ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 346

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
9 Meán Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 346/01

Gníomhartha an Choimisiúin a tharraingt siar

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 346/02

Rátaí malairte an euro — 8 Meán Fómhair 2022

2


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 346/03

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10658 — NORSK HYDRO / ALUMETAL) ( 1 )

3

2022/C 346/04

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10702 – KPS CAPITAL PARTNERS / REAL ALLOY EUROPE) ( 1 )

5

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 346/05

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

7

2022/C 346/06

Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus táirgí bia

12


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 346/1


Gníomhartha an Choimisiúin a tharraingt siar

(2022/C 346/01)

Liosta na ngníomhartha atá le baint den acquis gníomhach

Cinntí ón gCoimisiún

Cinneadh 93/454/CEE/CEFA ón gCoimisiún an 22 Iúil 1993 lena sainmhínítear cánacha atá nasctha le táirgeadh agus allmhairí chun críche chur chun feidhme Airteagal 1 de Threoir 89/130/CEE/CEFA ón gComhairle maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh a chomhchuibhiú

(IO L 213, 24.8.1993, lch. 18)

Cinneadh 93/475/CEE/CEFA ón gCoimisiún 22 Iúil 1993 lena sainmhínítear fóirdheontais ar tháirgeadh agus ar allmhairí chun críche chur chun feidhme Airteagal 1 de Threoir 89/130/CEE/CEFA ón gComhairle maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh a chomhchuibhiú

(IO L 224, 3.9.1993, lch. 27)

Cinneadh 93/570/CEE/CEFA ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 1993 lena sainmhínítear “cánacha eile atá nasctha le táirgeadh” agus “tomhaltas idirmheánach” chun críche chur chun feidhme Airteagal 1 de Threoir 89/130/CEE/CEFA ón gComhairle maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh a chomhchuibhiú

(IO L 276, 9.11.1993, lch. 13)

Cinneadh 97/157/CE, Euratom ón gCoimisiún an 12 Feabhra 1997 lena sainmhínítear an chóir ar ioncam gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht chun críche chur chun feidhme Threoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh a chomhchuibhiú

(IO L 60, 1.3.1997, lch. 63)

Cinneadh 97/178/CE, Euratom ón gCoimisiún an 10 Feabhra 1997 maidir le sainmhíniú ar mhodheolaíocht le haghaidh an aistrithe idir an Córas Eorpach Cuntas Náisiúnta agus Réigiúnach sa Chomhphobal (CEC 95) agus Córas Eorpach na gCuntas Eacnamaíoch Suimeáilte (an dara heagrán, Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach)

(IO L 75, 15.3.1997, lch. 44)

Cinneadh 97/619/CE, Euratom ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 1997 maidir le hathruithe ar mheastacháin OTN na mBallstát chun críche chur chun feidhme Threoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh a chomhchuibhiú

(IO L 252, 16.9.1997, lch. 33)

Cinneadh 98/501/CE, Euratom ón gCoimisiún an 24 Iúil 1998 maidir le hidirbhearta sonracha a sainaithníodh laistigh den obair ar an bprótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach, chun críche chur i bhfeidhm Airteagal 1 de Threoir 89/130/CEE, Euratrom ón gComhairle maidir le tiomsú na holltáirgeachta náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh a chomhchuibhiú

(IO L 225, 12.8.1998, lch. 29)


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 346/2


Rátaí malairte an euro (1)

8 Meán Fómhair 2022

(2022/C 346/02)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

1,0009

JPY

yen na Seapáine

143,65

DKK

krone na Danmhairge

7,4365

GBP

punt steirling

0,86656

SEK

krona na Sualainne

10,7075

CHF

franc na hEilvéise

0,9739

ISK

króna na hÍoslainne

140,30

NOK

krone na hIorua

10,0615

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,543

HUF

forint na hUngáire

395,48

PLN

zloty na Polainne

4,7155

RON

leu na Rómáine

4,8756

TRY

lira na Tuirce

18,2546

AUD

dollar na hAstráile

1,4824

CAD

dollar Cheanada

1,3134

HKD

dollar Hong Cong

7,8568

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6491

SGD

dollar Shingeapór

1,4054

KRW

won na Cóiré Theas

1 381,70

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,3797

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,9564

HRK

kuna na Cróite

7,5150

IDR

rupiah na hIndinéise

14 891,86

MYR

ringgit na Malaeisia

4,5051

PHP

peso na nOileán Filipíneach

57,031

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,418

BRL

real na Brasaíle

5,2042

MXN

peso Mheicsiceo

20,0130

INR

rúipí na hIndia

79,7375


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 346/3


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10658 — NORSK HYDRO / ALUMETAL)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 346/03)

1.   

An 1 Meán Fómhair 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Norsk Hydro ASA (“Hydro”, an Iorua),

Alumetal S.A. (“Alumetal”, an Pholainn).

Gheobhaidh Hydro rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Alumetal ina iomláine.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin tairiscint phoiblí.

Tugadh fógra maidir leis an gcomhchruinniú céanna don Choimisiún cheana an 13 Bealtaine 2022, ach tarraingíodh an fógra siar ina dhiaidh sin an 7 Meitheamh 2022.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta alúmanaim lán-chomhtháite é Hydro, agus tá gníomhaíochtaí aige ó thús deireadh shlabhra luacha an alúmanaim, ó ghiniúint báicsíte, alúmana agus fuinnimh go dtí táirgeadh alúmanaim phríomhúil agus táirgí easbhrúite alúmanaim, maille le hathchúrsáil alúmanaim. Go háirithe, táirgeann Hydro cóimhiotal teilgcheárta bunaithe ar alúmanam príomhúil den chuid is mó.

Go príomha, is táirgeoir cóimhiotal teilgcheárta alúmanaim a tháirgtear ó alúmanam tánaisteach den chuid is mó é Alumetal. Táirgeann Alumetal príomh-chóimhiotail chomh maith, príomh-chóimhiotail a úsáideann sé féin agus a dhíolann sé le custaiméirí tríú páirtí freisin.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10658 NORSK HYDRO / ALUMETAL

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 346/5


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10702 – KPS CAPITAL PARTNERS / REAL ALLOY EUROPE)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 346/04)

1.   

An 31 Lúnasa 2022 fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Speira BidCo I GmbH (an Ghearmáin), mar atá faoi rialú Speira (an Ghearmáin), atá faoi rialú deiridh KPS Capital Partners, LP é féin (“KPS”, SAM),

Real Alloy UK Holdco Ltd. (“Real Alloy UK”, Sasana), faoi rialú Real Alloy Holding, LLC (SAM),

Evergreen Holding GmbH (“Evergreen”, an Ghearmáin), faoi rialú Real Alloy Holding, LLC (SAM).

Gheobhaidh Speira BidCo I GmbH rialú aonair, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc, ar Real Alloy UK agus Evergreen (“Real Alloy Europe”) ina n-iomláine. Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Bainistíonn KPS cistí infheistíochta ar scála domhanda trína eintitis bhainistíochta chleamhnaithe, lena ndírítear, inter alia, ar chuideachtaí monaraíochta agus tionsclaíocha, ar feadh réimse éagsúil tionscal, lena n-áirítear roinnt monaróirí táirgí alúmanaim atá gníomhach in LEE agus ar fud an domhain freisin.

Is cuideachta punainne atá faoi rialú aonair Speira é Speira BidCo I GmbH. Agus é faoi rialú deiridh KPS, is monaróir ardtáirgí alúmanaim cothromrollta (“FRPanna”) é Speira. Is grúpa de tháirgí alúmanaim cothroma leathmhonaraithe is féidir a úsáid le haghaidh roinnt feidhmeanna iad FRPanna, lena n-áirítear sna hearnálacha mótarfheithiclí, pacáistíochta, clódóireachta, innealtóireachta, tógála agus foirgníochta.

Cumhdaítear le Real Alloy Europe gnó iomlán Real Alloy Group in LEE agus sa Ríocht Aontaithe, grúpa atá gníomhach in athchúrsáil táirgí alúmanaim agus i dtáirgeadh cóimhiotal teilgcheárta agus buailte san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Trína fhochuideachtaí agus monarchana éagsúla sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus san Iorua, tá Evergreen rannpháirteach i bhfuíoll, dras agus slaig shalainn alúmanaim agus maignéisiam agus seachtháirgí díobh a fhoinsiú, a phróiseáil agus a athchúrsáil, agus i gcóimhiotail alúmanaim thánaistigh agus maignéisiam tánaisteach a tháirgeadh. Tá Real Alloy UK rannpháirteach i bhfuíoll, dras agus slaig shalainn alúmanaim agus seachtháirgí díobh a fhoinsiú, a phróiseáil agus a athchúrsáil, agus i gcóimhiotail alúmanaim thánaistigh a tháirgeadh. Dá bhrí sin, is féidir cur síos a dhéanamh ar an dá sprioc-chuideachta mar athchúrsálaí tríú páirtí alúmanaim agus maignéisiam agus mar tháirgeoir cóimhiotal sonraíochta.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10702 – KPS CAPITAL PARTNERS / REAL ALLOY EUROPE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 346/7


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 346/05)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

DOICIMÉAD AONAIR

‘Châtaigne des Cévennes’

Uimh. AE: PDO-FR-02639 – 7.10.2020

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm(neacha)

‘Châtaigne des Cévennes’

2.   Ballstát nó tríú tír

An Fhrainc

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   An cineál táirge

Aicme 1.6. Torthaí, glasraí agus gránaigh, iad úr nó próiseáilte.

3.2.   Tuairisc ar an táirge lena mbaineann an t-ainm in (1)

Tagraíonn an t-ainm ‘Châtaigne des Cévennes’ do thorthaí an speicis darb ainm Castanea sativa - úr, triomaithe nó próiseáil plúir déanta de - a fhaightear ó raon de chineálacha traidisiúnta a fhástar i ngoirt castán bheangaithe agus a bhfuil saintréithe comhroinnte acu. Bíonn cruth éilipseach, triantánach nó cruinn ar na torthaí úra, dath idir crón éadrom agus donn dorcha orthu agus uaireanta bíonn eitrí ingearacha orthu. Bíonn dath idir bán an uachtair agus buí éadrom ar an eithne scafa agus bíonn dromchla easnach uirthi. Is féidir leis an bpeillicín (nó an craiceann istigh) dul tríd an eithne go dtí go roinntear ina dhá leath í. Léiríonn anailís ar 100 g de chastáin scafa úra cion ábhair thirim de 37 % ar a laghad agus cion iomlán carbaihiodráite de 34 % ar a laghad. San fhoirm úr seo, déantar ‘Châtaigne des Cévennes’ a dheighilt de réir cineáil, a ghrádú (20 mm ar a laghad ar trastomhas) agus a shórtáil. I dtéarmaí cáilíochta sláinte, déantar na castáin a shórtáil chun a chinntiú nach mbíonn an sciar de thorthaí neamhchomhlíontacha níos mó ná 10 % nó comhionann leis, lena n-áirítear uasmhéid 2 % de na táirgí a mbíonn tionchar ag lobhadh orthu. Bíonn blas an-mhilis orthu, agus bíonn dea-bholaithe diana agus leanúnacha de mhil, de bhainne te, de thorthaí triomaithe, de shailchuach agus de phrátaí milse uathu. Tá an uigeacht réidh agus ní dócha go n-imeodh sí ina mbrus.

Ina foirm thriomaithe, coinníonn an eithne níos lú a cruth agus a dath tosaigh agus tugann sí dea-bholaithe de thorthaí triomaithe, de charamal agus d’arán te uaithi. Bíonn plúr a mbíonn uigeacht mhín aige a leánn sa bhéal ann mar thoradh ar na castáin a mhuilleáil agus a chriathrú. Ní mór 80 % ar a laghad den phlúr muilleáilte a bheith curtha trí chriathar a bhfuil méid mogaill 250 μm aige. Ní mór an cion taise a bheith faoi bhun 10 %. Bíonn dath neasbhán nó dath an eabhair air, fite fuaite le blúirí idir donn agus dubh anseo agus ansiúd. Bíonn dea-bholadh de ghallchnónna/de chollchnónna as, uaireanta in éineacht le boladh d’arán tósta.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de thionscnamh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Ní mór na céimeanna uile i dtáirgeadh agus i bpróiseáil ‘Châtaigne des Cévennes’ a dhéanamh sa limistéar geografach.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, agus pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Maidir le teorainn an limistéir sin, beidh na 206 bhardas seo a leanas cuimsithe ann, bunaithe ar Chód Geografach Oifigiúil 2019:

 

Roinn Le Gard:

 

Alès, Alzon, Anduze, Arphy, Arre, Arrigas, Aulas, Aumessas, Avèze, Bessèges, Bez-et-Esparon, Blandas, Boisset-et-Gaujac, Bonnevaux, Branoux-les-Taillades, Bréau-Mars, Campestre-et-Luc, Cendras, Chambon, Chamborigaud, Colognac, Concoules, Corbès, Cros, Générargues, Génolhac, L’Estréchure, La Cadière-et-Cambo, La Grand-Combe, La Vernarède, Lamelouze, Lasalle, Laval-Pradel, Le Martinet, Le Vigan, Les Mages, Les Plantiers, Les Salles-du-Gardon, Malons-et-Elze, Mandagout, Mialet, Molières-Cavaillac, Molières-sur-Cèze, Monoblet, Montdardier, Peyrolles, Pommiers, Ponteils-et-Bresis, Portes, Robiac-Rochessadoule, Rogues, Roquedur, Rousson, Saint-Ambroix, Saint-André-de-Majencoules, Saint-André-de-Valborgne, Saint-Bonnet-de-Salendrinque, Saint-Bresson, Saint-Félix-de-Pallières, Saint-Florent-sur-Auzonnet, Saint-Hippolyte-du-Fort, Saint-Jean-de-Valériscle, Saint-Jean-du-Gard, Saint-Jean-du-Pin, Saint-Julien-de-La-Nef, Saint-Julien-Les-Rosiers, Saint-Laurent-Le-Minier, Saint-Martial, Saint-Martin-de-Valgalgues, Saint-Paul-La-Coste, Saint-Roman-de-Codières, Saint-Sébastien-d’Aigrefeuille, Sainte-Cécile-d’Andorge, Sainte-Croix-de-Caderle, Saumane, Sénéchas, Soudorgues, Soustelle, Sumène, Thoiras, Vabres, Val-d’Aigoual,Vissec.

 

Roinn L’Hérault:

 

Avène, Babeau-Bouldoux, Bédarieux, Berlou, Boisset, Brenas, Cabrerolles, Cambon-et-Salvergues, Camplong, Carlencas-et-Levas, Cassagnoles, Castanet-le-Haut, Caussiniojouls, Ceilhes-et-Rocozels, Colombières-sur-Orb, Combes, Courniou, Dio-et-Valquières, Faugères, Ferrals-Les-Montagnes, Ferrières-Poussarou, Fos, Fozières, Graissessac, Hérépian, Joncels, La Tour-sur-Orb, La Vacquerie-et-Saint-Martin-de-Castries, Lamalou-les-Bains, Lauroux, Lavalette, Le Bosc, Le Bousquet-d’Orb, Le Cros, Le Poujol-sur-Orb, Le Pradal, Le Puech, Le Soulié, Les Aires, Les Plans, Lodève, Lunas, Mérifons, Mons, Octon, Olargues, Olmet-et-Villecun, Pardailhan, Pégairolles-de-l’Escalette, Pézènes-les-Mines, Poujols, Prémian, Rieussec, Riols, Romiguières, Roqueredonde, Rosis, Saint-Etienne-d’Albagnan, Saint-Etienne-de-Gourgas, Saint-Etienne-Estrechoux, Saint-Geniès-de-Varansal, Saint-Gervais-sur-Mare, Saint-Guilhem-le-Désert, Saint-Jean-de-La-Blaquière, Saint-Julien, Saint-Martin-de-l’Arçon, Saint-Maurice-Navacelles, Saint-Michel, Saint-Pierre-de-la-Fage, Saint-Pons-de-Thomières, Saint-Privat, Saint-Vincent-d’Olargues, Sorbs, Soubès, Soumont, Taussac-la-Billière, Usclas-du-Bosc, Vélieux, Verreries-de-Moussans, Vieussan, Villemagne-l’Argentière.

 

Roinn Lozère:

 

Altier, Barre-des-Cévennes, Bassurels, Bédouès-Cocurès, Cans et Cévennes, Cassagnas, Cubières, Cubiérettes, Florac Trois Rivières, Fraissinet-de-Fourques, Gabriac, Gatuzières, Ispagnac, Le Collet-de-Dèze, Le Pompidou, Les Bondons, Meyrueis, Moissac-Vallée-Française, Molezon, Mont Lozère et Goulet, Pied-de-Borne, Pont de Montvert-Sud Mont Lozère, Pourcharesses, Prévenchères, Rousses, Saint-André-Capcèze, Saint-André-de-Lancize, Saint-Etienne-Vallée-Française, Saint-Germain-de-Calberte, Saint-Hilaire-de-Lavit, Saint-Julien-des-Points, Saint-Martin-de-Boubaux, Saint-Martin-de-Lansuscle, Saint-Michel-de-Dèze, Saint-Privat-de-Vallongue, Sainte-Croix-Vallée-Française, Vebron, Ventalon en Cévennes, Vialas, Villefort.

 

Roinn Aveyron: Arnac-sur-Dourdou

 

Roinn Tarn: Murat-sur-Vèbre

5.   Nasc leis an limistéar geografach

Braitheann an nasc idir ‘Châtaigne des Cévennes’ agus a thimpeallacht ar an gcaoi a ndeachaigh na cineálacha crann castán traidisiúnta agus áitiúla in oiriúint do dhálaí aeráid na Meánmhara agus do thír-raon neamhrialta Cévennes. Is é seo an rud a thug a cháilíochtaí sainiúla don táirge, cáilíochtaí a chaomhnaítear a bhuí leis an saineolas daonna agus na garráin castán agus a mbuaint á mbainistiú.

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Is tosca aonchineálacha nádúrtha atá comhsheasmhach leis an méid a theastaíonn ó Castanea sativa chun forbairt a dhéanamh agus chun go mbeadh rath air sa chomhshaol a shainíonn an limistéar geografach ina bhfuil na garráin castán suite. Chuaigh crainn castán in oiriúint d’aeráid na Meánmhara i réigiún Cévennes. Is iad na samhraí teo, tirime agus na geimhrí séimhe na saintréithe a bhaineann leis an aeráid seo. Tá tionchar beag aigéanach feadh imeall thiar an limistéir. Tá an mheánbháisteach bhliantúil sa raon idir 700 agus 1 300 mm, a chomhlíonann riachtanais uisce na gcrann castáin (thart ar 700 mm in aghaidh na bliana, agus méadaíonn na riachtanais sin ón 15 Lúnasa ar aghaidh). Tá an limistéar faoi chrainn castán i réigiún Cévennes ag airde idir 150 m agus 900 m. Tá fánaí géara ina ngné leanúnach den rilíf i mbeagnach gach áit i réigiún Cévennes. Tá sraith gleannta dealbhaithe comhthreomhara ar an dá taobh de shruthchúrsaí éagsúla (agus patrún cnáimhe éisc orthu), ón tuaisceart go dtí an deisceart: l’Altier-Chassezac, la Cèze, le Tarn, les Gardons, l’Hérault, l’Orb, la Mare, le Jaur agus le Thoré. Is scealla, naghas, eibhear nó gaineamhchloch iad na carraigeacha foinse criostalta. Mar thoradh air seo, tá ithreacha ag a bhfuil pH nach mó ná 7 ann, chomh maith le méid cothromaithe cáithníní agus cion cré an-íseal, agus ní bhíonn siad tugtha don aisficsiú. Tá an cion gníomhach aoil an-íseal agus uaireanta is ar éigean gurb ann dó (faoi bhun 4 %).

Léiríonn an staidéar a rinne Jean Galzin in 1986 ar dhinnseanchas dáileachtaí i réigiúin Gard agus Lozère, a foilsíodh mar chuid de Annales du Parc National des Cévennes [Annála Pháirc Náisiúnta Cévennes] gur saothraíodh castáin sa limistéar ó bhí 1000 A.D. ann. Ón Meánaois i leith, deimhníonn téacsanna meánaoiseacha gurbh ann do gharráin castán agus go ndearnadh iad a fhorbairt, agus d’éabhlóidigh siad i gcomhréir le patrúin aeráide agus dhéimeagrafacha agus le bainistíocht talún.

Cuirtear na crainn castán ar cheapacha dífhoraoisithe, agus cuirtear bealaí uisciúcháin (ar a dtugtar ‘béals’ go háitiúil) agus díoga draenála (ar a dtugtar ‘trincats’ go háitiúil) i bhfeidhm mar gheall ar leagan amach na limistéar táirgiúil talmhaíochta seo. I limistéir atá le fána, tógtar claíocha cloch chun creimeadh silteán a theorannú agus chun foirmiú ithreacha níos doimhne a chumasú: cuirtear na garráin castán ar léibhinn ansin, ar a dtugtar ‘faisses’‘bancels’ go háitiúil.

Is iad na hoiriúnuithe saorga seo ar an gcomhshaol a dhéanann oidhreacht thógtha Cévennes, atá in oiriúint go maith do chleachtais saothraithe chomhaimseartha fiú amháin sa lá atá inniu ann.

Tá crainn castán ina n-acmhainn ríthábhachtach bhia ó bhí an 16ú haois ann. Dá bhrí sin, chuir an ‘crann beatha’ le hathléimneacht mhuintir Cévennes nuair a chuaigh an saol ina n-aghaidh de bharr ganntanas bia nó coinbhleachtaí, go háirithe na Protastúnaigh agus Úgónaigh Cévennes (‘les Camisards’) le linn Chogaí an Chreidimh. I lár an 20ú haois, tháinig meath ar shaothrú castán de bharr imirce ó réigiúin thuaithe agus teacht chun cinn lotnaidí (galar dúigh, cancar). A bhuí le hoilteacht na saothróirí castán agus a gcuid saineolais ar theicnící beangaithe a bhainistiú, áfach, mhair na cineálacha a d’oiriúnaigh is fearr don limistéar agus tá rath orthu i gcónaí. Forbraíodh cineálacha le cáilíochtaí blais atá oiriúnach le haghaidh caitheamh úr, le saintréithe leasaithe (go háirithe an éascaíocht scafa) agus oiriúnacht do na formáidí difriúla díola. Cuid d’oilteacht na saothróirí castán is ea cineálacha difriúla a choimeád sa gharrán, rud a ligeann dóibh an bhuaint a scaradh amach le himeacht ama, óir is féidir roinnt cineálacha a bhuaint go luath agus cinn eile níos déanaí sa séasúr. Ligeann sé sin dóibh an soláthar ar an ngabháltas a chinntiú agus an nochtadh do ghuaiseacha aeráide agus do rioscaí sláinte a laghdú.

Is féidir castáin a bhuaintear san fhómhar a ithe úr. Choimeádtaí cuid den bhuaint le haghaidh triomú chun go bhféadtaí í a ithe le linn an chuid eile den bhliain. Déantar na castáin a dhíhiodráitiú i bhfoirgnimh ar a dtugtar ‘clèdes’ san oirthuaisceart nó ‘sécadous’ in iardheisceart an limistéir gheografaigh.

Tógadh muilte freisin ar fheirmeacha i réigiún Cévennes, ag baint leas as sruthchúrsaí reatha chun roth an mhuilinn a iompú agus chun plúr a dhéanamh de chastáin thriomaithe ach iad a mheilt. Léiríonn sé seo gur nós traidisiúnta é táirgeadh plúir castán sa limistéar. Luaitear an cleachtas seo i dtagairtí luatha, amhail taifead ó 1596 le Thomas Platter ón gceantar gar do Valleraugue, a thugann tuairisc ar an gcaoi ‘a ndéanann muintir Cévennes plúr [de na castáin], agus déantar arán an-mhilis de ina dhiaidh ansin’.

Sainiúlacht an táirge

Tá an sonrúchán ‘Châtaigne des Cévennes’ ar fáil i dtrí fhoirm (castáin úra, castáin thriomaithe agus plúr castán) a léiríonn cleachtais thraidisiúnta ach a chuireann san áireamh freisin an chaoi ar athraigh éileamh ó thomhaltóirí le himeacht ama. Bíonn dath idir crón éadrom agus donn dorcha ar na torthaí úra agus uaireanta bíonn eitrí ingearacha orthu. Bíonn dath idir bán an uachtair agus buí éadrom ar an eithne scafa agus bíonn dromchla easnach uirthi. Is féidir leis an bpeillicín dul tríd an eithne go dtí go roinntear ina dhá leath í. Bíonn blas an-mhilis orthu, agus bíonn dea-bholaithe diana agus leanúnacha de mhil, de bhainne te, de thorthaí triomaithe, de shailchuach agus de phrátaí milse uathu. Tá an uigeacht réidh.

I réigiún Cévennes, déantar castáin a scamhadh agus a thriomú go traidisiúnta. Bíonn eithne níos lú ann mar thoradh air seo ach coimeádtar a cruth agus a dath tosaigh. Tá dea-bholaithe de thorthaí triomaithe, de charamal agus d’arán te ag na castáin seo.

Bíonn plúr a mbíonn uigeacht mhín aige a leánn sa bhéal ann mar thoradh ar na castáin thriomaithe a mhuilleáil, agus bíonn dath neasbhán nó dath an eabhair ar an bplúr sin, fite fuaite le blúirí idir donn agus dubh anseo agus ansiúd agus dea-bholadh de ghallchnónna/de chollchnónna as, uaireanta in éineacht le boladh d’arán tósta.

Nasc cúisíoch

Is iad an iliomad tosca nádúrtha agus oilteachta bunchloch an mheascáin de na cineálacha atá ar liosta na gcineálacha traidisiúnta agus áitiúla. Is é an terroir seo a thugann na saintréithe sonracha comhchoiteanna blais do na cineálacha traidisiúnta, go háirithe an blas milis agus an uigeacht mhín a fhaightear sna cineálacha seo uile.

Is í aeráid na Meánmhara is cúis le saintréithe orgánaileipteacha ‘Châtaigne des Cévennes’ freisin. Bíonn carnadh comhdhúl milis agus cumhra ann sna castáin a bhuí leis na samhraí teo tirime. Bíonn an patrún báistí i réigiún Cévennes, a éiríonn níos troime ó lár mhí Lúnasa ar aghaidh, fabhrach do mhéadú an chrotail agus na n-eithní, agus dá bhrí sin sainíonn sé an méid. An tráth céanna, déanann gníomhaíocht fhisiceach na báistí bia na heithne a hiodráitiú, agus is dá bharr seo a bhíonn uigeacht réidh aici.

San fhómhar, aibíonn na castáin go hiomlán idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag de bharr na ndifríochtaí sa teocht, ag brath ar na cineálacha agus ar an áit ar cuireadh iad (a n-airde). Mar thoradh ar an mbainistíocht talún agus ar na cleachtais feirmeoireachta i réigiún Cévennes, bíonn garráin shláintiúla ann a tháirgeann castáin a bhíonn sách mór, leis an gcáilíocht chothaitheach agus leis an milseacht shainiúil dá n-aithnítear iad.

Baineadh úsáid as teicnící difriúla caomhnaithe torthaí do na castáin freisin. Is toradh é seo ar an ‘táirgeadh flúirseach, a sháraíonn go mór an gá atá ann le caitheamh láithreach’ a bhaineann le castáin úra, mar a mhínigh Daniel Travier i mBealtaine 2004 ag comhdháil dar theideal ‘L’arbre à pain des Cévennes: ou histoire et rôle de la châtaignerie à fruit dans les Cévennes traditionnelles’ [An ‘crann beatha’ i réigiún Cévennes: an stair agus an ról a bhaineann le saothrú castán inite i réigiún traidisiúnta Cévennes].

Mar thoradh ar na féidearthachtaí caomhnaithe seo, forbraíodh foirgneamh ar leith: an ‘clède’, gnáthghné den tírdhreach agus sampla de shaineolas an phobail áitiúil maidir leis na torthaí a thriomú. Is é an próiseas triomaithe seo lena mbaintear úsáid as an ‘cléda’ (mar a thugtar ar an déantús seo in Ocsatáinis) an cleachtas caomhnaithe traidisiúnta, ‘an ceann is fearr’ de réir leabhar Antoine Augustin Parmentier dar teideal ‘Traité de la Châtaigne’ [Tráchtas ar an gCastán], a foilsíodh in 1780. A bhuí leis an scil a bhain leis na ‘clèdes’ a thógáil, a chruthaíonn suíomh inslithe inar féidir an t-aer mórthimpeall a dhíhiodráitiú ach úsáid a bhaint as soláthar tráthrialta measartha teasa, rinneadh na traidisiúin áitiúla a dhaingniú agus a fhorbairt, rud a fhágann gur féidir an bunbhlas milis agus an uigeacht mhín a chaomhnú sna castáin thriomaithe le himeacht ama.

Modh eile chun na torthaí a chaomhnú is ea na castáin thriomaithe a mhuilleáil. Is é an toradh atá ann ná plúr mín a mbíonn blas milis aige a léiríonn an meascán de chineálacha ‘Châtaigne des Cévennes’. Bhíodh líon suntasach muilte sa limistéar seo san am atá thart: ceann amháin ar a laghad in aghaidh na gráige agus suas le deich gcinn in aghaidh an chomúin, chun go bhféadtaí na castáin a mhuilleáil de réir mar ba ghá. In 2016, bhí na cúig mhuileann a chumhdaíonn an chuid is mó den limistéar ann mar fhreagra ar aidhm na bpróiseálaithe maidir le ‘Châtaigne des Cévennes’ a chur chun cinn.

Úsáidtear na castáin seo chun miasa blasta a dhéanamh freisin, amhail ‘Bajanat’, anraith traidisiúnta de chuid Cévennes le castáin mhilse a leánn sa bhéal. Bealach eile a gcuirtear i láthair iad lena gcaitheamh is ea ‘affachade’, i.e. iad a ghríoscadh ar phanna sliotáin a chinntíonn go mbíonn siad bog, milis agus gan aon rian searbhais. Úsáidtear an plúr chun brioscaí, cácaí agus arán a dhéanamh.

Tá na trí chineál de ‘Châtaigne des Cévennes’ ag teacht le nósanna agus patrúin chaithimh a bhí ann go traidisiúnta agus atá ann go fóill inniu.

Tá saothrú castán bunaithe ar an idirghníomhú idir an comhshaol nádúrtha agus raon de thosca daonna. Mar thoradh ar ghnéithe fisiceacha chomhshaol Cévennes, tá stair saothraithe castán, táirgí sainiúla agus daingniú saineolais áitiúil ann.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta

https://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-0419fb02-f0ac-49c9-8a5c-3e3350d92e60


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


9.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 346/12


Foilsiú iarratais ar fhormheas a dhéanamh ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge de bhun Airteagal 50(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta agus táirgí bia

(2022/C 346/06)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart chun cur i gcoinne chur i bhfeidhm an leasaithe de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

IARRATAS AR FHORMHEAS A DHÉANAMH AR LEASÚ NACH MION MAIDIR LE SONRAÍOCHT TÁIRGE LE hAGHAIDH SONRÚCHÁN TIONSCNAIMH FAOI CHOSAINT NÓ TÁSC GEOGRAFACH FAOI CHOSAINT

Iarratas ar cheadú ar leasú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012

“Hofer Rindfleischwurst”

Uimh. AE: PGI-DE-0722-AM01 - 17.6.2020

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Grúpa iarratasóra agus leas dlisteanach

Fleischer-Innung Hof-Wunsiedel

Is ionann an t-iarratasóir ar an leasú agus an t-iarratasóir bunaidh. Is comhlachas táirgeoirí/próiseálaithe na dtáirgí cosanta é.

Seoladh: Hohe Straße 20, 95030 Hof

Tír: an Ghearmáin

Seoladh ríomhphoist: Fleischer-innung-hof@t-online.de

2.   Ballstát nó tríú tír

an Ghearmáin

3.   Ceannteideal sa tsonraíocht táirge a mbaineann an leasú nó na leasuithe leis

Ainm an táirge

Tuairisc an táirge

Limistéar geografach

Cruthúnas tionscnaimh

An modh táirgthe

Nasc

Lipéadú

Eile

4.   Cineál an leasaithe nó na leasuithe

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nach bhfuil le cáiliú mar mhionleasú i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

Leasú ar shonraíocht táirge STFC nó TGFC cláraithe nár foilsíodh Doiciméad Aonair (nó a chomhionann) ina leith nach féidir a mheas gur mionleasú é i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

5.   Leasú nó leasuithe

5.1.   Tuairisc an táirge

1.   Leasú

(1)

San abairt seo a leanas sa chéad mhír “Déantar an fheoil ispíní inleata a phacáil i bputóg shintéiseach (ceallafán), a dtomhaiseann a calabra ó 40 mm go 55 mm”, scriostar an focal “(ceallafán)”.

Úsáideann go leor táirgeoirí craicne saorga déanta as ábhair eile. Mar sin féin, níl aon tionchar diúltach aige sin ar cháilíocht “Hofer Rindfleischwurst”.

2.   Leasú

(2)

Scriostar an abairt seo a leanas sa chéad mhír: “Ag brath ar mhéid an chalabra, tomhaiseann ‘Hofer Rindfleischwurst’ aonair suas go 50 cm ar fhad agus meánn siad ó 150 gram go 800 gram.”

I gcásanna áirithe, déantar ispíní níos faide nó níos éadroime/níos troime a tháirgeadh freisin. Ós rud é nach bhfuil aon éifeacht aige sin ar chaighdeán an táirge, níl aon ghá le srian maidir leis sin.

3.   Leasú

(3)

Sa séú mír, san abairt “Tá an cion uisce idir 50 % agus 55 %, tá an cion saille idir 25 % agus 30 %”, cuirtear “20 %” in ionad “25 %”.

De réir a n-oideas, bhí cion saille beagán níos ísle ag go leor táirgeoirí i gcónaí in “Hofer Rindfleischwurst”. Coigeartaíodh an cion saille íosta ionas nach gcuirfear bac orthu ina dtáirgeadh traidisiúnta. Ní dhéanann sé sin difear do cháilíocht “Hofer Rindfleischwurst”.

4.   Leasú

(4)

Sa séú mír, cuirtear isteach “40 %” in ionad “30 %” san abairt “níl an cion de shaill mhuice agus de shaill droma níos mó ná 40 %”.

De réir a n-oideas, bhí cion níos airde de shaill mhuice agus de shaill droma ag go leor táirgeoirí i gcónaí in “Hofer Rindfleischwurst”. Coigeartaíodh an cion uasta ionas nach gcuirfí bac orthu ina dtáirgeadh traidisiúnta. Ní dhéanann sé sin difear don mhéid uasta saille.

5.   Leasú

(5)

Scriostar an abairt dheireanach san ochtú mír “Ní úsáidtear feoil ó bhó-ainmhithe óga, i dtáirgeadh ‘Hofer Rindfleischwurst’”.

Úsáideadh feoil na n-ainmhithe óga lena marú, i.e. bó-ainmhithe óga, i gcónaí sa phróiseas táirgthe. Ós rud é nach bhfuil aon drochthionchar aige sin ar cháilíocht an táirge, níl aon ghá leis an srian atá ann faoi láthair.

6.   Leasú

(6)

Sa chéad abairt den naoú mír, “Is é an príomhábhar amh atá in ‘Hofer Rindfleischwurst’ mairteoil de ghrád R 1 ina bhfuil cion íseal fíocháin shailligh agus atá saor ó theannáin (dhá thrian) agus saill droma muice de ghrád S Vlll (aon trian)”, cuirtear na focail “60 % ar a laghad” in ionad na bhfocal “dhá thrian” agus cuirtear na focail “de ghrád S Vlll agus S 1 (sciar uasta le chéile 40 % ar a mhéad)” in ionad na bhfocal “de ghrád S Vlll”.

Tagann coigeartú agus leasú na gcéatadán mar thoradh ar an athrú ar an gcéatadán a shonraítear i bpointe 4 agus feidhmíonn sé chun an tsonraíocht iomlán a chomhchuibhiú agus a shoiléiriú. De réir a n-oideas, bhí cion níos airde de shaill mhuice agus de shaill droma ag go leor táirgeoirí i gcónaí in “Hofer Rindfleischwurst”. Coigeartaíodh an cion uasta ionas nach gcuirfí bac orthu ina dtáirgeadh traidisiúnta.

7.   Leasú

(7)

Sa naoú mír, scriostar an abairt dheireanach “Cé gur féidir méid beag muiceola de ghrád S 1 a chur leis mar aon le saill droma mhuice, ní minic a dhéantar sin”.

Is cinnte gur chuir roinnt táirgeoirí muiceoil isteach go traidisiúnta. Ós rud é gur chlúdaigh an abairt roimpi muiceoil a chur isteach (féach leasú uimhir 6), tá an abairt sin iomarcach agus dá bhrí sin is féidir í a scriosadh.

8.   Leasú

(8)

Scriostar mír 10 “Is ó bha is mó a thagann an mhairteoil a úsáidtear, agus go hannamh ó thairbh. Is é an spóla mairteola an gearradh atá le húsáid, ina bhfuil cion saille thart ar 5 %. Má úsáidtear muiceoil, tógtar í ón gcos, ina bhfuil cion saille thart ar 4 %. Tá cion saille 70 % sa tsaill droma a úsáidtear”.

Ós rud é nach mbíonn aon tionchar suntasach ag na gearrthacha aonair ná ag gnéas na gconablach a úsáidtear ar cháilíocht an táirge deiridh, ní bhíonn aon ghá le ceanglais mhionsonraithe ina leith sin. Baineann an rud céanna le cion saille na ngearrthacha aonair.

5.2.   Cruthúnas tionscnaimh

1.   Leasú

(1)

Sa chéad mhír, sa dara habairt “Faigheann an seamlas cóip den phas eallaigh agus tuairiscíonn sé do München tríd an mbunachar sonraí eallaigh go ndearna sé an marú”, scriostar na focail “do München”.

Ní bhaineann an tsonraíocht maidir le suíomh an bhunachair sonraí eallaigh le hábhar agus dá bhrí sin is féidir é a fhágáil ar lár.

2.   Leasú

(2)

Sa tríú habairt den chéad mhír “Le linn na hamhábhair le haghaidh táirgeadh ‘Hofer Rindfleischwurst’ a ghearradh, a shórtáil agus a phróiseáil tuilleadh, áiritheofar le foirmiú baisce agus doiciméadacht i scríbhinn cruthúnas inrianaitheachta”, in ionad na bhfocal “áiritheofar le foirmiú baisce agus doiciméadacht i scríbhinn cruthúnas inrianaitheachta” cuirtear “comhlíonann an inrianaitheacht na ceanglais dhlíthiúla”.

Ní féidir le gnólachtaí beaga ceardaí go háirithe doiciméadacht mhionsonraithe den sórt sin a ráthú i gcónaí. Is leor na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh ina leith sin.

3.   Leasú

(3)

Scriostar an abairt dheireanach den chéad mhír “Is féidir leis an gcuideachta phróiseála a lua go beacht, mar sin, cé na hamhábhair ónar próiseáladh an t-ainmhí, agus a áit tionscnaimh á sonrú aige in ‘Hofer Rindfleischwurst’”.

Ní féidir le gnólachtaí beaga ceardaí go háirithe doiciméid mhionsonraithe den sórt sin a ráthú i gcónaí. Is leor freisin na ceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh ina leith sin.

4.   Leasú

(4)

Sa dara habairt den dara mír “Clóbhuailtear ‘Hofer Rindfleischwurst’ agus ainm an táirgeora ar an gcraiceann shintéiseach”, scriostar na focail “agus ainm an táirgeora”.

Ní bhíonn craicne sain-chlóbhuailte ag gach táirgeoir, ar chúiseanna a bhaineann le costas, mar shampla. Is leor na focail “Hofer Rindfleischwurst” a bheith clóbhuailte air, ar choinníoll go léirítear ainm an táirgeora in áit eile (amhail ar an lipéad).

5.3.   An modh táirgthe

1.   Leasú

(1)

Sa dara habairt den chéad mhír, “Tagann an t-amhábhar sin ó eallach agus ó mhuca a rugadh agus a tógadh go príomha sa limistéar geografach sainithe agus lasmuigh de, go príomha i gceantair Oberfranken, Oberpfalz agus Thuringia”, cuirtear na focail “is fearr go” roimh an bhfocal “tagann” agus scriostar na focail “go príomha”. Ina theannta sin, cuirtear “nó” in ionad na bhfocal “agus lasmuigh de, go príomha” agus cuirtear na focail “nó i Länder Thuringia nó sa tSacsain” in ionad na bhfocal “agus Thuringia”.

Ní síneadh é an fíoras gur féidir leis an eallach nó na muca a úsáidtear teacht ón tSacsain anois, ós rud é gur sainíodh é go hoscailte sa tsonraíocht roimhe seo (“go príomha”).

2.   Leasú

(2)

Scriostar an tríú habairt sa chéad mhír “Ní mharaítear an t-eallach agus na muca sin ach amháin sa limistéar geografach sainithe”.

Ós rud é gur stopadh de bheith ag marú eallaigh sa seamlas in Hof, ní fhéadfar ach líon an-bheag díobh a mharú i seamlas Helmbrecht laistigh den limistéar geografach sainithe. Ní leor é sin chun déileáil leis na cainníochtaí atá le próiseáil. Dá bhrí sin, ní mór deireadh a chur leis an srian roimhe sin, lena gcaithfí an marú a dhéanamh go heisiach sa limistéar geografach. Ní dhéanann sé sin aon difear do cháilíocht ná d’úire “Hofer Rindfleischwurst”, ós rud é go bhfuil a lán seamlas sa gharchomharsanacht (go háirithe sa tSacsain agus in Thuringia in aice láimhe).

3.   Leasú

(3)

In ionad na habairte deireanaí den chéad mhír “Déantar an próiseas táirgthe iomlán laistigh den limistéar geografach sainithe freisin” cuirtear “Táirgtear ‘Hofer Rindfleischwurst’ sa limistéar geografach”. Ciallaíonn sé sin nach mór an próiseas táirgthe iomlán, lena n-áirítear an marú iarbhír, a dhéanamh i ngabháltais laistigh den limistéar geografach. Go háirithe, glactar leis go gciallaíonn na próisis táirgthe gearradh na feola, grádú na feola agus an próiseas monaraíochta. Brúitear an fheoil thrua agus measctar í leis na comhábhair go léir (seachas tirimshailleadh nítríte) sa ghearrthóir agus/nó sa mhiontóir. Ansin cuirtear tirimshailleadh nítríte leis agus measctar í arís. Déantar na hispíní inleata a fhaightear ar an mbealach sin a líonadh i gcraicne saorga. Is é próiseas an fhuardheataithe an chóireáil dheiridh don “Hofer Rindfleischwurst”, rud a thugann blastán deas deataigh dó.

Is leasú riachtanach é sin, ós rud é go bhfágfadh an scriosadh roimhe seo nach raibh sé soiléir a thuilleadh cad iad na céimeanna táirgthe ar leith nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe. Tá an teorannú dian sin a leagtar síos d’aon ghnó ann chun béim a chur ar chineál eisiach an táirge ispín ar leith seo. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin bac sainráite ar á thairiscint lena dhíol lasmuigh den réigiún.

4.   Leasú

(4)

Sa dara mír, scriostar an méid a leanas “Mar a luadh roimhe seo, is saintréithe de ‘Hofer Rindfleischwurst’ iad a cháilíocht agus a úire ar leith. Ceanglaítear leis sin go marófar an t-eallach agus na muca i seamlais sa limistéar geografach sainithe agus ina theannta sin go ndéanfar an próiseas táirgthe ansin”.

Féach leasú Uimh. (2).

5.   Leasú

(5)

Sa chúigiú mír san abairt “brúitear an fheoil thrua agus measctar í leis na comhábhair ar fad (seachas fliuchshailleadh nítríte) sa ghearrthóir”, cuirtear na focail “agus/nó sa mhiontóir” isteach tar éis an fhocail “gearrthóir”.

Mar thoradh ar na hathruithe in uimhir 6 thíos, cuirtear an tagairt don mhiontóir isteach san abairt seo chun na céimeanna próiseála go léir a d’fhéadfadh a bheith ann a léiriú.

6.   Leasú

(6)

Sa séú mír roimhe seo in ionad an méid a leanas “Déantar an mhais a fhaightear ar an tslí sin a mhionú ansin tríd an diosca gearrtha 0.6 mm sa mhiontóir. Ansin cuirtear an mhais isteach sa ghearrthóir arís, measctar na spíosraí isteach agus cuirtear an fliuchshailleadh nítríte leis le haghaidh deargtha agus le haghaidh cobhsaíochta datha. Chun míne agus gránú aonfhoirmeach is fearr is féidir a bhaint amach, déantar an mhais a mhionghearradh sa ghearrthóir ag baint úsáid as an ngiar ard ag teocht deiridh 12 céim Celsius (modh gearrthóra), trína gcaithfear uirlisí gearrtha géara a úsáid” cuirtear an abairt “cuirtear an fliuchshailleadh nítríte leis agus measctar é arís”.

Tá an próiseas táirgthe a thuairiscítear anseo an-mhionsonraithe agus tá srian ann nach bhfuil gá leis, agus ní chumhdaítear leis an speictream de mhodhanna táirgthe difriúla traidisiúnta. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil roinnt táirgeoirí traidisiúnta in ann a dtáirge a sholáthar ar an mbealach fadtréimhseach a thuilleadh. Ina theannta sin, ní bhaineann cuid de na paraiméadair a bhfuil tuairisc orthu maidir le cáilíocht agus cuma an táirge le hábhar agus dá bhrí sin cuireann siad srian gan ghá ar tháirgeoirí i bhfeidhmiú a gceirde. Ionas nach mbeidh táirgeadh ródheacair, fágtar na tuairiscí mionsonraithe ar lár.

5.4.   Nasc

Leasú

I bpointe (2) sa tríú habairt den dara mír in ionad na bhfocal “Sainiúlacht an táirge” sa bhunleagan Gearmáinise cuirtear an focal “Premiumprodukt” in ionad an fhocail “Prämienprodukt”. [Ní dhéanann an t-athrú seo difear don leagan Béarla].

Níl sa leasú seo ach iarracht earráid chléireachais a chur ina cheart. “Premiumprodukt” a bhí i gceist ann (i gcónaí).

DOICIMÉAD AONAIR

“Hofer Rindfleischwurst”

Uimh. AE: PGI-DE-0722-AM01 - 17.6.2020

STFC ( ) TGFC (X)

1.   Ainm(neacha)

“Hofer Rindfleischwurst”

2.   Ballstát nó tríú tír

an Ghearmáin

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an táirge bia

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

3.2.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm dá dtagraítear i bpointe 1 air

Is ispín inleata neamhchócaráilte é “Hofer Rindfleischwurst”. Tá cruth fadaithe ar an “Hofer Rindfleischwurst”. Déantar an fheoil ispíní inleata a phacáil i bputóg shintéiseach, a dtomhaiseann a calabra ó 40 mm go 55 mm’. Dath dian ach deas dearg na feola an dath atá air.

Saintréith de “Hofer Rindfleischwurst” is ea an blas mínspíosrach uathúil atá air, blas is dual don chineál sin ispín, é blaistithe le ruainnín piobair. Tugann próiseas an fhuardheataithe ar fheá dea-bholadh deataithe do “Hofer Rindfleischwurst”.

Is ispín mionaithe inleata neamhchócaráilte é “Hofer Rindfleischwurst” a aithnítear de bharr a úire. Coinníonn sé a bhlas ar leith agus a dhea-bholadh uathúil ar feadh 2 go 3 lá agus ar feadh an fhaid sin amháin agus dá bhrí sin níl sé beartaithe lena stóráil go fadtéarmach.

Nuair a bhíonn sé folúsphacáistithe, is féidir “Hofer Rindfleischwurst” a stóráil ar feadh tréimhsí beagán níos faide, suas le 10 lá ar a laghad, ar choinníoll, áfach, go gcoimeádtar an ispín folúsphacáistithe cuisnithe.

Critéir cháilíochta bhreise nach mór a léiriú le “Hofer Rindfleischwurst” is ea deargadh cobhsaí, inleatacht ard agus comhsheasmhacht aonfhoirmeach.

Ós rud é go n-úsáidtear mairteoil thrua mar bhunábhar chun “Hofer Rindfleischwurst” a tháirgeadh, tá ardleibhéal próitéine feola saor ó phróitéin fíocháin tacaíochta sa táirge deiridh. Ní féidir leis an leibhéal sin a bheith faoi bhun 10 %. Taispeántar ó na hanailísí a rinne na hoibríochtaí neamhspleácha agus an bord tástála cáilíochta do shiopaí búistéara speisialtóra i dtrádáil búistéara na Baváire (Neutrale Betriebs- und Qualitätsprüfung für Fleischerfachgeschäfte im bayerischen Fleischerhandwerk, NBQP) na luachanna seo a leanas mar shaintréithe teicniúla “Hofer Rindfleischwurst”: tá an cion uisce idir 50 % agus 55 %, tá an cion saille idir 20 % agus 30 % agus níl an cion de shaill mhuice agus de shaill droma níos mó ná 40 %.

Is iad na príomhbhreiseáin a úsáidtear tirimshailleadh nítríte, le haigéad ascorbach a úsáidtear mar oibreán deargtha breise. Is ionann na cainníochtaí atá sna breiseáin seo agus 2.5 % le haghaidh tirimshailleadh nítríte agus 0.5 % le haghaidh aigéad ascorbach (oibreán deargtha). Is iad salann agus piobar mínmheilte na príomhspíosraí amha a chuirtear leis. D’fhonn an ispín a mhínphróiseáil agus a bhlas indibhidiúil a thabhairt dó, is féidir méideanna beaga spíosraí measctha breise a úsáid.

3.3.   Beatha (maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch amháin) agus amhábhair (maidir le táirgí próiseáilte amháin)

Tá cineál na n-amhábhar – an fheoil agus an tsaill – ríthábhachtach do tháirgeadh ceart “Hofer Rindfleischwurst”. Tugtar tús áite d’fheoil ó ainmhithe aibí agus ó ainmhithe níos sine lena marú. Is iad dath gléineach feola agus feoil aibí na buntáistí a bhaineann leis sin. Úsáidtear mairteoil agus muiceoil.

Is é seo a leanas an príomh-bhunábhar atá in “Hofer Rindfleischwurst”: mairteoil de ghrád R 1 ina bhfuil cion íseal fíocháin shailligh agus atá saor ó theannáin (60 % ar a laghad) agus saill droma muice de ghrád S Vlll agus S I agus muiceoil (a chuimsíonn 40 % nó níos lú le chéile).

Is saintréith de “Hofer Rindfleischwurst” é a cháilíocht ar leith agus a úire. Ní úsáidtear ach feoil úrmharaithe i dtáirgeadh “Hofer Rindfleischwurst”. Ní úsáidtear feoil aibí, feoil chrochta ná feoil reoite sa phróiseas táirgthe.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe

Táirgtear “Hofer Rindfleischwurst” sa limistéar geografach. Ciallaíonn sé sin nach mór an próiseas táirgthe iomlán, lena n-áirítear an marú iarbhír, a dhéanamh i ngabháltais laistigh den limistéar geografach. Go háirithe, glactar leis go gciallaíonn na próisis táirgthe gearradh na feola, grádú na feola agus an chuid eile ar fad den phróiseas monaraíochta.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú achomair ar an limistéar geografach

Limistéar uirbeach Hof agus réigiún tuaithe Hof.

5.   Nasc leis an limistéar geografach

(1)   Sainiúlacht an limistéir gheografaigh:

Tá “Hofer Rindfleischwurst” á dhéanamh sa limistéar geografach sainithe le breis agus 50 bliain.

In 1950, ba é Hans Millitzer, máistirbhúistéir Hof, an chéad duine a rinne “Rindfleischwurst” as mairteoil thrua. Lean a iarchúntóir GottfriedRädlein den traidisiún seo, agus tháirg sé “Hofer Rindfleischwurst” ó 1962 go 1993 ina ghnólacht féin in Hof agus tharraing sé clú agus cáil air i bhfad i gcéin ó theorainneacha na cathrach.

Bhí an t-éileamh ar “Hofer Rindfleischwurst” chomh mór sin gur phróiseáil Gottfried Rädlein suas le 15 cheathrú dheiridh mairteola in aghaidh na seachtaine chun an táirge a dhéanamh, agus uaireanta d’oibrigh sé ar an Domhnach agus ar laethanta saoire poiblí fiú chun “Hofer Rindfleischwurst” a tháirgeadh de réir a oideas speisialta. Mar ispín mín inleata neamhchócaráilte, ba tháirge an-úr é “Hofer Rindfleischwurst” agus dá réir sin choinnigh sé a bhlas speisialta agus a dhea-bholadh uathúil ar feadh 2 go 3 lá agus don fhad sin amháin. Tá leibhéal an-íseal saille in “Hofer Rindfleischwurst” go háirithe agus tá sé indíleáite go héasca, agus bhí dochtúirí á mholadh lena thomhailt fiú ag an am sin.

Sna blianta ina dhiaidh sin, d’aithin búistéirí eile sa réigiún gur theastaigh uathu sin “Hofer Rindfleischwurst” traidisiúnta a dhéanamh freisin agus é a dhíol. I mí Eanáir 1993 d’fhág Gottfried Rädlein a shiopa búistéara speisialaithe le huacht don bhúistéir clúiteach, Hof Albert Schiller, a leanann ar aghaidh go dtí an lá inniu ag déanamh “Hofer Rindfleischwurst”, go háirithe, ar an gcaoi chéanna le Gottfried Rädlein. Mar thoradh ar iarrachtaí cheann Chuallacht Hof na mBúistéirí ag an am, in 1993, cuireadh “Hofer Rindfleischwurst” san áireamh i dtreoirlínte Chónaidhm na Gearmáine maidir le feoil agus táirgí feola faoi uimhir threoirlíne 2.2120.1.

(2)   Sainiúlacht an táirge:

Mar a thuairiscítear, is táirge ardcháilíochta é “Hofer Rindfleischwurst” a bhfuil blas ar leith air; tá ardmheas air agus an-chlú air mar speisialtacht réigiúnach, go háirithe i gCathair Hof agus i réigiún tuaithe Hof. Ní hamháin go bhfuil an-tóir air agus an-éileamh air i measc mhuintir na háite; bíonn meas ar leith ag aíonna agus cuairteoirí ó lasmuigh den bhaile air freisin. Léiríonn a chuimsiú i dTreoirlínte Chód Bia na Gearmáine a thábhachtaí agus a cháiliúil atá sé freisin.

Tá duaiseanna buaite ag “Hofer Rindfleischwurst” cheana féin ag comórtais éagsúla ispíní. Cuireann búistéirí ón limistéar geografach sainithe “Hofer Rindfleischwurst” isteach i dtástáil cháilíochta bhliantúil de chuid Chomhlachas Bhúistéirí na Baváire. Le blianta anuas bronnadh bonn óir nó airgid air i gcónaí. Tá sé tar éis torthaí den chineál céanna a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta i dtástálacha cáilíochta Chomhlachas Bia na Gearmáine (DLG). Reáchtáladh blaiseadh poiblí ispíní ag taispeántas deireanach Franconia Uachtaraí in Aibreán 2009 in Hof agus thuairiscigh na meáin áitiúla go mion ar “Hofer Rindfleischwurst” mar tháirge réigiúnach den scoth.

(3)   Nasc cúisíoch:

Is táirge tipiciúil de réigiún Hof é “Hofer Rindfleischwurst”. Eascraíonn sé as an limistéir sin agus tá táirgeoirí áitiúla tar éis é a dhéanamh go traidisiúnta le breis agus 50 bliain ag baint úsáid as oideas agus teicníc speisialta. Dá bhrí sin, tá clú agus cáil an táirge fréamhaithe go daingean ina bhunús sa limistéar geografach sainithe.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://register.dpma.de/DPMAregister/geo/detail.pdfdownload/41939


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.