ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 365

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
23 Meán Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

I   Rúin, moltaí agus tuairimí

 

RÚIN

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 570ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Interactio, 15.6.2022-16.6.2022

2022/C 365/01

Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis An Úcráin an fhóirithint agus an atógáil tograí ó shochaí shibhialta na hEorpa

1

 

TUAIRIMÍ

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 570ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Interactio, 15.6.2022-16.6.2022

2022/C 365/02

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Tionscal Troscáin na hEorpa — Téarnamh i dtreo geilleagar nuálach glas ciorclach (tuairim féintionscnaimh)

7


 

III   Gníomhartha ullmhúcháin

 

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

 

An 570ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Interactio, 15.6.2022-16.6.2022

2022/C 365/03

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le a) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Dearbhú Eorpach maidir le cearta digiteacha agus prionsabail dhigiteacha a bhunú le haghaidh na Deacáide Digití (COM(2022) 27 final) agus maidir le b) Cearta agus prionsabail dhigiteacha (tústuairim)

13

2022/C 365/04

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí) (COM(2022) 68 final — 2022/0047 (COD))

18

2022/C 365/05

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Gníomh Eorpach um Shliseanna (COM(2022) 45 final)

23

2022/C 365/06

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna) (COM(2022) 46 final — 2022/0032 (COD))

34

2022/C 365/07

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna (COM(2022) 47 final — 2022/0033 (NLE))

40

2022/C 365/08

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (COM(2022) 150 final — 2022/0099 (COD))

44

2022/C 365/09

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 (COM(2022) 151 final — 2022/0100 (COD))

50

2022/C 365/10

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir (COM(2022) 171 final — 2022/0111(COD))

55

2022/C 365/11

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin (COM(2022) 242 final — 2022/0166 (COD))

57

2022/C 365/12

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Responding to state-sponsored instrumentalisation of migrants at the EU external border [Aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú státurraithe imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais] (JOIN(2021) 32 final) (níl leagan Gaeilge ann)

60

2022/C 365/13

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Aontais i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (COM(2022) 89 final — 2022/0068 (COD))

66


GA

 


I Rúin, moltaí agus tuairimí

RÚIN

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 570ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Interactio, 15.6.2022-16.6.2022

23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/1


Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis An Úcráin an fhóirithint agus an atógáil tograí ó shochaí shibhialta na hEorpa

(2022/C 365/01)

Bunús dlí

Riail 52(4) de na Rialacha Nós Imeachta

Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach

16.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

206/2/2

Príomhtheachtaireachtaí

1.

Stádas mar thír is iarrthóir don Úcráin. Tá CESE á iarraidh ar an gComhairle Eorpach stádas mar thír is iarrthóir a thabhairt don Úcráin ag an gcruinniú a bheidh aici an 23-24 Meitheamh 2022. Ní mór stádas na hÚcráine mar thír is iarrthóir a dheonú gan dochar do phróiseas aontachais na mBalcán Thiar atá fós ar siúl. Tá CESE i bhfabhar lánpháirtiú de réir a chéile bunaithe ar chomhlíonadh an acquis communautaire.

2.

Seasann sochaí shibhialta na hEorpa i ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin agus le muintir na hÚcráine. D’fhreagair an tsochaí shibhialta go pras agus go héifeachtúil, rud a spreag rabharta tacaíochta nach bhfacthas a leithéid riamh i measc na saoránach. Ní mór cúnamh daonnúil a mhéadú agus ba cheart é a chur ar fáil mar thacaíocht dhíreach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna). Ba cheart dlúthbhaint a bheith ag eagraíochtaí neamhrialtasacha speisialaithe, i gcomhar le ESSanna, leis an bpleanáil maidir le cúnamh daonnúil AE agus náisiúnta agus le faireachán a dhéanamh air.

3.

Deiseanna a chur ar fáil do dhídeanaithe don todhchaí. Tá sé á iarraidh ag CESE go dtabharfaí na cearta céanna do dhídeanaithe agus a thugtar do shaoránaigh an Aontais maidir le cúram sláinte agus rochtain ar an margadh saothair (aitheantas do cháilíochtaí, rochtain ar sheirbhísí na ngníomhaireachtaí fostaíochta, cúrsaí teanga, córais sláinte agus oideachais), rudaí atá ríthábhachtach chun nach dtiocfaidh méadú ar bhochtaineacht i measc na ndídeanaithe. Is féidir leis na comhpháirtithe sóisialta, tríd an gcómhargáil agus trí bhearta ad hoc, cuidiú le hoibrithe a lánpháirtiú agus gan iad a chur i mbaol an dúshaothraithe agus na dumpála sóisialta. Tá béim ar leith á leagan ag CESE ar ról ESSanna i gcosaint agus in athimeascadh grúpaí leochaileacha a ndéantar dearmad orthu go minic: mionaoisigh neamhthionlactha, leanaí scartha agus leanaí ó shuíomhanna cúraim institiúidigh, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh Romacha agus íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh.

4.

Atógáil. Tá cúnamh airgeadais Eorpach agus idirnáisiúnta de dhíth láithreach chun nach scriosfar geilleagar na hÚcráine ina iomláine. Ní mór tacaíocht airgeadais a chur ar fáil chun tacú le FBManna, le feirmeoirí na hÚcráine don fhómhar seo chugainn agus le sochaí shibhialta na hÚcráine, lena n-áirítear eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn, chun go leanfaidh siad de bheith ag feidhmiú go hiomlán in aimsir chogaidh. Ní mór na hiarrachtaí atógála a chur chun cinn leis an nuálaíocht. Ní mór dlúthbhaint a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta lena chinntiú gur féidir athchóirithe ar an smacht reachta, an comhrac i gcoinne an éillithe agus an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a bhaint amach.

5.

An ghéarchéim eacnamaíoch. Níor cheart don chogadh an bonn a bhaint de na beartais i ndáil leis an aistriú glas san Aontas. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais na bearta is gá a ghlacadh chun srian a chur le hamhantraíocht iomarcach maidir le tráchtearraí, chun trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú agus chun deireadh a chur go sealadach le gach bac ar allmhairí earraí talmhaíochta d’fhonn géarchéim na bpraghsanna bia a mhaolú. Tá rabhadh á thabhairt aige nach leor ciste Next Generation EU ná an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaineann leis ná an tsolúbthacht faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 atá ann faoi láthair chun na riachtanais airgeadais a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin a chumhdach ina n-iomláine.

6.

Ról na Sochaí Sibhialta. Tá caidreamh ag CESE le ESSanna na hÚcráine le fada an lá, rud atá thar a bheith tábhachtach chun na bealaí a choinneáil ar oscailt agus chun rannpháirtíocht i bpróiseas lánpháirtithe an Aontais a chumasú. Tá CESE ag iarraidh ar na Ballstáit dlús suntasach a chur le fothú acmhainneachta, le tacaíocht eagraíochtúil agus le tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ESSanna na hÚcráine. Molann sé go bhforbrófaí comhpháirtíochtaí idir eagraíochtaí óige an Aontais agus na hÚcráine agus molann sé imeacht a eagrú ina ndíreofaí ar ghníomhaíochas i measc an aosa óig agus ar an ról a bheidh aige sin maidir le hatógáil na hÚcráine amach anseo. Tá CESE tiomanta a ndícheall a dhéanamh chun comhar agus malartuithe idir ESSanna na hÚcráine a neartú agus chun leanúint de dhlúthpháirtíocht agus flaithiúlacht an Aontais i leith na hÚcráine a chur chun cinn. Chuige sin, beidh ócáid á reáchtáil ag CESE le sochaí shibhialta na hÚcráine agus le sochaí shibhialta an Aontais an 19 Iúil in Kraków.

San am céanna, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE nach féidir na ESSanna neamhspleácha atá fós sa Rúis a thréigean.

TÁ COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA (CESE)

1.

ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le muintir na hÚcráine agus á chur in iúl an athuair go gcáineann sé go géar an t-ionsaí gan chúis gan údar a rinne Cónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine faoi cheannaireacht an Uachtaráin Vladimir Putin, agus tá aird á tarraingt aige ar a rún roimhe seo An Cogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige (1), a glacadh an 24 Márta 2022;

2.

á chur in iúl go bhfuil an-chaillteanas mar gheall ar an gcogadh tragóideach seo, atá ar siúl ar ithir na hEorpa le beagnach ceithre mhí anuas; cailleadh líon mór daoine mar thoradh air, sibhialtaigh ina measc, agus ba é ba chúis le scrios agus fulaingt uafásach; tá méadú tagtha ar an mbochtaineacht ar fud an domhain agus rinneadh damáiste doláimhsithe don tsochaí, don gheilleagar agus don chomhshaol, agus tá rabharta dídeanaithe agus daoine easáitithe anois ann nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo; á iarraidh go n-urramófaí an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus go ndéanfaí na coireanna cogaidh atá á ndéanamh ag na hionróirí i gcathracha agus i sráidbhailte na hÚcráine a thaifeadadh, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go cuí;

3.

á iarraidh go mbeidh sos cogaidh láithreach ó thaobh na bpáirtithe uile de; á athdhearbhú gur cheart réiteach taidhleoireachta a lorg i gcónaí agus á chur i bhfáth gur cheart an cuardach ar chur chuige síochánaíochta agus ar chaibidlíocht a bheith ina thosaíocht ar gach leibhéal den díospóireacht pholaitiúil, agus é á éileamh san am céanna go ndéanfar trúpaí na Rúise a tharraingt siar go hiomlán ón Úcráin; ag tathant ar an Aontas leanúint de chúnamh a thabhairt don Úcráin agus dá muintir, mar a cuireadh ar fáil ó thosaigh an cogadh an chéad lá; á iarraidh go ndéanfar faireachán mionsonraithe ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil na smachtbhannaí tar éis fhogha míleata na Rúise;

4.

ag tabhairt dá aire go dtéann an cogadh ar theorainn thoir an Aontais i gcoinne stair, fhealsúnacht agus fhéiniúlacht an Aontais; á chur i bhfáth gur bagairt iad iarmhairtí an chogaidh do luachanna an Aontais, do shaoirse agus do chearta shaoránaigh an Aontais agus áitritheoirí eile agus do shamhail Eorpach an gheilleagair shóisialta margaidh; á thabhairt chun suntais gur colúin bhunaidh de chuid an Aontais Eorpaigh iad an tsíocháin agus an rathúnas agus go raibh ról lárnach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) le fiche nó tríocha bliain anuas maidir le cultúr na síochána a chur chun cinn go gníomhach ar mhór-roinn na hEorpa, maidir le rannchuidiú leis an gcultúr sin agus maidir leis an gcultúr sin a chothabháil;

5.

á chur i bhfios go láidir nach mór Cónaidhm na Rúise agus a cuid ionadaithe reatha a chur ar fionraí ó chomhlachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag tosú leis na cinn sin atá dírithe ar shíocháin a choinneáil, ar chearta an duine a chosaint, agus ar fhorbairt inbhuanaithe agus timpeallacht shábháilte a áirithiú;

An staid dhaonnúil

6.

á thabhairt dá aire gur theith níos mó ná 6,8 milliún duine (2) ón Úcráin ó chuir an Rúis tús leis an gcogadh, rud a fhágann gurb í seo an ghéarchéim dídeanaithe is mó fás ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann; á chur in iúl, thairis sin, gur easáitíodh ocht milliún duine laistigh den Úcráin (3) agus go raibh ar thart ar aon trian de dhaonra na hÚcráine teitheadh óna mbaile dá bhrí sin;

7.

á aithint go raibh tionchar mór ag rabharta teifeach na hÚcráine ar thíortha Eorpacha, eadhon an Pholainn, an Rómáin, an Ungáir, Poblacht na Seice, an tSlóvaic agus an Mholdóiv (4), agus gur thug na tíortha sin agus go háirithe a gcuid ESSanna freagairt ghasta agus éifeachtúil, rud a spreag slógadh deonach saoránach ar an talamh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo;

8.

á chur in iúl go láidir nach mór cistí an Aontais don chúnamh daonnúil a mhéadú agus gur cheart iad a eisíoc, go háirithe, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun go dtabharfar tacaíocht dhíreach do ESSanna atá gníomhach i lánpháirtiú socheacnamaíoch na ndídeanaithe agus chun go ndéanfar iad a rannpháirtiú;

9.

ag tathant ar na Ballstáit, ar réigiúin an Aontais agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta an leas is éifeachtaí agus is gasta is féidir a bhaint as na deiseanna atá ann tacú le dídeanaithe ón Úcráin a cruthaíodh leis an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE), a mhol an Coimisiún Eorpach an 8 Márta 2022, i gcomhar leis an athbhreithniú ar Rialachán REACT-EU arna mholadh ag an gCoimisiún an 23 Márta 2022; á chur i bhfáth gur cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear ENRanna speisialaithe, an tacaíocht sin a dháileadh go príomha agus gur cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach go díreach freisin i gcúnamh daonnúil AE agus náisiúnta a eagrú agus faireachán a dhéanamh air;

10.

á mholadh, agus an smacht reachta á urramú san am céanna, athrú cuspóra a chur i bhfeidhm i dtaca le coigiltis arna nginiúint i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 agus san ionstraim REACT-EU chun gur féidir iad a atreorú go tapa agus go solúbtha chun tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe; agus á mholadh ciste ar leith a bhunú chun na críche sin i gcás nach leor na cistí atá ar fáil faoi láthair chun dídeanaithe a ghlacadh agus a lánpháirtiú sa mhargadh saothair agus sóisialta, lena n-áirítear do sheirbhísí cúraim, tithíocht, bia, cúnamh ábhartha, cláir oiliúna agus seirbhísí poiblí fostaíochta;

11.

á thabhairt chun suntais gur mheas saoránaigh na hEorpa go raibh an tAontas dá gcosaint agus ag cur deiseanna ar fáil leis an bhfreagairt Eorpach ar ghéarchéim COVID-19, go háirithe trí chlár SURE agus Next Generation EU (NGEU) a chruthú; á chur i dtreis nach leor ciste NGEU, ná an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaineann leis ná an tsolúbthacht faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 atá ann faoi láthair chun na riachtanais airgeadais a eascraíonn as an gcogadh san Úcráin a chumhdach ina n-iomláine; á thabhairt dá aire, ó thaobh scála de, nár ceapadh na hionstraimí sin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua a eascraíonn as ionsaí agus ionradh na Rúise agus infheistíochtaí á gcoinneáil san am céanna i gcláir agus i mbeartais an Aontais, lena n-áirítear tosaíochtaí tábhachtacha amhail an t-aistriú cóir, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach;

12.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le mapáil agus comhordú níos fearr i measc na ngeallsealbhóirí uile a bhfuil baint acu le cúnamh daonnúil agus cúnamh leighis chun a áirithiú go gcabhraítear go tapa agus go héifeachtúil le gach duine atá thíos leis an gcogadh;

13.

á chur i bhfios go láidir nach mór bearta agus gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh i réimsí éagsúla amhail urraim do chearta an duine agus coireanna cogaidh a dhoiciméadú agus á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bhunaigh an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe Grúpa Comhairleach maidir le Coireanna Ainghníomhacha;

14.

á chur i bhfáth gur cheart rochtain ar an gcóras sláinte poiblí a chur ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin ar an mbonn céanna le saoránaigh an Aontais, chomh maith le rochtain ar chúnamh riachtanach sláinte gnéis agus atáirgthe, ar fhrithghiniúint éigeandála agus ar chúram ginmhillte agus cúram cnáimhseach d’íospartaigh éignithe;

15.

á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar na mionaoisigh neamhthionlactha, ar leanaí scartha agus ar leanaí ó shuíomhanna cúraim institiúidigh ón Úcráin, chun a áirithiú go bhfreastalófar ar a bpríomhriachtanais, go ndéanfar iad a shainaithint agus a rianú i gceart agus go roinnfear sonraí idir na Ballstáit d’fhonn iad a athaontú lena dteaghlaigh nó iad a athimeascadh i sochaí na hÚcráine ar ball, agus é á ráthú san am céanna go gcosnófar iad ar mhí-úsáid nó ar gháinneáil daoine;

16.

á thabhairt chun suntais staid uafásach daoine faoi mhíchumas atá ag iarraidh na limistéir chogaidh san Úcráin a fhágáil, nó a bhfuil dúshláin shuntasacha rompu mar dhídeanaithe i dtíortha óstacha; á áitiú gur cheart caitheamh go cothrom le gach dídeanaí, gan beann ar a gcúlra eitneach, a náisiúntacht ná a míchumas; á chur in iúl, i gcás daoine faoi mhíchumas, gur cheart dóibh cúnamh iomlán a fháil maidir le saol neamhspleách a bhunú agus nár cheart iallach a chur orthu dul isteach in institiúidí i dtíortha óstacha;

17.

á chur i bhfáth go bhfuil rannpháirtíocht i margadh an tsaothair ríthábhachtach maidir le lánpháirtiú agus maidir leis na leibhéil bochtaineachta a laghdú; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an baol ann go mbeidh na dídeanaithe ón Úcráin ar na dídeanaithe is lú cosanta, go bhfaighidh siad an pá is ísle, go mbeidh siad ag obair faoi bhun a gcáilíochtaí, agus go mbeidh siad ar na grúpaí is leochailí i margadh an tsaothair gan cosaint shóisialta, saoirse comhlachais ná cearta oibrithe acu; ag leagan béim, i ndáil leis sin, ar an ngá le haghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar chásanna ina bhfuil dálaí oibre éagothroma ann agus a áirithiú go mbeidh na cearta céanna ag oibrithe agus atá ag saoránaigh an Aontais agus nach mbeidh siad i mbaol an dúshaothraithe agus na dumpála sóisialta; á iarraidh go ndearfaí straitéisí meántéarmacha agus fadtéarmacha do na hÚcránaigh sin ar mian leo fanacht ina dtír óstach, chun iad a lánpháirtiú go hiomlán i margaí saothair an Aontais;

18.

á chur i dtreis gur féidir ról ríthábhachtach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta tríd an gcómhargáil agus trí bhearta agus comhaontuithe ad hoc chun lánpháirtiú oibrithe ón Úcráin i margadh saothair an Aontais a éascú; á chur in iúl gur cheart do ghníomhaireachtaí fostaíochta tacú le dídeanaithe lena raon iomlán seirbhísí, lena n-áirítear comhairleoireacht, ullmhú próifílí iarratasóirí, gníomhaíochtaí socrúcháin agus uirlisí tacaíochta a thairiscint agus á iarraidh ar na Ballstáit seirbhísí a bhunú le dídeanaithe a mheaitseáil le fostóirí ionchasacha, nó tacú leis na seirbhísí sin;

19.

á chur in iúl go láidir gur réamhriachtanas ríthábhachtach é aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí d’fhonn dídeanaithe ón Úcráin a lánpháirtiú i margadh saothair na dtíortha óstacha agus d’fhonn coinníollacha fostaíochta forbhásacha a sheachaint; ag tathant go mbunófaí rialacha agus treoirlínte éifeachtúla chun aitheantas gasta ach cúramach a thabhairt do cháilíochtaí, chun rochtain a fháil ar chúrsaí teanga agus chun rochtain a fháil ar an oideachas agus ar an ngairmoiliúint do dhaoine óga atá ar a dteitheadh ón Úcráin;

20.

á chur i bhfios go láidir nach mór gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir le daoine fásta agus leanaí atá ag lorg tearmainn san Aontas leanúint dá gconair oideachais agus á chur i dtreis nach mór aird ar leith a thabhairt ar leibhéal na scoile, ní hamháin ar bhacainní teangeolaíocha a shárú, ach ar an gcaoi a ndeileáiltear le comharthaí tráma freisin, a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha fadtéarmacha a bheith acu;

21.

á chur i bhfios go láidir go gcaithfear an rochtain chéanna ar chórais slándála sóisialta agus ar sheirbhísí sóisialta agus atá ag saoránaigh an Aontais a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin;

Atógáil na hÚcráine agus peirspictíocht an Aontais Eorpaigh

22.

á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur bunaíodh “ardán atógála don Úcráin” ar an leibhéal idirnáisiúnta, dá bhforáiltear sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Fóirithint agus atógáil na hÚcráine agus gur díol sásaimh dó freisin an príomhról a ghlac an tAontas maidir le cúnamh idirnáisiúnta a chur ar fáil don Úcráin;

23.

á iarraidh ar an Aontas Eorpach cistiú éigeandála a chur ar fáil do FBManna san Úcráin, ar cheart é a úsáid ar dtús chun na FBManna sin a chaomhnú agus chun a bhfás a chur chun cinn ina dhiaidh sin. Ní mór é a bheith mar phríomhchuspóir eile d’iarrachtaí an Aontais san Úcráin cosc a chur ar scriosadh iomlán gheilleagar na hÚcráine;

24.

á chur i dtreis gur rud aonuaire é atógáil iarchogaidh na hÚcráine ar cheart di rannchuidiú le sochaí shibhialta níos láidre a chothú agus geilleagar nua a fhorbairt, a bheidh bunaithe ar na teicneolaíochtaí glasa agus digiteacha is déanaí, agus é sin á spreagadh freisin ag an nuálaíocht;

25.

ag áitiú, áfach, nach féidir athchóirithe ar an smacht reachta, an comhrac i gcoinne an éillithe ná an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a leagtar béim orthu, a bhaint amach gan fíor-rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus á iarraidh go mbeadh dlúthbhaint ag ESSanna le hiarrachtaí atógála, lena n-áirítear an sásra “Rebuild Ukraine” a phleanáil agus a chur chun feidhme, ós rud é gurb iad is fearr atá in ann riachtanais shaoránaigh na hÚcráine a chur in iúl agus cabhrú leis an obair leantach maidir le hiarrachtaí atógála agus ailíniú le reachtaíocht an Aontais;

26.

á chur in iúl nár cheart don choinbhleacht agus na hiarmhairtí a bhaineann léi an bonn a bhaint de na beartais i ndáil leis an aistriú glas san Aontas ach gur cheart dlús a chur lena gcur chun feidhme;

27.

ag tathant ar an gComhairle agus ar an bParlaimint féachaint ar úsáid a bhaint as saoráidí stórála gáis i dtríú tíortha comharsanachta, rud a thabharfaidh breisluach maidir le slándáil an tsoláthair, go háirithe san Úcráin;

28.

ag tarraingt aird ar an ngéarchéim dhomhanda maidir le praghas an bhia atá dulta in olcas mar gheall ar chogadh na hÚcráine agus tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais na bearta is gá a dhéanamh chun srian a chur le hamhantraíocht iomarcach maidir le tráchtearraí agus chun trédhearcacht an mhargaidh a fheabhsú;

29.

á chur i dtreis nach mór bearta a dhéanamh anois chun tacú le feirmeoirí na hÚcráine don fhómhar seo chugainn; á iarraidh, ina theannta sin, go mbainfí láithreach ar bhonn sealadach, na constaicí ar fad, idir chonstaicí riaracháin agus chonstaicí fhisiciúla, ar ghluaiseacht earraí talmhaíochta d’fhonn líon na n-allmhairí chuig margadh inmheánach an Aontais a mhéadú go mear, agus chuig áiteanna eile ar domhan amhail an Afraic, in earnálacha inar féidir leis an Úcráin onnmhairiú fós; á iarraidh go ndéanfaí calafoirt na hÚcráine a athoscailt láithreach bonn agus go ndéanfaí an limistéar a dhímhianú faoi choimirce na Náisiún Aontaithe chun onnmhairiú táirgí talmhaíochta amhail arbhar, ola lus na gréine, síolta lus na gréine, pónairí soighe agus mil a cheadú;

30.

á iarraidh ar an gComhairle Eorpach stádas iarrthóra ar bhallraíocht AE a thabhairt don Úcráin ina cruinniú i mí an Mheithimh 2022;

31.

ag tacú le haontachas na hÚcráine leis an Aontas, bunaithe ar fhiúntas agus i gcomhréir le caighdeáin chomhaontaithe maidir le haontachas leis an Aontas; á iarraidh, gan dochar do phróiseas aontachais na mBalcán Thiar atá fós ar siúl (5), go ndéanfaí an beartas comhtháthaithe agus a ionstraimí airgeadais a oiriúnú dá réir sna blianta atá le teacht chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hatógáil iarchogaidh na tíre; á iarraidh go ndéanfaí anailís chríochnúil ar an acmhainneacht eacnamaíoch agus shóisialta a bhainfeadh leis an Úcráin a chomhtháthú sa Mhargadh Aonair;

32.

á chur in iúl gur féidir leis an Aontas Eorpach céimeanna a chur i bhfeidhm de réir a chéile, gan na caighdeáin ballraíochta a ísliú, chun an acquis communautaire a bhaint amach; á chur i bhfáth, i bhfianaise aon ionsaí míleata, nach mór an aontacht idir Ballstáit AE a bheith ina riail i gcónaí maidir leis an mbeartas um méadú; á mholadh go bhféachfaí ar bhealaí eile chun gur féidir le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad páirt a ghlacadh in ollstruchtúr eacnamaíoch, sóisialta agus slándála na hEorpa; á chur in iúl, áfach, nár cheart féachaint ar na comhpháirtíochtaí ná ar na comhlachais sin mar rogha mhalartach ar bhallraíocht an Aontais;

Tacaíocht d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta

33.

á thabhairt chun suntais ról Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa i ndáil le hidirchaidreamh a dhéanamh le ESSanna na hÚcráine agus bealaí a choinneáil ar oscailt leo a bhuíochas dá stair fhada de theagmhálacha déthaobhacha idir an tAontas agus sochaí shibhialta na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, an méid a baineadh amach le sásraí seanbhunaithe, go háirithe Ardán Sochaí Sibhialta AE-na hÚcráine agus grúpaí comhairleacha baile de chuid an Aontais agus na hÚcráine a bunaíodh faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin; á iarraidh ar an Aontas tacú le rannpháirtíocht ESSanna na hÚcráine i líonraí ESS an Aontais Eorpaigh;

34.

á chur i dtábhacht an gá atá leis an bpróiseas fothaithe acmhainneachta a sheoladh do ESSanna na hÚcráine chun go mbeidh siad in ann páirt a ghlacadh i bpróiseas lánpháirtithe an Aontais agus chun cur ar a gcumas an próiseas sin a mhúnlú agus faireachán a dhéanamh air;

35.

á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar an tacaíocht do shochaí shibhialta na hÚcráine, lena n-áirítear eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn, trí chistí tiomnaithe AE, chun go leanfaidh siad de bheith ag feidhmiú go hiomlán in aimsir chogaidh; ag tabhairt rabhaidh i gcoinne iarrachtaí an cogadh a úsáid chun údar a thabhairt do ghníomhaíochtaí chun cosaint chearta na n-oibrithe agus cosaint shóisialta a laghdú, rud a chuirfeadh le hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta an chogaidh;

36.

á chur chun suntais an ról atá ag na ESSanna Eorpacha sin a bhíonn ag lorg réitigh síochánaíochta agus a thugann aghaidh go gníomhach ar thionchair éagsúla na géarchéime san Úcráin ó thaobh cúrsaí sóisialta, daonnúla, eacnamaíocha agus polaitiúla de; agus ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé tacaíocht chuimsitheach agus cúnamh cuimsitheach a chur ar fáil dóibh trí chláir arna maoiniú ag an Aontas Eorpach a ceapadh go sonrach chun na críche sin;

37.

á chur in iúl gur geal leis an méid a rinne ESSanna ó Bhallstáit an Aontais go dtí seo chun tacaíocht a chur ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin, cabhair ar mó í ná an chabhair a thug na húdaráis ábhartha phoiblí; á iarraidh ar na Ballstáit dlús suntasach a chur lena dtacaíocht eagraíochtúil agus airgeadais do na heagraíochtaí sin, lena n-áirítear ó chistí de chuid an Aontais Eorpaigh;

38.

á mholadh go gcuirfí daoine óga atá ar a dteitheadh ón Úcráin san áireamh i gcláir malartaithe ollscoile AE agus tá béim a leagan aige ar a thábhachtaí atá sé daoine óga na hEorpa, a thacaíonn le luachanna na hEorpa, a shlógadh agus cumas na ndaoine sin a neartú; ag spreagadh comhpháirtíochtaí idir Comhairlí Náisiúnta Óige AE agus na hÚcráine, chomh maith le malartuithe idir daoine óga ón Aontas agus ón Úcráin agus eagraíochtaí óige. D’fhéadfaí a áireamh ar an gcomhar sin eagrú imeachta ina ndíreofaí ar ghníomhaíochas i measc an aosa óig agus ar an ról a bheidh aige sin maidir le hatógáil na hÚcráine amach anseo;

39.

á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do bhainc bhia a bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na bacainní a bhaineann le deonú bia, ós rud é go bhfuil cúnamh bia bunriachtanach chun freastal ar riachtanais éigeandála mhuintir agus dhídeanaithe na hÚcráine;

40.

á chur i dtábhacht an gá atá ann leanúint de thacaíocht idirnáisiúnta a thabhairt do ESSanna ón Úcráin agus ó thíortha eile atá ag troid ar son chosaint an chomhshaoil agus á aithint go mbeidh tionchar tromchúiseach ag an gcoinbhleacht ar an gcomhshaol;

41.

á chur chun suntais an gá atá ann tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do mheáin neamhspleácha ardcháilíochta agus do sheiceálaithe fíricí ardcháilíochta, lena n-áirítear i gcomharsanacht an Aontais, ós rud é go bhfuil siad ríthábhachtach chun athléimneacht i gcoinne na bolscaireachta agus na bréagaisnéise a neartú; á iarraidh ar an Aontas feachtas frithbholscaireachta níos láidre a chur chun feidhme, go háirithe i dtríú tíortha san Afraic agus san Áise, chun gníomhú in aghaidh an chogaidh bréagaisnéise;

42.

á chur in iúl gur cúis mhór imní dó staid na sochaí sibhialta neamhspleách sa Rúis agus staid na meán agus na n-iriseoirí a chuireann foinsí malartacha faisnéise ar fáil do shaoránaigh na Rúise d’fhonn bolscaireacht na Rúise a chomhrac; á iarraidh go dtabharfadh an tAontas tacaíocht do na ESSanna agus do na daoine aonair sin ar mian leo leanúint dá ngníomhaíochtaí sa Rúis agus go mbeadh víosaí daonnúla ar fáil do ghníomhaithe na sochaí sibhialta atá toilteanach an tír a fhágáil; á chur in iúl go bhfuil roinnt eagraíochtaí Rúiseacha ag cabhrú le hÚcránaigh ar easáitíodh iad sa Rúis, an tAontas Eorpach nó iarthar na hÚcráine a bhaint amach agus go bhfuil tacaíocht shonrach de dhíth ar na heagraíochtaí sin chun víosaí a fháil do dhídeanaithe ón Úcráin atá toilteanach an Rúis a fhágáil;

43.

tiomanta a ndícheall a dhéanamh chun comhar agus malartuithe le ESSanna na hÚcráine a neartú, agus chun leanúint de dhlúthpháirtíocht agus flaithiúlacht an Aontais i leith na hÚcráine a chur chun cinn agus tá sé réidh a shaineolas maidir leis an idirphlé sóisialta agus sibhialta a chomhdhlúthú a chur ar fáil d’údaráis an Aontais agus d’údaráis na hÚcráine. Chuige sin, beidh ócáid á reáchtáil ag CESE le sochaí shibhialta na hÚcráine agus le sochaí shibhialta an Aontais an 19 Iúil in Kraków.

An Bhruiséil, 16 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 290, 29.7.2022, lch. 1.

(2)  UNHCR – 31 Bealtaine.

(3)  UNHCR – 23 Bealtaine.

(4)  UNHCR – 31 Bealtaine.

(5)  Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige (IO C 290, 29.7.2022, lch. 1).


TUAIRIMÍ

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 570ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Interactio, 15.6.2022-16.6.2022

23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/7


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Tionscal Troscáin na hEorpa — Téarnamh i dtreo geilleagar nuálach glas ciorclach

(tuairim féintionscnaimh)

(2022/C 365/02)

Rapóirtéir:

Anastasis YIAPANIS

Comhrapóirtéir:

Rolf GEHRING

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

21.10.2021

Bunús dlí

Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim féintionscnaimh

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

13.5.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

207/1/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Earnáil lán fuinnimh is ea earnáil troscáin na hEorpa, ceann a bhfuil an-éagsúlacht inti ó thaobh mhéid agus phróisis oibre na gcuideachtaí de agus ó thaobh chruth na gcuideachtaí de freisin. Cuimsítear iomlán na saolré san earnáil agus cuirtear deiseanna maithe ar fáil inti dul i muinín na hinbhuanaitheachta agus an aistrithe i dtreo samhlacha geilleagracha ciorclacha.

1.2

Ní mór do chuideachtaí Eorpacha cloí le rialacháin dhochta maidir le cúrsaí comhshaoil, táirgí, agus sláinte agus sábháilteacht, rud a chuireann leis na costais oibriúcháin. Saobhtar an iomaíocht idirnáisiúnta de dheasca fóirdheontais rialtais a thairgtear d’iomaitheoirí seachtracha agus cleachtais éagóracha a úsáidtear chun rochtain a fháil ar an margadh, go háirithe i gcás eintitis eacnamaíocha ón Áise.

1.3

Teastaíonn ó CESE a chur i bhfáth gurb é an sprioc cheart i gcás thodhchaí earnáil troscáin an Aontais an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an fás eacnamaíoch, an inbhuanaitheacht agus an fholláine shóisialta. Tá CESE den tuairim go bhfuil creat reachtach comhtháite le haghaidh maoin intleachtúil ag teastáil ó ghnólachtaí, creat lena gcosnófar a gcuid leasanna agus a oirfidh don aistriú glas agus digiteach.

1.4

Tá CESE ag moladh go láidir go gcomhlíonfar go docht rialacha an Aontais, oibleagáidí faisnéise do thomhaltóirí san áireamh, i gcás gach táirge troscáin a allmhairítear isteach san Aontas. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh reachtaíocht chomhtháite ón Aontas lena bhforchuirfear formáidí caighdeánaithe lipéid le haghaidh gach táirge.

1.5

Ós rud é go n-úsáidtear an-chuid amhábhar sa tionscal, is rud ríthábhachtach é go bhfuil rochtain ag an earnáil ar acmhainní ardcháilíochta agus slabhraí luacha daingne, ar rochtain gan bhac í ar féidir brath uirthi. De bhreis air sin, ós rud é gur in airde i gcónaí a théann an t-éileamh ar adhmad, arb é an príomh-amhábhar i dtionscal an troscáin é, measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an bonneagar foraoise agus inbhuanaitheacht an bhonneagair sin a fhorbairt agus a nuachóiriú, agus feabhas a chur ar scileanna agus teicneolaíochtaí.

1.6

Measann CESE gur sócmhainn an-tábhachtach an t-adhmad a tháirgtear san Eoraip agus gur cheart é a úsáid chun táirgí ard-bhreisluacha a tháirgeadh. Creideann CESE nach bhfuil aon chiall eacnamaíoch leis amhábhar adhmaid a onnmhairiú agus tá sé ag iarraidh go dtabharfar isteach ionstraimí cosanta trádála lena gcosnófar táirgeoirí troscáin áitiúla.

1.7

De bhreis air sin, tá an Coiste ag iarraidh ar na Ballstáit prionsabal na húsáide cascáidí a chur chun cinn agus deireadh a chur le fóirdheontais agus dreasachtaí eile chun adhmad a dhó le haghaidh fuinnimh.

1.8

Is mian le CESE laghdú ar tharaifí nó deireadh leo a iarraidh i gcás amhábhair phríomhúla agus thánaisteacha a allmhairítear isteach san Aontas. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas forfheidhmiú na gcritéar inbhuanaitheachta sna comhaontuithe trádála a áirithiú agus a chinntiú gur ann do chritéir fíorúcháin i gcás na n-allmhairí ó thaobh cúinsí oibre, saoirse comhlachais agus cóir chothrom na n-oibrithe de. Tá CESE ag áitiú gur chóir cearta an duine a bheith ina gcuid de nósanna imeachta díchill chuí, d’fhonn coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le cearta an duine agus cearta na n-oibrithe a chomhlíonadh ina n-iomláine.

1.9

Ní mór earnáil an troscáin a bheith ina cuid de thionscnamh Bauhaus Eorpach Nua (1) agus ní mór di cuidiú le táirgí inbhuanaithe cuimsitheacha a chruthú le haghaidh an dóighe nua maireachtála, mar a dtugtar le chéile an inbhuanaitheacht agus an stíl mhaireachtála.

1.10

Dea-shampla is ea comhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta maidir leis an bhformaildéad a laghdú i dtáirgeadh painéal den chaoi ar féidir comhaontuithe deonacha de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach a bheith ina gcuidiú freisin ó thaobh guaiseacha sláinte a laghdú. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh go mbeidh pacáistí inbhuanaithe agus go hiomlán in-athchúrsáilte agus tá sé ag moladh athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 94/62/CE an 20 Nollaig 1994 maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

1.11

Measann CESE go bhfuil gá le haistriú tapa ó shreabhadh líneach na n-ábhar agus an fhuinnimh chuig samhail chiorclach, má tá téarnamh luacha na dtáirgí le baint amach agus má táthar chun fás eacnamaíoch agus fostaíocht nua a áirithiú.

1.12

Measann CESE gur gá do tháirgeoirí troscáin a gcuid táirgí a dhearadh sa chaoi is gur féidir luach a aisghabháil agus go n-éascófar an athúsáid, an deisiú, an t-athchóiriú agus an athchúrsáil. Dá gcuirfí scéim freagrachta leathnaithe táirgeora ar bun in earnáil an troscáin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí le hacmhainn athúsáide agus athchúrsála an Aontais. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh cosc reachtach Eorpach ar throscán i láithreáin líonta talún d’fhonn aisghabháil agus athúsáid ábhar luachmhar a mhéadú.

1.13

Tá lucht saothair ardoilte ag teastáil ón earnáil, earnáil is gá a dhéanamh níos tarraingtí don ghlúin óg. Ní mór don earnáil a bheith ar a dícheall i gcónaí ag iarraidh dálaí oibre a fheabhsú, deiseanna oiliúna a chruthú agus speisialtóirí digiteála ardoilte a mhealladh chun an tionscail.

1.14

Tá CESE ag iarraidh ar reachtóirí na hEorpa tacaíocht ghníomhach a thabhairt do thionscnaimh thrasnáisiúnta a chuireann le cáilíocht na gcineálacha printíseachta go léir in earnáil an troscáin. Dá mba ann do Erasmus ní b’uaillmhianaí do phrintísigh, chabhrófaí le traidisiúin shaibhre ilghnéitheacha agus acmhainn nuálaíochta an táirgthe troscáin san Eoraip a thabhairt don chéad ghlúin eile.

1.15

Ní mór cláir oideachais, tionscnaimh foghlama ar feadh an tsaoil agus gairmoiliúint a fhorbairt ach rannpháirt ghníomhach a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta, na hinstitiúidí oideachais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha eile. Tá sé ríthábhachtach an lucht saothair a ullmhú do na dúshláin a bheidh roimh an earnáil amach anseo.

1.16

Tá CESE ag iarraidh infheistíochtaí i scileanna, sa dearadh, sa chruthaitheacht agus i bhforbairt an tslabhra luacha, agus rochtain níos fearr ag na táirgeoirí troscáin ar chláir chistiúcháin le haghaidh cúrsaí taighde, forbartha agus nuálaíochta. Ní mór acmhainní leordhóthanacha a sholáthar do FBManna chun gur féidir leo anailís a dhéanamh ar fhorbairt an ghnó ar bhonn ciorclach nuálach inbhuanaithe.

1.17

Creideann an Coiste gur féidir tionchar dearfach a imirt ó thaobh spriocanna an aistrithe ghlais de, má chothaítear éileamh ar throscán athláimhe agus tacaíocht do ghníomhaithe neamhbhrabúis a bhfuil baint acu le próisis athchúrsála nó uaschúrsála an troscáin athláimhe.

1.18

Ar deireadh, tá CESE ag iarraidh go gcuirfear ardán Eorpach ar bun a mbeidh cuideachtaí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí taighde, ollscoileanna agus geallsealbhóirí ábhartha eile páirteach ann, ardán lena gcuirfear chun cinn an fhorbairt gnó in earnáil an troscáin.

2.   Barúlacha tosaigh

2.1

Tá an Straitéis Eorpach Nua maidir le Tionsclaíocht (3) dírithe ar an aistriú dochúlaithe céimnitheach chuig córas eacnamaíoch inbhuanaithe nach bhfágfaidh aon duine ar lár, lena gcuimseofar digiteáil agus forbairtí glasa, agus lena bhforbrófar comhpháirtíochtaí idir na tionscail, na comhpháirtithe sóisialta, na húdaráis phoiblí agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta.

2.2

Earnáil lán fuinnimh is ea earnáil troscáin na hEorpa, ceann a bhfuil an-éagsúlacht inti ó thaobh mhéid agus phróisis oibre na gcuideachtaí. Is earnáil dlúthshaothair í, ar an iomlán, a bhfuil slabhraí luacha inti atá áitiúil nó réigiúnach go fóill, ina bhfuil FBManna agus micrifhiontar go mór i dtreis. Fostaítear thart ar 1 mhilliún oibrí san earnáil agus is ionann í agus aon cheathrú de tháirgeacht troscáin iomlán an domhain (4).

2.3

Cuimsítear iomlán na saolré san earnáil: amhábhar, próiseáil, úsáid, cothabháil, athúsáid, athchúrsáil, bithmhais le haghaidh fuinnimh. Dá thoradh sin, cuirtear deiseanna maithe ar fáil léi glacadh leis an inbhuanaitheacht agus leis an aistriú i dtreo samhlacha eacnamaíocha ciorclacha.

2.4

Buaileadh earnáil an troscáin go dona de dheasca phaindéim COVID-19, go háirithe na slabhraí luacha trasteorann atá thíos go mór leis an líon mór srianta ar shaorghluaiseacht earraí agus daoine. Is léiriú é sin ar a thábhachtaí atá sé an margadh aonair a bheith comhtháite agus dea-fheidhmiúil.

3.   Taobh na hiomaíochta de

3.1

Is ionann rialacháin, caighdeáin, scéimeanna deimhniúcháin agus ceanglais lipéadaithe difriúla náisiúnta a bheith ann agus bacainn ó thaobh tháirgeoirí an Aontais de agus bíonn ar chuideachtaí costais dhíréireacha a íoc dá dheasca sin. Dá ndéanfaí caighdeánú agus rialacha comhchuibhithe uile-Aontais a thabhairt isteach, d’fhéadfaí deimhneacht a thabhairt do ghníomhaithe uile an mhargaidh agus an tuiscint chéanna acu go léir ar chúrsaí.

3.2

Tá tionchar diúltach ag an méadú a tháinig le déanaí ar phraghsanna fuinnimh san Eoraip ar iomaíochas na hearnála agus cuireann sé leis an bhfadhb maidir le hinfhaighteacht acmhainní agus maidir leis an ardú ar phraghas na n-amhábhar.

3.3

Cé is moite den iomaíocht ghinearálta atá ag dul i méid sa mhargadh idirnáisiúnta, baineann cuideachtaí ó thríú tíortha leas as cleachtais éagóracha uaireanta chun rochtain a fháil ar an margadh, go háirithe eintitis eacnamaíocha ón Áise, a dtugann a rialtais fóirdheontais dóibh i gcásanna áirithe. De bhreis air sin, is doichte na rialacháin ar gá do chuideachtaí na hEorpa cloí leo maidir le cúrsaí comhshaoil, táirgí, agus sláinte agus sábháilteacht, rud a chuireann leis na costais oibriúcháin. Fágann caighdeáin chomhshaoil ísle i dtríú tíortha freisin gur faoi mhíbhuntáiste a bhíonn na táirgí Eorpacha arna ndéanamh as fíoradhmad. Tá CESE den bharúil go bhfágann na gnéithe sin den scéal go saobhtar iomaíochas na gcuideachtaí áitiúla agus iad ag dul san iomaíocht sna margaí domhanda.

3.4

Maidir leis an margadh inmheánach, tá CESE ag moladh go láidir, i gcás gach táirge troscáin arna allmhairiú isteach san Aontas, go gcomhlíonfar go docht rialacha na hEorpa, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le faisnéis do thomhaltóirí, cuir i gcás lipéadú iomchuí. Tá CESE ag iarraidh freisin reachtaíocht chomhtháite Eorpach lena bhforchuirfear ceanglas go gcuirfear faisnéis ar fáil le táirgí troscáin i lipéad a mbeidh formáid chaighdeánach ag gabháil leis, e.g. tír bhunáitíochta an táirge, na hábhair a úsáideadh, léiriú soiléir ar chomhpháirteanna uile an táirge, sábháilteacht táirge, marthanacht, treoracha maidir le húsáid, glanadh agus cothabháil, baránta an táirge, etc. Lena thuilleadh gníomhaíochtaí faireachais margaidh chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an troscáin a allmhairítear, ní mór a áirithiú gur ann d’fhaisnéis do thomhaltóirí agus do chothroime iomaíochta do tháirgeoirí áitiúla an Aontais.

3.5

Is díol sásaimh do CESE an tionscnamh ón gCoimisiún maidir le pasanna táirge leictreonacha mar chuid den Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe (5) atá ar na bacáin. Leis na huirlisí sin, má cheaptar agus má chomhchuibhítear go maith iad, d’fhéadfaí an geilleagar ciorclach a chur chun cinn trí fhaisnéis faoi tháirgí a chur in iúl ó thús deireadh an tslabhra luacha agus, inter alia, tríd an éileamh ciorclach a spreagadh agus tríd an bhfaisnéis is gá a sholáthar do thomhaltóirí chun roghanna eolasacha a dhéanamh.

3.6

Tá táirgeoirí ó thríú tíortha ag breith suas ar an Aontas ó thaobh na teicneolaíochta de, mar sin tá suntas bhuntáiste iomaíoch an Aontais ag dul i laghad. Dá bhrí sin, tá gá le samhlacha nua gnó lena gcomhcheanglófar an t-iomaíochas agus an inbhuanaitheacht agus lena dtabharfar rochtain ar an margadh do na táirgeoirí áitiúla.

3.7

Saincheist mhór don earnáil is ea cosaint na gceart maoine intleachtúla freisin, go háirithe ós rud é gurb iad an cháilíocht, an nuálaíocht agus an dearadh na buntáistí is mó atá ag an Aontas i gcónaí ó thaobh na hiomaíochta de. Tá CESE den tuairim go bhfuil creat reachtach comhtháite ag teastáil ó ghnólachtaí, creat lena gcosnófaí a gcuid leasanna agus a d’oirfeadh don aistriú glas agus digiteach.

3.8

Teastaíonn ó CESE a chur i bhfáth gurb é an sprioc cheart go háirithe i gcás thodhchaí earnáil troscáin an Aontais, agus i gcás ginearálta an gheilleagair, an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an fás eacnamaíoch, an inbhuanaitheacht agus an fholláine shóisialta.

4.   Rochtain ar amhábhair

4.1

Úsáidtear go leor amhábhar sa phróiseas táirgthe in earnáil an troscáin (amhail adhmad, cána, leathar, miotal, plaisteach, teicstílí, gloine, cúr, etc.). Tá sé riachtanach do tháirgeoirí na hEorpa rochtain ar féidir brath uirthi agus nach bhfuil bac uirthi a bheith acu ar amhábhair ardcháilíochta agus tá CESE ag iarraidh go neartófar na slabhraí luacha lena gcuirfí ar chumas an tionscail a bheith i mbarr a réime. Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfar lipéadú iomchuí tomhaltóra ar ábhair nach ábhair adhmaid iad a thagann isteach i margadh na hEorpa d’fhonn tionscal troscáin na hEorpa a chosaint ar amhábhair shaora ó thríú tíortha ar minic gur amhábhair neamh-inbhuanaithe iad.

4.2

Tá adhmad ar cheann de na hamhábhair is éasca teacht air agus is nádúrtha athnuachan. Tá an t-éileamh ag dul in airde i gcónaí agus, san am céanna, tá praghas na n-amhábhar a thagann le rialacha agus caighdeáin an Aontais ag dul i méid, rud a chruthaíonn a thuilleadh brú fós. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar an éileamh méadaithe ar adhmad sa mhargadh inmheánach, tá sé ríthábhachtach an bonneagar foraoise, agus inbhuanaitheacht an bhonneagair chéanna, a leathnú amach agus a nuachóiriú, agus feabhas a chur ar scileanna, teicneolaíochtaí agus lóistíocht na mbuainteoirí adhmaid.

4.3

Tá an Coiste ag cur in iúl gur cúis imní dó an laghdú ginearálta atá tagtha ar infhaighteacht phríomh-amhábhar an tionscail agus an méadú atá tagtha ar phraghsanna mar gheall ar a ilúsáid, go háirithe le haghaidh táirgeadh fuinnimh in-athnuaite. Measann CESE gur mó i bhfad na tairbhí a chuireann tionscal an troscáin agus tionscal na hadhmadóireachta ar fáil ó thaobh breisluacha agus fostaíochta de ná mar atá i gceist le dó díreach an adhmaid, agus tá sé ag iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le fóirdheontais agus dreasachtaí eile maidir le hadhmad a dhó le haghaidh fuinnimh agus tá sé ag iarraidh an athuair go gcuirfear prionsabal na húsáide cascáidí chun cinn (monarú táirgí, athúsáid, deisiú agus athchúrsáil, luachshocrú an ábhair fuinnimh) (6). Tá CESE ag moladh freisin feabhas a chur ar chur chun cinn an adhmaid Eorpaigh sa mhargadh inmheánach trí infheictheacht agus úsáid táirgí agus troscáin fíoradhmaid a mhéadú.

4.4

De bhreis air sin, tá taobh an éilimh de á shaobhadh de dheasca na bhfóirdheontas a thairgtear dóibh siúd a cheannaíonn adhmad ón Eoraip nach ceannaitheoirí de chuid an Aontais iad. Tá CESE ag iarraidh ionstraimí cosanta trádála lena gcosnófar táirgeoirí áitiúla troscáin agus tá sé lánchinnte de nach bhfuil aon chiall eacnamaíoch ag baint le hamhábhar adhmaid a onnmhairiú.

4.5

Maidir le hallmhairí adhmaid, tá sé thar a bheith tábhachtach go n-éascaítear le comhaontuithe trádála an Aontais rochtain éasca ar acmhainní adhmaid príomhúla nach acmhainní de chuid an Aontais iad. I ndáil leis sin, ba mhian le CESE laghdú ar tharaifí nó deireadh leo a iarraidh i gcás amhábhair adhmaid phríomhúla agus thánaisteacha a allmhairítear isteach san Aontas. De bhreis air sin, níl na córais deimhniúcháin le haghaidh adhmaid arna allmhairiú ó thíortha áirithe lánéifeachtach. De bhreis air sin, tá CESE ag iarraidh ar an lucht ceaptha beartas forfheidhmiú na gcritéar inbhuanaitheachta sna comhaontuithe trádála a áirithiú agus a chinntiú gur ann do chritéir fíorúcháin i gcás na n-allmhairí ó thaobh cúinsí oibre, saoirse comhlachais agus cóir chothrom na n-oibrithe de. Tá CESE ag áitiú gur chóir cearta an duine a bheith ina gcuid de nósanna imeachta díchill chuí, d’fhonn coinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le cearta an duine agus cearta na n-oibrithe a chomhlíonadh ina iomláine. Leis sin, d’fhéadfaí cothroime iomaíochta a chur ar bun sa mhargadh.

5.   Inbhuanaitheacht agus an tAistriú Glas

5.1

Measann CESE gur deis iontach atá sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le Bauhaus Eorpach Nua do thionscal an troscáin rannchuidiú le táirgí inbhuanaithe cuimsitheacha a chruthú le haghaidh na dóighe beatha nua, mar a dtugtar le chéile an inbhuanaitheacht agus an stíl mhaireachtála. Ní éireoidh le haistriú foriomlán na hearnála ach amháin má chuirtear feabhas ar rannpháirtíocht ghníomhach na n-oibrithe agus ionadaithe na n-oibrithe.

5.2

Tá an Coiste á thabhairt faoi deara an claonadh atá ann atá ag dul i méid i measc na dtomhaltóirí táirgí a lorg atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus a monaraíodh agus dálaí oibre cuibhiúla á n-urramú. De bhreis air sin, is féidir le hearnáil an troscáin feabhas a chur ar an tionchar a bhíonn aici ar an gcomhshaol ach táirgí níos marthanaí a mhonarú agus leas a bhaint as ábhair athchúrsáilte nó ábhair inbhuanaithe (cuir i gcás dair, péine, acáise, etc.) agus as adhmad athshlánaithe.

5.3

Tá CESE ag iarraidh creat reachtach Eorpach comhtháite lena gcuirfí cosc ar aon táirge a dhíol ar an margadh inmheánach a bhfuil ábhair lasairmhoillitheacha chontúirteacha iontu. De bhreis air sin, ba cheart fáil réidh le substaintí guaiseacha freisin, cuir i gcás, trí chúr uiscebhunach, gliúnna nach bhfuil chomh guaiseach céanna nó substaintí a bhfuil comhdhúile orgánacha so-ghalaithe ísle iontu a chur ina n-ionad. Dea-shampla is ea comhaontú na gcomhpháirtithe sóisialta maidir leis an bhformaildéad a laghdú i dtáirgeadh painéal den chaoi ar féidir comhaontuithe deonacha de chuid na gcomhpháirtithe sóisialta ar an leibhéal Eorpach a bheith ina gcuidiú freisin ó thaobh guaiseacha sláinte a bhaineann le substaintí guaiseacha a laghdú.

5.4

Tá an Coiste ag moladh freisin go mbeidh sé éigeantach pacáistí a bheith inbhuanaithe agus in-athchúrsáilte ina n-iomláine agus tá sé ag iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar Threoir 94/62/CE maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht. Measann CESE freisin go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag dreasachtaí cánach maidir le tionscadail inbhuanaitheachta a chur chun cinn.

6.   Ciorclaíocht

6.1

I bhfianaise na n-uaillmhianta a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip (7) agus sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (8), tá comharthaí le sonrú i ngeilleagar an Aontais a thugann le fios go bhfuiltear ag glacadh leis an gciorclaíocht agus go bhfuil nuálaíocht á cothú d’fhonn samhlacha eacnamaíocha nua inbhuanaithe a ghlacadh. Tá sé ríthábhachtach an fás eacnamaíoch a scaradh le húsáid acmhainní má táthar chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.

6.2

De réir na bhfigiúirí, loisctear nó cuirtear chuig láithreán líonta talún idir 80 % agus 90 % den dramhaíl troscáin ar cuid de dhramhaíl bhardais sholadach an Aontais í. Is ábhar imní mór do CESE a laghad faisnéise do thomhaltóirí atá ann agus a dheacra atá sé teacht ar pháirteanna spártha, rud a spreagann daoine le troscán nua a cheannach in ionad dul i muinín na ciorclaíochta. Dá mba ann do thoirmeasc reachtach Eorpach ar throscán a chur chuig láithreáin líonta talún, chuirfí le haisghabháil agus athúsáid ábhar luachmhar.

6.3

Is é an t-aon réiteach atá ann ar an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus ar an ualach rómhór arna chur ar acmhainní nádúrtha an Domhain ná aistriú tapa ó shreabhadh líneach na n-ábhar agus an fhuinnimh chuig samhail chiorclach. Leis na samhlacha geilleagair chiorclaigh a chuirtear i bhfeidhm in earnáil an troscáin, is féidir luach a aisghabháil ó tháirgí agus fás eacnamaíoch agus cruthú post a áirithiú. Tá CESE á chur i bhfáth go bhfuil troscán, agus go háirithe táirgí fíoradhmaid, ríthábhachtach maidir le carbón a stóráil agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú go héifeachtach leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

6.4

Measann CESE gur gá do tháirgeoirí troscáin a gcuid táirgí a dhearadh sa chaoi is gur féidir luach a aisghabháil agus go n-éascófar an athúsáid, an deisiú, an t-athchóiriú agus an athchúrsáil. Ní mór go ndíreofar leis na próisis mhonaraíochta ar éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh a spreagadh agus ar chostais táirgthe a laghdú.

6.5

Dá gcuirfí scéim freagrachta leathnaithe táirgeora ar bun in earnáil an troscáin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí le hacmhainn athúsáide agus athchúrsála an Aontais, agus dreasachtaí do tháirgeoirí á gcur chun cinn ionas go gcuirfí san áireamh an tionchar ar an gcomhshaol ó chéim an deartha go deireadh ré an táirge.

7.   Oideachas, digitiú agus dálaí oibre

7.1

Léirítear i staidéar a rinneadh le déanaí nach bhfuil cáilíochtaí oideachais threasaigh ag formhór na bhfostaithe in earnáil an troscáin agus nach bhfuil siad ar an eolas faoi ghnéithe an gheilleagair chiorclaigh (9). Mar sin féin, is mór an gá atá le lucht saothair ardoilte, agus tá lucht saothair na hearnála ag dul in aois i gcónaí agus is deacair an ghlúin óg a mhealladh chuici. D’fhonn an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí, tá sé thar a bheith tábhachtach feabhas leanúnach a chur ar dhálaí oibre (sláinte agus sábháilteacht ceirde) agus ar dheiseanna oiliúna breise, agus díriú ar speisialtóirí ardoilte digiteacha a mhealladh chun dul isteach i dtionscal an troscáin.

7.2

I gcomparáid le codanna eile den domhan, tá costas rud beag níos mó ar an saothar san Aontas ach, os a choinne sin, tá an tAontas chun tosaigh ar réigiúin eile ó thaobh táirgiúlachta agus nuálaíochta de. Mhínigh CESE cheana féin, d’fhonn táirgiúlacht a mhéadú agus fanacht chun tosaigh ar na hiomaitheoirí, go bhfuil oibrithe ag teastáil ón earnáil a bhfuil oiliúint mhaith orthu maidir leis na scileanna agus na teicneolaíochtaí is déanaí (10).

7.3

Tá CESE ag iarraidh ar reachtóirí na hEorpa tacaíocht ghníomhach a thabhairt do thionscnaimh thrasnáisiúnta a chuireann le cáilíocht na gcineálacha printíseachta go léir in earnáil an troscáin, cuir i gcás coincheap na gCroícháilíochtaí Eorpacha (11).

7.4

Ní mór gairmoideachas tosaigh agus breise a fhorbairt chun scileanna agus inniúlachtaí nua a chothú a bhaineann go sonrach leis an earnáil. Ní mór comhpháirtithe sóisialta, institiúidí oideachais agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha eile a chur san áireamh. Is éard atá i ndán do lucht saothair na hearnála troscáin amach anseo ná ardteicneolaíocht agus poist dianeolais, rud a bhunófar ar idirphlé sóisialta fónta agus ar chomhaontuithe comhchoiteanna i dteannta pá agus dálaí oibre cuibhiúla, lenar féidir an ghlúin óg a mhealladh.

7.5

Dá mba ann do Erasmus ní b’uaillmhianaí do phrintísigh, chabhrófaí le traidisiúin shaibhre ilghnéitheacha agus acmhainn nuálaíochta an táirgthe troscáin san Eoraip a thabhairt don chéad ghlúin eile agus chabhrófaí freisin le hearnáil an troscáin a dhéanamh ní ba tharraingtí do dhaoine óga agus don tsochaí ina hiomláine. De bhreis air sin, tá CESE ag moladh córais bhailíochtaithe a chur chun cinn a thacóidh le haitheantas frithpháirteach na gcáilíochtaí.

8.   Cistiú agus infheistíochtaí

8.1

Ní mór go mbeidh teacht ag cuideachtaí na hEorpa ar chláir chistiúcháin le haghaidh taighde, forbartha agus nuálaíochta a mbeidh ina gcabhair dóibh chun fás a dhéanamh, chun iad féin a dhéanamh níos táirgiúla agus chun ciorclaíocht agus teicneolaíochtaí nua a ghlacadh chucu féin. Tá gá le hinfheistíocht freisin chun fáinní ciorclacha, saolré táirgí, agus an cumas deisiú nó athchóiriú agus athchúrsáil a dhéanamh a chur chun cinn. De bhreis air sin, is féidir tionchar dearfach a imirt ó thaobh spriocanna an aistrithe ghlais de, má chothaítear éileamh ar throscán athláimhe agus má thugtar tacaíocht do ghníomhaithe neamhbhrabúis a bhfuil baint acu le próisis athchúrsála nó uaschúrsála an troscáin athláimhe.

8.2

Tá deiseanna cistiúcháin fós ar cheann de na laigí is suntasaí san earnáil arb ionann na FBManna agus an chuid is mó di. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag FBManna chun anailís a dhéanamh ar an bhfhorbairt gnó ar bhealach ciorclach nuálach inbhuanaithe, agus ba cheart tacú leo trí dhreasachtaí cánach idirthréimhseacha agus rátaí CBL níos ísle ar throscán athchóirithe agus athmhonaraithe.

8.3

Is féidir buntáiste praghais tháirgeoirí na dtíortha a bhfuil pá íseal iontu a chothromú le sárghnéithe amhail dearadh, cáilíocht, feidhm, marthanacht nó eirgeanamaíocht na dtáirgí troscáin. Anuas air sin, is ann do ghiaráil bhreise iomaíochais mar gheall ar an nuálaíocht in úsáid na n-ábhar agus ar na hardsaoráidí táirgthe teicneolaíochta. Dá bhrí sin, tá an Coiste ag iarraidh go ndéanfar infheistíocht i ndearadh, cruthaitheacht, scileanna agus forbairt na slabhraí luacha.

8.4

Ar deireadh, tá CESE ag iarraidh go bhforbrófar ardán Eorpach lena gcuirfear an fhorbairt gnó chun cinn i dtionscal an troscáin agus go ndéanfar measúnú réamhchúraim ar thionchar sóisialta na teicneolaíochta nua. Ba cheart a chur san áireamh leis sin cuideachtaí, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, institiúidí taighde, ollscoileanna agus geallsealbhóirí ábhartha eile agus tacaíocht a thabhairt d’fhás na hearnála, mar a dhéantar i gcás Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh (12), ar dea-shampla é i ndáil leis sin.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  New European Bauhaus Beautiful, Sustainable, Together COM/2021/573 final [Bauhaus Eorpach Nua: Ealaíonta Inbhuanaithe Cuimsitheach] (níl leagan Gaeilge ann).

(2)  IO L 365, 31.12.1994, lch. 10.

(3)  A New Industrial Strategy for Europe [Straitéis Eorpach Nua maidir le Tionsclaíocht] COM/2020/102 final (níl leagan Gaeilge ann).

(4)  An Coimisiún Eorpach – An Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna.

(5)  Tionscnamh um Tháirgí Inbhuanaithe.

(6)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hEarnáil adhmadóireachta agus troscáin níos iomaíche san Eoraip: deiseanna agus dúshláin (tuairim féintionscnaimh) (níl leagan Gaeilge ar fáil) (IO C 24, 28.1.2012, lch. 18).

(7)  COM/2019/640 final.

(8)  COM/2020/98 final.

(9)  Innovation in the Furniture Industry in the era of circular economy [Nuálaíocht i dTionscal an Troscáin i Ré an Gheilleagair Chiorclaigh].

(10)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le hEarnáil adhmadóireachta agus troscáin níos iomaíche san Eoraip: deiseanna agus dúshláin (tuairim féintion) (níl leagan Gaeilge ar fáil) IO C 24, 28.1.2012, lch. 18.

(11)  Gairmeacha Troscáin na hEorpa.

(12)  Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh.


III Gníomhartha ullmhúcháin

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An 570ú seisiún iomlánach de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Interactio, 15.6.2022-16.6.2022

23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/13


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le a) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Dearbhú Eorpach maidir le cearta digiteacha agus prionsabail dhigiteacha a bhunú le haghaidh na Deacáide Digití

(COM(2022) 27 final)

agus maidir le b) Cearta agus prionsabail dhigiteacha

(tústuairim)

(2022/C 365/03)

Rapóirtéir:

Philip VON BROCKDORFF

Comhrapóirtéir:

Violeta JELIĆ

Comhairliúchán

a)

An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

b)

Uachtaránacht na Seicia, 26.1.2022

Bunús dlí

a)

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

b)

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

1.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

181/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá aird á tarraingt ag CESE ar an nasc láidir idir an Chonair i dtreo na Deacáide Digití agus an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití, agus béim sa chéad cheann ar aidhmeanna cainníochtúla agus sa dara ceann, ar an iomlán, ar aidhmeanna cáilíochtúla. Creideann CESE go bhfuil an dá cheann acu an-ábhartha i dtaca le claochlú digiteach na sochaí agus an gheilleagair a éascú.

1.2.

Creideann CESE gur cheart go rachadh an dearbhú chun tairbhe don fhorbairt inbhuanaithe ina hiomláine. Má éiríonn leis an gclaochlú digiteach, beidh meascán tairbhí ann idir thairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil ós rud é go gcuirfear leis an iomaíochas, an rathúnas, an fhostaíocht, an dea-bhail agus an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach aeráidneodrach, agus go gcoiscfear agus go n-íoslaghdófar aon bhaol neamh-inmhianaithe don tsochaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis.

1.3.

Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar scileanna digiteacha, bonneagar digiteach, gnó digiteach agus seirbhísí poiblí digiteacha má táthar chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an bhfás san Eoraip, agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil an dul chun cinn á dhéanamh i gcomhréir le cearta bunúsacha agus ar bhonn cuimsitheach atá dírithe ar an duine, gan aon duine a fhágáil ar lár. Tá CESE ag moladh freisin machnamh a dhéanamh ar chonclúidí na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa maidir leis an gclaochlú digiteach.

1.4.

Cé gurb é atá beartaithe gealltanas láidir polaitiúil a bheith ann, ní dhéanfadh an dearbhú aon difear do na cearta dlíthiúla atá ann faoi láthair. Creideann CESE gur as na cearta bunúsacha atá ann cheana a thagann na cearta digiteacha agus go sainítear iad dá réir sa mhéid is gur cuid de luachanna agus prionsabail an Aontais iad, mar a gcómhaireann cearta agus saoirsí difriúla a chuireann teorainn lena chéile freisin.

1.5.

Tá forluí idir na prionsabail agus na cearta difriúla a luaitear sa dréachtdearbhú ar an-chuid bealaí agus is deacair bunbhrí an ábhair a thuiscint mar gheall ar an meascán de phrionsabail agus cearta atá ann. Dá bhrí sin, níl aon amhras ach gur gá feasacht a mhúscailt ar a bhfuil i gceist leo ar bhonn praiticiúil. Ní mór déanamh amhlaidh i gcás gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí agus an phobail i gcoitinne.

1.6.

Tá cearta agus luachanna bunúsacha an Aontais riachtanach ó thaobh na ndaoine agus na ngnólachtaí araon de. Ba cheart a aithint leis an dearbhú, mar sin, gurb ionann beagnach na dúshláin atá roimh fhormhór na ngnólachtaí, go háirithe na FBManna, agus atá roimh an bpobal i gcoitinne maidir leis an oiriúnú don saol digiteach. Is mian le CESE a chur in iúl freisin an dúshlán a bhaineann le deighilt dhigiteach a sheachaint ó thaobh rochtain ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha de i gcás daoine aosta agus daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe.

1.7.

Tá CESE ag cur i bhfáth a thábhachtaí agus atá prionsabail na nascachta, na scileanna agus na slándála, ar prionsabail iad atá bunriachtanach do dhaoine aonair agus gnólachtaí araon, agus don fhorbairt fhoriomlán eacnamaíoch agus shochaíoch. Is léire fós tábhacht na bprionsabal sin i bhfianaise chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is géire fós freisin, i bhfianaise an chogaidh chéanna, an gá atá le scileanna agus acmhainní an phobail a fhorbairt maidir le bréagaisnéis a thabhairt faoi deara agus a chomhrac.

1.8.

Tá CESE ag leagan béim ar a thábhachtaí agus atá sé dul chun cinn an digitithe a thomhas agus faireachán a dhéanamh air agus molann sé nár cheart cur le líon na n-uirlisí á n-úsáid sa réimse sin. Ní mór cuspóirí an dearbhaithe a thomhas de réir táscairí nithiúla faoi chuimsiú na Conaire i dtreo na Deacáide Digití, agus ba cheart tionchar a bheith ag an tuarascáil bhliantúil ar Staid na Deacáide Digití ar an Seimeastar Eorpach.

1.9.

Is cuid ríthábhachtach d’fhorbairt dhigiteach an Aontais feidhmiú rianúil agus cothroime an mhargaidh inmheánaigh. Creideann CESE, dá bhrí sin, nach mór bunbhrí féin na saoirsí atá sa mhargadh aonair a chosaint ina hiomláine. Tá an tábhacht a bhaineann le saorshreabhadh sonraí agus úinéireacht sonraí ag dul i méid, ós rud é nach mbaineann an méid sin le margadh aonair na sonraí ann féin amháin, ach go bhfuil dlúthnasc aige freisin leis na margaí caipitil, earraí agus seirbhísí. Ba cheart na prionsabail a bhaineann leis an nuálaíocht agus an mhaoin intleachtúil agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh a aithint sa dearbhú freisin.

1.10.

Tá an margadh aonair ina thúsphointe don Aontas freisin ó thaobh an úsáid a bhaintear as margaí agus slabhraí soláthair seachtracha a mhéadú agus ó thaobh a bheith ina ghníomhaí domhanda cumhachtach a bhfuil tionchar mór aige ar chúrsaí. Ba cheart, mar sin, an dearbhú a chur chun cinn go gníomhach i gcomhthéacs idirnáisiúnta trí úsáid a bhaint as raon leathan uirlisí, idir chomhaontuithe domhanda arna gcur ar bun ag na comhpháirtithe sóisialta in eagraíochtaí ilnáisiúnta, ghníomhaíochtaí taidhleoireachta, chomhar maidir le nuálaíocht, chomhaontuithe trádála agus infheistíochta agus choinníollacha maoiniúcháin.

2.   Cúlra

2.1.

Chuir an Coimisiún Eorpach an Chonair i dtreo na Deacáide Digití (1) i láthair le linn an Aithisc ar Staid an Aontais is déanaí a tugadh. Is é is aidhm leis an bplean sin digitiú a dhéanamh ar scileanna, bonneagar, gnólachtaí agus seirbhísí poiblí chun claochlú digiteach na sochaí agus an gheilleagair a bhaint amach faoi 2030.

2.2.

Tá obair ar bun ag an gCoimisiún freisin chun bailchríoch a chur ar an togra le haghaidh dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le prionsabail dhigiteacha lena áirithiú go gcuirfear na luachanna agus cearta Eorpacha san áireamh sa spás digiteach. Leis sin, beidh gach duine in ann tairbhe a bhaint as na deiseanna a ghabhann leis an teicneolaíocht dhigiteach, cuir i gcás an rochtain uilíoch ar an idirlíon, algartaim a thugann aird ar na cearta bunúsacha de thoradh iniúchadh rialta ar na halgartaim arna dhéanamh ag tríú páirtithe neamhspleácha, agus timpeallacht shábháilte iontaofa ar líne.

2.3.

Chun a áirithiú go rachaidh an Eoraip go tapa i dtreo chuspóirí na Deacáide Digití, déantar foráil sa chreat rialachais atá beartaithe maidir le córas faireacháin arna bhunú ar an Innéacs neartaithe um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, agus beidh an tuarascáil ar Staid na Deacáide Digití ina measúnú bliantúil ar an gclaochlú digiteach san Eoraip. Déanfar an méid seo a leanas go háirithe sa tuarascáil: (i) sainaithneofar réimsí a bhfuil beart níos mó ag teastáil iontu, (ii) déanfar anailís ar na bearnaí atá ann ó thaobh infheistíochta nó acmhainní eile de agus díreofar aird ar na bearta a theastaíonn chun ceannasacht dhigiteach an Aontais a mhéadú agus (iii) déanfar measúnú ar chur chun feidhme na dtograí agus na mbeart rialála ábhartha arna ndéanamh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát. Deis a bheidh sa tuarascáil freisin féachaint a mhéad agus atáthar ag cloí leis na prionsabail dhigiteacha a leagfar amach sa dearbhú a bheidh ann amach anseo.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Measann CESE gur céim chun tosaigh thábhachtach is ea an Chonair i dtreo na Deacáide Digití ó thaobh tacaíocht don chlaochlú digiteach san Aontas de, ós rud é go dtugtar san áireamh ann gach claonadh a bhfuil borradh faoi agus an gá atá leis an digitiú, ar gá é atá ag dul i méid, rudaí a tugadh chun suntais freisin de bharr na paindéime. Is údar imní i gcónaí na bearnaí nár dúnadh go fóill i gcumais dhigiteacha na hEorpa, agus freisin an gá atá le cur chuige níos aontaithe a ghlacadh agus infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail dhigiteacha mhórscála chun tairbhe a bhaint as an digitiú.

3.2.

Creideann CESE go bhfuil sé riachtanach aird a thabhairt ar scileanna digiteacha, bonneagar digiteach, gnólachtaí digiteacha agus seirbhísí poiblí digiteacha má táthar chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus an fás eacnamaíoch san Eoraip, rudaí atá riachtanach má táthar chun feabhas a chur ar ioncam, caighdeáin mhaireachtála agus dálaí oibre. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an gcuid sin de phobal an Aontais atá ag dul in aois nó a bhfuil cónaí orthu faoin tuath lena chinntiú nach bhfágfar ar an trá fholamh iad agus an claochlú digiteach ar bun.

3.3.

Lena chois sin, má éiríonn leis an gclaochlú digiteach, fágfar an Eoraip ar thús cadhnaíochta sna treochtaí domhanda, cuirfear le hiomaíochas na hEorpa agus éascófar leagan síos na gcaighdeán uilíoch. Lena chois sin arís, tá an teicneolaíocht dhigiteach ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí a chabhróidh leis an Aontas cuspóirí inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach.

3.4.

Is díol sásaimh do CESE go mbeidh an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair i ndlúthchomhar le chéile chun spriocanna agus cuspóirí na Deacáide Digití a bhaint amach. Is é an chéad chéim a ghlacfar, a luaithe a thiocfaidh i bhfeidhm an Cinneadh lena mbunaítear an Chonair i dtreo na Deacáide Digití, conairí chun tosaigh ar leibhéal an Aontais a shainiú i gcomhpháirt le chéile i gcás gach ceann de na cuspóirí. Leis na conairí sin, beifear in ann measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo na spriocanna.

3.5.

Aithníonn CESE gur ar na Ballstáit atá an dualgas a gconairí náisiúnta a chur sna treochláir straitéiseacha um dhigitiú, de bhreis ar na beartais nó na hionstraimí atá ann faoi láthair nó atá beartaithe acu atá i gceist acu a úsáid. Ar ndóigh, níl an dua céanna ag teastáil le gach cuspóir a bhaineann leis an Deacáid Dhigiteach a bhaint amach sna Ballstáit go léir. Go deimhin, tá dul chun cinn suntasach déanta ag cuid de na Ballstáit cheana féin. Lena chois sin, i gcás roinnt cuspóirí ní mór do Bhallstáit áirithe iarracht spriocdhírithe a dhéanamh. Tuigeann CESE go bhfuil éagsúlacht mhór ann i gcásanna áirithe maidir lena bhféadfadh na Ballstáit éagsúla a dhéanamh ar mhaithe leis na spriocanna arna leagan amach ar leibhéal an Aontais a bhaint amach, rud is gá a chur san áireamh freisin. I dtaca leis sin, tá CESE ag iarraidh príomhtháscairí feidhmíochta nithiúla a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun a áirithiú go mbainfear na cuspóirí amach.

3.6.

Tá CESE ag súil go gcuirfear an méid sin san áireamh sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún ar an dul chun cinn maidir le Staid na Deacáide Digití. I dtaca leis an méid sin, is díol sásaimh do CESE an gealltanas go mbeidh an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair i ndlúthchomhar le chéile, faoi cheann cúig mhí, chun réimsí a aimsiú nach leor an dul chun cinn arna dhéanamh iontu agus chun bearta a chomhaontú lena n-áiritheofar go mbainfear na spriocanna amach. Arís eile, is ar na Ballstáit a bheidh sé a dtreochláir straitéiseacha náisiúnta a chur in oiriúint do na moltaí arna ndéanamh sa tuarascáil. Tá sé riachtanach go ngabhfaidh siad orthu féin gníomh ceartaitheach a dhéanamh agus/nó tionscadail a chur i bhfeidhm amhail tionscadail ilnáisiúnta.

3.7.

Is díol sásaimh do CESE freisin na huirlisí cinnteoireachta go léir atá beartaithe chun a áirithiú gur leor na bearta a dhéanfaidh na Ballstáit chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le cuspóirí na Deacáide Digití a bhaint amach. Maidir leis na huirlisí sin, lena n-áirítear piarmheasúnú, moltaí ón gCoimisiún, bearta breise ar leibhéal an Aontais, de bhreis ar idirphlé spriocdhírithe, tá cuma na maitheasa orthu ó thaobh éifeachtúlachta de, ag glacadh leis, ar ndóigh, go nglacfar leis na moltaí go léir.

3.8.

Maidir leis an tuairisciú, tá CESE ag leagan béim ar an ngá atá le nasc a dhéanamh idir cuspóirí na Deacáide Digití agus an Seimeastar Eorpach. Tá na gnéithe digiteacha ríthábhachtach i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh agus i dtaca le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis an gclaochlú digiteach san Aontas, agus tá CESE i bhfách leis an togra gur cheart tionchar a bheith ag an tuarascáil bhliantúil ar Staid na Deacáide Digití ar an Seimeastar Eorpach. Ba cheart táscairí nithiúla a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an dearbhaithe, ar táscairí iad lena dtomhaistear, cuir i gcás, an dul chun cinn atá á dhéanamh ó thaobh scileanna digiteacha gairmiúla agus scileanna chun faisnéis bhréagach ar líne a aithint, agus mar atá an bhearna dhigiteach á laghdú agus tacaíocht á tabhairt do dhaoine nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí ar líne. I dtaca leis sin, ba cheart gnéithe a bhaineann leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur san áireamh freisin.

3.9.

Tá CESE ag cur in iúl an athuair an seasamh fabhrach a ghlac sé i dtuairim ghaolmhar maidir le tionscadail ilnáisiúnta ar tionscadail mhórscála iad a thacaíonn le cuspóirí chlaochlú digiteach an Aontais. Is ábhartha an cur chuige é infheistíochtaí comhordaithe a dhíriú sa treo sin arb infheistíochtaí iad a bhaineann le trí Bhallstát ar a laghad agus, i gcás inarb iomchuí, geallsealbhóirí poiblí eile nó geallsealbhóirí uile na sochaí sibhialta (2).

3.10.

Tacaíonn na tionscadail sin le táirgiúlacht agus athléimneacht gheilleagar na hEorpa agus, dá bhrí sin, ní mór treoirlínte soiléire a leagan amach maidir leis an gcaoi ar féidir cistí a chur ar fáil do thionscadail ilnáisiúnta. Ar na foinsí cistiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann, tá meascán de chistiúchán ón Aontas agus ó na Ballstáit. Ar an taobh Eorpach de, is ann don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Clár don Eoraip Dhigiteach, an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, an Clár InvestEU, an Clár Fís Eorpach, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe. Mar sin féin, moltar go láidir go rannchuideodh na Ballstáit le tionscadail ilnáisiúnta ar tionscadail iad a mheasann CESE a bheith riachtanach ó thaobh claochlú digiteach Eorpach a dhéanamh go héifeachtach comhordaithe.

3.11.

Creideann CESE gur cheart measúnú rialta a dhéanamh ar inmharthanacht tionscadal ilnáisiúnta agus is díol sásaimh dó an togra go gcuirfidh an Coimisiún comhairle ar fáil agus go gcuirfidh sé treoir ábhartha ar fáil, i gcás inarb iomchuí, chun tacú le cur chun feidhme tionscadal ilnáisiúnta.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Leis na tograí ón gCoimisiún, tugtar bunús agus údar do Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún dearbhú comhpháirteach a tharraingt suas agus a shíniú. Tá CESE den bharúil gur áis tagartha úsáideach a bheadh ina leithéid de dhearbhú, ceann lena dtabharfaí le chéile i ndoiciméad aonair prionsabail éagsúla a bhaineann leis an gclaochlú digiteach, agus an Compás Digiteach agus an Chonair i dtreo na Deacáide Digití á gcur chun feidhme. Sa chás ab fhearr, chuirfeadh an dearbhú sin le muinín an phobail agus na ngnólachtaí. Chuige sin, ní mór an téacs agus an chumarsáid a ghabhann leis a bheith soiléir sothuigthe.

4.2.

Cé gur dhoiciméad polaitiúil a bheadh ann, rud nach mbeadh ceangailteach ó thaobh dlí de ann féin, bheadh a leithéid de dhoiciméad ina áis tagartha théagartha a chuirfeadh treoir ar fáil le haghaidh bearta beartais amach anseo. Mar a luaitear sa teachtaireacht, ní bheadh tionchar ag an dearbhú ar na cearta dlíthiúla atá ann i láthair na huaire. Dá bhrí sin, agus aon bheart eile arna bhunú ar an dearbhú sin á dhéanamh, ba cheart aird chuí a thabhairt ar na hionstraimí dlí agus ionstraimí eile atá ann cheana.

4.3.

Tá sé tábhachtach freisin go neartófaí raon leathan ionstraimí agus beart a chabhródh le cur chun feidhme an dearbhaithe. Mar shampla, tá sé fíor-riachtanach feasacht a mhúscailt faoi bhrí phraiticiúil na bprionsabal agus tuiscint orthu a chur chun cinn. Ní mór déanamh amhlaidh i gcás gnólachtaí, oibrithe, tomhaltóirí agus an phobail i gcoitinne.

4.4.

Tá sé réasúnta úsáid a bhaint as na sásraí atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirfear na prionsabail i bhfeidhm agus ar an gcaoi a bhfuil siad á gcur i bhfeidhm cheana féin. Chuige sin, is é sásra rialachais na Conaire i dtreo na Deacáide Digití a moladh, agus na cuspóirí foriomlána a ghabhann leis, is mó is ábhartha. Lena chois sin, tá sé úsáideach faireachán a dhéanamh ar athruithe ar dhearcadh an phobail trí bhíthin shuirbhéanna Eorabharaiméadair.

4.5.

I roinnt tuairimí roimhe seo, chuir CESE i bhfáth a thábhachtaí atá sé an claochlú digiteach a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach inbhuanaithe a dhíríonn ar an duine, agus bheadh an dearbhú ina áis tagartha riachtanach chuige sin. Cuireadh cuspóirí comhfhreagracha san áireamh freisin sa Chonair i dtreo na Deacáide Digití, agus bhí CESE den tuairim gur cuireadh creat cáilíochtúil ar fáil leo le haghaidh na spriocanna cainníochtúla arna leagan amach sa doiciméad sin agus sa Chompás Digiteach (3).

4.6.

Maidir leis na prionsabail agus na cearta éagsúla a ndéantar cur síos orthu sa dréachtdearbhú, tá cuid mhaith forluí eatarthu agus gnéithe éagsúla ag baint le gach ceann acu, gnéithe a bhfuil an-chuid mionsonraí ag baint le cuid acu. Tá sé deacair, dá bhrí sin, bunbhrí an ábhair a aithint. Is doiléire fós an t-ábhar de dheasca an mheascáin de phrionsabail agus cearta atá ann. Ba shoiléire agus b’éasca a thuiscint an tsraith thosaigh prionsabal uimhriúil a sheol an Coimisiún le haghaidh comhairliúcháin agus, dá bhrí sin, b’fhearr an cur chuige sin a úsáid, agus leas á bhaint as ábhar tairbheach an chomhairliúcháin.

4.7.

Creideann CESE gur as na cearta bunúsacha atá ann cheana a thagann na cearta digiteacha agus go sainítear iad dá réir. Is cuid de luachanna agus prionsabail an Aontais iad, ar cuid iad féin d’iomlán il-leibhéal iltoiseach, mar a gcómhaireann cearta agus saoirsí difriúla agus mar a socraítear teorainneacha de réir luachanna agus mar a n-áirithítear cothromaíocht chóir dá thoradh. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás phrionsabail na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus an chirt chun neamh-idirdhealú i gcomhthéacs na fuathchainte, ar feiniméan é atá ag dul i méid sa saol ar líne.

4.8.

Creideann CESE gur cheart na prionsabail dhigiteacha a bheith ag teacht le gach a bhfuil i gceist leis an bhforbairt inbhuanaithe. Mar sin féin, is cosúil gur tagairt don inbhuanaitheach chomhsaoil, thar aon rud eile, atá i bprionsabal na hinbhuanaitheachta mar a luaitear é sa dréachtdearbhú, agus go ndírítear na cúig phrionsabal eile, den chuid is mó, ar an inbhuanaitheacht shóisialta. Creideann CESE gur cheart an inbhuanaitheacht a chur san áireamh i bhforbairt agus úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha ar dhá bhealach: drochthionchar na dteicneolaíochtaí a íoslaghdú agus a ndea-thionchar ar an ngeilleagar agus an tsochaí a uasmhéadú. Dá bhrí sin, is éard a bheidh ann má éiríonn leis an gclaochlú digiteach ná meascán de thairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a eascróidh ón méid a dhéanfar ar son an iomaíochais, an rathúnais, na fostaíochta agus na dea-bhaile agus ar son an aistrithe chuig geilleagar ciorclach aeráidneodrach.

4.9.

Tá cearta agus luachanna bunúsacha an Aontais riachtanach ó thaobh na ndaoine agus na ngnólachtaí de araon. Tá an chuid is mó de na gnéithe atá sa tionscadal ábhartha ní hamháin don phobal i gcoitinne ach don lucht fiontair, lena n-áirítear fiontair shóisialta, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta freisin. Ba cheart a aithint leis an dearbhú, mar sin, gurb ionann beagnach na dúshláin atá roimh an bhformhór mór acu, go háirithe na FBManna, agus atá roimh an bpobal i gcoitinne maidir leis an oiriúnú don saol digiteach.

4.10.

Creideann CESE gur cheart díriú níos mó ar a oiread tairbhe is féidir a bhaint as tairbhí an chlaochlaithe dhigitigh, an rathúnas eacnamaíoch ina measc. Chuige sin, is léir a thábhachtaí agus atá na prionsabail a bhaineann leis an nascacht, scileanna agus an tslándáil, ar prionsabail iad atá riachtanach ó thaobh na forbartha socheacnamaíche de. De bhreis ar an méid a mholtar sa dréachtdearbhú, ó thaobh an tsaoil dhigitigh de, tá an-tábhacht ag baint le prionsabail na nuálaíochta agus na maoine intleachtúla agus an tsaoirse chun gnó a dhéanamh agus ba cheart iad sin a aithint sa dearbhú.

4.11.

I bhfianaise chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine, is léir a thábhachtaí agus atá dea-fheidhmiú na nasc digiteach agus na cibearshlándála ar gach leibhéal agus i ngach earnáil den tsochaí, de bhreis ar dhea-fheidhmiú na nasc idirnáisiúnta. Is léir freisin dá bharr an gá atá le scileanna agus acmhainní an phobail a fhorbairt maidir le bréagaisnéis a thabhairt faoi deara agus a chomhrac.

4.12.

Chuir CESE i bhfáth cheana féin a thábhachtaí agus atá an cheannasacht dhigiteach mar cheann de na príomhcholúin i gcás fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na hEorpa agus chuir sé i bhfáth freisin nach mór an cheannasacht chéanna a bhunú ar iomaíochas domhanda agus ar chomhar láidir idir na Ballstáit. Réamhchoinníoll atá sa mhéid sin, má tá an tAontas le bheith ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear ó thaobh iontaofacht na dteicneolaíochtaí digiteacha de. Maidir le sonraí mhuintir na hEorpa a óstáil, tá béim ar leith á leagan ag CESE ar an ngá atá le tionscadal néalteicneolaíochta Eorpach GAIA-X a chur i gcrích, rud a chothódh muinín mhuintir na hEorpa agus a chuirfeadh sreabhadh na sonraí chun cinn dá thoradh (4).

4.13.

Is cuid ríthábhachtach d’fhorbairt dhigiteach an Aontais feidhmiú rianúil agus cothroime an mhargaidh inmheánaigh. Creideann CESE, dá bhrí sin, nach mór bunbhrí féin na saoirsí atá sa mhargadh aonair a chosaint ina hiomláine. Tá an tábhacht a bhaineann le saorshreabhadh sonraí agus úinéireacht sonraí ag dul i méid, ós rud é nach mbaineann an méid sin le margadh aonair na sonraí ann féin amháin, ach go bhfuil dlúthnasc aige freisin leis na margaí caipitil, earraí agus seirbhísí.

4.14.

Tá an margadh aonair ina thúsphointe don Aontas freisin ó thaobh an úsáid a bhaintear as margaí agus slabhraí soláthair seachtracha a mhéadú agus ó thaobh a bheith ina ghníomhaí domhanda cumhachtach a bhfuil tionchar mór aige ar chúrsaí. Dá bhrí sin, ba cheart an dearbhú a chur chun cinn go gníomhach ar an leibhéal idirnáisiúnta. Cé nach féidir luachanna a “onnmhairiú”, is féidir go mbeidh an tAontas in ann tionchar a imirt ar bhonn domhanda ach leas a bhaint as réimse leathan uirlisí, idir chomhaontuithe domhanda arna gcur ar bun ag comhpháirtithe sóisialta in eagraíochtaí ilnáisiúnta, ghníomhaíochtaí taidhleoireachta, chomhar maidir le nuálaíocht, chomhaontuithe trádála agus infheistíochta agus choinníollacha maoiniúcháin. Baineann an méid sin go léir leis an gcaidreamh déthaobhach agus iltaobhach araon.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  COM(2021) 574 final.

(2)  Tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Beartais 2030 “Conair i dtreo na Deacáide Digití” (IO C 194, 12.5.2022, lch. 87).

(3)  Tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Beartais 2030 “Conair i dtreo na Deacáide Digití” (IO C 194, 12.5.2022, lch. 87).

(4)  Tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Clár Beartais 2030 “Conair i dtreo na Deacáide Digití” (IO C 194, 12.5.2022, lch. 87).


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/18


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchuibhithe maidir le rochtain chothrom ar shonraí agus maidir le húsáid chothrom sonraí (An Ionstraim um Shonraí)

(COM(2022) 68 final — 2022/0047 (COD))

(2022/C 365/04)

Rapóirtéir:

Marinel Dănuț MURESAN

Comhrapóirtéir:

Maurizio MENSI

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 23.3.2022

 

An Chomhairle, 29.3.2022

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

1.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

184/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Shonraí agus tá béim á leagan aige ar an ngá atá lena chur chun feidhme gan aon idirdhealú a dhéanamh in aghaidh daoine a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar an idirlíon nó ar shonraí.

1.2.

Tá CESE den tuairim gur gnéithe bunúsacha de rialachas sonraí iad cosaint sonraí pearsanta, cosaint na céannachta digití agus an phríobháideachais, agus go bhfuil baint dhíreach acu leis an urraim do dhínit an duine agus do chearta bunúsacha. Dá bhrí sin, tá inrianaitheacht, idir-inoibritheacht agus ilmhódúlacht ghníomhaíochtaí éagsúla na slabhraí soláthair ag teastáil chun sineirge shoiléir a áirithiú le táscairí an Chomhaontaithe Ghlais agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna).

1.3.

Measann CESE go bhfuil sé tábhachtach a ráthú go n-urramófar caighdeáin sábháilteachta agus eiticiúla, dálaí iolracha agus leordhóthanacha le haghaidh feidhmiúlacht sonraí, nósanna imeachta cibearshlándála agus stóráil chuí sonraí ar chríoch an Aontais, ar an tuiscint gur cheart do dhaoine aonair na sonraí a ghinfidh siad a rialú i gcomhréir leis na cuspóirí maidir le huathriail straitéiseach agus neamhspleáchas teicneolaíoch. Ós rud é go n-úsáidfear méid suntasach fuinnimh chun an líon ollmhór sonraí sin a riar, molaimid go n-áireofaí san ionstraim an t-iarratas ar eintitis atá i gceannas ar stóráil sonraí fuinneamh ó acmhainní in-athnuaite a úsáid den chuid is mó.

1.4.

Creideann CESE go bhfuil sé ábhartha agus tábhachtach go n-áiritheofar iomaíocht chothrom agus dáileadh cothrom costas agus breisluach laistigh den slabhra soláthair sonraí lena n-áirítear na gníomhaithe uile.

1.5.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil cosaint chearta na saoránach mar bhuntaca le córas sóisialta an Aontais Eorpaigh agus nach mór iomaíochas eacnamaíoch an Aontais a ráthú trí ardleibhéal príobháideachais agus slándála a chur ar fáil, trí chaighdeáin sábháilteachta agus eiticiúla a urramú, agus trí dhálaí iolracha agus leordhóthanacha a chur ar fáil le haghaidh feidhmiúlacht sonraí, nósanna imeachta cibearshlándála agus stóráil chuí sonraí i spásanna agus in áiteanna deimhnithe an Aontais Eorpaigh.

1.6.

Molann CESE raon feidhme an rialacháin atá beartaithe a mhéadú d’fhonn gach táirge fisiciúil a chumhdach a fhaigheann, a ghineann nó a bhailíonn sonraí maidir lena bhfeidhmíocht, lena n-úsáid nó lena dtimpeallacht agus atá in ann na sonraí sin a chur in iúl trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí.

1.7.

Creideann CESE gur cheart rochtain gan bhac a bheith ag úsáideoirí agus ag faighteoirí sonraí ar shonraí atá riachtanach d’fheidhmiú, do dheisiú nó do sheirbhísiú táirgí bainteacha agus seirbhísí gaolmhara. D’áireofaí leis sin na sonraí loma agus na meiteashonraí uile ach tacair ábhartha eile de shonraí próiseáilte, scagtha nó comhiomlánaithe freisin.

2.   Cúlra

2.1.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach an Ionstraim um Shonraí a sheoladh, a bhfuil sé d’aidhm aici leithdháileadh cothrom luacha a fhaightear ó shonraí a chinntiú agus úsáid níos fearr agus níos éifeachtúla a bhaint as sonraí agus rochtain níos fearr agus níos éifeachtúla ar shonraí a áirithiú. Is réamhriachtanas bunúsach é rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a rialáil chun na deiseanna a thugann an ré dhigiteach ina mairimid a thapú. Thairis sin, leagtar amach sa togra an chaoi a bhfuil cearta ábhartha á gcur i bhfeidhm, méadaítear an rochtain ar úsáid sonraí do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí agus áirithíonn sé inrochtaineacht sonraí d’institiúidí poiblí nuair is gá sin. Is é is aidhm dó leas a bhaint as luach na sonraí a ghintear le rudaí bainteacha san Eoraip trí bhacainní ar rochtain ar shonraí a bhaint do chomhlachtaí na hearnála príobháidí agus poiblí araon, agus san am céanna dreasachtaí chun infheistíocht a dhéanamh i nginiúint sonraí a chaomhnú trí rialú cothrom ar na sonraí a áirithiú dá gcruthaitheoirí.

2.2.

Is é an togra an bloc tógála trasearnálach deireanach de straitéis sonraí an Choimisiúin agus comhtháthaítear leis acquis foriomlán bheartas digiteach an Aontais, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), an Treoir maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí, an Rialachán maidir le saorshreabhadh sonraí agus an chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair maidir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, an Rialachán maidir le R-phríobháideachas agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. Ar deireadh, is é an cuspóir atá leis leithdháileadh luacha níos cothroime a chruthú trí aghaidh a thabhairt ar chásanna ina n-úsáideann roinnt gníomhaithe sonraí go heisiach. Molann CESE go mbeidh sainmhíniú níos soiléire againn ar cad is úsáideoir ann agus ar chatagóirí sonraí chomh maith le cearta úsáideoirí a áirithiú.

2.3.

Is é is cuspóir don togra cothroime a áirithiú sa timpeallacht dhigiteach trína chur ar chumas tomhaltóirí agus cuideachtaí breis smachta a bheith acu ar a gcuid sonraí, trí shoiléiriú a dhéanamh ar cé atá in ann rochtain a fháil orthu agus cé na téarmaí ar a gcuirfear ar fáil iad; margadh iomaíoch sonraí a spreagadh trí neart sonraí tionsclaíocha a chur ar fáil; deiseanna a chur ar fáil don nuálaíocht shonraíbhunaithe; agus sonraí a dhéanamh níos inrochtana do chách.

2.4.

Cuspóirí eile atá leagtha amach sa togra is ea sineirgí soiléire agus éifeachtúla a éascú idir néalseirbhísí agus seirbhísí ciumhais, cosaintí a chur ar bun i gcoinne aistriú neamhdhleathach sonraí gan fógra a fháil ó sholáthraithe néalseirbhísí agus caighdeáin idir-inoibritheachta a fhorbairt chun sonraí a athúsáid idir earnálacha. Príomhchuspóir eile is ea breisluach an bhunachair sonraí a mhéadú, rud a ghintear le sonraí agus próiseáil sonraí, chomh maith leis na gníomhaithe éagsúla a spreagadh chun tacú le forbairt an gheilleagair shonraíbhunaithe.

2.5.

Beidh impleachtaí leathana ag an togra do shaoránaigh, do chuideachtaí agus d’údaráis phoiblí araon, laistigh den Aontas agus lasmuigh de, agus d’fhéadfadh sé an creat rialála Eorpach maidir le sonraí a athrú ó bhonn. Is é is aidhm dó trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú maidir le comhroinnt sonraí a ghintear trí tháirgí nó seirbhísí áirithe a úsáid, chomh maith le rialacha a chur i bhfeidhm chun cothroime i gconarthaí comhroinnte sonraí a áirithiú. Cruthaítear leis creat intuartha iomchuí maidir le comhroinnt sonraí idir gnólachtaí agus tomhaltóirí agus maidir le comhroinnt sonraí gnólacht le gnólacht agus bunaítear leis na hoibleagáidí dlíthiúla ar shealbhóirí sonraí maidir le sonraí a chur ar fáil. Rialaítear leis na téarmaí éagóracha maidir le rochtain ar shonraí agus maidir le húsáid sonraí idir gníomhaithe ar an margadh.

2.6.

Tugann an Ionstraim um Shonraí cur chuige comhleanúnach maidir le coimircí sonraí neamhphearsanta i gcomhthéacsanna idirnáisiúnta chomh maith le hidir-inoibritheacht chomh maith le bacainní éagsúla maidir le húsáid agus athúsáid sonraí a laghdú.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Is díol sásaimh do CESE an Ionstraim um Shonraí agus tacaíonn sé léi, mar soiléirítear inti cé atá in ann luach a chruthú ó na sonraí sin agus na coinníollacha faoina dtarlaíonn sin, áirithítear inti freisin cothroime maidir le luach sonraí a leithdháileadh ar na gníomhaithe sa gheilleagar sonraí agus maidir lena gconarthaí agus leasanna dlisteanacha cuideachtaí agus daoine aonair a dhéanann infheistíocht i dtáirgí agus i seirbhísí sonraí á n-urramú san am céanna. Ar deireadh, tugann na rialacha nua cumhacht do thomhaltóirí agus do chuideachtaí trí chead cainte a thabhairt dóibh faoin méid is féidir a dhéanamh leis na sonraí a ghineann a dtáirgí bainteacha. Le blianta beaga anuas, is léir gur cuireadh dlús le forbairt teicneolaíochtaí sonraíbhunaithe. Úsáidtear iad i roinnt mhaith earnálacha eacnamaíocha, rud a áirithíonn agus a eagraíonn rochtain oiriúnaithe agus iomchuí ar shonraí. Mar aon leis an mbreisluach a chruthaítear leis an mbunachar sonraí, tá an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Shonraí tábhachtach chun fás eacnamaíoch nuálach agus eiticiúil a áirithiú, rud a chruthóidh deiseanna do chách.

3.2.

Faoi láthair, níl rochtain ag cuid mhaith FBManna ar shonraí ar rannchuidigh siad lena nginiúint le trealamh Idirlíon na Rudaí Nithiúla (IoT) nó le seirbhísí gaolmhara a bhfuil úinéireacht acu orthu, nó a bhfuil ar cíos nó ar léas acu. Ina theannta sin, teipeann ar FBManna nuálacha agus gnólachtaí nuathionscanta breisluach a chruthú i bhfoirm táirgí núíosacha agus seirbhísí comhlántacha d’úsáideoirí threalamh IoT toisc nach bhfuil siad in ann na sonraí arna nginiúint ag na feistí sin a fháil. Cuireann an méid sin isteach ar fheidhmíocht an Mhargaidh Aonair Dhigitigh.

3.3.

Is é is aidhm don togra reachtach an luach a bhaineann le sonraí sa gheilleagar a uasmhéadú trína áirithiú go mbeidh smacht ag raon níos leithne geallsealbhóirí ar a gcuid sonraí agus go mbeidh tuilleadh sonraí ar fáil le haghaidh úsáid nuálach. Á dhéanamh sin dó, déantar breithniú ar uirlisí nuálacha éagsúla chun seirbhísí próiseála sonraí a athshuí ar an leibhéal Eorpach agus déantar na struchtúir chumhachta atá ann cheana a athrú ó bhonn, ar struchtúir iad lena dtugtar tacaíocht do chomhpháirtithe atá i seilbh sonraí móra chun dochair do ghníomhaithe beaga Eorpacha. Is é is aidhm don togra na treochtaí margaidh atá ann le déanaí a sheachaint, as ar eascair comhdhlúthú an gheilleagair idirlín agus monaplachtaí sonraí in earnálacha éagsúla, amhail cúram sláinte agus tionscal na ngluaisteán. Ní mór aird a thabhairt ar an méadú leanúnach sin ar shonraí agus rialú a dhéanamh ar mhéid na gcoinníollacha éagóracha a bhaineann le húsáid sonraí.

3.4.

Cuireann an togra feabhas ar na dálaí faoinar féidir le gnólachtaí agus tomhaltóirí néalseirbhísí agus seirbhísí ciumhais a úsáid san Aontas, ós rud é go n-éascaítear leo sonraí agus iarratais a aistriú ó sholáthraí amháin go soláthraí eile gan aon chostais a thabhú.

3.5.

Creideann CESE nach mór iarrachtaí breise a dhéanamh chun an geilleagar sonraí agus rialachas sonraí a chomhdhlúthú. Go háirithe, tá gá mór le litearthacht sonraí a mhéadú agus le tacaíocht a chur ar fáil di má táthar chun an geilleagar sonraí a chomhdhlúthú agus a fhorbairt chun go mbeidh daoine aonair agus gnólachtaí ar an eolas faoina gcuid sonraí agus go spreagfar iad chun rochtain ar a gcuid sonraí a thairiscint i gcomhréir leis na rialacha dlíthiúla ábhartha. Tá an méid sin mar bhonn do shochaí shonraíbhunaithe inbhuanaithe, ina n-urramaítear cearta bunúsacha, cearta oibrithe, rialacha an daonlathais agus cearta oscailte cuimsitheacha.

3.6.

Is díol sásaimh do CESE an fhoráil maidir le FBManna, a dtugtar cosaint dóibh anois ar théarmaí conarthacha éagóracha a bhuí leis an liosta de chlásail chonarthacha a fhorchuirtear go haontaobhach a mheasfar nó a thoimhdeofar a bheith éagórach. Ní bheidh téarmaí a mheastar a bheith éagórach faoin “measúnú éagóra” ina gceangal ar FBManna. I ndáil leis an méid sin, forbróidh an Coimisiún agus molfaidh sé téarmaí conarthacha neamhcheangailteacha, rud a chabhróidh le FBManna conarthaí níos cothroime maidir le comhroinnt sonraí a chaibidliú le cuideachtaí a bhfuil seasamh margála i bhfad níos láidre acu. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit aird níos mó a thabhairt ar fheabhas a chur ar chumas cuideachtaí Eorpacha, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, páirt a ghlacadh i ngeilleagar sonraíbhunaithe agus cur leis an ngeilleagar sin san Eoraip agus ar fud an domhain. Chuige sin, tá gá le tuilleadh infheistíochta san oideachas agus san oiliúint, sa taighde agus san fhorbairt, chomh maith le spásanna coiteanna sonraí a thacaíonn le luach sonraíbhunaithe a chruthú. Tá sé ríthábhachtach a áirithiú go mbeidh sé d’acmhainn ag FBManna úsáid a bhaint as an measúnú éagóra agus iad féin a chosaint ar chleachtais chonarthacha éagóracha. I ndáil leis an méid sin, is uirlis riachtanach iad téarmaí conarthacha eiseamláireacha arna soláthar ag an gCoimisiún ach is gá iad a chomhlánú le cineálacha eile tacaíochta ó na húdaráis náisiúnta inniúla.

3.7.

Creideann CESE go bhfuil gá le cur chuige earnála maidir leis an bpróiseas breisluacha, agus maidir le húsáid agus athúsáid sonraí chun sineirge níos fearr a bhaint amach le táscairí an Chomhaontaithe Ghlais agus le SDGanna. Ba cheart spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d’earnálacha atá tite ar gcúl i gcomhtháthú na dteicneolaíochtaí digiteacha. Bheadh sé tábhachtach an rialachán a chur i bhfeidhm go trédhearcach agus go héifeachtach ar mhaithe le hinrianaitheacht, idir-inoibritheacht agus ilmhódúlacht ghníomhaíochtaí éagsúla na slabhraí soláthair, mar shampla in earnáil an iompair. I ndáil leis sin, bheadh sé úsáideach treoirlínte sonracha a ghlacadh chun léirmhíniú aonfhoirmeach ar an rialachán a éascú i measc na mBallstát.

3.8.

Tá CESE ag tacú leis an gceart atá ag institiúidí poiblí rochtain a fháil ar shonraí i gcás éigeandála, nuair a cheadaítear sin leis an dlí. Mar sin féin, ba cheart faireachán cúramach a dhéanamh air sin chun mí-úsáid a sheachaint agus chun nach gcuirfear luachanna daonlathacha agus an smacht reachta i mbaol. I gcás éigeandála, ní mór athléimneacht mhéadaithe agus iomaíocht chóir a chur san áireamh, agus cearta an duine á n-urramú san am céanna. Go ginearálta, tá cead ag comhlachtaí na hearnála poiblí rochtain a fháil ar shonraí nuair is gá sin chun an leas ginearálta a chosaint, ach ar bhealach comhréireach a íoslaghdaíonn an t-ualach a chuirtear ar an duine aonair nó ar na heintitis dhlíthiúla. Bheadh sé úsáideach tacú le comhlachtaí neamhspleácha iontaofa a chur ar bun a mbeadh sé de chúram orthu comhroinnt dheonach nó éigeantach sonraí idir gnólachtaí agus rialtais a chur chun cinn ó thaobh cúrsaí teicniúla, conarthacha, oibríochtúla agus airgeadais de. D’fhéadfadh na heagraíochtaí sin gníomhú mar chomhlachtaí um réiteach díospóidí freisin.

3.9.

Creideann CESE gur cheart an tionchar ar an margadh saothair a chur san áireamh sa togra le haghaidh ionstraim um shonraí. Ní mór a mheas go bhfuil easpa scileanna nua agus inniúlachtaí nua ann, go háirithe i gcás fostaithe ó mhicrifhiontair, ó fhiontair bheaga agus ó fhiontair mheánmhéide. Is gnéithe iad dálaí oibre a fheabhsú, cobhsaíocht post a áirithiú agus intuarthacht gairme a áirithiú lenar féidir comhdhlúthú an gheilleagair shonraíbhunaithe a áirithiú amach anseo agus ba cheart iad a chur san áireamh i gcónaí.

3.10.

Is díol sásaimh do CESE príomhchuspóir an togra seo, is é sin rochtain ar an ngeilleagar sonraí agus ar mhargadh na sonraí a áirithiú gan idirdhealú agus deiseanna rochtana a chur ar fáil do gach gnólacht agus duine, gan beann ar an réigiún. Dá bhrí sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar líonraí leathanbhanda ardluais agus líonraí ardtoillte a ráthú laistigh den Aontas Eorpach agus bonneagair idirlín ilréigiúnacha a thógáil chun sonraí a bhailiú, a úsáid agus a athúsáid.

3.11.

I bhfianaise fhás agus mhéadú suaiteach na rioscaí digiteacha, chomh maith le bonneagair phoiblí agus phríobháideacha a bheith ag baint úsáid as teicneolaíochtaí digiteacha, measann CESE gurbh fhiú tuilleadh faireacháin a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí na hIonstraime um Shonraí, go háirithe maidir le bainistiú sonraí.

3.12.

Tá CESE den tuairim gur gnéithe riachtanacha de rialachas sonraí iad cosaint sonraí pearsanta, cosaint na céannachta digití agus an phríobháideachais, agus go bhfuil baint dhíreach acu leis an urraim do dhínit an duine agus do chearta bunúsacha. Ar an gcúis sin, bheadh sé tábhachtach cearta úinéireachta sonraí pearsanta a aithint agus a ráthú chun go mbeidh saoránaigh na hEorpa in ann úsáid a gcuid sonraí a rialú (1). Níor cheart faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ar líne ach amháin nuair atá eolas agus toiliú sainráite ann maidir le tuilleadh úsáide a bhaint as na sonraí sin, i gcomhréir leis na rialacha dlíthiúla ábhartha.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Is díol sásaimh do CESE an togra, i gcomhréir le riachtanais an gheilleagair dhigitigh, chun bacainní ar mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil le haghaidh sonraí a bhaint agus chun malartú cothrom a chur chun cinn trí chreat comhchuibhithe a leagan síos. I ndáil leis an méid sin, ba ghá rialacha an Aontais maidir le slándáil agus cibearshlándáil a chomhlíonadh i gcomhréir le cuspóirí uathriail straitéiseach agus neamhspleáchas teicneolaíoch an Aontais.

4.2.

Ba cheart tacaíocht agus cúnamh eacnamaíoch a thabhairt freisin do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus do réigiúin iargúlta a bhfuil tearc-rochtain acu ar an idirlíon chun leas a bhaint as na deiseanna a bhaineann leis an ngeilleagar sonraí.

4.3.

Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá go gcuirfeadh na Ballstáit tuilleadh feabhais ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun tacú le cuideachtaí, go háirithe FBManna, bonneagair sonraí, inniúlachtaí d’fhostaithe agus saineolas a chruthú, a chomhdhlúthú agus a úsáid, agus cistí struchtúracha AE agus Next Generation EU á n-úsáid acu. Ba cheart feabhas a chur ar an oiliúint a chuirtear ar FBManna chun a gcuid gníomhaíochtaí a dhigiteáil. D’fhéadfadh na Ballstáit fóirdheontais agus dreasachtaí fioscacha a chur ar fáil i ndáil leis sin freisin.

4.4.

Ní hamháin gur féidir leis an ngeilleagar sonraíbhunaithe deiseanna fostaíochta ardcháilíochta a chur ar fáil, go háirithe do dhaoine óga, do ghrúpaí leochaileacha nó dóibh siúd “nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna” (NEETanna) ach d’fhéadfadh sé feabhas a chur ar dhálaí saothair freisin. Cuideoidh an próiseas sin le héagothromaíochtaí digiteacha a laghdú agus le hiomaíochas an gheilleagair shonraíbhunaithe ar an leibhéal Eorpach a mhéadú.

4.5.

Creideann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach iomaíocht chothrom idir gníomhaithe éagsúla sa mhargadh Eorpach agus rochtain ar shonraí a áirithiú. Go háirithe, tá sé ábhartha agus tábhachtach go n-áiritheofar dáileadh cothrom costas agus breisluach laistigh den slabhra soláthair sonraí, lena n-áirítear na gníomhaithe uile. Ba chóir cuideachtaí móra, go háirithe cuideachtaí néalseirbhíse a bhfuil ardchumhacht sa mhargadh acu, a rialú chun deireadh a chur le mí-úsáidí éagsúla.

4.6.

Creideann CESE go bhfuil infheistíocht i gcumas bainistíochta agus oibríochtúil na n-údarás poiblí inniúil ríthábhachtach chun cur chun feidhme cuí na hIonstraime um Shonraí a áirithiú. Ba cheart méid ceart acmhainní airgeadais a leithdháileadh ar údaráis inniúla chun leibhéal leordhóthanach acmhainní daonna, teicniúla agus airgeadais a ráthú.

4.7.

Aithníonn CESE a thábhachtaí atá samhail an chomharchumainn maidir le bainistiú sonraí agus malartú sonraí d’fhonn tacú le micrifhiontair, le fiontair bheaga agus mheánmhéide, le hoibrithe féinfhostaithe agus leis na gairmithe liobrálacha (2).

4.8.

Tá sé á chur in iúl ag CESE go mbeadh sé tábhachtach cearta na saoránach a chosaint go hiomlán i gcónaí agus iomaíochas eacnamaíoch an Aontais á áirithiú. Go háirithe, bheadh sé tábhachtach ardleibhéal príobháideachais agus slándála a ráthú, caighdeáin sábháilteachta agus eiticiúla a urramú, dálaí iolracha agus leordhóthanacha a chur ar fáil le haghaidh feidhmiúlacht sonraí, nósanna imeachta cibearshlándála agus stóráil chuí sonraí ar chríoch an Aontais (agus ar leis an Aontas Eorpach iad) i spásanna agus in áiteanna deimhnithe.

4.9.

Molann CESE meastóireacht a dhéanamh ar an méadú ar raon feidhme an rialacháin d’fhonn gach táirge fisiciúil a chumhdach a fhaigheann, a ghineann nó a bhailíonn sonraí maidir lena bhfeidhmíocht, lena n-úsáid nó lena dtimpeallacht agus atá in ann na sonraí sin a chur in iúl trí sheirbhís cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí. Chomh maith le speictream leathan de threalamh IoT, ba cheart ríomhairí pearsanta, táibléid, fóin chliste agus gléasanna nasctha comhchosúla eile a áireamh sa sainmhíniú sin.

4.10.

Creideann CESE gur cheart rochtain gan bhac a bheith ag úsáideoirí agus ag faighteoirí sonraí ar shonraí atá riachtanach d’fheidhmiú, do dheisiú nó do sheirbhísiú táirgí bainteacha agus seirbhísí gaolmhara ach cearta maoine intleachtúla agus/nó rúin trádála á n-urramú acu san am céanna.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 38.

(2)  IO C 286, 16.7.2021, lch. 38.


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/23


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Gníomh Eorpach um Shliseanna

(COM(2022) 45 final)

(2022/C 365/05)

Rapóirtéir:

Heiko WILLEMS

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

1.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

203/0/6

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE cuspóir an Choimisiúin Eorpaigh éiceachóras na leathsheoltóirí a neartú, athléimneacht agus slándáil an tsoláthair a mhéadú go suntasach agus spleáchais sheachtracha a laghdú. Is deis uathúil í an Ionstraim um Shliseanna don Eoraip do Bhallstáit uile an Aontais gníomhú le chéile chun bonn teicneolaíoch níos láidre a bhaint amach.

1.2.

Chomh maith le méid beag na dtréithe (< 2 nm), ní mór riachtanais thionscal na gcustaiméirí agus láidreachtaí thionscal leathsheoltóra na hEorpa a chur san áireamh freisin, go háirithe maidir le leathsheoltóirí cumhachta agus braiteoirí atá i bhfad níos mó. Ní hé gurb í an inniúlacht i dtréithe níos lú an t-aon toisc amháin lena gcinnfear rath éiceachóras na leathsheoltóirí. Déanfar idirdhealú níos mó idir riachtanais shonracha na micrileictreonaice amach anseo agus beidh gá freisin le méadú a dhéanamh ar sholáthar sliseanna leathsheoltóra réabhlóideacha agus nuálacha, gan beann ar a méid. Dá bhrí sin, molann CESE cur chuige cuimsitheach, a bheadh bunaithe go príomha ar éiceachóras nuálach leathsheoltóirí.

1.3.

Chun an ganntanas leathsheoltóra a mhaolú san fhadtéarma, tá sé tábhachtach go mbeadh rochtain ar amhábhair, saoráidí T&F, maoin intleachtúil agus saineolas teicneolaíochta agus go mbeadh lucht saothair oilte ar fáil. Chuige sin, tá gá le hinfheistíocht phríobháideach agus tacaíocht shuntasach ón earnáil phoiblí. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún forbairt bhreise a dhéanamh ar a phleananna infheistíochta, go háirithe maidir leis an gcaoi a ndéanfar na hinfheistíochtaí a mhaoiniú.

1.4.

Aithníonn CESE gur tionscadal ríthábhachtach straitéiseach réamhbhreathnaitheach é tionscal na leathsheoltóirí a chur chun cinn don Aontas a bheidh cinntitheach ó thaobh shlándáil an tsoláthair agus ó thaobh thodhchaí na hEorpa mar lárionad nuálaíochta agus mar áit chun dul i mbun gnó. Mar sin féin, ní mór inmharthanacht eacnamaíoch na saoráidí sin a ráthú, sa mheántéarma ar a laghad, chun a áirithiú go mbeidh an infheistíocht ó chistí poiblí éifeachtach agus inbhuanaithe. Ní mór rás fóirdheontais a sheachaint agus caithfear cistí a chaitheamh go héifeachtúil gan ró-acmhainneachtaí agus saobhadh margaidh a chruthú.

1.5.

Tá CESE suite de gur cheart éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú d’fhonn uathriail straitéiseach oscailte a bhaint amach. Tá slabhra luacha na leathsheoltóirí ar cheann de na slabhraí luacha is domhandaithe. Ó tharla ardleibhéal idirthuilleamaíochta idirnáisiúnta a bheith i margadh na leathsheoltóirí, ní bheadh ciall eacnamaíoch ar bith le slabhra luacha iata a bhunú i ngach cuid den domhan. Mar sin féin, ba cheart do dheighleoga teicneolaíochta atá an-leochaileach, i.e. mar gheall ar ábhair imní gheopholaitiúla nó mar gheall ar a n-ábharthacht straitéiseach, an tacaíocht is gá a fháil.

1.6.

Ní mór an idirthuilleamaíocht idirnáisiúnta sin a chur san áireamh freisin maidir leis na bearta éigeandála atá beartaithe. De réir mar a mhéadaíonn an Coimisiún Eorpach athléimneacht na hEorpa, ba cheart dó comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a neartú freisin.

1.7.

Is oth le CESE nach ndearnadh measúnú tionchair.

1.8.

Ba mhaith le CESE aird a tharraingt ar thuairimí eile uaidh ar an ábhar seo (1).

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

I saol ina bhfuil an digiteáil ag dul i méid, is cuid riachtanach iad leathsheoltóirí de roinnt mhaith earnálacha eacnamaíocha éagsúla agus réimsí éagsúla den saol – don tionscal agus do thomhaltóirí araon. Tá méadú leanúnach tagtha ar luach na sliseanna a dhíoltar ar fud an domhain le blianta beaga anuas agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú 11 % ar dhíolacháin in 2022 (2). Thairis sin, ní féidir spriocanna an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh a bhaint amach gan leathsheoltóirí. Fágann an dul chun cinn teicneolaíoch sa réimse sin gur féidir nuálaíocht thrasearnálach a dhéanamh feadh an tslabhra luacha iomláin.

2.2.

Tá ábharthacht gheopholaitiúil na leathsheoltóirí ag dul i méid freisin. Tá slabhra luacha na leathsheoltóirí ar cheann de na slabhraí luacha is domhandaithe. Níl neamhspleáchas iomlán ag aon stát ar leith i bpróiseas an chruthaithe luacha ina iomláine. Ina ionad sin, tá ardleibhéal roinnte saothair agus idirspleáchais idir náisiúin agus réigiúin i ngeall ar chostais arda agus céimeanna casta táirgthe. Ar an gcúis sin, creideann CESE go daingean nach mbeadh ciall eacnamaíoch le slabhra luacha iata a bhunú i ngach cuid den domhan. Os a choinne sin, ba cheart anailís mhionsonraithe ar láidreachtaí agus laigí éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a bheith mar thúsphointe le haghaidh díospóireachta ar an gcaoi a bhféadfadh infheistíochtaí spriocdhírithe athléimneacht na hEorpa a mhéadú. Ag an am céanna, ba cheart don Choimisiún Eorpach comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta san éiceachóras leathsheoltóra a neartú d’fhonn sineirgí a chruthú. Mar sin féin, ba cheart do dheighleoga teicneolaíochta atá an-leochaileach, i.e. mar gheall ar ábhair imní gheopholaitiúla nó mar gheall ar a n-ábharthacht straitéiseach, an tacaíocht is gá a fháil ó thaobh airgeadais de agus ó thaobh na polaitíochta de.

2.3.

I bhfianaise an teannais gheopholaitiúil atá ag dul i méid agus na scrogaill feadh shlabhra luacha na leathsheoltóirí, tá infheistíochtaí ollmhóra á ndéanamh cheana féin ag roinnt réigiúin eacnamaíocha. Leis an CHIPS for America Act, tá sé beartaithe ag na Stáit Aontaithe USD 52 bhilliún a infheistiú idir 2021 agus 2026 agus deireadh a chur le spleáchais chriticiúla (3). Measann an tSín go bhfuil earnáil na leathsheoltóirí ríthábhachtach dá treoshuíomh straitéiseach agus tá sé d’aidhm aici thart ar USD 150 billiún a chur ar fáil faoi 2025 (4). Is é an sprioc atá aici a bheith in ann 70 % dá riachtanais a chomhlíonadh ina haonar faoin am sin. Beidh le feiceáil, áfach, an bhfuil an cuspóir sin réalaíoch.

2.4.

Agus an staid gheopholaitiúil á cur san áireamh, aithníonn CESE a riachtanaí atá sé go ngníomhódh an tAontas sa réimse sin d’fhonn spleáchais straitéiseacha agus eacnamaíocha a laghdú. Sa Chompás Digiteach (5), leag an Coimisiún síos an sprioc go n-áiritheofaí gur 20 %, ar a laghad, den táirgeadh domhanda a bheidh i dtáirgeadh leathsheoltóirí ceannródaíocha inbhuanaithe san Eoraip faoi 2030. Athdhearbhaíodh an sprioc sin sa togra le haghaidh Chlár Beartais 2030 dar teideal “Conair i dtreo na Deacáide Digití” (6). Is díol sásaimh do CESE cuspóir an Choimisiúin Eorpaigh éiceachóras na leathsheoltóirí a neartú, athléimneacht agus slándáil an tsoláthair a mhéadú go suntasach agus spleáchais sheachtracha a laghdú, agus tacaíonn sé leis an sprioc ról tábhachtach a bheith aige san éiceachóras leathsheoltóirí ar fud an domhain.

2.5.

Tá sé á chur in iúl ag CESE nach “airgead úr” é an EUR 43 bhilliún atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach. Tá cuid mhór den bhuiséad curtha i leataobh cheana féin, e.g. sa chlár Fís Eorpach agus sa chlár don Eoraip Dhigiteach, agus ní dhéanfar ach é a ath-leithdháileadh. Ní féidir an EUR 43 bhilliún sin a bhaint amach ach amháin le hinfheistíochtaí móra príobháideacha, nach bhfuil faighte go fóill. Is mór an chodarsnacht idir sin agus an USD 52 bhilliún atá deonaithe ag na Stáit Aontaithe. San am céanna, tá sé á chur i bhfáth ag CESE an gá atá le rás fóirdheontais a sheachaint agus airgead a chaitheamh go héifeachtúil.

2.6.

Is oth le CESE nach ndearnadh measúnú tionchair ar an Teachtaireacht ná ar na tograí a bhaineann léi.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Sa roinn seo, déanann CESE measúnú ar ghnéithe sonracha de chuspóirí straitéiseacha straitéis an Aontais maidir le sliseanna.

3.2.   Infheistíocht atá bunaithe ar bheartais

3.2.1.

Chun spriocanna na Straitéise maidir le Sliseanna a bhaint amach, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach thart ar EUR 43 bhilliún d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a chur ar fáil. Áirítear leis sin EUR 11 bhilliún d’infheistíocht phoiblí faoin tionscnamh Sliseanna don Eoraip. Thairis sin, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún bearta éagsúla a chomhcheangal, amhail tacaíocht chothromais, “Ciste na Sliseanna” ar fiú EUR 2 bhilliún é, iasachtaí BEI, agus cistí ó bhearta micrileictreonaice i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus ó chistí náisiúnta nó réigiúnacha. Luann an Coimisiún freisin tacaíocht a chur ar fáil do thaighde tionsclaíoch agus do nuálaíocht thionsclaíoch trí Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna). I bprionsabal, tá CESE ag tacú leis na pleananna uaillmhianacha infheistíochta. Mar sin féin, níl sé soiléir fós conas a mhaoineofar iad. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na pleananna sin a mhíniú.

3.3.   Taighde agus ceannaireacht teicneolaíochta a neartú

3.3.1.

Tá an sprioc maidir le teicneolaíochtaí don chéad ghlúin eile a chur chun cinn leagtha síos cheana féin sa chlár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht. Tá CESE ag tacú go láidir leis an gcuspóir sin. Dar leis an gCoimisiún Eorpach, cuideoidh gníomhaíochtaí taighde sa todhchaí a dtabharfar tacaíocht dóibh faoin gComhghnóthas um Shliseanna, chun freastal níos fearr ar riachtanais na dtionscal ingearach amach anseo agus chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar dhúshláin na sochaí agus an chomhshaoil.

3.3.2.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún iarrachtaí taighde a dhíriú ar theicneolaíochtaí chun méideanna trasraitheora faoi bhun 2 nm a bhaint amach, chomh maith le teicneolaíochtaí ceannródaíocha le haghaidh na hintleachta saorga, próiseálaithe fíor-ísealchumhachta atá fuinneamhéifeachtúil, nua-ábhair, agus comhtháthú 3D d’ábhair ilchineálacha éagsúla, agus réitigh deartha atá ag teacht chun cinn. Is díol sásaimh do CESE go bunúsach an cur chuige sin agus tacaíonn sé leis. Tá bunús maith ag an Eoraip mar ionad taighde. Trí mhaoin intleachtúil táirgeshonrach a chruthú do shlabhra luacha leathsheoltóra na hEorpa bunaithe ar an gcur chuige foinse oscailte RISC-V, ba cheart tuilleadh feabhais a chur ar scileanna maidir le réitigh leathsheoltóra do roinnt mhaith príomhearnálacha.

3.3.3.

Aontaíonn CESE leis an rún comhtháthú príomhfheidhmeanna, tomhaltas fuinnimh inbhuanaithe, feidhmíocht mhéadaithe ríomhaireachta agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha a chur chun cinn amhail sliseanna néaramorfacha agus leabaithe le haghaidh na hintleachta saorga (AI), fótónaic chomhtháite, graiféin agus teicneolaíochtaí eile atá bunaithe ar ábhair 2D. Chomh maith le méid beag na dtréithe (< 2 nm), ní mór riachtanais thionscal na gcustaiméirí agus láidreachtaí thionscal leathsheoltóra na hEorpa a chur san áireamh, go háirithe maidir le leathsheoltóirí cumhachta agus braiteoirí atá i bhfad níos mó. Cé go n-éilíonn teicneolaíochtaí amhail intleacht shaorga, an mheaisínfhoghlaim, 5G/6G agus ríomhaireacht ardfheidhmíochta soláthar sliseanna de 5 nm agus níos lú, tá sliseanna speisialaithe a bhfuil tréith i bhfad níos mó acu, ag teastáil ar mhórscála i gcónaí chun an táirgeadh tionsclaíoch a dhéanamh. Dá bhrí sin, níor cheart don Eoraip díriú go heisiach ar na tréithe is lú. Creideann CESE go daingean nach í an inniúlacht i dtréithe níos lú (< 10 nm) an t-aon toisc amháin lena gcinnfear rath éiceachóras na leathsheoltóirí. Os a choinne sin, déanfar idirdhealú níos mó idir riachtanais shonracha na micrileictreonaice amach anseo agus beidh gá le méadú a dhéanamh ar sholáthar sliseanna leathsheoltóra a bheidh réabhlóideach agus nuálach freisin, gan beann ar a méid. Dá bhrí sin, molann CESE cur chuige cuimsitheach, a bheadh bunaithe go príomha ar acmhainneacht nuálach éiceachóras na leathsheoltóirí.

3.3.4.

Tá CESE ag tacú le taighde ar shliseanna candamacha agus is díol sásaimh dó gur cuireadh cistiú ar fáil ó Thionscnamh Suaitheanta Candaim de chuid Fís Eorpach.

3.4.   Ceannaireacht i ndearadh, i monarú agus i bpacáistiú

3.4.1.

Is díol sásaimh do CESE an sprioc chun acmhainneachtaí teicneolaíochta agus nuálaíochta leathsheoltóra a neartú san Aontas Eorpach agus éiceachóras leathsheoltóra atá bríomhar agus athléimneach a chur chun cinn. Ní mór an cur chuige cuimsitheach sin, lena ndírítear ní hamháin ar ghníomhaithe na nuálaíochta teicneolaíche, ach ar thionscail an tsoláthair agus ar úsáideoirí tionsclaíocha freisin, a mheas mar chur chuige dearfach. Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le slabhra luacha agus éiceachóras iomlán na leathsheoltóirí a neartú, ós rud é nach sliseanna amháin atá ann, ach scileanna in ábhair agus i bpróisis, lena n-áirítear pacáistíocht, a bhfuil ról bunúsach acu i dteicneolaíochtaí nua leathsheoltóra a chumasú. Tá sé tábhachtach go mbeadh dlúthchomhar idir geallsealbhóirí ó thaobh an tsoláthair agus an éilimh de, agus ról comhairleach ag an gComhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra, i gcomhar le geallsealbhóirí eile. Molann CESE bogadh ar aghaidh go pras leis an tionscnamh. I ndeireadh na dála, áfach, cinnfear le cur chun feidhme iarbhír na mbeart cé acu an éiríonn nó nach n-éiríonn leis na bearta sin agus an ndearnadh an infheistíocht a bhfuiltear ag súil léi.

3.4.2.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach bonneagar deartha a chruthú le haghaidh teicneolaíochtaí comhtháite leathsheoltóra. Beidh rochtain ag na geallsealbhóirí leasmhara uile, FBManna san áireamh, ar an mbonneagar sin. Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach rialacha soiléire maidir le maoin intleachtúil, ar rialacha iad atá ríthábhachtach le go n-éireoidh le hardán den sórt sin ina ndéanfar infheistíocht shuntasach sa taighde. Creideann sé freisin gur cheart rannpháirtíocht agus, thar aon ní eile, soláthar dearaí a bheith deonach. Is díol mór sásaimh é coincheap an chomhair agus cruthú sineirgí, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta. Beidh an cur chun feidhme iarbhír ríthábhachtach freisin, áfach. Ní bheidh rath ar an ardán ach amháin má léiríonn geallsealbhóirí éagsúla ón saol acadúil, ó shaol an taighde, ó ollscoileanna, ó fhorbróirí agus ón earnáil tionsclaíochta go bhfuil siad toilteanach páirt a ghlacadh ann.

3.4.3.

Is díol sásaimh do CESE an plean chun línte píolótacha nuálacha a chruthú do fhréamhshamhlacha a bheidh bunaithe ar línte píolótacha atá ann cheana. Tá ciall le hiad a nascadh freisin leis an ardán bonneagair dearaidh.

3.4.4.

Táirgeann tionscal an leathsheoltóra raon táirgí ardteicneolaíochta atá tábhachtach do neart feidhmeanna. Tá an éagsúlacht táirgí sin leabaithe i margaí idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé á chur i dtábhacht ag CESE gur cheart aon iarrachtaí chun córas deimhniúcháin a thabhairt isteach a bheith bunaithe ar noirm agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta. Tá dlúthchomhar le monaróirí, úsáideoirí agus comhpháirtithe idirnáisiúnta tábhachtach i ndáil leis sin. Le déanaí, bhí tionscal na leathsheoltóirí i lár an teannais trádála réigiúnaí agus an easaontais sa slabhra soláthair. Mar thoradh air sin agus mar thoradh ar uaillmhianta na ngníomhaithe margaidh atá ag teacht chun cinn, bíonn cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta agus réigiúnacha ann maidir le caighdeánú. Bíonn teannas freisin i gcaighdeánú foirmiúil ar an leibhéal idirnáisiúnta maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a shocrú mar aon leis na scéimeanna deimhniúcháin gaolmhara. Ba cheart don Aontas gach iarracht a dhéanamh chun caighdeáin faoi thionchar an mhargaidh a fhorbairt, ar caighdeáin iad is féidir a aistriú ina gcaighdeáin idirnáisiúnta. Chuige sin, tá comhar laistigh den Aontas agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta araon fíorthábhachtach.

3.4.5.

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún Eorpach gur dócha go mbeidh tacaíocht shuntasach ón earnáil phoiblí ag teastáil chun infheistíocht phríobháideach a dhéanamh in ardsaoráidí leathsheoltóra. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún ceannródaíocht na saoráidí táirgthe a chur san áireamh freisin i gcomhthéacs mheasúnú na státchabhrach faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE agus deir sé go bhféadfar 100 % fiú de bhearna chruthaithe maoinithe a chumhdach le hacmhainní poiblí, mura mbeadh saoráidí den sórt sin san Eoraip murach sin. Aithníonn CESE gur tionscadal ríthábhachtach straitéiseach réamhbhreathnaitheach é tionscal na leathsheoltóirí a chur chun cinn don Aontas a bheidh cinntitheach ó thaobh shlándáil an tsoláthair agus ó thaobh thodhchaí na hEorpa mar lárionad nuálaíochta agus mar áit chun dul i mbun gnó. San am céanna, tá sé á chur in iúl ag CESE go bhféadfadh infheistíochtaí nach bhfuil inmharthana ó thaobh na tráchtála de agus a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an margadh a bheith mar thoradh ar státchabhair shuntasach suas le 100 % – arna maoiniú ag cáiníocóirí – a dheonú. Má tá an sciar fóirdheontais comhfhreagrach agus na cistí comhfhreagracha rómhór agus má chlúdaíonn siad aon riosca eacnamaíoch, d’fhéadfadh coinníollacha iomaíochta éagóracha a bheith mar thoradh air sin. Tá sé á chur chun suntais ag CESE freisin an riosca a bhaineann le rásaí fóirdheontais idirnáisiúnta costasacha, go háirithe mura roghnaítear an suíomh is fearr is féidir don tsaoráid leathsheoltóra. Tá aird á tarraingt ag CESE ar Theachtaireacht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Beartas iomaíochta atá oiriúnach do dhúshláin nua (7), ina soiléirítear nach mór cabhair den sórt sin a bheith faoi réir coimircí láidre agus nach mór na tairbhí a roinnt go forleathan agus gan idirdhealú ar fud gheilleagar na hEorpa. Aithníonn CESE go gcruthaíonn prionsabal an cheannródaí creatdálaí tarraingteacha d’athlonnuithe, rud a d’fhéadfadh éifeacht chatalaíoch a bheith aige ar oibreoirí eacnamaíocha eile. Ar deireadh, áfach, ní mór inmharthanacht eacnamaíoch na saoráidí sin a ráthú, sa mheántéarma ar a laghad, chun a áirithiú go mbeidh an infheistíocht ó chistí poiblí éifeachtach. Is é sin an t-aon bhealach amháin chun an cás is measa a sheachaint ina mbeadh monarcha leathsheoltóirí ann a chosnaíonn na milliúin euro in aghaidh an lae ach nach mbaintear dóthain úsáide aisti.

3.5.   Infheistíocht phríobháideach a éascú

3.5.1.

Is díol sásaimh do CESE gur cruthaíodh “Ciste na Sliseanna”, go háirithe más fusa a bheidh sé do ghnólachtaí, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, cistiú leordhóthanach a fháil.

3.6.   Aghaidh a thabhairt ar an ngéarghanntanas scileanna

3.6.1.

Tá gá le hoideachas agus oiliúint leanúnach má táthar chun an digiteáil agus athrú teicneolaíochta a bhaint amach. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna i bpríomhréimsí digiteacha d’fhonn freastal ar an éileamh ard ar oibrithe oilte, bíodh céimeanna ollscoile acu nó ná bíodh, go háirithe i réimsí ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic). Ní mór tús a chur leis seo ar scoil. Agus treoir oideachais agus gairmthreoir á mbunú, ní mór na bunchlocha don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a leagan síos freisin. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach freisin ionadaíocht mhéadaithe na mban in earnáil TF a chur chun cinn go struchtúrach trí chláir chun scileanna digiteacha a fheabhsú. Ba cheart do chuideachtaí a gcion féin a dhéanamh freisin, trí chur ar chumas na mban feabhas a chur ar a gcuid scileanna TF trí chláir scileanna digiteacha agus cúrsaí oiliúna éagsúla. Is dea-shamplaí iad na tionscnaimh ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit lena ndírítear ar níos mó ban a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa digiteáil, tionscnaimh amhail WomenTechEU (8) agus SheTransformsIT (9). Ba cheart dlús a chur leis an gcomhar idir tionscnaimh náisiúnta agus tionscnaimh Eorpacha.

3.7.   Tuiscint a fháil ar shlabhraí soláthair domhanda agus géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a thuar

3.7.1.

Molann CESE an cur chuige straitéiseach chun ganntanas féideartha i slabhra soláthair na leathsheoltóirí a shainaithint agus a mheas. Is uirlis thábhachtach é an córas faireacháin chun treochtaí agus imeachtaí a bhféadfadh briseadh sa slabhra soláthair teacht astu, a mheas agus a thuar. Tá an Coimisiún Eorpach i mbun suirbhé le geallsealbhóirí (10) cheana féin ar éiceachóras na leathsheoltóirí chun faisnéis a bhailiú faoin éileamh atá ann faoi láthair ar shliseanna agus ar shliseoga, chomh maith le réamhaisnéisí a bhaineann go sonrach le gnólachtaí ar leith maidir leis an éileamh a bheidh ann amach anseo. Rannchuideoidh sé sin freisin leis an tríú colún den Ionstraim um Shliseanna don Eoraip agus le bearta éigeandála réamhtheachtacha. Mar sin féin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún torthaí an tsuirbhé sin a choimeád go hiomlán faoi rún, ós rud é gur gá sonraí íogaire agus, b’fhéidir, rúin trádála a sholáthar d’fhonn ceisteanna maidir le táirgeadh iarbhír leathsheoltóirí a fhreagairt. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, gur suirbhéanna deonacha a bheadh sna suirbhéanna sin agus go ndéileálfaí leis na sonraí íogaire sin go hiomlán faoi rún.

3.7.2.

Measann CESE go bhfuil na bearta chun déileáil le suaití thar a bheith uileghabhálach. Is idirghabhálacha fairsinge sa mhargadh iad tosaíocht a thabhairt d’orduithe d’earnálacha criticiúla, scéimeanna ceannaigh comhchoiteanna agus rialuithe onnmhairiúcháin ar cheart iad a fhorchoimeád do chásanna eisceachtúla. I bhfianaise éiceachóras margadhbhunaithe, slabhraí luacha domhandaithe, agus an ardleibhéil idirthuilleamaíochta idir réigiúin éagsúla an domhain, ní mór idirghabháil stáit a theorannú go dtí an t-íosmhéid is gá. Ba cheart don Choimisiún cur síos níos mionsonraithe a dhéanamh ar na réamhchoinníollacha do na bearta atá beartaithe. Tá CESE cáinteach air freisin gur ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún, agus iad sin amháin, a bheidh ar an mBord Leathsheoltóirí, agus gurb iad a dhéanfaidh cinneadh maidir leis na bearta, gan páirt a thabhairt do ghníomhaithe ábhartha sa mhargadh ná do chomhpháirtithe sóisialta.

3.8.   Comhar idirnáisiúnta

3.8.1.

I ngeall ar idirspleáchas domhanda an éiceachórais leathsheoltóra, ba cheart iarrachtaí chun tionscal na leathsheoltóirí a neartú a chomhordú go hidirnáisiúnta, mar shampla sa G7 agus sa G20, chun tacú le slabhra luacha iomlán an leathsheoltóra agus chun sineirgí a chruthú. Molann CESE rochtain chothrom ar an margadh agus cothroime iomaíochta. Áirítear leis sin bacainní ar infheistíocht a bhaint go cómhalartach agus srianta trádála nua mar bhearta díoltais a chosc. Ba cheart straitéisí comhpháirteacha a fhorbairt i ndlúthchomhar leis an tionscal agus leis na comhpháirtithe sóisialta chun slabhra soláthair na leathsheoltóirí a chosaint, lena n-áirítear trealamh, ábhair agus amhábhair. Tá sé ríthábhachtach freisin caighdeáin Eorpacha atá faoi thionchar an mhargaidh agus atá bunaithe ar chomhthoil a fhorbairt d’fhonn iad a aistriú go dtí an leibhéal idirnáisiúnta chomh maith le comhar idirnáisiúnta i dtaca le caighdeánú, chun barainneachtaí scála a bhaint amach a rachaidh chun tairbhe na n-úsáideoirí deiridh i bhfoirm táirgí inacmhainne ar ardchaighdeán.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna) (COM(2022) 46 final — 2022/0032 (COD)) (féach leathanach 34 den Iris Oifigiúil seo), Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna — (COM(2022) 47 final – 2022/33 (NLE)) (féach leathanach 40 den Iris Oifigiúil seo) agus Tuairim ón gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) maidir le “Ionstraim um Shliseanna don Eoraip: Impleachtaí na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna don chosaint agus do mhonarú aeraspáis” (tuairim fhorlíontach ar INT/984) (Tuairim fhorlíontach den tuairim seo).

(2)  IC Insights: https://www.icinsights.com/news/bulletins/2022-Semiconductor-Sales-To-Grow-11-After-Surging-25-In-2021/.

(3)  Senate Passage of USICA Marks Major Step Toward Enacting Needed Semiconductor Investments – Semiconductor Industry Association (semiconductors.org).

(4)  A new world under construction: China and semiconductors | McKinsey.

(5)  COM(2021) 118.

(6)  COM(2021) 574.

(7)  COM(2021) 713 final.

(8)  Women TechEU (europa.eu).

(9)  Digitalisierung braucht mehr Frauen | SheTransformsIT.

(10)  https://ec.europa.eu/growth/news/stakeholder-survey-european-chip-demand-2022-02-16_en


IARSCRÍBHINN

Tuairim ón gCoimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI) maidir le “Ionstraim um Shliseanna don Eoraip: Impleachtaí na hIonstraime Eorpaí um Shliseanna don chosaint agus do mhonarú aeraspáis”

(tuairim fhorlíontach ar INT/984)

Rapóirtéir:

Maurizio MENSI

Comhrapóirtéir:

Jan PIE

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

18.1.2022

Bunús Dlí

Riail 37(2) de na Rialacha Nós Imeachta

 

Tuairim fhorlíontach

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha (CCMI)

Dáta a glactha sa rannóg

13.5.2022

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Creideann CESE go bhfuil leathsheoltóirí i gcroílár na geopholaitíochta nua-aimseartha agus na ceannaireachta tionsclaíche agus teicneolaíche. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach éiceachóras úrscothach leathsheoltóirí na hEorpa agus slabhraí soláthair athléimneacha a chothú ar mhaithe le neamhspleáchas straitéiseach, ceannasacht theicneolaíoch, athléimneacht agus iomaíochas tionsclaíoch an Aontais, lena n-áirítear in earnálacha na cosanta straitéisí agus an aeraspáis. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE go hiomlán le cuspóirí uaillmhianacha na hIonstraime um Shliseanna don Eoraip.

1.2.

Creideann CESE go bhfuil gá le níos mó acmhainní ná mar atá beartaithe faoi láthair chun go mbainfidh an tAontas a spriocanna uaillmhianacha i leith leathsheoltóirí amach. Chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní teoranta atá aige, ba cheart don Aontas breithniú a dhéanamh freisin ar thús áite a thabhairt do theicneolaíochtaí sonracha nó do sciartha slabhra luacha agus iarrachtaí comhlántacha a shaothrú le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo.

1.3.

Creideann CESE go daingean gur cheart a áirithiú leis an Ionstraim um Shliseanna don Eoraip go dtacófar, go háirithe, le hearnáil na cosanta agus aeraspáis i gcomhréir lena dtábhacht straitéiseach agus lena stádas mar earnálacha criticiúla, gan beann ar mhéid an mhargaidh. Ba cheart é sin a léiriú i gcolúin uile an tionscnaimh, lena n-áirítear trí dhreasú a dhéanamh ar dhearaí nua sliseanna a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann go sonrach le cosaint agus le haeraspás. Bheadh rochtain tosaíochta ar línte píolótacha i gceist le bearta sonracha agus d’fhéadfaí tosaíocht a thabhairt d’orduithe ó earnálacha criticiúla go saoráidí Táirgeachta Comhtháite agus do Theilgcheártaí Oscailte an AE lasmuigh d’am an ghátair.

1.4.

Dar le CESE, ba cheart geallsealbhóirí tionsclaíocha ó na hearnálacha criticiúla leathsheoltacha agus iartheachtacha a bheith ina lánchomhaltaí den Bhord Eorpach leathsheoltóirí agus dá fhochomhlachtaí chun an comhordú is fearr is féidir a áirithiú idir lucht déanta beartas agus gníomhaithe margaidh réamhtheachtacha agus iartheachtacha.

1.5.

Measann CESE go bhfuil gá le hinfheistíochtaí i dtáirgeadh ardsliseanna agus i dtáirgeadh sliseanna aibí araon san Eoraip chun slabhraí soláthair athléimneacha a áirithiú don chosaint agus don mhonaraíocht aeraspáis, agus gur cheart tacú leis an nuálaíocht i gcás gach cineáil leathsheoltóra atá de dhíth ar thionscal na hEorpa.

1.6.

Creideann CESE gur cheart bearta sonracha a áireamh i straitéis an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar sholáthar amhábhar.

1.7.

Chun rás díobhálach fóirdheontais a sheachaint, measann CESE gur cheart cistiú a chomhordú a mhéid is féidir ar leibhéal an Aontais, agus gur cheart an sásra rialaithe um Státchabhair faoi Airteagal 107 CFAE a choigeartú chun intuarthacht measúnaithe agus comhsheasmhacht le spriocanna eile AE a áirithiú.

1.8.

Creideann CESE gur cheart státchabhair a dheonú do shaoráidí Táirgeachta Comhtháite agus do Theilgcheártaí Oscailte an AE a théann chun tairbhe go díreach do roinnt mhaith Ballstát, agus go bhféadfaí tacaíocht phoiblí a dhíriú ar thionscnaimh a bhfuil dlúthbhaint acu le feidhmeanna glasa.

1.9.

Dar le CESE, ba cheart d’aon chomhlacht amháin ar leibhéal an Aontais bailiú sonraí a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar shlabhraí soláthair agus chun na géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a thuar.

1.10.

Molann CESE creat iomchuí rialachais sonraí a bheith ann lena gcumhdófar trédhearcacht sonraí, idir-inoibritheacht, comhroinnt, rochtain agus slándáil.

1.11.

Creideann CESE gur cheart tús áite a thabhairt d’earnálacha na cosanta agus an aeraspáis chun nósanna imeachta deimhniúcháin a fhorbairt toisc gur earnálacha straitéiseacha iad agus tá sé den tuairim go bhféadfadh an tionscnamh Sliseanna don Eoraip tacú le comhchaighdeáin mhíleata-shibhialta a fhorbairt i gcomhthéacs na Straitéise Eorpaí um Chaighdeánú.

1.12.

Measann CESE nach mór don Ionstraim um Shliseanna don Eoraip a bheith comhleanúnach agus nasctha go soiléir le gach ionstraim beartais AE agus náisiúnta a bhfuil cuspóirí gaolmhara acu, lena n-áirítear an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch um Phróiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra, an Fhaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla agus Comhghuaillíocht Amhábhar an Aontais.

1.13.

Is díol sásaimh do CESE an Ionstraim um Shliseanna don Eoraip agus tá sé ag iarraidh go gcuirfear tús leis an gcaibidlíocht maidir leis an tionscnamh gan mhoill, agus go gcuirfear chun feidhme í go pras, go huaillmhianach agus go héifeachtach.

2.   Cúlra

2.1.

I saol ina bhfuil an digiteáil ag dul i méid, is cuid riachtanach iad leathsheoltóirí de roinnt mhaith earnálacha eacnamaíocha agus réimsí den saol. Cumhachtaíonn siad gach táirge digiteach, cumasaíonn siad príomhtheicneolaíochtaí na todhchaí amhail an intleacht shaorga, 5G, agus néalríomhaireacht/imeall-ríomhaireacht, agus tá siad ina mbuntaca le bonneagair ríthábhachtacha a thacaíonn lenár sochaithe.

2.2.

Tá leathsheoltóirí ríthábhachtach freisin don chosaint agus do mhonarú aeraspáis. Bíonn gach cineál slise sna córais shofaisticiúla a mbraitheann fórsaí míleata na hEorpa agus úsáideoirí deiridh eile orthu, lena n-áirítear cuid mhaith díobh siúd a fhaightear i dtáirgí tráchtála. Mar sin féin, cé go ndíríonn táirgeadh sliseanna tráchtála ar chost-éifeachtúlacht na méideanna móra, ní theastaíonn ach méideanna beaga ó earnáil na cosanta agus an aeraspáis agus béim á leagan ar mharthanacht, iontaofacht agus slándáil na faisnéise. In 2020, b’ionann earnáil na cosanta agus earnáil an aeraspáis le chéile agus thart ar 1 % de mhargadh na sliseanna domhanda (1).

2.3.

Mar thoradh ar an luasghéarú domhanda ar an gclaochlú digiteach, tá méadú ag teacht ar an éileamh ar gach cineál leathsheoltóra i ngach earnáil thionsclaíoch, agus meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó air sin faoi 2030. De dheasca ráig phaindéim an Choróinvíris, tháinig méadú ar an éileamh agus cuireadh isteach ar shlabhraí soláthair domhanda, agus ó shin i leith tá dúshláin shuntasacha soláthair tar éis dul i bhfeidhm ar gach earnáil thionsclaíoch iartheachtach ar fud an domhain. Mar thoradh air sin bhí moilleanna fada ar sheachadadh, cuireadh orduithe ar ceal agus dúnadh monarchana agus bhí iarmhairtí tromchúiseacha aige sin ar fad ó thaobh an gheilleagair de. Mar shampla, tháinig méadú faoi thrí ar an gcóimheas idir orduithe nua PMI agus amanna seachadta soláthraithe do mhonaróirí i limistéar an euro idir 2019 agus 2021, go háirithe i dtionscail ina n-úsáidtear leathsheoltóirí le haghaidh táirgthe (e.g. gluaisteáin, trealamh teicneolaíochta), agus san am céanna, tháinig laghdú 18,2 % ar tháirgeadh gluaisteán sa limistéar euro idir mí na Samhna 2020 agus mí an Mhárta 2021 (2).

2.4.

Léiríonn na forbairtí sin an chaoi a bhfuil an Eoraip ag brath ar líon beag soláthraithe eachtracha sliseanna agus comhpháirteanna agus is léir, dá dheasca sin, a leochailí agus atá sí do shuaitheadh sa slabhra soláthair. Tá taithí ag tionscal cosanta agus aeraspáis an Aontais go háirithe ar an leochaileacht sin. Toisc nach bhfuil siad in ann freastal ar an méadú ar an éileamh domhanda agus mar gheall ar loighic an mhargaidh, tugann monaróirí sliseanna tús áite do mhargaí intíre agus do thionscail ardtáirgeachta, rud a fhágann nach ndéantar freastal ar ghníomhaithe eile.

2.5.

Toisc sliseanna a bheith i gcroílár ár ngeilleagar, is dúshlán eacnamaíoch, agus b’fhéidir sóisialta, é nuair a chuirtear isteach ar an slabhra soláthair. Mar sin féin, i gcás earnálacha straitéiseacha amhail earnáil na cosanta agus earnáil an aeraspáis, is fadhb slándála é an spleáchas freisin toisc go gcuireann sé soláthar táirgí cosanta agus táirgí aeraspáis san Aontas i mbaol.

2.6.

Tá deacrachtaí móra ag baint leis sin i gcomhthéacs an teannais gheopholaitiúil atá ag dul i méid agus úsáid na sreafaí trádála agus teicneolaíochta mar arm, rud a fhágann go bhfuil tábhacht gheopholaitiúil ag baint le leathsheoltóirí. Mar thoradh air sin, tá dianiarrachtaí á ndéanamh ag na príomhgheilleagair a gcumas táirgthe a neartú agus a spleáchas a laghdú. Mar shampla, tá sé beartaithe ag na Stáit Aontaithe USD 52 bhilliún a infheistiú in éiceachóras a leathsheoltóirí go dtí 2026, tá sé mar aidhm ag an tSín USD 150 billiún a chur ar fáil chun neamhthuilleamaíocht 70 % a bhaint amach faoi 2025, agus tá sé beartaithe ag an gCóiré Theas suas le USD 450 billiún d’infheistíocht phríobháideach a chur ar fáil faoi 2030.

2.7.

I bhfianaise an méid sin, ní mór don Aontas a chuid spleáchais a laghdú mar ábhar práinne, borradh a chur faoina iomaíochas, agus slándáil an tsoláthair atá aige le haghaidh sliseanna a threisiú, trína sheasamh sa slabhra soláthair domhanda a neartú. Tá an sprioc sin ábhartha go háirithe d’earnáil straitéiseach amhail cosaint agus aeraspás. Ag an am céanna, tá átarcacht maidir le táirgeadh leathsheoltóirí neamhréalaíoch agus neamh-inmhianaithe de dheasca castachta, costas agus bacainní iontrála. Dá bhrí sin, beidh sé ríthábhachtach comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a neartú chun slándáil soláthair na hEorpa a fheabhsú.

2.8.

I Straitéis 2020 maidir le Tionsclaíocht, d’aithin an Coimisiún leathsheoltóirí mar limistéar tionsclaíoch straitéiseach inar cheart aghaidh a thabhairt ar spleáchais Eorpacha. Leagadh amach i gCompás Digiteach 2021 an sprioc atá ann sciar na hEorpa de shliseanna ceannródaíocha inbhuanaithe a dhúbailt go 20 % faoi 2030. Ina hóráid ar Staid an Aontais in 2021, d’fhógair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, an Ionstraim um Shliseanna don Eoraip a raibh sé d’aidhm aici éiceachóras sliseanna Eorpacha úrscothacha a chruthú. Ar deireadh, i mí an Mhárta 2022, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach an tábhacht a bhaineann leis an tionscnamh seo, agus d’iarr sí go laghdófaí spleáchais straitéiseacha an Aontais i réimsí atá thar a bheith íogair, lena n-áirítear leathsheoltóirí.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.   Fís

3.1.1.

Cé go bhfuil an Eoraip láidir i gcodanna áirithe den slabhra luacha sliseanna (m.sh. taighde agus forbairt, trealamh monaraithe), ní mór di a suíomh a neartú feadh an tslabhra ar fad. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE aidhm an Choimisiúin Eorpaigh cur leis na láidreachtaí atá ann cheana chun an bhearna idir an tsaotharlann agus an mhonaraíocht a dhúnadh.

3.1.2.

Is ábhar imní do CESE nach ndíríonn straitéis na hEorpa go leordhóthanach ar thopaic na n-amhábhar, ar príomhghné í de shlándáil an tsoláthair agus ar réimse é ina bhfuil an Eoraip ag brath ar thríú tíortha le haghaidh ionchuir áirithe (e.g. fótafhriotaí, miotal sileacain). Ba cheart bearta sonracha a bheith san Ionstraim um Shliseanna don Eoraip chun dul i ngleic leis an riosca sin, lena n-áirítear naisc le Comhghuaillíocht Amhábhar an Aontais.

3.1.3.

Tacaíonn CESE go hiomlán leis an aidhm borradh a chur faoi tháirgeadh Eorpach na leathsheoltóirí ceannródaíocha inbhuanaithe. Mar sin féin, ní mór sliseanna níos sine a ghiniúint freisin in earnálacha ríthábhachtacha lena n-áirítear an chosaint agus monarú aeraspáis. Measann CESE, dá bhrí sin, gur gá infheistíocht a dhéanamh i dtáirgeadh sliseanna aibí agus ardfhorbartha araon chun slabhraí soláthair athléimneacha a áirithiú.

3.1.4.

Creideann CESE go daingean go bhfuil rannpháirtíocht láidir an éiceachórais ina iomláine, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, cuideachtaí atá i mbun fáis agus FBManna chomh maith le gnóthais níos mó, fíor-riachtanach chun tacú le forbairt acmhainní teicneolaíochta ar mhórscála agus leis an nuálaíocht ar fud an Aontais.

3.2.   Infheistíocht

3.2.1.

Chun aidhmeanna na straitéise maidir le sliseanna a bhaint amach, tá an Coimisiún Eorpach ag brath ar thart ar EUR 43 bhilliún d’infheistíocht atá dírithe ar bheartais suas go dtí 2030, lena n-áirítear EUR 11 bhilliún d’infheistíocht phoiblí faoin tionscnamh Sliseanna don Eoraip. Tá i bhfad níos mó soiléireachta ag teastáil, áfach, maidir le foinsí agus méideanna an mhaoinithe, maidir le húsáid leithreasaí buiséid atá ann cheana, agus maidir leis na cuspóirí a bhfuil gach líne bhuiséid le tacú leo.

3.2.2.

Tá amhras ar CESE go bhfuil an méid infheistíochta poiblí dá bhforáiltear i straitéis sliseanna an Aontais, a raibh cuid acu curtha i leataobh cheana féin le haghaidh gníomhaíochtaí sa mhicrileictreonaic, ag teacht le leibhéal a uaillmhéine. Tá iomaitheoirí tionsclaíocha an Aontais ag cur i bhfad níos mó tacaíochta ar fáil dá n-éiceachórais leathsheoltóra, ar éiceachórais iad atá suite níos fearr cheana féin sa slabhra luacha domhanda agus leanann siad orthu sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, creideann CESE go bhfuil gá le níos mó acmhainní ná mar atá beartaithe faoi láthair má táthar chun cuspóirí uaillmhianacha an tionscnaimh a bhaint amach, ó thaobh sciar an mhargaidh agus an chreata ama de araon. Ba cheart é a bheith mar thosaíocht an t-ualach riaracháin chun rochtain a fháil ar na hacmhainní sin a laghdú.

3.2.3.

Chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní teoranta atá aige, ba cheart don Aontas breithniú a dhéanamh freisin ar thús áite a thabhairt do theicneolaíochtaí sonracha nó do sciartha slabhra luacha. Trí chomhordú a dhéanamh le comhpháirtithe atá ar aon intinn ina leith sin, d’fhéadfaí comhlántachtaí a áirithiú agus an athobair a sheachaint.

3.2.4.

Creideann CESE freisin nár cheart go bhfágfadh ath-leithdháileadh buiséadach ón gclár Fís Eorpach agus ón gclár don Eoraip Dhigiteach nach mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag réimsí tosaíochta eile amhail an spás, an intleacht shaorga agus an chibearshlándáil chun a gcuspóirí sonracha féin a bhaint amach. Thairis sin, níor cheart aon ath-leithdháileadh a dhéanamh ón gCiste Eorpach Cosanta toisc go laghdódh sé sin na hacmhainní chun tacú leis an earnáil chosanta straitéiseach, ar acmhainní iad a bhí teoranta cheana féin.

3.3.   Earnálacha criticiúla

3.3.1.

Aithnítear san Ionstraim um Shliseanna don Eoraip an tábhacht a bhaineann le hearnálacha criticiúla, lena n-áirítear earnáil na cosanta agus an aeraspáis, agus foráiltear inti tosaíocht a thabhairt dóibh i gcás briseadh suntasach ar an soláthar. Is díol sásaimh do CESE an cur chuige straitéiseach sin, mar léiríonn sé ról ríthábhachtach na n-earnálacha sin ó thaobh shlándáil agus athléimneacht ár sochaithe de.

3.3.2.

Creideann CESE, áfach, gur cheart coincheap na n-earnálacha criticiúla a léiriú i gcolúin uile an tionscnaimh. Go háirithe, ba cheart bearta sonracha a áireamh sa tionscnamh Sliseanna don Eoraip, chun tacú le hearnálacha criticiúla, lena n-áirítear rochtain tosaíochta ar línte píolótacha, agus san am céanna ba cheart do Shaoráidí Táirgeachta Comhtháite agus do Theilgcheártaí Oscailte an AE sciar íosta dá n-acmhainneacht táirgeachta iomlán a fhorchoimeád chun freastal ar éileamh na n-earnálacha sin.

3.4.   Tábhacht straitéiseach na cosanta agus an aeraspáis

3.4.1.

Creideann CESE go daingean gur cheart a áirithiú leis an Ionstraim um Shliseanna don Eoraip go dtacófar le hearnáil na cosanta agus aeraspáis i gcomhréir lena dtábhacht straitéiseach agus lena stádas mar “earnálacha criticiúla”. Ba cheart gnéithe sonracha na n-earnálacha sin a chur san áireamh sa tacaíocht, lena n-áirítear a sciar beag den mhargadh agus an cumas teoranta atá acu tionchar a imirt ar infheistíochtaí agus ar roghanna margaidh a bhaineann leo.

3.4.2.

I bhfianaise na sainiúlachtaí sin, chun slándáil an tsoláthair a áirithiú do na hearnálacha sin, tá gá le cothromaíocht iomchuí idir cur chuige margadhbhunaithe agus toirt-bhunaithe agus cur chuige straitéiseach atá bunaithe ar a nádúr mar earnálacha criticiúla. Mar thoradh ar an gcothromaíocht sin, ba cheart tosaíochtaí a thabhairt go háirithe d’orduithe ar shaoráidí táirgeachta agus i leithdháileadh táirgí tar éis ceannacháin choiteanna, i gcás ina mbeadh an chosaint agus monarú aeraspáis san iomaíocht le tionscail i bhfad níos mó.

3.5.   Comhshaol

3.5.1.

Creideann CESE gur cheart an Ionstraim um Shliseanna don Eoraip a ailíniú go hiomlán le cuspóir straitéiseach an Aontais maidir le geilleagar glas inbhuanaithe AE a bhaint amach faoi 2030 agus tacú leis an gcuspóir sin. Chun na críche sin, ba cheart tuilleadh taighde a dhéanamh ar an tionchar atá ag tionscnaimh leathsheoltóra ar an gcomhshaol, chun tuiscint dhomhain a fháil ar thionchar comhshaoil an tslabhra luacha ina iomláine, seachas díreach ar fheidhmíocht an táirge deiridh.

3.5.2.

Dá réir sin, ba cheart tacaíocht phoiblí a dhíriú ar thionscnaimh leathsheoltóra a bhfuil dlúthbhaint acu le feidhmeanna “glasa”, cuir i gcás trí dhálaí níos fearr maidir le tacaíocht phoiblí a thairiscint do ghnóthais a fhorbraíonn táirgí den sórt sin.

3.6.   Rialachas

3.6.1.

Is iad na geallsealbhóirí tionscail is fearr atá in ann faireachán a dhéanamh ar threochtaí sa mhargadh agus measúnú a dhéanamh ar réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás briseadh sa soláthar. Dá bhrí sin, creideann CESE go láidir gur cheart do gheallsealbhóirí den sórt sin, go háirithe ó earnáil na leathsheoltóirí agus ó na hearnálacha criticiúla, a bheith rannpháirteach go dlúth i rialachas na straitéise maidir le sliseanna, lena n-áirítear mar lánchomhaltaí de Bhord Eorpach Leathsheoltóirí agus dá fhoghrúpaí. Má bhíonn earnálacha iartheachtacha agus réamhtheachtacha rannpháirteach, cuirfear feabhas freisin ar a gcomhordú, rud a chuirfidh ar chumas an tionscail aghaidh a thabhairt ar bhriseadh soláthair gan idirghabháil fhorleathan sa mhargadh.

3.7.   Comhleanúnachas

3.7.1.

Tá neart ionstraimí beartais ar leibhéal an Aontais atá dírithe ar shliseanna cheana féin, amhail Fís Eorpach, an clár don Eoraip Dhigiteach, an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch ar Phróiseálaithe agus ar Theicneolaíochtaí Leathsheoltóra, agus an Fhaireachlann um Theicneolaíochtaí Criticiúla. Tugann Comhghuaillíocht Amhábhar an Aontais aghaidh ar ábhair ghaolmhara freisin. Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht fhoriomlán a uasmhéadú, ní mór na hionstraimí sin agus an Ionstraim um Shliseanna don Eoraip a bheith go hiomlán comhleanúnach agus nasctha go soiléir. Beidh gá le comhordú idir tionscnaimh ar leibhéal an Aontais agus na tionscadail náisiúnta atá á bhforbairt go gníomhach ag Ballstáit.

4.   Barúlacha ginearálta

4.1.   Taighde agus ceannaireacht teicneolaíochta a neartú

4.1.1.

Is díol sásaimh do CESE an rún atá ag an gCoimisiún Eorpach tacú le teicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile, amhail trasraitheoirí < 2 nm, teicneolaíochtaí suaiteacha na hintleachta saorga, agus sliseanna candamacha. Tá acmhainneacht mhór ag na teicneolaíochtaí sin ó thaobh aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a bheidh ag tionscail straitéiseacha amach anseo, lena n-áirítear an chosaint agus an t-aeraspás, agus dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach maoin intleachtúil Eorpach a fhorbairt agus a chosaint go pras sna réimsí sin.

4.1.2.

San am céanna, beidh sliseanna speisialaithe de mhéideanna níos mó de dhíth i gcónaí ar thionscail iartheachtacha na hEorpa, lena n-áirítear an chosaint agus an t-aeraspás. Dá bhrí sin, níor cheart don Ionstraim um Shliseanna don Eoraip díriú go heisiach ar na sliseanna is lú ach nuálaíocht a chur chun cinn i dtaca le gach cineál slise atá ag teastáil.

4.2.   Ceannaireacht i ndearadh, i monarú agus i bpacáistiú

4.2.1.

Is díol sásaimh do CESE an bhéim a leagtar sa tionscnamh Sliseanna don Eoraip ar an dlúthchomhar idir gníomhaithe soláthair agus gníomhaithe atá dírithe ar an éileamh, agus ar an ról comhairleach atá beartaithe ag an gComhghuaillíocht Thionsclaíoch ar Phróiseálaithe agus ar Theicneolaíochtaí Leathsheoltóra, dhá ghné a chuideoidh le comhleanúnachas na hiarrachta a áirithiú.

4.2.2.

Creideann CESE go daingean go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach d’athléimneacht agus neamhspleáchas thionscal cosanta agus aeraspáis na hEorpa go bhfuil a chumas féin ag an Aontas leictreonaic a bheidh ann amach anseo a dhearadh, lena n-áirítear gnéithe amhail cibearchosaint, cumais intleachta saorga, modúlacht agus athúsáid.

4.2.3.

Tacaíonn CESE go hiomlán le línte píolótacha nuálacha a chruthú le haghaidh fréamhshamhlacha. D’fhonn sineirgí a chothú idir táirgeadh tráchtála agus monarú a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis i réimse na cosanta agus an aeraspáis, ba cheart riachtanais uathúla an dá earnáil sin a chur san áireamh i ndearthaí slise a fhorbraítear sa chomhthéacs sin. Maidir le dearaí arb é is aidhm dóibh riachtanais cosanta agus aeraspáis a chumhdach, ba cheart rochtain tosaíochta a bheith acu ar línte píolótacha.

4.2.4.

Creideann CESE gur cheart tús áite a thabhairt d’earnálacha na cosanta agus an aeraspáis chun nósanna imeachta deimhniúcháin a fhorbairt toisc gur earnálacha straitéiseacha iad. Beidh forbairt caighdeán ríthábhachtach. Chun an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí, d’fhéadfadh an tionscnamh Sliseanna don Eoraip tacú le comhchaighdeáin mhíleata-shibhialta a fhorbairt sa Straitéis Eorpach um Chaighdeánú.

4.3.   Borradh a chur faoi éiceachóras na hEorpa agus slándáil an tsoláthair a áirithiú

4.3.1.

Aontaíonn CESE go mbeidh gá le tacaíocht phoiblí shuntasach agus ghasta mar dhreasachtaí do na hinfheistíochtaí móra príobháideacha a bheidh de dhíth chun cumas táirgeachta na hEorpa a threisiú. Beidh sé ríthábhachtach deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus an maorlathas a laghdú a mhéid is féidir chun na hinfheistíochtaí sin a mhealladh. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, na critéir a shainiú go soiléir chun Saoráidí Táirgeachta Comhtháite agus Teilgcheártaí Oscailte an AE a ainmniú agus chun Státchabhair a údarú, agus chun nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú. Ba cheart critéir a shainaithint freisin i dtaca le comhordú a dhéanamh ar na bearta éagsúla tacaíochta atá ar fáil, chun cur i bhfeidhm éifeachtúil agus neamh-idirdhealaitheach na rialacha maidir leis an státchabhair a áirithiú.

4.3.2.

Is díol sásaimh do CESE go ndéantar foráil tacaíocht a thabhairt don nuálaíocht le prionsabal an cheannródaí, ní hamháin i dtaca leis an nód teicneolaíochta ach i dtaca le teicneolaíocht phróisis, feidhmíocht agus inbhuanaitheacht. D’fhéadfaí prionsabal comhlántach uile-Aontais a thabhairt isteach chun aitheantas a thabhairt do shaoráidí a théann chun tairbhe go díreach do stáit éagsúla (e.g. trí ghealltanas a thabhairt cuideachtaí ó roinnt Ballstát a sholáthar ar bhonn cothrom).

4.3.3.

Chun rás costasach fóirdheontais i measc na mBallstát a sheachaint, molann CESE cistiú poiblí a chomhordú a mhéid is féidir ar leibhéal an Aontais (e.g. trí úsáid a bhaint as creat an Chomhghnóthais agus IPCEI agus trí chomhordú a dhéanamh ar chaibidlí digiteacha na bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta atá ceaptha 20 % nó EUR 145 bhilliún a chaitheamh ar an gclaochlú digiteach). Tá gá freisin le cur i bhfeidhm an tsásra rialaithe um Státchabhair faoi Airteagal 107 CFAE a choigeartú chun go bhféadfar measúnú níos gasta agus níos intuartha a dhéanamh ar thacaíocht phoiblí. I ndáil leis sin, tá sé tugtha faoi deara ag CESE gur éirigh go maith leis an gCreat sealadach Covid chun tacaíocht thráthúil agus leordhóthanach a áirithiú chomh maith leis na Treoirlínte maidir leis an tacaíocht a thugtar don leathanbhanda. Cé gur féidir le tacaíocht phoiblí do Shaoráidí Táirgeachta Comhtháite agus do Theilgcheártaí Oscailte an AE suas le 100 % den bhearna mhaoinithe a chumhdach, is díol sásaimh í tuilleadh treorach a fháil maidir leis an anailís. Mar shampla, d’fhéadfadh Saoráidí Táirgeachta Comhtháite agus Teilgcheártaí Oscailte an AE a chomhlíonann an critéar uile-Aontais freisin a bheith incháilithe chun údarú i leith cabhrach a fháil níos tapúla.

4.3.4.

Creideann CESE gur cheart don Choimisiún, agus státchabhair á measúnú aige, cuspóirí breise a bhreithniú, mar shampla earnálacha straitéiseacha amhail earnáil na cosanta agus an aeraspáis a chur chun cinn, agus comhleanúnachas le spriocanna inbhuanaitheachta AE a áirithiú.

4.4.   Aghaidh a thabhairt ar an ngéarghanntanas scileanna

4.4.1.

Tá scileanna digiteacha ríthábhachtach chun uaillmhianta na hEorpa maidir le leathsheoltóirí a bhaint amach, agus leanfaidh an t-éileamh orthu ag dul i méid. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE go dtugtar aghaidh ar bhearnaí scileanna digiteacha na hEorpa agus tá sé ag iarraidh go gcuirfear na tionscnaimh ábhartha atá beartaithe chun feidhme ar bhealach uaillmhianach.

4.5.   Tuiscint a fháil ar shlabhraí soláthair domhanda agus géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a thuar

4.5.1.

Is díol sásaimh do CESE go ndírítear go straitéiseach ar mhapáil agus ar fhaireachán a dhéanamh ar shlabhraí soláthair agus aon bhriseadh soláthair a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint. Tá roinnt rioscaí thar a bheith tábhachtach d’earnáil na cosanta agus an aeraspáis, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag beartais ESG, rialacháin AE amhail REACH, agus beartais eachtracha agus onnmhairiúcháin thíortha baile na soláthraithe eachtracha (e.g. Rialacháin na Stáit Aontaithe maidir le Gáinneáil Idirnáisiúnta ar Airm/EAR) ar sholáthraithe.

4.5.2.

Mar sin, tá gá le cur chuige lena léirítear cineál casta agus trasteorann na slabhraí soláthair agus lena n-áirithítear comhleanúnachas na faisnéise. Dá bhrí sin, tá CESE ag iarraidh go ndéanfadh comhlacht ainmnithe aonair ar leibhéal an Aontais bailiú sonraí go lárnach, comhlacht a ndéanfadh cuideachtaí ar fud an Aontais tuairisciú air de réir ceanglais shoiléire agus chuíchóirithe. Ba cheart sásraí iomchuí a bhunú chun rúndacht faisnéise íogaire arna soláthar ag an tionscal a áirithiú.

4.5.3.

Ar deireadh, tá sé tábhachtach soiléireacht a bheith ann maidir leis na rialacha is infheidhme in am an ghátair. Mar shampla, ós rud é go n-úsáidtear an chuid is mó de chineálacha sliseanna ar fud na dtionscal éagsúil, is dócha le linn ganntanas domhanda, go mbeidh rochtain ar na táirgí céanna agus ar na hacmhainní táirgthe céanna de dhíth ar chuideachtaí ó earnálacha criticiúla éagsúla. Dá bhrí sin, tá gá le critéir shoiléire maidir le tosaíocht a thabhairt d’orduithe agus maidir le táirgí a leithdháileadh tar éis ceannacháin choiteanna.

4.6.   Comhar idirnáisiúnta

4.6.1.

Tá éiceachóras domhanda an leathsheoltóra casta, speisialaithe agus an-idirspleách. Mar sin, ní mór iarrachtaí chun cumas táirgthe agus athléimneacht a threisiú ar leibhéal an Aontais a cheangal le comhar na gcomhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leo. Trí bhuanna gach comhpháirtí a ghiaráil agus straitéisí comhordaithe a fhorbairt, cuirfear sineirgí chun cinn, seachnófar an athobair, agus méadófar éifeachtúlacht ar feadh an tslabhra luacha ar fad.

Agus an comhar le comhpháirtithe maidir le sliseanna á shaothrú aige, ba cheart don Aontas an leas is fearr is féidir a bhaint as na fóraim atá ann cheana, amhail an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe, le rannpháirtíocht geallsealbhóirí tionscail, i bhfianaise an tsaineolais atá acu agus an ról atá acu maidir le tionscadail a chur chun feidhme ar an láthair.

An Bhruiséil, 13 Bealtaine 2022.

Cathaoirleach an Choimisiúin Chomhairligh um Athruithe Tionsclaíocha

Pietro Francesco DE LOTTO


(1)  TechNavio, Semiconductor Market in Military and Aerospace Industry by Product and Geography – Forecast and Analysis 2021-2025, Samhain 2021; Gartner, Worldwide Semiconductor Revenue Grew 10,4 % in 2020, Gartner Press Release, 12 Aibreán 2021.

(2)  Attinasi, Maria Grazia, et al. “The semiconductor shortage and its implication for euro area trade, production and prices”, ECB Economic Bulletin 4/2021, Aibreán 2021.


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/34


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna)

(COM(2022) 46 final — 2022/0032 (COD))

(2022/C 365/06)

Rapóirtéir:

Dirk BERGRATH

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 7.3.2022

An Chomhairle, 17.3.2022

Bunús dlí

Airteagal 114, Airteagal 172(3), Airteagal 182(1) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

1.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

205/0/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol mór sásaimh é an plean chun an tionsclaíocht a dhéanamh níos athléimní san Eoraip agus chun tionscal náisiúnta na leathsheoltóirí a neartú. Ba cheart béim a chur, go háirithe, san Ionstraim um Shliseanna ar an gcuspóir maidir leis an trédhearcacht agus an comhar a fheabhsú feadh an tslabhra luacha, agus ar na spleáchais dhomhanda a laghdú i réimsí an deartha, na monaraíochta, an phacáistithe, na tástála agus na cóimeála trí chur chun cinn spriocdhírithe an tionscail.

1.2.

Mar sin féin, ní dhíríonn an Ionstraim um Shliseanna ar gach cuid den éiceachóras, ach cuirtear béim shoiléir ar dheighleog na leathsheoltóirí a bheidh ábhartha don tionsclaíocht sa todhchaí, ach ar éigean a bhfuil aon tábhacht léi faoi láthair. Ba cheart feabhas a chur ar an gcás sin agus béim bhreise a leagan ar dheighleoga sliseanna toisc gá a bheith leo i ndáiríre sa tionscal.

1.3.

Is beag an chabhair í an Ionstraim um Shliseanna maidir leis na fadhbanna atá ann faoi láthair i gcás an tslabhra soláthair a réiteach, rud a bhfuil a thionchar le sonrú faoi láthair in earnálacha na mótarfheithiclí agus na hinnealtóireachta meicniúla, mar shampla. Dá bhrí sin, i gcás dheighleoga na sliseanna atá de dhíth ar na tionscail sin atá ann cheana san Eoraip, ba cheart bearta breise agus sonracha a fhorbairt le go mbeidh níos mó teacht aniar sna deighleoga sin i gcoinne géarchéimeanna. Ní hamháin go gcabhróidh sin leis an tionscal monaraíochta leathsheoltóirí atá ann cheana san Eoraip a neartú agus a nuachóiriú, ach, trí fheabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair, rachaidh sé chun tairbhe freisin do na tionscail mhonaraíochta sin a bhíonn ag brath ar shliseanna san Eoraip.

1.4.

Mar shampla, níor cheart cinntí maidir leis an mbeartas tionsclaíochta a bheith ag brath ar mhéid na tréithe sna sliseanna, agus air sin amháin, ach freisin ar anailís spriocdhírithe ar na riachtanais atá ag custaiméirí tionsclaíochta chun a áirithiú go mbeidh na bearta tacaíochta atá beartaithe dírithe ar na spriocanna.

1.5.

Ar chritéir eile ba cheart a chur san áireamh tá éifeachtúlacht fuinnimh na sliseanna, na cineálacha amhábhair a úsáidtear don táirgeadh agus an táirgeadh is ciorclaí agus is féidir a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do lucht tionscail plé a dhéanamh le chéile ar conas na foinsí soláthair a éagsúlú agus, go háirithe, conas athchúrsáil níos fearr a dhéanamh ar amhábhair chriticiúla i gcomhthéacs geilleagar ciorclach tionsclaithe sa mhicrileictreonaic.

1.6.

Níor cheart, go háirithe, straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le sliseanna a theorannú do phróiseálaithe, ach ba cheart aghaidh a thabhairt ar gach cineál ciorcaid iomlánaithe, lena n-áirítear comhpháirteanna éighníomhacha agus ábhair phacáistíochta, mar aon le monarú innealra. Ní leor an prionsabal “ón saotharlann go dtí an táirgeadh” a chuir an Coimisiún i láthair, ós rud é nach dtagann deireadh leis an slabhra luacha ag céim na monaraíochta.

1.7.

D’fhonn a áirithiú go mbeidh foireann leis na scileanna cuí ar fáil chun na bearta tacaíochta don bheartas tionsclaíochta a chur chun feidhme, molann an Coimisiún leas a bhaint as bearta éagsúla forbartha scileanna. Is léir, áfach, go ndírítear go mór ar oibrithe ardoilte. Beidh sé sin ríthábhachtach má éiríonn leis an dul chun cinn teicneolaíochta go deighleog leathsheoltóirí < 10 nm. Níor cheart, áfach, go ndéanfaí neamhaird ar an ngá atá ann rochtain a éascú d’oibrithe nach oibrithe ardoilte iad le go bhféadfar an t-éiceachóras a dhaingniú níos mó ar bhonn tionsclaíoch.

2.   Réamhrá agus barúlacha ginearálta

2.1.

Tá sé beartaithe leis an Ionstraim Eorpach um Shliseanna cur le láidreachtaí na hEorpa agus aghaidh a thabhairt ar na laigí atá fós ann le go mbeidh an t-éiceachóras leathsheoltóirí faoi bhláth agus teacht aniar sa slabhra soláthair, agus bearta a leagan amach chun ullmhú don suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo sa slabhra soláthair, agus chun an suaitheadh sin a thuar agus dul i ngleic leis.

2.2.

Tá an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna) (1) ina chomhlánú ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Ionstraim um Shliseanna don Eoraip (2).

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.   Cur síos ar an togra

3.1.1.

Is díol sásaimh do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an togra agus go háirithe go dtéann sé i ngleic leis an ngá atá le slándáil an tslabhra soláthair, mar aon leis an trédhearcacht agus an comhar feadh an tslabhra luacha, a áirithiú. San Ionstraim um Shliseanna tugtar aghaidh ar shlándáil an tsoláthair mar ghné ríthábhachtach lena n-áiritheofar an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.

3.1.2.

Is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, go bhfuil an spleáchas ar sholáthróirí ó thríú tíortha, go háirithe i réimsí an deartha, na monaraíochta, an phacáistithe, na tástála agus na cóimeála, aitheanta mar fhadhb.

3.1.3.

Tugann CESE dá aire gur beag an chabhair í an Ionstraim um Shliseanna maidir le fadhbanna a bhaineann leis an slabhra soláthair a réiteach, rud a bhfuil a thionchar le sonrú faoi láthair i dtionscal na mótarfheithiclí, mar shampla. Is i dtionscal na mótarfheithiclí, den chuid is mó, a bhaintear leas as sliseanna faoi láthair, rud nach n-athróidh, agus freisin in earnáil na n-earraí bána agus san innealtóireacht mheicniúil, is é sin go háirithe leathsheoltóirí > 16 nm. Ba cheart bearta breise agus sonracha a fhorbairt don deighleog sin le go mbeidh níos mó teacht aniar inti i gcoinne géarchéimeanna. Ní hamháin go gcabhróidh sin leis an tionscal monaraíochta leathsheoltóirí atá ann cheana san Eoraip a neartú agus a nuachóiriú, ach, trí fheabhas a chur ar shlándáil an tsoláthair, rachaidh sé chun tairbhe freisin do na tionscail mhonaraíochta sin a bhíonn ag brath ar shliseanna san Eoraip.

3.1.4.

Is díol sásaimh do CESE an cuspóir chun suíomh na hEorpa ar an margadh a neartú tríd an nascacht a fheabhsú feadh an tslabhra luacha agus, go háirithe, trí dhíriú ar na deighleoga sin atá an-chostasach agus a mbaineann riosca leo.

3.1.5.

Is díol sásaimh, i bprionsabal, do CESE na bearta atá beartaithe, chomh maith leis na ceanglais atá ar na Ballstáit agus ar lucht tionscail.

3.1.6.

Is oth le CESE, go háirithe, nach mbeidh na céimeanna deiridh den phróiseas táirgthe, eadhon an pacáistiú, an tástáil agus an chóimeáil, cumhdaithe go hiomlán san Ionstraim um Shliseanna agus go leanfaidh siad de bheith ina réimsí leochaileacha san éiceachóras.

3.1.7.

Is oth le CESE, ina leith sin, nach bhfuil an t-éiceachóras micrileictreonaice cumhdaithe go leordhóthanach san Ionstraim um Shliseanna toisc í a bheith dírithe níos mó ar an deighleog úrscothach.

3.1.8.

Creideann CESE nach bhfuil an tábhacht chéanna níos mó le méid na tréithe, go háirithe líon na nanaiméadar (nm) a thugtar le fios. Ós rud é nach bhfuil fíorthoise fisiciúil á thabhairt le fios a thuilleadh le líon na nanaiméadar (3), ba cheart plé a dhéanamh arís faoina bhfuil aon chiall leis an mbéim eisiach a chuirtear ar raon na nanaiméadar agus faoinar cheart critéir eile a úsáid freisin, critéir a mbeadh baint acu le riachtanais shonracha na gcliant-tionscal, ach a léireodh freisin na cuspóirí atá leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach.

3.1.9.

Ba cheart don straitéis díriú, dá bhrí sin, ar na ceanglais thionsclaíocha sin is gá a chomhlíonadh sna blianta amach romhainn le nach mbainfear d’iomaíochas thionscal na hEorpa ach go gcuirfear leis. Go háirithe, níor cheart don straitéis díriú ar phróiseálaithe amháin, ach ba cheart aghaidh a thabhairt inti ar gach cineál ciorcaid iomlánaithe, lena n-áirítear comhpháirteanna éighníomhacha agus ábhair phacáistíochta, chomh maith le monarú innealra, agus, ar an gcaoi sin, raon iomlán an éiceachórais a chuimsiú. Ba cheart don straitéis sin díriú freisin ar an lóistíocht ghinearálta agus ar shlándáil sholáthar na dtáirgí príomhúla agus na n-amhábhar criticiúil. Ina theannta sin, i bhfianaise nádúr síorathraitheach na margaí micrileictreonaice, ba cheart athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an straitéis sin i gcomhar leis na fóraim ábhartha geallsealbhóirí lena áirithiú go bhfuil sí cothrom le dáta.

3.1.10.

Is díol sásaimh do CESE go ndírítear sa togra freisin ar dheighleoga na leathsheoltóirí lena laghdófar an tomhaltas fuinnimh in earnálacha atá dírithe ar an todhchaí amhail earnáil TFC, go háirithe i gcás lárionaid sonraí agus soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta.

3.1.11.

Is díol sásaimh do CESE gur ainmníodh saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE. Mar sin féin, iarrtar ar an gCoimisiún sainiú níos soiléire a thabhairt ar na táscairí a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh go bhfuil “tionchar dearfach soiléir” acu “ar shlabhra luacha leathsheoltóirí an Aontais maidir le slándáil an tsoláthair a áirithiú agus an lucht saothair cáilithe a mhéadú”.

3.1.12.

Is díol sásaimh do CESE freisin gur féidir cinneadh den sórt sin a tharraingt siar má thagann sé chun solais go raibh an t-iarratas ar an stádas sin bunaithe ar fhaisnéis bhréagach nó as dáta. Le gur féidir an comhlíonadh sin a ráthú, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar maoirseacht chríochnúil.

3.1.13.

Is díol sásaimh do CESE, i bprionsabal, go ndéanfar an chumhacht a thabhairt d’údaráis ainmnithe na mBallstát faisnéis a bhailiú ón tionscal, rud a chuirfidh ar a gcumas forléargas a fháil ar na slabhraí soláthair agus na slabhraí cruthaithe luacha, agus ar na príomhghníomhaithe sna slabhraí sin. Ba mhaith an rud é dá ndéanfaí an fhaisnéis sin a bhailiú go haonfhoirmeach ar fud an Aontais, ionas nach mbeadh ar ghnólachtaí iad féin a chur in oiriúint do cheanglais éagsúla i ngach Ballstát. Laghdódh sé sin an rómhaorlathas a mhéid is féidir. Chuige sin, tá ciall leis go nglacfaí leis gur chun leas an phobail iad na saoráidí táirgeachta comhtháite agus na teilgcheártaí oscailte AE. Tá ciall leis freisin na Ballstáit a spreagadh chun cláir thacaíochta agus nósanna imeachta údaraithe náisiúnta a chur ar bun. Ós rud é go bhféadfadh sonraí íogaire a bheith san fhaisnéis a fhaightear ar an gcaoi sin, tá sé tábhachtach í a choimeád faoi rún. Go háirithe, ba cheart trédhearcacht a bheith ann maidir le cad a tharlaíonn do na sonraí a iarrtar.

3.1.14.

Is díol sásaimh do CESE go dtugtar aghaidh go sonrach ar ghanntanais scileanna, go háirithe an gá atá leis an éiceachóras leathsheoltóirí a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine óga tréitheacha agus ar an ngá atá ag an lucht saothair san earnáil le hoiliúint agus athoiliúint bhreise chun an bhearna theicneolaíochta a líonadh. Ní leor na bearta atá beartaithe don dara grúpa, áfach, agus ba cheart cláir níos spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun an fhostaíocht a chosaint.

3.1.15.

Is díol sásaimh do CESE an fógra go mbunófar Cuibhreannas Eorpach don Bhonneagar Sliseanna; iarrann sé ar an gcomhordaitheoir agus ar an gCoimisiún gné na hionadaíochta i gcomhdhéanamh an chuibhreannais a chur san áireamh, go háirithe trína áirithiú go mbeidh ionadaíocht ag gach cuid den éiceachóras leathsheoltóirí ann.

3.2.   Ag déileáil le géarchéimeanna: Trédhearcacht agus socrú tosaíochta táirgí mar uirlisí luachmhara a thacaíonn le slándáil an tsoláthair

3.2.1.

Is díol sásaimh do CESE, i bprionsabal, an togra maidir le bosca uirlisí a thabhairt isteach chun seasmhacht a áirithiú i gcoinne luaineachtaí sa mhargadh domhanda. Cabhróidh sin leis an trédhearcacht a chruthú feadh an tslabhra luacha agus, ar an gcaoi sin, cur le slándáil an tsoláthair.

3.2.2.

Cabhróidh, go háirithe, an Córas Luathrabhaidh — má chomhlíonann na gníomhaithe go léir a gcuid oibleagáidí agus má bhíonn an mhuinín is gá acu i láimhseáil chuí na faisnéise — le scrogaill a thuar agus frithbhearta iomchuí a ullmhú. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart a áirithiú go bhfuil deiseanna tuairiscithe ag na hearnálacha agus na gníomhaithe uile agus, go háirithe, go gcuirfear sásraí iomchuí i bhfeidhm freisin do chuideachtaí agus do chomhpháirtithe sóisialta.

3.2.3.

Maidir leis an bhféidearthacht tús áite a thabhairt d’orduithe atá ábhartha go straitéiseach i saoráidí táirgeachta comhtháite agus i dteilgcheártaí oscailte AE, agus i saoráidí táirgeachta a bhfuil glactha acu leis an rogha sin mar mhalairt ar státchabhair, is modh iomchuí atá ann chun slándáil an tsoláthair a áirithiú, ach ciallaíonn sin freisin, áfach, gur gá dul i bhfeidhm ar an margadh. Iarrtar ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, sainiú níos soiléire a dhéanamh ar na cásanna sin ina mbeadh sé iomchuí sin a dhéanamh agus a mbeadh súil leis.

3.2.4.

Sa soláthar poiblí, is féidir leis an soláthar comhoibríoch a bheith ina chomhlánú úsáideach agus amhábhair agus táirgí deiridh a chur ar fáil i gcásanna nach mbeidís, b’fhéidir, ar fáil ar chor ar bith nó go teoranta i mBallstáit áirithe.

3.2.5.

Mar sin féin, sa bhreis ar na sásraí sin, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit machnamh a dhéanamh freisin faoi stoc-charnadh straitéiseach amhábhar criticiúil, mar aon le cineálacha slise a roghnaítear ar bhonn critéir thrédhearcacha, d’fhonn slándáil an tsoláthair a áirithiú i réimsí criticiúla. I bhfianaise an iliomad ceanglas atá ann maidir le sliseanna agus an dul chun cinn theicneolaíoch, ba cheart don Choimisiún critéir shoiléire agus thrédhearcacha a fhorbairt chun cinneadh a dhéanamh faoina bhfuil an stoc-charnadh straitéiseach ciallmhar agus faoi na cásanna sin ina bhféadfaí sin a dhéanamh.

3.3.   Ní mór an t-éiceachóras iomlán a chur san áireamh i measúnú riosca cuimsitheach

3.3.1.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe measúnú riosca a dhéanamh i ngach réimse den éiceachóras agus sa slabhra luacha iomlán, go háirithe maidir le foinsí amhábhar i dtríú tíortha.

3.3.2.

Mar sin féin, tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE go dteastaíonn i gcás measúnú riosca atá dírithe ar réitigh go ndéanfaí laghdú freisin ar bhonn straitéiseach ar na spleáchais chriticiúla d’fhonn an tAontas Eorpach a dhéanamh níos athléimní. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún agus na Ballstáit plé a dhéanamh le chéile ar conas na foinsí soláthair a éagsúlú agus, go háirithe, conas athchúrsáil níos fearr a dhéanamh ar amhábhair chriticiúla i gcomhthéacs geilleagar ciorclach tionsclaithe sa mhicrileictreonaic. Chuige sin, is gá plé a dhéanamh ar conas is féidir an bonneagar a theastaíonn, amhail saoráidí díchóimeála, a thógáil, ar na ceanglais táirge a bheidh ag teastáil do thionscal athchúrsála a bheidh chomh cuimsitheach agus chomh tionsclaithe agus is féidir, agus ar na deimhnithe a bheidh úsáideach agus inoibrithe le go bhféadfar na hamhábhair a athchúrsáil a luaithe is féidir agus a mhéid is féidir.

3.3.3.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE freisin go gcuideoidh cur chun cinn saoráidí táirgeachta Eorpacha le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Ní hamháin go ndéanfar na slabhraí soláthair agus na bealaí iompair a ghiorrú, ach trí infheistiú i dteicneolaíochtaí táirgthe úrscothacha, laghdófar an brú ar an gcomhshaol agus díreofar ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as amhábhair, ar an athchúrsáil is cuimsithí agus is féidir a dhéanamh ar dhramhaíl agus ar chóireáil éifeachtúil uisce óil. Ar an gcaoi sin, ní hamháin go ndíreoidh táirgeadh na glúine is déanaí sliseanna ar an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, ach freisin ar an lorg comhshaoil a laghdú.

3.3.4.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE freisin go bhfágfadh cur chun cinn saoráidí táirgeachta Eorpacha go gcuirfí le comhlíonadh na n-íoschaighdeán sóisialta, amhail na caighdeáin sin a chumhdaítear i gCairt Shóisialta na hEorpa agus sa Chairt Eorpach um Chearta Bunúsacha, agus, ar an gcaoi sin, go bhfeabhsófaí an lorg sóisialta.

3.3.5.

Tá sé á chur i bhfios ag CESE gur gá, d’fhonn athléimneacht straitéiseach a bhaint amach i dtionscal na hEorpa, éiceachóras iomlán na leathsheoltóirí a chur san áireamh. Ní leor an prionsabal “ón saotharlann go dtí an táirgeadh” a chuir an Coimisiún i láthair, ós rud é nach dtagann deireadh leis an slabhra luacha ag céim na monaraíochta. Dá bhrí sin, níl an prionsabal sin oiriúnach ach go pointe áirithe maidir le margadh na hEorpa a dhéanamh níos seasmhaí i gcoinne rioscaí domhanda. Mura dtabharfar aghaidh go sonrach ar na próisis chúil sa slabhra luacha, tá baol níos mó ann go dtarlóidh tubaistí nádúrtha nó go gcuirfear isteach ar na bealaí iompair, rud a d’imir tionchar ar an ngéarchéim soláthair atá ann faoi láthair. Mar a luaigh an Coimisiún san Ionstraim um Shliseanna, níl ach thart ar 5 % de sciar an mhargaidh ag an Aontas i ndeighleog an phacáistithe, sin le rá méid atá i bhfad níos lú ná an sciar atá aige maidir leis an tionscal ina iomláine.

3.3.6.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE go gcuidíonn dearcadh cuimsitheach den éiceachóras, lena n-áirítear de na próisis chúil, leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. Mar shampla, ó thaobh an chomhshaoil de, níl aon chiall leis an bpróiseas táirgthe tosaigh a choinneáil san Eoraip, agus na táirgí á n-iompar ina dhiaidh sin go dtí tríú tíortha chun iad a thástáil agus a phacáistiú, agus iad á n-ath-allmhairiú isteach san Aontas ina dhiaidh sin arís. Chomh maith leis na saincheisteanna comhshaoil, tá i bhfad níos mó baoil i gceist leis na slabhraí soláthair a fhadaítear ar an gcaoi sin. Ní mór teacht ar an gcothromaíocht cheart ó thaobh neamhspleáchas straitéiseach oscailte de le go mbeidh teacht aniar san Aontas, ach gan a bheith i mbaol, ag an am céanna, go scarfar é ón margadh domhanda.

3.3.7.

Molann CESE, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn deighilt gheografach neamh-inmhianaithe nó comhchruinniú neamh-inmhianaithe deighleog áirithe den mhargadh atá an-bhrabúsach nó an-chostasach a sheachaint, gur cheart scrúdú níos grinne a dhéanamh ar ról an tslabhra soláthair ina iomláine agus, go háirithe, níos mó tábhachta a leagan ar na próisis chúil laistigh den Aontas sa straitéis le haghaidh leathsheoltóirí.

3.3.8.

Tá sé á mholadh aige, dá bhrí sin, béim bhreise a chur ar ardteicneolaíochtaí pacáistithe is féidir a úsáid san Eoraip ar bhealach atá éifeachtúil ó thaobh costais agus fuinnimh de, agus, ar an gcaoi sin, a áirithiú go bhfuil an tAontas níos seasmhaí i gcoinne rioscaí domhanda agus luaineachtaí sa mhargadh.

3.4.   Cómhaoiniú mar bheart úsáideach chun rioscaí agus costais a laghdú

3.4.1.

Is díol sásaimh do CESE go ndéanfar an státchabhair a éascú faoi na critéir thuasluaite, go háirithe sa chás nach mbeadh na saoráidí lena mbaineann ar fáil murach sin san Aontas nó nach mbeadh fáil orthu ach ar bhonn teoranta, agus má tá leas straitéiseach ar leith ag baint leo.

3.4.2.

Is díol sásaimh do CESE freisin nach mór, go háirithe, a bheith ag súil leis go mbeidh na saoráidí lena mbaineann inmharthana go fadtéarmach gan a thuilleadh státchabhrach agus go mbeidh an-tábhacht leis an nuálaíocht in éiceachóras leathsheoltóirí an Aontais sna blianta amach romhainn.

3.4.3.

Tá sé á chur i bhfáth ag CESE nach mór do na héifeachtaí dreasachta a bheith intomhaiste sa chleachtas agus nach mór a sheachaint go ndéanfaí gnóthais atá beartaithe cheana féin a chómhaoiniú d’fhonn a áirithiú go mbeidh fíorthionchar dearfach ag na cistí leithdháilte ar an nuálaíocht agus ar an bhfostaíocht san éiceachóras leathsheoltóirí ina iomláine.

3.4.4.

Mar sin féin, ba mhian le CESE critéir bhreise a fheiceáil, go háirithe ós rud é gur gá go mbeifí in ann bearnaí cistiúcháin cruthaithe a líonadh 100 %. Ba cheart, ina leith sin, critéir an bheartais shóisialta a chur san áireamh, amhail an meon atá ag an ngnóthas lena mbaineann i leith an idirphlé shóisialta agus na cómhargála, agus an comhar tosaíochta le soláthraithe atá bunaithe san Aontas, ach freisin líon na bpost inbhuanaithe breise arna gcruthú leis na hinfheistíochtaí agus cáilíocht na ndálaí oibre.

3.4.5.

Molann CESE freisin nár cheart an cistiú a dhíriú ar dheighleoga aonair den éiceachóras leathsheoltóirí, ach, sa bhreis ar na critéir thuas, gur cheart a áirithiú go ndéanfaí an tacaíocht airgeadais a leithdháileadh go cothrom feadh an tslabhra luacha.

3.5.   Bearta scileanna agus cáilíochtaí mar spreagadh breise don nuálaíocht

3.5.1.

Is díol sásaimh do CESE go bhfuil béim curtha ar scileanna agus ar cháilíochtaí san Ionstraim um Shliseanna. Tá infheistíocht phoiblí spriocdhírithe san oideachas agus san oiliúint, agus, i bprionsabal, i sciliú agus athoiliúint, ríthábhachtach, go háirithe, le go n-éireoidh leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Is suntasach, áfach, go ndírítear go mór ar oibrithe ardoilte agus go háirithe ar chláir iarchéime. Níl aon amhras faoi ach go mbeidh sé sin ríthábhachtach má éiríonn leis an dul chun cinn teicneolaíochta go deighleog leathsheoltóirí < 10 nm. Níor cheart, áfach, go ndéanfaí neamhaird ar an ngá atá ann rochtain a éascú d’oibrithe nach oibrithe ardoilte iad le go bhféadfar an t-éiceachóras a dhaingniú níos mó ar bhonn tionsclaíoch.

3.5.2.

Ní mór an t-éiceachóras leathsheoltóirí a dhéanamh níos tarraingtí d’fhostaithe. Chomh maith le cláir tharraingteacha iarchéime, moltar cur chuige ina gcuirtear an córas oideachais ina iomláine san áireamh. Ba cheart an t-éiceachóras a chur chun cinn i meánscoileanna, mar shampla trí leasú a dhéanamh ar na curaclaim eolaíochta chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha an éiceachórais. D’fhágfadh sin go bhféadfaí gairmeacha a phleanáil agus cinntí a dhéanamh ina leith sin go luath. Le rochtain shimplithe ar thréimhsí oiliúna ardcháilíochta, saincheaptha agus íoctha, taithí foghlama praiticiúla agus cláir mheantóireachta san earnáil tionsclaíochta, agus ar dheiseanna faisnéise gairmiúla atá cothrom le dáta, is féidir cur lena tharraingtí atá an earnáil.

3.5.3.

Ar deireadh, tá sé tábhachtach freisin oiliúint a chur orthu siúd atá ag obair cheana féin san éiceachóras leathsheoltóirí chun dul i ngleic le modhanna táirgthe nua agus leis na ceanglais shonracha a bhaineann le dearadh agus táirgeadh leathsheoltóirí < 10 nm chun gur féidir aistriú go réidh go dtí an chéad ghlúin eile teicneolaíochta. I ndáil leis sin, is díol sásaimh don Choiste an líonra Eorpach lárionad inniúlachta a chruthófar agus ba cheart aird a thabhairt, ina leith sin, ar bhearta spriocdhírithe a chur ar fáil sa chleachtas chun oiliúint a chur ar dhaoine atá fostaithe cheana féin sa tionscal.

3.5.4.

D’fhonn a áirithiú go n-éireoidh leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar uas-sciliú agus athoiliúint na n-oibrithe sin atá ag obair i dtionscail agus i réigiúin ina bhfuil athrú struchtúrach ag tarlú faoi láthair nó ina mbeidh amach anseo. Ba cheart é a bheith mar chuspóir le beartas gníomhach tionsclaíochta aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin sin atá buailte ag an díthionsclú agus ag eisimirce dhíréireach daoine atá in aois oibre agus an infheistíocht a spreagadh sna réigiúin sin. Ba cheart plé a bheith ann freisin faoin gcaoi le bearta uas-scilithe agus athoiliúna a nascadh le hobair ghearr-ama nó le sochair dhífhostaíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, faoin gcaoi a dtabharfar an deis d’oibrithe lena mbaineann páirt a ghlacadh i mbearta ábhartha athoiliúna, trí chuideachtaí aistrithe pearsanra.

3.5.5.

Ba cheart na Ballstáit a spreagadh freisin cláir a bhunú agus na cláir sin a chuimsiú ina gcuid straitéisí náisiúnta maidir le scileanna.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  COM(2022) 46 final.

(2)  COM(2022) 45 final.

(3)  https://ieeexplore.ieee.org/stamp/stamp.jsp?tp=&arnumber=9063714


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/40


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna

(COM(2022) 47 final — 2022/0033 (NLE))

(2022/C 365/07)

Rapóirtéir:

Stoyan TCHOUKANOV

Comhairliúchán

An Chomhairle, 16.3.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

1.6.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

207/0/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá leathsheoltóirí i gcroílár leasanna láidre geopholaitiúla óir cruthaíonn siad na dálaí faoina mbeidh ar chumas tíortha gníomhú (ar bhonn míleata, eacnamaíoch agus tionsclaíoch) agus aistrithe digiteacha agus éiceolaíocha a chothú. Is bunriachtanas iad le haghaidh uathriail straitéiseach agus tionsclaíoch.

1.2.

Ar an ábhar sin, tá CESE ag teacht leis an gcuspóir straitéiseach faoina gcuirfear le neart an éiceachórais leathsheoltóirí san Eoraip agus tá sé den tuairim nár mhór don Eoraip infheistíocht a mhealladh chun na sliseanna is ardfhorbartha a dhearadh agus a tháirgeadh. Creideann sé, áfach, go bhféadfaí neart an éiceachórais a ráthú ar dhóigh níos fearr dá bhféadfaí dul i bhfeidhm ar thaighdeoirí, innealtóirí agus an fórsa saothair oilte chun go bhfanfaidís san Eoraip trí dhreasaschtaí airgeadais agus deiseanna gairme iomaíocha, agus eile, a thairiscint dóibh atá inchomparáide lena bhfuil á thairiscint san Áise nó sna Stáit Aontaithe.

1.3.

I bhfianaise a phráinní atá sé gníomhú, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair agus níor réamh-mheasadh go ndéanfaí aon chomhairliúchán poiblí ar líne. Ba mhaith le CESE aird a tharraingt air nach bhfuil measúnú tionchair ag gabháil leis an togra. Tuigeann CESE go nglacfadh sé rófhada gnáthmheasunú tionchair a sholáthar de bharr a phráinní atá an scéal, ach tá CESE den tuairim go mba cheart don Choimisiún maitrís chliste le haghaidh ionsamhlú dinimiciúil a chur ar fáil ar a laghad, chun go bhféadfadh na comhreachtóirí agus an tsochaí shibhialta réamh-mheas a dhéanamh ar thionchar féideartha an togra.

1.4.

Cuireann an easpa measúnú tionchair leis an imní atá ar CESE faoin mbuiséad arna leithdháileadh ar an gComhghnóthas um Shliseanna ón uair nach bhfuil ar chumas na sochaí sibhialta teacht ar thuairim dá cuid féin faoin réasúnaíocht nó faoin modheolaíocht a bhí in úsáid ag an gCoimisiún agus an buiséad á shainiú. Ní leor an Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an Ionstraim um Shliseanna.

1.5.

Tá CESE den tuairim go bhfuil maoin intleachtúil ina príomhghné chun infheistíochtaí agus iarrachtaí taighde nuálaithe AE a chúiteamh, faoina sásófaí riachtanais cuir chun feidhme/úsáideoirí, agus go bhféadfadh sí a bheith ina spreagadh maidir le leathsheoltóirí nuálacha a fhorbairt agus éiceachóras daingean úrscothach Eorpach sliseanna a chruthú. Ar an ábhar sin, measann sé gur cheart, í a bheith luaite i bhforálacha an togra seachas sa mheabhrán míniúcháin amháin, meabhrán nach bhfuil aon éifeachtaí ceangailteacha leis.

1.6.

Dírítear leis an gComhghnóthas um Shliseanna go háirithe ar laghdú a dhéanamh ar na rioscaí agus éiginnteachtaí don tionscal a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus sna nuatheicneolaíochtaí trí rioscaí a chomhroinnt agus intuarthacht infheistíochta a sholáthar. Nocht déantóir sliseanna amháin sna Stáit Aontaithe pleananna chun USD 88 mbilliún a infheistiú ar fud na hEorpa mar chuid de leathnú uaillmhianach atá dírithe ar éagothromaíochtaí sa slabhra soláthair domhanda leathsheoltóirí a laghdú agus is léiriú é ar an bhfreagairt dhearfach ó na hinfheisteoirí ar an nGníomh um Shliseanna atá beartaithe ag an Aontas.

2.   Réamhrá

2.1.

Tá an iliomad earnálacha a bhfuil moill soláthair ag cur isteach orthu le roinnt míonna anuas — gluaisteáin, ríomhairí, fóin chliste, feidhmchláir agus bonneagair sláinte, slándála, cumarsáide agus uathoibrithe tionsclaíoch. Is é is cúis leis sin ganntanas leathsheoltóirí, arb iad na comhpháirteanna bídeacha atá ina gcuid dár sásraí teicneolaíochta.

2.2.

Tá leathsheoltóirí i gcroílár leasanna láidre geopholaitiúla óir cruthaíonn siad na dálaí faoina mbeidh ar chumas tíortha gníomhú (ar bhonn míleata, eacnamaíoch agus tionsclaíoch) agus aistrithe digiteacha agus éiceolaíocha a chothú. Dealraíonn sé go mbeidh neart fo-éifeachtaí ag cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine sa mheántéarma agus san fhadtéarma maidir le tionscal na leathsheoltóirí, rud is mórthosaíocht do cheannasacht dhigiteach an Aontais Eorpaigh. Cuirfear isteach ar an táirgeadh neoin, pallaidiam agus C4F6, trí ábhar atá barrthábhachtach sa déantúsaíocht micrishliseanna agus nach bhfuil ionadaí ann dóibh.

2.3.

Is é Stáit Aontaithe Mheiriceá atá chun tosaigh sa dearadh leathsheoltóirí agus, anuas air sin, ritheadh Acht i gComhdháil na Stát Aontaithe in Eanáir 2021 maidir le Dreasachtaí Cuiditheacha a Chruthú chun Leathsheoltóirí a chur á dtáirgeadh le haghaidh SAM (Creating Helpful Incentives to Produce Semiconductors (CHIPS) for America Act). San Áise, is sa Téaváin go háirithe atá an táirgeadh comhchruinnithe agus is ansin a tháirgtear thart ar 70 % den táirgeadh iomlán agus 90 % de na slisní is ardfhorbartha. Cé go bhfuil paindéim COVID-19 ina cúis leis an nganntanas atá ann faoi láthair, níor cheart tábhacht an iomaíochais eacnamaíoch idir Washington agus Béising a fhágáil as an áireamh. I gcomhthéacs an iomaíochais eacnamaíoch sin fágtar an Téaváin ar thús cadhnaíochta san iomaíocht theicneolaíoch idir an dá cheann feadhna.

2.4.

Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm don rialachán atáthar á bheartú éiceachóras sliseanna úrscothach Eorpach a chruthú, táirgeadh san áireamh. Is leasú é ar na tograí atá ann faoi láthair sa mhéid go dtógfaí ar láidreachtaí na hEorpa agus go dtabharfaí aghaidh ar na mórlaigí, chun éiceachóras leathsheoltóirí rathúil agus slabhra soláthair athléimneach a fhorbairt, agus bearta a leagan síos freisin chun ullmhú le haghaidh bristeacha sa slabhra soláthair amach anseo, teacht rompu agus freagairt orthu.

2.5.

Tá an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle ag leasú Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach (“an togra”), ina chomhlánú ar an togra maidir leis an nGníomh um Shliseanna. Ar na spriocanna atá ag an nGníomh um Shliseanna atáthar á moladh tá, Tionscnamh Sliseanna don Eoraip a bhunú a thabharfadh tacaíocht don tógáil acmhainne ar mhórscála Déanfar na gníomhaíochtaí faoin tionscnamh a chur chun feidhme go príomha tríd an gComhghnóthas um Shliseanna, i.e. an Comhghnóthas reatha maidir le hEochairtheicneolaíochtaí Digiteacha arna leasú agus arna athainmniú.

2.6.

Tacóidh buiséad AE leis an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip agus suas le EUR 3,3 billiún ann ar an iomlán, lena n-áirítear EUR 1,65 billiún trí bhíthin an chláir Fís Eorpach agus EUR 1,65 billiún trí bhíthin an chláir don Eoraip Dhigiteach. As an méid iomlán sin, déanfar EUR 2,875 billiún a chur chun feidhme tríd an gComhghnóthas um Shliseanna.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.   An caipiteal daonna

3.1.1.

Tá CESE á thabhairt dá aire nach é an cuspóir atá ann a bheith go hiomlán neamhthuilleamaíoch, ós cuspóir é sin nach bhféadfaí a bhaint amach óir tá neart idirspleáchais sna slabhraí soláthair le tríú tíortha. Is é an aidhm atá ann dlús a chur leis an bpróiseas maidir le huathriail straitéiseach agus ceannasacht theicneolaíoch a bhaint amach agus an creat iomaíochais domhanda a athchóiriú tríd an gcomhbheartas tionsclaíoch san Aontas Eorpach a dhaingniú.

3.1.1.

Tá CESE ag teacht leis an gcuspóir straitéiseach faoina gcuirfear le neart an éiceachórais leathsheoltóirí san Eoraip agus tá sé den tuairim nár mhór don Eoraip infheistíocht a mhealladh chun na sliseanna is ardfhorbartha a dhearadh agus a tháirgeadh. Creideann sé, áfach, go bhféadfaí neart an éiceachórais a ráthú ar dhóigh níos fearr dá bhféadfaí dul i bhfeidhm ar thaighdeoirí, innealtóirí agus an fórsa saothair oilte chun go bhfanfaidís san Eoraip trí dhreasaschtaí airgeadais agus deiseanna gairme iomaíocha, agus eile, a thairiscint dóibh atá inchomparáide lena bhfuil á thairiscint san Áise nó sna Stáit Aontaithe.

3.1.2.

Ar na spriocanna atá le pacáiste an Ghnímh um Shliseanna tá, tacaíocht a thabhairt don tógáil acmhainne ar mhórscála trí infheistíocht sa taighde trasteorann chun go bhféadfar teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus teicneolaíochtaí leathsheoltóirí don chéad ghlúin eile a fhorbairt lena n-áirítear béim ar ghnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí atá i mbun fáis.

3.1.3.

Dírítear sa togra ar thacaíocht a thabhairt d’infheistíocht i mbonneagair trasteorann taighde, forbartha agus nuálaíochta a mbeidh rochtain oscailte orthu a bhunú san Aontas Eorpach. Tá CESE á thabhairt dá aire freisin nár mhór, chun na spriocanna sin a bhaint amach, go bhféadfadh an tAontas brath ar an gcaipiteal daonna agus ar thaighdeoirí, ós iadsan amháin a d’fhéadfadh acmhainn nuálach an Aontais Eorpaigh a fhorbairt. Fiafraíonn CESE an bhfuil gníomhaíochtaí nithiúla á ndéanamh chun a áirithiú nach mbeidh ár gcuid taighdeoirí ag iarraidh dul ar imirce ón Aontas Eorpach agus chun a áirithiú go mbeidh ról gníomhach acu sa líonra réamh-mheasta lárionad inniúlachta ar fud na hEorpa?

3.1.4.

Bíonn taighdeoirí agus innealtóirí óga i gcoitinne den tuairim gur fearr an luach saothair agus dul chun cinn gairme i dtíortha nach tíortha AE iad. I ndáil leis sin, tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún an bhfuil aon staitisticí aige ina leith sin a fhágfadh go bhféadfaí na treochtaí a mheasúnú i dtéarmaí imirce daoine oilte i dtreo lárionaid taighde agus inniúlachta eile. D’fhéadfaí acmhainní breise a mhealladh chuig an tionscadal le clár a chuirfeadh dlús leis an bpróiseas faoina dtugtar aitheantas do speisialtóirí ón iasacht. Ní fiú tada cuspóirí an togra, go praiticiúil, gan taighdeoirí, innealtóirí agus fórsa saothair atá sásta oibriú san Aontas Eorpach agus fanacht ann.

3.2.   Measúnú tionchair

3.2.1.

I bhfianaise a phráinní atá sé gníomhú, ní dhearnadh aon mheasúnú tionchair agus níor réamh-mheasadh go ndéanfaí aon chomhairliúchán poiblí ar líne.

3.2.2.

Ceist phráinneach atá ann, gan amhras. Ó dheireadh 2020 i leith, b’fhacthas do mhonaróirí go raibh ganntanas comhpháirteanna ann, leathsheoltóirí go háirithe. Tá an ganntanas sin ann mar thoradh ar shraith tosca carnacha:

Dianghlasálacha de bharr ghéarchéim sláinte COVID-19 lenar cuireadh an táirgeadh ar coimeád agus moill dá réir ar chúrsaí soláthair,

Dálaí aeráide: chuir triomaigh dhiana sa Téaváin isteach go mór ar mhonarú leathsheoltóirí, ar próiseas é a éilíonn neart uisce,

Éileamh breise ar threalamh leictreonach (ríomhairí, etc.),

An méadú ar fheithiclí leictreacha,

An méadú spéise i mianadóireacht criptea-airgeadraí a éilíonn próiseálaithe grafaice atá comhdhéanta de leathsheoltóirí,

Úsáid a bheith á baint as 5G a éilíonn leathsheoltóirí sna comhpháirteanna forimeallacha,

Uathoibriú gléasra, mar chuid de thionscadail tionsclaíochta 4,0, ina mbaintear leas as leathsheoltóirí.

3.2.3.

Tá CESE den tuairim nach í an phráinn an t-aon saincheist atá ann, ach gurb é an fhadhb gurb iad TSMC agus Samsung Electronics a mhonaraíonn 70 % de na leathsheoltóirí. Nuair a bhíonn an t-éileamh an-ard, ní mór dóibh tús áite a thabhairt do chustaiméirí áirithe agus tógann sé dhá bhliain nó trí chun gléasra táirgthe nua a thógáil (1),

3.2.4.

Ba mhaith le CESE aird a tharraingt air nach bhfuil measúnú tionchair ag gabháil leis an togra. In Aibreán 2021, sheol an Coimisiún Eorpach an Clár Oibre Rialála Cliste, d’fhonn “oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh” (2). Tionscnaítear an beartas “ceann amháin isteach, ceann amháin amach”, cur chuige a bheidh ina príomh-ais de bheartas AE ó 2022 ar aghaidh.

3.2.5.

Tuigeann CESE go nglacfadh sé rófhada measúnú tionchair teicniúil ar fhad caighdeánach a sholáthar toisc a phráinní atá cúrsaí, agus nach mbeadh aon mhaith leis ar bhonn praiticiúil, ach tá sé den tuairim gur cheart don Choimisiún maitrís chliste a chur ar fáil ar a laghad don samhaltú dinimiciúil chun cabhrú leis na comhreachtóirí agus an tsochaí shibhialta tionchar féideartha an togra a réamh-mheas.

3.2.6.

De bhrí go bhfuil measúnú tionchair in easnamh is deacair do CESE teacht ar a thuairim féin maidir leis an réasúnaíocht agus modheolaíocht a bhí in úsáid ag an gCoimisiún agus an buiséad le haghaidh an Chomhghnóthais um Shliseanna á shainiú. Ní leor ach oiread an Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal leis an nGníomh um Shliseanna. Ní mór a fhios a bheith ag an tsochaí shibhialta go beacht agus go nithiúil cárb as don mhaoiniú agus céard a dhéantar leis.

3.3.   Maoin intleachtúil

3.3.1.

Ní mór a bheith cúramach leis an téarma maoin intleachtúil (IP) – tuigtear i bhfad an iomarca leis. Sa chiall is leithne, ciallaíonn sé aon eolas ar le duine é. Sampla amháin is ea paitinní. Aithnítear le paitinní gur le duine éigin an t-eolas agus tugtar inti téarmaí cosanta an eolais sin.

3.3.2.

Sa tionscal leathsheoltóirí áfach, is é a thuigtear go forleathan leis an téarma aonad um dhearadh nó um fhíorúchán atá réamhphacáilte agus ar fáil lena cheadúnú. Is mar a chéile Maoin Intleachtúil Leathsheoltóirí (SIP) agus Maoin Intleachtúil Dearaidh (DIP) a bheag nó a mhór agus is minic gur IP, bloic IP nó croíleacáin IP a thugtar orthu. Is cuid den dearadh é, amhail próiseálaí, a bhfuil réamh-fhíorú déanta air agus a d’fhéadfadh a bheith san áireamh i ndearadh le duine éigin eile.

3.3.3.

Go praiticiúil, is minic gur mó an iarracht dhlíthiúil agus bhainistíochta a theastaíonn sa chaibidlíocht maidir le ceadúnais ná na sochair a bhaineann le dearthaí IP a cheadúnú. Ar an ábhar sin, is minic a bhaineann gnólachtaí leathsheoltóirí leas as a maoin intleachtúil i bhfoirm paitinní. Féadfar punanna móra paitinní a úsáid chun teorainn a chur leis an iomaíocht agus chun a staid iomaíoch a fheabhsú, araon, tríd an gcros-cheadúnú.

3.3.4.

Sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra tagraítear do “pobail úsáideoirí (…) soláthróirí maoine intleachtúla (IP)”. Luaitear úsáideoirí IP ach níl aon rud ann maidir le cearta maoine intleachtúla an tsealbhóra cirt. Ansin, deirtear an méid seo a leanas: “Éascóidh lárionaid inniúlachta rochtain oscailte, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar an mbonneagar dearthóireachta agus ar na línte píolótacha agus úsáid éifeachtach na mbonneagar agus na línte sin”.

3.3.5.

Ar an ábhar sin is é an cheist atá ag CESE an é go dtagraíonn an “rochtain neamh-idirdhealaitheach” do chur chuige FRAND PCB maidir le ceadúnú. Más mar sin atá ba cheart a ráthú leis an togra cur chuige cothromaithe agus pragmatach i leith ceadúnú FRAND, cur chuige a dhíríonn ar thrédhearcacht bhreise agus ar chomhréiteach a aimsiú a thabharfaidh cúiteamh iomchuí do nuálaithe an Aontais agus a bheidh ag freastal ag an am céanna ar riachtanais lucht cur chun feidhme/úsáideoirí agus a fhágfar gur féidir nuálaíocht a spreagadh.

3.3.6.

Agus ar deireadh, tá CESE den tuairim go bhfuil maoin intleachtúil ina príomhghné chomh mór sin chun spriocanna an togra a bhaint amach go mba cheart í a bheith luaite go soiléir i bhforálacha an togra, agus ní sa mheabhrán míniúcháin amháin, meabhrán míniúcháin nach bhfuil aon éifeachtaí dlíthiúla ag baint leis

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Journal du Net, 02/11/2021.

(2)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – , Better regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil níos fearr: oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh][COM(2021) 219 final] (níl leagan Gaeilge ann).


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/44


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014

(COM(2022) 150 final — 2022/0099 (COD))

(2022/C 365/08)

Rapóirtéir:

Kęstutis KUPŠYS

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 5.5.2022

An Chomhairle, 10.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

31.5.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

126/1/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is céim chun cinn an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe (Rialachán (AE) Uimh. 517/2014) (1), a mhol an Coimisiún an 5 Aibreán 2022 (2). Is léir do CESE gur féidir níos mó uaillmhéine a bhaint amach, lena chinntiú nach gcuirfear ualach do na blianta fada amach romhainn ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh na hEorpa le stoc trealaimh a dhéanann dochar don aeráid, agus chun ceannaireacht dhomhanda an Aontais a choinneáil maidir le gníomhú ar son na haeráide trí réitigh theicneolaíocha ghlasa den scoth a ghlacadh.

1.2.

Is mór an acmhainneacht téite domhanda (GWP) atá ag roinnt mhaith hidreafluaracarbón (HFCanna). Dá bhrí sin, leis an bhfeabhas ar an togra reatha ón gCoimisiún, tugtar deis bhreise chun tionchair aeráide dhíreacha a laghdú go suntasach trí úsáid HFCanna a bhfuil ardacmhainneacht téite domhanda acu a sheachaint, agus aistriú díreach chuig roghanna eile atá saor ó gháis ceaptha teasa fhluairínithe agus a bhfuil acmhainneacht téite domhanda íseal acu.

1.3.

Maidir le teaschaidéil, aerchóiritheoirí seomraí, fuaraitheoirí agus feidhmchláir cuisniúcháin, tá roghanna eile cuisneán nádúrtha ar fáil a bhfuil ísealacmhainneacht téite domhanda acu. Tá CESE i bhfabhar toirmeasc a chur ar na cuisneáin uile a bhfuil GWP > 5 acu i ndiaidh 2030 ar na fearais sin. Dar le CESE, cuireann toirmeasc earnála teachtaireacht shoiléir chuig an margadh, tá sé éasca ó thaobh riaracháin de é a chur chun feidhme, agus ní mór an baol go dtiocfar timpeall air.

1.4.

Molann CESE go láidir uaillmhian REPowerEU (3) a chomhcheangal le céimniú amach gáis ceaptha teasa fhluairínithe, d’fhonn díriú ar úsáid cuisneán a bhfuil an acmhainneacht téite domhanda is ísle acu, go háirithe i réimse na dteaschaidéal. Creideann CESE nach bhfuil bunús leis an imní san earnáil faoi scrogaill mhargaidh toisc acmhainneacht táirgeachta mhéadaithe bheith tagtha ar an tionscal, rud a bheidh bunaithe den chuid is mó ar chuisneáin nádúrtha. Tá deis mhaith ag an Aontas cás eiseamláireach a dhéanamh de sin maidir le caighdeáin ghlasa dhomhanda a leagan síos.

1.5.

Bhíothas ag súil go ndíspreagfaí úsáid gás a bhfuil ardacmhainneacht téite domhanda acu le córas cuótaí, ach níor chuidigh sé le hathrú leordhóthanach a dhéanamh ar an margadh. Is léir go bhfuil méadú tagtha ar thrádáil neamhdhleathach na ngás sin chun éileamh leanúnach an mhargaidh a líonadh. Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeadh sásra ann chun ioncam ó dhíolacháin cuótaí a mhéadú. Is féidir an t-ioncam sin a chur i leataobh chun dlús a chur le rialuithe custaim ar leibhéal na mBallstát, chun cabhrú le roghanna malartacha a bhfuil ísealacmhainneacht téite domhanda acu a ghlacadh agus chun oiliúint leordhóthanach a chur ar fáil do shuiteálaithe an trealaimh lena mbaineann.

1.6.

Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar riachtanais oiliúna maidir le roghanna eile HFC. Tá teicneoirí oilte, chomh maith le scéimeanna cáilíochta, deimhniúcháin agus clárúcháin riachtanach chun cuisneáin nádúrtha a bhfuil ísealacmhainneacht téite domhanda acu a chur chun cinn.

2.   Barúlacha ginearálta

Réamhrá

2.1.

Is gáis ceaptha teasa thábhachtacha (GCT) iad na gáis fhluairínithe. In éagmais rialacháin, d’fhéadfadh méadú 0,35-0,5 C teacht ar an meánteocht dhomhanda faoi 2100 de dheasca astaíochtaí HFC. D’fhéadfaí an téamh domhanda a theorannú go suntasach dá laghdófaí na hastaíochtaí sin. I bhfianaise an scála ama ghearrthéarmaigh (2050), bheadh laghdú na n-astaíochtaí HFC thar a bheith éifeachtach ó thaobh dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide (4).

2.2.

Tá ardacmhainneacht téite domhanda ag roinnt mhaith HFCanna. Is é trífhluaraimeatán (HFC-23) an HFC is láidre dá bhfuil eolas faoi le 14 600 GWP, i.e. ó thaobh téamh domhanda de, is ionann cileagram amháin de HFC-23 agus beagnach 15 tona de CO2. Tá tiúchan HFC-23 san atmaisféar ag méadú ar luas scanrúil, ó 21 ppt in 2008 go 35 ppt sa lá atá inniu ann, an leibhéal is airde riamh (5).

2.3.

Meastar gurb é heicseafluairíd sulfair (SF6), gás eile den chineál céanna a úsáidtear go forleathan mar ghás inslithe i lascthrealamh, an F-ghás is díobhálaí toisc acmhainneacht téite domhanda de 25 200 a bheith aige. D’fhéadfadh F-gháis ar mó a n-acmhainneacht téite domhanda ná 700 a bheith i ngnáthfheiste téimh agus fuaraithe a dhíoltar le teaghlach san Aontas Eorpach in 2022, rud a chiallaíonn go bhfuil lorg CO20,35 tona ag an oibreán cuisneáin de thart ar 0,5 kg atá san aonad.

2.4.

Ar an iomlán, is iad na gáis ceaptha teasa fhluairínithe is cúis le tuairim is 2,5 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa uile an Aontais.

2.5.

Tá an ciseal ózóin á ídiú agus an aeráid á téamh ag substaintí ídithe ózóin (ODS). Tá HFCanna curtha in áit cuid acu, rud nach gcuireann le hídiú an chisil ózóin, ach a chuireann fós leis an téamh aeráide. Ghlac CESE an tuairim chomhfhreagrach (6) maidir leis an Rialachán maidir le hídiú an chisil ózóin (7).

2.6.

Is é is aidhm don Rialachán maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe astaíochtaí F-gás a laghdú trí, inter alia, deireadh a chur de réir a chéile le húsáid HFCanna san Aontas. Tá laghdú á dhéanamh de réir a chéile ar HFCanna ar an leibhéal domhanda freisin faoi Phrótacal Montréal. Ní mór don dá rialachán – maidir le substaintí ídithe ózóin agus maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe – a áirithiú go comhpháirteach go gcomhlíonann an tAontas a chuid oibleagáidí faoin bPrótacal.

2.7.

Tá sé d’aidhm ag an Rialachán reatha maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe astaíochtaí F-gháis an Aontais a laghdú dhá thrian faoi 2030 le hais leibhéil 2014. I gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, rannchuideoidh an togra nua le hastaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, rud a fhágfaidh go mbeidh an Eoraip aeráidneodrach faoi 2050, go háirithe, mar a thug an Coimisiún le fios, trí na tionscnaimh bheartais seo a leanas:

spriocanna níos uaillmhianaí a bhaint amach

forfheidhmiú agus cur chun feidhme a fheabhsú

faireachán níos cuimsithí a dhéanamh

comhlíonadh Phrótacal Montréal a áirithiú.

Gáis ceaptha teasa fhluairínithe i gcomhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais

2.8.

Leagtar síos sa togra maidir le F-gháis laghdú uaillmhianach de réir a chéile ar HFCanna agus tá roinnt toirmisc nua ann ar tháirgí margaidh agus ar threalamh. Fágann sin go n-imeoidh trealamh agus táirgí le F-gháis a bhfuil ardacmhainneacht téite domhanda acu ón margadh de réir a chéile. Creideann CESE, áfach, go bhfuil sé ríthábhachtach aistriú díreach a chur chun cinn chuig réiteach atá saor ó gháis fhluairínithe leis an acmhainneacht téite domhanda is ísle is féidir, agus réitigh idirmheánacha a sheachaint. Léiríonn margaí an Aontais go bhfuil an cur chuige sin indéanta, mar sin ba cheart don Aontas dea-shampla a thabhairt.

2.9.

Tá sé ríthábhachtach go n-ardófaí na caighdeáin lena chinntiú nach gcuirfear ualach do na blianta fada amach romhainn ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh na hEorpa le stoc trealaimh a dhéanann dochar don aeráid. Tá sé tábhachtach freisin ceannaireacht dhomhanda an Aontais a choinneáil maidir le gníomhú ar son na haeráide trí réitigh theicneolaíocha ghlasa den scoth a ghlacadh i ngach réimse ina n-úsáidtear F-gháis.

2.10.

Is bealach fíor-chostéifeachtach chun cuidiú le spriocanna aeráide a bhaint amach é deireadh a chur de réir a chéile le HFCanna. De réir Thuarascáil Deiridh na Meastóireachta, Márta 2022 (8), bhí na costais laghdaithe astaíochtaí thart ar EUR 6 ar an meán in aghaidh an tona de choibhéis CO2.

2.11.

Is fearais agus córais iad teaschaidéil, aerchóiritheoirí seomraí, fuaraitheoirí agus feidhmeanna cuisniúcháin a bhfuil roghanna malartacha le cuisneáin ísealacmhainneachta téite domhanda agus cuisneáin nádúrtha ar fáil ina leith. Tá CESE i bhfabhar toirmeasc a chur ar chuisneáin atá bunaithe ar F-gháis do na fearais sin trí theorainn 5 GWP a fhorchur ó 2030 ar aghaidh. Dar le CESE, cuireann toirmisc earnála teachtaireacht shoiléir chuig an margadh, tá siad éasca ó thaobh riaracháin de iad a chur chun feidhme, agus ní mór an baol go dtiocfar timpeall orthu. D’fhéadfaí díolúintí ad hoc a dheonú i gcás ina meastar go bhfuil gá teicniúil le HFCanna ar bhonn na bhforálacha in Airteagal 16(4).

2.12.

I gcás roinnt úsáidí, tá roghanna malartacha HFC ar an margadh cheana féin, lena n-áirítear própán (GWP 0,02) agus amóinia (GWP 0). Áitíonn CESE borradh a chur faoin gcaiteachas ar thaighde chun úsáid a bhaint as na réitigh sin nach bhfuil acmhainneacht téite domhanda ar bith iontu.

2.13.

Is é an t-aon bheartas inbhuanaithe don Aontas an cur chuige “fuarú glas” lena nasctar cuisneáin nádúrtha a bhfuil acmhainneacht téite domhanda thar a bheith íseal acu (GWP < 5) le fearais atá fuinneamhéifeachtúil. Bíonn dúshláin i gceist le haon chineál cumaisc F-gháis, fiú leosan a bhfuil ísealacmhainneacht téite domhanda acu, go háirithe le haghaidh athchúrsála agus aisghabhála, agus bíonn cothabháil agus seirbhísiú i bhfad níos casta dá bharr sin. Ba cheart, dá bhrí sin, é a sheachaint.

2.14.

Ní mór na córais téimh agus fuaraithe atá ann cheana a sheirbhísiú agus a chothabháil agus úsáid á baint as HFCanna reatha. Cuireadh imní dhlisteanach ar na páirtithe leasmhara leis an sprioc a leagadh síos sa phlean gníomhaíochta REPowerEU, is é sin 30 milliún teaschaidéal a shuiteáil san Eoraip faoi 2030 (9). Dar le hionadaithe an tionscail, d’fhéadfadh na forálacha nua atá beartaithe faoin Rialachán maidir le gás ceaptha teasa fluairínithe moill a chur ar ghlacadh teaschaidéal san Eoraip a bhfuil géarghá leo.

2.15.

Dar le CESE, trí chosc luath a chur ar HFCanna maidir le trealamh nua teaschaidéil, áiritheofar nach gcuirfear suiteáil teaschaidéal i mbaol mar gheall ar easpa soláthair HFCanna chun trealamh atá ann cheana a chothabháil. Sheachnófaí leis sin cainníochtaí móra HFCanna a áireamh i stoic iarmharacha. Beidh gá le bearta bainistíochta agus díothaithe i dtaca le stoic iarmharacha HFC. Mura dtabharfar aghaidh air sin go cuí, d’fhéadfadh tionchar tubaisteach a bheith ag sceitheadh HFCanna ó threalamh deireadh ré ar an aeráid.

2.16.

Tá baol ar leith ag baint le stoc margaidh HFCanna a bhfuil ardacmhainneacht téite domhanda acu: baintear úsáid fhorleathan as cuisneáin a bhfuil ardacmhainneacht téite domhanda acu chun caoi a choinneáil ar threalamh atá ann cheana mar chúiteamh rialta ar astaíochtaí leanúnacha (ráta sceite arbh fhéidir a bheith chomh hard le 15-20 % in aghaidh na bliana), rud a d’fhéadfaí a sheachaint le dul chun cinn teicneolaíoch.

2.17.

Dá bhrí sin, áitíonn CESE go láidir go ndéanfaí uaillmhian REPowerEU a chomhcheangal le deireadh a chur de réir a chéile le F-gháis, lena ndírítear ar chuisneáin leis an acmhainneacht téite domhanda is ísle is féidir. Chun tuiscint cheart a fháil ar líon na dteaschaidéal (30 milliún a imscaradh de réir a chéile thar thréimhse seacht mbliana), d’fhéadfaí figiúirí domhanda ó mheasúnú na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh (IEA) a úsáid: úsáideadh 180 milliún teaschaidéal nach mór le haghaidh téimh in 2020, agus tháinig méadú beagnach 10 % in aghaidh na bliana ar an stoc domhanda le cúig bliana anuas. Sa chás a léirítear sa IEA dar teideal “Glanastaíochtaí Nialasacha faoi 2050”, thiocfadh méadú ar stoc na dteaschaidéal suiteáilte go 600 milliún faoi 2030. Tá sciar an Aontais den imscaradh sin i gcomhréir go hiomlán le sciar na dteaghlach sa chomhthéacs domhanda.

2.18.

Creideann CESE nach bhfuil bunús leis an imní san earnáil faoi scrogaill mhargaidh, ós rud é go bhfuil an bealach atá beartaithe maidir le teaschaidéil a shuiteáil san Eoraip ag teacht den chuid is mó leis an méadú ar acmhainneacht táirgeachta an tionscail, rud a chuirfidh leis na cuisneáin a bhfuil acmhainneacht téite domhanda thar a bheith íseal acu (go háirithe na cinn nádúrtha). Tá deis mhaith ag an Aontas cás eiseamláireach a dhéanamh de sin maidir le caighdeáin ghlasa dhomhanda a leagan síos.

2.19.

I bhfianaise na dtosca a bhfuil tuairisc orthu thuas, molann CESE an méid seo a leanas chun an togra le haghaidh athbhreithniú ar an Rialachán maidir le gás ceaptha teasa fluairínithe a neartú:

an laghdú de réir a chéile ar HFCanna a neartú chun 1,5 oC a bhaint amach, mar a fhoráiltear i gComhaontú Pháras;

cosc a chur ar úsáid HFC-404A (le GWP 4728) agus HFCanna eile a bhfuil ardacmhainneacht téite domhanda acu;

teorainneacha earnála 150 GWP a laghdú don acmhainneacht téite domhanda is ísle is féidir maidir le haon teicneolaíocht ar leith;

scéimeanna dreasachta agus soláthar poiblí a chur chun cinn le haghaidh roghanna malartacha atá saor ó F-gháis;

tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí réitigh níos glaise le hacmhainneacht téite domhanda an-íseal (agus saor ó F-ghás más féidir) a spreagadh.

Ábhair imní maidir leis an gcomhshaol

2.20.

Leis an aistriú chuig cuisneáin nádúrtha a bhfuil acmhainneacht téite domhanda sáríseal acu nó chuig HFCanna a bhfuil ísealacmhainneacht téite domhanda acu, níor cheart tiontú ar shubstaintí amhail hydrofluoroolefins mar gheall ar a dtáirgí díghrádúcháin, amhail aigéad díobhálach trifluoroacetic (TFA). Tugtar “forever chemicals” (ceimiceáin síoraí) ar TFA agus substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) eile toisc nach féidir iad a bhaint den chomhshaol (10). Bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim, ba cheart nasc soiléir a dhéanamh leis na bearta atá beartaithe ag an gCoimisiún ina “phlean gníomhaíochta maidir leis an truailliú nialasach” (11).

2.21.

Trí HFCanna a laghdú de réir a chéile, ba cheart aire chuí a thabhairt do na substaintí sin a chuirfear in ionad HFCanna. Tá CESE ag iarraidh nach nglacfar le hionadaithe nua F-gháis lena gcuirfear saincheisteanna comhshaoil eile in ionad na faidhbe a bhaineann le hardacmhainneacht téite domhanda. Ina ionad sin, tá CESE ag iarraidh go nglacfar an fhreagracht agus an t-aistriú a stiúradh i dtreo roghanna malartacha nádúrtha atá saor ó F-gháis agus atá neamhdhíobhálach don aeráid agus don chomhshaol. Ní leor tagairt a dhéanamh do phróiseas REACH na hEorpa, mar tá an próiseas sin ag titim ar gcúl agus ní chuirfidh sé cosc ar ionadaithe contúirteacha F-gháis in am.

Trádáil neamhdhleathach

2.22.

Is saincheist mhór san Aontas í trádáil neamhdhleathach HFCanna. Cé gur deacair í a chainníochtú, is léir gur suntasach an méid trádáil neamhdhleathach HFCanna a bhíonn ar siúl. Léiríonn anailísí éagsúla gurb ionann allmhairí neamhdhleathacha agus suas le haon trian de mhargadh dlíthiúil an Aontais (12).

2.23.

Bhíothas ag súil go ndíspreagfaí úsáid gás a bhfuil ardacmhainneacht téite domhanda acu le córas cuótaí, ach níor chuidigh sé le hathrú leordhóthanach a dhéanamh ar an margadh. Is léir go bhfuil méadú tagtha ar thrádáil neamhdhleathach na ngás sin chun freastal ar an éileamh leanúnach sa mhargadh. Tugann na nithe sin tuilleadh tacaíochta do chás CESE go gcuirfí cosc iomlán ar gháis a bhfuil ardacmhainneacht téite domhanda acu.

2.24.

Ar an drochuair, níor cuireadh trádáil neamhdhleathach HFCanna san áireamh sa togra mar is cuí. Tá sé á iarraidh ag CESE go mbeidh trédhearcacht agus inrianaitheacht iomlán HFC ar fud an tslabhra soláthair. Tá réitigh le marcálacha cód-QR molta, agus measann CESE gur bealach costéifeachtach é sin chun aghaidh a thabhairt ar an gceist.

2.25.

Creideann CESE gur cheart na rialuithe ar sholáthar HFCanna a uasghrádú tuilleadh i réimse na ríomhthráchtála. Tá sé á iarraidh ag CESE go gcuirfí cosc ar F-gháis a dhíol i margaí ar líne, nó go dtabharfaí isteach deimhnithe éigeantacha do ghnóthais a dhíolann F-gháis ar an mórchóir ar líne.

2.26.

Ba cheart dianrialú allmhairí agus onnmhairí uile HFC a choimeád, lena n-áirítear gáis chun críocha atá díolmhaithe ón laghdú de réir a chéile (e.g. le haghaidh bunábhair, scriosta, athonnmhairithe nó úsáidí díolmhaithe eile). Ba cheart clárúchán bailí a bheith ag gnóthais ar Thairseach F-gháis ionas nach n-úsáidfear cásanna díolmhaithe chun an trádáil neamhdhleathach a éascú. Tá rabhadh á thabhairt ag CESE go gcruthaíonn liosta na n-eisceachtaí in Airteagal 20(4) lúb ar lár sa chóras ceadúnaithe agus is cinnte go ndíreoidh trádálaithe neamhdhleathacha a n-aird air sin.

2.27.

Chun éifeachtúlacht ghníomhaíocht na n-údarás náisiúnta custaim a mhéadú, tá CESE ag iarraidh go mbunófaí treoirlínte maidir le diúscairt táirgí, coimeádán agus trealamh coigistithe a allmhairítear go neamhdhleathach isteach san Aontas, agus go ndéanfaí cistí a leithdháileadh ar na Ballstáit lena scriosadh má roghnaíonn na Ballstáit iad a scriosadh.

2.28.

Ba cheart an comhrac i gcoinne trádáil neamhdhleathach agus diúscairt neamhdhleathach F-gháis a ailíniú leis na tograí sa Treoir maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (13), arb é is aidhm di an comhshaol a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí trí oibleagáid a chur ar na Ballstáit bearta dlí choiriúil a dhéanamh, agus trí chomhar trasteorann a chothú (14).

Cuótaí agus leithdháileadh acmhainní

2.29.

Bronnadh cuótaí HFC ar na mílte iontrálaithe nua chun earraí a allmhairiú isteach i margadh an Aontais. Níl rochtain ag cuid mhór acusan ar bhonneagar san Aontas chun ceanglais an Rialacháin a chomhlíonadh maidir leis na HFCanna a allmhairíonn siad a aisghabháil, a athchúrsáil agus a athshlánú.

2.30.

Cé gur díol sásaimh do CESE na coinníollacha nua maidir le leithdháiltí cuótaí a chlárú agus a ghlacadh, feictear dó go bhfuil an fhéidearthacht ann an táille leithdháilte a mhéadú d’fhonn fíorphraghsanna carbóin a léiriú ar bhealach níos fearr.

2.31.

Is léir go bhfuil an muirear cuóta EUR 3 in aghaidh an tona de choibhéis CO2 ró-íseal chun ioncam leordhóthanach a ghiniúint agus chun úsáid HFCanna a dhíspreagadh chun cuisneáin nádúrtha a ghlacadh ar ráta níos tapúla.

2.32.

Tá CESE ag iarraidh freisin go ndéanfar athmheasúnú ar úsáid na n-acmhainní airgeadais arna mbailiú ó dhíolacháin cuótaí.

2.33.

Tá CESE muiníneach gur cheart na hioncaim sin a chur i leataobh lena n-úsáid go díreach chun na gcríoch seo a leanas:

borradh a chur faoin taighde ar roghanna malartacha a bhfuil ísealacmhainneacht téite domhanda acu, go háirithe cuisneáin nádúrtha;

tacú le húdaráis na mBallstát i bhfaireachas margaidh;

scileanna a chothú agus feasacht a ardú, lena n-áirítear feachtais ardaithe feasachta do thomhaltóirí deiridh;

tacú le hoiliúint éigeandála agus le hoiliúint mheántéarmach d’oibrithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.

Oiliúint

2.34.

Tá sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar riachtanais oiliúna maidir le roghanna eile HFC. Tá teicneoirí oilte, chomh maith le scéimeanna cáilíochta, deimhniúcháin agus clárúcháin riachtanach chun cuisneáin nádúrtha a bhfuil ísealacmhainneacht téite domhanda acu a chur chun cinn. Ní mór deimhniú a dhéanamh freisin i gcás roghanna malartacha ar F-gháis, agus ní hamháin do na gáis ceaptha teasa fhluairínithe amháin. Tá CESE ag iarraidh go mbeidh inniúlacht éigeantach maidir le cuisneáin nádúrtha i gcláir deimhniúcháin.

2.35.

Is ábhar coimhdeachta í an oiliúint agus an deimhniú agus ní mór dóibh a bheith in oiriúint do na scéimeanna náisiúnta atá ann cheana. Sa togra, tugtar bliain amháin do na Ballstáit a gcláir a thabhairt cothrom le dáta chun na roghanna malartacha a chur san áireamh. Tá roinnt gníomhaithe margaidh den tuairim gur tréimhse sách gearr í sin. Cé go mbaineann tábhacht leis an uainiú, is tábhachtach an ní é freisin spriocanna soiléire a bheith ann. Molann CESE oibleagáidí an phlean náisiúnta a leagan síos le KPInna soiléire, e.g. go mbeidh oiliúint faighte ag 50 % de shuiteálaithe faoi 2025.

An ghné dhomhanda

2.36.

Ba cheart a chur san áireamh san ailíniú le Prótacal Montréal go mbeidh gá le leasú Kigali a neartú go measartha luath amach anseo d’fhonn spriocanna glan-nialasacha domhanda a bhaint amach.

2.37.

Sa chomhthéacs sin, tá an tAontas ag tabhairt spreagadh tábhachtach idirnáisiúnta faoi Phrótacal Montréal. Tá súil ghéar á coinneáil ag na gníomhaithe domhanda ar fad ar an togra i dtaca leis an Rialachán nua Eorpach maidir le gás ceaptha teasa fluairínithe. Ba chéim chun cinn é leasú Kigali a ghlacadh, ach ní mór bearta níos tapúla agus níos uaillmhianaí a ghlacadh maidir leis an laghdú de réir a chéile ar HFCanna. D’fhéadfadh an tAontas Eorpach leas a bhaint as a thionchar domhanda trí “éifeacht na Bruiséile”, mar a thugtar air, a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla.

2.38.

Dá bhrí sin, feictear do CESE go bhfuil géarghá le dul i mbun plé faoi Phrótacal Montréal chun dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le leasú Kigali, lena leagtar síos tograí uaillmhianacha maidir le hathbhreithniú ar an Rialachán F-gháis ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le cás 1,5 oC mar a shamhlaítear é faoi Chomhaontú Pháras.

Trédhearcacht agus cuimsiú

2.39.

In ainneoin go bhfuil na díospóireachtaí a bhaineann le gáis ceaptha teasa fhluairínithe ríthábhachtach do neart príomhshlabhraí luacha, tá an plé maidir le beartas teoranta i gcónaí do shaineolaithe amháin. Ba cheart iarracht a dhéanamh an plé sin a leathnú chuig na geallsealbhóirí ar fad, le hionadaíocht leathan ón tsochaí shibhialta. Leis an Rialachán nua maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, ba cheart sainordú a thabhairt d’fhóram comhairliúcháin a eagrófar dhá uair sa bhliain ar a laghad agus a thionólfar ar leibhéal an Aontais i ngach Ballstát.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).

(2)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:52022PC0150&from=EN

(3)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/HTML/?uri=CELEX:52022DC0108&from=EN

(4)  https://acp.copernicus.org/articles/13/6083/2013/acp-13-6083-2013.pdf

(5)  Ciallaíonn “ppt” sa chomhthéacs sin “codanna-sa-trilliún”. Sonraí ó Advanced Global Atmospheric Gases Experiment.

(6)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 (COM(2022) 151 final – 2022/100 (COD)) (féach leathanach 50 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (an Rialachán maidir le hídiú an chisil ózóin) (IO L 286, 31.10.2009, lch. 1).

(8)  Ar fáil ach cliceáil anseo: https://ec.europa.eu/clima/system/files/2022-04/f-gas_evaluation_report_en.pdf

(9)  https://www.coolingpost.com/world-news/f-gas-quota-cuts-will-hit-heat-pump-ambitions/

(10)  Féach https://www.umweltbundesamt.de/publikationen/persistent-degradation-products-of-halogenated

(11)  COM(2021) 400 final, “Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: “Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil” [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách – Plean Gníomhaíochta an Aontais um Uisce, Aer agus Ithir saor ó Thruailliú] (Níl leagan Gaeilge ann).

(12)  Féach an tuarascáil EIA (2022) dar teideal “Europe’s most chilling crime – the illegal trade in HFC refrigerant gases”. Ar fáil ag https://eia-international.org/report/europes-most-chilling-crime/. Tá meastachán thionscal an F-gháis ar fáil ag https://www.fluorocarbons.org/wp-content/uploads/2020/09/EFCTC_Press-Release_EN-2.pdf

(13)  https://ec.europa.eu/info/files/proposal-directive-european-parliament-and-council-protection-environment-through-criminal-law-and-replacing-directive-2008-99-ec_en

(14)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Treoir 2008/99/CE (COM(2021) 851 final — 2021/0422 (COD)) (IO C 290, 29.7.2022, lch. 143).


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/50


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009

(COM(2022) 151 final — 2022/0100 (COD))

(2022/C 365/09)

Rapóirtéir:

Jacob PLAT

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 2.5.2022

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 10.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

31.5.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

123/0/2

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Is díol sásaimh do CESE an togra le haghaidh athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 (1), lenar áirithíodh go ndéanfaí laghdú suntasach ar shubstaintí ídithe ózóin (ODSanna). Mar sin féin, is féidir tuilleadh laghduithe a dhéanamh. Úsáidtear an líon beag ODSanna atá ceadaithe fós i dtáirgeadh ceimiceán eile, mar oibreáin cosanta dóiteáin i bhfeidhmchláir speisialta, mar shampla ar bord eitleáin, agus i saotharlanna le haghaidh anailíse. Mar sin féin, tá úsáid ODSanna mar oibreáin séidte i gcúir inslithe, úsáid atá imithe i léig anois, fós ábhartha sa lá atá inniu ann, ós rud é go bhfuil roinnt mhaith de na cúir sin fós i bhfeidhm i bhfoirgnimh. De réir mar a thagann deireadh lena saolré sna blianta amach romhainn, cuirfear deireadh leo agus d’fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le hastaíochtaí. Ní mór an próiseas sin a oiriúnú chun go mbeidh sé ag teacht níos mó leis an gComhaontú Glas don Eoraip (2) agus chun feabhas a chur ar a struchtúr.

1.2.

Formheasann CESE comhsheasmhacht an Rialacháin sin leis an Rialachán maidir le gás-F (Rialachán (AE) Uimh. 517/2014) (3). Tá sé tábhachtach go mbeadh príomhrialacha na rialachán sin i gcomhréir lena chéile (e.g. maidir le rialuithe custaim, rialacha maidir le sceitheadh agus sainmhínithe).

1.3.

Tugann CESE dá aire, bunaithe ar na tuarascálacha éagsúla atá ar fáil agus ar an meastóireacht a rinneadh, go bhfuil a chuspóirí réamhshainithe á gcomhlíonadh ag an rialachán atá ann faoi láthair, (Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009). Measann sé freisin, áfach, gur gá leibhéal na huaillmhéine a ardú d’fhonn cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, agus, ag an am céanna, an chosaint is mó is féidir a chur ar fáil do shaoránaigh in aghaidh substaintí tocsaineacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailse. Dá bhrí sin, aontaíonn CESE leis na bearta atá sa togra chun astaíochtaí ODSanna a laghdú tuilleadh.

1.4.

Is gnéithe fíorthábhachtacha iad dea-fhaireachán agus clárú chun toradh maith a bhaint amach. Tá CESE i bhfabhar córas faireacháin atá chomh trédhearcach agus is féidir agus a d’fhéadfadh freastal ar an ngá le méadú más gá, mar shampla, i gcás ODSanna nua nach gcumhdaítear leis an rialachán atá ann faoi láthair. Ba cheart é a bheith mar chuspóir córas uilíoch a bheadh infheidhme sna Ballstáit uile a bhaint amach. Mar sin féin, ba cheart é a bheith éasca é a chur chun feidhme mar chóras clárúcháin agus faireacháin i dtíortha lasmuigh den Aontas mar gheall ar an ról ceannródaíoch atá ag an Aontas faoi láthair.

1.5.

Iarrann CESE freisin go ndéanfaí líon na n-eisceachtaí ó na toirmisc a choinneáil chomh híseal agus is féidir, agus nach mbeadh maoluithe ó liosta na substaintí toirmiscthe indéanta ach amháin i gcásanna eisceachtúla agus riachtanacha. Ba cheart dianrialú a dhéanamh ar na húsáidí díolmhaithe chun mí-úsáid a sheachaint agus, ar an gcaoi sin, go rachadh an cás in olcas.

1.6.

Tarraingíonn CESE aird ar an bhfadhb chontúirteach gan réiteach a bhaineann le carnadh méideanna móra ODSanna i seantrealamh agus i seanchúir inslithe, agus ag an am céanna, nach rialaítear le haon choinbhinsiún idirnáisiúnta bainistiú ná scriosadh acmhainní ODSanna. Iarrann an Coiste go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach chun reachtaíocht éifeachtach a thabhairt isteach sna Ballstáit chun sceitheadh ODSanna a chosc ionas nach gcuirfear timpeallacht an atmaisféir ná dálaí maireachtála an daonra i mbaol.

1.7.

Go hidéalach, ba cheart bainistiú ODSanna a bheith mar chuid de chóras bainistithe dramhaíola (maidir le rialú, bailiú, aisghabháil agus cóireáil) lena mbeadh beartais uileghabhálacha ag gabháil leis, chomh maith le reachtaíocht agus rialacháin le haghaidh sruthanna sonracha dramhaíola atá i bhfeidhm cheana féin. Is dúshlán ollmhór é ODSanna i gcúir agus bainc ODS eile a bhainistiú, go háirithe do thíortha i mbéal forbartha. Ní mór don Aontas réitigh indéanta agus creat dlíthiúil leordhóthanach a chur ar fáil.

1.8.

I bhfianaise ardleibhéal táirgthe agus úsáide ODSanna chun críocha bunábhair agus na n-astaíochtaí gaolmhara (rud a d’fhéadfaí a mheas faoina luach), tá imní ar CESE gur tugadh neamhaird iomlán ar theorainneacha cainníochtúla ODSanna a úsáidtear mar bhunábhar. Is iomaí tairbhe don chomhshaol a bhaineann le díolúintí bunábhair a laghdú faoin rialachán nua. Ba cheart díriú ar roghanna eile atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

1.9.

Ba cheart bearta chun cosc a chur ar astaíochtaí hidreafluaracarbóin (HFC) seachtháirge a bhaineann le táirgeadh ODSanna a neartú, trí cheanglais bhreise tuairiscithe.

1.10.

Ba cheart bearta a chur i bhfeidhm chun astaíochtaí ODSanna nua a laghdú, lena n-áirítear laghdú ar sceitheadh agus ceanglais chun aisghabháil, athchúrsáil agus athshlánú a dhéanamh.

2.   Cúlra

2.1.

Is é Prótacal Montréal (4) maidir le Substaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin an comhaontú comhshaoil iltaobhach cinniúnach lena rialaítear an táirgeadh agus an tomhaltas de thart ar 100 ceimiceán sintéiseach, dá ngairtear ODSanna. Nuair a scaoiltear san atmaisféar iad, déanann na ceimiceáin sin dochar don chiseal strataisféarach ózóin, a chosnaíonn an domhan, daoine agus an comhshaol ar leibhéil dhíobhálacha radaíochta ón ngrian. Glacadh an Prótacal sin an 15 Meán Fómhair 1987 agus is é an t-aon chonradh de chuid na Náisiún Aontaithe a dhaingnigh gach tír ar domhan – na 198 mBallstát uile de chuid na Náisiún Aontaithe.

2.2.

Is é Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (an Rialachán maidir le substaintí ídithe ózóin) an phríomhionstraim lena ndírítear ar shubstaintí ídithe ózóin san Aontas. Is é an cuspóir ginearálta atá leis astaíochtaí ODSanna a chosc agus comhlíonadh an Phrótacail a chosaint. Cuireadh an Rialachán maidir le substaintí ídithe ózóin isteach le haghaidh mheastóireacht “REFIT”, agus thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht sin, cé go bhfuil an Rialachán oiriúnach dá fheidhm go príomha, go bhféadfaí é a ailíniú níos fearr leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus go bhféadfaí dearadh an Rialacháin a fheabhsú beagán. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’aidhm ag an togra ionad an Rialacháin maidir le substaintí ídithe ózóin a ghlacadh, agus, san am céanna, leibhéal rialaithe dian á choinneáil ar bun, go háirithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.

na bearta a ailíniú leis an gComhaontú Glas don Eoraip trí shainordú a thabhairt maidir le laghduithe breise ar astaíochtaí atá indéanta ag costais chomhréireacha;

2.

faireachán níos cuimsithí ar shubstaintí ídithe ózóin a áirithiú, lena n-áirítear ar shubstaintí nach bhfuil rialaithe (fós);

3.

éifeachtúlacht na rialacha atá ann cheana a shimpliú agus a fheabhsú chun na costais riaracháin a laghdú;

4.

soiléireacht agus comhleanúnachas le rialacha eile a fheabhsú.

2.3.

Tá acmhainn téimh dhomhanda (GWP) (5) ag ODSanna i bhfad níos mó ná dé-ocsaíd charbóin. Mar sin, chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun sláinte agus folláine shaoránaigh an Aontais a chosaint, is gá a gcuid astaíochtaí a laghdú.

2.4.

Le Prótacal Montréal, tá deireadh á chur de réir a chéile le táirgeadh agus úsáid ODSanna chun críocha astaíochta. Bhí rialacha an Aontais maidir le ODSanna níos uaillmhianaí i gcónaí ná mar a bhí Prótacal Montréal agus cuireadh deireadh iomlán leo le ODSanna chun críocha astaíochta.

2.5.

Toisc go bhfuil toirmeasc ar an gcuid is mó de tháirgeadh, úsáid agus trádáil ODSanna cheana féin, is é an príomhchuspóir astaíochtaí ODSanna a chosc ó fheidhmchláir dhlíthiúla a bhíodh i dtáirgí agus i dtrealamh agus ó phróisis eile, e.g. bunábhair atá díolmhaithe ó chéimniú amach Phrótacal Montréal.

2.6.

Tá dlúthbhaint ag an togra le haghaidh Rialacháin maidir le substaintí ídithe ózóin leis an togra maidir le gáis-F (NAT/847 (6)). Is gáis ceaptha teasa iad an dá ghás sin agus cuireann siad leis an téamh domhanda. Ní mór don dá rialachán a áirithiú go comhpháirteach go gcomhlíonann an tAontas a oibleagáidí maidir le ODSanna agus HFCanna faoin bPrótacal.

2.7.

Is é is aidhm don togra coibhéis 180 milliún tona CO2 agus 32 000 tonna a bhfuil acmhainn mhór ídithe ózóin ag baint leo a chosc faoi 2050 trí bhearta chun ODSanna a aisghabháil agus a scriosadh ó dhá chineál cúr inslithe.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Tacaíonn CESE go láidir leis an togra ón gCoimisiún chun an rialachán maidir le ODSanna a athrú agus é mar aidhm leis astaíochtaí a laghdú tuilleadh agus dreasachtaí a chur ar fáil chun úsáid a bhaint as roghanna eile atá neamhdhíobhálach don aeráid.

3.2.

Aithníonn CESE go bhféadfaí roinnt beart sa rialachán atá ann faoi láthair, lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chosc, a dhéanamh níos éifeachtúla agus, dá bhrí sin, is díol sásaimh dó an nasc idir córas ceadúnúcháin ODSanna agus Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (7). Molann CESE go mbeadh feidhm ag na bearta sin maidir le nósanna imeachta custaim speisialta, lena n-áirítear idirthuras agus stóráil shealadach ODSanna.

3.3.

Aithníonn CESE a thábhachtaí atá sé faireachán cuí a dhéanamh d’fhonn a bheith in ann gníomhaíocht choisctheach a dhéanamh agus dul chun cinn a dhéanamh. Is féidir cleachtais trádála neamhdhleathacha a shainaithint agus, ar an gcaoi sin, is féidir aghaidh a thabhairt orthu trí fhaireachán agus tuairisciú éifeachtach. I bhfianaise na dtionchar tromchúiseach ar an gcomhshaol a bhíonn ag trádáil neamhdhleathach ODSanna, is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach íoschaighdeáin maidir le pionóis uasta a bhaineann le táirgeadh agus allmhairiú neamhdhleathach ODSanna agus iad a chur ar an margadh go neamhdhleathach, ach áitíonn sé freisin go dtabharfaí isteach pionóis íosta. Tagann an rialachán nua go maith leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoir 2008/99/CE (ECD) (8).

3.4.

Tacaíonn CESE go láidir le bearta lena n-áirithítear aisghabháil ODSanna i gcúir chun iad a scriosadh, agus aithníonn sé an acmhainneacht shuntasach chun an t-athrú aeráide a mhaolú a bhaineann leis an mbeart sin, agus an deis chun poist a chruthú agus taighde agus forbairt a chothú sa tionscal athchúrsála.

3.5.

Is díol sásaimh do CESE go ndearnadh breithniú cúramach ar an gcomhleanúnachas le forálacha beartais atá ann cheana sa réimse beartais sin. Tá an méid sin ríthábhachtach chun cuspóirí an phacáiste “Oiriúnach do 55” (2030) agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (2050) a bhaint amach.

3.6.

Ós rud é go bhfuil an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le ODSanna a laghdú, molann CESE gur cheart dó dea-shampla a thabhairt maidir le geilleagair eile a bheith ag oibriú leis na rialacha céanna, mar shampla trí shrian a chur le ODSanna a úsáidtear mar bhunábhar agus mar oibreán próisis i gcás ina bhfuil roghanna eile ann. In 2020, táirgeadh 164 704 thona de ODSanna rialaithe, a úsáideadh den chuid is mó mar bhunábhar laistigh den Aontas. Tá imní curtha in iúl ag eolaithe go ndéantar na hastaíochtaí tuairiscithe ó phróisis bhunábhar a ghannmheas agus go bhféadfadh siad a bheith freagrach as leibhéil ardaithe de theitreaclóiríd carbóin (CTC) agus CFC-113 san atmaisféir ar fud an domhain (9).

3.7.

Glacann CESE leis nach mbeidh ualach iomarcach riaracháin ná airgeadais ann mar thoradh ar an athbhreithniú. Táthar ag súil go mbeidh tairbhí simplithe ann don lucht gnó mar gheall ar an togra sin. Is maith an rud é freisin nach féidir imeacht ón athbhreithniú ach amháin i gcásanna fíoreisceachtúla.

3.8.

Dar le CESE, is feabhas maith é ODSanna nua nach gcumhdaítear leis an bPrótacal go fóill a chur san áireamh. In 2020, bhí táirgeadh substaintí nua (i dtonaí) thart ar sé huaire níos airde ná táirgeadh substaintí rialaithe. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa réimse seo, lena n-áirítear na cainníochtaí a úsáidtear agus a tháirgtear agus astaíochtaí na ngás nua a íoslaghdú d’fhonn a n-éifeacht ar an gciseal ózóin agus ar an athrú aeráide a íoslaghdú.

3.9.

Is díol sásaimh do CESE an measúnú tionchair nuashonraithe, go háirithe i ndáil leis an bpríomhbheart maidir le laghdú ar astaíochtaí i ndáil le haisghabháil agus scriosadh cúr inslithe. Tá an socrú meastóireachta sa togra riachtanach chun go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar na torthaí idir an dá linn. Tá ról tábhachtach ag saineolaithe i ndáil le cúr inslithe agus forbairtí. Ní mór an t-ualach riaracháin a chur san áireamh freisin.

3.10.

Is díol sásaimh do CESE na bearta chun ról na n-údarás custaim agus na n-údarás um fhaireachas margaidh a shoiléiriú d’fhonn trádáil ODSanna a rialú. Tá sé sin riachtanach toisc go bhfuil trádáil neamhdhleathach ag tarlú fós (10).

3.11.

Mar thoradh ar úsáid iomarcach ODSanna mar chuisneáin agus mar oibreáin séidte cúr san am atá caite, tá carnadh méideanna móra ODSanna, e.g. i seanchuisneoirí, cúr inslithe nó sorcóirí. Is féidir le dramhaíl leictreonach ina bhfuil ODSanna substaintí eile tocsaineacha a scaoileadh freisin, ar substaintí iad is cúis le hailse, amhail: luaidhe, caidmiam, défheinil pholaclóirínithe (PCB), lasairmhoillitheacha agus go leor eile. Toisc nach rialaítear bainistiú agus scriosadh na mbanc ODS atá ann cheana le Prótacal Montréal ná le haon choinbhinsiún idirnáisiúnta comhshaoil eile, is ar gach tír atá an fhreagracht scéim rathúil bainistíochta bainc ODS a bhunú chun an fhoinse thábhachtach astaíochtaí sin a láimhseáil. Ar na cúiseanna sin, measann CESE go bhfuil sé tábhachtach an cuspóir a dhaingniú maidir leis an timpeallacht atmaisféarach a chosaint trí sceitheadh agus scaoileadh a chosc trí bhainc ODS a bhainistiú go héifeachtach.

4.   Barúlacha sonracha

4.1.

Tá toirmeasc cheana féin ar ODSanna a tháirgeadh, a úsáid agus a thrádáil chun críocha astaíochta. Dá bhrí sin, tacaíonn CESE le haidhm an togra nua cosc a chur go háirithe ar astaíochtaí ODSanna ó tháirgí agus trealamh inar ceadaíodh úsáid na substaintí sin roimhe seo. Cuid shuntasach de seo is ea an oibleagáid chun ODSanna a aisghabháil nó a scriosadh i gcineálacha áirithe cúr inslithe nuair a dhéantar athchóiriú nó scartáil ar fhoirgnimh. Tugann CESE dá aire, áfach, gur féidir níos mó a dhéanamh chun tacú leis an Aontas roghanna malartacha ar bhunábhair agus ar oibreáin phróisis ODSanna atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a ghlacadh.

4.2.

Cabhróidh an t-athbhreithniú ar an rialachán chun cuspóir Chomhaontú Pháras (11) maidir leis an méadú ar an teocht a choinneáil faoi 1,5 oC a bhaint amach.

4.3.

Is díol sásaimh do CESE an ceanglas maidir le híosleibhéal oiliúna do bhaill foirne atá ag obair le ODSanna. Mar sin féin, tá súil ag CESE go mbeidh na híoscheanglais sin mar an gcéanna do na Ballstáit go léir.

4.4.

Tugann CESE dá aire go leantar de mhéideanna suntasacha ODSanna a úsáid mar bhunábhar i dtáirgeadh ceimiceán, in ainneoin roghanna malartacha a bheith ar fáil i bpróisis amhábhar áirithe. Is cúis imní ar leith é úsáid leanúnach HCFC-22, mar gheall ar na hastaíochtaí arda a scaoiltear lena fhotháirge gaolmhar, HFC-23, ag a bhfuil acmhainn téimh dhomhanda 14 600. (12) Tugann CESE dá aire go mbeadh tairbhí iomadúla ag baint le díolúintí ar bhunábhar a chúngú faoi Phrótacal Montréal, (13) agus ba cheart don Aontas dea-shampla a thabhairt trí chosc a chur ar úsáid leanúnach ODSanna mar bhunábhar agus mar oibreáin phróisis i gcás ina bhfuil roghanna eile ann atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. D’fhéadfadh 38 % den mhéid iomlán ODSanna a úsáidtear mar bhunábhar san Aontas a bheith i gceist leis sin.

4.5.

I bhfianaise na himní maidir le bunábhair ODS agus na n-astaíochtaí gaolmhara, molann CESE go ndéanfaí acmhainn an Choimisiúin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun cainníochtaí uasta agus leibhéil astaíochtaí a bhunú, mar aon le liosta de ghnóthais cheadaithe maidir le hoibreáin phróisis (mar a leagtar síos in Airteagal 7(3)) a leathnú chun bunábhair a chuimsiú, trí fhoráil choibhéiseach a áireamh in Airteagal 6.

4.6.

I bhfianaise na n-astaíochtaí HFC-23 a d’fhéadfadh a bheith ann i ngeall ar úsáid HCFC-22, is díol sásaimh do CESE an dearbhú comhréireachta mar chéad chéim chun dul i ngleic leis an méid sin, agus iarrann sé bearta breise lena n-áirítear tuairisciú, fíorú agus nochtadh riachtanach na saoráide táirgthe tionscnaimh, cruthúnas ar mhaolú agus inrianaitheacht na bhfotháirgí HFC-23.

4.7.

Aithníonn sé an imní atá ann maidir le tionchar na n-astaíochtaí substaintí nua, a áirítear in Iarscríbhinn II (e.g. an méadú tapa ar thiúchan déchlóraimeatáin san atmaisféar a d’fhéadfadh moill de níos mó ná deich mbliana a chur ar théarnamh an phoill ózóin (14)). Molann CESE go gcuirfí bearta chun aisghabháil, athchúrsáil agus athshlánú a éileamh (Airteagal 20) agus na ceanglais maidir le sceitheadh (Airteagal 21) i bhfeidhm ar gháis Iarscríbhinn II freisin. Ina theannta sin, beidh clárúchán bailí ag na gnóthais sin sa chóras ceadúnúcháin sula ndéanfar gáis Iarscríbhinn II a allmhairiú nó a onnmhairiú.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  IO L 286, 31.10.2009, lch. 1.

(2)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:52019DC0640&from=EN

(3)  IO L 150, 20.5.2014, lch. 195.

(4)  https://treaties.un.org/doc/publication/unts/volume%201522/volume-1522-i-26369-english.pdf

(5)  Forbraíodh an Acmhainn Téimh Dhomhanda (GWP) chun comparáid a dhéanamh ar thionchair téimh dhomhanda gás éagsúil. Go sonrach, is tomhas é ar an méid fuinnimh a dhéanfaidh astaíochtaí aon tona amháin gáis a ionsú thar thréimhse áirithe ama, i gcoibhneas le hastaíochtaí aon tona amháin dé-ocsaíde carbóin (CO2).

(6)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 (COM(2022) 150 final – 2022/0099 (COD)) (féach leathanach 44 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam féach https://ec.europa.eu/taxation_customs/eu-single-window-environment-customs_en

(8)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Treoir 2008/99/CE (COM(2021) 851 final —2021/0422 (COD) (IO C 290, 29.7.2022, lch. 143).

(9)  Solomon et al. 2020. Unfinished business after five decades of ozone-layer science and policy. Nature Communications 11:4272.

(10)  https://www.europol.europa.eu/media-press/newsroom/news/how-company-earned-to-%E2%82%AC1-million-illegally-trading-ten-tons-of-ozone-depleting-substances

(11)  https://unfccc.int/sites/default/files/english_paris_agreement.pdf

(12)  Gintear an comhdhúil HFC-23 (trífhluaraimeatán nó CHF3), ar gás ceaptha teasa láidir é ag a bhfuil acmhainn téimh dhomhanda 100 bliain de 14 600, mar sheachtháirge le linn mhonarú HCFC-22 (clóraidhfhluaraimeatán nó CHClF2).

(13)  Andersen et al. 2021. Is iomaí tairbhe don chomhshaol a bhaineann le díolúintí bunábhair a laghdú faoi Phrótacal Montréal. PNAS 2021 Vol 118 No 49. https://doi.org/10.1073/pnas.2022668118

(14)  Hossaini, R., Chipperfield, M., Montzka, S. et al. The increasing threat to stratospheric ozone from dichloromethane. Nat Commun 8, 15962 (2017). https://doi.org/10.1038/ncomms15962


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/55


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2107 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT) agus Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean ilbhliantúil bainistíochta don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

(COM(2022) 171 final — 2022/0111(COD))

(2022/C 365/10)

Rapóirtéir aonair:

Javier GARAT PÉREZ

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 2.5.2022

An Chomhairle, 23.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

31.5.2022

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

63/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

211/1/4

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Measann CESE gur iomchuí agus gur gá na moltaí a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) a thrasuí i ndlí an Aontais, ós rud é gur páirtí conarthach é an tAontas Eorpach sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh, agus chun na bearta caomhnaithe agus rialaithe a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2006, 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2021 a chomhlíonadh.

1.2.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhlíonfadh na páirtithe conarthacha uile na moltaí a ghlac ICCAT d’fhonn dálaí cothroma a áirithiú do na hoibreoirí go léir.

2.   Éirim an togra ón gCoimisiún

2.1.

Is é príomhchuspóir an togra na bearta nua caomhnaithe agus rialaithe a ghlac an Coimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (dá ngairtear ICCAT anseo feasta) ag a chruinnithe bliantúla in 2006, 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2021, a thrasuí i ndlí an Aontais, mar pháirtí conarthach sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (dá ngairtear Coinbhinsiún ICCAT anseo feasta) ón 14 Samhain 1997.

2.2.

Le Coinbhinsiún ICCAT bunaítear creat réigiúnach maidir le caomhnú agus bainistiú tuinníní agus speiceas atá cosúil le tuinnín san Aigéan Atlantach agus sna farraigí máguaird agus ceadaítear moltaí a ghlacadh atá ceangailteach ar na páirtithe conarthacha.

2.3.

Leasaítear leis an togra Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), lenar ionchorpraíodh bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe ICCAT cheana féin, maidir le bearta a bhaineann leis na speicis seo a leanas: tuinníní trópaiceacha, tuinnín colgach an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas, colgán na ndealg, an mairlín gorm agus geal.

2.4.

Déantar athbhreithniú freisin ar an tuairisciú ar shonraí mairlíní, an mácó biorshrónach, chomh maith le sláinte agus sábháilteacht na mbreathnóirí i gcláir breathnóirí réigiúnacha ICCAT, freagrachtaí na mbreathnóirí eolaíocha, agus nuashonrú ar liosta speicis ICCAT.

2.5.

Thairis sin, leasaítear leis an togra Rialachán (AE) …/2022 lena mbunaítear plean bainistíochta ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir maidir le dearbhú an Bhallstáit feirme i dtaca le tabhairt anonn bhliantúil agus oibleagáidí áirithe maidir le cur i gcaighean.

2.6.

D’fhonn moltaí ICCAT amach anseo a thrasuí gan mhoill i ndlí an Aontais, déantar foráil maidir le cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun cinntí a ghlacadh maidir leis na saincheisteanna seo a leanas: acmhainn teoranta an phlean bhliantúil/an phlean iascaireachta maidir le tuinníní trópaiceacha agus an plean sin a chur in iúl, cuóta bliantúil le haghaidh tuinníní mórshúileacha, tuinníní colgacha an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas agus colgáin an Atlantaigh Thuaidh agus an Atlantaigh Theas a thabhairt anonn, pleananna bainistíochta i ndáil le feistí um chomhbhailiú éisc (FAD), an líon baoithe gléasta, ceanglais agus toirmeasc ar thréimhsí FAD, srianta ar an líon soithí a dhéanann iascaireacht ar thuinníní colgacha an Atlantaigh Thuaidh, coinníollacha chun gabháil a údarú agus chun mácónna biorshrónacha a choinneáil, ceanglais chun go dtiocfaidh a oiread turtar mara agus is féidir slán, céatadán íosta an chumhdaigh breathnóra agus tomhas chéatadán an chumhdaigh, agus liosta speicis ICCAT.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

Measann CESE gur iomchuí agus gur gá moltaí ICCAT a glacadh ag a chruinnithe bliantúla in 2006, 2016, 2017, 2018, 2019 agus 2021, a ionchorprú i ndlí an Aontais, mar pháirtí conarthach i gCoinbhinsiún ICCAT agus, dá bhrí sin, mar fhreagairt ar raon feidhme a inniúlachta agus ar chineál ceangailteach na moltaí sin.

3.2.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach go gcomhlíonfadh na páirtithe conarthacha uile na moltaí a ghlac ICCAT d’fhonn dálaí cothroma a áirithiú do na hoibreoirí go léir.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/57


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a mhéid a bhaineann le beart sonrach chun tacaíocht eisceachtúil shealadach a chur ar fáil faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) mar fhreagairt ar thionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin

(COM(2022) 242 final — 2022/0166 (COD))

(2022/C 365/11)

Rapóirtéir ginearálta:

Arnold PUECH D’ALISSAC

Comhairliúchán

An Chomhairle, 25.5.2022

Parlaimint na hEorpa, 6.6.2022

Bunús dlí

Airteagail 42, 43(3) agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

16.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

188/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Imríonn ionradh na Rúise ar an Úcráin tionchar diúltach an-mhór ar earnáil talmhaíochta agus agraibhia an Aontais Eorpaigh. Ar an ábhar sin, is díol sásaimh do CESE an beart nua tacaíochta breise atá molta ag an gCoimisiún Eorpach. Creideann an Coiste go bhfuil géarghá leis an mbeart, agus iarrann sé ar na hinstitiúidí Eorpacha é a ghlacadh le teann práinne.

1.2.

Léiríonn an cogadh san Úcráin gur earnáil den chineál geostraitéiseach atá in earnáil an agraibhia, agus léiríonn sé freisin an gá leis an neamhthuilleamaíocht i gcúrsaí bia a áirithiú san Aontas Eorpach. Ar an ábhar sin, is rud riachtanach atá sna bearta chun tacú le sreabhadh airgid na ngabháltas talmhaíochta, sin agus leis na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) in earnáil an agraibhia, le háirithiú go dtiocfaidh siad slán ó thaobh airgid de le linn na hatréimhse géarchéime seo atá tagtha sna sála ar phaindéim COVID-19.

1.3.

Mar sin féin, tá buiséad an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ag dul i ngleic cheana leis na riachtanais chistiúcháin atá ann agus le gealltanais mheántéarmacha agus fhadtéarmacha. Níor cheart é a úsáid chun bearta éigeandála a mhaoiniú. Thairis sin, ós rud é go bhfuil a gcuid cistí CETFT ídithe cheana féin ag roinnt de na Ballstáit, sin nó iad geallta acu, creideann CESE gur cheart don Choimisiún foinse eile maoinithe a shainiú, lasmuigh de bhuiséad CBT, chun cur chun feidhme an bhirt sin a cheadú gan cistí CETFT a theorannú sna blianta atá le teacht.

1.4.

Ina theannta sin, i bhfianaise imthosca eisceachtúla an cháis agus an ghá le freagairt mhear, creideann an Coiste gur cheart don Choimisiún an spriocdháta le haghaidh íocaíocht na tacaíochta a ghiorrú agus na critéir incháilitheachta do thairbhithe a shimpliú.

2.   Éirim an togra ón gCoimisiún

2.1.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Rialachán Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) a leasú trí Airteagal 39c nua dar teideal: “Tacaíocht eisceachtúil shealadach d’fheirmeoirí agus do FBManna atá buailte go trom ag tionchar ionradh na Rúise ar an Úcráin” a chur leis.

2.2.

Leis an mbeart atá beartaithe, faoin 15 Deireadh Fómhair 2023 bheadh na Ballstáit in ann cnapshuim aonuaire a íoc le feirmeoirí agus gnólachtaí agraibhia a bhfuil deacrachtaí leachtachta agus sreafa airgid ag bagairt orthu mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin agus mar gheall ar an méadú ar na costais ionchuir (fuinneamh, leasacháin agus beatha).

2.3.

Foráiltear leis an togra ón gCoimisiún go gcuirfear an tacaíocht airgeadais eisceachtúil sin in áirithe d’fheirmeoirí agus do FBManna atá páirteach i gceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

an geilleagar ciorclach;

bainistíocht cothaitheach;

úsáid éifeachtúil acmhainní;

modhanna táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid.

2.4.

Is é uasmhéid na tacaíochta atá beartaithe EUR 15 000 in aghaidh an fheirmeora agus EUR 100 000 in aghaidh an FBM.

2.5.

D’fhéadfadh na Ballstáit leas a bhaint as na cistí atá ar fáil, cistí arb ionann luach dóibh agus suas le 5 % dá mbuiséad CETFT do na blianta 2021-2022, is é sin buiséad féideartha luach EUR 1,4 billiún san Aontas.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1.

De dheasca an chogaidh san Úcráin, tá cás na margaí tráchtearraí talmhaíochta imithe in olcas go mór, agus ba chrua an cás cheana féin roimh ionradh na Rúise. Dá bhrí sin, mhéadaigh praghsanna na bpríomhionchur talmhaíochta faoi dhó nó go deimhin faoi thrí le hais na leibhéal a bhí ann bliain nó dhó ó shin. Sin rud a tharla sa bhreis ar éifeachtaí phaindéim COVID-19.

3.2.

I dTeachtaireacht an 23 Márta 2022, chuir an Coimisiún tionscnaimh eisceachtúla i láthair chun an neamhthuilleamaíocht bia a chaomhnú agus chun athléimneacht na gcóras bia a neartú. Mar sin féin, is cás nár tharla riamh cheana an cás atá ann faoi láthair, agus tá gá le bearta breise a dhéanamh ina leith.

3.3.

Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE an togra ón gCoimisiún, togra a d’fhéadfadh faoiseamh airgid a thabhairt do na feirmeoirí agus na FBManna a bhfuil deacrachtaí airgid acu ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin.

3.4.

Is díol sásaimh é an togra ón gCoimisiún mar fhreagairt chomhlántach chun neamhthuilleamaíocht bia an Aontais a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar an méadú as an ngnách ar na costais ionchuir.

3.5.

Aontaíonn CESE leis an mbeart atá beartaithe agus measann sé go bhfuil sé an-tábhachtach go nglacfadh na hinstitiúidí Eorpacha é a thúisce is féidir.

3.6.

Tá amhras ar CESE ina leith, áfach, agus ba mhaith leis foláireamh a thabhairt don Choimisiún maidir le foinse maoinithe an bhirt, maidir le huainiú na n-íocaíochtaí, mar aon leis na critéir incháilitheachta agus an baol go mbeadh ualach iomarcach riaracháin ar na tairbhithe.

Foinse an mhaoinithe

3.7.

Ba mhaith le CESE a mheabhrú gurb é CETFT (2) an phríomhionstraim airgeadais le haghaidh fhorbairt na tuaithe, is é sin an dara colún den chomhbheartas talmhaíochta. Dá réir sin, cuireann sé go mór le haistriú éiceolaíoch na réigiún agus na hearnála talmhaíochta tríd an tseasmhacht i gcoinne an athraithe aeráide a mhéadú, trí thacú leis an nuálaíocht, agus trí thacú le hiomaíochas na bhfeirmeacha.

3.8.

Dá bhrí sin, is é is cuspóir do CETFT freagairt san fhadtéarma do na dúshláin atá roimh na ceantair thuaithe. Mar chuid den fhís atá aige go fadtéarmach i leith na gceantar tuaithe, ba cheart go háirithe go bhféadfaí na cuspóirí forbartha a leag an Coimisiún amach an 30 Meitheamh 2021 a bhaint amach faoi 2040 (3).

3.9.

Maidir le CETFT, agus CBT ina iomláine chomh maith, ní ceart a mheas gur foinse bhreise maoinithe ceachtar acu chun dul i ngleic le héigeandálaí. Tá buiséad CETFT ag dul i ngleic leis na riachtanais chistiúcháin agus leis na gealltanais atá ann cheana, gealltanais ba cheart a urramú.

3.10.

In éagmais figiúr cruinn i leith na n-iasachtaí buiséid agus na gcistí atá ar fáil, is rud an-hipitéiseach atá i méid iomlán na cabhrach is féidir a íoc leis na tairbhithe freisin.

3.11.

Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún figiúirí beachta a chur ar fáil i leith na gcistí a bheidh ar fáil iarbhír, agus machnamh a dhéanamh ar fhoinsí eile maoinithe nach ndéanfaidh difear d’uaillmhian ná do chuspóirí CETFT.

Uainiú na n-íocaíochtaí

3.12.

Is éard atá á bheartú leis an togra ón gCoimisiún gur roimh an 15 Deireadh Fómhair 2023 a dhéanfar íocaíochtaí leis na tairbhithe. Ceistíonn CESE an mhoill atá ar na híocaíochtaí sin i bhfianaise na gcúiseanna imní atá ann faoi láthair maidir le hioncam na bhfeirmeoirí agus na dtáirgeoirí sa slabhra agraibhia.

3.13.

Is iomaí deacracht atá ag cur isteach ar na gnólachtaí seo cheana féin ó thaobh an tsreafa airgid de. Teastaíonn tacaíocht airgeadais láithreach ó roinnt mhaith feirmeoirí chun fanacht i mbun gnó. Faoi mar atá cúrsaí, ní leor íocaíocht tacaíochta eisceachtúla ag deireadh 2023 in aimsir na cruóige seo.

3.14.

Dá bhrí sin, ba cheart uainiú na n-íocaíochtaí tacaíochta a ghiorrú a mhéid is féidir ionas go mbeidh faill ag na feirmeoirí agus ag na FBManna déileáil leis an méadú atá ann faoi láthair ar chostais táirgthe.

Critéir incháilitheachta na dtairbhithe

3.15.

Is díol sásaimh do CESE gur ar na feirmeoirí agus ar na FBManna is mó a ndéantar difear dóibh atá an tacaíocht airgeadais atá beartaithe ag an gCoimisiún dírithe go príomha, ar bhonn critéir roghnúcháin a chaithfidh a bheith oibiachtúil neamh-idirdhealaitheach.

3.16.

Foráiltear sa togra ón gCoimisiún freisin nach n-íocfar tacaíocht ar bith ach le tairbhithe a bhfuil baint ag a gcuid gníomhaíochtaí leis an ngeilleagar ciorclach, le bainistíocht cothaitheach, le húsáid éifeachtúil acmhainní, sin nó le modh táirgthe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

3.17.

Ní dhéanfadh na critéir bhreise sin ach baint de phríomhchuspóir an bhirt, beart a bhfuil sé de phríomhaidhm aige cuidiú le gnólachtaí agus le feirmeoirí atá buailte ag an gcogadh san Úcráin. Chomh maith leis sin, is éard a mheasann comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa go bhfágfaidh na critéir sin gur chasta na hiarratais ar thacaíocht a bheidh le cur isteach ag tairbhithe.

3.18.

Os a choinne sin, ba cheart na critéir incháilitheachta maidir le tacaíocht éigeandála a shimpliú chun ualach riaracháin a sheachaint a chuirfeadh tairbhithe ionchasacha ar mhalairt slí seachas iarratas a chur isteach chuig na húdaráis inniúla.

3.19.

Feirmeoirí atá ag fáil na tacaíochta dírí faoi CBT cheana féin, agus a bhfuil tionchar ag iarmhairtí ionradh na Rúise ar an Úcráin orthu, measann CESE gur cheart iad a bheith incháilithe gan cheist don tacaíocht eisceachtúil faoi CETFT.

3.20.

Ar an gcaoi sin, is rud é an tacaíocht eisceachtúil atá molta ag an gCoimisiún a bheadh ag teacht leis na cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta atá curtha roimhe aige in CBT nua. San am céanna, d’fhágfadh an córas sin nach mbeadh aon chritéir nua i gceist, critéir a chruthódh mearbhall agus castacht. Mar gheall ar a phráinní atá an scéal, is gá beart dlúthpháirtíochta pragmatach a chur chun feidhme i leith na ngnólachtaí agus na bhfeirmeoirí is measa atá buailte (costais táirgthe níos airde nó cliseadh na margaí). Ba cheart tacaíocht do chleachtais inbhuanaithe áirithe a chur chun cinn ar dtús trí ionstraimí sonracha a mhairfidh go ceann i bhfad, tacaíocht don gheilleagar ciorclach, cuir i gcás.

An Bhruiséil, 16 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(2)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa CBT idir seo agus 2020, (IO C 191, 29.6.2012, lch. 116).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – A long-term Vision for the EU’s Rural Areas – Towards stronger, connected, resilient and prosperous rural areas by 2040 [Fís fhadtéarmach do Cheantair Thuaithe an Aontais – I dtreo ceantair thuaithe níos láidre, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla faoi 2040] (níl leagan Gaeilge ann)


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/60


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Responding to state-sponsored instrumentalisation of migrants at the EU external border [Aghaidh a thabhairt ar ionstraimiú státurraithe imirceach ag teorainn sheachtrach an Aontais]

(JOIN(2021) 32 final) (níl leagan Gaeilge ann)

(2022/C 365/12)

Rapóirtéir:

Stefano PALMIERI

Comhrapóirtéir:

Pietro Vittorio BARBIERI

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 2.5.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

18.1.2022

Rannóg atá freagrach

Caidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

12.5.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

142/2/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Creideann CESE gur cheart do fhreagairt an Aontais d’ionstraimiú na n-imirceach a bheith bunaithe ar bheartas imirce coiteann, comhroinnte agus comhleanúnach. I bhfianaise na géarchéime ag teorainn na Bealarúise agus ionsaí na Rúise ar an Úcráin, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar a oiriúnaí atá an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann lena áirithiú nach ndéanfar an beartas imirce a dheighilt le linn éigeandálaí, ach, ina ionad sin, go ndéanfar na beartais agus an chosaint a thugtar do na daoine lena mbaineann a chuimsiú faoi chreat amháin gníomhaíochta agus dlí.

1.2.

Creideann CESE nach bagairt do na Ballstáit lena mbaineann amháin é ionstraimiú na n-imirceach ach go bhféadfadh sé a bheith fós ina bhagairt don Aontas Eorpach ina iomláine. Ar an ábhar sin, tá CESE á chur chun suntais nach mbeidh éifeacht leis na freagairtí ar an dúshlán sin, ná nach mbeidh siad inchurtha le méid an dúshláin féin, mura mbeidh an leibhéal ar a dtarlóidh siad (cibé acu leibhéal polaitiúil, reachtach, riaracháin nó daonnúil é sin) ag teacht le raon feidhme na gníomhaíochta (pé acu raon feidhme Comhphobail, náisiúnta, áitiúil nó idirnáisiúnta atá i gceist) agus leis na gníomhaithe lena mbaineann (institiúidí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta, na saoránaigh, etc.), bunaithe ar na caighdeáin is airde de dhlí an Aontais agus den dlí idirnáisiúnta.

1.3.

Measann CESE go bhfuil sé riachtanach don Aontas Eorpach tacaíocht thráthúil chomhordaithe éifeachtach a chur ar fáil do na Ballstáit, ó thaobh cúnamh praiticiúil de (acmhainní buiséadacha agus foireann ghníomhaireachtaí an Aontais) agus ó thaobh cúnamh riaracháin, reachtach agus polaitiúil de araon. Chuige sin, beidh gá le gníomhaíocht chomhpháirteach ar an láthair agus ar an leibhéal idirinstitiúideach, caithfidh tionscnaimh a bheith lán-trédhearcach agus, ina theannta sin, ní mór saoirse gníomhaíochta a áirithiú d’eagraíochtaí daonnúla agus do na meáin neamhspleácha a bhíonn ag feidhmiú sna háiteanna sin ina bhfuil na himircigh á n-ionstraimiú.

1.4.

Go háirithe, is ríthábhachtach le CESE go mbunófaí creat comhtháite don ghníomhaíocht dhaonnúil lena gcomhthiomsófaí acmhainní agus struchtúir na n-institiúidí agus na ngníomhaireachtaí náisiúnta agus AE, agus lena n-áiritheofaí rannpháirtíocht na ngníomhaireachtaí idirnáisiúnta, amhail Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce, chomh maith le rannchuidiú na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na sochaí sibhialta. Ar an gcaoi sin, dhéanfaí comhordú rathúil na hoibre sin a chur chun cinn agus an t-aitheantas is dlite do ghníomhaíochtaí daonnúla a áirithiú mar bhealach chun prionsabail an Aontais a threisiú.

1.5.

I ndáil leis an méid sin, measann CESE gur den ghéar-riachtanas é aitheantas iomlán a thabhairt láithreach do chearta na n-imirceach ar a ndéantar ionstraimiú — d’fhonn doiléireachtaí nó cásanna éiginnteachta ó thaobh riaracháin de a sheachaint — má táthar chun an bhagairt ar shlándáil agus ar chobhsaíocht an Aontais agus na mBallstát atá thíos leis seo a lagú agus a mhaolú ar an láthair, rud a chuirfidh ó rath aon iarrachtaí chun ionstraimiú a dhéanamh ar imircigh.

1.6.

Ní mór freagairt an Aontais a bheith dírithe go háirithe ar fhoinsí na sreabh imirceach ar a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh agus ní mór ról a thabhairt do thríú tíortha sa fhreagairt sin agus tacú lena n-iarrachtaí an pobal a chur ar an eolas ina thaobh de mheon comhair arna spreagadh ag prionsabail an daonlathais agus chosaint chearta an duine. Ar an gcuma sin, beifear in ann acmhainní a bhaint de ghníomhaithe stáit a chuireann ionstraimiú imirceach chun cinn.

1.7.

Maidir le stáit a chuireann ionstraimiú imirceach chun cinn nó a thacaíonn leis an gcleachtas sin, tá CESE i bhfách le gníomhaíocht iltaobhach arna déanamh ag an Aontas, ag na hinstitiúidí idirnáisiúnta agus ag na tíortha comhpháirtíochta, a d’fhágfadh iad i riocht na gníomhaíochtaí sin a cháineadh agus a leithlisiú, lena n-áirítear trí dhul ar iontaoibh smachtbhannaí oiriúnacha eacnamaíocha agus taidhleoireachta.

1.8.

De thoradh an chogaidh atá á chur ag Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin faoi láthair, tá ar a laghad 3,9 milliún dídeanaí (1) anois ann, agus cóiríocht á cur ar fáil go príomha ag tíortha comharsanacha dóibh, agus ag Ballstáit de chuid an Aontais nach iad, gan trácht ar na milliúin daoine atá easáitithe ina dtír féin dá dheasca sin. Ní fhacthas sreabh dídeanaithe chomh mór leis sin, san Eoraip ar a laghad, fiú sna blianta i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Thug an tAontas aghaidh air sin go mear, go háirithe trí Threoir 2001 maidir le Cosaint Shealadach (2) agus an togra maidir le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe do Dhídeanaithe san Eoraip (CARE). Creideann CESE go bhfuil tábhacht nach beag le hionstraimí den sórt sin, atá fothaithe ar an gcomhtháthú, ar an dlúthpháirtíocht agus ar fhreagracht chomhroinnte idir na Ballstáit, chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim ionstraimiú na n-imirceach.

1.9.

Meastar faoi láthair gur áit shábháilte é an tAontas Eorpach ina gcuirtear tearmann agus cosaint ar fáil do na milliúin saoránach Úcránach. Mar sin féin, déantar an t-ualach a leanann as fáilte a chur roimh imircigh agus cúnamh a thabhairt dóibh ó thaobh acmhainneachtaí agus acmhainní de a dháileadh go míchothrom ar na Ballstáit lena mbaineann. Go nuige seo, le hoscailt theorainneacha inmheánacha an Aontais, bhí na dídeanaithe in ann gluaiseacht gan bhac ón Úcráin chuig na cinn scríbe a bhí uathu. Mar sin féin, is léir go bhfuil an t-ualach atá ar thíortha comharsanachta díréireach le Ballstáit eile AE. Cé nach bhfuil ar tharla ansin ar scála inchomparáide, is intuigthe, áfach, as an ionstraimiú a rinneadh ar imircigh ar theorainn na Bealarúise, agus i gcásanna roimhe sin, gur gá athbhreithniú ó bhonn a dhéanamh ar shásraí na dlúthpháirtíochta agus an chomhair idir an tAontas Eorpach agus na Ballstáit, go háirithe maidir le hathdháileadh na n-imirceach atá ag fáil cuidiú, rud a bhfuil gá leis ar ndóigh le linn géarchéimeanna.

1.10.

Is mian le CESE trácht a dhéanamh freisin ar mheon an “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn” (3). Creidimid go bhfuil an sásra casta lena sainítear an creat dlíthiúil agus na nósanna imeachta riaracháin i gcás ionstraimiú na n-imirceach faillíoch maidir le scála na géarchéime idirstáit a d’fhéadfadh tarlú sa chomhthéacs sin agus nach féidir a scaradh ón gcur chuige atá le glacadh i leith na n-imirceach féin.

1.11.

Cé go bhfuil gá le hionstraimí ad hoc chun ionstraimiú imirceach a bhainistiú, dar le CESE go bhfuil sé riachtanach freisin bearta a chur san áireamh atá dírithe ar imircigh a chosaint go tráthúil agus go hiomlán bunaithe ar an Treoir maidir le cosaint shealadach, go háirithe i gcásanna ina mbíonn bainistiú na n-iontrálacha cois teorainneacha, faireachán ar ghluaiseachtaí tánaisteacha agus na moilleanna nó maoluithe a mheastar a bheith ann maidir le gnáthnósanna imeachta tearmainn neamhéifeachtúil agus fritorthúil i dtaca le himircigh ar a ndéantar ionstraimiú a chosaint. Ar aon chuma, ní mór an leibhéal cosanta d’imircigh a mhéadú i ndáil le leibhéal na géarchéime idirstáit a thugtar faoi deara i gcomhthéacs ionstraimiú na n-imirceach.

2.   Togra

2.1.

Cuirtear in iúl sa Teachtaireacht gur iarracht d’aon ghnó í géarchéim na himirce ag teorainn sheachtrach an Aontais leis an mBealarúis (an Liotuáin, an Laitvia agus an Pholainn) chun géarchéim leanúnach righin a chothú mar chuid d’iarracht chomhbheartaithe níos leithne chun an tAontas Eorpach a dhíchobhsú agus chun féachaint a chur ar aontacht agus diongbháilteacht an Aontais. Is “bagairt hibrideach” é sin arna déanamh trí imircigh a ionstraimiú ag tríú tír.

2.2.

In ionad cur síos a dhéanamh ar an bhfeiniméan imirce sonrach casta seo, úsáidtear na téarmaí “géarchéim” agus “bagairt” atá sa dréacht-tuairim seo d’fhonn béim a leagan ar a ábhartha atá an teannas polaitiúil agus na cúinsí éagobhsaíochta a eascraíonn as an gcomhthéacs geopholaitiúil sin.

2.3.

Ní hamháin gur bagairt atá ann do shlándáil an Aontais Eorpaigh, ach is é is cúis, ina cheann sin, le staid thromchúiseach ar an láthair, go háirithe i gcás na n-imirceach lena mbaineann, rud a fhágann iarmhairtí tromchúiseacha daonnúla ann ar thaobh na Bealarúise agus ar thaobh an Aontais den teorainn. Is iomaí scéal atá ann faoi íde mhídhaonna tháireach a bheith á tabhairt d’imircigh ar thaobh na Bealarúise den teorainn, i bpáirt mar bhealach chun brú a chur ar an Aontas. Is móide an riosca atá ann mar gheall ar fhanacht fada na n-imirceach sa cheantar agus gan rochtain acu ar theorainn an Aontais.

2.4.

Cháin an tAontas ionstraimiú na n-imirceach agus na ndídeanaithe leochaileacha go pras agus go géar ar na fóraim institiúideacha uile atá aige. Toradh amháin ar an ngníomhaíocht idirnáisiúnta a tháinig de sin is ea rannpháirtíocht an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe tíortha tionscnaimh na n-imirceach, agus an comhar a rinne siad le chéile.

2.5.

I bhfianaise na géarchéime nua, tá bearta déanta ag an Aontas chun tacú leis na Ballstáit atá thíos leis seo, agus freagairtí sonracha na rialtas náisiúnta agus na bparlaimintí náisiúnta á gcur san áireamh, go háirithe an staid éigeandála atá fógartha ag na réigiúin cois teorann. Chuige sin, tá beart déanta ag an gCoimisiún chun cúnamh a chur ar fáil go cuí d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú idir an reachtaíocht náisiúnta agus dlí an Aontais.

2.6.

Tugtar cuntas sa Teachtaireacht ar na bearta polaitiúla, teicniúla agus lóistíochtúla a rinneadh chun tacú leis na Ballstáit lena mbaineann. De thoradh na gcuairteanna a thug an Coimisinéir Johansson agus na gcruinnithe a reáchtáladh ina dhiaidh sin idir an Coimisiún agus na Ballstáit, tháinig de na naisc pholaitiúla sin tacaíocht theicniúil á cur ar fáil ag gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh (Frontex, Europol, EASO, agus cúnamh éigeandála a chuirtear ar fáil tríd an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht).

2.7.

Maidir le gníomhaíocht idirnáisiúnta, tá an Coimisiún tar éis gníomhaíocht a dhéanamh ar an leibhéal is airde, go háirithe maidir le tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais na n-imirceach, agus tá sé tar éis feabhas a chur ar an gcomhar leis an Iaráic, leis an Liobáin, leis an Tuirc, le hAontas na nÉimíríochtaí Arabacha agus leis an Úisbéiceastáin. Tá sé sin ríthábhachtach chun cur i gcoinne an bhonneagair choiriúil um smuigleáil imirceach, rud a bhuanaíonn an t-ionstraimiú atá ar siúl sa Bhealarúis.

2.8.

I ngéarchéim idirstáit mar sin, tá baol mór ann go leathfaidh “ceo cogaidh” anuas, rud a chuirfidh le bréagaisnéis, bréagnuacht agus saobhadh fíricí chomh maith le hionstraimiú polaitiúil na n-imirceach. Tarraingítear aird sa Teachtaireacht ar an mbaol sin ar thaobh na Bealarúise den teorainn, go háirithe an riosca a bhaineann le meáin státrialaithe na Bealarúise agus na Rúise. Cuirtear béim inti ar thábhacht agus, go mór mór, ar ról an tsaorphreasa, cé nach leagtar béim air sin maidir leis na limistéir ghéarchéime atá ar thaobh an Aontais den teorainn.

2.9.

Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir gur féidir tuilleadh maoinithe a chur ar fáil i gcás géarchéime, trí leas a bhaint as an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) agus as an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) chuige sin. Maidir le daoine a fhilleadh (filleadh deonach cuidithe agus filleadh neamhdheonach), tagraítear sa Teachtaireacht don chomhar idir an Coimisiún, Frontex agus an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (EII) agus béim á leagan ar an gcomhar is gá ó thíortha tionscnaimh na n-imirceach.

3.   Nótaí

Ionstraimiú imirceach agus bainistiú na mbeartas imirce

3.1.

Creideann CESE gur cheart don fhreagairt d’ionstraimiú na n-imirceach a bheith bunaithe ar bheartas imirce coiteann, comhroinnte agus comhleanúnach de chuid an Aontais.

3.1.1.

D’fhonn an imirce a bhainistiú mar is ceart, ní mór don Aontas a thuiscint nach iad na bearta a dhéantar i dtír áirithe, agus é sin amháin, a spreagann na próisis imirce, fiú má dhéanann tír imircigh a ionstraimiú chun críoch polaitiúil (d’fhéadfadh, ar ndóigh, tionchar, nach beag in amanna, a bheith aige sin ar mhéid na sreabh imirce).

3.1.2.

Agus é ag tabhairt aghaidh ar na géarchéimeanna is tromchúisí (ina bhfuil páirt ghníomhach ag tríú tír, nó mar thoradh ar chogadh nó idirghabháil mhíleata), ní mór don Aontas leas a bhaint as cur chuige dlúthpháirteach, go mór mór maidir leis na daoine sin atá buailte.

3.1.3.

Gan dochar don ghá atá ann cúnamh a thabhairt dóibh siúd go léir a bhfuil a mbeatha i mbaol láithreach (dídeanaithe agus íospartaigh chogaidh), níor cheart idirdhealú a dhéanamh bunaithe ar stádas dlíthiúil — mar shampla idir daoine a d’fhéadfadh a bheith i dteideal cosaint áirithe agus imircigh eile — go dtí go gcomhlíonfar nósanna imeachta tearmainn trédhearcacha atá faoi réir dhlí an Aontais agus caighdeáin idirnáisiúnta. Níor cheart d’idirdhealú den chineál sin a bheith ann de thoradh sainmhíniú roimh ré ar an bhfeiniméan nó ar an ngéarchéim atá i gceist (“bagairt hibrideach”, “ionstraimiú imirceach”, “imirce eacnamaíoch”, etc.).

Ionsaithe hibrideacha agus ionstraimiú imirceach

3.2.

Aontaíonn CESE leis an gCoimisiún faoi chineál agus leibhéal na bagartha a thagann as ionstraimiú na n-imirceach arna dhéanamh ag an mBealarúis. Aithníonn CESE an bhagairt don Aontas Eorpach de dheasca cineálacha “bagairtí hibrideacha”, i.e. “ionstraimiú stát-urraithe daoine chun críoch polaitíochta”.

3.2.1.

Sa sainmhíniú a thugtar ar an rud is bagairt hibrideach ann, baintear leas freisin as foclaíocht dá malairt: bagairtí a bhfuil “gníomhaí stáit nó neamhstáit” taobh thiar díobh. Is féidir le gníomhaithe éagsúla bagairtí hibrideacha a dhéanamh agus is féidir leo díriú ar spriocanna éagsúla (eintitis stáit, institiúidí, eagraíochtaí sóisialta nó daoine aonair). Ní mór idirdhealú a dhéanamh, áfach, idir an léirléamh leathan seo, a thugann míniú ginearálta dúinn, agus sainaithint na gcásanna atá ábhartha do na beartais atá i gceist. Dá bhrí sin, cuireann CESE i bhfios go láidir, chun críche bearta dlíthiúla a thabhairt isteach ina dhiaidh sin agus go háirithe chun caitheamh go dleathach le himircigh agus tacaíocht dhaonnúil a thabhairt dóibh i gcásanna éigeandála, nach mór gníomhaire stáit amháin, ar a laghad, a bheith páirteach ionas gur féidir gníomhaíochtaí a aicmiú mar ionstraimiú imirceach.

3.2.2.

I bhfianaise a bhailí atá an sainmhíniú ar an rud is “bagairt hibrideach” ann a thugtar sa Teachtaireacht, tá súil ag CESE le freagairt iltoiseach chomhtháite, i.e. freagairt nach mbeidh dírithe go hiomlán ar an gcaidreamh idirnáisiúnta (idir na Ballstáit, an tAontas Eorpach agus Stáit chomhpháirtíochta) ach atá ag teacht freisin le beartais agus le hiarrachtaí an Aontais chun cearta an duine, cosaint imirceach agus an ceart chun tearmainn a chur chun cinn. Dar le CESE, ní mór gach ionstraim um chomhar idir na Ballstáit agus institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a neartú ionas go ndéanfar géarchéimeanna a bhainistiú ar bhonn comhpháirteach.

Dlúthpháirtíocht, comhordú agus comhbhainistiú géarchéime

3.3.

Aontaíonn CESE leis nach bagairt do na Ballstáit lena mbaineann amháin na gníomhaíochtaí sin ach gur fíorbhagairt don Aontas Eorpach ina iomláine iad. I bhfianaise na bhfíricí a chuirtear i láthair sa Teachtaireacht agus na géarchéime tromchúisí san Úcráin, is mó fós a chreideann CESE gur gá creat polaitiúil, dlíthiúil agus nós imeachta a bhunú do na Ballstáit agus d’institiúidí an Aontais Eorpaigh d’fhonn is gur féidir freagairt choiteann ar ghéarchéimeanna a ghlacadh agus d’fhonn iad sin a bhainistiú go comhpháirteach.

3.3.1.

Dá bhrí sin, agus ag tógáil dó ar an tuairim a d’eisigh sé cheana maidir leis na tograí a bhí dírithe ar leasú a dhéanamh ar na rialacháin maidir le bainistiú imirce agus tearmainn (4), measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach leanúint de chur chuige atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus comhar idir na Ballstáit. Is éard is cúis leis sin nach í an staid atá i gceist an t-aon cheann amháin atá ag cruthú ualaigh mhéadaithe freagrachtaí agus deacrachtaí do thíortha na céadiontrála, ar an ábhar go leagtar béim sa Chomhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann ar rialú teorann agus ar chosc a chur ar ghluaiseachtaí tánaisteacha.

3.3.2.

Sa rialachán sonrach inmhianaithe chun ionstraimiú imirceach arna dhéanamh ag stát a chomhrac, ba cheart foráil a dhéanamh do chórais le haghaidh cineál comhroinnte freagrachta atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht idir na Ballstáit, lena n-áirítear an fhéidearthacht nósanna imeachta tapa athlonnaithe a chur ar bun a bheadh comhréireach le déine na géarchéime féin.

3.3.3.

Léiríonn tréithe na géarchéime ag teorainn an Aontais leis an mBealarúis difríochtaí agus cosúlachtaí le straitéisí stáit eile a fhéachann le gluaiseachtaí imirce a ionstraimiú: an Mheánmhuir Láir, an teorainn idir an Ghréig agus an Tuirc, an teorainn idir an Spáinn agus Maracó, an teorainn idir an Bhoisnia agus an Chróit, an teorainn idir an tSeirbia agus an Ungáir (gan ach 2021 amháin a bhacadh). Creideann CESE go gcaithfidh freagairt an Aontais a bheith níos cuimsithí ná na gníomhaíochtaí a rinne sé le linn géarchéimeanna a tharla roimhe seo. Go háirithe, ní mór dó a chinntiú nach mbeidh sé ag brath ar bheartais straitéiseacha tríú tíortha nach bhfuil comhoiriúnach do bheartais agus prionsabail an Aontais Eorpaigh.

Coimirciú agus cosaint na n-imirceach i gcás an ionstraimithe

3.4.

Agus a fhreagairt á leagan síos ag an Aontas, creideann CESE gur cheart gníomhaíochtaí chun cur i gcoinne na bagartha a dhéanamh ar an tuiscint shoiléir go mbíonn na himircigh ar a ndéantar ionstraimiú an-leochaileach agus go mbíonn cosaint de dhíth orthu, go mór mór nuair is géarchéim idirstáit a bhíonn i gceist.

3.4.1.

Tá an imní chéanna ar CESE agus a cuireadh in iúl sa Teachtaireacht faoin ngéarchéim dhaonnúil ag teorainneacha na mBallstát leis an mBealarúis. Cé go léiríonn a dheacra atá sé gníomhú ar thaobh na Bealarúise den teorainn go bhfuil bac oibiachtúil orainn tabhairt faoi ghníomhaíochtaí daonnúla i gcás géarchéimeanna agus coinbhleachtaí idirstáit, ba cheart cuimhneamh air sin mar dhreasacht chun dlús a chur leis na hiarrachtaí atá ar siúl chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an cúnamh daonnúil a chuirtear ar fáil d’imircigh laistigh de theorainneacha na mBallstát na caighdeáin a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais agus go bhfuil sé de réir na gcleachtas seanbhunaithe chun tacú le daoine leochaileacha.

3.4.2.

Tá CESE ag súil leis gur mó an rochtain ar an dá thaobh den teorainn idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis a bheidh ag eagraíochtaí daonnúla na sochaí sibhialta d’fhonn cabhair dhaonnúil a chur ar fáil (tacaíocht leighis, cúnamh bia agus cúnamh dlí).

3.4.3.

I ndáil leis sin, ní mór d’institiúidí an Aontais cur in éadan aon ghníomhaíochtaí nó ionadaíochtaí lena ndéantar gníomhartha dlúthpháirtíochta arna ndéanamh ag an tsochaí shibhialta náisiúnta agus idirnáisiúnta a choiriúlú, mar a chuir CESE chun suntais i dtuairimí uaidh roimhe seo (5).

3.4.4.

Dírítear aird sa Teachtaireacht ar mhórghluaiseachtaí tánaisteacha imirceach a bheith ann (ar a laghad a fhad a bhaineann le líon na n-imirceach a shroich teorainneacha an Aontais Eorpaigh le linn na géarchéime), agus luaitear inti go bhfuil patróil chomhpháirteacha á ndéanamh ag fórsaí póilíneachta teorann na mBallstát sin arb iad an chéad phointe iontrála d’imircigh iad agus a ndéanann gluaiseachtaí tánaisteacha imirceach difear dóibh. Creideann CESE, i gcás ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, nach mór aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ngluaiseachtaí tánaisteacha i gcomhar leis na Ballstáit cinn scríbe. Ag an am céanna, ní mór aird chuí a thabhairt ar na himircigh is leochailí, go háirithe nuair is measa atá an ghéarchéim, d’fhonn tuilleadh rioscaí maidir lena sábháilteacht a chosc.

3.4.5.

Tá CESE á thabhairt chun suntais freisin na rioscaí a bhaineann le cosaint dhíniteach chóir iomlán a thabhairt d’imircigh leochaileacha trí stádais dhlíthiúla agus nósanna imeachta díolúine a úsáid go forleathan sna Ballstáit agus san Aontas Eorpach féin, fiú amháin i gcás géarchéim a éilíonn freagairtí sonracha. Ba cheart, dá bhrí sin, bearta sonracha coimirce agus cosanta a bheith ag dul le haon mhaoluithe ar na nósanna imeachta caighdeánacha maidir le glacadh agus tearmann i ngeall ar an riosca tromchúiseach atá ann, chomh maith le prionsabal an non-refoulement a chaomhnú.

Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, daoine leochaileacha a chosaint agus ról na meán

3.5.

Is díol sásaimh do CESE an bhéim a leagtar sa Teachtaireacht ar chur in éadan na bréagaisnéise, na bréagnuachta agus saobhadh fíricí, lena n-áirítear trí fheachtais spriocdhírithe faisnéise sna tíortha sin ina dtionscnaíonn na sreabha imirce agus trí úsáid éifeachtach a bhaint as uirlisí leictreonacha faisnéise agus cumarsáide arb é is cuspóir dóibh faisnéis chruinn infhíoraithe a chur ar fáil d’imircigh (e.g. Infomigrants).

3.5.1.

San am céanna, is eol do CESE an tábhacht, i gcomhréir le luachanna an Aontais, a bhaineann le saortháirgeadh faisnéise agus le saor-rochtain ar fhíricí agus ar shonraí atá ábhartha don phobal. Dá bhrí sin, nuair a chuirtear bearta éigeandála chun feidhme, ní mór do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí an Aontais a ráthú i gcónaí go mbeidh an tsaoirse gníomhaíochta agus cumarsáide is fearr is féidir ann do na meáin neamhspleácha atá ar an láthair i limistéir ina bhfuil ionstraimiú á dhéanamh ar imircigh, agus ag an am céanna, rialacha soiléire agus trédhearcacha a leagan síos maidir le rochtain a fháil ar shaoráidí ina ndéantar imircigh a óstáil agus a mbíonn teagmháil ag imircigh leo.

3.5.2.

Maidir le cur i gcoinne líonraí lóistíochta don smuigleáil imirceach atá gníomhach ar ardáin leictreonacha agus ar na meáin shóisialta, ní mór don Choimisiún, le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí AE (ENISA), uirlisí a úsáideann gáinneálaithe ar imircigh a dhealú ó uirlisí cumarsáide a úsáideann imircigh eatarthu féin; is é is aidhm dó sin féachaint cé atá freagrach i ngach cás agus gan cearta príobháideachais sonraí a shárú ná sábháilteacht na n-imirceach sin a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh orthu a chur i gcontúirt, cibé acu go hindíreach nó de neamh-aistear é sin.

Comhar idirnáisiúnta chun ionstraimiú imirceach a chomhrac

3.6.

Is díol sásaimh do CESE na bearta a ghlac institiúidí an Aontais chun an comhar a neartú le tíortha tionscnaimh na n-imirceach a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh orthu, agus é mar aidhm acu léiriú a thabhairt ar na rioscaí a bhíonn le sárú acu agus an comhar idirnáisiúnta maidir leis an imirce a fheabhsú.

3.6.1.

Ba cheart an comhar sin a bheith fite fuaite leis an sásra um chomhar idirnáisiúnta forbraíochta agus le comhaontuithe maidir le rialáil imirce. Déantar an méid sin freisin d’fhonn comhghníomhaíocht dhearfach idir an tAontas agus na tríú tíortha lena mbaineann a áirithiú.

3.6.2.

Nuair a bhíonn comhaontuithe agus nósanna imeachta le tríú tíortha á gcur ar bun, ní mór comhsheasmhacht an chaidrimh sin leis an urraim is gá a thabhairt do chearta an duine agus do ghealltanais dhlíthiúla idirnáisiúnta na dtíortha sin a chur san áireamh.

3.6.3.

Leis an gcomhar sin, chuirfí dlús le hiarrachtaí na seirbhísí póilíneachta agus faisnéise chun eagraíochtaí coiriúla a bhfuil baint acu leis an smuigleáil a chosc agus a chomhrac agus lánurraim á tabhairt do chearta tearmainn agus cosanta imirceach i gcásanna a bhaineann le hionstraimiú imirceach agus i gcoitinne (6).

Tacaíocht do na Ballstáit

3.7.

Is díol sásaimh do CESE an tacaíocht a tugadh do na Ballstáit atá i mbaol, go háirithe trí ghníomhaireachtaí gnóthaí baile an Aontais Eorpaigh (Frontex, EUAA, an sásra um chosaint shibhialta); creideann sé nach mór do na gníomhaireachtaí sin feidhmiú i ngach cás ina n-aithnítear staid éigeandála a bheith ann, de réir nós imeachta cothrom trédhearcach (7).

3.7.1.

Creideann CESE nach mór leibhéal iomchuí cúnaimh a chur ar fáil amach anseo do na Ballstáit sin a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar bhagairtí den sórt sin. Ní mór leibhéal cosanta agus cúnaimh atá chomh hard céanna a thabhairt do na himircigh sin a bhfuil ionstraimiú á dhéanamh orthu, agus, thar aon duine eile, dóibh siúd is leochailí.

3.7.2.

I dtaca leis na bearta a chuir na Ballstáit i bhfeidhm maidir le himircigh, nach dtugtar an ceart chun tearmainn dóibh, a chur ar ais go deonach agus go neamhdheonach, dearbhaíonn CESE nach mór iad a chur chun feidhme i gcásanna éigeandála freisin, agus lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta agus le tacaíocht ó ghníomhaireachtaí an Aontais.

Uirlisí agus rialacháin chun géarchéimeanna a bhainistiú amach anseo

3.8.

Tá CESE á chur chun suntais go gcuirtear san áireamh sa tuairim seo na bearta atá á bplé agus á bpróiseáil tráth dréachtaithe na tuairime, go háirithe an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn. Leagtar amach sa togra rialacha maidir le stádas na n-imirceach agus na nósanna imeachta chun tearmann agus cosaint idirnáisiúnta a iarraidh i gcásanna den sórt sin.

3.8.1.

I ndáil leis sin, tá súil ag CESE go gcuirfear san áireamh sa rialachán riachtanais slándála na mBallstát agus go leagfar amach in éineacht leo gealltanais dhlíthiúla chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil agus chun cearta cosanta imirceach a ráthú bunaithe ar oibleagáidí idirnáisiúnta agus ar dhlí an Aontais Eorpaigh.

3.8.2.

Go sonrach, ní mór don Choimisiún agus do na comhlachtaí tarmligthe a sheiceáil ar glacadh dlíthe sna Ballstáit nó an bhfuil siad á nglacadh iontu chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann faoi láthair, chun géarchéimeanna amach anseo a chosc agus chun cearta bunúsacha agus cearta AE a urramú.

3.8.3.

Agus é ag scrúdú an rialacháin sin, déanfaidh CESE dianmheasúnú ar na díolúintí agus na maoluithe ó na nósanna imeachta caighdeánacha maidir le dul isteach agus tearmann, ar an gceart achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltú, ar nósanna imeachta maidir le filleadh, agus ar an lán-trédhearcacht agus comhar idir na Ballstáit atá i staid éigeandála agus institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  5 317 219 ndídeanaí i dtíortha comharsanacha agus i dtíortha an Aontais Eorpaigh (figiúr mar atá an 26 Aibreán 2022, foinse: UNHCR https://data2.unhcr.org/en/situations/ukraine).

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1) (Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta le cosaint shealadach a thabhairt i gcás mórphlódú isteach de dhaoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht chun cinn idir iarrachtaí idir Bhallstáit i dtaca leis na daoine sin a ghlacadh agus le hiarmhairtí an ghlactha sin a iompar (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

(3)  Féach COM(2021) 890 final — 2021/0427 (COD) “Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn”.

(4)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 15 agus IO C 155, 30.4.2021, lch. 58.

(5)  IO C 429, 11.12.2020, lch. 24.

(6)  Féach an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — A renewed EU action plan against migrant smuggling (2021-2025) [Plean gníomhaíochta athnuaite an Aontais in aghaidh smuigleáil imirceach (2021-2025)] [COM(2021) 591 final] (níl leagan Gaeilge ann).

(7)  Arna iarraidh sin do Bhallstát, arna fhormhuiniú le togra ón gCoimisiún ina dhiaidh sin agus le plé ón gComhairle Eorpach, agus trí shásraí a ghlacadh chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar an staid agus chun tuairisciú a dhéanamh uirthi. Féach COM(2021) 890 final — 2021/0427 (COD) Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar aghaidh ar staideanna an ionstraimithe i réimse na himirce agus an tearmainn.


23.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 365/66


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú chearta an Aontais i ndáil le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile

(COM(2022) 89 final — 2022/0068 (COD))

(2022/C 365/13)

Rapóirtéir:

Jack O’CONNOR

Comhairliúchán

An Chomhairle, 22.3.2022

Parlaimint na hEorpa, 23.3.2022

Bunús dlí

Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1) (an t-iascach), Airteagail 91 agus 100 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an t-iompar), Airteagail 173, 182, 188 agus 189 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (cláir de chuid an Aontais), Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an comhbheartas tráchtála), Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta).

Cinneadh ón Tionól Iomlánach

22.3.2022

Rannóg atá freagrach

An Rannóg um Chaidreamh Seachtrach

Dáta a glactha sa rannóg

12.5.2022

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15.6.2022

Seisiún iomlánach Uimh.

570

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

202/0/5

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Leis an Rialachán atá beartaithe, cumhachtaítear (2) don Choimisiún Eorpach, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, bearta áirithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe le feidhmiú chearta an Aontais faoi fhorálacha an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (an Comhaontú um Tharraingt Siar) agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (4) (an Comhaontú Trádála agus Comhair).

1.2.

Is iad an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, agus iadsan amháin, na páirtithe sna Comhaontuithe comhfhreagracha. Aontaíonn CESE, dá bhrí sin, go bhfuil sé go hiomlán iomchuí go ndéanfaí aon ghníomhaíocht a thionscnamh ar leibhéal an Aontais, le hiontaoibh nósanna imeachta coisteolaíochta, mar a leagtar amach sa Rialachán atá beartaithe.

1.3.

Aontaíonn CESE go dteastaíonn nós imeachta láidir agus éifeachtach ón Aontas i gcás nach gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar agus/nó an Comhaontú Trádála agus Comhair.

1.4.

Is cosúil go bhfuil údar iomlán le hiontaoibh nósanna imeachta coisteolaíochta mar bhealach chun an Coimisiún a chumhachtú chun bearta áirithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar na Comhaontuithe ábhartha nó neamhchomhlíonadh na gComhaontuithe sin. Tá an méid sin ar aon dul freisin le prionsabail na comhréireachta agus na coimhdeachta, lena gcinntear gníomhaíocht an Aontais.

1.5.

Is díol sásaimh do CESE an togra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus tugann sé dá aire go mbeadh sé sin ar aon dul le forálacha comhchosúla sna Comhaontuithe ábhartha.

1.6.

I bhfianaise an mhéid thuas, tacaíonn CESE leis an Rialachán atá beartaithe. Ina theannta sin, tá CESE den tuairim gur comhréiteach idirinstitiúideach den scoth é seo chun dul i ngleic le haon chás a eascraíonn as sárú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus/nó an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, nó as neamhchomhlíonadh na gComhaontaithe sin.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Leis an Rialachán atá beartaithe, cumhachtaítear don Choimisiún Eorpach bearta áirithe a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun cearta an Aontais a fheidhmiú faoi fhorálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair. Ceapadh an Rialachán chun freagairt thráthúil agus éifeachtach a éascú d’aon sárú nó neamhchomhlíonadh a bhféadfadh an Ríocht Aontaithe a dhéanamh ar fhorálacha na gComhaontuithe ábhartha.

2.2.

Tá feidhm ag an gcumhachtú maidir leis an méid seo a leanas:

bearta sealadacha a chur i bhfeidhm chun comhlíonadh agus/nó bearta cúitimh arna n-údarú ag binse eadrána a spreagadh arna iarraidh sin ag Páirtí, i gcás comhlíonadh neamhdhóthanach nó neamhiomlán, nó gníomhaíocht iomchuí i gcás nach gcomhoibríonn an Páirtí eile chun é a dhéanamh níos éasca dul ar iontaoibh nósanna imeachta ceangailteacha um réiteach díospóide,

bearta feabhais faoin gComhaontú um Tharraingt Siar i ndáil le mainneachtain ionstraimí ábhartha de dhlí an Aontais a chur leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus/nó faoin gComhaontú Trádála agus Comhair i ndáil le fóirdheontais, an t-iompar de bhóthar agus an t-iascach,

bearta athchothromaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar i ndáil le bearta coimirce arna nglacadh ag an Ríocht Aontaithe faoin bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann,

bearta athchothromaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, maidir le bearta coimirce lena gcruthaítear míchothromaíocht idir na cearta agus na hoibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair nó faoi aon chomhaontú forlíontach, nó go sonrach i ndáil le héagsúlachtaí sna réimsí seo a leanas: cosaint saothair agus cosaint shóisialta, chomhshaoil nó aeráide, nó rialú fóirdheontais,

frithbhearta faoin gComhaontú Trádála agus Comhair, mar fhreagairt do bhearta athchothromaithe faoi Airteagal 411 den Chomhaontú Trádála agus Comhair,

bearta coimirce faoin gComhaontú um Tharraingt Siar (i gcás ina dtiocfaidh mórdheacrachtaí eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil ar dócha go leanfar díobh, nó atreorú na trádála, as cur i bhfeidhm an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann); faoin gComhaontú Trádála agus Comhair (i gcás mórdheacrachtaí eacnamaíocha, sochaíocha nó comhshaoil de chineál earnálach nó réigiúnach ar dócha go leanfar díobh),

oibleagáidí faoin gComhaontú Trádála agus Comhair i gcás ina shárófar forálacha áirithe den Chomhaontú sin nó i gcás nach gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le trádáil in earraí, an t-aeriompar, an t-iompar de bhóthar, an t-iascach nó i gcláir de chuid an Aontais, nó i gcás ina mainníonn an Ríocht Aontaithe a ranníocaíocht airgeadais a íoc nó ina dtugann sí athruithe suntasacha isteach ar choinníollacha tosaigh áirithe.

2.3.

Ba cheart feidhm a bheith ag na bearta sin freisin maidir le haon chomhaontuithe déthaobhacha forlíontacha a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

2.4.

Sa chinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a thabhairt i gcrích, chumhachtaigh sí an Coimisiún formhór na mbeart a liostaítear i bpointe 2.2 a ghlacadh go dtí go dtiocfaidh gníomh reachtach sonrach i bhfeidhm. Beartaíodh go molfaí ionstraim dlí den chineál sin tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2022.

2.5.

D’ainneoin an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, cumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair raon leathan saincheisteanna seachas trádáil in earraí agus i seirbhísí. Áirítear orthu sin infheistíocht, iomaíocht, státchabhair, trédhearcacht cánach, an t-aeriompar agus an t-iompar de bhóthar, fuinneamh agus inbhuanaitheacht, an t-iascach, cosaint sonraí agus comhordú na slándála sóisialta. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an Rialachán maidir le Forfheidhmiú Trádála (5) ná le hionstraimí eile atá ann cheana raon feidhme an chineáil nua comhaontaithe seo go hiomlán. Mar thoradh air sin, ní mór ionstraim dlí nua a ghlacadh. Ba lex specialis an Rialachán atá beartaithe maidir le forálacha earnálacha dhlí an Aontais a mhéid a rialaíonn na forálacha sin an t-ábhar céanna.

2.6.

Na bunúis dlí atá ag an togra:

Airteagal 43 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (6) (an t-iascach),

Airteagail 91 agus 100 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (7) (an t-iompar),

Airteagail 173, 182 188 agus 189 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (8) (cláir de chuid an Aontais),

Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (9) (an comhbheartas tráchtála),

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (10) (an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta).

2.7.

Is iad an Comhaontú um Tharraingt Siar agus an Comhaontú Trádála agus Comhair, agus na Comhaontuithe sin amháin, an t-aon ionstraim dlí atá ag an Aontas i leith na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, is é an tAontas amháin ar féidir leis gníomhaíocht a dhéanamh faoin dlí idirnáisiúnta. Mar sin féin, beartaítear leis an togra bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (11). Bheadh feidhm ag nós imeachta scrúdúcháin an chórais coisteolaíochta, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (12), toisc é a bheith beagnach cinnte go mbeadh tionchar ag na bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh ar na Ballstáit.

2.8.

Beartaítear leis an togra go ndéanfar athbhreithniú ar an Rialachán 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Bheadh sé sin ar aon dul leis an bhforáil chéanna sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus sa Chomhaontú Trádála agus Comhair.

2.9.

Ní chumhdaítear leis an Rialachán atá beartaithe bearta a thagann faoi raon feidhme bheartais an Aontais sa limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais.

2.10.

Is é togra reachtach ar leith a rialaíonn glacadh beart i réimse chláir taighde agus oiliúna Euratom.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Tá sé mar aidhm leis an togra creat a chruthú a chuirfidh ar chumas an Aontais freagairt go héifeachtach agus go tráthúil i gcás ina sháraíonn nó i gcás nach gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar agus/nó an Comhaontú Trádála agus Comhair.

3.2.

Ós rud é gur comhaontuithe de chuid an Aontais amháin iad na Comhaontuithe sin, is léir gur cheart beart iomchuí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais.

3.3.

Agus na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann do na Ballstáit á gcur san áireamh, chomh maith leis an gceanglas maidir leis an éifeachtacht is fearr, is cosúil go bhfuil cur i bhfeidhm nós imeachta scrúdúcháin an chórais coisteolaíochta go hiomlán loighciúil agus go bhfuil údar maith leis.

3.4.

Tagann sé sin go hiomlán le prionsabal na coimhdeachta toisc go gceadaíonn an córas coisteolaíochta do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na gníomhartha cur chun feidhme arna dtarmligean chuig an gCoimisiún.

3.5.

Is fiú a thabhairt faoi deara freisin go gceadaítear don Choimisiún le hAirteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (13), de mhaolú ar na nósanna imeachta rialta, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ar fhorais phráinne (Airteagal 8), nó aon mhórshuaitheadh ar na margaí i réimse na talmhaíochta (Airteagal 7), gan iad a chur faoi bhráid an choiste chomhfhreagraigh roimh ré. Treisíonn an seach-chonair nós imeachta sin cumas an Aontais freagairt go tapa do sháruithe gan choinne ar na Comhaontuithe, más gá.

3.6.

Is díol sásaimh don Choiste raon cuimsitheach na mbeart a leagtar amach in Airteagal 1.2 den Rialachán atá beartaithe, chomh maith leis na teorainneacha a bhaineann leo.

3.7.

Ós rud é nach bhfuil aon fhasach ann chun Ballstát a tharraingt siar, ní thagann ceist na comhsheasmhachta leis an reachtaíocht atá ann cheana sa réimse beartais chun cinn.

3.8.

Leagtar amach go mionsonraithe in Airteagal 2.2 den Rialachán atá beartaithe critéir shoiléire chun roghnú aon bheart a rialú. Glacann CESE leis go gcomhlíonann an Rialachán atá beartaithe ceanglais na comhréireachta agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a bhaint amach maidir le feidhmiú tapa éifeachtach na gceart sin a áirithiú i gcás ina shárófaí nó nach gcomhlíonfaí na Comhaontuithe sin.

3.9.

Creideann CESE nach bhfuil aon ghá le measúnú tionchair i bhfianaise chineál nós imeachta an Rialacháin atá beartaithe.

3.10.

Is díol sásaimh do CESE an togra maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán tar éis 5 bliana, agus tugann sé dá aire go bhfuil sé sin iomchuí ós rud é go mbeadh sé i gcomhréir le forálacha comhchosúla sna Comhaontuithe ábhartha.

3.11.

I bhfianaise a bhfuil thuas, tacaíonn CESE leis an togra. Ina theannta sin, tá CESE den tuairim gur comhréiteach idirinstitiúideach den scoth é seo chun dul i ngleic le haon chás a eascraíonn as sárú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus/nó an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair, nó as neamhchomhlíonadh na gComhaontaithe sin.

An Bhruiséil, 15 Meitheamh 2022.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 326, 26.10.2012, lch. 47).

(2)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A52021PC0563

(3)  IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1.

(4)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(5)  Rialachán (AE) 2021/167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú (IO L 49, 12.2.2021, lch. 1).

(6)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:12012E/TXT&from=GA

(7)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:12012E/TXT&from=GA

(8)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:12012E/TXT&from=GA

(9)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:12012E/TXT&from=GA

(10)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:12012E/TXT&from=GA

(11)  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=celex%3A12012M%2FTXT

(12)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

(13)  IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.