ISSN 1977-107X

Iris Oifigiúil

an Aontais Eorpaigh

C 341

European flag  

An t-eagrán Gaeilge

Faisnéis agus Fógraí

65
6 Meán Fómhair 2022


Clár

Leathanach

 

II   Faisnéis

 

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 341/01

Ráiteas ón g Coimisiún a bhaineann le hAirteagail 9(1)(c) agus 11(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena leagtar amach sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla an chórais theicniúil le haghaidh malartú uathoibrithe trasteorann fianaise agus chun an prionsabal aon-uaire a chur i bhfeidhm

1


 

IV   Fógraí

 

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 341/02

Rátaí malairte an euro — 5 Meán Fómhair 2022

2


 

V   Fógairtí

 

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 341/03

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10864 - AGC GLASS EUROPE / INTERPANE) — Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

3

2022/C 341/04

Réamhfhógra faoi chomhchruinniú (Cás M.10894 BC PARTNERS / BAIN CAPITAL / FEDRIGONI) — Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe ( 1 )

5

 

GNÍOMHARTHA EILE

 

An Coimisiún Eorpach

2022/C 341/05

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

7

2022/C 341/06

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

12

2022/C 341/07

Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do tháirgí bia

22


 


 

(1)   Téacs atá ábhartha maidir le LEE.

GA

 


II Faisnéis

FAISNÉIS Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/1


RÁITEAS ÓN G COIMISIÚN

a bhaineann le hAirteagail 9(1)(c) agus 11(1) den Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún lena leagtar amach sonraíochtaí teicniúla agus oibríochtúla an chórais theicniúil le haghaidh malartú uathoibrithe trasteorann fianaise agus chun an prionsabal “aon-uaire” a chur i bhfeidhm

(2022/C 341/01)

Na tagairtí in Airteagail 9(1)(c) agus 11(1) do na réitigh amach anseo maidir le cumhachtaí ionadaíochta agus sainorduithe (“nuair a gheofar agus a mhéid a gheofar réitigh ar an ionadaíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) 910/2014 agus aon ghníomh cur chun feidhme a ghlacfar ar a bhonn”), baineann siad go háirithe le réitigh a théann níos faide ná na tacair sonraí íosta atá ann faoi láthair i dtaca leis an duine ionadaíoch agus an duine a bhfuil ionadaíocht á déanamh dó agus lena gcumhdaítear séimeantaic bhreise a bhaineann le raon feidhme na hionadaíochta nó le teorainneacha sonracha an tsainordaithe. Cuireadh in iúl cheana féin i gconclúidí phlé an Líonra um Chomhar an 20 Meitheamh 2016, a atáirgtear i roinn 2.8, gur ghá réitigh den sórt sin a fhorbairt. IONADAÍ AN DUINE NÁDÚRTHA AGUS DLÍTHEANAIGH ó Phróifíl Saintréithe V1.2 eIDAS SAML, an 31 Lúnasa 2019 (1).


(1)  https://ec.europa.eu/cefdigital/wiki/download/attachments/82773108/eIDAS%20SAML%20Attribute%20Profile%20v1.2%20Final.pdf?version=2&modificationDate=1571068651772&api=v2


IV Fógraí

FÓGRAÍ Ó INSTITIÚIDÍ, Ó CHOMHLACHTAÍ, Ó OIFIGÍ, AGUS Ó GHNÍOMHAIREACHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

An Coimisiún Eorpach

6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/2


Rátaí malairte an euro (1)

5 Meán Fómhair 2022

(2022/C 341/02)

1 euro =


 

Airgeadra

Ráta malairte

USD

dollar na Stát Aontaithe

0,9920

JPY

yen na Seapáine

139,47

DKK

krone na Danmhairge

7,4364

GBP

punt steirling

0,86358

SEK

krona na Sualainne

10,7290

CHF

franc na hEilvéise

0,9747

ISK

króna na hÍoslainne

142,70

NOK

krone na hIorua

9,9188

BGN

lev na Bulgáire

1,9558

CZK

koruna Phoblacht na Seice

24,622

HUF

forint na hUngáire

403,90

PLN

zloty na Polainne

4,7360

RON

leu na Rómáine

4,8198

TRY

lira na Tuirce

18,0792

AUD

dollar na hAstráile

1,4616

CAD

dollar Cheanada

1,3043

HKD

dollar Hong Cong

7,7867

NZD

dollar na Nua-Shéalainne

1,6289

SGD

dollar Shingeapór

1,3932

KRW

won na Cóiré Theas

1 359,98

ZAR

rand na hAfraice Theas

17,0880

CNY

renminbi-yuan na Síne

6,8768

HRK

kuna na Cróite

7,5173

IDR

rupiah na hIndinéise

14 782,83

MYR

ringgit na Malaeisia

4,4563

PHP

peso na nOileán Filipíneach

56,477

RUB

rúbal na Rúise

 

THB

baht na Téalainne

36,263

BRL

real na Brasaíle

5,1407

MXN

peso Mheicsiceo

19,8192

INR

rúipí na hIndia

79,2332


(1)  Foinse: ráta malairte tagartha arna fhoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE).


V Fógairtí

NÓSANNA IMEACHTA A BHAINEANN LEIS AN mBEARTAS IOMAÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

An Coimisiún Eorpach

6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/3


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10864 - AGC GLASS EUROPE / INTERPANE)

Cás a d’fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 341/03)

1.   

An 30 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

AGC Glass Europe SA (“AGC Glass Europe”, an Bheilg)

Interpane International Glas GmbH agus Interpane Glass Holding AG Interpane (dá ngairtear le chéile “Interpane”, an Ghearmáin)

Gheobhaidh GC Glass Europe rialú aonair ar Interpane ina iomláine, de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) den Rialachán um Chumaisc.

Baintear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Tá AGC Glass Europe mar chuid den AGC Group agus tá se faoi rialú deiridh AGC Inc. Déanann AGC Glass Europe gloine chomhréidh a tháirgeadh agus a phróiseáil don tionscal tógála, don tionscal gluaisteán, don tionscal gréine agus do thionscail speisialaithe trí líonra de láithreáin táirgthe agus phróiseála gloine ar fud na hEorpa,

Is cuideachta faoi úinéireacht teaghlaigh é Interpane atá gníomhach i ngloine ailtireachta a mhonarú agus a phróiseáil san Eoraip.

3.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

4.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10864 - AGC GLASS EUROPE / INTERPANE

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

AN BHEILG/BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/5


Réamhfhógra faoi chomhchruinniú

(Cás M.10894 BC PARTNERS / BAIN CAPITAL / FEDRIGONI)

Cás a d'fhéadfaí a chur faoin nós imeachta simplithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2022/C 341/04)

1.   

An 26 Lúnasa 2022, fuair an Coimisiún fógra maidir le comhchruinniú atá beartaithe de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (1).

Baineann an fógra seo leis na gnóthais seo a leanas:

BC Partners LLP, (“BC Partners”, na Stáit Aontaithe),

Bain Capital Investors, L.L.C. (“Bain Capital”, an Ríocht Aontaithe),

Fedrigoni S.p.A. (“Fredigoni”, an Iodáil), faoi rialú aonair Bain Capital.

Tá sé beartaithe ag BC Partners agus Bain Capital rialú comhpháirteach a fháil ar Fredigoni de réir bhrí Airteagail 3(1)(b) agus 3(4) den Rialachán um Chumaisc.

Bainfear an comhchruinniú amach trí bhíthin ceannach scaireanna.

2.   

Is iad seo a leanas gníomhaíochtaí gnó na ngnóthas lena mbaineann:

Maidir le BC Partners: gnólacht idirnáisiúnta cothromais phríobháidigh arb é an t-aon ghníomhaíocht a dhéanann sí seirbhísí comhairleacha a sholáthar. Cistí a gcuireann BC Partners comhairle ar fáil ina leith, lena n-áirítear BC Partners Management XI Limited arb é atá ann ciste BC Partners tar éis dó infheistíocht a dhéanamh i Fredigoni, is glan-infheisteoirí airgeadais iad, agus tá a gcuid cuideachtaí punainne gníomhach i seirbhísí airgeadais, cúram sláinte, oideachas, an earnáil thomhaltóra agus an earnáil mhiondíola san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh,

Maidir le Bain Capital: gnólacht infheistíochta i gcothromas príobháideach a dhéanann infheistíochtaí, trína fine cistí, i gcuideachtaí i roinnt tíortha agus tionscal, lena n-áirítear teicneolaíocht na faisnéise, cúram sláinte, táirgí miondíola agus tomhaltóirí, cumarsáid, seirbhísí airgeadais agus an earnáil thionsclaíochta/mhonaraíochta,

Maidir le Fredigoni: táirgí páipéir speisialtachta agus ábhair féinghreamaitheacha a mhonarú agus a sholáthar d’fheidhmeanna pacáistithe cruthaitheacha agus só, agus táirgí stáiseanóireachta a mhonarú agus a sholáthar, ar fud an domhain.

4.   

Tar éis réamhscrúdú a dhéanamh, is é cinneadh an Choimisiúin go bhféadfadh an t-idirbheart ar tugadh fógra ina leith a bheith faoi raon feidhme an Rialacháin um Chumaisc. Ach forchoimeádtar an cinneadh críochnaitheach maidir leis sin.

De bhun an Fhógra ón gCoimisiún maidir le nós imeachta simplithe i dtaca le cóireáil comhchruinnithe áirithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaí an cás seo a chur faoin nós imeachta a leagtar amach san Fhógra.

5.   

Iarrann an Coimisiún ar thríú páirtithe leasmhara aon bharúlacha a bheadh acu maidir leis an oibríocht atá beartaithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Ní mór na barúlacha a bheith faighte ag an gCoimisiún tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis dháta foilsithe an fhoilseacháin seo. Ba cheart an tagairt seo a leanas a lua i gcónaí:

M.10894 BC PARTNERS / BAIN CAPITAL / FEDRIGONI

Is féidir barúlacha a sheoladh chuig an gCoimisiún le ríomhphost, le facs nó tríd an bpost. Baintear úsáid as na sonraí teagmhála:

R-phost: COMP-MERGER-REGISTRY@ec.europa.eu

Facs +32 22964301

Seoladh poist:

European Commission

Directorate-General for Competition

Merger Registry

1049 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË


(1)  IO L 24, 29.1.2004, lch. 1 (an “Rialachán um Chumaisc”).

(2)  IO C 366, 14.12.2013, lch. 5.


GNÍOMHARTHA EILE

An Coimisiún Eorpach

6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/7


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí

(2022/C 341/05)

Leis an bhfoilsiú seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilsithe seo.

DOICIMÉAD AONAIR

“Dalmatinska janjetina”

Uimh. AE: PDO-HR-02799 – 17.8.2021

STFC (X) TGFC ( )

1.   Ainm(neacha) [STFC nó TGFC]

“Dalmatinska janjetina”

2.   Ballstát nó tríú tír

an Chróit

3.   Tuairisc ar an táirge talmhaíochta nó ar an mbia-earra

3.1.   Cineál táirge

Aicme 1.1. Feoil Úr (agus scairteach)

3.2.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil an t-ainm in (1) ag tagairt dó

Is éard is “dalmatinska janjetina” ann feoil uan de phór dúchasach caorach Crótach — Pramenka na Dalmáite — a bheirtear, a thógtar agus a mharaítear go heisiach sa limistéar geografach dá dtagraítear i bpointe 4 amháin.

D’fhonn “Dalmatinska janjetina” a tháirgeadh, maraítear na huain nuair atá siad idir 70 agus 130 lá d’aois, agus meáchan coirp idir 15 kg agus 28 kg iontu.

Is iad na gnéithe idirdhealaitheacha conablach uaineoil pramenka Dalmátach a gcruth conablaigh a bhíonn idir meánmhaith agus an-mhaith agus an cumhdach fíocháin shailligh idir beag agus measartha (grád 2 nó grád 3) a bhíonn orthu. Tá na conablaigh, a bhfuil an ceann orthu, 8–14 kg, suas le 80 cm ar fad agus tá meáchan conablaigh te 45 % ar a laghad iontu. Tá an fíochán matáin bándearg go bándearg éadrom, agus tá níos lú ná 4 % saille i bhfeoil an mhatáin longissimus dorsi agus tá ar a laghad cúig chomhdhúil cheimiceacha orgánacha éagsúla ann den ghrúpa teirpéine.

Déantar “dalmatinska janjetina” a mhargú i rith na bliana, é úr agus fuaraithe agus sin amháin, i bhfoirm conablaigh iomláin ar a bhfuil an ceann, na duáin agus an gheir duáin (atá ceangailte den chonablach i gcónaí), agus bíodh an scairteach ann nó ná bíodh (an t-ae, na scamhóga maille leis an traicé agus an croí) agus na magairlí, má tá siad ann, meastar iad a bheith ina gcuid den chonablach, nó mar leathchonablach a fhaightear tríd an gconablach a scaradh go siméadrach trí lár an chinn, gach veirteabra muineálaí, droma, lumbaí agus sacraí agus trí lár an steirnim agus na simfíse isceapúbasaí.

Itear “dalmatinska janjetina” cócaráilte i gcónaí. Tá an fheoil súmhar agus bog, leánn sí sa bhéal agus níl aon dea-bholadh nó blas caoireola uirthi.

3.3.   Beatha (do tháirgí de bhunús ainmhíoch amháin) agus amhábhair (do tháirgí próiseáilte amháin)

Déantar na huain a úsáidtear chun “Dalmatinska janjetina” a tháirgeadh a chothú ar bhainne a máthar agus ar fhéarach amháin go dtí go maraítear iad.

Is é féarach an fhoinse beatha caoirigh is tábhachtaí, a chlúdaíonn suas le 80 % dá riachtanais chothaitheacha, agus is é atá sa chuid eile féar móinéir agus/nó, ní chomh minic céanna, féar tirim mheidic na mbó (sa gheimhreadh den chuid is mó). Tagann 80 % ar a laghad den bheatha ó limistéar geografach sainithe táirgthe “Dalmatinska janjetina” a leagtar amach i bpointe 4. Is minice a fhaightear an féar i móinéir in aice láimhe sna limistéir is torthúla i gCúlchríoch na Dalmáite — ceantair shléibhtiúla na Dalmáite — agus, i gcás géarghá agus triomaigh, faightear é lasmuigh den limistéar sainithe táirgthe “Dalmatinska janjetina”, go sonrach ó mhóinéir Lika agus Gorski Kotar, ach ó na contaetha seo a leanas amháin: Contae Zadar (limistéar bhaile Gračac), Contae Lika-Senj (an contae iomlán), Contae Karlovac (ach amháin críoch bhaile Ogulin agus bardasachtaí Josipdol, Plaški agus Saborsko) agus Contae Primorje-Gorski Kotar (i gcríoch na mbailte Vrbovsko, Delnice agus Čabar amháin, agus bardais Lokve, Fužine, Mrkopalj, Ravna Gora, Skrad agus Brod Moravice). Féadfar féar ó na limistéir thuasluaite a úsáid mar bheatha chomhlántach le haghaidh na gcaorach (ach ní le haghaidh na n-uan) sa gheimhreadh nuair a bhíonn caoirigh ina dtréimhse sheasc (tréimhse iompair) agus dá bhrí sin níl aon tionchar aige ar cháilíocht ná ar chomhdhéanamh ceimiceach na feola uain.

3.4.   Céimeanna sonracha sa táirgeadh nach mór a thógáil sa limistéar geografach sainithe

Ní mór gach céim de tháirgeadh “Dalmatinska janjetina” a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe táirgthe dá dtagraítear i bpointe 4.

Áirítear leis an bpróiseas táirgthe “Dalmatinska janjetina” caoirigh Dalmatian Pramenka a thógáil, a cúpláil agus a n-uan a thógáil agus a mharú.

3.5.   Rialacha sonracha maidir le slisniú, grátáil, pacáistiú etc. an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

Sula gcuirtear conablaigh agus leathchonablaigh uain Pramenka na Dalmáite ar an margadh, ní mór iad a mharcáil le stampa an tseamlais fhormheasta ina ndearnadh an marú, agus é fillte i scannán plaisteach trédhearcach, féinghreamaitheach.

Pacáil — i.e. conablach cóirithe agus fuaraithe uain “Dalmatinska janjetina” a chlúdach i scannán plaisteach — déantar í i seamlais sa limistéar dá dtagraítear i bpointe 4 sula gcuirtear an táirge ar an margadh, go príomha chun sláinteachas na feola a chosaint (chun conablaigh a chosc de dheasca teagmháil a dhéanamh le foinsí éillithe mhiocróbaigh le linn a láimhseála agus a n-iompair), agus a húire agus a cáilíocht (chun cosc a chur ar chonablaigh teacht i dteagmháil leis an aer agus, dá bhrí sin, na próisis cheimiceacha a bhriseann síos an tsaill agus an phróitéin san fheoil a mhoilliú).

3.6.   Rialacha sonracha maidir le lipéadú an táirge dá dtagraíonn an t-ainm cláraithe

4.   Sainmhíniú gonta ar an limistéar geografach

Táirgtear “dalmatinska janjetina” laistigh de theorainneacha riaracháin Chontae Lika-Senj (ach amháin limistéar bhaile Novalja agus fánaí cósta shliabhraon Velebit ar chríoch bhardasacht Karlobag) agus Contae Zadar (na bailte i mbailte Benkovac, Biograd, Nin, Obrovac, Pag agus Zadar, agus iontu sin amháin, agus na bardais Bibinje, Galovac, Jasenice, Kali, Kolan, Kukljica, Lišane Ostrovičke, Novigrad, Pakoštane, Pašman, Polača, Poličnik, Posedarje, Povljana, Preko, Privlaka, Ražanac, Sali, Stankovci, Starigrad, Sukošan, Sveti Filip i Jakov, Škabrnja, Tkon, Vir, Vrsi agus Zemunik Donji) agus i gcríoch iomlán Chontae Šibenik-Knin, Contae Split-Dalmatia agus Contae Dubrovnik-Neretva.

5.   Baint leis an limistéar geografach

Sainiúlacht an limistéir gheografaigh

Tosca nádúrtha

Tá trí chrios gheomhoirfeolaíocha agus aeráide éagsúla i limistéar geografach na Dalmáite (crios cósta agus oileánach ag a bhfuil aeráid Mheánmhuirí, cúlchríoch Dhalmátach ag a bhfuil aeráid fho-Mheánmhara agus an crios sléibhtiúil a bhfuil aeráid ilchríochach ann), a bhfuil tionchar díreach acu, mar aon le tionchar an duine leis na céadta bliain, ar chlúdach na bplandaí sa limistéar sin. Áiteanna a bhfuil tionchar láidir ag an mBóra orthu nó ina bhfuil na hithreacha creagacha is díghrádaithe (e.g. bunchnoic shléibhte Velebit) den chuid is mó, tá féaraigh de sháiste íocshláinte agus féar cleite (Ass. Stipo-Salvietum officinalis), mar a bhfuil líon mór speiceas eindéimeach Illiriach agus Aidriadach-Illiriach, go príomha iad siúd atá in oiriúint do thriomach agus do ghaoth láidir an Bhóra, go háirithe plandaí aramatacha agus míochaineacha. Tá an Dalmáit ar cheann de réigiúin na hEorpa ina bhfuil an flóra is saibhre, ós rud é go bhfuil thart ar 3 500 speiceas éagsúil plandaí ann, os cionn 7 % díobh atá eindéimeach, chomh maith le líon níos mó speiceas steini-eindéimeach (Ozimec et al., 2009, Poljoprivredna bioraznolikost Dalmacije. Tradicijske sorte i pasmine Dalmacije, lch. 430). Is éard atá sna féaraigh i gcúlchríoch na Dalmáite feisciú Illiriach agus mionfhéar garbh bleibíneach den chuid is mó(Ass. Festuco-Koelerietum officinalis) arb é atá ina gcomhdhéanamh plandúil go leor speiceas luibheach íseal, speiceas luibheach den chuid is mó a chlúdaíonn go leor talamh,mar thoradh ar phróiseas roghnúcháin, is cosúil a tharla in imeacht na mílte blianta d’innilt ag caoirigh. Meastar gur féarach caorach tipiciúil iad na féaraigh sin (Rogošić, 2000: Gospodarenje mediteranskim prirodnim resursima, lch. 112). Soláthraítear leis sin fianaise shoiléir, ní hamháin go bhfuil an cine dúchasach Pramenka na Dalmáite in oiriúint do dhálaí nádúrtha ina bhfuil cothaithigh gann ach, chomh maith leis sin, go bhfuil tionchar aige ar chomhdhéanamh luibheolaíoch agus ar shaintréithe an fhéaraigh. Chomh maith le flúirse speiceas plandaí éagsúla, is éard atá i ngnéithe idirdhealaitheacha thalamh féaraigh na Dalmáite sa limistéar cósta agus oileáin agus cúlchríoch na Dalmáite an fíorbheagán féarach, go háirithe le linn tréimhsí tirime na bliana, agus an cion suntasach de speicis phlandaí a bhfuil luach íseal cothaitheach acu ach a bhfuil saibhreas comhdhúile ceimiceacha aramatacha agus frith-ocsaídeacha iontu (plandaí déchotailéadóin) (Iarscríbhinn 6.4. Krvavica et al., 2015, “Isparljivi sastojci arome dalmatinske janjetine”, Meso 1, lch. 58). Mar gheall ar na gnéithe sin tá féarach na Dalmáite fíor uathúil agus an-difriúil ón bhféarach i gceantair ilchríochacha, cé go bhfuil na criosanna sléibhtiúla, áit nach bhfuil plandaí feosaí i rith an tsamhraidh (agus i gcás nach bhfuil aon triomach, murab ionann agus na limistéir níos ísle i gcúlchríoch na Dalmáite, an chósta agus na n-oileán), ní hamháin saibhir i speicis plandaí ach chomh maith leis sin tá méid mór féarach ann, agus úsáidtear é go traidisiúnta mar mhóinéir chun féar tirim a tháirgeadh nó le haghaidh innilt le linn thréimhse thirim na bliana.

Tosca a bhaineann leis an duine

Tá an t-ainm “Dalmáit” nasctha go dlúth leis an traidisiún a bhaineann le caoirigh a thógáil sa cheantar seo. Chomh fada siar leis an 4ú haois RC, shocraigh treibh Illiriacha an“Daltmatae” nó“Delmatae” i gcríoch na Dalmáite an lae inniu. Ainmnítear an treibh sin as an bhfocal Illiriach ar chaoirigh —“dalma” nó“delma” — agus ainmníodh cúige Rómhánach na Dalmáite as an treabh (Ozimec et al., 2009, Poljoprivredna bioraznolikost Dalmacije; Tradicijsko poljoprivredno bilje i domaće životinje, lch. 203, 204). Rinneadh na chéad taifid scríofa ar fheirmeoireacht caorach sa Dalmáit ag deireadh an 17ú agus tús an 19ú haois, agus tagraíonn foinse ón mbliain 1808 do thógáil beagnach dhá mhilliún caorach agus gabhar (Defilippis, 2001, Dalmatinska poljoprivreda u prošlosti, lch. 83; i: Kraljski Dalmatin, 1808, lgh. 218, 222). Tá cuntais stairiúla ar an saol fánaíochta a bhí ag feirmeoirí caorach na Dalmáite, a bhíodh ag tiomáint a gcuid caorach agus gabhar suas go dtí na sléibhte in aice láimhe i míonna an tsamhraidh (Meitheamh-Lúnasa), áit a raibh cónaí orthu freisin in éindí leo, agus tá an nós fós ann sa lá atá inniu sa réigiún seo (sliabhraonta Velebit, Dinarides, Svilaja, Kamešnica, Mosor agus Biokovo). Déanann feirmeoirí caorach amhlaidh go príomha toisc go stopann an fásra ag fás — is é sin le rá nach bhfuil féarach agus uisce leordhóthanach ann — i gceantair ísealchríochacha i rith an tsamhraidh.

Maidir leis an mbealach traidisiúnta chun “Dalmatinska janjetina” a chócaireacht tríd an gconablach uain iomlán a róstadh agus an ceann air (Brusić, 8000 godina uzgoja ovaca na hrvatskom Jadranu, lgh. 416, 427, 428, 431), bhí tionchar mór aige sin ar shaintréithe chonablach uain Pramenka na Dalmáite (aois agus meáchan na n-uan), a mhargaítear dá bharr sin i gcónaí agus an ceann air.

Sainiúlacht an táirge

Tá an-spéis ag tomhaltóirí i “dalmatinska janjetina” agus, i bhfianaise a cháilíochta eisceachtúla, meastar gur speisialtacht de chuid chócaireacht na Dalmáite é. Ar bhonn a meáchain, baineann conablaigh uain Pramenka na Dalmáite le catagóir na gconablach uain éadroma. I gcomparáid le huain a thógtar i gceantair ilchríochacha nó le dianfheirmeoireacht i sciobóil, tá toradh níos airde ar chéim an tseamlais ag conablaigh uain de phóir Pramenka na Dalmáite, agus tá dath beagán níos docha ar an bhfíochán matáin agus tá níos lú saille ann. I bhfeoil an mhatáin longissimus dorsi tá níos lú ná 4 % saille (Vnučec, 2011, Odlike trupa i kakvoća mesa janjadi iz različitih sustava uzgoja, tráchtas dochtúireachta, lch. 61), tá comhdhúile aramatacha so-ghalaithe níos éagsúla ann, go háirithe teirpéiní (Krvavica et al., 2015, op. cit., lch. 62), agus tá comhdhéanamh aigéid shailligh ar leith aige. Tagann as an meascán tréithe sin go léir airíonna orgánaileipteacha sonracha a aithníonn agus a bhfuil meas ar leith ag tomhaltóirí orthu. Baineann aois agus meáchan coirp na n-uan nuair a mharaítear iad, agus an chaoi a ndéantar na conablaigh a chóiriú ag an seamlas, go príomha le traidisiún fheirmeoireacht caorach, le húsáid bheartaithe an táirge agus le nósanna na dtomhaltóirí; dá bhrí sin, cuirtear conablaigh uain Pramenka na Dalmáite — i.e. “Dalmatinska janjetina” — ar an margadh i gcónaí agus an ceann orthu, na duáin, an scairteach agus an gheir duáin iontu, agus bíodh an scairteach iontu agus na magairlí orthu nó ná bíodh.

Úsáideadh an t-ainm “Dalmatinska janjetina” go traidisiúnta sa chaint laethúil, ina bhfeictear biachláir go leor bialann sa Dalmáit agus bialanna i mór-roinn na Cróite, agus úsáidtear an t-ainm céanna sa litríocht eolaíoch agus ghairmiúil freisin.

Nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus an táirge

Tá an nasc cúisíoch idir an limistéar geografach agus an táirge “Dalmatinska janjetina” bunaithe ar cháilíocht shonrach feola uain Pramenka na Dalmáite agus ar an modh traidisiúnta tógála sa limistéar geografach sonrach.

Is é an t-ainm atá ar “dalmatinska janjetina” an limistéar ina dtógtar Pramenka na Dalmáite (an Dalmáit), agus tagann ainm na Dalmáite féin ón bhfocal Illiriach ar chaoirigh — “dalma” nó “delma” freisin. Dá bhrí sin, is féidir a rá gur talamh do chaoirigh agus feirmeoirí caorach é an Dalmáit ó thús ama.

Taispeánann saintréithe Pramenka na Dalmáite — amhail a chruas agus a aclaíocht, agus go háirithe a cheann beag barrchaolaithe, solúbthacht a ghéill, agus a liopaí — go bhfuil an pór in oiriúint do na dálaí crua i dtírdhreach carstach na Dalmáite leis na mílte bliain, rud a fhágann gur féidir leis maireachtáil ar na féaraigh atá deacair le teacht orthu ar thalamh creagach na Dalmáite atá faoi bhrat tor agus tom, agus maireachtáil fiú ar an tír-raon is neamh-inrochtana agus is fiáine atá le fáil ar fhánaí an-ghéar an réigiúin cósta. Ina theannta sin, meastar gur talamh féaraigh tipiciúil é talamh féaraigh na Dalmáite, talamh féaraigh caorach is cosúil a eascraíonn as roghnú beatha plandaí mar thoradh ar na mílte blianta d’innilt, ag caoirigh den chuid is mó, ach is léir gur oibrigh an próiseas oiriúnaithe sa dhá bhealach. Na speicis plandaí sna trí chrios éagsúla d'fhásra, lena n-áirítear líon suntasach a bhfuil luach íseal cothaitheach acu ach a bhfuil saibhreas comhdhúile ceimiceacha aramatacha agus frith-ocsaídeacha iontu, a bhfuil tionchar ríthábhachtach acu ar chomhdhéanamh ceimiceach sonrach an táirge, go háirithe a chomhdhéanamh aigéid shailligh (Vnučec, 2011, op. cit., lch. 67), agus ar chomhdhéanamh comhdhúile so-ghalaithe aramatacha, is iad sin is cúis den chuid is mó le blastanas agus blas sonrach “Dalmatinska janjetina”. Mar thoradh air sin, cuimsíonn próifíl aramatach “Dalmatinska janjetina” líon i bhfad níos airde comhdhúile soghalaithe ná cineálacha eile uaineola, go háirithe líon agus cion foriomlán teirpéine i gcomparáid le huain ilchríochacha (Krvavica et al., 2016, “Isparljivi sastojci mesa janjadi iz različitih zemljopisnih područja”, imeachtaí, lch. 162). Is meitibilítí iad teirpéiní de phlandaí déchotailéadóin a léirítear go mór i gcomhdhéanamh bláthanna uathúil agus éagsúil na bhféarach Dalmátach agus a ionsúitear go díreach slán isteach i bhfíochán ainmhithe (Krvavica et al., 2015, op.cit., lch. 58), agus a meastar dá bhrí sin sa litríocht a bheith ina rianairí plandaí uathúla (Krvavica et al., 2016, op. cit., lch. 162). Thairis sin, ós rud é nach bhfuil féarach ar fáil go flúirseach ann an chuid is mó den bhliain sa limistéar ina dtógtar pór Pramenka na Dalmáite, clúdaíonn caoirigh agus uain achair mhóra gach lá sa tóir ar bhia, agus dá bhrí sin tá níos lú saille in “Dalmatinska janjetina” agus tá dath beagán níos dorcha air (éadrom bándearg go bándearg) ná cineálacha eile uaineola. Rud eile fós, mar gheall ar an bhféarach gann, fásann na huain níos moille agus, mar thoradh air sin, tá córas díleá nach bhfuil chomh forbartha céanna acu; dá bhrí sin, tá an toradh seamlais níos airde ná mar a bhíonn i gcás uan ilchríochach (Mioč et al., 2012, “Dalmatinska janjetina”, imeachtaí, lgh. 31, 32, 34). I bhfianaise an mhéid thuas, is féidir teacht ar an gconclúid gurb é an blastanas sainiúil agus sonrach agus blas “Dalmatinska janjetina” an toradh, ní hamháin ar shaintréithe an phóir agus ar an modh traidisiúnta tógála caorach agus uan, ach chomh maith leis sin — agus thar aon rud eile — ar shainiúlacht an limistéir gheografaigh ina dtógtar pór Dalmatinska Pramenka.

Tagairt d’fhoilsiú na sonraíochta táirge

https://poljoprivreda.gov.hr/UserDocsImages/dokumenti/hrana/zoi-zozp-zts/dokumenti-zoi-zozp-zts/Specifikacija%20DJ%20-%20izmijenjena_02.2022_%C4%8Distopis.pdf


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.


6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/12


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar shonraíocht táirge i ndáil le hainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 341/06)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH AG ATHRÚ AN DOICIMÉID AONAIR

“Priorat/Priorato”

PDO-ES-A1560-AM03

Dáta teachtaireachta: 10.6.2022

TUAIRISC AR AN LEASÚ FORMHEASTA AGUS CÚISEANNA LEIS

1.   Aonaid gheografacha nua atá níos lú a chur leis

TUAIRISC:

Cuireadh roinnt aonad geografach nua atá níos lú (suíomhanna agus fíonghoirt) leis.

Leis an leasú seo modhnaítear Roinn 4.2 den tsonraíocht táirge trí phointí b) agus c) a chur leis. Ní dhéanann sé difear don doiciméad aonair, áfach.

Is leasú caighdeánach é, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha atá liostaithe in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018.

CÚISEANNA:

Anuas ar na haonaid gheografacha níos lú a aithnítear faoi láthair sa tsonraíocht táirge, tá Bord Rialála an STFC “Priorat” ag obair chun ainmneacha na suíomhanna sa limistéar STFC atá san áireamh sa chlár talún agus/nó i léarscáileanna oifigiúla a shainaithint, chun logainmneacha áitiúla a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Sa chomhthéacs seo, d’úsáid an Bord Rialála léarscáileanna atá ann faoi láthair chomh maith le léarscáileanna stairiúla agus doiciméid a bhaineann leis an gclár talún chun liosta suíomhanna sa limistéar STFC “Priorat” a tharraingt suas agus a fhormheas, agus is é aidhm dó a áirithiú go bhfuil na suíomhanna “dea-shainithe” trí léarscáileanna agus trí thagairtí na bpolagán agus na ndáileachtaí cadastracha a ghabhann leo, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2019/33.

Thugamar faoi deara freisin, ar scála níos lú fós, go dtugtar a n-ainmneacha sonracha féin ar fhíonghoirt áirithe freisin, rud a fhágann gur féidir iad a shainaithint. Chun go sainaithnítear fíonghoirt ar a dtugtar logainm sonrach nó ainm traidisiúnta go hoifigiúil faoin ainm sin, ní mór iad a bheith iontráilte i gClár na bhFíonsaothraithe ag an mBord Rialála. I gcomhréir le hAirteagal 20(2) den Rialachán maidir le STFC “Priorat” (Ordú Rialtas na Catalóine ARP 188/2006 an 18 Aibreán 2006), ní mór na nithe a leanas a áireamh leis an gClár, inter alia: “... ainm an fhíonghoirt, an áit agus an bardas ina bhfuil dáileacht an fhíonghoirt lonnaithe, an limistéar táirgthe, sonraí an pholagáin agus na ndáileachtaí ó Chlár Fíonghort na Catalóine [Registro vitivinícola de Cataluña], an cineál nó na cineálacha fíniúna a fhástar agus cibé faisnéis is gá chun an fíonghort atá i gceist a aicmiú agus a aimsiú go cruinn”.

Tá idir feidhm theicniúil agus fheidhm chultúrtha ag na hainmneacha a shonraíonn na háiteanna i limistéar (cuid de bhardas): feidhm theicniúil toisc go sainaithnítear leo na háiteanna go geografach, agus feidhm chultúrtha toisc go gcuirtear faisnéis in iúl leo faoi chultúr, teanga nó nósanna na ndaoine a thug ainm dóibh. Sa chomhthéacs seo, is cuid mhór den oidhreacht chomhchoiteann iad logainmneacha, oidhreacht ar cheart í a chosaint mar chuid d’atharthacht teanga agus chultúrtha an limistéir.

Leis an Naoú Comhdháil de na Náisiúin Aontaithe ar Chaighdeánú Ainmneacha Geografacha (Rún IX/4, Nua-Eabhrac, Lúnasa 2007) aithníodh, inter alia, luach logainmneacha mar chuid d’oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe náisiúin. Déantar tagairt don luach seo freisin sa bhrollach a ghabhann le Foraithne 59/2001 ó Rialtas na Catalóine an 23 Eanáir 2001 lena mbunaítear an Coiste um Logainmneacha [Comisión de Toponimia] agus lena leasaítear Foraithne 78/1991 maidir le húsáid na logainmneacha.

I gcomhthéacs an fhíonsaothrúcháin, agus go háirithe sa limistéar a chumhdaítear le STFC “priorat”, leis an tábhacht sheanbhunaithe eacnamaíoch agus chultúrtha a bhaineann le fíonghoirt le haghaidh daoine áitiúla agus grúpaí teanga agus eitneacha, léirítear go soiléir a luach mar oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe. Leis an rogha fíon a lipéadú le hainm suímh nó fíonghoirt shonraigh mar “aonad geografach níos lú”, is féidir an áit inar fásadh na fíonchaora a shainaithint i dtéarmaí geografacha beachta. Thairis sin, cuidíonn sé le caomhnú agus le cur chun cinn na n-ainmneacha a thug na glúine fíonsaothraithe roimhe seo sa limistéar STFC “Priorat” ar na háiteanna éagsúla (codanna de bhardais) atá sa limistéar geografach críochaithe.

Is é an cuspóir atá anseo an rogha a thabhairt do tháirgeoirí fíonta atá údaraithe an STFC a léiriú an áit inar fásadh na fíonchaora a úsáideadh chun fíon sonrach a tháirgeadh a shainaithint – i dtéarmaí geografacha beachta – agus ar an gcaoi sin a oiread faisnéise agus is féidir a sholáthar do thomhaltóirí agus cuidiú leis na hainmneacha faoina n-aithnítear suíomhanna agus fíonghoirt an limistéir a choimeád beo agus a chur chun cinn, i gcomhréir le nósanna áitiúla.

2.   Uastáirgeachtaí nua táirgthe

TUAIRISC:

Rinneadh na huastáirgeachtaí le haghaidh táirgeadh fíonchaor a laghdú nuair a bhaineann siad le fíon a bheidh le lipéadú le haon cheann de na tásca a leanas, atá nasctha leis na haonaid gheografacha éagsúla a aithnítear: “vila” (sráidbhaile), “paraje” (suíomh), “viña clasificada” (fíonghort aicmithe) agus “gran viña clasificada” (mórfhíonghort aicmithe).

Leis an leasú seo modhnaítear Roinn 8.3(B) den tsonraíocht táirge agus Roinn 5.2 den doiciméad aonair.

Is leasú caighdeánach é, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha atá liostaithe in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018.

CÚISEANNA:

Is é is aidhm aige sin feabhas a chur ar cháilíocht agus faisnéis níos cruinne a chur ar fáil don tomhaltóir faoin áit ina bhfástar na fíonchaora.

3.   Ceanglais maidir le tásca lipéadaithe nua a úsáid i gcomhar le haonaid gheografacha níos lú

TUAIRISC:

Athraíodh na ceanglais maidir leis an léiriú saintréithe “vino de vila de” (fíon sráidbhaile ó) a úsáid, agus leagadh síos na coinníollacha maidir leis na tásca nua “paraje”, “viña clasificada” agus “gran viña clasificada” a úsáid, agus iad go léir i gcomhar le hainm aonaid gheografaigh níos lú.

Leis an leasú seo modhnaítear Roinn 8.3(B) den tsonraíocht táirge agus Roinn 9 den doiciméad aonair.

Is leasú caighdeánach é, ós rud é nach gcomhfhreagraíonn sé d’aon cheann de na cineálacha atá liostaithe in Airteagal 14(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018.

CÚISEANNA:

De réir an togra, ba cheart 100 % de na fíonchaora teacht ón aonad geografach níos lú atá i gceist i gcásanna ina n-úsáidtear na tásca roghnacha thuasluaite i gcomhar le haonaid gheografacha níos lú. Moltar freisin teorainneacha a fhorchur maidir le cleachtais saothraithe agus fhíoneolaíocha ionas nach ndéanfar tagairt d’aonaid gheografacha níos lú ach amháin i gcás ina gcuirtear saintréithe tipiciúla fíonta STFC “Priorat” in iúl chomh fada agus is féidir agus inar tháinig tromlach na bhfíonchaor ó fhíniúnacha seanbhunaithe ísealtáirgeachta ar a bhfuil na cineálacha Garnacha Negra, Garnacha Peluda, Garnacha Blanca nó Cariñena, arb iad na cineálacha is coitianta iad a úsáidtear chun fíonta STFC “Priorat” a dhéanamh.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm an táirge

Priorat

Priorato

2.   Cineál táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán Tionscnaimh faoi Chosaint

3.   Catagóirí táirgí fíniúna

1.

Fíon

3.

Fíon licéir

16.

Fíon ó fhíonchaora ró-aibí

4.   Tuairisc ar an bhfÍon nó ar na fíonta

1.   FÍON – fíonta geala agus rosé agus vinos de finca geala agus rosé (catagóir speisialta d’fhíonta fíonghoirt aonair ardcháilíochta sa Chatalóin)

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Glan, glé agus geal. An déine agus an cháilíocht chumhra cheart.

Fíonta geala: dea-bholaithe láidre, torthaíocha, bláthacha nó bainniúla. Cothromaithe, mín agus úr.

Fíonta geala arna dtabhairt chun cineáil in adhmad: dea-bholaithe de thorthaí agus/nó de spíosraí. Cothromaithe agus dea-struchtúrtha sa bhéal.

Fíonta rosé: dea--bholaithe torthaíocha agus/nó bláthacha. Agus iad torthaíoch sa bhéal, le hiarbhlas sásúil fada, bíonn céad bhlas na bhfíonta seo go deas agus forbraíonn sé ar an gcarball.

Ina theannta sin, ní mór cuma ghlan agus ghlé, an déine cumhra cheart agus struchtúr maith sa bhéal a bheith ag vinos de finca .

*

Aigéadacht luaineach: fíonta faoi 1 bhliain d’aois: 16,5 mhilleachoibhéis in aghaidh an lítir; fíonta os cionn 1 bhliain d’aois: 18 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

*

Dé-ocsaíd sulfair uasta: 200 mg/l má tá an cion siúcra níos lú ná 5 g/l agus 250 mg/l má tá sé níos mó ná nó cothrom le 5 g/l.

*

I gcás nach sonraítear teorainneacha, beidh feidhm ag na rialacha dlí atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

13

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

2.   FÍON – fíonta dearga agus vinos de finca dearga

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Glan, glé agus geal. Dea-bholaithe torthaíocha agus/nó bláthacha agus/nó dea-bholaithe mianracha príomhúla. An chéad bhlas agus forbairt chothromaithe sa bhéal, le struchtúr agus úire.

Fíonta arna dtabhairt chun cineáil in adhmad: cuma ghlan agus ghlé. Cothromaíocht idir dea-bholaithe príomhúla, tánaisteacha agus treasacha. An chéad bhlas agus forbairt dhian agus shóil sa bhéal, le struchtúr sásúil tainnine.

Ina theannta sin, ní mór cuma ghlan agus ghlé, an déine cumhra cheart agus struchtúr maith sa bhéal a bheith ag vinos de finca .

*

Aigéadacht luaineach: fíonta faoi 1 bhliain d’aois: 16,5 mhilleachoibhéis in aghaidh an lítir; fíonta os cionn 1 bhliain d’aois: 20 milleachoibhéis in aghaidh an lítir.

*

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair: 150 mg/l má tá an cion siúcra níos lú ná 5 g/l agus 200 mg/l má tá sé níos mó ná nó cothrom le 5 g/l.

*

I gcás nach sonraítear teorainneacha, beidh feidhm ag na rialacha dlí atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

13,5

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

3.   FÍON LICÉIR (fíon rancio, fíon licéir milis, fíon geal agus dearg mistela, fíon atá milis go nádúrtha)

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Fíon Rancio: cuma ghlan agus ghlé, agus dath air idir dearg ar dhath an rúibín agus donn le himireacha terracotta. Dea-bholaithe treasacha a bhaineann go sonrach le teacht chun cineáil. Aigéadacht luaineach inaitheanta agus dea-bholaithe féideartha de thorthaí triomaithe. Aigéadacht chothromaithe agus uachtarúil ar an gcarball.

Fíon milis rancio: mar atá thuas ó thaobh cuma agus dea-bholaidh de. I dtéarmaí blais, olar suntasach agus milseacht inaitheanta.

Fíon licéir milis: cuma ghlan agus ghlé. Dea-bholaithe de thorthaí agus/nó de bhláthanna agus/nó de spíosraí agus/nó de thorthaí triomaithe. Olar maith sa bhéal agus milseacht inaitheanta.

Fíon geal mistela: glan agus glé; dath buí amhail tuí, le himireacha órga, b’fhéidir. Dea-bholaithe d’fhíonchaora úra, atá bláthach, torthaíoch agus/nó spíosrach. Olar maith, aigéadacht chothromaithe agus milseacht inaitheanta.

Fíon dearg mistela: mar atá thuas ach dath dearg air, b’fhéidir le himireacha corcairghorma.

Fíon atá milis go nádúrtha: cuma ghlan agus ghlé. Dea-bholaithe de thorthaí agus/nó de bhláthanna agus/nó de spíosraí agus/nó de thorthaí triomaithe. Dea-bholaithe treasacha féideartha. Olar maith sa bhéal agus milseacht inaitheanta.

*

Aigéadacht luaineach: fíonta geala agus rosé: 18 milleachoibhéis in aghaidh an lítir ar a mhéad; fíonta dearga: 20 milleachoibhéis in aghaidh an lítir ar a mhéad; fíonta rancio: 40 milleachoibhéis in aghaidh an lítir ar a mhéad.

*

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair: 150 mg/l má tá an cion siúcra níos lú ná 5 g/l agus 200 mg/l má tá sé níos mó ná nó cothrom le 5 g/l.

*

I gcás nach sonraítear teorainneacha, beidh feidhm ag na rialacha dlí atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

15

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

4.   FÍON Ó FHÍONCHAORA RÓ-AIBÍ

TUAIRISC THÉACSÚIL GHAIRID

Déantar fíonta ó fhíonchaora ró-aibí gan an neart alcóil nádúrtha a mhéadú go saorga, agus táirgtear an t-alcól go hiomlán trí choipeadh. Ní mór neart alcóil nádúrtha os cionn 15 % de réir toirte agus neart alcóil iarbhír íosta 13,5 % de réir toirte a bheith iontu.

Laistigh den chatagóir fíona seo, meastar gur fíon é vimblanc a fhaightear ó úrfhíon fíonchaor de chineál Garnacha Tinta a choiptear in umair, atá déanta as darach más féidir, agus uastoilleadh 100 lítear i ngach ceann acu.

Cuma ghlan agus ghlé. Ba cheart dath corcra-dearg a bheith ar fhíonta vimblanc óga, a d’fhéadfadh athrú ó thaobh déine, agus d’fhéadfadh dath an rúibín fiú a bheith ar fhíonta vimblanc atá tugtha chun cineáil. Dea-bholaithe de thorthaí triomaithe. Dea-bholaithe treasacha féideartha. Olar maith sa bhéal agus milseacht inaitheanta.

*

Aigéadacht luaineach: fíonta faoi 1 bhliain d’aois: 16,5 mhilleachoibhéis in aghaidh an lítir ar a mhéad; fíonta geala agus rosé os cionn 1 bhliain d’aois: 18 milleachoibhéis in aghaidh an lítir ar a mhéad; fíonta dearga os cionn 1 bhliain d’aois: 20 milleachoibhéis in aghaidh an lítir ar a mhéad.

*

Uasmhéid dé-ocsaíde sulfair: fíonta geala agus rosé: 200 mg/l. fíonta dearga: 150 mg/l.

*

I gcás nach sonraítear teorainneacha, beidh feidhm ag na rialacha dlí atá i bhfeidhm faoi láthair.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Uasmhéid nirt alcóil iomláin (mar % den toirt)

 

Íosmhéid nirt alcóil iarbhír (mar % den toirt)

13,5

Aigéadacht iomlán íosta

3,5 gram in aghaidh an lítir, arna léiriú mar aigéad tartarach

Aigéadacht luaineach uasta (ina milleachoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Dé-ocsaíd sulfair iomlán uasta (ina milleagraim in aghaidh an lítir)

 

5.   Cleachtais fíonóireachta

5.1.   Cleachtais fíoneolaíochta shonracha

1.   Cleachtas saothraithe

Ní mór cleachtais saothraithe thraidisiúnta a úsáid chun fíonchaora ina bhfuil na cáilíochtaí is fearr a fháil.

Leis na cleachtais saothraithe uile, ní mór an comhshaol agus cothromaíocht fhiseolaíoch na bhfíniúnacha a urramú. Ní mór saineolas agranamaíoch a úsáid chun fíonchaora a fháil sa riocht is fearr is féidir le haghaidh na fíonóireachta.

Ní mór an fhíniúin a thraenáil agus úsáid á baint as modh traidisiúnta na gcuacha nó aon mhodh eile lena n-áirithítear an cháilíocht agus an saibhreas cumhra is fearr sna fíonta.

Is ionann na dlúis phlandaithe íosta agus uasta agus 2 500 agus 9 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir faoi seach. I gcás fíonghoirt a cuireadh as an nua ón 1 Eanáir 2013, is ionann na dlúis phlandaithe íosta agus uasta agus 3 000 agus 9 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir faoi seach.

Ní mór uisciúchán a údarú roimh ré agus níor cheart é a dhéanamh ach amháin i gcás inar gá chun go mairfidh na fíniúnacha nó chun cáilíocht na bhfíonchaor a áirithiú nó a fheabhsú.

Ba cheart an bhuaint a dhéanamh de láimh más féidir. Ní féidir fíonta faoi chosaint a tháirgeadh ach ó fhíonchaora a bhfuil neart alcóil féideartha íosta 12,5 % de réir toirte acu i gcás cineálacha dearga agus 12 % de réir toirte acu i gcás cineálacha geala.

2.   Srianadh ábhartha maidir leis na fíonta a dhéanamh

Ní mór cleachtais thraidisiúnta a leanúint nuair a thairgtear úrfhíon agus úsáid á baint as teicneolaíocht atá dírithe ar cháilíocht na bhfíonta a bharrfheabhsú. Agus úrfhíon nó fíon á n-eastóscadh agus á scaradh ó na craicne/ón marc, ní mór brú iomchuí a chur air chun a áirithiú nach sáraíonn an ráta eastósctha 65 lítear fíona in aghaidh 100 kg fíonchaor buainte.

Ní mór fíonta ar a mbeidh an sonrúchán “vino de finca” a tháirgeadh agus a thabhairt chun cineáil go hiomlán ar leithligh ó fhíonta eile san fhíonlann agus ní mór dóibh a bheith in-sainaitheanta i gcónaí. Tá an uastáirgeacht údaraithe le haghaidh fíonchaora a úsáidfear chun vino de finca a tháirgeadh 15 % níos ísle ná an teorainn a leagtar síos le haghaidh an STFC. Ba cheart táirgí den cháilíocht is airde a bheith mar thoradh ar na teicnící a úsáidtear i mbuaint, iompar agus láimhseáil na bhfíonchaor, ar an mbrú, ar an rialú coipthe, ar na cleachtais fhíoneolaíocha a chuirtear i bhfeidhm le linn an phróisis fíonóireachta agus ar theacht chun cineáil an fhíona.

Ní mór fíonta atá údaraithe tagairt a dhéanamh d’aonad geografach níos lú ar a lipéadú a tháirgeadh agus a thabhairt chun cineáil ar leithligh ó fhíonta eile san fhíonlann agus a bheith in-sainaitheanta i gcónaí.

5.2.   Uastáirgeacht

1.

Cineálacha fíonta dearga

6 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

2.

 

39 heictilítear in aghaidh an heicteáir

3.

Cineálacha fíonta geala

8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

4.

52 heictilítear in aghaidh an heicteáir

5.

Cineálacha dearga atá beartaithe chun vino de finca a tháirgeadh

5 100 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

6.

 

33.15 heictilítear in aghaidh an heicteáir

7.

Cineálacha geala atá beartaithe chun vino de finca a tháirgeadh

6 800 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

8.

 

44,2 heictilítear in aghaidh an heicteáir

9.

Cineálacha dearga a fhástar i ndáileachtaí ard-dlúis (5 000 go 9 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir). Le haghaidh gach fíniúna a cuireadh mar chuid de tháirgeadh a sháraíonn 5 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir, cuireadh 0,5 kg leis an uastáirgeacht.

6 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

10.

 

39 heictilítear in aghaidh an heicteáir

11.

Cineálacha geala a fhástar i ndáileachtaí ard-dlúis (5 000 go 9 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir). Le haghaidh gach fíniúna a cuireadh mar chuid de tháirgeadh a sháraíonn 5 000 fíniúin in aghaidh an heicteáir, cuireadh 0.5 kg leis an uastáirgeacht.

8 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

12.

 

52 heictilítear in aghaidh an heicteáir

13.

Cineálacha dearga atá le húsáid chun fíon a bhfuil an tásc “vila” air a tháirgeadh

5 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

14.

 

32.5 heictilítear in aghaidh an heicteáir

15.

Cineálacha geala atá le húsáid chun fíon a bhfuil an tásc “vila” air a tháirgeadh

7 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

16.

 

45.5 heictilítear in aghaidh an heicteáir

17.

Cineálacha dearga atá le húsáid chun fíon a bhfuil an tásc “paraje” nó an tásc “viña clasificada” air a tháirgeadh

4 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

18.

 

26 heictilítear in aghaidh an heicteáir

19.

Cineálacha geala atá le húsáid chun fíon a bhfuil an tásc “paraje” nó an tásc “viña clasificada” air a tháirgeadh

6 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

20.

 

39 heictilítear in aghaidh an heicteáir

21.

Cineálacha dearga atá le húsáid chun fíon a bhfuil an tásc “gran viña clasificada” air a tháirgeadh

3 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

22.

 

19,5 heictilítear in aghaidh an heicteáir

23.

Cineálacha geala atá le húsáid chun fíon a bhfuil an tásc “gran viña clasificada” air a tháirgeadh

4 000 cileagram fíonchaor in aghaidh an heicteáir

24.

 

26 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Bellmunt del Priorat; Gratallops; El Lloar; La Morera de Montsant agus an sráidbhaile Escaladei atá ceangailte leis; Poboleda; Porrera; Torroja del Priorat; La Vilella Alta; La Vilella Baixa; an chuid thuaidh de bhardas Falset lena gcuimsítear polagáin cadastracha 1, 4, 5, 6, 7, 21 agus 25 ina n-iomláine, dáileachtaí 38, 39, 40, 71, 92, an chuid thiar de 93 (1.69 ha), 96, 97, 98, 99, 100, 101, an chuid thuaidh de 102 (0.16 ha), 103, 104, 105, 106, 107, 108, 109, 110, 111, 112, 113, 114, 115, 116, 117, 118, 119, 120, 121, 122, 123, 124, 126, 128, 129, 130, 146, 147, 149 agus 150 i bpolagán 2, dáileachtaí 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10,12, 13, 14, 15, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 33, 34, 35,36, 37, 38, 39, 40, 41, 42, 43, 44, 45, 46, an chuid thuaidh de 47 (17 ha), an chuid thuaidh de 50 (2.6 ha), an chuid thuaidh de 52 (3 ha), an chuid thuaidh de 53 (14 ha), 54, 55, 56, 57, 58, 59 agus 60 i bpolagán 3, dáileachtaí 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27, an chuid thuaidh de 28 (1.36 ha), an chuid thuaidh de 29 (3.85 ha), 63, 69, 72, 73, 74 agus 75 i bpolagán 19, dáileachtaí 18, 19, 20, 21, an chuid thuaidh de 27 (1.36 ha), an chuid thuaidh de 28 (2.04 ha), 31, 34, 35, 36, 37, 38, 39, 40, 41, 42, 43, 44, 45, 46, 47, 48, 49, 50, 51, 52, 53, 54, 55, 56, 57, 58, an chuid thuaidh de 65 (0.85 ha), 67, 69, 70, 71, 75, 76, 77 agus 78 i bpolagán 20, dáileachtaí 25, 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 33, 34, 35, 36, 37, 38, 39 agus 40 i bpolagán 22 agus dáileachtaí 9, 11, 12, 13, 14, 15 16, 17, 18, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29, 30, 36, 38, 39, 40, 41, 42, 43, 44, 45, 46, 47 agus 48 i bpolagán 24; agus an chuid thoir de bhardas Molar lena gcuimsítear polagáin 5, 6 agus 7 ina n-iomláine, an chuid thoir de dháileacht 8 (0.45 ha) agus dáileachtaí 9, 10, 11, 12, 18, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 33, 37, 39, 40, 44, 49, 50, 51, 52, 53, 54, 55, 60, 62, 63, 65 agus 68 i bpolagán 4, dáileachtaí 29, 30, 31, 38, 39, 40, 41, 42, 43, 44, 45, 46, 47, 48, 49, 50, 51, 52, 53, 54, 55, 56 57, 58, 59, 60, 61, 62, 63, 64, 65, 66, 67, 68, 69, 71, 72, 73, 74, 75, 76, 77, 78, 79, 80, 81, 82, 84, 85, 86, 87, 88, 89, 90, 91, 92, 93, 94, 95, 96, 97, 98, 99, 100, 101, 102, 103, 105, 106, 107, 108, 109, 110, 111, 112, 113, 114, 115, 116, 117, 118, 119, 120, 121, 122, 123, 124, 125, 126, 127, 128, 129, 130, 131, 132, 133, 134, 135, 136, 137, 138, 139, 140, 141, 142, 143, 144, 145, 146, 147, 148, 149, 150, 151, 152, 153, 154, 155, 156, 157, 158, 159, 160, 161, 162, 163, 164, 165, 166, 167, 169, 170, 171, 172, 173, 174, 176, 194, 197, 198, 201, 203, 204, 205, 206, 207, 208, 209, 211 agus 212 i bpolagán 8, dáileachtaí 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 33, 34, 38, 39, 40, 44 agus 45 i bpolagán 9, agus dáileachtaí 8, 13, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 35, 36, 37, 38, 39, 41, 42, 43, 44, 48, 49, 50, 51, 52, 53, 55, 56, 57, 58, 59, 60, 61, 62, 63, 64, 65 agus 72 i bpolagán 10.

7.   Cineál/cineálacha fíniúna

GARNACHA TINTA

MAZUELA – CARIÑENA

MAZUELA – SAMSÓ

8.   Tuairisc ar an nasc (na naisc)

Tá an talamh, atá an-chnocach, comhdhéanta d’ábhar ón Ré Phailéasóch, slinn ón Tréimhse Dheavónach agus ón Tréimhse Charbónmhar don chuid is mó. Is í an tslinn is sine atá le fáil sa Chatalóin í a bhfuil baint aici le fíonsaothrú. Cruthaítear na hithreacha éadoimhne, nach bhfuil mórán ábhair orgánaigh iontu, go príomha trí bhriseadh suas na slinne, ar a dtugtar llicorellllicorella sa Chatalóinis. Scaipeann fréamhacha na bhfíniúnacha síos idir na bloghanna slinne agus iad ar thóir uisce agus cothaitheach, rud a thugann saintréithe mianracha do na fíonta.

I dtéarmaí aeráide, le hiargúltacht choibhneasta an limistéir ó thionchar na farraige agus, an tráth céanna, leis an gcosaint a sholáthraíonn Sierra de Montsant ó na gaotha fuara aduaidh, bíonn meánteocht bhliantúil idir 14 agus 12 chéim ann (sa chuid is ísle den limistéar atá suite i mbunchnoic Sierra de Montsant). Mar sin féin, tá difríocht shuntasach teochta ann idir lá agus oíche, go háirithe le linn an tsamhraidh, nuair is féidir leis na teochtaí íosta a bheith chomh híseal le 12 chéim istoíche agus is féidir leis na teochtaí uasta buaic 40 céim a bhaint amach ag meán lae. Is féidir le dromchla na hithreach creagaí teochtaí níos airde fós a bhaint amach. Tá na héagsúlachtaí teochta seo fabhrach do phróiseas aibithe céim ar chéim agus d’fhorbairt inmhianaithe na gcomhdhúl feanólach sna fíonchaora.

In éineacht le comhdhéanamh geolaíoch na talún agus struchtúr sonrach na hithreach, tá an bháisteach bhliantúil íseal (idir 400 agus 500 lítear in aghaidh an mhéadair chearnaigh) agus na gaotha aniar aduaidh, a chuireann taise dromchla ag galú go tapa, fabhrach d’aibiú mall agus iomlán na dtorthaí ar an bhfíniúin, agus dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint ag an aibíocht is fearr. Os a choinne sin, leis na hithreacha crua agus an aeráid thirim, cuirtear bac ar fhás na bhfíniúnacha go ginearálta. Mar sin féin, fágann sé sin go mbíonn ráta tarlaithe íseal galair sna plandaí, rud a áirithíonn go mbíonn fíonchaora ardcháilíochta ann.

Leis na tosca nádúrtha seo agus le saintréithe na bhfíonghort, tugtar blas, tathag agus struchtúr d’fhíonta Priorat.

Fágann siad freisin go mbíonn na fíonta ó na chéad bhuainte (fíonta geala, rosé agus dearga) glé agus geal, go mbíonn dea-bholaithe torthaíocha ar leith agus saintréithe mianracha suntasacha acu, go mbíonn siad úr ó thaobh aigéadachta agus go mbíonn iarbhlas comhsheasmhach acu.

Is a bhuí leis an gcion ard siúcra a bhíonn i bhfíonchaora Priorat áirithe a bhíonn na saintréithe sonracha ag na fíonta licéir. Go stairiúil, leis an gcion ard siúcra atá tipiciúil i bhfíonchaora Priorat, spreagadh táirgeadh líon mór fíonta a bhfuil milseacht iarmharach agus/nó neart alcóil ard acu. Féadfar fíonta a bhfuil méid ard alcóil iontu a tháirgeadh a bhuí le haibiú céim ar chéim cineálacha amhail Garnacha, ar fíonta iad a choinníonn castacht agus úire an bhunchineáil.

Is fíonta iad na fíonta rancio nach mbíonn siúcraí iarmharacha iontu ach a mbíonn cion ard mianraí iontu, a tháirgtear trí phróiseas ocsaídiúcháin i mbairillí darach nó i gcoimeádáin ghloine. Le linn an phróisis ocsaídiúcháin, faigheann na fíonta roinnt dea-bholaithe treasacha, lena n-áirítear dea-bholaithe de thorthaí triomaithe, chomh maith lena ndath saintréitheach atá idir dearg ar dhath an rúibín agus donn le himireacha terracotta.

Déantar na fíonta licéir milse a tháirgeadh trí fhíonóireacht fíonchaor a bhfuil tiúchan ard siúcra iontu. A luaithe a fhaightear neart alcóil nádúrtha 8 % de réir toirte, cuirtear alcól fíonchaor leo go dtí go mbaintear neart 15 % de réir toirte amach. Is iad an chuma ghlan, dea-bholaithe de thorthaí triomaithe, struchtúr maith sa bhéal agus milseacht inaitheanta na saintréithe is mó a bhíonn ag na fíonta.

Táirgtear na fíonta mistela ó úrfhíon a gcuirtear alcól fíonchaor leis go dtí go mbaintear neart alcóil 15 % de réir toirte amach. Tarlaíonn sé seo trí phróiseas trasdoirte i gcaitheamh 7 lá, rud a choisceann na siúcraí nádúrtha ar choipeadh. Is iad a ndea-bholaithe bláthacha agus a ndea-bholaithe de thorthaí úra a bhfuil bolaithe spíosracha suntasacha acu na saintréithe is mó a bhíonn ag na fíonta.

Táirgtear na fíonta atá milis go nádúrtha ó úrfhíonta atá an-saibhir ó thaobh siúcraí, a choiptear go páirteach suas le neart nádúrtha íosta 7 % de réir toirte agus a fhorlíontar ansin le halcól fíonchaor suas le neart 15 % ar a laghad de réir toirte. Is iad a ndea-bholaithe torthaíocha, spíosracha a bhfuil bolaithe de thorthaí triomaithe acu na saintréithe is mó a bhíonn ag na fíonta.

Is deacair agus costasach í an fhíonóireacht ar na cnoic agus ar fhánaí géara an limistéir seo agus faightear táirgeachtaí ísle mar gheall orthu sin. Mar sin féin, is iad seo na dálaí lena gcumasaítear fíonta tiubhaithe ardcháilíochta a bhfuil neart alcóil ard iontu a tháirgeadh – neart lena dtugtar dea-bholaithe míne agus éadroma so-aitheanta dóibh. I gcás na bhfíonta a dhéantar as fíonchaora ró-aibí, triomaítear na fíonchaora nó fágtar na torthaí aibí ar an bhfíniúin ar feadh i bhfad, rud a chuireann an taise ag galú. Bíonn na teicnící seo ina gcúis le fíonchaora a mbíonn tiúchan an-ard siúcraí nádúrtha iontu, a bhíonn mar bhunús leis na fíonta sin a tháirgeadh. Bíonn neart alcóil nádúrtha íosta 15 % de réir toirte sna fíonta, nach méadaítear go saorga, agus is iad na saintréithe is mó a bhíonn acu na dea-bholaithe treasacha de thorthaí triomaithe agus an struchtúr maith sa bhéal a bhíonn acu.

9.   Coinníollacha breise fíor-riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Pacáistiú laistigh den limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Cúiseanna:

Inrianaitheacht níos fearr: nuair a chuirtear srian le gluaiseacht fíonta cuidítear lena áirithiú gur féidir iad a shainaithint.

Chun dochar don cháilíocht a sheachaint. Cuirtear saoráidí buidéalaithe an limistéir in oiriúint do cháilíocht agus do chainníocht an fhíona. Seachnaítear damáiste teasa agus solais agus moill trí am iompair a laghdú.

Is minic is féidir tionscnamh an fhíona a shainaithint leis an áit ina gcuirtear an fíon i mbuidéil. Dá ndéanfaí buidéalú laistigh agus lasmuigh den limistéar araon, d’fhéadfaí dochar a dhéanamh do mhuinín tomhaltóirí a chreideann go ndéantar gach céim de tháirgeadh fíona STFC faoi mhaoirseacht na sealbhóirí cosanta.

Ní féidir buidéalú lasmuigh den limistéar a chur i gcomparáid le buidéalú a dhéantar laistigh den limistéar, ach ag saoráid atá difriúil leis an tsaoráid inar táirgeadh an fíon óir:

ní mór aon seoladh bulcfhíona laistigh den limistéar a bheith údaraithe;

ní fhéadfaidh ach fíonlanna údaraithe a chomhlíonann ceanglais theicniúla áirithe buidéalú a dhéanamh;

ní fhéadfaidh na fíonlanna údaraithe ach fíonchaora, úrfhíonta nó fíonta a fháil, agus fíonta a tháirgeadh agus a bhuidéalú, a chumhdaítear faoin STFC;

le beagmhéid an limistéir chríochaithe, ráthaítear gur féidir amanna iompair a choinneáil chomh híseal agus is féidir; agus

fanann an fíon ina mhiocraeráid agus ní dhéantar athruithe teochta ná airde air, rud a d'fhéadfadh é a thabhairt chun cineáil roimh am.

Creat dlíthiúil:

Sa reachtaíocht náisiúnta

An cineál coinníll bhreise:

Forálacha breise a bhaineann le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór séala dearbhaithe aonúsáide nó lipéad uimhrithe a bheith ar gach cineál pacáistithe, ar séala é a chuirtear air san fhíonlann féin.

Ní mór an téarma agus an t-ainm traidisiúnta “Denominación de Origen Calificada Priorat” (STFC “Priorat”) a léiriú go feiceálach ar lipéadú fíonta i mbuidéil, sa réimse radhairc céanna leis an bhfaisnéis éigeantach. Ní fhéadfaidh na litreacha a úsáidtear chun “Priorat” a chur in iúl a bheith níos airde ná 4 mm, agus ní fhéadfaidh na litreacha a úsáidtear le haghaidh “Denominación de Origen Calificada” (STFC) a bheith níos airde ná 2 mm.

Ina theannta sin, ní mór bardas nó cód poist an bhuidéalaí nó an tseoltóra a bheith ar an lipéadú. Ní fhéadfaidh na litreacha a úsáidtear chun an bardas a chur in iúl a bheith níos airde ná 3 mm, seachas i gcás ina gcomhfhreagraíonn an tásc sin d’aonad geografach níos lú atá incháilithe lena úsáid agus a bhfuil an t-ainm sin ann.

Ní mór an sonrúchán “vino de finca” a áireamh ar an lipéadú más infheidhme, in éineacht le hainm an STFC.

Níor cheart na tásca “vino de vila de ...”, “paraje ...”, “viña clasificada ...” agus “gran viña clasificada ...” a bhfuil ainm aonaid gheografaigh níos lú ina ndiaidh a úsáid ar an lipéadú ar tháirgí nach gcomhlíonann na ceanglais a leanas:

gur fásadh na fíonchaora uile san aonad geografach níos lú atá i gceist;

nach sáraíonn táirgeacht na bhfíonchaor in aghaidh an heicteáir teorainneacha áirithe;

go mbíonn na fíniúnacha os cionn aois áirithe;

gur ó na cineálacha Mazuela, Garnacha Tinta, Garnacha Blanca nó Garnacha Peluda 60 % ar a laghad de na fíonchaora a úsáidtear chun an fíon a dhéanamh (90 % i gcás fíonta a bhfuil an tásc “gran viña clasificada” le feiceáil orthu).

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://incavi.gencat.cat/.content/005-normativa/plecs-condicions-do-catalanes/Arxius-plecs/PC-Priorat-DOQ-nov-21-control-de-canvis.pdf


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


6.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 341/22


Foilsiú iarratais ar ainm a chlárú de bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do tháirgí bia

(2022/C 341/07)

Leis an bhfoilseachán seo, tugtar an ceart cur i gcoinne an iarratais de bhun Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) laistigh de 3 mhí ó dháta an fhoilseacháin seo.

SONRAÍOCHT TÁIRGE AR SHAINEARRA TRAIDISIÚNTA FAOI RÁTHAÍOCHT

“ЛУКАНКА ТРОЯНСКА / LUKANKA TROYANSKA / ТРОЯНСКА ЛУКАНКА / TROYANSKA LUKANKA”

Uimh. AE: TSG-BG-02797 – 16.8.2021

Ballstát nó tríú tír: an Bhulgáir

1.   Ainm le clárú

“Луканка Троянска / Lukanka Troyanska / Троянска луканка/ Troyanska lukanka”

2.   Cineál táirge

Aicme 1.2. Táirgí feola (cócaráilte, saillte, deataithe, etc.)

3.   Na forais le clárú a dhéanamh

3.1.   Cé acu atá nó nach bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith an táirge:

eascraíonn sé as modh táirgthe, as modh próiseála nó as modh comhdhéanaimh a fhreagraíonn do chleachtas traidisiúnta maidir leis an táirge sin nó leis an táirge bia sin;

táirgtear é ó amhábhair nó ó chomhábhair arb iad a úsáidtear go traidisiúnta.

Tá táirgeadh “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” nasctha leis an modh táirgthe traidisiúnta, ar lena linn a chruthaítear dath cobhsaí, dea-struchtúr, dea-bholadh taitneamhach agus blas an táirge chríochnaithe mar thoradh ar na próisis mhicribhitheolaíocha, fhisiceimiceacha agus bhithcheimiceacha a bhíonn ar siúl sna comhábhair feola. Tá ról lárnach ag an bpróiseas aibithe mhicribhitheolaíoch, a thosaíonn nuair a dhéantar an ispín (lukanka) a thriomú agus a leanann ar feadh an timthrialla táirgthe agus go háirithe le linn na gcéimeanna tosaigh leasaithe, i gcáilíocht an táirge.

Cáilíochtaí orgánaileipteacha sonracha “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka”, i.e. cumhracht agus raimhre na mblasanna, go príomha is mar gheall ar na próisis mhicribhitheolaíocha, bhithcheimiceacha agus fhisiceacha sin a tharlaíonn le linn aibithe iad.

Anuas air sin, is é an próiseas “fuardheataithe” go pointe éigin is cúis leis an mblas sonrach agus leis an dea-bholadh sonrach.

3.2.   Cé acu atá nó nach bhfuil an méid seo a leanas fíor i leith an ainm:

baineadh úsáid as go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach;

sainítear carachtar traidisiúnta nó carachtar sonrach an táirge leis.

Mar gheall ar an tóir ar “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka”, tá an t-ainm scaipthe go forleathan ar fud réigiúin uile na tíre agus tá an táirgeadh tar éis éirí tionsclaithe, agus é ag cloí leis an oideas agus le teicníc an táirgthe. Tosaíodh ar an triomú a dhéanamh i seomraí triomúcháin aerchóirithe, rud a chiallaíonn gur féidir a bheith ag táirgeadh le linn na bliana ar fad gan a bheith ag brath ar an séasúr ná ar an réigiún. Dá bhrí sin, tá an t-ainm “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” in úsáid go coitianta gan tionchar a bheith ag an limistéar geografach ar cháilíocht ná ar shaintréithe an táirge.

Eascraíonn an t-ainm “Troyanska” féin as ainm chathair Troyan, áit a ndearna Ilia Taslakov an táirge a tháirgeadh den chéad uair agus móréileamh a chur air. Bhí sé ar dhuine de na chéad táirgeoirí ispíní sa Bhulgáir. In 1883 d’allmhairigh sé na chéad mheaisíní meilte feola isteach sa Bhulgáir. (Hristo Tsachev, Sofia Yoncheva agus Magdalena Mladenova. From the cusp of the 21st century: Past, present and future of the meat processing industry in Bulgaria [Ó thairseach an 21ú haois: Earnáil na próiseála feola sa Bhulgáir san am a caitheadh, san am i láthair agus sa todhchaí]. Sofia, Teach Foilsitheoireachta Chomharchumann HVP, 1999, lch. 65).

4.   Tuairisc

4.1.   Tuairisc ar an táirge a bhfuil feidhm ag an ainm faoi phointe 1 maidir leis, lena n-áirítear a phríomhthréithe fisiceacha, ceimiceacha, micribhitheolaíocha nó orgánaileipteacha lena léirítear carachtar sonrach an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

Is éard atá in “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” táirge feola brúite, arna leasú agus a dheatú agus é amh, a ullmhaítear le mairteoil mhionaithe nó feoil buabhaill mhionaithe (agus í fuaraithe nó reoite) agus muiceoil (agus í fuaraithe nó reoite), comhábhair chúnta agus blastanas nádúrtha a stuáiltear i gcasálacha nádúrtha nó saorga a ghreamaíonn go docht den líonadh. Tá an táirge oiriúnach lena thomhailt go díreach tar éis an chásáil a bhaint.

Airíonna fisiceacha — cruth agus toisí

Píosaí brúite (φ) 50-80 mm atá díreach nó beagáinín cuartha; ceangailte le sreangán nó dúnta le fáiscíní ag an dá cheann; idir 20 agus 60 cm ar fad, nó suas le 90 cm má bheartaítear iad a shlisniú.

Na hairíonna ceimiceacha

an cion uisce: ≤ 40 % den mheáchan iomlán;

iomlán na próitéine: ≥ 16.8 %;

salann: ≤ 5 %;

pH: tiúchan nach lú ná 5.2.

Saintréithe orgánaileipteacha

An chuma sheachtrach agus an dath seachtrach:

An chásáil: glan, mín, saor ó smáil, fabhtanna nó gairbhe mhíchuí, gan comhdhlúthán sailleach ná mantanna ná aon chuas faoi; dath dúdhearg go donndearg, le múscán bán tirim nach dtéann isteach ann; greamaíonn an chásáil go docht den líonadh.

Dromchla gearrtha: struchtúrtha go cothrom agus aonchineálach ar an taobh istigh den trasghearradh.

Raimhre: dlúth agus leaisteach.

Blas agus boladh: sainiúil, taitneamhach, measartha goirt; dea-bholadh ar leith an bhlastanais a úsáidtear agus dea-bholadh deataithe sainiúil, saor ó bhlasanna agus ó bholaithe atá difriúil leis an mblastanas a úsáidtear.

Féadfar “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” a mhargú ina iomláine nó gearrtha, agus é folúsphacáilte nó pacáistithe i gceallafán nó in atmaisféar modhnaithe.

4.2.   Tuairisc ar mhodh táirgthe an táirge a bhfuil feidhm ag an ainm faoi phointe 1 maidir leis, modh is gá do na táirgeoirí a leanúint, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineál agus saintréithe na n-amhábhar nó na gcomhábhar a úsáidtear, agus an modh lena n-ullmhaítear an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

Úsáidtear na hamhábhair agus na comhábhair chúntacha seo a leanas chun “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” a tháirgeadh:

Feoil in aghaidh 100 kg d’amhábhar (meascán le haghaidh ispíní):

mairteoil/feoil buabhaill (agus í fuaraithe nó reoite) ina bhfuil cion saille suas le 15 %: 60 kg;

muiceoil (agus í fuaraithe nó reoite) ina bhfuil cion saille suas le 10 %: 20 kg;

muiceoil (agus í fuaraithe nó reoite) ina bhfuil cion saille suas le 50 %: 20 kg.

Tógtar an mhairteoil/feoil buabhaill agus an mhuiceoil ón gconablach ar fad seachas ón luan agus ón luan bog, i.e. feoil íon.

Blastanas (le haghaidh 100 kg d’fheoil):

piobar nádúrtha agus é dubh nó bán: 300 g;

siúcra: 300 g.

Eile:

salann: 2.3 kg

níotráit photaisiam (E252): 100 g nó níotráit sóidiam (E251): 85 g;

frithocsaídeoir – aigéad ascorbach (E300): 50 g.

Ceadaítear úsáid a bhaint as saothráin tús gabhála i gcion ó 20 go 50 g in aghaidh an 100 kg d’fheoil ispíní.

Is éard atá sna saothráin sin an meascán is fearr de thréithchineálacha roghnaithe aonair de na baictéir Lactobacillus agus Micrococcus, agus tréithchineálacha neamhphataigineacha téachtáis-diúltacha de Staphylococcus agus Pediococcus, i gcoibhnis éagsúla. Bíonn tionchar ag na saothráin tús gabhála ar na próisis aibithe agus triomaithe, toisc go mbíonn ról acu san aigéadú, agus i bhfoirmiú an datha, an bhlais agus an dea-bholaidh. Cuireann siad cosc freisin ar fhorbairt micreaflóra neamh-inmhianaithe.

- An chásáil: nádúrtha (arna déanamh as stéig mhór shaillte de chineál buaibheach nó caochán de chineál caorach) nó saorga, trastomhas (φ): 50-80 mm.

Ceadaítear sreangán lena úsáid mar bhia nó fáiscíní agus crúcaí crochta.

An modh táirgthe

Déantar “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” a tháirgeadh ó mhairteoil (feoil buabhaill) agus ó mhuiceoil, mar a shonraítear thuas. Tar éis na cnámha agus na teannáin a bhaint agus an fheoil a shórtáil, déantar í a mhionghearradh de láimh nó le meaisín. Déantar an fheoil mhionghearrtha a mheá de réir an oidis agus ullmhaítear an cumasc le haghaidh ispíní ansin ar cheann de na trí bhealach seo a leanas:

trína mheilt i miontóir feola agus a chumasc i meaisín gearrthóra;

trína mheilt i miontóir feola agus a chumasc i meascthóir;

trína mheilt agus a chumasc i meaisín gearrthóra.

Le linn an phróisis meilte agus cumaisc, cuirtear isteach na comhábhair go léir i gcomhair blastanais agus saillte agus an saothrán tús gabhála sna méideanna a éilítear san oideas. Ansin déantar an cumasc le haghaidh ispíní a eascraíonn as sin a líonadh le meaisín isteach i gcásáil arna déanamh as stéig mhór shaillte de chineál buaibheach nó caochán de chineál caorach nó i gcásáil shaorga. Déantar an chásáil a cheangal le sreangán nó a dhúnadh le fáiscíní ag an dá cheann. Tar éis a líonta, crochtar ispíní “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” as frámaí adhmaid nó miotail (slata) cóirithe ar thralaithe ispíní. Ar feadh 2 go 3 lá déantar na hispíní a thriomú agus a dhraenáil ag teocht aeir idir 8 °C (gan saothráin tús gabhála a úsáid) agus 24 °C (nuair a úsáidtear saothráin tús gabhála), agus bogthaise choibhneasta ó 65 go 90 %, agus ina dhiaidh sin aistrítear iad go dtí an seomra triomaithe.

Agus iad triomaithe agus a draenáilte, déantar ispíní “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” a fhuardheatú. Déantar an oibríocht theicniúil sin i seomraí speisialaithe fuar-dheataithe ag teocht deataigh agus aeir ó 14 go 25 oС ar feadh 2 go 24 uair an chloig, ag brath ar na seomraí deataithe atá sa ghléasra, agus ina dhiaidh sin tógtar na hispíní lena dtriomú. Déantar iad a thriomú ag teocht aeir nach mó ná 17 oС agus bogthaise choibhneasta nach mó ná 85 %, i seomraí nádúrtha nó aerchóirithe. Le linn a thriomaithe agus a aibithe, brúitear na hispíní dhá nó trí huaire agus úsáid á baint as preasanna cothroma arna ndéanamh as adhmad, plaisteach nó miotal. Cinneann an maoirseoir táirgeachta ar amharc cathain a bhíonn na hispíní réidh lena mbrú. Ar dtús cuirtear na hispíní sa bhrúiteoir nuair a bhíonn an ceann íochtarach agus an dromchla go hiomlán tirim arna mothú agus nuair a bhíonn cáithníní saille ag bolgadh de bheagán faoin gcásáil. Tarlaíonn an brú ina dhiaidh sin de réir mar is cuí de réir an mhaoirseora táirgeachta. Fanann na hispíní sa bhrúiteoir ar feadh 12 go 24 uair an chloig gach uair a bhrúitear iad. Úsáidtear cineálacha éagsúla brúiteora mheicniúil nó hiodrálaigh. Braitheann brú na gcineálacha éagsúla brúiteora ar an méid triomachta, arna mheasúnú ag an maoirseoir táirgeachta. Ag tús an phróisis triomaithe, bíonn an brú níos éadroime, agus méadaítear é i dtreo dheireadh an phróisis triomaithe. Le linn an phróisis brúite, ardaíonn an brú meicniúil teocht an táirge de bheagán. In éineacht leis an taise chomhdhlúite, ligeann sé seo do shraith de mhúscán uasal bán foirmiú ar an dromchla.

Tógann an próiseas táirgthe le haghaidh “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” 20 lá ar a laghad agus bíonn sé críochnaithe nuair a ghlacann an táirge a struchtúr sainiúil agus a raimhre shainiúil.

4.3.   Tuairisc ar na príomheilimintí lena mbunaítear carachtar traidisiúnta an táirge (Airteagal 7(2) den Rialachán seo)

Táirgtear “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” agus úsáid á baint as teicnící táirgthe traidisiúnta agus tá nasc aige le stair agus féiniúlacht mhuintir na Bulgáire. Is cuid é den réimse ilchineálach de tháirgí feola arna leasú agus a dheatú agus iad amh atá á dtáirgeadh sa Bhulgáir leis na scórtha blianta.

Cleachtadh modh táirgthe “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka”, ar modh táirgthe ar mionscála é, sa 19ú haois agus i dtús an 20ú haois. Is go séasúrach a rinneadh é go traidisiúnta i seomraí triomúcháin nádúrtha i réigiúin shléibhtiúla ina raibh na coinníollacha aimsire oiriúnach, ar nós chathair Troyan.

Is é an modh táirgthe traidisiúnta, arb é an tsaintréith de an próiseas triomaithe agus deataithe, a rinne speisialtacht de chuid na Bulgáire as an táirge. Le linn an phróisis triomaithe, déantar paraiméadair áirithe (teocht agus bogthaise) á rialú. Mar gheall ar an tóir atá air agus teacht chun cinn na seomraí triomúcháin aerchóirithe, a choinníonn paraiméadair triomaithe na timpeallachta nádúrtha ar bun, scaip táirgeacht “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” chuig gach réigiún sa tír agus d’éirigh sé tionsclaithe, fad a caomhnaíodh slán saintréithe cáilíochta agus oideas an táirge aniar go dtí an lá atá inniu ann. Léiríonn cleachtas seanbhunaithe go dtáirgtear an táirge feola “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” arna leasú agus a dheatú agus é amh trí úsáid a bhaint as an modh traidisiúnta le hoideas seanbhunaithe agus teicníc sheanbhunaithe, ar táirge é a bhfuil cruth ar leith aige agus a bhfuil blas bunaidh ar leith air.

Tá “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” á tháirgeadh ó lár an 19ú haois. Ba é Ilia Taslakov (1846-1942), as Troyan, an chéad mháistirtháirgeoir.

Ina dhiaidh sin, de réir Almanag na Trádála Idirnáisiúnta agus an Tionscail a foilsíodh in 1909, bhí 58 dtáirgeoir ispíní pastarma agus sujuk agus 56 tháirgeoir ispíní lukanka, lena n-áirítear “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka”, cláraithe go hoifigiúil sa Bhulgáir. (Tsachev, H. et al. From the cusp of the 20st century: Past, present and future of the meat processing industry in Bulgaria) [Ó thairseach an 21ú haois: Earnáil na próiseála feola sa Bhulgáir san am a caitheadh, san am i láthair agus sa todhchaí], lch 66.

Rinneadh comhdhéanamh agus ceanglais cháilíochta “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” a chaighdeánú go hoifigiúil den chéad uair in 1958 i gCaighdeán Stáit na Bulgáire 2589-58 maidir le hispíní lukanka. Bunaíodh príomhrialacha agus príomhchaighdeáin na teicníce atá taobh thiar den táirge ardchaighdeáin seo.

Tugtar tuairisc freisin ar an teicníc chun “Lukanka Troyanska / Troyanska lukanka” a tháirgeadh san fhoilseachán Proizvodstvo i plasment na mesni produkti [Táirgeadh agus dáileadh táirgí feola], 1963, agus in Sbornik tehnologichni instruktsii za proizvodstvo ma mesni proizvedeniya [Treoracha Monaraíochta le haghaidh Táirgí Feola], 1980, agus i gCaighdeán Teicniúil 34-83 “Lukanka Troyanska” ón Aontas Náisiúnta Agraithionsclaíoch (NAPS), Sóifia, 1983, chomh maith, ina ndearnadh mionathrú ar an gcomhdhéanamh nach raibh aon tionchar aige ar cháilíochtaí orgánaileipteacha an táirge. Níor athraigh an modh ullmhúcháin le himeacht ama.


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.