ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 372

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
29 Meán Fómhair 2022

Clár

Leathanach

II   Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 372/01

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi (Cás M.10436 – MOËT HENNESSY / CAMPARI / CLASS A TANNICO SHAREHOLDERS / TANNICO) ( 1 )

1

IV   Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

2022/C 372/02

Rátaí malairte an euro — 28 Meán Fómhair 2022

2

V   Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

2022/C 372/03

Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

3

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

2022/C 372/04

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

4

2022/C 372/05

15

2022/C 372/06

28

2022/C 372/07

Foilsiú iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

40

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

29.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 372/1

Gan cur i gcoinne comhchruinniú ar tugadh fógra faoi

(Cás M.10436 – MOËT HENNESSY / CAMPARI / CLASS A TANNICO SHAREHOLDERS / TANNICO)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 372/01)

An 20 Nollaig 2021, chinn an Coimisiún gan cur i gcoinne an chomhchruinnithe thuas ar tugadh fógra faoi agus a dhearbhú go bhfuil sé comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Tá an cinneadh sin bunaithe ar Airteagal 6(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1). Is i mBéarla amháin atá an cinneadh ar fáil agus déanfar é a phoibliú ach a mbeidh aon rún gnó a d’fhéadfadh a bheith ann a bainte as. Beidh sé ar fáil:

i roinn na gcumasc ar an suíomh gréasáin faoin “mBeartas iomaíochta” atá ag an gCoimisiún (http://ec.europa.eu/competition/mergers/cases/). Cuireann an suíomh gréasáin sin saoráidí éagsúla ar fáil chun cuidiú cinntí aonair cumaisc a aimsiú trí úsáid ainm na cuideachta, cásuimhreacha, dátaí agus earnálacha gníomhaíochta,

i bhfoirm leictreonach ar shuíomh gréasáin EUR-Lex (http://eur-lex.europa.eu/homepage.html?locale=en) faoin uimhir dhoiciméid 32021M10436. Is é EUR-Lex an tairseach ar líne chuig dlí an Aontais Eorpaigh.

(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1.

IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

29.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 372/2

Rátaí malairte an euro (1)

28 Meán Fómhair 2022

(2022/C 372/02)

1 euro =

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

0,9565

JPY

yen na Seapáine

138,39

DKK

krone na Danmhairge

7,4368

GBP

punt steirling

0,90268

SEK

krona na Sualainne

10,9194

CHF

franc na hEilvéise

0,9437

ISK

króna na hÍoslainne

139,70

NOK

krone na hIorua

10,4576

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,650

HUF

forint na hUngáire

411,72

PLN

zloty na Polainne

4,8043

RON

leu na Rómáine

4,9485

TRY

lira na Tuirce

17,7311

AUD

dollar na hAstráile

1,4924

CAD

dollar Cheanada

1,3157

HKD

dollar Hong Cong

7,5084

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6998

SGD

dollar Shingeapór

1,3846

KRW

won na Cóiré Theas

1 378,84

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,2916

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9199

HRK

kuna na Cróite

7,5313

IDR

rupiah na hIndinéise

14 622,96

MYR

ringgit na Malaeisia

4,4281

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,528

RUB

rúbal na Rúise

THB

baht na Téalainne

36,687

BRL

real na Brasaíle

5,1728

MXN

peso Mheicsiceo

19,5294

INR

rúipí na hIndia

78,2655

(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).

V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

29.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 372/3

Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe

(2022/C 372/03)

1.   

Mar a fhoráiltear in Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1), tá an Coimisiún ag tabhairt fógra go rachaidh na bearta frithdhumpála a luaitear thíos in éag ar an dáta a luaitear sa tábla thíos mura dtionscnófar athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2.   Nós imeachta

Féadfaidh táirgeoirí de chuid an Aontais iarraidh i scríbhinn ar athbhreithniú a chur isteach. Ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh sin gur dócha go leanfaí den dumpáil agus den díobháil nó go dtarlóidís arís mar thoradh ar dhul in éag na mbeart. Má chinneann an Coimisiún na bearta lena mbaineann a athbhreithniú, tabharfar deis ansin d'allmhaireoirí, d'onnmhaireoirí, d'ionadaithe na tíre is onnmhaireoir agus do tháirgeoirí de chuid an Aontais a mbarúil a thabhairt ar na hábhair atá leagtha amach san iarraidh ar athbhreithniú, nó béim a leagan ar na hábhair sin, nó iad a bhréagnú.

3.   Teorainn ama

Ar bhonn an mhéid thuas féadfaidh táirgeoirí an Aontais iarraidh i scríbhinn a dhéanamh ar athbhreithniú, iarraidh nach mór a bheith faighte ag an gCoimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála (Aonad G-1), CHAR 4/39, 1049, an Bhruiséil, an Bheilg (2) aon tráth tar éis fhoilsiú an fhógra seo ach tráth nach déanaí ná trí mhí roimh an dáta a luaitear sa tábla thíos.

4.

Foilsítear an fógra seo i gcomhréir le hAirteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036.

Táirge

Tír thionscnaimh nó tír is onnmhaireoir

Bearta

Tagairt

Dáta éaga (3)

Aigéad tartarach

Daon-Phoblacht na Síne

Dleacht frithdhumpála

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/921 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2018 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí aigéid thartaraigh de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 164, 29.6.2018, Lch. 14)

30.6.2023

(1)  IO L 176, 30.6.2016, Lch. 21.

(2)  TRADE-Defence-Complaints@ec.europa.eu

(3)  Téann an beart in éag ag meán oíche (00:00) an lá a luaitear sa cholún seo

GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

29.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 372/4

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 372/04)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Praelatenberg”

PDO-FR-A0381-AM02

Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Tásc breise

Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.

Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.

Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.

Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

2.   Na cineálacha táirge

Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.

Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

3.   Limistéar geografach

Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d' fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.

Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):

“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.

4.   Limistéar dáileachta críochnaithe

Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:

chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht;

leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh;

tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1).

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

5.   Limistéar díreach in aice láimhe

Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.

6.   Cineálacha fíniúna

Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.

I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

7.   Dlús plandála

Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.

Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.

Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.

8.   Riail phrúnála

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.

Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.

9.   Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.

Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

10.   Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.

Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.

11.   Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.

Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcól a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcóil de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.

12.   Táirgeachtaí

I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).

Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.

Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.

13.   Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.

Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.

Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

14.   An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

15.   Toilleadh na fíonlainne

I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.

Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.

16.   An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí

I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.

Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

17.   Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe

I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.

Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.

18.   Fíonta pacáistithe a stóráil

I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.

Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.

19.   Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ”agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe íosta 10 mí ann.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe íosta 10 mí ann.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Alsace grand cru Praelatenberg

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12.5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile. Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

Tá dhá chineál fíona ann: — fíonta tirime ag a bhfuil ábhar mianaigh; — fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha agus saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14.5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18.2 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16.4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fad-mharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 4 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0.75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1.50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: riail phrúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte, níor cheart dó na céatadáin a leanas a shárú:

0.5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G,

1.5 % le haghaidh fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Táirgeacht - Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Táirgeacht - Sonrúchán agus an téarma “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí méisea-aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Praelatenberg” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cuidíonn na fíonghoirt le táirgeadh fíonta ag a bhfuil miondifríochtaí agus saintréithe sonracha agus pearsantacht acu.

Leis an tsubstráit atá naghasach den chuid is mó, tugtar do na fíonta blas mianra agus úire chriostalach.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren--les--Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d'fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2

29.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 372/15

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 372/05)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Hengst”

PDO-FR-A0376-AM02

Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Tásc breise

Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.

Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.

Leis an athrú seo, ní cheanglaítear an doiciméad aonair a leasú.

Cuireadh isteach gnáthainm ‘Pinot Noir toisc gur cuireadh isteach iarratas ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas ar fhíonta dearga socracha an tsonrúcháin tionscnaimh sin. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg faoi shonrúchán “Alsace grand cru Hengst” bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora den chineál seo Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin, nár tugadh aitheantas dó ar dtús ach le haghaidh fíonta geala.

Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.

Leis an athrú seo, ceanglaítear pointe 9 den doiciméad aonair a leasú.

Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.

Leis an athrú seo, ní cheanglaítear an doiciméad aonair a leasú.

2.   Na cineálacha táirge

Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.

Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Leasaíodh an doiciméad aonair i roinnt áiteanna, i bpointe 4 go háirithe, mar gheall ar aitheantas fíonta dearga socracha faoi sonrúcháin “Alsace grand cru Hengst”.

3.   Limistéar geografach

Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d’fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.

Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):

“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”

Leis an athrú seo, ceanglaítear pointe 6 den doiciméad aonair a leasú.

4.   Limistéar dáileachta críochnaithe

Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:

chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht;

leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh;

tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1).

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

5.   Limistéar díreach in aice láimhe

Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.

Leis na hathruithe sin, ceanglaítear pointe 9 den doiciméad aonair a leasú.

6.   Cineálacha fíniúna

Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.

Cuireadh an cineál fíonchaoire fíona “Pinot Noir N” leis an doiciméad aonair.

I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

7.   Dlús plandála

Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.

Cuireadh isteach an abairt seo a leanas: Le haghaidh fíniúnacha atá beartaithe fíonta dearga a tháirgeadh is incháilithe le haghaidh sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”, is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.

Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.

8.   Riail phrúnála

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le táirgeadh fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.

Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

9.   Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.

Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

10.   Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.

Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

11.   Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Le haghaidh “Alsace grand cru Hengst”, socraíodh an cion siúcra íosta tráth a mbuainte ag 216 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona le haghaidh Pinot Noir N. Socraíodh an neart íosta alcóil nádúrtha íosta de réir toirte ag 12.5 %.

Leis an athrú seo, ceanglaítear pointe 4 den doiciméad aonair a leasú.

Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcól a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcóil de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

12.   Táirgeachtaí

I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.

Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).

13.   Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.

Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.

Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

14.   An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Leis an srian sin ar tháirgeacht cuirtear san áireamh, maidir leis na hithreacha marla agus aolchloiche atá críochaithe le haghaidh saothrú fíonchaor, mar aon leis an micrea-aeráid uathúil, go gcumasaítear do na fíonchaora aibiú go foirfe.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

15.   Toilleadh na fíonlainne

I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.

Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

16.   An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí

I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.

Leis an athrú seo, ní cheanglaítear an doiciméad aonair a leasú.

17.   Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe

I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.

Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

18.   Fíonta pacáistithe a stóráil

I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.

Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

19.   Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh ‘Alsace grand cru Hengst “agus ‘Alsace grand cru Kirchberg de Barr’.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Alsace grand cru Hengst’: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe íosta 10 mí ann.

Leasaíodh pointí 4, 5 agus 7 den doiciméad aonair.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint ‘Alsace grand Kirchberg de Barr’: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe íosta 10 mí ann.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail ‘le haghaidh fíonta geala’ isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

I Roinn X(1)(b) cuireadh na focail ‘blancs’ agus ‘rosés’ le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: ‘Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.’

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: ‘Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.’

I gCaibidil I, Roinn X(2),cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh ‘Alsace grand cru Hengst’ agus ‘Alsace grand cru Kirchberg de Barr’.

Maidir le ‘Alsace grand cru Hengst’,cuireadh isteach an téacs seo a leanas:

‘Is fíonta mór le rá na fíonta dearga a bhfuil carachtar nirt agus doimhneachta acu gus atá in oiriúint don aosú. Tá dath álainn rúibín orthu agus boladh casta, agus blas torthaí dearga agus spíosraí orthu. Sa bhéal, tá uigeacht saibhir mór le rá iontu, agus tainniní síodúla. De bhrí go bhfuil siad dea-struchtúrtha agus go bhfuil iarbhlas fada aoibhinn orthu, is mó an léiriú a fhorbraíonn na fíonta “grand cru Hengst” de réir mar a bhíonn siad ag aosú.’

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3) den tsonraíocht, i dtaca leis an tagairt do shonrúchán tionscnaimh ‘Alsace grand cru Hengst’, cuireadh isteach an abairt seo a leanas: Leis na hithreacha marla agus aolchloiche, mar aon leis an micrea-aeráid uathúil, cumasaítear do na fíonchaora aibiú go foirfe agus fíonta dearga ina bhfuil tainniní síodúla a tháirgeadh.”

Leis an méid breise sin, leathnaítear an fhaisnéis a tugadh cheana maidir leis an nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta, a bhféadfaidh feidhm a bheith aici freisin maidir leis na fíonta geala.

Leasaíodh pointe 8 den doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

25.   Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” agus gnáthainmneacha

I bpointe 9, “Coinníollacha breise”, den doiciméad aonair:

Rinneadh an ceannteideal “Téarmaí traidisiúnta” a leasú chun gnáthainmneacha na gcineálacha is infheidhme le haghaidh na dtéarmaí “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” a shonrú. Is é is cúis leis sin gur cuireadh an gnáthainm “Pinot Noir” faoin gceannteideal “Gnáthainm”.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

“Alsace grand cru Hengst”

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Fíon geal

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 12.5 % neart alcóil nádúrtha na bhfíonta íosta de réir toirte, agus is é 11 % an neart atá ann le haghaidh cineálacha eile.

Maidir leis na fíonta a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní bhíonn neart alcóil iomláin na bhfíonta sin níos mó ná 15 % tar éis a saibhrithe, agus ní bhíonn neart níos mó ná 14 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh. Féadfar ainm an tsonrúcháin a fhorlíonadh le hainmneacha coitianta na gcineálacha fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arb fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh trí na hainmneacha atá i gceist a úsáid. Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, tagann dea-bholaithe cumhachtacha uathu agus baineann an-chuid fíneáltachta leo. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile. Tá dhá chineál fíona ann: fíonta tirime a bhfuil blas mianrach orthu agus fíonta aramatacha agus atá torthaíoch, olartha saibhir. Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh, fíon geal

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 16 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 14.5 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Diandath domhain a bhíonn ar orthu agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh, fíon geal

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta is é 18.2 % an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, agus is é 16.4 % an neart le haghaidh cineálacha eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar orthu agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

4.   Fíon dearg

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Na fíonta dearga, a dhéantar as an gcineál fíonchaoire Pinot Noir N agus as sin amháin, is é 12.5 % neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte na bhfíonta sin.

Tá an coipeadh malalachtach tugtha i gcrích. Ar chéim an phacáistithe, tá cion aigéid mhalaigh nach mór ná 0.4 gram in aghaidh an lítir ag na fíonta.

Ar chéim an phacáistithe, tá cion siúcra coipthigh nach mór ná 2 ghram in aghaidh an lítir ag na fíonta.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

‘Is fíonta mór le rá na fíonta sin a bhfuil carachtar nirt agus doimhneachta acu agus atá in oiriúint don aosú. Tá dath álainn rúibín orthu agus boladh casta, agus blas torthaí dearga agus spíosraí orthu. Sa bhéal, tá uigeacht saibhir mór le rá iontu, agus tainniní síodúla. De bhrí go bhfuil siad dea-struchtúrtha agus go bhfuil iarbhlas fada aoibhinn orthu, is mó an léiriú a fhorbraíonn siad de réir mar a bhíonn siad ag aosú.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Dlús plandála

An modh saothraithe

Le haghaidh fíniúnacha atá beartaithe fíonta geala a tháirgeadh, is é 4 500 planda i n aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta.

Le haghaidh fíniúnacha atá beartaithe fíonta dearga a tháirgeadh, is é 5 500 planda i n aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0.75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1.50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Riail phrúnála

An modh saothraithe

Le haghaidh fíonta geala, déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

Le haghaidh fíonta dearga, déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 14 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Méadú ar neart an alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Maidir leis na fíonta geala, a dhéantar as na cineálacha Gewürztraminer B agus Pinot Gris G, ní mór nach mbeidh aon mhéadú ar neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte na bhfíonta sin de réir toirte níos mó ná 0.5 %, agus ní mór nach mbeidh aon mhéadú ar neart níos mó ná 1.5 % ag na fíonta a dhéantar as cineálacha eile.

Maidir leis na fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, agus na fíonta dearga, ní mór nach ndéanfar saibhriú orthu.

5.   Táirgeadh

Srian maidir le fíonóireacht

Ní cheadaítear sliseanna adhmaid a úsáid.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta geala a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Ní mór na fíonta dearga a aibiú go dtí an 1 Deireadh Fómhair den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Sonrúchán, bíodh na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh nó ná bíodh, fíon geal

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh, fíon geal

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.   Fíon dearg

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg. Bardas atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Muscat Ottonel B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B – Muscat, Moscato

Pinot Gris G

Pinot Noir N

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, baineann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst” tairbhe as ceann de na suíomhanna is fearr. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cuidíonn na fíonghoirt le táirgeadh fíonta a lé bhfuil saintréithe sonracha agus a pearsantacht acu.

Leis na dálaí ithreach agus aeráide bronntar carachtar teann tréan ar na fíonta, rud a fhágann go bhfuil siad in oiriúint don aosú. An t-iarbhlas láidir, casta dlúth atá orthu, is suntasach í de bharr a haigéadacht aibí.

Leis na hithreacha marla agus aolchloiche, mar aon leis an micrea-aeráid uathúil, cumasaítear do na fíonchaora aibiú go foirfe agus fíonta dearga ina bhfuil tainniní síodúla a tháirgeadh.

Mar gheall ar na dálaí aeráide den scoth a bhíonn ann ag deireadh an tséasúir, is féidir le torthaí na fíniúna éirí tiubh agus féadann an lobhadh uasal forbairt. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá meas níos airde ag daoine ar na fíonta sin ná mar atá acu ar fhíonta a bhfuil an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace” acu.

I saothar Médard Barth dar teideal Der Rebbau des Elsass und die Absatzgebieten seiner Weine, a scríobhadh in 1958, moladh go hard an lieu-dit sin, a bhfuil clú air inniu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach. Bardas atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Pinot Noir

Riesling.

Tásc ar an gcion siúcra le haghaidh fíonta geala

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d’fhoirmeacha coitianta seo a leanas ainm chineál na fíonchaoire:

Gewürztraminer

Muscat

Muscat Ottonel

Pinot Gris

Riesling.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

29.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 372/28

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 372/06)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

FORMHEAS LEASAITHE CHAIGHDEÁNAIGH A CHUR IN IÚL

“Alsace grand cru Altenberg de Bergheim”

PDO-FR-A0915-AM02

Dáta teachtaireachta: 20 Iúil 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Tásc breise

Cuireadh na foirmeacha coitianta seo a leanas d’ainmneacha cineálacha fíonchaoire le Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht: “Sylvaner” agus “Pinot Noir”, agus na hainmneacha oifigiúla comhfhreagracha, faoi seach: Sylvaner B agus Pinot Noir N.

Cuireadh an fhoirm choitianta “Sylvaner” isteach chun an dearmad a rinneadh sa bhunleagan den tsonraíocht a cheartú. Cuireadh in iúl sa bhunleagan i gCaibidil I, Roinn X(1)(b), “gur féidir fíon a dhéanamh as na cineálacha údaraithe agus iad a chur ar an margadh faoina n-ainmneacha coitianta faoi seach”. Níor áiríodh an fhoirm choitianta chomhfhreagrach den ainm, áfach, sa liosta de na hainmneacha coitianta a cheadaítear. Sular formheasadh bunleagan na sonraíochta, glacadh cinneadh náisiúnta trínar cuireadh Sylvaner B leis na cineálacha a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíonta a ngabhann an sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Zotzenberg” leo. Cuireadh na nósanna áitiúla agus cáil na bhfíonta sin san áireamh leis sin.

Cuireadh an t-ainm coitianta “Pinot Noir” leis an tsonraíocht. Rinneadh an méid sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil le haghaidh na bhfíonta dearga socra de shonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Tá an t-iarratas sin chun aitheantas a fháil le haghaidh fíon dearg bunaithe ar chleachtas seanbhunaithe, ar cháil agus ar shaintréithe na bhfíonta a tháirgtear le fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhástar ar dháileachtaí críochaithe na sonrúchán “Alsace grand cru” sin. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin.

Baineann Caibidil I, Roinn II(1), den tsonraíocht leis na cineálacha “Muscat à petits grains”, dá dtagraítear “Muscat” de ghnáth. Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha sin, chun dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe a cheartú.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

2.   Na cineálacha táirge

Leasaíodh an téacs i gCaibidil I, Roinn III, den tsonraíocht chun taispeáint nach dtagraíonn na sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a chumhdaítear leis an tsonraíocht atá ann faoi láthair go heisiach d’fhíonta geala socra a thuilleadh.

Luaitear sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru” lena gcumhdaítear fíonta socra, idir gheal agus dhearg, de réir a n-ainmneacha: “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

3.   Limistéar geografach

Cuireadh mír le Caibidil I, Roinn IV(1), den tsonraíocht lena dtugtar na dátaí a d’fhormheas coiste ábhartha INAO (An Institiúid Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta) an limistéar geografach. Tagraítear sa mhír nua freisin do Chód Geografach Oifigiúil 2021 mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht í. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Cuireadh deireadh le bardais Kientzheim agus Sigolsheim. Tá críoch na mbardas sin ina gcuid de bhardas Kaysersberg Vignoble anois.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir gheografaigh.

Cuireadh na habairtí seo a leanas le Roinn IV(1):

“Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO).

I gcás an bhardais a áiríodh go páirteach, cuireadh léarscáil faoi bhráid na n-údaráis bhardais ina sainítear teorainneacha an limistéir gheografaigh.”

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 6 den doiciméad aonair.

4.   Limistéar dáileachta críochnaithe

Maidir le Caibidil I, Roinn IV(2) den tsonraíocht:

chun dearmad a rinneadh a cheartú, cuireadh na focail “an 6 agus an 7 Meán Fómhair 2006” leis an gcéad mhír. Is dáta é sin a d’fhormheas an coiste náisiúnta ábhartha an dáileacht;

leasaíodh an fhoclaíocht sa dara mír chun na hathruithe a rinneadh ar ainmneacha na mbardas i Roinn IV(1) a chur san áireamh;

tugadh an colún “Bardais” atá sa tábla cothrom le dáta chun go mbeidh sé comhréireach le hainmneacha na mbardas a luaitear i Roinn IV(1).

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

5.   Limistéar díreach in aice láimhe

Leasaíodh mír i gCaibidil I, Roinn IV(3) den tsonraíocht chun Cód Geografach Oifigiúil 2021 a thabhairt mar an fhoinse le haghaidh chríochú theorainn an limistéir mar a léirítear sa tsonraíocht é. Tugtar deimhneacht dhlíthiúil do chríochú an limistéir leis an tagairt don fhoinse.

Tugadh liosta ainmneacha na mbardas cothrom le dáta mar thoradh ar an tagairt do Chód Geografach Oifigiúil 2021. Scriosadh ainm bhardas Kaysersberg agus cuireadh isteach ainm Kaysersberg Vignoble, mar aon leis an bhfaisnéis nach n-áirítear aon chuid den bhardas sin seachas an chuid ar le bardas tarmligthe Kayersberg í.

Ní dhéanann na hathruithe eagarthóireachta sin difear do theorainn an limistéir atá díreach in aice láimhe.

Ceanglaítear leis na leasuithe sin go leasófar pointe 9 den doiciméad aonair.

6.   Cineálacha fíniúna

Cuireadh dhá fhrása le Caibidil I, Roinn V(1)(a), den tsonraíocht: “— maidir leis na fíonta geala:” agus “— maidir leis na fíonta dearga: a fhaightear ó chineál fíonchaoire Pinot Noir N”. Rinneadh amhlaidh toisc gur cuireadh iarratas isteach ar an leibhéal náisiúnta ar aitheantas a fháil do na fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh áirithe de chuid “Alsace grand cru”. Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe le haghaidh na bhfíonta dearga sin. Chomh maith leis sin is é an t-aon chineál atá údaraithe chun fíon dearg a tháirgeadh i sonrúchán tionscnaimh “Alsace”.

I Roinn V(1)(a), (b) agus (e) agus Roinn V(2)(b), cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

7.   Dlús plandála

Cuireadh na frásaí seo a leanas le Caibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht: “Maidir le táirgeadh fíona ghil” agus “Maidir le táirgeadh fíona dheirg”. Rinneadh sin chun idirdhealú a dhéanamh idir an dlús plandaithe íosta de réir dhath na bhfíonta. Cuirtear an dlús sin in iúl le haghaidh na sonrúchán a údaraítear chun fíon dearg a tháirgeadh.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall gur cuireadh na frásaí sin isteach.

Sonraíodh i gCaibidil I, Roinn VI(1)(a) den tsonraíocht, an dáta an “25 Deireadh Fómhair 2011” le haghaidh chur i bhfeidhm éifeachtach na rialach a bhaineann leis an bhféidearthacht go n-athródh an dlús de bharr an ghrafa. Cuireadh an méid sin in ionad na foclaíochta “ar an dáta a formheasadh an tsonraíocht sin”.

Ceanglaítear leis an leasú sin go leasófar pointe 5 den doiciméad aonair.

8.   Riail phrúnála

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(b) den tsonraíocht bhí an riail a bhí ann cheana i ndáil le fíonta geala agus a bhain le líon na mbachlóg in aghaidh méadar cearnach ithreach éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire. Scriosadh an riail sin agus cuireadh aon riail amháin ina háit maidir le 18 mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Mar gheall ar an athrú sin is féidir an fhoclaíocht i sonraíochtaí shonrúcháin tionscnaimh na hAlsáise a chomhchuibhiú, agus na modhanna seiceála a shimpliú.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair.

Cuireadh na focail “Le haghaidh fíonta geala” isteach ag tús na habairte. Tharla sé sin toisc gur cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Cuireadh riail phrúnála isteach maidir le fíonta dearga, lena socraítear líon uasta na mbachlóg ag 14 in aghaidh an phlanda. Tá sin níos lú ná an uimhir a údaraítear le haghaidh táirgeadh fíona ghil. Mar gheall ar an riail sin is féidir na rialacha maidir le táirgeacht a chomhlíonadh agus fíonchaora ar ard-cháilíocht a tháirgeadh.

Ní dhéanann na leasuithe thuas difear don doiciméad aonair.

9.   Na rialacha maidir le treilísiú agus le hairde duilliúir

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(c) den tsonraíocht, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha, agus athraíodh modh tomhais airde an duilliúir treilíse.

Mar gheall ar na leasuithe sin is féidir a fhíorú go bhfuil airde an duilliúir comhlíontach agus na plandaí ag fás. Níorbh fhéidir é sin a dhéanamh roimhe seo ach amháin trí cheanglas a bhain leis an taca.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

10.   Ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta

I gCaibidil I, Roinn VI(1)(d), den tsonraíocht, maidir le fíonta geala laghdaíodh ualach meánach uasta an bharra in aghaidh dáileachta ó 10 000 go 8 500 cileagram in aghaidh an heicteáir, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht laghdaithe le haghaidh na bhfíonta sin.

Bunaíodh ualach meánach uasta barra in aghaidh dáileachta le haghaidh fíonta dearga. Tá sin níos lú ná an t-uasmhéid le haghaidh fíonta geala, rud atá comhfhreagrach don táirgeacht le haghaidh fíonta dearga.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

11.   Aibíocht na bhfíonchaora agus neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte

Leasaíodh an tábla i gCaibidil I, Roinn VII(2)(a), den tsonraíocht. Cuirtear san áireamh anois ann an t-iarratas a cuireadh isteach ar an leibhéal náisiúnta chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúchán tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Maidir leis na sonrúcháin sin “Alsace grand cru” le haghaidh fíonta dearga, bunaíodh leibhéil íosta le haghaidh an mhéid siúcra a bhíonn sna cineálacha éagsúla fíonchaoire tráth a bhuaintear iad, agus le haghaidh a neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

Maidir le fíonta geala, méadaíodh na leibhéil íosta le haghaidh mhéid siúcra na bhfíonchaora le 2 nó 3 ghram in aghaidh an lítir úrfhíona chun go n-urramófar an éagsúlú 1 % céanna leis an neart alcóil nádúrtha íosta de réir toirte le haghaidh gach cineál fíonchaoire, mar a bhí sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. An comhlacht bainistíochta agus cosanta, roghnaigh sé athrú na ngram siúcra ina n-alcól a ríomh ar bhonn 17 ngram siúcra a bheith ag táirgeadh 1 % alcóil de réir toirte le haghaidh fíonta geala. Bhí an figiúr 16.83 gram in úsáid sa leagan bunaidh den tsonraíocht. Bhí sé molta ag coiste náisiúnta inniúil na hInstitiúide Náisiúnta Tionscnaimh agus Cáilíochta (INAO) méid 17 ngram a úsáid nuair a bunaíodh an leagan bunaidh den na sonraíochtaí.

Ní dhéanann na leasuithe sin difear don doiciméad aonair.

12.   Táirgeachtaí

I gCaibidil I, Roinn VIII(1) agus (2), den tsonraíocht, laghdaíodh an táirgeacht agus na teorainneacha táirgeachta uasta le haghaidh fíonta geala agus fíonta geala a mbíonn an lipéad “Vendanges Tardives” [Buaine Dhéanach] orthu, i gcomhréir leis an ordlathas sonraíochtaí i réigiún na hAlsáise. Beidh rialú cáilíochta níos fearr ann mar gheall ar an leasú sin.

Leasaíodh pointe 5 den doiciméad aonair le haghaidh na táirgeachta uasta (na teorainneacha táirgeachta uasta).

Cuireadh na focail “Vins blancs” isteach le haghaidh na bhfíonta nach bhfuil tuairisc orthu. Rinneadh amhlaidh mar cuireadh iarratas isteach, ar an leibhéal náisiúnta, chun aitheantas a fháil ar fhíonta dearga socra le haghaidh roinnt sonrúcháin tionscnaimh de chuid “Alsace grand cru”.

Suíodh teorainn na táirgeachta agus an teorainn táirgeachta uasta le haghaidh fíonta dearga i gcomhréir le hordlathas shonrúcháin réigiúnacha na hAlsáise, rud a chiallaíonn go mbíonn na méideanna níos ísle le haghaidh na sonrúchán “grand cru” sin.

Ní dhéanann na leasuithe is deireanaí a luadh difear don doiciméad aonair.

13.   Coipeadh malalachtach, an cion siúcra choipthigh le haghaidh fíonta dearga

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(c), den tsonraíocht nach mór coipeadh malalachtach a dhéanamh le haghaidh fíonta dearga.

Chun críche chomhlíontacht na rialach sin a sheiceáil, suíodh 0.4 gram mar mhéid uasta an aigéid mhalaigh in aghaidh an lítir tráth an phacáistithe.

Leagtar síos i Roinn IX(1)(d) cion uasta 2 ghram in aghaidh an lítir, tar éis coipthe, le haghaidh siúcraí coiptheacha (glúcós agus fruchtós).

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

14.   An neart alcóil nádúrtha íosta, de réir toirte, a thoirmeasctar le haghaidh fíonta dearga, an neart sin a mhéadú

Leagtar síos i gCaibidil I, Roinn IX(1)(e), den tsonraíocht nár cheart fíonta dearga a shaibhriú ar aon bhealach. Tá feidhm ag an srianadh sin maidir leis an bpróiseas táirgthe. Tá sé sin comhsheasmhach le críochadóireacht dáileachtaí maidir le fíonchaora a fhás, dlús plandála íosta, rialacha prúnála agus táirgeacht shrianta.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

15.   Toilleadh na fíonlainne

I gCaibidil I, Roinn IX(1)(g), den tsonraíocht, laghdaíodh an chomhéifeacht chun toilleadh na fíonlainne a ríomh.

Ní gá go mbeidh toilleadh na fíonlainne i gcomhréir le toirt na buainte roimhe ó thaobh cé chomh mór is atá an toirt.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

16.   An dáta aibithe i gcás fíonta dearga agus an dáta a cuireadh ar an margadh iad le haghaidh tomhaltóirí

I gCaibidil I, Roinn IX(2), den tsonraíocht, bunaíodh tréimhse aibithe íosta le haghaidh fíonta dearga: go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte. Chun go gcumasófar léiriú iomlán a gcuid saintréithe, bíonn tréimhse íosta de dhíth le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora de chineál Pinot Noir N a fhaightear as na fíonghoirt sin.

Sonraítear i gCaibidil I, Roinn IX(5)(a), nach féidir, tar éis na tréimhse aibithe, fíonta dearga a chur ar an margadh le haghaidh tomhaltóirí go dtí an 1 Deireadh Fómhair den bhliain tar éis na buainte.

Ní cheanglaítear leis na leasuithe sin aon leasú a dhéanamh ar an doiciméad aonair.

17.   Seiceálacha ar bhaisceanna pacáistithe

I gCaibidil I, Roinn IX(3)(b) den tsonraíocht, scriosadh an riail lenar ceanglaíodh nach mór buidéil shamplacha a choimeád le haghaidh na seiceálacha a dhéantaí ar bhaisceanna pacáistithe.

Is slat tomhais den infhíoraitheacht í an riail sin. Is cuid den phlean seiceála anois í.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

18.   Fíonta pacáistithe a stóráil

I gCaibidil I, Roinn IX(4), den tsonraíocht, soláthraítear sonraí breise maidir le saintréithe na háite ina stóráiltear fíonta pacáistithe.

Leis an méid sin, cuidítear leis na hoibreoirí an riail sin a chomhlíonadh, agus éascaítear an tseiceáil.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

19.   Tosca daonna a chuireann leis an nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(1)(b), den tsonraíocht, leasaíodh an téacs chun go gcuirfear san áireamh gur formheasadh fíonta dearga socra le haghaidh sonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst ”agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Hengst”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe íosta 10 mí ann.

Cuireadh isteach an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand Kirchberg de Barr”: fíonta dearga a formheasadh in 2022; Is é Pinot Noir N an t-aon chineál amháin atá údaraithe; is é 5 000 planda in aghaidh an heicteáir an dlús plandála íosta chun fíon dearg a tháirgeadh; ní cheadaítear saibhriú in aon foirm ar bith; ní mór go mbeidh tréimhse aibithe íosta 10 mí ann.

I Roinn X(1)(b), scriosadh faisnéis gur aithníodh an dá shonrúchán tionscnaimh sin i dtaca le fíonta geala. Cuireadh na focail “le haghaidh fíonta geala” isteach mar bhí gá leo chun an téacs a thuiscint.

Níor athraíodh an doiciméad aonair mar gheall ar na leasuithe sin.

Cuireadh na focail “blancs” agus “rosés” le hainmneacha na gcineálacha éagsúla Muscat à petits grains. Ceartaítear leo siúd dearmad a rinneadh sa leagan den tsonraíocht a bhí ann roimhe. Ní dhéanann na focail a cuireadh leis difear don doiciméad aonair.

20.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta:

I gCaibidil I, Roinn X(2) den tsonraíocht, cuireadh mionsonraí chuma amhairc na bhfíonta geala isteach d’fhonn tuairisc níos fearr a thabhairt ar a saintréithe áirithe.

I gcás an chéad dá chineál fíona ar a dtugtar tuairisc: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.”

Mionsonraí an dá chineál deiridh fíona: “Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.”

Leasaíodh pointe 4 den doiciméad aonair.

Cuireadh tuairisc isteach ar shaintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta dearga le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst” agus “Alsace grand cru Kirchberg de Barr”.

Ní dhéanann na tuairiscí sin difear don doiciméad aonair.

21.   Nasc leis an limistéar geografach

I gCaibidil I, Roinn X(3), den tsonraíocht, maidir le sonrúchán tionscnaimh “Alsace grand cru Hengst”, tá mionsonraí ann faoin nasc idir an tionscnamh geografach agus saintréithe na bhfíonta a bhféadfadh feidhm a bheith acu freisin maidir le fíonta dearga den sonrúchán sin. Cuireadh leis na mionsonraí sin le faisnéis a bhaineann go sonrach leis na fíonta dearga.

Níor leasaíodh an doiciméad aonair.

22.   Bearta idirthréimhseacha

I gCaibidil I, Roinn XI(2), den tsonraíocht, i gcomhréir leis na leasuithe a rinneadh ar Chaibidil I, Roinn VI, scriosadh airde uasta na sreang lena dtugtar tacaíocht do na slata stuacha agus laghdaíodh uimhir uasta na mbachlóg in aghaidh an phlanda.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

23.   An ceanglas a bhaineann leis an gcion siúcra a chur in iúl ar lipéadú agus ar fhormáidí eile lena dtugtar faisnéis faoi fhíonta geala

Bhí sé mar rogha faoin tsonraíocht a bhí ann roimhe cion an tsiúcra a lua. Cuireadh téacs nua in ionad Roinn XII(2)(d), Caibidil I, den tsonraíocht agus mar gheall ar an téacs sin tá sé éigeantach an cion siúcra a lua, mar a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 2019/33.

Agus an fhaisnéis sin ag tomhaltóirí, beidh sé níos fusa leo an cineál fíona a thuiscint.

Níl feidhm ag an riail nua sin maidir le fíonta ar a mbíonn na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” [áirítear fíonchaora botraíteasaithe].

Cuireadh le pointe 9 den doiciméad aonair.

Is pointe (e) anois é pointe bunaidh (d) de Roinn XII(2).

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

24.   Sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré

I gCaibidil II, Roinn I(1), den tsonraíocht, cuireadh soiléiriú isteach i ndáil leis na rialacha a bhaineann le sannadh na ndáileachtaí a dhearbhú roimh ré. Cuireann oibreoirí dearbhuithe den sórt sin faoi bhráid an chomhlachta um bainistíocht agus cosaint le haghaidh shonrúcháin tionscnaimh “Alsace grand cru” nuair a chuireann siad deireadh le táirgeadh faoin sonrúchán.

Ní dhéanann an leasú sin difear don doiciméad aonair.

25.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles” agus gnáthainmneacha

Sa doiciméad, pointí 4(1), (2) agus (3), “Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta”, scriosadh na focail “le haghaidh na cineálacha fíonchaoire eile” agus cuireadh “ le haghaidh an chineáil Riesling B” ina n-ionad. Ba é ba chúis leis sin gurb iad Riesling B, Gewürztraminer B agus Pinot Gris G na cineálacha a cheadaítear le haghaidh táirgeadh fíonta aonchineálach a bhfuil an sonrúchán sin acu.

Ba ghá sin chun an tuairisc achomair i scríbhinn a shoiléiriú le haghaidh na bhfíonta ina bhfuil na téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”. B’amhlaidh a bhí, ón tús, toisc nár ceadaíodh leis an tsonraíocht le haghaidh an tsonrúcháin “Alsace grand cru Altenberg de Bergheim” ach 3 chineál a úsáid chun fíonta ar a mbíonn ceann amháin nó an ceann eile na téarmaí traidisiúnta a tháirgeadh.

I bpointe 9, “Coinníollacha breise”, den doiciméad aonair:

rinneadh an roinn maidir le “Téarmaí traidisiúnta” a cheartú toisc nach gceadaítear na cineálacha “Muscat” chun na fíonta ar a bhfuil na téarmaí traidisiúnta a tháirgeadh. Trí na gnáthainmneacha “Muscat” agus “Muscat Otonnel” a scriosadh ceartaítear earráid chléireachais sa leagan roimhe sin den doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Alsace grand cru Altenberg de Bergheim

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí na dtáirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Fíonta socra agus geala atá iontu.

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 14 % neart alcóil nádúrtha íosta na bhfíonta de réir toirte, maidir le Riesling 12 % agus is é 14 % an neart atá ann le haghaidh na bhfíonta a dhéantar as meascáin de chineálacha fíonchaoire. Níl na fíonta faoi réir aon chineál saibhrithe eile.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is samplaí den scoth d’fhíonta geala atá oiriúnach lena n-aosú, a mbíonn úire den scoth mar shaintréith acu agus aigéad tartarach i dtreis mar bhonn taca leo mar aon le fíonchaora a bhíonn aibithe ar dóigh.

Tá substaint agus castacht iontach maith ag na fíonta sin, agus tagann dea-bholaithe an-láidir uathu. Fanann a mblas tréimhse fhada sa bhéal, éiríonn siad níos casta de réir a chéile.

In Altenberg de Bergheim táirgtear fíonta atá go mór faoi thionchar ag an tír-raon, toisc gurb as fíonchaora a bhfuil craiceann tanaí orthu a dhéantar iad, go gcuireann an aimsir isteach orthu, agus go ndéantar iad a bhuaint nuair a bhíonn ardchéim aibíochta fiseolaíochta bainte amach acu. Ní dhéantar an t-úrfhíon a shaibhriú riamh. Tagann forbairt ar na fíonta sin le himeacht ama. Tá sárcháilíochtaí coinneála acu agus baineann siad barrfhoirfeachta tar éis 15 go 20 bliain.

I mbarr a maitheasa, is fíonta an-láidir iad. Tá siad fíneálta ar an gcéadbhlas agus líonann siad an béal. Tá an aigéadacht torthaíoch agus milis agus tá ábhairín fanaile iontu. Is minic a dhéanann an lobhadh uasal difear dóibh ach leanann siad de bheith úr.

Tá dhá chineál fíona ann:

fíonta aramatacha atá iomlán, torthaíoch, saibhir agus casta, a dhéantar as cineálacha ceadaithe a phlandáiltear ar leithligh nó le chéile, fíonta nach n-aicmítear riamh mar fhíonta tirime;

grúpa fíonta a dhéantar go heisiach as Riesling, a shaothraítear ar leithligh, atá níos tirime, atá dáiríre agus a bhfuil carachtar dea-bholaithe breoslaí iontaise acu uaireanta.

Diandath domhain a bhíonn ar an dá chineál fíona sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí órga.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

2.   Sonrúchán agus na focail “Vendanges Tardives” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 16 % neart alcóil nádúrtha íosta na bhfíonta de réir toirte, agus is é 14,5 % an neart atá ann le haghaidh Riesling B.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Is minic a fhaightear dea-bholaithe an-andúchasacha ó na fíonta a dtugtar tuairisc orthu mar “Vendanges Tardives”, amhail dea-bholaithe a fhaightear ó thorthaí criostalaithe agus a mbíonn iarbhlas úr orthu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

3.   Sonrúchán agus na focail “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir le Gewürztraminer Rs agus Pinot Gris G, is é 18,2 % neart alcóil nádúrtha íosta na bhfíonta de réir toirte, agus is é 16,4 % an neart atá ann le haghaidh Riesling B.

Tá na saintréithe anailíseacha eile mar a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais Eorpaigh iad.

Na fíonta atá i dteideal a bheith lipéadaithe mar “Sélection de Grains Nobles”, bíonn siad níos tiubhaithe agus níos láidre agus is minic a fhaightear dea-bholaithe de thorthaí criostalaithe uathu. Bíonn siad an-tiubhaithe go deo agus faightear dea-bholaithe fadmharthanacha uathu. Diandath domhain a bhíonn ar na fíonta sin agus maidir leis an raon datha a bhaineann leo téann sé chomh fada le buí ómra.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair iomláine (mar mhilleagraim in aghaidh an lítir)

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Córais traenála: dlús plandála

An modh saothraithe

Is é 5 500 planda in aghaidh an heicteáir dlús plandála íosta na bhfíniúnacha.

Níor cheart don fhad idir sraitheanna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 2 mhéadar.

Maidir le spásáil sa tsraith atá ag na fíniúnacha ní bhíonn sí níos lú ná 0,75 méadar agus ní bhíonn sí níos mó ná 1,50 méadar.

Ón 25 Deireadh Fómhair 2011, maidir le sraitheanna atá laistigh de dháileacht, níor cheart spásáil atá níos leithne ná 3 mhéadar, a bheith idir na sraitheanna tar éis an ghrafa a dhéanamh.

2.   Córais traenála: rialacha prúnála

An modh saothraithe

Déantar na fíniúnacha a phrúnáil ina Guyot singil nó dúbailte agus 18 mbachlóg ar a mhéad in aghaidh an phlanda.

3.   Buaint

An modh saothraithe

Déantar na fíonta as fíonchaora a bhuantar de láimh.

4.   Meascáin de chineálacha fíonchaoire

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Níl na fíonta faoi réir aon chineál saibhrithe eile.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, níor cheart iad a shaibhriú.

5.   Cleachtais fíoneolaíochta agus cóireálacha fisiceacha

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Toirmisctear sliseanna adhmaid a úsáid.

Tá toirmeasc iomlán ar shaibhriú le haghaidh shonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Altenberg de Bergheim”.

6.   Na fíonta a aibiú

Cleachtas fíoneolaíochta sonrach

Ní mór na fíonta a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den chéad bhliain eile tar éis na buainte ar a laghad.

Fíonta atá incháilithe leis na téarmaí “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór iad a aibiú go dtí an 1 Meitheamh den dara bliain tar éis na buainte ar a laghad.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Teorainn táirgeachta uasta - Sonrúchán leis an téarma breise “Vendanges Tardives” nó gan an téarma sin

60 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Teorainn táirgeachta uasta - Sonrúchán agus an téarma “Sélection de Grains Nobles” ina dhiaidh

48 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain agus na fíonta a tháirgeadh, a fhorbairt agus a aibiú sna bardais seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Ammerschwihr, Beblenheim, Bennwihr, Bergheim, Bergholtz, Eguisheim, Gueberschwihr, Guebwiller, Hattstatt, Hunawihr, Ingersheim, Katzenthal, Mittelwihr, Niedermorschwihr, Orschwihr, Pfaffenheim, Ribeauvillé, Riquewihr, Rodern, Rouffach, Saint-Hippolyte, Soultzmatt, Thann, Turckheim, Vieux-Thann, Voegtlinshoffen, Westhalten, Wettolsheim, Wintzenheim, Wuenheim agus Zellenberg.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardais tharmligthe Kientzheim agus Sigolsheim amháin.

Roinn Bas-Rhin: Andlau, Barr, Bergbieten, Blienschwiller, Dahlenheim, Dambach-la-Ville, Eichhoffen, Kintzheim, Marlenheim, Mittelbergheim, Molsheim, Nothalten, Scharrachbergheim-Irmstett agus Wolxheim.

Rinneadh léarscáil ina shainítear teorainneacha an limistéir geografaigh a thaisceadh le húdaráis bhardasacha na mbardas a áiríodh go páirteach.

Is féidir léarscáileanna den limistéar geografach a aimsiú ar shuíomh gréasáin (INAO).

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Gewurztraminer Rs

Pinot Gris G

Riesling B

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

A bhuí leis na dálaí aeráide a ghabhann le fíonghoirt na hAlsáise, tugann sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace grand cru Altenberg de Bergheim” léiriú tipiciúil ar thír-raon fíormhaith. Agus iad neadaithe i ndúiche phictiúrtha na hAlsáise, cuidíonn na fíonghoirt le táirgeadh fíonta a lé bhfuil saintréithe sonracha agus a pearsantacht acu. Suíomh na bhfíonghort, ar fhánaí a bhfuil aghaidh díreach ó dheas acu go ginearálta; an gheolaíocht , agus go háirithe na fo-ithreacha aolchloiche fíorbhriste agus tionchar na barrithreach cré-aolchloiche; an aeráid bhogthe agus soláthar uisce rialta: is tosca iad sin uile a chuidíonn le fás rialta fuinniúil cothromaithe na bhfíonchaor agus torthaí den cháilíocht is airde.

Sa tír-raon sin is féidir aibiú feabhsaithe sách déanach a dhéanamh, rud a gcuirtear dlús leis go minic leis na sárdhálaí aeráide ag deireadh an tséasúir. Tá na dálaí sin fabhrach don tiúchan ar an bhfíonchaor agus don lobhadh uasal. Dá thoradh sin, is féidir fíonta a tháirgeadh as fíonchaora a bhuaintear nuair a bhíonn siad ró-aibí.

De bharr na tréimhse aibithe mar a leagtar síos sa tsonraíocht í, cumasaítear feabhsú na bhfíonta.

Tá rialacha diana ann maidir leis an táirgeadh, amhail ceannbhrat leathan a chothabháil agus buaint a dhéanamh de láimh. Trí na rialacha sin a ghlacadh, caomhnaíonn fíonsaothraithe na hAlsáise carachtar seanbhunaithe na bhfíonta, a bhfuil clú orthu mar gheall ar a gcastacht agus chomh oiriúnach is atá siad lena gcoinneáil i bhfad.

Is iad na fíonta is fearr as fíonta an réigiúin seo. Tá fíonta “Altenberg de Bergheim” ar na fíonta is mó le rá san Alsáis.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Sa limistéar atá díreach in aice láimhe, arna shainmhíniú ag maolú maidir le fíonóireacht, próiseáil agus aibiú fíonta, cuimsítear críoch na mbardas seo a leanas, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2021:

Roinn Haute-Rhin: Bardais iomlána: Bergholtz-Zell, Berrwiller, Buhl, Cernay, Colmar, Gundolsheim, Hartmanswiller, Herrlisheim, Houssen, Husseren-les-Châteaux, Jungholtz, Leimbach, Obermorschwihr, Osenbach, Ostheim, Rorschwihr, Soultz, Steinbach, Uffholtz, Walbach, Wattwiller, Wihr-au-Val agus Zimmerbach.

Na bardais atá san áireamh go páirteach: Kaysersberg Vignoble, críoch bhardas tarmligthe Kayserberg amháin.

Roinn Bas-Rhin: Albé, Avolsheim, Balbronn, Bernardswiller, Bernardvillé, Bischoffsheim, Boersch, Bourgheim, Châtenois, Cleebourg, Dachstein, Dangolsheim, Dieffenthal, Dorlisheim, Epfig, Ergersheim, Ernolsheim-Bruche, Fessenheim-le-Bas, Flexbourg, Furdenheim, Gertwiller, Gimbrett-Berstett, Goxwiller, Heiligenstein, Itterswiller, Kienheim, Kirchheim, Kuttolsheim, Mittelhausen, Mutzig, Nordheim, Oberhoffen-les-Wissenbourg, Obernai, Odratzheim, Orschwiller, Osthoffen, Ottrott, Petersbach, Reichsfeld, Riedseltz, Rosenwiller, Rosheim, Rott, Saint-Nabor, Saint-Pierre, Scherwiller, Seebach, Soultz-les-Bains, Steinseltz, Stotzheim, Strasbourg, Traenheim, Villé, Wangen, Westhoffen, Wissembourg agus Zellwiller.

Pacáistiú sa limistéar

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht an Aontais

Cineál an choinníll breise

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll

Déantar na fíonta a phacáistiú i mbuidéil “Vin du Rhin”, i gcomhréir le Foraithne Uimh. 55-673 an 20 Bealtaine 1955, Ordú an 13 Bealtaine 1959 agus Foraithne an 19 Márta 1963. Ní cheadaítear buidéil d’aon chineál eile.

Ó tugadh isteach Dlí an 5 Iúil 1972, ní mór na fíonta a chur i mbuidéil arda, chaola “Vin du Rhin” i ranna Bas-Rhin agus Haut-Rhin, mar a leagtar síos i bhForaithne 1955.

An bhliain fíona a shonrú

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór don bhliain, mar aon le hainm an tsonrúcháin, a bheith le feiceáil in aon dearbhú a bhaineann le buaint agus stoc, in aon doiciméid tacaíochta nó poiblíocht, agus ar aon bhileoga, lipéid, sonraisc nó gabhdáin.

Ainm coitianta

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Is féidir ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint a fhorlíonadh le ceann d’ainmneacha coitianta chineálacha na fíonchaoire, ar choinníoll go ndéantar na fíonta go heisiach as cineálacha fíonchaoire arbh fhéidir tagairt a dhéanamh dóibh tríd an ainm i gceist a úsáid.

Tá toirmeasc ar dhá cheann nó níos mó d’ainmneacha coitianta a úsáid ar an lipéad céanna.

Seo a leanas na hainmneacha coitianta sin:

Gewürztraminer

Pinot Gris

Riesling.

Téarmaí traidisiúnta “Vendanges Tardives” agus “Sélection de Grains Nobles”

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Maidir le fíonta ar incháilithe iad leis an téarma “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles” a bheith ag gabháil leo, ní mór an méid seo a leanas a chur in iúl freisin:

an bhliain fíona

ceann d’fhoirmeacha coitianta ainm chineál na fíonchaoire.

Sonrú ar an gcion siúcra

Creat dlíthiúil

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll breise

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll

Ní mór an cion siúcra, mar a shainítear le dlí an Aontais, a lua go soiléir i gcás fíonta geala a n-éilítear ceann de na 51 sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Alsace Grand Cru - lieu-dit” ina leith faoi théarmaí na sonraíochta sin. Bíonn feidhm aige sin nuair a chuirtear fíonta den sórt sin i láthair faoin sonrúchán réamhluaite agus nuair a chuirtear ar fáil don phobal iad, nuair a sheoltar iad, nuair a thairgtear iad lena ndíol nó nuair a dhíoltar iad; rud nach féidir a dhéanamh mura bhfuil cion an tsiúcra luaite i ngach píosa poiblíochta, gach bileog, lipéad, sonrasc nó gabhdán a bhaineann leis. Níl feidhm ag an méid sin maidir le fíonta ar a mbíonn na lipéid “Vendanges Tardives” nó “Sélection de Grains Nobles”.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-4cec3ff9-abd4-4253-a1db-245ddd809faa

(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.

29.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 372/40

Foilsiú iarratas ar fhormheas a dhéanamh ar leasú, nach mionleasú é, ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 372/07)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MIONLEASÚ É AR SHONRAÍOCHT TÁIRGE SONRÚCHÁIN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁISC GHEOGRAFAIGH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar leasú a fhormheas a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 53(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“Pane Toscano”

Uimh. AE: PDO-IT-01016-AM01-29.4.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

Consorzio di Tutela del Pane Toscano DOP [Cumann cosanta le haghaidh STFC “Pane Toscano”]

trí Tiziano Vecelio 32-52100 AREZZO

Teileafón: +39 0575314289

R-phost: info@panetoscano.net

Ríomhphost cláraithe: panetoscano@legalmail.it

Údaraítear an grúpa seo iarratas ar leasú a chur isteach faoi Airteagal 13(1) d’Fhoraithne Uimh. 12511 ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht, an 14 Deireadh Fómhair 2013.

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a ndéanann an leasú (na leasuithe) difear dó

Ainm an táirge

Tuairisc ar an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas ar thionscnamh

An modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Eile:

4.   Cineál an leasú nó na leasuithe

Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasú ar an tsonraíocht táirge de STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (ná doiciméad coibhéiseach) ina leith nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

5.   Leasuithe

Tuairisc ar an táirge

1.

In Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus i bpointe 3.2 den doiciméad aonair, an téacs:

“plúr cruithneachta boige de chineál 0”

leasaítear é mar a leanas:

“plúr cruithneachta boige de chineál 0 nó de chineál 1 nó de chineál 2”.

Foráiltear leis an leasú seo go bhféadfaí plúr de chineál 1 nó 2 a úsáid freisin chun STFC “Pane Toscano” a tháirgeadh. Is é is rún leis sin freastal ar an éileamh méadaithe ó dheighleog mhór tomhaltóirí (39 %) a dhearbhaigh in 2019 gur ith siad arán déanta as plúr nach bhfuil chomh mínphróiseáilte chun aiste bia ina bhfuil neart snáithín agus atá níos sláintiúla dá réir sin a ghlacadh.

2.

An pointe seo a leanas d’Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.2 den doiciméad aonair maidir le saintréithe na grabhróige:

“Grabhróg: le haghaidh chineál 0, dath bán nó dath eabhartha a mbaineann poill neamhrialta leo;”

déantar é a fhorlíonadh mar a leanas:

“Grabhróg: le haghaidh chineál 0, dath bán nó dath eabhartha, nó le haghaidh chineál 1 nó chineál 2, dath ómra aonfhoirmeach a mbaineann poill neamhrialta leo;”

Cuireann an leasú san áireamh go bhféadfar plúr de chineál 1 agus de chineál 2 a úsáid anois agus tá sé mar aidhm aige tuairisc a thabhairt ar an tionchar a bhíonn aige ar dhath na grabhróige.

3.

Athraíodh an cion taise “nach bhfuil níos mó ná 30 % de réir meáchain” a luaitear in Airteagal 2 den tsonraíocht táirge agus i bpointe 3.2 den doiciméad aonair go “nach bhfuil níos mó ná 40 %”.

Leis an togra seo, léireofar an cion taise a leagtar síos i ndlí na hIodáile (Dlí Uimh. 580 an 4 Iúil 1967, 'Rialacha maidir le próiseáil agus margú gránach, plúir, aráin agus pasta'), mar nach mbeadh an luach láithreach iomchuí le haghaidh méideanna níos mó de STFC “Pane Toscano” a dhéantar le plúr de chineál 0 nó dóibh siúd a dhéantar le plúr de chineál 1 nó de chineál 2.

An modh táirgthe

4.

Déantar an pointe seo a leanas d’Airteagal 5 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.3 den doiciméad aonair a ailíniú leis an gcéad leasú:

Is é an t-amhábhar a úsáidtear chun STFC “Pane Toscano” a ullmhú ná plúr cruithneachta de chineál 0, ina bhfuil ginidín cruithneachta, a tháirgtear ó chineálacha cruithneachta a fhástar, a stóráiltear agus a mheiltear go heisiach laistigh den limistéar táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 3.

Forlíontar é sin mar a leanas:

Is é an t-amhábhar a úsáidtear chun STFC “Pane Toscano” a ullmhú ná plúr cruithneachta de chineál 0, de chineál 1 nó de chineál 2, ina bhfuil ginidín cruithneachta, a tháirgtear ó chineálacha cruithneachta a fhástar, a stóráiltear agus a mheiltear go heisiach laistigh den limistéar táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 3.

Sonraítear dá bhrí sin go bhféadfar plúr cruithneachta de chineál 1 nó de chineál 2, ina bhfuil ginidín cruithneachta, a tháirgtear ó chineálacha cruithneachta a fhástar, a stóráiltear agus a mheiltear go heisiach laistigh den limistéar táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 3, a úsáid freisin mar amhábhar le haghaidh STFC “Pane Toscano”, chomh maith leis an bplúr de chineál 0 a úsáidtear faoi láthair.

5.

In Airteagal 5.2 den tsonraíocht táirge, tar éis cheannteidil na míre

“Muilleáil”

cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

“Déantar plúr de chineál 0 a mheilt le muileann rolláin, agus is féidir plúr de chineál 1 nó de chineál 2 a mheilt le muileann rolláin nó le cloch.”

Leis an leasú seo tugtar isteach an fhéidearthacht go ndéanfar plúr de chineál 1 agus de chineál 2 a mheilt trí chlocha muilinn a úsáid chun modh traidisiúnta a athbheochan.

Ní dhéanann sé seo difear don doiciméad aonair.

6.

In Airteagal 5.2 den tsonraíocht táirge, sa mhír “Muilleáil”, an téacs a leanas

“Ní fhéadfaidh an teocht oibriúcháin laistigh den mhuileann rolláin le linn an phróisis muilleoireachta a bheith níos airde ná 40 °C.”

leasaítear é mar a leanas:

“Ní fhéadfaidh an teocht oibriúcháin laistigh den mhuileann rolláin le linn an próisis mhuilleoireachta a bheith níos airde ná 40 °C.’ Chun plúr cloch-mheilte de chineál 1 nó de chineál 2 a tháirgeadh, téann na gráinní isteach sna clocha muilinn agus déantar iad a mheilt chun plúr a dhéanamh i bpróiseas aonair, ag fáil plúr slánghráinneach 100 %, a chriathrófar ansin agus plúr de chineál 1 agus de chineál 2 a dhéanamh; ag deireadh an phróisis muilleoireachta, tá teocht 35 °C ar a mhéad ag an bplúr. Tá an ginidín cruithneachta uile sa phlúr a fhaightear dá réir sin.”

Forlíontar an leasú roimhe seo leis an leasú seo trí thuairisc a thabhairt ar an gcaoi a ndéantar an plúr a mheilt agus an córas cloch muilinn a úsáid.

Ní dhéanann sé seo difear don doiciméad aonair.

7.

In Arteagal 5.2 den tsonraíocht táirge, sa mhír “Muilleáil”, an frása

“Díreach tar éis muilleoireachta, ní mór an plúr a stóráil sa mhuileann ar feadh 10 lá ar a laghad ó dheireadh na muilleoireachta chun a áirithiú go dtarlaíonn teacht chun cineáil.”

déantar é a fhorlíonadh mar a leanas:

“Díreach tar éis muilleoireachta, ní mór an plúr a stóráil sa mhuileann ar feadh 10 lá ar a laghad i gcás plúr de chineál 0 agus 7 lá ar a laghad i gcás plúr de chineál 1 nó de chineál 2 chun a áirithiú go dtarlaíonn teacht chun cineáil.”

Tá sé mar aidhm ag an leasú seo, atá i gcomhréir leis an gcéad leasú, an tréimhse teachta chun cineáil a shonrú le haghaidh plúr de chineál 1 agus de chineál 2, ar an mbealach céanna le plúr de chineál 0.

Ní dhéanann sé seo difear don doiciméad aonair.

8.

In Airteagal 5.2 den tsonraíocht táirge, sa mhír maidir le “Muilleoireacht”, agus i mír 3.3. den doiciméad aonair, tar éis saintréithe plúir cruithneachta boige de chineál 0, tugtar na saintréithe táirge agus teicniúla seo a leanas le haghaidh plúr de chineál 1 agus de chineál 2:

Plúr de chineál 1 agus de chineál 2

Paraiméadar

Luach

W (Chopin)

Idir 140 agus 230

P/L (innéacs)

Idir 0,30 agus 0,90

Ionsú H2O

Os cionn 54 %

C:D (cobhsaíocht Brabender)

Os cionn 5’

Uimhir titime

Os cionn 280

Tá sé mar aidhm ag an leasú seo, atá i gcomhréir le leasú 1, na saintréithe táirge le haghaidh plúr de chineál 1 agus de chineál 2 a shonrú ar an mbealach céanna agus a shonraítear le haghaidh plúr de chineál 0.

9.

In Airteagal 5.3 An próiseas déanta aráin den tsonraíocht táirge, leasaítear gach tagairt do “plúr cruithneachta boige de chineál 0” go “plúr cruithneachta boige de chineál 0 nó de chineál 1 nó de chineál 2”.

Tá sé mar aidhm ag an leasú seo, atá i gcomhréir leis an gcéad leasú, na saintréithe táirge le haghaidh plúr de chineál 1 agus de chineál 2 a shonrú ar an mbealach céanna agus a shonraítear le haghaidh plúr de chineál 0.

Ní dhéanann sé seo difear don doiciméad aonair.

10.

In Airteagal 5.3 An próiseas déanta aráin den tsonraíocht táirge, an frása:

“Fágtar na builíní ansin le suí ar feadh tréimhse dhá uair go leith ar a laghad go dtí go n-ardóidh siad go dtí an pointe barrfheabhsaithe, agus ansin cuirtear san oigheann iad lena mbácáil.”

déantar é a fhorlíonadh leis an abairt seo a leanas:

“Féadfar oighinn adhmadbhreoslaithe a úsáid.”

Leis an leasú seo is féidir cineál traidisiúnta bácála a mbíonn tomhaltóirí tugtha leis a chur chun cinn.

Ní dhéanann sé seo difear don doiciméad aonair.

11.

In Airteagal 6 den tsonraíocht táirge agus i bpointe 5 den doiciméad aonair, an tagairt do

“plúr cruithneachta boige de chineál 0”

leasaítear é mar a leanas:

“plúr cruithneachta boige de chineál 0 nó de chineál 1 nó de chineál 2”.

Ní dhéanann an leasú sin difear don mhodh bácála aráin tipiciúil a úsáidtear sa Tuscáin agus tá sé beartaithe an tsonraíocht táirge agus an doiciméad aonair a chur i gcomhréir leis an leasú dá dtagraítear i bpointe 1 den doiciméad seo.

Nasc

12.

An mhír seo a leanas ó Airteagal 6 den tsonraíocht táirge:

“Tagann tréithe STFC ‘Pane Toscano’ ón sean-mhodh bácála aráin tipiciúil a úsáidtear sa Tuscáin, lena n-eisiatar úsáid salainn mar chomhábhar sa taos agus lena n-éilítear tús gabhála taois ghéir nádúrtha chun cuidiú leis an taos éirí, úsáid plúir cruithneachta boige de chineál 0, ina bhfuil ginidín cruithneachta, a fhaightear ó chineálacha roghnaithe a fhástar sa Tuscáin le beagnach céad bliain agus cineálacha eile a dhíorthaítear uathu.”

leasaítear é mar a leanas:

“Tagann na saintréithe seo ón sean-mhodh bácála aráin tipiciúil a úsáidtear sa Tuscáin, lena n-eisiatar úsáid salainn mar chomhábhar sa taos agus lena n-éilítear tús gabhála taois ghéir nádúrtha chun cuidiú leis an taos ardú, úsáid plúir cruithneachta boige de chineál 0, de chineál 1 nó de chineál 2, ina bhfuil ginidín cruithneachta, a fhaightear ó chineálacha roghnaithe a fhástar sa Tuscáin le beagnach céad bliain agus cineálacha eile a dhíorthaítear uathu.”

Pointe 5 comhfhreagrach den doiciméad aonair:

“Saintréith de chuid STFC ‘Pane Toscano’ is ea a sheilfré, léiriú ar ardú ceart, a chosnaíonn é ar mhúscán ar feadh tréimhse i bhfad níos faide ná aráin eile a fhaightear ar an margadh sa lá atá inniu ann. Is féidir é a shainaithint ar a shaintréithe orgánaileipteacha, go háirithe an dea-bholadh de chollchnónna rósta agus blas ‘neodrach’, i.e. neamhshaillte, a ghrabhróige, ag a chrústa briosc agus poill neamhrialta a ghrabhróige agus an dath bán go dath eabhartha air.”

leasaítear é mar a leanas:

“Saintréith de chuid STFC ‘Pane Toscano’ is ea a sheilfré, léiriú ar ardú ceart, a chosnaíonn é ar mhúscán ar feadh tréimhse i bhfad níos faide ná aráin eile a fhaightear ar an margadh sa lá atá inniu ann. Is féidir é a shainaithint ar a shaintréithe orgánaileipteacha, go háirithe an dea-bholadh de chollchnónna rósta agus blas ‘neodrach’, i.e. neamhshaillte, a ghrabhróige, ag a chrústa briosc agus poill neamhrialta a ghrabhróige agus an dath bán go dath eabhartha air i gcás plúr de chineál 0 nó dath ómra aonfhoirmeach air i gcás plúr de chineál 1 nó de chineál 2.”

Ní dhéanann an leasú seo difear don mhodh bacála aráin tipiciúil a úsáidtear sa Tuscáin, lena n-eisiatar úsáid salainn mar chomhábhar sa taos agus lena n-éilítear tús gabhála taois ghéir nádúrtha chun cuidiú leis an taos éirí, úsáid plúir cruithneachta boige, ina bhfuil ginidín cruithneachta, a dhéantar as cineálacha roghnaithe a fhástar go stairiúil sa Tuscáin agus cineálacha eile a dhíorthaítear uathu. Is é is cuspóir leis an leasú seo an doiciméad aonair a chur i gcomhréir leis an leasú dá dtagraítear i bpointe 1.

Lipéadú

13.

Airteagal 8 den tsonraíocht táirge agus pointe 3.6 den doiciméad aonair:

An mhír:

“Déantar an méid a leanas a cheadú, áfach:

úsáid ainmneacha, trádainmneacha cuideachtaí agus cuibhreannas agus lógónna príobháideacha, ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leo agus nach gcuirfidís an tomhaltóir amú. Féadfaidh na tásca sin a bheith le feiceáil ar an lipéad ar an gcoinníoll nach bhfuil a gclómhéid níos mó ná an ainmníocht ‘Pane Toscano’;

faisnéis fhéideartha don tomhaltóir maidir le húsáid agus tréithe orgánaileipteacha STFC ‘Pane Toscano’, chomh maith le tagairtí stairiúla agus cultúrtha.”

leasaítear é mar a leanas:

“Déantar an méid a leanas a cheadú, áfach:

úsáid ainmneacha, trádainmneacha cuideachtaí agus cuibhreannas agus lógónna príobháideacha, ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leo agus nach gcuirfidís an tomhaltóir amú.

tagairtí don tsonraíocht táirge amhail: cineálacha cruithneachta, ‘cloch-mheilte’ agus ‘bácáilte in oigheann adhmadbhreoslaithe’;

faisnéis fhéideartha don tomhaltóir maidir le húsáid agus tréithe orgánaileipteacha STFC ‘Pane Toscano’, chomh maith le tagairtí stairiúla agus cultúrtha.

Féadfaidh na tásca sin a bheith le feiceáil ar an lipéad ar an gcoinníoll nach bhfuil a gclómhéid níos mó ná an ainmníocht ‘Pane Toscano’”;

Mar gheall ar na leasuithe a tugadh isteach is féidir saintréithe an táirge, na hamhábhair agus an próiseas táirgeachta iomlán a chur i dtábhacht, d’fhonn tuilleadh faisnéise a sholáthar do thomhaltóirí.

DOICIMÉAD AONAIR

Pane Toscano

Uimh. AE: PDO-IT-01016-AM01-29.4.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm

“Pane Toscano”

2.   Ballstát nó tríú tír

An Iodáil

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 2.4. Arán, pastaetha, cácaí, milseogra, brioscaí agus earraí bácála eile;

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Tagraíonn STFC “Pane Toscano” d’arán a dhéantar trí mhodh tipiciúil a úsáidtear sa Tuscáin, lena n-éilítear úsáid eisiach tús gabhála taois ghéir, uisce agus plúir cruithneachta boige de chineál 0, de chineál 1 nó de chineál 2, ina bhfuil ginidín cruithneachta, a dhéantar as cineálacha cruithneachta a fhástar sa limistéar táirgthe mar a shainmhínítear i bpointe 4.

Nuair a dhéantar an táirge a mhargú, ba cheart na saintréithe a leanas a bheith in STFC “Pane Toscano”:

Cruth agus meáchan: builíní a mheánn idir 0,45 kg agus 0,55 kg, a bhfuil cruth rombóideach orthu, a dtugtar “filoncino” orthu go háitiúil; builíní a mheánn idir 0,90 kg agus 1,10 kg nó idir 1,80 kg agus 2,20 kg, a bhfuil cruth dronuilleogach le coirnéil chruinne orthu, a dtugtar “filone” orthu go háitiúil;

Tiús: idir 5 agus 10 cm;

Crústa: úr agus briosc, le dath dorcha, teimhneach donn éadrom air;

Grabhróg: le haghaidh chineál 0, dath bán nó dath eabhartha, nó le haghaidh chineál 1 nó chineál 2, dath ómra aonfhoirmeach a mbaineann poill neamhrialta leo;

Dea-bholadh: collchnónna rósta;

Blas: neodrach, i.e. neamhshaillte, agus beagán searbh;

Taisleach: 40 % ar a mhéad de réir meáchain.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Plúr cruithneachta boige de chineál 0, ina bhfuil ginidín cruithneachta, leis na saintréithe táirge agus teicniúla seo a leanas:

Paraiméadar

Luach

W (Chopin)

Idir 160 agus 230

P/L (innéacs)

Idir 0,35 agus 0,65

Ionsú H2O

Os cionn 54 %

C:D (cobhsaíocht Brabender)

Os cionn 6’

Uimhir titime

Os cionn 260

Plúr cruithneachta boige de chineál 1 nó de chineál 2, ina bhfuil ginidín cruithneachta, leis na saintréithe táirge agus teicniúla seo a leanas:

Paraiméadar

Luach

W (Chopin)

Idir 140 agus 230

P/L (innéacs)

Idir 0,30 agus 0,90

Ionsú H2O

Os cionn 54 %

C:D (cobhsaíocht Brabender)

Os cionn 5’

Uimhir titime

Os cionn 280

Ní fhéadfar plúir a bhfuil luach W (Chopin) níos airde ná an luach a thugtar sa tábla a úsáid ach amháin chun an tús gabhála taois ghéir a ullmhú.

Uisce.

Téann giosta nádúrtha nó taos géar, arb é atá ann cuid de thaos ó ullmhú roimhe sin a choimeádtar i dtimpeallacht oiriúnach, faoi phróiseas coipthe agus aigéadaithe de réir a chéile. Nuair a dhéantar é a athnuachan go hiomchuí, tá an tús gabhála taois ghéir sin in ann an próiseas ardaithe a thionscnamh nuair a mheasctar leis an taos nua é.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór dóibh tarlú sa limistéar geografach sainithe

Cruithneacht a fhás, a shaothrú agus a stóráil; ansin an grán a mheilt chun an plúr ginidín cruithneachta a fháil.

An giosta nádúrtha nó an tús gabhála taois ghéir a tháirgeadh, mar atá sé nó reothriomaithe, agus “cartlann” tréithchineálacha a choimeád is féidir a úsáid chun an tús gabhála taois ghéir a athnuachan; an tús gabhála (biga) a ullmhú, an próiseas ardaithe, agus faoi dheireadh an t-arán a bhácáil.

3.5.   Sainrialacha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú, etc., an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Déantar STFC “Pane Toscano” a mhargú i bpacáistiú de ghrád bia, cibé acu slisnithe nó neamhshlisnithe. Ní mór slisniú agus pacáistiú an aráin shlisnithe agus neamhshlisnithe a dhéanamh go heisiach ag an ionad táirgthe. Ní mór na hoibríochtaí sin a dhéanamh díreach tar éis don arán fuarú chun dea-bholadh STFC “Pane Toscano” a chaomhnú agus chun éagsúlachtaí iomarcacha i gcion taise an táirge neamhslisnithe agus dromchla na slisní a sheachaint, rud a d'athródh a saintréithe orgánaileipteacha. Féadfar an táirge a shlisniú agus a phacáistiú in atmaisféar modhnaithe freisin.

De rogha air sin, féadfar an táirge a dhíol gan aon phacáistíocht ar choinníoll go bhfuil sé inaitheanta le lipéad atá oiriúnach le húsáid bhia, a chuirtear go díreach ar an mbuilín roimh bhácáil, ar a bhfuil lógó STFC agus faisnéis shainordaitheach eile.

3.6.   Sainrialacha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar ar an bpacáistíocht:

lógó STFC ‘Pane Toscana;

siombail STFC an Aontais Eorpaigh, nach mór a chur sa réimse radhairc céanna leis an ainmníocht “Pane Toscano”;

ainm agus seoladh nó suíomh an bháicéara aonair agus/nó an bháicéara chomhlachaithe.

Ní fhéadfar aon cháilíochtaí eile a chur leis na cinn a liostaítear sa tsonraíocht táirge, lena n-áirítear na téarmaí: cineál, blas, úsáid, roghnú nó cáilitheoirí comhchosúla.

Déantar an méid a leanas a cheadú, áfach:

úsáid ainmneacha, trádainmneacha cuideachtaí agus cuibhreannas agus lógónna príobháideacha, ar choinníoll nach bhfuil aon chiall mholta leo agus nach gcuirfidís an tomhaltóir amú;

tagairtí don tsonraíocht táirge amhail: cineálacha cruithneachta, “cloch-mheilte” agus “bácáilte in oigheann adhmadbhreoslaithe”;

faisnéis fhéideartha don tomhaltóir maidir le húsáid agus tréithe orgánaileipteacha STFC “Pane Toscano”, chomh maith le tagairtí stairiúla agus cultúrtha.

Féadfaidh na tásca sin a bheith le feiceáil ar an lipéad ar an gcoinníoll nach bhfuil a gclómhéid níos mó ná an sonrúchán “Pane Toscano”.

Tá lógó STFC “Pane Toscano” comhdhéanta d’íomhá a léiríonn imlíne réigiún na Tuscáine.

Image 1

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Cuimsítear leis an limistéar ina bhfaightear cruithneacht, plúr agus giosta, agus ina dtáirgtear agus ina bpacáistítear STFC “Pane Toscano”, críoch riaracháin iomlán Réigiún na Tuscáine.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Tá an nasc leis an limistéar geografach bunaithe ar thosca nádúrtha, saintréithe sonracha an táirge, chomh maith leis an toisc dhaonna agus an modh táirgthe a úsáidtear sa limistéar geografach a shainmhínítear i bpointe 4.

Tá an limistéar táirgthe do STFC “Pane Toscano” ag titim le fána anuas ó lár na tíre go dtí an cósta agus aduaidh, agus tá sléibhte Apennine ar an imeall a chosnaíonn é ar dhrochaimsir ón oirthear agus go háirithe ón oirthuaisceart, agus é go hiomlán neamhchosanta ar ghaotha agus ar fhrasaíocht ón iarthar. Ó thaobh na haeráide de, is iad teochtaí agus frasaíocht atá an-difriúil leis na cinn i ngach limistéar in aice láimhe na saintréithe a bhaineann leis an limistéar, rud a bhíonn le feiceáil ar an leibhéal réigiúnach, le linn an tséasúir fáis cruithneachta ó mhí na Samhna go dtí mí Iúil. Léiríonn na sonraí aeráide (íosteocht, meánteocht agus uasteocht, frasaíocht iomlán agus solas gréine iomlán) le linn na tréimhse idir 1981 agus 2010 gurb iad na híosteochtaí an toisc is mó a mbíonn tionchair aici ar pharaiméadair (W agus P/L) an phlúir a úsáidtear, agus in ainneoin na n-éagsúlachtaí atá sa réigiún, is léir go bhfuil an limistéar difriúil leis na limistéir eile. Sa limistéar seo fástar cruithneacht bhog ar na machairí leathana (gleannta Arno agus Tiber), ach thar aon ní eile ar na ceantair chnocacha an-mhór nó ar thalamh ard Apennine. Tá teacht chun cinn éiceaitíopaí cruithneachta áitiúla difriúla, na cineálacha lanrásacha, as ar tháinig go leor de na cineálacha a fhástar inniu go sonrach chun plúr a dhéanamh atá oiriúnach le haghaidh tháirgeadh STFC “Pane Toscano”, mar gheall ar na timpeallachtaí sin. Níl na paraiméadair tráchtála agus theicniúla chéanna ag na cineálacha céanna a fhástar i limistéir eile, fiú iad sin atá comharsanach leis an Tuscáin, a éilítear chun STFC “Pane Toscano” a tháirgeadh; deimhníonn sé sin nádúr agus tionchar sonrach na ndálaí aeráide, chomh maith le hoidhreachta géinití. Tá airíonna sreabheolaíocha an phlúir mar gheall ar an aeráid díreach ceart chun taos a ardú ag úsáid tús gabhála taois ghéir a tháirgtear agus a choimeádtar beo, ó sheisiún bácála amháin go dtí an chéad seisiún eile, a bhuí le saineolas táirgthe a cuireadh ar aghaidh i measc na mbáicéirí sa cheantar atá in ann an dáileog bheacht agus an tréimhse táirgthe a éilítear chun cáilíocht táirge sheasmhach a bhaint amach a fháil amach.

Saintréith de chuid STFC “Pane Toscano” is ea a sheilfré, léiriú ar éirí ceart, a chosnaíonn é ar mhúscán ar feadh tréimhse i bhfad níos faide ná aráin eile a fhaightear ar an margadh sa lá atá inniu ann. Is féidir é a shainaithint ar a shaintréithe orgánaileipteacha, go háirithe a dhea-bholadh de chollchnónna rósta agus blas “neodrach”, i.e. neamhshaillte, a ghrabhróige, a chrústa briosc agus poill neamhrialta a ghrabhróige agus an dath bán go dath eabhartha air i gcás plúr de chineál 0 nó dath ómra aonfhoirmeach air i gcás plúr de chineál 1 nó de chineál 2. Is féidir STFC “Pane Toscano” a aithint freisin ar a luach cothaitheach ard agus a dhíleáiteacht mar gheall ar úsáid meascáin plúr ísealghlútáin ag a bhfuil luach cothaitheach an ghinidín cruithneachta (murab ionann é agus cleachtas forleathan an lae inniu an ginidín cruithneachta a chur leis le linn próiseála), agus mar gheall ar an easpa stairiúil salainn ina chomhábhair.

An nasc idir an limistéar geografach agus cáilíocht agus saintréithe táirge STFC “Pane Toscano”, is gné dhílis é den phróiseas fada déanta aráin, lena mbeadh an tús gabhála taois ghéir in ann (in éagmais salainn) na comhpháirteanna sin a bhaint as an bplúr cruithneachta boige a thugann, nuair a bhíonn an t-arán bácáilte, an blas, an chuma agus an tseilfré thipiciúil don táirge.

Tagann na saintréithe sin ón sean-mhodh bácála aráin tipiciúil a úsáidtear sa Tuscáin, lena n-eisiatar úsáid salainn mar chomhábhar sa taos agus lena n-éilítear tús gabhála taois ghéir nádúrtha chun cuidiú leis an taos ardú, úsáid plúir cruithneachta boige de chineál 0, de chineál 1 nó de chineál 2, ina bhfuil ginidín cruithneachta, a fhaightear go príomha ó chineálacha roghnaithe a fhástar sa Tuscáin ó thús an fichiú haois.

Dealraíonn sé go n-eascraíonn easpa salainn i “Pane Toscano” ó dhíospóid stairiúil, thipiciúil Thuscánach, idir na cathracha iomaíocha ag an am, Flórans agus Pisa sa dara haois déag.

Ní mór don tús gabhála taois ghéir go háirithe idirghníomhú le plúir a bhfuil na saintréithe cáilíochta cruithneachta acu a liostaítear i bpointe 3.3 agus a tháirgtear sa limistéar a shainmhínítear i bpointe 4, i.e. cruas íseal, luach W íseal agus luach meánach P/L. Deimhnítear na saintréithe sin, a cruthaíodh ó thaobh staidrimh de do na cineálacha a fhástar i réimse STFC “Pane Toscano” agus nár cruthaíodh i limistéir in aice láimhe, le sainiúlacht shuntasach aeráide a mbíonn tionchar aici ar an ngéinitíopa a bhuí leis na teochtaí agus go háirithe leis na híosteochtaí.

Díorthaítear an chuid is mó de na cineálacha cruithneachta boige coitianta a fhástar inniu chun an t-arán seo a dhéanamh ó mháthairchineálacha a roghnaíodh i ngleann Valdichiana go luath san fhichiú haois, agus a bunaíodh ansin i limistéar táirgthe STFC “Pane Toscano”.

Toisc eile is ea go leanann na báicéirí ar aghaidh ag úsáid plúr a tháirgtear gan an ginidín cruithneachta a bhaint, rud a chuidíonn go soiléir le luach cothaitheach is airde an aráin.

Ní hamháin go mbíonn tionchar dearfach ag láithreacht an ghinidín cruithneachta, atá go hiomlán as láthair sa lá atá inniu ann sna plúir a úsáidtear chun arán cineálach a dhéanamh, ar shaintréithe cothaitheacha STFC “Pane Toscano” ach ar an bpróiseas ardaithe mar gheall go bhfuil ginidín cruithneachta saibhir in einsímí a chuidíonn le siúcraí comhdhúileacha a bhriseadh síos freisin. Toisc eile atá mar shaintréith an táirgthe seo is ea úsáid shaineolaíoch na dtús gabhála taois ghéir a tháirgeann báicéirí a chruthaíonn, trí uisce agus an plúr céanna a úsáidtear chun STFC “Pane Toscano” a dhéanamh a mheascadh, na dálaí le haghaidh coipeadh aigéid lachtaigh, as a dtagann comhdhúile a thugann an dea-bholadh agus an blas tipiciúil don arán le linn bácála. Ar deireadh, ní hamháin go mbíonn tionchar ag úsáid salainn ar na próisis choipthe, ach is léir gur saintréith é de bhlas an táirge bia thipiciúil Thuscánaigh seo.

Sa chomhthéacs seo ina bhfuil idirghníomhú tosca éagsúla, is é an rud is tábhachtaí ar fad ná ceardaíocht na mbáicéirí, a bhuí lena n-eolas críochnúil ar na paraiméadair cháilíochta nach mór a urramú agus ar ullmhú an túis taois ghéir, agus a bhuí lena n-aird ar leith le linn na gcéimeanna ardaithe agus bácála, bíonn táirge an-tipiciúil le luach cothaitheach ard mar thoradh air sin.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

(an dara fomhír d’Airteagal 6(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 668/2014 ón gCoimisiún)

Tá téacs iomlán na sonraíochta táirge le fáil ar an suíomh gréasáin seo a leanas: http://www.politicheagricole.it/flex/cm/pages/ServeBLOB.php/L/IT/IDPagina/3335”

nó mar rogha ar an méid sin:

trí dhul go díreach chuig leathanach baile don bheartas ón Aireacht um Thalmhaíocht, Bia agus Foraoiseacht (www.politicheagricole.it) agus cliceáil ar “Qualità” (ar thaobh na láimhe deise ar bharr an scáileáin), agus ansin ar “Prodotti DOP IGP STG” (ar thaobh na láimhe clé den scáileán) agus ar deireadh ar “Disciplinari di Produzione all’esame dell’UE”.

(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.