i ndáil leis sin, go gcomhroinnfí dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh;

85.

á chur i bhfios go bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ríthábhachtach i bpróiseas lánpháirtíochta rathúil agus, dá bhrí sin, gur gá athchóirithe a dhéanamh ar an riarachán poiblí áitiúil agus fothú acmhainneachta a dhéanamh i ngach tír is iarrthóir nó i ngach tír is iarrthóir ionchasach; ag iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, plé a dhéanamh ar an tionscnamh maidir le Tacaíocht d’Fheabhsú sa Rialachas agus sa Bhainistíocht (SIGMA) agus é a leathnú chuig leibhéil fho-náisiúnta riaracháin i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha;

86.

ag iarraidh ar an gCoimisiún na táscairí a bheachtú maidir leis an dul chun cinn sna hathchóirithe ar an riarachán poiblí a thomhas trí na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a áireamh;

87.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tacaíocht a thug an Coimisiún go dtí seo chun cur le comhar na hóige sna Balcáin Thiar, rud atá fíorthábhachtach chun dea-chaidreamh comharsanachta a chothú agus a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear tacú le tionscnaimh amhail an Oifig Réigiúnach um Chomhar na hÓige; á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin go bhfuil na cistí IPA fós ag cur le rannpháirtíocht na hóige mar ábhar tosaíochta;

88.

á chur i bhfáth i gcás infheistíochtaí móra bonneagair arna bpleanáil faoin bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta, i réimsí an iompair, an fhuinnimh, an bhonneagair ghlais agus dhigitigh, sa bhreis ar na croíghréasáin, gur cheart acmhainní don nascacht réigiúnach agus áitiúil a áireamh i gcónaí ionas gur féidir le daoine sna pobail áitiúla tairbhiú de na hinfheistíochtaí sin.

An Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Tá an t-ainmniú sin gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR) agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.


30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/34


Tuairim ó Choiste Eorpacha na Réigiún – Aistriú éiceolaíoch – Cén chothromaíocht atá le baint amach idir glacadh an phobail agus na riachtanais chomhshaoil ó thaobh cathracha agus réigiún de, d’fhonn pobail a bhfuil teacht aniar iontu a thógáil?

(2022/C 375/06)

Rapóirtéir:

Hanna ZDANOWSKA (PL/PPE), Méara Łódź

Doiciméid tagartha:

Tarchur ó Uachtaránacht na Comhairle

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-aistriú glas a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí Uachtaránacht na Fraince, is é sin oiriúnú don athrú aeráide agus maolú air, bithéagsúlacht a athbhunú agus a chosaint, athléimneacht chríochach a áirithiú i gcás tubaistí nádúrtha, comhshaoil fholláin agus cáilíocht saoil níos fearr a chur chun cinn, ós rud é go gcabhróidh an méid sin le hEoraip a mbeidh teacht aniar níos mó inti a thógáil agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Chomhaontú Pháras a bhaint amach;

2.

ag teacht lena bhfuil sa teachtaireacht a foilsíodh maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide (1) agus leis an tuarascáil speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (2), agus tá sé ag cur i bhfáth nach féidir an t-aistriú glas a dhéanamh gan rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, ná rannpháirtíocht na gcónaitheoirí, na ngnólachtaí, na n-ionad nuálaíochta agus na n-ollscoileanna;

3.

den bharúil gur cheart an t-aistriú glas a bheith i gcroílár aon rogha bheartais atá le déanamh, agus cur chuige comhtháite córasach nua a thógáil maidir le beartais agus cláir a cheapadh agus a chur chun feidhme amach anseo; á chur i bhfáth gur cheart an t-aistriú glas a éascú leis an aistriú digiteach, agus uirlisí digiteacha nua a mbaineann ardchaighdeáin inbhuanaitheachta leo a thabhairt ar an bhfód agus a chur chun cinn, cuir i gcás caighdeáin i dtaca le coimircí láidre daonlathais agus teicneolaíochta, agus infheistiú a dhéanamh iontu d’fhonn iad a chur chun tairbhe maidir le hathrú a éascú. I dtaca leis sin, tá sé riachtanach tacaíocht a thabhairt do na ceantair is lú forbairt agus do cheantair thuaithe chun an bhearna a laghdú idir limistéir éagsúla;

4.

á chur in iúl gur bunchloch iad na leibhéil áitiúla agus réigiúnacha maidir le teacht aniar a thógáil. Tá sé tábhachtach cur leis an gceannas agus an muintearas ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach – na húdaráis phoiblí, na rialtais áitiúla agus réigiúnacha, muintir na háite, na hoibreoirí eacnamaíocha – i measc gach duine ar cuid de dhlúth agus inneach na háite é, ach tá gá le tacaíocht chuí chuimsitheach institiúideach agus airgeadais chuige sin;

5.

ag iarraidh go dtreiseofar go mór earnáil na sláinte agus an chúraim ina hiomláine i bhfianaise na géarchéime aeráide agus bithéagsúlachta agus an chogaidh san Úcráin, go mbeidh an tsláinte ar cheann de phríomhchúiseanna agus tosaíochtaí an aistrithe ghlais, agus go neartófar na sineirgí idir na beartais aeráide agus sláinte i gcomhréir le moltaí an Ochtú Clár Gníomhaíochta Eorpach don Chomhshaol;

6.

den bharúil gur féidir leis an bpobal a bhfuil teacht aniar ann an fód a sheasamh in aghaidh guaiseacha aeráide agus bristeacha eile, a dtionchar a mhaolú agus teacht chuige féin i ndiaidh na n-iarmhairtí a bhaineann leo. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, na tionchair dhiúltacha a mhaolú, ach freisin atmaisféar a chruthú a mbeidh an tsochaí, an comhshaol agus an geilleagar faoi bhláth ann trí réimse réiteach a thabhairt isteach chun gníomh a dhreasú;

7.

á chur i bhfios go láidir gur féidir pobail a bhfuil teacht aniar iontu a chothú freisin ach córais pholaitiúla láidre a fhorbairt atá tiomanta don chomhionannas, an dlúthpháirtíocht, an ceartas sóisialta agus an comhionannas inscne, ach rannpháirt a thabhairt do leanaí agus daoine óga agus gan aon duine a fhágáil ar lár, go háirithe daoine de ghrúpaí leochaileacha, agus éagsúlacht an tírdhreacha fhisiciúil a chur san áireamh, lena n-áirítear ceantair thuaithe, chósta, shléibhe, oileáin, oileánracha agus na réigiúin is forimeallaí;

8.

á chur i bhfáth, maidir leis na beartais a bhaineann le modhanna agus teicneolaíochtaí táirgthe glasa, nach mór FBManna áitiúla a dhéanamh níos iomaíche leo, cruthú agus forbairt post glas a éascú leo, agus scileanna na n-oibrithe a neartú leo freisin;

9.

á mheabhrú an athuair, i bhfianaise na bpraghsanna arda fuinnimh agus an chogaidh san Úcráin, gur cheart cosc iomlán a chur ar ghás, ola agus gual a allmhairiú isteach san Eoraip ón Rúis agus tá sé ag moladh d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha tús a chur le pleananna teagmhais a tharraingt suas agus iad féin a ullmhú do na hiarmhairtí a bhainfeadh lena leithéid de smachtbhannaí; den bharúil gurb é atá i bplean REPowerEU bealach chun dlús a chur leis an aistriú fuinnimh, spleáchas foriomlán an Aontais ar allmhairí fuinnimh agus amhábhar a laghdú agus, sa chaoi sin, na bagairtí polaitíochta, geilleagair agus slándála a ghabhann leis a laghdú freisin; á chur in iúl, mar sin féin, gur oth leis go mór nach ann do thagairt shoiléir do ról na gcathracha agus na réigiún maidir leis an ngéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair a shárú ná maidir le réitigh fhadtéarmacha uirthi a sholáthar;

An meascán beartais cuí a roghnú le haghaidh córais athléimneacha

10.

i bhfabhar Eoraip aeráid-díonach a shainiú, i gcomhréir le misean an chláir Fís Eorpach, ar bhealach lena dtugtar le chéile athléimneacht na gcóras comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch agus tiomantas don fhorbairt inbhuanaithe fhadtéarmach, lena n-áirítear comhionannas, ceartas sóisialta agus comhionannas inscne. Tá sé tábhachtach leanaí agus daoine óga a chur san áireamh, gan aon duine a fhágáil ar lár agus athléimneacht na gcóras polaitíochta a neartú, má táthar chun luachanna coiteanna, dlúthpháirtíocht agus meas ar an éagsúlacht a chur chun cinn, agus déanamh amhlaidh trí mheán claochlú sóisialta cuimsitheach;

11.

á chur i bhfáth, i gcomhréir leis an teachtaireacht i dtaca le straitéis nua maidir le hoiriúnú don athrú aeráide, an gá atá le freagairt chórasach fheasach ar an athrú aeráide a luaithe agus is féidir; á thabhairt dá aire gur coincheap casta í an athléimneacht, a dteastaíonn réitigh chomhtháite ilearnálacha sholúbtha chuici, arna bhforbairt de réir cur chuige críochach agus arna mbunú ar fhianaise; á chur i bhfios go láidir gur gá na tosaíochtaí cuí a roghnú, má táthar chun córais athléimneacha a thógáil, agus nach mór sineirgí a bheith ann idir beartais éagsúla lena dtacaítear leis an aistriú chuig críoch inbhuanaithe, ar féidir leo géarchéimeanna agus turraingí a láimhseáil fad is atá siad á n-ullmhú féin le srian a chur leis na hiarmhairtí atá ann agus na hiarmhairtí a mbeifí ag súil leo;

12.

ag moladh, dá bhrí sin, anailísí riosca aeráide agus anailísí leochaileachta aeráide a bheith ina gcuid de thionscadail infheistíochta, agus cásanna costais is tairbhe a chur in oiriúint dá réir;

13.

á chur in iúl freisin gur cúis imní dó an tionchar neamhshiméadrach réigiúnach a mheastar a bheidh ag an ngéarchéim fuinnimh ar chathracha agus réigiúin an Aontais, rud ar léiriú é ar a gcumais éagsúla freagairt do shuaitheadh na soláthairtí fuinnimh agus praghsanna fuinnimh atá ag dul in airde; ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit na neamhshiméadrachtaí sin a chur san áireamh go cuí agus na bearta faoi seach á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu;

14.

i bhfách le tograí chun dlús a chur le bearta áitiúla maidir le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh d’fhonn ceannasacht agus slándáil fuinnimh na hEorpa a chosaint agus an bhochtaineacht fuinnimh a chomhrac, go háirithe i bhfianaise an chogaidh san Úcráin agus na n-iarmhairtí díobhálacha a bhaineann leis ó thaobh fhuinneamh na hEorpa de;

15.

i bhfabhar pleananna agus gníomhaíochtaí chun aistriú cóir cuimsitheach a áirithiú i limistéir a bhfuil an gual go mór chun tosaigh iontu, chun cabhrú leo dul chun cinn a dhéanamh agus an ceann is fearr a fháil ar aon bhacainn a thagann chun cinn, agus samhail nua dá bhforbairt a chruthú leis na cistí is gá lena dhéanamh;

16.

á chur i dtreis, maidir leis na príomhbhacainní atá ar chur chun feidhme na dteicneolaíochtaí ísealcharbóin, go bhfuil baint acu lena laghad acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna atá ann, le beartais, rialacháin agus struchtúir eagraíochtúla atá ann cheana a bhraitheann ar bhreoslaí iontaise i gcónaí, agus ar thosca soch-chultúrtha amhail a laghad a ghlacann an tsochaí leis, ós rud é go bhféadfadh sé go gcaillfí poist agus go dtiocfadh meath ar an daonra i limistéir a bhfuil an gual chun tosaigh iontu dá dheasca; den bharúil, dá bhrí sin, gur cheart nuálaíocht a bhunú ar na comhthéacsanna áitiúla ar leith agus gur cheart tionchar díreach a bheith aici ar an gcóras agus an pobal foriomlán agus leas a bhaint aisti chun cur in aghaidh na bpróiseas arb iad is cúis leis an drogall atá ar an bpobal glacadh léi;

17.

ag iarraidh tacaíochta maidir le forbairt na réiteach soghluaisteachta agus iompair phoiblí ghníomhaigh astaíochtaí nialasacha agus íseal-astaíochtaí a éascú, agus maidir le rochtain ar na réitigh sin a éascú freisin;

18.

á thabhairt dá aire gur féidir gurb é an t-athrú aeráide an bhagairt is mó ar shláinte an chine dhaonna sa 21ú haois, agus tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar comhar ildisciplíneach ilearnála agus go nglacfar cur chuige na hAon Sláinte Amháin, as a dtiocfaidh beart comhordaithe ar gach leibhéal rialachais i ngíomhaireachtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus instiúidí acadúla, d’fhonn an dúlra a chosaint agus an bhithéagsúlacht, gnáthóga agus eiceachórais a athbhunú;

19.

á chur in iúl gur uirlisí beartais costéifeachtacha iad na bearta um riosca tubaiste a laghdú a bhunaítear ar chur chuige éiceachórais. Ní bhaintear an leas is fearr is féidir astu, áfach, agus ba cheart cur lena n-acmhainneacht ar leibhéal an Aontais (3);

20.

ag iarraidh go gcuirfear dlús leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus tá béim á leagan aige ar ról na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa phróiseas sin; ag iarraidh go gcuirfear samhlacha nua gnó agus uirlisí níos láidre chun cinn, go háirithe faoi chuimsiú na seirbhísí bardasacha agus na sásraí atá acu maidir le freagracht leathnaithe an tomhaltóra agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí, agus, mar chuid de sin, tomhaltas inbhuanaithe, samhlacha táirgthe inbhuanaithe agus soláthar poiblí glas nó inbhuanaithe a chur chun cinn freisin;

21.

i bhfabhar réitigh rialachais nuálacha a thabhairt isteach san earnáil phoiblí, agus coincheap na saotharlainne beo a chur chun tairbhe; á chur i bhfáth, má táthar chun pobail athléimneacha a thógáil, tá sí riachtanach cuidiú leo teacht ar bhealaí éifeachtacha chun dúshláin a shárú, trí chruthaitheacht agus nuálaíocht úsáideoirí na seirbhísí poiblí a chur chun tairbhe;

22.

ag iarraidh go gcuirfear réitigh dhúlrabhunaithe san áireamh i bpróisis infheistíochta. Leis an tionscnamh sin, ar cuid é de Straitéis nua an Aontais um an oiriúnú don athrú aeráide, tugtar tús áite do réitigh dhúlrabhunaithe (4);

23.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó tionscnaimh (lena n-áirítear Cúnant na Méaraí agus an Comhshocrú Aeráide) lena spreagtar údaráis áitiúla agus réigiúnacha lena gcuid uaillmhianta agus gníomhaíochtaí claochlaitheacha a mhéadú. Ba cheart borradh a chur faoi ghníomhaíochtaí ambasadóirí na dtionscnamh sin agus a macasamhla a dhéanamh in áiteanna eile chun feasacht i leith na haeráide a mhúscailt ag gach leibhéal den rialtas áitiúil agus chun dlús a chur lena n-aistriú;

24.

i bhfách leis na Treoirlínte maidir le Cabhair le haghaidh na hAeráide, Fuinnimh agus an Chomhshaoil. Leis na treoirlínte sin, cuirfear le héifeachtacht na n-iarrachtaí cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach – go háirithe maidir le foirgnimh a athchóiriú, an bhithéagsúlacht, soghluaisteacht ghlan, fuinneamh in-athnuaite, agus maidir le héifeachtúlacht acmhainní d’fhonn tacú leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach;

25.

ag iarraidh go gcuirfear na dálaí cuí i bhfeidhm chun an geilleagar sóisialta a fhorbairt. Tá an creat polaitiúil agus dlíthiúil ríthábhachtach maidir leis an timpeallacht chuí a chruthú le haghaidh an gheilleagair shóisialta. San áireamh leis sin, tá creat le haghaidh cánachais, soláthar poiblí agus státchabhrach, ceann is gá a chur in oiriúint do riachtanais an gheilleagair shóisialta;

Údaráis áitiúla agus réigiúnacha ina bpríomhghníomhaithe san aistriú glas

26.

ag iarraidh creat rialachais il-leibhéil dea-fheidhmiúil a bheith ann, ón leibhéal áitiúil, cathrach agus réigiúnach, go dtí an leibhéal náisiúnta, Eorpach agus domhanda. Tá gá le comhar ón mbun aníos agus ón mbarr anuas, má táthar chun na hathruithe radacacha marthanacha a dhéanamh ar an stíl mhaireachtála a theastaíonn chun sochaí chothrom inbhuanaithe ísealcharbóin athléimneach a chruthú;

27.

á thabhairt chun suntais gur príomhghníomhaithe san aistriú glas iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha. Is iadsan a chuireann chun feidhme 70 % de reachtaíocht uile an Aontais, 70 % de na bearta chun an t-athrú aeráide a mhaolú, 90 % de na straitéisí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus 65 % de na spriocanna forbartha inbhuanaithe, agus is iadsan freisin a dhéanann aon trian den chaiteachas poiblí agus dhá thrian den infheistíocht phoiblí. Is iadsan is mó a bhfuil tuiscint acu ar na dúshláin áitiúla agus réigiúnacha agus, dá thoradh sin, ba cheart na huirlisí is gá a bheith acu chun na réitigh chórasacha is fearr a fheileann don chás áitiúil a lorg. Ní fhágann an ról sin, áfach, gur orthu féin amháin atá an fhreagracht. Tá sé d’oibleagáid ar na húdaráis ar leibhéil rialtais níos airde tacú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ina gcuid iarrachtaí ar fad san obair sin;

28.

ag moladh leas níos mó a bhaint as rialachas rannpháirtíochta (plé, buiséid, etc.) agus as rialachas il-gheallsealbhóra, óir chuirfeadh sé sin leis an dóchúlacht go ndéanfaí na hinfheistíochtaí glasa is fearr is féidir i mbailte beaga tuaithe, i gcathracha agus i réigiúin; á chur in iúl gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a thacaíonn leis an gcinnteoireacht ag gach céim agus a thugann tacaíocht ghníomhach mar chuid de straitéisí beartais;

29.

á thabhairt le fios nach mbainfear amach cuspóirí aeráide uaillmhianacha Chomhaontú Pháras ach amháin má chuimhnítear ar bhonn domhanda agus má dhéantar beart ar bhonn áitiúil. Sa chomhthéacs sin, tá an Coiste ag iarraidh ar Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a iarracht ghníomhach a dhéanamh chun rannpháirt fhóinteach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha mar chomhpháirtithe inchreidte de chuid Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Athrú Aeráide;

30.

ag moladh do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cruinnithe mullaigh aeráide áitiúla a eagrú a mbeidh tionchar dearfach acu ar rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i saincheisteanna a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide agus le haistriú fuinnimh agus a thabharfaidh deis chun moltaí Choiste na Réigiún a ullmhú do chomhdhálacha bliantúla na Náisiún Aontaithe maidir leis an aeráid;

An ghné shóisialta de chothú na hathléimneachta

31.

á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé d’aistriú ar bith na pobail áitiúla a dhéanamh rannpháirteach sa chinnteoireacht; ag moladh tiomantas níos mó a dhíriú ar an gcumhachtú, an chuimsitheacht, luachanna coiteanna agus an dlúthpháirtíocht, agus na gníomhaithe go léir a dhéanamh rannpháirteach i gcothú na bpobal athléimneach; á chur in iúl a riachtanaí atá sé daoine óga a dhéanamh rannpháirteach ann freisin;

32.

ag iarraidh go bhforbrófar uirlisí lena spreagfar teaghlaigh chun páirt a ghlacadh san aistriú agus cineálacha tacaíochta éagsúla, go háirithe do na grúpaí saoránach is leochailí agus na críocha is leochailí; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, sa chomhthéacs sin, gur bunaíodh an Ciste Aeráide Sóisialta agus tá sé ag iarraidh go dtabharfar tacaíocht airgeadais trí mheán córas bainistithe chomhroinnte lena gcloífear le prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil;

33.

ag iarraidh go gcumhachtófar na táirgeoirí is tomhaltóirí agus na tomhaltóirí san aistriú glas, trí reachtaíocht a úsáid chun srian a chur leis an snas glas agus chun roghanna eolasacha a chur chun cinn;

34.

ag agairt beart chun tionscnaimh ábhartha a éascú agus a chur chun cinn, agus chun bacainní níos ísle ar chomhphobail áitiúla fuinnimh in-athnuaite a chur ar bun, ós rud é gur uirlis lárnach iad maidir le húsáid fhorleathan foinsí fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus maidir le córas díláraithe fuinnimh a bhaint amach agus tairbhí áitiúla eacnamaíocha agus sóisialta á gcur ar fáil san am céanna;

35.

á thabhairt dá aire nach ndéantar a oiread agus ab fhéidir i bplean REPowerEU ó thaobh coigilt fuinnimh de, agus tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit cuimhneamh ar bhearta amhail feachtais chun feasacht an phobail a mhúscailt agus athrú iompraíochta a spreagadh;

Ról an oideachais i gcothú na hathléimneachta

36.

á chur i bhfáth nach n-éireoidh leis an aistriú glas ach amháin má fhorbraítear caipiteal eolais trí oideachas aeráide ag gach leibhéal oideachais, agus trí sciliú agus athsciliú freisin;

37.

á thabhairt chun suntais gur cheart, leis an gComhshocrú Aeráide, dlús a chur leis na hiarrachtaí chun na gealltanais a tugadh cheana féin ar an leibhéal áitiúil a chomhlíonadh, gealltanais ar thug gníomhaithe áitiúla (FBManna, scoileanna, údaráis áitiúla, ollscoileanna, etc.) iad, agus gealltanais nua a chruthú lena bhféadfaí an chéad mhór-roinn aeráidneodrach a dhéanamh den Eoraip faoi 2050;

38.

i bhfách le cuspóirí, prionsabail agus treoirlínte an chláir Fís Eorpach agus tá sé ag iarraidh ceanglais níos láidre a bheith ann maidir le marthanacht tionscadal agus go ndéanfar faireachán ar a dtionchar;

39.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí chun tionscnaimh a chur chun cinn, a leathnú agus a mhaoiniú ar tionscnaimh iad atá ann cheana nó ar tionscnaimh nua iad lena dtacaítear le comhroinnt eolais agus dea-chleachtais sna líonraí Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus le comhar idir cathracha amhail gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, cuairteanna staidéir, meantóireacht agus cóitseáil idir comhpháirtithe;

40.

ag iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a seacht ndícheall a dhéanamh chun comhar riaracháin frithpháirteach agus trasteorann a spreagadh i gcur chun feidhme tionscadal aistrithe, lena n-áirítear comhar idir-réigiúnach, idirbhardasach agus trasteorann ar fud an Aontais;

41.

ag moladh an dea-chleachtas a úsáid sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, cleachtas a thagann as tionscnaimh amhail Cúnant na Méaraí, Chomhghuaillíocht Under2, misin an Aontais, etc. Is é an aidhm atá ann úsáid a bhaint as na sonraí arna mbailiú agus straitéisí aeráide fadtéarmacha á bhforbairt agus taithí a roinnt ar mhodhanna ar éirigh leo, ar réitigh nuálacha agus ar cheachtanna luachmhara a foghlaimíodh ó thionscnaimh den sórt sin;

42.

ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach cuimhneamh ar ionstraim thiomnaithe a bhunú le haghaidh cúnamh teicniúil agus malartú faisnéise idir údaráis áitiúla agus réigiúnacha a bhfuil dúshláin atá cosúil le chéile le sárú acu i dtaca leis an aistriú glas agus le pobail athléimneacha a thógáil trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil ar mhaithe le comhroinnt an dea-chleachtais san Aontas (cuairteanna staidéir);

43.

ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an comhar idirghlúine, príomhshruthú dhearcthaí na ndaoine óga agus tacaíocht ó chlár na bPolaiteoirí Tofa Óga; i bhfabhar éiceachóras nuálaíochta a thógáil trí thionscadail, cláir agus gníomhaíochtaí a dhíreofar ar dhaoine óga cumasacha d’fhonn acmhainneacht na hóige a chur chun tairbhe don aistriú glas;

44.

ag iarraidh go mbunófar moil aeráide áitiúla agus réigiúnacha a bheidh ina bhfoinsí faisnéise agus ina n-áiteanna lena spreagfar pobail áitiúla chun cur leis an aistriú glas. D’fhéadfadh na moil sin tionscnaimh agus tionscadail ón mbun aníos a sheoladh lena spreagfaí agus lena gcuirfí chun cinn comhoibriú idir úsáideoirí tiomanta agus amhrasacha na cathracha agus na réigiún, agus iad siúd nár spreagadh chun rannpháirtíochta freisin;

Feasacht níos fearr i measc an phobail agus faireachán a dhéanamh ar an athrú

45.

á chur i bhfáth gur ceann de réamhriachtanais an bheartais aeráide éifeachtaigh an pobal a bheith feasach ar an athrú aeráide, ar na cúiseanna leis agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis. Trí úsáid a bhaint as uirlisí teicneolaíochta nua-aimseartha (cianbhraiteacht, teileamaitic iompair, ladrainn, TFC), is féidir na beartais aeráide a ghlactar a chur i gcrích ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí;

46.

Is í an tsochaí atá feasach ar bhagairtí an athraithe aeráide is fearr a léiríonn dlúthpháirtíocht maidir le gníomhaíochtaí deacra, ar minic gur gníomhaíochtaí costasacha iad freisin, a ghlacadh. Is í an fhaisnéis atá cothrom le dáta agus iontaofa is bunús leis na gníomhaíochtaí agus is uirthi sin freisin a bhraitheann glacadh an phobail áitiúil agus réigiúnaigh;

47.

á chur i gcuimhne go bhfuil rath an aistrithe ghlais ag brath ar líon mór comhpháirtithe áitiúla a bheith sásta páirt a ghlacadh ann. Tá sé tábhachtach cumarsáid shoiléir leanúnach agus idirphlé a dhéanamh maidir le próiseas an aistrithe, go háirithe i dtaca le saincheisteanna deacra, cuir i gcás srian a chur le roghanna iompair an duine aonair nó an áit a bhfuil teacht ar na háiseanna bardasacha, rudaí nach mbíonn sé éasca don phobal glacadh leo;

Oibreoirí eacnamaíocha agus athléimneacht a chothú

48.

á chur i bhfáth gur cheart do ghnólachtaí agus don tionscal tacú le hiarrachtaí chun dul in oiriúint don athrú aeráide agus gur cheart acmhainní dlíthiúla agus airgeadais a shocrú ionas nach n-inmheánóidh an pobal áitiúil costais na seachtrachaí gnó diúltacha;

49.

ag iarraidh go spreagfar an táirgeadh inbhuanaithe tríd an rialáil, trí bhíthin freagracht leathnaithe táirgeora i gcás líon níos mó grúpaí táirgí agus i gcás chéimeanna ar leith a saolré;

50.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha, a bhfuil sé beartaithe leis cuidiú le truailliú a chosc agus a rialú, ach freisin nuálaíocht a spreagadh, luach saothair a thabhairt do cheannródaithe agus cabhrú lena thuilleadh cothroime a bhaint amach i margadh an Aontais;

51.

á chur i bhfios nach mór tuilleadh tionscadail agus bonneagar fuinnimh inbhuanaithe trasteorann a fhorbairt, má tá córas fuinnimh atá saor ó astaíochtaí agus atá comhtháite ina iomláine le baint amach san Aontas. Ba cheart na bacainní atá ann cheana a bhaint agus an comhar maidir le fuinneamh astaíochtaí ísle agus in-athnuaite a neartú thar theorainneacha;

52.

á thabhairt le fios gur gá borradh a chur faoi mhargadh inmheánach na dtáirgí tógála trí bhíthin creata rialála a oireann do chur chun cinn an rabharta athchóiriúcháin agus infheistíochtaí foirgníochta atá bunaithe ar thógáil inbhuanaithe;

Tomhaltas inbhuanaithe

53.

ag iarraidh go ndéanfar gníomhaíocht reachtach chun na hearraí fisiceacha uile ar mhargadh an Aontais a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, níos ciorclaí agus níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de ar feadh a saolré – ón dearadh agus úsáid laethúil go dtí an t-athrú cuspóra agus an athúsáid;

54.

ag iarraidh go ndéanfar athruithe reachtacha lena áirithiú gurb éifeachtúla na hiarrachtaí dul i ngleic le cur amú bia, lena n-áirítear forbairt earnála bia inbhuanaithe a spreagadh (an straitéis “ón bhFeirm go dtí an Forc”) agus tionchar na hearnála próiseála bia agus miondíola ar an gcomhshaol a laghdú trí bheart a dhéanamh maidir le hiompar, stóráil, agus pacáistiú agus maidir le cur amú bia a sheachaint, agus bearta a dhéanamh freisin le tomhaltas inbhuanaithe bia a chur chun cinn;

55.

i bhfabhar gníomhaíocht ón gCoimisiún chun tacú le geilleagar sóisialta Eorpach a fhorbairt, geilleagar lena bhféadfaí na dúshláin a bhaineann le cur amú bia agus saolré ghearr táirgí a shárú i ndáiríre agus gníomhaíochtaí glasa nua a fhorbairt;

56.

á chur i bhfios, in am seo na géarchéime agus na ndúshlán a ghabhann leis, go bhfuil ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid spriocanna, rioscaí a shainaithint agus freagairt go dinimiciúil do shrianta forbartha atá ag teacht chun cinn arís agus arís eile, rud a fhágann go bhféadfadh sé a bheith deacair gníomhaíochtaí claochlaitheacha a chur chun feidhme ar bhonn leanúnach cuimsitheach;

An ghné airgeadais de chothú na hathléimneachta

57.

á chur in iúl go láidir maidir leis na cistí is tábhachtaí (Beartas Comhtháthaithe an Aontais, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Ciste um Aistriú Cóir, an Ciste don Nuachóiriú, etc.), agus maidir leis na cistí atá dírithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach (Clár LIFE, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, etc.) lena bhféachtar le tacaíocht a thabhairt don aistriú glas, is ar an leibhéal náisiúnta a chlársceidealaítear iad agus is ar threoirlínte na rialtas láir a bhraitheann raon feidhme na dtionscadal áitiúil agus réigiúnach. Ba cheart nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirteach a mhéid is féidir — i gcomhréir lena riachtanais i gclársceidealú agus i gcur chun feidhme chistí an Aontais;

58.

á chur i bhfáth maidir le plean REPowerEU a chuir an Coimisiún Eorpach i láthair, plean i dtaca le coigilteas fuinnimh a mhéadú, soláthairtí a éagsúlú, borradh a chur faoi fhorbairt an fhuinnimh in-athnuaite, ídiú na mbreoslaí iontaise a laghdú agus infheistiú cliste a dhéanamh, ba cheart foráil a dhéanamh leis maidir lena chur chun feidhme ó thaobh na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de, agus maidir le leithdháileadh na gcistí Eorpacha arb ann dóibh cheana féin nó ar cistí nua iad chun na críche sin; ag iarraidh ar na Ballstáit cistí nár baineadh leas astu a atreorú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun tacú le pleanáil um shlándáil fuinnimh agus le hinfheistíochtaí i bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus in éifeachtúlacht fuinnimh;

59.

ag leagan béim ar an ról a imríonn forálacha na gConarthaí maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a mhaoiniú, go háirithe i réimse na cosanta aeráide. Ní mór tabhairt isteach na n-athruithe a chur in oiriúint do chúinsí agus féidearthachtaí na bpobal áitiúil, ionas gur féidir na hathruithe sin a dhéanamh go héifeachtach gan ualach rómhór a chur ar an bpobal áitiúil; tá CnaR ag iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha maidir le seirbhísí bardasacha a mhaoiniú ionas gur féidir réitigh níos fearr a chur i bhfeidhm chun na riachtanais is práinní sa réimse seo a mhaoiniú, rud a mbeidh impleachtaí aige ó thaobh an tionchair ar an gcomhshaol de;

60.

ag iarraidh go gcuíchóireofar rialacha maidir le cúnamh poiblí, lena n-áirítear tacaíocht le haghaidh réitigh i réimse chistiúchán agus chothabháil na gcóras atá riachtanach ó thaobh bainistiú dramhaíola de, go háirithe deiseanna a chur ar fáil maidir le cistiú ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun na córais sin a oibriú, agus maidir le tacaíocht le haghaidh bainistiú géarchéime agus tacaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha, micrifhiontair san áireamh;

61.

ag leagan béim ar an ngá atá leis an mbochtaineacht fuinnimh agus soghluaisteachta a chomhrac trí bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus trí fhoinsí in-athnuaite fuinnimh a chur chun feidhme ar bhonn níos forleithne agus ar an ngá gaolmhar atá le tacaíocht na mBallstát ina leith sin ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach; den bharúil, dá bhrí sin, go bhfuil sé riachtanach an t-ualach costais tosaigh a bhaineann le bearta éifeachtúlachta fuinnimh a laghdú, go háirithe i gcás teaghlach, micrifhiontar, fiontair bheaga agus tomhaltóirí leochaileacha;

62.

á chur i bhfáth nach leordhóthanach an cistiú a ndéantar foráil dó de réir an athbhreithnithe ar an gcóras trádála astaíochtaí (CTA) atá ann cheana chun aistriú atá cóir i ndáiríre a áirithiú, agus gur cheart cuimhneamh ar ioncaim lasmuigh de CTA maidir le hiompar de bhóthar agus foirgnimh (CTA II) a leithdháileadh don Chiste Aeráide Sóisialta; ag moladh gur cheart tús a chur le comhthiomsú an ioncaim arna chur in áirithe le haghaidh an Chiste Aeráide Shóisialta sula gcuirfear CTA II chun feidhme;

63.

den bharúil gur cheart don Chiste Aeráide Sóisialta na héifeachtaí diúltacha ar theaghlaigh, micrifhiontair, fiontair bheaga agus na húsáideoirí iompair is leochailí a chúiteamh agus forbairt atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí de a áirithiú;

64.

ag moladh don earnáil phríobháideach (lena n-áirítear trí fhreagracht leathnaithe táirgeora) páirt níos mó a ghlacadh i gcothú athléimneacht na gcathracha agus na réigiún;

65.

ag iarraidh go ndéanfar níos solúbtha dlí iomaíochta na hEorpa, go háirithe maidir le státchabhair, óir ní thugtar aird leordhóthanach ann ar an gcineál iomaíochta a bhfuil ar chuideachtaí Eorpacha dul i ngleic leis i dtríú tíortha nach gcloítear leis na rialacha céanna iontu;

66.

ag tarraingt aird ar an ngannmheastachán a rinneadh ar na costais atá le láimhseáil ag údaráis áitiúla de dheasca géarchéimeanna éagsúla agus na tacaíochta ó leibhéil rialachais níos airde a raibh moill uirthi; ag iarraidh, dá bhrí sin, tograí le haghaidh réitigh níos éifeachtacha;

67.

ag iarraidh a thuilleadh tacaíocht airgeadais a bheith ann ar son infheistíochtaí glasa a bhfuil éifeacht chearnach acu, agus gníomhaíocht bhreise a chothú ar mhaithe leis an aistriú glas a bhrú chun cinn;

68.

á chur in iúl, cé is moite de rochtain dhíreach ar chistiúchán, gur cheart cúnamh agus tacaíocht theicniúil leordhóthanach a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh fothú acmhainneachta, ionas gur féidir leo tairbhe a bhaint as na deiseanna cistiúcháin atá ann cheana, chun cuidiú leo cothromaíocht éifeachtach a áirithiú idir an cistiúchán príobháideach agus poiblí, agus ionas go mbeidh siad in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as an soláthar poiblí glas agus inbhuanaithe le haghaidh infheistíochtaí;

69.

i bhfách leis an smaoineamh buiséad glas a bheith ina uirlis chun beartas fhioscach a cheapadh d’fhonn cuspóirí comhshaoil a bhaint amach. Leis sin, beifear in ann measúnú a dhéanamh ar thionchar comhshaoil na mbeartas buiséadach nó fioscach, agus ar a chomhsheasmhaí atá siad leis na hiarrachtaí chun gealltanais náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh (5);

70.

ag iarraidh go ndéanfar cúrsaí riarachán a shimpliú a thuilleadh agus go laghdófar na bacainní rialála a bhaineann le teicneolaíochtaí agus samhlacha gnó nua nuálacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

71.

á chur in iúl gurb iad na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, den chuid is mó, a mbíonn orthu dul i ngleic leis na dúshláin maidir le cur chun feidhme an bheartais aeráide, cé go dtéann an maoiniú féideartha (cuir i gcás, ioncam ó cháin nó cearta astaíochtaí), ar an iomlán, chuig an mbuiséad láir; ag iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar na rialacha maidir le rochtain ar acmhainní;

Soláthar na seirbhísí éiceachórais a neartú

72.

ag tarraingt aird ar an ngá atá le bearta sonracha a dhéanamh chun bainistiú uisce i limistéir uirbeacha a chuíchóiriú, go háirithe chun bainistiú acmhainní uisce a chuíchóiriú agus naisc leis an dobharcheantar á gcur san áireamh san am céanna, agus chun clár a bhunú d’fhonn infheistíochtaí coinneála mionscála agus ciste chun na críche sin a fhorbairt;

73.

á chur in iúl gur ábhar imní dó, d’ainneoin raon feidhme leathan na reachtaíochta comhshaoil san Aontas, go bhfuil bearnaí móra ann go fóill i gcosaint dhlíthiúil na n-éiceachóras (6), cé go bhfuil sé ríthábhachtach éiceachórais a athbhunú chun ardcháilíocht saoil a choimeád agus chun a áirithiú go leanfar de na próisis is gá chun forbairt inbhuanaithe a dhéanamh.

An Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM:2021:82:FIN

(2)  https://report.ipcc.ch/ar6wg2/pdf/IPCC_AR6_WGII_FinalDraft_FullReport.pdf

(3)  Climate change adaptation and disaster risk reduction in Europe: Enhancing coherence of the knowledge base, policies and practices [Oiriúnú don athrú aeráide agus an riosca tubaiste a laghdú san Eoraip: Comhleanúnachas an bhoinn eolais, na mbeartas agus na gcleachtas a fheabhsú] 15/2017, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, https://www.eea.europa.eu/publications/climate-change-adaptation-and-disaster

(4)  https://climate-adapt.eea.europa.eu/eu-adaptation-policy/sector-policies/ecosystem

(5)  https://www.oecd.org/environment/green-budgeting/

(6)  Mapping and Assessment of Ecosystems and their Services: An EU ecosystem assessment [Mapáil agus Measúnú ar Éiceachórais agus ar na Seirbhísí a Bhaineann leo], 2020 https://publications.jrc.ec.europa.eu/repository/handle/JRC120383


30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/41


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – Cur chun feidhme cistí glasa ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach

(2022/C 375/07)

Rapóirtéir:

Vincent CHAUVET (FR/Renew Europe), Méara Autun

Doiciméad tagartha:

Tarchur ón Uachtaránacht, Riail 41(a)

MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

1.

á chur in iúl gur leagadh treochlár amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, a seoladh in 2019, d’fhonn Eoraip atá aeráidneodrach, tíosach ar acmhainní, ciorclach agus iomaíoch a bhaint amach faoi 2050, go leagtar béim ann ar ról lárnach na mbuiséad náisiúnta in infheistíocht phoiblí, tomhaltas agus cánachas a atreorú i dtreo tosaíochtaí glasa, agus go dtugtar gealltanas sonrach ann cleachtais an bhuiséadaithe ghlais a chothú san Aontas;

2.

á chur i dtreis a thábhachtaí atá an buiséadú glas chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus a thábhachtaí atá na gealltanais aeráide idirnáisiúnta chun tionchar glas an chistithe a mheas (ar gealltanais iad sin atá dírithe ar an tslí mhaireachtála atá againn a athrú ó bhonn, go háirithe ár gcórais fuinnimh, tithíochta, iompair agus bhia), agus freisin cé chomh tábhachtach atá sé go n-urramófar gnéithe córa agus cuimsitheacha na n-aistrithe;

3.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht láidir na réigiún agus na gcathracha a chur chun cinn maidir lena dhéanamh amach an bhfuil na míreanna buiséadacha ag teacht leis na cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus maidir le sainmhínithe, aicmiúchán, agus treoirlínte comhchuibhithe a chur ar fáil i dtaca le conas na míreanna sin a chur i bhfeidhm i gcás gníomhaíochtaí sonracha;

4.

á athdhearbhú nach bhfuil fáil go fóill ar na cistí téarnaimh agus athléimneachta ar na leibhéil rialachais áitiúla agus réigiúnacha, áit a ndéantar an cur chun feidhme. Is fíordhúshlán é sin toisc gurb iad, dar le ECFE, na rialtais fhonáisiúnta atá freagrach as 55 % den chaiteachas poiblí agus 64 % den infheistíocht phoiblí a bhaineann leis an aeráid agus an comhshaol;

Sainmhíniú ar an gcreat

5.

á thabhairt dá aire go ndearna an Coimisiún Eorpach i mí na Bealtaine 2021, d’fhonn na beartais bhuiséadacha áitiúla agus náisiúnta a ailíniú ar bhealach níos fearr leis na spriocanna comhshaoil, buiséad glas a shainmhíniú mar phróiseas buiséadach lena ndéantar rannchuidiú míreanna buiséadacha leis an gcomhshaol a shainaithint agus a mheas i gcomhréir le táscairí sonracha feidhmíochta comhshaoil;

6.

ag tabhairt rabhadh, áfach, gur cheart an t-aon sainmhíniú soiléir amháin a dhéanamh ar an mbuiséadú glas agus ar a bhunphróiséas ionas go bhféadfar tionchar comhshaoil/aeráide na mbuiséad poiblí ina n-iomláine, nó codanna ar leith díobh, a mheasúnú; ag tabhairt rabhadh freisin gur cheart a bheith ar an eolas gur cur chuige cinnteoireachta é an buiséadú glas;

7.

á chur in iúl gur fhorbair ECFE creat straitéiseach maidir leis an mbuiséadú glas lena gcuirtear timpeallacht chumasúcháin ar fáil do na rialtais le haghaidh an bhuiséadaithe ghlais agus ina sainítear foirm, cúis agus modh an bhuiséadaithe ghlais. I dteannta an chreata sin, nó ar mhaithe lena chomhlánú, d’fhorbair an Coimisiún Eorpach, i mí Eanáir 2022, creat tagartha Eorpach maidir leis an mbuiséadú glas chun bheith ina threoir i dtaobh an buiséadú glas a thabhairt isteach nó chun na cleachtais atá i mBallstáit an Aontais cheana a uasghrádú;

8.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit cuidiú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na treoirlínte maidir le próiseas an bhuiséadaithe ghlais agus creat modheolaíochta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear na tograí atá ann cheana maidir leis na rialtais fhonáisiúnta (1), chun rannchuidiú míreanna buiséadacha leis an gcomhshaol a shainaithint agus a mheas i gcomhréir le táscairí sonracha feidhmíochta comhshaoil d’fhonn na beartais bhuiséadacha áitiúla agus náisiúnta a ailíniú ar bhealach níos fearr leis na spriocanna comhshaoil;

9.

á mheabhrú, áfach, nach mór dóthain solúbthachta a bheith sna modheolaíochtaí a chuirtear ar fáil chun gur féidir iad a chur in oiriúint do chomhthéacs na tíre ar leith (freagrachtaí fonáisiúnta, ainmníocht bhuiséadach, etc.) agus freisin do leibhéal an rialtais fhonáisiúnta;

10.

á iarraidh, san am céanna, ar an gCoimisiún Eorpach athmhachnamh a dhéanamh ar a thuilleadh a dhéanamh de bhreis ar chreat modheolaíochta maidir leis an mbuiséadú glas, lena n-áirítear togra le haghaidh creat dlíthiúil;

11.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé “cuspóirí an bhuiséid ghlais” a shainmhíniú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach i gcomhréir leis na spriocanna aeráide agus inbhuanaithe arna sainmhíniú i bpleananna earnála (e.g. pleananna réigiúnacha fuinnimh, pleananna gníomhaíochta don fhuinneamh inbhuanaithe agus don aeráid, pleananna um an tsoghluaisteacht inbhuanaithe, etc.);

12.

á iarraidh ar an 100 Cathair Eorpach arna roghnú ag an gCoimisiún Eorpach ar mhaithe lena n-iompú ina gcathracha aeráid-neodracha cliste faoi 2030 an buiséadú glas a ghlacadh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme phlean infheistíochta an chonartha comhshaoil, arna chur i gcrích ag na cathracha agus a ngeallsealbhóirí áitiúla;

13.

á chur i dtreis go bhfuil tionchar eacnamaíoch ag an athrú aeráide. Tá na costais chomhshaoil sin (seachtracht dhiúltach) níos airde ná mar a ceapadh roimhe seo. Mar sin féin, féadfaidh na cuideachtaí agus na heagraíochtaí feabhas a chur ar a staid eacnamaíoch tríd an tseachtracht dhiúltach sin a laghdú agus, sa chaoi sin, an tionchar fioscach a laghdú freisin. Féadfaidh siad freisin na cánacha comhshaoil a laghdú nó deireadh a chur leo tríd an reachtaíocht aeráide a chomhlíonadh. I bhfianaise an méid sin, ba cheart féachaint ar an reachtaíocht sin mar dheis eacnamaíoch chomh maith;

Faireachán

14.

den tuairim gur cheart díriú, leis an mbuiséadú glas arna fhorbairt ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, ar bhearta caiteachais agus ioncaim agus, go sonrach, ar fhaireachán a dhéanamh ar dhoiciméid bhuiséadacha ina bhfuil leithdháiltí caiteachais. Chun go mbeidh an measúnú sin níos inrochtana, áfach, níor cheart gurbh fhéidir measúnú a dhéanamh ach ar chaiteachas (mar chéad chéim). D’fhéadfaí measúnú a dhéanamh ar ioncam agus ar chaiteachas cánach mar dhara céim, mar a mholtar i gcreat tagartha AE maidir leis an mbuiséadú glas;

15.

á thabhairt dá aire, mar sin féin, gurb é an t-aon bhealach lena áirithiú go mbeidh rath ar an mbuiséadú glas agus go mbainfear tairbhe as ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ná creat cumasúcháin a chruthú ina mbeadh níos mó ná uirlisí an bhuiséadaithe ghlais amháin. Níor cheart an t-ualach ar fad maidir leis an gcreat sin a fhorbairt a chur ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, áfach. Ba cheart an obair sin a dhéanamh ar leibhéal rialtais níos airde;

16.

den tuairim gur gá liosta a dhéanamh, le haghaidh buiséadú glas áitiúil agus réigiúnach, de na míreanna buiséadacha a mbaineann tionchair ghlana chomhshaoil leo a bhfhéadfaí féachaint orthu ar an iomlán mar thionchair “ghlasa”, mar aon le liosta de na míreanna lena mbaineann tionchair ghlana a bhfhéadfaí féachaint orthu ar an iomlán mar thionchair “dhonna” nó “neodracha”. Ba cheart an liosta sin a chomhtháthú sna treoirlínte agus na huirlisí maidir leis an mbuiséadú glas ar mhaithe leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sin atá toilteanach an buiséadú glas a chur chun feidhme nó a gcuid cleachtas reatha a uasghrádú; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, ina fhianaise sin, iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus ECFE chun é sin a fhíorú;

17.

á chur i dtreis a thábhachtaí atá sé do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an tionchar atá ag míreanna glasa agus donna ó thaobh an athraithe aeráide de a mheas agus aghaidh a thabhairt san am céanna ar astaíochtaí CO2, oiriúnú agus maolú, an bhithéagsúlacht, aer glan, agus truailliú comhshaoil eile;

18.

den bharúil go spreagtar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha modheolaíocht an bhuiséadaithe ghlais a ghlacadh a bhuí leis an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh”;

19.

den tuairim go bhféadfaidh buiséad glas a bheith ina uirlis éifeachtach chinnteoireachta chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar bheartais inbhuanaithe agus beartais aeráide trí bhíthin straitéis cuntasaíochta mheántéarmach agus fhadtéarmach trína chomhtháthú le plean ilbhliantúil saothar poiblí agus réamhaisnéis bhuiséid; den bharúil go bhfuil obair leantach rathúil ina gné lárnach de chur chun feidhme rathúil;

20.

á iarraidh go gcruthófar ardán um chomhar trasteorann idir na húdaráis, thar theorainneacha náisiúnta agus bhardasacha araon, a dhíreofar ar mhalartú na gcleachtas is fearr agus tionscnaimh fothaithe acmhainneachta chun cuidiú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a mbuiséad a dhéanamh níos glaise. Ba cheart treoir a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san oiliúint sin maidir le cur i bhfeidhm praiticiúil, na cleachtais atá ann cheana a mheas, agus dul i ngleic leis na dúshláin shonracha a bhaineann leis an airgeadas poiblí a dhéanamh níos glaise;

21.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit rochtain níos leithne a thabhairt ar thionscnaimh tacaíochta teicniúla le haghaidh an bhuiséadaithe ghlais, rudaí nach bhfuil fáil orthu faoi láthair ach ar an leibhéal náisiúnta den chuid is mó; réidh, ina leith sin, i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach, ECFE, I4CE agus gníomhaithe ábhartha eile, le hoiliúint éigeantach maidir leis an mbuiséadú glas a thabhairt isteach do chomhaltaí CnaR mar an chéad chéim i dtreo feasacht a mhúscailt agus eolas ábhartha a scaipeadh i dtaobh conas an cur chuige buiséadach sin a chur i bhfeidhm.

Infheistíochtaí a éascú

22.

á mheabhrú gurb é a thuigtear leis an mbuiséadú glas measúnú ar a ghlaise atá an buiséad. Ba cheart é a bheith mar bhunaidhm an bhuiséadaithe ghlais, áfach, sciar na gcodanna “glasa” de na buiséid a mhéadú ós rud é go bhfuil an buiséadú glas ar cheann de na huirlisí lena gcuirtear an Comhaontú Glas chun feidhme, uirlisí ar a bhfuil na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha i gceannas. Go háirithe, ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas an Aontais na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chistiú go díreach le haghaidh an aistrithe ghlais. Ba cheart buiséad an Aontais agus cistí éagsúla an Aontais a bheith íogair do neamhchosaint tíortha agus réigiún ar éifeachtaí an athraithe aeráide agus, chuige sin, ba cheart a chur san áireamh i ranníocaíochtaí agus maoiniú an Aontais éagsúlacht na gcríoch, staid shocheacnamaíoch gach ceann acu, agus an cumas atá acu freagairt do na tionchair aeráide;

23.

á chur i dtreis go bhfuil gá, i dteannta an mheasúnaithe bhuiséadaigh, ag na húdaráis áitiúila agus réigiúnacha le cistiú leordhóthanach trí bhíthin rochtain neartaithe ar chláir agus tacaíocht i dtaobh tionscadail a fhorbairt a bheadh iontaofa ó thaobh brabúis de (lena n-áirítear tionscadail bheaga), trí thionscadail mhionscála a thabhairt le chéile chun críoch na barainneachtaí scála is gá a chruthú;

24.

á athdhearbhú go mbeidh sé bunriachtanach foinsí príobháideacha maoinithe a shlógadh. Beidh acmhainneacht riaracháin níos fearr ag teastáil ó na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun teacht thart ar an acmhainneacht lag innealtóireachta atá acu mar gheall ar a laghad agus atá siad agus ar a laghad acmhainní atá ar fáil dóibh;

25.

á chur i bhfáth acmhainneacht mhór na modheolaíochta arna húsáid i gcleachtaí buiséadacha glasa a d’fhéadfaí a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar na tionscadail agus ar an bhféidearthacht tionscadail a chistiú trí bhannaí glasa a eisiúint chun dlús a chur leis an infheistíocht ísealcharbóin agus chun tacaíocht ó na hinfheisteoirí a fheabhsú, agus a d’fhéadfadh a bheith ina príomhuirlis sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus i gcur chun feidhme Chomhaontú Pháras. Le tionscnaimh amhail an chomhpháirtíocht dhomhanda um bannaí glasa (Global Green Bond Partnership – GGBP), tacaítear le hiarrachtaí de chuid eintiteas fonáisiúnta amhail cathracha, stáit agus réigiúin, corparáidí agus cuideachtaí príobháideacha, agus institiúidí airgeadais chun dlús a chur le heisiúint bannaí glasa;

26.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit infheistíocht “ghlas” a dhíolmhú ó ríomh an easnaimh phoiblí réigiúnaigh agus ó na “rialacha óir” maidir le teorainn fiachais chun an infheistíocht ghlas a mhéadú d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an Aontais a bhaint amach agus astaíochtaí CO2 a laghdú;

27.

á chur i dtreis gur fheabhsaigh an Coimisiún Eorpach maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe a bhuí lena straitéis airgeadais inbhuanaithe athnuaite agus an creat airgeadais inbhuanaithe, tríd an Rialachán Tacsanomaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe agus an Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe a ghlacadh; á aithint a thábhachtaí atá sé buiséid ghlasa a chomhtháthú le hinnéacs tionchair ísealcharbóin agus innéacs tionchair dhearfaigh carbóin chun caipiteal príobháideach a shlógadh san infheistíocht phoiblí agus chun tuiscint níos soiléire a thabhairt d’infheisteoirí ar na hiarmhairtí carbóin a bhaineann lena gcuid infheistíochtaí;

28.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit deimhniú le haghaidh an bhuiséadaithe ghlais a shainiú i gcomhréir leis na ceanglais tacsanomaíochta, a mhéid is infheidhme, le haghaidh tionscadail athmhaoinithe;

29.

á iarraidh go bhfeabhsófar an tacsanomaíocht go suntasach trí líon na n-oibrithe i gcuideachtaí atá faoina réir a laghdú go mór; á chur in iúl gur díol sásaimh dó go gcuirtear fuinneamh núicléach san áireamh sa tacsanomaíocht mar infheistíocht ghlas;

Rannpháirtíocht agus trédhearcacht

30.

á mholadh go scaipfidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tuarascálacha maidir le faireachán ar an mbuiséadú glas i measc na saoránach d’fhonn éifeachtúlacht, cuntasacht agus trédhearcacht beartas maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide agus an chomhshaoil a chur chun cinn;

31.

á iarraidh go ndéanfar iniúchtaí seachtracha rialta ar mhodheolaíochtaí an bhuiséadaithe ghlais agus, go háirithe, ar an hipitéis bhunaidh a úsáidtear chun caiteachas agus ioncam a aicmiú ar mhaithe le cuntasacht a áirithiú agus, thar aon ní eile, ar mhaithe le muinín an phobail sa phróiseas a fheabhsú;

32.

á iarraidh go neartófar úinéireacht ar an gclár oibre glas i measc na saoránach; á mholadh do na cathracha agus na réigiúin, anuas ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil trí chleachtadh an bhuiséadaithe ghlais, an buiséadú rannpháirtíochta glas a mhéadú mar bhealach chun na saoránaigh, agus na comhairlí áitiúla óige go háirithe, a chumasú le seilbh a ghlacadh ar chuid den bhuiséad bliantúil le haghaidh tionscadail atá chun tairbhe dá bpobal;

Buiséadú sóisialta

33.

á aithint gur uirlisí cumhachtacha eacnamaíocha iad buiséid ghlasa chun sochaithe agus geilleagair a athrú agus chun an comhionannas a fheabhsú; ag tabhairt rabhadh, mar sin féin, nach mór an buiséadú glas a réiteach leis na cuspóirí sóisialta chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar gcúl;

34.

á dhearbhú go bhfuil príomhról ag na cathracha agus na réigiúin maidir le haistriú cuimsitheach íseal-astaíochtaí a bhaint amach; á chur i bhfáth nach mór gníomhú ar son na haeráide a bheith ina thasc tosaíochta ag na húdaráis bhardasacha. Baineann roinnt de na hábhair imní is coitinne a bhíonn ag na cathracha leis an sórt tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ar an bpleanáil spásúlachta, leithscaradh agus forbairt uirbeach, sláinte an duine, agus srathú eacnamaíoch. Féadfaidh tionchair dhearfacha a bheith ag infheistíochtaí i mbonneagar uirbeach íseal-astaíochtaí ar phobail ísealioncaim agus pobail leochaileacha. Is mar gheall air sin nach bhféadfar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a fhágáil ar a gconlán féin agus iad ag iarraidh an t-aistriú glas a chur i gcrích. Tá freagracht ar na Ballstáit agus ar an Aontas Eorpach araon tacaíocht a thabhairt dóibh ina gcuid iarrachtaí;

35.

den bharúil go bhfuil athdháileadh ríthábhacht le nach bhfágfar aon duine ar gcúl ós rud é go dtiocfaidh méadú mór ar earraí agus seirbhísí atá dian ar ghás ceaptha teasa (i.e. téamh agus aerchóiriú, cíos tithe, iompar) mar gheall ar bheartais mhaolúcháin. Maidir leis na tíortha siúd ina bhfuil tomhaltas díréireach na n-earraí agus na seirbhísí sin i measc teaghlaigh ar ioncam íseal, ní dhéanfaidh na beartais mhaolaithe ach na héagothromaíochtaí a mhéadú ó thaobh an chaiteachais de. Ar mhaithe leis an éagothromaíocht shóisialta a sheachaint, ní mór an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a chur i bhfeidhm ar bhealach níos déine. Ní mór, dá bhrí sin, athdháileadh a dhearadh ar bhealach a fhágfaidh go gcúiteofar iad siúd atá cúramach ó thaobh na haeráide de. Tá an fhreagracht ar an tsochaí trí chéile gníomhú ar son na haeráide. Ba cheart na difríochtaí socheacnamaíocha idir na tíortha agus na réigiúin a chur san áireamh i mbuiséad an Aontais agus i gcistí éagsúla an Aontais, mar aon leis na héifeachtaí atá ag an athrú aeráide féin agus na beartais chun dul i ngleic leis ar an éagothromaíocht chríochach agus an éagothromaíocht shóisialta le go mbeidh an t-aistriú glas chomh cóir agus chomh cuimsitheach agus is féidir.

An Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Tá nósanna imeachta measúnaithe aeráide forbartha nó á bhforbairt faoi láthair ag an Institiúid um Eacnamaíocht Aeráide (I4CE) agus ag an Lárionad um na Réigiúin agus na Cathracha in ECFE maidir le buiséid nó treoirlínte sonracha atá ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste na Réigiún

An 150ú seisiún iomlánach de CnaR, 29.6.2022-30.6.2022

30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/45


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

(2022/C 375/08)

Rapóirtéir:

Yonnec POLET (BE/PSE), Cead-Leasmhéara Berchem-Sainte-Agathe

Doiciméid tagartha:

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún Better working conditions for a stronger social Europe: harnessing the full benefits of digitalisation for the future of work [Dálaí oibre níos fearr ar son Eoraip shóisialta níos láidre: leas iomlán a bhaint as an digiteáil ar mhaithe le todhchaí na hoibre] (níl leagan Gaeilge ann)

COM(2021) 761 final

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin

COM(2021) 762 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

COM(2021) 762 final

Leasú 1

Aithris 9

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Nuair a oibríonn ardáin i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha, is minic nach léir cén áit a ndéantar an obair ardáin agus cé a dhéanann an obair sin. Ina theannta sin, ní bhíonn rochtain éasca ag na húdaráis náisiúnta ar shonraí maidir le hardáin saothair dhigiteacha, lena n-áirítear an líon daoine a dhéanann obair ardáin, a stádas fostaíochta agus a ndálaí oibre. Dá bharr sin, is amhlaidh is casta atá forfheidhmiú na rialacha is infheidhme, lena n-airítear na rialacha maidir le dlí an tsaothair agus an chosaint shóisialta.

Nuair a oibríonn ardáin i roinnt Ballstát nó thar theorainneacha, is minic nach léir cén áit a ndéantar an obair ardáin agus cé a dhéanann an obair sin. Ina theannta sin, ní bhíonn rochtain éasca ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit ar shonraí maidir le hardáin saothair dhigiteacha, lena náirítear an líon daoine a dhéanann obair ardáin, a stádas fostaíochta agus a ndálaí oibre. Dá bharr sin, is amhlaidh is casta atá forfheidhmiú na rialacha is infheidhme, lena n-airítear na rialacha maidir le dlí an tsaothair agus an chosaint shóisialta.

Cúis

I roinnt mhaith Ballstát, is iad na húdaráis réigiúnacha atá freagrach as stádas na n-oibrithe a chinneadh.

Leasú 2

Aithris 16

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le daoine a dhéanann obair ardáin san Aontas ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta nó go bhféadfaí a mheas bunaithe ar mheasúnú ar fhíorais go bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh. Ba cheart a áireamh leis sin cásanna nach léir cén stádas fostaíochta atá ag an duine a dhéanann obair ardáin, ionas gur féidir an stádas sin a chinneadh i gceart. Na forálacha maidir le bainistiú algartamach a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le fíor-fhéinfhostaithe agus daoine eile a dhéanann obair ardáin san Aontas nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu .

Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le daoine a dhéanann obair ardáin san Aontas ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta nó go bhféadfaí a mheas bunaithe ar mheasúnú ar fhíorais go bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh á chur san áireamh. Ba cheart a áireamh leis sin cásanna nach léir cén stádas fostaíochta atá ag an duine a dhéanann obair ardáin, nó gur cinneadh go mícheart nó go calaoiseach é, ionas gur féidir an stádas sin a chinneadh i gceart. Na forálacha maidir le bainistiú algartamach a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart feidhm a bheith acu freisin maidir le fíor-fhéinfhostaithe a dhéanann obair ardáin san Aontas.

Cúis

Ceann d’aidhmeanna na treorach is ea go mbeifear in ann stádas na n-oibrithe mar dhaoine féinfhostaithe nó mar fhostaithe a chinneadh i gceart.

Leasú 3

Aithris 18

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tá ardáin saothair dhigiteacha difriúil le hardáin eile ar líne sa mhéid is go n-eagraíonn siad obair a dhéanann daoine aonair arna iarraidh sin, iarraidh aonuaire nó iarraidh rialta a dhéanann faighteoir na seirbhíse a chuireann an t-ardán ar fáil. Agus an obair a dhéanann daoine aonair á heagrú ba cheart ról suntasach ar a laghad a thabhairt maidir leis an éileamh ar sheirbhís a mheaitseáil le soláthar an tsaothair a dhéanann an duine aonair a bhfuil caidreamh conarthach aige leis an ardán saothair digiteach agus atá ar fáil chun cúram sonrach a dhéanamh agus d’fhéadfadh gníomhaíochtaí eile amhail próiseáil íocaíochtaí a bheith ar áireamh ann. Ardáin ar líne nach n-eagraíonn an obair a dhéanann daoine aonair ach nach soláthraíonn ach na modhanna trínar féidir le soláthraithe seirbhísí dul i dteagmháil leis an úsáideoir deiridh, mar shampla trí thairiscintí nó iarrataí ar sheirbhísí a fhógairt nó trí sholáthraithe seirbhíse atá ar fáil i réimse áirithe a chomhiomlánú, gan aon rannpháirtíocht bhreise a bheith acu, níor cheart iad a mheas mar ardán saothair digiteach. An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha, níor cheart soláthraithe seirbhíse a áireamh ann arb é is príomhchuspóir dóibh sócmhainní a shaothrú nó a roinnt, amhail cóiríocht a fháil ar cíos go gearrthéarmach. Ba cheart é a bheith teoranta do sholáthraithe seirbhíse a bhfuil eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair, amhail daoine nó earraí a iompar nó glanadh, ina cuid riachtanach agus go bhfuil gá leis an obair agus nach mionghné agus gné choimhdeach amháin é .

Tá ardáin saothair dhigiteacha difriúil le hardáin eile ar líne sa mhéid is go n-eagraíonn siad obair a dhéanann daoine aonair arna iarraidh sin, iarraidh aonuaire nó iarraidh rialta a dhéanann faighteoir na seirbhíse a chuireann an t-ardán ar fáil. Agus an obair a dhéanann daoine aonair á heagrú ba cheart ról suntasach ar a laghad a thabhairt maidir leis an éileamh ar sheirbhís a mheaitseáil le soláthar an tsaothair a dhéanann an duine aonair a bhfuil caidreamh conarthach aige leis an ardán saothair digiteach agus atá ar fáil chun cúram sonrach a dhéanamh agus d’fhéadfadh gníomhaíochtaí eile amhail próiseáil íocaíochtaí a bheith ar áireamh ann. Ardáin ar líne nach n-eagraíonn an obair a dhéanann daoine aonair ach nach soláthraíonn ach na modhanna trínar féidir le soláthraithe seirbhísí dul i dteagmháil leis an úsáideoir deiridh, mar shampla trí thairiscintí nó iarrataí ar sheirbhísí a fhógairt nó trí sholáthraithe seirbhíse atá ar fáil i réimse áirithe a chomhiomlánú, gan aon rannpháirtíocht bhreise a bheith acu, níor cheart iad a mheas mar ardán saothair digiteach. An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha, níor cheart soláthraithe seirbhíse a áireamh ann arb é is príomhchuspóir dóibh sócmhainní a shaothrú nó a roinnt, amhail cóiríocht a fháil ar cíos go gearrthéarmach. Beidh feidhm aige maidir le soláthraithe seirbhíse a bhfuil eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair, amhail daoine nó earraí a iompar nó glanadh, ina cuid riachtanach agus go bhfuil gá leis an obair. Seirbhísí coimhdeacha a sholáthraítear mar chuid de sholáthar seirbhíse arb é is príomhchuspóir di sócmhainní a shaothrú nó a roinnt, agus a éilíonn eagrú na hoibre a dhéanann daoine aonair, ba cheart iad a áireamh sa sainmhíniú seo, a fhad is atá siad ríthábhachtach, riachtanach agus ordaithe tríd an ardán.

Cúis

Is é an aidhm atá ann a áirithiú go bhféadfaidh seirbhísí coimhdeacha riachtanacha, lena n-áirítear comhpháirt den obair a dhéanann daoine aonair, teacht faoi raon feidhme na treorach nuair a ordaítear iad trí ardán.

Leasú 4

Aithris 23

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Agus cinneadh ceart á dhéanamh maidir leis an stádas fostaíochta níor cheart go gcuirfí cosc ar fheabhas a chur ar dhálaí oibre fíor-fhéinfhostaithe a dhéanann obair ardáin. I gcás ina gcinneann ardán saothair digiteach — ar bhonn deonach amháin nó i gcomhaontú leis na daoine lena mbaineann — íoc as cosaint shóisialta, árachas tionóisce nó cineálacha eile árachais, bearta oiliúna nó sochair chomhchosúla do dhaoine féinfhostaithe atá ag obair tríd an ardán sin, níor cheart na sochair sin iontu féin a mheas mar shochair lena gcinntear gnéithe lena léirítear gurb ann do chaidreamh fostaíochta.

Agus cinneadh ceart á dhéanamh maidir leis an stádas fostaíochta níor cheart go gcuirfí cosc ar fheabhas a chur ar dhálaí oibre fíor-fhéinfhostaithe a dhéanann obair ardáin. I gcás ina gcinneann ardán saothair digiteach — ar bhonn deonach amháin nó i gcomhaontú leis na daoine lena mbaineann — íoc as cosaint shóisialta, árachas tionóisce nó cineálacha eile árachais, bearta oiliúna nó sochair chomhchosúla do dhaoine féinfhostaithe atá ag obair tríd an ardán sin, níor cheart na sochair sin iontu féin a mheas go huathoibríoch mar shochair lena gcinntear gnéithe lena léirítear gur ann do chaidreamh fostaíochta , gan dochar do na forais a liostaítear in Airteagal 4 maidir le toimhde dhlíthiúil .

Cúis

Cé gur díol sásaimh é go bhfuil feabhas deonach á chur ar dhálaí oibre oibrithe féinfhostaithe ag ardáin, níor cheart é a úsáid chun dul timpeall ar an toimhde dhlíthiúil ná chun coincheap an fho-ordúcháin a thabhairt isteach an athuair. Má áirítear feabhsuithe deonacha ar liosta na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 4 maidir le toimhde dhlíthiúil, ní mór a bheith in ann iad a úsáid mar léiriú gurb ann do chaidreamh fostaíochta.

Leasú 5

Aithris 25

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart critéir lena léirítear go rialaíonn ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre a chur san áireamh sa Treoir chun an toimhde dhlíthiúil a dhéanamh oibríochtúil agus chun forfheidhmiú cearta oibrithe a éascú. Ba cheart go mbeadh na critéir sin bunaithe ar chásdlí an Aontais agus coincheapa náisiúnta an chaidrimh fostaíochta a chur san áireamh. Ba cheart go n-áireofaí leis na critéir, gnéithe nithiúla lena léirítear mar shampla go ndéanann an t-ardán saothair digiteach an luach saothair nó na dálaí oibre nó an dá rud a chinneadh sa chleachtas agus ní hamháin go moltar iad, go dtugann sé treoracha maidir leis an gcaoi a ndéanfar an obair nó go gcuireann sé cosc ar an duine a dhéanann obair ardáin teagmhálacha gnó a fhorbairt le cliaint ionchasacha. Chun go mbeidh sé éifeachtach sa chleachtas, ba cheart dhá chritéar a chomhlíonadh i gcónaí chun cur i bhfeidhm na toimhdean a spreagadh. Ag an am céanna, níor cheart go gcumhdófaí leis na critéir cásanna inar fhíor-fhéinfhostaithe iad na daoine a dhéanann obair ardáin. Is iad na fíor-féinfhostaithe féin atá freagrach vis-à-vis a gcustaiméirí as an gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre agus as cáilíocht a n-aschur. Saintréith d’fhíor-fhéinfhostaíocht is ea an tsaoirse uaireanta oibre nó tréimhsí neamhláithreachta a roghnú, cúraimí a dhiúltú, fo-chonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid nó obair a dhéanamh d'aon tríú páirtí. Dá bhrí sin, ba cheart srianadh na ndiscréidí sin de facto trí roinnt coinníollacha nó trí chóras smachtbhannaí, a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ba cheart maoirseacht ghéar ar fheidhmiú na hoibre nó fíorú iomlán ar cháilíocht thorthaí na hoibre sin, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha nach é amháin atá i gceist leis athbhreithnithe agus rátálacha fhaighteoirí na seirbhíse a úsáid, ba cheart iad sin a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh ardáin saothair dhigiteacha in ann a gcomhéadain theicniúla a dhearadh ar bhealach chun dea-eispéireas tomhaltóirí a áirithiú. Bearta nó rialacha a cheanglaítear leis an dlí nó atá riachtanach chun sláinte agus sábháilteacht fhaighteoirí na seirbhíse a chosaint, níor cheart go dtuigfí leo go rialaítear feidhmiú na hoibre.

Ba cheart critéir lena léirítear go rialaíonn ardán saothair digiteach feidhmiú na hoibre a chur san áireamh sa Treoir chun an toimhde dhlíthiúil a dhéanamh oibríochtúil agus chun forfheidhmiú cearta oibrithe a éascú. Ba cheart go mbeadh na critéir sin bunaithe ar chásdlí an Aontais agus coincheapa náisiúnta an chaidrimh fostaíochta a chur san áireamh. Ba cheart go n-áireofaí leis na critéir, gnéithe nithiúla lena léirítear mar shampla go ndéanann an t-ardán saothair digiteach an luach saothair nó na dálaí oibre nó an dá rud a chinneadh sa chleachtas agus ní hamháin go moltar iad, go dtugann sé treoracha maidir leis an gcaoi a ndéanfar an obair nó go gcuireann sé cosc ar an duine a dhéanann obair ardáin teagmhálacha gnó a fhorbairt le cliaint ionchasacha. Chun go mbeidh sé éifeachtach sa chleachtas, ba cheart critéar amháin a chomhlíonadh i gcónaí chun cur i bhfeidhm na toimhdean a spreagadh. Is féidir an liosta critéar sin a chomhlánú le cleachtais bhreise a mheastar a bhfuil smacht acu ar fheidhmiú na hoibre i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le cásdlí nó le cleachtas. Ag an am céanna, níor cheart go gcumhdófaí leis na critéir cásanna inar fhíor-fhéinfhostaithe iad na daoine a dhéanann obair ardáin. Is iad na fíor-féinfhostaithe féin atá freagrach vis-à-vis a gcustaiméirí as an gcaoi a ndéanann siad a gcuid oibre agus as cáilíocht a n-aschur. Saintréith d’fhíor-fhéinfhostaíocht is ea an tsaoirse uaireanta oibre nó tréimhsí neamhláithreachta a roghnú, cúraimí a dhiúltú, fo-chonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid nó obair a dhéanamh d'aon tríú páirtí. Dá bhrí sin, ba cheart srianadh na ndiscréidí sin de facto trí roinnt coinníollacha nó trí chóras smachtbhannaí, a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ba cheart maoirseacht ghéar ar fheidhmiú na hoibre nó fíorú iomlán ar cháilíocht thorthaí na hoibre sin, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha nach é amháin atá i gceist leis athbhreithnithe agus rátálacha fhaighteoirí na seirbhíse a úsáid, ba cheart iad sin a mheas mar ghné chun feidhmiú na hoibre a rialú. Ag an am céanna, ba cheart go mbeadh ardáin saothair dhigiteacha in ann a gcomhéadain theicniúla a dhearadh ar bhealach chun dea-eispéireas tomhaltóirí a áirithiú. Bearta nó rialacha a cheanglaítear leis an dlí nó atá riachtanach chun sláinte agus sábháilteacht fhaighteoirí na seirbhíse a chosaint, níor cheart go dtuigfí leo go rialaítear feidhmiú na hoibre.

Cúis

I gcás ina rialaíonn ardáin saothair dhigiteacha gnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, feidhmíonn siad ar nós fostóirí i gcaidreamh fostaíochta. Is gné ríthábhachtach den sainmhíniú ar chaidreamh fostaíochta sna Ballstáit agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é treoir agus rialú nó fo-ordú dlí.

Is saintréithe de ghné threorach agus rialaithe iad na critéir atá liostaithe sa Treoir, agus is leor ceann amháin acu chun toimhde fostóra a spreagadh, ar toimhde í a bhféadfadh an fostaí nó an fostóir cur ina coinne más gá. San am céanna, ní liosta uileghabhálach é liosta na gcritéar.

Leasú 6

Aithris 32

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha a bheith faoi réir oibleagáidí trédhearcachta i ndáil le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre trí mhodhanna leictreonacha; agus córais chinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú le cinntí a dhéanann difear suntasach do dhálaí oibre, lena n-áirítear rochtain ag daoine a dhéanann obair ardáin ar thascanna oibre, a dtuilleamh, a sláinte agus a sábháilteacht ag an obair, a n-am oibre, a n-ardú céime agus a stádas conartha, lena n-áirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart faisnéis a bhaineann leis na córais sin a chur ar fáil freisin i gcás nach ar phróiseáil uathoibrithe amháin a bhunaítear cinntí, ar choinníoll go dtacaíonn córais uathoibrithe leo. Ba cheart a shonrú freisin cén cineál faisnéise ba cheart a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin maidir leis na córais uathoibrithe sin agus maidir leis an bhfoirm inar cheart í a chur ar fáil agus cathain ba cheart í a chur ar fáil. An oibleagáid atá ar an rialaitheoir faoi Airteagail 13, 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2016/679 faisnéis áirithe a chur ar fáil d'ábhar sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin agus a bhaineann le rochtain ar na sonraí sin, ba cheart go leanfadh sí d'fheidhm a bheith aici i gcomhthéacs obair ardáin. Ba cheart faisnéis faoi chórais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chur ar fáil freisin d'ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus do na húdaráis náisiúnta saothair ar iarraidh uathu, chun cur ar a gcumas a bhfeidhmeanna a fheidhmiú.

Ba cheart d’ardáin saothair dhigiteacha a bheith faoi réir oibleagáidí trédhearcachta i ndáil le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun faireachán, maoirseacht nó meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre trí mhodhanna leictreonacha; agus córais chinnteoireachta uathoibrithe a úsáidtear chun cinntí a dhéanamh nó chun tacú le cinntí a dhéanann difear suntasach do dhálaí oibre, lena n-áirítear rochtain ag daoine a dhéanann obair ardáin ar thascanna oibre, a dtuilleamh, a sláinte agus a sábháilteacht ag an obair, a n-am oibre, a n-ardú céime agus a stádas conartha, lena n-áirítear a gcuntas a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Sa bhreis ar an méid dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart faisnéis a bhaineann leis na córais sin a chur ar fáil freisin i gcás nach ar phróiseáil uathoibrithe amháin a bhunaítear cinntí, ar choinníoll go dtacaíonn córais uathoibrithe leo. Ba cheart a shonrú freisin cén cineál faisnéise ba cheart a chur ar fáil do dhaoine a dhéanann obair ardáin maidir leis na córais uathoibrithe sin agus maidir leis an bhfoirm inar cheart í a chur ar fáil agus cathain ba cheart í a chur ar fáil. An oibleagáid atá ar an rialaitheoir faoi Airteagail 13, 14 agus 15 de Rialachán (AE) 2016/679 faisnéis áirithe a chur ar fáil d'ábhar sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an duine sin agus a bhaineann le rochtain ar na sonraí sin, ba cheart go leanfadh sí d'fheidhm a bheith aici i gcomhthéacs obair ardáin. Ba cheart faisnéis faoi chórais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a chur ar fáil freisin do cheardchumainn, d’ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus do na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha saothair ar iarraidh uathu, chun cur ar a gcumas a bhfeidhmeanna a fheidhmiú.

Cúis

Tá ról lárnach ag ceardchumainn maidir le cearta oibrithe a chosaint, agus ní mór tagairt fhollasach a dhéanamh dóibh sa treoir. Is gníomhaithe ríthábhachtacha riachtanacha iad na húdaráis saothair freisin chun comhlíonadh rialachán saothair agus slándála sóisialta a áirithiú agus chun dálaí oibre a fheabhsú.

Leasú 7

Aithris 33

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Níor cheart a cheangal ar ardáin saothair dhigiteacha feidhmiú mionsonraithe a gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a nochtadh, lena n-áirítear algartaim, mionsonraí eile ina bhfuil rúin tráchtála nó atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla.

Ba cheart a cheangal ar ardáin saothair dhigiteacha feidhmiú mionsonraithe a gcóras faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe a nochtadh, agus algartaim, a bhaineann leis na dálaí oibre. Níor cheart é a bheith de cheangal orthu mionsonraí eile ina bhfuil rúin tráchtála nó atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla a nochtadh .

Mar sin féin, níor cheart é a bheith mar thoradh ar na breithnithe sin go ndiúltófaí an fhaisnéis uile a cheanglaítear leis an Treoir seo a chur ar fáil.

Mar sin féin, níor cheart é a bheith mar thoradh ar na breithnithe sin go ndiúltófaí an fhaisnéis uile a cheanglaítear leis an Treoir seo a chur ar fáil.

Cúis

Ní fhéadfar rúndacht tráchtála ná maoin intleachtúil a agairt chun cur chun feidhme cuí na treorach seo a chosc, ná chun dul timpeall ar fhorálacha áirithe di, go háirithe iad siúd a chumhdaítear i gCaibidil III maidir le bainistiú algartamach agus i gCaibidil IV maidir le trédhearcacht ar ardáin.

Leasú 8

Caibidil I Forálacha ginearálta, Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme, pointe 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leis an Treoir seo leagtar síos na cearta íosta a bhfuil feidhm acu maidir le gach duine a dhéanann obair ardáin san Aontas ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta, nó a fhéadfaidh a mheas bunaithe ar mheasúnú ar na fíorais go bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh.

Leis an Treoir seo leagtar síos na cearta íosta a bhfuil feidhm acu maidir le gach duine a dhéanann obair ardáin san Aontas ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta, nó a fhéadfaidh a mheas bunaithe ar mheasúnú ar na fíorais go bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta acu, mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sna Ballstát, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh.

I gcomhréir le hAirteagal 10, cearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhainistithe algartamaigh, tá feidhm acu freisin maidir le gach duine a dhéanann obair ardáin san Aontas nach bhfuil conradh fostaíochta ná caidreamh fostaíochta acu .

I gcomhréir le hAirteagal 10, cearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhainistithe algartamaigh, tá feidhm acu freisin maidir le gach duine a dhéanann obair ardáin san Aontas mar oibrí fíor-fhéinfhostaithe .

Cúis

Ceann d’aidhmeanna na treorach is ea go mbeifear in ann stádas na n-oibrithe mar dhaoine féinfhostaithe nó mar fhostaithe a chinneadh i gceart.

Leasú 9

Caibidil I, Airteagal 2 — Sainmhínithe, pointe 1.5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

ciallaíonn “ionadaithe” eagraíochtaí na n-oibrithe nó a n-ionadaithe dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó le cleachtais náisiúnta, nó leis an dá cheann díobh;

ciallaíonn “ionadaithe” ceardchumainn na n-oibrithe nó a n-ionadaithe dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta nó le cleachtais náisiúnta, nó leis an dá cheann díobh;

Cúis

Tá ról lárnach ag ceardchumainn maidir le cearta oibrithe a chosaint, agus ní mór tagairt fhollasach a dhéanamh dóibh sa treoir.

Leasú 10

Caibidil I, Airteagal 2(2) — Sainmhínithe, pointe 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha a leagtar síos i mír 1, pointe (1), ní chuimseoidh sé soláthraithe seirbhíse arb é a bpríomhchuspóir sócmhainní a shaothrú nó a roinnt. Soláthraithe a sholáthraíonn seirbhís nach cuid bheag agus iomlán coimhdeach di eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair, is leis na soláthraithe sin amháin a bhainfidh an sainmhíniú.

An sainmhíniú ar ardáin saothair dhigiteacha a leagtar síos i mír 1, pointe (1), ní chuimseoidh sé soláthraithe seirbhíse arb é a bpríomhchuspóir sócmhainní a shaothrú nó a roinnt. Beidh feidhm aige maidir le soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear seirbhís choimhdeach, a bhfuil eagrú na hoibre a dhéanann an duine aonair ina cuid riachtanach agus go bhfuil gá leis an obair.

Cúis

Is é an aidhm atá ann comhsheasmhacht le hAithris 18 a áirithiú agus a áirithiú go bhféadfaidh seirbhísí coimhdeacha riachtanacha, lena n-áirítear comhpháirt den obair a dhéanann daoine aonair, teacht faoi raon feidhme na treorach má ordaítear iad trí ardán.

Leasú 11

Caibidil II, Airteagal 4 — Toimhde Dhlíthiúil, pointe 1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

An caidreamh conarthach idir ardán saothair digiteach a rialaíonn, de réir bhrí mhír 2, feidhmiú na hoibre agus duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin, toimhdeofar ó thaobh an dlí de gur caidreamh fostaíochta atá ann. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit creat beart i gcomhréir lena gcórais dlí agus bhreithiúnacha náisiúnta.

An caidreamh conarthach idir ardán saothair digiteach a rialaíonn, de réir bhrí mhír 2, feidhmiú na hoibre agus duine a dhéanann obair ardáin tríd an ardán sin, toimhdeofar ó thaobh an dlí de gur caidreamh fostaíochta atá ann. Chuige sin, bunóidh na Ballstáit creat beart i gcomhréir lena gcórais dlí agus bhreithiúnacha náisiúnta.

Beidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil maidir le gach nós imeachta riaracháin agus dlíthiúil ábhartha. Údaráis inniúla a fhíoraíonn go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha nó a fhorfheidhmíonn an reachtaíocht sin, beidh siad in ann brath ar an toimhde sin.

Beidh feidhm ag an toimhde dhlíthiúil maidir le gach nós imeachta riaracháin agus dlíthiúil ábhartha. Údaráis inniúla a fhíoraíonn go gcomhlíontar reachtaíocht ábhartha nó a fhorfheidhmíonn an reachtaíocht sin, braithfidh siad ar an toimhde sin , agus déanfar an caidreamh conarthach a mheasúnú agus a chinneadh ar an leibhéal náisiúnta .

Cúis

Cé gur faoi na Ballstáit atá sé ar deireadh an caidreamh conarthach a mheasúnú agus a chinneadh agus go bhféadfaidh siad creat beart a bhunú chun an treoir a chur chun feidhme, i gcomhréir lena gcórais náisiúnta dlí agus bhreithiúnacha, níl sé roghnach an toimhde dhlíthiúil a chur i bhfeidhm. Is é an bonn é chun meastóireacht a dhéanamh ar aicmiú an chaidrimh chonarthaigh idir ardán saothair digiteach agus duine a dhéanann obair tríd an ardán sin, ar meastóireacht í atá ar cheann de phríomhaidhmeanna an téacs.

Leasú 12

Caibidil II, Airteagal 4 — Toimhde Dhlíthiúil, pointe 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Rialú fheidhmiú na hoibre de réir bhrí mhír 1, tuigfear go gcomhlíonann sé dhá cheann ar a laghad díobh seo a leanas:

Rialú fheidhmiú na hoibre de réir bhrí mhír 1, tuigfear go gcomhlíonann sé ceann amháin ar a laghad díobh seo a leanas:

(a)

uasteorainneacha a shocrú nó a leagan síos, i bhfírinne, maidir le leibhéal an luacha saothair;

(a)

uasteorainneacha a shocrú nó a leagan síos, i bhfírinne, maidir le leibhéal an luacha saothair nó praghas seirbhíse ;

(b)

a cheangal ar an duine a dhéanann obair ardáin cloí le rialacha ceangailteacha sonracha maidir lena gcuma, lena n-iompar i leith fhaighteoir na seirbhíse agus le feidhmiú na hoibre;

(b)

a cheangal ar an duine a dhéanann obair ardáin cloí le rialacha ceangailteacha sonracha maidir lena gcuma, lena n-iompar i leith fhaighteoir na seirbhíse agus le feidhmiú na hoibre;

(c)

maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre nó caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha;

(c)

maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na hoibre nó caighdeán thorthaí na hoibre a fhíorú, lena n-áirítear trí mhodhanna leictreonacha;

(d)

srian a chur, i bhfírinne, le saoirse daoine, lena n-áirítear trí smachtbhannaí, chun a nobair féin a eagrú, go háirithe an discréid chun a n-uaireanta oibre nó a dtréimhsí neamhláithreachta féin a roghnú, chun glacadh le tascanna nó diúltú dóibh, nó chun fochonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid;

(d)

srian a chur, i bhfírinne, trí thosaíocht a thabhairt do thairiscintí poist sa todhchaí, le saoirse daoine, lena n-áirítear trí smachtbhannaí, chun a n-obair féin a eagrú, go háirithe an discréid chun a n-uaireanta oibre , a bpatrún oibre nó a dtréimhsí neamhláithreachta féin a roghnú, chun glacadh le tascanna nó diúltú dóibh, nó chun fochonraitheoirí nó ionadaithe a úsáid;

(e)

srian a chur, i bhfírinne, leis an deis chun bonn cliant a chothú nó obair a dhéanamh d’aon tríú páirtí.

(e)

srian a chur, i bhfírinne, leis an deis chun bonn cliant a chothú , lena n-áirítear as cliaint an ardáin, nó obair a dhéanamh d’aon tríú páirtí.

Is féidir an liosta coinníollacha sin a chomhlánú le cleachtais bhreise a mheastar a bhfuil smacht acu ar fheidhmiú na hoibre i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le cásdlí nó le cleachtas.

Cúis

I gcás ina rialaíonn ardáin saothair dhigiteacha gnéithe áirithe d’fheidhmiú na hoibre, feidhmíonn siad mar fhostóirí i gcaidreamh fostaíochta. Is gné ríthábhachtach den sainmhíniú ar chaidreamh fostaíochta sna Ballstáit agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é treoir agus rialú nó fo-ordú dlí. Is saintréithe de ghné bainistíochta agus rialaithe iad na critéir ar fad atá liostaithe in Airteagal 4, agus is leor ceann amháin acu chun an toimhde gurb ann d’fhostóir a spreagadh, ar toimhde é a bhféadfadh an t-oibrí nó an fostóir cur ina choinne más gá.

Maidir leis an gcéad chritéar, is ionann praghas seirbhíse a chinneadh nó a theorannú agus leibhéal luach saothair oibrí a chinneadh nó a theorannú, gan beann ar a stádas.

Maidir leis an gceathrú critéar, baineann ardáin áirithe úsáid as diúltú do thasc agus infhaighteacht oibrí agus as na huaireanta oibre mar choinníollacha chun tairiscintí oibre amach anseo a leithdháileadh, rud a fhágann gur féidir leo eagrú obair na ndaoine atá ag obair tríd an ardán a rialú go hindíreach agus srian a chur ar an tsaoirse atá acu a n-uaireanta oibre a eagrú, saoirse a bhíonn ag na daoine sin nuair a bhíonn siad féinfhostaithe. Ar an gcaoi chéanna, tá saoirse ag oibrithe féinfhostaithe a gcuid tosaíochtaí agus sosanna a eagrú, agus, ar an gcaoi sin, a bpátrúin oibre a leagan síos. Má tá an tsaoirse sin teoranta, tá an t-ardán ag gníomhú mar fhostóir.

Maidir leis an gcúigiú critéar, is gné bhunúsach de bheith féinfhostaithe í an tsaoirse chun caidreamh gnó a chothú le cliaint ionchasacha. Má chuirtear srian leis an tsaoirse sin, agus má choinníonn an t-ardán eisiachas margaidh lena chliaint, is amhlaidh go bhfuil sé ag gníomhú mar fhostóir. Ní liosta uileghabhálach é liosta na gcritéar.

Leasú 13

Caibidil II, Airteagal 4 — Toimhde Dhlíthiúil, pointe 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh na Ballstáit bearta tacaíochta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1, agus ag an am céanna cuirfidh siad an tionchar ar ghnólachtaí nuathionscanta san áireamh, seachnóidh siad daoine fíor-fhéinfhostaithe a áireamh, agus tacóidh siad le fás inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

Déanfaidh na Ballstáit bearta tacaíochta chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go héifeachtach an toimhde dhlíthiúil dá ndéantar tagairt i mír 1, agus ag an am céanna cuirfidh siad an tionchar ar ghnólachtaí nuathionscanta san áireamh, seachnóidh siad daoine fíor-fhéinfhostaithe a áireamh, agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú go hiomlán, agus tacóidh siad le fás inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach. Déanfaidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

(f)

a áirithiú go ndéanfar faisnéis faoi chur i bhfeidhm na toimhde dlíthiúla a chur ar fáil don phobal ar bhealach atá soiléir, cuimsitheach ar féidir rochtain a fháil air go héasca;

(f)

a áirithiú go ndéanfar faisnéis faoi chur i bhfeidhm na toimhde dlíthiúla a chur ar fáil don phobal ar bhealach atá soiléir, cuimsitheach ar féidir rochtain a fháil air go héasca;

(g)

treoir a fhorbairt d’ardáin saothair dhigiteacha, do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus do chomhpháirtithe sóisialta chun go bhfaighidh siad tuiscint ar an toimhde dhlíthiúil agus chun go gcuirfidh siad i bhfeidhm í, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir lena fhrisnéis i gcomhréir le hAirteagal 5;

(g)

treoir a fhorbairt d’ardáin saothair dhigiteacha, do dhaoine a dhéanann obair ardáin agus do chomhpháirtithe sóisialta chun go bhfaighidh siad tuiscint ar an toimhde dhlíthiúil agus chun go gcuirfidh siad i bhfeidhm í, lena n-áirítear na nósanna imeachta maidir lena fhrisnéis i gcomhréir le hAirteagal 5;

(h)

treoir a fhorbairt d’údaráis forfheidhmiúcháin chun go ndíreoidh siad go gníomhach ar ardáin saothair dhigiteacha neamhchomhlíontacha agus chun go rachaidh siad sa tóir ar na hardáin sin ;

(h)

treoir a fhorbairt d’ardáin saothair dhigiteacha agus do dhaoine a dhéanann obair ardáin chun a áirithiú go gcinnfear i gceart earnáil na gníomhaíochta lena mbaineann siad agus chun cur chun feidhme iomlán na reachtaíochta agus na gcomhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme maidir leis an earnáil sin a chumasú;

(i)

neartú a dhéanamh ar na rialuithe agus na hiniúchtaí allamuigh a dhéanann cigireachtaí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as forfheidhmiú an dlí saothair, agus ag an am céanna a áirithiú go mbíonn rialuithe agus iniúchtaí comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.

(i)

treoir a fhorbairt d’údaráis forfheidhmiúcháin chun go ndíreoidh siad go gníomhach ar ardáin saothair dhigiteacha neamhchomhlíontacha agus iad a ionchúiseamh ;

 

(j)

neartú a dhéanamh ar na rialuithe agus na hiniúchtaí allamuigh a dhéanann cigireachtaí saothair nó na comhlachtaí atá freagrach as forfheidhmiú an dlí saothair, agus ag an am céanna a áirithiú go dtugtar an fhoireann is gá do na comhlachtaí atá freagrach as forfheidhmiú na reachtaíochta agus go gcuirtear an oiliúint chuí orthu chun a áirithiú go mbíonn rialuithe agus iniúchtaí éifeachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.

Cúis

D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú do na páirtithe lena mbaineann, tá sé bunriachtanach go gceadófaí leis an toimhde go ndéanfaí soiléiriú, amach ó stádas fostóra, fostaí nó féinfhostaithe, ar na caighdeáin sin, idir chaighdeáin reachtacha agus chaighdeáin a eascraíonn as comhaontuithe comhchoiteanna, lena n-urramaítear go hiomlán neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, a bhfuil feidhm acu maidir le hoibrithe agus maidir leis an ardán. San am céanna, ba cheart d’údaráis forfheidhmiúcháin a bheith in ann imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh i gcoinne ardáin saothair dhigiteacha neamhchomhlíontacha.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh obair an ardáin dhigitigh scaipthe go mór, go geografach agus ó thaobh cúrsaí ama de, rud a d’fhéadfadh deacrachtaí a chruthú maidir le faireachán a dhéanamh uirthi le líon níos lú ball foirne. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le heolas a bhaineann go sonrach le hoibriú an ardáin chun an faireachán sin a dhéanamh, ar eolas é inar gá oiliúint a chur ar na húdaráis inniúla ionas go mbeidh siad in ann an cúram sin a chur i gcrích agus dea-thorthaí a bhaint amach .

Leasú 14

Caibidil II, Airteagal 5 — An deis chun an toimhde dhlíthiúil a fhrisnéis

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag aon cheann de na páirtithe an toimhde dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhrisnéis, in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann acu.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an deis ag aon cheann de na páirtithe an toimhde dhlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 4 a fhrisnéis, in imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin nó sa dá cheann acu.

I gcás ina n-áitóidh an t-ardán saothair digiteach nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, is ar an ardán saothair digiteach a bheidh an dualgas cruthúnais. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag imeachtaí den chineál sin ar chur i bhfeidhm na toimhde dlíthiúla.

I gcás ina n-áitóidh an t-ardán saothair digiteach nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, is ar an ardán saothair digiteach a bheidh an dualgas cruthúnais , agus ní mór dó a léiriú ansin cén fáth nár cheart an caidreamh conarthach a bhfuil a stádas mar fhostóir bunaithe faoi Airteagal 4 a aicmiú mar chaidreamh fostaíochta . Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag imeachtaí den chineál sin ar chur i bhfeidhm na toimhde dlíthiúla.

I gcás ina n-áitóidh an duine a dhéanann an obair ardáin nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, ceanglófar ar an ardán saothair digiteach tacú le réiteach cuí na n-imeachtaí, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá acu a sholáthar.

I gcás ina n-áitóidh an duine a dhéanann an obair ardáin nach caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach atá i gceist mar a shainmhínítear é sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm sa Bhallstát atá i gceist, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh, ceanglófar ar an ardán saothair digiteach tacú le réiteach cuí na n-imeachtaí, go háirithe tríd an bhfaisnéis ábhartha uile atá acu a sholáthar.

Cúis

D’fhonn éifeachtacht na toimhdean dlí dá bhforáiltear in Airteagal 4 a áirithiú, ní mór na rialacha mionsonraithe a rialaíonn a fhrisnéis a rialáil. Dá bhrí sin, ní mór an dualgas cruthúnais ar an ardán a neartú, gan an toimhde dhlíthiúil féin a lagú ar bhealach ar bith.

Leasú 15

Caibidil III, Bainistiú Algartamach, Airteagal 6 — Trédhearcacht maidir le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe agus úsáid na gcóras sin, pointe 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhfoirm doiciméid a d’fhéadfadh a bheith i bhformáid leictreonach. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin ar an gcéad lá oibre ar a dhéanaí, agus i gcás athruithe substaintiúla agus aon tráth má iarrann an t-oibrí ardáin é. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i bhfoirm atá gonta, trédhearcach agus intuigthe agus ar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir shimplí.

Soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 i bhfoirm doiciméid a d’fhéadfadh a bheith i bhformáid leictreonach. Soláthróidh siad an fhaisnéis sin ar an gcéad lá oibre ar a dhéanaí, agus i gcás athruithe substaintiúla agus aon tráth má iarrann an t-oibrí ardáin é. Cuirfear an fhaisnéis i láthair i bhfoirm atá gonta, trédhearcach agus intuigthe agus ar féidir rochtain a fháil uirthi go héasca, i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéanann an t-oibrí a chuid nó a cuid oibre, trí úsáid a bhaint as teanga shoiléir shimplí.

Cúis

Tá sé riachtanach go mbeifí in ann an fhaisnéis dá dtagraítear san Airteagal seo a fháil i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla na tíre ina n-oibríonn an t-oibrí, ionas go mbeidh sé ar a chumas nó ar a cumas an fhaisnéis sin a thuiscint i gceart.

Leasú 16

Caibidil III, Bainistiú Algartamach, Airteagal 6 — Trédhearcacht maidir le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe agus úsáid na gcóras sin, pointe 5

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

5.   Ní phróiseálfaidh ardáin saothair dhigiteacha aon sonraí pearsanta a bhaineann le hoibrithe ardáin mura bhfuil dlúthbhaint idir na sonraí sin agus feidhmiú an chonartha idir an t-oibrí ardáin agus an t-ardán saothair digiteach agus mura bhfuil fíorghá leo chun an conradh a fheidhmiú. Go háirithe, ní dhéanfaidh siad:

5.   Ní phróiseálfaidh ardáin saothair dhigiteacha aon sonraí pearsanta a bhaineann le hoibrithe ardáin mura bhfuil dlúthbhaint idir na sonraí sin agus feidhmiú an chonartha idir an t-oibrí ardáin agus an t-ardán saothair digiteach agus mura bhfuil fíorghá leo chun an conradh a fheidhmiú. Go háirithe, ní dhéanfaidh siad:

(a)

aon sonraí pearsanta maidir le staid mhothúchánach nó shíceolaíoch an oibrí ardáin a phróiseáil;

(a)

aon sonraí pearsanta maidir le staid mhothúchánach nó shíceolaíoch an oibrí ardáin a phróiseáil;

(b)

aon sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte an oibrí ardáin a phróiseáil, seachas i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointí (b) go (j) de Rialachán (AE) 2016/679;

(b)

aon sonraí pearsanta a bhaineann le sláinte an oibrí ardáin a phróiseáil, seachas i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointí (b) go (j) de Rialachán (AE) 2016/679;

(c)

aon sonraí pearsanta a bhaineann le comhráite príobháideacha a phróiseáil, lena n-áirítear comhráite le hionadaithe na n-oibrithe ardáin;

(c)

aon sonraí pearsanta a bhaineann le comhráite príobháideacha a phróiseáil, lena n-áirítear comhráite le hionadaithe na n-oibrithe ardáin;

(d)

aon sonraí pearsanta a bhailiú nuair nach bhfuil obair ardáin á cur ar fáil ná á déanamh ag an oibrí ardáin.

(d)

aon sonraí a bhailítear a úsáid chun ballraíocht i gceardchumann nó chun cleamhnacht le ceardchumann nó rannpháirtíocht i ngníomhaíocht cheardchumainn a bhunú nó a chur in iúl;

(e)

aon sonraí pearsanta a bhailiú nuair nach bhfuil obair ardáin á cur ar fáil ná á déanamh ag an oibrí ardáin.

Cúis

Seachas malartuithe le hionadaithe na n-oibrithe, tá sé fíor-riachtanach cosc a chur ar úsáid sonraí oibrithe arb é is aidhm dóibh eagraíocht agus comhghníomhaíocht oibrithe a theorannú, a chosc nó pionós a ghearradh orthu.

Leasú 17

Caibidil III, Bainistiú Algartamach, Airteagal 7 — Faireachán daonna ar chórais uathoibrithe, pointe 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Gan dochar do Threoir 89/391/CEE ón gComhairle agus do threoracha gaolmhara i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair, déanfaidh ardáin saothair dhigiteacha an méid seo a leanas:

Gan dochar do Threoir 89/391/CEE ón gComhairle agus do threoracha gaolmhara i réimse na sábháilteachta agus na sláinte ag an obair, déanfaidh ardáin saothair dhigiteacha an méid seo a leanas:

(a)

meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí atá ann do shábháilteacht agus sláinte na n-oibrithe ardáin de bharr córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, go háirithe na rioscaí a bhaineann le timpistí a d’fhéadfadh tarlú ag an obair, rioscaí síceasóisialta agus rioscaí eirgeanamaíocha;

(a)

meastóireacht a dhéanamh , le rannpháirtíocht agus comhairliúchán oibrithe ardáin nó a n-ionadaithe, ar na rioscaí atá ann do shábháilteacht agus sláinte na n-oibrithe ardáin de bharr córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe, go háirithe na rioscaí a bhaineann le timpistí a d’fhéadfadh tarlú ag an obair, rioscaí síceasóisialta agus rioscaí eirgeanamaíocha;

(b)

measúnú a dhéanamh an bhfuil cosaintí na gcóras sin iomchuí i dtaca leis na rioscaí a shainaithnítear, i bhfianaise shaintréithe sonracha na timpeallachta oibre;

(b)

measúnú a dhéanamh , i gcomhar agus i gcomhairle le hoibrithe ardáin nó a n-ionadaithe, an bhfuil cosaintí na gcóras sin iomchuí i dtaca leis na rioscaí a shainaithnítear, i bhfianaise shaintréithe sonracha na timpeallachta oibre;

(c)

bearta iomchuí coisctheacha agus cosantacha a thabhairt isteach.

(c)

bearta iomchuí coisctheacha agus cosantacha a thabhairt isteach i gcomhar agus i gcomhairle le hoibrithe ardáin nó a n-ionadaithe .

 

(d)

Le hardáin saothair dhigiteacha, cuirfear an fhaisnéis thuasluaite ar fáil d’údaráis saothair, d’údaráis chosanta sóisialta agus d’údaráis eile atá freagrach as sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus d’ionadaithe na ndaoine a dhéanann obair ardáin agus a ndualgais ionadaíocha á ndéanamh acu.

Cúis

Cé go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh ardáin saothair dhigiteacha measúnú ar na rioscaí a bhaineann le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe do shábháilteacht agus do shláinte oibrithe ardáin agus na rioscaí sin a chosc, ní leor an fhéinrialáil. Tá sé chomh bunriachtanach céanna go mbeadh údaráis saothair, údaráis cosanta sóisialta agus údaráis eile atá freagrach as sláinte agus sábháilteacht ag an obair rannpháirteach sa phróiseas sin chomh maith leis na hoibrithe iad féin agus a n-ionadaithe .

Leasú 18

Caibidil III, Bainistiú Algartamach, Airteagal 8 — Athbhreithniú daonna ar chinntí suntasacha, pointe 1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Athbhreithniú daonna ar chinntí suntasacha

Maoirseacht dhaonna ar chinntí suntasacha

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag oibrithe ardáin míniú a fháil ón ardán saothair digiteach maidir le haon chinneadh a dhéanann córas cinnteoireachta uathoibrithe nó le haon chinneadh lena dtacaíonn an córas sin , ar cinneadh é a bhfuil tionchar suntasach aige ar dhálaí oibre an oibrí ardáin, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b). Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha rochtain d’oibrithe ardáin ar dhuine teagmhála a ainmneoidh an t-ardán saothair digiteach chun na fíorais, na himthosca agus na cúiseanna a bhí taobh thiar den chinneadh a phlé agus a shoiléiriú. Áiritheoidh ardáin saothair dhigiteacha go mbeidh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá ag an duine sin chun an fheidhm sin a fheidhmiú.

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de cheart ag oibrithe ardáin míniú a fháil ón ardán saothair digiteach , i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéanann an t-oibrí a gcuid oibre, maidir le haon chinneadh a dtacaíonn córas cinnteoireachta uathoibrithe leis , ar cinneadh é a bhfuil tionchar suntasach aige ar dhálaí oibre an oibrí ardáin, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (b). Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh ardáin saothair dhigiteacha rochtain d’oibrithe ardáin ar dhuine teagmhála a ainmneoidh an t-ardán saothair digiteach chun na fíorais, na himthosca agus na cúiseanna a bhí taobh thiar den chinneadh a phlé agus a shoiléiriú. Áiritheoidh ardáin saothair dhigiteacha go mbeidh an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá ag an duine sin chun an fheidhm sin a fheidhmiú.

Aon chinneadh a dhéanann córas cinnteoireachta uathoibrithe , nó aon chinneadh lena dtacaíonn an córas sin, chun cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, chun diúltú íoc as obair a dhéanann an t-oibrí ardáin, nó aon chinneadh maidir le stádas conarthach an oibrí ardáin nó aon chinneadh a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna acu, tabharfaidh ardáin saothair dhigiteacha ráiteas i scríbhinn don oibrí ardáin ina gcuirfear in iúl na cúiseanna leis an gcinneadh sin.

 

 

Aon chinneadh chun cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, aon chinneadh lena ndéantar difear do dhálaí oibre an oibrí ardáin agus lena n-athraítear iad, amhail an luach saothair as obair a dhéanann an t-oibrí ardáin a dhiúltú nó a athrú, aon chinneadh maidir le stádas conarthach an oibrí ardáin nó aon chinneadh a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna acu lena n-áirítear srianta ar uaireanta oibre, áiritheoidh ardáin saothair dhigiteacha nach mbeidh an cinneadh sin bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin. Aon chinneadh a dtacaíonn córas cinnteoireachta uathoibrithe leis chun cuntas an oibrí ardáin a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, chun dálaí oibre an oibrí ardáin a dhiúltú nó a athrú, amhail luach saothair as obair a dhéanann an t-oibrí ardáin, nó aon chinneadh maidir le stádas conarthach an oibrí ardáin nó aon chinneadh a bhfuil éifeachtaí den chineál céanna acu, tabharfaidh ardáin saothair dhigiteacha ráiteas i scríbhinn don oibrí ardáin ina gcuirfear in iúl na cúiseanna leis an gcinneadh sin.

Déanfaidh na hardáin sin sonraí teagmhála an duine teagmhála arna ainmniú ag an ardán saothair digiteach a chur ar fáil don oibrí ardáin chun na fíricí, na himthosca agus na cúiseanna a raibh an cinneadh sin mar thoradh orthu a phlé agus a shoiléiriú.

Cuirfidh ardáin saothair dhigiteacha stair na meastóireachtaí nó na rátálacha arna soláthar ag faighteoirí a gcuid seirbhísí ar fáil don oibrí ardáin, arna iarraidh sin dó nó di, agus ráthófar san am céanna a gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad agus a gceart go ndéanfaí ceartúcháin orthu faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí  (1).

Cúis

Ní mór cearta agus oibleagáidí an oibrí a leagan amach go soiléir, agus gan bheith teoranta d’iarraidh an oibrí.

Thairis sin, chomh maith leis an gceart go mbeadh údar oibiachtúil agus loighciúil le cinneadh atá bunaithe ar algartaim, ní mór d’oibrithe ardáin an ceart a bheith acu cinneadh a fháil arna dhéanamh ag bainisteoir nó maoirseoir daonna, duine atá in ann an comhthéacs ina bhfuil feidhm ag an gcinneadh sin a chur san áireamh, seachas díreach na fachtóirí dá bhforáiltear le halgartam. Aithnítear in Airteagal 22 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) an ceart sin gan a bheith faoi réir cinneadh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin.

Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhfuil iniomparthacht sonraí oibrithe riachtanach dá bhforbairt ghairmiúil. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, gur féidir le hoibrithe ardáin a dtaithí agus cáilíocht a gcuid oibre a thaispeáint ar ardán d’fhostóir nó d’ardán eile. Ar deireadh, ní mór d’ardáin saothair dhigiteacha an deis a thabhairt teagmháil a dhéanamh le duine teagmhála, lena n-áirítear chun críocha praiticiúla.

Leasú 19

Caibidil III, Bainistíocht Algartamach, Airteagal 9 — Faisnéis agus comhairliúchán, pointe 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Féadfaidh ionadaithe na n-oibrithe ardáin nó na hoibrithe ardáin lena mbaineann tacaíocht a fháil ón saineolaí is rogha leo a mhéid is gá chun go scrúdóidh siad ábhar na faisnéise agus an chomhairliúcháin agus go gceapfaidh siad tuairim. I gcás ina bhfuil níos mó ná 500 oibrí ardáin i mBallstát ag ardán saothair digiteach, íocfaidh an t-ardán saothair digiteach as costais an tsaineolaí, ar choinníoll go bhfuil siad comhréireach.

Féadfaidh ionadaithe na n-oibrithe ardáin nó na hoibrithe ardáin lena mbaineann tacaíocht a fháil ón saineolaí is rogha leo a mhéid is gá chun go scrúdóidh siad ábhar na faisnéise agus an chomhairliúcháin agus go gceapfaidh siad tuairim. I gcás ina bhfuil níos mó ná 50 oibrí ardáin i mBallstát ag ardán saothair digiteach i gcomhréir le raon feidhme Threoir 2002/14/CE mar a leagtar síos in Airteagal 3, pointe (a), den Treoir sin , íocfaidh an t-ardán saothair digiteach as costais an tsaineolaí, ar choinníoll go bhfuil siad comhréireach

Cúis

Déantar foráil in Airteagal 3, pointe (a), de Threoir 2002/14, dá dtagraítear in Airteagal 9(1), maidir le maoluithe do FBManna, lena dtagraítear do thairseacha 20 agus 50 oibrí. Bheadh sé ciallmhar na tairseacha sin a leagtar síos i ndlí an Aontais Eorpaigh a ionchorprú sa dréacht-treoir, d’fhonn tairseacha éagsúla a sheachaint in ionstraimí reachtacha is infheidhme maidir leis na cuideachtaí céanna agus d’fhonn soiléireacht na bhforálacha is infheidhme a áirithiú. Le tairseach 500 oibrí ardáin, cruthaítear srianta riaracháin agus airgeadais ar rochtain oibrithe ardáin agus a n-ionadaithe ar shaineolaí agus a gcearta chun faisnéise agus comhairliúcháin á gcosaint acu.

Leasú 20

Forálacha deiridh, Airteagal 20 — Gan dul siar agus forálacha níos fabhraí, pointe 2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

2.   Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart na mBallstát forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo. Maidir le daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach a mhéid atá rialacha náisiúnta den chineál sin comhoiriúnach leis na rialacha maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

2.    Leis an Treoir seo, leagtar síos íoscheanglais agus ní fhéadfaidh sí cosc a chur ar Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach d’oibrithe. Ní dhéanfaidh difear do shaincheart na mBallstát forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe ardáin a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le cuspóirí na Treorach seo. Maidir le daoine a dhéanann obair ardáin nach bhfuil caidreamh fostaíochta acu, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach a mhéid atá rialacha náisiúnta den chineál sin comhoiriúnach leis na rialacha maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Cúis

De bhun Airteagal 153.2b CFAE, leagtar síos sa Treoir íoscheanglais maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit aon bhearta eile atá níos fabhraí a choimeád nó a thabhairt isteach a bhfuil feidhm acu maidir le hoibrithe ardáin ach maidir leis na hoibrithe uile chomh maith.

Leasú 21

Forálacha deiridh, Airteagal 22 — Athbhreithniú ag an gCoimisiún

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Faoin [5 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais agus leis na príomhgheallsealbhóirí, agus an tionchar ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide á chur san áireamh aige, cur chun feidhme na Treorach seo a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, leasuithe reachtacha a mholadh.

Faoin [5 bliana tar éis a theacht i bhfeidhm], déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, leis na comhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais agus leis na príomhgheallsealbhóirí, lena n-áirítear Coiste Eorpach na Réigiún agus an tionchar ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide á chur san áireamh aige, cur chun feidhme na Treorach seo a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, leasuithe reachtacha a mholadh.

Cúis

Is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, a ndéanann Coiste Eorpach na Réigiún ionadaíocht orthu ar an leibhéal Eorpach, gníomhaíocht a dhéanamh chun dálaí oibre oibrithe ardáin a fheabhsú.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN,

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tacar beart chun feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin agus chun tacú le fás inbhuanaithe na n-ardán saothair digiteach san Aontas a mhol an Coimisiún Eorpach an 9 Nollaig 2021;

2.

ag aontú le hanailís an Choimisiúin go mbíonn tionchar ag mí-aicmiú stádas oibrí agus ag iarmhairtí an mhí-aicmithe sin lasmuigh de chreat na hoibre ardáin, ach go bhfuil siad thar a bheith tromchúiseach agus práinneach i ngeilleagar na n-ardán;

3.

á chur i dtábhacht go bhfuil tionchar ag bainistiú algartamach agus ag na hiarmhairtí a bhaineann leis sin d’oibrithe, idir fhostaithe agus fhéinfhostaithe, lasmuigh de chreat na hoibre ardáin, áit a bhfuil siad ina cuid dhílis de shamhail ghnó na n-ardán;

4.

ag tabhairt dá aire gur léiríodh sa tuairim uaidh Obair Ardáin (1) na dúshláin d’oibrithe ardáin a bhaineann leis an dá fheiniméan sin;

5.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó go moltar sa togra ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh treorach go mbeadh creat ginearálta ann chun dul i ngleic le mí-aicmiú stádais fostaíochta i gcomhthéacs obair ardáin agus go mbunaítear cearta ábhartha nua ann do dhaoine a dhéanann obair ardáin chun cothroime, trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú sa bhainistiú algartamach;

Toimhde infhrisnéise maidir le caidreamh fostaíochta

6.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó sásra na toimhdean infhrisnéise maidir le caidreamh fostaíochta agus aisiompú an dualgais cruthúnais dá bhforáiltear sa treoir chun stádas fostaíochta na ndaoine atá i mbun obair ardáin a chinneadh i gceart; dá bhrí sin, déantar an caidreamh conarthach a mheasúnú agus a chinneadh ar deireadh ar an leibhéal náisiúnta;

7.

á chur i dtreis an tábhacht a bhaineann le toimhde an chaidrimh fostaíochta lena dtugtar rochtain d’oibrithe ardáin ar na cearta uile a dhíorthaítear ón reachtaíocht nó ó chomhaontuithe comhchoiteanna lena ráthaítear stádas an duine féinfhostaithe nó an fhostaí, lena n-áirítear an ceart chun oiliúna;

8.

á chur i dtábhacht freisin gur gá d’ardáin a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, faoin dlí náisiúnta is infheidhme, maidir le cánachas saothair agus cánachas ioncaim, dícheall cuí agus freagracht shóisialta chorparáideach chun an toimhde maidir le caidreamh fostaíochta a chur i bhfeidhm;

9.

den tuairim go rachaidh an toimhde infhrisnéise maidir le caidreamh fostaíochta chun tairbhe d’oibrithe fíor-fhéinfhostaithe freisin, sa mhéid is go mbeidh sé de cheangal ar ardáin deireadh a chur le haon fho-ordú ar na hoibrithe sin agus an tsolúbthacht ar fad atá intuigthe ina stádas a chur ar fáil dóibh;

Bainistiú algartamach

10.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó forálacha na treorach lena ndírítear ar oibrithe ardáin a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe agus le bainistiú algartamach;

11.

á chur in iúl gur cúis áthais dó, sa chomhthéacs sin, na rialacha atá beartaithe maidir le réitigh agus forfheidhmiú. Bhí easnaimh forfheidhmiúcháin ann go háirithe i gcásanna a bhfuil gné idirnáisiúnta ag baint leo agus is ann do na heasnaimh sin go fóill. Is deacair forfheidhmiú idirnáisiúnta a dhéanamh, go háirithe maidir le cuideachtaí ardáin. Ní mór comhar éifeachtúil a áirithiú idir údaráis na mBallstát agus ní mór cearta dlíthiúla a bheith infhorfheidhmithe go tráthúil thar theorainneacha;

12.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó nach ndéanann an togra difear do shainmhínithe náisiúnta oibrithe agus go bhfuil an nós imeachta atá beartaithe ceaptha chun go gcinnteofar an caidreamh fostaíochta é an caidreamh conarthach i gcomhréir leis na sainmhínithe náisiúnta;

13.

á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le cinneadh a dhéanann duine daonna maidir le cinneadh ar bith a bhaineann le hacmhainní daonna, amhail tuilleamh oibrithe nó cur chun cinn nó srianadh nó fionraí a gcuid oibre;

14.

ag tabhairt dá aire go bhfuil níos mó úsáide á baint as bainistiú algartamach agus as córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe lasmuigh d’obair ardáin;

15.

á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach creat rialála a mholadh chun na cearta bainistithe algartamacha a thugtar d’oibrithe ardáin, idir fhostaithe agus fhéinfhostaithe, a leathnú chuig gach oibrí atá faoi réir córais faireacháin agus cinnteoireachta uathoibrithe le linn a gcuid oibre, lena n-áirítear obair lasmuigh d’obair ardáin;

16.

á iarraidh go gcuirfí córas ar fáil d’oibrithe ardáin chun aiseolas a thabhairt maidir le córais uathoibríocha faireacháin agus cinnteoireachta trí bhonneagar digiteach na n-ardán saothair. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina phríomhtháscaire agus ina chomhpháirt thábhachtach chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chórais uathoibrithe, rud a chuirfeadh le dearbhú cáilíochta maidir le cosaint na gceart bunúsach agus le leibhéal sástachta poist níos airde;

Cosaint do dhaoine féinfhostaithe

17.

á chur i dtábhacht gur gá d’ardáin dhigiteacha faisnéis iomlán maidir le dálaí oibre agus aon chinntí suntasacha ábhartha a chur ar fáil d’oibrithe ardáin i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina ndéanann an t-oibrí a gcuid oibre, agus nuair is féidir, i dteanga oibrí an ardáin nó sa teanga is mó a labhraítear sa réigiún;

18.

á iarraidh ar na Ballstáit Moladh 2019/C 387/01 ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (2) a chur chun feidhme go hiomlán d’fhonn cumhdach foirmiúil agus éifeachtach, leordhóthanacht agus trédhearcacht na scéimeanna cosanta sóisialta a áirithiú do gach oibrí idir oibrithe fostaithe agus oibrithe féinfhostaithe;

19.

ag tarraingt aird ar ghné inscne na rialacha sin. Is díol sásaimh do mhná a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu go háirithe an tsolúbthacht a chuireann obair ardáin ar fáil maidir le huaireanta oibre agus, i gcásanna áirithe, maidir leis an áit oibre. Féadfar gur mná is mó a bheidh thíos le bainistiú algartamach na n-uaireanta oibre, rud lena ngearrtar pionós ar oibrithe mar gheall ar thréimhsí ísealtáirgiúlachta i measc rudaí eile;

20.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá na dréacht-treoirlínte maidir le dlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm i dtaca le comhaontuithe comhchoiteanna d’oibrithe féinfhostaithe gan fhostaithe, arna gcur chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach chun soiléiriú a dhéanamh ar na socruithe eagraíochtúla gur féidir le hoibrithe féinfhostaithe gan fostaithe a ghlacadh ina gcaidreamh le hardáin, lena n-áirítear a gcumas eagraíochtaí gairmiúla a chur ar bun;

21.

á thabhairt le fios gur minic a chuirtear cosc ar oibrithe ardáin a gcearta bunúsacha chun saoirse comhlachais agus cómhargála a fheidhmiú, go háirithe mar gheall ar an easpa modhanna cumarsáide comhroinnte agus deiseanna comhroinnte chun bualadh ar líne nó go pearsanta. Ní mór, dá bhrí sin, bealaí cumarsáide iomchuí agus cearta rochtana iomchuí le haghaidh ceardchumann a áirithiú trí bhonneagar digiteach na n-ardán saothair;

22.

ag athdhearbhú nár cheart baint a bheith ag na treoirlínte sin ach le daoine aonair atá aicmithe mar is ceart mar oibrithe féinfhostaithe nach bhfuil fostaithe acu seachas oibrithe a d’fhéadfaí a athaicmiú faoin toimhde dhlíthiúil dá bhforáiltear sa treoir;

An ghné áitiúil agus réigiúnach

23.

á chur in iúl gur údar díomá dó nach ndéantar tagairt ar bith sa togra le haghaidh treorach d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, cé gurb iad na húdaráis fhonáisiúnta atá freagrach as reachtaíocht saothair a chur chun feidhme agus as stádas na n-oibrithe a chinneadh i roinnt mhaith Ballstát;

24.

á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tacú le tionscnaimh áitiúla chun obair ardáin níos cothroime a áirithiú, amhail ardáin saothair dhigiteacha a chruthú a bhfuil stádas comharchumainn oibrithe acu agus an deighilt dhigiteach atá ann faoi láthair a laghdú i gcomhthéacsanna geografacha agus déimeagrafacha éagsúla (réigiúin bheagfhorbartha);

25.

ag meabhrú, thairis sin, gur leagadh béim sa tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún Obair ardáin — Dúshláin Rialála Áitiúla agus Réigiúnacha (3) ar chumas na n-údarás áitiúil agus réigiúnach gníomhú chun feabhas a chur ar dhálaí oibre oibrithe ardáin, bíodh sin trí bhearta tacaíochta sóisialta a thabhairt isteach i gcomhair cineálacha fostaíochta neamhthipiciúla, trí chritéir shóisialta a bhaineann le dálaí oibre ar ardáin a áireamh sna paraiméadair dámhachtana na gconarthaí poiblí atá ar oscailt do na hardáin sin, nó trí chigireachtaí saothair nó comhlachtaí nó institiúidí den sórt céanna a úsáid, laistigh de raon feidhme a gcumhachtaí, chun deireadh a chur le haicmiú calaoiseach oibrithe;

26.

ag tabhairt dá aire go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha bainteach le dálaí oibre a fheabhsú i gcomhthéacs obair na n-ardán, agus ní hamháin sin ach go dtabharfar tacaíocht agus oiliúint dóibh d’fhonn a gcuid scileanna sa réimse sin a neartú, go háirithe ós rud é go bhféadfadh cúraimí reachtacha faireacháin agus forfheidhmithe a bheith de chúram orthu;

Comhréireacht agus coimhdeacht

27.

den tuairim go gcomhlíonann an dréacht-treoir ceanglais phrionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta. Tá an breisluach a bhaineann le gníomhaíocht an Aontais sa réimse seo agus oiriúnacht na mbunús dlí a roghnaigh an Coimisiún soiléir agus comhsheasmhach. Is díol sásaimh do Choiste Eorpach na Réigiún freisin go bhfuil greille mheastóireachta ar choimhdeacht curtha isteach ag an gCoimisiún a bheidh ag gabháil lena thogra reachtach.

An Bhruiséil, an 29 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)   Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agua ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(1)  COR-2019-02655.

(2)  Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

(3)  COR-2019-02655.


30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/64


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

(2022/C 375/09)

Rapóirtéir:

André VIOLA (FR/PSE), Comhalta d’Fheidhmeannas Áitiúil: Comhairle Roinne Aude

Doiciméad tagartha:

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú)

COM(2021) 802

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 6

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Foirgnimh is cúis le 40 % den tomhaltas fuinnimh deiridh iomlán san Aontas agus 36 % dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfuinneamh. Dá bhrí sin, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh mar a leagtar síos in Airteagal 3 [EED athbhreithnithe] agus a shainmhínítear in Airteagal 2(18) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na bhfoirgneamh, is bearta tábhachtacha iad atá ag teastáil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú. Is tábhachtach an ról freisin atá ag ídiú fuinnimh a laghdú agus úsáid níos mó a bhaint as foinsí in-athnuaite maidir le spleáchas fuinnimh an Aontais a laghdú, cinnteacht an tsoláthair fuinnimh, forbairtí teicneolaíocha a chothú, deiseanna a chruthú san fhostaíocht agus i bhforbairt réigiúnach, go háirithe ar oileáin agus i gceantair tuaithe.

Foirgnimh is cúis le 39 % den tomhaltas fuinnimh deiridh iomlán san Aontas ar tomhaltas oibríochtúil 28 % de agus ábhair thógála agus tógáil (carbón corpraithe) 11 % de, agus 36 % dá astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an bhfuinneamh. Dá bhrí sin, i gcomhréir le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh mar a leagtar síos in Airteagal 3 [EED athbhreithnithe] agus a shainmhínítear in Airteagal 2(18) de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is bearta tábhachtacha iad laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh, ar ábhair, ar thalamh agus ar thomhaltas fuinnimh, agus úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na bhfoirgneamh, atá ag teastáil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú. Is tábhachtach an ról freisin atá ag ídiú fuinnimh a laghdú , ag éileamh laghdaithe ar fhuinneamh, ar ábhair agus ar thalamh, agus úsáid níos mó a bhaint as foinsí in-athnuaite maidir le spleáchas fuinnimh agus ábhar an Aontais a laghdú, cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus ábhar , forbairtí teicneolaíocha a chothú, deiseanna a chruthú san fhostaíocht agus i bhforbairt réigiúnach, go háirithe ar oileáin agus i gceantair tuaithe.

Cúis

Tagairt níos sainráite don chiorclaíocht a chur isteach.

Leasú 2

Aithris 7

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Foirgnimh is cúis le hastaíochtaí gás ceaptha teasa roimh, le linn agus tar éis a saolré oibríochtúil. Maidir le fís 2050 le haghaidh stoc foirgnimh dícharbónaithe, tá níos mó i gceist leis ná an bhéim atá ann faoi láthair ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Ba cheart, dá bhrí sin, astaíochtaí saolré uile foirgneamh a chur san áireamh de réir a chéile , ag tosú le foirgnimh nua. Is banc ábhair suntasach iad foirgnimh, agus iad ina stórtha acmhainní thar na blianta fada, agus bíonn tionchar den chuid is mó ag na roghanna deartha ar na hastaíochtaí saolré iomlán d’fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh athchóirithe araon. Ba cheart feidhmíocht saolré iomlán foirgneamh a chur san áireamh, ní hamháin i bhfoirgníocht nua, ach i bhfoirgnimh athchóirithe freisin trí bheartais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine a laghdú i bpleananna athchóirithe foirgneamh na mBallstát.

Foirgnimh is cúis le hastaíochtaí gás ceaptha teasa roimh, le linn agus tar éis a saolré oibríochtúil. Maidir le fís 2050 le haghaidh stoc foirgnimh dícharbónaithe, tá níos mó i gceist leis ná an bhéim atá ann faoi láthair ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Ba cheart, dá bhrí sin, astaíochtaí saolré uile foirgneamh a chur san áireamh as seo amach , i gcás foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana nuair a dhéantar athchóiriú orthu. Is banc ábhair suntasach iad foirgnimh, agus iad ina stórtha acmhainní thar na blianta fada, agus bíonn tionchar den chuid is mó ag na roghanna deartha ar na hastaíochtaí saolré iomlán d’fhoirgnimh nua agus d’fhoirgnimh athchóirithe araon. Ba cheart feidhmíocht saolré iomlán foirgneamh a chur san áireamh, ní hamháin i bhfoirgníocht nua, ach i bhfoirgnimh athchóirithe freisin trí bheartais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ar feadh na saolré iomláine a laghdú i bpleananna athchóirithe foirgneamh na mBallstát. Tá rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach i bpróiseas forbartha na mbeartas sin ríthábhachtach chun a áirithiú go dtarlóidh an t-aistriú ar gach leibhéal.

Cúis

Mura gcuirtear foirgnimh atá ann cheana san áireamh, ní bheifear in ann an cuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach.

Leasú 3

Aithris 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun astaíochtaí gás ceaptha teasa foirgneamh ar feadh na saolré iomláine a íoslaghdú, tá gá le héifeachtúlacht agus ciorclaíocht acmhainní. Is féidir é sin a chomhcheangal freisin le linn charbóin shealadach a dhéanamh de chodanna den stoc foirgnimh.

Chun astaíochtaí gás ceaptha teasa foirgneamh ar feadh na saolré iomláine a íoslaghdú, tá gá le beartais leordhóthanachta lena seachnaítear ar an gcéad dul síos an t-éileamh ar fhuinneamh, ar ábhair, ar thalamh agus ar uisce, agus tá gá le héifeachtúlacht agus ciorclaíocht acmhainní. Is féidir é sin a chomhcheangal freisin le linn charbóin shealadach a dhéanamh de chodanna den stoc foirgnimh. Chun astaíochtaí leabaithe nialasacha a bhaint amach bheadh gá le laghdú, athúsáid agus barrfheabhsú ábhar, le suíomhanna ceaptha carbóin a dhearadh agus le hábhar ceaptha carbóin a úsáid.

Cúis

Is straitéis chumhachtach í leordhóthanacht fuinnimh chun cuspóirí aeráide a bhaint amach. Ní mór astaíochtaí leabaithe a chur san áireamh freisin.

Leasú 4

Aithris 9

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Leis an acmhainneacht téite domhanda atá ann le linn na saolré san iomlán, léirítear rannchuidiú foriomlán an fhoirgnimh le hastaíochtaí a bhfuil an t-athrú aeráide mar thoradh orthu. Tugtar le chéile ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a chorpraítear i dtáirgí foirgníochta le hastaíochtaí díreacha agus indíreacha ón gcéim úsáide. Is é an chéad chéim i dtreo tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar fheidhmíocht saolré iomlán foirgneamh agus geilleagar ciorclach, dá bhrí sin, an ceanglas acmhainneacht téite domhanda foirgneamh nua a ríomh.

Leis an acmhainneacht téite domhanda atá ann le linn na saolré san iomlán, léirítear rannchuidiú foriomlán an fhoirgnimh le hastaíochtaí a bhfuil an t-athrú aeráide mar thoradh orthu. Tugtar le chéile ann astaíochtaí gás ceaptha teasa a chorpraítear i dtáirgí foirgníochta le hastaíochtaí díreacha agus indíreacha ón gcéim úsáide. Is é an chéad chéim i dtreo tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar fheidhmíocht saolré iomlán foirgneamh agus geilleagar ciorclach, dá bhrí sin, an ceanglas acmhainneacht téite domhanda foirgneamh nua agus foirgnimh atá ann cheana agus a rinneadh athchóiriú orthu a ríomh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 5

Aithris 10

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Foirgnimh is cúis le thart ar leath d’astaíochtaí príomh-mhínábhar cáithníneach (PM2,5 ) san Aontas arb iad is cúis le bás anabaí nó le breoiteacht. Trí fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, is féidir astaíochtaí truailleán a laghdú ag an am céanna, agus ba cheart na hastaíochtaí sin a laghdú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

Foirgnimh is cúis le thart ar leath d’astaíochtaí príomh-mhínábhar cáithníneach (PM2,5 ) san Aontas arb iad is cúis le bás anabaí nó le breoiteacht. Tríd an éileamh ar fhuinneamh agus amhábhair a laghdú agus feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, is féidir astaíochtaí truailleán a laghdú ag an am céanna, agus ba cheart na hastaíochtaí sin a laghdú, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) , agus, dá bhrí sin, rannchuidiú leis an uaillmhian maidir le truailliú nialasach .

Cúis

Tagairt níos sainráite don chiorclaíocht agus don truailliú nialasach a chur isteach.

Leasú 6

Aithris 11

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart a chur san áireamh, le bearta chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú a thuilleadh, dálaí aeráide, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide, dálaí áitiúla chomh maith leis an timpeallacht aeráide laistigh agus an chostéifeachtúlacht. Níor cheart go ndéanfadh na bearta sin aon difear do cheanglais eile a bhaineann le foirgnimh, inrochtaineacht, slándáil sheismeach agus sábháilteacht ó dhóiteán agus an úsáid atá beartaithe le haghaidh an fhoirgnimh, cuir i gcás.

Ba cheart a chur san áireamh, le bearta chun an t-éileamh ar fhuinneamh agus ar ábhair a sheachaint agus chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú a thuilleadh, dálaí aeráide, lena n-áirítear oiriúnú don athrú aeráide agus dálaí áitiúla chomh maith leis an timpeallacht aeráide laistigh agus an chostéifeachtúlacht, ar cheart dóibh seachtrachtaí comhshaoil, sochaíocha agus sláinte a chur san áireamh, agus an leas is fearr á bhaint as na bearta atá ar fáil ar leibhéal an cheantair . Níor cheart go ndéanfadh na bearta sin aon difear do cheanglais eile a bhaineann le foirgnimh, inrochtaineacht, slándáil sheismeach agus sábháilteacht ó dhóiteán agus an úsáid atá beartaithe le haghaidh an fhoirgnimh, cuir i gcás.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 7

Aithris nua (11)

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Ba cheart bearta leormhaithe a mheas le linn shaolré foirgneamh, ar bearta iad lena seachnófaí ar an gcéad dul síos an t-éileamh ar fhuinneamh, amhábhair, talamh agus uisce ó fhoirgnimh lena n-áirítear ag an gcéim deartha, ag an gcéim oibríochtúil agus ag deireadh shaolré foirgneamh. Leis na bearta sin, ba cheart tús áite a thabhairt d’fhoirgnimh atá ann cheana agus nach n-úsáidtear a athshealbhú in ionad foirgnimh nua a thógáil, agus do dhlúthchomharsanachtaí a fhorbairt in ionad sraoilleáil uirbeach a chur chun cinn, réitigh téimh éighníomhacha agus fuaraithe in ionad réitigh mheicniúla, athúsáid a bhaint as ábhair thógála in ionad ábhair nua a úsáid, agus bainistiú níos fearr a dhéanamh ar fhoirgnimh atá ann cheana.

Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, beartais leormhaithe agus bearta a chur in iúl ina bpleananna athchóirithe foirgneamh lena ndírítear ar an éileamh ar fhuinneamh, amhábhair, talamh agus uisce a sheachaint ar an gcéad dul síos thar shaolré foirgneamh ag céim an deartha, ag an gcéim oibríochtúil agus ag deireadh ré foirgneamh.

Cúis

Is straitéis chumhachtach í leordhóthanacht fuinnimh chun cuspóirí aeráide a bhaint amach.

Leasú 8

Aithris 13

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart do na Ballstáit íoscheanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus codanna d’fhoirgnimh a leagan síos d’fhonn an chothromaíocht a bhaint amach idir na hinfheistithe lena mbaineann agus na costais fuinnimh a spáráiltear le linn shaolré an fhoirgnimh ó thaobh an leibhéal costais is fearr de, gan dochar don cheart atá ag na Ballstáit íoscheanglais a shocrú atá níos fuinneamhéifeachtúla ná na leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh is fearr ó thaobh costais de . Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag na Ballstáit athbhreithniú rialta a dhéanamh ar na híoscheanglais atá orthu maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil.

Ba cheart do na Ballstáit íoscheanglais maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus codanna d’fhoirgnimh a leagan síos d’fhonn an neodracht carbóin, nó an méid neodrachta carbóin agus is féidir a bhaint amach le linn shaolré an fhoirgnimh. Ba cheart foirgnimh atá dearfach ó thaobh na haeráide de a chur chun cinn freisin, d’fhonn neodracht carbóin an stoic foirgneamh ina iomláine a áirithiú.

Agus na ceanglais sin á leagan síos, tá rannpháirtíocht iomlán na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ríthábhachtach chun fíorlaghdú éifeachtach a áirithiú.

Cúis

Ní mór an t-íoscheanglas a bheith ar aon dul leis an aeráidneodracht chun gaibhniú carbóin a sheachaint.

Leasú 9

Aithris 14

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is ó bhreoslaí iontaise fós a thagann dhá thrian den fhuinneamh a úsáidtear chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú. D’fhonn earnáil na foirgníochta a dhícharbónú, tá sé thar a bheith tábhachtach deireadh a chur de réir a chéile le breosla iontaise i dtéamh agus i bhfuarú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl na beartais agus na bearta náisiúnta atá acu chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, agus níor cheart aon dreasacht airgeadais a thabhairt chun coirí breosla iontaise a shuiteáil faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile ó 2027 amach, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2027, faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoin gCiste Comhtháthaithe. Ba cheart bunús dlí soiléir chun cosc a chur ar ghineadóirí tea bunaithe ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa nó ar an gcineál breosla a úsáidtear tacú le beartais agus bearta náisiúnta céimnithe amach.

Is ó bhreoslaí iontaise fós a thagann dhá thrian den fhuinneamh a úsáidtear chun foirgnimh a théamh agus a fhuarú. D’fhonn earnáil na foirgníochta a dhícharbónú, tá sé thar a bheith tábhachtach deireadh a chur de réir a chéile le breosla iontaise i dtéamh agus i bhfuarú. Dá bhrí sin, i ndlúthchomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, ba cheart do na Ballstáit a chur in iúl na beartais agus na bearta náisiúnta atá acu chun deireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise i dtéamh agus i bhfuarú ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, agus níor cheart aon dreasacht airgeadais a thabhairt chun coirí breosla iontaise a shuiteáil faoin gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile ó 2025 amach, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2027, faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus faoin gCiste Comhtháthaithe. Ba cheart bunús dlí soiléir chun cosc a chur ar ghineadóirí tea bunaithe ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa nó ar an gcineál breosla a úsáidtear tacú le beartais agus bearta náisiúnta céimnithe amach.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 10

Aithris 17

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart don Choimisiún creat modheolaíochta comparáidí a leagan síos maidir leis na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh. Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat céanna, is é an toradh ba cheart a bheith air sin go mbeifí in ann feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí araon a ríomh, agus is rud é lenar cheart seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte a chur san áireamh, chomh maith le síneadh CTA agus praghsanna carbóin. Ba cheart do na Ballstáit an creat sin a úsáid chun na torthaí a chur i gcomparáid leis na híoscheanglais atá glactha acu maidir le feidhmíocht fuinnimh. I gcás inarb ann do neamhréireachtaí móra, i.e. neamhréireachtaí ar mó ná 15 % iad, idir na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, agus na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a léiriú go bhfuil údar maith leis an difríocht sin nó ba cheart dóibh bearta iomchuí a ullmhú chun an neamhréireacht a laghdú. […].

Ba cheart don Choimisiún creat modheolaíochta comparáidí a leagan síos maidir leis na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh. Athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat céanna, is é an toradh ba cheart a bheith air sin go mbeifí in ann feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí araon a ríomh, ba cheart é a bheith bunaithe ar an sprioc maidir le foirgnimh atá neodrach ó thaobh carbóin de a bhaint amach le linn shaolré na bhfoirgneamh agus is rud é lenar cheart seachtrachtaí comhshaoil agus sláinte a chur san áireamh, chomh maith le síneadh CTA agus praghsanna carbóin. Ba cheart do na Ballstáit an creat sin a úsáid chun a áirithiú go mbeidh foirgnimh atá neodrach ó thaobh carbóin de nó nach mór neodrach ó thaobh carbóin de, ann le linn shaolré na bhfoirgneamh mar thoradh ar na híoscheanglais atá glactha acu maidir le feidhmíocht fuinnimh. I gcás inarb ann do neamhréireachtaí móra, i.e. neamhréireachtaí ar mó ná 15 % iad, idir na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, agus na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh atá i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit a léiriú go bhfuil údar maith leis an difríocht sin nó ba cheart dóibh bearta iomchuí a ullmhú chun an neamhréireacht a laghdú […]

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 11

Aithris 18

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Le hathchóirithe móra ar fhoirgnimh atá ann cheana, gan beann ar a méid, tugtar deis bearta costéifeachtacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh. Ar chúiseanna a bhaineann le costéifeachtúlacht, ba cheart go bhféadfaí íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shrianadh go dtí na codanna athchóirithe is ábhartha maidir le feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a rogha sainmhíniú a thabhairt ar “athchóiriú mór” de réir céatadán de dhromchla an imchlúdaigh fhoirgnimh nó de réir luach an fhoirgnimh chéanna. Má shocraíonn Ballstát sainmhíniú a thabhairt ar athchóiriú mór de réir luach an fhoirgnimh, d’fhéadfaí luachanna ar leith a úsáid, luach achtúireach cuir i gcás, nó an luach reatha bunaithe ar an gcostas atógála, gan luach na talún ar a bhfuil an foirgneamh suite a chur san áireamh.

Le hathchóirithe móra ar fhoirgnimh atá ann cheana, gan beann ar a méid, tugtar deis uathúil bearta cost-éifeachtacha a dhéanamh chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh ós rud é go dtarlaíonn siad uair amháin gach 25 bliana i dtaca le foirgnimh chónaithe agus uair amháin gach 15 bliana i dtaca le foirgnimh neamhchónaithe . Ciallaíonn sé sin nach dócha go ndéanfar athchóirithe móra ar fhoirgnimh chónaithe a ndearnadh athchóiriú orthu le linn na 10 mbliana sin roimh 2050, agus go bhféadfadh sé go ndéanfaí athchóirithe móra ar fhoirgnimh neamhchónaithe. Mar sin féin, méadóidh sé sin an costas foriomlán a bhaineann le hathchóiriú foirgneamh. Dá bhrí sin, chun gaibhniú carbóin i bhfoirgnimh athchóirithe a sheachaint, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar athchóiriú ar fhoirgnimh athchóirithe le linn na 10 mbliana seo go caighdeán astaíochtaí nialasacha nó nach mór nialasach arna ríomh le linn shaolré na bhfoirgneamh.

Cúis

Ní mór an t-íoscheanglas a bheith ar aon dul leis an aeráidneodracht chun gaibhniú carbóin a sheachaint.

Leasú 12

Aithris 19

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Le huaillmhian fheabhsaithe aeráide agus fuinnimh an Aontais, tá gá le fís nua d’fhoirgnimh: an foirgneamh astaíochtaí nialasacha, a bhfuil éileamh fuinnimh an-íseal air cumhdaithe go hiomlán le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil. Ba cheart gach foirgneamh nua a bheith ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha, agus ba cheart gach foirgneamh atá ann cheana a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050.

Leis an éigeandáil aeráide agus le huaillmhian fheabhsaithe aeráide agus fuinnimh an Aontais, tá gá le fís nua d’fhoirgnimh: an foirgneamh astaíochtaí nialasacha, a bhfuil éileamh fuinnimh an-íseal air cumhdaithe go hiomlán le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil. Ba cheart gach foirgneamh nua a bheith ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha, agus ba cheart gach foirgneamh atá ann cheana a athchóiriú faoi cheann 10 mbliana ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha d’fhonn éifeacht an ghaibhnithe carbóin a sheachaint faoin mbliain 2050 agus na costais athchóirithe a ísliú .

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 13

Aithris 20

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Tá roghanna éagsúla ar fáil chun riachtanais fuinnimh foirgnimh éifeachtúil a chumhdach le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite: foinsí in-athnuaite ar an láthair amhail grianfhuinneamh teirmeach, fuinneamh fótavoltach gréine, teaschaidéil agus bithmhais, fuinneamh in-athnuaite arna sholáthar ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite nó ag pobail fuinnimh saoránach, agus téamh agus fuarú ceantair bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó ar dhramhtheas.

Tá roghanna éagsúla ar fáil chun riachtanais fuinnimh foirgnimh ísealfhuinnimh agus éifeachtúil a chumhdach le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite: foinsí in-athnuaite ar an láthair nó arna soláthar trí eangach amhail réitigh maidir le grianfhuinneamh teirmeach, fuinneamh fótavoltach gréine, cumhacht ghaoithe, teaschaidéil agus bithmhais, fuinneamh in-athnuaite arna sholáthar ag comhphobail fuinnimh in-athnuaite nó ag pobail fuinnimh saoránach, agus téamh agus fuarú ceantair bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite fuinnimh nó ar dhramhtheas.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 14

Aithris 22

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Uirlis rialála riachtanach atá sna híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh maidir leis an athchóiriú ar na foirgnimh atá ann cheana a ghníomhachtú ar mhórscála , toisc go dtéann siad i ngleic leis na príomhbhacainní ar athchóiriú amhail dreasachtaí deighilte agus struchtúir chomhúinéireachta, nithe nach féidir a shárú le dreasachtaí eacnamaíocha . Mar thoradh ar thabhairt isteach íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, ba cheart na foirgnimh is measa feidhmíocht a chéimniú amach agus feabhas a chur ar bhonn leanúnach ar an stoc náisiúnta foirgnimh , rud a chuirfeadh leis an sprioc fhadtéarmach maidir le stoc foirgnimh dícharbónaithe faoin mbliain 2050.

Uirlis rialála riachtanach atá sna híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh maidir leis an athchóiriú ar na foirgnimh atá ann cheana a ghníomhachtú ar mhórscála. Chun a áirithiú go bhfuil siad oiriúnach don fheidhm agus nach rannchuidíonn siad le héifeacht gaibhnithe carbóin a chruthú, ní mór dóibh caighdeán astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh: tá sé sin bunaithe ar an toimhde nach mbeifear ag súil ar an meán, ach le hathchóiriú mór amháin a dhéanamh idir 2022 agus 2050. Mar thoradh ar thabhairt isteach íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh, ba cheart foirgnimh astaíochtaí nialasacha nó nach mór nialasach a bheith ann , rud a chuirfeadh leis an sprioc fhadtéarmach maidir le stoc foirgnimh dícharbónaithe faoin mbliain 2050. Ba cheart caighdeáin mhalartacha a chur i bhfeidhm i gcásanna an-sonrach, nuair nach féidir astaíochtaí nialasacha a bhaint amach, amhail mar shampla, i gcás foirgneamh stairiúil: ba cheart a ráthú leis na caighdeáin sin go gcuirfear na teicnící is fearr atá ar fáil i bhfeidhm. Ba cheart d’fhoirgnimh atá dearfach ó thaobh na haeráide de astaíochtaí breise na bhfoirgneamh sin nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna a chúiteamh.

Cúis

Ní mór an t-íoscheanglas a bheith ar aon dul leis an aeráidneodracht chun gaibhniú carbóin a sheachaint.

Leasú 15

Aithris 24

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

A mhéid a bhaineann leis an gcuid eile den stoc foirgnimh náisiúnta, is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh an mian leo íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a thabhairt isteach , ar caighdeáin iad a ceapadh ar an leibhéal náisiúnta agus a oiriúnaíodh do choinníollacha náisiúnta . Nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar an Treoir seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh an gá íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh bhreise a thabhairt isteach chun stoc foirgnimh dícharbónaithe a bhaint amach faoin mbliain 2050.

Is faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh an mian leo íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh agus caighdeáin astaíochtaí nialasacha nó nach mór nialasach a thabhairt isteach maidir le hathchóiriú nuair a úsáidtear ionstraimí airgeadais náisiúnta agus fonáisiúnta . Mar sin féin, má chomhcheanglaítear iad le hionstraimí airgeadais an Aontais, beidh feidhm ag ceanglais maidir le híoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh ar leibhéal an Aontais maidir le foirgnimh astaíochtaí nialasacha nó nach mór nialasach chun stoc foirgnimh dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 16

Aithris nua 24

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Le cur chuige limistéir nó comharsanachta atá comhtháite go háitiúil, is féidir coincheapa cuimsitheacha athchóirithe a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh atá nasctha go fisiciúil (amhail bloic tithíochta), cuir i gcás maidir le soláthar fuinnimh. Tá úsáid níos leithne cur chuige comhtháite, rannpháirteach agus limistéarbhunaithe i gcroílár an Rabharta Athchóiriúcháin cheana féin agus ba cheart í sin a chur chun cinn leis an Treoir seo. Is féidir ceantair agus comharsanachtaí atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta a shainiú faoin Treoir seo de rogha na n-údarás áitiúil agus réigiúnach de réir riachtanais áitiúla agus suíomh geografach.

Cúis

Tá sé ráite go bhfuil an cur chuige ceantair i gcroílár an Rabharta Athchóiriúcháin. A bhuí le comhsholáthar bonneagair leictreachais, teasa agus luchtaithe i gceantar nó i gcomharsanacht, d’fhéadfaí leas a bhaint as sineirgí agus coigilteas fuinnimh nach dtiocfadh chun solais, b’fhéidir, mura bhféachtar ach ar an bhfoirgneamh aonair.

Leasú 17

Aithris 27

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais a bheith bunaithe ar aicmí comhchuibhithe feidhmíochta fuinnimh . Tríd an aicme feidhmíochta fuinnimh is ísle G a shainmhíniú mar an 15 % is measa feidhmíocht de stoc náisiúnta foirgnimh gach Ballstáit, áirithítear iarrachtaí comhchosúla ag na Ballstáit go léir trí aicmí feidhmíochta fuinnimh a chomhchuibhiú, agus áirithítear leis an sainmhíniú ar an aicme feidhmíochta fuinnimh is fearr A cóineasú scála na haicme feidhmíochta fuinnimh comhchuibhithe i dtreo na físe comhchoitinne d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

Ba cheart na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh uile-Aontais d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha a bheith bunaithe ar aicmí comhchuibhithe feidhmíochta fuinnimh chun go n-áiritheofar iarrachtaí comhchosúla ag na Ballstáit go léir agus cóineasú scála na haicme feidhmíochta fuinnimh comhchuibhithe i dtreo na físe comhchoitinne d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

Cúis

Níl sé réalaíoch bheith ag súil go ndéanfar athchóirithe níos mó ná uair amháin le linn na 10 mbliana seo. Is é is aidhm don leasú torthaí feidhmíochta fuinnimh atá níos costéifeachtúla agus níos éifeachtaí a áirithiú.

Leasú 18

Aithris 28

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Bhí íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh atá ann cheana agus do chodanna d’fhoirgnimh atá ann cheana i leaganacha den Treoir seo a bhí ann roimhe agus ba cheart go leanfaidís d’fheidhm a bheith acu. Cé go leagtar síos leis na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a tugadh isteach le déanaí íosfheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana agus go n-áirithítear leo go ndéanfar foirgnimh neamhéifeachtúla a athchóiriú, go n-áirithítear le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana agus codanna d’fhoirgnimh an doimhneacht is gá don athchóiriú nuair a dhéanfar athchóiriú.

Bhí íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh atá ann cheana agus do chodanna d’fhoirgnimh atá ann cheana i leaganacha den Treoir seo a bhí ann roimhe agus ba cheart go leanfaidís d’fheidhm a bheith acu, más rud é go mbíonn foirgneamh saor ó astaíochtaí ann agus go seachnaítear an gaibhniú carbóin mar thoradh orthu.

Cúis

Ní mór an t-íoscheanglas a bheith ar aon dul leis an aeráidneodracht chun gaibhniú carbóin a sheachaint.

Leasú 19

Aithris 29

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Chun stoc foirgnimh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a bhaint amach agus chun na foirgnimh atá ann cheana a aistriú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050, ba cheart do na Ballstáit pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bhunú, a chuirfear in ionad na straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus a bheidh ina n-uirlis pleanála do na Ballstáit atá iomlán oibríochtúil agus níos láidre, agus lena ndíreofar níos mó ar mhaoiniú agus lena n-áiritheofaí go mbeidh oibrithe a bhfuil na scileanna iomchuí acu ar fáil chun athchóirithe foirgneamh a dhéanamh. Ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, ba cheart do na Ballstáit a gcuid spriocanna náisiúnta féin a shocrú maidir le hathchóiriú foirgneamh. I gcomhréir le hAirteagal 21(b)(7) de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis na coinníollacha cumasúcháin a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/60 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [1], ba cheart do na Ballstáit achoimre a thabhairt ar bhearta maoiniúcháin, mar aon le breac-chuntas ar na riachtanais infheistíochta agus ar na hacmhainní riaracháin le haghaidh chur chun feidhme a bpleananna athchóirithe foirgneamh.

Chun stoc foirgnimh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a bhaint amach agus chun na foirgnimh atá ann cheana a aistriú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050, ba cheart do na Ballstáit , i ndlúthchomar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh a bhunú, a chuirfear in ionad na straitéisí athchóirithe fadtéarmacha agus a bheidh ina n-uirlis pleanála do na Ballstáit atá iomlán oibríochtúil agus níos láidre, agus lena ndíreofar níos mó ar mhaoiniú agus lena n-áiritheofaí go mbeidh oibrithe a bhfuil na scileanna iomchuí acu ar fáil chun athchóirithe foirgneamh a dhéanamh. Ina bpleananna athchóirithe foirgneamh, ba cheart do na Ballstáit a gcuid spriocanna náisiúnta féin a shocrú maidir le hathchóiriú foirgneamh. I gcomhréir le hAirteagal 21, pointe (b)(7), de Rialachán (AE) 2018/1999 agus leis na coinníollacha cumasúcháin a leagtar amach faoi Rialachán (AE) 2021/60 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [1], ba cheart do na Ballstáit achoimre a thabhairt ar bhearta maoiniúcháin, mar aon le breac-chuntas ar na riachtanais infheistíochta agus ar na hacmhainní riaracháin le haghaidh chur chun feidhme a bpleananna athchóirithe foirgneamh agus ar na bearta atá beartaithe chun tacú le príomhshruthú phrionsabail an oiriúnaithe agus na ciorclaíochta maidir le hathchóiriú an stoic náisiúnta foirgneamh .

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 20

Aithris 32

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is féidir le hathchóiriú céimneach a bheith ina réiteach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le hardchostais tosaigh agus an dua a d’fhéadfadh a bheith ann do na háitritheoirí nuair a dhéantar an t-athchóiriú “in aon iarracht amháin”. Mar sin féin, ní mór an t-athchóiriú céimneach sin a phleanáil go cúramach ionas nach gcuirfidh céim athchóirithe amháin bac ar chéimeanna riachtanacha eile ina dhiaidh sin. Le pasanna athchóirithe soláthraítear treochlár soiléir d’athchóiriú céimneach , rud a chabhraíonn le húinéirí agus le hinfheisteoirí an tráthúlacht agus an scóip is fearr chun idirghabhálacha a phleanáil. Dá bhrí sin, ba cheart pasanna athchóirithe a chur ar fáil mar uirlis dheonach d’úinéirí foirgneamh ar fud na mBallstát go léir.

Ní réiteach é an t-athchóiriú céimneach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le hardchostais tosaigh agus an dua a d’fhéadfadh a bheith ann do na háitritheoirí nuair a dhéantar an t-athchóiriú “in aon iarracht amháin”. Is é an toradh a bheidh ar athchóiriú céimneach go leanfar de bhreoslaí iontaise a úsáid sna foirgnimh lena mbaineann, ar chostas ard do cháiníocóirí agus, san am céanna, cuirfear teaghlaigh ar ioncam íseal i mbochtaineacht fuinnimh. Chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le hardchostais tosaigh an athchóirithe, ní mór tionscadail athchóirithe agus ionstraimí airgeadais atá ann cheana a chuachadh chun na costais tosaigh a laghdú trí uas-scálú. Le pasanna athchóirithe , ba cheart treochlár soiléir a sholáthar do thionscadail athchóirithe in aon iarracht amháin ina gcomhcheanglaítear roinnt foirgneamh i gcomharsanacht amháin nó i gcathair amháin , rud a chabhraíonn le húinéirí agus le hinfheisteoirí an tráthúlacht is fearr chun idirghabhálacha a phleanáil. Dá bhrí sin, ba cheart pasanna athchóirithe a chur ar fáil mar uirlis dheonach do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar fud na mBallstát go léir.

Cúis

D’fhéadfadh éifeacht gaibhnithe carbóin a bheith mar thoradh ar an “athchóiriú céimneach” atá beartaithe agus ba cheart é sin a sheachaint.

Leasú 21

Aithris 33

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Níor sainmhíníodh an coincheap “athchóiriú domhain” i reachtaíocht an Aontais go fóill. D’fhonn an fhís fhadtéarmach d’fhoirgnimh a bhaint amach, ba cheart athchóiriú domhain a shainmhíniú mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh astaíochtaí nialasacha ; sa chéad chéim, mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de . Is é is cuspóir don sainmhíniú sin feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a mhéadú . Is deis den scoth é athchóiriú domhain chun críocha na feidhmíochta fuinnimh maidir le haghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile amhail dálaí maireachtála teaghlach leochaileach, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, athléimneacht i gcoinne rioscaí tubaistí lena n-áirítear an athléimneacht sheismeach, sábháilteacht ó dhóiteán, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

Níor sainmhíníodh an coincheap “athchóiriú domhain” i reachtaíocht an Aontais go fóill. D’fhonn an fhís fhadtéarmach d’fhoirgnimh a bhaint amach, ba cheart athchóiriú domhain a shainmhíniú mar athchóiriú lena ndéantar foirgnimh astaíochtaí nialasacha in aon iarracht amháin . Is é is cuspóir don sainmhíniú sin nach leanfar de bhreoslaí iontaise a úsáid sna foirgnimh athchóirithe mar thoradh ar an athchóiriú céimneach, rud a mbíonn uaillmhian íseal mar thoradh air . Is deis den scoth é athchóiriú domhain chun críoch astaíochtaí nialasacha maidir le haghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile amhail dálaí maireachtála teaghlach leochaileach, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú, athléimneacht i gcoinne rioscaí tubaistí lena n-áirítear an athléimneacht sheismeach, sábháilteacht ó dhóiteán, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

Cúis

Níl sé réalaíoch bheith ag súil go ndéanfar athchóirithe níos mó ná uair amháin le linn na 10 mbliana seo. Is é is aidhm don leasú torthaí feidhmíochta fuinnimh atá níos costéifeachtúla agus níos éifeachtaí a áirithiú.

Leasú 22

Aithris 35

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart do na Ballstáit tacú le huasghráduithe feidhmíochta fuinnimh ar fhoirgnimh atá ann faoi láthair a chuidíonn le timpeallacht shláintiúil laistigh a bhaint amach, lena n-áirítear trí aispeist agus substaintí díobhálacha eile a bhaint, lena gcuirtear cosc ar bhaint neamhdhleathach substaintí díobhálacha agus comhlíonadh gníomhartha reachtacha atá ann cheana féin amhail Treoracha 2009/148/AE (1) agus Treoir (AE) 2016/2284 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á éascú.

Ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha tacú le huasghráduithe feidhmíochta fuinnimh a bhfuil sé d’aidhm acu stoc foirgneamh atá saor ó astaíochtaí a bhaint amach agus a chuidíonn le timpeallacht shláintiúil laistigh a bhaint amach, lena n-áirítear trí aispeist agus substaintí díobhálacha eile a bhaint, lena gcuirtear cosc ar bhaint neamhdhleathach substaintí díobhálacha agus comhlíonadh gníomhartha reachtacha atá ann cheana féin amhail Treoracha 2009/148/AE (1) agus Treoir (AE) 2016/2284 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á éascú.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 23

Aithris 37

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Nuair atá feithiclí leictreacha comhcheangailte le sciar méadaithe de tháirgeadh leictreachais in-athnuaite, táirgeann siad níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is cuid thábhachtach d’aistriú fuinnimh glan iad feithiclí leictreacha bunaithe ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, breoslaí malartacha, fuinnimh in-athnuaite agus réitigh nuálacha bainistithe solúbthachta fuinnimh. Is féidir cóid foirgníochta a úsáid go héifeachtach chun ceanglais spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le himscaradh an bhonneagair athluchtaithe i gcarrchlóis foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe. Ba cheart do na Ballstáit bacainní amhail dreasachtaí deighilte agus castachtaí riaracháin a bhaint a bhíonn ina mbacainní ag úinéirí aonair agus iad ag iarraidh pointe athluchtaithe a shuiteáil ar a spás páirceála.

Nuair atá feithiclí leictreacha comhcheangailte le sciar méadaithe de tháirgeadh leictreachais in-athnuaite, táirgeann siad níos lú astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is cuid thábhachtach d’aistriú fuinnimh glan iad feithiclí leictreacha bunaithe ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh, breoslaí malartacha, fuinnimh in-athnuaite agus réitigh nuálacha bainistithe solúbthachta fuinnimh. Is féidir cóid foirgníochta a úsáid go héifeachtach chun ceanglais spriocdhírithe a thabhairt isteach chun tacú le himscaradh an bhonneagair athluchtaithe i gcarrchlóis agus saoráid páirceála rothar foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe. Ba cheart do na Ballstáit bacainní amhail dreasachtaí deighilte agus castachtaí riaracháin a bhaint a bhíonn ina mbacainní ag úinéirí aonair agus iad ag iarraidh pointe athluchtaithe a shuiteáil ar a spás páirceála.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 24

Aithris 40

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip is ea an tsoghluaisteacht ghlas a chur chun cinn agus is féidir le foirgnimh ról tábhachtach a bheith acu maidir leis an mbonneagar is gá a chur ar fáil, ní hamháin chun feithiclí leictreacha a athluchtú ach rothair freisin. Is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú go suntasach ach aistriú chuig soghluaisteacht bhog, an rothaíocht mar shampla. Mar a leagtar amach sa phlean um Sprioc Aeráide 2030, trí mhéadú a dhéanamh ar chionta módacha an iompair phríobháidigh agus phoiblí atá glan agus éifeachtúil, an rothaíocht mar shampla, is lú go mór an truailliú a thiocfaidh ón iompar agus rachaidh sé chun sochair go mór do shaoránaigh agus do phobail aonair. Tá an easpa spásanna páirceála rothar ina bhac mór ar dhaoine tabhairt faoin rothaíocht, i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe araon. Is féidir le cóid foirgníochta tacú go héifeachtach leis an aistriú chuig soghluaisteacht níos glaine trí cheanglais a leagan síos do líon íosta spásanna páirceála rothar.

Cuid lárnach den Chomhaontú Glas don Eoraip is ea an tsoghluaisteacht ghlas a chur chun cinn agus is féidir le foirgnimh ról tábhachtach a bheith acu maidir leis an mbonneagar is gá a chur ar fáil, ní hamháin chun feithiclí leictreacha a athluchtú ach rothair freisin. Is féidir astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tsoghluaisteacht a laghdú go suntasach ach aistriú chuig soghluaisteacht bhog, an rothaíocht mar shampla. Mar a leagtar amach sa phlean um Sprioc Aeráide 2030, trí mhéadú a dhéanamh ar chionta módacha an iompair phríobháidigh agus phoiblí atá glan agus éifeachtúil, an rothaíocht mar shampla, is lú go mór an truailliú a thiocfaidh ón tsoghluaisteacht agus rachaidh sé chun sochair go mór do shaoránaigh agus do phobail aonair. Tá an easpa spásanna páirceála rothar ina bhac mór ar dhaoine tabhairt faoin rothaíocht, i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe araon. Is féidir le beartais úsáide talún agus pleanála uirbí tacú go héifeachtach leis an aistriú chuig soghluaisteacht níos glaine trí cheanglais a leagan síos do líon íosta spásanna páirceála rothar.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 25

Aithris 43

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart an táscaire ullmhachta cliste a úsáid chun tomhas a dhéanamh ar chumas foirgneamh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais leictreonacha a úsáid d’fhonn oibriú na bhfoirgneamh a chur in oiriúint do riachtanais na n-áititheoirí agus na heangaí agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán foirgneamh a fheabhsú. Leis an táscaire ullmhachta cliste, ba cheart feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus áititheoirí foirgnimh maidir leis an luach atá ar an uathoibriú foirgneamh agus ar an bhfaireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgneamh agus muinín a thabhairt d’áititheoirí maidir leis na coigiltí iarbhír a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí breisithe nua sin. Tá tairbhe ar leith ag baint leis an táscaire ullmhachta cliste maidir le foirgnimh mhóra a bhfuil éileamh ard fuinnimh orthu. Maidir le foirgnimh eile, ba cheart úsáid na scéime chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil a bheith roghnach do na Ballstáit.

Ba cheart an táscaire ullmhachta cliste a úsáid chun tomhas a dhéanamh ar chumas foirgneamh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais leictreonacha a úsáid d’fhonn oibriú na bhfoirgneamh a chur in oiriúint do riachtanais na n-áititheoirí agus na heangaí agus chun éifeachtúlacht fuinnimh agus feidhmíocht fhoriomlán foirgneamh a fheabhsú. Leis an táscaire ullmhachta cliste, ba cheart feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus áititheoirí foirgnimh maidir leis an luach atá ar an uathoibriú foirgneamh agus ar an bhfaireachán leictreonach ar chórais theicniúla foirgneamh agus muinín a thabhairt d’áititheoirí maidir leis na coigiltí iarbhír a bhaineann leis na feidhmiúlachtaí breisithe nua sin. Tá tairbhe ar leith ag baint leis an táscaire ullmhachta cliste maidir le foirgnimh mhóra a bhfuil éileamh ard fuinnimh orthu. Maidir le foirgnimh eile, ba cheart úsáid na scéime chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil a bheith roghnach do na Ballstáit. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear oiliúint leordhóthanach ar an bhfoireann theicniúil atá ag obair sna húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar an ábhar.

Cúis

Tá fothú acmhainneachta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach ar cheann de na príomhbhacainní ar an gclaochlú is gá.

Leasú 26

Aithris 45

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ba cheart ionstraimí airgeadais an Aontais a úsáid chun cuspóirí na Treorach seo a chur i bhfeidhm, ach gan bearta náisiúnta a chur ina n-áit. Thar aon rud eile, de bharr scála na hiarrata athchóirithe atá ag teastáil, ba cheart iad a úsáid chun modhanna maoinithe iomchuí agus ceannródaíocha a chur ar fáil chun dlús a chur le hinfheistíocht i bhfeidhmíocht fuinnimh foirgneamh. D’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith leo chun cistí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a fhorbairt chomh maith le hionstraimí nó sásraí, rudaí a chuireann na féidearthachtaí sin ar fáil d’úinéirí réadmhaoine, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do ghnólachtaí seirbhíse éifeachtúlachta fuinnimh.

Ba cheart ionstraimí airgeadais an Aontais a úsáid chun cuspóirí na Treorach seo a chur i bhfeidhm, ach gan bearta náisiúnta a chur ina n-áit. Thar aon rud eile, de bharr scála na hiarrata athchóirithe atá ag teastáil, ba cheart iad a úsáid chun modhanna maoinithe iomchuí agus ceannródaíocha a chur ar fáil chun dlús a chur le hinfheistíocht i bhfeidhmíocht fuinnimh foirgneamh. D’fhéadfadh tábhacht ar leith a bheith leo chun cistí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir le hathchóiriú a fhorbairt chomh maith le hionstraimí nó sásraí, rudaí a chuireann na féidearthachtaí sin ar fáil d’úinéirí réadmhaoine, do bhardais agus d’údaráis áitiúla, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do ghnólachtaí seirbhíse éifeachtúlachta fuinnimh.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 27

Aithris 47

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ní dhéanfar freastal ar na riachtanais athchóirithe tríd an maoiniú amháin. Mar aon leis an maoiniú, tá bunú uirlisí comhairleacha agus ionstraimí cúnaimh inrochtana agus trédhearcacha amhail ionaid ilfhreastail ina soláthraítear seirbhísí agus éascaitheoirí athchóirithe fuinnimh comhtháite , chomh maith le bearta agus tionscnaimh eile a chur chun feidhme amhail iad siúd dá dtagraítear i Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste ón gCoimisiún, tá sé fíor-riachtanach chun an creat ceart cumasúcháin a chur ar fáil agus deireadh a chur le bacainní ar an athchóiriú.

Ní dhéanfar freastal ar na riachtanais athchóirithe tríd an maoiniú amháin. Mar aon leis an maoiniú, tá bunú uirlisí comhairleacha agus ionstraimí cúnaimh inrochtana agus trédhearcacha amhail ionaid ilfhreastail ina n-eagraítear agus ina bpleanáiltear athchóiriú comharsanachtaí iomlána agus/nó grúpaí foirgneamh agus lena n-áiritheofar go soláthróidh tionscal na tógála foirgnimh saor ó astaíochtaí gan rómheastachán a dhéanamh ar an gcostas athchóirithe , chomh maith le bearta agus tionscnaimh eile a chur chun feidhme lena ndírítear ar fhoirgnimh saor ó astaíochtaí, tá sé fíor-riachtanach chun an creat ceart cumasúcháin a chur ar fáil agus deireadh a chur le bacainní ar an athchóiriú. Chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas oibrithe oilte atá ann faoi láthair, lena n-áirítear sna ranna áitiúla agus réigiúnacha freisin, ní mór iarrachtaí suntasacha a dhéanamh chun scileanna agus cumais leordhóthanacha a fhorbairt agus a mhúineadh chun cur chun feidhme rianúil an phróisis a áirithiú. Chuige sin, ní mór plean oiliúna foirmiúil speisialaithe ar ardcháilíocht a bhunú sa réimse le haghaidh baill foirne/teicneoirí atá ag obair do na húdaráis éagsúla sna Ballstáit a bhfuil baint acu leis na próisis ghaolmhara éagsúla.

Cúis

Tá scileanna leordhóthanacha ríthábhachtach chun an Treoir maidir le FFF a chur chun feidhme.

Leasú 28

Aithris 48

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Is minic a bhíonn foirgnimh neamhéifeachtúla nasctha le bochtaineacht fuinnimh agus le fadhbanna sóisialta. Tá teaghlaigh leochaileacha neamhchosanta go háirithe ar phraghsanna fuinnimh mar go gcaitheann siad sciar níos mó dá mbuiséad ar tháirgí fuinnimh. Trí bhillí iomarcacha fuinnimh a laghdú, is féidir leis an athchóiriú foirgneamh daoine a thabhairt slán as an mbochtaineacht fuinnimh agus í a chosc. Ag an am céanna, níl an t-athchóiriú foirgneamh saor in aisce, agus tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcoinneofar tionchar sóisialta na gcostas a bhaineann leis an athchóiriú foirgneamh, go háirithe ar theaghlaigh leochaileacha, faoi smacht . Níor cheart aon duine a fhágáil ar gcúl leis an rabharta athchóiriúcháin, agus níor cheart é a thapú mar dheis chun staid na dteaghlach leochaileach a fheabhsú agus aistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú. […]

Is minic a bhíonn foirgnimh neamhéifeachtúla nasctha le bochtaineacht fuinnimh agus le fadhbanna sóisialta. Tá teaghlaigh leochaileacha neamhchosanta go háirithe ar phraghsanna fuinnimh mar go gcaitheann siad sciar níos mó dá mbuiséad ar tháirgí fuinnimh. Chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh , ní mór foirgnimh a athchóiriú chun go mbeidh siad saor nó nach mór saor ó astaíochtaí d’fhonn billí fuinnimh a laghdú go mór, agus chun a áirithiú gur táirgeoirí fuinnimh a bheidh iontu, nuair is féidir. Ba cheart athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh ina bhfuil teaghlaigh leochaileacha, gan aon chostas orthu. Ba cheart d’ionstraimí airgeadais an Aontais agus na mBallstát tacú leis an athchóiriú sin. Níor cheart aon duine a fhágáil ar gcúl leis an rabharta athchóiriúcháin, agus níor cheart é a thapú mar dheis chun staid na dteaghlach leochaileach a fheabhsú agus aistriú cothrom i dtreo neodracht aeráide a áirithiú […]

Ní mór don chistiú agus do na ráthaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann an t-ualach nua ar úinéirí-áititheoirí a chumhdach go sonrach, ar daoine iad a d’oibrigh go dian chun íoc as a dtithe le blianta fada, agus arb iad a n-árachas pinsin seanaoise iad na tithe sin. Trí thacaíocht agus ráthaíochtaí a spriocdhíriú, is féidir dul chun cinn a éascú agus dreasachtaí a chur ar fáil ina leith sin.

Cúis

Is saincheist an-ábhartha í an bhochtaineacht fuinnimh agus tá gá le cur chuige córasach lena ndírítear ar dheireadh a chur léi. Tá sé deacair do dhaoine scothaosta airgead a fháil ar iasacht. Dá bhrí sin, is gá réitigh a thairiscint do ghrúpaí ábhartha chun na hinfheistíochtaí tí riachtanacha a dhéanamh le dul i ngleic leis an athrú aeráide.

Leasú 29

Aithris 50

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Éascaítear faireachán ar stoc na bhfoirgneamh trí infhaighteacht sonraí arna mbailiú ag uirlisí digiteacha, rud a laghdóidh costais riaracháin. Dá bhrí sin, ba cheart bunachair sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun, agus ba cheart an fhaisnéis atá iontu a aistriú chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgnimh.

Éascaítear faireachán ar stoc na bhfoirgneamh trí infhaighteacht sonraí arna mbailiú ag uirlisí digiteacha, rud a laghdóidh costais riaracháin. Dá bhrí sin, ba cheart bunachair sonraí náisiúnta le haghaidh astaíochtaí gás ceaptha teasa agus feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun, agus ba cheart an fhaisnéis atá iontu a aistriú chuig Faireachlann an Aontais um Stoc Foirgnimh.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 30

Aithris 52

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Le blianta beaga anuas tá fás tagtha ar líon na gcóras aerchóirithe i dtíortha na hEorpa. Bíonn fadhbanna móra ann ag na hamanna is mó éileamh ar na córais sin, rud a chuireann le costas an leictreachais chomh maith leis an gcomhordú fuinnimh a chur as a riocht. Ba cheart tús áite a thabhairt do straitéisí a chuireann feabhas ar fheidhmíocht theirmeach na bhfoirgneamh i rith an tsamhraidh. Chuige sin, ba cheart go ndíreofaí ar bhearta lena seachnófar an róthéamh, an scáthú agus acmhainn theirmeach leordhóthanach i dtógáil na bhfoirgneamh cuir i gcás, agus teicnící fuaraithe éighníomhaigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm níos mó, go príomha na teicnící a chuireann feabhas ar dhálaí aeráide laistigh agus ar an micrea-aeráide thart ar fhoirgnimh.

Le blianta beaga anuas tá fás tagtha ar líon na gcóras aerchóirithe i dtíortha na hEorpa agus meastar go dtiocfaidh méadú ar líon na gcóras aerchóirithe mar thoradh ar an téamh domhanda a bhfuiltear ag súil leis mura ndéantar bearta réamhghníomhacha le linn na 10 mbliana seo romhainn chun réitigh éighníomhacha fuaraithe a shuiteáil . Bíonn fadhbanna móra ann ag na hamanna is mó éileamh ar na córais sin, rud a chuireann le costas an leictreachais chomh maith leis an gcomhordú fuinnimh a chur as a riocht. Ba cheart tús áite a thabhairt do straitéisí a chuireann feabhas ar fheidhmíocht theirmeach na bhfoirgneamh i rith an tsamhraidh. Chuige sin, ba cheart go ndíreofaí ar bhearta lena seachnófar an róthéamh, an scáthú agus acmhainn theirmeach leordhóthanach i dtógáil na bhfoirgneamh cuir i gcás, agus teicnící fuaraithe éighníomhaigh a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm níos mó, go príomha na teicnící a chuireann feabhas ar dhálaí aeráide laistigh agus ar an micrea-aeráide thart ar fhoirgnimh.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 31

Aithris 55

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ó tharla gur ríthábhachtach údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme na Treorach seo go rathúil, ba cheart dul i gcomhairle leo agus a rannpháirtíocht a lorg, sa chás agus san am inarb iomchuí sin i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme, maidir le cúrsaí pleanála, cláir a fhorbairt chun faisnéis a sholáthar, oiliúint agus fógraíocht, agus maidir le cur chun feidhme na Treorach seo ar an leibhéil náisiúnta agus réigiúnach. Féadfaidh comhairliúcháin den chineáil sin fónamh chun treoir leordhóthanach a chur ar fáil do phleanálaithe áitiúla ionas gur féidir leo na tascanna is gá a dhéanamh a chur i gcrích. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit pleanálaithe agus ailtirí a chumasú agus a spreagadh chun go mbeidh siad in ann a machnamh a dhéanamh mar is ceart ar an teaglaim is fearr agus is feiliúnaí d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, de theicneolaíochtaí ardéifeachtúlachta agus den téamh agus den fhuarú spáis, tráth a mbeidh pleanáil, dearadh, tógáil nó athfheistiú á ndéanamh acu ar limistéir thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe.

Ó tharla gur ríthábhachtach údaráis áitiúla agus réigiúnacha i gcur chun feidhme na Treorach seo go rathúil, ba cheart dul i gcomhairle leo agus a rannpháirtíocht a lorg, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta, agus leis an reachtaíocht is infheidhme, maidir le cúrsaí pleanála, cláir a fhorbairt chun faisnéis a sholáthar, oiliúint agus fógraíocht, agus maidir le cur chun feidhme na Treorach seo ar an leibhéal náisiúnta réigiúnach agus áitiúil . Ba cheart do chomhairliúcháin den chineál sin a bheith ina rannchuidiú leis an idirphlé il-leibhéil náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus féadfaidh siad treoir leordhóthanach a chur ar fáil do phleanálaithe áitiúla ionas gur féidir leo na tascanna is gá a dhéanamh a chur i gcrích. I ndáil leis sin, ba cheart é a bheith indéanta, faoi chuimsiú na Treorach seo, freagairt do na dálaí a bhíonn an-éagsúil go minic i limistéir uirbeacha agus i limistéir thuaithe ina bhfuil sciar ard tithe aonteaghlaigh agus ilteaghlaigh agus struchtúr éagsúil lonnaíochta, agus na sonraíochtaí a dhearadh ar bhealach a oireann do gach réigiún. Thairis sin, ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha pleanálaithe agus ailtirí a chumasú agus a spreagadh chun go mbeidh siad in ann a machnamh a dhéanamh mar is ceart ar an teaglaim is fearr agus is feiliúnaí d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, de choigilteas fuinnimh, de theicneolaíochtaí ardéifeachtúlachta agus den téamh agus den fhuarú spáis, tráth a mbeidh pleanáil, dearadh, tógáil nó athfheistiú á ndéanamh acu ar limistéir thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe. Ina theannta sin, tá sé riachtanach úsáid acmhainní atá inrochtana go háitiúil a chur chun cinn agus dul i gcomhairle le saineolaithe luachmhara i dtaca le pleanáil, dearadh, tógáil agus athfheistiú limistéar tionsclaíoch nó cónaithe.

Tá ról lárnach ag na Ballstáit maidir le tacaíocht a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha san iarracht sin.

Cúis

Rannchuidíonn sé leis na héifeachtaí diúltacha ar an aeráid a mhaolú má bhaintear úsáid as acmhainní agus saineolaithe atá ar fáil go háitiúil.

Leasú 32

Airteagal 1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ábhar

Ábhar

1.   Leis an Treoir seo, cuirtear feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh san Aontas chun cinn, d’fhonn stoc foirgnimh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoin mbliain 2050 agus dálaí aeráide lasmuigh agus dálaí áitiúla á gcur san áireamh, mar aon le ceanglais aeráide laistigh agus an chostéifeachtúlacht.

1.   Leis an Treoir seo, cuirtear laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh agus ar ábhair thar shaolré foirgneamh chun cinn, cuirtear feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa ó fhoirgnimh san Aontas chun cinn, d’fhonn stoc foirgnimh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoin mbliain 2050 agus dálaí aeráide lasmuigh agus dálaí áitiúla á gcur san áireamh, mar aon le ceanglais aeráide laistigh , cosaint an chomhshaoil, laghdú truaillithe agus an chostéifeachtúlacht , rud ar cheart seachtrachtaí comhshaoil, sochaíocha agus sláinte a chur san áireamh inti . Cuirfidh sé sin go mór le slándáil fuinnimh na hEorpa a fheabhsú.

2.   Leis an Treoir seo, leagtar síos na ceanglais maidir leis na nithe seo a leanas:

2.   Leis an Treoir seo, leagtar síos na ceanglais maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

an creat ginearálta comhchoiteann maidir le modheolaíocht chun feidhmíocht fuinnimh chomhtháite foirgneamh agus aonad foirgnimh a ríomh;

(a)

an creat ginearálta comhchoiteann maidir le modheolaíocht chun feidhmíocht fuinnimh chomhtháite foirgneamh agus aonad foirgnimh a ríomh chun go mbeidh siad saor nó nach mór saor ó astaíochtaí gás ceaptha teasa ;

(b)

cur i bhfeidhm na n-íoscheanglas i gcás fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh nua agus na n-aonad foirgnimh nua;

(b)

cur i bhfeidhm na n-íoscheanglas i gcás fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh nua agus na n-aonad foirgnimh nua;

(c)

cur i bhfeidhm na n-íoscheanglas i gcás fheidhmíocht fuinnimh na nithe seo a leanas:

(c)

cur i bhfeidhm na n-íoscheanglas i gcás fheidhmíocht fuinnimh na nithe seo a leanas:

 

(i)

foirgnimh atá ann cheana agus aonaid fhoirgnimh a bhfuiltear ag déanamh athchóiriú mór orthu;

 

(i)

foirgnimh atá ann cheana agus aonaid fhoirgnimh a bhfuiltear ag déanamh athchóiriú mór orthu chun go mbeidh siad saor nó nach mór saor ó astaíochtaí gás ceaptha teasa ;

 

(ii)

codanna d’fhoirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a iarfheistiú nó a athsholáthar;

 

(ii)

codanna d’fhoirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a iarfheistiú nó a athsholáthar;

 

(iii)

córais theicniúla foirgneamh nuair a dhéantar iad a shuiteáil, a athsholáthar nó a nuashonrú;

 

(iii)

córais theicniúla foirgneamh nuair a dhéantar iad a shuiteáil, a athsholáthar nó a nuashonrú;

(d)

íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh atá ann cheana agus aonaid foirgneamh atá ann cheana;

(d)

íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a chur i bhfeidhm maidir le foirgnimh atá ann cheana agus aonaid foirgneamh atá ann cheana chun go mbeidh siad saor nó nach mór saor ó astaíochtaí gás ceaptha teasa ;

(e)

pasanna athchóirithe;

(e)

pasanna athchóirithe;

(f)

pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh;

(f)

pleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh;

(g)

bonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe i bhfoirgnimh agus cóngarach d’fhoirgnimh; agus

(g)

bonneagar soghluaisteachta inbhuanaithe i bhfoirgnimh agus cóngarach d’fhoirgnimh; agus

(h)

foirgnimh chliste;

(h)

foirgnimh chliste;

(i)

deimhniúchán feidhmíochta fuinnimh foirgneamh nó aonad foirgnimh;

(i)

deimhniúchán feidhmíochta fuinnimh foirgneamh nó aonad foirgnimh;

(j)

iniúchadh rialta ar chórais téimh, aerála agus aerchóirithe i bhfoirgnimh;

(j)

iniúchadh rialta ar chórais téimh, aerála agus aerchóirithe i bhfoirgnimh;

(k)

córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha iniúchta.

(k)

córais rialaithe neamhspleácha le haghaidh teastais feidhmíochta fuinnimh, pasanna athchóirithe, táscairí ullmhachta cliste agus tuarascálacha iniúchta.

3.   Is íoscheanglais iad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo agus ní choiscfidh siad ar aon Bhallstát bearta níos déine a choimeád nó a thabhairt isteach. Beidh na bearta sin i gcomhréir le CFAE. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

3.   Is íoscheanglais iad na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo agus ní choiscfidh siad ar aon Bhallstát bearta níos déine a choimeád nó a thabhairt isteach. Beidh na bearta sin i gcomhréir le CFAE. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

Cúis

Ní mór cuspóir EPBD a ailíniú leis an aeráidneodracht faoi 2050.

Leasú 33

Airteagal 2.2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ciallaíonn “foirgneamh astaíochtaí nialasacha” foirgneamh a bhfuil feidhmíocht fuinnimh an-ard aige, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ina bhfuil an méid fuinnimh an-íseal atá fós ag teastáil á chumhdach go hiomlán ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear ar an láthair, ó chomhphobal fuinnimh in-athnuaite de réir bhrí Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe] ó chóras téimh agus fuaraithe ceantair, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III;

Ciallaíonn “foirgneamh astaíochtaí nialasacha” foirgneamh a bhfuil éileamh thar a bheith íseal ar fhuinneamh agus ar ábhair aige thar shaolré foirgneamh, foirgneamh a bhfuil feidhmíocht fuinnimh an-ard aige, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ina bhfuil an méid fuinnimh an-íseal atá fós ag teastáil á chumhdach go hiomlán ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear ar an láthair nó arna soláthar trí eangach , ó chomhphobal fuinnimh in-athnuaite de réir bhrí Threoir (AE) 2018/2001 [RED leasaithe], ó chóras téimh agus fuaraithe ceantair, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III nó foinsí in-athnuaite leithdháilte eangach-bhunaithe ; ciallaíonn “foirgneamh atá dearfach ó thaobh na haeráide de” foirgneamh a bhfuil éileamh thar a bheith íseal ar fhuinneamh agus ar ábhair aige thar shaolré foirgneamh, foirgneamh a bhfuil feidhmíocht fuinnimh an-ard aige, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, i gcás inar mó an táirgeadh fuinnimh san fhoirgneamh féin nó an fuinneamh a tháirgtear le haghaidh an fhoirgnimh ná an méid fuinnimh is gá don fhoirgneamh.

Cúis

An chiorclaíocht, téamh ceantair, coincheap an fhoirgnimh atá dearfach ó thaobh na haeráide de agus critéir shaolré iomlán na bhfoirgneamh á gcur leis.

Leasú 34

Airteagal 2.3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

ciallaíonn “foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de” foirgneamh lena ngabhann feidhmíocht fuinnimh an-ard, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, feidhmíocht fuinnimh nach féidir a bheith níos ísle ná an leibhéal is fearr costais in 2023 arna thuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus i gcás ina bhfuil an méid fuinnimh a éilítear, atá nach mór neodrach nó an-íseal, cumhdaithe go leibhéal an-ard ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó gar dó;

ciallaíonn “foirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de” foirgneamh lena ngabhann feidhmíocht fuinnimh an-ard, arna chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, feidhmíocht fuinnimh nach féidir a bheith níos ísle ná an leibhéal is fearr costais in 2023 arna thuairisciú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6(2) agus i gcás ina bhfuil an méid fuinnimh a éilítear, atá nach mór neodrach nó an-íseal, cumhdaithe go leibhéal an-ard ag fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite arna tháirgeadh ar an láthair nó gar dó nó ó fhuinneamh dramhaíola aisghabháilte ;

Cúis

Is táscaire coibhneasta í an fheidhmíocht fuinnimh murab ionann agus an t-éileamh fuinnimh íseal atá ina dhearbhsprioc.

Leasú 35

Airteagal 2.4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ciallaíonn “íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh” rialacha lena gceanglaítear ar fhoirgnimh atá ann cheana ceanglas feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh mar chuid de phlean athchóirithe leathan do stoc foirgnimh nó ag truicearphointe ar an margadh (ar díol nó ar cíos), laistigh de thréimhse ama nó faoi dháta sonrach, agus ar an gcaoi sin déanfar athchóiriú ar fhoirgnimh atá ann cheana ;

Ciallaíonn “íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh” rialacha lena gceanglaítear ar fhoirgnimh atá ann cheana ceanglas feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh chun go mbeidh foirgnimh atá saor nó nach mór saor ó astaíochtaí gás ceaptha teasa ann mar chuid de phlean athchóirithe leathan do stoc foirgnimh má dhéantar athchóiriú orthu faoi 2032 ;

Cúis

Ní mór cuspóir EPBD a ailíniú leis an aeráidneodracht faoi 2050.

Leasú 36

Airteagal 2.46

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

46.   Ciallaíonn “achar urláir tagartha” an t-achar urláir a úsáidtear mar mhéid tagartha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh, arna ríomh mar shuim d’achar urláir úsáideach na spásanna laistigh den imchlúdach foirgnimh atá sonraithe don mheasúnú ar fheidhmíocht fuinnimh;

46.   Ciallaíonn “achar urláir tagartha” an t-achar urláir a úsáidtear mar mhéid tagartha chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht fuinnimh foirgnimh, arna ríomh mar shuim d’achar urláir úsáideach na spásanna laistigh den imchlúdach foirgnimh agus na dromchlaí ina n-áitítear bonneagar a ídíonn fuinneamh agus a bhainistítear laistigh den fhoirgneamh atá sonraithe don mheasúnú ar fheidhmíocht fuinnimh;

Cúis

Chun go n-áireofar sa sainmhíniú ar “achar urláir tagartha” bonneagar a bhaineann le foirgnimh agus a ídíonn fuinneamh, amhail bonneagar spóirt, linnte snámha, etc.

Leasú 37

Airteagal 2.57 nua

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

Is éard is “leordhóthanacht” ann sraith beart agus cleachtas laethúil a chuireann deireadh leis an éileamh ar fhuinneamh, ar ábhair, ar thalamh agus ar uisce agus lena n-áirithítear dea-bhail gach duine laistigh de theorainneacha an phláinéid.

Cúis

Is straitéis chumhachtach í leordhóthanacht fuinnimh chun cuspóirí aeráide a bhaint amach.

Leasú 38

Airteagal 3.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Bunóidh gach Ballstát plean athchóirithe foirgneamh náisiúnta chun athchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, poiblí agus príobháideach araon, ina stoc foirgnimh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe faoin mbliain 2050 a áirithiú, agus é mar chuspóir aige na foirgnimh atá ann faoi láthair a chlaochlú ina bhfoirgnimh lena ngabhann astaíochtaí nialasacha.

Cuimseofar an méid seo le gach plean athchóirithe foirgneamh:

Bunóidh gach Ballstát plean athchóirithe foirgneamh náisiúnta chun athchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, poiblí agus príobháideach araon, ina stoc foirgnimh atá an-fhuinneamhéifeachtúil agus dícharbónaithe faoin mbliain 2050 a áirithiú, agus é mar chuspóir aige na foirgnimh atá ann faoi láthair a chlaochlú ina bhfoirgnimh lena ngabhann astaíochtaí nialasacha. Ba cheart don Aontas na huirlisí uile is gá a chur ar fáil do na Ballstáit, do na réigiúin agus do na cathracha chun na pleananna sin a fhorbairt. Cuimseofar an méid seo le gach plean athchóirithe foirgneamh:

(a)

forléargas ar stoc náisiúnta foirgneamh do chineálacha éagsúla foirgneamh, tréimhsí tógála agus criosanna aeráide, bunaithe, de réir mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh agus sa bhunachar sonraí náisiúnta le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 19, forléargas ar bhacainní margaidh agus teipeanna margaidh agus forléargas ar na hacmhainneachtaí in earnálacha na tógála, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh in-athnuaite;

(a)

forléargas ar stoc náisiúnta foirgneamh do chineálacha éagsúla foirgneamh, tréimhsí tógála agus criosanna aeráide, bunaithe, de réir mar is iomchuí, ar shampláil staidrimh agus sa bhunachar sonraí náisiúnta le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh de bhun Airteagal 19, forléargas ar bhacainní margaidh agus teipeanna margaidh agus forléargas ar na hacmhainneachtaí in earnálacha na tógála, na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh in-athnuaite;

(b)

treochlár ina bhfuil spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus táscairí dul chun cinn intomhaiste, ag féachaint do sprioc 2050 maidir le neodracht aeráide, chun stoc náisiúnta foirgneamh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a áirithiú agus chun na foirgnimh atá ann cheana a aistriú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050;

(b)

spriocanna náisiúnta le haghaidh úsáid chiorclach ábhar agus leordhóthanachta;

(c)

forléargas ar na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe, lena dtacaítear le cur chun feidhme an treochláir de bhun phointe (b); agus

(c)

treochlár ina bhfuil spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus táscairí dul chun cinn intomhaiste, ag féachaint do sprioc 2050 maidir le neodracht aeráide, chun stoc náisiúnta foirgneamh atá dícharbónaithe agus an-fhuinneamhéifeachtúil a áirithiú agus chun na foirgnimh atá ann cheana a aistriú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050;

(d)

breac-chuntas ar na riachtanais infheistíochta chun an plean athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme, na foinsí maoinithe agus na bearta maoinithe, agus na hacmhainní riaracháin le haghaidh athchóiriú foirgneamh.

( d )

forléargas ar na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme agus atá beartaithe lena n-áirítear beartais leordhóthanachta a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar choincheapa ceantair nó comharsanachta atá comhtháite go háitiúil , lena dtacaítear le cur chun feidhme an treochláir de bhun phointe ( c ); agus

 

( e )

breac-chuntas ar na riachtanais infheistíochta chun an plean athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme, na foinsí maoinithe agus na bearta maoinithe, agus na hacmhainní riaracháin le haghaidh athchóiriú foirgneamh.

Áireofar sa treochlár dá dtagraítear i bpointe ( b ) spriocanna náisiúnta do 2030, 2040 agus 2050 a mhéid a bhaineann leis an ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil, tomhaltas príomhúil agus deiridh fuinnimh an stoic náisiúnta foirgneamh agus a laghduithe oibríochtúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; amlínte sonracha d’fhoirgnimh chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach de bhun Airteagal 9(1), faoi na blianta 2040 agus faoi 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha; meastachán fianaise-bhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta a bhaineann leis […]

Áireofar sa treochlár dá dtagraítear i bpointe ( c ) spriocanna náisiúnta do 2030, 2040 agus 2050 a mhéid a bhaineann leis an ráta athchóirithe fuinnimh bliantúil, tomhaltas príomhúil agus deiridh fuinnimh an stoic náisiúnta foirgneamh agus a laghduithe oibríochtúla ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; amlínte sonracha d’fhoirgnimh chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach de bhun Airteagal 9(1), faoi na blianta 2040 agus faoi 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha; meastachán fianaise-bhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh , laghdú astaíochtaí agus na tairbhí ginearálta a bhaineann leis , bunaithe ar choincheapa ceantair nó comharsanachta atá comhtháite go háitiúil […]

Cúis

Ní mór cuspóir EPBD a ailíniú leis an aeráidneodracht faoi 2050.

Leasú 39

Airteagal 3.4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, go háirithe:

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna náisiúnta athchóirithe foirgneamh, go háirithe:

(a)

an leor leibhéal uaillmhéine na spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus an bhfuil an leibhéal uaillmhéine sin i gcomhréir leis na gealltanais náisiúnta maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a leagtar síos sna pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid;

(a)

an leor leibhéal uaillmhéine na spriocanna arna mbunú go náisiúnta agus an mbeidh stoc foirgneamh dícharbónaithe mar thoradh air faoi 2050 i gcomhréir leis na gealltanais náisiúnta maidir leis an aeráid agus leis an bhfuinneamh a leagtar síos sna pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid;

(b)

an leor na beartais agus na bearta chun na spriocanna a bunaíodh go náisiúnta a bhaint amach;

(b)

an leor na beartais agus na bearta chun na spriocanna a bunaíodh go náisiúnta a bhaint amach gan éifeacht gaibhnithe carbóin a bheith acu ar na foirgnimh athchóirithe ;

(c)

an leor leithdháileadh acmhainní buiséadacha agus riaracháin chun an plean a chur chun feidhme;

(c)

an leor leithdháileadh acmhainní buiséadacha agus riaracháin chun an plean a chur chun feidhme;

(d)

an raibh comhairliúchán poiblí de bhun mhír 3 cuimsitheach a dhóthain; agus

(d)

an raibh comhairliúchán poiblí de bhun mhír 3 cuimsitheach a dhóthain; agus

(e)

an gcomhlíonann na pleananna ceanglais mhír 1 agus an teimpléad in Iarscríbhinn II. Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 30, féadfaidh an Coimisiún moltaí tír-shonracha a eisiúint do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999. Maidir leis an gcéad dréachtphlean athchóirithe foirgneamh, féadfaidh an Coimisiún moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a eisiúint chuig na Ballstáit tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Bhallstát an plean sin a thíolacadh.

(e)

an gcomhlíonann na pleananna ceanglais mhír 1 agus an teimpléad in Iarscríbhinn II. Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 30, féadfaidh an Coimisiún moltaí tír-shonracha a eisiúint do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9(2) agus le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1999. Maidir leis an gcéad dréachtphlean athchóirithe foirgneamh, féadfaidh an Coimisiún moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a eisiúint chuig na Ballstáit tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Bhallstát an plean sin a thíolacadh.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 40

Airteagal 5.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocrú

Íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocrú

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socraítear íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgneamh nó aonaid foirgnimh d’fhonn ar a laghad na leibhéil is fearr ó thaobh costais de a bhaint amach. Déanfar an fheidhmíocht fuinnimh a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4. Déanfar na leibhéil chostais is fearr a ríomh i gcomhréir leis an gcreat modheolaíochta comparáideach dá dtagraítear in Airteagal 6.

1.   Déanfaidh na Ballstáit i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na bearta is gá chun a áirithiú go socraítear íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh foirgneamh nó aonaid foirgnimh i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc foirgneamh náisiúnta a bheith aeráidneodrach faoi 2050. Déanfar an fheidhmíocht fuinnimh a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 4. Déanfar an caighdeán astaíochtaí nialasacha a ríomh i gcomhréir leis an gcreat modheolaíochta comparáideach dá dtagraítear in Airteagal 6.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socraítear íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna d’fhoirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a ionadú nó a iarfheistiú, d’fhonn ar a laghad na leibhéil is fearr ó thaobh costais de a bhaint amach.

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go socraítear íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna d’fhoirgnimh atá mar chuid den imchlúdach foirgnimh agus a bhfuil tionchar mór acu ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh nuair a dhéantar iad a ionadú nó a iarfheistiú, d’fhonn caighdeán astaíochtaí nialasacha a bhaint amach.

Nuair a shocraítear ceanglais, féadfaidh na Ballstáit dealú a dhéanamh idir foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana agus idir catagóirí difriúla foirgneamh.

Leis na ceanglais sin, cuirfear san áireamh dálaí ginearálta aeráide laistigh, chun tionchar diúltach féideartha a sheachaint amhail aeráil uireasach, chomh maith le dálaí áitiúla agus feidhm ainmnithe agus aois an fhoirgnimh.

Déanfaidh Ballstáit a n-íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a athbhreithniú ag tráthanna rialta nach faide ná gach 5 bliana agus déanfaidh siad iad, más gá, a uasghrádú chun an dul chun cinn teicniúil in earnáil na foirgníochta, torthaí an ríomha is fearr costais a leagtar amach in Airteagal 6, agus beartais agus spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh a léiriú.

Nuair a shocraítear ceanglais, féadfaidh na Ballstáit dealú a dhéanamh idir foirgnimh nua agus foirgnimh atá ann cheana agus idir catagóirí difriúla foirgneamh. Leis na ceanglais sin, cuirfear san áireamh an gá atá le dálaí iomchuí cáilíochta comhshaoil laistigh, chomh maith le dálaí áitiúla agus feidhm ainmnithe agus aois an fhoirgnimh. Ba cheart na dálaí áitiúla sin a mheas de réir réigiúin, ní ar an leibhéal náisiúnta, mar is minic a bhíonn siad éagsúil ó bhardas amháin go bardas eile.

Cúis

Ní mór cuspóir EPBD a ailíniú leis an aeráidneodracht faoi 2050.

Leasú 41

Airteagal 6.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Na na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 a bhaineann le creat modheolaíochta comparáideach chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus do chodanna d’fhoirgnimh a ríomh. Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gcreat comparáideach modheolaíochta chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh i bhfoirgnimh atá ann cheana a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu agus le haghaidh codanna aonair d’fhoirgnimh. […]

Na na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 a bhaineann le creat modheolaíochta comparáideach chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus do chodanna d’fhoirgnimh a ríomh. Faoin 30 Meitheamh 2026, cuirfidh an Coimisiún modheolaíocht chun íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh a ríomh in ionad an chreata modheolaíochta chomparáidigh chun na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a ríomh i bhfoirgnimh atá ann cheana a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu agus le haghaidh codanna aonair d’fhoirgnimh d’fhonn foirgnimh atá saor nó nach mór saor ó astaíochtaí a bhaint amach […]

Cúis

Is uirlis thábhachtach í an mhodheolaíocht is fearr ó thaobh costais de chun measúnú a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl ag na Ballstáit.

Leasú 42

Airteagal 7

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Áiritheoidh na Ballstáit gur foirgnimh astaíochtaí nialasacha iad foirgnimh nua ó na dátaí seo a leanas amach, i gcomhréir le hIarscríbhinn III:

1.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha gur foirgnimh astaíochtaí nialasacha iad foirgnimh nua ó na dátaí seo a leanas amach, i gcomhréir le hIarscríbhinn III:

(a)

amhail ón 1 Eanáir 2027, foirgnimh nua atá áitithe nó faoi úinéireacht na n-údarás poiblí; agus

(a)

amhail ón 1 Eanáir 2027, foirgnimh nua atá áitithe nó faoi úinéireacht na n-údarás poiblí; agus

(b)

amhail ón 1 Eanáir 2030, gach foirgneamh nua;

(b)

amhail ón 1 Eanáir 2030, gach foirgneamh nua;

 

(c)

amhail ón 1 Eanáir 2030, i gcás foirgnimh atá ann cheana nuair a úsáidtear maoiniú ón Aontas chun athchóiriú a dhéanamh orthu.

Go dtí go gcuirfear na ceanglais faoin gcéad fhomhír i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach foirgneamh nua nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de ar a laghad agus go gcomhlíonann siad na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5.

Go dtí go gcuirfear na ceanglais faoin gcéad fhomhír i bhfeidhm, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go bhfuil gach foirgneamh nua nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de ar a laghad agus go gcomhlíonann siad na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an Acmhainneacht Téite Domhanda (GWP) saolré a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus a nochtadh trí teastas feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh:

2.   Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha go ndéanfar an Acmhainneacht Téite Domhanda (GWP) saolré a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus a nochtadh trí teastas feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh:

(a)

amhail ón 1 Eanáir 2027, i gcás gach foirgnimh nua a bhfuil achar urláir úsáideach is mó ná 2 000 méadar cearnach acu; agus

(a)

amhail ón 1 Eanáir 2027, i gcás gach foirgnimh nua a bhfuil achar urláir úsáideach is mó ná 2 000 méadar cearnach acu; agus

(b)

amhail ón 1 Eanáir 2030, do gach foirgneamh nua;

(b)

amhail ón 1 Eanáir 2030, i gcás gach foirgnimh nua.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn agus don nuálaíocht teicneolaíoch, chun uastairseacha feidhmíochta fuinnimh oiriúnaithe a leagan síos in Iarscríbhinn III maidir le foirgnimh athchóirithe agus chun na huastairseacha feidhmíochta fuinnimh a oiriúnú d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 chun an Treoir seo a fhorlíonadh chun Iarscríbhinn III a oiriúnú don dul chun cinn agus don nuálaíocht teicneolaíoch, chun caighdeáin tógála astaíochtaí nialasacha agus beagnach nialasach a leagan síos do na Ballstáit agus chun ceanglais a fhorbairt maidir le foinsí fuinnimh ísealcharbóin agus inathnuaite agus maidir le hAcmhainneacht Téite Domhanda saolré d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

4.    Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh, maidir le foirgnimh nua, ar na saincheisteanna maidir le dálaí sláintiúla aeráide laistigh, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas. Díreoidh na Ballstáit freisin ar aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh.

4.    I gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, tabharfaidh na Ballstáit aghaidh, maidir le foirgnimh nua, ar na saincheisteanna maidir le dálaí sláintiúla aeráide laistigh, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas. Díreoidh na Ballstáit freisin ar aistrithe carbóin a bhaineann le stóráil carbóin i bhfoirgnimh nó ar fhoirgnimh.

Airteagal 7a

Bauhaus Eorpach Nua

1.     Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go bhfaighidh forbróirí na dtionscadal athchóirithe foirgneamh faisnéis faoi na cuspóirí agus na deiseanna rannpháirtíochta faoin tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua, tráth a lorgófar comhairle, nuair a dhéanfar iarratas ar chistiú agus nuair a thabharfar ceadanna isteach.

2.     Tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ionstraimí tacaíochta tiomnaithe a fhorbairt le haghaidh foirgneamh tagartha i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Treoir seo, ar ionstraimí iad a bheidh saibhir ó thaobh an chultúir de, agus a bheidh inbhuanaithe agus cuimsitheach i gcomhréir le Bauhaus Eorpach Nua. D’fhéadfadh scéimeanna airgeadais le haghaidh athchóirithe a bheith cuimsithe sna hionstraimí ina léirítear an chaoi ar féidir foirgnimh aonair nó comharsanachtaí iomlána a chlaochlú ina bhfoirgnimh agus ina gceantair atá saor ó astaíochtaí ar bhealach inacmhainne, inbhuanaithe agus cuimsitheach ó thaobh na sochaí de, agus san am céanna an leas is fearr is féidir a bhaint as tairbhí níos leithne, i gcur chuige rannpháirteach ón mbun aníos.

3.     Cuirfidh na Ballstáit beartais náisiúnta thionsclaíocha i bhfeidhm chun codanna d’fhoirgnimh réamhdhéanta atá inoiriúnaithe go háitiúil a tháirgeadh ar mhórscála le haghaidh athchóiriú foirgneamh a sholáthraíonn feidhmeanna difriúla, lena n-áirítear aeistéitic, giniúint fuinnimh le haghaidh inslithe, agus bonneagair ghlasa, agus a chuireann bithéagsúlacht, bainistiú uisce, inrochtaineacht agus soghluaisteacht chun cinn.

Cúis

Ní mór cuspóir EPBD a ailíniú leis an aeráidneodracht faoi 2050.

Leasú 43

Airteagal 8

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Foirgnimh atá ann cheana

Foirgnimh atá ann cheana

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, an uair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgnimh, go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh, nó na páirte athchóirithe de, a nuashonrú chun na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 5 a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch.

Cuirfear na ceanglais sin i bhfeidhm ar an bhfoirgneamh athchóirithe nó ar an aonad foirgnimh ina iomláine. Sa bhreis air sin nó mar mhalairt air sin, féadfar ceanglais a chur i bhfeidhm maidir leis na codanna d’fhoirgnimh athchóirithe.

1.   Déanfaidh na Ballstáit , i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na bearta is gá chun a áirithiú, an uair a dhéantar athchóiriú mór ar fhoirgnimh, go ndéanfar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh, nó na páirte athchóirithe de, a nuashonrú chun na caighdeáin astaíochtaí nialasacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 5 a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch. Cuirfear na ceanglais sin i bhfeidhm maidir leis an bhfoirgneamh arna athchóiriú nó maidir leis an aonad foirgnimh ina iomláine. Sa bhreis air sin nó mar mhalairt air sin, féadfar ceanglais a chur i bhfeidhm maidir leis na codanna d’fhoirgnimh athchóirithe nó maidir le ceantair agus comharsanachtaí comhtháite .

2.   Ina theannta sin, i gcás ina ndéanfar cuid d’fhoirgnimh ar cuid d’imchlúdach foirgnimh é agus a mbeidh tionchar mór aige ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh, i gcás ina ndéanfar sin a iarfheistiú nó a ionadú, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a mhéid atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch .

2.   Ina theannta sin, i gcás ina ndéanfar cuid d’fhoirgnimh ar cuid d’imchlúdach foirgnimh é agus a mbeidh tionchar mór aige ar fheidhmíocht fuinnimh an imchlúdaigh foirgnimh, i gcás ina ndéanfar sin a iarfheistiú nó a ionadú, déanfaidh na Ballstáit , i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh sa mhéid a rannchuidíonn sin le foirgnimh atá saor nó nach mór saor ó astaíochtaí a bhaint amach go teicniúil agus go feidhmiúil .

3.   Maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, spreagfaidh na Ballstáit córais mhalartacha ardéifeachtúlachta, a mhéid is atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch. Tabharfaidh na Ballstáit aghaidh , maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, ar na saincheisteanna maidir le dálaí sláintiúla aeráide laistigh, oiriúnú don athrú aeráide , sábháilteacht ó dhóiteán , rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas.

3.   Maidir le foirgnimh a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, áiritheoidh na Ballstáit , i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go spreagfar córais mhalartacha ardéifeachtúlachta a úsáid , a mhéid is atá sé sin indéanta go teicniúil, go feidhmiúil agus go heacnamaíoch agus úsáid acmhainní atá inrochtana go háitiúil a chur chun cinn . I gcás athchóirithe móra foirgneamh, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh ar na saincheisteanna maidir le dálaí sláintiúla cáilíochta comhshaoil laistigh, maidir le hardchumas an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó trí bhonneagair ghlasa, aistrithe carbóin agus stóráil carbóin i measc nithe eile , caighdeán sábháilteachta dóiteáin a chomhlíonadh , rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach a mhaolú , substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a fheabhsú, agus leithdháileadh iomchuí beart dreasachta fioscaí agus ionstraimí cistiúcháin tiomnaithe á n-áirithiú san am céanna .

Cúis

Ní mór cuspóir EPBD a ailíniú leis an aeráidneodracht faoi 2050.

Leasú 44

Airteagal 9

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh

Íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na nithe seo a leanas:

(a)

go mbainfidh foirgnimh agus aonaid foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí amach, ar a dhéanaí

(a)

go mbainfidh foirgnimh agus aonaid foirgnimh atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí amach, ar a dhéanaí

 

(i)

tar éis an 1 Eanáir 2027, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh F; agus

 

(i)

tar éis an 1 Eanáir 2027, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh F;

 

(ii)

tar éis an 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E;

 

(b)

go mbainfidh foirgnimh neamhchónaithe agus aonaid foirgnimh amach, seachas iad siúd atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, ar a dhéanaí

(b)

go mbainfidh foirgnimh neamhchónaithe agus aonaid foirgnimh amach, seachas iad siúd atá faoi úinéireacht comhlachtaí poiblí, ar a dhéanaí

 

(i)

tar éis an 1 Eanáir 2027, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh F; agus

 

(i)

tar éis an 1 Eanáir 2027, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh F;

 

(ii)

tar éis an 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E;

 

(c)

go mbainfidh foirgnimh chónaithe agus aonaid foirgnimh amach, ar a dhéanaí

(c)

go mbainfidh foirgnimh chónaithe agus aonaid foirgnimh amach, ar a dhéanaí

 

(i)

tar éis an 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh F; agus

 

(i)

tar éis an 1 Eanáir 2030, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh F;

 

(ii)

tar éis an 1 Eanáir 2033, ar a laghad aicme feidhmíochta fuinnimh E;

 

 

Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gcuirfear síneadh leis an spriocdháta a leagtar síos sa mhír seo, má tá údar cuí leis agus má iarrtar sin ar an gCoimisiún Eorpach agus i gcomhréir leis an bplean náisiúnta athchóirithe foirgneamh dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (a), maidir le codanna sonracha dá stoc foirgneamh.

Ina dtreochlár dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(b), bunóidh na Ballstáit amlínte sonracha do na foirgnimh dá dtagraítear sa mhír seo chun aicmí feidhmíochta fuinnimh níos airde a bhaint amach faoin mbliain 2040 agus faoin mbliain 2050, i gcomhréir leis an mbealach chun an stoc náisiúnta foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

Ina dtreochlár dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointe (b), bunóidh na Ballstáit plean sonrach chun gach foirgneamh a athchóiriú chun caighdeán astaíochtaí nialasacha nó nach mór nialasach a bhaint amach agus chun a áirithiú go ndéanfar an stoc foirgneamh ina iomláine a dhícharbónú faoi 2050.

Féadfaidh na Ballstáit cur chuige ceantair nó comharsanachta atá comhtháite go háitiúil a chur i bhfeidhm freisin, lena n-áiritheofar go gcomhlíonfaidh gach foirgneamh ar an meán na caighdeáin astaíochtaí nialasacha. Maidir le foirgnimh a bhfuil fiúntas stairiúil ag baint leo, cinnfidh an Ballstát an dáta bunaithe ar mheasúnuithe teicniúla agus indéantachta. Ba cheart a n-astaíochtaí a chúiteamh trí fhoirgnimh atá dearfach ó thaobh na haeráide de a chur chun cinn agus trí tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite arna sholáthar ag an eangach a mhéadú.

2.     I dteannta na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh arna mbunú de bhun mhír 1, féadfaidh gach Ballstát íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a bhunú chun athchóiriú a dhéanamh ar na foirgnimh eile go léir atá ann cheana.

I gcás ina mbunófar iad, déanfar na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh a dhearadh i bhfianaise an treochláir náisiúnta agus spriocanna 2030, 2040 agus 2050 atá i bplean athchóirithe foirgneamh an Bhallstáit agus d'fhonn an stoc foirgnimh náisiúnta a athrú ina fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050.

2.    I gcomhréir le hAirteagal 15, tacóidh na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha le comhlíonadh na gcaighdeán astaíochtaí nialasacha trí gach ceann de na bearta seo a leanas:

 

(a)

bearta airgeadais iomchuí a chur ar fáil, go háirithe iad siúd atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha ísealioncaim nó meánioncaim , ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu nó atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) …/… [athmhúnlú EED] agus chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní margaidh ;

 

(b)

cúnamh teicniúil a chur ar fáil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail;

 

(c)

scéimeanna maoiniúcháin comhtháite a cheapadh;

 

(d)

bacainní neamheacnamaíocha a bhaint, lena n-áirítear dreasachtaí deighilte; agus

 

(e)

faireachán a dhéanamh ar na tionchair shóisialta, go háirithe ar na cinn is leochailí;

 

(f)

athrú cuspóra a dhéanamh ar fhoirgnimh nach n-úsáidtear agus iad a chur in oiriúint do riachtanais an lae inniu;

 

(g)

an creat a leagan síos lena n-áiritheofar go mbeidh lucht saothair leordhóthanach ann leis an leibhéal cuí scileanna chun gur féidir na riachtanais a chur chun feidhme go tráthúil.

3.    I gcomhréir le hAirteagal 15, tacóidh na Ballstáit le comhlíonadh na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh trí gach ceann de na bearta seo a leanas:

3.    I gcás ina ndéantar athchóiriú ar fhoirgneamh chun caighdeán astaíochtaí nialasacha a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna d’fhoirgnimh de bhun Airteagal 5 agus, i gcás mór-athchóirithe, na ceanglais astaíochtaí nialasacha d’fhoirgnimh atá ann cheana de bhun Airteagal 8.

(a)

bearta airgeadais iomchuí a chur ar fáil, go háirithe iad siúd atá dírithe ar theaghlaigh leochaileacha, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu nó atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE) …/… [athmhúnlú EED];

 

(b)

cúnamh teicniúil a chur ar fáil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail;

 

(c)

scéimeanna maoiniúcháin comhtháite a cheapadh;

 

(d)

bacainní neamheacnamaíocha a bhaint, lena n-áirítear dreasachtaí deighilte; agus

 

(e)

faireachán a dhéanamh ar na tionchair shóisialta, go háirithe ar na cinn is leochailí.

 

4.    I gcás ina ndéantar athchóiriú ar fhoirgneamh chun íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna d’fhoirgnimh de bhun Airteagal 5 agus, i gcás mór-athchóirithe, na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh atá ann cheana de bhun Airteagal 8.

4.    Féadfaidh na Ballstáit , i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, cinneadh a dhéanamh gan na caighdeáin astaíochtaí nialasacha dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí foirgneamh seo a leanas:

 

(a)

foirgnimh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó toisc go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil ag baint leo, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí leis na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh;

 

(b)

foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha.

 

(c)

foirgnimh shealadacha a bhfuil am úsáide 2 bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe ísealéilimh fuinnimh agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe atá in úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

 

(d)

foirgnimh chónaithe a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná 4 mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide na bliana atá teoranta agus le hídiú fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a úsáid don bhliain ar fad;

 

(e)

foirgnimh leithleacha a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos lú ná 50 m2 iontu.

Caithfear na foirgnimh thuasluaite a athchóiriú fós d’fhonn a lorg carbóin a laghdú a mhéid is féidir agus chun nach gcuirfear isteach ar bhaint amach chuspóir foriomlán na haeráidneodrachta.

5.    Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan na híoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm maidir leis na catagóirí foirgneamh seo a leanas:

5 .    I gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur chun feidhme na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a áirithiú, lena n-áirítear sásraí faireacháin iomchuí agus pionóis i gcomhréir le hAirteagal 31.

(a)

foirgnimh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de chomhshaol ainmnithe nó toisc go bhfuil fiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil ag baint leo, sa mhéid go dtiocfadh athrú nach bhféadfaí glacadh leis ar charachtar nó cuma na bhfoirgneamh dá gcloífí leis na caighdeáin feidhmíochta fuinnimh;

 

(b)

foirgnimh a úsáidtear mar ionaid adhartha agus le haghaidh gníomhaíochtaí reiligiúnacha.

 

(c)

foirgnimh shealadacha a bhfuil am úsáide dhá bhliain nó níos lú, suíomhanna tionsclaíochta, ceardlanna agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe ísealéilimh fuinnimh agus foirgnimh talmhaíochta neamhchónaithe atá in úsáid ag earnáil atá cumhdaithe faoi chomhaontas earnála náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh;

 

(d)

foirgnimh chónaithe a úsáidtear nó a bhfuil sé i gceist iad a úsáid ar feadh tréimhse níos lú ná ceithre mhí in aghaidh na bliana nó, de rogha air sin, ar feadh am úsáide na bliana atá teoranta agus le hídiú fuinnimh réamh-mheasta atá níos lú ná 25 % den mhéid a bheadh mar thoradh ar a úsáid don bhliain ar fad;

 

(e)

foirgnimh leithleacha a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán níos lú ná 50 m2 iontu.

 

6.     Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cur chun feidhme na n-íoschaighdeán feidhmíochta fuinnimh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a áirithiú, lena n-áirítear sásraí faireacháin iomchuí agus pionóis i gcomhréir le hAirteagal 31.

 

Cúis

Ní mór an t-íoscheanglas a bheith ar aon dul leis an aeráidneodracht chun gaibhniú carbóin a sheachaint.

Leasú 45

Airteagal 10

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Pas athchóirithe

Pas athchóirithe

1.   Faoin 31 Nollaig 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 29 lena bhforlíontar an Treoir seo trí chomhchreat Eorpach le haghaidh pasanna athchóirithe a bhunú, bunaithe ar na critéir a leagtar amach i mír 2.

1.   Faoin 31 Nollaig 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 29 lena bhforlíontar an Treoir seo trí chomhchreat Eorpach le haghaidh pasanna athchóirithe a bhunú, bunaithe ar na critéir a leagtar amach i mír 2.

2.   Faoin 31 Nollaig 2024, tabharfaidh Ballstáit scéim de phasanna athchóirithe isteach bunaithe ar an gcreat comhchoiteann arna bhunú i gcomhréir le mír 1.

2.   Faoin 31 Nollaig 2024, tabharfaidh Ballstáit scéim de phasanna athchóirithe isteach bunaithe ar an gcreat comhchoiteann arna bhunú i gcomhréir le mír 1.

3.   Comhlíonfaidh an pas athchóirithe na ceanglais seo a leanas:

3.   Comhlíonfaidh an pas athchóirithe na ceanglais seo a leanas:

(a)

déanfaidh saineolaí cáilithe deimhnithe é a eisiúint, tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair;

(a)

déanfaidh saineolaí cáilithe deimhnithe é a eisiúint, tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair;

(b)

is éard a bheidh ann treochlár athchóirithe lena léireofar sraith céimeanna athchóirithe a bheidh ag tógáil ar a chéile, agus a mbeidh sé de chuspóir leis an foirgneamh a chlaochlú ina fhoirgneamh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050 ar a dhéanaí ;

(b)

is éard a bheidh ann treochlár soiléir athchóirithe le haghaidh tionscadail athchóirithe aonuaire lena gceanglaítear roinnt foirgneamh ar leibhéal na comharsanachta nó ar leibhéal na cathrach chun cabhrú leis na húdaráis áitiúla an t-am is fearr a shainaithint chun gach comharsanacht a athchóiriú agus chun tús áite a thabhairt do chomharsanachtaí áirithe chun athchóiriú a dhéanamh orthu ar dtús ;

(c)

cuirfear in iúl ann na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo i dtéarmaí coigiltis fuinnimh, coigiltis ar bhillí fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla chomh maith le sochair níos leithne a bhaineann le sláinte agus compord agus acmhainn oiriúnaitheach fheabhsaithe an fhoirgnimh i leith an athraithe aeráide; agus

(c)

cuirfear in iúl ann na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo i dtéarmaí coigiltis fuinnimh, coigiltis ar bhillí fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla chomh maith le sochair níos leithne a bhaineann le sláinte agus compord agus acmhainn oiriúnaitheach fheabhsaithe an fhoirgnimh i leith an athraithe aeráide; agus

(d)

beidh faisnéis ann faoi thacaíocht airgeadais agus theicniúil a d’fhéadfadh a bheith ann.

(d)

beidh faisnéis ann faoi thacaíocht airgeadais agus theicniúil a d’fhéadfadh a bheith ann.

Cúis

D’fhéadfadh straitéisí athchóirithe neamhéifeachtúla agus gaibhniú carbóin a bheith mar thoradh ar athchóiriú céimneach.

Leasú 46

Airteagal 12

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Bonneagar le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe

Bonneagar le haghaidh soghluaisteacht inbhuanaithe

1.   Maidir le foirgnimh neamhchónaithe nua agus foirgnimh neamhchónaithe a bhfuil athchóirithe móra á ndéanamh ina leith, agus níos mó ná cúig spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit:

1.   Maidir le foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe nua agus foirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe a bhfuil athchóirithe móra á ndéanamh ina leith, agus níos mó ná cúig spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil

(a)

go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil;

(b)

go ndéanfar réamhcháblú a shuiteáil le haghaidh gach spáis páirceála chun gur féidir pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil ag céim níos déanaí; agus

(b)

go ndéanfar réamhcháblú a shuiteáil le haghaidh gach spáis páirceála chun gur féidir pointí athluchtaithe d’fheithiclí agus do rothair leictreacha a shuiteáil ag céim níos déanaí; agus

(c)

spás páirceála rothar amháin ar a laghad le haghaidh gach spáis páirceála cairr; i gcás ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh agus,

(c)

dhá spás páirceála rothar ar a laghad le haghaidh gach spáis páirceála cairr (agus an toimhde ann go bhfuil gach carr in úsáid ag beirt ar a laghad) ;

i gcás athchóirithe móra, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó bonneagar leictreach an charrchlóis. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú toise sa chaoi go mbeifear in ann líon na bpointí athluchtaithe a bhfuiltear ag súil leo a úsáid san am céanna. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), maidir le foirgnimh oifige nua agus foirgnimh oifige nua a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, a bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil i ngach dhá spás páirceála.

i gcás ina bhfuil an carrchlós agus an tsaoráid páirceála rothar taobh leis an bhfoirgneamh agus, i gcás athchóirithe móra, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós agus an tsaoráid páirceála rothar nó bonneagar leictreach an charrchlóis agus na saoráide páirceála rothar . Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú toise sa chaoi go mbeifear in ann líon na bpointí athluchtaithe a bhfuiltear ag súil leo a úsáid san am céanna. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (a), maidir le foirgnimh oifige nua agus foirgnimh oifige nua a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu, a bhfuil níos mó ná cúig spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil i ngach dhá spás páirceála.

2.   Maidir le gach foirgneamh neamh-chónaithe a bhfuil níos mó ná fiche spás páirceála aige, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil i ngach deich spás páirceála, agus ar a laghad spás páirceála rothair amháin do gach spás páirceála gluaisteáin, faoin 1 Eanáir 2027. I gcás foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag údaráis phoiblí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh réamhcháblú ann le haghaidh gach dara spás páirceála ar a laghad faoin 1 Eanáir 2033.

2.   Maidir le gach foirgneamh neamh-chónaithe a bhfuil níos mó ná 20 spás páirceála aige, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar pointe athluchtaithe amháin ar a laghad a shuiteáil i ngach 10 spás páirceála, agus ar a laghad spás páirceála rothair amháinn do gach spás páirceála gluaisteáin, faoin 1 Eanáir 2027. I gcás foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag údaráis phoiblí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh réamhcháblú ann le haghaidh gach dara spás páirceála ar a laghad faoin 1 Eanáir 2033.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le líon na spásanna páirceála rothair a choigeartú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 do chatagóirí sonracha foirgneamh neamhchónaithe i gcás ina mbíonn níos lú rothar á n-úsáid mar mhodh iompair de ghnáth.

3.   Féadfaidh na Ballstáit na ceanglais maidir le líon na spásanna páirceála rothair a choigeartú i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 do chatagóirí sonracha foirgneamh neamhchónaithe i gcás ina mbíonn níos lú rothar á n-úsáid mar mhodh iompair de ghnáth.

4.   Maidir le foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh ina leith, agus níos mó ná trí spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit:

4.   Maidir le foirgnimh chónaithe nua agus foirgnimh chónaithe a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh ina leith, agus níos mó ná trí spás páirceála iontu, áiritheoidh na Ballstáit:

(a)

réamhcháblú a shuiteáil i ngach spás páirceála ionas gur féidir, ag céim níos déanaí, pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha a shuiteáil;, agus

(a)

réamhcháblú a shuiteáil i ngach spás páirceála ionas gur féidir, ag céim níos déanaí, pointí athluchtaithe d’fheithiclí agus do rothair leictreacha a shuiteáil; agus

(b)

dhá spás páirceála rothar ar a laghad do gach teach.

(b)

dhá spás páirceála rothar ar a laghad do gach teach.

I gcás ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh agus, i gcás athchóirithe móra, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó bonneagar leictreach an charrchlóis. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú toise sa chaoi go mbeifear in ann na pointí athluchtaithe ar gach aon spás páirceála a úsáid san am céanna. Más rud é, i gcás athchóirithe móra, nach bhfuil sé indéanta dhá spás páirceála rothar a áirithiú le haghaidh gach teaghaise, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiread spásanna páirceála rothar is féidir ann de réir mar is iomchuí.

I gcás ina bhfuil an carrchlós taobh leis an bhfoirgneamh agus, i gcás athchóirithe móra, áirítear ar na bearta athchóirithe an carrchlós nó bonneagar leictreach an charrchlóis. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an réamhcháblú toise sa chaoi go mbeifear in ann na pointí athluchtaithe ar gach aon spás páirceála a úsáid san am céanna. Más rud é, i gcás athchóirithe móra, nach bhfuil sé indéanta dhá spás páirceála rothar a áirithiú le haghaidh gach teaghaise, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an oiread spásanna páirceála rothar is féidir ann de réir mar is iomchuí.

5.   Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1, 2 agus 4 a chur i bhfeidhm ar chatagóirí sonracha foirgnimh i gcás ina mbeadh bheadh an réamhcháblú ag brath ar chórais leithlisithe bheaga nó sna réigiúin is forimeallaí laistigh de bhrí Airteagal 349 CFAE, dá mbeadh fadhbanna nach beag ann i dtaobh oibriú an chórais áitiúil fuinnimh agus go mbeadh baol ann do chobhsaíocht san eangach áitiúil an mar thoradh air sin;

5.   Féadfaidh Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1, 2 agus 4 a chur i bhfeidhm ar chatagóirí sonracha foirgnimh i gcás ina mbeadh bheadh an réamhcháblú ag brath ar chórais leithlisithe bheaga nó sna réigiúin is forimeallaí laistigh de bhrí Airteagal 349 CFAE, dá mbeadh fadhbanna nach beag ann i dtaobh oibriú an chórais áitiúil fuinnimh agus go mbeadh baol ann do chobhsaíocht san eangach áitiúil an mar thoradh air sin.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pointí athluchtaithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 in ann don luchtú cliste agus, i gcás inarb iomchuí, luchtú déthreoch, agus go n-oibrítear iad bunaithe ar phrótacail agus caighdeáin chumarsáide neamhdhílsithe agus neamh-idirdhealaitheacha, ar bhealach idir-inoibritheach, agus i gcomhréir le haon chaighdeán dlí agus prótacal sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 19(6) agus Airteagal 19(7) de Rialachán (AE)…/… [AFIR].

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pointí athluchtaithe dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 4 in ann don luchtú cliste agus, i gcás inarb iomchuí, luchtú déthreoch, agus go n-oibrítear iad bunaithe ar phrótacail agus caighdeáin chumarsáide neamhdhílsithe agus neamh-idirdhealaitheacha, ar bhealach idir-inoibritheach, agus i gcomhréir le haon chaighdeán dlí agus prótacal sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 19(6) agus 19(7) de Rialachán (AE)…/… [AFIR].

7.   Maidir le pointí athluchtaithe nach bhfuil inrochtana go poiblí, spreagfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí na bpointí sin iad a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE)…/… [AFIR], i gcás inarb infheidhme.

7.   Maidir le pointí athluchtaithe nach bhfuil inrochtana go poiblí, spreagfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí na bpointí sin iad a oibriú i gcomhréir le hAirteagal 5(4) de Rialachán (AE)…/… [AFIR], i gcás inarb infheidhme.

8.    Déanfaidh na Ballstáit foráil le haghaidh beart d’fhonn pointí athluchtaithe a chur ar fáil i bhfoirgnimh nua chónaithe agus neamh-chónaithe agus foirgnimh chónaithe agus neamh-chónaithe atá ann faoi láthair agus bacainní rialála a bhaint, lena n-áirítear i ndáil le nósanna imeachta ceada agus formheasa, gan dochar do dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit. Bainfidh na Ballstáit bacainní ar shuiteáil pointí athluchtaithe i bhfoirgnimh chónaithe le spásanna páirceála, go háirithe an gá atá ann toiliú a fháil ón tiarna talún nó ó na comhúinéirí le haghaidh pointe athluchtaithe phríobháideach dá n-úsáid féin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúnamh teicniúil ar fáil d’úinéirí foirgnimh agus do thionóntaí ar mian leo pointí athluchtaithe a shuiteáil.

8.    Ba cheart do na Ballstáit tacú leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha bearta a chur chun feidhme d’fhonn pointí athluchtaithe a chur ar fáil i bhfoirgnimh nua chónaithe agus neamh-chónaithe agus foirgnimh chónaithe agus neamh-chónaithe atá ann faoi láthair agus bacainní rialála a bhaint, lena n-áirítear i ndáil le nósanna imeachta ceada agus formheasa, gan dochar do dhlí na maoine agus dlí na tionóntachta sna Ballstáit. Bainfidh na Ballstáit bacainní ar shuiteáil pointí athluchtaithe i bhfoirgnimh chónaithe le spásanna páirceála, go háirithe an gá atá ann toiliú a fháil ón tiarna talún nó ó na comhúinéirí le haghaidh pointe athluchtaithe phríobháideach dá n-úsáid féin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúnamh teicniúil ar fáil d’úinéirí foirgnimh agus do thionóntaí ar mian leo pointí athluchtaithe a shuiteáil.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit comhleanúnachas beartas le haghaidh foirgneamh, soghluaisteacht bhog agus ghlas agus pleanáil uirbeach.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit comhleanúnachas beartas le haghaidh foirgneamh, soghluaisteacht bhog agus ghlas agus pleanáil uirbeach.

10.     Ba cheart do na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha chun beartais úsáide talún agus pleanála uirbí atá saor ó astaíochtaí a cheapadh.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 47

Airteagal 13.4

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh mionsonraí na módúlachtaí teicniúla chun cur i bhfeidhm éifeachtach na scéime dá dtagraítear i mír 2 a chur chun feidhme i gcás foirgneamh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu do chórais téimh nó córais téimh agus aerála chomhcheangailte os cionn 290 kW.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh ina mbeidh mionsonraí na módúlachtaí teicniúla chun cur i bhfeidhm éifeachtach na scéime dá dtagraítear i mír 2 a chur chun feidhme i gcás foirgneamh neamhchónaithe a bhfuil aschur rátaithe éifeachtach acu do chórais téimh agus fuaraithe nó córais téimh agus aerála chomhcheangailte os cionn 290 kW.

Cúis

Is léir an chúis atá leis seo.

Leasú 48

Airteagal 14.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag úinéirí foirgnimh, ag tionóntaí agus ag bainisteoirí ar shonraí a gcóras foirgnimh. Arna iarraidh sin dóibh , cuirfear an rochtain nó na sonraí ar fáil do thríú páirtí. Éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 6. Chun críche na Treorach seo, áireofar i sonraí na gcóras foirgnimh ar a laghad na sonraí go léir a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh codanna d’fhoirgnimh, feidhmíocht fuinnimh na seirbhísí tógála, uathoibriú agus córais rialaithe foirgnimh, méadair agus pointí luchtaithe le haghaidh r-shoghluaisteacht.

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain dhíreach ag úinéirí foirgnimh, ag tionóntaí agus ag bainisteoirí ar shonraí na gcóras foirgnimh faoi seach . Arna iarraidh sin, agus cúiseanna tugtha, cuirfear an rochtain nó na sonraí ar fáil do thríú páirtí faoi réir chomhaontú na n-úinéirí . Éascóidh na Ballstáit idir-inoibritheacht iomlán seirbhísí agus malartú sonraí laistigh den Aontas i gcomhréir le mír 6. Chun críoch na Treorach seo, áireofar i sonraí na gcóras foirgnimh ar a laghad na sonraí go léir a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh codanna d’fhoirgnimh, feidhmíocht fuinnimh na seirbhísí tógála, uathoibriú agus córais rialaithe foirgnimh, méadair agus pointí luchtaithe le haghaidh r-shoghluaisteacht.

Cúis

Chun a áirithiú go mbeidh meas ar shonraí pearsanta agus chun go dtuigfear cén fáth ar gá do na tríú páirtithe rochtain a fháil ar shonraí chomh pearsanta sin.

Leasú 49

Airteagal 15

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Dreasachtaí airgeadais agus bacainní ar an margadh

Dreasachtaí airgeadais agus bacainní ar an margadh

1.    Soláthróidh na Ballstáit maoiniú iomchuí, bearta tacaíochta agus ionstraimí eile trína mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an margadh agus na hinfheistíochtaí is gá a spreagadh in athchóiriú fuinnimh i gcomhréir lena bplean athchóirithe foirgneamh náisiúnta agus d’fhonn a stoc foirgnimh a athrú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050.

1.    Faoin… [bliain amháin roimh spriocdháta trasuí na Treorach] ar a dhéanaí, molfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: (a) Rialachán AE lena gcuirfear ar chumas BEI rochtain a ráthú d’úinéirí tí uile an Aontais agus do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga a bhfuil Teastas Feidhmíochta Fuinnimh “F” agus “G” acu, ar chistiú costéifeachtach fadtéarmach chun a bhfoirgnimh a athchóiriú go domhain trí bhainc mhiondíola a chuireann Iasachtaí Athchóirithe AE aontaithe ar fáil a bhfuil ráthaíochtaí poiblí mar thaca leo agus atá nasctha le luach na bhfoirgneamh. (b) oiriúnuithe a chur i bhfeidhm ar rialacha AE maidir le Cistiú Struchtúrach lena gceanglaítear sciar i bhfad níos mó den chistiú a infheistiú in athchóiriú foirgneamh a bhfuil Teastas Feidhmíochta Fuinnimh “F” agus “G” acu.

2 .   Déanfaidh na Ballstáit bearta rialála iomchuí chun deireadh a chur le bacainní neamheacnamaíocha ar athchóiriú foirgneamh. Maidir le foirgnimh a bhfuil níos mó ná aonad foirgnimh amháin iontu, féadfar a áireamh ar na bearta sin ceanglais aontoilíochta a bhaint i struchtúir chomhúinéireachta, nó a cheadú do struchtúir chomhúinéireachta a bheith ina bhfaighteoirí díreacha de thacaíocht airgeadais.

2.     Déanfaidh na Ballstáit an maoiniú atá ann cheana a chuachadh agus cuirfidh siad bearta tacaíochta leordhóthanacha agus ionstraimí eile ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha trína mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar an margadh agus na hinfheistíochtaí is gá a spreagadh in athchóiriú fuinnimh i gcomhréir lena bplean athchóirithe foirgneamh náisiúnta agus d’fhonn a stoc foirgnimh a athrú ina bhfoirgnimh astaíochtaí nialasacha faoin mbliain 2050.

3 .   Déanfaidh na Ballstáit an úsáid is costéifeachtaí as maoiniú náisiúnta agus as maoiniú atá ar fáil agus atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, go háirithe an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hAeráide, cistí beartais comhtháthaithe, InvestEU, ioncaim cheantála ó thrádáil astaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE [CTA leasaithe] agus foinsí eile cistithe phoiblí.

3 .   Déanfaidh na Ballstáit bearta rialála iomchuí chun deireadh a chur le bacainní neamheacnamaíocha ar athchóiriú foirgneamh. Maidir le foirgnimh a bhfuil níos mó ná aonad foirgnimh amháin iontu, féadfar a áireamh ar na bearta sin ceanglais aontoilíochta a bhaint i struchtúir chomhúinéireachta, nó a cheadú do struchtúir chomhúinéireachta a bheith ina bhfaighteoirí díreacha de thacaíocht airgeadais.

4.    Chun tacú le cur ag gluaiseacht infheistíochtaí, déanfaidh na Ballstáit cur chun feidhme céimneach an mhaoinithe chumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chur chun cinn, amhail iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus morgáistí le haghaidh athchóiriú foirgneamh, conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, dreasachtaí fioscacha, scéimeanna ar an gcáin, scéimeanna ar an mbille, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain, cistí atá dírithe ar athchóirithe a bhfuil tairseach íosta shuntasach de choigiltis fuinnimh spriocdhírithe agus caighdeáin punainne morgáiste ag baint leo. Treoróidh siad infheistíochtaí i stoc foirgnimh poiblí atá fuinneamhéifeachtúil, i gcomhréir le treoir ó Eurostat maidir le Conarthaí um Fheidhmíocht Fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais.

4 .   Déanfaidh na Ballstáit agus an tAontas an úsáid is costéifeachtaí as maoiniú náisiúnta agus as maoiniú atá ar fáil agus atá bunaithe ar leibhéal an Aontais, go háirithe chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hAeráide, cistí beartais comhtháthaithe, InvestEU, ioncaim cheantála ó thrádáil astaíochtaí de bhun Threoir 2003/87/CE [CTA leasaithe] agus foinsí eile cistithe phoiblí a chuachadh . Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas nósanna imeachta a shimpliú chun maoiniú atá ann cheana ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach a chuachadh.

5 .   Éascóidh na Ballstáit comhiomlánú tionscadal chun rochtain infheisteoirí a chumasú chomh maith le réitigh phacáistithe do chliaint ionchasacha . Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh athchóirithe foirgneamh a thairiscint go forleathan agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe agus go mbeadh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile agus infheisteoirí faisnéis maidir le deiseanna a bheith rannpháirteach sa mhaoiniú maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh.

5 .   Chun tacú le cur ag gluaiseacht infheistíochtaí, déanfaidh na Ballstáit cur chun feidhme céimneach an mhaoinithe cumasúcháin agus uirlisí airgeadais a chur chun cinn, amhail iasachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus morgáistí le haghaidh athchóiriú foirgneamh, conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, dreasachtaí fioscacha, scéimeanna ar an gcáin, scéimeanna ar an mbille, cistí ráthaíochta, cistí atá dírithe ar athchóiriú domhain, cistí atá dírithe ar athchóirithe a bhfuil tairseach íosta shuntasach de choigiltis fuinnimh spriocdhírithe agus caighdeáin punainne morgáiste ag baint leo. Treoróidh siad infheistíochtaí i stoc foirgnimh poiblí atá fuinneamhéifeachtúil, i gcomhréir le treoir ó Eurostat maidir le Conarthaí um Fheidhmíocht Fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais rialtais.

6.    Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar saoráidí cúnaimh theicniúil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail, lena ndíreofar ar na gníomhaithe uile atá páirteach in athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear úinéirí baile agus gníomhaithe riaracháin, airgeadais agus eacnamaíocha, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide.

6.    Éascóidh na Ballstáit comhiomlánú tionscadal agus cuachadh maoinithe atá ann cheana chun na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chumasú tionscadail athchóirithe a chuachadh agus iad a dhéanamh tarraingteach d’infheisteoirí trí réitigh mhaoiniúcháin pacáistithe chun grúpa foirgneamh a athchóiriú . Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí airgeadais táirgí iasachtaithe éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh athchóirithe foirgneamh a thairiscint go forleathan agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go mbeidh siad infheicthe agus go mbeadh rochtain ag tomhaltóirí orthu. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh bainc agus institiúidí airgeadais eile agus infheisteoirí faisnéis maidir le deiseanna a bheith rannpháirteach sa mhaoiniú maidir le feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh.

7.    Cuirfidh na Ballstáit bearta agus maoiniú i bhfeidhm chun oideachas agus oiliúint a chur chun cinn chun a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach oibrithe ann a mbeidh an leibhéal iomchuí scileanna acu a chomhfhreagraíonn do na riachtanais in earnáil na foirgníochta.

7 .   Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar saoráidí cúnaimh theicniúil, lena n-áirítear trí ionaid ilfhreastail, lena ndíreofar ar na gníomhaithe uile atá páirteach in athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear úinéirí baile agus gníomhaithe riaracháin, airgeadais agus eacnamaíocha, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide.

8.    I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an Coimisiún cuidiú do Bhallstáit, arna iarraidh sin dóibh, chun cláir tacaíochta airgeadais a chur ar bun arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh , foirgnimh atá ann cheana go háirithe , trí thacaíocht a thabhairt do mhalartú dea-chleachtais idir na húdaráis nó comhlachtaí náisiúnta nó réigiúnacha freagracha.

8 .   Cuirfidh na Ballstáit bearta agus maoiniú i bhfeidhm chun oideachas agus oiliúint a chur chun cinn chun a áirithiú go bhfuil líon leordhóthanach oibrithe ann a mbeidh an leibhéal iomchuí scileanna acu a chomhfhreagraíonn do na riachtanais in earnáil na foirgníochta.

9.    Nascfaidh na Ballstáit a mbearta airgeadais le haghaidh feabhsúcháin feidhmíochta fuinnimh in athchóiriú foirgneamh leis an gcoigilt fuinnimh a bheidh mar sprioc nó a bhainfear amach de thoradh an athchóirithe sin, arna chinneadh i gcritéar amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

9 .   I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh an Coimisiún cuidiú do Bhallstáit, arna iarraidh sin dóibh, chun cláir tacaíochta airgeadais a chur ar bun arb é is aidhm dóibh caighdeáin astaíochtaí nialasacha nó nach mór nialasach a bhaint amach i bhfoirgnimh , go háirithe foirgnimh atá ann cheana, trí thacaíocht a thabhairt do mhalartú dea-chleachtais idir na húdaráis nó comhlachtaí náisiúnta nó réigiúnacha freagracha.

(a)

feidhmíocht fuinnimh an trealaimh nó an ábhair a úsáidfear leis an athchóiriú; sa chás sin, déanfaidh suiteálaí a bhfuil an leibhéal ábhartha deimhniúcháin nó cáilíochta aige an trealamh nó an t-ábhar a úsáidfear san athchóiriú a shuiteáil agus comhlíonfaidh sé na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh le haghaidh codanna d’fhoirgnimh;

 

(b)

luachanna caighdeánacha chun coigilt fuinnimh i bhfoirgnimh a ríomh;

 

(c)

an feabhas a baineadh amach mar gheall ar an athchóiriú trí theastais feidhmíochta fuinnimh a d’eiseofaí roimh agus i ndiaidh an athchóirithe a chur i gcomparáid lena chéile;

 

(d)

torthaí ó iniúchadh fuinnimh;

 

(e)

torthaí ó mhodh eile atá ábhartha, trédhearcach agus comhréireach ina léirítear an feabhas san fheidhmíocht fuinnimh.

 

10 .   Ón 1 Eanáir 2027 ar a dhéanaí, ní sholáthróidh na Ballstáit aon dreasacht airgeadais chun coirí a shuiteáil ar coirí iad a chumhachtaítear le breoslaí iontaise, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2027, i gcomhréir le hAirteagal 7(1)(h)(i) an tríú fleiscín de Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le pleananna straitéiseacha CBT.

10 .   Nascfaidh na Ballstáit a mbearta airgeadais le haghaidh astaíochtaí nialasacha in athchóiriú foirgneamh leis an laghdú astaíochtaí a bhainfear amach de thoradh an athchóirithe sin, arna chinneadh i gcritéar amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

 

(a)

feidhmíocht fuinnimh an trealaimh nó an ábhair a úsáidfear leis an athchóiriú; sa chás sin, déanfaidh suiteálaí a bhfuil an leibhéal ábhartha deimhniúcháin nó cáilíochta aige an trealamh nó an t-ábhar a úsáidfear san athchóiriú a shuiteáil agus comhlíonfaidh sé na ceanglais astaíochtaí nialasacha nó nach mór nialasach le haghaidh codanna d’fhoirgnimh;

 

(b)

luachanna caighdeánacha chun astaíochtaí nialasacha i bhfoirgnimh a ríomh;

 

(c)

an feabhas a baineadh amach mar gheall ar an athchóiriú trí theastais feidhmíochta fuinnimh a d’eiseofaí roimh agus i ndiaidh an athchóirithe a chur i gcomparáid lena chéile;

 

(d)

torthaí ó iniúchadh fuinnimh;

 

(e)

torthaí ó mhodh eile atá ábhartha, trédhearcach agus comhréireach ina léirítear an feabhas san fheidhmíocht fuinnimh.

11 .   Dreasóidh na Ballstáit cláir athchóirithe dhomhain agus cláir inmhéide lena dtugtar aghaidh ar líon mór foirgneamh agus arb é an toradh a bheidh orthu laghdú foriomlán de 30 % ar a laghad den éileamh ar fhuinneamh príomhúil lena mbaineann tacaíocht airgeadais, fhioscach, riaracháin agus theicniúil níos airde. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh athchóiriú domhain céimnithe a fhaigheann dreasachtaí airgeadais poiblí na céimeanna atá leagtha amach i bpas athchóirithe .

11.    Ón 1 Eanáir 2027 ar a dhéanaí, ní sholáthróidh na Ballstáit aon dreasacht airgeadais chun coirí a shuiteáil ar coirí iad a chumhachtaítear le breoslaí iontaise, cé is moite díobh siúd a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta, roimh 2027, i gcomhréir le hAirteagal 7(1), pointe (h)(i), an tríú fleiscín, de Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus le hAirteagal 73 de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le pleananna straitéiseacha CBT.

12 .   Leis na dreasachtaí airgeadais díreofar mar thosaíocht ar theaghlaigh leochaileacha, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus ar dhaoine atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE)…/… [athmhúnlú EED].

12.    Dreasóidh na Ballstáit cláir inmhéide a mbeidh sé d’aidhm acu foirgnimh astaíochtaí nialasacha a bhaint amach agus a mbeidh astaíochtaí nialasacha foriomlána mar thoradh orthu lena mbaineann tacaíocht airgeadais, fhioscach, riaracháin agus theicniúil níos airde. Ón 1 Eanáir 2027, ní chuirfidh na Ballstáit aon tacaíocht airgeadais, fhioscach, riaracháin ná theicniúil ar fáil d’athchóiriú domhain céimnithe.

13 .   Agus dreasachtaí airgeadais á soláthar d’úinéirí foirgneamh nó d’úinéirí aonad foirgnimh chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh nó ar aonaid foirgneamh ar cíos, áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh dreasachtaí airgeadais chun tairbhe na n-úinéirí agus na dtionóntaí araon, go háirithe trí thacaíocht cíosa a sholáthar nó trí uasteorainneacha a fhorchur ar mhéaduithe cíosa.

13.    Leis na dreasachtaí airgeadais díreofar mar thosaíocht ar theaghlaigh leochaileacha, ar dhaoine a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu agus ar dhaoine atá ag maireachtáil i dtithíocht shóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 22 de Threoir (AE)…/… [athmhúnlú EED].

 

14.    Agus dreasachtaí airgeadais á soláthar d’úinéirí foirgneamh nó d’úinéirí aonad foirgnimh chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh nó ar aonaid foirgneamh ar cíos, áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh dreasachtaí airgeadais chun tairbhe na n-úinéirí agus na dtionóntaí araon, go háirithe trí thacaíocht cíosa a sholáthar nó trí uasteorainneacha a fhorchur ar mhéaduithe cíosa.

 

15.     Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit maoiniú tiomnaithe imfhálaithe ar fáil d’athchóiriú éifeachtúlachta fuinnimh foirgneamh atá cosanta go hoifigiúil mar chuid de thimpeallacht ainmnithe nó mar gheall ar a bhfiúntas speisialta ailtireachta nó stairiúil.

Cúis

D’fhonn cur chun feidhme rathúil na treorach a bhaint amach, tá sé tábhachtach maoiniú leordhóthanach a chur ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha.

Leasú 50

Airteagal 16

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Teastais feidhmíochta fuinnimh

Teastais feidhmíochta fuinnimh

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun chóras le haghaidh deimhniúcháin d’fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun. Chun gur féidir le húinéirí nó tionóntaí an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh a fheidhmíocht fuinnimh a chur i gcomparáid agus a mheas, sa teastas feidhmíochta fuinnimh áireofar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a chuirfear in iúl trí tháscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomha in kWh/(m2.y), agus luachanna tagartha amhail íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ceanglais d’fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

1.   Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta is gá chun chóras le haghaidh deimhniúcháin d’fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur ar bun. Chun gur féidir le húinéirí nó tionóntaí an fhoirgnimh nó an aonaid foirgnimh a fheidhmíocht fuinnimh a chur i gcomparáid agus a mheas, sa teastas feidhmíochta fuinnimh áireofar feidhmíocht fuinnimh an fhoirgnimh a chuirfear in iúl trí tháscaire uimhriúil d’úsáid fuinnimh phríomha in kWh/(m2.y), agus luachanna tagartha amhail íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh, íoschaighdeáin feidhmíochta fuinnimh, ceanglais d’fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de agus d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha.

2.   Faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, comhlíonfaidh an teastas feidhmíochta fuinnimh an teimpléad in Iarscríbhinn V. Sonrófar ann aicme feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh ar scála dúnta agus úsáid á baint as litreacha ó A go G amháin. Comhfhreagróidh litir A d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) agus comhfhreagróidh an litir G do 15 % de na foirgnimh is measa feidhmíocht sa stoc náisiúnta foirgneamh tráth a thabharfar isteach an scála. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dáileadh cothrom bandaleithid de tháscairí feidhmíochta fuinnimh ag na haicmí atá fágtha (B go F) i measc na n-aicmí feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit sainaitheantas coiteann físeach le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar a gcríoch féin.

2.   Faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, comhlíonfaidh an teastas feidhmíochta fuinnimh an teimpléad in Iarscríbhinn V. Sonrófar ann aicme feidhmíochta fuinnimh an fhoirgnimh ar scála dúnta agus úsáid á baint as litreacha ó A go G amháin. Comhfhreagróidh litir A + d’fhoirgnimh astaíochtaí nialasacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), agus comhfhreagróidh an litir G do 15 % de na foirgnimh is measa feidhmíocht sa stoc náisiúnta foirgneamh tráth a thabharfar isteach an scála. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh dáileadh cothrom bandaleithid de tháscairí feidhmíochta fuinnimh ag na haicmí atá fágtha (B go F) i measc na n-aicmí feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh na Ballstáit sainaitheantas coiteann físeach le haghaidh deimhnithe feidhmíochta fuinnimh ar a gcríoch féin.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht, iontaofacht agus inacmhainneacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh siad go n-eiseoidh saineolaithe neamhspleácha deimhnithe feidhmíochta fuinnimh tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair.

3.   Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht, iontaofacht agus inacmhainneacht na ndeimhnithe feidhmíochta fuinnimh. Áiritheoidh siad go n-eiseoidh saineolaithe neamhspleácha deimhnithe feidhmíochta fuinnimh tar éis cuairt a thabhairt ar an láthair.

4.   Áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh moltaí maidir leis an bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla a laghdú i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh ar an dóigh is costéifeachtaí , ach amháin má tá an foirgneamh nó an t-aonad foirgnimh i gcomhréir leis an gcaighdeán ábhartha tógála astaíochtaí nialasacha cheana féin. Cuimseofar leis na moltaí sa teastas feidhmíochta fuinnimh na nithe seo a leanas:

4.   Áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh moltaí maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla a laghdú i bhfoirgneamh nó in aonad foirgnimh, ach amháin má tá an foirgneamh nó an t-aonad foirgnimh i gcomhréir leis an gcaighdeán ábhartha tógála astaíochtaí nialasacha cheana féin. Cuimseofar leis na moltaí sa teastas feidhmíochta fuinnimh na nithe seo a leanas:

(a)

bearta a cuireadh i gcrích maidir le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ar chóras teicniúil foirgnimh nó ar chórais theicniúla foirgnimh;

(a)

bearta a cuireadh i gcrích maidir le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ar chóras teicniúil foirgnimh nó ar chórais theicniúla foirgnimh;

(b)

bearta maidir le codanna aonair d’fhoirgnimh nach mbaineann le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ar aon chóras teicniúil foirgnimh nó córais theicniúla foirgnimh.

(b)

bearta maidir le codanna aonair d’fhoirgnimh nach mbaineann le hathchóiriú mór ar an imchlúdach foirgnimh nó ar aon chóras teicniúil foirgnimh nó córais theicniúla foirgnimh.

5.   Na moltaí a áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh, beidh siad indéanta go teicniúil maidir leis an bhfoirgneamh atá i gceist agus soláthrófar iontu meastachán maidir leis na coigiltis fuinnimh agus an laghdú sna hastaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla. Féadfaidh siad meastachán a sholáthar maidir leis an raon tréimhsí aisíoca nó na costais is tairbhe le linn shaolré an fhoirgnimh.

5.   Na moltaí a áireofar sa teastas feidhmíochta fuinnimh, beidh siad indéanta go teicniúil maidir leis an bhfoirgneamh atá i gceist agus soláthrófar iontu meastachán maidir leis na coigiltis fuinnimh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa oibríochtúla nialasacha nó nach mór nialasach a bhaint amach . Féadfaidh siad meastachán a sholáthar maidir leis an raon tréimhsí aisíoca nó na costais is tairbhe le linn shaolré an fhoirgnimh.

6.   Áireofar sna moltaí measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir an córas téimh nó aerchóirithe a oiriúnú chun go bhfeidhmeoidh sé ag socruithe teochta atá níos éifeachtúla, amhail astaírí ísealteochta le haghaidh córais téimh atá bunaithe ar uisce, lena n-áirítear an dearadh is gá ar an aschur cumhachta teirmí agus ar na ceanglais teochta/sreafa.

6.   Áireofar sna moltaí measúnú ar cé acu is féidir nó nach féidir an córas téimh nó aerchóirithe a oiriúnú chun go bhfeidhmeoidh sé ag socruithe teochta atá níos éifeachtúla, amhail astaírí ísealteochta le haghaidh córais téimh atá bunaithe ar uisce, lena n-áirítear an dearadh is gá ar an aschur cumhachta teirmí agus ar na ceanglais teochta/sreafa.

7.   Déanfar tagairt sa teastas feidhmíochta fuinnimh don áit inar féidir leis an úinéir nó an tionónta faisnéise níos mionsonraithe a fháil, lena n-áirítear maidir le costéifeachtúlacht na moltaí a rinneadh sa teastas feidhmíochta fuinnimh. Beidh an mheastóireacht ar chost-éifeachtúlacht bunaithe ar thacar gnáthdhálaí, amhail coigiltí fuinnimh a mheas agus bunphraghsanna fuinnimh agus réamhaisnéis ar chostas. Ina theannta sin, cuirfear ann faisnéis ar na bearta a dhéanfar chun na moltaí a chur chun feidhme . Féadfar faisnéis eile maidir le hábhair ábhartha a chur ar fáil don úinéir nó don tionónta, amhail iniúchtaí fuinnimh nó dreasachtaí airgeadais nó de chineál eile agus féidearthachtaí maoinithe, nó comhairle maidir leis an dóigh chun cur le hathléimneacht an fhoirgnimh in aghaidh an athraithe aeráide.

7.   Déanfar tagairt sa teastas feidhmíochta fuinnimh don áit inar féidir leis an úinéir nó an tionónta faisnéise níos mionsonraithe a fháil, lena n-áirítear maidir le costéifeachtúlacht na moltaí a rinneadh sa teastas feidhmíochta fuinnimh. Beidh an mheastóireacht ar chost-éifeachtúlacht bunaithe ar thacar gnáthdhálaí, amhail coigiltí fuinnimh a mheas agus bunphraghsanna fuinnimh agus réamhaisnéis ar chostas. Ina theannta sin, cuirfear ann faisnéis maidir le cur chun feidhme na moltaí . Féadfar faisnéis eile maidir le hábhair ábhartha a chur ar fáil don úinéir nó don tionónta, amhail iniúchtaí fuinnimh nó dreasachtaí airgeadais nó de chineál eile agus féidearthachtaí maoinithe, nó comhairle maidir leis an dóigh chun cur le hathléimneacht an fhoirgnimh in aghaidh an athraithe aeráide.

8.   Féadfar deimhniúchán aonad foirgnimh a bhunú ar na nithe seo a leanas:

8.   Féadfar deimhniúchán aonad foirgnimh a bhunú ar na nithe seo a leanas:

(a)

deimhniúchán coiteann ar an bhfoirgneamh iomlán;

(a)

deimhniúchán coiteann ar an bhfoirgneamh iomlán;

(b)

meastóireacht ar aonad foirgnimh ionadaíoch eile a bhfuil na hairíonna céanna ag baint leis agus atá ag an bhfoirgneamh i gceist ó thaobh cúrsaí fuinnimh de.

(b)

meastóireacht ar aonad foirgnimh ionadaíoch eile a bhfuil na hairíonna céanna ag baint leis agus atá ag an bhfoirgneamh i gceist ó thaobh cúrsaí fuinnimh de.

9.   Féadfaidh deimhniúchán do thithe aonteaghlaigh a bheith bunaithe ar mheastóireacht a dhéanamh ar fhoirgneamh eile ionadaíoch de dhearadh cosúil, de mhéid cosúil agus de cháilíocht feidhmíochta fuinnimh cosúil más féidir leis an saineolaí atá ag eisiúint an teastais feidhmíochta fuinnimh an chomhréireacht sin a áirithiú.

9.   Féadfaidh deimhniúchán do thithe aonteaghlaigh a bheith bunaithe ar mheastóireacht a dhéanamh ar fhoirgneamh eile ionadaíoch de dhearadh cosúil, de mhéid cosúil agus de cháilíocht feidhmíochta fuinnimh cosúil más féidir leis an saineolaí atá ag eisiúint an teastais feidhmíochta fuinnimh an chomhréireacht sin a áirithiú.

10.   Ní rachaidh bailíocht an teastais feidhmíochta fuinnimh thar thréimhse 5 bliana. I gcás foirgneamh lena ngabhann aicme feidhmíochta fuinnimh A, B, nó C arna bhunú de bhun mhír 2, áfach, ní bheidh an teastas feidhmíochta fuinnimh bailí ar feadh níos faide ná 10 mbliana.

10.   Ní rachaidh bailíocht an teastais feidhmíochta fuinnimh thar thréimhse 5 bliana. I gcás foirgneamh lena ngabhann aicme feidhmíochta fuinnimh A, B, nó C arna bhunú de bhun mhír 2, áfach, ní bheidh an teastas feidhmíochta fuinnimh bailí ar feadh níos faide ná 10 mbliana.

11.   Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun teastas feidhmíochta fuinnimh a nuashonrú i gcás nach ndéanfar ach eilimintí aonair a uasghrádú (bearta aonair nó bearta neamhspleácha). Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun teastas feidhmíochta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina gcuirfear bearta ar bun a sainaithníodh i bpas athchóirithe.

11.   Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun teastas feidhmíochta fuinnimh a nuashonrú i gcás nach ndéanfar ach eilimintí aonair a uasghrádú (bearta aonair nó bearta neamhspleácha). Cuirfidh na Ballstáit nósanna imeachta simplithe ar fáil chun teastas feidhmíochta fuinnimh a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina gcuirfear bearta ar bun a sainaithníodh i bpas athchóirithe.

Cúis

Ní mór an t-íoscheanglas a bheith ar aon dul leis an aeráidneodracht chun gaibhniú carbóin a sheachaint.

Leasú 51

Airteagal 17.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go n-eiseofar teastas feidhmíochta fuinnimh digiteach do na nithe seo a leanas:

1.   Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go n-eiseofar teastas feidhmíochta fuinnimh digiteach do na nithe seo a leanas:

(a)

foirgnimh nó aonaid foirgnimh arna dtógáil, a ndearnadh athchóiriú mór orthu, arna ndíol nó arna ligean ar cíos le tionónta nua , nó a ndéantar conradh cíosa a athnuachan ina leith ;

(a)

foirgnimh nó aonaid foirgnimh arna dtógáil ndearnadh athchóiriú mór orthu, arna ndíol nó arna ligean ar cíos le tionónta nua;

(b)

foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí.

(b)

foirgnimh atá faoi úinéireacht nó áitithe ag comhlachtaí poiblí.

Níl feidhm ag an gceanglas teastas feidhmíochta fuinnimh a eisiúint i gcás ina bhfuil teastas arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE nó an Treoir seo ar fáil agus bailí maidir leis an bhfoirgneamh nó leis an aonad foirgnimh lena mbaineann.

Níl feidhm ag an gceanglas teastas feidhmíochta fuinnimh a eisiúint i gcás ina bhfuil teastas arna eisiúint i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE nó an Treoir seo ar fáil agus bailí maidir leis an bhfoirgneamh nó leis an aonad foirgnimh lena mbaineann.

Cúis

I roinnt Ballstát, déantar conarthaí a athnuachan go hintuigthe. Chuirfeadh aon idirghabháil tús le díospóidí dlíthiúla.

Leasú 52

Airteagal 17.2

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I gcás ina dtógtar, ina ndíoltar nó ina ligtear ar cíos foirgnimh nó aonaid foirgnimh nó nuair a dhéantar conarthaí cíosa a athnuachan , ceanglóidh na Ballstáit go dtaispeánfar an teastas feidhmíochta fuinnimh don tionónta nó don cheannaitheoir ionchasach agus go dtabharfar ar láimh é don cheannaitheoir nó don tionónta.

I gcás ina dtógtar, ina ndíoltar nó ina ligtear ar cíos foirgnimh nó aonaid foirgnimh, ceanglóidh na Ballstáit go dtaispeánfar an teastas feidhmíochta fuinnimh don tionónta nua nó don cheannaitheoir ionchasach agus go dtabharfar ar láimh é don cheannaitheoir nó don tionónta nua .

Cúis

I roinnt Ballstát, déantar conarthaí a athnuachan go hintuigthe. Chuirfeadh aon idirghabháil tús le díospóidí dlíthiúla.

Leasú 53

Airteagal 19.1

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Bunachair sonraí le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh 1. Bunóidh gach Ballstát bunachar sonraí náisiúnta le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh lenar féidir sonraí a bhailiú maidir le feidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh agus maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán an stoic náisiúnta foirgneamh. Leis an mbunachar sonraí féadfar sonraí a bhailiú maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, iniúchtaí, an pas athchóirithe foirgneamh, an táscaire ullmhachta cliste agus ídiú fuinnimh ríofa nó méadraithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear.

Bunachair sonraí le haghaidh feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí foirgneamh 1. Bunóidh gach Ballstát bunachair sonraí náisiúnta a mhiondealófar de réir réigiún le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus na n-astaíochtaí a bhaineann leo, lenar féidir sonraí a bhailiú maidir le feidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh agus maidir le feidhmíocht fuinnimh fhoriomlán agus astaíochtaí an stoic náisiúnta foirgneamh. Leis an mbunachar sonraí féadfar sonraí a bhailiú maidir le deimhnithe feidhmíochta fuinnimh, iniúchtaí, an pas athchóirithe foirgneamh, an táscaire ullmhachta cliste agus ídiú fuinnimh ríofa nó méadraithe na bhfoirgneamh a chumhdaítear.

Cúis

Tá sé tábhachtach bunachair sonraí náisiúnta a bhunú le haghaidh feidhmíocht fuinnimh agus astaíochtaí foirgneamh, ach ba cheart iad a mhiondealú de réir réigiún.

Leasú 54

Airteagal 26.3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear comhairle agus oiliúint ar fáil dóibh siúd a bheidh freagrach as cur chun feidhme na Treorach seo. Leis an gcomhairle agus an oiliúint sin, díreofar ar an tábhacht a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú, agus fágfaidh sin gur féidir an comhcheangal is fearr a mheas idir feabhsaithe ar fheidhmíocht fuinnimh, laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus úsáid téimh agus fuaraithe ceantair an uair a bheidh limistéir thionsclaíocha nó chónaithe á bpleanáil, á gceapadh, á dtógáil agus á nathchóiriú. Le treoir agus oiliúint den sórt sin, is féidir aghaidh a thabhairt freisin ar fheabhsuithe struchtúracha, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, astaíochtaí truailleán aeir (lena n-áirítear ábhar cáithníneach mín) agus inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear comhairle agus oiliúint ar fáil do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus dóibh siúd a bheidh freagrach as cur chun feidhme na Treorach seo. Leis an gcomhairle agus an oiliúint sin, díreofar ar an tábhacht a bhaineann leis an éileamh ar fhuinneamh agus ar ábhair a laghdú, le feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú chun a áirithiú go mbeidh foirgnimh ag caighdeáin astaíochtaí nialasacha nó beagnach nialasach thar a saolré , agus fágfaidh sin gur féidir an comhcheangal is fearr a mheas idir laghdú ar an éileamh ar fhuinneamh agus ar ábhair, feabhsaithe ar fheidhmíocht fuinnimh, astaíochtaí gás ceaptha teasa nialasacha , úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus úsáid téimh agus fuaraithe ceantair an uair a bheidh limistéir thionsclaíocha nó chónaithe á bpleanáil, á gceapadh, á dtógáil agus á n-athchóiriú. Ba cheart beartais úsáide talún agus pleanála uirbí a áireamh i dtreoir agus oiliúint den sórt sin, agus is féidir aghaidh a thabhairt freisin ar fheabhsuithe struchtúracha, oiriúnú don athrú aeráide, sábháilteacht ó dhóiteán, rioscaí a bhaineann le dianghníomhaíocht sheismeach, substaintí guaiseacha lena n-áirítear aispeist a bhaint, astaíochtaí truailleán aeir (lena n-áirítear ábhar cáithníneach mín) agus inrochtaineacht do dhaoine atá faoi mhíchumas.

Cúis

Féinmhínitheach.

Leasú 55

Iarscríbhinn 3

Téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Comhlíonfaidh úsáid bhliantúil iomlán fuinnimh phríomhúil foirgnimh nua atá saor ó astaíochtaí na huastairsigh a shonraítear sa tábla thíos . […] Cumhdófar go hiomlán, ar bhonn glan bliantúil, úsáid fuinnimh phríomha iomlán foirgnimh nua nó foirgneamh athchóirithe atá saor ó astaíochtaí, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a ghintear ar an láthair agus a chomhlíonann critéir Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001 [arna leasú], fuinneamh inathnuaite arna sholáthar ó chomhphobal fuinnimh in-athnuaite de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/2001 [arna leasú], nó fuinneamh in-athnuaite agus teas dramhaíola ó chóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Threoir (AE)…/… [athmhúnlú EED]. Ní bheidh foirgneamh atá saor ó astaíochtaí ina chúis le haon astaíochtaí carbóin ar an láthair ó bhreoslaí iontaise. Ach amháin i gcás, mar gheall ar chineál an fhoirgnimh nó easpa rochtana ar phobail fuinnimh inathnuaite nó ar chórais téimh agus fuaraithe ceantair incháilithe, nach bhfuil sé indéanta, go teicniúil, na ceanglais faoin gcéad mhír a chomhlíonadh, féadfar an úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán a chumhdach freisin le fuinneamh ón eangach a chomhlíonann critéir arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta.

Comhlíonfaidh úsáid bhliantúil iomlán fuinnimh phríomhúil foirgnimh nua atá saor ó astaíochtaí modheolaíochtaí Airteagal 4-6 . Ba cheart iad sin a fhorbairt agus a chomhlánú le ceanglais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa chun a áirithiú go gcomhlíonfar sprioc aeráidneodrachta an Aontais. Cumhdófar go hiomlán, ar bhonn glan bliantúil, úsáid fuinnimh phríomha iomlán foirgnimh nua nó foirgneamh athchóirithe atá saor ó astaíochtaí, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh: fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó ó fhoinsí dramhfhuinnimh a ghintear ar an láthair nó a sholáthraítear tríd an eangach agus a chomhlíonann critéir Airteagal 7 de Threoir (AE) 2018/2001 [arna leasú], fuinneamh inathnuaite arna sholáthar ó chomhphobal fuinnimh in-athnuaite de réir bhrí Airteagal 22 de Threoir (AE) 2018/2001 [arna leasú], nó fuinneamh in-athnuaite agus teas dramhaíola ó chóras téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil i gcomhréir le hAirteagal 24(1) de Threoir (AE) …/… [athmhúnlú EED]. Ní bheidh foirgneamh atá saor ó astaíochtaí ina chúis le haon astaíochtaí carbóin ar an láthair ó bhreoslaí iontaise. Ach amháin i gcás, mar gheall ar chineál an fhoirgnimh nó easpa rochtana ar phobail fuinnimh inathnuaite nó ar chórais téimh agus fuaraithe ceantair incháilithe, nach bhfuil sé indéanta, go teicniúil, na ceanglais faoin gcéad mhír a chomhlíonadh, féadfar an úsáid fuinnimh phríomhúil iomlán a chumhdach freisin le fuinneamh ón eangach a chomhlíonann critéir arna mbunú ar an leibhéal náisiúnta.

Cúis

Féinmhínitheach.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

1.

á chur in iúl go bhfuil an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le FFF ina bhunchloch den phacáiste “Oiriúnach do 55” agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun an tionscnamh “rabharta athchóiriúcháin” a chur chun feidhme. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, a áirithiú go ndéanfar foráil san athbhreithniú sin don leibhéal ceart uaillmhéine agus go gcuirfear sásraí tacaíochta leordhóthanacha i bhfeidhm ann d’fhonn aeráidneodracht stoc foirgneamh an Aontais a bhaint amach faoi 2050;

2.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an tagairt atá sa togra do bheartais oiriúnúcháin; mar sin féin, measann sé gur cheart an t-oiriúnú a bheith leabaithe níos láidre sa togra agus a bheith mar chuid den phas athchóirithe;

3.

á chur in iúl gur geal leis an tagairt don chur chuige ciorclaíochta sa togra agus á chur i bhfáth gur gá tagairt chórasach a dhéanamh don chiorclaíocht sa téacs, agus carbón corpraithe á chur san áireamh freisin;

4.

den tuairim go bhfuil gá le cur chuige níos uaillmhianaí i leith an aistrithe fuinnimh má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra atá romhainn ó thaobh an aistrithe aeráide agus na slándála fuinnimh de, mar a leagtar amach go soiléir sa Phlean REPowerEU. Ba cheart a chur san áireamh leis sin, cúnamh teicniúil, oiliúint agus uas-sciliú oibrithe agus cumais na n-údarás áitiúil agus réigiúnach a neartú; ar an gcuma sin, measann sé gur cheart an coincheap maidir le “leordhóthanacht fuinnimh” a bheith lárnach sa togra agus neadaithe sa phas athchóirithe;

5.

á chur i bhfios gur deis é athchóiriú ollmhór foirgneamh chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus chun foirgnimh de theaghlaigh leochaileacha agus d’fhiontair leochaileacha a dhéanamh dearfach ó thaobh fuinnimh de; chun na críche sin, tathantaíonn sé go mbunófaí beartas cuimsitheach maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh, d’fhonn nach rachaidh an tionscnamh “rabharta athchóiriúcháin” in olcas na saincheisteanna a bhaineann leis an mbochtaineacht fuinnimh ar fud an Aontais. Ar an gcúis sin, tá sé ag iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a chur ar bun chun an bhochtaineacht fuinnimh a dhíothú. Tá sé réidh chun comhoibriú leis an nGrúpa Comhordúcháin nuabhunaithe um an mBochtaineacht Fuinnimh agus Tomhaltóirí Leochaileacha d’fhonn straitéis a cheapadh a bheidh oiriúnach don chur chun feidhme ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. I dtaca leis sin, ba cheart réitigh a thairiscint do dhaoine aosta chun maoiniú a dhéanamh ar na bearta cosanta aeráide is gá agus ní mór pinsinéirí arb ionann a dtithe agus a n-árachas seanaoise a chur san áireamh go práinneach;

6.

den tuairim gur gá smaointeoireacht saolré a áireamh sa sainmhíniú ar fhoirgnimh atá saor agus nach mór saor ó astaíochtaí d’fhonn stoc foirgneamh aeráidneodrach a chur chun cinn faoi 2050: ba cheart neodracht teicneolaíochta agus dearcadh iomlánaíoch ar chórais fuinnimh a urramú leis sin chun dálaí éagsúla ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal na mBallstát a léiriú. Ba cheart fuinneamh ó na heangacha leictreachais agus gáis a áireamh sa sainmhíniú freisin, a luaithe agus a tháirgtear é ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus ó fhuinneamh dramhaíola aisghabháilte. Ba cheart é a bheith i gcomhréir leis na bealaí chun dícharbónú a dhéanamh sna treoracha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (EED) agus fuinneamh in-athnuaite (RED) sa chóras fuinnimh i gcoitinne agus ba cheart é a bheith ag brath ar shaincheist ar leibhéal na tógála amháin;

7.

á mheas go bhféadfadh éifeacht an ghaibhnithe carbóin a bheith mar thoradh ar úsáid na nÍoschaighdeán Feidhmíochta Fuinnimh mura bhfuil siad uaillmhianach a dhóthain, rud a laghdódh uaillmhian an Rabharta Athchóiriúcháin agus a d’fhágfadh go mbeadh sé mí-oiriúnach go bunúsach chun spriocanna 2030 agus 2050 a bhaint amach, ar spriocanna iad atá ríthábhachtach, ní hamháin don aistriú aeráide ach chun slándáil fuinnimh a chothú freisin. Ba cheart ceanglais d’earnáil na foirgníochta agus soláthar fuinnimh in-athnuaite i ndáil le hastaíochtaí saolré gás ceaptha teasa a bheith ar áireamh sna hÍoschaighdeáin Feidhmíochta Fuinnimh freisin; á chur i bhfáth nach mbeidh na hÍoschaighdeáin Feidhmíochta Fuinnimh éifeachtach ach amháin má éiríonn leo ardleibhéal uaillmhéine a choinneáil agus má tá bearta ag gabháil leo a chabhraíonn le bacainní a shárú a chuir isteach ar iarrachtaí athchóirithe go dtí seo. Ní mór an cistiú agus an tacaíocht theicniúil is gá a chur ar fáil freisin chun cabhrú lena dtabhairt isteach;

8.

á aithint gur gá díriú ar na foirgnimh a bhfuil an fheidhmíocht fuinnimh is measa acu agus ar fhoirgnimh a bhfuil acmhainneacht mhór acu maidir le coigilteas fuinnimh; á chur i bhfáth gur gá go mbeadh fáil ar shaothar oilte agus ar fhiontraithe oilte, agus á aithint an tionchar atá ar luach na bhfoirgneamh agus ar mhargaí maoine, rud nár cheart a bheith ina chúis le costais mhéadaithe do thionóntaí; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí an deis dhlíthiúil do na Ballstáit síneadh ama a iarraidh ar na sprioc-amanna sonraithe má tá údar cuí leis sin de bharr coinníollacha eisceachtúla;

9.

á chur in iúl go dtarlaíonn “mór-athchóiriú” ar fhoirgnimh atá ann cheana, gan beann ar a méid, uair amháin gach 25 bliana i bhfoirgnimh chónaithe agus uair amháin gach 15 bliana i bhfoirgnimh neamhchónaithe; den tuairim, dá bhrí sin, go bhféadfadh cur chuige an athchóirithe chéimnigh bac a chur ar uaillmhian an Rabharta Athchóiriúcháin agus go bhféadfadh cineálacha cur chuige fritheacnamaíocha maidir le hathchóiriú foirgneamh a bheith mar thoradh air, rud ar cheart dul i ngleic leis le cur chuige córasach agus comhtháite seachas le sraith beart aonair. Ar an gcuma sin, tá sé á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit treoir a thabhairt maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh stairiúil a fheabhsú, agus obair Thionscnamh Bauhaus Eorpach a ghiaráil freisin. Ba cheart tacú le hathchóiriú na bhfoirgneamh sin trí scéimeanna cistiúcháin tiomnaithe agus ba cheart solúbthacht leordhóthanach a dheonú maidir leis an gcreat ama;

10.

á chur i bhfios go láidir go n-éilítear iarrachtaí suntasacha maidir le hathoiliúint agus tacaíocht d’inniúlachtaí áitiúla, san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon, leis an aistriú chuig cur chuige córasach ciorclach maidir le hathchóiriú foirgneamh;

11.

den tuairim gur cheart ról suntasach a bheith ag an soláthar poiblí maidir le cur chuige uaillmhianach a phríomhshruthú i ndáil le hathchóiriú foirgneamh. Chun na críche sin, á chur i bhfios go láidir gur cheart treoir ó na Ballstáit agus ón Aontas tacú leis na hathchóirithe ar fad atá ar conradh ag na húdaráis phoiblí agus gur cheart, a mhéid is féidir, na critéir soláthair phoiblí ghlasa agus chiorclacha a leanúint;

12.

á chur i bhfios nach féidir éifeachtúlacht fuinnimh an stoic foirgneamh a bhaint amach trí dhíriú ar fhoirgnimh aonair amháin agus nach mór don phleanáil uirbeach agus críche tacú leis na hidirghabhálacha aonair trí chur chuige córasach ceantair maidir le héifeachtúlacht fuinnimh cathracha;

13.

á athdhearbhú nach féidir cuspóirí an tionscnaimh “rabharta athchóiriúcháin” a bhaint amach gan acmhainní suntasacha agus tiomnaithe, i dtéarmaí imchlúdaigh airgeadais agus i dtéarmaí forbairt acmhainní agus tacaíocht theicniúil araon; á chur i dtreis gur deis í an Treoir maidir le FFF chun an úsáid a bhaintear as ionaid ilfhreastail a phríomhshruthú mar phríomhuirlis chun an treoir a chur chun feidhme;

14.

den tuairim go bhfuil riachtanais éagsúla ag réigiúin tuaithe agus, ar bhonn níos ginearálta, ag réigiúin ina bhfuil go leor tithe aonteaghlaigh agus ilteaghlaigh agus go n-éilíonn siad réitigh dhifriúla seachas struchtúir uirbeacha. Ní mór an méid sin a léiriú sa Treoir freisin;

15.

á chur in iúl go bhfuil luach suntasach cultúrtha agus siombalach ag foirgnimh stairiúla i gcathracha an Aontais; creideann sé gur gá a luach ailtireachta a chaomhnú agus gur gá teacht ar réitigh lena chinntiú go gcomhlíonann na foirgnimh sin ról eiseamláireach na bhfoirgneamh poiblí. Ar an gcuma sin, tá sé á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit treoir a thabhairt maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh stairiúil a fheabhsú agus scéimeanna cistiúcháin tiomnaithe a chruthú chun na críche sin.

An Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(1)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(1)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(1)  Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé aispeiste ar an láthair oibre (IO L 330, 16.12.2009, lch. 28).

(2)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(1)  Treoir 2009/148/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le hoibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le bheith faoi lé aispeiste ar an láthair oibre (IO L 330, 16.12.2009, lch. 28).

(2)  Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

(1)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(2)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(1)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231, 30.6.2021, lch. 60).

(2)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).


30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 375/112


Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — An Ionstraim Eorpach um Shonraí

(2022/C 375/10)

Rapóirtéir:

Anne KARJALAINEN (FI/PSE), Comhalta de Chomhairle Cathrach Kerava

Doiciméad tagartha:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí)

COM(2022) 68 final

I.   MOLTAÍ LE hAGHAIDH LEASUITHE

Leasú 1

Aithris 57

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I gcás éigeandálaí poiblí, amhail éigeandálaí sláinte poiblí, éigeandálaí mar thoradh ar dhíghrádú an chomhshaoil agus mórthubaistí nádúrtha, lena n-áirítear tubaistí atá níos measa de dheasca an athraithe aeráide, chomh maith le mórthubaistí mar gheall ar iompraíocht an duine, amhail mórtheagmhais chibearshlándála, is mó an leas poiblí a eascraíonn as úsáid na sonraí ná leasanna na sealbhóirí sonraí chun na sonraí atá ina seilbh a dhiúscairt gan srian. I gcás mar sin, ba cheart sealbhóirí sonraí a chur faoi oibleagáid na sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais arna iarraidh sin dóibh. Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta sna Ballstáit nó nósanna imeachta na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha a chinntear éigeandáil phoiblí a bheith ann .

I gcás éigeandálaí poiblí, amhail éigeandálaí sláinte poiblí, éigeandálaí mar thoradh ar dhíghrádú an chomhshaoil agus mórthubaistí nádúrtha, lena n-áirítear tubaistí atá níos measa de dheasca an athraithe aeráide, chomh maith le mórthubaistí mar gheall ar iompraíocht an duine, amhail mórtheagmhais chibearshlándála, is mó an leas poiblí a eascraíonn as úsáid na sonraí ná leasanna na sealbhóirí sonraí chun na sonraí atá ina seilbh a dhiúscairt gan srian. I gcás mar sin, ba cheart sealbhóirí sonraí a chur faoi oibleagáid na sonraí a chur ar fáil do chomhlachtaí de chuid na hearnála poiblí nó d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais arna iarraidh sin dóibh. Cinneann Ballstáit AE/LEE éigeandáil phoiblí a bheith ann go comhpháirteach agus, go sonrach, is sna Ballstáit a dhéantar an cinneadh sin, rud a fhágann, i gcás iarraidh ar shonraí, go gcinntear an éigeandáil i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuil na sonraí á n-iarraidh ag a údarás poiblí .

Cúis

Tá sainmhínithe tábhachtach chun a áirithiú go labhraímid faoi rudaí agus go dtuigimid ar an gcaoi chéanna iad. Baineann tábhacht ar leith le beithsine éigeandála a chinneadh ós rud é go gcaithfidh gnólachtaí sonraí a chur ar fáil saor in aisce i gcás éigeandála.

Leasú 2

Aithris nua le cur isteach i ndiaidh Aithris 61

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(nua) Chun críocha an Rialacháin seo, cuirfear san áireamh rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla agus an dlí náisiúnta atá ann mar thoradh air sin.

Cúis

Ní mór an Rialachán a bheith ag teacht le cuspóirí phrionsabal na rochtana poiblí agus le leasanna atá faoi chosaint rúndachta.

Leasú 3

Airteagal 2(10)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

ciallaíonn “éigeandáil phoiblí” staid eisceachtúil a imríonn tionchar diúltach ar dhaonra an Aontais, Ballstáit nó cuid de, agus lena bhfuil riosca go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha marthanacha aici ar dhálaí maireachtála nó ar chobhsaíocht eacnamaíoch, nó ar dhíghrádú substaintiúil sócmhainní eacnamaíocha san Aontas nó sa Bhallstát nó sna Ballstáit ábhartha;

ciallaíonn “éigeandáil phoiblí” staid eisceachtúil a imríonn tionchar diúltach ar dhaonra an Aontais, Ballstáit nó cuid de, agus lena bhfuil riosca go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha marthanacha aici ar dhálaí maireachtála nó ar chobhsaíocht eacnamaíoch, nó ar dhíghrádú substaintiúil sócmhainní eacnamaíocha san Aontas nó sa Bhallstát nó sna Ballstáit ábhartha. Cinneann Ballstáit AE/LEE éigeandáil phoiblí a bheith ann go comhpháirteach agus, go sonrach, is sna Ballstáit a dhéantar an cinneadh sin, d’fhonn, i gcás iarraidh ar shonraí, an éigeandáil a chinneadh i gcomhréir le dlí an Bhallstáit a bhfuil na sonraí á n-iarraidh ag a údarás poiblí ;

Cúis

Tá sainmhínithe tábhachtach chun a áirithiú go labhraímid faoi rudaí agus go dtuigimid ar an gcaoi chéanna iad. Baineann tábhacht ar leith le beithsine éigeandála a chinneadh ós rud é go gcaithfidh gnólachtaí sonraí a chur ar fáil saor in aisce i gcás éigeandála.

Leasú 4

Airteagal 2

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(21)

(nua) ciallaíonn “seirbhísí leasa ghinearálta” seirbhísí arna n-aicmiú ag údaráis Bhallstáit mar sheirbhísí a bhfuil leas ginearálta leo agus atá faoi réir oibleagáidí sonracha seirbhíse poiblí.

Cúis

Ba cheart forálacha a chur san áireamh sa Rialachán maidir leis an oibleagáid sonraí a chomhroinnt, roimh éigeandáil, ar mhaithe le leas an phobail.

Leasú 5

Airteagal 14(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le fiontair bheaga agus micrifhiontair mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE.

Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le fiontair bheaga agus micrifhiontair mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE , ach amháin má bhaineann na sonraí atá le comhroinnt leis an leibhéal áitiúil agus má tá siad le cur ar aghaidh chuig na hinstitúidí áitiúla poiblí nó le soláthar chun seirbhís lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a chur ar fáil i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta cur chun feidhme.

Cúis

Ba cheart comhroinnt sonraí i measc gníomhaithe in éiceachórais áitiúla a éascú, beag beann ar mhéid an eintitis phríobháidigh lena mbaineann agus i gcásanna ina gcuirtear seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar fáil.

Leasú 6

Airteagal 15, pointe (c)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(3)

(nua) tagann an fhaisnéis a iarrtar faoi sheirbhísí leasa ghinearálta, nó seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta arna gcur ar fáil i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais agus gach dlí is infheidhme ar an leibhéal (bardasach) áitiúil.

Cúis

Léiríodh, trí shamplaí dea-chleachtais, gur féidir le comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí cur le héiceachórais fholláine áitiúla. Tá na comhpháirtíochtaí sin mar bhunús freisin le roinnt mhaith seirbhísí i gcathracha cliste agus comhphobail chliste, amhail an tsoghluaisteacht chliste. I bhfianaise na deise atá ann feabhas a chur ar shaol na saoránach ar mhórscála, ba cheart glacadh le comhroinnt sonraí chun na gcríoch sin mar ghnáthrud.

Leasú 7

Airteagal 17(1), pointe (a)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

a)

na sonraí atá ag teastáil a shonrú;

a)

na sonraí atá ag teastáil a shonrú, i gcomhréir le híoscheanglas sonraí an Choimisiúin maidir le hiarrataí ar fhaisnéis ;

Cúis

Ní mór an t-íoscheanglas sonraí maidir le hiarrataí ar fhaisnéis laistigh den Eoraip a shonrú. Rachaidh caighdeánú iarrataí ar shonraí chun tairbhe do ghnólachtaí chomh maith.

Leasú 8

Airteagal 17(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

(a)

cuirfear í in iúl i dteanga shoiléir bheacht shimplí a bheidh intuigthe don sealbhóir sonraí;

(a)

cuirfear í in iúl i dteanga shoiléir bheacht shimplí a bheidh intuigthe don sealbhóir sonraí agus, i gcás ina n-iarrfaidh sealbhóir sonraí i mBallstát AE/LEE eile sonraí, déanfaidh sé amhlaidh i dteanga Bhallstát AE/LEE ina bhfuil an sealbhóir sonraí bunaithe ;

Cúis

Ba cheart forálacha soiléire a leagan síos le haghaidh iarrataí trasteorann ar fhaisnéis, lena n-áirítear an teanga ina bhfuil iarrataí ar fhaisnéis le déanamh.

Leasú 9

Airteagal 17(2)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

f)

cuirfear í ar fáil go poiblí ar líne gan moill mhíchuí.

 

Cúis

Ba cheart Airteagal 17(2), pointe (f), a bhaint den Ionstraim um Shonraí. D’fhéadfadh riosca slándála eascairt as clár poiblí a choimeád le haghaidh cásanna éigeandála agus d’fhéadfadh sé obair riaracháin a mhéadú.

Leasú 10

Airteagal 18

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

1.   Sealbhóir sonraí a fhaigheann iarraidh ar rochtain ar shonraí faoin gCaibidil seo, cuirfidh sé na sonraí ar fáil don údarás poiblí iarrthach nó d’institiúid, do ghníomhaireacht nó do chomhlacht de chuid an Aontais gan moill mhíchuí.

1.   Sealbhóir sonraí a fhaigheann iarraidh ar shonraí faoin gCaibidil seo, cuirfidh sé na sonraí ar fáil don údarás poiblí iarrthach nó d’institiúid, do ghníomhaireacht nó do chomhlacht de chuid an Aontais gan moill mhíchuí , ach in aon chás tráth nach déanaí ná 5 lá oibre tar éis an iarraidh ar fhaisnéis a fháil .

2.   Gan dochar do riachtanais shonracha maidir le hinfhaighteacht sonraí a shainítear sa reachtaíocht earnálach, féadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú do mhodhnú nó modhnú a iarraidh laistigh de 5 lá oibre tar éis dó iarraidh a fháil ar na sonraí is gá chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus laistigh de 15 lá oibre i gcásanna eile ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann, ar cheachtar de na forais seo a leanas:

2.   Gan dochar do riachtanais shonracha maidir le hinfhaighteacht sonraí a shainítear sa reachtaíocht earnálach, féadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú do mhodhnú nó modhnú a iarraidh laistigh de 5 lá oibre tar éis dó iarraidh a fháil ar na sonraí is gá chun freagairt d’éigeandáil phoiblí agus laistigh de 15 lá oibre i gcásanna eile ina bhfuil riachtanas eisceachtúil ann, ar cheachtar de na forais seo a leanas:

(a)

níl na sonraí ar fáil;

(b)

ní chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) agus (2).

(a)

níl na sonraí ar fáil;

(b)

ní chomhlíonann an iarraidh na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 17(1) agus (2).

3.   I gcás iarraidh ar shonraí atá riachtanach chun freagairt d’éigeandáil phoiblí, féadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg freisin más rud é gur chuir an sealbhóir sonraí na sonraí sin a iarradh ar fáil cheana féin mar fhreagra ar iarraidh a cuireadh isteach roimhe sin chun na críche céanna ó údarás poiblí eile nó ó ghníomhaireacht nó comhlacht eile de chuid institiúidí an Aontais agus murar tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi scriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1), pointe (c).

3.   I gcás iarraidh ar shonraí atá riachtanach chun freagairt d’éigeandáil phoiblí, féadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg freisin más rud é gur chuir an sealbhóir sonraí na sonraí sin a iarradh ar fáil cheana féin mar fhreagra ar iarraidh a cuireadh isteach roimhe sin chun na críche céanna ó údarás poiblí eile nó ó ghníomhaireacht nó comhlacht eile de chuid institiúidí an Aontais agus murar tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi scriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1), pointe (c).

4.   Má chinneann an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg i gcomhréir le mír 3, léireoidh sé céannacht an údaráis phoiblí nó céannacht na hinstitiúide, na gníomhaireachta nó an chomhlachta de chuid an Aontais a chuir iarraidh isteach chun na críche céanna.

4.   Má chinneann an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg i gcomhréir le mír 3, léireoidh sé céannacht an údaráis phoiblí nó céannacht na hinstitiúide, na gníomhaireachta nó an chomhlachta de chuid an Aontais a chuir iarraidh isteach chun na críche céanna.

5.   I gcás inar gá sonraí pearsanta a nochtadh chun an iarraidh maidir le sonraí a chur ar fáil d’údarás poiblí nó d’institiúid, do ghníomhaireacht nó do chomhlacht de chuid an Aontais a chomhlíonadh, déanfaidh an sealbhóir sonraí iarrachtaí réasúnta chun na sonraí a bhréagainmniú, a mhéid is féidir an iarraidh a chomhlíonadh le sonraí bréagainmnithe.

5.   I gcás inar gá sonraí pearsanta a nochtadh chun an iarraidh maidir le sonraí a chur ar fáil d’údarás poiblí nó d’institiúid, do ghníomhaireacht nó do chomhlacht de chuid an Aontais a chomhlíonadh, déanfaidh an sealbhóir sonraí iarrachtaí réasúnta chun na sonraí a bhréagainmniú, a mhéid is féidir an iarraidh a chomhlíonadh le sonraí bréagainmnithe.

6.   I gcás inar mian leis an údarás poiblí nó leis an institiúid, leis an ngníomhaireacht nó leis an gcomhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí arna n-iarraidh a sholáthar, nó modhnú ar an iarraidh a lorg, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 31.

6.   I gcás inar mian leis an údarás poiblí nó leis an institiúid, leis an ngníomhaireacht nó leis an gcomhlacht de chuid an Aontais agóid a dhéanamh i gcoinne dhiúltú sealbhóra sonraí na sonraí arna n-iarraidh a sholáthar, nó modhnú ar an iarraidh a lorg, nó i gcás inar mian leis an sealbhóir sonraí agóid a dhéanamh i gcoinne na hiarrata, cuirfear an t-ábhar faoi bhráid an údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 31.

 

7.     (nua) Soláthróidh an sealbhóir sonraí na sonraí i bhfoirm is féidir leis an bhfaighteoir a thuiscint agus is féidir a léamh trí bhogearraí cineálacha a úsáid agus, i gcás inarb infheidhme, i bhformáid oscailte mar atá san áireamh sna rialacha maidir le hidir-inoibritheacht theicniúil i gcatalóg na gcaighdeán atá ann cheana, faoi reachtaíocht reatha an Aontais nó faoi reachtaíocht gach Bhallstát AE nó Bhallstát LEE.

Cúis

Ba cheart forálacha soiléire a bheith sa Rialachán maidir le teorainneacha ama faoi nach mór sonraí a chur ar fáil, á chur san áireamh an ceart atá ag an sealbhóir sonraí iarraidh a dhiúltú nó a iarraidh go ndéanfar í a mhodhnú.

Ní foláir do na páirtithe leasmhara éagsúla a bheith in ann na sonraí a tharchuirtear i gcás éigeandála a léamh agus a úsáid trí chláir bogearraí agus córais a úsáidtear go coitianta. Ba cheart neodracht theicneolaíoch a áirithiú, agus idir-inoibritheacht úsáid sonraí á chur san áireamh.

Leasú 11

Airteagal 18(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

I gcás iarraidh ar shonraí atá riachtanach chun freagairt d’éigeandáil phoiblí, féadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg freisin más rud é gur chuir an sealbhóir sonraí na sonraí sin a iarradh ar fáil cheana féin mar fhreagra ar iarraidh a cuireadh isteach roimhe sin chun na críche céanna ó údarás poiblí eile nó ó ghníomhaireacht nó comhlacht eile de chuid institiúidí an Aontais agus murar tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi scriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1), pointe (c).

I gcás iarraidh ar shonraí atá riachtanach chun freagairt d’éigeandáil phoiblí, féadfaidh an sealbhóir sonraí diúltú don iarraidh nó modhnú ar an iarraidh a lorg freisin más rud é gur chuir an sealbhóir sonraí na sonraí ceannanna céanna sin a iarradh ar fáil cheana féin mar fhreagra ar iarraidh a cuireadh isteach roimhe sin chun na críche céanna ó údarás poiblí eile nó ó ghníomhaireacht nó comhlacht eile de chuid institiúidí an Aontais agus murar tugadh fógra don sealbhóir sonraí faoi scriosadh na sonraí de bhun Airteagal 19(1), pointe (c).

Cúis

Ba cheart é a bheith lánsoiléir gur annamh a bhíonn iarrataí ar shonraí ó ghníomhaithe éagsúla na hearnála poiblí mar an gcéanna agus go dtéann an fhaisnéis a fhaightear as dáta go luath.

Leasú 12

Airteagal nua le cur isteach i ndiaidh Airteagal 19

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(Ceannteideal nua) Próiseáil sonraí agus rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla

(nua) An oibleagáid atá faoi dhlí náisiúnta Ballstáit doiciméid oifigiúla de chuid údaráis a nochtadh nó gan iad a nochtadh de bhun forálacha náisiúnta rúndachta, beidh feidhm aici sin maidir le hiarrataí ar shonraí agus sonraí faoin Rialachán seo. Is é is aidhm dó sin prionsabal na rochtana poiblí ar dhoiciméid oifigiúla a chur i gcomhréir leis na bearta a ghlactar faoin Rialachán seo.

Cúis

Faoin dlí náisiúnta, is féidir faisnéis nó doiciméid a chuirtear ar aghaidh chuig údarás a chur ar fáil don phobal i gcomhréir le prionsabal na rochtana poiblí. Sna cásanna sin, tá doiciméid an údaráis faoi réir na rialacha náisiúnta rúndachta, lena n-áirítear an ceann maidir le prionsabal na rúndachta tráchtála.

Leasú 13

Airteagal 20

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

3.     (nua)

(a)

I gcás inar gnóthas é an sealbhóir sonraí a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún  (*1) , ní bheidh an cúiteamh as na sonraí a chur ar fáil de bhun Airteagal 15 mar chuid den chúiteamh as na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(b)

I gcás inar gnóthas é an sealbhóir sonraí a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta ar bhonn cinneadh ar leith de bhun na Teachtaireachta ón gCoimisiún maidir le Rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le cúiteamh arna dheonú chun seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthar (2012/C 8/02), ní mór an cúiteamh as na sonraí a chur ar fáil de bhun Airteagal 15 a chur san áireamh i ríomh an chúitimh as na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta arna soláthar ag an sealbhóir sonraí.

Cúis

Ba cheart a shonrú sa Rialachán na rialacha maidir le ríomh an chúitimh le haghaidh gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta cheana féin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais nó leis an reachtaíocht náisiúnta cur chun feidhme.

Leasú 14

Airteagal 31(1)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú . Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana.

Ainmneoidh gach Ballstát údarás amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, agus as treoirlínte maidir le dea-chleachtais, scileanna agus forbairt cód iompair i leith comhroinnt sonraí . Féadfaidh na Ballstáit údarás nua amháin nó níos mó a bhunú nó brath ar na húdaráis atá ann cheana , agus ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha .

Cúis

Ba cheart grúpa saineolaithe nó údarás ar leith a ainmniú chun treoir a thabhairt maidir le comhroinnt sonraí, cóid iompair a dhréachtú i leith comhroinnt sonraí agus scileanna leormhaithe a áirithiú.

Leasú 15

Airteagal 31(3)

An téacs a mhol an Coimisiún Eorpach

Leasú ó CnaR

 

(j)

(nua) go bhforbraítear cód iompair i leith comhroinnt sonraí, lena sonraítear cuspóirí comhchoiteanna agus cásanna inar cheart faisnéis a chomhroinnt ar mhaithe le leas an phobail chomh maith le tacair sonraí choiteanna atá le soláthar ag sealbhóirí sonraí.

Cúis

Ba cheart ról an ghrúpa saineolaithe nó an údaráis ar leith a shainiú go soiléir.

II.   MOLTAÍ BEARTAIS

TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN

Barúlacha ginearálta

1.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Ionstraim Eorpach um Shonraí atá beartaithe toisc go bhféachtar léi le luach breise na sonraí a dháileadh go cothrom ar ghníomhaithe sa gheilleagar sonraí, agus á áirithiú san am céanna go bhfuil rochtain ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ar shonraí, go dtugtar aghaidh ar dhúshláin shochaíocha agus eacnamaíocha, go gcuirtear an nuálaíocht chun cinn, agus go n-urramaítear cearta agus leasanna gach páirtí lena mbaineann, go háirithe cosaint sonraí pearsanta;

2.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra toisc go bhféachtar leis le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta a cheadú idir gnólachtaí (gnólacht le gnólacht), idir an earnáil phríobháideach agus na húdaráis phoiblí (gnólacht le rialtas), idir na húdaráis phoiblí agus gnólachtaí (rialtas le gnólacht) agus idir na húdaráis phoiblí féin (rialtas le rialtas). Meastar gur beart tábhachtach é an togra lena gcothaítear muinín idir cuideachtaí príobháideacha agus na húdaráis phoiblí chun sonraí a phróiseáil agus lena leagtar forálacha soiléire amach le haghaidh comhaontuithe conarthacha maidir le comhroinnt sonraí agus cúiteamh i ndáil le húsáid sonraí; á thabhairt le fios a thábhachtaí atá comhroinnt sonraí le haghaidh forfheidhmiú éifeachtach ar an leibhéal náisiúnta agus fonáisiúnta, agus, chuige sin, gur saincheist lárnach é rochtain ar shonraí, go háirithe do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha (1). Go nuige seo, níor leor féinrialáil dheonach chun rochtain ar shonraí a ráthú do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha;

3.

á mholadh, i dteannta na n-oibleagáidí dlíthiúla maidir le comhroinnt sonraí arna leagan síos sa Rialachán atá beartaithe, gur cheart sealbhóirí sonraí a spreagadh trí “bearta boga” a úsáid, amhail dreasachtaí airgeadais agus ardáin chun dea-chleachtais a mhalartú; á iarraidh ar na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla agus seirbhísí agus bearta a sholáthar atá bunaithe ar shonraí fíor-ama;

4.

á chur i bhfáth go gcothaítear fás agus nuálaíocht inbhuanaithe mar thoradh ar an malartú sonraí ó líon méadaitheach na ngléasanna tionsclaíocha, poiblí agus líonraithe agus ó Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT), agus freisin de thoradh comhar ábhartha laistigh den Aontas, agus nach mór leas a bhaint astu sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí, iomaíochas agus cearta maoine intleachtúla;

5.

á chur chun suntais a thábhachtaí atá luachanna Eorpacha agus measúnú á dhéanamh ar chearta dliteanais na n-ardán ag a bhfuil ceannasacht sa mhargadh, go háirithe iad siúd ar de bhunadh tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach iad a gcuid straitéisí gnó. Ar an ábhar sin, tá an deis ag an Aontas Eorpach ról ceannasach a bheith aige agus rialacha nuálacha a chur le chéile le haghaidh an gheilleagair sonraí a thabharfar isteach i dtríú tíortha ina dhiaidh sin;

6.

á iarraidh go gcuirfear san áireamh i nósanna imeachta soláthair agus cláir chistiúcháin de chuid na mBallstát dreasachtaí le haghaidh infhaighteacht agus idir-inoibritheacht sonraí agus forbairt teicneolaíochtaí anaithnidithe agus taighde ábhartha;

7.

á iarraidh ar na comhpháirtithe sóisialta a bheith níos rannpháirtí i ndréachtú moltaí don ionad oibre maidir le húsáid sonraí d’fhonn táirgiúlacht a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, cearta na n-oibrithe agus scileanna leormhaithe a ráthú;

8.

á thabhairt dá aire go bhfuil togra ón gCoimisiún san Ionstraim um Shonraí maidir le Bord Eorpach um Nuálaíocht Sonraí a bhunú chun moltaí a dhéanamh maidir le húsáid chomhroinnte sonraí agus cinntí maidir le caighdeánú; á mholadh struchtúr comhfhreagrach a chur san áireamh i gCaibidil IX den Ionstraim reatha um Shonraí. I gcomhréir leis na moltaí ó roinnt ceardlanna maidir le comhroinnt faisnéise idir gnólachtaí agus rialtas, d’fhéadfadh an t-údarás inniúil arna bhunú ag gach Ballstát cuspóirí coiteanna a shainiú, na cineálacha sonraí atá le comhroinnt a chomhaontú agus cur chuige coiteann nó cód iompair coiteann a fhorbairt.

Geilleagar áitiúil sonraí a fhorbairt

9.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó na ceanglais cheangailteacha nua maidir le haistriú sonraí, lena neartófar, go sonrach, cearta fiontar beag agus meánmhéide, ar crann taca gheilleagar an Aontais iad, toisc go laghdóidh na ceanglais sin spleáchas ar shealbhóirí móra sonraí agus go gcuirfidh siad i gcoinne mhonaplú an gheilleagair ag cuideachtaí móra ilnáisiúnta;

10.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó an togra ón gCoimisiún “measúnú éagóra” a thabhairt isteach atá dírithe ar mhicrifhiontair agus FBManna a chosaint ar oibleagáidí aontaobhacha arna bhforchur ag cuideachtaí móra, agus tiomantas an Choimisiúin téarmaí conarthacha neamhcheangailteacha a fhorbairt maidir le rochtain ar shonraí agus a n-úsáid, rud ar cheart cumhacht mhargála FBManna le tríú páirtithe a neartú gan costais shuntasacha bhreise;

11.

á iarraidh go mbeidh tuilleadh soiléireachta ann maidir le rochtain ar shonraí, go háirithe i slabhraí luacha agus in éiceachórais ina bhfuil ról ag gníomhaithe beaga i gcruthú tacar sonraí, gan rochtain a bheith acu ar na sonraí a gcabhraíonn siad lena nginiúint.

Sonraí a chomhroinnt lena n-úsáid san earnáil phoiblí

12.

á chur i bhfáth gur ar mhaithe le leas an phobail é sonraí a úsáid chun freagairt d’éigeandálaí, chun forbairtí a bhféadfadh éigeandálaí eascairt astu a imscrúdú agus a chosc agus chun athléimneacht i gcoinne géarchéimeanna amach anseo a mhéadú. Tá sonraí ríthábhachtach freisin chun díghrádú an chomhshaoil agus an t-athrú aeráide a thuiscint agus chun bearta spriocdhírithe a ghlacadh lena gcomhrac. Féadfar úsáid a bhaint astu chun bearta a cheapadh leis an gcoireacht agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí freisin;

13.

á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an deis dá bhforáiltear sa togra é a chur d’iachall ar chuideachtaí sonraí a chomhroinnt mar fhreagairt d’iarraidh ó na húdaráis phoiblí ar shonraí, i gcás éigeandáil phoiblí, riachtanas eisceachtúil nó téarnamh ó chás mar sin. Sa todhchaí, d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh sonraí meaisínghinte ina ngné lena mbainfeadh níos mó tábhacht ná riamh i gcás suaite, gné nach mór do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a chur san áireamh ina bpleananna teagmhasacha. Ní shonraítear go díreach san Ionstraim um Shonraí conas is féidir leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha fios a bheith acu cé na sonraí atá ar fáil sa mhargadh agus ar cén praghas;

14.

den bharúil go bhfuil sé tábhachtach na híoscheanglais a shoiléiriú maidir le hiarraidh ar fhaisnéis faoi Airteagal 17, mar aon leis na sonraí maidir le conas atá na sonraí le scriosadh faoi Airteagal 19. Chuige sin, ní mór cleachtais agus sonraíochtaí a chomhaontú go comhpháirteach ar leibhéal an Aontais;

15.

den tuairim gur cheart do na húdaráis phoiblí agus d’institiúidí, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí de chuid an Aontais a bheith in ann na sonraí arna soláthar mar fhreagairt d’éigeandáil a léamh le huirlisí coiteanna, gan gá le tuilleadh infheistíochta;

16.

á thabhairt le fios, cé go gceadaítear le Caibidil V den Ionstraim um Shonraí do ghníomhaithe san earnáil phoiblí úsáid a bhaint as sonraí atá i seilbh gnólachtaí i gcásanna áirithe, gur cheart a shoiléiriú, le haghaidh caibidlí eile den Rialachán, an bhfuil róil eile ag gníomhaithe áitiúla agus réigiúnacha chomh maith, amhail mar úsáideoir sonraí, sealbhóir sonraí nó faighteoir sonraí. Ar an bpointe sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na sainmhínithe san Ionstraim um Shonraí;

17.

á thabhairt dá aire go n-úsáidtear néalseirbhísí ar leibhéil éagsúla idir na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha; á iarraidh ar an gCoimisiún creat soiléir agus na dálaí is fearr is féidir a chruthú chun úsáid néalseirbhísí a chur chun cinn. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar éifeachtúlacht fuinnimh néalseirbhísí a fheabhsú, i gcomhréir le coincheap an chódaithe ghlais. D’fhéadfaí costais TFC ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach a laghdú go suntasach ach úsáid a bhaint as na réitigh atá ann cheana ar scála níos mó agus leas a bhaint as saineolas na n-institiúidí príobháideacha agus na n-institiúidí poiblí le chéile;

18.

á iarraidh go líonfar na bearnaí atá i ngach ceann de na ceithre ghné a bhaineann le hidir-inoibritheacht sonraí (dlíthiúil, eagraíochtúil, séimeantach, agus teicniúil), ó thaobh néalseirbhísí a úsáid agus comhar trasteorann idir oibreoirí príobháideacha agus na húdaráis phoiblí de;

19.

á thabhairt le fios gur cheart inneachar sonraí a chaighdeánú suas go leibhéal na meiteashonraí, toisc, dá laghad scóip atá ann don léirmhíniú, is ea is comhoiriúnaí a bheidh na sonraí, rud a fhágann gur féidir tuilleadh coigiltí costais a dhéanamh, mar shampla a mhéid a bhaineann le tiontú sonraí;

20.

á thabhairt le fios gur tasc dúshlánach fadtéarmach í an idir-inoibritheacht sonraí. Tá cur i bhfeidhm eolais agus fios feasa maidir le hidir-inoibritheacht sonraí, mar aon leis na hathruithe córais a ghabhann leis sin, dian ar acmhainní.

21.

á thabhairt le fios go bhfuil idir-inoibritheacht agus cáilíocht sonraí ríthábhachtach; á chur in iúl, dá bhrí sin, gur díol sásaimh dó go bhfuil cineálacha cur chuige agus struchtúr eagraíochta iomchuí á bhforbairt;

22.

á thabhairt dá aire gur minic a bhíonn saineolas, pearsanra agus acmhainní airgeadais le haghaidh úsáid, comhroinnt agus úsáid chomhpháirteach sonraí easnamhach, go háirithe i mbardais bheaga, ceantair thuaithe agus FBManna. Ní mór do na Ballstáit agus don Aontas Eorpach tacaíocht, conarthaí eiseamláireacha neamh-shainordaitheacha agus cúnamh airgeadais agus teicniúil a chur ar fáil chun go mbeidh saineolaithe ann ó thaobh comhroinnt sonraí de, mar shampla trí bhíthin na Mol Nuálaíochta Digití Eorpach faoin gclár don Eoraip Dhigiteach. Tá comhar leis na fiontraithe áitiúla agus na gnólachtaí nuathionscanta, mar aon leis na hinstitiúidí réigiúnacha ardoideachais, ríthábhachtach chun dea-chleachtais a chomhroinnt, bonn inbhuanaithe eolais agus scileanna a chothú agus litearthacht sonraí a fheabhsú.

Comhréireacht agus coimhdeacht

23.

den tuairim go gcomhlíonann an Rialachán atá beartaithe prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta. Go deimhin, is léir an luach breise a bhaineann le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh sa réimse seo, i bhfianaise chineál trasteorann na húsáide sonraí agus an ghá atá leis na bacainní atá ann cheana a shárú, bacainní a chuireann cosc ar ghnólachtaí, tomhaltóirí agus an earnáil phoiblí leas a bhaint as an luach a d’fhéadfadh a bheith ag sonraí ar bhealach níos iomláine.

An Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

Vasco ALVES CORDEIRO


(*1)   Rialachán (AE) Uimh. 360/2012 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2012 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an gcabhair de minimis a thugtar do ghnóthais a sholáthraíonn seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta.

(1)  CnaR 5356/2020.