ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 345

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
8 Meán Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Chomhairle

2022/C 345/01

Cinneadh ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2022 lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

1

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 345/02

Rátaí malairte an euro — 7 Meán Fómhair 2022

2

 

FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch

 

Údarás Faireacháin CSTE

2022/C 345/03

Státchabhair – Cinneadh gan aon agóid a dhéanamh

3


 

V   Fógairtí

 

IMEACHTA CÚIRTE

 

Cúirt an EFTA

2022/C 345/04

Iarratas ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Oslo tingrett dar dáta an 14 Márta 2022 i gcás Stendi AS & Norlandia Care Norge AS v Oslo kommune v/ordføreren (Cás E-4/22)

5

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 345/05

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10816 – ADNOC / ADQ / RIL / JV) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

6

2022/C 345/06

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10820 - BERKSHIRE / ALLEGHANY) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

8


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Chomhairle

8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 345/1


CINNEADH ÓN GCOMHAIRLE

an 6 Meán Fómhair 2022

lena nglactar an seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023

(2022/C 345/01)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 314(3) de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.

An 4 Iúil 2022, thíolaic an Coimisiún togra ina raibh dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023 (1),

2.

Scrúdaigh an Chomhairle an togra ón gCoimisiún d’fhonn seasamh a shainiú a bheidh comhsheasmhach, ó thaobh an ioncaim de, le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (2), agus, ó thaobh an chaiteachais de, le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (3).

TAR ÉIS A CHINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal aonair

An 6 Meán Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle seasamh ón gComhairle maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023.

Is féidir breathnú ar an téacs iomlán nó é a íoslódáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle: http://www.consilium.europa.eu/

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  COM(2022) 400 final.

(2)  IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(3)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.


An Coimisiún Eorpach

8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 345/2


Rátaí malairte an euro (1)

7 Meán Fómhair 2022

(2022/C 345/02)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

0,9885

JPY

yen na Seapáine

143,20

DKK

krone na Danmhairge

7,4365

GBP

punt steirling

0,86510

SEK

krona na Sualainne

10,6888

CHF

franc na hEilvéise

0,9750

ISK

króna na hÍoslainne

141,30

NOK

krone na hIorua

9,9483

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,631

HUF

forint na hUngáire

401,83

PLN

zloty na Polainne

4,7290

RON

leu na Rómáine

4,8585

TRY

lira na Tuirce

18,0262

AUD

dollar na hAstráile

1,4748

CAD

dollar Cheanada

1,3037

HKD

dollar Hong Cong

7,7596

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6459

SGD

dollar Shingeapór

1,3931

KRW

won na Cóiré Theas

1 374,44

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,2582

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,8968

HRK

kuna na Cróite

7,5143

IDR

rupiah na hIndinéise

14 779,47

MYR

ringgit na Malaeisia

4,4497

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,532

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,322

BRL

real na Brasaíle

5,1881

MXN

peso Mheicsiceo

19,9225

INR

rúipí na hIndia

79,0280


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


FÓGRAÍ A bhAineAnn LEIS An LimistéAr EorpAch EAcnAmAíoch

Údarás Faireacháin CSTE

8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 345/3


Státchabhair – Cinneadh gan aon agóid a dhéanamh

(2022/C 345/03)

Ní dhéanann Údarás Faireacháin CSTE aon agóid i gcoinne an bhirt státchabhrach seo a leanas:

Dáta glactha an chinnidh

10 Bealtaine 2022

Cás Uimh.

88678

Cinneadh Uimh.

101/22/COL

Stát CSTE

An Iorua

Teideal (agus/nó ainm an tairbhí)

Creat Sealadach Géarchéime: scéim ráthaíochta iasachtaí

Bunús dlí

Cinneadh ón bParlaimint lena n-údaraítear an scéim agus a buiséad in Innst. 270 S (2021-2022)46684362, (1) lena leasaítear an buiséad a mhol an Rialtas in Prop. 78 S (2021-2022), (2) agus rialachán ón Aireacht Trádála, Tionscail agus Iascaigh maidir le Fiontar Airgeadais Onnmhairiúcháin na hIorua.

Cineál an bhirt

Scéim

Cuspóir

Leachtacht a áirithiú i bhfoirm ráthaíochtaí arna soláthar ag Stát na hIorua, do ghnóthais atá thíos le heaspa leachtachta i ngeall ar neamhábaltacht a gcuid custaiméirí Rúiseacha, custaiméirí Bealarúiseacha agus/nó custaiméirí Úcránacha a gcuid iarmhéideanna gan íoc a shocrú mar thoradh díreach nó indíreach ar fhogha na Rúise faoin Úcráin agus ar fhorchur smachtbhannaí.

Foirm na cabhrach

Ráthaíocht

An Buiséad

NOK 400 milliún

Déine

Féadfar suas le 90 % den phríomhiasacht a chumhdach faoin ráthaíocht, ní bheidh an iasacht ráthaithe níos mó ná NOK 50 milliún in aghaidh an ghnóthais.

Fad

An 11 Bealtaine 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022.

Na hearnálacha eacnamaíocha

An earnáil mhuirí

Ainm agus seoladh an údaráis deonúcháin

Eksfin – Fiontar Airgeadais Onnmhairiúcháin na hIorua

Seoladh poist:

PB 1763 Vika

N-0122 Osló

NORWAY

Is féidir téacs barántúil an chinnidh, ar baineadh an fhaisnéis rúnda ar fad as, a fháil ar shuíomh gréasáin Údarás Faireacháin CSTE: http://www.eftasurv.int/state-aid/state-aid-register/decisions/


(1)  https://www.stortinget.no/no/Saker-og-publikasjoner/Vedtak/Vedtak/Sak/?p=88801

(2)  Prop. 78 S (2021–2022) (regjeringen.no)


V Fógairtí

IMEACHTA CÚIRTE

Cúirt an EFTA

8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 345/5


Iarratas ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Oslo tingrett dar dáta an 14 Márta 2022 i gcás Stendi AS & Norlandia Care Norge AS v Oslo kommune v/ordføreren

(Cás E-4/22)

(2022/C 345/04)

Cuireadh iarratas faoi bhráid Chúirt CSTE, dar dáta an 14 Márta 2022, ó Oslo tingrett (Cúirt Dúiche Osló), a fuarthas i gClárlann na Cúirte an 30 Márta 2022, ar Thuairim Chomhairleach i gcás Stendi AS & Norlandia Care Norge AS v Oslo kommune v/ordføreren, maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

Faoi cé acu a thagann an soláthar laistigh de choincheap na seirbhíse nó nó lasmuigh de:

1.

An bhfuil conradh ar mhaithe le leas airgid lena ndéantar foráil maidir le soláthar áiteanna fadtéarmacha i dtithe altranais agus déantar an soláthar sin faoi na coinníollacha a thuairiscítear [san iarratas], a mheasfar gur chonradh é a bhaineann le soláthar “seirbhísí” faoi phointe (9) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/24/AE?

Maidir leis an eisceacht in Airteagal 32 LEE maidir le feidhmiú údaráis oifigiúil:

1.

An bhfuil tionchar ag an méid seo a leanas ar chumas údaráis chonarthaigh phoiblí bheith ag brath ar an eisceacht in Airteagal 32 de Chomhaontú LEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 39:

a)

an raibh na seirbhísí lena mbaineann ina n-ábhar roimhe seo do chonarthaí seirbhíse poiblí idir an t-údarás conarthach agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus soláthraithe (neamhbhrabúsacha) eile?

b)

an roghnaíonn údaráis chonarthacha phoiblí eile sa Stát céanna fós conarthaí le haghaidh seirbhísí coibhéiseacha a thabhairt i gcrích le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus le soláthraithe eile (nach soláthraithe neamhbhrabúsacha iad)?

c)

nach dtugtar an chumhacht cinntí a dhéanamh maidir le cúram sláinte comhéigneach a riaradh i ndáil le daoine nach bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil acu cead a thabhairt agus atá i gcoinne an chúraim sláinte sin, go díreach do chonraitheoir an údaráis phoiblí chonarthaigh, ach seachas sin go dtugtar an chumhacht sin don pearsanra sláinte atá ag obair don chonraitheoir?

2.

Conas a fhorléireofar an fhoclaíocht “fiú go hócáideach” in Airteagal 32 de Chomhaontú LEE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 39?

Maidir le forchoimeádas eagraíochtaí neamhbhrabúsacha:

1.

An gcuirtear cosc le hAirteagal 31 agus le hAirteagal 36 de Chomhaontú LEE agus Airteagail 74 – 77 de Threoir 2014/24/AE ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear d’údaráis chonarthacha phoiblí an ceart a fhorchoimeád chun páirt a ghlacadh i nósanna imeachta tairisceana a bhaineann le seirbhísí sláinte agus sóisialta do “eagraíochtaí neamhbhrabúsacha” ar na téarmaí a leagtar síos san fhoráil reachtaíochta náisiúnta lena mbaineann?


NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 345/6


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10816 – ADNOC / ADQ / RIL / JV)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 345/05)

1.   

An 1 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Abu Dhabi Chemical Derivatives Company RSC Ltd (“TA’ZIZ”, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha), faoi rialú comhpháirteach ag Abu Dhabi National Oil Company (“ADNOC”, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha) agus Abu Dhabi Developmental Holding Company PJSC (“ADQ”, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha),

Reliance Strategic Business Ventures Ltd (“RSBVL”, an India), faoi rialú comhpháirteach ag Reliance Industries Limited (“RIL”, an India),

Cuideachta nuachruthaithe (“JV”, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha).

Gheobhaidh ADNOC, ADQ agus RIL rialú comhpháirteach ar lánfheidhme JV de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna i gcuideachta nuachruthaithe ar comhfhiontar í.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is grúpa fuinnimh agus peitriceimiceach é ADNOC atá gníomhach go príomha i dtaiscéalaíocht, táirgeadh, stóráil, scagadh agus dáileadh ola agus gáis, agus i bhforbairt táirgí peitriceimiceacha,

Is cuideachta sealbhaíochta í ADQ a bhfuil infheistíochtaí díreacha agus indíreacha aici i roinnt earnálacha ar fud gheilleagar Abú Daibí, lena n-áirítear bia agus talmhaíocht, eitlíocht, seirbhísí airgeadais, cúram sláinte, tionscail, lóistíocht, meáin, réadmhaoin, turasóireacht agus fáilteachas, iompar agus fóntais,

Tá RIL gníomhach i roinnt earnálacha, lena n-áirítear Oil to Chemicals [Ola ina gCeimiceáin] (O2C) (lena n-áirítear scagadh agus margaíocht pheitriceimiceach agus peitriceimiceáin), taiscéalaíocht ola agus gáis agus táirgeadh, miondíol, meáin, seirbhísí digiteacha agus fuinneamh nua.

3.   

Is iad seo a leanas na gníomhaíochtaí gnó a bheidh ar bun ag lánfheidhme úrnua JV: sóid loiscneach, déchlóiríd eitiléine (“EDC”) agus clóiríd pholaivinile (“PVC”) a tháirgeadh agus a dhíol i margaí áirithe.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10816 – ADNOC / ADQ / RIL / JV

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


8.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 345/8


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10820 - BERKSHIRE / ALLEGHANY)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 345/06)

1.   

An 01 Meán Fómhair 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

Berkshire Hathaway Inc. (“Berkshire Hathaway”, SAM)

Alleghany Corporation (“Alleghany”, SAM)

Gheobhaidh Berkshire Hathaway urlámhas aonair ar Alleghany ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Is cuideachta í Berkshire Hathaway atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí árachais agus athárachais, iompar lastas iarnróid agus fóntas agus giniúint agus dáileadh fuinnimh. Ina theannta sin tá Berkshire Hathaway ina úinéir ar roinnt gnólachtaí eile atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí éagsúla monaraíochta, seirbhíse, agus miondíola, agus oibríonn sé na gnólachtaí sin.

Is cuideachta bainistíochta sócmhainní í Alleghany atá gníomhach in athárachas agus árachas maoine agus taismeach freisin.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10820 - BERKSHIRE / ALLEGHANY

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.