ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 351

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
14 Meán Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 351/01

Rátaí malairte an euro — 13 Meán Fómhair 2022

1


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 351/02

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10869 – P2X EUROPE / NVG / P2X PORTUGAL JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

2

2022/C 351/03

Réamhfhógra maidir le comhchruinniú (Cás M.10872 – GEELY / RENAULT / RENAULT KOREA MOTORS) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

4

2022/C 351/04

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10696 – ARAMCO OVERSEAS COMPANY / BP EUROPA / LOTOS – AIR BP POLSKA) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

6

2022/C 351/05

Réamhfhógra maidir le comhchruinniú (Cás M.10866 – F2i / GVM / GENERATION AND SUPPLY BUSINESSES) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8

2022/C 351/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10792 – PHILIP MORRIS INTERNATIONAL / SWEDISH MATCH) ( 1 )

10

2022/C 351/07

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10619 – SNAM / ENI / JV) ( 1 )

11

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 351/08

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

12

2022/C 351/09

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

20

2022/C 351/10

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

27


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/1


Rátaí malairte an euro (1)

13 Meán Fómhair 2022

(2022/C 351/01)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0175

JPY

yen na Seapáine

144,50

DKK

krone na Danmhairge

7,4366

GBP

punt steirling

0,86793

SEK

krona na Sualainne

10,6108

CHF

franc na hEilvéise

0,9669

ISK

króna na hÍoslainne

140,10

NOK

krone na hIorua

9,9988

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,551

HUF

forint na hUngáire

396,83

PLN

zloty na Polainne

4,7050

RON

leu na Rómáine

4,9210

TRY

lira na Tuirce

18,5640

AUD

dollar na hAstráile

1,4736

CAD

dollar Cheanada

1,3200

HKD

dollar Hong Cong

7,9855

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6555

SGD

dollar Shingeapór

1,4186

KRW

won na Cóiré Theas

1 397,30

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,3112

CNY

renminbi-yuan na Síne

7,0467

HRK

kuna na Cróite

7,5255

IDR

rupiah na hIndinéise

15 099,17

MYR

ringgit na Malaeisia

4,5869

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,665

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,859

BRL

real na Brasaíle

5,1764

MXN

peso Mheicsiceo

20,1615

INR

rúipí na hIndia

80,5453


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/2


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10869 – P2X EUROPE / NVG / P2X PORTUGAL JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 351/02)

1.   

An 5 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

P2X Europe GmbH & Co. KG (“P2X Europe”, an Ghearmáin), atá á rialú ag Mabanaft GmbH & Co. KG (an Ghearmáin), fochuideachta de Marquard & Bahls Group AG (an Ghearmáin), agus H &R GmbH & Co. KGaA (an Ghearmáin),

The Navigator Company, S.A. (“NVG”, an Phortaingéil), faoi rialú deiridh Sodim, SGPS, S.A., an Phortaingéil (“Sodim”),

P2X Portugal, Unipessoal Lda. (“P2X Portugal”, Portugal).

Gheobhaidh P2X Europe agus NVG rialú comhpháirteach ar P2X Portugal de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Forbraíonn P2X Eoraip tionscadail tráchtála agus cuireann sé chun feidhme iad chun táirgí Power-to-X a tháirgeadh. Tá P2X Europe gníomhach freisin ar an leibhéal mórdhíola, ag díol agus ag ceannach Táirgí Power-to-X,

Is comhlacht Portaingéalach é NVG atá gníomhach i réimse an laín agus an pháipéir.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ar bun ag P2X Portugal: (i) tionscadal power-to-liquid [cumhacht-go-leacht] atá comhtháite go hingearach ar scála tionsclaíoch a fhorbairt, a thógáil, a oibriú, a chothabháil agus a mhaoiniú, agus (ii) táirgí power-to-liquid [cumhacht go leacht] a thráchtálú agus a mhargú, amhail táirgí idirmheánacha sintéiseacha (e.g. syncrude agus céaracha) agus díorthaigh ghlan-nialasacha shintéiseacha (e.g. e-ceirisín).

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10869 – P2X EUROPE / NVG / P2X PORTUGAL JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/4


Réamhfhógra maidir le comhchruinniú

(Cás M.10872 – GEELY / RENAULT / RENAULT KOREA MOTORS)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 351/03)

1.   

An 5 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

Geely Automobile Holdings Limited (“Geely”, Oileáin Cayman), fochuideachta de Zhejiang Geely Holding Group Co., Ltd. (Daon-Phoblacht na Síne),

Renault S.A.S. (“Renault”, an Fhrainc), fochuideachta de Renault S.A. (an Fhrainc).

Renault Korea Motors Co., Ltd. (“an sprioc”), cuideachta atá corpraithe agus gníomhach sa Chóiré Theas agus atá i seilbh fochuideachta de Renault agus Samsung faoi láthair, gheobhaidh Geely agus Renault comhrialú air de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc. Tá an sprioc á rialú ag Renault amháin faoi láthair.

Is trí cheannach scaireanna atá an comhchruinniú á dhéanamh.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Déanann Geely gluaisteáin paisinéirí a mhonarú agus a dhíol ar fud an domhain,

Déanann Renault gluaisteáin paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma a mhonarú agus a dhíol, agus soláthraíonn sé páirteanna gluaisteán agus seirbhísí soghluaisteachta.

3.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na sprice:

Gluaisteáin paisinéirí a mhonarú agus a dhíol sa Chóiré Theas agus gluaisteáin paisinéirí a onnmhairiú chuig margaí cóngaracha san Áise.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10872 – GEELY / RENAULT / RENAULT KOREA MOTORS

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/6


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10696 – ARAMCO OVERSEAS COMPANY / BP EUROPA / LOTOS – AIR BP POLSKA)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 351/04)

1.   

An 7 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Aramco Overseas Company B.V. (“AOC”, an Ísiltír), faoi rialú Saudi Arabian Oil Company (an Araib Shádach),

BP Europa SE (“BP Europa”, an Ghearmáin), faoi rialú BP p.l.c. (an Ríocht Aontaithe),

Lotos – Air BP Polska sp. z o.o. (an “Spriocghnóthas”, an Pholainn).

Gheobhaidh AOC agus BP Europa rialú comhpháirteach ar an Spriocghnóthas de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Soláthraíonn AOC réimse leathan seirbhísí dá bhfiontair chleamhnaithe i ngrúpa Aramco na hAraibe Sádaí lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta airgeadais, bainistiú an tslabhra soláthair agus cineálacha éagsúla seirbhísí tacaíochta riaracháin,

Déanann BP Europa formhór oibríochtaí BP sa Pholainn, lena n-áirítear soláthar breosla bóthair trína stáisiúin pheitril féin agus trí dhéileálaithe agus díolachán bealaí, tríd an mbranda Castrol san áireamh. Ní sholáthraíonn ná ní dhíolann BP breoslaí eitlíochta sa Pholainn faoi láthair,

Is comhfhiontar é an Spriocghnóthas atá faoi rialú comhpháirteach Grupa Lotos S.A. agus BP Europa agus atá gníomhach i ndíolachán scaird-bhreosla JET-A1 agus gásailín eitlíochta, agus in athbhreoslú aerárthach leis na breoslaí eitlíochta sin ag aerfoirt atá lonnaithe sa Pholainn.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le láimhseáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10696 – ARAMCO OVERSEAS COMPANY / BP EUROPA / LOTOS – AIR BP POLSKA

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo a leanas:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/8


Réamhfhógra maidir le comhchruinniú

(Cás M.10866 – F2i / GVM / GENERATION AND SUPPLY BUSINESSES)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 351/05)

1.   

An 5 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe, fógra a tugadh de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Is leis na gnóthais seo a leanas a bhaineann an fógra sin:

F2i SGR S.P.A. (an Iodáil),

Grupo Villar Mir, S.A.U. (“GVM”, an Spáinn), atá faoi rialú deiridh a scairshealbhóra tromlaigh, Juan Miguel Villar Mir (an Spáinn),

Fochuideachtaí áirithe de Villar Mir Energía, S.L.U. (“an Spáinn”) ar le GVM iad (“Generation Business” a thugtar ar na fochuideachtaí sin i bhfochair a chéile).

Gheobhaidh F2i rialú aonair ar Generation Business de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Ina theannta sin, gheobhaidh F2i agus GVM rialú comhpháirteach, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc, ar Energya VM Generación, S.L.U. (“Supply Business JV”), atá ina fhochuideachta ar lánúinéireacht de GVM faoi láthair.

Is trí cheannach scaireanna atá an comhchruinniú á dhéanamh.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is infheisteoir cothromais phríobháidigh é F2i a bhfuil infheistíochtaí aige sna hearnálacha seo a leanas: iompar agus lóistíocht, líonraí dáileacháin, teileachumarsáid, fuinneamh glas, an geilleagar ciorclach agus saoráidí sláinte agus sóisialta,

Is grúpa tionsclaíoch faoi úinéireacht teaghlaigh é GVM atá gníomhach i dtáirgeadh agus i soláthar leictreachais, i soláthar gáis, i dtáirgeadh cóimhiotal agus fearó-chóimhiotal sileacan-bhunaithe agus mangainéis-bhunaithe, agus i bhfógraíocht réadmhaoine,

Tá Generation Business gníomhach i dtáirgeadh fuinnimh leictrigh, trí fheirmeacha gaoithe den chuid is mó, sa Spáinn.

3.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó Supply Business JV: soláthar miondíola leictreachais agus gáis nádúrtha.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart faoinar tugadh fógra a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin, áfach.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i ndáil le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gur cás é seo ab fhéidir a chóireáil faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúil a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10866 – F2i / GVM / GENERATION AND SUPPLY BUSINESSES

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála seo thíos:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/10


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10792 – PHILIP MORRIS INTERNATIONAL / SWEDISH MATCH)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 351/06)

1.   

An 6 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Philip Morris Holland Holdings B.V. (“PMHH”, an Ísiltír), faoi rialú Philip Morris International Inc. (“PMI”, na Stáit Aontaithe),

Swedish Match AB (“Swedish Match”, an tSualainn).

Gheobhaidh PMI rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Swedish Match.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin tairiscint phoiblí a fógraíodh an 11 Bealtaine 2022.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta idirnáisiúnta tobac é PMI a mhonaraíonn agus a dhíolann toitíní agus táirgí indóite eile tobac, mar aon le táirgí agus gabhálais eile a bhfuil tobac agus nicitín iontu.

Monaraíonn agus díolann Swedish Match táirgí éagsúla tobac béil, púitsí nicitín, agus táirgí púitse nach bhfuil nicitín ná tobac iontu, mar aon le todóga, cipíní solais, lastóirí agus táirgí eile a bhaineann le dóiteán. Tá baint ag Swedish Match freisin le dáileadh táirgí ina bhfuil tobac agus nicitín sa tSualainn agus san Iorua trí fhochuideachta.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10792 – PHILIP MORRIS INTERNATIONAL / SWEDISH MATCH

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/11


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10619 – SNAM / ENI / JV)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 351/07)

1.   

An 8 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Snam S.p.A. (“SNAM”, an Iodáil),

ENI S.p.A. (“ENI”, an Iodáil),

JV (an Iodáil).

Gheobhaidh SNAM agus ENI rialú comhpháirteach ar JV de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta sealbhaíochta SNAM Group é SNAM, ar leis an bpríomhoibreoir córais tarchurtha gáis san Iodáil, agus tá páirt aige i roinnt cuideachtaí atá gníomhach sna margaí tarchurtha gáis agus stórála gáis i dtíortha éagsúla an Aontais,

Is cuid de ghrúpa ENI é ENI, grúpa atá gníomhach go stairiúil ar fud na cruinne feadh an tslabhra luacha iomláin ola agus gáis.

3.   

Is éard a bheidh i ngníomhaíochtaí gnó JV seirbhísí coimhdeacha a oibriú agus a sholáthar le haghaidh stráice na Túinéise agus na stráice fomhuirí den phíblíne onnmhairiúcháin gáis ar an mbealach ón Ailgéir go dtí an Iodáil (an phíblíne Thras-Mheánmhuirí).

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10619 – SNAM / ENI / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/12


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 351/08)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Saint-Guilhem-le-Désert”

PGI-FR-A1143-AM01

Dáta teachtaireachta: 6 Iúil 2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

1.   Tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta

Ag caibidil I, pointe 3.3 den tsonraíocht, cuireadh leis an tuairisc orgánaileipteach ar na fíonta ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint “Saint-Guilhem-le-Désert”. Cuireadh na sonraí a cuireadh léi san áireamh sa doiciméad aonair freisin faoi “Tuairisc ar an bhfíon (na fíonta)”.

2.   Cineálacha fíniúna

Ag caibidil I, pointe 5, “Cineálacha fíniúna”, den tsonraíocht le haghaidh tásc geografach faoi chosaint “Saint-Guilhem-le-Désert”, maidir le roghnú na gcineálacha fíniúna,

- cuireadh na cineálacha a leanas leis: Agiorgitiko N, Airen B, Artaban N, Assyrtiko B, Calabrese N, Carignan Gris G, Carricante B, Felen B, Fiano B, Floreal B, Glera B, Montepulciano N, Moschofilero Rs, Œillade N, Primitivo N, Roditis Rs, Rousseli Rs, Saperavi N, Touriga Nacional N, Verdejo B, Verdelho B, Vidoc N, Voltis B agus Xinomavro N.

Baineadh na cineálacha a leanas mar gheall nach n-aimsítear iad sa limistéar táirgthe:

Auxerrois B, Clairette rose Rs, Muscat à petits grains roses Rs agus Rosé du Var Rs.

Tá na cineálacha a cuireadh san áireamh sa tsonraíocht níos frithsheasmhaí in aghaidh galair fhungasacha, agus tá siad oiriúnaithe ar bhealach níos fearr don athrú aeráide. Meaitseálann na cineálacha sin próifíl na bhfíonta ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint. D’iarr an comhlacht cosanta agus bainistíochta freisin go gcuirfí cúig chineál a léiríonn oidhreacht agus nuálach ar bhealach níos sonraí san áireamh. Aimsítear na cineálacha sin sa limistéar táirgthe cheana féin agus treisíonn siad próifíl na bhfíonta ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint. D’oiriúnaigh siad don fhíonghort ar bhealach níos fearr freisin.

Cuireadh na sonraí a cuireadh léi san áireamh sa doiciméad aonair freisin faoi “Tuairisc ar an bhfíon (na fíonta)”.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Saint-Guilhem-le-Désert

2.   Cineál táisc gheografaigh

TGFC – Tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

16.

Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

4.   Tuairisc ar an bhfíon (ar na fíonta)

1.   Fíonta neamhcharbónáitithe

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Úsáidtear TGFC “Saint-Guilhem-le-Désert” le haghaidh fíonta dearga, rosé agus geala neamhcharbónáitithe a dhéantar as fíonchaora ró-aibí amháin.

I gcás na bhfíonta socra, is i rialacháin an Aontais a leagtar síos na leibhéil maidir le neart alcóil iomlán de réir toirte, aigéadacht iomlán, aigéadacht luaineach agus iomlán dé-ocsaíde sulfair.

Tá cáil ar na fíonta ar son na dea-bholaithe seasmhacha a bhaineann leo. Bíonn a ndéine agus a gcarachtar éagsúil de réir na gcineálacha fíonchaoire agus na dteicneolaíochtaí a úsáidtear. Maidir leis na fíonta dearga, tá na modhanna úsctha beartaithe chun struchtúir mhíne le tainniní aibí agus boga a tháirgeadh. Bíonn dath dian an rúibín ar na fíonta chomh maith le dea-bholaithe de thorthaí dearga, torthaí dubha, piobar dubh agus carra mhilis. Bíonn siad tathagach agus bíonn cothromaíocht mhaith aigéadachta, iarbhlas deas fada agus tainniní síodúla acu. Leis na tréimhsí fada aibithe a cheadaítear sa limistéar is féidir fíonta geala a bhfuil dath idir dath buí an tuí agus buí órga orthu a tháirgeadh. Bíonn dea-bholaithe de bhláthanna bána agus torthaí coimhthíocha, agus blasanna de thorthaí criostalaithe agus blas sa bhéal atá saibhir agus úr orthu. Bíonn an dath ar na fíonta rosé idir caordhearg agus dath an bhradáin, agus baineann raon déine leo atá idir mín agus domhain. Bíonn dea-bholaithe de chuirín dubh, aibreog agus bláth troim orthu chomh maith le mionbhlasanna aimile. Agus iad sa bhéal, baineann cothromaíocht iontach idir úire agus bhlasanna torthaíocha leo.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Maidir leis na fíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí, is iad siúd a shocraítear le reachtaíocht an Aontais na leibhéil le haghaidh neart iarbhír alcóil íosta de réir toirte, neart alcóil iomlán de réir toirte, neart alcóil nádúrtha de réir toirte agus dé-ocsaíd sulfair iomlán.

Bíonn dath ómra ar na fíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí agus baineann maothlachas leo sa bhéal. Forbraíonn siad dea-bholaithe casta de spíosraí, cnónna agus torthaí criostalaithe.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

 

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais maidir le fíonóireacht

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta áirithe

1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Ní mór do na cleachtais déanta fíona uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí a chomhlíonadh.

5.2.   Uastáirgeacht

1.   Fíon dearg agus fíon rosé

95 heictilítear in aghaidh an heicteáir

2.   Fíonta geala

100 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Maidir le fíonta ag a bhfuil TGFC “Saint-Guilhem-le-Désert”, tugtar faoi bhuain, fíonóireacht agus aibiú i gcríocha na mbardas a leanas:

Roinn L’Hérault: Agonès, Aniane, Arboras, Argelliers, Assas, Brissac, Causse-de-la-Selle, Cazevieille, Cazilhac, Ceyras, Clapiers, Claret, Combaillaux, Ferrières-les-Verreries, Fontanès, Ganges, Gignac, Gorniès, Guzargues, Jacou, Jonquières, La Boissière, Lagamas, Laroque, Lauret, Le Bosc, Le Rouet, Le Triadou, Les Matelles, Mas-de-Londres, Montferrier-sur-Lez, Montoulieu, Montpellier (ranna AI, AK, KO, KP, MP agus MZ), Montpeyroux, Moulès-et-Baucels, Murles, Notre-Dame-de-Londres, Pégairolles-de-Buèges, Prades-le-Lez, Puéchabon, Saint-André-de-Buèges, Saint-André-de-Sangonis, Saint-Bauzille-de-Montmel, Saint-Bauzille-de-Putois, Saint-Clément-de-Rivière, Sainte-Croix-de-Quintillargues, Saint-Félix-de-Lodez, Saint-Gély-du-Fesc, Saint-Guilhem-le-Désert, Saint-Guiraud, Saint-Jean-de-Buèges, Saint-Jean-de-Cuculles; Saint-Jean-de-Fos, Saint-Jean-de-la-Blaquière, Saint-Martin-de-Londres, Saint-Mathieu-de-Tréviers, Saint-Privat, Saint-Saturnin-de-Lucian, Saint-Vincent-de-Barbeyrargues, Sauteyrargues, Teyran, Usclas-du-Bosc, Vacquières, Vailhauquès, Valflaunès, Viols-le-Fort agus Viols-en-Laval.

Roinn Le Gard: Brouzet-lès-Quissac agus Corconne.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

 

Abouriou B

 

Agiorgitiko N

 

Airen

 

Alicante Henri Bouschet N

 

Aligoté B

 

Altesse B

 

Arinarnoa N

 

Artaban N

 

Assyrtiko B

 

Aubun N – Murescola

 

Baroque B

 

Bourboulenc B - Doucillon blanc

 

Cabernet Franc N

 

Cabernet Sauvignon N

 

Calabrese N

 

Caladoc N

 

Carignan N

 

Carignan blanc B

 

Carignan gris G

 

Carmenère N

 

Carricante

 

CHARDONNAY B

 

Chasan B

 

Chatus N

 

Chenanson N

 

Chenin B

 

Cinsaut N – Cinsault

 

Clairette B

 

Colombard B

 

Côt N - Malbec

 

Counoise N

 

Duras N

 

Egiodola N

 

Felen

 

Fiano

 

Floreal B

 

Folle Blanche B

 

Furmint B

 

Gamaret

 

Gamay N

 

Gewurztraminer Rs

 

Glera

 

Grenache N

 

Grenache blanc B

 

Grenache gris G

 

Grolleau N

 

Gros Manseng B

 

Jacquère B

 

Jurançon noir N - Dame noire

 

Lledoner pelut N

 

Macabeu B – Macabeo

 

Marsanne B

 

Marselan N

 

Mauzac B

 

Melon B

 

Merlot N

 

Meunier N

 

Mondeuse N

 

Montepulciano

 

Morrastel N – Minustellu, Graciano

 

Moschofilero Rs

 

Mourvèdre N – Monastrell

 

Muscat d’Alexandrie B – Muscat, Moscato

 

Muscat de Hambourg N – Muscat, Moscato

 

Muscat à petits grains blancs B - Muscat, Moscato

 

Nielluccio N – Nielluciu

 

Négrette N

 

Oeillade noire

 

Petit Courbu B

 

Petit Manseng B

 

Petit Verdot N

 

Pineau d’Aunis N

 

Pinot Blanc B

 

Pinot Gris G

 

Pinot Noir N

 

Piquepoul blanc B

 

Piquepoul gris G

 

Piquepoul noir N

 

Portan N

 

Poulsard N – Ploussard

 

Primitivo N – Zinfandel

 

Riesling B

 

Rivairenc N - Aspiran noir

 

Roditis Rs

 

Rosé du Var Rs

 

Roussanne B

 

Rousseli Rs

 

Saperavi N

 

Sauvignac

 

Sauvignon B - Sauvignon Banc

 

Sauvignon Gris G - Fié gris

 

Sauvignon Blanc B

 

Sciaccarello N

 

Semillon B

 

Servant B

 

Sylvaner B

 

Syrah N – Shiraz

 

Tannat N

 

Tempranillo N

 

Terret blanc B

 

Terret gris G

 

Terret noir N

 

Tibouren N

 

Touriga Nacional N

 

Trousseau N

 

Ugni Blanc B

 

Verdejo B

 

Verdelho B

 

Vermentino B – Rolle

 

Vidoc N

 

Viognier B

 

Voltis B

 

Xinomavro N

8.   Tuairisc ar na naisc

8.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus an táirge

I dtírdhreach eisceachtúil de chnoic Mheánmhara, tá tásc geografach Saint-Guilhem-le-Désert suite sa chuid thuaidh de roinn Hérault, ag bun ardchlár Larzac agus shléibhte Cévennes.

Is mó ná 50 ciliméadar limistéar an limistéir táirgthe. Is ithreacha aolchoiche, clochacha agus marla atá ann go príomha, de chuid na ré tánaistí, chomh maith le léibhinn de chuid na ré Ceathartha ar fhánaí uachtaracha agus meánacha ghleann Hérault.

Tá aghaidh sléibhte aolchloiche ar na fíonghoirt, agus tá Sliabh Baudile ar an taobh thiar agus Pic Saint-Loup ar an taobh thoir.

Tá an aeráid sainiúil agus bíonn tionchar ríthábhachtach aici ar na fíonghoirt. Agus iad ag achar fada ón Meánmhuir, bíonn an ceo ón bhfarraige an-laghdaithe ag an áit sin. Bíonn an bháisteach idir 800 agus 900 mm, agus maolaíonn sí cineál eisceachtúil aeráid na Meánmhara. Bíonn difríochtaí móra teochta ann idir an lá agus an oíche mar gheall ar na sléibhte atá ann, agus cosnaíonn siad na fíonghoirt ó na gaoithe aduaidh. Cuirtear na fíonghoirt ag airde idir 100 méadar agus 150 méadar den chuid is mó, dá bhrí sin tairbhíonn siad den aeráid Meánmhara faghartha.

Tá rianta de ghníomhaíochtaí fíonsaothrúcháin a théann siar go ré na Rómánach le fáil sa limistéar seo. Le linn na Meánaoiseanna, bhíodh mainistir Aniane agus mainistir Saint-Guilhem mar an fhoinse agus forbraíodh na gníomhaíochtaí thar líonra de mhainistreacha in Impireacht na gCairilínseach. An tráth sin, bhíodh ról fíor-riachtanach ag manaigh Bheinidicteacha i gcleachtais fíonsaothrúcháin a chaomhnú agus a scaipeadh. Nuair a bhíodh cinntí á ndéanamh faoin áit le mainistir a bhunú, chuirtí an fhéidearthacht a bhain le fíniúnacha a fhás go rathúil san áireamh.

Is seoid den ealaín Rómhánúil é bardas Saint-Guilhem-le-Désert, tá an áit lán le stair agus é mar áit sosa ar an Camino de Santiago agus ainmnithe mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO. Tá sé i gcroílár an limistéir gheografaigh táirgthe agus is as an dúiche sin a fhaigheann TGFC a ainm.

Tá an limistéar cumhdaithe go príomha le coillearnach nádúrtha de dhair thoilm agus péine, nó le scrobarnach Meánmhara (garrigue). Is é an tírdhreach sin a chumasaíonn daoine le tabhairt faoi chineálacha éagsúla feirmeoireachta: ag fás gránach agus ológ nó ag tógáil beostoic. Tháinig méadú suntasach ar fhíonsaothrú ag deireadh an 19ú céad nuair a forbraíodh trádáil.

Bhronn foraithne an 5 Aibreán 1982 stádas “Vin de Pays” ar chúig bhardas agus orthu siúd amháin. I bhfianaise na ndálaí ithreach agus aeráide comhchoiteanna, ba mhian le saothróirí fíona gar don limistéar cur leis an limistéar táirgthe. Cumhdaíonn sé 71 bhardas a tháirgeann idir 30 000 agus 40 000 heictilítear d’fhíonta dearga, rosé agus geala anois.

Cumasaíonn dhá aonad gheografacha níos lú, Cité d’Aniane agus Val de Montferrand, táirgeoirí a bhfíonta a shainaithint ar bhealach níos sonraí. Táirgtear fíonta ag a bhfuil an tásc “Val de Montferrand” ó líon níos teoranta cineálacha fíonchaoire. Is é 70 heictilítear in aghaidh an heicteáir an toradh uasta, rud a chiallaíonn go mbíonn na fíonta an-tiubhaithe. Déantar fíonta ag bhfuil an tásc “Cité d’Aniane” as fíonchaora a bhuaintear i gcríocha bhardas Aniane amháin.

An-luath sa ghnó seo, mhéadaigh saothróirí fíona a bpailéad de chineálacha fíonchaoire d’fhonn fíonta a léiríonn na hithreacha aolchloiche agus dálaí aeráide, atá fabhrach d’aibiú mall, ina n-iomláine. Anuas ar na cineálacha Meánmhara, tháinig cineálacha ó réigiúin eile freisin amhail Cabernet-Sauvignon agus Merlot i gcás na bhfíonta dearga, agus Chardonnay, Sauvignon Blanc agus Viognier i gcás na bhfíonta geala.

Baineann úire shuntasach leis na fíonta uile.

Gan beann an mbíonn maothú fada nó gairid, bíonn tainniní thar a bheith mín sna fíonta dearga. Baineann déine chumhra ard leis na fíonta rosé agus na fíonta geala araon.

8.2.   Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Tá aeráid áirithe sa limistéar agus is mar gheall ar an aeráid sin a fhéachann saothróirí fíona leis na bealaí is fearr a aimsiú chun a gcineálacha a oiriúnú don talamh. Is mar gheall ar chineál faidréiseach na haeráide agus an éagsúlacht shuntasach sa teocht gur féidir na cineálacha Meánmhara agus iad siúd a chuirtear níos déanaí a aibiú go mall agus cothrom. Bíonn tionchar dearfach aige sin ar cháilíocht na polaifeanól le haghaidh na bhfíonta dearga agus ar dhéine agus caolchúis chumhra na bhfíonta rosé agus geala. Dá bhrí sin baineann tíopacht shonrach leis na fíonta uile, cibé an gcuirtear ar an margadh láithreach iad nó an gcoinnítear iad.

Is dáileachtaí beaga atá sna fíonghoirt. Cuireadh iad i limistéir d’fhánaí aolchloiche den chuid is mó, gné atá sainiúil don réigiún. Teorannaíonn an tír-raon fuinneamh na bhfíniúnacha go nádúrtha a ligeann do na fréamhacha dul chomh domhain sa talamh gur féidir leis na fíniúnacha an triomach le linn an tsamhraidh a sheasamh. Is minic a bhíonn na fíonghoirt lonnaithe i limistéir nádúrtha atá faoi réir cosaint chomhshaoil. Cruthaíonn na fíniúnacha tírdhreach an-sonrach i limistéar a mbíonn an-tóir agus an-mheas ag turasóirí air. Spreagann na nithe sin na saothróirí fíona sa lá atá inniu ann. I gcás na saothróirí fíona, táirgtear an fíon is fearr nuair a chosnaítear a limistéir tháirgthe, chomh maith le turasóireacht fíona a fhorbairt ag an am céanna.

Dá bhrí sin, tá sineirge idir saothróirí fíona agus cuairteoirí ar Mhainistir Saint-Guilhem-le-Désert, áit a dtagann thart ar 800 000 cuairteoir gach bliain. Ag oibriú as lámh a chéile cuireann siad le gníomhaíocht eacnamaíoch limistéar intíre Hérault.

Baineann an t-ainm, Saint-Guilhem-le-Désert, leis an mainistir, na blianta fada staire a bhaineann léi agus leis na fíonta ag a bhfuil TGFC. Tá cáil mhór ar an áit lasmuigh den Fhrainc sa lá atá inniu ann.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

D’fhéadfadh na tásca a leanas a bheith ar fhíonta neamhcharbónáitithe ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint “Saint-Guilhem-le-Désert”:

ainm cineáil fíonchaoire amháin nó níos mó;

An focal “primeur” (“luath”) nó “nouveau” (“nua”).

D’fhéadfadh na haonaid gheografacha níos lú “Cité d’Aniane” agus “Val de Montferrand” teacht i ndiaidh thásc geografach faoi chosaint “Saint-Guilhem-le-Désert”, i gcomhréir leis an tsonraíocht.

Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta “Vin de pays” in ionad an téarma “Indication géographique protégée” (tásc geografach faoi chosaint), ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

An limistéar i ndlúthghaireacht, arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh agus forbairt fíonta, ar fíonta iad ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint “Saint-Guilhem-le-Désert”, áirítear ann na bardais máguaird a leanas:

Roinn Hérault: Aumelas, Brignac, Buzignargues, Canet, Castelnau-le-Lez, Castries, Celles, Clermont-l’Hérault, Fozières, Galargues, Grabels, Juvignac, La Vacquerie-et-Saint-Martin-de-Castries, Lacoste, Lansargues, Lattes, Le Crès, Le Puech, Lodeve, Mauguio, Montarnaud, Montaud, Mudaison, Popian, Pouzols, Saint-Aunès, Saint-Bauzille-de-la-Sylve, Saint-Etienne-de-Gourgas, Saint-Génies-des-Mougues, Saint-Jean-de-Védas, Saint-Maurice-Navacelles, Saint-Paul-et-Valmalle, Saint-Pierre-de-la-Fage, Soumont, Valergues agus Vendargues.

Roinn Gard: Carnas, La Cadiere-et-Cambo, Liouc, Montdardier, Orthoux-Sérignac-Quilhan, Pompignan, Rogues, Saint-Hippolyte-du-Fort, Saint-julien-de-la-Nef, Saint-Laurent-le-Minier, Sardan, Sauve agus Sumène.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-770aea9b-b2c6-4aa0-ae5b-7f1f81ec19c3


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/20


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 351/09)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG ATHRÚ AN DOICIMÉID AONAIR

“Montsant”

PDO-ES-A1550-AM05

Dáta teachtaireachta: 20.6.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

Athrú ar uasteorainn aigéadachta luainí

Tuairisc:

Athraíodh teorainn uasta na haigéadachta luainí le haghaidh fíonta geala, rosé agus fíonta dearga atá níos mó ná 1 bhliain d’aois. Ní raibh aon teorainn shonraithe ann d’fhíonta geala agus rosé atá níos mó ná 1 bhliain d’aois. Maidir le fíonta dearga, leasaíodh an fhoclaíocht “...féadfaidh sé méadú 0,06 g/l le haghaidh gach céim d’alcól os cionn 11 % de réir toirte agus gach bliain de thabhairt chun cineáil, suas go dtí uasmhéid de 1,2 g/l.” go “ó bhliain amháin de thabhairt chun cineáil ar aghaidh, féadfaidh 1,2 g/l a bheith i dteorainn uasta na haigéadachta luainí”.

Déanann an leasú seo difear do phointe 2.2 den tsonraíocht táirge agus do phointe 4 den doiciméad aonair.

Meastar gur leasú caighdeánach é mar ní bhaineann sé le haon cheann de na catagóir a liostaítear in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018.

Cúiseanna:

Cleachtas coiteann is ea d’fhíonta dearga, geala agus rosé STFC Montsant a thabhairt chun cineáil. Is gnách, dá bhrí sin, go mbeadh aigéadacht luaineach i bhfíonta dearga, geala agus rosé de bhreis ar an 0,80 g/l a leagtar síos sa tsonraíocht maidir le fíonta atá níos óige ná 1 bhliain d’aois. Ardaítear leis an leasú seo cion na haigéadachta luainí a cheadaítear chuig na teorainneacha arna leagan síos ag an Aontas Eorpach, is iad sin 1,2 g/l le haghaidh fíonta dearga agus 1,08 g/l le haghaidh fíonta geala agus rosé.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Montsant

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

4.   Tuairisc ar an bhfíon nó ar na fíonta

1.   Fíon geal

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Glé, agus toin air i raon idir dath buí ar dhath na líomóide agus dath buí ar dhath na tuí, agus dathanna a d’fhéadfadh a bheith dian agus órga. Dea-bholaithe galánta agus fíneálta de thorthaí aibí, mil agus torthaí triomaithe (aibreoga/péitseoga triomaithe). Mín, agus an mhilseacht go mór chun cinn ann agus é blasta. Iarbhlas a mhaireann go han-fhada.

*

Ó 1 bhliain amháin de thabhairt chun cineáil ar aghaidh, féadfaidh 1,08 g/l (18 meq/l) a bheith san aigéadacht luaineach uasta.

*

Dé-ocsaíd sulfair uasta: 200 mg/l má tá an cion siúcra níos lú ná 5 g/l agus 250 mg/l má tá sé cothrom le nó níos mó ná 5 g/l.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

11,5

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

13,33

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Fíon rosé

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Lonrach, dian agus de dhath glé. Dea-bholaithe torthaíocha agus / nó bláthacha, ruainnín silín aibí agus sú talún, le torthaí foraoise. Galánta, milis agus le carachtar.

*

Ó 1 bhliain amháin de thabhairt chun cineáil ar aghaidh, féadfaidh 1,08 g/l (18 meq/l) a bheith san aigéadacht luaineach uasta.

*

Dé-ocsaíd sulfair uasta: 200 mg/l má tá an cion siúcra níos lú ná 5 g/l agus 250 mg/l má tá sé cothrom le nó níos mó ná 5 g/l.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

12

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

13,33

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Fíon dearg

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Ag brath ar aois na bhfíonta, bíonn dathanna difriúla orthu agus imireacha difriúla iontu. Athraíonn siad sin ó thoin atá níos deirge (dearg ar dhath an tsilín) go horáiste de réir mar a théann siad in aois (terracotta, ómra). Dea-bholaithe nasctha leis na cineálacha dúchasacha, torthaí an-aibí, lena n-áirítear rísíní, agus dea-bholaithe balsamacha agus spíosraithe. Tathagach agus maothlach, agus iarbhlasanna a mhaireann níos faide air agus tainniní aibí ann. Veilbhitiúil.

*

Ó 1 bhliain amháin de thabhairt chun cineáil ar aghaidh, féadfaidh 1,08 g/l (18 meq/l) a bheith san aigéadacht luaineach uasta.

*

Dé-ocsaíd sulfair uasta: 150 mg/l má tá an cion siúcra níos lú ná 5 g/l agus 200 mg/l má tá sé cothrom le nó níos mó ná 5 g/l.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

12,5

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

13,33

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   Fíon licéir

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon Rancio: a tháirgtear trí thabhairt chun cineáil ocsaídiúcháin i mbairillí adhmaid agus / nó tríd an modh “sol y serena” a úsáid (an fíon a fhágáil lasmuigh agus é a chur faoi réir teochtaí athraitheacha oíche agus lae), rud a chuireann dlús leis an ocsaídiú. Glan agus gléigeal. Boladh casta, bolaithe de spíosraí agus cnónna, tóstáilte. Tirim. Tathagach.

Fíon Mistela rosé agus geala: dath idir mil dhomhain agus oráiste. Dea-bholaithe de mhil, agus blasanna de thorthaí citris air. Iarbhlas milis go príomha a choinníonn na dea-bholaithe torthaíocha sin.

Grenache: treisithe le halcól fíonchaor. Dath oráiste, a fhorbraíonn beagán. Casta, blasanna de chitreas. Neart alcóil iarbhír íosta: 15,5 % de réir toirte.

Vimblanc: déantar é ag baint úsáide as fíonchaora Pansal ró-aibí.

Fíon atá milis go nádúrtha: úrfhíonta le cion ard siúcra níos mó ná 272 gr/l, nó leathchoipthe. Glé. Raon ton. Casta agus cothrom.

*

Dé-ocsaíd sulfair uasta: 150 mg/l má tá an cion siúcra níos lú ná 5 g/l agus 200 mg/l má tá sé cothrom le nó níos mó ná 5 g/l.

*

I gcás teorainneacha nach bhfuil sonraithe, ní mór an reachtaíocht atá i bhfeidhm a chomhlíonadh.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Nert alcóil iomlán uasta (mar % den toirt)

 

Neart alcóil iarbhír íosta (mar % den toirt)

15

Aigéadacht iomlán íosta

ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Cleachtas saothraithe

Má mheasann comhlacht bainistíochta an tsonrúcháin thionscnaimh go ndéantar dochar don cháilíocht leis an uisciú nó go bhféadfadh sé a bheith ina shárú ar na rialacha, féadfaidh sé an cleachtas sin a thoirmeasc ar dháileacht shonrach.

Ní mór a bheith an-chúramach agus na fíonchaora á mbuain. Ní fhéadfar na fíonta a chumhdaítear leis an STFC, a dhéanamh ach amháin as fíonchaora atá aibí a ndóthain chun fíonta a bhfuil neart alcóil nádúrtha íosta 10 % de réir toirte iontu nó níos mó agus, i gcás fíonta licéir, 12 % de réir toirte nó níos mó.

2.   Srian a bhaineann le fíonóireacht

Ba cheart brú iomchuí a chur i bhfeidhm chun an úrfhíon nó an fíon a eastóscadh agus sin a dhealú ón marc, ionas nach bhfaightear níos mó ná 74 lítear fíona in aghaidh gach 100 cileagram fíonchaor a bhuaintear.

5.2.   Táirgeacht uasta

1.

Cineálacha fíonta geala

12 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.

 

88,8 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Cineálacha fíonchaor dearg

10 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

4.

 

74 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Is éard atá i limistéar táirgthe na bhfíonta atá clúdaithe leis an STFC “Montsant” dáileachtaí fíonghoirt atá lonnaithe sna bardais/limistéir geografacha a liostaítear thíos. Tá na dáileachtaí sin den cháilíocht is gá chun fíonta ag bhfuil na saintréithe sonracha atá cosanta faoin STFC a tháirgeadh.

Na bardais a leanas, ina n-iomláine:

La Bisbal de Falset

Cabacés

Capçanes

Cornudella de Montsant

La Figuera

Els Guiamets

Marçà

Margalef

El Masroig

Pradell de la Teixeta

La Torre de Fontaubella

Ulldemolins

Chomh maith le, codanna de na bardais seo a leanas:

Falset:

Polagáin 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 23, 26, 27, 28, 29, 30 agus 31.

Polagáin 2: dáileachtaí 1 go 37, 41 go 70, 72 go 91, an chuid theas de 93 (1.631 ha), 94, 95, cuid de 102 (2.5052 ha), 125, 127, 132 go 135, 137 go 145, 148 agus 151 go 153.

Polagáin 3: an chuid theas de dháileacht 47 (2.1549 ha), dáileachtaí 48 agus 49, an chuid theas de dháileacht 50 (1.419 ha), an chuid theas de dháileacht 52 (1.7365 ha), an chuid theas de dháileacht 53 (1.2894 ha) agus dáileacht 64.

Polagáin 19: an chuid theas de dháileacht 28 (1.0809 ha), an chuid theas de dháileacht 29 (12.2046 ha), dáileachtaí 30 go 36, 38 go 46 agus 48 go 58.

Polagáin 20: dáileachtaí 1 go 17, 23 go 26, an chuid theas de 27 (2.45 ha), an chuid theas de 28 (1.4096 ha), 29, 30, 32, 33, 59 go 64, an chuid theas de 65 (0.5789 ha), 66, 68, 72, 73, 74, 79 agus 80.

Polagáin 22: dáileachtaí 1 go 24, agus 41.

Polagáin 24: dáileachtaí 1 go 8, 10, 31 go 35, 37, 49 go 52, 54, 55, 57 go 60.

El Molar:

Polagáin 1, 2, 3, 11 go 16.

Polagáin 4: dáileachtaí 1 go 7, an chuid thiar de dháileacht r8 (0.5515 ha), 15 go 17, 34, 35, 41, 43, 47, 48, 56, 58, 61, 64, 66, 67 agus 69 go 71.

Polagáin 8: dáileachtaí 3 go 18, 20 go 28, 199, 200 agus 202.

Polagáin 9: dáileachtaí 1, 27 go 32, 35 go 37, 47 go 55.

Polagáin 10: dáileachtaí 1 go 7, 9 go 12, 29 go 34, 45 go 47, 66 go 71 agus 73.

Garcia:

Polagáin 3: dáileacht 66.

Polagáin 6: dáileachtaí 101, 105, 111 go 113.

Polagáin 7, 8, 9, 10, 11.

Polagáin 12: dáileachtaí 1 go 13, 17 go 38, 45, 133 agus 134.

Polagáin 13: dáileachtaí 70 go 102, 104, 111, 220 go 226, 228 go 234, 314 agus 315.

Polagáin 15: dáileacht 3.

Polagáin 22: dáileacht 65.

Polagáin 23: dáileachtaí 26 go 43, 60 go 68, 70, 72 go 78, 80, 81, 83, 84, 86, 87 agus 88.

Mora le Nova:

Polagáin 4: dáileachtaí 69, 70, 113 agus 120.

Polagáin 5.

Polagáin 6: dáileachtaí 3 go 15, 20 go 27, 30 go 54, 56, 57, 58, 59 agus 61 go 73.

Polagáin 7: dáileachtaí 8, 9, 10, 14, 16, 24, 30 go 46, 48, 49, 50, 56 agus 59 go 66. Polagáin 8: dáileachtaí 76 go 89, 91 go 97, 99, 100, 101, 102, 105 agus 106.

Polagáin 9: dáileachtaí 38 go 48, 50, 51, 52, 53, 55, 56, 57, 58, 73 agus 74.

Polagáin 10: dáileacht 8.

Polagáin 13: dáileacht 99.

Tivissa:

Polagáin 2, 4, 6 go 12 agus 21 go 23.

Polagáin 17: dáileachtaí 238 go 251, 253 agus 254.

Polagáin 24: dáileacht 29.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

CABERNET SAUVIGNON

GARNACHA BLANCA

GARNACHA TINTA

MAZUELA – CARIÑENA

MAZUELA – SAMSÓ

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

8.1.   Fíon geal

Táirgtear fíonta geala beagnach go heisiach ó dhá chineál traidisiúnta an limistéir: Garnacha Blanca agus Macabeo. Cé go dtáirgeann Macabeo fíonta níos fíneálta, tá Garnacha Blanca, a bhfuil níos mó tathaig agus struchtúir aige, an-oiriúnach chun fíonta crianza a tháirgeadh agus chun é a choipeadh i ndair-bhairillí, d’ainneoin a chlaonadh nádúrtha chun ocsaídiú. Cuireann an chuid eile de na cineálacha geala (Chardonnay, Pansal, Moscatel de Grano Menudo, Parellada agus Picapoll Blanco) ruainnín leis an gcumasc deiridh.

8.2.   Fíon dearg agus fíon rosé

Faightear na cineáil Mazuela (Samsó) agus Garnacha Tinta ar fud limistéar an STFC. Táirgeann siad fíonta tathagacha atá an-oiriúnach lena dtabhairt chun cineáil, go háirithe má rialaítear táirgeacht na fíniúna agus má úsáidtear próisis fíonóireachta oiriúnacha. Is é Ull de Llebre an cineál is coitianta sa chuid theas, áit a bhfuil sé níos teo. Oiriúnaíonn na cineálacha fíonchaoire deirge eile (Cabernet Sauvignon, Garnacha Peluda, Merlot, Monastrell, Picapoll Tinto, Syrah), a fhaightear i gcainníochtaí i bhfad níos lú, go maith do na fíonghoirt éagsúla i limistéar an STFC, rud a chruthaíonn táirgí ar ardcháilíocht atá cothromaithe, aramatach agus tathagach agus a sholáthraíonn an tréith idirdhealaitheach sna cumaisc dhifriúla.

8.3.   Fíonta licéir

Tá traidisiún domhain ann maidir le fíonta licéir a tháirgeadh ar fud thuaisceart chúige Tarragona, agus ní haon eisceacht é an STFC “Montsant”. Roimhe seo, nuair a rinneadh fíonta sa bhaile le haghaidh tomhaltas baile, ba ghnách bairille amháin d’fhíon rancio agus bairille amháin d’fhíon milis a bheith ag daoine. Tá táirgeadh fíonta licéar traidisiúnta i bhfad níos córasaí na laethanta seo, ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil an áit bheag a bhí aige sa táirgeadh iomlán caillte aige.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór na fíonta a bhuidéalú i bhfíonlanna buidéalaithe cláraithe. Tá sé d’aidhm aige sin tionscnamh agus cáilíocht bhunúsach na bhfíonta a ráthú trí iompar i mbulc lasmuigh den limistéar táirgthe a sheachaint. Mura n-iompraítear na fíonta faoi choinníollacha áirithe a bhunaítear ar bhonn measúnú aonair agus imthosca gach cáis ar leith á gcur san áireamh, féadfar iad a chur faoi réir dálaí comhshaoil míchuí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá dtréithe orgánaileipteacha.

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll breise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór na carachtair a úsáidtear chun “Montsant” a chur in iúl a bheith idir 3 mm agus 6 mm ar airde, agus ba cheart na carachtair a úsáidtear le haghaidh “Denominación de Origen” (“Ainmniúchán tionscnaimh”) a bheith ar leath na hairde sin.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://incavi.gencat.cat/.content/005-normativa/plecs-condicions-do-catalanes/Arxius-plecs/Pliego-de-Condiciones-DOP-Montsant-ctrl-canvis.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


14.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 351/27


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 351/10)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Coteaux de Béziers”

PGI-FR-A1146-AM03

Dáta teachtaireachta: 7 Iúil 2022

TUAIRISC AR AGUS CÚISEANNA LEIS AN LEASÚ FORMHEASTA

1.   Limistéar díreach in aice láimhe

Baineann Caibidil 1, pointe 4, den tsonraíocht leis na limistéir gheografacha ina dtugtar faoi na hoibríochtaí éagsúla. Atáirgeadh Pointe 4.2, ina sainítear an limistéar atá díreach in aice láimhe, gan leasú mar liosta de bhardais i gcomhréir leis an gCód Tíreolaíoch Oifigiúil. Aithnítear agus bunaítear leis an gCód liosta de bhardais de réir roinne ar an leibhéal náisiúnta. Leis an leasú dréachtaithe seo, ligtear don limistéar atá díreach in aice láimhe a bheith aitheanta le tagairt do leagan 2021 den Chód Tíreolaíoch Oifigiúil, a d’fhoilsigh an Institiúid Náisiúnta Staidrimh agus Staidéar Eacnamaíoch (INSEE). Leis sin tugtar deimhneacht dhlíthiúil do shainiú an limistéir atá díreach in aice láimhe.

Rinneadh an doiciméad aonair a thabhairt cothrom le dáta leis an tagairt sin faoin gceannteideal “Coinníollacha breise – limistéar díreach in aice láimhe”.

2.   Cineálacha fíniúna

I gCaibidil 1, pointe 4 den tsonraíocht le haghaidh TGFC “Coteaux de Béziers”, maidir le cineálacha fíonchaoire,

Cuireadh na cineálacha a leanas leis:

“Assyrtiko B, Bronner B, Cabernet Blanc B, Carricante B, Fiano B, Floreal B, Johanniter B, Muscaris B, Saphira B, Sauvignac B, Solaris B, Soreli B, Souvigner Gris B, Verdejo B, Voltis B, Agiorgitiko N, Artaban N, Cabernet Cortis N, Calabrese N, Monarch N, Montepulciano N, Moschofilero Rs, Pinotin N, Primitivo N, Prior N, Roditis Rs, Saperavi N, Touriga Nacional N, Vidoc N, Xinomavro N.”

Tá na cineálacha a cuireadh san áireamh sa tsonraíocht níos frithsheasmhaí in aghaidh galair fhungasacha, agus tá siad oiriúnaithe ar bhealach níos fearr don athrú aeráide. Meaitseálann na cineálacha sin próifíl na bhfíonta ag a bhfuil an tásc geografach faoi chosaint.

Baineadh an cineálacha a leanas, nach bhfástar i bhfíonghoirt atá cumhdaithe faoi TGFC:

“Aranel N, Clairette rose Rs, Jurançon noir N, Manseng noir N, Maréchal Foch N, Muscat à petits grains rouges Rg, Muscat à petits grains roses Rs, Savagnin Rose Rs, Altesse B, Arriloba B, Aubin B, Aubin Vert B, Auxerrois B, Jurançon blanc B, Melon B, Merlot blanc B, Mondeuse blanche B, Müller-Thurgau B, Muscadelle B, Muscat cendré B, Pinot Blanc B.”

Rinneadh na leasuithe sin ar na cineálacha fíonchaoire a ionchorprú sa roinn maidir le “Cineálacha fíonchaoire fíona” sa doiciméad aonair.

3.   Comhlacht cigireachta

I gcaibidil 3 den tsonraíocht le haghaidh TGFC “Coteaux de Béziers”, nuashonraíodh an fhoclaíocht sa phointe a bhaineann leis an gcomhlacht rialaithe, gan aon athrú.

Ní dhéanann an nuashonrú sin difear don doiciméad aonair.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(neacha)

Coteaux de Béziers

2.   Cineál táisc gheografaigh

TGFC – Tásc geografach faoi chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

4.   TUAIRISC AR AN bhfíon (AR NA FÍONTA)

1.   Fíonta dearga ag a bhfuil TGFC “Coteaux de Béziers”

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Ní úsáidtear an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Béziers” ach le haghaidh fíonta neamhcharbónáitithe amháin.

Is as cineálacha Grenache, Syrah, Merlot nó Cabernet Sauvignon a dhéantar na fíonta dearga go príomha agus déantar fíonta ina bhfuil aon chineál amháin nó déantar meascán de dhá cineál. Bíonn réimse dathanna acu ó dhath dorcha an rúibín go dath an ghairnéid le himireacha corcra. Is iad na dea-bholaithe is mó a bhaineann leo bolaithe de thorthaí dearga agus dubha agus forbraíonn na bolaithe sin chun mionbholaithe de mhiontas, liocras agus spíosraí. Bíonn na fíonta caoin sa bhéal, agus bíonn dea-bholaithe de thorthaí dearga go príomha ann, le cothromaíocht ansin idir tainniní láidre agus maothlachas torthaíoch.

Maidir leis na critéir anailíseacha seachas neart iarbhír alcóil íosta de réir toirte, comhlíonann na fíonta na teorainneacha a leagtar síos le rialacha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   Fíonta rosé ag a bhfuil TGFC “Coteaux de Béziers”

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Ní úsáidtear an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Béziers” ach le haghaidh fíonta neamhcharbónáitithe amháin.

Is as cineálacha Cinsault, Grenache agus Syrah a dhéantar na fíonta rosé go príomha, agus déantar fíonta ina bhfuil aon chineál amháin nó déantar meascán de dhá cineál. Bíonn dath idir bándearg éadrom agus dath bándearg an bhradáin orthu. Baineann boladh fíneálta leo, le dea-bholaithe de thorthaí dearga beaga agus bolaithe aimile orthu. Bíonn siad bog, maoth agus maothlach sa bhéal, múchann siad an tart agus bíonn siad blasta.

Maidir leis na critéir anailíseacha seachas neart iarbhír alcóil íosta de réir toirte, comhlíonann na fíonta na teorainneacha a leagtar síos le rialacha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   Fíonta geala ag a bhfuil TGFC “Coteaux de Béziers”

TUAIRISC ACHOMAIR I SCRÍBHINN

Ní úsáidtear an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Béziers” ach le haghaidh fíonta neamhcharbónáitithe amháin.

Déantar fíonta geala mar fhíonta aonchineálacha nó fíonta ina bhfuil meascán de chineálacha as Chardonnay, Sauvignon, Viognier, Vermentino, Marsanne agus Grenache Blanc. Bíonn dath órga buí glan le himreacha glasa orthu. Is saintréith ar leith an dea-bholadh a bhíonn orthu, agus é mar bholadh de thorthaí coimhthíocha agus citris. Is fíonta beoga agus cothroma iad agus bíonn úire dheas acu sa bhéal.

Maidir leis na critéir anailíseacha seachas neart iarbhír alcóil íosta de réir toirte, comhlíonann na fíonta na teorainneacha a leagtar síos le rialacha an Aontais.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

9

Íosmhéid aigéadachta iomláine

 

Uasmhéid aigéadachta luainí (mar mhilleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (i milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais maidir le fíonóireacht

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

Ní mór do na cleachtais déanta fíona uile na ceanglais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus sa Chód Tuaithe agus Iascaireachta Muirí a chomhlíonadh.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Fíonta ag a bhfuil TGFC “Coteaux de Béziers”

110 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Maidir leis na fíonta a bhaineann leas as an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Béziers”, ní mór gur ar chríoch na mbardas seo a leanas de chuid roinn Hérault a dhéantar na fíonchaora a bhuain, an fhíonóireacht agus táirgeadh na bhfíonta:

Bassan, Béziers (seachas na limistéir AI, AH, AK, AL, AM, AV, AW, AX, AY, AZ, BC, BD (bruach clé Lirou), BM, BN, BT agus BV), Boujan-sur-Libron, Cers, Corneilhan, Lieuran-lès-Béziers, Lignan-sur-Orb, Pailhès, Portiragnes, Sauvian, Sérignan, Servian (limistéar C1), Thézan-lès-Béziers (bruach clé Orb), Valras, Vendres (an bardas iomlán seachas limistéar BR), Vias agus Villeneuve-lès-Béziers.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

Agiorgitiko N

Alicante Henri Bouschet N

Alvarinho – Albariño

Aramon N

Aramon blanc B

Aramon gris G

Arinarnoa N

Artaban N

Arvine B – Petite Arvine

Assyrtiko B

Aubun N – Murescola

Bourboulenc B – Doucillon blanc

Bronner B

Cabernet Blanc B

Cabernet Cortis N

Cabernet Franc N

Cabernet-Sauvignon N

Calabrese N

Caladoc N

Carignan N

Carignan blanc B

Carmenère N

Carricante

CHARDONNAY B

Chasan B

Chenanson N

Chenin B

Cinsaut N – Cinsault

Clairette B

Colombard B

Côt N - Malbec

Egiodola N

Fer N – Fer Servadou, Braucol, Mansois, Pinenc

Fiano

Floreal B

Gamay N

Ganson N

Gewurztraminer Rs

Grenache N

Grenache Blanc B

Grenache Gris G

Gros Manseng B

Johanniter B

Lledoner pelut N

Macabeu B – Macabeo

Marsanne B

Marselan N

Mauzac B

Mauzac rose Rs

Merlot N

Meunier N

Monarch N

Mondeuse N

Montepulciano

Morrastel N – Minustellu, Graciano

Moschofilero Rs

Mourvèdre N – Monastrell

Muscardin N

Muscaris B

Muscat d’Alexandrie B – Muscat, Moscato

Muscat de Hambourg N – Muscat, Moscato

Muscat à petits grains blancs B - Muscat, Moscato

Nielluccio N – Nielluciu

Négrette N

Parrellada B

Petit Manseng B

Petit Verdot N

Picardan B – Araignan

Pinot Gris G

Pinot Noir N

Pinotin N

Piquepoul blanc B

Piquepoul gris G

Piquepoul noir N

Plant droit N - Espanenc

Portan N

Primitivo N – Zinfandel

Prior N

Riesling B

Rivairenc N - Aspiran noir

Roditis Rs

Roussanne B

Saperavi N

Saphira B

Sauvignac

Sauvignon B – Sauvignon Blanc

Sauvignon Gris G – Fié Gris

Sciaccarello N

Sémillon B

Solaris B

Soreli B

Souvignier Gris Rs

Sylvaner B

Syrah N – Shiraz

Tannat N

Tempranillo N

Terret blanc B

Terret gris G

Terret noir N

Touriga Nacional N

Ugni Blanc B

Verdejo B

Verdelho B

Vermentino B – Rolle

Vidoc N

Viognier B

Voltis B

Xinomavro N

8.   Tuairisc ar an nasc(na naisc)

8.1.   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tá 17 mbardas i roinn Hérault sa limistéar geografach ina dtáirgtear fíonta ag a bhfuil TGFC “Coteaux de Béziers”, lena n-áirítear baile Béziers atá mar lár geografach an limistéir. Tá na fíonghoirt suite go príomha idir dhá abhainn chósta a shreabhann ó bhunchnoic Cévennes chuig an Meánmhuir: an Libron, abhainn a mhúnlaigh an tírdhreach ina bhfuil cnoic bheaga agus crainn phéine ar a mbarr agus an Orb, a mbreathnaíonn Ard-Eaglais Béziers, an suaitheantas ar lógó TGFC, anuas uirthi.

Cruthaíodh an snaíochar marla agus aolchloiche a chumhdaíonn an chuid thuaidh den limistéar le linn na Ré Treasaí (Abhantrach Mhéicéineach Hérault). Is sil-leagan glárach ón ré Cheathartha atá le fáil go príomha sa deisceart, go háirithe i bhfoirm léibheann ón ré Villeafrancach. Cumhdaíonn na hithreacha gainmheacha ó “Gaineamh Corneilhan” limistéar mór agus foirmiú iontach geografach a mbaineann tiús 40 m leis in áiteanna. Is mar gheall ar an éagsúlacht sin i ndálaí ithreach go bhfuil an limistéar oiriúnach le haghaidh féidearthachtaí oiriúnaithe maidir le raon leathan cineálacha fíonchaoire.

Baineann an limistéar tairbhe as aeráid Mheánmhara agus í fabhrach don fhíonsaothrúchán a bhuí leis an samhradh te agus tirim agus an geimhreadh séimh, agus dhá thréimhse fhliucha ann le linn an fhómhair agus an earraigh. Bíonn na teochtaí ard go leor feadh thréimhse fáis na bhfíniúnacha d’fhonn aibiú maith na bhfíonchaor a áirithiú. Sa chuid den limistéar atá gar don fharraige, maolaíonn an ghaoth farraige an teocht nuair a bhíonn an aimsir te. Bíonn an bháisteach idir 400 mm agus 800 mm sa limistéar, rud a chiallaíonn nach mór aird ar leith a thabhairt ar an gcineál fíonchaoire a úsáidtear de réir a fhrithsheasmhachta i leith an triomaigh.

Cruthaíonn an limistéar conair idir dhá abhainn ina bhfuil talamh dhea-dhraenáilte atá oiriúnach d’fhíonghoirt, osclaíonn sé amach ansin chuig an Meánmhuir agus tairbhíonn sé ón aeráid shéimh agus mheasartha. Tá forbairt eacnamaíoch agus talmhaíochta cheantar Béziers atá mar chuid den limistéar a chumhdaítear faoi TGFC Coteaux de Béziers bunaithe ar na bealaí trádála talún agus abhann ag teacht le chéile.

8.2.   Sainiúlacht an táirge

Bhí na Gréagaigh, na Rómhánaigh, na Gallaigh agus na Catáraigh in ann saothrú na bhfíniúnacha a bhí ann sa réigiún ó thús an tsaoil a choinneáil ar bun agus a mhéadú. Ligeadh an saineolas a fuarthas i gcaitheamh na n-aoiseanna do tháirgeadh raon fíonta dearga, rosé agus geala, agus fíonta milse freisin, lena n-áirítear “Catharoise de Béziers” (a dhéantar as fíonchaora de chineál “Picardin”, a dtugtaí Cinsault air roimhe), gan tagairt a dhéanamh do na biotáillí a dhéantar as Terret-Bourret. Bhí fíor-athbheochan ar fhíonta neamhcharbónáitithe cheantar Béziers i ndiaidh ghéarchéim phylloxera, nach raibh ach tionchar beag aici ar an limistéar. Bhí fíon Béziers i mbarr a réime le linn an dara leath den 19ú céad. D’ainmnigh Béziers é féin mar “phríomhchathair fíona an domhain” mar gheall ar na tiarnaí talún móra a bhunaigh iad féin ann le heastáit a chumhdaíonn na scórtha heicteár agus plódú isteach oibrithe agus an nasc iarnróid.

I ndiaidh 1950, tháinig meath ar an méid fíona a bhí á ól ar feadh tréimhse. Rinne na saothróirí fíniúnacha in Languedoc iarracht mhór mar sin a bhfíonghoirt a oiriúnú i dtreo fíniúnacha ag a bhfuil torthaí níos ísle agus fíonta a bhí níos oiriúnaí do spéiseanna na gcustaiméirí a tháirgeadh.

Seoladh táirgeadh “vins de pays” sna 1970idí, agus aithníodh é i bhforaithne in 1982 agus tá fás tapa ag teacht air. I láthair na huaire, roinntear táirgeadh fíonta ag a bhfuil TGFC “Coteaux de Béziers” idir 5 shílear chomhoibritheacha agus 15 shílear aonair. Ag brath ar rogha phearsanta gach táirgeora, díríonn margaíocht faoi TGFC “Coteaux de Béziers” ar an dá chineál fíona a leanas i gcionta éagsúla:

fíonta a dhéantar as meascán de chineálacha fíonchaoire atá traidisiúnta sa réigiún, amhail Grenache, Carignan, Cinsault agus Mourvèdre, le cineálacha cáiliúla a thionscnaíonn i réigiúin fíonshaothrúcháin eile,

fíonta “cineáil” a dhéantar as cineál amháin, Merlot, Cabernet Sauvignon, Syrah, Chardonnay nó Sauvignon den chuid is mó.

A bhuí leis an máistreacht a bhaineann leis na cineálacha sin a mheascadh, léirítear an carachtar uile a bhaineann leis an talamh ar fhánaí Coteaux de Béziers atá oiriúnach chun fíonta a shaothrú agus fíonta dearga, geala nó rosé a tháirgeadh. De thoradh ar na táirgí ardcháilíochta a bhaineann leo, cruthaíodh fíonghoirt “Coteaux de Béziers” le bheith seasmhach le himeacht ama chun freastal ar riachtanais agus éilimh custaiméirí agus trádálaithe. Is mar gheall ar an tseasmhacht sin a d’fhás fíorthraidisiún fíonshaothrúcháin timpeall Béziers.

Baineann saintréithe de dhea-bholaithe príomha leis na fíonta dearga agus is iad na bolaithe torthaíocha na cinn is láidre. Bíonn na tainniní bog agus mín, d’fhéadfadh an struchtúr a bheith éadrom nó níos comhsheasmhaí, ach bíonn maothlachas ann i gcónaí, go háirithe ag an deireadh agus bíonn sé séimh agus ní bhíonn sé róshearbh.

Bíonn dath bándearg éadrom an bhradáin ar na fíonta rosé. Is táirge tarraingteach iad na fíonta sin le haghaidh tomhaltóirí mar gheall ar na dea-bholaithe a bhíonn orthu, an maothlachas sa bhéal a bhaineann leo agus an chaoi a múchann siad an tart.

Forbraíonn na fíonta geala dea-bholaithe príomha a mbíonn torthaí le brath go láidir iontu. Tagann an chothromaíocht a bhaineann leo ón aigéadacht leordhóthanach atá iomchuí don tiúchan fíona, rud a chruthaíonn úire sa bhéal.

8.3.   Nasc cúisíoch idir sainiúlacht an limistéir gheografaigh agus sainiúlacht an táirge

Le cúpla scór blianta anuas, chruthaigh comharchumainn neamhspleácha agus saothróirí fíniúnacha fuinneamh úr.

Cruthaíonn an aeráid Mheánmhara the agus thirim, in éineacht le tionchar talmhaíochta-peideolaíoch an dá abhainn ar an dá thaobh de chonair a osclaíonn chuig an Meánmhuir, limistéar de thalamh atá dea-dhraenáilte agus oiriúnach chun cineálacha éagsúla fíonchaoire a fhás, agus iad sonrach mar gheall ar cé chomh torthaíoch a bhíonn siad.

Mhúnlaigh an Libron tírdhreach sonrach de chnoic bheaga ar a bhfuil crainn phéine (nó “les Soubergues” mar a thugtar orthu in Languedoc), áit a gcuirtear cineálacha fíona dheirg go ginearálta, agus is féidir a úsáid chun fíonta rosé dorcha a tháirgeadh freisin. Ar an taobh eile, le himeacht na n-aoiseanna chruthaigh an Orb, a mbreathnaíonn Ard-Eaglais Béziers, an suaitheantas ar lógó TGFC, anuas air, talamh atá níos torthúla agus níos oiriúnaí chun fíonta geala agus roinnt fíonta dearga éadroma a tháirgeadh.

Is mar gheall ar éagsúlacht shonrach na ndálaí talmhaíochta-peideolaíocha a mbaintear lán-chumas na gcineálacha fíonchaoire amach agus a chruthaítear fíonta a mbaineann dea-bholaithe cuimsitheacha agus tiubhaithe leo go sonrach.

Maidir leis na fíonta a tháirgtear faoi TGFC, tairgtear sciar ard fíonta rosé, agus an méid sin beagnach cothrom leis an méid fíonta dearga a tháirgtear. Spreagann na féidearthachtaí a bhaineann leis an margadh do na fíonta sin, a bhíonn an-deas le hól, saothróirí le níos mó fiú a tháirgeadh.

Tá na bardais de cheantar Béziers atá cóngarach an-oiriúnach go nádúrtha don fhíonsaothrúchán, cé go gcruthaíonn turasóireacht agus an cultúr áitiúil (tránna, suíomhanna oidhreachta, “Féria de Béziers”) deis mhaith chun na fíonta a tháirgtear a chur chun cinn agus le háirithiú go dtuigtear go mbaineann siad leis an limistéar áitiúil, mar níl aon dabht go bhfuil fíonta ag a bhfuil TGFC “Coteaux de Béziers” fite fuaite leis an limistéar sin. Is fianaise é díol rialta sciar shuntasaigh de na fíonta a tháirgtear do thomhaltóirí ar an gcoigríoch (i dtíortha Benelux, sa Ghearmáin agus sa Ríocht Aontaithe) ar cháil TGFC “Coteaux de Béziers”. Bíonn na saothróirí fíona páirteach i ngníomhaíochtaí le haghaidh féilte áitiúla a eagrú freisin. Cuidíonn siad le cáil an fhíona a chruthú agus a choinneáil ar bun chomh maith le nasc láidir idir fíon agus an tsochaí i gceantar Béziers.

Léirítear stair agus forbairt dhaonna i réigiún Béziers in “Musée du Biterrois” a bunaíodh in 1834, comhartha ar an dlúthnasc idir an réigiún agus fíonsaothúchán. Tá cuid mhór den Mhúsaem tiomanta d’fhíniúnacha agus do shaol na gcúipéirí agus na bpotadóirí iomadúla a lonnaigh iad féin san áit (ba le hamfaraí a bhítí in ann fíon a iompar chuig an Róimh agus chuig na cúigí).

Tá an nasc sin idir turasóireacht agus fíonsaothrúchán i gcroílár cháil fhíonta “Coteaux de Béziers”.

Is gné ríthábhachtach den saol i gceantar Béziers iad fíniúnacha agus is iad fíniúnacha a threoir agus a leanann de bheith ag treorú fhorbairt an limistéir.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Limistéar díreach in aice láimhe

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise:

Maolú maidir le táirgeadh sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

An limistéar i ndlúthghaireacht arna shainiú ag maolú maidir le táirgeadh agus forbairt fíonta ag a bhfuil tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Béziers”, áirítear ann na bardais a leanas i roinn Hérault, i gcomhréir leis an gCód Geografach Oifigiúil le haghaidh 2021:

Abeilhan, Adissan, Agde, Agel, Aigne, Aigues-Vives, Les Aires, Alignan-du-Vent, Assignan, Aumes, Autignac, Azillanet, Babeau-Bouldoux, Beaufort, Bédarieux, Berlou, Bessan, Béziers (ranna AI, AH, AK, AL, AM, AV, AW, AX, AY, AZ, BC, BM, BN, BT, BV, agus cuid de roinn BD ar bhruach clé Lirou), Boisset, Cabrerolles, Cabrières, Cambon-et-Salvergues, Camplong, Capestang, Cassagnoles, Castanet-le-Haut, Castelnau-de-Guers, La Caunette, Causses-et-Veyran, Caussiniojouls, Caux, Cazedarnes, Cazouls-d’Hérault, Cazouls-lès-Béziers, Cébazan, Cessenon-sur-Orb, Cesseras, Colombières-sur-Orb, Colombiers, Combes, Coulobres, Courniou, Creissan, Cruzy, Espondeilhan, Faugères, Félines-Minervois, Ferrals-les-Montagnes, Ferrières-Poussarou, Florensac, Fontès, Fos, Fouzilhon, Fraisse-sur-Agout, Gabian, Graissessac, Hérépian, Lamalou-les-Bains, Laurens, Lespignan, Lézignan-la-Cèbe, Lieuran-Cabrières, La Livinière, Magalas, Maraussan, Margon, Marseillan, Maureilhan, Minerve, Mons, Montady, Montagnac, Montblanc, Montels, Montesquieu, Montouliers, Murviel-lès-Béziers, Neffiès, Nézignan-l’Évêque, Nissan-lez-Enserune, Nizas, Olargues, Olonzac, Oupia, Pardailhan, Péret, Pézenas, Pézènes-les-Mines, Pierrerue, Pinet, Poilhes, Pomérols, Le Poujol-sur-Orb, Pouzolles, Le Pradal, Prades-sur-Vernazobre, Prémian, Puimisson, Puissalicon, Puisserguier, Quarante, Rieussec, Riols, Roquebrun, Roquessels, Rosis, Roujan, Saint-Chinian, Saint-Étienne-d’Albagnan, Saint-Étienne-Estréchoux, Saint-Geniès-de-Varensal, Saint-Geniès-de-Fontedit, Saint-Gervais-sur-Mare, Saint-Jean-de-Minervois, Saint-Julien, Saint-Martin-de-l’Arçon, Saint-Nazaire-de-Ladarez, Saint-Pons-de-Thomières, Saint-Pons-de-Mauchiens, Saint-Thibéry, Saint-Vincent-d’Olargues, La Salvetat-sur-Agout, Servian (seachas roinn CI), Siran, Le Soulié, Taussac-la-Billière, Thézan-lès-Béziers (codanna de ranna AR agus AS atá lonnaithe ar bhruach deis an Orb), Tourbes, La Tour-sur-Orb, Usclas-d’Hérault, Vailhan, Valros, Vélieux, Vendres (roinn BR), Verreries-de-Moussans, Vieussan, Villemagne-l’Argentière agus Villespassans.

Lipéadú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál an choinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Féadfar ainm cineáil fíonchaoire amháin nó níos mó a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Béziers”.

Féadfar na téarmaí “primeur” nó “nouveau” a chur leis an tásc geografach faoi chosaint “Coteaux de Béziers”.

Nuair a chuirtear an téarma traidisiúnta “Vin de Pays” in ionad an téarma “Indication géographique protégée” (tásc geografach faoi chosaint), ní mór lógó TGFC an Aontais Eorpaigh a bheith ar an lipéad.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-5c95eaef-900f-4ec5-b542-c3e7389e557b


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.